ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 300

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
21 Samhain 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2264 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, Piadina Romagnola/Piada Romagnola (TGFC)

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2265 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Κατσικάκι Λήμνου / Katsikaki Limnou (TGFC))

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2266 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Samoborska češnjovka/Samoborska češnofka (TGFC)

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2267 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Meso istarskog goveda - boškarina/Meso istrskega goveda – boškarina (STFC)

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2268 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2022 lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú onnmhaireora nua ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena bhfoirceanntar clárú na n-allmhairí

6

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/2269 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail An Nuálaíocht Fhreagrach a Chur Chun Cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil

11

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/2270 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2108 a thacaíonn le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus na modhanna lena seachadtar iad

21

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2271 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine

23

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2272 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

25

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2273 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

27

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2274 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

29

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/2275 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 mar thaca le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón (AAMVS) a bhailíochtú chun leathadh aindleathach a chosc

31

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/2276 ón gComhairle an 18 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2009 mar thaca le hiarrachtaí na hÚcráine gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin a chomhrac, i gcomhar le ESCE

42

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2277 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2022 lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan pointe 4.2.1.5.2, (b) (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8068)

43

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2278 ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2022 maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2023 (BCE/2022/40)

46

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2264 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Samhain 2022

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin, “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1174/2014 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Piadina Romagnola/Piada Romagnola” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1174/2014 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2014 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Piadina Romagnola/Piada Romagnola (TGFC)) (IO L 316, 4.11.2014, lch. 3).

(3)  IO C 278, 20.7.2022, lch. 27.


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2265 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Samhain 2022

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Κατσικάκι Λήμνου / Katsikaki Limnou” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Ghréig ar chlárú an ainm “Κατσικάκι Λήμνου / Katsikaki Limnou” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Κατσικάκι Λήμνου / Katsikaki Limnou” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Κατσικάκι Λήμνου / Katsikaki Limnou” (TGFC) cláraithe anois.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.1 Feoil úr (agus scairteach) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 281, 22.7.2022, lch. 12.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2266 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Samhain 2022

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Samoborska češnjovka/Samoborska češnofka” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Chróit ar chlárú an ainm “Samoborska češnjovka/Samoborska češnofka” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Samoborska češnjovka/Samoborska češnofka” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an t-ainm “Samoborska češnjovka/Samoborska češnofka” (TGFC) a chlárú.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) in Iarscríbhinn I sa Chonradh (spíosraí, etc.) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 278, 20.7.2022, lch. 35.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2267 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Samhain 2022

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Meso istarskog goveda - boškarina/Meso istrskega goveda – boškarina” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50, mír 2, pointe a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm “Meso istarskog goveda - boškarina/Meso istrskega goveda – boškarina”, a thíolaic an Chróit agus an tSlóivéin, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, ba cheart an t-ainm “Meso istarskog goveda - boškarina/Meso istrskega goveda – boškarina” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Meso istarskog goveda — boškarina/Meso istrskega goveda — boškarina” (STFC) cláraithe leis seo.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.1 Feoil úr (agus scairteach) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 288, 29.7.2022, lgh. 46.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2268 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Samhain 2022

lena bhfoirceanntar an t-athbhreithniú “onnmhaireora nua” ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena bhfoirceanntar clárú na n-allmhairí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 (2) (“an t-imscrúdú bunaidh”), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach 30,6 % ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”). Rinneadh roinnt imscrúduithe ó shin, lenar leathnaíodh na bearta tosaigh agus lenar leasaíodh iad.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 502/2013 (3), tar éis athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (4), leasaigh an Chomhairle na bearta. San imscrúdú sin, níor cuireadh sampláil i bhfeidhm i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín agus coinníodh an dleacht frithdhumpála uile-tíre 48,5 % ar bun, dleacht atá bunaithe ar an gcorrlach dumpála a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1095/2005 ón gComhairle (5).

(3)

Na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, is bearta frithdhumpála iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún (6), faoina ndéantar allmhairí an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeann an t-iarratasóir a chur faoi réir dleacht frithdhumpála chinntitheach 48,5 %.

2.   AN tIMSCRÚDÚ REATHA

2.1.   Iarraidh ar athbhreithniú

(4)

Fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú “onnmhaireora nua” faoi Airteagal 11(4) den “bun-Rialachán”. Chuir Zhejiang Feishen Vehicle Industry Co., Ltd. (“an t-iarratasóir”), ar táirgeoir onnmhairiúcháin rothar sa tSín é, an iarraidh isteach an 10 Meán Fómhair 2019 agus nuashonraigh sé é an 26 Samhain 2021.

(5)

Mhaígh an t-iarratasóir nach raibh sé gaolmhar le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a tháirgeann rothair agus atá faoi réir na mbeart atá i bhfeidhm. Ina theannta sin, mhaígh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé rothair chuig an Aontas ach tar éis dheireadh thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh.

2.2.   Athbhreithniú onnmhaireora nua a thionscnamh

(6)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise a bhí ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le hathbhreithnithe “onnmhaireora nua” a thionscnamh de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán. Tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí an Aontais barúil a thabhairt, thionscain an Coimisiún, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/358 ón gCoimisiún (7), an t-athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 maidir leis an iarratasóir.

2.3.   An táirge lena mbaineann

(7)

Is éard atá sa táirge faoi athbhreithniú rothair agus rothair eile (lena n-áirítear trírothaigh seachadta earraí, ach gan aonrothaigh a áireamh) nach bhfuil innealta, ar rothair iad a thagann faoi láthair faoi chóid AC 8712 00 30 agus ex 8712 00 70 (cóid TARIC 8712007091, 8712007092 agus 8712007099) agus ar de thionscnamh na Síne iad.

2.4.   Na páirtithe lena mbaineann

(8)

Chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir, do thionscal an Aontais agus d’ionadaithe ón tír is onnmhaireoir go hoifigiúil faoi thionscnamh an athbhreithnithe. Tugadh deis do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a fháil.

(9)

Ar lá an tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir an ceistneoir a líonadh isteach.

2.5.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

(10)

Chumhdaigh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”).

2.6.   Nochtadh

(11)

An 29 Iúil 2022, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara go raibh sé beartaithe aige an t-imscrúdú athbhreithniúcháin a fhoirceannadh gan corrlach dumpála aonair a chinneadh le haghaidh an iarratasóra. Tugadh an deis do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt.

(12)

Sna barúlacha a chuir an t-iarratasóir isteach an 12 Lúnasa 2022, níor aontaigh an t-iarratasóir le hanailís an Choimisiúin lenar diúltaíodh do stádas an onnmhaireora nua ar bhonn ionadaíochas dhíolacháin an iarratasóra agus mhaígh sé nach raibh bunús dlí le cinneadh den sórt sin agus nach raibh sé i gcomhréir leis na tuarascálacha ón bPainéal agus ón gComhlacht Achomhairc i Meicsiceo – Bearta frithdhumpála cinntitheacha ar mhairteoil agus rís (8).

(13)

Tugann an Coimisiún le fios go ndearna an Painéal agus an Comhlacht Achomhairc scrúdú ar na coinníollacha maidir le hiarraidh ar athbhreithniú brostaithe onnmhaireora nua a dhéanamh, mar a leagtar amach i ndlí Mheicsiceo, a ghlacadh nó a dhiúltú. Sa chás seo, ghlac an Coimisiún leis an iarraidh ón iarratasóir agus thionscain sé go díograiseach an t-athbhreithniú onnmhaireora nua ach chun ríomh iontaofa corrlaigh dumpála a dhéanamh, teastaíonn praghas onnmhairiúcháin fónta ón gCoimisiún, praghas a mheastar a léiríonn gnáthiompraíocht praghsála an táirgeora onnmhairiúcháin lena mbaineann. Mar a mhínítear in aithrisí (25) go (28) ní féidir úsáid a bhaint as an idirbheart a rinne an t-iarratasóir mar bhonn le ríomh an chorrlaigh dumpála toisc nach léiriú cruinn go leor é ar ghnáthiompraíocht praghsála onnmhairiúcháin inbhuanaithe a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn chun corrlach dumpála aonair a chinneadh a bhféadfadh feidhm a bheith aige maidir le hidirbhearta amach anseo. Diúltaítear, dá bhrí sin, don mhaíomh sin.

(14)

Thagair an t-iarratasóir d’imscrúduithe athbhreithnithe éagsúla onnmhaireoirí nua, i gcás nach ndearna na honnmhaireoirí ach idirbheart díolacháin amháin agus gur deonaíodh corrlach dumpála fabhrach dóibh mar sin féin. D’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún cleachtas comhsheasmhach a leanúint maidir leis an iarraidh sa chás reatha.

(15)

Bhain na hathbhreithnithe ar thagair an t-iarratasóir dóibh le himscrúduithe i gcás ina raibh meánráta an tsampla ar fáil go deimhin. Dá bhrí sin, ní raibh sé riachtanach na corrlaigh dhumpála aonair a chinneadh. Murab ionann agus an méid a mhaíonn an t-iarratasóir, tá modh an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar staid an onnmhaireora nua comhsheasmhach. San athbhreithniú maidir leis an aigéad tríchlóraisicianúrach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (9), ní raibh an Coimisiún in ann an praghas onnmhairiúcháin a úsáid, rud a d’fhág gur foirceannadh an t-athbhreithniú gan a bheith in ann ráta aonair a dheonú don iarratasóir.

(16)

Mhaígh an t-iarratasóir go ndearna an Coimisiún measúnú earráideach ar an bhfianaise fhíorasach i gcomhthéacs ionadaíochas na ndíolachán a chinneadh, comparáid an phraghais onnmhairiúcháin le sonraí staidrimh agus praghas athdhíola a gcustaiméirí.

(17)

Chun comparáid a dhéanamh idir an praghas onnmhairiúcháin, mhaígh an t-iarratasóir go raibh a tháirgí ceaptha mar tháirgí ardleibhéil agus gur bronnadh praghsanna deartha orthu i gcomórtais idirnáisiúnta, dá bhrí sin níl an chomparáid le staidreamh measctha a léirigh praghas níos airde ábhartha. Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir in aghaidh ábharthacht na faisnéise a chuir an t-allmhaireoir Ostarach ar fáil, inar sainíodh an t-idirbheart mar thriail, agus inar mhaígh sé gur ghnáthidirbheart seachas triail a bhí ann ó thaobh an iarratasóra de.

(18)

Tugann an Coimisiún dá aire nach raibh aon fhaisnéis in aon cheann d’argóintí an iarratasóra a chuirfeadh amhras ar an bhfaisnéis a bhreithnigh an Coimisiún ina mheasúnú ar na fíorais. Dá bhrí sin, diúltaítear dóibh.

(19)

Mar rogha air sin, mhol an t-iarratasóir faireachán a dhéanamh ar na bearta nó praghas íosta allmhairiúcháin a chinneadh.

(20)

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le ceachtar den dá iarraidh sin a chuir an t-iarratasóir isteach. Níl an faireachán ná an praghas íosta allmhairiúcháin iomchuí i gcás táirgeora onnmhairiúcháin nua. Sa sampla den fhaireachán i gcás na mbiorán agus na stáplaí (10) a thug an t-iarratasóir chun cinn, baineadh úsáid as chun faireachán a dhéanamh ar staid na n-allmhairí i gcás nach ndéanfaí bearta frithdhumpála a fhorchur. Is uirlis é sásra an phraghais íosta allmhairiúcháin chun an leibhéal dleachta i leith onnmhairí iomlána na tíre lena mbaineann a chinneadh in imeachtaí i gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí an cineál birt sin i bhfianaise imthosca sonracha an cháis. Sa chás i dtrácht, tá na bearta i bhfoirm dleachtanna ad valorem agus níl sé mar chuspóir ag athbhreithniú rannpháirtí nua athbhreithniú a dhéanamh ar chineál na mbeart.

3.   TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE

3.1.   Critéir maidir le “táirgeoir onnmhairiúcháin nua”

(21)

De bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, is iad seo a leanas na critéir atá le comhlíonadh i gcás táirgeoir onnmhairiúcháin nua:

(a)

níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar ar bunaíodh na bearta,

(b)

níl sé gaolmhar le haon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí sa tSín atá faoi réir na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm, agus

(c)

d’onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

(22)

Deimhníodh san imscrúdú nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

(23)

Léirigh an t-iarratasóir nach raibh sé gaolmhar le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm maidir leis an táirge lena mbaineann.

(24)

Maidir leis an gcritéar gur thosaigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, rinne an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas. Ní dhearna an t-iarratasóir ach idirbheart onnmhairiúcháin amháin de mhéid teoranta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfaí a mheas gur leor an t-idirbheart onnmhairiúcháin sin chun léiriú cruinn a thabhairt ar iompraíocht onnmhairiúcháin reatha an iarratasóra agus ar a iompraíocht onnmhairiúcháin amach anseo. Go sonrach, rinne an Coimisiún tuilleadh anailíse ar an sciar den chainníocht onnmhairithe le hais mhéid iomlán na táirgeachta, agus ar na praghsanna díola chuig an Aontas le hais mheánphraghsanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin eile de chuid na Síne a d’onnmhairigh méideanna suntasacha chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(25)

Rinne an t-iarratasóir díolachán amháin le hallmhaireoir Ostarach a raibh 30 rothar do leanaí i gceist leis, méid arb é 1 % dá tháirgeacht iomlán. Bhí praghas idirbheart an iarratasóra ar leibhéal CAL 73 % (11) níos airde ná meánphraghas táirgeoirí onnmhairiúcháin eile de chuid na Síne i margadh na hOstaire. Thug sé sin le fios nach ndearnadh an t-idirbheart sin faoi ghnáththéarmaí tráchtála.

(26)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an allmhaireoir chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chineál an idirbhirt agus faoin luach athdhíola.

(27)

Dheimhnigh an t-allmhaireoir Ostarach freisin nach raibh ann ach idirbheart trialach (ní gnáth-idirbheart gnó), go raibh an praghas ceannaigh ró-ard agus, dá bhrí sin, gur athdhíol sé na rothair le custaiméirí deiridh ar phraghas níos ísle ná an praghas ceannaigh.

3.2.   Conclúid

(28)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún gur i gcás an idirbhirt a chuir an t-iarratasóir isteach, nár thug sé bunús ionadaíoch leordhóthanach ná léiriú cruinn leordhóthanach ar a iompraíocht praghsála onnmhairiúcháin reatha ná ar a iompraíocht praghsála onnmhairiúcháin amach anseo, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhunús le corrlach dumpála aonair a chinneadh. Ar an mbonn sin, ba cheart imscrúdú an athbhreithnithe a fhoirceannadh.

4.   DLEACHT FRITHDHUMPÁLA A THOBHACH

(29)

I bhfianaise na dtorthaí thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur cheart an t-athbhreithniú maidir le hallmhairí rothar arna monarú ag an iarratasóir agus arna dtionscnamh sa tSín a fhoirceannadh. An dleacht is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” de bhun Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le táirgí arna monarú ag an iarratasóir. Dá bhrí sin, ba cheart scor de chlárú allmhairí an iarratasóra, agus an dleacht uile-tíre is infheidhme maidir le gach cuideachta eile (48,5 %) arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379, ba cheart an dleacht sin a thobhach ar na hallmhairí sin ó dháta thionscnamh an athbhreithnithe seo. Tá sé seo gan dochar do na féidearthachtaí atá ag na hallmhairí aisíocaíocht a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den bhun-Rialachán.

