ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 304

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
24 Samhain 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2293 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, teorainneacha uasta iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus na lotnaidicídí agus uasleibhéil éilleán ( 1 )

31

 

*

Rialachán (AE) 2022/2294 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte ( 1 )

42

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2295 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas ( 1 )

53

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

67

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2297 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena mbunaítear an Bonneagar Taighde Eorpach ar Ghrianfhuinneamh le haghaidh Díriú Grianteasa (EU-SOLARIS ERIC) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7351)  ( 1 )

78

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2298 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

85

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2022/1994 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste um Thásca Geografacha arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh ( IO L 273, 21.10.2022 )

87

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le substaintí gníomhacha agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le miocrorgánaigh ( IO L 227, 1.9.2022 )

94

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1440 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le táirgí cosanta plandaí agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu ( IO L 227, 1.9.2022 )

97

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1441 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh.546/2011 a mhéid a bhaineann le prionsabail aonfhoirmeacha sonracha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu ( IO L 227, 1.9.2022 )

100

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú ( IO L 262, 7.10.2022 )

102

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2236 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais theicniúla maidir le feithiclí a tháirgtear i sraitheanna neamhtheoranta, feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, feithiclí lán-uathoibrithe a tháirgtear i sraitheanna beaga agus feithiclí sainchuspóireacha, agus a mhéid a bhaineann leis an nuashonrú bogearraí ( IO L 296, 16.11.2022 )

103

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1299 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na rialuithe ar bhainistíocht suímh ag ionaid trádála ( IO L 197, 26.7.2022 )

104

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ( IO L 276, 26.10.2022 )

105

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2292 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 126(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625, leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe chun comhlíonadh a áirithiú, ag coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí ó thríú tíortha nó ó réigiúin díobh atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, ar theacht isteach san Aontas dóibh, le reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht bia agus beatha.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/625, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin maidir le tabhairt isteach bia-ainmhithe agus earraí áirithe san Aontas a fhorlíonadh. Féadfar ceanglais bhreise a áireamh sna coinníollacha sin, eadhon an fhéidearthacht go gceadófaí ainmhithe agus earraí a thabhairt isteach ó thríú tíortha a thaispeántar ar liostaí arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin, agus chun na críche sin amháin. Áirítear ar na ceanglais bhreise sin ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh:

bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí agus ar ghrúpaí iarmhar in ainmhithe agus in earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, i gcomhréir le Treoracha 96/23/CE (2) agus 96/22/CE (3) ón gComhairle,

na rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha a chosc, a rialú agus a dhíothú in ainmhithe beo agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta lena rialaítear bia i gcoitinne agus sábháilteacht bia go háirithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

na rialacha ginearálta le haghaidh oibreoirí gnó bia maidir le sláinteachas táirgí bia, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

na rialacha sonracha maidir le sláinteachas bia de bhunadh ainmhíoch d’oibreoirí gnó bia, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

na rialacha sonracha maidir leis na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh, agus le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh, ag na húdaráis inniúla maidir le hainmhithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún (8) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (9).

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (10), leagtar síos ceanglais bhreise den sórt sin agus tá feidhm aige ón 14 Nollaig 2019. Ní chumhdaítear leis na ceanglais a leagtar síos cheana i dTreoir 96/23/CE.

(4)

I láthair na huaire, maidir le tríú tíortha óna n-údaraítear ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i ndáil le rialacha an Aontais maidir leis an tsláinte phoiblí, déantar iad a áireamh agus a choinneáil ar liostaí arna gcur i dtoll a chéile ar bhonn ceanglas éagsúil, lena n-áirítear plean rialaithe a bheith ann le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de ina leagtar amach ráthaíochtaí maidir le faireachán a dhéanamh ar ghrúpaí áirithe substaintí agus a n-iarmhair agus éilleáin, i gcomhréir le ceanglais Threoir 96/23/CE.

(5)

Le Rialachán (AE) 2017/625, aisghaireadh Treoir 96/23/CE le héifeacht ón 14 Nollaig 2019 agus rinneadh foráil maidir le forálacha áirithe den Treoir sin a chur i bhfeidhm go hidirthréimhseach go dtí an 14 Nollaig 2022.

(6)

Ba cheart tabhairt isteach ceanglas breise chun a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí agus ar ghrúpaí iarmhar in ainmhithe agus in earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a leagtar síos i dTreoir 96/23/CE, a chur leis na ceanglais bhreise a leagtar síos cheana i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceanglais bhreise sin a leagan síos in aon Rialachán Tarmligthe amháin, agus ar an gcaoi sin a léirmhíniú agus a gcur i bhfeidhm a shimpliú agus an trédhearcacht do thríú tíortha a fheabhsú.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos ceanglais ar oibreoirí gnó bia a thugann táirgí de bhunadh ainmhíoch isteach san Aontas. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh na ceanglais bhreise a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh rialuithe oifigiúla i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos cheana i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(9)

Agus na ceanglais maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe agus earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine á leagan síos san Aontas, ba cheart tagairt a dhéanamh do na cóid Ainmníochta Comhcheangailte a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (11), chun na hearraí agus na hainmhithe sin a shainaithint go soiléir.

(10)

Níor cheart cead a bheith ag coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine teacht isteach san Aontas, bunaithe ar anailís riosca, ach amháin i gcás inar féidir leis na tríú tíortha nó na réigiúin díobh óna dtagann na hainmhithe agus na hearraí sin a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais maidir le sábháilteacht na n-ainmhithe agus na n-earraí sin agus go n-áirítear na tríú tíortha sin nó na réigiúin díobh, i gcomhréir le hAirteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625, ar na liostaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (12).

(11)

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, ba cheart ceanglais shonracha a leagan síos d’ainmhithe agus d’earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, chun a áirithiú go dtugann tríú tíortha nó réigiúin díobh ráthaíochtaí maidir le héifeachtúlacht rialuithe oifigiúla ar shábháilteacht bia i dtaca leis na hainmhithe agus na hearraí sin. Níor cheart tríú tíortha nó réigiúin díobh a bheith le feiceáil ar na liostaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, ach amháin tar éis fianaise agus ráthaíochtaí a chur ar fáil go gcomhlíonann na hainmhithe agus na hearraí de thionscnamh na dtríú tíortha nó réigiún díobh ceanglais an Aontais maidir le sábháilteacht bia a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 852/2004, (CE) Uimh. 853/2004, (AE) 2017/625, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo.

(12)

Faoi Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, féadfaidh an Coimisiún an cinneadh chun tríú tíortha a áireamh ar na liostaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a dhéanamh ar an gcoinníoll go soláthróidh na tríú tíortha sin fianaise agus ráthaíochtaí comhlíontachta iomchuí le ceanglais an Aontais maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe agus maidir le comhlíonadh coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha atá beartaithe a thabhairt isteach san Aontas leis na huasteorainneacha iarmhar do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí agus le huasleibhéil éilleán atá bunaithe i reachtaíocht an Aontais. Áirithítear leis sin go mbeidh an leibhéal céanna cosanta sláinte ag na bia-ainmhithe sin, ag na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin agus ag na táirgí ilchodacha sin dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais maidir le bia agus sábháilteacht bia.

(13)

Chun an leibhéal céanna cosanta sláinte a áirithiú, ba cheart fianaise agus ráthaíochtaí a chur ar fáil trí phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a chur isteach lena gcomhlíonfar na ceanglais áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Chun comhlíonadh leanúnach na gceanglas sin a áirithiú, ba cheart pleananna rialaithe nuashonraithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil.

(14)

Féadfar tríú tíortha a áireamh ar an liosta a leagtar síos in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 má chuireann siad fianaise agus ráthaíochtaí iomchuí ar fáil maidir leis na bia-ainmhithe agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch lena n-áirítear iad sin a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas, gur de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír iad a áirítear ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de do na bia-ainmhithe sin, do na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin agus do na táirgí ilchodacha sin. Ba cheart faisnéis a sholáthar maidir leis na nósanna imeachta atá ar bun chun inrianaitheacht na mbia-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann a áirithiú agus chun tionscnamh na n-ainmhithe agus na dtáirgí sin a ráthú chun leas a bhaint as an liosta sin.

(15)

Le reachtaíocht an Aontais leagtar síos rialacha maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus bunaítear teorainneacha maidir lena n-iarmhair i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann as úsáid den sórt sin. Níor cheart bia-ainmhithe ná táirgí de bhunadh ainmhíoch lena n-áirítear iad sin a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha teacht isteach san Aontas ach ó thríú tíortha lena n-áirithítear go bhfuil rialuithe ar úsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-iarmhair i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá coibhéiseach ar a laghad le pleananna rialaithe an Aontais a chuimsítear sna pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 ón gCoimisiún (13) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646 ón gCoimisiún (14). Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 ón gCoimisiún (15) maidir leis na rialuithe oifigiúla ar na substaintí agus ar na hiarmhair sin.

(16)

Faoi Threoir 96/22/CE, toirmisctear béite-agónaithe agus substaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo a úsáid i mbia-ainmhithe san Aontas. Mar an gcéanna, liostaítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (16) substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de ar substaintí iad atá toirmiscthe lena n-úsáid san Aontas. Níor cheart go gceadófaí ach do thríú tíortha a chuireann ráthaíochtaí ar fáil go gcomhlíonann bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad sin a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha, na forálacha sin nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo a theacht isteach san Aontas.

(17)

Le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), leagtar síos clár rialaithe comhordaithe de chuid an Aontais maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha nó ar bhia agus ar bheatha de bhunadh plandaí agus ainmhíoch, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar nochtadh tomhaltóirí agus ar chur i bhfeidhm reachtaíochta san Aontas. Is cuid dhílis de na cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla le haghaidh iarmhair lotnaidicídí atá le bunú ag na Ballstáit an clár rialaithe sin de chuid an Aontais. Níor cheart bia-ainmhithe ná táirgí de bhunadh ainmhíoch lena n-áirítear iad sin a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas ach ó thríú tíortha, rud a áirithíonn go ndéantar rialuithe ar iarmhair lotnaidicídí de réir na ndianchritéar céanna a fhorchuirtear ar na Ballstáit trí na cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla d’iarmhair lotnaidicídí a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1355 ón gCoimisiún (18). Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú go gcuirtear fianaise ar fáil trí shampláil atá ionadaíoch ó thaobh staidrimh de go gcomhlíonann na táirgí atá beartaithe lena dteacht isteach san Aontas reachtaíocht an Aontais maidir le hiarmhair lotnaidicídí.

(18)

Déantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 ón gCoimisiún (19) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ón gCoimisiún (20) maidir le bunú agus ábhar pleananna rialaithe rioscabhunaithe le haghaidh éilleán i mbia. Níor cheart táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha teacht isteach san Aontas ach ó thríú tíortha, rud a áirithíonn go ndéantar rialuithe ar éilleáin chun fianaise a sholáthar go gcomhlíonann táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha atá beartaithe lena dteacht isteach san Aontas reachtaíocht an Aontais maidir le héilleáin.

(19)

Leagtar amach i gCinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (21), i gcomhréir le Treoir 96/23/CE, liosta tríú tíortha atá údaraithe chun speicis áirithe ainmhithe nó táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas.

(20)

Tar éis aisghairm Threoir 96/23/CE, cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2293 ón gCoimisiún (22) in ionad Chinneadh 2011/163/AE ina iomláine.

(21)

Níor cheart ceadú do choinsíneachtaí earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine teacht isteach san Aontas ach amháin i gcás ina ndéantar na hearraí sin a sheoladh nó a fháil ó bhunaíochtaí atá ar an liosta, nó a ullmhú i mbunaíochtaí atá ar an liosta a dréachtaíodh agus a choimeádtar cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625. Ina theannta sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha sláinteachais bia an Aontais, nó rialacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, is iomchuí a fhoráil, agus an liosta sin á tharraingt suas agus á thabhairt cothrom le dáta, gur cheart don tríú tír ráthaíochtaí breise a thabhairt dóibh siúd dá bhforáiltear in Airteagal 127(3), i bpointe (e)(i) agus (iv), de Rialachán (AE) 2017/625.

(22)

Ba cheart na liostaí de bhunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), pointe (e)(i), de Rialachán (AE) 2017/625 a chur ar fáil don phobal chun trédhearcacht a áirithiú d’oibreoirí gnó bia agus do thomhaltóirí. Chun an trédhearcacht sin a neartú, níor cheart do na Ballstáit teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a cheadú ach amháin i gcás ina n-eisíonn údaráis inniúla an tríú tír na deimhnithe oifigiúla a cheanglaítear le haghaidh coinsíneachtaí den sórt sin faoi na rialacha ábhartha de chuid an Aontais tar éis na liostaí sin a fhoilsiú.

(23)

Ní gá ceanglais liostaithe den sórt sin a leagan síos maidir le hearraí atá beartaithe le haghaidh idirthurais, ós rud é gur riosca íseal iad na hearraí sin ó thaobh sábháilteacht bia de agus nach gcuirtear ar an margadh iad laistigh den Aontas. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin maidir le bunaíochtaí nach ndéanann ach gníomhaíochtaí táirgthe príomhúla, oibríochtaí iompair, stóráil táirgí de bhunadh ainmhíoch nach gceanglaítear leo dálaí stórála teochtrialaithe nó táirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear in Alt XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(24)

Le Rialachán (AE) Uimh. 210/2013 ón gCoimisiún (23), ceanglaítear ar na húdaráis inniúla bunaíochtaí a tháirgeann eascróga a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004. D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le sláinteachas bia, nó rialacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, níor cheart cead a thabhairt eascróga a theacht isteach san Aontas ach amháin má tháirgtear iad i mbunaíochtaí a thaispeántar ar liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(25)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha an Aontais maidir le sláinteachas bia, nó rialacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, níor cheart táirgí ó bhunaíochtaí a mhonaraíonn feoil úr, feoil mhionaithe, ullmhóidí feola, táirgí feola, feoil díchnámhaithe go meicniúil ná amhábhair atá beartaithe chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh a cheadú a theacht isteach san Aontas ach amháin má tá na bunaíochtaí sin le feiceáil ar liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625. Ina theannta sin, maidir leis na hamhábhair as a monaraítear na táirgí sin, ba cheart iad a theacht ó bhunaíochtaí (seamlais, bunaíochtaí láimhseála géim, ionaid spólta agus bunaíochtaí a láimhseálann táirgí iascaigh), atá luaite ar liostaí de na bunaíochtaí a tarraingíodh suas agus a coimeádadh cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625.

(26)

Níor cheart go gceadófaí do choinsíneachtaí moileasc débhlaoscach beo, eicínideirmeach beo, túiniceach beo ná gastrapódach muirí beo teacht isteach san Aontas ach ó limistéir tháirgeachta i dtríú tíortha nó i réigiúin díobh atá le feiceáil ar liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625 chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais shonracha is infheidhme maidir leis na táirgí sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, nó le rialacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad. Agus na liostaí sin á bhfoilsiú, ba cheart trédhearcacht a áirithiú d’oibreoirí gnó bia agus do thomhaltóirí maidir leis na limistéir tháirgthe óna gceadaítear moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo a thabhairt isteach san Aontas.

(27)

Níor cheart go gceadófaí coinsíneachtaí táirgí iascaigh a thabhairt isteach san Aontas ach amháin i gcás ina seoltar na coinsíneachtaí sin ó bhunaíocht ar talamh, ina bhfaightear iad nó ina n-ullmhaítear iad i mbunaíocht ar an talamh, i soitheach cuisnithe, i monarcha nó i reothrálaeir a bhfuil bratach tríú tír ar foluain orthu agus atá ar liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625 chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais an Aontais, go háirithe na ceanglais shonracha maidir le táirgí iascaigh a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, nó rialacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad. Le foilsiú na liostaí sin, ba cheart go n-áiritheofaí trédhearcacht d’oibreoirí gnó bia agus do thomhaltóirí maidir leis na soithí a bhféadfar a dtáirgí iascaigh a thabhairt isteach san Aontas.

(28)

Braitheann an riosca a bhaineann le táirgí ilchodacha ar an gcineál comhábhar a bhaineann leo agus ar dhálaí stórála na gcomhábhar sin. Ba cheart ceanglais maidir leis na coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha a leagan síos, dá bhrí sin, chun a áirithiú go n-onnmhaireofar na táirgí ilchodacha lena mbaineann riosca ó thríú tíortha atá údaraithe a theacht isteach san Aontas de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405. Is iad na táirgí ilchodacha lena mbaineann riosca iad siúd ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch, a bhfuil ceanglais shonracha leagtha síos ina leith in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nó a bhfuil gá le plean faireacháin iarmhar ina leith.

(29)

I bhfianaise líon na bhfógraí a fuarthas sa Chóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, baineann riosca breise nach gcomhlíonfar ceanglais an Aontais maidir le sábháilteacht bia i gcás coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena gcur ar an margadh lena dtomhailt ag an duine. Dá bhrí sin, ba cheart coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí den sórt sin a bheith faoi réir deimhniúcháin aonair le haghaidh gach coinsíneachta roimh theacht isteach san Aontas. Cuidíonn an deimhniúchán sin freisin le ceanglais ábhartha an Aontais a mheabhrú d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla tríú tíortha nó réigiún díobh. Leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (24) deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha nó deimhnithe oifigiúla caighdeánacha nó iad araon chun na críche sin. Ba cheart deimhnithe sláinte ainmhithe nó deimhnithe oifigiúla le fianú sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí den sórt sin nach bhfuil an tAontas ina gceann scríbe deiridh dóibh, ach níl gá le fianú sláinte poiblí i gcás na n-ainmhithe agus na n-earraí sin, ós rud é nach gcuirfear ar an margadh san Aontas iad. A mhéid a bhaineann le táirgí ilchodacha áirithe, a mbaineann riosca íseal leo, ba cheart fianú príobháideach ón oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas a chur in ionad an deimhnithe chun cur chuige comhréireach bunaithe ar riosca a áirithiú.

(30)

Ba cheart táirgí ilchodacha fadré lena mbaineann riosca diomaibhseach, amhail na cinn sin inarb iad oibreáin feabhsaithe bia, eadhon vitimín D3, breiseáin bia, einsímí bia nó blastáin bia an t-aon táirge ainmhí atá sa táirge ilchodach deiridh a dhíolmhú ó rialuithe ag na teorainneacha agus ó cheanglais maidir le fianú príobháideach.

(31)

Is é is aidhm le forálacha an Rialacháin seo teacht in ionad na bhforálacha ar fad i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a aisghairm.

(32)

Ós rud é go scoirfidh Iarscríbhinní I, II, III agus IV de Threoir 96/23/CE d’fheidhm a bheith acu an 14 Nollaig 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 15 Nollaig 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Forlíontar leis an Rialachán seo Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le coinsíneachtaí bia-ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ó thríú tíortha nó ó réigiúin díobh a theacht isteach san Aontas lena áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sna rialacha maidir le sábháilteacht bia dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625 nó na ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad.

2.   Cumhdófar leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaithint bia-ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine faoi réir na gceanglas seo a leanas maidir le teacht isteach san Aontas:

(i)

an ceanglas go dtiocfaidh na bia-ainmhithe sin agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ó thríú tír nó ó réigiún díobh a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 126(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625;

(ii)

an ceanglas go ndéanfar na bia-ainmhithe sin agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a sheoladh ó bhunaíochtaí, a fháil nó a ullmhú i mbunaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2017/625, nó a chomhlíonann ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, agus atá luaite ar na liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), le pointe (e)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2017/625;

(iii)

an ceanglas go mbeadh deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil nó aon fhianaise eile ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625 ag gabháil le gach coinsíneacht bia-ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, amhail fianú príobháideach, i gcomhréir le hAirteagal 126(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625;

(b)

ceanglais maidir le teacht isteach bia-ainmhithe agus earraí áirithe san Aontas atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ó thríú tír nó ó réigiún díobh, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625;

(c)

na ceanglais go ndéanfar na bia-ainmhithe sin agus earraí áirithe a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine a sheoladh ó bhunaíochtaí, a fháil nó a ullmhú i mbunaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2017/625, nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, agus atá luaite ar na liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), le pointe (e)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2017/625;

(d)

ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas chun na tráchtearraí sonracha seo a leanas a chur ar an margadh de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 126 de Rialachán (AE) 2017/625:

(i)

feoil úr, feoil mhionaithe, ullmhóidí feola, táirgí feola, feoil díchnámhaithe go meicniúil agus amhábhair atá beartaithe chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh;

(ii)

moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo;

(iii)

táirgí iascaigh;

(iv)

táirgí ilchodacha;

(e)

ceanglais bhreise maidir leis na deimhnithe oifigiúla, na fianuithe oifigiúla agus na fianuithe príobháideacha a bheidh ag gabháil le bia-ainmhithe agus le hearraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine teacht isteach san Aontas;

(f)

ceanglais maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe agus a n-iarmhair agus maidir le leibhéil éilleán agus iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus i dtáirgí ilchodacha, i gcás ina dtagann na bia-ainmhithe sin, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ó thríú tíortha agus go bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais, agus go bhfuil gá leis na ceanglais sin chun a áirithiú go soláthraíonn na bia-ainmhithe sin, na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin agus na táirgí ilchodacha sin leibhéal cosanta do shláinte an duine atá coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear i rialacha ábhartha an Aontais maidir le sábháilteacht bia;

(g)

an ceanglas nach dtiocfaidh bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach ó thríú tíortha a sholáthraíonn fianaise agus ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo trí phlean rialaithe a chur isteach.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ainmhithe agus earraí nach bhfuil beartaithe lena dtomhailt ag an duine, ach amháin nuair nach mbeidh cinneadh déanta maidir le ceann scríbe na n-ainmhithe agus na n-earraí ar theacht isteach san Aontas dóibh agus i gcás nach féidir a eisiamh go fóill go bhfuil siad beartaithe lena dtomhailt ag an duine, beidh feidhm ag an Rialachán seo;

(b)

ainmhithe agus earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ach atá ar idirthuras tríd an Aontas amháin, gan iad a bheith á gcur ar an margadh;

(c)

earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine chun críche samplaí chun anailís a dhéanamh ar tháirgí agus chun tástáil cáilíochta a dhéanamh orthu gan iad á gcur ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “teacht isteach san Aontas” teacht isteach san Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (40), de Rialachán (AE) 2017/625;

(2)

ciallaíonn “coinsíneacht” coinsíneacht mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (37), de Rialachán (AE) 2017/625;

(3)

ciallaíonn “ainmhithe” ainmhithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2017/625;

(4)

ciallaíonn “earraí” earraí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2017/625;

(5)

ciallaíonn “coibhéis” coibhéis mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;

(6)

ciallaíonn “bunaíocht” bunaíocht mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;

(7)

ciallaíonn “deimhniú oifigiúil” deimhniú oifigiúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) 2017/625;

(8)

ciallaíonn “earraí” earraí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (28), de Rialachán (AE) 2017/625;

(9)

ciallaíonn “fianú príobháideach” fianú arna shíniú ag an oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas;

(10)

ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear é Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(11)

ciallaíonn “feoil úr” feoil úr mar a shainmhínítear í i bpointe 1.10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(12)

ciallaíonn “mionfheoil” mionfheoil mar a shainmhínítear í i bpointe 1.13 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(13)

ciallaíonn “ullmhóidí feola” ullmhóidí feola mar a shainmhínítear iad i bpointe 1.15 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(14)

ciallaíonn “táirgí feola” táirgí feola mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(15)

ciallaíonn “feoil díchnámhaithe go meicniúil” feoil díchnámhaithe go meicniúil mar a shainmhínítear í i bpointe 1.14 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(16)

ciallaíonn “geilitín” geilitín mar a shainmhínítear é i bpointe 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(17)

ciallaíonn “collaigin” collaigin mar a shainmhínítear í i bpointe 7.8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(18)

ciallaíonn “táirgí de bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte” táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear in Alt XVI, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(19)

ciallaíonn “moilisc dhébhlaoscacha” moilisc dhébhlaoscacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(20)

ciallaíonn “táirgí iascaigh” táirgí iascaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(21)

ciallaíonn “táirge ilchodach” bia ina bhfuil idir tháirgí de bhunadh plandaí agus tháirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch;

(22)

ciallaíonn “substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de” substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún (25);

(23)

ciallaíonn “éilleán” éilleán mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(1), an dara fomhír, de Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 (26);

(24)

ciallaíonn “iarmhair lotnaidicídí” iarmhair lotnaicicídí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(2), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;

(25)

ciallaíonn “táirge de bhunadh ainmhíoch” táirge de bhunadh ainmhíoch faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe 8.1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(26)

ciallaíonn “plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de” plean rialaithe maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, teorainneacha uasta iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil éilleán i mbia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad sin a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha;

(27)

ciallaíonn “feithidí” bia arb éard atá ann feithidí nó a gcodanna, nó atá ar leithlis uathu nó a tháirgtear uathu, lena n-áirítear aon staid saoil feithidí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus atá údaraithe, nuair is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus atá san áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá bunaithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (28) ón gCoimisiún (“liosta an Aontais de bhianna núíosacha”);

(28)

ciallaíonn “idirthuras” idirthuras mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, i bpointe (44) de Rialachán (AE) 2017/625;

(29)

ciallaíonn “feoil reiptíle” na codanna inite, neamhphróiseáilte nó próiseáilte, atá díorthaithe ó reiptílí saothraithe, a bhaineann leis an speiceas ailigéadar Misisípeach, Crocodylus johnstoni, Crocodylus niloticus, Crocodylus porosus, Timon lepidus, Python reticulatus, Python molurus bivittatusPelodiscus sinensis, atá údaraithe, nuair is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 agus atá ar áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha;

(30)

ciallaíonn “seilidí” seilidí mar a shainmhínítear iad i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus aon speiceas eile seilidí d’fhine Helicidae, HygromiidaeSphincterochilidae, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine;

(31)

ciallaíonn “bia” bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(32)

ciallaíonn “beatha” nó “ábhar beatha” beatha nó ábhar beatha faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(33)

ciallaíonn “iniúchóireacht” iniúchóireacht mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2017/625;

(34)

ciallaíonn “údaráis inniúla” mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2017/625;

(35)

ciallaíonn “eascróga” eascróga mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 208/2013 (29);

(36)

ciallaíonn “táirgeadh príomhúil” táirgeadh príomhúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (17), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(37)

ciallaíonn “seamlas” seamlas mar a shainmhínítear é i bpointe 1.16 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(38)

ciallaíonn “bunaíocht láimhseála géim” bunaíocht láimhseála géim mar a shainmhínítear í i bpointe 1.18 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(39)

ciallaíonn “ionad spólta” ionad spólta mar a shainmhínítear é i bpointe 1.17 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(40)

ciallaíonn “limistéar táirgeachta” limistéar táirgeachta mar a shainmhínítear é i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(41)

ciallaíonn “long phróiseála” long phróiseála mar a shainmhínítear í i bpointe 3.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(42)

ciallaíonn “reothrálaer” reothrálaer mar a shainmhínítear é i bpointe 3.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(43)

ciallaíonn “soitheach cuisnithe” soitheach atá feistithe chun earraí (bulc) lastais ar phailléad nó scaoilte a stóráil agus a iompar i mboilg nó i gcoimeádáin theochtrialaithe;

(44)

ciallaíonn “táirgí déiríochta” táirgí déiríochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(45)

ciallaíonn “táirgí uibhe” táirgí uibhe mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(46)

ciallaíonn “oibreoir gnó bia” oibreoir gnó bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

(47)

ciallaíonn “oibreoir” oibreoir mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (29), de Rialachán (AE) 2017/625;

(48)

ciallaíonn “post rialaithe teorann” post rialaithe teorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (38), de Rialachán (AE) 2017/625.

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS I nDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA TIONSCNAIMH NÓ RÉIGIÚIN DÍOBH

Airteagal 3

Bia-ainmhithe agus earraí a gceanglaítear orthu teacht ó thríú tíortha nó réigiúin díobh a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625

Ní thiocfaidh coinsíneachtaí na mbia-ainmhithe agus na n-earraí seo a leanas a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine, isteach san Aontas ach ó thríú tír nó ó réigiún den tír sin a áirítear ar an liosta le haghaidh na mbia-ainmhithe agus na n-earraí sin, liosta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405:

(a)

ainmhithe beo a bhfuil cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“cóid AC”) leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar bia-ainmhithe na hainmhithe beo sin;

(b)

táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear feoil reiptíle agus feithidí iomlána marbha, codanna d’fheithidí nó feithidí próiseáilte, ar táirgí iad atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus ar leagadh síos na cóid seo a leanas ina leith i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87:

(i)

cóid AC i gCaibidlí 2 go 5, 15, 16 nó 29; nó

(ii)

Ceannteidil an Chórais Chomhchuibhithe (“Ceannteidil CC”) 0901, 1702, 2105, 2106, 2301, 3001, 3002, 3302, 3501, 3502, 3503, 3504, 3507, 3913, 3926, 4101, 4102, 4103 nó 9602;

(c)

seilidí beo, seachas gnamháin, dá dtagraítear le cód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(d)

plúr pailine a thagann faoin gcód AC ex 1212 99 95 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

Airteagal 4

Ceanglais bhreise maidir le teacht isteach bia-ainmhithe agus earraí ó thríú tír nó ó réigiún díobh san Aontas

De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, ní dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tríú tíortha nó réigiúin díobh a chur ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), den Rialachán sin ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil na ceanglais seo a leanas coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais ábhartha san Aontas maidir leis na bia-ainmhithe agus maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo:

(a)

reachtaíocht an tríú tír maidir le:

(i)

táirgeadh earraí de bhunadh ainmhíoch;

(ii)

úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear rialacha maidir lena dtoirmeasc nó lena n-údarú, lena ndáileadh, lena gcur ar an margadh agus leis na rialacha lena gcumhdaítear riar agus cigireacht;

(iii)

beatha a ullmhú agus a úsáid, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun breiseáin a úsáid agus chun ábhair bheathúcháin íocleasaithe a ullmhú agus a úsáid, chomh maith le cáilíocht sláinteachais na n-amhábhar a úsáidtear chun ábhair bheathúcháin agus an táirge deiridh a ullmhú;

(b)

coinníollacha sláinteachais táirgthe, monaraithe, láimhseála, stórála agus seolta a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe don Aontas faoi láthair;

(c)

aon taithí ar mhargú na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch ón tríú tír agus torthaí maidir le haon rialuithe oifigiúla ar theacht isteach san Aontas;

(d)

nuair a bheidh siad ar fáil, torthaí na n-iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír a bhaineann le bia-ainmhithe agus le hearraí eile a bhfuil an tríú tír liostaithe ina leith cheana i gcomhréir le hAirteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625, go háirithe torthaí an mheasúnaithe a rinne na húdaráis inniúla sa tríú tír a ndearnadh iniúchadh uirthi, agus an ghníomhaíocht a rinne na húdaráis inniúla i bhfianaise aon mholadh a cuireadh chucu tar éis na n-iniúchtaí sin a bheith déanta ag an gCoimisiún;

(e)

clár rialaithe zónóisí a bheith ann, a chur chun feidhme agus a chur in iúl, ar clár é a bheidh formheasta ag an gCoimisiún i gcás inarb infheidhme;

(f)

ceanglais an tríú tír maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 5

Ainmhithe agus táirgí lena mbaineann Airteagail 6 go 12

1.   Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 12 maidir leis na hainmhithe agus na táirgí seo a leanas:

(a)

ainmhithe beo a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Alt 1, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar bia-ainmhithe na hainmhithe sin;

(b)

táirgí de bhunadh ainmhíoch, a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Caibidlí 2 go 5, 15 agus 16, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, agus a bhfuil fo-ceanntheidil an Chórais Chomhchuibhithe (“fo-cheanntheidil CC”) leagtha síos ina leith faoi cheannteidil HS 0901, 2105, 3501, 3502 agus 3504;

(c)

táirgí ilchodacha ar leagadh síos cóid AC ina leith i gCuid a Dó, Alt III, Caibidil 15, agus Alt IV, Caibidlí 16 go 22, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

2.   Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 12 maidir le

geilitín agus amhábhair chun geilitín a tháirgeadh, dá dtagraítear in Alt XIV, Caibidil I, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus

collaigin agus amhábhair chun collaigin a tháirgeadh, dá dtagraítear in Alt XV, Caibidil I, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, agus

táirgí de bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte, agus

Feithidí, froganna, cosa froganna, seilidí, reiptílí agus feoil reiptílí.

