ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2104 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 75(2), 78(3) agus (4) agus 88(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2) a aisghairm agus a ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Le Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 leagtar síos rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chuige sin. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh in ola olóige a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha sin. Ba cheart na gníomhartha sin a theacht in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún (4), nach mór a aisghairm dá bharr sin. |
(2) |
De bhrí go bhfuil airíonna orgánaileipteacha agus cothaitheacha áirithe ag an ola olóige, tá rochtain aici, d’ainneoin na gcostas táirgthe atá uirthi, ar mhargadh praghais réasúnta ard i gcomparáid le formhór na saillte plandúla eile. I bhfianaise staid sin an mhargaidh, ba cheart caighdeáin mhargaíochta a leagan síos le haghaidh olaí olóige lena ráthaítear cáilíocht na dtáirgí agus lena ndéantar an chalaois a chomhrac go héifeachtach. Ba cheart feabhas a chur ar fhaireachán éifeachtach ar chaighdeáin mhargaíochta freisin. Chuige sin ba cheart forálacha sonracha a leagan síos dá bharr sin. |
(3) |
Leis an taithí a fuarthas le 10 mbliana anuas ó chur chun feidhme chaighdeáin mhargaíochta an Aontais le haghaidh ola olóige agus ó chur chun feidhme seiceálacha comhréireachta léirítear gur gá gnéithe áirithe den chreat rialála a shimpliú agus a shoiléiriú. |
(4) |
Chun idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla ola olóige, ba cheart saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha gach ceann de na catagóirí ola olóige agus saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a chinneadh, chun íonacht agus cáilíocht na dtáirgí lena mbaineann a ráthú. |
(5) |
Ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú agus ionas nach gcruthófaí iomaíocht éagórach i margadh na hola olóige, níor cheart go gceadófaí ach na catagóirí ola olóige, a cheadaítear a dhíol leis an tomhaltóir deiridh, a mheascadh le holaí plandúla eile nó a ionchorprú i mbia-ábhair. Chun na himthosca éagsúla sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart go gceadófaí dóibh toirmeasc a chur ar tháirgeadh cumasc den sórt sin ar a gcríoch. |
(6) |
Chun barántúlacht na hola olóige a dhíoltar a ráthú ba cheart an pacáistiú le haghaidh na trádála miondíola a bheith beag agus ba cheart córas dúnta leormhaith a bheith ann. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit pacáistiú níos mó a údarú le haghaidh bunaíochtaí comhchoiteanna. |
(7) |
Chun cuidiú leis an tomhaltóir táirgí a roghnú, tá sé ríthábhachtach, maidir leis na sonraí sainordaitheacha a luaitear ar an lipéad, go mbeidh siad soléite. Ba cheart rialacha a leagan síos dá bharr sin maidir le hinléiteacht agus comhchruinniú na faisnéise sainordaithí sa phríomhréimse radhairc. |
(8) |
Ba cheart ainmneacha na gcatagóirí ola olóige a bheith i gcomhréir leis na tuairiscí ar an ola olóige a mhargaítear laistigh de gach Ballstát, sa trádáil laistigh den Aontas agus sa trádáil le tríú tíortha mar a leagtar amach i gCuid VIII d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(9) |
Tá sé léirithe i roinnt mhaith staidéar eolaíoch go ndéanann solas agus teas dochar do cháilíocht ola olóige. Ba cheart, dá bharr sin, dálaí stórála sonracha a léiriú go soiléir ar an lipéad chun a áirithiú go bhfuil eolas maith ag an tomhaltóir faoi na dálaí stórála is fearr. |
(10) |
De thoradh traidisiúin talmhaíochta agus cleachtais eastósctha agus cumaisc áitiúla d’fhéadfadh blas agus cáilíocht atá an-éagsúil a bheith ar olaí olóige íona atá indíolta go díreach ag brath ar a n-áit tionscnaimh. D’fhéadfadh difríochtaí praghsanna a bheith ann dá dheasca sin laistigh den chatagóir chéanna, rud a chuirfeadh isteach ar an margadh. Níl aon nasc idir difríochtaí substaintiúla agus tionscnamh i gcatagóirí eile d’ola olóige inite agus, dá dheasca sin, má luaitear an áit tionscnaimh ar phacáistiú ola den sórt sin d’fhéadfadh sé go gcreidfeadh tomhaltóirí nach ann do dhifríochtaí cáilíochta. Ionas nach ndéanfar saobhadh ar an margadh in ola olóige inite, ba cheart córas éigeantach Aontais a bhunú dá bharr sin chun an áit tionscnaimh a lipéadú, ar cheart é a theorannú d’olaí olóige úríona agus d’olaí olóige íona a chomhlíonann coinníollacha beachta. |
(11) |
San Aontas, tá sciar nach beag de na holaí olóige úríon agus na holaí olóige íona comhdhéanta de chumaisc olaí de thionscnamh Ballstát éagsúil agus tríú tíortha. Ba cheart forálacha a leagan síos maidir le lipéadú thionscnamh na gcumasc sin. |
(12) |
Féadfar sonrúchán tionscnaimh réigiúnach a chumhdach le sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) nó le tásc geografach faoi chosaint (TGFC) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ba cheart sonrúcháin lena léirítear tionscnamh réigiúnach a fhorchoimeád le haghaidh STFCanna nó TGFCanna chun mearbhall ar thomhaltóirí a sheachaint, rud a d’fhéadfadh suaitheadh sa mhargadh a bheith mar thoradh air. I gcás ola olóige allmhairithe, ba cheart na rialacha maidir le tionscnamh neamhfhabhair dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chomhlíonadh. |
(13) |
Ba cheart go bhféadfaí leanúint d’úsáid a bhaint as trádmharcanna atá ann cheana a n-áirítear tagairtí geografacha iontu ar choinníoll gur cláraíodh go hoifigiúil iad roimhe sin i gcomhréir le Treoir 89/104/CEE ón gComhairle (7) nó Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle (8). |
(14) |
Má thagraíonn áit tionscnaimh ola olóige úríne nó ola olóige íne don Aontas nó do Bhallstát, léirítear leis sin ní hamháin an áit inar buanadh na hológa ach na teicnící agus na cleachtais eastósctha a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht agus ar bhlas na hola freisin. Ar an gcaoi sin, leis an áit tionscnaimh, ba cheart tagairt don limistéar geografach ina bhfuarthas an ola olóige, arb é atá ann go ginearálta an limistéar inar eastóscadh an ola as na hológa. Mar sin féin, i gcásanna áirithe déantar an ola a eastóscadh in áit nach ionann í agus an áit inar buanadh na hológa agus ba cheart an fhaisnéis sin a lua ar an bpacáistiú nó ar na lipéid atá ceangailte den phacáistíocht lena áirithiú nach gcuirfear tomhaltóirí amú agus nach ndéanfar an margadh in ola olóige a shuaitheadh. |
(15) |
Nuair a fhormheastar monarchana pacáistithe ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige (9), ba cheart an tsainaithint alfa-uimhriúil a shanntar don mhonarcha pacáistithe a áireamh ar lipéad na hola olóige, chun gurbh ann d’inrianaitheacht níos fearr agus gurbh fhearr a d’fhéadfaí tomhaltóirí a chosaint. |
(16) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), níl na tásca a léirítear ar an lipéad ann chun an ceannaitheoir a chur amú, maidir le saintréithe na hola olóige lena mbaineann go háirithe, nó trí airíonna nach mbaineann léi a chur síos dí, nó trína thabhairt le tuiscint go mbaineann saintréithe ar leith léi nuair is é rud é i bhfírinne go baineann na hairíonna sin leis an gcuid is mó de na holaí. Maidir le tásca roghnacha áirithe a úsáidtear go coitianta a bhaineann go sonrach leis an ola olóige, tá rialacha comhchuibhithe de dhíth chun maíomh den chineál sin a shainmhíniú go beacht agus chun a áirithiú gur féidir a gcruinneas a fhíorú. I bhfianaise tásc áirithe atá á n-úsáid go forleathan agus a dtábhachta ó thaobh an gheilleagair de, ba cheart critéir oibiachtúla maidir lena n-úsáid a bhunú chun soiléireacht a thabhairt isteach i margadh na hola olóige. |
(17) |
Dá réir sin, ba cheart an coincheap “céadfháscadh fuar” agus an coincheap “eastóscadh fuar” a bheith ag freagairt do mhodh táirgthe traidisiúnta atá sainithe go teicniúil. |
(18) |
Rinneadh téarmaí áirithe lena dtugtar tuairisc ar na saintréithe orgánaileipteacha a thagraíonn do bhlas nó do bholadh olaí olóige úríona nó olaí olóige íona a shainmhíniú in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú, níor cheart aon téarma eile lena dtugtar tuairisc ar shaintréithe orgánaileipteacha olaí olóige úríona nó olaí olóige íona a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar na holaí sin. Ba cheart úsáid na dtéarmaí sin ar lipéad olaí olóige úríona agus olaí olóige íona a fhorchoimeád le haghaidh olaí a bhfuil sé fíoraithe ina leith, tríd mhodh anailíse comhfhreagrach Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg, go dtéann na saintréithe sin leo. |
(19) |
Má dhéantar tagairt don aigéadacht aisti féin tugtar le fios go mícheart gurb ann do dhearbhscála cáilíochta rud a chuirfeadh tomhaltóirí amú toisc nach bhfuil sa toisc sin ach luach cainníochtúil a bhaineann le paraiméadair fhisiceimiceacha eile (luach sárocsaíde, cion céarach agus ionsú ultraivialait). Dá bharr sin, nuair a dhéantar tagairt d’aigéadacht ar lipéad, ba cheart na paraiméadair sin a lua freisin. |
(20) |
Ionas nach gcuirfí tomhaltóirí amú, nuair a léireofaí paraiméadair fhisiceimiceacha den sórt sin ar an lipéad, ba cheart gurbh é a bheadh iontu sin an luach uasta a d’fhéadfadh na paraiméadair sin a bhaint amach faoin dáta marthanachta íosta. |
(21) |
Chun faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le haois an táirge ba cheart cead a bheith ag oibreoirí bliain a mbuainte a lua ar lipéad olaí olóige úríona agus olaí olóige íona ach níor cheart sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtagann 100 % den ola sa choimeádán ó bhuain aon bhliana agus sa chás sin amháin. Ós rud é go gcuirtear tús leis an mbuain olóige de ghnáth i rith an fhómhair agus go gcuirtear críoch léi faoi earrach na bliana dár gcionn, is iomchuí an bealach leis an mbliain buainte a lipéadú. |
(22) |
Chun faisnéis maidir le haois olóige a chur ar fáil do thomhaltóirí, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tásc na bliana buainte a dhéanamh éigeantach. Mar sin féin, d’fhonn suaitheadh ar fheidhmiú an mhargaidh a sheachaint, ba cheart an tásc éigeantach sin a theorannú dá dtáirgeadh intíre a fhaightear ó ológa a bhuaintear ar a gcríoch agus atá beartaithe iad a chur ar an margadh náisiúnta amháin. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm cinnidh náisiúnta den sórt sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhoráil fholuiteach an Aontais, i bhfianaise aon fhorbartha ábhartha ar fheidhmiú an mhargaidh aonair, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoina gcinneadh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 (11). |
(23) |
Ba cheart beart a dhéanamh chun a áirithiú nach gcuirfidh bia-ábhair ina bhfuil ola olóige tomhaltóirí amú trí aird a tharraingt ar chlú ola olóige gan comhdhéanamh iarbhír an táirge a shonrú. Ba cheart dá bharr sin an céatadán ola olóige agus tásca áirithe a bhaineann go sonrach le táirgí nach bhfuil iontu ach cumasc d’olaí plandúla a thaispeáint go soiléir ar an lipéadú. Ina theannta sin, na forálacha speisialta maidir le bia-ábhair sholadacha a leasaítear go heisiach in ola olóige a leagtar síos i rialacháin shonracha, maidir le sairdíní, tuinníní agus tuinníní beaga go háirithe, ba cheart aird chuí a thabhairt orthu. |
(24) |
Ar mhaithe le simpliú, maidir le táirgí a leasaítear go heisiach in ola olóige, níor cheart ceanglas a bheith ann an céatadán ola a chuirtear isteach i gcoibhneas le meáchan iomlán an bhia-ábhair a lua ar an lipéad, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
maidir le saintréithe na n-olaí olóige dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1 go 6 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(b) |
maidir le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh olaí olóige dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1(a) agus (b) agus pointí 3 go 6, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nuair a dhíoltar iad leis an gcustaiméir deiridh agus iad curtha i láthair sa staid nádúrtha nó i mbia-ábhar. |
Airteagal 2
Catagóirí ola olóige
1. Olaí olóige a chomhlíonann na saintréithe a leagtar amach:
(a) |
i bpointe 1 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige úríon de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1(a), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(b) |
i bpointe 2 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige íon de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1(b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(c) |
i bpointe 3 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige lampante de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1(c), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(d) |
i bpointe 4 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige scagtha de réir bhrí Chuid VIII, pointe 2, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(e) |
i bpointe 5 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus olaí olóige íona de réir bhrí Chuid VIII, pointe 3, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(f) |
i bpointe 6 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu amhola phrabhaite olóige de réir bhrí Chuid VIII, pointe 4, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(g) |
i bpointe 7 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola phrabhaite olóige scagtha de réir bhrí Chuid VIII, pointe 5, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013; |
(h) |
i bpointe 8 de Tháblaí A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, measfar gurb é atá iontu ola phrabhaite olóige de réir bhrí Chuid VIII, pointe 6, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
2. Saintréithe olaí olóige a leagtar síos in Iarscríbhinn I, déanfar iad a chinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún.
Airteagal 3
Cumaisc agus ola olóige i mbia-ábhair eile
1. Is olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus iad sin amháin, a fhéadfaidh a bheith ina gcuid de chumaisc ola olóige agus olaí plandúla eile.
2. Is olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus iad sin amháin, a fhéadfar a ionchorprú i mbia-ábhair eile.
3. Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc a chur ar chumaisc ola olóige agus olaí plandúla eile dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh ar a gcríoch lena dtomhailt go hinmheánach. Ní fhéadfaidh na Ballstáit áfach toirmeasc a chur ar chumaisc den sórt sin de thionscnamh tíortha eile a chur ar an margadh ar a gcríoch agus ní fhéadfaidh siad toirmeasc a chur ar chumaisc den sórt sin a tháirgeadh ar a gcríoch lena gcur ar an margadh i mBallstát eile nó lena n-onnmhairiú.
Airteagal 4
Pacáistiú
1. Cuirfear olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), i láthair an tomhaltóra deiridh i bpacáistiú a bhfuil uastoilleadh 5 lítear ann. Beidh pacáistiú den chineál sin feistithe le córas oscailte nach féidir a shéalú a thuilleadh tar éis a oscailte den chéad uair agus déanfar é a lipéadú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. I gcás olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), atá beartaithe lena dtomhailt i mbialanna, ospidéil, ceaintíní agus i mbunaíochtaí comhchoiteanna comhchosúla, féadfaidh na Ballstáit uastoilleadh a shocrú ar mó é ná 5 lítear le haghaidh pacáistithe, ag brath ar an gcineál bunaíochta lena mbaineann.
Airteagal 5
Lipéadú
1. An lipéadú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 6 go 9, beidh sé sainordaitheach.
2. Déanfar an t-ainm dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus, i gcás inarb infheidhme an áit tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 8(1), a ghrúpáil le chéile laistigh den phríomhréimse radhairc mar a shainítear in Airteagal 2(2), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ar an lipéad céanna nó ar roinnt lipéad atá greamaithe den choimeádán céanna, nó go díreach ar an gcoimeádán céanna. Taispeánfar na sonraí sin ina n-iomláine agus i gcorp téacs atá aonchineálach.
3. An lipéadú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 10, 11 agus 12, beidh sé deonach.
Airteagal 6
Ainm dlíthiúil agus lipéadú na catagóire olaí
1. An tuairisc ar na holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), measfar gurb é atá inti a n-ainm dlíthiúil de réir bhrí Airteagal 2(2), pointe (n), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.
2. Taispeánfar ar lipéid na n-olaí sin an fhaisnéis seo a leanas faoin gcatagóir ola, i marcáil shoiléir dhoscriosta, in éineacht leis an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, ach ní gá iad a bheith gar dá chéile:
(a) |
ola olóige úríon: “ola olóige de chatagóir uachtarach a fhaightear ó ológa agus trí mhodhanna meicniúla amháin”; |
(b) |
ola olóige íon: “ola olóige a fhaightear ó ológa agus trí mhodhanna meicniúla amháin”; |
(c) |
ola olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus olaí olóige íona: “ola nach bhfuil inti ach olaí olóige a ndearnadh scagadh orthu agus olaí a fhaightear go díreach ó ológa”; |
(d) |
ola phrabhaite olóige:
|
Airteagal 7
Dálaí stórála speisialta
Beidh faisnéis faoi na dálaí stórála speisialta le haghaidh olaí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1, is é sin nach mór iad a stóráil ar shiúl ón solas agus ón teas, ar na coimeádáin nó ar na lipéid atá greamaithe díobh.
Airteagal 8
Áit tionscnaimh
1. I dtaca le hola olóige úríon agus ola olóige íon, dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1(a) agus (b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh an áit tionscnaimh ar an lipéad.
2. I dtaca leis na holaí dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 3 agus 6, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní chuirfear aon áit tionscnaimh ar taispeáint ar an lipéad.
3. Is é a bheidh san áit tionscnaimh dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas amháin:
(a) |
i gcás olaí olóige de thionscnamh Ballstáit amháin nó tríú tír, i gcomhréir le míreanna 6 agus 7, tagairt don Bhallstát sin, don Aontas nó don tríú tír, de réir mar is iomchuí; nó |
(b) |
i gcás cumasc d’olaí olóige de thionscnamh níos mó ná Ballstát amháin nó tríú tír, i gcomhréir le míreanna 6 agus 7, ceann amháin de na tásca seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
|
(c) |
sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
4. Maidir le hainmneacha brandaí nó gnólachtaí a ndearnadh iarratas ar chlárú ina leith faoin 31 Nollaig 1998 i gcomhréir le Treoir 89/104/CEE nó faoin 31 Bealtaine 2002 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle, ní mheasfar gurb é atá iontu an áit tionscnaimh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
5. I gcás allmhairiúchán ó thríú tír, déanfar an áit tionscnaimh a chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 59 go 63 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
6. Comhfhreagróidh an áit tionscnaimh ina luaitear Ballstát nó an tAontas don limistéar geografach inar buanadh na hológa agus ina bhfuil an muileann inar eastóscadh an ola ó na hológa suite.
7. Más rud é gur buanadh na hológa i mBallstát nó i dtríú tír seachas an Ballstát nó an tríú tír ina bhfuil an muileann inar eastóscadh an ola ó na hológa suite, beidh an fhoclaíocht seo a leanas san áit tionscnaimh: “ola olóige (úr)íon a fuarthas i (an tAontas, ainm an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann) ó ológa a buanadh i (an tAontas, ainm an Bhallstáit nó an tríú tír lena mbaineann)”.
Airteagal 9
Uimhir monarchan pacáistithe
I ndáil le holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), beidh ar an lipéad, i gcás inarb infheidhme, sainaithint alfa-uimhriúil na monarchan pacáistíochta arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún.
Airteagal 10
Téarmaí roghnacha forchoimeádta
Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid téarmaí roghnacha forchoimeádta de réir bhrí Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, a fhéadfaidh a bheith ar lipéad olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), den Rialachán seo:
(a) |
féadfaidh an tásc “céadfháscadh fuar” a bheith ar olaí olóige úríona nó olaí olóige íona, agus orthu sin amháin, a fhaightear ag teocht faoi bhun 27 °C ón gcéadfháscadh meicniúil ar an taos olóige le córas eastósctha ina n-úsáidtear faisceáin hiodrálacha; |
(b) |
féadfaidh an tásc “eastóscadh fuar” a bheith ar olaí olóige úríona nó olaí olóige íona, agus orthu sin amháin, a fhaightear ag teocht faoi bhun 27 °C tríd an taos olóige a shíothlú nó a lártheifneoiriú; |
(c) |
ní bheidh tásca ar shaintréithe orgánaileipteacha ann a thagraíonn do bhlas nó do bholadh ach amháin i gcás olaí olóige úríona agus olaí olóige íona. Is iad na saintréithe orgánaileipteacha mar a shainítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus iad sin amháin, a fhéadfaidh a bheith ar an lipéad agus má bhíonn siad bunaithe, agus sa chás sin amháin, ar mheasúnú a dhéantar de réir an mhodha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe 5 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún. Leagtar amach na sainmhínithe agus na raonta torthaí, lenar féidir na saintréithe orgánaileipteacha a chur in iúl, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(d) |
ní fheadfaidh an tásc ar an aigéadacht uasta a bhfuil coinne léi faoin dáta íosmharthanachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe(f), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 a bheith ann ach amháin má tá tásc ag gabháil leis, i bhfoirm marcála den toise céanna agus sa réimse radhairc céanna, ar na huasluachanna maidir leis an gcion céarach sárocsaíde agus le hionsú ultraivialait, atá le cinneadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105ón gCoimisiún, a mbeidh coinne leo faoin dáta sin. |
Airteagal 11
Tásc ar an mbliain buainte
1. Maidir leis an ola olóige úríon agus an ola olóige íon, dá dtagraítear i gCuid VIII, pointí 1(a) agus (b), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus maidir leis sin amháin, is féidir tásc na bliana buainte a chur.
2. Ní fhéadfar an bhliain buainte a thaispeáint ach amháin más rud é gur ón mbuaint sin a thagann 100 % d’ábhar an choimeádáin, agus luafar é ar an lipéad i bhfoirm na bliana margaíochta ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 6, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó i bhfoirm mhí agus bhliain na buainte san ord sin. Comhfhreagróidh an mhí do mhí eastósctha na hola ó na hológa.
3. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go luafar an bhliain buainte dá dtagraítear i mír 1 ar lipéad olaí olóige dá dtagraítear sa mhír sin, de chuid a dtáirgthe intíre, a fhaightear ó ológa a bhuaintear ar a gcríoch agus atá beartaithe lena ndíol ar a margaí náisiúnta amháin.
4. Ní chuirfear cosc, leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 3, ar olaí olóige a lipéadaítear roimh an dáta a thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic.
5. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcinneadh dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183.
Airteagal 12
Tásc faoi ola olóige a bheith i láthair lasmuigh de liosta na gcomhábhar i gcumaisc agus i mbia-ábhair
1. I gcás ina n-aibhsítear go bhfuil na holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), i gcumasc le holaí plandúla ar an lipéad in áit eile seachas ar liosta na gcomhábhar, trí úsáid a bhaint as focail, íomhánna nó grafaicí, beidh an tuairisc thrádála seo a leanas ar an gcumasc lena mbaineann: “Cumasc d’olaí plandúla (nó ainm sonrach na n-olaí plandúla lena mbaineann) agus ola olóige” agus céatadán na n-olaí sin sa chumasc díreach ina dhiaidh sin.
2. Maidir leis na holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe(b), ní féidir iad a aibhsiú le híomhánna nó grafaicí ar lipéad cumaisc dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás inar mó iad na 50 % den chumasc lena mbaineann.
3. Cé is moite de bhia-ábhair sholadacha a leasaítear go heisiach in ola olóige, go háirithe na táirgí dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle (12) agus i Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle (13), agus i gcás ina luaitear gurb ann d’olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), den Rialachán seo ar an lipéad in áit eile seachas ar liosta na gcomhábhar, trí úsáid a bhaint as focail, íomhánna nó grafaicí, tiocfaidh an céatadán ola i gcoibhneas le glanmheáchan an bhia-ábhair díreach tar éis ainm an bhia.
4. Féadfar an céatadán ola breise i gcoibhneas leis an meáchan iomlán saillte, agus na focail “céatadán saillte” á gcur leis, a chur in ionad an chéatadáin olaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), i gcoibhneas le meáchan iomlán na mbia-ábhar dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
5. Is féidir na focail “ola olóige” a chur in ionad na dtuairiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) ar lipéad na dtáirgí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo.
Mar sin féin, i gcás inarb ann d’ola phrabhaite olóige cuirfear na focail “ola phrabhaite olóige” in ionad na bhfocal “ola olóige”.
6. Nuair a chuirtear bia-ábhair eile le holaí dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), ní bheidh aon cheann de na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 6 ar an mbia-ábhar a thagann as sin.
Airteagal 13
Aisghairmeacha
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012.
Léireofar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún agus léifear é i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).
