ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 316I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
8 Nollaig 2022

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2397 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha sonracha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

1

CINNTÍ

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2398 ón gComhairle an 8 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

7

GA

II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 316/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2397 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Nollaig 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha sonracha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(2)

Mar thoradh ar mheastóireacht ar na cúinsí ábhartha agus i bhfianaise thromchúis na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, measann an Chomhairle gur cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. RAKUŠAN

(1)  IO L 193, 23.7.2005, lch. 1.

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005:

Daoine

Ainm

Faisnéis chéannachta

Forais leis an Liostú

Dáta an liostaithe

“10

Ruvugayimikore PROTOGÈNE

Dá ngairtear freisin: Ruhinda, Gaby Ruhinda, Zorro Midende

Dáta Breithe: 1968 nó 1969

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Ceannaire ar Democratic Forces for the Liberation of Rwanda —Forces Combattantes Abacunguzi (FLDR-FOCA); Ceannaire ar an ngrúpa Maccabé (ar a dtugtaí Commando de recherche et d’action en profondeur (CRAP)) de chuid FDLR-FOCA

Tá Ruvugayimikore Protogène ina cheannaire ar Democratic Forces for the Liberation of Rwanda — Forces Combattantes Abacunguzi (FDLR-FOCA), grúpa armtha neamhrialtasach atá ag feidhmiú in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Tá sé i gceannas, go háirithe, ar an ngrúpa Maccabé (ar a dtugtaí an Commando de recherche et d’action en profondeur (CRAP)) de chuid FDLR-FOCA.

Cuireann FDLR-FOCA, lena n-áirítear an grúpa Maccabé, leis an gcoinbhleacht armtha, leis an éagobhsaíocht agus leis an neamhshláine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí fhoréigean agus trí mhí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, lena n-áirítear ionsaithe ar shibhialtaigh, maruithe, foréigean in aghaidh leanaí, éigniú agus gníomhartha eile foréigin ghnéasaigh.

Mar gheall ar a ról ceannasach in FDLR-FOCA, tá baint ag Ruvugayimikore Protogène, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

8.12.2022

11

Meddie NKALUBO

Dá ngairtear freisin: Mohammed Ali Nkalubo, Abul Jihad, Punny Boy

Dáta Breithe: 1991, 1992 nó 1993

Náisiúntacht: Uganda

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Ceannaire sinsearach Allied Democratic Forces

Is ceannaire sinsearach ar Allied Democratic Forces (ADF) é Meddie Nkalbuno, grúpa armtha neamhrialtasach a bhíonn ag oibriú in Uganda agus i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Aithníodh go bhfuil freagrachtaí éagsúla air san ADF, lena n-áirítear cumarsáid agus bolscaireacht, earcaíocht, monarú arm, agus rapprochement le ISIL (Da’esh).

Cuireann ADF leis an gcoinbhleacht armtha, leis an éagobhsaíocht agus leis an neamhshláine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (go háirithe sna cúigí Ituri agus Kivu Thuaidh), go háirithe trí fhoréigean agus trí mhí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, lena n-áirítear ionsaithe ar shibhialtaigh, maruithe agus fuadach.

Mar gheall ar a ról sinséarach ceannasach in ADF, tá baint ag Meddie Nkalubo, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

8.12.2022

12

Justin BITAKWIRA

Dá ngairtear freisin: Bihona-Hayi

Dáta Breithe: 5.12.1960

Áit bhreithe: Lemera, Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Náisiúntacht: Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Polaiteoir, iar-Aire Náisiúnta agus Uachtarán an Alliance for the Republic and National Consciousness.

Is polaiteoir Congólach, iar-Aire Rialtais agus comhalta den pháirtí polaitiúil ‘Union for the Congolese Nation’ é Justin Bitakwira.

Ina óráidí poiblí, spreag sé foréigean agus chothaigh sé idirdhealú agus naimhdeas arís agus arís eile i leith phobal Banyamulenge, pobal ar ar díríodh agus ar a ndearna grúpaí armtha ionsaí.

Cuireann na hóráidí agus na scéalta athlastacha seo leis an gcoimhlint agus leis an bhforéigean i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó a spreagadh, go háirithe sa réigiún Hauts-Plateaux, ceantar dar dual coinbhleachtaí idirphobail.

