|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 31 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
2.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 31/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/203 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Deireadh Fómhair 2022
lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 17(1) pointe (b), Airteagal 27(1) pointe (a), Airteagal 31(1) pointe (b), Airteagal 43(1) pointe (b), Airteagal 53(1) pointe (a) agus Airteagal 62(15) pointe (c) de
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis na bunriachtanais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 3.1(b), a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, tá eagraíochtaí um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta agus eagraíochtaí cothabhála leanúnaí le córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun rioscaí sábháilteachta a bhainistiú. |
|
(2) |
Ina theannta sin, i gcomhréir leis na bunriachtanais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, pointe 3.3(b) agus pointe 5(b), a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, tá eagraíochtaí um oiliúint a chur ar phíolótaí, eagraíochtaí um oiliúint a chur ar fhoirne cábáin, ionaid aerleighis maidir le foireann eitilte agus oibreoirí feistí oiliúna insamhalta eitilte le córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun rioscaí sábháilteachta a bhainistiú. |
|
(3) |
Thairis sin, i gcomhréir leis na bunriachtanais a leagtar amach in Iarscríbhinn V, pointe 8.1(c), a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, tá aeroibreoirí le córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun rioscaí sábháilteachta a bhainistiú. |
|
(4) |
Thairis sin, i gcomhréir leis na bunriachtanais a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, pointe 5.1(c) agus pointe 5.4(b), a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, tá soláthraithe bainistíochta aerthráchta agus seirbhíse aerloingseoireachta, soláthraithe sheirbhísí U-space agus soláthraithe aonair seirbhísí faisnéise coitinne, agus eagraíochtaí oiliúna agus ionaid aerleighis maidir le rialtóirí aerthráchta le córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun rioscaí sábháilteachta a bhainistiú. |
|
(5) |
Féadfaidh na rioscaí sábháilteachta sin díorthú as foinsí difriúla, amhail fabhtanna deartha agus cothabhála, gnéithe a bhaineann le feidhmiú an duine, bagairtí comhshaoil agus bagairtí slándála faisnéise. Dá bhrí sin, leis na córais bainistíochta a chuireann Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“An Ghníomhaireacht”) agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus na heagraíochtaí dá dtagraítear sna haithrisí thuas chun feidhme, ba cheart ní amháin rioscaí sábháilteachta a eascraíonn as eachtraí randamacha a chur san áireamh, ach rioscaí sábháilteachta a dhíorthaítear as bagairtí slándála faisnéise freisin i gcás ina bhféadfadh daoine a bhfuil intinn mhailíseach acu fabhtanna atá ann cheana a dhúshaothrú. Bíonn na rioscaí slándála faisnéise sin ag dul i méad de shíor i dtimpeallacht na heitlíochta sibhialta de réir mar a mhéadaítear idirnascthacht na gcóras faisnéise atá i bhfeidhm faoi láthair, mar aon lena mhinice a dhíríonn gníomhaithe mailíseacha ar na córais sin. |
|
(6) |
Na rioscaí atá bainteach leis na córais faisnéise sin, ní le hionsuithe féideartha ar an gcibearspás atá siad teoranta, ach cuimsítear bagairtí leo freisin, lena bhféadfar dochar a dhéanamh do phróisis agus do nósanna imeachta mar aon le feidhmiú daoine. |
|
(7) |
Úsáideann líon suntasach eagraíochtaí caighdeáin idirnáisiúnta cheana féin, amhail ISO 27001, chun dul i ngleic le slándáil na faisnéise digití agus na sonraí digiteacha. Féadfaidh sé gurb amhlaidh nach dtéitear i ngleic go hiomlán le sainiúlachtaí uile na heitlíochta sibhialta leis na caighdeáin sin. Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais a leagan amach maidir le bainistiú riosca a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta. |
|
(8) |
Is fíor-riachtanach go gcumhdaítear leis na ceanglais sin gach réimse eitlíochta agus a gcomhéadain, ós rud é gur córas iontach idirnasctha de chórais atá san eitlíocht féin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na heagraíochtaí agus leis na húdaráis inniúla uile a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 (2), (AE) Uimh. 1321/2014 (3), (AE) Uimh. 965/2012 (4), (AE) Uimh. 1178/2011 (5), (AE) Uimh. 2015/340 (6), (AE) Uimh. 139/2014 (7) agus (AE) Uimh. 2021/664 (8) ón gCoimisiún, mar aon leo siúd a gceanglaítear orthu cheana córas bainistíochta a bheith acu ar córas é atá i gcomhréir le reachtaíocht sábháilteachta eitlíochta an Aontais atá ann cheana. Mar sin féin, ba cheart roinnt eagraíochtaí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo chun comhréireacht iomchuí a áirithiú i leith na rioscaí níos ísle ó thaobh na slándála faisnéise a bhaineann leo don chóras eitlíochta. |
|
(9) |
Leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart cur chun feidhme comhsheasmhach a áirithiú ar feadh gach réimse eitlíochta, agus tionchar íosta á chruthú ar reachtaíocht sábháilteachta eitlíochta an Aontais is infheidhme cheana féin maidir leis na réimsí sin. |
|
(10) |
Na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart iad a bheith gan dochar do cheanglais maidir leis an tslándáil faisnéise agus leis an gcibearshlándáil a leagtar síos i bPointe 1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 (9) ón gCoimisiún agus in Airteagal 14 de Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(11) |
Na ceanglais slándála a leagtar síos in Airteagail 33 go 43 de Theideal V “Slándáil an Chláir” de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), meastar gur ceanglais choibhéiseacha iad leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ach amháin a mhéid a bhaineann le pointe IS.I.OR.230 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ar ceanglas é ar cheart é a chomhlíonadh. |
|
(12) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le léirmhíniú an téarma “slándáil faisnéise” mar a shainmhínítear sa Rialachán seo, agus a úsáid chomhchoiteann san eitlíocht shibhialta ar fud an domhain á léiriú, ba cheart an léirmhíniú sin a mheas mar léirmhíniú atá comhsheasmhach le léirmhíniú an téarma “slándáil gréasán agus córas faisnéise” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2016/1148. An sainmhíniú ar an tslándáil faisnéise a úsáidtear chun críoch an Rialacháin seo, níor cheart é a léirmhíniú mar shainmhíniú lena gclaontar ón sainmhíniú ar shlándáil gréasán agus córas faisnéise a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/1148. |
|
(13) |
Chun dúbláil ceanglas dlíthiúil a sheachaint, i gcás ina mbeidh eagraíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo faoi réir ceanglais slándála cheana ar ceanglais iad a eascraíonn as gníomhartha Aontais dá dtagraítear in aithrisí 10 agus 11 ar ceanglais choibhéiseacha iad ó thaobh a n-éifeachta leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart a mheas gur comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo é comhlíonadh na gceanglas slándála sin. |
|
(14) |
Eagraíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus atá faoi réir ceanglais slándála cheana ar ceanglais iad a eascraíonn as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 nó as Rialachán (AE) 2021/696, nó an dá Rialachán sin, ba cheart dóibh ceanglais Iarscríbhinn II Cuid IS.I.OR.230 “Scéim tuairiscithe sheachtrach um shlándáil faisnéise”) a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh freisin toisc nach bhfuil forálacha i gceachtar Rialachán a bhaineann le tuairisciú seachtrach teagmhas slándála faisnéise. |