Airteagal 6

Ceanglais bhreise maidir le teacht isteach bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha san Aontas, maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus maidir le hiarmhair díobh, éilleáin agus iarmhair lotnaidicídí

1.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, ní thiocfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tír a bhfuil plean rialaithe i bhfeidhm aici le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena leagtar amach na ráthaíochtaí maidir leis an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ceanglais an Aontais maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil éilleán; agus

(b)

na ceanglais bhreise a shonraítear in Airteagail 9 go 12 den Rialachán seo.

2.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, ní dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tríú tír a chur ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), den Rialachán sin ach amháin má chuireann an tríú tír sin fianaise agus ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo ar fáil, mar aon leis an bhfaisnéis a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, san iarraidh ar thríú tíortha atá le cur isteach ag an tríú tír sin faoi Airteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a chur ar an liosta.

3.   Tar éis dó tríú tír a fhormheas ar liosta na dtríú tíortha údaraithe, áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, go leanfaidh an tríú tír de na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

4.   Chun críocha mhír 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhianaise nuashonraithe agus na ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a cheanglaítear maidir le plean rialaithe an tríú tír le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcomhréir le Cuid II d’Iarscríbhinn I, atá le cur isteach ag an tríú tír sin faoin 31 Márta gach bliain.

Airteagal 7

Tríú tír a áireamh ar liosta de thríú tíortha a chomhlíonann ceanglais an Aontais maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus maidir le hiarmhair díobh, éilleáin agus iarmhair lotnaidicídí

De bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, ní thiocfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach ó thríú tír a chomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) agus atá san áireamh i liosta na dtríú tíortha atá formheasta maidir le teacht isteach san Aontas na mbia-ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann, a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

Airteagal 8

Maolú ar na ceanglais maidir le teacht isteach bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha san Aontas

1.   De mhaolú ar Airteagal 7, féadfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nach bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de ach a áirithiú go mbeidh na bia-ainmhithe agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír a áirítear ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis na bia-ainmhithe nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin.

2.   De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, ní dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tríú tír a chur ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), den Rialachán sin ach amháin má chuireann údarás inniúil an tríú tír sin fianaise agus ráthaíochtaí ar fáil don Choimisiún maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo. Is éard a bheidh san fhianaise agus sna ráthaíochtaí sin faisnéis maidir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa tríú tír sin chun inrianaitheacht agus tionscnamh na mbia-ainmhithe sin agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin a ráthú.

3.   I gcás ina n-áireofar tríú tír, i gcomhréir le míreanna (1) agus (2), ar liosta na dtríú tíortha atá údaraithe le haghaidh bia-ainmhithe sonracha nó táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch, beidh an nóta seo a leanas ag gabháil leis an iontráil maidir leis an tríú tír sin:

“Tríú tír, nach ndéanfaidh ach bia-ainmhithe sonracha nó táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch amháin a thabhairt isteach sa Aontas — mar sin nó mar chomhábhair de tháirgí ilchodacha —, ar táirgí iad (a) de thionscnamh tríú tíortha eile atá údaraithe chun bia-ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, nó (b) de thionscnamh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún.”.

Maidir le tríú tíortha, mar gheall ar cheanglais sláinte ainmhithe, nach gceadaítear dóibh bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, beidh an nóta seo a leanas ag gabháil leis an iontráil maidir leis an tír sin:

“Tríú tír, nach ndéanfaidh ach táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch, ar de thionscnamh (a) tríú tíortha eile atá údaraithe leis na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch sin a theacht isteach san Aontas, nó (b) Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 8 de de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún.”.

4.   Chun cásálacha atá beartaithe lena dteacht isteach san Aontas a tháirgeadh, féadfaidh tríú tíortha úsáid a bhaint as amhábhair de bhunadh ainmhíoch a fhaightear ó Bhallstáit nó ó thríú tíortha eile nó ó réigiúin díobh, atá údaraithe le feoil úr, nó táirgí áirithe feola agus goilí, lamhnáin agus ionathair chóireáilte a theacht isteach san Aontas, agus a liostaítear sna liostaí ábhartha d’fheoil úr agus de tháirgí feola den sórt sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (30) nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405. Tríú tíortha a thugann isteach cásálacha de chuid an Aontais, liostófar iad in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 maidir le cásálacha. Ina theannta sin, déanfar na bunaíochtaí óna dtabharfar na cásálacha isteach san Aontas a liostú i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den Rialachán seo.

5.   Tar éis dó an tríú tír a fhormheas ar liostaí na dtríú tíortha údaraithe dá dtagraítear san Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 127(4) de Rialachán (AE) 2017/625, go leanfaidh an tríú tír de na ceanglais a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

CAIBIDIL III

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS I nDÁIL LE hÚSÁID SUBSTAINTÍ ATÁ GNÍOMHACH Ó THAOBH NA CÓGASEOLAÍOCHTA DE AGUS I nDÁIL LE hIARMHAIR NA SUBSTAINTÍ SIN, ÉILLEÁIN AGUS IARMHAIR LOTNAIDICÍDÍ

Airteagal 9

Ceanglais a mhéid a bhaineann le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe agus úsáid iarmhair díobh i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus i dtáirgí ilchodacha

1.   Ní thiocfaidh bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha a thugann ráthaíochtaí go bhfuil na rialuithe ar úsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 agus ar úsáid iarmhair na substaintí díobh coibhéiseach ar a laghad leo siúd a cheanglaítear ar phleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646.

2.   I gcás ina n-údaraíonn tríú tír úsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe nach bhfuil údaraithe d’ainmhithe den sórt sin san Aontas, ní thiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin sa mhéid go dtugann an tríú tír sin ráthaíochtaí nach bhfuil aon iarmhar díobh sna hainmhithe ná sna táirgí sin. Comhlíonfaidh na modhanna anailíse a úsáidfear chun a léiriú nach bhfuil na hiarmhair sin ann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 nó ceanglais atá coibhéiseach leo sin.

Airteagal 10

Ceanglais maidir le substaintí áirithe a thoirmeasc

1.   Ní thiocfaidh bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha a thugann ráthaíochtaí go bhfuil toirmeasc ar bhéite-agónaithe agus ar aon substaint stilbéineach, thíorastatach, éastraigineach, andraigineach ná aon substaint le linn tréimhse iompair in ainmhithe feirme a leagtar síos i dTreoir 96/22/CE á gcomhlíonadh, agus go bhfuil toirmeasc ar úsáid na substaintí a liostaítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010.

2.   Ní thiocfaidh bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha ó thríú tíortha lena n-údaraítear na substaintí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid i mbia-ainmhithe nó nach bhfuil rialacha acu maidir le húsáid na substaintí sin, isteach san Aontas ach sa mhéid go dtugann na tríú tíortha sin ráthaíochtaí:

(a)

go bhfuil córas táirgeachta ar leithligh curtha ar bun acu chun a áirithiú nach ndéanfar bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha atá beartaithe le teacht isteach san Aontas a chóireáil leis na substaintí dá dtagraítear i mír 1, agus

(b)

go bhfuil córas aitheantais agus inrianaitheachta iomchuí d’ainmhithe curtha ar bun acu, mar aon le córas chun rialú a dhéanamh ar dháileadh na substaintí dá dtagraítear i mír 1 agus chun riar táirgí íocshláinte tréidliachta a thaifeadadh agus a choimeád.

Airteagal 11

Ceanglais a mhéid a bhaineann le hiarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha

Ní thiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha a thugann ráthaíochtaí go ndéantar rialuithe ionadaíocha ar iarmhair lotnaidicídí chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí sin na huasleibhéil iarmhar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Beidh na ráthaíochtaí sin comhionann ar a laghad leo siúd dá bhforáiltear leis na cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla d’iarmhair lotnaidicídí dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1355.

Airteagal 12

Ceanglais a mhéid a bhaineann le héilleáin i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha

Ní thiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha a thugann ráthaíochtaí go gcomhlíonann na táirgí sin na huaslámhaltais d’éilleáin arna mbunú ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 315/93. Beidh na ráthaíochtaí sin comhionann ar a laghad leo siúd dá bhforáiltear leis na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla arna mbunú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932.

CAIBIDIL IV

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS I gCÁS BUNAÍOCHTAÍ

Airteagal 13

Ceanglais maidir le bunaíochtaí

1.   Ní thiocfaidh coinsíneachtaí na n-earraí seo a leanas isteach san Aontas ach amháin i gcás ina seoltar na coinsíneachtaí sin ó bhunaíochtaí, agus ina bhfaightear nó ina n-ullmhaítear iad i mbunaíochtaí, atá le feiceáil ar liostaí arna dtarraingt suas agus arna gcoimeád cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2017/625:

(a)

táirgí de bhunadh ainmhíoch, a bhfuil ceanglais maidir leo leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus a bhfuil na cóid seo a leanas leagtha síos ina leith i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87:

(i)

cóid AC i gCaibidlí 2 go 5, 15 nó 16; nó

(ii)

fo-cheannteidil faoi cheannteidil CC 1702, 2105, 2106, 2301, 2932, 3001, 3002, 3501, 3502, 3503, 3504, 4101, 4102 nó 4103;

(b)

eascróga a thagann faoi na fo-cheannteidil CC seo a leanas: 0704 90, 0706 90, 0708 10, 0708 20, 0708 90 nó 1214 90 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

2.   Ní fhéadfar bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), i bpointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 ach amháin más rud é, de bhreis ar na ráthaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 127(3), i bpointe (e)(ii) agus (iv), de Rialachán (AE) 2017/625, go gcuireann an tríú tír ina bhfuil na bunaíochtaí lonnaithe na ráthaíochtaí seo a leanas ar fáil:

(a)

go gcomhlíonann na bunaíochtaí sin, mar aon le haon bhunaíocht a láimhseálann amhábhair de bhunadh ainmhíoch a úsáidtear i monarú na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2017/625, go háirithe na ceanglais sin de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad;

(b)

nach láimhseálann bunaíochtaí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, ach amhábhair de bhunadh ainmhíoch a thagann ó thríú tíortha a bhfuil plean faireacháin iarmhar formheasta acu don chatagóir táirge sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646, nó ó na Ballstáit;

(c)

go bhfuil fíorchumhachtaí ag an tríú tír lena mbaineann deireadh a chur le bunaíochtaí den sórt sin táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcás nach gcomhlíonann na bunaíochtaí ceanglais ábhartha de chuid an Aontais nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad.

3.   Cuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit aon liosta nua agus aon liosta nuashonraithe a gheobhaidh sé ó údaráis inniúla an tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(iii), de Rialachán (AE) 2017/625 agus foilseoidh sé na liostaí sin ar a shuíomh gréasáin.

4.   Ní cheadóidh na Ballstáit ach amháin na coinsíneachtaí dá dtagraítear i mír 1 a theacht isteach san Aontas ar choinníoll gurb iad údaráis inniúla an tríú tír ag tosú ar dháta foilsithe liostaí na mbunaíochtaí ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 1 a eiseoidh na deimhnithe oifigiúla a cheanglaítear a bheith ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin de bhun rialacha is infheidhme de chuid an Aontais.

Airteagal 14

Bunaíochtaí nach bhfuil faoi réir cheanglais Airteagal 13(1)

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13(1) maidir le bunaíochtaí nach ndéanann ach na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

táirgeadh príomhúil;

(b)

oibríochtaí iompair;

(c)

táirgí de bhunadh ainmhíoch a stóráil nach gceanglaítear orthu a bheith i ndálaí stórála teochtrialaithe;

(d)

táirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i gceannteidil CC 2930, 2932, 3503, 3507 nó 3913 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(e)

táirgeadh capsúl geilitín dá dtagraítear faoi cheannteidil CC 3913, 3926 nó 9602 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

CAIBIDIL V

CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE hEARRAÍ ÁIRITHE A BHEARTAÍTEAR LENA dTOMHAILT AG AN DUINE A THEACHT ISTEACH SAN AONTAS

Airteagal 15

Ceanglais maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr, d’fheoil mhionaithe, d’ullmhóidí feola, d’fheoil díchnámhaithe go meicniúil agus de tháirgí feola agus d’amhábhair atá beartaithe chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh

Ní thiocfaidh coinsíneachtaí na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas isteach san Aontas ach amháin má rinneadh iad as amhábhair a fuarthas i seamlais, i mbunaíochtaí láimhseála géim, in ionaid spólta agus i mbunaíochtaí a láimhseálann táirgí iascaigh, agus iad le feiceáil ar liostaí de na bunaíochtaí a tarraingíodh suas agus a coimeádadh cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625:

(a)

feoil úr;

(b)

feoil mhionaithe;

(c)

ullmhóidí feola;

(d)

feoil díchnámhaithe go meicniúil agus táirgí feola, seachas craicne mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (45), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (31);

(e)

amhábhair a bheartaítear chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, dá dtagraítear faoi seach in Alt XIV, Caibidil I, pointe 4(a), agus in Alt XV, Caibidil I, pointe 4(a), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

Airteagal 16

Ceanglais maidir le coinsíneachtaí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo

1.   D’ainneoin Airteagal 14 den Rialachán seo, ní thiocfaidh coinsíneachtaí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith faoi cheannteideal 0307 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 isteach san Aontas ach amháin ó limistéir táirgthe i dtríú tíortha atá le feiceáil ar na liostaí arna dtarraingt suas ag údaráis inniúla an tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún.

2.   Féadfaidh na táirgí seo a leanas teacht isteach san Aontas, fiú má dhéantar iad a shaothrú i limistéir nach bhfuil aicmithe ag na húdaráis inniúla sa tríú tír ina dtáirgtear iad i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2017/625:

(a)

pectinidae, ach amháin i gcás ina gcumasaíonn sonraí ó chláir faireacháin arna mbunú faoi Airteagal 57 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 do na húdaráis inniúla na forais iascaireachta a aicmiú mar dá bhforáiltear in Alt VII, Caibidil IX, pointe 2, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(b)

gastrapóid mhuirí nach scagbheathóirí iad agus eicínideirmigh nach scagbheathóirí iad.

Airteagal 17

Limistéir tháirgeachta a liostú

1.   Sula ndéanfaidh údaráis inniúla an tríú tír na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán seo a tharraingt suas, tabharfar aird ar leith ar na ráthaíochtaí is féidir le húdaráis inniúla an tríú tír a thabhairt maidir le ceanglais Airteagal 52 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 maidir le haicmiú agus rialú limistéar táirgthe a chomhlíonadh.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún cuairt rialaithe ar an láthair sula ndéanfar na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) a tharraingt suas.

3.   A luaithe a dhréachtaítear na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 16(1), agus i gcás ina dtugann údaráis inniúla an tríú tír ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir le aicmiú agus rialú limistéar táirgthe atá faoina bhfreagracht, ní gá cuairt rialaithe an Choimisiúin ar an láthair a thabhairt sula gcuirfear limistéar táirgthe nua le liosta atá ann cheana agus a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 18

Ceanglais speisialta maidir le táirgí iascaigh

Ní thiocfaidh coinsíneachtaí táirgí iascaigh a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith faoi cheannteidil 0301, 0302, 0303, 0304, 0305, 0306, 0307, 0308, 0309, 1504, 1516, 1517, 1603, 1604, 1605 nó 2106 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin má fuarthas iad nó má ullmhaíodh iad, ag céim ar bith dá dtáirgeadh, i mbunaíocht ar talamh, i monarcha nó i reothrálaer nó má stóráiltear iad i bhfuarstóras nó i soitheach cuisnithe atá le feiceáil ar liosta arna tharraingt suas agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún.

Airteagal 19

Ceanglais speisialta maidir le soithí a liostú

1.   Féadfar soitheach a áireamh ar na liostaí bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625 ar choinníoll go ndéanfaidh údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach, agus údaráis inniúla tríú tír eile a bhfuil freagracht tarmligthe ag údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann teachtaireacht chomhpháirteach a chur ar fáil don Choimisiún ina luafar go gcomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

tá an dá thríú tír le feiceáil ar liosta na dtríú tíortha nó réigiún díobh, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, óna gceadaítear teacht isteach táirgí iascaigh san Aontas;

(b)

tugtar isteach i dtír na táirgí iascaigh uile ón soitheach lena mbaineann atá beartaithe lena gcur ar an margadh san Aontas go díreach sa tríú tír a bhfuil freagracht tarmligthe ag an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann;

(c)

rinne na húdaráis inniúla tharmligthe cigireacht ar an soitheach agus dhearbhaigh siad go gcomhlíonann sé na ceanglais is infheidhme de chuid an Aontais is infheidhme;

(d)

tá sé dearbhaithe ag na húdaráis inniúla tharmligthe go ndéanfaidh siad cigireacht rialta ar an soitheach lena áirithiú go leanfaidh sé de cheanglais infheidhme an Aontais a chomhlíonadh.

2.   Féadfar soitheach a áireamh ar na liostaí bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625 ar bhonn teachtaireacht chomhpháirteach ó údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach agus ó údaráis inniúla Ballstáit a bhfuil freagracht tarmligthe ag údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann, má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a)

tugtar isteach i dtír na táirgí iascaigh uile ón soitheach lena mbaineann atá beartaithe lena gcur ar an margadh san Aontas go díreach sa Bhallstát a bhfuil freagracht tarmligthe ag an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann;

(b)

rinne na húdaráis inniúla tharmligthe cigireacht ar an soitheach agus dhearbhaigh siad go gcomhlíonann sé na ceanglais is infheidhme de chuid an Aontais is infheidhme;

(c)

tá sé dearbhaithe ag na húdaráis inniúla tharmligthe go ndéanfaidh siad cigireacht rialta ar an soitheach lena áirithiú go leanfaidh sé de cheanglais infheidhme an Aontais a chomhlíonadh.

Airteagal 20

Ceanglais maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha

1.   Maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha dá dtagraítear sna cóid AC faoi cheannteidil 1517, 1518, 1601 00, 1602, 1603 00, 1604, 1605, 1702, 1704, 1806, 1901, 1902, 1904, 1905, 2001, 2004, 2005, 2008, 2101, 2103, 2104, 2105 00, 2106, 2202 nó 2208 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, ní thiocfaidh siad isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin más rud é gur táirgeadh gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha i mbunaíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha nó i réigiúin díobh agus gur údaraíodh iad chun na táirgí próiseáilte sin de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 13 nó gur táirgeadh iad i mbunaíochtaí atá lonnaithe sna Ballstáit.

2.   Go dtí go mbunóidh an Coimisiún liosta sonrach de thríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe chun táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas, féadfar coinsíneachtaí táirgí ilchodacha ó thríú tíortha nó ó réigiúin díobh a thabhairt isteach san Aontas, faoi réir chomhlíonadh na rialacha seo a leanas:

(a)

beidh na táirgí ilchodacha dá dtagraítear i mír 1 ar gá iad a iompar nó a stóráil faoi theocht rialaithe, de thionscnamh tríú tíortha nó réigiún díobh a údaraítear, faoi Airteagal 3, chun gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas;

(b)

maidir leis na táirgí ilchodacha dá dtagraítear i mír 1 nach gá iad a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe agus ina bhfuil aon chainníocht de tháirgí atá bunaithe ar ghruth buí nó de tháirgí feola, beidh siad de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear, faoi Airteagal 3, chun na táirgí bunaithe ar ghruth buí nó táirgí feola atá sna táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas;

(c)

beidh na táirgí ilchodacha dá dtagraítear i mír 1 nach gá iad a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe agus ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch a bhfuil ceanglais leagtha síos ina leith in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus seachas táirgí bunaithe ar ghruth buí nó ar tháirgí feola, de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear, faoi Airteagal 3 den Rialachán seo, chun táirgí feola, táirgí déiríochta, táirgí iascaigh nó táirgí uibhe a thabhairt isteach san Aontas ar bhonn cheanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe agus maidir leis an tsláinte phoiblí agus a liostaítear i gcás ceann amháin ar a laghad de na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch.

3.   Na tríú tíortha nó réigiúin díobh a thugann táirgí ilchodacha isteach san Aontas, áireofar iad ar an liosta a leagtar síos in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 mar thíortha nó réigiúin ag a bhfuil plean rialaithe formheasta, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo, le haghaidh an speicis nó na dtráchtearraí óna ndíorthaítear na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha, cé is moite de chollaigin, geilitín agus táirgí atá an-mhínphróiseáilte.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 maidir le táirgí ilchodacha fadré nach bhfuil iontu ach táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch nó táirgí ilchodacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33), Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), nó nach bhfuil iontu ach vitimín D3.

CAIBIDIL VI

COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS A MHÉID A BHAINEANN LE DEIMHNIÚ AGUS FIANÚ

Airteagal 21

Deimhnithe oifigiúla

1.   Ní thiocfaidh aon choinsíneacht de na táirgí seo a leanas isteach san Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil leis an gcoinsíneacht, ach amháin i gcás coinsíneachtaí nach é an tAontas an ceann scríbe deiridh dóibh:

(a)

ainmhithe beo a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Alt 1, Caibidil I, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar bia-ainmhithe na hainmhithe beo sin;

(b)

táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a bhfuil na cóid seo a leanas leagtha síos ina leith i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87:

(i)

cóid AC i gCaibidlí 2 go 5, 15, 16 nó 29; nó

(ii)

Ceannteidil CC 0901, 1702, 2105, 2106, 2301, 3001, 3002, 3501, 3502, 3503, 3504, 3507, 3913, 3926, 4101, 4102, 4103 nó 9602;

(c)

eascróga agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh agus dá dtagraítear leis na fo-cheannteidil CC seo a leanas: 0704 90, 0706 90, 0708 10, 0708 20, 0708 90, 0712 34, 0712 35, 0712 50, 0712 60, 0713 10, 0713 33, 0712 34, 0713 39, 0713 40, 0713 90, 0910 99, 1201 10, 1201 90, 1207 50, 1207 99, 1209 10, 1209 21, 1209 91 nó 1214 90 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(d)

plúr pailine dá dtagraítear le cód AC 1212 99 95 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(e)

seilidí beo, seachas gnamháin, dá dtagraítear le cód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(f)

táirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo, cé is moite de tháirgí ilchodacha fadré nach bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí ná feoil phróiseáilte iontu seachas geilitín, collaigin nó táirgí den bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte.

2.   Nuair a thiocfaidh coinsíneachtaí táirgí iascaigh isteach san Aontas go díreach ó shoitheach cuisnithe, ó mhonarcha nó ó reothrálaer a bhfuil bratach tríú tír ar foluain orthu, féadfaidh an captaen an deimhniú oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 14(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a shíniú.

3.   Níl aon deimhniú oifigiúil riachtanach chun go dtiocfaidh capsúil gheilitín isteach san Aontas a chumhdaítear leis na ceannteidil CC 3913, 3926 nó 9602 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás nach dtagann na capsúil sin ó chnámha athchogantacha.

4.   Leis na deimhnithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1, deimhneofar go gcomhlíonann na táirgí an méid seo a leanas:

(a)

na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nó forálacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leis na ceanglais sin;

(b)

aon cheanglas sonrach maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar amach sa Rialachán seo.

5.   Féadfar a áireamh ar na deimhnithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 na mionsonraí a cheanglaítear a thabhairt i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le cúrsaí sláinte poiblí agus maidir le cúrsaí sláinte ainmhithe.

6.   Gabhfaidh an deimhniú oifigiúil le haghaidh eascróg agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), leis an gcoinsíneacht go dtí go sroichfidh sí a ceann scríbe mar a shonraítear sa deimhniú oifigiúil. I gcás an choinsíneacht á scoilteadh, beidh cóip den deimhniú oifigiúil ag gabháil le gach cuid den choinsíneacht.

7.   Féadfaidh údaráis inniúla an tríú tír seolta, coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch nach gceanglaítear orthu ach fianú sláinte poiblí, nó coinsíneachtaí eascróg, a thagann ó thríú tír eile, a dheimhniú, más féidir le húdaráis inniúla an tríú tír seolta sin a áirithiú go gcomhlíonann an choinsíneacht na ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos sa Rialachán seo

Airteagal 22

Fianú príobháideach

1.   Beidh fianú príobháideach lena ndeimhnítear go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(2) de Rialachán (AE) 2017/625, arna n-ullmhú agus arna síniú ag oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas, ag gabháil leis na nithe seo a leanas:

(a)

coinsíneachtaí na dtáirgí ilchodacha a bhfuil feidhm ag Airteagal 20(2), pointe (b), ina leith, i gcás nach bhfuil sna táirgí ilchodacha táirgí bunaithe ar ghruth buí ná feoil phróiseáilte seachas geilitín, collaigin nó táirgí de bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte; agus

(b)

coinsíneachtaí na dtáirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (c), den Rialachán seo.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, i gcomhréir le hAirteagal 48, pointe (h), de Rialachán (AE) 2017/625, gabhfaidh an fianú príobháideach leis na táirgí ilchodacha tráth a gcuirfear ar an margadh iad.

3.   Leis an bhfianú príobháideach dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar inrianaitheacht na gcoinsíneachtaí agus áireofar an méid seo a leanas:

(a)

faisnéis maidir le coinsíneoir agus coinsíní na n-earraí a thagann isteach san Aontas;

(b)

liosta na dtáirgí de bhunadh plandaí agus na dtáirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha, arna léiriú in ord íslitheach de réir meáchain, mar a taifeadadh iad tráth a n-úsáide i monarú na dtáirgí ilchodacha;

(c)

an uimhir formheasa arna sannadh don bhunaíocht/do na bunaíochtaí a mhonaraíonn na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá le fáil sna táirgí ilchodacha, ar tugadh formheas di/dóibh faoi Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, a léireofar ag oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas.

4.   Déanfaidh an fianú príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas a fhianú:

(a)

go bhfuil an tríú tír nó réigiún di a tháirgeann na táirge ilchodacha liostaithe do cheann amháin ar a laghad de na catagóirí táirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas:

(i)

táirgí feola;

(ii)

táirgí déiríochta nó táirgí bunaithe ar ghruth buí;

(iii)

táirgí iascaigh;

(iv)

ubhtháirgí;

(b)

go gcomhlíonann an bhunaíocht a tháirgeann na táirgí ilchodacha caighdeáin sláinteachais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo siúd a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;

(c)

nach gá na táirgí ilchodacha a stóráil nó a iompar faoi theocht rialaithe;

(d)

gur de thionscnamh tríú tíortha nó réigiún díobh, nó ó na Ballstáit, atá údaraithe chun gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha agus go bhfaightear iad ó bhunaíochtaí liostaithe;

(e)

go ndearnadh ar a laghad ceann amháin de na cóireálacha dá dtagraítear in Airteagal 163(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ar na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch a úsáideadh sna táirgí ilchodacha agus go dtabharfar tuairisc ghairid ar na próisis a rinneadh orthu agus ar an teocht a cuireadh i bhfeidhm ar na táirgí ilchodacha.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

Tagairtí

Déanfar na tagairtí d’Airteagal 29 de Threoir 96/23/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 24

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.

Déanfar tagairtí don Rialachán Tarmligthe aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Treoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar a n-iarmhair in ainmhithe beo agus i dtáirgí ainmhithe agus lena n-aisghairtear Treoir 85/358/CEE agus Treoir 86/469/CEE agus Cinneadh 89/187/CEE agus Cinneadh 91/664/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 10).

(3)  Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha chun einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas táirgí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialacha sonracha i dtaca le rialuithe oifigiúla a dhéanamh faoi tháirgeadh na feola agus le haghaidh limistéir táirgthe agus athsheachadta na moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(11)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ceanglais shonracha ann maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar úsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe agus maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus iarmhair díobh atá toirmiscthe nó neamhúdaraithe (IO L 248, 26.9.2022, lch. 3).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2022 maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá údaraithe mar tháirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe agus le húsáid substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus le húsáid iarmhar díobh, agus maidir le hábhar sonrach pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúil agus socruithe sonracha chun iad a ullmhú (IO L 248, 26.9.2022, lch. 32).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808 ón gCoimisiún an 22 Márta 2021 maidir le modhanna anailíseacha a fheidhmiú i leith iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a úsáidtear i mbia-ainmhithe agus maidir le léirmhíniú na dtorthaí agus maidir leis na modhanna atá le húsáid le haghaidh samplála agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2002/657/CE agus Cinneadh 98/179/CE (IO L 180, 21.5.2021, lch. 84).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, agus aicmiú na substaintí sin i ndáil le huasteorainneacha iarmhar in ábhair bheatha de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1355 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2021 maidir le cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla i ndáil le hiarmhair lotnaidicídí atá le leagan síos ag na Ballstáit (IO L 291, 13.8.2021, lch. 120).

(19)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le héilleáin i mbia (IO L 162, 17.6.2022, lch. 7).

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2022 maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le héilleáin i mbia, maidir le hábhar sonrach breise i bpleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla agus maidir le socruithe sonracha breise chun iad a ullmhú (IO L 162, 17.6.2022, lch. 13).

(21)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha isteach i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2293 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, teorainneacha uasta iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus na lotnaidicídí agus uasleibhéil éilleán, (Féach leathanach 31 den Iris Oifigiúil seo).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 210/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2013 maidir le formheas ar bhunaíochtaí a tháirgeann eascróga de bhun Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 68, 12.3.2013, lch. 24).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniú oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cásanna ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh nó i gcásanna neamhchomhlíonta i ndáil le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe nó i ndáil le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).

(26)  Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).

(28)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 208/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2013 maidir le ceanglais inrianaitheachta le haghaidh eascróg agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh (IO L 68, 12.3.2013, lch. 16).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(31)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(32)  Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).


IARSCRÍBHINN I

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an fhaisnéis maidir leis an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de atá le cur isteach ag tríú tíortha chun críche a háirimh agus a cothabhála ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 7.

CUID I

Ceanglais ghinearálta a mhéid a bhaineann leis an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus maidir leis an bplean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a chur isteach

1.

