ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 277

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
27 Deireadh Fómhair 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2066 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026)

103

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2067 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc ( 1 )

106

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

149

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2069 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6859)

195

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2070 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688, gan na dleachtanna sin a chur ar fionraí

208

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2071 ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Deireadh Fómhair 2022 on maidir le forálacha idirthréimhseacha do chur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach tar éis an euro a thabhairt isteach sa Chróit (BCE/2022/36)

215

 

 

III   Gníomhartha eile

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Cinneadh ó Údarás Faireacháin CSTE Uimh. 029/22/COL an 9 Feabhra 2022 lena leasaítear na rialacha substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a thabhairt isteach [2022/2072]

218

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2065 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá seirbhísí sochaí faisnéise agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha anois ina gcuid thábhachtach de gheilleagar an Aontais agus de shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Scór bliain tar éis ghlacadh an chreata dhlíthiúil reatha is infheidhme maidir le seirbhísí den sórt sin a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), thug samhlacha agus seirbhísí nua agus nuálacha gnó, cosúil le líonraí sóisialta ar líne agus ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, deis d’úsáideoirí gnó agus do thomhaltóirí faisnéis a thabhairt agus a rochtain agus tabhairt faoi idirbhearta ar bhealaí nua. Úsáideann tromlach shaoránaigh an Aontais na seirbhísí sin ar bhonn laethúil anois. Ach, tá an claochlú digiteach agus an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na seirbhísí sin anois ina bhfoinse rioscaí agus dúshlán nua d’fhaighteoirí aonair na seirbhíse ábhartha, do chuideachtaí agus don tsochaí ina hiomláine.

(2)

Tá na Ballstáit ag tabhairt níos mó dlíthe náisiúnta isteach, nó ag smaoineamh ar dhlíthe náisiúnta a thabhairt isteach maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ag forchur, go háirithe, ceanglais díchill chuí ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha maidir leis an gcaoi ar cheart dóibh dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach, bréagaisnéis ar líne nó rioscaí sochaíocha eile. Tá tionchar diúltach ag na dlíthe náisiúnta difriúla sin ar an margadh inmheánach, atá comhdhéanta, de bhun Airteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), de limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus saoirse bhunaíochta, agus aird á tabhairt ar chineál trasteorann an idirlín go bunúsach, a úsáidtear go ginearálta chun na seirbhísí sin a sholáthar. Ba cheart na coinníollacha maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh a chomhchuibhiú, chun rochtain a chur ar fáil do ghnólachtaí ar mhargaí agus deiseanna nua chun leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, agus chun a cheadú do thomhaltóirí agus d’fhaighteoirí eile na seirbhísí rogha níos mó a bheith acu ag an am céanna. Chun críocha an Rialacháin seo, meastar gur “faighteoirí na seirbhíse” iad úsáideoirí gnó, tomhaltóirí agus úsáideoirí eile.

(3)

Tá iompar freagrach agus dícheallach na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fíor-riachtanach i gcomhair timpeallacht ar líne atá sábháilte, intuartha agus iontaofa agus chun ligean do shaoránaigh an Aontais agus daoine eile a gcearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) a fheidhmiú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, ceart an neamh-idirdhealaithe agus baint amach ardleibhéil cosanta do thomhaltóirí.

(4)

Dá bhrí sin, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus a fheabhsú, ba cheart sraith spriocdhírithe rialacha sainordaitheacha aonfhoirmeacha, éifeachtacha agus comhréireacha a bhunú ar leibhéal an Aontais. Soláthraítear na coinníollacha sa Rialachán seo chun gur féidir le seirbhísí nuálacha digiteacha teacht chun cinn agus méadú sa mhargadh inmheánach. Tá an comhfhogasú ar bhearta rialála náisiúnta ar leibhéal an Aontais a bhaineann leis na ceanglais do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha riachtanach chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint agus deireadh a chur léi sin agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ag laghdú na héiginnteachta, dá bhrí sin, d’fhorbróirí agus ag cothú idir-inoibritheachta. Ach úsáid a bhaint as ceanglais atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, níor cheart bac a chur ar nuálaíocht ach ba cheart ina ionad sin í a spreagadh.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí áirithe sochaí faisnéise mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) iad, is é sin, aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth i gcomhair luach saothair, ó chian, trí mheán leictreonach agus tar éis iarraidh aonair a fháil ó fhaighteoir. Go sonrach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, agus go háirithe seirbhísí idirghabhálacha comhdhéanta de sheirbhísí ar a dtugtar seirbhísí “cainéil fhóraigh”, “taiscthe” agus “óstála”, ós rud é gur mhéadaigh fás as cuimse na húsáide a bhaintear as na seirbhísí sin, go príomha chun críoch dlisteanach agus chun tairbhe na sochaí de gach cineál, a ról freisin in idirghabháil agus scaipeadh faisnéise agus gníomhaíochtaí atá neamhdhleathach nó díobhálach ar bhealach eile.

(6)

Sa chleachtas, déanann soláthraithe áirithe seirbhísí idirghabhálacha idirghabháil i ndáil le seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil trí mheán leictreonach, amhail seirbhísí teicneolaíochta faisnéise cianda, iompar, cóiríocht nó seirbhísí seachadta. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le seirbhísí idirghabhálacha amháin agus níor cheart dó difear a dhéanamh do cheanglais a leagtar amach san Aontas nó sa dlí náisiúnta a bhaineann le táirgí nó seirbhísí a ndéantar idirghabháil orthu trí sheirbhísí idirghabhálacha, lena n-áirítear i gcásanna inarb ionann an tseirbhís idirghabhálach agus dlúthchuid de sheirbhís eile nach seirbhís idirghabhálach í mar a aithnítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(7)

Chun éifeachtacht na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú agus cothroime iomaíochta a bheith ann laistigh den mhargadh inmheánach, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha gan beann ar a n-áit bhunaíochta nó a suíomh, a mhéid a thairgeann siad seirbhísí san Aontas, arna fhianú le nasc substaintiúil leis an Aontas.

(8)

Ba cheart féachaint ar nasc substaintiúil den chineál sin leis an Aontas mar rud arb ann dó i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhíse san Aontas nó, in éagmais bunaíocht den sórt sin, i gcás ina bhfuil an líon faighteoirí seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó suntasach i gcomparáid leis an daonra iontu, nó ar bhonn gníomhaíochtaí á spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó. Is féidir spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a chinneadh ar bhonn na gcúinsí ábhartha ar fad, lena n-áirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht chun táirgí nó seirbhísí a ordú, nó fearann barrleibhéil ábhartha a úsáid. Ba cheart spriocdhíriú gníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó a dhíorthú ó infhaighteacht iarratais sa stór iarratais náisiúnta ábhartha, ó fhógraíocht áitiúil nó fógraíocht i dteanga a úsáidtear sa Bhallstát sin a sholáthar, nó ó chaidreamh custaiméirí a láimhseáil cosúil le seirbhís do chustaiméirí a sholáthar i dteanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart nasc substaintiúil a thoimhdiú freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhíse a ghníomhaíochtaí i dtreo Ballstát amháin nó níos mó de réir bhrí Airteagal 17(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Os a choinne sin, ní féidir díreach inrochtaineacht theicniúil suímh gréasáin ón Aontas a mheas, ar an bhforas sin amháin, mar rud lena mbunaítear nasc substaintiúil leis an Aontas.

(9)

Leis an Rialachán seo, déantar na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach a chomhchuibhiú go hiomlán agus é mar chuspóir leis timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh ar líne agus ar an mbaol don tsochaí a d’fhéadfadh teacht as scaipeadh bréagaisnéise nó inneachair eile, agus ina dtugtar cosaint éifeachtach do na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt agus ina n-éascaítear an nuálaíocht. Dá réir sin, níor cheart do na Ballstáit ceanglais bhreise náisiúnta a ghlacadh ná a choimeád ar bun maidir leis na hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, mura bhforáiltear dó sin go sainráite sa Rialachán seo, ós rud é go ndéanfadh sé sin difear do chur i bhfeidhm díreach aonfhoirmeach na rialacha lán-chomhchuibhithe is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar an deis atá ann reachtaíocht náisiúnta eile is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2000/31/CE, go háirithe Airteagal 3 di, i gcás ina saothraítear le forálacha an dlí náisiúnta cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail seachas na cuspóirí a shaothraítear leis an Rialachán seo.

(10)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do ghníomhartha eile de dhlí an Aontais lena rialáiltear soláthar sheirbhísí sochaí faisnéise i gcoitinne nó gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear na rialacha comhchuibhithe a leagtar amach sa Rialachán seo, amhail Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena n-áirítear na forálacha di maidir le hardáin comhroinnte físeán, Rialacháin (AE) 2019/1148 (8), (AE) 2019/1150 (9), (AE) 2021/784 (10) agus (AE) 2021/1232 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus forálacha dhlí an Aontais a leagtar amach i Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla agus i dTreoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Ar an gcaoi chéanna, ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Rialacháin (AE) 2017/2394 (13) agus (AE) 2019/1020 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2001/95/CE (15), 2005/29/CE (16), 2011/83/AE (17) agus 2013/11/AE (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán 93/13/CEE ón gComhairle (19), agus maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do rialacha an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach freisin, go háirithe na rialacha a bhaineann le dlínse agus le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála, mar atá Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, agus na rialacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha. Déantar cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta a rialú le rialacha dhlí an Aontais maidir leis an ábhar sin, agus leis na rialacha sin amháin, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE. Ina theannta sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí an Aontais maidir le dálaí oibre agus dhlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus choiriúla. A mhéid a shaothraítear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais na cuspóirí céanna leis na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha an Rialacháin seo maidir le saincheisteanna nach dtugtar aghaidh orthu nó nach dtugtar aghaidh orthu go hiomlán sna gníomhartha dlí eile sin chomh maith le saincheisteanna ar maidir leo a fhágann na gníomhartha dlí eile sin Ballstáit leis an bhféidearthacht bearta áirithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta.

(11)

Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta lena mbaineann, lena n-áirítear Treoracha 2001/29/CE (21), 2004/48/CE (22) agus (AE) 2019/790 (23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta sonracha nár cheart go mbeadh tionchar orthu.

(12)

Chun an cuspóir a bhaint amach maidir le timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart don choincheap “inneachar neamhdhleathach” a bheith ina léiriú ginearálta ar na rialacha atá ann cheana sa timpeallacht as líne. Go háirithe, ba cheart coincheap an “ábhair neamhdhleathaigh” a shainmhíniú go leathan chun faisnéis a bhaineann le hinneachar, táirgí, seirbhísí agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chumhdach. Go háirithe, ba cheart a thuiscint leis an gcoincheap sin go dtagraíonn sé d’fhaisnéis, gan beann ar a foirm, atá neamhdhleathach inti féin faoin dlí is infheidhme, amhail fuathchaint nó inneachar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach agus inneachar idirdhealaitheach neamhdhleathach, nó go bhfágann na rialacha is infheidhme go bhfuil sí neamhdhleathach toisc go mbaineann sí le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Is samplaí léiritheacha iad seo a leanas: comhroinnt íomhánna ina dtaispeántar mí-úsáid ghnéasach leanaí, comhroinnt íomhánna príobháideacha ar bhealach neamhthoiliúil neamhdhleathach, cibearstácáil, díolachán táirgí neamhchomhlíontacha nó góchumtha, díol táirgí nó soláthar seirbhísí lena sáraítear an dlí cosanta tomhaltóirí, úsáid neamhúdaraithe ábhair atá faoi chosaint cóipchirt, tairiscint mhídhleathach seirbhísí cóiríochta nó díol neamhdhleathach ainmhithe beo. Os a choinne sin, níor cheart a mheas gur inneachar neamhdhleathach é físeán a ghlacann finné de choir a d’fhéadfadh a bheith déanta, toisc go léirítear gníomh neamhdhleathach leis, i gcás nach bhfuil sé neamhdhleathach físeán den sórt sin a thaifeadadh nó a scaipeadh ar an bpobal faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais. I ndáil leis sin, tá sé neamhábhartha an dtagann neamhdhleathacht na faisnéise nó na gníomhaíochta ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta a chomhlíonann dlí an Aontais agus cad é cineál nó ábhar beacht an dlí atá i gceist.

(13)

I bhfianaise shaintréithe áirithe na seirbhísí lena mbaineann agus an ghá chomhfhreagraigh atá leis na soláthraithe sin a bheith faoi réir oibleagáidí sonracha áirithe, is gá, laistigh den chatagóir níos leithne maidir le soláthraithe seirbhísí óstála mar a shainmhínítear sa Rialachán seo í, an fhochatagóir maidir le hardáin ar líne a shainiú. Ba cheart ardáin ar líne, amhail líonraí sóisialta nó ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, a shainmhíniú mar sholáthraithe seirbhísí óstála a stórálann ní hamháin faisnéis a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhísí arna iarraidh sin dóibh, ach a scaipeann an fhaisnéis sin ar an bpobal freisin, arna iarraidh sin d’faighteoirí na seirbhíse. Áfach, chun forchur oibleagáidí atá róleathan a sheachaint, níor cheart soláthraithe seirbhísí óstála a mheas mar ardáin ar líne nach bhfuil sa scaipeadh ar an bpobal ach mionghné atá go hiomlán coimhdeach agus atá nasctha aisti féin le seirbhís eile nó mionfheidhmiúlacht de chuid na príomhsheirbhíse agus nach féidir an ghné nó an fheidhmiúlacht sin, ar chúiseanna teicniúla cuspóireacha, a úsáid gan an tseirbhís eile nó an phríomhsheirbhís sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin chun dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo is infheidhme maidir le hardáin ar líne. Mar shampla, d’fhéadfadh gné den sórt sin a bheith i gceist i rannán na mbarúlacha i nuachtán ar líne, inar léir gur gné choimhdeach é anuas ar an bpríomhsheirbhís atá ag an bhfoilseachán nuachta faoi fhreagracht eagarthóireachta an fhoilsitheora. Os a choinne sin, ba cheart féachaint ar stóráil barúlacha i líonra sóisialta mar sheirbhís ardáin ar líne, i gcás inar léir nach mionghné den tseirbhís atá á tairiscint an méid sin, fiú más seirbhís choimhdeach é anuas ar fhoilsiú phostálacha fhaighteoirí na seirbhíse. Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart a mheas gur ardán ar líne iad seirbhísí néalríomhaireachta nó seirbhísí óstála gréasáin arb ionann scaipeadh faisnéise sonraí ar an bpobal agus mionghné choimhdeach nó mionfheidhmiúlacht de chuid na seirbhísí sin.

Thairis sin, i gcás seirbhísí néalríomhaireachta agus seirbhísí óstála gréasáin, nuair a bhíonn siad ag feidhmiú mar bhonneagar, amhail na seirbhísí foluiteacha bonneagair le haghaidh stórála agus ríomhaireachta de chuid feidhmchlár idirlíonbhunaithe, suíomh gréasáin nó ardán ar líne, níor cheart a mheas go bhfuil na seirbhísí sin ag scaipeadh faisnéis ar an bpobal, ar faisnéis í a stóráiltear nó a phróiseáiltear arna iarraidh sin d’faighteoir an fheidhmchláir, an tsuímh gréasáin nó an ardáin ar líne a óstálann siad.

(14)

Leis an gcoincheap “scaipeadh ar an bpobal”, mar a úsáidtear sa Rialachán seo é, ba cheart faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta a áireamh, is é sin le rá faisnéis a dhéanamh inrochtana d’fhaighteoirí na seirbhíse i gcoitinne gan gá a bheith le tuilleadh gníomhaíochta ó fhaighteoir na seirbhíse a sholáthraíonn an fhaisnéis, gan beann ar cé acu is féidir nó nach féidir leis na daoine sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá i gceist. Dá réir sin, i gcás ina bhfágann rochtain ar fhaisnéis gur gá grúpa d’fhaighteoirí na seirbhíse a chlárú nó a ligean isteach, níor cheart a mheas go bhfuil an fhaisnéis sin á scaipeadh ar an bpobal ach amháin i gcás ina gcláraítear nó ina ligtear isteach go huathoibríoch na faighteoirí seirbhíse atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis gan cinneadh a bheith déanta ag duine ná rogha a bheith déanta maidir leis na daoine a dtabharfar rochtain dóibh. Tagann seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) iad, amhail ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachta príobháidí, lasmuigh de raon feidhme an tsainmhínithe ar ardáin ar líne cionn is go n-úsáidtear iad chun cumarsáid idirphearsanta a dhéanamh idir líon teoranta daoine, ar líon é a chinneann seoltóir na cumarsáide. Na hoibleagáidí ar sholáthraithe ardán ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo, áfach, féadfaidh feidhm a bheith acu maidir le seirbhísí lenar féidir faisnéis a chur ar fáil do líon faighteoirí a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta agus nach gcinneann seoltóir na cumarsáide, amhail trí ghrúpaí poiblí nó trí bhealaí oscailte. Níor cheart faisnéis a mheas amhail gur scaipeadh ar an bpobal í de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina dtarlaíonn an scaipeadh sin ar iarraidh dhíreach ó fhaighteoir na seirbhíse sin a chuir an fhaisnéis ar fáil.

(15)

I gcás ina gcumhdaítear roinnt de na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí leis an Rialachán seo cé nach gcumhdaítear roinnt eile, nó i gcás ina gcumhdaítear na seirbhísí a sholáthraíonn soláthraí le ranna éagsúla den Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo maidir leis na seirbhísí sin amháin a thagann faoina raon feidhme.

(16)

Mar gheall ar an deimhneacht dhlíthiúil arna soláthar ag an gcreat cothrománach le haghaidh díolúintí coinníollacha ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, mar a leagtar síos i dTreoir 2000/31/CE, tháinig go leor seirbhísí nua chun cinn agus tháinig méadú orthu ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart an creat a chaomhnú dá bhrí sin. D’fhonn na héagsúlachtaí agus na rialacha ábhartha a bheith á dtrasuí agus á gcur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, áfach, agus ar mhaithe le soiléireacht agus comhleanúnachas, ba cheart an creat sin a ionchorprú sa Rialachán sin. Is gá freisin gnéithe áirithe den chreat sin a shoiléiriú, ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(17)

Níor cheart a bhunú le rialacha maidir le dliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leagtar amach sa Rialachán seo ach amháin nuair nach féidir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann a chur faoi dhliteanas i ndáil le hinneachar neamhdhleathach a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse. Níor cheart tuiscint a bhaint as na rialacha sin go gcuirtear bunús dearfach ar fáil leo chun a shuí cá huair is féidir soláthraí a chur faoi dhliteanas, rud a dhéanfar a chinneadh le rialacha infheidhme an Aontais nó an dlí náisiúnta. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo maidir le haon chineál dliteanais a mhéid a bhaineann le haon chineál inneachair neamhdhleathaigh, gan beann ar ábhar beacht na ndlíthe sin ná ar a gcineál.

(18)

Níor cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear sa Rialachán seo i gcás, seachas é féin a theorannú do sholáthar neodrach na seirbhísí ach díreach próiseáil theicniúil agus uathoibríoch a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthair faighteoir na seirbhíse, ina bhfuil ról gníomhach ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar de chineál é a fhágann gur féidir leis eolas nó smacht a fháil ar an bhfaisnéis sin. Níor cheart na díolúintí sin a bheith ar fáil dá réir sin maidir le dliteanas a bhaineann le faisnéis nach soláthraíonn faighteoir na seirbhíse ach a sholáthraíonn soláthraí na seirbhíse idirghabhálaí féin, lena n-áirítear i gcás inar forbraíodh an fhaisnéis faoi fhreagracht eagarthóireachta an tsoláthraí sin.

(19)

I bhfianaise chineál éagsúil na ngníomhaíochtaí “cainéil fhóraigh”, “taiscthe” agus “óstála” agus sheasamh agus chumais éagsúla soláthraithe na seirbhísí atá i gceist, is gá idirdhealú a dhéanamh idir na rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí sin, a mhéid atá siad faoi réir ceanglais agus coinníollacha éagsúla agus go bhfuil a raon feidhme éagsúil faoin Rialachán seo, mar a léirmhíníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é.

(20)

I gcás ina dtéann soláthraí seirbhísí idirghabhálacha i gcomhar d’aon turas le faighteoir seirbhísí chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, níor cheart a mheas gur soláthraíodh na seirbhísí go neodrach agus, dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh an soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart go mb’amhlaidh an cás, mar shampla, i gcás ina dtairgfidh an soláthraí a sheirbhís chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a éascú, mar shampla trína léiriú go sainráite gurb é is cuspóir dó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a éascú nó go bhfuil a chuid seirbhísí oiriúnach chun na críche sin. Níor cheart gur leor ann féin go dtairgeann seirbhís tarchur criptithe nó aon chóras eile a fhágann nach féidir an t-úsáideoir a aithint chun a mheas go bhfuiltear ag éascú gníomhaíochtaí neamhdhleathacha.

(21)

Ba cheart go mbeadh soláthraí in ann tairbhe a bhaint as na díolúintí ó dhliteanas do “chainéal fórach” agus do sheirbhísí “taiscthe” nuair nach mbaineann sé in aon chor leis an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a bhfuil rochtain uirthi. Ní mór chuige sin, i measc nithe eile, nach modhnódh an soláthraí an fhaisnéis a tharchuireann sé nó a dtugann sé rochtain uirthi. Níor cheart a thuiscint as an gceanglas sin, áfach, go gcumhdaítear leis ionramhálacha de chineál teicniúil a tharlaíonn i rith an tarchuir nó na rochtana, a fhad agus nach n-athraíonn na hionramhálacha sin sláine na faisnéise a tharchuirtear nó a dtugtar rochtain uirthi.

