ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 335

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
29 Nollaig 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/2577 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

36

 

*

Rialachán (AE) 2022/2578 ón gComhairle an 22 Nollaig 2022 lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard

45

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2579 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar ag gnóthas san iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8a den Treoir sin ( 1 )

61

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil ( 1 )

64

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2581 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar faisnéise in iarratais ar údarú mar údarás creidmheasa ( 1 )

86

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh Uimh. 2/2022 ó Choiste CCE arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche Eatramhach idir Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile an 30 Samhain 2022 a mhéid a bhaineann leis na Rialacha Nós Imeachta um réiteach díospóidí a ghlacadh [2022/2582]

103

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816 ( IO L 135, 22.5.2019 )

112

 

*

Ceartúchán ar Cinneadh (AE) 2022/2417 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar ( IO L 318, 12.12.2022 )

113

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar ( IO L 319, 13.12.2022 )

114

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2576 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2022

lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireann cogadh foghach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus an laghdú as cuimse ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise chuig na Ballstáit slándáil soláthair an Aontais agus a Bhallstát i mbaol. An tráth céanna, mar thoradh ar an soláthar gáis a bheith á úsáid mar uirlis troda agus na margaí a bheith á mí-ionramháil ag Cónaidhm na Rúise trí shuaitheadh d’aon ghnó a dhéanamh ar shreafaí gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, rud a chuireann ní hamháin geilleagar an Aontais i mbaol, ach a chuireann slándáil an tsoláthair i mbaol freisin.

(2)

Chuige sin, tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas, chun a shaoránaigh agus a gheilleagar a chosaint ar phraghsanna margaidh iomarcacha ar toradh iad ar mhí-ionramháil agus chun a áirithiú go sreabhfaidh gás thar theorainneacha chuig gach tomhaltóir atá i ngátar, i gcásanna ganntanas gáis freisin. Chun an spleáchas ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise a laghdú agus chun praghsanna iomarcacha a laghdú, tá comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis ó sholáthraithe seachtracha ríthábhachtach.

(3)

Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear ar a cumas don Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí sa staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn deacrachtaí móra maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Deacrachtaí móra is ea an baol ard go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise agus an méadú ollmhór ar phraghasanna fuinnimh a dhéanann dochar do gheilleagar an Aontais.

(4)

Sa teachtaireacht uaidh an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Plean REPowerEU”, d’fhógair an Coimisiún go mbunófaí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh in éineacht leis na Ballstáit chun gás, gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus hidrigin a cheannach go comhpháirteach. D’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an fógra sin an 30 agus an 31 Bealtaine 2022. Mar chuid de Phlean REPowerEU, chuir an Coimisiún straitéis i láthair freisin maidir le rannpháirtíocht fuinnimh sheachtraigh an Aontais, ina mínítear conas a thacaíonn an tAontas le haistriú fuinnimh domhanda glan cóir chun fuinneamh inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú, lena n-áirítear trí sholáthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, go háirithe trí ghealltanais pholaitiúla a chaibidil le soláthróirí gáis atá ann cheana nó le soláthróirí nua gáis chun seachadtaí gáis a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, seachadtaí gáis ón Rúis chun na hEorpa a ionadú.

(5)

Is féidir ról lárnach a bheith ag Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh maidir le comhpháirtíochtaí comhthairbheacha a lorg a chuireann le slándáil an tsoláthair agus a mbíonn praghsanna allmhairiúcháin níos ísle ar ghás a cheannaítear ó thríú tíortha mar thoradh orthu, agus leas iomlán á bhaint as ualach comhchoiteann an Aontais. Tá sé bunriachtanach go gcuirfí feabhas ar an teagmháil idirnáisiúnta a dhéantar le soláthróirí gáis (píblíne agus GNL araon) chomh maith le soláthróirí hidrigine glaise na todhchaí chun na críche sin. Go háirithe, le comhordú i bhfad níos láidre leis na Ballstáit agus i measc na mBallstát maidir le tríú tíortha trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, d’áiritheofaí go mbeadh ualach comhchoiteann an Aontais níos éifeachtaí.

(6)

Ós rud é go bhfuil deacrachtaí móra ann fós maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú, ba cheart don cheannach comhpháirteach rochtain níos cothroime ar fhoinsí gáis nua nó breise a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát agus, chun tairbhe na dtomhaltóirí deiridh, ba cheart dó cuidiú le praghsanna níos ísle a áirithiú ná na praghsanna a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm, murach an ceannach comhpháirteach, orthusan a cheannaíonn an gás, ar bhonn aonair, tríd an soláthraí seirbhíse.

(7)

Leis an gceannach comhpháirteach, d’fhéadfaí cóireáil níos tairbhiúla nó tacaíocht a dheonú do sholáthar gás inathnuaite amhail bithmheatán agus hidrigin, a mhéid is féidir iad a instealladh go sábháilte sa chóras gáis, agus don soláthar gáis a dhéanfaí a scaoileadh nó a bhladhmadh murach sin. In éagmais ceanglas dlíthiúil foirmiúil in aon dlínse ábhartha, beidh gnóthais a thugann conarthaí i gcrích de bhun an Rialacháin in ann úsáid a bhaint as creat tuairiscithe Chomhpháirtíocht na Náisiún Aontaithe maidir le Meatán Ola agus Gáis 2.0 chun astaíochtaí meatáin feadh an tslabhra soláthair chuig an Aontas a thomhas, a thuairisciú agus a fhíorú.

(8)

Ba cheart dhá chéim a bheith sa sásra nua a fhorbrófar faoin Rialachán seo. Mar chéad chéim, dhéanfadh gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás, atá bunaithe san Aontas, a n-éileamh gáis a chomhiomlánú trí sholáthraí seirbhíse, ar conradh ag an gCoimisiún. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do sholáthróirí gáis tairiscintí a dhéanamh ar bhonn toirteanna móra comhiomlánaithe, seachas go leor tairiscintí níos lú do cheannaitheoirí atá ag dul i dteagmháil leo ina n-aonar. Mar dhara céim, féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás, atá bunaithe san Aontas, conarthaí ceannaigh gáis a thabhairt i gcrích, ina n-aonar nó ar bhealach comhordaithe, le soláthróirí nó táirgeoirí gáis nádúrtha atá ag teacht leis an éileamh comhiomlánaithe.

(9)

Ós rud é go bhfuil deacrachtaí móra ann fós maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú, ba cheart do chomhiomlánú an éilimh agus don cheannach comhpháirteach rochtain níos cothroime ar fhoinsí gáis nua nó breise a áirithiú do ghnóthais ar fud na mBallstát agus, chun tairbhe na dtomhaltóirí deiridh, ba cheart dó cuidiú le praghsanna níos ísle a áirithiú ná mar a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm murach sin do ghnóthais a cheannaíonn an gás tríd an soláthraí seirbhíse. Áirítear cheana féin sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis inathnuaite agus nádúrtha agus hidrigin an chéad tagairt don fhéidearthacht go mbeadh foirm an-teoranta den cheannach comhpháirteach ann chun críoch cothromúcháin. Mar sin féin, tagann an togra sin ó am roimh chogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thairis sin, níor áiríodh aon choincheap mionsonraithe sa togra sin, rud nach raibh baint aige ach le riachtanais an-sonrach na n-oibreoirí córas tarchurtha maidir le fuinneamh a chothromú. Ós rud é go bhfuil gá le réiteach láithreach agus i bhfad níos cuimsithí ar fhadhb na struchtúr atá in easnamh chun gás a cheannach ar bhealach comhordaithe, is iomchuí réiteach mear sealadach a mholadh.

(10)

Dá bhrí sin, d’fhéadfadh comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach dlúthpháirtíocht an Aontais a neartú maidir le gás a cheannach agus a dháileadh. De mheon dlúthpháirtíochta, ba cheart don cheannach comhpháirteach tacú go háirithe leis na gnóthais sin a raibh gás á cheannach acu roimhe seo ó sholáthróirí Rúiseacha amháin nó go príomha trí chuidiú leo soláthairtí a fháil ó sholáthróirí nó ó sholáthraithe malartacha gáis nádúrtha i ndálaí buntáisteacha, mar thoradh ar chomhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach.

(11)

Ba cheart go gcuideodh comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach le saoráidí stórála gáis a líonadh le linn na staide éigeandála reatha, i gcás ina n-ídeofaí formhór na saoráidí stórála gáis Eorpacha tar éis an gheimhridh atá le teacht. Thairis sin, leis na bearta sin, ba cheart go gcuideofaí le gás a cheannach ar bhealach níos comhordaithe de mheon na dlúthpháirtíochta.

(12)

Dá bhrí sin, is gá comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach a bhunú go pras agus ar bhonn sealadach mar ábhar práinne. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí soláthraí seirbhíse a bhunú go tapa, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an t-éileamh a chomhiomlánú. Ní bheadh ach roinnt feidhmiúlachtaí bunúsacha ag an soláthraí seirbhíse atá ar conradh ag an gCoimisiún agus ní bheadh ag an bpróiseas a eagraíonn sé ach eilimintí sainordaitheacha maidir le rannpháirtíocht i gcomhiomlánú an éilimh ach ní bheadh comhordú sainordaitheach ar na coinníollacha conarthacha ná oibleagáid tairiscintí ceangailteacha a chur isteach chun gás a cheannach i gceist go fóill.

(13)

Níor cheart aon cheanglas a fhorchur ar ghnóthais gáis nádúrtha ná gnóthais a ídíonn gás, gás a cheannach tríd an soláthraí seirbhíse, trí chonarthaí soláthair gáis nó meabhráin tuisceana a thabhairt i gcrích leis na soláthraithe nó na táirgeoirí gáis atá ag teacht leis an éileamh comhiomlánaithe. Moltar go láidir do ghnóthais gáis nádúrtha nó do ghnóthais a ídíonn gás, áfach, cineálacha comhair atá comhoiriúnach le dlí na hiomaíochta a fhiosrú, agus úsáid a bhaint as an soláthraí seirbhíse chun tairbhe a bhaint as an gceannach comhpháirteach. D’fhéadfaí, dá bhrí sin, sásra a fhorbairt idir an soláthraí seirbhíse agus gnóthais rannpháirteacha, lena leagtar amach na príomhchoinníollacha faoina dtugann gnóthais rannpháirteacha gealltanas chun an gás atá ag teacht leis an éileamh comhiomlánaithe a cheannach.

(14)

Tá sé tábhachtach don Choimisiún agus do na Ballstáit léargas soiléir a bheith acu ar chonarthaí soláthair gáis atá beartaithe agus atá tugtha i gcrích ar fud an Aontais, chun a mheas an mbaintear amach cuspóirí shlándáil an tsoláthair agus na dlúthpháirtíochta fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais nó d’údaráis na mBallstát an Coimisiún agus na Ballstáit ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe a chur ar an eolas faoi cheannacháin mhóra gháis atá beartaithe os cionn 5 TWh in aghaidh na bliana. Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le faisnéis bhunúsach i ndáil le conarthaí nua nó athnuaite. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún moltaí a eisiúint chuig gnóthais gáis nádúrtha nó chuig údaráis na mBallstát ábhartha, go háirithe i gcás ina bhféadfadh tuilleadh comhordúcháin feabhas a chur ar fheidhmiú an cheannaigh chomhpháirtigh nó i gcás ina bhféadfadh seoladh na tairisceana le haghaidh ceannach gáis nó ceannacháin phleanáilte gáis tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair, an margadh inmheánach nó dlúthpháirtíocht fuinnimh. Níor cheart go gcuirfeadh eisiúint molta cosc ar ghnóthais gáis nádúrtha ná ar údaráis gáis nádúrtha na mBallstát ábhartha dul ar aghaidh leis an gcaibidlíocht idir an dá linn.

(15)

Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh an gcuireann na ceannacháin ábhartha gháis le slándáil an tsoláthair san Aontas agus an bhfuil siad comhoiriúnach le prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart Bord Stiúrtha ad hoc a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún chun cuidiú leis an measúnú sin a chomhordú.

(16)

Ba cheart do sholáthraí seirbhíse oiriúnach an próiseas chun an t-éileamh a chomhiomlánú ar mhaithe leis an gceannach comhpháirteach a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh le soláthraí seirbhíse trí nós imeachta soláthair i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, soláthraí atá in ann uirlis teicneolaíochta faisnéise (“uirlis TF”) iomchuí a fhorbairt agus an próiseas comhiomlánaithe éilimh a eagrú. D’fhéadfaí táillí a bhailiú ó rannpháirtithe an cheannaigh chomhpháirtigh chun costais oibriúcháin a chumhdach.

(17)

Agus cearta rochtana á leithdháileadh ar an soláthar i measc gnóthais a dhéanann an t-éileamh a chomhiomlánú, ba cheart don soláthraí seirbhíse modhanna a chur i bhfeidhm nach ndéanfadh idirdhealú idir rannpháirtithe beaga agus rannpháirtithe níos mó i gcomhiomlánú an éilimh agus ba cheart dóibh a bheith cothrom gan beann ar na toirteanna gáis arna n-iarraidh ag gnóthais aonair. Mar shampla, ba cheart don soláthraí seirbhíse cearta rochtana a leithdháileadh i gcomhréir leis na toirteanna gáis a dhearbhaigh gnóthais aonair a cheannach don am seachadta agus don cheann scríbe áirithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith ábhartha i gcásanna nach gcumhdaíonn an soláthar go leordhóthanach an t-éileamh i margadh an Aontais.

(18)

Is próisis chasta iad comhiomlánú an éilimh agus ceannach gáis nádúrtha, ar gá dóibh gnéithe éagsúla a chur san áireamh, gnéithe nach bhfuil teoranta do phraghsanna, ach lena n-áirítear freisin toirteanna, pointí seachadta agus paraiméadair eile. Dá bhrí sin, ba cheart an leibhéal taithí is gá a bheith ag an soláthraí seirbhíse a roghnaítear maidir le ceannacháin gáis nádúrtha nó seirbhísí gaolmhara ar leibhéal an Aontais a bhainistiú agus a chomhiomlánú. Chomh maith leis sin, is gné ríthábhachtach é comhiomlánú an éilimh agus ceannach gáis nádúrtha chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú agus chun prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh san Aontas a choimirciú.

(19)

Tá sé ríthábhachtach faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint nuair a chuirtear faisnéis ar fáil don Choimisiún, do chomhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc nó don soláthraí seirbhíse a bhunaíonn nó a bhainistíonn an uirlis TF le haghaidh chomhiomlánú an éilimh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún ionstraimí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an fhaisnéis sin a chosaint ar aon rioscaí rochtana neamhúdaraithe agus rioscaí cibearshlándála. Aon sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a phróiseáil mar chuid de chomhiomlánú an éilimh agus den cheannach chomhpháirteach, ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(20)

D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist leis an gceannach comhpháirteach. D’fhéadfaí é a dhéanamh trí thairiscintí nó ceantanna arna n-eagrú ag an soláthraí seirbhíse lena gcomhiomlánaítear éileamh na ngnóthas gáis nádúrtha agus na ngnóthas a ídíonn gás, chun go bhféadfaí é a mheaitseáil le tairiscintí ó sholáthraithe nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha, trí úsáid a bhaint as Uirlis TF.

(21)

Ceann de na cuspóirí a bhaineann le comhiomlánú an éilimh agus leis an gceannach comhpháirteach is ea laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le méaduithe neamhriachtanacha ar phraghsanna arna spreagadh ag gnóthais a bhfuil tairiscint á déanamh acu ar an tráinse céanna gáis. I ndeireadh na dála, is ar chinntí na ngnóthas féin a bhraitheann sé chun a áirithiú go mbaineann na tomhaltóirí deiridh tairbhe iomlán as an gceannach comhpháirteach. Ba cheart srian a chur le gnóthais mhóra fiú más féidir leo an gás a dhíol ag praghsanna níos airde. Na gnóthais a bhaineann tairbhe as praghsanna níos ísle chun gás a cheannach tríd an gceannach comhpháirteach, ba cheart dóibh na tairbhí sin a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. Bheadh cur ar aghaidh praghsanna níos ísle ina tháscaire tábhachtach chun go n-éireodh leis an gceannach comhpháirteach, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach do thomhaltóirí.

(22)

Ba cheart comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach a bheith oscailte do ghnóthais gáis nádúrtha agus do ghnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas. Go háirithe, féadfaidh tomhaltóirí tionsclaíocha a úsáideann gás go dian ina bpróisis táirgthe, amhail táirgeoirí leasachán, cruach, táirgí ceirmeacha agus gloine, tairbhe a bhaint freisin as comhcheannach trína chur ar a gcumas a n-éileamh a chomhthiomsú, chun gás agus lastaí GNL a chonrú, agus chun struchtúr a chur ar an soláthar de réir a riachtanas ar leith. Ba cheart rialacha trédhearcacha a bheith ag an bpróiseas um cheannach comhpháirteach a eagrú maidir le conas a bheith páirteach ann agus ba cheart a oscailteacht a áirithiú.

(23)

Is aidhm pholaitiúil dhearbhaithe de chuid an Aontais é comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach a oscailt do na Balcáin Thiar agus do na trí thír chomhlachaithe de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag gnóthais i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh i gcomhiomlánú an éilimh agus sa cheannach comhpháirteach a bhunaítear leis an Rialachán seo ar choinníoll go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm.

(24)

Is gá spleáchas an Aontais ar ghás a sholáthraítear ó Chónaidhm na Rúise a laghdú. Dá bhrí sin, gnóthais arna rialú ag Cónaidhm na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach, nó gnóthais atá faoi réir bearta sriantacha an Aontais arna mbunú ar bhonn Airteagal 215 CFAE, nó atá faoi úinéireacht nó faoi rialú ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht eile atá faoi réir bearta sriantacha, ba cheart iad a eisiamh ó pháirt a ghlacadh sa cheannach comhpháirteach agus ó eagrú phróiseas an cheannaigh chomhpháirtigh.

(25)

Chun nach gcuirtear cuspóir an éagsúlaithe ón ngás a sholáthraítear ó Chónaidhm na Rúise a chur i mbaol mar gheall ar rannpháirtíocht i gcomhiomlánú an éilimh agus i gceannach comhpháirteach gnóthas nó comhlachtaí eile arna rialú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó gnóthais atá bunaithe i gCónaidhm na Rúise, ba cheart rannpháirtíocht na n-eintiteas sin a eisiamh freisin.

(26)

Thairis sin, níor cheart gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise a bheith faoi réir ceannach comhpháirteach. Chun na críche sin, níor cheart gás nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí phointí iontrála sonracha a bheith faoi réir ceannach comhpháirteach ós rud é gur dócha go dtiocfaidh gás nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí na pointí iontrála sin.

(27)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ráthaíochtaí airgeadais de dhíth ar rannpháirtithe sa cheannach comhpháirteach gáis, mura mbeadh aon cheann de na gnóthais in ann íoc as an toirt deiridh a conraíodh. D’fhéadfadh na Ballstáit nó geallsealbhóirí eile tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a thabhairt do rannpháirtithe sa cheannach comhpháirteach. Ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcomhréir le rialacha státchabhrach an Aontais, lena n-áirítear an Creat Sealadach Géarchéime arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 23 Márta 2022, arna leasú an 28 Deireadh Fómhair 2022, i gcás inarb infheidhme.

(28)

Tá sé ríthábhachtach saoráidí stórála gáis a líonadh chun slándáil an tsoláthair san Aontas a áirithiú. Mar gheall ar an laghdú ar sholáthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise, d’fhéadfadh dúshláin a bheith roimh na Ballstáit maidir leis na saoráidí stórála gáis a líonadh chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú do gheimhreadh 2023/2024 mar a fhorordaítear le Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Trí leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ag an soláthraí seirbhíse comhiomlánú éilimh a dhéanamh, d’fhéadfaí cuidiú leis na Ballstáit na dúshláin sin a laghdú. Laistigh de theorainneacha dhlí na hiomaíochta, d’fhéadfadh sé go háirithe tacú le bainistíocht chomhordaithe ar líonadh agus stóráil i bhfianaise an chéad tséasúir líonta eile, rud lena seachnófaí na buaicphointí iomarcacha praghsanna, inter alia, mar thoradh ar líonadh stórála neamhchomhordaithe.

(29)

Chun a áirithiú go rannchuidíonn an ceannach comhpháirteach le saoráidí stórála gáis a líonadh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás faoina ndlínse an próiseas arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse mar mhodh amháin lena bhféadfaí na spriocanna líonta a bhaint amach.

(30)

Le Rialachán (AE) 2022/1032, ceanglaítear ar na Ballstáit a saoráidí stórála gáis a líonadh suas le 90 % faoin 1 Samhain 2023. Tá an sprioc sin níos airde ná an sprioc le haghaidh an 1 Samhain 2022 (80 %). D’fhéadfadh an ceannach comhpháirteach cuidiú leis na Ballstáit an sprioc nua sin a bhaint amach. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais intíre an soláthraí seirbhíse a úsáid chun éileamh a chomhiomlánú le toirteanna gáis atá ard go leor chun an riosca nach féidir a saoráidí stórála gáis a líonadh a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit a cheangal go n-áireodh a ngnóthais toirteanna atá coibhéiseach le 15 %, dá spriocthoirt líonta stórála le haghaidh na bliana seo chugainn, atá coibhéiseach le thart ar 13.5 bcm don Aontas ina iomláine, sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh. Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ar a gcríoch a bheith rannpháirteach sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh le toirteanna atá coibhéiseach le 15 % dá n-oibleagáid comhroinnte ualaigh faoi Airteagal 6c de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(31)

Ní fhorordaíonn comhiomlánú an éilimh ná ceannach comhpháirteach bainistiú saoráidí stórála gáis, lena n-áirítear saoráidí straitéiseacha stórála gáis, agus tá sé gan dochar do Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (AE) 2022/1032.

(32)

Chun úsáid éifeachtach a bhaint as an gceannach comhpháirteach agus chun comhaontuithe gáis a thabhairt i gcrích le soláthróirí a thairgeann gás don soláthraí seirbhíse, ba cheart do ghnóthais a bheith in ann coinníollacha an cheannaigh a chomhordú, amhail toirteanna, praghas an gháis, pointí agus am seachadta, laistigh de theorainneacha dhlí an Aontais. Ba cheart do ghnóthais atá rannpháirteach i gcuibhreannas ceannaigh gáis a áirithiú, áfach, go bhfuil an fhaisnéis a mhalartaítear go díreach nó go hindíreach teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 101 CFAE. Ina theannta sin, ba cheart do na forálacha maidir le trédhearcacht agus rialachas sa Rialachán seo a áirithiú nach gcuirfidh conarthaí an chuibhreannais cheannaigh slándáil an tsoláthair nó an dlúthpháirtíocht fuinnimh i mbaol, go háirithe i gcás ina mbeidh baint dhíreach nó indíreach ag na Ballstáit leis an bpróiseas ceannaigh.

(33)

Cé gur féidir níos mó ná cuibhreannas ceannaigh gáis amháin a bhunú, is é an rogha is éifeachtaí cuibhreannas ceannaigh gáis amháin a bhunú ina mbeadh an oiread gnóthas agus is féidir chun éileamh a chomhiomlánú tríd an soláthraí seirbhíse agus a bheadh ceaptha ar bhealach atá i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais. Ina theannta sin, trí dhul i gcomhar le chéile in aon chuibhreannas ceannaigh gáis amháin, ba cheart cumhacht chaibidlíochta neartaithe a bheith ag an Aontas sa mhargadh agus ba cheart go mbeadh coinníollacha buntáisteacha ann nach bhféadfadh gnóthais bheaga a bhaint amach nó nach mbainfí amach i gcás gníomhú ilroinnte.

(34)

Ba cheart cuibhreannais cheannaithe gáis a bhunú agus a chur chun feidhme faoin Rialachán seo i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais, de réir mar is infheidhme i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla margaidh atá ann faoi láthair. Thug an Coimisiún le fios go bhfuil sé réidh chun gnóthais a thionlacan agus cuibhreannas cheannaithe gáis den sórt sin á dhearadh acu, agus réidh cinneadh a eisiúint, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (6), maidir le neamh-infheidhmeacht Airteagail 101 agus 102 CFAE, má dhéantar coimircí ábhartha a ionchorprú agus a urramú. Dúirt an Coimisiún freisin go bhfuil sé réidh treoir neamhfhoirmiúil a sholáthar má bhíonn ar na gnóthais rannpháirteacha in aon chuibhreannas eile déileáil le neamhchinnteacht maidir le measúnú a dhéanamh ar ghné amháin nó níos mó dá socrú um cheannach comhpháirteach faoi rialacha iomaíochta an Aontais.

(35)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann na bearta maidir le comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach thar a bhfuil riachtanach chun a gcuspóir a bhaint amach, ós rud é go gcuirfear chun feidhme na bearta sin ar bhonn deonach, gan ach eisceacht theoranta a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht shainordaitheach i gcomhiomlánú an éilimh chun saoráidí stórála gáis a líonadh, agus beidh gnóthais phríobháideacha fós ina bpáirtithe sna conarthaí le haghaidh soláthar gáis arna dtabhairt i gcrích faoin gceannach comhpháirteach.

(36)

Chun acmhainn ionsúcháin GNL shaoráidí GNL an Aontais agus úsáid saoráidí stórála gáis a bharrfheabhsú, tá gá le socruithe trédhearcachta feabhsaithe agus le margadh eagraithe lena n-éascaítear trádáil thánaisteach in acmhainní stórála gáis agus in acmhainní shaoráidí GNL, cosúil leis na socruithe atá ann cheana chun gás a iompar trí phíblínte. Tá sé seo tábhachtach go háirithe le linn éigeandála agus athruithe ar na sreabha gáis ó ghás píblíne ó Chónaidhm na Rúise go GNL. Tá forálacha chun na críche sin sna tograí ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin agus le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis inathnuaite agus nádúrtha agus hidrigin. Tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt do na forálacha sin mar chuid den fhreagairt ar ghéarchéimeanna chun saoráidí GNL agus na saoráidí stórála gáis a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus leis an trédhearcacht is gá. Maidir le hardáin trédhearcachta uile-Eorpach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as ardáin trédhearcachta an Aontais atá ann cheana do shaoráidí GNL agus do shaoráidí stórála gáis chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go pras. A mhéid a bhaineann le hardán áirithinte tánaisteach, ba cheart do na hoibreoirí saoráidí GNL agus na hoibreoirí saoráidí stórála gáis a bheith in ann úsáid a bhaint as na hardáin atá acu cheana trína saibhriú leis na gnéithe is gá.

(37)

I ndáil le háirithintí fadtéarmacha d’acmhainní iompair gáis, déantar foráil leis na rialacha atá ann cheana maidir le bainistiú ar phlódú do nósanna imeachta “úsáid é nó caill é”. Tá na nósanna imeachta sin mall, áfach, ós rud é go nglacann siad sé mhí ar a laghad sula léirítear éifeacht leo, agus éilíonn siad nósanna imeachta troma riaracháin na n-údarás rialála náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha sin a neartú agus a shimpliú chun uirlisí a sholáthar do na n-oibreoirí córais gáis chun freagairt go tapa ar athruithe ar shreabha gáis agus chun aghaidh a thabhairt ar phlódú a d’fhéadfadh a bheith ann. Go háirithe, d’fhéadfadh na rialacha nua dlús a chur le margú acmhainní fadtéarmacha nár úsáideadh, acmhainní a d’fhanfadh gan úsáid murach sin, agus d’fhágfadh sé sin go mbeadh úsáid na bpíblínte níos éifeachtúla.

(38)

Ba cheart do na hoibreoirí córais tarchurtha anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le húsáid an ghréasáin tarchurtha ag úsáideoirí an ghréasáin agus ba cheart dóibh a chinneadh an bhfuil tearcúsáid á baint as an acmhainn dhocht chonarthach. Ba cheart tearcúsáid den sórt sin a shainmhíniú mar chás ina ndearna úsáideoir gréasáin níos lú ná 80 %, ar an meán, den acmhainn dhocht chonarthach a úsáid nó a thairiscint ar an margadh le 30 lá anuas. I gcás tearcúsáide, ba cheart don oibreoir córais tarchurtha an acmhainn atá ar fáil don chéad cheant míosúil eile a fhoilsiú agus é a cheantáil ina dhiaidh sin. De rogha air sin, ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le sásra docht lá roimh ré “úsáid é nó caill é” a úsáid ina ionad sin. Sa chás deireanach sin, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra maidir le gach pointe idirnaisc, bíodh siad plódaithe nó ná bíodh.

(39)

Cuideachtaí a cheannaíonn gás nó a tháirgeann gás a sheachadadh chuig cinn scríbe réamhshainithe trí cheannachán comhpháirteach, ba cheart dóibh acmhainní iompair a dhaingniú ó na pointí seachadta gáis chuig a gceann scríbe. Tá feidhm ag rialacha infheidhme an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear cóid an ghréasáin gáis, chun cuidiú leis na hacmhainní iompair a dhaingniú. Ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta, na hoibreoirí córais tarchurtha, na hoibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis, chomh maith le hardáin áirithinte, féachaint an bhféadfaí feabhas a chur ar úsáid an bhonneagair ar bhealach inacmhainne trí fhéachaint an bhféadfaí táirgí acmhainne iompair nua a fhorbairt lena nascfaí pointí idirnaisc, saoráidí GNL agus saoráidí stórála gáis laistigh den Aontas agus rialacha infheidhme an mhargaidh inmheánaigh á n-urramú ag an am céanna, go háirithe Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún (7).

(40)

Cé go n-eascraíonn athruithe ar phatrúin na sreafaí i líonraí gáis na hEorpa as na himthosca géarchéime urghnácha, rud a fhágann go bhfuil cíosanna plódaithe thar a bheith ard ag pointí idirnaisc áirithe san Aontas, d’fhéadfaí teacht ar roinnt solúbthachtaí i gcomhphlé leis na húdaráis rialála ábhartha maidir leis na Ballstáit a bhfuil tionchar orthu faoi na rialacha atá ann cheana, agus, más iomchuí, le héascú ón gCoimisiún.

(41)

Mar gheall ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, tá neamhchinnteachtaí móra agus mórshuaitheadh ann i margaí gáis nádúrtha na hEorpa. Mar thoradh air sin, le roinnt míonna anuas, léirigh na margaí sin an neamhchinnteacht maidir leis an soláthar, agus tá praghsanna gáis nádúrtha an-ard agus an-luaineach de dheasca an ionchais margaidh a bhí ann de bharr na neamhchinnteachta sin. Dá réir sin, cuireadh brú breise ar rannpháirtithe sa mhargadh agus rinneadh dochar d’fheidhmiú rianúil mhargaí fuinnimh an Aontais.

(42)

Le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), leagtar amach rialacha chun feidhmiú cuí na n-ionad trádála a áirithiú, ar a ndéantar díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáil freisin. Déantar foráil leis an Treoir sin go bhfuil na Ballstáit le ceangal a chur ar mhargadh rialáilte sásraí a bheith i bhfeidhm acu chun margaí airgeadais feidhmiúla atá cothrom agus ordúil a ráthú. Mar sin féin, níl sé i gceist leis na sásraí sin teorainn a chur le héabhlóid ionlae praghsanna agus níor éirigh leo eachtraí luaineachta eisceachtúla i margaí na ndíorthach gáis agus leictreachais a chosc.

(43)

I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn ag rannpháirtithe sa mhargadh sna hionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, agus i bhfianaise a phráinní atá sé a áirithiú go leanfaidh margaí na ndíorthach fuinnimh de bheith ag comhlíonadh a róil maidir le riachtanais fálaithe an fhíorgheilleagair a sholáthar, is iomchuí a cheangal ar ionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh sásraí sealadacha um bainistíocht luaineachta ionlae a bhunú chun gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna a thuiscint ar bhealach níos éifeachtúla. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag sásraí den sórt sin maidir leis na conarthaí is ábhartha, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le díorthaigh a bhaineann le fuinneamh nach faide ná 12 mhí a n-aibíocht.

(44)

Ionaid trádála a tháirgeann díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, is minic a ligeann siad isteach le haghaidh rannpháirtíochta gnólachtaí fuinnimh éagsúla ó na Ballstáit uile. Braitheann gnólachtaí fuinnimh den sórt sin go mór ar dhíorthaigh a thrádáiltear ar ionaid trádála den sórt sin chun soláthairtí ríthábhachtacha gáis agus leictreachais ar fud an Aontais a áirithiú. Dá bhrí sin, déanann gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna a tharlaíonn ar ionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh difear d’oibriú gnólachtaí fuinnimh ar fud an Aontais ina iomláine, rud a dhéanann difear do thomhaltóirí deiridh freisin. Dá bhrí sin, de mheon na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, ba cheart cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae a chomhordú, chun a áirithiú go dtairbheoidh oibreoirí atá bunriachtanach do shlándáil an tsoláthair fuinnimh sna Ballstáit uile de choimircí i gcoinne gluaiseachtaí móra praghsanna a dhéanann dochar d’oibriú leanúnach a ngnó, rud a dhéanfadh dochar freisin do na tomhaltóirí deiridh.

(45)

Leis na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae, ba cheart a áirithiú go gcuirfear cosc ar ghluaiseachtaí iomarcacha praghsanna laistigh de lá trádála. Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar an bpraghas margaidh breathnaithe go tráthrialta. I bhfianaise éagsúlacht leathan na n-ionstraimí i margaí na ndíorthach fuinnimh agus i bhfianaise shaintréithe na n-ionad trádála a bhaineann le hionstraimí den sórt sin, ba cheart na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na n-ionstraimí agus na margaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart d’ionaid trádála teorainneacha praghsanna a bhunú agus sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí ábhartha a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh le haghaidh díorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta á gcur san áireamh.

(46)

Agus praghas oscailte á chinneadh chun críche an chéad phraghas tagartha a shocrú i lá trádála, ba cheart go mbeadh an t-ionad trádála ag brath ar an modheolaíocht a chuireann sé i bhfeidhm de ghnáth chun go gcinnfear an praghas ag a ndéantar díorthach tráchtearraí sonrach a bhaineann le fuinneamh a thrádáil den chéad uair ag tús an lae trádála. Agus an praghas oscailte á chinneadh tar éis aon chur isteach ar thrádáil a d’fhéadfadh tarlú i rith an lae trádála, ba cheart don ionad trádála an mhodheolaíocht is iomchuí dar leis a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear tús le trádáil ordúil an athuair.

(47)

Ba cheart d’ionaid trádála a bheith in ann an sásra um bainistíocht luaineachta ionlae chun feidhme trína chomhtháthú ina scoradáin chiorcaid atá ann cheana a bunaíodh cheana i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE, nó mar shásra breise.

(48)

Chun trédhearcacht a áirithiú maidir le feidhmiú an tsásra um bainistíocht luaineachta ionlae a chuireann siad chun feidhme, ba cheart do na hionaid trádála, gan moill míchuí, tuairisc ar a ngnéithe ginearálta a chur ar fáil don phobal aon uair a dhéanann siad modhnú. Chun trádáil chothrom agus ordúil a chosaint, áfach, níor cheart ceangal a bheith ar na hionaid trádála paraiméadair theicniúla uile an tsásra a chuir siad i bhfeidhm a fhoilsiú.

(49)

I gcás ina léirítear leis an bhfaisnéis arna bailiú ag an nGníomhaireacht Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir leis an sásra um bainistíocht luaineachta a bheith á chur chun feidhme ag ionaid trádála ar a dtrádáiltear díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh san Aontas, gur gá comhsheasmhacht níos fearr maidir le cur chun feidhme an tsásra chun bainistiú níos éifeachtúla ar luaineacht iomarcach praghsanna ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann coinníollacha aonfhoirmeacha cur chun feidhme i dtaca leis an sásra um bainistíocht luaineachta ionlae a shonrú, cosúil le minicíocht athnuachan na dteorainneacha praghais, nó na bearta a bheidh le déanamh má bhogann an trádáil lasmuigh de na teorainneacha praghais sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh maidir le díorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta a chur san áireamh.

(50)

Chun dóthain ama a thabhairt d’ionaid trádála an sásra um bainistíocht luaineachta ionlae a chur chun feidhme go láidir mar a shonraítear sa Rialachán seo, ba cheart am a thabhairt d’ionaid trádála go dtí an 31 Eanáir 2023 chun an sásra sin a bhunú. Chun a áirithiú go mbeidh ionaid trádála in ann déileáil le gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna go tapa fiú sula gcuirfear an sásra sin ar bun, ba cheart réamhshásra a bheith i bhfeidhm acu lenar féidir an cuspóir céanna atá leis an sásra sin a bhaint amach den chuid is mó.

(51)

Na hoibleagáidí agus na srianta a fhorchuirtear ar ionaid trádála agus ar thrádálaithe leis na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae, ní théann siad thar a bhfuil riachtanach chun go mbeidh gnólachtaí fuinnimh in ann leanúint de bheith rannpháirteach i margaí gáis agus leictreachais agus a riachtanais fálaithe a chomhlíonadh, rud a chuirfidh le slándáil an tsoláthair fuinnimh do thomhaltóirí deiridh.

(52)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtúil na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ag ionaid trádála, agus tuairisciú go rialta do ESMA maidir leis an gcur chun feidhme sin. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an tsásra um bainistíocht luaineachta ionlae a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú freisin go bhfuil údar cuí le héagsúlachtaí i gcur chun feidhme na sásraí sin ag ionaid trádála.

(53)

Chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcur i bhfeidhm na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae idir na Ballstáit, agus ar bhonn na dtuarascálacha arna gcur isteach ag na húdaráis inniúla, ba cheart do ESMA gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát a chomhordú, agus aon éagsúlacht arna tabhairt faoi deara sa chaoi a gcuireann ionaid trádála na sásraí um bainistíocht luaineachta ionlae chun feidhme i ndlínsí san Aontas a dhoiciméadú.

(54)

I bhfianaise an laghdaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar an soláthar gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise agus i bhfianaise an riosca leanúnaigh atá ann go gcuirfear isteach ar an soláthar arís go tobann, ní mór don Aontas a sholáthairtí gáis a éagsúlú go práinneach. Mar sin féin, tá margadh GNL na hEorpa fós ag teacht chun cinn agus tá sé deacair measúnú a dhéanamh ar chruinneas na bpraghsanna atá i réim sa mhargadh seo. Chun measúnú cruinn oibiachtúil iontaofa a fháil ar phraghas sheachadtaí GNL chuig an Aontas, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) sonraí margaidh GNL uile a bhailiú a bhfuil gá leo chun measúnú laethúil ar phraghsanna GNL a bhunú.

(55)

Ba cheart an measúnú ar phraghsanna a dhéanamh bunaithe ar gach idirbheart a bhaineann le seachadtaí GNL chuig an Aontas. Ba cheart ACER a chumhachtú chun na sonraí margaidh sin a bhailiú ó na rannpháirtithe go léir atá gníomhach i seachadtaí GNL chuig an Aontas. Ba cheart oibleagáid a bheith ar gach rannpháirtí den sórt sin a gcuid sonraí margaidh GNL uile a thuairisciú do ACER chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de, tar éis idirbheart a chur i gcrích nó tar éis tairiscint cheannaigh nó tairiscint díola a phostú chun idirbheart a dhéanamh. Ba cheart go gcuimseofaí i measúnú ACER ar phraghsanna an tacar sonraí is iomláine lena n-áirítear praghsanna idirbheart agus, ón 31 Márta 2023 ar aghaidh, praghsanna tairisceana ceannaigh agus praghsanna tairisceana díola maidir le seachadtaí GNL chuig an Aontas. Le foilsiú laethúil an mheasúnaithe oibiachtúil sin ar phraghsanna, agus an raon difríochta arna bhunú i gcomparáid le praghsanna tagartha eile ar an margadh i bhfoirm thagarmharc GNL, réitítear an bealach do rannpháirtithe sa mhargadh an measúnú a ghlacadh go deonach mar an praghas tagartha ina gconarthaí agus ina n-idirbhearta. Nuair a bhunófar é, d’fhéadfadh measúnú GNL ar phraghsanna agus tagarmharc GNL a bheith ina ráta tagartha le haghaidh conarthaí díorthach a úsáidtear chun praghas GNL nó an difríocht sa phraghas idir praghas GNL agus praghsanna gáis eile a fhálú. I bhfianaise an ghá phráinnigh atá leis an measúnú GNL ar phraghsanna a thabhairt isteach, ba cheart an chéad fhoilsiú den mheasúnú sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023.

(56)

Ní leor na cumhachtuithe reatha a dhílsítear do ACER le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún (11) (dá ngairtear “REMIT”) chun tacar sonraí iomlán agus cuimsitheach a chruthú de sheachadtaí GNL uile isteach san Aontas. Mar sin féin, is gá tacar sonraí cuimsitheach agus iomlán den sórt sin le haghaidh measúnú laethúil ar phraghsanna chun go ndéanfaidh an tAontas bainistíocht, de mheon dlúthpháirtíochta, ar a bheartais soláthair le haghaidh allmhairí idirnáisiúnta GNL, go háirithe le linn na géarchéime atá ar siúl. Tá gá le sonraí agus faisnéis ábhartha maidir le conarthaí GNL freisin chun faireachán ar fhorbairtí praghsanna a áirithiú agus chun rialú cáilíochta sonraí agus dearbhú cáilíochta a dhéanamh. Leis an ionstraim ad hoc sin, ba cheart go mbeadh ACER in ann na sonraí margaidh uile is gá a bhailiú chun measúnú cuimsitheach agus ionadaíoch ar phraghas sheachadtaí GNL chuig an Aontas a bhunú.

(57)

Cé gur cheart bunú measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL ar bhonn buan a chur san áireamh in athbhreithniú níos cuimsithí ar REMIT, mar gheall ar an ngéarchéim atá ar siúl faoi láthair, tá gá anois le gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar an staid láithreach ina bhfuil deacrachtaí móra maidir le soláthar agus praghsáil chruinn sheachadtaí GNL chuig an Aontas ar bhonn sealadach go dtí go bhféadfar an t-athbhreithniú sin ar REMIT a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

(58)

Chun trédhearcacht praghsanna agus slándáil pleanála i margadh allmhairiúcháin GNL a mhéadú láithreach, ba cheart a shonrú gur cheart go gcuimseodh an tacar sonraí ábhartha faisnéis maidir le praghsanna agus cainníochtaí idirbhearta GNL, praghsanna agus cainníochtaí na dtairiscintí ceannaigh agus na dtairiscintí díola a bhaineann le seachadtaí GNL isteach san Aontas, chomh maith leis an bhfoirmle praghsanna sa chonradh fadtéarmach óna ndíorthaítear an praghas, más ábhartha.

(59)

Ba cheart rannpháirtithe sa mhargadh GNL atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe a shainmhíniú mar rannpháirtithe a dhéanann lastaí GNL atá le seachadadh isteach san Aontas a cheannach nó a dhíol. Ba cheart na rannpháirtithe sin i margadh GNL a bheith faoi réir na n-oibleagáidí agus na dtoirmeasc is infheidhme maidir le rannpháirtithe sa mhargadh i gcomhréir le REMIT.

(60)

Ba cheart sainordú leathan a bheith ag ACER, i gcomhar leis an gCoimisiún, chun cáilíocht agus substaint na sonraí margaidh a bhailíonn sé a shonrú chun measúnú laethúil ar phraghsanna a bhunú i gcás seachadtaí GNL isteach san Aontas. Ba cheart go mbeadh lánrogha leathan aige freisin chun an prótacal tarchurtha is fearr leis a roghnú. Chun an cháilíocht is airde is féidir a bhaint amach sna sonraí margaidh atá le tuairisciú, ba cheart ACER a chumhachtú chun paraiméadair uile na sonraí margaidh ba cheart a thuairisciú dó a shonrú. Ba cheart a áireamh ar na paraiméadair sin, i measc nithe eile, na haonaid tagartha ina ndéantar sonraí faoi phraghsanna a thuairisciú, na haonaid tagartha ina dtuairiscítear sonraí cainníochta, aibíochtaí tosaigh maidir le sonraí tairiscintí ceannaigh nó tairiscintí díola idirbhirt nó réamh-idirbhirt, chomh maith leis na prótacail tarchurtha atá le húsáid chun na sonraí is gá a chur in iúl do ACER.

(61)

Ba cheart do ACER an mhodheolaíocht a úsáideann sé chun measúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL a sholáthar a leagan amach freisin, chomh maith leis an bpróiseas chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an modheolaíocht sin.

(62)

Leis an measúnú ar phraghsanna a fhoilsítear faoin Rialachán seo, ba cheart níos mó trédhearcachta a thabhairt do na Ballstáit agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh maidir le praghas allmhairí GNL chuig an Eoraip atá i réim. Dá réir sin, le breis trédhearcachta ó thaobh praghsanna, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas do na Ballstáit agus na heintitis phríobháideacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas gníomhú ar bhealach níos eolaí agus níos comhordaithe agus GNL á cheannach acu ar mhargaí domhanda agus, go háirithe, úsáid á baint acu as an soláthraí seirbhíse. Le tuilleadh comhordaithe maidir le GNL a cheannach, ba cheart go gcuirfí ar a gcumas do na Ballstáit cosc a chur le ceantáil a dhéanamh ar a chéile nó praghsanna tairisceana ceannaigh nach bhfuil i gcomhréir leis an bpraghas margaidh atá i réim. Dá bhrí sin, tá measúnuithe praghsanna agus raonta difríochta tagarmharcanna a fhoilsítear faoin Rialachán seo ríthábhachtach chun tuilleadh dlúthpháirtíochta a chruthú idir na Ballstáit maidir le soláthairtí teoranta GNL a fháil.

(63)

An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh faisnéis faoi idirbhearta GNL a sholáthar do ACER, tá sí riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le ACER a chumasú chun tagarmharc GNL a bhunú, go háirithe ós rud é go bhfuil sí ailínithe le hoibleagáidí reatha oibreoirí margaidh faoin REMIT agus go gcoinneoidh ACER faisnéis íogair ghnó faoi rún.

(64)

I dteannta an scoradáin chiorcaid agus an tagarmhairc GNL, tá idirghabhálacha eile ar fáil lena n-áirítear conair praghsanna dhinimiciúil shealadach, mar a iarradh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, agus na coimircí seo a leanas á gcur san áireamh: ba cheart feidhm a bheith aici maidir le hidirbhearta gáis nádúrtha i bPointe Trádála Fíorúil na Saoráide Aistrithe Teidil (TTF), arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.; féadfar moil trádála gáis eile de chuid an Aontais a nascadh le spotphraghas ceartaithe TTF trí chonair praghsanna dhinimiciúil shealadach; agus ba cheart go mbeadh sí gan dochar do thrádálacha gáis thar an gcuntar, níor cheart go gcuirfeadh sí slándáil soláthair gáis an Aontais i mbaol, ba cheart go mbeadh sí ag braith ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an sprioc maidir le coigilteas gáis a chur chun feidhme, níor cheart méadú foriomlán ar thomhaltas gáis a bheith mar thoradh uirthi, ba cheart í a cheapadh ar bhealach nach gcuirfidh sí cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas, níor cheart go ndéanfadh sí difear do chobhsaíocht ná d’fheidhmiú ordúil na margaí díorthach fuinnimh, agus ba cheart go gcuirfí san áireamh léi praghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais.

(65)

Le Rialachán (AE) 2017/1938 déantar foráil cheana féin go bhféadfaidh na Ballstáit, le linn éigeandála, tosaíocht a thabhairt don soláthar gáis do ghléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla áirithe, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú agus míchothromaíochtaí eangaí a sheachaint. D’fhéadfadh na gléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla agus na toirteanna gáis gaolmhara tionchar tábhachtach a imirt ar na toirteanna gáis atá ar fáil le haghaidh dlúthpháirtíochta i gcás éigeandála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 13(1), (3) agus (8) de Rialachán (AE) 2017/1938, a bheith in ann, ar bhonn sealadach, bearta dlúthpháirtíochta éigeandála a iarraidh freisin nuair nach bhfuil siad in ann na toirteanna criticiúla gáis sin is gá a fháil chun a áirithiú go leanfar de tháirgeadh leictreachais i ngléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a bheith i dteideal a áirithiú freisin nach gcuirfear soláthairtí chuig a gcustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó seirbhísí bunriachtanacha eile, amhail téamh ceantair, agus oibriú a ngléasraí cumhachta gásadhainte criticiúla i mbaol agus dlúthpháirtíocht á soláthar acu do Bhallstát eile.