|
(15) |
Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 2015/340, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 (12) agus (AE) Uimh. 2021/664 a leasú chun na ceanglais maidir le córas bainistíochta faisnéise slándála a thabhairt isteach, ar ceanglais iad a fhorordaítear sa Rialachán seo in éineacht leis na córais bainistíochta a leagtar amach ann, agus chun ceanglais na n-údarás inniúil a leagan amach a mhéid a bhaineann le formhaoirseacht na n-eagraíochtaí a chuireann na ceanglais réamhluaite sin maidir le córas bainistíochta faisnéise slándála chun feidhme. |
|
(16) |
Chun am leordhóthanach a sholáthar d’eagraíochtaí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha agus na nósanna imeachta nua, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 3 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm, ach amháin i gcás sholáthraí seirbhíse aerloingseoireachta Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, ar cheart feidhm a bheith ag an Rialachán sin ón 1 Eanáir 2026 i bhfianaise chreidiúnú slándála leanúnach chóras agus sheirbhísí EGNOS i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696. |
|
(17) |
Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 03/2021 (13), arna heisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(18) |
Tá na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta arna mbunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar amach na ceanglais atá le comhlíonadh ag na heagraíochtaí agus ag na húdaráis inniúla chun an méid a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
rioscaí slándála faisnéise a shainaithint agus a bhainistiú ar rioscaí iad lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chórais um theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus do shonraí ar córais agus sonraí iad a úsáidtear chun críoch na heitlíochta sibhialta, |
|
(b) |
eachtraí slándála faisnéise a bhrath agus na heachtraí sin a shainaithint ar eachtraí iad a mheastar gur teagmhais slándála faisnéise iad lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta, |
|
(c) |
freagairt do na teagmhais slándála faisnéise sin agus téarnamh uathu. |
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heagraíochtaí a leanas:
|
(a) |
eagraíochtaí cothabhála atá faoi réir Roinn A d’Iarscríbhinn II (Cuid-145) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 , ach amháin na heagraíochtaí sin a bhfuil baint acu le cothabháil aerárthaí agus léi sin amháin i gcomhréir le hIarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014; |
|
(b) |
eagraíochtaí um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta (CAMOnna) atá faoi réir Roinn A d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, ach amháin na heagraíochtaí sin a bhfuil baint acu le bainistiú aeracmhainneachta leanúnach aerárthaí agus leis sin amháin i gcomhréir le hIarscríbhinn Vb (Cuid-ML) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014; |
|
(c) |
aeroibreoirí atá faoi réir Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 , ach amháin na haeroibreoirí sin a bhfuil baint acu le hoibriú aon cheann de na nithe a leanas:
|
|
(d) |
eagraíochtaí oiliúna formheasta (ATOnna) atá faoi réir Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, ach amháin iad siúd a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí oiliúna aerárthaí ELA2 mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (j) de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 agus leis na gníomhaíochtaí sin amháin, nó iad siúd a bhfuil baint acu leis an oiliúint theoiriciúil agus léi sin amháin; |
|
(e) |
ionaid aerleighis maidir le foireann eitilte atá faoi réir Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011; |
|
(f) |
oibreoirí feiste oiliúna insamhalta eitilte (FSTD) atá faoi réir Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, ach amháin iad siúd a bhfuil baint acu le hoibriú FSTDnna le haghaidh aerárthaí ELA2 mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (j) de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012; |
|
(g) |
eagraíochtaí oiliúna rialtóirí aerthráchta (ATCO TOnna) agus ionaid aerleighis ATCO atá faoi réir Iarscríbhinn III (Cuid ATCO.OR) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/340 ; |
|
(h) |
eagraíochtaí atá faoi réir Iarscríbhinn III (Cuid-ATM/ANS.OR) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, ach amháin na soláthraithe seirbhíse a leanas:
|
|
(i) |
soláthraithe sheirbhísí U-space agus soláthraithe aonair seirbhíse faisnéise coitinne atá faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664. |
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“An Ghníomhaireacht”), dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo agus in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 (14).
3. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir leis an údarás inniúil atá freagrach as ceadúnais cothabhála aerárthaí a eisiúint, a leanúint, a athrú, a chur ar fionraí nó a aisghairm i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-66) a ghabhann le Rialachán (AE) 1321/2014.
4. Tá an Rialachán seo gan dochar do cheanglais maidir leis an tslándáil faisnéise agus leis an gcibearshlándáil a leagtar síos i bpointe 1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1998 agus in Airteagal 14 de Threoir (AE) 2016/1148.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “slándáil faisnéise” rúndacht, sláine, barántúlacht agus infhaighteacht na gcóras gréasáin agus faisnéise a chaomhnú; |
|
(2) |
ciallaíonn “eachtra slándála faisnéise” tarlú sainaitheanta staide córais, seirbhíse nó gréasáin lena léirítear sárú féideartha ar an mbeartas slándála faisnéise nó teip rialuithe slándála faisnéise, nó cás nárbh eol roimhe ar féidir leis a bheith ábhartha ó thaobh na slándála faisnéise; |
|
(3) |
ciallaíonn “teagmhas” aon eachtra is cúis le héifeacht dhochrach iarbhír ar shlándáil gréasán agus córas faisnéise mar a shainmhínítear in Airteagal 4(7) de Threoir (AE) 2016/1148; |
|
(4) |
ciallaíonn “riosca slándála faisnéise” an riosca d’oibríochtaí eitlíochta sibhialta eagraíochta, do shócmhainní, daoine, agus eagraíochtaí eile i ngeall ar an acmhainneacht a bhaineann le heachtra slándála faisnéise. Bíonn rioscaí slándála faisnéise bainteach leis an acmhainneacht go ndúshaothrófar leochaileachtaí sócmhainne faisnéise nó grúpa sócmhainní faisnéise le bagairtí; |
|
(5) |
ciallaíonn “bagairt” sárú féideartha na slándála faisnéise arb ann dó i gcás inarb ann d’eintiteas, imthoisc, gníomh nó eachtra a d’fhéadfadh a bheith ina chúis díobhála; |
|
(6) |
ciallaíonn “leochaileacht” fabht nó laige i sócmhainn nó i gcóras, nósanna imeachta, dearadh, cur chun feidhme, nó i mbearta slándála faisnéise a bhféadfaí é nó í a dhúshaothrú agus as a n-eascraíonn sárú an bheartais slándála faisnéise. |
Airteagal 4
Ceanglais maidir le heagraíochtaí agus le húdaráis inniúla
1. Na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) comhlíonfaidh siad ceanglais Iarscríbhinn II (Cuid-IS.I.OR) a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) comhlíonfaidh siad ceanglais Iarscríbhinn I (Cuid-IS.AR) a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Ceanglais a eascraíonn as reachtaíocht eile an Aontais
1. I gcás ina gcomhlíonfaidh eagraíocht dá dtagraítear in Airteagal 2(1) ceanglais slándála a leagtar síos i gcomhréir le Airteagal 14 de Threoir (AE) 2016/1148 ar ceanglais choibhéiseacha iad leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, measfar gur comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo é comhlíonadh na gceanglas slándála sin.
