ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
66 |
Clár |
|
III Gníomhartha eile |
Leathanach |
|
|
AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
GA |
III Gníomhartha eile
AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/1 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 247/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/70]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne Údarás Faireachais CSTE, lena Chinneadh Uimh. 001/19/COL an 16 Eanáir 2019 (1), na ráthaíochtaí speisialta a leathnú a bhaineann le Salmonella spp. , rathaíochtaí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chuig feoil agus uibheacha éanlaithe clóis (Gallus gallus), agus chuig feoil a dhíorthaítear ó thurcaithe atá beartaithe don Íoslainn. |
(2) |
Dá réir sin, is iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a thabhairt cothrom le dáta chun stádas na hÍoslainne a léiriú a mhéid a bhaineann le feoil agus uibheacha éanlaithe clóis (Gallus gallus), agus maidir le feoil a dhíorthaítear ó thurcaithe. |
(3) |
Staid na sábháilteachta bia san Íoslainn a mhéid a bhaineann le Salmonella spp. in ainmhithe de chineál buaibheach nó mucúil, tá an staid sin coibhéiseach i gcás na n-éanlaithe clóis. Dá réir sin, is iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a thabhairt cothrom le dáta chun stádas na hÍoslainne a léiriú a mhéid a bhaineann le feoil ó ainmhithe de chineál buaibheach nó mucúil. |
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
I bpointe 17 (Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) i gCuid 6.1:
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs oiriúnaithe i bPointe 51 (Rialachán (CE) Uimh. 1688/2005 ón gCoimisiún) i gCuid 6.2: ‘Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le coinsíneachtaí atá beartaithe don Iorua agus don Íoslainn.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 95, 4.4.2019, lch. 13 agus Forlíonadh LEE Uimh. 26, 4.4.2019, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/3 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 248/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/71]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2019/759 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta idirthréimhseacha maidir le cur i bhfeidhm ceanglas sláinte poiblí maidir le hallmhairí bia ina bhfuil táirgí de thionscnamh plandaí agus táirgí próiseáilte de thionscnamh ainmhíoch araon (táirgí ilchodacha) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 17b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/307 ón gCoimisiún) i gCuid 6.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘17c. |
32019 R 0759: Rialachán (AE) 2019/759 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta idirthréimhseacha maidir le cur i bhfeidhm ceanglas sláinte poiblí maidir le hallmhairí bia ina bhfuil táirgí de thionscnamh plandaí agus táirgí próiseáilte de thionscnamh ainmhíoch araon (táirgí ilchodacha) (IO L 125, 14.5.2019, lch. 11).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/759 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 125, 14.5.2019, lch. 11.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/5 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 249/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/72]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1084 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le comhchuibhiú an liosta de bhunaíochtaí, gléasraí agus oibreoirí formheasta nó cláraithe agus inrianaitheacht seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 9c (Rialachán (AE) 142/2011 ón gCoimisiún) i gCuid 7.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 1084: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1084 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2019 (IO L 171, 26.6.2019, lch. 100).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1084 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 171, 26.6.2019, lch. 100.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/7 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 250/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/73]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/764 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le hullmhóid Lactobacillus hilgardii CNCM I-4785 agus Lactobacillus buchneri CNCM I-4323/NCIMB 40788 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2019 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú na foirme orgánaí de sheiléiniam arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae CNCM I-3060 agus maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú seiléinimeitiainín arna tháirgeadh ag Saccharomyces cerevisiae NCYC R397 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1750/2006 agus (CE) Uimh. 634/2007 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/805 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2019 maidir le hullmhóid múraimíodáise arna táirgeadh ag Trichoderma reesei DSM 32338 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe DSM Nutritional Products Ltd, arna ionadú san Aontas ag DSM Nutritional Products Sp. Z o.o) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/804 aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1750/2006 (4) agus (CE) Uimh. 634/2007ón gCoimisiún (5), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(5) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 297 (Rialachán Cur Chun Feidhme 2019/914 ón gCoimisiún):
|
2. |
Scriostar téacsanna phointí 1zzzt (Rialachán (CE) Uimh. 634/2007 ón gCoimisiún) agus 1zzze (Rialachán (CE) Uimh. 1750/2006 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/764, (AE) 2019/804 agus (AE) 2019/805 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 126, 15.5.2019, lch. 1.
