ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 5

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
6 Eanáir 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/56 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/57 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/58 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena n-údaraítear foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/59 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 )

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/60 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta (sealbhóir an údaraithe: BASF SE) ( 1 )

19

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/61 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid in-1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, ullmhóid in-1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 )

24

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/62 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ( 1 )

31

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Chomhchoiste na hEilvéise-an Comhphobail um Thalmhaíocht an 17 Samhain 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta [2023/63]

32

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/56 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla sonracha le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) i bhfolimistéar 6 go 8 ICES

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(2) agus Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1241 (“an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla”) maidir leis na bearta caomhnaithe i gcomhair acmhainní iascaigh agus le héiceachórais mhuirí a chosaint trí bhíthin bearta teicniúla, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Lúnasa 2019. Le hIarscríbhinní VI agus VII den Rialachán sin, leagtar síos bearta sonracha teicniúla réigiúnacha le haghaidh Uiscí an Iarthuaiscirt agus Uiscí an Iardheiscirt d’uiscí an Aontais.

(2)

Tá leas díreach bainistíochta ag an mBeilg, ag an Spáinn, ag an bhFrainc, ag Éire agus ag an Ísiltír, (“Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt”) in Uiscí an Iarthuaiscirt; Tá leas díreach bainistíochta ag an mBeilg, ag an Spáinn, ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an bPortaingéil (“Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt”) in Uiscí an Iardheiscirt. An 5 Márta 2021, chuir an dá ghrúpa réigiúnacha dhá mholadh chomhpháirteacha isteach inar moladh bearta chun feabhas a chur ar stádas caomhnaithe deargán (Pagellus bogaraveo) a ndearna an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) measúnú orthu le comhairle lenar moladh gabháil nialasach i bhfolimistéir 6 go 8 ICES don tréimhse 2021-2022 (2). I mí an Mhárta 2022, chuir na Ballstáit leaganacha nuashonraithe de na moltaí comhpháirteacha sin inar moladh síneadh a chur leis an dáta deiridh atá beartaithe i gcás beart áirithe.

(3)

Chuathas i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt agus le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iardheiscirt maidir leis na moltaí comhpháirteacha sin i mí an Mhárta 2021 agus i mí Feabhra 2021 faoi seach.

(4)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú ar na moltaí comhpháirteacha agus ar an bhfianaise a chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt agus Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt ar fáil sa seisiún iomlánach i mí na Bealtaine 2021 (3). Moltar sna moltaí comhpháirteacha sin cineál na mbeart teicniúil a ghlac an Fhrainc agus an Spáinn roimhe sin ar an leibhéal náisiúnta a leathnú, agus rinne STECF measúnú orthu sna seisiúin iomlánacha i mí Aibreáin 2019 (4) agus mí an Mheithimh 2019 (5) chun go mbeidh siad i bhfeidhm in imchuacha farraige Uiscí an Iarthuaiscirt agus Uiscí an Iardheiscirt.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú (EGFA) maidir leis na moltaí comhpháirteacha trí nós imeachta i scríbhinn i mí na Bealtaine 2022.

(6)

Leis an moladh comhpháirteach ó Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt, moltar dúnadh spásúil/ama i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu chun deargán a iascach i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES. Tháinig STECF (6) ar an gconclúid go bhféadfadh an beart bainistíochta gabhálacha deargán a laghdú agus go bhfuil an dúnadh spásúil/ama le haghaidh iascaigh thráchtála ag teacht le tréimhse sceite an speicis sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an beart atá beartaithe a áireamh i Rialachán (AE) 2019/1241.

(7)

Moltar leis an moladh comhpháirteach ó Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt dúnadh spásúil/ama séasúrach le haghaidh iascaigh thráchtála mar aon le dúnadh ó cheann ceann na bliana le haghaidh iascaigh áineasa i roinnt limistéar. Cuimsítear leis an moladh comhpháirteach freisin dúnadh séasúrach breise i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu chun deargán a iascach i bhfolimistéar 8 ICES. Tháinig STECF (7) ar an gconclúid go bhfuil an dúnadh le haghaidh iascaigh thráchtála i láthair inar dócha go dtarlóidh sceitheadh agus gur cosúil go bhfuil an dúnadh le haghaidh iascaigh áineasa i limistéir ina mbailíonn deargán óg le chéile. Ba cheart, dá bhrí sin, na bearta atá beartaithe a chuimsiú i Rialachán (AE) 2019/1241.

(8)

Ina theannta sin, moltar leis an dá mholadh chomhpháirteacha íosmhéideanna tagartha caomhnaithe (MCRS) de 36 cm agus de 40 cm a shocrú le haghaidh gabhálacha deargán in iascaigh thráchtála agus in iascaigh áineasa, faoi seach. In Uiscí an Iarthuaiscirt, beartaítear leis an Rialachán seo Iarscríbhinn VI a leasú chun Íosmhéideanna Tagartha Caomhnaithe (MCRS) a mhéadú go dtí 36 cm i gcás iascaigh thráchtála agus 40 cm i gcás iascaigh áineasa. In Uiscí an Iarthuaiscirt, beartaítear leis an Rialachán seo Iarscríbhinn VII a leasú chun MCRS de 36 cm a áireamh le haghaidh iascaigh thráchtála. Tá MCRS de 40 cm le haghaidh iascaigh áineasa ina oibleagáid dhlíthiúil cheana féin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2013 ón gCoimisiún (8).

(9)

Tháinig STECF (9) ar an gconclúid go bhfuil eilimintí dearfacha sa mholadh chomhpháirteach a chuirfidh feabhas ar bhainistiú na stoc, ach de dheasca easpa sonraí tacaíochta, ní féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar na mbeart sin ar na stoic faoi seach. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na bearta sin faoin 31 Nollaig 2023 i bhfianaise na staidéar eolaíoch atá ar siúl faoi láthair agus ar feitheamh na comhairle nua maidir leis an deargán a thabharfaidh ICES in 2023. Ó tharla go gcuireann iascaigh thráchtála agus áineasa araon le básmhaireacht fhoriomlán iascaireachta stoic a bhfuil sonraí gann ina leith agus le comhairle lena moltar gabháil nialasach, ba cheart an MCRS atá beartaithe a áireamh in Iarscríbhinní VI agus VII de Rialachán (AE) 2019/1241, cé is moite d’iascaigh áineasa in Iarscríbhinn VII, ar oibleagáid dhlíthiúil í cheana féin.

(10)

Ar an iomlán, cé nach féidir le STECF (10) a mheas an laghdófar na gabhálacha deargán, is feabhas iad na bearta bainistíochta sin i gcomparáid leis na bearta a cuireadh i láthair in 2019 agus tá sé d’acmhainn acu gabhálacha deargán a laghdú i gcomparáid leis na bearta bonnlíne dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1241. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní VI agus VII de Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú chun na bearta sin a chur san áireamh.

(11)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(12)

Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (11), agus tabharfar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

(2)  https://www.ices.dk/sites/pub/Publication%20Reports/Advice/2020/2020/sbr.27.6-8.pdf

(3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

(4)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2485362/STECF+PLEN+19-01.pdf

(5)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2620849/STECF+PLEN+19-03.pdf

(6)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

(7)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2013 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla d’iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iardheiscirt (IO L 415, 10.12.2020, lch. 3).

(9)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

(10)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf

(11)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn VI, leasaítear Cuid A mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an naoú hiontráil déag den tábla:

“Deargán (Pagellus bogaraveo)

36 cm (1)  (2)  (3)

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i bpointe 1 faoin tábla thíos:

“1.

Na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shonraítear sa Chuid seo le haghaidh an troisc (Gadus morhua), na cadóige (Melanogrammus aeglefinus), an ghlasáin (Pollachius virens), an mhangaigh (Pollachius pollachius), an cholmóra (Merluccius merluccius), an scoilteáin (Lepidorhombus spp.), an tsóil (Solea spp.), na leathóige (Pleuronectes platessa), an fhaoitín (Merlangius merlangus), an langa (Molva molva), an langa ghoirm (Molva dypterygia), an ronnaigh (Scomber spp.), an scadáin (Clupea harengus), an bholmáin (Trachurus spp.) agus an ainseabhaí (Sardina pilchardus), beidh feidhm acu maidir le hiascaigh áineasa in Uiscí an Iarthuaiscirt, seachas le haghaidh an deargáin (Pagellus bogaraveo), a mbeidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe (MCRS) de 40 cm ina leith i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES go dtí an 31 Nollaig 2023(1).

(1)

In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2023, 33 cm a bheidh sa MCRS is infheidhme le haghaidh deargán amhail ón 1 Eanáir 2024.”

(2)

In Iarscríbhinn VI, cuirtear an pointe seo a leanas le Cuid C:

“11.

Limistéir choiscthe chun deargán a chaomhnú i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES

11.1

Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2023, beidh toirmeasc ar shoithí, a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu, gach iascaireacht a dhéanamh ar dheargán i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES.”

(3)

In Iarscríbhinn VII, Cuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fichiú iontráil den tábla:

“Deargán (Pagellus bogaraveo)

36 cm (4)  (5)

(4)

In Iarscríbhinn VII, cuirtear an pointe seo a leanas le Cuid C:

“5.

