ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 026I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
30 Eanáir 2023

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

RIALACHÁIN

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/192 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

1

CINNTÍ

*

Cinneadh (CBES) 2023/193 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

4

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.

II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 26/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/192 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh gan chúis, gan údar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart eintiteas a raibh baint aige le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN

(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

IARSCRÍBHINN

Cuirtear an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Eintitis

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“175.

Iran Aircraft Manufacturing Industries Corporation (HESA)

شرکت صنایع هواپیماسازی ایران

Seoladh: Sepahbod Gharani Avenue 107, Tehran, Iran

Cineál eintitis: Monaróir aeraspáis

Corparáid faoi úinéireacht rialtais

Áit chlárúcháin: Isfahan, Iran

Dáta clárúcháin: 1977

Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)

Is cuideachta Iaránach é Iran Aircraft Manufacturing Industries Corporation (HESA) atá speisialaithe i monaraíocht aerárthaí míleata agus sibhialta, agus aerárthaí gan foireann.

Monaraíonn HESA aerárthaí gan foireann a úsáideann Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus tá HESA páirteach i dtaighde maidir le aerárthaí gan foireann, chomh maith le forbairt, táirgeadh agus oibríochtaí eitilte aerárthaí gan foireann. Is fochuideachta é HESA de Iran Aviation Industries Organization (IAIO), fiontar faoi úinéireacht stáit atá faoi cheannas Iranian Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL). Tá aerárthaí gan foireann arna dtairgeadh ag HESA san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

Dá bhrí sin, tá HESA freagrach as tacaíocht a thabhairt go hábharach do ghníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

30.1.2023”

CINNTÍ

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 26/4

CINNEADH (CBES) 2023/193 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh gan chúis, gan údar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart eintiteas a raibh baint aige le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(4)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN

(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

IARSCRÍBHINN

Cuirtear an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES: