ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 10

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
12 Eanáir 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/99 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

36

 

 

III   Gníomhartha eile

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Cinneadh Údarás Faireacháin CSTE Uimh. 161/22/COL an 6 Iúil 2022 maidir le cabhair i ndáil leis an mbonneagar soilse sráide in Bergen (an Iorua) [2023/101]

77

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar cheartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla ( IO L 196, 25.7.2022 )

110

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2268 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an mhodheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin ( IO L 455 I, 20.12.2021 )

111

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil ( IO L 335, 29.12.2022 )

112

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2581 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar faisnéise in iarratais ar údarú mar údarás creidmheasa ( IO L 335, 29.12.2022 )

113

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/99 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Eanáir 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”) agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 17 Samhain 2021, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí rothaí bóthair alúmanaim (“ARW”) áirithe de thionscnamh Mharacó (“an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a chuir Comhlachas Mhonaróirí Rothaí na hEorpa (“an gearánach” nó “EUWA”) isteach an 4 Deireadh Fómhair 2021. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Sa ghearán bhí fianaise maidir le dumpáil agus le díobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Bearta sealadacha

(3)

An 17 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún achoimre ar na dualgais bheartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de thrí lá oibre. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cruinneas na ríomhanna.

(4)

An 15 Iúil 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1221 (3) ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó (“an Rialachán sealadach”).

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(5)

Tar éis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a nochtadh ar ar a mbonn a forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (“nochtadh sealadach”), chuir Dika Morocco Africa S.A.R.L (“Dika”), Hands 8 S.A. (“Hands”), Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (“ACEA”) agus EUWA aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, tar éis dhul in éag an sprioc-ama chun barúlacha a chur isteach maidir leis an nochtadh sealadach, sholáthair Rialtas Mharacó aighneacht lena dtacaítear leis na maímh a rinne páirtithe eile maidir le dumpáil agus díobháil.

(6)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Bhí éisteachtaí ann le Dika, Hands, ACEA agus EUWA. Ina theannta sin, de dhroim na hiarrata ó Dika, reáchtáladh éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála an 7 Iúil 2022.

(7)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a thorthaí cinntitheacha. Reáchtáladh cuairt fíorúcháin amháin ar áitreabh úsáideora. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin é an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin é an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(8)

An 17 Deireadh Fómhair 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó (“nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(9)

Tar éis an nochta deiridh, chuir ACEA, Dika, EUWQ, Hands agus Rialtas Mharacó barúlacha isteach.

(10)

An 21 Samhain 2022, chuir an Coimisiún nochtadh deiridh breise chuig Hands maidir le ceartúcháin agus soiléirithe áirithe a rinneadh maidir lena ríomhanna dumpála (“nochtadh deiridh breise”) agus thug sé tréimhse ar lena linn a d’fhéadfadh an chuideachta barúlacha a thabhairt. Sa bhreise air sin fuair na áirithe leasmhara go léir clárú maidir leis an mbunús leis na costais SGA a úsáideadh i ríomh an ghnáthluacha le haghaidh Hands. Chuir Hands barúlacha isteach ar dtugadh aghaidh orthu sa Rialachán.

(11)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Bhí éisteachtaí ann le ACEA, Dika, EUWA agus Hands.

1.4.   Maímh maidir le tionscnamh

(12)

Tar éis an nochta shealadaigh níor chuir aon pháirtí leasmhar aon mhaíomh ná barúil isteach seachas na cinn dá dtagraítear i Roinn 1.4 den Rialachán sealadach. Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin a thorthaí agus a chonclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (6) go (28) sa Rialachán sealadach.

1.5.   Sampláil

(13)

Níor tugadh aon bharúil i leith na samplála. Dá bhrí sin dheimhnigh an Coimisiún aithrisí (29) go (34) den Rialachán sealadach.

1.6.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairt fíoraithe

(14)

Mar a leagtar amach in aithris (35) den Rialachán sealadach, sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig trí tháirgeoir de chuid an Aontais, chuig an ngearánach, chuig an dá úsáideoir aitheanta, agus chuig an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann.

(15)

Mar a mhínítear in aithrisí (36) agus (37) den Rialachán sealadach, rinneadh freagraí na gceistneoirí a chros-seiceáil nó a fhíorú ag áitreabh an pháirtí is freagróir.

(16)

Rinneadh cuairt fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag áitreabh úsáideora amháin. Ní nochtar ainm an úsáideora sin ar chúiseanna rúndachta i gcomhréir le haithris (5) den Rialachán sealadach.

1.7.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(17)

Mar a luaitear in aithris (38) den Rialachán sealadach, leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil cumhdaítear an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.8.   Clárú

(18)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún (4), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir clárú (“an Rialachán maidir le clárú”).

(19)

Mhaígh Hands go raibh an cinneadh le haghaidh clárú allmhairí gan bhunús, ós rud é nár comhlíonadh na coinníollacha de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(20)

Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán mar bhunús dlí le haghaidh clárú, ar dá réir a chláróidh an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse réamhnochta de bhun Airteagal 19a den bhun-Rialachán, mura rud é go bhfuil fianaise leordhóthanach ann nár comhlíonadh ceanglais Airteagal 10(4)(c) agus (d). Maidir leis sin, shuigh an Coimisiún nach raibh aon fhianaise dhochloíte ann lena léirítear nach raibh údar sa chás sin le clárú allmhairí an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse réamhnochta. Go deimhin, ó foilsíodh an fógra tionscnaimh, tráth a bhí na táirgeoirí onnmhairiúcháin ar an eolas faoin dumpáil agus faoin díobháil líomhnaithe, nó ba cheart iad a bheith ar an eolas faoi sin, tháinig méadú breise ar allmhairí an táirge lena mbaineann ar bhealach lena bhféadfar dochar mór a dhéanamh d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna frithdhumpála, le linn na tréimhse réamhnochta freisin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(21)

Mhaígh Hands gur sháraigh an Coimisiún prionsabal an dea-riaracháin tríd an Rialachán maidir le clárú a fhoilsiú. De réir an pháirtí níor cuireadh aon fhaisnéis in iúl dó maidir le rún an Choimisiúin allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir clárú sular foilsíodh an Rialachán maidir le clárú agus sular tháinig clárú na hallmhaire i bhfeidhm, cé go bhféadfadh sé go ndéantar dochar leis an mbeart clárúcháin sin dá leasanna. In éagmais an fhaisnéis is gá a chur in iúl do Hands, ar faisnéis í maidir le hallmhairí a chur faoi réir clárú, b’fhéidir, ar bhealach tráthúil, éifeachtach agus pearsanta roimh an mbeart clárúcháin sin a ghlacadh agus a cheadú do Hands a thuairimí a chur in iúl agus éisteacht a fháil, cé go ndéantar difear díreach do Hands leis an mbeart sin, tá ceart cosanta bunúsach Hands á shárú ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, tá an Rialachán maidir le Clárú neamhbhailí agus ba cheart é a aisghairm.

(22)

Mheas an Coimisiún nach é atá i gceist le clárú ach céim riaracháin ullmhúcháin arbh fhéidir nó nárbh fhéidir gurb é a thiocfaidh as sin forchur cúlghabhálach dleachtanna ag céim chinntitheach. Ní dhéantar aon éifeacht dhíobhálach d’allmhaireoirí de bharr clárú ann féin ná ní féidir a rá go ndéantar difear dá leasanna leis sin (5). Níor luaigh Hands féin aon éifeacht dhíobhálach choincréiteach agus níor thagair sé ach d’éifeachtaí “ionchasacha”. Is é an t-aon éifeacht atá le clárú go n-ordaíonn an Coimisiún do na húdaráis chustaim náisiúnta allmhairí an táirge faoi imscrúdú san Aontas a chlárú. Thairis sin, níl aon cheanglas nós imeachta ann in Airteagal 14(5a) ná in aon áit eile sa bhun-Rialachán dul i gcomhairle le hallmhaireoirí ná páirtithe eile sula ndéantar clárú. An ceanglas a leagtar síos in Airteagal 10(4)(b) den bhun-Rialachán go dtabharfar deis do pháirtithe barúil a thabhairt, níl feidhm aige sin ach nuair a dhéantar cinneadh dleachtanna a bhailiú go cúlghabhálach tar éis clárú, seachas le haghaidh an chláraithe féin. Is léir sin ó tharla nach dtagraítear le hAirteagal 14(5a) den bhun-Rialachán ach do phointí (c) agus (d) d’Airteagal 10(4) ar gá iad a chomhlíonadh le haghaidh clárú faoin bhforáil sin, ach ní thagraítear d’aon ghnó leis do phointe (b) d’Airteagal 10(4). Tá an méid sin i gcomhréir le héifeacht an chláraithe sin a phléitear thuas. Dá bhrí sin, níl aon oibleagáid ar an gCoimisiún deis a thabhairt do na hallmhaireoirí barúil a thabhairt roimh ordú do na húdaráis chustaim allmhairí a chlárú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(23)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a leagtar amach in aithris (39) den Rialachán sealadach, gurb éard atá sa táirge lena mbaineann rothaí bóthair alúmanaim de mhótarfheithiclí cheannteidil HS 8701 go 8705, bíodh a ngabhálais feistithe orthu nó ná bíodh agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, de thionscnamh Mharacó, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050) (“an táirge lena mbaineann”).

(24)

Is iondúil go ndíoltar rothaí bóthair alúmanaim san Aontas trí dhá bhealach díolacháin dáileacháin: le déantúsóirí buntrealaimh (“OEM”), ar monaróirí gluaisteán iad go príomha, agus leis an margadh iardhíola, lena n-áirítear mar shampla dáileoirí, miondíoltóirí, siopaí deisiúcháin, etc. Díoladh an táirge lena mbaineann ó Mharacó go heisiach trí bhealach OEM le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I mbealach dáileacháin OEM, eagraíonn monaróirí gluaisteán nósanna imeachta tairisceana le haghaidh ARW agus is minic a bhíonn baint acu leis an bpróiseas chun roth nua a fhorbairt, rud atá bainteach lena mbranda. Is féidir le táirgeoirí de chuid an Aontais agus onnmhaireoirí de chuid Mharacó araon dul san iomaíocht sna tairiscintí céanna.

2.2.   Táirge Comhchosúil

(25)

In éagmais barúlacha, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (39) go (42) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin

(26)

Mar a mhínítear in aithrisí (43) – (51) den Rialachán sealadach, mheas an Coimisiún nach ndeachaigh Dika i gcomhar leis an gCoimisiún san imscrúdú sin agus chinn sé a chorrlach dumpála go sealadach ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(27)

Tar éis an nochta shealadaigh mhaígh Dika go ndeachaigh sé i gcomhar iomlán leis an gCoimisiún agus gur cheart dó corrlach dumpála a ríomhtar go haonarach a fháil. Chuir sé na hargóintí seo a leanas ar aghaidh.

(28)

Ar an gcéad dul síos, d’athdhearbhaigh Dika go gcreideann sé nach raibh aon earráid sna liostuithe díolachán, ós rud é go bhféadfaí luachanna iomlána na liostuithe díolachán a réiteach le córas cuntasaíochta na cuideachta. Ina theannta sin, liostaíodh na díolacháin i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta um thuairisciú airgeadais (“IFRS”). Thairis sin, d’áitigh Dika go raibh neart ama ag an gCoimisiún chun na liostuithe díolachán athbhreithnithe arna soláthar ag a chuideachta ghaolmhar CITIC Dicastal Co., Ltd (“CITIC”) a chros-seiceáil agus go bhféadfadh sé déanamh amhlaidh fós roimh bhearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur.

(29)

Bhí an maíomh a rinne Dika comhchosúil leis an maíomh a rinneadh ag an gcéim shealadach, cé nár soláthraíodh aon fhaisnéis nua. Ag an gcéim shealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár soláthraíodh na liostuithe díolachán ar bhonn sonraisc, nach ndearnadh an difríocht idir luach an tsonraisc agus an méid a fuarthas iarbhír a léiriú go córasach i liostuithe díolachán na cuideachta ná nach bhféadfaí na liostuithe athbhreithnithe a chros-seiceáil. Cé gur liostaíodh díolachán na cuideachta i gcomhréir le caighdeáin IFRS, níor sholáthair an chuideachta an fhaisnéis a d’iarr an Coimisiún.

(30)

Thairis sin, sholáthair CITIC roinnt leaganacha éagsúla agus neamhiomlána (ceithre cinn ar a laghad) dá liostuithe díolachán le linn an imscrúdaithe. Bhí an leagan deireanach, arna sholáthar i dteannta fhreagra Dika ar litir Airteagal 18 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022, fós neamhiomlán agus bhí roinnt idirbheart ann inar fágadh an méid a fuarthas folamh agus an nóta “AR gan íoc go dáta” ag gabháil leis, nó ina raibh mímheaitseáil ann idir an méid a sonrascadh agus an méid a fuarthas. Ní féidir leis na sonraí neamhiomlána sin a bheith ina mbonn iontaofa le haghaidh cros-seiceála ná fíorú. Ina theannta sin, mar a luaitear freisin in aithris (48) den Rialachán sealadach, níor cheart cros-seiceáil chianda bhreise a úsáid mar bhealach chun go leigheasfar an easpa tráthúlachta nó na hearráidí a bunaíodh le linn na cros-seiceála cianda a rinneadh cheana laistigh de na teorainneacha ama a socraíodh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(31)

Ar an dara dul síos, mhaígh Dika nár cháiligh na sonraí a bhaineann go sonrach le hidirbhearta maidir le dátaí agus méideanna íocaíochtaí arna n-iarraidh ag an gCoimisiún mar “faisnéis is gá” de réir bhrí Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán, Airteagal 6.8. agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú Frithdhumpála EDT (6). De réir Dika, níor iarr an Coimisiún an fhaisnéis sin sa cheistneoir ná sna litreacha easnaimh, ná níor éilíodh an fhaisnéis sin le haghaidh ríomh an chorrlaigh dumpála. Ina theannta sin, mhaígh Dika gurb amhlaidh a úsáideadh sa Rialachán sealadach bonn chun na fíorais a bhí ar fáil a chur i bhfeidhm a bhí éagsúil leis an gceann a leagtar amach sa litir ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 dar dáta an 5 Bealtaine 2022 (“litir Airteagal 18”).

(32)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Ón tús, d’iarr sé ar an gcuideachta sonraí a bhaineann go sonrach le hidirbhearta a sholáthar bunaithe ar dháta an tsonraisc. Mar shampla, le roinn E den cheistneoir frithdhumpála a seoladh chuig Dika agus chuig a chuideachta ghaolmhar CITIC luadh sa chéad roinn ar fad gur cheart do fhreagróirí “dáta an tsonraisc a úsáid mar an dáta díolacháin”. Mar sin féin, ní bhaineann an tsaincheist faoi chaibidil leis an dáta a tharla an díolachán (agus leis sin amháin), ach leis an méid a d’íoc cliaint na cuideachta léi iarbhír. Sin an tsaincheist a míníodh i litir Airteagal 18 agus a leagadh amach sa Rialachán sealadach. Maidir le dearbhú Dika go raibh na cúiseanna a leagadh amach sa litir “iomlán éagsúil” leo sin sa bhun-Rialachán, ní fhéadfaí glacadh leis sin. Sa dá chás mhínigh an Coimisiún gur mheas sé go raibh na liostuithe díolachán neamhiontaofa ós rud é go raibh roinnt botún agus neamhréireachtaí iontu.

(33)

Níor chomhfhreagair na dátaí díolachán a sholáthair an chuideachta do na méideanna a fuarthas iarbhír mar íocaíochtaí. Ina theannta sin, shoiléirigh CITIC le linn na cros-seiceála cianda gurb iondúil go ndéantar an difríocht idir méid an tsonraisc agus an méid a fuarthas iarbhír a thaifeadadh sna liostuithe díolachán mar lascaine, lacáiste, nóta creidmheasa nó ar bhealach eile. Mar a léirítear in aithris (47) den Rialachán sealadach, agus in aithris (29) thuas, ní dhearna an chuideachta an méid sin go córasach áfach. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí na liostuithe díolachán a úsáid mar fhoinse iontaofa chun gnáthluach nó praghas onnmhairiúcháin a bhunú faoi Airteagail 2(1) agus 2(8) den bhun-Rialachán ina luaitear: “beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth”. Ós rud é nach bhféadfaí gnáthluach ná praghas onnmhairiúcháin a bhunú le haghaidh Dika ar bhonn shonraí na cuideachta féin, leanann sé go loighciúil as sin nach bhféadfaí corrlach dumpála a ríomh ach oiread. Dá bhrí sin, ní hamháin go raibh na liostuithe díolachán riachtanach ach bhí siad ríthábhachtach le haghaidh an imscrúdaithe. Gan liostaí iontaofa díolacháin (lena n-áirítear liosta iomlán d’idirbhearta de gach cineál táirge a dhíoltar agus a bpraghsanna), ní féidir leis an gCoimisiún teacht ar chinneadh réasúnta cruinn maidir le dumpáil.

(34)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Dika a mhaíomh, ós rud é go raibh a liostú díolacháin i gcomhréir le caighdeáin IFRS, nach bhféadfadh an Coimisiún a mhaíomh go raibh na liostaí neamhiomlán agus nach bhféadfaí iad a fhíorú. Sa bhreis air sin, mhaígh Dika gur ó tharla go sonraítear in Airteagal 2(8) den bun-Rialachán go mbíonn an praghas onnmhairiúcháin bunaithe de ghnáth ar “an bpraghas a íocadh nó atá le híoc”, bhí na liostaí díolachán ceart ós rud é gur léirigh siad na praghsanna a bhí le híoc. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh Dika a mhaíomh nach raibh sonraí maidir le híocaíochtaí incháilithe mar shonraí “is gá” faoi Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán.

(35)

Cé acu a tuairiscíodh nó nár tuairiscíodh na liostaí díolacháin ar an iomlán i gcomhréir le caighdeáin IFRS, ní raibh siad ábhartha maidir leis na fadhbanna a aimsíodh leis na praghsanna tuairiscithe. Mar a léirigh an Coimisiún i roinnt cásanna, is ar bhonn an idirbhirt a bhain an fhadhb leis na liostaí díolachán AE agus intíre. Mar a luaigh Dika le linn na héisteachta tar éis na mbeart sealadach agus mar a d’athdhearbhaigh sé ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, ní raibh méid na híocaíochta ag teacht le méid an tsonraisc a tuairiscíodh i dtuairim agus 20 % de na hidirbhearta i liostaí díolacháin an Aontais. Tagraíonn an téarma “an praghas atá le híoc” don íocaíocht iomlán atá déanta nó atá le déanamh ag an gceannaitheoir leis an díoltóir, lena n-áirítear cásanna inar díoladh na hearraí, mar shampla, ach nár íoc an custaiméir fós iad. Níorbh amhlaidh an cás i gcás fhormhór na n-idirbheart i liosta díolachán an Aontais. Go deimhin, bhí an praghas a d’íoc an custaiméir cheana féin, sna cásanna seo, difriúil ón bpraghas a taifeadadh mar phraghas a bhí le híoc tráth an tsonrasctha.

(36)

Mar a luaigh Dika agus a cuideachta chomhlachaithe le linn an RCC, an fíorú ar an láthair agus an freagra ar litir Airteagal 18, de ghnáth dhéanfaí na difríochtaí sin a thaifeadadh sna liostaí díolachán mar lascaine, lacáiste, nóta creidmheasa nó eile, mar a luaitear freisin in aithris (33). Rinneadh é seo do chuid mhaith idirbheart sna liostaí díolachán, ach ní go córasach do gach idirbheart. Ós rud é go ndéantar é sin de ghnáth, bheadh an praghas a thaifeadtar mar an bpraghas atá le híoc cothrom leis an bpraghas a íoctar sa deireadh tar éis gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh a bhaineann leis na nótaí creidmheasa, na lacáistí, etc. thuasluaite. Seo mar a mhínigh Dika féin é agus conas a rinneadh ceartúcháin i gcóras SAP na cuideachta tar éis íocaíochtaí a dhéanamh. I gcásanna áirithe, áfach, ceartaíodh na praghsanna a taifeadadh i liostaí díolacháin intíre agus AE ar an mbealach sin, ach i gcásanna eile níor cheartaíodh iad. Chuaigh an difríocht idir na praghsanna a íocadh ar deireadh agus na praghsanna a taifeadadh mar phraghsanna atá le híoc sa dá bhealach agus níor tugadh cuntas orthu, rud a chiallaíonn i gcásanna áirithe go bhfuair an chuideachta níos mó ná a sonraíodh sa sonrasc, agus i gcásanna eile níos lú.

(37)

Tá liostaí iontaofa díolacháin (agus liosta iomlán d’idirbhearta de gach cineál táirge a dhíoltar chomh maith lena bpraghsanna) ina bhfuil sonraí cruinne infhíoraithe bunriachtanach chun corrlach dumpála a shuí agus, dá bhrí sin, cáilíonn siad mar an bhfaisnéis is gá faoi Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán. Ós rud é go raibh tionchar ag an difríocht idir na praghsanna iarbhír a íocadh agus a taifeadadh mar phraghsanna atá le híoc ar líon suntasach de na hidirbhearta i liostú díolacháin an Aontais, ní fhéadfaí an liostú sin a úsáid chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shuí ar bhonn idirbhirt nó cineáil táirge. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(38)

Ar an tríú dul síos, d’áitigh Dika, ós rud é gur fhíoraigh an Coimisiún an costas táirgthe le haghaidh Dika agus gur shuigh sé nárbh ann d’aon neamhréireacht, gur cheart an gnáthluach a ríomh le haghaidh Dika ar bhonn a chostais fíoraithe monaraíochta. De réir Dika ba trí earráid a tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh na liostuithe díolachán intíre agus na liostuithe díolachán de chuid an Aontais ríthábhachtach chun gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin a chinneadh, ós rud é nach n-úsáidfí na liostuithe díolachán intíre chun gnáthluach a ríomh in aon chás. Dá bhrí sin, faoi Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán, ba cheart don Choimisiún sonraí Dika féin a úsáid agus corrlach dumpála aonair a ríomh ar an mbonn sin.

(39)

Go deimhin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (60) den Rialachán sealadach nach raibh aon liostú díolachán intíre ag Dika chun an gnáthluach a ríomh, ós rud é go ndearnadh díolacháin Dika i Maracó idir criosanna eacnamaíocha agus nár tháinig na hearraí isteach i gcríoch chustaim Mharacó riamh. Dá réir sin, in éagmais chur i bhfeidhm na bhfíoras a bhí ar fáil, d’fhéadfaí an gnáthluach le haghaidh Dika a ríomh. Mar sin féin, chun corrlach dumpála a bhunú, ba cheart an gnáthluach sin a chur i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin. Mar sin féin, ní fhéadfaí an praghas onnmhairiúcháin a ríomh de dheasca neamhiontaofacht liostuithe díolachán Dika.

(40)

Le linn éisteacht an 6 Meán Fómhair 2022, mhol Dika go bhféadfadh an Coimisiún praghas onnmhairiúcháin a bhunú trí na hidirbhearta sin a úsáid i liostuithe díolachán an Aontais ar lena n-aghaidh (de réir na cuideachta) a mheaitseáil na méideanna sonraisc na méideanna íocaíochta. B’amhlaidh an cás a líomhnaítear le haghaidh thart ar 80 % de na hidirbhearta uile. Maidir leis an 20 % a bhí fágtha, mhol Dika go bhféadfadh an Coimisiún an dleacht iarmharach a chur i bhfeidhm mar a ríomhadh le haghaidh Hands. De réir Dika bheadh an cur chuige sin i gcomhréir leis an méid a rinne an Coimisiún le déanaí in imscrúdú maidir le hallmhairí cruach frithchreimní de thionscnamh na Rúise agus na Tuirce (7).

(41)

Chomh maith le hé a bheith deimhnithe ag Dika le linn na héisteachta gurbh ann do neamhréireachtaí sa liostú díolachán le haghaidh an cúigiú cuid dá dhíolacháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ní dhearnadh na liostuithe díolachán athbhreithnithe a chros-seiceáil ná ní fhéadfaí iad a chros-seiceáil (mar a mhínítear in aithrisí (29) agus (30)) agus dá réir sin ní fhéadfaí iad a úsáid chun praghas onnmhairiúcháin a bhunú. Ina theannta sin, bhain an t-imscrúdú maidir le cruach fhrithchreimneach ón Rúis agus ón Tuirc le tacar an-éagsúil fíoras. Sa chás sin, mhaígh táirgeoir de chuid na Rúise nach raibh baint aige le ceann den dá thrádálaí ar tríd a dhíol sé a tháirgí leis an Aontas. Ní dheachaigh an trádálaí ar leith sin i gcomhar san imscrúdú. Níor aontaigh an Coimisiún le maíomh na cuideachta de chuid na Rúise agus mheas sé gurb amhlaidh a bhí baint ag an trádálaí ábhartha leis sin. Mar sin féin, ós rud é nach ndeachaigh an trádálaí i gcomhar san imscrúdú, ní raibh aon fhaisnéis ar fáil maidir le praghsanna athdhíola ón trádálaí sin. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an fhaisnéis ón dara trádálaí comhoibríoch a úsáid mar fhíorais a bhí ar fáil faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(42)

Mar sin féin, tá leagan amach struchtúr agus bhealaí díolacháin na cuideachta sa chás sin éagsúil leis an leagan amach sa chás faoi chaibidil. Cé gurb amhlaidh a bhí dhá bhealach díolacháin ann i gcás na cruach frithchreimní ón Rúis agus ón Tuirc, sa chás reatha chuaigh gach díolachán tríd an eintiteas gaolmhar céanna, is é sin CITIC. Dá réir sin ní raibh aon tacar sonraí iontaofa malartach ar fáil don Choimisiún chun praghas onnmhairiúcháin a ríomh le haghaidh Dika. Tá an staid sin an-éagsúil leis an imscrúdú ar thagair Dika dó, ina raibh na díolacháin onnmhairí a rinneadh tríd an trádálaí a bhí fágtha a chros-seiceáil agus inar measadh go raibh siad iontaofa. San imscrúdú faoi chaibidil níorbh ann d’aon phraghas onnmhairiúcháin a d’fhéadfaí a chur i gcomparáid leis an ngnáthluach, gan beann ar an mbealach ina ndéanfaí an gnáthluach a ríomh le haghaidh Dika.

(43)

Le hAirteagal 18(3) den bhun-Rialachán sonraítear “más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a thíolacann páirtí leasmhar oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú”. Mar a mhínítear in aithrisí (32) agus (33), bhí na heasnaimh maidir leis na liostuithe díolachán a chuir Dika isteach den chineál nach bhféadfaí teacht ar aon toradh a bhí réasúnta cruinn ar an mbonn sin. Ina theannta sin, mar a luaitear in aithris (30), ní raibh na liostuithe díolachán infhíoraithe ós rud é go raibh easnaimh agus sonraí ar iarraidh fós sa leagan deireanach agus nár cuireadh isteach é in am trátha. Ós rud é nach bhféadfaí aon phraghas onnmhairiúcháin a chinneadh, b’éidreorach an rud é gnáthluach a ríomh freisin le haghaidh Dika ar aon bhonn. Tá an méid sin i gcomhréir freisin le breithiúnas na Cúirte Ginearálta i rothaí bóthair cruach ón tSín, inar chinn sí go “mba ghá d’aon chinneadh maidir leis an ngnáthluach a bheith iomarcach, ós rud é nach bhféadfaí aon chorrlach dumpála a shuí in éagmais na féidearthachta a bhaineann le praghas onnmhairiúcháin a shuí” (8). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(44)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas Mharacó agus Rialtas Dika go bhfuil cur chuige an Choimisiúin agus an breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta araon a luaitear in aithris (43) ag sárú cheanglais Chomhaontú Frithdhumpála EDT faoinar cheart na sonraí uile a chuir onnmhaireoir ar fáil a úsáid a mhéid a chomhlíon sé ceanglais Airteagal 18(3) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, mhaígh Dika nach bhfuil feidhm ag an mBreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta a luadh i bhfianaise imthosca an cháis seo. I gcodarsnacht leis an gcás atá faoi réir an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta sannadh corrlach dumpála aonair do Dika agus (dar le Dika) bhí sé indéanta a shuí go cinnte cé na táirgí a d’onnmhairigh sé chuig an Aontas.

(45)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a leagtar amach cheana in aithris (50) den Rialachán sealadach agus in aithris (43) thuas, ba é an chúis nár socraíodh gnáthluach ar bhonn sonraí ó Dika nach raibh aon chuspóir leis sin ós rud é nach raibh aon phraghas onnmhairiúcháin ann chun é a chur i gcomparáid leis. Bíodh na fíorais bhunúsacha sa bhreithiúnas thuasluaite ón gCúirt Ghinearálta difriúil sa chás seo nó ná bíodh, ní rud é sin a d’fhág nár bhailí an chonclúid go mbeadh sé iomarcach gnáthluach a shuí in éagmais praghas onnmhairiúcháin. Ní rud é sin atá ina shárú ar Chomhaontú Frithdhumpála EDT, ós rud nach bhfuil sé ina cheangal ar na húdaráis imscrúdúcháin faoin gComhaontú sin ríomhanna a dhéanamh nach féidir a úsáid chun corrlach dumpála a shuí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(46)

Mhaígh Dika go sonrach gurbh éagsúil iad imthosca an cháis sa bhreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta luadh, ós rud é gur sannadh corrlach dumpála aonair do Dika. Bhí an maíomh sin bunaithe ar mhíthuiscint áfach. Níor sannadh corrlach dumpála aonair do Dika ag céim ar bith san imscrúdú seo. Mar a mhínítear in aithris (98) thíos, chinn an Coimisiún tráth an nochta deiridh dleachtráta aonair a shuí le haghaidh Dika tríd an gcuideachta agus a dleachtráta comhfhreagrach a shainaithint sna codanna ábhartha den Rialachán seo. Socraíodh an dleachtráta aonair ar leibhéal an dleachtráta iarmharaigh, rud nach raibh bunaithe ar shonraí Dika féin. Ar an gcaoi chéanna, na corrlaigh dumpála agus díobhála ba infheidhme maidir le Dika a luaitear sa Rialachán seo, is ar leibhéal na gcorrlach iarmharach dumpála agus díobhála a socraíodh iad agus ní ar shonraí Dika féin. Diúltaíodh do mhaíomh EWTA dá bhrí sin.

(47)

Mhaígh Dika freisin gur in ionad an dleachtráta iarmharach a chur i bhfeidhm maidir le Dika, ba cheart don Choimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn chostais mhonaraíochta Dika agus chomhdhéanamh sonrach an chineál táirge, rud ba cheart a chur i gcomparáid ansin leis an bpraghas onnmhairiúcháin fíoraithe a bhí ag Hands, chun corrlach dumpála Dika a ríomh.

(48)

Níorbh fhéidir glacadh leis an modheolaíochta sin. Ar an gcéad dul síos toisc nach bhféadfaí corrlach dumpála cruinn a fháil as comparáid idir an gnáthluach ríofa le haghaidh cuideachta aonair agus an praghas onnmhairiúcháin a bhí ag cuideachta eile. D’fhágfadh sin go mbeadh comparáid i gceist idir luach atá bunaithe ar shonraí cuideachta amháin agus an praghas onnmhairiúcháin a bhí ag cuideachta eile. Ar an dara dul síos, fiú dá gcuirfeadh an Coimisiún an modh sin i bhfeidhm, ní bheifí in ann é a dhéanamh ar leibhéal an chineáil táirge. Cé go raibh forluí sách mór idir na cineálacha táirgí a dhíol Dika agus na cinn a dhíol Hands, ní raibh siad ag teacht le chéile go hiomlán. Cuid de na cineálacha táirgí a dhíol Hands, níor dhíol Dika iad, agus a mhalairt. Dá bhrí sin, ní thiocfadh corrlach dumpála cruinn as an modheolaíocht sin, corrlach a léireodh na n-idirbheart onnmhairiúcháin iarbhír a rinne Dika. (9) Thairis sin, bheadh cur chuige den sórt sin i gcoinne cheanglas Airteagal 2(11) den bhun-Rialachán ina bhforáiltear go sainráite nach mór a chur san áireamh, agus an corrlach dumpála a ríomh, “[p]raghsanna do na hidirbhearta onnmhairiúcháin go léir” beag beann ar mhodh na comparáide idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a roghnaíodh (10). Ar deiridh, is éard a bheadh i gceist leis an modheolaíocht sin sonraí rúnda Hands a nochtadh do Dika, maidir leis na cineálach táirge a díoladh agus an praghas onnmhairiúcháin araon. Ní féidir glacadh leis sin toisc gurb é Hands an t-aon táirgeoir ARW eile i Maracó agus tá sé i gcomórtas díreach le Dika. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

3.2.   Gnáthluach

(49)

Mar a leagtar amach in aithrisí (52) – (65) den Rialachán sealadach, ríomh an Coimisiún an gnáthluach faoi Airteagail 2(3) agus 2(6) den bhun-Rialachán de bharr easpa dhíolacháin intíre an táirge chomhchosúil ó Hands. Tar éis an nochta shealadaigh mhaígh EUWA gurb amhlaidh a bhí díolacháin intíre ann, agus léirigh sé go soláthródh sé fianaise air sin ag éisteacht. Mar sin féin, leis an bhfaisnéis a sholáthair EUWA ina dhiaidh sin níor cruthaíodh a ráiteas go bhféadfaí a mheas gur díolacháin intíre iad díolacháin ó na cuideachtaí de chuid Mharacó i Maracó. I bhfianaise íogaireacht na sonraí corparáide lena mbaineann, ní raibh an fhaisnéis ábhartha ag EUWA maidir le huainiú, cainníochtaí ná praghsanna dhíolacháin na gcuideachtaí de chuid Mharacó, ná ní raibh suíomh sonrach na gcliant aige a líomhnaítear ar díoladh iad leo.

(50)

Ina theannta sin, níor shéan an Coimisiún ná aon pháirtí leasmhar go ndearna Hands díolacháin ARW i Maracó. Ba é an chúis a bhí le neamhaird a thabhairt ar na díolacháin sin mar dhíolacháin intíre suíomh Hands agus na gcliant i gcriosanna eacnamaíocha araon, mar a tugadh i gcrích in aithris (60) den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, ní dhearnadh aon cheann de na díolacháin sin sa ghnáthchúrsa trádála agus ní fhéadfaí iad a úsáid in aon chás chun an gnáthluach a shuí. Ar an taobh eile, ghlac Hands leis nach raibh aon díolachán intíre aige agus gur ghá an gnáthluach a ríomh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(51)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas Mharacó go ndearna an Coimisiún earráid nuair a mheas sé nach díolacháin intíre iad na díolacháin i gcriosanna eacnamaíocha. Chun tacú leis an maíomh sin, shonraigh Rialtas Mharacó gur díoladh ARW le cuideachtaí sna criosanna eacnamaíocha chun go n-úsáidfear é chun feithiclí nua a tháirgeadh san Aontas nó i Maracó agus dá bhrí sin is san Aontas nó i Maracó dhéanfaí an tomhaltas, agus ó tharla sin amhlaidh ba cheart a mheas gur díolacháin intíre iad na díolacháin i gcriosanna eacnamaíocha i Maracó. Líomhnaítear go mbeadh sin i gcomhréir le cur chuige Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe a mheasann gur i gcás táirgí a dhíoltar i gcriosanna eacnamaíocha lena úsáid i dtáirge a onnmhaireofaí ó na Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin, gur sa mhargadh intíre a ndearnadh iad a thomhail.

(52)

Mar sin féin, mar a míníodh cheana féin in aithrisí (53) agus (54) den Rialachán sealadacha, níorbh é sin an cur chuige a ghlac an Coimisiún san imscrúdú seo ná sna himscrúduithe roimhe seo. Cibé acu a ghlacann nó nach nglacann na Stáit Aontaithe cur chuige difriúil ina gcinntí, ní rud é sin a bhaineann le hábhar an cháis seo. Ní mheasann an Coimisiún gur díolacháin intíre iad díolacháin idir criosanna eacnamaíocha toisc nach eol tráth an díola an mbeadh an táirge scaoilte i saorchúrsaíocht sa mhargadh intíre nó an mbeadh sé ceaptha lena onnmhairiú (féach aithris (53) agus (54) den Rialachán sealadach). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(53)

Mhaígh Rialtas Mharacó freisin go raibh cur chuige an Choimisiúin ag teacht salach ar an gcaoi a ndéileálann sé le díolacháin i gcriosanna eacnamaíocha eisiacha san Aontas, ar féidir leo a bheith faoi réir dleachtanna frithdhumpála (11), mar aon leis an nós a bhíonn aige allmhairí próiseála isteach agus amach chuig criosanna eacnamaíocha a chuimsiú sna staitisticí allmhairiúcháin a úsáidtear san anailís díobhála in imscrúduithe frithdhumpála.

(54)

Ar an gcéad dul síos, ní bhaineann an tagairt do chriosanna eacnamaíocha le hábhair an cháis seo. Is éard atá i limistéir eacnamaíocha eisiacha criosanna a dhearbhaíonn Ballstát amhlaidh de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Na criosanna eacnamaíocha dá dtagraítear sa chás seo, ní criosanna eacnamaíocha eisiacha den chineál sin agus ní thagann siad faoi na rialacha a luann rialtas Mharacó (12).

(55)

Ar an dara dul síos, cuimsítear allmhairí próiseála isteach agus amach i gcriosanna eacnamaíocha san Aontas san anailís díobhála toisc “nach ndéantar iad a iompar tríd an Aontas amháin ach go dtugann siad faoi oibríochtaí próiseála breisluacha freisin, amhail cóimeáil agus claochlú, san Aontas. Dá réir sin, tá sé soiléir go bhfuil na hallmhairí sin in iomaíocht leis na táirgí a mhonaraíonn tionscal an Aontais.” (13). Mar sin féin, níorbh fhéidir a mheas gur díolacháin intíre iad na díolacháin a rinneadh chuig criosanna eacnamaíocha nó eatarthu toisc nárbh eol tráth an díola an mbeadh an táirge scaoilte i saorchúrsaíochta sa mhargadh intíre nó an mbeadh sé ceaptha lena onnmhairiú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(56)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Dika agus Hands araon i gcoinne úsáid costais SGA agus brabús de chuid na Brasaíle chun an gnáthluach a ríomh. D’áitigh Hands nár cheart sonraí cuideachtaí de chuid na Brasaíle a úsáid chun SGA agus brabús a bhunú chun an gnáthluach a ríomh. Luaigh an chuideachta nár sholáthair an Coimisiún fianaise thacaíochta chun a léiriú go mbeadh sonraí ón mBrasaíl iomchuí chun an gnáthluach a ríomh. Go deimhin, mhol Hands SGA agus brabús de chuid táirgeoirí rothaí alúmanaim de chuid na Cóiré a úsáid, rudaí a bheadh i bhfad níos ísle. Mhaígh Hands go mbeadh an méid sin ní b’iomchuí ós rud é go bhfuil Hands faoi úinéireacht dheiridh monaróra ARW de chuid na Cóiré, agus go mbeadh na costais SGA agus an brabús a thiocfadh as sin i gcomhréir le brabús ceann den dá chuideachta de chuid na Brasaíle a bhí in úsáid ag an gCoimisiún.

(57)

Mhaígh Dika gur cheart neamhaird a thabhairt ar shonraí ceann de na cuideachtaí de chuid na Brasaíle, ós rud é gur úsáid an Coimisiún na cuntais chomhdhlúite lenar áiríodh torthaí fochuideachtaí i dtíortha eile agus a bhain le táirgí eile seachas ARW. Mhaígh Hands agus Dika araon go ndearnadh SGA le haghaidh ceann de na cuideachtaí de chuid na Brasaíle a ríomh go mícheart.

(58)

I bhfianaise na n-argóintí a cuireadh ar aghaidh maidir le húsáid sonraí de chuid na Brasaíle chun an gnáthluach a ríomh, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an modh a chuir sé i bhfeidhm ag an gcéim shealadach. Níor aontaigh an Coimisiún le Hands go mbeadh Poblacht na Cóiré ina rogha mhalartach níos oiriúnaí le haghaidh Mharacó ná an Bhrasaíl. Is é an réasúnaíocht atá taobh thiar d’Airteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán modh réasúnach a úsáid chun athróg ionadach a aimsiú le haghaidh SGA agus bhrabús an táirgeoir onnmhairiúcháin faoi imscrúdú. Le réamhrá Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán, chomh maith le fomhíreanna (a) agus (b) den Airteagal sin, léirítear tosaíocht shoiléir le haghaidh sonraí a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin sa mhargadh intíre tionscnaimh. Faoi Airteagal 2(6)(c) dá bhrí sin, bheadh rogha mhalartach réasúnach ar an margadh intíre gar don mhargadh intíre go hidéalach, mar shampla, ó thaobh forbairt eacnamaíoch ós rud é go bhfuil tionchar aige sin ar leibhéal chostais agus bhrabúis na gcuideachtaí. Cé gur measadh go raibh an Bhrasaíl beagáinín níos forbartha go heacnamaíoch ná Maracó, ní fhéadfaí a mheas go bhfuil an Chóiré mar gheilleagar an-fhorbartha ina rogha mhalartach réasúnach le haghaidh Mharacó (14).

(59)

Mar sin féin, mheas an Coimisiún, seachas sonraí a úsáid le haghaidh táirgeoirí ARW de chuid na Brasaíle, go raibh sé níos réasúnaí úsáid a bhaint as na sonraí a bhí ar fáil le haghaidh an táirgeora chomhoibríoch, Hands. Ní fhéadfaí costais SGA le haghaidh Hands a úsáid chun an gnáthluach a ríomh faoi réamhrá Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán, ós rud é nach raibh aon díolachán intíre ag Hands sa ghnáthchúrsa trádála. Mar sin féin, mar athróg ionadach le haghaidh na gcostas SGA a bhaineann le díolacháin intíre Hands, mheas an Coimisiún go mbeadh SGA le haghaidh na ndíolachán uile ó Hands ina rogha mhalartach réasúnach. Thairis sin, leis an imscrúdú níor léiríodh aon difríocht idir costais SGA le haghaidh díolacháin intíre agus costais SGA le haghaidh díolacháin onnmhairiúcháin, ós rud é gur leithdháileadh na costais ábhartha uile ar láimhdeachas. Ina theannta sin, bhí an líon díolachán a rinne Hands i Maracó chomh beag sin, nach bhféadfaí aon chomparáid fhóinteach a dhéanamh. Fíoraíodh sonraí Hands agus bhain siad le díolacháin de chuid cuideachta atá lonnaithe i Maracó, nach dtáirgeann ná nach ndíolann ach ARW. Ina theannta sin, leis na sonraí sin níor cumhdaíodh ach an tréimhse imscrúdúcháin. Measann an Coimisiún nach bhfuil úsáid sonraí de chuid na Brasaíle chomh réasúnach sin ós rud é gur bhain an fhaisnéis a bhí ar fáil le 2019, agus gur cumhdaíodh táirgí agus láithreáin táirgthe iomadúla i roinnt tíortha léi. Na costais SGA a bunaíodh dá réir sin ar bhonn shonraí Hands féin, arna gcoigeartú le haghaidh ítimí nach mbaineann go díreach le táirgeadh an táirge lena mbaineann agus ítimí nár réadaíodh, bhí siad cothrom le 12 % – 16 %.

(60)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Hands a mhaíomh gurbh í an Chóiré an rogha ba iomchuí chun leibhéal na gcostas SGA agus na mbrabús a chinneadh ar mhaithe le gnáthluach Hands a ríomh, ós rud é gur bhain na sonraí sin le máthairchuideachta Hands. Dar le Hands, níor bhain sé le hábhar nach comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche atá sa Chóiré agus sa Mharacó toisc nach rud ábhartha í forbairt eacnamaíoch na tíre ionadaíoch ach amháin i gcás chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a(a) den bhun-Rialachán nuair is ann do shaobhadh suntasach, rud nach amhlaidh i gcás Mharacó.

(61)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Is fíor go n-úsáidtear an téarma “leibhéal forbartha eacnamaíche […] atá cosúil” in Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir an leibhéal forbartha eacnamaíche a bheith ina fhachtóir ábhartha chun a chinneadh an mbeadh sé réasúnta tír seachas Maracó a úsáid chun leibhéal iomchuí a chinneadh i leith na gcostas SGA faoi Airteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán. Mheas an Coimisiún nach mbeadh úsáid sonraí ó tháirgeoirí ARW i ngeilleagar ardfhorbartha níos réasúnta ná úsáid a bhaint as sonraí ó thír a bheadh níos cosúla ó thaobh na forbartha eacnamaíche de, mar a mhínítear in aithris (58) thuas.

(62)

Mhaígh Hands freisin nár thug an Coimisiún aghaidh ar aon cheann dá mhaímh maidir leis na sonraí ón mBrasaíl a úsáideadh sa Rialachán sealadach. Ós rud é gur baineadh úsáid as sonraí Hands féin seachas as na sonraí ón mBrasaíl áfach, d’fhág sin go raibh na maímh sin neamhábhartha. D’áitigh Hands gurbh é an t-aon chúis amháin a bhí le haistriú ó shonraí na Brasaíle go sonraí Hands féin go mbeadh sé níos áisiúla don Choimisiún. Mar a mhínigh an Coimisiún in aithris (59) thuas, áfach, chinn sé go raibh sonraí Hands féin níos réasúnta ná sonraí na Brasaíle, agus ní hamhlaidh go raibh siad níos áisiúla. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(63)

Tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh Rialtas Mharacó, Dika agus Lámha le costais SGA Hands a úsáid chun an gnáthluach a ríomh.

(64)

Ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Rialtas Mharacó agus Rialtas Dika nach raibh úsáid costais SGA Lámha i gcomhréir le hAirteagal 2.2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT. Luaigh an dá pháirtí dá n-aire go mbaineann “aon mhodh réasúnach eile” in Airteagal 2.2.2(iii) de Chomhaontú Frithdhumpála EDT le fiosrúchán i dtaobh an bhfuil an méid le haghaidh brabús ag teacht leis an gcorrlach brabúis a dhéanfaí dá ndíolfaí an táirge atá faoi bhreithniú i ngnáthchúrsa trádála sa tír is onnmhaireoir. Luaigh na páirtithe freisin gur thagair costais SGA a d’úsáid an Coimisiún do chostais onnmhairiúcháin SGA amháin, ar costais iad nach féidir leo, de réir sainmhíniú, a bheith cosúil leis an gcorrlach brabúis a mbainfí amach dá ndíolfaí an táirge atá faoi bhreathnú sa ghnáthchúrsa trádála i Maracó. Ar deireadh, d’áitigh Dika nach bhféadfaí seiceáil fhíorasach a dhéanamh ar an bhfíoras go raibh costais SGA Hands le haghaidh onnmhairiú ina bhonn réasúnach lena dhíolacháin intíre toisc nach raibh aon díolachán intíre ag Lámha.

(65)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Hands go bunúsach go raibh úsáid a chostas SGA féin in aghaidh litir agus réasúnaíocht Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán toisc nach raibh aon díolachán intíre ag Lámha sa ghnáthchúrsa trádála. De réir Hands, d’úsáid an Coimisiún cur i bhfeidhm Airteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán chun dul timpeall ar an bhfíoras nach bhféadfadh sé dul i muinín riail ghinearálta Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán lena gceanglaítear go ndéanfaí na ndíolacháin le linn an ghnáthchúrsa trádála.

(66)

Thug an Coimisiún dá aire gurb é feidhm ghinearálta Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán (agus Airteagal 2.2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT) costas a shuí a bheadh cosúil leis an gcorrlach brabúis chomh maith leis na costais SGA a bheadh ann i gcás an táirge comhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir. Baineann “aon mhodh réasúnach eile” in Airteagal 2.2.2(iii) de Chomhaontú Frithdhumpála EDT le fiosrú an toradh é an cinneadh ar an méid le haghaidh brabús agus costais SGA ar bhreithniú réasúnaithe ar an bhfianaise atá ar fáil. I ndáil leis sin, murab ionann agus an méid a mhaígh Dika agus Hands, thug an Coimisiún dá aire freisin, agus an fhianaise uile a bhí ar fáil á breithniú aige, nár úsáid sé costais SGA le haghaidh díolacháin onnmhairiúcháin nó costais SGA le haghaidh díolacháin intíre nach ndearnadh sa ghnáthchúrsa trádála; ina ionad sin, d’úsáid an Coimisiún na costais SGA a bhain leis na díolacháin uile a rinne Hands mar ionadaí réasúnta.

(67)

Mheas an Coimisiún go bhfuil sé réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán (agus Airteagal 2.2.2(iii) de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála) costais SGA a úsáid le haghaidh díolacháin Hands uile mar ionadach ar na costais SGA a bheadh ann i gcás an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála i margadh intíre na tíre onnmhairiúcháin ar chúiseanna éagsúla.

(68)

Ar an gcéad dul síos, níor chuir Hands féin i gcoinne an fhíorais go mbeadh costais SGA ar a chuid idirbheart go léir cosúil leis an méid a bheadh ar a dhíolacháin intíre, dá mba rud é go raibh díolacháin den sórt sin aige. Os a choinne sin, trí chostais iomlána SGA arna dtabhú a leithdháileadh ar láimhdeachas mar a mhínítear i mír (45) den doiciméad nochta deiridh, d’aithin Hands go bhfuil na costais sin comhionann beag beann ar na margaí geografacha éagsúla ina ndéantar na díolacháin.

(69)

Ar an dara dul síos, dheimhnigh an chaoi ar bunaíodh Hands agus an chaoi ar dhéileáil sé le díolacháin i margadh atá faoi thionchar na tairiscintí freisin gur léiriú é leithdháileadh na gcostas SGA a tuairiscíodh (bunaithe ar an láimhdeachas beag beann ar cheann scríbe geografach an táirge) ar an réaltacht. Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ní fhéadfaí aon difreáil maidir leis an bpróiseas díolacháin agus na costais ghaolmhara a bhaineann leis idir na margaí a thabhairt faoi deara, cé gur sa Chóiré a rinne máthairchuideachta Hands codanna den phróiseas sin.

(70)

Ar an tríú dul síos, ní de réir an mhargaidh a roinneadh nósanna imeachta tairisceana ARW, chomh maith leis na nósanna imeachta sin ina raibh Hands rannpháirteach, ach de réir cliant (e.g. déileáladh le haon tairiscint le haghaidh ARW a dhíoltar le táirgeoir gluaisteán X, bíodh siad á seachadadh ar deireadh san Aontas nó i Maracó, ag ceanncheathrú an táirgeora gluaisteán X). Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ó thaobh costais SGA Hands de, nár bhain sé le hábhar dá mbeadh ábhar idirbhirt le caitheamh i Maracó nó, mar shampla, sa Fhrainc. Dá réir sin, b’ionann costais SGA Hands a mbaineadh amach ar a chuid idirbheart go léir agus ionadaí réasúnta ar na costais SGA a bheadh ann sa ghnáthchúrsa trádála i Maracó.

(71)

Tar éis an nochta deiridh breise, d’áitigh Hands nár leithdháileadh na costais SGA go léir de réir láimhdeachais toisc go raibh na costais a bhain hiompar, mar shampla, bunaithe ar chostais iarbhír de réir an mhargaidh. Ina theannta sin, agus ar an gcúis chéanna, líomhnaítear nach raibh údar le tagairt do na tairiscintí agus don phróiseas tairisceana toisc nár chuimsigh sin na dálaí éagsúla seachadta agus iompair a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ag brath ar an margadh. Ar deireadh, d’áitigh Hands go bhféadfadh an ghníomhaíocht díolacháin a bheith difriúil do gach margadh. Dá bhrí sin, d’áitigh Hands gur sháraigh an Coimisiún an bun-Rialachán agus sonraí Hands féin á roghnú aige mar shonraí réasúnta chun gnáthluach Hands a ríomh.

(72)

Níor luadh sa mhaíomh go ndearnadh costais SGA Hands ar a chuid idirbheart go léir a choigeartú chun go mbeadh siad cosúil leis an méid a bheadh i gceist lena chostais SGA don táirge comhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála i margadh intíre na tíre onnmhairiúcháin. Mar a mhínítear sa nochtadh deiridh breise, agus mar a chuir Hands fáilte roimhe ina bharúlacha ina dhiaidh sin, baineadh costais a bhain le hiompar ó na glandíolacháin agus ó na costais SGA iomlána agus, dá bhrí sin, níor cuireadh san áireamh iad sna ríomhanna SGA. Ba iad costais a bhain le hiompar an t-aon ítim chostais amháin a shainaithin Hands ina chostais SGA mar ítim a bhain go sonrach le margaí geografacha. Maidir le costais eile a bhaineann le díolacháin, níorbh fhéidir aon difríocht shuntasach a aithint idir na margaí. Cé nach raibh roinnt costais eile a bhaineann le díolacháin comhghaolaithe go díreach leis na nósanna imeachta tairisceana, mar a d’áitigh Hands, ní chiallaíonn sé sin nach raibh tionchar ag eagrú na nósanna imeachta tairisceana agus an caidreamh le cliaint ar na costais sin. Mar a leagtar amach sna haithrisí thuas, chinn an Coimisiún go raibh baint ag roinnt costas, amhail costais a bhaineann le hiompar, leis an margadh agus bhain sé na costais sin. Ní raibh baint ag costais eile leis an margadh mar gheall ar an margadh faoi stiúir na dtairiscintí nó toisc go raibh baint acu le hoibríochtaí (tuarastail, airgeadais nó eile) nár difreáladh de réir margaí geografacha, mar gheall ar a chineál agus ar chomhdhéanamh na cuideachta, Thairis sin, leithdháil an chuideachta féin na costais uile nach mbaineann le hiompar ar láimhdeachas gan idirdhealú a dhéanamh idir margaí geografacha.

(73)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh breise, seachas maímh a dhéanamh i ndáil le tuiscint an Choimisiúin ar an gcaoi ar tuairiscíodh a chostais SGA, rud a dtugtar aghaidh air thuas, níor thug Hands bunús breise lena mhaíomh gur sáraíodh an bun-Rialachán. Go háirithe, níor thug Hands aon bharúil maidir leis an míniú ón gCoimisiún a tugadh in aithris (74) inar tugadh aghaidh ar an gcuid sin de bharúlacha Hands maidir leis an nochtadh deiridh. Theip ar Hands a mhíniú cén fáth a raibh an figiúr do chostais SGA a d’úsáid an Coimisiún, figiúr nach raibh costais a bhaineann le hiompar san áireamh ann, ina ionad míréasúnta don mhéid a bheadh i gceist lena chostais SGA don táirge comhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála i margadh intíre na tíre onnmhairiúcháin. Ar deireadh, seachas easaontú le cur chuige an Choimisiúin, ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh breise, níor léirigh Hands go raibh rogha eile níos réasúnta ann. Go háirithe, níor chuir Hands ná aon pháirtí leasmhar eile aon bharúil ar fáil maidir le míniú an Choimisiúin, a thugtar in aithris (75), maidir leis an bhfáth nach raibh na roghanna malartacha a breithníodh le linn an imscrúdaithe níos réasúnaí ná sonraí Hands féin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(74)

Níor chuir aon cheann de na páirtithe leasmhara fianaise dhiongbháilte ar fáil maidir leis an bhfáth nár ionadaí réasúnta iad na costais SGA le haghaidh na ndíolachán go léir. Maidir leis an easpa díolachán inchomparáide sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre, chuir an Coimisiún in iúl gurb é is cuspóir d’Airteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán (chomh maith le hAirteagal 2.2.2(iii) de Chomhaontú Frithdhumpála EDT) méid a fháil a bheadh comhchosúil leis an méid a bheadh i gceist leis na costais SGA go díreach toisc nach ann do dhíolacháin den sórt sin. I bhfianaise na staide ar leith maidir leis an gcaoi ar dhíol Hands a ARWanna agus inar leithdháil sé a chostais SGA, chomh maith leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an margadh ar ar fheidhmigh sé, d’úsáid an Coimisiún an t-ionadaí ceart.

(75)

Níor chuir aon pháirtí leasmhar rogha eile níos réasúnta ar fáil. Go deimhin, ní raibh na roghanna malartacha, IOCHPE MAXION S.A. sa Bhrasaíl nó Hands Corporation sa Chóiré, níos ionadaíche ar an méid a bheadh i gceist leis na costais SGA don táirge comhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála i margadh intíre na tíre onnmhairiúcháin. Murab ionann agus costais SGA Hands, bheadh costais SGA a tógadh ón mBrasaíl i bhfad ón táirge comhchosúil (a bhaineann den chuid is mó le díol táirgí nach ARW iad). Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin nuair atáthar ag plé le táirge a dhíoltar ar bhealach an-sonrach, mar is amhlaidh sa chás seo, a mhéid nach mór roghanna malartacha den sórt sin a dhícháiliú. Maidir leis an rogha mhalartach atá bunaithe ar shonraí ón gCóiré, mhínigh an Coimisiún cheana féin go bhféadfadh sé nach rogha réasúnta a bheadh sna sonraí sin i bhfianaise na ndifríochtaí idir Maracó agus an Chóiré ó thaobh na forbartha eacnamaíche de, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar leibhéal costas agus brabús na gcuideachtaí.

(76)

Ar deireadh, ní raibh an tagairt don chorrlach brabúis a úsáideadh i mbunú an ghnáthluacha ríofa a rinne Dika ábhartha. Ní raibh an corrlach brabúis bunaithe ar dhíolacháin Hands, ach ar an spriocbhrabús a socraíodh do thionscal an Aontais agus arna theorannú leis an mbrabús a dhéanann onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile de ghnáth ar dhíolacháin táirgí den chatagóir ghinearálta chéanna i margadh intíre na tíre tionscnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán.

