|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2237 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2241 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1) .
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (3) agus déantar foráil ann maidir le bearta áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an trádbhac arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear a gcuid sócmhainní a reo. |
|
(2) |
Le Rún 2641 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, leasaíodh na critéir chun daoine agus eintitis a ainmniú le bheith faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i míreanna 9 agus 11 de Rún 1807 (2008) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chomh maith le raon feidhme na hoibleagáide fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le lastais arm agus ábhar gaolmhar do Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó maidir le haon chúnamh teicniúil, maoiniú, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó a sholáthar. Tugtar éifeacht do Rún 2641 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le Cinneadh (CBES) 2022/2241 . |
|
(3) |
Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2022/2241. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Maidir le cúnamh teicniúil, maoiniú nó cúnamh airgeadais nó seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar d’aon duine, d’eintiteas nó d’aon chomhlacht neamhrialtasach nó eile i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó lena n-úsáid i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, cé is moite den chúnamh sin a sholáthar do Mhisean Cobhsúcháin Eagraíocht na Náisiún Aontaithe i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (‘Monusco’) nó do Thascfhórsa Réigiúnach an Aontais Afracaigh, nó soláthar an chúnaimh sin a bhaineann le trealamh míleata neamh-mharfach atá beartaithe don úsáid dhaonnúil nó chosantach amháin i gcomhréir le hAirteagal 1b(1), tabharfar fógra ina leith roimh ré don Choiste Smachtbhannaí arna bhunú de bhun mhír 8 de Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘An Coiste Smachtbhannaí’). Beidh an fhaisnéis ábhartha uile i bhfógra den sórt sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an t-úsáideoir deiridh, an dáta seachadta atá beartaithe agus cúrsa taistil na lastas.”; |
|
(2) |
in Airteagal 1b(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b:
|
|
(3) |
in Airteagal 2a(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L …, XX.X.XXXX, lch. 15
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).
(3) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2238 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta páipéir agus sleachta astu agus a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(8), pointe (a)(ii), Airteagal 46(7), pointe (b), agus Airteagal 57(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, agus le hAirteagal 6(3), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, tá an deimhniú cigireachta le heisiúint agus le formhuiniú sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) le ríomhshéala cáilithe. Foráiltear le hAirteagal 6(6) agus le hAirteagal 7(4) den Rialachán sin faoi seach maidir le cuid de choinsíneacht a fhormhuiniú mar choinsíneacht orgánach agus maidir le sleachta as deimhnithe cigireachta a fhormhúiniú in TRACES le ríomhshéala cáilithe. |
|
(3) |
Foráiltear cheana leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 11, míreanna (1) agus (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, go bhféadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar go dtí an 30 Meitheamh 2022, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte agus, má eisítear deimhniú ar pháipéar, ba cheart an deimhniú seo a fhormhuiniú ar pháipéar. I gcás ina n-eisítear an deimhniú cigireachta in TRACES agus ina bhfuil ríomhshéala cáilithe air, féadfar é a fhormhuiniú ar pháipéar. |
|
(4) |
Foráiltear leis na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 11(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 go bhféadfar, go dtí an 30 Meitheamh 2022, an sliocht ón deimhniú cigireachta a fhormhuiniú ar pháipéar freisin tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. |
|
(5) |
Tá an próiseas chun údaráis inniúla a chlárú sna Ballstáit agus i dtríú tíortha mar aon leis an bpróiseas chun údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a chlárú le haghaidh an ríomhshéala cháilithe ar siúl faoi láthair. Thóg an próiseas clárúcháin níos faide ná mar a raibh coinne leis agus níor tugadh chun críche é roimh an 30 Meitheamh 2022. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta páipéir agus sleachta astu dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 chun go mbeidh na gníomhaithe uile lena mbaineann in ann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche. |
|
(7) |
