ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 26

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
30 Eanáir 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/180 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2474 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/181 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir tacaíochta náisiúnta in earnáil na fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún

3

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/182 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh ( 1 )

5

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/183 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le comhlíonadh dea-chleachtais saotharlainne maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ( 1 )

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/184 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Ciliegia di Bracigliano (STFC))

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/185 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2023 lena dtionscnaítear athbhreithniú onnmhaireora nua i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithniú é le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht maidir le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

11

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/186 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

17

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/187 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, san Fhochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú

20

 

*

Cinneadh (AE) 2023/188 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

41

 

*

Cinneadh (AE) 2023/189 ón gComhairle an 23 Eanáir 2023 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún

42

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/190 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

43

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/191 ón gComhairle an 27 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

44

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/180 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2474 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2474 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1(19) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2474, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2) ón gComhairle agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí - gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2474. De bhun Airteagal 1, pointe (19), de Rialachán (AE) 2022/2474, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle.

(2)

Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 1 Feabhra 2023 i leith na n-eintiteas uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2474,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 1 Feabhra 2023 i leith na n-eintiteas uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2474.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)   IO L 322I, 16.12.2022, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/3


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/181 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2022

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir tacaíochta náisiúnta in earnáil na fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 53 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 63(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Bulgáirise, Fraincise, Gréigise, Laitvise, Máltaise, Seicise, Slóivéinise agus Ungáirisede Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 (3) ón gCoimisiún tá earráidí in Airteagal 53(2), an chéad fhomhír, a mhéid a bhaineann le mionathraithe ar oibríochtaí tairbhithe agus incháilitheacht aon chuid den oibríocht agus a cuspóirí foriomlána.

(2)

Dá bhrí sin, ba ceart na leaganacha Bulgáirise, Fraincise, Gréigise, Laitvise, Máltaise, Seicise, Slóivéinise agus Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir náisiúnta thacaíochta san earnáil fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/182 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 48 (d) agus (e), Airteagal 53(1)(d)(ii) agus Airteagal 77(1)(k) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Fionlainnise agus Ollainnise d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún (2), tá earráid sa fhrása tosaigh de phointí 2 agus 3 lena n-athraítear brí na bhforálacha.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Fionlainnise agus Ollainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Béarla.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, rialuithe sonracha maidir le bagáiste pearsanta paisinéirí agus maidir le coinsíneachtaí beaga earraí a sheoltar chuig daoine nádúrtha, earraí nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 45).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/183 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le comhlíonadh dea-chleachtais saotharlainne maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 146(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór tagairtí áirithe do cheanglais le haghaidh staidéir réamhchliniciúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/6 a oiriúnú chun a léiriú nach gá dea-chleachtas saotharlainne a chomhlíonadh i ndáil le staidéir éifeachtúlachta, ach le haghaidh staidéir shábháilteachta amháin. Ba cheart pointe I.1.6, pointe I.2.3.(1)(b), pointe I.2.4.(2)(b), pointe IIIb.3A.(2) agus pointe IIIb.4B.(4)(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/6 a leasú, dá réir sin, chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm i gceart na forálacha maidir le comhlíonadh dea-chleachtais saotharlainne. Chuathas i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/6 a leasú dá réir sin.

(3)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/6, a cuireadh in ionad Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/805 ón gCoimisiún (2) ón 28 Eanáir 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin ón dáta sin chun athdhéanamh neamhriachtanach a sheachaint maidir leis na staidéir chógaseolaíochta, na staidéir thocsaineolaíocha, na staidéir ar iarmhair agus na staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla, staidéir arna ndéanamh i ndáil le hiarratais ar údaruithe margaíochta a cuireadh isteach roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/6 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 4, 7.1.2019, lch. 43.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/805 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 180, 21.5.2021, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/6 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe I.1.6:

I.1.6

“Déanfar staidéir chógaseolaíochta, staidéir thocsaineolaíocha, staidéir ar iarmhair agus staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla i gcomhréir leis na forálacha maidir le Dea-Chleachtas Saotharlainne (GLP) a leagtar síos i dTreoracha 2004/10/CE (*) agus 2004/9/CE (**) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(*)  Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (IO L 50, 20.2.2004, lch. 44)."

(**)  Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú dea-chleachtais saotharlainne (GLP) (IO L 50, 20.2.2004, lch. 28).” "

(2)

i bpointe I.2.3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (b):

“(b)

ráiteas comhlíontachta i leith an dea-chleachtais saotharlainne i gcás staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla, i gcás inarb infheidhme, mar aon le plé ar a mhéid a rannchuideoidh aon staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne leis an measúnú riosca foriomlán, agus údar leis an stádas mar staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne”;

(3)

i bpointe I.2.4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (b):

“(b)

ráiteas comhlíontachta i leith an dea-chleachtais saotharlainne i gcás staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla, i gcás inarb infheidhme, mar aon le plé ar a mhéid a rannchuideoidh aon staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne leis an measúnú riosca foriomlán, agus údar leis an stádas mar staidéar nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne”;

(4)

i bpointe IIIb.3A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (2):

“(2)

Déanfar staidéir shábháilteachta réamhchliniciúla i gcomhréir le ceanglais an dea-chleachtais saotharlainne.

Féadfar glacadh le staidéir nach ndéantar de réir an dea-chleachtais saotharlainne i gcás staidéir ar speiceas nach é an spriocspeiceas é chomh maith le staidéir ina ndéantar measúnú ar airíonna imdhíoneolaíocha, bitheolaíocha nó géiniteacha na dtréithchineálacha vacsaíne, faoi dhálaí a rialaítear ar bhealach leormhaith. Tabharfar údar le diallais eile”;

(5)

i bpointe IIIb.4B, scriostar fophointe (4)(b).


(*)  Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (IO L 50, 20.2.2004, lch. 44).

(**)  Treoir 2004/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le hiniúchadh agus fíorú dea-chleachtais saotharlainne (GLP) (IO L 50, 20.2.2004, lch. 28).” ”


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/184 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Eanáir 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Ciliegia di Bracigliano” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Iodáil ar chlárú an ainm “Ciliegia di Bracigliano” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Ciliegia di Bracigliano” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Ciliegia di Bracigliano” (STFC) cláraithe anois.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 343, 7.9.2022, lch. 72.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/185 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2023

lena dtionscnaítear athbhreithniú “onnmhaireora nua” i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithniú é le haghaidh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht maidir le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(4) agus Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   IARRAIDH

(1)

An 17 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú “onnmhaireora nua” faoi Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán Rialachán.

(2)

Chuir Seven Star Lemon Technology co., Ltd. (“an t-iarratasóir”), ar táirgeoir onnmhairiúcháin aigéid chitrigh i nDaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) é, an iarraidh isteach.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ

(3)

Is éard atá sa táirge faoi athbhreithniú aigéad citreach agus déhiodráit ciotráite trisóidiam, ar táirgí iad a thagann faoi chóid AC 2918 14 00 agus ex 2918 15 00 (cód TARIC 2918150011 agus 2918150019) faoi láthair agus ar de thionscnamh na Síne iad.

