ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2179 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1770 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise a bhfuil ag tarlú i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 12(5) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1770. |
(2) |
An 5 Deireadh Fómhair 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2374 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe faisnéis maidir le triúr daoine aonair atá faoi réir bearta sriantacha a nuashonrú. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1770 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2a”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3, 4 agus 5:
“3. MAHRI SIDI AMAR BEN DAHA (ailias: a) Yoro Ould Daha b) Yoro Ould Daya c) Sidi Amar Ould Daha d) Yoro)
Ainmniúchán: Leas-cheann foirne chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao
Dáta breithe: 1 Ean. 1978
Áit bhreithe: Djebock, Mailí
Náisiúntacht: Mailí
Uimhir aitheantais náisiúnta: 11262/1547
Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022)
Faisnéis eile: Is ceannaire phobal Arabaigh Lehmar de chuid Gao é Mahri Sidi Amar Ben Daha agus tá sé ina cheann foirne míleata ar an eite sin de Mouvement Arab de l'Azawad (MAA), atá ar son an rialtais, bainteach leis an gcomhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d’Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní). Marbh ó bhí mí Feabhra 2020 ann de réir tuairiscí.
Grianghraf ar fáil lena chur san Fhógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála NA. an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-Comhairle Slándála NA:
https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals
Faisnéis bhreise
Tá Mahri Sidi Amar Ben Daha á liostú de bhun mhír 8 (b) de rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.
Ba oifigeach sinsearach de na póilíní Ioslamacha é Ben Daha, a bhí ag feidhmiú in Gao nuair a bhí an baile faoi rialú an Mouvement pour l’unicité et le jihad en Afrique de l’Ouest (MUJAO) (QDe.134) ó mhí an Mheithimh 2012 go dtí mí Eanáir 2013. Faoi láthair, tá Ben Daha ina leas-cheann foirne ar chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao.
An 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an 17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t-imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA-Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly.
Ón 14 go dtí an 18 Samhain 2018, chuir na scórtha trodairí MAA-Plateforme i dteannta trodairí de chuid ghrúpaí CMFPR bac ar thionóladh comhairliúchán réigiúnach. Ag gníomhú faoi threoir agus rannpháirtíocht Ben Daha, cuireadh sé fheithicil truiclín as Mouvement Arabe de l’Azawad (MAA-Plateforme) os comhair ghobharnóireacht Gao agus a comharsanachta. Chonacthas ar an láthair freisin dhá fheithicil MOC de chuid MAA-Plateforme.
An 17 Samhain 2018, tharla teagmhas idir gnéithe armtha a bhí ag cur bac le bealach isteach chuig an ngobharnóireacht agus patról FAMa a bhí faoin gceantar, ach cuireadh deireadh leis sular dtiocfadh leis méadú agus éirí ina shárú ar an sos comhraic. An 18 Samhain 2018, thóg dhá fheithicil déag san iomlán agus eilimintí armtha an t-imshuí ar an ngobharnóireacht tar éis an bhabhta caibidlíochta is déanaí le gobharnóir Gao.
An 30 Samhain 2018, reáchtáil Ben Daha cruinniú idir-Arabach in Tinfanda chun athstruchtúrú slándála agus riaracháin a phlé. I láthair ag an gcruinniú freisin bhí Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), duine atá faoi smachtbhannaí, agus a bhfuil tacaíocht agus cosaint Ben Daha aige.
Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, chuir Ben Daha bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais. Ina theannta sin, tá tacaíocht tugtha ag Ben Daha do dhuine a sainaithníodh mar bhagairt do chur chun feidhme an Chomhaontaithe trína rannpháirtíocht i sáruithe ar an sos chomhraic agus i ngníomhaíocht choiriúil eagraithe.
4. MOHAMED BEN AHMED MAHRI (ailias: a) Mohammed Rougi b) Mohamed Ould Ahmed Deya c) Mohamed Ould Mahri Ahmed Daya d) Mohamed Rougie e) Mohamed Rouggy f) Mohamed Rouji)
Dáta breithe: 1 Ean. 1979
Áit bhreithe: Tabankort, Mailí
Náisiúntacht: Mailí
Pasuimhir: a) AA00272627 b) AA0263957 c) AA0344148, arna eisiúint an 21 Márta 2019 (dáta éaga: an 20 Márta 2024)
Seoladh: Bamako, Mailí
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022)
Faisnéis eile: Is fear gnó ó phobal Lehmar na nArabach i réigiún Gao é Mohamed Ben Ahmed Mahri, a chomhoibrigh roimhe seo leis an Mouvement pour l’unicité et le Jihad en Afrique de l’Ouest (MUJAO) (QDe.134). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).
Grianghraf ar fáil lena chur san Fhógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála NA. an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-Comhairle Slándála NA:
https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals
Faisnéis bhreise
Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri á liostú de bhun mhír 8 (c) de rún 2374 (2017) de dheasca gníomhú ar son nó thar ceann na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a shainaithnítear i mír 8 (a) agus (b) de rún 2374 (2017), nó de dheasca gníomhú faoi stiúir na ndaoine aonair agus na n-eintiteas sin nó de bharr tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a mhaoiniú, lena n-áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe arna dtionscnamh dóibh i Mailí nó á n-aistriú tríd, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil agus gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha.
Idir Nollaig 2017 agus Aibreán 2018, d’ordaigh Mohamed Ben Ahmed Mahri oibríocht gháinneála de os cionn 10 dtonna channabas Mharacó, a aistríodh i dtrucailí fuaraithe trí Mauretania, Mailí, Burkina Faso agus an Nígir. Le linn oíche an 13 go dtí an 14 Meitheamh 2018, coigistíodh an ceathrú cuid den lastas in Niamey, agus cuireadh líomhain i leith grúpa comhraic gur ghoid sé na trí cheathrú a bhí fágtha le linn oíche an 12 agus an 13 Aibreán 2018.
Mí na Nollag 2017, bhí Mohamed Ben Ahmed Mahri in Niamey le náisiúnach de chuid Mhailí chun an oibríocht a ullmhú. Gabhadh an náisiúnach sin de chuid Mhailí in Niamey tar éis dó eitilt isteach as Maracó le beirt náisiúnach Mharacacha agus beirt náisiúnach Ailgéireacha ar an 15 agus an 16 Aibreán 2018 chun iarracht a dhéanamh teacht ar channabas goidte. Gabhadh triúr dá chomhpháirtithe freisin, náisiúnach de chuid Maracó, ar gearradh pianbhreith príosúnachta cúig mhí air i Maracó in 2014 as gáinneáil ar dhrugaí.
Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri i gceannas ar gháinneáil ar roisín cannabais a iompraítear go Nígir díreach trí thuaisceart Mhailí, trí chonbhuanna a úsáid atá á stiúradh ag comhaltaí den Groupe d'autodéfense des Touaregs Imghad et leurs alliés (GATIA), agus ina measc, Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), a bhfuil smachtbhannaí curtha air. Íocann Mohamed Ben Ahmed Mahri cúiteamh le Asriw as ucht na gconbhuanna sin a úsáid. Is iad na conbhuanna sin is cúis le caismirtí go minic le hiomaitheoirí a bhfuil baint acu le Coordination des Mouvements de l'Azawad (CMA).
Baineann Mohamed Ben Ahmed Mahri úsáid as a chuid ghnóthachain airgeadais ón ngáinneáil ar dhrugaí chun tacú le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear Al Mourabitoun (QDe.141), eintiteas a bhfuil smachtbhannaí air, agus déanann sé iarracht breab a thabhairt d'oifigigh as trodaithe gafa a scaoileadh saor agus as lánpháirtiú na dtrodaithe in Mouvement Arabe pour l’Azawad (MAA) Plateforme a éascú.
Dá bhrí sin, trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, tacaíonn Mohamed Ben Ahmed Mahri le duine sainaitheanta faoi mhír 8(b) de Rún 2374 (2007) mar bhagairt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus le grúpa sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i Rún 1267.
5. MOHAMED OULD MATALY
Ainmniúchán: Comhalta Parlaiminte
Dáta breithe: 1958
Náisiúntacht: Mailí
Pasuimhir: a) D9011156, b) AA0260156, arna eisiúint an 3 Lúnasa 2018 (dáta éaga: an 2 Lúnasa 2023)
Seoladh: (a) Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mali b) Almoustarat, Gao, Mali
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022)
Faisnéis eile: Tá Mohamed Ould Mataly, iar-Mhéara Bourem, ina chomhalta den Pharlaimint faoi láthair don toghlach Bourem agus tá sé ina chomhalta den Rassamblement pour le Mali (RPM, páirtí polaitiúil an Uachtaráin Ibrahim Boubacar Keita). Is duine de phobal Arabach Lehmar é agus is comhalta é a bhfuil tionchar mór aige ar an eite den Mouvement Arabede l'Azawad (MAA) atá ar son an rialtais, atá nasctha le comhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).
Grianghraf ar fáil lena chur san Fhógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála NA. an nasc gréasáin le haghaidh fógraí speisialta de chuid INTERPOL-Comhairle Slándála NA:
https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals
Faisnéis bhreise
Tá Mohamed Ould Mataly liostaithe de bhun mhír 8 (b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó a chuireann bagairt ar a chur chun feidhme.
An 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an 17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t-imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA-Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly.
Ghlac a dhlúthchomhlach Mahri Sidi Amar Ben Daha, ailias Yoro Ould Daha, a bhfuil cónaí air ina theach in Gao, páirt san imshuí ar an áit ina raibh an comhairliúchán in oifig an Ghobharnóra le linn na tréimhse sin.
Ina theannta sin, ar an 12 Iúil 2016 bhí Ould Mataly ar dhuine de ghríosóirí léirsithe a bhí naimhdeach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, tá bac curtha ag Ould Mataly ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas.
Ar deireadh, d’agair Ould Mataly go scaoilfí baill dá phobal a gabhadh in oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta. Trína rannpháirtíocht sa choireacht eagraithe agus trí chomhlachas le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, cuireann Mohamed Ould Mataly cur chun feidhme an Chomhaontaithe i mbaol.”
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2180 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47(5) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509. |
(2) |
An 14 Meán Fómhair 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le dhá eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, faoin gceannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 36 agus 74:
|
Ainm |
Ailias |
Suíomh |
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe |
Faisnéis eile |
“36. |
Singwang Economics agus Trading General Corporation |
|
Seoladh: DPDC (Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré) |
30.11.2016 |
Is gnólacht DPDC é a bhíonn ag trádáil guail. Gineann DPDC sciar shuntasach den airgead dá cláir diúracán núicléach agus balaistíoch trí mhianadóireacht a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus na hacmhainní sin a dhíol thar lear. |
74. |
Weihai World-Shipping Freight |
|
Seoladh: 419-201, Tongyi Lu, Huancui Qu, Weihai, Shandong 264200, China; Uimhir IMO: 5905801 |
30.3.2018 |
Bainisteoir loinge agus tráchtála XIN GUANG HAI, soitheach a thug gual ar bord ag Taean, DPDC, an 27 Deireadh Fómhair 2017 agus a raibh am teachta measta aige an 14 Samhain 2017 go Cam Pha, Vítneam, ach nár shroich sé.”. |
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/7 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2181 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meitheamh 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a mhéid a bhaineann leis na dátaí tosaigh agus na tréimhsí a bhaineann le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Iarratas ar thacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) arna chur isteach ag oibreoir, beidh sé neamh-inghlactha ar feadh tréimhse sainaitheanta ama má chinneann an t-údarás inniúil gur tharla na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/1139. |
(2) |
Chun cineál coinníollach na tacaíochta ó CEMID a áirithiú, is iomchuí na forálacha is gá a leagan síos lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí sin a chuireann isteach ar thacaíocht ó CEMID na coinníollacha inghlacthachta le haghaidh tacaíocht ó CEMID i ndáil leis na soithí iascaireachta uile atá faoi rialú éifeachtach acu. |
(3) |
Le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2021/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sainaithnítear an tairseach maidir le neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú, agus tréimhse ama na neamh-inghlacthachta, ar cheart di a bheith comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha, na gcionta nó na calaoise a rinneadh, agus ar cheart bliain ar a laghad a bheith inti. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na rialacha maidir le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht a bhunaítear sa ghníomh seo chun a áirithiú go gcumhdófar gach cás dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/1139. |
(4) |
Is gá, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh, agus maidir le sainaithint na ndátaí ábhartha tosaigh agus deiridh agus na gcoinníollacha chun an tréimhse sin a mhéadú nó a laghdú. Is iomchuí freisin rialacha a leagan síos maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an tréimhse neamh-inghlacthachta i gcás ina ndéanann oibreoir tuilleadh sáruithe tromchúiseacha le linn na tréimhse neamh-inghlacthachta. |
(5) |
Tá gá freisin le gníomhachtú uathoibríoch neamh-inghlacthachta le haghaidh chistí CEMID i gcás sáruithe tromchúiseacha áirithe lena ndéantar dochar ar leith mar gheall ar a gcineál agus a thromchúisí atá siad. |
(6) |
Is iomchuí freisin rialacha a leagan síos maidir le neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú agus fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh i gcásanna ina bhfuil níos mó ná soitheach iascaireachta amháin faoi úinéireacht nó rialú ag oibreoir aonair. Ba cheart a áirithiú leis na rialacha sin nach rachaidh tacaíocht ó CEMID le haghaidh soithí eile de chuid an oibreora chun tairbhe go hindíreach do shoithí iascaireachta a úsáideadh chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh. |
