ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 338

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
30 Nollaig 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Faisnéis faoi dháta sínithe agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta lascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/2584 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)

2

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2585 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)

4

 

*

PRÓTACAL LENA gCUIRTEAR CHUN FEIDHME AN COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA MAIDIR LE hIASCAIGH IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT OILEÁN MHUIRÍS (2022-2026)

6

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2586 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 maidir le hAirteagail 93, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh ( 1 )

35

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2587 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile

40

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

44

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/1


Faisnéis faoi dháta sínithe agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta lascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)

Síníodh an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026) an 21 Nollaig 2022.

Tá feidhm shealadach ag an téacs ón 21 Nollaig 2022 de bhun Airteagal 18 den Phrótacal.


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/2


RIALACHÁN (AE) 2022/2584 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (1) (an “Comhaontú”) i gcrích le Cinneadh 2014/146/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 28 Eanáir 2014.

(2)

Sa chéad phrótacal (3) a ghabhann leis an gComhaontú, leagtar amach, ar feadh tréimhse 3 bliana, na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís agus an ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag an Aontas. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an phrótacail sin in éag an 27 Eanáir 2017.

(3)

Sa dara prótacal (4) a ghabhann leis an gComhaontú, leagtar amach, ar feadh tréimhse 4 bliana, na deiseanna iascaireachta a dheonaítear do shoithí an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís agus an ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag an Aontas. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an phrótacail sin in éag an 7 Nollaig 2021.

(4)

Le comhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas agus Oileán Mhuirís (5), cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm an dara prótacal a ghabhann leis an gComhaontú go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(5)

An 28 Meán Fómhair 2021, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le hOileán Mhuirís chun prótacal nua a thabhairt i gcrích chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

(6)

Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, cuireadh inisealacha le prótacal nua le haghaidh tréimhse 4 bliana (“an Prótacal”) an 7 Bealtaine 2022.

(7)

An 8 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/2585 (6) maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(8)

Ba cheart na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal a leithdháileadh i measc na mBallstát le haghaidh thréimhse iomlán a chur i bhfeidhm.

(9)

Ba cheart an Prótacal a chur chun feidhme a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Oileán Mhuirís agus i bhfianaise an ghá atá ann cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a íoslaghdú.

(10)

Is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar na deiseanna iascaireachta a bhunaítear faoin bPrótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Oileán Mhuirís (2022-2026) a leithdháileadh ar na Ballstáit mar a leanas:

(1)

40 soitheach peas-saighne:

An Spáinn:

22 shoitheach

An Fhrainc:

16 shoitheach

An Iodáil:

2 shoitheach;

(2)

45 bhád spiléireachta dromchla:

An Spáinn:

12 shoitheach

An Fhrainc:

29 soitheach

An Phortaingéil:

4 shoitheach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 8 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)   IO L 79, 18.3.2014, lch. 3.

(2)  Cinneadh 2014/146/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 79, 18.3.2014, lch. 2).

(3)  Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 79, 18.3.2014, lch. 9).

(4)  Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 279, 28.10.2017, lch. 3).

(5)  Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 115, 13.4.2022, lch. 45).

(6)  Cinneadh (AE) 2022/2585 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur chun feidhme sealadach an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026) (féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil).


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/4


CINNEADH (AE) 2022/2585 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (1) (“an Comhaontú”) le Cinneadh 2014/146/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 28 Eanáir 2014.

(2)

Sa chéad phrótacal (3) a ghabhann leis an gComhaontú, leagadh amach na deiseanna iascaireachta a deonaíodh, ar feadh tréimhse 3 bliana, do shoithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís agus an ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag an Aontas. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an phrótacail sin in éag an 27 Eanáir 2017.

(3)

Sa dara prótacal (4) a ghabhann leis an gComhaontú, leagadh amach na deiseanna iascaireachta a deonaíodh, ar feadh tréimhse 4 bliana, do shoithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís agus an ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag an Aontas. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an phrótacail sin in éag an 7 Nollaig 2021.

(4)

Údaraíodh comhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas agus Oileán Mhuirís (5) le Cinneadh (AE) 2022/614 ón gComhairle lenar cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm an dara prótacal a ghabhann leis an gComhaontú go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(5)

An 28 Meán Fómhair 2021, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le hOileán Mhuirís chun prótacal nua a thabhairt i gcrích chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

(6)

Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go sásúil agus cuireadh inisealacha le prótacal nua an 7 Bealtaine 2022, lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme (“an Prótocal”) ar feadh tréimhse 4 bliana.

(7)

Is é is cuspóir don Phrótacal an Comhaontú a chur chun feidhme ionas go mbeidh an tAontas agus Oileán Mhuirís in ann oibriú níos dlúithe le chéile chun an comhar a chur chun cinn i réimsí an gheilleagair mhuirí, an dobharshaothraithe, fhorbairt inbhuanaithe na n-aigéan, na pleanála spásúla muirí, an fhuinnimh mhuirí agus na muirthimpeallachta, agus fhorbairt an bheartais mhuirí agus an gheilleagair ghoirm, agus ag an am céanna cur le dálaí oibre cuibhiúla in earnáil an iascaigh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(9)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Oileán Mhuirís agus an ghá atá ann le briseadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir, ba cheart an Prótacal a chur chun feidhme a luaithe is féidir.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Prótacal a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ó dháta a shínithe go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm tráth a ghlactha.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé a thuaraim uaidh an 24 Deireadh Fómhair 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Prótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Oileán Mhuirís (2022-2026) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an prótacal sin a thabhairt i gcrích. (7)

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d'Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de, amhail ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)   IO L 79, 18.3.2014, lch. 3.

(2)  Cinneadh 2014/146/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 79, 18.3.2014, lch. 2)

(3)  Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 79, 18.3.2014, lch. 9).

(4)  Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 279, 28.10.2017, lch. 3).

(5)  Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 115, 13.4.2022, lch. 45).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(7)  (Féach leathanach ... den Iris Oifigiúil).


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/6


PRÓTACAL LENA gCUIRTEAR CHUN FEIDHME AN COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA MAIDIR LE hIASCAIGH IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT OILEÁN MHUIRÍS (2022-2026)

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críoch an Phrótacail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Chomhaontú. Ina theannta sin,

(1)

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus Poblacht Oileán Mhuirís, a síníodh an 21 Nollaig 2012;

(2)

ciallaíonn “barrachas ar an ngabháil incheadaithe” an chuid sin den ghabháil incheadaithe nach saothraíonn Stát cósta, rud a fhágann go mbíonn ráta foriomlán saothraithe ann do stoic aonair a fhanann faoi bhun na leibhéal sin ag a bhfuil na stoic in ann iad féin a athshlánú agus lena ndéantar pobail na speiceas sin a shaothraítear a choinneáil os cionn leibhéil inmhianaithe ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil;

(3)

ciallaíonn “gabhálacha” speicis uisceacha mhuirí a ghabhtar le trealamh iascaireachta a úsáideann soitheach iascaireachta;

(4)

tá an bhrí chéanna le “foghabháil” agus atá leis i gcomhthéacs an Choimisiúin um Thuinníní an Aigéin Indiaigh (IOTC) agus i Rialacháin Oileán Mhuirís maidir le Margaíocht Talmhaíochta (Táirgí Rialaithe) 2013;

(5)

ciallaíonn “an Toscaireacht” Toscaireacht an Aontais chuig Oileán Mhuirís;

(6)

ciallaíonn “ábhar muirí aischurtha” gabhálacha nach gcoinnítear ar bord;

(7)

ciallaíonn “feiste comhthiomsaithe éisc” nó “FAD” réad nádúrtha nó saorga ar snámh ar dhromchla an uisce faoina dtagann na speicis éagsúla éisc a mheallann sé le chéile, rud a chuireann leis an bhféidearthacht na speicis sin a ghabháil;

(8)

ciallaíonn “gníomhaíocht iascaireachta” cuardach éisc, lámhach, socrú, tarraingt nó tarlú trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i ngaiste, a ramhrú agus a thabhairt i dtír;

(9)

ciallaíonn “údarú iascaireachta” údarú riaracháin arna eisiúint ag údaráis Oileán Mhuirís d’oibreoir, lena dtugtar teidlíocht dó iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileán Mhuirís ar feadh tréimhse shonraithe; tá sé sin coibhéiseach leis an údarú iascaireachta a shainítear i reachtaíocht an Aontais;

(10)

ciallaíonn “deis iascaireachta” teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta, arna léiriú i dtéarmaí gabhálacha incheadaithe speiceas áirithe nó iarracht iascaireachta;

(11)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach atá feistithe chun saothrú tráchtála a dhéanamh ar an tuinnín agus ar speicis atá cosúil leis an tuinnín;

(12)

ciallaíonn “comhfhiontar” cuideachta tráchtála arna bunú in Oileán Mhuirís ag úinéirí soithí nó ag fiontair náisiúnta de chuid na bPáirtithe chun dul i mbun iascaireachta nó gníomhaíochtaí gaolmhara;

(13)

tá an bhrí chéanna le “tabhairt i dtír” agus atá leis i gcomhthéacs IOTC;

(14)

ciallaíonn “breathnóir” aon duine atá údaraithe ag údarás náisiúnta, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn, chun cur chun feidhme na rialacha is infheidhme maidir le gníomhaíocht iascaireachta a bhreathnú, nó chun an ghníomhaíocht a bhreathnú chun críoch eolaíoch;

(15)

ciallaíonn “oibreoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn aon ghnóthas atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le haon chéim de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte nó miondíola a bhaineann le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(16)

ciallaíonn “an Prótacal” an Prótacal seo maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chomh maith leis an Iarscríbhinn agus na Foscríbhinní a ghabhann leis;

(17)

ciallaíonn “soitheach soláthair” aon soitheach de chuid an Aontais a thugann cúnamh do shoithí iascaireachta, ar soitheach í nach bhfuil feistithe chun éisc a ghabháil agus nach n-úsáidtear le haghaidh oibríochtaí trasloingsithe;

(18)

ciallaíonn “iascach inbhuanaithe” iascaireacht a dhéanamh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a chumhdaítear sa Chód Iompair d’Iascaigh Fhreagracha a glacadh ag Comhdháil FAO in 1995; agus

(19)

tá an bhrí chéanna le “trasloingsiú” agus atá leis i gcomhthéacs IOTC.

Airteagal 2

Cuspóir

1.   Is é is cuspóir don Phrótacal seo forálacha an Chomhaontaithe a chur chun feidhme. Is cuid dhílis den Phrótacal seo an Iarscríbhinn agus aon Fhoscríbhinn a ghabhann leis.

2.   Déanfar forálacha an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an Chomhaontaithe agus ar bhealach atá comhsheasmhach leis.

Airteagal 3

Fad

Beidh feidhm ag an bPrótacal seo agus ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis ar feadh tréimhse 4 bliana ón dáta a chuirfear i bhfeidhm é go sealadach.

Airteagal 4

Prionsabail

1.   De réir mar a fhoráiltear faoi Airteagal 6 den Chomhaontú, féadfaidh soithí a bhfuil bratach Ballstáit den Aontas ar foluain acu (“soithí de chuid an Aontais”) dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Oileán Mhuirís ar choinníoll go bhfuil údarú iascaireachta acu arna eisiúint faoin bPrótacal seo i gcomhréir le Caibidil II den Iarscríbhinn.

2.   D’fhonn leanúint d’iascaireacht fhreagrach inbhuanaithe a fhorbairt, comhaontaíonn na Páirtithe comhoibriú in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte.

3.   Tugann na Páirtithe gealltanas leis seo iascach inbhuanaithe a chur chun cinn in uiscí Oileán Mhuirís. I gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe i measc na gcabhlach éagsúil a bhíonn ag iascaireacht in uiscí Oileán Mhuirís, déanfar reachtaíocht Oileán Mhuirís a bhaineann le bearta teicniúla agus caomhnaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na cabhlaigh thionsclaíocha uile a bhfuil na saintréithe céanna acu agus a dhíríonn ar na speicis chéanna.

4.   Ar mhaithe le trédhearcacht agus aird chuí á tabhairt ar fhorálacha a bhaineann le rúndacht in aon chomhaontú eile, roinnfidh Oileán Mhuirís agus an tAontas faisnéis a bhaineann le haon chomhaontú lena n-údaraítear soithí eachtracha ina n-uiscí, lena gcuimsítear an líon údaruithe iascaireachta a eisíodh, na hiarrachtaí iascaireachta agus na gabhálacha a tuairiscíodh, agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

5.   Déanfaidh soithí de chuid an Aontais iascaireacht ar bharrachas na gabhála incheadaithe arna chinneadh de bhun Airteagal 62(2) agus (3) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige ó 1982 (UNCLOS) agus a bhunaítear, ar bhealach soiléir trédhearcach, ar bhonn na comhairle eolaíche ábhartha atá ar fáil agus ar bhonn na faisnéise ábhartha arna malartú idir na Páirtithe maidir leis an iarracht iascaireachta iomlán a dhéanfaidh na cabhlaigh uile a oibríonn in uiscí Oileán Mhuirís ar na stoic ábhartha.

6.   Comhlíonfaidh na Páirtithe na bearta caomhnúcháin agus bainistíochta is infheidhme arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) ábhartha agus go háirithe ag IOTC, agus measúnuithe eolaíocha réigiúnacha á gcur san áireamh.

7.   Gabhann na Páirtithe orthu féin leis seo an Prótacal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na gnéithe fíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí an Ghrúpa Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (“Comhaontú Cotonou”), nó a áirítear san airteagal coibhéiseach den chomhaontú a thagann i gcomharbas air.

8.   Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas earnála iascaigh Oileán Mhuirís trí thacaíocht thiomnaithe a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chomhaontú agus le forálacha ábhartha an Phrótacail seo, agus chuige sin coinneoidh siad ar bun idirphlé tráthrialta lena chéile.

9.   Rachaidh na Páirtithe i gcomhar freisin chun meastóireachtaí ex ante, leanúnacha agus ex post a dhéanamh ar bhearta, ar chláir agus ar ghníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme ar bhonn an Phrótacail seo.

10.   Beidh fostaíocht mairnéalach ar bord soithí de chuid an Aontais faoi rialú ag Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus ag aon Choinbhinsiún ábhartha eile, a mbeidh feidhm aige, de cheart, maidir leis na conarthaí comhfhreagracha agus na téarmaí ginearálta fostaíochta.

11.   Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile sula nglacfaidh siad aon chinneadh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 5

Deiseanna iascaireachta

1.   Is mar a leanas a bheidh na deiseanna iascaireachta a dheonaítear faoi Airteagal 5 den Chomhaontú maidir le speicis mhórimirceacha mar a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le UNCLOS:

(a)

40 soitheach peas-saighne; agus

(b)

45 bhád spiléireachta dromchla.

2.   Tabharfaidh Oileán Mhuirís údarú do shoithí soláthair de chuid an Aontais cúnamh a thabhairt in oibríochtaí soithí de chuid an Aontais atá údaraithe in uiscí Oileán Mhuirís laistigh de theorainneacha agus de théarmaí na rún is infheidhme de chuid IOTC maidir le soithí soláthair.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 faoi réir Airteagail 11 agus 12 den Phrótacal seo.

Airteagal 6

Ranníocaíocht airgeadais

1.   Le haghaidh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 3, is é EUR 2 900 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais iomlán dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chomhaontú. Ina theannta sin, íocfaidh longúinéirí ranníocaíocht airgeadais mar a leagtar amach san Iarscríbhinn í.

2.   Is é seo a leanas a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais iomlán sin:

(a)

méid bliantúil EUR 275 000 le haghaidh rochtain ar uiscí Oileán Mhuirís, arb ionann é agus tonnáiste tagartha 5 500 tona in aghaidh na bliana;

(b)

méid sonrach EUR 275 000 in aghaidh na bliana chun tacú le beartas iascaigh earnálach Oileán Mhuirís agus chun é a chur chun feidhme; agus

(c)

méid breise EUR 175 000 in aghaidh na bliana chun tacú le forbairt an bheartais mhuirí agus an gheilleagair ghoirm i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 7(2) den Phrótacal seo.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 faoi réir Airteagail 7, 11, 12 agus 13 den Phrótacal seo.

4.   Déanfaidh an tAontas an méid dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a íoc tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis thús an chur i bhfeidhm sealadach le haghaidh an 1ú bliain agus, le haghaidh gach bliana ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná cothrom dáta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail sa bhliain lena mbaineann.

5.   Íocaíochtaí an mhéid dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 2 den Airteagal seo, déanfar iad le haghaidh an 1ú bliain tar éis don Chomhchoiste dá bhforáiltear sa Chomhaontú (“an Comhchoiste”) an clár ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a fhormheas. Ón 2ú bliain, déanfar na híocaíochtaí ar bhonn na moltaí ón gComhchoiste ag brath ar na torthaí a baineadh amach faoi chlár na bliana roimhe sin, dá dtagraítear in Airteagal 7(4).

6.   Má sháraíonn leibhéal bliantúil na ngabhálacha tuinníní ag soithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís an tonnáiste tagartha bliantúil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, is é EUR 50 méid na ranníocaíochta airgeadais bliantúla le haghaidh gach tona breise a ghabhtar.

7.   An méid bliantúil iomlán a íocann an tAontas, ní bheidh sé níos mó ná dhá oiread an mhéid a shonraítear i bpointe (a) de mhír 2. I gcás inar mó na cainníochtaí a ghabh soithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís ná na cainníochtaí a chomhfhreagraíonn do dhá oiread an mhéid bhliantúil iomláin, íocfar an méid a bheidh dlite as an gcainníocht a sháraíonn an teorainn sin an bhliain ina dhiaidh sin.

8.   Beidh discréid iomlán ag Oileán Mhuirís maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais a shonraítear i bpointe (a) de mhír 2.

9.   Íocfar an ranníocaíocht airgeadais isteach i gcuntas Stáit a bheidh i seilbh an Ard-Chuntasóra. Cuirfear an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 2 ar fáil don eintiteas Muiríseach atá freagrach as beartais iascaigh agus mhuirí a chur chun feidhme. Soláthróidh údaráis Oileán Mhuirís an uimhir chuntais don Aontas agus deimhneoidh siad í ar bhonn bliantúil.

10.   Déanfar na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir le húsáid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a chomhaontú ag an gcéad chruinniú den Chomhchoiste a thionólfar faoin bPrótacal seo. Áireofar sna rialacha sin sainmhíniú ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), na ranna freagracha, an comhfhogasú buiséadach comhfhreagrach, na módúlachtaí eisíocaíochta, agus na sásraí tuairiscithe.