(66)

Ba cheart go mbunófaí uasteorainn na dtoirteanna criticiúla gáis is gá i ngach Ballstát chun slándáil an tsoláthair leictreachais a chaomhnú ionas go seachnófar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht nach bhfuil gá leo nó iarrataí ar dhlúthpháirtíocht atá mí-úsáideach nó srianta míchuí ar an dlúthpháirtíocht a chuirtear ar fáil do Bhallstát atá i ngátar. Leis an modheolaíocht a úsáidtear in Ionchas Geimhridh an Líonra Eorpaigh d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) cuirtear bonn ar fáil lena sainaithnítear toirt chriticiúil gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais agus chun teorainneacha den sórt sin a shocrú. Léiríonn na toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais arna ríomh ag ENTSO-E na toirteanna gáis a bhfuil géarghá leo chun leordhóthanacht leictreachais uile-Eorpach a áirithiú agus úsáid á baint as na hacmhainní margaidh uile, agus é á mheas i gcónaí gurb é an gás a bhíonn ag bun an oird fiúntais. Tá modheolaíocht ENTSO-E bunaithe ar shampla mór de na cásanna is measa a mhéid a bhaineann leis an aeráid agus le héaradh éigeantach seirbhíse. Bíodh is nach gcuireann modheolaíocht ENTSO-E an chumhacht agus an teas ar fad in éineacht san áireamh, ní chuireann an méid sin cosc ar na Ballstáit a mheas go bhfuil suiteálacha téimh ceantair na gcustaiméirí atá faoi chosaint faoi chosaint de bhun shainmhíniú Rialachán (AE) 2017/1938. I gcás na mBallstát sin ina mbraitheann an ghiniúint leictreachais go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil acmhainní suntasacha stórála acu, ba cheart toirteanna criticiúla gáis gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais a oiriúnú dá réir. Is féidir le toirt an gháis chriticiúil a bheith níos ísle ná an leibhéal stairiúil gáis a thomhlaítear chun leictreachas a ghiniúint ós rud é gur féidir leordhóthanacht leictreachais a sholáthar ar bhealaí eile, lena n-áirítear trí sholáthairtí a sholáthar idir na Ballstáit.

(67)

Ní eisiatar leis sin, áfach, go bhféadfadh na toirteanna gáis íosta iarbhír a theastaíonn ó Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht nó ó Bhallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar aige a bheith níos airde ná na luachanna atá múnlaithe ag ENTSO-E chun géarchéim leictreachais a sheachaint. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht nó an Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a bheith in ann na huasluachanna a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú más féidir leis údar a thabhairt gur gá sin chun géarchéim leictreachais a sheachaint, mar shampla i gcásanna inar gá dul i muinín cúltacaí athbhunaithe minicíochta, nó i gcásanna eisceachtúla nár cuireadh san áireamh in Ionchas Geimhridh ENTSO-E. Áirítear le toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais, de réir an tsainmhínithe, an gás ar fad is gá chun soláthar cobhsaí leictreachais a áirithiú, agus dá bhrí sin áirítear leis an leictreachas atá de dhíth chun gás a tháirgeadh agus a iompar chomh maith le hearnálacha ríthábhachtacha de bhonneagar criticiúil agus de shuiteálacha criticiúla atá ríthábhachtach d’fheidhmiú seirbhísí míleata, seirbhísí na slándála náisiúnta agus seirbhísí na cabhrach daonnúil.

(68)

Tá na srianta a fhorchuirtear ar oibreoirí margaidh le leathnú na cosanta dlúthpháirtíochta chuig toirteanna criticiúla gáis riachtanach chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú i gcás ina dtagann laghdú ar an soláthar gáis agus ina dtagann méadú ar an éileamh le linn shéasúr an gheimhridh. Leis an srianta sin, cuirtear srianta leis na bearta atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1938 agus Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (12) faoi seach, arb é is aidhm dóibh na bearta sin a dhéanamh níos éifeachtaí faoi na himthosca reatha.

(69)

Tá an Rialachán seo gan dochar do shaoirse na mBallstát an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha a chur san áireamh agus tús áite á thabhairt don éileamh ar cheart é a laghdú nó a chiorrú ionas go mbeidh siad in ann dlúthpháirtíocht a chur ar fáil do Bhallstát eile.

(70)

Tá custaiméirí áirithe, lena n-áirítear teaghlaigh agus custaiméirí a sholáthraíonn seirbhísí sóisialta bunriachtanacha, thar a bheith íogair i leith na n-éifeachtaí diúltacha a bhaineann le suaitheadh an tsoláthair gáis. Ar an gcúis sin, le Rialachán (AE) 2017/1938, tugadh isteach sásra dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit chun na héifeachtaí a ghabhfadh le móréigeandáil laistigh den Aontas a mhaolú agus chun a áirithiú gur féidir le gás sreabhadh chuig custaiméirí atá faoi chosaint na dlúthpháirtíochta. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí úsáid an gháis ag custaiméirí atá faoi chosaint a mheas mar úsáid neamhriachtanach. Trí laghdú a dhéanamh ar an gcineál sin úsáide a théann thar a bhfuil riachtanach, ní dhéanfaí dochar do na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe ós rud é go bhféadfadh an gás a ídítear atá in easnamh chun críocha neamhriachtanacha a bheith ina chúis le díobháil thromchúiseach in earnálacha príobháideacha nó tráchtála eile. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit coigilteas gáis a bhaint amach freisin trí thomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú faoi imthosca sonracha, i gcás inarb indéanta laghdú den sórt sin a dhéanamh go fisiciúil gan difear a dhéanamh d’úsáidí bunriachtanacha. Mar sin féin, ba cheart do na bearta laghdaithe a dhéanfaidh na Ballstáit a bheith teoranta go docht do thomhaltas neamhriachtanach agus níor cheart dó úsáid bhunúsach na gcustaiméirí atá faoi chosaint a laghdú ar bhealach ar bith ná teorainn a chur lena gcumas a dtithe a théamh go leordhóthanach.

(71)

Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit agus ag a n-údaráis inniúla na bearta laghdaithe is infheidhme a chinneadh mar aon leis na gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do thomhaltas neamhriachtanach, amhail téamh amuigh faoin aer, téamh linnte snámha cónaithe agus saoráidí cónaithe comhlántacha eile. Tríd an deis a bheith acu teorainn a chur le tomhaltas neamhriachtanach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na coimircí a neartú agus a áirithiú go soláthraítear gás d’earnálacha, do sheirbhísí agus do thionscail bhunriachtanacha eile, rud a chuirfeadh ar a gcumas dóibh leanúint dá n-oibriú le linn géarchéime.

(72)

Ba cheart aon bheart chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú a bheith riachtanach agus comhréireach, agus feidhm aige go háirithe i gcásanna géarchéime fógartha de bhun Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1938 nó i gcás foláireamh Aontais de bhun Rialachán (AE) 2022/1369. D’ainneoin chur i bhfeidhm na mbeart neamhriachtanach maidir le laghdú tomhaltais, ba cheart do chustaiméirí atá faoi chosaint leanúint de thairbhiú de chosaint ar dhícheangal. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach gcuirfidh na bearta sin teorainn leis an gcosaint is gá do chustaiméirí leochaileacha ar cheart a mheas go bhfuil a dtomhaltas reatha bunriachtanach gan dochar do chur isteach ar sholáthairtí ar chúiseanna teicniúla.

(73)

Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le hidirdhealú a dhéanamh idir tomhaltas bunriachtanach agus tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint agus conas idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Níor cheart a cheangal ar Bhallstát, a iarrann bearta dlúthpháirtíochta, a chinneann gan an t-idirdhealú sin a dhéanamh, a léiriú go bhféadfaí an tomhaltas neamhriachtanach a laghdú roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht. Níor cheart a cheangal ar Bhallstát a bhfuil dlúthpháirtíocht á soláthar aige idirdhealú a dhéanamh idir custaiméirí bunriachtanacha agus custaiméirí neamhriachtanach chun an toirt gáis a chuirfear ar fáil do bhearta dlúthpháirtíochta a chinneadh.

(74)

I gcás éigeandála, ba cheart do na Ballstáit, agus don Aontas, a áirithiú go sreabhfaidh gás laistigh den mhargadh inmheánach. Ciallaíonn sé sin nár cheart go n-eascródh saincheisteanna maidir le slándáil an tsoláthair i mBallstát eile as bearta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus gur cheart rochtain ar bhonneagar trasteorann a bheith sábháilte agus indéanta go teicniúil tráth ar bith. Leis an gcreat reachtach atá ann faoi láthair, ní dhéantar foráil maidir le próiseas lenar féidir coinbhleachtaí idir dhá Bhallstát i dtaca le bearta a ndéanann difear diúltach do shreabha trasteorann a réiteach go héifeachtach. Ós rud é go bhfuil eangacha gáis agus leictreachais an Aontais idirnasctha, ní hamháin go bhféadfadh fadhbanna tromchúiseacha maidir le slándáil an tsoláthair a bheith mar thoradh air sin, ach d’fhéadfadh sé freisin aontacht an Aontais maidir le tríú tíortha a lagú. De mhaolú ar Airteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na bearta náisiúnta a rinneadh agus eadráin a dhéanamh, i gcás inar gá, laistigh de thréimhse ama réasúnach. Chuige sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann a iarraidh go ndéanfaí bearta náisiúnta den sórt sin a mhodhnú i gcás ina n-aimseoidh sé bagairtí ar shlándáil an tsoláthair gáis i mBallstáit eile nó san Aontas. I bhfianaise chineál eisceachtúil na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, ba cheart an cinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh gan mhoill a d’fhéadfadh bac a chur ar sholáthar gáis an Aontais. Dá bhrí sin, ar feadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart nósanna imeachta réitigh a chur ar fionraí ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

(75)

Is prionsabal ginearálta faoi dhlí an Aontais (13) é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh agus tá feidhm aige maidir le gach Ballstát, agus ní hamháin maidir le Ballstáit chomharsanachta. Thairis sin, is den tábhacht é go mbainfí úsáid éifeachtúil as an mbonneagar atá ann cheana, lena n-áirítear acmhainní tarchurtha trasteorann agus saoráidí GNL, chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú de mheon dlúthpháirtíochta. Tráth a bhíonn suaitheadh sa soláthar gáis ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, , agus athrú suntasach ó ghás píblíne go GNL, ba cheart do na Ballstáit atá i staid móréigeandála ní hamháin a bheith in ann tairbhiú d’fhéidearthachtaí soláthair ó phíblínte comharsanacha, ach ba cheart dóibh a bheith in ann tairbhiú freisin de sholáthairtí ó thíortha a bhfuil saoráid GNL á diúscairt acu. Ba cheart do roinnt Ballstát a bheith in ann dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile, fiú mura bhfuil siad nasctha go díreach trí phíblíne gháis nó trí thríú tír nó trí Bhallstáit eile, ar choinníoll go bhfuil gach beart margadhbhunaithe dá phlean éigeandála ídithe ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear ceannacháin GNL sa mhargadh domhanda. Is iomchuí, dá bhrí sin, an oibleagáid maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar do na Ballstáit nach bhfuil nasctha le saoráidí GNL a leathnú, agus na difríochtaí idir margaí agus bonneagar gáis píblíne agus margaí agus bonneagar GNL á gcur san áireamh, lena n-áirítear soithí agus iompróirí GNL, maidir le hoibleagáidí a chur ar oibreoirí, chomh maith leis an easpa cumhachtaí forfheidhmithe á cur san áireamh i ndáil le sócmhainní GNL cosúil le hiompróirí GNL agus lena n-áirítear deiseanna chun babhtáil idir gás nádúrtha agus GNL mura bhfuil aon saoráid leachtaithe gáis ar chríoch Ballstáit a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.

(76)

Maidir le Ballstát a bhfuil saoráidí GNL aige, agus dlúthpháirtíocht á soláthar aige, níor cheart an fhreagracht a leagan air as scrogaill nó fadhbanna eile a d’fhéadfadh éirí lasmuigh dá chríoch féin nó atá mar thoradh ar easpa cumhachtaí forfheidhmithe ar shoithí agus iompróirí GNL ar le hoibreoir tríú tír, i gcás ina n-imríonn scrogaill nó fadhbanna eile den sórt sin tionchar ar an sreabhadh iarbhír gáis agus a chuireann cosc, sa deireadh, ar an toirt gáis a bhfuil gá leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht a bhaint amach. I gcás nach bhfuil cumhachtaí forfheidhmiúcháin ag an mBallstát a bhfuil an dlúthpháirtíocht á soláthar acu, níor cheart dó a bheith freagrach as a liacht athrú a dhéantar ó lasta GNL go gás nádúrtha.

(77)

Agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á chur chun feidhme, tugadh isteach le Rialachán (AE) 2017/1938 sásra dlúthpháirtíochta a raibh sé d’aidhm aige comhar agus muinín idir na Ballstáit a fheabhsú i gcás géarchéim thromchúiseach. Chun cur chun feidhme an tsásra dlúthpháirtíochta a éascú, ní mór do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le roinnt saincheisteanna teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais ina gcuid socruithe déthaobhacha, de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2017/1938.

(78)

D’ainneoin go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann socruithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha a thabhairt i gcrích faoin 1 Nollaig 2018, níl ach líon beag de na socruithe sin tugtha chun críche, rud a chuireann i mbaol cur chun feidhme na hoibleagáide dlíthiúla tacaíocht dlúthpháirtíochta a sholáthar i gcás éigeandála. Áiríodh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus nádúrtha agus hidrigin an chéad samhail i dtaca le comhaontú dlúthpháirtíochta teimpléid. Mar sin féin, ós rud é gur forbraíodh an teimpléad sin roimh ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, i bhfianaise an ghanntanais gáis agus na bpraghsanna atá ag dul i méid agus i bhfianaise an ghá phráinnigh atá le rialacha réamhshocraithe sealadacha a bheith i bhfeidhm cheana féin don gheimhreadh atá le teacht, is iomchuí creat sealadach rialacha réamhshocraithe a chruthú chun na bearta dlúthpháirtíochta is gá a sholáthar de mhaolú ar Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1938, ar bearta éifeachtacha iad is féidir a chur chun feidhme go tapa, nach bhfuil ag brath ar chaibidlíocht dhéthaobhach fhada agus a chuirtear in oiriúint don staid reatha ina bhfuil praghsanna fíor-ard agus ina bhfuil praghsanna gáis an-luaineach. Go háirithe, ba cheart rialacha níos soiléire réamhshocraithe a thabhairt isteach chun costais an gháis a chuirtear ar fáil a chúiteamh agus, de mheon na dlúthpháirtíochta idir Bhallstáit, chun teorainn a chur le costais bhreise a fhéadfaidh an Ballstát a iarrann dlúthpháirtíocht atá ag soláthar na gcostas a ghearradh. Ba cheart do na rialacha maidir le bearta dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 a bheith infheidhme i gcónaí mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite.

(79)

Ba cheart, i bprionsabal, an dlúthpháirtíocht a sholáthar bunaithe ar chúiteamh cóir arna íoc go díreach ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht nó ag a eintitis tharmligthe. Ba cheart praghas an gháis, aon chostas stórála iarbhír nó féideartha, an t-iompar trasteorann agus costais ghaolmhara a chumhdach leis an gcúiteamh. Ba cheart an cúiteamh a bheith cothrom, i gcás na mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus i gcás na mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht araon.

(80)

Mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, tá leibhéil praghsanna agus buaiceanna rialta praghsanna ann a théann i bhfad thar ghéarchéim soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann tráth a glacadh de Rialachán (AE) 2017/1938. Ba cheart, dá bhrí sin, an luaineacht ionlae praghsanna atá ina saintréith de mhargadh an gháis faoi láthair mar thoradh ar an ngéarchéim gáis atá ann a chur san áireamh agus méid an chúitimh á chinneadh do na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht. Ar bhonn na dlúthpháirtíochta, agus chun praghsáil in imthosca diana margaidh a sheachaint, bheadh fadhbanna ag baint le praghas athraitheach ionlae an mhargaidh a ghlacadh mar bhonn le praghas réamhshocraithe an bhirt dlúthpháirtíochta. Ba cheart don phraghas gáis meánphraghas an mhargaidh lá roimh ré a léiriú an lá roimh an iarraidh dlúthpháirtíochta sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht. Agus an méid sin á chur san áireamh, tá an cúiteamh fós bunaithe ar “phraghas margaidh”, mar a shonraítear i Moladh (AE) 2018/177 ón gCoimisiún (14). Tá meánphraghas an mhargaidh lá roimh ré níos neamhspleáiche ó luaineacht agus ó spotphraghsanna an-ard le linn géarchéimeanna, agus dá réir sin, cuirtear teorainn le haon dreasacht shaobh.

(81)

Mar a cuireadh i dtábhacht i Moladh (AE) 2018/177, ní fhéadfar costas na ndamáistí don tionscal ciorraithe a chumhdach le cúiteamh ach amháin mura léirítear é i bpraghas an gháis nach mór don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht a íoc agus níor cheart go mbeadh ar an mBallstát a d’iarr an dlúthpháirtíocht cúiteamh a íoc as na costais chéanna faoi dhó. Agus na himthosca eisceachtúla á gcur san áireamh ina bhfuil praghsanna gáis tar éis leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a bhaint amach, níor cheart oibleagáid uathoibríoch a chur ar Bhallstát a fhaigheann dlúthpháirtíocht costais eile a chumhdach ina n-iomláine, amhail damáistí nó costais a bhaineann le himeachtaí breithiúnacha, a tharlaíonn sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht, mura rud é go dtiocfar ar réiteach eile i gcomhaontú dlúthpháirtíochta. Is léir ón taithí a fuarthas gur príomhchonstaic maidir le comhaontuithe dlúthpháirtíochta a thabhairt i gcrích í an oibleagáid atá ar an mBallstát is faighteoir an riosca airgeadais iomlán a sheasamh maidir le gach costas cúitimh dhírigh nó indírigh a fhéadfar a thabhú mar thoradh ar bhearta dlúthpháirtíochta a sholáthar. Ba cheart, dá bhrí sin, an dliteanas neamhtheoranta a mhaolú sna rialacha réamhshocraithe le haghaidh comhaontuithe dlúthpháirtíochta, ionas gur féidir na comhaontuithe atá fós gan réiteach a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir, ós rud é gur bunchloch de Rialachán (AE) 2017/1938 iad na comhaontuithe sin, lena léirítear prionsabal an Aontais maidir le dlúthpháirtíocht fuinnimh. A mhéid nach sáraíonn an cúiteamh ar chostais indíreacha 100 % den phraghas ar ghás, go bhfuil údar leis agus nach bhfuil sé cumhdaithe ag praghas an gháis, ba cheart don Bhallstát glactha na costais sin a chumhdach.

Mar sin féin, i gcás ina dtéann an costas a iarradh thar 100 % den phraghas ar ghás, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, cúiteamh ar chostas cóir a bhunú agus dá bhrí sin go mbeadh an deis aige a fhíorú an iomchuí an cúiteamh costais a theorannú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cúiteamh atá éagsúil leis an gcúiteamh a leagtar amach in Rialachán (AE) 2017/1938 a cheadú i gcásanna aonair, agus imthosca sonracha an cháis agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á gcur san áireamh, lena n-áirítear bearta chun gás a choigilt agus an t-éileamh ar ghás a laghdú. Sa mheasúnú, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar chostais iomarcacha indíreacha a sheachaint mar thoradh ar chiorrú nó ar dhícheangal custaiméirí gáis.

(82)

Tá rialacha an rialacháin seo maidir le cúiteamh a íoc as bearta dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit gan dochar do phrionsabail an chúitimh i leith damáistí faoin dlí bunreachtúil náisiúnta.

(83)

Mar sin féin, is é tabhairt i gcrích socruithe dlúthpháirtíochta le Ballstáit chomharsanachta, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán(AE) 2017/1938, an ionstraim is iomchuí chun an oibleagáid maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit imeacht ó na rialacha maidir le cúiteamh mainneachtana a leagtar amach sa Rialachán seo má thagann siad ar chomhaontú maidir le rialacha eile i gcomhaontú dlúthpháirtíochta. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith fós ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú go déthaobhach maidir le cúiteamh breise, lena gcumhdaítear costais eile ina n-iomláine, amhail na costais a thabhaítear ó oibleagáid cúiteamh a íoc sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear damáistí do thionscal ciorraithe. I gcomhaontuithe dlúthpháirtíochta déthaobhacha, is féidir costais den sórt sin a áireamh sa chúiteamh má dhéantar foráil sa chreat dlíthiúil náisiúnta maidir leis an oibleagáid damáistí a íoc le tionscal ciorraithe, lena n-áirítear cúiteamh as damáiste eacnamaíoch, sa bhreis ar phraghas an gháis.

(84)

Mar bheart na rogha deiridh, níor cheart do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht an sásra dlúthpháirtíochta réamhshocraithe a spreagadh ach amháin i gcás nach n-éiríonn leis an margadh na toirteanna gáis riachtanacha a thairiscint, lena n-áirítear GNL agus iad siúd a thairgeann custaiméirí nach bhfuil faoi chosaint go deonach, chun freastal ar an éileamh ó chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht. De bhun Rialachán (AE) 2017/1938 ceanglaítear ar na Ballstáit gach beart a bheith ídithe ina bpleananna éigeandála lena n-áirítear ciorrú éigeantach síos go dtí leibhéal na gcustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht.

(85)

Ba cheart an dlúthchomhar idir na Ballstáit, an Coimisiún agus na bainisteoirí géarchéime inniúla, arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/1938, a bheith i gceist mar gheall ar chineál práinneach agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le gníomhachtú féideartha an tsásra dlúthpháirtíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, an iarraidh a chur in iúl do na páirtithe uile in am trátha agus ba cheart tacar íosta eilimintí a bheith inti lenar féidir leis na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht freagra a thabhairt gan mhoill. Ba cheart a áireamh sa fhreagairt ó na Ballstáit a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht faisnéis maidir leis an toirt gáis a d’fhéadfaí a sheachadadh chuig an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, lena n-áirítear freisin na toirteanna sin a d’fhéadfaí a shaoradh nuair a chuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le socruithe teicniúla agus comhordúcháin breise chun freagairt thráthúil ar iarraidh dlúthpháirtíochta a éascú. Agus dlúthpháirtíocht á soláthar acu, ba cheart do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla sábháilteacht agus iontaofacht oibríochtúil an ghréasáin a áirithiú.

(86)

Ba cheart don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht a bheith in ann dlúthpháirtíocht a fháil ó roinnt Ballstát. Níor cheart an sásra dlúthpháirtíochta réamhshocraithe a spreagadh ach amháin i gcás nach bhfuil aon socrú déthaobhach tugtha i gcrích ag an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht. I gcás comhaontú déthaobhach idir an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht, ba cheart don socrú sin a bheith i réim agus ba cheart feidhm a bheith aige eatarthu.

(87)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tsásra dlúthpháirtíochta réamhshocraithe agus, má mheastar gur gá, ba cheart dó a bheith in ann meaitseáil iarrataí ar éileamh dlúthpháirtíochta a éascú. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le hardán idirghníomhach, ar cheart dó a bheith ina theimpléad agus tíolacadh leanúnach fíor-ama iarrataí ar dhlúthpháirtíocht agus a gcúpláil leis na toirteanna faoi seach atá ar fáil a cheadú.

(88)

Féadfaidh na Ballstáit agus Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh socruithe deonacha a thabhairt i gcrích freisin chun bearta dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm.

(89)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(90)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sealadacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhís saoráide a chur ar bun go brostaithe lena gceadaítear comhiomlánú éilimh agus ceannach gáis comhpháirteach ag gnóthais atá bunaithe san Aontas;

(b)

ardáin áirithinte acmhainne thánaisteacha agus ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus le haghaidh saoráidí stórála gáis; agus

(c)

bainistiú ar phlódú i líonraí tarchurtha gáis.

2.   Tugtar isteach leis an Rialachán seo sásraí sealadacha chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint i gcoinne praghsanna as cuimse ard, trí bhíthin sásra bainistíochta luaineachta ionlae sealadach le haghaidh gluaiseachtaí iomarcacha praghsanna agus tagarmharc ad hoc GNL, atá le forbairt ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).

3.   Bunaítear leis an Rialachán seo bearta sealadacha, i gcás éigeandáil gháis, chun gás a dháileadh go cothrom thar theorainneacha, chun soláthairtí gáis a chosaint i gcomhair na gcustaiméirí is criticiúla agus chun a áirithiú go soláthrófar bearta dlúthpháirtíochta trasteorann.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gnóthas gáis nádúrtha” duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna seo a leanas: gás nádúrtha, lena n-áirítear gás nádúrtha leachtaithe (GNL), a tháirgeadh, a tharchur, a dháileadh, a sholáthar, a cheannach nó a stóráil, ar duine é atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla nó cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, ach gan custaiméirí deiridh san áireamh;

(2)

ciallaíonn “saoráid GNL” críochfort a úsáidtear chun gás nádúrtha a leachtú nó chun GNL a allmhairiú, a dhíluchtú agus a athghású, agus áirítear léi seirbhísí coimhdeacha agus stóráil shealadach is gá don phróiseas athghásaithe agus don seachadadh ina dhiaidh sin chuig an gcóras tarchurtha, ach ní áirítear léi aon chuid de na críochfoirt GNL a úsáidtear le haghaidh stórála;

(3)

ciallaíonn “saoráid stórála gáis” saoráid a úsáidtear chun gás nádúrtha a stocáil agus atá faoi úinéireacht nó á hoibriú ag gnóthas gáis nádúrtha, lena n-áirítear an chuid de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála ach nach n-áirítear léi an chuid a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe, agus nach n-áirítear léi saoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach le haghaidh oibreoirí córais tarchurtha agus iad i mbun a bhfeidhmeanna;

(4)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá ar conradh ag an gCoimisiún trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun an ceannach comhpháirteach a eagrú agus na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo a chomhlíonadh;

(5)

ciallaíonn “uirlis TF” uirlis TF trína ndéanann an soláthraí seirbhíse éileamh na ngnóthas gáis nádúrtha agus gnóthas a ídíonn gás a chomhiomlánú agus tairiscintí a lorg ó sholáthróirí nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha chun freastal ar an éileamh comhiomlánaithe sin;

(6)

ciallaíonn “trádáil GNL” tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó idirbhearta chun GNL a cheannach nó a dhíol:

(a)

lena sonraítear seachadadh san Aontas;

(b)

a bhfuil seachadadh san Aontas mar thoradh air; nó

(c)

ina ndéanann contrapháirtí amháin an GNL a athghású ag críochfort san Aontas;

(7)

ciallaíonn “sonraí margaidh GNL” taifid ar thairiscintí ceannaigh, ar thairiscintí díola nó ar idirbhearta maidir le trádáil GNL le faisnéis chomhfhreagrach mar a shonraítear in Airteagal 21(1);

(8)

ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh GNL” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar áit chorpraithe nó áit sainchónaithe an duine sin, a ghabhann do thrádáil GNL;

(9)

ciallaíonn “measúnú ar phraghasanna GNL” praghas tagartha laethúil le haghaidh trádáil GNL a chinneadh i gcomhréir le modheolaíocht a bhunóidh ACER;

(10)

ciallaíonn “tagarmharc GNL” raon difríochta a chinneadh idir an measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh thodhchaíochtaí gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil;

(11)

ciallaíonn “ionad trádála” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

“margadh rialáilte” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE;

(b)

“saoráid trádáil iltaobhach” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Threoir 2014/65/AE;

(c)

“saoráid trádála eagraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (23), de Threoir 2014/65/AE;

(12)

ciallaíonn “díorthach tráchtearraí atá bainteach le fuinneamh” díorthach tráchtearraí ar feadh suas le 12 mhí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach sáraíonn a aibíocht 12 mhí;

(13)

ciallaíonn “údarás inniúil”, mura sonraítear a mhalairt, údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE;

(14)

ciallaíonn “toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais” an t-uastomhaltas gáis is gá in earnáil na cumhachta chun leordhóthanacht a áirithiú sa chás is measa a ionsamhlaítear sa mheasúnú ar leordhóthanacht an gheimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(15)

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint” custaiméir atá faoi chosaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/1938;

(16)

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht” custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/1938.

CAIBIDIL II

COMHORDÚ NÍOS FEARR AR CHEANNACHÁIN GHÁIS

ROINN 1

Ceannacháin gháis san Aontas a chomhordú

Airteagal 3

Trédhearcacht agus malartú faisnéise

1.   Chun críche comhordú níos fearr agus chun na críche sin amháin, gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas nó údaráis de chuid na mBallstát, a bhfuil sé beartaithe acu tairiscint chun gás a cheannach a sheoladh nó tús a chur leis an gcaibidlíocht le táirgeoirí gáis nádúrtha nó soláthróirí gáis nádúrtha ó thríú tíortha maidir le gás a cheannach de thoirt os cionn 5 TWh in aghaidh na bliana, cuirfidh siad an Coimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, an Ballstát ina bhfuil na gnóthais sin bunaithe ar an eolas faoi thabhairt i gcrích conartha soláthair gáis nó meabhráin tuisceana nó faoi sheoladh tairisceana chun gás a cheannach.

Tabharfar an fógra de bhun na chéad fhomhíre ar a laghad 6 seachtaine sula dtabharfar an conradh atá beartaithe i gcrích nó roimh an seoladh atá beartaithe, nó laistigh de thréimhse níos gairide ar choinníoll go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht níos gaire do dháta sínithe an chonartha, ach tráth nach déanaí ná 2 sheachtain sula dtabharfar an conradh atá beartaithe i gcrích nó roimh an seoladh atá beartaithe. Beidh an fógra sin teoranta don fhaisnéis bhunúsach seo a leanas:

(a)

céannacht an chomhpháirtí conartha nó na gcomhpháirtithe conartha nó cuspóir na tairisceana gás a cheannach;

(b)

na toirteanna iomchuí;

(c)

na dátaí iomchuí; agus

(d)

an soláthraí seirbhíse a eagraíonn ceannaigh den sórt sin nó tairisceana thar ceann Ballstáit, i gcás inarb infheidhme.

2.   Má mheasann an Coimisiún go bhféadfadh tuilleadh comhordúcháin maidir le tairiscint a sheoladh le haghaidh gás a cheannach nó ceannacháin gháis atá pleanáilte ag gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas nó údaráis na mBallstát feidhmiú an cheannaigh chomhpháirtigh a fheabhsú, nó go bhféadfaidh seoladh tairisceana le haghaidh gás a cheannach nó ceannacháin phleanáilte gháis tionchar diúltach a imirt ar an margadh inmheánach, ar shlándáil an tsoláthair nó ar dhlúthpháirtíocht fuinnimh, féadfaidh an Coimisiún moladh a eisiúint chuig na gnóthais gáis nádúrtha nó gnóthais a ídíonn gáis atá bunaithe san Aontas nó údaráis i mBallstáit bearta iomchuí a mheas. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ina bhfuil an gnóthas bunaithe ar an eolas, i gcás inarb infheidhme.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 4 ar an eolas sula n-eiseoidh sé aon cheann de na moltaí a leagtar amach i mír 2.

4.   Agus faisnéis á soláthar don Choimisiún i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na heintitis a sholáthraíonn an fhaisnéis a chur in iúl an bhfuil aon chuid den fhaisnéis, bíodh sí ina faisnéis tráchtála nó faisnéis eile a bhféadfadh a nochtadh dochar a dhéanamh do ghníomhaíochtaí na bpáirtithe lena mbaineann, le meas mar fhaisnéis rúnda agus an féidir an fhaisnéis a sholáthraítear a roinnt le Ballstáit eile.

5.   Ní chuirfidh iarrataí ar rúndacht faoin Airteagal seo srian ar rochtain an Choimisiúin féin ar fhaisnéis rúnda. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain ar fhaisnéis rúnda teoranta go docht do sheirbhísí an Choimisiúin a bhfuil sé fíor-riachtanach an fhaisnéis a bheith ar fáil dóibh. Láimhseálfaidh ionadaithe an Choimisiúin faisnéis den sórt sin le rúndacht chuí.

6.   Gan dochar d’Airteagal 346 CFAE, ní dhéanfar faisnéis atá rúnda a mhalartú leis an gCoimisiún agus le húdaráis ábhartha eile ach amháin i gcás inar gá an malartú sin a dhéanamh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an méid is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe sin agus an méid atá comhréireach leis an gcuspóir sin. Leis an malartú faisnéise sin, caomhnófar rúndacht na faisnéise sin agus cosnófar slándáil agus leasanna tráchtála na n-eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus cuirfear ionstraimí éifeachtacha i bhfeidhm chun na sonraí a chosaint go fisiciúil. Beidh na freastalaithe agus an fhaisnéis uile lonnaithe go fisiciúil agus stóráilte i gcríoch an Aontais.

Airteagal 4

Bord Stiúrtha ad hoc

1.   Bunófar Bord Stiúrtha ad hoc chun comhordú comhiomlánaithe éilimh agus ceannaigh chomhpháirtigh a éascú.

2.   Bunóidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc laistigh de 6 seachtaine tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Féadfaidh ionadaithe Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa Bhord Stiúrtha ad hoc ar chuireadh ón gCoimisiún maidir leis na hábhair leasa fhrithpháirtigh uile. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord Stiúrtha ad hoc.

3.   Glacfaidh an Bord Stiúrtha ad hoc a Rialacha Nós Imeachta féin trí thromlach cáilithe laistigh de 1 mhí amháin óna bhunú.

4.   Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairle leis an mBord Stiúrtha maidir leis an dréachtmholadh arna sholáthar ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 3(2), go háirithe faoi cé acu a chuireann nó nach gcuireann na ceannacháin gháis ábhartha nó na tairisceana le haghaidh gás a cheannach le slándáil an tsoláthair san Aontas agus cé acu atá nó nach bhfuil siad comhoiriúnach le prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh.

5.   Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún an Bord Stiúrtha ad hoc ar an eolas faoi thionchar rannpháirtíocht na ngnóthas sa cheannach comhpháirteach arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse maidir le slándáil an tsoláthair san Aontas agus dlúthpháirtíocht fuinnimh, i gcás inarb infheidhme.

6.   I gcás ina gcuirtear faisnéis rúnda ar aghaidh chucu i gcomhréir le hAirteagal 3(6), is le rúndacht chuí a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha ad hoc faisnéis den sórt sin a láimhseáil. Ní bheidh san fhaisnéis a mhalartófar ach an fhaisnéis is ábhartha maidir le cuspóir an mhalartaithe sin agus an méid atá comhréireach leis an gcuspóir sin.

ROINN 2

Comhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach

Airteagal 5

Conradh seirbhíse sealadach le soláthraí seirbhíse

1.   De mhaolú ar Airteagal 176 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfaidh an Coimisiún seirbhísí riachtanacha eintiteas atá bunaithe san Aontas a chonradh trí nós imeachta soláthair faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ag gníomhú dó mar sholáthraí seirbhíse chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 den Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.   Is é an conradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse roghnaithe a chinnfidh úinéireacht na faisnéise a gheobhaidh an soláthraí seirbhíse, agus déanfar foráil ann maidir le haistriú féideartha na faisnéise sin chuig an gCoimisiún tráth fhoirceannadh nó dhul in éag an chonartha seirbhíse.

3.   Saineoidh an Coimisiún sa chonradh seirbhíse na praiticiúlachtaí a bhaineann le hoibriú an tsoláthraí seirbhíse lena n-áirítear an uirlis TF a úsáid, na bearta slándála, an t-airgeadra nó na hairgeadraí, an córas íocaíochta agus dliteanais.

4.   Leis an gconradh seirbhíse leis an soláthraí seirbhíse, forchoimeádfar don Choimisiún an ceart chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh air. Chun na críche sin, beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis atá i seilbh an tsoláthraí seirbhíse.

5.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an soláthraí seirbhíse an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 7 a chomhlíonadh agus chun a chur ar a chumas don Choimisiún a fhíorú go gcomhlíonann na gnóthais gáis nádúrtha agus na gnóthais a ídíonn gás na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 10.

Airteagal 6

Critéir chun an soláthraí seirbhíse a roghnú

1.   Roghnóidh an Coimisiún an soláthraí seirbhíse ar bhonn na gcritéar incháilitheachta seo a leanas:

(a)

beidh an soláthraí seirbhíse bunaithe i gcríoch Bhallstáit agus beidh a shuíomh oibríochtúil aige i gcríoch Bhallstáit;

(b)

beidh taithí ag an soláthraí seirbhíse ar idirbhearta trasteorann;

(c)

maidir leis an soláthraí seirbhíse:

(i)

ní dhíreofar bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE air, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(ii)

ní bheidh sé faoi úinéireacht ná faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(iii)

ní bheidh sé faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Gan dochar d’oibleagáidí díchill chuí eile, cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm idir an Coimisiún agus an soláthraí seirbhíse chun a áirithiú nach gcuirfidh an soláthraí seirbhíse, agus é i mbun a chuid cúraimí i gcomhréir le hAirteagal 7, aon chiste nó aon acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí nó chun tairbhe na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

(a)

a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(b)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(c)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

3.   Ní bheidh an soláthraí seirbhíse ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach atá gníomhach i dtáirgeadh nó i soláthar gáis nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) , cé is moite d’eintiteas arna dhíchuachadh i gcomhréir le Caibidil IV den Treoir sin.

4.   Bunóidh an Coimisiún a chritéir roghnúcháin agus dhámhachtana ag cur san áireamh, inter alia, na critéir seo a leanas atá le sonrú sa ghlao ar thairiscintí:

(a)

leibhéal taithí ar phróisis tairisceana nó cheantála a chur ar bun agus a reáchtáil le haghaidh gás nádúrtha nó seirbhísí gaolmhara, amhail seirbhísí iompair, le tacaíocht ó uirlisí tiomnaithe TF;

(b)

leibhéal taithí ar phróisis tairisceana nó cheantála a chur in oiriúint do riachtanais éagsúla amhail fócas geografach nó uainiú;

(c)

leibhéal taithí ar uirlisí TF a fhorbairt chun éileamh ó rannpháirtithe éagsúla a chomhiomlánú agus é a mheaitseáil leis an soláthar;

(d)

cáilíocht shlándáil an chórais faisnéise, go háirithe ó thaobh cosaint sonraí agus slándáil idirlín de; agus

(e)

cumas sainaitheanta agus creidiúnaithe na rannpháirtithe, ó thaobh eintiteas dlítheanach agus acmhainn airgeadais de araon.

Airteagal 7

Cúraimí an tsoláthraí seirbhíse

1.   Eagróidh an soláthraí seirbhíse comhiomlánú an éilimh agus an ceannach comhpháirteach agus, go háirithe, déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

(a)

éileamh gnóthas gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a chomhiomlánú le tacaíocht ón uirlis TF;

(b)

tairiscintí a lorg ó sholáthróirí nó ó tháirgeoirí gáis nádúrtha, chun an t-éileamh comhiomlánaithe a mheaitseáil le tacaíocht ón uirlis TF;

(c)

cearta rochtana ar sholáthar a leithdháileadh, ag cur san áireamh dáileadh comhréireach idir rannpháirtithe beaga agus móra de na toirteanna gáis arna dtairiscint i measc na ngnóthas gáis nádúrtha agus na ngnóthas a ídíonn gás atá rannpháirteach i gcomhiomlánú an éilimh. I gcás ina sáraíonn comhiomlánú an éilimh na tairiscintí soláthair a fuarthas, beidh leithdháileadh na gceart rochtana comhréireach leis an éileamh arna dhearbhú ag na gnóthais atá rannpháirteach le linn chéim an comhiomlánaithe éilimh le haghaidh am seachadta suímh áirithe;

(d)

úsáideoirí na huirlise TF a fhíorú, a chreidiúnú agus a chlárú; agus

(e)

aon seirbhís choimhdeach a sholáthar d’úsáideoirí na huirlise faisnéise, lena n-áirítear seirbhísí chun tabhairt i gcrích conarthaí a éascú, nó don Choimisiún is gá chun na hoibríochtaí a chomhlíonadh i gceart dá bhforáiltear sa chonradh seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 5.

2.   Cinnfear sa chonradh seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 5na coinníollacha a bhaineann le cúraimí an tsoláthraí seirbhíse, eadhon maidir le clárú úsáideoirí, foilsiú agus tuairisciú.

Airteagal 8

Rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach

1.   Beidh rannpháirtíocht i gcomhiomlánú éilimh agus i gceannach comhpháirteach ar oscailt agus trédhearcach do gach gnóthas gáis nádúrtha agus do gach gnóthas a ídíonn gás atá bunaithe san Aontas gan beann ar an toirt a iarrtar. Cuirfear bac ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás a bheith rannpháirteach mar sholáthróirí, táirgeoirí agus ceannaitheoirí i gcomhiomlánú an éilimh agus ceannach comhpháirteach, más rud é:

(a)

a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(b)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(c)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

2.   Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfar aon chiste nó acmhainn eacnamaíoch a eascraíonn as rannpháirtíocht sa phróiseas ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun tairbhe daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

a bhfuil bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 215 CFAE dírithe orthu, go háirithe bearta sriantacha an Aontais arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, nó i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

(b)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil bearta sriantacha den sórt sin de chuid an Aontais dírithe orthu; nó

(c)

atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag Cónaidhm na Rúise nó ag Rialtas na Rúise nó ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó ag eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, nó atá ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir, go díreach nó go hindíreach, Chónaidhm na Rúise nó Rialtas na Rúise nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach Rúiseach nó eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, nó páirtithe leasmhara eile tacaíocht leachtachta, lena n-áirítear ráthaíochtaí, a sholáthar do rannpháirtithe sa phróiseas ceannaigh chomhpháirtigh arna eagrú ag an soláthraí seirbhíse, i gcomhréir le rialacha maidir le Státchabhair, i gcás inarb infheidhme. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ráthaíochtaí chun riachtanais chomhthaobhachta a chumhdach nó chun an riosca a bhaineann le costais bhreise a chumhdach tar éis dócmhainneacht ceannaitheoirí eile faoin gconradh ceannaigh chomhpháirtigh céanna.

4.   Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa chomhiomlánú éilimh agus sa cheannach comhpháirteach a cheadú de bhun na Roinne seo.

Airteagal 9

Soláthairtí gáis nádúrtha atá eisiata ó cheannach comhpháirteach

Ní bheidh soláthairtí gáis nádúrtha de thionscnamh Chónaidhm na Rúise faoi réir comhcheannach lena n-áirítear soláthairtí gáis nádúrtha a thagann isteach sna Ballstáit nó i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh trí na pointí iontrála seo a leanas:

(a)

Greifswald

(b)

Lubmin II

(c)

Imatra

(d)

Narva

(e)

Värska

(f)

Luhamaa

(g)

Sakiai

(h)

Kotlovka

(i)

Kondratki

(j)

Wysokoje

(k)

Tieterowka

(l)

Mozyr

(m)

Kobryn

(n)

Sudzha (RU)/an Úcráin

(o)

Belgorod (RU)/an Úcráin

(p)

Valuyki (RU)/an Úcráin

(q)

Serebryanka (RU)/an Úcráin

(r)

Pisarevka (RU)/an Úcráin

(s)

Sokhranovka (RU)/an Úcráin

(t)

Prokhorovka (RU)/an Úcráin

(u)

Platovo (RU)/an Úcráin

(v)

Strandzha 2 (BG)/Malkoclar (TR)

Airteagal 10

Úsáid shainordaitheach an tsoláthraí seirbhíse

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go nglacfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse mar cheann de na modhanna féideartha chun na spriocanna líonta dá dtagraítear in Airteagail 6a agus 20 de Rialachán (AE) 2017/1938 a bhaint amach.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt a ghlacadh sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse le toirteanna atá cothrom le 15 % ar a laghad den toirt iomlán a chomhfhreagraíonn do na spriocanna líonta trasteorann dá dtagraítear in Airteagail 6c agus 20 de Rialachán (AE) 2017/1938.

3.   Ceanglóidh na Ballstáit sin nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ar ghnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá faoina ndlínse páirt a ghlacadh sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse le toirteanna atá cothrom le 15 % ar a laghad de na toirteanna a chomhfhreagraíonn do na spriocanna líonta trasteorann dá dtagraítear in Airteagail 6c agus 20 e Rialachán (AE) 2017/1938.

4.   Féadfaidh na gnóthais gáis nádúrtha agus na gnóthais a ídíonn gás a ghlacann páirt i gcomhiomlánú éilimh faoi oibleagáid éigeantach cinneadh a dhéanamh gan an gás a cheannach i ndiaidh phróiseas an chomhiomlánaithe. Féadfar an gás a cheannaítear a úsáid chun críocha eile seachas líonadh stórála.

Airteagal 11

Cuibhreannas Ceannaithe Gáis

Gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn gás atá rannpháirteach sa phróiseas comhiomlánaithe éilimh a eagraíonn an soláthraí seirbhíse, féadfaidh siad, ar bhonn trédhearcach, comhordú a dhéanamh ar ghnéithe de choinníollacha an chonartha ceannaigh nó conarthaí ceannaigh chomhpháirtigh a úsáid chun coinníollacha níos fearr a bhaint amach lena soláthróirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, lena n-áirítear dlí iomaíochta an Aontais, go háirithe Airteagail 101 agus 102 CFAE, de réir mar a fhéadfaidh an Coimisiún a shonrú i gcinneadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, chomh maith leis an gceanglas trédhearcachta de bhun Airteagal 3 den Rialachán seo.

ROINN 3

Bearta chun feabhas a chur ar úsáid saoráidí, saoráidí stórála gáis agus píblínte GNL

Airteagal 12

Ardán áirithinte acmhainne tánaistí le haghaidh úsáideoirí saoráidí GNL agus le haghaidh úsáideoirí saoráidí stórála gáis

Beidh úsáideoirí saoráidí GNL agus úsáideoirí saoráidí stórála gáis, ar mian leo a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6), de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i dteideal déanamh amhlaidh. Faoin 28 Feabhra 2023 déanfaidh oibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis, ar leithligh nó go réigiúnach, ardán áirithinte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach a chur ar bun nó bainfidh siad úsáid as ceann atá ann cheana féin d’úsáideoirí saoráidí GNL agus úsáideoirí saoráidí stórála gáis chun a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach.

Airteagal 13

Ardáin trédhearcachta le haghaidh saoráidí GNL agus saoráidí stórála gáis

1.   Faoin 28 Feabhra 2023, foilseoidh oibreoirí saoráidí GNL agus oibreoirí saoráidí stórála gáis an fhaisnéis go léir a cheanglaítear le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 maidir le hArdán Trédhearcachta LNG Eorpach agus Ardán Trédhearcachta Stórála Eorpach, faoi seach, ar bhealach trédhearcach agus soláimhsithe don úsáideoir. Féadfaidh na húdaráis rialála iarraidh ar na hoibreoirí sin aon fhaisnéis bhreise atá ábhartha le haghaidh úsáideoirí córais a chur ar fáil go poiblí.

2.   Saoráidí GNL ar deonaíodh díolúine dóibh ó rialacha rochtana tríú páirtí de bhun Airteagal 36 de Threoir 2009/73/CE, agus oibreoirí saoráidí stórála gáis faoin gcóras rochtana do thríú páirtithe arna chaibidliú dá dtagraítear in Airteagal 33(3) den Treoir sin, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na taraifí deiridh le haghaidh bonneagair faoin 31 Eanáir 2023.

Airteagal 14

Úsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainní tarchurtha

1.   Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha acmhainn dhocht chonarthach tearcúsáidte a thairiscint ag pointí idirnaisc agus pointí idirnaisc fíorúla mar tháirge acmhainne míosúil agus mar tháirgí acmhainne laethúla agus aonlae don mhí i gcás tearcúsáide de bhun mhír 2.

2.   Measfar acmhainn dhocht chonarthach a bheith tearcúsáidte i gcás ina ndearna úsáideoir líonra níos lú ná 80 %, ar an meán, den acmhainn dhocht chláraithe a úsáid nó a thairiscint ag pointe idirnaisc nó ag pointe idirnaisc fíorúil le linn na míosa féilire roimhe. Déanfaidh oibreoir an chórais tarchurtha faireachán ar an acmhainn nár úsáideadh agus cuirfidh sé an t-úsáideoir líonra ar an eolas faoi mhéid na hacmhainne a bheidh le tarraingt siar ag an bpointe idirnaisc ábhartha nó ag an bpointe idirnaisc fíorúil ábhartha ar a dhéanaí sula dtabharfar fógra faoi mhéid na hacmhainne atá le tairiscint don cheant míosúil rollach le haghaidh acmhainn atá ar na bacáin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459.