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 92(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (2), más rud é nach ndéantar aon sárú tromchúiseach eile laistigh de 3 bliana ó dháta an tsáraithe thromchúisigh dheireanaigh, ba cheart na pointí uile a scriosadh. Mar iarmhairt air sin, fanann pointí sáraithe ar cheadúnas oibreora go ceann 3 bliana ar a laghad. Chun leanúnachas leis an gcóras atá i bhfeidhm a áirithiú, mar aon le comhréireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, níor cheart ach na sáruithe tromchúiseacha amháin a rinneadh amhail ón 1 Eanáir 2013 i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus nár scriosadh na pointí arna sannadh ina leith ó cheadúnas oibreora a chur san áireamh agus an tréimhse neamh-inghlacthachta á ríomh. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (3), cuirfear daoine dlítheanacha faoi dhliteanas i leith sáruithe tromchúiseacha i gcás ina ndearna aon duine nádúrtha na sáruithe sin chun a thairbhe féin, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid d’orgán an duine dhlítheanaigh. |
(9) |
Ba cheart rialacha a leagan síos chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí atá ina n-úinéirí nua ar shoithí iascaireachta tar éis díola nó cineál eile aistrithe úinéireachta agus, an tráth céanna, gan dochar á dhéanamh do chóras an Aontais maidir le rialú, iniúchadh agus forfheidhmiú a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 maidir le rialú iascaigh, rud atá riachtanach chun cuspóirí CBI a bhaint amach. Dá ndéanfaí ceadúnas iascaireachta oibreora a tharraingt siar go buan mar gheall ar mhinicíocht agus tromchúis na sáruithe a rinneadh, ba cheart an rochtain ar thacaíocht ó CEMID a dhiúltú go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta an chaiteachais le haghaidh ranníocaíocht ó CEMID a leagtar síos in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun leasanna airgeadais an Aontais agus a cháiníocóirí a chosaint. Ba cheart feidhm a bheith ag neamh-inghlacthacht den sórt sin fiú amháin, de réir an mhodha ríomha a leagtar síos sa Rialachán seo, dá dtiocfadh deireadh leis an tréimhse neamh-inghlacthachta roimh dheireadh na tréimhse incháilitheachta. |
(10) |
Le hAirteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2021/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na socruithe chun an chabhair a deonaíodh a aisghabháil má tharlaíonn sáruithe tromchúiseacha nó cionta comhshaoil le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2) den Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, socruithe a leagan síos chun an chabhair a deonaíodh a aisghabháil. |
(11) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé cóir chomhchuibhithe agus chomhionann a áirithiú d’oibreoirí sna Ballstáit uile ó thús na clárthréimhse, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm a bheith aige ón gcéad lá de thréimhse incháilitheachta an chaiteachais maidir le ranníocaíocht ó CEMID, eadhon an 1 Eanáir 2021. Ní bheidh tionchar ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach maidir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar thacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) agus sonraítear ann an tréimhse ama ar lena linn a bheidh iarratais den sórt sin, arna gcur isteach ag oibreoirí a bhfuil aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1) nó (3) de Rialachán (AE) 2021/1139 déanta acu, neamh-inghlactha.
Airteagal 2
Sainmhíniú
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ina theannta sin, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
ciallaíonn “pointí sáraithe” na pointí a shanntar d’oibreoir i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais faoi chóras na bpointí le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a leagtar amach in Airteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
CAIBIDIL II
TAIRSEACH LE hAGHAIGH NA NEAMH-INGHLACTHACHTA AGUS FAD NA NEAMH-INGHLACTHACHTA
Airteagal 3
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí a bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta acu nó atá faoi dhliteanas ina leith faoi Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó faoi Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009
1. Beidh iarratas ar thacaíocht arna chur isteach ag oibreoir neamh-inghlactha ar feadh tréimhse ama a bhunaítear de bhun Iarscríbhinn I i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil i gcinneadh go bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta ag an oibreoir a bhfuil an t-iarratas á chur isteach aige nó go bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith faoi Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó faoi Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2. Chun neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú agus chun fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh, ní chuirfear san áireamh ach na sáruithe tromchúiseacha a rinneadh amhail ón 1 Eanáir 2013 agus a ndearnadh cinneadh ina leith de réir bhrí mhír 1.
3. D’ainneoin mhír 2, chun críocha mhír 1 ní chuirfear san áireamh ach sáruithe tromchúiseacha nár scriosadh na pointí ina leith de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
4. Is é dáta an chinnidh ar a nglacfaidh an t-údarás inniúil de réir bhrí mhír 1 dáta tosaigh na tréimhse neamh-inghlacthachta.
Airteagal 4
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí a bhfuil a soitheach ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó a bhfuil a soitheach faoi bhratach tríú tír neamh-chomhoibríoch
1. Beidh iarratas ar thacaíocht arna chur isteach ag oibreoir neamh-inghlactha ar feadh tréimhse ama a bhunaítear de bhun Iarscríbhinn II má chinneann an t-údarás inniúil i gcinneadh an méid seo a leanas:
(a) |
go raibh an t-oibreoir sin rannpháirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN mar a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008; nó |
(b) |
go raibh an t-oibreoir sin rannpháirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh atá faoi bhratach tíre atá ar áireamh ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
2. Is é dáta an chinnidh ar a nglacfaidh an t-údarás inniúil de réir bhrí mhír 1 dáta tosaigh na tréimhse neamh-inghlacthachta.
Airteagal 5
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí san earnáil dobharshaothraithe a rinne cionta comhshaoil nó atá faoi dhliteanas ina leith
1. Má chinn údarás inniúil i gcinneadh go ndearna oibreoir ceann de na cionta a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) nó go bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith, beidh iarratais ar thacaíocht ó CEMID arna gcur isteach ag an oibreoir sin de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1139 neamh-inghlactha de bhun Iarscríbhinn III.
2. Is é dáta tosaigh na tréimhse neamh-inghlacthachta dáta an chinnidh ó údarás inniúil lena gcinntear go ndearnadh cion a leagtar amach in Airteagail 3 nó 4 de Threoir 2008/99/CE.
3. Chun neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú agus chun fad na tréimhse neamh-inghlacthachta a ríomh, ní dhéanfar ach na cionta a rinneadh amhail ón 1 Eanáir 2013 agus a nglacadh cinneadh ina leith de réir bhrí mhír 1 a chur san áireamh.