Is é atá in ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 dúshlán eisceachtúil do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe a aithníodh chun táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a onnmhairiú ón Úcráin chuig an Aontas, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. San Úcráin, tá cur isteach ar na seirbhísí poist freisin. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(1a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, agus de mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, go dtí an 30 Meitheamh 2022, duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin, duine de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala cáilithe aige, féadfaidh sé an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala cáilithe a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de. I bhfianaise a dhothuartha atá fad ionradh na Rúise ar an Úcráin, is gá síneadh a chur leis an maolú sin freisin. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Ós rud é go dtéann an idirthréimhse le haghaidh deimhnithe páipéir agus an maolú is infheidhme maidir leis an Úcráin in éag an 30 Meitheamh 2022, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 mar a leanas:
|
(1) |
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: “De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Samhain 2022, féadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an deimhniú páipéir sin comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a: “1a. De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Samhain 2022, duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin, duine de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala cáilithe aige, féadfaidh sé an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala cáilithe a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de. Eiseofar an deimhniú sin sula bhfágfaidh an choinsíneacht lena mbaineann an Úcráin.”; |
|
(3) |
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: “De mhaolú ar Airteagal 6(3), go dtí an 30 Samhain 2022, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:”; |
|
(4) |
i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: “De mhaolú ar Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(4), go dtí an 30 Samhain 2022, féadfar an sliocht ón deimhniú cigireachta a fhormhuiniú ar pháipéar, tar éis é a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Leis an sliocht páipéir sin ó dheimhniú comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/5 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2239 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe le haghaidh táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha neamhúdaraithe agus táirgí íocshláinte cúnta neamhúdaraithe lena n-úsáid ag an duine
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (1), agus go háirithe Airteagal 70 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014, leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgí íocshláinte imscrúdaitheacha agus cúnta a lipéadú, go háirithe i gcás táirgí neamhúdaraithe, chun deireadh a chur le héagsúlachtaí i gcur chuige i measc na mBallstát. Ceanglaítear leis an Rialachán sin nach mór neasphacáistíocht agus pacáistíocht sheachtrach na dtáirgí íocshláinte imscrúdaitheacha agus cúnta a lipéadú go hiomchuí chun sábháilteacht na ndaoine is ábhar agus iontaofacht agus stóinseacht na sonraí a ghintear sa triail chliniciúil a áirithiú, agus chun go bhféadfaí na táirgí sin a dháileadh ar láithreacha trialach cliniciúla ar fud an Aontais. |
|
(2) |
Go háirithe, le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014, ceanglaítear ar urraitheoirí an tréimhse úsáide a thaispeáint ar neasphacáistíocht agus ar phacáistíocht sheachtrach na dtáirgí íocshláinte imscrúdaitheacha neamhúdaraithe agus na dtáirgí íocshláinte cúnta neamhúdaraithe. |
|
(3) |
Nuashonruithe rialta ar an tréimhse úsáide ar neasphacáistíocht táirgí íocshláinte neamhúdaraithe a úsáidtear i dtrialacha cliniciúla, d’fhéadfadh an méid sin a bheith nasctha i gcásanna áirithe le rioscaí a dhéanann difear do cháilíocht agus do shábháilteacht na dtáirgí sin. Damáiste a thiocfadh as an bpacáistíocht a oscailt trí shéalaí crioscaíldíonacha a bhriseadh agus an trealamh ilsrathach a dhíchóimeáil, d’fhéadfadh an méid sin bheith ar cheann de na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh riosca féideartha eile eascairt as nochtadh fada do theochtaí éadroma nó níos airde i gcás táirgí íocshláinte a bhfuil íogaireachtaí sonracha ag baint leo. Baineann na rioscaí sin go háirithe le táirgí íocshláinte i gcás ina soláthraítear an neasphacáistíocht agus an phacáistíocht sheachtrach le chéile agus nuair atá an neasphacáistíocht i bhfoirm spuaicphacaí nó aonad beag. Sna cásanna sin, is iomchuí agus is comhréireach le cineál agus méid an riosca go bhfágfar an tréimhse úsáide ar lár ón neasphacáistíocht. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Roinn A mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Roinn D mar a leanas:
|
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2240 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a mhéid a bhaineann le húsáid an ríomhshéala cháilithe chun deimhnithe a eisiúint
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 35(10), 43(7) agus 45(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 35(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, eiseofar an deimhniú a sholáthróidh na húdaráis inniúla nó, i gcás inarb iomchuí, údaráis rialaithe nó comhlachtaí rialaithe d’oibreoirí nó do ghrúpaí oibreoirí i bhfoirm leictreonach i gcás inar féidir. Leis an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (2), soláthraítear an modh chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 a eisiúint i bhfoirm leictreonach. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 ón gCoimisiún (3) ceanglaítear go n-eiseofar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 i bhfoirm leictreonach, tríd an gcóras TRACES a úsáid, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh. |
