ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 315

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
7 Nollaig 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle ( 1 )

1

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh ( 1 )

30

 

*

Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara ( 1 )

44

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2382 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 maidir le soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

60

 

*

Rialachán (AE) 2022/2383 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 a mhéid a bhaineann le cineálcheadú feithiclí saothair throm a úsáideann bithdhíosal íon i leith astaíochtaí ( 1 )

63

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2384 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir leis an modhnú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar Sceideal an Aontais de Cheangaltais Shonracha faoin gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) a fhormheas chun Iarscríbhinn 1 den Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí a ionchorprú

71

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2385 ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

87

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2386 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2022 maidir le síneadh a chur leis na gníomhaíochtaí lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8673)

89

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2379 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá gá le bonn trédhearcach, cuimsitheach agus iontaofa eolais staidrimh chun beartais de chuid an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar beartais iad a bhaineann leis an talmhaíocht, go háirithe an comhbheartas talmhaíochta (CBT), lena n-áirítear bearta forbartha tuaithe, chomh maith le beartais de chuid an Aontais a bhaineann, inter alia, leis an gcomhshaol, le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú sin, le húsáid talún, le réigiúin, leis an tsláinte phoiblí, le sábháilteacht bia, le cosaint plandaí, le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is féidir leis na staidrimh sin a bheith úsáideach freisin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na talmhaíochta ar phailneoirí agus ar orgánaigh ríthábhachtacha ithreach.

(2)

Ba cheart é a bheith mar aidhm le bailiú sonraí staidrimh, go háirithe ar ionchur agus aschur talmhaíochta, inter alia, bonn eolais a chur faoi phróiseas cinnteoireachta fianaisebhunaithe le sonraí nuashonraithe, ardcháilíochta agus inrochtana, go háirithe na sonraí is gá d’fhorbairt na dtáscairí agra-chomhshaoil, agus ba cheart é a bheith mar aidhm leis tacú le dul chun cinn an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i dteannta leis na straitéisí gaolmhara arb iad an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus an Straitéis Bhithéagsúlachta iad, leis an bplean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach agus leis an bplean gníomhaíochta maidir le táirgeadh orgánach san Aontas, agus leis na hathchóirithe a dhéanfar ar CBT amach anseo, agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sin. Príomhghné chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach is ea an t-aistriú i dtreo talmhaíocht ilfheidhmiúil atá in ann bia sábháilte leordhóthanach a tháirgeadh agus aschuir dhearfacha chomhshaoil a sholáthar ag an am céanna.

(3)

Tá tábhacht le sonraí staidrimh ardcháilíochta atá comhchuibhithe, comhleanúnach agus inchomparáide chun measúnú a dhéanamh ar staid agus treochtaí an ionchuir agus an aschuir talmhaíochta san Aontas chun sonraí iontaofa agus beachta a sholáthar maidir le tionchar comhshaoil agus eacnamaíoch na talmhaíochta agus maidir le luas an aistrithe chuig cleachtais talmhaíochta níos inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, ba cheart do na sonraí a bhailítear a bheith ag baint le feidhmiú na margaí agus slándáil an tsoláthair bia, ionas go n-áiritheofar rochtain ar bhia leordhóthanach agus ar ardcháilíocht, agus leis an measúnú ar inbhuanaitheacht bheartais an Aontais agus beartas náisiúnta agus ar thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta agus ar fheidhmíocht na mbeartas sin, agus leis an measúnú ar inbhuanaitheacht samhlacha gnó nua agus ar an tionchar a bhíonn ag forbairt samhlacha gnó nua. Áirítear ar na sonraí sin staidreamh beostoic agus feola, táirgeadh agus úsáid uibheacha agus táirgeadh agus úsáid bainne agus táirgí bainne, ach níl siad teoranta do na nithe sin. Tá tábhacht freisin le staidreamh ar achar, táirgeacht agus táirgeadh barra curaíochta, glasraí, barr buan agus féarthailte buana agus comharduithe tráchtearraí. Thairis sin, tá gá le staidreamh ar dhíolacháin agus úsáid táirgí cosanta plandaí, leasacháin agus táirgí íocshláinte tréidliachta, go háirithe antaibheathach in ábhair bheatha.

(4)

De thoradh meastóireacht idirnáisiúnta a rinneadh ar an staidreamh talmhaíochta, cruthaíodh straitéis dhomhanda de chuid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun staidreamh talmhaíochta agus tuaithe a fheabhsú. D’fhormhuinigh Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe an straitéis dhomhanda sin in 2010. Ba cheart don staidreamh Eorpach talmhaíochta, i gcás inarb iomchuí, moltaí na straitéise domhanda sin a leanúint.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat dlíthiúil chun an staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna staidrimh. Leis an Rialachán sin, leagtar amach critéir cháilíochta agus tagraítear don ghá atá ann an t-ualach freagartha ar fhreagróirí suirbhé a íoslaghdú agus rannchuidiú leis an gcuspóir níos ginearálta maidir leis an ualach riaracháin a laghdú.

(6)

Leis an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, a d’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) i mí na Samhna 2015, beartaítear dhá chreatrialachán a ghlacadh lena gcumhdaítear gach gné de reachtaíocht an Aontais maidir leis an staidreamh talmhaíochta, cé is moite de chuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (CET). Tá an Rialachán seo ar cheann den dá chreatrialachán sin agus ba cheart dó an creatrialachán atá glactha cheana féin, eadhon Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhlánú.

(7)

Faoi láthair, déantar an staidreamh Eorpach ar ionchur agus aschur talmhaíochta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar bhonn roinnt gníomhartha dlí. Leis an gcreat dlíthiúil reatha, ní sholáthraítear an chomhsheasmhacht chuí idir na réimsí staidrimh éagsúla ná ní dhéantar cur chuige comhtháite a chur chun cinn i leith staidreamh talmhaíochta a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ar staidreamh é atá ceaptha chun gnéithe eacnamaíocha agus comhshaoil na talmhaíochta a chumhdach. Ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad na ngníomhartha dlí sin ar mhaithe le comhchuibhiú agus inchomparáideacht faisnéise agus, chun comhsheasmhacht agus comhordúchán a áirithiú sa staidreamh talmhaíochta Eorpach trí chéile, ba cheart comhtháthú agus cuíchóiriú na bpróiseas comhfhreagrach staidrimh a éascú leis agus cur chuige níos iomlánaíche a chumasú leis. Is gá, dá bhrí sin, na gníomhartha dlí sin a aisghairm, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008 (4), (CE) Uimh. 543/2009 (5) agus (CE) Uimh. 1185/2009 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (7). An iliomad comhaontuithe gaolmhara de chuid an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) agus “comhaontuithe oinigh” idir na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (NSInna) agus an Coimisiún (Eurostat) maidir le tarchur sonraí, ba cheart iad a chomhtháthú sa Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann go gcomhlánaíonn na sonraí riachtanais na n-úsáideoirí, go n-oibríonn an mhodheolaíocht chomhaontaithe agus go bhfuil na sonraí de cháilíocht iomchuí.

(8)

Tá an staidreamh a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún (8) bailithe laistigh de CSE, ag comhlíonadh cuid dá chaighdeáin cháilíochta ach ní iad ar fad. Leis an staidreamh sin, tacaítear le beartais de chuid an Aontais agus beartais náisiúnta go fadtréimhseach agus ba cheart é a chomhtháthú mar staidreamh Eorpach chun infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí a áirithiú. Chun tuairisciú dúbailte ó na Ballstáit a sheachaint, ba cheart na ceanglais staidrimh faoin Rialachán sin a scriosadh.

(9)

Féarthailte is ea cuid mhór de limistéar talmhaíochta ag leibhéal an Aontais. Níor measadh roimhe seo go raibh tábhacht le táirgeadh na limistéar sin, mar sin níor áiríodh aon sonraí táirgeachta sa staidreamh i ndáil le barra. Toisc go bhfuil níos mó tábhacht le tionchar na bhféarthailte agus na n-athchogantach ar an gcomhshaol de bharr an athraithe aeráide, tá gá anois le staidreamh ar tháirgeadh féarthalaimh lena n-áirítear innilt ainmhithe.

(10)

Chun críoch staidreamh talmhaíochta Eorpach, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé an úsáid is fearr is féidir a bhaint as sonraí atá ann cheana a bailíodh faoi oibleagáidí CBT, gan oibleagáidí ná ualach riaracháin nua a chruthú.

(11)

Chun críocha chomhchuibhiú agus inchomparáideacht na faisnéise faoi ionchur agus aschur talmhaíochta le faisnéis faoi struchtúr gabháltas talmhaíochta agus chun an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin a chur chun feidhme a thuilleadh, ba cheart don Rialachán seo Rialachán (AE) 2018/1091 a chomhlánú.

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ní chumhdaítear staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta, ach ba cheart infhaighteacht agus comhleanúnachas an staidrimh sin le CET a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart staidreamh ar phraghsanna ionchuir talmhaíochta atá ag teacht le CET a chumhdach faoi staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta. Chun ríomhanna CET agus innéacsanna praghsanna inchomparáide a cheadú, ní mór sonraí faoi phraghsanna aschuir talmhaíochta a bheith ar fáil sna Ballstáit.

(13)

I bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, CBT agus an chuspóra spleáchas ar lotnaidicídí a laghdú, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh do staidreamh bliantúil ardcháilíochta ar úsáid táirgí cosanta plandaí i ndáil le saincheisteanna comhshaoil, sláinte agus eacnamaíocha. An easpa taifead leictreonach ar úsáid ghairmiúil táirgí cosanta plandaí, a d’fhéadfaí a úsáid chun críoch staidrimh, ar leibhéal an Aontais, is constaic mhór í ar thréimhsiúlacht an bhailithe sonraí maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht a mhéadú ó uair amháin gach 5 bliana go dtí uair amháin sa bhliain. Chun am a thabhairt do NSInna ullmhú do tháirgeadh staidrimh bhliantúil ar úsáid táirgí cosanta plandaí ar bhonn buan, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do chóras idirthréimhseach.

(14)

Sonraí maidir le cur ar an margadh agus úsáid lotnaidicídí, ar sonraí iad atá le tíolacadh de bhun Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart iad a úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Treoir sin agus den Rialachán sin chun críocha cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart a áireamh ar na sonraí arna scaipeadh ar tháirgí cosanta plandaí na substaintí gníomhacha a chuirtear ar an margadh agus a úsáidtear i ngníomhaíochtaí talmhaíochta de réir barr agus a limistéar cóireáilte lena mbaineann.

(15)

Tá tábhacht le staidreamh inchomparáide ó na Ballstáit go léir ar ionchur agus aschur talmhaíochta chun forbairt CBT a chinneadh agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CBT trí na Pleananna Straitéiseacha náisiúnta i bhfianaise rannchuidiú CBT le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart, dá bhrí sin, aicmithe caighdeánacha agus sainmhínithe comhchoiteanna a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh athróg.

(16)

Is réamhriachtanais d’ullmhúchán staidrimh talmhaíochta Eorpaigh iad comhleanúnachas, inchomparáideacht agus idir-inoibritheacht na sonraí agus aonfhoirmeacht na bhformáidí tuairiscithe, go háirithe sa mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht na nósanna imeachta bailiúcháin, próiseála agus scaipthe agus le cáilíocht na dtorthaí.

(17)

Na sonraí is gá chun staidreamh a thiomsú, ba cheart iad a bhailiú ar bhealach lena n-íoslaghdaítear na costais agus an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, lena n-áirítear feirmeoirí, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus na Ballstáit. Dá bhrí sin, is gá úinéirí féideartha fhoinsí na sonraí atá ag teastáil a shainaithint agus a áirithiú gur féidir na foinsí sin a úsáid le haghaidh staidrimh.

(18)

Leis na tacair sonraí atá le tarchur, cumhdaítear réimsí éagsúla staidrimh. Chun cloí le cur chuige solúbtha faoinar féidir staidreamh a oiriúnú nuair a thagann athrú ar cheanglais maidir le sonraí, níor cheart ach na réimsí, topaicí agus topaicí mionsonraithe a shonrú sa bhunrialachán, agus ba cheart na tacair mhionsonraithe sonraí a shonrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Le bailiú na dtacar mionsonraithe sonraí, níor cheart costais shuntasacha bhreise a fhágann ualach díréireach gan údar ar fhreagróirí agus ar na Ballstáit a fhorchur.

(19)

Is féidir roinnt gnéithe a bheith san áireamh in athróg i dtacar sonraí le haghaidh staidreamh Eorpach ar ionchur agus aschur talmhaíochta, amhail gnéithe ar leibhéal na feirmeoireachta orgánaí agus ar an leibhéal réigiúnach. Tagraíonn gné na feirmeoireachta orgánaí do tháirgeadh a dhéantar i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart gné na feirmeoireachta réigiúnaí a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chun an t-ualach atá ar na Ballstáit a laghdú nuair atá sonraí á soláthar acu faoin Rialachán seo agus chun intuarthacht a áirithiú maidir leis na sonraí atá le bailiú, ba cheart na topaicí mionsonraithe agus na gnéithe is infheidhme a shonrú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. San Iarscríbhinn sin, ba cheart an focal “infheidhme” a thabhairt isteach maidir leis na topaicí mionsonraithe a bhfuil gné na feirmeoireachta orgánaí nó réigiúnaí, nó an dá cheann acu, ag teastáil ina leith.

(20)

Is ag dul i dtábhacht mar tháscaire ar chórais táirgthe talmhaíochta inbhuanaithe atá an táirgeadh orgánach. Tá sonraí staidrimh maidir le táirgeadh orgánach fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an phlean gníomhaíochta le haghaidh táirgeadh orgánach san Aontas. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil an staidreamh atá ar fáil ar an táirgeadh orgánach, lena n-áirítear sonraí lena sonraítear limistéir táirgthe dheimhnithe nó limistéir táirgthe atá á dtiontú, comhsheasmhach le staidreamh eile ar tháirgeadh talmhaíochta, tríd an staidreamh sin a chomhtháthú sna tacair sonraí. Ba cheart an staidreamh sin ar tháirgeadh orgánach a bheith comhleanúnach leis na sonraí riaracháin a tháirgtear faoi Rialachán (AE) 2018/848 agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na sonraí sin freisin.

(21)

Tá comhardú comhlán na gcothaitheach ar cheann de na táscairí agra-chomhshaoil is mó a úsáidtear. Tugtar tuairisc air i modheolaíocht chomhchoiteann Eurostat/ECFE mar an difríocht ríofa idir cainníocht iomlán na n-ionchur cothaitheach a théann isteach i gcóras talmhaíochta agus cainníocht na n-aschur cothaitheach a fhágann an córas talmhaíochta sin. D’ainneoin a thábhachta, ní chuireann na Ballstáit uile na sonraí maidir le comhardú comhlán na gcothaitheach ar fáil go deonach don Choimisiún (Eurostat). Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, comhardú comhlán na gcothaitheach a ionchorprú sa Rialachán seo.

(22)

Is ionchur tábhachtach don talmhaíocht iad táirgí íocshláinte tréidliachta. Tá sé tábhachtach dúbláil na hoibre a sheachaint agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críoch staidrimh. Chuige sin, agus d’fhonn faisnéis atá inrochtana go héasca agus atá úsáideach a sholáthar do shaoránaigh an Aontais agus do gheallsealbhóirí eile maidir le díolacháin agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha i mbia-ainmhithe, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) an staidreamh ábhartha atá ar fáil, faoi Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), a scaipeadh. Chuige sin, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí maidir le gníomhaíochtaí staidrimh a bhunú idir an Coimisiún agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(23)

Is ionchur tábhachtach iad táirgí bithicídeacha sa talmhaíocht, mar shampla i sláinteachas tréidliachta agus i mbeatha ainmhithe. Is minic a dhéantar substaintí gníomhacha atá údaraithe i dtáirgí cosanta plandaí a úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Sainaithníodh cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 an gá atá le staidreamh a bhailiú ar tháirgí bithicídeacha le haghaidh beartais eolasacha eolaíochtbhunaithe i réimsí na talmhaíochta, an chomhshaoil, na sláinte poiblí agus na sábháilteachta bia. Ag cur san áireamh go bhfuil an clár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) fós ar siúl, agus nach bhfuil ach 35 % den obair ghaolmhar críochnaithe, tá sé róluath fós táirgí bithicídeacha a chur san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo. A luaithe a thabharfar an scrúdú ar shubstaintí gníomhacha lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha chun críche, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun táirgí den sórt sin a áireamh.

(24)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, ba cheart aonaid chríche a shainiú i gcomhréir le haicmiú Ainmníocht na nAonad Críche le haghaidh Staidrimh (NUTS). Chun an t-ualach atá ar na Ballstáit a theorannú, níor cheart do na ceanglais maidir le sonraí réigiúnacha dul thar na ceanglais a bunaíodh faoi reachtaíocht an Aontais roimhe seo mura mbeidh leibhéil nua réigiúnacha tagtha chun cinn idir an dá linn. Dá réir sin, is iomchuí a cheadú go ndéanfaí sonraí staidrimh réigiúnacha don Ghearmáin a sholáthar d’aonaid chríochacha NUTS 1 agus dóibh amháin.

(25)

Ba cheart é a bheith indéanta sonraí a bhailiú maidir le hábhair ad hoc a bhaineann le hionchur agus aschur talmhaíochta ag am sonrach chun na sonraí a bhailítear ar bhonn rialta a fhorlíonadh le sonraí breise maidir le hábhair a dteastaíonn níos mó faisnéise ina leith, le feiniméin atá ag teacht chun cinn nó le nuálaíochtaí. Ba cheart údar cuí a bheith leis an ngá atá le sonraí breise den sórt sin, áfach.

(26)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart díolúintí ó tharchur rialta áirithe sonraí a cheadú más beag a chuireann Ballstát le hiomlán AE maidir leis na sonraí sin nó má tá an feiniméan a breathnaíodh neamhshuntasach i gcomparáid leis an táirgeacht iomlán sa Bhallstát áirithe sin.

(27)

Chun éifeachtúlacht phróisis táirgthe staidrimh a fheabhsú laistigh de CES agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart é a bheith de cheart ag NSInna agus ag údaráis náisiúnta eile rochtain a fháil ar aon sonraí riaracháin a bhfuil gá leo chun críoch poiblí agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, gan beann ar na sonraí a bheith i seilbh comhlachtaí poiblí, leathphoiblí nó príobháideacha. Ba cheart NSInna agus údaráis náisiúnta eile a bheith in ann na sonraí riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh a mhéid a bheidh gá le sonraí den sórt sin chun staidreamh talmhaíochta Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit nó d’údaráis náisiúnta fhreagracha féachaint le modhanna bailithe sonraí a nuachóiriú a mhéid is féidir. Ba cheart úsáid na réiteach digiteach agus uirlisí faireacháin talún, amhail clár an Aontais um fhaire na Cruinne, Copernicus, agus cianbhraiteoirí, a chur chun cinn. Tá méadú ag teacht ar an méid sonraí talmhaíochta a ghintear trí chleachtais feirmeoireachta dhigiteacha, áit arb iad feirmeoirí fós na príomhfhoinsí sonraí.

(29)

Chun an tsolúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar NSInna agus ar na húdaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit leas a bhaint as suirbhéanna staidrimh, taifid riaracháin agus aon fhoinse eile, aon mhodh eile nó aon chur chuige nuálach eile, lena n-áirítear modhanna eolaíochtbhunaithe agus dea-dhoiciméadaithe amhail iontráil bharúlach, meastachán agus samhaltú. Ba cheart cáilíocht, agus go háirithe cruinneas, tráthúlacht agus inchomparáideacht an staidrimh atá bunaithe ar na foinsí sin a áirithiú i gcónaí.

(30)

Áirítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 forálacha maidir le tarchur sonraí ó Bhallstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus maidir le húsáid sonraí den sórt sin, lena n-áirítear maidir le tarchur agus cosaint sonraí rúnda. Leis na bearta a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán seo, tá sé le háirithiú go ndéanfar sonraí rúnda a tharchur agus a úsáid chun críoch staidrimh amháin i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(31)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, déantar foráil do chreat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach agus ceanglaítear ar na Ballstáit na prionsabail staidrimh agus na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh, chun feabhas a chur orthu agus chun iad a chur in iúl. D’fhormhuinigh CCSE an struchtúr comhtháite aonair meiteashonraí mar chaighdeán CSE le haghaidh tuairisciú cáilíochta, rud a chuidigh, trí chaighdeáin aonfhoirmeacha agus modhanna comhchuibhithe, leis na ceanglais cáilíochta staidrimh a leagtar síos in Airteagal 12(3) den Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá an caighdeán sin de chuid CES le rannchuidiú le comhchuibhiú an dearbhaithe cáilíochta agus an tuairiscithe cáilíochta a dhéantar faoin Rialachán seo

(32)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) na sonraí a bhailítear agus na tuarascálacha cáilíochta a tharchuireann na Ballstáit faoin Rialachán seo a scaipeadh.

(33)

I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus i gcás inar gá ceanglais nua maidir le sonraí nó feabhsuithe ar thacair sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá siad trí staidéir indéantachta agus phíolótacha a sheoladh, i gcás inar gá.

(34)

In 2016, rinneadh measúnú tionchair ar an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais chun an clár staidrimh a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhíriú ar an ngá atá le héifeachtacht maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus chun srianta buiséid a ionchorprú.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon staidreamh Eorpach ar ionchur agus aschur talmhaíochta a tháirgeadh go córasach san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe agus, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(36)

Chun na riachtanais sonraí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, ar riachtanais iad a eascraíonn go príomha as forbairtí nua sa talmhaíocht, as reachtaíocht athbhreithnithe agus as tosaíochtaí athraitheacha beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na topaicí mionsonraithe a liostaítear sa Rialachán seo a leasú, leis na minicíochtaí tarchuir, na tréimhsí tagartha agus infheidhmeacht ghnéithe na dtopaicí mionsonraithe a leasú, agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú le haghaidh bhailiú na sonraí ad hoc mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus gníomhartha tarmligthe den sórt sin á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail costas agus an t-ualach riaracháin atá ar fhreagróirí agus ar Bhallstáit a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(37)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d’fhonn na ceanglais chumhdaigh, na tacair sonraí atá nasctha leis na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a liostaítear san Iarscríbhinn agus gnéithe teicniúla na sonraí atá le soláthar a shonrú, d’fhonn liostaí agus tuairiscí na n-athróg agus socruithe praiticiúla eile le haghaidh bhailiú na sonraí ad hoc a bhunú, d’fhonn minicíocht tarchuir na dtacar sonraí a shonrú tuilleadh, d’fhonn na sprioc-amanna a shainiú chun na sonraí agus na minicíochtaí lena mbaineann a tharchur, d’fhonn na hathróga agus na tairseacha ábhartha a shainiú ar ar a mbonn a fhéadfar na Ballstáit a dhíolmhú ó shonraí sonracha a sheoladh, d’fhonn na tréimhsí tagartha a shonrú tuilleadh, d’fhonn na socruithe praiticiúla a leagan amach maidir leis na tuarascálacha cáilíochta agus d’fhonn ábhar na dtuarascálacha sin a leagan amach, d’fhonn na ceanglais chumhdaigh a shonrú maidir leis an gcóras idirthréimhseach do shonraí maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht”, agus d’fhonn maoluithe a dheonú do na Ballstáit. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail costas agus an t-ualach riaracháin atá ar fhreagróirí agus ar Bhallstáit a chur san áireamh.

(38)

I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh de chuid Ballstáit mar gheall ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcásanna lena bhfuil údar cuí agus ar feadh tréimhse theoranta, maoluithe a dheonú don Bhallstát lena mbaineann. D’fhéadfadh oiriúnuithe móra den sórt sin teacht chun cinn, go háirithe, de thoradh an ghá atá leis na córais bailithe sonraí a oiriúnú chun na ceanglais nua maidir le sonraí a áireamh iontu, lena n-áirítear an rochtain ar fhoinsí riaracháin agus ar fhoinsí ábhartha eile.

(39)

Ba cheart cistiú a éileamh ó na Ballstáit agus ón Aontas araon chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas.

(40)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(41)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) ná do Rialacháin (CE) Uimh. 1367/2006 (19) agus (CE) Uimh. 1049/2001 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus rúndacht staidrimh á comhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(42)

Ba cheart an comhar agus an comhordú idir na húdaráis faoi chuimsiú CSE a neartú chun comhleanúnachas agus inchomparáideacht an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a áirithiú, ar staidreamh é a tháirgtear i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 338(2) CFAE. Déanann comhlachtaí eile de chuid an Aontais, seachas na cinn sin dá dtagraítear sa Rialachán seo, agus eagraíochtaí eile sonraí a bhailiú freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, an comhar idir comhlachtaí agus eagraíochtaí den sórt sin agus iad siúd atá páirteach in CSE a threisiú chun leas a bhaint as sineirgí.

(43)

Chuathas i gcomhairle le CCSE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhtháite le haghaidh staidreamh Eorpach comhiomlánaithe a bhaineann le hionchur agus aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta, chomh maith le húsáid idirmheánach aschuir den sórt sin laistigh den talmhaíocht agus bailiú agus próiseáil aschuir den sórt sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe “gabháltas talmhaíochta”, “aonad talmhaíochta de thalamh coimín”, “aonad beostoic” agus “limistéar talmhaíochta a úsáidtear”, mar a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (a), (b), (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2018/1091, faoi seach.

Thairis sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta” na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dtugtar fúthu sa talmhaíocht i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) a thagann faoi raon feidhme ghrúpaí A.01.1, A.01.2, A.01.3, A.01.4, A.01.5 nó faoi raon feidhme “talamh talmhaíochta a chothabháil ar chaoi a fhágtar dea-bhail air ó thaobh na talmhaíochta agus an chomhshaoil de” de ghrúpa A.01.6 laistigh de chríoch eacnamaíoch an Aontais, mar ghníomhaíocht phríomhúil nó mar ghníomhaíocht thánaisteach; maidir le gníomhaíochtaí de chuid ghrúpa A.01.49, ní áirítear díobh sin ach na gníomhaíochtaí “Tógáil agus pórú ainmhithe leathcheansaithe nó ainmhithe beo eile” cé is moite de thógáil feithidí, agus “Beachaireacht agus táirgeadh meala agus céire beach”;

(2)

ciallaíonn “fiontar déiríochta” fiontar nó gabháltas talmhaíochta a cheannaíonn bainne nó, i gcásanna áirithe, táirgí bainne, chun iad a iompú ina dtáirgí bainne; áirítear leis freisin fiontair a bhailíonn bainne nó uachtar chun é a aistriú ina iomláine, nó chun cuid de a aistriú, gan aon phróiseáil, chuig fiontair dhéiríochta eile;

(3)

ciallaíonn “seamlas” fiontar atá cláraithe agus formheasta go hoifigiúil ag a bhfuil cead ainmhithe a mharú agus a chóiriú, ainmhithe a bhfuil a bhfeoil beartaithe lena tomhailt ag an duine;

(4)

ciallaíonn “gorlann” fiontar ina ndéantar uibheacha a chur ar gor, uibheacha a ghoradh chun áil agus sicíní a sholáthar;

(5)

ciallaíonn “aonad breathnóireachta” eintiteas in-sainaitheanta ar féidir sonraí a fháil ina thaobh;

(6)

ciallaíonn “réimse” tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaicí áirithe;

(7)

ciallaíonn “topaic” inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid bhreathnóireachta; le gach topaic, cumhdaítear topaic mhionsonraithe amháin nó níos mó;

(8)

ciallaíonn “topaic mhionsonraithe” inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid bhreathnóireachta a bhaineann le topaic; le gach topaic mhionsonraithe, cumhdaítear athróg amháin nó níos mó;

(9)

ciallaíonn “táirgí cosanta plandaí” táirgí, san fhoirm ina soláthraítear don úsáideoir iad, atá comhdhéanta de shubstaintí gníomhacha nó a bhfuil substaintí gníomhacha iontu, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, teorantóirí, dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (a), den Rialachán sin nó sineirgígh, dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (b), den Rialachán sin, agus atá beartaithe le haghaidh ceann de na húsáidí ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 2(1) den Rialachán sin;

(10)

ciallaíonn “tacar sonraí” athróg chomhiomlánaithe amháin nó níos mó atá eagraithe i bhfoirm struchtúrtha;

(11)

ciallaíonn “athróg” airí aonaid breathnóireachta a bhféadfadh níos mó ná luach amháin de thacar luachanna a bheith ag gabháil leis;

(12)

ciallaíonn “sonraí réamhsheiceáilte” sonraí arna bhfíorú ag na Ballstáit, ar bhonn rialacha coiteanna maidir le bailíochtú, má tá a leithéid le fáil;

(13)

ciallaíonn “sonraí ad hoc” sonraí arb ábhar spéise ar leith d’úsáideoirí iad ag tráth sonrach ach nach n-áirítear sna tacair sonraí rialta;

(14)

ciallaíonn “sonraí riaracháin” sonraí arna nginiúint ag foinse nach foinse staidrimh í, a bhíonn i seilbh comhlacht poiblí nó príobháideach de ghnáth, agus nach é is príomhaidhm di staidreamh a sholáthar;

(15)

ciallaíonn “meiteashonraí” an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a thugann tuairisc ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;

(16)

ciallaíonn “úsáideoir gairmiúil” aon duine a úsáideann táirgí cosanta plandaí agus an duine sin i mbun gníomhaíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear oibreoirí, teicneoirí, fostóirí agus daoine féinfhostaithe, in earnáil na feirmeoireachta.

Airteagal 3

Pobal staidrimh agus aonaid bhreathnóireachta

1.   Is é a bheidh sa phobal staidrimh a bhfuil tuairisc le tabhairt air aonaid staidrimh amhail gabháltais talmhaíochta, aonaid talmhaíochta de thalamh coimín, fiontair a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí talmhaíochta nó fiontair a cheannaíonn nó a bhailíonn táirgí ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta, agus fiontair a phróiseálann na táirgí talmhaíochta sin, go háirithe gorlanna, fiontair dhéiríochta agus seamlais.

2.   Is iad na haonaid bhreathnóireachta a bhfuil ionadaíocht le déanamh orthu sa chreat staidrimh na haonaid staidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus, ag brath ar an staidreamh atá le tuairisciú, na nithe seo a leanas:

(a)

talamh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta;

(b)

ainmhithe a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta;

(c)

allmhairí agus onnmhairí táirgí ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta ag fiontair neamhthalmhaíochta;

(d)

idirbhearta agus sreabha maidir le tosca táirgthe, earraí agus seirbhísí chuig gníomhaíochtaí talmhaíochta agus uathu.

Airteagal 4

Ceanglais chumhdaigh

1.   Beidh an staidreamh ionadaíoch don phobal staidrimh a bhfuil sé ag tabhairt tuairisce air.

2.   Maidir leis an réimse “staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), cumhdófar leis na sonraí 95 % d’aonaid beostoic gach Ballstáit agus na gníomhaíochtaí gaolmhar nó na haschuir ghaolmhara.

3.   Maidir leis an réimse “staidreamh ar tháirgeadh barr” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), cumhdófar leis na sonraí 95 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear i ngach Ballstát, cé is moite de ghairdíní cistine, agus na méideanna táirgeachta gaolmhara.