(2) IO L 132, 20.5.2019, lch. 28.
(3) IO L 132, 20.5.2019, lch. 33.
(4) IO L 330, 28.11.2006, lch. 9.
(5) IO L 146, 8.6.2007, lch. 14.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/9 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 251/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/74]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1125 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2019 maidir le crágach since de shulfáit meitiainín a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 300 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/805 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘301. |
32019 R 1125: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1125 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2019 maidir le crágach since de shulfáit meitiainín a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 177, 2.7.2019, lch. 77).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1125 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 177, 2.7.2019, lch. 77.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/11 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 252/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/75]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KCCM 11201P a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1290 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/338 a mhéid a bhaineann le híoschion ullmhóide 6-fíotáis, arna tairgeadh ag Aspergillus niger (DSM 25770) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróg (sealbhóir an údaraithe BASF SE) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 252 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/338 ón gCoimisiún):
|
2. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 301 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1125 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1289 agus (AE) 2019/1290 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 203, 1.8.2019, lch. 2.
(2) IO L 203, 1.8.2019, lch. 6.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/13 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 253/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/76]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Treoir (AE) 2019/1258 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2019 lena leasaítear, chun críoch a hoiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 80/181/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe ar bhonnaonaid SI (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 24 (Treoir 80/181/CEE ón gComhairle) de Chaibidil IX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 1258: Treoir (AE) 2019/1258 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2019 (IO L 196, 24.7.2019, lch. 6).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2019/1258 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha. (*1)
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 196, 24.7.2019, lch. 6.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/14 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 254/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/77]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2019/649 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tras-saill, seachas tras-saill atá ann go nádúrtha i saill de bhunadh ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzzu (Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 0649: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/649 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2019 (IO L 110, 25.4.2019, lch. 17).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/649 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 110, 25.4.2019, lch. 17.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/16 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 255/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/78]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1854 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2018 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Better Biomass’ maidir le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 6az (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/142 ón gCoimisiún) de Chaibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘6aza. |
32018 R 1854: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1854 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2018 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Better Biomass’ maidir le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (IO L 302, 28.11.2018, lch. 73).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1854 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 302, 28.11.2018, lch. 73.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/18 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 256/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/79]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2019 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Roundtable on Sustainable Palm Oil RED’ maidir le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoir 98/70/CE agus faoi Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 6aza (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1854 ón gCoimisiún) de Chaibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘6azb. |
32019 R 1175: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2019 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Roundtable on Sustainable Palm Oil RED’ maidir le comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta faoi Threoracha 98/70/CE agus 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú (IO L 184, 10.7.2019, lch. 21).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1175 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 184, 10.7.2019, lch. 21.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/20 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 257/2019
rinneadh é a tharraingt siar agus dá bhrí sin, fágadh bán é.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/21 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 258/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/81]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1285 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2019 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse a ríomh le haghaidh tuarascála le dátaí tagartha ón 30 Meitheamh 2019 go dtí an 29 Meán Fómhair 2019 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1zh (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/699 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘1zi. |
32019 R 1285: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1285 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2019 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse a ríomh le haghaidh tuarascála le dátaí tagartha ón 30 Meitheamh 2019 go dtí an 29 Meán Fómhair 2019 i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (IO L 202, 31.7.2019, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1285 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 202, 31.7.2019, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/23 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 259/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/82]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (1), arna cheartú le IO L 287, 21.10.2016, lch. 320, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún (3), agus Treoracha 2003/124/CE (4), 2003/125/CE (5) agus 2004/72/CE (6) ón gCoimisiún, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá réir sin faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 29a (Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle): ‘32014 R 0596: Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1), arna cheartú le IO L 287, 21.10.2016, lch. 320. Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
|
2. |
Scriostar téacsanna phointí 29aa (Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún), 29ab (Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún), 29ac (Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún) agus 29c (Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 596/2014, arna cheartú le IO L 287, 21.10.2016, lch. 320, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 1.