(30)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, foirceanntar an t-athbhreithniú “onnmhaireora nua” arna dtionscnamh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/358.

2.   Leis seo, aisghairtear Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/358.

3.   An dleacht frithdhumpála is infheidhme de réir Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 maidir le “gach cuideachta eile” i nDaon-Phoblacht na Síne (cód breise TARIC B999), leis seo, tá feidhm ag an dleacht sin maidir le hallmhairí na dtáirgí arna monarú ag Zhejiang Feishen Vehicle Industry Co., Ltd.

Airteagal 2

1.   Leis seo, ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí, rud arna dhéanamh de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/358.

2.   An dleacht frithdhumpála dá dtagraítear in Airteagal 1(3), leis seo, déantar í a thobhach le héifeacht ón 3 Márta 2022 ar na táirgí arna gclárú de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/358.

3.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 18 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, Lch. 21.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle an 8 Meán Fómhair 1993 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar isteach sa Chomhphobal ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht frithdhumpála shealadach (IO L 228, 9.9.1993, Lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 502/2013 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2013 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 990/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (IO L 153, 5.6.2013, Lch. 17).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, Lch. 51).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1095/2005 ón gComhairle an 12 Iúil 2005 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Vítneam, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1524/2000 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 183, 14.7.2005, Lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí rothar a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca, ón Túinéis, ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (IO L 225, 29.8.2019, Lch. 1).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/358 ón gCoimisiún an 2 Márta 2022 lena dtionscnaítear athbhreithniú “onnmhaireora nua” i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le táirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe (IO L 68, 3.3.2022, Lch. 9).

(8)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, Meicsiceo – Bearta Frithdhumpála ar Rís, mír 323

(9)  IO L 115, 13.4.2022, Lch. 66.

(10)  IO L 269, 17.8.2020, Lch. 40.

(11)  Comparáid idir an praghas ar dhíol an chuideachta san Aontas agus an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín i margadh sonrach an Aontais sa tréimhse chéanna. Rinneadh an chomparáid sin ar leibhéal CAL, i.e. an praghas a bhí ar na rothair ag teorainn an Aontais. I bhfianaise na dleachta frithdhumpála 48,5 %, bhí an praghas 99 % níos airde.


CINNTÍ

21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/11


CINNEADH (CBES) 2022/2269 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

maidir le tacaíocht ón Aontas do chur chun feidhme tionscadail “An Nuálaíocht Fhreagrach a Chur Chun Cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil”

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa “Straitéis Dhomhanda do Bheartas Eachtrach Agus Slándála an Aontais Eorpaigh” don bhliain 2016, cuirtear i dtábhacht go gcuirfidh an tAontas dlús lena rannchuidiú leis an tslándáil chomhchoiteann.

(2)

I Straitéis 2018 an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón, dar teideal “Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint”, tugadh faoi deara go mbainfidh an tAontas úsáid as ionstraimí ábhartha chun tacú le taighde agus forbairt i réimse na teicneolaíochta iontaofa agus cost-éifeachtúla chun mionairm agus armáin éadroma agus a n-armlón a dhaingniú agus chun na rioscaí a bhaineann le hatreorú a mhaolú. Thairis sin, thug an Chomhairle dá haire, sna conclúidí uaithi maidir le glacadh na Straitéise sin, an comhthéacs slándála éabhlóidithe, lena n-áirítear bagairt na sceimhlitheoireachta laistigh den Aontas agus forbairtí i ndearadh agus i dteicneolaíocht mionairm agus armáin éadroma a dhéanann difear do chumas rialtas aghaidh a thabhairt ar an mbagairt.

(3)

Tugtar faoi deara sa Teachaireacht ón gCoimisiún ó 2018 dar teideal “Intleacht Shaorga don Eoraip” gurb é an prionsabal treorach maidir le tacaíocht do thaighde a bhaineann leis an intleacht shaorga ná forbairt “intleacht shaorga freagrach”. Tugtar faoi deara inti freisin, ós rud é go bhfuil an intleacht shaorga intrádála go héasca thar theorainneacha, nach mbeidh inbhuanaithe sa réimse sin ach réitigh dhomhanda, agus go ndéanfaidh an tAontas úsáid intleachta saorga, agus teicneolaíochtaí i gcoitinne, a chur chun cinn chun dúshláin dhomhanda a réiteach, chun tacú le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(4)

Thug Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dá aire ag Cruinniú Mullaigh Domhanda 2019 “AI for Good” [an Intleacht Shaorga ar mhaithe linn], go gcaithfimid, chun tairbhe a bhaint as an intleacht shaorga agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, oibriú le chéile — rialtais, an lucht tionsclaíochta, an lucht acadúil agus an tsochaí shibhialta — chun creataí agus córais a fhorbairt lena gcumasaítear an nuálaíocht fhreagrach.

(5)

Is mian leis an Aontas rannchuidiú le forbairt “intleacht shaorga fhreagrach”, an tslándáil chomhchoiteann, agus an acmhainneacht chun tairbhe a bhaint as na deiseanna a chuireann an intleacht shaorga ar fáil chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin don tsíocháin agus don tslándáil a bhaineann leis an intleacht shaorga.

(6)

Ba cheart don Aontas tacú le cur chun feidhme an tionscadail, “An Nuálaíocht Fhreagrach a chur chun cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil”,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   D’fhonn go gcuirfear “An Straitéis Dhomhanda do Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh” a chur chun feidhme agus Straitéis an Aontais i gcoinne mionairm thine, airm thine, mionairm & armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón dar teideal “Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint” mar aon le Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Intleacht Shaorga don Eoraip” á gcur san áireamh, tacóidh an tAontas le cur chun feidhme an tionscadail, “An Nuálaíocht Fhreagrach a Chur Chun Cinn san Intleacht Shaorga ar mhaithe leis an tSíocháin agus an tSlándáil”;

2.   Beidh an cuspóir sonrach seo a leanas ag na gníomhaíochtaí tionscadail a dtacóidh an tAontas leis:

tacú le rannpháirtíocht níos mó phobal na hintleachta saorga sibhialta chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta de dheasca gníomhaithe mífhreagracha a bheith i mbun taighde agus nuálaíochta sibhialta na hintleachta saorga a atreorú agus a mhí-úsáid, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: tuiscint níos fearr a chothú ar an gcaoi ar féidir le cinntí maidir le forbairt agus scaipeadh taighde agus nuálaíocht na hintleachta saorga tionchar a imirt ar na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid, agus ina dhiaidh sin riosca nó deiseanna don tsíocháin agus don tslándáil a chothú

próisis, modhanna agus uirlisí freagracha nuálaíochta a chur chun cinn, lena bhféadfar a áirithiú go ndéanfar nuálaíochtaí sibhialta a chur i bhfeidhm go síochánta agus eolas faoin intleacht shaorga a scaipeadh go freagrach. Chuige sin, tacófar, tríd an tionscadal, le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, taighde agus rannpháirtíochta lena ndéanfar an acmhainneacht a fheabhsú laistigh de chomhphobal sibhialta domhanda na hintleachta saorga chun go gcuirfear san áireamh na rioscaí síochána agus slándála a bhaineann le gníomhaithe mífhreagracha a bheith i mbun na hintleachta saorga sibhialta a atreorú agus a mhí-úsáid agus chun aghaidh a thabhairt ar an rioscaí sin trí phróisis fhreagracha nuálaíochta; agus an nasc idir iarrachtaí maolaithe riosca san intleacht shaorga fhreagrach sa réimse sibhialta a neartú leis na hiarrachtaí atá ar siúl cheana i bpobal na dí-armála, an rialaithe arm agus an neamhleata ar leibhéal idir-rialtasach.

3.   Níl sé i gceist leis na gníomhaíochtaí agus na tionscadail dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 aon chaighdeáin, prionsabail nó rialáil nua a bhunú, ná dul isteach ar shlí eile i réimsí a thagann faoi inniúlacht na mBallstát. Ina ionad sin, tá sé i gceist iarrachtaí nuálaíochta freagraí sibhialta a fhorbairt chun go gcuirfear san áireamh rioscaí síochána agus slándála a bhaineann le gníomhaithe mífhreagracha a bheith i mbun IS sibhialta a atreorú agus a mhí-úsáid, agus oideachas a chur ar fáil maidir leis na hiarrachtaí idir-rialtasacha ábhartha atá ann cheana.

4.   Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), le tacaíocht ó Institiúid Idirnáisiúnta Stócólm um Thaighde ar an tSíocháin (SIPRI), a chuirfidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 i gcrích.

3.   Déanfaidh UNODA, le cúnamh SIPRI, a chúraimí a chomhlíonadh faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNCODA agus le SIPRI.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 1 782 285,71 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar dhea-bhainistiú an chaiteachais a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú ranníocaíochta i gcrích le UNODA. Sonrófar sa chomhaontú ranníocaíochta go bhfuil ar UNODA infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú ranníocaíochta dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú sin i gcrích.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle faoi chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha comhpháirteacha gach ráithe arna n-ullmhú ag UNODA agus SIPRI. Beidh na tuarascálacha sin ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú rannpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh an Cinneadh seo in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm murar ndéantar aon chomhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

Nuálaíocht Fhreagrach in IS a chur chun cinn ar mhaithe leis an tSíocháin agus leis an tSlándáil

1.   CÚLRA

Mar thoradh ar an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir leis an intleacht shaorga (IS), tá deiseanna nua ann chun tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil agus chun an tsíocháin agus an tslándáil a chothú, mar shampla, trí fheabhsuithe teicneolaíochta i réimsí amhail luathrabhadh coinbhleachta, agus fíorú ar rialú airm agus onnmhairí. Ar an taobh eile, leis an dul chun cinn sin, táthar in ann bealaí nua a chruthú chun teannais, coinbhleachtaí agus neamhshláine idir stáit agus laistigh díobh a ghiniúint nó a ghéarú. Tá na rioscaí a bhaineann le feidhmeanna áirithe de IS, amhail córais arm uathrialaitheach marfach, tar éis teacht chun cinn mar shaincheist mhór imní don phobal rialaithe arm. Conair riosca amháin ar cheart aird níos mó a thabhairt uirthi, agus nach leor na hiarrachtaí maidir le rialú arm agus na hiarrachtaí taidhleoireachta atá á ndéanamh faoi láthair chun freagairt uirthi, is ea atreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht sibhialta IS arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha, lena n-áirítear gníomhaithe mailíseacha nach gníomhaithe stáit iad, amhail mí-úsáid líonraí sáraíochta giniúna chun “domhainbhrionnuithe” a chur ar fáil le haghaidh feachtais bhréagaisnéise.

Is teicneolaíocht chumasúcháin í IS a bhfuil acmhainneacht mhór maidir le húsáid ghinearálta aige. D’fhéadfadh gníomhaithe áirithe rochtain a fháil (sách éasca) ar thaighde agus nuálaíocht IS a fhorbraítear le haghaidh feidhmeanna sibhialtacha agus iad a athcheapadh le haghaidh úsáidí díobhálacha nó suaiteacha a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith acu ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. Ní feiniméin nua ná uathúla don intleacht shaorga iad atreorú agus mí-úsáid na teicneolaíochta sibhialtaí. I réimse gaolmhar na róbataice, léiríodh an méid sin le déanaí nuair a rinne Daesh/ISIS airm de ladrainn áineasa chun iad a úsáid sa tSiria. Ach i gcás IS, tá an fhadhb casta mar gheall ar an iliomad tosca: cineál doláimhsithe agus mearathraitheach algartam agus sonraí IS, rud a fhágann gur deacair aistriú/leathadh na nithe a rialú; ról ceannasach na hearnála príobháidí san éiceachóras taighde, forbartha agus nuálaíochta, lena bhfágtar go dteastaíonn léi algartaim dhílsithe a chosaint dá bharr; agus infhaighteacht dhomhanda an tsaineolais dhaonna agus na n-acmhainní ábhartha atá in ann teicneolaíochtaí IS a athchuspóiriú. Idir an dá linn, is rómhinic nach mbíonn na daoine a oibríonn ar IS san earnáil shibhialtach ar an eolas faoi na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag atreorú agus mí-úsáid a gcuid oibre ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta nó bíonn drogall orthu páirt a ghlacadh sa phlé atá á dhéanamh cheana maidir le rioscaí IS i measc pobal rialaithe arm agus pobal neamhleata.

Ní mór tacaíocht a thabhairt ionas go mbeidh pobal sibhialtach IS níos rannpháirtí chun na rioscaí síochána agus slándála a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid theicneolaíocht shibhialtach IS arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha a thuiscint agus a mhaolú. I gcás Institiúid Idirnáisiúnta Stócólm um Thaighde ar an tSíocháin (SIPRI) agus Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), d’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn a thuilleadh i bpobal sibhialtach domhanda IS. Leis an obair a rinne SIPRI agus UNODA roimhe seo léiríodh go bhféadfadh an nuálaíocht fhreagrach, mar shásra féinrialachais, uirlisí agus modhanna praiticiúla a chur ar fáil do phobal sibhialtach domhanda IS chun na rioscaí don tsíocháin agus don tslándáil a shainaithint, a mhaolú agus a chosc, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hatreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS. Le hobair SIPRI agus UNODA, sainaithníodh modheolaíochtaí agus roinnt tionscnamh leanúnach atá dírithe ar shibhialtaigh maidir le IS freagrach a d’fhéadfaí a fhorbairt chun pobal sibhialtach IS a íogrú i ndáil le saincheisteanna rialaithe agus neamhleata arm, díospóireachtaí saineolaithe agus seasaimh stáit maidir le forbairt, scaipeadh agus úsáid fhreagrach IS, chomh maith le ceachtanna atá le foghlaim ó obair freagrachta na hearnála cosanta (1). Go criticiúil, sainaithníodh rannpháirtíocht le mic léinn Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) go soiléir san obair roimhe seo, ar mic léinn iad a bhíonn fós ag déileáil le IS i bhformáid oideachais, mar chuid lárnach d’aon iarracht éifeachtach maidir le nuálaíocht fhreagrach.