3.   Beidh méid na hacmhainneachta atá le tairiscint cothrom leis an difríocht idir an mheánúsáid don mhí féilire roimhe sin agus 80 % den acmhainn dhocht a conraíodh ar feadh tréimhse is faide ná mí.

4.   Beidh tosaíocht ag an acmhainneacht atá ar fáil a thairgtear i gceant i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 ar acmhainneacht tearcúsáidte a áirítear i gceant de bhun mhír 2 agus acmhainneacht á leithdháileadh.

5.   Má dhíoltar an acmhainneacht tearcúsáidte atá á tairiscint ag an oibreoir córais tarchurtha, déanfar é a tharraingt siar ó shealbhóir bunaidh na hacmhainneachta conarthaí. Féadfaidh an sealbhóir bunaidh an acmhainn dhocht a tarraingíodh siar a úsáid ar bhonn in-idirbhriste.

6.   Coimeádfaidh an t-úsáideoir gréasáin a chearta agus a oibleagáidí faoin gconradh acmhainne go dtí go ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn a ath-leithdháileadh agus a mhéid nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an acmhainn sin a ath-leithdháileadh.

7.   Sula dtairgfidh siad acmhainn dhocht tearcúsáidte i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ag gach pointe idirnaisc a oibríonn sé agus cuirfidh siad an t-údarás rialála náisiúnta inniúil ar an eolas. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, agus beag beann ar na pointí idirnaisc sin a bheith plódaithe nó gan a bheith, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta cinneadh a dhéanamh ceann de na sásraí seo a leanas a thabhairt isteach ar gach pointe idirnaisc:

(a)

sásra lá roimh ré “úsáid é nó caill é” i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459 agus pointe 2.2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 á cur san áireamh;

(b)

scéim ró-shuibscríofa agus aischeannaigh i gcomhréir le pointe 2.2.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 lena dtairgtear 5 % ar a laghad d’acmhainneacht bhreise i ndáil leis an acmhainneacht theicniúil ag an bpointe idirnaisc ábhartha;

(c)

toilleadh nár ainmníodh a tháirgeadh, ar a laghad, ar dtús ar bhonn lá roimh ré agus aonlae, a leithdháilfear mar acmhainn in-idirbhriste.

Beidh feidhm go huathoibríoch ag míreanna 1 go 6 den Airteagal seo mura gcuirtear ceann de na sásraí malartacha de bhun na chéad fhomhíre i bhfeidhm faoin 31 Márta 2023.

8.   Sula ndéanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 7, rachaidh an t-údarás rialála náisiúnta i gcomhairle le húdarás rialála náisiúnta an Bhallstáit in aice láimhe agus cuirfidh sé tuairimí an údaráis sin san áireamh. I gcás ina gcumhdaíonn an córas isteach-amach níos mó ná Ballstát amháin ina bhfuil níos mó ná oibreoir córais tarchurtha amháin gníomhach, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát lena mbaineann cinneadh comhpháirteach maidir le cur i bhfeidhm mhír 7.

CAIBIDIL III

BEARTA CHUN PRAGHSANNA IOMARCACHA GÁIS AGUS LUAINEACHT IOMARCACH IONLAE I MARGAÍ NA NDÍORTHACH FUINNIMH A CHOSC

ROINN 1

Uirlis shealadach ionlae chun ró-luaineacht i margaí na ndíorthach fuinnimh a bhainistiú

Airteagal 15

Sásra bainistíochta luaineachta ionlae

1.   A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir 2023, bunóidh gach ionad trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear air, sásra bainistíochta luaineachta ionlae bunaithe ar uasteorainn agus íosteorainn praghsanna (“teorainneacha praghsanna”) lena sainítear na praghsanna nach féidir orduithe a fhorghníomhú os a gcionn agus faoina mbun (“sásra bainistíocht luaineachta ionlae”). Áiritheoidh ionaid trádála go gcuirfidh an sásra bainistíochta luaineachta praghsanna ionlae cosc ar ghluaiseachtaí iomarcacha praghsanna laistigh de lá trádála le haghaidh díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh. Agus an sásra bainistíochta luaineachta ionlae á bhunú, áiritheoidh ionaid trádála freisin nach gcuirfidh cur chun feidhme na mbeart sin cosc ar phraghsanna scoir iontaofa ag deireadh an lae a bhunú.

2.   Maidir le gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh a thrádáiltear ar ionaid trádála, bunóidh ionaid trádála an modh ríofa is infheidhme chun na teorainneacha praghsanna a chinneadh i gcoibhneas le praghas tagartha. Beidh céad phraghas tagartha an lae comhionann leis an bpraghas a chinnfear tráth a osclaítear an tseisiúin trádála ábhartha. Is éard a bheidh sna praghsanna tagartha ina dhiaidh sin an praghas margaidh deireanach a breathnaíodh go tráthrialta. I gcás briseadh i dtrádáil le linn an lae trádála, is éard a bheidh sa chéad phraghas tagartha tar éis an idirbhriste praghas oscailte na trádála atosaithe.

3.   Sloinnfear na teorainneacha praghsanna i ndearbhluach, nó i dtéarmaí coibhneasta i bhfoirm céatadán d’athrú i gcoibhneas leis an bpraghas tagartha. Déanfaidh ionaid trádála an modh ríofa sin a choigeartú de réir na sainiúlachtaí a bhaineann le gach díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, de réir phróifíl leachtachta an mhargaidh le haghaidh díorthach den sórt sin agus de réir a phróifíle luaineachta. Cuirfidh an t-ionad trádála an t-údarás inniúil ar an eolas faoin modh gan moill mhíchuí.

4.   Déanfaidh ionaid trádála na teorainneacha praghsanna a athnuachan go tráthrialta le linn uaireanta trádála, bunaithe ar an bpraghas tagartha.

5.   Déanfaidh ionaid trádála gnéithe an tsásra bainistíochta luaineachta ionlae atá curtha ar bun acu a chur ar fáil go poiblí gan moill mhíchuí nó nuair a bheidh modhnú curtha i bhfeidhm acu.

6.   Cuirfidh ionaid trádála an sásra bainistíochta luaineachta ionlae chun feidhme trína chomhtháthú ina scoradáin chiorcaid atá ann cheana a bunaíodh cheana i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó mar shásra breise.

7.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag ionad trádála an modh ríofa a mhodhnú le haghaidh na dteorainneacha praghsanna is infheidhme maidir le díorthach tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na modhnuithe atá beartaithe gan moill mhíchuí.

8.   I gcás ina léiríonn an fhaisnéis arna bailiú ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) i gcomhréir le hAirteagal 16(3) go bhfuil gá le cur chun feidhme níos comhleanúnaí den sásra chun a áirithiú go ndéanfar an iomarca luaineachta praghsanna a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla ar fud an Aontais, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na prionsabail aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an tsásra bainistithe luaineachta ionlae, agus sainiúlachtaí gach díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, próifíl leachtachta an mhargaidh do dhíorthach den sórt sin agus a phróifíl luaineachta á gcur san áireamh. Go háirithe, chun oibriú rianúil ionaid trádála a áirithiú, ar ionaid trádála iad a thairgeann trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh, féadfaidh an Coimisiún a shonrú na heatraimh ag a ndéanfar na teorainneacha praghsanna a athnuachan nó na bearta a bheidh le glacadh má bhogann trádáil lasmuigh de na teorainneacha praghsanna sin lena n-áirítear forálacha chun socrú praghsanna scoir iontaofa a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

Airteagal 16

Ról na n-údarás inniúil

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar chur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbeidh údar cuí le héagsúlachtaí i gcur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae ag ionaid trádála atá bunaithe ina mBallstáit i ngeall ar shainiúlachtaí na n-ionad trádála nó an díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinneamh lena mbaineann.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh ionaid trádála réamhshásraí iomchuí chun feidhme lena n-áiritheofar go maolófar luaineacht iomarcach i margaí díorthach tráchtearraí atá bainteach le fuinneamh go dtí go mbunófar an sásra bainistíochta luaineachta ionlae dá dtagraítear in Airteagal 15(1).

3.   Tuairisceoidh na húdaráis inniúla do ESMA maidir le cur chun feidhme an tsásra bainistíochta luaineachta ionlae ag ionaid trádála a ndéanann siad maoirseacht orthu laistigh de 3 seachtaine ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus ar bhonn ráithiúil ar a laghad.

Airteagal 17

Ról comhordúcháin ESMA

1.   Déanfaidh ESMA comhordú agus faireachán ar chur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh na húdaráis inniúla faoina bhráid i gcomhréir le hAirteagal 16(3).

2.   Déanfaidh ESMA aon éagsúlacht i gcur chun feidhme na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae a dhoiciméadú ar fud dlínsí san Aontas bunaithe ar na tuarascálacha ó údaráis inniúla. Faoin 30 Meitheamh 2023, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar meastóireacht ar éifeachtúlacht na sásraí bainistíochta luaineachta ionlae. Ar bhonn na tuarascála sin, breithneoidh an Coimisiún an gcuirfidh sé togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo faoi bhráid na Comhairle.

ROINN 2

ACER a chumhachtú chun sonraí praghais oibiachtúla a bhailiú agus a fhoilsiú

Airteagal 18

Cúraimí agus cumhachtaí ACER chun measúnuithe praghais agus tagarmharcanna a dhéanamh

(1)   Mar ábhar práinne, déanfaidh ACER measúnú laethúil ar phraghsanna GNL a tháirgeadh agus a fhoilsiú agus cuirfear tús leis sin tráth nach déanaí ná an 13 Eanáir 2023. Chun críoch an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL, déanfaidh ACER sonraí margaidh GNL maidir le hidirbhearta a bhailiú agus a phróiseáil go córasach. I gcás inarb iomchuí, cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar phraghsanna difríochtaí réigiúnacha agus dálaí margaidh.

2.   Tráth nach ndéanaí ná an 31 Márta 2023, déanfaidh ACER tagarmharc GNL a chur ar fáil agus a fhoilsiú arna chinneadh ag an raon difríochta idir an measúnú laethúil ar phraghasanna GNL agus an praghas socraíochta don chonradh míosa tosaigh le haghaidh thodhchaíochtaí gáis TTF a bhunaíonn ICE Endex Markets B.V. ar bhonn laethúil. Chun críocha an tagarmhairc GNL, déanfaidh ACER na sonraí margaidh GNL uile a bhailiú agus a phróiseáil go córasach.

3.   De mhaolú ar Airteagal 3(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, beidh feidhm ag oibleagáidí agus toirmisc Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 maidir le rannpháirtithe sa mhargadh GNL. Beidh feidhm freisin ag na cumhachtaí a thugtar do ACER faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 maidir le rannpháirtithe sa mhargadh GNL, lena n-áirítear na forálacha maidir le rúndacht.

Airteagal 19

Foilsiú na measúnuithe ar phraghsanna GNL agus tagarmharc GNL

1.   Foilseofar an measúnú ar phraghsanna GNL ar bhonn laethúil, agus faoi thráth nach déanaí ná 18.00 Am Lár na hEorpa don mheasúnú praghais idirbhirt glan amach. Faoin 31 Márta 2023, de bhreis ar mheasúnú praghais GNL a fhoilsiú, foilseoidh ACER freisin, ar bhonn laethúil, an tagarmharc GNL faoi thráth nach déanaí ná 19.00 CET nó a luaithe is féidir go teicniúil.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh ACER úsáid a bhaint as seirbhísí tríú páirtí.

Airteagal 20

Sonraí margaidh GNL a sholáthar do ACER

1.   Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL na sonraí margaidh GNL a chur faoi bhráid ACER go laethúil i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Airteagal 21, i bhformáid chaighdeánaithe, trí phrótacal tarchurtha ardcháilíochta, agus chomh gar d’fhíor-am agus is féidir ó thaobh na teicneolaíochta de sula bhfoilseofar an measúnú laethúil GNL ar phraghsanna (18.00 CET).

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar an pointe ama faoina mbeidh sonraí margaidh GNL le cur isteach roimh fhoilsiú laethúil an mheasúnaithe ar phraghsanna GNL dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29.

3.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, treoraíocht a eisiúint maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

mionsonraí na faisnéise atá le tuairisciú, sa bhreis ar mhionsonraí reatha na n-idirbheart intuairiscithe agus na sonraí bunúsacha faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, lena n-áirítear tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola; agus

(b)

an nós imeachta, an fhormáid chaighdeánach agus an fhormáid leictreonach agus na ceanglais theicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le sonraí a chur isteach atá le húsáid chun na sonraí margaidh is gá a sholáthar.

4.   Cuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL na sonraí margaidh GNL is gá faoi bhráid ACER saor in aisce agus trí na bealaí tuairiscithe arna mbunú ag ACER, i gcás inar féidir trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta atá ann agus atá ar fáil cheana.

Airteagal 21

Cáilíocht na sonraí margaidh GNL

1.   Áireofar na nithe seo a leanas i sonraí margaidh GNL:

(a)

na páirtithe sa chonradh, lena n-áirítear táscaire ceannaigh/díola;

(b)

an páirtí tuairiscithe;

(c)

praghas an idirbhirt;

(d)

cainníochtaí an chonartha;

(e)

luach an chonartha;

(f)

fuinneog theachta an lasta GNL;

(g)

téarmaí an tseachadta;

(h)

na pointí seachadta;

(i)

an fhaisnéis stampa ama faoi na nithe seo a leanas uile:

(i)

an dáta agus an t-am a rinneadh an tairiscint cheannaigh nó an tairiscint díola;

(ii)

dáta agus am an idirbhirt;

(iii)

dáta agus am tuairiscithe na tairisceana ceannaigh, na tairisceana díola nó an idirbhirt;

(iv)

ACER na sonraí margaidh GNL a fháil.

2.   Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh GNL sonraí margaidh GNL ar sholáthar do ACER sna haonaid agus sna hairgeadraí seo a leanas:

(a)

tuairisceofar praghsanna aonaid idirbhirt, tairisceana ceannaigh agus tairisceana díola san airgeadra a shonraítear sa chonradh agus in EUR/MWh agus áireofar leo rátaí comhshó agus malairte arna gcur i bhfeidhm más infheidhme;

(b)

tuairisceofar cainníochtaí conartha sna haonaid a shonraítear sna conarthaí agus in MWh;

(c)

tuairisceofar fuinneoga teachta i dtéarmaí dátaí seachadta arna sloinneadh i bhformáid AUL;

(d)

léireofar le pointe seachadta aitheantóir bailí arna liostú ag ACER cosúil leo siúd dá dtagraítear sa liosta saoráidí GNL atá faoi réir tuairiscithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014; déanfar an fhaisnéis stampa ama a thuairisciú i bhformáid AUL;

(e)

más ábhartha, déanfar foirmle an phraghais sa chonradh fadtéarmach óna ndíorthaítear an praghas a thuairisciú ina hiomláine.

3.   Eiseoidh ACER treoraíocht maidir leis na critéir faoina mbeidh aighnitheoir aonair freagrach as cuid mhór de na sonraí margaidh GNL arna gcur isteach laistigh de thréimhse thagartha áirithe agus maidir leis an gcaoi a dtabharfar aghaidh ar an gcás sin ina mheasúnú laethúil ar phraghsanna GNL agus ina thagarmharcanna GNL.

Airteagal 22

Leanúnachas gnó

Athbhreithneoidh, nuashonróidh agus foilseoidh ACER go tráthrialta a mheasúnú ar phraghsanna tagartha GNL agus a mhodheolaíocht maidir le tagarmharc GNL agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun sonraí margaidh GNL a thuairisciú agus chun a mheasúnuithe ar phraghsanna GNL agus a thagarmharcanna GNL a fhoilsiú, agus tuairimí rannpháirtithe sonraí margaidh GNL á gcur san áireamh.

CAIBIDIL IV

BEARTA I GCÁS ÉIGEANDÁIL GHÁIS

ROINN 1

Dlúthpháirtíocht gáis don soláthar leictreachais, do thionscail bhunriachtanacha agus do chustaiméirí atá faoi chosaint

Airteagal 23

Cosaint dlúthpháirtíochta a leathnú chuig toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais

1.   De mhaolú ar Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2017/1938, ní bheidh feidhm ag beart dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13(1) agus (2) den Rialachán sin ach amháin mura raibh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht in ann na nithe seo a leanas a chumhdach:

(a)

an t-easnamh sa soláthar gáis dá custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo, na toirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;

(b)

toirt chriticiúil gháis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais, d’ainneoin chur i bhfeidhm an bhirt dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2017/1938. Beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13(3), pointí (b), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/1938.

2.   Na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu dlúthpháirtíocht a sholáthar de bhun mhír 1 beidh siad i dteideal na nithe seo a leanas a asbhaint ón tairiscint dlúthpháirtíochta:

(a)

soláthairtí dá chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a mhéid a dhéantar difear do thoirteanna bunriachtanacha nó, i gcás ina bhfuil bearta sealadacha déanta ag Ballstát chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 24, soláthar thoirteanna bunriachtanacha tomhaltais gáis a chustaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht;

(b)

soláthar toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais;

(c)

soláthar toirteanna gáis le haghaidh an leictreachais is gá chun gás a tháirgeadh agus a iompar; agus

(d)

na toirteanna gáis is gá le haghaidh oibríochtaí bonneagair atá criticiúil maidir le slándáil an tsoláthair agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn II chomh maith le suiteálacha eile atá ríthábhachtach d’fheidhmiú seirbhísí míleata, slándála náisiúnta agus cabhrach daonnúla.

3.   Ní rachaidh na toirteanna criticiúla gáis le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus mír 2, pointí (b) agus (d), thar na toirteanna a léirítear in Iarscríbhinn I. I gcás inar féidir le Ballstát a léiriú go bhfuil gá le toirt níos airde gáis chun géarchéim leictreachais Ballstáit a sheachaint, féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil, a chinneadh go gceadófar toirteanna níos airde a asbhaint.

4.   I gcás ina n-iarrfar ar na Ballstáit nach bhfuil a gcóras leictreachais sioncrónaithe ach le córas leictreachais tríú tír bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, féadfaidh siad, ar bhonn eisceachtúil, toirteanna gáis níos airde a asbhaint i gcás ina ndéanfar an córas leictreachais a dhíshioncrónú as córas an tríú tír sin fad is a cheanglaítear ar sheirbhísí córais cumhachta leithlisithe nó ar sheirbhísí eile d’oibreoir an chórais tarchurtha cumhachta oibriú sábháilte iontaofa an chórais cumhachta a áirithiú.

Airteagal 24

Bearta laghdaithe éilimh a bhaineann le custaiméirí atá faoi chosaint

1.   Féadfaidh na Ballstáit, go heisceachtúil, bearta sealadacha a dhéanamh chun tomhaltas neamhriachtanach custaiméirí atá faoi chosaint a laghdú, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/1938, go háirithe nuair a dhearbhófar ceann de na leibhéil ghéarchéime de bhun Airteagal 11(1) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2017/1938, nó foláireamh an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2022/1369. Beidh bearta den sórt sin teoranta d’úsáidí neamhriachtanacha gáis agus cuirfear san áireamh leo na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2022/1369 . Ní fhéadfar bearta eisceachtúla den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938, maidir leis na coinníollacha chun na toirteanna neamhriachtanacha gáis sin a chinneadh.

2.   Mar thoradh ar bhearta dá dtagraítear i mír 1, ní laghdófar in imthosca ar bith tomhaltas custaiméirí leochaileacha, arna shainmhíniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE, agus ní dhéanfaidh na Ballstáit custaiméirí atá faoi chosaint a dhícheangal mar thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 25

Coimircí le haghaidh sreabha trasteorann

I gcás iarraidh ón gCoimisiún de bhun Airteagal 12(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2017/1938 chun deireadh a chur le srianta míchuí ar shreafaí gáis trasteorann nó ar rochtain ar bhonneagar gáis, nó ar bhearta lena gcuirtear an soláthar gáis i mbaol i mBallstát eile, déanfaidh an t-údarás inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2017/1938, nó an Ballstát, dá dtagraítear in Airteagal 12(6), a chéad fhomhír den Rialachán sin, in ionad an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/1938 a leanúint, a ghníomhaíocht a mhodhnú nó déanfaidh sé gníomhaíocht chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(5) den Rialachán sin.

ROINN 2

Rialacha maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar

Airteagal 26

Oibleagáidí dlúthpháirtíochta a leathnú go sealadach chuig Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu

1.   Ní hamháin go mbeidh feidhm ag an oibleagáid bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu leis an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, ach beidh feidhm acu freisin maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu, ar choinníoll go bhfuil an acmhainneacht is gá sa bhonneagar ábhartha, lena n-áirítear na soithí agus na hiompróirí GNL, ar fáil.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 13, míreanna 2 go 9, de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le Ballstáit a bhfuil saoráidí GNL acu mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

3.   Ballstáit ag a bhfuil saoráidí GNL nach bhfuil nasc díreach acu le Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht, féadfaidh siad teacht ar chomhaontú go déthaobhach le haon Bhallstát eile maidir leis na socruithe dlúthpháirtíochta teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá a bhfuil feidhm acu maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar.

4.   Na rialacha réamhshocraithe maidir le bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar de bhun Airteagal 27, beidh feidhm acu freisin maidir leis na Ballstáit neamhnasctha a mhéid nach bhfuil socrú déthaobhach tugtha i gcrích tráth a gheofar iarraidh ar dhlúthpháirtíocht.

Airteagal 27

Rialacha réamhshocraithe maidir le bearta dlúthpháirtíochta

1.   I gcás nár tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun Airteagal 13(10) de Rialachán (AE) 2017/1938 (“comhaontú dlúthpháirtíochta”), beidh an seachadadh gáis de bhun na hoibleagáide in Airteagal 13(1) den Rialachán sin i gcás éigeandála faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnta agus, de mhaolú ar Airteagal 13(8) de Rialachán (AE) 2017/1938, beidh an méid seo a leanas san áireamh ann in aon chás:

(a)

an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;

(b)

na costais stórála agus iompair, lena n-áirítear táillí a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhiall na lastaí GNL chuig an bpointe idirnaisc a iarradh;

(c)

costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;

(d)

costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta, ar choinníoll nach sáraíonn na costais indíreacha sin 100 % den phraghas ar ghás.

3.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát cúiteamh ar chostais indíreacha de bhun mhír 2, pointe (d), ar mó é ná 100 % de phraghas an gháis, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, an cúiteamh níos airde iomchuí, agus imthosca sonracha conarthacha agus náisiúnta conarthacha agus náisiúnta an cháis agus prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh á gcur san áireamh.

4.   Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht.

5.   Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 28, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh.

6.   Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 lá tar éis na hiarrata. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ach amháin má léiríonn sé na nithe seo a leanas:

(a)

nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna dá dtagraítear in Airteagal 23(2); nó

(b)

nach bhfuil acmhainneacht idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7) de Rialachán (AE) 2017/1938, agus nach bhfuil sé in ann toirteanna leordhóthanacha GNL a sholáthar.

7.   Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú.

8.   Beidh an tAirteagal seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.

Airteagal 28

Nós imeachta maidir le bearta dlúthpháirtíochta in éagmais comhaontú dlúthpháirtíochta

1.   Déanfaidh an Ballstát a iarrann cur i bhfeidhm na mbeart dlúthpháirtíochta iarraidh ar dhlúthpháirtíocht a eisiúint chuig Ballstát eile, ina sonrófar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit;

(b)

sonraí teagmhála oibreoirí córais tarchurtha ábhartha an Bhallstáit (más ábhartha);

(c)

sonraí teagmhála an tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an Bhallstáit (más ábhartha);

(d)

tréimhse seachadta lena n-áirítear uainiú an chéad seachadta fhéideartha agus fad measta na seachadtaí;

(e)

pointí seachadta agus idirnaisc;

(f)

toirt an gháis in kWh do gach pointe idirnaisc;

(g)

cáilíocht an gháis.

2.   Seolfar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht go comhuaineach chuig na Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith in ann bearta dlúthpháirtíochta a sholáthar, chuig an gCoimisiún agus chuig na bainisteoirí géarchéime arna n-ainmniú de bhun Airteagal 10(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2017/1938.

3.   Seolfaidh na Ballstáit a fhaigheann iarraidh dlúthpháirtíochta freagra ina léireofar na sonraí teagmhála dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), agus an toirt agus an cháilíocht is féidir a sholáthar do na pointí idirnaisc ag an am a iarrtar dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) go (g). Sonróidh an freagra an toirt a eascraíonn as ciorrú nó scaoileadh féideartha stoc straitéiseach i gcás nach leor an toirt is féidir a sholáthar le bearta deonacha.

4.   Déanfar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht a chur isteach 72 uair an chloig ar a laghad roimh an am seachadta sonraithe. Déanfar an fhreagairt ar iarrataí ar dhlúthpháirtíocht laistigh de 24 uair an chloig. Déanfar an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh ag an mBallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht laistigh de 24 uair an chloig ón am seachadta is gá.

5.   Féadfar an iarraidh a chur isteach ar feadh tréimhse lae nó roinnt laethanta, agus beidh an freagra ag teacht leis an bhfad a iarradh.

6.   I gcás ina bhfuil roinnt Ballstát ag soláthar na dlúthpháirtíochta agus ina bhfuil socruithe déthaobhacha dlúthpháirtíochta i bhfeidhm ag ceann amháin nó níos mó acu, ba cheart tosaíocht a bheith ag na socruithe sin idir na Ballstáit a bhfuil comhaontú déthaobhach acu. Ní bheidh na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear san Airteagal seo infheidhme ach amháin i ndáil leis na Ballstáit eile a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht.

7.   Féadfaidh an Coimisiún cur chun feidhme comhaontuithe dlúthpháirtíochta a éascú, go háirithe trí bhíthin teimpléid atá inrochtana ar ardán slán ar líne chun gur féidir iarrataí agus tairiscintí a tharchur i bhfíor-am.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Athbhreithniú

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh fad a chur le bailíocht an Rialacháin seo.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse bliana óna theacht i bhfeidhm.

Beidh feidhm ag Airteagal 14 ón 31 Márta 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2017/459 ón gCoimisiún an 16 Márta 2017 lena mbunaítear cód gréasáin maidir le sásraí leithdháilte acmhainneachta i gcórais tarchuir gáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 984/2013 (IO L 72, 17.3.2017, lch. 1).

(8)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(9)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(10)  Rialachán (AE) Uimh 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh mhórdhíola (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).

(12)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(13)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.

(14)  Moladh (AE) 2018/177 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2018 maidir leis na heilimintí atá le háireamh sna socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais idir na Ballstáit chun an sásra dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú (IO L 32, 6.2.2018, lch. 52).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(17)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(18)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).


IARSCRÍBHINN I

(a)

Na toirteanna criticiúla gáis uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 le haghaidh na tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023 (luachanna in milliún méadar ciúbach) (1):

Ballstát

Nollaig 2022

Eanáir 2023

Feabhra 2023

Márta 2023

AT

74,24

196,83

152,20

139,35

BE

399,05

458,77

382,76

398,99

BG

61,49

71,26

61,55

63,29

CY

-

-

-

-

CZ

17,26

49,64

34,80

28,28

DE

2 090,53

2 419,56

2 090,59

1 863,77

DK

249,48

295,56

254,87

268,09

EE

5,89

5,78

5,00

1,05

EL

209,95

326,68

317,18

232,80

ES

1 378,23

1 985,66

1 597,27

1 189,29

IE

372,76

375,29

364,26

375,74

FI

28,42

39,55

44,66

12,97

FR

876,37

875,58

802,53

771,15

HR

10,95

66,01

59,99

48,85

HU

82,13

133,97

126,44

93,72

IT

2 166,46

3 304,99

3 110,79

2 774,67

LV

89,26

83,56

84,96

66,19

LT

16,13

20,22

18,81

4,21

LU

-

-

-

-

MT

32,88

34,84

31,43

33,02

NL

684,26

762,31

556,26

480,31

PL

158,14

158,64

136,97

148,64

PT

409,97

415,22

368,54

401,32

RO

130,35

179,35

162,41

159,71

SI

12,98

15,15

13,35

12,80

SK

33,99

47,26

34,80

34,76

SE

18,05

18,61

17,71

15,76

(b)

Toirteanna gáis criticiúla uasta le haghaidh slándáil soláthair leictreachais de bhun Airteagal 23 don tréimhse ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2023 (luachanna in milliún méadar ciúbach):

Ballstát

Luach míosúil

AT

140,66

BE

409,89

BG

64,40

CY

-

CZ

32,50

DE

2 116,11

DK

267,00

EE

4,43

EL

271,65

ES

1 537,61

IE

372,01

FI

31,40

FR

831,41

HR

46,45

HU

109,06

IT

2 839,23

LV

80,99

LT

14,84

LU

-

MT

33,03

NL

620,79

PL

150,60

PT

398,76

RO

157,96

SI

13,57

SK

37,70

SE

17,53


(1)  Tá na figiúirí in Iarscríbhinn I, codanna a) agus b), bunaithe ar shonraí ón measúnú leordhóthanachta geimhridh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941 a rinne Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E), ach amháin i gcás Mhálta a bhfuil a ghiniúint leictreachais ag brath go heisiach ar sheachadtaí GNL agus nach bhfuil aon acmhainn shuntasach stórála aige. I bhfianaise shainiúlacht an gháis chalraigh ísil, ba cheart luachanna na hÍsiltíre sa tábla seo a iolrú faoi fhachtóir coinbhéartachta 37,89 arna roinnt ar 35,17. In Iarscríbhinn I, cuid a), léirítear na toirteanna míosúla aonair arna ríomh ag ENTSO-E le haghaidh na míonna ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023; léiríonn na figiúirí in Iarscríbhinn I, cuid b), le haghaidh na míonna ó Aibreán 2023 go mí na Nollag 2023 meán na luachanna sa tréimhse ó mhí na Nollag 2022 go Márta 2023.


IARSCRÍBHINN II

Bonneagar criticiúil maidir le slándáil an tsoláthair Airteagal 23(2), pointe (d)

Earnáil

Fo-earnáil

I Fuinneamh

1.

Leictreachas

Bonneagar agus saoráidí chun leictreachas a ghiniúint agus a tharchur i ndáil leis an soláthar leictreachais

2.

Ola

Táirgeadh, scagadh, cóireáil, agus stóráil ola agus a tarchur trí phíblínte

3.

Gás

Táirgeadh, scagadh, cóireáil agus stóráil gáis agus a tharchur trí phíblínte

Críochfoirt GNL

II Iompar

4.

Iompar de bhóthar

5.

Iompar ar iarnród

6.

Aeriompar


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/36


RIALACHÁN (AE) 2022/2577 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2022

lena leagtar síos creat chun dlús a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus laghdú as cuimse na soláthairtí gáis nádúrtha ó Chónaidhm na Rúise chuig na Ballstáit, tá slándáil soláthair an Aontais agus a Bhallstát i mbaol. An tráth céanna, mar thoradh ar an soláthar gáis a bheith á úsáid mar uirlis troda agus na margaí a bheith á mí-ionramháil ag Cónaidhm na Rúise trí shuaitheadh d’aon ghnó a dhéanamh ar shreafaí gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas, rud a chuireann ní hamháin geilleagar an Aontais i mbaol, ach a chuireann slándáil an tsoláthair i mbaol freisin. Le himscaradh tapa foinsí fuinnimh in-athnuaite, is féidir cabhrú le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, trí chosaint a chruthú in aghaidh ghníomhaíochtaí na Rúise. Is féidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite rannchuidiú go mór chun cur i gcoinne na húsáide atá á baint as an bhfuinneamh mar uirlis troda ag an Rúis, trí shlándáil soláthair an Aontais a neartú, luaineacht sa mhargadh a laghdú agus praghsanna fuinnimh a ísliú.

(2)

Le roinnt míonna anuas, ghéaraigh gníomhaíochtaí na Rúise an staid sa mhargadh a thuilleadh, go háirithe tríd an mbaol a mhéadú go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas go luath amach anseo, staid a rinne difear do shlándáil soláthair an Aontais. Mar gheall air sin, tháinig méadú mór ar luaineacht praghsanna fuinnimh san Aontas agus ar phraghsanna gáis agus leictreachais go leibhéil is airde riamh i rith an tsamhraidh, as a tháinig méadú ar phraghsanna miondíola leictreachais, agus meastar go leanfaidh siad de dhul i bhfeidhm de réir a chéile ar fhormhór na gconarthaí atá ag tomhaltóirí, rud a chuireann ualach méadaitheach ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. Chuir an staid ghéaraithe sna margaí fuinnimh go mór leis an mboilsciú ginearálta sa limistéar euro agus chuir sé moill ar an bhfás eacnamaíoch ar fud an Aontais. Leanfaidh an riosca sin ar aghaidh gan beann ar aon laghdú sealadach ar phraghsanna mórdhíola agus beidh sé níos ábhartha fós an bhliain seo chugainn, mar a aithníodh sa togra éigeandála ón gCoimisiún a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hÉigeandáil Fuinnimh — ullmhú, ceannach agus cosaint an Aontais le chéile. D’fhéadfadh deacrachtaí móra a bheith ag cuideachtaí fuinnimh na hEorpa maidir le saoráidí stórála gáis a líonadh an bhliain seo chugainn, ós rud é gur dócha go dtiocfaidh níos lú gás píblíne isteach san Aontas ón Rúis, nó fiú nach dtiocfaidh aon ghás píblíne isteach san Aontas ón Rúis, mar gheall ar an staid pholaitiúil atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, is é an sprioc atá ann do 2023, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), 90 % d’acmhainneachtaí stórála gáis an Aontais a líonadh i gcomparáid le 80 % don gheimhreadh seo. Chomh maith leis sin, maidir le teagmhais dhothuartha, mar shampla sabaitéireacht píblínte agus rioscaí eile go gcuirfí isteach ar shlándáil an tsoláthair, d’fhéadfadh siad brú breise a chruthú sna margaí gáis. Ina theannta sin, tá an t-ionchas iomaíochais a bhaineann le tionscail teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite san Eoraip níos laige mar gheall ar bheartais a rinneadh le déanaí i réigiúin eile ar fud an domhain arb é is aidhm dóibh tacú leis an méadú ar shlabhraí luacha teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite ina n-iomláine agus dlús a chur leis an méadú sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin agus chun dul i ngleic le neamhchosaint thomhaltóirí agus ghnólachtaí na hEorpa ar phraghsanna arda luaineacha a chruthaíonn cruatan eacnamaíoch agus sóisialta, chun an laghdú is gá ar an éileamh ar fhuinneamh a éascú trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur in ionad soláthairtí gáis nádúrtha agus chun slándáil an tsoláthair a mhéadú, ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta, idir láithreach agus shealadach, chun dlús a chur le himscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite, go háirithe trí bhíthin bearta spriocdhírithe lena bhféadfar dlús a chur le luas imscartha foinsí fuinnimh in-athnuaite san Aontas sa ghearrthéarma.

(4)

Roghnaíodh na bearta práinneacha sin mar gheall ar a gcineál agus a n-acmhainneacht rannchuidiú le réitigh ar an éigeandáil fuinnimh sa ghearrthéarma. Go háirithe, roinnt de na bearta atá sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit iad a chur chun feidhme go pras chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le tionscadail fuinnimh in-athnuaite, gan gá le hathruithe troma ar a nósanna imeachta náisiúnta ná ar a gcórais dlí náisiúnta, agus lena n-áiritheofar dlús dearfach imscaradh foinsí fuinnimh in-athnuaite sa ghearrthéarma. Tá raon feidhme ginearálta ag roinnt de na bearta sin, amhail toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite chun críocha na reachtaíochta comhshaoil ábhartha, nó soiléiriú a thabhairt isteach maidir le raon feidhme treoracha comhshaoil áirithe chomh maith le simpliú an chreata deonaithe ceadaithe chun gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú trí dhíriú ar an tionchar a eascraíonn as na hathruithe nó na síntí i gcomparáid leis an mbuntionscadal. Díríonn bearta eile ar theicneolaíochtaí sonracha, amhail deonú ceadanna do threalamh grianfhuinnimh ar struchtúir atá ann cheana a dhéanamh i bhfad níos giorra agus níos tapa. Is iomchuí na bearta éigeandála sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir, agus iad a oiriúnú de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt i gceart ar na dúshláin atá ann faoi láthair.

(5)

Is gá bearta práinneacha spriocdhírithe breise a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar theicneolaíochtaí sonracha agus ar chineálacha tionscadal a bhfuil an acmhainneacht is mó acu maidir le himscaradh tapa agus a bhfuil éifeacht láithreach acu ar na cuspóirí maidir le luaineacht praghsanna a laghdú agus an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú gan srian a chur ar an éileamh foriomlán ar fhuinneamh. Chomh maith le dlús a chur le próisis deonaithe ceadanna, maidir le trealamh grianfhuinnimh ar struchtúir shaorga, is iomchuí imscaradh suiteálacha gréine ar mionscála a chur chun cinn agus dlús a chur leis, lena n-áirítear le haghaidh féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, mar shampla pobail fuinnimh áitiúla, ós rud é gurb iad sin na roghanna leis an gcostas is lú, agus is inrochtana agus is iad a imríonn an tionchar is lú ar an gcomhshaol nó ar ghnéithe eile chun suiteálacha nua fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid go tapa. Ina theannta sin, tacaíonn na tionscadail sin go díreach le teaghlaigh agus le cuideachtaí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh agus tugann siad cosaint do thomhaltóirí ar luaineacht praghsanna. Is rogha é gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú go tapa agus, ag an am céanna, an tionchar is lú a imirt ar bhonneagar eangaí agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcás na dteicneolaíochtaí táirgthe fuinnimh in-athnuaite sin, amhail cumhacht ghaoithe, a mbíonn próisis deonaithe ceadanna níos faide ann ina leith de ghnáth. Ar deireadh, is rogha dhíreach fuinnimh in-athnuaite iad teaschaidéil ar choirí gáis nádúrtha agus d’fhéadfadh siad an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú go mór le linn an tséasúir téimh.

(6)

Mar gheall ar an staid fuinnimh phráinneach agus eisceachtúil atá ann, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann díolúintí a thabhairt isteach ó oibleagáidí measúnaithe áirithe a leagtar síos i reachtaíocht chomhshaoil an Aontais do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail eangaí leictreachais atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais. Chun na díolúintí sin a thabhairt isteach, ba cheart dhá choinníoll a chomhlíonadh, eadhon an tionscadal a bheith lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaite nó eangaí agus ba cheart go mbeadh an limistéar sin faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil. Ina theannta sin, ba cheart bearta maolaithe comhréireacha nó, i gcás nach bhfuil fáil orthu, bearta cúitimh a ghlacadh chun cosaint speiceas a áirithiú.

(7)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le próisis deonaithe ceadanna a bhfuil túsdáta acu le linn a thréimhse cur i bhfeidhm. I bhfianaise chuspóir an Rialacháin seo, agus na staide éigeandála agus an chomhthéacs eisceachtúil a bhaineann lena ghlacadh, go háirithe ós rud é go bhfuil bonn cirt, de bharr dlús gearrthéarmach le himscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas, go gcuirfí forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm maidir le próisis deonaithe ceadanna atá ar feitheamh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an Rialachán seo, nó cuid áirithe dá fhorálacha, a chur i bhfeidhm maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna nach ndearna an t-údarás ábhartha cinneadh críochnaitheach ina leith, ar choinníoll go n-urramaítear go cuí le cur i bhfeidhm na rialacha sin cearta tríú páirtithe atá ann cheana agus a n-ionchais dhlisteanacha. Agus an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, go páirteach nó go hiomlán, maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, gur comhréireach é cur i bhfeidhm an rialacháin seo maidir le nósanna imeachta ceadaithe atá ar feitheamh agus go gcosnaítear go hiomchuí, leis an gcur i bhfeidhm sin, cearta agus ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara uile.

(8)

Ceann de na bearta sealadacha is ea toimhde infhrisnéise a thabhairt isteach go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad chun críocha reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol, ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil drochéifeachtaí móra ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol nach féidir a mhaolú ná a chúiteamh. Tá gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil nó fuinneamh gaoithe, ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide agus truailliú a chomhrac, praghsanna fuinnimh a laghdú, spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus slándáil soláthair an Aontais a áirithiú. Dá nglacfaí leis go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint le gléasraí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil, agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad, d’fhéadfadh na tionscadail sin tairbhe a bhaint láithreach, i gcás inar gá, as measúnú simplithe le haghaidh maoluithe sonracha dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol. Agus a sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur i bhfeidhm na toimhde sin a shrianadh do chodanna áirithe dá gcríocha nó do theicneolaíochtaí nó tionscadail áirithe. Is féidir leis na Ballstáit breithniú a dhéanamh an toimhde sin a chur i bhfeidhm ina reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le tírdhreachú.

(9)

Is léiriú é sin ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfuinneamh in-athnuaite i ndícharbónú chóras fuinnimh an Aontais, trí réitigh láithreacha a chur ar fáil lena gcur in ionad fuinnimh atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise agus trí aghaidh a thabhairt ar an staid ghéaraithe sa mhargadh. Chun deireadh a chur le scrogaill sa phróiseas deonaithe ceadanna agus in oibriú gléasraí fuinnimh in-athnuaite, sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna, ba cheart tosaíocht a thabhairt do thógáil agus d’oibriú gléasraí fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí lena mbaineann agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, ar a laghad i gcás tionscadal a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas poiblí ag baint leo. A mhéid a bhaineann le cosaint speiceas, níor cheart an tosaíocht seo a thabhairt ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.

(10)

Is príomhfhoinse fuinnimh in-athnuaite é an grianfhuinneamh chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach á bhaint amach ag an am céanna. Maidir le grianfhuinneamh fótavoltach, atá ar cheann de na foinsí leictreachais leis an gcostas is lú atá ar fáil, agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine, a chuireann téamh in-athnuaite ar fáil ar chostas íseal in aghaidh an aonaid teasa, is féidir iad a chur i bhfeidhm go tapa, agus is féidir le saoránaigh agus gnólachtaí tairbhe a bhaint astu. Sa chomhthéacs sin, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “EU Solar Energy Strategy” [Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh], tacófar le slabhra luacha gréine tionsclaíoch athléimneach a fhorbairt san Aontas, lena n-áirítear tríd an gComhghuaillíocht don Tionscal Fótavoltach Gréine a sheolfar ag deireadh 2022. Trí dhlús a chur le deonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tríd na próisis deonaithe ceadanna sin a fheabhsú, cuideofar le bonn a chur faoi mhéadú ar acmhainneacht déantúsaíochta theicneolaíocht fuinnimh ghlain an Aontais. Mar gheall ar na cúinsí atá ann faoi láthair agus, go háirithe an luaineacht ard i bpraghsanna fuinnimh, ní mór gníomhaíocht a dhéanamh láithreach chun próisis deonaithe ceadanna i bhfad níos tapúla a áirithiú chun dlús mór a chur le luas a bhaineann le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil ar struchtúir shaorga, nach mbíonn chomh casta céanna de ghnáth le suiteálacha ar an talamh agus ar féidir leo rannchuidiú go tapa le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair a mhaolú, ar choinníoll go gcoinnítear cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht na heangaí ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbainfeadh na suiteálacha sin tairbhe as próisis deonaithe ceadanna níos giorra i gcomparáid le tionscadail eile fuinnimh in-athnuaite.

(11)

3 mhí ba cheart a bheith sa sprioc-am uasta don phróiseas deonaithe ceadanna maidir le suiteáil trealaimh grianfhuinnimh mar aon leis an stóráil chomhshuite agus ceangail leis an eangach a bhaineann leis sin, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo agus a cruthaíodh chun críoch eile seachas chun grianfhuinneamh a tháirgeadh. Ba cheart maolú sonrach ar an gceanglas measúnuithe comhshaoil a dhéanamh faoi Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a thabhairt isteach freisin le haghaidh na suiteálacha sin ós rud é nach dócha go mbeidh ábhair imní ann maidir le húsáidí iomaíocha den spás nó tionchar ar an gcomhshaol. Ceann de na modhanna is éifeachtúla do thomhaltóirí fuinnimh chun a mbillí fuinnimh agus a neamhchosaint ar luaineacht praghsanna a laghdú is ea infheistíocht a dhéanamh i suiteálacha beaga díláraithe grianfhuinnimh lena bheith ina bhféintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, ar chúiseanna áirithe a bhfuil bonn cirt leo, limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó raon feidhme an spriocdháta chiorraithe sin agus ón maolú sin.

(12)

Rannchuidíonn suiteálacha féintomhaltais leictreachais, lena n-áirítear iad sin le haghaidh féintomhaltóirí comhchoiteanna, mar shampla pobail fuinnimh áitiúla, leis an éileamh foriomlán ar ghás nádúrtha a laghdú, le hathléimneacht an chórais a mhéadú agus le spriocanna fuinnimh in-athnuaite an Aontais a bhaint amach. Ní dócha go mbeidh éifeachtaí díobhálacha móra ar an gcomhshaol ná ar an eangach ag suiteáil trealaimh grianfhuinnimh ag a bhfuil toilleadh faoi bhun 50 kW, lena n-áirítear suiteálacha d’fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite, agus ní cúis imní é maidir le sábháilteacht. Ina theannta sin, de ghnáth ní bhíonn méadú acmhainneachta de dhíth ar shuiteálacha beaga féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite ag an bpointe nasctha eangaí. I bhfianaise na n-éifeachtaí dearfacha láithreacha a bhaineann le suiteálacha den sórt sin do thomhaltóirí agus i bhfianaise na dtionchar teoranta a bhféadfadh a bheith acu ar an gcomhshaol, is iomchuí an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir leo a chuíchóiriú a thuilleadh ar choinníoll nach sáróidh siad an acmhainneacht atá ag an gceangal leis an eangach dáileacháin cheana trí choincheap an tosta dhearfaigh riaracháin a thabhairt isteach sna próisis ábhartha deonaithe ceadanna chun imscaradh na suiteálacha sin a chur chun cinn agus dlús a chur leis an imscaradh sin, agus chun leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann leis na suiteálacha sin sa ghearrthéarma. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tairseach faoi bhun 50 kW a chur i bhfeidhm i ngeall ar a srianta inmheánacha, ar choinníoll go bhfanfaidh an tairseach níos airde ná 10.8 kW. I gcás ar bith, le linn an phróisis deonaithe ceadanna a mhairfidh mí amháin, féadfaidh na húdaráis nó na heintitis ábhartha diúltú do na hiarratais a fuarthas ar na suiteálacha sin ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht, cobhsaíocht agus iontaofacht eangaí ar bhonn freagra cuí-réasúnaithe.

(13)

Tá acmhainneacht mhór ag baint le hathchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana chun giniúint cumhachta in-athnuaite a mhéadú go tapa, rud a fhágann gur féidir ídiú gáis a laghdú. Le hathchumhachtú is féidir úsáid leanúnach a bhaint as láithreáin a bhfuil acmhainneacht mhór fuinnimh in-athnuaite acu, rud a laghdaíonn an gá atá le láithreáin nua a ainmniú do thionscadail fuinnimh in-athnuaite. Trí ghléasra cumhachta fuinnimh gaoithe a athchumhachtú le tuirbíní níos éifeachtúla, is féidir an acmhainneacht atá ann cheana a choinneáil ar bun, nó an acmhainneacht a mhéadú, agus tuirbíní níos mó agus níos éifeachtúla a bheith acu ag an am céanna, ach níos lú díobh. Téann sé chun tairbhe don athchumhachtú go mbíonn nasc ann cheana leis an eangach, gur dócha go mbeidh glacadh níos mó ag an bpobal leis agus go bhfuil eolas ar na tionchair atá ann don chomhshaol.

(14)

Meastar go mbeidh an acmhainneacht gaoithe ar talamh 38 GW ag teacht chuig deireadh a ghnáthré oibriúcháin de 20 bliain idir 2021 agus 2025. Dá ndéanfaí na hacmhainneachtaí sin a dhíchoimisiúnú in ionad iad a athchumhachtú, thiocfadh laghdú mór ar an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite atá suiteáilte faoi láthair, rud a dhéanfadh an staid sa mhargadh fuinnimh níos casta fós. Tá sé ríthábhachtach na próisis deonaithe ceadanna le haghaidh athchumhachtaithe a shimpliú agus a luathú láithreach chun an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite san Aontas a chothabháil agus a mhéadú. Chuige sin, tugtar isteach bearta breise leis an Rialachán seo chun an próiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le hathchumhachtú tionscadal fuinnimh in-athnuaite a chuíchóiriú a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart gach measúnú tionchair comhshaoil ábhartha a bheith san áireamh sa sprioc-am uasta 6 mhí is infheidhme maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú. Thairis sin, maidir le gléasra fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú nó bonneagar eangaí lena mbaineann is gá chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a uasghrádú, aon uair a bheidh an t-athchumhachtú sin faoi réir scagadh nó measúnú tionchair comhshaoil, ba cheart é a theorannú do mheasúnú a dhéanamh ar na tionchair shuntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an athrú nó ar an síneadh i gcomparáid leis an mbuntionscadal.