3.   BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(4)

Is éard atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 (2) ón gCoimisiún faoina ndéantar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, lena n-áirítear an táirge a tháirgeann an t-iarratasóir, a chur faoi réir dleacht frithdhumpála chinntitheach 42.7 %, cé is moite de roinnt cuideachtaí a luaitear go sonrach in Airteagal 1(2) den Rialachán sin agus atá faoi réir rátaí dleachta aonair.

4.   AN FORAS LEIS AN ATHBHREITHNIÚ

(5)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach nár onnmhairigh sé an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar ar bunaíodh na bearta frithdhumpála (an 1 Iúil 2006 go dtí an 30 Meitheamh 2007).

(6)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach nach bhfuil sé gaolmhar le haon táirgeoir onnmhairiúcháin a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú agus ar táirgeoirí iad atá faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm.

(7)

Ar deireadh, sholáthair an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach gur thosaigh sé ag onnmhairiú an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas tar éis dheireadh na chéad tréimhse imscrúdúcháin, is é sin ó mhí an Mheithimh 2021 ar aghaidh.

5.   NÓS IMEACHTA

5.1.   Tionscnamh

(8)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise a bhí ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le hathbhreithniú “onnmhaireora nua” de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, d’fhonn corrlach dumpála aonair an iarratasóra a chinneadh. Má dhéantar amach gurb ann do dhumpáil, cinnfidh an Coimisiún leibhéal na dleachta ar faoina réir ba cheart allmhairí an táirge faoi athbhreithniú a chur, ar táirge é a tháirgeann an t-iarratasóir.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 11(4), cinnfear an gnáthluach le haghaidh an iarratasóra ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos in Airteagal 2(1) go (6a) den bhun-Rialachán toisc gur tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga is deireanaí ar na bearta tar éis an 20 Nollaig 2017.

(10)

Táirgeoirí an Aontais arb eol iad a bheith bainteach, cuireadh ar an eolas iad faoin iarraidh ar athbhreithniú an 28 Samhain 2022 agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur isteach go dtí an 12 Nollaig 2022.

(11)

Cuireann an Coimisiún ar a súile do na páirtithe freisin gur foilsíodh Fógra (3) i bhfianaise ráig COVID-19 faoi iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an nós imeachta seo.

5.2.   Aisghairm na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair agus clárú na n-allmhairí

(12)

De bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, ba cheart an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm a mhéid a bhaineann le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar táirge é tháirgeann an t-iarratasóir. An tráth céanna, ba cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán chun a áirithiú go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála a ghearradh ó dháta clárúcháin na n-allmhairí sin más rud é go ndéantar amach san athbhreithniú gurb ann do dhumpáil i ndáil leis an iarratasóir. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire nach féidir, ag an bpointe seo, meastachán iontaofa a thabhairt maidir le méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, gan dochar d’Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Dá dtarraingeofaí siar an iarraidh agus dá gcuirfí deireadh leis an athbhreithniú, beidh méid an dliteanais i leith na n-allmhairí cláraithe bunaithe ar an dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis “na cuideachtaí uile eile” arna bunú le Rialachán (AE) 2021/607, is é sin 42,7 %.

5.3.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

(13)

Cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”). Forchoimeádann an Coimisiún an ceart, áfach, scrúdú a dhéanamh freisin an bhféadfadh sé gur tharla idirbhearta i dtréimhse ina dhiaidh sin, agus féadfaidh sé tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a leasú de réir mar is iomchuí i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe.

5.4.   Imscrúdú a dhéanamh ar an iarratasóir

(14)

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoir ar fáil don iarratasóir sa chomhad is féidir leis na páirtithe leasmhara a cheadú, agus cuireadh an ceistneoir ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála freisin https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2652. Ní mór don iarratasóir an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

5.5.   Aighneachtaí eile i scríbhinn

(15)

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

5.6.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

(16)

Féadfaidh na páirtithe leasmhara uile éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina dhiaidh sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha a leagann an Coimisiún síos ina theachtaireachtaí chuig na páirtithe.

5.7.   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(17)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do na páirtithe, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear go sainráite a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(18)

Cuirfear an lipéad “Íogair” (4) ar na haighneachtaí i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ar cheistneoirí comhlánaithe agus ar chomhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar ina leith gur i modh rúin a chaithfí leo. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

(19)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(20)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(21)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara na haighneachtaí agus na hiarrataí a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin.

(22)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

(23)

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go gcomhaontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3.

(24)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil agus go seiceáiltear é ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear na prionsabail a bhaineann le haighneachtaí a dhéanamh trí TRON.tdi agus trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Ríomhphost: TRADE-R789-CA@ec.europa.eu

6.   Neamh-chomhoibriú

(25)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(26)

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(27)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

7.   Oifigeach Éisteachta

(28)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(29)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(30)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

(31)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.

8.   Sceideal an imscrúdaithe

(32)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 11(5) an bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

9.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(33)

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo (5).

(34)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://circabc.europa.eu/ui/group/2e3865ad-3886-4131-92bb-a71754fffec6/library/cef4ace2-299e-4e29-a17e-d450f34a23a5/details,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, tionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 faoi Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 chun a chinneadh ar cheart dleacht frithdhumpála aonair a fhorchur ar allmhairí aigéid chitrigh agus déhiodráite ciotráite trisóidiam, ar táirgí iad a thagann faoi chóid AC 2918 14 00 agus ex 2918 15 00 (cóid TARIC 2918150011 agus 2918150019) faoi láthair, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“an táirge faoi athbhreithniú”), agus ar táirgí iad a tháirgeann Seven Star Lemon Technology co., Ltd., lena n-onnmhairiú chuig an Aontas (cód TARIC breise A023).

Airteagal 2

An dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607, is leis seo a aisghairtear í a mhéid a bhaineann leis na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Glacfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú, de bhun Airteagail 11(4) agus 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 4

1.   Ní mór do pháirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur in iúl laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Chun a n-aighneachtaí a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus na freagraí ar an gceistneoir nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/607 ón gCOIMISIÚN an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 129, 15.4.2021, lch. 73).

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(4)  Is doiciméad “ Íogair ” doiciméad a mheastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/186 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Eanáir 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2) leagtar amach liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. I bhfianaise faisnéis nua agus iarrataí nua a fuair an Coimisiún ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an liosta sin.

(2)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.”, iarraidh a ndearna an Coimisiún a scrúdú uirthi, chun a aitheantas do chatagóir táirgí A maidir leis an bPoblacht Dhoiminiceach, Guatamala agus an tSalvadóir a tharraingt siar de bharr easpa oibreoirí.

(3)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “EKO-CONTROL SK s.r.o.”, iarraidh a ndearna an Coimisiún scrúdú uirthi, chun a aitheantas maidir leis na tíortha uile a bhfuil sé aitheanta ina leith a tharraingt siar.

(4)

Níor sholáthair “LETIS S.A.” ina thuarascáil bhliantúil, ná tar éis iarrataí ina dhiaidh sin, faisnéis nuashonraithe maidir leis an tuarascáil mheasúnaithe arna heisiúint ag a chomhlacht creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (3) maidir le táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte agus algaí a bhfuil sé aitheanta ina leith.