(2) IO L 96, 12.4.2003, lch. 16.
(3) IO L 336, 23.12.2003, lch. 33.
(4) IO L 339, 24.12.2003, lch. 70.
(5) IO L 339, 24.12.2003, lch. 73.
(6) IO L 162, 30.4.2004, lch. 70.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/25 |
CINNEADH O CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 260/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/83]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2018/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a mhéid a bhaineann leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31g (Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32018 R 1717: Rialachán (AE) Uimh. 2018/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 (IO L 291, 16.11.2018, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2018/1717 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 291, 16.11.2018, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/26 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 261/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/84]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/72 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála lena mbunaítear na ceanglais atá le comhlíonadh ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála chun cur i bhfeidhm na gceanglas neamhspleáchais i dtéarmaí cuntasaíochta, eagrúcháin agus próisis cinnteoireachta a áirithiú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31k (Rialachán (AE) Uimh. 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘31ka. |
32018 R 0072: Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/72 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táillí idirmhalartaithe ar idirbhearta íocaíochta cártabhunaithe i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála lena mbunaítear na ceanglais atá le comhlíonadh ag scéimeanna cártaí íocaíochta agus eintitis phróiseála chun cur i bhfeidhm na gceanglas neamhspleáchais i dtéarmaí cuntasaíochta, eagrúcháin agus próisis cinnteoireachta a áirithiú (IO L 13, 18.1.2018, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/72 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 21/2019 ó Chomhchoiste LEE an 8 Feabhra 2019 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 13, 18.1.2018, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/28 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 262/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/85]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 24.25–27.5 GHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a sholáthar san Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bpointe 5czo (Cinneadh (AE) Uimh. 2017/899 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘5czp. |
32019 D 0784: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 24.25–27.5 GHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a sholáthar san Aontas (IO L 127, 16.5.2019, lch. 13).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 127, 16.5.2019, lch. 13.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/30 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 263/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/86]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1094 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 lena n-údaraítear do na Ballstáit maoluithe áirithe a ghlacadh de bhun Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13c (Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘— |
32019 D 1094: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1094 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 (IO L 173, 27.6.2019, lch. 52).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1094 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 173, 27.6.2019, lch. 52.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/31 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE UIMH. 264/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/87]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/502 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 lena leagtar síos na ceanglais maidir le déanamh, tástáil, suiteáil, oibriú agus deisiú tacagraf agus a gcomhpháirteanna (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 21bb (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32018 R 0502: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/502 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2018 (IO L 85, 28.3.2018, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/502 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 85, 28.3.2018, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/32 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 265/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/88]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 415/2007 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 aisghairtear, le héifeacht ón 13 Meitheamh 2020, Rialachán (CE) Uimh. 415/2007 ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 13 Meitheamh 2020. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 49ae (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 909/2013 ón gCoimisiún):
‘49af. |
32019 R 0838: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 415/2007 (IO L 138, 24.5.2019, lch. 31).’ |
2. Scriosfar téacs phointe 49ab (Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 415/2007 ón gCoimisiún) le héifeacht ón 13 Meitheamh 2020.
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 138, 24.5.2019, lch. 31.
(2) IO L 105, 23.4.2007, lch. 35.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/34 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 266/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XV (Státchabhair) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/89]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2018/1923 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a mhéid a bhaineann lena thréimhse feidhme (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 1ha (Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32018 R 1923: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1923 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 (IO L 313, 10.12.2018, lch. 2).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2018/1923 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 313, 10.12.2018, lch. 2.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/35 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 267/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/90]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/995 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 32fhd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 D 0995: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/995 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2019 (IO L 160, 18.6.2019, lch. 28).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/995 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1)
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 160, 18.6.2019, lch. 28.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/36 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 268/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/91]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2018/643, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 7 (Rialachán (CE) Uimh. 91/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘32018 R 0643: Rialachán (AE) 2018/643 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018 maidir le staidreamh i ndáil le hiompar d'iarnród (IO L 112, 2.5.2018, lch. 1).