4.   Maidir leis an topaic “cothaithigh i leasacháin le haghaidh na talmhaíochta” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d)(i), den Rialachán seo, cumhdófar leis na sonraí na táirgí leasacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus 95 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear i ngach Ballstát, cé is moite de ghairdíní cistine, agus na méideanna táirgeachta gaolmhara.

5.   Maidir leis an réimse “staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e), is mar seo a leanas a bheidh an cumhdach:

(a)

maidir leis an topaic mhionsonraithe “táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh” dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cumhdófar leis na sonraí gach táirge cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 9, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(b)

maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht” dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cumhdófar leis na sonraí 85 % ar a laghad den úsáid i ngníomhaíocht talmhaíochta ag úsáideoirí gairmiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2009/128/CE, i ngach Ballstát. Bainfidh na sonraí ó gach Ballstát le liosta de bharra ina mbeidh cuid choiteann do na Ballstáit uile. Cumhdófar leis an gcuid choiteann sin, mar aon leis na féarthailte buana, 75 % ar a laghad den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear ar leibhéal an Aontais. A luaithe a thiocfaidh reachtaíocht de chuid an Aontais chun bheith infheidhme lena gceanglaítear ar úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí a dtaifid maidir le húsáid táirgí den sórt sin a tharchur i bhformáid leictreonach chuig údaráis inniúla náisiúnta, méadófar an cumhdach ar an úsáid i ngníomhaíocht talmhaíochta go 95 %, ag tosú ón mbliain tagartha tar éis an dáta a thiocfaidh an reachtaíocht sin de chuid an Aontais chun bheith infheidhme.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais chumhdaigh dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. I gcás ina ndéanfar na sonraíochtaí sin a nuashonrú, cuirfidh an Coimisiún treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le sonraí rialta

1.   Cumhdófar leis an staidreamh a bhaineann le hionchur agus aschur na ngníomhaíochtaí talmhaíochta na réimsí agus na topaicí seo a leanas:

(a)

staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe:

(i)

beostoc agus feoil;

(ii)

uibheacha agus sicíní;

(iii)

bainne agus táirgí bainne;

(b)

staidreamh ar tháirgeadh barr:

(i)

limistéar barr agus táirgeadh barr;

(ii)

comharduithe barr;

(iii)

féarthailte;

(c)

staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta:

(i)

innéacsanna praghsanna talmhaíochta;

(ii)

praghsanna iomlána ionchuir;

(iii)

praghsanna agus cíosanna talún talmhaíochta;

(d)

staidreamh ar chothaithigh:

(i)

cothaithigh i leasacháin le haghaidh na talmhaíochta;

(ii)

comharduithe na gcothaitheach;

(e)

staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí:

(i)

táirgí cosanta plandaí.

2.   Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na topaicí mionsonraithe, a minicíochtaí tarchuir comhfhreagracha agus a dtréimhsí tagartha comhfhreagracha chomh maith lena ngnéithe orgánacha agus réigiúnacha.

3.   Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm tacair sonraí chomhiomlánaithe.

4.   Déanfar na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus táirgí orgánacha lena gcomhlíontar Rialachán (AE) 2018/848 a chomhtháthú sna tacair sonraí.

5.   Déanfar na sonraí réigiúnacha a sholáthar ar leibhéal NUTS 2 mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. Mar eisceacht, ní fhéadfar na sonraí sin a sholáthar ach amháin de réir aonaid chríochacha NUTS 1 don Ghearmáin.

6.   I gcás ina bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach ag athróg i mBallstát, féadfar luachanna na hathróige sin a fhágáil ar lár ó na tacair sonraí arna dtarchur, má tá an Ballstát lena mbaineann tar éis a léiriú don Choimisiún (Eurostat) go bhfuil údar cuí leis an athróg sin a fhágáil ar lár.

7.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir le praghsanna ionchuir agus aschuir talmhaíochta, lena n-áirítear saintréithe agus meáchain na n-earraí agus na seirbhísí, chun innéacsanna praghsanna inchomparáide a thiomsú agus le haghaidh na n-athróg is gá le haghaidh chuntais eacnamaíochta na talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leasaítear topaicí mionsonraithe, lena n-áirítear na tuairiscí orthu, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, chun cur leo, chun iad a scriosadh nó chun iad a mhodhnú.

Agus a chumhacht á feidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

tá údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus ní chuireann siad ualach suntasach breise ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí;

(b)

ní leasaítear níos mó ná ceithre thopaic mhionsonraithe thar thréimhse 5 bliana as a chéile, agus níl níos mó ná topaic amháin díobh sin nua;

(c)

seoltar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 11, i gcás inár gá, agus cuirtear torthaí na staidéar sin san áireamh mar is cuí.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leasaítear minicíochtaí tarchuir, tréimhsí tagartha agus infheidhmeacht ghnéithe na dtopaicí mionsonraithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Agus a chumhacht á feidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

tá údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus ní chuireann siad ualach suntasach breise ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí;

(b)

seoltar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 11, agus cuirtear torthaí na staidéar sin san áireamh mar is cuí.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na tacair sonraí atá le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) a shainiú. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas de na sonraí atá le soláthar, i gcás inarb iomchuí:

(a)

liosta na n-athróg;

(b)

an tuairisc ar athróga, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

saintréithe an aonaid breathnóireachta;

(ii)

an t-aonad tomhais le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

(iii)

na gnéithe orgánacha agus réigiúnacha le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

is mar theaglaim de shaintréith aonaid breathnóireachta agus an t-aonad tomhais comhfhreagrach agus ceann dá gnéithe a áirítear athróg;

(c)

na haonaid bhreathnóireachta;

(d)

na ceanglais bheachtais;

(e)

na rialacha modheolaíocha;

(f)

na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur, ag cur san áireamh an t-am is gá chun sonraí náisiúnta a tháirgeadh lena gcomhlíontar na critéir cháilíochta a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus an gá atá leis an ualach riaracháin agus na costais riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na freagróirí a íoslaghdú; ní mhodhnófar na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur roimh an 1 Eanáir 2030.

I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún gur gá modhnú a dhéanamh ar na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur, seolfaidh sé staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán seo agus déanfar torthaí na staidéar indéantachta sin a chur san áireamh go cuí. Agus na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur á modhnú, ní dhéanfar na sprioc-amanna sin a laghdú níos mó ná 20 % de na laethanta lena scartar deireadh na tréimhse tagartha ón sprioc-am chun na sonraí a tharchur mar a leagtar amach sa chéad ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun na míre seo, mura rud é gurb é amháin is cúis leis an laghdú ar an sprioc-am chun na sonraí a tharchur cur chuige nuálach a thabhairt isteach nó foinsí nua sonraí digiteacha a úsáid, amhail faire na Cruinne nó mórshonraí, atá ar fáil i ngach Ballstát.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

11.   I gcás ina bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 8 nó 9, cé is moite de ghníomh tarmligthe lena leasaítear an ghné orgánach, féadfar, leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, uasmhéid de 90 athróg san iomlán a mhodhnú, a ionadú nó a chur leis thar thréimhse 5 bliana as a chéile. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn sin, áfach, maidir le hathróga a bhaineann leis an réimse “staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí”.

12.   Déanfaidh na Ballstáit sonraí réamhsheiceáilte agus na meiteashonraí gaolmhara a tharchur trí úsáid a bhaint as formáid theicniúil arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat) le haghaidh gach tacair sonraí. Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

Airteagal 6

Ceanglais maidir le sonraí ad hoc

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú, i gcás ina meastar, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gur gá faisnéis bhreise a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise staidrimh. Sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:

(a)

na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a bhaineann leis na réimsí a shonraítear in Airteagal 5 atá le soláthar sa bhailiú sonraí ad hoc agus na cúiseanna atá le riachtanais bhreise staidrimh den sórt sin;

(b)

na tréimhsí tagartha.

2.   Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1 á feidhmiú aige, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na riachtanais sonraí, déanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá sé na sonraí atá ag teastáil a bhailiú, agus leas á bhaint as ionchur ó shaineolaithe ábhartha, agus áiritheoidh sé nach bhforchuirfear aon ualach suntasach breise ná aon chostais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh ag tosú ón mbliain tagartha 2024 agus 2 bhliain ar a laghad idir gach bailiú sonraí ad hoc, ag tosú ón sprioc-am chun sonraí an bhailithe sonraí ad hoc is déanaí a tharchur.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

liosta athróg, nach mó ná 50 athróg;

(b)

an tuairisc ar athróga, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

saintréithe an aonaid breathnóireachta;

(ii)

an t-aonad tomhais le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

(iii)

na gnéithe orgánacha agus réigiúnacha le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

is mar theaglaim de shaintréith aonaid breathnóireachta agus an t-aonad tomhais comhfhreagrach agus ceann dá gnéithe a áirítear mar athróg;

(c)

na ceanglais bheachtais;

(d)

na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur;

(e)

na haonaid bhreathnóireachta;

(f)

an tuairisc ar an tréimhse thagartha mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

Airteagal 7

Minicíocht tarchuir na dtacar sonraí

1.   Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh minicíocht tarchuir na dtacar sonraí. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun gach minicíocht tarchuir a shonrú tuilleadh.

2.   Féadfar Ballstát a dhíolmhú ó shonraí sonracha a sheoladh leis na minicíochtaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh athróga réamhshainithe i gcás ina bhfuil tionchar teoranta ag an mBallstát sin ar iomlán AE na n-athróg sin.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur agus na minicíochtaí tarchuir lena mbaineann, na hathróga agus na tairseacha ábhartha ar ar a mbonn a fhéadfar an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm. Leagfar amach na tairseacha sin ar bhealach nach laghdófar, mar gheall ar chur i bhfeidhm na dtairseach sin, an fhaisnéis maidir le hiomlán AE na hathróige comhfhreagraí a bhfuiltear ag súil leis faoi níos mó ná 5 %. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) athbhreithniú ar na tairseacha ionas go gcomhfhreagróidh siad do na treochtaí maidir le hiomláin AE.

3.   Maidir le staidreamh ar tháirgeadh, féadfar Ballstát a dhíolmhú ó shonraí sonracha maidir le hathróga réamhshainithe a tharchur i gcás ina bhfuil tionchar teoranta ag an athróg i ndáil leis an táirgeadh talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach tairseacha do na hathróga sin.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

Airteagal 8

Foinsí sonraí agus modhanna

1.   Chun an staidreamh a bhaineann le hionchur agus aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta a fháil, úsáidfidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na foinsí sonraí agus na modhanna seo a leanas, ar choinníoll go lamháiltear, mar thoradh ar na sonraí, staidreamh a tháirgeadh lena gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 10:

(a)

suirbhéanna staidrimh nó modhanna eile bailithe sonraí staidrimh;

(b)

na foinsí sonraí riaracháin a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(c)

foinsí sonraí riaracháin eile atá bunaithe ar an dlí náisiúnta, foinsí eile, modhanna eile nó cineálacha cur chuige nuálacha eile, amhail uirlisí digiteacha agus cianbhraiteoirí.

2.   Maidir le mír 1, pointe (b) den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit aon sonraí ó na foinsí seo a leanas a úsáid:

(a)

an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), an córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), an córas chun speicis áirithe ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), an clár fíonghort a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), na cláir feirmeoireachta orgánaí a cuireadh ar bun de bhun Rialachán (AE) 2018/848 nó aon sonraí riaracháin ábhartha eile atá ar cháilíocht leormhaith chun críoch staidrimh mar a thuairiscítear in Airteagal 10(3) den Rialachán seo, a shainítear i ndlí an Aontais;

(b)

na taifid a choinnítear i bhformáid leictreonach agus dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó

(c)

aon fhoinsí sonraí riaracháin ábhartha eile ar choinníoll go gceadaítear le sonraí den sórt sin staidreamh a tháirgeadh lena gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo.

3.   Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a úsáidfear an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach, agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear.

4.   Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an Rialacháin seo a chomhlíonadh, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar shonraí agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, lena n-áirítear sonraí aonair maidir le fiontair agus gabháltais talmhaíochta atá i dtaifid riaracháin a tiomsaíodh ina gcríoch náisiúnta de bhun Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta agus úinéirí na dtaifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú le haghaidh rochtain den sórt sin. Deonófar an rochtain sin freisin i gcásanna ina bhfuil cúraimí tarmligthe ag an údarás inniúil do chomhlachtaí príobháideacha nó leathphoiblí, ar cúraimí iad atá le cur i gcrích thar ceann an údaráis inniúil.

Airteagal 9

Tréimshe thagartha

1.   Bainfidh an fhaisnéis a bhailítear faoin Rialachán seo le tréimhse thagartha amháin is coiteann do na Ballstáit uile trí thagairt a dhéanamh don staid le linn tréimhse shonraithe.

2.   Is mar a shonraítear san Iarscríbhinn a bheidh an tréimhse thagartha le haghaidh gach topaice mionsonraithe. Tosóidh na chéad tréimhsí tagartha sa bhliain féilire 2025.

3.   Maidir leis an topaic “innéacsanna praghsanna talmhaíochta” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c)(i), déanfaidh na Ballstáit, gach 5 bliana, na hinnéacsanna a athbhunú agus na blianta dar críoch 0 nó 5 á n-úsáid mar bhonnbhlianta.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na tréimhsí tagartha a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.

Airteagal 10

Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur a áirithiú.

2.   Áireoidh na Ballstáit go dtugtar, leis na sonraí a fhaightear trí úsáid a bhaint as na foinsí agus na modhanna a leagtar síos in Airteagal 8, meastacháin chruinne maidir leis an bpobal staidrimh a shainítear in Airteagal 3 ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inar gá, ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur chuige ar bhealach trédhearcach agus infhíoraithe.

5.   Chun críoch mhír 4, tarchuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún (Eurostat), den chéad uair faoin 30 Meitheamh 2028, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuarascálacha cáilíochta lena dtugtar tuairisc ar na próisis staidrimh do na tacair sonraí arna dtarchur le linn na tréimhse, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

meiteashonraí lena dtugtar tuairisc ar an modheolaíocht a úsáideadh agus ar an gcaoi ar baineadh amach na sonraíochtaí teicniúla faoi threoir na sonraíochtaí a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(b)

faisnéis maidir le comhlíonadh na gceanglas cumhdaigh a leagtar amach in Airteagal 4, lena n-áirítear forbairt agus nuashonrú na gceanglas sin.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, maidir leis an topaic “innéacsanna praghsanna talmhaíochta” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c)(i), déanfar na tuarascálacha cáilíochta a tharchur gach 5 bliana mar aon leis na hualaí agus na hinnéacsanna athbhunaithe, chomh maith leis na tuarascálacha modheolaíochta comhfhreagracha ar leithligh. Ní dhéanfar an chéad tarchur don tuarascáil cháilíochta maidir leis an topaic “innéacsanna praghsanna talmhaíochta” roimh an 31 Nollaig 2028.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit.

8.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, i gcás inar gá, faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú ábhartha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith aici nó aige ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur.

9.   Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit soiléiriú breise riachtanach ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí staidrimh.

Airteagal 11

Staidéir indéantachta agus phíolótacha

1.   I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus i gcás ina sainaithnítear ceanglais nua maidir le sonraí rialta nó go bhfuil gá le feabhas mór a chur ar na ceanglais atá ann faoi láthair maidir le sonraí rialta, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir indéantachta a sheoladh chun meastóireacht a dhéanamh, i gcás inar gá, ar na nithe seo a leanas:

(a)

infhaighteacht agus cáilíocht foinsí nua sonraí iomchuí;

(b)

teicnící nua staidrimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(c)

an tionchar airgeadais agus an t-ualach airgeadais ar fhreagróirí.

2.   Laistigh de gach staidéar indéantachta ar leith, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú i dtaobh an féidir an staidreamh nua a tháirgeadh tríd an bhfaisnéis atá ar fáil sna foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais a úsáid agus cuirfidh sé feabhas ar úsáid na sonraí atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Laistigh de staidéar indéantachta ar leith, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inar gá, staidéir phíolótacha a sheoladh a bheidh le déanamh ag na Ballstáit. Is é is cuspóir do na staidéir phíolótacha sin cur chun feidhme ceanglas nua sna Ballstáit a thástáil le modhanna difriúla táirgthe staidrimh tríd an gcur chun feidhme sin a dhéanamh ar scála níos lú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar le saineolaithe ó na Ballstáit agus le príomhúsáideoirí na dtacar sonraí, meastóireacht ar thorthaí na staidéar indéantachta agus, i gcás inarb infheidhme, ar thorthaí na staidéar píolótach, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí ag gabháil leo maidir le ceanglais nua maidir le sonraí rialta nó feabhsuithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt isteach. Tar éis na meastóireachta sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le torthaí na staidéar indéantachta agus píolótach. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

5.   Agus gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(8) nó (9) á ullmhú aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thorthaí na staidéar indéantachta agus píolótach, go háirithe a indéanta atá sé ceanglais nua maidir le sonraí a chur chun feidhme sna Ballstáit uile.

Airteagal 12

Sonraí a scaipeadh

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) na sonraí arna dtarchur chuige i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 den Rialachán seo a scaipeadh ar líne agus saor in aisce.

2.   Agus lánurraim á tabhairt don rúndacht tráchtála agus staidrimh, scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh comhiomlánaithe, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíorthaítear ó shonraí dá bhforáiltear in Airteagal 55(2) agus in Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2019/6.

Airteagal 13

Ranníocaíocht an Aontais

1.   Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, soláthróidh an tAontas deontais ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) do na NSInna agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

costais cur chun feidhme na mbailithe sonraí ad hoc a chumhdach;

(b)

an acmhainneacht a fhothú le haghaidh úsáid a bhaint as foinsí riaracháin chun staidreamh a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thiomsú;

(c)

suirbhéanna samplacha a dhéanamh chun sonraí a bhailiú maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht don bhliain tagartha 2026;

(d)

modheolaíochtaí agus cineálacha cur chuige nuálacha a fhorbairt chun córais bailithe sonraí a oiriúnú, lena n-áirítear réitigh atá bunaithe ar an digitiú, do cheanglais an Rialacháin seo;

(e)

na staidéir indéantachta agus phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 11 a dhéanamh;

(f)

na costais a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme modhanna a chumhdach chun laghdú a dhéanamh ar na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur.

2.   Ní rachaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin Airteagal seo thar 95 % de na costais incháilithe.

3.   Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas faoin Airteagal seo i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir an cistiú a bheith ar fáil. Cinnfidh an t-údarás buiséadach an leithreasú a bheidh ar fáil gach bliain.

Airteagal 14

Córas idirthréimhseach le haghaidh sonraí maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht

1.   I gcás na mblianta 2025, 2026 agus 2027, beidh feidhm ag na rialacha idirthréimhseacha seo a leanas maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht” dá dtagraítear san Iarscríbhinn:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 7(1) agus ar Airteagal 9(2), ní dhéanfar ach aon tarchur sonraí amháin le haghaidh na bliana tagartha 2026;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 4(5), pointe (b), cumhdófar leis na sonraí liosta coiteann de bharra i gcás na mBallstát uile a sholáthraíonn faisnéis faoi úsáid táirgí cosanta plandaí chun tacú le beartais ábhartha an Aontais; cumhdófar leis an liosta coiteann sin de bharra, in éineacht leis na féarthailte buana, 75 % den limistéar talmhaíochta a úsáidtear ar leibhéal an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear tuilleadh na ceanglais chumhdaigh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

2.   Ón mbliain tagartha 2028 ar aghaidh, in éagmais reachtaíocht de chuid an Aontais lena gceanglaítear ar úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí taifid a choimeád i bhformáid leictreonach ar an úsáid a bhaintear as táirgí den sórt sin, reachtaíocht a bheidh infheidhme 12 mhí roimh thús na bliana tagartha a bhfuil sonraí le tarchur ina leith, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 7(1), déanfar an tarchur gach 2 bhliain;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 4(5), pointe (b), leanfaidh na rialacha idirthréimhseacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 15

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (30) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais, cinneadh deontais nó conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 16

Maoluithe

1.   I gcás ina dteastaíonn oiriúnuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta de chuid Ballstáit mar gheall ar an Rialachán seo nó na bearta cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear maoluithe don Bhallstát lena mbaineann go ceann uastréimhse 3 bliana. Ní dheonófar aon mhaolú ar na rialacha idirthréimhseacha le haghaidh na topaice mionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht” dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe le haghaidh maolú den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh atá i gceist, ina dtabharfar míniú ar na hoiriúnuithe móra a bhfuil gá lena ndéanamh ar an gcóras staidrimh náisiúnta agus ina dtabharfar amlíne measta le haghaidh na n-oiriúnuithe sin.

Coinneofar chomh híseal agus is féidir an tionchar a bheidh ag na maoluithe a dheonaítear faoin Airteagal ar inchomparáideacht shonraí na mBallstát nó ar ríomh na gcomhiomlán Eorpach tráthúil agus ionadaíoch a cheanglaítear. Cuirfidh an Coimisiún an t-ualach atá ar fhreagróirí agus ar na Ballstáit san áireamh agus an maolú á dheonú aige.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(8) agus (9) agus in Airteagal 6(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 27 Nollaig 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(8) agus (9) agus Airteagal 6(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(8) agus (9) agus Airteagal 6(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Tuairisciú

Faoin 31 Nollaig 2029 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 617/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, scriostar míreanna 3, 4 agus 5;

(2)

scriostar Airteagal 11;

(3)

scriostar Iarscríbhinní III agus IV.

Airteagal 21

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 agus Treoir 96/16/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2025 gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin a bhaineann le tarchur sonraí agus meiteashonraí, lena n-áirítear tuarascálacha cáilíochta, maidir le tréimhsí tagartha a thagann, go hiomlán nó go páirteach, roimh an dáta sin.

2.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2022.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n-aisghairtear Treoracha 93/23/CEE, 93/24/CEE agus 93/25/CEE ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le staidreamh i ndáil le barra agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 837/90 agus (CEE) Uimh. 959/93 ón gComhairle (IO L 167, 29.6.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidicídí (IO L 324, 10.12.2009, lch. 1).

(7)  Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996 maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus ar tháirgí bainne (IO L 78, 28.3.1996, lch. 27).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis (IO L 168, 28.6.2008, lch. 5).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1).

(10)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ((IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(27)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(30)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

RÉIMSÍ, TOPAICÍ AGUS TOPAICÍ MIONSONRAITHE, AGUS MINICÍOCHTAÍ TARCHUIR, TRÉIMHSÍ TAGARTHA AGUS GNÉITHE DE RÉIR NA TOPAICE MIONSONRAITHE

(a)   Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Beostoc agus feoil

Pobail beostoic

Cumhdófar leis na sonraí líon na n-ainmhithe atá i seilbh gabháltas talmhaíochta ar chríoch Bhallstáit ar an dáta tagartha nó ar an meán le linn na tréimhse tagartha.

Dhá uair in aghaidh na bliana

Dáta sa tréimhse Bealtaine/Meitheamh

 

 

Dáta sa tréimhse Samhain/Nollaig

Infheidhme

Infheidhme

Bliantúil

Dáta sa tréimhse Samhain/Nollaig

Infheidhme

Infheidhme

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

 

 

Táirgeadh feola

Cumhdófar leis na sonraí meáchain na gconablach agus líon na n-ainmhithe a mharaítear i gcríoch Bhallstáit le linn na tréimhse tagartha, bídís i seamlais nó ná bídís, agus atá oiriúnach lena dtomhailt ag an duine.

Míosúil

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Seachadadh ainmhithe

Cumhdófar leis na sonraí an réamhaisnéis maidir leis an olltáirgeadh dúchasach (OTD), rud a chiallaíonn líon na n-ainmhithe a mheastar a sheachadfar le creat gabháltas talmhaíochta Ballstáit, bíodh sé ar an gcoigríoch nó chuig na seamlais sa Bhallstát.

Dhá uair in aghaidh na bliana

Ceithre ráithe

 

 

Dhá uair in aghaidh na bliana

Trí leathbhliain

 

 

Bliantúil

Dhá leathbhliain

 

 

Uibheacha agus sicíní

Uibheacha lena dtomhailt

Cumhdófar leis na sonraí líon na n-uibheacha lena dtomhailt a bhailítear ar ghabháltais talmhaíochta i mBallstát le linn na tréimhse tagartha. Féadfar na huibheacha sin a sheachadadh chuig ionaid phacála, iad a dhíol go díreach le tomhaltóirí nó leis an tionscal agraibhia, iad a thomhailt ar an ngabháltas talmhaíochta nó iad a chailleadh tar éis dóibh an gabháltas talmhaíochta a fhágáil.

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

Infheidhme

 

Uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis

Cumhdófar leis na sonraí líon na n-uibheacha a chuirtear ar gor agus líon na sicíní a tháirgtear i ngorlanna Ballstáit a bhfuil acmhainneacht níos mó ná 1 000 ubh acu agus le linn na tréimhse tagartha, chomh maith le líon na sicíní a allmhairítear chuig an mBallstát sin nó a onnmhairíonn an Ballstát sin.

Míosúil

 

 

Struchtúr na ngorlanna

Cumhdófar leis na sonraí struchtúr na ngorlann, a thuairiscítear de réir líon na ngorlann i mBallstát agus a n-acmhainneachta arna miondealú de réir aicmí acmhainneachta le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Bainne agus táirgí bainne

Bainne a tháirgtear agus a úsáidtear ar na gabháltais talmhaíochta

Cumhdófar leis na sonraí cainníocht an bhainne ó bha, ó chaoirigh, ó ghabhair agus ó bhuabhaill a tháirgtear ar ghabháltais talmhaíochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha, agus na cainníochtaí táirgí déiríochta a úsáideann gabháltais talmhaíochta Ballstáit go díreach (nach seachadtar chuig fiontar déiríochta sa Bhallstát).

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Infhaighteachtaí bainne le haghaidh earnáil na déiríochta

Cumhdófar leis na sonraí cainníocht an bhainne a bhailíonn fiontair dhéiríochta Ballstáit i rith na tréimhse tagartha ó ghabháltais talmhaíochta, bídís lonnaithe sa Bhallstát sin nó ná bídís. Cumhdófar leo freisin cainníocht an bhainne agus na n-ábhar déiríochta atá ar fáil d’earnáil na déiríochta, amhail cainníochtaí an bhainne a bhailítear, na n-ábhar bainne agus déiríochta allmhairithe, agus na dtáirgí déiríochta eile a bhailítear ó ghabháltais talmhaíochta ag fiontair dhéiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Na húsáidí a bhaintear as bainne agus ábhair dhéiríochta in earnáil na déiríochta agus na táirgí a thagann as sin

Cumhdófar leis na sonraí na cainníochtaí de bhainne iomlán agus de bhainne bearrtha arna n-úsáid ag fiontair dhéiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha chun na táirgí déiríochta éagsúla a phróiseáil nó, i gcás ábhair dhéiríochta, cainníochtaí coibhéiseacha bainne iomláin agus bhearrtha. Féadfar na cainníochtaí sin a thomhas nó a mheas go díreach bunaithe ar chion saille bainne agus próitéine bainne na dtáirgí déiríochta (aschur) nó ar chion saille bainne agus próitéine bainne na n-ábhar déiríochta (ionchur).

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Na húsáidí míosúla a bhaintear as bainne bó in earnáil na déiríochta

Cumhdófar leis na sonraí na cainníochtaí táirgí déiríochta (nó coibhéis ime, i gcás im iomlán agus táirgí déiríochta “saille buí” eile) a phróiseáiltear ó bhainne bó arna dtáirgeadh ag na fiontair dhéiríochta i mBallstát le linn na tréimhse tagartha, gan ábhair dhéiríochta a áireamh.

Míosúil

 

 

Struchtúr na bhfiontar déiríochta

Cumhdófar leis na sonraí líon na bhfiontar déiríochta i mBallstát a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig den bhliain tagartha, arna aicmiú de réir thoirteanna na dtáirgí ábhartha a bhailítear, a chóireáiltear nó a tháirgtear.

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

 

 

(b)   Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Limistéar barr agus táirgeadh barr

Barra curaíochta agus féarthailte buana

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr curaíochta talmhaíochta agus na bhféarthailte buana, a fhástar lena mbuaint go príomha sa tréimhse tagartha, ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit.

Fobhliantúil

Bliain

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Gairneoireacht seachas barra buana

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr gairneoireachta a fhástar lena mbuaint sa tréimhse thagartha ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit.

Fobhliantúil

Bliain

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Barra buana

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr buan talmhaíochta a fhástar lena mbuaint go príomha sa tréimhse thagartha ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit.

Fobhliantúil

Bliain

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Comharduithe barr

Comharduithe gránbharr

Cumhdófar leis na sonraí soláthairtí, úsáidí agus stoic na bpríomh-ghránbharra agus na dtáirgí céad leibhéil a bheidh mar thoradh orthu sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Comharduithe olashíolta

Cumhdófar leis na sonraí soláthairtí, úsáidí agus stoic na bpríomh-olashíolta sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Féarthailte

Bainistiú féarthailte

Cumhdófar leis na sonraí na limistéir féarthailte buana agus sealadacha arna n-aicmiú de réir aoise, cumhdaigh agus bainistíochta sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

 

 

(c)   Staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Innéacsanna praghsanna talmhaíochta

Réamhinnéacsanna agus innéacsanna atá bainte amach

Soláthrófar leis na sonraí innéacsanna praghsanna talmhaíochta lena léirítear na hathruithe i ndearbhphraghsanna na dtáirgí talmhaíochta agus ionchuir talmhaíochta sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha, i gcomparáid leis an mbonnbhliain.

Ráithiúil

Ráithe

 

 

Bliantúil

Bliain

 

 

Ualaí agus innéacsanna athbhunaithe

Na sonraí is gá chun gur féidir réamhinnéacsanna agus innéacsanna atá bainte amach a athbhunú.

Gach 5 bliana

Ráithe

 

 

Bliain

 

 

 

 

 

 

 

Praghsanna iomlána ionchuir

Leasacháin

Cumhdófar leis an tacar sonraí na meánphraghsanna ceannaigh le haghaidh na dtáirgí leasacháin agus na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.

Bliantúil

Bliain

 

 

Gach 5 bliana (1)

Bliain

 

 

Beatha ainmhithe

Cumhdófar leis an tacar sonraí na praghsanna ceannaigh le haghaidh ábhair bheatha agus na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.

Bliantúil

Bliain

 

 

Gach 5 bliana (1)

Bliain

 

 

Fuinneamh

Cumhdófar leis an tacar sonraí na praghsanna ceannaigh le haghaidh na dtáirgí fuinnimh a úsáidtear sa talmhaíocht agus na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.

Bliantúil

Bliain

 

 

Gach 5 bliana (1)

Bliain

 

 

Praghsanna agus cíosanna talún talmhaíochta

Praghsanna talún talmhaíochta

Cumhdófar leis an tacar sonraí an meánphraghas díola le haghaidh talamh talmhaíochta de réir mar a léirítear in idirbhearta sa Bhallstát é le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Cíosanna talún talmhaíochta

Cumhdófar leis an tacar sonraí an meánphraghas cíosa le haghaidh talamh talmhaíochta sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

(d)   Staidreamh ar chothaithigh

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Cothaithigh i leasacháin le haghaidh na talmhaíochta

Leasacháin neamhorgánacha le haghaidh talmhaíochta

Cumhdófar leis na sonraí cainníochtaí na gcothaitheach sna leasacháin neamhorgánacha a úsáidtear sa talmhaíocht le linn na tréimhse tagartha i mBallstát.