2.   CUSPÓIRÍ

Is é is aidhm do na tionscadail sin tacú le pobal sibhialtach IS a bheith níos rannpháirtí chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hatreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha. Is é is aidhm dóibh é sin a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, trí thuiscint níos fearr a chruthú ar conas is féidir le cinntí maidir le taighde agus nuálaíocht IS a fhorbairt agus a scaipeadh tionchar a imirt ar na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid, agus ina dhiaidh sin riosca nó deiseanna maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a ghiniúint, agus ar an dara dul síos, trí phróisis, modhanna agus uirlisí nuálaíochta freagraí a chur chun cinn lena bhféadfar cuidiú le cur i bhfeidhm síochánta nuálaíochtaí sibhialtacha agus scaipeadh freagrach eolais IS a áirithiú. Chuige sin, tacaíonn siad le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, taighde agus rannpháirtíochta (i) a chuirfidh feabhas ar an acmhainneacht laistigh de phobal sibhialtach domhanda IS na rioscaí síochána agus slándála a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid IS sibhialtaigh arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha a áireamh agus aghaidh a thabhairt orthu trí phróisis nuálaíochta fhreagracha; agus (ii) an nasc idir iarrachtaí maolaithe riosca in IS freagrach sa réimse sibhialtach a neartú leis na hiarrachtaí atá ar siúl cheana sa phobal dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata ar leibhéal idir-rialtasach. Thar aon ní eile, níl sé i gceist acu aon chaighdeáin, aon phrionsabail ná aon rialachán nua a bhunú, ná dul isteach i réimsí a thagann faoi inniúlacht na Stát ar bhealach eile. Ina ionad sin, tá sé ar intinn acu iarrachtaí maidir le nuálaíocht shibhialtach fhreagrach a fhorbairt chun rioscaí síochána agus slándála a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid IS sibhialtaigh arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha a áireamh, agus oideachas a chur ar fáil maidir leis na hiarrachtaí idir-rialtasacha ábhartha atá á ndéanamh cheana.

Chun teagmháil a dhéanamh le pobal sibhialtach IS agus tionchar éifeachtach a imirt orthu, úsáidtear cur chuige trí bheann sna tionscadail, lena bhféachfar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

teagmháil a dhéanamh le hoideoirí - oibriú le hoideoirí roghnaithe agus le forbróirí curaclaim acadúla maidir le forbairt agus cur chun cinn ábhar oideachais is féidir a úsáid chun machnamh ar na rioscaí síochána agus slándála a eascraíonn as atreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht sibhialtach IS arna dhéanamh ag gníomhaithe neamhfhreagracha a phríomhshruthú in oiliúint chleachtóirí IS amach anseo (e.g. i gcúrsaí maidir le heitic IS agus nuálaíocht fhreagrach);

(b)

teagmháil a dhéanamh le mic léinn - mic léinn roghnaithe i réimse na Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) ó gach cearn den domhan a chur ar an eolas maidir leis an gcaoi a bhféadfaí na rioscaí síochána agus slándála a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid fhorbairt shibhialtach IS arna dhéanamh gníomhaithe mífhreagracha a shainaithint, a chosc nó a mhaolú sa phróiseas taighde agus nuálaíochta nó trí phróisis rialachais eile; agus

(c)

teagmháil a dhéanamh le tionscal IS - obair a dhéanamh le comhlachais ghairmiúla agus comhlachtaí caighdeán amhail Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonaice (IEEE) chun (i) ábhair oideachais agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta saincheaptha a scaipeadh ar ghairmithe teicniúla; (ii) tacú le húsáidí IS atá dearfach maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil; agus (iii) idirphlé agus comhroinnt faisnéise a éascú idir saineolaithe ón saol acadúil, ón earnáil phríobháideach agus ón rialtas maidir leis an gcaoi a bhféadfar maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha.

Le cur chuige den sórt sin, is féidir leis na tionscadail pobal IS a shroicheadh ar gach leibhéal, lena n-áirítear ní hamháin cleachtóirí atá ann faoi láthair ach na glúine atá le teacht freisin. Mar thoradh air sin freisin, is féidir rannpháirtíocht a bheith ann ar fud réimsí neamh-chomhtháite acadúla, tionscail agus eile, agus tacóidh sé le hinbhuanaitheacht na n-iarrachtaí a dhéanfar amach anseo trí líonraí a bhunú a thrasnaíonn na teorainneacha sin.

Féachann na tionscadail freisin le leas a bhaint as cumhacht agus taithí chomórtha SIPRI agus UNODA chun tionchar a imirt ar phobal IS ar fud an domhain, ní hamháin ar gheallsealbhóirí an Aontais. Tá SIPRI agus UNODA in áit uathúil chun teagmháil a dhéanamh le gníomhaithe IS ón Afraic, ón Áise-Aigéan Ciúin, ón Eoraip agus ó Mheiriceá Thuaidh agus ó Mheiriceá Theas agus chun an rannpháirtíocht sin a éascú. Tá taithí ag an dá eintiteas freisin ag obair h i réimsí eile eolaíochta agus teicneolaíochta a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu a bhaineann le dé-úsáid agus leathadh, lena n-áirítear biteicneolaíocht. Féachann na tionscadail freisin le leas a bhaint as na dálaí atá ann laistigh den Aontas Eorpach, amhail (a) ardphróisis ilgheallsealbhóra a bheith ann maidir le IS freagrach; (b) ardleibhéal rannpháirtíochta agus saineolais maidir le saincheisteanna dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata san Aontas; (c) éagsúlacht na nasc atá ag eagraíochtaí acadúla, taighde agus na hearnála príobháidí san Aontas le réigiúin eile, go háirithe sa Domhan Theas, a bheidh mar sprioc mhór ó thaobh rannpháirtíochta de; agus (d) éagsúlacht náisiúntachtaí na mac léinn, na n-oideoirí agus na n-innealtóirí in ollscoileanna, in institiúidí taighde agus san earnáil phríobháideach.

Beidh cuimsiú mar chroí-chomaoin chun gníomhaíochtaí na dtionscadal a chur chun feidhme. Chun tacú go héifeachtach le pobal IS, aithnítear sna tionscadail go bhfuil réimse éagsúil gníomhaithe i bpobal IS, agus aithnítear go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

tá inscne mar fhachtóir an-ábhartha. Ar an gcúis sin, déanfar inscne a phríomhshruthú i gcomhréir le straitéisí uile-chórais na Náisiún Aontaithe maidir le príomhshruthú inscne agus paireacht. Beidh rannpháirtíocht na mban i ngach gníomhaíocht faoin tionscadal riachtanach agus spreagfar í sin; agus

(b)

déanfar daoine faoi mhíchumas a chuimsiú agus déanfar freastal réasúnta ar riachtanais sna tionscadail uile. Áireofar leis sin aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go ndéanfar bearta chun dul i ngleic le hionadaíocht tuairimí agus taithí substaintí daoine faoi mhíchumas agus chun an ionadaíocht sin a éascú.

3.   TIONSCADAIL

Tá sé i gceist go mbeidh na trí thionscadal a ndéantar cur síos orthu thíos comhlántach agus ag tacú lena chéile, le gnéithe a bheidh ar siúl le linn na 36 mhí.

3.1.   Tionscadal 1 - Ábhar oideachais agus fothaithe acmhainní a tháirgeadh do phobal sibhialtach IS

3.1.1.   Cuspóir an tionscadail

Díríonn tionscadal 1 ar an eolas agus ar na modhanna a chur ar fáil ionas go mbeidh pobal sibhialtach IS in ann meastóireacht agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hatreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha. Is é is aidhm dó ábhar oideachais agus fothaithe acmhainní a tháirgeadh a chuirfidh an fhaisnéis agus na huirlisí is gá ar fáil do chleachtóirí IS ó gach réigiún, leibhéal agus earnáil (lena n-áirítear oideoirí atá dírithe ar IS, forbróirí curaclaim, mic léinn ETIM agus innealtóirí IS agus taighdeoirí sa saol acadúil agus san earnáil phríobháideach)

(a)

chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhféadfaí taighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a atreorú agus a mhí-úsáid ar bhealaí a d’fhéadfadh rioscaí a chruthú don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta agus conas is féidir le cinntí maidir le taighde agus nuálaíocht a fhorbairt agus a scaipeadh an baol a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid a mhéadú nó a laghdú;

(b)

tuiscint a fháil ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh cheana ag an bpobal dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata chun na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid an taighde agus na nuálaíochta sibhialtaí a mhaolú; agus

(c)

nuálaíocht fhreagrach a chleachtadh ar bhealach a mhaolaíonn an riosca atreoraithe agus mí-úsáide i bhforbairt agus scaipeadh taighde agus nuálaíochta.

3.1.2.   Cur síos ar an tionscadal

Cuirfidh an tionscadal seo trí shraith ar leith d’ábhair oideachais agus fothaithe acmhainní ar fáil.

(a)

Lámhleabhar (1) - Tiomsófar sa lámhleabhar eolas bunúsach agus modhanna bunúsacha do ghníomhaithe IS chun meastóireacht agus maolú a dhéanamh, sa phróiseas taighde agus nuálaíochta, ar na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid theicneolaíocht IS sibhialtaí arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha. Pléifear ansin cén fáth agus conas a d’fhéadfadh cinntí maidir le taighde agus nuálaíocht a fhorbairt agus a scaipeadh tionchar a imirt ar na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid, agus mar thoradh air sin rioscaí nó deiseanna a ghiniúint maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil. Tabharfar isteach leis freisin oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta maidir le rialú ar onnmhairiú chomh maith le cúrsaí sábháilteachta agus slándála atá á bplé san arm, agus i measc pobail dí-armála, rialaithe arm, agus neamhleata; agus cuirfidh sé i láthair próisis shamplacha agus uirlisí chun nuálaíocht fhreagrach a chleachtadh, amhail modheolaíochtaí measúnaithe tionchair teicneolaíochta agus teimpléid le haghaidh measúnú riosca.

(b)

Sraith podchraoltaí (~10) — Gníomhóidh na podchraoltaí sin mar mheán inrochtana tarraingteach do ghníomhaithe IS chun foghlaim faoin gcúis agus faoin gcaoi ar féidir le próisis fhreagracha nuálaíochta IS tacú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta trí na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha a mhaolú. Déanfar athbhreithniú sa tsraith ar théamaí tábhachtacha (e.g. patrún atreoraithe agus mí-úsáid taighde agus nuálaíochta dé-úsáide/úsáide ginearálta; dúshláin dhaonnúla, straitéiseacha agus pholaitiúla a bhaineann le mí-úsáid fhéideartha thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS; na dúshláin atá roimh na pobail dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata agus iarrachtaí maolaithe riosca á ndéanamh acu; an chaoi le nuálaíocht fhreagrach a dhéanamh trí mheasúnú riosca; comhlíonadh maidir le rialú onnmhairiúcháin; laghdú riosca trí dhearadh; foilsiú freagrach; eolas a bheith agat ar do chustaiméirí; agus taithí ar chleachtaí boird) agus beidh sí bunaithe ar agallaimh a dhéanfaidh foireann an tionscadail le hionadaithe ó na pobail ábhartha.

(c)

Sraith bhlaganna (9-10) — Forbróidh an fhoireann sraith choimeádta blaganna a bheidh dírithe ar fheasacht a ardú i leith iarracht teorainneacha a thrasnú idir an “IS freagrach” atá dírithe ar shibhialtaigh agus na pobail rialaithe arm agus neamhleata. Cuirfidh an tsraith blaganna ardán ar fáil chun léargais, smaointe agus réitigh a scaipeadh maidir le sainaithint agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid IS sibhialtach sa phróiseas taighde agus nuálaíochta. Leis an mblag, féachfar le héagsúlacht na smaointeoireachta agus na bpeirspictíochtaí atá in earnáil IS a léiriú.

Scaipfear na hábhair sin go poiblí trí shuíomhanna gréasáin na ngníomhaithe cur chun feidhme, a láithreacht ar na meáin shóisialta, agus trí chumarsáid dhíreach le heintitis acadúla ábhartha, comhlachais shibhialtacha ghairmiúla maidir le IS agus grúpaí iomchuí eile.

3.1.3.   Na torthaí lena bhfuiltear ag súil ón tionscadal

Táthar ag súil go mbunófar leis an tionscadal seo tacar nua ábhar trína bhféadfaidh cleachtóirí IS sibhialtacha a bheith íograithe maidir leis an méid a leanas a) conas a d’fhéadfaí taighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a atreorú agus a mhí-úsáid ar bhealaí a bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leo don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta, b) an chaoi a bhfuil aghaidh á tabhairt ar rioscaí den sórt sin ag an bpobal dí-armála, rialaithe arm, agus neamhleata, agus c) an chaoi a bhféadfadh cleachtóirí IS rannchuidiú a thuilleadh le maolú na rioscaí sin trí phróisis nuálaíochta fhreagracha.

Táthar ag súil go gcuirfidh sé seo le rannpháirtíocht earnáil shibhialtach IS chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hatreorú agus mí-úsáid IS sibhialtaigh; feabhas a chur ar chumas cleachtóirí teicniúla dul i ngleic le próisis ábhartha sa phobal dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata chomh maith le tacú le rannpháirtíocht pobal nua nach n-áirítear go traidisiúnta in iarrachtaí oideachais dí-armála agus neamhleata.

Meastar freisin go dtacóidh an t-ábhar le cur chun feidhme na dtionscadal eile agus go mbeidh sé mar bhonn do na gníomhaíochtaí oideachais agus fothaithe acmhainneachta i dTionscadal 2 chomh maith le gníomhaíochtaí idirphlé agus rannpháirtíochta i dTionscadal 3. Táthar ag súil go gcuirfidh na gníomhaíochtaí sin le táirgeadh agus mionchoigeartú an ábhair. Meastar go gcuideoidh cur chuige atriallach den sórt sin le haghaidh a thabhairt ar bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cur chun cinn, scaipeadh agus úsáid na n-ábhar laistigh de phobal IS, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le teanga, ábhar, comhthéacs agus infhaighteacht, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar a dtionchar ar an leibhéal domhanda, go háirithe sa Domhan Theas.

3.2.   Tionscadal 2 — Gníomhaíochtaí oideachais agus fothaithe acmhainneachta do chleachtóirí IS a bheidh ann amach anseo

3.2.1.   Cuspóir an tionscadail

Is é is cuspóir do Thionscadal 2 tacú leis an bhfadhb a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid taighde sibhialtach IS arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha a chomhtháthú in oiliúint na nglún a bheidh ann amach anseo de chleachtóirí IS. San fhadtéarma, áiritheofar leis sin go mbeidh na mic léinn Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) a mhúnlaíonn todhchaí IS ar an eolas faoi na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag atreorú agus mí-úsáid a gcuid oibre arna dhéanamh ag gníomhaithe freagracha ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta agus go mbeidh na bunuirlisí acu is gá chun riosca den sórt sin sa phróiseas taighde agus nuálaíochta a shainaithint agus a mhaolú.

Reáchtálfaidh an tionscadal seo sraith ceardlann oideachais agus fothaithe acmhainneachta le hoideoirí agus mic léinn i gcomhar le hollscoileanna agus gníomhaithe tionscail idirnáisiúnta roghnaithe. Dá bhrí sin, féachann an tionscadal le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a fhorbairt a d’fhéadfadh oideoirí agus forbróirí curaclaim acadúla a úsáid chun oiliúint a chur ar chleachtóirí IS a bheidh ann amach anseo (e.g. cúrsaí maidir le heitic IS agus nuálaíocht fhreagrach) agus breithnithe maidir leis na rioscaí a bhaineann le taighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a atreorú agus a mhí-úsáid ag gníomhaithe mífhreagracha agus iad siúd a nascadh le mórchomhthéacs na síochána agus na slándála. Trí na ceardlanna sin, féachfaidh an tionscadal freisin le líonra d’oideoirí leasmhara, forbróirí curaclaim agus mic léinn a shainaithint a thacódh le scaipeadh agus le cur chun cinn ábhar oideachais an tionscadail agus gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i bpobal oideachais IS agus i bpobal chleachtóirí IS. Leis an gcomhpháirt líonraithe sin, féachtar le hinbhuanaitheacht na dtionscadal a áirithiú thar a dtréimhse láithreach agus le naisc níos láidre a fhorbairt chun tacú le rannpháirtíocht theicniúil shibhialtach i dtreo mórspriocanna síochána, slándála, dí-armála agus rialaithe arm.