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
(a) |
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an Íoslainn. |
(b) |
Tá Lichtinstéin díolmhaithe ó shonraí maidir le hearraí a thuairisciú faoi Iarscríbhinní I, III, IV, VI agus VII. Fad nach sáraítear an tairseach in Airteagal 4(2)b, mar a thuairiscítear faoi Iarscríbhinn VIII, tá Lichtinstéin díolmhaithe ó shonraí faoi phaisinéirí a thuairisciú faoi Iarscríbhinní II, III agus IV.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2018/643 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1)
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 112, 2.5.2018, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/38 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 269/2019
an 25 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/92]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus an Iorua tiomanta a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána a laghdú, i bhfianaise an mhéadaithe ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh chun an t-ardú teochta a theorannú go 1.5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. |
(2) |
Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (1), is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun an Rialachán sin a chumhdach. |
(3) |
Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (2), is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun an Rialachán sin a chumhdach. |
(4) |
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun forálacha áirithe den Rialachán sin a chumhdach, ar forálacha iad atá riachtanach le haghaidh cur chun feidhme Rialacháin (AE) 2018/841 agus (AE) 2018/842. |
(5) |
Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (4), is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun forálacha áirithe den Rialachán sin a chumhdach, ar forálacha iad atá riachtanach le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/842. |
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2014 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú ar fhaisnéis a thuairiscíonn na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is iomchuí comhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE a leathnú chun forálacha áirithe den Rialachán sin a chumhdach, ar forálacha iad atá riachtanach le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/842. |
(7) |
Leis an gCinneadh seo, tá an Íoslainn agus an Iorua ag gníomhú chun a spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí a chomhlíonadh, is é sin laghdú 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990. |
(8) |
Tá an Cinneadh seo gan dochar don chaoi a gcuireann an tAontas, an Íoslainn agus an Iorua Comhaontú Pháras chun feidhme. |
(9) |
Ní cuid de Chomhaontú LEE iad saincheisteanna buiséadacha. Dá bhrí sin, tá cur i bhfeidhm Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2018/842 gan dochar do raon feidhme Chomhaontú LEE. |
(10) |
Ba cheart d’Údarás Faireacháin CSTE comhordú go dlúth leis an gCoimisiún aon uair a iarrtar air tabhairt faoi chúraimí a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua de bhun an Chinnidh seo. |
(11) |
Na hinniúlachtaí atá ag Údarás Faireacháin CSTE agus Cúirt CSTE de bhun an Chinnidh seo, tá siad teoranta do na hoibleagáidí a dtugtar fúthu leis seo. |
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeidh an comhar leathnaithe sin ann, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 7 d’Airteagal 3 (Comhshaol) de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE:
“8. |
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2019 nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh chuig Comhchoiste LEE faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE, cibé acu is déanaí (*1).
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 156, 19.6.2018, lch. 1.
(2) IO L 156, 19.6.2018, lch. 26.
(3) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(4) IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.
(5) IO L 203, 11.7.2014, lch. 23.
(6) IO L 207, 4.8.2015, lch. 1.
(7) IO L 309, 8.11.2012, lch. 38.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
Dearbhú ón Íoslainn agus ón Iorua maidir le pleananna náisiúnta a bhaineann le Cinneadh Uimh. 269/2019 ó Chomhchoiste LEE an 25 Deireadh Fómhair 2019
Is trí na gníomhartha seo a leanas a áireamh i bPrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a bhforbróidh an Íoslainn agus an Iorua, ar bhonn deonach, pleananna náisiúnta ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu na gealltanais a thug siad a chomhlíonadh:
— |
Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (Rialachán LULUCF) agus |
— |
Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill- ESR). |
Déanfaidh an Íoslainn agus an Iorua a bpleananna náisiúnta féin a fhorbairt agus cuirfidh siad na pleananna sin ar fáil do Bhallstáit an Aontais, don Choimisiún Eorpach, d’Údarás Faireacháin CSTE agus don phobal, faoin 31 Nollaig 2019.