Airteagal 7

Tacaíocht earnála

1.   Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a thosaíonn feidhmiú sealadach an Phrótacail seo, tiocfaidh an Comhchoiste ar chomhaontú maidir le clár earnála ilbhliantúil agus rialacha mionsonraithe cur chun feidhme lena gcumhdófar, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí, idir chuspóirí bliantúla agus chuspóirí ilbhliantúla, atá le baint amach d’fhonn iascach inbhuanaithe a fhorbairt le himeacht ama, agus na tosaíochtaí a chuir Oileán Mhuirís in iúl ina bheartas iascaigh náisiúnta agus ina bheartas muirí náisiúnta á gcur san áireamh, agus beartais eile a bhaineann le hiascach inbhuanaithe a chur chun cinn nó a mbíonn tionchar acu ar an gcur chun cinn sin agus, i measc nithe eile, ar na réimsí seo a leanas:

bearta tacaíochta agus bainistíochta le haghaidh iascaigh, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú ar mionscála;

bainistíocht sláintíochta agus cáilíochta san earnáil iascaigh agus chun tacú le hinniúlacht intíre agus onnmhairiúcháin freisin;

faireachán, rialú agus faireachas ar iascach agus an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN);

an inniúlacht eolaíoch agus an comhar i réimse na n-iascach a chur chun cinn, lena n-áirítear sonraí ar ghabhálacha a bhailiú, a phróiseáil, a anailísiú agus a chur in iúl;

tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí bonneagair agus gníomhaíochtaí ábhartha eile chun iascach intíre a fhorbairt;

(b)

clár bliantúil agus ilbhliantúil chun méid sonrach na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 6(2) a úsáid.

Ina theannta sin, beidh na nithe seo a leanas sa chlár earnála ilbhliantúil, i measc nithe eile:

sásraí chun an chomhpháirt agus na gníomhaíochtaí airgeadais a phleanáil, a bhainistiú, a chur chun feidhme agus a thuairisciú;

critéir agus nósanna imeachta chun meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear gach bliain;

sásraí agus gníomhaíochtaí chun na bearta arna gcur chun feidhme trí bhíthin na tacaíochta earnála a chur chun cinn agus le haghaidh infheictheacht na mbeart sin.

A mhéid a bhaineann le comhar i réimse an gheilleagair mhuirí, déanfaidh na Páirtithe an méid seo a leanas:

gabhfaidh siad orthu féin creat a fhorbairt chun an comhar a fheabhsú i réimse an gheilleagair mhuirí, ina gcuimsítear, inter alia, dobharshaothrú, forbairt inbhuanaithe na n-aigéan, pleanáil spásúil mhuirí, fuinneamh muirí agus an timpeallacht mhuirí;

comhoibriú chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt chun na cuspóirí sin a bhaint amach a thuilleadh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí uirlisí comhair agus cláir chomhair atá ann cheana; agus

comhaontú go dtionscnófar gníomhaíocht trí phointí fócasacha a bhunú agus trí fhaisnéis agus saineolas a mhalartú sa réimse sin.

2.   Is ar bhailíochtú an chláir bhliantúil agus ilbhliantúil ag an gComhchoiste agus ar mheastóireacht ar na torthaí a fhaightear i ngach clár bliantúil a bhunófar úsáid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 6(2).

3.   Formheasfaidh an Comhchoiste aon leasú atá beartaithe ar an gclár earnála bliantúil agus ilbhliantúil. Féadfaidh an Comhchoiste aon athrú práinneach ar an gclár earnála bliantúil a fhormheas trí bhíthin malartú litreacha.

4.   Féadfaidh an Comhchoiste moltaí a ghlacadh chun cur chun feidhme agus tuairisciú an chláir tacaíochta earnála lena rannchuidítear le beartas iascaigh Oileán Mhuirís a éascú.

5.   Gach bliain, cuirfidh Oileán Mhuirís tuarascáil bhliantúil i láthair ar na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme agus ar na torthaí a baineadh amach le tacaíocht earnála. Scrúdóidh an Comhchoiste an tuarascáil. Is éard a bheidh sa tuarascáil bhliantúil tuarascáil ar fhorghníomhú airgeadais agus tuarascáil insinte ina mbeidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme agus a dtionchar, chomh maith leis na deacrachtaí a tabhaíodh agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh. Tabharfaidh Oileán Mhuirís tuarascáil ar chur chun feidhme foriomlán na tacaíochta earnála le linn fhad an Phrótacail seo ar dhul in éag dó.

6.   Déanfar méid sonrach na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 6(2) a íoc i dtráthchodanna bliantúla. I gcás an 1ú bliain ina gcuirtear an Prótacal i bhfeidhm, íocfar an tráthchuid ar bhonn na gclár comhaontaithe. I gcás na mblianta ina dhiaidh sin den iarratas, íocfar na tráthchodanna ar bhonn anailís ar na torthaí a baineadh amach le linn chur chun feidhme na tacaíochta earnála agus an chláir bhliantúil chomhaontaithe.

7.   Ar bhonn mheasúnú an Chomhchoiste, féadfar íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais sonraí dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 6(2) a chur siar nó a athbhreithniú, mura mbeidh na torthaí a fuarthas nó an forghníomhú airgeadais i gcomhréir leis an gclár. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha, leanfar den ranníocaíocht airgeadais a íoc tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe tríd an gComhchoiste.

8.   Ní íocfar an ranníocaíocht airgeadais shonrach dá bhforáiltear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 6(2) tar éis tréimhse 6 mhí i ndiaidh dhul in éag an Phrótacail seo. Nuair is gá agus a luaithe a íocfar an ranníocaíocht airgeadais a theastaíonn, leanfaidh na Páirtithe d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na tacaíochta earnála tar éis don Phrótacal seo dul in éag. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú frithpháirteach maidir le hamlíne nua.

9.   Tugann na Páirtithe gealltanas cur chun cinn agus infheictheacht na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme trí bhíthin na tacaíochta earnála a áirithiú.

10.   Féadfaidh institiúidí an Aontais, lena n-áirítear Cúirt Iniúchóirí an Aontais, iniúchtaí tráthrialta a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann Oileán Mhuirís as an ranníocaíocht tacaíochta earnála, de bhun an Chomhaontaithe agus an Phrótacail seo.

Airteagal 8

Comhar eolaíoch maidir le hiascach inbhuanaithe

1.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Phrótacail seo, féachfaidh Oileán Mhuirís le faireachán a dhéanamh ar staid na n-acmhainní iascaigh in uiscí Oileán Mhuirís, agus spreagfaidh sé comhar eolaíoch chun measúnú rialta a dhéanamh ar stádas an stoic éisc in uiscí Oileán Mhuirís i gcomhar le comhlachtaí eolaíocha réigiúnacha agus foréigiúnacha.

2.   Geallann na Páirtithe leis seo go gcomhoibreoidh siad trí bhíthin meitheal eolaíoch chomhpháirteach a bhunóidh an Comhchoiste, chun a chuspóirí agus a théarmaí tagartha a shainiú freisin. Áireofar ar chúraimí na meithle sonraí eolaíocha a fháil, a bhailíochtú, a anailísiú agus a tharchur. Tuairisceoidh an mheitheal don Chomhchoiste de réir mar is iomchuí. Déanfaidh na Páirtithe faisnéis ábhartha staidrimh, bhitheolaíoch, chaomhnúcháin agus chomhshaoil a mhalartú le chéile freisin de réir mar a cheanglófar chun acmhainní bitheolaíocha na mara a bhainistiú agus a chaomhnú.

3.   Ar bhonn obair na meithle eolaíche comhpháirtí, féadfaidh na Páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le bearta breise, agus moltaí agus rúin IOTC agus comhlachtaí ábhartha eile á gcur san áireamh inter alia, chun rannchuidiú le bainistíocht inbhuanaithe acmhainní iascaigh Oileán Mhuirís a chumhdaítear leis an bPrótacal seo a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais.

Airteagal 9

Comhar réigiúnach

1.   Féachann na Páirtithe leis seo dul i gcomhar le chéile go tráthrialta faoi chuimsiú IOTC agus eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha eile ina bhfuil siad ina gcomhaltaí, chun dul i gcomhairle le chéile agus, i gcás inar féidir, chun seasaimh shonracha a chomhordú, lena bhféadfaí a áirithiú tograí comhpháirteacha a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí sin.

2.   Beidh aon togra dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear rúin na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 10

An comhar eacnamaíoch agus an saothrú eacnamaíoch

1.   I gcomhréir le hAirteagal 8 den Chomhaontú, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar maidir le hábhair eacnamaíocha, thráchtála, eolaíocha agus theicniúil san earnáil iascaigh agus in earnálacha gaolmhara. Chun na críche sin, féadfaidh siad teacht ar chomhaontú maidir le sásra comhairliúcháin a chruthú, ina mbeidh oibreoirí rannpháirteach, arb é is aidhm dó an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus deiseanna le haghaidh comhar agus infheistíocht in earnáil an iascaigh a shainaithint i gcomhthéacs straitéis náisiúnta Oileán Mhuirís chun an earnáil a fhorbairt. D’fhéadfadh an sásra comhairliúcháin sin a bheith i bhfoirm cruinnithe rialta agus déanfaidh an Comhchoiste na tograí agus na moltaí a mheas.

2.   Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá soláthairtí rialta do thionscal próiseála éisc Oileán Mhuirís agus comhaontaíonn siad gur cheart do ghabhálacha agus d’fhoghabhálacha soithí de chuid an Aontais rannchuidiú le tionscal próiseála Oileán Mhuirís a sholáthar ar bhonn inbhuanaithe agus rialta.

3.   Spreagfaidh na Páirtithe oibreoirí, nó grúpaí oibreoirí, chun na hacmhainní iascaigh uile a ghabhtar in uiscí Oileán Mhuirís, nó cuid díobh, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír agus a phróiseáil go háitiúil. Chuige sin, déanfaidh Oileán Mhuirís an méid seo a leanas:

(a)

meastachán a sholáthar don Aontas ar chainníochtaí inmhianaithe na dtáirgí iascaigh lena dtrasloingsiú nó lena dtabhairt i dtír chun críocha na dtionscal próiseála áitiúil; agus

(b)

scéimeanna dreasachta a bhunú i gcomhréir le reachtaíocht Oileán Mhuirís chun oibreoirí a spreagadh ina leith sin.

Ina theannta sin, áiritheoidh oibreoirí go mbeidh deiseanna réasúnta ann do thionscal próiseála Oileán Mhuirís soláthar leordhóthanach tuinníní a bheith aige, lena n-áirítear an fhoghabháil tuinníní ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais.

4.   Tabharfaidh gach soitheach de chuid an Aontais a thugann iasc i dtír in Oileán Mhuirís gealltanas 100 % den fhoghabháil a thabhairt i dtír a ghabhtar in uiscí Oileán Mhuirís agus a choinnítear ar bord tráth a thugtar i dtír í, i gcomhréir leis an reachtaíocht sláintíochta is infheidhme agus le reachtaíocht ábhartha eile.

5.   Rannchuideoidh an Prótacal seo le caidreamh trádála idir na Páirtithe a fhorbairt agus cuirfidh sé forbairtí i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche san áireamh. Chun an méid sin a bhaint amach, pléifidh na Páirtithe go rialta bealaí chun rochtain ar mhargadh an Aontais a éascú le haghaidh táirgí iascaigh de thionscnamh Oileán Mhuirís.

Airteagal 11

Iascach taiscéalaíocha agus deiseanna iascaireachta nua

1.   I gcás ina bhféachann an tAontas le measúnú a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta nua do speicis seachas na speicis sin a chumhdaítear le hAirteagal 5, féadfaidh sé féachaint leis an gComhchoiste a thionól chun na coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta nua den sórt sin a phlé agus a shainaithint, agus an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil á cur san áireamh agus ar bhonn thorthaí na bhfeachtas taiscéalaíoch iascaigh.

2.   Féadfaidh an Comhchoiste plé agus formheas a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtarlódh feachtais thaiscéalaíocha iascaigh in uiscí Oileán Mhuirís d’fhonn indéantacht theicniúil agus inmharthanacht eacnamaíoch iascach nua a thástáil. Chuige sin, déanfaidh an Comhchoiste na speicis, na coinníollacha, lena n-áirítear rannpháirtíocht eolaithe Muiríseacha in aon fheachtas mar sin, agus aon pharaiméadar ábhartha eile a chinneadh, ar bhonn cás ar chás. Déanfar na húdaruithe le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch a dheonú ar feadh tréimhse 6 mhí, agus féadfar iad a athnuachan le comhaontú an dá Pháirtí.

3.   I gcás ina measann na Páirtithe go bhfuil torthaí dearfacha ar fheachtais thurgnamhacha, féadfaidh Oileán Mhuirís deiseanna iascaireachta nua a chionroinnt, lena n-áirítear é sin a dhéanamh le haghaidh speiceas nach gcumhdaítear lehAirteagal 5, ar chabhlach an Aontais ar théarmaí agus coinníollacha a bheidh le comhaontú. Déanfaidh an Comhchoiste an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) a choigeartú dá réir sin. Déanfar táillí agus coinníollacha longúinéirí dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a leasú dá réir sin.

Airteagal 12

Coigeartú ar dheiseanna iascaireachta agus athbhreithniú ar an bPrótacal seo

1.   Féadfaidh an Comhchoiste na deiseanna iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5 a athbhreithniú agus a choigeartú a mhéid a dhearbhófar le rúin agus moltaí IOTC go n-áiritheofar le coigeartú den sórt sin go ndéanfar bainistíocht inbhuanaithe ar an tuinnín agus ar speicis atá cosúil leis an tuinnín san Aigéan Indiach.

2.   Sa chás dá dtagraítear i mír 1, déanfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) a choigeartú go comhréireach agus pro rata temporis le cinneadh ón gComhchoiste. An méid bliantúil iomlán a íocann an tAontas, áfach, ní bheidh sé níos mó ná dhá oiread an mhéid a shonraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2). Féadfaidh coigeartú na ndeiseanna iascaireachta dá dtagraítear san Airteagal seo a bheith bunaithe freisin ar thorthaí an iascaigh thaiscéalaíoch arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11.

3.   3 mhí roimh dheireadh an 2ú bliain tar éis thús chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo, agus ar choinníoll gur mó an leibhéal tuairiscithe iarbhír gabhálacha ag soithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís ná an tonnáiste tagartha, féadfaidh na Páirtithe an tonnáiste tagartha a athbhreithniú agus a choigeartú. Sa chás sin, féadfar an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) a choigeartú le haghaidh na tréimhse cur chun feidhme atá fágtha.

4.   Féadfaidh an Comhchoiste, i gcás inar gá, forálacha an Phrótacail seo a scrúdú agus a leasú, lena n-áirítear na rialacha lena rialaítear saothrú na ngníomhaíochtaí iascaireachta, cur chun feidhme na tacaíochta earnála agus rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis. I gcás práinne, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe den sórt sin a dhéanamh trí bhíthin malartú litreacha.

Airteagal 13

Íocaíocht na ranníocaíochta airgeadais a chur ar fionraí agus a athbhreithniú

1.   Cuirfear cur chun feidhme an Phrótacail seo ar fionraí ar thionscnamh ó cheachtar ceann de na Páirtithe, sna cásanna seo a leanas:

(a)

cásanna, feiniméin nádúrtha nó feiniméin nach feiniméin nádúrtha iad, nach bhfuil smacht réasúnach ag na Páirtithe orthu agus ar de chineál iad lena gcoisctear iascaireacht in uiscí Oileán Mhuirís;

(b)

díospóid idir na Páirtithe maidir le léirmhíniú nó cur chun feidhme an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis, ar díospóid í nach féidir a réiteach;

(c)

má mhainníonn ceachtar de na Páirtithe forálacha an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis a chomhlíonadh, go háirithe i ndáil le sárú ar eilimintí fíor-riachtanacha bunúsacha maidir le cearta an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 de Chomhaontú Cotonou, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 8 agus 96 de; nó a chuimsítear san airteagal coibhéiseach de chomhaontú idir an tAontas agus na tíortha ACC a thiocfadh i gcomharbas air;

(d)

má mhainníonn an tAontas an íocaíocht dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) a dhéanamh in am trátha ar chúiseanna nach gcumhdaítear le pointe (c) den mhír seo.

2.   Sula ndéanfaidh siad aon chinneadh cur chun feidhme an Phrótacail seo a chur ar fionraí, reáchtálfaidh na Páirtithe comhairliúcháin fhónta chun teacht ar réiteach cairdiúil.

3.   Maidir le cur chun feidhme an Phrótacail seo a chur ar fionraí, ceanglófar ar an bPáirtí lena mbaineann a intinn a chur in iúl i scríbhinn 3 mhí ar a laghad roimh an dáta a mbeidh éifeacht leis an bhfionraí agus is i bhfoirm fógra i scríbhinn a sheirbheálfar an Páirtí eile. Nuair a gheofar an fógra sin, cuirfear tús le comhairliúcháin idir na Páirtithe laistigh den Chomhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid laistigh de thréimhse réasúnach.

4.   Ar theacht i bhfeidhm don fhionraí:

(a)

fágfaidh soithí uile an Aontais uiscí Oileán Mhuirís laistigh de 24 uair an chloig; agus

(b)

ní dhéanfaidh aon soitheach de chuid an Aontais éisc a shaothrú in uiscí Oileán Mhuirís.

5.   Laghdófar méid an chúitimh dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) i gcomhréir leis an tréimhse ina ngabhfaidh éifeacht leis an bhfionraí.

6.   I gcás ina gcuirfear an cur chun feidhme ar fionraí, leanfaidh na Páirtithe de dhul i gcomhairle d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil ar a ndíospóid. I gcás ina dtagtar ar réiteach den sórt sin, atosóidh cur chun feidhme an Phrótacail seo agus déanfar méid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 a laghdú go comhréireach agus pro rata temporis de réir na tréimhse ar cuireadh an Prótacal seo ar fionraí lena linn.

Airteagal 14

An dlí is infheidhme

1.   Déanfar gníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís a rialú leis an dlí is infheidhme in Oileán Mhuirís, mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú ná sa Phrótacal seo, mar aon le rúin IOTC agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta is infheidhme. Tabharfaidh údaráis Oileán Mhuirís fógra d’údaráis an Aontais faoi aon leasú ábhartha ar a dhlíthe agus ar a rialacháin a imríonn tionchar ar ghníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais, 3 mhí ar a laghad sula gcuirfear i bhfeidhm iad.