(5)

Thairis sin, níor chuir “LETIS S.A.” gach faisnéis a bhaineann lena shainchomhad teicniúil in iúl don Choimisiún.

(6)

Chomh maith leis sin, ní dhearna “LETIS S.A.” bearta ceartaitheacha leormhaithe mar fhreagairt ar chásanna neamhchomhlíonta agus sáruithe maidir leis na rialacha i dtaca le táirgeadh orgánach a bhreathnaigh an Coimisiún. Áirítear an méid seo a leanas ar an neamhchomhlíonadh agus na sáruithe a breathnaíodh: (i) roinnt fógraí OFIS a bhaineann leis an gcomhlacht rialaithe sin; agus (ii) imscrúduithe leantacha neamhleora a rinne “LETIS S.A.” maidir leis na fógraí OFIS sin.

(7)

Ar deireadh, tar éis an iniúchta ar “LETIS S.A.” a rinne an Coimisiún in 2021, níor léirigh “LETIS S.A.” gur chuir sé bearta rialaithe éifeachtacha agus treisithe chun feidhme ná go ndearna sé na gníomhaíochtaí ceartaitheacha ba ghá chun na heasnaimh a shainaithin an Coimisiún a réiteach. Fágann sé sin go bhfuil baol ann go gcuirfí tomhaltóirí amú maidir le fíorchineál na dtáirgí arna ndeimhniú ag “LETIS S.A.”.

(8)

Ar gach ceann de na ceithre chúis a leagtar amach in aithrisí (4)-(7) thuas, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1) pointe (d)(ii), (iii), (v) agus (vii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún (4), ba cheart “LETIS S.A.” a tharraingt siar ón liosta údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(9)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).

(3)   IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)

san iontráil le haghaidh “Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.”, in ionad phointe 3 cuirtear an méid seo a leanas:

“3.

Na códuimhreacha, na tríú tíortha agus na catagóirí táirgí lena mbaineann:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

CO-BIO-104

An Cholóim

x

x

DO-BIO-104

An Phoblacht Dhoiminiceach

GT-BIO-104

Guatamala

MX-BIO-104

Meicsiceo

x

x

x

SV-BIO-104

An tSalvadóir

—”

(2)

scriostar an iontráil le haghaidh “EKO-CONTROL SK s.r.o.”;

(3)

scriostar an iontráil le haghaidh “LETIS S.A.”;


CINNTÍ

30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/20


CINNEADH (AE) 2023/187 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, san Fhochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta arna bhunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú sin a mhodhnú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

Le hAirteagal 65 den Chomhaontú, bunaíodh an Fochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (“an Fochoiste SPS”), lena mbreithnítear aon ábhar a bhaineann le Caibidil 4 (bearta Sláintíochta agus fíteashláintíochta) de Theideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú, lena n-áirítear a chur chun feidhme, agus tugtar de chumhacht dó Iarscríbhinn XI - B a ghabhann leis an gComhaontú a athbhreithniú agus a mhodhnú.

(3)

Tá an Fochoiste SPS le cinneadh a ghlacadh maidir le hIarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, ina bhfuil liosta comhfhogasaithe de chúrsaí sláintíochta agus fíteashláintíochta, leas ainmhithe agus bearta reachtacha eile de chuid an Aontais a bhfuil an tSeoirsia le comhfhogasú a dhéanamh de réir a chéile ar a bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, leas ainmhithe agus bearta reachtacha eile de bhun Airteagal 55(1) den Chomhaontú.

(4)

Chuir Fochoiste SPS bailchríoch ar an liosta comhfhogasú a leagtar amach in Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú trí bhíthin Chinneadh Uimh. 1/2017 ón bhFochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta idir an tAontas agus an tSeoirsia (2).

(5)

Ag seacht gcruinniú bliantúla an Fhochoiste SPS, chuir an tSeoirsia an Coimisiún ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le comhfhogasúa reachtaíocht go acquis an Aontais. Tá an tSeoirsia tar éis an Coimisiún a chur ar an eolas freisin faoi gníomhartha eile an Aontais ba cheart a bhaint as Iarscríbhinn XI-B ar an mbreithniú nach bhfuil na gníomhartha sin ábhartha don tSeoirsia ós rud é go bhfuil siad infheidhme maidir le Ballstáit an Aontais amháin.

(6)

Ó glacadh Cinneadh Uimh. 1/2017, rinne roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a aisghairm agus cuireadh gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais in ionad cuid de na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais, agus tá a n-éifeacht dhlíthiúil ídithe ag gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais.

(7)

Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú chun forás acquis an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn sin a léiriú agus chun í a ionadú.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh, atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh san Fhochoiste SPS maidir le hIarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais san Fhochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (“an Fochoiste SPS”) arna bhunú le hAirteagal 65 den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú, bunaithe ar dhréachtchinneadh an Fhochoiste SPS atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais aontú ar mhionathruithe teicniúla ar dhréachtchinnidh an Fhochoiste SPS a ghabhann leis an gCinneadh seo, nach gcuireann gnóthú chuspóir na modhnuithe sin d’Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú i mbaol den Chomhairle, gan aon chinneadh breise ón gComhairle.

Airteagal 2.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2017 ón bhFochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta idir an tAontas agus an tSeoirsia an 7 Márta 2017 lena modhnaítear Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais [2017/683] (IO L 98, 11.04.2017, lch. 22).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh …/2022 ÓN bhFOCHOISTE SLÁINTÍOCHTA AGUS FÍTEASHLÁINTÍOCHTA IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEOIRSIA

an …

lena modhnaítear Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais

AN FOCHOISTE SLÁINTÍOCHTA AGUS FÍTEASHLÁINTÍOCHTA IDIR AN tAONTAS AGUS AN tSEOIRSIA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 55 agus 65 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 55(1) den Chomhaontú, déanfaidh an tSeoirsia a bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, leasa ainmhithe agus bearta reachtacha eile an Aontais mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a chomhfhogasú de réir a chéile.

(3)

Le hAirteagal 65 den Chomhaontú, bunaíoadh an Fochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (‘an Fochoiste SPS’ lena mbreithnítear aon ábhar a bhaineann le Caibidil 4 (bearta Sláintíochta agus fíteashláintíochta) de Theideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú, lena n-áirítear a chur chun feidhme, agus tugtar de chumhacht dó Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a athbhreithniú agus a mhodhnú.

(4)

Ó glacadh Cinneadh Uimh. 1/2017 ón bhFochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia (2), rinneadh roinnt gníomhartha dlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a aisghairm agus cuireadh gníomhartha dlí nua de chuid an Aontais in ionad cuid de na gníomhartha dlí aisghairthe sin de chuid an Aontais, agus tá a n-éifeacht dhlíthiúil sin ídithe ag gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. Ina theannta sin, measann na Páirtithe sa Chomhaontú nach bhfuil líon teoranta gníomhartha dlí de chuid an Aontais ábhartha maidir leis an tSeoirsia ós rud é nach bhfuil siad infheidhme ach maidir le Ballstáit an Aontais.