Beidh an fhaisnéis a shonraítear i gCuid II den Iarscríbhinn seo ar áireamh sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de atá le cur isteach ag tríú tír, in éineacht leis an iarratas go gcuirfí san áireamh í ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 7, maidir le bia-ainmhithe sonracha nó táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch.

2.

Tar éis do thríú tír a bheith san áireamh ar an liosta dá dtagraítear i bpointe 1, déanfaidh sí, chun críoch cothabhála ar an liosta sin, plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, arna thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, a chur isteach in éineacht leis an bhfaisnéis a shonraítear i gCuid III.

3.

Féadfar, ag am ar bith, faisnéis bhreise a sholáthar chun plean rialaithe t le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 a chomhlánú.

4.

Déanfar na treoirdhoiciméid ábhartha a mhéid a bhaineann le substaintí toirmiscthe, iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta, iarmhair lotnaidicídí agus éilleán arna gcur ar fáil go poiblí ag an gCoimisiún a chur san áireamh agus an plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de á chur isteach.

5.

Déanfar an plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a sheoladh chuig an gCoimisiún go leictreonach, san fhormáid a thuairiscítear sna treoirdhoiciméid dá dtagraítear i bpointe 4 nó i bhformáid eile, ar choinníoll go gcuimsítear an fhaisnéis go léir a liostaítear i gCodanna II agus III, i gcás inarb infheidhme.

CUID II

Plean rialaithe tríú tír le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de — faisnéis a cheanglaítear

A.   Raon feidhme an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de

(1)

Liosta de chatagóirí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear mar chomhábhair i dtáirgí ilchodacha, a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear sonraí faoi speicis agus fospeicis ainmhithe.

(2)

Faisnéis faoi thionscnamh na mbia-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, go háirithe faisnéis maidir le cé acu a tháirgtear iad laistigh den tríú tír, go hiomlán ó ainmhithe nó ó tháirgí de bhunadh ainmhíoch ón tír sin nó cé acu a áirítear leo ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha eile nó ó Bhallstáit. Mura dtáirgtear na bia-ainmhithe ná na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa tríú tír atá ag cur isteach an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, soláthrófar faisnéis faoi na tíortha tionscnaimh agus faoin gcríoch atá beartaithe do na hainmhithe agus na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch, go háirithe trí mhíniú a thabhairt i dtaobh an bhfuil na táirgí de bhunadh ainmhíoch beartaithe lena dteacht isteach san Aontas mar atá nó mar chomhábhair de tháirgí ilchodacha atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.

(3)

Sonraí táirgthe náisiúnta ón mbliain roimhe sin i gcás na speiceas ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.

(4)

Míniú i dtaobh an gcumhdaíonn an plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, i gcás na n-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann, an táirgeadh náisiúnta iomlán nó cuid den táirgeadh náisiúnta (mar shampla, táirgeadh ó fheirmeacha/ó tháirgeoirí áirithe agus tréchur bhunaíochtaí áirithe atá beartaithe a theacht isteach san Aontas). Mura gcumhdaítear ach cuid den táirgeadh náisiúnta, soláthrófar tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm lena áirithiú nach mbeidh ach na hainmhithe agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch ón daonra leithscartha sin a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de incháilithe lena dteacht isteach san Aontas.

B.   Údaráis inniúla atá freagrach agus a gcumhachtaí dlíthiúla

(1)

Sonraí teagmhála na n-údarás inniúil: ainm agus seoladh an údaráis inniúil lárnaigh nó na n-údarás lárnach agus sonraí an phointe teagmhála maidir le comhfhreagras faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de (e.g. seoltaí ríomhphoist, uimhreacha teileafóin).

(2)

Tuairisc ar struchtúr na n-údarás inniúil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, leibhéil éagsúla na heagraíochta (e.g. eagraíocht láir, réigiúnach, áitiúil), na ranna lena mbaineann agus cairteacha eagraíochta.

(3)

Tuairisc ar ról na n-údarás inniúil a bhfuil baint acu le cur chun feidhme phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a tharraingt suas, comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, bailiú samplaí, comhthiomsú agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí, cur i bhfeidhm bearta ceartaitheacha, más gá, ar bearta iad atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun stop a chur le hatarlú neamhchomhlíontacha, agus plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(4)

Bunús dlí an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear tagairtí do na forálacha sonracha lena dtugtar an ceart do na húdaráis inniúla dul isteach san áitreabh ábhartha, samplaí a bhailiú, imscrúduithe leantacha a dhéanamh i gcás ina mbraitear torthaí neamhchomhlíontacha agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a fhorchur i gcásanna den sórt sin, mar shampla, srianta ar ghluaiseacht ainmhithe, díothú ainmhithe nó forchur fíneálacha.

C.   Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

(1)

Na ceanglais arna gcomhlíonadh ag an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, go háirithe maidir le cé acu an ionann na ceanglais sin agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646, nó ceanglais choibhéiseacha. Sa dara cás, soláthrófar sonraí breise maidir leis an gcaoi a dtabharfar aghaidh leis na ceanglais sin ar na pointí go léir a liostaítear faoi Chuid II, pointí C go K, den Iarscríbhinn seo.

(2)

Liosta na ngrúpaí substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de maidir le gach speiceas agus táirge ainmhí mar a shonraítear sa mhéid a leanas:

(a)

pointe A.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1646 maidir le substaintí i ngrúpa A dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;

(b)

pointe B.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 maidir le substaintí i ngrúpa B dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644. I gcás substaintí i ngrúpa B, cuirfear san áireamh i roghnú na ngrúpaí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe údarú agus úsáid na substaintí sin agus na rioscaí a bhaineann le hiarmhair in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.

(3)

Laistigh de na grúpaí substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe, liosta na substaintí agus a n-iarmhair mharcála atá le hanailísiú do na speicis ainmhithe shonracha agus do na táirgí ainmhithe sonracha sna maitrísí sonracha, lena n-áirítear bonn cirt lena roghnú bunaithe ar na critéir riosca a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.

(4)

Líon na samplaí de réir speicis ainmhithe agus na dtáirgí do gach ceann de na grúpaí substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe bunaithe ar na minicíochtaí rialaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646, nó ráthaíochtaí coibhéiseacha. Tuairisc ar na critéir maidir le roghnú na bpointí samplála agus na n-ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá le sampláil bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.

(5)

Tuairisc ar an straitéis samplála, ina mínítear an chaoi a dtugann sí aghaidh ar fhorálacha Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.

D.   Lotnaidicídí

(1)

Liosta na substaintí a tástáladh sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an líon comhfhreagrach samplaí in aghaidh na catagóire de bhia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1355.

(2)

Bonn cirt maidir le roghnú substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, go háirithe go bhfuil raon na substaintí a ndéantar tástáil orthu ionadaíoch do na lotnaidicídí a úsáidtear.

(3)

Leis na rialuithe soláthrófar ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh bia de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas leis na huasleibhéil iarmhar dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Soláthrófar na ráthaíochtaí sin do na lotnaidicídí ar fad atá údaraithe sa tríú tír, go háirithe maidir leis na lotnaidicídí sin atá údaraithe sa tríú tír, ach nach bhfuil údaraithe san Aontas.

(4)

Bonn cirt maidir le roghnú lotnaidicídí a chumhdaítear faoin bplean, agus na rioscaí a bhaineann le beatha ainmhithe agus leis an gcomhshaol agus na lotnaidicídí a bhfuil uasleibhéil d’iarmhair bunaithe san Aontas ina leith á gcur san áireamh, mar aon le bonn cirt leis an líon samplaí atá beartaithe, bunaithe ar an leibhéal muiníne atá gnóthaithe maidir le céatadán áirithe sáraithe ar uasleibhéil na n-iarmhar a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais a shainaithint i gcás na n-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.

E.   Éilleáin

(1)

Liosta na n-éilleán a ndearnadh tástáil orthu sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an líon comhfhreagrach samplaí in aghaidh na catagóire bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932.

(2)

Bonn cirt le roghnú éilleán a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus na rioscaí a bhaineann le beatha ainmhithe agus an comhshaol á gcur san áireamh, mar aon leis na héilleáin ar socraíodh uasteorainneacha ina leith san Aontas sna táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.

F.   Modhanna anailíse agus saotharlanna

(1)

An liosta de shaotharlanna oifigiúla nó de shaotharlanna ar conradh, nó an dá cheann acu, a bhfuil baint acu le hanailísí a dhéanamh don phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.

(2)

Stádas creidiúnaithe, lena n-áirítear raon feidhme an chreidiúnaithe, gach ceann de na saotharlanna oifigiúla a dhéanann anailísí don phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.

(3)

I gcás gach ceann de na saotharlanna, liosta de na modhanna ar fad a úsáidtear sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, agus léiriú i dtaobh an bhfuil siad san áireamh i raon feidhme an chreidiúnaithe do na maitrísí sonracha a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de nó nach bhfuil.

(4)

I gcás gach ceann de na saotharlanna, liosta de na modhanna a úsáidtear sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, agus léiriú i dtaobh an bhfuil siad bailíochtaithe i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais, nó a gcoibhéis, nó mura bhfuil bailíochtaithe, maidir leis na maitrísí sonracha a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena sonraítear an caighdeán a úsáidtear le haghaidh bailíochtaithe.

(5)

Maidir le gach ceann de na substaintí a ndéantar tástáil orthu sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, liosta de na modhanna anailíseacha agus na caighdeáin rialála a úsáidtear chun torthaí anailíseacha a léirmhíniú agus ceanglais feidhmíochta na modhanna anailíseacha, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an tsubstaint agus na hiarmhair mharcála a ndearnadh anailís orthu;

(b)

na maitrísí anailísithe;

(c)

an modh aitheantais anailíseach (e.g. ELISA, LC-MS/MS, AAS);

(d)

cineál an mhodha anailísigh (scagadh nó deimhniúchán);

(e)

na modhanna scagtha agus deimhniúcháin a úsáidtear, na teorainneacha braite agus teorainneacha cainníochtaithe nó, más ábhartha, teorainn an chinnidh le haghaidh deimhniúcháin (CCα) agus cumas braite le haghaidh scagtha (CCß) de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointí (14) agus (15), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808;

(f)

an tiúchan a meastar toradh os a chionn a bheith neamhchomhlíontach chun críche an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de. Go háirithe, léireofar difríochtaí leis na teorainneacha a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais.

G.   Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin beatha lena n-úsáid i mbia-ainmhithe agus toirmisc ar a n-úsáid i mbia-ainmhithe den sórt sin

(1)

An reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear cur ar an margadh agus coinníollacha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid i ndáil le speicis ar bia-ainmhithe iad a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear tagairtí do na forálacha ábhartha.

(2)

Liosta na dtáirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe don speiceas bia-ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de ina léirítear le haghaidh gach táirge, ainm an táirge, an tsubstaint/na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá ann agus spriocspeicis. Déanfar na substaintí sin atá údaraithe sa tríú tír ach nach bhfuil údaraithe le haghaidh úsáid den sórt sin san Aontas a aibhsiú ar an liosta. Áireofar leis an liosta freisin breiseáin bheatha atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, amhail antaibheathaigh, coicideastait agus histeamonastait.

(3)

Tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun a áirithiú, maidir le gach ceann de na substaintí atá údaraithe sa tríú tír lena n-úsáid sna speicis ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, ach nach bhfuil údaraithe le haghaidh úsáid den sórt sin san Aontas, nach bhfuil aon iarmhar i láthair i dtiúchaintí ar féidir iad a chainníochtú go hiontaofa in ainmhithe den sórt sin nó i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dteacht isteach san Aontas. Cuirfear fianaise ar fáil go ndéantar substaintí den sórt sin a thástáil sna maitrísí iomchuí sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcás na n-ainmhithe ábhartha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch.

(4)

Ráiteas maidir le cé acu an bhfuil aon cheann de na substaintí a áirítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 údaraithe le húsáid sa speiceas bia-ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de. Má údaraítear substaintí den sórt sin, soláthrófar tuairisc ar an gcóras lena n-áirithítear nach bhfuil ainmhithe a chóireáiltear le substaintí den sórt sin ná le táirgí a dhíorthaítear uathu incháilithe le teacht isteach san Aontas. Má thoirmisctear substaintí den sórt sin a úsáid i mbia-ainmhithe sa tríú tír, soláthrófar tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc sin.

(5)

Deimhniú nach n-údaraítear substaintí stilbéineacha (i.e. stilbéiní, díorthaigh stilbéineacha, a salainn ná a n-eistir) ná substaintí tíreastatacha lena n-úsáid i speicis ar bia-ainmhithe iad a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, beag beann ar a n-incháilitheacht lena dteacht isteach san Aontas, agus tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc sin.

(6)

Ráiteas maidir le cé acu atá substaintí a bhfuil gníomhaíocht éastraigineach, andraigineach nó iompair acu agus béite-agónaithe údaraithe chun críoch fás a spreagadh sa speiceas bia-ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de. Má údaraítear substaintí den sórt sin, soláthrófar tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm lena áirithiú nach bhfuil ainmhithe faoi chóireáil incháilithe lena dteacht isteach san Aontas. Mura bhfuil substaintí den sórt sin údaraithe ná toirmiscthe go sainráite, déanfar tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc.

H.   Faisnéis shonrach maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe de chineál caorach agus maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a dhíorthaítear uathu, lena n-áirítear bainne

(1)

Ráiteas maidir le cé acu a údaraítear agus a úsáidtear 17 béite éastraidé-ól agus a dhíorthaigh cosúil le heistear i dtáirgí íocshláinte tréidliachta chun aon chríoch sa speiceas atá i gceist, lena n-áirítear cóireálacha zóiteicniúla nó teiripeacha. Má údaraítear substaintí den sórt sin, soláthrófar tuairisc ar an gcóras lena n-áirithítear nach bhfuil ainmhithe a chóireáiltear le substaintí den sórt sin ná leis na táirgí a dhíorthaítear uathu incháilithe le teacht isteach san Aontas. Má thoirmisctear substaintí den sórt sin, déanfar tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc.

(2)

Maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe de chineál caorach agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a dhíorthaítear uathu, lena n-áirítear bainne atá incháilithe lena dteacht isteach san Aontas ó thríú tír, ar ainmhithe iad a áirítear ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, dá dtagraítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, beidh siad de thionscnamh tríú tír sin, nó de thionscnamh na mBallstát, nó de thionscnamh thríú tíortha eile ina gcuirtear chun feidhme plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de arna fhormheas ag an gCoimisiún.

I.   Faisnéis shonrach maidir le mil

(1)

Má tá oibreáin fhrithmhiocróbacha údaraithe chun galair a chóireáil nó a chosc i mbeacha meala, tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun ráthaíochtaí a thabhairt nach bhfuil aon iarmhar fágtha ann, i dtiúchaintí ar féidir iad a chainníochtú, i mil atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.

(2)

Beidh mil atá beartaithe a theacht isteach san Aontas ó thríú tír a áirítear ar liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de dá dtagraítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 de thionscnamh tríú tír sin, nó de thionscnamh na mBallstát, nó de thionscnamh thríú tíortha eile ina gcuirtear chun feidhme plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, arna fhormheas ag an gCoimisiún.

J.   Faisnéis shonrach maidir le dobharshaothrú

(1)

Má údaraítear ruaimeanna chun galar a chóireáil agus a chosc ag céim ar bith den táirgeadh, tuairisc ar na ruaimeanna a úsáidtear agus ar na táirgí iascaigh (lena n-áirítear crústaigh) a bhfuil an chóireáil údaraithe ina leith agus ar an gcóras atá i bhfeidhm chun ráthaíochtaí a thabhairt nach bhfuil aon iarmhar fágtha ann i dtiúchaintí ar féidir iad a chainníochtú i dtáirgí dobharshaothraithe atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.

(2)

Beidh táirgí dobharshaothraithe atá beartaithe a theacht isteach san Aontas ó thríú tír a áirítear ar liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de dá dtagraítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 de thionscnamh tríú tír sin, nó de thionscnamh na mBallstát, nó de thionscnamh thríú tíortha eile ina gcuirtear chun feidhme plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, arna fhormheas ag an gCoimisiún.

K.   Faisnéis shonrach maidir le hainmhithe eachaí

(1)

Tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil ainmhithe eachaí arna gcóireáil le substaintí a thoirmisctear nó nach n-údaraítear san Aontas lena n-úsáid i mbia-ainmhithe ná i dtáirgí lena dtomhailt ag an duine, a dhíorthaítear ó ainmhithe den sórt sin incháilithe lena dteacht isteach san Aontas. Tabharfaidh tuairisc ar na gnéithe seo a leanas de chóras den sórt sin:

(a)

sainaithint agus inrianaitheacht ainmhithe eachaí;

(b)

taifead a choinneáil maidir le tabhairt táirgí íocshláinte tréidliachta;

(c)

taifid ina léirítear gach cóireáil ina bhfuil substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de.

(2)

I gcás ina gcóireáiltear ainmhithe eachaí le substaintí a mheastar a bheith fíor-riachtanach faoi rialacha an Aontais, tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm lena áirithiú nach mbeidh bia a dhíorthaítear ó ainmhithe den sórt sin incháilithe lena dteacht isteach san Aontas go dtí go mbeidh 6 mhí caite ón gcóireáil dheireanach.

(3)

Bia-ainmhithe eachaí atá incháilithe lena dteacht isteach san Aontas, beidh siad de thionscnamh an tríú tír a bhfuil sé beartaithe aici ainmhithe eachaí a thabhairt isteach san Aontas nó de thionscnamh tríú tíortha eile ina mbeidh plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de arna fhormheas ag an gCoimisiún á chur chun feidhme acu.

L.   Faisnéis shonrach atá le soláthar ag na tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2)

(1)

Ráiteas ó údarás inniúil an tríú tír ina ndeimhnítear nach dtionscnaítear táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas mar tháirgí mar atá, nó mar chomhábhair de tháirgí ilchodacha, ach i dtríú tíortha a áirítear ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcás na mbia-ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin, agus gur leor na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na críche sin chun inrianaitheacht agus tionscnamh na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin a ráthú.

(2)

Tuairisc chuimsitheach ó údarás inniúil an tríú tír ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa tríú tír, chun bunús a thabhairt don ráiteas dá dtagraítear i bpointe 1.

M.   Faisnéis shonrach maidir le craicne

Tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach n-úsáidtear aon oibreán frithmhiocróbach, a dtoirmisctear a n-úsáid i mbia-ainmhithe san Aontas i gcomhréir le Tábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, chun craicne a chóireáil.

CUID III

Plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de — faisnéis a cheanglaítear

A.   Athruithe a thugtar isteach sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de

(1)

Sonraí táirgthe nuashonraithe na n-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoi phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an tionchar ar líon na samplaí beartaithe.

(2)

Mionsonraí maidir le haon athrú a tharla ó cuireadh isteach an plean rialaithe bliantúil roimhe seo le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus a athraíonn an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe seo faoi Chuid II, pointí A go M.

(3)

In éagmais athruithe, déanfar ráiteas nár tharla aon athrú a áireamh faoi Chuid II, pointí A go M, nuair is ábhartha.

B.   Torthaí ó chur chun feidhme phlean rialaithe na bliana roimhe sin le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de

(1)

Torthaí ó chur chun feidhme phlean rialaithe na bliana roimhe sin le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, in éineacht leis an bplean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.

(2)

Bonn cirt maidir le haon neamhréireacht idir líon na samplaí nó na substaintí a bhí beartaithe lena n-anailísiú agus líon na samplaí agus/nó na substaintí a ndearnadh anailís orthu.

(3)

Sonraí maidir le torthaí nach gcomhlíonann uasteorainneacha iarmhair an Aontais maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhar nó uasleibhéil éilleán, lena n-áirítear, i gcás gach ceann de na torthaí neamhchomhlíontacha sin, dátaí na samplála, dátaí infhaighteacht na dtorthaí anailíseacha, iarmhair mharcála a sainaithníodh, na tiúchaintí a tomhaiseadh, na modhanna anailíseacha a úsáideadh agus na saotharlanna lena mbaineann.

(4)

Maidir le gach ceann de na torthaí neamhchomhlíontacha, tuairisc ar thoradh na n-imscrúduithe leantacha a rinne na húdaráis inniúla, ar an gcúis a bhí leis an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart a rinneadh chun atarlú a chosc.

IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 24, an dara mír

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 13

Airteagal 6

Airteagal 14

Airteagal 7

Airteagal 15

Airteagal 8

Airteagal 16

Airteagal 9

Airteagal 17

Airteagal 10

Airteagal 18

Airteagal 11

Airteagal 19

Airteagal 12

Airteagal 20

Airteagal 13

Airteagal 21

Airteagal 14

Airteagal 22


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/31


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2293 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Samhain 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, teorainneacha uasta iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus na lotnaidicídí agus uasleibhéil éilleán

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 96/23/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 maidir le bearta chun faireachán a dhéanamh ar shubstaintí áirithe agus ar iarmhair na substaintí sin in ainmhithe beo agus i dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Treoracha 85/358/CEE agus 86/469/CEE agus Cinntí 89/187/CEE agus 91/664/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 29(1), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 29(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 127(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí rialaithe eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú i réimse na sábháilteachta bia, i measc nithe eile, ag aon céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileachán. Go háirithe, foráiltear leis nach dtiocfaidh ach coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe isteach san Aontas ó thríú tír nó réigiún sa tír sin atá ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (3) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le coinsíneachtaí bia-ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tríú tíortha sin a thabhairt isteach san Aontas lena áirithiú go gcomhlíonann siad na ceanglais ábhartha a leagtar síos sna rialacha maidir le sábháilteacht bia dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625 nó na ceanglais a aithnítear a bheith ar a laghad coibhéiseach leo. Go háirithe, sainaithnítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 na hainmhithe agus na hearraí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus atá faoi réir an cheanglais maidir le teacht ó thríú tír nó réigiún atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

(3)

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (4) na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin óna gceadaítear coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

(4)

Le Rialachán (AE) 2017/625 aisghaireadh Treoir 96/23/CE, ach déantar foráil leis go leanfaidh Airteagal 29(1) agus (2) den Treoir sin d’fheidhm a bheith acu go dtí an 14 Nollaig 2022.

(5)

I gCinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (5) liostaítear na tríú tíortha ar formheasadh ina leith pleananna rialaithe maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, teorainneacha uasta iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhar lotnaidicídí agus uasleibhéil éilleán, dá dtagraítear in Airteagal 29(1) de Threoir 96/23/CE i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(6)

Déantar foráil le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292, i dteannta na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, go bhfuil coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha le teacht isteach san Aontas ó thríú tír atá ar an liosta de thríú tíortha a fhormheastar i dtaobh theacht isteach san Aontas na mbia-ainmhithe lena mbaineann nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine.

(7)

Ar mhaithe le trédhearcacht agus comhsheasmhacht a áirithiú agus le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine san Aontas a éascú, na liostaí uile de thríú tíortha is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh earraí agus ainmhithe a onnmhairítear chuig an Aontas na ceanglais ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625 ar theacht isteach san Aontas dóibh, ba cheart na liostaí sin a leagan síos in aon ghníomh cur chun feidhme amháin. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/163/AE a aisghairm agus ba cheart an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin a chur isteach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú dá réir.

(9)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón 15 Nollaig 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin freisin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 mar a leanas:

(1)

cuirtear an tAirteagal 2a seo a leanas isteach tar éis Airteagal 2:

“Airteagal 2a

Liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, lotnaidicídí agus éilleáin i mbia-ainmhithe áirithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine

1.   Na pleananna rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, lotnaidicídí agus éilleáin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (*1), arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear sa tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo, tá na pleananna sin formheasta i dtaobh na mbia-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus atá marcáilte le ‘X’ sa tábla sin.

2.   Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a rinne iarraidh go mbeadh siad ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ach nár chuir isteach pleananna rialaithe maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, lotnaidicídí agus éilleáin agus a bhfuil sé beartaithe acu, de réir na hiarrata sin, gan ach amhábhar a úsáid chun táirgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú chuig an Aontas a tháirgeadh, ar amhábhair iad ó na Ballstáit nó ó thríú tíortha eile atá formheasta chun amhábhar den sórt sin a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déantar iad a mharcáil le ‘Δ,’ le haghaidh an speicis nó an tráchtearra ábhartha, sa tábla in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a rinne iarraidh go mbeadh siad ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ach nár chuir isteach pleananna rialaithe maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, lotnaidicídí agus éilleáin le haghaidh bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe, each-ainmhithe, coinín nó éanlaith chlóis agus a bhfuil sé beartaithe acu, de réir na hiarrata sin, táirgí ilchodacha a onnmhairiú chuig an Aontas trí úsáid a bhaint as táirgí ainmhíocha próiseáilte ó na speicis sin a fhaightear ó Bhallstát nó ó thríú tír nó ó réigiún sa tír sin a bhfuil pleananna rialaithe i bhfeidhm acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, déantar iad a mharcáil le ‘O’, le haghaidh na speiceas a chumhdaítear leis an iarraidh, sa tábla in Iarscríbhinn –I a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a rinne iarraidh go mbeadh siad ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 agus atá marcáilte le ‘X’ sa tábla in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh na gcatagóirí ‘dobharshaothrú’, ‘bainne’ nó ‘uibheacha’ agus a bhfuil sé beartaithe acu, de réir na hiarrata sin, táirgí ilchodacha a tháirgeadh, déantar iad a mharcáil freisin le ‘O’ don chuid eile de na catagóirí sin nach bhfuil marcáilte le ‘X’, sa tábla in Iarscríbhinn –I a ghabhann leis an Rialachán seo.

5.   Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a rinne iarraidh go mbeadh siad ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 agus atá marcáilte le ‘X’ sa tábla in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh na gcatagóirí ‘bó-ainmhithe’, ‘ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair’, ‘muc-ainmhithe’, ‘each-ainmhithe’, ‘éanlaith chlóis’, ‘dobharshaothrú’, ‘bainne’, ‘uibheacha’, ‘coinín ’, ‘géim fiáin’ nó ‘géim feirme’ agus a tháirgeann táirgí ilchodacha le táirgí próiseáilte a dhíorthaítear ó mhoilisc dhébhlaoscacha de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha nó réigiún sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo, déantar iad a mharcáil freisin le ‘P’ sa tábla in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí bia-ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (IO L 304., 24.11.2022, lch. 1).”;"

(2)

In Airteagal 3, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE”;

(3)

In Airteagal 6, an chéad mhír, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE”;

(4)

In Airteagal 7, an chéad mhír, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo i leith ‘uibheach’” in ionad na bhfocal ‘agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith ‘uibheacha’”;

(5)

In Airteagal 10, an dara mír, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE”;

(6)

In Airteagal 11, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo i leith ‘cásálacha’” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith ‘cásálacha’”;

(7)

In Airteagal 15, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo i leith ‘bainne’” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith ‘bainne’”;

(8)

In Airteagal 16, cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann leis an Rialachán seo i leith ‘bainne’” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith ‘bainne’”;

(9)

In Airteagal 21, cuirtear na focail “liostaítear in Iarscríbhinn -I i leith ‘mil’” in ionad na bhfocal “liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith “mil”’;

(10)

In Airteagal 25, pointe (a), cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn –I a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE nuair is infheidhme”;

(11)

In Airteagal 25, pointe (c), cuirtear na focail “agus a liostaítear in Iarscríbhinn –I a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme” in ionad na bhfocal “agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE nuair is infheidhme”;

(12)

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn –I roimh Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2011/163/AE.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 125, 23.5.1996, lch. 10.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí bia-ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

(5)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN -I

Liosta tríú tíortha agus críoch sna tíortha sin a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le bia-ainmhithe áirithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, dá dtagraítear in Airteagal 2a, Airteagal 3, Airteagal 6, an chéad mhír, Airteagal 7, an chéad mhír, Airteagal 10, an dara mír, Airteagail 11, 15, 16, 21 agus Airteagal 25, pointí (a) agus (c)

Cód ISO na tíre

Tríú tír  (1) nó réigiúin sa tír sin

Bó-ainmhithe

Ainmhithe de chineál caorach/ainmhithe de chineál gabhair

Muc-ainmhithe

Each-ainmhithe

Éanlaith chlóis

Dobharshaothrú  (17)

Bainne

Uibheacha

Coinín

Géim fiáin

Géim feirme

Mil

Cásálacha

AD

Andóra

X

X

Δ

X

 

P

 

 

 

 

 

X

 

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

 

 

 

 

 

Δ

P

X (2)

O

O

 

 

 

X (3)

 

AL

An Albáin

 

X

 

 

 

X (14)

P

O

X

 

 

 

 

X

AM

An Airméin

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

X

 

AR

An Airgintín

X

X

 

X

X

X (14)

P

X

X

X

X

X

X

X

AU

An Astráil

X

X

 

X

 

X

M

X

X

 

X

X

X

X

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

BD

An Bhanglaidéis

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

BF

Buircíne Fasó

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

BJ

Beinin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

BN

An Bhurúin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

BR

An Bhrasaíl

X

 

 

X

X

X

P

O

O

 

 

 

X

X

BW

An Bhotsuáin

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

 

BY

An Bhealarúis

 

 

 

X (8)

 

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

X

BZ

An Bheilís

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

CA

Ceanada

X

X

X

X

X

X

M

X

X

X

X

X

X

 

CH

An Eilvéis (7)

X

X

X

X

X

X (14)

M

X

X

X

X

X

X

X

CL

An tSile

X

X (5)

X

 

X

X (14)

M

X

O

 

X

 

X

X

CM

Camarún

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

CN

An tSín

 

 

 

 

X

X

P

O

X

X

 

 

X

X

CO

An Cholóim

 

 

 

 

 

X

P

X

Δ

 

 

 

 

X

CR

Cósta Ríce

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

CU

Cúba

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

DO

an Phoblacht Dhoiminiceach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

EC

Eacuadór

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

EG

An Éigipt

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

ET

An Aetóip

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

FK

Oileáin Fháclainne

X

X (5)

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

FO

Oileáin Fharó Oileáin

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

GB

An Ríocht Aontaithe (6)

X

X

X

X

X

X (14)

Δ

M

X

X

X

X

X

X

X

GE

An tSeoirsia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

GG

Geansaí

 

 

 

 

 

O

M

X

O

 

 

 

 

 

GL

An Ghraonlainn

 

X (5)

 

 

 

M

 

 

 

 

X

 

 

GT

Guatamala

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

HK

Hong Cong

 

 

 

 

 

Δ

P

 

Δ

 

 

 

 

 

HN

Hondúras

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

ID

An Indinéis

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

IL

Iosrael (4)

 

 

 

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

IM

Oileán Mhanann

X

X

X

 

 

X (14)

M

X

O

 

 

 

X

 

IN

An India

 

 

 

 

O

X

P

O

X

 

 

 

X

X

IR

An Iaráin

 

 

 

 

 

X (15)

X (16)

P

O

O

 

 

 

 

X

JE

Geirsí

X

 

 

 

 

M

X

O

 

 

 

 

 

JM

Iamáice

 

 

 

 

 

M

 

 

 

 

 

X

 

JP

An tSeapáin

X

 

X

 

X

X (14)

M

X

X

 

 

 

Δ

X

KE

An Chéinia

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

 

 

KR

An Chóiré Theas

 

 

 

 

X

X

M

O

O

 

 

 

Δ

 

LB

An Liobáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

LK

Srí Lanca

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

MA

Maracó

 

 

 

 

X

X (14)

Δ

M

O

O

 

 

 

 

X

MD

An Mholdóiv

 

 

 

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

ME

Montainéagró

X

X (5)

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

 

 

X

 

MG

Madagascar

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

X

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

X

X

X

 

X

X (14)

P

X

X

 

X

 

X

 

MM

Maenmar

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

X

 

MN

an Mhongóil

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

MU

Oileán Mhuirís

 

 

 

 

 

X (14)

P

O

O

 

 

 

Δ

 

MX

Meicsiceo

 

 

Δ

 

 

X

P

O

X

 

 

 

X

 

MY

An Mhalaeisia

 

 

 

 

Δ

X

P

O

O

 

 

 

 

 

MZ

Mósaimbíc

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

NA

An Namaib

X

X (5)

 

 

 

P

 

 

 

X

 

 

 

NC

An Nua-Chaladóin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

X

X

 

NG

An Nigéir

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

NI

Nicearagua

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

NZ

An Nua-Shéalainn

X

X

O

X

O

X (14)

M

X

O

O

X

X

X

X

PA

Panama

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

PE

Peiriú

 

 

 

 

 

X

M

O

O

 

 

 

 

 

PH

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

PK

An Phacastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

PM

San Pierre agus Miquelon

 

 

 

 

X

P

 

 

 

 

 

 

 

PN

Oileáin Pitcairn

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

PY

Paragua

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

X

RS

An tSeirbia

X

X

X

X (8)

X

X (14)

P

X

X

X

X

 

X

X

RU

An Rúis

X

X

X

 

X

O

P

X

X

 

 

X (9)

X

X

RW

Ruanda

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SA

An Araib Shádach

 

 

 

 

 

X

P

O

O

 

 

 

 

 

SG

Singeapór

Δ

Δ

Δ

X (10)

Δ

X (14)

P

Δ

Δ

 

X (10)

X (10)

 

 

SM

San Mairíne

X

 

Δ

 

 

O

P

X

O

 

 

 

X

 

SV

An tSalvadóir

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

SY

an tSiria

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

SZ

Eswatini

X

 

 

 

 

P

 

 

 

 

 

 

 

TG

Tóga

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

TH

An Téalainn

O

 

O

 

X

X

M

O

Δ

 

 

 

X

 

TN

An Túinéis

 

 

 

 

 

X (14)

M

O

O

 

 

 

 

X

TR

An Tuirc

 

 

 

 

X

X (14)

M

X

X

 

 

 

X

X

TW

An Téaváin

 

 

 

 

 

X

P

O

X

 

 

 

X

 

TZ

An Tansáin

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

X

 

UA

An Úcráin

X

 

X

 

X

X (14)

M

X

X

X

 

 

X

X

UG

an Téaváin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

US

Na Stáit Aontaithe

X

X (11)

X

 

X

X

M

X

X

X

X

X

X

 

UY

Uragua

X

X

 

X

 

X (14)

M

X

O

 

X

 

X

X

UZ

an Úisbéiceastáin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

VE

Veiniséala

 

 

 

 

 

X (15)

P

O

O

 

 

 

 

 

VN

Vítneam

 

 

 

 

 

X

M

O

O

 

 

 

X

 

WF

Vailís agus Futúna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

XK

An Chosaiv (12)

 

 

 

 

Δ

 

 

 

 

 

 

 

 

ZA

An Afraic Theas

 

 

 

 

 

P

 

 

 

X

X (13)

 

 

ZM

An tSaimbia

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 


(1)  Liosta tríú tíortha agus críoch (níl sé teoranta do thríú tíortha arna n-aithint ag an Aontas).