(3) Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún an 11 Iúil 1991 maidir le saintréithe ola olóige agus saintréithe ola d’iarmhar ológ agus na modhanna ábhartha anailíse (IO L 248, 5.9.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2012 maidir le caighdeáin mhargaíochta i leith ola olóige (IO L 12, 14.1.2012, lch. 14).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(7) An Chéad Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 40, 11.2.1989, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 11, 14.1.1994, lch. 1).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)23 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige 2022/2105, Féach leathanach … den Iris Oifigiúil seo.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).
(12) Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe (IO L 212, 22.7.1989, lch. 79).
(13) Rialachán (CEE) Uimh. 1536/92 ón gComhairle an 9 Meitheamh 1992 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le tuinníní agus boiníotó leasaithe (IO L 163, 17.6.1992, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
SAINTRÉITHE OLA OLÓIGE
A. Saintréithe cáilíochta
Catagóir |
Aigéadacht (%)(*) |
Luach sárocsaíde (mEq O2/kg) |
K232 |
K268 nó270 |
ΔΚ |
Saintréithe orgánaileipteacha |
eistir eitile d’aigéad sailleach (mg/kg) |
|||
Airmheán an fhabht (Md)(*) (1) |
Airmheán torthaíoch (2) |
|||||||||
|
≤ 0,80 |
≤ 20,0 |
≤ 2,50 |
≤ 0,22 |
≤ 0,01 |
Md = 0,0 |
Mf > 0,0 |
≤ 35 |
||
|
≤ 2,0 |
≤ 20,0 |
≤ 2,60 |
≤ 0,25 |
≤ 0,01 |
Md ≤ 3,5 |
Mf > 0,0 |
— |
||
|
> 2,0 |
— |
— |
— |
— |
Md > 3,5 (3) |
— |
— |
||
|
≤ 0,30 |
≤ 5,0 |
— |
≤ 1,25 |
≤ 0,16 |
|
— |
— |
||
|
≤ 1,00 |
≤ 15,0 |
— |
≤ 1,15 |
≤ 0,15 |
|
— |
— |
||
|
— |
— |
— |
— |
— |
|
— |
— |
||
|
≤ 0,30 |
≤ 5,0 |
— |
≤ 2,00 |
≤ 0,20 |
|
— |
— |
||
|
≤ 1,00 |
≤ 15,0 |
— |
≤ 1,70 |
≤ 0,18 |
|
— |
— |
B. Saintréithe íonachta
Catagóir |
Comhdhéanamh aigéid shailligh (4) |
Iomlán isiméirí trasoiléacha (%) |
Iomlán tras líonoiléach + isiméirí tras líonoiléacha (%) |
Stiogmastaidé-éiní (mg/kg) (6) |
ΔΕCN42 |
Monaphailmíotáit 2-ghlicril (%) |
|||||||
Miristeach (%) |
Líonóiléineach (%) |
Araicise (%) |
Iciseanóch (%) |
Behéineach (%) |
Lignichéireach (%) |
||||||||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 (5) |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,05 |
≤ 0,05 |
≤ 0,05 |
≤ |0,20 | |
≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00 % |
||
≤ 1,0 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00 % |
|||||||||||||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 (5) |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,05 |
≤ 0,05 |
≤ 0,05 |
≤ |0,20 | |
≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00 % |
||
≤ 1,0 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00 % |
|||||||||||||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,10 |
≤ 0,10 |
≤ 0,50 |
≤ |0,30 | |
≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00 % |
||
≤ 1,1 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00 % |
|||||||||||||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,30 |
— |
≤ |0,30 | |
≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00 % |
||
≤ 1,1 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00 % |
|||||||||||||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,30 |
— |
≤ |0,30 | |
≤ 0,9 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach ≤ 14,00 % |
||
≤ 1,0 más rud é go bhfuil iomlán an aigéid phailmíteach > 14,00 % |
|||||||||||||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,30 |
≤ 0,20 |
≤ 0,20 |
≤ 0,10 |
— |
≤ |0,60 | |
≤ 1,4 |
||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,30 |
≤ 0,20 |
≤ 0,40 |
≤ 0,35 |
— |
≤ |0,50 | |
≤ 1,4 |
||
|
≤ 0,03 |
≤ 1,00 |
≤ 0,60 |
≤ 0,50 |
≤ 0,30 |
≤ 0,20 |
≤ 0,40 |
≤ 0,35 |
— |
≤ |0,50 | |
≤ 1,2 |
Tábla B ar leanúint
Catagóir |
Comhdhéanamh stéaról |
Iomlán stéaról (mg/kg) |
Eiritridé-ól agus uváól (%)(**) |
Céaracha (mg/kg)(**) |
|||||||
Colai-stéaról (%) |
Brassica-stéaról (%) |
Campai-stéaról (7) (%) |
Stiogmastéaról (%) |
β–sitea-stéaról (8) (%)dealraitheach |
Δ-7-stiogma-stéanól (7) (%) |
||||||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,1 |
≤ 4,0 |
< Campa. |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 000 |
≤ 4,5 |
C42 + C44 + C46 ≤ 150 |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,1 |
≤ 4,0 |
< Campa. |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 000 |
≤ 4,5 |
C42 + C44 + C46 ≤ 150 |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,1 |
≤ 4,0 |
— |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 000 |
≤ 4,5 (9) |
C40 + C42 + C44 + C46 ≤ 300 (9) |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,1 |
≤ 4,0 |
< Campa, |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 000 |
≤ 4,5 (10) |
C40 + C42 + C44 + C46 ≤ 350 |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,1 |
≤ 4,0 |
< Campa. |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 000 |
≤ 4,5 |
C40 + C42 + C44 + C46 ≤ 350 |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,2 |
≤ 4,0 |
— |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 2 500 |
> 4,5 (11) |
C40 + C42 + C44 + C46 > 350 (11) |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,2 |
≤ 4,0 |
< Campa. |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 800 |
> 4,5 |
C40 + C42 + C44 + C46 > 350 |
||
|
≤ 0,5 |
≤ 0,2 |
≤ 4,0 |
< Campa. |
≥ 93,0 |
≤ 0,5 |
≥ 1 600 |
> 4,5 |
C40 + C42 + C44 + C46 > 350 |
Nótaí:
(a) |
Ní mór torthaí na n-anailísí a shloinneadh ar an líon céanna deachúlacha a úsáidtear le haghaidh gach saintréithe. Ní mór an digit dheiridh a mhéadú le haonad amháin más mó ná 4 an digit a leanas. |
(b) |
Mura bhfuil oiread agus saintréith amháin ag teacht leis na luachanna atá luaite, athrófar catagóir na hola nó dearbhófar go bhfuil an ola neamhchomhlíontach chun críocha an Rialacháin. |
(c) |
I dtaca le hola ola olóige lampante féadfaidh an dá shaintréith cáilíochta a mharcáiltear le réiltín (*) a bheith éagsúil go comhuaineach ó na teorainneacha atá bunaithe don chatagóir sin. |
(d) |
Má mharcáiltear saintréith le dhá réiltín (**), ciallaíonn sin, i ndáil le hamhola phrabhaite olóige, gur féidir an dá theorainn ábhartha a bheith éagsúil ó na luachanna a luaitear ag an am céanna. I ndáil le hola prabhaite agus ola phrabhaite olóige scagtha féadfaidh ceann amháin de na teorainneacha ábhartha a bheith éagsúil leis na luachanna a luaitear. |
Aguisín
Crainn chinnteoireachta
Crann cinnteoireachta campaistéaróil le haghaidh olaí olóige íona agus olaí olóige úríona:
Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.
Crann cinnteoireachta Delta-7-stiogmastéaróil le haghaidh:
— |
Olaí olóige úríona agus olaí ológa íona |
Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.
— |
Olaí olóige lampante |
Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.
— |
Olaí olóige scagtha agus olaí olóige a chomhdhéantar d’olaí olóige scagtha agus d’olaí olóige íona |
Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.
— |
Amhola phrabhaite olóige, ola phrabhaite olóige scagtha agus ola phrabhaite olóige |
Beidh na paraiméadair eile i gcomhréir leis na teorainneacha a shocraítear sa Rialachán seo.
(1) Sainmhínítear airmheán na bhfabht mar airmheán an fhabht a bhraitear leis an déine is mó.
(2) Nuair is mó ná 5,0 airmheán na cáilíochta seirbhe/géire, tuairisceoidh ceannasaí an phainéil an méid sin.
(3) D’fhéadfadh airmheán an fhabht a bheith níos lú ná nó cothrom le 3,5 nuair atá an t-idirmheán torthaíoch cothrom le 0,0.
(4) Cion aigéad sailleach eile (%): pailmíteach: 7,00-20,00; pailmítoiléach: 0,30-3,50; heiptideacánóch: ≤ 0,40; heiptideacánóch ≤ 0,60; stéarach: 0,50-5,00; oiléach: 55,00- 85,00; líonoiléach: 2,50-21,00.
(5) Nuair is mó an t-aigéad líonoiléach ná 1,00 ach is lú ná 1,40 é ní mór an coibhneas dealraitheach β-sitistéaróil/campaistéaróil a bheith níos mó ná 24 nó cothrom leis.
(6) An t-iomlán isiméirí a d’fhéadfadh (nó nach bhféadfaí) a dheighilt le colún ribeach.
(7) Féach an Aguisín a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.
(8) Β-sitistéaról dealraitheach: Δ-5,23-siogmastaidé-eanól+cléiristéaról+ β-sitistéaról+sitisteanól+ Δ-5-aivinistéarol+ Δ-5,24-stiogmastadé-eanól.
(9) Maidir le holaí ina bhfuil cion céarach idir 300 mg/kg agus 350 mg/kg, meastar gur ola olóige lampante atá iontu má tá an cion iomlán alcóil alafataigh níos lú ná nó cothrom le 350 mg/kg nó má tá an cion eiritridé-óil agus úváóil níos lú ná nó cothrom le 3,5 %.
(10) Ní mór go mbeidh cion eiritridé-óil, nó is ionann agus 75 mg/kg, ag olaí a bhfuil cion eiritridé-óil + úváóil idir 4,5 % agus 6 %.
(11) Maidir le holaí ina bhfuil cion céarach idir 300 mg/kg agus 350 mg/kg, meastar gur amhola phrabhaite olóige atá iontu má tá an cion iomlán alcóil alafataigh níos mó ná 350 mg/kg nó má tá an cion eiritridé-óil agus úváóil níos mó ná 3,5 %.
IARSCRÍBHINN II
Sainmhínithe téarmeolaíochta roghnaí ar shaintréithe orgánaileipteacha chun críocha lipéadaithe
Arna iarraidh sin, maidir le ceannaire an phainéil blaisithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún. féadfaidh sé a dheimhniú go bhfuil na holaí a ndearnadh measúnú orthu i gcomhréir leis na sainmhínithe agus na raonta a fhreagraíonn go hiomlán do na téarmaí seo a leanas de réir dhéine agus bhraistint na gcáilíochtaí.
Cáilíochtaí deimhneacha (torthaíoch, searbh agus géar) de réir dhéine na braistinte:
Iomlán, nuair is mó ná 6,0 airmheán na cáilíochta.
Meánach, nuair is mó ná 3,0 airmheán na gcáilíochtaí agus nuair is lú é ná 6,0 nó cothrom leis.
Fíneálta, nuair is lú airmheán na cáilíochta ná 3,0 nó cothrom leis.
Blas torthaíoch: tacar de bhraistintí boltanacha a bhaineann go sonrach leis an ola a bhraitheann ar an gcineál olóige agus a thagann ó ológa slána úra nach bhfuil blas torthaíoch glas nó blas torthaíoch aibí in uachtar iontu. Braitear é go díreach agus/nó trí chúl na sróine.
Blas torthaíoch glas: tacar de bhraistintí boltanacha a bhaineann go sonrach leis an ola a chuirfeadh an toradh glas i gcuimhne, ag brath an gcineál olóige agus a thagann ó ológa slána úra. Braitear é go díreach agus/nó trí chúl na sróine.
Blas torthaíoch aibí: tacar de bhraistintí boltanacha a bhaineann go sonrach leis an ola a chuirfeadh an toradh aibí i gcuimhne, ag brath an gcineál olóige agus a thagann ó ológa slána úra. Braitear é go díreach agus/nó trí chúl na sróine.
Ola dhea-chothromaithe: ola nach bhfuil easpa cothromaíochta inti, rud a chiallaíonn nach bhfuil airmheán bhraistint bholtanach-bhlastach agus bhraistint thadhlach na cáilíochta seirbhe agus airmheán na cáilíochta géire níos mó ná 2,0 pointe os cionn airmheán an bhlais thorthaíoch.
Ola shéimh: ola a bhfuil airmheán na gcáilíochtaí seirbhe agus géire 2,0 nó níos lú ná sin.
Téarmaí atá faoi réir deimhnithe tástála orgánaileiptigh a thabhairt ar aird |
Airmheán na cáilíochta |
Blas torthaíoch |
— |
Blas torthaíoch aibí |
— |
Blas torthaíoch glas |
— |
Blas torthaíoch fíneálta |
≤ 3,0 |
Blas torthaíoch meánach |
3,0 < Me ≤ 6,0 |
Blas torthaíoch iomlán |
> 6,0 |
Blas torthaíoch aibí fíneálta |
≤ 3,0 |
Blas torthaíoch aibí meánach |
3,0 < Me ≤ 6,0 |
Blas torthaíoch iomlán aibí |
> 6,0 |
Blas torthaíoch glas fíneálta |
≤ 3,0 |
Blas torthaíoch glas meánach |
3,0 < Me ≤ 6,0 |
Blas torthaíoch iomlán glas |
> 6,0 |
Blas searbh fíneálta |
≤ 3,0 |
Blas searbhas meánach |
3,0 < Me ≤ 6,0 |
Blas searbh iomlán |
> 6,0 |
Blas géar fíneálta |
≤ 3,0 |
Blas géar meánach |
3,0 < Me ≤ 6,0 |
Blas géar iomlán |
> 6,0 |
Ola dhea-chothromaithe |
Níl airmheán na cáilíochta seirbhe agus airmheán na cáilíochta géire níos mó ná 2,0 pointe os cionn airmheán an bhlais thorthaíoch. |
Ola shéimh |
Tá airmheán na cáilíochta seirbhe agus airmheán na cáilíochta géire 2,0 nó níos lú ná sin. |
IARSCRÍBHINN III
Tábla comhghaoil
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 |
Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 |
An Rialachán seo |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún. |
----- |
----- |
Airteagal 1, pointe (a) |
|
----- |
----- |
|
Airteagal 1 |
----- |
----- |
|
Airteagal 2(2) |
Airteagal 1(1) |
|
Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 1(2) |
|
Airteagal 1(2) |
|
Airteagal 1, pointe (b) |
|
Airteagal 2, an chéad mhír |
|
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 2, an dara mír |
|
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 3, an chéad mhír |
|
Airteagal 6(1) |
|
Airteagal 3, an dara mír, pointí (a) go (d) |
|
Airteagal 6(2), pointí (a) go (d) |
|
Airteagal 4(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 4(1) an dara fomhír |
|
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 4(1), an tríú fomhír |
|
- |
|
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 4(3) |
|
Airteagal 8(4) |
|
Airteagal 4(4) |
|
Airteagal 8(5) |
|
Airteagal 4(5), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 8(6) |
|
Airteagal 4(5) an dara fomhír |
|
Airteagal 8(7) |
|
Airteagal 4a |
|
Airteagal 7 |
|
Airteagal 4b |
|
Airteagal 5 |
|
Airteagal 5, an chéad mhír, pointí (a) go (d) |
|
Airteagal 10, pointí (a) go (d) |
|
Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (e) |
|
Airteagal 11(1) agus (2) |
|
Airteagal 5, an dara mír |
|
- |
|
Airteagal 5a, an chéad mhír |
|
Airteagal 11(3) |
|
Airteagal 5a, an dara mír |
|
Airteagal 11(4) |
|
Airteagal 5a, an tríú mír |
|
Airteagal 11(5) |
|
Airteagal 6(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 6(1) an dara fomhír |
|
Airteagal 12(2) |
|
Airteagal 6(1), an tríú fomhír |
|
Airteagal 3(3) |
|
Airteagal 6(2), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 12(3) |
|
Airteagal 6(2) an dara fomhír |
|
Airteagal 12(4) |
|
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 12(5) |
|
- |
- |
Airteagal 12(6) |
|
Airteagal 6(4) |
|
- |
|
Airteagal 7 |
|
|
Airteagal 5(2) |
Airteagal 8(1) |
|
|
Airteagal 2(3) |
Airteagal 8(2) |
|
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 8(3) |
|
|
Airteagal 4(2) |
Airteagal 8(4) |
|
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 8a |
|
|
Airteagail 2(1) agus 4(1) |
Airteagal 9(1), an chéad fhomhír |
|
|
Airteagal 13(1) |
Airteagal 9(1) an dara fomhír |
|
|
Airteagal 13(2) |
Airteagal 9(1), an tríú fomhír |
|
|
---- |
Airteagal 9(1), an ceathrú fomhír |
|
|
---- |
Airteagal 9(1), an cúigiú fomhír |
|
|
---- |
Airteagal 9(2), an chéad fhomhír |
|
|
Airteagal 6(1) |
Airteagal 9(2), an dara fomhír, pointí (a), (b) agus (c) |
|
|
Airteagal 6(2), pointí (a), (b) agus (c) |
Airteagal 9(2), an tríú fomhír |
|
Airteagal 9 |
|
----- |
|
|
Airteagal 6(3) |
Airteagal 10, an chéad mhír, an abairt tosaigh |
|
|
Airteagal 14 |
Airteagal 10, an chéad mhír, pointí (a) go (d), agus an dara mír |
|
|
----- |
Airteagal 10a |
|
|
Airteagal 14 |
Iarscríbhinn I |
|
- |
|
Iarscríbhinn II |
|
- |
|
|
Airteagal 1(1) |
Airteagail 2(1)(a) agus 2(1)(b) |
|
|
Airteagal 1(2) |
Airteagal 2(1)(c) |
|
|
Airteagal 1(3) |
Airteagal 2(1)(d) |
|
|
Airteagal 1(4) |
Airteagal 2(1)(e) |
|
|
Airteagal 1(5) |
Airteagal 2(1)(f) |
|
|
Airteagal 1(6) |
Airteagal 2(1)(g) |
|
|
Airteagal 1(7) |
Airteagal 2(1)(h) |
|
------ |
----- |
Airteagal 2(2) |
|
------ |
----- |
Airteagal 3(1) agus (2) |
|
|
Airteagal 2(1) |
|
Airteagal 7 |
|
Airteagal 2(1), pointe (a) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 1 |
|
Airteagal 2(1), pointe (b) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 2 |
|
Airteagal 2(1), pointe (c) |
|
----- |
|
Airteagal 2(1), pointe (d) |
|
----- |
|
Airteagal 2(1), pointe (e) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 3 |
|
Airteagal 2(1), pointe (f) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 4 |
|
Airteagal 2(1), pointe (g) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 5 |
|
Airteagal 2(1), pointe (h) |
|
----- |
|
Airteagal 2(1), pointe (i) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 6 |
|
Airteagal 2(1), pointe (j) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 7 |
|
Airteagal 2(1), pointe (k) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 8 |
|
Airteagal 2(1), pointe (l) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 9 |
|
Airteagal 2(1), pointe (m) |
|
Iarscríbhinn I, pointe 10 |
|
Airteagal 2(2), an chéad fomhír agus cuid de phointe 9.4 d’Iarscríbhinn XII |
|
Airteagal 10(1) |
|
Airteagal 2(2) an dara fomhír |
|
Airteagal 11(1) |
|
Airteagal 2(2), an tríú fomhír |
|
Airteagal 11(2) |
|
- |
|
Airteagal 11(3) |
|
cuid de phointe 9.4 d’Iarscríbhinn XII |
|
Airteagal 11(4) |
|
Airteagal 2(3), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 2(3) an dara fomhír |
|
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 2(4), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 9(2) |
|
Airteagal 2(4) an dara fomhír |
|
Airteagal 9(3) |
|
Airteagal 2(4), an tríú fomhír |
|
Airteagal 9(4) |
|
Airteagal 2(5) |
|
Airteagal 9(5) |
|
Airteagal 2a(1) |
|
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 2a(2) |
|
Airteagal 3(3) |
|
Airteagal 2a(3) |
|
Airteagal 3(4) |
|
Airteagal 2a(4), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 3(5) |
|
Airteagal 2a(4), an dara fomhír |
|
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 2a(5) |
|
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 3, an chéad mhír |
|
Airteagal 13(1) |
|
Airteagal 3, an dara mír |
|
Airteagal 3(6) |
|
Airteagal 4(1), an chéad fhomhír |
|
Airteagal 10(1) |
|
Airteagal 4(1) an dara fomhír |
|
Airteagal 10(2) |
|
Airteagal 4(1), an tríú fomhír |
|
Airteagal 10(3) |
|
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 10(4) |
|
Airteagal 4(3) |
|
- |
|
Airteagal 6(1) |
|
Airteagal 12(1) |
|
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 12(2) |
|
Airteagal 7 |
|
---- |
|
Airteagal 7a, an dara fomhír |
|
Airteagal 2(2) |
|
Airteagal 8(1) |
|
- |
|
Airteagal 8(2) |
|
Airteagal 14 |
|
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I |
|
|
Iarscríbhinn XII, pointe 3,3 |
Iarscríbhinn II |
|
|
Iarscríbhinn Ia, cé is moite de phointe 2,1 |
|
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn I, pointe 2,1 |
|
Airteagal 9(6) |
|
Iarscríbhinn Ib |
|
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn III |
|
---- |
|
Iarscríbhinn IV |
|
---- |
|
Iarscríbhinn VII |
|
---- |
|
Iarscríbhinn IX |
|
---- |
|
Iarscríbhinn X |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XI |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XII, cé is moite de phointe 3,3 agus cuid de phointe 9,4 |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XV |
|
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn XVI |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XVII |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XVIII |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XIX |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XX |
|
---- |
|
Iarscríbhinn XXI |
|
Iarscríbhinn V |
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/23 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2105 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 90a(6), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 91, pointí (b), (d) agus (g), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2) a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus cuireadh ina ionad é. Le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 leagtar síos rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta i leith ola olóige agus tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leith sin. Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh ola olóige a áirithiú sa chreat dlíthiúil nua ní mór rialacha áirithe a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha sin. |
(2) |
Léiríonn an taithí a fuarthas le 10 mbliana anuas ó chur chun feidhme chaighdeáin mhargaíochta an Aontais maidir le hola olóige agus ó chur chun feidhme seiceálacha comhréireachta gur gá an creat rialála a shimpliú agus a shoiléiriú. Ba cheart ceanglais chomhchosúla agus chomhlántacha a athbhreithniú chun dúbláil agus neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. |
(3) |
Ba cheart do na Ballstáit seiceálacha comhréireachta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh a fhíorú an gcomhlíonann táirgí dá dtagraítear i gCuid VII d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún (3) ón gCoimisiún. Ceanglais rialaithe íosta a thabhairt isteach le haghaidh na mBallstát uile, ba cheart go gcuideodh sin freisin leis an gcalaois a chomhrac. Cé gurb iad na Ballstáit is fearr is féidir na húdaráis ar cheart dóibh a bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shainaithint agus a chinneadh, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na húdaráis inniúla sin, chun a áirithiú go ndéanfar cumarsáid iomchuí le húdaráis na mBallstát eile faoi seach agus leis an gCoimisiún. |
(4) |
Ba cheart é a bheith de cheangal ar na Ballstáit tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar aon le faisnéis maidir le seiceálacha comhréireachta a rinneadh le linn na bliana roimhe sin, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Chun bailiú agus tarchur sonraí inchomparáide, tiomsú sonraí den sórt sin ina dhiaidh sin isteach i staitisticí an Aontais uile agus ullmhú tuarascálacha ag an gCoimisiún maidir le seiceálacha comhréireachta ar fud an Aontais a éascú, ba cheart foirm chaighdeánach shamplach a chur ar fáil le haghaidh tuarascálacha bliantúla. |
(5) |
Chun a fhíorú go gcomhlíonann ola olóige na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 agus an chosaint is fearr is féidir a thabhairt do thomhaltóirí, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha comhréireachta a dhéanamh bunaithe ar anailís riosca. |
(6) |
Ós rud é nach mór seiceálacha ar oibreoirí atá freagrach as ola olóige a tháirgeadh nó a chur ar an margadh den chéad uair a dhéanamh sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe, ba cheart nós imeachta a bheith ann maidir le comhar riaracháin idir an Coimisiún agus na Ballstáit ina dtáirgtear agus ina margaítear an ola. |
(7) |
Laistigh de chreat na seiceálacha, maidir leis an bhfianaise atá le cur ar fáil le haghaidh na dtéarmaí éagsúla is féidir a úsáid ar an lipéad, ba cheart do na Ballstáit an fhianaise sin a shonrú. Ba cheart a áireamh ar fhianaise den sórt sin fíorais sheanbhunaithe, torthaí anailísí nó taifeadtaí iontaofa, agus faisnéis riaracháin nó cuntasaíochta. |
(8) |
Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit monarchana pacáistithe atá suite ar a gcríoch a fhormheas, chun gur fusa a bheadh sé seiceáil a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge leis na sonraí sainordaitheacha agus roghnacha atá scríofa ar an lipéad, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104. |
(9) |
Ba cheart saintréithe na gcineálacha éagsúla ola olóige a chinneadh go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Chuige sin, ba cheart a shonrú i reachtaíocht an Aontais na modhanna anailíse ceimicí agus meastóireachta orgánaileiptí ba cheart a úsáid. Ós rud é go bhfuil an tAontas ina chomhalta de Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“IOC”), ba cheart gurb iad na modhanna arna mbunú ag IOC na modhanna atá le húsáid agus seiceálacha comhréireachta á ndéanamh. |
(10) |
Chun aonfhoirmeacht a áirithiú sa tsampláil chun seiceálacha comhréireachta a dhéanamh, ba cheart an modh samplála d’ola olóige a leagan amach. Chun a áirithiú go ndéanfar anailísí sna dálaí cearta agus i bhfianaise na n-achar idir réigiúin, ba cheart teorainneacha ama éagsúla a shocrú le haghaidh samplaí a sheoladh chuig an tsaotharlann tar éis samplála. |
(11) |
Ba cheart do na Ballstáit a fhíorú go bhfuil ola olóige a chuirtear ar mhargadh an Aontais i gcomhréir leis na saintréithe a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104. A mhéid a bhaineann le haicmiú olaí, ba cheart torthaí na dtástálacha a chur i gcomparáid leis na teorainneacha a leagtar síos sa Rialachán sin, lena gcuirtear san áireamh in-atrialltacht agus in-atáirgtheacht na modhanna anailíse arna n-úsáid. |
(12) |
Le modh IOC chun saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a mheas, áirítear painéil de bhlastóirí roghnaithe oilte a bhunú. Chun aonfhoirmeacht sa chur chun feidhme a áirithiú, ba cheart íoscheanglais maidir le formheas na bpainéal a leagan amach. I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhíonn ag roinnt Ballstát agus painéil bhlaiste á mbunú acu, ba cheart úsáid painéal i mBallstáit eile a údarú. |
(13) |
Chun an modh IOC a úsáid chun saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a mheas, is gá nós imeachta a bheith ar fáil chun déileáil le cásanna neamhréireachta idir an chatagóir atá dearbhaithe agus an catagóir a shann an painéal blaiste. |
(14) |
Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas tobhach is infheidhme maidir le hallmhairí cáca olóige agus iarmhar mar is ceart, ba cheart aon mhodh amháin a leagan síos chun cion ola na dtáirgí sin a chinneadh. |
(15) |
Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos i leith neamhchomhlíonadh na gcaighdeán margaíochta maidir le hola olóige ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) |
na seiceálacha ar chomhréireacht leis na caighdeáin mhargaíochta maidir le holaí olóige dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 agus a gcur chun feidhme ag oibreoirí; |
(b) |
an comhar agus an cúnamh idir na húdaráis inniúla maidir leis na seiceálacha comhréireachta dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) |
na taifid atá le coinneáil ag oibreoirí a tháirgeann nó a choinníonn ola olóige agus formheas monarchana pacáistithe; |
(d) |
na modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh. |
Airteagal 2
Oibleagáidí na mBallstát maidir le seiceálacha comhréireachta
1. Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha comhréireachta ar ola olóige chun cur chun feidhme na gcaighdeán margaíochta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 a fhíorú ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 3.
2. Fíoróidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí a n-oibleagáidí faoi Airteagal 5(1).
3. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún (4) faoi ainm agus seoladh an údaráis nó na n-údarás atá inniúil chun seiceálacha comhréireachta a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile agus, arna iarraidh sin, aon pháirtí leasmhar ar an eolas maidir leis na húdaráis inniúla sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú de réir mar a tharlaíonn sé.
Airteagal 3
Minicíocht na seiceálacha comhréireachta agus na hanailíse riosca
1. Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “ola arna margú” an chainníocht iomlán ola olóige a chuirtear ar fáil ar an margadh i mBallstát agus a onnmhairítear ón mBallstát sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit seiceáil comhréireachta amháin ar a laghad in aghaidh na bliana in aghaidh an mhíle tona ola olóige a chuirtear ar an margadh ar a gcríoch.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seiceálacha comhréireachta go roghnach, bunaithe ar anailís riosca, agus a mhinice is iomchuí, chun a fhíorú go gcomhfhreagraíonn an ola olóige arna margú don chatagóir dhearbhaithe.
4. Is iad seo a leanas, go háirithe, na critéir chun an riosca a mheasúnú:
(a) |
catagóir na hola olóige de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104, an tréimhse táirgthe, a praghas i gcomparáid le holaí plandúla eile, oibríochtaí measctha agus pacála, na saoráidí agus na dálaí stórála, an tír tionscnaimh, an tír is ceann scríbe, an modh iompair nó méid na luchtóige; |
(b) |
suíomh na n-oibreoirí sa slabhra margaíochta, an méid agus an luach a mhargaíonn siad, raon na gcatagóirí ola a chuireann siad ar an margadh, an cineál gnó a dhéantar amhail muilleoireacht, stóráil, scagadh, meascadh, pacáistiú nó miondíol; |
(c) |
torthaí a fuarthas le linn seiceálacha a rinneadh roimhe seo lena n-áirítear líon agus cineál na bhfabhtanna a aimsíodh, gnáthcháilíocht na hola olóige a mhargaítear, feidhmíocht an trealaimh theicniúil a úsáidtear; |
(d) |
iontaofacht chórais dearbhaithe cáilíochta na n-oibreoirí nó na gcóras féinseiceála a bhaineann le comhréireacht le caighdeáin mhargaíochta; |
(e) |
an áit ina ndéantar an tseiceáil comhréireachta, go háirithe más í an chéad phointe teacht isteach san Aontas í, an pointe imeachta deireanach ón Aontas nó an áit ina ndéantar na holaí a tháirgeadh, a phacáistiú, a luchtú nó a dhíol leis an tomhaltóir deiridh; |
(f) |
aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh riosca neamhchomhlíonta a léiriú. |
5. Déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a leagan síos roimh ré:
(a) |
na critéir chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le neamhchomhréireacht luchtóg; |
(b) |
ar bhonn anailíse riosca le haghaidh gach catagóir riosca, an t-íoslíon oibreoirí nó luchtóg agus cainníochtaí a bheidh faoi réir seiceála comhréireachta. |
6. I gcás ina léirítear leis na seiceálacha go bhfuil neamhrialtachtaí móra ann, déanfaidh na Ballstáit méadú ar mhinicíocht na seiceálacha i ndáil le céim mhargaíochta, le catagóir ola, le tionscnamh, nó le critéir eile.
Airteagal 4
Comhar idir na Ballstáit maidir le seiceálacha comhréireachta
1. Má bhraitear aon neamhrialtacht agus má tá an t-oibreoir a thaispeántar ar an lipéad bunaithe i mBallstát eile, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann fíorú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (5) ar an mBallstát ina bhfuil an t-oibreoir atá ar an lipéad bunaithe.
2. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, beidh an fhaisnéis go léir is gá le haghaidh an fhíoraithe ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus go háirithe:
(a) |
an dáta a rinneadh an ola olóige i gceist a shampláil nó a cheannach; |
(b) |
ainm nó ainm gnó agus seoladh an oibreora inar tógadh an sampla nó inar ceannaíodh an ola olóige lena mbaineann; |
(c) |
líon na mbaisceanna lena mbaineann; |
(d) |
cóip de na lipéid uile a thaispeánfar ar phacáistíocht na hola olóige lena mbaineann; |
(e) |
torthaí na hanailíse nó na dtuairimí saineolaí comparáideacha eile ina léirítear na modhanna a úsáideadh agus ainm agus seoladh na saotharlainne nó an tsaineolaí; |
(f) |
i gcás inarb infheidhme, ainm sholáthróir na hola olóige i gceist mar atá dearbhaithe ag an asraon margaíochta. |
3. De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, ar a dhéanaí roimh dheireadh na míosa i ndiaidh na míosa ina rinneadh an iarraidh, tógfaidh an Ballstát ar a gcuirfear an iarraidh samplaí agus fíoróidh sé na tásca ar an lipéadú lena mbaineann. Tabharfaidh sé freagra laistigh de 3 mhí ó dháta na hiarrata.
Airteagal 5
Oibleagáidí na n-oibreoirí
1. Chun seiceálacha comhréireachta a dhéanamh, coinneoidh oibreoirí ó chéim an mheilte suas go dtí céim an bhuidéalaithe cláir iontrála agus tarraingt siar maidir le gach catagóir ola olóige atá ina seilbh acu.
2. Arna iarraidh sin don Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir atá le feiceáil ar an lipéad bunaithe, cuirfidh an t-oibreoir doiciméadacht ar fáil maidir le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagail 6, 8 agus 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:
(a) |
eilimintí fíorasacha nó fíorais a shuífear go heolaíoch; |
(b) |
torthaí anailísí nó taifeadtaí uathoibríocha arna dtógáil ar shamplaí ionadaíocha; |
(c) |
faisnéis riaracháin nó cuntasaíochta a choinnítear i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta. |
Airteagal 6
Formheas roghnach ar mhonarchana pacáistithe ar an leibhéal náisiúnta
1. Beidh an deis ag na Ballstáit monarchana pacáistithe atá suite ar a gcríoch a fhormheas.
2. Nuair a chinnfidh siad leas a bhaint as mír 1, deonóidh na Ballstáit formheas agus sannfaidh siad sainaithint alfa-uimhriúil ar aon mhonarcha pacáistíochta a iarrann amhlaidh agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
saoráidí pacáistithe a bheith aici; |
(b) |
a gheallann an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 5 a bhailiú agus a choinneáil; |
(c) |
a bhfuil córas stórála aici lena bhféadfar bunáitíocht na n-olaí olóige a sheiceáil, ar olaí iad a bhfuil sé sainordaitheach an áit tionscnaimh a lipéadú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104. |
3. Nuair a chinnfidh siad leas a bhaint as mír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na socruithe ábhartha i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
Airteagal 7
Modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh
Déanfar saintréithe olaí olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 a chinneadh i gcomhréir leis na modhanna anailíse a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 8
Sampláil le haghaidh seiceálacha comhréireachta
1. Glacfar samplaí le haghaidh seiceálacha comhréireachta i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta EN ISO 661 maidir le hullmhú samplaí tástála agus EN ISO 5555 maidir le sampláil. I dtaca le baisceanna ola olóige pacáistithe, áfach, déanfar an tsampláil i gcomhréir le hIarscríbhinn II. I gcás bulcolaí nach féidir an tsampláil a dhéanamh ina leith i gcomhréir le caighdeán EN ISO 5555, déanfar an tsampláil i gcomhréir leis na treoracha a chuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ar fáil.
2. Gan dochar do chaighdeán EN ISO 5555 agus do Chaibidil 6 de chaighdeán EN ISO 661, cuirfear na samplaí a thógfar in áit dhorcha chomh tapa agus is féidir, ar shiúl ó theas agus cuirfear chuig an tsaotharlann iad lena n-anailísiú tráth nach déanaí ná an cúigiú lá oibre tar éis iad a thógáil, nó coinneofar na samplaí ar bhealach nach ndéanfar iad a dhíghrádú ná damáiste dóibh le linn iompair nó stórála sula seolfar chuig an tsaotharlann iad.
Airteagal 9
Saintréithe olaí olóige a fhíorú
1. Fíoróidh na Ballstáit go bhfuil na holaí olóige i gcomhréir le saintréithe na n-olaí olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104:
(a) |
in ord ar bith; nó |
(b) |
tríd an ord a leagtar amach ar an sreabhchairt in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint, go dtí go dtiocfar ar cheann de na cinntí atá sa tsreabhchairt. |
2. Chun críche an fhíoraithe dá bhforáiltear i mír 1, déanfar na hanailísí ar an leibhéal aigéadachta a chinneadh, luach sárocsaíd K232, K268 nó K270, ΔΚ, eistir eitile aigéid shailligh, céaracha agus na saintréithe orgánaileipteacha, i gcás inarb infheidhme, aon fhrith-anailísí a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta a chur i gcrích roimh an dáta íosta marthanachta i gcás ola olóige pacáistithe. I gcás samplála ar bhulcolaí, déanfar na hanailísí sin laistigh de 6 mhí tar éis na míosa inar tógadh an sampla.
3. Ní bheidh feidhm ag aon teorainn ama maidir le fíorú saintréithe eile ola olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104.
4. Maidir le hola olóige pacáistithe, murar tógadh an sampla níos lú ná 2 mhí roimh an dáta íosmharthanachta, mura mbeidh torthaí na n-anailísí ag teacht le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, tabharfar fógra don oibreoir ónar tógadh an sampla tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an dáta íosmharthanachta.
5. Chun saintréithe ola olóige a chinneadh trí na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar torthaí na n-anailísí a chur i gcomparáid go díreach leis na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún, ina gcuirtear san áireamh in-atrialltacht agus in-atáirgtheacht na modhanna anailíse arna n-úsáid.
6. Beidh feidhm ag rialacha an Airteagail seo maidir le gach sampla príomhúil a thógfar i gcomhréir le hIarscríbhinn II.
Airteagal 10
Painéil bhlaiste
1. Chun críoch seiceálacha comhréireachta, déanfaidh painéil bhlaiste, arna bhformheas ag na Ballstáit ar a gcríoch, measúnú ar shaintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 agus tuairisceoidh siad ar na saintréithe sin agus ar an gcatagóir sin.
2. Socróidh na Ballstáit téarmaí formheasta na bpainéal blaiste agus áiritheoidh siad:
(a) |
go gcomhlíonfar ceanglais an mhodha dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn I maidir le saintréithe orgánaileipteacha ola olóige íon a chinneadh; |
(b) |
go dtabharfar oiliúint do cheannaire an phainéil a aithníonn an Ballstát chun na críche sin; |
(c) |
beidh formheas leanúnach ag brath ar athbhreithniú bliantúil a bheith á dhéanamh ag an mBallstát ar an bpainéal blaiste. |
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183, faoi liosta na bpainéal blaiste formheasta ar a gcríoch agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir le haon athrú ar an liosta sin.
4. I gcás nach gcomhlíonann aon phainéal blaiste ar chríoch Ballstáit na téarmaí formheasa dá dtagraítear i mír 2, iarrfaidh an Ballstát ar phainéal blaiste a bheidh formheasta i mBallstát eile.
Airteagal 11
Saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a fhíorú
1. Measfar go bhfuil saintréithe orgánaileipteacha olaí olóige íona a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ag teacht leis an gcatagóir dhearbhaithe má dhéanann painéal blaiste arna fhormheas ag Ballstát an chatagóir a dhearbhú.
2. I gcás nach ndearbhóidh an painéal blaiste an chatagóir dearbhaithe a mhéid a bhaineann leis na saintréithe orgánaileipteacha, arna iarraidh sin don oibreoir atá faoi réir an rialaithe, beidh dhá fhrithmheasúnú déanta ag na húdaráis inniúla gan mhoill ó na painéil bhlaiste formheasta eile. Is éard a bheidh i gceann amháin ar a laghad de na painéil bhlaiste painéal arna fhormheas ag an mBallstát inar táirgeadh an ola olóige. Measfar go mbeidh na saintréithe lena mbaineann ag teacht leis na saintréithe a dhearbhófar má dheimhníonn an dá fhrithmheasúnú an chatagóir dhearbhaithe. Murab amhlaidh an cás, gan beann ar na cineálacha fabhtanna arna gcinneadh le linn na bhfrithmheasúnuithe, dearbhófar nach bhfuil an chatagóir dhearbhaithe ag teacht leis na saintréithe, agus is é an t-oibreoir atá faoi réir an rialaithe a sheasfaidh costais na bhfrithmheasúnuithe.
3. Nuair a tháirgtear an ola lasmuigh den Aontas, is iad dhá phainéal blaiste, atá difriúil ón bpainéal a chinn ar dtús gurb ann do neamhchomhréireacht, a dhéanfaidh an dá fhrithanailís.
4. Agus frithmheasúnuithe á ndéanamh acu, déanfaidh painéil bhlaiste measúnú ar an ola olóige in dhá sheisiún blaiste ar leith. Torthaí an dá sheisiún le haghaidh na hola olóige atá faoi réir an mheasúnaithe, ní mór iad a bheith aonchineálach ó thaobh staidrimh de. Mura bhfuil, ní mór an sampla a ath-anailísiú arís faoi dhó. Is mar mheán na luachanna a fhaightear le haghaidh na saintréithe sin sa dá sheisiún aonchineálacha ó thaobh staidrimh de a ríomhfar luachanna tuairiscithe shaintréithe orgánaileipteacha na hola olóige atá faoi réir an fhrithmheasúnaithe.
Airteagal 12
Cion ola cáca ola agus iarmhar eile
1. Cinnfear cion ola cáca ola agus iarmhar eile de thoradh eastóscadh ola olóige (Cóid AC 2306 90 11 agus 2306 90 19) agus úsáid á baint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
2. Déanfar an cion ola dá dtagraítear i mír 1 a shloinneadh mar chéatadán arb é meáchan na hola mar chéatadán deo mheáchan an ábhair thirim.
Airteagal 13
Pionóis
1. I gcás ina bhfaighfear amach nach n-urramaítear na caighdeáin mhargaíochta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104, cuirfidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha athchomhairleacha i bhfeidhm, pionóis a chinnfear i bhfianaise thromchúis na neamhrialtachta a bhraithfear.
2. Faoin 31 Bealtaine gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183, faoi na bearta a rinneadh chuige sin agus gan mhoill faoi aon leasú ar na bearta sin.
Airteagal 14
Tuairisciú
Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe sin. Beidh sa tuarascáil sin ar a laghad torthaí na seiceálacha comhréireachta a rinneadh ar ola olóige i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí áirithe talmhaíochta (an Rialachán maidir le CEM aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2568/91 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 29/2012 (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid (IO L 171, 4.7.2017, lch. 100).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán IMSOC) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).
(6) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Modhanna anailíse chun saintréithe ola olóige a chinneadh
|
Saintréithe olaí olóige |
An modh IOC a úsáidfear |
1 |
Aigéadacht |
COI/T.20/Doc. Uimh. 34 (Cinneadh maidir le saoraigéid shailleacha, modh fuar) |
2 |
Luach sároscsaíde |
COI/T.20/Doc. Uimh. 35 (Cinneadh maidir le luacha sároscsaíde) |
3 |
Monapalmatáit 2- ghlicrile |
COI/T.20/Doc. Uimh. 23 (Cinneadh maidir le céatadán monaphalmatáite 2- ghlicrile) |
4 |
K232, K268 nó K270, ΔΚ |
COI/T.20/Doc. Uimh. 19(Imscrúdú speictreafótaiméadrach san ultravialait) |
5 |
Saintréithe orgánaileipteacha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 15 (Anailís chéadfach ar ola olóige– Modh chun measúnú orgánaileipteach a dhéanamh ar ola olóige íon) – cé is moite de phointí 4.4 agus 10.4 de |
6 |
Comhdhéanamh aigéid shailligh, lena n-áirítear tras-isiméirí |
COI/T.20/Doc. Uimh. 33 (Cinneadh maidir le heistir mheitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis) |
7 |
Eistir meitile aigéid shailligh, céaracha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 28 (Cinneadh maidir le cion céaracha, eistear meitile aigéid shailligh agus eistear eitile aigéid shailligh le crómatagrafaíocht gháis ribeach) |
8 |
Iomlán stéaról, comhdhéanamh stéaról, eiritridhé-ól, úváól agus alcóil alafatacha |
COI/T.20/Doc. Uimh. 26 (Comhdhéanamh agus ábhar stéaról, dé-alcól trítheirpéineach agus alcól alafatach a chinneadh le crómatagrafaíocht gháis ribeach) |
9 |
Stiogmastaidé-éin |
COI/T-20/Doc. Uimh. 11(An méid stiogmastaidé-éin in olaí glasraí a chinneadh) |
10 |
ΔΕCN42 |
COI/T.20/Doc. Uimh. 20 (Cinneadh na difríochta idir ábhar iarbhír agus ábhar teoiriciúil tríaicilgliocról ECN 42) |
IARSCRÍBHINN II
SAMPLÁIL AR OLAÍ OLÓIGE A SHEACHADTAR I bPACÁISTÍ
Cuirtear an modh samplála seo i bhfeidhm maidir le baisceanna ola olóige a chuirtear i bpacáistí. Beidh feidhm ag modhanna samplála éagsúla ag brath ar cibé acu is mó ná 5 lítear an pacáiste nó nach ea.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) |
ciallaíonn “pacáiste” an coimeádán a bhfuil teagmháil dhíreach idir é agus an ola olóige; |
(b) |
ciallaíonn “baisc” tacar pacáistí a tháirgtear, a mhonaraítear agus a phacáiltear in imthosca ina meastar go bhfuil an ola olóige, atá i ngach pacáiste, aonchineálach i dtéarmaí na saintréithe anailíseacha uile. Ní mór indibhidiú baisce a dhéanamh i gcomhréir le Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); |
(c) |
ciallaíonn “incrimint” an chainníocht ola olóige atá i bpacáiste suas go 5 lítear nó a eastósctar as pacáiste ar mó é ná 5 lítear, nuair a roghnaítear pacáistí ó phointe randamach sa bhaisce. |
1. ÁBHAR AN tSAMPLA PHRÍOMHÚIL
1.1. Samplaí phríomhúla le haghaidh pacáistí suas go 5 lítear
Déanfar sampla príomhúil le haghaidh pacáistí suas go 5 lítear a chomhdhéanamh i gcomhréir le Tábla 1.
Tábla 1
Ní mór an méid seo a leanas a bheith in íosmhéid sampla phríomhúil:
I gcás inarb é toilleadh an phacáistithe |
Is é a bheidh sa sampla príomhúil an ola olóige ó |
||||
|
|
||||
|
|
Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a homaiginiú sula ndéanfar na measúnuithe agus na hanailísí éagsúla.
1.2. Samplaí phríomhúla le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear
Comhdhéanfar sampla príomhúil le haghaidh pacáistí níos mó ná 5 lítear as líon iomlán na n-incrimintí a eastósctar as an líon íosta pacáistí a leagtar amach i dTábla 2. Déanfar na pacáistí a roghnú go randamach as an mbaisce. Nuair a chomhdhéantar an sampla príomhúil beidh toilleadh leordhóthanach ann chun gur féidir é a roinnt san iliomad samplaí.
Tábla 2
An líon íosta pacáistí le roghnú go randamach
An líon pacáistí sa bhaisce |
An líon íosta pacáistí le roghnú |
Suas go 10 |
1 |
Ó ... 11 go 150 |
2 |
Ó ... 151 go 500 |
3 |
Ó ... 501 go 1 500 |
4 |
Ó ... 1 501 go 2 500 |
5 |
> 2 500 in aghaidh 1 000 pacáiste |
1 phacáiste sa bhreis |
Tar éis ábhar gach pacáiste a homaiginiú, eastósctar an incrimint agus doirtear isteach i gcoimeádán coiteann í lean homaiginiú trína corraí, ionas gur fearr a chosnófar ar an aer í.
Ní mór ábhar an tsampla phríomhúil a dhoirteadh i seicheamh pacáistí ar toilleadh dóibh 1 lítear ar a laghad, a mbeidh gach ceann acu comhdhéanta d’aonad de sampla príomhúil. Ní mór gach aonad pacáiste a líonadh ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an ciseal aeir ar barr agus a dhúnadh agus a shéalú chun a áirithiú go mbeidh an táirge crioscaíldíonach. Ní mór na pacáistí a lipéadú chun a áirithiú go ndéantar iad a shainaithint i gceart.