(77)

Rinne Hands roinnt maíomh freisin maidir le hearráidí i ríomh chostais SGA Hands. Ghlac an Coimisiún le maíomh amháin a bhain le baint na gcoimisiún ar dhíolacháin ó chostais SGA Hands agus dhiúltaigh sé do na maímh eile. Rinneadh an corrlach dumpála a athríomh dá réir sin. Cuireadh na cúiseanna ar diúltaíodh do chuid de na maímh ar fáil do Hands sa nochtadh deiridh breise. Níor cuireadh aon fhaisnéis nua ar aghaidh maidir leis na maímh sin in aighneacht Hands tar éis an nochta deiridh breise.

(78)

Tar éis an nochta deiridh breise, thagair Hands freisin dá bharúlacha roimhe seo maidir leis an nochtadh deiridh, inar áitigh sé nár cheart don Choimisiún foirmle a úsáid chun cóimheas costais SGA ar láimhdeachas a thiontú ina chóimheas costais SGA in aghaidh chostas na n-earraí a dhíoltar, ach ina ionad sin gur ríomh sé costais SGA ar chostas fíoraithe iarbhír na n-earraí a dhíol Hands. Mar sin féin, bhí an méid sin bunaithe ar mhíthuiscint ós rud é nár ríomh an Coimisiún costais SGA ar chostas na n-earraí a díoladh, ach ar chostas na monaraíochta. Chomh maith leis sin, níor chuir Hands aon mhíniú ar fáil ar an bhfáth nárbh iomchuí úsáid a bhaint as costas na monaraíochta, seachas costas na n-earraí a díoladh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Taispeánadh na ríomhanna ábhartha sa nochtadh deiridh agus soiléiríodh iad sa nochtadh deiridh breise. Ar an gcéad dul síos, shainaithin an Coimisiún, bunaithe ar chostais iarbhír Hands, méid iomlán na gcostas SGA, a cuireadh in iúl ina dhiaidh sin mar chéatadán den luach iomlán díolacháin. Ansin, in éineacht le céatadán an bhrabúis, cuireadh an céatadán le haghaidh costais SGA leis an gcostas monaraíochta chun an gnáthluach a ríomh.

(79)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir EUWA i gcoinne an mhodha a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh ós rud é nach leigheasfaí leis an dleacht dumpála a tháinig as sin an dumpáil dhíobhálach a bhain do thionscal an Aontais. Seachas sin, d’áitigh EUWA gur cheart spriocbhrabús na dtáirgeoirí san Aontas a bhunaítear in aithris (160) den Rialachán sealadach a chur i bhfeidhm sna ríomhanna dumpála, ós rud é go dtiocfadh gnáthluach níos réasúnaí as sin.

(80)

Níor aontaigh an Coimisiún le EUWA gur thug toradh na ríomhanna údar leis an ngá le brabús níos airde a chur i bhfeidhm chun an gnáthluach a ríomh. Mar sin féin, chinn an Coimisiún gan na sonraí de chuid na Brasaíle a úsáid a thuilleadh ina ríomhanna mar a mhínítear in aithrisí (44) agus (45) thuas ach filleadh ar shonraí fíoraithe Hands féin ina ionad sin chun costais SGA i Maracó a ríomh. Ar an taobh eile, ní fhéadfaí brabús réasúnach le haghaidh Hands a chinneadh bunaithe ar na sonraí fíoraithe, ós rud é nach raibh díolacháin na cuideachta brabúsach le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ina ionad sin, chinn an Coimisiún úsáid a bhaint as an mbunbhrabús a bunaíodh le haghaidh thionscal an Aontais faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta mar rogha mhalartach réasúnach ar na cúiseanna a leagtar amach thíos.

(81)

Díolann táirgeoirí ARW de chuid an Aontais agus Mharacó leis na cliaint chéanna i margadh aonfhoirmeach, mar a dtéann siad in iomaíocht sna tairiscintí céanna, agus tá monarchana acu ag a bhfuil leagan amach comhchosúil agus go háirithe costais chomhchosúla acu. Dá bhrí sin, ba cheart coinne a bheith ann leis go mbainfidh siad brabúis inchomparáide amach in imthosca inchomparáide. Chun an gnáthluach a ríomh faoi Airteagal 2(6)(c), chuir an Coimisiún i bhfeidhm dá réir sin an bunbhrabús de 7,9 % mar a bhunaítear in aithris (158) den Rialachán sealadach, ar chuir sé caidhp bhrabúis i bhfeidhm maidir leis mar a cheanglaítear faoi Airteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán.

(82)

Maidir leis sin, mhaígh EUWA go dtugtar discréid don Choimisiún le hAirteagal 2(6)(c) den bhun-Rialachán gan an chaidhp a chur i bhfeidhm i bhfianaise imthosca sonracha an cháis. De réir EUWA, ní dheachaigh an Coimisiún i muinín táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna le ARW chun an chaidhp a chur i bhfeidhm. Tá sé beartaithe go ndéanfaidh tionscail iartheachtacha tuilleadh próiseála ar an gcatagóir táirge a úsáideann an Coimisiún, rud a léirítear leis an bhfíoras go ndéantar ARW agus na táirgí a úsáideann an Coimisiún a aicmiú san ainmníocht staidrimh faoi chaibidlí éagsúla. De réir EUWA, ní fhéadfaí a mheas dá bhrí sin go bhfuil siad sa chatagóir táirgí ghinearálta chéanna. Go deimhin, mhaígh EUWA nach ann d’aon díolachán ar chor ar bith i Maracó, ar díolacháin táirgí den chatagóir ghinearálta chéanna le ARW iad.

(83)

D’áitigh EUWA ansin nach bhfuil aon oibleagáid ar an gCoimisiún an chaidhp a chur i bhfeidhm i staid nach ann d’aon díolachán táirgí den chatagóir ghinearálta chéanna i margadh intíre na tíre tionscnaimh. Ina theannta sin, d’áitigh sé nach bhfuil cur i bhfeidhm na caidhpe beartaithe ach chun cur i bhfeidhm ardleibhéal brabúis atá ró-ard a sheachaint i ríomhanna an ghnáthluacha. Luaigh EUWA gurb amhlaidh, ina thuairim, nach mbeadh leibhéal brabúis 8,3 % (an spriocbhrabús neamhdhíobhála a suíodh sa Rialachán sealadach) iomarcach, ach go raibh brabús ar cuireadh uasteorainn 4,16 % leis, arna cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún, neamh-leordhóthanach.

(84)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ós rud é go gceanglaítear cur i bhfeidhm na caidhpe leis an mbun-Rialachán, agus go dtacaítear leis freisin le roinnt tuarascálacha ó phainéal an Chomhlachta um Réiteach Díospóidí (15). Dá réir sin, níl aon discréid ag an gCoimisiún a chinneadh, rud atá contrártha do mhaíomh EUWA, gan an chaidhp a chur i bhfeidhm.

(85)

Agus a oibleagáid á comhlíonadh aige chun caidhp bhrabúis a chur i bhfeidhm, áfach, tá lamháil discréide leathan ag an gCoimisiún chun an chaidhp sin a chinneadh. Rinne EUWA trácht ar oiriúnacht na catagóire ginearálta arna cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún sa Rialachán sealadach, ach níor mhol sé aon cheann malartach, gan trácht ar aon cheann níos iomchuí. Cé nach ard go leor an chaidhp bhrabúis dar le tionscal an Aontais, ní fhágann sin nach bhfuil an chaidhp féin réasúnach, iomchuí ná ceart. Dá bhrí sin, in éagmais roghanna malartacha níos oiriúnaí arna gcur ar aghaidh ag na páirtithe, choinnigh an Coimisiún ar bun an chaidhp bhrabúis 4,16 % mar a leagtar síos in aithris (64) den Rialachán sealadach.

(86)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh EUWA a mhaíomh gur úsáideadh leibhéal ró-íseal brabúis (an uasteorainn bhrabúis) chun an gnáthluach a ríomh. Mar sin féin, ós rud é nár chuir EUWA aon fhaisnéis nua ar fáil nó gur mhol sé aon mhodh malartach chun an uasteorainn bhrabúis a shuí, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

3.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(87)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (66) go (68) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúil maidir leis an modheolaíocht sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí sealadacha.

3.4.   Comparáid

(88)

Tar éis an nochta shealadaigh níor thug aon pháirtí leasmhar barúil maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun an praghas onnmhairiúcháin a chur i gcomparáid leis an ngnáthluach ríofa. Dá réir sin, dheimhnigh an Coimisiún aithrisí (69) agus (70) den Rialachán sealadach.

3.4.1.   Corrlach dumpála

(89)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála tar éis maímh ó pháirtithe leasmhara mar a thuairiscítear in aithrisí (57) go (59) agus (77). I dteannta na maíomh sin, chuir Dika agus EUWA araon i gcoinne mhodh an Choimisiúin a úsáideadh chun an dleacht iarmharach a bhunú.

(90)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Dika gur socraíodh an dleacht iarmharach ar leibhéal ró-ard. Trí úsáid a bhaint as na corrlaigh dhumpála is airde mar fhíorais ar fáil, ghearr an Coimisiún pionós ar Dika as a neamh-chomhoibriú. De réir Dika, toirmeasctar sin le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán chomh maith le forálacha EDT comhfhreagracha.

(91)

Mar sin féin, luaigh an Painéal an méid seo a leanas i ndíospóid eile EDT (Canada – Welded Pipe): “Is féidir gur fánach a bhfuil idir, ar thaobh amháin, comhar a dhreasú agus imchéimniú a chosc agus, ar an taobh eile, onnmhaireoirí neamh-chomhoibríocha a phionósú” (16). Maidir leis sin, ní féidir “dul thar a raibh iomchuí agus riachtanach chun go mbainfear amach na cuspóirí a bhaineann le comhar a spreagadh agus imchéimniú a chosc” (17). I dtuairim an Choimisiún, is é sin cuspóir beacht an mhodha a úsáideadh sa Rialachán sealadach. Le haithris (73) den Rialachán sin míníodh gur chuir an Coimisiún i bhfeidhm an corrlach dumpála is airde a suíodh le haghaidh na gcineálacha táirgí a dhíol Hands i gcainníochtaí ionadaíocha, rudaí a sheasann do thart ar 50 % d’onnmhairí uile Hands chuig an Aontas.

(92)

Agus cineálacha táirgí á roghnú a sheasann do 50 % d’onnmhairí Hands chuig an Aontas, chuir an Coimisiún modh réasúnach i bhfeidhm bunaithe ar mheasúnú ar an bhfaisnéis uile a bhí ar fáil. Tá an méid sin i gcomhréir freisin le himscrúduithe a rinneadh roimhe sin agus leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta ina breithiúnas maidir le rothaí bóthair cruach ón tSín: “cé gur thug na hiarratasóirí tuairisc ar an gcorrlach dumpála iarmharach mar “pionósach”, is ar bhonn coiteann a chinn an Coimisiún an corrlach sin seachas ar bhealach treallach ná pionósach, ach tar éis dó a shuí gur mhainnigh sampláil agus chuir sé Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm go cuí maidir leis na hiarratasóirí. Bunaíodh an corrlach iarmharach sin ar bhonn cion d’onnmhairí an táirgeora onnmhairiúcháin aonair nach raibh neamhshuntasach, ionas nach bhfuil údar le húsáid aicmiúcháin den sórt sin maidir leis an gcorrlach sin, is cuma cé chomh hard atá sé” (18). Tá ionadaíochas 50 % de na méideanna onnmhairí, mar a thuairiscítear in aithris (57) thuas, cosúil leis an gceann a úsáideadh in imscrúduithe frithdhumpála eile nó tá sé níos airde ná sin (19).

(93)

Ríomh an Coimisiún an dleacht iarmharach ar bhonn modheolaíocht bhunaithe ag úsáid sonraí fíoraithe, i gcomhréir le himscrúduithe roimhe sin mar a mhínítear in aithris (58) thuas. Ina theannta sin, bhí na sonraí a úsáideadh chun an dleacht iarmharach a bhunú ionadaíoch i bhfianaise na faisnéise arna soláthar leis na cineálacha táirgí arna n-allmhairiú ó na cuideachtaí de chuid Mharacó. Cé go bhfuil an toradh níos ísle ná mar ba mhian le EUWA, nó níos ísle ná an dleacht a socraíodh ar allmhairí ón tSín, ní dhéantar neamhbhailí an modh sin.

(94)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Dika go raibh an dleacht iarmharach pionósach agus ró-ard, agus do mhaíomh EUWA go raibh an dleacht iarmharach ró-íseal agus ina bónas le haghaidh neamh-chomhoibriú.

(95)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Dika a mhaíomh go raibh an modh chun an dleacht iarmharach a shuí pionósach agus nár mhínigh an Coimisiún conas a chinn sé go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh iomchuí nó go raibh sé ag úsáid na faisnéise is feiliúnaí chun an dleachtráta a shuí do Dika. Sa bhreis air sin, mhaígh Dika go raibh an modh sin toirmiscthe ag Painéal EDT in China - GOES inar sonraíodh gur “dul i muinín na bhfíoras atá ar fáil, ní rud é sin atá ceaptha chun comhar ó pháirtithe leasmhara a spreagadh trí corrlaigh dumpála iomarcacha a chinneadh”. Rinne Rialtas Mharacó maímh comhchosúla.

(96)

Mar sin féin, ní raibh aon “corrlaigh dumpála iomarcacha” ann mar thoradh ar an dleacht iarmharach arna shuí sa chás reatha. Measadh go raibh an modh a úsáideadh chun an dleacht iarmharach a shuí réasúnta toisc go raibh sé bunaithe ar chorrlaigh dhumpála na gcineálacha táirgí arbh ionann iad agus 50 % d’onnmhairí Hands agus, dá bhrí sin, a bhí an-ionadaíoch. Ina theannta sin, b’ionann na cineálacha táirgí sin agus beagnach 25 % d’onnmhairí Dika. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(97)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Dika freisin gur cheart corrlaigh dhumpála agus dhíobhála aonair a ríomh le haghaidh na cuideachta, ós rud é go léirítear le hAirteagail 9(5) den bhun-Rialachán agus 6.10 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT gur cheart na corrlaigh aonair sin a ríomh le haghaidh gach soláthróra gan beann ar a leibhéal comhair.

(98)

Cé nach rabhthas in ann corrlaigh aonair a ríomh ar bhonn shonraí na cuideachta féin, mar a mhínítear thuas in aithrisí (26) go (48), is táirgeoir de chuid Mharacó é Dika a bhfuil aithne ag an gCoimisiún air, agus beidh sé faoi réir dleacht frithdhumpála a bhaineann go sonrach le cuideachta ar leibhéal na dleachta iarmharaí. Dá bhrí sin, ghlac an Coimisiún leis an maíomh a mhéid a chinn sé ráta dleachta aonair a bhunú le haghaidh Dika tríd an gcuideachta agus a ráta dleachta a shainaithint go haonarach sna codanna ábhartha den Rialachán seo.

(99)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh Dika a iarraidh ar ríomhanna dumpála agus corrlaigh díobhála a fháil chomh maith le ríomhanna sladghearrtha praghais agus sochta praghsanna do Dika. In éagmais nochtadh den sórt sin, d’áitigh Dika go raibh cosc air tairiscint gealltanais praghais a chur isteach agus an fhéidearthacht barúil fhóinteach a thabhairt ar thorthaí an Choimisiúin.

(100)

Mar sin féin, ar na cúiseanna céanna a leagtar amach in aithrisí (46) agus (48) agus mar a mhínítear freisin do Dika tar éis na hiarrataí nochta sin tar éis an nochta shealadaigh agus nochtadh deiridh araon, níorbh fhéidir nochtadh sonrach a dhéanamh do Dika. Ós rud é nár ríomhadh aon chorrlach aonair dumpála nó díobhála le haghaidh Dika, níor nochtadh aon ríomh. Ina theannta sin, bhí na ríomhanna chun an dleacht iarmharach a chinneadh (is infheidhme maidir le Dika) bunaithe ar shonraí fíoraithe Hands, sonraí nárbh fhéidir a nochtadh do Dika ar chúiseanna rúndachta. Sa Rialachán sealadach, san fhaisnéis a cuireadh ar fáil do Dika tar éis an nochta shealadaigh (20), sa doiciméad nochta deiridh agus sa Rialachán reatha, bhí na fíorais agus na breithnithe uile ar ar bhunaigh an Coimisiún a thogra agus a chinneadh bearta sealadacha agus cinntitheacha a fhorchur ar ARW ó Mharacó chomh maith leis an modheolaíocht a úsáideadh chun an dleacht iarmharach is infheidhme maidir le Dika a ríomh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(101)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

HANDS 8 S.A.

9,01  %

DIKA MOROCCO AFRIKA S.A.R.L

17,54  %

Gach cuideachta eile

17,54  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(102)

In éagmais aon mhaíomh ná barúil ghaolmhar, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (75) agus (76) den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(103)

Mhaígh ACEA go ndearnadh an t-aonad comhshó mar a shonraítear in aithris (78) den Rialachán sealadach chun tomhaltas an Aontais a shuí ar bhealach mícheart le haghaidh Mharacó bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag Hands agus Úsáideoir A maidir le hallmhairí ó Mharacó. Bhí úsáideoir A ar cheann den dá úsáideoir a bhí ag comhoibriú leis an imscrúdú, agus ghlac an Coimisiún lena iarraidh ar anaithnideacht. Ba cheart an cóimheas tiontaithe a bheith cothrom le 13,5 kg in aghaidh an aonaid, de réir ACEA. I gcás an Tuirce, ríomh ACEA gur cheart go mbeadh an cóimheas comhshó 9,3 kg in aghaidh na hítime. Bhí an ríomh sin bunaithe ar fhaisnéis a sholáthair comhalta de chuid ACEA nár chomhoibrigh leis an imscrúdú (“an t-úsáideoir neamh-chomhoibríoch”) agus nár chuir isteach freagra ar an gceistneoir riamh.

(104)

Chun a chóimheas comhshó a bhunú, d’úsáid an Coimisiún na freagraí ar an gceistneoir a chuir Hands, Dika agus na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais isteach. Dá réir sin suíodh an meánmheáchan ualaithe in aghaidh an aonaid le haghaidh rothaí de chuid Mharacó ar bhonn na faisnéise a thuairiscigh an dá tháirgeoir, i.e Hands agus Dika. 11,3 kg in aghaidh na hítime a bhí sa cóimheas comhshó a suíodh. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair ACEA aon fhianaise thacaíochta maidir leis an gcóimheas tiontaithe a líomhnaítear a sholáthair Hands dó. In aon chás, ní raibh an cóimheas sin ag teacht leis an bhfaisnéis a sholáthair Hands ina fhreagra fíoraithe ar an gceistneoir. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(105)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA nár cheart sonraí Dika a áireamh sa chóimheas comhshó toisc gur diúltaíodh do shonraí díolacháin i leith onnmhairí na cuideachta faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(106)

Rinne an Coimisiún na sonraí ó Dika a eisiamh chun an cóimheas comhshó a shuí. Ba é an toradh a bhí air sin nach raibh aon athrú ar luach 11,3 kg in aghaidh an earra. Is é is cúis leis sin ualach measartha íseal fhigiúirí Dika sa tacar sonraí foriomlán ina raibh ní hamháin Hands ach na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais freisin. Ní raibh in Dika ach 10 % — 15 % de líon foriomlán na n-ítimí a breithníodh. Dá bhrí sin, deimhníodh an cóimheas comhshó a ríomhadh ag an gcéim shealadach.

(107)

Maidir leis an Tuirc, chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil an cóimheas comhshó arna ríomh ag ACEA bunaithe ar mheáchan iomlán 1 680 thona a sheas do thart ar 1,7 % de líon iomlán na n-allmhairí ón Tuirc (thart ar 94 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin). Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún go raibh an ríomh sin cruinn go leor.

(108)

Tar éis an nochta deiridh, thagair ACEA d’fhoilseán a bailíodh ar an láthair ó Úsáideoir B agus chuir sé faisnéis bhreise isteach freisin ó Úsáideoir B a thacaíonn lena mhaíomh. Bhí úsáideoir B ar cheann den dá úsáideoir a bhí ag comhoibriú leis an imscrúdú, agus ghlac an Coimisiún lena iarraidh ar anaithnideacht. Mheas ACEA, bunaithe ar na sonraí ó Úsáideoir B agus ar na sonraí ón úsáideoir neamh-chomhoibríoch, gur cheart go mbeadh an meáchan in aghaidh na hítime a úsáideann an Coimisiún mar chóimheas comhshó níos ísle ná 11.3 kg.

(109)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach ó Úsáideoir B. Úsáideoir B agus thug sé liosta de 30-45 cineál táirgí inar luadh an chainníocht iomlán agus an meáchan in aghaidh an chineáil táirge. Thug an Coimisiún dá aire nár cuireadh isteach ach doiciméad tacaíochta a léirigh an meáchan i gcás aon chineál táirge amháin. Maidir leis an bhfaisnéis bhreise a chuir ACEA ar fáil maidir le hÚsáideoir B, ní raibh an Coimisiún in ann í a fhíorú toisc gur cuireadh isteach rómhall í. Maidir leis an bhfaisnéis a chuir an t-úsáideoir neamh-chomhoibríoch ar fáil, arbh é a bhí inti scarbhileog achomair, ní raibh an Coimisiún in ann í a fhíorú de bharr easpa comhair an úsáideora sin ar an iomlán, agus dá bhrí sin ní fhéadfaí í a mheas chun críoch an imscrúdaithe seo. In aon chás, bhí an cóimheas comhshó iomlán athbhreithnithe arna ríomh ag ACEA bunaithe ar mheáchan iomlán de thart ar 3 900 tona, rud nach léiríonn ach thart ar 4 % de líon iomlán na n-allmhairí ón Tuirc.

(110)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún maidir leis na méideanna éagsúla a d’úsáid ACEA chun an cóimheas comhshó a shuí, roimh an nochtadh deiridh agus ina dhiaidh, nach bhféadfaí a mheas gur méideanna ionadaíocha iad ar na hallmhairí foriomlána. Sa bhreis air sin, mar a luaitear in aithris (78) den Rialachán sealadach, tá treocht an mhargaidh ag dul i dtreo trastomhas rothaí níos mó as a dtagann méadú ar an meáchan in aghaidh an aonaid. Deimhníodh an treocht sin leis an gcóimheas tiontaithe a ríomhtar bunaithe ar na freagraí ar na ceistneoirí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(111)

Dá thoradh sin, in éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí (77) go (80) agus (137) den Rialachán sealadach.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(112)

Mar a léiríodh san aithris thuas, diúltaíodh don mhaíomh maidir leis an méid agus dá bhrí sin deimhníodh praghsanna na n-allmhairí.

(113)

Dá bhrí sin, in éagmais maímh eile maidir leis na luachanna allmhairiúcháin iomlána, deimhníodh aithrisí (81) go (86) den Rialachán sealadach.

(114)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ACEA go ndearna an Coimisiún neamhaird de na dálaí iomaíochta i margadh ARW an Aontais trí neamhaird a dhéanamh den fhíoras go ndéantar rothaí OEM de réir ord agus trí dhíriú ar dhíolacháin iarbhír a rinne táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí ARW Mharacó le linn na tréimhse imscrúdúcháin, in ionad anailís a dhéanamh ar iomaíocht praghsanna agus díolacháin chaillte a tharla sna tairiscintí. Os a choinne sin, in imscrúdú roimhe seo (21) maidir le hallmhairí ARW, chuir an Coimisiún an cur chuige a d’iarr ACEA i bhfeidhm. Dá bhrí sin, mhaígh ACEA gur cheart gach anailís ar phraghsanna, lena n-áirítear sladghearradh agus gearrdhíol, a dhéanamh ar leibhéal na dtairiscintí.

(115)

Thug an Coimisiún aghaidh ar argóint chomhchosúil in aithris (192) thíos maidir le ríomhanna gearrdhíola. Go deimhin, níorbh fhéidir rogha na dtairiscintí aonair a chur in ionad na hanailíse a rinne an Coimisiún, ós rud é go raibh an anailís sin bunaithe ar na sonraí díolacháin iarbhír atá iomlán agus fíoraithe go cuí, i.e. liostú díolachán idirbheart agus comparáid praghsanna de réir cineáil arna dtíolacadh ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin. Leis an liostú sin, soláthraíodh luachanna iarbhír maidir leis an gcainníocht a díoladh agus a sonrascadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ar luachanna iad, mar a mhínítear in aithris (136), atá éagsúil go minic ar deireadh leis na luachanna a sholáthraítear i dtéarmaí tairisceana. Murab ionann agus an dara ceann, cuirtear lascainí agus lacáistí san áireamh sna sonraí díolacháin iarbhír, bíodh siad curtha siar nó ná bíodh, a eisíodh iarbhír agus a bhain leis an tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní léireodh anailís ar bhonn tairisceana go cruinn na dálaí iomaíochta ar mhargadh ARW. Thairis sin, níor cheistigh ACEA go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag ARWanna a tháirgtear i Maracó chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna agus atá ag na ARWanna a tháirgeann tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, murab ionann agus anailís bunaithe ar thairiscintí, léirigh an chomparáid in aghaidh an chineáil táirge i gceart an iomaíocht i bpraghsanna agus i méideanna idir na hallmhairí ó Mharacó agus díolacháin thionscal an Aontais ar mhaithe le sladghearradh praghais agus gearrdhíol praghais a shuí. Mar a léiríodh ina bharúlacha, mhínigh ACEA go léiríonn na conarthaí tairisceana líon na rothaí atá le soláthar agus thart ar líon na rothaí atá le soláthar, cé go gcomhaontaítear an líon cruinn de ghnáth laistigh de chúpla seachtain roimh an seachadadh, agus go mbraitheann rath samhla gluaisteán ar leith ar thomhaltóirí agus, dá bhrí sin, ar mhéid táirgeachta ARWanna. Le gach samhail gluaisteáin, d’fhéadfaí roinnt cineálacha ARWanna a thairiscint agus ní féidir le monaróirí gluaisteán díolacháin iomlána gach cineál a thuar i rith shaolré táirgthe na samhla gluaisteáin sin. Fiú dá ndéanfadh an Coimisiún breithniú ar na héifeachtaí ar phraghsanna ar leibhéal na dtairiscintí, thug sé faoi deara go raibh na sonraí a fuarthas maidir le tairiscintí neamhiomlán toisc nár tháinig siad ach ó dhá úsáideoir chomhoibríocha amháin agus nárbh fhéidir cros-seiceáil iomlán a dhéanamh orthu leis na sonraí a sholáthair tionscal an Aontais. Ina theannta sin, níor chomhoibrigh ceann de na húsáideoirí ba mhó leis an imscrúdú agus níorbh fhéidir na sonraí páirteacha a fuarthas thar a cheann ó ACEA a fhíorú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(116)

Tar éis an nochta shealadaigh mhaígh ACEA nach bhfuil ARWanna a bhaineann leis na sonraíochtaí céanna inionadaithe ós rud é go dtógtar gach ARW tar éis ordú ó mhonaróir gluaisteán le haghaidh samhail gluaisteáin shonrach. An dearadh chomh maith leis na hairíonna agus leis an mbailchríochnú, is é an ceannaitheoir a shainíonn iad sin uile. Tá gach roth uathúil don mhonaróir gluaisteán a d’ordaigh é: níl aon inionadaitheacht idir ARWanna atá beartaithe do mhonaróirí gluaisteán éagsúla.

(117)

Mheas an Coimisiún go raibh na bun-saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag na ARWanna uile, ar de thionscnamh thionscal an Aontais nó Mharacó nó tríú tíortha eile iad, de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. Mar a aimsíodh le linn an imscrúdaithe agus mar a shoiléirigh ACEA tar éis an nochta deiridh, féadfaidh gach táirgeoir deimhnithe do mhonaróirí gluaisteán áirithe dul san iomaíocht agus an cineál céanna rothaí a sholáthar do mhonaróirí na ngluaisteán. Mar shampla, léirigh doiciméad a sholáthair ACEA go raibh iliomad táirgeoirí deimhnithe atá lonnaithe san Aontas, Maracó, an Tuirc agus tríú tíortha eile san iomaíocht don chineál céanna ARW. Más gá, is féidir cineálacha éagsúla rothaí a fheistiú ar shamhail gluaisteáin áirithe seachas na ARWanna a shocraítear sna tairiscintí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(118)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ACEA a mhaíomh nach bhfuil aon idirmhalartaitheacht idir cineálacha éagsúla rothaí ós rud é gur rothaí OEM is ábhar don imscrúdú agus go dtagraíonn OEM de réir sainmhíniú do roth a tháirgeann monaróir le haghaidh branda gluaisteáin ar leith agus a bhfuil a thrádmharc cosanta ag cearta maoine intleachtúla air. Is cuid lárnach iad ARWanna den ghné ghinearálta agus de dhearadh gluaisteáin agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach i ngach gluaisteán den shamhail shonrach chéanna.

(119)

Mhaígh ACEA freisin nach raibh fianaise ag an gCoimisiún gur féidir cineálacha éagsúla rothaí a fheistiú ar shamhlacha gluaisteán áirithe agus ní hamháin ARWanna a chinntear sna tairiscintí. Is cuid lárnach iad ARWanna den ghné ghinearálta agus de dhearadh gluaisteáin agus ní mór dóibh a bheith comhsheasmhach i ngach gluaisteán den shamhail shonrach chéanna. De ghnáth caillfidh tomhaltóirí a mbarántas má chuireann siad páirteanna neamh-OEM in ionad ARWanna. Thug ACEA bunús lena mhaíomh ar bharántas bunaithe ar dhá dhoiciméad a d’eisigh dhá mhonaróir gluaisteán.

(120)

Mheas an Coimisiún nár mhaígh ACEA ná níor chuir sé fianaise bhreise ar fáil go raibh na bun-saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag na ARWanna uile, ar de thionscnamh an thionscal an Aontais nó Mharacó nó tríú tíortha eile iad, de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. Mheas an Coimisiún freisin, cé go bhféadfadh roinnt teorainneacha teicniúla a bheith ann nach gceadófaí do gach cineál rotha a bheith feistithe ar gach cineál samhlacha gluaisteán, go bhfuil leibhéal áirithe idirmhalartaithe idir na ARWanna a úsáidtear le haghaidh samhlacha gluaisteán éagsúla. Mar shampla, féadfaidh monaróir gluaisteán cinneadh a dhéanamh samhail gluaisteáin a athchóiriú trí oibriú ar chodanna seachtracha gluaisteáin, agus d’fhéadfadh samhail deartha ARWanna a bheith i gceist. Mar sin féin, tá an chuid is mó de shonraíochtaí teicniúla an ardáin gluaisteán comhionann i gcónaí. Dá bhrí sin, más gá, féadfaidh monaróir gluaisteán an tsamhail deartha ARW níos sine a fheistiú leis an ngluaisteán sin. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar tháirgeoirí ARWanna na múnlaí ó bhlianta roimhe seo a choinneáil ina n-áitreabh tar éis dheireadh an táirgthe. Dheimhnigh na táirgeoirí sampláilte san Aontas é sin, ar deonaíodh an tairiscint dóibh chun ARWanna a sholáthar le haghaidh samhail gluaisteán áirithe agus ina dhiaidh sin le haghaidh na samhla céanna gluaisteáin a athdhearadh.

(121)

Maidir leis an maíomh maidir le barántas, thug an Coimisiún faoi deara ar dtús nach raibh aon cheanglas ar na cineálacha rothaí atá le húsáid i gceann de na séanta baránta a soláthraíodh. Ar an dara dul síos, ní bhaineann an fhianaise a cuireadh ar fáil ach leis an tréimhse bharántais agus ní le saol inúsáidte iomlán an ghluaisteáin. Ar an tríú dul síos, léirigh an fíoras gurb ann do chainéal díolacháin iarmhargaidh ARWanna nach raibh an ceanglas maidir le páirteanna OEM a úsáid le haghaidh deisiúcháin i bhfeidhm i gcónaí tar éis dheireadh na tréimhse baránta agus go raibh sé ceadaithe go teicniúil agus go dleathach. Ar deireadh, bhain ceann amháin den dá dhoiciméad a chuir ACEA ar fáil le margadh SAM, ach ní raibh sé soiléir i gcás an chinn eile an mbaineann sé le margadh an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(122)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA nár ghabh na sonraíochtaí cineáil táirge (ar a dtugtar “uimhir rialaithe táirgí” nó “PCN”) saintréithe uile tionscadail ARW ar leith ná gach gné airgeadais de thairiscint ar leith. Mar thoradh air sin, níor chinntigh uimhir rialaithe an táirge inchomparáideacht na rothaí atá á gcur i gcomparáid agus dá bhrí sin bhain siad an bonn de chruinneas na hanailíse ar mhéideanna agus ar phraghsanna faoi seach.

(123)

Mheas an Coimisiún gur gabhadh príomhthréithe ARW leis an sainmhíniú ar uimhir rialaithe an táirge: an próiseas táirgthe (rothaí teilgthe caighdeánacha gan rothaí déanta sreafa nó rothaí sreabhdéanta nó rotha gaibhnithe nó rothaí dhá pháirt nó trí pháirt), an trastomhas agus an meáchan, bíodh teaschóireáil orthu nó ná bíodh, an cineál críochnaithe, bíodh bíodh ionsá i gceist leis nó ná bíodh, agus bíodh bonn feistithe air nó ná bíodh. Níor thug aon cheann de na páirtithe comhoibríocha barúil maidir leis an sainmhíniú ar uimhir rialaithe an táirge le linn na n-imeachtaí. Níor mhínigh ACEA cén saintréith bhreise ba cheart a chur san áireamh. Ina theannta sin, mar a léirítear thuas in aithris (115), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir na tairiscintí an fhaisnéis is gá ar fáil chun éifeachtaí praghsanna agus méideanna na n-allmhairí dumpáilte a shuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(124)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh ACEA nach bhfuil aon tacaíocht sa chomhad neamhrúnda nó sa doiciméad nochta maidir leis an sladghearradh praghais suntasach agus sochtadh praghsanna a suíodh. Thug an Coimisiún faoi deara go raibh anailísí agus cainníochtú an Choimisiúin ar shladghearradh praghais in aithrisí (90) agus (91) den Rialachán sealadach chomh maith lena thorthaí maidir le sochtadh praghsanna. Thairis sin, nochtadh ríomh mionsonraithe ar shladghearradh praghais do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, a d’fhéadfadh barúil a thabhairt ar chruinneas an ríomha sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(125)

In éagmais maímh eile maidir le sladghearradh agus éifeachtaí praghais, deimhníodh na conclúidí in aithrisí (87) go (91) den Rialachán sealadach.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(126)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (92) go (96) den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(127)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (97) go (99) den Rialachán sealadach.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(128)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (100) go (102) den Rialachán sealadach.

4.4.2.3.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(129)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (103) agus (104) den Rialachán sealadach.

4.4.2.4.   Fás

(130)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (105) go (107) den Rialachán sealadach.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(131)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (108) go (110) den Rialachán sealadach.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(132)

Maidir le haithris (113) den Rialachán sealadach, mhaígh ACEA gur cinnte go bhfuil ról ag praghsanna ach go bhfuil breithnithe eile chomh tábhachtach céanna agus soláthróir ARW á roghnú. Thairis sin, mhaígh ACEA go bhfuil earráid bhunúsach ag baint lena líomhain gur gá do tháirgeoirí an Aontais iad féin a ailíniú le praghsanna ó tháirgeoirí de chuid Mharacó le linn an phróisis tairisceana.

(133)

Bhreathnaigh an Coimisiún go bhfuil éagothroime ann idir an chumhacht margála idir na monaróirí gluaisteán agus táirgeoirí ARW. Tá líon teoranta monaróirí gluaisteán ann, rud a laghdaíodh a thuilleadh in Eanáir 2021 le cruthú an ghrúpa Stellantis. Léirítear cumhacht mhargála na monaróirí gluaisteán leis na coinníollacha a bhreathnaítear sna tairiscintí, coinníollacha atá ina bhfabhar. Mar shampla, ní ráthaíonn na monaróirí gluaisteán na cainníochtaí is gá a sholáthar agus dá réir sin is gá do tháirgeoirí ARW a tháirgeadh ná ní sholáthraíonn siad an fhéidearthacht an praghas díola a athbhreithniú aníos (seachas na costais alúmanaim atá innéacsaithe) le linn shaolré an tionscadail. Tá tionchar diúltach ag na coinníollacha sin ar tháirgeoirí ARW ós rud é nach féidir leo ualach oibre na monarchana táirgthe a optamú agus, dá bharr sin, barainneacht scála optamach a bhaint amach chun a mbrabúsacht a uasmhéadú. Tá staid fhabhrach na monaróirí gluaisteán treisithe leis an ró-acmhainneacht a bhreathnaítear i margadh ARW mar a mhínítear in aithris (122) de bharr bhunú na dtáirgeoirí de chuid Mharacó.

(134)

Thairis sin, le linn an imscrúdaithe, fuair an Coimisiún faisnéis ó na monaróirí gluaisteán go raibh príomhról ag an bpraghas. Mhínigh Úsáideoir B go bhfuil an praghas fós ar an bpríomhchritéar agus gurb amhlaidh tar éis na tairiscintí a fháil is ann do phróiseas caibidlíochta, atá dírithe go príomha ar phraghsanna, inar féidir leis na táirgeoirí feabhas a chur ar a dtairiscintí. Mhínigh EUWA gurb iondúil go mbíonn caibidlíocht praghsanna ann le linn an phróisis tairisceana chun coigeartuithe praghais a dhéanamh, agus is féidir gur coigeartuithe suas nó síos atá iontu. Mar an gcéanna, mhínigh Úsáideoir A go bhfuil tosca eile amhail cáilíocht, T&F agus cumais soláthair an-chosúil i measc sholáthróirí ARW agus dá bhrí sin go bhfuil an praghas ar an bpríomhchritéar chun an rogha soláthróra ARW a chinneadh. Thairis sin, le linn éisteacht le ACEA, dheimhnigh an t-úsáideoir neamh-chomhoibríoch ina aighneacht gurb ann do roinnt babhtaí caibidlíochta le soláthróirí ina ndéantar a n-acmhainneachtaí teicniúla, a rátáil cháilíochta, a lóistíocht, a n-acmhainneacht táirgeachta, etc. a fhíorú, ach, níos tábhachtaí fós, inar gá do na táirgeoirí a dtairiscint is iomaíche a chur i láthair ó thaobh praghais. Ina theannta sin, mar a shuitear in aithrisí (90) agus (91) den Rialachán sealadach, ní fhéadfadh tionscal an Aontais a phraghsanna a mhéadú d’ainneoin an mhéadaithe ar a chostais i gcomhthéacs sladghearradh praghais agus brú suntasach ar phraghsanna, rud a léirigh gur chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó Mharacó brú praghsanna ar tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(135)

Mhaígh ACEA gur tugadh le fios go mícheart leis an Rialachán sealadach go ndéantar conarthaí a athchaibidliú gach bliain agus gur féidir le táirgeoirí ARW de chuid an Aontais a bpraghsanna a mhéadú ar bhealach éigin chun an méadú ar phraghsanna na n-amhábhar a léiriú. Mhínigh ACEA go raibh an sásra praghsála faoi chonarthaí ceannaigh ARW bunaithe ar fhoirmle inarb amhlaidh nach raibh ach an éabhlóid ar chostais an tinne alúmanaim ina heilimint athraitheach. Dá réir sin, leis na sonraisc díolachán níor léiríodh dálaí an mhargaidh ach téarmaí conarthacha ina ionad sin.

(136)

Dheimhnigh an Coimisiún gurb iondúil nach ndearnadh foráil le conarthaí maidir le haon fhéidearthacht praghsanna a mhéadú le linn saolré tionscadail chun costais a chumhdach, seachas costas tinní alúmanaim, agus feabhas a chur ar bhrabúsacht soláthróra. In aithris (113) den Rialachán sealadach, níor áitigh an Coimisiún gurb ann d’fhéidearthacht tháirgeoirí ARW a bpraghsanna díola a mhéadú laistigh de shaolré tionscadail, ach mhínigh sé ina ionad sin nach raibh táirgeoirí ARW in ann a bpraghsanna a mhéadú agus tairiscintí nua á gcaibidliú le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ina theannta sin, bhailigh an Coimisiún fianaise ó na húsáideoirí agus ó na táirgeoirí de chuid an Aontais lena léirítear gur chaibidligh monaróirí gluaisteán cineálacha éagsúla lascainí agus lacáistí le linn saolré tionscadail, amhail lascainí arna ríomh ar an láimhdeachas foriomlán bliantúil, etc. Dá bhrí sin, níl sé cruinn a áitiú go bhfuil na praghsanna seasta (cé is moite den innéacsú alúmanaim) le linn saolré iomlán tionscadail. Ina ionad sin, d’fhéadfadh praghsanna athrú de bharr an innéacsaithe alúmanaim, ach ní fhéadfaí iad a mhéadú a thuilleadh chun costais eile a chur san áireamh amhail saothar, fuinneamh, amhábhair nó forchostais. Thairis sin, d’fhéadfadh na praghsanna díola iarbhír dul síos a thuilleadh le linn shaolré an tionscadail de bharr na lascainí agus na lacáistí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm. Le haghaidh úsáideoir amháin, measadh go raibh méid na lacáistí nó na lascainí a fuarthas ó tháirgeoir ARW suntasach. Dá bhrí sin, ní chinntear na praghsanna ach bunaithe ar an gconradh tosaigh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh.

(137)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ACEA a mhaíomh nach ndearnadh praghsanna a chinneadh ach amháin ar bhonn an chonartha tosaigh toisc gur socraíodh lascainí táirgiúlachta sa chonradh agus nár deonaíodh aon lascainí táirgiúlachta lasmuigh de na socruithe conarthacha. Thairis sin, mhaígh ACEA nach raibh fianaise dhearfach ag an gCoimisiún ar an gcomhad a léirigh nár cinneadh praghsanna sa chonradh tosaigh amháin. Ar deireadh, mhaígh ACEA nár thacaigh an fhianaise a bailíodh ó na húsáideoirí leis an gconclúid sin, agus, go háirithe, gur nóta creidmheasa starógach a d’eisigh soláthróir tríú tír a eisíodh le haghaidh rothaí de thionscnamh tríú tír a bhí san fhianaise a léirítear san aithris thuas.

(138)

Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún dá aire nár chuir aon cheann de na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ná na húsáideoirí comhoibríocha barúlacha isteach maidir leis an nochtadh deiridh, agus dá bhrí sin nár chuir sé amhras ar an measúnú a thuairiscítear in aithris (136) agus a bhí bunaithe ar an bhfianaise fhíoraithe a bailíodh uathu.

(139)

Ar an dara dul síos, bunaithe ar bharúlacha agus ar dhoiciméid ACEA a cuireadh ar fáil, thug an Coimisiún dá aire gur thagair ACEA ina chuid barúlacha don leagan rúnda de thuarascálacha misin na n-úsáideoirí comhoibríocha, comhalta de ACEA, agus dá bhrí sin don fhianaise a bailíodh le linn cuairteanna fíorúcháin ar na húsáideoirí sin. Bhí sé sin le feiceáil ó na tagairtí éagsúla ó ACEA ina aighneachtaí chuig tuarascálacha misin rúnda na n-úsáideoirí atá i gceist. Go háirithe, thagair an Coimisiún do mhórleabhair chuntasaíochta a baineadh as córas Úsáideoir B ina bhféadfaí teacht ar liosta de chineálacha éagsúla lacáistí/lascaine. Le linn na cuairte fíorúcháin, mhínigh Úsáideoir B go gcuirtear laghduithe praghais i bhfeidhm go díreach ar an bpraghas díola. Dá bhrí sin, ba cheart aon chineál eile lacáistí/lascaine a chuirtear in áirithe sna cuntais a mheas mar lacáistí/lascainí breise.

(140)

Thairis sin, bhailigh an Coimisiún fianaise ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais a léirigh gur iarr na húsáideoirí cineálacha éagsúla lacáistí/lascainí, amhail coigilteas bliantúil, etc. Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí faisnéis níos mionsonraithe a nochtadh toisc gur bhain an fhaisnéis a bailíodh ó na húsáideoirí agus ó thionscal an Aontais araon le idirbhearta aonair sonracha arb ionann iad agus sonraí nach féidir achoimre a dhéanamh orthu de réir bhrí Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(141)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA gur cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil a léirigh go mbronntar a méideanna soláthair i dtairiscintí ar sholáthraithe ARW agus nach mbronntar aon mhéid soláthair lasmuigh de na tairiscintí. In aon chás, dar leis an bpáirtí, níl aon fhianaise ar an taifead — agus níl aon fhianaise den sórt sin ann — go ndéanfaí, tar éis dámhachtain tairisceana agus i bpróiseas forghníomhaithe conartha arna shíniú mar thoradh ar thairiscint den sórt sin, na méideanna a shanntar do tháirgeoir an Aontais a ath-leithdháileadh i bhfabhar soláthróir ó Mharacó. D’áitigh ACEA gur cuireadh fianaise ar fáil le linn an fhíoraithe ar an láthair ar úsáideoir comhoibríoch amháin a léiríonn go raibh méid na soláthairtí a comhaontaíodh sa chonradh a síníodh tar éis tairiscint a thabhairt i gcrích ina tháscaire maith go ginearálta maidir le méid iarbhír na soláthairtí a bhí ag dul ar aghaidh.

(142)

Mheas an Coimisiún gur dheimhnigh ACEA na torthaí a thuairiscítear in aithris (157) nach bhfuil aon ráthaíocht ag na táirgeoirí sin maidir leis an méid a leithdháilfear orthu sa deireadh. Mar atá léirithe ag ACEA ina bharúlacha agus bunaithe ar thuarascáil fíorúcháin Úsáideora A “tugann soláthróirí meastachán maidir le méid: ní dhéantar na méideanna a chinntiú, ach tá smaoineamh ag na soláthróirí ar na méideanna a bhfuil siad tabhairt meastachán ina leith. Más lú go mór na méideanna tar éis dheireadh an tionscadail (roinnt blianta) ná mar a bhíothas ag súil leis, d’fhéadfadh soláthróirí cúiteamh a fháil as an trealamh neamh-amúchta”. Cé gur léiríodh an méid a dtugadh meastachán ina leith, níor luaigh an gnáthchonradh dáta cruinn an tseachadta agus méid beartaithe na ndíolachán. Mar a luaigh ACEA ina chuid barúlacha: “is iondúil go gcomhaontaítear líon beacht na rothaí atá le soláthar laistigh de 4-8 seachtaine sula seachadtar iad chuig an líne chóimeála”. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(143)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA, mar a d’admhaigh EUWA, gur cleachtas níos coitianta é tairiscint le haghaidh tionscadal ARW ar leith a bhronnadh ar sholáthróir amháin seachas ar dhá sholáthróir nó níos mó. Ar bhonn na dtairiscintí a rinne trí chomhalta de ACEA le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an t-úsáideoir neamh-chomhoibríoch agus an dá úsáideoir chomhoibríocha), bhí teorainn leis na tairiscintí a deonaíodh go comhuaineach do dhá sholáthróir. Níor deonaíodh an chuid is mó de na tairiscintí ach do sholáthróir amháin, agus dá bhrí sin gheobhaidh an soláthróir an neaschainníocht a shonraítear sa tairiscint. Nuair a dheonaítear tairiscint do sholáthróir amháin, ní féidir soláthairtí a ath-leithdháileadh ar aon soláthróir eile.

(144)

Scrúdaigh an Coimisiún an scarbhileog achomair a chuir ACEA ar fáil ina leith sin. Ar an gcéad dul síos, níor bhain liosta na dtairiscintí a soláthraíodh ach le tairiscintí a cuireadh i gcrích le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus dá bhrí sin níor bhain na tairiscintí sin le seachadtaí iarbhír le linn na tréimhse imscrúdúcháin de bhrí go raibh sé beartaithe an dáta tosaigh measta don soláthar faoi na tairiscintí i dtrácht a bheith beartaithe don am i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Ar an dara dul síos, thug an Coimisiún faoi deara gur thuairiscigh an t-úsáideoir neamh-chomhoibríoch formhór na dtairiscintí a liostaítear (thart ar 85 %). Mar gheall ar neamh-chomhoibriú an úsáideora, ní raibh an Coimisiún in ann cruinneas an liostaithe sin a fhíorú agus cé acu a bhí nó nach raibh na tairiscintí ar fad san áireamh ann agus an bhféadfadh sé riachtanais bhliantúla an mhonaróra gluaisteán sin a chumhdach. D’ainneoin na conclúide sin, rinne an Coimisiún anailís, mar sin féin, ar na sonraí a soláthraíodh.

(145)

Léirigh liosta na dtairiscintí ón úsáideoir neamh-chomhoibríoch nár deonaíodh formhór na dtairiscintí sin ach d’aon soláthróir amháin. Mar sin féin, bhí an meánmhéid ualaithe a luadh sách íseal, thart ar 50 000 ítim in aghaidh na tairisceana ar feadh saolré iomlán tionscadail, inar míníodh nár bronnadh na tairiscintí i gceist ach ar sholáthróir amháin. Mar sin féin, thug an Coimisiún faoi deara gur leithdháileadh tionscadal amháin ar dhá sholáthróir “mar gheall ar an méid ard” mar a luadh le linn éisteachta a reáchtáladh le ACEA. Ar an tríú dul síos, bhain an fhaisnéis faoi thairiscintí arna soláthar ag na húsáideoirí comhoibríocha le trí thairiscint. I gcás Úsáideoir B léirigh na sonraí gur roinn sé tairiscint ar mhéid níos mó ná 1 mhilliún idir dhá sholáthróir. Thairis sin, i gcás Úsáideoir A bhí na sonraí arna soláthar ag ACEA ag teacht salach ar a chéile. Go deimhin, ar thaobh amháin, léirigh sé go raibh tairiscint amháin ann a leithdháileadh ar sholáthróir amháin, agus, ar an taobh eile, i dtábla ar leithligh maidir le tairiscintí, rinneadh na cainníochtaí céanna den tairiscint sin a roinnt idir dhá thairiscint. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nár bhréagnaigh an fhaisnéis a chuir ACEA ar fáil na torthaí a rinneadh in aithris (157), gur féidir na tairiscintí a leithdháileadh ar roinnt soláthróirí bunaithe ar an gcainníocht a dtugadh meastachán ina leith, rud a chaitheann amhras ar mhéid iarbhír na méideanna atá le soláthar ag gach soláthróir i rith shaolré an tionscadail. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (115) thuas, d’admhaigh ACEA go bhféadfadh an méid iomlán atá le soláthar a bheith ag brath freisin ar rath na samhla gluaisteáin ar leith atá le táirgeadh.

(146)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(147)

In éagmais aon bharúil eile, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí a leagtar amach in aithrisí (111) agus (113) den Rialachán sealadach.

4.4.3.2.   Costais saothair

(148)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (114) agus (115) den Rialachán sealadach.

4.4.3.3.   Fardail

(149)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (116) agus (117) den Rialachán sealadach.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(150)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (118) go (123) den Rialachán sealadach.

4.4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(151)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (124) go (129) den Rialachán sealadach.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

5.1.1.   Cainníocht agus an sciar den mhargadh de na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann

(152)

In éagmais aon bharúil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (131) go (136) den Rialachán sealadach.

5.1.2.   Praghsanna na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus éifeachtaí praghais

(153)

Mhaígh ACEA, tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh araon, go raibh allmhairí ó Mharacó a díoladh in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaithe ar nósanna imeachta tairisceana a reáchtáladh in 2018-2019. Dá réir sin, ní fhéadfadh siad tionchar praghais a imirt in 2020 ná le linn na tréimhse imscrúdúcháin toisc nár tháinig díolacháin chaillte astu in 2020 ná le linn na tréimhse imscrúdúcháin ach roimhe sin, ag pointe na nósanna imeachta tairisceana.

(154)

Mheas an Coimisiún gur tháinig an brabús nó na caillteanais chun cinn an tráth a tharla an táirgeadh nó na díolacháin seachas an tráth a caibidlíodh na tairisceana. Mar a mhínítear a thuilleadh in aithris (89), tá athruithe praghais agus méid féideartha ann, le linn saolré tionscadail, a théann thar théarmaí tairisceana ar leith. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (113) agus in aithrisí (146) go (148) den Rialachán sealadach, maidir le tionchar táirgeoirí de chuid Mharacó, mheas an Coimisiún nach é an t-aon chúis atá leis sin an chainníocht a cailleadh trí thairiscintí a bhuaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid Mharacó, ach freisin an brú praghsanna foriomlán ar na tairiscintí uile ina raibh siad rannpháirteach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(155)

Mhaígh ACEA, tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh gur cheart an anailís ar phraghsanna a luaitear i bpointe 4.4.3.1 den Rialachán sealadach a dhéanamh ar leibhéal na dtairiscintí, agus sa chás sin, nárbh ann d’aon difríocht sa phraghas idir praghsanna an Aontais agus praghsanna Mharacó mar a thuairiscítear sa Rialachán sealadach.

(156)

Mhaígh ACEA freisin, tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh araon, gur tharla iomaíocht praghsanna idir soláthróirí le linn na dtairiscintí. Dá bhrí sin, ba cheart sladghearradh praghais, brú ar phraghsanna agus an corrlach gearrdhíola a ríomh ar leibhéal na dtairiscintí seachas le linn na seachadtaí. Le díolacháin agus seachadtaí níor léiríodh na coinníollacha iomaíochta reatha. Thairis sin, ní raibh méid na seachadtaí ag brath ar sholáthróirí, ach ar rath coibhneasta samhla gluaisteán sonraí agus dá réir sin ar an leibhéal táirgeachta.

(157)

Bhreathnaigh an Coimisiún gur léiríodh leis an bhfaisnéis a sholáthair na páirtithe leasmhara nach raibh na praghsanna gan athrú ar feadh fad iomlán tairisceana áirithe. Mar a mhínítear in aithris (79), agus na tairiscintí á gcaibidliú, ní mór do tháirgeoirí ARW scéim lascaine a sholáthar ar feadh saolré tionscadail áirithe. Anuas air sin, le linn saolré tionscadail, féadfaidh monaróirí gluaisteán lascainí breise a iarraidh. Thairis sin, níl aon ráthaíocht ann maidir leis an méid díolachán le haghaidh tháirgeoirí ARW. Féadfaidh monaróirí gluaisteán táirgeoirí éagsúla a roghnú le haghaidh tionscadal áirithe, ach níl aon ráthaíocht ag na táirgeoirí sin maidir leis an méid a leithdháilfear orthu sa deireadh. Le haghaidh an mhonaróra de chuid gach ARW, bhí an méid seachadtaí ag brath ní hamháin ar rath coibhneasta samhla gluaisteán sonraí, ach ar chinneadh na monaróirí gluaisteán freisin maidir le leithdháileadh an mhéid sin idir na táirgeoirí roghnaithe. Dá bhrí sin, mar a léirítear in aithris (115), roghnú na sonraí ó thairiscintí aonair, ní féidir leis sin teacht in ionad na hanailíse a rinne an Coimisiún ar bhonn na sonraí iomlána, i.e. liostú na n-idirbheart díolachán agus comparáidí idir praghsanna de réir cineáil. Leis an gcomparáid sin léirítear an méid is mó sonraí maidir le hidirbhearta díolachán iarbhír a rinneadh.

(158)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún, sa chás sin, gur thug na tairiscintí léargas neamhiomlán, agus nach bhféadfaí na héifeachtaí praghais a thuiscint go hiomlán ach trí chomparáid a dhéanamh idir na hallmhairí uile ón tír lena mbaineann agus díolacháin uile thionscal an Aontais de réir an chineáil táirge a tharla le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(159)

Mhaígh ACEA agus Hands go ngortófaí tionscal an Aontais, fiú in éagmais allmhairí ó Mharacó, rud a léiríonn dá réir sin nach raibh allmhairí ó Mharacó ina gcúis le díobháil ábhartha. D’athdhearbhaigh ACEA a mhaíomh tar éis an nochta deiridh. Go háirithe, d’fhanfadh díolacháin thionscal an Aontais in 2020 agus sa tréimhse imscrúdúcháin i bhfad faoi leibhéil 2019 in 2020 (-22 % in 2020 le Maracó agus -20 % gan Maracó) agus sa tréimhse imscrúdúcháin chomh maith leis sin (-18 % sa tréimhse imscrúdúcháin le Maracó agus -14 % gan Maracó). Ní fhéadfaí an díobháil sa tréimhse imscrúdúcháin a bheith inchurtha i leith allmhairí ó Mharacó, ós rud é gurb amhlaidh sa tréimhse imscrúdúcháin i gcomparáid le 2020, a mhéadaigh tionscal an Aontais a dhíolacháin (faoi 2 281 mhíle ítim) níos mó ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid Mharacó (faoi 1 478 míle ítim). Dá réir sin, ní raibh aon tionchar méid ag allmhairí ó Mharacó. Thairis sin, ní fhéadfadh tionchar praghsanna a bheith ag allmhairí ó Mharacó sa tréimhse imscrúdúcháin ós rud é nach raibh aon sladghearradh praghais suntasach ann i dtairiscintí a tugadh i gcrích le linn na tréimhse imscrúdúcháin, cé nach bhféadfadh aon tionchar diúltach a bheith ag praghsanna díola na n-allmhairí ó Mharacó a breathnaíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus sin ar dhíolacháin chomhaimseartha thionscal an Aontais.