Limistéir choiscthe chun deargán a chaomhnú i bhfolimistéar 8 ICES

5.1

Ón 1 Feabhra go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir ghrinneallsocraithe (LLS) agus tráil ghrinnill (OTB) i limistéar thiar na, os coinne Asturias agus Ghailís, laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach de rumlínte, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáidí WGS84:

43°47'00'' N, 005°15'00'' W

43°47'00'' N, 005°12'00'' W

43°43'00'' N, 005°12'00'' W

43°43'00'' N, 005°15'00'' W

43°55'00'' N, 006°46'00'' W

43°55'00'' N, 006°37'00'' W

43°53'00'' N, 006°46'00'' W

43°53'00'' N, 006°37'00'' W

44°00'49'' N, 007°01'12'' W

44°00'49'' N, 006°57'26'' W

43°58'32'' N, 006°57'26'' W

43°58'32'' N, 007°01'12'' W

44°02'48'' N, 007°13'49'' W

44°00'15'' N, 007°10'03'' W

44°00'15'' N, 007°10'03'' W

44°00'15'' N, 007°13'49'' W.

44°10'00'' N, 008°18'00'' W

44°10'00'' N, 008°14'00'' W

44°07'00'' N, 008°14'00'' W

44°07'00'' N, 008°18'00'' W

43°34'00'' N, 004°44'00'' W

43°34'00'' N, 004°39'00'' W

43°32'00'' N, 004°39'00'' W

43°32'00'' N, 004°44'00'' W

44°07'00'' N, 007°50'00'' W

44°07'00'' N, 007°45'00'' W

44°05'00'' N, 007°45'00'' W

44°05'00'' N, 007°50'00'' W

5.2

Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh gach bliain, beidh toirmeasc ar dheargán a iascach i bhfolimistéar 8 ICES ar shoithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu.

5.3

I gcás iascaigh áineasa, beidh toirmeasc ar dheargán a iascach laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach de rumlínte, a dhéanfar a thomhas de réir chóras comhordanáidí WGS84:

Limistéar RF 1 (Cariño/Celeiro)

43°46'23'' N, 007°52'04'' W

43°48'30'' N, 007°52'04'' W

43°49'26'' N, 007°41'17'' W

43°45'44'' N, 007°33'21'' W

43°43'49'' N, 007°33'21'' W

Limistéar RF 2 (Ribadeo)

43°33'26'' N, 007°02'58'' W

43°35'27'' N, 007°02'58'' W

43°35'29'' N, 007°01'20'' W

43°33'33'' N, 007°01'20'' W

Limistéar RF 3 (Navia):

43°33'51'' N, 006°44'02'' W

43°35'52'' N, 006°44'02'' W

43°35'52'' N, 006°42'32'' W

43°33'52'' N, 006°42'32'' W

Limistéar RF 4 (Ensenada Canero)

43°33'10'' N, 006°28'55'' W

43°34'53'' N, 006°30'17'' W

43°36'14'' N, 006°28'13'' W

43°34'18'' N, 006°28'13'' W

Limistéar RF 5 (Ensenada de Cabrera/Ría San Martín de la Arena)

43°26'18'' N, 004°04'51'' W

43°28'22'' N, 004°04'51'' W

43°28'55'' N, 004°01'17'' W

43°26'56'' N, 004°01'17'' W

Limistéar RF 6 (Ría de Treto)

43°27'49'' N, 003°25'58'' W

43°28'59'' N, 003°23'36'' W

43°26'16'' N, 003°22'27'' W

43°25'09'' N, 003°24'41'' W

Limistéar RF 7 (Bilbao/Plentzia)

43°21'18'' N, 003°07'47'' W

43°23'18'' N, 003°07'47'' W

43°28'13'' N, 002°56'42'' W

43°26'08'' N, 002°56'42'' W

Limistéar RF 8 (Bermeo/Mundaka)

43°25'36'' N, 002°43'23'' W

43°27'35'' N, 002°43'23'' W

43°26'57'' N, 002°38'45'' W

43°24'57'' N, 002°38'45'' W

5.4

Beidh feidhm ag na bearta a liostaítear i bpointí 5.1 go 5.3 go dtí an 31 Nollaig 2023.”


(1)  Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

(2)  I bhfolimistéir 6 agus 7 ICES, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm maidir leis na gabhálacha deargán in iascaigh áineasa.

(3)  In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2023, 33 cm a bheidh sa MCRS is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2024.”

(4)  Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

(5)  In éagmais rialacha nua arna nglacadh roimh an 31 Nollaig 2023, 33 cm a bheidh sa MCRS is infheidhme amhail ón 1 Eanáir 2024.”


6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/57 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), Airteagal 64(3), pointe (d), agus Airteagal 94(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (2), forlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh réamhíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe a mhéid a bhaineann leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)agus a mhéid a bhaineann le bearta lena rialaítear margaí talmhaíochta nó lena dtacaítear leo. Chun a áirithiú go n-íocfar réamhíocaíochtaí ar bhealach comhleanúnach agus neamh-idirdhealaitheach agus chun cosaint chistí an Aontais a ráthú, is iomchuí coinníollacha sonracha a leagan amach maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i bhfoirm céatadáin uasta den chaiteachas réamh-mheasta, agus maidir leis an gceanglas atá ar thairbhithe urrús a thaisceadh.

(3)

Ina theannta sin, ba cheart na forálacha maidir le hurrúis a leagtar síos i gCaibidil IV de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a oiriúnú chun na coinníollacha sonracha sin a chur san áireamh.

(4)

In Airteagal 24(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, tá an tagairt d’Airteagal 27 mícheart agus ba cheart tagairt d’Airteagal 26 den Rialachán sin a chur ina ionad.

(5)

Maidir le híocaíochtaí cabhrach faoi chláir bheachadóireachta arna ndéanamh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is iomchuí leanúnachas a áirithiú tríd an teagmhas oibríochtúil is infheidhme faoi láthair don ráta malairte a choinneáil ar bun.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a leasú agus a cheartú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an Chaibidil IIIa seo a leanas:

“CAIBIDIL IIIa

Coinníollacha sonracha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc

Airteagal 15a

Coinníollacha sonracha maidir le réamhíocaíochtaí a íoc dá dtagraítear in Airteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116

1.   Ní rachaidh íocaíocht na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 44(3a) de Rialachán (AE) 2021/2116 thar 80 % de chaiteachas réamh-mheasta an chláir oibríochtúil fhormheasta nó, i gcás inarb ábhartha, de chaiteachas réamh-mheasta na n-idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagail 55 agus 58 de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Beidh íocaíocht na réamhíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir urrús atá coibhéiseach ar a laghad le méid na réamhíocaíochta a thaisceadh.”

;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo i gcásanna ina bhforáiltear le rialacha sonracha an Aontais gur féidir suim a réamhíoc sula gcomhlíontar an oibleagáid arna bunú chun aon chabhair nó buntáiste a fháil.’

;

(3)

in Airteagal 28, cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   Beidh ag gabháil leis na hiarratais ar scaoileadh an urrúis a bhaineann le réamhíocaíochtaí doiciméid tacaíochta lena gcruthaítear teidlíocht deiridh maidir leis an tsuim a deonaíodh nó lena gcruthaítear gur aisíocadh an tsuim a deonaíodh, móide aon mhéid breise dá bhforáiltear i rialacha sonracha an Aontais.”

;

(4)

cuirtear an tAirteagal 31a seo a leanas isteach:

“Airteagal 31a

Cláir bheachadóireachta

I gcás méideanna arna n-íoc mar chabhair faoi chláir bheachadóireachta de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 1308/2013, is é an 1 Eanáir den bhliain ina ndéantar an íocaíocht a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.”

.

Airteagal 2

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127

In Airteagal 24 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:

“4.   Má chomhlíontar oibleagáid go tráthúil, agus má tá cur i láthair an chruthúnais ar chomhlíonadh faoi réir teorainn ama shocraithe, déanfar an t-urrús lena gcumhdaítear an oibleagáid sin a fhorghéilleadh maidir le gach lá féilire lena sáraítear an teorainn ama sin de réir na foirmle 0,2/teorainn ama i laethanta arna socrú, agus Airteagal 26 á chur san áireamh.”

.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 20, 31.1.2022, lch. 95).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/58 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Eanáir 2023

lena n-údaraítear foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852r/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 7 Eanáir 2018, rinne an chuideachta Ynsect NL B.V. (ar a dtugtaí Proti-Farm Holding NV roimhe seo) (“an t-iarratasóir”) iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí foirmeacha reoite, leafaois (meilte), triomaithe agus púdair (meilte) de larbhaí Alphitobius diaperinus mar chomhábhar bia i roinnt táirgí bia don phobal i gcoitinne, agus i bhfoirm púdair i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) don phobal fásta.

(4)

Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiún ar chosaint sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin sonraí anailíseacha maidir le comhdhéanamh an bhia núíosaigh (4), na staidéir chobhsaíochta ar an mbia núíosach (5), an staidéar in vitro ar dhíleáiteacht na bpróitéiní (6), agus an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach (90 lá) (7).

(5)

An 17 Iúil 2018, d’iarr an Coimisiún ar Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar fhoirmeacha reoite agus reothriomaithe de na larbhaí Alphitobius diaperinus mar bhia núíosach.

(6)

An 26 Aibreán 2022, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le Safety of frozen and freeze-dried formulations of the lesser mealworm (Alphitobius diaperinus larvae) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht foirmlithe reoite agus reothriomaithe den mhinphéist bheag (larbhaí Alphitobius diaperinus) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] (8) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Ina thuairim eolaíoch, chinn an tÚdarás go bhfuil foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus sábháilte faoi na coinníollacha úsáide agus ag na leibhéil úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí, i gcás na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus faoi na coinníollacha úsáide measúnaithe, go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir lena gcur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim eolaíoch sin, chinn an tÚdarás freisin, ar bhonn na fianaise teoranta atá foilsithe maidir le hailléirgí bia a bhaineann le feithidí, go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh a bheith ina chúis le híogrú phríomha agus le frithghníomhuithe ailléirgeacha le próitéiní minphéisteanna beaga. Mhol an tÚdarás go ndéanfaí tuilleadh taighde ar ailléirgineacht na larbhaí Alphitobius diaperinus.