(5)

Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú chun forás acquis an Aontais a liostaítear san Iarscríbhinn sin a léiriú agus chun í a ionadú. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ar lena linn a bheidh an tSeoirsia chun a reachtaíocht a chomhfhogasú le gníomhartha dlí nua an Aontais. Dá réir sin, ba cheart spriocdhátaí nua do chomhfhogasú reachtaíocht na Seoirsia do ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a shonrú ann.

(6)

Is iomchuí don Fhochoiste SPS cinneadh a dhéanamh Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú a mhodhnú chun an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur san áireamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a mhodhnú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus cuirtear in ionad iad.

Airteagal 2.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh in/sa …,

Chun an Fhochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta idir an tAontas agus an tSeoirsia

An Cathaoirleach

Rúnaithe


(1)   IO AE L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2017 ón bhFochoiste Sláintíochta agus Fíteashláintíochta idir an tAontas agus an tSeoirsia an 7 Márta 2017 lena modhnaítear Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais [2017/683] (IO AE L 98, 11.4.2017, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

MODHNÚ AR IARSCRÍBHINN XI-B A GHABHANN LEIS AN gCOMHAONTÚ COMHLACHAIS

Déantar leis seo Iarscríbhinn XI-B a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais a mhodhnú agus léifear mar a leanas í:

‘IARSCRÍBHINN XI-B

LIOSTA DE REACHTAÍOCHT AN AONTAIS ATÁ LE COMHFHOGASÚ AG AN TSEOIRSIA

I gcomhréir le hAirteagal 55(1) den Chomhaontú seo, déanfaidh an tSeoirsia a reachtaíocht a chomhfhogasú don reachtaíocht Aontais seo a leanas laistigh de na tréimhsí ama a liostaítear thíos.

 

Reachtaíocht an Aontais

Spriocdháta don chomhfhogasú

 

Roinn 1 - Tréidliacht

 

1.

Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le lipéadú mairteola agus táirgí mairteola agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle.

2015

2.

Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos na rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú

2016

3.

Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002.

2017

4.

Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin treoir sin.

2017

5.

Treoir 2003/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faireachán ar zónóisí agus ar oibreáin zónóiseacha, lena leasaítear Cinneadh 90/424/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/117/CEE ón gComhairle.

2017

6.

Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2018

7.

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le salmonella agus oibreáin zónóiseacha bhia-iompartha a rialú.

2019

8.

Rialachán (CE) Uimh. 1177/2006 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le húsáid modhanna rialaithe sonracha faoi chuimsiú na gclár náisiúnta um rialú de salmonella in éanlaith chlóis.

2019

9.

Treoir 2006/130/CE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2006 cur chun feidhme Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le critéir a bhunú chun táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe le haghaidh bia-ainmhithe a dhíolmhú ón gceanglas maidir le hoideas tréidliachta.

2019

10.

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas beatha ainmhithe.

2019

11.

Rialachán (CE) Uimh. 141/2007 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2007 maidir le ceanglas formheasa i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh bunaíochtaí gnóthais beatha a mhonaraíonn nó a chuireann breiseáin bheatha den chatagóir coicideastat agus histeamonastat ar an margadh.

2019

12.

Treoir 82/475/CEE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 1982 lena leagtar síos na catagóirí d’ábhair bheatha a fhéadfar a úsáid chun ábhair bheatha chumaisc a lipéadú do pheataí.

2020

13.

Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/373/CEE ón gComhairle, 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún.

2020

14.

Moladh 2011/25/AE ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 lena mbunaítear treoirlínte maidir le hidirdhealú idir ábhair bheatha, breiseáin bheatha, táirgí bithicídeacha agus táirgí íocshláinte tréidliachta.

2020

15.

Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha.

2020

16.

Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha.

2021

17.

Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe.

2021

18.

Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú.

2021

19.

Rialachán (CE) Uimh. 2015/1375 an 10 Lúnasa 2015 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla le haghaidh Trichinella i bhfeoil.

2021

20.

Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le cosaint ainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta.

2022

21.

Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun laonna a chosaint:

2022

22.

Treoir 2008/120/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun muca a chosaint.

2022

23.

Rialachán (CE) Uimh 1099/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 maidir le ainmhithe a chosaint tráth an mharaithe.

2022

24.

Treoir 2002/4/CE ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2002 maidir le clárú bunaíochtaí ina gcoimeádtar béaróga, a chumhdaítear le Treoir 1999/74/CE ón gComhairle.

2022

25.

Treoir 2007/43/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun sicíní a choimeádtar chun críocha tairgeadh feola a chosaint.

2022

26.

Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir an Chomhphobail le haghaidh poist rialúcháin agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE.

2022

27.

Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoir 64/432/CE agus Treoir 93/119/AE agus Rialachán (CE) Uimh 1255/97.

2022

28.

Treoir 1999/74/CE ón gComhairle an 19 Iúil 1999 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun béaróga a chosaint.

2023

29.

Rialachán (AE) Uimh. 101/2013 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2013 maidir le húsáid aigéid lachtaigh chun éilliú dromchla micribhitheolaíoch ar bhó-chonablaigh a laghdú.

2023

30.

Rialachán (AE) 2019/4 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le beatha íocleasaithe a mhonarú, a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/167/CEE ón gComhairle.

2023

31.

Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe.

2023

32.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/160 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena leagtar síos íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla áirithe lena bhfíoraítear go bhfuil ceanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe á gcomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006.

2023

33.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach.

2024

34.

Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE.

2024

35.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/671 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ar ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus geirmeacha, gníomhaíocht leantach le déanamh ag an údarás inniúil i gcás neamhchomhlíonta na rialacha sainaitheanta agus clárúcháin le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair nó i gcás neamhchomhlíonta bó-ainmhithe áirithe le linn a bheith ar idirthuras tríd an Aontas, agus lena n-aisghairtear Rialachán ón gCoimisiún (CE) Uimh. 494/98.

2024

36.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le rialacha chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú.

2025

37.

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’).

2025

38.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, chun coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a chur isteach san Aontas agus maidir le gluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir le deimhnithe den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE.

2025

39.

Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/2035 an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha do bhunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir.

2026

40.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin.

2026

41.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha faireachais, clár díothaithe, agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe liostaithe agus do ghalair atá ag teacht chun cinn.

2026

42

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2027

43

Treoir 90/428/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le trádáil in eachainmhithe atá beartaithe le haghaidh comórtais agus ag leagan síos na gcoinníollacha le haghaidh rannpháirtíochta ann.

2027

44.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2236 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe uisceacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha a bheith ag teacht isteach san Aontas agus ag gluaiseacht laistigh den Aontas, a mhéid a bhaineann le deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008.

2027

45.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/262 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2015 lena leagtar síos rialacha de bhun Threoir 90/427/CEE agus Threoir 2009/156/CE maidir leis na modhanna chun eachainmhithe a shainaithint.

2027

46.