2. AN LÍON SAMPLAÍ PRÍOMHÚLA A MHÉADÚ
2.1. |
Féadfaidh gach Ballstát an líon samplaí príomhúla a mhéadú, de réir a riachtanais féin (measúnú orgánaileipteach ag saotharlann nach í an tsaotharlann a rinne na hanailísí ceimiceacha, an fhrithanailís etc.). |
2.2. |
Féadfaidh an t-údarás inniúil an líon samplaí príomhúla a mhéadú de réir an tábla seo a leanas: |
Tábla 3
An líon samplaí príomhúla arna chinneadh de réir méid baisce
Méid an bhaisce(lítir) |
An líon samplaí príomhúla |
Níos lú ná 7 500 |
2 |
Ó 7 500 go níos lú ná 25 000 |
3 |
Ó 25 000 go níos lú ná 75 000 |
4 |
Ó 75 000 go níos lú ná 125 000 |
5 |
Cothrom le agus níos mó ná 125 000 |
6 + 1 le haghaidh gach 50 000 lítear nó níos mó |
2.3. |
Ní mór foirmiú gach sampla phríomhúil a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 1.2. |
2.4. |
Agus pacáistí á roghnú go randamach le haghaidh incrimintí, ní mór na pacáistí a roghnaítear le haghaidh sampla príomhúil amháin tadhlach le pacáistí a roghnaítear le haghaidh sampla príomhúil eile. Is gá nóta a dhéanamh de shuíomh gach pacáiste a roghnaítear go randamach agus é a shainaithint i gceart agus go cinnte. |
3. ANAILÍSÍ AGUS TORTHAÍ
3.1. |
I gcás ina bhfuil torthaí na n-anailísí comhlíontach le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, ní mór a dhearbhú go bhfuil an baisce iomlán comhlíontach chomh maith. |
3.2. |
Nuair nach bhfuil torthaí na n-anailísí ar aon sampla príomhúil amháin comhlíontach le saintréithe na catagóire ola olóige a dhearbhaítear, ní mór a dhearbhú go bhfuil an baisce iomlán neamhchomhlíontach chomh maith. |
(1) Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le tásca nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (IO L 334, 16.12.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN III
SREABHCHAIRT LENA bhFÍORAÍTEAR AN bhFUIL SAMPLA OLA OLÓIGE COMHSHEASMHACH LEIS AN gCATAGÓIR A DHEARBHAÍTEAR
Tábla ginearálta
Tábla 1
Ola olóige úríon –– Critéir cháilíochta
Tábla 2
Ola olóige íon –– Critéir cháilíochta
Tábla 3
Ola olóige úríon agus ola olóige íon –– Critéir íonachta
Tábla 4
Ola olóige lampante –– Critéir cháilíochta
Tábla 5
Ola olóige scagtha –– Critéir cháilíochta
Tábla 6
Ola olóige (comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus olaí olóige íona) –– Critéir cháilíochta
Tábla 7
Ola olóige scagtha agus ola olóige atá comhdhéanta d’ola olóige scagtha agus olaí olóige íona–– Critéir íonachta
Tábla 8
Amhola phrabhaite olóige –– Critéir cháilíochta
Tábla 9
Ola phrabhaite olóige scagtha –– Critéir cháilíochta
Tábla 10
Ola phrabhaite olóige –– Critéir cháilíochta
Tábla 11
Ola phrabhaite olóige scagtha agus ola phrabhaite olóige –– Critéir íonachta
IARSCRÍBHINN IV
Modh chun cion ola cáca olóige agus iarmhar a thomhas
1. ÁBHAIR
1.1. Trealamh
— |
trealamh eastósctha oiriúnach feistithe le fleascán cruinntónach 200 go 250 ml, |
— |
dabhach théite go leictreach (e.g. dabhach ghainimh, dabhach uisce) nó teophláta, |
— |
meá anailíseach, |
— |
oigheann atá rialaithe go teocht uasta 80 °C, |
— |
oigheann téite go leictreach atá feistithe le gaireas atá rialaithe go 103 ± 2 °C agus ar féidir é a scuabadh le sruth aeir nó a oibriú faoi bhrú laghdaithe, |
— |
muileann meicniúil, soghlanta, lena bhféadtar na hiarmhair olóige a mheilt gan ardú ar a dteocht nó athrú suntasach ar a gcion taisligh, ábhair ghalaithe nó substaintí is eastósctha le heacsán, |
— |
méaracán eastósctha agus olann chadáis nó páipéar scagtha a bhfuil substaintí is féidir a eastóscadh le heacsán bainte cheana, |
— |
triomadán, |
— |
criathar ar a bhfuil oscailtí de thrastomhas 1 mm, |
— |
cáithníní slíogairt réamhthriomaithe. |
1.2. Imoibrí
Gnáth-heacsán, de ghrád teicniúil, nach mór dó iarmhar níos lú ná 0,002 g in aghaidh 100 ml tar éis galú iomlán.
2. Nós imeachta
2.1. Ullmhú an tsampla tástála
Más gá, úsáid an muileann meicniúil, a glanadh i gceart roimh ré, chun an sampla saotharlainne a mheilt chun é a laghdú go cáithníní ar féidir leo dul go hiomlán tríd an gcriathar.
Bain úsáid as an bhfichiú cuid nó mar sin chun críoch a chur leis an bpróiseas chun a muileann a ghlanadh, diúscair an t-ábhar meilte, meil an méid atá fágtha agus déan é a bhailiú, a meascadh go cúramach agus a anailísiú gan mhoill.
2.2. Trialchuid
A luaithe a chuirtear críoch leis an oibríocht meilte, bain amach thart ar 10 g den sampla don 0,01 g is gaire lena thástáil.
2.3. Ullmhú an mhéaracáin eastósctha
Cuir an chuid sa mhéaracán agus stop í le holann chádáis. Más páipéar scagtha a úsáidtear, imchlúdaigh an trialchuid ann.
2.4. Réamhthriomú
Má tá an t-iarmhar olóige an-tais (i.e. cion taisligh nó cion ábhair ghalaithe níos mó ná 10 %) déan réamhthriomú tríd an méaracán ualaithe (nó páipéar scagtha) a chur san oigheann ar feadh am iomchuí ag teocht nach airde ná 80 °C chun an cion taisligh agus an cion ábhair ghalaithe a laghdú go 10 %.
2.5. Ullmhú an fhleascáin cruinntóna
Meáigh don 1 mg is gaire an fleascán ina bhfuil cáithnín nó dhó de shlíogart a triomaíodh cheana sa sorn ag 103 ± 2 °C agus a fuaraíodh ansin i dtriomadóir ar feadh tréimhse nach giorra ná aon uair an chloig.
2.6. Eastóscadh tosaigh
Cuir an méaracán (nó an páipéar scagtha) ina bhfuil an trialchuid isteach sa ghaireas eastósctha. Doirt an méid heacsáin is gá isteach sa fhleascán. Feistigh an fleascán den ghaireas eastósctha agus cuir an t-iomlán ar an dabhach atá téite go leictreach. Coigeartaigh an ráta téimh sa chaoi nach lú an ráta aife na trí bhraon in aghaidh an tsoicind (bruith mheasartha seachas géarbhruith). Tar éis eastóscadh 4 uair an chloig, lig di fuaradh. Bain an méaracán den ghaireas eastósctha agus cuir i sruth aeir é chun an chuid is mó den tuaslagóir tuile a bhaint.
2.7. Dara eastóscadh
Doirt ábhar an mhéaracáin isteach sa mhicrimheilteoir agus meil chomh mion agus is féidir. Cuir an meascán meilte, ina iomláine, ar ais sa mhéaracán agus cuir ar ais sa ghaireas eastósctha é.
Lean den eastóscadh go ceann dhá uair an chloig eile trí úsáid a bhaint as an bhfleascán cruinntóna eile ina bhfuil an t-eastóscadh tosaigh.
An tuaslagán a fhaightear sa fhleascán eastósctha, ní mór é a bheith glé. Mura bhfuil, déan é a scagadh trí pháipéar scagtha agus nigh an fleascán a úsáideadh ar dtús agus an páipéar scagtha roinnt uaireanta le heacsán. Bailigh an scagáit agus an tuaslagóir níocháin i bhfleascán cruinntóna eile a ndearnadh triomú agus táir air don 1 mg is gaire.
2.8. Tuaslagóir a bhaint agus eastóscadh a mheá
Bain amach an chuid is mó den tuaslagóir trína dhriogadh ar dhabhach atá téite go leictreach. Bain amach na rianta deiridh den tuaslagóir tríd an bhfleascán a théamh san oigheann ag 103 ± 2 °C ar feadh 20 nóiméad. Cuidigh leis an bpróiseas díothaithe trí aer a shéideadh, támhghás más féidir, ar eatraimh nó trí bhíthin brú laghdaithe.
Fág an fleascán i dtriomadóir lena fhuarú ar feadh uair an chloig ar a laghad agus meáigh don 1 mg is gaire.
Téigh arís ar feadh 10 nóiméad faoi na dálaí céanna, fuaraigh i dtriomadóir agus meáigh athuair.
Ní rachaidh an difríocht idir an dá mheá thar 10 mg. Má théann, téigh arís ar feadh tréimhsí 10 nóiméad agus, dá éis sin, fuaraigh agus meáigh arís go dtí gurb é 10 mg nó níos lú ná sin an difríocht meáchain. Déan meáchan deiridh an fhleascáin a thaifead.
Déan cinntiúcháin dhúblacha ar an sampla tástála.
3. SLOINNEADH TORTHAÍ
3.1. Modh ríofa agus foirmle
(a) |
An t-eastóscadh arna shloinneadh mar chéatadán de réir maise mar a fhaightear é, tá sé cothrom le: i gcás:
Glac leis gur é meán uimhriúil na gcinntiúchán dúblach an toradh, ar choinníoll go sásaítear na coinníollacha in-atrialltachta. Sloinn an toradh go dtí an chéad deachúil. |
(b) |
Sloinntear an t-eastóscadh ar bhonn ábhair thirim trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle: i gcás:
|
3.2. In-atrialltacht
An difríocht idir na cinntiúcháin dhúblacha a dhéanann an t-anailíseoir céanna go comhuaineach nó go tapa i ndiaidh a chéile, ní rachaidh sí thar 0,2 g d’eastóscadh heacsáin in aghaidh 100 g den sampla.
Mura gcomhlíontar an coinníoll sin, déan an anailís athuair ar dhá thrialchuid eile. Más rud é, sa chás sin freisin, gur mó é an difríocht ná 0,2 g, glac leis gurb é meán uimhriúil na gceithre chinntiúchán an toradh.
IARSCRÍBHINN V
Foirm le haghaidh torthaí seiceálacha comhréireachta a thuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 14 i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1183 ón gCoimisiún
|
Lipéadú |
Paraiméadair cheimiceacha |
Saintréithe orgánaileipteacha (4) |
Cinneadh críochnaitheach |
|||||||||||||
Sampla |
Catagóir |
Tír tionscnaimh |
Láthair chigireachta (1) |
Ainm dlíthiúil |
Áit tionscnaimh |
Dálaí stórála |
Faisnéis earráideach |
Inléiteacht |
C/NC (3) |
Paraiméadair lasmuigh de theorainn Tá/Níl |
Más ea, léirigh anseo an ceann/na cinn i gceist (2) |
C/NC (3) |
Fabht airmheánach |
Airmheán Torthaíoch |
C/NC (3) |
An beart is gá |
Smachtbhanna |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1) An margadh inmheánach (muileann, buidéalaithe, an chéim mhiondíola) onnmhairiú, allmhairiú.
(2) Beidh cód ag gach saintréith d’ola olóige a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2104 [tagairt don Ghníomh Tarmligthe atá le glacadh].
(3) Comhréireach/Neamhchomhréireach.
(4) Ina cheangal maidir le holaí olóige íona de réir bhrí Chuid VIII, pointe 1, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus maidir leo sin amháin
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/49 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2106 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Deireadh Fómhair 2022
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2022. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2022 ídithe ag gabhálacha an stoic séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) ag soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta le haghaidh 2022 a chionroinntear ar an Iodáil le haghaidh an stoic séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha CGIM 8, 9, 10, agus 11 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar ghníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stoic dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc, ón stoc sin a ghabh na soithí sin, a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165).
IARSCRÍBHINN
Uimhir |
09/TQ110 |
Ballstát |
an Iodáil |
Stoc |
ARS/GF8-11 |
SPEICEAS |
An séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) |
Crios |
FLG 8-9-10-11 |
Dáta deiridh |
28.9.2022 |
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/52 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2107 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas ón bhFionlainn chun an t-ainm “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” a chlárú mar thásc geografach faoi chosaint a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Fuair an Coimisiún an fógra freasúra ón tSualainn an 23 Aibreán 2021. Chuir an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh chuig an bhFionlainn an 27 Aibreán 2021. Chuir an tSualainn ráiteas freasúra réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin an 4 Meitheamh 2021. |
(3) |
Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an ráiteas freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh sé inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr an Coimisiún ar an bhFionlainn agus ar an tSualainn, trí litir dar dáta an 29 Meitheamh 2021, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú. |
(4) |
An 20 Iúil 2021, arna iarraidh sin don Fhionlainn, chuir an Coimisiún síneadh 3 mhí leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúchán. Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Fhionlainn agus an tSualainn gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige. |
(5) |
Seo a leanas achoimre ar phríomhargóintí na Sualainne mar a leagtar amach ina ráiteas freasúra réasúnaithe agus sna comhairliúcháin a rinneadh leis an bhFionlainn. |
(6) |
Mhaígh an tSualainn gur díoladh líon nach beag liamhás ó tháirgeoirí agus brandaí éagsúla ar mhargadh na Sualainne faoin sonrúchán “Basturökt skinka” ó bhí 2008 ann ar a laghad. Mar gheall ar an gcomhainmneachas páirteach leis an ainm atá le clárú, d’áitigh an freasúróir go gcuirfeadh an clárú “Basturökt skinka” i mbaol, lenar tagraíodh do tháirgí a margaíodh go dleathach sa tSualainn ó bhí 2008 ann. |
(7) |
Thairis sin, mhaígh an tSualainn go mbeadh an téarma “Aito saunapalvikinkku”/ “Äkta basturökt skinka”, ina gciallaíonn “aito/äkta”“fíor” nó “barántúil”, cineálach, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil aon tagairt d’áit, do réigiún ná do thír san ainm a bhfuiltear ag cur isteach ar chosaint mar thásc geografach faoi chosaint ina leith. Dá bhrí sin, i dtuairim na Sualainne, ní chomhlíonfadh an clárú Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
(8) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sa ráiteas freasúra réasúnaithe ón tSualainn i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúróir á gcur san áireamh aige, agus tháinig sé ar na conclúidí seo a leanas. |
(9) |
Is ainm comhshuite é “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” lena n-ainmnítear táirge a tháirgtear i limistéar iomlán na Fionlainne trí úsáid a bhaint as modh sonrach traidisiúnta chun é a dheatú go díreach le maidí/bloic fearnóige i sabhna deataigh. Is fada an t-am próiseála, a mhaireann 12 uair an chloig ar a laghad. Tá an táirge ar an margadh ó bhí na 1950í ann faoin ainm Fionlannach “Aito saunapalvikinkku” agus faoin ainm Sualannach “Äkta basturökt skinka” nó “Äkta bastupalvad skinka”. Tá an táirge sin éagsúil leis an táirge a ainmnítear “Saunapalvikinkku” nó “Basturökt skinka” san Fhionlainn agus sa tSualainn araon, táirge a n-úsáidtear modh táirgthe difriúil chun é a tháirgeadh (modh deataithe ina ngintear an deatach lasmuigh den seomra deataigh ó shliseanna adhmaid nó trí dheatach athghinte). Ciallaíonn an focal “aito/äkta” (“fíor”) in “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” nach n-ullmhaítear an táirge ach amháin trí úsáid a bhaint as an modh sonrach traidisiúnta a dtugtar tuairisc air thuas, rud a fhágann go bhfuil a shaintréithe féin ag an táirge i gcomparáid le “Saunapalvikinkku” nó “Basturökt skinka”. Dheimhnigh an tSualainn nach bhfuil aon táirge ar mhargadh na Sualainne a tháirgtear ar mhodh traidisiúnta agus a dhíoltar faoin ainm “Äkta basturökt skinka”. Dá bhrí sin, leis an ainm “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka”, ní thagraítear ach don táirge a tháirgtear san Fhionlainn agus úsáid á baint as an modh sonrach táirgthe sin. |
(10) |
Dá bhrí sin, leis an ainm comhshuite “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka”, sainaithnítear táirge de thionscnamh áite ar leith, go háirithe i dtír, ar táirge é a bhfuil cáilíocht shonrach aige agus saintréithe sonracha ann arb é a thionscnamh geografach is cúis leo. |
(11) |
Ní thagraíonn ach an t-ainm comhshuite don táirge sonrach a tháirgtear sa limistéar geografach sainithe de réir an mhodha thraidisiúnta. Dá bhrí sin, na téarmaí coitianta arb iad atá in ainm comhshuite an táirge, a mhargaítear sa tSualainn agus san Fhionlainn, níor cheart iad a chosaint astu féin. |
(12) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart an chosaint a theorannú don ainm “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” ina iomláine, agus ba cheart leanúint de chomhpháirteanna aonair an ainm sin a cheadú i gcás táirgí nach gcomhlíonann sonraíocht táirge “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” ar fud an Aontais Eorpaigh, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras. |
(13) |
Thairis sin, baineann freasúra na Sualainne freisin le nádúr cineálach an ainm iomláin “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” agus leis an bhfíoras nach bhfuil aon tagairt d’áit, do réigiún ná do thír ann. |
(14) |
De réir an tsainmhínithe atá in Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ciallaíonn “téarmaí cineálacha” ainmneacha táirgí, agus bíodh is go mbaineann siad leis an ionad, leis an réigiún nó leis an tír inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge i dtosach, arb iad an t-ainm coitianta ar an táirge san Aontas anois iad. |
(15) |
Leis an ainm “Aito saunapalvikinkku/Äkta basturökt skinka” ina iomláine, tagraítear do tháirge sonrach atá á tháirgeadh i limistéar geografach sonrach agus a bhfuil cáilíocht shonrach ar leith aige agus a bhfuil saintréithe sonracha ar leith ann a bhaineann lena thionscnamh geografach. Dá bhrí sin, is léir nach bhfuil an t-ainm “Aito saunapalvikinkku/Äkta basturökt skinka”, ina iomláine, ina ainm coitianta anois agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé cineálach anois. |
(16) |
Is fíor gurb é atá san ainm téarmaí coitianta iomadúla gan téarma geografach. Mar sin féin, a fhad a ainmníonn an t-ainm iomlán táirge talmhaíochta nó bia-earra a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá sé incháilithe lena chlárú mar thásc geografach faoi chosaint. |
(17) |
Dá réir sin, ba cheart an t-ainm “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” (TGFC) a chlárú sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint. |
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cláraítear an t-ainm “Aito saunapalvikinkku”/“Äkta basturökt skinka” (TGFC).
Leis an ainm sa chéad mhír, sainaithnítear táirge de chuid Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.) a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Féadfar leanúint de na téarmaí “Saunapalvikinkku” agus “Basturökt skinka” a úsáid laistigh de chríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 27, 25.1.2021, lch. 29.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/55 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2108 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2022
lena dheonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 16 Aibreán 2019, chuir Ecolab Deutschland GmbH iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirge bithicídeach aonair a údarú ar a dtugtar “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” de chineál táirge 2, faoi mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus thug siad daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Laitvia meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-XS050968-91 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. |
(2) |
Is é aigéad L-(+)-lachtach substaint ghníomhach “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”, ar substaint é a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineál táirge 2. |
(3) |
An 24 Márta 2021, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnachta agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”). |
(4) |
An 4 Samhain 2021, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” agus an tuarascáil mheasúnachta deiridh ar an táirge bithicídeach aonair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(5) |
Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach aonair é “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin. |
(6) |
An 22 Samhain 2021, sheol an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(7) |
Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” a dheonú. |
(8) |
Sa tuairim uaithi, molann an Ghníomhaireacht go n-iarrfaidh an Coimisiún ar shealbhóir an údaraithe staidéar seilfré a dhéanamh ar “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” i bpacáistíocht trádála ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh, mar choinníoll le haghaidh an údaraithe. Ba cheart go dtaispeánfaí sa staidéar sonraí ábhartha lena léirítear go bhfuil na hairíonna ceimiceacha agus fisiceacha sásúil roimh an stóráil agus ina diaidh. Aontaíonn an Coimisiún leis an moladh sin agus measann sé gur cheart torthaí an staidéir sin a chur isteach mar choinníoll a bhaineann leis an táirge bithicídeach aonair a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid de bhun Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é go bhfuil an staidéar sin á dhéanamh cheana féin, ba cheart do shealbhóir an údaraithe torthaí an staidéir sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cé go mbeidh sonraí le soláthar tar éis dheonú an údaraithe, measann an Coimisiún nach ndéanann an méid sin difear don chonclúid maidir le comhlíonadh an choinníll faoi Airteagal 19(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar bhonn na sonraí atá ann cheana. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú Aontais ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0027463-0000 do Ecolab Deutschland GmbH maidir leis an táirge bithicídeach aonair “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Tá an t-údarú Aontais bailí ón 24 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2032.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) ECHA opinion of 12 October 2021 on the Union authorisation of the biocidal product “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” [Tuairim ó ECHA an 12 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh “Ecolab UA Lactic acid single product dossier”] (ECHA/BPC/294/2021), https://echa.europa.eu/it/opinions-on-union-authorisation.
IARSCRÍBHINN I
TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA (EU-0027463-0000)
Déanfaidh sealbhóir an údaraithe staidéar seilfré (24 mhí) ar “Ecolab UA Lactic acid single product dossier” i bpacáistíocht trádála ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh. Beidh an sonraíocht a mholfar agus na hairíonna a thástálfar i gcomhréir le Guidance on the Biocidal Products Regulation Volume I: Identity of the active substance/physico-chemical properties/analytical methodology – Information Requirements, Evaluation and Assessment. Parts A+B+C, Version 2.1, March 2022, section 2.6.4 Storage stability, stability and shelf-life (1) [Treoraíocht maidir le Rialachán na dTáirgí Bithicídeacha Imleabhar I: Aitheantas na substainte gníomhaí/na n-airíonna fisiciceimiceacha/na modheolaíochta anailísí – Riachtanais Faisnéise, Meastóireacht agus Measúnú. Codanna A+B+C, Leagan 2.1, Márta 2022, roinn 2.6.4 Cobhsaíocht i ndáil le stóráil, cobhsaíocht agus seilfré]. Déanfar gach airí ábhartha a anailísiú roimh an stóráil agus ina diaidh.
Faoin 24 Feabhra 2023 cuirfidh sealbhóir an údaraithe torthaí an staidéir faoi bhráid na Gníomhaireachta.