Airteagal 6
Neamh-inghlacthacht iarratas arna gcur isteach ag oibreoirí a rinne calaois nó atá faoi dhliteanas ina leith i gcomhthéacs CEMI nó CEMID
1. Má chinneann údarás inniúil go ndearna oibreoir calaois nó más rud é go bhfuil sé faoi dhliteanas i leith calaoise i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh (CEMI) nó CEMID, beidh na hiarratais uile ar thacaíocht ó CEMID a chuirfidh an t-oibreoir sin isteach neamh-inghlactha de bhun Iarscríbhinn IV.
2. Tosóidh an tréimhse neamh-inghlacthachta ó dháta an chinnidh chríochnaithigh lena gcinntear go ndearnadh calaois mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).
CAIBIDIL III
FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 7
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht a chinneadh agus fad na neamh-inghlacthachta
1. I gcás ina ndearna oibreoir aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4, 5 agus 6, nó má tá sé faoi dhliteanas ina leith, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann ar baineadh amach an tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht. Is é an Ballstát a dhéanfaidh an cinneadh sin de bhun cholún (a) d’Iarscríbhinní I, II, III nó IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann de bhun mhír 1 gur baineadh amach an tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht, cinnfidh sé ansin fad comhfhreagrach na neamh-inghlacthachta, de bhun na nithe seo a leanas:
(a) |
colún (b) d’Iarscríbhinní I, II, III nó IV a ghabhann leis an Rialachán seo; agus |
(b) |
i gcás inarb infheidhme, colúin (c) agus (d) d’Iarscríbhinní I nó III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 8
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht a chinneadh i gcás ina bhfuil níos mó ná soitheach iascaireachta amháin faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir
1. I gcás ina n-oibríonn oibreoir níos mó ná soitheach iascaireachta amháin nó i gcás ina bhfuil níos mó ná soitheach iascaireachta amháin faoi úinéireacht nó faoi rialú aige, déanfar an tréimhse neamh-inghlacthachta le haghaidh iarratas ar thacaíocht arna chur isteach ag an oibreoir sin a chinneadh ar leithligh le haghaidh gach soithigh iascaireachta ar leith, i gcomhréir le hAirteagail 3 nó 4.
2. Ina theannta sin, beidh iarratais ar thacaíocht arna gcur isteach ag an oibreoir sin neamh-inghlactha freisin sna cásanna seo a leanas:
(a) |
más rud é go bhfuil iarratais i ndáil le níos mó ná leath na soitheach iascaireachta faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir sin neamh-inghlactha chun tacaíocht a fháil de bhun Airteagail 3 nó 4, nó |
(b) |
i gcás inar sannadh pointí sáraithe le haghaidh sáruithe tromchúiseacha de bhun Airteagal 42(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó Airteagal 90(1)(a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, má tá meánlíon na bpointí sáraithe a shanntar in aghaidh an tsoithigh iascaireachta faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir sin cothrom le 7 bpointe nó níos mó ná sin. |
Airteagal 9
Úinéireacht a aistriú
1. Más rud é go bhfuil oibreoir faoi réir tréimhse neamh-inghlacthachta de bhun Airteagail 3, 4 agus 6, ní dhéanfar an tréimhse neamh-inghlacthachta a eascraíonn as sáruithe tromchúiseacha a rinneadh roimh an athrú úinéireachta a aistriú chuig an oibreoir nua i gcás ina ndíolfar nó ina n-aistreofar úinéireacht an tsoithigh iascaireachta.
2. De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina sanntar pointí sáraithe, i gcomhréir le córas na bpointí arna bhunú le hAirteagal 92 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a dhéantar faoi Airteagal 42(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó faoi Airteagal 90(1)(a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 sula n-athraítear úinéireacht an tsoithigh iascaireachta, ní chuirfear na pointí sáraithe sin san áireamh chun neamh-inghlacthacht a ghníomhachtú ná chun fad thréimhse neamh-inghlacthachta an oibreora nua a ríomh de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 8(2) ach amháin nuair a dhéanann an t-oibreoir nua sárú tromchúiseach, i ndiaidh an athraithe ar úinéireacht, faoi Airteagal 42(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó Airteagal 90(1)(a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 10
An ceadúnas iascaireachta a tharraingt siar go buan
Na hiarratais ar thacaíocht arna gcur isteach ag oibreoir ar tarraingíodh a cheadúnas iascaireachta siar go buan le haghaidh aon cheann de na soithí iascaireachta faoi úinéireacht nó faoi rialú ag an oibreoir sin, beidh siad neamh-inghlactha ón dáta ar tarraingíodh siar an ceadúnas iascaireachta go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta an chaiteachais le haghaidh ranníocaíocht ó CEMID dá dtagraítear in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, más rud é gur tarraingíodh siar an ceadúnas iascaireachta sin:
(a) |
i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus le hAirteagal 129(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (8); nó, más infheidhme, |
(b) |
mar thoradh ar smachtbhannaí i leith sáruithe tromchúiseacha arna bhforchur ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008. |
Airteagal 11
Socruithe chun cabhair a aisghabháil
1. Má tharlaíonn aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/1139 idir an dáta ar a gcuir an t-oibreoir an t-iarratas isteach agus 5 bliana tar éis na híocaíochta deiridh, beidh an tacaíocht arna híoc ó CEMID a bhaineann leis an iarratas sin faoi réir ceartú airgeadais ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán AE 2021/1139 agus Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.
2. Beidh an méid atá le haisghabháil comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/1139.
Airteagal 12
Forálacha idirthréimhseacha
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú tréimhsí neamh-inghlacthachta iarratas ar thacaíocht ó CEMI arna deonú faoi Rialachán Tairmligthe (AE) 2015/288 (9).
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.
(2) Rialachán Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999, (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(7) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/288 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh i ndáil leis an tréimhse ama agus na dátaí le haghaidh neamh-inghlacthacht iarratas (IO L 51, 24.2.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a rinne sáruithe tromchúiseacha faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009
Catagóirí de sháruithe tromchúiseacha |
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
(c) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse mhéadaithe neamh-inghlacthachta |
(d) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse laghdaithe neamh-inghlacthachta |
Sáruithe tromchúiseacha i gcatagóirí 1 agus 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 (*1) |
9 bpointe sáraithe san iomlán, gan beann ar líon na sáruithe tromchúiseacha |
12 mhí |
1 mhí bhreise neamh-inghlacthachta in aghaidh gach pointe sáraithe breise os cionn na tairsí |
Má scriostar dhá phointe sáraithe de bhun Airteagal 133(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, déantar laghdú 4 mhí ar an tréimhse neamh-inghlacthachta. |
Na sáruithe tromchúiseacha uile mar a shainítear in Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus in Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cé is moite de sháruithe tromchúiseacha i gcatagóirí 1 agus 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 |
1 sárú tromchúiseach |
12 mhí in aghaidh an tsáraithe thromchúisigh |
2 mhí bhreise neamh-inghlacthachta in aghaidh an tsáraithe thromchúisigh i gcatagóirí 7, 9, 10, 11 nó 12 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011. Más rud é go ndéanann oibreoir sárú tromchúiseach i gcatagóir 1 nó 2 dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 le linn na tréimhse neamh-inghlacthachta nó má tá sé faoi dhliteanas ina leith, cuirfear síneadh 1 mhí leis an tréimhse neamh-inghlacthachta le haghaidh gach pointe sáraithe a shanntar le haghaidh na sáruithe tromchúiseacha sin. |
(*1) Níl feidhm ag an tsraith seo ach sa chás ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha i gcatagóir 1 nó 2. I gcás ina ndearnadh sáruithe tromchúiseacha eile roimh sháruithe tromchúiseacha i gcatagóir 1 nó 2, go comhuaineach leis na sáruithe tromchúiseacha sin nó ina ndiaidh, agus le linn na tréimhse neamh-inghlacthachta céanna, ní dhéanfar sáruithe tromchúiseacha i gcatagóir 1 nó 2 a chur san áireamh ach amháin chun críoch cholúin (c) agus (d) den dara sraith.