(22)

Chun tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas i gcomhair seirbhísí óstála, ba cheart don soláthraí, nuair a fhaigheann sé eolas nó feasacht maidir le gníomhaíochtaí nó inneachar neamhdhleathach, gníomhú go tapa chun rochtain ar an inneachar sin a bhaint nó a dhíchumasú. Ba cheart tabhairt faoi bhaint nó díchumasú na rochtana agus aird ar chearta bunúsacha fhaighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus chun faisnéis a fháil. Féadfaidh an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht sin a fháil ar chineál neamhdhleathach an inneachair, inter alia trína chuid imscrúduithe féintionscnaimh féin nó trí fhógraí arna seoladh isteach chuige ó dhaoine aonair nó eintitis i gcomhréir leis an Rialachán seo a mhéid atá na fógraí den sórt sin beacht go leor agus go bhfuil bunús oiriúnach leo chun gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch dícheallach an t-inneachar a líomhnaíodh go bhfuil sé neamhdhleathach a shainaithint agus a mheasúnú go réasúnta agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhú go réasúnta ina aghaidh. Ní féidir a mheas, áfach, go bhfuarthas an t-eolas nó an fheasacht sin díreach ar an bhforas go bhfuil an soláthraí ar an eolas, sa chiall ghinearálta, go n-úsáidtear a sheirbhís freisin chun inneachar neamhdhleathach a stóráil. Ina theannta sin, más é an cás é go ndéanann an soláthraí faisnéis arna huaslódáil chuig a sheirbhís a innéacsú go huathoibríoch, go bhfuil feidhm chuardaigh aige nó go molann sé faisnéis ar bhonn phróifílí nó roghanna na bhfaighteoirí seirbhíse, ní foras leordhóthanach é sin chun a mheas go bhfuil eolas “sonrach” ag an soláthraí ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha arna ndéanamh ar an ardán sin ná ar inneachar neamhdhleathach arna stóráil ann.

(23)

Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ó dhliteanas i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag feidhmiú faoi údarás nó smacht soláthraí seirbhíse óstála. Mar shampla, i gcás ina ndéanann soláthraí ardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cinneadh faoi phraghas na n-earraí nó na seirbhísí arna dtairiscint ag an trádálaí, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an trádálaí ag gníomhú faoi údarás nó rialú an ardáin ar líne sin.

(24)

Chun cosaint éifeachtach tomhaltóirí a áirithiú nuair a bhítear ag dul i ngleic le hidirbhearta tráchtála idirghafa ar líne, níor cheart go mbeadh soláthraithe áirithe seirbhísí óstála, eadhon ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, in ann tairbhe a bhaint as an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhíse óstála a bhunaítear leis an Rialachán seo a mhéid a chuireann na hardáin ar líne sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis na hidirbhearta atá i gceist i láthair ar bhealach a thugann le fios do thomhaltóirí gurb iad na hardáin ar líne sin féin nó trádálaithe atá ag feidhmiú faoina n-údarás nó a rialú a sholáthair an fhaisnéis sin, agus, dá bhrí sin, go bhfuil eolas nó smacht ag na hardáin ar líne ar an bhfaisnéis, fiú murab amhlaidh atá go réadúil. Ar na samplaí d’iompar den sórt sin, d’fhéadfaí a áireamh, cás nach ndéanann ardán ar líne céannacht an trádálaí a thaispeáint go soiléir mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo, cás ina ndéanann ardán ar líne céannacht nó sonraí teagmhála an trádálaí a choinneáil siar go dtí go mbeidh an conradh arna thabhairt i gcrích idir an trádálaí agus an tomhaltóir tugtha i gcrích, nó cás ina ndéanann ardán ar líne an táirge nó an tseirbhís a mhargú ina ainm féin seachas in ainm an trádálaí a sholáthróidh an táirge nó an tseirbhís sin. Ina leith sin, ba cheart a chinneadh go hoibiachtúil, ar bhonn gach cúinse ábhartha, an bhféadfadh an cur i láthair an méid sin a thabhairt ar ghnáth-thomhaltóir a chreidiúint gur chuir an t-ardán ar líne féin nó trádálaithe a bhí ag gníomhú faoina údarás nó faoina rialú an fhaisnéis atá i gceist ar fáil.

(25)

Níor cheart go ndéanfadh na díolúintí ó dhliteanas a bhunaítear leis an Rialachán seo difear don fhéidearthacht urghairí de chineálacha éagsúla a dheonú in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, fiú i gcás ina sásaíonn siad na coinníollacha a leagtar amach mar chuid de na díolúintí sin. D’fhéadfadh na hurghairí sin a bheith comhdhéanta, go háirithe, de chúirteanna nó údaráis riaracháin ag ceangal go ndéanfaí deireadh a chur le haon sárú nó aon sárú a chosc, arna n-eisiúint i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear baint inneachair neamhdhleathaigh shonraigh sna horduithe sin, nó rochtain chuige a dhíchumasú.

(26)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a chruthú, agus gan gníomhaíochtaí atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus gníomhú ina aghaidh a dhíspreagadh, gníomhaíochtaí ar féidir le soláthraithe na gcatagóirí seirbhísí idirghabhála ar fad tabhairt fúthu ar bhonn deonach, ba cheart a shoiléiriú díreach mar gheall go dtugann soláthraithe faoi na gníomhaíochtaí nach ionann sin agus a rá nach mbeidh na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil, ar choinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí sin de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach. Maidir leis an gcoinníoll go ngníomhófaí de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach, ba cheart a áireamh ann go ngníomhófaí ar bhealach oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, agus go gcuirfí na coimircí is gá ar fáil i gcoinne inneachar dleathach a bheith á bhaint gan údar cuí, i gcomhréir le cuspóir agus ceanglais an Rialacháin seo. Chuige sin, ba cheart do na soláthraithe lena mbaineann bearta réasúnta a dhéanamh, mar shampla, chun a áirithiú, i gcás ina n-úsáidtear uirlisí uathoibrithe chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, go bhfuil an teicneolaíocht ábhartha sách iontaofa chun an ráta earráide a theorannú a mhéid is féidir. Ina theannta sin, is iomchuí a shoiléiriú mar gheall go ndearna na soláthraithe bearta, de mheon macánta, chun ceanglais dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena dtéarmaí agus coinníollacha a chomhlíonadh, nach bhfágfaidh sé sin nach mbeidh na díolúintí sin ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo ar fáil. Dá bhrí sin, níor cheart aon ghníomhaíochtaí agus bearta den chineál sin a bhféadfadh soláthraí tabhairt fúthu a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cibé acu is féidir nó nach féidir leis an soláthraí brath ar an díolúine ó dhliteanas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an soláthraí a sheirbhís go neodrach agus gur féidir leis dá bhrí sin teacht faoi réim raon feidhme na forála ábhartha, gan an riail sin a bheith ag tabhairt le fios gur féidir leis an soláthraí brath uirthi. Níor cheart gníomhaíochtaí deonacha a úsáid chun dul timpeall ar oibleagáidí na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoin Rialachán seo.