(160)

Mhaígh ACEA freisin, tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta deiridh araon, go ndearnadh difear do bhrabúsacht an tionscail de chuid an Aontais le táirgeadh agus díolacháin laghdaithe a tháinig as meath mór i dtáirgeadh gluaisteán an Aontais in 2020 agus 2021, as ar tháinig dá réir sin costais sheasta mhéadaithe.

(161)

Mheas an Coimisiún nach bhféadfadh tionscal an Aontais na costais sheasta mhéadaithe sin a chur ar aghaidh chuig na déantóirí gluaisteán, de bharr, mar a leagtar amach thuas, nárbh féidir, faoi chonarthaí fadtéarmacha leis na déantóirí gluaisteán an praghas a bhí dlite a mhéadú chuig aon mhéadú ar na costais sheasta, ach amháin innéacsú an chostais ar thinní alúmanaim.

(162)

Mar a léirítear in aithrisí (140) go (142) den Rialachán sealadach, d’aithin an Coimisiún gur laghdaigh an tomhaltas in 2020, rud a tharla de dheasca phaindéim COVID-19 go príomha. Mar sin féin, ba léir go raibh tionchar diúltach ag na hallmhairí ó Mharacó ar thionscal an Aontais in 2020 agus go háirithe le linn na tréimhse imscrúdúcháin tráth a mhéadaigh a méideanna go heaspónantúil. Dá réir sin, de réir mar a tháinig feabhas ar na coinníollacha le linn na tréimhse imscrúdúcháin ó thaobh méadú ar thomhaltas, bhí ar thionscal an Aontais, de bharr na n-allmhairí dumpáilte ó Mharacó lena ndearnadh sladghearradh 26,9 % ar phraghsanna thionscal an Aontais, a phraghsanna a choimeád íseal freisin, d’ainneoin an mhéadaithe ar an gcostas táirgthe. Dá bhrí sin, de bharr an bhrú ar phraghsanna rinne tionscal an Aontais díolacháin ag praghsanna nár chumhdaigh a gcostas táirgthe fiú gan trácht ar ghnáthchorrlach brabúis. Bhí an chonclúid sin bailí, fiú má ghlactar leis go raibh na praghsanna seasta (go príomha) i gconarthaí fadtéarmacha, ós rud é gur tháinig éifeachtaí diúltacha na bpraghsanna níos ísle sin ar allmhairí de chuid Mharacó chun cinn nuair a thosaigh na seachadtaí iarbhír faoi na conarthaí, a caibidlíodh ag céim níos luaithe, in 2020 agus sa tréimhse imscrúdúcháin. Thairis sin, de bharr rannpháirtíocht na dtáirgeoirí i Maracó i nósanna imeachta tairisceana agus a mbeartais praghsála, cuireadh brú praghsanna breise ar an margadh, rud a bhfuil barrachas soláthair ina shaintréith aige faoi láthair. Fiú má mhéadaigh cainníochtaí díolachán thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, lean sé den sciar den mhargadh a chailleadh de bharr na n-allmhairí ó Mharacó agus, dá dheasca sin, tháinig meath mór breise ar a staid airgeadais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(163)

Mhaígh Hands nach bhféadfadh onnmhairí Hands chuig an Aontas ó Mharacó a bheith ina gcúis le haon díobháil a d’fhulaing tionscal an Aontais. De réir na cuideachta, thosaigh tromlach na dtáscairí díobhála (e.g., tomhaltas an Aontais, cainníocht táirgeachta, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainne, cainníocht díolachán, praghas díolachán) ar dhul i meath cheana idir 2018 agus 2019, ach ní fhéadfaidís a bheith inchurtha i leith Hands, ós rud é gur tosaíodh ar an táirgeadh in Eanáir 2020. D’áitigh Hands gur tógadh an mhonarcha freisin chun éileamh méadaitheach a chomhlíonadh sna margaí de chuid Mharacó agus sna margaí sin nach margaí de chuid an Aontais iad, agus nár tógadh í chun soláthar a dhéanamh don Aontas agus chuige sin amháin. Thairis sin, mhaígh Hands gur chomhfhreagair cuid dá n-onnmhairí chuig an Aontas d’athrú táirgeachta ón gCóiré Theas chuig Maracó.

(164)

D’ainneoin gur tháinig laghdú in 2018 agus 2019 ar thomhaltas an Aontais chomh maith le díolacháin agus táirgeadh thionscal an Aontais, mhéadaigh tionscal an Aontais a bhrabúsacht ó 7,5 % chuig 8,2 %. Dá dhroim sin, níor suíodh aon díobháil le haghaidh na mblianta sin. Ina ionad sin, thosaigh díobháil ag teacht chun cinn in 2020, an tráth céanna a thosaigh na hallmhairí ó Hands, i dteannta allmhairí eile ó Mharacó, ag teacht isteach san Aontas. Is gá a thabhairt faoi deara, maidir leis sin, go ndearna an Coimisiún anailís, i gcomhréir le hAirteagal 3 den bhun-Rialachán, ar éifeacht na n-allmhairí dumpáilte uile ó Mharacó, agus ní hamháin cinn Hands. In aon chás, maidir le Hands, rinneadh sladghearradh lena allmhairí ar phraghsanna thionscal an Aontais agus bhí a dhumpáil agus a chorrlaigh dhíobhála suntasach le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá dhroim sin, ní fhéadfaí a áitiú nár rannchuidigh a allmhairí le díobháil thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(165)

Mhaígh Hands freisin nach raibh na torthaí sa Rialachán sealadach ina dtaca le toradh díobhála ábhartha a raibh allmhairí ARW ó Mharacó ina gcúis leis. Tógadh an anailís ar shonraí mearbhlacha agus líomhaintí gan bhunús nach bhfuil aon tacaíocht acu sa taifead ar an imscrúdú agus go deimhin i réaltachtaí tráchtála mhargadh ARW.

(166)

Ní raibh an Coimisiún in ann a shainaithint sa mhaíomh sin cén chuid dá anailís díobhála a bhí mearbhlach nó gan bhunú nó ina líomhain agus sin amháin. Bhí torthaí an Choimisiún bunaithe ar fhianaise dhearfach a bailíodh le linn an imscrúdaithe, rud a cuireadh ar fáil do na páirtithe leasmhara uile sa cháschomhad agus ar a dtugtar tuairisc sa Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

5.1.3.   Méid na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann

(167)

Mhaígh ACEA nach raibh aon mhéadú suntasach ann ar mhéid na n-allmhairí de chuid Mharacó de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán agus go raibh allmhairí de chuid Mharacó i nideog a d’fhág táirgeoirí an Aontais go deonach, gan aon tionchar diúltach a bheith aige sin ar na méideanna a dhíol tionscal an Aontais.

(168)

Mar a mhínítear in aithris (83) den Rialachán sealadach, shroich na hallmhairí ó Mharacó 2,5 milliún aonad le linn na tréimhse imscrúdúcháin, cé go raibh siad nialas in 2018 agus nárbh ann dóibh ach ar éigean fós in 2019. Ba é a tháinig as sin sciar 3,9 % den mhargadh le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Maidir leis an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí de chuid Mharacó, thug an Coimisiún dá aire gur chuir ACEA in aghaidh a argóinte a leagtar amach in aithris (191), gur cheart na corrlaigh ghearrdhíola a ríomh ar leibhéal na dtairiscintí ina dtarlaíonn an iomaíocht idir na táirgeoirí de chuid Mharacó agus na táirgeoirí de chuid an Aontais, rud a léiríonn go raibh iomaíocht dhíreach ann idir na hallmhairí de chuid Mharacó agus an táirgeadh de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh allmhairí suntasach, i ndearbhthéarmaí agus i gcoibhneas leis an tomhaltas san Aontas, de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. I bhfianaise na leibhéal praghsanna a suíodh, bhí tionchar diúltach ag na méideanna ar phraghsanna thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus dheimhnigh sé a thorthaí a achoimrítear in aithrisí (131) go (136) den Rialachán sealadach.

(169)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ACEA nach raibh aon tionchar diúltach ag allmhairí Mharacó ar thionscal an Aontais. Thairis sin, mhaígh ACEA nár thug an Coimisiún míniú ar an gcaoi ar tháinig laghdú 17 % (táirgeacht) agus laghdú 21 % (díolacháin) ar tháirgeacht agus ar dhíolacháin an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar thoradh ar allmhairí ARWanna ó Mharacó a bhfuil sciar 3,9 % den mhargadh acu.

(170)

Thug an Coimisiún dá aire gur thagair ACEA don tréimhse faoi bhreathnú ina anailís, agus mar a léirítear thuas in aithris (162), is mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 den chuid is mó a tháinig laghdú ar tháirgeacht an Aontais idir 2018 agus 2020. Thairis sin, maidir leis an tréimhse 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin, nuair a tháinig méadú + 8,0 % ar thomhaltas an Aontais, tháinig méadú suntasach ar na hallmhairí ó Mharacó (is é sin 244 %) agus níor tháinig ach méadú 5,2 % ar dhíolacháin thionscal an Aontais. Thairis sin, bhí an méadú ar sciar margaidh na n-allmhairí ó Mharacó idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin thart ar 2,1 pointe céatadáin, ach tháinig laghdú 1,8 pointe céatadáin ar sciar mhargadh thionscal an Aontais. Ina theannta sin, agus gach tionscnamh allmhairí seachas Maracó á meas, thug an Coimisiún dá aire go raibh an méadú ar mhéideanna na n-allmhairí thart ar 6,6 % idir 2020 agus an tréimhse imscrúdúcháin. Ba é ba chúis leis an méadú sin an méadú ar mhéideanna allmhairí ón Tuirc (méadú 19 %) agus tháinig laghdú ar an iomlán ar mhéideanna na n-allmhairí ó gach tír eile le linn na tréimhse céanna. Mar sin féin, mar a thuairiscítear in aithrisí (171) go (174) thíos, shuigh an Coimisiún nár mhaolaigh na hallmhairí ón Tuirc an nasc cúisíoch a aimsíodh idir na hallmhairí ó Mharacó agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Dá bharr sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thorthaí in aithris (168) thuas go raibh tionchar diúltach ag méideanna na n-allmhairí ó Mharacó ar phraghsanna thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

5.2.   Éifeachtaí tosca eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(171)

Mhaígh Hands agus ACEA gur cheart imscrúdú cuí a dhéanamh ar thionchar allmhairí tríú tíortha: sheas tríú tíortha eile do nach mór 90 % de na hallmhairí iomlána agus bhí a sciar den mhargadh cothrom le thart ar 25 %. Go háirithe, mhéadaigh an Tuirc a sciar den mhargadh sa tréimhse faoi bhreathnú ó 10,3 % go 13,0 %.

(172)

Rinne an Coimisiún anailís ar allmhairí ó thríú tíortha. Maidir leis an Tuirc, an phríomhthír allmhairiúcháin, léirigh an Coimisiún, mar a léirítear in aithris (138) den Rialachán sealadach, go raibh meánphraghsanna ón Tuirc i bhfad níos airde i gcomparáid le praghsanna allmhairiúcháin ó Mharacó (+ 14 %), agus fiú beagán níos airde i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais (+ 1,0 %). Thairis sin, bhí meánphraghas na n-allmhairí ón Tuirc os cionn chostais táirgthe thionscal an Aontais in 2018, 2019 agus 2020. Ba sa tréimhse imscrúdúcháin, agus sa tréimhse sin amháin, a tháinig laghdú beag faoi bhun 1 % air sin. Thairis sin in 2020 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, nuair a tháinig laghdú suntasach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, bhí praghsanna allmhairí de chuid na Tuirce os cionn phraghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, níor mhaolaigh na hallmhairí sin an nasc cúisíoch a suíodh idir na hallmhairí ó Mharacó agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(173)

Tar éis an nochta deiridh, maidir le hallmhairí de thionscnamh na Tuirce, d’athdhearbhaigh Hands a mhaíomh gur theip ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh agus go ndearna sé neamhaird ar éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí ón Tuirc. Líomhnaítear gur theip ar an gCoimisiún anailís níos beaichte a dhéanamh ar bhonn na sonraí ó Hands féin, rud a léiríonn nach raibh a thairiscintí praghais féin i dtairiscintí ar an bpraghas is saoire i gcónaí agus nár bronnadh ach cuid bheag de na tairiscintí go léir orthu. Rinne ACEA maíomh comhchosúil maidir leis an táirgeoir céanna.

(174)

Dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh Hands ar chúiseanna éagsúla. Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún faoi deara, mar a mhínítear in aithris (90) den Rialachán sealadach, agus na díolacháin iarbhír de réir cineál táirge á gcur i gcomparáid le linn na tréimhse imscrúdúcháin, gur shuigh sé corrlach sladghearrtha suntasach 26,9 %, a chuimsigh na díolacháin ó Hands. Ar an dara dul síos, mar a mhínítear in aithrisí (115) agus (192), dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh ACEA gur cheart anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí praghais ar leibhéal na dtairiscintí. Ar an tríú dul síos, níor mhaígh Hands go raibh a chuid tairiscintí praghais i dtairiscintí níos costasaí ná tairiscintí tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Tuirce. Ina ionad sin, bhain a mhaíomh le “monaróirí ARW eile” go ginearálta. Ina theannta sin, fiú dá mba rud é nár ghá gurbh iad tairiscintí praghsanna Hands na tairiscintí ab saoire, rinne an Coimisiún anailís ar na héifeachtaí praghsanna ar bhonn na n-allmhairí uile ó Mharacó, áit a raibh sciar an táirgeora onnmhairiúcháin eile, Dika, suntasach (thart ar 60 % – 70 % den mhargadh). Ar deireadh, mar luaitear in aithris (172) thuas, bhí na praghsanna allmhairiúcháin ón Tuirc níos airde ná meánphraghas thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(175)

Tar éis an nochta deiridh, chuir ACEA in iúl an athuair in aithris (159) nach raibh an sladghearradh praghais ó Mharacó, bunaithe ar thairiscintí, suntasach (i.e. 3,7 %), go háirithe i gcomparáid leis an sladghearradh praghais, arna ríomh ag ACEA, don Tuirc nó don Téalainn, a bhí thart ar 10 % agus 1 % faoi seach.

(176)

Ar an gcéad dul síos, rinne an Coimisiún measúnú ar an scarbhileog achomair a chuir ACEA isteach maidir le tairiscintí praghsanna. Is éard a bhí sa scarbhileog sin 15 thairiscint, a tháinig ó thrí chomhalta de chuid ACEA (i.e. an t-úsáideoir neamh-chomhoibríoch agus an dá úsáideoir chomhoibríocha). Cuireadh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil: an t-ainm úsáideora, an chainníocht agus an praghas ítime a thairgeann gach soláthróir. Thug an Coimisiún dá aire áfach nár cuireadh uimhriú inmheánach gach tairisceana ar fáil, rud a chuir cosc ar an gCoimisiún cros-seiceáil a dhéanamh ar na sonraí leis an bhfaisnéis fhíoraithe a chuir an dá úsáideoir chomhoibríocha ar fáil cheana le linn an imscrúdaithe. Thairis sin, níor cuireadh roinnt eilimintí praghais ar fáil (amhail na lascainí bliantúla pleanáilte, ar a dtugtar “lascainí táirgiúlachta” freisin) agus dá bhrí sin níorbh fhéidir a mheas ar cuireadh gach ceann díobh san áireamh i bpraghas an earra a tairgeadh. Níos tábhachtaí fós, bhain an chuid is mó de na tairiscintí praghais leis an úsáideoir neamh-chomhoibríoch. Mar a léirítear in aithris (109), mar gheall ar an easpa comhair ar an iomlán ón úsáideoir sin, ní fhéadfaí an fhaisnéis theoranta a chuir sé ar fáil a mheas chun críoch an imscrúdaithe seo. Maidir leis an bhfaisnéis bhreise a chuir ACEA ar fáil maidir le hÚsáideoir A agus Úsáideoir B, bhain sé le tairiscintí praghsanna nach bhféadfadh an Coimisiún a fhíorú toisc gur cuireadh isteach rómhall í. Go háirithe, ní raibh an Coimisiún in ann a chinneadh an raibh an tacar sonraí a soláthraíodh uileghabhálach nó nach raibh. In aon chás, liostaíodh 14 tairiscint Mharacó as 15 thairiscint sa tacar sonraí, 5 cinn don Tuirc agus 5 cinn don Téalainn Bhí an ríomh sladghearrtha a rinne ACEA bunaithe ar phraghas an mheastacháin (22). Thug an Coimisiún faoi deara gur léirigh ríomhanna ACEA féin go raibh na tairiscintí praghais ó tháirgeoirí Mharacó níos ísle ná tairiscintí thionscal an Aontais. Thairis sin, agus na méideanna a tuairiscíodh (23) sa scarbhileog seo á gcur i gcomparáid le méideanna iomlána na n-allmhairí arna suí le haghaidh na Tuirce agus na Téalainne ar bhonn shonraí Eurostat (féach tábla 11 den Rialachán sealadach), ba chosúil nach raibh an méid a tuairiscíodh go háirithe le haghaidh na Tuirce ionadaíoch (faoi bhun 5 %). Dá bhrí sin, ní fhéadfaí aon chonclúid fhóinteach a bhaint as an bhfaisnéis sin arna soláthar ag ACEA. Thairis sin, chinn an Coimisiún cheana in aithris (139) den Rialachán sealadach nár mhaolaigh an Téalainn agus an Tuirc an nasc cúisíoch a aimsíodh idir na hallmhairí dumpáilte ó Mharacó agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

5.2.2.   Paindéim COVID-19

(177)

Mhaígh Hands gur laghdaigh éileamh ARW an Aontais in 2020, is é sin laghdú 14 mhilliún aonad, a sheasann do 20 oiread mhéid na n-allmhairí ARW ó Mharacó. Da bhrí sin, bhí tionchar na paindéime chomh suntasach sin gur cheart don Choimisiún a mheas gur bhris sí aon nasc cúisíoch a d’fhéadfadh a bheith ann idir allmhairí ARW ó Mharacó agus aon díobháil a d’fhulaing tionscal an Aontais.

(178)

Mar a léirítear in aithrisí (140) go (142) den Rialachán sealadach, d’aithin an Coimisiún tionchar COVID-19 ar an tionscal de chuid an Aontais. Mar sin féin, cé gur cumhdaíodh le an tréimhse imscrúdúcháin tréimhse an téarnaimh iar-COVID, d’fhéadfadh an Coimisiún a shuí, mar a mhínítear in aithris (94) thuas, gurb amhlaidh nár thairbhigh tionscal an Aontais nuair a tháinig an margadh aniar tar éis COVID de dheasca na n-allmhairí méadaithe ón tír lena mbaineann ag praghsanna dumpáilte. A mhalairt ar fad, de réir mar a tháinig meath breise ar staid thionscal an Aontais sa tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí tionchar diúltach phaindéim COVID-19 a mheas mar an t-aon chúis amháin leis an díobháil a d’fhulaing tionscal an Aontais a mhéid a mhaolódh sé an nasc cúisíoch idir an díobháil sin agus na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(179)

D’athdhearbhaigh na Hands a iarraidh ar mhíniú sásúil agus mionsonraithe go háirithe, ós rud é gur aithin an Coimisiún go sainráite go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar thionscal an Aontais.

(180)

In éagmais iarraidh níos beaichte agus níos sonraí, mheas an Coimisiún gur leor na mínithe atá sa roinn seo cheana chun go mbeadh an chuideachta in ann réasúnaíocht an Choimisiúin a thuiscint agus a cearta cosanta a fheidhmiú. Dhiúltaigh sé, dá bhrí sin, don mhaíomh.

5.2.3.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(181)

In éagmais aon bharúil, deimhníodh aithrisí (143) go (145) den Rialachán sealadach.

5.2.4.   Éifeacht conarthaí ilbhliantúla agus éabhlóid na gcostas táirgthe

(182)

In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí (146) go (148) den Rialachán sealadach.

5.2.5.   Tomhaltas

(183)   In éagmais aon bharúil, deimhníodh aithrisí (146) go (148) den Rialachán sealadach.

5.26.   Iomaíocht i dtairiscintí

(184)

Mhaígh ACEA gur cheart don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar iomaíocht laistigh den Aontas. Bhailigh ACEA faisnéis óna chomhaltaí agus fuair sé amach go raibh táirgeoirí de chuid an Aontais rathúil in 31 tairiscint as 45 thairiscint san iomlán, soláthróirí ó Mharacó agus ón Téalainn in 5 cinn an tír agus soláthróirí ón Tuirc in 4 cinn, cé gur bhuaigh an Tuirc formhór na dtairiscintí ó thaobh ítimí.

(185)

Ar dtús, mheabhraigh an Coimisiún nár cheistigh ACEA ionadaíochas an tsampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán. Dá réir sin, ní féidir le ACEA a mhaíomh go bailí gur ceanglaíodh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a tháinig nó nár tháinig tionchar líomhnaithe na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna as iomaíocht praghsanna ó tháirgeoirí de chuid an Aontais nach n-áirítear sa sampla (24). Thairis sin, mar a léirítear i dTábla 5 den Rialachán sealadach, léirigh táirgeoirí an Aontais a gcumas i dtaca le sciar den mhargadh a choinneáil os cionn 70 % ach brabúsacht de thart ar 8 % a choinneáil freisin in 2018-2019. Baineadh an méid sin amach i margadh an-iomaíoch, bunaithe ar thairiscintí a bhí eagraithe ag monaróirí gluaisteán, ina bhféadfadh na táirgeoirí uile de chuid an Aontais agus na táirgeoirí uile a bhí lonnaithe i dtríú tíortha eile dul in iomaíocht le haghaidh na dtairiscintí céanna. Ciallaíonn sin go raibh táirgeoirí an Aontais iomaíoch faoi ghnáthdhálaí margaidh córa, gan díobháil a bheith á déanamh don tionscal ina iomláine. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh an maíomh a rinne ACEA bunaithe ar 45 thairiscint ó thrí chomhalta ACEA (4 chonradh tuairiscithe ag an dá úsáideoir chomhoibríocha agus 41 díobh ó cheann neamh-chomhoibríoch). Ní raibh an fhaisnéis teoranta ach do bhuaiteoir na tairisceana, do na cainníochtaí measta agus do thionscnamh na dtairgeoirí eile nach tairgeoirí de chuid an Aontais iad (Maracó, an Téalainn nó an Tuirc). Ina theannta sin, ní raibh aon fhianaise mar thaca leis an bhfaisnéis sin chun a cruinneas agus hiontaofacht a chruthú. Níor soláthraíodh na tagairtí tairisceana fiú amháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(186)

Mhaígh ACEA freisin gurb amhlaidh, ag glacadh leis fiú gur ceart gur gá do rannpháirtithe tairisceana iad féin a ailíniú leis an tairgeoir is ísle, de réir ACEA, atá fianaise dhobhréagnaithe ann go ndéantar an t-ailíniú sin ar an gcéad dul síos maidir leis an táirgeoir is saoire de chuid an Aontais agus ar an dara dul síos faoi threoir allmhairí tríú tíortha, agus aon ailíniú le meastacháin soláthróirí de chuid Mharacó ag teacht i bhfad siar sa tríú háit gan ach 5 chás ann.

(187)

Thug an Coimisiún dá aire go raibh an anailís a rinne ACEA bunaithe ar líon teoranta tairiscintí (i.e. 15) agus gurb é a bhí san fhaisnéis a sholáthair ACEA tábla lena liostaítear 15 thairiscint phraghais lena gcumhdaítear foinsí uile an táirge lena mbaineann (táirgeoirí de chuid an Aontais agus na príomhtháirgeoirí uile de chuid tríú tíortha) a chuir trí chomhalta ACEA isteach. 4 chonradh tuairiscithe ag dhá úsáideoir chomhoibríocha agus 11 chonradh ó úsáideoir neamh-chomhoibríoch. Ina theannta sin, amhail i gcás an mhaímh roimhe sin, ní raibh aon fhianaise mar thaca leis an bhfaisnéis sin chun a cruinneas agus a hiontaofacht a chruthú. Níor soláthraíodh na tagairtí tairisceana fiú amháin. Mar shampla, níor soláthraíodh aon fhaisnéis maidir le cé acu a áiríodh nó nár áiríodh sa phraghas a tuairiscíodh na costais choimhdeacha agus na lascainí uile a áirítear sna tairiscintí. Thairis sin, níor soláthraíodh na doiciméid tairisceana fholuiteacha agus, dá bharr sin, ní raibh an Coimisiún in ann an fhaisnéis a soláthraíodh a fhíorú agus diúltaíodh don mhaíomh dá bhrí sin. Fiú má bhí an Coimisiún chun an fhaisnéis sin a chur san áireamh, bhreathnaigh sé gur sheas méideanna iomlána na dtairiscintí luaite do thart ar 5 % de thomhaltas iomlán an Aontais, agus dá réir sin níor measadh go raibh siad ionadaíoch. Ina theannta sin, i ngach cás seachas dhá cheann bhí na tairiscintí praghais a rinne táirgeoirí Mharacó faoi bhun na dtairiscintí a rinne táirgeoirí an Aontais. Dá dhroim sin, mheas an Coimisiún gur mhainnigh ACEA fianaise a sholáthar lena léirítear gurbh éigean do na rannpháirtithe tairisceana iad féin a ailíniú leis na táirgeoirí is saoire de chuid an Aontais agus nach raibh na soláthróirí de chuid Mharacó ag ísliú praghsanna.

(188)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA gur iarr an Coimisiún féin ar chomhaltaí ACEA na sonraí sin a sholáthar maidir le luachanna tairisceana bunaithe ar thús an táirgthe, rud a sholáthair ACEA dá réir sin. Chuir ACEA doiciméid bhreise ar fáil freisin ó Úsáideoir B. Ar deireadh, mheas ACEA go raibh an tacar sonraí sin ionadaíoch toisc go raibh sé bunaithe ar 29 dtairiscint, gur chumhdaigh sé beagnach 100 % de cheannacháin ARW Mharacó, agus bhí fianaise mar thaca leis.

(189)

Chuir an Coimisiún i bhfios go láidir nár iarradh an fhaisnéis faoi thairiscintí ach ar an dá úsáideoir a chomhoibrigh go hiomlán leis an imscrúdú, a chuir freagraí ar an gceistneoir ar fáil agus a ndearnadh a gcuid sonraí a fhíorú. Measadh na sonraí a chuir ACEA isteach ina dhiaidh sin maidir leis an úsáideoir neamh-chomhoibríoch a bheith neamhiomlán, neamhiontaofa agus neamh-infhíoraithe mar gheall ar easpa comhoibrithe an úsáideora sin. Thug an Coimisiún dá aire gur ar an úsáideoir neamh-chomhoibríoch go príomha a bhunaigh ACEA a anailís. Chomh maith leis sin, cé gur mhaígh ACEA go raibh fianaise ag tacú lena thacar sonraí, mheas an Coimisiún gur scarbhileoga achoimre den chuid is mó a bhí sa tacar sonraí agus gurbh iad na tagairtí tairisceana a luaigh ACEA uimhreacha inmheánacha gach tairisceana. Mar sin féin, níor soláthraíodh na doiciméid iomlána maidir leis na tairiscintí, amhail cóipeanna de théarmaí tagartha, na tairiscintí iarbhír a fuarthas, etc. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(190)

In éagmais aon bharúil eile maidir le cúisíocht, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (152) go (154) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Ríomhanna an chorrlaigh gearrdhíola

(191)

Mhaígh ACEA, tar éis an nochta shealadaigh agus an nocht deiridh araon, gur cheart don Choimisiún ríomhanna corrlaigh gearrdhíola a dhéanamh ar leibhéal na dtairiscintí amhail san imscrúdú bunaidh in aghaidh allmhairí ARW ón tSín (25).

(192)

Scrúdaigh an Coimisiún an argóint agus shuigh sé go ndearnadh maíomh comhchosúil le linn an imscrúdaithe an athbhreithnithe éaga ar na bearta a luaitear thuas (26) agus gur diúltaíodh dó. In aithris (115) thuas, mhínigh an Coimisiún nach féidir roghnú sonraí ó thairiscintí aonair a chur in ionad na hanailíse praghais agus méid a rinne an Coimisiún bunaithe ar na sonraí iomlána, i.e. liostú díolachán idirbhirt agus comparáidí praghsanna de réir an chineáil. Leis an gcomparáid sin léirítear an méid is mó sonraí maidir le hidirbhearta díolachán iarbhír a rinneadh. Thairis sin, sloinneadh an corrlach gearrdhíola mar chéatadán den phraghas onnmhairiúcháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Leis an anailís ar bhonn na sonraí iomlána ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus ó tháirgeoirí an Aontais, léiríodh gearrdhíol 44 % le haghaidh Hands agus 51,6 % le haghaidh táirgeoirí eile de chuid Mharacó. Dá bhrí sin, diúltaíodh an argóint sin.

(193)

Mhaígh Hands go bhfuil coigeartuithe an Choimisiúin atá nasctha le costais comhshaoil todhchaí treallach agus amhantrach, agus go ndéantar difear leo d’inchomparáideacht praghsanna, agus go dtugtar isteach saobhadh ar inchomparáideacht praghsanna leo idir díolacháin de chuid an Aontais agus Mharacó. Rinne Hands tagairt do Shamhail Forbartha Nua de chuid Mharacó, rud a seoladh in Aibreán 2021 agus lena n-áirítear infheistíocht i bhfuinneamh glas inbhuanaithe chun bheith iomaíoch i dtionscail ísealcharbóin, agus gheall an tír os cionn 50 faoin gcéad dá leictreachas a fhoinsiú ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030. Dá bhrí sin, is léir nár chuir an Coimisiún costais todhchaí san áireamh, ar costais iad a thabhódh Hands le linn chur i bhfeidhm na mbeart, lena n-áirítear iad sin atá nasctha leis na hiarrachtaí dícharbónúcháin i Maracó.

(194)

Chuir an Coimisiún i dtábhacht go raibh áireamh na gcostas comhshaoil todhchaí sa spriocphraghas le haghaidh thionscal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán. Ní raibh áireamh na gcostas sin bunaithe ar thuairimíocht agus sin amháin ach ar fhianaise dhearfach ar na hinfheistíochtaí iarbhír a bhí beartaithe. Maidir le cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh infheistíochtaí a bheith ag Maracó i bhfuinneamh glas inbhuanaithe, níl sin ábhartha le haghaidh chur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an bhun-Rialacháin maidir le bunú spriocphraghas an Aontais inar gá costais chomhshaoil a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(195)

Mhaígh Hands nár sholáthair an Coimisiún aon mhíniú ar a ríomh ar na costais a bheidh ann amach anseo agus dá réir sin baineadh a gceart cosanta de Hands agus de pháirtithe leasmhara eile.

(196)

Sholáthair an Coimisiún fianaise maidir leis na costais a bheidh ann amach anseo tar éis iarraidh ó Dika. Foilsíodh an freagra sa chomhad oscailte a bhí ar fáil do na páirtithe uile. Dá bhrí sin, níor sáraíodh na cearta cosanta.

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(197)

In éagmais barúlacha, deimhníodh aithrisí (165) agus (166) den Rialachán sealadach.

7.2.   Leas úsáideoirí

(198)

D’athdhearbhaigh ACEA a mhaíomh a luaitear in aithris (170) den Rialachán sealadach nach bhféadfadh tionscal ARW de chuid an Aontais an t-éileamh a chomhlíonadh. Líomhnaítear gurb amhlaidh, ar feadh níos mó ná 15 bliana, a d’fhulaing an tAontas de dheasca fo-acmhainneachta agus ganntanas mar gheall ar na hinfheistíochtaí neamh-leordhóthanacha a rinne táirgeoirí an Aontais. De réir ACEA, mhainnigh táirgeoirí ARW de chuid an Aontais go comhsheasmhach a ngealltanas a chomhlíonadh chun acmhainneacht táirgeachta a mhéadú agus slándáil an tsoláthair a áirithiú san Aontas. Mheabhraigh ACEA gurb amhlaidh, i gcomhthéacs imscrúdú frithdhumpála an Choimisiúin ar ARW ón tSín, a líomhnaítear gur gheall táirgeoirí de chuid an Aontais a n-acmhainneacht táirgeachta a mhéadú agus chuir an Coimisiún síneadh, a líomhnaítear, leis an mbeart frithdhumpála faoi choinníoll go méadófar acmhainneachtaí. Dar le ACEA, idir 2006 agus an tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú 14 % ar acmhainneacht an Aontais, agus tháinig méadú 33 % ar an tomhaltas le linn na tréimhse céanna.

(199)

Thug an Coimisiún dá aire gur tugadh aghaidh ar an maíomh sin cheana in aithris (171) den Rialachán sealadach agus nár tugadh aon eilimint ná fianaise nua ar aghaidh. Bhreathnaigh an Coimisiún go bhféadfadh tionscal ARW de chuid an Aontais, dá mba ghá, a acmhainneacht a mhéadú faoi fhógra réasúnta gearr, ós rud é nár bhain an infheistíocht ábhartha ar thagair na húsáideoirí di leis na foirnéisí ná na bothanna péinteála, ach le meaisíní teilgin is féidir a shuiteáil go héasca. Dá bhrí sin, murar infheistigh táirgeoirí ARW de chuid an Aontais in acmhainneacht táirgeachta bhreise, ba é ba chúis leis sin a staid eacnamaíoch dheacair agus an easpa conarthaí todhchaí leordhóthanacha ó na monaróirí gluaisteán chun údar a thabhairt leis an infheistíocht sin. Dá réir sin, ní raibh dreasacht leordhóthanach ag an Aontas infheistiú in acmhainneacht bhreise in éagmais méadú intuartha ar éileamh a tháirgthe.

(200)

Ina theannta sin, bhí tomhaltas an Aontais cothrom le 64,31 mhilliún aonad sa tréimhse imscrúdúcháin. Bhí acmhainneacht iomlán an tionscail de chuid an Aontais cothrom le 61,29 milliún aonad, cé go raibh an táirgeadh iomlán de chuid an Aontais cothrom le 48,75 mhilliún aonad i dtréimhse an imscrúdaithe agus go raibh onnmhairí an tionscail de chuid an Aontais cothrom le 2,71 milliún aonad, rud a d’fhág go raibh acmhainneacht 9,83 mhilliún aonad gan úsáid. Dá dhroim sin, bhí acmhainneacht táirgeachta leordhóthanach ag tionscal an Aontais cheana chun beagnach éileamh iomlán ARW de chuid an Aontais a chumhdach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtríú tíortha tuilleadh soláthair a dhéanamh do mhargadh an Aontais. Mhéadaigh acmhainneacht dhomhanda iomlán ARWanna fiú le teacht na dtáirgeoirí de chuid Mharacó. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(201)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA nach raibh fianaise mar thaca le líomhain an Choimisiúin nach mbaineann na hinfheistíochtaí ábhartha le foirnéisí ná leis na bothanna péintéireachta, ach le meaisíní teilgin ar féidir iad a shuiteáil go héasca. Mhaígh ACEA gur léirigh na húsáideoirí comhoibríocha go bhfuil an easpa bothanna péintéireachta leordhóthanacha ar cheann de na baic mhóra a chuireann teorainn le hacmhainneacht táirgeachta an Aontais.

(202)

Thug an Coimisiún faoi deara gur bhain an fhianaise a chuir Úsáideoir A isteach leis an easpa acmhainneachta táirgeachta ó tháirgeoir amháin de chuid an Aontais do na blianta 2015-2016, agus dá bhrí sin roimh an tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, níor chuir Úsáideoir A aon doiciméad ar fáil a léirigh fadhbanna maidir le hacmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir le hÚsáideoir B, rinneadh na doiciméid a soláthraíodh a dhátú freisin roimh an tréimhse faoi bhreathnú (dátaíodh an chuid is mó díobh in 2016). Mar sin féin, le linn na cuairte fíorúcháin, dhearbhaigh Úsáideoir B “le linn gnáthbhliana amhail 2018/2019, ní raibh aon ghanntanas rothaí alúmanaim ann”. Níor chuir ACEA ná aon úsáideoir eile aon fhianaise ar fáil maidir le ganntanas táirgeachta mar gheall ar easpa bothanna péintéireachta leordhóthanacha le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(203)

Le linn an imscrúdaithe, bhailigh an Coimisiún fianaise go ndearna tionscal an Aontais infheistíocht i mbothanna péintéireachta nuair a aistríodh an tomhaltas chuig níos mó rothaí gearrtha diamantacha, rud a d’éiligh dhá chasadh i línte péintéireachta. Maidir le hinfheistíochtaí i mbothaí péintéireachta agus i dtrealamh teilgthe, bhailigh an Coimisiún cóipeanna de shonraisc cheannaigh a léiríonn go raibh tionscal an Aontais in ann a acmhainneacht a mhéadú san am a chuaigh thart nuair a bhí éileamh áirithe ar a tháirgí. Mheas an Coimisiún nárbh fhéidir faisnéis níos mionsonraithe a áireamh sa chomhad neamhrúnda mar bhain an fhaisnéis atá i gceist le hidirbhearta sonracha aonair arb ionann iad agus sonraí nach féidir achoimre a dhéanamh orthu de réir bhrí Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(204)

Mhaígh ACEA gurb amhlaidh, tráth a bhuaigh soláthróirí de chuid Mharacó tairiscintí chun rothaí a sholáthar don Aontas, nach raibh aon acmhainneacht táirgeachta bhreise le tairiscint ag tionscal an Aontais agus dá réir sin cumhdaíodh riachtanais straitéiseacha leis na hallmhairí sin le haghaidh na monaróirí gluaisteán.

(205)

Thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair ACEA fianaise ar an maíomh sin, mar shampla maidir le tairiscintí nárbh ann d’aon tairiscint phraghais ó tháirgeoirí an Aontais ina leith, go háirithe le haghaidh na dtairiscintí a bhuaigh na táirgeoirí de chuid Mharacó. Thug an Coimisiún dá aire freisin nár soláthraíodh aon fhianaise nár sholáthair tionscal ARW an Aontais ARW de bhun iarrataí ó mhonaróirí gluaisteán le linn na tréimhse faoi bhreathnú (27). Mar a luadh cheana thuas, tá acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais, i dteannta ceann na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin i dtríú tíortha, leordhóthanach den chuid is mó chun riachtanais an tionscail gluaisteán a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(206)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA nár chinn aon cheann de tháirgeoirí an Aontais infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht táirgeachta bhreise, agus tháinig méadú leanúnach ar tháirgeacht gluaisteán san Aontas ó 2013 i leith.

(207)

Chinn an Coimisiún, áfach, gur tháinig méadú thart ar 10,8 milliún ítim ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse sin (ó 51,644 mhilliún ítim (28) in 2013 go dtí 62,475 mhilliún ítim (29) in 2019). Dá bhrí sin, níor thacaigh aon fhianaise leis an maíomh agus diúltaíodh dó dá bhrí sin.

(208)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh ACEA a mhaíomh nach féidir le tionscal an Aontais freastal ar an éileamh san Aontas, fiú i margadh suaite agus laghdú stairiúil ar an éileamh.

(209)

Thug an Coimisiún faoi deara go raibh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais cothrom le 80 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, bhí acmhainneacht spáráilte bhreise ann chun freastal ar an éileamh. Chomh maith leis sin, ní raibh aon cheanglas ann go mbeadh sé d’oibleagáid ar thionscal an Aontais an t-éileamh iomlán a shásamh. D’fhéadfadh úsáideoirí ARW a allmhairiú ó aon cheann de na tríú tíortha táirgthe freisin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(210)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA gur chuir sé fianaise ar fáil a léirigh nach raibh aon acmhainneacht táirgeachta bhreise ag tionscal an Aontais agus dá bhrí sin gur chumhdaigh allmhairí Mharacó riachtanais straitéiseacha do mhonaróirí gluaisteán. Thairis sin, chuir ACEA fianaise ar fáil maidir le heaspa táirgeachta thionscal an Aontais in 2016.

(211)

Mheas an Coimisiún nach raibh fianaise leordhóthanach ag baint leis an maíomh. Mar shampla, níor chuir ACEA cruthúnas ar fáil maidir le haon tairiscint a bhuaigh soláthróirí Mharacó nuair nár ghlac táirgeoirí an Aontais páirt sa phróiseas tairisceana. Maidir leis an easpa táirgthe, níor thíolaic ACEA fianaise a léirigh fadhb shistéamach toisc gur bhain an fhianaise a soláthraíodh le tréimhse roimh an tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(212)

Mhaígh ACEA nár thug an Coimisiún aghaidh ar an bhfíoras gur mhéadaigh costais na monaróirí gluaisteán de dheasca éifeachtaí carnacha na mbeart frithdhumpála a cuireadh i bhfeidhm ar amhábhair, codanna agus comhpháirteanna eile a úsáideadh le haghaidh táirgeadh gluaisteán.

(213)

Thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair ACEA aon fhianaise thacaíochta maidir leis an maíomh sin. Fiú más féidir gur mhéadaigh costais a soláthróirí agus gur cuireadh ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, iad chuig na monaróirí gluaisteán, is cosúil nach é a tháinig as sin tionchar diúltach ar a staid eacnamaíoch. Mar a léirítear in aithris (175) den Rialachán sealadach, d’fhoilsigh na monaróirí gluaisteán torthaí airgeadais le haghaidh 2021 a sháraigh na gnáthbhrabúis a tuairiscíodh le linn na mblianta roimhe sin. Ar deireadh, mar a leagtar amach cheana in aithris (169) den Rialachán sealadach, tá céatadán an chostais ar ARWanna agus gluaisteán á tháirgeadh beag, agus é cothrom le thart ar 0,5 %. Dá bhrí sin, bhí tionchar na mbeart ar mhonaróirí gluaisteán an-teoranta agus diúltaíodh don mhaíomh.

(214)

Tar éis an nochta deiridh, níor aontaigh ACEA le measúnú an Choimisiúin san aithris thuas. D’áitigh ACEA go mbeidh costas breise EUR 241-413 mhilliún i gceist leis na dleachtanna frithdhumpála. Is méid suntasach é sin do mhonaróirí gluaisteán i gcás tionscail atá fós thíos mar gheall ar leibhéal íseal táirgthe gluaisteán san Aontas agus a mbíonn orthu costais bhreise chomhshaoil a iompar san am céanna.

(215)

Thug an Coimisiún faoi deara nár chuir ACEA in aghaidh thorthaí an Choimisiúin gur beag an sciar de ARWanna i gcostas iomlán táirgthe gluaisteáin, thart ar 0,5 % agus nach mbeadh sa dleacht frithdhumpála réasúnta íseal ach codán den 0,5 % sin. Níor cuireadh aon fhianaise isteach a léiríonn nach mbeidh na monaróirí gluaisteán in ann na costais sin a iompar. Ina theannta sin, d’ainneoin chruinneas an chostais breise arna mheas ag ACEA, bunaíodh an meastachán ar na costais bhreise ar spriocphraghas an Aontais agus dá bhrí sin baineann sé leis na corrlaigh díobhála atá ann cheana. Mar sin féin, bhí an dleacht bunaithe ar na corrlaigh dhumpála a bhí níos ísle ná na corrlaigh díobhála a suíodh agus, dá thoradh sin, bheadh éifeachtaí na dleachta frithdhumpála níos ísle ná na méideanna arna meas ag ACEA. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(216)

Mhaígh ACEA gur mheas cuid dá chomhaltaí go bhfuil soláthróirí de chuid Mharacó tiomanta i gcónaí faireachán a dhéanamh ar thionchar CO2 na slabhraí soláthair. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí an soláthar a atreorú chuig tríú tíortha eile bheadh tionchar suntasach aige sin ar acmhainneacht monaróirí gluaisteán a spriocanna laghdaithe CO2 a chomhlíonadh.

(217)

Thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair ACEA aon fhianaise thacaíochta maidir leis an maíomh sin cé gur nochtadh le faisnéis a fuarthas le linn cuairt fíorúcháin ar úsáideoir comhoibríoch amháin go bhfuil an tsaincheist chéanna roimh allmhairí de chuid Mharacó maidir lena dtionchar ar spriocanna laghdaithe CO2 de chuid monaróirí gluaisteán de dheasca an achair idir na monarchana de chuid Mharacó agus monarcha na monaróirí gluaisteán san Aontas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(218)

Tar éis an nochta deiridh, thagair ACEA dá phlean 10 bpointe chun cuidiú leis an gComhaontú Glas don Eoraip (30) a chur chun feidhme chomh maith leis an bhfíoras gur chuir Úsáideoir B fianaise ar fáil tar éis na cuairte fíoraithe go bhfuil allmhairí Mharacó tábhachtach maidir leis an tionchar ar CO2 mar gheall ar ghaireacht gheografach mhonarchana Mharacó agus mhonarchana mhonaróirí na ngluaisteán.

(219)

Thug an Coimisiún faoi deara nár luadh sa phlean 10 bpointe tionchar allmhairí rothaí i gcoitinne, agus tionchar Mharacó go háirithe. Dá bhrí sin, ní fianaise iomchuí a bhí sa phlean maidir leis an maíomh a shonraítear in aithris (215) thuas. Ina theannta sin, thuairiscigh Úsáideoir B go deimhin gur thug sé isteach an critéar maidir le hastaíochtaí CO2 chun soláthróirí a roghnú agus gurb é an sprioc an t-achar idir na monarchana agus na soláthróirí a laghdú, rud a laghdódh an cló carbóin. Mar sin féin, dúirt Úsáideoir B freisin go bhfuil an iomaíocht ina fhachtóir an-tábhachtach ó thaobh soláthróir a roghnú. Ina theannta sin, níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise go ndearna Úsáideoir B measúnú iarbhír ar an gcritéar sin le linn an phróisis tairisceana nó gur tugadh neamhaird ar tháirgeoir mar gheall ar na critéir astaíochtaí CO2. Ar deireadh, fiú dá mbeadh ról ríthábhachtach ag an gcritéar sin amach anseo, níl sé mar chuspóir ag na bearta frithdhumpála go gcuirfí deireadh le hallmhairí ó Mharacó, ach chun a áirithiú go dtiocfaidh siad isteach san Aontas ar phraghsanna cothroma. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(220)

Mhaígh ACEA gur thionscain Oifig Cairtéil Fheidearálach na Gearmáine imscrúdú i Márta 2022 in aghaidh táirgeoir de chuid an Aontais, bunaithe ar líomhaintí maidir le hiompar lenar srianadh iomaíocht. Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire nach ndearnadh aon mhaíomh maidir le héifeachtaí féideartha ar thorthaí an imscrúdaithe ar an iompraíocht líomhnaithe sin. In aon chás, tá an t-imscrúdú sin fós ag dul ar aghaidh agus níor thángthas ar aon toradh fós. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(221)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh ACEA nár cheart na bearta frithdhumpála a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh toradh ar an imscrúdú arna dhéanamh ag Oifig Chairtéil Chónaidhme na Gearmáine in imthosca eisceachtúla den sórt sin agus i gcomhréir le prionsabail an dea-riaracháin agus an dea-chleachtais riaracháin a forbraíodh i gcás píopaí gan uaim (31)

(222)

Mar a míníodh cheana féin in aithris (220) thuas, ní dhearna an riarachán náisiúnta aon chinneadh fós. Os a choinne sin, i gcás píopaí gan uaim, níor cuireadh na dleachtanna i bhfeidhm ach amháin tar éis cinneadh cinntitheach a eisiúint lenar gearradh smachtbhannaí ar an gcleachtas frithiomaíoch agus nuair ba léir gur bhain an cleachtas sin leis an tréimhse faoi bhreathnú san imscrúdú agus gur chumhdaigh sé an táirge lena mbaineann. Ní raibh aon cheann de na heilimintí sin i láthair sa chás atá idir lámha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(223)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúil eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithris (177) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(224)

I bhfianaise na gconclúidí ar ar thángthas maidir leis an dumpáil, an díobháil, leis an gcúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(225)

Mar a léirítear in aithris (63), athbhreithníodh na corrlaigh dhumpála beagáinín ag an gcéim chinntitheach.

(226)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, ba cheart iad a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Maracó

HANDS 8 S.A.

9,01

44,0

9,0

 

DIKA MOROCCO AFRIKA S.A.R.L

17,54

51,6

17,5

 

Gach cuideachta eile

17,54

51,6

17,5

(227)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(228)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Is chuig an gCoimisiún nach mór an iarraidh a sheoladh (32). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(229)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(230)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má sholáthraítear sonrasc a chomhlíonann na riachtanais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, ar nós i ngach cás eile, go n-éileoidh siad doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun críocha cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith le an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim.

(231)

Dá dtarlódh sé go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as na rátaí dleachta aonair níos ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú i méid mar sin a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart laistigh de shainmhíniú Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, is féidir imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Leis an imscrúdú sin is féidir inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá chun ráta nó rátaí dleachta aonair a bhaint agus dleacht a fhorchur ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(232)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach freisin maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(233)

Staidreamh rothaí bóthair alúmanaim de mótarfheithiclí cheannteidil 8701 go 8705 bíodh a ngabhálais feistithe orthu nó ná bíodh agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, sloinntear iad go minic de réir líon na bpíosaí. Mar sin féin, ní ann d’aon aonad forlíontach le haghaidh rothaí bóthair alúmanaim de mhótarfheithiclí cheannteidil 8701 go 8705 bíodh a ngabhálais feistithe orthu nó ná bíodh agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, ar boinn iad a shonraítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (33). Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá an líon aonad le haghaidh na n-allmhairí den táirge lena mbaineann a chur isteach sa dearbhú le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí. Ba cheart na hítimí a léiriú le haghaidh chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050).

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(234)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a fuarthas agus leibhéal an díobhála a rinneadh don tionscal de chuid an Aontais, ba cheart na méideanna a daingníodh leis na dleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach, a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán reatha.

8.3.   Forchur cúlghabhálach beart frithdhumpála

(235)

Mar a léirítear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe.

(236)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís ar cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(237)

Bhreathnaigh an Coimisiún go raibh an méid na n-ítimí a allmhairíodh le linn na tréimhse réamhnochta (an 18 Meitheamh 2022 – an 16 Iúil 2022) cothrom le thart ar 291 000 aonad, ar laghdú 11 % é sin i gcomparáid le meánmhéideanna allmhairiúcháin míosúla le linn na tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin ar a ndearnadh anailís sa Rialachán maidir le clárú, is é sin ón 1 Nollaig 2021 go dtí an 30 Aibreán 2022. Dá bhrí sin, níor aimsigh an Coimisiún fianaise ar stoc-charnadh féideartha le linn na tréimhse réamhnochta. Ina theannta sin, tháinig méadú 11 % ar phraghsanna allmhairiúcháin i gcomhréir leis an méadú ar phraghsanna LME 3 mhí. Dá dhroim sin, níorbh ann d’aon fhianaise go ndearnadh dochar leis na hallmhairí d’éifeachtaí feabhais na ndualgas.

(238)

Ar an mbonn sin, níor comhlíonadh na coinníollacha dlíthiúla faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán agus, dá bhrí sin, níor cheart na dualgais a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí cláraithe.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(239)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (34), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(240)

Níor thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déantar dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim de mhótarfheithiclí cheannteidil 8701 go 8705 bíodh a ngabhálais feistithe orthu nó ná bíodh agus bíodh boinn feistithe orthu nó ná bíodh, rud atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8708 70 10 agus ex 8708 70 50 (cóid TARIC: 8708701015, 8708701050, 8708705015 agus 8708705050) agus de thionscnamh Mharacó.

2.   Is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, atá ar na táirgí a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Maracó

HANDS 8 S.A.

9,0  %

C873

 

DIKA MOROCCO AFRIKA S.A.R.L

17,5  %

C897

 

Gach cuideachta eile

17,5  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis a eiseoidh an sonrasc sin, a shainaithneofar le hainm agus le feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i Maracó. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   I gcás ina gcuirfear dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta i isteach i ndáil leis an táirge dá dtagraítear i mír 1, cuirfear líon na dtáirgí allmhairithe isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, gan dochar don aonad forlíontach atá sainithe san Ainmníocht Chomhcheangailte.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1221 ón gCoimisiún a bhailiú go cinntitheach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó, (IO C 464, 17.11.2021, lch. 19).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1221 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó (IO L 188, 15.7.2022, lch. 114).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/934 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2022 lena gcuirtear allmhairí de rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Mharacó faoi réir clárú, (IO L 162, 17.6.2022, lch. 27).

(5)  Ordú an 28 Meán Fómhair 2021, Airoldi Metalli SpA, T-611/20, EU:T:2021:641, míreanna 48 agus 49.

(6)  Comhaontú EDT maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur Chun Feidhme.

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1395 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe cruach frithchreimní de thionscnamh na Rúise agus na Tuirce (IO L 211, 12.8.2022, lch. 127).

(8)  Cás T-278/20, Zhejiang Hangtong Machinery Manufacture Co. Ltd agus Ningbo Hi-Tech Zone Tongcheng Auto Parts Co. Ltd v an Coimisiún [2022] ECLI:EU:T:2022:417, mír 97.

(9)  I gcomhréir le Cás T-278/20 a luaitear in aithris (92) agus dá dtagraíonn Dika ina aighneacht.

(10)  Féach Cásanna C-376/15 P agus C-377/15 P, Changshu City Standard Parts Factory agus Ningbo Jinding Fastener Co. Ltd v Comhairle an Aontais Eorpaigh, ECLI:EU:C:2017:269, mír. 53.

(11)  Rialachán (AE) 2019/1131 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2019 lena mbunaítear uirlis chustaim chun Airteagal 14a de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 24a de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 179, 3.7.2019, lch. 12).

(12)  Na rialacha a leagtar síos in Rialachán (AE) 2019/1131 a luaitear i bhfonóta 11.

(13)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 410, 18.11.2021, lch. 153), aithris (136)

(14)  Tá na haicmiúcháin seo a leanas ag bunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda le haghaidh 2021 bunaithe ar an ollioncam náisiúnta (“OIN”) per capita: tír íos-mheánioncaim idir USD 1 086 agus USD 4 255, tír ard-mheánioncaim idir USD 4 256 agus USD 13 205, tír ardioncaim os cionn USD 13 205. De réir an aicmithe sin, meastar gur tír íos-mheánioncaim í Maracó (ag a bhfuil OIN le haghaidh 2021 ag USD 3 350), meastar gur tír ard-mheánioncaim í an Bhrasaíl (ag a bhfuil OIN le haghaidh 2021 ag USD 7 720) agus meastar gur tír ardioncaim í an Chóiré (ag a bhfuil OIN le haghaidh 2021 ag USD 34 980). Féach https://databank.worldbank.org/home.aspx.

(15)  EDT, Tuarascáil ón bPainéal, WT/DS480/R, an 25 Eanáir 2018, mír 7.51, agus WT/DS405/R, an 28 Deireadh Fómhair 2011, mír 7.300.

(16)  EDT, Tuarascáil ón bPainéal, WT/DS482//R, an 25 Eanáir 2016, mír 7.143.

(17)  Ibid.

(18)  Cás T-278/20, Zhejiang Hangtong Machinery Manufacture Co. Ltd agus Ningbo Hi-Tech Zone Tongcheng Auto Parts Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach [2022] ECLI:EU:T:2022:417, mír 134.

(19)  Mar shampla, dleacht iarmharach de 29 % a bhunaítear in aithris 186 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1693 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO L 259, 10.10.2019, lch. 15, nó 50 % in aithris 290 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59).

(20)  D’iarr Dika faisnéis (de réir an ríomhphoist an 22 Iúil 2022) maidir leis na costais réasúnta SGA agus brabús a úsáidtear sa Rialachán sealadach, an chaidhp bhrabúis, costais chomhlíontachta, IRI (infheistíochtaí, T&F agus nuálaíocht) chomh maith le sonraí Eurostat ar leibhéal TARIC.

(21)  Rialachán (AE) 404/2010 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 117, 11.5.2010, lch. 64), aithrisí (175) go (179).

(22)  Is ionann an meastachán nó praghas na tairisceana agus an praghas a thairgeann gach rannpháirtí sna tairiscintí agus tairiscint á cur isteach acu.

(23)  In éagmais faisnéis eile, ghlac an Coimisiún leis gur bhain na méideanna a tuairiscíodh sa scarbhileog leis an méid foriomlán a luadh le linn shaolré ionchasach gach tionscadail. Bunaithe ar mheántréimhse 5 bliana, leithdháileadh na méideanna a tuairiscíodh ar an gcaoi sin dá réir sin.

(24)  Féach breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2022, Nevinnomysskiy Azot et NAK “Azot”/an Coimisiún, T-865/19, EU:T:2022:559, míreanna 283 – 286.

(25)  Rialachán (AE) 404/2010, aithrisí (175) go (179).

(26)  Aithrisí (125) agus (126) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothaí bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle l (IO L 18, 24.1.2017, lch. 1).

(27)  Tar éis an nochta shealadaigh, thuairiscigh Úsáideoir A gurb amhlaidh in 2014 le haghaidh tionscadal amháin nach raibh táirgeoir de chuid an Aontais in ann 100 % ach 85 % den chainníocht a iarradh. Mar sin féin, measann an t-úsáideoir fós go bhfuil an táirgeoir sin de chuid an Aontais ina phríomhsholáthróir agus níor ardaigh sé maímh ná níor sholáthair sé fianaise gur tharla an laghdú sin ar sholáthar ón táirgeoir sin san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(28)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/109, aithris (136).

(29)  Aithris (97) den Rialachán sealadach.

(30)  https://www.acea.auto/files/ACEA_10-point_plan_European_Green_Deal.pdf.

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 1322/2004 ón gComhairle an 16 Iúil 2004 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2320/97 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí píopaí agus feadán iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail áirithe gan uaim de thionscnamh, inter alia, na Rúise agus na Rómáine, (IO L 246, 20.7.2004, lch. 10)

(32)  European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 Bruxelles/Brussel, Belgique/België/An Bheilg.