3.2.2.   Cur síos ar an tionscadal

Reáchtálfaidh an tionscadal seo sraith ceardlann oideachais agus fothaithe acmhainneachta le hoideoirí agus mic léinn ó ollscoileanna roghnaithe ó gach cearn den domhan. Is é a bheadh i gceist leo sin meascán léachtaí agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha lena dtabharfar deiseanna d’oideoirí agus do mhic léinn machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí taighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a atreorú agus a mhí-úsáid ar bhealaí a bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leo don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta agus ar an gcaoi ar féidir rioscaí den sórt sin a shainaithint, a chosc nó a mhaolú sa phróiseas taighde agus nuálaíochta, nó trí phróisis rialachais eile. Cuirfidh na gníomhaíochtaí sin leis an obair phíolótach ar scála níos lú a rinne UNODA roimhe seo, obair a bhain triail as modhanna chun dul i ngleic le mic léinn ETIM agus iad a chur ar an eolas faoina thábhachtaí atá sé tionchar níos leithne a gcuid oibre a mheas chomh maith le dul i ngleic le saineolas lasmuigh dá réimsí féin. Go nithiúil, d’aireofaí sna gníomhaíochtaí sin an méid a leanas:

(a)

ceardlanna réigiúnacha fothaithe acmhainneachta d’oideoirí agus do mhic léinn (4) — déanfaidh na ceardlanna réigiúnacha gníomhaíochtaí a sheoladh agus a chur chun cinn ar féidir le hoideoirí iad a úsáid chun cur le cumas na mac léinn ETIM i nuálaíocht fhreagrach IS agus béim ar leith á leagan ar an gcaoi ar féidir meastóireacht agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid theicneolaíocht shibhialtach IS arna dhéanamh gníomhaithe neamhfhreagracha. Eagrófar gach ceardlann le hollscoil atá bunaithe san Aontas Eorpach agus le hollscoil ardphróifíle ó réigiún domhanda eile, rud a nascfaidh i gcónaí grúpa éagsúil rannpháirtithe atá bunaithe san Aontas le grúpa éagsúil rannpháirtithe atá lonnaithe lasmuigh den Aontas. Clúdófar Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib, Meiriceá Thuaidh, an Afraic agus an Áise agus an tAigéan Ciúin sna ceardlanna ar an dóigh sin. Tabharfaidh sé seo deis do mhic léinn páirt a ghlacadh (ag leibhéil máistreachta agus dochtúireachta) ó gach cearn den domhan, lena n-áirítear ón Domhan Theas. Dhéanfaí an cheardlann go príomha i mBéarla, ach i gcás inarb indéanta, thabharfaí an deis do rannpháirtithe dul i mbun gníomhaíochtaí bunaithe ar ghrúpálacha teanga eile; agus

(b)

ceardlann idirnáisiúnta maidir le fothú acmhainneachta inbhuanaithe (1) — bainfidh na ceardlanna leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ó na ceardlanna réigiúnacha agus éascófar malartú faisnéise agus taithí idir oideoirí agus mic léinn roghnaithe sna hollscoileanna a bhfuil baint acu leis an tionscadal. Phléifí sna ceardlanna an chaoi leis na gníomhaíochtaí agus na huirlisí a forbraíodh le linn an tionscadail a bheachtú, agus an chaoi lena scaipeadh lasmuigh de ghrúpa na n-ollscoileanna rannpháirteacha. Phléifí iontu freisin conas tacú le rannpháirtíocht na mac léinn a dhéanann staidéar ar IS fhreagrach lena dtugtar aghaidh ar rioscaí atreoraithe agus mí-úsáide don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta a luaithe a rachaidh siad isteach sa lucht saothair.

Bainfear úsáid as líonraí agus láithreacht SIPRI agus UNODA san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin, san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas chun gnéithe de na gníomhaíochtaí a éascú agus chun tacú leo de réir mar is iomchuí.

3.2.3.   Na torthaí lena bhfuiltear ag súil ón tionscadal

Táthar ag súil go gcruthófar leis an tionscadal samhlacha fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta a d’fhéadfadh oideoirí agus forbróirí curaclaim acadúla a mhacasamhlú chun cleachtóirí IS a bheidh ann amach anseo a chur ar an eolas faoi na fadhbanna a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid IS sibhialtach arna dhéanamh ag gníomhaithe mífhreagracha agus conas is féidir leo na fadhbanna sin a mhaolú trí phróisis nuálaíochta fhreagracha. Tar éis dóibh na gníomhaíochtaí tionscadail a chur i gcrích, beifear ag súil go mbeidh na rannpháirtithe (oideoirí, ach mic léinn ETIM freisin) in ann uirlisí, modhanna agus coincheapa freagracha nuálaíochta a úsáid agus a chur chun cinn chun na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid i bhforbairt agus scaipeadh thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a shainaithint agus a mhaolú.

Táthar ag súil freisin go nginfeadh gníomhaíochtaí an tionscadail líonra oideoirí, forbróirí curaclaim agus mac léinn a chuirfeadh chun cinn ní hamháin gníomhaíochtaí an tionscadail laistigh de phobal oideachas IS agus de phobal gairmiúil IS (e.g. le linn comhdhálacha Chumann Faisnéise Ríomhaireachtaí IEEE) ach a bheadh ar fáil freisin chun rannchuidiú le próisis rialachais idirnáisiúnta faoi stiúir an stáit (e.g. próiseas an Choinbhinsiúin maidir le hÚsáid Gnáth-Arm Áirithe i ndáil le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gCóras Arm Uathrialach Marfach).

Léireofar luach gearrthéarmach agus fadtéarmach na ngníomhaíochtaí sin trí shuirbhéanna réamhghníomhaíochta agus iarghníomhaíochta.

3.3.   Tionscadal 3 — Forbairt, scaipeadh agus tionchar inbhuanaithe fadtéarmach na nuálaíochta freagraí in IS a éascú ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an tslándáil

3.3.1.   Cuspóir an tionscadail

Is é is cuspóir do Thionscadal 3 forbairt, scaipeadh agus tionchar inbhuanaithe fadtéarmach na nuálaíochta freagraí in IS a éascú mar mhodh chun na rioscaí don tsíocháin agus don tslándáil a mhaolú a d’fhéadfadh teacht ó atreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS. Tá sé i gceist go ndéanfaí sin trí chruinnithe comhchéime le tionscal IS, trí idirphlé il-gheallsealbhóra, trí thuarascáil phoiblí a chruthú, agus trí ghníomhaíochtaí scaipthe spriocdhírithe. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal a áirithiú go rachaidh an obair a ghintear, go háirithe na gníomhaíochtaí oideachais, fothaithe acmhainneachta agus rannpháirtíochta, i gcion ar phobal IS i gcoitinne agus go n-imreoidh sé tionchar orthu, ar gach leibhéal (idir mhic léinn agus innealtóirí agus ghairmithe eile IS) gan beann ar theorainneacha geografacha, earnála agus eile. Chun gur dóichí go mbeifear in ann tionchar leathan domhain a imirt, tá sé ríthábhachtach comhoibriú le heagraíochtaí gairmiúla sa réimse seo, amhail IEEE, agus rannpháirtíocht ilghnéitheach a chothú leis an saol acadúil, leis an tionsclaíocht agus le hearnálacha eile. Leis na hiarrachtaí sin, tabharfar an deis d’ionadaithe leasmhara ó phobail éagsúla IS úinéireacht a ghlacadh ar an bhfadhb agus a dtuairimí féin a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhféadfaí iarrachtaí maolaithe riosca a dhéanamh agus a chur chun cinn go hinbhuanaithe laistigh de phobal domhanda IS agus ar fud an phobail sin. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh luach fadtéarmach an tionscadail do stáit, d’eagraíochtaí idir-rialtasacha agus do dhreamanna eile gur féidir le cleachtóirí IS a bheith rannpháirteach le saineolaithe rialtais, agus foghlaim uathu, ar saineolaithe iad a bhíonn ag gabháil do mhaolú riosca i gcomhthéacs na dí-armála, an rialaithe arm agus an neamhleata. Tá sé ríthábhachtach freisin don inbhuanaitheacht go n-áiritheofar go ndéanfar anailís, comhdhlúthú agus scaipeadh iomchuí ar na léargais a ghintear trí na gníomhaíochtaí rannpháirtíochta.

3.3.2.   Cur síos ar an tionscadal

Is é atá sa tionscadal seo na príomhshnáitheanna seo a leanas:

(a)

idirphlé il-gheallsealbhóra maidir le “nuálaíocht fhreagrach IS ar mhaithe leis an tsíocháin agus leis an tslándáil” (suas le 9) — leis an tsraith seo de chruinnithe idirphlé fíorúla thabharfaí le chéile saineolaithe ón saol acadúil, ó lucht taighde, ón earnáil phríobháideach, agus ó lucht rialaithe arm traidisiúnta, ón Aontas agus lasmuigh de, chun plé a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

i.

treochtaí teicneolaíochta a d’fhéadfadh rioscaí maidir le hidirleathadh, atreorú agus mí-úsáid a chruthú a mbeadh tionchar acu ar an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta;

ii.

conas dul i mbun maolú riosca trí phróisis, modhanna agus meáin nuálaíochta freagraí, agus trí dheiseanna agus dúshláin maidir le hidirphlé agus comhroinnt eolais idir pobail geallsealbhóirí, lena n-áirítear iad siúd atá ag feidhmiú in earnálacha eile amhail an earnáil bhitheolaíoch agus earnáil na gceimiceán; agus

iii.

an luach, an cuspóir agus an fhormáid a d’fhéadfadh a bheith ag líonra féinchothaitheach saineolaithe agus gníomhaíochtaí idirphlé. Tiocfaidh an grúpa saineolaithe le chéile roinnt uaireanta sa bhliain agus oibreoidh sé i dtreo dhá imeacht phoiblí a eagrú don phobal i gcoitinne.

As na naoi gcruinniú fhíorúla, tá sé beartaithe go mbeidh dhá cheann ar oscailt don phobal, chun comhairliúchán níos leithne a éascú.

(b)

cruinnithe comhchéime san earnáil phríobháideach (suas le 6) — cuirfidh an tsraith seo cruinnithe comhchéime fíorúla tús le hidirphlé le gníomhaithe atá ag obair le próisis nuálaíochta freagraí IS san earnáil phríobháideach (e.g. Comhpháirtíocht maidir le IS) i ndáil le conas is féidir leo rannchuidiú le híoslaghdú na rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid theicneolaíochtaí sibhialtacha IS arna dhéanamh ag gníomhaithe neamhfhreagracha, chomh maith le féachaint ar dhreasachtaí féideartha i gcomhthéacs fhorbairt na hearnála príobháidí chun an méid sin a bhaint amach. I measc na n-ábhar beidh:

i.

ábharthacht chomhthéacs na slándála agus na dí-armála idirnáisiúnta don earnáil phríobháideach;

ii.

an timpeallacht dhlíthiúil nó na timpeallachtaí dlíthiúla ina ndéantar IS a fhorbairt, a imscaradh agus a oibriú ar fud an domhain;

iii.

conas cur le sásraí measúnaithe riosca agus le bearta eile atá mar chuid de phróisis nuálaíochta freagraí agus de chláir comhlíontachta corparáidí, nó a d’fhéadfaí sin a chomhtháthú iontu; agus

iv.

ceachtanna atá le foghlaim ó earnálacha, ó phróisis agus ó chreataí eile a bhaineann le rialú arm (e.g. an earnáil bhitheolaíoch agus earnáil na gceimiceán).

(c)

tuarascáil maidir le peirspictíochtaí phobal IS maidir le rialú arm agus maolú riosca in IS, atá dírithe ar phobail IS agus ar phobail rialaithe arm (1) — déanfar torthaí agus moltaí an tionscadail a chomhtháthú agus a chomhdhlúthú i ndoiciméad tagartha aonair atá dírithe ar phobail fhreagracha shibhialtacha IS agus ar phobail rialaithe arm araon. Dhéanfaí plé sa tuarascáil ar an gcaoi ar féidir rioscaí idirnáisiúnta síochána agus slándála a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a shainaithint, a mheas agus aghaidh a thabhairt orthu.

(d)

imeachtaí scaipthe dírithe ar chomhairliúchán agus ar rannpháirtíocht le pobail IS agus le pobail rialaithe arm (le cinneadh) — lorgóidh an fhoireann deiseanna chun an obair agus a torthaí agus a moltaí a chur in iúl i rith an tionscadail ar fad. Chuirfí formáid na n-imeachtaí agus ábhar na gcur i láthair in oiriúint do riachtanais na spriocghrúpaí. Féadfar a áireamh orthu sin cruinnithe CONOP, Tionól na Comhghuaillíochta Eorpaí um an Intleacht Shaorga; an Grúpa Saineolaithe Rialtais um theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gcóras arm uathrialaitheach marfach; an Mheitheal Idirinstitiúideach um IS (IAWG-AI); tionscnamh AI for Good an Aοntais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta (ITU); Idirphlé Nuálaíochta Bliantúil UNIDIR; agus Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonacha. Dhéanfadh an fhoireann iarracht freisin a bheith rannpháirteach go déthaobhach le geallsealbhóirí ábhartha ó rialtais, ón saol acadúil agus ón earnáil phríobháideach.

3.3.3.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

Táthar ag súil go leagfar síos leis an tionscadal seo na fothaí d’fhorbairt inbhuanaithe, scaipeadh agus tionchar nuálaíocht fhreagrach na bpróiseas IS lena dtugtar aghaidh ar rioscaí idirleata, atreoraithe agus mí-úsáide agus ar na himpleachtaí don tsíocháin agus don tslándáil tar éis ré láithreach chinneadh na Comhairle.

Táthar ag súil go soláthrófar leis an idirphlé il-gheallsealbhóra samhail le haghaidh comhroinnt faisnéise agus comhoibriú maidir le maolú riosca ní hamháin laistigh den phobal domhanda IS ach freisin idir pobal freagrach sibhialtach IS agus na pobail dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata. D’fhéadfaí samhail den sórt sin a úsáid chun lucht déanta beartas a chur ar an eolas maidir le haon dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch tábhachtach atá ábhartha do nuálaíocht fhreagrach IS agus chun eolas a thabhairt do lucht teicneolaíochta faoin timpeallacht ina bhfuil lucht déanta beartas ag feidhmiú faoi láthair. Táthar ag súil go n-éascóidh an tionscadal caidrimh inbhuanaithe agus rannpháirtíocht idir geallsealbhóirí laistigh de na pobail éagsúla sin agus ar fud na bpobal sin. Leis na héifeachtaí ilchineálacha líonra sin, táthar ag súil go mbeifear in ann nuálaíocht fhreagrach IS ar mhaithe leis an tsíocháin agus an tslándáil a fhorbairt níos mó agus a chur chun cinn go forleathan tar éis thráthchlár an tionscadail.