2. I gcás maidir le heagraíocht dá dtagraítear in Airteagal 2(1) gur oibreoir nó eintiteas í dá dtagraítear i gcláir náisiúnta na mBallstát um shlándáil eitlíochta sibhialta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), na ceanglais cibearshlándála atá i bpointe 1.7 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998, measfar gur ceanglais choibhéiseacha iad leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ach amháin a mhéid a bhaineann le pointe IS.I.OR.230 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ar ceanglais iad a chomhlíonfar amhlaidh.
3. I gcás maidir leis an eagraíocht dá dtagraítear in Airteagal 2(1) gur é soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) é dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 2021/696, na ceanglais slándála atá in Airteagail 33 go 43 de Theideal V den Rialachán sin, meastar gur ceanglais choibhéiseacha iad leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ach amháin a mhéid a bhaineann le pointe IS.I.OR.230 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ar ceanglais iad a chomhlíonfar amhlaidh.
4. An Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht agus leis an nGrúpa Comhair dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2016/1148, féadfaidh sé treoirlínte a eisiúint chun measúnú a dhéanamh ar choibhéiseacht na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir (AE) 2016/1148.
Airteagal 6
Údarás inniúil
1. Gan dochar do na cúraimí a chuirtear ar iontaoibh an Bhoird um Chreidiúnú Slándála (SAB) dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2021/696, is éard a bheidh san údarás a bheidh freagrach as comhlíontacht leis an Rialachán seo a dheimhniú agus as maoirseacht a dhéanamh air sin:
|
(a) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014; |
|
(b) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014; |
|
(c) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (c), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012; |
|
(d) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (d) go (f), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011; |
|
(e) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (g), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 6(2) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2015/340; |
|
(f) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (h), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 4(1) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/373; |
|
(g) |
maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (i), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 14(1) nó 14(2), de réir mar is infheidhme, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2021/664. |
2. Féadfaidh na Ballstáit, chun críoch an Rialacháin seo, eintiteas féinrialaitheach agus neamhspleách a ainmniú chun ról agus freagrachtaí sannta na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh. Sa chás sin, leagfar síos bearta comhordúcháin idir an t-eintiteas sin agus na húdaráis inniúla, dá dtagraítear i mír 1, chun a áirithiú go ndéanfar formhaoirseacht éifeachtach ar na ceanglais uile atá le comhlíonadh ag an eagraíocht.
3. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar agus í i gcomhréir iomlán leis na rialacha is infheidhme maidir leis an rúndacht, cosaint sonraí pearsanta agus cosaint faisnéise rúnaicmithe in éineacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA), agus le SAB dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2021/696 chun formhaoirseacht éifeachtach a áirithiú ar na ceanglais is infheidhme maidir le soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta EGNOS.
Airteagal 7
Faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid údaráis inniúla NIS
Faoin Rialachán seo, cuirfidh na húdaráis inniúla an pointe aonair teagmhála a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir (AE) 2016/1148 ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi aon fhaisnéis a áirítear i bhfógraí arna gcur isteach de bhun phointe IS.I.OR.230 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus phointe IS.D.OR.230 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe 2022/1645 ag oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2016/1148.
Airteagal 8
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011
Leasaítear Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) agus Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 9
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 748/2012
Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 10
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 965/2012
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-ARO) agus Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 11
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 139/2014
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-ADR.AR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 12
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid-145), III (Cuid-66), Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 13
Leasú ar Rialachán (AE) 2015/340
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid ATCO.AR) agus III (Cuid ATCO.OR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2015/340 i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 14
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid-ATM/ANS.AR), agus III (Cuid-ATM/ANS.OR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/373 i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 15
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/664 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 15(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (f):
|
|
(2) |
in Airteagal 18, cuirtear pointe (l) a leanas leis:
|
Airteagal 16
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2026.
Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le cás sholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta EGNOS faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 27 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 an 3 Lúnasa 2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d’aerárthaí agus de tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (IO L 63, 6.3.2015, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-space (IO L 139, 23.4.2021, lch. 161).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).
(10) Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 062, 8.3.2017, lch. 1).
(13) https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, 26.9.2022, lch. 18).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002, (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72)
IARSCRÍBHINN I
SLÁNDÁIL FAISNÉISE — CEANGLAIS MAIDIR LE HÚDARÁIS
[CUID-IS.AR]
|
IS.AR.100 |
Raon feidhme |
|
IS.AR.200 |
Córas bainistíochta faisnéise slándála (ISMS) |
|
IS.AR.205 |
Measúnú riosca slándála faisnéise |
|
IS.AR.210 |
Ag déileáil le riosca slándála faisnéise |
|
IS.AR.215 |
Teagmhais slándála faisnéise — iad a bhrath, ag freagairt dóibh, agus ag téarnamh uathu |
|
IS.AR.220 |
Gníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise a chur ar conradh |
|
IS.AR.225 |
Ceanglais maidir le pearsanra |
|
IS.AR.230 |
Taifid a choimeád |
|
IS.AR.235 |
Feabhas leanúnach |
IS.AR.100 Raon feidhme
Leis an gCuid seo, leagtar síos na ceanglais maidir le bainistíocht atá le comhlíonadh ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo.
Na ceanglais atá le comhlíonadh ag na húdaráis inniúla sin chun a ngníomhaíochtaí deimhniúcháin, formhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú, tá siad sna Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo agus in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645.