(9)

Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag déanamh scrúdú faoi láthair ar bhealaí chun an taighde riachtanach a dhéanamh maidir le hailléirgineacht larbhaí Alphitobius diaperinus. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí arna nginiúint leis an taighde sin, agus ós rud é, go dtí seo, gur neamhchonclúideach í an fhianaise a nascann caitheamh larbhaí Alphitobius diaperinus go díreach le cásanna d’íogrú príomha agus d’ailléirgí, measann an Coimisiún nár cheart aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhféadfadh larbhaí Alphitobius diaperinus a bheith ina chúis le híogrú príomha, measann an Coimisiún nár cheart aon ceanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(10)

Ina thuairim eolaíoch, mheas an tÚdarás freisin go bhféadfadh caitheamh larbhaí Alphitobius diaperinus a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás daoine atá ailléirgeach le crústaigh agus le fíneoga deannaigh. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach sa chás go mbeadh na hailléirginí céanna sa tsubstráit lena mbeathaítear na feithidí. Dá bhrí sin, maidir le foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus iontu féin agus bianna a bhfuil siad iontu, is iomchuí na táirgí sin a lipéadú go hiomchuí de réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Níor cheart do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois na forbhianna ina bhfuil Alphitobius diaperinus a thomhailt agus, dá bhrí sin, ba cheart ceanglas maidir le lipéadú a sholáthar chun na tomhaltóirí a chur ar an eolas go cuí faoi sin.

(12)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí anailíseacha maidir le comhdhéanamh an bhia núíosaigh, na staidéir chobhsaíochta ar an mbia núíosach, an staidéar in vitro ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, agus an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach 90 lá a chuir an t-iarratasóir isteach, agus nach bhféadfadh an tÚdarás measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach agus a chonclúid a bhaint amach dá n-uireasa.

(13)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(14)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, ceart dílseánaigh eisiach aige ar na sonraí eolaíocha ó na staidéir sin.

(15)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha acu gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí eolaíocha maidir le comhdhéanamh an bhia núíosaigh, na staidéir chobhsaíochta ar an mbia núíosach, an staidéar in vitro ar dhíleáiteacht na bpróitéiní, agus an staidéar ar thocsaineacht fho-ainsealach 90 lá a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)

Mar sin féin, i dtaca le srianadh údarú foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus, agus leis an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh seo iarratas a chur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(17)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(18)

Ba cheart na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) lena gcur ar an margadh laistigh den Aontas.

Ba cheart na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta Ynsect NL B.V (9). an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú Ynsect NL B.V.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú Ynsect NL B.V.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(4)  Ynsect NL B.V. 2018, 2019, 2020 agus 2021 (nár foilsíodh).

(5)  Ynsect NL B.V. 2019 agus 2020 (nár foilsíodh).

(6)  Ynsect NL B.V. 2018 agus 2019 (nár foilsíodh).

(7)  Ynsect NL B.V. 2021 (nár foilsíodh).

(8)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(7):7325.

(9)  Seoladh: Harderwijkerweg 141B, 3852 AB Ermelo, an Ísiltír.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag)

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil (g/100g)

1.

Is é ‘Larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) reoite/leafaois’ nó ‘Larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) triomaithe/púdair’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu, ag brath ar an bhfoirm a úsáidtear.

2.

Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil an bia núíosach, beidh ráiteas air nár cheart do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois na forbhianna sin a thomhailt.

3.

Ar lipéadú na mbia-earraí ina bhfuil foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe nó púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag) beidh ráiteas a déarfaidh go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina cúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh agus le táirgí díobh, agus le fíneoga deannaigh.

Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.

 

Údaraithe an 26.1.2023. Is ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

Iarratasóir: Ynsect NL B.V, Harderwijkerweg 141B, 3852 AB Ermelo, an Ísiltír.

Is é Ynsect NL B.V. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt do na sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Ynsect NL B.V.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 26.1.2028.”

Barraí gránaigh

25 (i bhfoirm thriomaithe)

25 (i bhfoirm púdair)

Arán agus rollaí

20 (i bhfoirm púdair)

Gránaigh phróiseáilte agus gránaigh bhricfeasta

10 (i bhfoirm thriomaithe)

10 (i bhfoirm púdair)

Leite

15 (i bhfoirm púdair)

Réamh-mheascáin (thirime) le haghaidh táirgí bácáilte

10 (i bhfoirm púdair)

Táirgí pasta-bhunaithe triomaithe

10 (i bhfoirm púdair)

Táirgí pasta-bhunaithe stuáilte

28 (i bhfoirm reoite nó leafaois)

10 (i bhfoirm púdair)

Púdar meidhg

35 (i bhfoirm púdair)

Anraithí

15 (i bhfoirm púdair)

Miasa gránachbhunaithe, pasta-bhunaithe

5 (i bhfoirm púdair)

Miasa píotsa-bhunaithe

5 (i bhfoirm thriomaithe)

5 (i bhfoirm púdair)

Núdail

10 (i bhfoirm púdair)

Sneaiceanna seachas brioscáin

10 (i bhfoirm thriomaithe)

10 (i bhfoirm púdair)

Brioscáin

10 (i bhfoirm púdair)

Craicir agus cipíní aráin

10 (i bhfoirm púdair)

Im piseanna talún

15 (i bhfoirm púdair)

Ceapaire neamh-mhilis réidh le hithe

20 (i bhfoirm púdair)

Ullmhóidí feola

14 (i bhfoirm reoite nó leafaois)

5 (i bhfoirm púdair)

Analóga feola

40 (i bhfoirm reoite nó leafaois)

15 (i bhfoirm púdair)

Analóga bainne agus déiríochta

10 (i bhfoirm púdair)

Milseogra seacláide

5 (i bhfoirm púdair)

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE le haghaidh daoine fásta

4 g/lá (i bhfoirm púdair)‘

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

Foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair de larbhaí Alphitobius diaperinus (minphéist bheag)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is éard atá sa bhia núíosach na foirmeacha reoite, leafaois, triomaithe agus púdair den mhinphéist bheag iomlán. Tagraíonn an téarma ‘minphéist bheag’ d’fhoirm larbhach Alphitobius diaperinus, is é sin speiceas feithidí a bhaineann le fine Tenebrionidae (ciaróga darkling).

Is iad na minphéisteanna beaga ina n-iomláine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine gan aon chuid díobh bainte.

Tá sé beartaithe an bia núíosach a mhargú i gceithre fhoirm éagsúla, is iad sin: (i) larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe agus reoite (ADL reoite), (ii) leafaos ó larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe, meilte, agus reoite (leafaos ADL), (iii) larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe, agus reothriomaithe (ADL triomaithe), agus (iv) púdar ó larbhaí A. Diaperinus ina n-iomláine atá bánaithe, reothriomaithe agus meilte (púdar ADL).

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula marófar na feithidí trí chóireáil theirmeach, chun ligean do na larbhaí an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Saintréithe/Comhdhéanamh (ADL reoite nó leafaois):

 

Luaith (% w/w): ≤ 1,5

 

Taise (% w/w): 65-80

 

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 12-25

 

Carbaihiodráití Indíleáite (% w/w): 0,4–2

 

Saill (% w/w): 5-12

 

Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill): ≤ 0,2

 

Snáithín cothaitheach (% w/w): 1-4

 

 (*1)Citin (% w/w): 1,0-2,6

Miotail throma:

 

Luaidhe: ≤ 0,1 mg/kg

 

Caidmiam: ≤ 0,05 mg/kg

Míceatocsainí:

 

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg

 

Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2

 

Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg

 

Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105  (*2) CFU/g

 

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

 

Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g

 

Salmonella spp,: Gan a bheith ann in 25 g

 

Listeria monocytogenes: Gan a bheith ann in 25 g

 

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g

 

Bacillus cereus: ≤ 100 CFU/g

 

Enterobacteriaceae: ≤ 100 CFU/g

 

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g

Saintréithe/Comhdhéanamh (ADL triomaithe nó púdair):

 

Luaith (% w/w): ≤ 5

 

Taise (% w/w): 1-5

 

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 50-70

 

Carbaihiodráití Indíleáite (% w/w): 1,5-3,5

 

Saill (% w/w): 20–35

 

Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill): ≤ 5

 

Snáithín cothaitheach (% w/w): 3–6

 

 (*1) Citin (% w/w): 3,0-9,1

Miotail throma:

 

Luaidhe: ≤ 0,1 mg/kg

 

Caidmiam: ≤ 0,05 mg/kg

Míceatocsainí:

 

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg

 

Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2

 

Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg

 

Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg

Critéir mhicribhitheolaíocha:

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105 CFU/g

 

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

 

Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g

 

Salmonella spp,: Gan a bheith ann in 25 g

 

Listeria monocytogenes: Gan a bheith ann in 25 g

 

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g

 

Bacillus cereus: ≤ 100 CFU/g

 

Enterobacteriaceae: ≤ 100 CFU/g

 

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g


(*1)  Ríomhtar citin mar Shnáithín Glantaigh Aigéadaigh

(*2)  CFU: Colony Forming Units [Aonaid Déanta Coilíneachta]”


6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/59 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Eanáir 2023

maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’.