(33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/36


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/100 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Eanáir 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (an bun-Rialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 13 Bealtaine 2022, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín” nó “an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 an bhun-Rialacháin. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2)(“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú i ndiaidh gearán a rinne an Coiste Eorpach um Cheaigeanna (“an gearánach”) an 31 Márta 2022. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise a bhí sa ghearán maidir leis an dumpáil agus leis an díobháil ábhartha ba thoradh uirthi chun an t-imscrúdú a thionscnamh.

1.2.   Clárú

(3)

De bhun Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán, ba cheart don Choimisiún allmhairí atá faoi réir imscrúdú frithdhumpála a chlárú le linn na tréimhse réamhnochta ach amháin más leor an fhianaise atá aige de réir bhrí Airteagal 5 nach gcomhlíontar na ceanglais faoi phointe (c) nó (d) d’Airteagal 10(4). Ós rud é gur léirigh an fhianaise sa chomhad nár comhlíonadh an ceanglas faoi phointe (d), níor chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán.

1.3.   Páirtithe leasmhara

(4)

San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun páirt a ghlacadh san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na táirgeoirí de chuid an Aontais a ndéanann an gearánach ionadaíocht dóibh; táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais; allmhaireoirí, trádálaithe agus úsáideoirí aitheanta; táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta; agus údaráis na tíre lena mbaineann ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ann.

(5)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Níor iarradh éisteacht ar bith.

1.4.   Sampláil

(6)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais

(7)

Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid an táirgthe agus an díolachán, agus suíomh geografach an tsampla á chur san áireamh. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla sin. B'ionann táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus 73 % de tháirgeadh iomlán measta an Aontais agus 74 % de na díolacháin san Aontas. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúlacha i ndáil leis sin. Is sampla é atá ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.4.1.   Sampláil na n-allmhaireoirí

(8)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar.

(9)

Níor sholáthair ach allmhaireoir neamhghaolmhar amháin an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. Mar sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá allmhaireoirí nach raibh baint acu leo a shampláil.

1.4.2.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(10)

Lena chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin uile na Síne an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(11)

Chuir sé tháirgeoir sa tír lena mbaineann a d'onnmhairigh ceaigeanna chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, an fhaisnéis a iarradh ar fáil agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d’onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse a bhí ar fáil. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir le roghnú an tsampla. Ní bhfuarthas aon bharúlacha.

1.5.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíoraithe

(12)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon fhreagra.

(13)

D'fhoilsigh an Coimisiún na ceistneoirí (3) le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairithe sampláilte, na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara agus tháirgeoirí an Aontais ar líne agus chuir sé an ceistneoir macrashonraí chuig an nGearánach an 20 Bealtaine 2022.

(14)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil dá deasca agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

(15)

I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart dianghlasála a chuir an Coimisiún i bhfeidhm, rinne sé cros-seiceálacha cianda (“RCC”) de réir a Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas de chuid na Síne:

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd, Shandong, an tSín

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd, Ningbo, Zhejiang, an tSín

1.6.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(16)

Sa imscrúdú ar an dumpáil agus ar an díobháil, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an díobháil, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

2.   AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi imscrúdú

(17)

An táirge atá faoi imscrúdú, is éard atá ann ceaigeanna, soithí, drumaí, umair, bairillí agus coimeádáin eile den chineál sin, iad in-athlíonta agus déanta as cruach dhosmálta, rudaí ar a dtugtar “ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta” go coitianta, rudaí arb é cruth an tsorcóra, a bheag nó a mhór, atá ar a gcabhail, agus dar tiús balla 0.5 mm nó níos mó, rudaí ar de chineál iad a úsáidtear le haghaidh ábhair eile seachas gás leachtaithe, amhola, agus táirgí peitriliam, agus dar toilleadh 4.5 lítear nó níos mó, gan beann ar chineál na bailchríche nó an tomhsaire ná ar ghrád na cruach dosmálta, bíodh comhpháirteanna breise ag gabháil leo nó ná bíodh (eastarraingteoirí, scóigeanna, clingíní, nó aon chomhpháirt eile), bídís péinteáilte nó ná bídís, bídís brataithe ag ábhair eile nó ná bídís (“Ceaigeanna” nó “an táirge atá faoi imscrúdú”).

(18)

Ní thagann na táirgí seo a leanas faoi raon feidhme an imscrúdaithe seo nuair a allmhairítear iad ar leithligh ón táirge atá faoi imscrúdú: scóigeanna, sleánna, cúplóirí nó sconnaí, coiléir, comhlaí agus comhpháirteanna eile den táirge atá faoi imscrúdú (eastarraingteoirí, scóigeanna, clingíní, nó aon chomhpháirt eile).

2.2.   An táirge lena mbaineann

(19)

Is é an táirge lena mbaineann an táirge de thionscnamh na Síne atá faoi imscrúdú, a thagann faoi chóid AC ex 7310 10 00 agus ex 7310 29 90 (cóid TARIC 7310100010 agus 7310299010) faoi láthair (“an táirge lena mbaineann”).

2.3.   Táirge comhchosúil

(20)

Léiríodh leis an imscrúdú gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla agus na húsáidí bunúsacha atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi imscrúdú a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargaí intíre na Síne; agus

an táirge faoi imscrúdú a tháirgeann agus a dhíolann tionscal an Aontais san Aontas.

(21)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An tSín

3.1.1.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(22)

Ó tharla gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe lenar tugadh le fios gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, maidir leis an tSín, mheas an Coimisiún gurb iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(23)

Dá dheasca sin, chun na sonraí a bhailiú, ar sonraí iad is gá chun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm amach anseo, san Fhógra Tionscnaimh d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun ceaigeanna a tháirgeadh. Chuir sé tháirgeoir onnmhairiúcháin an fhaisnéis ábhartha isteach

(24)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2. den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar cheistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíricí a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. D’iarr an Coimisiún ar Rialtas na Síne a bharúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúlacha.

(25)

Shonraigh an Coimisiún freisin i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh Meicsiceo agus an Tuirc a bheith ina dtríú tíortha ionadaíocha iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(26)

An 20 Iúil 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáideadh chun ceaigeanna a tháirgeadh. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, is iad sin Meicsiceo, an Bhrasaíl agus an Rúis mar thíortha ionadaíocha iomchuí. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an gCéad Nóta.

(27)

An 19 Meán Fómhair 2022, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch. Chuir sé in iúl do na páirtithe leasmhara freisin go mbunódh sé costais díolacháin, costais ghinearálta agus costais riaracháin (“SG&A”) agus brabúis bunaithe ar an táirgeoir KHS Industria de Maquinas LTDA sa Bhrasaíl. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ina leith sin. Fuarthas barúlacha ón dá táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte.

(28)

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoin Dara Nóta, tháinig an Coimisiún ar chonclúid shealadach gur rogha iomchuí í an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch óna bhféadfaí praghsanna agus costais neamhshaofa a fháil chun an gnáthluach a chinneadh ag an gcéim shealadach. Tuairiscítear na bunchúiseanna leis an rogha sin ar bhonn níos mionsonraithe i Roinn 3.2.1.1 thíos.

3.2.   Gnáthluach

(29)

De réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, “bunófar an gnáthluach de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir”.

(30)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “más rud é go gcinntear (…) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús” (tagraítear anseo feasta do “costais riaracháin, díola agus ghinearálta” mar “SG&A”).

(31)

Mar a mhínítear tuilleadh sna foranna seo a leanas, bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, agus ag féachaint don easpa comhair ó Rialtas na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(32)

In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil cruach sa tSín (4), arb é sin an príomh-amhábhar chun ceaigeanna a tháirgeadh, fuair an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(33)

Sna himscrúduithe sin, rinne an Coimisiún amach gurbh ann d’idirghabháil shuntasach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (5). Go sonrach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (6), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (7). Chinn an Coimisiún sa bhreis air sin go raibh éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus ó thaobh soláthar amhábhar agus ionchur de freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín déantar acmhainní a chomhchruinniú in earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (8). Ina theanna sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (9). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) (10), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (11).

(34)

Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarratas, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (12) (“Tuarascáil”), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh inti freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín, rud a fuarthas in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo.

(35)

Maítear san iarratas go dtéann Stát na Síne i mbun beartas eacnamaíoch idirghabhálach chun tabhairt faoi spriocanna, rud atá i gcomhréir leis an gclár polaitiúil a shocraíonn Páirtí Cumannach na Síne (“CCP”) seachas spriocanna a léiríonn dálaí eacnamaíocha reatha i margadh saor. San iarratas i dtaca leis sin, ní hamháin gur léiríodh an saobhadh sa mhargadh cruach dosmálta (arb ionann cruach dhosmálta agus idir 40 % agus 60 % den chostas ar tháirgeadh na gceaigeanna) ach maíodh ann freisin go bhfuil gach toisc eile den táirgeadh – talamh, caipiteal, saothar - chomh saofa céanna. Dá dheasca sin, cinneadh leis an iarratas, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre maidir le cruach dhosmálta lena n-úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do chostais na n-ionchur uile, lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú freisin.

(36)

Chun tacú lena seasamh, rinneadh tagairt san iarratas do roinnt foinsí faisnéise atá ar fáil go poiblí, amhail an Tuarascáil, na conclúidí ar tháinig an EUCCC orthu (13), na himscrúduithe a rinne an Coimisiún le déanaí ar earnáil cruach (14)na Síne chomh maith le conclúidí Fhóram Domhanda G20 maidir le Ró-Acmhainní sa Tionscal Cruach (15).

(37)

Mar a tugadh le fios in aithris (24), níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl nó níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil.

(38)

Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne in earnáil an táirge faoi imscrúdú, i.e. an earnáil cruach. Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon fiontar faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach de chuid na Síne a aicmítear sna deich dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (16). Ag an am céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 % de tháirgeacht iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú go thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin (17). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair sé go n-eiseofaí treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (18) D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist leis an gcomhdhlúthú sin cumaisc éigeantacha na gcuideachtaí príobháideacha brabúsacha agus na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá ag tearcfheidhmiú (19). Ós rud é nach raibh aon chomhar ann ón Rialtas na Síne, i bhfianaise an líon FBManna a bhí gníomhach san earnáil a bheith ann, ní fhéadfaí an cóimheas beacht idir na táirgeoirí cruach príobháideacha agus na táirgeoirí cruach faoi úinéireacht an stáit a shuí. In aon chás, léiríodh san imscrúdú go bhfuil táirgeoir amháin ar a laghad de na ceaigeanna ina cuideachta faoi úinéireacht stáit, eadhon Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd.

(39)

Cé nach bhfuil faisnéis shonrach r fáil maidir leis an táirge faoi imscrúdú, is ionann an earnáil, áfach, agus fo-earnáil de thionscal na cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil cruach a bheith táscach freisin maidir leis an táirge faoi imscrúdú. Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí leis an tSín maidir leis an earnáil cruach an tábhacht leanúnach a chuireann Rialtas na Síne i leith na hearnála, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le dréacht-Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach ar an leibhéal nuachóiriúcháin den slabhra tionsclaíoch (20) nó leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ar dá réir a dhéanfaidh an earnáil “cloí le comhcheangal na ceannaireachta margaidh agus chur chun cinn an rialtais” agus a dhéanfaidh sí “grúpa cuideachtaí forásacha a chothú lena mbaineann ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas” (21). Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne chun na forbairtí san earnáil a mhaoirsiú agus a threorú a fheiceáil ar an leibhéal cúigeach, amhail in Shandong ina dtuartar ní hamháin go ndéanfar “éiceolaíocht thionscal cruach a thógáil […], páirceanna monaraíochta a bhunú, an slabhra tionsclaíoch a leathnú agus braislí tionsclaíocha a chruthú” ach go bhfuil mian ann “go soláthródh an tionscal cruach eiseamláir do chlaochlú agus d’uasghrádú […] inár gcúige agus fiú sa tír ina hiomláine (22)“.

(40)

Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó Rialtas na Síne, agus de bharr gur FBManna iad formhór na dtáirgeoirí ceaigeanna, níorbh fhéidir a shuí gur ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus Páirtí Cumannach na Síne. Mar sin féin, léiríodh san imscrúdú go bhfuil dlúthbhaint ag lucht bainistíochta Shandong Gold Group, cuideachta faoi úinéireacht stáit agus scairshealbhóir rialaithe Penglai Jinfu Stainless Steel Products leis an CCP: tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Ghrúpa Shandong Gold ina Rúnaí ar Choiste an Pháirtí freisin agus bhí sé ina ionadaí ag 515ú Comhdháil Náisiúnta an CCP agus tá Stiúrthóir agus Bainisteoir Feidhmiúcháin Ghrúpa Shandong Gold ina Leas-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí freisin.

(41)

Ós rud é go bhfuil an táirge faoi imscrúdú agus ina fho-earnáil den earnáil cruach, tá faisnéis atá ar fáil maidir le táirgeoirí cruach ábhartha freisin don táirge faoi imscrúdú. I gcatagóir i gcoitinne na hearnála cruach, tá go leor fianaise ann ar naisc phearsanta idir na táirgeoirí cruach agus Páirtí Cumannach na Síne. Le sampla a thabhairt, fónann Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baowu ag an am céanna mar Rúnaí Choiste an Pháirtí, agus fónann an Bainisteoir Ginearálta mar Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí (23). Ar an gcaoi chéanna, Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baosteel, is aige atá ról rúnaí Choiste an Pháirtí, agus tá an Bainisteoir Feidhmiúcháin ina Leas-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (24). Go ginearálta, i bhfianaise infheidhmeacht ghinearálta na reachtaíochta maidir le láithreacht Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, cumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus costais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí, ní féidir glacadh leis go mbeadh an cumas sin difriúil i ndáil leis an táirge faoi imscrúdú i gcomparáid leis an earnáil cruach i gcoitinne.

(42)

Tá idir fhiontair phríobháideacha agus fhiontair phoiblí san earnáil cruach faoi réir maoirseacht agus treorú beartais. Ós rud é nár chomhoibrigh Rialtas na Síne san imscrúdú seo agus gur fiontair bheaga agus mheánmhéide iad táirgeoirí na gceaigeanna den chuid is mó, bhí sé deacair scála beacht an neartaithe páirtithe sna fiontair ó thionscal na gceaigeanna a shuí. Mar sin féin, léiríodh leis an imscrúdú go dtacaíonn Shandong Gold Group (scairshealbhóir rialaithe Penglai Jinfu Stainless Steel Products) go gníomhach le gníomhaíochtaí neartaithe Páirtí. Is é seo a leanas an tuairisc a tugadh ar ról choiste páirtí na cuideachta: “Ní mór dúinn an deis iontach a thapa ón rialtas láir, ó Choiste Páirtí Cúige Shandong agus ón Rialtas Cúige a thacaíonn le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit maidir le dlús a chur le fiontair den scoth a fhorbairt, súil a choinneáil ar spriocanna straitéiseacha, fócas straitéiseach a choimeád, cur chun feidhme straitéiseach a neartú, agus cloí le socrú foriomlán na spriocanna foriomlána, na spriocanna idirmheánacha, agus na spriocanna bliantúla, cloí leis an gcomhcheangal de phleanáil straitéiseach agus cur chun cinn beartach” agus “an páirtí a reáchtáil ar bhealach docht cuimsitheach, na ceanglais ghinearálta maidir le neartú páirtí sa ré nua a chur chun feidhme go hiomlán, agus ráthaíocht láidir d'fhorbairt ard-chaighdeáin a sholáthar. Is gá forbairt pholaitiúil an pháirtí a neartú go cuimsitheach, cloí go docht leis an smacht polaitiúil agus leis na rialacha polaitiúla, breithiúnas polaitiúil, tuiscint pholaitiúil agus cur chun feidhme polaitiúil eagraíochtaí páirtí a fheabhsú go héifeachtach ar gach leibhéal agus i gcás na gcomhaltaí páirtí agus an luchta bainistíochta ar fad, agus ardleibhéal comhsheasmhachta a choinneáil i gcónaí le Lárchoiste an Pháirtí agus Comrade Xi Jinping ina chroílár, “ceithre chomhfhios” a bhunú, “ceithre fhéinmhuinín” a threisiú, agus “dhá chothabháil” a bhaint amach (25).

(43)

Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm in earnáil an táirge atá faoi imscrúdú lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Cé nárbh fhéidir aon doiciméid bheartais lena dtreoraítear go sonrach forbairt an tionscail ceaigeanna a shainaithint san imscrúdú, tairbhíonn an tionscal de threoir agus d’idirghabháil rialtais san earnáil cruach, i bhfianaise gurb ionann an táirge faoi imscrúdú agus ceann dá bhfo-earnálacha.

(44)

Measann Rialtas na Síne gur tionscal ríthábhachtach é an tionscal cruach i gcónaí (26). Deimhnítear san iliomad pleananna, treoracha éagsúla agus doiciméad atá dírithe ar an earnáil cruach, pleananna, treoracha agus doiciméid a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. Faoin 536ú Plean 5 Bliana a glacadh i mí an Mhárta 2021, chuir Rialtas na Síne an tionscal cruach ar leataobh lena aistriú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena gcoigeartú ar bhonn struchtúrach (27).

(45)

Ina theannta sin, liostaítear an earnáil sa 14ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt, is infheidhme freisin ar an tionscal cruach, mar “bhunchloch an fhíorgheilleagair” agus mar “phríomhréimse lena múnlaítear buntáiste iomaíoch idirnáisiúnta na Síne” agus leagtar amach leis roinnt cuspóirí agus modhanna oibre a spreagfadh forbairt na hearnála cruach sa tréimhse ama 2021-2025, amhail uasghrádú teicneolaíochta, feabhas a chur ar struchtúr na hearnála (trí thuilleadh comhchruinnithe corparáideacha ar a laghad) nó an t-aistriú digiteach (28).

(46)

Sa 14ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Amhábhar a Fhorbairt cuimsítear roinnt spriocanna sonracha maidir le forbairt na hearnála cruach. Cuimsítear na forálacha seo a leanas i Roinn IV, Pointe 3 den doiciméad: “An struchtúr eagraíochtúil a bharrfheabhsú: príomhfhiontair a dhéanamh níos mó agus níos láidre. Cloí leis an gcomhcheangal de cheannaireacht sa mhargadh agus cur chun cinn rialtais, fáil réidh le bacainní ar chumaisc thrasréigiúnacha agus atheagrú trasréigiúnach, fáil réidh le srianta amhail deighilt sa mhargadh agus imshuí réigiúnach, mórfhadhbanna a tharlaíonn i gcumaisc thrasréigiúnacha agus atheagrú trasréigiúnach fiontar a chomhordú agus a réiteach, tacú le fiontair ó thaobh dlús a chur le cumaisc thrasréigiúnacha agus tras-úinéireachta agus atheagrú trasréigiúnach agus tras-úinéireachta, agus leibhéal comhchruinnithe an tionscail a mhéadú, gnó idirnáisiúnta a fhorbairt. I …, cruach, … agus tionscail eile, grúpa de phríomhfhiontair sa slabhra tionsclaíoch a chothú lena mbaineann ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas”.

(47)

Tá na Pleananna 5 Bliana thuasluaite ar an leibhéal lárnach léirithe athluaite sna Pleananna 5 Bliana cúige agus/nó bardasacha nó i bpleananna cur chun feidhme na bPleananna 5 Bliana. Mar shampla, i bplean cur chun feidhme Henan maidir le haistriú agus uasghrádú an tionscail cruach le linn an 14ú Plean 5 Bliana cuimsítear na forálacha seo a leanas maidir le: pointe 2(1): rialú docht ar an acmhainne táirgthe iomlán; pointe 2(2): dlús a chur le cumaisc agus éadálacha agus iad a chur chun cinn; pointe 2(3): boinn shainiúla táirgthe cruach a thógáil (29).

(48)

Seachas an 558ú Plean 5 Bliana, déantar dianrialú ar an tionscal n le doiciméid bheartais eile. Mar shampla, d'eisigh Hebei, an cúige is mó ina dtáirgtear cruach sa tSín, Plean Gníomhaíochta 3 Bliana ar Fhorbairt Braislí i Slabhra an Tionscail Cruach 2020 - 2022 (infheidhme le linn na tréimhse imscrúdúcháin). Rialaítear leis an doiciméad seo an tionscal cruach mar a leanas: “Cloí le coigeartú struchtúrach agus béim a leagan ar éagsúlú táirgí. Coigeartú struchtúrach agus barrfheabhsú leagan amach an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go daingean, atheagrú, aistriú agus uasghrádú comhpháirteach fiontar a chur chun cinn, agus forbairt an tionscail iarainn agus cruach a chur chun cinn go cuimsitheach i dtreo fiontair mhórscála, nuachóiriú trealaimh theicniúil, éagsúlú próiseas táirgthe, agus éagsúlú táirgí iartheachtacha.” Ina theannta sin, leagtar síos leis an bplean spriocanna sonracha do struchtúr na bhfiontar cruach sa chúige: “Forbairt grúpaí a chothú go seasta. Dlús a chur leis an athchóiriú ar úinéireacht mheasctha fiontar faoi úinéireacht stáit, díriú ar chumasc agus atheagrú trasréigiúnach na bhfiontar príobháideach iarainn agus cruach a chur chun cinn, agus iarracht a dhéanamh 1-2 ghrúpa mhóra den scoth, 3-5 ghrúpa mhóra a bhfuil tionchar éigin acu sa bhaile mar cholúin, agus 8-10 ngrúpa fiontraíochta nua, úrscothach a sainiúla a bhunú”.

(49)

Ar deireadh, beartaítear leis an bplean tacaíocht stáit chun iomaíochas domhanda na bhfiontar cruach atá lonnaithe in Hebei a fheabhsú: “Forbairt ábhartha éagsúlaithe a áirithiú go hiomchuí. Tacú le fiontair iarainn agus cruach chun tionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, amhail glúin nua teicneolaíochta faisnéise, trealamh ardleibhéil agus ábhair nua, agus dlús a chur le forbairt na dtionscal seirbhíse nua-aimseartha, amhail lóistíocht nua-aimseartha, seirbhísí airgeadais, ríomhthráchtáil etc. Fiontair incháilithe iarainn agus cruach a spreagadh chun forbairt a dhéanamh i dtreo próiseáil chuimsitheach ar nós gluaisteán agus páirteanna meicniúla, rópaí sreinge cruach, snáitheanna cruach agus leictreoidí táthaithe etc. Comhar maidir leis an acmhainn táirgthe idirnáisiúnta a neartú, fiontair iarainn agus cruach a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gcumaisc agus atheagrú fiontar iarainn agus cruach eachtrach trí bhealaí éagsúla, agus fiontair iarainn agus cruach iomaíocha sa chúige a threorú chun infheistíocht a dhéanamh agus monarchana a thógáil ar an gcoigríoch” (30).

(50)

Thairis sin, liostaítear in Guiding Catalogue for Industry Restructuring (2019 Version) (Leagan 2019) (31) cruach mar thionscal spreagtha.

(51)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh na bpríomh-amhábhar a úsáidtear i monaraíocht an táirge faoi imscrúdú. Le bearta den sórt sin cuirtear cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(52)

Níor nochtadh aon fhianaise san imscrúdú reatha seo nach ndéanfaí aon difear le cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor dlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2 (6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, san earnáil ceaigeanna dá dtagraítear thuas in aithris (33), nach ndéanfaí aon difear leis an méid sin do mhonaróirí an táirge atá faoi imscrúdú.

(53)

Ina theannta sin, tá an earnáil ceaigeanna faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (33) freisin. Téann an saobhadh sin i gcion ar an earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi imscrúdú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín) (32).

(54)

Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d'earnáil an táirge faoi imscrúdú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (33) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(55)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí ceaigeanna na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a thaifeadtar mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(56)

Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre ceaigeanna a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, faightear na hidirghabhálacha rialtais a dtugtar tuairisc orthu i ndáil le leithdháileadh caipitil, talún, saothair, fuinnimh agus amhábhar ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de.

(57)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina aghaidh sin.

(58)

Mar achoimre, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi imscrúdú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla arna ndéanamh ag an rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhar ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn a leanas.

3.2.1.1.   Tír ionadaíoch

Barúlacha ginearálta

(59)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (33);

Táirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha fhéideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, tugadh tús áite, i gcás inarbh iomchuí, don tír inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil inti.

(60)

Mar a mhínítear in aithrisí (26) agus (27), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a shuí. an Chéad Nóta faoi thosca táirgeachta an 20 Iúil 2022 agus an Dara Nóta faoi na tosca táirgeachta an 19 Meán Fómhair 2022. Tugtar tuairisc leis na nótaí sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Sa Dara Nóta faoi thosca táirgeachta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara go raibh sé ar intinn aige an Bhrasaíl a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na Síne agus táirgeadh an táirge faoi imscrúdú

(61)

Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, Meicsiceo, agus an Rúis mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche cosúil leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus ar tíortha iad arb eol don Choimisiún go monaraítear an táirge atá faoi imscrúdú iontu. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na tíortha a sainaithníodh sa nóta sin.

(62)

Sa Dara Nóta chuir an Coimisiún in iúl, i gcás ceann de na tíortha a sainaithníodh mar thíortha ina bhfuil an táirge faoi imscrúdú á tháirgeadh, i.e. Meicsiceo, gur chuir an táirgeoir ceaigeanna stop le táirgeadh roimh an tréimhse imscrúdúcháin agus nach raibh aon sonraí airgeadais ar fáil i ndiaidh 2017 i mbunachar sonraí Orbis (34). Dá bhrí sin, níor measadh gur thír ionadaíoch fhéideartha í Meicsiceo don imscrúdú seo a thuilleadh.

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(63)

Sa Dara Nóta thug an Coimisiún le fios nach raibh méid réasúnach brabúis ag an aon táirgeoir ceaigeanna sa Rúis a sainaithníodh sa Chéad Nóta in 2021 ná in 2020.

(64)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún le fios go raibh sonraí ar fáil aige lena léiríodh méid réasúnta brabús de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán do tháirgeoir amháin sa Bhrasaíl amháin, KHS Industria de Maquinas LTDA agus don bhliain 2020 amháin. Ní raibh aon sonraí airgeadais nuashonraithe ar fáil go fóill do 2021.

(65)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus an KHS Industria de Maquinas LTDA a úsáid chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Brasaíle mar thír ionadaíoch agus ar KHS Industria de Maquinas LTDA mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch.

(66)

I ndiaidh an Dara Nóta, fuarthas tuairimí ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, ina raibh an méid seo a leanas á áitiú:

(a)

Thug an táirgeoir KHS Industria de Maquinas LTDA sa Bhrasaíl le fios sa Dara Nóta ar na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, nach raibh sé oiriúnach, toisc go raibh sé speisialaithe in innealtóireacht agus táirgeadh trealaimh athlíonta nó tánaisteach, seachas ceaigeanna a mhonarú.

(b)

Mar gheall ar an saobhadh ar an margadh sa Bhrasaíl (dleachtanna frithdhumpála ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta ade thionscnamh na Síne, cuótaí onnmhairithe ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta i leith na Stát Aontaithe agus taraifí ar allmhairí táirgí cruacha dosmálta cothrom-rollta de thionscnamh na hIndinéise, na Beilge, na Fionlainne, na hAfraice Theas, na Síne agus na Gearmáine) saobhadh margadh táirgí cruach dosmálta cothrom-rollta (HS721933) na Brasaíle agus dá bhrí sin, bhí luach na toisce táirgeachta ba thábhachtaí sa Bhrasaíl neamhiontaofa.

(c)

An taraif allmhairiúcháin a chuir an Bhrasaíl i bhfeidhm ar na trí phríomh-amhábhar (cruach, sleánna agus scóigeanna), b’airde í ná mar a chuir roinnt mhaith tíortha eile i bhfeidhm. Bhí margadh áitiúil na Brasaíle níos cosantaí ná margaí eile dá bhrí sin.

(d)

Cuid d’allmhairí na mórthosca a bhaineann le táirgeadh ceaigeanna go dtí an Bhrasaíl, is ón tSín a allmhairíodh iad (37 % de tháirgí cruach cothrom-rollta, 50 % de na sleánna agus 54 % de na scóigeanna), agus mar sin cuireadh as do phraghsanna margaidh na dtosca táirgeachta sin sa Bhrasaíl.

(67)

Mar thoradh air sin, mhaígh na páirtithe go raibh amhras ann faoi iontaofacht na sonraí margaidh sa Bhrasaíl chun luach margaidh neamhshaofa a shuí do na tosca táirgeachta.

(68)

Mhol an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte an Mhalaeisia mar thír ionadaíoch iomchuí, toisc go raibh leibhéal forbartha eacnamaíche inti cosúil leis an tSín, fiú mura raibh aon táirgeoir ceaigeanna sa Mhalaeisia.

(69)

Mar sin féin, níorbh fhéidir an Mhalaeisia a mheas mar thír ionadaíoch fhéideartha, ós rud é, mar a d'admhaigh na páirtithe féin, nach raibh aon táirgeadh ceaigeanna sa Mhalaeisia.

(70)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú breise (35) ar an bhfianaise maidir le saobhadh dóchúil ar an margadh ar tháirgí atá déanta as cruach dhosmálta cothrom-rollta (HS721933) sa Bhrasaíl. Níl dleachtanna frithdhumpála margaidh ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta de thionscnamh na Síne ábhartha, ós rud é go n-eisiatar allmhairí ón tSín agus praghas tagarmhairc an amhábhair á shuí. Ní cosúil go gcuirtear teorainn leis na cuótaí onnmhairiúcháin ar tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta i leith na Stát Aontaithe leis na hallmhairí ó na Stáit Aontaithe, ós rud é gurb é an tríú onnmhaireoir is mó fós don táirge seo go dtí an Bhrasaíl (an tSín agus an Indinéis ina dhiaidh sin). Ina theannta sin, tá praghas beagán níos airde ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothrom-rollta chuig an mBrasaíl ó na Stáit Aontaithe ná mar atá ar allmhairí ó na deich dtír allmhairíochta is mó (gan an tSín san áireamh (16.3 EUR/kg agus 14.5 EUR/kg de tháirgí cruach dosmálta cothrom-rollta, faoi seach). I bhfianaise na bhfíricí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don argóint go ndearnadh margadh táirgí cruach dosmálta cothrom-rollta (HS721933) na Brasaíle a shaobhadh de bharr na ndleachtanna frithdhumpála i leith na Síne agus na gcuótaí onnmhairiúcháin i leith na Stát Aontaithe.

(71)

Maidir leis an leibhéal taraife allmhairiúcháin ar na trí phríomh-amhábhar, luaigh an Coimisiún nach gcuirtear san áireamh sna luachanna neamhshaofa a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh dleachtanna ar allmhairí toisc gur athróg ionadach iad maidir le praghas ar mhargadh intíre na dtíortha ionadaíocha féideartha. Dá bhrí sin, ní toisc ábhartha i bprionsabal é comparáid theibí a dhéanamh idir leibhéil na ndleachtanna allmhairiúcháin faoi seach maidir leis na hamhábhair chun comparáid a dhéanamh idir oiriúnacht na dtíortha ionadaíocha. In aon chás, luaigh an Coimisiún nach bhfuil i leibhéal na ndleachtanna ar allmhairí ach ceann amháin de na heilimintí lena mheas an bhfuil margadh áirithe oscailte nó faoi chosaint, agus níor chuir an páirtí aon fhianaise shonrach eile isteach lena léiriú gurbh amhlaidh an cás don Bhrasaíl maidir leis na hamhábhair lena mbaineann. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don argóint sin.

(72)

Maidir le hallmhairiú na bpríomh-amhábhar ón tSín, rinne an Coimisiún comparáid idir an Bhrasaíl agus an Rúis, an dá thír ionadaíocha fhéideartha, i gcás inar ndeimhníodh táirgeadh ceaigeanna. Léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin go raibh allmhairí na mórthoisce táirgeachta, cornaí cruach dosmálta (HS721933) ón tSín isteach sa Rúis, arb ionann é agus os cionn 50 % den chostas ar tháirgeadh ceaigeanna, níos airde ná an Bhrasaíl (allmhairíodh 60 % de chornaí cruach dosmálta go dtí an Rúis ón tSín, agus bhí an cion i bhfad níos ísle don Bhrasaíl (37 %). Ina theannta sin, bhí allmhairí sleánna ón tSín isteach sa Rúis, arb ionann é agus os cionn 20 % den chostas ar tháirgeadh gceaigeanna, níos airde ná an Bhrasaíl freisin (68 % agus 50 % faoi seach). Agus meáchan an dá phríomh-amhábhar sin (corna agus sleá cruach dosmálta) i gcostas táirgthe ceaigeanna á chur san áireamh, bhainfeadh na difríochtaí sin idir méid na n-allmhairí ón tSín féin de chaighdeán na sonraí le haghaidh luachanna neamhshaofa sa Rúis níos mó ná sa Bhrasaíl. I bhfianaise an méid sin, níor measadh gur tír ionadaíoch iomchuí í an Rúis de réir bhrí Airteagal 2(6ú)(a) den bhun-Rialachán.

(73)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú freisin ar an bhfianaise maidir le KHS Industria de Maquinas LTDA sa Bhrasaíl agus dhearbhaigh sé go raibh speisialtóireacht ag an gcuideachta in innealtóireacht agus i dtáirgeadh na teicneolaíochta agus an chórais líonta le haghaidh trasdoirteadh beorach i gceaigeanna agus le haghaidh trealamh athlíonta nó trealamh tánaisteach, seachas ceaigeanna a mhonarú. Ní fhéadfaí é a mheas mar tháirgeoir ceaigeanna a thuilleadh dá bhrí sin.

(74)

Go deimhin, shainaithin an Coimisiún dhá tháirgeoir bhreise ceaigeanna sa Chéad Nóta. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún sonraí airgeadais iomchuí a aimsiú d'aon cheann de na táirgeoirí ceaigeanna sainaitheanta eile sa Bhrasaíl. D'uireasa tagarmharc iomchuí chun SG&A réasúnta agus brabús a bhunú don táirge atá faoi imscrúdú sa Bhrasaíl, an t-aon tír ionadaíoch atá fágtha inar deimhníodh táirgeadh ceaigeanna agus dá bhrí sin infhaighteacht na bpríomh-amhábhar, mheas an Coimisiún go sealadach go bhféadfadh sonraí cuideachtaí in earnáil a tháirgeann táirge comhchosúil a bheith iomchuí sna himthosca sin. Dá bhrí sin, chuardaigh sé sonraí maidir le táirgeoirí réimse táirgí atá cosúil le ceaigeanna, mar atá, táirgí a bhí comhchosúil ó thaobh an amhábhair a úsáidtear de, agus ó thaobh fhoirm agus chuspóir an táirge deiridh de. Bhí an taighde bunaithe ar chóid NACE (36). Bhí na sonraí ó chúig chuideachta ag a raibh an cód NACE 2592 (pacáil miotail éadroim), a tháirgeann cannaí miotail, táirgí pacála, coimeádáin don tionscal bia, ar fáil i mbunachar sonraí Orbis (37) agus d'fhéadfaí a mheas go bhfuil na táirgí a mhonaraíonn na cuideachtaí sin cosúil le ceaigeanna i gcomhthéacs an amhábhair a úsáidtear, fhoirm agus chuspóir an táirge deiridh. Ina theannta sin, i mbunachar sonraí Orbis, cláraíodh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín faoin gcód NACE céanna, is é sin 2592, mar tháirgeoirí cannaí miotail, táirgí pacála, agus coimeádán don tionscal bia. Ar deireadh, as na cúig tháirgeoir cannaí miotail, táirgí pacála, agus coimeádán sa Bhrasaíl, ní raibh sonraí airgeadais maidir leis an tréimhse imscrúdúcháin ach ag ceann amháin acu, is é sin Metalurgica Mococa SA (38).

(75)

Bunaithe ar anailís ar na sonraí atá ar fáil, chinn an Coimisiún an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch chuí ag céim shealadach an imscrúdaithe agus úsáid a bhaint as sonraí airgeadais cuideachta amháin, Metalurgica Mococa SA, maidir leis an ngnáthluach ríofa i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(76)

Tar éis a shuí gurb í an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí amháin a bhí ar fáil, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

Conclúid

(77)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, lena mheas gur tír ionadaíoch iomchuí í.

Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a shuí

(78)

Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(79)

Ina theannta sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (“GTA”) chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, dúirt an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé an EIS chun costais neamhshaofa saothair (39) agus taighde Praghsanna Leictreachais Domhanda le haghaidh leictreachais a shuí (40).

(80)

Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin, mar gheall ar mheáchan diomaibhseach roinnt de na hamhábhair i gcostas iomlán táirgthe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, gur cuireadh na hearraí diomaibhseacha sin i ngrúpaí faoi “thomhaltáin”. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas foriomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar le linn dó bheith ag úsáid na bpraghsanna agus tagarmharcanna neamhshaofa arna socrú sa tír ionadaíoch iomchuí.

Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

3.2.1.2.   Tosca táirgeachta

(81)

I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh le linn na gcros-seiceálacha cianda, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a shuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta ceaigeanna

Toisc Tháirgeachta

Cód Tráchtearra

Luach neamhshaofa

Amhábhair

Conra Cruach Dosmálta

721933

16,73 CNY/Kg

Sleá

84819090

387,18 CNY/Kg

Scóig

73269090

100,27 CNY/Kg

Fuíoll

720421

8,86 CNY/Kg

Saothar

Pá saothair san earnáil monaraíochta

N/B

29,20 CNY/uair an chloig

Fuinneamh

Leictreachas

N/B

0,7475 CNY/kWh

Amhábhair

(82)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a sheachadtar iad ag geata táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Rinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch a chinneadh mar mheán ualaithe i bpraghsanna aonaid maidir le hallmhairí ó gach tríú tír seachas an tSín agus tíortha nach baill den EDT iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41). Chinn an Coimisiún allmhairí ón tSín a eisiamh sa tír ionadaíoch toisc gur chinn sé in aithris (58) nach bhfuil sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín mar go bhfuil saobhadh suntasach inti i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis na hallmhairí isteach sa Bhrasaíl ón tSín agus ó thíortha, a bhfuil geilleagar neamh-mhargaidh iontu, a eisiamh, shuigh an Coimisiún go raibh allmhairí na bpríomh-amhearraí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(83)

I ndiaidh an Dara Nóta, d'éiligh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte gurb é HS848180 agus ní HS848190 an cód HS ceart le haghaidh sleánna ba chóir a úsáid chun luach neamhshaofa an amhábhair sin a shuí. D'áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin go seasann an cód HS848180 do sconnaí, do bhuacaire, do chomhlaí agus d'fhearais chomchosúla do phíopaí, do scealla coire, d'umair, do dhabhcha nó dá leithéidí, ach tagraíonn an cód HS848190 do chodanna díobh. Mhaígh na honnmhaireoirí sampláilte gur cineál comhla ann féin is ea sleá, seachas codanna de chomhla. Toisc gur é píosa/mír tomhas an aonaid don chód sin in ainmníocht na Brasaíle, léirítear leis go cuí an dóigh a bhfaightear an t-ábhar sin agus an dóigh a ndéantar praghsáil. Ina theannta sin, is é sin an cód a úsáideann soláthróirí na sleánna nuair a onnmhairíonn siad iad ón Aontas. Dá bhrí sin, is é an cód HS848180 an t-aicmiú ceart do na sleánna.

(84)

Shoiléirigh an Coimisiún go n-áirítear i gceannteideal HS 8481, i measc nithe eile, “aonaid dáilte beorach gás-oibrithe le haghaidh cuntair beáir, ina gcuimsítear go bunúsach buacaire lámhoibrithe amháin nó níos mó a fhothaítear le brú dé-ocsaíde carbóin a phíobaítear i mbairillí beorach”. Deartar sleá ceaig chun an gás brúchóirithe (dé-ocsaíd charbóin) a choimeád laistigh den cheaig agus chun an leacht carbónáithe a dháileadh agus a shreabhadh aibithe á áirithiú. Déantar an fheidhm sin go príomha leis an sásra atá i gcorp shleá an cheaig ina n-ionchorprú comhla (nó dhá comhlaí ag brath ar an leagan). Dá bhrí sin, is féidir sleá a mheas mar chuid de na haonaid dáilte beorach ghás-oibrithe a chumhdaítear faoi raon feidhme cheannteideal HS 8481 agus ba cheart iad a aicmiú faoi chód CN 848190. Ina theannta sin, chuir ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a dhoiciméadacht allmhairiúcháin maidir le sleánna isteach, ina léiríodh allmhairiú sleánna faoin HS848190. Ar an iomlán, dúirt leath na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha go bhfuil an cód HS848190 le húsáid le haghaidh sleánna. Dá bhrí sin, diúltaíodh d’éileamh na bpáirtithe an cód HS848180 a úsáid.

(85)

Rinneadh sonraí maidir le hallmhairí sleánna chun na Brasaíle a aicmiú faoin dá chód leathnaithe ábhartha: 84819010 (codanna de chomhlaí aerasóil, fearais a úsáidtear le haghaidh seomraí folctha, etc.) agus 84819090 (codanna de sconnaí, fearais eile le haghaidh canálú, etc.). Is é 84819090 a roghnaíodh, ós rud é nach raibh na sleánna ina gcodanna de chomhlaí aerasóil.

(86)

I gcás roinnt tosca táirgeachta, na costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, ní raibh i gceist leo ina gceann agus ina gceann imscrúdúcháin ach sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána le linn thréimhse an athbhreithniúcháin. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáidtear dóibh sin ar na ríomhanna corrlaigh dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh mar thomhaltáin mar a mhínítear in aithris (80).

(87)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm.

(88)

Na costais iompair arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chun amhábhair a sholáthar, shloinn an Coimisiún iad mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus ansin chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair tuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig geata na cuideachta iad.

Saothar

(89)

D’úsáid an Coimisiún staitisticí EIS (42) chun an pá sa Bhrasaíl a chinneadh. Le staitisticí EIS soláthraíodh faisnéis ar phá míosúil oibrithe in earnáil na monaraíochta agus ar mheánuaireanta seachtainiúla a oibríodh (43) sa Bhrasaíl in 2021. Cuireadh costais bhreise saothair a íocann an fostóir, bunaithe ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí (44), leis an bpá míosúil.

(90)

Le linn an RCC ar tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin, níor aimsigh an Coimisiún taifead ach do na gnáthuaireanta saothair amháin agus ní do na huaireanta saothair iarbhír. Thuairiscigh an táirgeoir onnmhairiúcháin go raibh na huaireanta saothair iarbhír 10 nóiméad níos airde ar an meán roimh an seal/an lá a oibríodh nó ina dhiaidh chun teacht chuig na saoráidí táirgthe agus iad a fhágáil. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún 20 nóiméad in aghaidh na seala/an lae le gnáthuaireanta saothair an táirgeora onnmhairiúcháin sin.

Leictreachas

(91)

Sa Dara Nóta, thug an Coimisiún le fios go n-úsáidfidh sé an taighde um Praghsanna Leictreachais Domhanda chun tagarmharcáil leictreachais (45) a dhéanamh. Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na sonraí ó EDP Brasil (46), an príomhsholáthróir leictreachais i margadh áitiúil na Brasaíle, agus na taraifí éagsúla do bhuaicthréimhsí agus tréimhsí seachbhuaice a chur san áireamh, sin agus na praghsanna ábhartha a ghearrtar ar chatagóir na dtomhaltóirí tionsclaíocha, nithe a bhí iontaofa maidir leis an tagarmharc leictreachais.

(92)

Foilsíonn an Aireacht Mianadóireachta agus Fuinnimh sa Bhrasaíl (Ministério de Minas e Energia) tuarascáil bhliantúil ar an earnáil fuinnimh sa Bhrasaíl (47). Cuimsítear i dtuarascáil 2021 an mheántaraif leictreachais (48) ó na príomhsholáthróirí leictreachais go léir a chuirtear i bhfeidhm ar na húsáideoirí tionsclaíocha sa Bhrasaíl (49). Mheas an Coimisiún gurb í an fhoinse sin an fhoinse is iontaofa chun an tagarmharc leictreachais a shuí, toisc go n-áiríodh léi na meántaraifí a bhí á gcur i bhfeidhm ag na príomhsholáthróirí leictreachais go léir sa Bhrasaíl, rud a bhí ag teacht salach ar an bhfoinse sonraí a mhol na táirgeoirí onnmhairiúcháin, nach ndearnadh tagairt inti ach d'aon soláthróir amháin. Dá bhrí sin, d'úsáid sé an mheántaraif leictreachais do na húsáideoirí tionsclaíocha a foilsíodh sa tuarascáil ón Aireacht Mianadóireachta agus Fuinnimh sa Bhrasaíl in 2021.

Forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus brabúis

(93)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.” Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(94)

Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú go hiarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir le costais neamhshaofa na monaraíochta.

(95)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a shuí maidir le SG&A agus le bhrabús, bhraith an Coimisiún ar shonraí airgeadais Metalurgica Mococa SA in 2021, arna mbaint as bunachar sonraí Orbis.

Ríomh

(96)

De réir an mhéid thuas, is ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha a ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an bunchineál táirge, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(97)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír gach toisc táirgeachta aonair an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch. Deimhníodh na rátaí tomhaltais sin a chuir na táirgeoirí easpórtála ar fáil le linn na cros-seiceála cianda. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in aithrisí (82) - (88).

(98)

A luaithe a socraíodh an costas monaraíochta neamhshaofa, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta i bhfeidhm, mar a luaitear in aithris (94).

(99)

Chuir an Coimisiún SG&A agus brabús Metalurgica Mococa SA i mBrasaíl i bhfeidhm maidir leis na costais táirgthe a socraíodh mar a thuairiscítear san aithris roimhe seo. Ba é 8.5 % na costais SGA arna sloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí Díolta (“COGS”) agus a chuirtear i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa táirgthe. Ba é 24.4 % an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar na costais táirgthe neamhshaofa.

(100)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(101)

D'onnmhairigh na táirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte amháin isteach san Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha. D'onnmhairigh an táirgeoir eile go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachta trádála neamhghaolmhar i Hong Cong. Sa chás sin, seoladh earraí ón táirgeoir onnmhairiúcháin go díreach chuig an gcustaiméir neamhspleách san Aontas, agus eisíodh an sonrasc chuig an gcuideachta trádála i Hong Cong.

(102)

Maidir le díolachán onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann a rinneadh go díreach le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas iarbhír a íocadh nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas é, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

(103)

Maidir leis an díolachán onnmhairiúcháin a rinneadh trí chuideachta trádála neamhghaolmhar i Hong Cong, socraíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar díoladh an táirge onnmhairithe leis an gcuideachta trádála sin ar dtús. Cé go raibh fianaise ag an gCoimisiún (billí loingseoireachta etc) gur seoladh na hearraí sin ón táirgeoir onnmhairiúcháin go díreach chuig an gcustaiméir neamhspleách san Aontas, níorbh fhéidir an praghas díola chuig an gcustaiméir deiridh a dheimhniú. Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an gcuideachta trádála i Hong Cong, ach níor chomhoibrigh an chuideachta sin. Ina theannta sin, níor chomhoibrigh an t-úsáideoir deiridh Eorpach a bhí ag ceannach na gceaigeanna lena mbaineann leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, ní raibh an praghas díola don chustaiméir deiridh san Aontas ar fáil ag céim shealadach an imscrúdaithe.

3.2.3.   Comparáid

(104)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha in aghaidh an táirge.

(105)

I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin de réir na ndifríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe ar chostais iompair, árachais, láimhseála, lódála, dleacht custaim, costais chreidmheasa agus muirir bhainc.

3.2.4.   Corrlaigh dhumpála

(106)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(107)

Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe shealadacha arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

77,1  %

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

65,3  %

(108)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun- Rialachán. Dá bhrí sin, socraíodh an corrlach sin ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, gan aird a thabhairt ar chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ag a bhfuil corrlaigh dhumpála nialasacha agus de minimis, ná ar chorrlaigh a socraíodh sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(109)

Ar an mbonn sin, is é 72.1 % corrlach dumpála sealadach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla.

(110)

I gcás gach táirgeoir onnmhairiúcháin eile sa tSín, shuigh an Coimisiún an corrlach dumpála ar bhonn na bhfíricí a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, chinn an Coimisiún leibhéal comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(111)

Mheas an Coimisiún go raibh leibhéal an chomhair íseal sa chás seo ós rud é nach raibh i gceist leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ach thart ar 32 % de na cainníochtaí iomlána measta d'allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar fad sa tSín, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shuí ar bhonn an chineáil táirge ionadaíoch ab airde corrlach de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dá bhrí sin, an corrlach dumpála ar fud na tíre is infheidhme maidir le gach táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríoch eile, socraíodh é ar leibhéal 91,0 %.

(112)

Is mar a leanas atá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, an dleacht neamhíoctha:

Cuideachta

Corrlach dumpála sealadach

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

77,1  %

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

65,3  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

72,1  %

Gach cuideachta eile

91,0  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais

(113)

De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, bhí táirge comhchosúil á mhonarú ag ocht dtairgeoir san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(114)

Táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, suíodh gur thart ar 1 926 200 tonna a bhí i gceist léi. Shuigh an Coimisiún an figiúr sin ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a sholáthair an gearánach. Mar a léirítear in aithris (7), ba thart ar 73 % cion na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais de tháirgeadh iomlán measta an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(115)

Rinneadh tomhaltas an Aontais a fhorbairt mar seo a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (píosaí)

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

Tomhaltas iomlán an Aontais

3 477 583

2 554 726

1 861 260

1 192 884

Innéacs

100

73

54

34

Foinse: Freagraí ó tháirgeoirí de chuid an Aontais ar an gceistneoir agus staidreamh custaim (féach Roinn 4.3.1.)

(116)

Shuígh an Coimisiún tomhaltas an Aontais de na ceaigeanna ar bhonn dhíolacháin iomlán thionscal an Aontais san Aontas, móide iomlán na n-allmhairí ón tSín. Tugtar míniú mionsonraithe ar an modheolaíocht maidir le hallmhairí ón tSín a chinneadh i Roinn 4.3.1. thíos. Níor cuireadh allmhairí ó thríú tíortha eile chuig an Aontas san áireamh toisc gur measadh gur allmhairí diomaibhseacha iad (féach an Aithris (119)).

(117)

Fuarthas díolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais ón bhfreagra ar an gceistneoir a sholáthair an gearánach, arna chros-sheiceáil leis an bhfaisnéis a sholáthair na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ina bhfreagraí ceistneora.

(118)

Déantar an táirge lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas faoi dhá chód AC (ex 7310 10 00 agus ex 7310 29 90), ag brath ar chumas an cheaig. Ceaigeanna ag a bhfuil toilleadh >= 50 lítear ach < 300 lítear a thagann faoin gcód AC 7310 10 00, agus na cinn ag a bhfuil toilleadh < 50 l a thagann faoin gcód AC 7310 29 90. Áirítear leis an dá chód AC sin freisin raon leathan táirgí eile seachas an táirge atá faoi imscrúdú (e.g, cannaí, boscaí stáin, beatha le haghaidh beostoic, buicéid, múchtóirí dóiteáin, ceanastair, coimeádáin agus umair le haghaidh úsáidí éagsúla, buidéil uisce, bairillí cruach, etc.), rud a d'fhág nárbh fhéidir allmhairí a shuí bunaithe ar chóid AC amháin.

(119)

Maidir le hallmhairí ó thríú tíortha eile, maítear leis an nGearán gurb iad táirgeoirí agus onnmhaireoirí an Aontais ón tSín is mó a sholáthraíonn ceaigeanna i margadh an Aontais. Léirigh an scrúdú a rinne an Coimisiún ar shonraí maidir le soláthróirí, sonraí a chuir trí mhórúsáideoir ar fáil (féach thíos, in aithris (130)) nach bhfuil aon soláthróir eile ar an margadh. Dá bhrí sin, maidir le hallmhairí isteach san Aontas ó thríú tíortha eile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur allmhairí iad atá diomaibhseach, más ann dóibh ar chor ar bith, agus nach mbeadh aon tionchar suntasach acu ar thomhaltas an Aontais.

(120)

Tháinig laghdú 66 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I ndiaidh an chéad titime 27 % in 2019, tharla titim ní ba shuntasaí in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin (2021). Tharla an titim sin sna blianta ba mheasa ar buaileadh an tAontas le paindéim Covid-19 agus is féidir é a chur i leith na “dianghlasálacha”, comhfhreagracha, mar a thugtar orthu, i.e. bearta a thug na rialtais isteach ar fud an Aontais chun dul i ngleic le paindéim Covid-19.

(121)

Chuaigh bearta Covid-19 i bhfeidhm go mór mór ar óstáin, ar bhialanna agus ar chaiféanna (“an earnáil HORECA”). Ceannaíonn an earnáil HORECA beoir agus deochanna eile ó úsáideoirí, ar grúdlanna beorach iad go minic. Déantar an beoir a sheachadadh chucu i gceaigeanna a bhíonn ceangailte le suiteálacha tarraingthe trína ndéantar an deoch a dhoirteadh isteach i ngloiní agus a riar ar chustaiméirí na hearnála HORECA ansin.

(122)

Le linn 2020 agus na tréimhse imscrúdúcháin, bhí sé de dhualgas ar fhormhór mór na hearnála HORECA san Aontas a n-uaireanta oibre a ghiorrú nó dúnadh go hiomlán ar feadh tréimhsí fhada ama, de bhun bearta rialtais a tugadh isteach chun scaipeadh phaindéim Covid-19 a chur chun cinn. An laghdú sin ar ghníomhaíocht na hearnála HORECA, agus an laghdú a tháinig dá bharr sin ar an éileamh ar bheoir tharraingthe, ba laghduithe iad sin a raibh sé d’iarmhairt loighciúil orthu gur tháinig laghdú ar an éileamh a bhí ag na húsáideoirí ar cheaigeanna ina soláthróidís an bheoir dá gcuid custaiméirí san earnáil HORECA.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Modheolaíocht a úsáidtear chun allmhairí ón tír lena mbaineann a chainníochtú

(123)

Sa ghearán, chuir an Gearánach a mhodheolaíocht féin chun cinn chun allmhairí ón tír lena mbaineann a shuí. Bhraith an mhodheolaíocht sin ag ar eolas an Ghearánaigh ar an margadh agus measadh léi go raibh méadú suntasach tagtha ar allmhairí isteach san Aontas, 188 % thar an tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear i dTábla 3 thíos.

Tábla 3

Díolachán ceaigeanna Síneacha san Aontas — Meastachán an ghearáin (aonaid)

 

2018

2019

2020

IP

Trí thairiscintí

107 148

482 315

898 664

630 438

Trí dháileoirí

182 000

198 000

118 000

202 000

Iomlán

289 148

680 315

1 016 664

832 438

Innéacs

100

235

352

288

Foinse: Alt 201. den ghearán

(124)

Mar a mhínítear i míreanna 193 — 203. den ghearán, bhí trí phríomhghné sa mhodheolaíocht thuas. Ar an gcéad dul síos, shuimigh an Gearánach cainníochtaí na gceaigeanna arna n-iarraidh sna próisis tairisceana ar fad (próisís ar a dtugtar “tairiscintí” sa ghearán) a d’eagraigh cúig mhórúsáideoir, i.e. na grúpaí móra grúdlann atá ar mhargadh an Aontais, is iad sin: AB InBev, Asahi CEE, Carlsberg, Heineken, agus Molson Coors (“na mórúsáideoirí”). Ar an dara dul síos, bhain an Gearánach na díolacháin a rinne sé féin de bhun na dtairiscintí a rinne sé ar na tairiscintí sin, agus é ag glacadh leis gurb iad na táirgeoirí ón tSín a bhuaigh agus a sholáthair an chuid eile den bheart iomlán a iarradh i ngach tairiscint. Ar deireadh, shuimigh an Gearánach na cainníochtaí a d'allmhairigh allmhaireoirí/athdhíoltóirí, a measadh bunaithe ar a n-eolas faoin margadh.

(125)

Léiríodh san imscrúdú gur annamh a fhreagraíonn cainníochtaí na gceaigeanna a cheannaíonn na mórúsáideoirí go héifeachtach i ndiaidh tairisceana do na cainníochtaí a iarradh ar dtús tríd an tairiscint sin. Cé go mbíonn na cionta éagsúil ó thairiscint go céile agus idir na mórúsáideoirí, ar an meán, cheannaigh na mórúsáideoirí níos lú ná 60 % de na cainníochtaí a bhíothas a lorg ar dtús trí na tairiscintí thar an tréimhse faoi bhreathnú. Tá sé sin amhlaidh mar gheall ar an mbealach ar leith ina bhfeidhmítear an margadh seo, agus tá sé nasctha go háirithe le módúlachtaí agus obair leantach na n-úsáideoirí maidir leis na tairiscintí, mar a mhínítear thíos i Roinn 5.1, sa chás, go háirithe, nach raibh aon oibleagáid chonarthach ar na húsáideoirí na cainníochtaí a tairgeadh go hiarbhír a cheannach.

(126)

Dá bhrí sin, d'fhéach an Coimisiún lena dheimhniú an raibh an meastachán sin ar allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas ón nGearán cruinn, nó an mbeadh modheolaíocht mhalartach ní b'iomchuí. Chun na críche sin, d'iarr sé sonraí maidir leis na hidirbhearta go léir faoin dá chód AC ó údaráis chustaim sé Bhallstát AE (“Ballstáit”) ag a raibh na hallmhairí is airde den dá chód AC thuas thar an tréimhse faoi bhreathnú, ón tSín nó ó gach cearn den domhan: An Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Pholainn agus an tSeicia. Bhí an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, agus an Ísiltír i measc na gcúig thír is mó a d'allmhairigh sa dá chatagóir, agus bhí an Pholainn i measc na gcúig Bhallstát is mó a raibh allmhairí á bhfáil acu ón tSín, agus an tSeicia ag teacht ina hionad i ndáil le hallmhairí ón gach cearn den domhan. B'ionann na sé Bhallstát sin le chéile agus 73 % d'allmhairí an Aontais ón tSín agus 66 % d'allmhairí ar fud an domhain thar an tréimhse a mheasadh.