(1) https://echa.europa.eu/documents/10162/2324906/bpr_guidance_vol_i_parts_abc_en.pdf/31b245e5-52c2-f0c7-04db-8988683cbc4b
IARSCRÍBHINN II
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach
Ecolab UA Lactic Acid single product dossier
Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)
Uimhir an údaraithe: EU-0027463-0000
Uimhir sócmhainne: R4BP: EU-0027463-0000
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge
Trádainm (nó trádainmneacha) |
GEL NETTOYANT DESINFECTANT WC Maxx Into Des |
1.2. Sealbhóir an údaraithe
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
Ecolab Deutschland GmbH |
Seoladh |
Ecolab Allee 1, 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin |
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0027463-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0027463-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
An 24 Samhain 2022 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
An 31 Deireadh Fómhair |
1.3. Déantóir (nó déantóirí) an táirge
Ainm an déantóra |
Ecolab Europe GmbH |
Seoladh an déantóra |
Richtistrasse 7, 8304 Wallisellen An Eilvéis |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
AFP GmbH, 21337 Lueneburg An Ghearmáin ACIDEKA S.A. Capuchinos de Basurto 6, 4a planta, 48013 Bilbao, Bizkaia An Spáinn ADIEGO HNOS, Adiego CTRA DE VALENCIA, 50410 CUARTE DE HUERVA An Spáinn ALLIED PRODUCTS, Allied Hygiene Unit 11, Belvedere Industrial Estate Fishers Way, DA17 6BS Belvedere Kent An Ríocht Aontaithe Arkema GmbH Morschheimer Strasse 19, D-67292 Krichheimbolanden An Ghearmáin AZELIS DENMARK, Lundtoftegårdsvej 95, 2800 Kgs. Lyngby An Danmhairg BELINKA-LJUBLJANA, Belinka Zasavska Cesta 95, 1001 Ljubljana An tSlóivéin BENTUS LABORATORIES, Radio street 24 BLd 1, 105005 Moscó Cónaidhm na Rúise BIO PRODUCTiONS Ltd, 72 Victoria Road, RH15 9LH West Sussex An Ríocht Aontaithe BIOXAL SA, Route des Varennes - Secteur A - BP 30072, 71103 Chalon sur Saöne Cedex An Fhrainc BORES S.R.L., Bores Srl Via Pioppa 179, 44020 Pontegradella An Iodáil BRENNTAG ARDENNES, Route de Tournes CD n 2, 08090 Cliron An Fhrainc BRENNTAG CEE - GUNTRAMSDORF, Blending Bahnstr 13A, 2353 Guntramsdorf An Ostair BRENNTAG Kleinkarlbach, Humboldtring 15, 45472 Muehlheim An Ghearmáin BRENNTAG KAISERSLAUTERN, Merkurstr. 47, 67663 Kaiserslautern An Ghearmáin BRENNTAG NORDIC - HASLEV, Høsten Teglværksvej 47, 4690 Haslev An Danmhairg BRENNTAG NORMANDLY, 12 Sente des Jumelles BP 11, 76710 Montville An Fhrainc BRENNTAG PL-ZGIERZ, ul. Kwasowa 5, 95-100 Zgierz An Pholainn BRENNTAG QUIMICA - Calle Gutemberg n° 22,. Poligono Industrial El Lomo, 28906 Madrid An Spáinn BRENNTAG SCHWEIZERHALL, Elsaesserstr. 231, CH-4056 Basel Schweiz An Eilvéis BUDICH INTERNATIONAL GmbH, Dieselstrasse 10, 32120 Hiddenhause An Ghearmáin CALDIC DEUTSCHLAND CHEMIE B.V., Karlshof 10 D, 40231 Deusseldorf An Ghearmáin COLEP BAD SCHMIEDEBERG, Kemberger Str. 3, 06905 Bad Schmiedeberg An Ghearmáin LANA S.A. Condado de Trevino 46, 09080 Burgos An Spáinn COMERCIAL GODO, França 13, 08700 Barcelona An Spáinn COURTOIS SARL, Route de Pacy, 27730 Bueil An Fhrainc DAN-MOR Natural products and Chemicals Ltd, Hailian street 29, 30600 Akiva Iosrael DENTECK BV, Heliumstraat 8, 2718 SL Zoetermeer An Ísiltír DETERGENTS BURGUERA S.L., Joan Ballester, 50, 07630 Campos (illes Baleares) An Spáinn ECL BIEBESHEIM, Justus-von-Liebig-Straße 11, 64584 Biebesheim am Rhein An Ghearmáin ECL CELRA, Celra C/Tramuntana s/n Poligona Industrial Celra, 17460 Girona An Spáinn ECL CHALONS, AVENUE DU GENERAL PATTON, 51000 Chalons en Champagne An Fhrainc ECL CISTERNA, Via Ninfina II, 04012 Cisterna di Latina An Iodáil ECL FAWLEY, Fawley Cadland Road, Hythe, SO45 3NP Hampshire, Southampton An Ríocht Aontaithe ECL LEEDS, Lotherton Way Garforth, LS25 2JY Leeds An Ríocht Aontaithe ECL MANDRA, 25TH KM OLD NATIONAL ROAD OF ATHENS TO THIVA, GR 19600, 19600 Mandra An Ghréig ECL MARIBOR, Vajngerlova 4, SI-2001 Maribor An tSlóivéin ECL MICROTEK B.V. - Gesinkkampstraat 19, 7051 HR Varsseveld An Ísiltír ECL MICROTEK MOSTA, F20 MOSTA TECHNOPARK, 3000 MOSTA MST Málta ECL MULLINGAR, Forest Park Zone C Mullingar Industrial Estate, N91 An Muileann gCearr Éire ECL NIEWEGEIN, Brugwal 11A, 3432 NZ Nieuwegein An Ísiltír ECL ROVIGO ESOFORM, Viale del Lavoro 10, 45100 Rovigo An Iodáil ECL ROZZANO, Via A. Grandi„ 20089 Rozzano MI An Iodáil ECL TESJOKI, NLC Tesjoki Kivikummuntie 1, 07955 Tesjoki An Fhionlainn ECL TESSENDERLO, Industriezone Ravenshout 4, 3980 Tessenderlo An Bheilg ECL WEAVERGATE, NLC Weavergate Northwich, CHheshire West and Chester, CW8 4EE Weavergate An Ríocht Aontaithe ECOLAB LTD BAGLAN/SWINDON, Plot 7a Baglan Energy Park, Baglan, Port Talbot, SA11 2HZ Baglan An Ríocht Aontaithe FERDINAND EIERMACHER, Westring 24, 48356 Nordwalde An Ghearmáin F.E.L.T., B.P 64 10 rue du Vertuquet, 59531 Neuville En Ferrain An Fhrainc Gallows Green Services Ltd. Cod Beck Mill Industrial Estate Dalton Lane Thirsk North Yorkshire, YO7 3HR North Yorkshire An Ríocht Aontaithe GERDISA GERMAN RGUEZ DROGAS IND., Gerdisa Pol Industrial Miralcampo parc.37, 19200 Azuqueca de Henares Guadalajara An Spáinn GIRASOL NATURAL PRODUCTS BV, De Veldoven 12-14, 3342 GR Hendrik-Ido-Ambacht An Ísiltír HENKEL ENGELS, 48 Pr. Stroitelei, 413116 Saratov Cónaidhm na Rúise IMECO GmbH & Co. KG, Boschstraße 5, D-63768 Hösbach An Ghearmáin INNOVATE GmbH, Am Hohen Stein 11, 06618 Naumburg An Ghearmáin INTERFILL LCC-TOSNO, Moskovskoye shosse 1, 187000 Tosno - Leningradskaya oblast Cónaidhm na Rúise JODEL- PRODUCTOS QUIMICOS, Jodel Zona Inustrial, 2050 Aveiras de Cima An Pholainn KLEIMANN GmbH, Am Trieb 13, 72820 Sonnenbühl An Ghearmáin LA ANTIGUA LAVANDERA S.L., Apartado de Correos, 58, 41500 Sevilla An Spáinn LABORATOIRES ANIOS, Pavé du moulin, 59260 Lille-Hellemmes An Spáinn LABORATOIRES ANIOS, Rue de Lille 3330, 59262 Sainghin-en-Mélantois An Fhrainc LICHTENHELDT GmbH, Lichtenheldt Industriestrasse 7-9, 23812 Wahlstedt An Ghearmáin LONZA GmbH, Morianstr.32, 42103 Wuppertal An Ghearmáin MULTIFILL BV, Constructieweg 25A, 3641 SB Mijdrecht An Ísiltír NOPA NORDISK PARFUMERIVARE, Hvedevej 2-22, DK-8900 Randers An Danmhairg PLANOL GmbH, Maybachstr 17, 63456 Hanau An Ghearmáin PLUM A/S, Frederik Plums Vej 2, DK 5610 Assens An Danmhairg PRODUCTOS LA CORBERANA S.L.„ 46612 Corbera (Valencia) An Spáinn THE PROTON GROUP LTD, Ripley Drive, Normanton Industrial Estate, Wakefield, WF6 1QT Wakefield An Ríocht Aontaithe QUIMICAS MORALES S.L., Misiones, 11, 05005 Las Palmas de Gran Canaria An Spáinn RNM PRODUCTOS QUIMICOS, Lda Rua da Fabrica, 123, 4765-080 Carreira Vila Nova de Famalicao Carreira Vila Nova de Famalicao An Pholainn ROQUETTE & BARENTZ, Route De La Gorgue, F-62136 Lestrem An Fhrainc RUTPEN LTD, MEMBURY AIRFIELD LAMBOURN BERKS, RG16 7TJ Membury An Ríocht Aontaithe Solimix, Montseny 17-19 Pol. Ind. Sant Pere Molanta, 08799 Olerdola Barcelona An Spáinn STAUB & Co, Industriestraße 3, D-86456 Gablingen An Ghearmáin STOCKMEIER CHEMIE EILENBURG GmbH & Co.Kg, Gustav-Adolf-Ring 5, 04838 Ellenburg An Ghearmáin SYNERLOGIC BV, L.J. Costerstraat 5, 6827 Arnhem An Ísiltír UNIVAR Ltd, Argyle House, Epsom Avenue„ SK9 3RN Wilmslow An Ríocht Aontaithe UNIVAR SPA, Via Caldera 21, 20-153 Milano An Iodáil Van Dam Bodegraven B.V, Beneluxweg 6-8, 2410 AA Bodegraven An Ísiltír Pal International Ltd., Sandhurst Street, - Leicester An Ríocht Aontaithe CARBON CHEMICALS GROUP LTD, P43 R772 Rinn an Scidígh, Contae Chorcaí Éire BRENNTAG DUISBURG, Am Röhrenwerk, 4647529 Duisberg An Ghearmáin BRENNTAG Glauchau, Bochstrasse, 08371 Glauchau An Ghearmáin BRENNTAG Hamburg, Hannoversche Str 40, 21079 Hamburg An Ghearmáin BRENNTAG Heilbronn, Dieselstrasse, 574076 Heilbronn An Ghearmáin BRENNTAG Lohfelden, Am Fieseler Werk, 934253 Lohfelden An Ghearmáin BRENNTAG Nordic - VEJLE, Strandgade 35, 7100 Vejle An Danmhairg KOMPAK NEDERLAND BV, 433651 Bavel An Ísiltír |
1.4. Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
Substaint ghníomhach |
L-(+)-lactic acid |
Ainm an déantóra |
Purac Biochem bv |
Seoladh an déantóra |
Arkelsedijk 46, 4206 AC Gorinchem, An Ísiltír |
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Arkelsedijk 46, 4206 AC Gorinchem, An Ísiltír |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
L-(+)-lactic acid |
|
Substaint Ghníomhach |
79-33-4 |
201-196-2 |
13,2 |
D-Glúcaipioranós, olagaiméirí, glúcóisídí deicile ochtaile |
D-Glúcaipioranós, olagaiméirí, glúcóisídí deicile ochtaile |
Substaint neamhghníomhach |
68515-73-1 |
500-220-1 |
3,25 |
Alcóil, C8-10 (ré-uimhreach), eatocsaláite (< 2,5-EO) |
Alcóil, C8-10, eatocsaláite |
Substaint neamhghníomhach |
71060-57-6 |
615-247-5 |
1,0 |
2.2. Cineál foirmlithe
AL — Aon leacht eile
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM
Ráitis ghuaise |
Ina chúis le dónna troma craicinn agus damáiste don tsúil. Creimneach don chonair riospráide. |
Ráitis réamhchúraim |
Ná hanálaigh gala. Nigh lámha go maith tar éis láimhsithe. Caith lámhainní cosanta. MÁ SHLOGTAR:Sruthlaigh do bhéal.Ná SPREAG urlacan. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN (nó gruaig):Bain na héadaí éillithe go léir láithreach.Sruthlaigh an craiceann le uisce. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. Glaoigh láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.. Tá cóireáil shonrach (féach treoir gharchabhrach ar an lipéad seo). Nigh éadaí éillithe roimh athúsáid. Stóráil faoi ghlas. Diúscair ábhar chuig de réir rialacháin náisiúnta. Diúscair coimeádán chuig de réir rialacháin náisiúnta. |
4. ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1.
Úsáid # 1 – Díghalrán babhla leithris
An cineál táirge |
PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin) |
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
Neamhábhartha |
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: sonraí ar bith Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil Ainm eolaíoch: sonraí ar bith Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil |
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Laistigh - díghalrú dromchla crua laistigh den bhabhla leithris sa réimse institiúideach agus cúraim sláinte. |
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Doirteadh Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Ag doirteadh go díreach ar dhromchla |
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: Réidh le húsáid - i méid leordhóthanach chun iomlán dhromchla an babhla leithris istigh a chlúdach. Am teagmhála - 15 nóiméad. Airí caolaithe: Réidh le húsáid Airí uainithe: Úsáid laethúil |
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Buidéil 750, 1000 mL HDPE a bhfuil plocóid dáilte orthu agus caipín PP/LDPE orthu. |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)
5.1. Treoracha úsáide
Ardaigh an suíochán leithris agus dírigh an buinne faoi imeall an leithris. Fáisc agus cuir go mall thar an bhabhla laistigh, ag úsáid sách leachta chun dromchla iomlán bhabhla an leithris a chlúdach. Fág ar feadh 15 nóiméad. Sruthlaigh an leithreas ina dhiaidh sin.
Ní féidir é a úsáid le tuarthóir ná le haon ábhar glantacháin eile.
Cuir sealbhóir an chláraithe ar an eolas má bhíonn an chóireáil neamhéifeachtach.
5.2. Bearta maolaithe riosca
Ná hionanálaigh gal.
Seachain teagmháil le súile nó craiceann.
Ná scuab an táirge i mbabhla an leithris.
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin le linn na céime láimhseála táirge (tá ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge).
Nigh do lámha go cúramach tar éis láimhseála.
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil. Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar ionad nimhe nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh láithreach le neart uisce. Ina dhiaidh sin, bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad sula n-úsáidfidh tú iad arís. Lean ort ag nigh an chraicinn le huisce ar feadh 15 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir: ba cheart na súile a shruthlaigh arís agus arís eile ar an mbealach go dtí an dochtúir má nochtadh na súile do cheimiceáin alcaileacha (pH> 11), aimíní ar nós aigéad aicéiteach, aigéad formach nó aigéad próipianach.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. NÁ spreagtar urlacan. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.
Agus comhairle leighis á hiarraidh agat, coimeád pacáistíocht nó lipéad ar láimh agus cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Diúscair an táirge agus a phacáistíocht de réir rialacháin infheidhme náisiúnta.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Coimeád amach ó bhunanna láidre. Coimeád as aimsiú leanaí.
Stóráil a bhun-choimeádán dúnta go teann.
Stóráil idir + 5 °C agus + 40 °C. Cosnaítear ón tsioc é.
Seilfré: 24 mí.
6. FAISNÉIS EILE
-
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.
CINNTÍ
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/65 |
CINNEADH (AE) 2022/2109 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Deireadh Fómhair 2022
lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i ndáil le rúin áirithe a ndéanfar vótáil orthu ag an 20ú Comhthionól Ginearálta den Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona, atá le tionól an 4 Samhain 2022
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhréir le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déanfaidh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV) scrúdú ar rúin (“dréachtrúin OIV”) sa chéad Chomhthionól Ginearálta eile a bheidh aici an 4 Samhain 2022. Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na rúin sin chun críocha Airteagal 218(9) den Chonradh. |
(2) |
Níl an tAontas ina chomhalta de OIV. Mar sin féin, an 20 Deireadh Fómhair 2017 dheonaigh OIV don Aontas an stádas ar leith dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialacha Nós Imeachta OIV. |
(3) |
Tá 20 Ballstát ina gcomhaltaí de OIV. Beidh deis ag na Ballstáit sin leasuithe ar na dréachtrúin OIV a mholadh agus iarrfar orthu na dréachtrúin sin a ghlacadh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta eile OIV an 4 Samhain 2022. |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i ndáil leis na dréachtrúin OIV a bhunú maidir le hábhair atá faoina inniúlacht ag cruinnithe OIV. Ba cheart an seasamh sin a chur in iúl do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad ag cruinnithe OIV, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais. |
(5) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún (2), beidh éifeachtaí dlíthiúla le rúin áirithe arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag OIV. |
(6) |
Foráiltear le hAirteagal 80(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh ar an gCoimisiún na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse a mhol agus a d’fhoilsigh OIV a chur san áireamh agus é ag údarú cleachtais fhíoneolaíocha. |
(7) |
Foráiltear le hAirteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus modhanna anailíse á leagan síos ag an gCoimisiún lena gcinnfear comhdhéanamh tháirgí earnáil an fhíona, go mbunóidh sé na modhanna sin ar aon mhodh ábhartha arna mholadh agus arna fhoilsiú ag OIV mura rud é go mbeidís neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas. |
(8) |
Foráiltear le hAirteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i dtaca le táirgí earnáil an fhíona a allmhairítear chun an Aontais, go dtáirgtear na táirgí sin i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna n-údarú ag an Aontas de bhun an Rialacháin sin nó, roimh an údarú sin, a táirgeadh i gcomhréir le cleachtais fhíoneolaíocha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV. |
(9) |
Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, i gcás nach leagann an Coimisiún síos iad, gurb iad na sonraíochtaí íonachta agus na sonraíochtaí aitheantais a bhaineann le substaintí a úsáidtear i gcleachtais fhíoneolaíocha na sonraíochtaí dá dtagraítear i gcolún 4 de Thábla 2 i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, a thagraíonn do mholtaí OIV. |
(10) |
Le dréachtrúin OENO-TECHNO 14-567B2, 14-567B4 agus 14-567C1 bunaítear an t-idirdhealú idir breiseáin agus áiseanna próiseála le haghaidh comhdhúile fíoneolaíocha áirithe. Le dréachtrúin OENO-TECHNO 20-684A, 21-689 agus 21-708, nuashonraítear cleachtais fhíoneolaíocha áirithe atá ann cheana. Le dréachtrún OENO-TECHNO 20-684B, bunaítear cleachtas nua fíoneolaíoch. Le dréachtrún OENO-TECHNO 21-707, tarraingítear siar cleachtas fíoneolaíoch atá ann cheana. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin. |
(11) |
Le dréachtrúin OENO-SPECIF 17-624 agus 20-674, nuashonraítear sonraíochtaí aitheantais le haghaidh substaintí áirithe a úsáidtear i dtáirgeadh fíona. Le dréachtrúin OENO-SPECIF 20-675A, 20-675B, 20-675C, 20-675D agus 20-681, bunaítear sonraíochtaí aitheantais nua le haghaidh substaintí áirithe a úsáidtear i dtáirgeadh fíona. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus le hAirteagal 9(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin. |
(12) |
Le dréachtrún CST-SCMA 20-668 tugtar tuairim OIV maidir le heastóscán tirim iomlán fíona a úsáidtear chun calaois i bhfíon a bhrath. Le dréachtrúin OENO-SCMA 19-665 agus 20-667, leagtar síos modhanna nua anailíse. Le dréachtrún OENO-SCMA 20-683, nuashonraítear an modh anailíse lena ndéantar cainníochtú ar nítrigin iomlán in úrfhíonta agus i bhfíonta agus le dréachtrún SECSAN-SECUAL 21-709, nuashonraítear na critéir maidir le cainníochtú ailléirginí. I gcomhréir le hAirteagal 80(3), pointe (a), agus Airteagal 80(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh éifeachtaí dlíthiúla leis na Rúin sin. |
(13) |
Rinne saineolaithe eolaíocha agus teicniúla earnáil an fhíona plé fairsing ar na dréachtrúin OIV sin. Cuireann siad le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán fíona agus leagfar amach leo creat lena n-áiritheofar iomaíocht chóir i dtrádáil tháirgí earnáil an fhíona. Dá bhrí sin ba cheart tacú leo. |
(14) |
Chun go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann le linn na caibidlíochta roimh chruinniú Chomhthionól Ginearálta OIV an 4 Samhain 2022, ba cheart údarú a thabhairt do na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad aontú le hathruithe ar na dréachtrúin OIV sin ar choinníoll nach n-athraítear a substaint leis na hathruithe sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 20ú Comhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 4 Samhain 2022, leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit atá ina gComhaltaí de OIV an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
1. I gcás inar dóigh go ndéanfar difear, le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua arna cur i láthair roimh chruinnithe OIV, nó lena linn, don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, iarrfaidh na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad go gcuirfear an vótáil i gComhthionól Ginearálta OIV ar athlá go dtí go mbunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
2. Tar éis cruinnithe comhordúcháin agus in éagmais cinneadh eile ón gComhairle lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, féadfaidh na Ballstáit ar comhaltaí de OIV iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, aontú le hathruithe teicniúla ar na dréachtrúin OIV dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo nach n-athraítear a substaint leo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. HUBÁČKOVÁ
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/934 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le limistéir fíonsaothrúcháin inar féidir an neart alcóil a mhéadú, cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe agus srianta is infheidhme maidir le táirgeadh agus caomhnú táirgí fíniúna, an t-íoschéatadán alcóil i gcás táirgí agus a ndiúscairt, agus foilsiú comhad de chuid OIV (IO L 149, 7.6.2019, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (OIV), ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, tacóidh siad leis na dréachtrúin seo a leanas, ar chéim 7 le linn Chomhthionól Ginearálta OIV atá beartaithe don 4 Samhain 2022:
— |
OENO-TECHNO 14-567B2: Idirdhealú idir breiseáin agus áiseanna próiseála — Cuid 2: Dé-ocsaíd-charbóin, |
— |
OENO-TECHNO 14-567B4: Idirdhealú idir breiseáin agus áiseanna próiseála —Décharbónáit démheitile, |
— |
OENO-TECHNO 14-567C1: Idirdhealú idir breiseáin agus áiseanna próiseála — Cuid 3: Bainne bearrtha, |
— |
OENO-TECHNO 20-684A: Úsáid snáithíní plandúla roghnaíocha i bhfíon — nuashonrú ar Rún OIV-OENO 582-2017, |
— |
OENO-TECHNO 20-684B: Úsáid snáithíní plandúla roghnaíocha in úrfhíon, |
— |
OENO-TECHNO 21-689: Uasteorainn OIV le haghaidh guma arabach — nuashonrú, |
— |
OENO-TECHNO 21-707: Fíonta — cóireáil le clóiríd airgid, |
— |
OENO-TECHNO 21-708: Nuashonrú ar chomhad 2.1.14 — snámhacht, |
— |
OENO-TECHNO 17-624: Nuashonrú ar an monagraf le haghaidh tainniní fíoneolaíocha, |
— |
OENO-TECHNO 20-674: Nuashonrú ar an monagraf le haghaidh mannapróitéiní giosta, |
— |
OENO-SPECIF 20-675A: Monagraif shonracha le haghaidh próiciainidí/próideilfinidiní, |
— |
OENO-SPECIF 20-675B: Monagraif shonracha le haghaidh tainniní eileagacha, |
— |
OENO-SPECIF 20-675C: Monagraif shonracha le haghaidh tainniní gallacha, |
— |
OENO-SPECIF 20-675D: Monagraif shonracha le haghaidh próifiseitinidiní/próróibiteinidiní, |
— |
OENO-TECHNO 20-681: Ceallalós bia, |
— |
CST-SCMA 20-668: Tuairim OIV maidir le heastóscán tirim iomlán fíona (eastóscán tirim iomlán, eastóscán tirim iomlán gan siúcraí, eastóscán iarmharach), |
— |
OENO-SCMA 19-665: Cinneadh milseoirí i bhfíon trí bhíthin crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta mar aon le brathadóir eagair dé-óidí agus brathadóir aerasóil luchtaithe, |
— |
OENO-SCMA 20-667: Treoracha oibríochtúla/treoirlínte maidir le cinneadh tréithe crómatacha chun úrfhíonta a fhaigheann cineálacha fíniúna a bhfuil de shaintréith iontu tiúchan ard líocha dathúcháin, na húrfhíonta sin a rangú nó a chur i gcomparáid, |
— |
OENO-SCMA 20-683: Nuashonrú ar mhodh OIV-MA-AS323-02B — Cainníochtú nítrigine iomláine de réir mhodh Dumas (úrfhíonta agus fíonta), |
— |
SECSAN-SECUAL 21-709: Nuashonrú ar mhodh OIV-OENO 427-2010 — Critéir le haghaidh cainníochtú ailléirginí. |
4.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 284/69 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2110 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Deireadh Fómhair 2022
lena mbunaítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh an tionscadail próiseála miotal feiriúil
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7054)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é atá i gconclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) an tagairt chun coinníollacha ceada a shocrú le haghaidh suiteálacha a chumhdaítear le Caibidil II de Threoir 2010/75/AE agus ba cheart d’údaráis inniúla teorainnluachanna astaíochta a shocrú lena n-áiritheofar, faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla, nach mó astaíochtaí ná na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil mar a leagtar síos iad sna conclúidí BAT. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Threoir 2010/75/AE, maidir leis an bhfóram, arb é atá ann ionadaithe na mBallstát, na dtionscal lena mbaineann agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn, a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2011 (2), chuir sé a thuairim maidir le hinneachar beartaithe an doiciméid tagartha maidir le BAT le haghaidh an tionscadail próiseála miotal feiriúil ar fáil don Choimisiún an 17 Nollaig 2021. Tá an tuairim sin ar fáil go poiblí (3). |
(3) |
Leis na conclúidí BAT a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear san áireamh an tuairim ón bhfóram maidir le hinneachar beartaithe an doiciméid tagartha maidir le BAT. Áirítear iontu príomheilimintí an doiciméid tagartha maidir le BAT. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a leagtar síos le hAirteagal 75(1) de Threoir 2010/75/AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh an tionscadail próiseála miotal feiriúil, a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 334, 17.12.2010, lch. 17.
(2) Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2011 lena mbunaítear fóram chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 13 de Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO C 146, 17.5.2011, lch. 3).