Táthar ag súil go gcumasóidh idirphlé na hearnála príobháidí rannpháirtíocht níos mó agus níos doimhne d’earnáil phríobháideach IS maidir leis na rioscaí síochána agus slándála a eascraíonn as atreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a shainaithint, a chosc agus a mhaolú. Táthar ag súil go dtabharfaidh an tionscadal tuiscint agus úinéireacht níos fearr do phríomhghníomhaithe i bpróisis na hearnála príobháidí ar na fadhbanna a bhfuiltear ag iarraidh aghaidh a thabhairt orthu leis. Ina theannta sin, tá sé d’aidhm aige glacadh agus cur chun feidhme próiseas, modhanna agus meán nuálaíochta freagraí a éascú sna sásraí agus sna nósanna imeachta bainistithe riosca chorparáidigh atá ann cheana.

Meastar freisin go nginfidh an t-idirphlé il-gheallsealbhóra agus an cruinniú comhchéime san earnáil phríobháideach léargais ar roinnt saincheisteanna substaintiúla, lena n-áirítear (a) conas is féidir modhanna agus meáin nuálaíochta freagraí a bheachtú a thuilleadh agus a úsáid chun rioscaí a bhaineann le hatreorú agus mí-úsáid thaighde agus nuálaíocht shibhialtach IS a shainaithint, a chosc agus a mhaolú; (b) conas is féidir leas dearfach a bhaint as taighde agus nuálaíocht IS chun tacú le cuspóirí síochána agus slándála (e.g. iarratais ar luathrabhadh coinbhleachta agus ar chúnamh daonnúil); agus (c) conas idirphlé agus comhroinnt faisnéise níos fearr a éascú idir iarrachtaí maolaithe riosca arna ndéanamh i bpobal freagrach sibhialtach IS (i.e. tionscnaimh éagsúla faoi stiúir IEEE) agus iad siúd atá ar siúl cheana sa phobal dí-armála, rialaithe arm agus neamhleata ar leibhéal idir-rialtasach.

Leis an tuarascáil agus na gníomhaíochtaí scaipthe, déanfar anailís, comhdhlúthú agus scaipeadh ar léargais a ghintear trí Thionscadail 1, 2 agus 3, agus ar an gcaoi sin tacófar le torthaí agus moltaí ghníomhaíochtaí an tionscadail a chur chun cinn laistigh de phobal domhanda IS, agus laistigh den phobal beartais chomh maith. Táthar ag súil freisin go gcuideoidh siad le hinbhuanaitheacht an tionchair a áirithiú tar éis thráthchlár na dtionscadal.

4.   

Is é 36 mhí ré iomlán mheasta chur chun feidhme an tionscadail.


(1)  Áirítear ar na modheolaíochtaí, mar shampla, cleachtais arna moladh ag Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonaice (IEEE) chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na gcóras uathrialaitheach agus cliste ar dhea-bhail an duine (Caighdeán IEEE 7010-2020), An Liosta Measúnaithe maidir le hIntleacht Shaorga Iontaofa (ALTAI)de chuid an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil maidir le Intleachta Saorga. I measc na dtionscnamh tá: Tionscnamh domhanda IEEE maidir le heitic do chórais uathrialaitheacha agus chliste de chuid; an Chomhpháirtíocht maidir le IS; an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir le IS.


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/21


CINNEADH (CBES) 2022/2270 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2108 a thacaíonn le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus na modhanna lena seachadtar iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2108 (1) lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

Tiocfaidh deireadh le tréimhse chur chun feidhme an chomhaontaithe an 20 Nollaig 2022.

(3)

An 12 Meán Fómhair 2022, d’iarr Rúnaí Feidhmiúcháin an Choiste Idir-Mheiriceánaigh i gcoinne Sceimhlitheoireachta de chuid Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS/CICTE), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/2108, síneadh gan chostas 14 mhí a chur le tréimhse chur chun feidhme an Chinnidh sin. Leis an síneadh seo, is féidir le OAS/CICTE roinnt de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 2019/2108 a chur chun feidhme, tionscadail a raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar a gcur chun feidhme.

(4)

Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag baint le síneadh a chur le tréimhse chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/2108 go dtí an 20 Feabhra 2024.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2019/2108 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/2108:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 20 Feabhra 2024.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/2108 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 a thacaíonn le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus na modhanna lena seachadtar iad (IO L 318, 10.12.2019, lch. 123).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/23


CINNEADH (AE) 2022/2271 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2), pointe (c), agus Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, foráiltear le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú stádais a thabhairt i gcrích le Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na hAlbáine.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú stádais a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na hAlbáine.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/25


CINNEADH (AE) 2022/2272 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2), pointe (c), agus Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, foráiltear le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú stádais a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch na Boisnia agus na Heirseagaivéine.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/27


CINNEADH (AE) 2022/2273 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i Montainéagró

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2), pointe (c), agus Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, foráiltear le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú stádais a thabhairt i gcrích le Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Mhontainéagró.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú stádais a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Mhontainéagró.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/29


CINNEADH (AE) 2022/2274 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2), pointe (c), agus Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, foráiltear le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú stádais a thabhairt i gcrích le Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na Seirbia.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú stádais a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na Seirbia.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/31


CINNEADH (CBES) 2022/2275 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

mar thaca le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón (AAMVS) a bhailíochtú chun leathadh aindleathach a chosc

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (“SALW”) agus a n-armlón, dar teideal “Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint” (“Straitéis SALW an Aontais”). Is é cuspóir Straitéis SALW an Aontais gníomhaíocht Eorpach chomhtháite, chomhchoiteann agus chomhordaithe a threorú chun fáil aindleathach SALW agus a n-armlón ag sceimhlitheoirí, ag coirpigh agus ag gníomhaithe neamhúdaraithe eile, a chosc agus a shrianadh, agus chun cuntasacht agus freagracht maidir le trádáil dhlíthiúil arm a chur chun cinn.

(2)

Léirítear i Straitéis SALW an Aontais gur príomhchúis le hatreorú arm agus armlón ó na margaí dleathacha chuig na margaí aindleathacha is ea drochshlándáil stoc-charn. Geallann an tAontas agus a Bhallstáit go gcuideoidh siad le tíortha eile feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit trí na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú agus na hinstitiúidí náisiúnta a neartú a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn SALW.

(3)

Tá caighdeáin agus dea-chleachtais forbartha ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) chun mionairm agus armlón a bhainistiú, go háirithe na Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATG) agus an Choimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC), ar a dtugtaí na Caighdeáin Rialaithe Idirnáisiúnta um Mionairm (ISACS). Le Straitéis SALW an Aontais, cuirtear de cheangal ar an Aontas caighdeáin agus dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme.

(4)

An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú, glacadh doiciméad deiridh ina ndearna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú mionarm agus arm éadrom a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad le dhá oiread iarrachta a dhéanamh ar bhonn náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le bainistiú sábháilte, slán agus éifeachtach stoc-charn mionarm agus arm éadrom atá i seilbh rialtais, go háirithe i staid coinbhleachta agus iarchoinbhleachta. D’aithin na Stáit freisin cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú a neartú.

(5)

An 24 Nollaig 2021, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Rún 76/233 lena mbunaítear meitheal neamhiata chun tacar de ghealltanais pholaitiúla a ullmhú mar chreat domhanda nua lena dtabharfar aghaidh ar na bearnaí atá ann faoi láthair i mbainistiú armlóin tríd an saol. In 2022, ag “Ochtú Cruinniú Débhliantúil na Stát le féachaint ar chur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe” (“BMS8”), tugadh dá aire an mheitheal neamhiata sin.

(6)

Dearbhaítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe NA nach mór cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach.

(7)

Sa Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal “Securing our Common Future” [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach gnáth-arm agus ar thrádáil aindleathach gnáth-arm agus d’iarr sé go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le mionairm. Tá cinneadh déanta ag an Aontas tacú le Gníomhaíocht 22 an Chláir Oibre: “Stoic-chairn iomarcacha ar beag cúram a dhéantar díobh a chosaint”.

(8)

An 4 Nollaig 2017, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún 72/55 maidir le fadhbanna a eascraíonn as carnadh barrachas gnáthstoc-chairn armlóin. Leis an rún sin, tacaítear le tionscnaimh ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta a thugann léargas ar bhainistiú inbhuanaithe armlóin a fheabhsú, lena n-áirítear trí IATG a chur chun feidhme.

(9)

Cuireann Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta sa Chomhrac i gcoinne Mianach a fhorbairt, a athbhreithniú agus a chur chun cinn, agus, trína Fhoireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón (AMAT), cuireann sé le forbairt, athbhreithniú agus scaipeadh IATG. Cruthaíodh AMAT mar thoradh ar thionscnamh comhpháirteach idir GICHD agus UNODA mar fhreagairt ar an ngéarghá atá le tacaíocht do Stáit i ndáil le bainistiú sábháilte, slán agus éifeachtach armlóin, i gcomhréir le IATG.

(10)

Tá an tAontas ag féachaint an bhféadfaí córas a bhunú a aithnítear go hidirnáisiúnta chun beartas agus cleachtas arm agus armlóin a bhailíochtú ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal na n-úsáideoirí deiridh. Le Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle (1), cuireadh de chúram ar AMAT tionscadal AAMVS a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta chun leathadh aindleathach agus pléascanna tionóisceacha a chosc.

(11)

Cé go bhfuil caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta éagsúla ann maidir le bainistiú agus slándáil stoc-charn, níl aon mhodheolaíocht ann faoi láthair a aithnítear go hidirnáisiúnta chun dearbhuithe a sholáthar maidir le cumas tríú tír nó úsáideoirí deiridh “atreorú”, dá dtagraítear in Airteagal 11 den Chonradh Trádála Arm ina stoc-chairn arm agus armlón a chosc. Le modheolaíocht a aithnítear go hidirnáisiúnta chun comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta um bainistiú arm a bhailíochtú go neamhspleách, beifear in ann an tionchar a bheidh ag cúnamh an Aontais do thríú tíortha maidir le bainistiú stoc-charn arm a thomhas, agus tacóidh sé freisin leis an measúnú riosca i gcomhthéacs rialú ar onnmhairiú arm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   D’fhonn Straitéis SALW an Aontais a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo tacú le hiarrachtaí chun bainistiú slán sábháilte SALW agus armlóin a áirithiú trí fheabhas a chur ar phróisis chinnteoireachta na bpáirtithe leasmhara atá ag obair i rialú onnmhairí agus i gcomhar agus cúnamh idirnáisiúnta.

2.   De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:

(a)

AAMVS oibríochtúil a chruthú, agus

(b)

iarrachtaí eagraíochtaí réigiúnacha agus a gcuid Ballstát a spreagadh chun AAMVS dá gcuid féin a fhorbairt.

3.   Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is é Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD), agus a shainghníomhaireacht, an Fhoireann Chomhairleach um Bainistiú Armlón (AMAT), a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

3.   Déanfaidh GICHD agus AMAT a chuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le GICHD.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 1 792 690,84 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.

2.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú is gá i gcrích le GICHD. Sonrófar sa chomhaontú sin go n-áiritheoidh GICHD infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí dá méid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle ar chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte rialta arna n-ullmhú ag GICHD. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheasúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 a thacaíonn le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlóin a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte (IO L 218, 8.7.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

CÓRAS A FHORBAIRT, A AITHNÍTEAR GO hIDIRNÁISIÚNTA, LENA nDÉANTAR BAINISTIÚ ARM AGUS ARMLÓN (AAMVS) A BHAILÍOCHTÚ CHUN LEATHADH AINDLEATHACH A CHOSC

1.   Cúlra

Tá comhdhearcadh ag teacht chun cinn, laistigh den phobal um rialú arm, maidir leis an ról lárnach atá ag bainistiú éifeachtach stoc-charn chun bearta coiscthe ar atreorú rialaithe onnmhairí a neartú. Sa pháipéar oibre a ullmhaíodh don seachtú Comhdháil de Stáit is Páirtithe (CSP7) sa Chonradh Trádála Arm (ATT), d’iarr uachtaránacht CSP7 ar na Stáit is Páirtithe “gach gné de bhainistiú stoc-charn a mheas roimh údarú onnmhairiúcháin agus stóráil shábháilte agus shlán iarsheachadta.” Ina theannta sin, agus chomh maith le faisnéis a chomhroinnt maidir le gníomhaíochtaí aindleathacha (Airteagail 11 (5) agus 15(4) CTA), mhol sé “Stáit allmhairithe agus onnmhairithe chun aontú le coinníollacha agus dearbhuithe sonracha maidir le saoráidí stórála, marcáil ítimí nó rialuithe úsáideoirí deiridh, roimh onnmhairiú.” Ar deireadh, agus mar bhealach chun Airteagal 13(2) a chomhlíonadh, mhol uachtaránacht CSP7 go bhféadfadh na Stáit is Páirtithe tuarascáil a thabhairt maidir leis na bearta a rinneadh chun an tslándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn (PSSM) a neartú mar léiriú ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun atreorú a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air (1).

Is dúshlán i gcónaí é dearbhú a sholáthar, mar a thuairiscítear i nDoiciméad Oibre CSP7, a bhaineann le cleachtais bainistithe stoc-charn tríú tír. Tá an réimse teicniúil, agus caitear leis an bhfaisnéis mar fhaisnéis an-íogair. Fágann sé sin go mbíonn sé níos casta faisnéis a chomhroinnt. In go leor earnálacha — príobháideacha agus poiblí — úsáidtear measúnuithe comhréireachta chun dearbhuithe a sholáthar maidir le héifeachtúlacht, sábháilteacht agus slándáil táirgí agus seirbhísí. Le measúnuithe comhréireachta soláthraítear modhanna a aithnítear go hidirnáisiúnta lena chinneadh an gcomhlíonann an táirge nó an tseirbhís noirm agus caighdeáin a nglactar leo. Cé go bhfuil caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta éagsúla ann maidir le bainistiú agus slándáil stoc-charn, níl aon mhodheolaíocht ann faoi láthair a aithnítear go hidirnáisiúnta chun dearbhuithe a sholáthar maidir le cumas tríú tír nó úsáideoirí deiridh atreorú (Airteagal 11(1), ATT) ina stoc-chairn arm agus armlón a chosc.

Ina fhianaise sin, ó 2020 i leith, tá an tAontas Eorpach (AE) ag féachaint an bhféadfaí córas a bhunú a aithnítear go hidirnáisiúnta chun beartas agus cleachtas arm agus armlóin a bhailíochtú ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal na n-úsáideoirí deiridh. Trí Chinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle a ghlacadh agus arna leasú le Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle, chuir an tAontas de chúram ar Fhoireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) “córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón (AAMVS) a bhailíochtú chun leathadh aindleathach agus pléascthaí tionóisceacha a chosc”. Iarracht ilbhliantúil a bhí ansin, agus í comhroinnte ina céimeanna nithiúla le cuspóirí agus aschuir thiomnaithe.