Ina theannta sin, tá Justin Bitakwira freagrach as an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht agus as an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

8.12.2022

13

Joseph Nganzo Olikwa TIPI

Dá ngairtear freisin: Colonel Tipi Ziro Ziro, Joseph Ngadjole, Joseph Nganzole Olikwa

Dáta Breithe: 10.11.1977

Áit bhreithe: Bunia Fataki, Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Grád: Coirnéal FARDC

Post: Leas-Cheannasaí an 12th Rapid Reaction Brigade in Minembwe, iarcheannasaí an 312th battalion de 31st Main Defence Brigade

Uimh. Aitheantais Mhíleata: 1-77-96-32692-76

Ba é Joseph Nganzo Olikwa Tipi ceannasaí ar an 312ú cathghrúpa den Main Defence Brigade de chuid Fhórsaí Armtha Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (FARDC) go dtí mí Eanáir 2022.

Rinne fórsaí an 312ú cathghrúpa, agus é faoina cheannas agus faoina fhreagracht, ionsaithe ar shibhialtaigh agus sáruithe tromchúiseacha chearta an duine, go háirithe éigniú ban idir mí an Mheithimh agus mí na Nollag 2021.

Tá Joseph Nganzo Olikwa Tipi fós ina oifigeach ardchéime in FARDC, is é an Coirnéal agus an Leas-Cheannasaí de chuid an 12th Rapid Reaction Brigade in Minembwe (Kivu Theas).

Agus an ról sin aige, tá freagracht air as na sáruithe chearta an duine a rinne FARDC le déanaí.

Dá bhrí sin, tá baint ag Joseph Nganzo Olikwa Tipi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

8.12.2022

14

Désiré LONDROMA NDJUKPA

Dá ngairtear freisin: Désiré Lokana Lokanza

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Oifigeach Cosanta in CODECO /URDPC (‘charge of defence’)

Is ceannaire é Désiré Londroma Ndjukpa ar Cooperative for Development of the Congo / Union of Revolutionaries for the Defence of the Congolese People (an grúpa CODECO URDPC), agus duine a aithnítear mar oifigeach cosanta, mar urlabhraí agus mar dhuine atá freagrach as an eite pholaitiúil.

Is grúpa armtha neamhrialtasach é CODECO URDPC a oibríonn in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus a chuireann leis an gcoinbhleacht armtha, leis an éagobhsaíocht agus leis an neamhshlándáil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí fhoréigean agus trí mhí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, lena n-áirítear maruithe, foréigean gnéasach agus ionsaithe ar shibhialtaigh amhail ionsaithe ar champaí daoine easáitithe ina dtír féin idir lár mhí na Samhna 2021 agus mí Feabhra 2022, lena ndírítear go háirithe ar phobal Hema.

Mar gheall ar a ról ceannasach in CODECO URDPC, bíonn baint ag Londroma Ndjukpa, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

8.12.2022

15

Willy NGOMA

Dá ngairtear freisin: Major Willy Ngoma

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Urlabhraí March 23 Movement / Congolese Revolutionary Army (M23/ARC)

Tá an ról ceannasach d’urlabhraí ag Willy Ngoma den eagraíocht March 23 Movement / Congolese Revolutionary Army (M23/ARC), grúpa armtha neamhrialtasach atá ag oibriú in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.

Cuireann M23/ARC leis an gcoinbhleacht armtha, leis an éagobhsaíocht agus leis an neamhshláine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí fhoréigean agus trí mhí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, lena n-áirítear maruithe, ionsaithe agus foréigean gnéasach i gcoinne sibhialtach.

Mar gheall ar a ról ceannasach in M23/ARC, bíonn baint ag Willy Ngoma, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Ina theannta sin, tá sé freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht agus an neamhshláine a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

8.12.2022

16

William YAKUTUMBA

Dáta Breithe: 1970

Áit bhreithe: Lunbondia, South-Kivu, Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Náisiúntacht: An Chongó (Poblacht Dhaonlathach an Chongó)

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Ceannaire ar Coalition Nationale du Peuple pour la Souverainité du CNPSC; bunaitheoir agus ceannaire an mhílíste Mai-Mai Yakutumba.

Is é William Yakutumba ardrúnaí agus ceannasaí Coalition Nationale du Peuple pour la Souverainité du Congo (CNPSC), comhghuaillíocht de mhílístí ‘Mai-Mai’, mar a thugtar orthu, sa chúige Kivu Theas i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Is é a bhunaigh agus atá mar cheannaire ar cheann de na mílístí is mó den chomhghuaillíocht sin, Mai-Mai Yakutumba.