Rialachán (AE) 2020/354 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena mbunaítear liosta d'úsáidí beatha atá beartaithe chun críocha cothaitheacha áirithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/38/CE.

2028

47.

Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”)

2028

 

Roinn 2 – Sábháilteacht bia

 

48.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia.

2015

49.

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhair.

2015

50.

Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch.

2015

51.

Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh bia-ábhair.

2015

52.

Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2005 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme maidir le táirgí áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú faoi Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de mhaolú ar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 853/2004 agus (CE) Uimh. 854/2004.

2015

53.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 931/2011 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2011 maidir le gceanglais inrianaitheachta a leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le bia de de bhunadh ainmhíoch.

2015

54.

Cinneadh 97/747/CE ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 1997 lena socraítear leibhéil agus minicíochtaí na samplála dá bhforáiltear i dTreoir 96/23/CE ón gComhairle chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair i dtáirgí áirithe ainmhithe.

2015

55.

Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE.

2015

56.

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia.

2015

57.

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena leagtar amach uasleibhéil le haghaidh éilleán áirithe i bhia-ábhair.

2015

58.

Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle.

2016

59.

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún.

2016

60.

Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna.

2016

61.

Rialachán (AE) Uimh. 1047/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le liosta na maímh cothaithe.

2016

62.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/63 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2013 lena nglactar treoirlínte maidir le cur chun feidhme coinníollacha sonracha le haghaidh maímh sláinte a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2016

63.

Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia.

2016

64.

Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur i mbianna.

2016

65.

Rialachán (CE) Uimh. 1170/2009 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na liostaí de vitimíní agus de mhianraí agus a bhfoirmeacha is féidir a chur le bianna, lena n-áirítear forlíontaí bia.

2016

66.

Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch.

2016

67.

Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2006 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar na leibhéil míceatocsainí i mbia-ábhair.

2016

68.

Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún 28 Márta 2007 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil riandúile agus éilleán próiseála in earraí bia.

2016

69.

Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le tásca nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann bia-ábhar.

2017

70.

Cinneadh 92/608/CEE ón gComhairle an 14 Samhain 1992 lena leagtar síos modhanna chun anailís agus tástáil a dhéanamh ar bhainne teaschóireáilte lena chaitheamh ag an duine.

2017

71

Rialachán (CE) Uimh. 645/2000 ón gCoimisiún an 28 Márta 2000 lena leagtar amach na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme is gá maidir le feidhmiú cuí forálacha áirithe d'Airteagal 7 de Threoir 86/362/CEE ón gComhairle agus d'Airteagal 4 de Threoir 90/642/CEE ón gComhairle maidir leis na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i ngránaigh agus i dtáirgí de bhunadh plandaí agus orthu, lena n - áirítear torthaí agus glasraí, faoi seach.

2017

72.

Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) Uimh. 307/2012 an 11 Aibreán 2012 lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia.

2017

73.

Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún.

2017

74.

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 98/109/CEE.

2018

75.

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus le lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus maidir le hinrianaitheacht táirgí bia agus táirgí beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE.

2018

76.

Moladh 2004/787/CE ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2004 maidir le treoir theicniúil chun orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus ábhar a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe a shampláil agus a bhrath mar tháirgí nó i dtáirgí i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003.

2018

77.

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus le beatha ghéinmhodhnaithe

2018

78.

Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí na mbreiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2019

79.

Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

2019

80.

Moladh 97/618/CE ón gCoimisiún an 29 Iúil 1997 maidir leis na gnéithe eolaíocha agus cur i láthair na faisnéise is gá chun tacú le hiarratais ar bhianna núíosacha agus ar chomhábhair núíosacha bia a chur ar an margadh agus chun tuarascálacha measúnaithe tosaigh a ullmhú faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2019

81.

Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta d’ábhair agus d’earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia.

2019

82.

Rialachán (CE) Uimh. 641/2004 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2004 maidir le rialacha mionsonraithe i ndáil le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a mhéid a bhaineann leis an iarratas ar údarú bia ghéinmhodhnaithe nua agus beatha ghéinmhodhnaithe nua, le fógra a thabhairt i leith táirgí atá ann cheana agus le hábhar géinmhodhnaithe a bheith ann go hóg nó go teicniúil, ar ábhar é a chuaigh chun tairbhe do mheastóireacht fhabhrach riosca.

2019

83.

Moladh 2013/165 ón gCoimisiún an 27 Márta 2013 maidir le tocsain T-2 agus HT-2 a bheith i láthair i ngránaigh agus i dtáirgí gránach.

2019

84.

Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97.

2020

85.

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE.

2020

86.

Rialachán (AE) Uimh. 873/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta idirthréimhseacha a bhaineann le liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

2020

87.

Treoir 78/142/CEE ón gComhairle an 30 Eanáir 1978 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hábhair agus le hearraí ina bhfuil monaiméir de chlóiríd vinile agus atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia-ábhair.

2020

88.

Treoir 92/2/CEE ón gCoimisiún an 13 Eanáir 1992 lena leagtar síos an nós imeachta samplála agus modh anailíse an Chomhphobail chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar theochtaí bianna mear-reoite atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.

2020

89.

Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia-ábhar mear-reoite mar bhia don duine.

2020

90.

Rialachán (CE) Uimh. 37/2005 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2005 maidir le monatóireacht a dhéanamh ar theochtaí i modhanna iompair, trádstórála agus stórála bia-ábhair mear-reoite a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine.

2020

91.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún.

2021

92.

Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna.

2021

93.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe atá le húsáid mar tháirgí den sórt sin i mbianna nó ar bhianna agus/nó chun blastáin deataigh díorthaithe a tháirgeadh.

2021

94.

Treoir 93/11/CEE ón gCoimisiún an 15 Márta 1993 maidir le scaoileadh N-nítreasaimíní agus substaintí N-In-nítreasáithithe as siní leaistiméire nó rubaire agus gobáin.

2021

95.

Rialachán (CE) Uimh. 1895/2005 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2005 maidir le srian ar úsáid díorthach áirithe eapocsa in ábhair agus earraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia.

2021

96

Rialachán (CE) Uimh. 1882/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse maidir le leibhéil níotráití i mbia-ábhar áirithe a rialú go hoifigiúil.

2021

97.

Cinneadh 86/474/CEE ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 1986 maidir le cur chun feidhme na n-iniúchtaí ar an láthair atá le déanamh i ndáil le bó-ainmhithe agus muca agus feoil úr a allmhairiú ó thíortha nach Ballstáit iad.

2022

98.

Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forlíontaí bia.

2022

99.

Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe teacht i dteagmháil le bia.

2022

100.

Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú.

2022

101.

Treoir 2003/40/CE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2003 lena mbunaítear liosta, teorainneacha tiúchana agus ceanglais lipéadaithe maidir le comhábhair uiscí mianraí nádúrtha agus na coinníollacha maidir le haer saibhrithe ózóin a úsáid chun cóireáil a dhéanamh ar uiscí mianraí nádúrtha agus ar fíoruiscí.

2022

102.

Treoir 2009/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le húsáid imshrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe.