Leis an gcéad chéim (CBES 2020/979), féachadh le scrúdú a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé córas bailíochtaithe de mhionairm agus d’armáin éadroma (SALW) agus de chleachtais bainistithe armlóin a chruthú a bheadh aitheanta go hidirnáisiúnta. Rinneadh measúnú ar indéantacht an chórais maidir le seacht gcinn de catagóirí: teicniúil, polaitiúil, dlíthiúil, eacnamaíoch, slándáil mhíleata, sábháilteacht agus slándáil chomhphobail, agus tráthúlacht. Fuarthas amach sa staidéar, cé nach raibh aon “bhratacha dearga” ann a chuirfeadh cosc ar fhorbairt córais den sórt sin, go mbeadh toilteanas polaitiúil na ngeallsealbhóirí páirt a ghlacadh i gcóras den sórt sin ag brath sa deireadh thiar ar an dearadh deiridh. Dá bhrí sin, ní raibh geallsealbhóirí in ann gealltanas a thabhairt go dtí go raibh na ceisteanna maidir le dearadh deiridh an chórais soiléir.

Leis an dara céim (CBES 2021/2075), féachadh le forbairt a dhéanamh ar an uirlis mheasúnaithe a bheadh mar bhunús leis an gcóras agus le roghanna oiriúnacha a shainiú do AAMVS. Cruthaíodh uirlis féinmheasúnaithe agus rinneadh iniúchadh ar roghanna féideartha do chóras bailíochtaithe. Cuireadh deireadh leis an tionscadal le cur chuige molta maidir le AAMVS oibríochtúil a fhorbairt.

Cad é AAMVS?

Faisnéis faoi staid ghinearálta na gcleachtas bainistithe arm agus armlóin chun leasa geallsealbhóirí éagsúla, idir geallsealbhóirí intíre agus eachtracha. Mar shampla, d’fhéadfadh na húdaráis rialaithe onnmhairiúcháin a measúnuithe riosca maidir le hatreorú a dhéantar roimh údarú ceadúnais onnmhairiúcháin a neartú trí fheabhas a chur ar a n-anailís ar an gcéim stórála iarsheachadta, agus ag an am céanna is féidir le comhar idirnáisiúnta agus soláthar cúnaimh díriú níos fearr ar riachtanais ón anailís ar na cumais reatha.

Tá AAMVS ceaptha chun malartú faisnéise a éascú maidir le cumas na n-úsáideoirí deiridh stoc-chairn shábháilte shlána a chothabháil. Déantar é sin trí mheasúnú a dhéanamh ar chumais struchtúir chóras bainistíochta úsáideoirí deiridh i gcoinne dea-chleachtais a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a fhaightear sna Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin agus i gCoimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC).

I gcroílár AAMVS tá na huirlisí a forbraíodh le linn chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle. Le féinmheasúnú caighdeánaithe, ceann de na príomh-aschuir a forbraíodh le linn chur chun feidhme CBES 2021/2075, soláthraítear modheolaíocht lena ndéantar anailís ar shofaisticiúlacht an chreata córais bainistíochta mar a shainmhínítear sna línte cumasúcháin cumais a leagtar amach in IATG 01:35. Tá an féinmheasúnú seo ceangailte le treoirdhoiciméad cúil a threoraíonn léirmhíniú na dtorthaí. Is féidir leis an uirlis féin feidhmiú mar uirlis malartaithe faisnéise dhéthaobhach maidir le staid ghinearálta na gcleachtas bainistithe arm agus armlóin ag fórsaí armtha.

Déantar “córas” den AAMVS nuair a úsáidtear an uirlis go coitianta ar fud eagraíochta chun tacú leis na comhriachtanais. Is príomhiarrthóirí iad eagraíochtaí atá comhdhéanta de Bhallstáit ag a bhfuil comhcheanglais rialaithe onnmhairí, rialacháin allmhairiúcháin, spriocanna fothaithe acmhainneachta nó riachtanais faireacháin maidir le hionstraimí a chur chun feidhme chun tairbhe a bhaint as córas a chruthú. I ngach cás, éascaíonn ardán coiteann malartú faisnéise a thuilleadh. D’fhéadfaí an measúnú caighdeánaithe a úsáid chun freastal ar riachtanais geallsealbhóirí éagsúla. D’fhéadfadh féinmheasúnú a bheith bailí ar feadh roinnt blianta, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí anailís atá údaraithe cheana féin a roinnt le geallsealbhóirí formheasta. D’fhéadfadh sé sin an t-ualach tuairiscithe ar an úsáideoir deiridh a laghdú, agus ag an am céanna cur le héifeachtúlacht chumas na n-oifigeach rialaithe onnmhairiúcháin rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le dálaí stórála iarsheachadta úsáideoirí deiridh allmhairithe féideartha, le linn na céime réamhúdarúcháin.

Tá roghanna éagsúla ann chun córas AAMVS a chruthú. Ligeann sé sin d’eagraíocht an córas a chur in oiriúint dá riachtanais ar leith. D’fhéadfadh eagraíochtaí áirithe leas a bhaint as córas bailíochtaithe a chruthú, inar féidir anailís chaighdeánaithe amháin a roinnt idir úsáideoirí údaraithe. Féadfaidh eagraíochtaí eile fadhbanna a aimsiú maidir le bailíochtú agus dá bhrí sin féadfaidh siad roghanna comhroinnte faisnéise nach bhfuil chomh sonrach céanna a roghnú. Beidh sé ríthábhachtach a chinneadh cé na gnéithe atá inghlactha ag gach eagraíocht i bhforbairt chórais AAMVS.

Ag cur leis na haschuir agus leis na torthaí thuasluaite, díreofar i gCéim III den tionscadal ar fhorbairt AAMVS a chur chun cinn. Glacfar cur chuige réigiúnach chun córais bailíochtaithe a fhorbairt – agus béim á leagan ar struchtúir agus sásraí eagraíochtúla réigiúnacha atá ann cheana a shainaithint agus a fhorbairt chun faisnéis a roinnt agus modheolaíochtaí agus uirlisí saincheaptha a fhorbairt chun córais náisiúnta bainistithe arm agus armlóin a bhailíochtú (lena n-áirítear trí uirlis féinmheasúnaithe a fhorbairt agus treoir chomhfhreagrach chun torthaí measúnaithe a dhéanamh agus a léirmhíniú).

2.   Cur chuige teicniúil

Forbróidh an tionscadal seo Córais Bailíochta neamhspleácha i ndáil le Bainistiú Arm agus Armlón (AAMVS) laistigh de struchtúir eagraíochtúla réigiúnacha atá ann cheana. Feidhmeoidh gach Córas go neamhspleách agus cuirfidh sé leis na huirlisí agus leis an treoir mhodheolaíoch a forbraíodh le linn chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle. Áirítear leis an uirlis modheolaíocht chaighdeánaithe féinmheasúnaithe atá saincheaptha do chomhthéacs agus do chaighdeáin an réigiúin, próiseas comhaontaithe bailíochtaithe nó scórála lenar féidir leas a bhaint as saineolas an réigiúin chun anailís a dhéanamh ar na torthaí féinmheasúnaithe, ardán comhroinnte faisnéise chun aistriú faisnéise áirithe chuig údaráis iarrthacha údaraithe a éascú, agus creat rialachais beag chun inbhuanaitheacht an chórais a chothabháil.

Tríd an tionscadal seo a chur chun feidhme, dhéanfadh an tAontas an chéad chóras réigiúnach AAMVS a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil agus a chur chun feidhme. D’fhónfadh AAMVS an Aontais mar ardán do na Ballstáit chun faisnéis maidir le cleachtais bainistithe arm agus armlóin a chomhroinnt agus a rochtain, i bhformáid chaighdeánaithe, bunaithe ar fhéinmheasúnuithe arna ndéanamh ag úsáideoirí deiridh i dtríú tíortha. Rannchuideodh an tAontas go gníomhach le gach gné den chóras a dhearadh, trí leas a bhaint as líonra saineolaithe laistigh den Aontas agus de Bhallstáit an Aontais chun comhairle a thabhairt maidir le gach réimse den dearadh. Is faoi GICHD a bheidh sé an plé leis an líonra a éascú agus an dearadh a chur chun feidhme.

Neartódh AAMVS an Aontais cumas na Meithle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (foghrúpa COARM), cumas údaráis rialaithe onnmhairiúcháin na mBallstát agus cumas na Saoráide Eorpaí Síochána (EPF) anailís a dhéanamh ar na rioscaí iarsheachadta agus ar na rioscaí pléasctha taismigh a bhaineann le córas bainistithe arm agus armlóin an úsáideora deiridh. Thacódh an fhaisnéis sin lena measúnuithe riosca maidir le hatreorú a rinneadh roimh údarú ceadúnaithe. D’fhéadfadh féinmheasúnú AAMVS tacú freisin leis an Meitheal um Neamhleathadh agus Onnmhairiú Arm (foghrúpa CONOP) agus le próisis idirnáisiúnta cúnaimh agus fothaithe acmhainneachta Bhallstáit an Aontais trí mheasúnú caighdeánaithe a chur ar fáil ar an gcaoi a gcomhlíonann an creat bainistithe arm agus armlóin na dea-chleachtais idirnáisiúnta. Thacódh sé sin le laigí agus riachtanais a shainaithint, agus ar an gcaoi sin dhéanfaí iarrachtaí fothaithe acmhainní a dhíriú ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leis na hacmhainní.

Déanfaidh an tionscadal seo foréigiúin eile a íogrú le AAMVS agus na buntáistí a bhaineann le cur chuige caighdeánaithe a fhorbairt chun faisnéis faoi chleachtais bainistithe arm agus armlóin a mheasúnú agus a chomhroinnt. Is é cuspóir na híograithe seo eagraíochtaí réigiúnacha eile a spreagadh chun córais shaincheaptha AAMVS a fhorbairt agus tacú le húsáid na huirlise féinmheasúnaithe. Cuirfidh an iarracht sin leis na hiarrachtaí for-rochtana a rinneadh le linn chur chun feidhme Chinntí (CBES) 2020/979 agus (CBES) 2021/2075 ón gComhairle. Más rud é, le linn na híograithe, go n-iarrann eagraíocht réigiúnach tacaíocht chun AAMVS a fhorbairt, d’fhéadfadh an tionscadal acmhainní a atreorú chun tacú leis an iarracht sin.

3.   Cuspóirí foriomlána

Is é príomhaidhm an tionscadail seo tacú le hiarrachtaí chun bainistiú slán sábháilte SALW agus armlóin a áirithiú trí fheabhas a chur ar phróisis chinnteoireachta na ngeallsealbhóirí atá ag obair i rialú onnmhairí agus i gcomhar agus cúnamh idirnáisiúnta.

Bainfear an sprioc sin amach trí thrédhearcacht SALW agus cleachtais bainistithe armlóin arna gcur chun feidhme ag úsáideoirí deiridh i dtríú tír a mhéadú. Agus feasacht níos fearr ar na cleachtais sin, beidh geallsealbhóirí in ann cinntí níos fearr a dhéanamh maidir le húdarú aistrithe agus tionscnaimh forbartha acmhainní.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, oibreoidh an tionscadal i dtreo dhá phríomhchuspóir:

(1)

Córas oibríochtúil AAMVS a chruthú.

(2)

Iarrachtaí na n-eagraíochtaí réigiúnacha agus a gcuid Ballstát a spreagadh chun AAMVS dá gcuid féin a fhorbairt.

4.   Cur síos ar na gníomhaíochtaí

Cuspóir 1: Córas oibríochtúil AAMVS a chruthú

Bliain 1: Creat Chóras AAMVS a chomhdhlúthú

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

 

ASCHUIR

Líonra comhairleach de chuid an Aontais a bhunú ina mbeidh geallsealbhóirí leasmhara ar féidir leo sainchomhairle a chur ar fáil maidir le treoir shubstainteach agus oibríochtúil ar ábhair a bhaineann le beartas agus gníomhaíochtaí an Aontais. Iarrfar ar na comhairleoirí sin ionchur a chur ar fáil le linn chéim forbartha AAMVS an Aontais chun a chinntiú go mbeidh an córas oiriúnach do chuspóirí an Aontais. Beidh Foireann Tionscadail GICHD freagrach as a gcomhairle a chur i bhfeidhm. Déanfar iarrachtaí chun roinnt cruinnithe pearsanta a eagrú i rith na bliana. Is é is cuspóir don líonra comhairleach a chinntiú go mbeidh geallsealbhóirí an Aontais ar thús cadhnaíochta maidir le córas a cheapadh a oirfidh dá riachtanais agus dá bpróisis oibre. Rannchuideoidh na comhairleoirí leis na gnéithe córais seo a leanas a shainiú:

dréachtbheartas d’oibríochtaí AAMVS agus maoirseacht agus cothabháil córais,

athbhreithniú a dhéanamh ar uirlisí féinmheasúnaithe maidir le hoiriúnacht agus cuibhiúlacht do riachtanais,

na heintitis iomchuí a chinneadh chun bailíochtú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme AAMVS,

an cineál comhroinnte faisnéise atá le ceadú ar an ardán leictreonach agus go déthaobhach a chinneadh.

 

Cur chun feidhme uirlisí Aontais atá curtha in oiriúint do chritéir an Aontais agus arna mbailíochtú ag an Aontas.

Doiciméad réime le haghaidh chóras AAMVS an Aontais, mar aon le straitéis forbartha, a dhréachtú.

An anailís féinmheasúnaithe agus bailíochtaithe a bhailíochtú. Ní mór do shaineolaithe teicniúla an Aontais na huirlisí féinmheasúnaithe cineálacha a forbraíodh agus Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle á chur chun feidhme a athbhreithniú, a shaincheapadh agus a bhailíochtú chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach do riachtanais gheallsealbhóirí an Aontais.

Bailíochtú teicniúil a dhéanamh ar na huirlisí féinmheasúnaithe arna bhformheas ag na saineolaithe téamacha (bainistiú arm agus armlóin agus rialú onnmhairithe).

Measúnú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le dearadh gréasáin chun an t-ardán comhroinnte faisnéise a chruthú. Bunaithe ar na moltaí ó chomhairleoirí an Aontais, cinnfear leis an measúnú na ceanglais ríomhchláraithe chun an t-ardán gréasáin inmhianaithe a chruthú.

 

Nótaí agus comhfhreagras a tógadh ó chumarsáid le líonra comhairleach an Aontais a bheith ann.

Plean forbartha ardán gréasáin lena n-áirítear dearadh, forbairt, tástáil agus bailchríoch a bhunú.

Bliain 2: Tástáil a dhéanamh ar uirlisí agus ar chórais

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

 

ASCHUIR

Uirlisí féinmheasúnaithe a thástáil i dtríú tíortha. Beidh trí ghné ag roinnt leis na trialacha:

tacú le tríú tíortha agus le haon ghníomhaithe (bróicéirí, etc.) a bhfuil baint acu lena n-iarrachtaí féinmheasúnú sásúil a dhéanamh,

Measúnú a dhéanamh ar na dúshláin cur chun feidhme a bhíonn le sárú ag na gníomhaithe uile lena mbaineann i dtabhairt chun críche an mheasúnaithe agus ar na hábhair imní atá acu maidir le comhroinnt faisnéise,

tuarascáil mheasúnaithe a dhréachtú ina leagtar béim ar na dúshláin agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh.