2.   Gabhann an tAontas air féin leis seo go ndéanfar gach beart is féidir agus is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a chuid soithí an Prótacal seo agus dlíthe Oileán Mhuirís lena rialaítear gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Oileán Mhuirís.

3.   Tabharfaidh údaráis an Aontais fógra gan mhoill d’údaráis Oileán Mhuirís faoi aon athrú ar reachtaíocht an Aontais a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí soithí de chuid an Aontais faoin bPrótacal seo.

Airteagal 15

Cosaint sonraí

1.   Áiritheoidh an dá Pháirtí go n-úsáidfear sonraí a mhalartófar faoin bPrótacal seo go heisiach chun an Prótacal seo a chur chun feidhme agus go háirithe chun críoch bainistíochta, faireacháin, rialaithe agus faireachais iascaigh.

2.   Gabhann na Páirtithe orthu féin a áirithiú go gcaithfear i modh rúin leis na nithe seo a leanas:

na sonraí pearsanta uile atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a bhaineann le soithí de chuid an Aontais agus lena ngníomhaíochtaí iascaireachta a fhaightear laistigh de chomhthéacs an Phrótacail seo; agus

na sonraí uile atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a bhaineann leis na córais chumarsáide a úsáideann an tAontas.

Áiritheoidh na Páirtithe nach gcuirfear ar fáil go poiblí ach sonraí comhiomlánaithe a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Oileán Mhuirís.

3.   Ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil le hábhar na sonraí. Sa chomhthéacs sin, ní chuirfear sonraí pearsanta a mhalartaítear faoin bPrótacal seo ar fáil go poiblí agus beidh siad teoranta do chur chun feidhme an Phrótacail seo. Ní choinneofar sonraí pearsanta thar an am is gá chun an malartú a dhéanamh.

4.   Féadfaidh an Comhchoiste coimircí agus leigheasanna dlíthiúla breise a bhunú maidir le sonraí pearsanta agus cearta na n-ábhar sonraí.

Airteagal 16

Malartuithe leictreonacha sonraí

1.   Tabharfaidh Oileán Mhuirís agus an tAontas gealltanas na córais is gá a chur chun feidhme chun an fhaisnéis uile agus na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail seo a mhalartú go leictreonach. Measfar ag aon tráth an fhoirm leictreonach de dhoiciméad a bheith coibhéiseach leis an leagan páipéir.

2.   Leagtar amach san Iarscríbhinn agus sna Foscríbhinní a ghabhann léi na socruithe maidir le cur chun feidhme agus úsáid na gcóras sin chun sonraí gabhála, dearbhuithe gabhála ar dhul isteach agus ar imeacht (tríd an ERS — an Córas Tuairiscithe Leictreonach) agus suíomhanna soithí (tríd an VMS — an córas um fhaireachán soithí) a mhalartú, agus chun ceadúnais a fháil.

3.   Tabharfaidh an dá Pháirtí fógra láithreach don Pháirtí eile faoi aon bhriseadh i gcóras ríomhaireachta lena gcuirtear bac ar mhalartuithe den sórt sin. Sna himthosca sin, cuirfear a leagan páipéir go huathoibríoch in ionad na faisnéise agus na ndoiciméad a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail seo, nó tarchuirfear iad trí bhíthin modhanna cumarsáide malartacha mar a shainítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo.

Airteagal 17

Foirceannadh

1.   Féadfaidh Páirtí an Prótacal seo a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú.

2.   I gcás inarb éagóir le Páirtí sárú líomhnaithe ar fhoráil den Phrótacal seo, tabharfaidh an Páirtí fógra i scríbhinn don Pháirtí eile laistigh de 3 mhí tar éis don sárú líomhnaithe sin tarlú. Déanfaidh na Páirtithe a ndícheall dul i gcomhairle de mheon macánta d’fhonn teacht ar réiteach cairdiúil.

3.   Mura dtiocfar ar réiteach cairdiúil laistigh de 3 mhí tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile faoin sárú líomhnaithe, féadfaidh an Páirtí a chinneadh an Prótacal seo a fhoirceannadh agus fógra a thabhairt don Pháirtí eile faoi.

4.   I gcás ina bhfoirceanntar an Prótacal seo, déanfar íocaíocht mhéid na ranníocaíochta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 le haghaidh na bliana ina gcuirtear an foirceannadh i bhfeidhm a laghdú pro rata temporis.

5.   Ar an bPrótacal seo a dhul in éag nó a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú, leanfaidh longúinéirí an Aontais de bheith faoi dhliteanas i leith aon sárú ar fhorálacha an Chomhaontaithe nó an Phrótacail seo nó ar na dlíthe is infheidhme de chuid Oileán Mhuirís a tharla roimh dhul in éag nó foirceannadh an Phrótacail seo, nó i leith aon íocaíocht a bheidh fós gan íoc tráth a rachaidh an Prótacal seo in éag nó tráth an fhoirceanta.

Airteagal 18

Cur i bhfeidhm sealadach

Beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal seo ón dáta a shíneoidh na Páirtithe é.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Prótacal seo agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis i bhfeidhm ar an dáta a thugann na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm curtha i gcrích.

Airteagal 20

Teangacha barántúla

Tarraingeofar an Prótacal seo suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

Съставено в Брюксел на двадесет и първи декември две хиляди двадесет и втора година.

Hecho en Bruselas, el veintiuno de diciembre de dos mil veintidós.

V Bruselu dne dvacátého prvního prosince dva tisíce dvacet dva.

Udfærdiget i Bruxelles den enogtyvende december to tusind og toogtyve.

Geschehen zu Brüssel am einundzwanzigsten Dezember zweitausendzweiundzwanzig.

Kahe tuhande kahekümne teise aasta detsembrikuu kahekümne esimesel päeval Brüsselis.

Έγινε στις Βρυξέλλες, στις είκοσι μία Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι δύο.

Done at Brussels on the twenty first day of December in the year two thousand and twenty two.

Fait à Bruxelles, le vingt et un décembre deux mille vingt-deux.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag sa bhliain dhá mhíle fiche a dó.

Sastavljeno u Bruxellesu dvadeset prvog prosinca godine dvije tisuće dvadeset druge.

Fatto a Bruxelles, addì ventuno dicembre duemilaventidue.

Briselē, divi tūkstoši divdesmit otrā gada divdesmit pirmajā decembrī.

Priimta du tūkstančiai dvidešimt antrų metų gruodžio dvidešimt pirmą dieną Briuselyje.

Kelt Brüsszelben, a kétezer-huszonkettedik év december havának huszonegyedik napján.

Magħmul fi Brussell, fil-wieħed u għoxrin jum ta’ Diċembru fis-sena elfejn u tnejn u għoxrin.

Gedaan te Brussel, eenentwintig december tweeduizend tweeëntwintig.

Sporządzono w Brukseli dnia dwudziestego pierwszego grudnia roku dwa tysiące dwudziestego drugiego.

Feito em Bruxelas, em vinte e um de dezembro de dois mil e vinte e dois.

Întocmit la Bruxelles la douăzeci și unu decembrie două mii douăzeci și doi.

V Bruseli dvadsiateho prvého decembra dvetisícdvadsaťdva.

V Bruslju, enaindvajsetega decembra dva tisoč dvaindvajset.

Tehty Brysselissä kahdentenakymmenentenäensimmäisenä päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentäkaksi.

Som skedde i Bryssel den tjugoförsta december år tjugohundratjugotvå.

Image 1


IARSCRÍBHINN

NA COINNÍOLLACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A BHEITH Á nDÉANAMH AG SOITHÍ DE CHUID AN AONTAIS IN UISCÍ OILEÁN MHUIRÍS

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1.   Údarás inniúil a ainmniú

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, agus d’ainneoin aon léiriú ar a mhalairt, ciallóidh aon tagairt don Aontas Eorpach (“an tAontas”) nó d’Oileán Mhuirís mar údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

thar ceann an Aontais: an Coimisiún Eorpach, i gcás inarb infheidhme tríd an Toscaireacht;

(b)

thar ceann Oileán Mhuirís: an Aireacht atá freagrach as ábhar an iascaigh.

2.   An Prótacal seo agus an Iarscríbhinn a ghabhann leis a chur i bhfeidhm

Níos faide ná 15 mhuirmhíle ó bhonnlíne Oileán Mhuirís, beidh feidhm ag forálacha uile an Phrótacail seo agus na hIarscríbhinne a ghabhann leis go heisiach.

Cuirfear faisnéis a bhaineann le limistéir eile atá coiscthe don loingseoireacht agus don iascaireacht ar fáil don Aontas, agus ní mór aon leasú ina dhiaidh sin a chur in iúl 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

3.   Cuntas bainc le haghaidh íocaíochtaí ó longúinéirí

Tabharfaidh Oileán Mhuirís fógra don Aontas roimh dháta chur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail seo maidir le mionsonraí chuntas (nó chuntais) bhainc Státchiste Poiblí Oileán Mhuirís ina bhfuil na táillí agus na suimeanna airgeadais is iníoctha ag soithí de chuid an Aontais faoin gComhaontú le híoc. Is iad na longúinéirí a íocfaidh na costais aistrithe bainc ghaolmhara.

CAIBIDIL II

TRÉIMHSE BHAILÍOCHTA, CUR I bhFEIDHM AGUS EISIÚINT ÚDARUITHE IASCAIREACHTA

Tréimhse bhailíochta údaraithe iascaireachta

1.

Beidh údaruithe iascaireachta bailí ar feadh 1 bhliain féilire iomlán agus beidh siad in-athnuaite. Chun tús agus deireadh na tréimhse bailíochta a chinneadh, ciallóidh “tréimhse bhliantúil” an méid seo a leanas:

(a)

i gcás an 1ú bliain a chuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm, an tréimhse idir dáta a theacht i bhfeidhm agus an 31 Nollaig an bhliain chéanna;

(b)

i gcás na bliana deireanaí a chuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm, an tréimhse idir an 1 Eanáir agus an dáta a rachaidh an Prótacal seo in éag.

Don 1ú bliain agus don bhliain dheireanach den Phrótacal seo, déanfar an táille réamhíocaíochta a ríomh ar bhonn pro rata temporis.

Coinníoll maidir le húdarú iascaireachta a fháil - soithí incháilithe

2.

Ní fhéadfaidh ach soithí de chuid an Aontais a mheasann an tAontas a bheith incháilithe údarú iascaireachta a fháil chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileán Mhuirís faoin bPrótacal seo.

3.

Chun go mbeidh soitheach de chuid an Aontais incháilithe, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl toirmeasc ar an úinéir, ar an máistir ná ar an soitheach féin iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Oileán Mhuirís;

(b)

comhlíonann an t-úinéir, an máistir agus an soitheach féin dlíthe Oileán Mhuirís agus chomhlíon siad na réamhoibleagáidí uile a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí Oileán Mhuirís faoin gComhaontú;

(c)

áirítear an soitheach i dtaifead IOTC de shoithí údaraithe agus ní áirítear í i liosta NNN IOTC ná i liosta NNN aon ERBI eile; agus

(d)

eisítear na húdaruithe iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chomhaontú ar choinníoll go gcomhlíonann an soitheach Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Iarratas ar údarú iascaireachta

4.

Cuirfidh an tAontas iarratas ar údarú iascaireachta faoi bhráid údaráis inniúla Oileán Mhuirís maidir le gach soitheach de chuid an Aontais faoin gComhaontú 21 lá féilire ar a laghad roimh thús na tréimhse bailíochta a iarradh. Féadfar tarchur leictreonach na n-iarratas ar údaruithe iascaireachta agus a n-eisiúint a dhéanamh tríd “an córas LICENCE”, rud a chiallaíonn córas leictreonach bainistíochta na n-údaruithe iascaireachta, arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach.

5.

I ngach iarratas ar údarú iascaireachta beidh an fhaisnéis a liostaítear i bhFoscríbhinn 1 agus na doiciméid seo a leanas:

(a)

an cruthúnas gur íocadh an réamhtháille le haghaidh thréimhse bhailíochta an údaraithe iascaireachta a iarradh, méid nach bhfuil in-aisíoctha;

(b)

grianghraf digiteach daite den soitheach de ghléine leormhaith agus a tógadh le déanaí, ar grianghraf é ina dtaispeántar radharc cliathánach mionsonraithe den soitheach, lena n-áirítear ainm agus uimhir aitheantais an tsoithigh agus iad le feiceáil go soiléir ar an gcabhail;

(c)

deimhniú na brataí cláraithe.

6.

Íocfar na réamhtháillí isteach i gcuntas Stáit sonrach de chuid Ard-Chuntasóir Oileán Mhuirís, a dtabharfaidh Oileán Mhuirís mionsonraí ina thaobh. Áireofar ar na réamhtháillí íocaíochta gach muirear neamhoibríochtúil.

7.

Chun údarú iascaireachta a athnuachan faoin bPrótacal seo atá i bhfeidhm maidir le soitheach nár modhnaíodh a sonraíochtaí teicniúla, ní bheidh san iarratas ar athnuachan ach an fhaisnéis a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 agus an cruthúnas gur íocadh an táille.

Eisiúint údaruithe iascaireachta

8.

Eiseoidh údaráis Oileán Mhuirís údaruithe iascaireachta le haghaidh gach soithigh údaraithe agus soláthróidh siad na húdaruithe bunaidh sínithe do na longúinéirí nó dá ngníomhaire laistigh de 21 lá féilire tar éis dóibh an t-iarratas iomlán dá dtagraíonn an t-údarás inniúil i bpointe 5 a fháil. Tar éis dóibh an t-údarú iascaireachta a eisiúint, déanfaidh údaráis Oileán Mhuirís cóip den bhunchóip shínithe a uaslódáil go pras sa chóras LICENCE nuair a bheidh an córas ag feidhmiú go hiomlán.

9.

Déanfaidh soitheach údaraithe de chuid an Aontais an t-údarú iascaireachta bunaidh a choimeád ar bord. Mar sin féin, féadfar cóip leictreonach den údarú iascaireachta a úsáid ar feadh uastréimhse 60 lá féilire tar éis dháta eisiúna an údaraithe iascaireachta sin. Le linn na tréimhse sin, measfar go bhfuil an chóip coibhéiseach leis an mbunchóip. Tar éis na tréimhse 60 lá sin, coimeádfar bunchóip an údaraithe iascaireachta ar bord i gcónaí.

An t-údarú iascaireachta a aistriú

10.

Eiseofar údarú iascaireachta chuig soitheach sonrach agus ní bheidh sé inaistrithe, ach amháin i gcás force majeure.

11.

I gcás ina n-admhaíonn an dá Pháirtí force majeure, féadfar, ar iarraidh ón Aontas, údarú nua a chur in ionad údarú iascaireachta, údarú a eiseofar le haghaidh soitheach comhchosúil eile nó soitheach ionaid sa chatagóir iascaireachta chéanna leis an soitheach atá á hionadú, gan réamhtháille nua a íoc. I gcás den sórt sin, cuirfear san áireamh sa ráiteas táillí le haghaidh soithí de chuid an Aontais dá dtagraítear i bpointe 21 de Chaibidil III gabháil iomlán an dá shoitheach in uiscí Oileán Mhuirís.

12.

I gcás aistrithe, tabharfaidh an longúinéir nó a ghníomhaire in Oileán Mhuirís ar ais an t-údarú iascaireachta atá le hionadú agus déanfaidh Oileán Mhuirís údarú ionaid a tharraingt suas láithreach. Eiseofar an t-údarú ionaid gan a thuilleadh moille don longúinéir nó dá ghníomhaire nuair a thabharfar an t-údarú atá le hionadú ar ais.

13.

Gabhfaidh éifeacht leis an údarú ionaid an lá a chuirfear an t-údarú a cuireadh ar ceal ar ais chuig údaráis inniúla Oileán Mhuirís. I gcás den sórt sin, tabharfaidh Oileán Mhuirís liosta na soithí údaraithe cothrom le dáta gan mhoill agus seolfaidh sé chuig an Aontas é. Cuirfidh údaráis inniúla Oileán Mhuirís Toscaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aistriú an údaraithe iascaireachta.

Mífheidhmiú an chórais LICENCE

14.

I gcás ina dtiocfaidh deacrachtaí chun cinn maidir le faisnéis a tharchur sa chóras LICENCE idir an Coimisiún Eorpach agus Oileán Mhuirís, déanfar malartuithe leictreonacha údaruithe iascaireachta trí ríomhphost go dtí go mbeidh an córas ag feidhmiú arís.

Soithí soláthair

15.

Údaróidh údaráis Oileán Mhuirís go mbeidh soithí soláthair údaraithe le cúnamh a thabhairt do shoithí de chuid an Aontais atá ina sealbhóirí ar údarú iascaireachta. Ní mór do shoithí soláthair a bheith faoi bhratach Ballstáit den Aontas agus gan a bheith feistithe le haghaidh iascaireachta ná le húsáid le haghaidh trasloingsithe.

16.

Níor cheart athbhreoslú ná trasloingsiú gabhálacha a chuimsiú sa tacaíocht a sholáthrófar.

17.

An líon soithí soláthair údaraithe de chuid an Aontais a bheidh ag oibriú in aghaidh an líon soithí peas-saighne údaraithe de chuid an Aontais, beidh sé i gcomhréir le rúin ábhartha IOTC. Ina theannta sin, comhlíonfaidh ceanglais tuairiscithe oibleagáidí ábhartha IOTC agus forálacha reachtaíochta náisiúnta ábhartha eile.

18.

Na soithí soláthair a bhfuil bratach Ballstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu, beidh siad faoi réir na nósanna imeachta céanna lena rialaítear iarratais ar údarú iascaireachta a fháil agus a tharchur mar a leagtar amach sa Chaibidil seo, a mhéid is infheidhme ina leith.

Liosta sealadach na soithí údaraithe

19.

Ar na hiarratais ar an údarú iascaireachta a fháil, féadfar liosta sealadach de na soithí is iarratasóirí a tharraingt suas le haghaidh gach catagóire soithigh, lena n-áirítear soithí soláthair, agus féadfaidh údarás inniúil Oileán Mhuirís é a sheoladh trí ríomhphost go pras chuig an Aontas agus chuig an Toscaireacht.

20.