(27)

Cé go ndíríonn na rialacha maidir le díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leagtar amach sa Rialachán seo ar an díolúine ó dhliteanas do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, tá sé tábhachtach a mheabhrú, d’ainneoin an róil thábhachtaigh a imríonn na soláthraithe sin go ginearálta, nár cheart déileáil le fadhb an inneachair agus na ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne díreach trí dhíriú ar a ndliteanas agus a bhfreagrachtaí. Nuair is féidir, ba cheart do thríú páirtithe dá ndéanann inneachar neamhdhleathach arna tharchur nó arna stóráil ar líne difear iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí a réiteach maidir leis an inneachar sin gan soláthraithe na seirbhísí idirghabhálacha atá i gceist a bheith páirteach ann. Ba cheart d’fhaighteoirí na seirbhíse a bheith faoi dhliteanas, i gcás ina bhforáiltear dó sin sna rialacha is infheidhme de chuid an Aontais agus sa dlí náisiúnta lena gcinntear an dliteanas sin, maidir leis an inneachar neamhdhleathach a sholáthraíonn siad agus a d’fhéadfaidís a scaipeadh ar an bpobal trí sheirbhísí idirghabhálacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do ghníomhaithe eile, amhail modhnóirí grúpa i dtimpeallachtaí dúnta ar líne, go háirithe i gcás grúpaí móra, cuidiú chun scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh ar líne a chosc, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Thairis sin, nuair is gá do sholáthraithe seirbhíse sochaí faisnéise a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ba cheart aon iarraidh nó ordú maidir le rannpháirtíocht den sórt sin, mar riail ghinearálta, a chur chuig an soláthraí sonrach a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil aige chun gníomhú in aghaidh na míreanna sonracha den inneachar neamhdhleathach, chun aon éifeachtaí diúltacha féideartha ar infhaighteacht agus inrochtaineacht faisnéise nach inneachar neamhdhleathach é a chosc agus a íoslaghdú.

(28)

Ó 2000, tá teicneolaíochtaí nua tagtha chun cinn a fheabhsaíonn infhaighteacht, éifeachtacht, luas, iontaofacht, inniúlachtaí agus slándáil córas chun sonraí ar líne a tharchur, a aimsiú agus a stóráil, rud a fhágann go bhfuil an t-éiceachóras ar líne ag éirí níos casta. Chuige sin, ba cheart a mheabhrú gur féidir le soláthraithe seirbhísí a bhunaíonn agus a éascaíonn an ailtireacht loighciúil bhunúsach agus feidhmiú ceart an idirlín, lena n-áirítear feidhmeanna coimhdeacha teicniúla, tairbhe a bhaint freisin as na díolúintí ó dhliteanas a leagtar amach sa Rialachán seo, a mhéid a cháilíonn a gcuid seirbhísí mar sheirbhísí “cainéil fhóraigh”, “taiscthe” nó “óstála”. Áirítear le seirbhísí den sórt sin, de réir an cháis, líonraí achair logánta gan sreang, seirbhísí córais ainmneacha fearainn (DNS), clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, cláraitheoirí, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, líonraí príobháideacha fíorúla, innill chuardaigh ar líne, seirbhísí bonneagair néil, nó líonraí seachadta inneachair, a chumasaíonn, a aimsíonn nó a fheabhsaíonn feidhmeanna soláthraithe eile na seirbhísí idirghabhálacha. Ar an gcuma chéanna, tá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí a úsáidtear chun críoch cumarsáide, agus modhanna teicniúla a seachadta, is cionsiocair le seirbhísí ar líne amhail IP gutha, seirbhísí teachtaireachta agus seirbhís ríomhphoist gréasánbhunaithe, i gcás ina seachadtar an chumarsáid trí sheirbhís rochtana idirlín. Féadfaidh na seirbhísí sin, freisin, tairbhe a bhaint as díolúintí ó dhliteanas, a mhéid a cháilíonn siad mar sheirbhísí “cainéil fhóraigh”, “taiscthe” nó “óstála”.

(29)

Le seirbhísí idirghabhálacha, cumhdaítear réimse leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhíonn ar siúl ar líne, gníomhaíochtaí a fhorbraíonn go leanúnach chun tarchur faisnéise a éascú atá tapa, sábháilte agus slán, agus chun áisiúlacht a áirithiú do na rannpháirtithe uile san éiceachóras ar líne. Mar shampla, is é a áirítear le seirbhísí idirghabhálacha den chineál “cainéil fhóraigh” catagóirí cineálacha maidir le seirbhísí amhail pointí malartaithe idirlín, pointí rochtana gan sreang, líonraí príobháideacha fíorúla, seirbhísí córais ainmneacha fearainn (DNS) agus réiteoirí, clárlanna ainmneacha fearainn barrleibhéil, cláraitheoirí, údaráis deimhnithe a eisíonn deimhnithe digiteacha, Prótacal Idirlín Guthaithe agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta eile, agus is é a áirítear le samplaí cineálacha de sheirbhísí idirghabhálacha “taiscthe” ná soláthar aonair gréasáin seachadta inneachair, seachfhreastalaithe droim ar ais nó seachfhreastalaithe oiriúnaithe inneachair. Tá seirbhísí den sórt sin ríthábhachtach chun seachadadh rianúil éifeachtúil na faisnéise a sholáthraítear ar an idirlíon a áirithiú. Áirítear le samplaí de “sheirbhísí óstála” catagóirí seirbhísí amhail néalríomhaireacht, óstáil, seirbhísí tagartha íoctha nó seirbhísí lena gcumasaítear faisnéis agus inneachar ar líne a chomhroinnt, lena n-áirítear comhaid a stóráil agus a chomhroinnt. Féadfar seirbhísí idirghabhálacha a sholáthar ar leithligh, mar chuid de chineál eile seirbhíse idirghabhálaí, nó go comhuaineach le seirbhísí idirghabhálacha eile. Braitheann bunchineál na seirbhíse – cibé acu seirbhís cainéil fhóraigh, seirbhís taiscthe nó seirbhís óstála í – ar a cuid feidhmeanna teicniúla a d’fhéadfadh athrú in imeacht ama, agus ba cheart é a mheas de réir an cháis.