(3) https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/b8ba39b2-77ca-488a-889b-98e13cee5141/details
IARSCRÍBHINN
1. CONCLÚIDÍ MAIDIR LEIS NA TEICNÍCÍ IS FEARR ATÁ AR FÁIL (BAT) LE hAGHAIDH AN TIONSCADAIL PRÓISEÁLA MIOTAL FEIRIÚIL
RAON FEIDHME
Baineann na conclúidí BAT seo leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE:
2.3. |
Miotail fheiriúla a phróiseáil:
|
2.6. |
Dromchla miotal feiriúil a chóireáil trí phróisis leictrealaíocha nó cheimiceacha a úsáid i gcás inar mó ná 30 m3 toirt na ndabhcha cóireála. |
6.11. |
Cóireáil chomhcheangailte fuíolluisce ar de thionscnaimh éagsúla é, ar choinníoll nach gcumhdaítear an chóireáil fuíolluisce le Treoir 91/271/CEE agus go dtagann an príomh-ualach truailleán ó na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT. |
Leis na conclúidí BAT seo cumhdaítear na nithe seo a leanas freisin:
— |
Fuar-rolladh agus sreangtharraingt má tá baint dhíreach acu le teorolladh agus/nó bratú teothumtha. |
— |
Aisghabháil aigéad, má tá baint dhíreach aici leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT. |
— |
Cóireáil chomhcheangailte fuíolluisce ar de thionscnaimh éagsúla é, ar choinníoll nach gcumhdaítear an chóireáil fuíolluisce le Treoir 91/271/CEE agus go dtagann an príomh-ualach truailleán ó na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT. |
— |
Próisis dócháin a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo, ar choinníoll:
|
Leis na conclúidí BAT seo, ní chumhdaítear na nithe seo a leanas:
— |
bratú miotail trí spraeáil theirmeach, |
— |
leictreaphlátáil agus plátáil neamhleictreach; féadfar é sin a chumhdach leis na conclúidí BAT le haghaidh Cóireáil Dromchla Miotal agus Plaisteach (STM). |
Áirítear an méid seo a leanas sna conclúidí BAT eile agus sna doiciméid tagartha BAT eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT:
— |
Táirgeadh Iarainn agus Cruach (IS), |
— |
Mórghléasraí Dócháin (LCP), |
— |
Cóireáil Dromchla Miotal agus Plaisteach (STM), |
— |
Cóireáil Dromchla le Tuaslagóirí Orgánacha (STS), |
— |
Cóireáil Dramhaíola (WT), |
— |
Faireachán ar Astaíochtaí san Aer agus san Uisce ó Shuiteálacha IED (ROM), |
— |
Eacnamaíocht agus Éifeachtaí Trasmheáin (ECM), |
— |
Astaíochtaí ó Stóráil (EFS), |
— |
Éifeachtúlacht Fuinnimh (ENE), |
— |
Córais Fuaraithe Thionsclaíocha (ICS). |
Tá feidhm ag na conclúidí BAT seo gan dochar do reachtaíocht ábhartha eile, e.g. maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH), maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú (CLP).
SAINMHÍNITHE
Chun críocha na gconclúidí BAT seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Téarmaí ginearálta |
|||||
Téarma |
Sainmhíniú |
||||
Baiscghalbhánú |
Saotharphíosaí cruach a thumadh ar bhealach neamhleanúnach i ndabhach ina bhfuil sinc leáite chun brat since a chur ar a ndromchla. Áirítear leis sin freisin aon phróiseas réamhchóireála nó iarchóireála a bhfuil baint dhíreach aige leis sin (e.g. díbhealú agus éighníomhú). |
||||
Dras íochtair |
Táirge imoibriúcháin since leáite ina bhfuil iarann nó salainn iarainn a thugtar anonn ó phicilt nó ó fhloscadh. Téann an táirge imoibriúcháin sin síos go bun na daibhche since. |
||||
Cruach charbóin |
Cruach inar lú cion gach dúile cóimhiotail ná 5 % de réir meáchain. |
||||
Astaíochtaí clasaithe |
Astaíochtaí truailleán isteach sa chomhshaol trí aon chineál duchta, píopa, simléir, etc. |
||||
Fuar-rolladh |
Cruach a chomhbhrú le rollóirí ag teochtaí comhthimpeallacha chun a saintréithe a athrú (e.g. méid, cruth agus/nó airíonna miotalóireachta). Áirítear leis sin freisin aon phróiseas réamhchóireála nó iarchóireála a bhfuil baint dhíreach aige leis sin (e.g. phicilt, ainéaladh agus olú). |
||||
Tomhas leanúnach |
Tomhas a dhéantar trí úsáid a bhaint as córas uathoibrithe tomhais atá suiteáilte go buan ar an láthair. |
||||
Sceitheadh díreach |
Sceitheadh i ndobharlach glactha dramhaíola gan tuilleadh cóireála iartheachtaí fuíolluisce. |
||||
Gléasra atá ann cheana |
Gléasra nach gléasra nua é. |
||||
Bunábhar |
Aon ionchur cruach (atá neamhphróiseáilte nó páirtphróiseáilte) nó aon saotharphíosa cruach a chuirtear isteach i gcéim de phróisis táirgthe. |
||||
Téamh bunábhair |
Aon chéim de phróiseas ina ndéantar bunábhar a théamh. Ní áirítear leis sin bunábhar a thriomú nó an chitealfhoirnéis ghalbhánaithe a théamh. |
||||
Fearócróimiam |
Cóimhiotal cróimiam agus iarainn ina bhfuil idir 50 % agus 70 % de chróimiam ann de réir meáchain go hiondúil. |
||||
Gás múcháin |
An gás a sceitheann ó aonad dócháin. |
||||
Cruach ard-chóimhiotail |
Cruach inar mó cion dúile cóimhiotail amháin, nó níos mó, ná 5 % nó níos mó de réir meáchain. |
||||
Bratú teothumtha |
Leatháin nó sreanga cruach a thumadh go leanúnach i ndabhach ina bhfuil miotail leáite, e.g. sinc agus/nó alúmanam, chun brat miotal a chur ar a ndromchla. Áirítear leis sin aon phróiseas réamhchóireála nó iarchóireála a bhfuil baint dhíreach aige leis sin (e.g. picilt agus fosfáitiú). |
||||
Teorolladh |
Cruach théite a chomhbhrú le rollóirí ag teochtaí atá sa raon idir 1 050 °C agus 1 300 °C go hiondúil chun a saintréithe a athrú (e.g. méid, cruth agus/nó airíonna miotalóireachta). Áirítear leis sin fáinní agus feadáin gan uaim a theorolladh chomh maith le haon phróiseas réamhchóireála nó iarchóireála a bhfuil baint dhíreach aige leis an méid sin (e.g. scarbhú, bailchríochnú, picilt agus olú). |
||||
Sceitheadh indíreach |
Sceitheadh nach sceitheadh díreach é. |
||||
Téamh idirmheánach |
An bunábhar a théamh idir na céimeanna teorollta. |
||||
Gáis próisis iarainn agus cruach |
Gás foirnéise soinneáin, gás bunfhoirnéise ocsaigine, gás oighinn cóic nó meascáin díobh a eascraíonn as táirgeadh iarainn agus cruach. |
||||
Cruach luaidhe |
Gráid chruach in bhfuil an cion luaidhe a cuireadh isteach idir 0,15 % agus 0,35 % de réir meáchain de ghnáth. |
||||
Mór-uasghrádú gléasra |
Mórathrú i ndearadh nó i dteicneolaíocht gléasra le mórchoigeartuithe nó athsholáthar ar an bpróiseas agus/nó ar an teicníc laghdaithe astaíochtaí nó ar na teicnící laghdaithe astaíochtaí agus ar an trealamh gaolmhar. |
||||
Sreabhadh maise |
Mais substainte áirithe nó paraiméadair áirithe a astaítear thar thréimhse shainithe ama. |
||||
Screamh mhuilinn |
Ocsaídí iarainn a thagann ann dóibh ar dhromchla cruach nuair a imoibríonn ocsaigin le miotal te. Tarlaíonn sé sin go díreach tar éis an teilgthe, le linn an atéite agus an teorollta. |
||||
Aigéad measctha |
Meascán d’aigéad hidreafluarach agus d’aigéad nítreach. |
||||
Gléasra nua |
Gléasra a cheadaítear ar dtús ag láthair na suiteála tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo nó gléasra a athsholáthar ina iomláine tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo. |
||||
Tomhas tréimhsiúil |
Tomhas ag eatraimh shonraithe ama trí úsáid a bhaint as modhanna láimhe nó uathoibrithe. |
||||
Gléasra |
Gach cuid de shuiteáil a chumhdaítear faoi raon feidhme na gconclúidí BAT seo agus aon ghníomhaíocht eile a bhfuil baint dhíreach aici leis an méid sin agus a bhfuil tionchar aici ar ídiú agus/nó ar astaíochtaí. Féadfar gléasraí nua nó gléasraí atá ann cheana a bheith i gceist le gléasraí. |
||||
Iarthéamh |
An bunábhar a théamh tar éis an teorollta. |
||||
Ceimiceáin phróisis |
Substaintí agus/nó meascáin mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus a úsáidtear sna próisis. |
||||
Aisghabháil |
Aisghabháil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(15) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) . Áirítear le haisghabháil aigéad caite iad a athghiniúint, a athshlánú agus a athchúrsáil. |
||||
Athghalbhánú |
Earraí galbhánaithe athláimhe a phróiseáil (e.g. ráillí cosanta ó mhórbhealaí) a thugtar ar ais lena ngalbhánú tar éis tréimhsí fada seirbhíse. Is gá céimeanna breise próisis a dhéanamh chun na hearraí sin a phróiseáil ós rud é go mbíonn dromchlaí páirtchreimthe orthu nó mar gheall ar an ngá aon bhrat iarmharach since a bhaint. |
||||
Ath-théamh |
An bunábhar a théamh roimh an teorolladh. |
||||
Iarmhar |
Substaint nó réad a ghintear leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le raon feidhme na gconclúidí BAT seo mar dhramhaíl nó mar sheachtháirge. |
||||
Limistéar íogair |
Limistéir nach mór cosaint speisialta a thabhairt dóibh, amhail:
|
||||
Cruach dhosmálta |
Cruach ard-chóimhiotail ina bhfuil cróimiam atá sa raon 10-23 % de réir meáchain go hiondúil. Áirítear léi cruach ástainíteach, ina bhfuil nicil freisin atá sa raon 8-10 % de réir meáchain go hiondúil. |
||||
Dras uachtair |
Na hocsaídí a dhéantar ar dhromchla na daibhche since leáite le linn teothumtha nuair a imoibríonn iarann le halúmanam. |
||||
Meán bailí in aghaidh na huaire (nó na leathuaire) |
Meastar go bhfuil meán in aghaidh na huaire (nó na leathuaire) bailí nuair nach ann d’aon chothabháil ná mífheidhm den chóras uathoibrithe tomhais. |
||||
Substaint sho-ghalaithe |
Substaint atá in ann athrú go réidh ó fhoirm sholadach nó ó fhoirm leachtach go gal agus a bhfuil galbhrú ard agus fiuchphointe íseal aici (e.g. HCl). Áirítear leis sin comhdhúile orgánacha so-ghalaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(45) de Threoir 2010/75/AE. |
||||
Sreangtharraingt |
Slata nó sreanga cruach a tharraingt trí dhíslí chun a dtrastomhas a laghdú. Áirítear leis sin aon phróiseas réamhchóireála nó iarchóireála a bhfuil baint dhíreach aige leis sin (e.g. picilt slat sreinge agus bunábhar a théamh tar éis na tarraingthe). |
||||
Bearrthaí since |
Meascán arb é atá ann sinc, ocsaíd since agus clóiríd since a thagann ann dó ar dhromchla na daibhche since leáite. |
Truailleáin agus paraiméadair |
|
Téarma |
Sainmhíniú |
B |
Suim an bhóróin agus a chomhdhúile, bíodh sé tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar B. |
Cd |
Suim an chaidmiam agus a chomhdhúile, bíodh sé tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Cd. |
CO |
Aonocsaíd charbóin. |
COD |
Éileamh ceimiceach ar ocsaigin. An méid ocsaigine is gá le haghaidh ocsaídiú ceimiceach iomlán an ábhair orgánaigh go dé-ocsaíd charbóin trí úsáid a bhaint as déchrómáit. Is táscaire mais-tiúchain comhdhúl orgánach é COD. |
Cr |
Suim an chróimiam agus a chomhdhúile, bíodh sé tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Cr. |
Cr(VI) |
Cróimiam heicsifhiúsach, a shloinntear mar Cr(VI), lena n-áirítear gach comhdhúil chróimiam i gcás ina bhfuil an cróimiam sa staid ocsaídiúcháin + 6. |
Deannach |
Ábhar cáithníneach iomlán (san aer). |
Fe |
Suim an iarainn agus a chomhdhúile, bíodh sé tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Fe. |
F- |
Fluairíd thuaslagtha, a shloinntear mar F-. |
HCl |
Clóiríd hidrigine. |
HF |
Fluairíd hidrigine. |
Hg |
Suim an mhearcair agus a chomhdhúile, bíodh sé tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Hg. |
HOI |
Innéacs ola hidreacarbóin. Suim na gcomhdhúl is féidir a eastóscadh le tuaslagóir hidreacarbóin (lena n-áirítear hidreacarbóin alafatacha fhadslabhrúla, hidreacarbóin alafatacha bhrainseacha, hidreacarbóin ailichiogacha, hidreacarbóin aramatacha nó hidreacarbóin aramatacha ailcil-mhalartaithe). |
H2SO4 |
Aigéad sulfarach. |
NH3 |
Amóinia. |
Ni |
Suim na nicile agus a comhdhúile, bíodh sí tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Ni. |
NOX |
Suim na haonocsaíde nítrigine (NO) agus na dé-ocsaíde nítrigine (NO2); a shloinntear mar NO2. |
Pb |
Suim na luaidhe agus a comhdhúile, bíodh sí tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Pb. |
Sn |
Suim an stáin agus a chomhdhúile, bíodh sé tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Sn. |
SO2 |
Dé-ocsaíd sulfair. |
SOX |
Suim na dé-ocsaíde sulfair (SO2), na trí-ocsaíde sulfair (SO3) agus an aigéid shulfaraigh i bhfoirm aerasól, a shloinntear mar SO2. |
TOC |
Carbón orgánach iomlán, a shloinntear mar C (in uisce); lena n-áirítear gach comhdhúil orgánach. |
P iomlán |
Fosfar iomlán, a shloinntear mar P, lena n-áirítear gach comhdhúil fosfair orgánaigh agus neamhorgánaigh. |
TSS |
Iomlán na solad ar fuaidreamh. Mais-tiúchan na solad uile ar fuaidreamh (in uisce), a thomhaistear trí bhíthin scagacháin le scagairí snáithíní gloine agus leis an modh meá-mhéadrach. |
TVOC |
Comhdhúile so-ghalaithe orgánacha iomlána, a shloinntear mar C (san aer). |
Zn |
Suim na since agus a comhdhúile, bíodh sí tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní, a shloinntear mar Zn. |
ACRAINMNEACHA
Chun críocha na gconclúidí BAT seo, tá feidhm ag na hacrainmneacha seo a leanas:
Acrainm |
Sainmhíniú |
BG |
Baiscghalbhánú |
CMS |
Córas bainistíochta ceimiceán |
CR |
Fuar-rolladh |
EMS |
Córas bainistíochta comhshaoil |
FMP |
Próiseáil miotal feiriúil |
HDC |
Bratú teothumtha |
HR |
Teorolladh |
OTNOC |
Dálaí nach gnáthdhálaí oibríochtúla iad |
SCR |
Dí-ocsaídiú catalaíoch roghnaitheach |
SNCR |
Dí-ocsaídiú neamhchatalaíoch roghnaitheach |
WD |
Sreangtharraingt |
BREITHNITHE GINEARÁLTA
Na Teicnící is Fearr atá ar Fáil
Ní teicnící saintreoracha ná uileghabhálacha iad na teicnící a liostaítear agus a dtugtar tuairisc orthu sna conclúidí BAT seo. Féadfar teicnící eile a úsáid lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta comhshaoil ar a laghad.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, tá na conclúidí BAT infheidhme go ginearálta.
BAT-AELanna agus leibhéil tháscacha astaíochtaí le haghaidh astaíochtaí san aer
Leis na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) agus na leibhéil astaíochta tháscacha le haghaidh astaíochtaí san aer a thugtar sna conclúidí BAT seo, tagraítear do thiúchain (mais na substaintí astaithe de réir thoirt an dramhgháis) faoi na dálaí caighdeánacha seo a leanas: gás tirim ag teocht 273,15 K, agus ag brú 101,3 kPa, agus a shloinntear in mg/Nm3.
Léirítear sa tábla thíos na leibhéil tagartha ocsaigine a úsáidtear chun BAT-AELanna agus leibhéil tháscacha astaíochta a shloinneadh sna conclúidí BAT seo.
Foinse na n-astaíochtaí |
Leibhéal tagartha ocsaigine (OR) |
||||
Próisis dócháin a bhaineann le:
|
3 % de réir toirte tirime |
||||
Gach foinse eile |
Gan cheartú le haghaidh an leibhéil ocsaigine |
I gcásanna ina dtugtar leibhéal tagartha ocsaigine, is é seo a leanas an chothromóid chun an tiúchan astaíochta ag an leibhéal tagartha ocsaigine a ríomh:
I gcás inarb é:
ER |
: |
an tiúchan astaíochta ag an leibhéal tagartha ocsaigine OR; |
OR |
: |
an leibhéal tagartha ocsaigine in % de réir toirte; |
EM |
: |
an tiúchan tomhaiste astaíochta; |
OM |
: |
an leibhéal tomhaiste ocsaigine in % de réir toirte. |
Níl feidhm ag an gcothromóid thuas má bhaineann na próisis dócháin úsáid as aer atá saibhrithe le hocsaigin nó as ocsaigin íon nó nuair a éiríonn an leibhéal ocsaigine sa dramhghás an-chóngarach do 21 % de réir toirte de bharr iontógáil aeir breise ar chúiseanna sábháilteachta. Sa chás sin, déantar an tiúchan astaíochta ag an leibhéal tagartha ocsaigine de 3 % de réir toirte tirime a ríomh ar bhealach difriúil, e.g. trí normalú ar bhonn na dé-ocsaíde carbóin a ghineann an dóchán.
Maidir le tréimhsí meánaithe BAT-AELanna le haghaidh astaíochtaí san aer, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas.
Cineál tomhais |
Tréimhse mheánaithe |
Sainmhíniú |
Leanúnach |
Meán laethúil |
An meán thar thréimhse lae amháin, bunaithe ar mheáin bhailí in aghaidh na huaire nó na leathuaire. |
Tréimhsiúil |
Meán thar an tréimhse samplála |
Meánluach trí thomhas as a chéile a mhaireann 30 nóiméad an ceann ar a laghad (3). |
Nuair a dhéantar dramhgháis ó dhá fhoinse nó níos mó (e.g. foirnéisí) a sceitheadh trí shimléar coiteann, bíonn feidhm ag na BAT-AELanna maidir leis an sceitheadh comhcheangailte ón simléar.
Chun na sreafaí maise a ríomh i ndáil le BAT 7 agus BAT 20, maidir le dramhgháis ó chineál foinse amháin (e.g. foirnéisí) a sceitear trí dhá shimléar nó níos mó, i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhféadfaí iad a sceitheadh trí shimléar coiteann, déanfar na simléir sin a mheas mar shimléar aonair.
BAT-AELanna le haghaidh astaíochtaí san uisce
Leis na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí san uisce a thugtar sna conclúidí BAT seo, tagraítear do thiúchain (mais na substaintí astaithe de réir thoirt an uisce), a shloinntear in mg/l nó μg/l.
Le tréimhsí meánaithe a bhaineann leis na BAT-AELanna, tagraítear do cheachtar den dá chás seo a leanas:
— |
I gcás sceitheadh leanúnach, meánluachanna laethúla, i.e. samplaí comhiomlána sreabh-chomhréireacha 24 uair an chloig. Féadfar samplaí comhiomlána am-chomhréireacha a úsáid ar choinníoll go léirítear cobhsaíocht leordhóthanach na sreibhe. Féadfar spotsamplaí a úsáid i gcás ina gcruthaítear go bhfuil na leibhéil astaíochta sách cobhsaí. |
— |
I gcás baisc-sceitheadh, meánluachanna thar fhad an scaoilte a thógtar mar shamplaí comhiomlána sreabh-chomhréireacha, nó spotshampla a thógtar roimh an sceitheadh ar choinníoll go bhfuil an t-eisilteach measctha agus aonchineálach ar bhealach iomchuí. |
Bíonn feidhm ag na BAT-AELanna ag an bpointe a bhfágann an astaíocht an gléasra.
Leibhéil eile feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEPLanna)
BAT-AEPLanna le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach (éifeachtúlacht fuinnimh)
Leis na BAT-AEPLanna le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach, tagraítear do mheáin bhliantúla a ríomhtar trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
I gcás inarb é:
ídiú fuinnimh |
: |
méid iomlán an teasa (a ghintear ó phríomhfhoinsí fuinnimh) agus an leictreachais a ídíonn an próiseas/na próisis ábhartha, a shloinntear in MJ/bliana nó kWh/bliana; agus |
ionchur |
: |
méid iomlán an bhunábhair a phróiseáiltear, a shloinntear in t/bliana. |
I gcás téamh bunábhair, comhfhreagraíonn an t-ídiú fuinnimh do mhéid iomlán an teasa (a ghintear ó phríomhfhoinsí fuinnimh) agus an leictreachais a ídíonn na foirnéisí go léir sa phróiseas/sna próisis ábhartha.
BAT-AEPLanna le haghaidh ídiú uisce sonrach
Leis na BAT-AEPLanna le haghaidh ídiú uisce sonrach, tagraítear do mheáin bhliantúla a ríomhtar trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
I gcás inarb é:
ídiú uisce |
: |
méid iomlán an uisce a ídíonn an gléasra diomaite de na nithe seo a leanas:
a shloinntear in m3/bliana; agus |
||||||
ráta táirgthe |
: |
méid iomlán na dtáirgí a mhonaraíonn an gléasra, a shloinntear in t/bliana. |
BAT-AEPLanna le haghaidh ídiú ábhair sonrach
Leis na BAT-AEPLanna le haghaidh ídiú ábhair sonrach, tagraítear do mheáin thar 3 bliana a ríomhtar trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
I gcás inarb é:
ídiú ábhair |
: |
Meán 3 bliana de mhéid iomlán an ábhair a ídíonn an próiseas/na próisis ábhartha, a shloinntear in kg/bliana; agus |
ionchur |
: |
meán 3 bliana de mhéid iomlán an bhunábhair a phróiseáiltear, a shloinntear in t/bliana nó m2/bliana. |
1.1. Conclúidí BAT ginearálta le haghaidh an tionscadail próiseála miotal feiriúil
1.1.1. Feidhmíocht ghinearálta chomhshaoil
BAT 1. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is é an BAT córas bainistíochta comhshaoil (EMS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
Maidir leis an earnáil próiseála miotal feiriúil go sonrach, is é an BAT na gnéithe seo a leanas a ionchorprú san EMS freisin:
Nóta Le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, bunaítear scéim an Aontais Eorpaigh um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), ar sampla é de EMS atá comhsheasmhach leis an BAT sin. |
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe an EMS le cineál, scála agus castacht na suiteála, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfaí a bheith aige.
BAT 2. |
Chun laghdú na n-astaíochtaí san uisce agus san aer a éascú, is é an BAT fardal a bhunú, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú go tráthrialta (lena n-áirítear nuair a tharlaíonn athrú mór), ar fardal é a n-áirítear ann na ceimiceáin phróisis a úsáidtear agus sruthanna fuíolluisce agus dramhghás, mar chuid den EMS (féach BAT 1), ina n-ionchorpraítear na gnéithe seo a leanas go léir:
|
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe an fardail le cineál, scála agus castacht an ghléasra, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfaí a bheith aige.
BAT 3. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is é an BAT córas bainistíochta ceimiceán (CMS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar chuid den EMS (féach BAT 1), ar CMS é ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
|
Infheidhmeacht
Is iondúil go mbainfidh leibhéal mionsonraithe an CMS le cineál, scála agus castacht an ghléasra.
BAT 4. |
Chun astaíochtaí san ithir agus sa screamhuisce a chosc nó a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint na teicnící go léir a thugtar thíos.
|
BAT 5. |
Chun minicíocht agus tarluithe OTNOC a laghdú agus chun astaíochtaí le linn OTNOC a laghdú, is é an BAT plean bainistíochta OTNOC rioscabhunaithe a bhunú agus a chur chun feidhme mar chuid de EMS (féach BAT 1), ar plean é lena n-áirítear gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
1.1.2. Faireachán
BAT 6. |
Is é an BAT faireachán a dhéanamh ar na nithe seo a leanas uair sa bhliain ar a laghad:
|
Tuairisc
Féadfar faireachán a dhéanamh trí thomhais dhíreacha, trí ríomhanna nó trí thaifeadadh, e.g. trí úsáid a bhaint as méadair nó sonraisc oiriúnacha. Bristear an faireachán síos de réir an leibhéil is iomchuí (e.g. leibhéal an phróisis nó an ghléasra) agus cuirtear athruithe móra ar an ngléasra san áireamh leis.