|
(2) |
Chun na deimhnithe a thabharfar do na hoibreoirí agus don ghrúpa oibreoirí a dhaingniú, is iomchuí úsáid ríomhshéala cháilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a thabhairt isteach chun na deimhnithe sin a eisiúint. Ionas go mbeidh na gníomhaithe eile lena mbaineann in ann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche, is gá a fhoráil gur cheart ríomhshéala cáilithe a bheith ar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848 ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 a leasú dá réir. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 1, an chéad mhír agus an dara mír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (5), tá údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 le deimhniú a sholáthar d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhí faoi réir na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin, atá le heisiúint i bhfoirm leictreonach agus úsáid á baint as an gcóras TRACES ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh. |
|
(5) |
Chun na deimhnithe a thugtar do na hoibreoirí, do na grúpaí oibreoirí agus do na honnmhaireoirí sin a dhaingniú, is iomchuí úsáid ríomhshéala cháilithe a thabhairt isteach chun na deimhnithe sin a eisiúint. Ionas go mbeidh na gníomhaithe uile lena mbaineann in ann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche, is gá a fhoráil gur cheart ríomhshéala cáilithe a bheith ar an deimhniú d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a leasú dá réir. |
|
(7) |
I ndáil leis an deimhniú páipéir cigireachta agus le sliocht páipéir na ndeimhnithe cigireachta, a fhormhuinítear ar pháipéar le síniú lámhscríofa i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (6), cuireadh síneadh leis na forálacha idirthréimhseacha le Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2022/2238 (7) go dtí an 30 Samhain 2022 ionas gur féidir leis na gníomhaithe uile lena mbaineann an clárúchán le haghaidh an ríomhshéala cháilithe a thabhairt chun críche. Ba cheart an síneadh sin a léiriú sna nótaí chun samhail shliocht an deimhnithe cigireachta dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún (8) a líonadh isteach. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2238, cuireadh síneadh go dtí an 30 Samhain 2022 freisin, maidir leis an bhféidearthacht duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala leictreonach aige an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala leictreonach a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Mar gheall ar dhul in éag na hidirthréimhse le haghaidh deimhnithe páipéir agus an mhaolaithe is infheidhme maidir leis an Úcráin an 30 Meitheamh 2022, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an leasú seo ón 1 Iúil 2022. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Beidh ríomhshéala cáilithe ar an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), (*1) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).” " |
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh an tríú mír: “Beidh feidhm ag Airteagal 1, an dara fomhír, ón 1 Iúil 2023.”. |
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an pointe (iii) seo a leanas le hAirteagal 1, an dara mír, pointe (a):
(*2) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”," |
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh an tríú mír: “Beidh feidhm ag Airteagal 1, an dara fomhír, pointe (a)(ii), ón 1 Iúil 2023.”, |
|
(3) |
Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I. |
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307
I gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307, sa cheathrú mír de na nótaí maidir le bosca 12 agus sa dara mír de na nótaí maidir le bosca 13, cuirtear an dáta “30 Samhain 2022” in ionad an dáta “30 Meitheamh 2022”.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 1 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus comhpháirteanna a chórais (Rialachán IMSOC) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2119 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le taifid agus dearbhuithe áirithe a éilítear ar oibreoirí agus grúpaí oibreoirí agus maidir leis na modhanna teicniúla chun deimhnithe a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an deimhniú a eisiúint d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha (IO L 430, 2.12.2021, lch. 24).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisítear d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2022/2238 an 22 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta agus sleachta astu agus a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha maidir le deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin (Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2307 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le doiciméid agus fógraí a cheanglaítear le haghaidh táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 461, 27.12.2021, lch. 30).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN I