(15)

Chun athchumhachtú gléasraí fuinnimh in-athnuaite atá ann cheana a chur chun cinn agus dlús a chur leis an athchumhachtú sin, ba cheart nós imeachta simplithe um naisc eangaí a bhunú láithreach i gcás ina mbeidh méadú teoranta ar an acmhainneacht iomlán i gcomparáid leis an mbuntionscadal mar thoradh ar an athchumhachtú.

(16)

Agus suiteáil grianfhuinnimh á athchumhachtú, is féidir méaduithe ar éifeachtúlacht agus ar acmhainneacht a bhaint amach gan an spás atá á úsáid a mhéadú. Dá bhrí sin, ní bheadh tionchar éagsúil ag an tsuiteáil athchumhachtaithe ar an gcomhshaol ná mar atá ag an mbunsuiteáil fad is nach méadaítear an spás a úsáidtear sa phróiseas, agus go leantar de na bearta maolaithe comhshaoil a ceanglaíodh ar dtús a chomhlíonadh.

(17)

Is príomhtheicneolaíocht iad teaschaidéil chun téamh agus fuarú in-athnuaite a tháirgeadh ó fhuinneamh comhthimpeallach, lena n-áirítear ó ghléasraí cóireála fuíolluisce, agus ó fhuinneamh geoiteirmeach. Fágann teaschaidéil freisin gur féidir dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid. Trí imscaradh tapa teaschaidéal, lena slógtar foinsí fuinnimh in-athnuaite tearcúsáidte mar shampla fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh geoiteirmeach agus dramhtheas ó earnálacha tionsclaíocha agus treasacha, lena n-áirítear lárionaid sonraí, beifear in ann réiteach téimh in-athnuaite a chur in ionad coirí gáis nádúrtha agus coirí eile atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, agus éifeachtúlacht fuinnimh á méadú ag an am céanna. Cuirfidh sé sin dlús leis an laghdú ar úsáid gáis chun téamh a sholáthar, i bhfoirgnimh agus in earnáil na tionsclaíochta araon. Chun dlús a chur le suiteáil agus úsáid teaschaidéal, is iomchuí próisis deonaithe ceadanna a bheidh spriocdhírithe agus níos giorra a thabhairt isteach le haghaidh na suiteálacha sin, lena n-áirítear nós imeachta simplithe chun teaschaidéil níos lú a cheangal leis an eangach leictreachais i gcás nach bhfuil aon chúis imní maidir le sábháilteachta ann, nach bhfuil tuilleadh oibreacha de dhíth le haghaidh naisc eangaí agus níl aon neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann, ach amháin i gcás nach gceanglaítear nós imeachta mar sin faoin dlí náisiúnta. A bhuí le suiteáil teaschaidéal a bheidh níos tapúla agus níos éasca, cuirfidh úsáid mhéadaithe foinsí in-athnuaite in earnáil an téimh, arb í is cúis le leath d’ídiú fuinnimh an Aontais, le slándáil an tsoláthair agus cuideofar le dul i ngleic le staid níos deacra sa mhargadh.

(18)

Agus na sprioc-amanna á gcur i bhfeidhm maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú agus teaschaidéil a imscaradh, níor cheart an t-am a bhfuil na gléasraí, a naisc eangaí agus an bonneagar eangaí riachtanach lena mbaineann á dtógáil nó á n-athchumhachtú lena linn a áireamh laistigh de na sprioc-amanna sin ach amháin nuair atá sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den phróiseas deonaithe ceadanna. Ina theannta sin, níor cheart an tréimhse le haghaidh na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach le haghaidh uasghráduithe suntasacha ar an eangach is gá chun cobhsaíocht na heangaí, iontaofacht na heangaí agus sábháilteacht na heangaí a áireamh laistigh de na sprioc-amanna.

(19)

Chun imscaradh fuinnimh in-athnuaite a éascú a thuilleadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an fhéidearthacht a choinneáil chun sprioc-amanna an phróisis deonaithe ceadanna a ghiorrú a thuilleadh.

(20)

Maidir le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”) a mhéid a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, leanann na forálacha sin, agus go háirithe na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, de bheith infheidhme.

(21)

Is prionsabal ginearálta faoi dhlí an Aontais é prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh mar a luaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina breithiúnas an 15 Iúil 2021, i gCás C-848/19 P (3), an Ghearmáin v an Pholainn, agus tá feidhm aige maidir leis na Ballstáit uile. Trí phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a chur chun feidhme, leis an Rialachán seo, féadfar na héifeachtaí a bheidh ag imscaradh níos tapúla tionscadail fuinnimh in-athnuaite a dháileadh thar theorainneacha. Tá na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo dírithe ar shuiteálacha fuinnimh in-athnuaite i ngach Ballstát agus tagann réimse leathan tionscadal fúthu, lena n-áirítear tionscadail a bhaineann le struchtúir atá ann cheana, suiteálacha nua de threalamh grianfhuinnimh agus athchumhachtú suiteálacha atá ann cheana. I bhfianaise a chomhtháite atá margaí fuinnimh an Aontais, ba cheart aon mhéadú ar imscaradh fuinnimh in-athnuaite i mBallstát a bheith tairbheach freisin do Bhallstáit eile ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus praghsanna níos ísle de. Ba cheart go gcuideodh sé le sreabhadh leictreachais in-athnuaite thar na teorainneacha chuig na háiteanna is mó ina bhfuil gá leis agus go n-áiritheofaí leis go n-onnmhaireofar leictreachas a ghintear ar chostas íseal chuig na Ballstáit ina bhfuil an ghiniúint leictreachais níos costasaí. Ina theannta sin, beidh tionchar ag na hacmhainneachtaí fuinnimh in-athnuaite nuashuiteáilte sna Ballstáit ar an laghdú foriomlán ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

(22)

Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais, ceadaítear don Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má thagann géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe chun cinn, go háirithe i réimse an fhuinnimh. I bhfianaise na dteagmhas a tharla le déanaí agus na ngníomhaíochtaí a rinne an Rúis le déanaí , leis an mbaol mór atá ann go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise, mar aon le hionchas neamhchinnte na roghanna malartacha, tá bagairt mhór ann go gcuirfear isteach ar an soláthar fuinnimh, rud a mhéadaíonn ar na praghsanna fuinnimh a thuilleadh agus a chuireann brú ar gheilleagar an Aontais dá bharr sin. Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht phráinneach.

(23)

I bhfianaise mhéid na géarchéime fuinnimh, leibhéal a tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais agus gur gá gníomhú a luaithe is féidir, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh a bhailíocht teoranta do 18 mí dhéag, agus tá clásal athbhreithnithe ann chun go bhféadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh go gcuirfí síneadh lena bhailíocht, más gá.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha sealadacha de chineál éigeandála chun dlús a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna is infheidhme maidir le táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, agus béim ar leith á leagan ar theicneolaíochtaí sonracha fuinnimh in-athnuaite nó ar chineálacha tionscadal lenar féidir dlús gearrthéarmach a chur le luas imscartha foinsí in-athnuaite fuinnimh san Aontas.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na próisis deonaithe ceadanna uile a bhfuil dáta tosaigh acu laistigh dá thréimhse feidhme agus tá sé gan dochar d’fhorálacha náisiúnta lena mbunaítear sprioc-amanna níos giorra ná na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagail 4, 5 agus 7.

Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le próisis leanúnacha deonaithe ceadanna nach raibh cinneadh críochnaitheach mar thoradh orthu roimh an 30 Nollaig 2022, ar choinníoll go giorraítear leis sin an próiseas deonaithe ceadanna agus go gcaomhnaítear cearta dlíthiúla tríú páirtí atá ann cheana.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “próiseas deonaithe ceadanna” an próiseas:

(a)

ina gcuimsítear na ceadanna riaracháin ábhartha uile a eisítear maidir le gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú lena n-áirítear teaschaidéil, saoráidí comhshuite stórála fuinnimh agus na sócmhainní is gá lena gceangal leis an eangach, lena n-áirítear ceadanna maidir le ceangal leis an eangach agus measúnuithe tionchair comhshaoil i gcás inar gá iad sin; agus

(b)

ina gcuimsítear na céimeanna riaracháin uile a thosaíonn nuair a admhaítear go bhfuair an t-údarás ábhartha an t-iarratas iomlán agus a chríochnaíonn nuair a thugann an t-údarás ábhartha fógra faoin gcinneadh críochnaitheach maidir le toradh an phróisis;

(2)

ciallaíonn “trealamh grianfhuinnimh” trealamh a thiontaíonn fuinneamh ón ngrian go fuinneamh teirmeach nó leictreach, lena n-áirítear trealamh teirmeach gréine agus trealamh fótavoltach gréine.

Airteagal 3

Leas poiblí sáraitheach

1.   Maidir le pleanáil, tógáil agus oibriú gléasraí agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, agus a gceangal leis an eangach, an eangach ghaolmhar féin agus na sócmhainní stórála, measfar go bhfuil leas poiblí sáraitheach ag baint leo agus gur chun leas na sábháilteachta agus na sláinte poiblí atá siad agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, chun críocha Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1)(c) de Threoir 92/43/CEE (5) ón gComhairle, Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagal 9(1)(a) de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Féadfaidh na Ballstáit cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a theorannú do chodanna áirithe dá gcríoch agus do chineálacha áirithe teicneolaíochtaí nó do thionscadail lena mbaineann saintréithe teicniúla áirithe i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar a laghad i gcás tionscadail a aithnítear mar thionscadail a bhfuil leas sáraitheach poiblí ag baint leo, go dtabharfar, agus leasanna dlíthiúla á gcothromú sa chás aonair, tosaíocht sa phróiseas pleanála agus deonaithe ceadanna do thógáil agus d’oibriú gléasraí agus suiteálacha le haghaidh táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus d’fhorbairt an bhonneagair eangaí lena mbaineann. Maidir le cosaint speiceas, ní bheidh feidhm ag an abairt roimhe seo ach amháin má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, bearta iomchuí caomhnaithe speiceas a chuidíonn le líon na speiceas a choinneáil ar bun nó a athbhunú ag stádas caomhantais fabhrach agus má chuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais chomh maith le limistéir ar fáil chun na críche sin.

Airteagal 4

Luas a chur leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil

1.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh agus sócmhainní stórála fuinnimh comhshuite a shuiteáil, lena n-áirítear suiteálacha gréine agus trealamh grianfhuinnimh dín atá comhtháite san fhoirgneamh, i struchtúir shaorga atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, cé is moite de dhromchlaí uisce saorga, áiritheoidh na Ballstáit, nach mairfidh an próiseas sin níos faide ná 3 mhí, ar choinníoll nach é príomhaidhm na struchtúr sin grianfhuinneamh a tháirgeadh. De mhaolú ar Airteagal 4(2) de Threoir 2011/92/AE, agus ar Iarscríbhinn II, pointí 3(a) agus (b), arna léamh leis féin nó in éineacht le pointe 13(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, díolmhófar suiteálacha trealaimh grianfhuinnimh den sórt sin ón gceanglas, más infheidhme, a bheith faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol ag teastáil don tionscadal nó ón gceanglas measúnú tiomanta a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol.

2.   Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó fhorálacha mhír 1, ar chúiseanna a bhaineann le cosaint oidhreachta cultúrtha nó stairiúla, nó ar chúiseanna a bhaineann le leasanna cosanta náisiúnta nó leis an sábháilteacht.

3.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna i dtaca le trealamh grianfhuinnimh a shuiteálann, lena n-áirítear féintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht 50 kW nó níos lú acu, measfar an cead a bheith deonaithe mura dtugann na húdaráis nó na heintitis ábhartha freagra laistigh d'aon mhí amháin tar éis an iarratais, ar choinníoll nach mó acmhainneacht an trealaimh grianfhuinnimh ná acmhainneacht an naisc atá ann cheana leis an eangach dáileacháin.

4.   I gcás ina mbeidh ualach suntasach riaracháin nó srianta suntasacha ar oibriú na heangaí leictreachais mar thoradh ar chur i bhfeidhm na tairsí acmhainneachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit tairseach níos ísle a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfanfaidh sí sin os cionn 10.8 kW.

5.   Gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil go poiblí é i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana.

Airteagal 5

Gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú

1.   Maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna chun tionscadail a athchumhachtú, lena n-áirítear na ceadanna a bhaineann le huasghrádú na sócmhainní is gá chun iad a nascadh leis an eangach i gcás ina dtiocfaidh méadú ar acmhainneacht mar thoradh ar an athchumhachtú, ní mhairfidh sé níos faide ná 6 mhí lena n-áirítear measúnuithe tionchair comhshaoil i gcás ina gceanglaítear sin leis an reachtaíocht ábhartha.

2.   I gcás nach dtiocfaidh méadú thar 15 % ar acmhainneacht an ghléasra fuinnimh in-athnuaite mar thoradh ar an athchumhachtú, agus gan dochar don ghá measúnú a dhéanamh ar aon tionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun mhír 3 den Airteagal seo, ceadófar naisc eangaí leis an eangach tarchuir nó dáileacháin laistigh de 3 mhí tar éis iarratas a dhéanamh chuig an eintiteas ábhartha mura bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann nó mura bhfuil neamh-chomhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann.

3.   I gcás ina mbeidh athchumhachtú gléasra fuinnimh in-athnuaite, nó uasghrádú bonneagair eangaí lena mbaineann is gá chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil nós imeachta um measúnú tionchair ar an gcomhshaol nó measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE ag teastáil don tionscadal, beidh réamhchinneadh agus/nó an measúnú tionchair comhshaoil den sórt sin teoranta do na tionchair shuntasacha a d’fhéadfadh teacht as an athrú nó as an síneadh i gcomparáid leis an mbuntionscadal.

4.   I gcás nach mbeidh úsáid spáis bhreise i gceist le hathchumhachtú suiteálacha gréine agus i gcás ina gcomhlíonfar na bearta maolaithe comhshaoil is infheidhme arna mbunú le haghaidh na bunsuiteála, díolmhófar an tionscadal ón gceanglas, más infheidhme, a bheith faoi réir cinnidh an bhfuil nó nach bhfuil measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Airteagal 4 de Threoir 2011/92/AE ag teastáil don tionscadal.

5.   Gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil go poiblí é i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana.

Airteagal 6

Dlús a chur le próiseas deonaithe ceadanna na dtionscadal fuinnimh in-athnuaite agus do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun foinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras

Féadfaidh na Ballstáit tionscadail fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le tionscadail stórála fuinnimh agus tionscadail eangaí leictreachais atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais a dhíolmhú ón measúnú tionchair ar an gcomhshaol faoi Airteagal 2(1) de Threoir 2011/92/AE agus ó na measúnuithe ar chosaint speiceas faoi Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CEE agus faoi Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll go bhfuil an tionscadal le bheith lonnaithe i limistéar tiomnaithe in-athnuaite nó eangaí do bhonneagar eangaí lena mbaineann atá riachtanach chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, má tá limistéar in-athuaite nó eangaí bunaithe ag na Ballstáit, agus go raibh an limistéar faoi réir measúnú straitéiseach comhshaoil i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Áiritheoidh an t-údarás inniúil, ar bhonn na sonraí atá ann cheana, go gcuirfear bearta maolaithe iomchuí comhréireacha i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 12(1) de Threoir 92/43/CE agus Airteagal 5 de Threoir 2009/147/CÉ. I gcás nach mbeidh na bearta sin ar fáil, áirithóidh an t-údarás inniúil go n-íocfaidh an t-oibreoir cúiteamh airgeadaíochta as cláir chosanta speiceas, chun go gcosnófar nó gcuirfear feabhas ar stádas caomhnaithe an speicis a ndéantar difear dó.

Airteagal 7

Dlús a chur le himscaradh teaschaidéal

1.   Ní mhairfidh an próiseas deonaithe ceadanna maidir le teaschaidéil faoi bhun 50 MW a shuiteáil níos faide ná aon mhí amháin, agus ní mhairfidh an próiseas níos faide ná 3 mhí i gcás teaschaidéil fhoinse na talún.

2.   Ach amháin i gcás go bhfuil údar imní dea-bhunaithe maidir le sábháilteacht ann, go bhfuil tuilleadh oibreacha de dhíth le haghaidh naisc eangaí nó go bhfuil neamhoiriúnacht theicniúil idir comhpháirteanna an chórais ann, déanfar na naisc leis an eangach tharchurtha nó dháileacháin a cheadú tar éis fógra a thabhairt don eintiteas ábhartha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht leictreach suas le 12 kW acu; agus

(b)

teaschaidéil a bhfuil acmhainneacht leictreach suas le 50 kW acu arna suiteáil ag féintomhaltóir fuinnimh in-athnuaite, ar choinníoll go bhfuil acmhainneacht shuiteáil giniúna leictreachais in-athnuaite an fhéintomhaltóra fuinnimh in-athnuaite cothrom le 60 % ar a laghad d’acmhainneacht an teaschaidéil.

3.   Féadfaidh na Ballstáit limistéir nó struchtúir áirithe a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo, mar gheall ar chúiseanna a bhaineann le cosaint oidhreachta cultúrtha nó stairiúla, nó ar chúiseanna a bhaineann le leasanna cosanta náisiúnta nó leis an sábháilteacht.

4.   Gach cinneadh a eascróidh as na próisis deonaithe ceadanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, cuirfear ar fáil go poiblí é i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá ann cheana.

Airteagal 8

Amlínte don phróiseas deonaithe ceadanna maidir le trealamh grianfhuinnimh a shuiteáil, gléasraí cumhachta fuinnimh in-athnuaite a athchumhachtú agus teaschaidéil a imscaradh

Agus na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 7 á gcur i bhfeidhm, ní chomhairfear an t-am seo a leanas laistigh de na spriocdhátaí ach amháin nuair a bheidh sé i gcomhthráth le céimeanna riaracháin eile den phróiseas deonaithe ceadanna:

(a)

an t-am a bhfuil na gléasraí, a naisc eangaí agus, d’fhonn cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú, an bonneagar eangaí riachtanach lena mbaineann á dtógáil nó á n-athchumhachtú lena linn; agus

(b)

an t-am le haghaidh na gcéimeanna riaracháin atá riachtanach le haghaidh uasghráduithe suntasacha ar an eangach is gá chun cobhsaíocht, iontaofacht agus sábháilteacht eangaí a áirithiú.

Airteagal 9

Athbhreithniú

Faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise fhorbairt shlándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh agus i bhfianaise an ghá dlús breise a chur le himscaradh fuinnimh in-athnuaite. Cuirfidh sé tuarascáil maidir le príomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh go gcuirfí síneadh le bailíocht an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse 18 mí óna theacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (OJ L 173 30.6.22, p. 17).

(2)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(3)  Breithiúnas ón gCuirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.

(4)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(5)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(6)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(7)  Treoir 2009/147/CE an 30 Samhain 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(8)  Treoir 2001/42/CE an 27 Meitheamh 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/45


RIALACHÁN (AE) 2022/2578 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Nollaig 2022

lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh den Aontas agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna as cuimse ard

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le cogadh foghach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise (“an Rúis”) i gcoinne na hÚcráine agus an laghdú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar sholáthairtí gáis nádúrtha ón Rúis chuig na Ballstáit, cuirtear slándáil an tsoláthair i mbaol san Aontas agus sna Ballstáit. An tráth céanna, mar thoradh ar armú an tsoláthair gáis agus cúbláil mhargaidh na Rúise trí shuaití d’aon ghnó ar shreabha gáis, tháinig méadú an-mhór ar phraghsanna fuinnimh san Aontas. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar bhealaí soláthair, rud a fhágann go bhfuil plódú i mbonneagar gáis na hEorpa, agus mar gheall ar an ngá le foinsí malartacha soláthair gáis agus córais phraghasmhúnlaithe a aimsiú nach bhfuil curtha in oiriúint do shuaitheadh soláthair, cuireadh le luaineacht praghsanna agus le harduithe praghsanna. Le praghsanna gáis nádúrtha níos airde, cuirtear geilleagar an Aontais i mbaol trí bhoilsciú ard marthanach atá de thoradh ar phraghsanna leictreachais níos airde, rud a dhéanann dochar do chumhacht ceannaigh tomhaltóirí, chomh maith le trí chostas na monaraíochta a ardú, go háirithe i dtionscal dianfhuinnimh, agus cuirtear slándáil an tsoláthair i mbaol go mór.

(2)

In 2022, bhí praghsanna gáis nádúrtha as cuimse luaineach, agus bhain roinnt tagarmharcanna amach na leibhéil is airde riamh i mí Lúnasa 2022. An leibhéal neamhghnách i bpraghsanna gáis nádúrtha a cláraíodh i mí Lúnasa 2022, bhí sé sin mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, lena n-áirítear dianchothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh atá nasctha le hathlíonadh stórála agus laghdú ar shreabha píblíne, an eagla go gcuirfeadh an Rúis isteach níos mó ar an soláthar agus an eagla roimh chúbláil mhargaidh eile de chuid na Rúise, agus sásra praghasmhúnlaithe nach raibh curtha in oiriúint do na hathruithe ollmhóra sin ar an éileamh agus ar an soláthar agus a chuir leis an ardú as cuimse ar phraghsanna. Cé go raibh praghsanna le 10 mbliana anuas laistigh de bhanda idir EUR 5/MWh agus EUR 35/MWh, shroich praghsanna gáis nádúrtha na hEorpa leibhéil a bhí 1 000 % níos airde ná na meánphraghsanna a chonacthas roimhe seo san Aontas. Rinneadh Todhchaíochtaí Gáis Shaoráid Aistrithe Teidil (TTF) na hÍsiltíre (táirgí 3 mhí/ráithiúla) a thrádáiltear ar an malartán ICE Endex (2) a thrádáil ag leibhéil beagán faoi bhun EUR 350/MWh agus shroich gás lá roimh ré TTF a thrádáiltear ar Malartán Fuinnimh na hEorpa EUR 316/MWh. Níor shroich praghsanna gáis riamh leibhéil amhail na leibhéil a tugadh faoi deara i mí Lúnasa 2022.

(3)

I ndiaidh na damáiste a rinneadh do phíblíne Nord Stream 1 i mí Mheán Fómhair 2022 ar dócha gurb é gníomh sabaitéireachta ba chúis leis, níl aon dóchúlacht ann go bhfillfidh soláthairtí gáis ón Rúis chuig an tAontas ar na leibhéil a bhí ann roimh an gcogadh go luath amach anseo. Leanann tomhaltóirí agus gnólachtaí na hEorpa de bheith neamhchosanta ar an riosca follasach go bhféadfadh babhtaí eile arduithe tobanna ar phraghsanna gáis a bheith ann a dhéanann dochar don gheilleagar. De bharr teagmhais dhothuartha, amhail timpistí nó sabaitéireacht ar phíblínte lena gcuirtear isteach ar sholáthairtí gáis chuig an Eoraip nó lena méadaítear an t-éileamh go mór, d’fhéadfadh sé go gcuirfí slándáil an tsoláthair go mór i mbaol. An teannas sa mhargadh, arb é a spreagann an méid sin an eagla go dtarlódh ganntanas tobann, is dócha go leanfaidh an teannas sin ar aghaidh níos faide ná an geimhreadh seo agus go dtí an bhliain seo chugainn, toisc go meastar go leanfaidh an t-oiriúnú do shuaitheadh soláthair agus bunú caidrimh agus bonneagair nua soláthair ar feadh bliain amháin nó níos mó.

(4)

Cé gurb ann do dhíorthaigh a bhaineann le pointí trádála fíorúla (“VTPanna”) eile, meastar go coitianta gurb é TTF san Ísiltír an seachfhreastalaí praghsála “caighdeánach” ar mhargaí gáis na hEorpa. Is amhlaidh atá mar gheall ar leachtacht na saoráide sin a bhíonn ard de ghnáth mar gheall ar roinnt fachtóirí, lena n-áirítear a suíomh geografach, ar rud é a chuir ar chumas an TTF i dtimpeallacht réamhchogaidh gás nádúrtha a fháil ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear méideanna móra ón Rúis. Mar sin, úsáidtear go forleathan í mar phraghas tagartha i bhfoirmlí praghsála conarthaí soláthair gáis, chomh maith le mar bhonn praghsanna in oibríochtaí fálaithe nó díorthach ar fud an Aontais, lena n-áirítear i moil nach bhfuil nasctha go díreach le TTF. De réir shonraí an mhargaidh, ba é mol TTF ba chúis le thart ar 80 % den ghás nádúrtha a trádáladh san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) le chéile sna chéad 8 mí de 2022.

(5)

Mar sin féin, bhí tionchar ag na hathruithe suaiteacha ar mhargaí fuinnimh an Aontais ó bhí mí Feabhra 2022 ann ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na sásraí traidisiúnta praghasmhúnlaithe sa mhargadh mórdhíola gáis, go háirithe ar thagarmharc TTF. Cé gurbh fhoinse mhaith seachshonraí a bhí i TTF do phraghsanna gáis i réigiúin eile san Eoraip san am a chuaigh thart, ó mhí Aibreáin 2022 tá sé scoite ó phraghsanna ag moil agus áiteanna trádála eile san Eoraip, agus ó na measúnuithe ar phraghsanna a rinne gníomhaireachtaí tuairiscithe praghsanna maidir le hallmhairí gáis nádúrtha leachtaithe (“GNL”). Baineann sé seo den chuid is mó leis na srianta bonneagair áirithe a bhaineann le córas gáis Iarthuaisceart na hEorpa i dtéarmaí tarchur píblíne (Thiar-Thoir) agus i dtéarmaí toilleadh athghásaithe GNL araon. B’iad na teorainneacha sin ba chúis, i bpáirt, leis an méadú ginearálta ar phraghsanna gáis ó thús na géarchéime san Eoraip i ndiaidh armú na Rúise ar an bhfuinneamh. Léirítear leis an mbearna neamhghnách idir TTF agus moil réigiúnacha eile i mí Lúnasa 2022 go bhféadfadh sé, faoi na himthosca sonracha sa mhargadh faoi láthair, nach bhfuil TTF ina fhoinse mhaith seachshonraí maidir le staid an mhargaidh lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa, áit a bhfuil srianta bonneagair ag bagairt ar na margaí. Le linn babhtaí ganntanais i margadh Iarthuaisceart na hEorpa, d’fhéadfadh dálaí margaidh níos fabhraí a bheith ag margaí réigiúnacha eile lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa agus dá bhrí sin bíonn tionchar míchuí orthu trí innéacsú conartha le TTF. Cé go mbaineann TTF a chuspóir amach fós maidir leis an soláthar agus an t-éileamh a chothromú in Iarthuaisceart na hEorpa, tá gá le gníomhaíocht chun teorainn a chur leis an éifeacht a bhíonn ag babhtaí neamhghnácha praghsanna TTF as cuimse ard ar mhargaí réigiúnacha eile san Aontas. D’fhéadfadh easnaimh sa phraghasmhúnlú, ar bhonn níos lú, a bheith ann freisin le moil eile.

(6)

Tá bearta éagsúla ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis na sásraí praghasmhúnlaithe atá ann faoi láthair. Féidearthacht amháin atá ann do chuideachtaí Eorpacha a ndéanann na suaití sa mhargadh le déanaí agus easnaimh an chórais praghasmhúnlaithe difear dóibh ná dul i mbun athchaibidliú maidir leis na conarthaí TTF-bhunaithe atá ann cheana. Toisc nach ionann ábharthacht reatha na dtagairtí praghais a bhaineann le Todhchaíochtaí Gáis TTF agus an ábharthacht a bhí acu san am atá caite agus toisc nach féidir a áirithiú go bhfuil siad ionadaíoch ó thaobh staid an mhargaidh gáis lasmuigh d’Iarthuaisceart na hEorpa, féadfaidh ceannaitheoirí áirithe féachaint le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le praghasmhúnlú agus tagarmharc TTF a réiteach trí bhíthin athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conartha, bíodh sin faoi théarmaí sainráite an chonartha atá ann cheana nó de réir phrionsabail ghinearálta dhlí na gconarthaí.

(7)

Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh cuideachtaí allmhairíochta nó Ballstáit atá ag gníomhú thar a gceann dul i dteagmháil le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun conarthaí atá ann cheana a athchaibidliú nó chun teacht ar chomhaontú maidir le conarthaí nua soláthair le foirmlí praghsála níos iomchuí atá oiriúnaithe don staid reatha luaineachta. Le ceannach comhordaithe tríd an uirlis TF arna cruthú faoi Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle (3) d’fhéadfaí deiseanna a chur ar fáil praghas na n-allmhairí fuinnimh a ísliú, rud a laghdódh an gá le hidirghabháil sa mhargadh.

(8)

Thairis sin, mar chuid de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cuimsítear roinnt coimircí cheana féin chun babhtaí luaineachta foircní a theorannú, mar shampla trína cheangal ar mhargaí rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), den Treoir sin “scoradáin trádála” ghearrthéarmacha, mar a thugtar orthu, a bheith acu, rud a chuireann teorainn le méaduithe foircneacha ar phraghsanna le haghaidh uaireanta áirithe chun na críche sin. Leis an uirlis bainistithe luaineachta ionlae, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/2576 rannchuidítear le luaineacht fhoircneach praghsanna i margaí na ndíorthach fuinnimh a theorannú laistigh de 1 lá amháin. Mar sin féin, ní oibríonn na sásraí sin ach ar bhonn gearrthéarmach, agus níl sé i gceist leo cosc a chur ar phraghsanna margaidh leibhéil iomarcacha áirithe a bhaint amach.

(9)

Is gné thábhachtach eile é an t-éileamh a laghdú chun dul i ngleic le fadhb na mbuaiceanna móra praghsanna. Tríd an éileamh ar ghás agus ar leictreachas a laghdú, is féidir tionchar maolaithe a imirt ar phraghsanna margaidh agus dá bhrí sin is féidir rannchuidiú leis na fadhbanna a bhaineann le praghsanna arda neamhghnácha gáis a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20-21 Deireadh Fómhair 2022, nach mbeidh méadú foriomlán ar úsáid gáis mar thoradh ar ghníomhachtú an tsásra a bhunaítear leis an Rialachán seo.

(10)

I samhradh 2022, chuir iarrachtaí eintiteas a fhaigheann fóirdheontais stáit chun gás a cheannach lena stóráil gan an tionchar a bheadh ag ceannach neamh-chomhordaithe ar phraghsanna a chur san áireamh le méadú ar thagarmharcanna praghsanna agus go háirithe praghsanna TTF. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach comhordú níos fearr a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit a úsáideann eintitis státmhaoinithe chun gás a cheannach chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh chun buaicphointí praghais foircneacha a sheachaint amach anseo. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag úsáid an tsásra ceannaithe chomhpháirtigh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2576 maidir le babhtaí praghsanna gáis as cuimse ard a theorannú i ndáil leis sin.

(11)

Cé go bhfuil na bearta atá ann cheana ar fáil, dá bhrí sin, chun dul i ngleic le roinnt de na gnéithe is cúis leis na saincheisteanna a bhaineann le praghasmhúnlú sna margaí gáis, leis na bearta sin atá ann cheana ní ráthaítear go mbeidh réiteach láithreach agus sách cinnte ar na fadhbanna atá ann faoi láthair.

(12)

Is gá, dá bhrí sin, sásra sealadach ceartúcháin margaidh (“MCM”) a bhunú le haghaidh idirbhearta gáis nádúrtha sa phríomhmhargaí dhíorthaigh TTF agus díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile ag a bhfuil aibíochtaí idir mí roimh ré agus bliain roimh ré, mar ionstraim i gcoinne babhtaí praghsanna gáis as cuimse ard agus go mbeidh éifeacht láithreach leis an sásra sin.

(13)

Sna conclúidí uaithi an 20-21 Deireadh Fómhair 2022 d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra a thíolacadh mar ábhar práinne le haghaidh praghasraon dinimiciúil sealadach ar idirbhearta gáis nádúrtha chun eachtraí de phraghsanna gáis as cuimse ard a theorannú láithreach, agus na coimircí a leagtar amach in Airteagal 23(2) den togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán (AE) 2022/2576 á gcur san áireamh.

(14)

Ar thaobh amháin, ba cheart na coimircí seo a leanas a mheas agus MCM á dhearadh agus ar an taobh eile, ba cheart iad a úsáid chun a ráthú go gcuirfear deireadh le gníomhachtú féideartha MCM mura bhfuil na coinníollacha chun é a ghníomhachtú i bhfeidhm a thuilleadh nó má tharlaíonn suaití neamhbheartaithe sa mhargadh: ba cheart feidhm a bheith ag MCM maidir le hidirbhearta gáis nádúrtha i bpointe trádála fíorúil TTF, arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.; féadfar moil trádála gáis eile de chuid an Aontais a nascadh le spotphraghas ceartaithe TTF trí phraghasraon dinimiciúil; ba cheart dó a bheith gan dochar do thrádálacha gáis thar an gcuntar (“OTC”); níor cheart dó cinnteacht soláthair gáis an Aontais a chur i mbaol; níor cheart dó a bheith ag brath ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an sprioc maidir le coigilteas gáis a chur chun feidhme; níor cheart méadú foriomlán ar thomhaltas gáis a bheith mar thoradh air; níor cheart é a cheapadh ar bhealach nach gcuirfidh sé cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas; níor cheart dó difear a dheanamh do chobhsaíocht ná d’fheidhmiú ordúil na margaí díorthach fuinnimh, agus níor cheart a chur san áireamh léi praghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais.

(15)

Ba cheart MCM a cheapadh ar bhealach lena gcomhlíonfar dhá bhunchritéar, go háirithe go ngníomhóidh sé mar ionstraim éifeachtach i gcoinne babhtaí praghsanna gáis an-ard, agus nach ndéanfar é a ghníomhachtú ach amháin má shroicheann praghsanna leibhéil as cuimse ard i gcomparáid leis na margaí domhanda, chun suaití móra sa mhargadh agus cur isteach mór ar chonarthaí soláthair a sheachaint, rud a d’fhéadfadh rioscaí tromchúiseacha a bheith ag baint leis ó thaobh shlándáil an tsoláthair de.

(16)

Ba cheart an idirghabháil trí MCM a theorannú d’aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh is tábhachtaí sa chóras praghasmhúnlaithe. Is é praghas socraíochta mí roimh ré TTF le haghaidh díorthach an tagarmharc is mó, go mór fada, a úsáidtear i gconarthaí soláthair gáis ar fud an Aontais, agus ina dhiaidh sin aibíochtaí 2 mhí roimh ré agus bliain roimh ré. Mar sin féin, d’fhéadfadh saobhadh ar mhargaí fuinnimh nó airgeadais an Aontais a bheith mar thoradh ar athruithe trádála chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile, mar shampla trí arbatráiste ag rannpháirtithe sa mhargadh idir díorthaigh cheartaithe agus díorthaigh neamhheartaithe, chun aimhleasa na dtomhaltóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, díorthaigh atá nasctha le VTPanna uile san Aontas a áireamh i MCM, i bprionsabal. Mar sin féin, tá cur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna seachas TTF casta agus ní mór ullmhúchán teicniúil breise a dhéanamh ina leith. D’fhonn a phráinní atá sé MCM a thabhairt isteach don díorthach is tábhachtaí, díorthach TTF, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sonraí teicniúla chur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile agus roghnú na ndíorthach atá nasctha le VTPanna eile a shainiú, ar díorthaigh iad a fhéadfar a eisiamh ar bhonn critéir réamhshainithe trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

(17)

Le bunú MCM, ba cheart comhartha soiléir a thabhairt don mhargadh nach nglacfadh an tAontas le praghsanna as cuimse ard a eascraíonn as praghasmhúnlú neamhfhoirfe. Le bunú MCM sin, ba cheart cinnteacht a chur ar fáil freisin do ghníomhaithe sa mhargadh a mhéid a bhaineann le teorainneacha iontaofa ar thrádáil gáis, agus d'fhéadfaidh a bheith mar thoradh air coigiltí eacnamaíocha tábhachtacha a thabhairt do chuideachtaí agus do theaghlaigh nach mbeidh a fhágáil faoi lé eipeasóidí praghsanna fuinnimh as cuimse ard.

(18)

Leis MCM, ba cheart uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a thabhairt isteach do phraghas dhíorthaigh le haibíochtaí ó mhí roimh ré go bliain roimh ré. Ba cheart an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a ghníomhachtú má shroicheann praghas dhíorthaigh leibhéal réamhshainithe, agus mura bhfreagraíonn an t-ardú ar phraghas d’arduithe comhchosúla ar leibhéal an mhargaidh réigiúnaigh nó ar leibhéal an mhargaidh dhomhanda.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú le huasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil nach nglacfar le horduithe trádála a bheadh i bhfad mórán níos airde ná praghsanna GNL i réigiúin eile ar domhan. Ba cheart tagarmharcanna iomchuí a úsáid chun praghas tagartha a chinneadh a léiríonn treochtaí domhanda i bpraghsanna GNL. Ba cheart an praghas tagartha a bheith bunaithe ar mheasúnuithe ar phraghsanna GNL atá ionadaíoch do dhálaí margaidh na hEorpa agus, i ngeall ar an tábhacht ar leith a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Áise mar iomaitheoirí sa mhargadh domhanda GNL, ar thagarmharc iomchuí freisin do réigiúin na Ríochta Aontaithe agus na hÁise. I gcodarsnacht le gás píblíne, déantar GNL a thrádáil ar fud an domhain. Dá bhrí sin, is fearr a léiríonn praghsanna GNL na forbairtí i bpraghsanna gáis ar an leibhéal domhanda agus is féidir leo a bheith ina dtagarmharc chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil leibhéil na bpraghsanna i moil ilchríochacha, éagsúil go neamhghnách le praghsanna idirnáisiúnta.

(20)

Ba cheart an sampla de phraghsanna GNL a chuirtear san áireamh a bheith leathan go leor le bheith faisnéiseach fiú sa chás nach mbeadh praghas GNL ar leith ar fáil ar lá áirithe. D’fhonn bascaed ionadaíoch de phraghsanna Eorpacha agus idirnáisiúnta a thógáil agus chun a áirithiú go bhfuil na heintitis a sholáthraíonn an fhaisnéis faoi phraghsanna faoi réir rialachán ábhartha an Aontais, ba cheart do ghníomhaireachtaí tuairiscithe a liostaítear i gclárlann riarthóirí agus tagarmharcanna arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) na measúnuithe praghais a roghnú. Ós rud é go bhfuil faisnéis thráthúil ríthábhachtach do MCM dinimiciúil, níor cheart ach faisnéis faoi phraghsanna ó eintitis a sholáthraíonn faisnéis a bhaineann le lá an fhoilsithe a chur san áireamh. Chun go mbeidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“ACER”), in ann a chuid dualgas maoirseachta margaidh faoin Rialachán seo a fheidhmiú, agus chun an praghas tagartha a ríomh in am, is gá oibleagáid a chur ar na gníomhaireachtaí tuairiscithe a fhoilsíonn measúnuithe praghsanna measúnuithe a chur ar fáil do ACER faoi 21.00 CET, ar choinníoll go mbeidh siad ar fáil, chun go mbeidh ACER in ann praghas tagartha a fhoilsiú roimh dheireadh an lae. Cé nach mbaineann na hoibleagáidí tuairiscithe sin ach le sonraí atá ann cheana agus nach gcuireann siad ualach suntasach breise ar na gníomhaireachtaí tuairiscithe agus go mbíonn siad ann go minic i rialáil fuinnimh agus an mhargaidh airgeadais, ba cheart do ACER a áirithiú go gcaithfear go rúnda leis an bhfaisnéis a fhaightear, ba cheart dó aon chearta maoine intleachtúla a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a chosaint agus an fhaisnéis sin a úsáid chun críoch rialála agus chun na críche sin amháin. Ba cheart do ACER a bheith in ann treoir a eisiúint maidir leis an bhformáid ina bhfuil na sonraí ábhartha le cur ar fáil.

(21)

I ngeall ar a leachtacht ard, is iomchuí díorthaigh na míosa is túisce a bhaineann le Pointe Comhardaithe Náisiúnta (“NBP”) na Ríochta Aontaithe a chur san áireamh freisin. Ba cheart an measúnú laethúil ar phraghsanna arna dhéanamh ag ACER de bhun Rialachán (AE) 2022/2576 a bheith mar chuid den bhascaed de mheasúnuithe ar phraghsanna GNL.

(22)

Cé gur foinse seachshonraí mhaith iad na tagarmharcanna a chuirtear san áireamh don phraghas tagartha do threochtaí domhanda praghsanna GNL, ní féidir leo praghsanna díorthach a ionadú. Is amhlaidh atá go háirithe toisc go léiríonn an praghas tagartha praghsanna ag suíomhanna éagsúla seachas TTF agus VTPanna eile san Aontas. Mar shampla, ní chuirtear san áireamh iontu na costais a bhaineann le plódú bonneagair a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a aistrítear an gás ón gcríochfort GNL go dtí an áit a bhfuil mol TTF lonnaithe. Dá bhrí sin, bíonn praghsanna TTF níos airde de ghnáth ná na praghsanna a chuirtear san áireamh don phraghas tagartha. Bhí difríocht de thart ar EUR 35/MWh ar an meán idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2022. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach ó thaobh shlándáil an tsoláthair de go socraítear an praghas dhíorthaigh TTF ceartaithe ar leibhéal sách ard chun allmhairí GNL ó réigiúin eile ar domhan a mhealladh. Ba cheart, dá bhrí sin, préimh shlándáil an tsoláthair a chur ar an bpraghas tagartha chun an praghas ceartaithe dhíorthaigh TTF a ríomh. Ba cheart an fhoirmle le haghaidh na huasteorann sábháilteachta a bheith go hiomlán dinimiciúil, bunaithe ar chiseán praghsanna a bheadh ag forbairt ar bhealach dinimiciúil lena léireofaí praghsanna an mhargaidh dhomhanda, agus ba cheart di feidhmiú mar lamháil sábháilteachta áirithe chun a áirithiú nach mbeidh slándáil an tsoláthair i mbaol. Is féidir leis an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a bheith éagsúil ó lá go lá ar bhonn fhorbairt na bpraghsanna domhanda atá sa chiseán.

(23)

Níor cheart don uasteorainn sábháilteachta a bheith statach. ba cheart an uasteorainn sábháilteachta a choigeartú ar bhealach dinimiciúil agus ar bhonn laethúil. Trí phraghas socraíochta laethúil a fhoilsiú, is féidir leis an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil fanacht i gcomhréir le forbairtí sa mhargadh GNL, agus an próiseas praghasmhúnlaithe maidir le malartuithe a chaomhnú agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach a mhaolú. Le dearadh dinimiciúil na huasteorann sábháilteachta, laghdófar freisin na rioscaí do chontrapháirtithe lárnacha agus cuirfear teorainn leis an tionchar ar rannpháirtithe i margaí sa todhchaí, amhail comhaltaí imréitigh agus a gcliaint. Níor cheart go gceartófaí leis an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil praghsanna an mhargaidh faoi bhun teorainn áirithe.

(24)

Chun aon riosca a sheachaint go mbeadh iompraíocht chlaonpháirteach neamhdhleathach i measc soláthróirí nó trádálaithe gáis nádúrtha mar thoradh ar theorainn dhinimiciúil tairisceana ar phraghas dhíorthaigh mí roimh ré go bliain roimh ré, ba cheart do rialtóirí airgeadais, ACER agus na húdaráis iomaíochta breathnú go cúramach ar mhargaí na ndíorthach gáis agus fuinnimh le linn na tréimhse ina ndéantar an MCM a ghníomhachtú.

(25)

Ba cheart MCM a bheith de chineál sealadach agus níor cheart é a ghníomhachtú ach amháin chun teorainn a chur le babhtaí praghsanna gáis nádúrtha as cuimse ard, ar praghsanna iad nach bhfuil ag teacht le praghsanna ag malartáin gháis eile. Chuige sin, ba cheart dhá choinníoll charnacha a chomhlíonadh chun go n-oibreoidh MCM.

(26)

Níor cheart MCM a ghníomhachtú ach amháin i gcás ina sroicheann praghsanna socraíochta dhíorthaigh TTF na míosa is túisce leibhéal réamhshainithe as cuimse ard, chun a áirithiú go gceartóidh MCM easnaimh sa mhargadh agus nach gcuirfidh sé isteach go mór ar éileamh agus ar sholáthar agus ar ghnáthshocrú praghsanna. Mura socraítear an uasteorainn sabháilteachta ar leibhéal ard go leor, d’fhéadfadh sí cosc a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh a rioscaí a fhálú go héifeachtach, ós rud é go bhféadfaí dochar a dhéanamh do mhúnlú praghsanna iontaofa le haghaidh táirgí a bhfuil dáta seachadta acu sa todhchaí agus d’fheidhmiú mhargaí na ndíorthach. Dá spreagfaí MCM chun praghsanna a laghdú go saorga in ionad mhífheidhmiú an mhargaidh a cheartú, bheadh tionchar diúltach tromchúiseach aige ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear gnólachtaí fuinnimh, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí acu freastal ar ghlaonna ar éarlais agus ar shrianta leachtachta, rud a bhféadfadh mainneachtain a bheith mar thoradh air. D’fhéadfadh sé go gcuirfí cosc ar ghníomhaithe áirithe sa mhargadh, go háirithe gníomhaithe beaga, a suíomhanna a fhálú, rud a chuirfeadh leis an luaineacht sna spotmhargaí agus bheadh na buaiceanna praghsanna níos airde mar thoradh air sin. I bhfianaise na méideanna móra trádála, bheadh an fhorbairt sin ina riosca follasach don gheilleagar agus ba cheart é sin a chosc le ceapadh MCM. An taithí a fuarthas roimhe seo, amhail an t-ardú as cuimse ar phraghsanna a léiríodh i mí Lúnasa 2022, ba cheart an taithí sin a bheith ina treoir maidir le sainiú na leibhéal praghsanna, ar leibhéal é ag ar cheart MCM a spreagadh. Léiríonn na sonraí atá ar fáil gur i mí Lúnasa 2022, shroich praghsanna do dhíorthaigh TTF na míosa is túisce leibhéil os cionn EUR 180/MWh. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag MCM praghsanna neamhghnácha ar leibhéal a baineadh amach i mí Lúnasa 2022 a sheachaint.

(27)

Thairis sin, níor cheart MCM a ghníomhachtú ach amháin nuair a shroicheann praghsanna TTF leibhéil atá an-ard agus neamhghnách i gcomparáid le praghsanna GNL, rud a léiríonn treochtaí margaidh domhanda. Dá dtiocfadh méadú ar phraghsanna na margaí domhanda ar an luas agus ar an leibhéal céanna le praghsanna TTF, d’fhéadfadh sé, le gníomhachtú MCM, go gcuirfí bac ar cheannach soláthairtí ar na margaí domhanda, rud lena bhféadfaí rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, níor cheart MCM a spreagadh ach amháin i gcásanna ina bhfuil praghsanna TTF go mór os cionn praghsanna na margaí domhanda thar thréimhse fhada. Ar an gcaoi chéanna, dá ndéanfaí an difríocht le praghsanna TTF a laghdú nó a chur ar ceal, ba cheart MCM a dhíghníomhachtú, chun aon riosca do shlándáil an tsoláthair a sheachaint.