(30)

Níor cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, de jurede facto, faoi réir oibleagáid faireacháin i ndáil le hoibleagáidí de chineál ginearálta. Ní bhaineann sé sin le hoibleagáidí faireacháin i gcás sonrach agus, go háirithe, ní dhéanann sé difear d’orduithe ó údaráis náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear leis an Rialachán seo. Níor cheart a fhorléiriú le ní ar bith den Rialachán seo mar oibleagáid ghinearálta faireacháin nó oibleagáid ghinearálta ghníomhach aimsithe fíoras a fhorchur, nó mar oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe bearta réamhghníomhacha a dhéanamh i ndáil le hinneachar neamhdhleathach.

(31)

Ag brath ar chóras dlí gach Ballstáit agus an réimse dlí atá i gceist, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin náisiúnta, lena n-áirítear údaráis um fhorfheidhmiú an dlí, ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gníomhú in aghaidh aon mhír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, nó faisnéis shonrach áirithe a sholáthar. Tá éagsúlacht mhór ann idir na dlíthe náisiúnta ar ar a mbonn a eisítear na horduithe sin agus táthar ag tabhairt aghaidh níos mó ar orduithe i gcásanna trasteorann. Chun a áirithiú gur féidir cloí leis na horduithe sin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, go háirithe i gcomhthéacs trasteorann, ionas gur féidir leis na húdaráis phoiblí lena mbaineann tabhairt faoina gcúraimí agus nach mbíonn na soláthraithe faoi réir aon ualach neamhréireach, gan tionchar gan ghá a imirt ar chearta agus ar leasanna dlisteanacha aon tríú páirtithe, is gá coinníollacha áirithe a leagan síos ar cheart do na horduithe sin iad a chomhlíonadh chomh maith le ceanglais chomhlántacha áirithe maidir le próiseáil na n-orduithe sin. Dá bhrí sin, níor cheart go gcomhchuibheofaí leis an Rialachán seo ach íoschoinníollacha sonracha áirithe ar cheart do na horduithe sin iad a chomhlíonadh chun go gcuirfí d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas faoin éifeacht a tugadh do na horduithe sin. Dá bhrí sin, ní fhoráiltear sa Rialachán seo don bhunús dlí chun orduithe den sórt sin a eisiúint ná ní rialáiltear raon feidhme críochach nó forfheidhmiú trasteorann na n-orduithe sin leis.

(32)

D’fhéadfadh dlí an Aontais is infheidhme nó an dlí náisiúnta is infheidhme, ar ar a bhonn a eisítear na horduithe sin, coinníollacha breise a cheangal agus ba cheart é sin a bheith mar bhonn le forfheidhmiú na n-orduithe faoi seach. I gcás neamhchomhlíonadh orduithe den sórt sin, ba cheart an Ballstát eisiúna a bheith in ann iad a fhorfheidhmiú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin. Ba cheart na dlíthe náisiúnta is infheidhme a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt agus forálacha CFAE maidir le saoirse bunaíochta, agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas, go háirithe i dtaca leis an gcearrbhachas ar líne agus seirbhísí gealltóireachta. Ar an gcaoi chéanna, tá cur i bhfeidhm dlíthe náisiúnta den sórt sin maidir le forfheidhmiú na n-orduithe faoi seach gan dochar do na gníomhartha dlí is infheidhme de chuid an Aontais ná do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas nó ag na Ballstáit a bhaineann leis na horduithe sin a aithint, a fhorghníomhú agus a fhorfheidhmiú ar bhonn trasteorann, go háirithe in ábhair shibhialta agus choiriúla. Ar an taobh eile, ba cheart forfheidhmiú na hoibleagáide go gcuirfí na húdaráis ábhartha ar an eolas faoin éifeacht a tugadh do na horduithe sin, seachas forfheidhmiú na n-orduithe féin, a bheith faoi réir na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(33)

Ba cheart don soláthraí seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás eisiúna a chur ar an eolas faoi aon bhearta a rinneadh ina dhiaidh sin i dtaobh orduithe den sórt sin gan moill mhíchuí i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagtar amach sa dlí ábhartha de chuid an Aontais nó sa dlí ábhartha náisiúnta.

(34)

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta ábhartha a bheith in ann orduithe den sórt sin a eisiúint in aghaidh inneachar a mheastar a bheith neamhdhleathach nó orduithe chun faisnéis a sholáthar ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe an Chairt, agus iad a dhíriú ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstát eile. Ba cheart an Rialachán seo, áfach, a bheith gan dochar do dhlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta nó choiriúla, lena n-áirítear Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 agus Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla], ná don dlí náisiúnta nós imeachta choiriúil nó shibhialta. Dá bhrí sin, i gcás ina bhforáiltear leis na dlíthe sin i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla nó sibhialta do choinníollacha breise nó coinníollacha nach bhfuil comhoiriúnach leo siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ndáil le horduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach nó chun faisnéis a sholáthar, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó go bhféadfaí iad a oiriúnú. Go háirithe, an oibleagáid atá ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna cóip de na horduithe a tharchur chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm aici i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla nó d’fhéadfaí í a oiriúnú, i gcás ina bhforáiltear dó sin sa dlí nós imeachta choiriúil náisiúnta is infheidhme.