IARSCRÍBHINN II
An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a bhfuil a soitheach ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN nó a bhfuil bratach tríú tír neamh-chomhoibríoch ar foluain ag a soitheach
Cineál an tsáraithe |
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
Bhí an t-oibreoir páirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN mar a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 |
1 sárú |
An tréimhse iomlán a mbeidh an soitheach iascaireachta ar áireamh ar liosta an Aontais de shoithí NNN lena linn, agus, in aon chás, tréimhse nach lú ná 24 mhí |
Bhí an t-oibreoir páirteach in oibriú, i mbainistíocht nó in úinéireacht soithigh atá faoi bhratach tíre atá ar áireamh ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 |
1 sárú |
An tréimhse iomlán a mbeidh an tír sin ar áireamh ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha lena linn, agus, in aon chás, tréimhse nach lú ná 12 mhí |
IARSCRÍBHINN III
An tairseach lena ngníomhachtaítear neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a rinne cionta comhshaoil a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE
Cion comhshaoil |
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
(c) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse mhéadaithe neamh-inghlacthachta |
(d) Na coinníollacha le haghaidh tréimhse laghdaithe neamh-inghlacthachta |
Cionta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2008/99/CE ar chinn an t-údarás inniúil ina leith go ndearnadh an cion le faillí thromchúiseach |
1 chion |
12 mhí in aghaidh an chiona |
6 mhí sa bhreis má tá tagairt déanta ag an údarás inniúil go sainráite d’imthosca géaraitheacha a bheith ann nó má chinn sé go ndearnadh cion a rinne an t-oibreoir i gcaitheamh tréimhse níos faide ná 1 bhliain. |
Ar choinníoll go mairfidh an tréimhse neamh-inghlacthachta ar a laghad 12 mhí san iomlán, laghdú 6 mhí a bheidh i gceist má tá tagairt déanta ag an údarás inniúil go sainráite d’imthosca maolaitheacha a bheith ann. |
Cionta a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2008/99/CE ar chinn an t-údarás inniúil ina leith go ndearnadh an cion d’aon ghnó |
1 chion |
24 mhí in aghaidh an chiona |
||
Cionta a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/99/CE |
1 chion |
24 mhí in aghaidh an chiona |
IARSCRÍBHINN IV
An tairseach lena ngníomhachtaítear neamh-inghlacthacht agus an tréimhse ama neamh-inghlacthachta le haghaidh oibreoirí a rinne calaois i gcomhthéacs CEMI nó CEMID
(a) An tairseach lena ngníomhachtaítear an neamh-inghlacthacht |
(b) Tréimhse ama na neamh-inghlacthachta |
Aon chalaois a rinne an t-oibreoir i gcomhthéacs CEMI nó CEMID |
Ó dháta an chinnidh chríochnaithigh lena gcinntear go ndearnadh calaois mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/1371 go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta an chaiteachais le haghaidh ranníocaíocht CEMID dá dtagraítear in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060. |
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/18 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2182 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le lipidí agus maidir le maignéisiam i leith ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 ón gCoimisiún (2) leagtar síos, inter alia, ceanglais shonracha chomhdhéanaimh maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú ar ceanglais iad atá bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is déanaí (3) ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an ábhar. |
(2) |
Maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, is éard a fhoráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 go mbeidh ar a laghad 11 g d’aigéad líonoiléach agus 1,4 g d’alfa-aigéad líonoiléach sa chiondáil laethúil iomlán agus nach mbeidh níos mó ná 250 mg maignéisiam inti, faoi mar a leagtar amach i bpointí 4.1, 4.2 agus 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
An 7 Samhain 2019, fuair an Coimisiún iarraidh, mar aon le liosta nua faisnéise eolaíche, ó Total Diet & Meal Replacements Europe go ndéanfaí athbhreithniú ar na ceanglais chomhdhéanaimh maidir le haigéad líonoiléach, aigéad alfa-líonoiléach agus maignéisiam i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798. An 10 Márta 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis eolaíoch a cuireadh isteach agus ar aon fhaisnéis ábhartha eolaíoch eile a bhí ar fáil agus, dá mbeadh gá leis, conclúidí na tuairime eolaíche is déanaí uaidh (4) a thabhairt cothrom le dáta a mhéid a bhaineann leis na híosleibhéil aigéid líonoiléach agus aigéid alfa-líonoiléach san ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, mar aon leis an uasleibhéal maignéisiam. |
(4) |
Sa ráiteas uaidh an 15 Aibreán 2021 maidir leis an bhfaisnéis eolaíoch breise i ndáil le comhdhéanamh fíor-riachtanach an ionadaigh ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú (5), tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil gá aigéad líonoiléach a chur leis an ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, toisc, le linn don duine a bheith ag cailleadh meáchain agus é ag tógáil an ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, gur leor an méid aigéad líonoiléach a scaoiltear ón bhfíochán sailleach chun an riachtanas i leith aigéad líonoiléach a chomhlíonadh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, cé go bhféadfaí thart ar 40 % d’iontógáil leordhóthanach aigéid alfa-líonoiléach a sholáthar ón méid a scaoilfí ón bhfíochán sailleach le linn do dhaoine róthroma nó murtallacha a bheith ag cailleadh meáchain agus iad ag tógáil ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, gur gá 0,8 g/lá ar a laghad de a sholáthar tríd an ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú chun an iontógáil leordhóthanach a chomhlíonadh i leith aigéad alfa-líonoiléach. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach ábhar imní é an cion maignéisiam a mhéadú go 350 mg/lá san ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. Cé gur féidir le buinneach a bheith mar thoradh ar maignéisiam is beag an dóchúlacht go spreagfadh maignéisiam buinneach chomh dona sin go mbeadh sí ina cúis imní i gcás daoine róthroma nó murtallacha a bhfuil ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú á thógáil acu, ós rud é go mbíonn iatacht ar na daoine sin níos minice ná buinneach. |
(5) |
Ar bhonn chonclúidí an Údaráis, agus d’fhonn an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh, is iomchuí deireadh a chur leis an íoscheanglas maidir le haigéad líonoiléach atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798, an t-íoschion aigéid alfa-líonoiléach a cheanglaítear faoin Rialachán Tarmligthe sin a laghdú agus an t-uaschion maignéisiam a cheadaítear i leith na dtáirgí sin a mhéadú. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha comhdhéanaimh agus faisnéise maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. (IO L 259, 7.10.2017, lch. 2).