IS.AR.200 Córas bainistíochta faisnéise slándála (ISMS)
|
(a) |
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, déanfaidh an t-údarás inniúil córas bainistíochta faisnéise slándála (ISMS) a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun lena n-áiritheofar go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:
|
|
(b) |
Chun na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhlíonadh go leanúnach, cuirfidh an t-údarás inniúil próiseas um fheabhas leanúnach chun feidhme i gcomhréir le pointe IS.AR.235. |
|
(c) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil gach príomhphróiseas, príomhnós imeachta, príomhról agus príomhfhreagracht a dhoiciméadú ar próisis, nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí iad a cheanglaítear chun pointe IS.AR.200(a) a chomhlíonadh agus bunóidh próiseas chun an doiciméadacht sin a leasú. |
|
(d) |
Na próisis, nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí a bhunaíonn an t-údarás inniúil chun pointe IS.AR.200(a) a chomhlíonadh, beidh siad comhfhreagrach do chineál agus do chastacht na ngníomhaíochtaí dá chuid, bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí slándála faisnéise atá ina ndlúthchuid de na gníomhaíochtaí sin, agus féadfar na próisis, nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí a chomhtháthú laistigh de chórais bainistíochta eile atá ann cheana agus atá curtha chun feidhme ag an údarás inniúil cheana. |
IS.AR.205 Measúnú riosca slándála faisnéise
|
(a) |
Sainaithneoidh an t-údarás inniúil eilimintí uile a eagraíochta féin a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar rioscaí slándála faisnéise. Áireofar leis sin:
|
|
(b) |
Sainaithneoidh an t-údarás inniúil na comhéadain atá ag a eagraíocht féin le heagraíochtaí eile, agus as a bhféadfadh neamhchosaint fhrithpháirteach ar rioscaí slándála faisnéise eascairt dá dtoradh. |
|
(c) |
I gcás na n-eilimintí agus na gcomhéadan dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), sainaithneoidh an t-údarás inniúil na rioscaí slándála faisnéise a bhféadfaidh tionchar féideartha a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta. Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas i gcás gach riosca a shainaithnítear:
Leis an aicmiúchán réamhshainithe dá dtagraítear i bpointe (1), cuirfear san áireamh an acmhainneacht go dtarlóidh an cás bagartha mar aon le déine na n-iarmhairtí sábháilteachta a bhaineann leis. Tríd an aicmiúchán sin, agus é á chur san áireamh cibé acu atá próiseas struchtúrtha agus in-athdhéanta um bainistíocht riosca le haghaidh oibríochtaí ag an údarás inniúil nó nach bhfuil, ba cheart don údarás inniúil a bheith in ann a shuí cé acu an riosca inghlactha é an riosca nó an gá déileáil leis i gcomhréir le pointe IS.AR.210. Chun inchomparáideacht fhrithpháirteach na measúnuithe rioscaí a éascú, le sannadh an leibhéil riosca de réir phointe (1), cuirfear faisnéis ábhartha san áireamh ar faisnéis í a fhaightear i gcomhordú leis na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b). |
|
(d) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú agus nuashonrú ar an measúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) in aon cheann de na cásanna a leanas:
|
IS.AR.210 Ag déileáil le riosca slándála faisnéise
|
(a) |
Déanfaidh an t-údarás inniúil bearta a fhorbairt chun dul i ngleic le rioscaí do-ghlactha a shainaithnítear i gcomhréir le pointe IS.AR.205, cuirfidh na bearta sin chun feidhme go tráthúil agus seiceálfaidh éifeachtacht leanúnach na mbeart sin. Leis na bearta sin, cuirfear ar a chumas don údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:
Ní thabharfar aon riosca do-ghlactha féideartha nua don tsábháilteacht eitlíochta isteach leis na bearta sin. |
|
(b) |
An duine dá dtagraítear i bpointe IS.AR.225 (a) agus pearsanra eile den údarás inniúil a ndéantar difear dóibh, cuirfear ar an eolas iad faoi thoradh an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le pointe IS.AR.205, faoi na cásanna bagartha comhfhreagracha agus faoi na bearta atá le cur chun feidhme. Cuirfidh an t-údarás inniúil eagraíochtaí ag a bhfuil comhéadan leo ar an eolas freisin i gcomhréir le pointe IS.AR.205 (b) faoi aon riosca a chomhroinntear idir an t-údarás inniúil agus an eagraíocht. |
IS.AR.215 Teagmhais slándála faisnéise — iad a bhrath, ag freagairt dóibh, agus ag téarnamh uathu
|
(a) |
Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le pointe IS.AR.205 agus ar thoradh na déileála leis an riosca a chomhlíontar i gcomhréir le pointe IS.AR.210, cuirfidh an t-údarás inniúil bearta chun feidhme chun eachtraí a bhrath lena léirítear fíorú féideartha rioscaí do-ghlactha agus a bhféadfadh tionchar féideartha a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta. Leis na bearta braite sin, cuirfear ar a chumas don údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
(b) |
Cuirfidh an t-údarás inniúil bearta chun feidhme chun freagairt do dhálaí aon eachtra a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (a) ar dálaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn nó a tháinig chun bheith ina dteagmhas slándála faisnéise. Leis na bearta freagartha sin, cuirfear ar a chumas don údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
(c) |
Cuirfidh an t-údarás inniúil bearta chun feidhme a bheidh dírithe ar théarnamh ó theagmhais slándála faisnéise, lena n-áirítear bearta éigeandála, más gá. Leis na bearta téarnaimh sin, cuirfear ar a chumas don údarás inniúil an méid a leanas a dhéanamh:
|
IS.AR.220 Gníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise a chur ar conradh
Áiritheoidh an t-údarás inniúil agus aon chuid de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe IS.AR.200 á cur ar conradh d’eagraíochtaí eile, go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí ar conradh ceanglais an Rialacháin seo agus go n-oibreoidh an eagraíocht ar conradh faoi fhormhaoirseacht an údaráis. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar na rioscaí atá bainteach leis na gníomhaíochtaí ar conradh a bhainistiú go hiomchuí.