(28)

Chun go mbeidh sé go hiomlán comhoiriúnach le Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle (7) agus leis na spriocanna laghdaithe éilimh a leagtar amach sa Rialachán sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhachtú MCM a chur ar fionraí, má dhéanann sé difear diúltach don dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na spriocanna maidir le laghdú deonach ar éileamh de bhun Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle, nó má thagann méadú foriomlán 15 % in aon mhí amháin nó 10 % in dhá mhí as a chéile ar thomhaltas gáis mar thoradh air sin i gcomparáid leis an meántomhaltas faoi seach le linn míonna inchomparáide sna blianta roimhe sin. Chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí réigiúnacha nó éagsúlachtaí ar fud an Aontais de bharr séasúracht, athruithe aimsire agus tosca eile amhail géarchéim COVID-19, ba cheart tomhaltas gáis a thomhas de réir tomhaltais sna cúig bliana roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an gcur chuige i Rialachán (AE) 2022/1369, ar bhonn sonraí maidir le tomhaltas gáis agus laghdú ar éileamh a fhaightear ó na Ballstáit de bhun an Rialacháin sin. Níor cheart, leis an tionchair maolaithe ar phraghsanna gáis nádúrtha a d’fhéadfadh eascairt as MCM, go ndéanfaí an tomhaltas gáis nádúrtha san Aontas a dhreasú go saorga ar chaoi lena ndéanfar dochar do na hiarrachtaí is gá chun an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú i gcomhréir leis na spriocanna maidir le laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh de bhun Rialachán (AE) 2022/1369 agus spriocanna maidir le laghdú ar éilimh de bhun Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle (8). Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh gníomhachtú MCM moill ar an dul chun cinn a dhéanann na Ballstáit chun a spriocanna maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach.

(29)

D’fhéadfadh rioscaí airgeadais, conarthacha agus rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair a bheith i gceist le MCM, ag brath ar leibhéal na hidirghabhála. Braitheann leibhéal an riosca ar a mhinice a dhéantar MCM a ghníomhachtú agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé cur isteach ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh. Dá ísle an tairseach idirghabhála, is ea is minice a dhéanfar MCM a spreagadh, agus dá bhrí sin is dóchúla go dtiocfadh an riosca ábhartha chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha maidir le gníomhachtú MCM a shocrú ar leibhéal atá nasctha le leibhéil neamhghnácha as cuimse ard maidir le praghas mí roimh ré TTF, agus a áirithiú san am céanna gur ionstraim éifeachtach é i gcoinne babhtaí praghsanna as cuimse ard, ar praghsanna gáis as cuimse ard iad nach léiríonn forbairtí sa mhargadh idirnáisiúnta.

(30)

Tá sé tábhachtach go gceapfaí MCM ar bhealach nach n-athróidh cothromaíocht chonarthach bhunúsach na gconarthaí soláthair gáis, ach ina ionad sin ar bhealach lena dtabharfaí aghaidh ar bhabhtaí iompraíochta neamhghnáiche sa mhargadh. Má shocraítear na truicir don idirghabháil ar leibhéal lena gceartaítear fadhbanna atá ann cheana maidir le praghasmhúnlú agus nach bhfuil sé i gceist leo cur isteach ar chothromaíocht an éilimh agus an tsoláthair, is féidir an riosca a íoslaghdú go n-athrófar cothromaíocht chonarthach na gconarthaí atá ann cheana de thoradh MCM nó de thoradh ghníomhachtú MCM.

(31)

Chun a áirithiú go mbeidh éifeacht láithreach ag MCM, ba cheart an teorainn dhinimiciúil tairisceana a ghníomhachtú láithreach agus go huathoibríoch, gan aon ghá le cinneadh eile ó ACER ná ón gCoimisiún.

(32)

Chun a áirithiú go ndéanfar fadhbanna a d’fhéadfadh teacht as gníomhachtú MCM a shainaithint go luath, ba cheart don Choimisiún sainordú a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“ESMA”) agus ACER tuarascáil a eisiúint maidir le héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag MCM ar mhargaí airgeadais agus fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair.

(33)

Ba cheart do ACER faireachán leanúnach a dhéanamh ar cé acu a gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hoibriú MCM nó nach gcomhlíontar. Is é ACER an t-údarás is fearr chun an faireachán sin a dhéanamh, toisc go bhfuil dearcadh uile Aontais aige ar mhargaí gáis agus go bhfuil an saineolas is gá aige maidir le hoibriú na margaí gáis, agus go bhfuil sainordú aige cheana féin maidir le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh faoi dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart do ACER faireachán a dhéanamh ar fhorbairt phraghas socraíochta TTF na míosa is túisce agus é a chur i gcomparáid leis an bpraghas tagartha, arna chinneadh le meánphraghas measúnuithe praghais GNL atá nasctha le moil trádála na hEorpa, chun a dheimhniú cé acu a chomhlíontar na coinníollacha lena dtugtar údar le gníomhachtú nó díghníomhachtú MCM nó nach gcomhlíontar. A luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha maidir le gníomhachtú MCM, ba cheart do ACER fógra a fhoilsiú láithreach ar a shuíomh gréasáin lena gcuirfear in iúl gur comhlíonadh na coinníollacha spreagtha chun MCM a ghníomhachtú. An lá dár gcionn, níor cheart d’oibreoirí margaidh rialáilte glacadh le haon orduithe atá os cionn na teorann dinimiciúla tairisceana agus níor cheart do rannpháirtithe sa mhargadh díorthach TTF orduithe den sórt sin a thíolacadh. Ba cheart d’oibreoirí margaidh rialáilte agus do rannpháirtithe i margadh dhíorthaigh TTF faireachán a dhéanamh ar shuíomh gréasáin ACER ar cheart an praghas tagartha laethúil a fhoilsiú air. Ba cheart feidhm a bheith ag teorainn tairisceana dhinimiciúil chomhchosúil maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile faoi na coinníollacha a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme a bhaineann le cur i bhfeidhm MCM ar dhíorthaigh den sórt sin.

(34)

Féadfaidh gníomhachtú MCM éifeachtaí neamh-inmhianaithe agus neamh-intuartha a spreagadh ar an ngeilleagar, lena n-áirítear rioscaí do shlándáil an tsoláthair agus don chobhsaíocht airgeadais. Chun freagairt mhear a áirithiú i gcás ina dtarlaíonn suaití neamhbheartaithe ar an margadh, ba cheart coimircí éifeachtúla a bhunú, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, lena n-áiritheofar gur féidir MCM a chur ar fionraí tráth ar bith. I gcás suaitheadh neamhbheartaithe sa mhargadh, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin ACER agus ar thásca nithiúla go bhfuil teagmhas ceartúcháin margaidh ar tí tarlú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tuairim a iarraidh ar ESMA, ACER, agus, i gcás inarb iomchuí, ar Lionra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (“ENTSOG”) agus ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“GCG”) maidir leis an tionchar a bheadh ag teagmhas ceartúcháin margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann ar shlándáil an tsoláthair, ar shreabha gáis laistigh den Aontas agus ar an gcobhsaíocht airgeadais, ionas gur féidir leis an gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, gníomhachtú MCM ag ACER a chur ar fionraí go tapa más gá.

(35)

Anuas ar athbhreithniú laethúil a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais maidir leis an teorainn dhinimiciúil tairisceana fós i bhfeidhm, ba cheart coimircí breise a bhunú chun suaití neamhbheartaithe sa mhargadh a sheachaint.

(36)

Níor cheart don teorainn dhinimiciúil tairisceana difear a dhéanamh d’idirbhearta OTC, toisc go dtiocfadh saincheisteanna tromchúiseacha faireacháin chun cinn dá n-áireofaí iad agus go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann maidir le slándáil an tsoláthair. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag sásra athbhreithnithe maidir le measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh athruithe suntasacha ar thrádáil dhíorthaigh TTF chuig margaí OTC a bheith mar thoradh ar eisiamh idirbheart OTC, rud a chuirfeadh cobhsaíocht na margaí airgeadais nó na margaí fuinnimh i mbaol.

(37)

Ba cheart MCM a dhíghníomhachtú go huathoibríoch mura bhfuil bonn cirt lena fheidhmiú a thuilleadh mar gheall ar an staid ar an margadh gáis nádúrtha. Mura dtarlaíonn suaitheadh sa mhargadh, níor cheart MCM a dhíghníomhachtú ach amháin tar éis tréimhse áirithe ama, chun gníomhachtú agus díghníomhachtú ar bhonn minic a sheachaint. Ba cheart, dá bhrí sin, MCM a dhíghníomhachtú go huathoibríoch, tar éis 20 lá más é EUR 180/MWh an teorainn dhinimiciúil tairisceana ar feadh tréimhse áirithe. Maidir le díghníomhachtú MCM, níor cheart gá a bheith ann le haon mheasúnú ó ACER ná ón gCoimisiún, ach ba cheart dó tarlú go huathoibríoch nuair a chomhlíonfar na coinníollacha.

(38)

I gcás ina mbeadh laghduithe suntasacha ar an soláthair gáis agus sa chás nár leor an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh ar ghás atá fós ann, de bhun Rialachán (AE) 2017/1938, féadfaidh an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt arna iarraidh sin do Bhallstát a bhfuil éigeandáil fógartha aige, agus tá air éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais a fhógairt má tá éigeandáil fógartha ag dhá Bhallstát nó níos mó. Chun nach dtarlódh cás ina mbeadh fadhbanna maidir le cinnteacht an tsoláthair mar thoradh ar ghníomhachtú leanúnach an MCM,, ba cheart an sásra a dhíghníomhachtú go huathoibríoch i gcás inar fhógair an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais.

(39)

Tá sé ríthábhachtach go n-áireofaí le MCM ionstraim éifeachtach chun an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil a chur ar fionraí, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, láithreach agus tráth ar bith dá mbeadh suaitheadh tromchúiseach ar an margadh mar thoradh ar an uasteorainn sábháilteachta dhinimiciúil, rud a dhéanfadh difear do shlándáil an tsoláthair agus do shreabha gáis laistigh den Aontas.

(40)

Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach measúnú críochnúil a dhéanamh ar na coimircí uile atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an bhféidearthacht MCM a chur ar fionraí, ba cheart MCM a chur ar fionraí trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún. Agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh, ar cinneadh é ba cheart a dhéanamh gan moill mhíchuí, ba cheart don Choimisiún a mheas an gcuireann cur i bhfeidhm na teorann dinimiciúla tairisceana slándáil sholáthair an Aontais i mbaol, an bhfuil iarrachtaí leordhóthanacha chun éileamh a laghdú ag gabháil leis, an gcuireann sé cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas, an ndéanann sé difear diúltach do mhargaí na ndíorthach fuinnimh, an cuntas ar phraghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais, nó i gcás ina bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar chonarthaí soláthair gáis atá ann cheana. Sna cásanna sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh MCM a chur ar fionraí trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. I bhfianaise an ghá atá le freagairt go tapa, níor cheart go gceanglófaí ar an gCoimisiún gníomhú i gcomhréir le nós imeachta coiste.

(41)

Níor cheart do MCM slándáil soláthair gáis an Aontais a chur i mbaol trí shrian a chur le comharthaí praghais atá riachtanach chun soláthairtí gáis riachtanacha a mhealladh agus le haghaidh sreafaí gáis laistigh den Aontas. Go deimhin, d’fhéadfadh soláthraithe gáis soláthairtí a choinneáil siar nuair a ghníomhachtaítear MCM chun brabúis a uasmhéadú trí dhíol go luath tar éis na huasteorainneacha sábháilteachta a dhíghníomhachtú. I gcás ina n-eascródh rioscaí den sórt sin do shlándáil soláthair gáis an Aontais as MCM, ach nach bhfógraítear aon éigeandáil réigiúnach ná éigeandáil Aontais, ba cheart don Choimisiún MCM a chur ar fionraí láithreach. Ba cheart go n-áireofaí leis na gnéithe atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair diall suntasach féideartha de cheann amháin de chomhpháirteanna an phraghais tagartha i gcomparáid leis an treocht stairiúil, agus laghdú suntasach ar allmhairí GNL ráithiúla isteach san Aontas i gcomparáid leis an ráithe chéanna den bhliain roimhe sin.

(42)

Ós rud é gur príomhghné de shlándáil an tsoláthair san Aontas iad sreabha gáis gan srian laistigh den Aontas, ba cheart gníomhachtú MCM a chur ar fionraí freisin dá gcuirfeadh sé srian mhíchuí ar shreabha gáis laistigh den Aontas, rud a chuirfeadh slándáil sholáthair gáis an Aontais i mbaol.

(43)

Níor cheart do MCM laghdú a dhéanamh ar an ról a chomhlíonann comharthaí praghais i margadh inmheánach an Aontais i ngás nádúrtha agus cosc a chur ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfaidh gás nádúrtha de bheith ag sreabhadh sna háiteanna is mó a bhfuil gá leis.

(44)

Níor cheart do MCM feidhmiú cuí leanúnach mhargaí na ndíorthach fuinnimh a chur i mbaol go míchuí. Tá ról lárnach ag na margaí sin maidir le rannpháirtithe sa mhargadh a chumasú chun a suíomhanna a fhálú d’fhonn rioscaí a bhainistiú, go háirithe maidir le luaineacht praghsanna. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh caillteanais shuntasacha airgeadais ann do rannpháirtithe sa mhargadh i margaí na ndíorthach mar thoradh ar idirghabhálacha praghsanna trí MCM. I bhfianaise mhéid an mhargaidh gáis san Aontas, d’fhéadfadh caillteanais den sórt sin difear a dhéanamh ní hamháin do mhargaí na ndíorthach speisialaithe, ach d’fhéadfadh éifeachtaí iarmhartacha suntasacha a bheith acu ar mhargaí airgeadais eile. . D’fhéadfadh méadú díobhálach a theacht ar ghlaonna ar éarlais mar gheall ar idirghabhálacha praghais freisin mar thoradh ar éiginnteacht. D’fhéadfadh caillteanais shuntasacha airgeadais agus leachtachta do rannpháirtithe sa mhargadh a bheith mar thoradh ar mhéadú suntasach ar ghlaonna ar éarlais, rud a d’fhágfadh mainneachtain comhalta imréitigh nó cliaint deiridh. Ba cheart do rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh gníomhú de mheon macánta agus gan nósanna imeachta bainistithe riosca a athrú go míchuí a mbeadh méadú ar ghlaonna ar éarlais mar thoradh orthu, go háirithe mura bhfuil siad i gcomhréir le gnáthnósanna imeachta margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún MCM a chur ar fionraí láithreach má chuireann sé feidhmiú ordúil mhargadh na ndíorthach i mbaol, mar shampla i gcás ina dtagann laghdú suntasach ar idirbhearta dhíorthaigh TTF laistigh den Aontas nó aistriú suntasach idirbhearta dhíorthaigh TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh an saineolas atá ar fáil ó chomhlachtaí ábhartha an Aontais. Is údarás neamhspleách é ESMA a chuidíonn le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a chosaint, go háirithe trí mhargaí airgeadais cobhsaí agus ordúil a chur chun cinn, amhail margaí na ndíorthach.

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún tuarascálacha ó ESMA maidir le gnéithe den sórt sin a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún aon chomhairle ón mBanc Ceannais Eorpach (“BCE”) a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 127(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) agus le hAirteagal 25.1 de Phrótacal 4 maidir le reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh atá i gceangal le CFAE (an “Prótacal”). I bhfianaise luaineacht na margaí airgeadais agus an tionchair mhóir a d’fhéadfadh a bheith ag idirghabhálacha margaidh iontu, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún MCM a chur ar fionraí go tapa. Dá bhrí sin, ba cheart tuarascáil ESMA a eisiúint tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig nó laistigh den lá céanna i gcásanna práinneacha tar éis iarraidh an Choimisiúin.

(45)

Ba cheart MCM a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe eisceachtúla ar phraghsanna gáis a eascraíonn as easnaimh sa sásra praghasmhúnlaithe agus, dá bhrí sin, níor cheart tionchar a bheith aige ar bhailíocht na gconarthaí soláthair gáis atá ann cheana. Mar sin féin, i gcásanna ina measann ACER nó an Coimisiún go mbíonn tionchar diúltach ag gníomhachtú MCM ar chonarthaí soláthair atá ann cheana, ba cheart don Choimisiún MCM a chur ar fionraí.

(46)

Agus MCM á cheapadh agus á chur ar fionraí, ba cheart a chur san áireamh go bhféadfaidh trádálaithe gáis nádúrtha trádáil gáis nádúrtha a bhogadh go réigiúin lasmuigh den Aontas, rud a laghdóidh éifeachtacht MCM. B’amhlaidh a bheadh, mar shampla, dá dtosódh trádálaithe ag gabháil do thrádálacha gáis OTC, rud nach bhfuil chomh trédhearcach céanna, nach bhfuil faoi réir grinnscrúdú rialála, agus dá mbeadh rioscaí níos mó ag baint leo go mainneodh siad oibleagáidí do na páirtithe lena mbaineann. B’amhlaidh a bheadh an cás freisin dá mba rud é go lorgódh trádálaithe, a bhféadfadh a bhfálú a bheith teoranta ag MCM, fálú i ndlínsí eile, rud a d’fhágfadh go mbeadh ar an gcontrapháirtí imréitigh an t-airgead atá ina bhuntaca le suíomhanna díorthach a athchothromú chun an praghas socraíochta caidhpeáilte a léiriú, rud a spreag glaonna ar chorrlach.

(47)

Ba cheart do ACER, ESMA, ENTSOG agus GCG cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar MCM.

(48)

Agus a chúraimí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin dul i gcomhairle le BCE, agus comhairle a lorg uaidh, i gcomhréir le ról BCE de bhun Airteagal 127(5) CFAE chun rannchuidiú le seoladh rianúil beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais agus de bhun Airteagal 25.1 den Phrótacal chun comhairle a thabhairt don Choimisiún agus dul i gcomhairle leis, inter alia, maidir le raon feidhme agus cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais. Ba cheart próiseas comhairliúcháin den sórt sin a eagrú ar bhealach lena gceadófar MCM a chur ar fionraí go tapa, más gá.

(49)

I bhfianaise a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna, go háirithe i socrú praghsanna dhíorthaigh TTF san Aontas, tá sé ríthábhachtach MCM margaidh a chur chun feidhme go pras. Ba cheart do ESMA agus ACER measúnú a dhéanamh ar thionchar MCM (“measúnú ar éifeachtaí”), chun anailís a dhéanamh an bhféadfadh iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe ar na margaí airgeadais nó fuinnimh nó ar chinnteacht an tsoláthair a bheith mar thoradh ar an gcur chun feidhme pras. Ba cheart an measúnú ar éifeachtaí a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin cheana féin faoin 1 Márta 2023. Ba cheart dó anailís a dhéanamh go háirithe ar na gnéithe is gá don ghníomh cur chun feidhme maidir le sonraí na módúlachtaí chun MCM a leathnú chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile agus ba cheart dó a fhíorú an bhfuil príomhghnéithe MCM fós iomchuí i bhfianaise forbairtí a mhéid a bhaineann leis an margadh airgeadais agus fuinnimh nó i bhfianaise forbairtí i ndáil le cinnteacht an tsoláthair. Ba cheart do ESMA agus ACER réamhthuarascáil sonraí maidir le tabhairt isteach MCM a fhoilsiú faoin 23 Eanáir. Agus torthaí an mheasúnaithe ar éifeachtaí á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, leasú ar an Rialachán seo a mholadh gan moill mhíchuí d’fhonn rogha na dtáirgí a chumhdaítear le MCM a oiriúnú.

(50)

Féadfaidh an Coimisiún leasuithe eile ar an Rialachán seo a mholadh freisin, bunaithe ar an measúnú ar éifeachtaí, nó tar éis teagmhas ceartúcháin margaidh nó cinneadh fionraí, nó i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i slándáil an tsoláthair.

(51)

Chun feidhmiú fónta mhargaí na ndíorthach a chaomhnú, go háirithe próisis bainistithe riosca na gcontrapháirtithe lárnacha (CPLanna) imréitigh agus an gá atá le glao ar éarlais breise mar chomhthaobhacht a íoslaghdú, ba cheart cead a bheith ag páirtithe suíomhanna i margadh dhíorthaigh TTF a fhritháireamh nó a laghdú ar bhealach ordúil más mian leo sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn tairisceana dhinimiciúil maidir le conarthaí arna ndéanamh roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin seo, ná maidir le trádálacha a chuireann ar chumas rannpháirtithe sa mhargadh suíomhanna a eascraíonn as conarthaí dhíorthaigh TTF a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin seo a fhritháireamh nó a laghdú.

(52)

Tá ról lárnach ag contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) imréitigh maidir le feidhmiú ordúil margaí dhíorthaigh TTF a áirithiú trí riosca contrapháirtí a mhaolú. Is gá, dá bhrí sin, nach gcuirfidh MCM bac ar ghníomhaíochtaí na CPLanna, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann le suíomhanna mainneachtana a bhainistiú. Chuige sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainn tairisceana dhinimiciúil maidir le trádálacha a fhorghníomhaítear mar chuid de phróiseas bainistithe mainneachtana arna eagrú ag CPL.

(53)

Tá MCM riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le praghsanna gáis as cuimse ard a cheartú ag TTF agus díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile. Is ábhar imní do na Ballstáit uile éifeachtaí indíreacha na n-arduithe praghsanna, amhail praghsanna fuinnimh a mhéadú agus boilsciú. A mhéid a bhaineann leis na heasnaimh sa chóras praghasmhúnlaithe, tá ról difriúil ag easnaimh den sórt sin i mBallstáit éagsúla, agus tá méaduithe praghsanna níos ionadaíche i roinnt Ballstát (e.g. Ballstáit Lár na hEorpa) ná mar atá i mBallstáit eile (e.g. Ballstáit ar an imeall nó le féidearthachtaí soláthair eile). Chun gníomhaíocht ilroinnte a sheachaint, a d’fhéadfadh margadh gáis comhtháite an Aontais a dheighilt, tá gá le comhghníomhaíocht de mheon dlúthpháirtíochta. Tá sé ríthábhachtach stóráil gáis a líonadh chun slándáil an tsoláthair san Aontas a áirithiú. Ina theannta sin, áirithítear le coimircí comhchoiteanna cur chuige comhordaithe mar léiriú ar an dlúthpháirtíocht fuinnimh, a bhféadfadh gá níos mó a bheith leo sna Ballstáit nach bhfuil roghanna malartacha acu ná mar atá sna Ballstáit a bhfuil níos mó roghanna acu. Go deimhin, cé go bhfuil na rioscaí agus na tairbhí airgeadais an-difriúil i gcás Ballstáit éagsúla, ba cheart comhréiteach daingean a bheith i MCM, ina gcomhaontaíonn na Ballstáit go léir cur leis an gceartú margaidh agus ina nglacann siad leis na teorainneacha céanna leis an socrú praghsanna, cé nach ionann i roinnt Ballstát leibhéal mífheidhmithe an tsásra socraithe praghsanna agus tionchar airgeadais phraghsanna díorthaigh ar an ngeilleagar. Dá bhrí sin, neartódh MCM dlúthpháirtíocht an Aontais chun praghsanna gáis as cuimse ard a sheachaint, praghsanna nach bhfuil inbhuanaithe fiú ar feadh tréimhsí gearra ama i gcás go leor Ballstát. Le MCM, rannchuideofar lena áirithiú go mbeidh gnóthais soláthair gáis ó na Ballstáit uile in ann gás a cheannach ar phraghsanna réasúnta de mheon dlúthpháirtíochta.

(54)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun mionsonraí teicniúla chur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile a shainiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(55)

I bhfianaise staid ghuagach neamh-intuartha an mhargaidh gáis nádúrtha agus an geimhreadh ar na bacáin fágtar go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú gur féidir MCM a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha a ghníomhachtaithe. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an 1 Feabhra. Ba cheart feidhm a bheith ag an teorainn tairisceana dhinimiciúil ón 15 Feabhra. Ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an oibleagáid maidir le réamhthuarascáil sonraí ó ESMA agus ó ACER a sholáthar ón 1 Eanáir chun an fhaisnéis is gá a fháil a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo sásra ceartúcháin margaidh (“MCM”) sealadach le haghaidh orduithe a chuirtear chun díorthaigh TTF a thrádáil, agus díorthaigh atá nasctha le pointí trádála fíorúla (“VTPanna”) eile i gcomhréir le hAirteagal 9, chun babhtaí eile de phraghsanna gáis as cuimse ard san Aontas Eorpach a theorannú, ar babhtaí iad nach léiríonn praghsanna an mhargaidh dhomhanda.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “díorthach TTF” díorthach tráchtearraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte arb é a bhunionstraim idirbheart sa Saoráie Aistrithe Teideal (TTF), pointe trádála fíorúil arna oibriú ag Gasunie Transport Services B.V.;

(2)

ciallaíonn “díorthach atá nasctha le VTPanna eile” díorthaigh tráchtearraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (30), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte arb é a bhunionstraim idirbheart i bpointe trádála fíorúil gáis sa i bpointe trádála fíorúil san Aontas;

(3)

ciallaíonn “pointe trádála fíorúil” nó “VTP” pointe tráchtála neamh-fhisiceach laistigh de chóras iontrála-scoir ina ndéantar gáis a mhalartú idir díoltóir agus ceannaitheoir gan an gá acmhainneacht tarchurtha nó dáileacháin a chur in áirithint;

(4)

ciallaíonn “díorthach TTF na míosa is túisce” díorthach TTF arb é a dháta éaga an dáta is gaire i measc na ndíorthach a bhfuil aibíocht 1 mhí amháin acu a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte ar leith;

(5)

ciallaíonn “díorthach TTF na bliana is túisce” díorthach TTF arb é an dáta éaga is gaire i measc na ndíorthach a bhfuil aibíocht 12 mhí acu a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte ar leith;

(6)

ciallaíonn “praghas tagartha”, a mhéad a bheidh an praghas sin ar fáil, meánphraghas laethúil na measúnuithe:

an measúnú ar phraghas GNL Northwest Europe Marker a shainmhínítear mar mheán laethúil “Daily Spot North West Europe Marker (NWE)” arna riar ag Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír), agus “Northwest Europe des – half-month 2” arna riar ag Argus Benchmark Administration B.V. (an Ísiltír); le comhshó measúnuithe praghais GNL i nDollar SAM (USD) in aghaidh an Mhilliúin Méadrach Teas-Aonad Briotanaigh (MMBtu) go EUR in aghaidh an MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“BCE”) agus ráta comhshó 1 MMBtu go 0.293071 kWh;

measúnú ar phraghas GNL Mediterranean Marker a shainmhínítear mar mheán laethúil “Daily Spot Mediterranean Marker (MED)” arna riar ag Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír), agus meánphraghas laethúil “Iberian peninsula des - half-month 2”, “Italy des - half-month 2” agus “Greece des - half-month 2” arna riar ag Argus Benchmark Administration B.V. (an Ísiltír); le comhshó measúnuithe praghais GNL i nDollar SAM (USD) in aghaidh MMBtu go EUR in aghaidh an MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro BCE agus ráta comhshó 1 MMBtu go 0.293071 kWh ;

measúnú ar phraghas GNL Marker Northeast Asia Marker a shainmhínítear mar mheán laethúil “GNL Japan/Korea DES 2 Half-Month” arna riaradh ag Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír), agus “North Asia des (ANEA) - half-month 2” arna riaradh ag Argus Benchmark Administration B.V. (an Ísiltír); le comhshó measúnuithe praghais GNL in USD in aghaidh MMBtu go EUR in aghaidh an MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro BCE agus ráta comhshó 1 MMBtu go 0.293071 kWh;

an praghas socraíochta díorthach NBP tosaigh, arna fhoilsiú ag ICE Futures Europe, (an Ríocht Aontaithe); le comhshó pingin Steirling in aghaidh na teirme go EUR in aghaidh gach MWh, ar bhonn ráta malairte eachtraí Euro BCE agus ráta comhshó 1 teirm go 29.3071 kWh;

ar phraghas an mheasúnaithe ar phraghas laethúil arna dhéanamh ag ACER de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2022/2576;

(7)

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE;

(8)

ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (18), de Threoir 2014/65/AE.

CAIBIDIL II

SÁSRA CEARTÚCHÁIN MARGAIDH

Airteagal 3

Faireachán ar phraghsanna

1.   Déanfaidh ACER faireachán leanúnach ar fhorbairt an phraghais tagartha, ar phraghas socraíochta dhíorthaigh TTF na míosa is túisce, agus ar phraghas socraíochta díorthach míosa is túisce na ndíorthach atá nasctha le VTPanna eile.

2.   Chun críche mhír 1, tabharfaidh Platts Benchmark B.V. (“an Ísiltír”) fógra do ACER gach lá tráth nach déanaí ná 21:00 (CET) faoi phraghsanna laethúla na measúnuithe GNL na marcóirí seo a leanas: “Daily Spot Mediterranean Marker (MED)”, “Daily Spot Northwest Europe Marker (NEW)” agus “Japan Korea Marker (JKM)”.

3.   Chun críche mhír 1, tabharfaidh Platts Benchmark B.V. (an Ísiltír) fógra do ACER gach lá tráth nach déanaí ná 21:00 (CET) faoi phraghsanna laethúla na measúnuithe GNL na marcóirí seo a leanas: “Northwest Europe des – half-month 2”, “Iberian peninsula des - half-month 2”, “Italy des - half-month 2”, “Greece des - half-month 2” agus “Northeast Asia des (ANEA) - half-month 2”.

4.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1, déanfaidh ACER an praghas tagartha laethúil a ríomh gach lá. Foilseoidh ACER an praghas tagartha laethúil ar a shuíomh gréasáin tráth nach déanaí ná 23:59 CET.

Airteagal 4

Teagmhas ceartúcháin margaidh

1.   Déanfar MCM a ghníomhachtú i gcás ina dtarlóidh teagmhas ceartúcháin margaidh. Measfar go dtarlóidh teagmhas ceartúcháin margaidh nuair atá praghas socraíochta díorthach TTF don mhí thosaigh, arna fhoilsiú ag ICE Endex B.V. (an Ísiltír):

(a)

níos mó ná EUR 180/MKh ar feadh 3 lá oibre; agus

(b)

tá sé EUR 35 níos airde ná an praghas tagartha le linn na tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Ar ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1), beidh teagmhas ceartúcháin margaidh ann freisin a bhaineann le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile faoi na coinníollacha a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme sin de bhun chritéir Airteagal 9(2).

3.   Foilseoidh ACER, i gcás ina dtabharfaidh sé faoi deara gur tharla teagmhas ceartúcháin margaidh, fógra ar bhealach soiléir infheicthe ar a shuíomh gréasáin tráth nach déanaí ná 23:59 CET, gur tharla teagmhas ceartúcháin margaidh (“fógra ceartúcháin margaidh”) agus cuirfidh sé an Chomhairle, an Coimisiún, BCE, ESMA ar an eolas faoin teagmhas ceartúcháin margaidh.

4.   Déanfaidh oibreoirí margaidh rialáilte i margadh díorthach TTF agus rannpháirtithe sa mhargadh díorthach TTF faireachán ar shuíomh gréasáin ACER ar bhonn laethúil.

5.   Amhail ón lá tar éis an fógra ceartúcháin margaidh a fhoilsiú, ní ghlacfaidh oibreoirí margaidh agus ní chuirfidh rannpháirtithe sa mhargadh díorthach TTF orduithe isteach le haghaidh díorthaigh TTF atá le dul in éag sa tréimhse ó dháta éaga dhíorthach TTF go dtí dáta éaga dhíorthach TTF na bliana is túisce le praghsanna EUR 35 os cionn an phraghais tagartha a d’fhoilsigh ACER an lá roimhe sin (“teorainn dhinimiciúil tairisceana”). Má tá an praghas tagartha faoi bhun EUR 145/MWh, fanfaidh an teorainn tairisceana dhinimiciúil ag suim EUR 145 agus EUR 35.

6.   Ar ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 9(1), beidh feidhm ag teorainn tairisceana dhinimiciúil maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile faoi na coinníollacha a shainítear sa ghníomh cur chun feidhme sin de bhun chritéir a leagtar amach in Airteagal 9(2).

7.   A luaithe a ghníomhachtóidh ACER í, beidh feidhm ag an teorainn dhinimiciúil tairisceana go ceann 20 lá oibre ar a laghad, ach amháin má chuireann an Coimisiún ar fionraí í i gcomhréir le hAirteagal 6 nó má dhíghníomhachtaítear í i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

8.   Ionas gur féidir leis an gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, gníomhachtú MCM ag ACER a chur ar fionraí go gasta, más gá, i gcás ina mbeidh tásca nithiúla ann, bunaithe ar thorthaí fhaireachán ACER de bhun Airteagal 3(1), go bhfuil teagmhas ceartúcháin margaidh de bhun Airteagal 4(1), pointe b, ar tí tarlú, iarrfaidh an Coimisiún gan mhoill ar BCE, ar ESMA agus, i gcás inarb iomchuí, ar an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (“ENTSOG”) agus ar an nGrúpa Comhordaithe Gáis (“GCG”) measúnú a thabhairt ar an tionchar a bheadh ag teagmhas ceartúcháin margaidh féideartha ar shlándáil an tsoláthair, ar shreabha gáis laistigh den Aontas agus ar chobhsaíocht airgeadais. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin forbairtí praghsanna i margaí eagraithe ábhartha eile, go háirithe san Áise nó sna Stáit Aontaithe, mar a léirítear sa “Marcóir Comhpháirteach i dtaobh na Seapáine agus na Cóiré” nó sa “Measúnú Praghsanna Gáis ar Mhol Henry”; iad araon faoi riar ag Platts Benchmark B.V (an Ísiltír) agus arna bhfoilsiú ag S&P Global Inc. (Nua-Eabhrac).

9.   Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeacht na teorann dinimiciúla tairisceana ar thomhaltas gáis agus leictreachais agus ar dhul chun cinn i dtaobh na spriocanna maidir le laghdú éilimh dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 5 de Rialachán (AE) 2022/1369 agus in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2022/1854, féadfaidh an Coimisiún a mholadh freisin leasú ar Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle chun é a oiriúnú don staid nua.

10.   I gcás teagmhas ceartúcháin margaidh, iarrfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, comhairle ó BCE maidir leis an riosca a bhaineann le suaitheadh neamhbheartaithe do chobhsaíocht agus d’fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh.

Airteagal 5

Díghníomhachtú MCM

1.   Déanfar an teorainn dhinimiciúil tairisceana a dhíghníomhachtú, 20 lá oibre ó tharla an teagmhas ceartúcháin margaidh i gcomhréir le hAirteagal 4(5) nó ina dhiaidh sin, i gcás ina mbeidh suim an phraghais tagartha faoi bhun EUR 145/MWh ar feadh 3 lá oibre as a chéile.

2.   I gcás ina bhfógraíonn an Coimisiún éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, go háirithe i gcás ina dtagann meath suntasach ar staid an tsoláthair gáis agus a mbeidh mar thoradh air nach leor é an soláthar gáis chun freastal ar an éileamh atá ann i gcónaí ar ghás (“ciondáil”), i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2017/1938, déanfar an teorainn dhinimiciúil tairisceana a dhíghníomhachtú.

3.   Foilseoidh ACER fógra gan mhoill ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don Chomhairle, don Choimisiún, do BCE agus do ESMA gur tharla teagmhas díghníomhachtaithe dá dtagraítear i mír 1 (“fógra díghníomhachtaithe”).

Airteagal 6

MCM a chur ar fionraí

1.   Déanfaidh ESMA, ACER, ENTSOG agus GCG agus faireachán leanúnach ar éifeachtaí na teorann dinimiciúla tairisceana ar mhargaí airgeadais agus fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair i gcás ina ngníomhachtófar MCM.

2.   Ar bhonn an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, MCM a chur ar fionraí tráth ar bith, i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh neamhbheartaithe ar an margadh nó rioscaí follasacha de shuaitheadh den sórt sin, agus tionchar diúltach aige sin ar shlándáil an tsoláthair, ar shreabha gáis laistigh den Aontas nó ar chobhsaíocht airgeadais (“cinneadh maidir le fionraí”). Sa mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an ndéantar an méid seo a leanas le gníomhachtú MCM:

(a)

an gcuirtear slándáil an tsoláthair gáis san Aontas i mbaol; ar na gnéithe a bheidh le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí i ndáil le slándáil an tsoláthair tá diall suntasach féideartha de cheann amháin de chomhpháirteanna an phraghais tagartha i gcomparáid leis an treocht stairiúil agus titim shuntasach ar allmhairí GNL ráithiúla chuig an Aontas i gcomparáid leis an ráithe chéanna den bhliain roimhe sin.

(b)

an dtarlaíonn sé le linn tréimhse nach gcomhlíontar na spriocanna éigeantacha maidir le laghdú ar an éileamh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2022/1369 ar leibhéal an Aontais, rud a dhéanann difear diúltach don dul chun cinn a dhéantar i gcur chun feidhme na sprice maidir le coigilteas gáis de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1369, agus an gá lena áirithiú go ndéanfaidh na comharthaí praghais laghdú ar éileamh a dhreasú, nó a mbíonn méadú foriomlán 15 % ar thomhaltas gáis in aon mhí amháin nó 10 % in 2 mhí as a chéile i gcomparáid leis an meántomhaltas faoi seach do na míonna céanna le linn na 5 bliana as a chéile roimh 1 Feabhra 2023, ar bhonn sonraí maidir le tomhaltas gáis agus laghdú éilimh arna bhfáil ó na Ballstáit de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/1369;

(c)

an gcuirtear cosc ar shreabha gáis margadhbhunaithe laistigh den Aontas de réir sonraí faireacháin ACER;

(d)

an ndéantar difear, ar bhonn tuarascála ó ESMA ar thionchar ghníomhachtú MCM ag ESMA agus ar bhonn comhairle ar bith ó BCE arna iarraidh ag an gCoimisiún chun na críche sin, do chobhsaíocht agus d’fheidhmiú ordúil mhargaí na ndíorthach fuinnimh, go háirithe; i gcás ina dtagann méadú suntasach ar ghlaonna ar chorrlaigh nó laghdú suntasach in idirbhearta dhíorthaigh TTF laistigh den Aontas in aon mhí amháin, i gcomparáid leis an mí chéanna den bhliain roimhe sin nó le hathrú suntasach ar idirbhearta dhíorthaigh TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas.

(e)

an mbíonn difríochtaí suntasacha ann idir praghsanna an mhargaidh gáis sna margaí eagraithe éagsúla ar fud an Aontais, agus sna margaí eagraithe ábhartha eile, amhail san Áise nó sna Stáit Aontaithe, mar a léirítear sa “Marcóir Comhpháirteach i dtaobh na Seapáine agus na Cóiré” nó sa “Measúnú Praghsanna Gáis ar Mhol Henry”; iad araon faoi riar ag Platts Benchmarks B.V. (an Ísiltír);

(f)

an ndéantar difear do bhailíocht na gconarthaí soláthair gáis atá ann cheana, lena n-áirítear conarthaí soláthair gáis fadtéarmacha.

3.   Déanfar cinneadh maidir le fionraí gan moill mhíchuí agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh maidir le fionraí, agus fad a shonraítear sa chinneadh maidir le fionraí, scoirfidh an teorainn dhinimiciúil tairisceana d’fheidhm a bheith aici.

4.   Tabharfaidh ACER, ESMA ENTSOG agus GCG cúnamh don Choimisiún i dtaca leis na cúraimí de bhun Airteagail 4, 5 agus 6. Eiseofar tuarascáil ESMA de bhun mhír (2), pointe (d), den Airteagal seo tráth nach déanaí ná 48 n-uair an chloig nó laistigh den lá céanna i gcásanna práinneacha arna iarraidh sin don Choimisiún.

5.   Agus a chúraimí de bhun Airteagail 4, 5 agus 6 á gcomhlíonadh aige, féadfaidh an Coimisiún comhairle BCE a fháil maidir le hábhar ar bith a bhaineann leis an gcúram atá air de bhun Airteagal 127(5) CFAE chun rannchuidiú le seoladh rianúil beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Airteagal 7

Rúndacht ghairmiúil

1.   Aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo, beidh sí faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tá feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d'oibrigh do ACER nó d'údarás, do ghnóthas margaidh nó do dhuine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás inniúil ar chonradh.

3.   Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh d’aon duine nó údarás eile seachas de bhua forálacha a leagtar síos le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

4.   Maidir leis an bhfaisnéis uile a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo agus a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla agus le gnóthaí eile pearsanta nó eacnamaíocha, measfar gur faisnéis rúnda í agus cuirfear í faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina sonraíonn an t-údarás inniúil tráth na cumarsáide go bhféadfar an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil an nochtadh sin riachtanach le haghaidh imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 8

Measúnú ar éifeachtaí

1.   Déanfaidh ÚEUM agus ACER measúnú ar éifeachtaí MCM ar mhargaí airgeadais agus fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh, go háirithe chun a fhíorú an bhfuil príomhghnéithe MCM fós iomchuí i bhfianaise na bhforbairtí a mhéid a bhaineann leis an margadh airgeadais agus fuinnimh agus i bhfianaise shlándáil an tsoláthair fuinnimh. Chun na críche sin, déanfaidh ÚEUM agus ACER measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

2.   Déanfaidh ESMA agus ACER, sa mheasúnú tionchair go háirithe, anailís ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(2). Leis an measúnú sin, fíorófar go háirithe an arbatráiste idir díorthaigh cheartaithe agus díorthaigh neamhcheartaithe a bhí mar thoradh ar an teorannú ar dhíorthaigh TTF, a raibh tionchar diúltach aige ar mhargaí airgeadais nó ar mhargaí fuinnimh, agus chun aimhleasa na dtomhaltóirí.

3.   Déanfaidh ESMA agus ACER measúnú freisin ar an méid seo a leanas:

(a)

ar eascair athruithe suntasacha ar thrádáil díorthach TTF chuig margaí thar an gcuntar (“OTC”), agus cobhsaíocht na margaí airgeadais nó fuinnimh á gcur i mbaol, mar thoradh ar eisiamh trádála OTC ó raon feidhme an Rialacháin seo;

(b)

ar tháinig laghdú suntasach ar idirbhearta díorthach TTF laistigh den Aontas mar thoradh ar an sásra ceartúcháin margaidh, nó ar tháinig athrú suntasach ar idirbhearta díorthach TTF chuig ionaid trádála lasmuigh den Aontas.

4.   Ina theannta sin, déanfaidh ESMA agus ACER measúnú i dtaobh an gá athbhreithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)

na gnéithe a cuireadh san áireamh don phraghas tagartha

(b)

na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1);

(c)

an teorainn tairisceana dhinimiciúil

5   Déanfar na tuarascálacha ó ESMA agus ó ACER de bhun mhír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Márta 2023. Foilseoidh ESMA agus ACER réamhthuarascáil sonraí maidir le tabhairt isteach MCM faoin 23 Eanáir 2023.

Airteagal 9

Leathnú MCM chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile

1.   Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla a shainiú maidir le cur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2023 i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(2).

I gcás ina mbeidh éifeachtaí diúltacha suntasacha ar mhargaí airgeadais nó gáis de bhun na gcritéar a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo mar thoradh ar chur i bhfeidhm MCM maidir le díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile, déanfaidh an Coimisiún, go heisceachtúil, díorthaigh áirithe a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm MCM.

2.   Roghnóidh an Coimisiún mionsonraí teicniúla an chur chun feidhme, chomh maith leis na díorthaigh sin atá nasctha le VTPanna eile, agus d’fhéadfadh sé nach mór iad a eisiamh ó raon feidhme chur i bhfeidhm MCM, go háirithe ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

infhaighteacht faisnéise maidir le praghsanna díorthach atá nasctha le VTPanna eile;

(b)

leachtacht na ndíorthach atá nasctha le VTPanna eile;

(c)

tionchar a bheadh ann maidir le leathnú MCM chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile ar shreafaí gáis laistigh den Aontas agus ar chinnteacht an tsoláthair;

(d)

tionchar a bheadh ann maidir le leathnú MCM chuig díorthaigh atá nasctha le VTPanna eile ar chobhsaíocht na margaí airgeadais, agus an tionchar ar chorrlaigh bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann mar chomhthaobhacht á chur san áireamh.

Airteagal 10

Athbhreithniú

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, leasú ar an Rialachán seo a mholadh chun díorthaigh a thrádáiltear OTC a chur san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo, nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe arna gcur san áireamh don phraghas tagartha, go háirithe trí fhéachaint ar mheáchan difriúil a thabhairt do na gnéithe sin, na coinníollacha maidir le gníomhachtú MCM a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), agus an teorainn tairisceana dhinimiciúil dá dtagraítear in Airteagal 3a(1c). Sula dtíolacfaidh sé togra den sórt sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le BCE, le ESMA, le ACER, le ENTSOG, agus le GCG, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí ábhartha eile.

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Feabhra 2023. Beidh feidhm aige ón lá céanna ar feadh tréimhse bliana.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 4 ón 15 Feabhra 2023.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 8(2) ón 1 Eanáir 2023.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí maidir le díorthaigh TTF a thugtar i gcrích roimh 1 Feabhra 2023;

(b)

ceannach agus díol dhíorthaigh TTF chun conarthaí maidir le díorthaigh TTF arna dtabhairt i gcrích roimh 1 Feabhra 2023 a fhritháireamh nó a laghdú;

(c)

ceannach agus díol TTF mar chuid de CCP um bainistiú an chontrapháirtí lárnaigh imréitigh lena n-áirítear trádálacha OTC atá cláraithe sa mhargadh rialáilte chun críoch imréitigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Tuairim an 2 Nollag 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tá ICE Endex ar cheann de na malartáin fuinnimh is mó san Eoraip. Maidir le gás, cuireann sé trádáil rialáilte todhchaíochtaí agus roghanna ar fáil do mhol trádála TTF na hÍsiltíre.

(3)  Rialachán (AE) 2022/2576 an 19 Nollaig 2022 lena cuirtear feabhas ar dhlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr ar cheannacháin gáis, ar thagarmharcanna praghais iontaofacha agus ar aistriuithe gáis thar teoireannacha (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 158, 14.6.2019, lch. 22).

(7)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261 I, 7.10.2022, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(10)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/61


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2579 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Meitheamh 2022

lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar ag gnóthas san iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8a den Treoir sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8a(6), an dara fomhír i gcomhar le hAirteagal 8a(6), an chéad fhomhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 8a de Threoir 2013/36/AE, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) pointe (1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) iarratas a dhéanamh ar údarú mar institiúidí creidmheasa. Ba cheart do na gnólachtaí sin faisnéis leordhóthanach a sholáthar do na húdaráis inniúla d’fhonn a chumasú dóibh measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí.

(2)

An liosta faisnéise atá le soláthar in iarratas ag eintitis a fhéachann leis an údarú dá dtagraítear in Airteagal 8a de Threoir 2013/36/AE a fháil, ba cheart é a shonrú i rialachán. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na sonraí aitheantais agus faisnéis stairiúil maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an ceadúnúchán atá aici cheana, a gníomhaíochtaí atá beartaithe, a staid airgeadais reatha, a clár oibríochtaí, agus a caipiteal tosaigh.

(3)

D’fhonn comhsheasmhacht agus comhchuibhiú a áirithiú maidir le húdarú na faisnéise a éilítear ó institiúidí creidmheasa is iarratasóirí, ba cheart tagairt a dhéanamh sa Rialachán seo do Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 (3) ón gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar maidir le húdarú institiúidí creidmheasa, na ceanglais is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu nó a bhfuil bacainní orthu lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta agus ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Rialachán a raon feidhme a leathnú chuig gnólachtaí infheistíochta a aicmítear mar institiúidí creidmheasa.

(4)

Le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sainaithnítear cineál institiúidí creidmheasa a ghlacann taiscí nó cistí inaisíoctha eile ón bpobal agus a dheonaíonn creidmheasanna dá gcuntas féin agus cineál eile arb é an ceann a chumhdaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo é. I gcodarsnacht leis sin, institiúidí creidmheasa ar cuid dá ngnó é taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú dá gcuntas féin, ba cheart dóibh ceanglais Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 a leanúint.

(5)

Le liosta na gceanglas faisnéise a sholáthraítear sa Rialachán seo do na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí, ba cheart sainiúlachtaí shamhail ghnó na ngnólachtaí infheistíochta agus aon réamhcheadúnas a dheonaigh údarás inniúil a chur san áireamh.

(6)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar údaráis inniúla an fhaisnéis a éilítear a leathnú chun bheith in ann measúnú críochnúil a dhéanamh ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir, agus an réimse samhlacha gnó éagsúla agus foirmeacha dlíthiúla a bhféadfaidh institiúidí is iarratasóirí a ghlacadh á gcur san áireamh. Leis an Rialachán seo ba cheart a chur ar a chumas d’údarás inniúil faisnéis bhreise a éileamh ar ghnólacht infheistíochta agus measúnú á dhéanamh ar an iarratas le haghaidh institiúid creidmheasa.

(7)

Féadfaidh an t-údarás inniúil a mhachnamh a dhéanamh ar roinnt ceanglas faisnéise a tharscaoileadh i bhfianaise mhéid, chineál, scála agus chastacht ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus prionsabal na comhréireachta agus an t-ualach cur chun feidhme ar na hinstitiúidí á gcur san áireamh. Mar sin féin, níor cheart dochar a dhéanamh leis sin don fhéidearthacht go ndéanfaí measúnú críochnúil ar an iarratas le haghaidh institiúid creidmheasa.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) faoi bhráid an Choimisiúin.