(2)  Bainne camaill, agus é sin amháin.

(3)  Réigiún Ras al Khaimah, agus an réigiún sin amháin.

(4)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha faoi riar Stát Iosrael tar éis an 5 Meitheamh 1967, is é sin Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

(5)  Speicis de chineál na gcaorach, agus iad sin amháin.

(6)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(7)  I gcomhréir le Comhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(8)  Onnmhairiú each-ainmhithe beo chun an Aontais a bhfuil sé beartaithe iad a mharú (bia-ainmhithe, agus na hainmhithe sin amháin).

(9)  Réinfhianna, agus iad sin amháin.

(10)  I gcás coinsíneachtaí feola úire de thionscnamh na Nua-Shéalainne, a bheartaítear a chur chuig an Aontas agus a bheidh á ndíluchtú, le stóráil nó gan stóráil, i Singeapór agus a bheidh á n-athlódáil i mbunaíocht fhormheasta le linn dóibh a bheith ar idirthuras trí Shingeapór, agus ina gcás siúd amháin.

(11)  Speicis de chineál an ghabhair, agus iad sin amháin.

(12)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(13)  Raitítigh, agus iad sin amháin.

(14)  Éisc eite, agus iad sin amháin.

(15)  Crústaigh, agus iad sin amháin.

(16)  Eochraí agus caibheár, agus iad sin amháin.

(17)  Le dobharshaothrú, cuimsítear iasc eite, lena n-áirítear eascanna, agus táirgí ó éisc eite (amhail eochraí agus caibheár) agus crústaigh. Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte in Iarscríbhinn VIII, déantar iad a mharcáil iad le ‘M’ sa cholún seo.”


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/42


RIALACHÁN (AE) 2022/2294 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh i ndáil le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) agus Iarscríbhinn II, pointe (d), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 na hábhair a chumhdaítear i réimse an chúraim sláinte a bhfuil sonraí agus meiteashonraí le soláthar ina leith chun staidreamh Eorpach a chur ar fáil. Go háirithe, ba cheart sonraí agus meiteashonraí maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte, úsáid cúraim sláinte, seirbhísí aonair agus comhsheirbhísí, agus tréimhsí tagartha, eatraimh agus teorainneacha ama maidir le soláthar sonraí a leagan amach trí bhearta cur chun feidhme.

(2)

De bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, in 2015 agus 2018, sheol an Coimisiún staidéir thrialacha a chuir na Ballstáit i gcrích go deonach. Phléigh an Coimisiún riachtanais úsáideoirí an staidrimh leis na Ballstáit freisin. Ba é an toradh a bhí ar na staidéir thrialacha sin agus ar an bplé sin go bhfuil gá le sonraí uile-Aontais chun an bonn fianaise maidir le faisnéis faoi chúram sláinte a neartú, lena bhféadfar cinntí níos éifeachtúla a dhéanamh maidir leis an tsláinte phoiblí agus maidir leis an mbeartas sóisialta.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, rinne an Coimisiún anailís costais is tairbhe, agus na buntáistí á gcur san áireamh a bhaineann le hinfhaighteacht athróg maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus costas bailithe sonraí. Is léir ón anailís sin gur cheart na hathróga sin a bhailiú chun inchomparáideacht agus infhaighteacht sonraí uile-Aontais a áirithiú.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt agus a tháirgeadh i réimse na saoráidí cúraim sláinte, na n-acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid an chúraim sláinte agus seirbhísí aonair agus comhsheirbhísí, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, pointe (d), an chéad fhleasc, an dara fleasc agus an tríú fleasc, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Na sonraí atá ag teastáil

Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) sonraí maidir le liosta na n-athróg, na saintréithe agus na miondealuithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II iad.

Airteagal 4

Meiteashonraí

Soláthróidh na Ballstáit na tuarascálacha meiteashonraí tagartha agus cáilíochta is gá don Choimisiún (Eurostat), go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

foinsí na sonraí agus a gcumhdach,

(b)

na modhanna tiomsaithe a úsáideadh,

(c)

faisnéis faoi ghnéithe de shaoráidí cúraim sláinte náisiúnta, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit agus a chlaonann ó na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na hathróga a leagtar amach in Iarscríbhinn II,

(d)

faisnéis faoi aon athrú ar na coincheapa staidrimh a luaitear in Iarscríbhinní I agus II.

Airteagal 5

Tréimhse thagartha

1.   An bhliain féilire a bheidh sa tréimhse thagartha.

2.   Is é 2021 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.

3.   De mhaolú ar mhír 2, is é 2023 an chéad bhliain tagartha i gcás sonraí maidir le fostaíocht sláinte, cúram ospidéil agus gnáthaimh mháinliachta dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Sonraí agus meiteashonraí a sholáthar don Choimisiún (Eurostat)

1.   Soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí tagartha dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 faoi seach don Choimisiún (Eurostat) ar bhonn bliantúil laistigh de 14 mhí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

2.   De mhaolú ar mhír 1, soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus na meiteashonraí tagartha maidir le cúram ospidéil agus gnáthaimh mháinliachta dá dtagraítear i bpointí 6 agus 7 d’Iarscríbhinn II laistigh de 20 mí tar éis dheireadh na bliana tagartha.

3.   Tarchuirfear sonraí agus meiteashonraí tagartha chuig an gCoimisiún (Eurostat) tríd an bpointe iontrála aonair a úsáid, nó cuirfear ar fáil iad don Choimisiún (Eurostat) lena n-aisghabháil go leictreonach.

Airteagal 7

Foinsí sonraí

1.   Tiomsófar na sonraí go príomha ó thaifid riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus cumhdóidh siad iomlán an Bhallstáit.

2.   I gcás nach mbeidh taifid riaracháin ar fáil nó nach mbeidh cáilíocht ná cumhdach leordhóthanach iontu, glacfar le húsáid foinsí eile, modhanna eile nó cineálacha cur chuige nuálacha eile a mhéid a bheidh siad in ann sonraí a tháirgeadh atá inchomparáide agus i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 70.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur na sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


IARSCRÍBHINN I

Sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 2

1

Ciallaíonn “lianna i mbun cleachtais” dochtúirí a bhain céim amach sa leigheas i ndámha leighis nó in institiúidí comhchosúla agus atá ceadúnaithe chun cleachtadh. Cuireann “lianna i mbun cleachtais” seirbhísí ar fáil d’othair aonair, do theaghlaigh agus do phobail. Tagraíonn sé freisin d’intéirnigh agus do lianna cónaitheacha a bhain céim amach sa leigheas i ndámha leighis nó in institiúidí comhchosúla agus a chuireann seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht dochtúirí eile.

2

Ciallaíonn “catagóir na lianna i mbun cleachtais” an príomhréimse/príomhréimse cleachtais dochtúirí.

3

Ciallaíonn “liachleachtóirí ginearálta” dochtúirí a ghlacann freagracht as cúram leighis leanúnach agus cuimsitheach a chur ar fáil do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do phobail.

4

Ciallaíonn “liachleachtóirí ginearálta eile (nach speisialtóirí iad)” cleachtóirí a dhíríonn ar níos mó ná catagóir áirithe galar nó ar mhodhanna cóireála amháin ina gcleachtas. Ní oibríonn siad i réimse speisialtóireachta.

5

Ciallaíonn “péidiatraithe” dochtúirí a dhéileálann le forbairt, cúram agus galair leanaí.

6

Ciallaíonn “obstatraithe” dochtúirí a dhéanann speisialtóireacht i dtoircheas agus breith clainne. Ciallaíonn “gínéiceolaithe” dochtúirí a dhéanann speisialtóireacht sna feidhmeanna agus sna galair a bhaineann go sonrach le mná agus cailíní, go háirithe na galair sin a bhfuil tionchar acu ar an gcóras atáirgthe.

7

Ciallaíonn “síciatraithe” dochtúirí a dhéanann speisialtóireacht i meabhairghalar a chosc, a dhiagnóisiú agus a chóireáil.

8

Ciallaíonn “grúpa speisialtóirí neamh-mháinliachta” dochtúirí a dhéanann speisialtóireacht i neamhoird agus galair fhisiciúla a dhiagnóisiú agus cóireáil neamh-mháinliachta a dhéanamh orthu.

9

Ciallaíonn “grúpa speisialtóirí máinliachta” dochtúirí a dhéanann speisialtóireacht i dteicnící máinliachta chun neamhoird fhisiciúla a chóireáil.

10

Ciallaíonn “speisialtóirí eile nach n-aicmítear áit ar bith eile” lia-speisialtóirí nach gcumhdaítear le sainmhínithe 5 go 9.

11

Ciallaíonn “dochtúirí nach ndéantar sainiú breise orthu” lia-chleachtóirí nach féidir a aicmiú sna catagóirí eile (sainmhínithe 3 go 10).

12

Ciallaíonn “cnáimhseacha i mbun cleachtais” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta acu sa chnáimhseachas, a bhfuil ceadúnas chun cleachtadh acu agus chun seirbhísí a chur ar fáil go díreach d’othair. Is gairmí cnáimhseachais nó gairmí comhlach cnáimhseachais atá i gcnáimhseach. Cuireann gairmithe cnáimhseachais cúram agus comhairle ar fáil do mhná le linn toirchis, tinneas clainne agus breith clainne agus sa tréimhse iarbhreithe. Cuidíonn gairmithe cnáimhseachais le saolú leanaí, agus iad ag obair go neamhspleách nó i gcomhar le dochtúirí, altraí agus oibrithe cúraim sláinte eile agus cuireann siad comhairle agus cúnamh ar fáil do thuismitheoirí maidir le cúram leanaí. Cuidíonn gairmithe comhlacha cnáimhseachais le saolú leanaí nó cuidíonn siad le dochtúirí nó gairmithe cnáimhseachais leanaí a shaolú. Cuireann gairmithe comhlacha cnáimhseachais cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe ar fáil agus tugann siad treoir do thuismitheoirí maidir le cúram leanaí.

13

Ciallaíonn “altraí i mbun cleachtais” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta acu san altranas, a bhfuil ceadúnas chun cleachtadh acu agus chun seirbhísí a chur ar fáil go díreach d’othair. Is gairmí altranais nó gairmí comhlach altranais atá in altra. Glacann gairmithe altranais freagracht orthu féin as cúram othar a phleanáil agus a bhainistiú, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar oibrithe cúraim sláinte eile, agus iad ag obair go neamhspleách nó i bhfoirne le dochtúirí agus daoine eile i gcur i bhfeidhm praiticiúil beart coisctheach agus íceach. Go ginearálta, oibríonn gairmithe comhlacha altranais faoi réir pleananna cúraim sláinte, cóireála agus tarchuir arna mbunú ag gairmithe liachta, altranais agus sláinte agus chun tacú le cur chun feidhme na bpleananna sin.

14

Ciallaíonn “fiaclóirí i mbun cleachtais” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta acu san fhiaclóireacht, a bhfuil ceadúnas chun cleachtadh acu agus chun seirbhísí a chur ar fáil go díreach d’othair. Déanann fiaclóirí galair, gortuithe agus anchumaí na bhfiacla, na ndrandal agus na struchtúr béil a bhaineann leo a dhiagnóisiú agus a chóireáil. Cuireann siad gnáthfheidhm bhéil ar ais agus raon leathan de chóireálacha, amhail máinliacht agus teicnící speisialaithe eile á n-úsáid acu, agus tugann siad comhairle maidir le sláinte béil. Tagraíonn sé freisin d’intéirnigh agus d’fhiaclóirí cónaitheacha a bhain céim amach san fhiaclóireacht i ndámha leighis agus fiaclóireachta nó in institiúidí comhchosúla agus a chuireann seirbhísí ar fáil faoi mhaoirseacht fiaclóirí eile.

15

Ciallaíonn “cógaiseoirí i mbun cleachtais” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta acu sa chógaisíocht agus a bhfuil ceadúnas chun cleachtadh acu. Déanann cógaiseoirí cógais a chumasc agus a fhodháileadh de réir oidis arna n-eisiúint ag lianna, ag fiaclóirí, nó ag cleachtóirí sláinte údaraithe eile. Déanann cógaiseoirí cógais agus drugaí a ullmhú, a fhodháileadh le haghaidh othar nó díolann siad iad agus cuireann siad comhairle ar fáil.

16

Ciallaíonn “céimithe leighis” daoine a bhain céim amach sa leigheas i ndámha leighis nó in institiúidí comhchosúla sa tír thuairiscithe, i.e., a bhfuil bunoideachas leighis críochnaithe acu.

17

Ciallaíonn “céimithe fiaclóireachta” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta san fhiaclóireacht faighte acu sa tír thuairiscithe.

18

Ciallaíonn “céimithe cógaisíochta” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta sa chógaisíocht faighte acu sa tír thuairiscithe.

19

Ciallaíonn “céimithe cnáimhseachais” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta sa chnáimhseachas faighte acu sa tír thuairiscithe.

20

Ciallaíonn “céimithe altranais” daoine a bhfuil cáilíocht aitheanta san altranas faighte acu sa tír thuairiscithe.

21

Ciallaíonn “ospidéil” na bunaíochtaí ceadúnaithe atá ag gabháil go príomha do sholáthar seirbhísí leighis, diagnóiseacha agus cóireála lena n-áirítear seirbhísí lia, altranais agus seirbhísí sláinte eile a sholáthar d’othair chónaitheacha agus na seirbhísí cóiríochta speisialaithe a theastaíonn ó othair chónaithe. Ina theannta sin, is féidir leis na bunaíochtaí sin seirbhísí cúraim lae, cúram othar seachtrach agus cúram sláinte baile a sholáthar freisin.

22

Ciallaíonn “leapacha ospidéil” na leapacha sin a chothabháiltear go rialta agus a soláthraítear foireann dóibh agus atá ar fáil láithreach chun aire a thabhairt d’othair a thógtar isteach. Áirítear sa choincheap seo leapacha atá in úsáid agus leapacha nach bhfuil in úsáid araon. Ní áirítear tralaithe agus leapacha téarnaimh le haghaidh cúram aon lae (cúram cás lae agus cúram othar seachtrach), leapacha ar choinníollacha agus leapacha sealadacha. Is féidir leapacha ospidéil a dheighilt de réir catagóir cúraim (sainmhínithe 23 agus 24) agus de réir feidhme (sainmhínithe 25-28) cúraim.

23

Ciallaíonn “cúram sómatach” cúram sláinte a bhaineann leis an gcorp, seachas cúram síciatrach.

24

Ciallaíonn “cúram síciatrach” cúram sláinte a bhaineann leis an intinn, e.g. a bhaineann le neamhoird mheabhracha agus iompraíochta.

25

Ciallaíonn “cúram íceach” na seirbhísí cúraim sláinte a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu na siomptóim a mhaolú nó déine tinnis nó díobhála a laghdú, nó a chinntiú nach rachaidh sé in olcas nó in aimhréidh i gcaoi a chuirfeadh an bheatha nó an ghnáthfheidhm i mbaol.

26

Ciallaíonn “cúram athshlánúcháin” na seirbhísí chun feidhmeanna agus struchtúir na bhfeidhmeanna agus struchtúr coirp lagaithe a chobhsú, a fheabhsú nó a thabhairt ar ais, chun easpa nó caillteanas feidhmeanna agus struchtúr coirp a chúiteamh, gníomhaíochtaí agus rannpháirtíocht a fheabhsú agus lagaithe, aimhréidheanna agus rioscaí leighis a chosc.

27

Ciallaíonn “cúram fadtéarmach (sláinte)” an réimse seirbhísí cúraim leighis agus seirbhísí cúraim phearsanta a úsáidtear agus a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu pian agus fulaingt a mhaolú agus an meath ar an stádas sláinte in othair a bhfuil spleáchas fadtéarmach acu a laghdú nó a bhainistiú.

28

Ciallaíonn “leapacha ospidéil le haghaidh cúram sómatach agus nach n-aicmítear a bhfeidhm in aon áit eile” leapacha in ospidéil nach n-aicmítear mar leapacha le haghaidh cúram íceach, cúram athshlánúcháin nó cúram fadtéarmach.

29

Ciallaíonn “leapacha ospidéil i gcomhair cúram síciatrach” leapacha in ospidéil ina dtugtar aire d’othair a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. Eiseofar leapacha le haghaidh cúram fadtéarmach sóisialta.

30

Ciallaíonn “saoráidí cúraim fhadtéarmaigh cónaithe” bunaíochtaí a bhíonn ag gabháil go príomha do chúram fadtéarmach cónaithe a sholáthar ina gcomhcheanglaítear an t-altranas, cúram maoirseachta nó cineálacha eile cúraim de réir mar atá siad ag teastáil ó na cónaitheoirí, i gcás ina bhfuil cuid shuntasach den phróiseas táirgthe agus den chúram a sholáthraítear ina meascán de sheirbhísí sláinte agus sóisialta agus go bhfuil na seirbhísí sláinte go príomha ar leibhéal an chúraim altranais i gcomhcheangal le seirbhísí cúraim phearsanta.

31

Ciallaíonn “leapacha i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh cónaithe” leapacha i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh cónaithe atá ar fáil do dhaoine a bhfuil cúram fadtéarmach ag teastáil uathu.

32

Ciallaíonn “aonaid íomháithe athshondais mhaighnéadaigh (MRI)” meaisíní a bhfuil teicníc íomháithe acu atá deartha chun struchtúir inmheánacha an choirp a amharcléiriú lena n-úsáidtear réimsí maighnéadacha agus leictreamaighnéadacha a mbíonn éifeacht athshondais de adaimh hidrigine mar thoradh orthu. Déantar an astaíocht leictreamaighnéadach a chruthaítear leis na hadaimh sin a chlárú agus a phróiseáil le ríomhaire tiomnaithe chun na híomhánna de struchtúir an choirp a ghiniúint.

33

Ciallaíonn “scanóir tomagrafaíochta ríomhchuidithe (CT)”, ar a dtugtar scanóir tomagrafaíochta aiseach ríomhairithe (CAT) freisin, meaisín x-gha a chomhcheanglaíonn cuid mhór íomhánna x-gha le cabhair ó ríomhaire amhairc, thrasghearrthacha a ghiniúint mar aon le híomhánna tríthoiseacha d’orgáin inmheánacha agus de struchtúir inmheánacha an choirp más gá.

34

Ciallaíonn “cúram othar seachtrach” seirbhísí cúraim sláinte a sholáthar go díreach d’othair sheachtracha nach dteastaíonn seirbhísí d’othair chónaitheacha uathu, lena n-áirítear cúram in oifigí liachleachtóirí ginearálta agus oifigí speisialtóireachta agus i mbunaíochtaí atá ag sainfheidhmiú i gcóireáil cásanna lae agus i seachadadh seirbhísí cúraim baile.

35

Ciallaíonn “imdhíonadh in aghaidh fliú” vacsaíniú lena dtugtar cosaint ar ionfhabhtú le víris fliú.

36

Ciallaíonn “clár scagthástála ailse cíche (mamagrafaíocht)” clár scagtha eagraithe atá ceaptha chun ailse chíche a bhrath go luath agus úsáid á baint as mamagrafaíocht dhéthaobhach.

37

Ciallaíonn “clár scagthástála ailse ceirbheacs” clár scagtha eagraithe atá ceaptha chun ailse cheirbheacs a bhrath go luath.

38

Ciallaíonn “othar cónaitheach” othar a fhaigheann cóireáil agus/nó cúram i saoráid cúraim sláinte, ar othar é a thógtar isteach go foirmiúil agus ar gá dó fanacht thar oíche. Ciallaíonn “cúram othar cónaitheach” an cúram a sholáthraítear d’othar cónaitheach.

39

Ciallaíonn “othar seachtrach” othar a fhaigheann cóireáil agus/nó fosheirbhísí i saoráid cúraim sláinte, agus nach dtógtar isteach é go foirmiúil agus nach gá dó fanacht thar oíche. Ciallaíonn “cúram othar seachtrach” an cúram a sholáthraítear d’othar seachtrach.

40

Ciallaíonn “cás lae” othar a fhaigheann seirbhísí pleanáilte leighis agus paraileighis a sheachadtar i saoráid cúraim sláinte d’othair agus a thógtar isteach go foirmiúil chun diagnóis, cóireáil nó cineálacha eile cúraim sláinte a dhéanamh air agus a scaoiltear an lá céanna. Is é atá i “gcúram lae” an cúram a sholáthraítear do chás lae.

41

Ciallaíonn “scaoileadh othar cónaitheach” scaoileadh othar cónaitheach (scaoileadh foirmiúil) ó ospidéal. Eiseofar leanaí nuabheirthe sláintiúla.

42

Ciallaíonn “laethanta leapa othar cónaitheach” na laethanta a chaitheann othar cónaitheach in ospidéal. Eiseofar leanaí nuabheirthe sláintiúla.

43

Ciallaíonn “scaoileadh cás lae ó ospidéal” scaoileadh cás lae. Is é atá ann, scaoileadh othar a tógadh isteach go foirmiúil in ospidéal chun seirbhísí pleanáilte liachta agus paraileighis a fháil, agus ar scaoileadh é an lá céanna. Eiseofar leanaí nuabheirthe sláintiúla.

44

Ciallaíonn “cónaitheoir” gnáthchónaitheoir i limistéar geografach, is é sin (i) duine a chónaigh ina ghnátháit chónaithe ar feadh tréimhse leanúnach 12 mhí ar a laghad roimh an dáta tagartha, nó (ii) na daoine a tháinig chun cónaí ina ngnátháit chónaithe sa dá mhí dhéag roimh an dáta tagartha agus é ar intinn acu fanacht ann ar feadh bliana ar a laghad. I gcás nach féidir na himthosca a bhfuil tuairisc orthu i bpointe (i) nó i bpointe (ii) a shuíomh, ciallóidh “gnátháit chónaithe” an áit chónaithe dhlíthiúil nó an áit chónaithe chláraithe.

45

Ciallaíonn “neamhchónaitheoir” duine nach cónaitheoir é sa tír thuairiscithe.

46

Ciallaíonn “gnáthaimh mháinliachta” idirghabhálacha leighis a mbíonn gearradh le huirlisí a dhéantar de ghnáth in obrádlann agus a mbíonn ainéistéise agus/nó cúnamh riospráide i gceist leo de ghnáth. Is féidir gnáthaimh mháinliachta a dhéanamh i gcás othar cónaitheach, cásanna lae nó, i gcásanna áirithe, mar chásanna othar seachtrach.

47

Ciallaíonn “máinliacht ar chatarachtaí” gnáthaimh mháinliachta chun lionsa súile a bhaint agus, i bhformhór na gcásanna, chun lionsa saorga a chur ina ionad.

48

Ciallaíonn “céislíneachtóime” na céislíní a bhaint trí ghnáthamh máinliachta.

49

Ciallaíonn “angaplaiste corónach traslonrach” próiseas lena ndéantar artairí corónacha blocáilte a oscailt chun an sreabhadh fola go dtí an matán croí a fheabhsú.

50

Ciallaíonn “nódú seach-chonaire artaire chorónaigh” obráid mháinliachta ina ndéantar blocálacha atarómatacha in artairí corónacha othair a chur ar seach-chonair le seolphíobáin fhéitheacha nó le seolphíobáin artaireacha a tógadh ó áit eile sa chorp.

51

Ciallaíonn “colaicisteachtóime” gnáthamh máinliachta chun máilín an domlais a bhaint.

52

Ciallaíonn “deisiú na heirne bléiní” ceartúchán máinliachta ar heirne bhléineach. Is é atá i heirne bhléineach, oscailt, laige, nó bolgadh i bhfíochán líneála bhalla an bhoilg thart ar an mbléin idir an bolg agus an leis.

53

Ciallaíonn “gearradh Caesarach” gnáthamh máinliachta chun leanbh a shaolú trí ghearrthacha sa bholg agus sa bhroinn.

54

Ciallaíonn “athchur cromáin” gnáthamh máinliachta chun codanna damáistithe d’alt cromáin a bhaint agus próistéis a chur ina n-ionad.

55

Ciallaíonn “athchur iomlán glúine” gnáthamh máinliachta trína gcuirtear próistéis in ionad an ailt glúine ghalraithe.

56

Ciallaíonn “eisceadh páirteach faireoige mamaí” cuid den fhíochán cíche a bhaint trí ghnáthamh máinliachta mar gheall ar réigiún galrach amhail mais/lot, cist, siad, nó neoplasma neamhurchóideach nó urchóideach.

57

Ciallaíonn “maisteachtóime iomlán” cíoch iomlán a bhaint trí ghnáthamh máinliachta.


IARSCRÍBHINN II

Liosta athróg, a dtréithe agus a miondealuithe, dá dtagraítear in Airteagal 3

Athróga

Saintréithe agus miondealuithe

1.

Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte

1.1.

An líon lianna i mbun cleachtais de réir aoise agus de réir inscne

An líon daoine ag deireadh na tréimhse tagartha. Miondealú de réir aoise agus de réir inscne.

Aois: níos lú ná 35, 35-44, 45-54, 55-64, 65-74, 75 agus níos sine.

1.2.

An líon lianna i mbun cleachtais de réir aoise agus de réir catagóire

An líon daoine ag deireadh na tréimhse tagartha. Miondealú de réir catagóire.

Catagóirí: liachleachtóirí ginearálta, liachleachtóirí ginearálta eile (neamh-speisialaithe), péidiatraithe, obstatraithe agus gínéiceolaithe, síciatraithe, grúpa speisialtóirí neamh-mháinliachta, grúpa speisialtóirí máinliachta, speisialtóirí eile nach bhfuil aicmithe in aon áit eile, dochtúirí nach bhfuil sainiú breise déanta orthu.

1.3.

An líon cnáimhseach atá i mbun cleachtais

An líon daoine ag deireadh na tréimhse tagartha. Líon iomlán.

1.4.

An líon altraí atá i mbun cleachtais

An líon daoine ag deireadh na tréimhse tagartha. Líon iomlán.

1.5.

An líon fiaclóirí atá i mbun cleachtais

An líon daoine ag deireadh na tréimhse tagartha. Líon iomlán.

1.6.

An líon cógaiseoirí atá i mbun cleachtais

An líon daoine ag deireadh na tréimhse tagartha. Líon iomlán.

2.

Sonraí maidir le Céimithe Sláinte

2.1.

An líon céimithe leighis

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

2.2.

An líon céimithe fiaclóireachta

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

2.3.

An líon céimithe cógaisíochta

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

2.4.

An líon céimithe cnáimhseachais

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

2.5.

An líon céimithe altranais

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

3.

Sonraí faoi Leapacha Ospidéal agus Leapacha i Saoráidí Cúraim Fhadtéarmaigh Cónaithe

3.1.

An líon leapacha ospidéil le haghaidh cúram sómatach

Meánlíon le linn na tréimhse tagartha nó líon iomlán ag deireadh na tréimhse tagartha. Miondealú de réir feidhme.

Feidhmeanna: cúram íceach, cúram athshlánúcháin, cúram fadtéarmach, feidhm nach n-aicmítear áit ar bith eile.

3.2.

An líon leapacha ospidéil i gcomhair cúram síciatrach

Meánlíon le linn na tréimhse tagartha nó líon iomlán ag deireadh na tréimhse tagartha.

3.3.

An líon leapacha i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh cónaithe

Meánlíon le linn na tréimhse tagartha nó líon iomlán ag deireadh na tréimhse tagartha.

4.

Sonraí maidir le Feistí um Íomháú Leighis

4.1.

An líon aonad MRI

An líon iomlán ag deireadh na tréimhse tagartha.

4.2.

An líon scanóirí CT

An líon iomlán ag deireadh na tréimhse tagartha.

5.

Sonraí maidir le Cúram Othar Seachtrach

5.1.