Cuirfidh an tAontas an liosta sealadach ar aghaidh chuig an longúinéir nó a ghníomhaire. Má tá oifigí an Aontais dúnta, féadfaidh Oileán Mhuirís an liosta sealadach a sheoladh go díreach chuig an longúinéir nó a ghníomhaire agus cóip a chur chuig an Toscaireacht.

Doiciméid atá le hiompar ar bord

21.

Le linn dóibh a bheith in uiscí Oileán Mhuirís nó i gcalafort Oileán Mhuirís, ní mór na doiciméid seo a leanas a iompar ar bord an tsoithigh iascaireachta i gcónaí:

(a)

údarú iascaireachta;

(b)

doiciméid arna n-eisiúint ag údarás inniúil de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta, ina léirítear an méid seo a leanas:

deimhniú cláraithe an tsoithigh, lena n-áirítear an uimhir faoina bhfuil an soitheach iascaireachta cláraithe;

líníochtaí nó tuairiscí deimhnithe atá cothrom le dáta ar leagan amach an tsoithigh iascaireachta agus, go háirithe, ar líon na mbolg éisc sa soitheach iascaireachta, agus an toilleadh stórála léirithe ina mhéadair chiúbacha;

(c)

má rinneadh aon mhodhnú ar shaintréithe an tsoithigh iascaireachta i ndáil lena fad foriomlán, lena holltonnáiste cláraithe, lena cumhacht innill nó le toilleadh a boilg, deimhniú, arna dheimhniú ag údarás inniúil Stát brataí an tsoithigh iascaireachta, ina mbeidh tuairisc ar chineál an mhodhnaithe sin; agus

(d)

deimhniú muiracmhainneachta an tsoithigh.

Íocaíocht na réamhtháille

22.

Socraítear méid na réamhtháille a íoctar ar bhonn an ráta bhliantúil mar a leanas. Áireofar ann na cánacha áitiúla agus náisiúnta uile cé is moite de chánacha calafoirt, cánacha ar thabhairt i dtír, cánacha trasloingsithe agus muirir chun seirbhísí a sholáthar a thoibhítear de réir mar is infheidhme agus nuair is infheidhme.

23.

Na táillí a bheidh le híoc ag longúinéirí, ríomhfar iad ar bhonn an ráta EUR 80 in aghaidh an tona éisc a ghabhtar.

24.

Is é seo a leanas an táille bhliantúil réamhíocaíochta a bheidh le híoc ag na longúinéirí tráth a chuirtear iarratais ar údarú iascaireachta isteach, údarú a bheidh le heisiúint ag údaráis Oileán Mhuirís:

(a)

Soithí peas-saighne tuinníní

EUR 9 360, arb ionann é agus 117 dtona de thuinníní agus de speicis atá cosúil le tuinníní a ghabhtar in uiscí Oileán Mhuirís.

(b)

Soithí spiléireachta (os cionn 100 GT)

EUR 4 560, arb ionann é agus 57 dtona de thuinníní agus de speicis atá cosúil le tuinníní a ghabhtar in uiscí Oileán Mhuirís.

(c)

Soithí spiléireachta (faoi bhun 100 GT)

EUR 2 400, arb ionann é agus 30 tona de thuinníní agus de speicis atá cosúil le tuinníní a ghabhtar in uiscí Oileán Mhuirís.

Soithí soláthair

25.

Is é EUR 5 000 an táille ceadúnais bhliantúil a bheidh infheidhme maidir le haon soitheach soláthair údaraithe.

CAIBIDIL III

TUAIRISCIÚ GABHÁLA

AN LOGLEABHAR IASCAIREACHTA LEICTREONACH - TAIFEADADH AGUS TUAIRISCIÚ LEIS AN GCÓRAS TUAIRISCITHE LEICTREONACH (ERS)

Forálacha ginearálta

1.

Tabharfaidh an máistir fógra faoi ghabháil an tsoithigh trína logleabhair iascaireachta a chur faoi bhráid Oileán Mhuirís le haghaidh na tréimhse ina mbeidh sí in uiscí Oileán Mhuirís.

2.

Nuair a bheidh an ERS i seirbhís, coimeádfaidh máistir soithigh de chuid an Aontais a bheidh i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta faoin bPrótacal seo logleabhar iascaireachta leictreonach a bheidh lánpháirtithe in ERS.

3.

Ní údarófar do shoithí nach bhfuil feistithe le ERS dul isteach in uiscí Oileán Mhuirís chun gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh. I gcás nach gcomhlíontar na forálacha a bhaineann le tuairisciú gabhála, féadfaidh Oileán Mhuirís údarú iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go bhfaighfear an tuarascáil gabhála atá ar iarraidh agus aon ghníomh a dhéanamh i gcoinne an longúinéara i gcomhréir leis na forálacha ábhartha faoin reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm. Má dhéantar an cion arís, féadfaidh Oileán Mhuirís diúltú an t-údarú iascaireachta a athnuachan. Cuirfidh Oileán Mhuirís an tAontas ar an eolas láithreach faoi aon smachtbhanna a chuirfear i bhfeidhm sa chomhthéacs sin.

4.

Beidh an máistir freagrach as cruinneas na sonraí a thaifeadfar. Comhlíonfaidh an logleabhar iascaireachta rúin agus moltaí ábhartha IOTC agus déanfar é a tharchur i gcomhréir leis an gcaighdeán de chuid UN/FLUX dá dtagraítear i bhFoscríbhinn 3.

5.

Áiritheoidh an Stát brataí agus Oileán Mhuirís go mbeidh an trealamh agus na bogearraí TF is gá acu chun sonraí ERS a tharchur go huathoibríoch. Seachas sin, is leis an bpost leictreonach a dhéanfar an tarchur.

6.

Áiritheoidh an Stát brataí go ndéanfar sonraí an ERS a fháil agus a thaifeadadh i mbunachar sonraí ríomhaireachta lena gcumasófar slánstóráil na sonraí ar feadh tréimhse 36 mhí ar a laghad ó thús an turais.

7.

Áiritheoidh Lárionad Faireacháin Iascaigh (FMC) an Stáit brataí go gcuirfear ar fáil go huathoibríoch logleabhair iascaireachta tríd an ERS do FMC Oileán Mhuirís ar bhonn laethúil le linn na tréimhse ina bhfuil an soitheach in uiscí Oileán Mhuirís, fiú i gcás nach ndearnadh aon ghabháil.

Sonraí an logleabhair leictreonaigh

8.

Déanfaidh an máistir dáta agus am an phointe iontrála in uiscí Oileán Mhuirís, agus an phointe imeachta astu, a thaifeadadh láithreach nuair a bheidh an ERS ag feidhmiú.

9.

Gach lá, déanfaidh an máistir taifead ar na cainníochtaí measta de gach speiceas a ghabhtar agus a choimeádtar ar bord, nó a aischuirtear san fharraige, le haghaidh gach oibríochta iascaireachta. Déanfar taifeadadh cainníochtaí measta speicis a ghabhtar nó a aischuirtear san fharraige gan beann ar mheáchan. Má tá soitheach i láthair nach dtéann i mbun iascaireachta, déanfar suíomh an tsoithigh ag meán lae Am Uilíoch Lárnach (AUL) a thaifeadadh.

10.

Tarchuirfear sonraí an logleabhair iascaireachta go huathoibríoch agus ar bhonn laethúil chuig FMC an Stáit brataí. Cuimseofar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

(a)

uimhreacha aitheantais na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) nó an Chláir Cabhlaigh (CFR) agus ainm an tsoithigh;

(b)

uimhir aitheantais uathúil le haghaidh turas iascaireachta;

(c)

cód 3-alfa FAO gach speicis;

(d)

an limistéar geografach ábhartha ina ndearnadh na gabhálacha;

(e)

dáta agus am na ngabhálacha;

(f)

an dáta agus an t-am a fhágtar an calafort nó a bhaintear amach é nó an pointe iontrála in uiscí Oileán Mhuirís agus an pointe imeachta astu;

(g)

an cineál trealaimh agus na sonraíochtaí teicniúla;

(h)

cainníochtaí measta gach speicis a choimeádtar ar bord, ina gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb iomchuí, an líon iasc aonair; agus

(i)

cainníochtaí measta gach speicis a aischuirtear, ina gcileagraim bheomheáchain nó, i gcás inarb iomchuí, an líon iasc aonair.

Cliseadh teicniúil nó teip theicniúil a dhéanann difear do thaifeadadh agus tarchur tuarascálacha leictreonacha shoitheach an Aontais ar bord

11.

Cuirfidh FMC an Stáit brataí agus FMC Oileán Mhuirís a chéile ar an eolas láithreach faoi aon imeacht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do tharchur sonraí ERS ó shoitheach amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

12.

Más rud é nach bhfaigheann FMC Oileán Mhuirís na sonraí atá le tarchur ag soitheach de chuid an Aontais, tabharfaidh sé fógra faoi sin do FMC an Stáit brataí láithreach. Déanfaidh FMC an Stáit brataí imscrúdú gan mhoill ar na cúiseanna nach bhfuarthas sonraí an ERS agus cuirfidh sé FMC Oileán Mhuirís ar an eolas faoi thoradh a chuid imscrúduithe.

13.

I gcás ina dteipeann ar an tarchur idir soitheach an Aontais agus FMC an Stáit brataí, cuirfidh FMC an Stáit brataí é sin in iúl láithreach do mháistir nó d’oibreoir shoitheach an Aontais nó, murar féidir teacht orthu, dá n-ionadaí. Tar éis an fógra sin a fháil, déanfaidh máistir an tsoithigh na sonraí atá ar iarraidh a tharchur chuig údaráis inniúla an Stáit brataí, trí bhíthin aon mhodh teileachumarsáide iomchuí, gach lá agus tráth nach déanaí ná 23.59 AUL.

14.

I gcás ina dteipfidh ar an gcóras leictreonach tarchurtha atá suiteáilte ar bord an tsoithigh, áiritheoidh máistir nó oibreoir an tsoithigh go ndéantar an ERS a dheisiú nó a ionadú laistigh de 10 lá ón uair a bhraitear an cliseadh. A luaithe a bheidh an sprioc-am sin istigh, ní bheidh soitheach an Aontais údaraithe a thuilleadh chun iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileán Mhuirís agus ní mór di iad a fhágáil nó cuairt a thabhairt ar chalafort de chuid Oileán Mhuirís laistigh de 24 uair an chloig. Ní údarófar do shoitheach an Aontais an calafort sin a fhágáil ná filleadh ar uiscí Oileán Mhuirís go dtí go mbeidh sé deimhnithe ag FMC a Stáit brataí go bhfuil an ERS ag feidhmiú i gceart arís.

15.

Má theipeann ar Oileán Mhuirís sonraí an ERS a fháil mar gheall ar chliseadh na gcóras leictreonach faoi mhaoirseacht an Aontais nó Oileán Mhuirís, déanfaidh an Páirtí i gceist aon bheart pras chun an fhadhb a réiteach go tapa. Tabharfar fógra don Pháirtí eile nuair a bheidh an fhadhb réitithe.

16.

Gach 24 uair an chloig, seolfaidh FMC an Stáit brataí sonraí uile an ERS a fuair an Stát brataí ó bhí an tarchur deireanach ann chuig FMC Oileán Mhuirís, agus úsáid á baint as aon mhodh cumarsáide leictreonach atá ar fáil. Féadfar an nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm arna iarraidh sin d’Oileán Mhuirís i gcás oibríochtaí cothabhála a mhairfidh níos mó ná 24 uair an chloig agus a dhéanfaidh difear do na córais faoi mhaoirseacht an Aontais. Cuirfidh Oileán Mhuirís a sheirbhísí faireacháin inniúla ar an eolas ionas nach measfar go bhfuil a n-oibleagáid maidir le sonraí ERS a tharchur á sárú ag soithí de chuid an Aontais. Áiritheoidh FMC an Stáit brataí go ndéanfar na sonraí atá ar iarraidh a iontráil sa bhunachar sonraí leictreonach a choimeádann sé i gcomhréir le pointe 6 den Chaibidil seo.

17.

Ainmneoidh an Stát brataí agus Oileán Mhuirís araon comhfhreagraí ERS chun gníomhú mar phointe teagmhála maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme na bhforálacha seo, chun fógra a thabhairt dá chéile maidir le sonraí teagmhála a gcomhfhreagraithe ERS agus, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill.

Faireachán tráthrialta ar ghabhálacha

18.

Cuirfidh an tAontas ar fáil d’Oileán Mhuirís, roimh dheireadh gach ráithe, sonraí gabhála maidir le gach soitheach údaraithe de chuid an Aontais, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile, a chomhfhreagraíonn don ráithe nó do na ráithí roimhe sin.

19.

Soláthróidh Oileán Mhuirís, ar bhonn ráithiúil, sonraí gabhála maidir le soithí údaraithe de chuid an Aontais a fuarthas trí logleabhair chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile.

20.

Déanfaidh na Páirtithe anailís chomhpháirteach ar chomhsheasmhacht na dtacar sonraí ar bhonn rialta agus arna iarraidh sin d’aon cheann de na Páirtithe. Go háirithe, déanfaidh Oileán Mhuirís anailís ar na sonraí comhiomlánaithe sin agus tuairisceoidh sé aon mhór-neamhréireachtaí leis na gabhálacha ina uiscí a thuairiscítear sa logleabhar iascaireachta a fuarthas. Déanfaidh na Stáit bhrataí imscrúduithe agus tabharfaidh siad na sonraí cothrom le dáta de réir mar is gá. Cuirfear cásanna de neamhréireachtaí leanúnacha idir foinsí sonraí faoi bhráid an Chomhchoiste d’fhonn teacht ar réiteach. Measfar na sonraí comhiomlánaithe sin a bheith sealadach go dtí go dtabharfaidh an tAontas fógra faoin ráiteas críochnaitheach bliantúil dá dtagraítear i bpointe 21.

Ráiteas deiridh maidir le táillí le haghaidh na soithí iascaireachta tuinníní agus na mbád spiléireachta dromchla

21.

Faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, soláthróidh an tAontas sonraí comhiomlánaithe lena léireofar cainníochtaí na ngabhálacha in aghaidh gach soithigh de chuid an Aontais, in aghaidh na míosa agus in aghaidh an speicis, in uiscí Oileán Mhuirís le linn na bliana féilire roimhe sin, mar aon leis na táillí atá dlite do gach soitheach de chuid an Aontais a ríomh.

22.

Cuirfidh Oileán Mhuirís in iúl don Aontas go bhfuarthas an ráiteas táillí agus beidh 45 lá aige chun agóid a dhéanamh in aghaidh na sonraí a soláthraíodh, ar bhonn fianaise thacaíochta. Tar éis na conspóide sin, beidh 1 mhí ag na Páirtithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na sonraí. Mura dtagtar ar chomhaontú, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile tríd an bpost nó trí fhíschomhdháil a luaithe is féidir, nó i gcás inarb iomchuí laistigh den Chomhchoiste. Mura ndéanfaidh Oileán Mhuirís agóid laistigh de 45 lá féilire, measfar gur glacadh an ráiteas deiridh.

23.

Cuirfidh an tAontas na cuntais arna mbailíochtú ag an dá Pháirtí in iúl láithreach do longúinéirí chun dul ar aghaidh leis na híocaíochtaí riachtanacha. I gcás inar mó an méid sa ráiteas deiridh ná an táille réamhíocaíochta dá dtagraítear i bpointe 24 de Chaibidil II a íocadh chun an t-údarú iascaireachta a fháil, íocfaidh an longúinéir an t-iarmhéid gan íoc isteach sa chuntas bainc ábhartha faoin 31 Iúil an bhliain reatha (nó laistigh de 30 lá ón ráiteas a fháil). I gcás ina mbeidh an ráiteas deiridh níos lú ná an táille ar ráta comhréidh lena bhfuiltear ag súil, ní aisíocfar an méid atá fágtha leis an longúinéir. Déanfaidh Oileán Mhuirís faireachán ar na híocaíochtaí sin agus tabharfaidh sé fógra don Aontas faoi aon mhoill nó íocaíocht neamhiomlán. An tráth céanna, féachfaidh an tAontas le híocaíochtaí a dhéanamh laistigh den teorainn ama atá socraithe.

24.

Úsáidfear na ráitis bhailíochtaithe chun an méid atá le híoc ag an Aontas as aon ghabháil bhreise a sháraíonn an tonnáiste tagartha le haghaidh na bliana iomláine a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Phrótacal seo.

CAIBIDIL IV

TABHAIRT I dTÍR AGUS TRASLOINGSIÚ

1.

Tá toirmeasc ar thrasloingsiú ar muir. Déantar faireachán ar gach oibríocht trasloingsithe sa chalafort i láthair cigirí iascaireachta de chuid Oileán Mhuirís.

2.

Ní mór do mháistir soithigh de chuid an Aontais ar mian leis tabhairt i dtír nó trasloingsiú a dhéanamh fógra a thabhairt d’Oileán Mhuirís, 24 uair an chloig ar a laghad roimh thabhairt i dtír nó trasloingsiú, faoin méid seo a leanas:

(a)

uimhreacha aitheantais IMO nó CFR agus ainm an tsoithigh iascaireachta nach mór di tabhairt i dtír nó trasloingsiú;

(b)

calafort an tabhairt i dtír nó an trasloingsithe;

(c)

an dáta agus an t-am atá sceidealaithe don tabhairt i dtír nó don trasloingsiú;

(d)

cainníocht gach speicis (arna sloinneadh ina cileagraim bheomheáchain nó, más gá, an líon iasc aonair) atá le tabhairt i dtír nó le trasloingsiú (arna shainaithint óna chód 3-alfa FAO); agus

(e)

i gcás trasloingsithe, ainm agus comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió (IRCS) an tsoithigh ghlactha.

3.

I gcás na soithí glactha, cuirfidh máistrí na soithí iompair glactha in iúl d’údaráis Oileán Mhuirís, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig roimh thús an trasloingsithe agus ag a dheireadh, na cainníochtaí de ghabhálacha tuinníní agus de speicis atá cosúil leis an tuinnín a trasloingsíodh go dtí a soithí, agus líonfaidh siad isteach an dearbhú trasloingsithe agus tarchuirfidh siad é chuig údarás Oileán Mhuirís laistigh de 24 uair an chloig.

4.