(9)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme na faisnéise a éilítear

1.   Le hiarratas ar údarú institiúide creidmheasa de réir bhrí Airteagal 4 (1) pointe (1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonfar na ceanglais maidir le hinstitiúidí creidmheasa a leagtar síos in Airteagail 3 go 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a éileamh, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin comhréireach agus ábhartha do chuspóirí an mheasúnaithe ar údarú.

3.   Mura n-éilíonn an t-údarás inniúil a mhalairt, ní cheanglaítear ar an iarratasóir an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 a sholáthar i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh an údaráis inniúil cheana, lena n-áirítear í a sholáthar i gcás inar éilíodh í agus inar fuarthas í ó údarás inniúil eile, ar choinníoll go ndeimhníonn an t-iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn agus iomlán ar an dáta a chuirtear an t-iarratas isteach.

4.   Féadfaidh institiúid creidmheasa is iarratasóir faisnéis a fhágáil amach as an iarratas, ar faisnéis ábhartha í maidir le gníomhaíochtaí nach léirítear san fhaisnéis a leagtar amach i gclár na ngníomhaíochtaí de bhun Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580, agus maidir leis na gníomhaíochtaí sin amháin, ar choinníoll go sainaithníonn an t-iarratasóir san iarratas cén fhaisnéis a fágadh amach agus go luaitear an fhoráil seo mar an bonn chun í a fhágáil amach.

5.   Tar éis mheasúnú na faisnéise a cuireadh isteach san iarratas, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar an iarratasóir faisnéis bhreise nó mínithe breise a sholáthar, i gcás ina measann an t-údarás go bhfuil gá leis chun a fhíorú ar comhlíonadh na ceanglais uile le haghaidh údaraithe.

6.   Áiritheoidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir go bhfuil an fhaisnéis a chuirfear isteach san iarratas cothrom le dáta agus áiritheoidh sí iomláine agus cruinneas na faisnéise faoi staid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 an 17 Meitheamh 2022 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta de chuid údarás inniúil (IO L 335, 7.10.2022 lch. 64).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/64


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2580 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2022

lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta ó thaobh na stuamachta de, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2), pointí (a) agus (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2013/36/AE, ba cheart leordhóthain mionsonraí agus cuimsitheachta a bheith san fhaisnéis chun a chur ar a chumas don údarás inniúil a mheasúnú cibé acu a chomhlíonann institiúid creidmheasa is iarratasóir na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 den Treoir sin agus sa dlí náisiúnta.

(2)

Ba cheart an fhaisnéis a dhéantar a thíolacadh in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa a bheith fíor, cruinn, iomlán agus cothrom le dáta ón tráth a dhéantar an t-iarratas a thíolacadh go dtí údarú agus tosú na ngníomhaíochtaí. Chun na críche sin, ba cheart údaráis inniúla a chur ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas tosaigh, agus ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a fhiosrú cibé acu a tharla aon athrú nó nuashonrú sular tosaíodh na gníomhaíochtaí. Chun a áirithiú go mbeidh forbhreathnú iomlán ag údaráis inniúla ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir, ba cheart a cheadú d’údaráis inniúla, i gcás inar gá, soiléirithe sonracha nó faisnéis bhreise a iarraidh maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa.

(3)

Chun éifeachtúlacht a áirithiú agus chun dúbláil a sheachaint, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann an ceanglas, maidir le faisnéis atá acu cheana a thíolacadh, a tharscaoileadh, nó an ceanglas, chun faisnéis a thíolacadh a bhaineann le gníomhaíochtaí nach ndéanfaidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir i gcás ina n-údarófar í, a tharscaoileadh.

(4)

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart tuairisc a bheith ann ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir agus faisnéis ann faoi aon ghníomhaíocht tráchtála roimhe ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir agus ag a fochuideachtaí, agus faoi aon cheadúnas, aon údarú, aon chlárúchán nó aon chead eile atá acu, ar feithimh a fhormheasta, a diúltaíodh nó a cúlghaireadh.

(5)

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart clár gníomhaíochtaí a bheith ann, lena ndéantar tuairisc ar na gníomhaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Threoir 2013/36/AE, a fheidhmeofar i gcás ina ndeonófar an t-údarú.

(6)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca fhoriomlán institiúide creidmheasa is iarratasóir, chun gach scairshealbhóir atá páirteach a chosaint, lena n-áirítear taisceoirí go háirithe, agus chun cobhsaíocht na margaí airgeadais ina bhfeidhmeoidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir a áirithiú, ba cheart faisnéis faoi struchtúr oibriúcháin, línte gnó agus spriocmhargaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a bheith in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear dáileadh geografach an ghnó. Thairis sin, ba cheart d’institiúidí chreidmheasa is iarratasóirí faisnéis a sholáthar san iarratas faoina gcomhaltas, más ann dó, i scéim ráthaithe taiscí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(7)

Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhóntacht airgeadais institiúidí creidmheasa is iarratasóirí, ba cheart faisnéis airgeadais faoin institiúid creidmheasa is iarratasóir a bheith in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar leibhéil aonair, chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann cáilíocht, tionscnamh agus comhdhéanamh caipitil tosaigh institiúide creidmheasa is iarratasóir a chinneadh, mar aon le cumas institiúide creidmheasa is iarratasóir chun ceanglais stuamachta a chomhlíonadh. Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart faisnéis a bheith ann dá bhrí sin faoin méid caipitil atá eisithe nó atá le heisiúint agus faoi chomhdhéanamh na gcistí dílse, agus cruthúnas, i gcás inarb ábhartha, go n-íocfar an caipiteal tosaigh go hiomlán sula dtosófar na gníomhaíochtaí. Chun a áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla a mheasúnú cibé acu is gníomhaíocht dhlisteanach í an ghníomhaíocht lenar gineadh an caipiteal tosaigh, ba cheart faisnéis a bheith in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa faoi thionscnamh an chaipitil tosaigh sin freisin.

(8)

Is gá a áirithiú go mbeidh institiúid creidmheasa is iarratasóir faoi bhainistíocht fhónta stuama agus faoi rialachas láidir ón tús, i gcomhréir leis na ceanglais nach mór d’institiúid creidmheasa a chomhlíonadh mar ábhar maoirseachta leanúnaí. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart di, dá bhrí sin, a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar dhea-cháil, macántacht, ionracas, neamhspleáchas ó thaobh na smaointeoireachta de agus gealltanas ó thaobh ama de ag gach comhalta chomhlacht bainistíochta institiúide chreidmheasa is iarratasóir, mar aon le heolas, scileanna agus taithí chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ar leithligh agus i gcomhar le chéile araon. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart di a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh freisin, i gcásanna sonraithe nach bhfuil measúnaithe cheana mar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ar dhea-cháil, macántacht, ionracas, eolas, scileanna agus taithí cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais. Maidir leis an bhfaisnéis sin freisin, ba cheart di a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais, i gcás nach cuid iad na daoine sin den chomhlacht bainistíochta, d’institiúidí creidmheasa suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE, i gcás nach cuid iad na hinstitúidí creidmheasa sin de ghrúpa, i gcás inar cuid iad de ghrúpa agus is iad an institiúid creidmheasa comhdhlúthúcháin, nó i gcás inar cuid iad de ghrúpa agus nach institiúid creidmheasa shuntasach í an institiúid creidmheasa comhdhlúthúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE.

(9)

Is gá trédhearcacht struchtúr scairsheilbhe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a áirithiú agus cosc a chur ar choirpigh agus ar a gcomhpháirtithe sealúchais cháilithe a bheith acu in institiúidí creidmheasa, nó a bheith ina n-úinéirí tairbheacha sealúchas cáilithe in institiúidí creidmheasa. Maidir le hiarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa, ba cheart faisnéis a bheith iontu dá bhrí sin faoi na daoine nó faoi na heintitis ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchais cháilithe san institiúid creidmheasa sin. Ar an gcúis chéanna, agus i gcás nach bhfuil nó nach mbeidh ag aon duine nó ag aon eintiteas eile, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa, ba cheart faisnéis a bheith in iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa faoi na daoine is iad na fiche scairshealbhóir nó comhalta is mó faoi láthair nó a bheidh amhlaidh amach anseo, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus faoi gach duine ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údaraithe, dlúthnaisc leis an institiúid creidmheasa.

(10)

Chun measúnú a dhéanamh ar theagmhais roimhe a bhaineann leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir agus chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht a scairshealbhóirí agus a comhaltaí, agus ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ba cheart don institiúid creidmheasa is iarratasóir an fhaisnéis uile a sholáthar do na húdaráis inniúla faoi chiontuithe roimhe agus faoi imscrúduithe coiriúla, cásanna sibhialta agus riaracháin agus gníomhaíochtaí breithnithe eile atá ar feithimh de chuid na hinstitiúide creidmheasa, a scairshealbhóirí agus a comhaltaí, agus de chuid chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta,.

(11)

Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá aon bhacainní ann a d’fhéadfadh cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach a bhfeidhmeanna maoirseachta, agus an fhaisnéis ábhartha uile, na himthosca ábhartha uile nó na staideanna ábhartha uile á cur nó á gcur san áireamh agus ag féachaint do ghnéithe a bhaineann le láithreacht gheografach, struchtúr grúpa agus socruithe maoirseachta mar a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE.

(12)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(13)

Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(14)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXXX chun dóthain ama a thabhairt do na húdaráis inniúla agus do na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis faoi aitheantas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an faisnéis uile seo a leanas faoi aitheantas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an duine lena bhfuiltear le dul i dteagmháil maidir leis an iarratas;

(b)

i gcás inarb ábhartha, ainm agus sonraí teagmhála an phríomhchomhairleora ghairmiúil atá páirteach in ullmhú an iarratais;

(c)

ainm reatha, ainm trádála agus lógó reatha na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus, i gcás inarb infheidhme, aon athrú a bheartaítear a dhéanamh ar na hainmneacha sin nó ar an lógó sin;

(d)

foirm dhlítheanach na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(e)

dáta agus dlínse ionchorprú nó fhoirmiú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(f)

seoladh oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus, i gcás nach ionann é, seoladh a príomhoifige, agus a príomháite gnó;

(g)

i gcás nach ionann iad agus na sonraí teagmhála arna soláthar faoi phointe (a), sonraí teagmhála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(h)

i gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir cláraithe i gclár lárnach, i gclár tráchtála, i gclár na gcuideachtaí nó i gclár poiblí comhchosúil, ainm an chláir sin, agus cláruimhir na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó modh aitheantais coibhéiseach sa chlár sin;

(i)

i gcás ina mbeidh fáil air, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(j)

dáta dheireadh na bliana cuntasaíochta le haghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(k)

i gcás ina mbeidh fáil air, seoladh shuíomh gréasáin na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(l)

airteagail chomhlachais na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó doiciméid bhunreachtúla choibhéiseacha, agus, i gcás inarb infheidhme, fianaise ar chlárú leis an gclár a ainmnítear le dlí an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Airteagal 2

Faisnéis faoi stair na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann achoimre ar stair na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus a fochuideachtaí, lena n-áirítear an fhaisnéis uile seo a leanas:

(a)

mionsonraí faoi aon cheadúnas, aon údarú, aon chlárúchán nó aon chead eile de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó d’aon cheann dá fochuideachtaí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh in earnáil na seirbhísí airgeadais, a dheonaigh údarás poiblí nó eintiteas eile a chomhlíonann feidhmeanna poiblí in aon Bhallstát nó in aon tríú tír agus a thagann faoi cheann de na catagóirí seo a leanas nó níos mó:

(i)

deonaíodh an ceadúnas, an t-údarú, an clárúchán nó an cead;

(ii)

tá an t-iarratas ar an gceadúnas, ar an údarú, ar an gclárúchán nó ar an gcead sin ar feitheamh nó diúltaíodh é;

(iii)

cúlghaireadh an ceadúnas, an t-údarú, an clárúchán nó an cead;

(iv)

tar éis don iarratas a bheith curtha isteach nó deonaithe, tá cinneadh déanta ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó ag ceann dá fochuideachtaí gan dul ar aghaidh leis an iarratas sin nó an ceadúnas, an t-údarú, an clárúchán nó an cead sin a dhiúltú;

(b)

mionsonraí faoi aon teagmhas suntasach a bhaineann leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó le haon cheann dá fochuideachtaí a tharla nó atá ag tarlú agus a d’fhéadfaí a mheas le réasún a bheith ábhartha le haghaidh an údaraithe, lena n-áirítear aon cheann de na hábhair seo a leanas:

(i)

más rud é go raibh an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí riamh faoi réir dearbhú moratóra ar aon fhéichiúnas, faoi réir próiseas athstruchtúraithe nó atheagraithe lena ndearnadh difear dá creidiúnaithe, faoi réir bearta a bhaineann leis an bhféidearthacht go ndéanfar íocaíochtaí a chur ar fionraí, bearta forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí nó éilimh a laghdú, faoi réir díscaoileadh, imeachtaí foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), nó faoi réir imeachtaí riaracháin, imeachtaí dócmhainneachta nó imeachtaí comhchosúla;

(ii)

más rud é go raibh an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí riamh ina hábhar nó ina n-ábhar d’aon phionós riaracháin, aon bhreithiúnas sibhialta nó riaracháin, aon eadráin nó aon dámhachtain réitigh eile maidir le díospóid bhreithiúnach, nó d’aon chinneadh nó aon bhreithiúnas maidir le cion coiriúil a dhéanamh, a raibh cinneadh in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó aon chinn dá fochuideachtaí ina thoradh air, nár cuireadh ar ceal agus nach bhfuil aon achomharc ar feitheamh ina aghaidh agus nach féidir aon achomharc a chomhdú ina aghaidh, cé is moite de phionóis riaracháin a forchuireadh de bhun Airteagail 65, 66 nó 67 de Threoir 2013/36/AE, agus de chiontuithe coiriúla, a soláthrófar faisnéis ina leith freisin le haghaidh rialuithe atá fós faoi réir achomhairc, lena n-áirítear:

(1)

aon bhreithiúnas nár sásaíodh nó aon dámhachtain atá fós amuigh;

(2)

aon socraíocht ar ar thángthas le haon duine dlítheanach nó nádúrtha, ag féachaint do théarmaí airgeadaíochta na socraíochtaí nó do na himthosca inar thángthas ar na socraíochtaí sin, in ábhar a bhaineann le hearnáil na seirbhísí airgeadais;

(3)

aon chiontú coiriúil nó aon phionós sibhialta nó riaracháin nó aon bheart sibhialta nó riaracháin eile atá déanta ag aon údarás in earnáil na seirbhísí airgeadais nó aon údarás eile mar gheall ar na nithe seo a leanas:

calaois, mímhacántacht, caimiléireacht, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoirí nó coir airgeadais eile nó cliseadh beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha a chur i bhfeidhm chun teagmhais den sórt sin a chosc,

mar gheall ar shárú reachtaíochta nó ceanglas rialála a bhaineann le hearnáil na seirbhísí airgeadais nó le cosaint tomhaltóirí,

mar gheall ar aon ghníomhaíocht rialáilte neamhúdaraithe a dhéanamh;

(4)

mar gheall ar aon ghearán foirmiúil eile atá déanta in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó aon chinn dá fochuideachtaí nó ag aon duine dá cuid cliant nó iarchliant atá réitithe i bhfabhar an ghearánaigh ag tríú páirtí neamhbhreithiúnach;

(iii)

cibé acu atá an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí, dáta an iarratais, páirteach in aon imeacht, nó in aon imscrúdú coiriúil, sibhialta nó riaracháin nó in imeachtaí eile dá dtagraítear in aon cheann de na hítimí a liostaítear i bpointe (b);

(c)

faisnéis ar na teagmhais a liostaítear i bpointe (b)(ii), lena n-áirítear ainm agus seoladh na cúirte coiriúla nó sibhialta nó an údaráis shibhialta nó riaracháin ábhartha lena mbaineann, dáta an teagmhais, an méid a bhí i gceist, toradh na n-imeachtaí agus míniú ar imthosca an teagmhais lenar tionscnaíodh na himeachtaí;

(d)

na heilimintí is gá chun na táillí is infheidhme a ríomh i gcás, de bhun dhlí an Aontais nó dlí náisiúnta, ina ríomhtar aon táille iarratais nó aon táille maoirseachta atá le híoc ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar bhonn ghníomhaíochtaí nó thréithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(e)

fianaise ar íoc aon cheann de na táillí dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 3

Clár gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann clár ar ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

liosta de na gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir a dhéanamh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(b)

tuairisc ar an mbealach a dtagann clár na n-oibríochtaí (an plean gnó) leis na gníomhaíochtaí beartaithe.

Féadfaidh institiúid creidmheasa is iarratasóir faisnéis a fhágáil amach as an iarratas, ar faisnéis ábhartha í maidir le gníomhaíochtaí nach liostaítear i gclár na ngníomhaíochtaí, agus maidir leis na gníomhaíochtaí sin amháin, ar choinníoll go sainaithnítear san iarratas cén fhaisnéis atá fágtha amach agus go luaitear an fhoráil seo mar an bonn chun í a fhágáil amach.

Airteagal 4

Faisnéis airgeadais faoin institiúid creidmheasa is iarratasóir

Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an fhaisnéis airgeadais uile seo a leanas:

(a)

faisnéis réamhaisnéise faoin institiúid creidmheasa is iarratasóir ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéal grúpa chomhdhlúite agus ar leibhéal fho-chomhdhlúite, lena léirítear an cion a bhfuil an institiúid creidmheasa ina n-ionannas, in éineacht le bonnchás agus bonn cáis struis, lena n-áirítear:

(i)

pleananna réamhaisnéise cuntasaíochta i gcomhair na 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, tar éis thosú na ngníomhaíochtaí, lena mionsonraítear na línte gnó i dtaca le gach ceann de na gníomhaíochtaí difriúla a dhéantar, i gcás inarb ábhartha i dtaca le gach tír nó le gach limistéar geografach, lena n-áirítear:

(1)

cláir réamhaisnéis chomhardaithe;

(2)

cuntais réamhaisnéis bhrabúis agus chaillteanais nó ráitis réamhaisnéis ioncaim, lena mionsonraítear costais sheasta agus inathraitheacha agus lena soláthraítear tásc faoi íogaireacht an ghnó maidir le táscairí móra, lena n-áirítear toirt, praghas, tíreolaíocht agus risíocht, agus míniú ar na bearta atá dírithe ar an risíocht ar na rioscaí sin a laghdú;

(3)

ráitis réamhaisnéis faoi shreabhadh airgid i gcás inarb infheidhme;

(ii)

toimhdí pleanála le haghaidh na réamhaisnéisí dá dtagraítear i bpointe (i), mar aon le mínithe ar na figiúirí sna pleananna, agus go háirithe na toimhdí is bun le bonn an cháis struis;

(iii)

ríomhanna réamhaisnéis na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir i dtaca le ceanglais maidir le cistí dílse agus le caipiteal maolánach, dá dtagraítear i dTreoir 2013/36/AE agus i gCuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i dtaca lena ceanglais maidir le cumhdach leachtachta dá dtagraítear i gCuid a Sé den Rialachán sin, agus i dtaca leis na ceanglais maidir le cóimheas luamhánaithe dá dtagraítear i gCuid a Seacht den Rialachán sin, ar feadh na 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa;

(iv)

an phróifíl cistiúcháin, lena n-áirítear aon fhoinse mhaoinithe, leibhéal an éagsúlaithe, agus a téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe;

(v)

achoimre ar an measúnú inmheánach ar leordhóthanacht na leachtachta, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite, fho-chomhdhlúite agus aonair, de réir mar is infheidhme, lena léirítear go mbeidh acmhainní leachtachta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir leordhóthanach chun a ceanglais aonair maidir le cumhdach leachtachta a chomhlíonadh;

(b)

ráitis airgeadais reachtúla na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite, formheasta ag an iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta, lena gcumhdaítear na 3 bliana airgeadais deiridh ar a laghad roimh an iarratas, nó, i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 bliana gníomhaíochta ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena gcumhdaítear an tréimhse ó thosú na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear:

(i)

an clár comhardaithe;

(ii)

na cuntais bhrabúis agus chaillteanais nó na ráitis ioncaim;

(iii)

ráitis faoi shreabhadh airgid;

(iv)

na tuarascálacha bliantúla agus na hiarscríbhinní airgeadais agus aon doiciméad eile a comhdaíodh leis an gclárlann inniúil nó leis an údarás inniúil agus, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir lena gcumhdaítear na 3 bliana airgeadais deiridh roimh an iarratas nó, i gcás ina bhfuil níos lú ná 3 bliana gníomhaíochta ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena gcumhdaítear an tréimhse ó thosú na gníomhaíochta sin;

(v)

i gcás ráiteas a ullmhaítear ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite, sciar na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(c)

achoimre ar aon fhéichiúnas a tabhaíodh nó lena bhfuiltear ag súil go dtabhóidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir sular dtosófar a gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ainm na n-iasachtóirí, aibíochtaí agus téarmaí an fhéichiúnais sin, úsáid na bhfáltas agus, i gcás nach institiúid airgeadais faoi mhaoirseacht é an t-iasachtóir, faisnéis ar thionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht nó ar na cistí lena bhfuiltear ag súil a fháil ar iasacht;

(d)

achoimre ar aon leas urrúis, ráthaíocht nó slánaíocht a deonaíodh nó lena bhfuiltear ag súil a bheith á dheonú nó á deonú ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir sular dtosófar a gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa;

(e)

i gcás ina mbeidh fáil uirthi, faisnéis faoi rátáil chreidmheasa na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus ar rátáil fhoriomlán a grúpa;

(f)

i gcás, de bhun Airteagal 11(1), (2), (3) agus Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ina bhfuil ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó ar a máthairghnóthas Codanna a Dó go dtí a Sé nó Cuid a hOcht den Rialachán sin a chomhlíonadh, áireofar anailís ar raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, lena n-áirítear faisnéis ar eintitis an ghrúpa a áireofar i raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite, agus anailís ar éifeacht aon tarscaoilte fhéideartha, aon mhaolaithe fhéideartha, aon eisiaimh fhéideartha nó aon mhodha shonraigh fhéideartha nó aon láimhseála sonraí féideartha dá dtagraítear i gCuid a hAon, Teideal II, den Rialachán sin;

(g)

achoimre ar na creataí agus ar na beartais seo a leanas de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(i)

an creat bainistíochta riosca, lena mínítear straitéis ardleibhéil na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun rioscaí dá gnó a shainaithint agus inghlacthacht riosca a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí de, lena ndéanfar breac-chuntas ar an straitéis chun na rioscaí sin a bhainistiú agus lena n-áirítear ráiteas maidir le lamháltas riosca agus le hinghlacthacht riosca agus bearta chun an riosca measúnaithe a ailíniú leis an inghlacthacht riosca;

(ii)

an beartas maidir le rioscaí ó thaobh na leachtachta de a bhainistiú;

(iii)

an beartas maidir le comhchruinniú cistiúcháin agus éagsúlú cistiúcháin;

(iv)

an beartas maidir le comhthaobhacht a bhainistiú;

(v)

an beartas taisce;

(vi)

an beartas maidir le creidmheasa agus iasachtú;

(vii)

an beartas maidir le comhchruinniú riosca;

(viii)

an beartas soláthair;

(ix)

an beartas maidir le díbhinní a dháileadh;

(x)

an beartas maidir leis an leabhar trádála;

(h)

tuairisc ar phróiseas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun plean téarnaimh a fhorbairt, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (32), de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus, i gcás inarb infheidhme, plean téarnaimh grúpa, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (33), den Treoir sin.

(i)

ráiteas nó deimhniú go mbeidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir, roimh dháta an údaraithe nó an dáta sin ar a dhéanaí, ina comhalta de scéim ráthaithe taiscí atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát ina ndéantar an t-iarratas a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir 2014/49/AE, agus sainaithneofar an scéim ráthaithe taiscí leis an ráiteas nó leis an deimhniú sin.

(j)

aon scéim cosanta institiúideach, dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a ndeachaigh an institiúid creidmheasa is iarratasóir ina bun nó a mbeartaíonn an institiúid dul ina bun.

Airteagal 5

Faisnéis faoi chlár oibríochtaí, faoi eagrúchán struchtúrach, faoi chórais rialaithe inmheánaigh agus faoi iniúchóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an fhaisnéis seo a leanas faoi chlár oibríochtaí (an plean gnó), faoi eagrúchán struchtúrach, faoi chórais rialaithe inmheánaigh, agus faoi iniúchóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(a)

an clár oibríochtaí i gcomhair na chéad 3 bliana ar a laghad tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa nó, ag brath ar an dlí náisiúnta, tar éis thosú na ngníomhaíochtaí, agus beidh sa chlár oibríochtaí sin, ar bhonn bonncháis agus cáis struis, faisnéis ar ghnó atá pleanáilte agus ar struchtúr agus ar eagrúchán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear na hítimí seo a leanas:

(i)

achoimre ar dháileadh geografach na ngníomhaíochtaí a bheartaíonn an institiúid creidmheasa is iarratasóir a dhéanamh sa Bhallstát baile agus in aon Bhallstát eile nó in aon tríú tír eile, lena n-áirítear trí bhrainsí nó trí fhochuideachtaí nó trí sheirbhísí a sholáthar go díreach, agus pleananna chun leathnú amach anseo;

(ii)

míniú ar inmharthanacht tosaigh agus leanúnach na samhla gnó;

(iii)

forbhreathnú ar spriocmhargaí, deighilt chustaiméirí, táirgí agus seirbhísí agus bealaí seachadta amhail brainsí, an t-idirlíon, an post, gníomhaireachtaí agus fochuideachtaí;

(iv)

forbhreathnú ar eagrúchán agus ar struchtúr an ghrúpa is cuid den institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena ndéantar tuairisc ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas sa ghrúpa agus lena léirítear na máthairghnóthais, na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus na cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha laistigh den ghrúpa;

(v)

forbhreathnú ar na tosca riosca uile is dóichí a bheidh i gceist ó thaobh cúrsaí gnó agus rialála de, lena n-áirítear rioscaí ó thaobh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí de, agus míniú ar an mbealach a ndéanfar faireachán orthu agus iad a rialú;

(vi)

tásc maidir le cibé acu is gá plean cur chun feidhme lena gcumhdófar an tréimhse go dtí go mbeidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir lánfheidhmiúil nó nach gá agus, i gcás ina mbeidh fáil air, forbhreathnú ar aon phlean den sórt sin;

(vii)

forbhreathnú ar straitéis fhoriomlán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear spriocanna straitéiseacha agus aon bhuntáiste iomaíoch atá sainaitheanta, agus ar na cúiseanna a bunaíodh í agus ar an bhfáth ar chinn an institiúid an gnó, dá bhfuil údarú á lorg aici, a dhéanamh;

(b)

faisnéis ar eagrúchán, ar struchtúr agus ar shocruithe rialachais na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an chairt eagraíochtúil agus gach ceann de na hítimí seo a leanas:

(i)

tuairisc ar shocruithe, ar phróisis agus ar shásraí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 74(1) de Threoir 2013/36/AE;

(ii)

téarmaí tagartha an chomhlachta bainistíochta;

(iii)

tuairisc ar na hacmhainní daonna, teicniúla agus dlí a leithdháiltear ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá pleanáilte, lena n-áirítear feidhmeanna TF, tráchtála, dlí, rialaithe inmheánaigh agus comhlíonta;

(iv)

tuairisc ar na hidirghníomhaíochtaí idir feidhmeanna éagsúla na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(v)

ainm gach córais íocaíochta, imréitigh nó socraíochta a bheartaíonn an institiúid creidmheasa is iarratasóir a bheith ina comhalta de, go díreach nó go hindíreach le linn na chéad bhliana oibriúcháin;

(c)

an fhaisnéis seo a leanas ar an gcreat rialaithe inmheánaigh:

(i)

forbhreathnú ar an eagrúchán inmheánach, lena n-áirítear acmhainní buiséadacha agus daonna tiomnaithe, ar an bhfeidhm chomhlíonta, feidhm bhainistíochta riosca, feidhm iniúchóireachta inmheánaí, lena n-áirítear míniú ar an mbealach a chomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir a ceanglais dlí agus stuamachta, lena n-áirítear na ceanglais frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoirí, aitheantas na ndaoine atá freagrach as na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus tuairisc ar chórais agus ar nósanna imeachta comhlíonta, rialaithe inmheánaigh agus bainistíochta riosca na hinstitiúide agus ar na línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta;

(ii)

achoimre ar na beartais agus ar na nósanna imeachta seo a leanas lena ndéileáiltear le hábhair is ábhartha do ghníomhaíochtaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 3:

(1)

beartas sceithireachta;

(2)

beartas coinbhleachtaí leasa;

(3)

beartas láimhseála gearán;

(4)

beartas maidir le drochúsáid mhargaidh;

(5)

beartas lena gcuirtear ilchineálacht an chomhlachta bainistíochta chun cinn;

(6)

beartas maidir le luach saothair do bhaill foirne ag a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iii)

achoimre ar na córais agus ar na beartais maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoirí agus maidir leis na rioscaí sin a bhainistiú mar a shainaithnítear sa straitéis ardleibhéil dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (g)(i), lena n-áirítear achoimre ar na príomhnósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun an riosca a chomhrac go bhféadfaí an institiúid creidmheasa is iarratasóir a úsáid chun coireacht airgeadais a chur chun cinn;

(d)

tuairisc ar na hacmhainní iniúchóireachta inmheánaí agus achoimre ar an modheolaíocht agus ar an bplean iniúchóireachta inmheánaí i gcomhair na 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa;

(e)

achoimre ar na beartais agus ar na pleananna seo a leanas de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(i)

an beartas iniúchóireachta inmheánaí;

(ii)

an beartas rialachais táirgí;

(iii)

an beartas cosanta tomhaltóirí;

(iv)

an plean agus an beartas maidir le leanúnachas gnó, lena n-áirítear forbhreathnú ar chórais chúltaca agus téarnaimh atá le fáil agus ar phleananna lena n-áirithítear infhaighteacht na bpríomhbhall foirne i staideanna ina bhfuil leanúnachas gnó i gceist;

(f)

an fhaisnéis seo a leanas ar eagrú oibríochtaí agus gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir:

(i)

achoimre ar sheachfhoinsiú seachtrach agus inghrúpa chun tacú le hoibríochtaí nó le gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear faisnéis faoin méid seo a leanas ar fad:

(1)

soláthróir an tseachfhoinsithe;

(2)

aon nasc dá bhfuil ag soláthróir an tseachfhoinsithe leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(3)

suíomh sholáthróir an tseachfhoinsithe;

(4)

an réasúnaíocht leis an seachfhoinsiú;

(5)

acmhainní daonna sholáthróir an tseachfhoinsithe;

(6)

córas rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun an seachfhoinsiú a bhainistiú;

(7)

aon phlean teagmhasach i gcás nach féidir le soláthróir an tseachfhoinsithe leanúnachas seirbhíse a sholáthar;

(8)

aon fheidhm a choinnítear maidir le gníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

(ii)

achoimre ar fhreagrachtaí formhaoirseachta agus ar shocruithe, ar chórais agus ar rialuithe le haghaidh gach feidhm sheachfhoinsithe atá criticiúil nó tábhachtach do bhainistíocht agus d’oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iii)

achoimre ar na comhaontuithe leibhéil seirbhíse agus ar na socruithe le haghaidh gach feidhm sheachfhoinsithe atá criticiúil nó tábhachtach do bhainistíocht agus d’oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iv)

tuairisc ar bhonneagar TF na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear na córais atá in úsáid nó atá le húsáid, a socruithe óstála, eagrú a feidhme TF, a struchtúir TF, a straitéise TF agus a rialachais TF, a cuid beartas agus nósanna imeachta slándála TF, agus aon chóras agus aon rialú atá i bhfeidhm nó atá le cur i bhfeidhm chun saoráidí baincéireachta ar líne a sholáthar.

2.   Leagfar amach in iarratas ar chlárúchán mar institiúid creidmheasa, ainm, seoladh, agus sonraí teagmhála iniúchóirí reachtúla nó ghnólacht iniúchóireachta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir.

Airteagal 6

Faisnéis faoin gcaipiteal ar údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh fianaise ann ar chaipiteal eisithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, ar chaipiteal íoctha dá cuid agus ar chaipiteal dá cuid nach bhfuil íoctha fós, agus sonrófar ann na cineálacha agus na méideanna cistí dílse a chomhfhreagraíonn don chaipiteal tosaigh.

2.   I gcás nach bhfuil an caipiteal tosaigh láníoctha tráth thíolactha an iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa, leagfar amach san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa an plean agus an sprioc-am cur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh an caipiteal tosaigh láníoctha roimh an údarú chun an ghníomhaíocht a thosú mar institiúid creidmheasa éifeachtach.

3.   Soláthrófar in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa míniú ar na foinsí cistiúcháin atá le fáil le haghaidh cistí dílse agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, fianaise ar infhaighteacht na bhfoinsí cistiúcháin sin, lena n-áirítear:

(a)

achoimre ar úsáid acmhainní airgeadais príobháideacha, lena n-áirítear a n-infhaighteacht agus a bhfoinse;

(b)

achoimre ar an rochtain ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear mionsonraí ar ionstraimí airgeadais atá eisithe nó atá le heisiúint;

(c)

achoimre ar aon chomhaontú agus ar aon chonradh atá déanta i leith cistí dílse, lena n-áirítear, i ndáil le cistí a fuarthas ar iasacht nó le cistí lena bhfuiltear ag súil a fháil ar iasacht, ainm na n-iasachtóirí agus mionsonraí ar na saoráidí a deonaíodh, ar úsáid na bhfáltas agus, i gcás nach institiúid airgeadais faoi mhaoirseacht é an t-iasachtóir, faisnéis ar thionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht nó ar na cistí lena bhfuiltear ag súil a fháil ar iasacht;

(d)

aitheantas an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a úsáidtear chun acmhainní airgeadais a aistriú chuig an institiúid creidmheasa is iarratasóir.

4.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh measúnú ann ar mhéideanna, ar chineálacha agus ar dháileadh an chaipitil inmheánaigh a mheasann an institiúid creidmheasa is iarratasóir a bheith oiriúnach chun cineál agus leibhéal na rioscaí a bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu agus anailís, lena n-áirítear réamh-mheastacháin, lena léirítear go mbeidh na hacmhainní caipitil leordhóthanach chun na ceanglais maidir le cistí dílse a chomhlíonadh nuair a bheidh an institiúid creidmheasa údaraithe agus dá éis sin ar feadh tréimhse 3 bliana tar éis a húdaraithe mar institiúid creidmheasa lena mbaineann géarstrus ach strus sochreidte.

Leis an gcás struis agus leis an modheolaíocht struis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear san áireamh an cás agus an mhodheolaíocht a úsáideadh sa tástáil bhliantúil mhaoirseachta ar strus is déanaí a rinne an t-údarás inniúil de bhun Airteagal 100(1) de Threoir 2013/36/AE, má rinneadh aon tástáil mhaoirseachta den sórt sin ar strus, agus soláthrófar an fhaisnéis le haghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir ar bhonn aonair mar aon leis an gcás comhdhlúite, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 7

Faisnéis faoi threoraíocht éifeachtach na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i ndáil le gach duine de na comhaltaí atá molta nó ceaptha mar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir.

2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gurb institiúid shuntasach í an institiúid creidmheasa is iarratasóir i dtéarmaí a méide, a heagrúcháin inmheánaigh agus chineál, raon feidhme agus chastacht a gníomhaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 76(3) de Threoir 2013/36/AE, maidir leis an iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, le haghaidh cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais i gcás nach cuid den chomhlacht bainistíochta iad, beidh ann an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I, seachas an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1, pointí (f) agus (g), agus i bpointí 2, 4 agus 5 den Iarscríbhinn sin.

3.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh ann tuairisc ar chumhachtaí, agus ar chúraimí aonair, ar dhualgais aonair agus ar sheachvótálaithe aonair gach duine de na comhaltaí atá molta nó ceaptha mar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus, i gcás institiúidí creidmheasa is iarratasóir dá dtagraítear i mír 2, de chuid cheannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an phríomhoifigigh airgeadais nach cuid den chomhlacht bainistíochta iad.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “príomhoifigeach airgeadais” an duine ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as na hacmhainní airgeadais, as an bpleanáil airgeadais agus as an tuairisciú airgeadais a bhainistiú;

(b)

ciallaíonn “feidhm rialaithe” feidhm atá neamhspleách ar an aonad gnó atá faoina rialú agus atá freagrach as measúnú oibiachtúil a sholáthar ar rioscaí na hinstitiúide, athbhreithniú nó tuairisciú a dhéanamh orthu sin, lena n-áirítear an fheidhm bhainistíochta riosca, an fheidhm chomhlíonta agus an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí;

(c)

ciallaíonn “ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh” na daoine ar an leibhéal ordlathais is airde atá i gceannas ar oibriúchán laethúil na bhfeidhmeanna neamhspleácha bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchóireachta a bhainistiú go héifeachtach.

Airteagal 8

Faisnéis faoi scairshealbhóirí nó faoi chomhaltaí a bhfuil sealúchais cháilithe acu san institiúid creidmheasa is iarratasóir

1.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa beidh ann an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II faoi gach duine nádúrtha agus dlítheanach agus faoi eintitis eile ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás a húdaraithe mar institiúid creidmheasa, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa agus faisnéis faoina sealúchais.

2.   I gcás inar duine nádúrtha an duine dá dtagraítear i mír 1, beidh san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

3.   I gcás inar duine dlítheanach an duine dá dtagraítear i mír 1, nó is eintiteas nach duine dlítheanach é ag a bhfuil nó ag a mbeidh an sealúchas cáilithe ina ainmféin, beidh san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn II, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

4.   I gcás inarb ann d’iontaobhas cheana nó ina gcruthaítear iontaobhas tar éis do dhuine suibscríobh le scairchaipiteal na hinstitiúide creidmheasa is iarrthóir, áireofar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II, i dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

5.   I gcás ina bhfuil sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa sin nó, má tá an t-údarú faighte, i gcás ina mbeidh sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa sin, ag duine agus inar comhalta an duine d’eintiteas nach duine dlítheanach é, lena bhfágfar go láimhseofar an sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa mar shócmhainn de chuid an eintitis sin, maidir leis an iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa beidh ann an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

aitheantas gach comhalta de chuid an eintitis sin in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn II i gcás inar daoine nádúrtha iad na comhaltaí sin, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin i gcás inar daoine dlítheanacha iad na comhaltaí sin;

(b)

achoimre ar théarmaí an chomhaontaithe nó ar chomhaontaithe lena rialaítear an t-eintiteas.

Airteagal 9

Faisnéis faoin 20 scairshealbhóir is mó, nó faoin 20 comhalta is mó, den institiúid creidmheasa is iarratasóir, seachas scairshealbhóirí nó comhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilithe

I gcás nach bhfuil sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa, nó má tá an t-údarú faighte, i gcás nach mbeidh sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa, ag aon duine ná ag aon eintiteas eile, beidh san iarratas ar an údarú mar institiúid creidmheasa:

(a)

an chairt dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn II;

(b)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn II;

(c)

liosta den 20 scairshealbhóir is mó, nó den 20 comhalta is mó, den institiúid creidmheasa is iarratasóir, de réir mar a bheidh;

(d)

i gcás ina bhfuil níos lú ná 20 scairshealbhóir nó comhalta ag an institiúid creidmheasa, liosta dá scairshealbhóirí uile nó dá comhaltaí uile;

(e)

faisnéis ar cibé acu atá aon duine de na scairshealbhóirí nó de na comhaltaí dá dtagraítear i bpointe (c) nó i bpointe (d) faoi réir maoirseachta ag údarás inniúil.

Airteagal 10

Faisnéis bhreise

1.   Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go mbeidh in iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa faisnéis bhreise i dteannta na faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 1 go 9 ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an fhaisnéis sin an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

gur gá faisnéis bhreise chun a fhíorú cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh gach ceanglas maidir le húdarú atá leagtha síos ag an mBallstát de bhun Airteagal 8(1) de Threoir 2013/36/AE;

(b)

go bhfuil an méid faisnéise is gá i gcomhréir le cuspóir an fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus gurb ábhartha an fhaisnéis le haghaidh an fhíoraithe sin.

2.   I gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, tar éis an mheasúnaithe ar an bhfaisnéis a tíolacadh san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúid creidmheasa is iarratasóir faisnéis fhorlíontach a sholáthar, nó mínithe breise, i gcás ina measann na húdaráis sin gur gá é chun a fhíorú cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh gach ceanglas maidir le húdarú.

3.   Maidir le hiarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, beidh an fhaisnéis ann fíor, cruinn agus iomlán chomh fada le pointe an údaraithe. Cuirfidh an t-iarratasóir an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon athrú ar an bhfaisnéis a tugadh san iarratas tosaigh. Féadfaidh na húdaráis inniúla faisnéis a éileamh i dtaobh ar tharla aon athrú tar éis an t-iarratas a chur isteach agus roimh thús na ngníomhaíochtaí.

Airteagal 11

Tarscaoileadh

Maidir leis an gceanglas chun cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagail 1 go 9 a sholáthar, féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a tharscaoileadh i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an fhaisnéis ag an údarás inniúil cheana agus tá an fhaisnéis fós fíor, cruinn, iomlán agus cothrom le dáta ar an lá a dheonaítear an t-údarú agus a dheimhnítear é a bheith amhlaidh ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(b)

tá an ceanglas maidir le faisnéis a sholáthar faoi réir tarscaoileadh mar a leagtar amach in Airteagal 21 de Threoir 2013/36/AE.

Airteagal 12

Bacainní féideartha ar mhaoirseacht éifeachtach

Le linn measúnú a bheith á dhéanamh ag údaráis inniúla ar cibé acu a d’fhéadfadh bacainní a bheith ar mhaoirseacht éifeachtach dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de Threoir 2013/36/AE nó nach bhféadfadh, breithneoidh údaráis inniúla gach faisnéis ábhartha, agus cuirfidh siad an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

idirghníomhuithe dlíthe, rialachán nó forálacha riaracháin de chuid tríú tír lena rialaítear na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha a bhfuil dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa leo, nó má tá an t-údarú faighte, a mbeidh dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa leo, aon deacracht a bhaineann leis na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin sin a fhorfheidhmiú nó aon deacracht a bhaineann le faisnéis a fháil ó na húdaráis sna tríú tíortha sin nó ó na daoine sin;

(b)

an fhéidearthacht chun faisnéis a mhalartú leis an údarás, más ann, a dhéanann maoirseacht ar na daoine ag a bhfuil dlúthnaisc leis an institiúid creidmheasa;

(c)

castacht agus trédhearcacht struchtúr ghrúpa na hinstitiúide creidmheasa nó an duine nó na ndaoine ag a bhfuil dlúthnaisc léi;

(d)

suíomhanna chomhaltaí ghrúpa na hinstitiúide creidmheasa nó an duine nó na ndaoine ag a bhfuil dlúthnaisc léi;

(e)

na gníomhaíochtaí a d’fheidhmigh nó atá le feidhmiú ag comhaltaí ghrúpa na hinstitiúide creidmheasa nó ag an duine nó ag daoine ag bhfuil dlúthnaisc léi.

Airteagal 13

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXXX.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseacht Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(5)  Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15)

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis faoi threoraíocht éifeachtach na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

1.   

Sonraí pearsanta an duine agus faisnéis faoi dhea-cháil, macántacht, ionracas, eolas, scileanna, taithí, agus mionsonraí agus faisnéis faoi neamhspleáchas ó thaobh na smaointeoireachta de agus faoi ghealltanas ó thaobh ama de, mar a leanas:

(a)

ainm iomlán an duine agus, i gcás nach ionann é, an t-ainm tráth na breithe;

(b)

inscne an duine, áit agus dáta na breithe, seoladh agus sonraí teagmhála, náisiúntacht, agus uimhir aitheantais phearsanta nó cóip de chárta ID nó a chomhionann;

(c)

mionsonraí an phoist atá ag an duine nó atá le bheith ag an duine, lena n-áirítear cibé acu an post feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin é, an dáta tosaithe nó an dáta tosaithe pleanáilte agus fad an tsainordaithe, agus tuairisc ar phríomhdhualgais agus ar phríomhfhreagrachtaí an duine;

(d)

curriculum vitae ina mbeidh mionsonraí ar oideachas agus ar thaithí (lena n-áirítear taithí ghairmiúil, cáilíochtaí acadúla, oiliúint ábhartha eile), lena n-áirítear ainm agus cineál na n-eagraíochtaí uile ar oibrigh an duine dóibh agus cineál agus fad na bhfeidhmeanna a comhlíonadh, agus aon ghníomhaíocht faoi raon feidhme an phoist atá á lorg á cur i dtábhacht go háirithe gníomhaíochtaí atá ábhartha do thaithí bhaincéireachta nó bhainistíochta;

(e)

liosta de dhaoine tagartha lena n-áirítear faisnéis teagmhála, ó fhostóirí in earnáil na seirbhísí baincéireachta nó airgeadais más féidir, lena n-áirítear a n-ainm iomlán, institiúid, post, uimhir theileafóin, ríomhphost, cineál an chaidrimh ghairmiúil agus faisnéis faoi cibé acu an ann nó arbh ann d’aon chaidreamh neamhghairmiúil leis an duine sin nó nach ann nó nárbh ann;

(f)

stair, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i)

taifid choiriúla agus faisnéis ábhartha faoi imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla, cásanna ábhartha sibhialta agus riaracháin agus bearta araíonachta, lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, féimheacht, dócmhainneacht agus imeachtaí comhchosúla, trí dheimhniú oifigiúil nó, i gcás nach ann do dheimhniú den sórt sin, aon fhoinse faisnéise iontaofa a bhaineann leis an easpa ciontuithe coiriúla, imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla;

(ii)

ráiteas maidir le cibé acu a bhfuil imeachtaí coiriúla ar feitheamh nó nach bhfuil nó cibé acu a bhí an duine nó aon eagraíocht a bhainistigh é nó í páirteach mar fhéichiúnaí in imeachtaí dócmhainneachta nó in imeacht inchomparáide nó nach raibh;

(iii)

faisnéis faoi imscrúduithe, imeachtaí forfheidhmiúcháin nó smachtbhannaí ag údarás maoirseachta ina raibh an duine páirteach go díreach nó go neamhdhíreach;

(iv)

faisnéis faoi dhiúltú clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm, nó aistarraingt, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais, nó díbirt ag comhlacht rialála nó rialtais nó ag comhlacht gairmiúil nó ag comhlachas gairmiúil;

faisnéis faoi dhífhostú as fostaíocht nó as post iontaoibhe, as caidreamh muiníneach nó as staid chomhchosúil, nó an fíoras gur iarradh ar an duine éirí as fostaíocht i bpost den sórt sin, gan iomarcaíochtaí a áireamh,

faisnéis faoi cibé acu a mheasúnaigh údarás inniúil eile cáil an duine mar fhaighteoir nó mar dhuine a stiúrann gnó institiúide, lena n-áirítear aitheantas an údaráis sin, dáta an mheasúnaithe agus faisnéis faoi thoradh an mheasúnaithe sin, agus toiliú an duine, i gcás ina bhfuil gá, le faisnéis den sórt sin a lorg chun go mbeifear in ann an fhaisnéis a sholáthraítear a phróiseáil agus a úsáid le haghaidh an mheasúnaithe oiriúnachta,

faisnéis faoi cibé acu a mheasúnaigh údarás ó earnáil eile, nach earnáil airgeadais í, an duine, nó nár mheasúnaigh, lena n-áirítear aitheantas an údaráis sin agus faisnéis faoi thoradh an mheasúnaithe sin;

(g)

tuairisc ar gach leas airgeadais agus neamhairgeadais a d’fhéadfadh coinbhleachtaí leasa a chruthú, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do:

(i)

aon leas airgeadais, lena n-áirítear iasachtaí, scaireanna i sealúchais, ráthaíochtaí nó leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, agus leasanna neamhairgeadais nó caidrimh neamhairgeadais, lena n-áirítear garghaolta amhail céile, páirtí cláraithe, comhchónaitheoir, leanbh, tuismitheoir nó gaol eile lena roinneann an duine cóiríocht chónaithe, idir an duine agus a gharghaolta nó a garghaolta nó aon chuideachta lena bhfuil dlúthbhaint ag an duine, agus an institiúid creidmheasa is iarratasóir, a máthairghnóthas nó a fochuideachtaí, lena n-áirítear aon chomhalta den chomhlacht bainistíochta, ceannaire feidhme rialaithe inmheánaigh nó an príomhoifigeach airgeadais, nó aon duine ag a bhfuil sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

cibé acu a sheolann nó nach seolann an duine aon ghnó nó atá nó nach bhfuil nó a bhí nó nach raibh aon chaidreamh tráchtála ag an duine le 2 bhliain anuas, le haon duine de na daoine a liostaítear i bpointe (f), nó atá nó nach bhfuil an duine páirteach in aon imeacht dlíthiúil le haon duine den sórt sin;

(iii)

cibé acu atá nó nach bhfuil aon leas iomaíoch ag an duine agus ag a gharghaolta nó a garghaolta leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena máthairghnóthas nó lena fochuideachtaí;

(iv)

cibé acu atá nó nach bhfuil an duine á mholadh thar ceann scairshealbhóir suntasach nó comhalta suntasach ag a bhfuil sealúchas cáilithe agus, i gcás inarb amhlaidh sin, aitheantas an scairshealbhóra nó an chomhalta sin;

(v)

aon oibleagáid airgeadais don institiúid creidmheasa is iarratasóir, dá máthairghnóthas nó dá fochuideachtaí;

(vi)

aon phost a bhí ag an duine le 2 bhliain anuas lenar bhain tionchar polaitiúil náisiúnta nó áitiúil;

(vii)

i gcás ina sainaithnítear coinbhleacht leasa ábhartha, ráiteas faoin mbealach a maolaíodh nó a leigheasadh an choinbhleacht sin go sásúil, lena n-áirítear tagairt don chuid ábhartha de bheartas na hinstitiúide maidir le coinbhleachtaí leasa agus d’aon socrú saincheaptha chun coinbhleacht a bhainistiú nó a mhaolú;

(h)

mionsonraí chun a thaispeáint go bhfuil am leordhóthanach ag an duine chun an sainordú a ghabháil air nó uirthi féin, lena n-áirítear:

(i)

an íostréimhse mheasta, in aghaidh na bliana agus na míosa, a ndíreoidh an duine ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh lena linn laistigh den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

liosta de na sainorduithe is sainorduithe tráchtála go príomha iad atá ag an duine agus cibé acu atá feidhm ag Airteagal 91(4) de Threoir 2013/36/AE nó nach bhfuil;

(iii)

i gcás ina bhfuil feidhm ag rialacha comhairimh faoi phribhléid, míniú ar aon sineirge atá idir na cuideachtaí;

(iv)

liosta sainorduithe lena saothraítear gníomhaíochtaí is gníomhaíochtaí neamhthráchtála go príomha iad nó atá curtha ar bun chun leasanna eacnamaíocha an duine lena mbaineann a bhainistiú agus chun na gcríoch sin amháin;

(v)

méid na gcuideachtaí nó na n-eagraíochtaí ina bhfuil na sainorduithe dá dtagraítear i bpointe (iv) ag an duine, lena n-áirítear sócmhainní iomlána, cibé acu atá an chuideachta liostaithe nó nach bhfuil agus líon fostaithe na gcuideachtaí na n-eagraíochtaí sin;

(vi)

liosta d’aon fhreagracht bhreise eile atá bainteach leis na sainorduithe dá dtagraítear i bpointe (v) den phointe (g) seo, lena n-áirítear cathaoirleacht ar choiste;

(vii)

an tréimhse mheasta i laethanta in aghaidh na bliana a ndírítear ar gach sainordú lena linn;

(viii)

an líon cruinnithe in aghaidh na bliana lena ndírítear ar gach sainordú.