(4)

I dtuairim an 29 Meitheamh 2022 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (2) (‘an tÚdarás’), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag Pediococcus pentosaceus DSM 32292 ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin gur cheart a mheas gur íogróir riospráide í an ullmhóid agus thug sé faoi deara nach bhféadfaí teacht ar chonclúidí maidir leis an ngreannú craicinn nó greannú súl a bhaineann léi nó maidir leis an íogrú craicinn a d’fhéadfadh a bheith ag baint léi. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an breiseán, ag an tiúchan atá beartaithe, feabhas a chur ar chaomhnú na gcothaitheach i sadhlas a ullmhaítear le hábhar atá measartha deacair a shadhlasú. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, Lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(7):7426.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k1018

Pediococcus pentosaceus DSM 32292

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 CFU/g de bhreiseán

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus DSM 32292

Modh anailíse  (1)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786)

Sainaithint: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE) nó modhanna seicheamhaithe DNA

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é i gcomhcheangal le miocrorgánaigh eile mar bhreiseáin sadhlais: 5×107 CFU/kg d’ábhar úr éasca agus measartha deacair a shadhlasú (2).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

26.1.2033


(1)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(2)  Foráiste atá éasca a shadhlasú: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha in ábhar úr; foráiste atá measartha deacair a shadhlasú: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair agus le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).


6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/60 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Eanáir 2023

maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta (sealbhóir an údaraithe: BASF SE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú.

(2)

Údaraíodh an tsubstaint aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile gan teorainn ama i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE ón gComhairle (2) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus áiríodh í sa chatagóir “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de agus a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu”. Cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mbreiseán beathaithe ina dhiaidh sin mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

Maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile a chur san áireamh sa ghrúpa “vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu”, bunaíodh é ar thuarascáil an 18 Márta 1994 ón gCoiste Eolaíoch um Chothú Ainmhithe maidir le haicmiú vitimíní san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 70/524/CEE. Measadh sa tuarascáil sin go raibh éifeacht ag an tsubstaint sin a bhí comhchosúil le héifeacht vitimín.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas an 13 Deireadh Fómhair 2010 maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(5)

Sa tuairim uaidh an 3 Nollaig 2015, tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid (3), maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile a úsáidtear i gcothú muc lena ramhrú agus bó déiríochta, nach bhfuil drochéifeacht aige ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Maidir le muca lena ramhrú, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile feabhas a chur ar an gcóimheas idir beatha agus gnóthachan. Is go héifeachtach a mhéadaíonn sé teinne na saille mar gheall ar mhéadú ar na haigéid shailleacha sháithithe sa tsaill fho-chraicneach. Méadaíonn sé an tsaill ionmhatánach freisin, a sháithithe atá sí agus an scór marmaraithe. D’fhéadfadh aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile an cion feola trua i gcomhréir leis an tsaill fhochraicneach sa chonablach a fheabhsú. I gcás ba déiríochta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go laghdaíonn aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile an cion de shaill bainne agus go bhféadfadh sé an táirgeacht saille bainne agus an t-aschur fuinnimh bainne a laghdú. I dtuairim eile uaidh an 24 Eanáir 2019 (4), luaigh an tÚdarás nach raibh údar cuí leis an mbreiseán sin a chur sa chatagóir “breiseáin chothaitheacha”. Agus breithnithe an Údaráis agus éifeachtaí an bhreiseáin ar fheidhmíocht zóiteicniúil muc lena ramhrú agus bó déiríochta á gcur san áireamh, chinn an Coimisiún an breiseán sin a aicmiú faoin gcatagóir “breiseáin zóiteicniúla” agus faoin bhfeidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”.

(6)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur dócha gur fíorbheag an teagmháil a bhíonn ag úsáideoirí trí ionanálú an táirge sholadaigh. A mhéid a bhaineann leis an táirge leachtach, níor soláthraíodh aon sonraí maidir le foirmiú ceo a d’fhéadfadh a bheith ann. Bhí greannú deirmeach éadrom ach leanúnach ann mar gheall ar fhoirmliú coirníneach an táirge leachtaigh cé nach greannach súl a bhí ann. Rinne éifeacht an placebo an poitéinseal um íogrú craicinn a cheilt. Níor tástáladh an leacht ná an táirge soladach sa riocht sin le haghaidh greannú craicinn agus súl ná íogrú craicinn. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh an breiseán éifeachtach. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Rinne an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 an modh anailíse tosaigh a sholáthair an t-iarratasóir a bhailíochtú agus d’fhíoraigh EFSA é. Ós rud é go leagtar síos uaschion/íoschion sa tuairim ó EFSA, measadh nár leor an chéad mhodh anailíse chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 toisc go raibh feidhm ag an modh maidir le breiseáin bheathaithe amháin ach ní maidir le réamh-mheascáin ná ábhair bheatha agus níor chainníochtaigh sé leibhéal ionchorpraithe an bhreiseáin sna réamh-mheascáin agus sna hábhair bheatha sin. Chuir an t-iarratasóir isteach an dara modh le haghaidh an chainníochtaithe i réamh-mheascáin agus in ábhair bheatha, modh a bhailíochtaigh an tSaotharlann Tagartha.

(7)

Léiríonn an measúnú ar aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(8)

Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile a údarú a chur i bhfeidhm láithreach i ndáil le húsáid na substainte sin i gcothú muc lena ramhrú ná bó déiríochta, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”, údaraítear í mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

1.   An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin ina bhfuil an tsubstaint sin, atá beartaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 26 Iúil 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 26 Eanáir 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, atá beartaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 26 Eanáir 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 26 Eanáir 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(1):4348.

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(3):5614.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: Breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair zóiteicniúla/feidhmíocht)

4d895

BASF SE

Aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid aigéid óimige-6-sailleach mar aigéad t10,c12- aigéad ochtaideacaidé-éanóch (aigéad líonoiléach comhchuingeach)-eistear meitile (CLA(t10,c12)-ME).

Foirmliú leachtach:

CLA (t10,c12)-ME ≥ 28 %

CLA (c9,t11)-ME ≥ 28 %

CLA (t10,c12) < 2 %

CLA (c9,t11) < 2 %

Aigéid shailleacha ó ola lus na gréine: 38-42 % saor nó mar eistir mheitile agus níos lú ná 1 % mar thras/tras-isiméirí.

Foirmliú soladach:

CLA (t10, c12)-ME: ≥ 9 %

CLA (c9, t11)-ME: ≥ 9 %

CLA (t10, c12): < 1 %

CLA (c9,t11): < 1 %

Aigéid shailleacha ó ola lus na gréine:13-15 % (saor nó mar eistir mheitile).

Olaí plandúla (tríghlicrídí hidriginithe, arb é atá iontu aigéad stéireach den chuid is mó agus aigéad pailmíteach ar bhonn níos lú):

44,5 %.

Silice chollóideach: 15 %.

Sulfáit chailciam: 5 %.

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Aigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile.

Foirmle cheimiceach: C19 H34O2

Uimhir CAS: 21870-97-3

Modh anailíse  (1)

Chun aigéad óimige-6-sailleach a chinneadh mar aigéad ochtaideacaidé-éanóch (tras-10, cis-12- isiméir) sa bhreiseán beathaithe: Crómatagrafaíocht Gháis cúpláilte le Brathadóir Ianúcháin Lasrach (GC-FID)

Chun CLA (t10,c12)-eistear meitile a chainníochtú i réamh-mheascáin agus in ábhair bheatha:

crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta cúpláilte le brath speictreafótaiméadrach (HPLC-UV)

Muca lena ramhrú

-

400

5 000

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás ba déiríochta, ní rachaidh leibhéal CLA (t10,c12)-ME sa chandam laethúil thar 10 g/duine/lá.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sláinte a d’fhéadfadh eascairt as úsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint do na súile agus don chraiceann.

26.1.2033

Ba déiríochta

 

175

350

 

 

-

-

 


(1)  Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/61 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Eanáir 2023

maidir le hullmhóid in-1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, ullmhóid in-1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). In Airteagal 10(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 leagtar amach forálacha sonracha maidir le táirgí a úsáidtear san Aontas mar bhreiseáin sadhlais a chur ar an margadh agus a úsáid.

(2)

Na hullmhóidí in-1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, in-1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94, iontráladh iad i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana (3) le haghaidh gach speicis ainmhíoch a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin sadhlais”, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 10(2) agus Airteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun ullmhóidí in-1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, in-1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na hullmhóidí sin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus san fheidhmghrúpa “breiseáin sadhlais”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid sna tuairimí uaidh an 7 Márta 2018 (4) agus an 29 Meitheamh 2022 (5) nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag na hullmhóidí lena mbaineann ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, in éagmais sonraí, nach bhféadfaí teacht ar chonclúid ar ghreannacht chraicinn agus súl na mbreiseán ná ar a bpoitéinseal um íogrú craicinn. Mar gheall ar nádúr próitéineach na substaintí gníomhacha, ba cheart a mheas go bhféadfadh na hullmhóidí sin a bheith ina n-íogróirí riospráide. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 29 Meitheamh 2022 go bhféadfadh na hullmhóidí lena mbaineann feabhas a chur ar tháirgeadh an tsadhlais déanta as ábhair foráiste atá éasca, measartha éasca agus deacair a shadhlasú. Rinne sé an tuarascáil maidir leis na modhanna anailíse ar na breiseáin bheathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a fhíorú freisin.

(5)

Sa mheasúnú ar na hullmhóidí in-1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, in-1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus in-1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94, cuirtear in iúl go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na n-ullmhóidí sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(6)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú na n-ullmhóidí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Na hullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóidí a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an ngrúpa feidhmiúil “breiseáin sadhlais”, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Na hullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil na hullmhóidí sin iontu, agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 26 Iúil 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 26 Eanáir 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na hullmhóidí iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 26 Eanáir 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 26 Eanáir 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na hullmhóidí iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 26 Eanáir 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 26 Eanáir 2023, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, Lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, Lch. 1).