Tá an oibríocht trasloingsithe faoi réir réamhúdarú arna thabhairt ag Oileán Mhuirís do mháistir an tsoithigh nó dá ghníomhaire laistigh de 24 uair an chloig tar éis an fhógra dá dtagraítear i bpointe 2 a fháil. Ní mór an oibríocht trasloingsithe a dhéanamh i gcalafort de chuid Oileán Mhuirís atá údaraithe chun na críche sin.

5.

Is é Port Louis an calafort iascaireachta ainmnithe ina gceadaítear oibríochtaí trasloingsithe in Oileán Mhuirís.

6.

Mura gcomhlíonfar forálacha na Caibidle seo, cuirfear i bhfeidhm na smachtbhannaí ábhartha dá bhforáiltear faoi reachtaíocht Oileán Mhuirís.

CAIBIDIL V

RIALÚ AGUS INIÚCHADH

Dul isteach in uiscí Oileán Mhuirís agus iad a fhágáil

1.

Maidir le haon soitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aige, ní mór fógra a thabhairt d’Oileán Mhuirís laistigh de 12 uair an chloig roimh dhul isteach nó imeacht as uiscí Oileán Mhuirís. Nuair a bheidh fógra á thabhairt ag an soitheach go bhfuil sé ag dul isteach nó ag imeacht, sonróidh sí an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

an dáta, an t-am agus an pointe seolta a sceidealaíodh;

(b)

cainníocht iomlán gach speicis a choimeádtar ar bord, arna shainaithint óna chód 3-alfa FAO agus arna shloinneadh ina cileagraim bheomheáchain nó, más infheidhme, an líon iasc aonair; agus

(c)

cur i láthair an táirge.

2.

Tabharfar fógra tríd an ERS nó, ina éagmais sin, trí ríomhphost chuig seoladh ríomhphoist a chuir Oileán Mhuirís in iúl. Dearbhóidh Oileán Mhuirís go bhfuarthas é láithreach trí ríomhphost a sheoladh ar ais.

3.

Cuirfidh Oileán Mhuirís na soithí lena mbaineann agus an tAontas ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar an seoladh ríomhphoist nó ar mhinicíocht an tarchuir.

4.

Aon soitheach de chuid an Aontais a fuarthas a bheith ag iascaireacht in uiscí Oileán Mhuirís gan fógra a bheith tugtha roimh ré go mbeadh sí i láthair, measfar gur soitheach iascaireachta neamhúdaraithe í.

5.

Le linn dóibh a fhógairt go mbeidh siad ag dul isteach nó ag imeacht, cuirfidh soithí de chuid an Aontais in iúl freisin a suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) tráth na cumarsáide agus an tonnáiste agus na speicis i ngabhálacha a choimeádtar ar bord. Seolfar na teachtaireachtaí sin tríd an ERS, chuig na sonraí teagmhála arna soláthar ag údaráis inniúla Oileán Mhuirís.

Iniúchadh ar muir agus sa chalafort

6.

Cigirí údaraithe agus soithí údaraithe de chuid Oileán Mhuirís ar sainaitheanta go soiléir gur sannadh iad chun iniúchtaí agus rialuithe iascaireachta a dhéanamh, déanfaidh siad an t-iniúchadh ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais i gcalafort nó ar muir in uiscí Oileán Mhuirís.

7.

Roimh dhul ar bord, cuirfidh na cigirí údaraithe soitheach an Aontais ar an eolas maidir lena gcinneadh iniúchadh a dhéanamh. Líon réasúnta cigirí iascaigh údaraithe a dhéanfaidh an t-iniúchadh, nach mór dóibh cruthúnas aitheantais agus cruthúnas ar a bpost oifigiúil mar chigire a sholáthar sula ndéanfaidh siad an t-iniúchadh.

8.

Ceadóidh máistir shoitheach an Aontais do na cigirí ó Oileán Mhuirís teacht ar bord agus oibreoidh sé i gcomhar leo le linn an nós imeachta iniúchta.

9.

Ní fhanfaidh na cigirí údaraithe ar bord shoitheach an Aontais ach ar feadh an ama is gá chun cúraimí a bhaineann leis an iniúchadh a dhéanamh. Déanfaidh siad an t-iniúchadh ar bhealach a n-íoslaghdóidh an tionchar ar an soitheach, ar a gníomhaíocht iascaireachta, ar a lasta nó ar a gníomhaíochtaí tabhairt i dtír nó trasloingsithe.

10.

Íomhánna (grianghraif nó físeáin) arna nglacadh le linn iniúchtaí, beidh siad beartaithe do na húdaráis atá freagrach as rialú agus faireachas iascaigh agus dóibh siúd amháin. Ní chuirfear íomhánna mar sin ar fáil don phobal mura bhforáiltear a mhalairt leis an reachtaíocht náisiúnta.

11.

Ag deireadh gach iniúchta, déanfaidh na cigirí údaraithe ó Oileán Mhuirís tuarascáil ar an iniúchadh a tharraingt suas. Beidh sé de cheart ag máistir shoitheach an Aontais barúlacha a chur leis an tuarascáil iniúchta. Is iad na cigirí agus máistir shoitheach an Aontais a shíneoidh an tuarascáil iniúchta.

12.

Maidir le síniú na tuarascála iniúchta ag máistir shoitheach an Aontais, beidh sé gan dochar do chearta na cosanta a bheidh ag úinéir shoitheach an Aontais le linn aon nós imeachta um shárú. Má dhiúltaíonn máistir shoitheach an Aontais an tuairisc sin a shíniú, sonróidh sé nó sí na cúiseanna leis sin i scríbhinn, agus scríobhfaidh an cigire “Diúltaíodh é a shíniú” air. Tabharfaidh na cigirí údaraithe cóip den tuarascáil iniúchta do mháistir shoitheach an Aontais sula bhfágfaidh sé an soitheach. Cuirfidh údaráis Oileán Mhuirís údaráis an Aontais ar an eolas faoi iniúchtaí arna ndéanamh laistigh de 24 uair an chloig tar éis dóibh a bheith curtha i gcrích agus faoi aon sárú a braitheadh, agus seolfaidh siad an tuarascáil iniúchta laistigh de 7 lá ar a mhéid.I gcás sárú, déanfar cóip den fhórga faoin sárú a bheidh mar thoradh air sin a sheoladh chuig an Aontas laistigh de 7 lá tar éis don oifigeach údaraithe filleadh ar an gcalafort.

13.

Féadfaidh údaráis Oileán Mhuirís a údarú d’údaráis an Aontais a bheith rannpháirteach in iniúchtaí mar bhreathnóir.

14.

Ar bhonn measúnú riosca, féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha ar shoithí de chuid an Aontais, go háirithe le linn oibríochtaí tabhairt i dtír agus trasloingsithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar reachtaíocht an Aontais agus reachtaíocht Oileán Mhuirís araon. Le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, cloífidh na cigirí arna bhfostú ag na Páirtithe leis na forálacha maidir le hiniúchtaí a dhéanamh a leagtar síos i gcreata reachtacha an Aontais agus Oileán Mhuirís faoi seach. Féadfaidh na Páirtithe, i gcomhthéacs a gcuid freagrachtaí mar Stáit bhrataí agus mar Stáit chósta, cinneadh a dhéanamh a bheith ag oibriú i gcomhar ar ghníomhartha leantacha, de bhun a gcuid reachtaíochta ábhartha. Ina theannta sin, ar iarraidh a fháil ón Aontas, féadfaidh údaráis Oileán Mhuirís a údarú do chigirí iascaigh ó Bhallstáit de chuid an Aontais iniúchtaí a dhéanamh ar shoithí de chuid an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu laistigh de theorainneacha a n-inniúlachta faoina ndlí náisiúnta.

An comhar agus faireachán rannpháirteach sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN

15.

Chun an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN a neartú, aon soitheach in uiscí Oileán Mhuirís a bhfuil amhras uirthi go bhfuil sí ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta NNN, déanfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais iad a thuairisciú, agus soláthróidh siad a mhéid faisnéise is féidir maidir leis an méid a bhí le feiceáil. Seolfar tuarascálacha amhairc gan mhoill faoin soitheach a chonacthas chuig údaráis Oileán Mhuirís agus chuig údarás inniúil an Bhallstáit brataí den Aontas, a tharchuirfidh iad láithreach chuig an Aontas nó chuig an gcomhlacht arna ainmniú aige.

16.

Seolfaidh Oileán Mhuirís chuig an Aontas aon tuarascáil amhairc a bheidh aige ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-iascaireacht NNN in uiscí Oileán Mhuirís.

CAIBIDIL VI

AN CÓRAS SAITILÍTBHUNAITHE UM FHAIREACHÁN SOITHÍ (VMS)

Teachtaireachtaí suímh a chur in iúl go slán d’Oileán Mhuirís

1.

Déanfaidh FMC an Stáit brataí teachtaireachtaí suímh maidir leis na soithí lena mbaineann a sheoladh go huathoibríoch chuig FMC Oileán Mhuirís. Malartóidh FMC an Stáit brataí, an Coimisiún Eorpach agus Oileán Mhuirís a seoltaí ríomhphoist le chéile agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar na seoltaí sin.

Teachtaireachtaí suímh soithí

2.

Agus iad in uiscí Oileán Mhuirís, ní mór córas um fhaireachán soithí (VMS) a bheith feistithe ar shoithí de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu a eisíodh faoin bPrótacal seo ionas gur féidir a suíomh a chur in iúl go huathoibríoch agus go leanúnach do FMC a Stáit brataí gach uair an chloig.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith i ngach teachtaireacht suímh:

(a)

aitheantas an tsoithigh;

(b)

an suíomh geografach is déanaí de chuid shoitheach an Aontais (arna shloinneadh de réir domhanfhaid agus domhanleithid), a mbeidh lamháil earráide is lú ná 500 méadar agus eatramh muiníne 99 % aige;

(c)

an dáta agus an t-am (arna shloinneadh in AUL) a chinntear an suíomh; agus

(d)

luas agus cúrsa an tsoithigh.

3.

Áiritheoidh FMC Bhallstát brataí an Aontais go ndéanfar na teachtaireachtaí suímh a phróiseáil go huathoibríoch agus, más gá, go ndéanfar iad a tharchur go leictreonach. Déanfaidh FMC Bhallstát brataí an Aontais na teachtaireachtaí suímh a thaifeadadh agus a stóráil go slán i mbunachar sonraí ríomhaireachta ar feadh tréimhse 3 bliana ar a laghad.

4.

Áiritheoidh máistir soithigh de chuid an Aontais i gcónaí go mbeidh an VMS atá suiteáilte ar bord an tsoithigh ag feidhmiú go hiomlán, agus áiritheoidh sé tarchur éifeachtach na sonraí faoi phointe 1 chuig FMC a Stáit brataí.

5.

Measfar go bhfuil an máistir freagrach as aon chrioscaíl leis an VMS arb é is aidhm di cur isteach ar a oibriú nó a theachtaireachtaí suímh a fhalsú.

6.

Má mhainnítear na forálacha maidir le VMS a chomhlíonadh, measfar gur sárú é sin agus beidh sé faoi réir na bpionós dá bhforáiltear i reachtaíocht Oileán Mhuirís.

7.

Déanfaidh FMC an Stáit brataí na teachtaireachtaí suímh a fuarthas a tharchur go huathoibríoch agus láithreach bonn chuig FMC Oileán Mhuirís. Mar sin féin, ní mór aon soitheach de chuid an Aontais atá ag oibriú in uiscí Oileán Mhuirís a bheith infheicthe ar an córas VMS ón am a théann sí isteach sa chrios sin go dtí go n-imíonn sí go hiarbhír as, nó go dtí go sroicheann sí calafort de chuid Oileán Mhuirís.

8.

Déanfar sonraí VMS a tharchur trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide leictreonacha a oibríonn an Coimisiún Eorpach chun sonraí iascaigh a mhalartú i bhfoirm chaighdeánaithe.

9.

Sainaithneofar leis an gcód “ENT” an chéad suíomh a thaifeadtar tar éis dul isteach in uiscí Oileán Mhuirís. Sainaithneofar gach suíomh ina dhiaidh sin leis an gcód “POS”, cé is moite den chéad suíomh arna thaifeadadh tar éis imeacht as uiscí Oileán Mhuirís, suíomh a shainaithneofar leis an gcód “EXI”.

10.

Soláthrófar gach teachtaireacht suímh de réir na formáide a leagtar síos i bhFoscríbhinn 2 nó bunaithe ar P 1000 caighdeánach Lárionad na Náisiún Aontaithe um Éascú Trádála agus um Ghnó Leictreonach (CEFACT).

Soitheach an Aontais ag tarchur i gcás ina gclisfeadh ar an VMS

11.

Soithí de chuid an Aontais le VMS lochtach, níl siad údaraithe dul isteach in uiscí Oileán Mhuirís. Agus í ag oibriú cheana féin in uiscí Oileán Mhuirís, i gcás ina gclisfear air, déanfar VMS an tsoithigh a dheisiú ag deireadh an turais nó déanfar é a ionadú laistigh de 15 lá féilire. Tar éis na tréimhse sin, ní bheidh an soitheach údaraithe a thuilleadh iascaireacht a dhéanamh in uiscí Oileán Mhuirís.

12.

Ní mór do shoithí atá ag iascaireacht in uiscí Oileán Mhuirís a bhfuil VMS lochtach acu a dteachtaireachtaí suímh a chur in iúl trí ríomhphost chuig FMC an Stáit brataí, gach 4 uair an chloig ar a laghad, agus ní mór dóibh an fhaisnéis éigeantach go léir a sholáthar. Déanfaidh FMC an Stáit brataí na teachtaireachtaí láimhe sin a thaifeadadh láithreach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear i bpointe 3 agus déanfaidh sé iad a atarchur chuig FMC Oileán Mhuirís, faoi na forálacha céanna agus a bheadh ann le haghaidh suíomhanna uathoibríocha. Cuirfear tús leis an teachtaireacht sin a luaithe a bhraithfidh máistir shoitheach an Aontais mífheidhmiú an VMS nó a luaithe a chuirfear in iúl dó go bhfuil sé ag mífheidhmiú. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le nósanna imeachta dul isteach agus imeachta sa chás sin.

Mífheidhmiú an chórais cumarsáide

13.

Áiritheoidh Oileán Mhuirís comhoiriúnacht a threalaimh leictreonaigh le trealamh leictreonach FMC an Stáit brataí agus cuirfidh sé an tAontas ar an eolas láithreach faoi aon bhriseadh nó mífheidhm a mhéid a bhaineann le teachtaireachtaí suímh a sheoladh agus a fháil, d’fhonn teacht ar réiteach teicniúil a luaithe is féidir. Déanfaidh FCManna an Stáit brataí ábhartha agus Oileán Mhuirís araon imscrúdú ar na cúiseanna leis an mbriseadh nó leis an mífheidhm sin. Déileálfaidh an Comhchoiste le haon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

14.

Má theipeann ar Oileán Mhuirís sonraí an VMS a fháil mar gheall ar chliseadh na gcóras leictreonach faoi mhaoirseacht an Aontais nó Oileán Mhuirís, tabharfaidh an Páirtí lena mbaineann fógra ina leith don Pháirtí eile a luaithe is féidir agus déanfaidh sé beart pras chun an fhadhb a réiteach go tapa. Tabharfar fógra don Pháirtí eile nuair a bheidh an fhadhb réitithe. Na sonraí nach bhfuair FMC Oileán Mhuirís, cuirfear ar fáil dó iad a luaithe a réiteofar an fhadhb. Má dhéanann an mhífheidhm difear do na córais leictreonacha faoi rialú an Aontais, cuirfidh FMC an Stáit brataí gach teachtaireacht suímh a fuarthas in iúl trí ríomhphost do FMC Oileán Mhuirís gach 24 uair an chloig.

15.

Cuirfidh údaráis Oileán Mhuirís a seirbhísí faireacháin inniúla ar an eolas ionas nach measfar go bhfuil soithí de chuid an Aontais neamhchomhlíontach mar gheall ar mhainneachtain maidir le sonraí VMS a tharchur.

Athbhreithniú ar mhinicíocht na dteachtaireachtaí suímh

16.

Ar bhonn fianaise dhoiciméadach lena gcruthaítear sárú, féadfaidh Oileán Mhuirís iarraidh ar FMC Bhallstát brataí an Aontais, agus an tAontas i gcóip, an t-eatramh idir seoladh na dteachtaireachtaí suímh ó shoitheach a laghdú go dtí gach 30 nóiméad ar feadh tréimhse imscrúdaithe shocraithe. Ní mór do FMC Oileán Mhuirís an fhianaise dhoiciméadach sin a sheoladh chuig FMC Bhallstát brataí an Aontais agus chuig an Aontas. Déanfaidh FMC an Stáit brataí na teachtaireachtaí suímh a sheoladh láithreach chuig Oileán Mhuirís ar an minicíocht nua.

17.

Ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe socraithe, tabharfaidh FMC Oileán Mhuirís fógra láithreach do FMC Bhallstát brataí an Aontais agus don Aontais faoi dheireadh an nós imeachta iniúchta agus faoi aon ghníomhaíocht leantach is gá.

CAIBIDIL VII

SÁRUITHE

1.

I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de rialacha agus d’fhorálacha an Phrótacail seo, féadfar pionós a ghearradhar na bearta maidir le bainistíocht agus caomhnú beo-acmhainní nó ar reachtaíocht iascaigh Oileán Mhuirís trí bhíthin fíneálacha nó fhionraí, chúlghairm nó neamh-athnuachan údarú iascaireachta an tsoithigh, mar a shainítear i reachtaíocht Oileán Mhuirís.

Láimhseáil sáruithe

2.

Aon sárú in uiscí Oileán Mhuirís a dhéanann soitheach de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aici i gcomhréir leis an gComhaontú, ní mór é a lua i dtuarascáil iniúchta.

3.

Déanfar an fógra faoin sárú agus na smachtbhannaí ábhartha is infheidhme a bhféadfadh an máistir nó an chuideachta iascaireachta a bheith faoi dhliteanas ina leith a sheoladh go díreach chuig úinéir an tsoithigh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i reachtaíocht infheidhme Oileán Mhuirís. Seolfar cóip den fhógra chuig Stát brataí shoitheach an Aontais agus chuig an Aontas laistigh de 24 uair an chloig.

Soitheach de chuid an Aontais a choinneáil

4.

I gcomhréir le reachtaíocht iascaigh Oileán Mhuirís is infheidhme agus le téarmaí agus coinníollacha an údaraithe, maidir le haon soitheach de chuid an Aontais a bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna sí sárú, féadfaidh údaráis Oileán Mhuirís a cheangal uirthi scor dá gníomhaíocht iascaireachta agus, i gcás ina mbeidh an soitheach ar muir, filleadh ar chalafort de chuid Oileán Mhuirís.