2.   

Tuairisc ar aon choiste den chomhlacht bainistíochta atá pleanáilte tráth an iarratais mar institiúid creidmheasa, lena n-áirítear a chomhaltaí agus cumhachtaí an choiste.

3.   

Torthaí aon mheasúnaithe oiriúnachta a chomhlíon an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar gach duine, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

miontuairiscí ábhartha an bhoird;

(b)

an measúnú oiriúnachta nó an doiciméad oiriúnachta;

(c)

ráiteas maidir le cibé acu ar measúnaíodh nó nár measúnaíodh an duine mar dhuine ag a bhfuil an taithí riachtanach agus, mura measúnaíodh, mionsonraí an phlean oiliúna a forfheidhmíodh, lena n-áirítear ábhar an phlean, an soláthraí agus an dáta faoina gcuirfear an plean oiliúna i gcrích.

4.   

Ráiteas maidir le measúnú foriomlán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir ar oiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear miontuairiscí ábhartha boird nó tuarascáil mheasúnaithe oiriúnachta ábhartha nó doiciméid mheasúnaithe oiriúnachta ábhartha.

5.   

Tuairisc ar an mbealach ar cuireadh ilchineálacht na dtréithe agus na n-inniúlachtaí san áireamh agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta á roghnú.


IARSCRÍBHINN II

Faisnéis chun a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar scairshealbhóirí nó ar chomhaltaí ag a bhfuil sealúchais cháilithe

1.   

Faisnéis faoi aitheantas agus faoi rannpháirtíocht gach duine agus eintitis ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa agus faisnéis eile is ábhartha maidir leis an measúnú ar oiriúnacht, lena n-áirítear gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

cairt lena leagtar amach struchtúr scairshealbhóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an miondealú ar a chaipiteal agus ar a chearta vótála;

(b)

ainmneacha gach duine agus eintitis ag a bhfuil nó ag a mbeidh sealúchais cháilithe, agus an méid seo a leanas á thabhairt le fios i leith gach duine nó gach eintitis den sórt sin:

(i)

an líon agus cineál scaireanna nó sealúchas eile atá suibscríofa nó atá le suibscríobh;

(ii)

luach ainmniúil scaireanna eile nó sealúchas eile den sórt sin;

(iii)

aon phréimh a íocadh nó atá le híoc;

(iv)

aon leas urrúis nó aon ualú atá cruthaithe i leith na scaireanna nó na sealúchas eile sin, lena n-áirítear aitheantas na bpáirtithe urraithe;

(v)

i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanas a dhéanann na daoine nó na heintitis sin a bhfuil sé d’aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir ceanglais stuamachta is infheidhme;

(c)

mionsonraí faoi na cúiseanna ó thaobh cúrsaí airgeadais nó gnó de atá ag na daoine nó ag na heintitis eile dá dtagraítear i bpointe (b) lena bhfuil úinéireacht acu ar an sealúchas sin agus mionsonraí ar a straitéis maidir leis an sealúchas, lena n-áirítear an tréimhse a bheartaíonn na daoine nó na heintitis sin an sealúchas a choinneáil lena linn agus aon rún atá acu chun leibhéal an tsealúchais a mhéadú, a laghdú nó a choinneáil ar bun sa todhchaí intuartha;

(d)

mionsonraí faoi rúin na ndaoine nó na n-eintiteas eile i leith na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus faoin tionchar a bheartaíonn na daoine nó na heintitis sin a fheidhmiú ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear i leith an bheartais maidir le díbhinní, mionsonraí faoi fhorbairt straitéiseach agus faoi leithdháileadh acmhainní na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus mionsonraí faoi cibé acu atá nó nach bhfuil na daoine nó na heintitis sin ag beartú gníomhú mar scairshealbhóirí mionlaigh gníomhacha, lena n-áirítear an réasúnaíocht le haghaidh rún den sórt sin;

(e)

faisnéis ar thoilteanas na ndaoine nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b) chun tacú leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir le cistí dílse breise más gá chun a gníomhaíochtaí a fhorbairt nó i gcás deacrachtaí airgeadais;

(f)

ábhar aon chomhaontaithe atá ag scairshealbhóir beartaithe nó ag comhaltaí beartaithe le scairshealbhóirí eile nó le comhaltaí eile i ndáil leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(g)

anailís ar cibé acu a bheidh aon tionchar ag an sealúchas cáilithe, lena n-áirítear de thoradh dhlúthnaisc na ndaoine nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (b) leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir, ar chumas na hinstitiúide is iarratasóir faisnéis thráthúil chruinn a sholáthar do na húdaráis inniúla;

(h)

aitheantas gach comhalta den chomhlacht bainistíochta nó den ardbhainistíocht a stiúrfaidh gnó na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus a bheidh ceaptha ag, nó tar éis a ainmnithe ag, na scairshealbhóirí nó na comhaltaí sin, in éineacht, sa mhéid nach soláthraítear cheana, leis an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointí (1)(a) go (f);

(i)

míniú ar na foinsí cistiúcháin le haghaidh aon éadáil scaireanna nó sealúchas eile atá beartaithe san institiúid creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme:

(i)

mionsonraí faoi úsáid acmhainní airgeadais príobháideacha, lena n-áirítear a n-infhaighteacht agus a bhfoinse;

(ii)

mionsonraí faoin modh íocaíochta le haghaidh na héadála beartaithe agus faoin líonra a úsáidtear chun cistí a aistriú;

(iii)

mionsonraí faoin rochtain ar fhoinsí caipitil agus ar mhargaí airgeadais, lena n-áirítear mionsonraí ar ionstraimí airgeadais atá le heisiúint;

(iv)

faisnéis ar úsáid cistí a fuarthas ar iasacht, lena n-áirítear ainm na n-iasachtóirí agus mionsonraí na saoráidí a deonaíodh, amhail aibíochtaí, téarmaí, leasanna urrúis agus ráthaíochtaí, mar aon le faisnéis ar an bhfoinse ioncaim atá le húsáid chun na hiasachtaí sin a aisíoc;

(v)

faisnéis ar aon socrú airgeadais le daoine eile atá nó a bheidh ina scairshealbhóirí nó ina gcomhaltaí den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(vi)

faisnéis ar aon sócmhainn atá le díol chun cuidiú leis an rannpháirtíocht bheartaithe a mhaoiniú, amhail coinníollacha díola, praghas, breithmheas agus mionsonraí faoi thréithe na sócmhainní sin, lena n-áirítear faisnéis ar an tráth agus ar an mbealach a bhfuarthas iad.

Chun críocha phointe (i)(iv), i gcás nach institiúid creidmheasa é an t-iasachtóir nó nach institiúid creidmheasa é atá údaraithe chun creidmheas a dheonú, cuirfidh na hinstitiúidí creidmheasa is iarratasóirí na húdaráis inniúla ar an eolas faoi thionscnamh na gcistí a fuarthas ar iasacht.

2.   

An fhaisnéis seo a leanas faoi dhaoine nádúrtha ag a bhfuil, nó ag a mbeidh i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa:

(a)

mionsonraí pearsanta lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:

(i)

ainmneacha na ndaoine agus, murab ionann iad, ainmneacha na ndaoine tráth na breithe;

(ii)

dáta agus áit na breithe:

(iii)

saoránacht na ndaoine;

(iv)

uimhir aitheantais náisiúnta phearsanta na ndaoine, i gcás ina mbeidh fáil uirthi sin;

(v)

seoladh, sonraí teagmhála na ndaoine

(vi)

cóip de dhoiciméad aitheantais oifigiúil;

(b)

curriculum vitae mionsonraithe, lena sonraítear an t-oideachas ábhartha agus oiliúint ábhartha, agus aon taithí ghairmiúil ar shealúchais a fháil agus a bhainistiú i gcuideachtaí, agus aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó aon fheidhm eile atá á comhlíonadh faoi láthair;

(c)

ráiteas ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas faoin duine nádúrtha agus faoi aon ghnóthas a bhí faoi stiúir nó faoi rialú an duine sin le 10 mbliana anuas agus a bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar an eolas faoi tar éis fiosrú cuí cúramach:

(i)

faoi réir ceanglais reachtaíochta náisiúnta a bhaineann le ciontuithe spíonta a nochtadh, faisnéis faoi aon chiontú coiriúil nó faoi aon imeacht coiriúil inar tugadh cinneadh in aghaidh an duine nó an ghnóthais agus nár cuireadh ar ceal;

(ii)

faisnéis faoi aon chinneadh sibhialta nó riaracháin a bhaineann leis an duine nó leis an ngnóthas is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an oiriúnacht nó is ábhartha ar bhealach eile maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir a údarú agus aon smachtbhanna riaracháin nó aon bheart riaracháin a forchuireadh mar thoradh ar shárú dlíthe nó rialachán, lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, i ngach cás nár cuireadh ar ceal agus nach bhfuil aon achomharc ar feitheamh ina aghaidh agus nach bhféadfar aon achomharc a chomhdú ina aghaidh, ach amháin i gcás pionós riaracháin a forchuireadh faoi Airteagail 65, 66 nó 67 de Threoir 2013/36/AE, agus i gcás ciontuithe coiriúla a soláthrófar faisnéis ina leith freisin le haghaidh rialuithe atá fós faoi réir achomhairc;

(iii)

aon fhéimheacht, dócmhainneacht nó imeacht comhchosúil;

(iv)

aon imscrúdú coiriúil atá ar feitheamh;

(v)

aon imscrúdú sibhialta nó riaracháin, imeacht forfheidhmiúcháin, smachtbhanna nó aon chinneadh forfheidhmiúcháin eile in aghaidh an duine nó an ghnóthais a bhaineann le hábhair a d’fhéadfaí a mheas le réasún mar ábhair is ábhartha maidir le húdarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó maidir le bainistíocht fhónta stuama na hinstitiúide creidmheasa sin is iarratasóir;

(vi)

i gcás inar féidir na doiciméid sin a fháil, deimhniú oifigiúil nó aon doiciméad coibhéiseach eile lena léirítear gur tharla aon cheann de na teagmhais a leagtar amach i bpointí (i) go (v) den phointe (c) seo i leith an duine nó an ghnóthais;

(vii)

aon diúltú clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm;

(viii)

aon diúltú, cúlghairm nó foirceannadh clárúcháin, údaraithe, comhaltais nó ceadúnais chun gabháil do cheird, do ghnó nó do ghairm;

(ix)

aon díbirt ag comhlacht rialála nó rialtais nó ag comhlacht gairmiúil nó ag comhlachas gairmiúil;

(x)

aon phost freagrachta laistigh d’eintiteas atá faoi réir aon chiontú coiriúil nó aon phionós sibhialta nó riaracháin nó faoi réir aon bheart sibhialta nó riaracháin eile is ábhartha chun an oiriúnacht a mheasúnú nó próiseas údaraithe atá déanta ag aon údarás nó aon imscrúdú leanúnach, i ngach cás le haghaidh clistí iompair, lena n-áirítear i leith calaoise, mímhacántachta, caimiléireachta, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoirí nó le haghaidh aon choir airgeadais eile nó aon chliseadh beartais agus nósanna imeachta oiriúnacha a chur i bhfeidhm chun teagmhais den sórt sin a chosc, a bhí acu tráth a tharla an t-iompar líomhnaithe, in éineacht le mionsonraí na dtarlúintí sin agus na rannpháirtíochta, más ann, iontu;

(xi)

aon dífhostú as fostaíocht nó as post iontaoibhe, aon bhaint as caidreamh muiníneach, seachas de thoradh an caidreamh lena mbaineann a bheith tagtha chun críche le himeacht ama, agus aon chás comhchosúil;

(d)

i gcás ina bhfuil measúnú déanta ag údarás maoirseachta eile ar cháil an duine lena mbaineann cheana, aitheantas an údaráis sin agus toradh an mheasúnaithe sin;

(e)

staid airgeadais reatha an duine, lena n-áirítear mionsonraí a bhaineann le foinsí ioncaim, sócmhainní agus dliteanais, leasanna urrúis agus ráthaíochtaí, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad;

(f)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó an duine agus ar aon ghnóthas a sheolann nó a rialaíonn an duine;

(g)

faisnéis airgeadais, lena n-áirítear rátálacha creidmheasa agus tuarascálacha atá ar fáil go poiblí faoi aon ghnóthais atá faoi stiúir nó faoi rialú ag an duine;

(h)

tuairisc ar leasanna airgeadais an duine, lena n-áirítear oibríochtaí creidmheasa, ráthaíochtaí agus leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, agus ar aon leasanna neamhairgeadais de chuid an duine, lena n-áirítear caidrimh teaghlaigh nó dlúthchaidrimh le haon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

(i)

aon scairshealbhóir reatha eile nó aon chomhalta reatha eile den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

aon duine atá i dteideal cearta vótála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóira fheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó i gcás meascáin díobh:

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí lenar thug an duine sin comhaontú i gcrích, ar comhaontú é lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tríú páirtí sin, trí na cearta vótála atá ina sheilbh a fheidhmiú go comhbheartaithe, comhbheartas marthanach a ghlacadh i leith an t-eisitheoir atá i gceist a bhainistiú,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí faoi chomhaontú a tugadh i gcrích leis an duine lena bhforáiltear le haghaidh aistriú sealadach na gceart vótála atá i gceist ar chomaoin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh mar chomhthaobhacht leis an duine sin, ar choinníoll go rialaíonn an duine na cearta vótála agus go ndearbhóidh an duine go bhfuil sé de rún aige nó aici iad a fheidhmiú,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna ina bhfuil an leas saoil ag an duine sin,

cearta vótála atá i seilbh gnóthais atá á rialú ag an duine sin, nó a fhéadfaidh gnóthas a rialaítear amhlaidh a fheidhmiú de réir bhrí na chéad cheithre ítim den phointe (ii) sin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh leis an duine sin agus a fhéadfaidh an duine a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí ina ainm féin thar ceann an duine sin,

cearta vótála a fhéadfaidh an duine sin a fheidhmiú mar sheachvótálaí i gcás inar féidir leis an duine nó leis an eintiteas na cearta vótála a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(iii)

aon duine, de réir reachtaíocht náisiúnta, is comhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó d’ardbhainistíocht na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(iv)

an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon chomhalta eile dá grúpa;

(i)

a mhéid a thagann aon choinbhleacht leasa chun cinn de bharr na gcaidreamh dá dtagraítear i bpointe (h), modhanna atá molta chun an choinbhleacht sin a bhainistiú;

(j)

tuairisc ar aon naisc le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

(k)

aon leas nó aon ghníomhaíocht eile de chuid an duine a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le leasanna nó gníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus na modhanna atá molta chun na coinbhleachtaí leasa sin a bhainistiú.

3.   

Faisnéis faoi dhaoine nádúrtha ag a bhfuil nó ag a mbeidh, i gcás údarú na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa:

(a)

ainm an duine dhlítheanaigh;

(b)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach cláraithe i gclár lárnach, i gclár tráchtála, i gclár na gcuideachtaí nó i gclár poiblí comhchosúil, ainm an chláir ina bhfuil an duine dlítheanach iontráilte, an chláruimhir nó modh aitheantais coibhéiseach sa chlár sin agus cóip den deimhniú clárúcháin;

(c)

seoltaí oifig chláraithe an duine dhlítheanaigh agus, i gcás nach ionann é, seoladh a phríomhoifige, agus a phríomháite ghnó;

(d)

sonraí teagmhála;

(e)

doiciméid chorparáideacha nó comhaontuithe corparáideacha lena rialaítear an duine dlítheanach agus míniú achomair ar phríomhghnéithe dlítheanacha fhoirm dhlítheanach an duine dhlítheanaigh;

(f)

cibé acu atá nó a bhí an duine dlítheanach riamh á rialáil ag údarás inniúil in earnáil na seirbhísí airgeadais nó ag comhlacht eile rialtais;

(g)

an fhaisnéis dá dtagraítear:

(i)

i bpointe (2), pointe (f), i ndáil leis an duine dlítheanach;

(ii)

i bpointe (2), pointe (d), i ndáil leis an duine dlítheanach;

(iii)

i bpointe (2), pointí (g) agus (i), i ndáil leis an duine dlítheanach, aon duine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach nó aon ghnóthas faoi rialú an duine dhlítheanaigh;

(iv)

i bpointe (2), pointe (c), i ndáil leis an duine dlítheanach, aon ghnóthas faoi rialú an duine dhlítheanaigh, agus aon scairshealbhóir a fheidhmíonn tionchar suntasach ar an duine dlítheanach;

(h)

tuairisc ar leasanna airgeadais an duine dhlítheanaigh, ar dhaoine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, nó, i gcás inarb infheidhme, an grúpa lena mbaineann an duine dlítheanach, mar aon leis na daoine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, lena n-áirítear oibríochtaí creidmheasa, ráthaíochtaí agus leasanna urrúis, cibé acu a deonaíodh nó a fuarthas iad, mar aon le haon leas neamhairgeadais de chuid aon duine dhlítheanaigh den sórt sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, caidrimh teaghlaigh nó dlúthchaidrimh, le haon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

(i)

aon scairshealbhóir reatha nó aon chomhalta reatha eile den institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

aon duine atá i dteideal cearta vótála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a fheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas nó i gcás meascáin díobh:

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí lenar thug an duine sin comhaontú i gcrích, ar comhaontú é lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tríú páirtí sin, trí na cearta vótála atá ina sheilbh a fheidhmiú go comhbheartaithe, comhbheartas marthanach a ghlacadh i leith an t-eisitheoir atá i gceist a bhainistiú,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí faoi chomhaontú a tugadh i gcrích leis an duine lena bhforáiltear le haghaidh aistriú sealadach na gceart vótála atá i gceist ar chomaoin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh mar chomhthaobhacht leis an duine sin, ar choinníoll go rialóidh an duine nó an t-eintiteas na cearta vótála agus go ndearbhóidh an duine nó an t-eintiteas go bhfuil sé de rún aige nó aici iad a fheidhmiú,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna ina bhfuil an leas saoil ag an duine sin,

cearta vótála atá i seilbh gnóthais atá á rialú ag an duine sin, nó a fhéadfaidh gnóthas a rialaítear amhlaidh a fheidhmiú de réir bhrí na chéad cheithre ítim den phointe (ii) sin,

cearta vótála a ghabhann le scaireanna a dhéantar a thaisceadh leis an duine sin agus a fhéadfaidh an duine a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí,

cearta vótála atá i seilbh tríú páirtí ina ainm féin thar ceann an duine sin,

cearta vótála a fhéadfaidh an duine sin a fheidhmiú mar sheachvótálaí i gcás inar féidir leis an duine na cearta vótála a fheidhmiú dá rogha féin in éagmais treoracha sonracha ó na scairshealbhóirí;

(iii)

aon duine atá faoi riteacht pholaitiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Threoir (AE) 2015/849;

(iv)

aon duine, de réir reachtaíocht náisiúnta, is comhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, nó d’ardbhainistíocht na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir;

(v)

an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó aon chomhalta eile dá grúpa,

(i)

a mhéid a thagann aon choinbhleacht leasa chun cinn de bharr na gcaidreamh dá dtagraítear i bpointe (h), modhanna atá molta chun na coinbhleachtaí sin a bhainistiú;

(j)

liosta de gach duine a stiúrann gnó an duine dhlítheanaigh go héifeachtach, a ainm, dáta agus áit na breithe, seoladh, sonraí teagmhála, a uimhir aitheantais náisiúnta, i gcás ina mbeidh fáil uirthi sin, agus curriculum vitae mionsonraithe lena sonraítear oideachas ábhartha agus oiliúint ábhartha, taithí ghairmiúil roimhe sin, aon ghníomhaíocht ghairmiúil nó aon fheidhm ábhartha eile atá á comhlíonadh faoi láthair, in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (2), pointí (c) agus (d), i leith gach duine den sórt sin;

(k)

struchtúr scairsheilbhe an duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear aitheantas gach scairshealbhóra a fheidhmíonn tionchar suntasach agus a scairchaipiteal agus a chearta vótála faoi seach agus faisnéis ar aon chomhaontú scairshealbhóirí;

(l)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina cuid de ghrúpa, cairt eagraíochtúil mhionsonraithe de struchtúr an ghrúpa agus faisnéis ar sciar caipitil agus ar chearta vótála na scairshealbhóirí ag a bhfuil tionchar suntasach ar eintitis an ghrúpa agus ar na gníomhaíochtaí a chomhlíonann eintitis an ghrúpa faoi láthair;

(m)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina chuid de ghrúpa, faisnéis ar na caidrimh idir aon institiúid creidmheasa, aon ghnóthas árachais nó athárachais nó aon ghnólacht infheistíochta laistigh den ghrúpa agus idir aon eintiteas eile de chuid an ghrúpa, agus ainmneacha na n-údarás maoirseachta;

(n)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina chuid de ghrúpa, aitheantas aon institiúide creidmheasa, aon ghnóthais árachais nó athárachais nó aon ghnólachta infheistíochta laistigh den ghrúpa, ainmneacha na n-údarás inniúil ábhartha, mar aon le hanailís ar imlíne chomhdhlúthú stuamachta na hinstitiúide creidmheasa agus an ghrúpa, lena n-áirítear faisnéis faoi eintitis an ghrúpa a d’áireofaí i raon feidhme na gceanglas maoirseachta comhdhlúite agus faoi na leibhéil laistigh den ghrúpa arbh infheidhme na ceanglais sin ar bhonn iomlán nó ar bhonn fo-chomhdhlúite;

(o)

ráitis airgeadais bhliantúla, ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil chomhdhlúite agus fo-chomhdhlúite an ghrúpa, i gcomhair na 3 bliana airgeadais go dtí sin, i gcás ina raibh an duine dlítheanach i mbun feidhme ar feadh na tréimhse sin, nó ar feadh tréimhse níos giorra den sórt sin dá raibh an duine dlítheanach i mbun feidhme agus dár ullmhaíodh ráitis airgeadais, a d’fhormheas an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (2) agus (3), de Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear gach ceann de na hítimí seo a leanas:

(i)

an clár comhardaithe;

(ii)

na cuntais bhrabúis agus chaillteanais nó an ráiteas ioncaim;

(iii)

na tuarascálacha bliantúla agus na hiarscríbhinní airgeadais agus aon doiciméad eile atá cláraithe le clárlann nó le húdarás inniúil an duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear, mar a leagtar amach mar nithe ábhartha sna tuarascálacha bliantúla, sna hiarscríbhinní airgeadais agus in aon doiciméad cláraithe eile, na toimhdí pleanála a úsáideadh, agus bonnchásanna agus cásanna struis i gceist ar a laghad;

(p)

i gcás ina bhfuil a phríomhoifig ag an duine dlítheanach i dtríú tír, an fhaisnéis uile seo a leanas:

(i)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach faoi mhaoirseacht ag údarás tríú tír in earnáil na seirbhísí airgeadais, deimhniú dea-stádais, nó a chomhionann i gcás nach bhfuil fáil air, ó údarás tríú tír den sórt sin i ndáil leis an duine dlítheanach;

(ii)

i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach faoi mhaoirseacht údaráis tríú tír in earnáil na seirbhísí airgeadais agus i gcás ina n-eisíonn an t-údarás sin dearbhuithe den sórt sin, dearbhú ón údarás tríú tír sin nach bhfuil aon bhacainn ná aon teorainn ar sholáthar na faisnéise is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(iii)

faisnéis ghinearálta faoi réimeas rialála an tríú tír sin mar is infheidhme maidir leis an duine dlítheanach, lena n-áirítear faisnéis ar a mhéid atá réimeas frithsciúrtha airgid agus frithmhaoinithe sceimhlitheoirí an tríú tír comhsheasmhach le moltaí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais;

(q)

i gcás inarb amhlaidh gur gnóthas comhinfheistíochta é an duine dlítheanach:

(i)

aitheantas na sealbhóirí aonaid a rialaíonn an gnóthas comhinfheistíochta nó ag a bhfuil sealúchas lena gcuirtear ar a gcumas do na sealbhóirí aonaid sin cosc a chur ar an ngnóthas comhinfheistíochta cinntí a dhéanamh;

(ii)

mionsonraí an bheartais infheistíochta agus aon srian ar infheistíocht;

(iii)

ainm agus post na ndaoine atá freagrach, cibé acu ar bhonn leithleach nó mar choiste, as na cinntí infheistíochta a chinneadh agus a dhéanamh le haghaidh an ghnóthais comhinfheistíochta, mar aon le cóip d’aon sainordú bainistíochta nó, i gcás inarb infheidhme, téarmaí tagartha an choiste;

(iv)

tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat dlíthiúil frithsciúrtha airgid is infheidhme agus ar nósanna imeachta frithsciúrtha airgid an ghnóthais comhinfheistíochta;

(v)

tuairisc mhionsonraithe ar fheidhmíocht iarshealúchais an ghnóthais comhinfheistíochta in institiúidí creidmheasa eile, ar ghnóthais árachais nó athárachais eile nó ar ghnólachtaí infheistíochta, á thabhairt le fios cibé acu a d’fhormheas údarás inniúil na sealúchais sin agus, más amhlaidh, aitheantas an údaráis;

(r)

i gcás inar ciste infheistíochta Stáit é an duine:

(i)

ainm an chomhlachta phoiblí atá i gceannas ar bheartas infheistíochta an chiste infheistíochta Stáit a chinneadh;

(ii)

mionsonraí bheartas infheistíochta an chiste infheistíochta Stáit agus aon srian ar infheistíocht;

(iii)

ainmneacha agus poist na ndaoine atá freagrach as na cinntí infheistíochta a dhéanamh le haghaidh an chiste infheistíochta Stáit;

(iv)

mionsonraí ar aon tionchar a fheidhmíonn an comhlacht poiblí dá dtagraítear i bpointe (i) ar oibríochtaí laethúla an chiste infheistíochta Stáit agus ar an institiúid creidmheasa is iarratasóir.

4.   

Chun críocha phointe 3 sin, áireofar le grúpa comhaltaí an eintitis agus fochuideachtaí na gcomhaltaí sin. An fhaisnéis seo a leanas faoi shuibscríbhinní a eascraíonn as socruithe iontaobhais:

(a)

aitheantas na n-iontaobhaithe uile a bhainisteoidh sócmhainní faoi théarmaí an doiciméid iontaobhais agus gach duine is tairbhí nó is socraitheoir i leith mhaoin an iontaobhais agus, i gcás inarb infheidhme, a scaireanna faoi seach i ndáileadh an ioncaim a ghineann maoin an iontaobhais;

(b)

cóip d’aon doiciméad lena mbunaítear nó lena rialaítear an t-iontaobhas;

(c)

tuairisc ar phríomhghnéithe dlítheanacha an iontaobhais agus ar phríomhghnéithe a fheidhmithe;

(d)

modh maoinithe an iontaobhais agus na hacmhainní lena n-áirithítear fóntacht airgeadais an iontaobhais chun tacú leis an iarratasóir, agus go háirithe:

(i)

tuairisc ar bheartas infheistíochta an iontaobhais agus srianta féideartha ar infheistíochtaí, lena n-áirítear faisnéis ar na tosca a théann i bhfeidhm ar chinntí infheistíochta agus ar an straitéis scoir i ndáil leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir;

(ii)

faisnéis ar iar-infheistíochtaí agus ar infheistíochtaí reatha de chuid eintiteas san earnáil airgeadais agus torthaí oibriúcháin i ndáil leis na hinfheistíochtaí sin i ndáil leis an iontaobhas;

(iii)

tásc agus forbhreathnú ar na foinsí cistiúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, ráitis airgeadais bhliantúla an iontaobhais.


(1)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(2)  Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/86


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2581 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meitheamh 2022

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar faisnéise in iarratais ar údarú mar údarás creidmheasa

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún (2), leagtar amach cén fhaisnéis atá le soláthar ag na húdaráis inniúla in iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa.

(2)

Chun críocha comhchuibhithe, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh iarratasóirí ar údarú mar institiúid creidmheasa an fhaisnéis a iarraidh maidir le húdarú den sórt sin a thíolacadh ar bhealach aonfhoirmeach, tríd na foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha céanna a úsáid trasna an Aontais.

(3)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(4)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(5)

Chun am leordhóthanach a thabhairt d’údaráis inniúla agus iarratasóirí mar institiúidí creidmheasa chun iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarratas a chur isteach ar údarú mar institiúid creidmheasa

1.   Déanfaidh iarratasóirí ar údarú mar institiúid creidmheasa an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagail 1 go 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 a thíolacadh dá n-údarás inniúil tríd an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a líonadh isteach.

2.   Léireoidh údaráis inniúla na sonraí teagmhála chun iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa a chur isteach ar a shuíomh gréasáin agus léireoidh siad cibé acu an gá an t-iarratas a chur isteach i bhformaid pháipéir, i bhformaid leictreonach nó sa dá fhormaid.

Airteagal 2

Measúnú ar iomláine iarratas ar údarás mar institiúid creidmheasa

1.   Measfar go mbeidh iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa comhlánaithe má tá gach faisnéis a iarrtar le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 sna hiarratais sin.

2.   I gcás ina ndéantar an fhaisnéis a thugtar san iarratas a mheasúnú agus go bhfaightear amach go bhfuil an fhaisnéis neamhiomlán, seolfaidh na húdaráis inniúla, i bhformaid pháipéir nó trí mhodhanna leictreonacha, iarraidh chuig na hiarratasóirí lena mbaineann lena léireofar an fhaisnéis bhreise atá ag teastáil, agus tabharfaidh siad deis do na hiarratasóirí sin chun an fhaisnéis a aithnítear a chur isteach.

3.   Ar iarratas a mheasúnú ina iarratas comhlánaithe, cuirfidh an t-údarás inniúil an tiarratasóir ar an eolas faoi sin, mar aon leis an dáta a bhfuarthas an iarratais chomhlánaithe nó, de réir mar a bheidh, an dáta a bhfuarthas an fhaisnéis lenar comhlánaíodh an t-iarratas.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla a iarraidh ar an iarratasóir mínithe breise agus fhaisnéis fhorlíontach a sholáthar chun críocha an t-iarratas a mheasúnú.

Airteagal 3

Iarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa faoi réir an Rialacháin seo

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar údarú mar institiúid creidmheasa arna gcur isteach ar XX.XX.XXX nó ina dhiaidh.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XX.XX.XXX.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú mar institiúid creidmheasa, agus lena sonraítear na bacainní lena bhféadfaí cosc a chur ar fheidhmiú éifeachtach feidhmeanna maoirseachta údarás inniúil (IO L 335, XX.XX.XXXX, lch. 64).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

Faisnéis arna soláthar chun críocha an iarratais ar údarú

Dáta: ……………

Uimhir thagartha: …………..

Ainm an iarratasóra:

Seoladh:

(Sonraí teagmhála an teagmhálaí ainmnithe)

Ainm:

Uimhir theileafóin:

Seoladh ríomhphoist:

Is iarratas ar údarú mar institiúid chreidmheasa é seo a cuireadh isteach i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún (1)

Deimhnímid go bhfuil an fhaisnéis arna cur ar fáil san iarratas seo fíor, cruinn, comhlánaithe agus nach bhfuil sí míthreorach. Mura leagtar amach a mhalairt go sonrach, tá an fhaisnéis cothrom le dáta ar dháta an iarratais seo. I gcás ina léireoidh faisnéis áirithe dáta amach anseo, léirítear é go sonrach san iarratas agus glacaimid orainn féin a chur in iúl don údarás i scríbhinn gan mhoill i gcás go mbeadh aon fhaisnéis den sórt sin bréagach, míchruinn, neamhchomhlánaithe nó míthreorach.

[Ainm an iarratasóra]

Arna chur isteach ag: …

Ainm:

Post:

Tábla 1

Tíolacadh na faisnéise maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir (Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

1.1.

Teagmhálaithe chun críocha an iarratais (Airteagal 1, pointí (a) agus (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Sonraí an duine an duine is ceart teagmháil a dhéanamh leis maidir leis an iarratas

Teideal

 

Ainm iomlán

 

Post

 

Uimhir theileafóin

 

Uimhir mhóibíleach

 

Facs (más ann dó)

 

Seoladh ríomhphoist

 

Príomhchomhairleoir gairmiúil atá páirteach in ullmhú an iarratais (más ann dó)

Teideal

 

Ainm iomlán

 

Ról

 

Uimhir theileafóin

 

Uimhir mhóibíleach

 

Facs (más ann dó)

 

Seoladh ríomhphoist

 

1.2.

Sainaithint na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir (Airteagal 1, pointí (c) go (k), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Ainm na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus ainm gnó ar bith eile a úsáidtear nó atá le húsáid ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir

 

Pleananna atá beartaithe (más ann dóibh) chun ainm na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir a athrú agus míniú maidir leis na hathruithe beartaithe

 

Lógó

 

Foirm dhlíthiúil na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

Dáta an chorpraithe nó an fhoirmithe

 

Dlínse an chorpraithe nó an fhoirmithe

 

Seoladh oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus, i gcás nach ionann é, seoladh a príomhoifige, agus a príomháite gnó

 

Sonraí teagmhála na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir i gcás nach ionann iad agus na sonraí a tugadh faoi roinn 1.1 sa tábla seo: uimhir theileafóin, uimhir mhóibíleach, uimhir facs (más ann dó), agus seoladh ríomhphoist

 

I gcás ina bhfuil an institiúid creidmheasa is iarratasóir cláraithe i gclár lárnach, i gclár tráchtála, i gclár na gcuideachtaí nó i gclár poiblí comhchosúil, ainm an chláir sin, agus cláruimhir na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó modh aitheantais coibhéiseach sa chlár sin

 

Aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, más ann dó

 

Dáta dheireadh na bliana cuntasaíochta le haghaidh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

Suíomhanna gréasáin na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, más ann dóibh

 

1.3.

Doiciméid bhunreachtúla (Airteagal 1, pointe (l), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun a sholáthraítear cóip d’airteagail chomhlachais na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó doiciméid bhunreachtúla choibhéiseacha, agus, i gcás inarb infheidhme, fianaise ar chlárú leis an gclár a ainmnítear le dlí an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir le Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)

 

1.4.

Stair na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus a fochuideachtaí (Airteagal 2, pointí (a) go (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Deimhniú i dtaobh cibé acu an ndearna nó nach ndearna an institiúid creidmheasa is iarratasóir gníomhaíochtaí trádála nó eile roimhe seo (rinne/ní dhearna) (má rinne, comhlánaigh na réimsí atá fágtha i roinn 1.4 den tábla seo)

 

Mionsonraí maidir le ceadúnais, údaruithe, clárúcháin nó ceadaithe eile na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir nó aon cheann dá fochuideachtaí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh in earnáil na seirbhísí airgeadais arna ndeonú ag údarú poiblí nó aon eintiteas eile a chomhlíonann feidhmeanna poiblí i mBallstát nó tríú tír ar bith a thagann faoi na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (a)(i) go (iv), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

Mionsonraí maidir le haon teagmhas suntasach a bhaineann leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir nó le haon cheann dá fochuideachtaí a tharla nó atá ag tarlú agus a d’fhéadfaí a mheas le réasún a bheith ábhartha le haghaidh an údaraithe, lena n-áirítear aon cheann de na hábhair a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

Faisnéis maidir le haon teagmhas a liostaítear sa dearbhú, lena n-áirítear ainm agus seoladh na cúirte coiriúla nó sibhialta ábhartha nó an údaráis shibhialta nó riaracháin ábhartha, dáta an teagmhais, an méid a bhí i gceist, toradh na n-imeachtaí agus míniú ar imthosca an teagmhais lenar tionscnaíodh na himeachtaí

 

1.5.

Táillí is infheidhme (Airteagal 2, pointe (d) agus (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Eilimintí is gá chun táillí ar bith is infheidhme a ríomh i gcás, de bhun dhlí an Aontais nó dlí náisiúnta, ina ríomhtar aon táille iarratais nó aon táille maoirseachta atá le híoc ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar bhonn ghníomhaíochtaí nó thréithe na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir fianaise a fháil maidir le híocaíocht táille ar bith is infheidhme, i gcás inarb infheidhme de bhun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta

 


Tábla 2

Clár na ngníomhaíochtaí (Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Gníomhaíochtaí (Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir clár na ngníomhaíochtaí a fháil, lena n-áirítear (a) liosta na ngníomhaíochtaí a bhfuil sé ar intinn ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir a dhéanamh, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE agus (b) tuairisc ar an gcaoi a thagann clár na n-oibríochtaí leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Tábla 3

Faisnéis airgeadais (Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

3.1.

Faisnéis réamhaisnéise (Airteagal 4, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Iarscríbhinn ar faoina bun is féidir faisnéis réamhaisnéise a fháil maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil grúpa chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

3.2.

Ráitis airgeadais reachtúla (Airteagal 4, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir na ráitis airgeadais reachtúla a fháil maidir leis an institiúid creidmheasa is iarratasóir ar leibhéal aonair agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéil grúpa chomhdhlúite agus fho-chomhdhlúite mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

3.3.

Féichiúnas (Airteagal 4, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir achoimre a fháil ar aon fhéichiúnas a tabhaíodh nó a meastar a thabhóidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir sula dtosófar a gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

3.4.

Leasanna urrúis, ráthaíochtaí nó slánaíochtaí (Airteagal 4, pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir achoimre a fháil ar aon leas urrúis, ráthaíocht nó slánaíocht a deonaíodh nó a meastar a bheith á dheonú nó á deonú ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir sular dtosófar a gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa

 

3.5.

Rátáil chreidmheasa (Airteagal 4, pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

I gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis maidir le rátáil chreidmheasa na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir agus maidir le rátáil fhoriomlán a grúpa

 

3.6.

Maoirseacht chomhdhlúite (Airteagal 4, pointe (f), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoin bun is féidir, i gcás inarb infheidhme, anailís maidir le raon feidhme na maoirseachta comhdhlúite a fháil de bhun na gceanglas comhdhlúite mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (f), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

3.7.

Creata agus beartais (Airteagal 4, pointe (g)(i) go (x), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Achoimre ar an gcreat bainistíochta riosca mar a cheanglaítear le hAirteagal 4, pointe (g), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

Achoimre ar an mbeartas bainistíochta riosca ó thaobh na leachtachta de

 

Achoimre ar an mbeartas maidir le comhchruinniú cistiúcháin agus éagsúlú cistiúcháin

 

Achoimre ar an mbeartas bainistíochta maidir le comhthaobhacht

 

Achoimre ar an mbeartas taisce

 

Achoimre ar an mbeartas maidir le creidmheas agus iasachtú

 

Achoimre ar an mbeartas maidir le comhchruinniú riosca

 

Achoimre ar an mbeartas soláthair

 

Achoimre ar an mbeartas bainistíochta maidir le díbhinní a dháileadh

 

Achoimre ar an mbeartas maidir leis an leabhar trádála

 

3.8.

An próiseas maidir le plean téarnaimh a fhorbairt (Airteagal 4, pointe (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Tuairisc ar phróiseas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir chun plean téarnaimh a fhorbairt, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (32), de Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus, i gcás inarb infheidhme, plean téarnaimh grúpa, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (33), den Treoir sin

 

3.9.

Scéim ráthaithe taisce (Airteagal 4, pointe (i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Ráiteas nó deimhniú go mbeidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir, roimh dháta an údaraithe nó an dáta sin ar a dhéanaí, ina comhalta de scéim ráthaithe taiscí atá aitheanta go hoifigiúil sa Bhallstát ina ndéantar an t-iarratas a thíolacadh, mar a cheanglaítear le Airteagal 4(3) de Threoir 2014/49/AE

 

Ainm na scéime ráthaithe taisce

 

3.10.

Scéim cosanta institiúideach (Airteagal 4, pointe (j), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Ainm scéim cosanta institiúideach ar bith, mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), a ndeachaigh an institiúid creidmheasa is iarratasóir ina bun nó a mbeartaíonn an institiúid dul ina bun

 


Tábla 4

Clár na n-oibríochtaí, eagrúchán struchtúrtha, córais rialaithe inmheánaigh agus iniúchóirí (Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

4.1.

Clár oibríochtaí (Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir clár na n-oibríochtaí a fháil mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

4.2.

Socruithe maidir le heagrúchán, struchtúr agus rialachas (Airteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir achoimre a fháil ar socruithe maidir le heagrúchán, struchtúr agus rialachas na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

4.3.

Creat Rialaithe Inmheánaigh (Airteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir forbhreathnú a fháil maidir le heagrúchán inmheánach (lena n-áirítear acmhainní buiséadacha agus daonna tiomnaithe) na feidhme comhlíonta, na feidhme bainistíochta riosca agus na feidhme iniúchta inmheánaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1), pointe (c)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

Achoimre ar an mbeartas sceithireachta

 

Achoimre ar an mbeartas maidir le coinbhleacht leasa

 

Achoimre ar an mbeartas maidir le gearáin a láimhseáil

 

Achoimre ar an mbeartas maidir leis an drochúsáid mhargaidh

 

Achoimre ar an mbearta lena gcuirtear ilchineálacht chun cinn sa chomhlacht bainistíochta

 

Achoimre ar an mbeartas maidir le luach saothair do bhaill foirne ag a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

Achoimre ar na córais agus ar na beartais maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoirí, lena n-áirítear forbhreathnú maidir leis na príomhnósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun an riosca a chomhrac go bhféadfaí an institiúid creidmheasa is iarratasóir a úsáid chun coireacht airgeadais a chur chun cinn

 

4.4.

Acmhainní iniúchta inmheanaí (Airteagal 5(1), pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Tuairisc ar na hacmhainní iniúchóireachta inmheánaí agus achoimre ar an modheolaíocht agus ar an bplean iniúchóireachta inmheánaí i gcomhair na 3 bliana tar éis a húdaraithe, lena n-áirítear iniúchadh ar sheirbhísí seachtracha

 

4.5.

Beartais agus pleananna (Airteagal 5(1), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Achoimre ar an mbeartas iniúchóireachta inmheánaí

 

Achoimre ar an mbeartas rialachais táirgí

 

Achoimre ar an mbeartas cosanta tomhaltóirí

 

Achoimre ar an bplean agus ar an mbeartas maidir le leanúnachas gnó, lena n-áirítear forbhreathnú ar chórais chúltaca agus téarnaimh atá le fáil agus ar phleananna lena n-áirithítear infhaighteacht na bpríomhbhall foirne i staideanna ina bhfuil leanúnachas gnó i gceist

 

4.6.

Struchtúr na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir (Airteagal 5(1), pointí (f) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Achoimre ar an seachfhoinsiú seachtrach agus inghrúpa chun tacú le hoibríochtaí nó gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (f), pointe (i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

Achoimre ar fhreagrachtaí formhaoirseachta agus ar shocruithe, ar chórais agus ar rialuithe le haghaidh gach feidhm sheachfhoinsithe atá criticiúil nó tábhachtach do bhainistíocht agus d’oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

Achoimre ar na comhaontuithe leibhéil seirbhíse agus ar na socruithe le haghaidh gach feidhm sheachfhoinsithe atá criticiúil nó tábhachtach do bhainistíocht agus d’oibríochtaí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

Tuairisc ar bhonneagar TF na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear na córais atá in úsáid nó atá le húsáid, a socruithe óstála, eagrú a feidhme TF, a struchtúir TF, a straitéise TF agus a rialachais TF, a cuid beartas agus nósanna imeachta slándála TF, agus aon chóras agus aon rialú atá i bhfeidhm nó atá le cur i bhfeidhm chun saoráidí baincéireachta ar líne a sholáthar

 

4.7.

Iniúchóirí reachtúla nó gnólacht iniúchtóireachta (Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Ainm

 

Seoladh

 

Pointe teagmhála (ainm, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist)

 


Tábla 5

Caipiteal tosaigh (Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

5.1.

Caipiteal tosaigh agus cistí dílse (Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir fianaise a fháil maidir le caipiteal eisithe, caipiteal láníoctha agus caipiteal nár íocadh fós de chuid na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir

 

Tuairisc ar chineálacha agus méideanna na gcistí dísle a chomhfhreagraíonn don chaipiteal tosaigh

 

I gcás nach bhfuil an caipiteal tosaigh láníoctha tráth thíolactha an iarratais, tuairisc ar an bplean agus ar sprioc-am cur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh an caipiteal tosaigh láníoctha sula mbeidh an t-údarú chun gníomhaíocht a thosú mar institiúid creidmheasa éifeachtach

 

5.2.

Foinsí cistithe atá ar fáil le haghaidh cistí dílse (Airteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Míniú ar na foinsí cistithe atá ar fáil le haghaidh cistí dílse agus iarscríbhinn ar faoina bun is féidir fianaise a fháil maidir le hinfhaighteacht na bhfoinsí cistithe sin mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

5.3.

Méideanna, cineálacha agus dáileadh caipitil inmheánaigh (Airteagal 6(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir measúnú a fháil maidir le méideanna, cineálacha agus dáileadh caipitil inmheánaigh a measann an institiúid creidmheasa is iarratasóir leordhóthanach chun nádúr agus leibhéal na rioscaí a mbeidh an institiúid creidmheasa is iarratasóir neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu, agus an anailís mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 


Tábla 6

Treo éifeachtach (Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

6.1.