Bliantúil

Bliain

 

 

Leasacháin orgánacha le haghaidh talmhaíochta

Cumhdófar leis na sonraí na leasacháin orgánacha (gan aoileach ainmhithe a áireamh) a úsáidtear sa talmhaíocht le linn na tréimhse tagartha i mBallstát agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach faoi seach.

Gach 3 bliana

Bliain

 

 

Comharduithe na gcothaitheach

Comhéifeachtaí an chion cothaitheach le haghaidh barr agus foráiste

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an chion cothaitheach lena léirítear meánmhéid na gcothaitheach i dtonna de tháirgí na mbarr arna mbuaint.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Méideanna fuíll barr agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach

Cumhdófar leis na sonraí meánchainníochtaí bliantúla na bhfuíoll barr agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach faoi seach.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an fhosaithe bhitheolaíoch nítrigine

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an fhosaithe bhitheolaíoch nítrigine le haghaidh barra léagúmacha agus meascáin féar léagúmach.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an ionchuir atmaisféaraigh nítrigine

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an ionchuir atmaisféaraigh nítrigine in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta a úsáidtear.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an chion cothaitheach le haghaidh síolta

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an chion cothaitheach sna síolta in aghaidh an heicteáir den limistéar plandaithe.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an eisfheartha cothaitheach le haghaidh beostoic

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an chion cothaitheach arna n-eisfhearadh ag ainmhithe a úsáidtear le haghaidh gníomhaíocht talmhaíochta.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Méideanna aistarraingthe aoiligh agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach le haghaidh beostoic

Cumhdófar leis na sonraí na meán-aistarraingtí aoiligh bliantúla agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach faoi seach.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

(e)   Staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Táirgí cosanta plandaí

Táirgí cosanta plandaí atá curtha ar an margadh

Cumhdófar leis na sonraí na substaintí gníomhacha go léir i ngach táirge cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh i mBallstát le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear na substaintí sin a chuirtear ar an margadh faoi chead trádála comhthreomhaire agus/nó faoi údaruithe éigeandála.

Bliantúil

Bliain

 

 

Úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht

Cumhdófar leis na sonraí na limistéir barr ar ghabháltais talmhaíochta i mBallstát a chóireáiltear le táirgí cosanta plandaí agus cainníochtaí na substaintí gníomhacha go léir a úsáidtear le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear faoi údarú éigeandála.

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 


(1)  Tagraíonn sé seo do mhinicíocht tarchuir na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.


TREORACHA

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/30


TREOIR (AE) 2022/2380 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceann de chuspóirí Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) is ea dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. De bhun Airteagal 3(3), pointe (a), den Treoir sin, ceann de na ceanglais riachtanacha nach mór do threalamh raidió a chomhlíonadh is ea go n-idiroibríonn sé le gabhálais, go háirithe le luchtairí uilíocha. I ndáil leis sin, léirítear le Treoir 2014/53/AE go ndéanann idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus gabhálais amhail luchtairí úsáid trealaimh raidió a shimpliú agus dramhaíl neamhriachtanach agus costais neamhriachtanacha a laghdú agus gur gá luchtaire uilíoch a fhorbairt le haghaidh catagóirí nó aicmí áirithe trealaimh raidió, go háirithe ar mhaithe le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile.

(2)

Ó 2009 i leith, tá iarrachtaí á ndéanamh ar leibhéal an Aontais chun ilroinnt mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus ítimí trealaimh raidió den tsamhail chéanna a theorannú. Cé gur méadaíodh leibhéal cóineasaithe na ngléasanna luchtúcháin, arb ionann iad agus cuid an tsoláthair cumhachta sheachtraigh de luchtairí, agus gur laghdaíodh líon na réiteach luchtúcháin éagsúil atá ar fáil ar an margadh, mar gheall ar thionscnaimh dheonacha a rinneadh le déanaí, leis na tionscnaimh sin, ní chomhlíontar go hiomlán cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú, dramhaíl leictreonach (r-dhramhaíl) a laghdú, agus ilroinnt mhargadh na ngléasanna luchtúcháin a sheachaint.

(3)

Tá an tAontas tiomanta d’úsáid éifeachtúil acmhainní a neartú trí bhogadh i dtreo geilleagar glan ciorclach trí thionscnaimh amhail Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a thabhairt isteach agus, le déanaí, tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a leag an Coimisiún amach sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019, a thabhairt isteach. Is é is aidhm don Treoir seo laghdú a dhéanamh ar an r-dhramhaíl a ghintear trí threalamh raidió a dhíol, agus laghdú a dhéanamh ar eastóscadh amhábhar agus ar astaíochtaí CO2 a ghintear le táirgeadh, iompar agus diúscairt luchtairí, agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn ar an gcaoi sin.

(4)

Le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach, a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 11 Márta 2020, rinneadh foráil maidir le tionscnaimh ar feadh shaolré iomlán na dtáirgí, lena ndírítear ar dhearadh na dtáirgí sin, lena gcuirtear próisis an gheilleagair chiorclaigh chun cinn, lena gcothaítear an tomhaltas inbhuanaithe, agus arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a úsáidtear a choinneáil i ngeilleagar an Aontais chomh fada agus is féidir.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú tionchair, inar léiríodh nach bhfuil lántairbhe á baint as an margadh inmheánach, mar is é easpa áisiúlachta do thomhaltóirí agus méadú ar an r-dhramhaíl an toradh atá ar ilroinnt leanúnach mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus trealamh raidió eile den tsamhail chéanna.

(6)

Cuirtear bac ar idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus gabhálais, amhail luchtairí, ós rud é go bhfuil comhéadain dhifriúla luchtúcháin ann do chatagóirí áirithe nó d’aicmí áirithe de threalamh raidió a úsáideann luchtú sreinge, amhail gutháin phóca iniompartha, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin nó ceannfhearais, consóil físchluichí láimhe, callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, lucha, córais loingseoireachta iniompartha, cluasáin bhachlóige agus ríomhairí glúine. Ina theannta sin, tá roinnt cineálacha prótacal cumarsáide mearluchtúcháin ann nach ndéantar íosleibhéal feidhmíochta a ráthú ina leith i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun leibhéal comhchoiteann idir-inoibritheachta a chur chun cinn, sin agus soláthar faisnéise a bhaineann le saintréithe luchtaithe trealaimh raidió do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Dá bhrí sin, is gá ceanglais oiriúnacha a thabhairt isteach i dTreoir 2014/53/AE maidir leis na prótacail chumarsáide luchtúcháin, na comhéadain luchtúcháin, i.e. gabhdán luchtúcháin, de chatagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió, chomh maith leis an bhfaisnéis atá le soláthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile maidir le saintréithe luchtúcháin na gcatagóirí sin nó na n-aicmí sin de threalamh raidió, amhail faisnéis faoin gcumhacht íosta agus uasta is gá chun an trealamh raidió a luchtú. Ba cheart a léiriú, leis an gcumhacht íosta, suim na cumhachta a theastaíonn ón trealamh raidió chun a oibriú a chothabháil agus an chumhacht íosta a theastaíonn óna cheallra chun tús a chur le luchtú. Ba cheart a léiriú, leis an gcumhacht uasta, suim na cumhachta a theastaíonn ón trealamh raidió chun a oibriú a chothabháil agus an chumhacht is gá chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach.

(7)

Mar gheall ar an easpa comhchuibhithe i leith na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin, d’fhéadadh difríochtaí suntasacha a bheith ann idir forálacha nó cleachtais reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát maidir le hidir-inoibritheacht guthán póca agus catagóirí nó aicmí den tsamhail chéanna de threalamh raidió lena ngléasanna luchtúcháin, agus maidir le soláthar trealaimh raidió gan gléasanna luchtúcháin.

(8)

Mar gheall ar mhéid an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh gutháin phóca in-athluchtaithe agus catagóirí nó aicmí den tsamhail chéanna de threalamh raidió, ar leathadh cineálacha éagsúla de ghléasanna luchtúcháin le haghaidh trealamh raidió den sórt sin, ar an easpa idir-inoibritheachta idir trealamh raidió agus gléasanna luchtúcháin agus ar thrádáil shuntasach trasteorann sna táirgí sin, tá gá le gníomhaíocht reachtach níos láidre ar leibhéal an Aontais seachas gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta nó beartais dheonacha, chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, agus an áisiúlacht do thomhaltóirí á háirithiú agus dramhaíl chomhshaoil á laghdú ag an am céanna.

(9)

Na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin le haghaidh catagóirí sonracha nó aicmí sonracha de threalamh raidió a athluchtaítear trí bhíthin luchtú sreinge, is gá, dá bhrí sin, iad a chomhchuibhiú. Is gá freisin an bonn a sholáthar ionas gur féidir oiriúnú d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch amach anseo nó d’fhorbairtí sa mhargadh amach anseo, rudaí a ndéanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach orthu. Go háirithe, ba cheart tabhairt isteach chomhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin a bhreithniú amach anseo freisin i ndáil le trealamh raidió a d’fhéadfaí a luchtú ar aon mhodh seachas ar luchtú sreinge, lena n-áirítear luchtú trí bhíthin radathonnta (luchtú gan sreang). Thairis sin, ba cheart cuimsiú catagóirí nó aicmí breise trealaimh raidió a athluchtaítear trí bhíthin luchtú sreinge a bhreithniú go córasach i gcomhthéacs oiriúnú na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe amach anseo, ar choinníoll gurb indéanta go teicniúil comhtháthú na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe do na catagóirí nó na haicmí breise sin de threalamh raidió. Le comhchuibhiú, ba cheart na cuspóirí a shaothrú maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú, dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus ilroinnt an mhargaidh a sheachaint idir comhéadain luchtúcháin éagsúla, prótacail chumarsáide luchtúcháin éagsúla, agus idir tionscnaimh ar bith ar an leibhéal náisiúnta, rudaí a d’fhéadfadh bacainní a chur ar thrádáil sa mhargadh inmheánach. Leis an oiriúnú a dhéanfar amach anseo ar chomhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin, ba cheart leanúint de na cuspóirí sin a shaothrú trína áirithiú go n-ionchorprófar leis na réitigh theicniúla is iomchuí le haghaidh comhéadain luchtúcháin agus prótacail chumarsáide luchtúcháin d’aon mhodh luchtúcháin. Ba cheart a léiriú, leis na réitigh luchtúcháin chomhchuibhithe an teaglaim is iomchuí idir glacadh an mhargaidh a bhaint amach mar aon leis na cuspóirí a bhaint amach maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú, an dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus ilroinnt an mhargaidh a sheachaint. Ba cheart caighdeáin theicniúla ábhartha lena gcomhlíontar na cuspóirí sin agus a forbraíodh ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a úsáid go príomha chun réitigh luchtúcháin den sórt sin a roghnú. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil gá le sonraíocht theicniúil atá ann cheana a thabhairt isteach, a chur leis nó a mhodhnú in éagmais caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta atá ar fáil go poiblí lena gcomhlíontar na cuspóirí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí teicniúla eile a leagan amach, ar choinníoll gur forbraíodh na sonraíochtaí teicniúla sin i gcomhréir le critéir na hoscailteachta, na comhthola agus na trédhearcachta, agus go gcomhlíontar leo ceanglais na neodrachta agus na cobhsaíochta, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ní mór do na geallsealbhóirí earnála ábhartha uile a bhfuil ionadaíocht acu ar Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Trealamh Raidió a bheith rannpháirteach sa phróiseas le linn oiriúnú na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe.

(10)

Bheadh comhchuibhiú den sórt sin neamhiomlán, áfach, mura gcomhcheanglófaí é le ceanglais maidir le díol comhcheangailte trealaimh raidió agus a luchtairí, agus maidir le faisnéis atá le soláthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Le hilroinnt na gcineálacha cur chuige i measc na mBallstát maidir le margú na gcatagóirí nó na n-aicmí lena mbaineann de threalamh raidió agus a ngléasanna luchtúcháin, chuirfí bac ar thrádáil trasteorann na dtáirgí sin, mar shampla trína chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha a dtáirgí a athphacáistiú ag brath ar an mBallstát ina mbeadh na táirgí le soláthar. Is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh tuilleadh mí-áisiúlachta ann do thomhaltóirí agus go nginfí r-dhramhaíl neamhriachtanach, rud a dhéanfadh na sochair a eascraíonn as comhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin a fhrithchúiteamh. Dá bhrí sin, is gá ceanglais a fhorchur chun a áirithiú nach mbeidh sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile gléas luchtúcháin nua a cheannach gach uair a cheannaíonn siad guthán póca nua nó ítim de trealaimh raidió den tsamhail chéanna. Le díchuachadh gléasanna luchtúcháin ó dhíol trealaimh raidió, sholáthrófaí do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile roghanna inbhuanaithe, tarraingteacha, áisiúla a bheadh ar fáil. Agus leas á bhaint as an taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm na gceanglas, ar threochtaí an mhargaidh atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí teicneolaíocha, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an gceanglas a leathnú i ndáil le gléasanna luchtúcháin a sholáthar in éineacht leis an trealamh raidió chuig cáblaí agus/nó díchuachadh éigeantach a thabhairt isteach chun a áirithiú go saothrófar ar an mbealach is éifeachtaí na cuspóirí maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú agus an dramhaíl chomhshaoil a laghdú. Chun éifeachtacht ceanglas den sórt sin a áirithiú, ba cheart do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí eile an fhaisnéis is gá maidir leis na saintréithe luchtaithe a fháil agus iad ag ceannach guthán póca nó ítim de threalamh raidió den tsamhail chéanna. Le picteagram tiomnaithe, chuirfí ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió sula gceannaítear é. Ba cheart an picteagram a bheith ar taispeáint i gcás gach cineáil soláthair, lena n-áirítear trí bhíthin ciandíola.

(11)

Tá sé indéanta go teicniúil a shainiú gurb é USB Type-C an gabhdán luchtúcháin uilíoch le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí ábhartha de threalamh raidió, go háirithe toisc go bhfuil siad in ann cheana an gabhdán sin a chomhtháthú. Glacadh an teicneolaíocht USB Type-C, teicneolaíocht atá in úsáid ar fud an domhain, ar leibhéal an chaighdeánaithe idirnáisiúnta agus rinne Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) í a thrasuí sa chóras Eorpach faoi Chaighdeán Eorpach EN IEC 62680-1-3:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta - Cuid 1-3: Comhpháirteanna coitianta – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®”.

(12)

Teicneolaíocht atá i gcoiteann cheana féin ag go leor catagóirí nó aicmí de threalamh raidió is ea USB Type-C toisc go soláthraítear leis luchtú ardchaighdeáin agus aistriú ardchaighdeáin sonraí. An gabhdán luchtúcháin USB Type-C, nuair a chomhcheanglaítear é leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin maidir le USB Power Delivery, tá sé in ann suas le 100 Vata de chumhacht a sholáthar, rud a fhágann, dá bhrí sin, go bhfuil neart solúbthachta ann fós chun réitigh mearluchtaithe a fhorbairt a thuilleadh, agus a fhágann ag an am céanna gur féidir cúram a dhéanamh sa mhargadh de ghléasanna íseal-leibhéil nach bhfuil gá acu leis an mearluchtú. Gutháin phóca agus trealamh raidió den tsamhail chéanna a bhfuil mearluchtú ar fáil dóibh, is féidir leo gnéithe USB Power Delivery a ionchorprú, gnéithe mar a thuairiscítear i gCaighdeán Eorpach EN IEC 62680-1-2:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coitianta - Sonraíocht maidir le USB Power Delivery”. Tá sonraíochtaí USB faoi réir forbairt leanúnach. Maidir leis sin, d’fhorbair Fóram Lucht Cur Chun Feidhme USB leagan cothrom le dáta den tsonraíocht USB Power Delivery, lena gcumasaítear cumhachtaí suas le 240 Vata a chur ar fáil. Rinneadh oiriúnuithe freisin ar shonraíocht USB Type-C, lena leathnófar na ceanglais maidir le nascóirí agus cáblaí a bheith ag freastal ar chumhachtaí suas le 240 Vata. Leis sin, beifear in ann trealamh raidió ar a mbíonn leibhéil chumhachta den sórt sin de dhíth a bhreithniú lena chur go hionchasach ar an liosta de threalamh raidió a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(13)

Maidir le luchtú trí mhodhanna eile seachas luchtú sreinge, d’fhéadfaí réitigh éagsúla a fhorbairt amach anseo, réitigh a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an idir-inoibritheacht, ar an áisiúlacht do thomhaltóirí agus ar an gcomhshaol. Cé go bhfuil sé róluath ceanglais shonracha a fhorchur ar réitigh den sórt sin ag an gcéim seo, ba cheart don Choimisiún gníomhú chun réitigh den sórt sin a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú chun go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh amach anseo.

(14)

Ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú chun forálacha maidir le comhéadain luchtúcháin agus prótacail chumarsáide luchtúcháin a chur san áireamh. Ba cheart na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió a chumhdaítear go sonrach leis na forálacha nua a mhionsonrú a thuilleadh in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir sin. Laistigh de na catagóirí nó na haicmí sin de threalamh raidió, ní bhaineann sé ach le trealamh raidió le ceallra inbhainte nó leabaithe in-athluchtaithe. A mhéid a bhaineann le ceamaraí digiteacha, is é an trealamh raidió lena mbaineann aon cheamara digiteach grianghraf agus físcheamara digiteach, lena n-áirítear ceamaraí gníomhaíochta. Maidir le ceamaraí digiteacha a dheartar go heisiach d’earnáil an chlosamhairc nó don earnáil slándála agus faireachais, níor cheart ceangal a bheith orthu an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a chomhtháthú. A mhéid a bhaineann le cluasáin bhachlóige, déantar an trealamh raidió lena mbaineann a mheas in éineacht lena chás luchtúcháin tiomnaithe nó lena bhosca luchtúcháin tiomnaithe, ós rud é gurb annamh go ndéantar cluasáin bhachlóige a dhealú óna gcás luchtúcháin ná óna mbosca luchtúcháin nó ós rud é nach ndéantar iad a dhealú riamh uathu mar gheall ar a méid sonrach agus a gcruth sonrach. Ní mheastar gur cuid den ghléas luchtúcháin é an cás luchtúcháin nó an bosca luchtúcháin le haghaidh an chineáil shonraigh trealaimh raidió sin. A mhéid a bhaineann le ríomhairí glúine, is é an trealamh raidió lena mbaineann aon ríomhaire iniompartha, lena n-áirítear ríomhairí glúine, ríomhairí ultrai-iniompartha, ríomhairí hibrideacha nó ríomhairí in-chomhshóite agus mionríomhairí glúine.

(15)

Ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú freisin chun ceanglais a thabhairt isteach maidir le soláthar catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió gan gléasanna luchtúcháin. Ba cheart na catagóirí nó aicmí lena mbaineann de threalamh raidió, chomh maith leis na sonraíochtaí a bhaineann le réitigh luchtúcháin, a shonrú in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir sin.

(16)

Le Treoir 2014/53/AE, déantar foráil maidir le faisnéis a áireamh sna treoracha úsáide a ghabhann le trealamh raidió agus, dá bhrí sin, ba cheart ceanglais bhreise faisnéise a chur isteach san airteagal ábhartha den Treoir sin. Ba cheart inneachar na gceanglas nua a shonrú in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir sin. Ba cheart faisnéis áirithe a sholáthar i bhfoirm amhairc do gach cineál soláthair, lena n-áirítear trí bhíthin ciandíola. Le lipéad tiomnaithe lena léirítear na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha, chuirfí ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a chinneadh cén gléas luchtúcháin is iomchuí a bheadh ag teastáil chun a dtrealamh raidió a luchtú. Chun foinse tagartha úsáidí a sholáthar le linn shaolré an trealaimh raidió, ba cheart an fhaisnéis faoi na sonraíochtaí a bhaineann leis na cumais luchtúcháin agus na gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha a áireamh freisin sna treoracha agus san fhaisnéis sábháilteachta a ghabhann leis an trealamh raidió. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann na ceanglais faisnéise sin a oiriúnú amach anseo chun aon athrú ar na ceanglais lipéadaithe a léiriú, go háirithe do ghléasanna luchtúcháin, arb athruithe iad a d’fhéadfaí a thabhairt isteach faoi Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Leis na ceanglais faisnéise sin, ba cheart, go háirithe, forbairt na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a léiriú agus ba cheart na ceanglais sin a oiriúnú dá réir. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí smaoineamh freisin ar chóras cód dathanna a áireamh.

(17)

Agus é á chur san áireamh go bhféadfadh allmhaireoirí agus dáileoirí trealamh raidió a sholáthar go díreach do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile freisin, ba cheart iad a bheith faoi réir oibleagáidí arb ionann iad agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir le monaróirí i ndáil leis an bhfaisnéis atá le soláthar nó le taispeáint. Ba cheart a cheangal ar gach oibreoir eacnamaíoch an oibleagáid a chomhlíonadh i ndáil leis an bpicteagram lena léirítear cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió agus trealamh raidió á chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Dá bhrí sin, d’féadfadh allmhaireoirí agus dáileoirí cuachta a thairiscint, lena n-áireofaí an trealamh raidió agus a ghléas luchtúcháin, fiú nuair a sholáthraíonn an monaróir trealamh raidió den sórt sin gan gléas luchtúcháin, ar choinníoll go dtabharfadh na hallmhaireoirí agus na dáileoirí an deis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile freisin an trealamh raidió a fháil gan aon ghléas luchtúcháin.

(18)

Le Treoir 2014/53/AE, leagtar amach na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Ba cheart í a leasú chun tagairtí do cheanglais riachtanacha nua a chur isteach. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha a bheith ag monaróirí nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe a úsáid chun a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha nua.

(19)

Chun a áirithiú go mbeidh na modhanna nós imeachta ag na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh chun comhlíonadh na gceanglas nua maidir leis na comhéadain luchtúcháin chomhchuibhithe agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin a fhorfheidhmiú, chomh maith leis na ceanglais sin maidir le trealamh raidió a sholáthar faoi réir comhchuibhiú den sórt sin, ba cheart Treoir 2014/53/AE a oiriúnú dá réir. Go háirithe, ba cheart tagairt shainráite a áireamh d’easpa chomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach, lena n-áirítear freisin na forálacha nua maidir le sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus le gléasanna luchtúcháin chomhoiriúnacha. Ós rud é go mbaineann na forálacha nua sin le gnéithe idir-inoibritheachta, is é an cuspóir a bheadh ann léirmhínithe éagsúla a sheachaint i dtaobh an bhféadfaí an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE a thionscnamh freisin i leith trealamh raidió nach baol é do shláinte ná do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí.

(20)

Le Treoir 2014/53/AE, leagtar amach cásanna de neamhchomhlíonadh foirmiúil. Ós rud é go dtugtar isteach leis an Treoir seo ceanglais nua is infheidhme maidir le catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió, ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú ionas go mbeidh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh in ann comhlíonadh na gceanglas nua a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(21)

Ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú freisin chun na tagairtí atá inti a oiriúnú do na ceanglais nua a thugtar isteach leis an Treoir seo.

(22)

Is gá an idir-inoibritheacht uilíoch íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus na gléasanna luchtúcháin do threalamh raidió den sórt sin, agus aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí sa mhargadh a bheidh ann amach anseo, amhail teacht chun cinn catagóirí nua nó aicmí nua de threalamh raidió ar ina leith a tharlaíonn méid suntasach ilroinnte maidir leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin, agus ar aon fhorbairtí sa teicneolaíocht luchtúcháin. Is gá freisin leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, amhail le haghaidh gléasanna luchtúcháin nó cáblaí luchtúcháin, nó aon dul chun cinn teicneolaíoch eile a léiriú. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar chatagóirí nó aicmí de threalamh raidió agus na sonraíochtaí a bhaineann leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin do gach aon cheann acu agus i dtaca le leasú a dhéanamh ar na ceanglais faisnéise maidir leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(23)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/53/AE a leasú dá réir.

(24)

Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun dul ar aghaidh leis na hoiriúnuithe riachtanacha a dhéanamh ar an trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, trealamh a bhfuil sé beartaithe acu é a chur ar mhargadh an Aontais,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2014/53/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (a):

“(a)

idir-oibríonn trealamh raidió le gabhálais seachas na gléasanna luchtúcháin le haghaidh catagóirí nó aicmí de threalamh raidió, a shonraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, dá dtagraítear go sonrach i mír 4 den Airteagal seo;”

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas léi:

“4.   Trealamh raidió a thagann faoi na catagóirí nó na haicmí a shonraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia, déanfar é sa tslí go gcomhlíonfaidh sé na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin le haghaidh na catagóire ábhartha nó na haicme ábhartha de threalamh raidió.

Maidir le trealamh raidió is féidir a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Cuid I d’Iarscríbhinn Ia a leasú i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch nó forbairtí sa mhargadh chun idir-inoibritheacht uilíoch íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus a ghléasanna luchtúcháin agus chun an áisiúlacht do thomhaltóirí a fheabhsú, chun dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint, tríd an méid seo a leanas:

(a)

catagóirí nó aicmí de threalamh raidió a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint;

(b)

sonraíochtaí teicniúla a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint, lena n-áirítear tagairtí agus tuairiscí, i ndáil leis an ngabhdán luchtúcháin nó na gabhdáin luchtúcháin agus leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin nó na prótacail chumarsáide luchtúcháin, le haghaidh gach catagóire nó aicme lena mbaineann de threalamh raidió.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú leanúnach ar fhorbairtí sa mhargadh, ar ilroinnt an mhargaidh agus ar an dul chun cinn teicneolaíoch d’fhonn catagóirí nó aicmí de threalamh raidió a shainaithint ar féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge a bhfágfadh a áireamh i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia go méadófaí an áisiúlacht do thomhaltóirí go suntasach agus go laghdófaí dramhaíl chomhshaoil go suntasach.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an measúnú dá dtagraítear sa tríú fomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, den chéad uair faoin 28 Nollaig 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe de bhun an dara fomhír, pointe (a), dá réir.

Maidir le trealamh raidió is féidir a athluchtú trí mhodhanna eile seachas luchtú sreinge, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Cuid I d’Iarscríbhinn Ia a leasú i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch nó forbairtí sa mhargadh chun idir-inoibritheacht uilíoch íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus a ghléasanna luchtúcháin agus chun an áisiúlacht do thomhaltóirí a fheabhsú, chun dramhaíl chomhshaoil a sheachaint agus chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint, tríd an méid seo a leanas:

(a)

catagóirí nó aicmí de threalamh raidió a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint;

(b)

sonraíochtaí teicniúla a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint, lena n-áirítear tagairtí agus tuairiscí, i ndáil le comhéadan luchtúcháin nó comhéadain luchtúcháin agus prótacal cumarsáide luchtúcháin nó prótacail chumarsáide luchtúcháin, le haghaidh gach catagóire nó aicme lena mbaineann de threalamh raidió.

Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, agus faoin 28 Nollaig 2024, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcomhéadan luchtúcháin nó na comhéadain luchtúcháin agus maidir leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin nó na prótacail chumarsáide luchtúcháin do threalamh raidió is féidir a athluchtú trí mhodhanna eile seachas luchtú sreinge. I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gcoiste a bunaíodh faoi Airteagal 45(1) den Treoir seo. Beidh na ceanglais maidir le hinneachar na gcaighdeán comhchuibhithe arna n-iarraidh bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar staid reatha na dteicneolaíochtaí luchtúcháin gan sreang do threalamh raidió, lena gcumhdaítear, go háirithe, forbairtí sa mhargadh, dul i bhfód ar an margadh, ilroinnt an mhargaidh, feidhmíocht theicneolaíoch, idir-inoibritheacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht luchtúcháin.

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo á n-ullmhú i ndáil le trealamh raidió is féidir a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge, agus maidir le trealamh raidió is féidir a athluchtú trí mhodhanna eile seachas luchtú sreinge, cuirfidh an Coimisiún san áireamh a mhéid a ghlacann an margadh leis na sonraíochtaí teicniúla atá á mbreithniú, an áisiúlacht do thomhaltóirí a bhíonn mar thoradh air sin agus a mhéid a laghdófar dramhaíl chomhshaoil agus ilroinnt an mhargaidh lenar féidir a bheith ag súil mar gheall ar shonraíochtaí teicniúla den sórt sin. Maidir le sonraíochtaí teicniúla atá bunaithe ar chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta ábhartha atá ar fáil, measfar go gcomhlíontar leo na cuspóirí a leagtar amach san abairt roimhe seo. Mar sin féin, i gcás nach ann do chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta den sórt sin, nó i gcásanna ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar a mheasúnú teicniúil, nach gcomhlíontar leo na cuspóirí sin ar bhealach optamach, féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla eile a leagan amach lena gcomhlíontar na cuspóirí sin ar bhealach níos fearr.”

;

(2)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

Deis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió a fháil gan gléas luchtúcháin

1.

I gcás ina dtugann oibreoir eacnamaíoch an deis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile an trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a fháil in éineacht le gléas luchtúcháin, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch an deis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile an trealamh raidió sin a fháil gan aon ghléas luchtúcháin.

2.

Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go mbeidh an fhaisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4) ar taispeáint i bhfoirm ghrafach agus úsáid á baint as picteagram atá soláimhsithe agus inrochtana go héasca mar a leagtar amach i gCuid III d’Iarscríbhinn Ia nuair a chuirtear trealamh raidió den sórt sin ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Déanfar an picteagram a chló ar an bpacáistíocht nó a ghreamú den phacáistíocht mar ghreamán. Nuair a chuirtear an trealamh raidió ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, beidh an picteagram ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Cuid III d’Iarscríbhinn Ia a leasú mar thoradh ar leasuithe ar Chodanna I agus II den Iarscríbhinn sin, nó mar thoradh ar leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, nó i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch, trí aon eilimintí grafacha nó téacsúla a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint.”

;

(3)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an trealamh raidió. Áireofar sna treoracha an fhaisnéis is gá chun trealamh raidió a úsáid i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe dó. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar ghabhálais agus ar chomhpháirteanna, lena náirítear bogearraí, lenar féidir leis an trealamh raidió oibriú mar atá beartaithe. Beidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir sothuigthe inléite.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas freisin sna treoracha i gcás trealamh raidió a astaíonn radathonnta d’aon ghnó:

(a)

banda minicíochta nó bandanna minicíochta ina n-oibríonn an trealamh raidió;

(b)

uaschumhacht radaimhinicíochta a tharchuirtear sa bhanda minicíochta nó sna bandaí minicíochta ina n-oibríonn an trealamh raidió.

I gcás trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4), beidh faisnéis sna treoracha faoi na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió agus na gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha, mar a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn Ia. Chomh maith le bheith san áireamh sna treoracha, nuair a chuireann na monaróirí trealamh raidió den sórt sin ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, déanfar an fhaisnéis a thaispeáint ar lipéad freisin, mar a leagtar amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn Ia. Déanfar an lipéad a priontáil sna treoracha agus ar an bpacáistíocht, nó déanfar é a ghreamú den phacáistíocht mar ghreamán. In éagmais pacáistíochta, déanfar an greamán ar a bhfuil an lipéad a ghreamú den trealamh raidió. Nuair a chuirfear an trealamh raidió ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, beidh an lipéad ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais. I gcás nach féidir a mhalairt a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an trealaimh raidió, féadfar an lipéad a phriontáil mar dhoiciméad ar leithligh a ghabhann leis an trealamh raidió.