Ráta imdhíonta daoine atá 65 bliana d’aois agus os a chionn sin in aghaidh fliú

An líon daoine atá 65 bliana d’aois agus os a chionn sin a imdhíonadh in aghaidh fliú le linn na tréimhse tagartha roinnte ar an meán daonra bliantúil atá 65 bliana d’aois nó os a chionn.

An líon daoine atá 65 bliana d’aois agus os a chionn sin a imdhíonadh in aghaidh fliú i gcomhair shéasúr an fhliú, a shainmhínítear mar an 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh, a raibh deireadh leis sa tréimhse thagartha arna roinnt ar an daonra atá 65 bliana d’aois agus os a chionn ag tús na tréimhse tagartha.

5.2.

Ráta na mban idir 50 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil le haghaidh ailse chíche orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse cíche (mamagrafaíocht)

Ráta: an líon ban idir 50 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil le haghaidh ailse chíche orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse cíche (mamagrafaíocht) laistigh de 24 mhí roimh dheireadh na tréimhse tagartha (nó de réir na minicíochta scagthástála ar leith a mholtar i ngach tír) roinnte ar líon na mban atá idir 50-69 mbliana d’aois atá i dteideal clár scagthástála eagraithe.

Mura bhfuil clár den sórt sin ag tír, ní thabharfaidh sí aon luach le bratach iomchuí ina ionad sin.

5.3.

Ráta na mban idir 20 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil ailse cheirbheacs orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse ceirbheacs

Ráta: an líon ban idir 20 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil le haghaidh ailse chíche orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse cíche (mamagrafaíocht) laistigh de 36 mhí roimh dheireadh na tréimhse tagartha (nó de réir na minicíochta scagthástála ar leith a mholtar i ngach tír) roinnte ar an líon ban idir 20-69 mbliana d’aois atá i dteideal clár scagthástála eagraithe.

Mura bhfuil clár den sórt sin ag tír, ní thabharfaidh sí aon luach le bratach iomchuí ina ionad sin.

6.

Sonraí maidir le Cúram Ospidéil

6.1.

An líon othar cónaitheach a scaoileadh amach as an ospidéal

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú de réir diagnóise, gnéis, aoisghrúpa agus gné gheografach.

Ní gá neamhoird mheabhracha nó iompraíochta a mhiondealú de réir diagnóise agus is féidir iad a chur ar fáil mar ghrúpa.

Aoisghrúpaí: níos lú ná 1, 1-4, 5-9, 10-14, 15-19, 20-24, 25-29, 30-34, 35-39, 40-44, 45-49, 50-54, 55-59, 60-64, 65-69, 70-74, 75-79, 80-84, 85-89, 90-, 95 agus os a chionn sin

Gné gheografach: Réigiún NUTS2 áit chónaithe an othair a scaoileadh amach as an ospidéal (i gcás neamhchónaitheoirí: tír chónaithe).

6.2.

An líon laethanta leapa othar cónaitheach in ospidéal

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú de réir diagnóise, gnéis, aoisghrúpa agus gné gheografach.

Ní gá neamhoird mheabhracha nó iompraíochta a mhiondealú de réir diagnóise agus is féidir iad a chur ar fáil mar ghrúpa.

Aoisghrúpaí: níos lú ná 1, 1-4, 5-9, 10-14, 15-19, 20-24, 25-29, 30-34, 35-39, 40-44, 45-49, 50-54, 55-59, 60-64, 65-69, 70-74, 75-79, 80-84, 85-89, 90-, 95 agus os a chionn sin.

Gné gheografach: Réigiún NUTS2 áit chónaithe an othair a scaoileadh amach as an ospidéal (i gcás neamhchónaitheoirí: tír chónaithe).

6.3.

An líon cásanna lae a scaoileadh amach as an ospidéal

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú de réir diagnóise, gnéis, aoisghrúpa agus gné gheografach..

Ní gá neamhoird mheabhracha nó iompraíochta a mhiondealú de réir diagnóise agus is féidir iad a chur ar fáil mar ghrúpa.

Aoisghrúpaí: níos lú ná 1, 1-4, 5-9, 10-14, 15-19, 20-24, 25-29, 30-34, 35-39, 40-44, 45-49, 50-54, 55-59, 60-64, 65-69, 70-74, 75-79, 80-84, 85-89, 90-, 95 agus os a chionn sin.

Gné gheografach: Réigiún NUTS2 áit chónaithe an othair a scaoileadh amach as an ospidéal (i gcás neamhchónaitheoirí: tír chónaithe).

6.4.

An líon othar cónaitheach a scaoileadh amach as an ospidéal i gcás othair a fuair cúram sómatach íceach

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

6.5.

An líon laethanta leapa othar cónaitheach i gcás othair a fuair cúram sómatach íceach

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha.

7.

Sonraí maidir le Gnáthaimh Mháinliachta

7.1.

Máinliacht chatarachtaí

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae agus cásanna othar seachtrach.

7.2.

Céislíneachtóime

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae agus cásanna othar seachtrach.

7.3.

Angaplaiste corónach traslonrach

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.4.

Nódú seach-chonaire artaire chorónaigh

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.5.

Colaicisteachtóime

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.6.

Deisiú na heirne bléiní

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.7.

Gearradh Caesarach

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.8.

Athchur cromáin

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.9.

Athchur iomlán glúine

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.10.

Eisceadh páirteach faireoige mamaí

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.

7.11.

Maisteachtóime iomlán

An líon iomlán le linn na tréimhse tagartha. Miondealú ar ghnáthaimh de réir cásanna othar cónaithe, cásanna lae.


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/53


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2295 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le haerphaisinéirí a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) faisnéis in iúl don Choimisiún atá ábhartha maidir leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Chuir an Coimisiún na haeriompróirí uile lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó trí na húdaráis atá freagrach as a maoirseacht rialála, faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a bheadh mar bhunús le cinneadh toirmeasc a chur ar a n-oibriú laistigh den Aontas nó leis na coinníollacha maidir le toirmeasc ar a n-oibriú arna fhorchur ar aeriompróir atá curtha isteach sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhodhnú.

(4)

Thug an Coimisiún an deis do na haeriompróirí lena mbaineann an doiciméadacht ábhartha uile a cheadú, barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh os comhair an Choimisiúin agus an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (“Coiste Aershábháilteachta an Aontais”).

(5)

Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin chomhpháirteacha leanúnacha, laistigh de chreat Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún (3), le húdaráis inniúla agus aeriompróirí na hAirméine, na Casacstáine, Neipeal, na Nigéire agus na Pacastáine. Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi chúrsaí sábháilteachta eitlíochta san Airgintín, sa Chongó (Brazzaville), sa Ghuine Mheánchiorclach, san Iaráic, i Madagascar, sa Rúis agus sa tSúdáin Theas.

(6)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na measúnuithe teicniúla a rinneadh le haghaidh na meastóireachta tosaigh agus an fhaireacháin leanúnaigh ar údaruithe oibreoirí tríú tíortha (“TCO”), arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (4).

(7)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi thorthaí na hanailíse ar chigireachtaí rampa a rinneadh faoin gclár um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha (“SAFA”), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5).

(8)

Chomh maith leis sin, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na tionscadail chúnaimh theicniúil a rinneadh i dtríú tíortha a ndearna toirmeasc ar n-oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 difear dóibh. Thairis sin, sholáthair an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na pleananna agus na hiarrataí ar thuilleadh cúnaimh theicniúil agus comhair chun feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus teicniúil na n-údarás um eitlíocht shibhialta i dtríú tíortha d’fhonn cuidiú leo dul i ngleic le neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme don eitlíocht shibhialta. Iarradh ar na Ballstáit freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht ar bhonn déthaobhach. I ndáil leis sin, d’athluaigh an Coimisiún a úsáidí atá sé faisnéis a sholáthar don chomhphobal idirnáisiúnta eitlíochta, go háirithe tríd an uirlis Chomhpháirtíochta um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme, ar uirlis de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta í, faoin gcúnamh teicniúil a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit do thríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta ar fud an domhain.

(9)

Sholáthair Eurocontrol tuairisc cothrom le dáta don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le stádas fheidhmeanna aláraim SAFA agus TCO, lena n-áirítear staitisticí faoi theachtaireachtaí foláirimh le haghaidh aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu.

Aeriompróirí an Aontais

(10)

Tar éis don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a d’eascair as cigireachtaí rampa a rinneadh ar aerárthaí aeriompróirí an Aontais, maille le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí caighdeánaithe a rinne an Ghníomhaireacht, arna comhlánú le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí agus iniúchtaí sonracha a rinne údaráis náisiúnta eitlíochta, tá bearta áirithe ceartaitheacha agus forfheidhmithe déanta ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht, agus iad ag feidhmiú mar údaráis inniúla, agus tá an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais curtha ar an eolas faoi na bearta sin.

(11)

D’athdhearbhaigh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht, agus iad ag feidhmiú mar údaráis inniúla, go bhfuil siad réidh le gníomhú de réir mar is gá i gcás ina léireoidh an fhaisnéis ábhartha sábháilteachta go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha sábháilteachta ag aeriompróirí an Aontais.

Aeriompróirí ón Airméin

(12)

I mí an Mheithimh 2020, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún cuireadh aeriompróirí ón Airméin isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 (6).

(13)

Thug an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht cuairt ar Choiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine (“CAC”) ón 27 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. An tráth sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinne CAC maidir le déileáil leis na heasnaimh sábháilteachta a sainaithníodh as ar eascair forchur an toirmisc thuasluaite ar aeriompróirí na hAirméine. Dhírigh cuid den athbhreithniú a rinneadh le linn na cuairte ar na bearta a rinneadh cheana agus orthu siúd a bhí beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na n-ábhar imní sábháilteachta a sainaithníodh, go háirithe maidir le cumas CAC maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar aeriompróirí atá deimhnithe san Airméin.

(14)

I dtaca leis sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta a rinne CAC cheana féin chun a fhreagrachtaí a chomhlíonadh maidir le cur chun feidhme an Chláir Sábháilteachta Stáit, an Chórais Tuairiscithe Tarlaithe, an Chórais Bainistíochta Cáilíochta agus an phróisis maidir le Deimhniú na nAeroibreoirí (“AOC”). Le linn na cuairte freisin rinneadh athbhreithniú ar chumas CAC na rialacháin agus na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chomhlíonadh, ach freisin a chumas aon riosca suntasach sábháilteachta laistigh d’aeriompróir deimhnithe a bhrath agus gníomhú ar bhealach éifeachtach chun riosca den sórt sin a shrianadh.

(15)

Deimhníodh leis an gcuairt nach ndearna CAC ach dul chun cinn teoranta maidir le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sábháilteachta a sainaithníodh agus ar na barúlacha a tugadh le linn mheasúnú láithreáin 2020 an Aontais ar an láthair. Cé go ndearnadh Plean Gníomhaíochta Ceartúcháin (“CBT”) a shainiú agus a achtú, mar sin féin, ba cheart é a athoscailt, a athbhreithniú agus ba cheart bearta breise a chur san áireamh chun CBT a chur in oiriúint dá fheidhm. Beidh sé sin ina phríomhghníomhaíocht faoi thionscadal cúnaimh theicniúil atá á chur ar fáil ag an nGníomhaireacht.

(16)

An tráth sin, chuir CAC an Coimisiún ar an eolas go ndearnadh aeriompróir nua Fly Arna (AM AOC Uimh. 075) a dheimhniú. Ós rud é nach bhfuil léirithe ag CAC go bhfuil cumas leordhóthanach aige na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, le heisiúint AOC don aeriompróir nua sin ní ráthaítear go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go leordhóthanach.

(17)

Leis an gcuairt freisin tugadh deis chun a athdhearbhú d’údaráis inniúla agus d’ionadaithe rialtais na hAirméine nach féidir maoirseacht aershábháilteachta chuí éifeachtach a ráthú ach amháin má thacaítear le CAC leis na hacmhainní agus leis an saineolas iomchuí, go háirithe ó thaobh líon leordhóthanach foirne cáilithe de, chomh maith le trí chobhsaíocht na bainistíochta sinsearaí a áirithiú.

(18)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón Airméin gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú chun Fly Arna a chur san áireamh in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(19)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Airméin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ón gCasacstáin

(20)

I mí na Nollag 2016, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún (7), baineadh aeriompróirí ón gCasacstáin d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Astana a baineadh ó Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 cheana in 2015 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún (8).

(21)

An 20 Deireadh Fómhair 2022, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe Choiste Eitlíochta Sibhialta na Casacstáine (“CAC KZ”) agus Riarachán Eitlíochta Chuideachta Comhstoic na Casacstáine (“AAK”) cruinniú teicniúil.

(22)

Le linn an chruinnithe sin, thíolaic CAC KZ agus AAK an dul chun cinn a rinneadh maidir lena CAP a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh, agus chuir siad fianaise ar fáil don Choimisiún maidir leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na barúlacha agus na moltaí a ardaíodh le linn mheasúnú láithreáin 2021 an Aontais ar an láthair agus chun roinnt de na barúlacha agus na moltaí sin a dhúnadh. Deis a bhí sa chruinniú freisin do CAC KZ agus do AAK nuashonrú a thabhairt ar na forbairtí leanúnacha i gcreat reachtach eitlíochta na Casacstáine, go háirithe maidir le leasuithe ar Dhlí Eitlíochta Príomhúil na Casacstáine, leasuithe a mheastar a ghlacfar i mí na Nollag 2022. Chuir AAK eolas ar fáil freisin maidir leis na bearta a rinneadh chun reachtaíocht thánaisteach eitlíochta a fhorbairt, rud nach féidir a ghlacadh go dtí go mbeidh an Dlí Eitlíochta Príomhúil glactha.

(23)

Bunaithe ar athbhreithniú ar CAP a cuireadh isteach roimh an gcruinniú, mar aon leis an bplé agus an fhianaise a cuireadh ar fáil le linn an chruinnithe, tugadh aird ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le haghaidh a thabhairt ar na barúlacha agus ar na moltaí a d’eascair as measúnú láithreáin 2021 an Aontais ar an láthair. Tugadh aghaidh ar na barúlacha agus ar na moltaí go léir agus dúnadh roinnt díobh. Mar sin féin, ní mór tuilleadh beart a dhéanamh chun na barúlacha uile atá fágtha a dhúnadh ar bhealach sásúil agus ba cheart na hacmhainní is gá a chur ar fáil chun maoirseacht aershábháilteachta leordhóthanach a áirithiú. Sainaithníodh roinnt saincheisteanna sonracha, a raibh tuilleadh airde ag teastáil ina leith, lena n-áirítear forbairt agus cur chun feidhme nós imeachta chun cigireachtaí gan réamhfhógra a dhéanamh, go háirithe do shealbhóirí AOC agus d’Eagraíochtaí Cothabhála Faofa, agus earcú saineolaí cáilithe chun maoirseacht ar scrúdaitheoirí eitilte ainmnithe a áirithiú.

(24)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón gCasacstáin.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí uile sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(26)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ó Neipeal

(27)

I mí na Nollag 2013, cuireadh aeriompróirí a deimhníodh i Neipeal san áireamh in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1264/2013 ón gCoimisiún (9).

(28)

Mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha an Choimisiúin, an 14 Meán Fómhair 2022 bhuail sé le hionadaithe ó Údarás Eitlíochta Sibhialta Neipeal (“CAAN”). An tráth sin, chuir CAAN faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le maoirseacht aershábháilteachta i Neipeal agus go háirithe na barúlacha athbhreithnithe uaidh maidir le deighilt feidhmeanna róil CAAN ó thaobh rialála agus seirbhíse de, saincheist atá ann le fada a sainaithníodh le linn na gcomhairliúchán ón gCoimisiún le Neipeal chomh maith le Clár Iniúchta Uilíoch ICAO maidir le Maoirseacht Sábháilteachta.

(29)

Mar obair leantach ar an gcruinniú sin, an 10 Samhain 2022, chuir CAAN faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis agus an fhianaise dhoiciméadach maidir le Rialachán CAAN nua a ghlacadh, rud lena n-áirithítear, i dtuairim CAAN, deighilt feidhmeanna róil CAAN ó thaobh rialála agus soláthraí seirbhíse de, is é sin trí chosc a chur ar aistriú foirne idir na ranna rialála agus soláthraí seirbhíse de chuid CAAN. Le cur chun feidhme an rialacháin nua seo agus leis an dul chun cinn maidir le maoirseacht aershábháilteachta CAAN a ailíniú leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, chuirfí ar a chumas don Choimisiún a mheas ar cheart measúnú láithreáin an Aontais ar an láthair ar Neipeal a eagrú in 2023. Ar bhonn fianaise a bailíodh le linn cuairt den sórt sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a mheas an mbeadh údar cuí le haeriompróirí atá deimhnithe i Neipeal a bhaint d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(30)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ó Neipeal.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe i Neipeal trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ón Nigéir

(32)

I mí na Bealtaine 2017, le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 2017/830 ón gCoimisiún (10), cuireadh an t-aeriompróir Med-View Airline isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 474/2006.

(33)

Le litir dar dáta an 25 Bealtaine 2022, dheimhnigh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Nigéire (“NCAA”) i scríbhinn gur scoir an t-aeriompróir Med-View Airline de ghníomhaíochtaí a dhéanamh.

(34)

An 7 Samhain 2022, d’eagraigh an Coimisiún, le rannpháirtíochta na Gníomhaíochta, cruinniú le NCAA, arna iarraidh sin dó, chun críche nuashonrú a dhéanamh ar phríomhfhorbairtí maoirseachta aershábháilteachta a rinneadh sa Nigéir idir 2019 agus 2022, go háirithe i bhfianaise na tacaíochta maoirseachta aershábháilteachta a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil do NCAA in 2019.

(35)

Le linn an chruinnithe sin, chuir NCAA cur i láthair cuimsitheach ar fáil maidir leis na feabhsuithe maoirseachta aershábháilteachta a rinneadh, go háirithe i réimsí na reachtaíochta príomhúla eitlíochta, cháilíocht na foirne teicniúla, agus oibleagáidí faireachais.

(36)

Cuirtear chun suntais, go háirithe, na hathruithe reachtacha ar an Acht um Eitlíocht Shibhialta na Nigéire, atheagrú na n-oifigí réigiúnacha, na hiarrachtaí chun deimhniú ISO 9001 a fháil don NCAA, forbairt pleananna maidir le digitiú agus uathoibriú próiseas NCAA, feabhsuithe ar oiliúint foirne, agus bunú córais tuairiscithe tarluithe.

(37)

Chuir NCAA i dtábhacht a thiomanta atá sé d’fheabhas leanúnach, lena n-áirítear maidir le maoirseacht aershábháilteachta agus maidir leis an gCoimisiún agus an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas go rialta. Thug an Coimisiún dá aire an fhorbairt dhearfach sin, agus chuir sé i dtábhacht go láidir gur cheart gach tacaíocht agus acmhainn is gá a thabhairt do NCAA chun a oibleagáidí maoirseachta aershábháilteachta a chomhlíonadh.

(38)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas, a leasú chun go mbainfí Med-View Airline d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Nigéir trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(40)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón bPacastáin

(41)

I mí an Mhárta 2007, le Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún (11) cuireadh Pakistan International Airlines isteach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 agus baineadh é ón Iarscríbhinn sin ina dhiaidh i mí na Samhna 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún (12).

(42)

An 1 Iúil 2020, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine (“PCAA”) de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006, ar bhonn fhionraithe údaruithe TCO na n-aerlínte cláraithe Pakistan International Airlines agus Vision Air, agus ráiteas a rinne Aire Iompair na Pacastáine faoi cheadúnais phíolóta a fuarthas go calaoiseach sa Phacastáin.

(43)

Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit, roinnt cruinnithe teicniúla agus faisnéise le PCAA an 9 Iúil agus an 25 Meán Fómhair 2020, an 15 agus an 16 Márta 2021, an 15 Deireadh Fómhair 2021, agus an 16 Márta 2022. Díríodh sa phlé sin ar na hiarrachtaí a rinne PCAA i leith déileáil le hábhair imní maidir le maoirseacht aershábháilteachta a shainaithin an Coimisiún agus saineolaithe na Gníomhaireachta roimhe seo, chomh maith leis na hábhair imní sin a shainaithin ICAO le linn a cuairte ar an gClár Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Aershábháilteachta (“USOAP”) a bhí ar siúl idir an 29 Samhain agus an 10 Nollaig 2021.

(44)

Mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha an Choimisiúin, an 25 Deireadh Fómhair 2022, thionóil sé, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe PCAA cruinniú teicniúil. Le linn an chruinnithe sin, chuir PCAA na rannpháirtithe ar an eolas maidir leis na gníomhaíochtaí agus na bearta a cuireadh chun feidhme cheana, chomh maith leis na gníomhaíochtaí agus na bearta atá beartaithe, chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le maoirseacht aershábháilteachta a sainaithníodh.

(45)

Léirítear leis an fhaisnéis agus leis na sonraí a cuireadh i láthair le linn an chruinnithe tiomantas agus iarrachtaí PCAA chun staid na formhaoirseachta aershábháilteachta sa Phacastáin a réiteach, go háirithe trí Reacht leasaithe an Údaráis um Eitlíochta Shibhialta a ghlacadh faoi dheireadh 2022, chomh maith leis an reachtaíocht thánaisteach ghaolmhar atá beartaithe don chéad ráithe de 2023. Ar an iomlán, dealraíonn sé go bhfuil na pleananna atá beartaithe, mar a cuireadh i láthair le linn an chruinnithe iad, oiriúnach dá bhfeidhm chun na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach. Mar sin féin, ní féidir measúnú a dhéanamh air sin ach amháin tar éis na rialacháin ábhartha a ghlacadh.

(46)

Ar an mbonn sin, agus aitheantas á thabhairt ag an gCoimisiún do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh go dtí seo, leanfaidh sé d’fhaireachán a dhéanamh ar chóras maoirseachta aershábháilteachta na Pacastáine chun a chinneadh an bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. Sa chomhthéacs sin, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún, leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit, cuairt a thabhairt ar an bPacastáin in 2023 chun measúnú láithreáin an Aontais ar an láthair a dhéanamh.

(47)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí deimhnithe sa Phacastáin.

(48)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(49)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(50)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir sin.

(51)

Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Dá bharr sin, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go bhfoilseofaí aon chinneadh i gcomhthéacs liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas a thabhairt cothrom le dáta, agus go dtiocfadh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha.

(52)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú de bhun Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A;

(2)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 8).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 172, 3.6.2020, lch. 7).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 334, 9.12.2016, lch. 6).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 328, 12.12.2015, lch. 67).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1264/2013 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 326, 6.12.2013, lch. 7).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/830 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 124, 17.5.2017, lch. 3).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún an 5 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 66, 6.3.2007, lch. 3).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 311, 29.11.2007, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN A

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (“AOC”) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta

Sainitheoir trí litir ICAO

Stádas an Oibreora

AVIOR AIRLINES

ROI-RNR-011

ROI

Veiniséala

BLUE WING AIRLINES

SRBWA-01/2002

BWI

Suranam

IRAN ASEMAN AIRLINES

FS-102

IRC (muirear incriminteach priacail)

An Iaráin

IRAQI AIRWAYS

001

IAW

An Iaráic

AIR ZIMBABWE (PVT)

177/04

AZW

An tSiombáib

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Afganastáin, lena n-áirítear

 

 

An Afganastáin

ARIANA AFGHAN AIRLINES

AOC 009

AFG

An Afganastáin

KAM AIR

AOC 001

KMF

An Afganastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear

 

 

Angóla

AEROJET

AO-008/11-07/17 TEJ

TEJ

Angóla

GUICANGO

AO-009/11-06/17 TEJ

Ní fios

Angóla

AIR JET

AO-006/11-08/18 TEJ

MBC

Angóla

BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT

AO-015/15-06/17YYY

Ní fios

Angóla

HELIANG

AO 007/11-08/18 YYY

Ní fios

Angóla

SJL

AO-014/13-08/18YYY

Ní fios

Angóla

SONAIR

AO-002/11-08/17 TEJ

SOR

Angóla

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Airméin, lena n-áirítear

 

 

An Airméin

AIRCOMPANY ARMENIA

AM AOC 065

NGT

An Airméin

ARMENIA AIRWAYS

AM AOC 063

AMW

An Airméin

ARMENIAN HELICOPTERS

AM AOC 067

KAV

An Airméin

FLY ARNA

AM AOC 075

ACY

An Airméin

FLYONE ARMENIA

AM AOC 074

FIE

An Airméin

NOVAIR

AM AOC 071

NAI

An Airméin

SHIRAK AVIA

AM AOC 072

SHS

An Airméin

SKYBALL

AM AOC 073

Neamhbhainteach

An Airméin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCongó (Brazzaville), lena n-áirítear

 

 

An Congó (Brazzaville)

CANADIAN AIRWAYS CONGO

CG-CTA 006

TWC

An Congó (Brazzaville)

EQUAFLIGHT SERVICES

CG-CTA 002

EKA

An Congó (Brazzaville)

EQUAJET

RAC06-007

EKJ

An Congó (Brazzaville)

TRANS AIR CONGO

CG-CTA 001

STR

An Congó (Brazzaville)

SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO

CG-CTA 004

Ní fios

An Congó (Brazzaville)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear

 

 

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR FAST CONGO

AAC/DG/OPS-09/03

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR KATANGA

AAC/DG/OPS-09/08

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

BUSY BEE CONGO

AAC/DG/OPS-09/04

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA)

AAC/DG/OPS-09/02

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

CONGO AIRWAYS

AAC/DG/OPS-09/01

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

KIN AVIA

AAC/DG/OPS-09/10

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MALU AVIATION

AAC/DG/OPS-09/05

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SERVE AIR CARGO

AAC/DG/OPS-09/07

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SWALA AVIATION

AAC/DG/OPS-09/06

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MWANT JET

AAC/DG/OPS-09/09

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

(PDC)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Djibouti, lena n-áirítear

 

 

Djibouti

DAALLO AIRLINES

Ní fios

DAO

Djibouti

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an nGuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear

 

 

An Ghuine Mheánchiorclach

CEIBA INTERCONTINENTAL

2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS

CEL

An Ghuine Mheánchiorclach

CRONOS AIRLINES

2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS

Ní fios

An Ghuine Mheánchiorclach

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Eiritré, lena n-áirítear

 

 

An Eiritré

ERITREAN AIRLINES

AOC Uimh. 004

ERT

An Eiritré

NASAIR ERITREA

AOC Uimh. 005

NAS

An Eiritré

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCirgeastáin, lena n-áirítear

 

 

An Chirgeastáin

AEROSTAN

08

BSC

An Chirgeastáin

AIR COMPANY AIR KG

50

KGC

An Chirgeastáin

AIR MANAS

17

MBB

An Chirgeastáin

AVIA TRAFFIC COMPANY

23

AVJ

An Chirgeastáin

FLYSKY AIRLINES

53

FSQ

An Chirgeastáin

HELI SKY

47

HAC

An Chirgeastáin

KAP.KG AIRCOMPANY

52

KGS

An Chirgeastáin

SKY KG AIRLINES

41

KGK

An Chirgeastáin

TEZ JET

46

TEZ

An Chirgeastáin

VALOR AIR

07

VAC

An Chirgeastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libéir.

 

 

An Libéir

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libia, lena n-áirítear

 

 

An Libia

AFRIQIYAH AIRWAYS

007/01

AAW

An Libia

AIR LIBYA

004/01

TLR

An Libia

AL MAHA AVIATION

030/18

Ní fios

An Libia

BERNIQ AIRWAYS

032/21

BNL

An Libia

BURAQ AIR

002/01

BRQ

An Libia

GLOBAL AIR TRANSPORT

008/05

GAK

An Libia

HALA AIRLINES

033/21

TÁIRGÍ TOBAC TÉITE

An Libia

LIBYAN AIRLINES

001/01

LAA

An Libia

LIBYAN WINGS AIRLINES

029/15

LWA

An Libia

PETRO AIR

025/08

PEO

An Libia

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Neipeal, lena n-áirítear

 

 

Neipeal

AIR DYNASTY HELI. S.

035/2001

Ní fios

Neipeal

ALTITUDE AIR

085/2016

Ní fios

Neipeal

BUDDHA AIR

014/1996

BHA

Neipeal

FISHTAIL AIR

017/2001

Ní fios

Neipeal

SUMMIT AIR

064/2010

Ní fios

Neipeal

HELI EVEREST

086/2016

Ní fios

Neipeal

HIMALAYA AIRLINES

084/2015

HIM

Neipeal

KAILASH HELICOPTER SERVICES

087/2018

Ní fios

Neipeal

MAKALU AIR

057A/2009

Ní fios

Neipeal

MANANG AIR PVT

082/2014

Ní fios

Neipeal

MOUNTAIN HELICOPTERS

055/2009

Ní fios

Neipeal

PRABHU HELICOPTERS

081/2013

Ní fios

Neipeal

NEAPAL AIRLINES CORPORATION

003/2000

RNA

Neipeal

SAURYA AIRLINES

083/2014

Ní fios

Neipeal

SHREE AIRLINES

030/2002

SHA

Neipeal

SIMRIK AIR

034/2000

Ní fios

Neipeal

SIMRIK AIRLINES

052/2009

RMK

Neipeal

SITA AIR

033/2000

Ní fios

Neipeal

TARA AIR

053/2009

Ní fios

Neipeal

YETI AIRLINES

037/2004

NYT

Neipeal

Na haeriompróirí seo a leanas atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Rúis

 

 

An Rúis

AURORA AIRLINES

486

SHU

An Rúis

AVIACOMPANY ‘AVIASTAR-TU’ CO. LTD

458

TUP

An Rúis

IZHAVIA

479

IZA

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY ‘AIR COMPANY “YAKUTIA”’

464

SYL

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY ‘RUSJET’

498

RSJ

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY ‘UVT AERO’

567

UVT

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY SIBERIA AIRLINES

31

SBI

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY SMARTAVIA AIRLINES

466

AUL

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY ‘IRAERO’ AIRLINES

480

IAE

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY ‘URAL AIRLINES’

18

SVR

An Rúis

JOINT–STOCK COMPANY ALROSA AIR COMPANY

230

DRU

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY NORDSTAR AIRLINES

452

TYA

An Rúis

JS AVIATION COMPANY ‘RUSLINE’

225

RLU

An Rúis

JSC YAMAL AIRLINES

142

LLM

An Rúis

LLC ‘NORD WIND’

516

NWS

An Rúis

LLC ‘AIRCOMPANY IKAR’

36

KAR

An Rúis

LTD. I FLY

533

RSY

An Rúis

POBEDA AIRLINES LIMITED LIABILITY COMPANY

562

PBD

An Rúis

PUBLIC JOINT STOCK COMPANY ‘AEROFLOT - RUSSIAN AIRLINES’

1

AFL

An Rúis

ROSSIYA AIRLINES, JOINT STOCK COMPANY

2

SDM

An Rúis

SKOL AIRLINE LLC

228

CDV

An Rúis

UTAIR AVIATION, JOINT-STOCK COMPANY

6

UTA

An Rúis

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear

 

 

São Tomé agus Príncipe

AFRICA’S CONNECTION

10/AOC/2008

ACH

São Tomé agus Príncipe

STP AIRWAYS

03/AOC/2006

STP

São Tomé agus Príncipe

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Shiarra Leon

 

 

Siarra Leon

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an tSúdáin, lena n-áirítear

 

 

An tSúdáin

ALFA AIRLINES SD

54

AAJ

An tSúdáin

BADR AIRLINES

35

BDR

An tSúdáin

BLUE BIRD AVIATION

11

BLB

An tSúdáin

ELDINDER AVIATION

8

DND

An tSúdáin

GREEN FLAG AVIATION

17

GNF

An tSúdáin

HELEJETIC AIR

57

HJT

An tSúdáin

KATA AIR TRANSPORT

9

KTV

An tSúdáin

KUSH AVIATION CO.