(3)  I gClár na mbreiseán beathaithe: aithníodh gur ceallaláis ó Aspergillus niger CBS 120604 a bhí in in-1,4-béite-ghlúcanáis ó Aspergillus niger CBS 120604; aithníodh gur béite-ghlúcanáis ó Aspergillus niger MUCL 39199 nó Aspergillus tubingensis MUCL 39199 a bhí in in-1,3(4)-béite-ghlúcanáis ó Aspergillus neoniger MUCL 39199; aithníodh gur xiolanáis ó Trichoderma longibrachiatum MUCL 39203 nó Trichoderma koningii MUCL 39203 a bhí in in-1,4-béite-xiolanáis ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203; aithníodh gur xiolanáis ó Trichoderma longibrachiatum CBS 614.94 a bhí in n-1,4-béite-xiolanáis ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94.

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2018;16(4):5224.

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA], 2022;20(7):7425.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta an bhreiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais.

1k105

In-1,4-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.4)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid in-1,4-béite-ghlúcanáise arna táirgeadh ag:

Aspergillus niger CBS 120604 a bhfuil gníomhaíocht íosta 25 650 DNS (1)/g den bhreiseán

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

In-1,4-béite-ghlúcanáis (CE 3.2.1.4) arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 120604

Modh anailíse  (2)

Maidir le hin-1,4-béite-ghlúcanáis a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:

modh dathmhéadrach (DNS) bunaithe ar hidrealú einsímeach an cheallalóis carbocsaimeitile (CMC) ar pH 4.5 agus 37 °C

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le heinsímí nó miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 3 DNS/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

26 Eanáir 2033


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta an bhreiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais.

1k106

In-1,3(4)-béite-ghlúcanáis

(CE 3.2.1.6)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid in-1,3(4)-β-ghlúcanáise arna táirgeadh ag:

Aspergillus neoniger MUCL 39199 a bhfuil gníomhaíocht íosta 10 000 DNS (3)/g den bhreiseán

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

In-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) arna táirgeadh ag Aspergillus neoniger MUCL 39199

Modh anailíse  (4)

Maidir le hin-1,3(4)-béite-ghlúcanáis a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:

modh dathmhéadrach (DNS) bunaithe ar hidrealú einsímeach an cheallalóis carbocsaimeitile (CMC) ar pH 4.5 agus 37 °C

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le heinsímí nó miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 3.4 DNS/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

26 Eanáir 2033


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta an bhreiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais.

1k107

In-1,4-béite-xiolanáis

(CE 3.2.1.8)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag:

Trichoderma citrinoviride MUCL

39203 a bhfuil gníomhaíocht íosta 51 600 DNS (5)/g den bhreiseán

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

In-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride MUCL 39203

Modh anailíse  (6)

Maidir le hin-1,4-béite-xiolanáis a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:

modh dathmhéadrach (DNS) bunaithe ar hidrealú einsímeach an xioláin ar pH 4,5 agus 37 °C

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le heinsímí nó miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 3.2 DNS/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

26 Eanáir 2033


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

Aonaid ghníomhaíochta an bhreiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais.

1k108

In-1,4-béite-xiolanáis

(CE 3.2.1.8)

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid in-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh ag:

Trichoderma citrinoviride CBS 614.94 a bhfuil gníomhaíocht íosta 70 000 DNS (7)/g den bhreiseán

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

In-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh ag Trichoderma citrinoviride CBS 614.94

Modh anailíse  (8)

Maidir le hin-1,4-béite-xiolanáis a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe:

modh dathmhéadrach (DNS) bunaithe ar hidrealú einsímeach an xioláin ar pH 4,5 agus 37 °C

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le heinsímí nó miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 15 DNS/kg d’ábhar úr.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

26 Eanáir 2033


(1)  Is éard atá in 1 aonad DNS (aigéad 3,5-dénítreasalaicileach) an méid siúcra dí-ocsaídithe a scaoiltear mar choibhéisí glúcóis in μmol in aghaidh an ghraim in aghaidh an nóiméid ar pH 4,5 agus 37 °C ó stáirse.

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(3)  Is éard atá in 1 aonad DNS (aigéad 3,5-dénítreasalaicileach) an méid siúcra dí-ocsaídithe a scaoiltear mar choibhéisí glúcóis in μmol in aghaidh an ghraim in aghaidh an nóiméid ar pH 4,5 agus 37 °C ó stáirse.

(4)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(5)  Is éard atá in 1 aonad DNS (aigéad 3,5-dénítreasalaicileach) an méid siúcra dí-ocsaídithe a scaoiltear mar choibhéisí xiolóis in μmol in aghaidh an ghraim in aghaidh an nóiméid ar pH 4,5 agus 37 °C ó xiolán beithe.

(6)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en

(7)  Is éard atá in 1 aonad DNS (aigéad 3,5-dénítreasalaicileach) an méid siúcra dí-ocsaídithe a scaoiltear mar choibhéisí xiolóis in μmol in aghaidh an ghraim in aghaidh an nóiméid ar pH 4,5 agus 37 °C ó xiolán beithe.

(8)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en


6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/31


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/62 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Eanáir 2023

lena gceartaítear an leagan Polainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 5(11) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Polainnise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (2), tá earráid i bpointe 4.2.1.4 fophointe (2) lena leathnaítear raon feidhme an cheanglais a leagtar amach san fhoráil sin.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Polainnise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 51(1) de Threoir (AE) Uimh. 2016/797, a tugadh an 30 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110).


CINNTÍ

6.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 5/32


CINNEADH Uimh. 1/2022 Ó CHOMHCHOISTE NA hEILVÉISE-AN COMHPHOBAIL UM THALMHAÍOCHT

an 17 Samhain 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta [2023/63]

TÁ COMHCHOISTE NA hEILVÉISE-AN CHOMHPHOBAIL UM THALMHAÍOCHT,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta, agus go háirithe Airteagal 11 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2002.

(2)

Liostaítear in Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an gComhaontú na lamháltais taraife arna ndeonú ag Cónaidhm na hEilvéise agus an tAontas Eorpach (‘na Páirtithe’), faoi seach.

(3)

Chomhaontaigh na Páirtithe Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú tar éis an athbhreithnithe is déanaí ar an gCóras Comhchuibhithe agus earráid a rinneadh san oiriúnú is déanaí d’Iarscríbhinn 1 maidir leis an lamháltas taraife le haghaidh liamhás gan chnámh. Rinneadh cinneadh freisin go n-ionchorprófaí in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú na lamháltais taraife a dheonaigh an Eilvéis in 1996 le haghaidh bia madraí agus cat atá beartaithe lena ndíol,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Déanfar Iarscríbhinní 1 agus 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta a ionadú, faoi seach, leis na téacsanna atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm 1 Eanáir 2023.

Arna dhéanamh an 17 Samhain 2022,

Thar ceann Chomhchoiste na hEilvéise-an Chomhphobail um Thalmhaíocht

Cathaoirleach agus Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh

Susana MARAZUELA-AZPIROZ

Ceann Thoscaireacht na hEilvéise

Krisztina BENDE

Rúnaí an Choiste

Luis QUEVEDO LEY


IARSCRÍBHINN 1

LAMHÁLTAIS TARAIFE A DHEONAIGH AN EILVÉIS

Tá na lamháltais taraife a leagtar amach thíos á ndeonú ag an Eilvéis maidir leis na táirgí seo a leanas de thionscnamh an Aontais Eorpaigh agus tá siad, i gcás inarb infheidhme, faoi réir cainníocht bhliantúil:

Ceannteideal taraife na hEilvéise

Tuairisc

Dleacht chustaim is infheidhme (CHF/100 kg ollmheáchan)

Cainníocht bhliantúil (tonaí glanmheáchain)

0101 2991

Capaill bheo (seachas capaill fholaíochta le haghaidh pórúcháin agus capaill lena marú) (de réir líon cheann capall)

0,00

100 ceann

0204 5010

Feoil ghabhair, atá úr, fuaraithe nó reoite

40,00

100

0207 1481

Brollaigh cineálacha éanlaithe de speicis chlóis, atá reoite

15,00

2 100

0207 1491

Gearrthacha agus scairteach inite cineálacha éanlaithe de speicis chlóis, lena n-áirítear aenna (seachas brollaigh), atá reoite

15,00

1 200

0207 2781

Brollaigh turcaithe de speicis chlóis, atá reoite

15,00

800

0207 2791

Gearrthacha agus scairteach inite turcaithe de speicis chlóis, lena n-áirítear aenna (seachas brollaigh), atá reoite

15,00

600

0207 4210

Lachain de speicis chlóis, nach bhfuil gearrtha ina bpíosaí, atá reoite

15,00

700

 

Aenna sailleacha lachan nó géanna de speicis chlóis, atá úr nó fuaraithe

 

 

0207 4300

de lachain

 

 

0207 5300

de ghéanna

9,50

20

 

Gearrthacha agus scairteach inite lachan, géanna nó cineálacha éanlaithe guine de speicis chlóis, atá reoite (seachas aenna sailleacha)

 

 

0207 4591

de lachain

 

 

0207 5591

géanna

 

 

0207 6091

de chineálacha éanlaithe guine

15,00

100

0208 1000

Feoil agus scairteach inite coiníní nó giorriacha, atá úr, fuaraithe nó reoite

11,00

1 700

0208 9010

Feoil agus scairteach inite géim, atá úr, fuaraithe nó reoite (seachas ó ghiorriacha nó toirc)