(3) Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2015. Scientific Opinion on the essential composition of total diet replacement for weight control [Tuairim Eolaíoch maidir le comhdhéanamh fíor-riachtanach an ionadaigh ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú], EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(1):3957 agus Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí), 2016. Tuairim Eolaíoch maidir leis na Luachanna Tagartha Cothúcháin le haghaidh coilín, EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(8):4484.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(8):4484.
(5) Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Chothú, Bianna Núíosacha agus Ailléirginí Bia), 2021. Statement on additional scientific evidence in relation to the essential composition of total diet replacement for weight control [Ráiteas maidir le faisnéis eolaíoch bhreise i ndáil le comhdhéanamh fíor-riachtanach an ionadaigh ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(4):6494.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 mar a leanas:
(1) |
scriostar pointe 4.1; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.2: “Ní bheidh an méid aigéid alfa-líonoiléach i dtáirgí ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú níos lú ná 0,8 g i leith na ciondála laethúla iomláine.”; |
(3) |
i bpointe 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre: “Ní bheidh níos mó ná 350 mg maignéisiam i dtáirgí ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú i leith na ciondála laethúla iomláine.” |
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2183 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Samhain 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (2) ón gCoimisiún leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi deich ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta (2), British Columbia (2), Manitoba (2), Ontario (1), Quebec (1) agus Saskatchewan (2), Ceanada, ráigeanna a deimhníodh idir an 26 Meán Fómhair 2022 agus an 13 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 41 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcontaetha Anglesey (2), Cheshire (1), Devon (1), Essex (2), Lancashire (2), Lincolnshire (2), Norfolk (25), Suffolk (2), West Essex (1), agus Yorkshire (2) i Sasana, an Ríocht Aontaithe agus ar Inse Orc (1), Albain, an Ríocht Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 9 Deireadh Fómhair 2022 agus an 26 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
De bhreis air sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 18 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i stáit Alaska (1), California (1), Colorado (1), Florida (2), Kansas (3), Minnesota (1), Nebraska (1), Nevada (1), Pennsylvania (1) South Dakota (1) agus Utah (5), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 7 Deireadh Fómhair 2022 agus an 25 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios rialaithe de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(9) |
Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe. |
(10) |
Thairis sin, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le ceithre ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíocht éanlaithe clóis i gcúigí British Columbia (1), Alberta (1), Ontario (1) agus Quebec (1), Ceanada, ráigeanna a deimhníodh an 8 Meitheamh 2022, an 12 Aibreán 2022, an 26 Aibreán 2022 agus an 14 Aibreán 2022 faoi seach. |
(11) |
Chuir Ceanada faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne sé chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích aige tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a chríocha. |
(12) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le tráchtearraí éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas ó na criosanna i gCeanada óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
(14) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(15) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2061 ón gCoimisiún (4), leasaíodh Cuid 1 d’Iarscríbhinn V agus Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 tríd an ró US-2.296 a chur leo, lena sainítear crios amháin atá buailte sna hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe in Iarscríbhinní V agus XIV. Toisc gur braitheadh earráid amháin maidir leis an dáta a deimhníodh an ráig lena mbaineann, ba cheart na rónna le haghaidh chrios US-2.296 sna hIarscríbhinní sin a cheartú dá réir. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceartúcháin sin ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2061. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
1. In Iarscríbhinn V, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.296:
“US Na Stáit Aontaithe |
US-2.296 |
Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh |
BPP |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla |
BPR |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a mharú seachas raitítigh |
SP |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Raitítigh a bhfuil sé beartaithe iad a mharú |
SR |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Sicíní lae seachas raitítigh |
DOC |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Sicíní lae raitíteach |
DOR |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh |
POU-LT20 |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh |
HEP |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Uibheacha goir raitíteach |
HER |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Níos lú ná 20 ubh goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh |
HE-LT20 |
N, P1 |
|
7.10.2022” |
|
2. In Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.296:
“US Na Stáit Aontaithe |
US-2.296 |
Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh |
POU |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
Feoil úr raitíteach |
RAT |
N, P1 |
|
7.10.2022 |
|
||
Feoil úr éan géim |
GBM |
P1 |
|
7.10.2022” |
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 27 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear d’ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2061 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L 276, 26.10.2022, lch. 69).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
CINNTÍ
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/78 |
CINNEADH (CBES) 2022/2184 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1296 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1296 (1), ar Cinneadh é lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh sin (“an tréimhse cur chun feidhme”), ó tabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de. |
(2) |
Tá deireadh le teacht leis an tréimhse cur chun feidhme an 14 Nollaig 2022 nuair a rachaidh Cinneadh (CBES) 2019/1296 in éag. |
(3) |
An 12 Lúnasa 2022, d’iarr Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí Rúnaíocht na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2019/1296, go gcuirfí síneadh 13 mhí gan chostas leis an tréimhse cur chun feidhme. Leis an síneadh sin, chuirfí ar chumas ESCE cur chun feidhme roinnt de na tionscadail sin a chur i gcrích, ar tionscadail iad ar chuir paindéim COVID-19 agus an staid slándála san Úcráin isteach ar a gcur chun feidhme. |
(4) |
Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag baint le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme na dtionscadal go dtí an 14 Eanáir 2024. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1296 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/1296:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 14 Eanáir 2024.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1296 ón gComhairle an 31 Iúil 2019 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 204, 2.8.2019, lch. 29).
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/80 |
CINNEADH (CBES) 2022/2185 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 10 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1939 (1). |
(2) |
An 7 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/919 (2), lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 agus lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse cur chun feidhme do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de go dtí an 30 Samhain 2022. |
(3) |
An 7 Meitheamh 2022 agus an 6 Meán Fómhair 2022, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta agus Oifig na Náisiún Aontaithe um an bhFrithsceimhlitheoireacht, faoi seach, ina gcáil mar ghníomhaireachtaí cur chun feidhme, síneadh 7 mí le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/1939 go dtí an 30 Meitheamh 2023, i bhfianaise na moille leanúnaí ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/1939 mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19. |
(4) |
Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1939 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/1939 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/1939, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhíre:
“Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1939 ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 314, 11.12.2018, lch. 41).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/919 ón gComhairle an 7 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 201, 8.6.2021, lch. 27).