Na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo, beidh siad i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Codanna II agus IV d’Iarscríbhinn Ia a leasú, mar thoradh ar leasuithe ar Chuid I den Iarscríbhinn sin, nó mar thoradh ar leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, nó i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, trí aon mhionsonraí maidir leis an bhfaisnéis nó na heilimintí grafacha nó téacsúla, mar a leagtar amach san Airteagal seo, a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur leo nó a bhaint.”

;

(4)

in Airteagal 12(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus an trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4) á chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, áiritheoidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)

taispeántar lipéad ar threalamh raidió den sórt sin, nó tá lipéad ag gabháil leis, i gcomhréir le hAirteagal 10(8), an tríú fomhír;

(b)

tá an lipéad sin ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais.”

;

(5)

in Airteagal 13(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Agus an trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4) á chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, áiritheoidh dáileoirí an méid seo a leanas:

(a)

taispeántar lipéad ar threalamh raidió den sórt sin, nó tá lipéad ag gabháil leis, i gcomhréir le hAirteagal 10(8), an tríú fomhír;

(b)

tá an lipéad sin ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don tásc praghais.”

;

(6)

in Airteagal 17(2), an chuid réamhráiteach, cuirtear na focail “Airteagal 3(1) agus (4)” in ionad na bhfocal “Airteagal 3(1)”;

(7)

leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le trealamh raidió a bhfuil riosca ag baint leis nó nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais riachtanacha”

;

(b)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag údaráis de chuid Ballstáit um fhaireachas margaidh lena chreidiúint go bhfuil riosca ag baint leis an trealamh raidió a chumhdaítear leis an Treoir seo do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile de chosaint leas an phobail a chumhdaítear leis an Treoir seo, nó nach gcomhlíontar leis an trealamh raidió sin ceann amháin, ar a laghad, de na ceanglais riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Airteagal 3, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an trealamh raidió lena mbaineann, measúnú lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos sa Treoir seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis um fhaireachas margaidh, de réir mar is gá, chun na críche sin.”

;

(8)

in Airteagal 43, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas isteach tar éis phointe (f):

“(fa)

níor tarraingíodh suas i gceart an picteagram dá dtagraítear in Airteagal 3a(2) nó an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 10(8);

(fb)

ní ghabhann an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 10(8) leis an trealamh raidió lena mbaineann;

(fc)

níl an picteagram nó an lipéad greamaithe nó ar taispeáint i gcomhréir le hAirteagal 3a(2) nó le hAirteagal 10(8), faoi seach;”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 10(8), dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 10(9) nó an fhaisnéis faoi shrianta úsáide dá dtagraítear in Airteagal 10(10), ní ghabhann siad leis an trealamh raidió;”

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

ní chomhlíontar Airteagal 3a(1) ná Airteagal 5.”

;

(9)

leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an abairt seo a leanas isteach tar éis na chéad abairte:

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(4), Airteagal 3a(2), an dara fomhír, agus Airteagal 10(8), an cúigiú fomhír, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 27 Nollaig 2022”

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an dara fomhír, Airteagal 3(4), Airteagal 3a(2), an dara fomhír, Airteagal 4(2), Airteagal 5(2) agus Airteagal 10(8), an cúigiú fomhír, a chúlghairm tráth aon tráth.”

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

(*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), an dara fomhír, Airteagal 3(4), Airteagal 3a(2), an dara fomhír, Airteagal 4(2), Airteagal 5(2) nó Airteagal 10(8), an cúigiú fomhír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”

;

(10)

in Airteagal 47, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   Faoin 28 Nollaig 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar na féidearthachta trealamh raidió a fháil gan aon ghléas luchtúcháin agus gan cháblaí, go háirithe maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí, an laghdú ar dhramhaíl chomhshaoil, athruithe iompraíochta agus forbairt chleachtais an mhargaidh. Beidh togra reachtach chun an Treoir seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, chun díchuachadh éigeantach díol gléasanna luchtúcháin agus cáblaí ó dhíol trealaimh raidió a thabhairt isteach.”

;

(11)

an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear isteach é mar Iarscríbhinn Ia.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 28 Nollaig 2024 le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i gCuid I, pointí 1.1 go 1.12. d’Iarscríbhinn Ia, agus ón 28 Aibreán 2026 le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i gCuid I, pointe 1.13. d’Iarscríbhinn Ia.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 82.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022.

(3)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).

(4)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(6)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(7)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN Ia

SONRAÍOCHTAÍ AGUS FAISNÉIS A BHAINEANN LE LUCHTÚ IS INFHEIDHME MAIDIR LE CATAGÓIRÍ NÓ AICMÍ ÁIRITHE DE THREALAMH RAIDIÓ

CUID I

SONRAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE CUMAIS LUCHTÚCHÁIN

1.

Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 den Chuid seo maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió seo a leanas:

1.1.

gutháin phóca iniompartha;

1.2.

táibléid;

1.3.

ceamaraí digiteacha;

1.4.

cluasáin;

1.5.

ceannfhearais;

1.6.

consóil físchluichí láimhe;

1.7.

callairí iniompartha;

1.8.

ríomhléitheoirí;

1.9.

méarchláir;

1.10.

lucha;

1.11.

córais loingseoireachta iniompartha;

1.12.

cluasáin bhachlóige;

1.13.

ríomhairí glúine.

2.

A mhéid is féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge, maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió seo a leanas dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo:

2.1.

feisteofar iad le gabhdán USB Type-C, mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coitianta - Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®”, agus beidh an gabhdán sin inrochtana agus oibríochtúil i gcónaí;

2.2.

beifear in ann iad a athluchtú le cáblaí a chomhlíonann caighdeán EN IEC 62680-1-3:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coitianta – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®”.

3.

A mhéid is féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 Volta, sruthanna is airde ná 3 Aimpéar nó cumhachtaí is airde ná 15 Vata, maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo:

3.1.

ionchorprófar iontu USB Power Delivery iontu, mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-2:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coitianta - Sonraíocht maidir le USB Power Delivery”;

3.2.

áiritheofar leo go gceadófar le haon phrótacal luchtaithe breise feidhmiúlacht iomlán USB Power Delivery dá dtagraítear i bpointe 3.1., gan beann ar an ngléas luchtúcháin a úsáidtear.

CUID II

FAISNÉIS FAOI SHONRAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE CUMAIS LUCHTÚCHÁIN AGUS NA GLÉASANNA LUCHTÚCHÁIN COMHOIRIÚNACHA

I gcás trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3(4), an chéad fhomhír, léireofar an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(8), agus féadfar í a chur ar fáil freisin trí bhíthin cóid QR nó réitigh leictreonacha chomhchosúla:

(a)

i gcás gach catagóire nó aicme de threalamh raidió atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach i gCuid I, tuairisc ar riachtanais chumhachta na ngléasanna luchtúcháin sreinge is féidir a úsáid leis an trealamh raidió sin, lena n-áirítear an chumhacht íosta is gá chun an trealamh raidió a luchtú, agus an chumhacht uasta is gá chun an trealamh raidió a luchtú ag an luas uasta luchtúcháin arna shloinneadh i Vatanna tríd an téacs seo a leanas a thaispeáint: “an chumhacht arna soláthar leis an luchtaire, ní mór di a bheith idir [xx] Vata ar a laghad, a theastaíonn ón trealamh raidió, agus [yy] Vata ar a mhéad chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach”. Le líon na Vatanna, léireofar, faoi seach, an chumhacht íosta a theastaíonn ón trealamh raidió, agus an chumhacht uasta a theastaíonn ón trealamh raidió chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach;

(b)

i gcás trealamh raidió atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid I, tuairisc ar na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió, a mhéid is féidir é a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 Volta, ag sruthanna is airde ná 3 Aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 Vata, tuairisc lena n-áirítear léiriú go bhfuil an prótacal luchtúcháin maidir le USB Power Delivery ar fáil don trealamh raidió tríd an téacs “mearluchtú USB PD” a thaispeáint agus léiriú maidir le haon phrótacal luchtúcháin eile atá ar fáil trína ainm a thaispeáint i bhformáid téacs.

CUID III

PICTEAGRAM LENA LÉIRÍTEAR CÉ ACU ATÁ NÓ NACH BHFUIL GLÉAS LUCHTÚCHÁIN SAN ÁIREAMH LEIS AN TREALAMH RAIDIÓ

1.

Beidh an picteagram sna formáidí seo a leanas:

1.1.

Má tá gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió:

Image 1L3152022GA7110120221125GA0006.0001731742WT/L/1129 an 2 Nollaig 2021DEARBHÚ MAIDIR LE TABHAIRT I gCRÍCH NA CAIBIDLÍOCHTA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍTá an dearbhú seo á eisiúint arna iarraidh sin don Albáin; an Airgintín; an Astráil; Bairéin, Ríocht Bhairéin; an Bhrasaíl; Ceanada; an tSile; an tSín; an Cholóim; Cósta Ríce; an tSalvadóir; an tAontas Eorpach; Hong Cong na Síne; an Íoslainn; Iosrael; an tSeapáin; an Chasacstáin; an Chóiré, Poblacht na Cóiré; Lichtinstéin; Oileán Mhuirís; Meicsiceo; an Mholdóiv, Poblacht na Moldóive; Montainéagró; an Nua-Shéalainn; an Nigéir; an Mhacadóin Thuaidh; an Iorua; Paragua; Peiriú; na hOileáin Fhilipíneacha; an Rúis, Cónaidhm na Rúise; an Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí; Singeapór; an Eilvéis; Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu; an Téalainn; an Tuirc; an Úcráin; an Ríocht Aontaithe; na Stáit Aontaithe; Uragua.1.Tá na Comhaltaí seo a leanas den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)An AlbáinAn AirgintínAn AstráilRíocht BhairéinAn BhrasaílCeanadaAn tSileAn tSínAn CholóimCósta RíceAn tSalvadóirAn tAontas EorpachHong Cong, an tSínAn ÍoslainnIosraelAn tSeapáinAn ChasacstáinAn Chóiré, Poblacht na CóiréLichtinstéinOileán MhuirísMeicsiceoAn Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)MontainéagróAn Nua-ShéalainnAn NigéirAn Mhacadóin ThuaidhAn IoruaParaguaPeiriúNa hOileáin FhilipíneachaCónaidhm na RúiseAn Araib Shádach, Ríocht na hAraibe SádaíSingeapórAn EilvéisCríoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus MatsuAn TéalainnAn TuircAn ÚcráinAn Ríocht AontaitheStáit Aontaithe MheiriceáUraguadá ngairtear na Rannpháirtithe anseo feasta,ag leanúint den ghealltanas a fógraíodh an 13 Nollaig 2017 ag an 11ú Seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (WT/MIN(17)/61), agus a athdhearbhaíodh an 23 Bealtaine 2019 (WT/L/1059), agus ag leanúint de thábhacht an dea-chleachtais rialála a aithint maidir le héascú na trádála i seirbhísí,á fhógairt leis seo gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.2.Tugann na Rannpháirtithe dá n-aire tabhairt i gcrích na caibidlíochta faoin bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (INF/SDR/2, an 26 Samhain 2021, Iarscríbhinn 1).3.Is díol sásaimh do na Rannpháirtithe na Sceidil Gealltanas Sonrach (INF/SDR/3/Rev.1, an 2 Nollaig 2021, Iarscríbhinn 2) a cuireadh isteach mar aighneachtaí uathu chun an chaibidlíocht a chríochnú.4.Tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.5.Faoi réir críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear, tá sé d’aidhm ag na Rannpháirtithe a gcuid Sceideal Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú, i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta um Dheimhniú Ceartúcháin nó Feabhsuithe ar Sceidil Gealltanas Sonrach (S/L/84, an 14 Aibreán 2000), laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an Dearbhaithe seo.6.Laistigh de shé mhí ó dháta an Dearbhaithe seo, tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe teacht le chéile chun eolas a thabhairt faoin dul chun cinn atá déanta acu maidir le críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear agus chun measúnú a dhéanamh an féidir a Sceidil Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú níos luaithe ná an tréimhse ama a shonraítear i mír 5.7.Fáiltíonn na Rannpháirtithe roimh aon Chomhalta eile de EDT a aontóidh leis an dearbhú seo d’fhonn na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

1.2.

Mura bhfuil aon ghléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió:

Image 2L3152022GA7110120221125GA0006.0001731742WT/L/1129 an 2 Nollaig 2021DEARBHÚ MAIDIR LE TABHAIRT I gCRÍCH NA CAIBIDLÍOCHTA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍTá an dearbhú seo á eisiúint arna iarraidh sin don Albáin; an Airgintín; an Astráil; Bairéin, Ríocht Bhairéin; an Bhrasaíl; Ceanada; an tSile; an tSín; an Cholóim; Cósta Ríce; an tSalvadóir; an tAontas Eorpach; Hong Cong na Síne; an Íoslainn; Iosrael; an tSeapáin; an Chasacstáin; an Chóiré, Poblacht na Cóiré; Lichtinstéin; Oileán Mhuirís; Meicsiceo; an Mholdóiv, Poblacht na Moldóive; Montainéagró; an Nua-Shéalainn; an Nigéir; an Mhacadóin Thuaidh; an Iorua; Paragua; Peiriú; na hOileáin Fhilipíneacha; an Rúis, Cónaidhm na Rúise; an Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí; Singeapór; an Eilvéis; Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu; an Téalainn; an Tuirc; an Úcráin; an Ríocht Aontaithe; na Stáit Aontaithe; Uragua.1.Tá na Comhaltaí seo a leanas den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)An AlbáinAn AirgintínAn AstráilRíocht BhairéinAn BhrasaílCeanadaAn tSileAn tSínAn CholóimCósta RíceAn tSalvadóirAn tAontas EorpachHong Cong, an tSínAn ÍoslainnIosraelAn tSeapáinAn ChasacstáinAn Chóiré, Poblacht na CóiréLichtinstéinOileán MhuirísMeicsiceoAn Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)MontainéagróAn Nua-ShéalainnAn NigéirAn Mhacadóin ThuaidhAn IoruaParaguaPeiriúNa hOileáin FhilipíneachaCónaidhm na RúiseAn Araib Shádach, Ríocht na hAraibe SádaíSingeapórAn EilvéisCríoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus MatsuAn TéalainnAn TuircAn ÚcráinAn Ríocht AontaitheStáit Aontaithe MheiriceáUraguadá ngairtear na Rannpháirtithe anseo feasta,ag leanúint den ghealltanas a fógraíodh an 13 Nollaig 2017 ag an 11ú Seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (WT/MIN(17)/61), agus a athdhearbhaíodh an 23 Bealtaine 2019 (WT/L/1059), agus ag leanúint de thábhacht an dea-chleachtais rialála a aithint maidir le héascú na trádála i seirbhísí,á fhógairt leis seo gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.2.Tugann na Rannpháirtithe dá n-aire tabhairt i gcrích na caibidlíochta faoin bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (INF/SDR/2, an 26 Samhain 2021, Iarscríbhinn 1).3.Is díol sásaimh do na Rannpháirtithe na Sceidil Gealltanas Sonrach (INF/SDR/3/Rev.1, an 2 Nollaig 2021, Iarscríbhinn 2) a cuireadh isteach mar aighneachtaí uathu chun an chaibidlíocht a chríochnú.4.Tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.5.Faoi réir críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear, tá sé d’aidhm ag na Rannpháirtithe a gcuid Sceideal Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú, i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta um Dheimhniú Ceartúcháin nó Feabhsuithe ar Sceidil Gealltanas Sonrach (S/L/84, an 14 Aibreán 2000), laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an Dearbhaithe seo.6.Laistigh de shé mhí ó dháta an Dearbhaithe seo, tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe teacht le chéile chun eolas a thabhairt faoin dul chun cinn atá déanta acu maidir le críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear agus chun measúnú a dhéanamh an féidir a Sceidil Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú níos luaithe ná an tréimhse ama a shonraítear i mír 5.7.Fáiltíonn na Rannpháirtithe roimh aon Chomhalta eile de EDT a aontóidh leis an dearbhú seo d’fhonn na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

2.

Féadfar cuma éagsúil a bheith ar an bpicteagram (e.g. ó thaobh a dhatha nó a thiúis líne de nó bíodh sé soladach nó cuasach), ar choinníoll go bhfanann sé infheicthe agus inléite. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an picteagram, cloífear leis na comhréireanna a leagtar amach sna líníochtaí i bpointe 1 den Chuid seo. Beidh an toise “a” dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo níos mó ná 7 mm nó cothrom leis, gan beann ar an athrú.

CUID IV

INNEACHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID

1.

Beidh an lipéad san fhormáid seo a leanas:

Image 3L3152022GA7110120221125GA0006.0001731742WT/L/1129 an 2 Nollaig 2021DEARBHÚ MAIDIR LE TABHAIRT I gCRÍCH NA CAIBIDLÍOCHTA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍTá an dearbhú seo á eisiúint arna iarraidh sin don Albáin; an Airgintín; an Astráil; Bairéin, Ríocht Bhairéin; an Bhrasaíl; Ceanada; an tSile; an tSín; an Cholóim; Cósta Ríce; an tSalvadóir; an tAontas Eorpach; Hong Cong na Síne; an Íoslainn; Iosrael; an tSeapáin; an Chasacstáin; an Chóiré, Poblacht na Cóiré; Lichtinstéin; Oileán Mhuirís; Meicsiceo; an Mholdóiv, Poblacht na Moldóive; Montainéagró; an Nua-Shéalainn; an Nigéir; an Mhacadóin Thuaidh; an Iorua; Paragua; Peiriú; na hOileáin Fhilipíneacha; an Rúis, Cónaidhm na Rúise; an Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí; Singeapór; an Eilvéis; Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu; an Téalainn; an Tuirc; an Úcráin; an Ríocht Aontaithe; na Stáit Aontaithe; Uragua.1.Tá na Comhaltaí seo a leanas den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)An AlbáinAn AirgintínAn AstráilRíocht BhairéinAn BhrasaílCeanadaAn tSileAn tSínAn CholóimCósta RíceAn tSalvadóirAn tAontas EorpachHong Cong, an tSínAn ÍoslainnIosraelAn tSeapáinAn ChasacstáinAn Chóiré, Poblacht na CóiréLichtinstéinOileán MhuirísMeicsiceoAn Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)MontainéagróAn Nua-ShéalainnAn NigéirAn Mhacadóin ThuaidhAn IoruaParaguaPeiriúNa hOileáin FhilipíneachaCónaidhm na RúiseAn Araib Shádach, Ríocht na hAraibe SádaíSingeapórAn EilvéisCríoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus MatsuAn TéalainnAn TuircAn ÚcráinAn Ríocht AontaitheStáit Aontaithe MheiriceáUraguadá ngairtear na Rannpháirtithe anseo feasta,ag leanúint den ghealltanas a fógraíodh an 13 Nollaig 2017 ag an 11ú Seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (WT/MIN(17)/61), agus a athdhearbhaíodh an 23 Bealtaine 2019 (WT/L/1059), agus ag leanúint de thábhacht an dea-chleachtais rialála a aithint maidir le héascú na trádála i seirbhísí,á fhógairt leis seo gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.2.Tugann na Rannpháirtithe dá n-aire tabhairt i gcrích na caibidlíochta faoin bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (INF/SDR/2, an 26 Samhain 2021, Iarscríbhinn 1).3.Is díol sásaimh do na Rannpháirtithe na Sceidil Gealltanas Sonrach (INF/SDR/3/Rev.1, an 2 Nollaig 2021, Iarscríbhinn 2) a cuireadh isteach mar aighneachtaí uathu chun an chaibidlíocht a chríochnú.4.Tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.5.Faoi réir críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear, tá sé d’aidhm ag na Rannpháirtithe a gcuid Sceideal Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú, i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta um Dheimhniú Ceartúcháin nó Feabhsuithe ar Sceidil Gealltanas Sonrach (S/L/84, an 14 Aibreán 2000), laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an Dearbhaithe seo.6.Laistigh de shé mhí ó dháta an Dearbhaithe seo, tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe teacht le chéile chun eolas a thabhairt faoin dul chun cinn atá déanta acu maidir le críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear agus chun measúnú a dhéanamh an féidir a Sceidil Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú níos luaithe ná an tréimhse ama a shonraítear i mír 5.7.Fáiltíonn na Rannpháirtithe roimh aon Chomhalta eile de EDT a aontóidh leis an dearbhú seo d’fhonn na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

2.

Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn don chumhacht íosta a theastaíonn ón trealamh raidió chun é a luchtú in ionad na litreacha “XX”, lena gcinntear an chumhacht íosta nach mór do ghléas luchtúcháin a sholáthar chun an trealamh raidió a luchtú. Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn don chumhacht uasta a theastaíonn ón trealamh raidió chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach in ionad na litreacha “YY”, lena gcinntear an chumhacht mach mór do ghléas luchtúcháin a sholáthar ar a laghad chun an luas uasta luchtúcháin sin a bhaint amach. Léireofar an giorrúchán “USB PD” (USB Power Delivery) má tá an prótacal cumarsáide luchtúcháin sin ar fáil don trealamh raidió. Is prótacal é “USB PD” lena rialaítear an seachadadh srutha is tapúla ón ngléas luchtúcháin go dtí an trealamh raidió gan saolré an cheallra a ghiorrú.

3.

Féadfar cuma éagsúil a bheith ar an bpicteagram (e.g. ó thaobh a dhatha nó a thiúis líne de nó bíodh sé soladach nó cuasach), ar choinníoll go bhfanann sé infheicthe agus inléite. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an lipéad, cloífear leis na comhréireanna a leagtar amach sa líníocht i bpointe 1 den Chuid seo. Beidh an toise “a” dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo níos mó ná 7 mm nó cothrom leis, gan beann ar an athrú.

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/44


TREOIR (AE) 2022/2381 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is luach bunaidh de chuid an Aontais é an comhionannas agus is comhluach ag na Ballstáit é i sochaí arb é is sainairí inti an comhionannas idir mná agus fir. Faoi Airteagal 3(3) CAE, tá an tAontas le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn.

(2)

Le hAirteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha.

(3)

D’fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, le hAirteagal 157(4) CFAE, ceadaítear gníomhaíocht dhearfach trí cheadú do na Ballstáit bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh. Foráiltear le hAirteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuil an comhionannas idir mná agus fir le háirithiú i ngach réimse agus nach féidir le prionsabal an chomhionannais cosc a chur ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

(4)

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach in 2017, cuimsítear i measc phrionsabail an cholúin sin nach mór deimhin a dhéanamh de go gcaitear go comhionann le mná agus le fir agus go mbeidh comhdheiseanna acu, lena n-áirítear rannpháirteachas sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim.

(5)

Chun comhionannas inscne a bhaint amach san ionad oibre, tá gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear freisin cinnteoireacht atá cothrom ó thaobh inscne de a chothú laistigh de chuideachtaí ar gach leibhéal, chomh maith leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh. Is réamhriachtanas tábhachtach freisin é comhionannas a áirithiú san ionad oibre chun an bhochtaineacht i measc na mban a laghdú.

(6)

I Moladh 84/635/CEE ón gComhairle (4), moladh do na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go n-áireofaí le gníomhaíocht dhearfach, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht ghníomhach na mban i gcomhlachtaí cinnteoireachta. I Moladh 96/694/CE ón gComhairle (5), moladh do na Ballstáit an earnáil phríobháideach a spreagadh chun cur le líon na mban ar gach leibhéal cinnteoireachta, go háirithe trí phleananna comhionannais agus cláir um ghníomhaíocht dhearfach a ghlacadh nó laistigh de chreat pleananna agus cláir den sórt sin.

(7)

Is é is aidhm don Treoir seo cur i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir a áirithiú agus ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach i measc poist ardbhainistíochta trí shraith ceanglas nós imeachta a bhunú maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra bunaithe ar thrédhearcacht agus fiúntas.

(8)

Le blianta beaga anuas, tá roinnt tuarascálacha curtha i láthair ag an gCoimisiún ina ndéantar breithniú ar an staid maidir le comhionannas inscne i gcinnteoireacht eacnamaíoch. Mhol sé do chuideachtaí liostaithe cur le líon na ndaoine den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird trí bhíthin bearta féinrialála agus chun gealltanais nithiúla dheonacha a dhéanamh ina leith sin. Sa teachtaireacht uaidh an 5 Márta 2010 dar teideal ‘A Strengthened Commitment to Equality between Women and Men – A Women’s Charter’ [Gealltanas Neartaithe i leith Comhionannas idir Mná agus Fir – Cairt na mBan], chuir an Coimisiún i dtreis nach mbíonn rochtain iomlán fós ag mná ar chomhroinnt na cumhachta agus na cinnteoireachta sa saol polaitiúil agus sa saol eacnamaíoch ná san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus d’athdhearbhaigh sé a ghealltanas leas a bhaint as a chumhachtaí chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i bpoist lena ngabhann cumhacht sa saol poiblí agus sa gheilleagar a chur chun cinn. Sa teachtaireacht uaidh an 21 Meán Fómhair 2010 dar teideal ‘Strategy for equality between women and men 2010-2015’ [Straitéis le haghaidh comhionannas idir mná agus fir 2010-2015], bhí sé ar cheann de na tosaíochtaí a leag an Coimisiún amach feabhas a chur ar chothromaíocht inscne sa chinnteoireacht. Is ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] go mbainfí amach comhionannas inscne sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht.

(9)

Sna conclúidí uaithi an 7 Márta 2011 maidir leis an gComhaontú Eorpach um Chomhionannas Inscne (2011-2020), d’aithin an Chomhairle go bhfuil beartais comhionannais inscne ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch, don rathúnas agus don iomaíochas. D’athdhearbhaigh sí a tiomantas na bearnaí idir na hinscní a dhúnadh d’fhonn chuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a chomhlíonadh, go háirithe i dtrí réimse a bhfuil ábharthacht mhór ag baint leo maidir le comhionannas inscne, eadhon fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. D’iarr sí chomh maith go ndéanfaí rannpháirtíocht chothrom idir mná agus fir a chur chun cinn sa chinnteoireacht ar gach leibhéal agus i ngach réimse, chun lánúsáid a bhaint as na tallanna uile. I ndáil leis sin, agus leas á bhaint as an tallann, as an eolas agus as na smaointí go léir atá ar fáil, chuirfí go mór le héagsúlacht achmhainní agus d’fheabhsófaí ionchais ghnó.

(10)

Sa teachtaireacht uaidh an 3 Márta 2010 dar teideal ‘Europe 2020 A strategy for smart, sustainable and inclusive growth’ [An Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach] (“Straitéis Eoraip 2020”), d’aithin an Coimisiún gur réamhchoinníoll é cur le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair chun borradh a chur faoin bhfás agus chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha san Eoraip. Leagadh síos i Straitéis Eoraip 2020 príomhsprioc maidir le ráta fostaíochta 75 % ar a laghad a bhaint amach do dhaonra an Aontais idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois faoi 2020. Tá sé tábhachtach go ndéanfar tiomantas soiléir do dheireadh a chur leis an mbearna phá leanúnach idir na hinscní agus go ndéanfar iarracht atreisithe chun dul i ngleic leis na bacainní uile ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, lena n-áirítear feiniméan ‘an tsíleáil ghloine’ atá ann i rith an ama. I nDearbhú Porto, a shínigh na Ceannairí Stáit nó Rialtais an 8 Bealtaine 2021 (6), luadh gur dhíol sásaimh iad príomhspriocanna nua an Aontais maidir le poist, scileanna agus laghdú bochtaineachta agus an scórchlár sóisialta athbhreithnithe a mhol an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan [Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta]. Leis an bPlean Gníomhaíochta sin, foráiltear, chun an sprioc fhoriomlán de ráta fostaíochta de 78 % ar a laghad i measc dhaonra an Aontais idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bhaint amach faoi 2030, gur gá tréaniarracht a dhéanamh an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoi leath ar a laghad i gcomparáid le 2019. Táthar ag súil go mbeidh éifeacht dhearfach ag rannpháirtíocht na mban i gcinnteoireacht eacnamaíoch, ar bhoird go háirithe, ar fhostaíocht ban sna cuideachtaí lena mbaineann agus ar fud an gheilleagair ar fad. I ndiaidh ghéarchéim COVID-19, tá tábhacht níos mó ná riamh ag an gcomhionannas inscne agus ag an gceannaireacht chuimsitheach, i gcomhréir leis an ngá atá le leas iomlán a bhaint as díorma na ndaoine tréitheacha, idir mhná agus fir, atá ar fáil. Is léir ón taighde go gcumasaítear téarnamh agus athléimneacht trí chuimsiú agus éagsúlacht. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a áirithiú, nuálaíocht a spreagadh agus caighdeáin ghairmiúla ar bhoird a fheabhsú.

(11)

I rún uaithi an 6 Iúil 2011 maidir le mná agus ceannaireacht ghnó, d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar chuideachtaí an tairseach chriticiúil 30 % a bhaint amach faoi 2015, agus 40 % faoi 2020, i dtaobh ballraíocht ban i gcomhlachtaí bainistíochta. D’iarr sí ar an gCoimisiún, dá gcinnfí nach leor na céimeanna a thug cuideachtaí agus na Ballstáit, reachtaíocht a mholadh faoi 2012, lena n-áiritheofaí cuótaí. Bheadh sé tábhachtach go gcuirfí reachtaíocht den sórt sin chun feidhme ar bhonn sealadach agus go spreagfaí leis athrú agus athchóirithe gasta chun deireadh a chur le neamhionannas leanúnach inscne agus steiréitíopaí sa chinnteoireacht eacnamaíoch. I rúin uaithi an 13 Márta 2012 agus an 21 Eanáir 2021, d’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa gur iarr sí reachtaíocht ina leith sin.