BAT 7. |
Is é an BAT faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí clasaithe san aer de réir na minicíochta a thugtar thíos ar a laghad agus i gcomhréir le caighdeáin EN. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin EN, is é an BAT úsáid a bhaint as caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear go soláthraítear sonraí atá ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.
|
BAT 8. |
Is é an BAT faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí san uisce de réir na minicíochta a thugtar thíos ar a laghad agus i gcomhréir le caighdeáin EN. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin EN, is é an BAT úsáid a bhaint as caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear go soláthraítear sonraí atá ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.
|
1.1.3. Substaintí guaiseacha
BAT 9. |
Chun úsáid comhdhúile cróimiam heicsifhiúsaigh in éighníomhú a sheachaint, is é is BAT tuaslagáin eile a bhfuil miotail iontu a úsáid (e.g. ina bhfuil mangainéis, sinc, fluairíd tíotáiniam, fosfáití agus/nó molabdáití) nó tuaslagáin polaiméirí orgánacha a úsáid (e.g. ina bhfuil polúireatáin nó poileistir). |
Infheidhmeacht
Féadfar srian a chur leis an infheidhmeacht mar gheall ar shonraíochtaí táirgí (e.g. cáilíocht dromchla, inphéinteáltacht, intáiteacht, somhúnlaitheacht, friotaíocht in aghaidh creimthe).
1.1.4. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 10. |
Chun éifeachtúlacht fuinnimh fhoriomlán an ghléasra a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
|
BAT 11. |
Chun éifeachtúlacht fuinnimh le linn téimh a mhéadú (lena n-áirítear téamh agus triomú bunábhair chomh maith le téamh dabhcha agus citealfhoirnéisí galbhánaithe), is é an BAT úsáid a bhaint as meascán iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
Tugtar teicnící earnáilsonracha breise chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú i Ranna 1.2.1, 1.3.1 agus 1.4.1 de na conclúidí BAT seo. Tábla 1.1 Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach maidir le téamh bunábhair le linn teorollta
Tábla 1.2 Leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPL) le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach le linn ainéalta tar éis fuar-rollta
Tábla 1.3 Leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPL) le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach téimh bunábhair roimh bhratú teothumtha
Tábla 1.4 Leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPL) le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach le linn baiscghalbhánaithe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
1.1.5. Éifeachtúlacht ábhair
BAT 12. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn díbhealaithe a mhéadú agus chun giniúint tuaslagáin díbhealaithe caite a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as meascán de na teicnící a thugtar thíos.
|
BAT 13. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn picilte a mhéadú agus chun giniúint aigéid picilte chaite a laghdú nuair a dhéantar aigéad picilte a théamh, is é an BAT ceann de na teicnící a thugtar thíos a úsáid agus gan instealladh díreach gaile a úsáid.
|
BAT 14. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn picilte a mhéadú agus chun giniúint aigéid picilte chaite a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as meascán iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.5 Leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPL) le haghaidh ídiú sonrach aigéid picilte le linn baiscghalbhánaithe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
BAT 15. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn flosctha a mhéadú agus chun méid an tuaslagáin flosctha chaite a sheoltar lena diúscairt a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as gach ceann de theicnící (a), (b) agus (c), in éineacht le teicníc (d) nó in éineacht le teicníc (e) a thugtar thíos.
|
BAT 16. |
Chun an éifeachtúlacht ábhair a bhaineann le teothumadh a mhéadú le linn sreanga a bhratú agus le linn baiscghalbhánaithe, agus chun giniúint dramhaíola a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as na teicnící go léir a thugtar thíos.
|
BAT 17. |
Chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt ó fhosfáitiú agus ó éighníomhú a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as teicníc (a) agus ceann de na teicnící (b) nó (c) a thugtar thíos.
|
BAT 18. |
Chun an chainníocht aigéid phicilte chaite a sheoltar lena dhiúscairt a laghdú, is é an BAT aigéid phicilte chaite a aisghabháil (i.e. aigéad hidreaclórach, aigéad sulfarach agus aigéad measctha). Ní hé an BAT aigéid phicilte chaite a neodrú ná úsáid a bhaint as aigéid phicilte chaite le haghaidh scoilteadh eibleachta. |
Tuairisc
Áirítear leis na teicnící chun aigéad picilte caite a aisghabháil ar an láthair nó lasmuigh den láthair:
i. |
spraeróstadh nó imoibreoirí scaire sreabhaí a úsáid chun aigéad hidreaclórach a aisghabháil; |
ii. |
sulfáit fheireach a chriostalú chun aigéad sulfarach a aisghabháil; |
iii. |
spraeróstadh, galú, ianmhalartú nó scagdhealú idirleata, chun aigéad measctha a aisghabháil; |
iv. |
aigéad picilte caite a úsáid mar amhábhar tánaisteach (e.g. chun clóiríd iarainn nó líocha iarainn a tháirgeadh). |
Infheidhmeacht
Le linn baiscghalbhánaithe, más ea go bhfuil srian ar aigéad picilte caite a úsáid mar amhábhar tánaisteach de dheasca easpa infhaighteachta ar an margadh, féadfar aigéad picilte caite a neodrú ar bhonn eisceachtúil.
Tugtar teicnící earnáilsonracha breise chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú i Ranna 1.2.2, 1.3.2, 1.4.2, 1.5.1 agus 1.6.1 de na conclúidí BAT seo.
1.1.6. Úsáid uisce agus giniúint fuíolluisce
BAT 19. |
Chun ídiú uisce a optamú, feabhas a chur ar in-athchúrsáilteacht uisce agus méid an fhuíolluisce a ghintear a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc (a) agus (b) agus meascán iomchuí de na teicnící (c) go (h) a thugtar thíos.
Tábla 1.6 Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh ídiú uisce sonrach
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
1.1.7. Astaíochtaí san aer
1.1.7.1. Astaíochtaí san aer ó théamh
BAT 20. |
Chun astaíochtaí deannaigh san aer ó théamh a chosc nó a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as leictreachas a ghintear ó fhoinsí fuinnimh saor ó iontaisí nó teicníc (a), in éineacht le teicníc (b) a thugtar thíos.
Tábla 1.7 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh san aer ó théamh bunábhair
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
BAT 21. |
Chun astaíochtaí SO2 san aer ó théamh a chosc nó a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as leictreachas a ghintear ó fhoinsí fuinnimh saor ó iontaisí nó as breosla, nó meascán breoslaí, a bhfuil cion sulfair íseal ann/iontu. |
Tuairisc
Áirítear le breoslaí a bhfuil cion sulfair íseal iontu, mar shampla, gás nádúrtha, gás peitriliam leachtaithe, gás foirnéise soinneáin, gás bunfhoirnéise ocsaigine agus gás ar mhórán CO ó tháirgeadh fearócróimiam.
Tábla 1.8
Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe SO2 san aer ó théamh bunábhair
Paraiméadar |
Earnáil |
Aonad |
BAT-AEL (Meán laethúil nó meán thar an tréimhse samplála) |
SO2 |
Teorolladh |
mg/Nm3 |
|
Fuar-rolladh, sreangtharraingt, bratú teothumtha ar leatháin |
20 -100 (29) |
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7.
BAT 22. |
Chun astaíochtaí NOX ó théamh san aer a chosc nó a laghdú agus, an tráth céanna, astaíochtaí CO agus NH3 ó úsáid SNCR agus/nó SCR a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as leictreachas a ghintear ó fhoinsí fuinnimh saor ó iontaisí nó as meascán iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.9 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe NOX san aer agus leibhéil tháscacha astaíochta le haghaidh astaíochtaí clasaithe CO san aer ó théamh bunábhair le linn teorollta
Tábla 1.10 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe NOX san aer agus leibhéil tháscacha astaíochta le haghaidh astaíochtaí clasaithe CO san aer ó théamh bunábhair le linn fuar-rollta
Tábla 1.11 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe NOX san aer agus leibhéal táscach astaíochta le haghaidh astaíochtaí clasaithe CO san aer ó théamh bunábhair le linn sreangtharraingthe
Tábla 1.12 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe NOX san aer agus leibhéal táscach astaíochta le haghaidh astaíochtaí clasaithe CO san aer ó théamh bunábhair le linn bratú teothumtha
Tábla 1.13 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe NOX san aer agus leibhéal táscach astaíochta le haghaidh astaíochtaí clasaithe CO san aer ón gcitealfhoirnéis ghalbhánaithe a théamh le linn baiscghalbhánaithe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.1.7.2. Astaíochtaí san aer ó dhíbhealú
BAT 23. |
Chun astaíochtaí ceo ola, aigéad agus/nó alcailí san aer a laghdú ó dhíbhealú le linn fuar-rollta agus le linn bratú teothumtha a dhéanamh ar leatháin, is é an BAT astaíochtaí a bhailiú trí úsáid a bhaint as teicníc (a) agus an dramhghás a chóireáil trí úsáid a bhaint as teicníc (b) agus/nó teicníc (c) a thugtar thíos.
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.1.7.3. Astaíochtaí san aer ó phicilt
BAT 24. |
Chun astaíochtaí deannaigh, aigéad (HCl, HF, H2SO4) agus SOx san aer ó phicilt a laghdú le linn teorollta, fuar-rollta, bratú teothumtha, agus sreangtharraingthe, is é an BAT úsáid a bhaint as teicníc (a) nó teicníc (b) in éineacht le teicníc (c) a thugtar thíos.
Tábla 1.14 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe HCl, HF agus SOX san aer ó phicilt le linn teorollta, fuar-rollta agus bratú teothumtha
Tábla 1.15 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe HCl agus SOX san aer ó phicilt le haigéad hidreaclórach nó le haigéad sulfarach le linn sreangtharraingthe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
BAT 25. |
Chun astaíochtaí NOX san aer a laghdú ó phicilt le haigéad nítreach (leis féin nó in éineacht le haigéid eile) agus chun astaíochtaí NH3 ó úsáid SCR a laghdú le linn teorollta agus fuar-rollta, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann amháin nó as meascán de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.16 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe NOX san aer ó phicilt le haigéad nítreach (leis féin nó in éineacht le haigéid eile) le linn teorollta agus fuar-rollta
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.1.7.4. Astaíochtaí san aer ó theothumadh
BAT 26. |
Chun astaíochtaí deannaigh agus since san aer a laghdú ó theothumadh tar éis flosctha le linn bratú teothumtha a dhéanamh ar shreanga agus le linn baiscghalbhánaithe, is é an BAT giniúint astaíochtaí a laghdú trí úsáid a bhaint as teicníc (b) nó teicnící (a) agus (b), na hastaíochtaí a bhailiú trí úsáid a bhaint as teicníc (c) nó teicníc (d), agus na dramhgháis a chóireáil trí úsáid a bhaint as teicníc (e) a thugtar thíos.
Tábla 1.17 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh san aer ó theothumadh tar éis flosctha le linn bratú teothumtha a dhéanamh ar shreanga agus le linn baiscghalbhánaithe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.1.7.4.1.
BAT 27. |
Chun astaíochtaí ceo ola san aer a chosc agus chun ídiú ola a laghdú ó olú dhromchla an bhunábhair, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
1.1.7.5. Astaíochtaí san aer ó iarchóireáil
BAT 28. |
Chun astaíochtaí san aer ó dhabhcha ceimiceáin nó ó umair cheimiceáin le linn iarchóireála a laghdú (i.e. fosfáitiú agus éighníomhú), is é an BAT na hastaíochtaí a bhailiú trí úsáid a bhaint as teicníc (a) nó teicníc (b), agus sa chás sin an dramhghás a chóireáil trí úsáid a bhaint as teicníc (c) agus/nó teicníc (d) a thugtar thíos.
|
1.1.7.6. Astaíochtaí san aer ó aisghabháil aigéid
BAT 29. |
Maidir le deannach, aigéid (HCl, HF), SO2 agus NOX, chun astaíochtaí díobh san aer ó aisghabháil aigéid chaite a laghdú (agus astaíochtaí CO a theorannú an tráth céanna) agus chun astaíochtaí NH3 ó úsáid SCR a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as meascán de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.18 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh, HCl, SO2 agus NOX san aer ó aisghabháil aigéid hidreaclóraigh chaite trí spraeróstadh nó trí úsáid a bhaint as imoibreoirí scaire sreabhaí
Tábla 1.19 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh, HF agus NOX san aer ó aisghabháil aigéid mheasctha trí spraeróstadh nó trí ghalú
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.1.8. Astaíochtaí san uisce
BAT 30. |
Chun ualach na dtruailleán orgánach in uisce atá éillithe le hola nó le bealadh a laghdú (e.g. ó dhoirtí ola nó ó eibleachtaí rollta agus faghartha, tuaslagáin dhíbhealaithe agus bealaí sreangtharraingthe a ghlanadh), ar uisce é a sheoltar chun go ndéanfar cóireáil bhreise air (féach BAT 31), is é an BAT an pas orgánach agus an pas uiscí a dheighilt. |
Tuairisc
Déantar an pas orgánach a dheighilt ón bpas uiscí, e.g. trí bhearradh nó trí scoilteadh eibleachta le hoibreáin oiriúnacha, le galú nó le scagachán scannáin. Féadfar an pas orgánach a úsáid chun fuinneamh nó ábhar a aisghabháil (e.g. féach BAT 34 (f)).
BAT 31. |
Chun astaíochtaí san uisce a laghdú, is é an BAT fuíolluisce a chóireáil trí úsáid a bhaint as meascán de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.20 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh sceití díreacha i ndobharlach glactha
Tábla 1.21 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh sceití indíreacha i ndobharlach glactha
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8. |
1.1.9. Torann agus creathadh
BAT 32. |
Chun astaíochtaí torainn agus creathaidh a chosc nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT plean bainistíochta torainn agus creathaidh a bhunú, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú go tráthrialta, mar chuid den EMS (féach BAT 1), ar plean é a n-áirítear ann gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
Infheidhmeacht
Tá an infheidhmeacht srianta do chásanna ina bhfuil coinne le núis torainn nó chreathaidh ag gabhdóirí íogaire agus/nó ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil bunús leo.
BAT 33. |
Chun astaíochtaí torainn agus creathaidh a chosc nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, iad a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann amháin nó meascán de na teicnící a thugtar thíos.
|
1.1.10. Iarmhair
BAT 34. |
Chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt a laghdú, is é an BAT diúscairt miotal, ocsaídí miotail agus sloda olaigh agus sloda hiodrocsaíde a sheachaint trí úsáid a bhaint as teicníc (a) agus meascán iomchuí de theicnící (b) go (h) a thugtar thíos.
|
BAT 35. |
Chun cainníocht na dramhaíola ó theothumadh a sheoltar lena diúscairt a laghdú, is é an BAT diúscairt iarmhar a bhfuil sinc iontu a sheachaint trí úsáid a bhaint as na teicnící go léir a thugtar thíos.
|
BAT 36. |
Chun feabhas a chur ar acmhainneacht in-athchúrsáilteachta agus aisghabhála na n-iarmhar a bhfuil sinc iontu ó theothumadh (i.e. bearrthaí since, dras uachtair, dras íochtair, spreachaill since, agus deannach ó scagairí fabraice) chomh maith leis an riosca comhshaoil a bhaineann lena stóráil a chosc nó a laghdú, is é an BAT iad a stóráil ar leithligh óna chéile agus ó iarmhair eile ar:
|
BAT 37. |
Chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt ó uigeachtú rollaí saoirsithe, is é an BAT úsáid a bhaint as na teicnící go léir a thugtar thíos.
Tugtar teicnící breise earnáilsonracha chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt a laghdú i Roinn 1.4.4 de na conclúidí BAT seo. |
1.2. Conclúidí BAT maidir le teorolladh
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.2.1. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 38. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn téamh bunábhair a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as meascán de na teicnící a thugtar in BAT 11 in éineacht le meascán iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
|
BAT 39. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn rollta a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
Tábla 1.22 Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach le linn rollta
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
1.2.2. Éifeachtúlacht ábhair
BAT 40. |
Chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú, agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt ó chóireáil bunábhair a laghdú, is é an BAT an gá le cóiriú a sheachaint nó, i gcás nach bhfuil sin indéanta, a laghdú trí cheann amháin nó meascán de na teicnící a thugtar thíos a chur i bhfeidhm.
|
BAT 41. |
Chun an éifeachtúlacht ábhair a mhéadú le linn rollta chun táirgí cothroma a tháirgeadh, is é an BAT giniúint dramh-mhiotal a laghdú trí úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
|
1.2.3. Astaíochtaí san aer
BAT 42. |
Chun astaíochtaí deannaigh, nicile agus luaidhe san aer a laghdú le linn próiseála meicniúla (lena n-áirítear scoilteadh, díscreamhú, meilt, garbhú, rolladh, bailchríochnú, leibhéaladh), scarbhaithe agus táthaithe, is é an BAT na hastaíochtaí a bhailiú trí úsáid a bhaint as teicnící (a) agus (b) agus sa chás sin an dramhghás a chóireáil trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó meascán de theicnící (c) go (e) a thugtar thíos.
Tábla 1.23 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh, nicile agus luaidhe san aer ó phróisis mheicniúla (lena n-áirítear scoilteadh, díscreamhú, meilt, garbhú, rolladh, bailchríochnú, leibhéaladh), scarbhú agus táthú
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
BAT 43. |
Chun astaíochtaí deannaigh, nicile agus luaidhe san aer a laghdú le linn garbhaithe agus rollta i gcás leibhéil ísle giniúna deannaigh, e.g. faoi bhun 100 g/h. (féach BAT 42 (b))), is é an BAT spraeanna uisce a úsáid. |
Tuairisc
Déantar córais insteallta spraeála uisce a shuiteáil ag an taobh imeachta de gach seastán garbhaithe agus rollta chun giniúint deannaigh a laghdú. Le cáithníní deannaigh a bhogthaisiú, éascaítear ceirtleánú agus socrú deannaigh. Bailítear an t-uisce ag bun an tseastáin agus déantar é a chóireáil (féach BAT 31).
1.3. Conclúidí BAT maidir le fuar-rolladh
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.3.1. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 44. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn rollta a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
Tábla 1.24 Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) le haghaidh ídiú fuinnimh sonrach le linn rollta
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
1.3.2. Éifeachtúlacht ábhair
BAT 45. |
Chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt ó rolladh a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as na teicnící go léir a thugtar thíos.
|
1.3.3. Astaíochtaí san aer
BAT 46. |
Chun astaíochtaí deannaigh, nicile agus luaidhe san aer ó dhíchuaileáil, réamh-dhíscreamhú meicniúil, leibhéaladh agus táthú a laghdú, is é an BAT na hastaíochtaí a bhailiú trí úsáid a bhaint as teicníc (a) agus sa chás sin an dramhghás a chóireáil trí úsáid a bhaint as teicníc (b).
Tábla 1.25 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh, nicile agus luaidhe san aer ó dhíchuaileáil, réamh-dhíscreamhú meicniúil, leibhéaladh agus táthú
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
BAT 47. |
Chun astaíochtaí ceo ola san aer ó fhaghairt a chosc nó a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
BAT 48. |
Chun astaíochtaí ceo ola san aer ó rolladh, ó fhaghairt fhliuch agus ó bhailchríochnú a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as teicníc (a) in éineacht le teicníc (b) nó in éineacht leis an dá theicníc (b) agus (c) a thugtar thíos.
Tábla 1.26 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe TVOC san aer ó rolladh, ó fhaghairt fhliuch agus ó bhailchríochnú
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.4. Conclúidí BAT maidir le sreangtharraingt
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.4.1. Éifeachtúlacht fuinnimh
BAT 49. |
Chun éifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair dabhcha luaidhe a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as ciseal cosanta snámhach ar dhromchla na ndabhcha luaidhe nó clúdaigh umair. |
Tuairisc
Le cisil cosanta shnámhacha agus clúdaigh umair déantar caillteanais teasa agus oscaídiú luaidhe a íoslaghdú.
1.4.2. Éifeachtúlacht ábhair
BAT 50. |
Chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt ó tharraingt fhliuch, is é an BAT an bealadh sreangtharraingthe a ghlanadh agus a athúsáid. |
Tuairisc
Úsáidtear ciorcad glantacháin, e.g. le scagachán agus/nó le lártheifneoiriú, chun an bealadh sreangtharraingthe a ghlanadh lena athúsáid.
1.4.3. Astaíochtaí san aer
BAT 51. |
Chun astaíochtaí deannaigh agus luaidhe san aer ó dhabhcha luaidhe a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint na teicnící go léir a thugtar thíos.
Tábla 1.27 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh agus luaidhe san aer ó dhabhcha luaidhe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
BAT 52. |
Chun astaíochtaí deannaigh san aer ó tharraingt thirim a laghdú, is é an BAT na hastaíochtaí a bhailiú trí úsáid a bhaint as teicníc (a) nó (b) agus an dramhghás a chóireáil trí úsáid a bhaint as teicníc (c) a thugtar thíos.
Tábla 1.28 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe deannaigh san aer ó tharraingt thirim
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
BAT 53. |
Chun astaíochtaí ceo ola san aer ó dhabhcha ola le haghaidh fuaraithe a laghdú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.4.4. Iarmhair
BAT 54. |
Chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt a laghdú, is é an BAT diúscairt iarmhar a bhfuil luaidhe iontu a sheachaint trína n-athchúrsáil, e.g. chuig tionscail na miotal neamhfheiriúil chun luaidhe a tháirgeadh. |
BAT 55. |
Chun an riosca comhshaoil a bhaineann le hiarmhair a bhfuil luaidhe iontu ó dhabhcha luaidhe a stóráil, (e.g. ábhair cisil cosanta agus ocsaídí luaidhe) a chosc nó a laghdú, is é an BAT iarmhair a bhfuil luaidhe iontu a stóráil ar leithligh ó iarmhair eile, ar dhromchlaí neamhscagacha agus i limistéir iata nó i gcoimeádáin dhúnta. |
1.5. Conclúidí BAT maidir le bratú teothumtha a dhéanamh ar leatháin agus ar shreanga
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.5.1. Éifeachtúlacht ábhair
BAT 56. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn teothumadh leanúnach a dhéanamh ar stiallacha, is é an BAT bratú iomarcach le miotail a sheachaint trí úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
|
BAT 57. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn teothumadh leanúnach a dhéanamh ar shreang, is é an BAT bratú iomarcach le miotail a sheachaint trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na teicnící a thugtar thíos.
|
1.6. Conclúidí BAT maidir le baiscghalbhánaithe
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo sa bhreis ar na conclúidí BAT ginearálta a thugtar i Roinn 1.1.
1.6.1. Iarmhair
BAT 58. |
Chun cosc a chur ar ghiniúint aigéad caite a bhfuil tiúchan ard since agus iarainn acu nó, i gcás nach bhfuil sé sin indéanta, chun an chainníocht díobh a sheoltar lena diúscairt a laghdú, is é an BAT picilt a dhéanamh ar leithligh ó sniogadh. |
Tuairisc
Déantar picilt agus sniogadh in umair ar leithligh chun cosc a chur ar ghiniúint aigéad caite a bhfuil tiúchan ard since agus iarainn acu nó chun an chainníocht díobh a sheoltar lena diúscairt a laghdú.
Infheidhmeacht
D’fhéadfadh an infheidhmeacht maidir le gléasraí atá ann cheana a bheith srianta mar gheall ar easpa spáis i gcás ina bhfuil gá le humair bhreise le haghaidh sniogtha.