Comhaltaí an chomhlachta bainistíochta (comhlánaigh cóip leithleach de chuid na ranna seo den tábla le haghaidh gach duine aonair) (Airteagal 7(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

Ainm an duine agus, i gcás nach ionann é, aon ainm a bhí air roimhe

 

Inscne

 

An áit breithe

 

An dáta breithe

 

Seoladh

 

Uimhir theileafóin

 

Uimhir mhóibíleach

 

Seoladh ríomhphoist

 

Náisiúntacht

 

Uimhir aitheantais phearsanta nó an iarscríbhinn ar faoina bun is féidir cóip a fháil den chárta aitheantais náisiúnta nó a chomhionann

 

Mionsonraí an phoist atá ag an duine nó atá le bheith ag an duine, lena n-áirítear cibé acu an post feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin é, an dáta tosaithe nó an dáta tosaithe beartaithe agus fad an tsainordaithe, agus tuairisc ar phríomhdhualgais agus ar phríomhfhreagrachtaí an duine

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir curriculum vitae a fháil mar a cheanglaítear le pointe 1(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir liosta a fháil de dhaoine tagartha lena n-áirítear faisnéis teagmhála, ó fhostóirí in earnáil na seirbhísí baincéireachta nó airgeadais más féidir, lena n-áirítear ainm iomlán, institiúid, post, uimhir theileafóin, ríomhphost, cineál an chaidrimh ghairmiúil agus faisnéis faoi cibé acu an ann nó arbh ann d’aon chaidreamh neamhghairmiúil leis an duine sin nó nach ann nó nárbh ann

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir taifid choiriúla agus faisnéis ábhartha a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla, cásanna ábhartha sibhialta agus riaracháin, agus bearta araíonachta (lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, féimheacht, dócmhainneacht agus imeachtaí comhchosúla) trí dheimhniú oifigiúil nó, i gcás nach ann do dheimhniú den sórt sin, aon fhoinse faisnéise iontaofa a bhaineann leis an easpa ciontuithe coiriúla, imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir ráiteas a fháil maidir le cibé acu a bhfuil imeachtaí coiriúla ar feitheamh nó nach bhfuil nó cibé acu a bhí an duine nó aon eagraíocht a bhainistigh é nó í páirteach mar fhéichiúnaí in imeachtaí dócmhainneachta nó in imeacht inchomparáide nó nach raibh

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir faisnéis a fháil maidir le hábhair a leagtar amach i bpointe 1(f)(iii) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir tuairisc a fháil maidir le gach leas airgeadais agus neamhairgeadais a d’fhéadfaí coinbhleachtaí féideartha leasa a chruthú mar a cheanglaítear le pointe 1(g), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir mionsonraí a fháil chun a thaispeáint go bhfuil am leordhóthanach ag an duine aonair chun an sainordú a ghabháil air nó uirthi féin mar a cheanglaítear le pointe 1(h), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

Mionsonraí i leith toradh aon mheasúnaithe maidir le hoiriúnacht an duine arna dhéanamh ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir a shainítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 ón gCoimisiún

 

6.2.

Faisnéis eile a iarrtar i ndáil le comhlachtaí den chomhlacht bainistíochta (Airteagal 7(1), agus pointí 2, 4 agus 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Tuairisc maidir le coiste ar bith de chuid an chomhlachta bainistíochta atá pleanáilte tráth an iarratais, lena n-áirítear a chomhaltaí agus a chumhachtaí

 

Ráiteas maidir le measúnú foriomlán na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir ar oiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear miontuairiscí ábhartha boird nó tuarascáil mheasúnaithe oiriúnachta ábhartha nó doiciméid mheasúnaithe oiriúnachta ábhartha

 

Tuairisc ar an mbealach ar cuireadh ilchineálacht na dtréithe agus na n-inniúlachtaí san áireamh agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta á roghnú

 

6.3.

Ceannairí feidhme rialaithe inmheánaigh nó an príomhoifigeach airgeadais nach comhaltaí den chomhlacht bainistíochta iad (comhlánaigh cóip leithleach de chuid na ranna seo den tábla le haghaidh gach duine aonair) (Airteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

Ainm an duine agus, i gcás nach ionann é, aon ainm a bhí air roimhe

 

Inscne

 

An áit breithe

 

An dáta breithe

 

Seoladh

 

Uimhir theileafóin

 

Uimhir mhóibíleach

 

Seoladh ríomhphoist

 

Náisiúntacht

 

Uimhir aitheantais phearsanta nó an iarscríbhinn ar faoina bun is féidir cóip a fháil den chárta aitheantais náisiúnta nó a chomhionann

 

Mionsonraí an phoist atá ag an duine nó atá le bheith ag an duine, lena n-áirítear cibé acu an post feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin é, an dáta tosaithe nó an dáta tosaithe beartaithe agus fad an tsainordaithe, agus tuairisc ar phríomhdhualgais agus ar phríomhfhreagrachtaí an duine

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir curriculum vitae a fháil mar a cheanglaítear le pointe 1(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir liosta a fháil de dhaoine tagartha lena n-áirítear faisnéis teagmhála, ó fhostóirí in earnáil na seirbhísí baincéireachta nó airgeadais más féidir, lena n-áirítear ainm iomlán, institiúid, post, uimhir theileafóin, ríomhphost, cineál an chaidrimh ghairmiúil agus faisnéis faoi cibé acu an ann nó arbh ann d’aon chaidreamh neamhghairmiúil leis an duine sin nó nach ann nó nárbh ann

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir taifid choiriúla agus faisnéis ábhartha a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla, cásanna ábhartha sibhialta agus riaracháin, agus bearta araíonachta (lena n-áirítear dícháiliú mar stiúrthóir cuideachta, féimheacht, dócmhainneacht agus imeachtaí comhchosúla) trí dheimhniú oifigiúil nó, i gcás nach ann do dheimhniú den sórt sin, aon fhoinse faisnéise iontaofa a bhaineann leis an easpa ciontuithe coiriúla, imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir ráiteas a fháil maidir le cibé acu a bhfuil imeachtaí coiriúla ar feitheamh nó nach bhfuil nó cibé acu a bhí an duine nó aon eagraíocht a bhainistigh é nó í páirteach mar fhéichiúnaí in imeachtaí dócmhainneachta nó in imeacht inchomparáide nó nach raibh

 

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir faisnéis a fháil maidir le hábhair a leagtar amach i bpointe 1(f)(iii) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

Mionsonraí i leith toradh aon mheasúnaithe maidir le hoiriúnacht an duine arna dhéanamh ag an institiúid creidmheasa is iarratasóir a shainítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

6.4.

Cumhachtaí, freagrachtaí agus seachvótálaithe a bhronntar ar chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir (Airteagal 7(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Tuairisc ar na cumhachtaí, freagrachtaí agus seachvótálaithe a bhronntar ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, agus i gcás inarb ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580, a bhronntar ar cheannairí feidhme rialaithe inmheánaigh nó ar an bpríomhoifigeach airgeadais nach comhaltaí den chomhlacht bainistíochta iad

 


Tábla 7

Scairshealbhóirí agus comhaltaí le sealúchas cáilithe (Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

7.1.

Scairshealbhóirí agus comhaltaí (daoine dlítheanacha agus nádúrtha (Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir an fhaisnéis a fháil i ndáil le gach duine nádúrtha agus duine dlítheanach le sealúchas cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

7.2.

Faisnéis bhreise i ndáil le daoine nádúrtha (Airteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir an fhaisnéis bhreise a fháil i ndáil le gach duine nádúrtha le sealúchas cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

7.3.

Faisnéis bhreise i ndáil le daoine dlítheanacha nó eintitis nach daoine dlítheanacha iad agus a bhfuil rannpháirtíochtaí acu faoina n-ainm féin nó a mbeidh rannpháirtíochtaí acu faoina n-ainm féin (Airteagal 8(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir an fhaisnéis bhreise a fháil i ndáil le gach duine dlítheanach nó eintiteas nach duine dlítheanach é agus a bhfuil rannpháirtíochtaí aige faoina n-ainm féin nó a mbeidh rannpháirtíochtaí aige faoina n-ainm féin ar faisnéis é dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580

 

7.4.

Iontaobhais (Airteagal 8(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 

7.5.

Comhaltaí d’eintiteas nach duine dlítheanach é i gcás ina bhfágfar go láimhseofar an sealúchas cáilithe san institiúid creidmheasa is iarratasóir mar shócmhainn de chuid an eintitis (Airteagal 8(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

 


Tábla 8

Na 20 scairshealbhóir nó comhalta is mó (Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

8.1.

Struchtúr na Scairshealbhóirí (Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir cairt a fháil lena leagtar amach struchtúr scairshealbhóirí na hinstitiúide creidmheasa is iarratasóir, lena n-áirítear an miondealú ar a chaipiteal agus ar a chearta vótála

 

8.2.

Liosta ainmneacha gach duine agus gach eintiteas eile le scairsheilbh agus mionsonraí ábhartha eile (Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

An iarscríbhinn ar faoina bun is féidir liosta ainmneacha a fháil de gach duine agus gach eintiteas eile le scairsheilbh den chineál a shainítear in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 lena léirítear an méid seo a leanas i leith gach duine nó eintiteas den sórt:

an líon agus cineál scaireanna nó sealúchas eile atá suibscríofa nó atá le suibscríobh;

luach ainmniúil scaireanna eile nó sealúchas eile den sórt sin;

préimh ar bith a íocadh nó atá le híoc;

aon leas urrúis nó aon ualú atá cruthaithe i leith na scaireanna nó na sealúchas eile sin, lena n-áirítear aitheantas na bpáirtithe urraithe; agus

i gcás inarb infheidhme, gealltanas ar bith a dhéanann na daoine nó na heintitis sin a bhfuil sé d’aidhm acu a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa na ceanglais stuamachta is infheidhme

 


Tábla 9

Míreanna faisnéise a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

Faisnéis a iarrann an t-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580 (comhlánaigh de réir mar is infheidhme trí thuairisc a chur sa cholún clé ar an bhfaisnéis a iarrtar agus an fhaisnéis a chur sa cholún ar dheis)

 

 

 

 


Tábla 10

Míreanna faisnéise a fágadh ar lár san iarratas i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580)

10.1.

Faisnéise a fágadh ar lár i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580) (comhlánaigh le liosta na faisnéise de réir mar is infheidhme)

 

10.2.

Faisnéise a fágadh ar lár i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2580) (comhlánaigh le liosta na faisnéise de réir mar is infheidhme)

 


(1)  IO L 335, XX.XX.XXXX, lch. 64.

(2)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(3)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/103


CINNEADH Uimh. 2/2022 Ó CHOISTE CCE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA EACNAMAÍCHE EATRAMHACH IDIR GÁNA, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT, DEN PHÁIRT EILE

an 30 Samhain 2022

a mhéid a bhaineann leis na Rialacha Nós Imeachta um réiteach díospóidí a ghlacadh [2022/2582]

TÁ COISTE CCE,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche eatramhach idir Gána, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), arna shíniú sa Bhruiséil an 28 Iúil 2016, agus go háirithe Airteagal 59 de,

Foráiltear in Airteagal 59(1) den Chomhaontú go mbeidh nósanna imeachta um réiteach díospóidí faoi rialú ag na Rialacha Nós Imeachta, rialacha atá le glacadh ag Coiste CCE laistigh de 3 mhí tar éis dháta a bhunaithe, agus luaitear in Airteagal 64(2) den Chomhaontú go bhfuil an Cód Iompair i gceangal leis na Rialacha Nós Imeachta sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo na Rialacha Nós Imeachta um réiteach díospóidí mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.


(1)  IO L 287, 21.10.2016, lch. 3.


IARSCRÍBHINN

RIALACHA NÓS IMEACHTA UM RÉITEACH DÍOSPÓIDÍ

A.   SAINMHÍNITHE

1.

I gCaibidil 3 (Nósanna imeachta um réiteach díospóidí) den Chomhaontú agus faoi na Rialacha Nós Imeachta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “foireann riaracháin”, i leith painéalaí, daoine aonair faoi stiúradh agus rialú painéalaí, seachas cúntóirí;

(b)

ciallaíonn “comhairleoir” duine atá fostaithe ag Páirtí chun comhairle a chur ar an bPáirtí sin nó chun cúnamh a thabhairt don Pháirtí sin i dtaca leis na himeachtaí painéil;

(c)

ciallaíonn “cúntóir” duine aonair, faoi théarmaí ceapacháin agus faoi stiúradh agus rialú painéalaí, a dhéanann taighde nó a thugann cúnamh don phainéalaí sin;

(d)

ciallaíonn “an Páirtí is déantóir gearáin” aon Pháirtí a iarrann painéal a bhunú faoi Airteagal 49 (An nós imeachta eadrána a thionscnamh) den Chomhaontú;

(e)

ciallaíonn “lá” lá féilire;

(f)

ciallaíonn “painéal” painéal a bhunaítear faoi Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú;

(g)

ciallaíonn “painéalaí” nó “eadránaí” comhalta de phainéal;

(h)

ciallaíonn “an Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh” an Páirtí a líomhnaítear ina leith go bhfuil na forálacha cumhdaithe á sárú aige;

(i)

ciallaíonn “ionadaí Páirtí” fostaí nó aon duine aonair arna cheapadh ag roinn rialtais, gníomhaireacht nó aon eintiteas poiblí eile de chuid Páirtí a dhéanann ionadaíocht don Pháirtí chun críoch díospóide faoin gComhaontú.

B.   FÓGRAÍ A THABHAIRT

2.

Maidir le haon iarraidh, fógra, aighneacht i scríbhinn nó doiciméad eile:

(a)

de chuid an phainéil, cuirfear chuig an dá Pháirtí é an tráth céanna;

(b)

de chuid Páirtí agus a mbeidh an painéal ina sheolaí aige, déanfar é a chóipeáil chuig an bPáirtí eile an tráth céanna; agus

(c)

de chuid Páirtí a mbeidh an Páirtí eile ina sheolaí aige, déanfar é a chóipeáil chuig an bpainéal an tráth céanna, de réir mar is iomchuí.

3.

Déanfar aon fhógra dá dtagraítear i Riail 2 a sheoladh trí ríomhphost nó, i gcás inarb iomchuí, trí aon mhodh teileachumarsáide eile lena ndéantar taifead gur seoladh an fógra sin. Mura gcruthófar a mhalairt, measfar gur seachadadh an fógra sin ar an dáta seolta.

4.

Díreofar gach fógra chuig Ard-Stiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin Eorpaigh agus chuig an bPríomh-Stiúrthóir, Aire um Thrádáil agus Tionsclaíocht Ghána, faoi seach.

5.

Mionearráidí de chineál cléireachais in iarraidh, i bhfógra, in aighneacht i scríbhinn nó i ndoiciméad eile a bhaineann le himeachtaí an phainéil, féadfar iad a cheartú trí dhoiciméad nua a sheachadadh ina léireofar go soiléir na hathruithe.

6.

Más rud é gur lá nach lá oibre ag institiúidí an Aontais Eorpaigh nó ag rialtas Ghána é an lá deireanach chun doiciméad a sheachadadh, tiocfaidh deireadh le tréimhse ama chun an doiciméad a sheachadadh ar an gcéad lá oibre ina dhiaidh sin.

C.   PAINÉALAITHE A CHEAPADH

7.

Más rud é, de bhun mhír 3 d’Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú, go roghnófar painéalaí trí chrannchur, déanfaidh comhchathaoirleach an Choiste CCE ón bPáirtí is déantóir gearáin dáta, am agus ionad an chrannchuir a chur in iúl go pras do chomhchathaoirleach an Pháirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh. Iarrfar ar chomhchathaoirleach Choiste CCE ón bPáirtí is déantóir gearáin, nó ar a thoscaire, an crannchur a reáchtáil agus déanfaidh sé amhlaidh mar a bheartaítear i mír 3 agus i mír 4 d’Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú. Féadfaidh comhchathaoirleach an Choiste CCE ón bPáirtí is déantóir gearáin an roghnú painéalaí sin trí chrannchur a tharmligean.

8.

Déanfaidh comhchathaoirleach an Choiste CCE ón bPáirtí is déantóir gearáin an painéalaí nó an cathaoirleach a roghnú trí chrannchur, laistigh de chúig lá tar éis don tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) a dhul in éag, sna cásanna seo a leanas maidir le haon cheann de na foliostaí dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 64 (Liosta eadránaithe):

(a)

nár bunaíodh an foliosta i dtaca le liosta na ndaoine aonair a mhol Páirtí amháin nó an dá Pháirtí go foirmiúil chun an foliosta áirithe sin a bhunú; nó

(b)

nach ann níos mó do chúigear ar a laghad ar an bhfoliosta, i dtaca leis na ndaoine aonair a bheidh fós ar an bhfoliosta áirithe sin.

Féadfaidh comhchathaoirleach an Choiste CCE ón bPáirtí is déantóir gearáin an roghnú painéalaí sin trí chrannchur a tharmligean.

9.

Maidir le gach duine aonair a roghnófar chun feidhmiú mar phainéalaí, is é comhchathaoirleach an Choiste CCE ón bPáirtí is déantóir gearáin a thabharfaidh dóibh fógra i scríbhinn faoina cheapacháin. Dearbhóidh gach duine don dá Pháirtí go bhfuil sé ar fáil laistigh de chúig lá ón dáta a cuireadh in iúl dó gur ceapadh é. Chun dáta bunaithe an phainéil faoi mhír 5 d’Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú a chinneadh, measfar gurb é an dáta a roghnófar na painéalaithe an dáta ar a mbeidh fógra tugtha ag an duine deireanach de na triúr painéalaithe a roghnaíodh gur ghlac sé leis an gceapachán.

D.   TÉARMAÍ TAGARTHA

10.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de chúig lá tar éis dháta bunaithe an phainéil, is é an méid seo a leanas a bheidh sna téarmaí tagartha:

scrúdú a dhéanamh, i bhfianaise fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe arna lua ag na Páirtithe, ar an ábhar dá dtagraítear san iarraidh go mbunófaí painéal, cinntí a dhéanamh maidir le comhréireacht an bhirt atá i gceist le forálacha an Chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 46 (Raon Feidhme) agus tuarascáil a thabhairt i gcomhréir le hAirteagail 51 (Tuarascáil eatramhach an phainéil) agus 52 (Rialú ón bpainéal eadrána).”.

11.

Má chomhaontaíonn na Páirtithe ar théarmaí tagartha eile, tabharfaidh siad fógra don phainéal i dtaobh na dtéarmaí tagartha comhaontaithe agus déanfaidh siad é sin laistigh den tréimhse ama a leagtar amach i Riail 10.

E.   FEIDHMEANNA AN PHAINÉIL

12.

Déanfaidh an painéal an méid seo a leanas:

(a)

déanfaidh sé measúnú oibiachtúil ar an ábhar os a chomhair, lena n-áirítear measúnú oibiachtúil ar fhíorais an cháis agus ar infheidhmeacht agus ar chomhréireacht na bhforálacha cumhdaithe;

(b)

ina chuid cinntí agus tuarascálacha, leagfaidh sé amach na cinntí fíorais, infheidhmeacht na bhforálacha cumhdaithe agus an réasúnaíocht bhunúsach is bonn le haon chinneadh agus aon chonclúid a dhéanfaidh sé; agus

(c)

ba cheart dó dul i gcomhairle go rialta leis na Páirtithe agus deiseanna leordhóthanacha a chur ar fáil chun réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach a fhorbairt.

13.

Cuirfidh an painéal san áireamh freisin léirithe ábhartha i dtuarascálacha ó Phainéil na hEagraíochta Dhomhanda Trádála (EDT) agus ón mBuanchomhlacht Achomhairc arna nglacadh ag Comhlacht EDT um Réiteach Díospóidí.

F.   CRUINNIÚ EAGRÚCHÁIN

14.

Mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na Páirtithe, tiocfaidh na páirtithe agus an painéal le chéile laistigh de sheacht lá ó bunaíodh an painéal chun na ceisteanna a mheasann na páirtithe nó an painéal a bheith iomchuí a shocrú, ceisteanna lena n-áirítear:

(a)

an luach saothair agus na speansais a íocfar leis na painéalaithe, mura mbeadh sé sin comhaontaithe níos luaithe. Beidh an luach saothair i gcomhréir le caighdeáin EDT;

(b)

an luach saothair a íocfar le cúntóirí, mura mbeadh sé sin comhaontaithe níos luaithe. Ní mó ná 50 % de luach saothair painéalaí a bheidh sa mhéid iomlán luach saothair a íocfar le cúntóir nó cúntóirí an phainéalaí sin;

(c)

tráthchlár na n-imeachtaí; agus

(d)

nósanna imeachta ad hoc chun faisnéis rúnda a chosaint.

15.

Féadfaidh painéalaithe agus ionadaithe na bPáirtithe a bheith rannpháirteach sa chruinniú sin ar an bhfón nó i bhfíschomhdháil.

G.   AIGHNEACHTAÍ I SCRÍBHINN

16.

Cuirfidh an Páirtí is déantóir gearáin a aighneacht i scríbhinn isteach tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis dháta bunaithe an phainéil. Cuirfidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh a aighneacht i scríbhinn isteach tráth nach déanaí ná 20 lá tar éis dháta seachadta aighneachta i scríbhinn an Pháirtí is déantóir gearáin.

H.   OIBRIÚ AN PHAINÉIL

17.

Is é cathaoirleach an phainéil a bheidh i gceannas ar na cruinnithe ar fad. Féadfaidh an painéal an t-údarás chun cinntí riaracháin agus nós imeachta a dhéanamh a tharmligean chuig an gcathaoirleach.

18.

Mura bhforáiltear a mhalairt i gCaibidil 3 (Nósanna imeachta um réiteach díospóidí) den Chomhaontú nó sna Rialacha Nós Imeachta sin, féadfaidh an painéal a chuid gníomhaíochtaí a sheoladh trí aon mhodh, lena n-áirítear an teileafón, tarchuir facs nó naisc ríomhaireachta.

19.

Ní fhéadfaidh a bheith rannpháirteach i bpléití an phainéil ach painéalaithe, ach féadfaidh an painéal cead a thabhairt dá gcúntóirí a bheith i láthair ag na pléití.

20.

Leanfaidh dréachtú aon chinneadh nó tuarascáil de bheith faoi fhreagracht eisiach an phainéil agus ní dhéanfar é a tharmligean.

21.

I gcás ina dtiocfaidh ceist nós imeachta aníos nach gcumhdaítear le Caibidil 3 (Nósanna imeachta um réiteach díospóidí) den Chomhaontú, féadfaidh an painéal, tar éis dul i gcomhairle leis na Páirtithe, nós imeachta iomchuí a ghlacadh atá ag teacht leis na forálacha sin.

22.

Má mheasann an painéal gur gá aon cheann de na tréimhsí ama a mhodhnú le haghaidh na n-imeachtaí seachas na tréimhsí ama a leagtar amach i gCaibidil 3 (Nósanna imeachta um réiteach díospóidí) den Chomhaontú, sin nó gur gá aon choigeartú nós imeachta nó riaracháin eile a dhéanamh, rachaidh sé i gcomhairle i dtús leis na Páirtithe agus cuirfidh sé ar an eolas iad ina dhiaidh sin faoi na cúiseanna leis an athrú nó leis an gcoigeartú sin agus faoin tréimhse ama nó faoin gcoigeartú is gá.

I.   IONADÚ

23.

I gcás ina measann Páirtí nach gcomhlíonann painéalaí ceanglais an Chóid Iompair do Phainéalaithe agus d’Idirghabhálaithe (Iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo) agus ar an gcúis sin gur cheart é a ionadú, tabharfaidh an Páirtí sin fógra don Pháirtí eile laistigh de 15 lá tar éis an ama a fuair sé fianaise leordhóthanach maidir leis an líomhain nár chomhlíon an painéalaí ceanglais an Chóid Iompair sin.

24.

Rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh de 15 lá óna bhfaightear an fógra dá dtagraítear i Riail 23. Cuirfidh siad an painéalaí ar an eolas maidir leis an mainneachtain atá curtha ina leith agus féadfaidh siad a iarraidh ar an bpainéalaí bearta a dhéanamh chun an mhainneachtain sin a leigheas. Féadfaidh siad freisin, má thagann siad ar chomhaontú faoi sin, an painéalaí a chur as oifig agus painéalaí nua a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú.

25.

Mura n-éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an painéalaí a ionadú, más rud é nach é cathaoirleach an phainéil atá i gceist, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist sin faoi bhráid chathaoirleach an phainéil agus ní fhéadfar achomharc a iarraidh ar chinneadh an chathaoirligh.

I gcás ina gcinnfidh an cathaoirleach nach gcomhlíonann an painéalaí ceanglais an Chóid Iompair do Phainéalaithe agus d’Idirghabhálaithe, roghnófar an painéalaí nua i gcomhréir le hAirteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú.

26.

Mura n-éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú gur gá an cathaoirleach a ionadú, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh go gcuirfear an cheist sin faoi bhráid duine de na comhaltaí eile ó fholiosta na gcathaoirleach arna bhunú faoi Airteagal 64 (Liosta na n-eadránaithe) den Chomhaontú. Is é Comhchathaoirleach an Choiste CCE ón bPáirtí is iarrthóir, nó toscaire an chathaoirligh, a tharraingeoidh ainm an duine trí chrannchur. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an duine roghnaithe maidir leis an ngá atá leis an cathaoirleach a ionadú.

I gcás ina gcinnfidh an cathaoirleach nach gcomhlíonann an painéalaí ceanglais an Chóid Iompair do Phainéalaithe agus d’Idirghabhálaithe, roghnófar an painéalaí nua i gcomhréir le hAirteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú.

27.

An síneadh ama is gá chun an painéalaí nua a cheapadh, cuirfear an síneadh sin leis an tréimhse ama chun an rialú nó an cinneadh a sheachadadh.

J.   FIONRAÍ AGUS FOIRCEANNADH

28.

Arna iarraidh sin ag an dá Pháirtí, cuirfidh an painéal a chuid oibre ar fionraí tráth ar bith ar feadh tréimhse arna comhaontú ag na Páirtithe, tréimhse nach mó ná 12 mhí as a chéile. Fillfidh an painéal ar a chuid oibre roimh dheireadh na tréimhse fionraí ar iarraidh i scríbhinn ón dá Pháirtí, nó ag deireadh na tréimhse fionraí ar iarraidh i scríbhinn ó cheachtar den dá Pháirtí. Déanfaidh an Páirtí is iarratasóir fógra a sheachadadh chuig an bPáirtí eile dá réir sin. Mura n-iarrfaidh Páirtí go bhfillfidh an painéal ar a chuid oibre tráth éaga na tréimhse fionraí, rachaidh údarás an phainéil i léig agus cuirfear deireadh leis an nós imeachta um réiteach díospóidí. I gcás ina gcuirfear obair an phainéil ar fionraí, cuirfear síneadh leis na tréimhsí ama ábhartha faoin Roinn seo go ceann tréimhse ama a bheidh cothrom leis an tréimhse ama ar cuireadh obair an phainéil ar fionraí lena linn.

K.   ÉISTEACHTAÍ

29.

Ar bhonn na féilire a leagfar amach i gcomhréir le Riail 14 agus tar éis do chathaoirleach an phainéil dul i gcomhairle leis na Páirtithe agus leis na painéalaithe eile, tabharfaidh sé fógra do na Páirtithe faoi dháta, am agus láthair na héisteachta. Cuirfidh an Páirtí a bhfuil an éisteacht ar siúl ar a chríoch an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, ach amháin má tá an éisteacht dúnta don phobal.

30.

Mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú déanta ag na páirtithe, is sa Bhruiséil a bheidh an éisteacht más é Gána é an páirtí is déantóir gearáin, agus in Accra más é an tAontas Eorpach é an páirtí is déantóir gearáin. Seasfaidh an Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh na costais a eascróidh ó riarachán lóistíochta na héisteachta.

31.

Féadfaidh an painéal éisteachtaí breise a thionóladh má thagann na Páirtithe ar chomhaontú faoi sin.

32.

Beidh na painéalaithe uile i láthair le linn na héisteachta ina hiomláine.

33.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, féadfaidh na daoine seo a leanas freastal ar an éisteacht, bíodh an éisteacht ar oscailt don phobal nó ná bíodh:

(a)

ionadaithe de chuid Páirtí;

(b)

comhairleoirí;

(c)

cúntóirí agus foireann riaracháin;

(d)

ateangairí, aistritheoirí agus tuairisceoirí cúirte an phainéil; agus

(e)

saineolaithe, arna gcinneadh ag an bpainéal de bhun Airteagal 60 (Faisnéis agus comhairle theicniúil) den Chomhaontú.

34.

Tráth nach déanaí ná 5 lá roimh dháta éisteachta, seolfaidh gach Páirtí chuig an bpainéal agus chuig an bPáirtí eile liosta d’ainmneacha na ndaoine a dhéanfaidh argóint nó cur i láthair ó bhéal ag an éisteacht thar ceann an Pháirtí sin agus ainmneacha na n-ionadaithe agus na gcomhairleoirí eile a bheidh ag freastal ar an éisteacht.

35.

Is mar seo a leanas a dhéanfaidh an painéal an éisteacht, agus áiritheoidh sé gurb ionann an t-am a thabharfar don Pháirtí is déantóir gearáin agus don Pháirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh ó thaobh argóinte agus frisnéise araon:

An argóint

(a)

argóint an Pháirtí is déantóir gearáin;

(b)

argóint an Pháirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh.

An Argóint Frisnéise

(a)

freagra an Pháirtí is déantóir gearáin;

(b)

frithfhreagra an Pháirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh.

36.

Féadfaidh an painéal ceisteanna a dhíriú ar cheachtar den dá Pháirtí tráth ar bith le linn na héisteachta.

37.

Déanfaidh an painéal socrú ionas go ndéanfar tras-scríbhinn na héisteachta a ullmhú agus a sheachadadh chuig na Páirtithe a luaithe is féidir tar éis na héisteachta. Féadfaidh na Páirtithe barúil a thabhairt faoin tras-scríbhinn agus féadfaidh an painéal na barúlacha sin a bhreithniú.

38.

Féadfaidh gach Páirtí aighneacht bhreise i scríbhinn a thabhairt maidir le haon ábhar a thagann chun cinn le linn na héisteachta laistigh de 10 lá tar éis dháta na héisteachta.

L.   CEISTEANNA I SCRÍBHINN

39.

Féadfaidh an painéal ceisteanna i scríbhinn a chur faoi bhráid Páirtí amháin nó an dá Pháirtí tráth ar bith le linn na n-imeachtaí. Déanfar aon cheist a chuirfear faoi bhráid Páirtí amháin a chóipeáil chuig an bPáirtí eile.

40.

Cuirfidh gach páirtí cóip dá fhreagraí ar fáil don Pháirtí eile ar na ceisteanna a chuir an painéal faoina bhráid. Beidh deis ag an bPáirtí eile barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil maidir le freagraí an Pháirtí laistigh de chúig lá tar éis an chóip sin a sheachadadh.

41.

Ar iarraidh ó Pháirtí, nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an painéal faisnéis ábhartha a mheasann sé a bheith riachtanach agus iomchuí a lorg ó na Páirtithe. Freagróidh na Páirtithe go pras agus go hiomlán aon iarraidh ón bpainéal ar fhaisnéis den sórt sin.

M.   RÚNDACHT

42.

Is mar fhaisnéis rúnda a chaithfidh gach Páirtí agus an painéal le haon fhaisnéis a chuirfidh an Páirtí eile faoi bhráid an phainéil agus a bheidh ainmnithe mar fhaisnéis rúnda ag an bPáirtí eile. Nuair a dhéanfaidh Páirtí aighneacht i scríbhinn ina bhfuil faisnéis rúnda a chur faoi bhráid an phainéil, déanfaidh sé, laistigh de 15 lá, aighneacht eile a chur isteach gan an fhaisnéis rúnda inti agus nochtfar an aighneacht sin don phobal.

43.

Ní chuirfidh na Rialacha Nós Imeachta sin aon bhac ar Pháirtí a bharúlacha féin a nochtadh don phobal ar choinníoll nach nochtfaidh sé, agus tagairt á déanamh aige d’fhaisnéis a fuair sé ón bPáirtí sin, aon fhaisnéis a fuair sé ón bPáirtí eile ar ainmnigh an Páirtí sin gur faisnéis rúnda í.

44.

Is go príobháideach a thionólfaidh an painéal codanna áirithe den seisiún má bhíonn faisnéis rúnda in aighneachtaí agus in argóintí an pháirtí. Más i seisiún dúnta a thionólfar éisteachtaí an phainéil, coinneoidh na Páirtithe rúndacht na n-éisteachtaí sin.

N.   TEAGMHÁLACHA EX PARTE

45.

Ní thiocfaidh an painéal le chéile nó ní dhéanfaidh sé cumarsáid le haon Pháirtí gan an Páirtí eile a bheith i láthair.

46.

Ní phléifidh painéalaí aon ghné d’ábhar na n-imeachtaí le Páirtí amháin ná leis an dá Pháirtí gan na painéalaithe eile a bheith i láthair.

O.   AIGHNEACHTAÍ AMICUS CURIAE

47.

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt laistigh de 5 lá ó dháta bunaithe an phainéil, féadfaidh an painéal aighneachtaí i scríbhinn gan iarraidh a fháil ó dhaoine nádúrtha de chuid Páirtí, nó ó dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i gcríoch Páirtí atá neamhspleách ar rialtais na bPáirtithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar an méid a leanas:

(a)

go bhfaighidh an painéal na haighneachtaí laistigh de 10 lá ó dháta bunaithe an phainéil;

(b)

go bhfuil na haighneachtaí gonta agus nach mbeidh siad níos faide ná 15 leathanach in aon chás, lena n-áirítear aon iarscríbhinn, agus iad clóscríofa ar spás dúbailte;

(c)

go bhfuil na haighneachtaí ábhartha go díreach maidir le saincheist fhíorasach nó saincheist dhlíthiúil atá á breithniú ag an bpainéal;

(d)

go bhfuil tuairisc sna haighneachtaí ar an duine a dhéanfaidh an aighneacht, lena n-áirítear, i gcás duine nádúrtha, a náisiúntacht agus, i gcás duine dhlítheanaigh, áit a bhunaithe, cineál a ghníomhaíochtaí, a stádas dlíthiúil, a chuspóirí ginearálta agus a fhoinse maoinithe;

(e)

go sonrófar sna haighneachtaí cad é an cineál leasa atá ag an duine sna himeachtaí painéil; agus

(f)

go ndéanfar iad a dhréachtú sna teangacha a roghnóidh na Páirtithe i gcomhréir le Rialacha 54 agus 55 de na Rialacha Nós Imeachta.

48.

Tabharfar fógra faoi na haighneachtaí chuig na Páirtithe ionas gur féidir leo a mbarúlacha a thabhairt fúthu. Féadfaidh na páirtithe a mbarúlacha a thabhairt don phainéal laistigh de 10 lá ó sheachadadh na teachtaireachta.

49.

Liostóidh an painéal ina thuarascáil na haighneachtaí go léir a fuair sé de bhun Riail 47. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpainéal aghaidh a thabhairt ina thuarascáil ar na hargóintí a rinneadh sna haighneachtaí sin; mar sin féin, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh sé san áireamh freisin aon bharúil a thabharfaidh na Páirtithe de bhun Riail 48.

P.   CÁSANNA PRÁINNEACHA

50.

I gcásanna práinne dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 52 (Rialú ón bpainéal eadrána) den Chomhaontú sin, déanfaidh an painéal, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Páirtithe, de réir mar is iomchuí, na tréimhsí ama dá dtagraítear sna Rialacha Nós Imeachta seo a choigeartú, seachas na tréimhsí ama dá dtagraítear i Riail 10. Tabharfaidh an painéal fógra faoi na coigeartuithe sin do na Páirtithe.

51.

Má iarrann Páirtí sin, cinnfidh an painéal, tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a bhunaithe, cé acu an mbaineann nó nach mbaineann an cás le cúrsaí práinne.

Q.   COSTAIS

52.

Seasfaidh gach Páirtí a speansas féin a dhíorthóidh ó rannpháirtíocht sa nós imeachta painéil.

53.

Gan dochar do Riail 30, comhroinnfidh na Páirtithe i gcomhpháirt agus go cothrom na speansais a dhíorthóidh ó chúrsaí eagraíochtúla, lena n-áirítear luach saothair agus speansais na bpainéalaithe agus a gcúntóirí.

R.   AISTRIÚCHÁN AGUS ATEANGAIREACHT

54.

Le linn na gcomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 47 (Comhairliúcháin) den Chomhaontú nó le linn na headrána dá dtagraítear in Airteagal 48 (Idirghabháil) den Chomhaontú, agus tráth nach déanaí ná an cruinniú dá dtagraítear i Riail 14 de na Rialacha Nós Imeachta seo, déanfaidh na Páirtithe a ndícheall teacht ar chomhaontú faoin teanga oibre choiteann le haghaidh na n-imeachtaí os comhair an phainéil.

55.

Mura n-éiríonn leis na Páirtithe teacht ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann, cuirfidh gach Páirtí a aighneachtaí i scríbhinn isteach ina rogha teanga. Ag an am céanna cuirfidh gach Páirtí aistriúchán ar fáil sa teanga a roghnóidh an Páirtí eile, mura scríobhtar a aighneachtaí i gceann de theangacha oibre EDT. An Páirtí a ndearnadh gearán ina aghaidh, socróidh sé ateangaireacht a dhéanamh ar aighneachtaí ó bhéal go dtí na teangacha a roghnaigh na Páirtithe.

56.

Eiseofar tuarascálacha agus cinntí an phainéil sa teanga nó sna teangacha a roghnaigh na Páirtithe. Murar tháinig na Páirtithe ar chomhaontú faoi theanga oibre choiteann, eiseofar tuarascáil eatramhach agus chríochnaitheach i gceann de theangacha oibre EDT.

57.

Féadfaidh aon Pháirtí barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas an aistriúcháin ar aon leagan aistrithe de dhoiciméad a tarraingíodh suas i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo.

58.

Seasfaidh gach Páirtí costais an aistriúcháin ar a chuid aighneachtaí i scríbhinn. Aon chostas a thabhaítear as an aistriúchán ar rialú, íocfaidh na Páirtithe as go comhionann.

S.   NÓSANNA IMEACHTA EILE

59.

Déanfar na tréimhsí ama a leagtar síos sna Rialacha Nós Imeachta seo a choigeartú i gcomhréir leis na tréimhsí ama speisialta dá bhforáiltear maidir le glacadh tuarascála nó cinnidh ag an bpainéal sna himeachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 54 (An tréimhse ama réasúnta maidir le comhlíonadh), Airteagal 55 (Athbhreithniú ar aon bheart a ghlacfar chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh), Airteagal 56 (Leigheasanna sealadacha i gcás neamhchomhlíontachta) agus Airteagal 57 (Athbhreithniú ar aon bheart a dhéantar chun é a chomhlíonadh tar éis leigheasanna sealadacha a ghlacadh) den Chomhaontú.


IARSCRÍBHINN

CÓD IOMPAIR

I.   SAINMHÍNITHE

1.

Sa Chód Iompair seo:

(a)

ciallaíonn “foireann riaracháin”, i leith painéalaí, daoine aonair faoi stiúradh agus rialú painéalaí, seachas cúntóirí;

(b)

ciallaíonn “cúntóir” duine aonair a dhéanann, faoi théarmaí ceapacháin painéalaí, taighde don phainéalaí sin nó a thugann cúnamh don phainéalaí sin;

(c)

ciallaíonn “iarrthóir” duine aonair a bhfuil a ainm ar an liosta painéalaithe dá dtagraítear in Airteagal 64 (Liostaí na n-eadránaithe) den Chomhaontú nó atá faoi bhreithniú lena roghnú mar phainéalaí faoi Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú;

(d)

ciallaíonn “idirghabhálaí” duine a roghnaíodh mar idirghabhálaí i gcomhréir le hAirteagal 48 (Idirghabháil) den Chomhaontú;

(e)

ciallaíonn “painéalaí” nó “idirghabhálaí” comhalta de phainéal.

II.   PRIONSABAIL RIALAITHE

2.

Chun sláine agus neamhchlaontacht an tsásra um réiteach díospóidí a chaomhnú, déanfaidh gach iarrthóir agus gach painéalaí an méid a leanas:

(a)

gheobhaidh sé eolas ar an gCód Iompair seo;

(b)

beidh sé neamhspleách neodrach;

(c)

seachnóidh sé gach coinbhleacht leasa, idir dhíreach agus neamhdhíreach;

(d)

mí-iompar agus dealramh mí-iompair nó claontachta a sheachaint;

(e)

cloífidh sé le hardchaighdeáin iompair; agus

(f)

ní bheidh sé faoi thionchar an leasa phearsanta, brúnna seachtracha, cúiseanna polaitíochta, agóidí poiblí, dílseacht do Pháirtí ná eagla a cháinte.

3.

Ní rachaidh aon phainéalaí faoi aon oibleagáid ná ní ghlacfaidh sé go díreach ná go hindíreach le haon sochar a chuirfeadh isteach ar aon bhealach ar chomhlíonadh cuí a dhualgais, nó a mbainfeadh an chosúlacht leis go gcuirfeadh sé isteach ar chomhlíonadh na ndualgas sin.

4.

Ní úsáidfidh aon phainéalaí a stádas mar chomhalta den phainéal chun aon leas pearsanta nó príobháideach a chur chun cinn. Seachnóidh gach painéalaí aon ghníomhaíocht a spreagfadh an bharúil go bhfuil cumas speisialta ag daoine eile tionchar a imirt air.

5.

Áiritheoidh gach painéalaí nach mbeidh tionchar ar a iompar ná a bhreithiúnas ag caidreamh ná dualgais atá nó a bhí aige, de chineál airgeadais, tráchtála, gairmiúil, pearsanta ná sóisialta.

6.

Seachnóidh gach painéalaí aon chaidreamh a dhéanamh, nó aon leas airgeadais a fháil ar dhócha go ndéanfadh sé dochar dá neamhchlaontacht, nó a d’fhéadfadh cur le dealramh réasúnach go mbeadh iompar míchuí nó claonadh i gceist.

III.   OIBLEAGÁIDÍ MAIDIR LE NOCHTADH

7.

Sula nglacfaidh sé lena cheapachán mar phainéalaí faoi Airteagal 50 (An painéal eadrána a bhunú) den Chomhaontú, nochtfaidh iarrthóir a n-iarrfar air a bheith ina phainéalaí aon leas, aon ghaol nó aon ní ar dóigh dó difear a dhéanamh dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht nó a d’fhéadfadh cur le dealramh réasúnach go mbeadh iompar míchuí nó claonadh sna himeachtaí. Chun na críche sin, déanfaidh an t-iarrthóir gach iarracht réasúnta teacht ar an eolas faoi aon leas, aon chaidreamh agus aon ghnó den chineál sin, lena n-áirítear leasanna airgeadais, gairme, fostaíochta nó teaghlaigh.

8.

Is oibleagáid bhuan í an oibleagáid faoi mhír 7 maidir le nochtadh lena gceanglaítear ar gach painéalaí aon leas, caidreamh nó gnó den chineál sin a d’fhéadfadh teacht chun cinn aon tráth le linn na n-imeachtaí a nochtadh.

9.

Cuirfidh iarrthóir nó painéalaí in iúl don Choiste CCE lena mbreithniú aon ábhar a bhaineann le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an gCód Iompair sin a luaithe a thagann sé ar an eolas faoi.

IV.   DUALGAIS NA bPAINÉALAITHE

10.

Tar éis dó glacadh lena cheapachán, beidh painéalaí in ann tosú ar a dhualgais agus cuirfidh sé i gcrích iad go cuimsitheach agus go héifeachtach le linn na n-imeachtaí, agus é ag léiriú cothromais agus dúthrachta.

11.

Is iad na ceisteanna a tarraingíodh anuas le linn na n-imeachtaí agus ar gá iad chun cinneadh a dhéanamh, agus na ceisteanna sin amháin, a scrúdóidh an painéalaí, agus ní tharmligfidh sé an dualgas sin chuig aon duine eile.

12.

Déanfaidh painéalaí gach beart is iomchuí chun a áirithiú go bhfuil a chúntóirí agus a fhoireann riaracháin ar an eolas faoi na hoibleagáidí arna dtabhú ag eadránaithe faoi Chodanna II, III, IV agus VI den Chód Iompair seo agus go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí sin.

V.   OIBLEAGÁIDÍ NA nIAR-PHAINÉALAITHE

13.

Seachnóidh gach iar-phainéalaí gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur le dealramh go raibh sé claonta agus é ag comhlíonadh a ndualgas nó gur bhain sé buntáiste as cinneadh an phainéil.

14.

Comhlíonfaidh gach iar-phainéalaí na hoibleagáidí i gCuid VI den Chód Iompair seo.

VI.   RÚNDACHT

15.

Ní dhéanfaidh painéalaí, tráth ar bith, aon fhaisnéis a nochtadh nach faisnéis phoiblí í a bhaineann leis na himeachtaí nó a fuarthas le linn na n-imeachtaí ar ceapadh é ina leith. Ní dhéanfaidh painéalaí, in aon chás, an fhaisnéis sin a nochtadh ná a úsáid chun buntáiste pearsanta a fháil nó buntáiste a fháil do dhaoine eile ná chun dochar a dhéanamh do leas daoine eile.

16.

Ní dhéanfaidh painéalaí cinneadh de chuid an phainéil nó codanna de a nochtadh sula bhfoilseofar é i gcomhréir le Caibidil 3 (Nósanna imeachta um réiteach díospóidí) den Chomhaontú.

17.

Ní dhéanfaidh painéalaí, tráth ar bith, na pléití de chuid painéil, ná aon tuairim ó phainéalaí, a nochtadh ná ní dhéanfaidh sé aon ráiteas ar na himeachtaí ar ceapadh é ina leith ná ar na saincheisteanna atá faoi dhíospóid sna himeachtaí.

VII.   CAITEACHAS

18.

Déanfaidh gach painéalaí taifead ar an méid ama a caitheadh ar na himeachtaí, ar an gcaiteachas a rinne sé agus ar an méid ama a chaith a chúntóirí agus a fhoireann riaracháin; agus ar an gcaiteachas a rinne siad.

VIII.   IDIRGHABHÁLAITHE

19.

Bainfidh an Cód Iompair seo le hidirghabhálaithe mutatis mutandis.


Ceartúcháin

29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/112


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 135 an 22 Bealtaine 2019 )

1.

Ar leathanach 99, in Airteagal 7(1) Article 7(1), sa chéád fhomhír:

in ionad:

“1.   Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.”,

léitear:

“1.   Beidh úsáid ESP forchoimeádta do na húdaráis sna Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil rochtain acu ar cheann amháin ar a laghad de na córais faisnéise AE i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise AE, ar CIR, agus ar MID i gcomhréir leis an Rialachán seo, ar shonraí Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 nó ar bhunachair sonraí Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta lena riailítear an rochtain sin.”.

2.

Ar leathanach 100, in Airteagal 7(3):

in ionad:

“3.   Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1860 agus (AE) 2018/1861.”,

léitear:

“3.   Féadfaidh na húdaráis sna Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 ESP a úsáid chun sonraí a bhaineann le daoine nó a ndoiciméid taistil a chuardach in SIS Láir dá dtagraítear i Rialacháin (AE) 2018/1862.”.


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/113


Ceartúchán ar Cinneadh (AE) 2022/2417 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 318 an 12 Nollaig 2022 )

1.

Sa teideal agus i gclár na n-ábhar agus sa teideal ar leathanach 1:

in ionad:

“... an 26 Iúil 2022 ...”,

léitear:

“... an 5 Nollaig 2022 ...”.

2.

Ar leathanach 3, san áit a luaitear áit agus dáta a ghlactha:

in ionad:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2022.”.

léitear:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.”.


29.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 335/114


Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2022/2435 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir le hiompar lasta de bhóthar

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 319 an 13 Nollaig 2022 )

1.

Sa teideal agus i gclár na n-ábhar agus sa teideal ar leathanach 5

in ionad:

“... an 26 Iúil 2022 ...”,

léitear:

“... an 5 Nollaig 2022 ...”.

2.

Ar leathanach 3, san áit a luaitear áit agus dáta a ghlactha::

in ionad:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2022.”.

léitear:

“Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.”.