(12)

Tá sé tábhachtach d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais dea-shampla a thabhairt a mhéid a bhaineann le comhionannas inscne trí, inter alia, chuspóirí a leagan síos le haghaidh ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de ar gach leibhéal bainistíochta. Is gá aird ar leith a thabhairt ar bheartais maidir le hearcú na bainistíochta sinsearaí. Dá bhrí sin, i dteachtaireacht uaidh an 5 Márta 2020 dar teideal ‘A Union of Equality: the Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025], chuir an Coimisiún i dtreis gur cheart d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cothromaíocht inscne i bpoist cheannaireachta a áirithiú. I dteachtaireacht uaidh an 5 Aibreán 2022 dar teideal ‘A new Human Resources Strategy for the Commission’ [Straitéis Acmhainní Daonna Nua don Choimisiún], gheall an Coimisiún go n-áiritheodh sé comhionannas iomlán inscne ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi 2024. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn agus tuairisceoidh sé go rialta ina leith sin ar a shuíomh gréasáin. Comhroinneann an Coimisiún dea-chleachtais freisin le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tabharfaidh sé tuairisc ar staid na cothromaíochta inscne i bpoist cheannaireachta sna hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin ar a shuíomh gréasáin. Ina cinneadh ón mBiúró an 13 Eanáir 2020, tháinig Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le spriocanna a leagan síos don chothromaíocht inscne i bpoist bainistíochta sinsearaí agus mheánbhainistíochta do 2024. Leanfaidh Parlaimint na hEorpa d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar gach leibhéal dá bainistíocht agus tá sé d’aidhm aici dea-shampla a thabhairt. Tá an Chomhairle tiomanta, ina Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú, do chomhionannas inscne a bhaint amach i bpoist bhainistíochta a hArdrúnaíochta (GSC) le corrlach 45 % go 55 % ar a déanaí faoi dheireadh 2026. I bPlean Gníomhaíochta na hArdrúnaíochta maidir le Comhionannas Inscne sa Bhainistíocht, leagtar amach bearta chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Tá sé tábhachtach go gcothódh agus go bhforbródh cuideachtaí agus gnólachtaí mná tréitheacha, agus go dtacódh siad leo, ar gach leibhéal agus le linn a ngairmréime, chun a áirithiú go dtabharfar deiseanna do mhná cáilithe poist ar bhoird nó poist bainistíochta a ghlacadh.

(14)

Chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus tacú le rannpháirtíocht na mban sa chinnteoireacht, foráiltear le Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena gcuirtear cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí chun cinn, go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun comhroinnt na bhfreagrachtaí cúraim idir mná agus fir a áirithiú trí bhíthin shaoire do thuismitheoirí, saoire atharthachta agus saoire cúramóirí, mar aon leis an tsaoire mháithreachais atá ann cheana. Foráiltear chomh maith leis an Treoir sin don cheart chun socruithe solúbtha oibre a iarraidh.

(15)

Tá roinnt tosca sonracha ag cur isteach ar cheapadh na mban mar stiúrthóirí, tosca a d’fhéadfaí a shárú ní hamháin trí bhíthin rialacha ceangailteacha ach freisin trí bhíthin tionscnaimh oideachais agus dreasachtaí chun dea-chleachtais a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, tá sé riachtanach feasacht a mhúscailt i scoileanna gnó agus in ollscoileanna ar na tairbhí a bhaineann le comhionannas inscne chun cuideachtaí a dhéanamh níos iomaíche. Is gá freisin athrú rialta stiúrthóirí a spreagadh agus bearta dearfacha a thabhairt isteach chun iarrachtaí na mBallstát agus na gcuideachtaí a chur chun cinn agus a chúiteamh chun cur chuige níos cinntithí a ghlacadh i leith na n-athruithe sin sna comhlachtaí cinnteoireachta eacnamaíche is airde ar gach leibhéal.

(16)

Tá líon mór ban ardcháilithe san Aontas, líon atá ag fás i gcónaí mar is léir ón bhfíoras gur mná iad 60 % de chéimithe ollscoile. Tá sé fíor-riachtanach cothromaíocht inscne ar bhoird a bhaint amach chun úsáid éifeachtúil a bhaint as an díorma atá ann cheana, rud atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus eacnamaíocha an Aontais. Deis chaillte, dá bhrí sin, do gheilleagair na mBallstát i gcoitinne, chomh maith lena bhforbairt agus lena bhfás, is ea tearcionadaíocht na mban ar bhoird. Trí leas iomlán a bhaint as díorma na mban tréitheacha atá ann cheana, chuirfí feabhas freisin ar an toradh ar an oideachas i gcás daoine aonair agus na hearnála poiblí araon. Mar thoradh ar mhná a bheith i láthair ar bhoird, admhaítear go forleathan go gcuirtear feabhas ar rialachas corparáideach, mar go bhfeabhsaítear feidhmíocht na foirne agus caighdeán na cinnteoireachta trí mheon níos éagsúla agus níos comhchoitinne a bheith ann lena gcuimsítear réimse níos leithne peirspictíochtaí. Tá sé léirithe ag go leor staidéar gur réamhghníomhaí an tsamhail ghnó, gur cothroime na cinntí agus gur fearr na caighdeáin ghairmiúla ar bhoird a léiríonn an tsochaí mar atá agus riachtanais na dtomhaltóirí de thoradh na héagsúlachta. Spreagann sé an nuálaíocht freisin. Léiríodh i roinnt mhaith staidéar freisin go bhfuil gaol dearfach idir éagsúlacht inscne ar leibhéal ardbhainistíochta agus feidhmíocht airgeadais agus brabúsacht cuideachta, a mbíonn fás suntasach inbhuanaithe fadtéarmach mar thoradh air. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cothromaíocht inscne a bhaint amach ar bhoird chun iomaíochas an Aontais a áirithiú i ngeilleagar domhandaithe agus chun buntáiste comparáideach a chur ar fáil maidir le tríú tíortha.

(17)

Ní hamháin go ndéantar méadú ar ionadaíocht na mban ar bhoird difear do na mná a cheaptar ar bhoird, ach cuidítear leis sin freisin chun mná tréitheacha a mhealladh chuig an gcuideachta agus chun níos mó ban a bheith ar gach leibhéal bainistíochta agus sa lucht saothair a áirithiú. Dá bhrí sin, dá dtiocfadh méadú ar líon na mban ar bhoird, is dócha go n-imreodh sé sin tionchar dearfach ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní agus ar an mbearna phá idir na hinscní araon a dhúnadh.

(18)

In ainneoin fianaise go mbíonn tionchar tairbhiúil ag cothromaíocht inscne ar chuideachtaí iad féin agus ar an ngeilleagar i gcoitinne, agus in ainneoin dhlí an Aontais atá ann cheana lena gcuirtear cosc ar idirdhealú ar bhonn gnéis agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais atá ann cheana lena spreagtar féinrialáil, is tearcionadaithe i bhfad na mná go fóill sna comhlachtaí cinnteoireachta is airde i gcuideachtaí ar fud an Aontais. Léiríonn staitisticí go bhfuil cion na mban atá rannpháirteach i gcinnteoireacht ghnó ardleibhéil an-íseal i gcónaí. Mura meastar, fiú, ach leath amháin de dhíorma na ndaoine tréitheacha do phoist cheannaireachta, d’fhéadfaí an próiseas féin agus cáilíocht na gceapachán a chur i mbaol, rud a d’fhágfadh gur mhó an t-amhras a bheadh ann faoi struchtúir chumhachta gnó agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar an úsáid éifeachtúil a bhaintear as an gcaipiteal daonna atá ar fáil. Tá sé tábhachtach comhdhéanamh na sochaí a léiriú go dílis i gcinnteoireacht chorparáideach agus go n-úsáidtear acmhainneacht dhaonra iomlán an Aontais. De réir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, in 2021, ba mhná iad 30,6 %, ar an meán, de chomhaltaí bord sna cuideachtaí liostaithe is mó, agus níor mhná iad ach 8,5 % de na cathaoirligh. Léirítear leis sin go bhfuil tearcionadaíocht mhíchothrom agus idirdhealaitheach á déanamh ar mhná, rud a bhaineann, ar bhealach soiléir, an bonn de phrionsabail an Aontais maidir le comhionannas deiseanna agus cóir chomhionann do mhná agus d’fhir i réimse na fostaíochta agus na slí beatha. Ba cheart bearta a thabhairt isteach agus a threisiú chun dul chun cinn sa ghairmréim a spreagadh i gcás mná ar gach leibhéal bainistíochta agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú gurb amhlaidh an cás i gcuideachtaí liostaithe, mar gheall ar fhreagracht shuntasach eacnamaíoch agus shóisialta na gcuideachtaí sin. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go dtabharfadh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais dea-shampla maidir le míchothromaíochtaí inscne atá ann cheana laistigh de chomhdhéanamh a mbord bainistíochta féin a chur ina gceart.

(19)

Tá méadú an-mhall tagtha ar chion na mban ar bhoird le blianta beaga anuas. Ní hionann an ráta feabhais ó Bhallstát go chéile agus tá torthaí an-éagsúil ann mar thoradh air sin. Is mó i bhfad an dul chun cinn a tugadh ar aird sna Ballstáit sin inar tugadh bearta ceangailteacha isteach. Is dócha go dtiocfaidh méadú ar an difear sin mar gheall ar na cuir chuige an-éagsúil atá ann chun an chothromaíocht inscne ar bhoird a fheabhsú. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit faisnéis a chomhroinnt maidir leis na bearta éifeachtacha arna ndéanamh agus na beartais arna nglacadh ar leibhéal náisiúnta, agus dea-chleachtais a mhalartú, d’fhonn tacú leis an dul chun cinn ar fud an Aontais i dtreo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar bhoird.

(20)

Ní hamháin go bhfágann an rialáil scaipthe éagsúil nó an easpa rialála ar an leibhéal náisiúnta maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí liostaithe neamhréireanna ó thaobh líon na mban i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus rátaí difriúla feabhsúcháin ar fud na mBallstát ach, ina theannta sin, cruthaítear leis bacainní ar an margadh inmheánach trí cheanglais éagsúla rialachais chorparáidigh a fhorchur ar chuideachtaí liostaithe san Aontas. Na difríochtaí sin i gceanglais dhlíthiúla agus féinrialála maidir le comhdhéanamh bord, d’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla eascairt astu do chuideachtaí liostaithe a oibríonn thar theorainneacha, go háirithe nuair a bhíonn fochuideachtaí á mbunú acu nó i gcumaisc agus éadálacha, agus d’iarrthóirí ar phoist stiúrthóra.

(21)

Is mó iad na míchothromaíochtaí inscne laistigh de chuideachtaí ar leibhéil níos sinsearaí. Ina theannta sin, is i réimsí amhail acmhainní daonna agus cumarsáid a fhaightear go leor de na mná sin a bhfuil poist acu ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí, agus is mó seans go bhfostófar fir ar leibhéal sinsearach i mbainistíocht ghinearálta nó i “bainistíocht líne” laistigh den chuideachta. Ós rud é gur as measc iarrthóirí a bhfuil taithí bainistíochta sinsearaí acu a earcaítear daoine do phoist stiúrthóra, tá sé ríthábhachtach go méadófar líon na mban atá ag dul chun cinn i bpoist bhainistíochta den sórt sin laistigh de chuideachtaí.

(22)

Ceann de na príomhthosca lena bhféadfar an Treoir seo a chur chun feidhme i gceart is ea cur i bhfeidhm éifeachtach na gcritéar, a leagfar síos roimh ré agus le trédhearcacht iomlán, do roghnú na stiúrthóirí, agus cáilíochtaí, eolas agus scileanna na n-iarrthóirí á meas ar bhonn comhionann, gan beann ar a n-inscne.

(23)

An easpa trédhearcachta atá ann faoi láthair sa phróiseas roghnúcháin agus i leith na gcritéar cáilithe do phoist stiúrthóra i bhformhór na mBallstát, is bacainn mhór é ar chomhionannas inscne níos fearr i measc stiúrthóirí agus bíonn tionchar diúltach aige ar ghairmréim agus ar shaoirse gluaiseachta na n-iarrthóirí ar phoist bhoird, agus ar chinntí infheisteoirí. Mar gheall ar an easpa trédhearcachta sin, fágtar nach féidir le hiarrthóirí féideartha ar phoist stiúrthóra iarratais a dhéanamh chuig boird inar mó a mbeadh gá lena gcáilíochtaí agus nach féidir leo cur i gcoinne cinntí ceapacháin atá claonta ó thaobh inscne de, rud a chuireann srian ar a saoirse gluaiseachta sa mhargadh inmheánach. Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh straitéisí infheistíochta ag infheisteoirí lena n-éilítear go soláthrófaí faisnéis a bheidh nasctha freisin le saineolas agus inniúlacht na stiúrthóirí. Le níos mó trédhearcachta i leith na gcritéar cáilithe agus an phróisis roghnúcháin do stiúrthóirí, cuirtear ar a gcumas d’infheisteoirí measúnú níos fearr a dhéanamh ar straitéis ghnó na cuideachta agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, nósanna imeachta ceapacháin an bhoird a bheith soiléir agus trédhearcach agus na hiarrthóirí a mheasúnú go hoibiachtúil ar a bhfiúntas aonair, gan beann ar a n-inscne.

(24)

Cé nach bhfuil sé d’aidhm ag an treoir seo comhchuibhiú mionsonraithe a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus na critéir cháilithe do phoist stiúrthóra, is gá, chun an chothromaíocht inscne a bhaint amach, ceanglais íosta áirithe a thabhairt isteach ar chuideachtaí liostaithe nach bhfuil ionadaíocht chothrom inscne acu a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra ar bhonn próiseas roghnúcháin atá trédhearcach agus sainithe go soiléir agus mheasúnú comparáideach oibiachtúil ar a gcáilíochtaí i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil de. Is trí bheart ceangailteach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus ar an gcaoi sin amháin, is féidir cuidiú go héifeachtach le cothrom na Féinne a áirithiú ar fud an Aontais agus deacrachtaí praiticiúla i saol an ghnó a sheachaint.

(25)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas, dá bhrí sin, cur le líon na mban ar bhoird i ngach Ballstát, chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, soghluaisteacht a spreagadh i margadh an tsaothair, iomaíochas cuideachtaí liostaithe a neartú agus comhionannas inscne éifeachtach a bhaint amach sa mhargadh saothair. Ba cheart an aidhm sin a shaothrú trí cheanglais íosta a leagan síos maidir le gníomhaíocht dhearfach i bhfoirm bearta ceangailteacha. Leis na bearta ceangailteacha sin, ba cheart féachaint le cuspóir cainníochtúil a bhaint amach i leith comhdhéanamh inscne bord cuideachtaí liostaithe, ós rud é go bhfuil na torthaí is fearr bainte amach ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha a roghnaigh an modh sin nó modh comhchosúil chun tearcionadaíocht na mban i bpoist cinnteoireachta eacnamaíche a laghdú.

(26)

Tá sé tábhachtach go bhforbródh gach cuideachta liostaithe beartas comhionannais inscne chun ionadaíocht inscne níos cothroime a bhaint amach ar gach leibhéal. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na beartais sin iarrthóir baineann agus iarrthóir fireann araon a ainmniú le haghaidh príomhphost, scéimeanna meantóireachta agus treoir maidir le forbairt gairmréime do mhná, agus straitéisí acmhainní daonna atá ceaptha earcaíocht éagsúil a spreagadh.

(27)

Tá tábhacht eacnamaíoch faoi leith ag baint le cuideachtaí liostaithe, baineann infheictheacht ar leith leo agus bíonn tionchar ar leith acu ar an margadh trí chéile. Leagann cuideachtaí den sórt sin síos caighdeáin don gheilleagar i gcoitinne agus is féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh cineálacha eile cuideachtaí a gcleachtais. Mar gheall ar chineál poiblí cuideachtaí liostaithe, is ceart níos mó rialála a dhéanamh orthu ar mhaithe le leas an phobail.

(28)

Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le cuideachtaí liostaithe.

(29)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(30)

Chun críocha na Treorach seo, ba cheart gurb é an Ballstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta liostaithe lena mbaineann an Ballstát is inniúil maidir leis na hábhair a chuimsítear leis an Treoir seo a rialáil. Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear do rialacha náisiúnta lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cuideachtaí i gcás ábhair nach rialaítear leis an Treoir seo.

(31)

Tá córais éagsúla sna Ballstáit i dtaobh struchtúr boird do chuideachtaí liostaithe, agus is é an príomh-idirdhealú eatarthu an difríocht idir déchóras ina mbíonn bord bainistíochta agus bord maoirseachta araon i gceist agus córas aonadach lena gcomhcheanglaítear na feidhmeanna bainistíochta agus na feidhmeanna maoirseachta i mbord amháin. Tá córais mheasctha ann freisin, a bhfuil gnéithe den dá chóras iontu nó faoina dtugtar rogha do chuideachtaí idir samhlacha éagsúla. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach córas boird atá ann cheana sna Ballstáit.

(32)

Le gach córas boird déantar idirdhealú, de jurede facto, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin, a mbíonn baint acu le bainistíocht laethúil na cuideachta, agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a chomhlíonann feidhm mhaoirseachta agus nach mbíonn baint acu le bainistíocht laethúil na cuideachta liostaithe. Is é is aidhm don Treoir seo feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne sa dá chatagóir stiúrthóra araon. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá le comhionannas inscne na mbord a mhéadú agus an gá atá le híoslaghdú a dhéanamh ar an gcur isteach ar bhainistíocht laethúil chuideachta, déantar idirdhealú sa Treoir seo idir an dá chatagóir stiúrthóra sin.

(33)

I roinnt Ballstát, de bhun an dlí náisiúnta nó an chleachtais náisiúnta, is féidir nó ní mór gurb iad lucht saothair cuideachtaí, eagraíochtaí na bhfostaithe, nó iad araon, a dhéanann cion áirithe de na stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a cheapadh nó a thoghadh. Ba cheart feidhm a bheith ag na cuspóirí cainníochtúla, a leagtar síos sa Treoir seo, maidir le stiúrthóirí den sórt sin freisin. Ós rud é, áfach, gur ionadaithe fostaithe iad roinnt stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart do na Ballstáit an modh a bhunú lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha sonracha maidir le hionadaithe fostaithe a thoghadh nó a ainmniú mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, agus an tsaoirse vótála á hurramú agus ionadaithe fostaithe á dtoghadh. I bhfianaise na ndifríochtaí i ndlíthe náisiúnta na gcuideachtaí sna Ballstáit, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na cuspóirí cainníochtúla a chur i bhfeidhm ar leithligh maidir le hionadaithe scairshealbhóirí agus ionadaithe fostaithe.

(34)

Ba cheart do na Ballstáit cuideachtaí liostaithe a chur faoi réir an chuspóra boird a bheith acu ar a mbeidh 40 % ar a laghad dá stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin den ghnéas tearcionadaithe faoin 30 Meitheamh 2026 nó, de rogha air sin, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach go méadóidh cuideachtaí liostaithe cion an ghnéis tearcionadaithe i ngach post cinnteoireachta, ba cheart cuideachtaí liostaithe a chur faoi réir an chuspóra boird a bheith acu ar den ghnéas tearcionadaithe a bheidh 33 % ar a laghad dá stiúrthóirí uile faoin 30 Meitheamh 2026, gan beann ar iad a bheith ina stiúrthóirí feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin d’fhonn ionadaíocht inscne níos cothroime a chur chun cinn i measc stiúrthóirí uile.

(35)

Baineann na cuspóirí maidir le 40 % ar a laghad de phoist stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin ar bhoird, nó 33 % ar a laghad de phoist stiúrthóirí uile, a bheith ag daoine den ghnéas tearcionadaithe, leis an gcomhionannas inscne fhoriomlán i measc stiúrthóirí agus ní chuireann siad isteach ar roghnú nithiúil stiúrthóirí aonair ó líon leathan iarrthóirí fireanna agus baineanna i ngach cás ar leithligh. Go háirithe, ní fhágann an Treoir seo go gcuirtear aon iarrthóirí áirithe as an áireamh i leith poist stiúrthóra, ná ní fhágann sí go bhforchuirtear aon stiúrthóirí aonair ar chuideachtaí liostaithe nó ar scairshealbhóirí. Dá bhrí sin, is faoi na cuideachtaí agus na scairshealbhóirí a bheidh an cinneadh fós maidir leis na stiúrthóirí iomchuí.

(36)

De bharr a gcineáil, is iomchuí gnóthais phoiblí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a bheith ina samhail don earnáil phríobháideach. Bíonn tionchar ceannasach ag na Ballstáit ar na gnóthais phoiblí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 2006/111/CE (8) ón gCoimisiún, atá liostaithe ar mhargadh rialáilte. I ngeall ar an tionchar ceannasach sin, tá na hionstraimí ar fáil do na Ballstáit chun an t-athrú is gá a dhéanamh níos tapa.

(37)

Ní mór sonrú breise a dhéanamh lena chinneadh cén líon post stiúrthóra is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach ós rud é, i bhfianaise mhéid fhormhór na mbord, nach féidir an cion cruinn de 40 % nó, i gcás inarb infheidhme, 33 % a bhaint amach go matamaiticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é líon na bpost stiúrthóra is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh an líon is gaire do chion 40 % nó, i gcás inarb infheidhme, 33 %, agus sa dá chás níor cheart gur mhó é ná 49 %.

(38)

Ina cásdlí (9) maidir le gníomhaíocht dhearfach agus maidir le comhoiriúnacht na gníomhaíochta dearfaí sin le prionsabal an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, a leagtar síos freisin in Airteagal 21 den Chairt, ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) leis go bhféadfar, i gcásanna áirithe, tosaíocht a thabhairt don ghnéas tearcionadaithe sa roghnú le haghaidh fostaíochta nó ardú céime, ar choinníoll go mbeidh an t-iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe chomh cáilithe céanna leis an iomaitheoir den ghnéas eile i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil, ar choinníoll nach tosaíocht í a bhfuil feidhm uathoibríoch léi agus atá gan choinníoll ach go bhféadfar í a shárú má fhágann cúiseanna a bhaineann go sonrach le hiarrthóir aonair den ghnéas eile gur cuí tosaíocht a bheith ag an iarrthóir sin, agus ar choinníoll go mbeidh an t-iarratas ó gach iarrthóir faoi réir measúnú oibiachtúil ina gcuirfear i bhfeidhm go sonrach na critéir roghnúcháin uile i leith na n-iarrthóirí aonair.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás na gcuideachtaí liostaithe sin a bhfuil níos lú ná 40 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ag daoine den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird, nó níos lú ná 33 % de na poist stiúrthóra uile, lena n-áirítear stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin araon, de réir mar is infheidhme, go roghnóidh siad na hiarrthóirí is cáilithe lena gceapadh chuig na poist sin nó lena dtoghadh do na poist sin ar bhonn measúnú comparáideach ar cháilíochtaí iarrthóirí trí chritéir shoiléire, gan débhrí, arna bhfoirmliú ar bhealach neodrach a chur i bhfeidhm, ar critéir iad a bunaíodh roimh an bpróiseas roghnúcháin, d’fhonn an chothromaíocht inscne ar bhoird a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh le samplaí de na cineálacha critéar roghnúcháin a d’fhéadfadh cuideachtaí liostaithe a chur i bhfeidhm taithí ghairmiúil ar chúraimí bainistíochta nó maoirseachta, taithí idirnáisiúnta, ildisciplíneacht, ceannaireacht, scileanna cumarsáide agus cumais líonraithe agus eolas i réimsí ábhartha sonracha amhail airgeadas, maoirseacht airgeadais, nó bainistíocht acmhainní daonna.

(40)

Agus iarrthóirí á roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, ba cheart tosaíocht a thabhairt don iarrthóir comhcháilithe den ghnéas tearcionadaithe. Níor cheart don tosaíocht sin a bheith ina tosaíocht uathoibríoch neamhchoinníollach, áfach. D’fhéadfadh cásanna eisceachtúla a bheith ann ina bhféadfadh measúnú oibiachtúil ar chás sonrach iarrthóra comhcháilithe den ghnéas eile an tosaíocht a shárú ba cheart, mura ndéanfaí sin, a thabhairt don iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe. D’fhéadfadh a leithéid de shárú rogha a bheith ann, mar shampla, i gcás ina mbeadh feidhm ag beartais éagsúlachta níos leithne ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na cuideachta maidir le stiúrthóirí a roghnú. Mar sin féin, ba cheart sárú chur i bhfeidhm na gníomhaíochta dearfaí a bheith eisceachtúil i gcónaí agus é a bhunú ar mheasúnú cás ar chás, agus ba cheart údar cuí a bheith leis de réir critéir oibiachtúla nár cheart, i gcás ar bith, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh an ghnéis tearcionadaithe.

(41)

I mBallstáit ina bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, níor cheart a cheangal ar na cuideachtaí liostaithe na ceanglais sin a chomhlíonadh más cuideachtaí iad inarb ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 40 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ar a mboird, nó 33 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile, de réir mar is infheidhme.

(42)

Ní hionann i ngach Ballstát ná i ngach cuideachta liostaithe na modhanna chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí orthu go ndéanfadh coiste ainmniúcháin nó gnólachtaí cuardaigh feidhmeannach, mar shampla, na hiarrthóirí a réamhroghnú lena gcur faoi bhráid thionól na scairshealbhóirí. Na ceanglais sin maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, ba cheart iad a chomhlíonadh ag an gcéim iomchuí den phróiseas roghnúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hairteagail chomhlachais na gcuideachtaí liostaithe lena mbaineann, lena n-áirítear sula dtoghfaidh scairshealbhóirí iarrthóir, tráth a bhfuil gearrliosta á ullmhú mar shampla. I ndáil leis an méid sin, bunaítear leis an Treoir seo caighdeáin íosta maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, rud a fhágann gur féidir na coinníollacha dá bhforáiltear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh comhionannas inscne ann agus d’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar bhoird cuideachtaí liostaithe. Leis an Treoir seo, ní chuirtear isteach go míchuí ar bhainistíocht laethúil na gcuideachta liostaithe, ós rud é go gcoimeádann siad an tsaoirse chun iarrthóirí a roghnú ar bhonn cáilíochtaí nó ar bhonn tosaíochtaí oibiachtúla ábhartha eile.

(43)

I bhfianaise chuspóirí na Treorach seo a mhéid a bhaineann le cothromaíocht inscne, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí liostaithe, arna iarraidh sin d’iarrthóir atá roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena thoghadh nó lena toghadh do phoist stiúrthóra, an t-iarrthóir sin a chur ar an eolas faoi na critéir cháilithe ar a raibh an roghnú bunaithe, faoin measúnú comparáideach oibiachtúil ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin agus, i gcás inarb ábhartha, faoi na breithnithe sonracha lenar cinneadh go heisceachtúil tosaíocht a thabhairt d’iarrthóir nach duine den ghnéas thearcionadaithe é nó í. D’fhéadfadh sé a bheith ina thoradh ar cheanglas faisnéise chun eolas den sórt sin a chur ar fáil go gcuirfí teorainn ar an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus ar an gceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, cearta a aithnítear le hAirteagail 7 agus 8, faoi seach, den Chairt. Tá gá le teorainneacha den sórt sin, áfach, agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is fíor go gcomhlíonann siad cuspóirí aitheanta i ndáil leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, tá siad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le teorainneacha den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt agus le cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(44)

I gcás ina suíonn iarrthóir den ghnéas thearcionadaithe atá roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena thoghadh nó lena toghadh do phoist stiúrthóra fíorais os comhair cúirte nó os comhair údarás inniúil eile ónar féidir a thoimhdiú go raibh an t-iarrthóir chomh cáilithe céanna leis an iarrthóir a roghnaíodh den ghnéas eile, ba cheart a cheangal ar an gcuideachta liostaithe a léiriú go ndearnadh an rogha cheart.

(45)

Cé go bhféachtar leis an Treoir seo le híoscheanglais a bhunú i bhfoirm bearta ceangailteacha chun comhdhéanamh inscne bhoird a fheabhsú, tá sé tábhachtach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, dlisteanacht cur chuige éagsúil a aithint agus éifeachtacht beart náisiúnta áirithe atá ann cheana féin, a glacadh cheana sa réimse beartais sin, a aithint, ar bearta iad a raibh torthaí sásúla ag baint leo. Rinneadh iarrachtaí cheana i roinnt Ballstát a áirithiú go mbeadh ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ann ar bhoird trí bhearta ceangailteacha a ghlacadh a mheastar a bheith chomh héifeachtach céanna leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart na Ballstáit sin a bheith in ann cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra a chur ar fionraí agus, i gcás inarb ábhartha, na ceanglais a bhaineann le cuspóirí cainníochtúla aonair a bhunú, ar choinníoll go ndéanfar na coinníollacha le haghaidh hionraí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, más rud é gur thug na Ballstáit bearta den sórt sin isteach trí bhíthin an dlí náisiúnta, ba cheart na rialacha slánaithe a leagtar amach sa Treoir seo maidir le líon sonrach na stiúrthóirí a chur i bhfeidhm mutatis mutandis chun measúnú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta sin faoin Treoir seo. I mBallstát ina gcuirtear fionraí den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart a mheas go bhfuil na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo bainte amach agus, dá bhrí sin, maidir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo i ndáil le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó gach stiúrthóirí, ní chuirtear na cuspóirí sin in ionad na bearta naisiúnta ábhartha ná ní chuirtear na cuspóirí sin leis na bearta naisiúnta ábhartha.

(46)

D’fhonn an chothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí a mbíonn baint acu le cúraimí laethúla bainistíochta, ba cheart ceangal a chur ar chuideachtaí liostaithe cuspóirí cainníochtúla dá gcuid féin a leagan síos maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus é mar aidhm na cuspóirí sin a bhaint amach faoin dáta a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart do na cuspóirí sin cabhrú le cuideachtaí dul chun cinn inbhraite a bhaint amach i gcomparáid leis an staid ina bhfuil siad faoi láthair. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le cuideachtaí liostaithe a bhfuil cuspóir 33 % á shaothrú acu i ndáil leis na stiúrthóirí uile, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin.

(47)

Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí liostaithe faisnéis a sholáthar ar bhonn bliantúil do na húdaráis inniúla maidir le comhdhéanamh inscne a mbord agus faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh d’fhonn na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis sin measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag gach cuideachta liostaithe ionsar chothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí a bhaint amach. Ba cheart do chuideachtaí liostaithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach atá iomchuí agus inrochtana go héasca ar a suíomhanna gréasáin agus ba cheart í a áireamh ar thuarascáil bhliantúil na cuideachta. I gcás nár bhain cuideachta liostaithe na cuspóirí cainníochtúla is infheidhme amach, ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin tuairisc ar na bearta nithiúla atá déanta aici go dtí seo nó atá beartaithe aici a dhéanamh amach anseo chun na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis agus dúbailt iarrachtaí a sheachaint, ba cheart an fhaisnéis maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird a bheidh le tuairisciú de bhun na Treorach seo a bheith ina cuid, i gcás inarb infheidhme, de ráiteas rialachais chorparáidigh na gcuideachtaí liostaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus, go háirithe, le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). I gcás inar chuir Ballstáit cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí maidir le tuairisciú a leagtar amach sa Treoir seo, ar choinníoll go bhforáiltear oibleagáidí maidir le tuairisciú sa dlí náisiúnta lena n-áirithítear go bhfoilseofar faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá bainte amach ag cuideachtaí liostaithe i dtreo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar a mboird go rialta.

(48)

Na riachtanais a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, an oibleagáid maidir le cuspóir cainníochtúil a leagan síos i ndáil le stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus oibleagáidí maidir le tuairisciú, ba cheart iad a fhorfheidhmiú trí phionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leordhóthanacha ar fáil chun na críche sin. D’fhéadfaí a áireamh i bpionóis den sórt sin fíneálacha nó an deis a bheith ag comhlacht breithiúnach cinneadh a bhaineann le roghnú stiúrthóirí a chur ar neamhní nó a dhearbhú go bhfuil an cinneadh sin ar neamhní go hiomlán. Gan dochar don dlí náisiúnta maidir le pionóis a fhorchur, fad a chomhlíonann cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí sin, níor cheart pionós a ghearradh orthu as mainneachtain na cuspóirí cainníochtúla a bhaineann le hionadaíocht chothrom idir mná agus fir i measc stiúrthóirí a bhaint amach. Níor cheart pionóis a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí liostaithe iad féin más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach bhfuil gníomh nó easnamh áirithe inchurtha i leith na cuideachta, ach i leith daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile amhail scairshealbhóirí aonair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis a chur i bhfeidhm seachas iad siúd a liostaítear sa liosta neamh-uileghabhálach de phionóis a leagtar amach sa Treoir seo, go háirithe i gcásanna sáruithe tromchúiseacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ag cuideachta liostaithe a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

(49)

Ba cheart na Ballstáit nó cuideachtaí liostaithe a bheith in ann bearta níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a áirithiú.