60

KUH

An tSúdáin

NOVA AIRWAYS

46

NOV

An tSúdáin

SUDAN AIRWAYS CO.

1

SUD

An tSúdáin

SUN AIR

51

SNR

An tSúdáin

TARCO AIR

56

TRQ

An tSúdáin


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn A cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN B

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA LAISTIGH DEN AONTAS (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’)

Sainitheoir trí litir ICAO

Stádas an Oibreora

Cineál aerárthaigh a bhfuil srian air

Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, má tá a leithéid ann, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis aerárthaí a bhfuil srian orthu

Stát an chláraithe

IRAN AIR

FS100

IRA

An Iaráin

Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747

Aerárthaí den chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; Aerárthaí den chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC

An Iaráin

AIR KORYO

GAC-AOC/KOR-01

KOR

An Chóiré Thuaidh

An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU-204.

An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633.

An Chóiré Thuaidh


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn B cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.”


CINNTÍ

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/67


CINNEADH (AE) 2022/2296 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Samhain 2022

maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta (3)

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ní mór do na Ballstáit agus an tAontas saothrú i dtreo straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh dírithe ar an athrú eacnamaíoch agus a bheidh freagrúil sa todhchaí, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a ghnóthú. Ní mór do na Ballstáit a mheas gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.

(2)

Tá an tAontas chun an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tá an tAontas le haird a thabhairt ar ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le hardleibhéal oideachais agus oiliúna agus le cosaint do shláinte an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(3)

I gcomhréir le CFAE, tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas do bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is ionann na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (“na Treoirlínte”) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon leis na treoirlínte ginearálta do beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle (4), agus na Treoirlínte Comhtháite. Is leosan a dhéanfar cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, i gcomhréir leis an idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa tacar beartas agus athchóirithe comhordaithe ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán foriomlán beartas iomchuí inbhuanaithe maidir le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus sóisialta, lenar cheart éifeachtaí dearfacha iarmharta a chothú do mhargaí saothair agus don tsochaí i gcoitinne agus freagairt éifeachtach a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar an méadú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála.

(4)

Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú, chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a éascú agus chun margaí saothair cuimsitheacha, iomaíocha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit oideachas, oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú ardcháilíochta a chur chun cinn, chomh maith le foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoideachas agus oiliúint atá dírithe ar an todhchaí, agus deiseanna gairme feabhsaithe trí na naisc idir an córas oideachais agus margadh an tsaothair a neartú agus trí scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a aithint.

(5)

Tá na Treoirlínte comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/55/CE ón gComhairle (5), Moltaí ón gComhairle an 10 Márta 2014 (6), an 15 Feabhra 2016 (7), an 19 Nollaig 2016 (8), an 15 Márta 2018 (9), an 22 Bealtaine 2018 (10), an 22 Bealtaine 2019 (11), an 8 Samhain 2019 (12), an 30 Deireadh Fómhair 2020 (13),an 24 Samhain 2020 (14), an 29 Samhain 2021 (15), agus an 16 Meitheamh 2022 (16), Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún (17), Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (18), Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 (19), Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘on building an economy that works for people: an action plan for the social economy’ [maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (21), agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara.

(6)

Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach na hionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach ar mhaithe le comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh den Aontas. Agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch á saothrú ag an Seimeastar Eorpach, comhtháthaíonn sé freisin prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus prionsabail na huirlise faireacháin a ghabhann leis, an Scórchlár Sóisialta, agus déanann sé foráil maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile. Tacaíonn sé leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cothrom na hEorpa i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus digiteach, leis na beartais sin ba cheart feabhas a chur ar an iomaíochas, dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, an ceartas sóisialta agus comhdheiseanna agus cóineasú socheacnamaíoch aníos a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic leis na neamhionannais agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha.

(7)

An t-athrú aeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh, agus le haistriú glas a bheidh cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta, an gá le neamhspleáchas oscailte straitéiseach na hEorpa a áirithiú, an domhandú, an digitiú, an intleacht shaorga, an méadú ar theilea-obair, geilleagar na n-ardán agus an t-athrú déimeagrafach, tá geilleagair agus sochaithe na hEorpa ag athrú ó bhonn ag an méid sin. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí struchtúracha sin go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht bheartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta inti á aithint, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur san áireamh ag an am céanna. Ba cheart iad seo a leanas a bheith i gceist leis an ngníomhaíocht bheartais sin: borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe, gealltanas athnuaite d’athchóirithe cuí-sheicheamhaithe lena gcuirtear feabhas ar fhás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe, cruthú post ardcháilíochta, táirgiúlacht, dálaí oibre leordhóthanacha, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú socheacnamaíoch aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí, le tacaíocht ó chláir chistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus na cistí an bheartais chomhtháthaithe, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna rialú ag Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Ba cheart gníomhaíocht bheartais bearta ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh a chomhcheangail le chéile, agus na tionchair a bheidh acu ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna.

(8)

D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (26). Leagtar amach ann scór prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, agus iad roinnte i dtrí chatagóir: comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma, agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta tugtar treoir straitéiseach don Aontas, lena áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig inbhuanaitheacht chomhshaoil, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta agus go gcaomhnófar an comhtháthú críochach. Is creat tagartha é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, chun faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus fheidhmíocht shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir an “ghné shóisialta” agus an “margadh” i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn do chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an “Plean Gníomhaíochta”), lena n-áirítear príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla agus fospriocanna comhlántacha do 2030, i réimsí na fostaíochta, na scileanna, an oideachais agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.

(9)

An 8 Bealtaine 2021, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais Colún Eorpach na gCeart Sóisialta mar ghné bhunúsach den téarnamh, ag tabhairt dá n-aire go neartófar, lena chur chun feidhme, iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuidiú le cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir siad in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar. Chinn siad go gcuirtear treoir úsáideach ar fáil leis an bPlean Gníomhaíochta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimsí na fostaíochta, na scileanna, na sláinte agus na cosanta sóisialta. Ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (60 % ar a laghad de na daoine fásta ar fad a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú bochtaineachta (laghdú de 15 milliún duine ar a laghad, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh), chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Chomh maith leis sin, i nGealltanas Sóisialta Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach tír, ar cheart dóibh rannchuidiú leordhóthanach chun príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. In Porto, thug Ceannairí Stáit nó Rialtais dá n-aire gurb é an tosaíocht a bheidh ag an Eoraip, de réir mar a aisghabhann an Eoraip de réir a chéile ó phaindéim COVID-19, gluaiseacht ó chosaint go poist a chruthú agus ó cháilíocht na bpost a fheabhsú, agus chuir siad i dtreis go mbeidh sé ríthábhachtach prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcruthófar níos mó post agus poist níos fearr do chách faoi chuimsiú téarnaimh chuimsithigh.

Leag siad béim ar a dtiomantas don aontacht agus don dlúthpháirtíocht, rud a chiallaíonn freisin deiseanna comhionanna a áirithiú do chách agus gan aon duine a fhágáil ar lár. Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar na hinniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde.

(10)

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise, a fhéachann leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtreis sárú an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs reatha, i bhfianaise scála insreabhadh na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe, tá gá le cosaint shealadach, mar a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (27) lena ndéantar Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú. Leis sin, féadann daoine a easáitíodh as an Úcráin leas a bhaint as cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais, cearta a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair na hEorpa, is féidir le daoine a easáitíodh as an Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. Amach anseo, féadfaidh an taithí agus na scileanna a fuarthas cuidiú leis an Úcráin a atógáil. I gcás leanaí agus déagóirí gan tionlacan, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais darb aidhm aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimse na fostaíochta agus na scileanna, lena n-áirítear cáilíochtaí a aithint, a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.

(11)

Na hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, ba cheart dóibh na cleachtais náisiúnta a urramú maidir le hidirphlé shóisialta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála agus fás inbhuanaithe chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch aníos. Ba cheart dóibh an deis is gá a chur ar fáil chun gnéithe socheacnamaíocha a chur san áireamh go forleathan, lena n-áirítear feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht, cruthú post ar ardchaighdeán, dálaí oibre, bochtaineacht san obair, oideachas, oiliúint agus scileanna, sláinte an phobail agus cuimsiú sóisialta, chomh maith le fíorioncaim. Ina leith sin, tá an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht agus cistí eile de chuid an Aontais ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe na hEorpa níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus digiteach sa chomhthéacs iar-phaindéim COVID-19. Chuir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana de bharr phaindéim COVID-19. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá n-áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus cóir, i bhfianaise freisin go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach níos mó agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear fruiliú sealadach agus dreasachtaí aistrithe, beartais scileanna agus seirbhísí fostaíochta feabhsaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair, i bhfianaise na gclaochlaithe glasa agus digiteacha freisin, mar a léiríodh i Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 agus i Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Ba cheart dálaí oibre maithe, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus idir shláinte coirp agus mheabhairshláinte oibrithe, a chur chun cinn.

(12)

Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, an comhionannas inscne a áirithiú agus tacú le fostaíocht do dhaoine óga. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, go háirithe i gcás leanaí, daoine faoi mhíchumais agus na Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019, agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, ar oiliúint, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a bheidh cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí in oideachas agus i gcúram na luath-óige, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, agus i scileanna digiteacha glasa. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne agus ar sheirbhísí cúraim sláinte inacmhainne, lena n-áirítear cosc agus cur chun cinn cúraim sláinte, i bhfianaise phaindéim COVID-19 a thosaigh in 2020 agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus leis an bhforbairt shóisialta a chothú a thuilleadh. De réir mar a ghlacann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó áiteanna oibre ar fud an Aontais, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann caidrimh fostaíochta a eascraíonn ó chineálacha nua oibre múnla sóisialta na hEorpa a neartú.

(13)

Ba cheart na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhunús le moltaí tír-shonracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Tá na Ballstáit le leas iomlán a bhaint as a n-acmhainní REACT-EU, acmhainní a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) lena ndéantar cistí bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a threisiú go dtí 2023. Mar gheall ar an ngéarchéim reatha san Úcráin, rinneadh Rialachán (AE) 2020/2221 a chomhlánú a thuilleadh le Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus le leasú breise ar Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU, agus le costas aonaid nua chun cabhrú le lánpháirtiú daoine atá ag teacht isteach san Aontas ón Úcráin a luathú dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

Ina theannta sin, do chlárthréimhse 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir mar aon leis an gCiste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, cur i gcoinne an idirdhealaithe, chun inrochtaineacht a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun an t-eolas agus na cáilíochtaí is gá le haghaidh geilleagar digiteach agus geilleagar glas a thabhairt dóibh. Ina theannta sin, tá na Ballstáit le lánúsáid a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe, ciste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, amhail paindéim COVID-19, claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí níos domhanda iad, agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.

(14)

Déanfaidh an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta faireachán ar an gcaoi a gcuirtear na beartas ábhartha chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte do bheartais fostaíochta, i gcomhréir lena sainorduithe féin faoi na Conarthaí. Beidh ar na coistí sin agus ar chomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle atá bainteach le comhordú beartas eacnamaíoch agus sóisialta oibriú i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát.

(15)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (“na Treoirlínte”), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad. Beidh na Treoirlínte mar chuid de na Treoirlínte Comhtháite.

Airteagal 2

Cuirfidh na Ballstáit na Treoirlínte san áireamh ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir um athchóiriú, agus tuairisceofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 148(3) CFAE.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)  Tuairim an 18 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 21 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Tuairim an 21 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Moladh ón gComhairle (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 maidir le treoirlínte leathana le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).

(5)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(6)  Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).

(7)  Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016, lch. 1).

(8)  Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uasoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).

(9)  Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).

(10)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).

(11)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige Ardcháilíochta (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4).

(12)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(13)  Moladh an 30 Deireadh Fómhair 2020 ón gComhairle maidir le Droichead chun na Fostaíochta – Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).

(14)  Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).

(15)  Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).

(16)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).

(17)  Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).

(18)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

(19)  Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i ndiaidh (2021-2030) ((IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)

(20)  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).

(21)  (IO L 275, 25.10.2022).

(22)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(23)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(24)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231 30.6.2021, lch. 60).

(25)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231 30.6.2021, lch. 1).

(26)  An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

(27)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).

(29)  Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(31)  Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).

(32)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(33)  Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).


IARSCRÍBHINN

Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar

Ba cheart do na Ballstáit geilleagar margaidh sóisialta inbhuanaithe a chur chun cinn go gníomhach agus infheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta a éascú agus tacú léi, agus leas a bhaint freisin as an acmhainneacht a bhaineann leis na haistrithe digiteacha agus glasa, i bhfianaise phríomhsprioc an Aontais do 2030 maidir leis an bhfostaíocht. Chun na críche sin, ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag earcú daoine a laghdú, fiontraíocht atá freagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus fás micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn go gníomhach agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an gheilleagair shóisialta, nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú, agus na samhlacha gnó sin atá ag cruthú deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán agus atá ag giniúint sochair shóisialta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, a spreagadh, go háirithe sa gheilleagar ciorclach agus sna críocha is mó atá thíos leis an aistriú chuig geilleagar glas i ngeall ar a speisialtóireacht earnála.

Tar éis phaindéim COVID-19, ba cheart do scéimeanna oibre gearr-ama atá dea-cheaptha agus socruithe comhchosúla próisis athstruchtúraithe a éascú agus tacú leo, sa bhreis ar an bhfostaíocht a chaomhnú, i gcás inarb iomchuí, chun cabhrú leis an ngeilleagar a nuachóiriú, lena n-áirítear trí scileanna gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart féachaint an bhféadfaí dreasachtaí fruilithe agus dreasachtaí aistrithe, bearta uas-scilithe agus athoiliúna, agus iad dea-cheaptha, a thabhairt isteach chun tacú le cruthú post agus le haistrithe ar feadh an tsaoil oibre, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, i bhfianaise freisin na gclaochluithe digiteacha agus glasa, an athraithe dhéimeagrafaigh, agus thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Ba cheart an cánachas a aistriú ón saothar go dtí foinsí cánacha eile a thugann níos mó tacaíochta don fhostaíocht agus don fhás cuimsitheach, agus i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus éifeacht athdháilte an cháinchórais á cur san áireamh, chomh maith lena éifeacht ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, agus ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leordhóthanach agus caiteachas spreagtha fáis á chosaint san am céanna.

Ba cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear iad sin a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm acu, cómhargáil a chur chun cinn d’fhonn socrú pá a chur i bhfeidhm, agus rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena gcuirfí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh agus lena gcothófaí pá cothrom le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal nó ar mheánioncam ar mhaithe leis an gcóineasú aníos a neartú. Ba cheart dálaí socheacnamaíocha, lena n-áirítear fás fostaíochta, iomaíochas agus forbairtí réigiúnacha agus earnálacha, a chur san áireamh sna sásraí chun pá a shocrú. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, ba cheart do na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá leordhóthanach ag gach oibrí trí thairbhe a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as comhaontuithe comhchoiteanna nó as pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus tionchar an mhéid sin ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.

Treoirlíne 6: An soláthar saothair a neartú agus feabhas a chur ar an rochtain ar an bhfostaíocht, agus ar shealbhú scileanna agus inniúlachtaí ar feadh an tsaoil

I gcomhthéacs na n-aistrithe digiteacha agus ghlasa, an athraithe dhéimeagrafaigh agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart do na Ballstáit an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus an caipiteal daonna a chur chun cinn, lena gcothófaí sealbhú scileanna agus inniúlachtaí le linn shaol na ndaoine agus lena bhfreagrófaí ar riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, i bhfianaise phríomhsprioc an Aontais do 2030 maidir le scileanna. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas ardcháilíochta cuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, rochtain ar an bhfoghlaim dhigiteach, agus oiliúint teanga (e.g. i gcás dídeanaithe, lena n-áirítear dídeanaithe ón Úcráin) agus scileanna fiontraíochta a fháil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le páirtithe leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha sna córais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-ábharthacht i leith mhargadh an tsaothair, d’fhonn an t-aistriú glas agus digiteach a bhaint amach, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna atá ann cheana agus d’fhonn teacht chun cinn ganntanas nua a chosc, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le REPowerEU, amhail imscaradh fuinnimh inathnuaite nó athchóiriú foirgneamh.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghairm na múinteoireachta, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna na príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus scileanna digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh lena n-inoiriúnaitheacht agus lena n-athléimneacht ar feadh an tsaoil, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil múinteoirí ullmhaithe na hinniúlachtaí sin a chothú i bhfoghlaimeoirí. Ba cheart do na Ballstáit tacú le daoine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint agus dreasachtaí agus spreagadh daoine aonair a mhéadú chun oiliúint a lorg lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí theidlíochtaí oiliúna aonair, amhail cuntais foghlama aonair, agus a áirithiú go mbeidh siad inaistrithe le linn aistrithe gairmiúla, agus trí chóras iontaofa measúnaithe cáilíochta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí micridhintiúr a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht. Ba cheart go gcuirfeadh siad ar chumas gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a réamh-mheas agus iad féin a chur in oiriúint níos fearr dóibh go háirithe trí uasoiliúint agus athoiliúint leanúnach agus trí threoir agus comhairleoireacht chomhtháite a sholáthar, d’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, torthaí sóisialta a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair agus ar neamhréir scileanna, athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair i gcás suaite a fheabhsú agus coigeartuithe féideartha a dhéanamh níos éasca.

Ba cheart do na Ballstáit comhdheiseanna a chothú do chách trí aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna. Go háirithe, ba cheart rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige inacmhainne d’ardchaighdeán a thabhairt do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Ba cheart do na Ballstáit na leibhéil cháilíochta fhoriomlána a ardú, líon na ndaoine a fhágann an t-oideachas agus an oiliúint go luath a laghdú, tacú le rochtain ar oideachas do leanaí ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ó cheantair iargúlta, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET), tacú le rochtain ar oideachas treasach agus le críochnú oideachais threasaigh, an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht do dhaoine óga a éascú trí chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ar ardchaighdeán, chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta i bhfoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus i measc na ndaoine is lú cáilíocht. Agus ceanglais nua na sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcórais gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a neartú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí éifeachtacha ar ardchaighdeán, agus líon na gcéimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus san oideachas treasach araon, go háirithe líon na mban. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ábharthacht an oideachais threasaigh a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, agus i gcás inarb iomchuí, taighde a fheabhsú freisin maidir leis an margadh sin; feabhas a chur ar fhaireachán agus ar réamhaisnéis scileanna; scileanna a dhéanamh níos feiceálaí agus cáilíochtaí a dhéanamh inchomparáide lena chéile, lena n-áirítear na cáilíochtaí a gnóthaíodh thar lear; agus deiseanna a mhéadú chun scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a aithint agus a bhailíochtú, lena n-áirítear do dhídeanaithe agus do dhaoine faoi stádas cosanta sealadaí. Ba cheart dóibh soláthar na gairmoiliúna agus an ghairmoideachais atá solúbtha leanúnach a uasghrádú agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit freisin tacú le daoine fásta ar bheagán oiliúna a n-infhostaitheacht fhadtéarmach a choinneáil ar bun nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoin rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán agus borradh a chur faoin méid daoine a théann ina mbun, trí Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-scilithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair, agus trí na scileanna a fuarthas a bhailíochtú agus a aithint.

Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe, saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine neamhghníomhacha, cúnamh atá bunaithe ar thacaíocht do chuardaigh poist, d’oiliúint, d’athcháiliú agus do rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaoine a ndéanann na haistrithe glasa agus digiteacha nó suaití sa mhargadh saothair difear ar leith dóibh. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n-áirítear measúnaithe aonair grinn ar dhaoine atá dífhostaithe a shaothrú a luaithe is féidir, tar éis 18 mí den dífhostaíocht ar a dhéanaí, d’fhonn an dífhostaíocht fhadtéarmach struchtúrach a laghdú agus a chosc. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), trí luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán, rud a thacóidh le deiseanna fostaíochta óige ar ardcháilíocht sa téarnamh iarphaindéime. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun béim a leagan ar an dearcadh athnuaite don todhchaí a thagann leis na haistrithe glasa agus digiteacha, mar aon leis na deiseanna a thugann siad chun tionchar diúltach na paindéime ar dhaoine óga a chomhrac.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní agus le dídhreasuithe i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith, go háirithe le haghaidh daoine ar ioncam íseal, an dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh (na mná go minic) agus na ndaoine sin is faide ón margadh saothair, lena n-áirítear daoine a bhfuil cúlra imirceach acu agus pobail imeallacha na Romach. I bhfianaise ganntanas ard lucht saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú leis an soláthar saothair a chothú, go háirithe trí phá leordhóthanach agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir le margadh an tsaothair, agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre a bheidh oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais agus seirbhísí spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.

Ba cheart dul i ngleic leis na bearnaí fostaíochta agus na bearnaí pá idir na hinscní, chomh maith le steiréitíopaí inscne. Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rochtain ar cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht, chomh maith le dul i ngleic leis an gciapadh agus leis an bhforéigean ag an obair arb iad na mná a bhíonn thíos leis an bhfadhb go príomha. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, chomh maith leis an trédhearcacht pá, a áirithiú. Ba cheart comhréiteach idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach le haghaidh mná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain a bheith ann ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige atá inacmhainne ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go bhfuil rochtain acu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid chothrom na dteidlíochtaí sin idir tuismitheoirí a chur chun cinn.

Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta

Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, agus as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac, agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Leis na rialacha maidir le cosaint fostaíochta, le dlí an tsaothair agus leis na hinstitiúidí, ba cheart timpeallacht oiriúnach le haghaidh earcaíochta a chur ar fáil chomh maith leis an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun iad féin a chur in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, agus cearta saothair á gcosaint ag an am céanna agus cosaint shóisialta á háirithiú, mar aon le leibhéal iomchuí slándála, agus timpeallachtaí oibre sláintiúla, sábháilte agus dea-oiriúnaithe do gach oibrí. Trí úsáid socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, amhail teilea-obair, d’fhéadfaí cur le leibhéil fostaíochta níos airde agus le margaí saothair níos cuimsithí i gcomhthéacs na timpeallachta iarphaindéime. Ag an tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe i dtéarmaí am oibre, dálaí oibre, meabhairshláinte ag an obair agus cothromaíocht oibre is saoil a urramú. Ba cheart cosc a chur le caidrimh fostaíochta a mbíonn dálaí oibre forbhásacha mar thoradh orthu, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin, go háirithe más oibrí ar bheagán oiliúna iad, agus trí mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. Ba cheart a áirithiú, i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, go mbeadh rochtain ar mhodh éifeachtach neamhchlaonta chun díospóidí a réiteach, agus ceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh iomchuí, i gcás inarbh infheidhme.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais feabhas a chur ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, ar chomhoiriúnú ina leith agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, agus tacú leis na tionscnaimh sin freisin, lena n-áirítear sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit iad siúd atá in ann páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair a ghníomhachtú agus a chumasú ar bhealach éifeachtach, go háirithe grúpaí leochaileacha, mar shampla daoine ar bheagán oiliúna, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra imirceach acu, lena n-áirítear daoine a bhfuil stádas cosanta sealadaí acu, agus Romaigh atá imeallaithe. Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme agus éifeacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú tríd an spriocadh, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus tríd an méid sin a nascadh níos fearr le seirbhísí sóisialta, le cúrsaí oiliúna agus le tacaíocht ioncaim le haghaidh daoine dífhostaithe, fad is a mbíonn siad ag lorg oibre agus é sin a bheith bunaithe ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chumas na seirbhísí poiblí fostaíochta chun cúnamh tráthúil saincheaptha a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, chun freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus chun bainistiú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus tacaíocht a bheith tugtha freisin trí dhigitiú.

Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus leis na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Níor cheart go ndéanfadh sochair dhífhostaíochta filleadh pras ar an bhfostaíocht a dhídhreasú agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo.

Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do shoghluaisteacht an lucht foghlama agus an lucht saothair d’fhonn a gcuid scileanna agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú agus d’fhonn acmhainneacht iomlán mhargadh saothair na hEorpa a shaothrú; agus, an tráth céanna, dálaí cothroma a áirithiú freisin i leith daoine i mbun gníomhaíochta trasteorann chomh maith le dlús a chur le comhar riaracháin idir na húdaráis riaracháin náisiúnta maidir le hoibrithe taistil, agus tairbhe á baint as an Údarás Eorpach Saothair. Ba cheart tacú le soghluaisteacht oibrithe i ngairmeacha criticiúla agus oibrithe trasteorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe ar postú i gcás ina bhfuil dúnadh sealadach teorann mar thoradh ar chúinsí sláinte poiblí.

Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh na coinníollacha iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre, a ngealltanais a chomhlíonadh maidir lena n-acmhainneacht poist a chruthú, agus a áirithiú, ag an am céanna, go bhfuil na cearta sóisialta atá ann cheana á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme i gcomhthéacs conarthaí neamhthipiciúla agus foirmeacha nua oibre, amhail obair trí ardáin dhigiteacha. I ndáil leis an méid sin, is féidir le comhpháirtithe sóisialta ról ríthábhachtach a imirt agus ba cheart do na Ballstáit tacú leo teagmháil a dhéanamh le daoine agus ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn i mbun obair neamhthipiciúil agus obair ardáin. Ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí tacaíocht a chur ar fáil freisin don fhorfheidhmiú – mar shampla treoirlínte nó oiliúint thiomnaithe do lucht cigireachta saothair – maidir leis na dúshláin a eascraíonn as cineálacha nua eagrúcháin oibre, mar shampla bainistiú algartamach, faireachas sonraí agus teilea-obair bhuan nó leathbhuan.

Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, agus chun idirphlé sóisialta níos éifeachtaí agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr a bhaint amach, lena n-áirítear tráth géarchéimeanna, cosúil le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus costas méadaitheach maireachtála, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhealach tráthúil fiúntach i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha, lena n-áirítear trí thacú le hacmhainneacht mhéadaithe na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chothú. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.

I gcás inarb ábhartha, agus ag cur leis na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit taithí ábhartha eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh.

Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac

Ba cheart do na Ballstáit margaí saothair cuimsitheacha atá oscailte do chách, a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú de gach cineál a chomhrac agus chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh cóir chothrom a áirithiú i ndáil leis an bhfostaíocht, an chosaint shóisialta, an cúram sláinte, cúram leanaí, an cúram fadtéarmach, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, lena n-áirítear tithíocht, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint shóisialta atá leordhóthanach éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe a sholáthar do chách, ag gach céim den saol, agus an cuimsiú sóisialta agus an tsoghluaisteacht shóisialta aníos á gcothú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair á dreasú, ag tacú le hinfheistíocht shóisialta, an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta á gcomhrac agus aghaidh á tabhairt ar an neamh-chomhionannas, lena n-áirítear leis an gcaoi a ndeartar a gcáinchórais agus a gcórais sochair agus trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeartas. Agus cuir chuige de chineálacha uilíocha á gcomhlánú le cuir chuige sprioc-dhírithe, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Le nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta, ba cheart freisin go bhféachfaí le feabhas a chur ar a n-athléimneacht i gcás dúshlán ilghnéitheach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na teaghlaigh is leochailí a bhfuil tionchar ag an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus ag na costais mhéadaitheacha fuinnimh orthu.

Ba cheart do na Ballstáit forbairt agus comhtháthú a dhéanamh ar thrí ghné an chuimsithe ghníomhaigh: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin ar ardchaighdeán, chun freastal ar riachtanais daoine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha mar ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí thacú le daoine agus trína spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí sheirbhísí sóisialta spriocdhírithe a sholáthar.

Seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, amhail oideachas agus seirbhísí cúram luathóige, cúram iarscoile, oideachas, oiliúint, tithíocht, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, is coinníoll riachtanach é sin chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht lucht oibre, i gcomhréir le príomhsprioc an Aontais do 2030 maidir leis an mbochtaineacht a laghdú. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí agus ar an eisiamh sóisialta go háirithe trí bhearta cuimsitheacha comhtháite, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go hiomlán.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n-áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú do dhaoine atá i ngátar nó atá i staid leochaileach. Ba cheart dóibh aistriú fuinnimh a bheadh glan, cothrom a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh ar cineál bochtaineachta í atá ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar ardú na bpraghsanna fuinnimh, rud a bhfuil baint pháirteach aige le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta spriocdhírithe tacaíochta ioncaim shealadaigh nó trí bhearta tacaíochta atá ann cheana a oiriúnú. Ba cheart beartais chuimsitheacha maidir le hathchóiriú tithíochta a chur chun feidhme freisin. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach. Ba cheart do na Ballstáit rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach leigheasach agus ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán a áirithiú, agus an inbhuanaitheacht a chosaint san fhadtéarma san am céanna.

I gcomhréir le gníomhachtú Threoir 2001/55/CE ón gComhairle (1), ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin. I gcás mionaoiseach neamhthionlactha, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a chur chun feidhme. Ba cheart rochtain ar oideachas na hóige, ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí.

I gcomhthéacs an mhéadaithe ar an bhfad saoil agus ar an athrú déimeagrafach, ba cheart do na Ballstáit leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil agus a fhabhrú, lena n-áirítear trí scéimeanna forlíontacha chun ioncam leordhóthanach i seanaois a áirithiú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe pinsean le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú agus bearta a chuireann síneadh leis an saol oibre, amhail an aois scoir iarbhír a ardú, go háirithe trí rannpháirtíocht daoine scothaosta i margadh an tsaothair a éascú, agus ba cheart iad a cheapadh laistigh de straitéisí gníomhacha aosaithe. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a cheadú.


(1)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/78


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2297 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena mbunaítear an Bonneagar Taighde Eorpach ar Ghrianfhuinneamh le haghaidh Díriú Grianteasa (EU-SOLARIS ERIC)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7351)

(Is iad na téacsanna Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Portaingéilise agus Spáinnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Chipir agus an Phortaingéil iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun an Bonneagar Taighde Eorpach ar Ghrianfhuinneamh a bhunú le haghaidh Díriú Grianteasa (EU-SOLARIS ERIC) (“an t-iarratas”). Chuir an Phortaingéil a cinneadh in iúl go mbeidh sí rannpháirteach in EU-SOLARIS ERIC mar bhreathnóir ar dtús.

(2)

Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Spáinn Ballstát óstach EU-SOLARIS ERIC.

(3)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2).

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse an Bhonneagair Eorpaigh um Taighde ar Ghrianfhuinneamh le haghaidh Díriú Grianteasa a bhunú.