BAT 59. |
Chun laghdú a dhéanamh ar chainníocht na tuaslagán sniogtha caite a bhfuil tiúchan ard since iontu agus a sheoltar lena diúscairt, is é an BAT na tuaslagáin sniogtha chaite agus/nó an ZnCl2 agus an NH4Cl atá iontu a aisghabháil. |
Tuairisc
Áirítear an méid seo a leanas le teicnící chun tuaslagáin sniogtha chaite a bhfuil tiúchan ard since iontu a aisghabháil ar an láthair nó lasmuigh den láthair:
— |
Sinc a bhaint trí ianmhalartú. Féadfar an t-aigéad cóireáilte a úsáid le linn picilte, agus féadfar an tuaslagán a bhfuil ZnCl2 agus NH4Cl ann agus a thagann as sniogadh an roisín ianmhalartaithe a úsáid le linn flosctha. |
— |
Sinc a bhaint trí eastóscadh tuaslagóirí. Féadfar an t-aigéad cóireáilte a úsáid le linn picilte, agus féadfar an tiúchan a bhfuil sinc ann agus a thagann as sniogadh agus galú a úsáid chun críoch eile. |
1.6.2. Éifeachtúlacht ábhair
BAT 60. |
Chun éifeachtúlacht ábhair le linn teothumtha a mhéadú, is é an BAT úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
|
BAT 61. |
Chun éifeachtúlacht ábhair a mhéadú agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt ó shinc iomarcach a shéideadh ó fheadáin ghalbhánaithe a laghdú, is é an BAT cáithníní a bhfuil sinc iontu a aisghabháil agus iad a athúsáid sa chitealfhoirnéis ghalbhánaithe nó iad a sheoladh le haghaidh aisghabháil since. |
1.6.3. Astaíochtaí san aer
BAT 62. |
Chun astaíochtaí HCl san aer ó phicilt agus sniogadh le linn baiscghalbhánaithe a laghdú, is é an BAT na paraiméadair oibriúcháin (i.e. teocht agus tiúchan aigéid sa dabhach) a rialú agus na teicnící a thugtar thíos a úsáid san ord tosaíochta seo a leanas:
Is é teicníc (d) an BAT i gcás gléasraí atá ann cheana féin amháin agus ar choinníoll go n-áirithítear léi leibhéal comhionann cosanta comhshaoil ar a laghad i gcomparáid le teicníc (c) a úsáid in éineacht le teicnící (a) nó (b).
Tábla 1.29 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) le haghaidh astaíochtaí clasaithe HCl san aer ó phicilt agus ó sniogadh le haigéad hidreaclórach le linn baiscghalbhánaithe
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7. |
1.6.4. Sceitheadh fuíolluisce
BAT 63. |
Ní hé an BAT fuíolluisce dramhaíola a sceitheadh ó bhaiscghalbhánaithe. |
Tuairisc
Ní ghintear ach iarmhair leachtacha (e.g. aigéad picilte caite, tuaslagáin díbhealaithe chaite agus tuaslagáin flosctha chaite). Bailítear na hiarmhair sin. Déantar cóireáil iomchuí orthu le haghaidh athchúrsála nó aisghabhála agus/nó seoltar iad lena ndiúscairt (féach BAT 18 agus BAT 59).
1.7. Tuairiscí ar theicnící
1.7.1. Teicnící chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú
Teicníc |
Tuairisc |
Boscaí corna |
Suitear boscaí inslithe idir an mhuileann gharbhaithe agus an mhuileann bhailchríochnaithe chun caillteanais teochta ó bhunábhar linn próisis chuaileála/díchuaileála a íoslaghdú agus ionas gur féidir fórsaí rollta níos ísle a bheith ann i muilte stéille te. |
Optamú dócháin |
Bearta a ghlactar chun éifeachtúlacht an tiontaithe fuinnimh a uasmhéadú san fhoirnéis, agus an tráth céanna, astaíochtaí a íoslaghdú (go háirithe CO). Baintear é sin amach trí mheascán teicnící lena n-áirítear dea-dhearadh na foirnéise, optamú na teochta (e.g. meascadh éifeachtúil an bhreosla agus an aeir dócháin) agus aga cónaithe sa chrios dócháin, agus úsáid a bhaint as uathoibriú agus rialú foirnéisí. |
Dóchán gan lasair |
Baintear dóchán gan lasair amach trí bhreosla agus aer dócháin a instealladh ar leithligh i gcuasán dócháin na foirnéise ag ardluas chun foirmiú lasrach a chosc agus foirmiú NOX teirmeach a laghdú agus, an tráth céanna, dáileadh teasa níos aonfhoirmí a chruthú ar fud an chuasáin. Féadfar dóchán gan lasair a úsáid in éineacht le dóchán ocsaibhreosla. |
Uathoibriú agus rialú foirnéisí |
Déantar an próiseas teasa a optamú trí úsáid a bhaint as córas ríomhaireachta lena rialaítear i bhfíor-am príomh-pharaiméadair amhail teocht na foirnéise agus an bhunábhair, an cóimheas idir aer agus breosla agus brú na foirnéise. |
Teilgean cruthanna beagnach críochnaitheach i gcás leaca tanaí agus bíoma-chrotán agus rolladh ina dhiaidh sin |
Déantar leaca tanaí agus bíoma-chrotáin a tháirgeadh trí theilgean agus rolladh a chomhcheangal i gcéim phróisis amháin. Laghdaítear an gá atá leis an bunábhar a ath-théamh sula ndéantar é a rolladh agus líon na ngeábhanna rollta. |
An dearadh agus oibriú SNCR/SCR a optamú |
Optamú a dhéanamh ar an gcóimheas idir imoibrí agus NOX thar thrasghearradh na foirnéise nó an duchta, ar mhéid bhraonta an imoibrí agus ar an raon teochta ag a ndéantar an t-imoibrí a instealladh. |
Dóchán ocsaibhreosla |
Cuirtear ocsaigin íon in ionad aeir dócháin go hiomlán nó go páirteach. Féadfar dóchán ocsaibhreosla a úsáid in éineacht le dóchán gan lasair. |
Réamhthéamh an aeir dócháin |
Cuid den teas a aisghabhtar ó ghás múcháin an dócháin a úsáid chun an t-aer a úsáidtear sa dóchán a réamhthéamh. |
Córas bainistíochta gás próisis |
Córas lenar féidir gáis próisis iarainn agus cruach a dhíriú chuig na foirnéisí téite bunábhair, ag brath ar a n-infhaighteacht. |
Dóire athghabhálach |
Úsáideann dóirí athghabhálacha cineálacha éagsúla athghabhálaithe (e.g. teasmhalartóirí le radaíocht, comhiompar, dearadh dlúth nó radanta feadán) chun teas a aisghabháil go díreach ó na gáis mhúcháin, ar gáis iad a úsáidtear ansin chun an t-aer dócháin a réamhthéamh. |
Frithchuimilt rollta a laghdú |
Roghnaítear olaí rollta go cúramach. Úsáidtear ola íon agus/nó córais eibleachta chun an fhrithchuimilt idir na rollaí saoirsithe agus an bunábhar a laghdú agus chun an t-ídiú ola is lú is féidir a áirithiú. Le linn HR, is iondúil go ndéantar é seo sna chéad seastáin den mhuileann bhailchríochnaithe. |
Dóire athghiniúnach |
Is éard atá i ndóirí athghiniúnacha dhá dhóire a oibrítear gach re seal agus ina bhfuil scaireanna ábhar teasfhulangach nó ceirmeach. Agus dóire amháin ag obair, súnn ábhair theasfhulangacha nó cheirmeacha an dóire eile teas an gháis múcháin isteach, ar teas é a úsáidtear ansin chun an t-aer dócháin a réamhthéamh. |
Coire aisghabhála dramhtheasa |
Úsáidtear teas ó gháis mhúcháin the chun gal a ghiniúint trí úsáid a bhaint as coire aisghabhála dramhtheasa. Úsáidtear an gal a ghintear i bpróisis eile de chuid an ghléasra, chun é a sholáthar do ghréasán gaile nó chun leictreachas a ghiniúint i ngléasra cumhachta. |
1.7.2. Teicnící chun astaíochtaí san aer a laghdú
Teicníc |
Tuairisc |
Optamú dócháin |
Féach Roinn 1.7.1. |
Dínéaltóir |
Is gairis scagacháin iad dínéaltóirí a bhaineann braoiníní leachta leachtiompartha ó shruth gáis. Is éard atá iontu struchtúr fite de shreanga miotail nó plaisteacha, agus a bhfuil achar dromchla sonrach ard acu. Mar gheall ar an móiminteam atá acu, buaileann braoiníní beaga sa sruth gáis in aghaidh na sreang, comhtháthaítear iad agus déantar braonta níos mó díobh. |
Deascaire leictreastatach |
Oibríonn deascairí leictreastatacha (ESPanna) ar bhealach a ndéantar cáithníní a luchtú agus a dheighilt faoi thionchar réimse leictrigh. Is féidir deascairí leictreastatacha a oibriú faoi raon leathan dálaí. D’fhéadfadh sé go mbraitheann éifeachtúlacht an laghdaithe ar líon na réimsí, ar an aga cónaithe (méid), agus ar ghairis bainte cáithníní réamhtheachtacha. Áirítear iontu idir dhá agus cúig réimse de ghnáth. Úsáidtear deascairí leictreastatacha de chineál tirim nó fliuch, ag brath ar an teicníc a úsáidtear chun an deannach a bhailiú ó na leictreoidí. Is iondúil go n-úsáidtear ESPanna fliucha ag an gcéim snasaithe chun deannach iarmharach agus braoiníní iarmharacha a bhaint tar éis fliuchsciúrtha. |
Scagaire fabraice |
Déantar scagairí fabraice, nó scagairí mála mar a thugtar go minic orthu, as fabraic phóiriúil fhite nó fheiltithe a gcuirtear gáis tríthi chun cáithníní a bhaint. Chun scagaire fabraice a úsáid ní mór fabraic a roghnú atá oiriúnach do shaintréithe an dramhgháis agus don uasteocht oibríochtúil. |
Dóchán gan lasair |
Féach Roinn 1.7.1. |
Uathoibriú agus rialú foirnéisí |
Féach Roinn 1.7.1. |
Dóire astaíochtaí ísle NOX |
Tá an teicníc (lena n-áirítear dóirí astaíochtaí sárísle NOX) bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le buaictheochtaí lasracha a laghdú. Trí aer/breosla a mheascadh, laghdaítear infhaighteacht na hocsaigine agus laghdaítear buaictheocht na lasrach, agus ar an mbealach sin cuirtear moill ar thiontú na nítrigine breosla-nasctha go NOX agus ar chruthú NOX theirmigh, agus an tráth céanna, ard-éifeachtúlacht dócháin a áirithiú. |
An dearadh agus oibriú SNCR/SCR a optamú |
Féach Roinn 1.7.1. |
Dóchán ocsaibhreosla |
Féach Roinn 1.7.1. |
Dí-ocsaídiú catalaíoch roghnaitheach (SCR) |
Tá teicníc SCR bunaithe ar dhí-ocsaídiú NOX go nítrigin i scair chatalaíoch trí imoibriú le húiré nó le hamóinia ag teocht oibríochtúil optamach thart ar 300-450 °C. Féadfar roinnt brat den chatalaíoch a chur air. Baintear laghdú NOX níos airde amach trí roinnt brat den chatalaíoch a úsáid. |
Dí-ocsaídiú neamhchatalaíoch roghnaitheach (SNCR) |
Tá SNCR bunaithe ar dhí-ocsaídiú NOX go nítrigin trí imoibriú le hamóinia nó le húiré ag teocht ard. Coinnítear raon na teochta oibríochtúla idir 800 °C agus 1 000 °C chun an t-imoibriú optamach a bhaint amach. |
Fliuchsciúradh |
Truailleáin ghásacha nó cháithníneacha a bhaint as sruth gáis trí aistriú maise chuig tuaslagóir leachtach, ar mhinic uisce nó tuaslagán uiscí é. D’fhéadfadh imoibriú ceimiceach a bheith i gceist leis (e.g. i sciúrthóir aigéadach nó alcaileach). I gcásanna áirithe, is féidir na comhdhúile a aisghabháil ón tuaslagóir. |
1.7.3. Teicnící chun astaíochtaí san uisce a laghdú
Teicníc |
Tuairisc |
Asúchán |
Substaintí intuaslagtha (tuaslagáití) a bhaint as an bhfuíolluisce trína n-aistriú go dromchla cáithníní soladacha an-phóiriúil (carbón gníomhachtaithe go hiondúil). |
Cóireáil aeróbach |
Ocsaídiú bitheolaíoch truailleán orgánach tuaslagtha le hocsaigin trí úsáid a bhaint as meitibileacht miocrorgánach. I láthair ocsaigin thuaslagtha, a insteallaítear mar aer nó ocsaigin íon, déantar na comhdhúile orgánacha a mhianrú ina ndé-ocsaíd charbóin agus uisce nó a chlaochlú ina meitibilítí eile agus bithmhais. |
Deascadh ceimiceach |
Truailleáin thuaslagtha a thiontú i gcomhdhúil dhothuaslagtha trí dheascairí ceimiceacha a chur leo. Déantar na deascáin sholadacha a chruthaítear a dheighilt ina dhiaidh sin trí mhoirtiú, trí shnámhacht aeir nó trí scagachán. Féadfar micreascagachán nó ultrascagachán a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin, más gá. Úsáidtear iain ilfhiúsacha mhiotail (e.g. cailciam, alúmanam, iarann) chun deascadh a dhéanamh ar fhosfar. |
Dí-ocsaídiú ceimiceach |
Truailleáin a thiontú le hoibreáin dí-ocsaídithe cheimiceacha i gcomhdhúile comhchosúla ach nach bhfuil chomh díobhálach ná guaiseach céanna. |
Téachtadh agus flocasú |
Úsáidtear téachtadh agus flocasú chun solaid ar fuaidreamh a dheighilt ó fhuíolluisce agus is minic a dhéantar i gcéimeanna comhleanúnacha iad. Déantar téachtadh trí théachtaigh a chur isteach a bhfuil luchtanna urchomhaireacha acu i gcomórtas leis na solaid ar fuaidreamh. Déantar flocasú trí pholaiméirí a chur isteach, ionas go mbuailfidh micreaflocais in aghaidh a chéile rud a fhágfaidh go ndéanfar flocais níos mó díobh. |
Cothromú |
Sreabha agus ualaí truailleán a chothromú ag ionraon na cóireála fuíolluisce deiridh trí úsáid a bhaint as umair lárnacha. Féadfar cothromú a bheith díláraithe nó féadfar é a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicnící bainistíochta eile. |
Scagachán |
Solaid a dheighilt ó fhuíolluisce trína gcur trí mheán póiriúil, e.g. scagachán gainimh, micreascagachán agus ultrascagachán. |
Snámhacht |
Cáithníní soladacha nó leachtacha a dheighilt ó fhuíolluisce trína gceangal le mínbholgáin gháis, aer de ghnáth. Tagann na cáithníní snámhacha le chéile ar dhromchla an uisce agus bailítear iad le scimíní. |
Nanascagachán |
Próiseas scagacháin ina n-úsáidtear scannáin arb é 1 nm méid a bpóireanna. |
Neodrú |
pH fuíolluisce a choigeartú go leibhéal neodrach (thart ar 7) trí cheimiceáin a chur leis. Is gnách hiodrocsaíd sóidiam (NaOH) nó hiodrocsaíd chailciam (Ca(OH)2) a úsáid chun an pH a ardú ach is gnách aigéad sulfarach (H2SO4), aigéad hidreaclórach (HCI) nó dé-ocsaíd charbóin (CO2) a úsáid chun an pH a laghdú. D’fhéadfadh deascadh substaintí áirithe a tharlú le linn neodraithe. |
Deighilt fhisiceach |
Solaid mhóra, solaid ar fuaidreamh agus/nó cáithníní miotail a dheighilt ón bhfuíolluisce trí úsáid a bhaint as, mar shampla, síothláin, criathair, deighilteoirí grin, deighilteoirí bealaithe, hidricioclóin, deighilt ola agus uisce nó umair shíothlaithe phríomhúla. |
Cúlosmóis |
Próiseas scannáin ina gcuirtear difríocht bhrú i bhfeidhm idir na hurranna a bhfuil an scannán eatarthu, rud a fhágann go sreabhann uisce ón tuaslagán níos tiubhaithe chuig an ceann nach bhfuil chomh tiubhaithe céanna. |
Moirtiú |
Cáithníní ar fuaidreamh agus ábhar ar fuaidreamh a dheighilt trí shocrú imtharraingthe. |
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.
(3) I gcás aon pharaiméadair a bhfuil sé míchuí sampláil/tomhas 30 nóiméad agus/nó meán trí thomhas as a chéile a dhéanamh ina leith de dheasca srianta samplála nó anailíseacha agus/nó dálaí oibríochtúla, féadfar nós imeachta samplála/tomhais níos ionadaíche a úsáid.
(4) A mhéid is féidir, déantar na tomhais ag an staid astaíochta is airde a mheastar a bheidh ann faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla.
(5) Níl feidhm ag an bhfaireachán nuair is leictreachas amháin a úsáidtear.
(6) Má tá na tomhais leanúnach, tá feidhm ag na caighdeáin EN cineálacha seo a leanas: EN 15267-1, EN 15267-2, EN 15267-3 agus EN 14181.
(7) Má tá na tomhais leanúnach, tá feidhm ag EN 13284-2 freisin.
(8) Má chruthaítear go bhfuil na leibhéil astaíochta cobhsaí go leormhaith, féadfar minicíocht faireacháin níos ísle a úsáid in aon chás uair amháin ar a laghad gach 3 bliana.
(9) I gcás nach bhfuil teicnící (a) ná (b) de BAT 62 infheidhme, déantar an tiúchan HCl sa phas gásach os cionn na daibhche picilte a thomhas uair sa bhliain ar a laghad.
(10) Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint lena mbaineann ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal a thugtar in BAT 2.
(11) Níl feidhm ag an bhfaireachán más rud é go n-úsáidtear gás nádúrtha amháin mar bhreosla nó nuair nach n-úsáidtear ach leictreachas.
(12) I gcás baisc-sceitheadh nach minice ná an mhinicíocht íosta faireacháin, déantar faireachán uair amháin in aghaidh na baisce.
(13) Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás sceitheadh díreach i ndobharlach glactha.
(14) Féadfar minicíochtaí faireacháin a laghdú go huair amháin sa mhí má chruthaítear go bhfuil na leibhéil astaíochta cobhsaí go leormhaith.
(15) Déantar faireachán ar COD nó ar TOC. Is fearr faireachán a dhéanamh ar TOC toisc nach mbraitheann sé ar chomhdhúile an-tocsaineach.
(16) I gcás sceitheadh indíreach i ndobharlach glactha, féadfar minicíocht an fhaireacháin a laghdú go huair amháin gach 3 mhí má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú.
(17) Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/paraiméadar ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal a luaitear in BAT 2.
(18) I gcás cruach ard-chóimhiotail (e.g. cruach dhosmálta ástainíteach), féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 2 200 MJ/t.
(19) I gcás cruach ard-chóimhiotail (e.g. cruach dhosmálta ástainíteach), féadfaidh an ceann ard den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 2 800 MJ/t.
(20) I gcás cruach ard-chóimhiotail (e.g. cruach dhosmálta ástainíteach), féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 4 000 MJ/t.
(21) I gcás baiscainéalta, féadfar an ceann íochtair den raon BAT-AEPLanna a bhaint amach trí úsáid a bhaint as BAT 11 (g).
(22) Féadfaidh an BAT-AEPL a bheith níos airde i gcás línte ainéalta leanúnaigh a éilíonn teocht os cionn 800 °C.
(23) Féadfaidh an BAT-AEPL a bheith níos airde i gcás línte ainéalta leanúnaigh a éilíonn teocht os cionn 800 °C.
(24) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde nuair a úsáidtear lártheifneoiriú chun an tsinc bhreise a bhaint agus/nó nuair atá teocht na daibhche galbhánaithe níos airde ná 500 °C.
(25) Féadfaidh an ceann uachtair den BAT-AEPL a bheith níos airde agus suas le 1 200 kWh/t i gcás gléasraí baiscghalbhánaithe a fheidhmíonn ag meán-thréchur táirgeachta bliantúil faoi bhun 150 t/m3 de thoirt na citealfhoirnéise.
(26) I gcás gléasraí baiscghalbhánaithe a tháirgeann táirgí tanaí go príomha (e.g. < 1,5 mm), féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 1 000 kWh/t.
(27) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 50 kg/t nuair a dhéantar saotharphíosaí a bhfuil achar dromchla sonrach ard acu a ghalbhánú go príomha (e.g. táirgí tanaí < 1,5 mm, feadáin a bhfuil tiús ballaí < 3 mm acu) nó nuair a dhéantar athghalbhánú.
(28) Níl feidhm ag an BAT-AEL nuair atá an sreabh maise deannaigh faoi bhun 100 g/h.
(29) Níl feidhm ag an BAT-AEL maidir le gléasraí ina n-úsáidtear gás nádúrtha amháin nó téamh leictreach amháin.
(30) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 300 mg/Nm3 agus sciar ard gáis oighinn cóic á úsáid (> 50 % den ionchur fuinnimh).
(31) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 550 mg/Nm3 agus sciar ard gáis oighinn cóic nó sciar ard gáis ar mhórán CO ó tháirgeadh fearócróimiam á úsáid (> 50 % den ionchur fuinnimh).
(32) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 300 mg/Nm3 le linn ainéaladh leanúnach.
(33) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 550 mg/Nm3 agus sciar ard gáis oighinn cóic nó sciar ard gáis ar mhórán CO ó tháirgeadh fearócróimiam á úsáid (> 50 % den ionchur fuinnimh).
(34) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 550 mg/Nm3 agus sciar ard gáis oighinn cóic nó sciar ard gáis ar mhórán CO ó tháirgeadh fearócróimiam á úsáid (> 50 % den ionchur fuinnimh).
(35) Níl feidhm ag an BAT-AEL seo ach amháin maidir le picilt le haigéad hidreaclórach.
(36) Níl feidhm ag an BAT-AEL seo ach amháin maidir le meascáin aigéad a bhfuil aigéad hidreafluarach iontu.
(37) Níl feidhm ag an BAT-AEL seo ach amháin maidir le picilt le haigéad sulfarach.
(38) Níl feidhm ag an BAT-AEL seo ach amháin maidir le picilt le haigéad hidreaclórach.
(39) Níl feidhm ag an BAT-AEL seo ach amháin maidir le picilt le haigéad sulfarach.
(40) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 200 mg/Nm3 i gcás aigéad measctha a aisghabháil trí spraeróstadh.
(41) Tugtar na tuairiscí ar na teicnící i Roinn 1.7.3.
(42) Déantar na tréimhsí meánaithe a shainmhíniú sna Breithnithe ginearálta.
(43) Bíonn feidhm ag an BAT-AEL le haghaidh COD nó ag an BAT-AEL le haghaidh TOC. Is fearr faireachán a dhéanamh ar TOC toisc nach mbraitheann sé ar chomhdhúile an-tocsaineach.
(44) Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/na substaintí/an paraiméadar/na paraiméadair lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal a luaitear in BAT 2.
(45) Is é 0,3 mg/l an ceann uachtair den raon BAT-AELanna i gcás cruacha ard-chóimhiotail.
(46) Is é 0,4 mg/l an ceann uachtair den raon BAT-AELanna i gcás gléasraí ina dtáirgtear cruach dhosmálta ástainíteach.
(47) Is é 35 μg/l an ceann uachtair den raon BAT-AELanna i gcás gléasraí sreangtharraingthe ina n-úsáidtear dabhcha luaidhe.
(48) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 50 μg/l i gcás gléasraí ina bpróiseáiltear cruach luaidhe.
(49) Déantar na tréimhsí meánaithe a shainmhíniú sna breithnithe ginearálta.
(50) D’fhéadfadh sé nach bhfuil feidhm ag na BAT-AELanna má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú, ar choinníoll nach mbeidh leibhéal truaillithe níos airde sa chomhshaol ina thoradh air sin.
(51) Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/na substaintí/an paraiméadar/na paraiméadair lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal a luaitear in BAT 2.
(52) Is é 0,3 mg/l an ceann uachtair den raon BAT-AELanna i gcás cruacha ard-chóimhiotail.
(53) Is é 0,4 mg/l an ceann uachtair den raon BAT-AELanna i gcás gléasraí ina dtáirgtear cruach dhosmálta ástainíteach.
(54) Is é 35 μg/l an ceann uachtair den raon BAT-AELanna i gcás gléasraí sreangtharraingthe ina n-úsáidtear dabhcha luaidhe.
(55) Féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 50 μg/l i gcás gléasraí ina bpróiseáiltear cruach luaidhe.
(56) I gcás cruach ard-chóimhiotail (e.g. cruach dhosmálta ástainíteach), is é 1 000 MJ/t an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna.
(57) I gcás nach bhfuil scagaire fabraice infheidhme, féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AELanna a bheith níos airde agus suas le 7 mg/Nm3.
(58) Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint lena mbaineann ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal a thugtar in BAT 2.
(59) I gcás cruach ard-chóimhiotail (e.g. cruach dhosmálta ástainíteach), féadfaidh an ceann uachtair den raon BAT-AEPLanna a bheith níos airde agus suas le 1 600 MJ/t.
(60) Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint lena mbaineann ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal a thugtar in BAT 2.