(50)

Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí a ainmniú chun cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí liostaithe a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi. Ina theannta sin, le feachtais faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas a dhéanamh, rannchuideofaí go mór le feasacht ar an tsaincheist a ardú i measc na gcuideachtaí uile agus spreagfaí iad chun cothromaíocht inscne a bhaint amach go réamhghníomhach. Moltar do na Ballstáit, go háirithe, beartais a chur i bhfeidhm chun tacú le FBManna agus iad a dhreasú chun feabhas suntasach a chur ar an gcothromaíocht inscne ar gach leibhéal bainistíochta agus ar bhoird.

(51)

Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt. Go háirithe, rannchuidíonn sí leis an bprionsabal um chomhionannas idir mná agus fir (Airteagal 23 den Chairt) agus an tsaoirse ghairmiúil agus an ceart chun obair a dhéanamh (Airteagal 15 den Chairt) a chomhlíonadh. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47 den Chairt). Leis na teorainneacha ar fheidhmiú na saoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt) agus ar fheidhmiú an chirt chun maoin a shealbhú (Airteagal 17(1) den Chairt), urramaítear bunbhrí na saoirse agus an chirt sin agus tá siad riachtanach agus comhréireach. Ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má chomhlíonann siad go fírinneach cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó más gá cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

(52)

Cé go bhfuil gníomhaíocht rialála déanta ag roinnt Ballstát nó féinrialáil molta acu as ar tháinig torthaí measctha, níl gníomhaíocht déanta ag formhór na mBallstát ná níor léirigh siad go bhfuil siad toilteanach gníomhú ar bhealach a mbeadh feabhas leordhóthanach ina thoradh air. Réamh-mheastacháin atá bunaithe ar anailís chuimsitheach ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil maidir leis na treochtaí a bhí ann cheana agus na treochtaí atá ann faoi láthair, agus maidir le rúin, léirítear leo nach mbainfidh na Ballstáit amach tráth ar bith ar feadh i bhfad agus iad ag gníomhú dóibh ina n-aonar, ionadaíocht chothrom idir mná agus fir i measc comhaltaí boird ar fud an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo. Cuireann easpa gníomhaíochta sa réimse seo moill ar shaothrú an chomhionannais inscne san ionad oibre go ginearálta, lena n-áirítear maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, rud is cúis le leithscaradh ingearach. I bhfianaise na n-imthosca sin agus i bhfianaise na neamhréireachtaí idir na Ballstáit i dtéarmaí ionadaíocht chothrom idir mná agus fir ar bhoird, ar neamhréireachtaí iad atá ag dul i méid, ní féidir feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar bhoird ar fud an Aontais ach amháin trí bhíthin cur chuige comhchoiteann, agus is fearr is féidir an acmhainneacht maidir le comhionannas inscne, iomaíochas agus fás a bhaint amach trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais seachas trí bhíthin tionscnaimh náisiúnta a bhfuil raon feidhme, uaillmhian agus éifeachtacht éagsúil acu. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a bhaint amach i measc stiúrthóiri na gcuideachta liostaithe trí bhearta éifeachtacha arb é is aidhm leo dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo chomhionannais inscne, agus ag an am céanna, dóthain ama a cheadú do chuideachta liostaithe na socruithe is gá a dhéanamh chun na críche sin, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr fhairsinge agus éifeacht na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, tá an Treoir seo teoranta do chuspóirí agus prionsabail choiteanna a leagan síos agus ní théann sí thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Tugtar dóthain saoirse do na Ballstáit lena chinneadh cén chaoi is fearr chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a ghnóthú agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe rialacha agus cleachtais a bhaineann le hearcú ar bhoird. Ní chuireann an Treoir seo isteach ar an bhféidearthacht go gceapfadh cuideachtaí liostaithe na stiúrthóirí is incháilithe, agus foráiltear ann do chreat solúbtha agus tréimhse oiriúnaithe atá fada go leor.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta chun iad a chur ar an eolas go héifeachtúil faoi thábhacht, trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo.

(54)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart teorainn ama a chur leis na cuspóirí atá le baint amach ag cuideachtaí liostaithe agus níor cheart don chuspóir sin fanacht i bhfeidhm ach go dtí go mbeidh dul chun cinn inbhuanaithe bainte amach maidir le comhdhéanamh inscne bord. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Thairis sin, foráiltear leis an Treoir seo do dháta a rachaidh sí in éag. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ina athbhreithniú, féachaint an gá síneadh a chur le ré na Treorach seo thar an dáta sin.

(55)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta maidir le trasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir na codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta maidir le trasuí. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Críoch

Is é is aidhm don Treoir seo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a bhaint amach i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe trí bhearta éifeachtacha a bhunú arb é is aidhm dóibh dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo cothromaíocht inscne agus, an tráth céanna, a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí liostaithe chun na socruithe is gá a dhéanamh chun na críche sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí liostaithe. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cuideachta liostaithe” cuideachta a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát agus a ligtear a scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE i mBallstát amháin nó níos mó;

(2)

ciallaíonn “bord” comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid cuideachta liostaithe;

(3)

ciallaíonn “stiúrthóir” comhalta boird, lena n-áirítear comhalta ar ionadaí na bhfostaithe é nó í;

(4)

ciallaíonn “stiúrthóir feidhmiúcháin” comhalta de bhord aonadach a bhíonn ag gabháil do bhainistíocht laethúil cuideachta liostaithe nó, i gcás córas débhoird, comhalta den bhord a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin cuideachta liostaithe;

(5)

ciallaíonn “stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin” comhalta de bhord aonadach seachas stiúrthóir feidhmiúcháin nó, i gcás córas débhoird, comhalta den bhord a dhéanann feidhmeanna formhaoirseachta cuideachta liostaithe;

(6)

ciallaíonn “bord aonadach” bord aonair a dhéanann feidhmeanna bainistíochta agus feidhmeanna maoirseachta cuideachta liostaithe;

(7)

ciallaíonn “córas débhoird” córas ina ndéanann boird ar leithligh feidhmeanna bainistíochta agus feidhmeanna maoirseachta cuideachta liostaithe;

(8)

ciallaíonn “micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” cuideachta ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil aici nach mó ná EUR 50 milliún nó iomlán bliantúil ar a clár comhardaithe nach mó ná EUR 43 milliún, nó, i gcás FBM a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, na méideanna coibhéiseacha in airgeadra an Bhallstáit sin.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme

Is é an Ballstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta liostaithe an Ballstát a bheidh inniúil chun ábhair a chumhdaítear faoin Treoir seo a rialáil i leith na cuideachta liostaithe sin. Is é dlí an Bhallstáit sin a bheidh sa dlí infheidhme.

Airteagal 5

Cuspóirí maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cuideachtaí liostaithe faoi réir ceachtar de na cuspóirí seo a leanas, a bheidh le baint amach faoin 30 Meitheamh 2026:

(a)

gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe a bheidh 40 % ar a laghad de phoist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin;

(b)

gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe a bheidh ar a laghad 33 % de phoist stiúrthóra uile, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí liostaithe nach bhfuil faoi réir an chuspóra a leagtar síos i mír 1, pointe (b), go leagfaidh siad síos cuspóirí cainníochtúla aonair d’fhonn cothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí feidhmiúcháin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé mar aidhm ag cuideachtaí liostaithe den sórt sin cuspóirí cainníochtúla aonair den sórt sin a bhaint amach faoin 30 Meitheamh 2026.

3.   Is é líon na bpost stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin a mheasfar is gá chun an cuspóir a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a bhaint amach an líon is gaire don chion 40 %, ach nach mó ná 49 %. Is é líon na bpost stiúrthóra uile a mheasfar is gá chun an cuspóir a leagtar síos i mír 1, pointe (b), a bhaint amach an líon is gaire don chion 33 %, ach nach mó ná 49 %. Leagtar amach na líonta sin san Iarscríbhinn.

Airteagal 6

Modhanna chun na cuspóirí a bhaint amach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí liostaithe nach mbaineann na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) nó (b), amach, de réir mar is infheidhme, go ndéanfaidh siad an próiseas a choigeartú maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra. Roghnófar na hiarrthóirí sin ar bhonn measúnú comparáideach ar cháilíochtaí gach iarrthóra. Chun na críche sin, cuirfear critéir shoiléire, gan débhrí, arna bhfoirmliú ar bhealach neodrach i bhfeidhm go neamh-idirdhealaitheach ó thús deireadh an phróisis roghnúcháin, lena n-áirítear le linn ullmhú fógraí folúntais, na céime réamhroghnúcháin, chéim an ghearrliostaithe agus bhunú na ndíormaí roghnúcháin iarrthóirí. Bunófar critéir den sórt sin roimh an bpróiseas roghnúcháin.

2.   A mhéid a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh rogha á déanamh idir iarrthóirí atá comhcháilithe i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil, go dtabharfar tosaíocht don iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, má fhágann cúiseanna ar mó tábhacht dhlíthiúil atá leo, amhail saothrú beartas eile éagsúlachta, arna n-agairt i gcomhthéacs measúnaithe oibiachtúil ina gcuirtear cás sonrach iarrthóra den ghnéas eile san áireamh, agus a bheidh bunaithe ar chritéir neamh-idirdhealaitheacha, gur cuí tosaíocht a bheith ag an iarrthóir den ghnéas eile.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh ag iarrthóir a breithníodh le linn roghnú na n-iarrthóirí lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, go gceanglófar ar chuideachtaí liostaithe an méid seo a leanas a chur in iúl don iarrthóir sin:

(a)

na critéir cháilithe ar a raibh an roghnú bunaithe,

(b)

an measúnú comparáideach oibiachtúil ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin; agus

(c)

i gcás inarb ábhartha, na cúinsí sonracha a fhágann gur cuí, ar bhonn eisceachtúil, tosaíocht a bheith ag an iarrthóir nach den ghnéas tearcionadaithe é nó í.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, i gcomhréir lena gcóras breithiúnach náisiúnta, chun a áirithiú, i gcás ina suíonn iarrthóir nár éirigh leis nó léi agus ar den ghnéas tearcionadaithe é nó í fíorais os comhair cúirte nó údarás inniúil eile ónar féidir a thoimhdiú go raibh an t-iarrthóir sin chomh cáilithe céanna leis an iarrthóir den ghnéas eile a roghnaíodh lena cheapadh nó lena ceapadh chuig post mar stiúrthóirí nó lena thoghadh nó lena toghadh do phost mar stiúrthóir, gur faoin gcuideachta liostaithe a bheidh sé a chruthú nár sáraíodh Airteagal 6(2).

Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí do ghearánaithe.

5.   I gcás ina ndéantar an próiseas chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra trí vóta scairshealbhóirí nó fostaithe, ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe a áirithiú go gcuirfear vótálaithe ar an eolas go cuí maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear na pionóis a ghearrfaí ar an gcuideachta liostaithe i gcás neamhchomhlíonta.

Airteagal 7

Tuairisciú

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla, uair sa bhliain, faoi ionadaíocht inscne ar a mboird, lena ndéantar idirdhealú idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus maidir leis na bearta arna ndéanamh d’fhonn na cuspóirí is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb infheidhme, na cuspóirí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5(2) a bhaint amach. Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach iomchuí, a mbeidh rochtain éasca uirthi, ar a suímh ghréasáin. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear, déanfaidh na Ballstáit liosta de na cuideachtaí liostaithe a bhfuil ceachtar de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) bainte amach acu a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar bhealach láraithe agus a mbeidh rochtain éasca air.

2.   I gcás nach mbainfidh cuideachta liostaithe amach ceann de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) ná, i gcás inarb infheidhme, na cuspóirí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5(2), áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cúiseanna nár baineadh amach na cuspóirí agus tuairisc chuimsitheach ar na bearta atá déanta cheana ag an gcuideachta liostaithe nó atá beartaithe aici a dhéanamh chun iad a bhaint amach.

3.   I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i ráiteas rialachais chorparáidigh na cuideachta freisin, i gcomhréir le forálacha ábhartha Threoir 2013/34/AE.

4.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i mBallstát a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12 i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’oibleagáidí maidir le tuairisciú lena n-áirithítear go bhfoilseofar go rialta faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag cuideachtaí liostaithe go mbeadh ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar a mboird.

Airteagal 8

Pionóis agus bearta breise

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe forálacha náisiúnta arna ndéanamh ag cuideachtaí liostaithe, ar forálacha iad a glacadh de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagail 6 agus 7, de réir mar is infheidhme, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leordhóthanacha ar fáil ionas gur féidir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfar a bheith i gceist le pionóis den sórt sin fíneálacha nó an deis a bheith ag comhlacht breithiúnach cinneadh a bhaineann le roghnú stiúrthóirí arna dhéanamh contrártha leis na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 6 a chur ar neamhní nó a dhearbhú go bhfuil sé ar neamhní go hiomlán. Tabharfaidh na Ballstáit faoin 28 Nollaig 2024, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ní fhéadfar cuideachtaí liostaithe a chur faoi dhliteanas ach amháin i leith gníomhaíochtaí nó easnaimh is féidir a chur i leith na gcuideachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

Airteagal 9

Ceanglais íosta

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a áirithiú i leith cuideachtaí liostaithe arna n-ionchorprú ina gcríoch náisiúnta.

Airteagal 10

Comhlachtaí chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn i gcuideachtaí liostaithe

Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó chun cothromaíocht inscne ar bhoird a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi. Chun na críche sin, féadfaidh Ballstáit, mar shampla, na comhlachtaí comhionannais sin atá ainmnithe acu i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a ainmniú.

Airteagal 11

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Nollaig 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Maidir le Ballstáit a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12, cuirfidh siad in iúl láithreach don Choimisiún an fhaisnéis lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Cur i bhfeidhm Airteagal 6 a chur ar fionraí

1.   Féadfaidh Ballstát cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) a chur ar fionraí, i gcás inar comhlíonadh, faoin 27 Nollaig 2022, na coinníollacha uile seo a leanas sa Bhallstát sin:

(a)

is ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 30 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe; nó

(b)

maidir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin:

(i)

ceanglaítear leis gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe 30 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe;

(ii)

áirítear ann bearta forfheidhmithe éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (i); agus

(iii)

ceanglaítear leis go socróidh na cuideachtaí liostaithe go léir nach gcumhdaítear leis an dlí náisiúnta sin cuspóirí cainníochtúla aonair do na poist stiúrthóra uile.

I gcás inar chuir Ballstát cur chun feidhme Airteagal 6 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 5(2) ar fionraí ar bhonn ceachtar de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, measfar gur baineadh amach na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) sa Bhallstát sin.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh fionraí ar bhonn mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b), is é líon na bpost stiúrthóra a bheidh ag teastáil an líon is gaire don chion 30 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % de na poist stiúrthóra uile, ach nach mó ná 39 %. Is amhlaidh a bheidh freisin sa chás inarb amhlaidh, de bhun an dlí náisiúnta, go gcuirtear na cuspóirí cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 5 i bhfeidhm ar leithligh maidir le hionadaithe scairshealbhóirí agus ionadaithe na bhfostaithe.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo i mBallstát a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 5(2) ar fionraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) ar a dhéanaí 6 mhí tar éis do choinníollacha den sórt sin scor de bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 13

Athbhreithniú

1.   Faoin 29 Nollaig 2025, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar i dtuarascáil den sórt sin, faisnéis chuimsitheach faoi na bearta arna ndéanamh d’fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) a bhaint amach, faisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 7 agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis ionadaíoch faoi chuspóirí cainníochtúla aonair a leag cuideachtaí liostaithe síos de bhun Airteagal 5(2).

2.   Na Ballstáit a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) ar fionraí de bhun Airteagal 12, áireoidh siad sna tuarascálacha a luaitear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis lena léirítear an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 á gcomhlíonadh agus conas a dhéantar amhlaidh agus lena léirítear an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí acu maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe.

Faoin 29 Nollaig 2026, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Coimisiún tuarascáil shonrach ina bhfionnfar, inter alia, an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) á gcomhlíonadh agus conas a dhéantar amhlaidh agus, de réir mar is infheidhme, ar thosaigh na Ballstáit ar Airteagal 6 agus Airteagal 5(2) a chur i bhfeidhm arís, i gcomhréir le hAirteagal 12(3).

3.   Faoin 31 Nollaig 2030, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go háirithe féachaint ar baineadh amach nó nár baineadh amach cuspóirí na Treorach seo.

4.   Sa tuarascáil uaidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i bhfianaise forbairtí maidir le hionadaíocht idir mná agus fir ar bhoird ar leibhéil éagsúla chinnteoireachta ar fud an gheilleagair, agus á chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta inbhuanaithe go leor, an ionstraim éifeachtúil agus éifeachtach é an Treoir seo chun cothromaíocht inscne ar bhoird a mhéadú. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, breithneoidh an Coimisiún an bhfuil gá le síneadh a chur le ré na Treorach seo thar an 31 Nollaig 2038 nó an gá í a leasú, mar shampla trína raon feidhme a leathnú chuig cuideachtaí neamhliostaithe nach dtagann faoin sainmhíniú ar FBManna nó trí athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), chun dul chun cinn leanúnach a áirithiú le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc poist stiúrthóra feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin nó poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2038.

Airteagal 15

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 68.

(2)  IO C 218, 30.7.2013, lch. 33.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (IO C 436, 24.11.2016, lch. 225) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2022 (IO C 433, 15.11.2022, lch. 14).

(4)  Moladh 84/635/CEE ón gComhairle an 13 Nollaig 1984 maidir le gníomhaíocht dhearfach do mhná a chur chun cinn (IO L 331, 19.12.1984, lch. 34).

(5)  Moladh 96/694/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 1996 maidir le rannpháirtíocht chothrom ban agus fear sa phróiseas cinnteoireachta (IO L 319, 10.12.1996, lch. 11).

(6)  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/05/08/the-porto-declaration/

(7)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(8)  Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17).

(9)  Féach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 1995, Kalanke v Freie Hansestadt Bremen, C-450/93, ECLI:EU:C:1995:322; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Samhain 1997, Marschall v Land Nordrhein-Westfalen, C-409/95, ECLI:EU:C:1997:533; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Márta 2000. Badeck and Others, C-158/97, ECLI:EU:C:2000:163; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Iúil 2000Abrahamsson and Anderson, C-407/98, ECLI:EU:C:2000:367.

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(12)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(13)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

SPRIOCLÍONTA NA STIÚRTHÓIRÍ DEN GHNÉAS TEARCIONADAITHE

Líon na bpost ar an mbord

An líon íosta stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin den ghnéas tearcionadaithe is gá chun an cuspóir 40 % a chomhlíonadh (Airteagal 5(1), pointe (a))

An líon íosta stiúrthóirí den ghnéas tearcionadaithe is gá chun an cuspóir 33 % a chomhlíonadh (Airteagal 5(1), pointe (b))

1

-

-

2

-

-

3

1 (33,3  %)

1 (33,3  %)

4

1 (25  %)

1 (25  %)

5

2 (40  %)

2 (40  %)

6

2 (33,3  %)

2 (33,3  %)

7

3 (42,9  %)

2 (28,6  %)

8

3 (37,5  %)

3 (37,5  %)

9

4 (44,4  %)

3 (33,3  %)

10

4 (40  %)

3 (30  %)

11

4 (36,4  %)

4 (36,4  %)

12

5 (41,7  %)

4 (33,3  %)

13

5 (38,4  %)

4 (30,8  %)

14

6 (42,9  %)

5 (35,7  %)

15

6 (40  %)

5 (33,3  %)

16

6 (37,5  %)

5 (31,3  %)

17

7 (41,2  %)

6 (35,3  %)

18

7 (38,9  %)

6 (33,3  %)

19

8 (42,1  %)

6 (31,6  %)

20

8 (40  %)

7 (35  %)

21

8 (38,1  %)

7 (33,3  %)

22

9 (40,1  %)

7 (31,8  %)

23

9 (39,1  %)

8 (34,8  %)

24

10 (41,7  %)

8 (33,3  %)

25

10 (40  %)

8 (32  %)

26

10 (38,5  %)

9 (34,6  %)

27

11 (40,7  %)

9 (33,3  %)

28

11 (39,3  %)

9 (32,1  %)

29

12 (41,4  %)

10 (34,5  %)

30

12 (40  %)

10 (33,3  %)


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/60


RIALACHÁN (AE) 2022/2382 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Nollaig 2022

lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 maidir le soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 ag soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó ag soithí atá cláraithe sa Phortaingéil.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an bPortaingéil le haghaidh an stoic roc dústríoctha in uiscí an Aontais i gcrios 9 le haghaidh 2022 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear toirmeasc ar iascaireacht an stoic dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh soithí a bhfuil bratach na Portaingéile ar foluain acu nó soithí atá cláraithe sa Phortaingéil. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg, ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascach a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh, ón stoc a ghabh na soithí sin, a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

12/TQ109

An Ballstát

An Phortaingéil

Stoc

RJU/9-C

Speiceas

Roc dústríoctha (Raja undulata)

Crios

Uiscí an Aontais i gcrios 9

Dáta deiridh

19.11.2022


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/63


RIALACHÁN (AE) 2022/2383 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Nollaig 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 a mhéid a bhaineann le cineálcheadú feithiclí saothair throm a úsáideann bithdhíosal íon i leith astaíochtaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(3), Airteagal 5(4) agus Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór d’fheithiclí a chineálcheadaítear san Aontas a bheith in ann rith ar bhithdhíosal íon agus ar chumaisc éagsúla de bhithdhíosal agus de bhreoslaí iontaise i gcás inar gá.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (2), ceanglaítear le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí agus inneall i leith astaíochtaí go n-áirithíonn an monaróir go gcomhlíontar na sonraíochtaí maidir le breoslaí tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán sin agus a úsáidtear le haghaidh tástálacha cineálcheadaithe.

(3)

Ní liostaítear an bithdhíosal íon (FAME B100) in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 mar bhreosla tagartha le haghaidh chineálcheadú na bhfeithiclí saothair throm i leith astaíochtaí. Ní mór tástáil chineálcheadaithe a dhéanamh go dúbailte ar dhíosal (B7) agus ar bhithdhíosal (B100) araon chun comhlíonadh na gceangaltas maidir le hastaíochtaí a léiriú. Chun dúbláil na tástála a íoslaghdú agus chun an deimhniúchán le haghaidh úsáid bithdhíosail íon agus cumasc bithdhíosail (amhail FAME B20/B30) a éascú, is gá sonraíochtaí a thabhairt isteach le haghaidh an bhithdhíosail íon mar bhreosla tagartha, agus iad bunaithe ar chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha. Ba cheart a cheadú go léireofaí comhlíonadh na gceangaltas tástála astaíochtaí le haghaidh cineálcheadú B100 trí thástáil astaíochtaí le bithdhíosal íon a dhéanamh ar an máthair-inneall. Féadfar aon chumasc bithbhreosla a roghnú le haghaidh na tástála comhréireachta inseirbhíse is gá.

(4)

Chun feithiclí a bhfuil inneall formheasta iontu a fhormheas, is gá aguisín maidir le sonraíochtaí an deimhnithe ar chineálcheadú.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Theicniúil – Mótarfheithiclí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 188, 18.7.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear i bhfeidhm agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lch. 1)


IARSCRÍBHINN

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I le rialachán (AE) Uimh. 582/2011 mar a leanas:

(a)

I bpointe 1.1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Má cheadaíonn an monaróir go ritear an aicme inneall ar bhreoslaí margaidh nach gcomhlíonann ceachtar den dá rud, mar atá, Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus caighdeán CEN EN 228 2012 i gcás peitreal gan luaidhe nó caighdeán CEN EN 590:2013 i gcás díosail nó caighdeán CEN EN 14214:2012+A2:2019 i gcás FAME B100, eadhon ar bhreoslaí amhail breosla pairifíneach (caighdeán CEN EN 15940) nó breoslaí eile, comhlíonfaidh an monaróir na ceanglais seo a leanas sa bhreis ar na ceanglais i bpointe 1.1.1”;

(*1)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).”;"

(b)

tar éis phointe 1.3 cuirtear na pointí seo a leanas isteach 1.4 agus 1.4.1:

“1.4.   Ceanglais maidir le cineálcheadú B100

1.4.1.

Cineálcheadú aicme B100 ar tástáladh máthair-inneall léi ar FAME B100, cumhdóidh sé gach inneall den aicme sin agus gach cumasc bithdhíosail arb airde a chion FAME ná an cion FAME i FAME B30 (caighdeán CEN EN 16709) gan tuilleadh tástála. Féadfar cumaisc bhithdhíosal is ísle cion FAME ná sin a chumhdach leis an gcineálcheadú más rud é go gcomhlíontar ceanglais an rialacháin seo i gcás na gcumasc siúd gan aon choigeartú a dhéanamh ar an bhfeithicil. I gcás den sórt sin dearbhóidh an monaróir na cumaisc bhithdhíosail ar féidir an aicme inneall a rith orthu i bpointe 3.2.2.2.1 den Doiciméad Faisnéise mar a leagtar amach i gCuid 1 d’Fhoscríbhinn 4. Má chinneann an túdarás cineálcheadaithe nach bhfuil an t-iarratas a chuirtear faoina bhráid lánionadaíoch, féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe cumaisc bhithdhíosail seachas FAME B100 a roghnú agus déanfar tástáil orthusan.”;

(c)

cuirtear isteach an pointe 3.2.1.7. seo a leanas:

“3.2.1.7.

I gcás chineálcheadú B100, beidh ‘B100’ sa mharc cineálcheadaithe i ndiaidh an tsiombail náisiúnta.”;

(d)

I bhFoscríbhinn 4, CUID 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.2.2:

“3.2.2.2.

Feithiclí saothair throm Díosal/Peitreal/GPL/GN-H/GN-L/GN-HL/Eatánól (ED95)/Eatánól (E85)/GNL (gás nádúrtha leachtaithe)/GNL20/B100 (1) (6)”;

(e)

San aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.1.5:

“1.1.5.

Catagóir an innill: Díosal/Peitreal/GPL/GN-H/GN-L/GN-HL/Eatánól (ED95)/Eatánól (E85)/GNL (gás nádúrtha leachtaithe)/GNL20/B100 (1)”;

(f)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8 d’Fhoscríbhinn 6:

“8.

Síniú:

Ceangaltán: Pacáiste faisnéise.

Tuarascáil tástála.

Aguisín”

(g)

Cuirtear an Aguisín seo a leanas le Foscríbhinn 6:

“Aguisín

le deimhniú CE ar chineálcheadú Uimh. …

1.   FAISNÉIS BHREISE

1.1.

Sonraí le líonadh isteach i ndáil le cineálcheadú feithicle a bhfuil inneall formheasta suiteáilte inti:

1.1.1.

Déantús an innill (ainm an ghnóthais):

1.1.2.

Cineál agus tuairisc thráchtála (luaitear aon leagan malartach):

1.1.3.

Cód an mhonaróra mar atá marcáilte ar an inneall:

1.1.4.

Catagóir na feithicle (más infheidhme) (b):

1.1.5.

Catagóir an innill: Díosal/Peitreal/GPL/GN-H/GN-L/GN-HL/Eatánól (ED95)/Eatánól (E85)/GNL (gás nádúrtha leachtaithe)/GNL20/B100 (1):

1.1.5.1.

Cineál innill débhreosla: Cineál 1A/Cineál 1B/Cineál 2A/Cineál 2B/Cineál 3B (1)(d1):

1.1.6.

Ainm agus seoladh an mhonaróra:

1.1.7.

Ainm agus seoladh ionadaí údaraithe an mhonaróra (más ann dó):

1.2.

Má tá an t-inneall dá dtagraítear in 1.1 cineálcheadaithe mar aonad teicniúil faoi leith:

1.2.1.

Uimhir chineálcheadaithe an innill/na haicme inneall (1):

1.2.2.

Uimhir chalabrúcháin bogearraí an Chórais Stiúrtha Innill:

1.3.

Sonraí le comhlíonadh i ndáil le cineálcheadú innill/aicme inneall (1) mar aonad teicniúil faoi leith (coinníollacha atá le comhlíonadh agus an t-inneall á shuiteáil i bhfeithicil):

1.3.1.

Ísliú ionduchtaithe uasta agus/nó íosta:

1.3.2.

Cúlbhrú incheadaithe uasta:

1.3.3.

Toirt an sceithchórais:

1.3.4.

Srianta úsáide (más ann dóibh):

1.4.

Leibhéil astaíochtaí an innill/an mháthair-innill (1)

Toisc Mheatha (DF): ríofa/seasta (1)

Sonraigh na luachanna DF agus na hastaíochtaí le linn na dtástálacha WHSC (más infheidhme) agus WHTC sa tábla thíos

1.4.1.

Tástáil WHSC

Tábla 4

Tástáil WHSC

Tástáil WHSC (más infheidhme) (10)(d5)

DF

CO

HCI

HCNM (d4)

NOX

Mais ÁC

NH3

Líon ÁC

Iolr/suim (1)

 

 

 

 

 

 

 

Astaíochtaí

CO

(mg/kWh)

HCI

(mg/kWh)

HCNM (d4)

(mg/kWh)

NOx

(mg/kWh)

Mais ÁC

(mg/kWh)

NH3

ppm

Líon ÁC

(#/kWh)

Toradh tástála

 

 

 

 

 

 

 

Arna ríomh le DF

 

 

 

 

 

 

 

Astaíocht maise CO2: … g/kWh

Ídiú breosla … g/kWh

1.4.2.

Tástáil WHTC

Tábla 5

Tástáil WHTC

Tástáil WHTC (10)(d5)

DF

CO

HCI

HCNM (d4)

CH4 (d4)

NOx

Mais ÁC

NH3

Líon ÁC

Iolr/suim (1)

 

 

 

 

 

 

 

 

Astaíochtaí

CO

(mg/kWh)

HCI

(mg/kWh)

HCNM (d4)

(mg/kWh)

CH4 (d4)

(mg/kWh)

NOx

(mg/kWh)

Mais ÁC

(mg/kWh)

NH3

ppm

Líon ÁC

(#/kWh)

Fuarthosú

 

 

 

 

 

 

 

 

Tosú te gan athghiniúint

 

 

 

 

 

 

 

 

Tosú te le hathghiniúint (1)

 

 

 

 

 

 

 

 

kr,u (iolr/suim) (1)

 

 

 

 

 

 

 

 

kr,u (iolr/suim) (1)

Toradh tástála ualaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

Toradh tástála críochnaitheach le DF

 

 

 

 

 

 

 

 

Astaíocht maise CO2: … g/kWh

Ídiú breosla: … g/kWh

1.4.3.