(127)

Rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí a fuarthas agus, bunaithe ar an tuairisc ar gach lastas, ríomh sé figiúr íochtair agus figiúr uachtair den mhéid a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta mar allmhairí den táirge lena mbaineann isteach sna sé Bhallstát. Go háirithe, rinneadh comhiomlánú ar na lastais ar a ndearnadh cur síos mar “ceaigeanna (beorach)” chun an figiúr íochtair a chruthú, agus rinneadh comhiomlánú ar na lastais a raibh an cur síos a rinneadh orthu i gcomhréir le saintréithe ceaigeanna, chun an figiúr uachtair a chruthú. Sa chomhthéacs sin, cuireadh as an áireamh lastais ar cuireadh síos orthu mar rud eile, amhail beathaithe, buicéid, umair gháis, coirí, cannaí, boscaí stáin, etc., nó nach raibh ag luí le saintréithe ceaigeanna. I bhformhór na gcásanna, ní chláródh na húdaráis chustaim na haonaid (líon ceaigeanna) i ngach lastas, agus ní chláróidís ach meáchan an lastais sin. Sna cásanna sin, bhraithfeadh an Coimisiún ar ráta comhshó 1 cheaig = 10 kg (50) chun na líon ceaigeanna a ríomh. Coigeartaíodh na figiúirí uachtair agus na figiúirí íochtair do gach bliain ansin faoin bhfachtóir 0.73, i.e. an céatadán arb é cion na sé Bhallstát é d’allmhairí iomlána an Aontais den dá chód AC ón tSín, chun figiúr iomlán de chainníochtaí allmhairí ceaigeanna ón tSín isteach san Aontas a ríomh. Taispeántar torthaí na hanailíse sin i dTábla 4 thíos.

Tábla 4

Allmhairí isteach san Aontas bunaithe ar shonraí mionsonraithe custaim

PÍOSAÍ CEAIGEANNA

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin

Allmhairí ceaigeanna – figiúr íochtair

217 744

254 996

139 684

136 638

Innéacs

100

117

64

63

Allmhairí ceaigeanna – figiúr uachtair

602 010  (51)

430 208

381 958

370 107

Innéacs

100

77

68

66

Foinse: sonraí mionsonraithe idirbhirt ó údaráis chustaim na Beilge, na Seicia, na Fraince, na Gearmáine, na hÍsiltíre agus na Polainne, arna gcoigeartú de réir an fhachtóra 0.73

(128)

Deimhníodh sna figiúirí thuas ar dtús nárbh é an mhodheolaíocht a úsáideadh sa ghearán an modh ab iomchuí chun allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas a a chainníochtú.

(129)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún teagmháil leis na ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte comhoibríocha eile, agus d'iarr siad a gcuid sonraí díolacháin don tréimhse iomlán a measadh. Sholáthair gach ceann díobh na sonraí neamhfhíoraithe a iarradh, agus rinneadh na sonraí sin agus na cainníochtaí díolacháin deimhnithe arna ndearbhú ag an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte ina bhfreagraí ar an gceistneoir, rinneadh iad a chomhiomlánú, rud as ar tháinig na cainníochtaí allmhairiúcháin a bhfuil achoimre déanta orthu i dTábla 5 thíos.

Tábla 5

Cainníocht iomlán onnmhairiúcháin arna dearbhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte agus neamhshampláilte

PÍOSAÍ CEAIGEANNA

2018

2019

2020

2021

Cainníocht iomlán onnmhairiúcháin arna dearbhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus neamhshampláilte

[600 000 – 675 000 ]

[350 000 – 425 000 ]

[200 000 – 275 000 ]

[100 000 – 175 000 ]

Innéacs

100

58

36

20

Foinse: Freagraí ar cheistneoir ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus sonraí a iarradh ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte sa tSín.

(130)

I bhfianaise neamhréireachtaí na sonraí a bhí ar fáil, d’fhoilsigh an Coimisiún, an 2 Meán Fómhair 2022, Nóta a ghabhann leis an gComhad ina léirítear na cainníochtaí allmhairiúcháin a bailíodh de réir Thábla 4 agus Thábla 5 chomh maith lena modheolaíochtaí bunúsacha éagsúla, agus d’iarr sé ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt. Rinne an Coimisiún teagmháil freisin leis na príomhúsáideoirí d’ainneoin a neamh-chomhoibrithe tosaigh, agus d’iarr sé na sonraí faoina soláthróirí agus na méideanna ceannaigh chun iarracht a dhéanamh na figiúirí a fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dTábla 5 a bhailíochtú. Níor sholáthair ach trí cinn as gach cúigear mórúsáideoir na sonraí a iarradh (féach tuilleadh thíos in aithris (136)). Ba é an Gearánach a chuir na haon bharúlacha ar an nóta isteach an 12 Meán Fómhair 2022.

(131)

Ba é an chéad mhaíomh a chuir an Gearánach chun tosaigh go bhfuil sciar d’allmhairí na Síne ar iarraidh ó mheastachán na n-allmhairí i dTábla 4 bunaithe ar an anailís ar shonraí custaim. Rinneadh tagairt ann, mar shampla, don fhíoras go raibh staidreamh maidir le hallmhairí isteach i mBallstáit eile a raibh tábhacht leo ó thaobh tomhaltas beorach agus ceaigeanna, amhail an Rómáin agus an Spáinn, in easnamh, agus ar an gcaoi sin rinneadh beagmheas ar na hiomláin.

(132)

Ar an dara dul síos, mhaígh an Gearánach nach léirítear go hiomlán sna figiúirí a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha i dTábla 5 na méideanna a allmhairíodh san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú i ngeall ar chomhar teoranta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Ina aighneacht, mhaígh an Gearánach gurb é 28 % díreach ráta comhair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin.

(133)

Ar an tríú dul síos, mhaígh an Gearánaí nár léiríodh san fhaisnéis faoi thomhaltas a fuair na trí mhórúsáideoir ach léargas páirteach de thomhaltas an Aontais maidir le ceaigeanna de bhrí nach gcuirtear grúdlanna beaga agus meánmhéide san áireamh agus an de bhrí an chomhair theoranta ó úsáideoirí.

(134)

Rinne an Coimisiún na barúlacha sin go léir ón nGearánach a bhreithniú go cúramach. Maidir leis an gcéad maíomh, cé gur úsáideadh coigeartú staidrimh allmhairiúcháin na sé Bhallstát faoin bhfachtóir 0.73 mar a mhínítear in aithris (127) chun na hallmhairí atá fágtha ó na Ballstáit eile a chinneadh, ní féidir a chur as an áireamh ag an gcéim seo go bhfuil gannmheas déanta ar na cainníochtaí allmhairiúcháin iarbhír isteach i mBallstáit eile amhail an Rómáin agus an Spáinn.

(135)

Maidir leis an dara maíomh, mar a mhínítear san aithris (111), léirigh an t-imscrúdú go sealadach go bhfuil an leibhéal comhair íseal agus gurb ionann na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus 32 % d’allmhairí ceaigeanna ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ag an gcéim seo den imscrúdú, ní féidir a eisiamh gur ann do tháirgeoirí onnmhairiúcháin nó onnmhaireoirí eile sa tSín a dhíolann leis an Aontas le linn na tréimhse faoi mheas, sa bhreis ar na honnmhaireoirí comhoibríocha.

(136)

Maidir leis an tríú maíomh agus an comhar an-íseal ó úsáideoirí, thug an Coimisiún dá aire, as na cúig mhórúsáideoir, arb ionann iad agus thart ar 50 % de mhargadh na n-úsáideoirí, nach ndearna ach trí úsáideoir (AB InBev, Asahi, agus Molson Coors) na sonraí a iarradh a sholáthar. Ina theannta sin, níor cheannaigh ach ceann amháin de na trí úsáideoir sin (AB InBev) ceaigeanna ó sholáthróirí Síneacha. Ina theannta sin, mar a shonraítear thíos i roinn 5.1 freisin, níor chomhoibrigh an 50 % eile de mhargadh an úsáideora, atá comhdhéanta den chuid is mó de ghrúdlanna níos lú, leis an imscrúdú.

(137)

I bhfianaise na mbarúlacha agus na mbreithnithe sin, thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh na cainníochtaí ceannaithe a thuairiscigh an t-aon úsáideoir comhoibríoch amháin a fhoinsíonn ceaigeanna ón tSín i bhfad faoi bhun dhíolacháin an Aontais a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhfhreagracha. Thairis sin, mheas an Coimisiún go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ann nár chomhoibrigh leis an imscrúdú, agus nár fíoraíodh na figiúirí a thíolaic na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte toisc nár sampláladh na táirgeoirí sin.

(138)

Ar an iomlán, i bhfianaise na n-eilimintí sin go léir agus go háirithe sonraí bréagnaitheacha a fuarthas ó úsáideoirí agus comhoibriú an-íseal na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus na n-úsáideoirí, a mbeadh a gcuid sonraí maidir le ceannacháin ríthábhachtach chun na cainníochtaí a tuairiscíodh a sheiceáil faoi dhó, mheas an Coimisiún go sealadach gur ghá an mhodheolaíocht is iomchuí chun allmhairí a chainníochtú a bheith bunaithe ar an staidreamh oifigiúil allmhairiúcháin i dTábla 4. Thairis sin, i bhfianaise na mbarúlacha a chuir an tionscal isteach gur dócha go ndéanfaí fiú figiúr uachtair na sonraí atá bunaithe ar staidreamh a ghannmheas, mheas an Coimisiún go sealadach gurbh iad na huasfhigiúirí a fuarthas ó staidreamh an ceann ab iomchuí chun leibhéal na n-allmhairí a ríomh ag an gcéim shealadach sin.

(139)

Chun dearbhú breise a fháil maidir le hoiriúnacht na modheolaíochta sin, rinne an Coimisiún scrúdú ina dhiaidh sin ar na staitisticí maidir le hallmhairí ceaigeanna ar leibhéal an chóid TARIC, ar staidreamh é a bhí ar fáil ó thionscnamh an imscrúdaithe sin sa bhunachar sonraí Faireachais, chun a fháil amach cén sciar d’allmhairí iomlána táirgí faoin dá chód AC ábhartha atá i gceist le hallmhairí ceaigeanna. An meánsciar a bhí i gceist le hallmhairí táirgí ar leibhéal an chóid TARIC (i.e. allmhairí ceaigeanna) ó thaobh allmhairí na dtáirgí uile ar leibhéal na gcód AC ábhartha maidir leis an tréimhse 13 Bealtaine 2022-6 Nollaig 2022, is sciar é a bhí comhsheasmhach le meánsciar na n-allmhairí ceaigeanna sna cóid AC a bhunaigh an Coimisiún le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú.

(140)

Ina theannta sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i dteagmháil leis na mór-allmhaireoirí a sainaithníodh sa ghearán chun a mheasúnú ar chainníochtaí allmhairiúcháin a bheachtú a thuilleadh thar an tréimhse faoi bhreathnú. Féachfaidh an Coimisiún freisin le tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir leis na grúdlanna beaga tar éis na céime sealadaí.

(141)

Chun oiriúnacht na modheolaíochta sin a sheiceáil a thuilleadh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sonraí iarthionscanta a bhailiú ó na táirgeoirí onnmhairithe sampláilte agus neamhshampláilte chun go mbeidh siad ag réiteach leis an staidreamh allmhairiúcháin oifigiúil níos cruinne atá ar fáil don tréimhse iarthionsnaimh. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin sonraí allmhairiúcháin na dtáirgeoirí comhoibríocha neamhshampláilte a fhíorú agus na sonraí mionsonraithe custaim maidir leis na cóid AC ábhartha a iarraidh ar údaráis chustaim na Rómáine agus na Spáinne chun na sonraí allmhairiúcháin iarbhír a mhionchoigeartú a thuilleadh.

4.3.2.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(142)

Mar a mhínítear i Roinn 4.3.1 thuas, shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn staidrimh oifigiúil custaim ó na Ballstáit. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí mar chion d'iomlán na n-allmhairí tuairiscithe ón tSín i dtomhaltas iomlán an Aontais (mar a shuitear i Roinn 4.2. thuas).

(143)

Forbraíodh allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann mar a leanas:

Tábla 6

Méid allmhairí (píosaí) agus sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin

Méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann (aonaid)

602 010

430 208

381 958

370 107

Innéacs

100

71

63

61

Sciar den mhargadh

17  %

17  %

21  %

31  %

Innéacs

100

97

119

179

Foinse: Staidreamh custaim ó na Ballstáit arna gcoigeartú mar a mhínítear i Roinn 4.3.1

(144)

Mar a léirítear sa tábla thuas, tháinig laghdú 39 % ar líon na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. An laghdú sin a theacht ar mhéid na n-allmhairí, is rud é a tharla de dheasca na treochta laghdaithí foriomláine ó thaobh tomhaltas ceaigeanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú (féach Tábla 2 thuas), ach ní laghdú chomh mór céanna a bhí ann i gcás na n-allmhairí, agus ar chaoi ar bith ba laghdú é nach raibh baol ar chomh suntasach leis an treocht laghdaitheach a bhí ann i gcás dhíolacháin thionscal an Aontais (féach Tábla 9 thíos).

(145)

Ní mór na laghduithe sin a chur i gcomhthéacs na staide a bhí i réim ó thaobh an mhargaidh de in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i.e. laghdú mór ar an éileamh ar cheaigeanna le linn phaindéim Covid-19. Laistigh de mhargadh a raibh a oiread sin laghdaithe ag teacht air, an corrlach a bhí i gceist ó thaobh an laghdaithe a tháinig ar allmhairí ceaigeanna, ba lú go mór é ná an corrlach a bhí ann ó thaobh an laghdaithe a tháinig ar dhíolacháin thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, i ngeall ar a bpraghsanna níos ísle, tháinig méadú leanúnach ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú (méadú 79 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú). Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba sciar suntasach go leor den mhargadh a bhí ag an tSín, mar atá 31 %.

4.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghais agus srianadh praghsanna

(146)

I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le praghsanna in aghaidh an aonaid a bhunú ar bhonn staitisticí oifigiúla, shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn na sonraí a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Suíodh sladghearradh phraghais na n-allmhairí ar bhonn freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus ó tháirgeoirí onnmhairithe sampláilte Síneacha.

(147)

Is mar a leanas mar a d'fhorbair an meánphraghas allmhairí isteach san Aontas ón tír lena mbaineann:

Tábla 7

Praghsanna allmhairí (EUR/ píosa)

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

An tSín

43,13

37,34

38,40

43,62

Innéacs

100

87

89

101

Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne

(148)

Tháinig laghdú 13 % agus 11 % in 2019 agus 2020 faoi seach ar phraghsanna allmhairí ón tSín, agus thosaigh siad ag méadú arís in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin ionas gur tháinig siad aníos arís go dtí an leibhéal a bhí ann in 2018.

(149)

Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin trí chomparáid a dhéanamh idir an méid seo a leanas:

na meánphraghsanna díolachán ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha; agus

na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte de chuid na Síne chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suíodh ar bhonn chostais, árachais agus last-táille (CAL), mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin.

(150)

Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineáil, arna gcoigeartú go cuí nuair ba ghá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Nach mór iomlán na ndíolachán a rinne táirgeoirí onnmhairiúcháin agus tionscal an Aontais araon, ba go díreach le húsáideoirí deiridh (is é sin, grúdlanna) a rinneadh iad, agus dá bhrí sin bhí na bealaí díolacháin agus leibhéal na trádála mar an gcéanna ar an dá thaobh. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas teoiriciúil tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na thréimhse imscrúdúcháin. Léiríodh ann gur meánchorrlach sladghearrtha ualaithe idir 11.9 % agus 14 % a bhí i gceist leis na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais.

(151)

Chomh maith le sladghearradh praghais, bhí cúngú suntasach praghsanna ann freisin de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán. Mar gheall ar an mbrú suntasach praghsanna arb iad na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne ba chúis leis, ní raibh tionscal an Aontais in ann na praghsanna a ardú le linn na tréimhse imscrúdúcháin i gcomhréir le forbairt na gcostas táirgeachta agus chun leibhéal réasúnta brabúis a bhaint amach.

(152)

Mar a léirítear i dtábla 11 thuas, tháinig laghdú 10 % ar an meánphraghas díola AE le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ag an am céanna, tháinig méadú 16 % ar chostas an táirgthe le linn na tréimhse céanna, agus dá bhrí sin bhí an praghas díola go mór faoi bhun chostas an táirgthe. Go háirithe in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tháinig méadú suntasach ar chostas an táirgthe, agus b’éigean an praghas a choinneáil cobhsaí mar gheall ar bhrú praghsanna onnmhairí ón tSín. Os a choinne sin, leibhéil praghsanna agus na brabúis a bhí ann dá réir i margaí onnmhairiúcháin nach ndéanann allmhairí dumpáilte difear dóibh nó i gcás inar forchuireadh bearta chun trádáil chóir a athbhunú, bhí na leibhéil sin 22 % níos airde ar an meán ná praghsanna díola thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais (+ 29 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin) (féach an aithris (196)).

(153)

Bhí tionchar soiléir ag an staid sin ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, mar a léirítear i dTábla 14 thíos. Tar éis dó tosú ag 12 % in 2018, tháinig laghdú mór ar an mbrabúsacht sa chuid eile den tréimhse, go háirithe in 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(154)

Léiríonn forbairt na dtrí tháscaire sin go soiléir go raibh an tionscal faoi bhrú láidir praghsála ó allmhairí dumpáilte na Síne, rud a chuir iallach air díol ar phraghsanna an-íseal faoi bhun an chostais táirgthe. Tugtar míniú thíos i Roinn 5.1 ar shonraí ar leith a bhaineann le staid an mhargaidh, go háirithe maidir leis an mbrú praghsanna a bhain do thionscal an Aontais sa phróiseas díola. Is rud é sin ba chúis le cúngú soiléir praghsanna i gcás thionscal an Aontais.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(155)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais cuimsíodh meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a bhaineann le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(156)

Mar a luaitear in aithris (7), baineadh úsáid as sampláil chun a dheimhniú ar bhain aon díobháil do thionscal an Aontais.

(157)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagra ar an macraicheistneoir a chuir an Gearánach ar fáil. Na sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Suíodh go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(158)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana.

(159)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeadh, acmhainn táirgeachta agus úsáid acmhainne

(160)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid táirgthe (Píosaí)

5 132 261

3 698 684

1 939 361

1 926 200

Innéacs

100

72

38

38

Acmhainneacht táirgeachta (aonad tomhais)

6 542 683

6 628 049

6 786 585

6 786 585

Innéacs

100

101

104

104

Úsáid acmhainne (%)

78

56

29

28

Innéacs

100

71

36

36

Foinse: Macraicheistneoir curtha ar fáil ag an ngearánach

(161)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 62 % ar an méid táirgeachta. Lean an táirgeadh go dlúth na hathruithe ar thomhaltas: an chéad titim ar éileamh in 2019 (23 %) agus titim níos mó agus níos suntasaí ar éileamh in 2020 agus 2021 (ráig Covid-19).

(162)

Tháinig méadú beag 4 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse a breithníodh. Is é is cúis leis sin gnóthachain éifeachtúlachta ó thaobh nósanna imeachta agus leithdháileadh foirne arna oibriú ag tionscal an Aontais ina línte táirgeachta thar an tréimhse faoi bhreathnú.

(163)

Mar thoradh ar an dá threocht thuasluaite (laghdú ar tháirgeadh, méadú ar acmhainneacht) tháinig laghdú suntasach ar úsáid acmhainne (– 64 %). Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, shroich an ráta úsáide acmhainneachta leibhéal an-íseal (28 %).

4.4.2.2.   Méid díolacháin agus sciar margaidh

(164)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 9

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid díolachán ar mhargadh an Aontais (Píosaí)

2 875 573

2 124 518

1 479 302

822 777

Innéacs

100

74

51

29

Sciar den mhargadh

83  %

83  %

79  %

69  %

Innéacs

100

101

96

83

Foinse: Macraicheistneoir curtha ar fáil ag an ngearánach

(165)

Tháinig laghdú de réir a chéile (71 %) ar mhéid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú, agus ba laghdú é sin ar ghéire treocht dó ná d’fhorbairt an tomhaltais.

(166)

An sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, thit sé ó 83 %, leibhéal a bhí ann in 2018, ionas gur 69 % a bhí i gceist le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud ab ionann agus laghdú 14 phointe céatadáin, mar gheall ar an mbrú mór praghsanna a d’eascair as na hallmhairí ón tSín, mar a mhínítear i roinn 4.4.3.1 thíos, allmhairí a raibh ag méadú de shíor ar an sciar den mhargadh a bhí acu le linn na tréimhse a breithníodh.

4.4.2.3.   Fás

(167)

Lean éileamh agus táirgeadh na gceaigeanna treocht laghdaithe thar an tréimhse faoi bhreathnú. I gcomhthéacs tomhaltas laghdaithe, bhain laghduithe móra do mhéideanna díolachán thionscal an Aontais agus don sciar den mhargadh a bhí aige, agus ba ar chostas a phraghsanna díola a choimeád sé sin líon laghduithe díolachán ar bun, mar a mhínítear thíos i roinn 4.4.3.1.

4.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(168)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

An líon fostaithe

960

822

538

481

Innéacs

100

86

56

50

Táirgiúlacht (píosaí/fostaí)

5 349

4 497

3 606

4 008

Innéacs

100

84

67

75

Foinse: Macraicheistneoir curtha ar fáil ag an ngearánach

(169)

Is í an treocht chéanna a bhí i gceist ó thaobh na fostaíochta san earnáil agus a bhí i gceist leis an táirgeadh agus an tomhaltas ar mhargadh an Aontais, agus tháinig laghdú mór 50 % uirthi thar an tréimhse faoi bhreathnú. I bhfianaise a bhfuil thuas, i gcás inar tháinig laghdú 62 % ar an táirgeacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar an táirgiúlacht. D’ainneoin an laghdaithe ar fhostaíocht, is laghdú 33 % a tháinig uirthi thar an tréimhse faoi bhreathnú agus níor théarnaigh sé ach go páirteach le linn na tréimhse imscrúdúcháin a bhuí sin le gnóthachan éifeachtúlachta éigin.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana

(170)

Bhí gach corrlach dumpála i bhfad níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar an tionscal de chuid an Aontais, i bhfianaise phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

(171)

Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha na dumpála a rinneadh roimhe.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(172)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Praghsanna díola san Aontas

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán (EUR/ píosa)

56

55

51

51

Innéacs

100

98

90

91

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid (EUR/ píosa)

55

59

63

64

Innéacs

100

107

114

116

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(173)

Tháinig laghdú 2 % ar na praghsanna díola idir 2018 agus 2019 sular tháinig laghdú tobann 8 % orthu in 2020 agus bhí siad fós ar an leibhéal céanna sa tréimhse imscrúdúcháin. Ar an iomlán, tháinig laghdú 9 % ar mheánphraghsanna díola thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(174)

Le linn na tréimhse céanna, measadh gur tháinig méadú 16 % ar chostais táirgthe in aghaidh an aonaid. Bhí sé sin bainteach, de chuid is mó, leis an méadú ar na costais sheasta, rud a d’eascair as an laghdú a tháinig ar an méid táirgeachta. Chun cur ina choinne sin, le linn na mblianta a ndearna na dianghlasálacha COVID-19 difear dóibh, d’éirigh le tionscal an Aontais a chostais sheasta a laghdú os cionn 20 %. Ina ainneoin sin, bhí tionchar suntasach ag minicíocht na gcostas seasta atá níos airde go comhréireach i dtréimhse d’úsáid acmhainne íseal, ós rud é gur ó 13 % in 2018 go 23 % sa tréimhse imscrúdúcháin a tháinig meáchan na gcostas sin as costais fhoriomlána an táirgthe. Le linn na tréimhse a breithníodh, laghdaigh tionscal an Aontais a fhostaíocht de réir Thábla 10 agus tháinig laghdú ar na costais saothair a bhain leis an dífhostú le linn thréimhse Covid-19 mar a léirítear i Roinn 4.4.3.2.

(175)

Lean praghsanna díola agus an costas táirgthe treocht éagsúil. Mar a mhínítear thuas i Roinn 4.3.3 agus thíos i Roinn 5.1, ní raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a ardú chuig leibhéil inbhuanaithe ionas go gcumhdófaí costas méadaithe an táirgthe agus an úsáid thearc acmhainne toisc go raibh tionchar mór ag allmhairí ar phraghas íseal agus dumpáilte ón tSín ar chaibidlíocht praghsanna sa mhargadh.

4.4.3.2.   Costais saothair

(176)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

48 510

45 157

50 218

52 988

Innéacs

100

93

104

109

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(177)

Tháinig laghdú ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí in 2019, agus tháinig méadú air 2020 agus le linn na tréimhse imscrúdúcháin ina dhiaidh sin. Mar sin féin, mar a léirítear i dTábla 10, tháinig laghdú 54 % ar an bhfostaíocht ag an am céanna.

4.4.3.3.   Fardail

(178)

Leibhéil stoic tháirgeoirí sampláilte an Aontais a forbraíodh thar an tréimhse arna meas mar a leanas:

Tábla 13

Fardail

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

Stoic deiridh (Píosaí)

308 350

210 370

157 417

128 525

Innéacs

100

68

51

42

Stoic deiridh mar chéatadán den táirgeacht

6

6

8

7

Innéacs

100

95

135

111

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(179)

Tháinig laghdú 58 % ar stoic thar an tréimhse faoi bhreathnú. Bhí baint aige leis an laghdú ar an táirgeadh agus ar na díolacháin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 11 % ar stoic mar chéatadán den táirgeadh ar an iomlán, mar gurbh éigean don tionscal méid áirithe gníomhaíochta a choinneáil agus dá bhrí sin ní raibh sé ábalta an táirgeadh a laghdú i gcomhréir leis an laghdú ar dhíolacháin. Ar aon chaoi, ós rud é go raibh an chuid is mó den tairgeadh bunaithe ar orduithe agus sonraíochtaí custaiméirí, níl na fardail ina dtáscairí tábhachtacha díobhála.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a ardú

(180)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar thoradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 14

Bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

12

5

-18

-9

Innéacs

100

42

- 144

-73

Sreabhadh airgid (EUR)

26 413 388

17 979 438

-4 762 380

-2 257 500

Innéacs

100

68

-18

-9

Infheistíochtaí (EUR)

11 655 450

5 408 642

2 536 354

1 220 214

Innéacs

100

46

22

10

Toradh ar infheistíochtaí (%)

65

14

-35

-19

Innéacs

100

21

-54

-29

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(181)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(182)

Sa tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 58 % ar bhrabúis in 2019, sular thit siad go tobann agus go ndearnadh dhá dhigit díobh in 2020. Théarnaigh sé go páirteach in 2021 ach bhí sé fós diúltach. Ar an iomlán, tháinig laghdú de – 173 % ar an mbrabús thar an tréimhse faoi bhreathnú. I gcomhthéacs laghdú tobann ar éileamh a bhí bainteach le paindéim Covid-19, de dheasca na hiomaíochta méadaithe a tháinig i gceist toisc onnmhairí ón tSín ar phraghas íseal, mar a mhínítear thíos i Roinn 5.1, b’éigean do thionscal an Aontais a phraghsanna a laghdú i dtréimhse ina raibh ag méadú ar na costais táirgthe, mar a mhínítear i gcuid 4.4.3.1, agus bhí caillteanais mhóra mar thoradh air sin.

(183)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus an cumas atá ag táirgeoirí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig forbairt ar an treocht maidir leis an nglansreabhadh airgid ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: tháinig laghdú ollmhór air in 2019-2020 agus théarnaigh sé go páirteach sa tréimhse imscrúdúcháin ina dhiaidh sin, ach bhí sé diúltach fós.

(184)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig forbairt air ar bhealach a bhí cosúil le cás na brabúsachta: laghdú ollmhór 129 % thar an tréimhse faoi bhreathnú maidir leis na luachanna diúltacha.

(185)

I bhfianaise na titime ar bhrabúsacht, ar shreabhadh airgid agus ar thoradh ar infheistíochtaí, rinneadh difear mór do chumas tháirgeoirí an Aontais caipiteal a ardú trí shampláil.

4.4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(186)

Léirigh na príomh-mhacratháscairí treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tháinig laghdú 71 % ar mhéid díolachán an Aontais, tháinig laghdú 62 % ar an táirgeadh, tháinig laghdú 50 % ar an bhfostaíocht.

(187)

Is féidir léargas den chineál céanna a fháil maidir leis na micreatháscairí. Tháinig meath suntasach ar bhrabúsacht na ndíolachán san Aontas (ó + 12 % go – 9 %), ar phraghsanna díola (- 9 %), agus ar shreabhadh airgid (- 109 %).

(188)

I bhfianaise an laghdaithe ar thomhaltas mar gheall ar Covid-19, agus méadú 16 % tagtha ar chostas táirgthe thionscal an Aontais, bhí praghsanna allmhairiúcháin ón tSín seasta i gcónaí agus giota maith faoi bhun phraghsanna agus chostais thionscal an Aontais ó 2018.

(189)

Tháinig méadú 39 % ar phraghsanna allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ag an am céanna, áfach, bhí an laghdú ar thomhaltas i bhfad níos mó (faoi 66 %). Mar thoradh air sin, mhéadaigh 79% ar an sciar den mhargadh a bhí ag onnmhairí ón tSín , ó 17 % in 2018 go 31 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, agus rinne a bpraghsanna sladghearradh suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse iomláine a breithníodh. 13.1 % ar an meán a bhí sa chorrlach sladghearrtha le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar amach thuas i roinn 4.3.3.

(190)

Na hallmhairí dumpáilte ar phraghas íseal ón tSín, ba chúis iad le cúngú suntasach praghsanna ó thaobh thionscal an Aontais i bhfianaise na gcorrlach gearrdhíola, corrlaigh a raibh idir 52.9 % agus 58.8 % i gceist leo. Ní raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar an gcostas táirgthe agus, dá bhrí sin, b’éigean dó a chainníocht díolacháin a chaomhnú, go páirteach ar a laghad, i gcás a bhí go hainnis ó thaobh cúrsaí brabúis de.

(191)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(192)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an staid chun a fháil amach an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an cheist arbh fhéidir go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca tosca aitheanta eile san am céanna. Ba iad na tosca sin paindéim Covid-19 a dhul i bhfeidhm ar thomhaltas an Aontais agus ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha, ar thosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann, i leith na n-allmhairí dumpáilte.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(193)

Tháinig laghdú 39 % ar líon na n-allmhairí ón tSín thar an tréimhse faoi bhreathnú, ó 602 010 píosa in 2018 go 370 107 píosa in 2021; le linn na tréimhse céanna, áfach, an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí sin, tháinig méadú 14 phointe céatadáin air ionas gur a shroich sé 31 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, rud a rinne díobháil do thionscal an Aontais ar tháinig laghdú 71 % ar a mhéid díolachán sa tréimhse chéanna.

(194)

Ina theannta sin, rinneadh na hallmhairí sin ag praghsanna i bhfad níos ísle ná mar a rinneadh i dtionscal an Aontais thar an tréimhse iomlán a measadh. Ní raibh an dara rogha ag tionscal an Aontais ach na praghsanna ísle a leag táirgeoirí na Síne síos a leanúint ar mhaithe le híosmhéid díolachán a chaomhnú i dtréimhse ina bhfuil ag laghdú ar an tomhaltas agus ina bhfuil ag méadú ar na costais táirgthe, mar a mhínítear thuas i roinn 4.4.3.1. Dá réir sin, tháinig laghdú mór ar an mbrabúsacht i gcás gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais, ó bhrabúis (+ 12 % in 2018) go dtí caillteanais mhóra (– 9 % in 2021), agus tháinig meath dá réir ar tháscairí airgeadais eile, amhail toradh ar infheistíocht agus sreabhadh airgid. An cúngú praghsanna sin, mar a mhínítear i Roinn 4.3.3, ba léir gurb é ba chúis leis iompraíocht táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a thairgeann ceaigeanna dumpáilte ar mhargadh an Aontais.

(195)

I margadh i bhfad níos lú, chuaigh díolacháin thionscal an Aontais in ísle ó 2.8 milliún ceaig in 2018 go dtí 800 000 ceaig le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Murach gur ísligh sé a phraghsanna, bheadh an baol ann go gcaillfeadh tionscal an Aontais an méid teoranta díolachán sin go fiú, rud a d’fhágfadh, i gcás roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais, go gcuirfí deireadh iomlán lena dtáirgeacht.

(196)

Onnmhairí an Aontais, arna sonrú i roinn 5.2.2., is léiriú iad ar a mbeadh i gceist le gnáthstaid ó thaobh leibhéil praghsanna agus brabúis a bheadh ann dá réir i gcás margaí onnmhairiúcháin nach mbeadh allmhairí dumpáilte ag déanamh difear dóibh nó ina bhforchuirfí bearta chun trádáil chóir a athbhunú, e.g. margadh SAM, atá ar an bpríomh-mhargadh onnmhairiúcháin atá ag táirgeoirí an Aontais, agus ina bhfuil ceaigeanna de thionscnamh na Síne faoi réir bearta frithdhumpála ó 2019 i leith. Le linn na tréimhse a breithníodh, bhí praghsanna tugtha i dtír (lena n-áirítear costais a bhaineann le hiompar agus dleachtanna allmhairiúcháin) thionscal an Aontais 22 % níos airde ar an meán ná a phraghsanna díola ar mhargadh an Aontais (+ 29 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin) agus bhí siad os cionn a chostais táirgthe le linn an ama, cé is moite de 2020, an bhliain is mó a ndearna paindéim COVID-19 difear di. Is léiriú iad na praghsanna sin ar mhargadh ina ndearnadh an trádáil chóir a athbhunú le bearta frithdhumpála i gcoinne allmhairí ón tSín agus dá bhrí sin is ionadú réasúnta iad ar na praghsanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist ar mhargadh an Aontais murach an cúngú praghsanna a thuairiscítear thíos in aithrisí (197) go (209).

(197)

Tá margadh an Aontais roinnte den chuid is mó idir dhá phríomhchatagóir úsáideoirí i gcás tháirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha araon, i.e. na grúdlanna neamhspleácha beaga agus meánmhéide (thart ar 40 % de na díolacháin atá i gceist leo sin) agus na mór-ilchuideachtaí beorach (níos mó ná 50 % atá i gceist leo siúd).

(198)

Den chuid is mó, an ceannach a dhéanann grúdlanna neamhspleácha beaga agus meánmhéide, is ceannach de réir a gcuid riachtanas meántéarmacha agus gearrthéarmacha a bhíonn ann. Déanann na grúdlanna teagmháil le roinnt táirgeoirí ceaigeanna agus iarrann siad luachan maidir leis an gcainníocht a iarradh maille le ham seachadta. Ó thaobh thionscal an Aontais de, sin deighleog atá an-tábhachtach, agus is deighleog í ina bhféadfadh an ghaireacht gheografach agus an t-am seachadta a bheith ina mbuntáistí. Níor chomhoibrigh an deighleog sin d’úsáideoirí leis an imscrúdú. Mar sin féin, chuir tionscal an Aontais fianaise ar fáil gur cailleadh roinnt orduithe de bharr na dtairiscintí ón tSín ar phraghas íseal don deighleog sin. Chuir sé sin iallach ar tháirgeoirí an Aontais a bpraghsanna a laghdú go mór chun go leanfaidís de bheith iomaíoch.

(199)

Maidir leis an dara cuid den mhargadh, is í an tsainghné atá ag baint léi ná gur inti atá na cúig mhórúsáideoir, úsáideoirí atá freagrach as breis agus 50 % de dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais san Aontas (péire de na cúig úsáideoir sin, AB InBev agus Heineken, creidtear gur mó ná 50 %/60 % an sciar domhanda atá acu i bhfochair a chéile sa mhargadh beorach), agus as 55 % ar a laghad de dhíolcháin an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte Síneacha. Léirigh tionscal an Aontais gur eagraigh na húsáideoirí sin a gceannacháin ceaigeanna don bhliain dár gcionn trí phróiseas tairisceana a rinneadh trí thairiscintí príobháideacha. Maidir leis na díolacháin le grúdlanna neamhspleácha, chuir an próiseas tairisceana iallach ar iomaitheoirí a gcuid praghsanna a íoslaghdú, agus toisc táirgeoirí onnmhairithe de chuid na Síne a bheith ag déanamh tairiscintí ar phraghsanna an-íseal, b’éigean do thionscal an Aontais na praghsanna ísle sin a mheaitseáil agus coisceadh orthu a gcuid méaduithe costais a chur ar aghaidh go dtí a gcuid custaiméirí.

(200)

Maidir leis an bpróiseas tairisceana, léirigh an t-imscrúdú go ndearna na mór-úsáideoirí é seo ar bhealach ar leith. Bhí na coinníollacha tairisceana ina gcoinníollacha sonracha ó thaobh praghsanna agus ó thaobh na n-uaschainníochtaí a bhí á lorg. Ní raibh aon oibleagáid chonarthach ar an gceannaitheoir cainníocht na gceaigeanna a tairgeadh a cheannach, ach bhí oibleagáid chonarthach ar an soláthróir an chainníocht a tairgeadh a sholáthar ar phraghas a tairgeadh. Go deimhin, is annamh a fhreagraíonn na cainníochtaí a ceannaíodh do na cainníochtaí a bhíothas a lorg ar dtús sa tairiscint lena mbaineann. Ag an am céanna, bhí sé d'oibleagáid ar bhuaiteoirí na dtairiscintí (i.e. soláthróirí na gceaigeanna) na cainníochtaí seachadta arna dtairiscint a urramú ar phraghas ar leith, gan iad a bheith ábalta na hathruithe ar chostais an táirgthe a chur san áireamh.

(201)

Le linn na tréimhse a breithníodh, d’eagraigh na húsáideoirí comhoibríocha seacht dtairiscint in aghaidh na bliana ar an meán. Na cainníochtaí a ceannaíodh ar deireadh bunaithe ar na tairiscintí sin, níorbh ionann iad ó thairiscint go chéile agus freagraíonn siad, ar an meán, do níos lú ná 60 % de na cainníochtaí a tairgeadh. Ina theannta sin, bhain na húsáideoirí úsáid as an bpraghas a comhaontaíodh le linn an nós imeachta tairisceana mar thúsphointe d’aon chaibidlíocht praghsanna ina dhiaidh sin le haghaidh spotdíolachán.

(202)

An próiseas tairisceana sin, inar baineadh úsáid as soilse dearga, buí agus glasa chun comhairle a thabhairt d'aon rannpháirtí (táirgeoirí de chuid an Aontais agus onnmhaireoirí de chuid na Síne san áireamh), baineadh leas as mar uirlis chun na praghsanna a íoslaghdú. Mar gheall ar na honnmhaireoirí Síneacha a bheith ann, agus iad ag déanamh tairiscintí ar phraghsanna an-íseal, b’éigean do thionscal an Aontais a phraghsanna a ísliú go dtí leibhéil neamh-inbhuanaithe. Bhí praghsanna thionscal an Aontais ar dhíolacháin trí thairiscintí 10 % níos ísle ar an meán ná na díolacháin eile in 2020 agus sa tréimhse imscrúdúcháin, agus níor bhain an conradh a síníodh ag deireadh an nós imeachta tairisceana ach le méideanna féideartha ceannaigh gan aon chinnteacht a bheith ann maidir le hordú a fháil. Deimhnítear é sin leis na leibhéil shuntasacha sladghearrtha agus ghearrdhíola a suíodh san imscrúdú.

(203)

Ina theannta sin, san aighneacht a rinneadh AB InBev ar an 20 Meitheamh 2022, thagair sé do “phraghsáil soláthróirí ceaigeanna [de chuid an Aontais] a bheith iomaíoch i leith praghsáil soláthróirí de chuid na Síne” sa tréimhse imscrúdúcháin agus le linn 2022. Deimhniú breise is ea an méid sin gur laghdaigh táirgeoirí an Aontais a bpraghsanna i gcomparáid leis na blianta roimhe sin den tréimhse faoi bhreathnú chun bheith iomaíoch i leith praghsanna Síneacha

(204)

Gné ghaolmhar eile den phróiseas tairisceana gur tugadh méid mór díolachán i gcríoch sa deireadh lasmuigh de na tairiscintí iarbhír leis an gcaibidlíocht praghsanna a bhí ag brath ar an “gcóras soilse” sin. Is léir sin ón méid cainníochtaí a dhíol tionscal an Aontais trí thairiscintí, a bhí an-bheag ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú. Laghdaíodh an leibhéal sin ó os cionn 30 % d’iomlán a ndíolachán sa tréimhse 2019-2020, go dtí faoi bhun 16 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin. I gcleachtas, d’úsáid na húsáideoirí an próiseas tairisceana áirithe sin agus na tairiscintí dumpáilte ón tSín a bhí ar phraghas íseal agus comhaontú a dhéanamh acu sa deireadh ar na praghsanna sin lasmuigh de chreat na tairisceana.

(205)

Léiríonn na sonraí a sholáthair na húsáideoirí comhoibríocha gur ghnóthaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín 30 % ar meán de na cainníochtaí a cuireadh ar tairiscint le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, is meastachán coimeádach é sin ós rud é go léiríonn an fhianaise sna comhaid gur ceann de na húsáideoirí neamh-chomhoibríocha is mó (Heineken) ba chúis le 30 % de na cainníochtaí a d’onnmhairigh an dá tháirgeoir shampláilte ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(206)

In aon chor, de réir mar atá mínithe thuas, is cuma cé acu a tugadh na díolacháin i gcrích faoi thairiscint nó nár tugadh a mhéid a bhaineann le héifeachtaí agus cúisíocht praghsanna dumpáilte Síneacha ar phraghsanna thionscal an Aontais agus ar chás díobhálach an Aontais.

(207)

De réir mar atá mínithe thuas i roinn 4.3.3, laghdaigh na praghsanna Síneacha in 2019 agus 2020 i gcomparáid le 2018, agus méadaigh siad le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ach níor baineadh amach as leibhéil 2018 leis an méadú sin. Le linn na tréimhse céanna tháinig laghdú 9 % ar phraghsanna thionscal an Aontais agus tháinig méadú 16 % ar a chostas táirgthe.

(208)

Mar gheall ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí ceaigeanna ón tSín in dhá dheighleog an mhargaidh, bhí ar thionscal an Aontais praghsanna a dhíolachán a laghdú, d’ainneoin an mhéadaithe mhóir ar chostas an táirgthe, chun a scair den mhargadh a choinneáil, go páirteach, ar a laghad. Dá thoradh sin, laghdaigh an bhrabúsacht ó 12 % go dtí -9 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus chuaigh na táscairí airgeadais in olcas.

(209)

Dá bhrí sin thángthas ar an gconclúid – ós rud é gur tharla an dá rud in aon tráth amháin – gur tháinig meathlú ar staid eacnamaíoch thionscadal an Aontais san am céanna a bhí cuid mhór allmhairí ón tSín ann ar phraghsanna an-íseal. I gcomhthéacs an laghdaithe a bhí ag teacht ar an margadh agus an mhéadaithe a bhí ag teacht ar chostas an táirgthe, bhí na praghsanna Síneacha ag sladghearradh phraghsanna thionscal an Aontais go comhsheasmhach agus shocht siad leibhéal na bpraghsanna i margadh an Aontais, sa chaoi gur léir go bhfuil nasc cúisíochta substaintiúil fíor idir an dá rud.

5.2.   Tionchair fachtóirí eile

5.2.1.   Paindéim COVID-19 agus an laghdú ar thomhaltas

(210)

Taifeadadh allmhairí ceaigeanna ón tSín ar phraghsanna an-íseal ó 2018 ar aghaidh. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí meánphraghas na n-allmhairí ón tSín 24 % níos ísle ar an meán ná meánphraghas díolachán thionscal an Aontais. Lena linn sin féin bhí síor laghdú ag teacht ar phraghsanna thionscal an Aontais d’ainneoin an mhéadaithe a bhí ag teacht ar chostais an táirgthe. Cé gur cuireadh arís leis an laghdú ar thomhaltas i ngeall ar phaindéim COVID-19, ní mhaolaíonn sin an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte agus díobháil ábhartha a bhain do thionscal de chuid an Aontais. Le linn na tréimhse sin tháinig laghdú 66 % ar thomhaltas agus laghdú 71 % ar méid díolachán thionscal an Aontais agus níor tháinig ach laghdú 39 % ar na hallmhairí ón tSín, rud a mhéadaigh a sciar den mhargadh ó 17 % go 31 %. De réir mar atá pléite in aithris (196), ar bhonn na bpraghsanna margaidh is féidir a bhaint amach i margadh na Stát Aontaithe, mura mbeadh na hallmhairí ag teacht ón tSín agus mura mbeadh an brú ar phraghsanna ann a tháinig as sin, d’fhéadfadh tionscal an Aontais a phraghsanna a mhéadú go leibhéal níos inbhuanaithe agus an méadú ar chostas an táirgthe a chumhdach.

(211)

Is mór an tionchar a bhí ag an laghdú mór ar thomhaltas agus ar úsáid acmhainneachta ar fheidhmíocht thionscal an Aontais. Mar sin féin, de réir mar atá mínithe thuas i roinn 4.4.3.1, fiú nuair a d’éirigh le tionscal an Aontais a chostais sheasta a laghdú go mór, tháinig méadú 23 % ar a sciar d’iomlán na gcostas. Le linn an ama chéanna, d’éirigh leis an tionscal costais struchtúracha eile a laghdú, ar nó na fostaíochta le linn thréimhse COVID-19. De bharr an bhainistithe sin a rinneadh ar chostais sheasta agus ar chostais struchtúracha eile le linn na tréimhse sin, bhí tionscal an Aontais in ann tionchar na gcostas sin ar a fheidhmíocht a íoslaghdú, rud atá mínithe thuas chomh maith, ach níorbh fhéidir ach cúiteamh páirteach a dhéanamh de bharr sochtadh mór praghsanna ar allmhairí ón tSín ba chúis leis.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais

(212)

Seo a leanas mar a forbraíodh méid na n-onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 15

Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

 

2018

2019

2020

An tréimhse imscrúdúcháin

An méid onnmhairí (Píosaí)

2 364 368

1 827 572

547 427

1 124 371

Innéacs

100

77

23

48

Meánphraghas díreach ón monarcha (EUR/píosa)

66,04

62,18

58,86

63,05

Innéacs

100

94

89

95

Meán-spriocphraghas (52) (EUR/píosa)

68,34

64,87

60,83

66,28

Innéacs

100  %

95

89

97

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(213)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 52 % ar onnmhairí thionscal an Aontais.

(214)

Idir 2018 agus 2020, na treochtaí a bhí i gceist le feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, bhí cosúlacht áirithe idir iad agus na treochtaí a bhí i gceist maidir leis an bhforbairt a tháinig ar mhéid na ndíolachán ó thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais. Tháinig laghdú ar mhéid díolacháin AE agus méid díolacháin onnmhairiúcháin thionscal an Aontais le linn na chéad chuid den tréimhse faoi bhreathnú, arbh í an tréimhse sin ba mhó a bhí buailte ag paindéim Covid 19 uirthi. Mar sin féin, méid na ndíolachán onnmhairiúcháin, i dtéarmaí coibhneasta, ba lú an laghdú a tháinig air ná mar a tháinig ar na díolacháin chuig margadh an Aontais. Ar a bharr sin, thosaigh téarnamh soiléir ar fheidhmíocht allmhairiúcháin thionscal an Aontais a luaithe a cuireadh deireadh le srianta COVID-19 nuair a tháinig níos mó ná dúbailt ar dhíolacháin allmhairithe ó 2020 go 2021. Chomh maith leis sin, ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú bhí díolacháin allmhairithe thionscal an Aontais i bhfad níos mó ná an praghas díolacháin ar mhargadh an Aontais agus bhí siad i gcónaí níos airde ná a chostas táirgthe, ach amháin in 2020, an bhliain is mó a ndearna paindéim COVID-19 difear di, agus ar leathchuid den tréimhse faoi bhreathnú í. Ar a bhonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir an laghdú sealadach ar an bhfeidhmíocht allmhairiúcháin leis an díobháil ós rud é gur leor leibhéil na bpraghsanna allmhairithe chun go bhféadfadh tionscadal an Aontais brabús a bhaint as an gcuid is mó dá dhíolacháin allmhairí.

5.3.   An chonclúid maidir le cúisíocht

(215)

Bhí praghsanna na n-onnmhairithe ón tSín i bhfad níos ísle ná praghsanna agus costais an Aontais ó bhí tús na tréimhse faoi bhreathnú ann in 2018. Léiríodh san imscrúdú go raibh meánchorrlach sladghearrtha ualaithe 13,1 % ann. An méadú sin a bhí ag teacht ar allmhairí ón tSín ar phraghsanna an íseal, rinne sé dochar do thionscal an Aontais agus bhí ar an tionscal sin praghsanna díolachán a laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú chun méid teoranta díolachán ar a laghad a choinneáil ar bun sa mhargadh le linn phaindéim COVID-19 agus dá éis. Dá thoradh sin, bhí forbairt dhiúltach i staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(216)

Rinne an Coimisiún idirdhealú idir éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte agus rinne sé scrúdú orthu. Maidir le héifeacht phaindéim COVID-19 agus leis an laghdú a bhain léi ar thomhaltas an Aontais agus tomhaltas domhanda ceaigeanna, d'imir sé tionchar diúltach ar fhorbairtí thionscal de chuid an Aontais ach measadh gur fachtóir sealadach é a d’imir tionchar teoranta. Tháinig meath ar staid thionscal an Aontais cheana roimh phaindéim COVID-19 agus lean an meathlú go deireadh na tréimhse faoi bhreathnú.

(217)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh leo féin nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(218)

Chun leibhéal na mbeart a dhéanamh amach, scrúdaigh an Coimisiún an cheist ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte.

6.1.   Corrlach díobhála

(219)

Thiocfadh deireadh leis an díobháil dá bhféadfadh tionscal an Aontais spriocbhrabús a fháil trí dhíol ar spriocphraghas de réir bhrí Airteagal 7(2c) agus Airteagal 7(2d) den bhun-Rialachán.

(220)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuí, chuir an Coimisiún na fachtóirí seo a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chumhdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeadh coinne leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos ísle ná 6 %.

(221)

Mhol na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais sna freagraí uathu ar an gceistneoir gur cheart an spriocbhrabús a shocrú idir 12 % agus 20 % ós rud é, dar leo, gurb é sin an leibhéal is gá chun na hinfheistíochtaí riachtanacha i bpróisis agus i dtáirgí a mhaoiniú agus chun inmharthanacht fhadtéarmach thionscal an Aontais a áirithiú. Léirigh an tionscal freisin gurbh amhlaidh, sna blianta ina raibh gnáthdhálaí iomaíochta i réim, a bhí meánbhrabúsacht 15 % acu.

(222)

Ina fhianaise sin, chinn an Coimisiún go sealadach corrlach brabúis 12 % a úsáid, corrlach atá gar do cheann íochtarach an raoin figiúirí a bhfuil mionsonrú orthu san aithris roimhe seo, cinneadh a bhí an-sealadach.

(223)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, socraíodh an corrlach brabúis ag 12 % i gcomhréir le foráil Airteagal 7(2c).

(224)

Maidir le leibhéal na n-infheistíochtaí, i bhfianaise an taighde agus na forbartha a rinneadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh an difríocht idir an speansas a bhain le hinfheistíochtaí, taighde agus forbairt agus nuálaíocht faoi ghnáthdhálaí iomaíochta arna soláthar ag Tionscal an Aontais agus arna fhíorú ag an gCoimisiún san áireamh cheana sa spriocbhrabús 12 %.

(225)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhála in aghaidh an phíosa le haghaidh tháirge comhchosúil thionscal an Aontais tríd an sprioc-chorrlach brabúis (féach aithris (223)) thuasluaite a chur le costas táirgthe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn cineál ar chineál.

(226)

Chinn an Coimisiún leibhéal an chorrlaigh díobhála agus comparáid á déanamh idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí comhoibríocha onnmhairiúcháin sampláilte sa tír lena mbaineann, faoi mar atá leagtha síos do na praghsanna a dhéanann na ríomhanna a shladghearradh, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhála an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Rinneadh aon difríocht a d’eascair as an gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán den mheánluach allmhairiúcháin ualaithe maidir le CAL.

(227)

Sainítear an leibhéal díchuir díobhála le haghaidh “cuideachtaí comhoibríocha eile” agus le haghaidh “gach cuideachta eile” ar aon dóigh leis an gcorrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin.

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach díobhála

Daon-Phoblacht na Síne

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

77,1  %

58,8  %

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

65,3  %

52,9  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

72,1  %

56,3  %

Gach cuideachta eile

91,0  %

112,0  %

6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(228)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Daon-Phoblacht na Síne

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

58,8  %

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

52,9  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

56,3  %

Gach cuideachta eile

91,0  %

7.   LEAS AN AONTAIS

(229)

Tar éis cinneadh a dhéanamh Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé teacht ar chonclúid shoiléir nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a ghlacadh sa chás sin, d’ainneoin chinneadh na dumpála díobhála, i gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(230)

Tá 8 gcuideachta san Aontas a tháirgeann ceaigeanna. Fostaíonn siad breis agus 400 oibrí go díreach (bhí níos mó ná 800 díobh ann in 2018) agus iad lonnaithe san Ostair, sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa Spáinn.

(231)

I gcás go ndéanfaí bearta a fhorchur, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais a sciar den mhargadh a choinneáil, úsáid acmhainneachta a mhéadú, praghsanna a ardú go leibhéil inbhuanaithe agus feabhas a chur ar an mbrabúsacht i dtreo leibhéil a mbeifí ag súil leo faoi ghnáthdhálaí iomaíochta.

(232)

Is dócha go dtiocfadh meath breise ar an mbrabúsacht mura ndéanfaí na bearta a fhorchur, brabúsacht a bhí diúltach cheana féin. I gcás nach ndéanfaí bearta a fhorchur, d’fhéadfadh dúnadh saoráidí táirgthe agus dífhostuithe a bheith ann dá thoradh, rud a chuirfeadh inmharthanacht thionscal an Aontais i mbaol.

(233)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go sealadach go bhfuil forchur beart sealadach chun leas thionscal an Aontais.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí agus na dtrádálaithe neamhghaolmhara

(234)

Allmhaireoir neamhghaolmhar amháin a bhfuil 1,6 % de mhéid allmhairí na Síne acu, chuir an t-allmhaireoir sin foirm shamplála isteach agus thug sé freagra ar an gceistneoir. Ba é 16 % an meánbhrabús a bhí ag an allmhaireoir comhoibríoch le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(235)

Bhí an t-allmhaireoir sin in aghaidh bearta a fhorchur. Mhaígh sé, i bhfianaise an mhéadaithe ar phraghas na cruach dosmálta agus na loingseoireachta, go mbeadh tionchar diúltach breise dá bhforchuirfí bearta ar a bhrabúsacht, rud a mbeadh leachtú na cuideachta mar thoradh air. Chuir an chuideachta i bhfios go láidir freisin go ndearna sí infheistíochtaí suntasacha T&F óna hacmhainní dílse le blianta beaga anuas chun maoin intleachtúil nua a fhorbairt, chomh maith le hinfheistíochtaí chun réitigh nua a fhorbairt i dtáirgeadh ceaigeanna a d’fhéadfadh dul chun tairbhe d’úsáideoirí an Aontais agus go bhféadfadh forchur na mbeart deireadh a chur leis an tionscadal seo.

(236)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go bhféadfadh an t-allmhaireoir cuid den dleacht frithdhumpála a chur ar aghaidh chuig na húsáideoirí deiridh. I bhfianaise leibhéal maith brabúis an allmhaireora, maolaítear tionchar na dleachta ar inmharthanacht an allmhaireora freisin. Ar an iomlán, i bhfianaise an chomhair an-teoranta ó 1 allmhaireoir amháin san imscrúdú seo, tugtar le fios nach mbeidh tionchar an-diúltach ag na bearta ar allmhaireoirí ar an iomlán agus, dá bhrí sin, ní bheadh sé níos mó ná tionchar dearfach na mbeart ar tháirgeoirí de chuid an Aontais.

(237)

Na trádálaithe/soláthraithe seirbhísí a dhéanann ceaigeanna a pearsantú agus a oiriúnú, beidh siadsan in ann leanúint ar aghaidh leis an ngnó sin, agus dá bhrí sin beidh siad in iomaíocht de bhua tuillteanais seachas leis na hallmhairí dumpáilte.

7.3.   Leas úsáideoirí

(238)

Ag an tionscnamh tháinig beirt úsáideoirí, Appie agus Carlsberg, chun cinn ach níor sholáthair siad ach faisnéis theoranta sna freagraí uathu ar an gceistneoir. Chláraigh úsáideoir eile, AB InBev, mar pháirtí leasmhar agus thug sé barúlacha uaidh ach níor thug sé freagra ar an gceistneoir. Déanann na húsáideoirí sin ionadaíocht ar ghrúdlanna nó ar ilchuideachtaí grúdaireachta.