IS.AR.225 Ceanglais maidir le pearsanra
Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:
|
(a) |
duine a bheith aige ag a mbeidh an t-údarás struchtúir, beartais, próisis agus nósanna imeachta na heagraíochta a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar struchtúir, beartais, próisis agus nósanna imeachta iad is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Beidh an méid a leanas ag an duine sin:
|
|
(b) |
próisis i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh pearsanra leordhóthanach ar dualgas acu chun na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh; |
|
(c) |
próiseas i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh an inniúlacht is gá ag an bpearsanra dá dtagraítear i bpointe (b) chun a gcúraimí a chomhlíonadh; |
|
(d) |
próiseas i bhfeidhm chun a áirithiú go n-aithneoidh an pearsanra na freagrachtaí atá bainteach leis na róil agus leis na cúraimí a shanntar; |
|
(e) |
áiritheoidh an duine go suífear aitheantas agus iontaofacht an phearsanra go hiomchuí arb é sin an pearsanra ag a bhfuil rochtain ar chórais faisnéise agus ar shonraí atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. |
IS.AR.230 Taifid a choimeád
|
(a) |
Coimeádfaidh an t-údarás inniúil taifid ar a ghníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise
|
|
(b) |
Coimeádfaidh an t-údarás inniúil taifid ar cháilíochtaí agus ar thaithí a fhoirne féin a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise
|
|
(c) |
Sonrófar formáid na dtaifead i nósanna imeachta an údaráis inniúil. |
|
(d) |
Stórálfar na taifid ar bhealach a áiritheoidh go gcosnófar iad ar dhamáiste, athrú agus gadaíocht. information being identified, when required, according to its security classification level. Áiritheoidh an eagraíocht go stórálfar na taifid trí mhodhanna a úsáid lena n-áiritheofar sláine, barántúlacht agus rochtain údaraithe. |
IS.AR.235 Feabhas leanúnach
|
(a) |
Maidir le héifeachtacht agus le haibíocht a ISMS féin, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú orthu sin agus táscairí feidhmíochta oiriúnacha á n-úsáid. Déanfar an measúnú ar bhonn féilire réamhshainithe arna shainiú ag an údarás inniúil nó tar éis teagmhas slándála faisnéise. |
|
(b) |
Má aimsítear easnaimh tar éis an measúnú a dhéanamh i gcomhréir le pointe (a), déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta feabhais is gá chun a áirithiú go leanfaidh ISMS de bheith ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus de na rioscaí slándála faisnéise a choinneáil ar bun ar leibhéal inghlactha. Ina theannta sin, déanfaidh an t-údarás inniúil athmheasúnú ar na heilimintí sin de ISMS a ndéanann na bearta a glacadh difear dóibh. |
IARSCRÍBHINN II
BAINISTIÚ SLÁNDÁLA FAISNÉISE — CEANGLAIS EAGRAÍOCHTA
[CUID-IS.I.OR]
|
IS.I.OR.100 |
Raon feidhme |
|
IS.I.OR.200 |
Córas bainistíochta faisnéise slándála (ISMS) |
|
IS.I.OR.205 |
Measúnú riosca slándála faisnéise |
|
IS.I.OR.210 |
Ag déileáil le riosca slándála faisnéise |
|
IS.I.OR.215 |
Scéim tuairiscithe inmheánach um shlándáil faisnéise |
|
IS.I.OR.220 |
Teagmhais slándála faisnéise — iad a bhrath, ag freagairt dóibh, agus ag téarnamh uathu |
|
IS.I.OR.225 |
Ag freagairt do thorthaí a mbeidh fógra tugtha ag an údarás inniúil fúthu |
|
IS.I.OR.230 |
Scéim tuairiscithe sheachtrach um shlándáil faisnéise |
|
IS.I.OR.235 |
Gníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise a chur ar conradh |
|
IS.I.OR.240 |
Ceanglais maidir le pearsanra |
|
IS.I.OR.245 |
Taifid a choimeád |
|
IS.I.OR.250 |
Lámhleabhar bainistíochta slándála faisnéise (ISMM) |
|
IS.I.OR.255 |
Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála |
|
IS.I.OR.260 |
Feabhas leanúnach |
IS.I.OR.100 Raon feidhme
Leis an gCuid seo, leagtar síos na ceanglais nach mór do na heagraíochtaí a chomhlíonadh arb iad na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo iad.
IS.I.OR.200 Córas bainistíochta faisnéise slándála faisnéise (ISMS)
|
(a) |
Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, déanfaidh an eagraíocht córas bainistíochta faisnéise slándála (ISMS) a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun lena n-áiritheofar go ndéanfaidh an eagraíocht an méid a leanas:
|
|
(b) |
Chun na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhlíonadh go leanúnach, cuirfidh an eagraíocht próiseas um fheabhas leanúnach chun feidhme i gcomhréir le pointe IS.I.OR.260. |
|
(c) |
Déanfaidh an eagraíocht gach príomhphróiseas, príomhnós imeachta, príomhról agus príomhfhreagracht a dhoiciméadú i gcomhréir le pointe IS.I.OR.250, ar próisis, nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí iad a cheanglaítear chun pointe IS.I.OR.200(a), a chomhlíonadh agus bunóidh próiseas chun an doiciméadacht sin a leasú. Déanfar athruithe ar na próisis, na nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí sin a bhainistiú i gcomhréir le pointe IS.I.OR.255. |
|
(d) |
Na próisis, nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí a bhunaíonn an eagraíocht chun pointe IS.AR.200(a) a chomhlíonadh, beidh siad comhfhreagrach do chineál agus do chastacht na ngníomhaíochtaí dá cuid, bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí slándála faisnéise atá ina ndlúthchuid de na gníomhaíochtaí sin, agus féadfar na próisis, nósanna imeachta, róil agus freagrachtaí a chomhtháthú laistigh de chórais bainistíochta eile atá ann cheana agus atá curtha chun feidhme ag an eagraíocht cheana. |
|
(e) |
Gan dochar don oibleagáid na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 376/2014 a chomhlíonadh() mar aon leis na ceanglais a leagtar síos i bpointe IS.I.OR.200 (a)(13), féadfaidh an t-údarás inniúil an eagraíocht a fhormheas gan na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a chur chun feidhme agus na ceanglais a bhaineann leo atá i bpointí IS.I.OR.205 go IS.I.OR.260, más rud é go léiríonn an eagraíocht chun sástacht an údaráis sin maidir lena gníomhaíochtaí, saoráidí agus acmhainní, mar aon leis na seirbhísí a oibríonn, a sholáthraíonn, a fhaigheann nó a choinníonn an eagraíocht ar bun, nach mbaineann aon riosca slándála faisnéise leo lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta di féin ná d’eagraíochtaí eile. Beidh an formheas bunaithe ar mheasúnú riosca slándála faisnéise doiciméadaithe arna dhéanamh ag an eagraíocht nó ag tríú páirtí i gcomhréir le pointe IS.I.OR.205 agus a bheidh athbhreithnithe agus formheasta ag a údarás inniúil freisin. Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil bailíocht leantach an fhormheasa sin tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta. |