2022

103.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1337/2013 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tír thionscnaimh nó bunáitíocht feola úire, fuaraithe agus reoite muc, caorach, gabhar agus éanlaithe clóis a shonrú.

2022

104.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/300 an 19 Feabhra 2019 ón gCoimisiún lena leagtar síos plean ginearálta le haghaidh bainistiú géarchéimeanna i réimse na sábháilteachta bia agus beatha.

2022

105.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2019 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe a theacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 669/2009, (AE) Uimh. 884/2014, (AE) 2015/175, (AE) 2017/186 agus (AE) 2018/1660 ón gCoimisiún.

2022

106.

Rialachán (AE) Uimh. 115/2010 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2010 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le húsáid alúmana gníomhachtaithe chun fluairíd a bhaint as uiscí mianraí nádúrtha agus as uiscí fíoruisce.

2023

107.

Cinneadh 2000/608/CE ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2000 maidir leis na nótaí treorach i ndáil le measúnú riosca a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn III de Threoir 90/219/CEE maidir le húsáid shrianta miocrorgánach géinmhodhnaithe.

2023

108.

Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE.

2023

109.

Treoir 82/711/CEE ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 1982 lena leagtar síos na bunrialacha is gá chun imirce na gcomhábhar ábhar agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia a thástáil.

2023

110.

Treoir 84/500/CEE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1984 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí ceirmeacha a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le hearraí bia.

2023

111.

Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 1996 maidir le bianna atá ceaptha lena n-úsáid i réimeanna bia atá srianta ó thaobh fuinnimh de chun meáchan a laghdú.

2023

112.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) an 22 Márta 2021 ón gCoimisiún maidir le modhanna anailíse a fheidhmiú i leith iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a úsáidtear i mbia-ainmhithe, agus maidir le torthaí a léirmhíniú agus, ina theannta sin, maidir leis na modhanna atá le húsáid le haghaidh samplála agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/657/CE agus Cinneadh 98/179/CE.

2023

113.

Rialachán (AE) Uimh. 210/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2013 maidir le formheas ar bhunaíochtaí a tháirgeann eascróga de bhun Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2024

114.

Rialachán (AE) Uimh. 579/2014 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2014 lena ndeonaítear maolú ar fhorálacha áirithe d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiompar olaí agus saillte leachtacha ar muir.

2024

115.

Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 lena mbunaítear liosta de mhaímh shláinte atá ceadaithe a dhéantar maidir le bianna, seachas na bianna a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus d'fhorbairt agus do shláinte leanaí.

2024

116.

Treoir 85/572/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1985 lena leagtar síos liosta na n-ionsamhlaitheoirí atá le húsáid chun imirce a thástáil i gcás comhpháirteanna d'ábhair phlaisteacha agus earraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia-ábhair.

2024

117.

Rialachán (CE) Uimh. 124/2009 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2009 lena socraítear uasleibhéil na gcoicideastat agus na histeamonastat i mbia a eascraíonn as tuliompar dosheachanta na substaintí sin i mbeatha nach spriocbheatha í.

2024

118.

Treoir 2007/42/CE ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2007 maidir le hábhair agus earraí déanta de scannán ceallalóis athghinte a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia-ábhair.

2024

119.

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla)

2024

120.

Moladh 2013/711/AE ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2013 maidir le láithreacht dé-ocsainí, fúrán agus PCBanna i mbeatha agus i mbia a laghdú.

2025

121.

Moladh 2006/794/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil chúlra dé-ocsainí, PCBanna atá cosúil le dé-ocsain agus PCBanna neamh-dhé-ocsainiúla i mbia-ábhair.

2025

122.

Rialachán (AE) 2017/644 an 5 Aibreán 2017 ón gCoimisiún lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil dé-ocsainí, PCBanna atá cosúil le dé-ocsain agus PCBanna neamh-dhé-ocsainiúla i mbia-ábhair áirithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 589/2014.

2025

123.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 503/2013 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2013 maidir le hiarratais ar údarú bia ghéinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 641/2004 agus (CE) Uimh. 1981/2006 ón gCoimisiún.

2025

124.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán IMSOC).

2025

125.

Moladh 2003/598/CE ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2003 maidir le truailliú patúil i sú úll agus i gcomhábhair sú úll i ndeochanna eile a chosc agus a laghdú.

2026

126.

Treoir 1999/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia agus comhábhair bia a chóireáiltear le radaíocht ianaíoch.

2026

127.

Treoir 1999/3/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 maidir le liosta Comhphobail de bhianna agus de chomhábhair bhia a ndéileáiltear leo le radaíocht ianaíoch a bhunú.

2026

128.

Rialachán (AE) Uimh. 907/2013 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2013 lena leagtar síos na rialacha i gcomhair iarratas a bhaineann le húsáid tuairisceoirí cineálacha (ainmníochtaí).

2026

129.

Treoir 2009/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le tuaslagóirí eastósctha a úsáidtear i dtáirgeadh bia-ábhar agus comhábhar bia.

2026

130.

Rialachán (CE) Uimh. 450/2009 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2009 maidir le hábhair agus earraí gníomhacha agus cliste a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia.

2026

131.

Rialachán (AE) Uimh. 284/2011 ón gCoimisiún an 22 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha speisialta agus nósanna imeachta mionsonraithe chun earraí cistine plaisteacha polaimíde agus mealaimín ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nó Sainréigiún Riaracháin Hong Cong iad nó a chuirtear chun bealaigh iad ón tSín nó ó Hong Cong, a allmhairiú.

2026

132.

Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 ón gCoimisiún an 27 Márta 2008 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006.

2026

133

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 321/2011 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2011 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le srian le húsáid Bisfeanól A i mbuidéil phlaisteacha beathaithe naíonán.

2026

 

Roinn 3 – Cosaint plandaí

 

134.

Moladh 2014/63/AE ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2014 maidir le bearta chun rialú a dhéanamh ar Diabrotica virgifera virgifera Le Conte, i limistéir de chuid an Aontais ina ndearbhaítear go bhfuil sé ann.

2015

135.

Treoir 2004/105/CE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2004 lena gcinntear samhlacha de dheimhnithe fíteashláintíochta oifigiúla nó deimhnithe fíteashláintíochta oifigiúla chun plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ó thríú tíortha atá á dtionlacan a ath-onnmhairiú agus a liostaítear i dTreoir 2000/29/CE ón gComhairle.

2015

136.

Treoir 92/90/CEE ón gCoimisiún an 3 Samhain 1992 lena mbunaítear oibleagáidí a bhfuil táirgeoirí agus allmhaireoirí plandaí, táirgí plandaí nó réad eile faoina réir agus lena mbunaítear sonraí maidir lena gclárú.

2016

137.

Rialachán (CE) Uimh. 1756/2004 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2004 lena sonraítear na coinníollacha mionsonraithe maidir leis an bhfianaise a cheanglaítear agus na critéir maidir le cineál agus leibhéal na seiceálacha sláinte plandaí ar phlandaí áirithe, ar tháirgí plandaí áirithe nó ar réada áirithe eile atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/29/CE ón gComhairle.

2018

138.