(239)

Ag céim níos déanaí, mar a mhínítear thuas i roinn 4.3.1, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil arís leis na mórúsáideoirí agus d’iarr sé sonraí faoina soláthróirí agus faoina méideanna ceannaigh. Chuir trí úsáideoir (AB InBev, Asahi, agus Molson Coors) roinnt sonraí ar fáil, ach níor thug siad freagra maidir leis na príomhphointí faisnéise a iarradh sa cheistneoir.

(240)

San aighneacht tosaigh uaidh, bhí AB InBev i gcoinne bearta a fhorchur agus mhaígh sé:

thiocfadh méadú ar chostas na gceaigeanna mar thoradh ar na dleachtanna, rud a mbeadh tionchar diúltach aige ar an earnáil HORECA, earnáil a raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 uirthi cheana féin;

níl acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal an Aontais chun éileamh iomlán an Aontais ar cheaigeanna a chomhlíonadh.

(241)

A mhéid a bhaineann leis an gcéad maíomh, léiríodh san fhaisnéis a bailíodh le linn an imscrúdaithe nach gceannaíonn an earnáil HORECA ceaigeanna ó na táirgeoirí beorach, ní cheannaíonn siad ach a bhfuil iontu (i.e. an bheoir). Íocann tithe tábhairne agus beáir éarlais ar na ceaigeanna agus aisíoctar an éarlais sin nuair a thugann siad an ceaig folamh ar ais do na táirgeoirí beorach. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh tionchar teoranta ag costas na gceaigeanna ar bhrabúsacht na hearnála HORECA.

(242)

A mhéid a bhaineann leis an dara maíomh, is cosúil go bhfuil acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag tionscal an Aontais. Ag an mbuaicphointe in 2018, bhí tomhaltas an Aontais thart ar 3.2 milliún ceaigeanna agus bhí acmhainneacht táirgeachta iomlán de bheagnach 6.8 milliún ceaig ag tionscal an Aontais. Fiú amháin nuair a chuirtear na díolacháin onnmhairiúcháin san áireamh, tá beagnach 2 mhilliún ceaig d’acmhainneacht bhreise fós ag tionscal an Aontais.

(243)

I bhfianaise na saolré fada (de ghnáth 30 bliain) a bhíonn ag ceaigeanna agus a nádúir in-athlíonta, is beag an tionchar costais a bhíonn ag ceaigeanna ar an tionscal dí.

(244)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go sealadach go bhfuiltear ag súil go mbeidh na tionchair dhiúltacha a bheidh ag bearta ar úsáideoirí teoranta agus nach mó iad ná éifeacht dhearfach na mbeart ar tháirgeoirí de chuid an Aontais.

7.4.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(245)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúiseanna láidre ann le rá nár le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne ag an gcéim sin den imscrúdú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA

(246)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht, le leibhéal na mbeart agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfaidh na hallmhairí dumpáilte tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais.

(247)

Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh dhíobhála agus na corrlaigh dhumpála i gcomparáid le chéile. Socraíodh an méid dleachtanna ar an leibhéal corrlaigh ba ísle idir na corrlaigh dhumpála agus na corrlaigh dhíobhála.

(248)

I bhfianaise an mhéid thuas ba cheart na rátaí dleachta frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Daon-Phoblacht na Síne

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

58,8  %

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

52,9  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

56,3  %

Gach cuideachta eile

91,0  %

(249)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(250)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú sin, ach, chomh maith leis sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(251)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(252)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(253)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(254)

Sloinntear staidreamh maidir le ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta go minic i roinnt píosaí. Mar sin féin, níl aon aonad forlíontach den sórt sin le haghaidh ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta a shonraítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (53) ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus ar an gComhtharaif Chustaim. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá líon na bpíosaí le haghaidh na n-allmhairí den táirge lena mbaineann a chur isteach sa dearbhú le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí. Ba cheart píosaí a léiriú do chóid TARIC 7310100010 agus 7310299010, ar choinníoll go bhfuil an léiriú sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle.

9.   CLÁRÚ

(255)

Mar a luaitear in aithris (3), níor chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe.

10.   FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH

(256)

I gcomhréir le Airteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh 3 lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh.

(257)

Chuir Ningbo Maor agus Penglai Jinfu barúlacha isteach go comhpháirteach maidir leis an réamhnochtadh, áit ar iarr siad ar an gCoimisiún staonadh ó na bearta sealadacha a chur i bhfeidhm. Chuir siad i bhfios go láidir nár léirigh spriocphraghsanna roinnt cineálacha táirgí na praghsanna ionchasacha de réir a gcuid eolais. Mhaígh siad freisin nach raibh roinnt cineálacha táirgí mar chuid den ríomh corrlach díobhála agus nach raibh ceannteideal tábla nochta anótáilte i gceart.

(258)

Scrúdaigh an Coimisiún na barúlacha go mion agus mheas sé nár bhain aon cheann acu le cruinneas na ríomhanna, dá bhrí sin déanfaidh sé iad a mheas, mar aon le gach aighneacht eile, tar éis fhoilsiú na mbeart sealadach.

(259)

Maidir leis na haonaid a úsáidtear sa tábla nochta, mar a thug na táirgeoirí onnmhairiúcháin faoi deara, is píosaí seachas tonaí iad go deimhin. Thairis sin, níor cuireadh roinnt cineálacha táirgí san áireamh sa ríomh corrlach díobhála, toisc nár tháirg tionscal an Aontais na cineálacha táirgí comhfhreagracha agus dá bhrí sin ní raibh siad ábhartha chun an corrlach gearrdhíola a ríomh.

11.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(260)

Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta.

(261)

Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna, soithí, drumaí, tancanna, bairillí agus coimeádán comhchosúil, in-athlíonta, de chruach dhosmálta, isteach san Aontas, rudaí ar a dtugtar “ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta” go coitianta, rudaí arb é cruth an tsorcóra, a bheag nó a mhór, atá ar a gcabhail, agus dar tiús balla 0.5 mm nó níos mó, rudaí ar de chineál iad a úsáidtear le haghaidh ábhair eile seachas gás leachtaithe, amhola, agus táirgí peitriliam, agus dar toilleadh 4,5 lítear nó níos mó, gan beann ar chineál na bailchríche nó an tomhsaire ná ar ghrád na cruach dosmálta, bíodh comhpháirteanna breise ag gabháil leo nó ná bíodh (eastarraingteoirí, scóigeanna, clingíní, nó aon chomhpháirt eile), bídís péinteáilte nó ná bíodh, bídís brataithe ag ábhair eile nó ná bíodh, allmhairí a thagann faoi chóid AC ex 7310 10 00 agus ex 7310 29 90 faoi láthair (cóid TARIC 7310100010 agus 7310299010) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, seachas scóigeanna, sleánna, cúplóirí nó sconnaí, coiléir, comhlaí agus comhpháirteanna eile a allmhairítear ar leithligh.

2.   Rátaí na dleachta frithdhumpála sealadaí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, sula n-íocfar dleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh siad:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála shealadach

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Penglai Jinfu Stainless Steel Products Co., Ltd

58,8  %

A024

 

Ningbo Major Draft Beer Equipment Co., Ltd

52,9  %

A030

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

56,3  %

 

 

Gach cuideachta eile

91,0  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, chun saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.

5.   I gcás ina ndéantar dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta isteach i ndáil leis an táirge dá dtagraítear i mír 1, déanfar an líon píosaí de na táirgí a allmhairítear a chur isteach i réimse ábhartha an dearbhaithe sin, ar an gcoinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

6.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha ábhartha maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht leis an gCoimisiún a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Scrúdóidh an tOifigeach Éisteachta iarrataí a chuirfear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus féadfaidh an t-oifigeach sin cinneadh a dhéanamh cibé acu a ghlacfar nó nach nglacfar leis na hiarrataí sin, más iomchuí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  OJ L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO C 195, 13.5.2022, lch. 24.

(3)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2602

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 an 16 Feabhra 2022 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 16, 25.1.2022, lch. 36) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145)

(5)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 208, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 59, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 149-150.

(6)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 192, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 46, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 115-118.

(7)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 193-4, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 47, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 119-122. Tá an ceart ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, agus cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gur ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachtaí na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (agus triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad inti mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don 'tírghrá' agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1.86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi imscrúdú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(8)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithrisí 48-52, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 123-129.

(9)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 202, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 53, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, ón gCoimisiún, aithrisí 130-133.

(10)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithris 203, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 54, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 134-135.

(11)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithris 204, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95, aithris 55, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239, aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 136-145.

(12)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 483 final/2, 20. 12. 2017, le fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(13)  Comhlachas Tráchtála an Aontais Eorpaigh sa tSín, Ró-Acmhainn sa tSín: bac ar chlár oibre athchóirithe an Pháirtí, ar fáil ag: https://www.europeanchamber.com.cn/en/publications-overcapacity-in-china (arna rochtain an 16 Samhain 2022)

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine, IO L 110, 8.4.2020, lch. 3.

(15)  An Fóram Domhanda maidir le ró-acmhainn sa tionscal cruach, Tuarascáil Aireachta, 20 Meán Fómhair 2018.

(16)  Tuarascáil — Caibidil 14, lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % de chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit i gcomhthéacs táirgthe, agus 44 % de chuideachtaí faoi úinéireacht Stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha i gcomhthéacs acmhainne.

(17)  Ar fáil ag: www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm; https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e, agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

(18)  Ar fáil ag http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

(19)  Mar a tharla i gcás an leasa tromlaigh a shealbhaigh China Baowu Steel Group in Magang Steel i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (arna rochtain an 28 Deireadh 2022).

(20)  Féach: https://www.miit.gov.cn/gzcy/yjzj/art/2020/art_af1bef04b9624997956b2bff6cdb7383.html (arna rochtain an 16 Samhain 2022).

(21)  Féach Roinn IV, Foroinn 3 den Phlean, atá le fáil ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 16 Samhain 2022).

(22)  Féach an 180ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Cruach a fhorbairt, Brollach.

(23)  Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, le fáil ag: http://www.baowugroup.com/about/board_of_directors (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2022).

(24)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta, le fáil ag: https://www.baosteel.com/about/manager (arna rochtain an 7 Meán Fómhair 2022).

(25)  Foghlaimíonn Shandong Gold Group faoi sprid 20ú Comhdháil Náisiúnta Páirtí Cumannach na Síne agus cuireann sé an sprid sin in iúl agus chun feidhme, (téacs bunaidh i Sínis), alt preasa ar fáil ar shuíomh gréasáin China Gold News: https://www.gold.org.cn/ky1227/kydj/202210/t20221028_193328.html (arna rochtain an 17 Samhain 2022).

(26)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lch. 346 ff.

(27)  Féach 215ú Plean 5 Bliana Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag: https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

(28)  Féach go háirithe Ranna I agus II den Phlean.

(29)  Tá forálacha na roinne seo an-mhionsonraithe agus leagtar amach iontu spriocanna dochta don todhchaí: 'I gcás fiontair iarainn agus cruach a bhfuil sé beartaithe acu athlonnú nó athchóiriú a dhéanamh in áiteanna éagsúla, ba cheart do rialtais na n-áiteanna a mbogann siad isteach iontu agus amach astu cumarsáid agus comhordú a neartú, agus táscairí ábhartha ídithe fuinnimh agus ídithe guail a aistriú tríd an margadh trádála um chearta úsáide fuinnimh chun comhar a bheidh tairbhiúil do gach páirtí a bhaint amach agus chun dul chun cinn rianúil agus ordúil an tionscadail a áirithiú. 6 bhonn shainiúla táirgthe cruach a thógáil in Anyang, Jiyuan, Pingdingshan, Xinyang, Shangqiu, Zhoukou, etc, agus feabhas a chur ar scála, ar dhéine, ar speisialtóireacht agus ar idirdhealú an tionscail. Ina measc, faoi 2025, déanfar an acmhainn táirgthe muciarainn i gCathair Anyang a rialú ionas go bhfanfaidh sí faoi bhun 14 mhilliún tona, agus déanfar an acmhainn táirgthe amhchruach a rialú laistigh de 15 mhilliún tona, agus cruthófar lárionad táirgthe cruach speisialta ardchaighdeáin in Anyang Base in Anyang Iron and Steel Group Co., Ltd; tacú le Henan Jiyuan Iron and Steel (Group) Co., Ltd, bonn táirgthe do bharraí agus sreanga cruach speisialta sármhaithe agus lárionad próiseála réigiúnach a thógáil; chun tacú le Angang Group Xinyang Iron and Steel Co., Ltd., Minyuan Iron and Steel Group Co., Ltd., agus Henan Angang Zhoukou Iron and Steel Co., Ltd le hionaid réigiúnacha iarainn agus cruach a thógáil.'

(30)  Féach pointí 2, 8 agus 16, faoi seach, de Phlean Gníomhaíochta Trí Bliana Chúige Hebei maidir le forbairt braislí i slabhra an tionscail chruach 2020 2022.

(31)  Guiding Catalogue for Industry Restructuring (Leagan 2019), arna fhormheas ag Foraithne an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 29 an 27 Lúnasa 2019; ar fáil ag: http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf (arna rochtain an 28 Deireadh Fómhair 2022).

(32)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún, aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún, aithrisí 143-144.

(33)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(34)  bvdinfo.com

(35)  https://www.globaltradealert.org/data_extraction

(36)  Is é an cód NACE an ainmníocht chaighdeánach Eorpach maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgiúla. Rinneadh taighde ar na cóid seo a leanas: 2591 (drumaí cruach agus coimeádáin atá comhchosúil le chéile), 2592 (pacáil miotail éadroim), 2599 (táirgí miotal monaraithe eile), 2829 (innealra ilchuspóireach), 2893 (innealra le haghaidh próiseáil bia, deochanna agus tobac).

(37)  Bunachar sonraí Orbis, arna sholáthar ag Bureau Van Dick (https://orbis.bvdinfo.com).

(38)  https://www.mococa.com

(39)  https://ilostat.ilo.org/

(40)  https://www.globalpetrolprices.com/Brazil/

(41)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(42)  https://ilostat.ilo.org/data/data-catalogue/

(43)  Coigeartaithe go cuí de réir am reachtúil nár oibríodh, amhail laethanta saoire agus laethanta saoire náisiúnta.

(44)  https://establishbrazil.com/articles/whats-real-cost-employee ;

https://ccbc.org.br/en/publicacoes/artigos-ccbc-en/how-much-do-your-employees-in-brazil-really-cost/ ; https://bpc-partners.com/inss-brazilian-salaries-benefits/

(45)  https://www.globalpetrolprices.com/Brazil/

(46)  https://www.edp.com.br/tarifas-vigentes/

(47)  https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/energia-eletrica/publicacoes/informativo-gestao-setor-eletrico

(48)  Na buaicuaireanta agus na huaireanta seachbhuaice agus an costas breise éagsúil is infheidhme le linn na tréimhse.

(49)  https://www.gov.br/mme/pt-br/assuntos/secretarias/energia-eletrica/publicacoes/informativo-gestao-setor-eletrico/informativo-gestao-setor-eletrico-ano-2021.pdf/view

(50)  Ós rud é gurb é mais an t-aon aonad cainníochta atá ar fáil i mbunachar sonraí Comext agus mbunachar sonraí Fhaireachas an Choimisiúin, rinneadh cainníochtaí ó thonaí/ó chileagraim a thiontú go haonaid (an líon ceaigeanna) le linn an imscrúdaithe faoin bhfoirmle 1 cheaig=10 kg agus é ag brath ar na bunachair sonraí sin. Ba é sin an ráta comhshó a úsáideadh sa ghearán agus dhearbhaigh an Coimisiún gurb é 10 kg, a bheag nó a mhór, meánmhais cheaig ar an margadh.

(51)  Tá an figiúr uachtair don bhliain 2 018 difriúil leis an luach atá le fáil sa Nóta leis an gComhad ón 2 Meán Fómhair 2022. Tharla sé sin mar gheall ar earráid chléireachais a aithníodh i gcomhiomlánú sonraí ó údaráis chustaim a ceartaíodh ina dhiaidh sin.

(52)  Praghas díreach ón monarcha ina bhfuil costais a bhaineann le hiompar agus na dleachtanna allmhairiúcháin is infheidhme ar mhargadh na Stát Aontaithe san áireamh

(53)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 282, 31.10.2022, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Kingyip - Guangzhou JingYe Machinery Co., Ltd.

A031

 

Ningbo Hefeng Container Manufacturer Co., Ltd.

A032

 

Qingdao HenKeg Craft Beer Technology Co., Ltd.

A033

 

Yantai Toptech Ltd.

A034


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/77


CINNEADH ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 161/22/COL

an 6 Iúil 2022

maidir le cabhair i ndáil leis an mbonneagar soilse sráide in Bergen (an Iorua) [2023/101]

Tá Údarás Faireacháin CSTE (“ESA”),

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), go háirithe d’Airteagail 61 agus 62,

Prótacal 26 a ghabhann le Comhaontú LEE,

an Comhaontú idir na Stáit EFTA maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (“an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte”), go háirithe Airteagal 24,

Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte (“Prótacal 3”), go háirithe Airteagail 7(5) agus 14 de Chuid II, agus

tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach (1), agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

I.   FÍORAIS

1.   NOS IMEACHTA

1.1.   AN GEARÁN

(1)

Le litir an 11 Bealtaine 2017, rinne Nelfo (“an gearánaí”) gearán faoi státchabhair líomhnaithe arna deonú ag Bardas Bergen (“an Bardas”) i leith soilsiú sráide feadh bóithre bardasacha. Is cónaidhm earnálach é Nelfo laistigh de chónaidhm Fiontair na hIorua (“NHO”). Cuimsítear léi cuideachtaí leictreonaice, TF, ríomhthráchtála, suimeálaithe córais agus cuideachtaí ardaitheoirí san Iorua (2).

(2)

Is é BKK AS tairbhí líomhnaithe na cabhrach, ag gníomhú trí fhochuideachtaí éagsúla (3). Tagrófar do BKK AS agus a fhochuideachtaí le chéile mar “grúpa BKK” anseo feasta.

1.2.   FAISNÉIS BHREISE

(3)

Le litir dar dáta an 1 Meitheamh 2017 (4), sheol Údarás Faireacháin CSTE an gearán chuig údaráis na hIorua. Le litreacha dar dáta an 27 Meitheamh 2017 agus an 5 Iúil 2017 (5), chuir údaráis na hIorua barúlacha ar fáil.

(4)

Le ríomhphost an 7 Meán Fómhair 2017, d’iarr Údarás Faireacháin CSTE ar údaráis na hIorua tuilleadh faisnéise a sholáthar (6). D’fhreagair údaráis na hIorua le ríomhphoist an 8 Meán Fómhair 2017 (7) agus an 12 Meán Fómhair 2017 (8).

(5)

Sheol Údarás Faireacháin CSTE iarraidh bhreise ar fhaisnéis an 11 Iúil 2018 (9). Tionóladh físchomhdháil an 17 Lúnasa 2018. Chuir údaráis na hIorua tuilleadh faisnéise isteach le ríomhphost an 28 Feabhra 2019 (10).

1.3.   AN NÓS IMEACHTA IMSCRÚDAITHE FOIRMIÚIL

(6)

Le Cinneadh Uimh. 027/19/COL (“an cinneadh tosaigh”), thionscain Údarás Faireacháin CSTE an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil (11). Ag an gcéim sin, bhí Údarás Faireacháin CSTE den réamhthuairim gur dealraíodh gur státchabhair a bhí i dtrí bheart, arna n-aithint sa chinneadh tosaigh mar bhearta (a), (b) agus (c). Thairis sin, léirigh Údarás Faireacháin CSTE amhras faoi chomhoiriúnacht na státchabhrach féideartha sin le feidhmiú Chomhaontú LEE. Tugtar tuairisc ar na trí bheart i Roinn 2 thíos.

(7)

Iarradh ar údaráis na hIorua a mbarúil a thabhairt ar an gcinneadh tosaigh faoin 20 Bealtaine 2019. Arna iarraidh sin, shín Údarás Faireacháin CSTE an sprioc-am go dtí an 5 Meitheamh 2019 (12).

(8)

Le litir dar dáta an 5 Meitheamh 2019, fuair Údarás Faireacháin CSTE barúlacha comhpháirteacha ó BKK AS agus Veilys AS (“BKK Veilys”) (13). Le litir an 6 Lúnasa 2019, tugadh cuireadh d’údaráis na hIorua a mbarúlacha a chur i láthair i ndáil leis na tráchtanna sin faoin 6 Meán Fómhair 2019 (14).

(9)

Chuir údaráis na hIorua a mbarúlacha ar an gcinneadh tosaigh isteach an 5 Aibreán 2020 (15). Leagtar amach na barúlacha in dhá litir ón mBardas, dar dáta an 10 Bealtaine 2019 (16) agus an 3 Aibreán 2020 (17) faoi seach.

(10)

Sheol Údarás Faireacháin CSTE iarraidh bhreise ar fhaisnéis chuig údaráis na hIorua an 5 Feabhra 2021 (18). Chuir údaráis na hIorua a bhfreagra ar an iarraidh sin isteach an 12 Aibreán 2021 (19).

2.   TUAIRISC AR NA BEARTA

2.1.   AN BONNEAGAR AGUS NA HEINTITIS DHLÍTHEANACHA LENA MBAINEANN

(11)

Bhí an bonneagar soilse sráide feadh bóithre bardasacha faoi úinéireacht aonaid bhardasaigh darbh ainm Bergen Lysverker go stairiúil. In 1996, áfach, fuair BKK DA úinéireacht ar Bergen Lysverker, lena n-áirítear a chuid sócmhainní. Bhí an chuideachta sin faoi úinéireacht roinnt bardas ag an am, agus ba é an Bardas an scairshealbhóir ba mhó.

(12)

Rinneadh BKK DA a atheagrú in BKK AS níos déanaí (20). De réir faisnéis atá ar fáil go poiblí, is leis an mBardas 37,75 % de na scaireanna. Áirítear Statkraft Industrial Holding AS agus bardais éagsúla ar na páirtithe leasmhara eile (21).

(13)

Tá an bonneagar soilse sráide feadh na mbóithre bardasacha in Bergen faoi úinéireacht fochuideachtaí éagsúla de chuid BKK AS ó shin agus á oibriú acu siúd. Tá an bonneagar atá faoi rialú ghrúpa BKK faoi úinéireacht Veilys AS faoi láthair. Tá bonneagar soilse sráide feadh bóithre stáit, bóithre tuaithe agus bóithre príobháideacha faoi úinéireacht na cuideachta sin freisin.

(14)

De réir údaráis na hIorua, ní dhearna Veilys AS féin a bhonneagar soilse sráide a oibriú ná a chothabháil. Ba í fochuideachta darbh ainm BKK EnoTek AS a rinne na gníomhaíochtaí sin (22).

(15)

De réir mar a thabharfar tuairisc níos mionsonraithe air thíos, ní le Veilys AS an bonneagar soilse sráide feadh na mbóithre bardasacha in Bergen ina iomláine. Tá codanna den bhonneagar sin faoi úinéireacht an Bhardais.

2.2.   NA BEARTA ARNA N-AITHINT SA GHEARÁN

(16)

Aithníodh dhá bheart státchabhrach líomhnaithe sa ghearán. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh an gearánaí gur thug an Bardas róchúiteamh do chuideachtaí laistigh de ghrúpa BKK maidir le soilse sráide a chothabháil agus a oibriú feadh bóithre bardasacha (beart (a)). Ar an dara dul síos, léirigh an gearánaí a imní faoin maoiniú a thug an Bardas le haghaidh 12 000 daingneán LED nua a suiteáladh ar bhonneagar atá faoi úinéireacht Veilys AS (beart (b)) (23).

(17)

De réir an ghearánaí, is sárú leanúnach ar na rialacha maidir le státchabhair ón 1 Eanáir 2016 atá i mbearta (a) agus (b). Mar a shonraítear i mír 18 den chinneadh tosaigh, rinne Údarás Faireacháin CSTE a mheasúnú ar bhearta (a) agus (b) a theorannú, dá dhroim sin, chuig an tréimhse sin.

(18)

Measann an gearánaí go mbeadh roinnt soláthróirí toilteanach na soilse sráide a oibriú agus a chothabháil agus cúiteamh a fháil ina leith. Ar an mbonn sin, measann sé gur gníomhaíochtaí de chineál eacnamaíoch iad na gníomhaíochtaí lena gcuimsítear cothabháil agus oibriú (24).

(19)

A mhéid a bhaineann an cúiteamh le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEI”), áitíonn an gearánaí an méid seo a leanas (25): Ar an gcéad dul síos, nach féidir an státchabhair sin a eisiamh ar bhonn chritéir Altmark (26). Ar an dara dul síos, go sáraíonn an cúiteamh atá i gceist uasteorainn de minimis SGEI de EUR 500 000 (27). Ar an tríú dul síos, nach gcomhlíonann na bearta na ceanglais sa Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (28).

(20)

Measann an gearánaí gur EUR 1,12 milliún in aghaidh na bliana atá sa róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe. Líomhnaítear gur sonraíodh praghsanna thart ar NOK […] in aghaidh an phointe solais in aghaidh na bliana i gconarthaí seirbhíse inchomparáide (29).

2.3.   AN BEART BREISE A AITHNÍTEAR SA CHINNEADH TOSAIGH

(21)

Áirítear ar na híocaíochtaí ón mBardas cúiteamh le haghaidh costas caipitil a bhaineann leis an mbonneagar soilse sráide atá faoi úinéireacht Veilys AS. Cuimsíodh an ghné sin den sásra cúitimh san imscrúdú foirmiúil mar bheart (c). Mar a sonraíodh i mír 18 den chinneadh tosaigh, níl an measúnú ar bheart (c) teoranta don tréimhse ón 1 Eanáir 2016.

3.   BARULACHA O UDARAIS NA HIORUA

3.1.   BUNEOLAS

3.1.1.    An ghaolmhaireacht idir an bonneagar soilse sráide agus an líonra cumhachta

(22)

An dlúthghaolmhaireacht fheidhmiúil idir líonraí cumhachta agus na bonneagair a úsáidtear chun soilsiú sráide a sholáthar, cuireann údaráis na hIorua an dlúthghaolmhaireacht sin i dtábhacht. Déantar daingneáin soilse sráide agus cáblaí nasctha a cheangal le cuaillí fóntais ar a bhfuil cáblaí cumhachta freisin go minic. Dá réir sin, tá dhá chuspóir ag an mbonneagar in Bergen (30).

(23)

Ní dhearnadh aon idirdhealú idir bonneagair oibriúcháin agus bonneagair chothabhála chun críocha cumhachta agus soilsithe sráide go dtí 1991. Feadh bóithre bardasacha, ba iad bardais nó eintitis áitiúla faoi úinéireacht na mbardas a rinne na bonneagair den sórt sin a oibriú agus a chothabháil (31).

(24)

Le héifeacht ó 1991, rinneadh na margaí fuinnimh san Iorua a léirscaoileadh go páirteach, áfach. In éineacht leis sin, cuireadh oibriú na líonraí cumhachta faoi réir rialála monaplachta (32).

(25)

Faoin gcóras earnáilsonrach, tá sé de dhualgas ar úinéirí bonneagair a mbonneagair féin a oibriú. Tá toirmeasc ar eintitis eile iad a dhúbláil. Cumhdaítear na costais oibriúcháin agus chothabhála le taraifí (nettleie) nach mór a bheith i gcomhréir leis an toradh rialáilte arna shocrú ag Údarás Rialála Fuinnimh na hIorua (NVE(33).

(26)

Os a choinne sin, níor bunaíodh aon rialáil monaplachta ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh bonneagair soilse sráide. Le haghaidh bonneagar den sórt sin, bíonn an struchtúr úinéireachta agus na dálaí le haghaidh oibríochtaí ag brath ar dhálaí áitiúla dá bhrí sin. Tairgeann roinnt eintiteas seirbhísí a bhaineann le hoibriú agus cothabháil ar bhonn tráchtála (34).

3.1.2.    Díol Bergen Lysverker agus soláthairtí amach anseo a rialáil

(27)

Ba é cuspóir an phróisis in 1996 go ndíolfadh an Bardas Bergen Lysverker, lena n-áirítear a shócmhainní agus a oibríochtaí go léir (35). Bhain na sócmhainní agus na hoibríochtaí sin, go háirithe, le táirgeadh agus dáileadh leictreachais. Measadh go raibh an bonneagar soilse sráide ina mhionghné nach féidir a scaradh go praiticiúil (36).

(28)

In achoimre scríofa ón gcomhairleoir (Rådmannen) chuig Comhairle Cathrach Bergen ag ullmhú don chinneadh ar an ndíolachán, athdhearbhaíodh gur tugadh cuireadh do roinnt cuideachtaí atá faoi úinéireacht phoiblí chun tairiscint a chur isteach. Fuair an Bardas luacháil ó Enskilda Securities freisin (37).

(29)

Tugadh cuntas ar an luacháil sin i dtogra ó ionadaí ar Chomhairle Cathrach Bergen. Agus glandliteanais á gcur san áireamh, léiríodh luach idir NOK 2,8 agus 3,0 billiún sa luacháil sin (38).

(30)

Bhí meabhrán san áireamh leis an gcás ós comhair Chomhairle Cathrach Bergen chomh maith, a bhain le héifeachtaí sineirge. Luadh sa mheabhrán sin go mbeadh dhá chuspóir i gceist le díolachán. Ar an gcéad dul síos, ba cheart don Bhardas cur le struchtúr feidhmiúil chun leictreachas a sholáthar i gceantar Bergen. Ar an dara dul síos, ba cheart go gcuirfeadh díolachán caipiteal ar fáil don Bhardas bunaithe ar phraghsáil mhargaidh (39). Aithníodh roinnt breithnithe breise freisin (40).

(31)

I Roinn 6 den chomhaontú díolacháin idir an Bardas agus BKK DA, socraíodh an praghas a íocfar ar Bergen Lysverker ag NOK 2,619 billiún. Bhí an praghas sin bunaithe ar ollphraghas de NOK 3,124 billiún sular baineadh fiachais agus dliteanais pinsin de (41).

(32)

Sásra lena rialaítear an cúiteamh i ndáil le soilsiú sráide agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar sa todhchaí, cuireadh an sásra sin san áireamh i roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996 (42). De réir an tsásra sin, bheadh cead ag BKK DA na soilse tráchta a oibriú ar théarmaí margaidh, lena gcuimseofaí an costas a chumhdach móide costas caipitil i leith an chaipitil gheallta cothrom leis an ráta toraidh arna shocrú ag NVE maidir le bonneagar na heangaí rialáilte (43).

(33)

Níor aithníodh luach an líonra soilse sráide ar leithligh sa chomhaontú díolachán. I gcomhréir le roinn 6 de, thionscain BKK DA próiseas díchill chuí, áfach. Sa tuarascáil ón ngnóthas cuntasaíochta a úsáidtear chun na críche sin, socraíodh luach i gcuntas na soilse sráide ag NOK 55 milliún (44).

3.1.3.    Na conarthaí ina dhiaidh sin idir an Bardas agus cuideachtaí i ngrúpa BKK

(34)

Sholáthair údaráis na hIorua conarthaí lena rialaítear soláthar na soilse sráide agus na seirbhísí gaolmhara feadh bóithre bardasacha in Bergen ó 2012 i leith. Ba 2 bhliain a bhí i ré na gconarthaí de ghnáth, agus an rogha ann chun é a shíneadh ar feadh 1 bhliain amháin eile. (45).

(35)

Rinneadh conradh le haghaidh 2012 agus 2014 leis an gcuideachta BKK Nett AS. Bhí 18 228 bpointe lampa ann ar dtús. Astu sin, bhí 16 082 faoi rialú ghrúpa BKK, agus bhí 2 146 faoi úinéireacht an Bhardais. Measadh go dtiocfadh athrú ar líon na bpointí lampa thar ré an chonartha, áfach (46).

(36)

Leagtar amach rialú an chúitimh i roinn 7 agus i bhfoscríbhinn A den chonradh. Socraíodh an praghas le haghaidh cothabhála agus oibrithe ag NOK […], gan CBL san áireamh, in aghaidh an phointe lampa in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, bheadh an cúiteamh bliantúil iomlán i ndáil leis na 18 228 pointe lampa a bhí ann cheana féin a chothabháil agus a oibriú cothrom le NOK […] (47).

(37)

Sonraíodh an cúiteamh le haghaidh costas caipitil mar NOK […], gan CBL san áireamh, in aghaidh an phointe lampa in aghaidh na bliana. Ós rud é nár cumhdaíodh ach na pointí lampa faoi úinéireacht ghrúpa BKK leis an ngné sin, íocadh cúiteamh de NOK […] i leith na 16 082 phointe lampa a bhí ann cheana féin de thoradh sin (48).

(38)

Rinneadh an conradh maidir leis an tréimhse ó 2015 go dtí 2017 le BKK Nett AS chomh maith. Bhí 18 407 bpointe lampa ann ag an tús. Astu sin, bhí 16 058 faoi rialú ghrúpa BKK, agus bhí 2 349 faoi úinéireacht an Bhardais. (49).

(39)

De réir an struchtúir chéanna a bhí sa chonradh roimhe, leagadh amach an cúiteamh i roinn 7 agus i bhfoscríbhinn A den chonradh. Socraíodh an praghas le haghaidh cothabhála agus oibrithe ag NOK […], gan CBL san áireamh, in aghaidh an phointe lampa in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, bunaithe ar 18 407 bpointe lampa a bheith ann cheana féin, ba é NOK […] an cúiteamh bliantúil le haghaidh cothabhála agus oibrithe (50).

(40)

Bhí an cúiteamh le haghaidh costas caipitil socraithe ag an leibhéal aonaid céanna, NOK […] gan CBL san áireamh, mar a bhí sa chonradh roimhe sin (féach mír (37)). Bunaithe ar 16 058 de na pointí lampa a bhí ann cheana a bheith faoi úinéireacht ghrúpa BKK, rinneadh an cúiteamh le haghaidh costas caipitil a ríomh mar NOK […] dá dhroim sin (51).

(41)

Le haghaidh na tréimhse ó 2018 i leith, cuireadh síneadh leis an gconradh a bhí ann cheana féin. I gcomhréir leis an litir ón mBardas an 19 Meitheamh 2017, cuireadh síneadh leis an gconradh ar dtús go dtí an 1 Iúil 2018. Thug an Bardas faoi deara maidir leis sin, mar gheall ar athrú i struchtúr na cuideachta, nár mhór an conradh sínithe a dhéanamh le BKK EnoTek AS (52).

(42)

Ansin, cuireadh síneadh leis an gconradh go dtí an 1 Eanáir 2019. Chuige sin, rinne an Bardas tagairt do phróiseas atá fós ar siúl ina raibh sé ag obair chun na soilse sráide atá faoi úinéireacht BKK-group a fháil (53).

(43)

I litir maidir leis an síneadh, mhínigh grúpa BKK go ndearnadh an bonneagar soilse sráide a aistriú chuig a fhochuideachta Veilys AS. Ar an mbonn sin, gheobhadh an Bardas dhá dheimhniú ar an síneadh. Gheobhadh sé an chéad deimhniú ó Veilys AS maidir leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht na cuideachta sin. Gheobhadh sé an dara deimhniú ó BKK EnoTek AS maidir leis na seirbhísí a sholáthair sé i leith na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais (54).

(44)

An 20 Nollaig 2018, cuireadh síneadh leis an gconradh de réir na dtéarmaí céanna go dtí an 1 Eanáir 2020. Rinneadh é sin i gcomhar le síneadh a chur le comhaontú intinne maidir leis an bhféidearthacht go bhfaigheadh an Bardas an bonneagar soilse sráide atá faoi úinéireacht Veilys AS faoi láthair (55).

(45)

Ar deireadh, chuir údaráis na hIorua isteach an dara síneadh, gan síniú, leis an gcomhaontú intinne. De réir an doiciméid sin, rinneadh an conradh a shíneadh arís ar na téarmaí céanna. Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, tá Údarás Faireacháin CSTE den tuairim go bhfuil an conradh fós éifeachtach (56).

(46)

Sa bhreis ar na conarthaí a bhaineann le soilsiú sráide feadh bóithre bardasacha, tá conarthaí ann a bhaineann leis an méid seo a leanas: (i) soilsiú sráide feadh bóithre príobháideacha (57); agus (ii) soilsiú i bpáirceanna agus feadh bóithre do choisithe (58). I gcomhréir le míreanna 19 agus 34 den chinneadh tosaigh, tá na conarthaí sin lasmuigh de raon feidhme an chinnidh seo.

3.1.4.    Gníomhaíochtaí oibriúcháin agus cothabhála áirithe a chur ar tairiscint

(47)

Cuireadh oibriú agus cothabháil na soilse sráide agus na ndaingneán LED atá faoi úinéireacht an Bhardais amach chun tairisceana. Cuireadh tús le seirbhísí a sholáthar faoin gconradh seo an 1 Aibreán 2020 (59).

(48)

De réir an chuiridh chun tairisceana, cumhdaíonn an conradh thart ar 3 100 solas sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais. Chomh maith leis sin, áirítear leis 12 000 daingneán LED arna suiteáil ar bhonneagar atá faoi úinéireacht Veilys AS. Sonraíodh an bonneagar áirithe sin mar 3 133 dhaingneán solais, 2 254 chuaille cruach/cóiriú le haghaidh sreang, 841 chuaille adhmaid, 12 000 daingneán LED, agus líon anaithnid cáblaí (60).

(49)

Leanann sé freisin ón gcuireadh chun tairisceana go bhfuil 4 bliana i dtréimhse an chonartha agus go bhfuil a luach measta idir NOK 4 agus 6 milliún in aghaidh na bliana (gan CBL san áireamh). Bhí sé beartaithe an conradh a dhámhachtain ar bhonn an nós imeachta oscailte ar an tairgeoir a bhfuil an praghas is ísle aige/aici (61).

(50)

Cuireadh sé thairiscint isteach sa chomórtas (62). Dámhadh an conradh ar BKK EnoTek AS ar phraghas NOK 10 554 689. Bhí na praghsanna sna cúig thairiscint eile idir NOK 11 930 826 agus NOK 26 596 947,50 (63).

(51)

Tá an leibhéal seirbhísí faoin gconradh a cuireadh amach chun tairisceana cosúil leis an leibhéal seirbhísí faoi na conarthaí ar tugadh tuairisc orthu sa roinn 3.1.3 thuas go ginearálta. Faoi na conarthaí deireanacha sin, áirítear trealamh lochtach a athsholáthar le freagrachtaí an tsoláthróra, áfach. Tá sé de dhualgas ar an mBardas an oibleagáid sin a chomhlíonadh faoin gconradh a cuireadh amach chun tairisceana (64).

3.1.5.    Forbairtí i líon na soilse sráide

(52)

Na conarthaí idir an Bardas agus cuideachtaí i ngrúpa BKK, ar tugadh tuairisc orthu i roinn 3.1.3 thuas, meastar sna conarthaí sin go dtiocfaidh athrú ar líon na soilse sráide le himeacht ama. Bunaithe ar an doiciméadacht ba dhéanaí a bhí ar fáil, mhínigh údaráis na hIorua i litir an 12 Aibreán 2021 go raibh líon na soilse sráide a bhí faoi úinéireacht an Bhardais tar éis méadú go 4 219. Ba é 27 748 líon iomlán na soilse sráide a bhí faoi úinéireacht Veilys AS ag an tráth sin (65). Thairis sin, cheannaigh an Bardas 12 000 daingneán LED a suiteáladh ar bhonneagar atá faoi úinéireacht Veilys AS, mar a luadh cheana (66).

3.1.6.    Na gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa BKK

(53)

Sholáthair údaráis na hIorua forbhreathnú ar na híocaíochtaí ón mBardas chuig cuideachtaí laistigh de ghrúpa BKK. Anuas ar na híocaíochtaí faoi na bearta lena mbaineann, d’íoc an Bardas as gníomhaíochtaí eile lasmuigh dá raon feidhme freisin. Baineann an híocaíochtaí deireanacha sin le soláthar fuinnimh agus seirbhísí gaolmhara. Tá oibriú in iomaíocht le soláthróirí eile i gceist le roinnt de na seirbhísí a n-íoctar astu lasmuigh de raon feidhme na mbeart lena mbaineann (67).

(54)

Sa bhreis ar na gníomhaíochtaí sin ar íoc an Bardas astu, is léir ó leathanaigh ghréasáin ghrúpa BKK go bhfuil cuideachtaí an ghrúpa sin gníomhach ar roinnt margaí eile. Cuirtear an grúpa i láthair mar an ngrúpa foinsí in-athnuaite fuinnimh is mó in Iarthar na hIorua. I measc na seirbhísí a sholáthraítear tá saoráidí luchtaithe le haghaidh gluaisteán, bád agus long, seirbhísí a bhaineann le bonneagar a bhunú agus a uasghrádú, lena n-áirítear i réimsí lárionad sonraí, teileachumarsáide, agus feirmeoireacht muirí, chomh maith le seirbhísí a bhaineann leis an idirlíon snáthoptaice, stóráil sonraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla mar a thugtar air (68).

(55)

Níl aon fhianaise dhíreach ag údaráis na hIorua go n-úsáidtear an cúiteamh a d’íoc an Bardas i leith soilsiú sráide feadh bóithre bardasacha chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a thras-fhóirdheonú. Rinneadh an bonneagar soilse sráide a aistriú go Veilys AS i bpáirt chun tras-fhóirdheonú a chosc. Mar gheall ar easpa doiciméadachta, áfach, ní féidir tras-fhóirdheonú a eisiamh (69).

(56)

Léirigh údaráis na hIorua freisin nach bhfuil na gníomhaíochtaí a bhaineann le soilsiú sráide laistigh de ghrúpa BKK teoranta don Bhardas amháin. Go háirithe, faigheann Veilys AS cúiteamh ó eintitis phoiblí eile i leith na soilse sráide atá faoina úinéireacht feadh a mbóithre poiblí (70).

3.2.   BARÚLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LEIS AN GCINNEADH TIONSCNAIMH

(57)

Measann údaráis na hIorua gur theip ar Údarás Faireacháin CSTE cúiseanna leordhóthanacha a sholáthar chun tús a chur leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil. Dá thoradh sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil i gceist don Bhardas anois (71).

(58)

Ar an mbonn go bhfuil soilsiú sráide á cheannach ag an mBardas, cuireann údaráis na hIorua i gcoinne an idirdhealaithe idir bearta (a) agus (c). Tá sé ceart go léirítear gnéithe difriúla leis an gcúiteamh, áfach (72).

(59)

Áitíonn údaráis na hIorua nach mór an comhthéacs ina ndéantar an ghníomhaíocht a chur san áireamh agus an aicmiú dlíthiúil á dhéanamh. Soláthraítear soilsiú sráide chun freastal ar an bpobal i gcoitinne amháin (73), agus eagraítear an soláthar i gcomhréir le hAcht Bóithre na hIorua (74).

(60)

De bhun Roinn 20 den Acht sin, tá bardais freagrach as bóithre bardasacha a oibriú agus a chothabháil. Cé nach n-éilítear ar bhardais soilsiú sráide a sholáthar de réir an Achta, ná soilsiú sráide ar leibhéal áirithe a sholáthar, tá an ghníomhaíocht sin ar aon dul lena chuspóir i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre (75). Sa bhreis air sin, cloíonn an Bardas le caighdeán (veinormalen) Riarachán Bóithre Poiblí na hIorua (Statens vegvesen) agus bóithre á bpleanáil, á dtógáil agus á n-uasghrádú aige. Tugtar sonraíochtaí sa chaighdeán sin maidir le soilse sráide a bheith ann (76).

(61)

I bhfianaise na bhfachtóirí sin, áitíonn údaráis na hIorua go ndeonaítear an cúiteamh i leith gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha. Measann údaráis na hIorua go dtacaíonn an breithiúnas in Selex (77) lena seasamh (78).

(62)

Tagraíonn údaráis na hIorua do na Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach freisin (79). Áitíonn siad go dtacaíonn mír 17, maidir le cumhachtaí poiblí agus údaráis phoiblí, leis an tuairim gur rud neamh-eacnamaíoch é soilse sráide a sholáthar (80). In aon chás, ba cheart gníomhaíochtaí lena saothraítear cuspóirí sábháilteachta poiblí a aicmiú go comhionann le gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha a dhéantar chun cuspóirí sóisialta, cultúrtha, oideachais agus oideolaíochta a bhaint amach (81).

(63)

Má mheasann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil margadh ann le haghaidh soilsiú sráide, bíonn dhá chliseadh i gceist leis an margadh sin. Ar an gcéad dul síos, is ionann an bonneagar soilse sráide agus monaplacht nádúrtha agus ní mór é a bheith suite in aice leis na bóithre lena mbaineann. Ar an dara dul síos, is earra poiblí é soilsiú sráide a mbaineann fadhbanna saorthairbhithe leis (82).

(64)

Tugann úinéireacht an bhonneagair cumhacht margaidh do ghrúpa BKK vis-à-vis an Bardas. Go praiticiúil, ní féidir leis an mBardas diúltú do shoilsiú sráide a sholáthar ar a bhóithre. Ní féidir leis an mBardas treoir a thabhairt d’úinéir an bhonneagair maidir leis an gcaoi ar cheart seirbhísí a bhaineann leis an mbonneagar a sholáthar ach an oiread, ná na téarmaí lena mbaineann (83).

(65)

Cé go mbíonn modhanna malartacha seachas próiseas tairisceana ar fáil de ghnáth chun praghsanna margaidh a shuí, theip ar Údarás Faireacháin CSTE, de réir údaráis na hIorua, cúinsí sonracha an cháis a chur san áireamh. I gcás ina gceannaíonn eintiteas ó mhonaplaí, níl sé de cheart ag an eintiteas sin seirbhísí a fháil de réir na gcoinníollacha a mheasann sé a bheith réasúnach. Ní féidir éifeacht dhíobhálach sin na cumhachta monaplachta a réiteach ach trí dhlí na hiomaíochta a fhorfheidhmiú, nó trí rialáil praghsanna (84).

3.3.   BARÚLACHA SONRACHA MAIDIR LE BEART (A) – OIBRIÚ AGUS COTHABHÁIL

(66)

Is féidir go ndearnadh rialuithe innéacs chun na leibhéil chúitimh le linn na tréimhse ama lena mbaineann a shuí. Ní féidir le húdaráis na hIorua freagra cinntitheach a sholáthar, áfach (85).

(67)

A mhéid a bhaineann leis na deiseanna chun an leibhéal cúitimh a chur i gcomparáid leis an leibhéal i limistéir eile, cuireann údaráis na hIorua i dtábhacht nach mbeidh ar sholáthróir seachtrach seirbhísí cothabhála agus oibrithe an costas caipitil céanna a íoc maidir le bonneagar nach bhfuil faoina úinéireacht. Dá réir sin, ní mór an cúiteamh i leith costas caipitil (beart (c)) a eisiamh nuair atá an leibhéal cúitimh á chur i gcomparáid leis an leibhéal cúitimh a íocann eintitis phoiblí i leith an bhonneagair atá faoina n-úinéireacht féin. In 2020, d’íoc an Bardas NOK […] in aghaidh an tsolais sráide le haghaidh oibrithe agus cothabhála (86).

(68)

Maidir le maíomh an ghearánaí gur cuireadh seirbhísí oibrithe agus cothabhála ar fáil ar NOK […] in aghaidh an phointe lampa in aghaidh na bliana, measann údaráis na hIorua nach bhfuil aon doiciméad ann chun é sin a léiriú. D’úsáid an gearánaí réigiún geografach eile mar thagairt freisin (87).

(69)

Chuir údaráis na hIorua figiúirí i láthair ó bhunachar sonraí KOSTRA, áfach, maidir leis na costais a thabhaigh bardais mhóra san Iorua i ndáil le soilsiú sráide (88). Léirítear sna figiúirí sin na costais bhliantúla iomlána in aghaidh an phointe solais, lena n-áirítear costas an leictreachais, le linn na tréimhse ó 2016 go 2019. Mar is léir ón tábla thíos, bhí na costais a thabhaigh an Bardas ar na costais ab airde a taifeadadh riamh (89).

Tábla 1 – Costais i leith soilsiú sráide a thabhaigh bardais mhóra san Iorua (NOK)

Image 1

(70)

Is féidir go raibh gné róchúitimh san áireamh leis an gcúiteamh, agus rinne an Bardas cad a mheasann sé a bheith mar phraghsanna arda a cheistiú le himeacht ama. Thairis sin, measann údaráis na hIorua gur cheart na cuntais a bheith scartha i ndáil le soilsiú sráide a sholáthar agus gníomhaíochtaí eile (90).

3.4.   BARÚLACHA SONRACHA FAOI BHEART (B) – 12 000 DAINGNEÁN LED A MHAOINIÚ

(71)

Chinn Comhairle Cathrach Bergen in 2017 go bhfaigheadh sí 12 000 daingneán LED lena suiteáil ar an mbonneagar soilse sráide feadh bóithre bardasacha. Mar gheall ar scála agus nádúr an uasghrádaithe sin, bhí sé lasmuigh de raon feidhme na gconarthaí le grúpa BKK (91).

(72)

Ar cuspóirí na hinfheistíochta bhí (i) cuspóirí comhshaoil; agus (ii) costas an leictreachais a laghdú (92). Bainfidh an Bardas tairbhe as costas leictreachais laghdaithe go díreach mar níl leictreachas san áireamh sna conarthaí le grúpa BKK (93).

(73)

Dámhadh an conradh ar bhonn nós imeachta tairisceana oscailte ar phraghas NOK 60 milliún. Bhí an suiteáil ar siúl go dtí deireadh 2019 (94). Coimeádfaidh an Bardas na daingneáin LED faoina úinéireacht (95).

(74)

Ba é NOK 1 899 in 2018 agus NOK 2 039 in 2019 an costas in aghaidh an daingneáin. Ba é NOK […] in aghaidh an phointe solais an costas le haghaidh pleanála agus suiteála. Ar an mbonn go meastar na coigiltis ó thaobh costas leictreachais de a bheith cothrom le NOK […] in aghaidh an phointe solais in aghaidh na bliana, tá coinne ag an mBardas lena chostas infheistíochta a fháil ar ais laistigh de thréimhse idir 7 agus 10 mbliana (96).

(75)

Mar a mhínítear i roinn 3.1.4, cuireadh cothabháil na ndaingneán LED amach chun tairisceana mar aon leis an mbonneagar eile atá faoi úinéireacht an Bhardais. Faoin gconradh seo, tá coigilteas costais ag an mBardas a léiríonn saolré méadaithe na ndaingneán LED (97). Tá coinne ag an mBardas le coigeartuithe a chaibidliú sa chonradh lena gcumhdaítear an bonneagar atá faoi úinéireacht Veilys AS (98).

3.5.   BARÚLACHA SONRACHA MAIDIR LE BEART (C) – COSTAS CAIPITIL

(76)

I gcás gur le húinéir seachtrach an bonneagar a úsáidtear chun earra poiblí a sholáthar, measann údaráis na hIorua gur gnáthchleachtas é an t-úinéir sin a bheith i dteideal cúiteamh a fháil le haghaidh costas caipitil. I gcomparáid leis sin, i gcás ina bhfuil an bonneagar faoi úinéireacht an eintitis phoiblí a mhaoiníonn soláthar na soilse sráide, is é an t-eintiteas poiblí, mar úinéireacht an bhonneagair, a íocann an costas caipiteal a bhaineann leis an mbonneagar sin (99).

(77)

Bunaíodh an cúiteamh le haghaidh costas caipitil ar bhonn na dtéarmaí i roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996. Sonraítear sa sásra sin, mar a leagtar amach i roinn 3.1.2, go bhfuil grúpa BKK i dteideal costas caipitil i leith an chaipitil gheallta cothrom leis an ráta toraidh arna shocrú ag NVE maidir le bonneagar na heangaí rialáilte (100).

(78)

Sonraíodh an prionsabal sin tuilleadh (101). I roinn 6 den chonradh ó 1998, sonraíodh gur cheart dímheas agus na leasanna a bhaineann leis an gcaipiteal a infheistíodh sa bhonneagar soilse sráide an tráth a rinneadh an conradh sin a chumhdach leis an gcúiteamh. Ba cheart dímheas agus leasanna eile a bhaineann le hinfheistíochtaí amach anseo arna n-ordú ag an mBardas a chumhdach chomh maith. Coinníodh an cur chuige i gconarthaí ina dhiaidh sin (102).

(79)

D’easaontaigh an Bardas agus grúpa BKK faoin gcaoi ar cheart an costas caipitil a ríomh, áfach. Bhain na gnéithe ar cuireadh ina gcoinne, go háirithe, leis an mbonn costais is ceart a chur i bhfeidhm sna ríomhanna, agus conas is ceart dímheas a chur san áireamh.

(80)

Maidir leis sin, tagraíonn údaráis na hIorua do thuarascáil a chuir BKK Nett AS isteach in 2002. De réir údaráis na hIorua, léirigh an tuarascáil seo próifíl dímheasa i gcomhréir le comhaontú díolachán 1996 (103).

(81)

In 2003, cheistigh an Bardas conas a bhunaigh BKK Nett AS an bonn caipitil, áfach, lena n-áirítear na muirir dhímheasa go háirithe. Thug BKK Nett AS míniú ina litir an 18 Feabhra 2004 inar luaigh sé, inter alia, gur bunaíodh an costas caipitil ar bhonn gnáthchritéar (104).

(82)

Thug BKK Nett AS tuairisc níos fearr ar a ríomhanna i litir an 30 Márta 2004. De réir BKK Nett AS, ba cheart luach na sócmhainní bonneagair a shocrú mar NOK 81.6 milliún bunaithe ar luacháil theicniúil ar an luach athsholáthair (105).

(83)

Níor aontaigh an Bardas leis an gcur chuige sin agus mheas sé gur cheart do luach na sócmhainní a bheith bunaithe ar an luach de réir na leabhar. D’éiligh an Bardas go ndéanfaí an cúiteamh a choigeartú dá réir (106).

(84)

Diúltaigh BKK Nett AS don mhaíomh sin ina litir an 4 Lúnasa 2004. Agus é sin á dhéanamh aige, chuir BKK Nett AS i dtábhacht gur cheart an ráta toraidh NVE a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaipiteal geallta de réir an tsásra a bunaíodh i gcomhaontú díolachán 1996. Sheas BKK Nett AS lena dhearcadh go bhfuil sé iomchuí leibhéal an chaipitil gheallta a shuí ar bhonn luacháil theicniúil ar luach athsholáthair na sócmhainní (107). Mar thoradh ar an modh sin, méadaíodh an bonn caipitil beagnach faoi dhó, i gcomparáid leis an méid a bheadh i gceist leis an luach de réir na leabhar. Go dtí an lá inniu, d’fhan leibhéal an chúitimh i bhfad níos airde ná mar a bheadh sé dá ndéanfaí é a ríomh ar bhonn an luacha de réir na leabhar (108).

(85)

Mar an gcéanna leis an méid atá i gceist maidir leis an gcúiteamh le haghaidh oibrithe agus cothabhála (beart (a)), níor thug údaráis na hIorua aon fhreagra cinntitheach faoin gcaoi a ndearnadh leibhéal an chúitimh a shuí. Tá sé deacair rialáil a chur i bhfeidhm toisc nach bhfuil cuntais ar leithligh ann (109). I dtuarascáil ar dhícheall cuí maidir le Veilys AS (110), luaigh na hiniúchóirí go bhfuair siad léargas teoranta ar na costais a bhaineann leis an gconradh leis an mBardas (111).

(86)

Measann údaráis na hIorua, dá bhrí sin, gur féidir gur tugadh róchúiteamh do na cuideachtaí lena mbaineann i ngrúpa BKK. Léirítear róchúiteamh den sórt sin sna figiúirí ó KOSTRA, mar a chuirtear i láthair i mír (69) thuas (112).

4.   BARULACHA O PHAIRTITHE LEASMHARA

4.1.   BARÚLACHA Ó BKK VEILYS

4.1.1.    Buneolas

(87)

Tugadh le fios i gcomhaontú 1996 gur cheannaigh BKK DA sócmhainní agus oibríochtaí Bergen Lysverker. Agus é sin á dhéanamh aige, gheall sé go n-áiritheodh sé go soláthrófar soilse sráide ar bhonn leanúnach agus ghlac sé freagracht as oibriú agus cothabháil an bhonneagair (113).

(88)

Ar an gcaoi chéanna le húdaráis na hIorua, measann BKK Veilys go rialaítear an cúiteamh eacnamaíoch sa todhchaí i leith soilse sráide a sholáthar le roinn 7(c) den chomhaontú díolachán. I roinn 7(c) léirítear, ar dtús, go bhfuil grúpa BKK i dteideal cúitimh le haghaidh oibriú agus chothabháil an bhonneagair agus, ansin, go bhfuil sé i dteideal cúitimh i leith an chaipitil gheallta. Bhí an fhoráil sin ina bonn do na conarthaí ina dhiaidh sin (114).

(89)

Na conarthaí agus oibríochtaí uile maidir leis an mbonneagar soilse sráide atá faoi rialú ghrúpa BKK, eagraítear iad faoin bhfochuideachta Veilys AS atá faoi úinéireacht iomlán ghrúpa BKK. Tá thart ar 50 000 solas sráide i gceist leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear na soilse sráide lena mbaineann feadh bóithre bardasacha sa Bhardas (115).

4.1.2.    Barúlacha ginearálta maidir leis an gcinneadh tionscnaimh

(90)

Baineann an cúiteamh le bonneagar poiblí nach n-úsáidtear chun earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh. Dá dhroim sin, tagann na bearta lasmuigh de raon feidhme Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE (116).