0,00

100

ex 0210 1191

Liamhása agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh, mucra (seachas toirc), atá saillte nó faoi sháile, triomaithe nó deataithe

 

 

ex 0210 1991

Liamhása agus gearrthacha díobh, gan chnámh, mucra (seachas toirc), atá saillte nó faoi sháile, triomaithe nó deataithe

0,00

1 000  (1)

0210 2010

Feoil thriomaithe ó bhó-ainmhithe

0,00

200  (2)

 

Uibheacha éan inite, sna blaoscanna

 

 

ex 0407 2110

de chineálacha éanlaithe an speicis Gallus domesticus, atá úr

 

 

ex 0407 2910

eile, atá úr

 

 

ex 0407 9010

eile, atá leasaithe nó cócaráilte

47,00

150

ex 0409 0000

Mil aiceanta acáise

8,00

200

ex 0409 0000

Mil aiceanta, eile (seachas mil aiceanta acáise)

26,00

50

0602 1000

Beangáin agus slapair gan fréamhacha

0,00

gan teorainn

 

Plandaí i bhfoirm fréamhstoic torthaí de thionscnamh úll (de thionscnamh síl nó a tháirgtear trí atáirgeadh fásúil):

 

 

0602 2011

atá beangaithe, fréamhlom

 

 

0602 2019

atá beangaithe, le meallta cré

 

 

0602 2021

nach bhfuil beangaithe, fréamhlom

 

 

0602 2029

nach bhfuil beangaithe, le meallta cré

0,00

 (3)

 

Plandaí i bhfoirm fréamhstoic clochthoraidh (de thionscnamh síl nó a tháirgtear trí atáirgeadh fásúil):

 

 

0602 2031

atá beangaithe, fréamhlom

 

 

0602 2039

atá beangaithe, le meallta cré

 

 

0602 2041

nach bhfuil beangaithe, fréamhlom

 

 

0602 2049

nach bhfuil beangaithe, le meallta cré

0,00

 (3)

 

Plandaí seachas plandaí i bhfoirm fréamhstoic torthaí de thionscnamh úll nó clochthoraidh (de thionscnamh síl nó a tháirgtear trí atáirgeadh fásúil), de chineálacha a mbíonn torthaí inite orthu:

 

 

0602 2051

atá fréamhlom

 

 

0602 2059

seachas plandaí a bhfuil fréamhlom

0,00

gan teorainn

 

Crainn, toir agus sceacha, de chineálacha a mbíonn torthaí inite orthu, atá fréamhlom:

 

 

0602 2071

de chineálacha a mbíonn torthaí de thionscnamh úill orthu

 

 

0602 2072

de chineálacha a mbíonn clochthorthaí orthu

0,00

 (3)

0602 2079

seachas plandaí de chineálacha a mbíonn torthaí de thionscnamh úll nó clochthorthaí orthu

0,00

gan teorainn

 

Crainn, toir agus sceacha, de chineálacha a mbíonn torthaí inite orthu, le meallta cré:

 

 

0602 2081

de chineálacha a mbíonn torthaí de thionscnamh úill orthu

 

 

0602 2082

de chineálacha a mbíonn clochthorthaí orthu

0,00

 (3)

0602 2089

seachas plandaí de chineálacha a mbíonn torthaí de thionscnamh úill nó clochthorthaí orthu

0,00

gan teorainn

0602 3000

Ródaideandróin agus asáilianna, bídís beangaithe nó ná bídís

0,00

gan teorainn

 

Rósanna, bídís beangaithe nó ná bídís:

 

 

0602 4010

conrósanna agus gais conrósanna

 

 

 

seachas conrósanna nó gais conrósanna:

 

 

0602 4091

atá fréamhlom

 

 

0602 4099

seachas plandaí atá fréamhlom, le meallta cré

0,00

gan teorainn

 

Plandaí (de thionscnamh síl nó a tháirgtear trí atáirgeadh fásúil), de speicis úsáideacha; sceith beacán:

 

 

0602 9011

síológa glasraí agus rollaí móna

 

 

0602 9012

sceith beacán

 

 

0602 9019

seachas síológa glasraí, rollaí móna nó pór beacán

0,00

gan teorainn

 

Plandaí beo eile (lena n-áirítear a bhfréamhacha):

 

 

0602 9091

atá fréamhlom

 

 

0602 9099

seachas plandaí atá fréamhlom, le meallta cré

0,00

gan teorainn

0603 1110

Rósanna gearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 1 Bealtaine go dtí an 25 Deireadh Fómhair

 

 

0603 1210

Lusanna na gile gearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 1 Bealtaine go dtí an 25 Deireadh Fómhair

 

 

0603 1310

Magairlíní gearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 1 Bealtaine go dtí an 25 Deireadh Fómhair

 

 

0603 1410

Criosantamaim ghearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 1 Bealtaine go dtí an 25 Deireadh Fómhair

 

 

0603 1510

Lilí gearrtha (Lilium spp.) de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 1 Bealtaine go dtí an 25 Deireadh Fómhair

 

 

 

Bláthanna gearrtha eile agus bachlóga eile de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 1 Bealtaine go dtí an 25 Deireadh Fómhair:

 

 

0603 1911

adhmadach

 

 

0603 1918

seachas cinn adhmadacha

0,00

1 000

0603 1230

Lusanna na gile gearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

0,00

gan teorainn

0603 1330

Magairlíní gearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

0603 1430

Criosantamaim ghearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

0603 1530

Lilí gearrtha (Lilium spp.) de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

0603 1930

Tiúilipí gearrtha de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

 

Bláthanna gearrtha eile agus bachlóga eile de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr, ón 26 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán:

 

 

0603 1931

adhmadach

 

 

0603 1938

seachas cinn adhmadacha

0,00

gan teorainn

 

Trátaí, atá úr nó fuaraithe:

 

 

0702 0010

Trátaí silín:

ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

0702 0020

trátaí Peretti (fadaithe):

ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

0702 0030

trátaí eile, atá 80 mm nó níos mó ar trastomhas (trátaí mairt):

ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

 

 

0702 0090

eile:

ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Aibreán

0,00

10 000

 

Leitís oigheargheal, gan duilleog sheachtrach:

 

 

0705 1111

Ón 1 Eanáir go dtí deireadh mhí Feabhra

0,00

2 000

 

Lus an tsiocaire, atá úr nó fuaraithe:

 

 

0705 2110

ón 21 Bealtaine go dtí an 30 Meán Fómhair

0,00

2 000

0707 0010

Cúcamair le haghaidh sailéid, ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 14 Aibreán

5,00

200

0707 0030

Cúcamair phicilte, > 6 cm ach ≤ 12 cm ar fad, atá úr nó fuaraithe, ón 21 Deireadh Fómhair go dtí an 14 Aibreán

5,00

100

0707 0031

Cúcamair phicilte, > 6 cm ach ≤ 12 cm ar fad, atá úr nó fuaraithe, ón 15 Aibreán go dtí an 20 Deireadh Fómhair

5,00

2 100

0707 0050

Gircíní, atá úr nó fuaraithe

3,50

800

 

Ubhthorthaí, atá úr nó fuaraithe:

 

 

0709 3010

ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Bealtaine

0,00

1 000

0709 5100

0709 5900

Beacáin, atá úr nó fuaraithe, den ghéineas Agaricus nó eile, seachas strufail

0,00

gan teorainn

 

Piobair mhilse, atá úr nó fuaraithe:

 

 

0709 6011

ón 1 Samhain go dtí an 31 Márta

2,50

gan teorainn

0709 6012

Piobair mhilse, atá úr nó fuaraithe, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Deireadh Fómhair

5,00

1 300

 

Cúirséid (lena n-áirítear bláthanna cúirséid), atá úr nó fuaraithe:

 

 

0709 9950

ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 19 Aibreán

0,00

2 000

ex 0710 8090

Beacáin (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce), atá reoite

0,00

gan teorainn

0711 9090

Glasraí agus meascán glasraí atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh láithreach sa staid sin

0,00

150

0712 2000

Oinniúin thriomaithe, atá iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach gan ullmhú thairis sin orthu

0,00

100

0713 1011

Piseanna (Pisum sativum), atá triomaithe, scilligthe, iomlán, neamhphróiseáilte, lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe

Lacáiste de CHF 0,90 ar an dleacht a chuirtear i bhfeidhm

1 000

0713 1019

Piseanna (Pisum sativum), atá triomaithe, scilligthe, iomlán, neamhphróiseáilte (seachas iad siúd atá le húsáid mar bheatha ainmhithe, chun críoch teicniúil nó le haghaidh grúdaireachta)

0,00

1 000

 

Cnónna coill nó faoisceoga (Corylus spp.), atá úr nó triomaithe:

 

 

0802 2190

sna blaoscanna, seachas lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe nó le haghaidh eastóscadh ola

 

 

0802 2290

sna blaoscanna, seachas lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe nó le haghaidh eastóscadh ola

0,00

gan teorainn

0802 3290

Cnónna crann

0,00

100

ex 0802 9090

Cnónna péine, atá úr nó triomaithe

0,00

gan teorainn

0805 1000

Oráistí atá úr nó triomaithe

0,00

gan teorainn

 

Mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí); cleimintíní, builcíní agus hibridí citris comhchosúla, atá úr nó triomaithe

 

 

0805 2100

mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí)