Tástáil faoi luas réchasta

Tábla 6

Tástáil faoi luas réchasta

Tástáil

Luach CO

(% toirte)

Lambda (1)

Luas innill (nóim–1)

Teocht ola innill (°C)

Tástáil faoi luas réchasta íseal

 

Ní infheidhme

 

 

Tástáil faoi luas réchasta ard

 

 

 

 

1.4.4.

Tástáil léirithe PEMS

Tábla 6a

Tástáil léirithe PEMS

Cineál feithicle (e.g. 3, N3 agus feidhm e.g. trucail righin nó altach, bus cathrach)

 

Tuairisc na feithicle (e.g. déanamh na feithicle, fréamhshamhail)

 

Torthaí pas-teip (7)

CO

HCI

HCNM

CH4

NOx

Líon ÁC

Fachtóir comhlíontachta na fuinneoige oibre (11)

 

 

 

 

 

 

Fachtóir comhlíontachta na fuinneoige maise CO2 (11)

 

 

 

 

 

 

Faisnéis turais

Uirbeach

Tuaithe

Mótarbhealach

Cion an ama turais a rinneadh faoi oibríocht uirbeach, tuaithe nó mótarbhealaigh mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe 4.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011

 

 

 

Cion an ama turais a rinneadh faoi luasghéarú, faoi luasmhoilliú, ar cúrsáil agus ar stad, mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe 4.5.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 582/2011

 

 

 

 

Íosmhéid

Uasmhéid

Meánchumhacht na fuinneoige oibre (%)

 

 

Fad na fuinneoige maise CO2 (s)

 

 

Fuinneog oibre: céatadán fuinneog bailí

 

Fuinneog maise CO2: céatadán fuinneog bailí

 

Cóimheas comhsheasmhachta ídithe breosla

 

1.5

Tomhas cumhachta

1.5.1.

Cumhacht an innill arna tomhas ar bhinse tástála

Tábla 7

Cumhacht an innill arna tomhas ar bhinse tástála

Luas tomhaiste an innill (isn)

 

 

 

 

 

 

 

Ráta tomhaiste sreafa breosla (g/u)

 

 

 

 

 

 

 

Casmhóimint thomhaiste (Nm)

 

 

 

 

 

 

 

Cumhacht thomhaiste (kW)

 

 

 

 

 

 

 

Brú baraiméadrach (kPa)

 

 

 

 

 

 

 

Brú gaile uisce (kPa)

 

 

 

 

 

 

 

Teocht aeir iontógála (K)

 

 

 

 

 

 

 

Fachtóir ceartaithe cumhachta

 

 

 

 

 

 

 

Cumhacht cheartaithe (kW)

 

 

 

 

 

 

 

Cumhacht cheartaithe (kW) (1)

 

 

 

 

 

 

 

Glanchumhacht (kW)

 

 

 

 

 

 

 

Glan-chasmhóimint (Nm)

 

 

 

 

 

 

 

Ídiú breosla sonrach ceartaithe (g/kWh)

 

 

 

 

 

 

 

1.5.2.

Sonraí breise, e.g. an fachtóir ceartaithe cumhachta le aghaidh gach breosla a dearbhaíodh (más infheidhme)
;

(h)

San Aguisín a ghabhann le Foscríbhinn 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.1.5:

“1.1.5.

Catagóir an innill: Díosal/Peitreal/GPL/GN-H/GN-L/GN-HL/Eatánól (ED95)/Eatánól (E85)/GNL (gás nádúrtha leachtaithe)/GNL20/B100 (1)”;

(2)

Cuirtear an abairt seo a leanas le hIarscríbhinn II, pointe 4.4.2:

“I gcás chineálcheadú B100, féadfaidh na húdaráis cineálcheadaithe a cheangal go dtástálfar an fheithicil ar bhithdhíosal a bhfuil cion ar bith FAME ann.”;

(3)

In Iarscríbhinn IX, faoin gceannteideal “Sonraí teicniúla maidir le breoslaí chun tástáil a dhéanamh ar innill adhainte comhbhrú agus innill débhreosla”, cuirtear an tábla seo a leanas isteach tar éis an tábla “Cineál: Díosal (B7)”:

“Cineál: Bithdhíosal íon (B100) le haghaidh innill adhainte comhbhrú

Paraiméadar

Aonad

Teorainneacha

Modh tástála

Íosmhéid

Uasmhéid

Cion FAME

% (m/m)

96,5

EN 14103

Dlús ag 15 °C

kg/m3

860

900

EN ISO 3675

EN ISO 12185

Slaodacht ag 40 °C  (1)

mm2/s

3,50

5,00

EN ISO 3104

EN 16896

Splancphointe

°C

101

EN ISO 2719

EN ISO 3679  (2)

Ceatánuimhir  (3)

51,0

EN ISO 5165

EN 15195

EN 16715

EN 17155

Creimeadh stráice copair (3 u ag 50 °C)

Rátáil

aicme 1

EN ISO 2160

Cobhsaíocht ocsaídiúcháin (ag 110 °C)

u

8,0

EN 14112

EN 15751

Luach aigéid

mg KOH/g

0,50

EN 14104

Luach iaidín

g iaidín/100 g

120

EN 14111

EN 16300

Eistear meitile aigéid lionóiléigh

% (m/m)

12,0

EN 14103

Eistir mheitile il-neamhsháithithe (≥ 4 nasc dúbailte)

% (m/m)

1,00

EN 15779

Cion meatánóil

% (m/m)

0,20

EN 14110

Cion monaiglicríde

% (m/m)

0,70

EN 14105

Cion déghlicríde

% (m/m)

0,20

EN 14105

Cion tríghlicríde

% (m/m)

0,20

EN 14105

Gliocról saor

% (m/m)

0,02

EN 14105

EN 14106

Gliocról iomlán

% (m/m)

0,25

EN 14105

Cion uisce

% (m/m)

0,050

EN ISO 12937

Éilliú iomlán

mg/kg

24

EN 12662

Cion luatha sulfáitithe

% (m/m)

0,02

ISO 3987

Cion sulfair

mg/kg

10,0

EN ISO 20846

EN ISO 20884

EN ISO 13032

Miotail ghrúpa I (Na+K)

mg/kg

5,0

EN 14108

EN 14109

EN 14538

Miotail ghrúpa II (Ca+Mg)

mg/kg

5,0

EN 14538

Cion fosfair

mg/kg

4,0

EN 14107

EN 16294


(*1)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).”;”


(1)  Más lú ná – 20 °C an t-íosteacht insíothlaitheachta, tomhaisfear an tslaodacht ag – 20 °C. Ní bheidh an luach tomhaiste níos mó ná 48 mm2/s. Sá chás sin, tá na modhanna tástála caighdeánacha infheidhme gan na sonraí beachtais i ngeall ar iompar neamh-Niútanach i gcóras déphasach.

(2)  Úsáidfear sampla 2 ml agus fearas feistithe le gaireas brathadóireachta teirmí.

(3)  Níl suí na ceatánuimhreach díorthaithe le haghaidh FAME san áireamh i gcinntí beachtais roinnt de na modhanna tástála.”


CINNTÍ

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/71


CINNEADH (AE) 2022/2384 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2022

maidir leis an modhnú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar Sceideal an Aontais de Cheangaltais Shonracha faoin gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) a fhormheas chun Iarscríbhinn 1 den Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí a ionchorprú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91, 100(2) agus 207(4), an chéad fho-mhír i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ag an 11ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), d’eisigh grúpa de 59 gComhalta EDT, lena n-áirítear an tAontas, Ráiteas Comhpháirteach Aireachta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí lenar sheol siad tionscnamh iltaobhach chun caibidlíocht a dhéanamh ar dhisciplíní ar rialáil intíre seirbhísí.

(2)

Rinne an Coimisiún caibidlíocht i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 207(3) den Chonradh. Mhéadaigh líon na rannpháirtithe sa Tionscnamh Comhráiteas iltaobhach sin go 67 gComhalta EDT le himeacht aimsire.

(3)

An 2 Nollaig 2021, d’eisigh na rannpháirtithe sa chaibidlíocht sin Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (“an Dearbhú”), lenar fógraíodh gur tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil. Thug na rannpháirtithe dá n-aire gur tugadh an chaibidlíocht i gcrích maidir leis an bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí, a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin Sceidil GATS de Cheangaltais Shonracha a thíolaic Comhaltaí EDT mar rannchuidiú uathu chun bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht agus a bhí ag gabháil leis an Dearbhú mar Iarscríbhinn 2.

(4)

Tá sé beartaithe ag rannpháirtithe an Dearbhaithe na disciplíní a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú a ionchorprú mar cheangaltais bhreise ina Sceidil GATS de Cheangaltais Shonracha, i gcomhréir le Roinn 1 den Iarscríbhinn sin. I gcomhréir le mír 5 den Dearbhú, tá sé d’aidhm ag na rannpháirtithe a Sceidil GATS de Cheangaltais Shonracha a chur isteach lena ndeimhniú, de bhun na Nósanna Imeachta maidir le Deimhniúchán Ceartúcháin nó Feabhsúcháin a ghabhann le Sceidil de Cheangaltais Shonracha, laistigh de 12 mhí ó dháta an Dearbhaithe, faoi réir aon nós imeachta intíre is gá a chur i gcrích.

(5)

I gcomhréir leis an Dearbhú, ba cheart don Aontas na modhnuithe is gá ar Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha a chur faoi bhráid EDT, mar a leagtar amach i Sceideal Réamh Chríochnaithe an Aontais de Cheangaltais Shonracha,

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, ionchorprú na ndisciplíní a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú mar cheangaltais bhreise i Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha a fhormheas thar ceann an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar ionchorprú na ndisciplíní a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí i Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Cuirtear téacs an Dearbhaithe agus Sceideal Réamh-Chríochnaithe an Aontais de Cheangaltais Shonracha i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear don Choimisiún a chur faoi bhráid EDT na modhnuithe is gá ar Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha, mar atá leagtha amach i Sceideal Réamh-Chríochnaithe an Aontais de Cheangaltais Shonracha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Toiliú an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


WT/L/1129 an 2 Nollaig 2021

DEARBHÚ MAIDIR LE TABHAIRT I gCRÍCH NA CAIBIDLÍOCHTA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

Tá an dearbhú seo á eisiúint arna iarraidh sin don Albáin; an Airgintín; an Astráil; Bairéin, Ríocht Bhairéin; an Bhrasaíl; Ceanada; an tSile; an tSín; an Cholóim; Cósta Ríce; an tSalvadóir; an tAontas Eorpach; Hong Cong na Síne; an Íoslainn; Iosrael; an tSeapáin; an Chasacstáin; an Chóiré, Poblacht na Cóiré; Lichtinstéin; Oileán Mhuirís; Meicsiceo; an Mholdóiv, Poblacht na Moldóive; Montainéagró; an Nua-Shéalainn; an Nigéir; an Mhacadóin Thuaidh; an Iorua; Paragua; Peiriú; na hOileáin Fhilipíneacha; an Rúis, Cónaidhm na Rúise; an Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí; Singeapór; an Eilvéis; Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu; an Téalainn; an Tuirc; an Úcráin; an Ríocht Aontaithe; na Stáit Aontaithe; Uragua.

1.

Tá na Comhaltaí seo a leanas den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”)

 

An Albáin

 

An Airgintín

 

An Astráil

 

Ríocht Bhairéin

 

An Bhrasaíl

 

Ceanada

 

An tSile

 

An tSín

 

An Cholóim

 

Cósta Ríce

 

An tSalvadóir

 

An tAontas Eorpach

 

Hong Cong, an tSín

 

An Íoslainn

 

Iosrael

 

An tSeapáin

 

An Chasacstáin

 

An Chóiré, Poblacht na Cóiré

 

Lichtinstéin

 

Oileán Mhuirís

 

Meicsiceo

 

An Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)

 

Montainéagró

 

An Nua-Shéalainn

 

An Nigéir

 

An Mhacadóin Thuaidh

 

An Iorua

 

Paragua

 

Peiriú

 

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

Cónaidhm na Rúise

 

An Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí

 

Singeapór

 

An Eilvéis

 

Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu

 

An Téalainn

 

An Tuirc

 

An Úcráin

 

An Ríocht Aontaithe

 

Stáit Aontaithe Mheiriceá

 

Uragua

dá ngairtear na “Rannpháirtithe” anseo feasta,

 

ag leanúint den ghealltanas a fógraíodh an 13 Nollaig 2017 ag an 11ú Seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (WT/MIN(17)/61), agus a athdhearbhaíodh an 23 Bealtaine 2019 (WT/L/1059), agus ag leanúint de thábhacht an dea-chleachtais rialála a aithint maidir le héascú na trádála i seirbhísí,

 

á fhógairt leis seo gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.

2.

Tugann na Rannpháirtithe dá n-aire tabhairt i gcrích na caibidlíochta faoin bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (INF/SDR/2, an 26 Samhain 2021, Iarscríbhinn 1).

3.

Is díol sásaimh do na Rannpháirtithe na Sceidil Gealltanas Sonrach (INF/SDR/3/Rev.1, an 2 Nollaig 2021, Iarscríbhinn 2) a cuireadh isteach mar aighneachtaí uathu chun an chaibidlíocht a chríochnú.

4.

Tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

5.

Faoi réir críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear, tá sé d’aidhm ag na Rannpháirtithe a gcuid Sceideal Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú, i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta um Dheimhniú Ceartúcháin nó Feabhsuithe ar Sceidil Gealltanas Sonrach (S/L/84, an 14 Aibreán 2000), laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an Dearbhaithe seo.

6.

Laistigh de shé mhí ó dháta an Dearbhaithe seo, tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe teacht le chéile chun eolas a thabhairt faoin dul chun cinn atá déanta acu maidir le críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear agus chun measúnú a dhéanamh an féidir a Sceidil Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú níos luaithe ná an tréimhse ama a shonraítear i mír 5.

7.

Fáiltíonn na Rannpháirtithe roimh aon Chomhalta eile de EDT a aontóidh leis an dearbhú seo d’fhonn na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

IARSCRÍBHINN 1

INF/SDR/2 an 26 Samhain 2021

TIONSCNAMH COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

PÁIPÉAR TAGARTHA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

ROINN I

1.

Tá na Comhaltaí tar éis teacht ar chomhaontú faoi na disciplíní maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí sa Pháipéar Tagartha seo (“disciplíní”) chun forbairt a dhéanamh ar fhorálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (“Comhaontú”), de bhun mhír 4 d’Airteagal VI den Chomhaontú (1).

2.

Aithníonn na Comhaltaí na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag soláthróirí seirbhíse, go háirithe ag soláthróirí i gComhaltaí ar tíortha atá i mbéal forbartha iad, chun na bearta a chomhlíonadh a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, ceanglais agus nósanna imeachta um cháilíochtaí, agus caighdeáin theicniúla na gComhaltaí eile agus go háirithe, na deacrachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith ag soláthróirí seirbhíse ó na Comhaltaí arb iad na tíortha is lú forbairt iad.

3.

Aithníonn na Comhaltaí an ceart chun rialáil a dhéanamh, agus chun rialacháin nua a thabhairt isteach, maidir le soláthar seirbhísí laistigh dá gcríocha chun a gcuspóirí beartais a bhaint amach.

4.

Thairis sin, aithníonn na Comhaltaí go bhfuil neamhshiméadrachtaí ann maidir lena fhorbartha atá na rialacháin seirbhísí ó thír go chéile, go háirithe i gcás na gComhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha nó tíortha is lú forbairt iad.

5.

Ní fhorléireofar go ndéanann na disciplíní aon fhoráil rialála ar leith a fhorordú ná a fhorchur maidir lena gcur chun feidhme.

6.

Ní fhorléireofar go ndéanann na disciplíní laghdú ar aon oibleagáidí atá ar na Comhaltaí faoin gComhaontú.

Cumhdach Earnála agus Módúlachtaí Sceidealta

7.

Cuirfidh na Comhaltaí na disciplíní in Roinn II isteach ina Sceidil mar ghealltanais bhreise faoi Airteagal XVIII den Chomhaontú. Féadfaidh na Comhaltaí a roghnú na disciplíní malartacha i Roinn III a chur isteach i gcás a ngealltanas maidir le seirbhísí airgeadais.

8.

Beidh feidhm ag na disciplíní arna gcur isteach de bhun mhír 7 den Roinn seo i gcás ina ndéantar gealltanais shonracha a ghlacadh. Ina theannta sin, spreagtar na Comhaltaí le hearnálacha breise, ar earnálacha iad a bhfuil feidhm ag na disciplíní maidir leo, a chur isteach ina Sceidil.

9.

Féadfaidh na Comhaltaí an disciplín a leagtar amach i mír 22 (d) de Roinn II agus i mír 19 (d) de Roinn III a eisiamh ó na gealltanais bhreise a sceidealaítear faoi mhír 7 den roinn seo.

Forbairt

Idirthréimhsí le haghaidh na gComhaltaí ar Tíortha i mBéal Forbartha iad

10.

Féadfaidh Comhalta ar tír i mbéal forbartha é disciplíní sonracha a ainmniú lena gcur chun feidhme ar dháta tar éis idirthréimhse nach faide ná 7 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na ndisciplíní sin. Féadfar raon feidhme an ainmniúcháin a theorannú le nach gcuimseoidh sé ach earnálacha nó fo-earnálacha seirbhísí ar leith. Déanfar na hidirthréimhsí a chur isteach sna Sceidil gealltanas sonrach faoi seach. An Comhalta ar tír i mbéal forbartha é agus a bhfuil síneadh idirthréimhse de dhíth air le haghaidh an chur chun feidhme, déanfaidh sé iarraidh a chur isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha (2). Tabharfaidh na Comhaltaí breithniú comhbhách do dheonú iarrataí den sórt sin, agus cúinsí sonracha an Chomhalta a chuir an iarraidh isteach á gcur san áireamh.

Rannpháirtíocht na gComhaltaí ar Tíortha is lú Forbairt iad

11.

Déanfaidh na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad na disciplíní de bhun mhír 7 den Roinn seo a chur isteach ina Sceidil Gealltanas Sonrach, tráth nach déanaí ná sé mhí sula rachaidh siad ar aghaidh ón stádas “tír is lú forbairt”. Féadfaidh na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad, ag an am sin, idirthréimhsí a ainmniú de bhun mhír 10 den Roinn seo. Mar sin féin, spreagtar na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad leis na disciplíní sin a chur i bhfeidhm sula rachaidh siad ar aghaidh, a mhéid atá i gcomhréir lena n-acmhainn cur chun feidhme féin.

Cúnamh Teicniúil agus Fothú Cumais

12.

Spreagtar na Comhaltaí ar tíortha forbartha iad agus na Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, ach ar acmhainn dóibh é, le cúnamh teicniúil sonrach agus fothú cumais a chur ar fáil do Chomhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe do na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad, arna iarraidh sin dóibh agus ar théarmaí agus ar choinníollacha a chomhaontófar go frithpháirteach agus a bheidh dírithe, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(a)

cumais institiúideacha agus rialála a fhorbairt agus a neartú chun soláthar seirbhísí a rialáil agus chun na disciplíní sin a chur chun feidhme, go háirithe forálacha agus earnálacha a bhfuil feidhm ag idirthréimhsí maidir leo;

(b)

cúnamh a thabhairt do sholáthróirí seirbhísí i gComhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe sna Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad chun na ceanglais agus na nósanna imeachta ábhartha i margaí onnmhairiúcháin a chomhlíonadh;

(c)

bunú caighdeán teicniúil a éascú agus rannpháirtíocht sna heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a éascú do na Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe do na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad a bhfuil srianta acmhainní orthu; agus

(d)

cúnamh a thabhairt, trí chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, do sholáthróirí seirbhísí i gComhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe sna Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad chun a gcumas soláthair a fhorbairt agus chun an rialáil intíre a chomhlíonadh.

ROINN II – DISCIPLÍNÍ MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

Raon feidhme na nDisciplíní

1.

Tá feidhm ag na disciplíní seo maidir le bearta de chuid na gComhaltaí a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, le ceanglais agus nósanna imeachta um cháilíochtaí, agus le caighdeáin theicniúla a imríonn tionchar ar an trádáil i seirbhísí.

2.

Ní bhaineann na disciplíní seo le haon téarmaí, teorainneacha, coinníollacha ná cáilíochtaí atá leagtha amach i Sceideal Comhalta de bhun Airteagail XVI nó XVII den Chomhaontú.

3.

Chun críche na ndisciplíní seo, ciallaíonn “údarú” an cead seirbhís a sholáthar ar toradh é ar nós imeachta nach mór don iarratasóir cloí leis chun a léiriú go gcomhlíonann sé na ceanglais cheadúnúcháin, na ceanglais um cháilíochtaí, nó na caighdeáin theicniúla.

Iarratais a Chur Isteach

4.

Seachnóidh gach Comhalta, a mhéid is indéanta, a cheangal ar iarratasóir dul i dteagmháil le níos mó ná údarás inniúil amháin i dtaca le gach iarratas ar údarú. I gcás ina bhfuil seirbhís laistigh de dhlínse údarás inniúil iomadúil, is féidir go dteastóidh iarratais iomadúla ar údarú.

Cláir Ama le haghaidh Iarratas

5.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé go gceadóidh a údaráis inniúla, a mhéid is indéanta, go gcuirfear iarratas isteach aon tráth de bhliain (3). Más ann do thréimhse shonrach ama chun iarratas a dhéanamh ar údarú, cinnteoidh an Comhalta go gceadóidh na húdaráis inniúla tréimhse réasúnach ama chun iarratas a chur isteach.

Iarratais Leictreonacha agus Glacadh le Cóipeanna

6.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

agus na tosaíochtaí iomaíocha atá acu agus na srianta acmhainní atá orthu á gcur san áireamh, go ndéanfaidh siad a ndícheall glacadh le hiarratais i bhformáid leictreonach; agus

(b)

glacadh le cóipeanna de dhoiciméid, atá fíordheimhnithe de réir dhlí agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, in ionad doiciméad bunaidh, mura rud é go n-éilíonn na húdaráis inniúla doiciméid bhunaidh chun sláine an phróisis údarúcháin a chosaint.

Iarratais a Phróiseáil

7.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

a mhéid is indéanta, clár ama táscach a chur ar fáil le haghaidh iarratas a phróiseáil;

(b)

arna iarraidh sin don iarratasóir, faisnéis maidir le stádas an iarratais a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(c)

a mhéid is indéanta, iomláine iarratais ar phróiseáil faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta a fhionnadh gan moill mhíchuí;

(d)

má mheasann siad go bhfuil iarratas iomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta (4), laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

go ndéanfar próiseáil an iarratais a chur i gcrích; agus

(ii)

go gcuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl don iarratasóir (5), a mhéid is indéanta i scríbhinn (6);

(e)

má mheasann siad go bhfuil iarratas neamhiomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, a mhéid is indéanta, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

a chur in iúl don iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán;

(ii)

arna iarraidh sin don iarratasóir, sainaithint a dhéanamh ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú nó, seachas sin, treoir a thabhairt maidir leis an gcúis a meastar an t-iarratas a bheith neamhiomlán; agus

(iii)

deis a thabhairt don iarratasóir (7) an fhaisnéis bhreise a sholáthar chun an t-iarratas a chomhlánú;

mura bhfuil aon cheann de na nithe thuas indéanta, áfach, agus má dhiúltaítear don iarratas mar gheall ar é bheith neamhiomlán, a áirithiú go gcuireann siad an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta ama; agus

(f)

má dhiúltaítear d’iarratas, a mhéid is féidir, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna an diúltaithe agus, más infheidhme, faoi na nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach an athuair; níor cheart cosc a chur ar iarratasóir iarratas eile a chur isteach (8) ar an mbonn gur diúltaíodh iarratais roimhe sin agus ar an mbonn sin amháin.

8.

Áiritheoidh údaráis inniúla an Chomhalta go dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme (9).

Táillí

9.

Áiritheoidh gach Comhalta gur réasúnta agus trédhearcach iad na táillí údarúcháin (10) a ghearrfaidh a údaráis inniúla, go bhfuil siad bunaithe ar údarás atá leagtha amach i mbeart agus nach gcuirfidh siad srian iontu féin ar sholáthar na seirbhíse ábhartha.

Measúnú ar Cháilíochtaí

10.

Má éilíonn Comhalta scrúdú chun údarú le seirbhís a sholáthar a fháil, áiritheoidh an Comhalta sin go ndéanfaidh a údaráis inniúla scrúdú den sórt sin a sceidealú ag eatraimh réasúnta minice agus soláthróidh sé tréimhse réasúnach ama chun gur féidir le hiarratasóirí a iarraidh an scrúdú a dhéanamh. Ag féachaint do chostas, d’ualach riaracháin agus do shláine na nósanna imeachta lena mbaineann, moltar do na Chomhaltaí glacadh le hiarrataí i bhformáid leictreonach chun scrúduithe den sórt sin a dhéanamh, agus féachaint, a mhéid is indéanta, le modhanna leictreonacha a úsáid i ngnéithe eile de na próisis scrúdúcháin.

Aitheantas

11.

I gcás ina bhfuil suim ag comhlachtaí gairmiúla na gComhaltaí idirphlé a bhunú maidir le saincheisteanna a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, le ceadúnú nó le clárú, ba cheart do na Comhaltaí ábhartha féachaint le tacú le hidirphlé na gcomhlachtaí sin i gcás ina n-iarrtar sin agus inarb iomchuí.

Neamhspleáchas

12.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta go ndéanfaidh a údaráis inniúla a gcuid cinntí agus go riarfaidh siad a gcinntí ar bhealach atá neamhspleách ar aon soláthróir seirbhíse a bhfuil údarú ag teastáil ina leith (11).

Foilsiú agus Faisnéis atá ar fáil

13.

Má éilíonn Comhalta údarú le seirbhís a sholáthar, de bhun Airteagal III den Chomhaontú, foilseoidh an Comhalta go pras, sin nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí i scríbhinn (12), an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthróirí seirbhíse nó daoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar chun na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir leis an údarú sin a fháil, a choinneáil ar bun, a leasú agus a athnuachan. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, inter alia, a mhéid is ann di:

(a)

na ceanglais agus na nósanna imeachta;

(b)

sonraí teagmhála na n-údaráis inniúla ábhartha;

(c)

táillí;

(d)

caighdeáin theicniúla;

(e)

nósanna imeachta um achomharc nó athbhreithniú ar chinntí a bhaineann le hiarratais;

(f)

nósanna imeachta um fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas nó na gcáilíochtaí;

(g)

deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, amhail trí éisteachtaí nó tuairimí a thabhairt; agus

(h)

cláir ama tháscacha le haghaidh iarratas a phróiseáil.

Deis Barúlacha a thabhairt agus Faisnéis roimh Theacht i bhFeidhm

14.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, foilseoidh gach Comhalta (13) an méid seo a leanas roimh ré:

(a)

a dhlíthe agus a rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, dlíthe agus rialacháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1 den Roinn seo; nó

(b)

doiciméid inar leor na sonraí a thugtar maidir le dlí nó rialachán féideartha nua den sórt sin, chun deis a thabhairt do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a mheas an bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dá leasanna agus conas a dhéanfaí difear suntasach dóibh.

15.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar do gach Comhalta mír 14 den Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus rialuithe riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, nósanna imeachta agus rialacha riaracháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1 den Roinn seo.

16.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, tabharfaidh gach Comhalta deis réasúnach do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a barúlacha thabhairt maidir leis na bearta nó na doiciméid sin atá beartaithe a fhoilseofar faoi mhír 14 nó faoi mhír 15 den Roinn seo.

17.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, breithneoidh gach Comhalta na barúlacha a fuarthas faoi mhír 16 den Roinn seo (14).

18.

Agus dlí nó rialachán dá dtagraítear i mír 14 (a) den Roinn seo á fhoilsiú aige, nó roimh an bhfoilsiú sin, a mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar don Chomhalta cuspóir agus réasúnaíocht an dlí nó an rialacháin a mhíniú.

19.

Déanfaidh gach Comhalta, a mhéid is indéanta, iarracht tréimhse réasúnach a thabhairt idir foilsiú théacs dlí nó téacs rialacháin dá dtagraítear i mír 14 (a) den Roinn seo agus an dáta nach mór do sholáthróirí seirbhíse an dlí nó an rialachán a chomhlíonadh.

Pointí Fiosrúcháin

20.

Déanfaidh gach Comhalta sásraí iomchuí a choinneáil ar bun nó a bhunú chun freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ó sholáthróirí seirbhíse nó ó dhaoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Roinn seo (15). Féadfaidh Comhalta a roghnú aghaidh a thabhairt ar na fiosrúcháin sin trí na pointí fiosrúcháin agus teagmhála arna mbunú faoi Airteagail III agus IV den Chomhaontú nó trí aon sásra eile de réir mar is iomchuí.

Caighdeáin Theicniúla

21.

Molfaidh gach Comhalta dá n-údaráis inniúla, agus caighdeáin theicniúla á nglacadh aige, caighdeáin theicniúla a ghlacadh arna bhforbairt trí phróisis oscailte thrédhearcacha, agus molfaidh sé d’aon chomhlacht atá ainmnithe chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha (16), é sin a dhéanamh trí phróisis oscailte thrédhearcacha.

Forbairt na mBeart

22.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta:

(a)

go bhfuil na bearta sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus trédhearcach (17);

(b)

go bhfuil na nósanna imeachta neamhchlaonta, agus go bhfuil na nósanna imeachta leordhóthanach chun a léiriú an gcomhlíonann siad na ceanglais, más ann do cheanglais den sórt sin;

(c)

nach gcuireann na nósanna imeachta iontu féin cosc dochosanta ar chomhlíonadh na gceanglas; agus

(d)

nach ndéanann bearta den sórt sin idirdhealú idir fir agus mná (18).

ROINN III – DISCIPLÍNÍ MALARTACHA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

Raon Feidhme

1.

Bearta a dhéanann Comhaltaí um cheanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, agus um cheanglais agus nósanna imeachta cáiliúcháin a dhéanann difear do thrádáil i seirbhísí airgeadais, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn GATS maidir le Seirbhísí Airgeadais, tá feidhm ag na disciplíní seo maidir leis na bearta sin.

2.

Ní bhaineann na disciplíní seo le haon téarmaí, teorainneacha, coinníollacha ná cáilíochtaí atá leagtha amach i Sceideal Comhalta de bhun Airteagail XVI nó XVII den Chomhaontú.

3.

Chun críoch na ndisciplíní seo, ciallaíonn “údarú” an cead chun seirbhís a sholáthar, ar toradh é ar nós imeachta nach mór d’iarratasóir cloí leis chun a thaispeáint go gcomhlíontar ceanglais cheadúnúcháin, nó ceanglais cháiliúcháin.

Cláir Ama le haghaidh Iarratas

4.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé go gceadóidh a údaráis inniúla, a mhéid is indéanta, go gcuirfear iarratas isteach aon tráth de bhliain (19). Más ann do thréimhse shonrach ama chun iarratas a dhéanamh ar údarú, cinnteoidh an Comhalta go gceadóidh na húdaráis inniúla tréimhse réasúnach ama chun iarratas a chur isteach.

Iarratais Leictreonacha agus Glacadh le Cóipeanna

5.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

agus na tosaíochtaí iomaíocha atá acu agus na srianta acmhainní atá orthu á gcur san áireamh, go ndéanfaidh siad a ndícheall glacadh le hiarratais i bhformáid leictreonach; agus

(b)

glacadh le cóipeanna de dhoiciméid, atá fíordheimhnithe de réir dhlí agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, in ionad doiciméad bunaidh, mura rud é go n-éilíonn na húdaráis inniúla doiciméid bhunaidh chun sláine an phróisis údarúcháin a chosaint.