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/81 |
CINNEADH (CBES) 2022/2186 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir. |
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 12 Samhain 2023. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2019/1894:
“Airteagal 8
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Samhain 2023 agus leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/82 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/2187 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid a leanas:
(1) |
An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775. |
(2) |
An 5 Deireadh Fómhair 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2374 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, faisnéis maidir le triúr daoine aonair atá faoi réir bearta sriantacha a nuashonrú. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775, faoin teideal “A. Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(1)”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 6, 7 agus 8:
“6. MAHRI SIDI AMAR BEN DAHA (ailias: a) Yoro Ould Daha b) Yoro Ould Daya c) Sidi Amar Ould Daha d) Yoro)
Ainmniú: Leas-cheann foirne chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao
Dáta breithe: 1 Ean. 1978
Áit bhreithe: Djebock, Mailí
Náisiúntacht: Mailí
Uimhir aitheantais náisiúnta: 11262/1547
Seoladh: Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022)
Faisnéis eile: Is ceannaire phobal Arabaigh Lehmar de chuid Gao é Mahri Sidi Amar Ben Daha agus tá sé ina cheann foirne míleata ar an eite sin de Mouvement Arab de l'Azawad (MAA), atá ar son an rialtais, bainteach leis an gcomhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d’Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní). Marbh ó bhí mí Feabhra 2020 ann de réir tuairiscí.
Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:
https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals
Faisnéis bhreise
Tá Mahri Sidi Amar Ben Daha á liostú de bhun mhír 8 (b) de rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.
Ba oifigeach sinsearach de na póilíní Ioslamacha é Ben Daha, a bhí ag feidhmiú in Gao nuair a bhí an baile faoi rialú an Mouvement pour l'unicité et le jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134) ó Mheitheamh 2012 go dtí Eanáir 2013. Faoi láthair, tá Ben Daha ina leas-cheann foirne ar chomhordú réigiúnach an Mécanisme opérationnel de coordination (MOC) in Gao.
An 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an 17 Samhain, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t-imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA-Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly.
Ón 14 go dtí an 18 Samhain 2018, chuir na scórtha trodairí MAA-Plateforme i dteannta trodairí de chuid ghrúpaí CMFPR bac ar thionóladh comhairliúchán réigiúnach. Ag gníomhú faoi threoir agus rannpháirtíocht Ben Daha, cuireadh sé fheithicil truiclín as Mouvement Arabe de l'Azawad (MAA-Plateforme) os comhair ghobharnóireacht Gao agus a comharsanachta. Chonacthas ar an láthair freisin dhá fheithicil MOC de chuid MAA-Plateforme.
An 17 Samhain 2018, tharla teagmhas idir gnéithe armtha a bhí ag cur bac le bealach isteach chuig an ngobharnóireacht agus patról FAMa a bhí faoin gceantar, ach cuireadh deireadh leis sular dtiocfadh leis méadú agus éirí ina shárú ar an sos comhraic. An 18 Samhain 2018, thóg dhá fheithicil déag san iomlán agus eilimintí armtha an t-imshuí ar an ngobharnóireacht tar éis an bhabhta caibidlíochta is déanaí le gobharnóir Gao.
An 30 Samhain 2018, reáchtáil Ben Daha cruinniú idir-Arabach in Tinfanda chun athstruchtúrú slándála agus riaracháin a phlé. I láthair ag an gcruinniú freisin bhí Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), duine atá faoi smachtbhannaí, agus a bhfuil tacaíocht agus cosaint Ben Daha aige.
Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, chuir Ben Daha bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais. Ina theannta sin, tá tacaíocht tugtha ag Ben Daha do dhuine a sainaithníodh mar bhagairt do chur chun feidhme an Chomhaontaithe trína rannpháirtíocht i sáruithe ar an sos chomhraic agus i ngníomhaíocht choiriúil eagraithe.
7. MOHAMED BEN AHMED MAHRI (ailias: a) Mohammed Rougi b) Mohamed Ould Ahmed Deya c) Mohamed Ould Mahri Ahmed Daya d) Mohamed Rougie e) Mohamed Rouggy f) Mohamed Rouji)
Dáta breithe: 1 Ean. 1979
Áit bhreithe: Tabankort, Mailí
Náisiúntacht: Mailí
Uimh. pas: a) AA00272627 b) AA0263957 c) AA0344148, arna eisiúint an 21 Márta 2019 (dáta éaga: an 20 Márta 2024)
Seoladh: Bamako, Mailí
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022)
Faisnéis eile: Is fear gnó ó phobal Lehmar na nArabach i réigiún Gao é Mohamed Ben Ahmed Mahri, a chomhoibrigh roimhe seo leis an Mouvement pour l'unicité et le Jihad en Afrique de l'Ouest (MUJAO) (QDe.134). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).
Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:
https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals
Faisnéis bhreise
Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri á liostú de bhun mhír 8 (c) de rún 2374 (2017) de dheasca gníomhú ar son nó thar ceann na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a shainaithnítear i mír 8 (a) agus (b) de rún 2374 (2017), nó de dheasca gníomhú faoi stiúir na ndaoine aonair agus na n-eintiteas sin nó de bharr tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a mhaoiniú, lena n-áirítear trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, lena n-áirítear táirgeadh agus gáinneáil ar dhrugaí támhshuanacha agus a réamhtheachtaithe arna dtionscnamh dóibh i Mailí nó á n-aistriú tríd, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, smuigleáil agus gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar mhaoin chultúrtha.
Idir Nollaig 2017 agus Aibreán 2018, d’ordaigh Mohamed Ben Ahmed Mahri oibríocht gháinneála de os cionn 10 dtonna channabas Mharacó, a aistríodh i dtrucailí fuaraithe trí Mauretania, Mailí, Burkina Faso agus an Nígir. Le linn oíche an 13 go dtí an 14 Meitheamh 2018, coigistíodh an ceathrú cuid den lastas in Niamey, agus cuireadh líomhain i leith grúpa comhraic gur ghoid sé na trí cheathrú a bhí fágtha le linn oíche an 12 agus an 13 Aibreán 2018.
Mí na Nollag 2017, bhí Mohamed Ben Ahmed Mahri in Niamey le náisiúnach de chuid Mhailí chun an oibríocht a ullmhú. Gabhadh an náisiúnach sin de chuid Mhailí in Niamey tar éis dó eitilt isteach as Maracó le beirt náisiúnach Mharacacha agus beirt náisiúnach Ailgéireacha ar an 15 agus an 16 Aibreán 2018 chun iarracht a dhéanamh teacht ar channabas goidte. Gabhadh triúr dá chomhpháirtithe freisin, náisiúnach de chuid Maracó, ar gearradh pianbhreith príosúnachta cúig mhí air i Maracó in 2014 as gáinneáil ar dhrugaí.