 

Tuarascáil mheasúnachta ar an triail féinmheasúnaithe.

an t-ardán gréasáin a dhearadh, a thástáil agus a bhailíochtú de réir na sonraíochtaí a leagann líonra comhairleach an Aontais Eorpaigh amach.

 

Ábhair oiliúna ar leithligh chun féinmheasúnú agus bailíochtú a dhéanamh.

Ábhair oiliúna agus nósanna imeachta oibriúcháin a dhréachtú chun tacú le hiarrachtaí an féinmheasúnú a thabhairt chun críche, chun an próiseas bailíochtaithe a chaighdeánú agus chun meicníocht mhaoirseachta an chórais a threorú.

 

Beartais agus nósanna imeachta oibriúcháin a dhréachtú maidir le bailíochtú a sheoladh agus maidir le meicníocht mhaoirseachta an chórais.

Dréachtdoiciméid bheartais maidir le AAMVS a oibriú agus maoirseacht a dhéanamh orthu.

 

Ardán gréasáin chun faisnéis AAMVS a chomhroinnt.

Líonra comhairleach an Aontais a thabhairt cothrom le dáta maidir le stádas an chur chun feidhme agus dúshláin agus ceisteanna a thagann chun cinn a phlé.

 

Nótaí do chomhairleoirí AE.

Cuspóir 2: Eagraíochtaí eile a spreagadh chun a AAMVS réigiúnach féin a fhorbairt.

Bliain 1: AAMVS a chur i láthair dhá eagraíocht réigiúnacha; leanúint d’iniúchadh a dhéanamh ar naisc le hionstraimí idirnáisiúnta

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

 

ASCHUIR

For-rochtain a dhéanamh le dhá eagraíocht réigiúnacha agus lena mBallstáit chun coincheap réigiúnach AAMVS a chur chun cinn.

Beidh suas le trí chuairt ar an réigiún i gceist leis sin. Úsáidfear an chéad chruinniú leis an eagraíocht réigiúnach chun forbairt AAMVS réigiúnach a spreagadh agus, más gá, chun tús a chur le pleanáil na gcéad chéimeanna eile. D’fhreastalódh Ballstáit uile an Aontais ar an dara cruinniú agus bhainfí leas as chun an córas agus na tairbhí a chur i láthair. Meastar go ndéanfar cruthú AAMVS réigiúnach a spreagadh agus a phleanáil tuilleadh le cruinnithe leantacha.

 

Eagraíochtaí réigiúnacha agus a gcuid Ballstát curtha ar an eolas faoi chóras AAMVS an Aontais agus faoi na buntáistí a bhaineann lena gcórais féin a chruthú.

Páirt a ghlacadh i gcruinnithe na n-ionstraimí réigiúnacha agus idirnáisiúnta um rialú arm.

Mar chuid de sin, d’fhéadfaí imeachtaí comhthreomhara nó imeachtaí eile a reáchtáil chun AAMVS agus forbairt AAMVS de chuid an Aontais a chur chun cinn.

 

 

Bliain 2 agus 3: AAMVS a chur i láthair do dhá eagraíocht réigiúnacha in aghaidh na bliana, leanúint de bheith á chur chun cinn go hidirnáisiúnta

Nóta: i mBlianta 2 agus 3, tá athrú amháin sa phlean tionscadail ag brath ar thoradh iarrachtaí na bliana roimhe sin chun AAMVS a chur chun cinn go réigiúnach. Is é an plean bunaidh dhá ghníomhaíocht for-rochtana réigiúnacha a reáchtáil in aghaidh na bliana de réir na formáide a thuairiscítear i mBliain 1. Mar sin féin, má dhearbhaíonn eagraíocht réigiúnach gur mian léi AAMVS a chur chun feidhme, iarrfaidh AMAT cead ón Aontas cuid de na hacmhainní a atreorú chun AAMVS a fhorbairt sa réigiún atá ina bhfuiltear ag iarraidh an córas a chur chun feidhme. Is é an toradh a bheadh air sin go dtiocfadh laghdú ar líon na n-eagraíochtaí réigiúnacha a bheadh rannpháirteach in aghaidh na bliana, ach d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na stát a bhainfeadh úsáid as creat AAMVS agus a bhainfeadh tairbhe as.

5.   Gníomhaireacht cur chun feidhme theicniúil

Is é Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD), trí a ghníomhaireacht speisialaithe, AMAT, an phríomhghníomhaireacht a bheidh i gceannas ar chur chun feidhme an tionscadail. Go sonrach, beidh AMAT ar thús cadhnaíochta i mbainistiú agus i gcur chun feidhme ghníomhaíochtaí uile an tionscadail seo agus is air a bheidh an fhreagracht as an mbuiséad agus as an tuairisciú. Ar an gcaoi chéanna, bhí foireann AMAT freagrach as bainistiú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi Chinntí (CBES) 2020/979 agus (CBES) 2021/2075 ón gComhairle.

Tá sé i gceist ag AMAT sainchomhairleoirí a fhostú chun tacú le gnéithe éagsúla den tionscadal seo. Déanfar, go háirithe, saineolaithe i réimsí na forbartha gréasáin, an mheasúnaithe comhréireachta agus bhainistiú SALW a earcú chun tacú le gnéithe den tionscadal a chur chun feidhme. Roghnófar na comhairleoirí sin trí phróiseas earcaíochta údaraithe.

6.   Ábharthacht

Tá an tionscadal seo, lena n-áirítear a chuspóirí, a ghníomhaíochtaí agus a aschuir, ailínithe leis an iliomad straitéisí agus comhaontuithe polaitiúla de chuid an Aontais Eorpaigh.

Straitéis 2018 an Aontais i gcoinne airm thine, mionarm agus armáin éadroma aindleathacha, agus a n-armlón (Straitéis SALW)

Is é is aidhm do Straitéis 2018 an Aontais maidir le SALW gníomhaíocht Eorpach chomhtháite, chomhchoiteann agus chomhordaithe a threorú chun fáil aindleathach SALW agus a n-armlón...a chosc agus a shrianadh, agus chun cuntasacht agus freagracht maidir le trádáil dhlíthiúil arm a chur chun cinn” (2). Foráiltear le Straitéis 2018 maidir le SALW do ghníomhaíochtaí sonracha maidir le bainistiú stoc-charn agus cuirtear de cheangal ar an Aontas tacú leis an gcomhar agus leis an gcúnamh chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe (PoA) a chur chun feidhme, lena n-áirítear bainistiú stoc-charn; caighdeáin agus dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme maidir le láimhseáil mionarm (ISACS [MOSAIC anois]) agus armlón (IATG).

Rannchuideodh AAMVS de chuid an Aontais le hiarrachtaí an Aontais Straitéis SALW 2018 a chur chun feidhme:

Is cuspóir sonraithe de chuid AAMVS é atreorú a chosc agus cuntasacht a chur chun cinn laistigh de thrádáil dhlíthiúil SALW. Is féidir le AAMVS de chuid an Aontais tacú le measúnuithe riosca ar atreorú a dhéantar sula dtugtar údaruithe le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin.

Is féidir le AAMVS de chuid an Aontais tacú leis an gcomhar agus leis an gcúnamh i réimse an bhainistithe stoc-charn trí laigí i gcóras an bhainistithe a shainaithint agus trí bheith ina uirlis faireacháin chun athruithe nó feabhsuithe sa chleachtas a rianú.

Leis an modheolaíocht féinmheasúnaithe, déantar cur chun feidhme MOSAIC agus IATG a chur chun cinn mar na caighdeáin ar dá réir a thomhaistear an measúnú comhréireachta.

Plean Gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le Gáinneáil ar Airm Thine

Aithnítear i bplean gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil aindleathach laistigh den Aontas agus de chomhpháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (na Balcáin Thiar, an Mholdóiv agus an Úcráin) gur gá slándáil stoc-charn a mhéadú in Oirdheisceart na hEorpa agus tacaíonn sé le réigiún na mBalcán Thiar (3). Leis an treochlár, foráiltear freisin do shlándáil an bhainistithe stoc-charn a mhéadú, na rialacháin a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cuí (4). Ina theannta sin, le Gníomhaíocht 4.2, ní mór bainistiú níos fearr stoc-charn a spreagadh i réigiún na Saiheile.

Cé nach bhfuil fócas réigiúnach ag AAMVS an Aontais, is féidir leis tacú le hiarrachtaí chun laigí struchtúracha i gcleachtais bainistithe stoc-charn úsáideora deiridh a shainaithint. Tá modheolaíocht an fhéinmheasúnaithe an-oiriúnach chun easnaimh sna rialacháin slándála a shainaithint.

Comhsheasamh 2008 an Aontais maidir le hOnnmhairiú Arm (Comhsheasamh an Aontais) agus Treoir dheonach d’Úsáideoirí maidir leis an gComhsheasamh (5)

Tá ocht gcritéar i gComhsheasamh an Aontais ina leagtar amach ceithre shraith de rioscaí nach mór do na Ballstáit a láimhseáil mar fhorais chun ceadúnas onnmhairiúcháin a dhiúltú agus ceithre shraith d’fhachtóirí nach mór do stáit “a chur san áireamh” agus iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin á mheas acu. Tagraíonn critéar 7 do “bhaol a bheith ann go ndéanfar an teicneolaíocht mhíleata nó an trealamh míleata a atreorú laistigh de thír an cheannaitheora nó go n-athonnmhaireofar é faoi choinníollacha neamh-inmhianaithe” mar fhachtóir amháin ba cheart don onnmhaireoir a mheas. Deirtear sa Chomhsheasamh gur cheart don onnmhaireoir, agus measúnú á dhéanamh aige ar an riosca go ndéanfaí atreorú, “cumas na tíre is faighteoir rialuithe onnmhairiúcháin éifeachtacha a chur i bhfeidhm” a mheas.

Leis an Treoir d’Úsáideoirí maidir le Comhsheasamh an Aontais — lena gcuirtear treoracha breise, ach neamhcheangailteacha, ar fáil maidir le conas forálacha an doiciméid seo a chur chun feidhme — iarrtar ar onnmhaireoirí a mheas an ndéantar (a) “bainistiú stoc-charn agus slándáil” sa tír is faighteoir “de réir caighdeán leordhóthanach (lena n-áirítear MOSAIC agus IATG)”; agus (b) ar tharla “cásanna aitheanta ina raibh fadhbanna ann ó thaobh caillteanas ó stoc-charn” (6).

Sa Treoir d’Úsáideoirí, tagraítear don tábhacht a bhaineann le slándáil éifeachtach agus bainistiú stoc-charn, ní hamháin i ndáil le cur chun feidhme chritéar 7 agus le measúnú ar riosca an atreoraithe ach freisin i ndáil le cur i bhfeidhm chritéir 1 agus 2 de Chomhsheasamh an Aontais lena gcumhdaítear urraim do na hoibleagáidí idirnáisiúnta agus urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta faoi seach. Go háirithe, déantar breithniú sa Treoir maidir le cloí leis na caighdeáin atá beartaithe le PoA na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear na caighdeáin sin lena gcumhdaítear bainistiú stoc-charn, atá ábhartha chun urraim na bhfaighteoirí d’oibleagáidí idirnáisiúnta de réir chritéar 1 (7) a mheas. Ina theannta sin, tagraítear sa Treoir do “nósanna imeachta leordhóthanacha” a bheith ann le haghaidh “bainistiú agus slándáil stoc-charn, lena n-áirítear le haghaidh farasbarr arm agus armlóin” agus d’fhadhb a bheith ann maidir le “gadaíocht agus caillteanas ó stoc-chairn” i dtír an úsáideora deiridh shonraithe, mar eilimintí atá le meas chun a mheas an bhfuil riosca ann go bhféadfaí na hairm onnmhairithe a úsáid de shárú ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta amhail de réir chritéar 2. (8)

Le Comhsheasamh an Aontais agus leis an Treoir d’Úsáideoirí, tugtar treoir ábhartha freisin maidir le comhroinnt faisnéise, cuid thábhachtach de AAMVS. Ceanglaítear le hAirteagal 4 de Chomhsheasamh an Aontais go malartaíonn na Ballstáit faisnéis maidir le diúltú ceadúnas onnmhairiúcháin agus go dtéann siad i gcomhairle le chéile agus iad ag smaoineamh ar cheadúnas a fhormheas a bhí “comhionann go bunúsach” le ceadúnas a dhiúltaigh Ballstát eile roimhe sin. Neartaítear an fhoráil sin tuilleadh le hAirteagal 7 de Chomhsheasamh an Aontais lena gceanglaítear ar na Ballstáit “a gcomhar a threisiú agus a gcóineasú a chur chun cinn” i réimse na rialuithe ar onnmhairiú arm trí “faisnéis ábhartha a mhalartú” ní hamháin maidir le diúltuithe ach maidir le beartais onnmhairiúcháin arm freisin. Leis an Treoir d’Úsáideoirí, moltar do na Ballstáit faisnéis a roinnt laistigh den Mheitheal um Neamhleathadh agus Onnmhairiú Arm (COARM) agus freisin trí “córas ar líne COARM, nó, má mheastar go bhfuil an t-aicmiú ‘Srianta’ iomchuí, trí theachtaireachtaí COREU”. Ba cheart, le malartú faisnéise, go gcumhdófaí freisin faisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do Bhallstáit eile chun riosca an atreoraithe a chosc (9).

Le Comhsheasamh an Aontais, déantar naisc shoiléire idir an beartas bunaithe agus AAMVS. Bunaíodh an nasc i gCinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle agus ceapadh AAMVS an Aontais go sonrach chun tacú leis na húdaráis rialaithe onnmhairiúcháin chritéir 7 de Chomhsheasamh an Aontais a chur i bhfeidhm trí bheith ina uirlis theicniúil lenar féidir anailís a dhéanamh ar na bearta sábháilteachta agus slándála arna gcur chun feidhme ag stát ionchasach allmhairiúcháin. Tá an mhodheolaíocht a úsáidtear comhsheasmhach leis an treoir atá sa Treoir d’Úsáideoirí maidir leis an gcaighdeán a mheas le hais an dea-chleachtais atá ann cheana a nglactar leis go hidirnáisiúnta. Bunaítear le hAirteagal 4 den Chomhsheasamh freisin bonn cirt polaitiúil leis an gcuid sin de AAMVS an Aontais a bhaineann le comhroinnt faisnéise.

Cinneadh (AE) (CBES) 2021/38 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena mbunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le heilimintí deimhnithe úsáideora deiridh i gcomhthéacs onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón

Le Cinneadh 2021/38/CBES ón gComhairle bunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le heilimintí deimhnithe úsáideora deiridh i gcomhthéacs onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón (10). Áirítear sa Chinneadh dhá “eilimintí roghnacha” lena mbreithniú ag stáit atá ábhartha go díreach do AAMVS: (c) a cheadú don stát onnmhairiúcháin fíorú iar-loingsithe ar an láthair a dhéanamh; (d) chun dearbhuithe a thabhairt lena léirítear acmhainneacht an úsáideora deiridh maidir le harmáin agus armlón a bhainistiú go sábháilte agus go slán, lena n-áirítear acmhainneacht an úsáideora sin na stoc-chairn ina stórálfar na hearraí a bhainistiú go sábháilte agus go slán.