IS.I.OR.205 Measúnú riosca slándála faisnéise
|
(a) |
Sainaithneoidh an eagraíocht na heilimintí uile dá cuid a d’fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar rioscaí slándála faisnéise. Áireofar leo sin:
|
|
(b) |
Sainaithneoidh an eagraíocht na comhéadain atá aici le heagraíochtaí eile, agus as a bhféadfadh neamhchosaint fhrithpháirteach ar rioscaí slándála faisnéise eascairt dá dtoradh. |
|
(c) |
I gcás na n-eilimintí agus na gcomhéadan dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), sainaithneoidh an eagraíocht na rioscaí slándála faisnéise a bhféadfaidh tionchar féideartha a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta. Déanfaidh an eagraíocht an méid a leanas i gcás gach riosca a shainaithnítear:
Leis an aicmiúchán réamhshainithe dá dtagraítear i bpointe (1), cuirfear san áireamh an acmhainneacht go dtarlóidh an cás bagartha mar aon le déine na n-iarmhairtí sábháilteachta a bhaineann leis. Bunaithe ar an aicmiúchán sin, agus é á chur san áireamh cibé acu atá próiseas struchtúrtha agus in-athdhéanta um bainistíocht riosca le haghaidh oibríochtaí ag an eagraíocht nó nach bhfuil, ba cheart don eagraíocht a bheith in ann a shuí cé acu an riosca inghlactha é an riosca nó an gá déileáil leis i gcomhréir le pointe IS.I.OR.210. Chun inchomparáideacht fhrithpháirteach na measúnuithe rioscaí a éascú, le sannadh an leibhéil riosca de bhun phointe (1), cuirfear faisnéis ábhartha san áireamh ar faisnéis í a fhaightear i gcomhordú leis na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b). |
|
(d) |
Athbhreithneoidh agus nuashonróidh an eagraíocht an measúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le pointí (a), (b) agus, de réir is infheidhme, (c) nó (e) in aon cheann de na cásanna a leanas:
|
|
(e) |
De mhaolú ar phointe (c), eagraíochtaí a gceanglaítear orthu Fochuid C d’Iarscríbhinn III (Cuid-ATM/ANS.OR) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a chomhlíonadh, cuirfidh siad in ionad na hanailíse ar an tionchar ar an tsábháilteacht eitlíochta, anailís ar an tionchar ar a seirbhísí de réir an mheasúnaithe ar thacaíocht sábháilteachta a cheanglaítear le pointe ATM/ANS.OR.C.005. Cuirfear an measúnú sin ar thacaíocht sábháilteachta ar fáil do na soláthraithe seirbhísí aerthráchta dá soláthraíonn siad seirbhísí agus beidh na soláthraithe seirbhísí aerthráchta sin freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar ar an tsábháilteacht eitlíochta. |
IS.I.OR.210 Ag déileáil le riosca slándála faisnéise
|
(a) |
Déanfaidh an eagraíocht bearta a fhorbairt chun dul i ngleic le rioscaí do-ghlactha a shainaithnítear i gcomhréir le pointe IS.AR.205, cuirfidh na bearta sin chun feidhme go tráthúil agus seiceálfaidh éifeachtacht leanúnach na mbeart sin. Leis na bearta sin, cuirfear ar a cumas don eagraíocht an méid a leanas a dhéanamh:
Ní thabharfar aon riosca do-ghlactha féideartha nua don tsábháilteacht eitlíochta isteach leis na bearta sin. |
|
(b) |
An duine dá dtagraítear i bpointe IS.I.OR.240 (a) agus (b) agus pearsanra eile den eagraíocht dá ndéantar difear, cuirfear ar an eolas iad faoi thoradh an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le pointe IS.I.OR.205, faoi na cásanna bagartha comhfhreagracha agus faoi na bearta atá le cur chun feidhme. Cuirfidh an eagraíocht eagraíochtaí ag a bhfuil comhéadan leo ar an eolas freisin i gcomhréir le pointe IS.I.OR.205(b) faoi aon riosca a chomhroinntear idir an dá eagraíocht. |
IS.I.OR.215 Scéim tuairiscithe inmheánach um shlándáil faisnéise
|
(a) |
Bunóidh an eagraíocht scéim tuairiscithe inmheánach chun bailiú eachtraí slándála faisnéise a chumasú mar aon le meastóireacht ar na heachtraí sin, lena n-áirítear na heachtraí sin atá le tuairisciú de bhun phointe IS.I.OR.230. |
|
(b) |
Leis an scéim sin agus an próiseas dá dtagraítear i bpointe IS.I.OR.220, cuirfear ar a cumas don eagraíocht an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
(c) |
Aon eagraíocht ar conradh a fhéadfaidh an eagraíocht a nochtadh do rioscaí slándála faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta, ceanglófar ar an eagraíocht sin eachtraí slándála faisnéise a thuairisciú don eagraíocht. Cuirfear na tuarascálacha sin isteach agus na nósanna imeachta á n-úsáid a bunaíodh sna socruithe conarthacha sonracha agus déanfar meastóireacht orthu i gcomhréir le pointe (b). |
|
(d) |
Maidir le himscrúduithe, rachaidh an eagraíocht i gcomhar le haon eagraíocht eile ag a bhfuil rannchuidiú suntasach do shlándáil faisnéise na ngníomhaíochtaí dá cuid féin. |
|
(e) |
Féadfaidh an eagraíocht an scéim tuairiscithe sin a chomhtháthú le scéimeanna tuairiscithe eile atá curtha chun feidhme cheana aici. |
IS.I.OR.220 Teagmhais slándála faisnéise — iad a bhrath, ag freagairt dóibh, agus ag téarnamh uathu
|
(a) |
Bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca a dhéantar i gcomhréir le pointe IS.I.OR.205 agus ar thoradh na déileála leis an riosca a chomhlíontar i gcomhréir le pointe IS.I.OR.210, cuirfidh an eagraíocht bearta chun feidhme chun teagmhais agus leochaileachtaí a bhrath lena léirítear fíorú féideartha rioscaí do-ghlactha agus a bhféadfaidh tionchar féideartha a bheith acu ar an tsábháilteacht eitlíochta. Leis na bearta, cuirfear ar a cumas don eagraíocht an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
(b) |
Cuirfidh an eagraíocht bearta chun feidhme chun freagairt do dhálaí aon eachtra a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (a) ar dálaí iad a d’fhéadfadh teacht chun cinn nó a tháinig chun bheith ina dteagmhas slándála faisnéise. Leis na bearta freagartha sin, cuirfear ar a cumas don eagraíocht an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
(c) |
Cuirfidh an eagraíocht bearta chun feidhme a bheidh dírithe ar théarnamh ó theagmhais slándála faisnéise, lena n-áirítear bearta éigeandála, más gá. Leis na bearta téarnaimh sin, cuirfear ar a cumas don eagraíocht an méid a leanas a dhéanamh:
|
IS.I.OR.225 Ag freagairt do thorthaí a mbeidh fógra tugtha ag an údarás inniúil fúthu
|
(a) |
Tar éis don eagraíocht an fógra a fháil faoi na torthaí a chuir an t-údarás inniúil isteach, déanfaidh an eagraíocht an méid a leanas:
|
|
(b) |
Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) laistigh den tréimhse a chomhaontaítear leis an údarás inniúil. |
IS.I.OR.230 Scéim tuairiscithe sheachtrach um shlándáil faisnéise
|
(a) |
Cuirfidh an eagraíocht córas tuairiscithe um shlándáil faisnéise chun feidhme lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme más rud é gurb infheidhme an Rialachán sin maidir leis an eagraíocht. |
|
(b) |
Gan dochar d’oibleagáidí Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, áiritheoidh an eagraíocht go dtuairisceofar chuig a húdarás inniúil aon teagmhas nó leochaileacht slándála faisnéise, a fhéadfaidh a bheith ina riosca suntasach don tsábháilteacht eitlíochta. Ina theannta sin:
|
|
(c) |
Tuairisceoidh an eagraíocht na dálaí dá dtagraítear i bpointe (b) mar a leanas:
|
IS.I.OR.235 Gníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise a chur ar conradh
|
(a) |
Áiritheoidh an eagraíocht agus aon chuid de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe IS.I.OR.200 á cur ar conradh d’eagraíochtaí eile, go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí ar conradh ceanglais an Rialacháin seo agus go n-oibreoidh an eagraíocht ar conradh faoi fhormhaoirseacht na heagraíochta. Áiritheoidh an eagraíocht go ndéanfar na rioscaí atá bainteach leis na gníomhaíochtaí ar conradh a bhainistiú go hiomchuí. |
|
(b) |
Áiritheoidh an eagraíocht gur féidir leis an údarás inniúil an eagraíocht ar conradh a rochtain arna hiarraidh sin dó chun comhlíontacht leanúnach leis na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo a chinneadh. |
IS.I.OR.240 Ceanglais maidir le pearsanra
|
(a) |
Bainisteoir cuntasach na heagraíochta a ainmnítear i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 2015/340, (AE) Uimh. 2017/373 nó (AE) Uimh. 2021/664 de réir mar is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, beidh aige an t-údarás corparáideach chun a áirithiú gur féidir gach gníomhaíocht dá gceanglaítear leis an Rialachán seo a mhaoiniú agus a dhéanamh. Déanfaidh an duine sin an méid a leanas:
|
|
(b) |
Ceapfaidh an bainisteoir cuntasach duine nó grúpa daoine chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an eagraíocht ceanglais an Rialacháin seo, agus saineoidh méid a údaráis. Tuairisceoidh an duine sin nó an grúpa daoine sin don bhainisteoir cuntasach go díreach, agus beidh aige an t-eolas, cúlra agus taithí iomchuí chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh. Cinnfear sna nósanna imeachta an duine a dhéanann ionadaíocht do dhuine ar leith i gcás go bhfuil an duine sin as láthair ar feadh tréimhse fhada. |
|
(c) |
Ceapfaidh an bainisteoir cuntasach duine nó grúpa daoine ag a mbeidh an fhreagracht chun feidhm an fhaireacháin ar chomhlíontacht a bhainistiú ar comhlíontacht í sin dá dtagraítear i bpointe IS.I.OR.200(a)(12). |
|
(d) |
I gcás ina roinnfidh an eagraíocht struchtúir eagrúcháin, beartais, próisis agus nósanna imeachta ó thaobh na slándála faisnéise le heagraíochtaí eile nó le réimsí dá heagraíocht féin nach cuid iad den fhormheas nó den dearbhú, féadfaidh an bainisteoir cuntasach a ghníomhaíochtaí a tharmligean do dhuine freagrach comhchoiteann. I gcás den sórt sin, bunófar bearta comhordúcháin idir bainisteoir cuntasach na heagraíochta agus an duine freagrach comhchoiteann chun comhtháthú oiriúnach na bainistíochta slándála faisnéise laistigh den eagraíocht a áirithiú. |
|
(e) |
An bainisteoir cuntasach nó an duine freagrach comhchoiteann dá dtagraítear in (d), beidh aige an t-údarás corparáideach chun na struchtúir eagrúcháin, beartais, próisis agus nósanna imeachta a bhunú agus a choinneáil ar bun, ar struchtúir, beartais, próisis agus nósanna imeachta iad is gá chun pointe IS.I.OR.200 a chur chun feidhme. |
|
(f) |
Beidh próisis i bhfeidhm ag an eagraíocht chun a áirithiú go mbeidh pearsanra leordhóthanach ar dualgas aici chun na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Iarscríbhinn seo a dhéanamh. |
|
(g) |
Beidh próisis i bhfeidhm ag an eagraíocht chun a áirithiú go mbeidh an inniúlacht is gá ag an bpearsanra dá dtagraítear i bpointe (f) chun a chúraimí a chomhlíonadh. |
|
(h) |
Beidh próisis i bhfeidhm ag an eagraíocht chun a áirithiú go n-aithneoidh an pearsanra na freagrachtaí atá bainteach leis na róil agus leis na cúraimí a shanntar. |
|
(i) |
Áiritheoidh an eagraíocht go suífear aitheantas agus iontaofacht an phearsanra go hiomchuí arb é sin an pearsanra ag a bhfuil rochtain ar chórais faisnéise agus ar shonraí atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo. |
IS.I.OR.245 Taifid a choimeád
|
(a) |
Coimeádfaidh an eagraíocht taifid ar a ghníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise
|
|
(b) |
Coimeádfaidh an eagraíocht taifid ar cháilíochtaí agus ar thaithí a foirne féin ar foireann í ag a bhfuil baint le gníomhaíochtaí bainistíochta slándála faisnéise
|
|
(c) |
Sonrófar formáid na dtaifead i nósanna imeachta na heagraíochta. |
|
(d) |
Stórálfar na taifid ar bhealach a áiritheoidh go gcosnófar iad ar dhamáiste, athrú agus gadaíocht. information being identified, when required, according to its security classification level. Áiritheoidh an eagraíocht go stórálfar na taifid trí mhodhanna a úsáid lena n-áiritheofar sláine, barántúlacht agus rochtain údaraithe. |
IS.I.OR.250 Lámhleabhar bainistíochta slándála faisnéise (ISMM)
|
(a) |
Cuirfidh an eagraíocht lámhleabhar bainistíochta slándála faisnéise (ISMM) ar fáil don údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, aon lámhleabhar agus nós imeachta bainteach dá dtagraítear, ina mbeidh:
|
|
(b) |
Eisiúint tosaigh ISMM, formheasfaidh an t-údarás inniúil é agus coinneoidh sé cóip de. Leasófar ISMM de réir mar is gá chun go mbeidh sé ina thuairisc a bheidh cothrom le dáta i gcónaí ar ISMS na heagraíochta. Soláthrófar cóip d’aon leasú ar ISMM don údarás inniúil. |
|
(c) |