5.

Laistigh de 24 uair an chloig tabharfaidh Oileán Mhuirís fógra don Aontas agus d’údaráis an Stáit brataí faoi aon bhriseadh i ngníomhaíochtaí soithigh de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta aici agus faoina coinneáil. San fhógra tabharfar na cúiseanna leis agus áireofar ann fianaise dhoiciméadach a thacaíonn le coinneáil an tsoithigh, faoi réir aon cheanglas rúndachta dlíthiúil.

6.

Ainmneoidh údarás Oileán Mhuirís oifigeach imscrúdúcháin agus eagróidh sé, arna iarraidh sin don Aontas, laistigh de 1 lá féilire tar éis fógra a thabhairt faoi choinneáil an tsoithigh, cruinniú faisnéise chun soiléiriú a thabhairt ar na fíorais ba chúis le coinneáil an tsoithigh agus chun míniú a thabhairt ar an ngníomhaíocht bhreise a fhéadfar a dhéanamh. Féadfaidh ionadaí ón Stát brataí agus ón longúinéir freastal ar an gcruinniú faisnéise sin.

Pionóis mar gheall ar sháruithe – an nós imeachta um réiteach

7.

I gcás sárú de chineál coiriúil, socrófar an pionós de réir na reachtaíochta is infheidhme, i ndiaidh ciontú os comhair cúirte dlí in Oileán Mhuirís, nó de réir fhorálacha na reachtaíochta atá i bhfeidhm in Oileán Mhuirís.

8.

Sula gcuirfear tús le nósanna imeachta dlíthiúla, cuirfear nós imeachta um chomhréiteach ar bun idir údaráis Oileán Mhuirís agus soitheach an Aontais chun an tsaincheist a shocrú go cairdiúil a mhéid is indéanta ó thaobh an dlí de. Féadfaidh ionadaí ar Stát brataí an tsoithigh a bheith rannpháirteach sa nós imeachta sin um chomhréiteach. Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta um chomhréiteach 72 uair an chloig ar a dhéanaí tar éis fógra a thabhairt faoi choinneáil an tsoithigh. Beidh aon chomhaontú ar thángthas air ina chomhaontú críochnaitheach agus ceangailteach le haghaidh na bPáirtithe uile lena mbaineann. I gcás ina dteipeann ar an nós imeachta um chomhréiteach, ina bhféadfaí próiseas imshocraithe a chuimsiú, féadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair cúirt dlí in Oileán Mhuirís.

Imeachtaí dlíthiúla – ráthaíocht bainc

9.

Féadfaidh úinéir shoitheach an Aontais a bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna sí sárú ar chlásal den Phrótacal seo nó ar na dlíthe is infheidhme de chuid Oileán Mhuirís ráthaíocht bainc a thaisceadh i mbanc arna ainmniú ag Oileán Mhuirís, ar ráthaíocht í ina mbeidh méid, arna shocrú ag Oileán Mhuirís, a chumhdóidh na costais a bhaineann le coinneáil an tsoithigh, leis an bhfíneáil mheasta agus le haon chúiteamh. Ní féidir an ráthaíocht bainc a aisghabháil go dtí go gcuirfear na himeachtaí dlíthiúla i gcrích.

10.

Scaoilfear an ráthaíocht bainc agus tabharfar ar ais don longúinéir í gan mhoill tar éis fhógairt an bhreithiúnais:

(a)

déanfar é sin go hiomlán, murar forchuireadh aon phionós;

(b)

tabharfar ar ais méid an iarmhéid atá fágtha, más fíneáil atá sa phionós atá níos lú ná méid na ráthaíochta bainc.

11.

Cuirfidh Oileán Mhuirís toradh na n-imeachtaí dlíthiúla in iúl don Aontas laistigh de 2 lá féilire tar éis an breithiúnas a thabhairt.

Scaoileadh an tsoithigh agus an chriú

12.

I gcás ina ndearnadh soitheach de chuid an Aontais nó a criú a choinneáil i ndáil le sárú amhrasta ar chlásal den Phrótacal seo nó ar aon fhoráil den reachtaíocht is infheidhme, agus gur fhan sé amhlaidh go dtí deireadh an phróisis imshocraithe nó an phróisis ionchúisimh choiriúil, údarófar don soitheach agus dá criú an calafort a fhágáil a luaithe a bheidh an nós imeachta imshocraithe nó an nós imeachta coiriúil socraithe.

CAIBIDIL VIII

BORDÁIL MAIRNÉALACH

Líon na mairnéalach atá le bordáil

1.

Le linn a ngníomhaíochtaí in uiscí Oileán Mhuirís, déanfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais iarracht 14 mhairnéalach cháilithe de chuid Oileán Mhuirís a bhordáil. Ba cheart do ghníomhaire an tsoithigh na mairnéalaigh a ainmniú, i gcomhaontú leis an longúinéir, as measc na n-ainmneacha ar liosta atá le bunú, ar bhonn na dtreoirlínte maidir le mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís a fhostú ar shoithí de chuid an Aontais dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn 4, agus atá le tarchur chuig an Aontas ag údaráis inniúla Oileán Mhuirís.

2.

Soláthróidh údaráis inniúla Oileán Mhuirís liosta na mairnéalach cáilithe do na longúinéirí nó dá ngníomhairí ar bhonn bliantúil.

3.

I gcás nach mbordálfar mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís, íocfaidh na longúinéirí cnapshuim a bheidh coibhéiseach le pá na mairnéalach nár bordáladh ar feadh fhad an fheachtais iascaireachta in uiscí Oileán Mhuirís. I gcás ina maireann an feachtas iascaireachta níos lú ná 1 mhí, beidh sé de cheangal ar longúinéirí an tsuim a íoc a fhreagraíonn don phá a fhaigheann na mairnéalaigh as 1 mhí.

Conarthaí na mairnéalach

4.

Gníomhóidh longúinéirí i gcomhréir le prionsabail Dhearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus le prionsabail choinbhinsiúin ábhartha eile EIS, lena n-áirítear saoirse comhlachais agus aitheantas éifeachtach don cheart cómhargála, deireadh a chur le hidirdhealú i leith fostaíochta agus slí bheatha agus dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála ar bord soithí iascaireachta.

5.

I gcás ina mbordálfar mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís, déanfar conarthaí fostaíochta a tharraingt suas idir an longúinéir nó gníomhaire an longúinéara agus na mairnéalaigh nó a n-ionadaithe i gcomhairle le húdaráis inniúla Oileán Mhuirís. Leagfar síos go háirithe sna conarthaí dáta agus calafort an tsínithe. Ráthófar sna conarthaí sin go mbeidh ag na mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís an cumhdach slándála sóisialta is infheidhme maidir leo, lena n-áirítear árachas breoiteachta agus timpiste, sochair phinsin, agus sochair um shaoire agus um chúiteamh ag deireadh conartha, chomh maith leis an mbunphá atá le híoc faoi fhorálacha na Caibidle seo. Tabharfar cóip den chonradh do na sínitheoirí agus d’údaráis inniúla Oileán Mhuirís.

Pá na mairnéalach

6.

I gcás ina mbordálfar mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís, íocfaidh na longúinéirí a bpá. Na coinníollacha bunphá a dheonaítear do mhairnéalaigh Oileán Mhuirís, socrófar iad ar an mbonn dá bhforáiltear le reachtaíocht Oileán Mhuirís nó leis an gcaighdeán íosta le haghaidh mairnéalach a leagtar síos le EIS, cibé acu is airde.

7.

Ráthóidh an longúinéir go mbeidh na sochair cosanta sláinte agus slándála sóisialta a dheonófar do mhairnéalaigh Oileán Mhuirís cosúil leis na sochair a ráthaítear do mhairnéalaigh ó thíortha eile ACC.

8.

Ag deireadh a gconartha nuair nach dtugtar mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís i dtír i gcalafort de chuid Oileán Mhuirís nó in aon chalafort eile a comhaontaíodh, déanfaidh an longúinéir, ar a chostas féin, cóiríocht shealadach agus aisdúichiú an mhairnéalaigh chuig críoch Oileán Mhuirís a áirithiú a luaithe is féidir.

Na hoibleagáidí atá ar na mairnéalaigh

9.

Tuairisceoidh na mairnéalaigh do mháistir an tsoithigh de chuid an Aontais ar ceapadh chuici iad an lá roimh an dáta sínithe arna shonrú ina gconradh. Cuirfidh an máistir an mairnéalach ar an eolas faoi dháta agus am an tsínithe. Má tharraingíonn an mairnéalach siar nó mura dtiocfaidh sé i láthair ar an dáta agus ar an am a shonrófar dá shíniú, measfar a chonradh a bheith ar neamhní go hiomlán agus déanfar an longúinéir a urscaoileadh go huathoibríoch óna oibleagáid é a shíniú. Sa chás sin, ní bheidh dliteanas ar an longúinéir aon phionós airgeadais ná aon íocaíocht chúitimh a íoc.

CAIBIDIL IX

BREATHNÓIRÍ

Breathnóireacht ar ghníomhaíochtaí iascaireachta

1.

Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé na hoibleagáidí a bhaineann le rúin ábhartha de chuid IOTC a chomhlíonadh maidir leis an gclár breathnóirí eolaíocha agus le dlíthe agus rialacháin ábhartha Oileán Mhuirís, lena n-áirítear scéimeanna breathnóireachta leictreonaí.

2.

Soithí peas-saighne de chuid an Aontais a bhfuil údarú iascaireachta acu, beidh siad faoi réir scéim chun breathnú ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar faoi chuimsiú an Chomhaontaithe, agus féadfaidh siad, arna iarraidh sin d’údaráis Oileán Mhuirís, breathnóir amháin a bhordáil, i gcomhthéacs clár breathnóireachta náisiúnta nó réigiúnach faoi na téarmaí a leagtar amach sa Chaibidil seo.

3.

Beidh an scéim breathnóireachta sin i gcomhréir leis na forálacha dá bhforáiltear sna rúin arna nglacadh ag IOTC.

4.

Soithí de chuid an Aontais a bhfuil tonnáiste acu arb ionann é agus 100 GT nó ar lú ná sin é, beidh siad díolmhaithe ó na forálacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

Soithí agus breathnóirí ainmnithe

5.

Tarraingeoidh údaráis Oileán Mhuirís liosta suas de shoithí de chuid an Aontais arna n-ainmniú chun breathnóir a thabhairt ar bord mar aon le liosta de na breathnóirí a cheapfar. Coimeádfar na liostaí sin cothrom le dáta. Cuirfear ar aghaidh chuig an Aontas iad a luaithe a tharraingeofar suas iad agus nuair a thabharfar cothrom le dáta iad. Ní mór do na soithí de chuid an Aontais a ainmnítear chun glacadh le breathnóir cead a thabhairt don bhreathnóir bordáil. Agus na liostaí sin á dtarraingt suas, cuirfidh Oileán Mhuirís san áireamh láithreacht breathnóra a bordáladh, nó atá le bordáil, faoi scéim réigiúnach breathnóireachta. Seolfar tuarascálacha na mbreathnóirí a bhaineann leis an mbreathnóireacht a rinneadh in uiscí Oileán Mhuirís chuig an Albion Fisheries Research Centre.

6.

Cuirfidh údaráis Oileán Mhuirís na longúinéirí lena mbaineann ar an eolas faoi ainmneacha na mbreathnóirí a cheapfar lena dtabhairt ar bord a soitheach tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh an dáta bordála atá beartaithe ag an mbreathnóir.

Tuarastal an bhreathnóra

7.

Is iad údaráis Oileán Mhuirís a sheasfaidh tuarastal agus ranníocaíochtaí sóisialta an bhreathnóra arna ainmniú ag Oileán Mhuirís.

Coinníollacha bordála

8.

Déanfar coinníollacha bordála an bhreathnóra, go háirithe an fad a bheidh sé i láthair ar bord, a shainiú trí chomhaontú frithpháirteach idir an longúinéir nó a ghníomhaire agus Oileán Mhuirís. Ní chaithfidh na breathnóirí níos mó ama ar bord an tsoithigh ná mar is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh. I gcomhthéacs clár breathnóirí réigiúnacha, is féidir leis an mbreathnóir fanacht ar bord ar feadh tréimhse a gcuirfear síneadh léi arna comhaontú go frithpháirteach. Cuirfidh údaráis Oileán Mhuirís gníomhaire shoitheach an Aontais ar an eolas faoin síneadh sin nuair a bheidh ainm an bhreathnóra ainmnithe á chur in iúl acu.

9.

Na coinníollacha maidir le breathnóirí a bhordáil, comhaontóidh na longúinéirí agus údaráis Oileán Mhuirís iad tar éis fógra a thabhairt do na breathnóirí ainmnithe.

10.

Is mar oifigigh a dhéileálfar le breathnóirí ar bord. Cuirfear struchtúr teicniúil an tsoithigh san áireamh, áfach, nuair a ghlactar leis an mbreathnóir ar bord.

11.

Tabhóidh an longúinéir na costais a bhaineann le cóiríocht agus bia a chur ar fáil don bhreathnóir ar bord.

Dualgais an bhreathnóra

12.

Comhlíonfaidh an breathnóir na dualgais seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis uile a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh a chomhthiomsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

na trealaimh iascaireachta a úsáidtear;

suíomh an tsoithigh le linn oibríochtaí iascaireachta;

toirteanna nó, i gcás inarb iomchuí, líon, agus méid na n-iasc a ghabhtar i gcás gach spriocspeicis agus gach speicis ghaolmhair, chomh maith le líon na ngabhálacha de thaisme agus na bhfoghabhálacha;

líon measta gabhálacha a choinnítear ar bord agus líon measta an ábhair mhuirí aischurtha; agus

i gcás inarb ábhartha, próiseáil, trasloingsiú, stóráil nó diúscairt aon éisc;

(b)

sampláil bhitheolaíoch dá bhforáiltear i gcláir eolaíocha a dhéanamh;

(c)

faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar na hacmhainní agus ar an gcomhshaol; agus

(d)

breathnuithe a chur in iúl, ar bhonn laethúil, trí bhíthin raidió, facs nó ríomhphoist, le linn don soitheach a bheith ag oibriú in uiscí Oileán Mhuirís, lena n-áirítear cainníocht na ngabhálacha agus na bhfoghabhálacha ar bord, agus aon dualgas eile a dhéanamh de réir mar a cheanglaíonn FMC Oileán Mhuirís air.

13.

Déanfaidh an máistir na bearta uile a bhfuil sé freagrach astu chun sábháilteacht fhisiceach agus folláine ghinearálta an bhreathnóra a ráthú agus é ar bord.

14.

Deonófar rochtain do bhreathnóirí ar gach saoráid ar bord an tsoithigh is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh. Beidh rochtain acu ar dhroichead an tsoithigh agus ar mhodh cumarsáide agus ar threalamh loingseoireachta an tsoithigh, agus ar aon doiciméad ar bord, agus ar dhoiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an tsoithigh, go háirithe an logleabhar iascaireachta, an loga reo agus an loga loingseoireachta, agus ar na codanna den soitheach atá nasctha go díreach lena ndualgais.

15.

Ceadóidh an máistir don bhreathnóir an méid seo a leanas a dhéanamh i gcónaí:

(a)

teachtaireachtaí a fháil agus a tharchur agus cumarsáid a dhéanamh leis an gcladach agus le soithí eile trí bhíthin threalamh cumarsáide an tsoithigh;

(b)

samplaí d’aon iasc nó eiseamal iomlán a thógáil, a thomhas, a bhaint den soitheach agus a choinneáil;

(c)

samplaí agus eiseamail iomlána a stóráil ar an soitheach, lena n-áirítear samplaí agus eiseamail iomlána a choinnítear i saoráidí reo an tsoithigh;

(d)

grianghraif nó taifeadtaí de na gníomhaíochtaí iascaireachta a thógáil, lena n-áirítear iasc, trealamh, doiciméid, cairteacha agus taifid, agus cibé grianghraif nó taifid a d’fhéadfadh a bheith tógtha nó úsáidte ag an mbreathnóir ar bord an tsoithigh a bhaint den soitheach. Ní úsáidfear faisnéis den sórt sin ach amháin chun críche eolaíoch ach amháin má iarrann Oileán Mhuirís go sonrach í i gcásanna ina bhféadfaí na sonraí sin a úsáid chun tacú le fiosrúchán breithiúnach leanúnach.

Ranníocaíocht airgeadais leis an scéim breathnóirí

16.

Rannchuidíonn gach soitheach peas-saighne de chuid an Aontais le ciste speisialta atá i seilbh an Ard-Chuntasóra chun freastal ar an scéim breathnóirí, agus é mar chuspóir leis sin cumas an duine a threisiú chun foráil a dhéanamh maidir le cumhdach níos fearr agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na breathnóirí.

17.

Chun na críche sin, ranníocfaidh gach soitheach peas-saighne EUR 20 in aghaidh an lae iascaireachta in uiscí Oileán Mhuirís.

Tuarascáil an bhreathnóra

18.

Sula bhfágfaidh siad an soitheach, cuirfidh breathnóirí tuarascáil ghníomhaíochta faoina mbreathnuithe faoi bhráid mháistir an tsoithigh. Beidh sé de cheart ag máistir an tsoithigh tráchtanna a dhéanamh i dtuarascáil an bhreathnóra. Déanfaidh an breathnóir agus an máistir araon an tuarascáil a shíniú. Gheobhaidh an máistir cóip de thuarascáil an bhreathnóra.

19.

Seolfaidh breathnóirí a dtuarascálacha chuig Oileán Mhuirís, a sheolfaidh cóip díobh sin agus an fhaisnéis a shainaithnítear faoi phointe 12 chuig an Aontas laistigh de 15 lá féilire ó dhíbhordáil an bhreathnóra.

Oibleagáidí an bhreathnóra

20.

Fad a bheidh na breathnóirí ar bord, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar na hoibríochtaí iascaireachta ná nach gcuirfear bac orthu de dheasca na gcoinníollacha a bhaineann lena ndul ar bord agus lena láithreacht ar bord shoitheach an Aontais;

(b)

an cúram is gá a ghlacadh maidir leis an ábhar agus an trealamh ar bord; agus

(c)

cloí leis an reachtaíocht agus leis na rialacha rúndachta is infheidhme, agus rúndacht na sonraí agus na ndoiciméad uile maidir le soitheach an Aontais agus a gníomhaíochtaí agus aon fhaisnéis a bhailítear a áirithiú.