Treoir 92/70/CEE ón gCoimisiún an 30 Iúil 1992 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh suirbhéanna atá le déanamh chun críocha criosanna faoi chosaint a aithint sa Chomhphobal.

2018

139.

Treoir 93/51/CEE ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 1993 lena mbunaítear rialacha maidir le gluaiseachtaí plandaí, táirgí plandaí nó réad eile áirithe trí chrios cosanta agus maidir le gluaiseachtaí plandaí, táirgí plandaí nó réad eile den sórt sin de thionscnamh crios cosanta den sórt sin agus a ghluaiseann laistigh de chrios cosanta den sórt sin.

2018

140.

Treoir 68/193/CEE ón gComhairle an 9 Aibreán 1968 maidir le margú ábhair le haghaidh iomadú fásúil na fíniúna.

2018

141.

Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhair iomadaithe agus plandaithe glasraí ornáideacha, seachas síolta, a mhargú.

2018

142.

Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh.

2018

143.

Treoir 2002/63/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2002 lena mbunaítear modhanna samplála Comhphobail chun iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh plandaí agus ainmhíoch, nó orthu, a rialú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Rialachán 79/700/CEE.

2018

144.

Treoir 66/401/LEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síolta plandaí farae a mhargú.

2019

145.

Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síolta gránach a mhargú.

2019

146.

Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus gléasraí torthaí atá ceaptha le haghaidh táirgeadh torthaí.

2019

147.

Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le hábhar iomadaithe plandaí ornáideacha a mhargú.

2019

148.

Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta biatais a mhargú.

2019

149.

Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta glasraí a mhargú.

2019

150.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/138/AE ón gCoimisiún an 1 Márta 2012 maidir le bearta éigeandála chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus ar leathadh Anoplophora chinensis (Forster) laistigh den Aontas.

2020

151

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/270/AE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 maidir le bearta éigeandála chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus ar leathadh Epitrix cucumeris (Harris), Epitrix papa (Gentner), Epitrix subcrinita (Lec.) agus Epitrix tuberis (Gentner) laistigh den Aontas.

2020

152.

Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú.

2020

153.

Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú.

2020

154.

Cinneadh 81/675/CEE ón gCoimisiún an 28 Iúil 1981 lena mbunaítear gur 'córais neamh-in-athúsáidte' iad córais séalaithe áirithe de réir bhrí Threoracha 66/400/CEE, 66/401/CEE, 66/402/CEE, 69/208/CEE agus 70/458/CEE ón gComhairle.

2020

155.

Rialachán (CE) Uimh. 217/2006 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2006 lena leagtar síos rialacha do chur i bhfeidhm Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE maidir le húdarú na mBallstát chun margaíocht síolta a cheadú go sealadach, ar síol é nach gcomhlíonann na ceanglais maidir leis an ngéinmhodhnú íosta.

2020

156.

Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh.

2020

157.

Rialachán (AE) Uimh. 547/2011 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais lipéadaithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí.

2020

158.

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhunú.

2020

159.

Rialachán (AE) Uimh. 546/2011 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí.

2021

160.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/535/AE ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 maidir le bearta éigeandála chun leathadh Bursaphelenchus xylophilus ( Steiner et Buhrer) Nickle et al. (an néimeatóid adhmaid péine) laistigh den Aontas a chosc.

2022

161.

Cinneadh 80/755/CEE ón gCoimisiún an 17 lúil 1980 ag údarú faisnéis ordaithe a chlóbhualadh go doscriosta ar phacáistí de shíol gránaigh.

2022

162.

Treoir 2004/29/CE ón gCoimisiún an 4 Márta 2004 maidir leis na saintréithe agus na coinníollacha íosta a chinneadh i ndáil le hiniúchadh a dhéanamh ar chineálacha fíniúna.

2022

163.

Treoir 93/61/CEE ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar amach na sceidil ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síolta de bhun Threoir 92/33/CEE ón gComhairle.

2022

164.

Treoir 93/62/CEE ón gComhairle an 5 Iúil 1993 lena leagtar amach na bearta cur chun feidhme maidir le maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar sholáthróirí agus ar bhunaíochtaí de bhun Threoir 92/33/CEE ón gComhairle maidir le margú ábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol.

2022

165.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta na substaintí gníomhacha formheasta.

2022

166.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 541/2011 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2011 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta.

2022

167.

Cinneadh 2004/371/CE ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2004 maidir le coinníollacha chun meascáin síolta atá beartaithe lena n-úsáid mar phlandaí farae a chur ar an margadh.

2023

168.

Treoir 2008/124/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena dteorannaítear margú síolta de speicis áirithe plandaí farae agus plandaí ola agus plandaí snáithíneacha chuig síol a bhfuil sé deimhnithe go hoifigiúil gur ‘síol bunaidh’ é nó gur ‘síol deimhnithe’ é.

2023

169.

Treoir 2010/60/AE ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2010 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe ar mhargú meascán síolta plandaí farae atá beartaithe lena n-úsáid i gcaomhnú na timpeallachta nádúrtha.

2023

170.

Treoir Cur Chun Feidhme 2014/97/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle maidir le clárú soláthraithe agus cineálacha agus an liosta coiteann cineálacha.

2023

171.

Treoir 93/49/CEE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 1993 lena leagtar amach an sceideal ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha agus plandaí ornáideacha de bhun Threoir 91/682/CEE ón gComhairle.

2023

172.

Treoir 1999/66/CE ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar amach ceanglais maidir leis an lipéad nó leis an doiciméad eile arna ndéanamh ag an soláthróir de bhun Threoir 98/56/CE ón gComhairle.

2023

173.

Treoir 1999/68/CE ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar amach forálacha breise maidir le liostaí de chineálacha plandaí ornáideacha arna gcoinneáil ag soláthróirí faoi Threoir 98/56/CE ón gComhairle.

2023

174.

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle.

2023

175.

Rialachán (CE) Uimh. 2301/2002 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Threoir 1999/105/CE ón gComhairle maidir le cainníochtaí beaga síl a shainmhíniú.

2024

176.

Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta.

2024

177.

Tá Cinneadh 2004/842/CE ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2004 maidir le rialacha cur chun feidhme lena bhféadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt síol a chur ar an margadh de chineál a ndearnadh iarratas ar é a chur isteach i gcatalóg náisiúnta na gcineálacha speiceas plandaí nó speiceas glasraí curtha isteach.

2024

178.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/384 ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 maidir le hoiriúnacht na n-ainmníochtaí cineálacha de speicis plandaí talmhaíochta nó speicis glasraí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2009.

2024

179.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 208/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2013 maidir le ceanglais inrianaitheachta le haghaidh eascróg agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh.

2024

180.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún.

2025

181.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/697/AE ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 maidir le bearta chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus ar leathadh an ghéinis Pomacea (Perry) laistigh den Aontas.

2025

182.

Treoir 93/50/CEE ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 1993 lena sonraítear plandaí áirithe nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn V, cuid A a ghabhann le Treoir 77/93/CEE ón gComhairle, a ndéantar a dtáirgeoirí, nó na stórais, lárionaid seolta i gcriosanna táirgthe na bplandaí sin, a liostú i gclár oifigiúil.