0,00

gan teorainn

0805 2200

Cleimintíní

0,00

gan teorainn

0805 2900

Eile

0,00

gan teorainn

0807 1100

Mealbhacáin uisce, atá úr

0,00

gan teorainn

0807 1900

Mealbhacáin, atá úr, seachas mealbhacáin uisce

0,00

gan teorainn

 

Aibreoga, atá úr, i bpacáistí oscailte:

 

 

0809 1011

ón 1 Meán Fómhair go dtí an 30 Meitheamh

 

 

0809 1091

i bpacáistí eile:

ón 1 Meán Fómhair go dtí an 30 Meitheamh

0,00

2 100

0809 4013

Plumaí úra, atá i bpacáistí oscailte, ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

0,00

600

0810 1010

Sútha talún, atá úr, ón 1 Meán Fómhair go dtí an 14 Bealtaine

0,00

10 000

0810 1011

Sútha talún, atá úr, ón 15 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa

0,00

200

0810 2011

Sútha craobh, atá úr, ón 1 Meitheamh go dtí an 14 Meán Fómhair

0,00

250

0810 5000

Cíobhaíonna úra

0,00

gan teorainn

ex 0811 1000

Sútha talún, atá neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite, nach bhfuil siúcra breise nó ábhar eile milsiúcháin curtha leo, nach bhfuil cóirithe i bpacáistí lena miondíol, atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch

10,00

1 000

ex 0811 2090

Sútha craobh, sméara dubha, maoildearga, lóganchaora agus cuiríní dubha, bána nó dearga, spíonáin, atá neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite, nach bhfuil siúcra breise nó ábhar eile milsiúcháin curtha leo, nach bhfuil cóirithe i bpacáistí lena miondíol, atá beartaithe le haghaidh úsáid thionsclaíoch

10,00

1 200

0811 9010

Fraocháin, atá neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

0,00

200

0811 9090

Torthaí inite, atá neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh (seachas sútha talún, sútha craobh, sméara dubha, maoildearga, lóganchaora agus cuiríní dubha, bána nó dearga, spíonáin, fraocháin agus torthaí trópaiceacha)

0,00

1 000

0904 2200

Torthaí den ghéineas CapsicumPimenta, atá triomaithe, brúite nó meilte

0,00

150

0910 2000

Cróch

0,00

gan teorainn

 

Cruithneacht agus maislín (seachas cruithneacht dúraim), lena húsáid nó lena úsáid mar bheatha ainmhithe

 

 

1001 9931

ina bhfuil gránaigh eile atá faoi Chaibidil 10

 

 

1001 9939

eile

Lacáiste de CHF 0,60 ar an dleacht a chuirtear i bhfeidhm

50 000

 

Arbhar Indiach lena úsáid mar bheatha ainmhithe

 

 

1005 9031

ina bhfuil gránaigh eile atá faoi Chaibidil 10

 

 

1005 9039

eile

Lacáiste de CHF 0,50 ar an dleacht a chuirtear i bhfeidhm

13 000

 

Ola olóige íon, seachas lena húsáid mar bheatha ainmhithe:

 

 

1509 1091

i gcoimeádáin ghloine ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

60,60  (4)

gan teorainn

1509 1099

i gcoimeádáin ghloine ina bhfuil toirt níos mó ná 2 lítear nó i gcoimeádáin eile

86,70  (4)

gan teorainn

 

Ola olóige agus a codáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu, seachas lena húsáid mar bheatha ainmhithe:

 

 

1509 9091

i gcoimeádáin ghloine ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

60,60  (4)

gan teorainn

1509 9099

i gcoimeádáin ghloine ina bhfuil toirt níos mó ná 2 lítear nó i gcoimeádáin eile

86,70  (4)

gan teorainn

ex 0210 1991

Liamhása, faoi sháile, gan chnámh, atá iata i lamhnán nó i bputóg shaorga (‘liamhás sa lamhnán’)

 

 

ex 0210 1991

Píosa de ghríscín gan chnámh, atá deataithe (‘liamhás bradáin’)

 

 

ex 0210 1991

ex 1602 4910

Muineál muiceola, atá triomaithe san aer, bíodh sé blaistithe nó ná bíodh, i bpíosaí nó slisnithe go tanaí (‘Coppa’)

 

 

1601 0011

1601 0021

Ispíní agus táirgí comhchosúla, ó fheoil, ó scairteach feola nó ó fhuil; ullmhóidí bia atá bunaithe ar na táirgí sin ó ainmhithe atá faoi cheannteidil 0101 go 0104 , seachas toirc

0,00

3 715

 

Trátaí, atá iomlán nó i bpíosaí, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach:

 

 

2002 1010

2002 1020

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 5 kg

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos lú ná 5 kg

2,50

4,50

gan teorainn

 

Trátaí, atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, seachas ina n-iomláine nó i bpíosaí:

 

 

2002 9010

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 5 kg

0,00

gan teorainn

2002 9021

Laíon, purée agus tiúchan trátaí, i gcoimeádáin atá séalaithe go heirméiteach, ina bhfuil 25 % nó níos mó d’ábhar tirim de réir meáchain, ina bhfuil trátaí agus uisce agus b’fhéidir salann nó blastanais eile, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 5 kg nó níos lú

0,00

gan teorainn

2002 9029

Trátaí, atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, seachas ina n-iomláine nó i bpíosaí, agus seachas laíon, purée nó tiúchan trátaí:

 

 

 

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos lú ná 5 kg

0,00

gan teorainn

2003 1000

Beacáin den ghéineas Agaricus, atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

0,00

1 700

 

Bliosáin atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, atá reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal Uimh. 2006:

 

 

ex 2004 9018

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 5 kg

17,50

gan teorainn

ex 2004 9049

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos lú ná 5 kg

24,50

gan teorainn

 

Lus súgach atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal Uimh. 2006:

 

 

2005 6010

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 5 kg

 

 

2005 6090

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos lú ná 5 kg

0,00

gan teorainn

 

Ológa atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal Uimh. 2006:

 

 

2005 7010

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 5 kg

 

 

2005 7090

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos lú ná 5 kg

0,00

gan teorainn

 

Caprais agus bliosáin atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal Uimh. 2006:

 

 

ex 2005 9911

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 5 kg

17,50

gan teorainn

ex 2005 9941

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos lú ná 5 kg

24,50

gan teorainn

2008 3090

Torthaí citris atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó ná bíodh, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile

0,00

gan teorainn

2008 5010

Laíon aibreoige atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, nach bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile

10,00

gan teorainn

2008 5090

Aibreoga atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó ná bíodh, nach sonraítear ná nach n-áirítear in aon áit eile

15,00

gan teorainn

2008 7010

Laíon péitseoige atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, nach bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

0,00

gan teorainn

2008 7090

Péitseoga atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó ná bíodh, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

0,00

gan teorainn

 

Sú ó aon toradh citris aonair seachas oráiste, seadóg nó pomaló, neamhchoipthe, nach bhfuil biotáille bhreise curtha leis:

 

 

ex 2009 3919

nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsiúcháin eile curtha leis, atá tiubhaithe

6,00

gan teorainn

ex 2009 3920

a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis, atá tiubhaithe

14,00

gan teorainn

 

Fíonta milseoige, speisialtachtaí agus mistelle i gcoimeádáin:

 

 

2204 2150

ina bhfuil 2 lítear nó níos lú (5)

8,50

gan teorainn

2204 2250

ina bhfuil níos mó ná 2 lítear ach níos lú ná 10 lítear (5)

8,50

gan teorainn

2204 2960

ina bhfuil níos mó ná 10 lítear (5)

8,50

gan teorainn

ex 2204 2150

Pórt, i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú, mar a thugtar tuairisc air (6)

0,00

1 000 hl

 

Retsina (fíon bán Gréagach), mar a thugtar tuairisc air (7)

 

 

ex 2204 2121

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt 2 lítear nó níos lú

 

 

 

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 2 lítear ach nach mó ná 10 lítear, ina bhfuil neart alcóil iomlán de réir toirte:

 

 

ex 2204 2221

níos mó ná 13 % toirte

 

 

ex 2204 2222

13 % toirte nó níos lú

 

 

 

i gcoimeádáin ina bhfuil toirt níos mó ná 10 lítear, ina bhfuil neart alcóil iomlán de réir toirte:

 

 

ex 2204 2923

níos mó ná 13 % toirte.

 

 

ex 2204 2924

13 % toirte nó níos lú

0,00

500 hl

 

Bia do mhadraí agus do chait atá beartaithe lena miondíol i gcoimeádáin atá séalaithe go heirméiteach;

 

 

2309 1021

ina bhfuil púdar bainne nó meadhg

 

 

2309 1029

eile

0,00

6 000  (8)


(1)  Lena n-áirítear 480 tona de liamhás Parma agus San Daniele faoi théarmaí an mhalartaithe litreacha an 25 Eanáir 1972 idir an Comhphobal agus an Eilvéis.

(2)  Lena n-áirítear 170 tona Bresaola faoi théarmaí an mhalartaithe litreacha an 25 Eanáir 1972 idir an Comhphobal agus an Eilvéis.

(3)  Faoi réir cuóta bliantúil foriomlán de 60 000 planda.

(4)  Lena n-áirítear ranníocaíocht leis an gciste ráthaíochta le haghaidh stóráil éigeantach.

(5)  Ní chumhdaítear leis ach táirgí a shonraítear in Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an gComhaontú.

(6)  Tuairisc: Ciallaíonn ‘pórt’ fíon ar ardchaighdeán a tháirgtear i réigiún sonraithe (Oporto sa Phortaingéil) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999.