(91)

Ina leith sin, ní léirítear go leordhóthanach sa chinneadh tosaigh go bhfuil an bonneagar faoi úinéireacht Veilys AS. Ós rud é gurb é Veilys AS an t-aon soláthróir féideartha agus gurb é an Bardas an t-aon cheannaitheoir féideartha, ní fhabhraíonn cúiteamh chun gnóthais (117).

(92)

In aon chás, níor tharla aon róchúiteamh. A mhéid atá soláthar soilse sráide ina sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI), comhlíontar critéir Altmark (118).

4.1.3.    Barúlacha sonracha maidir le beart (a) – oibriú agus cothabháil

(93)

De réir BKK Veilys, léiríonn an cúiteamh na costais fholuiteacha agus leibhéal an luacha saothair i gconarthaí inchomparáide. Ní raibh aon róchúiteamh i gceist (119).

(94)

Maidir le tagarmharcáil, measann BKK Veilys nach bhfuil údar cuí leis an leibhéal praghais a léirítear sa ghearán. Ina theannta sin, is gá aird a thabhairt ar shonraíochtaí an cháis. Tá formáid an phraghais sheasta in aghaidh an phointe solais i gceist leis na conarthaí lena mbaineann agus áirítear seirbhís raon iomlán leo. Ciallaíonn sé sin go dtiteann an riosca de theagmhais dhíobhálacha, amhail dálaí adhaimsire, ar BKK Veilys agus go bhfuil sé freagrach as an oibriú agus an chothabháil go léir. Bíonn sé níos costasaí freisin oibriú i limistéir chathrach ina bhfuil trácht trom agus suaitheadh eile (120).

4.1.4.    Barúlacha sonracha faoi bheart (b) – 12 000 daingneán LED a mhaoiniú

(95)

Diúltaíonn BKK Veilys don tuairim go raibh maoiniú na 12 000 daingneán LED ina státchabhair.

(96)

A mhéid is eol do BKK Veilys, cheannaigh an Bardas na daingneáin ar chostas NOK 2 000 in aghaidh an phointe solais. Ba é NOK […] in aghaidh an phointe solais na costais a bhain le pleanáil, suiteáil agus doiciméadacht.

(97)

Bunaithe ar na figiúirí sin, ba é NOK […] in aghaidh an phointe solais na costais a bhain leis an uasghrádú. Tá sé sin cothrom le […] oiread an chostais chaipitil bhliantúil ar íoc an Bardas cúiteamh ina leith a bheag nó a mhór. Dá réir sin, bhí an t-uasghrádú ina raibh 12 000 daingneán LED i gceist i bhfad níos costasaí ná an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhonn an chúitimh sin (121).

(98)

Áiritheofar coigilteas suntasach don Bhardas ó thaobh costas fuinnimh de mar gheall ar na daingneáin LED sin. De réir na faisnéise atá ar fáil do BKK Veilys, meastar an coigilteas costais a bheith cothrom le NOK 450 in aghaidh an phointe solais in aghaidh na bliana. Tugtar le tuiscint ón méid sin go bhfaighidh an Bardas a infheistíocht ar ais laistigh de thréimhse níos lú ná 7 mbliana (122).

4.1.5.    Barúlacha sonracha maidir le beart (c) – cúiteamh i leith costas caipitil

(99)

De réir BKK Veilys, baineann an cúiteamh le gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha. Ba cheart féachaint ar an ngné a bhaineann le costas caipitil mar tháille rochtana i leith an bhonneagair (123).

(100)

In aon chás, ní thugann an cúiteamh le haghaidh costas caipitil buntáiste eacnamaíoch do BKK Veilys. Is é NOK 20 000 a bheag nó a mhór an costas a bhíonn ar phointe lampa a bhunú, agus bíonn NOK 10 000-50 000 eile ag teastáil chun an réamhobair a dhéanamh. Dá bhrí sin, is é NOK 500 000 000 an t-íoschostas chun na 16 058 solas sráide atá faoi úinéireacht BKK Veilys a bhunú (124).

(101)

Leanann sé uaidh sin nach n-íoctar cúiteamh díréireach i leith an chostais chaipitil. Bainistítear bonneagar na soilse sráide ar mhaithe lena chaighdeán teicniúil a choinneáil ar bun (125).

II.   MEASÚNÚ

5.   STATCHABHAIR A BHEITH ANN

5.1.   CÚLRA

(102)

Is mar a leanas atá Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE:

“Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, aon chabhair a thabharfaidh Ballstáit den Aontas, Stáit CSTE nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí bheith i bhfabhar gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe, a mhéid a dhéanann sí difear do thrádáil idir Páirtithe Conarthacha, ní bheidh sí sin comhoiriúnach le feidhmiú an Chomhaontaithe seo.”

(103)

Chun beart a cháiliú mar státchabhair, dá bhrí sin, is gá na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh: (i) ní mór é a bheith deonaithe ag an Stát nó trí acmhainní an Stáit; (ii) ní mór buntáiste a thabhairt do ghnóthas leis; (iii) ní mór é a bheith i bhfabhar gnóthais áirithe (roghnaíocht); agus (iv) ní mór baol de shaobhadh iomaíochta a bheith ann dá bharr agus difear a dhéanamh do thrádáil leis. Mar a luadh thuas, d’eisigh Údarás Faireacháin CSTE Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach (126).

(104)

Ar bhonn na mbarúlacha a fuarthas, measann Údarás Faireacháin CSTE é a bheith iomchuí measúnú a dhéanamh ar dtús ar an gceist ar fhabhraigh an cúiteamh faoi bhearta (a) agus (c) chun gnóthais. Má thugtar freagra dearfach ar an gceist sin, agus a mhéid ar tugadh buntáiste do na heintitis chéanna de thoradh ar mhaoiniú na ndaingneán LED (beart (b)), bheadh an bhuntáiste sin tar éis fabhrú chun gnóthais chomh maith.

5.2.   COINCHEAP AN GHNÓTHAIS

5.2.1.    An tástáil dlí

(105)

Cuimsítear le coincheap an ghnóthais gach eintiteas a théann i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch, gan beann ar a stádas dlíthiúil agus an bealach a ndéantar é a mhaoiniú (127). Aon ghníomhaíocht ina dtairgtear earraí nó seirbhísí ar mhargadh eacnamaíoch (128).

(106)

I gcodarsnacht leis an méid a d’áitigh an gearánaí, ní féidir a rá go cinntitheach cé acu an bhfuil gníomhaíocht á saothrú ag oibreoir príobháideach i bprionsabal nó nach bhfuil. Ina ionad sin, is gá na cúinsí sonracha faoina ndéantar an ghníomhaíocht a fhionnadh (129). Maidir leis sin, ní mór a fhíorú an bhfuil nasc idir an ghníomhaíocht lena mbaineann agus cleachtadh cumhachtaí poiblí, de réir chineál na gníomhaíochta, an aidhm atá aici agus na rialacha a bhfuil sí faoina réir, nó an bhfuil sí de chineál eacnamaíoch lena dtugtar údar maith le cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta LEE (130).

(107)

D’fhéadfadh freagra difriúil a bheith ar an gceist an bhfuil margadh ann le haghaidh gníomhaíochta áirithe nó nach bhfuil i Stáit LEE dhifriúla, ag brath ar choinníollacha náisiúnta (131). Féadfaidh athrú teacht ar aicmiú gníomhaíochta áirithe le himeacht ama de thoradh ar chinntí polaitiúla nó forbairtí eacnamaíocha.

(108)

Maidir le heintitis a dhéanann roinnt gníomhaíochtaí, ní mór an t-aicmiú dlíthiúil a dhéanamh ar leithligh le haghaidh gach gníomhaíochta. Má tá cumhachtaí poiblí ag eintiteas, ní fhágann sé sin nach féidir é a aicmiú mar ghnóthas a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eile (132). Mura féidir gníomhaíocht eacnamaíoch a scaradh ó fheidhmiú cumhachtaí poiblí, aicmítear na gníomhaíochtaí ina n-iomláine mar ghníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha (133), áfach.

(109)

De réir chásdlí Chúirt CSTE, tá coincheap na “seirbhísí” de réir bhrí na saoirsí bunúsacha ábhartha chun a chinneadh cé acu an bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíoch ó thaobh státchabhrach de nó nach bhfuil. Mar a leanas ón gcéad mhír d’Airteagal 37 de Chomhaontú LEE, ní mheastar ach seirbhísí a sholáthraítear le haghaidh luach saothair de ghnáth a bheith ina “seirbhísí” de réir bhrí an Chomhaontaithe (134).

(110)

Is é saintréith fhíor-riachtanach an “luacha saothair” gur comaoin atá ann i leith na seirbhíse atá i gceist (135). Thairis sin, tagann soláthraí agus faighteoir na seirbhíse ar chomhaontú maidir leis an luach saothair de ghnáth (136).

(111)

Ba cheart an coincheap de “sheirbhísí” a thuiscint i bhfianaise na dara míre d’Airteagal 37 de Chomhaontú LEE (137). De réir na forála sin, áirítear le “seirbhísí”, go háirithe, gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch nó tráchtála agus gníomhaíochtaí aos ceirde agus lucht gairmiúla.

(112)

Leanann sé ón gcásdlí socraithe nach mór cineál gníomhaíochta a chinneadh i bhfianaise na hearnála ina ndéantar í, agus na caoi a bhfuil an earnáil sin eagraithe.

(113)

Laistigh de réimse an oideachais, mar shampla, ní mheastar an maoiniú le haghaidh oideachais arna sholáthar faoi chóras náisiúnta a bheith ina chomaoin le haghaidh seirbhíse ina gcomhlíontar dhá choinníoll. Ar an gcéad dul síos, níl an Stát ag iarraidh dul i mbun gníomhaíocht shochrach agus an córas oideachais á bhunú agus á chothabháil aige, ach ina ionad sin tá sé ag iarraidh a dhualgais i leith an phobail a chomhlíonadh. Ar an dara dul síos, cistítear an córas oideachais ó airgead poiblí seachas trí íocaíochtaí ó úsáideoirí (138).

(114)

Ar bhonn líne réasúnaíochta chomhchosúil, measadh go raibh gné an luacha saothair in easnamh i leith naíscoileanna bardasacha san Iorua. Dá réir sin, measadh nach raibh naíscoileanna bardasacha ina ngnóthais i gcomhthéacs státchabhrach (139).

(115)

A mhéid a bhaineann leis an earnáil sláinte, sheas Cúirt CSTE leis an tuairim nach mór cineál an tsoláthair seirbhísí tacaíochta i réimsí an tsoláthair, na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus an chartlannaithe, a chinneadh de réir na húsáide a mbainfear as na seirbhísí sin ina dhiaidh sin. I gcás nach soláthraítear na seirbhísí tacaíochta ar an margadh, ach laistigh de chóras sláinte náisiúnta arna bhunú ar bhonn na dlúthpháirtíochta, tá an soláthar de chineál neamh-eacnamaíoch (140).

5.2.2.    Cur i bhfeidhm na tástála dlíthiúla i leith an cháis atá idir lámha

(116)

Mar a leagtar amach i míreanna (53) agus (54) thuas, déanann cuideachtaí laistigh de BKK-group gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar roinnt margaí.

(117)

De réir na Cúirte Breithiúnais, féadfaidh bunaíocht gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamh-eacnamaíocha araon a dhéanamh. Braitheann sé sin ar chuntais ar leithligh a bheith aici le haghaidh na gcistí difriúla a fhaigheann sí, áfach, chun aon riosca de thras-fhóirdheonú a eisiamh maidir lena gníomhaíochtaí eacnamaíocha trí bhíthin cistí poiblí arna bhfáil dá gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha (141). Dá bhrí sin, ní mór aon riosca de thras-fhóirdheonú a eisiamh ionas go bhféadfaí glacadh leis go bhfuil cistiú poiblí ag fabhrú do ghníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha.

(118)

Sa chás atá idir lámha, níor cuireadh argóintí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE chun a áitiú gur cuireadh cosaintí leordhóthanacha ar bun, chun an t-ioncam agus na costais a scaradh go héifeachtach agus go hiomchuí faoi na conarthaí lena mbaineann ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha eile. Ina ainneoin sin, luaigh údaráis na hIorua gurbh cheart do chosaintí a bheith curtha ar bun, agus nach bhféadfaí tras-fhóirdheonú a eisiamh (142).

(119)

Ar an mbonn sin, agus gan beann ar na gníomhaíochtaí ar íocadh cúiteamh ina leith a bheith de chineál eacnamaíoch nó gan a bheith, tá dualgas ar Údarás Faireacháin CSTE, dá bhrí sin, a chinneadh gur fhabhraigh an cúiteamh a íocadh faoi bhearta (a) agus (c) chun gnóthais.

(120)

I bhfianaise na n-argóintí arna gcur i láthair, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú mar sin féin ar cé acu an gníomhaíochtaí eacnamaíocha iontu féin iad na gníomhaíochtaí ar íocadh cúiteamh ina leith faoi na bearta lena mbaineann. Na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na soilse sráide a bhí faoi úinéireacht cuideachtaí i ngrúpa BKK, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar na gníomhaíochtaí sin ar dtús.

(121)

Mar a athdhearbhaíodh i míreanna (59)-(60) thuas, tagraíonn údaráis na hIorua do fhreagrachtaí bardas faoi Roinn 20 d’Acht Bóithre na hIorua chun bóithre bardasacha a oibriú agus a chothabháil. Cé nach n-éilítear ar bhardais soilsiú sráide a sholáthar de réir Roinn 20, ná soilsiú sráide ar leibhéal áirithe a sholáthar, cuireann an ghníomhaíocht sin lena chuspóir i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre. Thairis sin, cloíonn an Bardas le caighdeán (veinormalen) Riarachán Bóithre Poiblí na hIorua (Statens vegvesen) agus bóithre á bpleanáil, á dtógáil agus á n-uasghrádú aige. Tugtar sonraíochtaí sa chaighdeán sin maidir le soilse sráide a bheith ann (143).

(122)

In aghaidh an chúlra sin, áitíonn údaráis na hIorua, mar a aithnítear i mír (61), go dtacaíonn an breithiúnas in Selex lena seasamh nach gníomhaíochtaí eacnamaíocha iad na gníomhaíochtaí ar íocadh cúiteamh ina leith (144). Thairis sin, mar a leagtar amach i mír (62), agraíonn údaráis na hIorua mír 17 maidir le cumhachtaí poiblí agus údaráis phoiblí sna Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach (145). In aon chás, maíonn údaráis na hIorua gur cheart gníomhaíochtaí lena saothraítear cuspóirí sábháilteachta poiblí a aicmiú go comhionann le gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha a dhéantar chun cuspóirí sóisialta, cultúrtha, oideachais agus oideolaíochta a bhaint amach.

(123)

Mar a suíodh cheana féin, is gá na cúinsí sonracha faoina ndéantar an ghníomhaíocht a fhionnadh nuair atá cinneadh á dhéanamh faoin ngníomhaíocht a bheith de chineál eacnamaíoch nó neamh-eacnamaíoch (146). Sa chás atá idir lámha, is é an pointe tosaithe nádúrtha le haghaidh an mheasúnaithe seo an creat rialála atá ar bun maidir le soilsiú sráide a sholáthar feadh bóithre bardasacha san Iorua, chomh maith leis na cúisí sonracha in Bergen.

(124)

A mhéid a bhaineann leis an gcreat rialála atá ar bun san Iorua, luaitear sa reachtaíocht agus sna caighdeáin dá dtagraíonn údaráis na hIorua go bhfuil bardais freagrach as bonneagair bóithre bardasacha a oibriú, agus nach mór na ceanglais maidir le soilsiú sráide a bheith ann a chomhlíonadh, ionas go gcomhlíonfaidh na bóithre caighdeán (veinormalen) Riarachán Bóithre Poiblí na hIorua (Statens vegvesen). Mar atá leagtha amach thuas, áfach, ní éilítear ar bhardais soilsiú sráide a sholáthar de réir Roinn 20 d’Acht Bóithre na hIorua, ná soilsiú sráide ar leibhéal áirithe a sholáthar. Sa bhreis air sin, níl aon chosc ar bhardais conarthaí a dhéanamh le heintitis tráchtála maidir le hoibriú agus cothabháil bóithre bardasacha (nó codanna) mar ghníomhaíocht eacnamaíoch.

(125)

Maidir leis na cúinsí sonracha in Bergen, tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara gurb é an éifeacht a bhí i gceist leis an mbonneagar soilse sráide a chur san áireamh agus Bergen Lysverker á dhíol, gurb é BKK DA an t-aon sholáthróir atá ar fáil anois feadh na mbóithre bardasacha lena mbaineann. Fuair BKK DA an stádas sin in iomaíocht le cúig thairgeoir eile.

(126)

Thairis sin, mar a dtugtar tuairisc air i mír (32), bhí sásra san áireamh i roinn 7(c) den chomhaontú díolachán lena rialófar an cúiteamh eacnamaíoch amach anseo. Déantar foráil do leibhéal rialáilte toraidh leis an sásra sin.

(127)

Ar an mbonn sin, tá Údarás Faireacháin CSTE den tuairim, a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar soilse sráide a dhíol agus sásra cúitimh a bhunú lena gcumasaítear leibhéal toraidh rialáilte, gur chruthaigh an Bardas margadh dá réir chun na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar don Bhardas mar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Cé gur de chineál uathúil é an bonneagar agus, dá bhrí sin, gurb é an ceannaitheoir an t-aon soláthróir a bhí ar fáil, ní chiallaíonn sé sin nár sholáthair na cuideachtaí lena mbaineann i ngrúpa BKK seirbhísí i margadh. Chomh maith leis sin, fuair BKK DA a stádas eisiach in iomaíocht le cúig thairgeoir eile.

(128)

Comhthacaítear leis an dearcadh sin leis an gcur chuige a ghlac grúpa BKK agus an Bardas i ndáil leis na conarthaí a rinneadh ina dhiaidh sin ag eatraimh thráthrialta. Rinne BKK-group iarracht a chuid brabús a uasmhéadú trína léirmhíniú ar théarmaí an chonartha agus chuir sé i dtábhacht go bhfuil sé ag oibriú ar bhonn tráchtála d’fhonn luachanna a chruthú dá scairshealbhóirí (147). Ar an taobh eile den scéal, ghníomhaigh an Bardas ar an mbonn go bhfuil díoltóir tráchtála os a chomhair. Go deimhin, rinne údaráis na hIorua tagairt don chumhacht mhargaidh a bhí ag BKK-group ina cháil mar úinéir bonneagair.

(129)

Mar is léir ón iliomad cásanna gearáin atá os comhair bhord gearán na hIorua maidir le soláthar poiblí (KOFA), tairgeann díoltóirí difriúla seirbhísí ina theannta sin a bhaineann le soilse sráide a chothabháil agus a oibriú ar bhonn tráchtála (148). I gcomhréir leis sin, fuair an Bardas tairiscintí ó roinnt soláthróirí, mar a shonraítear i roinn 3.1.4, nuair a sheol sé nós imeachta iomaíoch le haghaidh seirbhísí den sórt sin.

(130)

Dá réir sin, tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara go raibh sé ina ghnáthchleachtas san Iorua agus i limistéar Bergen seirbhísí cothabhála agus oibriúcháin a sholáthar ar luach saothair. Léiríonn sé sin go raibh na gníomhaíochtaí sin de chineál eacnamaíoch chomh maith.

(131)

A mhéid a bhaineann leis an gcúiteamh a íocadh i leith chothabháil agus oibriú na soilse sráide sin atá faoi úinéireacht an Bhardais, níl aon ní i dtéarmaí an chonartha a thugann le tuiscint gur cheart na gníomhaíochtaí sin a aicmiú ar bhealach difriúil. Ach amháin nach bhfuil aon chostas caipitil ar ghá cúiteamh a íoc ina leith, bhí na téarmaí mar an gcéanna, go dtí an 1 Aibreán 2020, leis na téarmaí a bhaineann leis na soilse sráide sin atá faoi rialú ghrúpa BKK. Ón 1 Aibreán 2020, rinneadh na seirbhísí a sholáthar faoi chonradh tráchtála arna dhámhachtain ar bhonn nós imeachta iomaíoch (149).

(132)

I leith na tagartha a rinne údaráis na hIorua don bhreithiúnas in Selex (150), ba cheart a thabhairt faoi deara gur bhain an cás sin le gníomhaíochtaí a rinne an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (“Eurocontrol”). Bhunaigh Stáit Eorpacha éagsúla Eurocontrol faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (151).

(133)

Ar achomharc, d’athluaigh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh ó chás roimhe sin go raibh gníomhaíochtaí Eurocontrol, nuair a ghlactar ina n-iomláine iad, de réir a gcineáil, a n-aidhme agus na rialacha a raibh siad faoina réir, nasctha le feidhmiú cumhachtaí poiblí a bhaineann le haerspás a rialú agus maoirseacht a dhéanamh air. Bhí feidhm ag an gconclúid sin freisin maidir leis an gcúiteamh arna sholáthar ag Eurocontrol do riaracháin náisiúnta i ndáil le, go háirithe, tairiscintí chun trealamh agus córais a fháil le haghaidh bainistíocht aerthráchta (152).

(134)

I bhfianaise an mheasúnaithe a leagtar amach i míreanna (123)-(131), áitíonn Údarás Faireacháin CSTE, dá bhrí sin, go bhfuil an cás atá idir lámha difriúil go hábhartha ón mbreithiúnas in Selex. Ba cheart a mheabhrú gur léirigh an Chúirt in Selex, i gcás ina ndéanann comhlacht brabús gur léiriú é sin ar ghníomhaíocht de chineál eacnamaíoch (153).

(135)

Ní féidir le hÚdarás Faireacháin CSTE a aontú go mbaineann na gníomhaíochtaí ar íocadh cúiteamh ina leith faoi bhearta (a) agus (c) le cumhachtaí poiblí nó údarás poiblí de réir bhrí mhír 17 de na Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach (154). Seachas sin, is é atá i gceist sa chás seo gur íoc an Bardas cúiteamh le soláthróir a oibríonn ar bhonn tráchtála agus eacnamaíoch. Dá réir sin, tá an cás cosúil le cás ina bhfaigheann bardas conraitheoir tráchtála chun oibreacha tógála a dhéanamh maidir le bóithre bardasacha a thógáil nó a chothabháil.

(136)

Ar an gcaoi chéanna, níl Údarás Faireacháin CSTE cinnte faoin maíomh gur cheart gníomhaíochtaí lena saothraítear cuspóirí sábháilteachta poiblí a aicmiú go comhionann le gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíocha a dhéantar chun cuspóirí sóisialta, cultúrtha, oideachais agus oideolaíochta a bhaint amach. Níl aon bhunús sa chásdlí chun cinneadh go bhfuil gníomhaíochtaí neamh-eacnamaíoch per se toisc go saothraítear cuspóir áirithe leo. Chuige sin, is gá, mar a luadh cheana, na cúinsí sonracha ina ndéantar an ghníomhaíocht a dhearbhú. Mar shampla, is léir go bhféadfar gníomhaíochtaí cothabhála a bhaineann le maoin phoiblí a dhéanamh ar bhonn eacnamaíoch, fiú amháin má tá gá leo chun sábháilteacht úsáideoirí a áirithiú.

5.2.3.    Conclúid

(137)

Ar bhonn an mhéid thuas, cinneann Údarás Faireacháin CSTE gur fhabhraigh an cúiteamh faoi bhearta (a) agus (c) chun gnóthais. A mhéid ar tugadh buntáiste do na heintitis chéanna de thoradh ar mhaoiniú na ndaingneán LED (beart (b)), d’fhabhródh an bhuntáiste sin chun gnóthais chomh maith.

5.3.   ACMHAINNÍ STÁIT A BHEITH ANN

(138)

Ní mór beart a bheith deonaithe ag an Stát nó trí bhíthin acmhainní an Stáit chun a bheith ina státchabhair. Áirítear acmhainní eintiteas réigiúnach in-stáit le coincheap na n-acmhainní Stáit (155).

(139)

Maoinítear na bearta go léir ó bhuiséad an Bhardais. Dá bhrí sin, bíonn ídiú acmhainní Stáit i gceist leo.

5.4.   BUNTÁISTE

5.4.1.    Réamhrá

(140)

Is é is buntáiste ann, de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE, aon sochair eacnamaíoch nach bhféadfadh gnóthas a fháil faoi ghnáthdhálaí margaidh (156). Dá réir sin, ní hiad sochair dhearfacha amhail fóirdheontais, iasachtaí nó infheistíochtaí díreacha an t-aon bhealach chun buntáiste a fháil, is féidir buntáiste a fháil freisin trí idirghabhálacha, nach bhfuil ina bhfóirdheontais sa bhrí bheacht, ach atá den chineál céanna agus a bhfuil na héifeachtaí céanna acu (157). I gcomhréir leis sin, ní féidir glacadh leis go dtagann beart lasmuigh de raon feidhme an toirmisc ar státchabhair díreach toisc go bhfuil sé i bhfoirm comhaontaithe lena gcuimsítear gealltanais chómhalartacha (158).

5.4.2.    Ní féidir buntáiste a eisiamh ar bhonn choinníollacha Altmark

5.4.2.1.   Coinníollacha Altmark

(141)

Tá cásdlí sonrach infheidhme maidir le cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais a gcuirtear seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEI”) faoin n-iontaoibh. Leanann sé ó bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais in Altmark go bhféadfaí buntáiste atá ann de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE a eisiamh sna cásanna sin, más rud é go gcomhlíontar na ceithre choinníoll charnacha seo a leanas (159):

i.

“Ar an gcéad dul síos, ní mór oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith ag an ngnóthas is faighteoir le comhlíonadh, agus ní mór oibleagáidí den sórt sin a shainmhíniú go soiléir.

ii.

Ar an dara dul síos, ní mór na paraiméadair a bhunú roimh ré ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil, ar ar a mbonn sin a ríomhfar an cúiteamh […].

iii.

Ar an tríú dul síos, ní fhéadfaidh an cúiteamh a bheith níos mó ná an méid is gá chun na costais uile nó cuid de na costais arna dtabhú i gcomhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí sin á gcur san áireamh.

iv.

Ar an gceathrú dul síos, más rud é, maidir leis an ngnóthas atá chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, nach roghnaítear é de bhun nós imeachta soláthair phoiblí trína bhféadfaí an tairgeoir atá in ann na seirbhísí sin a sholáthar ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, ní mór an leibhéal cúitimh is gá a chinneadh ar bhonn anailíse ar na costais a thabhódh gnóthas tipiciúil, atá dea-riartha agus a ndéantar soláthar leordhóthanach ina leith […], le linn dó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí á gcur san áireamh.”

(142)

D’fhoilsigh Údarás Faireacháin CSTE sraith treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le Státchabhair i ndáil le cúiteamh arna dheonú le haghaidh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (160). Tugtar aghaidh ar choinníollacha Altmark i Roinn 3 de na treoirlínte sin.

5.4.2.2.   Coinníollacha Altmark a chur i bhfeidhm i leith an cháis atá idir lámha

(143)

De réir an chéad choinníll, ní mór é a chur de cheangal ar an ngnóthas is faighteoir oibleagáidí seirbhíse poiblí arna sainiú go soiléir a chomhlíonadh.

(144)

De réir na Cúirte Breithiúnais, is é is cuspóir don choinníoll sin trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. Ní mór a chinneadh, ar dtús, an bhfuil oibleagáidí seirbhíse poiblí le comhlíonadh ag an ngnóthas faighteora i ndáiríre agus, ansin, an sainmhínítear na hoibleagáidí sin go soiléir sa dlí náisiúnta. Dá réir sin, ní mór íoschritéir a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le gníomh amháin nó roinnt gníomhartha údaráis phoiblí a bheith ann, lena sainmhínítear, ar bhealach beacht go leor, cineál, fad agus raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí sin arna bhforchur ar an ngnóthas/na gnóthais ar cuireadh a leithéid de chúram air/orthu (161).

(145)

I gcomhréir leis sin, sheas an Chúirt Bhreithiúnais le breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta ina bhfuarthas, in éagmais sainmhíniú soiléir ar an tseirbhís i dtrácht mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) sa dlí náisiúnta, nár comhlíonadh céad choinníoll Altmark. Ní fhéadfaí an toradh sin a cheistiú díreach mar gheall ar theip mhargaidh ar an margadh lena mbaineann, agus toisc go bhféadfaí an tseirbhís a shainiú mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Ní raibh na cúinsí sin ábhartha chun a chinneadh ar cuireadh oibleagáidí seirbhíse poiblí ar iontaoibh na gnóthais lena mbaineann trí bhíthin gníomh poiblí, agus cé acu ar sainíodh na hoibleagáidí sin go soiléir sa ghníomh sin, nó nár sainíodh iad (162).

(146)

Thairis sin, leanann sé ó chásdlí atá socraithe, sula nglacfaí leis go bhfuil seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta curtha ar iontaoibh gnóthais, ní mór a leithéid a bheith déanta trí bhíthin ghníomh de chuid údarás poiblí (163). Féadfaidh conarthaí a bheith i gceist le gníomhartha iontaoibhe den sórt sin, ar choinníoll go dtagann siad ó údarás poiblí agus go bhfuil siad ceangailteach (164). Ní leor é go bhfuil seirbhís mar ábhar conartha poiblí, áfach, chun glacadh leis go bhfuil stádas SGEI ag an tseirbhís sin gan aon mhíniú sonrach (165).

(147)

Dá bhrí sin, seachas fiafraí an bhféadfadh an Bardas seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, agus na seirbhísí lena mbaineann san áireamh, a chur ar iontaoibh cuideachtaí i ngrúpa BKK, is í an cheist is ábhartha cé acu an ndearna sé amhlaidh i ndáiríre nó nach ndearna.

(148)

Is é an pointe tosaigh nádúrtha chun measúnú a dhéanamh air sin, nár áitigh údaráis na hIorua ná BKK Veilys gur cuireadh seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar iontaoibh ghrúpa BKK.

(149)

Mar is léir ó ranna 3 agus 4 thuas, nach ndearna údaráis na hIorua aon tagairt, ina mbarúlacha, don dlí a bhaineann le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Ní dhearna BKK Veilys ach a dhearbhú go gcomhlíontar critéir Altmark más rud é go bhfuil soláthar soilse sráide ina sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI). Tugtar le fios uaidh sin, i gcomhréir leis an réamhthoradh sa chinneadh tosaigh, nach raibh, agus nach bhfuil, oibleagáid le comhlíonadh ag na cuideachtaí i ngrúpa BKK i leith na mbeart (166).

(150)

Tacaítear leis an dearcadh sin a thuilleadh trí bhíthin na gconarthaí arna soláthar ag údaráis na hIorua.

(151)

Mar a mhínítear i roinn 3 thuas, bhí sé ina saintréith de chomhaontú díolachán 1996 gur dhíol an Bardas fiontar agus go bhfuair BKK DA é. Cé gur áiríodh coinníollacha sa chomhaontú maidir le soilse sráide agus seirbhísí gaolmhara a sholáthar sa todhchaí, níl aon léiriú sa doiciméadacht a soláthraíodh gur chuir an Bardas oibleagáidí seirbhíse poiblí ar iontaoibh BKK DA, de réir bhrí an chásdlí.

(152)

Tá an méid céanna fíor maidir leis na conarthaí ina dhiaidh sin le cuideachtaí i ngrúpa BKK. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin a bhaineann leis na soilse sráide atá faoi rialú ghrúpa BKK, léirítear leo gur cheannaigh an Bardas ionchur riachtanach ó dhíoltóir a rialaíonn é, seachas oibleagáidí seirbhíse poiblí a chur ar iontaoibh. Maidir le cothabháil agus oibriú na soilse sráide sin atá faoi úinéireacht an Bhardais, fuarthas é sin mar ionchur i soláthar soilse sráide an Bhardais tríd an mbonneagar sin. Cuireadh an dá shraith gníomhaíochtaí san áireamh sna conarthaí gan aon choinníoll, míniú ná léiriú a thugann le fios gur cuireadh seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) ar iontaoibh na gcuideachtaí i ngrúpa BKK.

5.4.2.3.   Conclúid

(153)

Ar bhonn na nithe thuas, seasann Údarás Faireacháin CSTE lena réamh-thoradh ón gcinneadh tosaigh. A mhéid a bhaineann leis na trí bheart lena mbaineann, ní raibh oibleagáid le comhlíonadh ag na cuideachtaí i ngrúpa BKK i leith na mbeart, agus níl faoi láthair ach an oiread (). Dá dhroim sin, ní féidir buntáiste a eisiamh ar bhonn choinníollacha Altmark.

5.4.3.    Prionsabal oibreoir an gheilleagair mhargaidh

5.4.3.1.   Cúlra

(154)

Maidir le hidirbhearta eacnamaíocha arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí, meastar nach dtugann siad buntáiste don chontrapháirt, agus nach státchabhair atá iontu dá bhrí sin, má dhéantar iad i gcomhréir le gnáthdhálaí margaidh. Déantar measúnú ar shaincheist na comhréireachta margaidh de bhun phrionsabal oibreoir an gheilleagair mhargaidh (“MEOP”).

(155)

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar theistíocht in aghaidh MEOP, is é an ghné chinntitheach cé acu ar ghníomhaigh eintiteas poiblí ar an gcaoi chéanna a ngníomhódh oibreoir margaidh i gcás comhchosúil nó nár gníomhaigh (167). Dá dhroim sin, níor cheart a chur san áireamh ach na sochair agus na hoibleagáidí sin a bhaineann leis an ról mar oibreoir eacnamaíoch, seachas mar údarás poiblí (168).

(156)

Ní mór an cheist faoi státchabhair a bheith san áireamh in idirbheart a réiteach maidir leis an gcás a bhí ann tráth a nglacadh cinneadh i leith an idirbhirt (169). Dá bhrí sin, cinntear an méid atá ina ghnáthluach saothair ó na fachtóirí a gcuirfeadh gnóthas san áireamh, ag gníomhú dó faoi ghnáthchoinníollacha margaidh, agus an luach saothair á shocrú aige (170).

(157)

Éilítear ar Údarás Faireacháin CSTE measúnú eacnamaíoch casta a dhéanamh agus MEOP á chur i bhfeidhm aige (171). Ní mór an measúnú sin a dhéanamh trí bhrath ar an bhfianaise oibiachtúil agus infhíoraithe atá ar fáil (172).

(158)

I gcomhréir leis an méid a maíodh sa ghearán, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar cé acu ar íocadh cúiteamh os cionn rátaí margaidh le grúpa BKK i ndáil le cothabháil agus oibriú (beart (a)) nó nár íocadh. Ina dhiaidh sin, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar cé acu ar tugadh buntáiste dó le maoiniú na 12 000 daingneán LED (beart (b)).

(159)

Ar deireadh, tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE aghaidh ar chúiteamh le haghaidh costais chaipitil (beart (c)). Sa mheasúnú sin, breithneoidh Údarás Faireacháin CSTE, ar an gcéad dul síos, cé acu an raibh sé i gcomhréir le gnáthchleachtas an mhargaidh cúiteamh a íoc le haghaidh costas caipitil nó nach raibh. Ar an dara dul síos, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar cé acu ar íocadh cúiteamh le grúpa BKK as costais den sórt sin os cionn rátaí an mhargaidh.

5.4.4.    Beart (a) – oibriú agus cothabháil

5.4.4.1.   An cúiteamh arna íoc i leith an bhonneagair atá faoi úinéireacht BKK

(160)

Le linn an nóis imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil, fuair Údarás Faireacháin CSTE faisnéis bhreise faoi dhíol Bergen Lysverker ag an mBardas.

(161)

Mar a leagtar síos i roinn 3.1.2, dhíol an Bardas an t-aonad bardasach Bergen Lysverker, lena n-áirítear a shócmhainní agus oibríochtaí, le BKK DA in 1996. Cé go bhfuair BKK DA Bergen Lysverker trí phróiseas tairisceana, ba aistriú inmheánach fochuideachta a bhí i gceist leis an díolachán chomh maith. Bhí BKK DA go hiomlán faoi úinéireacht an Bhardais ag an tráth sin.

(162)

I roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996 bunaíodh sásra lena rialaítear an cúiteamh i ndáil le soilsiú sráide a sholáthar sa todhchaí tríd an mbonneagar a cheannaigh BKK DA. Mar a leanas ón bhfaisnéis a chuirtear i láthair i ranna 3.1.2 agus 4.1.1, aontaíonn údaráis na hIorua agus BKK Veilys go raibh siad, agus go bhfuil siad, faoi cheangal ag an bhforáil sin agus an cúiteamh á shocrú.

(163)

Ní mór an cheist faoi státchabhair a bheith san áireamh le hidirbheart a réiteach, mar a luadh cheana, maidir leis an gcás a bhí ann tráth a nglacadh cinneadh i leith an idirbhirt (173). Dá dhroim sin, más rud é gur bunaíodh an sásra cúitimh i gcomhaontú díolachán 1996 ar bhealach, tráth a thionscanta, inar cuireadh teorainn le cúiteamh amach anseo go rátaí an mhargaidh, ní gá gur buntáiste atá i gcúiteamh arna ríomh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an sásra sin (174).

(164)

Dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar dtús ar cé acu ar ceapadh an sásra cúitimh ar bhealach lena dteorannaítear an luach saothair sa todhchaí go rátaí an mhargaidh nó nár ceapadh. Más fíor sin, ní mór measúnú a dhéanamh, ar an dara dul síos, cé acu ar cloíodh leis an sásra nó nár cloíodh.

(165)

I gcás a bhaineann le comhréireacht mhargaidh an luacha saothair a íocadh i leith cúitimh ó Oifig Poist na Fraince, La Poste, lena fochuideachta SFMI-Chronopost (“Chronopost”), chuir an Chúirt Bhreithiúnais i dtábhacht go raibh dlúthnasc doscartha idir na seirbhísí arna soláthar do Chronopost agus an líonra poist uathúil arna bhainistiú ag La Poste. Ós rud é nár ceapadh an líonra sin ar bhonn breithnithe tráchtála, ní dhéanfadh gnóthas príobháideach é a bhunú in éagmais idirghabhála ón stát (175).

(166)

Fuair an Chúirt Bhreithiúnais, sa chás sin, go bhféadfadh na costais a d’íoc La Poste i leith na seirbhísí lena mbaineann a sholáthar a bheith mar na gnéithe oibiachtúla agus infhíoraithe nach mór comhréireacht mhargaidh an luacha saothair a mheasúnú ar a mbonn. Féadfar an fhéidearthacht de bhuntáiste a bheith ann a eisiamh más rud é, ar an gcéad dul síos, gur chumhdaíodh i gceart, sa phraghas a gearradh, na costais athraitheacha bhreise a tabhaíodh agus na seirbhísí á soláthar, ranníocaíocht iomchuí leis na costais sheasta agus toradh leordhóthanach ar an infheistíocht caipitil agus, ar an dara dul síos, nach raibh aon rud ann a thabharfadh le tuiscint gur measadh na gnéithe sin go mícheart nó gur socraíodh iad go treallach (176).

(167)

Baineann an cás atá idir lámha le seirbhísí atá i ndlúthnasc doscartha le líonra uathúil nár tógadh ar bhonn cur chuige tráchtála, agus nár gnóthas príobháideach a chruthaigh é in éagmais idirghabhála ón stát. Thairis sin, go deimhin bhí BKK DA faoi úinéireacht iomlán an Bhardais tráth a ndearnadh an comhaontú díolachán.

(168)

Ar an mbonn sin, faigheann Údarás Faireacháin CSTE go raibh an cás a bhí i gceist tráth ar bunaíodh an sásra cúitimh i gcomhaontú díolachán 1996 inchomparáide leis an gcás ar a ndearna an Chúirt Bhreithiúnais measúnú in Chronopost. Dá réir sin, a mhéid a chomhlíonann an sásra cúitimh sin na coinníollacha in Chronopost, measann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil sé i gcomhréir le téarmaí an mhargaidh.

(169)

Tá sé i gceist le roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996, mar a leagtar síos i roinn 3.1.2, gur cheart costas oibriúcháin BKK a chumhdach leis an gcúiteamh, mar aon le toradh rialaithe ar an gcaipiteal geallta. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann le gné na cothabhála agus an oibriúcháin, ní fhoráiltear leis an sásra sin ach do chostais a chumhdach. Thairis sin, ní bhfuair Údarás Faireacháin CSTE aon fhaisnéis a léiríonn go mbeadh costais arna socrú go mícheart nó go treallach, mar shampla de thoradh leibhéal éifeachtúlachta atá íseal go saorga nó leithdháileadh míchuí ar chostas indíreach, incháilithe do chúiteamh. Ar an mbonn sin, measann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil an ghné sa sásra cúitimh a bhaineann le cothabháil agus oibriú i gcomhréir leis na coinníollacha in Chronopost.

(170)

Maidir leis an dara ceist faoi cé acu ar cloíodh leis an sásra cúitimh i gcomhaontú díolachán 1996, bheadh oibreoir príobháideach réasúnach, agus na suimeanna lena mbaineann á gcoimeád i gcuimhne, tar éis acmhainní leordhóthanacha a infheistiú chun comhlíontacht a áirithiú. D’áireofaí leis sin rialuithe ar bhunús na bpraghsanna arna gcur i láthair ag grúpa BKK, lena n-áirítear ar an gcaoi a ndearnadh na costais dhíreacha agus indíreacha a chinneadh. Thairis sin, tá Údarás Faireacháin CSTE cinnte go gcuirfeadh ceannaitheoir príobháideach tús le céimeanna dlíthiúla dá mbeadh air déileáil le soláthróir nach raibh toilteanach doiciméad a sholáthar chun a léiriú go raibh a chuid praghsanna i gcomhréir leis an sásra cúitimh comhaontaithe.

(171)

Mar a shonraítear i roinn 3.3, cheistigh an Bardas an méid a mheasann sé a bheith mar phraghsáil ard ar thaobh ghrúpa BKK. Ina theannta sin, d’admhaigh an Bardas nach féidir leis a chur as an áireamh gur róchúiteamh atá sna leibhéil chúitimh agus gur fhadhb í nach bhfuil aon doiciméadacht ar fáil faoi bhunús na bpraghsanna a gearradh. Thairis sin, thug an Bardas aghaidh ar na hábhair imní sin ar feadh na tréimhse arna cumhdach leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil.

(172)

A mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a chuir BKK Veilys i láthair, mar a chuirtear i láthair i roinn 4.1.3, níl aon sonraí san áireamh inti maidir le bunús na bpraghsanna a gearradh. Go háirithe, ní leagtar amach san fhaisnéis na costais dhíreacha agus indíreacha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí maidir le hoibriú agus cothabháil, agus an chaoi ar bunaíodh iad sin. A mhéid a bhaineann leis na costais indíreacha, níl aon fhaisnéis ar fáil faoin sásra leithdháilte atá ar bun, ná an chúis go meastar é sin a bheith iomchuí. Is léiriú é an easpa sonraíochta nár cloíodh leis an sásra cúitimh i gcomhaontú díolachán 1996.

(173)

Maidir leis na figiúirí ó KOSTRA, mar a leagtar síos i mír (69), cuirtear costais iomlána gach Bardais in aghaidh an tsolais in aghaidh na bliana, lena n-áirítear leictreachas, i láthair leo. Léirítear leis na figiúirí gur ag an mBardas a bhí na costais ab airde a taifeadadh le linn na tréimhse 2015-2019, as na 10 mbardas níos mó a chuirtear i láthair.

(174)

Féadfaidh difríochtaí costais idir bardais tarlú de thoradh ar roinnt fachtóirí, mar a mhínítear i míreanna (67)-(68) agus (94) thuas. Níor sholáthair údaráis na hIorua ná BKK Veilys faisnéis, áfach, chun bunús a thabhairt leis an maíomh go bhfuil bonn cirt leis na leibhéil chostais in KOSTRA. Ní dhearna BKK Veilys ach a dhearbhú go ndéanann fachtóirí áirithe difear do na costais in Bergen, gan tuilleadh doiciméadachta a sholáthar ina leith.

(175)

Dá dhroim sin, faigheann Údarás Faireacháin CSTE gur léir ó na figiúirí ó KOSTRA gur íocadh róchúiteamh le grúpa BKK. Níl na figiúirí sách mionsonraithe chun cinneadh a dhéanamh ar a mhéid a bhaineann an róchúiteamh le cothabháil agus oibriú (beart (a)) nó le costas caipitil (beart (c)), áfach.

(176)

I bhfianaise an mhéid thuas, léirítear le hiomláine na faisnéise a cuireadh isteach gur dhócha gur sháraigh an cúiteamh an leibhéal atá ar cóimhéid leis an sásra i gcomhaontú díolachán 1996. Léirítear leis sin gur theip ar an mBardas na céimeanna is gá a ghlacadh chun a áirithiú gur comhlíonadh an sásra sin. Dá bhrí sin, níor ghníomhaigh an Bardas mar cheannaitheoir príobháideach.

5.4.4.2.   An cúiteamh i leith an bhonneagair atá faoi úinéireacht an Bhardais

(177)

Mar a shonraítear i ranna 3.1.3, 3.1.4 agus 3.1.5, bhí roinnt soilse sráide feadh a bhóithre bardasacha faoi úinéireacht an Bhardais agus tá fós. Thairis sin, mar a leagtar amach i roinn 3.1.4, le héifeacht ón 1 Aibreán 2020, rinneadh cothabháil agus oibriú an bhonneagair sin atá faoi úinéireacht an Bhardais faoi chonradh a bhí curtha amach chun tairisceana ag an mBardas.

(178)

Mar a léirítear lena chuireadh chun tairisceana i leith an chonartha sin, bhí an Bardas saor chun cothabháil agus oibriú an bhonneagair atá faoi úinéireacht an Bhardais a cheannach ó aon soláthraí toilteanach agus ní raibh sé faoi cheangal ag aon sásra cúitimh réamhshainithe. Dá bhrí sin, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar leithligh ar an gcúiteamh arna íoc i leith na ngníomhaíochtaí sin.

(179)

San fhaisnéis a chuirtear i láthair i roinn 3.1.4 léirítear gur dámhadh an conradh a cuireadh amach chun tairisceana de réir nós imeachta iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhchoinníollach i gcomhréir le dlí um sholáthar LEE. Bhí an cinneadh dámhachtana bunaithe ar an bpraghas ab ísle, agus níl aon rud ann a léiríonn go raibh an ráta margaidh ag an am níos ísle ná an ráta a baineadh amach. Ar an mbonn sin, faigheann Údarás Faireacháin CSTE nár tugadh buntáiste do ghrúpa BKK leis an cúiteamh a íocadh maidir le cothabháil agus oibriú faoin gconradh a cuireadh amach chun tairisceana (177).

(180)

A mhéid a bhaineann leis an gcúiteamh le haghaidh gníomhaíochtaí a rinneadh roimh an 1 Aibreán 2020, tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara, cé gur cheap an Bardas go raibh an leibhéal praghais ard, nár sheiceáil sé an bhféadfaí na seirbhísí a fháil ar chostais níos ísle ó sholáthróir eile. Mar mhalairt air sin, ghlac sé leis gur cuireadh an praghas céanna in aghaidh an tsolais sráide i bhfeidhm leis an bpraghas a cuireadh i bhfeidhm i leith an bhonneagair atá faoi rialú ghrúpa BKK. Dá réir sin, tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara nár ghníomhaigh an Bardas amhail ceannaitheoir príobháideach.

(181)

Maidir leis an leibhéal cúitimh, luadh é sin ag an ráta céanna in aghaidh an tsolais sráide leis na soilse sráide sin atá faoi rialú ghrúpa BKK. Mar a tugadh faoi deara i mír (176), léirítear le hiomláine na faisnéise a cuireadh isteach gur sháraigh an leibhéal cúitimh an leibhéal a bhí ceadaithe faoin sásra bunaithe ar chostais i gcomhaontú díolachán 1996. Tugann sé sin le fios freisin gur íoc an Bardas níos mó ná mar a íocfadh sé dá bhfaigheadh sé na seirbhísí ar an margadh oscailte.

(182)

Níl aon ní san fhaisnéis a cuireadh isteach ina léirítear a mhalairt. Mar a leagtar amach i mír (173) go mír (175), léirítear leis na figiúirí ó KOSTRA gur tugadh róchúiteamh do ghrúpa BKK. Níl na figiúirí sách mionsonraithe chun cinneadh a dhéanamh ar a mhéid a bhaineann an róchúiteamh le cothabháil agus oibriú (beart (a)) nó le costas caipitil (beart (c)), áfach.

(183)

Rinne Údarás Faireacháin CSTE toradh na tairisceana le haghaidh na seirbhísí a rinneadh ón 1 Aibreán 2020 a bhreithniú a thuilleadh. Mar a leagtar amach i mír (48), cuimsíodh leis an gconradh a cuireadh amach chun tairisceana na 12 000 daingneán LED nua a suiteáladh ar an líonra de chuid BKK, áfach. Ní hionann na téarmaí a bhaineadh amach leis an gconradh a cuireadh amach chun tairisceana agus comparadóir suntasach maidir leis na praghsanna a gearradh roimhe i ndáil leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais.

(184)

Dá dheasca sin, ní mór d’Údarás Faireacháin CSTE teacht ar chonclúid ar bhonn na faisnéise atá fós ar fáil. Mar a leagtar amach i míreanna (180)-(182), léirítear le hiomláine na faisnéise seo gur tugadh róchúiteamh do ghrúpa BKK freisin maidir leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais.

5.4.4.3.   Conclúid

(185)

Ar bhonn an measúnú thuas, measann Údarás Faireacháin CSTE gur tugadh róchúiteamh do ghrúpa BKK maidir le cothabháil agus oibriú soilsiú sráide feadh bóithre bardasacha in Bergen. A mhéid a bhaineann leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht ghrúpa BKK, táthar ag íoc an róchúitimh sin fós. Maidir leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais, ní bhaineann an róchúiteamh ach amháin le gníomhaíochtaí a rinneadh go dtí an 1 Aibreán 2020.

(186)

Cé go mbunaítear leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach gur deonaíodh buntáiste, níl Údarás Faireacháin CSTE in ann an méid a chinneadh. Léirítear an méid sin san ordú gnóthaithe a leagtar amach i roinn 10 thíos.

5.4.5.    Beart (b) – 12 000 daingneán LED a mhaoiniú

(187)

Mar a leanas ón bhfaisnéis a cuireadh i láthair i ranna 3.4 agus 4.1.4 thuas, fuair an Bardas na daingneán LED ó sholáthróir seachtrach. Níor aistríodh a n-úinéireacht, agus ní aistreofar í, chuig grúpa BKK. Dá réir sin, níl aon bhuntáiste ag an mBardas gan a úinéireacht ar na daingneán LED a choinneáil.

(188)

Shoiléirigh údaráis na hIorua agus BKK Veilys a thuilleadh go raibh ceannachán na ndaingneán LED ina uasghrádú suntasach nach raibh de cheanglas ar BKK Veilys a dhéanamh. Ar an mbonn sin, is féidir teacht ar an gconclúid nár tugadh aon bhuntáiste trí bhíthin íocaíocht an Bhardais as muirir a bhí de cheart a bheith íoctha ag BKK Veilys de réir téarmaí an chonartha (na gconarthaí).

(189)

Maidir le cothabháil agus oibriú na ndaingneán LED, áiríodh na cúraimí seo i gconradh seirbhíse ar leithligh a cuireadh amach chun tairisceana. Mar gheall ar na fáthanna a leagtar amach i mír (179), ní fuair ag Grúpa BKK buntáiste mar gheall ar an gcúiteamh faoin gconradh seo.

(190)

Bunaithe ar an méid thuas, cinneann Údarás Faireacháin CSTE nár tugadh le maoiniú na 12 000 daingneán LED (beart (b)) buntáiste do na cuideachtaí laistigh de ghrúpa BKK. Mar gheall ar na fáthanna a leagtar amach i míreanna (191) agus (192) thíos, cuireann Údarás Faireacháin CSTE i dtábhacht gur gá suiteáil na ndaingneán LED a chur san áireamh nuair a bhunaítear líon an róchúitimh faoi bheart (a) agus beart (c).

(191)

A mhéid a bhfuil costais maidir le cothabháil agus oibriú laghdaithe ag an suiteáil sin, gan níos lú cúitimh a chur leis i gcomhréir leis an sásra atá bunaithe ar chostas i gcomhaontú díolachán 1996, bheadh sé sin ina róchúiteamh faoi bheart (a). Tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara, cé go gcuimsítear leis an gconradh a cuireadh amach chun tairisceana cothabháil agus oibriú na ndaingneán, dealraíonn sé go bhfuil cúiteamh fós á fháil ag grúpa BKK, faoin gconradh ar a dtugtar tuairisc i mír (45), i ndáil leis an mbonneagar ar a bhfuil na daingneáin sin suiteáilte a chothabháil agus a oibriú. Thairis sin, dealraíonn sé gur fhan líon an chúitimh mar an gcéanna leis an leibhéal tráth a cumasaíodh leis an gconradh na daingneáin LED a cuireadh in ionad na daingneáin sin (178).

(192)

A mhéid a bhaineann le beart (c), is gá a chur san áireamh gur leis an mBardas na daingneáin LED nuair atá an leibhéal ceart de chúiteamh á bhunú faoi réir rialachán ar ais i gcomhaontú díolachán 1996. Ós rud é gur leis an mBardas na daingneán LED, ní féidir iad a chur san áireamh sa bhonn caipitil atá faoi réir cúitimh. Thairis sin, ba cheart aon luach iarmhair a bhaineann leis na daingneáin, a cuireadh in ionad na daingneáin LED, a bhaint ón mbonn caipitil sin.

5.4.6.    Beart (c) – an cúiteamh le haghaidh costais chaipitil

5.4.6.1.   Réamhrá

(193)

Mar a mhínítear i roinn 3.1.2, is é an cúiteamh le haghaidh costais chaipitil an dara gné sa sásra a bunaíodh le comhaontú díolachán 1996. Mar a leagtar amach a thuilleadh i roinn 3.5, tá an costas caipitil a bhaineann leis an mbonneagar ar cheann de na comhpháirteanna costais iomadúla atá leabaithe i soilsiú sráide a sholáthar. Mar sin féin, dá mba rud é gur leis an mBardas an bonneagar, bheadh na costais chaipitil den sórt sin cumhdaithe aige ar an gcéad dul síos. Ar an taobh eile, i gcás ina dtairgtear an soilsiú sráide trí dhul ar iontaoibh bonneagair atá faoi úinéireacht eintitis dhlítheanaigh eile, titeann an costas caipitil ar an eintiteas sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis nua sin, measann Údarás Faireacháin CSTE go bhfuil sé ar cóimhéid le gnáthchleachtas cúiteamh a thabhairt d’úinéir an bhonneagair as na costais caipitil.

(194)

De bhun an tsásra i gcomhaontú díolachán 1996, tá grúpa BKK i dteideal costas caipitil i leith an chaipitil gheallta cothrom leis an ráta toraidh arna shocrú ag NVE maidir le bonneagar na heangaí rialáilte. Ar an mbealach céanna leis an gcúiteamh le haghaidh cothabháil agus oibriú na soilse sráide atá faoi úinéireacht BKK, faigheann Údarás Faireacháin CSTE más rud é gur dearadh an ghné sin den sásra cúitimh ar bhealach, tráth thabhairt i gcrích an chomhaontaithe díolachán, a cuireadh teorann le cúiteamh amach anseo ar rátaí an mhargaidh, ní buntáiste atá i gcúiteamh a ríomhtar ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an sásra sin (179).

(195)

De réir an bhreithiúnais in Chronopost, mar a leagtar amach i mír (166), is é an critéar measúnaithe le haghaidh chostais chaipitil brabús cé acu a sháraíonn, nó nach sáraíonn, an toradh ar an gcaipiteal arna infheistiú toradh leordhóthanach. Is iad na ceisteanna nach mór measúnú a dhéanamh orthu dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, an bhféadfar brabús leordhóthanach a fháil leis an rialachán i gcomhaontú díolachán 1996, seachas brabús iomarcach. Más freagra dearfach a fhaightear ar an gceist sin, ní mór a mheas, ar an dara dul síos, an é gur chloígh leibhéil an chúitimh leis an srian sin.

(196)

Tá dhá pháirt sa rialachán maidir le toradh ar chaipiteal i gcomhaontú díolachán 1996: (i) ráta úis; agus (ii) bonn caipitil ar a gcuirtear an ráta i bhfeidhm. Léiríonn an méid a thagann as sin deischostas caipitil agus cumhdaítear leis an costas a bhaineann le maoiniú cothromais agus le fiachas.

(197)

Chun tús a chur leis an bplé, tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara go nglactar go coitianta leis an gcoincheap maidir le deischostas caipitil agus go bhfuil sé i gcomhréir le critéar maidir le toradh leordhóthanach a fháil ar chaipiteal arna infheistiú. Dá bhrí sin, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE measúnú ar an dá ghné den rialachán (an ráta úis agus an bonn caipitil).

5.4.6.2.   An ráta úis

(198)

Mar a luaitear i roinn 3.1.1, is monaplachtaí nádúrtha iad na líonraí cumhachta agus tá siad faoi réir rialachán earnáilsonrach san Iorua. I gcomhréir leis an gcóras sin, socraíonn NVE a ráta tagartha ionas go mbeidh úinéirí bonneagar in ann toradh réasúnach a fháil ar infheistíochtaí (180).