Foscríbhinní a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo

 

Foscríbhinn 1 – An fhaisnéis is gá san iarratas ar údarú iascaireachta

 

Foscríbhinn 2 – Formáid na teachtaireachta suímh

 

Foscríbhinn 3 – Úsáid chaighdeán UN/FLUX agus líonra EU/FLUX

 

Foscríbhinn 4 – Treoirlínte maidir le mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís a fhostú ar shoithí de chuid an Aontais

Foscríbhinn 1

An fhaisnéis is gá san iarratas ar údarú iascaireachta

I ngach iarratas ar údarú iascaireachta beidh an fhaisnéis seo a leanas:

(1)

Ainm an iarratasóra

(2)

Seoladh an iarratasóra

(3)

Ainm an ghníomhaire in Oileán Mhuirís

(4)

Seoladh an ghníomhaire in Oileán Mhuirís

(5)

Ainm an tsoithigh

(6)

An cineál soithigh

(7)

An Stát brataí

(8)

An calafort clárúcháin

(9)

An uimhir chlárúcháin

(10)

Marcáil sheachtrach an tsoithigh iascaireachta

(11)

Comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió

(12)

Radaimhinicíocht

(13)

Uimhir theileafón satailíte an tsoithigh

(14)

Ríomhphost an tsoithigh

(15)

Uimhir IMO (más ann di)

(16)

Fad foriomlán an tsoithigh

(17)

Leithead an tsoithigh

(18)

Múnla an innill

(19)

Cumhacht an innill (kW)

(20)

An t-olltonnáiste (GT)

(21)

An fhoireann íosta

(22)

Ainm an mháistir

(23)

An chatagóir iascaireachta

(24)

An speiceas arna bhfuiltear ag díriú

(25)

Dáta tosaigh na tréimhse a iarradh

(26)

Dáta deiridh na tréimhse a iarradh

Foscríbhinn 2

Formáid na teachtaireachta suímh

TUARASCÁIL MAIDIR LEIS AN TEACHTAIREACHT SUÍMH A CHUR IN IÚL

Eilimint sonraí

Cód

Sainordaitheach/Roghnach

Inneachar

Tús an taifid

SR

M

Mionsonraí an chórais — lena n-áirítear tús an taifid

Seolaí

AD

M

Mionsonraí na teachtaireachta — seolaí. Cód tíre ISO 3-alfa

Ó

FR

M

Mionsonraí na teachtaireachta — seoltóir. Cód tíre ISO 3-alfa

An Stát brataí

FS

M

Mionsonraí na teachtaireachta — an Stát brataí

Cineál na teachtaireachta

TM

M

Sonraí na teachtaireachta — cineál na teachtaireachta [ENT, POS, EXI]

Comhartha aitheantais raidió

RC

M

Mionsonraí an tsoithigh — comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió an tsoithigh

Uimhir thagartha inmheánach an Pháirtí Chonarthaigh

IR

M

Mionsonraí an tsoithigh — uimhir uathúil an Pháirtí Chonarthaigh (cód tíre alpha-3 ISOan Stáit brataí agus uimhir ina dhiaidh)

An uimhir chlárúcháin sheachtrach

XR

M

Mionsonraí an tsoithigh — an uimhir marcáilte ar thaobh an tsoithigh

Domhanleithead

LT

M

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh — an suíomh ina chéimeanna agus nóiméid T/D LLMM (WGS84)

Domhanfhad

LG

M

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh — an suíomh ina chéimeanna agus nóiméid Soir/Siar LLMM (WGS84)

Cúrsa

CO

M

Cúrsa an tsoithigh ar scála 360o

Luas

SP

M

Luas an tsoithigh i ndeichithe de mhuirmhílte san uair

Dáta

DA

M

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh — dáta taifeadta shuíomh AUL (BBBBMMLL)

An t-am

TI

M

Sonraí maidir le suíomh an tsoithigh - am taifeadta shuíomh AUL (UUNN)

Deireadh an taifid

ER

M

Mionsonraí an chórais — a léiríonn deireadh an taifid

M = eilimint sonraí éigeantach

O = eilimint sonraí roghnach

Foscríbhinn 3

Úsáid chaighdeán UN/FLUX agus líonra EU/FLUX

1.   

Agus iad lánoibríochtúil, féadfar caighdeán UN/FLUX ( na Náisiún Aontaithe / Fisheries Language for Universal eXchange) agus líonra malartaithe EU/FLUX a úsáid chun suíomhanna soithí agus na logleabhair leictreonacha a mhalartú.

2.   

Déanfar aon leasú ar chaighdeán UN/FLUX a chur chun feidhme laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gComhchoiste ar bhonn forálacha teicniúla arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach, trí mhalartú litreacha i gcás inarb iomchuí.

3.   

I gcás inar gá, déanfar na socruithe chun na malartuithe leictreonacha éagsúla a chur chun feidhme a leagan amach i ndoiciméad cur chun feidhme arna ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach.

4.   

Féadfar leas a bhaint as bearta idirthréimhseacha go dtí go n-athrófar go dtí caighdeán UN/FLUX le haghaidh gach comhchoda ar leith (suíomhanna, logleabhar iascaireachta). Is iad údaráis Oileán Mhuirís a chinnfidh an tréimhse is gá don aistriú sin, agus aon srian teicniúil á chur san áireamh. Saineoidh siad an tréimhse trialach a bheidh ag teastáil sula n-aistreofar chuig úsáid éifeachtach chaighdeán UN/FLUX. A luaithe a chuirfear na trialacha i gcrích go rathúil, socróidh na Páirtithe an dáta cur i bhfeidhm go comhpháirteach, chomh luath agus is féidir, sa Chomhchoiste nó trí mhalartú litreacha.

Foscríbhinn 4

Treoirlínte maidir le mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís a fhostú ar shoithí de chuid an Aontais

Áiritheoidh údaráis Oileán Mhuirís go gcomhlíonfaidh mairnéalaigh de chuid Oileán Mhuirís atá le bheith fostaithe ar shoithí de chuid an Aontais na ceanglais seo a leanas:

(a)

18 mbliana d’aois an aois íosta a bheidh ag na mairnéalaigh;

(b)

beidh deimhniú leighis bailí ag na mairnéalaigh arna eisiúint ag liachleachtóir cuícháilithe, lena ndeimhnítear go bhfuil siad feidhmiúil ó thaobh leighis de chun na dualgais atá le comhlíonadh acu ar muir a chomhlíonadh;

(c)

beidh na vacsaíní bailí ag na mairnéalaigh a theastaíonn chun críoch sláinte réamhchúraim sa réigiún;

(d)

beidh na mairnéalaigh cáilithe de réir an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe chun bunoiliúint sábháilteachta ar nós na nithe seo a leanas a dheimhniú inter alia;:

teicnící marthanais phearsanta agus sábháilteacht phearsanta;

comhrac dóiteáin agus cosc dóiteán;

garchabhair bhunúsach;

(e)

ba cheart na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag na mairnéalaigh, arna ndeimhniú ag údarás inniúil ábhartha Oileán Mhuirís, chun oibriú ar shoithí peas-saighne, go háirithe maidir le bheith feasach ar na contúirtí a bhaineann le hoibríochtaí iascaireachta agus le bheith eolach ar úsáid an trealaimh iascaireachta.


RIALACHÁIN

30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/35


RIALACHÁN (AE) 2022/2586 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2022

maidir le hAirteagail 93, 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaca le catagóirí áirithe Státchabhrach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair ilmhódaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 109 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2015/1588 (2) ón gComhairle tugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach ar leith maidir le gnóthais a oibríonn in earnálacha éagsúla, amhail cabhair i bhfabhar chosaint an chomhshaoil, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil siad faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh (“na ceanglais maidir le fógra a thabhairt”). Mar sin féin, ní chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/1588, i measc nithe eile, cabhair chun tacú le hiompar ar iarnród agus iompar ar uiscebhealaí intíre ná iompar ilmhódach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá na hearnálacha sin tar éis éirí níos ábhartha ar leibhéal an Aontais, i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste arna leagan amach ag an gCoimisiún sna teachtaireachtaí uaidh, faoi seach, an 11 Nollaig 2019 agus an 9 Nollaig 2020.

(2)

De réir Airteagal 93 den Chonradh, meastar go bhfuil cabhair maidir le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach ag luí leis na Conarthaí, má chomhlíontar na riachtanais maidir le comhordú an iompair nó más cabhair nó más ionann í agus aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí.

(3)

Tá an Coimisiún tar éis Airteagal 93, Airteagal 107(1) agus Airteagal 108 den Chonradh a chur i bhfeidhm san iliomad cinntí maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach do ghnóthais atá gníomhach in earnálacha an iompair ar iarnród, an iompair ar uiscebhealaí intíre agus an iompair idirmhódúil, agus tá treoirlínte forbartha aige chun catagóirí státchabhrach áirithe a mheas, catagóirí a mheastar go gcomhlíonann siad na riachtanais maidir le comhordú an iompair. De réir thaithí an Choimisiúin, ní bheidh aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht mar thoradh ar chabhair den sórt sin, ar choinníoll go ndeonaítear í bunaithe ar nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha, agus gur féidir coinníollacha soiléire comhoiriúnachta a bhunú ar bhonn na taithí atá ann.

(4)

Dá bhrí sin, d’fhonn an riarachán a shimpliú i gcásanna ina bhfuil saobhadh ar an iomaíocht chomh teoranta agus is féidir, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún, maidir le cabhair le haghaidh iompar a chomhordú nó aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí dá dtagraítear in Airteagal 93 den Chonradh, chun a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil sí faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt.

(5)

Státchabhair arb é atá inti aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe maidir le seirbhísí iompair phoiblí, cumhdaítear í cheana le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-áirítear i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an Rialachán sin a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí ar uiscebhealaí intíre agus ar uiscí farraige náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart cúiteamh as seirbhís phoiblí a bhaineann le hiompar poiblí do phaisinéirí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(6)

Agus rialacháin á nglacadh aige lena ndíolmhaítear catagóirí áirithe cabhrach nach bhfuil faoi réir ceanglais maidir le fógra a thabhairt de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún cuspóir na cabhrach an méid seo a leanas a shonrú: catagóirí na dtairbhithe; tairseacha lena dteorannaítear an chabhair; na coinníollacha lena rialaítear carnadh na cabhrach agus na coinníollacha faireacháin, agus ba cheart dó coinníollacha mionsonraithe breise a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh an chabhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

(7)

Tá sé tábhachtach go mbeadh gach páirtí in ann a sheiceáil cibé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear cabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Dá bharr sin, tá trédhearcacht na Státchabhrach riachtanach chun rialacha an Chonartha a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtúla as an trédhearcacht sin. Chuige sin, ba cheart ceangal ar gach Ballstát achoimrí faisnéise a sholáthair maidir le cabhair atá curtha chun feidhme aige agus atá clúdaithe le rialachán arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo. Chun trédhearcacht na mbeart a ghlacann gach Ballstát a áirithiú, ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a fhoilsiú.

(8)

De bhun Airteagal 108(1) den Chonradh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar na córais cabhrach uile atá ann, i gcomhar le Ballstáit. Chun na críche sin agus chun an leibhéal trédhearcachta is mó is féidir agus rialú leordhóthanach a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát cur i bhfeidhm na rialachán arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a thaifeadadh agus a thiomsú. Uair sa bhliain ar a laghad, ba cheart do gach Ballstát tuarascáil ar chur i bhfeidhm rialachán den sórt sin a sholáthair don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún na tuarascálacha sin a chur ar fáil do na Ballstát eile uile.

(9)

Sula nglacann an Coimisiún rialacháin de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó a chur ar chumas do gach duine agus gach eagraíocht leasmhar a gcuid barúlacha a chur isteach chun aiseolas a bhailiú atá chomh cuimsitheach agus chomh hionadaíoch agus is féidir. Chun na críche sin, ba cheart dó dréachtaí de rialacháin den sórt sin a fhoilsiú.

(10)

Ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair, arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1588, tráth a fhoilseofar dréachtrialachán de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, ar mhaithe le trédhearcacht, ba cheart an dréachtrialachán sin a phoibliú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin freisin.

(11)

Baineann rialú ar dheonú cabhrach le saincheisteanna fíorasacha, dlí agus eacnamaíocha an-chasta lena mbaineann an-éagsúlacht i dtimpeallacht lena mbaineann síorathrú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na catagóirí cabhrach nár cheart a bheith faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt. Chuige sin, ba cheart dó tuarascáil mheastóireachta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 5 bliana,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Blocdhíolúintí

1.   Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir Airteagal 5 den Rialachán seo, rialacháin a ghlacadh lena ndearbhófar go mbeidh na haicmí cabhrach seo a leanas, de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas maidir le fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) den Chonradh:

(a)

cabhair le haghaidh iompar a chomhordú;

(b)

cabhair le haghaidh aisíocaíocht as comhlíonadh oibleagáidí áirithe is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí, gan cúiteamh as seirbhís phoiblí maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a áireamh, a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007.

2.   Sonrófar i rialacháin a ghlactar de bhun mhír 1 na nithe seo a leanas do gach catagóir cabhrach:

(a)

cuspóir na cabhrach;

(b)

catagóirí na dtairbhithe;

(c)

tairsí a léirítear mar seo a leanas:

(i)

i dtéarmaí déiní cabhrach i ndáil le sraith costas incháilithesraith costais incháilithe

(ii)

i dtéarmaí uasmhéideanna cabhrach, nó,

(iii)

i dtéarmaí an uasleibhéil tacaíochta ón Stát sa chabhair, nó a bhaineann leis an gcabhair, le haghaidh cineálacha áirithe cabhrach i gcás ina bhféadfadh sé a bheith deacair an déine cabhrach dá dtagraítear i bpointe (i) nó méid na cabhrach dá dtagraítear i bpointe (ii) a shainaithint go beacht, go háirithe ionstraimí innealtóireachta airgeadais nó infheistíochtaí caipitil riosca nó infheistíochtaí de chineál comhchosúil, gan dochar d'incháilitheacht na mbeart lena mbaineann i bhfianaise Airteagal 107(1) den Chonradh;

(d)

na coinníollacha a rialaíonn carnadh cabhrach; agus

(e)

na rialacha trédhearcachta agus faireacháin a leagtar amach in Airteagal 2.

3.   Ina theannta sin, féadfaidh na rialacháin a ghlactar de bhun mhír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh, go háirithe:

(a)

tairsí nó coinníollacha eile a leagan síos chun fógra a thabhairt maidir le dámhachtainí cabhrach aonair;

(b)

earnálacha áirithe a eisiamh óna raon feidhme;

(c)

coinníollacha breise a cheangal maidir le comhoiriúnacht cabhrach leis an margadh inmheánach.

Airteagal 2

Trédhearcacht agus faireachán

1.   Áireofar ar rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), rialacha mionsonraithe chun trédhearcacht agus faireachán ar chabhair.

2.   I gcás ina cuirfidh Ballstát chun feidhme scéimeanna cabhrach nó cabhair aonair nach bhfuil faoi réir ceanglais maidir le fógra a thabhairt de bhun rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 1(1), soláthróidh sé don Choimisiún achoimrí ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an gcabhair sin. Foilseoidh an Coimisiún na hachoimrí sin.

3.   Déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis ar fad maidir le cur i bhfeidhm na rialachán a ghlactar de bhun Airteagal 1(1) a thaifeadadh agus a thiomsú. I gcás ina bhfuil faisnéis ag an gCoimisiún a thugann údar dó a chreidiúint nach bhfuil rialachán arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(1) á chur i bhfeidhm mar is ceart, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún aon fhaisnéis a mheasann an Coimisiún is gá chun a mheas an gcomhlíonann cabhair a dheonaítear faoin rialachán sin a coinníollacha.

4.   Uair amháin sa bhliain ar a laghad, soláthróidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na rialachán arna nglacadh de bhun Airteagal 1(1), i gcomhréir le ceanglais shonracha an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún rochtain ar na tuarascálacha sin ar fáil do na Ballstáit eile uile. Déanfaidh an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 5 na tuarascálacha sin a scrúdú agus a mheas uair sa bhliain.

Airteagal 3

Tréimhse bhailíochta agus leasú ar rialacháin

1.   Rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1), sonrófar iontu a dtréimhse bhailíochta agus déanfar foráil maidir le hidirthréimhse i gcás nach gcuirtear síneadh lena dtréimhse bhailíochta nuair a rachaidh siad in éag.

2.   Nuair a dhéanfar rialacháin a ghlactar de bhun Airteagal 1(1) a aisghairm nó a leasú le rialachán nua, déanfar foráil leis an rialachán nua go mbeidh idirthréimhse 6 mhí ann chun go bhféadfar cabhair a chumhdaítear leis an rialachán arna aisghairm nó arna leasú a choigeartú.

Airteagal 4

Éisteacht daoine agus eagraíochtaí leasmhara

Sula nglacfar rialachán de bhun Airteagal 1(1), foilseoidh an Coimisiún dréacht de ionas go mbeidh gach duine agus eagraíocht leasmhar in ann a mbarúlacha a chur isteach laistigh de theorainn ama a shocróidh sé. Mí amháin ar a laghad a bheidh sa teorainn ama sin. An tráth céanna, déanfaidh an Coimisiún an dréachtrialachán sin a phoibliú ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 5

Comhairliúchán leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair arna bhunú le Rialachán (AE) 2015/1588 (“an Coiste”):

(a)

an tráth céanna a fhoilseofar aon dréacht-rialachán de bhun Airteagal 4; agus

(b)

sula nglacfar aon rialachán de bhun Airteagal 1(1).

2.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste ag cruinniú a ghairfidh sé trí bhíthin cumarsáide leictreonaí. Cuirfear na dréachtaí agus na doiciméid a bhfuil scrúdú le déanamh orthu i gceangal leis an teachtaireacht leictreonach. Reáchtálfar an cruinniú tráth nach luaithe ná 3 mhí tar éis na teachtaireachta leictreonaí. Féadfar an tréimhse sin a laghdú i gcás na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina bhfuil údar leis sin ar chúiseanna práinne nó chun síneadh a chur le tréimhse bhailíochta rialacháin arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(1).