2025

183.

Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis glasraí.

2025

184.

Treoir Cur Chun Feidhme 2014/20/AE ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2014 lena gcinntear gráid Aontais de phrátaí síl bunaidh agus de phrátaí síl deimhnithe, agus na coinníollacha agus na hainmnithe is infheidhme maidir leis na gráid sin.

2025

185.

Treoir Cur Chun Feidhme 2014/21/AE ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2014 lena gcinntítear íoschoinníollacha agus gráid an Aontais maidir le prátaí síl réamh-bhunaidh.

2025

186.

Cinneadh 97/125/CE ón gCoimisiún an 24 Eanáir 1997 lena n-údaraítear faisnéis fhorordaithe a phriontáil go doscriosta ar phacáistí de shíol plandaí ola agus snáithíneacha agus lena leasaítear Cinneadh 87/309/CEE lena n-údaraítear faisnéis fhorordaithe a phriontáil go doscriosta ar phacáistí de speicis áirithe plandaí farae.

2025

187.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1770 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2020 maidir le cineálacha agus speicis plandaí le haghaidh plandú nach bhfuil díolmhaithe ón gceanglas maidir le cód inrianaitheachta do phasanna plandaí faoi Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 92/105/CEE ón gCoimisiún.

2025

188.

Cinneadh 2004/266/CE ón gCoimisiún an 17 Márta 2004 lena n-údaraítear faisnéis ordaithe a phriontáil go doscriosta ar phacáistí de shíol plandaí farae.

2026

189.

Treoir 2008/62/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe chun glacadh le pórtha dúchasacha agus cineálacha talmhaíochta atá curtha in oiriúint do na coinníollacha áitiúla agus réigiúnacha atá faoi bhagairt ag an gcreimeadh géiniteach agus chun síolta agus prátaí síl ó na pórtha dúchasacha agus na cineálacha sin a mhargú.

2026

190.

Treoir 2009/145/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2009 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe, maidir le glacadh phórtha dúchasacha agus cineálacha glasraí a shaothraítear go traidisiúnta in áiteanna agus i réigiúin sonracha agus atá faoi bhagairt ag an gcreimeadh géiniteach agus maidir le glacadh cineálacha glasraí nach bhfuil aon luach intreach acu ó thaobh táirgeadh na mbarr tráchtála de ach a forbraíodh lena saothrú faoi choinníollacha ar leith, agus maidir le margú shíolta na bpórtha dúchasacha agus na gcineálacha sin.

2026

191.

Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail do chineálacha plandaí.

2026

192.

Rialachán (CE) Uimh. 1768/95 ón gCoimisiún an 24 Iúil 1995 lena gcuirtear chun feidhme rialacha maidir leis an díolúine talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 14 (3) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 maidir le cearta Comhphobail do chineálacha plandaí.

2026

193.

Rialachán (CE) Uimh. 874/2009 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le himeachtaí os comhair na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí.

2026

194.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2020 maidir le bearta chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus ar leathadh Xylella fastidiosa laistigh den Aontas.

2026

195.

Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle

2027

196.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le haghaidh na gcásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag pointí rialaithe agus na gcoinníollacha faoina bhféadfar sin na seiceálacha sin a dhéanamh agus ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann agus na gcoinníollacha faoina bhféadfar sin na seiceálacha sin a dhéanamh.

2027

197.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1014 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le híoscheanglais do phointí trasnaithe teorann, lena n-áirítear lárionaid iniúchta, agus maidir leis an bhformáid, na catagóirí agus na giorrúcháin le húsáid chun pointí trasnaithe teorann agus pointí rialaithe a liostú.

2027

198.

Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha i ndáil le géinis agus speicis plandaí torthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leo, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le iniúchtaí oifigiúla.

2027

199.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/829 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena n-údaraítear na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe sealadacha i bhfianaise tástála oifigiúla, críocha eolaíochta nó oideachais, trialacha, roghnúcháin chineáil, nó pórú.

2027

200.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2285 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú lotnaidí, toirmeasc agus ceanglas chun plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas agus a aistriú laistigh de agus lena n-aisghairtear Cinntí 98/109/CE agus 2002/757/CE agus Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/885 agus (AE) 2020/1292.

2027


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/41


CINNEADH (AE) 2023/188 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Günther PLATTER a cheapadh.

(4)

Mhol rialtas na hOstaire Anton MATTLE ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus sainordú toghchánach aige in údarás réigiúnach, Landeshauptmann von Tirol, (Gobharnóir ar Thioról), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Anton MATTLE, ionadaí de chomhlacht réigiúnach a bhfuil aige sainordú toghchánach Landeshauptmann von Tirol (Gobharnóir ar Thioról), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/42


CINNEADH (AE) 2023/189 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Eanáir 2023

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag an Rómáin, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Rómáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Nicolae PANDEA éirí as oifig.

(4)

Mhol Rialtas na hOstaire Valentin-Dumitru-Ioan IVAN, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Primar, Comuna Sadu, Județul Sibiu (Méara Bhardas Sadu, Contae Sibiu), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Valentin-Dumitru-Ioan IVAN, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach, Primar, Comuna Sadu, Județul Sibiu (Méara Bhardas Sadu, Contae Sibiu), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/43


CINNEADH (CBES) 2023/190 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2023

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2478 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear i bpointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2478. De bhun an dara mír d’Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2022/2478, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle.

(3)

Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 1 Feabhra 2023 i leith na n-eintiteas uile dá dtagraítear i bpointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2478,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 1 Feabhra 2023 i leith na n-eintiteas uile dá dtagraítear i bpointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/2478.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/2478 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 322I, 16.12.2022, lch. 614).


30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/44


CINNEADH (CBES) 2023/191 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2023

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

I Rún ES-11/1 uaidh, a glacadh an 2 Márta 2022, chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in iúl gur saoth leis go tréan an fogha arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin de shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe. I Rún ES-11/4uaidh, a glacadh an 12 Deireadh Fómhair 2022, cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, á thabhairt dá aire dó an ráiteas ó Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe an 29 Meán Fómhair 2022 inar meabhraíodh dó gur sárú ar Phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta é aon ionghabháil a dhéanann Stát ar chríoch Stáit eile mar thoradh ar fhorneart a bhagairt nó a úsáid, Cónaidhm na Rúise as reifrinn, mar a ghairtear dóibh, neamhdhleathacha a eagrú i réigiúin laistigh de theorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta agus as an iarracht ar ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia na hÚcráine, tar éis na reifrinn sin, mar a ghairtear dóibh, a eagrú. Ina hordú ceangailteach an 16 Márta 2022 lena léirítear bearta sealadacha, d’ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta do Chónaidhm na Rúise na hoibríochtaí míleata a thosaigh sí ar chríoch na hÚcráine a chur ar fionraí láithreach.

(3)

A fhad agus a leantar de shárú a dhéanamh ar an toirmeasc ar úsáid fornirt, ar riail dhomhaolaithe den dlí idirnáisiúnta é, trí ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

“1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Iúil 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).