(199)

Déanann NVE an ráta a mheas ar bhonn bliantúil ag baint úsáid as modheolaíocht meánchostais ualaithe an chaipitil (“WACC”). Maidir le paraiméadair ionchuir i meastachán NVE ar WACC, baintear úsáid as roinnt fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an tionscal soláthair cumhachta. Áirítear leo siúd, go háirithe, béite chothromais, préimh creidmheas na tionsclaíochta agus struchtúr caipitil barrmhaith. Le deacáid anuas, bhí an ráta tagartha idir 5-7 % (181).

(200)

De réir NVE, is iad ioncaim atá seasmhach agus intuartha na saintréithe a fhaightear in oibríochtaí eangach cumhachta agus meastar, go ginearálta, go bhfuil riosca íseal ag baint leo. Dá bhrí sin, déantar an paraiméadar maidir le cothromas béite in WACC a mheas trí úsáid a bhaint as cuideachtaí liostaithe a bhfuil sruthanna ioncaim rialáilte acu, amhail soláthróirí líonraí fóntais éagsúla (182).

(201)

Tá an coincheap maidir le deischostas caipitil, mar a luaitear thuas, i gcomhréir leis an gcritéar gur cheart go dtabharfar toradh leordhóthanach ar an gcaipiteal arna infheistiú as an bpraghas a ghearrfar. Thairis sin, is modh caighdeánaithe é coincheap WACC chun costais den sórt sin a mheas.

(202)

Ba cheart do WACC iomchuí le haghaidh na seirbhísí a bhfuil measúnú a dhéanamh orthu sa chás atá idir lámha, áfach, an deischostas a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh ar an mbonneagar soilse sráide a léiriú. Mar sin, ba cheart do WACC iomchuí an baol a bhaineann leis an ngníomhaíocht seo a léiriú.

(203)

Ar aon dul le líonraí cumhachta, is ionann an bonneagar soilse sráide lena mbaineann agus monaplacht nádúrtha lena mbaineann fad saoil suntasach. I bhfianaise an éilimh sheasmhaigh ar shoilse sráide ar thaobh an Bhardais, tá an baol i ndáil le luaineacht ioncaim íseal. Thairis sin, i bhfianaise go bhfuil an Bardas ag íoc as leictreachas, is féidir a mheas go mbeidh na costais comhsheasmhach.

(204)

Léiríonn na fachtóirí sin gur léiríodh le húsáid ráta tagartha NVE gur ionadaí iomchuí é ar an toradh margaidh is gá le haghaidh oibríochtaí ar bhonneagar soilse sráide. Ní fuair Údarás Faireacháin CSTE aon fhaisnéis go fóill a léiríonn a mhalairt.

(205)

Ar an mbonn sin, cinneann Údarás Faireacháin CSTE go raibh an coinníoll faoi ráta tagartha NVE ar cóimhéid le leibhéal toraidh leordhóthanach, agus dá bhrí sin go raibh sé i gcomhréir le Chronopost. Mar a bheidh le feiceáil go soiléir ón measúnú thíos a bhaineann leis an mbonn caipitil, ní bhunaítear leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach an chaoi a ríomhadh an cúiteamh sa chleachtas.

5.4.6.3.   An bonn caipitil

(206)

Ní sonraítear i gcomhaontú díolachán 1996 gurb é an bonn caipitil an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun an caipiteal geallta a bhunú. Níl aon rud i bhfoclaíocht an chomhaontaithe a léiríonn go bhfuil grúpa BKK i dteideal leibhéal toraidh atá iomarcach i bhfoirm cíosa mhonaplachta. Ina ainneoin sin, de ghnáth baintear úsáid as sásraí costas plus, amhail na sásraí atá sa chomhaontú díolachán chun a áirithiú gur leordhóthanach é an cúiteamh. Ar an mbonn sin, tuigeann Údarás Faireacháin CSTE go gciallaítear leis an gcoinníoll go gcuirfear an ráta tagartha NVE i bhfeidhm ar an gcaipiteal geallta, go mbunófar bonn caipitil ar bhealach iomchuí a áiríonn leibhéal toraidh leordhóthanach. Dá réir sin, tá an ghné sin ar cóimhéid le Chronopost freisin.

(207)

A mhéid a bhaineann leis an mbealach ar cuireadh an sásra i bhfeidhm, áfach, ní bhunaítear leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach an chaoi a ríomhadh an costas caipitil incháilithe. Ní raibh údaráis na hIorua in ann mionsonraí a sholáthar agus ní raibh siad in ann a mheas go bhfuil sé níos deacra rialáil a chur i bhfeidhm toisc nach bhfuil cuntais ar leithligh ann. Ní dhearna BKK Veilys ach tagairtí ginearálta don chaipiteal a d’fhéadfadh a bheith i gceist le bonneagar comhchosúil a thógáil. Ar an gcaoi chéanna leis an gcúiteamh le haghaidh oibrithe agus cothabhála, léirítear leis an easpa beachtais seo nár cloíodh leis an gcomhaontú díolachán 1996.

(208)

Ba cheart díriú isteach a thuilleadh ar úsáid ráta tagartha NVE. Os rud é go bhfuil ráta tagartha NVE ina ráta úis ainmniúil a bhfuil boilsciú ginearálta corpraithe ann cheana, thabharfaí cúiteamh i leith boilsciú ginearálta faoi dhó dá gcuirfí i bhfeidhm é ar bhonn caipitil a bunaíodh de réir cur chuige costais athsholáthair (183). Faoi rialachán NVE, ina bhfuil sé soiléir go bhfuil an sásra cúitimh á léiriú, cuirtear ráta tagartha NVE i bhfeidhm i gcomhréir le luach de réir na leabhar sócmhainní na n-eangach cumhachta atá á n-úsáid go táirgiúil, i.e. an luach a bhí orthu go stairiúil lúide dímheas (184).

(209)

Ina leith sin, tá an t-easaontú idir an Bardas agus Grúpa BKK tugtha faoi deara ag Údarás Faireacháin CSTE. Mar a leagtar amach i roinn 3.5, dealraíonn sé cé go raibh an Bardas ar son úsáid luach de réir na leabhar chun an bonn caipitil a bhunú, d’áitigh grúpa BKK i bhfabhar úsáid a bhaint as costas athsholáthair na sócmhainní. Thairis sin, dealraíonn sé gur lean an t-easaontú sin le linn na tréimhse lena mbaineann, agus d’fhéadfadh sé gur bunaíodh an bonn caipitil ar bhealach nach bhfuil ar cóimhéid leis an rialachán maidir le toradh leordhóthanach atá sa sásra cúitimh i gcomhaontú díolachán 1996.

(210)

Ar deireadh, léirítear leis na figiúirí ó KOSTRA, mar a leagtar amach i mír (69), le linn na tréimhse idir 2015-2019, go raibh na costais ab airde a taifeadadh riamh ag an mBardas sin as soilsiú sráide as na 10 mBardas atá níos mó a cuireadh i láthair. Cé nach raibh na figiúirí sin sonrach go leordhóthanach chun a fháil a mhéid a raibh baint ag na costais a taifeadadh le cothabháil agus oibriú (beart (a)) nó le costas caipitil (beart (c)), is léiriú é sin gur tugadh róchúiteamh do ghrúpa BKK atá os cionn leibhéal toraidh atá leordhóthanach.

(211)

Mar sin, léirítear le hiomláine na faisnéise a cuireadh isteach gur dócha gur sháraigh an cúiteamh an leibhéal toraidh a ceadaíodh i gcomhaontú díolachán 1996. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an gcúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), léirítear leis sin teip ar thaobh an Bhardais chun na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an tsásra cúitimh a áirithiú. Dá bhrí sin, níor ghníomhaigh an Bardas mar cheannaitheoir príobháideach.

5.4.6.4.   Conclúid

(212)

Ar bhonn an mheasúnúcháin thuas, cinneann Údarás Faireacháin CSTE gur tugadh róchúiteamh do Ghrúpa BKK as costas caipitil i leith soilsiú sráide feadh bóithre bardasacha in Bergen.

(213)

Cé go mbunaítear leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach gur deonaíodh buntáiste, níl Údarás Faireacháin CSTE in ann an méid a chinneadh. Léirítear an méid sin san ordú gnóthaithe a leagtar amach i roinn 10 thíos.

5.5.   ROGHNAÍOCHT

(214)

Chun teacht faoi státchabhair faoi Airteagal 61(1) de chomhaontú LEE, ní mór do na bearta a bheith roghnaitheach trí “fhabhar gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe”.

(215)

Baineann na bearta le cuideachtaí i ngrúpa BKK. Dá réir sin, tá siad roghnaitheach.

5.6.   ÉIFEACHT AR THRÁDÁIL AGUS AR IOMAÍOCHT

5.6.1.    An tástáil dlí

(216)

Ní státchabhair í buntáiste atá ag gnóthas faoi Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE ach amháin más amhlaidh “a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit”. Ionas go gcomhlíonfar na critéir seo, ní gá a shuí go bhfuil saobhadh á dhéanamh ar iomaíocht agus go bhfuil fíoréifeacht ag an gcabhair ar thrádáil idir Stáit LEE. Is leor scrúdú a dhéanamh ar cíbe acu a mbeadh nó nach mbeadh saobhadh á dhéanamh ag an gcabhair ar iomaíocht agus ar thrádáil (185).

(217)

A mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll maidir le saobhadh ar iomaíocht, tugtar faoi deara sna Treoirlínte ar choincheap na Státchabhrach go bhféadfadh saobhadh den sórt sin a eisiamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha carnacha áirithe. Is iad a leanas na coinníollacha sin: (a) go bhfuil an tseirbhís faoi réir monaplacht dhlíthiúil a bunaíodh i gcomhréir le dlí LEE; (b) nach n-eisiann an mhonaplacht dhlíthiúil sin ach iomaíocht sa mhargadh, ach iomaíocht dle haghaidh an mhargaidh freisin; (c) nach bhfuil an tseirbhís sin in iomaíocht le seirbhísí eile; agus (d) más rud é go bhfuil an soláthróir seirbhíse gníomhach i margadh eile atá ar oscailt d’iomaíocht, is féidir trasfhóirdheontasú a eisiamh (186).

(218)

I gcásdlí le déanaí, rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tagairt don mhír céanna san fhógra comhfhreagrach ón gCoimisiún Eorpach maidir le coincheap na Státchabhrach (187). I dtaca le coinníoll (b), chuir an Chúirt i dtábhacht nach leor é go bhfuil an tseirbhís faoi réir monaplachta dlíthiúla. Ina theannta sin ní mór don mhonaplacht dhlíthiúil aon iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann a eisiamh ionas go mbeadh sé ar an aon soláthróir seirbhísí (188).

(219)

Maidir leis an gcoinníoll a bhaineann le héifeacht ar thrádáil, tá éifeacht den sórt sin ann i gcás ina neartaíonn cabhair seasamh gnóthais atá in iomaíocht ar thrádáil idir Stáit LEE. Ní gá go mbeadh baint ag an tairbhí i dtrádáil den sórt sin, áfach. I gcás ina dtugann Stát LEE cabhair do ghnóthas, féadfar a ghníomhaíocht inmheánach a choimeád nó a mhéadú ionas nach laghdófar na deiseanna do ghnóthais a bunaíodh i Stáit LEE eile chun fáil isteach ar an margadh. Dá réir sin, ní leor saintréith áitiúil nó réigiúnach na seirbhíse chun an chabhair ar dócha a mbeidh éifeacht aici ar thrádáil idir Stáit LEE a eisiamh (189).

5.6.2.    Cur i bhfeidhm na tástála dlíthiúla maidir leis an gcás atá idir lámha

(220)

Níor chuir údaráis na hIorua ná BKK Veilys faisnéis isteach a rá gur tharla na gníomhaíochtaí cúitithe laistigh de shainchúram monaplacht dhlíthiúil atá bunaithe go dleathach. Dá réir sin, ní féidir saobhadh ar iomaíocht a eisiamh ar bhonn na gcoinníollacha carnacha sna Treoirlínte ar choincheap na státchabhrach, a athdhearbhaíodh i mír (217) thuas.

(221)

Áirítear ar na gníomhaíochtaí cúitithe freisin cothabháil agus oibriú na soilse sráide. Nuair a chuir an Bardas comórtas ar siúl le haghaidh seirbhísí den sórt sin, fuair sé tairiscintí ó neart gnóthas éagsúil. Bhí cásanna iomadúla os comhair KOFA freisin maidir le conarthaí faoin ábhar seo a bhí faoi réir, nó gur cheart dóibh a bheith faoi réir, tairiscintí ar fud LEE a fhógraíodh i mbunachar sonraí TED (190). Dá réir sin, tugann Údarás Faireacháin CSTE dá aire go bhfuil margaí bunaithe san Iorua le haghaidh seirbhísí a bhaineann le cothabháil agus oibriú soilse sráide. Thairis sin, áirítear leis na margaí sin conarthaí a d’fhéadfadh a bheith mar ábhar spéise ar fud LEE.

(222)

Mar a leagtar amach i mír (54), tá cuideachtaí i nGrúpa BKK gníomhach ar roinnt margaí eile. In ainneoin sin, ní féidir le húdaráis na hIorua a eisiamh go ndearnadh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a thras-fhóirdheonú.

(223)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tá Údarás Faireacháin CSTE den tuairim gur dócha go mbeidh saobhadh á dhéanamh ag na buntáistí a thugtar do Ghrúpa BKK trí ligean dó a láithreacht margaidh a chóiméad nó a neartú.

(224)

I bhfianaise go gcuireann na húdaráis áitiúla san Iorua conarthaí amach chun tairisceana go rialta le haghaidh cothabhála agus oibrithe soilse sráide trí thairiscintí ar leibhéal uile-LEE, tá sé níos réalaí go gcinnfeadh gnóthais a bunaíodh i Stáit LEE eile a láithreacht margaidh a mhéadú san Iorua a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin. D’fhéadfadh na buntáistí a thugtar do ghrúpa BKK ligean dó a ghníomhaíochtaí a chóiméad nó a mhéadú ar chostas na n-iomaitheoirí eile, áfach. A mhéid gur tharla tras-fhóirdheonú, is dócha go bhfuil an méid céanna fíor maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha i margaí eile atá ar oscailt don iomaíocht.

(225)

Ar an mbonn sin, cinneann Údarás Faireacháin CSTE gur dócha go ndéanfaidh an róchúiteamh difear don trádáil.

5.6.3.    Conclúid

(226)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, measann Údarás Faireacháin CSTE gur dócha go ndéanfaidh an róchúiteamh saobhadh ar iomaíocht agus ar thrádáil.

5.7.   CONCLÚID MAIDIR LE STÁTCHABHAIR A BHEITH ANN

(227)

Mar a leanas ó na breithnithe thuas, tagann Údarás Faireacháin CSTE ar an gconclúid gur státchabhair atá sa róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)) agus costas caipitil (beart (c)) de réir bhrí Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE.

6.   CABHAIR AONAIR NO SCEIM CABHRACH

(228)

In Airteagal 1(d) de Chuid II de Phrótacal 3, déantar “scéim cabhrach” a shainmhíniú mar“[…] aon ghníomh ar féidir, gan bearta cur chun feidhme eile a cheangal, dámhachtainí cabhrach aonair a dhéanamh ar a bhonn do ghnóthais a shainmhínítear laistigh den ghníomh ar bhealach ginearálta teibí agus aon ghníomh ar féidir cabhair nach bhfuil nasctha le tionscadal sonrach a dhámhadh ar a bhonn do ghnóthas amháin nó do roinnt gnóthas ar feadh tréimhse éiginnte agus le haghaidh méid éiginnte.” Sainmhínítear an téarma “cabhair aonair” i litir (e) den Airteagal céanna mar “[…] cabhair nach ndámhtar ar bhonn scéim cabhrach agus dámhachtainí infhógartha cabhrach ar bhonn scéim cabhrach.”

(229)

Maidir leis an gcabhair a tugadh i leith an bhonneagair atá á rialú ag Grúpa BKK, is éard atá inti, mar a leagtar amach i ranna 5.4.4.1 go 5.4.6, méideanna a sháraíonn an cúiteamh a ceadaíodh faoin sásra a leagtar amach i roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996. Níl aon ghníomh atá ann cheana sainaitheanta ag údaráis na hIorua ná ag BKK Veilys lena gceadaítear róchúiteamh den sórt sin.

(230)

Mar an gcéanna, a mhéid a bhaineann le cabhair i dtaca le cothabháil agus oibriú bonneagair atá faoi úinéireacht an Bhardais, mar a shainmhínítear i roinn 5.4.4.2, níor mhaígh údaráis na hIorua ná BKK Veilys gur deonaíodh an cúiteamh sin ar bhonn gnímh mar a shainmhínítear in Airteagal 1(d) de Chuid II de Phrótacal 3. I gcomhréir leis sin, níl aon tásc san fhaisnéis a cuireadh isteach le linn an nós imeachta imscrúdaithe fhoirmiúil gur deonaíodh an chabhair ar bhonn gnímh den sórt sin.

(231)

Ar an mbonn sin, measann Údarás Faireacháin CSTE gur cabhair aonair í an chabhair lena mbaineann, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(e) de Chuid II de Phrótacal 3.

7.   CEANGLAIS NOS IMEACHTA

(232)

De bhun Airteagal 1(3) de Chuid I de Phrótacal 3, “cuirfear Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas, in am trátha le cur ar a chumas a bharúlacha a chur isteach ar aon phlean chun cabhair a thabhairt nó a athrú. […] Ní cuirfidh an Stát lena mbaineann a bearta beartaithe i bhfeidhm go dtí go bhfuil cinneadh críochnaitheach ann de thoradh an nós imeachta”.

(233)

Cuireadh Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas den chéad uair faoin gcabhair a tugadh cheana féin de bhua an ghearáin. Dá bhrí sin, tá an chabhair neamhdhleathach de réir bhrí Airteagal 1(f) de Chuid II de Phrótacal 3.

8.   COMHOIRIUNACHT

(234)

Leanann sé ó Airteagal 61(1) de Chomhaontú LEE go bhfuil, mura bhforáiltear a mhalairt, bearta státchabhrach neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú an Chomhaontaithe. Níl aon argóint curtha ar aghaidh ag údaráis na hIorua sa mhéid gur chabhair chomhoiriúnach iad na bearta lena mbaineann.

(235)

Níl an maolú faoi Airteagal 61(2) de Chomhaontú LEE infheidhme mar gheall nach gcuirtear aon cheann de na haidhmeanna a liostaítear san fhoráil sin chun cinn leis an gcabhair. Ar an gcúis chéanna, níl feidhm ag Airteagal 61(3)(a) ná Airteagal 61(3)(b) de Chomhaontú LEE maidir leis an gcás atá idir lámha.

(236)

Maidir le hAirteagal 61(3)(c), tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara nach bhfuil róchúiteamh, a sháraíonn an leibhéal cúitimh is gá chun na gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann a spreagadh, i gceist leis na bearta cabhrach. Leanann sé ón gcásdlí socraithe nach féidir an chabhair a chuireann feabhas ar staid airgeadais an tairbhí, gan gá a bheith léi chun na cuspóirí a shonraítear in Airteagal 61(3) a bhaint amach, a mheas mar a bheith comhoiriúnach le Comhaontú LEE (191). Dá bhrí sin, os rud é nach raibh gá leis an róchúiteamh chun na gníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi chaibidil a spreagadh, tá sé neamh-chomhoiriúnach le hAirteagail 61(3)(c) de Chomhaontú LEE.

(237)

Maidir leis an maolú in Airteagal 59(2) de Chomhaontú LEE, tugann Údarás Faireacháin CSTE faoi deara, mar a bunaíodh i roinn 5.4.2.2, nach raibh, agus nach bhfuil, oibleagáid le comhlíonadh ag na cuideachtaí i ngrúpa BKK i leith na seirbhísí lena mbaineann. Os rud é nach dtugtar an cúiteamh i leith gnóthas ar cuireadh seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar a iontaoibh, níl an maolú in Airteagal 59(2) infheidhme.

(238)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, measann Údarás Faireacháin CSTE nach féidir a dhearbhú go bhfuil an róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)) agus costas caipitil (beart (c)) comhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE.

9.   CONCLÚID

(239)

I bhfianaise na gcúiseanna thuas, measann Údarás Faireacháin CSTE gur státchabhair neamhdhleathach atá neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE atá sa róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)) agus costas caipitil (beart (c)), a íocadh le cuideachtaí i ngrúpa BKK i leith soilsí sráide feadh bóithre bardasacha laistigh den Bhardas.

(240)

Baineann an róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), ar an gcéad dul síos, le bonneagar soilse sráide atá faoi rialú ghrúpa BKK (192). Maidir leis an mbonneagar sin, cuimsítear leis an róchúiteamh na gnéithe a sháraíonn na costais atá incháilithe do chúiteamh faoin sásra i roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996.

(241)

Ar an dara dul síos, baineann an róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), le seirbhísí i leith na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais. Le haghaidh na seirbhísí sin, is éard atá an róchúiteamh na suimeanna a sháraíonn an praghas margaidh a d’fhéadfadh a fháil ar an margadh oscailte.

(242)

Baineann an toradh, maidir le róchúiteamh atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 amháin. Maidir le bonneagar na soilse sráide atá faoi úinéireacht Ghrúpa BKK, táthar ag íoc an róchúiteamh sin fós. I ndáil leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais, baineann sé le gníomhaíochtaí a rinneadh go dtí an 1 Aibreán 2020.

(243)

Maidir le cúiteamh i leith costais chaipitil (beart (c)), is éard atá i gcúiteamh a sháraíonn an leibhéal toraidh leordhóthanach a ceadaíodh faoin sásra i roinn 7(c) de chomhaontú díolacháin 1996 státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach. Os rud nach bhfuil an toradh seo teoranta don tréimhse ón 1 Eanáir 2016, cuimsítear leis an róchúiteamh ar fad a tugadh laistigh den tréimhse teorann de 10 mbliana (193). Briseadh an tréimhse teorann nuair a sheol Údarás Faireacháin CSTE an gearán chuig údaráis na hIorua, agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt air, le litir dar dáta an 1 Meitheamh 2017 (194).

10.   TEARNAMH

(244)

Sheas Cúirt CSTE leis an tuairim gur dearadh an oibleagáid chun deireadh a chur le cabhair atá neamh-chomhoiriúnach chun an cás a bhí ann roimhe a athbhunú (195). Baintear an cuspóir sin amach a luaithe a aisíocann an faighteoir na méideanna a deonaíodh trí bhíthin cabhrach neamhdhleathaí agus cabhrach neamh-chomhoiriúnaí, ag forghéilleadh an bhuntáiste dá bhrí sin, a bhí aige ar a iomaitheoirí (196). Leanann sé freisin ó chásdlí atá socraithe nach n-éilítear, i gcás ina n-ordaítear gnóthú cabhrach a dearbhaíodh a bheith neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE, ar an Údarás Faireacháin CSTE méid beacht na cabhrach a ghnóthú (197).

(245)

Tá rialacha mionsonraithe maidir le gnóthú i gCuid II de Phrótacal 3. I gcomhréir leis an gcásdlí, bunaítear le hAirteagal 14(1) oibleagáid ar Údarás Faireacháin CSTE chun gnóthú cabhrach neamhdhleathaí agus neamh-chomhoiriúnaí a ordú mura mbeadh sé seo ag dul in aghaidh prionsabail ginearálta an dlí. Soláthraítear leis sin freisin go ndéanfaidh an Stát lena mbaineann gach beart is gá chun cabhair a fhaightear a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a gnóthú.

(246)

De bhun Airteagal 14(2), cuimseofar leis an gcabhair in-aisghabhála an t-ús a ríomhtar ón dáta a cuireadh an chabhair ar fáil don tairbhí go dtí dáta na haisghabhála. Mar a leagtar síos in Airteagal 14(3), cuirfear an gnóthú i bhfeidhm gan mhoill agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme de réir an dlí náisiúnta. Ní mór do na nósanna imeachta náisiúnta sin an cinneadh maidir le gnóthú láithreach agus éifeachtach a cheadú.

(247)

Tá forálacha cur chun feidhme breise maidir le gnóthú le fáil i gCinneadh Uimh. 195/04/COL an 14 Iúil 2004 (198). D’eisigh Údarás Faireacháin CSTE Treoirlínte freisin maidir le gnóthú cabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach (199).

(248)

Ar bhonn an mheasúnaithe thuasluaite, agus i gcomhréir leis na coinníollacha thuas maidir le Státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a gnóthú, dá bhrí sin ghlac Údarás Faireacháin CSTE an cinneadh sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is státchabhair neamhdhleathach atá neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE atá sa róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)) agus costas caipitil (beart (c)), a íocadh le cuideachtaí i ngrúpa BKK i leith soilsí sráide feadh bóithre bardasacha laistigh den Bhardas.

Airteagal 2

Baineann an róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), ar an gcéad dul síos, le bonneagar soilse sráide atá faoi úinéireacht ghrúpa BKK. Maidir leis an mbonneagar sin, cuimsítear leis an róchúiteamh na gnéithe a sháraíonn na costais atá incháilithe do chúiteamh faoin sásra i roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996.

Ar an dara dul síos, baineann an róchúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), le seirbhísí i leith na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais. Le haghaidh na seirbhísí sin, is éard atá an róchúiteamh na suimeanna a sháraíonn an praghas margaidh a d’fhéadfadh a fháil ar an margadh oscailte.

Airteagal 3

Cuimsítear leis an róchúiteamh i leith costas caipitil (beart (c)) an cúiteamh a sháraíonn leibhéal toraidh leordhóthanach atá ceadaithe faoin sásra i roinn 7(c) de chomhaontú díolachán 1996.

Airteagal 4

Maidir leis an gcúiteamh le haghaidh cothabhála agus oibrithe (beart (a)), baineann an toradh maidir le róchúiteamh atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 amháin. Maidir le bonneagar na soilse sráide atá faoi úinéireacht Ghrúpa BKK, táthar ag íoc an róchúitimh sin fós. Maidir leis na soilse sráide atá faoi úinéireacht an Bhardais, baineann an róchúiteamh le gníomhaíochtaí a rinneadh go dtí an 1 Aibreán 2020.

Airteagal 5

A mhéid a bhaineann le cúiteamh le haghaidh costas caipitil (beart (c)), cuimsítear leis an gcabhair a fuarthas a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach an róchúiteamh ar fad a tugadh laistigh den tréimhse teorann de 10 mbliana in Airteagal 15 de Chuid II de Phrótacal 3. Briseadh an tréimhse teorann sin tráth a sheol Údarás Faireacháin CSTE an gearán chuig údaráis na hIorua, agus d’iarr siad orthu a mbarúil a thabhairt air, le litir dar dáta an 1 Meitheamh 2017.

Airteagal 6

Déanfaidh Údaráis na hIorua gach beart is gá chun an chabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach dá dtagraítear in Airteagal 1, 2, 3, 4 agus 5 a ghnóthú.

Cuimseofar leis an gcabhair in-aisghabhála an t-ús agus an t-ús iolraithe a ríomhtar ón dáta a cuireadh an chabhair ar fáil don tairbhí go dtí dáta na haisghabhála. Déanfar an t-ús a ríomh de bhun Airteagal 9 arna leasú le Cinneadh Uimh. 195/04/COL ó Údarás Faireacháin CSTE.

Airteagal 7

Cuirfear an gnóthú i bhfeidhm gan mhoill agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoi dhlí náisiúnta na hIorua, ar choinníoll go gceadaítear leo cur i bhfeidhm láithreach agus éifeachtach an chinnidh seo.

Ní mór d’údaráis na hIorua a áirithiú go gcuirfear gnóthú an chúitimh seo chun feidhme laistigh de 4 mhí ón dáta ar a dtugtar fógra faoin gCinneadh seo.

Airteagal 8

Laistigh de 2 mhí ó thugtar fógra faoin gCinneadh seo, cuirfidh Údaráis na hIorua an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE:

1.

an méid iomlán (an phríomhshuim agus an t-ús gnóthaithe) atá le gnóthú;

2.

na dátaí a cuireadh na méideanna atá le gnóthú ar fáil do na cuideachtaí lena mbaineann i nGrúpa BKK;

3.

tuairisciú ar an dul chun cinn a rinneadh agus ar na bearta a rinneadh chun an Cinneadh seo a chomhlíonadh.

Airteagal 9

Má thagann údaráis na hIorua ar dheacrachtaí suntasacha a gcuireann cosc orthu aon cheann de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 7 agus 8, ní mór dóibh Údarás Faireacháin CSTE a chur ar na eolas faoi na deacrachtaí sin. Ar an gcoinníoll go bhfuil údar iomchuí curtha ar fáil ag údaráis na hIorua, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE na sprioc-amanna a fhadú i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis.

Airteagal 10

Is ar Ríocht na hIorua atá an Cinneadh seo dírithe.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE,

Arne RØKSUND

Uachtarán

Comhalta Coláiste Freagrach

Stefan BARRIGA

Comhalta Coláiste

Árni Páll ÁRNASON

Comhalta Coláiste

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  Cinneadh Uimh. 27/19/COL an 16 Aibreán 2019 chun imscrúdú foirmiúil a oscailt ar státchabhair fhéideartha arna deonú i ndáil le soilse sráide in Bergen, IO C 197, 13.6.2019, lch. 25, agus Forlíonadh LEE Uimh. 46, 13.6.2019, lch. 1.

(2)  An tráth a glacadh an cinneadh seo, bhí faisnéis faoi Nelfo ar fáil tríd an nasc seo a leanas: https://www.nho.no/en/english/nho-sectoral-federations/.

(3)  Doiciméad Uimh. 855990, le hiatáin comhdaithe mar Dhoiciméid Uimh. 855997, 855996, 855995, 858823, 858813, 858821, agus 855991. De réir faisnéis atá ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin www.proff.no, athraíodh ainm BKK AS go Eviny AS le déanaí. I bhfianaise na tréimhse ama lena mbaineann, agus an ghá le comhsheasmhacht leis an gcinneadh tosaigh a áirithiú, úsáidtear an t-ainm BKK AS sa chinneadh seo mar sin féin. Maidir leis na hainmneacha cuideachtaí eile dá dtagraítear anseo, is iad ainmneacha na hainmneacha sin a úsáidtear sa ghearán, agus sna haighneachtaí arna ndéanamh ag údaráis na hIorua agus ag páirtithe leasmhara.

(4)  Doiciméid Uimh. 858239.

(5)  Doiciméid Uimh. 863097, 863099, 864432, agus 864434.

(6)  Doiciméad Uimh. 872926.

(7)  Ibid.

(8)  Doiciméad Uimh. 873252.

(9)  Doiciméad Uimh. 923689.

(10)  Doiciméad Uimh. 1058456.

(11)  Bhí tionchar ag ráig COVID-19, agus ag an ualach oibre urghnách i dtéarmaí cásanna a fhógairt, ar an gcaoi a láimhseáladh an cás i ndáil leis an ngearán seo.

(12)  Doiciméad Uimh. 1070238.

(13)  Doiciméad Uimh. 1073541, lena n-áirítear iatáin arna gcomhdú mar Dhoiciméid Uimh. 1073542 agus 1073543.

(14)  Doiciméad Uimh. 1082647.

(15)  Doiciméad Uimh. 1126799.

(16)  Doiciméad Uimh. 1126803.

(17)  Doiciméad Uimh. 1126801.

(18)  Doiciméad Uimh. 1178400.

(19)  Sheol údaráis na hIorua a bhfreagra le ríomhphost an 12 Aibreán 2021, a comhdaíodh mar Dhoiciméad Uimh. 1202143. Comhdaíodh an litir chumhdaigh agus na ceangaltáin a ghabh léi mar Dhoiciméid Uimh. 1194243, 1194249, 1194179, 1194189, 1194181, 1194183, 1194199, 1194185, 1194187, 1194217, 1194191, 1194193, 1194197, 1194195, 1194255, 1194253, 1194205, 1194201, 1194203, 1194209, 1194207, 1194211, 1194213, 1194223, 1194215, 1194229, 1194219, 1194221, 1194225, 1194233, 1194227, 1194235, 1194231, 1194239, 1194251, 1194237, 1194245, 1194241, agus 1194247.

(20)  Doiciméad Uimh. 863099, lch. 1. Áirítear tuilleadh faisnéise faoi phointí 3 agus 4 thíos faoi na barúlacha ó údaráis na hIorua agus na páirtithe leasmhara.

(21)  Is ón suíomh gréasáin www.proff.no a fuarthas na figiúirí.

(22)  Doiciméid Uimh. 1126803, lch. 1 agus 1126801, lch. 1.

(23)  Féach míreanna 19 agus 34 den chinneadh tosaigh.

(24)  Doiciméad Uimh. 855990, lch. 6.

(25)  Doiciméad Uimh. 855990, lgh. 7-10.

(26)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 24 Iúil 2003, Altmark Trans agus Regierungspräsidium Magdeburg, C-280/00, EU:C:2003:415, míreanna 87-93.

(27)  Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (IO L 114, 26.4.2012, lch. 8), dá dtagraítear ag pointe 1ha d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, féach Cinneadh Uimh. 225/2012 ón gComhchoiste, arna fhoilsiú in IO L 81, 21.3.2013, lch. 27 agus Forlíonadh LEE Uimh 18, 21.3.2013, lch. 32, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1923 an 7 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a mhéid a bhaineann lena thréimhse cur i bhfeidhm (IO L 313, 10.12.2018, lch. 2), féach Cinneadh Uimh. 266/2019 ón gComhchoiste (nár foilsíodh go fóill) agus Rialachán (AE) 2020/1474 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 a mhéid a bhaineann le fadú a thréimhse cur i bhfeidhm agus maolú faoi cheangal ama do ghnóthais atá i gcruachás chun tionchar phaindéim COVID-19 a chur san áireamh (IO L 337, 14.10.2020, lch. 1), féach Cinneadh Uimh. 68/2021 ón gComhchoiste (nár foilsíodh go fóill).

(28)  Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le hAirteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar Státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a bhfuil de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3), dá dtagraítear ag pointe 1h d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, féach Cinneadh Uimh. 66/2012 ón gComhchoiste arna fhoilsiú in IO L 207, 2.8.2012, lch. 46 agus Forlíonadh LEE Uimh. 43, 2.8.2012, lch. 56.

(29)  Doiciméad Uimh. 855990, lch. 8.

(30)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 3.

(31)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 3.

(32)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 3.

(33)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 3.

(34)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 3.

(35)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 2.

(36)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 4.

(37)  Doiciméad Uimh. 1194189, lch. 2 (leathanach uimhrithe 1372).

(38)  Doiciméad Uimh. 1194189, lgh. 2-3 (leathanaigh uimhrithe 1372 agus 1373).

(39)  Doiciméad Uimh. 1194189, lch. 5 (leathanach uimhrithe 1375).

(40)  Doiciméad Uimh. 1194189, lgh. 5 agus 7 (leathanaigh uimhrithe 1375 agus 1376).

(41)  Uimh Doiciméid 1194179.

(42)  Doiciméad Uimh. 1194249.

(43)  Doiciméad Uimh. 1194179. Is mar a leanas atá an roinn sin san fhoclaíocht Ioruaise bhunaidh: “[…] kjøperen står fritt til å avtale på markedsmessige betingelser drift av veilys som skal innebære kostnadsdekning + NVE rente for den kapital som er bundet.”

(44)  Doiciméid Uimh. 1194249, lgh. 3-4, agus 1194183.

(45)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 6.

(46)  Doiciméad Uimh. 1194253, lgh. 1-5.

(47)  Doiciméad Uimh. 1194253.

(48)  Doiciméad Uimh. 1194253.

(49)  Doiciméad Uimh. 1194205, lgh. 1-5.

(50)  Cuireadh cóip den chonradh faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE an 28 Feabhra 2019. Tá sí comhdaithe mar Dhoiciméad Uimh. 1058456.

(51)  Doiciméad Uimh. 1058456.

(52)  Doiciméad Uimh. 1194203.

(53)  Doiciméad Uimh. 1194209.

(54)  Doiciméad Uimh. 1194211.

(55)  Doiciméad Uimh. 1194213.

(56)  Doiciméad Uimh. 1194223.

(57)  Doiciméad Uimh. 1194201.

(58)  Luaitear an conradh sin sa litir a comhdaíodh mar Dhoiciméad Uimh. 1194203.

(59)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 4 agus 1194249, lch. 13.

(60)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 13.

(61)  Doiciméad Uimh. 1194251 faoi phointí 1.6, 2.2, agus 8.

(62)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 13.

(63)  Doiciméad Uimh. 1194231.

(64)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 14.

(65)  An tráth a glacadh an cinneadh seo, bhí faisnéis chomhiomlánaithe faoi na seirbhísí arna soláthar ag grúpa BKK le fáil ag: https://www.eviny.no/vare-tjenester.

(66)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 1.

(67)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 15.

(68)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 15.

(69)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 16.

(70)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 4.

(71)  Doiciméad Uimh. 1126803, lch. 2.

(72)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 4, 6 agus lch. 7.

(73)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 4.

(74)  Lov om vegar (Acht Bóithre), LOV-1963-06-21-23.

(75)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 4.

(76)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 4, agus 1194249, lch. 5.

(77)  Tagraíonn údaráis na hIorua don bhreithiúnas in “Selex” go ginearálta. Bunaithe ar chomhfhreagras roimhe seo, agus ar an gcinneadh tosaigh, glacann Údarás Faireacháin CSTE leis go bhfuil údaráis na hIorua ag tagairt do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 26 Márta 2009, Selex Sistemi Integrati v an Coimisiún, C-113/07P, EU:C:2009:191, agus do bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Nollaig 2006, Selex Sistemi Integrati v an Coimisiún, T-155/04, EU:T:2006:387.

(78)  Doiciméid Uimh. 1126803, lch. 1, agus 1126801, lgh. 4-9.

(79)  Cinneadh Uimh. 3/17/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 18 Eanáir 2017 lena leasaítear, den chéad agus dara huair, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach ar choincheap na Státchabhrach dá dtagraítear i in Airteagal 61(1) den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch [2017/2413], IO L 342, 21.12.2017, lgh. 35 agus Forlíonadh LEE Uimh. 82, 21.12.2017, lch. 1.

(80)  Doiciméad Uimh. 1126801, lgh. 5-6.

(81)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 6.

(82)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 6.

(83)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 6.

(84)  Doiciméad Uimh. 1126803, lch. 2.

(85)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 7.

(86)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 7.

(87)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 7.

(88)  De réir údaráis na hIorua, is giorrúchán é an téarma KOSTRA le haghaidh KOmmune-STat-RApportering. Is é is príomhchuspóir don chomhiomlánú sonraí in KOSTRA tagarmharcáil a dhéanamh ar leibhéal costais seirbhísí poiblí éagsúla. Déanann Statistics Norway (SSB) na staitisticí a bhainistiú. Féach Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 10.

(89)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 7 agus 1194249, lch. 10. Tá an tábla leagtha amach ar leathanach 10 de Dhoiciméad Uimh. 1194249.

(90)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 7 agus 1194249, lch. 16.

(91)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 7-8, agus 1194249, lch. 16.

(92)  Ibid.

(93)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 11.

(94)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 8 agus 1194249, lch. 12.

(95)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 8.

(96)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 12.

(97)  Doiciméad Uimh. 1194249, lgh. 11-12.

(98)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 11.

(99)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 8, agus 1194249, lch. 7.

(100)  Doiciméad Uimh. 1194179. Mar a leagtar amach i bhfonóta 43, is mar a leanas atá an mhír san fhoclaíocht Ioruais bunaidh: “[…] kjøperen står fritt til å avtale på markedsmessige betingelser drift av veilys som skal innebære kostnadsdekning + NVE rente for den kapital som er bundet.”

(101)  Doiciméad Uimh. 1194249, lgh. 7-8.

(102)  Doiciméid Uimh. 1194249, lch. 8, agus 1194229, lch.. 4.

(103)  Doiciméid Uimh. 1194249, lch. 8, agus 1194221.

(104)  Doiciméid Uimh. 1194249, lgh. 8-9, agus 1194225.

(105)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 9.

(106)  Doiciméid Uimh. 1194249, lch. 8, agus 1194233.

(107)  Doiciméad Uimh. 1194227.

(108)  Doiciméad Uimh. 1194249, lgh. 9-10.

(109)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 8 agus 1194249, lch. 10.

(110)  Doiciméad Uimh. 1194235.

(111)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 10.

(112)  Doiciméad Uimh. 1194249, lch. 10.

(113)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 2.

(114)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 2.

(115)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 2.

(116)  Doiciméad Uimh. 1073541, lgh. 1-2.

(117)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 2.

(118)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 1.

(119)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 3.

(120)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 3.

(121)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 3.

(122)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 3.

(123)  Doiciméad Uimh. 1073541, lgh. 2-3.

(124)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 3.

(125)  Doiciméad Uimh. 1073541, lch. 3.

(126)  Cinneadh Uimh. 3/17/COL an 18 Eanáir 2017, a luaitear i bhfonóta 79.

(127)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 17 Samhain 2020 i gCás E-9/19 Abelia agus WTW AS v Údarás Faireacháin CSTE, mír 87; Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 21 Feabhra 2008 i gCás E-5/07 Private Barnehagers Landsforbund v Údarás Faireacháin CSTE [2008] CSTE Ct. Rep. 62, mír 78; Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 22 Márta 2002 i gCás E-8/00 Landsorganisasjonen i Norge v Kommunenes Sentralforbund agus Eile [2002] CSTE Ct. Rep. 114, mír 62.

(128)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 10 Bealtaine 2011 i gCásanna Uamtha E-4/10, E-6/10 agus E-7/10 Prionsacht Lichtinstéin agus eile v Údarás Faireacháin CSTE [2011] CSTE Ct. Rep lch. 16, mír 54; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Meitheamh 1987, An Coimisiún v An Iodáil, 118/85, EU:C:1987:283, mír 7; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Meitheamh 1998, an Coimisiún v an Iodáil, C-35/96, EU:C:1998:303, mír 36; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2000, Pavlov agus Eile, Cásanna Uamtha C-180/98 go C-184/98, EU:C:2000:428, mír 75.

(129)  Abelia agus WTW AS v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 88; Private Barnehagers Landsforbund v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 80.

(130)  Abelia agus WTW AS v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 89; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Samhain 2019, Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, C-687/17 P, EU:C:2019:932, míreanna 15-16.

(131)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Feabhra 1993, Poucet agus Pistre v AGF agus Cancava, Cásanna Uamtha C-159/91 agus C-160/91, EU:C:1993:63, míreanna 16 go 20.

(132)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 1 Iúil 2008, Motosykletistiki Omospondia Ellados NPID (MOTOE) v Elliniko Dimosio, C-49/07, EU:C:2008:376, mír 25.

(133)  Abelia agus WTW AS v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 90; Aanbestedingskalender agus Eile v an Coimisiún, a luaitear i bhfonóta 130, míreanna 17-19; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Iúil 2012, Compass-Datenbank GmbH v Republik Österreich, C-138/11, EU:C:2012:449, mír 38.

(134)  Private Barnehagers Landsforbund v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, míreanna 80-81.

(135)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais Stáit CSTE an 10 Nollaig 2020 i gCás E-13/19, Hraðbraut ehf. v mennta- og menningarmálaráðuneytið, Verzlunarskóli Íslands ses., Tækniskólinn ehf., agus Menntaskóli Borgarfjarðar ehf., mír 91; Private Barnehagers Landsforbund v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 81; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 27 Meán Fómhair 1988, Stát na Beilge v Humbel agus Edel., 263/86, EU:C:1988:451, mír 17.

(136)  Stát na Beilge v Humbel agus Edel, a luaitear i bhfonóta 135, mír 17.

(137)  Stát na Beilge v Humbel agus Edel, a luaitear i bhfonóta 135, mír 16.

(138)  Hraðbraut ehf., a luaitear i bhfonóta 135, mír 92.

(139)  Private Barnehagers Landsforbund v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, míreanna 82-84.

(140)  Abelia agus WTW AS v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, míreanna 95-97.

(141)  Breithiúnas an 27 Meitheamh 2017, Congregación de Escuelas Pías Provincia Betania v Ayuntamiento de Getafe, C-74/16, EU:C:2017:496, mír 51.

(142)  Doiciméad Uimh. 1126801, lch. 7.

(143)  Doiciméid Uimh. 1126801, lch. 4, agus 1194249, lch. 5.

(144)  Na breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Ghinearálta, a luaitear i bhfonóta 77.

(145)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79.

(146)  Abelia agus WTW AS v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 88; Private Barnehagers Landsforbund v Údarás Faireacháin CSTE, a luaitear i bhfonóta 127, mír 80.

(147)  Doiciméad Uimh. 1194227, lch. 2.

(148)  Cinneadh an 23 Márta 2022, Otera Traftec AS v Bardas Lillehammer, Cás 2021/1439; Cinneadh an 24 Márta 2021, Nett-Tjenester AS v Bardas Fredrikstad, Cás 2021/367; Cinneadh an 14 Meán Fómhair 2015, Nettpartner AS v Bardas Stavanger agus Eile, Cásanna Uamtha 2015/47, 2015/48, 2015/49 agus 2015/50; Cinneadh an 2 Meán Fómhair 2015, Traftec AS v Bardas Chontae Vest-Agder, Cás 2015/71. Tá na cinntí le fáil ar: https://www.klagenemndssekretariatet.no/klagenemda-for-offentlige-anskaffelser-kofa/.

(149)  Féach ranna 3.1.3 agus 3.1.4.

(150)  Na breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Ghinearálta, a luaitear i bhfonóta 77.

(151)  An breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta, a luaitear i bhfonóta 77, mír 1.

(152)  An breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, a luaitear i bhfonóta 77, míreanna 71-72.

(153)  An breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, a luaitear i bhfonóta 77, míreanna 116-117.

(154)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79.

(155)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79 mír 48 agus an cásdlí a luaitear.

(156)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79 mír 66; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 11 Iúil 1996, Syndicat français de l’Express international (SFEI) agus eile v La Poste agus eile, C-39/94, EU:C:1996:285, mír 60; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Aibreán 1999, An Spáinn v an Choimisiúin, C-342/96, EU:C:1999:210, mír 41.

(157)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 2 Iúil 1974, an Iodáil v an Coimisiún, 173/73, EU:C:1974:71, mír 13; Breithiúnas ón gCúirt CSTE an 17 Lúnasa 2012 i gCás E-12/11 Asker Brygge v Údarás Faireacháin CSTE [2012] CSTE Ct. Rep lch. 536, mír 55; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Samhain 2003, Ministère de l’Économie, des Finances et de l’Industrie v GEMO SA, C-126/01, EU:C:2003:622, mír 28.

(158)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Eanáir 1999, BAI v an Coimisiún, T-14/96, EU:T:1999:12, mír 71.

(159)  Altmark, mar a luaitear i bhfonóta 26, míreanna 87-93.

(160)  IO L 161, 13.6.2013, lch. 12 (Iarscríbhinn I) agus Forlíonadh LEE Uimh. 34, 13.6.2013, lch. 1 (Iarscríbhinn I).

(161)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Nollaig 2017, Comunidad Autónoma del País Vasco agus Eile v an Coimisiún, C-66/16 P, EU:C:2017:654, míreanna 72-73.

(162)  Ibid, míreanna 74-75.

(163)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 23 Deireadh Fómhair 1997, an Coimisiún v Poblacht na Fraince, C-159/94, EU:C:1997:501, mír 65.

(164)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 7 Samhain 2012, Coordination bruxelloise d’institutions sociales et de santé (CBI) v an Coimisiún, T-137/10, EU:T:2012:584, mír 109.

(165)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 26 Samhain 2015, an Spáinn v an Coimisiún, T-461/13, EU:T:2015:891, mír 71. Seasadh leis an mbreithiúnas ar a achomharc sa bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Nollaig 2017, an Spáinn v an Coimisiún, C-81/16 P, EU:C:2017:1003. Féach go háirithe mír 49 den bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais.

(166)  Mír 33 den Chinneadh Tosaigh.

(167)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79 mír 76; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Márta 1991, an Iodáil v an Coimisiún, C-305/89, EU:C:1991:142, mír 19; Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 6 Márta 2003, Westdeutsche Landesbank Girozentrale agus Land Nordrhein-Westfalen v an Coimisiún, Cásanna Uamtha T-228/99 agus T-233/99, EU:T:2003:57, mír 208.

(168)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79 mír 77; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 5 Meitheamh 2012, An Coimisiún v Électricité de France (EDF), C-124/10 P, EU:C:2012:318, míreanna 79, 80 agus 81.

(169)  Westdeutsche Landesbank Girozentrale, a luaitear i bhfonóta 167, míreanna 245-246.

(170)  Syndicat français de l’Express international (SFEI), a luaitear i bhfonóta 156, míreanna 60-61.

(171)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 2 Meán Fómhair 2010, an Coimisiún v Scott SA, C-290/07 P, EU:C:2010:480, mír 68. Féach freisin breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 27 Aibreán 2022, Petra Flašker v an Coimisiún, T-392/20, EU:T:2022:245, i mír 42.

(172)  Électricité de France (EDF), a luaitear i bhfonóta 168, mír 102.

(173)  Westdeutsche Landesbank Girozentrale, mar a luaitear i bhfonóta 167, míreanna 245 agus 246.

(174)  Féach a mhéid a bhaineann le comhaontuithe rogha an breithiúnas in Asker Brygge, a luaitear i bhfonóta 157, ag mír 57 le tuilleadh tagairtí do chásdlí.

(175)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Iúil 2003, Chronopost v Ufex agus Eile, Cásanna Uamtha C-83/01 P, C-93/01 P agus C-94/01 P, EU:C:2003:388, míreanna 36-37.

(176)  Ibid, míreanna 38-40.

(177)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79 míreanna 89-96.

(178)  Sa litir ón 12 Aibreán 2021, comhdaithe mar Dhoiciméad Uimh. 1194249, luaigh Údaráis na hIorua ar leathanach 11 nach bhfuil na “coinníollacha ná na téarmaí sa chomhaontú maidir le cothabháil agus oibriú idir Bardas Bergen agus Veilys AS athruithe (…) mar gheall ar shuiteáil na ndaingneán LED.”

(179)  Féach mír (163) thuas ina bhfuil tagairtí do chásdlí.

(180)  Bileog eolais NVE Uimh. 3/2021, a tugadh cothrom le dáta ar an 14 Nollaig 2021. An tráth a glacadh an cinneadh seo, bhí an bileog eolais ar fáil tríd an nasc seo a leanas: https://webfileservice.nve.no/API/PublishedFiles/Download/968a7fea-1dde-4094-836a-6ad8ef9aef7c/202119109/3425690.

(181)  Bileog eolais NVE Uimh. 8/2021, a tugadh cothrom le dáta ar an 14 Nollaig 2021. An tráth a glacadh an cinneadh seo, bhí an bileog eolais ar fáil tríd an nasc seo a leanas: https://webfileservice.nve.no/API/PublishedFiles/Download/6c8f4e29-3c0e-418c-a1b4-3d366df1bd71/202119109/3425693.

(182)  Ibid.

(183)  Bileog eolais NVE Uimh. 8/2021, a luaitear i bhfonóta 181 thuas.

(184)  Bileog eolais NVE Uimh. 3/2021, a luaitear i bhfonóta 180 thuas.

(185)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 29 Iúil 2019, Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) v Azienda Napoletana Mobilità SpA, C-659/17, EU:C:2019:633, mír 29 agus an cásdlí a luaitear.

(186)  Treoirlínte maidir le coincheap na státchabhrach, mar a luaitear i bhfonóta 79, mír 188.

(187)  Fógra ón gCoimisiún Eorpach maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) CFAE, IO C 262, 19.7.2016, lch. 1.

(188)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Arriva Italia Srl agus Eile v Ministero delle Infrastrutture e dei Trasporti, C-385/18, EU:C:2019:1121, mír 57 go mír 58.

(189)  INPS, a luaitear i bhfonóta 185, míreanna 30-31 agus an cásdlí a luaitear.

(190)  Cásanna 2021/1439, 2021/367 agus 2015/71 a luaitear i bhfonóta 148.

(191)  Maidir leis sin, féach Breithiúnas ón gCúirt Breithiúnais an 15 Aibreán 2008, Nuova Agricast Srl v Ministero delle Attività Produttive, C-390/06, EU:C:2008:224, mír 68 agus an cásdlí a luaitear.

(192)  Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, tá Údarás Faireacháin CSTE den tuairim go bhfuil na soilse sráide sin faoi úinéireacht Veilys AS faoi láthair.

(193)  Airteagal 15 de Chuid II de Prótacal de Phrótacal 3. Féach freisin breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2005, Scott SA v an Coimisiún, C-276/03, EU:C:2005:590.

(194)  Doiciméid Uimh. 858239.

(195)  Prionsacht Lichtinstéin agus Eile, a luaitear i bhfonóta 128, mír 142; Breithiúnas ó Chúirt CSTE an 8 Deireadh Fómhair 2012 i gCásanna Uamtha E-10/11 agus E-11/11 Hurtigruten ASA v Údarás Faireacháin CSTE [2012] Tuarascáil ó Údarás Faireacháin CSTE lch. 758, mír 286.

(196)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Meitheamh 1999, an Bheilg v an Coimisiún, C-75/97, ECLI:EU:C:1999:311, míreanna 64 agus 65; Cásanna uamtha E-5/04, E-6/04 agus E-7/04 Fesil agus Finnfjord, PIL agus eile agus an Iorua v Údarás Faireacháin CSTE [2005] CSTE Ct. Rep. 121 i mír 178; Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Márta 2002, an Iodáil v an Coimisiún, C-310/99, EU:C:2002:143, mír 98.

(197)  Féach na Treoirlínte maidir le gnóthú státchabhair neamhdhleathach agus státchabhair neamhréireach, a luaitear i bhfonóta 199thíos, ag mír 36 le tagairtí do Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Deireadh Fómhair 2000, An Spáinn v An Coimisiún, C-480/98, EU:C:2000:559, mír 25, agus Breithiúnas na Cúirte Bhreithiúnais an 2 Feabhra 1988, Kwekerij Gebroeders van der Kooy BV agus eile v An Coimisiún, Cásanna uamtha C-67/85, C-68/85, agus C-70/85, EU:C:1988:38. Féach freisin Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 13 Feabhra 2014, Mediaset SpA v Ministero dello Sviluppo economico, C-69/13, EU:C:2014:71, i mír 21 le tagairtí do chásdlí.

(198)  Údarás Faireacháin CSTE Cinneadh Uimh. 195/04/COL an 14 Iúil 2004 maidir leis na forálacha dá dtagraítear faoi Airteagal 27 i gCuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú, IO L 139, 25.5.2006, lch. 37, agus Forlíonadh LEE Uimh. 26/2006, 25.5.2006, lch. 1, arna leasú le Cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE Uimh. 789/08/COL an 17 Nollaig 2008 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 195/04/COL ón gColáiste maidir le cuir chun feidhme na forálacha dá dtagraítear faoi Airteagal 27 i gCuid II de Phrótacal 3 den Comhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha caighdeánacha maidir le fógra faoi chabhair, IO L 340, 22.12.2010, lch. 1 agus Forlíonadh LEE Uimh. 72/2010, 22.12.2010, lch. 1.

(199)  Cinneadh Uimh. 788/08/COL an 17 Nollaig 2008 ó Údarás Faireacháin CSTE lena leasaítear, den seachtú uair is seasca, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí chaibidil nua a thabhairt isteach maidir le gnóthú Státchabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a gnóthú, IO L 105, 21.4.2011, lch. 32–78, agus Forlíonadh LEE Uimh. 23/2011, 21.4.2011, lch. 1. Freagraíonn na Treoirlínte d’Fhógra ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme éifeachtach cinntí an Choimisiúin lena dtugtar ordú do na Ballstáit Státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a gnóthú, IO 2007 C 272, 15.11.2007, lch. 4.


Ceartúcháin

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/110


Ceartúchán ar cheartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 196 an 25 Iúil 2022 )

Ar leathanach 2, sa teideal:

in ionad:

“Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/... ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla”;

léitear:

“Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na mionsonraí maidir le hábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta, agus ábhar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla”.


12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/111


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2268 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an mhodheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 455 I an 20 Nollaig 2021 )

Ar leathanach 1, sa teideal:

in ionad:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/... ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an mhodheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin”,

léitear:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2268 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an mhodheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin”.


12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/112


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 335 an 29 Nollaig 2022 )

Ar leathanach 66, in Aithris (14):

in ionad:

“Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXXX chun dóthain ama a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.”,

léitear:

“Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 18 Iúil 2023 chun dóthain ama a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.”.

Ar leathanach 75, in Airteagal 13:

in ionad:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXXX.”,

léitear:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 18 Iúil 2023.”.


12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 10/113


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2581 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar faisnéise in iarratais ar údarú mar údarás creidmheasa

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 335 an 29 Nollaig 2022 )

Ar leathanach 86, i bhfonóta (2):

in ionad:

“ Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil (IO L 335, XX.XX.XXXX, lch. 64).”,

léitar:

“ Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachtaúdarás inniúil (IO L 335, 29.12.2022, lch. 64).”.

Ar leathanach 87, in Airteagal 3:

in ionad:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa arna gcur isteach ar XX.XX.XXX nó ina dhiaidh.”,

léitear:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa arna gcur isteach ar 18.7.2023 nó ina dhiaidh.”.

Ar leathanach 87, in Airteagal 4:

in ionad:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXX.”,

léitar:

“Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 18.7.2023.”.

Ar leathanach 88, san Iarscríbhinn, i bhfonóta (1):

in ionad:

“O L 335, XX.XX.XXXX, lch. 64.”,

léitear:

O L 335, 29.12.2022, lch. 64.”.