Iarratais a Phróiseáil

6.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

a mhéid is indéanta, clár ama táscach a chur ar fáil le haghaidh iarratas a phróiseáil;

(b)

arna iarraidh sin don iarratasóir, faisnéis maidir le stádas an iarratais a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(c)

a mhéid is indéanta, iomláine iarratais ar phróiseáil faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta a fhionnadh gan moill mhíchuí;

(d)

má mheasann siad go bhfuil iarratas iomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta (20), laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

go ndéanfar próiseáil an iarratais a chur i gcrích; agus

(ii)

go gcuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl don iarratasóir (21), a mhéid is indéanta i scríbhinn (22);

(e)

má mheasann siad go bhfuil iarratas neamhiomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, a mhéid is indéanta, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

a chur in iúl don iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán;

(ii)

arna iarraidh sin don iarratasóir, sainaithint a dhéanamh ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú nó, seachas sin, treoir a thabhairt maidir leis an gcúis a meastar an t-iarratas a bheith neamhiomlán; agus

(iii)

deis a thabhairt don iarratasóir (23) an fhaisnéis bhreise a sholáthar chun an t-iarratas a chomhlánú;

mura bhfuil aon cheann de na nithe thuas indéanta, áfach, agus má dhiúltaítear don iarratas mar gheall ar é bheith neamhiomlán, a áirithiú go gcuireann siad an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta ama; agus

(f)

má dhiúltaítear d’iarratas, a mhéid is indéanta, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna an diúltaithe agus, más infheidhme, faoi na nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach an athuair; níor cheart cosc a chur ar iarratasóir iarratas eile (24) a chur isteach ar an mbonn gur diúltaíodh d’iarratas roimhe sin agus ar an mbonn sin amháin.

7.

Áiritheoidh údaráis inniúla an Chomhalta go dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme (25).

Táillí

8.

Áiritheoidh gach Comhalta go ndéanfaidh a údaráis inniúla, maidir leis na táillí údarúcháin (26) a ghearrann siad, sceideal táillí nó faisnéis a chur ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an gcaoi a gcinntear méideanna na dtáillí.

Measúnú ar Cháilíochtaí

9.

Má éilíonn Comhalta scrúdú chun údarú le seirbhís a sholáthar a fháil, áiritheoidh an Comhalta sin go ndéanfaidh a údaráis inniúla scrúdú den sórt sin a sceidealú ag eatraimh réasúnta minice agus soláthróidh sé tréimhse réasúnach ama chun gur féidir le hiarratasóirí a iarraidh an scrúdú a dhéanamh. Ag féachaint do chostas, d’ualach riaracháin agus do shláine na nósanna imeachta lena mbaineann, moltar do na Chomhaltaí glacadh le hiarrataí i bhformáid leictreonach chun scrúduithe den sórt sin a dhéanamh, agus féachaint, a mhéid is indéanta, le modhanna leictreonacha a úsáid i ngnéithe eile de na próisis scrúdúcháin.

Neamhspleáchas

10.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta go ndéanfaidh a údaráis inniúla a gcuid cinntí agus go riarfaidh siad a gcinntí ar bhealach atá neamhspleách ar aon soláthróir seirbhíse a bhfuil údarú ag teastáil ina leith (27).

Foilsiú agus Faisnéis atá ar fáil

11.

Má éilíonn Comhalta údarú le seirbhís a sholáthar, de bhun Airteagal III den Chomhaontú agus mhíreanna 6 agus 8 den Roinn seo, foilseoidh an Comhalta go pras, sin nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí i scríbhinn (28), an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthróirí seirbhíse nó daoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar chun na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir leis an údarú sin a fháil, a choinneáil ar bun, a leasú agus a athnuachan. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, inter alia, a mhéid is ann di:

(a)

na ceanglais agus na nósanna imeachta;

(b)

sonraí teagmhála na n-údaráis inniúla ábhartha;

(c)

nósanna imeachta um achomharc nó athbhreithniú ar chinntí a bhaineann le hiarratais;

(d)

nósanna imeachta um fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas nó na gcáilíochtaí; agus

(e)

deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, amhail trí éisteachtaí nó tuairimí a thabhairt.

Deis Barúlacha a thabhairt agus Faisnéis roimh Theacht i bhFeidhm

12.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, foilseoidh gach Comhalta (29) an méid seo a leanas roimh ré:

(a)

a dhlíthe agus a rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, dlíthe agus rialacháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1 den Roinn seo; nó

(b)

doiciméid inar leor na sonraí a thugtar maidir le dlí nó rialachán féideartha nua den sórt sin, chun deis a thabhairt do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a mheas an bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dá leasanna agus conas a dhéanfaí difear suntasach dóibh.

13.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar do gach Comhalta mír 12 den Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus rialuithe riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, nósanna imeachta agus rialacha riaracháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1.

14.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, tabharfaidh gach Comhalta deis réasúnach do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a barúlacha thabhairt maidir leis na bearta nó na doiciméid sin atá beartaithe a fhoilseofar faoi mhír 12 nó faoi mhír 13 den Roinn seo.

15.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, breithneoidh gach Comhalta na barúlacha a fuarthas faoi mhír 14 den Roinn seo (30).

16.

Agus dlí nó rialachán dá dtagraítear i mír 12 (a) den Roinn seo á fhoilsiú aige, nó roimh an bhfoilsiú sin, a mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar don Chomhalta cuspóir agus réasúnaíocht an dlí nó an rialacháin a mhíniú.

17.

Déanfaidh gach Comhalta, a mhéid is indéanta, iarracht tréimhse réasúnach a thabhairt idir foilsiú théacs dlí nó téacs rialacháin dá dtagraítear i mír 12 (a) den Roinn seo agus an dáta nach mór do sholáthróirí seirbhíse an dlí nó an rialachán a chomhlíonadh.

Pointí Fiosrúcháin

18.

Déanfaidh gach Comhalta sásraí iomchuí a choinneáil ar bun nó a bhunú chun freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ó sholáthróirí seirbhíse nó ó dhaoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Roinn seo (31). Féadfaidh Comhalta a roghnú aghaidh a thabhairt ar na fiosrúcháin sin trí na pointí fiosrúcháin agus teagmhála arna mbunú faoi Airteagail III agus IV den Chomhaontú nó trí aon sásra eile de réir mar is iomchuí.

Forbairt na mBeart

19.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta:

(a)

go bhfuil na bearta sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus trédhearcach (32);

(b)

go bhfuil na nósanna imeachta neamhchlaonta, agus go bhfuil na nósanna imeachta leordhóthanach chun a léiriú an gcomhlíonann siad na ceanglais, más ann do cheanglais den sórt sin;

(c)

nach gcuireann na nósanna imeachta iontu féin cosc dochosanta ar chomhlíonadh na gceanglas; agus

(d)

nach ndéanann bearta den sórt sin idirdhealú idir fir agus mná (33).


(1)  Aithníonn na Comhaltaí go bhféadfar disciplíní breise a fhorbairt de bhun mhír 4 d’Airteagal VI den Chomhaontú.

(2)  Áirítear ar na nósanna imeachta ábhartha iarrataí ar tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 (b) d’Airteagal IX de Chomhaontú Marrakech, nó agairt Airteagal XXI de GATS.

(3)  Ní cheanglaítear ar údaráis inniúla tosú ar iarratais a bhreithniú lasmuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla ná laethanta oibre.

(4)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go cuirfear gach faisnéis isteach i bhformáid shonraithe chun a mheas “go bhfuil sé iomlán chun críoch próiseála”.

(5)  Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a chomhlíonadh trína chur in iúl roimh ré i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear trí bheart foilsithe, mura bhfaightear freagairt laistigh de thréimhse ama sonraithe ó dháta chur isteach an iarratais gur tásc é sin go bhfuil glactha leis an iarratas, sin nó gur diúltaíodh dó.

(6)  Féadfaidh “i bhfoirm leictreonach” a bheith i gceist le “i scríbhinn” freisin.

(7)  Ní rud é an deis sin a chuireann ceangal ar údarás inniúil síneadh a chur leis na sprioc-amanna.

(8)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athbhreithniú ar a bhfuil in iarratas den sórt sin.

(9)  Ní bheidh údaráis inniúla freagrach as moill de bharr cúiseanna nach dtagann faoina n-inniúlacht.

(10)  Ní áirítear le táillí údarúcháin táillí i gcomhair úsáid acmhainní nádúrtha, íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe chun seirbhís uilíoch a sholáthar.

(11)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní thugann an fhoráil seo sainordú do struchtúr riaracháin ar leith; tagraíonn sé don phróiseas cinnteoireachta agus do riaradh na gcinntí.

(12)  Chun críocha na ndisciplíní seo, ciallaíonn “foilsiú” rud a chur i bhfoilseachán oifigiúil, amhail iris oifigiúil, nó ar láithreán gréasáin oifigiúil. Moltar do na Comhaltaí foilseacháin leictreonacha a chomhdhlúthú in aon tairseach amháin.

(13)  Aithnítear i míreanna 14 go 17 den Roinn seo go bhfuil córais éagsúla ag na Comhaltaí chun dul i gcomhairle le daoine leasmhara agus le Comhaltaí eile maidir le bearta áirithe sula nglacfar iad, agus go léiríonn na roghanna malartacha atá leagtha amach i mír 14 den Roinn seo córais éagsúla dlí.

(14)  Ní dochar an fhoráil seo do chinneadh críochnaitheach Comhalta a ghlacann beart um údarú a thabhairt le seirbhís a sholáthar, nó a choinníonn an beart sin ar bun.

(15)  Tuigtear go bhféadfadh srianta acmhainní a bheith i gceist ó thaobh cinneadh á dhéanamh an bhfuil sásra iomchuí chun freagairt d’fhiosrúcháin.

(16)  Tagraíonn an téarma “eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha”A do chomhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil a mballraíocht ar oscailt do chomhlachtaí ábhartha de chuid, ar a laghad, gach comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(17)  Féadfar a áireamh ar na critéir sin, inter alia, inniúlacht agus an cumas seirbhís a sholáthar, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach le ceanglais rialála Comhalta, amhail ceanglais sláinte agus chomhshaoil. Féadfaidh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an meáchan atá le tabhairt do gach critéar.

(18)  Ní mheasfar gur idirdhealú chun críocha na forála seo é cóir dhifreálach atá réasúnta agus oibiachtúil, agus é mar aidhm cuspóir dlisteanach a bhaint amach, mar aon le bearta speisialta sealadacha a bheith á nglacadh ag na Feisirí atá dírithe ar dhlús a chur le comhionannas de facto idir fir agus mná.

(19)  Ní cheanglaítear ar údaráis inniúla tosú ar iarratais a bhreithniú lasmuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla ná laethanta oibre.

(20)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go cuirfear gach faisnéis isteach i bhformáid shonraithe chun a mheas “go bhfuil sé iomlán chun críoch próiseála”.

(21)  Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a chomhlíonadh trína chur in iúl roimh ré i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear trí bheart foilsithe, mura bhfaightear freagairt laistigh de thréimhse ama sonraithe ó dháta chur isteach an iarratais gur tásc é sin go bhfuil glactha leis an iarratas, sin nó gur diúltaíodh dó.

(22)  Féadfaidh “i bhfoirm leictreonach” a bheith i gceist le “i scríbhinn” freisin.

(23)  Ní rud é an deis sin a chuireann ceangal ar údarás inniúil síneadh a chur leis na sprioc-amanna.

(24)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athbhreithniú ar a bhfuil in iarratas den sórt sin.

(25)  Ní bheidh údaráis inniúla freagrach as moill de bharr cúiseanna nach dtagann faoina n-inniúlacht.

(26)  Ní áirítear le táillí údarúcháin táillí i gcomhair úsáid acmhainní nádúrtha, íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe chun seirbhís uilíoch a sholáthar.

(27)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní thugann an fhoráil seo sainordú do struchtúr riaracháin ar leith; tagraíonn sé don phróiseas cinnteoireachta agus do riaradh na gcinntí.

(28)  Chun críocha na ndisciplíní seo, ciallaíonn “foilsiú” rud a chur i bhfoilseachán oifigiúil, amhail iris oifigiúil, nó ar láithreán gréasáin oifigiúil. Moltar do na Comhaltaí foilseacháin leictreonacha a chomhdhlúthú in aon tairseach amháin.

(29)  Aithnítear i míreanna 12 go 15 den Roinn seo go bhfuil córais éagsúla ag na Comhaltaí chun dul i gcomhairle le daoine leasmhara agus le Comhaltaí eile maidir le bearta áirithe sula nglacfar iad, agus go léiríonn na roghanna malartacha atá leagtha amach i mír 12 den Roinn seo córais éagsúla dlí.

(30)  Ní dochar an fhoráil seo do chinneadh críochnaitheach Comhalta a ghlacann beart um údarú a thabhairt le seirbhís a sholáthar, nó a choinníonn an beart sin ar bun.

(31)  Tuigtear go bhféadfadh srianta acmhainní a bheith i gceist ó thaobh cinneadh á dhéanamh an bhfuil sásra iomchuí chun freagairt d’fhiosrúcháin.

(32)  Féadfar a áireamh ar na critéir sin, inter alia, inniúlacht agus an cumas seirbhís a sholáthar, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach le ceanglais rialála Comhalta. Féadfaidh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an meáchan atá le tabhairt do gach critéar.

(33)  Ní mheasfar gur idirdhealú chun críocha na forála seo é cóir dhifreálach atá réasúnta agus oibiachtúil, agus é mar aidhm cuspóir dlisteanach a bhaint amach, mar aon le bearta speisialta sealadacha a bheith á nglacadh ag na Feisirí atá dírithe ar dhlús a chur le comhionannas de facto idir fir agus mná.


IARSCRÍBHINN 2

INF/SDR/3/Rev.1 an 2 Nollaig 2021

TIONSCNAMH COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ SCEIDIL NA nGEALLTANAS SONRACH

Athbhreithniú (*1)

Sa doiciméad seo tá liosta de Sceidil na nGealltanas Sonrach a bhaineann le disciplíní i ndáil le rialáil intíre seirbhísí.

 

COMHALTA

DÁTA AN TÍOLACTHA

SIOMBAIL AN DOICIMÉID

1.

An Albáin

22.11.2021

INF/SDR/IDS/ALB/Rev.1

2.

An Airgintín

29.10.2021

INF/SDR/FG/ARG

3.

An Astráil

19.10.2021

INF/SDR/IDS/AUS/Rev.1

4.

Bairéin, Ríocht Bhairéin

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022

 

5.

An Bhrasaíl

12.11.2021

INF/SDR/IDS/BRA/Rev.1

6.

Ceanada

22.10.2021

INF/SDR/IDS/CAN/Rev.1

7.

An tSile

29.10.2021

INF/SDR/IDS/CHL/Rev.1

8.

An tSín

29.10.2021

INF/SDR/IDS/CHN/Rev.1

9.

An Cholóim

29.10.2021

INF/SDR/IDS/COL/Rev.1

10.

Cósta Ríce

17.11.2021

INF/SDR/IDS/CRI/Rev.1

11.

An tSalvadóir

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022

 

12.

An tAontas Eorpach

29.10.2021

INF/SDR/IDS/EU/Rev.1

13.

Hong Cong, an tSín

2.11.2021

INF/SDR/IDS/HKG/Rev.1

14.

An Íoslainn

29.10.2021

INF/SDR/IDS/ISL/Rev.1

15.

Iosrael

29.10.2021

INF/SDR/IDS/ISR/Rev.1

16.

An tSeapáin

28.10.2021

INF/SDR/IDS/JPN/Rev.1

17.

An Chasacstáin

26.11.2021

INF/SDR/IDS/KAZ/Rev.1

18.

Poblacht na Cóiré

28.10.2021

INF/SDR/IDS/KOR/Rev.1

19.

Lichtinstéin

10.11.2021

INF/SDR/IDS/LIE/Rev.1

20.

Oileán Mhuirís

27.10.2021

INF/SDR/IDS/MUS/Rev.1

21.

Meicsiceo

1.11.2021

INF/SDR/IDS/MEX/Rev.1

22.

An Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)

29.10.2021

INF/SDR/IDS/MDA/Rev.1

23.

Montainéagró

16.11.2021

INF/SDR/IDS/MNE/Rev.1

24.

An Nua-Shéalainn

29.10.2021

INF/SDR/IDS/NZL/Rev.1

25.

An Nigéir

23.11.2021

INF/SDR/IDS/NGA/Rev.1

26.

An Mhacadóin Thuaidh

16.11.2021

INF/SDR/IDS/MDK/Rev.1

27.

An Iorua

28.10.2021

INF/SDR/IDS/NOR/Rev.1

28.

Paragua

19.11.2021

INF/SDR/IDS/PRY/Rev.1

29.

Peiriú

17.11.2021

INF/SDR/IDS/PER/Rev.1

30.

Na hOileáin Fhilipíneacha

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 28 Feabhra 2022

 

31.

Cónaidhm na Rúise

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 28 Feabhra 2022

 

32.

Ríocht na hAraibe Sádaí

22.11.2021

INF/SDR/IDS/KSA/Rev.1

33.

Singeapór

3.11.2021

INF/SDR/IDS/SGP/Rev.1

34.

An Eilvéis

1.11.2021

INF/SDR/IDS/CHE/Rev.1

35.

Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu

27.10.2021

INF/SDR/IDS/TPKM/Rev.1

36.

An Téalainn

25.11.2021

INF/SDR/IDS/THA

37.

An Tuirc

28.10.2021

INF/SDR/IDS/TUR/Rev.1

38.

An Úcráin

5.11.2021

INF/SDR/IDS/UKR/Rev.1

39.

An Ríocht Aontaithe

27.10.2021

INF/SDR/IDS/GBR

40.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

22.10.2021

INF/SDR/IDS/USA

41.

Uragua

29.10.2021

INF/SDR/IDS/URY/Rev.1

INF/SDR/IDS/EU/Rev.1

TIONSCNAMH COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ TEACHTAIREACHT ÓN AONTAS EORPACH

Sceideal Réamhchríochnaitheach na nGealltanas Sonrach

Fuarthas an teachtaireacht seo a leanas dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2021 ó thoscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh.

1.

Déanann an tAontas Eorpach an dréacht-sceideal atá i gceangal leis seo a thíolacadh mar rannchuidiú uaidh le bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.

2.

Léiríonn an Sceideal seo cur chuige sceidealaithe an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Roinn I de dhoiciméad INF/SDR/1.

AN tAONTAS EORPACH SCEIDEAL RÉAMHCHRÍOCHNAITHEACH NA nGEALLTANAS SONRACH

Is forlíonadh é an téacs seo ar na hiontrálacha a bhaineann leis na Gealltanais Chothrománacha atá sna doiciméid seo a leanas:

An tAontas Eorpach: GATS/SC/157 (7 Bealtaine 2019),

An Bhulgáir: GATS/SC/122 (21 Bealtaine 1997), GATS/SC/122/S1(11 Aibreán 1997), GATS/SC/122/S2 (26 Feabhra 1998),

An Rómáin: GATS/72 (15 Aibreán 1994), GATS/SC/72/S1 (11 Aibreán 1997), GATS/SC/72/S2 (26 Feabhra 1998),

An Chróit: GATS/SC/130 (22 Nollaig 2000).

SCEIDEAL RÉAMHCHRÍOCHNAITHEACH NA nGEALLTANAS SONRACH – AN tAONTAS EORPACH

Modhanna Soláthair: (1) Soláthar trasteorann (2) Tomhaltas thar lear (3) Láithreacht tráchtála (4) Láithreacht daoine nádúrtha

Earnáil nó Fo-earnáil

Teorainneacha le Rochtain ar an Margadh

Teorainneacha le Cóireáil Náisiúnta

Gealltanais Bhreise

I. GEALLTANAIS CHOTHROMÁNACHA

GACH EARNÁIL ATÁ AR ÁIREAMH SA SCEIDEAL SEO

 

 

Gabhann an tAontas Eorpach air féin, mar ghealltanais bhreise, na disciplíní atá i Roinn II de dhoiciméad INF/SDR/1 le haghaidh gach earnála a áirítear sa sceideal seo, cé is moite de sheirbhísí airgeadais.

Gabhann an tAontas Eorpach air féin, mar ghealltanais bhreise, na disciplíní atá i Roinn III de dhoiciméad INF/SDR/1 le haghaidh na n-earnálacha seirbhísí airgeadais atá san áireamh sa sceideal seo.


(*1)  Is é an t-athbhreithniú seo an tSalvadóir a chur le liosta na nGealltanas Sonrach.


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/87


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2385 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Nollaig 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE bunaítear ceart an duine inchánach cáin bhreisluacha (“CBL”) a mhuirearaítear ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Leagtar síos in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach an duine inchánach nó foireann an duine inchánach nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ghnó, go gcaithfear leis sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé faoi réir CBL.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle (2), údaraítear don Pholainn, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint maidir le mótarfheithiclí bóthair áirithe a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fhruiliú, nó a léasú, agus caiteachas a bhaineann leis sin, i gcás nach n-úsáidtear na feithiclí sin chun críoch gnó amháin, agus faoiseamh a thabhairt do dhaoine inchánacha ón ngá atá le caitheamh le húsáid neamhghnó feithiclí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE (“na bearta speisialta”).

(3)

Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE le dul in éag an 31 Nollaig 2022.

(4)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 18 Feabhra 2022, d’iarr an Pholainn údarú chun leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse eile go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 3, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, chuir an Pholainn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, in éineacht leis an iarraidh, maidir le cur i bhfeidhm na mbeart speisialta, lenar áiríodh athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint. Ar bhonn na tuarascála sin, measann an Pholainn go bhfuil údar cuí fós le ráta 50 %. Measann sí freisin go bhfuil gá fós leis an maolú ar an gceanglas in Airteagal 26(1)(a) de Threoir 2006/112/CE chun cánachas dúbailte a sheachaint. Tá údar cuí leis na bearta speisialta sin mar gheall ar an ngá atá ann simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú agus cosc a chur ar imghabháil cánach mar thoradh ar choimeád taifead mícheart agus dearbhuithe cánach bréagacha.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh arna déanamh ag an bPolainn chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 15 Márta 2022. Le litir dar dáta an 16 Márta 2022, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis ar fad aige a bhí riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(7)

Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2022 ar mhéid foriomlán ioncam cánach a bhailíonn an Pholainn ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh na mbearta speisialta ionas go mbeidh an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus ar a mhéid is iomchuí an teorannaithe céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart asbhainte CBL.

(9)

Ba cheart dá bhrí sin a údarú don Pholainn leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2025.

(10)

I gcás ina measann an Pholainn go bhfuil gá leis na bearta speisialta a choinneáil i bhfeidhm go ceann níos faide ná dul in éag Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, agus chun a áirithiú go ndéanfar scrúdú tráthúil ar aon iarraidh i leith síneadh a chur leis na bearta speisialta, is gá ceanglais a leagan síos maidir le hiarraidh den sórt sin.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE:

“Airteagal 3

Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2025.

Déanfar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025. Beidh tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n-áireofar athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo.”.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1)agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 353, 28.12.2013, lch. 51).


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/89


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2386 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2022

maidir le síneadh a chur leis na gníomhaíochtaí lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8673)

(Is iad na téacsanna Béarla, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Máltaise, Spáinnise Sualainnise agus Ungáirise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Márta 2022, ghlac Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince (“údarás inniúil na Fraince”) cinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ionas go gceadófar an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach a chur ar umair bhreosla agus ar chórais bhreosla aerárthaí go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 (“an ghníomhaíocht”). Chuir údarás inniúil na Fraince an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin.

(2)

Rinneadh gníomhaíochtaí comhchosúla i ndáil le ceadúnais a deonaíodh go dtí 31 Deireadh Fómhair 2022 sa 7 mBallstát seo a leanas: an 5 Bealtaine 2022 ag Ionad Sláinte Poiblí Náisiúnta na hUngáire (“údarás inniúil na hUngáire”), an 6 Bealtaine 2022 ag Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg (“údarás inniúil Lucsamburg”), an 8 Bealtaine 2022 ag Gníomhaireacht Sábháilteachta agus Ceimiceán na Fionlainne (“údarás inniúil na Fionlainne”), an 15 Bealtaine 2022 ag Údarás Gnóthaí Iomaíochta agus Tomhaltóirí Málta (“údarás inniúil Mhálta”), an 21 Meitheamh 2022 ag Bord Sláinte na hEastóine (“údarás inniúil na hEastóine”), an 1 Iúil 2022 ag Aireacht Sláinte na Spáinne (“údarás inniúil na Spáinne”), agus an 25 Iúil 2022 ag Aireacht Cónaidhme na hOstaire um Ghníomhaíocht Aeráide, an Comhshaol, Fuinneamh, Soghluaisteacht, Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (“údarás inniúil na hOstaire”). Chuir údaráis inniúla na mBallstát sin an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí agus faoin údar a bhí leo, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 sin.

(3)

De réir na faisnéise a chuir na húdaráis inniúla ar fáil, bhí gá leis na gníomhaíochtaí chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Is féidir le fás miocróbach a fhorbairt in umair bhreosla aerárthaí, go háirithe i gcás comhéadan uisce agus breosla nuair is féidir le horgánaigh mhíocróbacha úsáid a bhaint as an uisce le haghaidh ocsaigine agus as an mbreosla le haghaidh cothú. Éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, féadfaidh mífheidhmeanna ó thaobh inneall an aerárthaigh de aeracmhainneacht an aerárthaigh a chur i mbaol, rud a chuirfidh sábháilteacht paisinéirí agus criúnna i mbaol. Mar sin, tá sé ríthábhachtach éilliú miocróbach a chosc agus é a leigheas tráth an bhraite chun fadhbanna oibríochtúla aerárthaí a sheachaint.

(4)

Is éard atá i mBiobor JF 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bis-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) (uimhir CAS 2665-13-6) agus 2,2’-ocsaibios (4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) (uimhir CAS 14697-50-8) mar shubstaintí gníomhacha. Is táirge bithicídeach é Biobor JF, táirge bithicídeach de chineál táirge 6, is é sin ‘leasaithigh le haghaidh táirgí le linn dóibh a bheith á stóráil’ mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ní dhearnadh meastóireacht ar 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bios-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) agus 2,2’-ocsaibios (4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) chun gur féidir iad a úsáid i dtáirgí de chineál táirge 6. Ós rud é nach liostaítear na substaintí sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), ní luaitear iad sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Airteagal 89 den Rialachán sin maidir leis na substaintí sin agus ní mór iad a mheasúnú agus a fhormheas sular féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil na táirgí sin a údarú ar leibhéal náisiúnta.

(5)

An 23 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na Fraince chun síneadh ama a cheadú dá gníomhaíocht i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Fuarthas iarrataí comhchosúla an 27 Iúil 2022 ó údarás inniúil na hOstaire, an 24 Lúnasa 2022 ó údarás inniúil na hEastóine, an 25 Lúnasa 2022 ó údarás inniúil na Spáinne, an 29 Lúnasa 2022 ó údarás inniúil na Fionlainne, an 9 Meán Fómhair ó údarás inniúil Lucsamburg, an 31 Lúnasa 2022 ó údarás inniúil Mhálta agus an 20 Meán Fómhair 2022 ó údarás inniúil na hUngáire. Rinneadh na hiarrataí réasúnaithe sin ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh sábháilteacht aeriompair fós i mbaol de bharr éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí tar éis an 31 Deireadh Fómhair 2022, agus ar bhonn an mhaímh go bhfuil Biodor JF riachtanach chun an t-éilliú miocróbach sin a rialú.

(6)

De réir na faisnéise a chuir na húdaráis inniúla ar fáil, an t-aon táirge bithicídeach malartach amháin a mhol monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí maidir le héilliú miocróbach a chóireáil (Kathon™ FP 1.5), tarraingíodh siar ón margadh é i mí an Mhárta 2020 de bharr aimhrialtachtaí troma i bhfeidhmiú na n-inneall aerárthaí a tugadh faoi deara tar éis a gcóireála leis. Mar sin, is é Biobor JF an t-aon táirge amháin a mholann monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí le haghaidh na húsáide sin.

(7)

Mar atá léirithe ag na húdaráis inniúla ábhartha, is rud é nach féidir a dhéanamh i gcónaí cóireáil mheicniúil a chur ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, agus de réir nósanna imeachta a mholann monaróirí inneall tá gá le cóireáil le táirge miocróbach fiú nuair atá glanadh meicniúil indéanta. Thairis sin, dhéanfadh cóireáil mheicniúil na hoibrithe a nochtadh do gháis thocsaineacha agus dá bhrí sin ba cheart í a sheachaint.

(8)

De réir na faisnéise a soláthraíodh don Choimisiún, tá bearta déanta ag monaróir Biobor JF ionas go mbeidh gnáthúdarú ann le haghaidh an táirge amach anseo. Táthar ag súil go gcuirfear iarratas isteach i lár na bliana 2023 le haghaidh fhormheas na substaintí gníomhacha atá in Biobor JF. Formheas na substaintí gníomhacha agus údarú an táirge bhithicídigh ina dhiaidh sin, is réiteach buan a bheadh ann le haghaidh na todhchaí, ach theastódh tréimhse ama shuntasach chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích.

(9)

Easpa rialaithe ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas bhreosla aerárthaí, d’fhéadfadh sin sábháilteacht aeriompair a chur i mbaol, agus ní féidir an baol sin a shrianadh go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid nó trí mhodh eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt do na húdaráis inniúla síneadh ama a chur lena ngníomhaíochtaí.

(10)

Ós rud é go ndeachaigh na gníomhaíochtaí in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022, ba cheart feidhm cúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bord Sláinte na hEastóine, Aireacht Sláinte na Spáinne, Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince, Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg, Ionad Sláinte Poiblí Náisiúnta na hUngáire, údarás Gnóthaí Iomaíochta agus Tomhaltóirí Mhálta, Aireacht Cónaidhme na hOstaire um Ghníomhaíocht Aeráide, an Comhshaol, Fuinneamh, Soghluaisteacht, Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, agus Gníomhaireacht Sábháilteacht agus Ceimiceán na Fionlainne, féadfaidh siad síneadh ama go dtí an 4 Bealtaine 2024 a chur leis na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh chun go gceadófar an táirge bithicídeach Biobor a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach a chur ar umair bhreosla agus ar chórais bhreosla aerárthaí.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig:

(1)

Bord Sláinte na hEastóine;

(2)

Aireacht Sláinte na Spáinne;

(3)

Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch na Fraince;

(4)

Gníomhaireacht Chomhshaoil Lucsamburg;

(5)

Ionad Sláinte Poiblí Náisiúnta na hUngáire;

(6)

Údarás Gnóthaí Iomaíochta agus Tomhaltóirí Málta;

(7)

Aireacht Cónaidhme na hOstaire um Ghníomhaíocht Aeráide, an Comhshaol, Fuinneamh, Soghluaisteacht, Nuálaíocht agus Teicneolaíocht;

(8)

Gníomhaireacht Sábháilteachta agus Ceimiceán na Fionlainne.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).