Is féidir modheolaíocht fíoraithe iarsheachadta a bheith san AAMVS chun tacú leis na héilimh a dhéantar san fhéinmheasúnú a fhíorú ar an láthair. Leis sin, is fearr fós a bheadh leibhéal an dearbhaithe.

7.   An straitéis infheictheachta agus chumarsáide

Ceanglófar ar AMAT gach beart iomchuí chun a phoibliú gur mhaoinigh an tAontas an tionscadal seo, i gcomhréir leis na Ceanglais maidir le Cumarsáid agus Infheictheacht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais - 2018, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Tabharfar aitheantas do thacaíocht an Aontais Eorpaigh freisin i gcuirí agus i ndoiciméid eile a chomhroinnfear le rannpháirtithe na n-imeachtaí éagsúla. Áiritheoidh AMAT go ndéanfar ionadaíocht thar ceann an Aontais, i gcás inar féidir, ag imeachtaí a dtacaítear leo faoin gCinneadh seo.

Go sonrach, aithneofar, ag gach imeacht réigiúnach agus idirnáisiúnta ina gcuirtear AAMVS i láthair, gurb é an tAontas ceannaire an tionscadail. D’fhéadfadh AAMVS an Aontais a bheith ina spreagadh iontach d’eagraíochtaí réigiúnacha eile agus, mar sin, molfaidh AMAT don Aontas iarrachtaí a dhéanamh, agus tacóidh sé leis na hiarrachtaí sin, chun an uirlis a chur chun cinn i suíomhanna éagsúla rialaithe arm. Iarrfar ar ionadaithe de chuid an Aontais barúlacha a thabhairt agus taispeánfar lógó an Aontais i gcuir i láthair agus i bhfógraí.


(1)  Dréacht-Pháipéar Oibre Uachtarán CSP7: Iarrachtaí a neartú chun deireadh a chur leis an trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma agus bainistiú éifeachtach stoc-charn a áirithiú.

(2)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis de chuid an Aontais a ghlacadh i gcoinne airm thine, mionairm aindleathacha agus armáin éadroma agus a n-armlón, an Bhruiséil, an 19 Samhain 2018, 13581/18, <https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-13581-2018-INIT/en/pdf>.

(3)  An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh gáinneáil ar airm thine 2020-2025 (nóta 30).

(4)  Féach Sprioc 7 den Roadmap for a sustainable solution to the illegal possession, misuse and trafficking of Small Arms and Light Weapons (SALW)/firearms and their ammunition in the Western Balkans by 2024 [Treochlár le haghaidh réiteach inbhuanaithe ar shealbhú neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil neamhdhleathach mionarm agus armán éadrom (SALW)/arm tine agus a n-armlón sna Balcáin Thiar faoi 2024], Londain, an 10 Iúil 2018, <https://www.seesac.org/f/docs/publications-salw-control-roadmap/Regional-Roadmap-for-a-sustainable-solution-to-the.pdf>.

(5)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, an 8 Nollaig 2008, lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear rialú easpórtálacha trealaimh agus teicneolaíochta míleata, (nóta 7).

(6)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 129.

(7)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 24.

(8)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 58.

(9)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 159.

(10)  Cinneadh (CBES) 2021/38 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena mbunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le heilimintí deimhnithe úsáideora deiridh i gcomhthéacs onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón, (IO L 14, 18.1.2021, lch. 4),<https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32021D0038&from=GA>.


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/42


CINNEADH (CBES) 2022/2276 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Samhain 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2009 mar thaca le hiarrachtaí na hÚcráine gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin a chomhrac, i gcomhar le ESCE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2009 (1).

(2)

Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2019/2009 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de, ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontuithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.

(3)

D’iarr an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) go gcuirfí síneadh 13 mhí le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2019/2009, go dtí an 23 Eanáir 2024, i bhfianaise na moille ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2019/2009 i ngeall ar thionchar phaindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh gan chúis gan údar.

(4)

Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/2009 go dtí an 23 Eanáir 2024 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.

(5)

Ba cheart glacadh leis an iarraidh ar shíneadh trí Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh (CBES) 2019/2009, Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 23 Eanáir 2024.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/2009 ón gComhairle an 2 Nollaig 2019 mar thaca le hiarrachtaí na hÚcráine gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin a chomhrac, i gcomhar le ESCE (IO L 312, 3.12.2019, lch. 42).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/43


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2277 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2022

lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag Poblacht na hIodáile de bhun Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan pointe 4.2.1.5.2, (b) (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8068)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 7(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Iúil 2022, chuir an Iodáil iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún (2) maidir le tollán Miglionico de chuid líne iarnróid Ferrandina – Matera La Martella. An iarraidh ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2022 ar fhaisnéis bhreise, tugadh freagra uirthi an 16 Lúnasa 2022, agus ar an gcaoi sin cuireadh an iarraidh i gcrích. Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797.

(2)

Tá an tollán, a bhfuil ráille amháin ann, 6,6 km ar fad agus tá sé ann cheana féin. Rinneadh cuid de na hoibreacha tógála ar líne Ferrandina – Matera La Martella, ach níor críochnaíodh iad, idir 1984 agus 2000 bunaithe ar chaighdeáin náisiúnta. Níor cuireadh an líne i mbun seirbhíse riamh toisc nár tugadh na hoibreacha tógála chun críche mar gheall ar easpa cistí. Seoladh an nós imeachta tairisceana chun líne Ferrandina – Matera La Martella a thabhairt chun críche, a uasghrádú agus a oscailt, tar éis moilleanna móra, agus tá sé beartaithe é a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2022 (“an tionscadal”). Foráiltear le tabhairt chun críche, le huasghrádú agus le hoscailt thollán Miglionico go ndéanfar forálacha ábhartha uile na sonraíochta teicniúla don idir-inoibritheacht (STI) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a chur chun feidhme, cé is moite de phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann leis lena gceanglaítear bealaí amach éigeandála taoibh agus/nó ingearacha go dtí an dromchla a chur ar fáil gach 1 000 méadar ar a laghad, ní féidir feidhm a bheith ag an bpointe malartach 4.2.1.5.2, (b)(2) toisc gur tollán feadáin aonair é.

(3)

Mar bheart malartach, foráiltear leis an tionscadal go gcruthófar rochtain ar limistéar sábháilte trí bhealach amach éigeandála ingearach go dtí an dromchla 3,895 km tar éis bhealach isteach thollán Miglionico, arb é is cuspóir dó paisinéirí a aslonnú agus rochtain a éascú d’fheithiclí tarrthála. Comhfhreagraíonn an beart beartaithe don cheanglas a leagtar amach faoi Fhoraithne Aireachta na hIodáile an 28 Deireadh Fómhair 2005“sábháilteacht i dtollán iarnróid” (3), lena ndéantar foráil maidir le tógáil bealaigh amach éigeandála tuairim is gach 4 km i gcás tolláin níos faide ná 5 km. Rinne bainisteoir bonneagair na hIodáile anailís riosca shonrach agus mhionsonraithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 402/2013 ón gCoimisiún (4), lena léirítear go bhfuil gach riosca a sainaithníodh faoi bhun leibhéal na neamh-inghlacthachta sa chás sin, agus dá bhrí sin, lena socraítear go meastar sábháilteacht an tolláin a bheith inghlactha agus toisc go bhfuil an beart maolaithe i bhfeidhm, nach ndéanfar dochar do shábháilteacht an tolláin le neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014.

(4)

Mura nglacfaí leis an iarraidh a chuir Poblacht na hIodáile isteach, chuirfí inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail i mbaol. De réir na faisnéise a chuir Bainisteoir bonneagair na hIodáile ar fáil, is é EUR 315,49 milliún costas iomlán an tionscadail reatha, rinneadh costas na n-oibreacha breise chun comhlíonadh phointe 4.2.1.5.2 (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a áirithiú a chainníochtú ag EUR 165 mhilliún, as a ndearnadh EUR 137 milliún chun na hoibreacha a dhéanamh agus an chuid eile le haghaidh staidéir agus tacaíochta. Leis sin, mhéadófaí costas infheistíochta an tionscadail os cionn 50 %, méid is fiú EUR 500 milliún. I gcomhréir le hAirteagal 2(2), pointe (b)(i) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún (5), san anailís ar inmharthanacht eacnamaíoch, a rinne bainisteoir bonneagair na hIodáile agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin, cuireadh san áireamh ioncam saothraithe an neamhchuir i bhfeidhm lenar féidir an tionscadal a chur in úsáid níos luaithe agus lena gcumasaítear inmharthanacht eacnamaíoch an tionscadail san fhadtéarma laistigh den chóras iarnróid náisiúnta agus an córas iarnróid Eorpach. Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, ní bheadh an líne ina cuid de ghréasán cuimsitheach TEN-T agus d’fhreastalófaí léi den chuid is mó ar fheidhmeanna iompair áitiúla chun baile Matera a nascadh le príomhghréasán iarnróid na hIodáile. Má ghlactar leis an iarraidh ar neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2 (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014, tá coinne leis go gcruthófar leis an tionscadal tairbhí don phobal atá níos mó ná úsáid na n-acmhainní. A mhalairt ar fad, tá coinne leis, má dhiúltaítear don iarratas, nach gcruthófar leis an tionscadal tairbhí atá níos mó ná na costais.

(5)

Ar na cúiseanna sin, is féidir a mheas go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 7(1), pointe (c) agus Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 comhlíonta.

(6)

Ba cheart neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a cheadú go dtí an chéad uasghrádú nó athnuachan eile ar an tollán.

(7)

Go dtí go gcuirfear an maolú i bhfeidhm, d’fhéadfadh athrú teacht ar na toimhdí foluiteacha nó ar na breithnithe foluiteacha ar a bhfuil an anailís riosca dá dtagraítear in aithris (3) bunaithe. Dá bhrí sin, sa chás sin, is iomchuí a iarraidh ar Phoblacht na hIodáile an Coimisiún a chur ar an eolas go pras faoi athruithe den sórt sin agus faoi aon bheart maolaithe eile a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An iarraidh ó Phoblacht na hIodáile gan pointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 a chur i bhfeidhm maidir le tollán Miglionico, glactar léi go dtí an chéad uasghrádú nó athnuachan eile ar an tollán ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an beart malartach atá molta ag Poblacht na hIodáile.

Cuirfidh Poblacht na hIodáile an Coimisiún ar an eolas go pras i gcás ina bhfuil faisnéis aici lena bhféadfaí amhras réasúnta a chaitheamh ar an gcinneadh nach ndéantar dochar do shábháilteacht thollán Miglionico le neamhchur i bhfeidhm phointe 4.2.1.5.2, (b)(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann le “sábháilteacht i dtolláin iarnróid” de chuid chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 394).

(3)  Tá Foraithne Aireachta na hIodáile an 28 Deireadh Fómhair 2005“sábháilteacht i dtollán iarnróid” faoi athbhreithniú tar éis measúnú diúltach a rinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 402/2013 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2013 maidir leis an modh comhchoiteann sábháilteachta chun meastóireacht agus measúnú riosca a dhéanamh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 352/2009 (IO L 121, 3.5.2013, lch. 8).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún an 19 Márta 2020 maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 (IO L 84, 20.3.2020, lch. 20).


21.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 300/46


CINNEADH (AE) 2022/2278 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 8 Samhain 2022

maidir le líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2023 (BCE/2022/40)

TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 128(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2015/2332 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Nollaig 2015 maidir leis an gcreat nós imeachta d’fhormheas líon eisiúintí bonn euro (BCE/2015/43) (1), agus go háirithe Airteagal 2(9) de,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an ceart eisiach ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ón 1 Eanáir 1999 líon na mbonn a eisíonn na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu (“Ballstáit an limistéir euro” anseo feasta) a fhormheas.

(2)

Chuir an 19 Ballstát limistéir euro agus an Chróit, a ghlacfaidh an euro mar an t-airgeadra aonair ón 1 Eanáir 2023, faoi bhráid an BCE a n-iarratais ar fhormheas líon na mbonn atá le heisiúint in 2023, arna fhorlíonadh le nótaí míniúcháin ar an modheolaíocht réamhaisnéise. Chuir cuid de na Ballstáit seo faisnéis bhreise ar fáil freisin maidir le boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, i gcás go bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil agus a measann na Ballstáit lena mbaineann sa limistéar euro a bheith riachtanach chun an t-iarratas ar fhormheas a fhíorú.

(3)

Toisc go bhfuil ceart na mBallstát sa limistéar euro chun bonn euro a eisiúint faoi réir fhormheas an BCE maidir le líon na heisiúna, de réir Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43), ní fhéadfaidh Ballstáit an líon arna fhormheas ag an BCE a shárú gan cead a fháil roimh ré ón BCE.

(4)

De bhun Airteagal 2 (9) de Chinneadh (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43), toisc nach gá aon mhodhnú ar líon eisiúintí bonn arna iarradh, tugtar de chumhacht don Bhord Feidhmiúcháin an Cinneadh seo a ghlacadh maidir leis na hiarrataí bliantúla ar fhormheas de líon eisiúintí bonn in 2023 a chuir Ballstáit an limistéir euro isteach agus an Chróit,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe:

Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoirlíne (AE) 2015/2332 (BCE/2015/43).

Airteagal 2

Formheas de líon na mbonn euro atá le heisiúint in 2023

Formheasann an BCE leis seo líon na mbonn euro atá le heisiúint ag Ballstáit an limistéir euro in 2023 amhail mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

(EUR milliún)

 

Líon na mbonn euro arna fhormheas lena n-eisiúint in 2023

Boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

Boinn inbhailithe

(nach bhfuil beartaithe lena gcur i gcúrsaíocht)

Líon eisiúintí bonn

An Bheilg

38,00

0,40

38,40

An Ghearmáin

427,00

206,00

633,00

An Eastóin

15,30

0,29

15,59

Éire

32,60

0,50

33,10

An Ghréig

125,50

0,62

126,12

An Spáinn

303,00

40,00

343,00

An Fhrainc

284,00

55,00

339,00

An Chróit

316,34

0,43

316,77

An Iodáil

257,00

4,55

261,55

An Chipir

6,00

0,01

6,01

An Laitvia

10,00

0,20

10,20

An Liotuáin

12,00

0,41

12,41

Lucsamburg

13,20

0,26

13,46

Málta

8,00

0,50

8,50

An Ísiltír

49,00

1,00

50,00

An Ostair

81,00

175,51

256,51

An Phortaingéil

71,50

2,00

73,50

An tSlóivéin

25,50

1,50

27,00

An tSlóvaic

16,00

2,00

18,00

An Fhionlainn

10,00

5,00

15,00

Iomlán

2 100,94

496,18

2 597,12

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a thabharfar fógra do na BCNanna

Airteagal 4

Seolaithe

Tá an Cinneadh seo dírithe ar BCNanna na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 8 Samhain 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 328, 12.12.2015, lch. 123.