3.   Cuirfidh ionadaí an Choimisiúin dréacht de na bearta a bheidh le glacadh faoi bhráid an Choiste. Tabharfaidh an Coiste a thuairim faoin dréacht, laistigh de theorainn ama a bhféadfaidh Cathaoirleach den Choiste a leagan síos de réir phráinn an ábhair, trí vótáil a dhéanamh más gá.

4.   Taifeadfar tuairim an Choiste i miontuairiscí an chruinnithe. Féadfaidh gach Ballstát a iarraidh go ndéanfar a sheasamh féin a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe. Féadfaidh an Coiste a mholadh go bhfoilseofar an tuairim in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a thugann an Coiste agus cuirfidh sé in iúl don Choiste faoin dóigh a ndearnadh a thuairim a chur san áireamh.

Airteagal 6

Tuarascáil mheastóireachta

Gach 5 bliana, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh sé dréacht den tuarascáil sin faoi bhráid an Choiste ar dtús lena bhreithniú.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Tuairim an 13.12.2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i dtaobh catagóirí áirithe de Státchabhair chothrománach (IO L 248, 24.9.2015, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/40


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2587 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2376 ón gCoimisiún (2), deonaíodh maolú ar íosmhéid tagartha caomhnaithe (MCRS) na mbreallach maighdeogach go dtí fad iomlán 22 mm in uiscí teorann na hIodáile i bhFo-limistéir Gheografacha 9, 10, 17 agus 18 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM), tar éis moladh comhpháirteach a chuir an Iodáil isteach, agus is í an Iodáil an Ballstát aonair ag a bhfuil leas díreach bainistíochta ina uiscí teorann. Bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/3 ón gCoimisiún (3), arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2237 (4), cuireadh síneadh leis an maolú sin ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022.

(3)

An 18 Márta 2022, chuir an Iodáil moladh comhpháirteach nua faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le nós imeachta Airteagal 15(3) de Rialachán (AE) 2019/1241, inar iarradh an maolú ar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a bhunú a mhéid a bhaineann le MCRS na mbreallach maighdeogach sna huiscí teorann céanna san Iodáil. Chuathas i gcomhairle go cuí le MEDAC agus tacaíonn sé leis an moladh comhpháirteach.

(4)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) measúnú ar an moladh comhpháirteach agus ar an bhfianaise eolaíoch thacaíochta a chuir an Iodáil isteach ag a seisiún iomlánach idir an 21 agus an 25 Márta 2022 (STECF 22-01) (5). Chuir STECF i dtábhacht gur tháinig méadú ar bhithmhais tráchtála nó gur fhan sí gan athrú i 9 n-urrann as 13 cinn a ndearnadh faireachán orthu idir 2017 agus 2020. Tháinig STECF ar an gconclúid gur éisc fhásta atá i ngabhálacha na mbreallach maighdeogach agus gur éisc fhásta, a mhairfidh tar éis iad a chur i ngrinneall na farraige, atá i mbreallaigh róbheaga aischurtha den chuid is mó. Mheas STECF nach ndéanann an t-iascach sin difear don chodán neamhaibí de dhaonra na mbreallach maighdeogach ar fud an domhain mar thoradh ar an maolú reatha ar MCRS, agus go bhfuil an laghdú ar MCRS ó 25 mm go 22 mm fós comhsheasmhach leis an gcuspóir maidir le cosaint na n-iasc óg a áirithiú, mar a cheanglaítear le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1241. Thairis sin, léirigh fianaise eolaíoch go bhfuil méid 22 mm níos mó ná méid na mbreallach maighdeogach aibí (idir 11 mm agus 12 mm) agus go bhfuil siad in ann líon mór úicítí a tháirgeadh, rud a chinnteodh saothrú inbhuanaithe na mbreallach maighdeogach, ar choinníoll go ndéantar bainistíocht iomchuí ar na hiascaigh. Sa chomhthéacs sin, thug STECF dá aire go bhfuil patrún saothraithe na mbreallach maighdeogach in uiscí teorann na hIodáile lena mbaineann in ann an iasclann a chosaint, limistéar na linnte pórúcháin a chosaint agus a fheabhsú agus an mheá a ndéanann cosaint chósta agus obair chothaithe difear di a athghníomhachtú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann MCRS 22 mm na mbreallach maighdeogach, mar aon leis na bearta arna nglacadh ag an Iodáil ó bhí feidhm ag an maolú, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15(4), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/1241.

(5)

Mar sin féin, leis na gnéithe sa phlean bainistíochta, chinn STECF nach féidir measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag an athrú ar bhearta MCRS amach anseo agus go mbeadh gá le samhaltú daonra chun meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag an athrú ar bhearta MCRS amach anseo agus chun éifeacht choibhneasta MCRS a scaradh ó éifeachtaí eile an phlean agus ó fhachtóirí comhshaoil. Ghlac an Iodáil go hoifigiúil leis na sonraí ábhartha maidir le samhaltú daonra a chur isteach.

(6)

Ar bhonn na faisnéise a bailíodh ag an gcéim seo sa mholadh comhpháirteach, i measúnú MEDAC agus i measúnú STECF (STECF 22-01) agus ar bhonn na ngealltanas a thug lucht riaracháin na hIodáile, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an maolú ar MCRS na ceanglais a bunaíodh le haghaidh bearta teicniúla in Airteagail 15 agus 18 de Rialachán (AE) 2019/1241.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir.

(8)

I bplean bainistíochta na hIodáile, sonraítear go ndéanfaidh an Iodáil dlúthfhaireachán ar stoic na mbreallach maighdeogach trí thuarascálacha a chuirfear chuig an gCoimisiún gach bliain.

(9)

Tá na bearta a mholtar sa mholadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.

(10)

Ós rud é go mbíonn tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le hiascaigh agus ar phleanáil shéasúr iascaireachta shoithí an Aontais, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Faoin 15 Eanáir 2023, cuirfidh údaráis na mBallstát faoi bhráid an Choimisiúin, agus úsáid á baint acu as suíomh gréasáin rialaithe slán an Aontais, liosta na soithí uile atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar bhreallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.) trí úsáid a bhaint as dreidirí hiodrálacha in uiscí teorann na hIodáile i bhFo-limistéir Gheografacha 9, 10, 17 agus 18 CGIM. Coinneoidh údaráis na mBallstát an liosta sin cothrom le dáta i gcónaí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2376 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh mhoilisc dhébhlaoscacha Venus spp. in uiscí teorann na hIodáile (IO L 352, 23.12.2016, lch. 48).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/3 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2019 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile (IO L 2, 6.1.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2237 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/3 a mhéid a bhaineann leis an maolú ar íosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann áirithe na hIodáile (IO L 436, 28.12.2020, lch. 1).

(5)  An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach — an 69ú Tuarascáil Iomlánach (PLEN 22-01), Ulrich, C. agus Doerner, H eagarthóir(í), EUR 28359 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022, le fáil: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/22954277/STECF+PLEN+22-01.pdf/c2566fed-7daf-4e50-bf9f-ad39b966d0c4

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an seachtú hiontráil is fiche den tábla i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

“Breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.)

25 mm  (1)


(1)  De mhaolú air sin, ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, is é 22 mm a bheidh in íosmhéid tagartha caomhnaithe na mbreallach maighdeogach (Venus spp.) in uiscí teorann na hIodáile i bhfo-limistéir gheografacha 9, 10, 17 agus 18 an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.”


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 338/44


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2588 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/1241 (‘an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla’) maidir leis na bearta caomhnaithe i gcomhair acmhainní iascaigh agus le cosaint éiceachóras muirí trí bhíthin bearta teicniúla, tháinig sé i bhfeidhm an 14 Lúnasa 2019. Rannchuidíonn an Rialachán seo leis na cuspóirí faoi Airteagal 2 de Rialachán CBI, lena n-áirítear cuspóirí comhshaoil a bhaint amach faoi Threoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE agus 2008/56/CE. Bunaítear leis in Iarscríbhinn VI forálacha sonracha maidir le bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthuaiscirt.

(2)

Chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt (an Bheilg, Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Ísiltír) moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 10 Meitheamh 2022. Leis an moladh comhpháirteach sin (1) cuirtear síneadh le cur i bhfeidhm na mbeart teicniúil atá ann cheana a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún go dtí an 31 Nollaig 2023, (2) leasaítear sonraíocht theicniúil na coda is uachtaraí den soc-fhoirceann dúbailte in iascach Nephrops i ranna 7b-7e agus 7g-7k ICES (an Mhuir Cheilteach), agus (3) baintear cuid den bheart i Muir Éireann.

(3)

Bearta teicniúla sonracha a ghlactar chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, is é is aidhm dóibh cuidiú le cuspóirí na mbeart caomhnaithe, na bpleananna ilbhliantúla agus an phlean maidir le hábhar muirí aischurtha in Uiscí an Iarthuaiscirt a bhaint amach. Sa Mhuir Cheilteach, tá sé beartaithe le bearta ceartaitheacha le haghaidh stoic a bhfuil bithmhais acu ar leibhéil faoi bhun Blim ceanglais Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/472 (ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019) a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic nó an aonaid fheidhmiúil lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal sin atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(4)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) measúnú ar an moladh comhpháirteach i mí an Mheithimh 2022. Tar éis na comhairle ó CETEI, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit an moladh comhpháirteach a ailíniú leis an meastóireacht eolaíoch. Dá réir sin, chuir na Ballstáit moladh comhpháirteach athbhreithnithe isteach i mí Lúnasa 2022.

(5)

Leis na bearta sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais tá sé beartaithe na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a bhaint amach, agus baineann siad leis na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den Chomhaontú sin. Ní dhéanann siad difear d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

(6)

Rinneadh meastóireacht ar na bearta a áirítear sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/1241. Chuir na Ballstáit fianaise ar fáil chun a léiriú go gcomhlíonann na tograí Airteagal 15(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1241.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach maidir leis an moladh comhpháirteach an 14 Meán Fómhair 2022.

(8)

Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur le bearta teicniúla sonracha chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus i limistéir máguaird, bunaithe ar na bearta ceartaitheacha a bhí i bhfeidhm in 2022 (2). Baineann na bearta teicniúla sonracha sin le hiascaireacht le tráil ghrinnill agus saighní in Uiscí an Aontais i roinn 7g ICES, an chuid sin de roinn 7h ICES ó thuaidh ó dhomhanleithead 49° 30' ó thuaidh agus an chuid sin de roinn 7j ICES ó thuaidh ó dhomhanleithead 49° 30' ó thuaidh agus soir ó dhomhanfhad 11° thiar, chomh maith le soithí a bhíonn ag iascaireacht le tráil ghrinnill arb iad cadóga 20 % ar a laghad dá ngabhálacha arna dtomhas roimh aon ábhar muirí a aischur. Tháinig CETEI ar an gconclúid (3) go bhfuil na trealaimh a mholtar leis na bearta sin níos roghnaíche ná na cinn a moladh leis na bearta a chuimsítear i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023.

(9)

Moladh sa mholadh comhpháirteach síneadh a chur le coinníollacha sonracha le haghaidh na Mara Ceiltí i ndáil le comhdhéanamh gabhála, go háirithe nuair nach dtéann foghabhálacha trosc thar 1.5 % de mheáchan na n-acmhainní bitheolaíocha muirí uile a thugtar i dtír tar éis gach turais iascaireachta. Tá drogall ar CETEI go ginearálta coinníollacha a leagan síos bunaithe ar thairseacha foghabhála i bhfianaise dhrochstádas na stoc sna limistéir sin. Mar sin féin, thug CETEI dá aire (4) freisin, go leanfadh na trealaimh mhalartacha a shonraítear sa mholadh comhpháirteach de bheith níos roghnaíche ná na trealaimh bhonnlíne i Rialachán (AE) 2019/1241, fiú mura sárófaí an riail maidir le foghabháil trosc 1,5 % ar turas ar bith. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an gcoinníoll atá ann cheana i ndáil leis an gcomhdhéanamh gabhála go dtí an 31 Nollaig 2023.

(10)

Sa mholadh comhpháirteach moladh na bearta teicniúla sonracha maidir le tráil ghrinnill agus saighní in uiscí an Aontais a leathnú ó roinn 7g go 7k ICES agus sa limistéar thiar ó dhomhanfhad 5° I i roinn 7e ICES. Tháinig CETEI ar an gconclúid go bhfuil na bearta sin níos roghnaíche ná na cinn a moladh leis na bearta a chuimsítear i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023.

(11)

Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur le coinníollacha sonracha sa Mhuir Cheilteach nuair a bhíonn níos mó ná 30 % de ghliomaigh na hIorua sa ghabháil. Ar an iomlán, tháinig CETEI ar an gconclúid (5) go bhfuil na roghanna atá beartaithe níos roghnaíche ná na trealaimh a shonraítear sna maoluithe le haghaidh iascach dírithe i Rialachán (AE) 2019/1241, nó chomh coibhéiseach leo ar a laghad. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023. I ndáil le sonraíochtaí an tsoc-fhoircinn dhúbailte, moladh sa mholadh comhpháirteach go méadófaí mogallmhéid na coda is uachtaraí den soc-fhoirceann dúbailte ó 90 mm go 100 mm i gcás soithí a oibríonn le tráil ghrinnill nó le saighní in iascach Nephrops i ranna 7b-e agus 7g-k ICES (an Mhuir Cheilteach). Rinne CETEI measúnú ar na sonraíochtaí teicniúla nua agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil sé d’acmhainn aige foghabhálacha speiceas nach bhfuil de dhíth a laghdú agus gabhálacha spriocspeiceas á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Ba cheart, dá bhrí sin, an tsonraíocht theicniúil a leasú dá réir.

(12)

Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur leis na coinníollacha sonracha sa Mhuir Cheilteach nuair a bhíonn níos mó ná 55 % d’fhaoitíní nó 55 % in éineacht de láimhínigh, colmóirí nó scoilteáin sa ghabháil. Cé go bhfuil drogall ar CETEI coinníollacha a thabhairt isteach i ndáil le comhdhéanamh gabhála (6), tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na bearta atá beartaithe fós níos roghnaíche ná na bearta bonnlíne a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023.

(13)

Sa mholadh comhpháirteach moltar síneadh a chur le bearta teicniúla in Iarthar na hAlban. Le glacadh an trealaimh bonnlíne 120 mm in Iarthar na hAlban, tháinig CETEI ar an gconclúid gur dócha go bhfeabhsófaí roghnaíocht trosc, cadóg agus faoitíní dá n-áireofaí maolú atá beartaithe ar threalamh bonnlíne. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

(14)

Sa mholadh comhpháirteach moladh síneadh a chur le bearta teicniúla sonracha i Muir Éireann le haghaidh iascaireacht le tráil ghrinnill nó saighní a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn cothrom le nó níos mó ná 70 mm agus níos lú ná 100 mm agus ina mbíonn níos mó ná 30 % de ghliomaigh na hIorua i ngabhálacha. Tháinig CETEI ar an gconclúid (7) gur dócha go laghdófar gabhálacha trosc, cadóg agus faoitíní leis na trealaimh sin i gcomparáid leis na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1241. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis na bearta sin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023.

(15)

Chun patrúin saothraithe a bharrfheabhsú, roghnaíocht trealaimh a mhéadú agus gabhálacha de thaisme a laghdú, is iomchuí, dá bhrí sin, na bearta teicniúla arna moladh ag na Ballstáit a ghlacadh.

(16)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2023.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Deireadh Fómhair 2022

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.

(2)   IO L 465, 29.12.2021, lgh. 1–7.

(3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/25686136/STECF+PLEN+22-02.pdf

(4)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf

(5)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf

(6)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf

(7)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2684997/STECF+PLEN+20-02.pdf


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

(1)

leasaítear Cuid B mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.3.2 (a):

(a)

“soithí a oibríonn le tráil ghrinnill nó saighní, ar gliomaigh na hIorua iad níos mó ná 30 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad ceann amháin de na trealaimh seo a leanas :

(i)

painéal de mhogall cearnógach 300 mm; soithí is lú ná 12 mhéadar ar fhad foriomlán, féadfaidh siad painéal de mhogall cearnógach 200 mm a úsáid;

(ii)

painéal Seltra;

(iii)

Greille shórtála le spás 35 mm idir na barraí nó líonghreille roghnaíochta chomhchosúil;

(iv)

soc-fhoirceann 100 mm le painéal de mhogall cearnógach 100 mm;

(v)

soc-fhoirceann dúbailte ar tógadh an soc-fhoirceann is uachtaraí de le mogall T90 100 mm ar a laghad agus atá feistithe le painéal deighilte ag a bhfuil mogallmhéid uasta 300 mm;”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4.2:

‘1.4.2.

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le soithí iascaireachta a oibríonn le tráil ghrinnill nó saighní i roinn 7a ICES (Muir Éireann):

(a)

soithí a oibríonn le tráil ghrinnill nó saighní a bhfuil mogallmhéid a soc-fhoircinn comhionann le 70 mm nó níos mó ná sin agus ar lú é ná 100 mm agus ar gliomaigh na hIorua iad níos mó ná 30 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad ceann de na trealaimh seo a leanas:

(i)

painéal de mhogall cearnógach 300 mm; soithí is lú ná 12 mhéadar ar fhad foriomlán, féadfaidh siad painéal de mhogall cearnógach 200 mm a úsáid;

(ii)

painéal Seltra;

(iii)

greille shórtála le spás 35 mm idir na barraí;

(iv)

líonghreille CEFAS;

(v)

trál flapa [flip-flap trawl];

(b)

soithí is comhionann le 12 mhéadar ar fhad iomlán nó atá níos faide ná sin, a oibríonn le tráil ghrinnill nó saighní ar cadóga, troisc, sciataí agus roic le chéile iad níos mó ná 10 % dá ngabhálacha, úsáidfidh siad soc-fhoirceann 120 mm;

De mhaolú ar litreacha (a) agus (b), ceadófar trealamh iascaireachta malartach a úsáid ar choinníoll go mbeidh ar a laghad an roghnaíocht chéanna nó roghnaíocht níos airde mar thoradh ar threalaimh den sórt sin i gcás trosc, cadóg agus faoitíní. Déanfaidh CETEI measúnú ar threalaimh den sórt sin agus déanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas agus comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar síos le hAirteagal 15(4).’

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.6:

‘1.6

Beidh na bearta i bpointí 1.3 go 1.5 infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023.’

(2)

Leasaítear pointe 10.2 de Chuid C mar a leanas:

‘Beidh na bearta i bpointe 10.1 infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2023.’