(7)  Tuairisc: Ciallaíonn ‘retsina’ fíon boird de réir bhrí na bhforálacha de chuid an Chomhphobail dá dtagraítear i bpointe A.2 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999.

(8)  Lamháltas a dheonaigh an Eilvéis don Chomhphobal Eorpach faoi mhalartú litreacha an 30 Meitheamh 1996.


IARSCRÍBHINN 2

LAMHÁLTAIS AN AONTAIS EORPAIGH

Tá na lamháltais taraife a leagtar amach thíos á ndeonú ag an Aontas Eorpach maidir leis na táirgí seo a leanas de thionscnamh na hEilvéise agus tá siad, i gcás inarb infheidhme, faoi réir cainníocht bhliantúil:

Cód AC

Tuairisc

Dleacht chustaim is infheidhme (EUR/100 kg glanmheáchan)

Cainníocht bhliantúil (tonaí glanmheáchain)

0102 29 41

0102 29 49

0102 29 51

0102 29 59

0102 29 61

0102 29 69

0102 29 91

0102 29 99

ex 0102 39 10

ex 0102 90 91

Bó-ainmhithe beo a bhfuil beomheáchan níos mó ná 160 kg acu

0,00

4 600 ceann

ex 0210 20 90

Feoil bó-ainmhithe, gan chnámh, atá triomaithe

0,00

1 200

ex 0401 40 10

0401 40 90

0401 50 11

0401 50 19

0401 50 31

0401 50 39

0401 50 91

0401 50 99

Uachtar, ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, níos mó ná 6 %

0,00

2 000

0403 10

Iógart

0402 29 11

ex 0404 90 83

Bainne speisialta do naíonáin, i gcoimeádáin atá séalaithe go heirméiteach de ghlanmhéid nach mó ná 500 g, ina bhfuil cion saille, de réir meáchain, níos mó ná 10 % (1)

43,80

gan teorainn

0602

Plandaí beo eile (lena n-áirítear a bhfréamhacha), beangáin agus slapair; pór beacán

0,00

gan teorainn

0603 11 00

0603 12 00

0603 13 00

0603 14 00

0603 15 00

0603 19

Bláthanna gearrtha agus bachlóga de chineál atá oiriúnach le haghaidh crobhaingí nó chun críoch ornáideach, atá úr

0,00

gan teorainn

0701 10 00

Prátaí síl, atá úr nó fuaraithe

0,00

4 000

0702 00 00

Trátaí, atá úr nó fuaraithe

0,00  (2)

1 000

0703 10 19

0703 90 00

Oinniúin (seachas oinniúin síl)

Cainneanna agus glasraí eile den chineál Alliaceae, atá úr nó fuaraithe

0,00

5 000

0704 10 00

0704 90

Cabáistí, cóilis, cálráib, cál agus praiseacha inite comhchosúla eile seachas bachlóga Bruiséile, atá úr nó fuaraithe

0,00

5 500

0705

Leitís (Lactuca sativa) agus siocaire (Cichorium spp.), atá úr nó fuaraithe

0,00

3 000

0706 10 00

Cairéid agus tornapaí, atá úr nó fuaraithe

0,00

5 000

0706 90 10

0706 90 90

Meacain biatais sailéid, salsabh, soiliriac, raidisí agus fréamhacha inite comhchosúla, seachas meacain ragaim (Cochlearia armoracia), atá úr nó fuaraithe

0,00

3 000

0707 00 05

Cúcamair, atá úr nó fuaraithe

0,00  (2)

1 000

0708 20 00

Pónairí (Vigna spp., Phaseolus spp.), atá úr nó fuaraithe

0,00

1 000

0709 30 00

Ubhthorthaí, atá úr nó fuaraithe

0,00

500

0709 40 00

Soilire seachas soiliriac, atá úr nó fuaraithe

0,00

500

0709 51 00

0709 59

Beacáin agus strufail, atá úr nó fuaraithe

0,00

gan teorainn

0709 70 00

Spionáiste, spionáiste na Nua-Shéalainne agus spionáiste eilifleoige (spionáiste gairdín), atá úr nó fuaraithe

0,00

1 000

0709 99 10

Glasraí sailéid, seachas leitís (Lactuca sativa) agus siocaire (Cichorium spp.), atá úr nó fuaraithe

0,00

1 000

0709 99 20

Biatas bán agus cardúin, atá úr nó fuaraithe

0,00

300

0709 99 50

Finéal, atá úr nó fuaraithe

0,00

1 000

0709 93 10

Cúirséid, atá úr nó fuaraithe

0,00  (2)

1 000

0709 93 90

0709 99 90

Glasraí eile, atá úr nó fuaraithe

0,00

1 000

0710 80 61

0710 80 69

Beacáin (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce), atá reoite

0,00

gan teorainn

0712 90

Glasraí triomaithe, atá iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, bídís faighte ó ghlasraí cócaráilte nó ná bídís, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu, seachas oinniúin, beacáin agus strufail

0,00

gan teorainn

ex 0808 10 80

Úlla, seachas úlla ceirtlise, atá úr

0,00  (2)

3 000

0808 30

0808 40

Piorraí agus cainchí, atá úr

0,00  (2)

3 000

0809 10 00

Aibreoga úra

0,00  (2)

500

0809 29 00

Silíní, seachas silíní searbha (Prunus cerasus), atá úr

0,00  (2)

1 500  (3)

0809 40

Plumaí agus airní, atá úr

0,00  (2)

1 000

0810 10 00

Sútha talún

0,00

200

0810 20 10

Sútha craobh, atá úr

0,00

100

0810 20 90

Sméara dubha, maoildearga agus lóganchaora, atá úr

0,00

100

1106 30 10

Plúr, min agus púdar bananaí

0,00

5

1106 30 90

Plúr, min agus púdar torthaí eile faoi Chaibidil 8

0,00

gan teorainn

ex 0210 19 50

Liamhása, faoi sháile, gan chnámh, atá iata i lamhnán nó i bputóg shaorga

0,00

1 900

ex 0210 19 81

Píosa de ghríscín gan chnámh, atá deataithe

ex 0210 19 81

ex 1602 49 19

Muineál muiceola, atá triomaithe san aer, bíodh sé blaistithe nó ná bíodh, i bpíosaí nó slisnithe go tanaí

ex 1601 00

Ispíní agus táirgí comhchosúla, ó fheoil, ó scairteach feola nó ó fhuil; ullmhóidí bia atá bunaithe ar na táirgí sin ó ainmhithe atá faoi cheannteidil 0101 go 0104 , seachas toirc

ex 2002 90 91

ex 2002 90 99

Trátaí púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

2003 90 90

Beacáin, seachas beacáin den ghéineas Agaricus, atá ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

0,00

gan teorainn

0710 10 00

Prátaí, neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite

 

 

2004 10 10

2004 10 99

Prátaí, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, atá reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal Uimh. 2006, cé is móite de phlúr, min nó calóga

 

 

2005 20 80

Prátaí, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal Uimh. 2006 seachas plúr, min nó calóga agus ullmhóidí atá slisnithe go tanaí, friochta nó bácáilte, bídís saillte nó blaistithe nó ná bídís, i bpacáistí aerdhíonacha, atá oiriúnach lena gcaitheamh láithreach

0,00

3 000

ex 2005 91 00

ex 2005 99

Ullmhóidí púdraithe glasraí agus meascán glasraí, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

ex 2008 30

Torthaí citris calógacha nó púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

ex 2008 40

Piorraí calógacha nó púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

ex 2008 50

Aibreoga calógacha nó púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

2008 60

Silíní atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó ná bíodh, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

0,00

500

ex 0811 90 19

ex 0811 90 39

Silíní, neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin breise eile curtha leo

0811 90 80

Silíní, seachas silíní searbha (Prunus cerasus), neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá reoite, nach bhfuil siúcra ná ábhar milsiúcháin breise eile curtha leo

ex 2008 70

Piorraí calógacha nó púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

ex 2008 80

Sútha talún calógacha nó púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

ex 2008 99

Torthaí eile calógacha nó púdraithe, bíodh siúcra breise, ábhar milsiúcháin eile nó stáirse curtha leo nó ná bíodh (4)

0,00

gan teorainn

ex 2009 19

Sú oráiste púdraithe, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó ná bíodh

0,00

gan teorainn

ex 2009 21 00

ex 2009 29

Sú seadóige púdraithe, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó ná bíodh

0,00

gan teorainn

ex 2009 31

ex 2009 39

Súnna púdraithe ó aon toradh citris eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh

0,00

gan teorainn

ex 2009 41

ex 2009 49

Sú anainn púdraithe, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó ná bíodh

0,00

gan teorainn

ex 2009 71

ex 2009 79

Sú úill púdraithe, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó ná bíodh

0,00

gan teorainn

ex 2009 81

ex 2009 89

Sú púdraithe ó aon toradh aonair nó glasra aonair eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó ná bíodh

0,00

gan teorainn


(1)  I gcás na dtáirgí atá faoin bhfo-cheannteideal seo, ciallaíonn ‘bainne speisialta do naíonáin’ táirgí atá saor ó frídíní pataigineacha agus tocsainigineacha agus ina bhfuil níos lú ná 10 000 baictéir aeróbach in-abheochana agus níos lú ná dhá bhaictéar drólannach in aghaidh an ghraim.

(2)  I gcás inarb ábhartha, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht shonrach seachas dleacht íosta.

(3)  Lena n-áirítear 1 000 tona faoi théarmaí malartaithe litreacha an 14 Iúil 1986.

(4)  Féach an Dearbhú Comhpháirteach maidir le haicmiú taraife glasraí púdraithe agus torthaí púdraithe.