(5)

Tá na bearta a leagtar amach sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear leis seo an Bonneagar Taighde Eorpach ar Ghrianfhuinneamh le haghaidh Díriú Grianteasa (EU-SOLARIS ERIC).

2.   Leagtar amach gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna EU-SOLARIS ERIC san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire agus Poblacht na Portaingéile

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Mariya GABRIEL

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85)


IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA REACHTANNA EU-SOLARIS ERIC

Leis na hAirteagail agus leis na míreanna de na hAirteagail seo a leanas de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC, déantar foráil maidir leis na gnéithe fíor-riachtanacha i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle.

1.   Ainm agus suíochán (Airteagal 1 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Cruthaítear Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC), faoin ainm “Bonneagar Taighde Eorpach ar Ghrianfhuinneamh le haghaidh Díriú Grianteasa” (“EU-SOLARIS ERIC” anseo feasta), de bhun fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009, maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Bonneagar Taighde Eorpach (dá ngairtear “Rialachán ERIC” anseo feasta).

2.

Tá oifig chláraithe ERIC AE-SOLARIS bunaithe in Almería na Spáinne.

2.   Fís, misean agus cuspóirí straitéiseacha (Airteagal 2 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Bunóidh agus oibreoidh EU-SOLARIS ERIC bonneagar taighde dáilte den chéad scoth maidir le Díriú Grianteasa/Grianfhuinneamh Teirmeach a bhunófar mar mhol lárnach a bheidh freagrach as oibriú comhordaithe na lárionad náisiúnta taighde i dteicneolaíochtaí dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh, a dhéanfaidh cuid dá n-acmhainneachtaí taighde agus forbartha a thiomnú do EU-SOLARIS ERIC, agus inneachar, uirlisí agus fios gnó a bhaineann le teicneolaíochtaí dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh á gcomhroinnt.

2.

Leanfaidh gach saoráid taighde atá ina cuid de ERIC de bheith ina maoin dá chuid institiúidí chomh maith leis na cearta chun rochtain a fháil orthu a láimhseáil agus na coinníollacha faoina ndeonaítear í.

3.

Déanfar an caidreamh idir EU-SOLARIS ERIC agus na lárionaid náisiúnta taighde a rialú trí Chomhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse sonracha a shíniú.

4.

Chuige sin, is iad seo a leanas críocha agus cuspóirí EU-SOLARIS ERIC.

5.

An Fhís: A bheith ina bhonneagar taighde tagartha Eorpach i bhforbairt theicneolaíoch dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh agus feidhmeanna gaolmhara

6.

An Misean: Na coinníollacha is fearr a chur ar fáil maidir le forbairt gníomhaíochtaí taighde dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh le haghaidh na bpobal eolaíochta agus tionsclaíoch

7.

Cuspóirí straitéiseacha:

a)

Príomhshuiteálacha T&D atá ann cheana san Eoraip a chomhordú, mar bhonneagar uathúil de charachtar dáilte, agus an phunann bonneagair eolaíochta is iomláine agus is airde cáilíocht a sholáthar ar an leibhéal idirnáisiúnta don earnáil dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh.

b)

Pointe iontrála aonair a bhunú ina ndéantar saoráidí, acmhainní agus seirbhísí taighde ardspeisialaithe a chur ar fáil go héifeachtach agus go hoptamach d’úsáideoirí a éilíonn seirbhísí a bhaineann le díriú grianteasa/grianfhuinneamh teirmeach.

c)

An comhoibriú idir na hinstitiúidí eolaíochta, an saol acadúil agus an tionscal a threisiú, agus taighde comhoibríoch a chothú i measc phríomhionaid Eorpacha taighde de chuid na hearnála.

d)

Riachtanais nua a shainaithint maidir le feabhas a chur ar na saoráidí taighde agus maidir le saoráidí nua a thógáil (nuair is gá), speisialtóireacht na saoráidí atá ann cheana a bharrfheabhsú agus a chur chun cinn agus dúbláil agus athdhéanamh teicneolaíochta nach bhfuil gá léi a sheachaint.

e)

Na cleachtais taighde agus thurgnamhacha is fearr a shainaithint agus a bhunú, scaipeadh oscailte torthaí agus sonraí turgnamhacha a threorú agus a chomhordú aon uair is féidir agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le seasamh ceannaireachta na hEorpa a threisiú ar an leibhéal idirnáisiúnta.

f)

An Eoraip a choinneáil ar thús cadhnaíochta agus ina cheannaire maidir le forbairt teicneolaíochtaí dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh.

3.   Cúraimí agus gníomhaíochtaí (Airteagal 3 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

D’fhonn a chríocha agus a chuspóirí a chomhlíonadh, rachaidh EU-SOLARIS ERIC, go díreach nó trí thríú páirtithe, i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

a)

rochtain éifeachtach a thabhairt ar acmhainní agus ar sheirbhísí a chuireann na Nóid Náisiúnta ar fáil, i gcomhréir leis na rialacha atá bunaithe sna Reachtanna seo, le haghaidh an phobail Eorpaigh taighde agus tionsclaíochta,

b)

idir-inoibritheacht idir na lárionaid taighde atá speisialaithe i réimse theicneolaíochtaí dírithe grianteasa/grianfhuinnimh theirmigh na gComhaltaí agus na mBreathnóirí a fheabhsú,

c)

dul chun cinn teicneolaíoch maidir le hacmhainní agus seirbhísí a bhaineann le díriú grianteasa/grianfhuinneamh teirmeach a bhunú agus a chur i bhfeidhm,

d)

comhaontuithe comhair a dhéanamh le tríú páirtithe,

e)

oiliúint a sholáthar agus soghluaisteacht taighdeoirí a éascú chun an Limistéar Eorpach Taighde a threisiú agus a struchtúrú,

f)

caidreamh idirnáisiúnta a bhunú le heagraíochtaí agus le húdaráis eile, idir chinn phoiblí nó phríobháideacha, Eorpacha agus neamh-Eorpacha, a bhfuil suim acu ina ghníomhaíochtaí agus i réimsí gaolmhara,

g)

gníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaithe T&F eile san Eoraip i réimse an dírithe grianteasa/an ghrianfhuinnimh theirmigh,

h)

aon ghníomhaíocht eile is gá chun críocha agus cuspóirí EU-SOLARIS ERIC a chomhlíonadh.

2.

Cuirfidh EU-SOLARIS ERIC rochtain ar fáil ar phunann saoráidí taighde agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus forbartha trí chlár forbartha fadtéarmach comhordaithe i measc Nóid Náisiúnta chun críoch neamheacnamaíoch. Mar sin féin, féadfaidh EU-SOLARIS ERIC dul i mbun gníomhaíochtaí brabúsacha teoranta, ar choinníoll:

a)

go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomh-ghníomhaíochtaí, mar a leagtar amach sna Reachtanna seo, agus

b)

nach gcuireann siad baint amach chríocha ná chuspóirí EU-SOLARIS ERIC i gcontúirt.

3.

Déanfaidh EU-SOLARIS ERIC costais agus ioncaim na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a thaifeadadh ar leithligh agus gearrfaidh sé praghsanna margaidh orthu. Aon ioncam a ghintear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, úsáidfear é chun cur lena chríocha.

4.   Fad agus tús na n-oibríochtaí (Airteagal 4 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

Gan dochar d’fhorálacha na Reachtanna seo maidir le foirceannadh agus leachtú ERIC EU-SOLARIS, beidh sé ann ar feadh tréimhse éiginnte.

5.   Dliteanas agus árachas (Airteagal 5 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Beidh EU-SOLARIS ERIC freagrach as na fiacha a ghineann sé mar thoradh ar a ghníomhaíocht.

2.

Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí as fiacha ERIC teoranta do ranníocaíochtaí airgeadais a rinne siad cheana le ERIC.

3.

Déanfaidh EU-SOLARIS ERIC árachas iomchuí a thógáil amach agus a choinneáil ar bun chun aon riosca a bhaineann le hoibriú ERIC a chumhdach.

6.   Nós imeachta maidir le foirceannadh agus leachtú EU-SOLARIS ERIC (Airteagal 6 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Cuirfidh EU-SOLARIS ERIC an Coimisiún Eorpach ar an eolas, tríd an Stiúrthóir Bainistíochta, faoi aon fhíorais a d’fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh do chuspóir EU-SOLARIS ERIC nó bac a chur ar a chumas na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán ERIC a chomhlíonadh.

2.

Go háirithe, déanfar EU-SOLARIS ERIC a fhoirceannadh agus a leachtú in aon cheann de na teagmhais seo a leanas:

a)

mar thoradh ar rún a ghlacfaidh an Comhthionól Ginearálta, trí thromlach atá bunaithe sna Reachtanna seo, nó

b)

mar thoradh ar chinneadh a thabharfaidh an Coimisiún Eorpach, sna téarmaí dá bhforáiltear i Rialachán ERIC.

3.

Is mar seo a leanas a bheidh an nós imeachta:

a)

Cuirfidh Stiúrthóir Bainistíochta EU-SOLARIS ERIC an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi chinneadh an Chomhthionóil Ghinearálta maidir le EU-SOLARIS ERIC a fhoirceannadh agus a leachtú, laistigh de dheich (10) lá tar éis an dáta a ghlacfar an rún.

b)

Gan dochar d’Airteagal 5 de na Reachtanna, aon sócmhainn agus dliteanas a bheidh fágtha nuair a bheidh fiacha EU-SOLARIS ERIC íoctha, comhroinnfear ar na Comhaltaí iad i gcoibhneas lena ranníocaíocht iarbhír le EU-SOLARIS ERIC tráth an díscaoilte.

c)

Cuirfidh Stiúrthóir Bainistíochta EU-SOLARIS ERIC an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi thabhairt chun críche an phróisis EU-SOLARIS ERIC a fhoirceannadh agus a leachtú laistigh de dheich (10) lá ó chur i gcrích an phróisis sin.

d)

Tiocfaidh deireadh le EU-SOLARIS ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

e)

I gcás nach mbeidh EU-SOLARIS ERIC in ann a fhiacha a íoc aon tráth le linn dó a bheith ann, cuirfidh sé an Coimisiún Eorpach ar an eolas láithreach i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

7.   Beartas um rochtain úsáideora (Airteagal 7 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Déanfaidh EU-SOLARIS ERIC rochtain eolaíoch atá bunaithe ar fhiúntas a chur chun cinn ar na seirbhísí agus ar na bonneagair lena dtacaítear le barr feabhais i dtaighde i réimse gníomhaíochta EU-SOLARIS ERIC agus lena spreagtar é, chomh maith le cultúr feabhsuithe praiticiúla trí ghníomhaíochtaí oiliúna.

2.

Beidh rochtain ar EU-SOLARIS-ERIC ar fáil do gach cineál úsáideora, lena n-áirítear ó gach tír Eorpach agus neamh-Eorpach, ní gá go mbeadh sé saor in aisce. Déanfar iarratais faoi phróiseas cuíchóirithe a bhaineann le seiceálacha incháilitheachta agus indéantachta maidir leis na nósanna imeachta agus ar na critéir mheastóireachta.

3.

Déanfar na nósanna imeachta agus na critéir mheastóireachta lena ndeonaítear nó lena dteorannaítear rochtain ar shonraí agus uirlisí bhonneagar EU-SOLARIS ERIC, agus costas na rochtana sin, a shainiú sna rialacha rochtana nó sna rialacháin inmheánacha a dhéanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta a tharraingt suas agus a fhormheas ag an gComhthionól Ginearálta, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíoch agus Teicniúil (CET) agus le Bord na Nód Náisiúnta (BNN).

4.

Cuirfear nósanna imeachta agus critéir mheastóireachta ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin EU-SOLARIS ERIC.

5.

Soláthróidh EU-SOLARIS ERIC rialacha rochtana agus treoirlínte d’úsáideoirí bhonneagar EU-SOLARIS ERIC chun a áirithiú go ndéanfar cearta maoine, príobháideachas, eitic agus cosaint bhonneagar taighde agus shonraí an úinéara a aithint agus a urramú leis an taighde a dhéanfar trí úsáid acmhainní bhonneagair EU-SOLARIS ERIC ar le lárionaid taighde na mBallstát iad (mar a luaitear in Airteagal 2 de na Reachtanna), chomh maith leis na hoibleagáidí maidir le rúndacht agus rúnmhaireacht, agus go gcomhlíonfaidh úsáideoirí na coinníollacha maidir le rochtain, na bearta slándála agus bainistiú fhaisnéis na n-institiúidí taighde atá rannpháirteach i mbonneagar EU-SOLARIS ERIC.

8.   Beartas um meastóireacht eolaíoch (Airteagal 8 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

Cuirfear san áireamh sa nós imeachta chun measúnú eolaíoch a dhéanamh ar na tionscadail lena n-éilítear rochtain ar bhonneagar EU-SOLARIS ERIC fiúntas eolaíoch, riachtanais na hearnála nach bhfuiltear ag freastal orthu agus an úsáid agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu san earnáil, agus beidh sé bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, an chothromais agus na neamhchlaontachta. Saineofar an nós imeachta sin i rialacháin inmheánacha, a dhéanfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta a tharraingt suas agus a dhéanfaidh an Comhthionól Ginearálta a fhormheas, tar éis dóibh dul i gcomhairle le CET agus le BNN.

9.   Beartas um scaipeadh (Airteagal 9 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Déanfaidh EU-SOLARIS ERIC bearta iomchuí chun a bhonneagar agus a úsáid i dtaighde agus in aon seirbhís a bhaineann le cuspóirí EU-SOLARIS ERIC a chur chun cinn.

2.

Cuirfidh EU-SOLARIS ERIC chun cinn scaipeadh agus malartú na dtorthaí a fhaightear trí úsáid a bhonneagair taighde.

3.

Gan dochar do Chearta Maoine Intleachtúla a d’fhéadfadh a bheith ann, áiritheoidh EU-SOLARIS ERIC go gcuirfidh a chuid úsáideoirí torthaí an taighde a dhéantar ag bonneagair ERIC ar fáil don phobal agus go ndéanfaidh siad amhlaidh trí bhíthin EU-SOLARIS ERIC, i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha deontais Eorpacha agus náisiúnta. Ní bheidh feidhm aige sin maidir le gníomhaíochtaí T&D a dhéanann na lárionaid taighde agus a mbonneagair féin á n-úsáid acu as raon feidhme ERIC.

4.

Saineofar sa bheartas um scaipeadh na grúpaí éagsúla spriocanna agus le EU-SOLARIS ERIC úsáidfear na bealaí uile laistigh dá raon feidhme chun a áirithiú go ndéanfar an scaipeadh is mó is féidir eatarthu.

10.   Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla (Airteagal 10 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Maidir le haon Cheart Maoine Intleachtúla (dá ngairtear “CMI” anseo feasta) agus gach ceann acu, a chruthaíonn, a fhaigheann nó a fhorbraíonn EU-SOLARIS ERIC, dílseoidh siad do ERIC EU-SOLARIS agus beidh siad faoi úinéireacht iomlán aige. Mar sin féin, is féidir tréimhsí teoranta Sonraí Dílseánaigh a bhronnadh ar úsáideoirí.

2.

Gan dochar do na coinníollacha arna mbunú sna conarthaí a dhéantar idir EU-SOLARIS ERIC agus Comhaltaí nó Breathnóirí, gach CMI, ar CMI é a chruthóidh foireann an Chomhalta nó an Bhreathnóra nó a eascróidh as sin, a gheobhaidh sé nó a fhorbróidh sé, is leis an gComhalta nó leis an mBreathnóir sin é.

3.

Maidir le ceisteanna CMI, déanfar an caidreamh idir Comhaltaí agus Breathnóirí EU-SOLARIS ERIC a rialú le reachtaíocht náisiúnta na gComhaltaí agus na mBreathnóirí féin agus le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtithe iontu na Comhaltaí agus na Breathnóirí.

4.

Beidh forálacha na Reachtanna seo agus na rialacháin inmheánacha gan dochar do réamh-CMI atá faoi úinéireacht Comhaltaí agus Breathnóirí.

5.

Déanfaidh Comhaltaí EU-SOLARIS ERIC beartas agus rialacháin CMI EU-SOLARIS a chomhaontú agus a fhormheas, tríd an gComhthionól Ginearálta, faoi thogra ón Stiúrthóir Bainistíochta agus tar éis dul dóibh i gcomhairle le CET agus le BNN. Cinnfear leis an rialachán maidir le CMI rialacha EU-SOLARIS ERIC a bhaineann le CMI EU-SOLARIS ERIC a shainaithint, a chosaint, a bhainistiú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear rochtain ar na cearta sin.

6.

Féadfaidh BNN comhaontuithe leis na lárionaid bhonneagair náisiúnta agus leis na cuibhreannais náisiúnta a mholadh don Stiúrthóir Bainistíochta maidir le bonneagar taighde EU-SOLARIS ERIC, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na heintitis sin agus ag tríú páirtithe ar eolas eolaíoch bhonneagar taighde EU-SOLARIS ERIC.

11.   Beartas fostaíochta (Airteagal 11 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Comhlíonfaidh EU-SOLARIS ERIC prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe.

2.

Dá bhrí sin, ina bheartas maidir le pearsanra a earcú, cuirfear comhdheiseanna ar fáil le EU-SOLARIS ERIC agus ní dhéanfar idirdhealú in aghaidh daoine atá bunaithe ar inscne, cine, creidimh, idé-eolaíocht, míchumas, gnéaschlaonadh ná aon chritéar eile a mheastar a bheith idirdhealaitheach i gcomhréir le Dlí an Chomhphobail.

3.

Féadfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta modhnuithe ar rialacháin inmheánacha fostaíochta a mholadh, faoi fhormheas an Chomhthionóil Ghinearálta i gcónaí.

12.   Beartas um sholáthar (Airteagal 12 de Reachtanna EU-SOLARIS ERIC)

1.

Ina sholáthar cuirfidh EU-SOLARIS ERIC i bhfeidhm cóir chothrom agus neamh-idirdhealaitheach i leith na dtairgeoirí, na ndaoine uile a thairgeann earraí agus na ndaoine a sholáthraíonn seirbhísí. Comhlíonfaidh beartas EU-SOLARIS ERIC um sholáthar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta.

2.

Bunóidh an Stiúrthóir Bainistíochta rialacháin agus critéir inmheánacha mhionsonraithe chun trédhearcacht, comhionannas agus neamh-idirdhealú a áirithiú agus conarthaí á mbronnadh. Ní mór na rialacha sin a bheith formheasta ag an gComhthionól Ginearálta.

3.

Beidh an Stiúrthóir Bainistíochta freagrach as gach soláthar EU-SOLARIS ERIC. Chuige sin, comhlíonfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta na rialacháin soláthair náisiúnta agus Eorpacha is infheidhme ag an am. Ba cheart na tairiscintí go léir a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin EU-SOLARIS ERIC. Ba cheart an cinneadh maidir le conradh a bhronnadh a fhoilsiú agus ba cheart bonn cirt iomlán a bheith leis.

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/85


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2298 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Samhain 2022

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh própaconasól san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh é a bheith formheasta go dtí an 31 Márta 2020 faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 1 Deireadh Fómhair 2018, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (“an t-iarratas”).

(3)

An 8 Feabhra 2019, chuir údarás inniúil meastóireachta na Fionlainne in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Márta 2021 dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 ionas go mbeidh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(5)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/354 ón gCoimisiún (4), cuireadh ar atráth arís, go dtí an 31 Nollaig 2022, dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8.

(6)

An 2 Meitheamh 2021, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”). Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, déanfaidh sí tuairim maidir le hathnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

An 9 Márta 2022, ghlac an Ghníomhaireacht a tuairim (5) maidir le hathnuachan ar fhormheas própaconasóil i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(8)

Ós rud é go bhfuil própaconasól aicmithe mar shubstaint thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 1B i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), comhlíonann sé na critéir eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Thairis sin, meastar go bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag própaconasól a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar an duine, agus dá bhrí sin go gcomhlíonann sé an critéar eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Cé go bhfuil obair leanúnach á déanamh ar an scrúdú chun cinneadh a dhéanamh an gcomhlíontar ar a laghad coinníoll amháin den chéad fhomhír d’Airteagal 5(2) den Rialachán sin, agus an bhféadfaí an formheas maidir le própaconasól a athnuachan dá bhrí sin, ní fhéadfar an scrúdú seo a thabhairt chun críche roimh dhul in éag don fhormheas reatha.

(9)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, an formheas maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, is dócha go rachaidh sé in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir nós imeachta iomlán scrúdú an iarratais a thabhairt chun críche. Agus á chur san áireamh an t-am is gá chun measúnú a dhéanamh an bhfuil ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha atá sa chéad fhomhír d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 á chomhlíonadh, agus an t-am chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh athnuachan a dhéanamh ar fhormheas própaconasóil lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023.

(10)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth, leanfaidh própaconasól de bheith formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/354, cuirfear ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, Lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, Lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 8, 14.1.2020, Lch. 39).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/354 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 219).

(5)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: própaconasól, Cineál táirge: 8, ECHA/BPC/324/2022, a glacadh an 9 Márta 2022.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).


Ceartúcháin

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/87


Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2022/1994 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste um Thásca Geografacha arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 273 an 21 Deireadh Fómhair 2022 )

Ar leathanach 20, ba cheart go léifear Cinneadh (AE) 2022/1994 ón gComhairle:

CINNEADH (AE) 2022/1994 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Deireadh Fómhair 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste um Thásca Geografacha arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinnidh (AE) 2018/104 (2) ón gComhairle, cuireadh i bhfeidhm ar bhonn sealadach é ón 1 Meitheamh 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021.

(2)

De bhun Airteagal 240(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Fochoiste um Thásca Geografacha (“an Fochoiste”) a rialacha nós imeachta féin a chinneadh.

(3)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste a bhunú a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta, ós rud é go mbeidh na rialacha sin ina gceangal ar an Aontas.

(4)

Chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Fhochoiste a ghlacadh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais san Fhochoiste a bheith bunaithe ar dréachtchinneadh ón bhFochoiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le seasamh an Aontais san Fhochoiste um Thásca Geografacha a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón bhFochoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES

DRÉACHT

CINNEADH UIMH. ... Ó FHOCHOISTE UM THÁSCA GEOGRAFACHA AE-AN AIRMÉIN

an ...

lena ndéantar a rialacha nós imeachta a ghlacadh

FOCHOISTE UM THÁSCA GEOGRAFACHA AE-AN AIRMÉIN,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (3) (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 240 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 240 den Chomhaontú, tá an Fochoiste um Thásca Geografacha le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe i réimse na dtásc geografach agus feidhmeoidh sé mar bhealach chun dlús a chur leis an gcomhoibriú agus leis an idirphlé maidir le tásca geografacha.

(2)

De bhun Airteagal 240(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Fochoiste um Thásca Geografacha cinntí a ghlacadh.

(3)

De bhun Airteagal 240(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Fochoiste um Thásca Geografacha a rialacha nós imeachta féin a chinneadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thásca Geografacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Fochoiste um thásca geografacha

An Cathaoirleach

IARSCRÍBHINN

Rialacha nós imeachta Fhochoiste um Thásca Geografacha AE- an Airméin

Airteagal 1

Forálacha Ginearálta

1.   An Fochoiste um Thásca Geografacha (‘An Fochoiste’), arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 240 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), tabharfaidh sé cúnamh don Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála, arna bhunú le hAirteagal 363(7) den Chomhaontú, le linn dó a fheidhmeanna a fheidhmiú.

2.   Déanfaidh an Fochoiste a fheidhmeanna a fheidhmiú de réir mar a leagtar amach in Airteagal 240 den Chomhaontú.

3.   Beidh an Fochoiste comhdhéanta d’ionadaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus Phoblacht na hAirméine, atá freagrach as ábhair a bhaineann le tásca geografacha.

4.   Chun críche na rialacha nós imeachta seo déanfar 'na Páirtithe' a shainiú de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 382 den Chomhaontú.

5.   Déanfaidh gach ceann de na Páirtithe Ceann Toscaireachta a cheapadh agus is é a bheidh ina theagmhálaí le haghaidh na n-ábhar uile a bhaineann leis an bhFochoiste.

6.   Feidhmeoidh na Cinn Toscaireachta mar Chathaoirleach ar an bhFochoiste i gcomhréir le hAirteagal 2.

7.   Féadfaidh gach Ceann Toscaireachta feidhmeanna uile an Chinn Toscaireachta nó aon cheann díobh a tharmligean do leascheann toscaireachta ainmnithe, agus sa chás sin beidh feidhm chomhionann ag gach tagairt a dhéantar anseo feasta don Cheann Toscaireachta maidir leis an leascheann toscaireachta ainmnithe. Tabharfaidh an Ceann Toscaireachta fógra do Rúnaíocht an Fhochoiste maidir le ainmniúchán den sórt sin.

Airteagal 2

An Chathaoirleacht

Beidh cathaoirleacht an Fhochoiste ag na Páirtithe ar bhonn idirmhalartach ar feadh tréimhse 12 mhí. Tosóidh an chéad tréimhse ar dháta chéad chruinniú na Comhairle Comhpháirtíochta agus tiocfaidh deireadh leis an 31 Nollaig an bhliain sin.

Airteagal 3

Cruinnithe

1.   Tiocfaidh an Fochoiste le chéile uair sa bhliain, mura gcinneann an Cathaoirleach a mhalairt, nó ar a iarraidh don dá pháirtí, ar bhonn idirmhalartach san Aontas agus i bPoblacht na hAirméine, ag am agus i láthair agus ar bhealach, ar físchomhdháil a d’fhéadfadh a bheith ann, a chomhaontaíonn an dá Pháirtí, ach tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an iarraidh a fháil.

2.   Is é an Cathaoirleach a thionólfaidh gach cruinniú den Fhochoiste. Is é Rúnaí an Fhochoiste a chuirfidh amach an fógra maidir le tionól an chruinnithe tráth nach déanaí ná 28 lá féilire roimh hús an chruinnithe, mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt.

3.   Nuair is féidir, déanfar cruinniú rialta an Fhochoiste a thionól in am trátha roimh chruinniú rialta an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála.

Airteagal 4

Toscaireachtaí

Roimh gach cruinniú, cuirfidh Rúnaíocht an Fhochoiste na Páirtithe ar an eolas maidir le comhdhéanamh beartaithe thoscaireacht gach Páirtí a bheidh ag freastal ar an gcruinniú.

Airteagal 5

Rúnaíocht

1.   Gníomhóidh oifigeach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus oifigeach de chuid Phoblacht na hAirméine go comhpháirteach mar Rúnaithe ar an bhFochoiste, iad arna gceapadh ag na Cinn Toscaireachta, agus feidhmeoidh siad cúraimí rúnaíochta ar bhealach comhpháirteach, i spiorad muiníne frithpháirtí agus comhair.

2.   Cuirfear Rúnaí an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála ar an eolas maidir le haon chinneadh, tuarascáil nó aon ghníomhaíocht eile arna chomhaontú ag an bhFochoiste.

Airteagal 6

Comhfhreagras

1.   Comhfhreagras a sheolfar chuig an bhFochoiste, díreofar é chuig Rúnaí ceachtar den dá Pháirtí agus cuirfidh seisean an Rúnaí eile ar an eolas ansin.

2.   Áiritheoidh Rúnaíocht an Fhochoiste go gcuirfear comhfhreagras a sheolfar chuig an bhFochoiste ar aghaidh chuig Cathaoirleach an Fhochoiste agus go scaipfear é, i gcás inarb iomchuí, mar dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.   Seolfaidh an Rúnaíocht, thar ceann an Chathaoirligh, comhfhreagras ón gCathaoirleach chuig na Páirtithe. Déanfar an comhfhreagras sin a scaipeadh, i gcás inarb iomchuí, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 7.

Airteagal 7

Doiciméid

1.   Déanfaidh Rúnaithe an Fhochoiste doiciméid a scaipeadh.

2.   Is chuig a Rúnaí a tharchuirfidh Páirtí a dhoiciméid. Tarchuirfidh an Rúnaí na doiciméid sin chuig Rúnaí an Pháirtí eile.

3.   Scaipfidh Rúnaí arna cheapadh ag an Aontas na doiciméid ar ionadaithe ábhartha an Aontais agus cuirfidh sé Rúnaí arna cheapadh ag Poblacht na hAirméine agus Rúnaithe an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht Trádála i gcóip go córasach sa chomhfhreagras sin.

4.   Scaipfidh Rúnaí arna cheapadh ag Poblacht na hAirméine na doiciméid ar ionadaithe ábhartha Phoblacht na hAirméine agus cuirfidh sé Rúnaí arna cheapadh ag an Aontas agus Rúnaithe an Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála i gcóip go córasach sa chomhfhreagras sin.

Airteagal 8

Rúndacht

Mura gcinneann na Páirtithe a mhalairt, ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Fhochoiste. I gcás ina gcuireann Páirtí faoi bhráid an Fhochoiste faisnéis a ainmnítear mar fhaisnéis rúnda, déileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda.

Airteagal 9

Clár

1.   Déanfaidh Rúnaíocht an Fhochoiste clár sealadach a tharraingt suas le haghaidh gach cruinnithe chomh maith le dréachtchonclúidí oibríochtúla dá bhforáiltear in Airteagal 10 ar bhonn na moltaí a dhéanfaidh na Páirtithe. Beidh sa chlár sealadach míreanna a bhfuil iarraidh faighte ag an Rúnaíocht ó Pháirtí i leith iad a chur ar an gclár, míreanna arna dtacú le doiciméid ábhartha, tráth nach déanaí ná 21 lá féilire roimh dháta an chruinnithe.

2.   Scaipfear an clár sealadach dá bhforáiltear in Airteagal 7, mar aon leis na doiciméid ábhartha, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thús an chruinnithe.

3.   Faoi réir Airteagal 8, déanfar clár sealadach an chruinnithe sin a phoibliú, 10 lá féilire sula mbeidh an cruinniú ann más féidir sin.

4.   Glacfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste agus an Ceann Toscaireachta eile an clár ag tús gach cruinnithe. Is féidir míreanna cé is moite de na míreanna ar an gclár sealadach a chur ar an gclár má chomhaontaíonn na Páirtithe sin.

5.   Féadfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste iarraidh ar ionadaithe ar chomhlachtaí eile de chuid na bPáirtithe nó, le comhaontú an Pháirtí eile, ar shaineolaithe neamhspleácha i réimse áirithe freastal ar na cruinnithe ar bhonn ad hoc chun faisnéis maidir le hábhair shonracha a sholáthar. Áiritheoidh na Páirtithe go n-urramóidh breathnóirí nó saineolaithe den sórt sin aon cheanglas rúndachta.

6.   Féadfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste na teorainneacha ama a shonraítear i míreanna 1 agus 2 a laghdú i gcomhairle leis na Páirtithe, chun tosca faoi leith a chur san áireamh.

Airteagal 10

Miontuairiscí agus conclúidí oibríochtúla

1.   Déanfaidh Rúnaithe an Fhochoiste dréacht-mhiontuairiscí ar gach cruinniú a tharraingt suas go comhpháirteach.

2.   Beidh na nithe seo a leanas sna miontuairiscí i leith gach míre ar an gclár mar riail ghinearálta:

(a)

liosta de na rannpháirtithe sa chruinniú, liosta de na hoifigigh a bhí ag gabháil leo agus liosta de na breathnóirí nó saineolaithe a d’fhreastail ar an gcruinniú más rud é go raibh siad ann;

(b)

an doiciméadacht a cuireadh faoi bhráid an Fhochoiste;

(c)

ráitis ar iarr an Fochoiste iad a chur sna miontuairiscí; agus

(d)

conclúidí oibríochtúla an chruinnithe, más gá, dá bhforáiltear i mír 4.