SAMHAIL AN DEIMHNITHE
DEIMHNIÚ LE hAGHAIDH OIBREOIRÍ, GRÚPAÍ OIBREOIRÍ AGUS ONNMHAIREOIRÍ I dTRÍÚ TÍORTHA LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ATÁ LE hALLMHAIRIÚ ISTEACH SAN AONTAS EORPACH MAR THÁIRGÍ ORGÁNACHA NÓ MAR THÁIRGÍ ATÁ Á dTIONTÚ
Cuid I: Eilimintí éigeantacha
|
|
|||||||||||
|
|
|||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
||||||||||||
|
Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (2) ón gComhairle le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848 |
|
|||||||||||
|
|
|
|||||||||||
|
|
|
|||||||||||
|
|
|
|||||||||||
|
Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (3) chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir, an grúpa oibreoirí nó an t-onnmhaireoir (roghnaigh de réir mar is iomchuí) Rialachán (AE) 2018/848 |
||||||||||||
Ainm agus síniú thar ceann an údaráis rialaithe eisiúna nó an chomhlachta rialaithe eisiúna, nó ríomhshéala cáilithe: |
|
|||||||||||
|
10. |
Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848
|
Cuid II: Eilimintí roghnacha sonracha
Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach más amhlaidh a chinneann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir, don ghrúpa oibreoirí nó don onnmhaireoir i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378
1. Cainníocht na dtáirgí
|
Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848 |
|
Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad |
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
||||
|
|
|
|
2. Faisnéis maidir leis an talamh
|
Ainm an táirge |
|
Dromchla i heicteáir |
||||||
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
3. Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht
|
Seoladh nó geoshuíomh |
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
4. Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu an ndéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar
|
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
5. Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh
|
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
||||
|
|
|
6. Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir
|
Ainm agus seoladh |
Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
7. Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848
|
(a) |
ainm an chomhlachta creidiúnaithe, |
|
(b) |
hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe. |
8. Faisnéis eile
|
|
(1) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24).
CINNTÍ
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/15 |
CINNEADH (CBES) 2022/2241 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2022
lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Phoblacht Dhaonlathach an Chongó. |
|
(2) |
An 30 Meitheamh 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2641 (2022) lena leasaítear na critéir chun daoine agus eintitis a ainmniú le bheith faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i míreanna 9 agus 11 de Rún 1807 (2008) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, chomh maith le raon feidhme na hoibleagáide fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí arna bhunú de bhun Rún 1533 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le lastais arm agus ábhar gaolmhar do Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó maidir le haon soláthar cúnaimh theicniúil, maoinithe, seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó. |
|
(3) |
Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 3(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/17 |
CINNEADH (AE) 2022/2242 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2022
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2024, an méid bliantúil le haghaidh 2023, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2023 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025 agus 2026
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 (2) ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323, agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22, agus go háirithe Airteagal 19(2), de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2022 lena sonrófar uasteorainn do mhéid na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le haghaidh 2024, méid bliantúil na ranníocaíochtaí le haghaidh 2023, méid na chéad tráthchoda de na ranníocaíochtaí le haghaidh 2023 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025 agus 2026. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear i gCEFanna a bhí ann roimhe sin. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh an Choimisiúin agus le haghaidh BEI. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an comhaontú um tharraingt siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí sa CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2021/1941 (4) ón gComhairle, socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2023 ag EUR 1 800 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI. |
|
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear ann a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2024 ag EUR 1 600 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 1 300 000 000 don Choimisiún, agus EUR 300 000 000 don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI).