Is iad na príomheilimintí seo a leanas a bheidh sa phlean:
— |
Achoimre feidhmiúcháin ar an bplean; |
— |
Forléargas ar bheartais aeráide náisiúnta reatha; |
— |
Tuairisc ar an sprioc náisiúnta maidir le Comhroinnt Díchill agus ar ghealltanas LULUCF; |
— |
Tuairisc ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá ann cheana agus atá beartaithe chun an sprioc maidir le Comhroinnt Díchill agus gealltanas LULUCF a bhaint amach; |
— |
Tuairisc ar na hastaíochtaí agus aistrithe náisiúnta gás ceaptha teasa atá ann faoi láthair chomh maith le réamh-mheastacháin ar an sprioc maidir le Comhroinnt Díchill agus ar ghealltanas LULUCF bunaithe ar bheartais agus ar bhearta atá ann cheana; |
— |
Measúnú ar thionchair na mbeartas agus na mbeart náisiúnta atá beartaithe chun an sprioc maidir le Comhroinnt Díchill agus gealltanas LULUCF a bhaint amach, agus comparáid á déanamh leis na réamh-mheastacháin atá bunaithe ar bheartais agus ar bhearta atá ann cheana agus cur síos á dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí idir beartais agus bearta atá ann cheana agus iad sin atá beartaithe. |
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/46 |
CINNEADH O CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 270/2019
an 31 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteasláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/93]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1756 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 136/2004 a mhéid a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a áireamh ar liosta na dtríú tíortha a n-údaraítear chun coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus tuí a thabhairt isteach san Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1758 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 a mhéid a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus a Spleáchríocha Corónach a áireamh ar liosta na dtríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga a n-údaraítear chun coinsíneachtaí d’ainmhithe dobharshaothraithe a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1773 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a mhéid a bhaineann le stádas ESB Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus a Spleáchríoch Corónach (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1769 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh 2009/821/CE a mhéid a bhaineann le liostaí na bpointí cigireachta teorann agus na n-aonad tréidliachta in Traces (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 115 (Rialachán (CE) 136/2004 ón gCoimisiún) i gCuid 1.2:
|
2. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 86 (Rialachán (CE) Uimh. 1251/2008 ón gCoimisiún) i gCuid 4.2:
|
3. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 49 (Cinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún) i gCuid 7.2:
|
4. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 39 (Cinneadh 2009/821/CE ón gCoimisiún) i gCuid 1.2:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1756 agus (AE) 2019/1758, agus Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1773 agus (AE) 2019/1769 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1)
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 270, 24.10.2019, lch. 57.
(2) IO L 270, 24.10.2019, lch. 63.
(3) IO L 270, 24.10.2019, lch. 116.
(4) IO L 270, 24.10.2019, lch. 103.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/48 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 271/2019
an 31 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/94]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/545 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2030 lena gcinntear, ar feadh tréimhse theoranta, go bhfuil an creat rialála is infheidhme maidir le taisclanna lárnacha urrús Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann coibhéiseach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31bfg (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2030 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32019 D 0545: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/545 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2019 (IO L 95, 4.4.2019, lch. 11).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/545 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 18/2019 ó Chomhchoiste LEE an 8 Feabhra 2019 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 95, 4.4.2019, lch. 11.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
12.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 11/50 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 272/2019
an 31 Deireadh Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/95]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2019/1795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/501 agus (AE) 2019/502 a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí cur i bhfeidhm, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointí 26f (Rialachán (AE) 2019/501 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) agus 64d (Rialachán (AE) 2019/502 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32019 R 1795: Rialachán (AE) 2019/1795 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 (IO L 279, 31.10.2019, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/1795 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 31 Deireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
GunnarPÁLSSON
(1) IO L 279, 31.10.2019, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.