3.   Cuirfear na dréacht-mhiontuairiscí faoi bhráid an Fhochoiste lena bhformheas. Déanfar iad a fhormheas laistigh de 28 lá féilire tar éis gach cruinniú den Fhochoiste. Cuirfear cóip chuig gach duine de na seolaithe dá dtagraítear in Airteagal 7. Gan dochar d’Airteagal 8, a luaithe is féidir tar éis a fhormheas, foilseoidh na Páirtithe miontuairiscí formheasta. Beidh ag gabháil leis na miontuairiscí mar riail ghinearálta, an clár críochnaitheach agus achoimre ar an bplé faoi gach pointe sa chlár.

4.   Déanfaidh Rúnaí Fhochoiste an Pháirtí a bhfuil cathaoirleacht an Fhochoiste aige dréacht-chonclúidí oibríochtúla a tharraingt suas agus a scaipeadh ar na Páirtithe mar aon leis an gclár sealadach tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh thús an chruinnithe. Déanfar an dréacht a nuashonrú agus an cruinniú ag dul ar aghaidh sa chaoi go nglacfaidh an Fochoiste na conclúidí oibríochtúla lena léireofar na gníomhaíochtaí leantacha ag deireadh an chruinnithe, ar conclúidí iad arna gcomhaontú ag na Páirtithe mura gcomhaontaíonn na Páirtithe a mhalairt, Ach na conclúidí oibríochtúla a bheith comhaontaithe, ceanglófar de na miontuairiscí iad agus athbhreithneofar a gcur chun feidhme ag aon chruinniú den Fhochoiste ina dhiaidh sin. Chuige sin, glacfaidh an Fochoiste teimpléad lena bhféadfar gach gníomhaíocht a rianú in aghaidh sprioc-am sonrach.

Airteagal 11

Cinntí

1.   Beidh an chumhacht ag an bhFochoiste cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 240(3) den Chomhaontú. Glacfaidh an Fochoiste cinntí de chomhthoil, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 240(2) den Chomhaontú. Beidh siad ina gceangal ar na Páirtithe agus déanfaidh siad sin bearta iomchuí chun iad a chur chun feidhme.

2.   Déanfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste gach cinneadh a fhíordheimhniú.

3.   Féadfaidh an Fochoiste cinntí a dhéanamh nó tuairiscí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn tar éis do na Páirtithe a nósanna imeachta inmheánacha féin a thabhairt i gcrích, i gcás ina gcomhaontaíonn siad leis sin. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir na Rúnaithe, ag gníomhú dóibh i gcomhaontú leis na Páirtithe. Chun na críche sin, scaipfear téacs an togra de bhun Airteagal 7 laistigh de theorainn ama nach lú ná 21 lá féilire ina gcuirfear in iúl aon fhorchoimeádas nó aon leasú. Féadfaidh Cathaoirleach an Fhochoiste an teorainn ama sin a laghdú i gcomhairle leis na Páirtithe, chun tosca faoi leith a chur san áireamh. Measfar na dréachtchinntí a bheith glactha a thúisce a chuirfidh an Páirtí eile in iúl go n-aontaíonn sé leo agus déanfar a nglacadh a thaifeadadh i miontuairiscí chruinniú an Fhochoiste.

4.   Is é an teideal a bheith ar ghníomhartha an Fhochoiste ‘Cinneadh’ nó ‘Tuarascáil’ faoi seach. Tiocfaidh gach cinneadh i bhfeidhm ar dháta a ghlactha mura bhforáiltear a mhalairt ann.

5.   Scaipfear na cinntí ar na Páirtithe.

6.   Féadfaidh gach Páirtí cinneadh a dhéanamh maidir le foilsiú chinntí an Fhochoiste ina fhoilseachán oifigiúil féin.

Airteagal 12

Tuarascálacha

Tuairisceoidh an Fochoiste a ghníomhaíochtaí don Choiste Comhpháirtíochta i gcumraíocht trádála ag gach cruinniú rialta den Choiste Comhpháirtíochta.

Airteagal 13

Teangacha

1.   Is iad an Béarla agus an Airméinis teangacha oibre an Fhochoiste. Féadfaidh na Páirtithe áfach a chinneadh cruinnithe a thionól i mBéarla amháin.

2.   Mura gcinntear a mhalairt, bunóidh an Fochoiste a phléití ar an doiciméadacht a ullmhófar sna teangacha sin.

3.   Glacfaidh an Fochoiste cinntí lena mbaineann leasú nó léirmhíniú an Chomhaontaithe i dteangacha théacs barántúil an Chomhaontaithe. Cé is moite de sin glacfar cinntí uile an Fhochoiste sna teangacha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 14

Speansais

1.   Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Fhochoiste maidir le speansais foirne, taistil agus chothaithe agus maidir le caiteachas postais agus teileachumarsáide.

2.   Is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le cruinnithe a eagrú agus doiciméid a atáirgeadh.

3.   Is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a sheasfaidh an caiteachas i ndáil le hateangaireacht ar cruinnithe agus aistriú doiciméad go Béarla agus go hAirméinis dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

Airteagal 15

Leasuithe ar rialacha nós imeachta

Is féidir na rialacha nós imeachta seo a leasú le cinneadh ón bhFochoiste i gcomhréir le hAirteagal 240(2) den Chomhaontú.


(1)  IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lch. 1).

(3)  IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/94


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1439 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le substaintí gníomhacha agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le miocrorgánaigh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 227 an 1 Meán Fómhair 2022 )

Ar leathanach 17, Iarscríbhinn II, cuirfear an Clár a leanas isteach tar éis an teidil: “CUID B SUBSTAINTÍ GNÍOMHACHA AR MIOCRORGÁNAIGH IAD

CLÁR

RÉAMHRÁ DO CHUID B

1.

Céannacht an iarratasóra, céannacht na substainte gníomhaí agus an fhaisnéis faoin monarú

1.1.

Iarratasóir

1.2.

Táirgeoir

1.3.

Céannacht, tacsanomaíocht agus fíligineacht an mhiocrorgánaigh

1.4.

Sonraíocht an oibreáin mhiocróbaigh um shrianadh lotnaidí mar a mhonaraítear é

1.4.1.

Cion na substainte gníomhaí

1.4.2.

Céannacht agus cainníochtú breiseán, miocrorgánach éillitheach ábhartha agus eisíontas ábhartha

1.4.2.1.

Céannacht agus cainníochtú breiseán

1.4.2.2.

Céannacht agus cion miocrorgánach éillitheach ábhartha

1.4.2.3.

Céannacht agus cainníochtú eisíontas ábhartha

1.4.3.

Próifíl anailíseach na mbaisceanna

1.5.

Faisnéis faoin bpróiseas monaraíochta agus faoi bhearta rialaithe don tsubstaint ghníomhach

1.5.1.

Rialú ar tháirgeacht agus ar cháilíocht

1.5.2.

Modhanna molta agus réamhchúraimí a bhaineann le láimhseáil, stóráil, iompar nó i gcás dóiteáin

1.5.3.

Nósanna imeachta maidir le scrios nó dí-éilliú

2.

Airíonna bitheolaíocha an mhiocrorgánaigh

2.1.

Tionscnamh, tarlú agus stair úsáide

2.1.1.

Tionscnamh agus foinse aonraíche

2.1.2.

Tarlú

2.1.3.

Stair úsáide

2.2.

Éiceolaíocht agus saolré an mhiocrorgánaigh

2.3.

Modh gníomhaíochta ar an spriocorgánach agus an raon óstaigh

2.4.

Ceanglais maidir le fás

2.5.

Ionfhabhtaíocht don spriocorgánach

2.6.

Gaol le pataiginí is eol a bheith ann do dhaoine agus le pataiginí d’orgánaigh nach spriocorgánaigh iad

2.7.

Cobhsaíocht ghéiniteach agus tosca a ndéanann difear di

2.8.

Faisnéis faoi mheitibilítí arb údar imní iad

2.9.

Géinte frithsheasmhachta frithmhiocrobaí a bheith ann

3.

Tuilleadh eolais

3.1.

Feidhm agus spriocorgánach

3.2.

An réimse úsáide atá beartaithe

3.3.

Barra nó táirgí cosanta nó cóireáilte

3.4.

Faisnéis faoin bhfrithsheasmhacht a d’fhéadfadh forbairt sa spriocorgánach/sna spriocorgánaigh

3.5.

Sonraí ón litríocht

4.

Modhanna anailíse

4.1.

Modhanna maidir le hanailís ar an oibreán miocróbach um shrianadh lotnaidí (MPCA) mar a mhonaraítear é

4.2.

Modhanna chun dlús an mhiocrorgánaigh a chinneadh agus iarmhair a chainníochtú

5.

Éifeachtaí ar shláinte an duine

5.1.

Sonraí míochaine

5.1.1.

Bearta teiripeacha agus garchabhrach

5.1.2.

Faireachas sláinte

5.1.3.

Faisnéis faoin íogrú agus ailléirgineacht

5.1.4.

Grinniú díreach

5.2.

Measúnú ar an ionfhabhtaíocht agus ar an bpataigineacht do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an miocrorgánach

5.3.

Staidéir ionfhabhtaíochta agus pataigineachta ar an miocrorgánach

5.3.1.

Ionfhabhtaíocht agus pataigineacht

5.3.1.1.

Ionfhabhtaíocht agus pataigineacht ó bhéal

5.3.1.2.

Ionfhabhtaíocht agus pataigineacht iontraicéach/tríd an tsrón

5.3.1.3.

Nochtadh aonair infhéitheach, inpheireatóineach nó fo-chraicneach

5.3.2.

Staidéar ar shaothrán cille

5.4.

Staidéir shonracha ionfhabhtaíochta agus pataigineachta ar an miocrorgánach

5.5.

Faisnéis agus staidéir thocsaineachta ar mheitibilítí

5.5.1.

Faisnéis faoi mheitibilítí

5.5.2.

Staidéir bhreise thocsaineachta ar mheitibilítí arb údar imní iad

6.

Iarmhair i dtáirgí, bia agus beatha chóireáilte nó ar tháirgí, bia agus beatha chóireáilte

6.1.

Meastachán ar nochtadh tomhaltóirí d’iarmhair

6.2.

Giniúint sonraí maidir le hiarmhair

7.

Láithreacht chomhshaoil an mhiocrorgánaigh, lena n-áirítear cinniúint agus iompraíocht na meitibilítí arb údar imní iad

7.1.

Láithreacht an mhiocrorgánaigh sa chomhshaol

7.1.1.

Dlús comhshaoil réamhthuartha an mhiocrorgánaigh

7.1.1.1.

Ithir

7.1.1.2.

Uisce

7.1.2.

Nochtadh do mhiocrorgánaigh arb eol iad a bheith pataigineach do phlandaí nó d’orgánaigh eile

7.1.3.

Measúnú nochta cáilíochtúil ar an miocrorgánach

7.1.4.

Sonraí nochta turgnamhacha maidir leis an miocrorgánach

7.2.

Cinniúint agus iompraíocht na meitibilíte arb údar imní í/na meitibilítí arb údar imní iad

7.2.1.

Tiúchan chomhshaoil réamhthuartha

7.2.2.

Measúnú nochta cáilíochtúil

7.2.3.

Sonraí nochta turgnamhacha

8.

Staidéir éiceathocsaineolaíocha

8.1.

Éifeachtaí ar veirteabraigh talún

8.2.

Éifeachtaí ar orgánaigh uisceacha

8.2.1.

Éifeachtaí ar éisc

8.2.2.

Éifeachtaí ar inveirteabraigh uisceacha

8.2.3.

Éifeachtaí ar algaí

8.2.4.

Éifeachtaí ar mhacraifítí uisceacha

8.3.

Éifeachtaí ar bheacha

8.4.

Éifeachtaí ar artrapóidí nach spriocartrapóidí iad seachas beacha

8.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

8.6.

Éifeachtaí ar phlandaí talún nach spriocphlandaí talún iad

8.7.

Staidéir bhreise ar an miocrorgánach

8.8.

Faisnéis agus staidéir thocsaineachta ar mheitibilítí

8.8.1.

Faisnéis faoi mheitibilítí

8.8.2.

Staidéir bhreise thocsaineachta ar mheitibilítí arb údar imní iad”

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/97


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1440 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bheidh le cur isteach maidir le táirgí cosanta plandaí agus na ceanglais shonracha sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 227 an 1 Meán Fómhair 2022 )

Ar leathanach 46, Iarscríbhinn II, cuirfear Clár na n-ábhar seo a leanas isteach i ndiaidh an teidil “CUID B — TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ A BHFUIL SUBSTAINT GHNÍOMHACH AR MIOCRORGÁNACH É IONTU”:

Clár na n-ábhar

RÉAMHRÁ DO CHUID B

1.

Céannacht an iarratasóra, céannacht an táirge cosanta plandaí agus an fhaisnéis faoin monarú

1.1.

Iarratasóir

1.2.

Táirgeoir na hullmhóide agus an mhiocrorgánaigh/na miocrorgánach

1.3.

Trádainm nó trádainm beartaithe, agus códuimhir forbartha an táirgeora don ullmhóid más iomchuí

1.4.

Faisnéis mhionsonraithe cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh na hullmhóide

1.5.

Staid fhisiceach agus cineál na hullmhóide

1.6.

Modh táirgthe na hullmhóide agus rialú cáilíochta

1.7.

Pacáistiú agus comhoiriúnacht na hullmhóide leis na hábhair phacáistithe atá beartaithe

2.

Airíonna fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla an táirge cosanta plandaí

2.1.

Cruth (dath agus boladh)

2.2.

Sophléascacht agus airíonna ocsaídithe

2.3.

Splancphointe agus tásca eile maidir le hinadhainteacht nó uath-adhaint

2.4.

Aigéadacht, alcaileacht agus más gá luach pH

2.5.

Slaodacht agus teannas dromchla

2.6.

Cobhsaíocht stórála agus seilfré

2.6.1.

Tiúchan úsáide

2.6.2.

Éifeachtaí na teochta agus an phacáistithe

2.6.3.

Tosca eile a mbíonn tionchar ar chobhsaíocht acu

2.7.

Airí teicniúla an táirge cosanta plandaí

2.7.1.

Infhliuchtacht

2.7.2.

Cúradh leanúnach

2.7.3.

Acmhainn fuaidrithe, spontáineacht easraithe agus cobhsaíocht easraithe

2.7.4.

Tástáil le criathar tirim agus le criathar fliuch

2.7.5.

Méid-dáileachán na gcáithníní (púdair indeannóide agus infhliuchta, gráinníní), cion deannaigh/mínbhrus (gráinníní), cnaí agus brioscthacht (gráinníní)

2.7.6.

Ineiblitheacht, ath-ineiblitheacht agus cobhsaíocht eibleachta

2.7.7.

Acmhainn sreafa, acmhainn doirte (acmhainn sruthlaithe) agus acmhainn púdraithe

2.8.

Comhoiriúnacht fhisiceach agus cheimiceach le táirgí cosanta plandaí eile lena n-áirítear táirgí cosanta plandaí a bhfuil a úsáid leo le húdarú

2.8.1.

Comhoiriúnacht fhisiceach

2.8.2.

Comhoiriúnacht cheimiceach

2.9.

Greamú agus dáileadh le síolta

3.

Dáta ar an iarratas

3.1.

An réimse úsáide atá beartaithe

3.2.

Modh gníomhaíochta ar an spriocorgánach

3.3.

Feidhm, spriocorgánaigh agus plandaí nó táirgí plandaí atá le cosaint agus bearta maolaithe riosca féideartha

3.4.

An ráta leata

3.5.

Cion an mhiocrorgánaigh san ábhar a úsáidtear (e.g. sa sprae caolaithe, baoití nó síol cóireáilte)

3.6.

An modh leata

3.7.

Líon agus minicíocht leataí ar an mbarr céanna, fad na cosanta agus tréimhse/tréimhsí feithimh

3.8.

Na treoracha úsáide atá beartaithe

3.9.

Eatraimh sábháilteachta agus réamhchúraimí eile chun sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint

4.

Faisnéis bhreise maidir leis an táirge cosanta plandaí

4.1.

Nósanna imeachta chun an trealamh leata a ghlanadh agus a dhí-éilliú

4.2.

Modhanna molta agus réamhchúraimí a bhaineann leis na nithe seo a leanas: láimhseáil, stóráil, iompar, dóiteán nó úsáid

4.3.

Bearta i gcás timpiste

4.4.

Nósanna imeachta chun an táirge cosanta plandaí agus a phacáistiú a scriosadh nó a dhí-éilliú

4.4.1.

Loscadh rialaithe

4.4.2.

Eile

5.

Modhanna anailíse

5.1.

Modhanna maidir le hanailís ar an ullmhóid

5.2.

Modhanna chun iarmhair a chinneadh agus a chainníochtú

6.

Sonraí éifeachtúlachta

6.1.

Réamhthástálacha

6.2.

Íosdáileog éifeachtach

6.3.

Éifeachtacht tástála

6.4.

Faisnéis faoin bhfrithsheasmhacht a d’fhéadfadh forbairt sna spriocorgánaigh

6.5.

Éifeachtaí díobhálacha ar bharra cóireáilte

6.5.1.

Fíteatocsaineacht do spriocphlandaí (lena n-áirítear saothróga éagsúla), nó do tháirgí cosanta plandaí

6.5.2.

Éifeachtaí ar tháirgeacht plandaí cóireáilte nó táirgí plandaí

6.5.3.

Éifeachtaí ar cháilíocht plandaí cóireáilte nó táirgí plandaí

6.5.4.

Éifeachtaí ar phróisis claochlaithe

6.5.5.

Tionchar ar phlandaí cóireáilte nó ar ábhar atáirgthe plandaí

6.6.

Breathnuithe ar éifeachtaí neamh-inmhianaithe nó neamhbheartaithe ar bharra i ndiaidh a chéile agus ar phlandaí eile

6.6.1.

Tionchar ar bharra i ndiaidh a chéile

6.6.2.

Tionchar ar phlandaí eile, lena n-áirítear barra cóngaracha

6.7.

Comhoiriúnacht i gcláir chosanta plandaí

7.

Éifeacht ar shláinte an duine

7.1.

Sonraí míochaine

7.2.

Measúnú ar thocsaineacht fhéideartha an táirge cosanta plandaí

7.3.

Géarthocsaineacht

7.3.1.

Géarthocsaineacht bhéil

7.3.2.

Géarthocsaineacht dheirmeach

7.3.3.

Géarthocsaineacht ionanálaithe

7.3.4.

Greannú craicinn

7.3.5.

Greannú súl

7.3.6.

Íogrú craicinn

7.4.

Faisnéis bhreise maidir le tocsaineacht

7.5.

Sonraí maidir le nochtadh

7.6.

Sonraí tocsaineolaíocha ar fáil maidir le substaintí neamhghníomhacha

7.7.

Staidéir bhreise le haghaidh meascáin de tháirgí cosanta plandaí

8.

Iarmhair i dtáirgí, bia agus beatha cóireáilte nó ar tháirgí, bia agus beatha cóireáilte

9.

Cinniúint agus iompraíocht sa chomhshaol

10.

Éifeachtaí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad

10.1.

Éifeachtaí ar veirteabraigh talún

10.2.

Éifeachtaí ar orgánaigh uisceacha

10.2.1.

Éifeachtaí ar éisc

10.2.2.

Éifeachtaí ar inveirteabraigh uisceacha

10.2.3.

Éifeachtaí ar algaí

10.2.4.

Éifeachtaí ar mhacraifítí uisceacha

10.3.

Éifeachtaí ar bheacha

10.4.

Éifeachtaí ar artrapóidí nach spriocartrapóidí iad seachas beacha

10.5.

Éifeachtaí ar mhéisea-orgánaigh agus ar mhacra-orgánaigh nach spriocorgánaigh iad san ithir

10.6.

Éifeachtaí ar phlandaí talún nach spriocphlandaí talún iad

10.7.

Staidéir bhreise maidir le tocsaineacht”

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/100


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1441 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh.546/2011 a mhéid a bhaineann le prionsabail aonfhoirmeacha sonracha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí a bhfuil miocrorgánaigh iontu

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 227 an 1 Meán Fómhair 2022 )

Ar leathanach 77, san Iarscríbhinn, cuirtear an Clár na nÁbhar seo a leanas isteach tar éis an teidil “CUID A — Prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí ceimiceacha”

Clár na nÁbhar

1.

Meastóireacht

1.1.

Éifeachtúlacht

1.2.

Easpa éifeachtaí do-ghlactha ar phlandaí nó ar tháirgí plandaí

1.3.

Tionchar ar veirteabraigh atá le rialú

1.4.

Tionchar ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe

1.4.1.

Tionchar ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe de bharr an táirge cosanta plandaí

1.4.2.

Tionchar ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe a eascraíonn ó iarmhair

1.5.

Tionchar ar an gcomhshaol

1.5.1.

Cinniúint agus dáileadh sa chomhshaol

1.5.2.

Tionchar ar speicis nach spriocspeicis iad

1.6.

Modhanna anailíse

1.7.

Airíonna fisiceacha agus ceimiceacha

2.

Cinnteoireacht

2.1.

Éifeachtúlacht

2.2.

Easpa éifeachtaí do-ghlactha ar phlandaí nó ar tháirgí plandaí

2.3.

Tionchar ar veirteabraigh atá le rialú

2.4.

Tionchar ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe

2.4.1.

Tionchar ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe de bharr an táirge cosanta plandaí

2.4.2.

Tionchar ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe a eascraíonn ó iarmhair

2.5.

Tionchar ar an gcomhshaol

2.5.1.

Cinniúint agus dáileadh sa chomhshaol

2.5.2.

Tionchar ar speicis nach spriocspeicis iad

2.6.

Modhanna anailíse

2.7.

Airíonna fisiceacha agus ceimiceacha"

Ar leathanach 95, san Iarscríbhinn, cuirtear an Clár na nÁbhar seo a leanas isteach tar éis an teidil “CUID B — Prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí a bhfuil substaint ghníomhach nach miocrorgánach é iontu

Clár na nÁbhar

Sainmhínithe

1.

Meastóireacht

1.1.

Céannacht agus faisnéis mhonaraíochta

1.1.1.

Céannacht an mhiocrorgánaigh atá sa táirge cosanta plandaí

1.1.2.

Rialú cáilíochta tháirgeadh an mhiocrorgánaigh atá sa táirge cosanta plandaí

1.1.3.

Céannacht an táirge cosanta plandaí

1.1.4.

Rialú cáilíochta an táirge cosanta plandaí

1.2.

Airíonna bitheolaíocha, fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla

1.2.1.

Airíonna bitheolaíocha an mhiocrorgánaigh atá sa táirge cosanta plandaí

1.2.2.

Airíonna fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla an táirge cosanta plandaí

1.3.

Éifeachtúlacht

1.4.

Modhanna sainaitheantais/braite agus cainníochtaithe

1.4.1.

Modhanna anailíse le haghaidh an táirge cosanta plandaí

1.4.1.1.

Modhanna anailíse le haghaidh miocrorgánach

1.4.1.2.

Modhanna anailíse le haghaidh meitibilítí arb údar imní iad, eisíontais ábhartha, breiseán, comhfhoirmleach, teorantóirí agus sineirgíoch

1.4.2.

Modhanna anailíse chun iarmhair agus dlús an mhiocrorgánaigh a chinneadh

1.4.2.1.

Dlús an mhiocrorgánaigh

1.4.2.2.

Iarmhair na meitibilítí arb údar imní iad

1.5.

Tionchar ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe

1.5.1.

Éifeachtaí ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe de bharr an táirge cosanta plandaí

1.5.2.

Éifeachtaí ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe a eascraíonn ó iarmhair meitibilítí arb údar imní iad

1.6.

Láithreacht chomhshaoil an mhiocrorgánaigh, lena n-áirítear cinniúint agus iompraíocht na meitibilítí arb údar imní iad

1.6.1.

Láithreacht chomhshaoil an mhiocrorgánaigh

1.6.2.

Cinniúint agus iompraíocht chomhshaoil na meitibilítí arb údar imní iad

1.7.

Éifeachtaí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad

1.8.

Conclúidí agus moltaí

2.

Cinnteoireacht

2.1.

Céannacht

2.2.

Airíonna bitheolaíocha agus teicniúla

2.3.

Éifeachtúlacht agus easpa éifeachtaí do-ghlactha ar phlandaí agus ar tháirgí plandaí

2.3.1.

Éifeachtacht

2.3.2.

Easpa éifeachtaí do-ghlactha ar phlandaí nó ar tháirgí plandaí

2.4.

Modhanna sainaitheantais/braite agus cainníochtaithe

2.5.

Éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe

2.5.1.

Éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe de bharr an táirge cosanta plandaí

2.5.2.

Éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe a eascraíonn ó iarmhair

2.6.

Cinniúint agus iompraíocht sa chomhshaol

2.7.

Éifeachtaí ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad"

24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/102


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 262 an 7 Deireadh Fómhair 2022 )

Ar leathanach 71, in Airteagal 4(1):

in ionad:

“i gcomhréir le míreanna 2 go 14”,

léitear:

“i gcomhréir le míreanna 2 go 13”.


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/103


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2236 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais theicniúla maidir le feithiclí a tháirgtear i sraitheanna neamhtheoranta, feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, feithiclí lán-uathoibrithe a tháirgtear i sraitheanna beaga agus feithiclí sainchuspóireacha, agus a mhéid a bhaineann leis an nuashonrú bogearraí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 296 an 16 Samhain 2022 )

I dTábla 2 in Iarscríbhinn II, colún 7, ítim líne A6 (ar leathanach 43):

in ionad:

“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362”,

léitear:

“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 ón gCoimisiún (1)

I dTábla 2 in Iarscríbhinn II, colun 7, ítim líne E5, E6, E7 and E9 (ar leathanach 57):

in ionad:

“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362”,

léitear:

“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426”.


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/104


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1299 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar na rialuithe ar bhainistíocht suímh ag ionaid trádála

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 197 an 26 Iúil 2022 )

Ar leathanach 2, in Airteagal 2(1):

in ionad:

“1.   Mar chuid dá rialuithe ar bhainistíocht suímh, ionaid trádála a thairgeann trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, socróidh siad na leibhéil chuntasachta le linn na spotmhíosa mar a shainítear in Airteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe 2022/1301 ón gCoimisiún (4) agus sna míonna eile mar a shainítear in Airteagal 2(4) de Rialachán Tarmligthe 2022/1301 le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a chuirtear ar fáil lena dtrádáil a shocraítear go fisiceach nó is féidir a shocrú go fisiceach.”,

léitear:

“1.   Mar chuid dá rialuithe ar bhainistíocht suímh, ionaid trádála a thairgeann trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, socróidh siad na leibhéil chuntasachta le linn na spotmhíosa mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (3) de Rialachán Tarmligthe 2022/1302 ón gCoimisiún (4) agus sna míonna eile mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán Tarmligthe 2022/1302 le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a chuirtear ar fáil lena dtrádáil a shocraítear go fisiceach nó is féidir a shocrú go fisiceach.”.

Ar leathanach 2, fonóta 4

in ionad:

“Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1301 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1226 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis na ceanglais fógartha STS maidir le hurrúsuithe sintéiseacha laistigh den chlár comhardaithe (IO L 197, xx.xx.2022, lch. 10).”,

léitear:

“Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1302 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm maidir le díorthaigh tráchtearraí agus nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar dhíolmhú ó theorainneacha suímh (IO L 197, 26.7.2022, lch. 52).”.


24.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 304/105


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 276 an 26 Deireadh Fómhair 2022 )

Ar leathanach 48, in Aithris 13:

in ionad:

“Tá dlúthbhaint ag forálacha an Rialacháin seo lena chéile, ós rud é go mbaineann siad ar fad le heilimintí a bheidh le cur san áireamh ar athruithe ar luach punainne deisce trádála chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh a ríomh trí úsáid a bhaint as cur chuige malartach na samhla inmheánaí.”,

léitear:

“Tá dlúthbhaint ag forálacha an Rialacháin seo lena chéile, ós rud é go mbaineann siad ar fad le heilimintí a bheidh le cur san áireamh ar athruithe ar luach punainne deisce trádála chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh trí úsáid a bhaint as cur chuige malartach na samhla inmheánaí.”.

Ar leathanach 56, in Airteagal 10(1):

in ionad:

SAima

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

IMAima

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

léitear:

SAima

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

IMAima

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”.

Ar leathanach 56, in Airteagal 10(2):

in ionad:

SA i

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna go léir a sannadh don deasc thrádála “i”;

I є NG

=

innéacsanna na ndeasc trádála uile a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg, oráiste nó bhuí i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo i measc na ndeasc sin a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

i є ima

=

innéacsanna na ndeasc trádála uile a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”,

léitear:

SA i

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna go léir a sannadh don deasc thrádála “i”;

i є NG

=

innéacsanna na ndeasc trádála uile a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg, oráiste nó bhuí i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo i measc na ndeasc sin a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

i є ima

=

innéacsanna na ndeasc trádála uile a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”.

Ar leathanach 56, in Airteagal 10(3):

in ionad:

“3.   Na hinstitiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le suíomhanna a shanntar do dheasca trádála a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg nó oráiste i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin agus na torthaí ar an gceanglas sannta brabúis agus caillteanais á dtuairisciú acu i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575.”,

léitear:

“3.   Na hinstitiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le suíomhanna a shanntar do dheasca trádála a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg nó oráiste i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin agus na torthaí ar an gceanglas sannta brabúis agus caillteanais á dtuairisciú acu i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575.”.

Ar leathanaigh 58 agus 59, in Airteagal 16:

in ionad:

“Institiúidí a ríomhann na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna a shanntar do chuid dá ndeasca trádála, ríomhfaidh siad na ceanglais cistí dílse i gcomhair a suíomhanna leabhair trádála uile agus a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí mar shuim thorthaí na bhfoirmlí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) mar a leanas:

(a)

Formula

(b)

Formula

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

IMAima

=

IMAima faoi mar a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

SAima

=

SAima faoi mar a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

Formhuirear caipitil

=

an formhuirear caipitil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo;

C U

=

na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 don phunann suíomhanna nach sanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

SAall desks

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”,

léitear:

“Institiúidí a ríomhann na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna a shanntar do chuid dá ndeasca trádála, ríomhfaidh siad na ceanglais cistí dílse i gcomhair a suíomhanna leabhair trádála uile agus a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí mar shuim thorthaí na bhfoirmlí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) mar a leanas:

(a)

Formula

(b)

Formula

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

IMAima

=

IMAima faoi mar a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

SAima

=

SAima faoi mar a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo;

Formhuirear caipitil

=

an formhuirear caipitil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo;

C U

=

na ceanglais cistí dílse arna ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 don phunann suíomhanna nach sanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

SAall desks

=

na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacal margaidh na suíomhanna leabhair trádála uile agus na suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”.