Airteagal 2
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa CEF le haghaidh 2023 ag EUR 2 100 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 1 800 000 000 don Choimisiún agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 3
Íocfaidh na páirtithe sa CEF ranníocaíochtaí aonair an Chiste Eorpaigh Forbraíochta leis an gCoimisiún Eorpach agus le BEI, i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2023, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 42 500 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin 9ú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2023, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2025, socraítear leis seo í ag EUR 900 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 9 000 000 do BEI, agus le haghaidh 2026, socraítear leis seo í ag EUR 600 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2021/1941 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2023, an méid bliantúil le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025 (IO L 396, 10.11.2021, lch. 61).
IARSCRÍBHINN
An chéad tráthchuid le haghaidh 2023 (EUR) atá le híoc leis an gCoimisiún agus le BEI
|
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
9ú scála CEF (%) |
11ú Scála CEF (%) |
An Coimisiún |
BEI |
An Coimisiún + BEI |
||
|
11ú CEF |
Aisíocaíocht ón 9ú CEF |
11ú CEF lúide Aisíocaíocht ón 9ú CEF |
11ú CEF |
Méid iomlán na chéad tráthchoda in 2023 |
|||
|
AN BHEILG |
3,92 |
3,24927 |
24 369 525 |
1 666 000 |
22 703 525 |
3 249 270 |
25 952 795 |
|
AN BHULGÁIR |
|
0,21853 |
1 638 975 |
0 |
1 638 975 |
218 530 |
1 857 505 |
|
AN tSEICIA |
|
0,79745 |
5 980 875 |
0 |
5 980 875 |
797 450 |
6 778 325 |
|
AN DANMHAIRG |
2,14 |
1,98045 |
14 853 375 |
909 500 |
13 943 875 |
1 980 450 |
15 924 325 |
|
AN GHEARMÁIN |
23,36 |
20,57980 |
154 348 500 |
9 928 000 |
144 420 500 |
20 579 800 |
165 000 300 |
|
AN EASTÓIN |
|
0,08635 |
647 625 |
0 |
647 625 |
86 350 |
733 975 |
|
ÉIRE |
0,62 |
0,94006 |
7 050 450 |
263 500 |
6 786 950 |
940 060 |
7 727 010 |
|
AN GHRÉIG |
1,25 |
1,50735 |
11 305 125 |
531 250 |
10 773 875 |
1 507 350 |
12 281 225 |
|
AN SPÁINN |
5,84 |
7,93248 |
59 493 600 |
2 482 000 |
57 011 600 |
7 932 480 |
64 944 080 |
|
AN FHRAINC |
24,30 |
17,81269 |
133 595 175 |
10 327 500 |
123 267 675 |
17 812 690 |
141 080 365 |
|
AN CHRÓIT |
|
0,22518 |
1 688 850 |
0 |
1 688 850 |
225 180 |
1 914 030 |
|
AN IODÁIL |
12,54 |
12,53009 |
93 975 675 |
5 329 500 |
88 646 175 |
12 530 090 |
101 176 265 |
|
AN CHIPIR |
|
0,11162 |
837 150 |
0 |
837 150 |
111 620 |
948 770 |
|
AN LAITVIA |
|
0,11612 |
870 900 |
0 |
870 900 |
116 120 |
987 020 |
|
AN LIOTUÁIN |
|
0,18077 |
1 355 775 |
0 |
1 355 775 |
180 770 |
1 536 545 |
|
LUCSAMBURG |
0,29 |
0,25509 |
1 913 175 |
123 250 |
1 789 925 |
255 090 |
2 045 015 |
|
AN UNGÁIR |
|
0,61456 |
4 609 200 |
0 |
4 609 200 |
614 560 |
5 223 760 |
|
MÁLTA |
|
0,03801 |
285 075 |
0 |
285 075 |
38 010 |
323 085 |
|
AN ÍSILTÍR |
5,22 |
4,77678 |
35 825 850 |
2 218 500 |
33 607 350 |
4 776 780 |
38 384 130 |
|
AN OSTAIR |
2,65 |
2,39757 |
17 981 775 |
1 126 250 |
16 855 525 |
2 397 570 |
19 253 095 |
|
AN PHOLAINN |
|
2,00734 |
15 055 050 |
0 |
15 055 050 |
2 007 340 |
17 062 390 |
|
AN PHORTAINGÉIL |
0,97 |
1,19679 |
8 975 925 |
412 250 |
8 563 675 |
1 196 790 |
9 760 465 |
|
AN RÓMÁIN |
|
0,71815 |
5 386 125 |
0 |
5 386 125 |
718 150 |
6 104 275 |
|
AN tSLÓIVÉIN |
|
0,22452 |
1 683 900 |
0 |
1 683 900 |
224 520 |
1 908 420 |
|
AN tSLÓVAIC |
|
0,37616 |
2 821 200 |
0 |
2 821 200 |
376 160 |
3 197 360 |
|
AN FHIONLAINN |
1,48 |
1,50909 |
11 318 175 |
629 000 |
10 689 175 |
1 509 090 |
12 198 265 |
|
AN tSUALAINN |
2,73 |
2,93911 |
22 043 325 |
1 160 250 |
20 883 075 |
2 939 110 |
23 822 185 |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
12,69 |
14,67862 |
110 089 650 |
5 393 250 |
104 696 400 |
14 678 620 |
119 375 020 |
|
IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100,00 |
750 000 000 |
42 500 000 |
707 500 000 |
100 000 000 |
807 500 000 |
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/21 |
CINNEADH (CBES) 2022/2243 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2022
lena seoltar Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (1),
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968. |
|
(2) |
An 8 Samhain 2022, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart an Plean Misin do EUMAM Ukraine a fhormheas. |
|
(3) |