Tá Mohamed Ben Ahmed Mahri i gceannas ar gháinneáil ar roisín cannabais a iompraítear go Nígir díreach trí thuaisceart Mhailí, trí chonbhuanna a úsáid atá á stiúradh ag comhaltaí den Groupe d'autodéfense des Touaregs Imghad et leurs alliés (GATIA), agus ina measc, Ahmoudou Ag Asriw (MLi.001), a bhfuil smachtbhannaí curtha air. Íocann Mohamed Ben Ahmed Mahri cúiteamh le Asriw as ucht na gconbhuanna sin a úsáid. Is iad na conbhuanna sin is cúis le caismirtí go minic le hiomaitheoirí a bhfuil baint acu le Coordination des Mouvements de l'Azawad (CMA).
Baineann Mohamed Ben Ahmed Mahri úsáid as a chuid ghnóthachain airgeadais ón ngáinneáil ar dhrugaí chun tacú le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear Al Mourabitoun (QDe.141), eintiteas a bhfuil smachtbhannaí air, agus déanann sé iarracht breab a thabhairt d’oifigigh as trodaithe gafa a scaoileadh saor agus as lánpháirtiú na dtrodaithe in Mouvement Arabe pour l'Azawad (MAA) Plateforme a éascú.
Dá bhrí sin, trí na fáltais ón gcoireacht eagraithe, tacaíonn Mohamed Ben Ahmed Mahri le duine sainaitheanta faoi mhír 8(b) de Rún 2374 (2007) mar bhagairt ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí, agus le grúpa sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i Rún 1267.
8. MOHAMED OULD MATALY
Ainmniú: Comhalta Parlaiminte
Dáta breithe: 1958
Náisiúntacht: Mailí
Uimh. pas: a) D9011156, b) AA0260156, arna eisiúint an 3 Lúnasa 2018 (dáta éaga: an 2 Lúnasa 2023)
Seoladh: a) Golf Rue 708 Door 345, Gao, Mailí b) Almoustarat, Gap, Mailí
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 10 Iúil 2019 (arna leasú an 19 Nollaig 2019, an 14 Eanáir 2020, an 5 Deireadh Fómhair 2022)
Faisnéis eile: Tá Mohamed Ould Mataly, iar-Mhéara Bourem, ina chomhalta den Pharlaimint faoi láthair don toghlach Bourem agus tá sé ina chomhalta den Rassamblement pour le Mali (RPM, páirtí polaitiúil an Uachtaráin Ibrahim Boubacar Keita). Is duine de phobal Arabach Lehmar é agus is comhalta é a bhfuil tionchar mór aige ar an eite den Mouvement Arabede l'Azawad (MAA) atá ar son an rialtais, atá nasctha le comhghuaillíocht Plateforme des mouvements du 14 juin 2014 d'Alger (Plateforme). Liostaithe de bhun mhír 1 go mír 3 de rún 2374 (2017) ón gComhairle Slándála (Toirmeasc Taistil, Calcadh Sócmhainní).
Grianghraf ar fáil lena chur sa Fógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe:
https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals click here
Faisnéis bhreise
Tá Mohamed Ould Mataly liostaithe de bhun mhír 8 (b) de Rún 2374 (2017) mar gheall ar ghníomhaíochtaí a chuireann bac, nó a chuireann bac trí mhoill fhada ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, nó ar bagairt iad ar a chur chun feidhme.
An 12 Samhain 2018, dhearbhaigh an Plateforme in Bamako nach nglacfadh siad páirt sna comhairliúcháin réigiúnacha a bheadh ar siúl ón 13 go dtí an 17 November, i gcomhréir leis an treochlár a chomhaontaigh na páirtithe uile sa Chomhaontú Síochána agus Athmhuintearais i Márta 2018. An lá dar gcionn, thionóil ceann foirne míleata chomhpháirt Ganda Koy de Coordination des mouvements et fronts patriotiques de résistance (CMFPR)-Plateforme, cruinniú in Gao, agus ionadaithe an MAA-Plateforme ag freastal air, chun cosc a chur ar na comhairliúcháin a bheith ar siúl. Rinneadh an t-imshuí a chomhordú le ceannaireacht an Plateforme in Bamako, le MAA-Plateforme, agus leis an gComhalta Parlaiminte, Mohamed Ould Mataly.
Ghlac a dhlúthchomhpháirtí Mahri Sidi Amar Ben Daha, ailias Yoro Ould Daha, a bhfuil cónaí air ina theach in Gao, páirt san imshuí ar an áit ina raibh an comhairliúchán in oifig an Ghobharnóra le linn na tréimhse sin.
Ina theannta sin, ar an 12 Iúil 2016 bhí Ould Mataly ar dhuine de ghríosóirí léirsithe a bhí naimhdeach le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.
Dá bhrí sin, trí chosc a chur go héifeachtach le pléití maidir le príomhfhorálacha an Chomhaontaithe Síochána agus Athmhuintearais a bhaineann leis an athchóiriú ar struchtúr críche thuaisceart Mhailí, tá bac curtha ag Ould Mataly ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas.
Ar deireadh, d’agair Ould Mataly go scaoilfí daoine dá phobal a gabhadh in oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta. Trína rannpháirtíocht sa choireacht eagraithe agus trí chomhlachas le grúpaí armtha sceimhlitheoireachta, cuireann Mohamed Ould Mataly cur chun feidhme an Chomhaontaithe i mbaol.”
9.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/86 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/2188 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849. |
(2) |
An 14 Meán Fómhair 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le dhá eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CBES) 2016/849 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal “B. Eintitis”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 36 agus 74:
|
Ainm |
Ailias |
Suíomh |
Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe |
Faisnéis eile |
“36. |
Singwang Economics agus Trading General Corporation |
|
Seoladh: DPDC (Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré) |
30.11.2016 |
Is gnólacht DPDC é a bhíonn ag trádáil guail. Gineann DPDC sciar shuntasach den airgead dá cláir diúracán núicléach agus balaistíoch trí mhianadóireacht a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus na hacmhainní sin a dhíol thar lear. |
74. |
Weihai World-Shipping Freight |
|
Seoladh: 419-201, Tongyi Lu, Huancui Qu, Weihai, Shandong 264200, China, Uimhir IMO: 5905801 |
30.3.2018 |
Bainisteoir loinge agus tráchtála XIN GUANG HAI, soitheach a thug gual ar bord ag Taean, DPDC, an 27 Deireadh Fómhair 2017 agus a raibh am teachta measta aige an 14 Samhain 2017 go Cam Pha, Vítneam, ach nár shroich sé.”. |