Déanfar leasuithe ar ISMM a bhainistiú i nós imeachta a bhunóidh an eagraíocht. Aon leasú nach n-áirítear laistigh de raon feidhme an nós imeachta seo agus aon leasú a bhaineann leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe IS.I.OR.255(b), déanfaidh an t-údarás inniúil iad a fhormheas. |
|
(d) |
Féadfaidh an eagraíocht ISMM a chomhtháthú le lámhleabhair bainistíochta eile atá ina seilbh, ar choinníoll go mbeidh crostagairt shoiléir ann lena léireofar cé na codanna den lámhleabhar bainistíochta a chomhfhreagraíonn do na ceanglais dhifriúla atá san Iarscríbhinn seo. |
IS.I.OR.255 Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála
|
(a) |
Féadfar athruithe ar ISMS a bhainistiú agus fógra a thabhairt fúthu don údarás inniúil i nós imeachta a fhorbróidh an eagraíocht. Formheasfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta sin. |
|
(b) |
Maidir le hathruithe ar ISMS nach gcumhdaítear leis an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh an eagraíocht iarratas ar fhormheas a eiseoidh an t-údarás inniúil agus gheobhaidh an eagraíocht an formheas sin. Maidir leis na hathruithe sin:
|
IS.I.OR.260 Feabhas leanúnach
|
(a) |
Maidir le héifeachtacht agus le haibíocht ISMS, déanfaidh an eagraíocht measúnú orthu sin agus táscairí feidhmíochta oiriúnacha á n-úsáid. Déanfar an measúnú sin ar bhonn féilire a bheidh réamhshainithe ag an eagraíocht nó tar éis teagmhas slándála faisnéise. |
|
(b) |
Má aimsítear easnaimh tar éis don mheasúnú a bheith déanta i gcomhréir le pointe (a), déanfaidh an eagraíocht na bearta feabhais is gá chun a áirithiú go leanfaidh ISMS de bheith ag comhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus de na rioscaí slándála faisnéise a choinneáil ar bun ar leibhéal inghlactha. Ina theannta sin, déanfaidh an eagraíocht athmheasúnú ar na heilimintí sin d’ISMS a ndéanann na bearta a glacadh difear dóibh. |
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinní VI (Cuid-ARA) agus VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) mar a leanas: Cuirtear isteach pointe ORA.GEN.200A a leanas tar éis phointe ORA.GEN.200: “ ORA.GEN.200A Córas bainistíochta faisnéise slándála I dteannta an chórais bainistíochta dá dtagraítear i bpointe ORA.GEN.200, déanfaidh an eagraíocht córas bainistíochta faisnéise slándála a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 chun bainistiú ceart an riosca a bhaineann le slándáil faisnéise a áirithiú ar riosca é a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an tsábháilteacht eitlíochta.”. |
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear an Clár mar a leanas:
|
|
(2) |
i bpointe 21.B.15, cuirtear pointe (c) a leanas leis:
|
|
(3) |
cuirtear isteach pointe 21.B.20A a leanas tar éis phointe 21.B.20: “21.B.20A Freagairt láithreach ar theagmhas nó ar leochaileacht slándála faisnéise lena ngabhann tionchar ar an tsábháilteacht eitlíochta
|
|
(4) |
i bpointe 21.B.25, cuirtear pointe (e) a leanas leis:
|
|
(5) |
leasaítear pointe 21.B.30 mar a leanas:
|
|
(6) |
i bpointe 21.B.221, cuirtear pointe (g) a leanas leis:
|
|
(7) |
cuirtear isteach pointe 21.B.240A a leanas tar éis phointe 21.B.240: “ 21.B.240A Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála
|
|
(8) |
i bpointe 21.B.431, cuirtear pointe (d) a leanas leis:
|
|
(9) |
cuirtear isteach pointe 21.B.435A a leanas tar éis phointe 21.B.435: “ 21.B.435A Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála
|
IARSCRÍBHINN V
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid-ARO) agus III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-ARO) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) mar a leanas: cuirtear isteach pointe ORO.GEN.200A a leanas tar éis phointe ORO.GEN.200: “ORO.GEN.200A Córas bainistíochta faisnéise slándála I dteannta an chórais bhainistíochta dá dtagraítear i bpointe ORA.GEN.200, déanfaidh an t-oibreoir córas bainistíochta faisnéise slándála a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 chun bainistiú ceart an riosca a bhaineann le slándáil faisnéise a áirithiú ar riosca é a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an tsábháilteacht eitlíochta.”. |
IARSCRÍBHINN VI
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-ADR.AR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe ADR.AR.A.025 cuirtear pointe (c) a leanas leis:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an pointe ADR.AR.A.030A a leanas tar éis phointe ADR.AR.A.030: “ ADR.AR.A.030A Freagairt láithreach ar theagmhas nó ar leochaileacht slándála faisnéise lena ngabhann tionchar ar an tsábháilteacht eitlíochta
|
|
(3) |
i bpointe ADR.AR.B.005, cuirtear pointe (d) a leanas leis:
|
|
(4) |
leasaítear pointe ADR.AR.B.010 mar a leanas:
|
|
(5) |
i bpointe ADR.AR.C.005, cuirtear pointe (f) a leanas leis:
|
|
(6) |
cuirtear isteach pointe ADR.AR.C.040A a leanas tar éis phointe ADR.AR.C.040: “ ADR.AR.C.040A Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála
|
IARSCRÍBHINN VII
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid-145), III (Cuid-66), agus Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-145) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-66) mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) mar a leanas:
|
IARSCRÍBHINN VIII
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid ATCO.AR) agus III (Cuid ATCO.OR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2015/340 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid ATCO.AR) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid ATCO.OR) mar a leanas: Cuirtear isteach pointe ATCO.OR.C.001A a leanas tar éis phointe ATCO.OR.C.001: “ATCO.OR.C.001A Córas bainistíochta faisnéise slándála I dteannta an chórais bhainistíochta dá dtagraítear i bpointe ATCO.OR.C.001, déanfaidh an eagraíocht córas bainistíochta faisnéise slándála a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 chun bainistiú ceart an riosca a bhaineann le slándáil faisnéise a áirithiú ar riosca é a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an tsábháilteacht eitlíochta.”. |
IARSCRÍBHINN IX
Leasaítear Iarscríbhinní II (Cuid-ATM/ANS.AR), agus III (Cuid-ATM/ANS.OR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/373 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II (Cuid-ATM/ANS.AR) mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III (Cuid-ATM/ANS.OR) mar a leanas:
|