Mar thoradh ar an moladh ó Cheannasaí Mhisean an Aontais ar EUMAM Ukraine, ba cheart EUMAM Ukraine a sheoladh an 15 Samhain 2022, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo an Plean Misin le haghaidh EUMAM Ukraine.
Airteagal 2
Seolfar EUMAM Ukraine an 15 Samhain 2022.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/22 |
CINNEADH (CBES) 2022/2244 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2022
maidir le rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle an 5 Samhain 2020 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO (2), agus go háirithe Airteagal 2(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 go bhfuil an Chomhairle chun a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann tríú Stát, ar Stát é ar mian leis na Ballstáit rannpháirteacha atá páirteach i dtionscadal cuireadh a thabhairt dó páirt a ghlacadh sa tionscadal sin, na ceanglais atá le bunú ag an gComhairle. |
|
(2) |
An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (3) lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO. Foráiltear le hAirteagal 1 den Chinneadh sin go ndéanfaidh 24 chomhalta tionscadail, lena n-áirítear an Ísiltír mar chomhordaitheoir tionscadail, tionscadal dar teideal “Soghluaisteacht Mhíleata” a fhorbairt i gcreat an liosta sin. |
|
(3) |
An 5 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1639 lena mbunaítear na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO. Foráiltear le hAirteagal 2(4) den Chinneadh sin go ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh, bunaithe ar fhógra ó chomhordaitheoir nó ó chomhordaitheoirí thionscadal de chuid PESCO agus tar éis don Choiste Polaitiúil agus Slándála tuairim a thabhairt uaidh, i gcomhréir le hAirteagal 46(6) CAE agus le hAirteagal 9(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann rannpháirtíocht an tríú Stát sa tionscadal sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(4) |
An 29 Iúil 2022, chuir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) a hiarraidh ar rannpháirtíocht i dtionscadal PESCO dar teideal “Soghluaisteacht Mhíleata” chuig comhordaitheoir an tionscadail sin de chuid PESCO, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Rinne comhaltaí an tionscadail measúnú ansin, ar bhonn na faisnéise a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil, an gcomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(5) |
An 7 Deireadh Fómhair 2022, thug comhordaitheoir thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO fógra don Chomhairle agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, go raibh comhaltaí tionscadail an tionscadail sin de chuid PESCO tar éis comhaontú d’aon toil maidir leis an méid seo a leanas: gur mian leo cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach sa tionscadal sin; maidir le raon feidhme, foirm agus céimeanna ábhartha rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa tionscadal sin; agus go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(6) |
An 19 Deireadh Fómhair 2022, d’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuairim faoin bhfógra maidir leis an iarraidh ón Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO. Go háirithe, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire an tuairisc ar thionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO de réir mar a fhoráiltear san fhógra, lena n-áirítear a chuspóirí, a eagrú agus an chinnteoireacht a bhaineann leis, chomh maith leis na réimsí oibre a ndírítear orthu. Tugadh ar aird freisin nach gcomhroinntear aon fhaisnéis rúnaicmithe ná íogair de chuid an Aontais laistigh den tionscadal sin, agus nach gcuirtear é chun feidhme le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint de réir bhrí Airteagal 3(g) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Thairis sin, thug an Coiste Polaitiúil agus Slándála dá aire nach bhfuil soláthar armála, taighde agus forbairt cumais, ná úsáid agus onnmhairiú arm nó cumas agus teicneolaíochta i gceist le tionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO. Thug sé dá aire chomh maith nach bhfuil baint ag eintitis, infheistíochtaí ná cistiú ó Bhallstáit rannpháirteacha PESCO leis ná ag iarrataí ar chistiú ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí tionscadail. |
|
(7) |
D’aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála freisin lena bhfuil beartaithe maidir le raon feidhme, foirm agus méid rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO mar a thuairiscítear san fhógra iad. D’admhaigh sé go raibh sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe go dtacaíonn sí go hiomlán le raon feidhme an tionscadail sin mar a shainítear san fhógra é. |