Cuireann Mai-Mai Yakutumba leis an gcoinbhleacht armtha, leis an éagobhsaíocht agus leis an neamhshláine i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, go háirithe trí fhoréigean agus trí mhí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, lena n-áirítear ár a dhéanamh ar dhaonraí sráidbhailte, ionsaithe ar shibhialtaigh, éigniú agus gníomhartha eile foréigin ghnéasaigh.

Rialaíonn an Mai-Mai Yakutumba mianaigh óir in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, mar aon le baill CNPSC a rialaíonn na bealaí mianadóireachta. Baineann siad tairbhe as saothrú agus trádáil aindleathach óir. Úsáideann an Mai-Mai Yakutumba brabúis a fhaightear tríd an trádáil sin chun a ghníomhaíochtaí armtha a mhaoiniú.

Mar gheall ar a ról ceannasach in CNPSC agus i míleáiste Mai-Mai Yakutumba, bíonn baint ag William Yakutumba, dá bhrí sin, le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh ar sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine iad i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. Dá bhrí sin, tá freagracht air as a bheith ag baint leas as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshláine agus iad sin a choinneáil ar bun i bPoblacht Dhaonlathach trí shaothrú agus thrádáil aindleathach acmhainní nádúrtha.

8.12.2022

17

Alain, François, Viviane GOETZ

Dáta Breithe: 24.4.1965

Áit bhreithe: Deurne, Antwerp, Belgium

Náisiúntacht: Beilgeach

Inscne: Fireann

Fear gnó é Alain Goetz arb é úinéir tairbhiúil agus iarstiúrthóir African Gold Refinery Ltd, atá cláraithe in Uganda, é.

Ó 2016 i leith, tá ór aindleathach de thionscnamh mianaigh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó faighte, ceannaithe, scagtha agus trádáilte ag African Gold Refinery Ltd atá á rialú ag grúpaí armtha neamhrialtasacha, lena n-áirítear Mai-Mai Yakutumba agus Raia Mutomboki, a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí díchobhsaithe sa chúige Kivu Theas.

Dá bhrí sin, tá Alain Geotz ag baint leas as an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht agus as an neamhshláine i bPoblacht Dhaonlathach trí shaothrú agus thrádáil aindleathach acmhainní nádúrtha.

8.12.2022”

CINNTÍ

8.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 316/7

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/2398 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Nollaig 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1) agus go háirithe Airteagal 6(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES.

(2)

An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2231 (2) mar fhreagra ar na bacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus ar na sáruithe ar chearta an duine a bhí bainteach leo. Le Cinneadh (CBES) 2016/2231 leasaíodh Cinneadh 2010/788/CBES agus tugadh isteach bearta sriantacha breise.

(3)

Mar thoradh ar mheastóireacht ar na cúinsí ábhartha agus i bhfianaise thromchúis na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, measann an Chomhairle gur cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. RAKUŠAN

(1)  IO L 336, 21.12.2010, lch. 30.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336 I, 12.12.2016, lch. 7).

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES:

Daoine

Ainm

Faisnéis chéannachta

Forais leis an Liostú

Dáta an liostaithe

“10

Ruvugayimikore PROTOGÈNE

Dá ngairtear freisin: Ruhinda, Gaby Ruhinda, Zorro Midende

Dáta Breithe: 1968 nó 1969

Inscne: Fireann

Feidhm nó gairm: Ceannaire ar Democratic Forces for the Liberation of Rwanda- Forces Combattantes Abacunguzi (FLDR-FOCA); Ceannaire ar an ngrúpa Maccabé (ar a dtugtaí Commando de recherche et d’action en profondeur (CRAP)) de chuid FDLR-FOCA

Tá Ruvugayimikore Protogène ina cheannaire ar Democratic Forces for the Liberation of Rwanda- Forces Combattantes Abacunguzi (FDLR-FOCA), grúpa armtha neamhrialtasach atá ag feidhmiú in Oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. Tá sé i gceannas, go háirithe, ar an ngrúpa Maccabé (ar a dtugtaí an Commando de recherche et d’action en profondeur (CRAP)) de chuid FDLR-FOCA.