|
(8) |
Sa tuairim chéanna, dhearbhaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an tuairim arna comhaontú d’aon toil ag comhaltaí an tionscadail go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na coinníollacha ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639, mar seo a leanas:
|
|
(9) |
Ar deireadh, sa tuairim uaidh, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfadh an Chomhairle cinneadh dearfach i dtaobh an gcomhlíonann rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. |
|
(10) |
Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, a chinneadh go gcomhlíonann rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt sa tionscadal sin an dáta a shonrófar sa socrú riaracháin atá le comhlíonadh ag an Ríocht Aontaithe agus ag comhaltaí an tionscadail, i gcomhréir le hAirteagal 2(7) de Chinneadh (CBES) 2020/1639. Feidhmeoidh an Chomhairle a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1639, agus féadfaidh sí cinntí breise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (3) de, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Comhlíonann rannpháirtíocht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1639.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.
(2) IO L 371, 6.11.2020, lch. 3.
(3) Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).
(4) IO L 149, 30.4.2021, lch. 2540.
(5) Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37).
|
15.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 294/25 |
CINNEADH (CBES) 2022/2245 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Samhain 2022
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine, ar ar chuir Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin oiliúint le trealamh míleata, agus ardáin, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES is féidir gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
|
(2) |
Tá doimhniú an idirphlé agus an chomhair i réimse na slándála agus na cosanta ar cheann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais leis an Úcráin. (2) Bhí an comhar feabhsaithe i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) agus ailíniú le CBES idir an tAontas agus an Úcráin ar cheann de na torthaí ón 22ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 6 Deireadh Fómhair 2020, comhar a neartaíodh tuilleadh ag an 23ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a bhí ar siúl i gCív an 12 Deireadh Fómhair 2021. |
|
(3) |
Tháinig géarú mór ar fhogha na Rúise faoin Úcráin ó 2014 i leith i mí Feabhra 2022 le hionradh gan chúis ar an Úcráin. Leanann Fórsaí Armtha na hÚcráine d’iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint agus dá sibhialtaigh a chosaint leis na hacmhainní teoranta atá ar fáil. |
|
(4) |
An 30 Meán Fómhair 2022, ba dhíol sásaimh chomhpháirtigh d’Aire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta na hÚcráine tacaíocht an Aontais d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine agus d’iarr siad ar an Aontas Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) a sheoladh chun acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú. |
|
(5) |
An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin. (3) Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Chinneadh sin, tá an Misean mar chuid de Chur Chuige Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear bearta cúnaimh a thacaíonn le Fórsaí Armtha na hÚcráine. |
|
(6) |
Tá sé le cur de chúram ar EUMAM Ukraine an Beart Cúnaimh a chur chun feidhme. Tá sé le bheith freagrach as aisíoc armlóin, trealaimh nó ardán a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh arna soláthar ag na Ballstáit chun tacú le gníomhaíochtaí oiliúna, chomh maith le haisíoc seirbhísí, lena n-áirítear an trealamh míleata sin a iompar, a choimeád, a chothabháil agus a dheisiú. Beidh gá le dlúthchomhar idir Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, EUMAM Ukraine agus ceanncheathrú eile an mhisin, agus idir na Ballstáit atá i mbun na ngníomhaíochtaí oiliúna. |
|
(7) |
Tá an Beart Cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (4), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoi SES. |
|
(8) |
A luaithe is gá agus ar a dhéanaí nuair a bheidh an méid tagartha airgeadais EUR 16 000 000 a leithdháileadh ar dtús geallta go hiomlán, breithneoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála saincheist na leithdháiltí breise chun leanúint de mhaoiniú na tacaíochta do na riachtanais oiliúna bunaithe ar mheasúnú tapa arna dhéanamh ag EUMAM agus ar a thuarascálacha rialta, faoin mBeart Cúnaimh. |
|
(9) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (“an Beart Cúnaimh”).
2. Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na hÚcráine ag Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), chun cur ar chumas Fhórsaí Armtha na hÚcráine iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus an pobal sibhialtach a chosaint ar an bhfogha míleata atá ar siúl faoi láthair.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar na nithe seo a leanas ag na Ballstáit:
|
(a) |
armlón, trealamh míleata, agus ardáin, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, de réir mar is gá chun riachtanais oibríochtúla EUMAM Ukraine a chomhlíonadh; agus, |
|
(b) |
seirbhísí, lena n-áirítear iompar, coimeád, cothabháil agus deisiú na n-earraí faoi phointe (a) arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, le haghaidh oiliúint faoi EUMAM Ukraine. |
4. Ach a gcríochnófar an oiliúint nó a gcuirfear deireadh le EUMAM Ukraine, déanfar coimeád an armlóin, an trealaimh mhíleata agus na n-ardán a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, agus a cuireadh ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, a aistriú ar ais chuig an tairbhí.
5. Mairfidh an Beart Cúnaimh 24 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 16 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais tosaigh a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas le haghaidh oibríochtaí arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.
3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um oibríochtaí glao ar ranníocaíochtaí tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 16 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um oibríochtaí ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2021/509 sa bhuiséad leasaitheach lena mbaineann a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.
4. Beidh caiteachas a bhaineann le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh incháilithe ó dháta seolta EUMAM Ukraine.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh an tArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
|
(a) |
go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta; |
|
(b) |
go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
|
(c) |
go ndéanfar cothabháil ar aon sócmhainní arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh a bheidh leordhóthanach chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; agus, |
|
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar chuig daoine nó eintitis iad ag deireadh a saolré seachas na daoine nó na heintitis sin a shainaithnítear sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí sin de shárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme, i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES, ar bhealach comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Cuirfidh EUMAM Ukraine na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) chun feidhme, a bhaineann le haisíoc agus faireachán a dhéanamh ar armlón, ar threalamh míleata, agus ar ardáin, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, arna soláthar ag na Ballstáit.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Déanfaidh an tArdionadaí faireachán maidir le comhlíonadh a oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Úsáidfear an faireachán sin, chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin, agus rannchuideofar le neamhchomhlíonadh den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh tar éis a loingsithe a eagrú i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an Beart Cúnaimh curtha i gcrích, chun a mheasúnú ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh sin leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) tuarascálacha gach sé mhí maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509, chomh maith le tuarascáil in am trátha sula ngeallfar go hiomlán an méid tagartha airgeadais tosaigh. Cuirfidh an riarthóir um oibríochtaí, le tacaíocht ó Cheannasaí an Mhisin, an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear tríd an fhaisnéis atá ar fáil a sholáthar faoin trealamh a cuireadh ar fáil.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/1968 an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).
(4) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).