Thairis sin, ba cheart an oibleagáid ráiteas ar chúiseanna a bheith sna horduithe ina mínítear an fáth ar inneachar neamhdhleathach í an fhaisnéis a oiriúnú i gcás inar gá faoin dlí nós imeachta choiriúil náisiúnta is infheidhme le haghaidh cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Ar deireadh, d’fhéadfaí moill a chur ar an oibleagáid atá ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse a chur ar an eolas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin. Lena chois sin, ba cheart orduithe a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus leis an gcosc ar oibleagáidí ginearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis nó chun fíorais nó imthosca a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios mar a leagtar síos sa Rialachán seo a lorg go gníomhach. Na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe i dtaca le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach, ní dochar iad d’ionstraimí eile an Aontais ina bhforáiltear do chórais den chineál céanna gníomhú in aghaidh cineálacha sonracha inneachair neamhdhleathaigh, amhail Rialachán (AE) 2021/784, Rialachán (AE) 2019/1020, nó Rialachán (AE) 2017/2394 lena dtugtar cumhachtaí sonracha ordú a thabhairt d’údaráis um fhorfheidhmiú an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí i mBallstát faisnéis a sholáthar, cé nach dochar na coinníollacha agus na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le horduithe faisnéis a sholáthar d’ionstraimí eile an Aontais lena bhforáiltear do rialacha ábhartha den chineál céanna d’earnálacha sonracha. Ba cheart na coinníollacha agus na ceanglais sin a bheith gan dochar do rialacha coinneála agus caomhnaithe faoin dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais agus iarrataí rúndachta ó údaráis um fhorfheidhmiú an dlí a bhaineann le neamhnochtadh faisnéise. Níor cheart go ndéanfadh na coinníollacha agus na ceanglais sin difear don deis atá ag na Ballstáit a cheangal ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha sárú a chosc, i gcomhréir le dlí an Aontais lena n-áirítear an Rialachán seo, agus go háirithe i gcomhréir leis an toirmeasc ar oibleagáidí ginearálta faireacháin.

(35)

Ba cheart na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh ar a dhéanaí nuair a chuirfear an t-ordú ar aghaidh chuig an soláthraí lena mbaineann. Dá bhrí sin, féadfar an t-ordú a eisiúint i gceann amháin de theangacha oifigiúla údarás eisiúna an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás nach ionann an teanga sin, áfach, agus an teanga a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó teanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, ba cheart aistriúchán ar na gnéithe den ordú a leagtar amach sa Rialachán seo, ar a laghad, a bheith ag gabháil le tarchur an ordaithe. I gcás inar aontaigh soláthraí seirbhísí idirghabhálacha le húdaráis Ballstáit teanga áirithe a úsáid, ba cheart a mholadh dó glacadh le horduithe sa teanga chéanna arna n-eisiúint ag údaráis i mBallstáit eile. Ba cheart gnéithe a bheith sna horduithe a fhágann gur féidir leis an duine ar a bhfuil siad dírithe an t-údarás eisiúna a aithint, lena n-áirítear sonraí teagmhála pointe teagmhála laistigh den údarás sin i gcás inarb iomchuí, agus barántúlacht an ordaithe a fhíorú.

(36)

Ba cheart go leagfaí amach raon feidhme críochach na n-orduithe sin go soiléir ar bhonn an dlí is infheidhme ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, a chumasaíonn eisiúint an ordaithe agus níor cheart go sáróidís an méid a bhfuil fíorghá leis chun a chuspóirí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart don údarás breithiúnach nó riaracháin náisiúnta, a d’fhéadfadh a bheith ina údarás forfheidhmithe dlí, a eisíonn an t-ordú lena bhféachtar leis an gcuspóir a bhaint amach, i gcomhréir leis an mbunús dlí a chumasaíonn a eisiúint, cothromaíocht a áirithiú idir an t-ordú agus cearta agus leasanna dlisteanacha na dtríú páirtithe uile a bhféadfadh an t-ordú difear a dhéanamh dóibh, go háirithe a gcearta bunúsacha faoin gCairt. Go háirithe i gcomhthéacs trasteorann, ba cheart éifeacht an ordaithe a theorannú, i bprionsabal, do chríoch an Bhallstáit eisiúna, mura rud é go n-eascraíonn neamhdhleathacht an inneachair go díreach ó dhlí an Aontais nó go measann an t-údarás eisiúna go bhfuil raon feidhme críochach níos leithne de dhíth ar na cearta atá i gceist, i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta, agus leasanna na cúirtéise idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

(37)

Baineann na horduithe chun faisnéis a sholáthar arna rialáil ag an Rialachán seo le faisnéis shonrach a tháirgeadh maidir le faighteoirí aonair na seirbhíse idirghabhálaí lena mbaineann a aithnítear sna horduithe sin chun na gcríoch comhlíonadh na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais nó na rialacha náisiúnta is infheidhme ag faighteoirí na seirbhíse a chinneadh. Ba cheart faisnéis a iarraidh leis na horduithe sin a mbeadh sé mar aidhm léi faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann a aithint. Dá bhrí sin, ní dhéantar orduithe maidir le faisnéis ar ghrúpa faighteoirí de chuid na seirbhíse nach n-aithnítear go sonrach, lena n-áirítear orduithe go soláthrófaí faisnéis chomhiomlán is gá chun críoch staitistiúil nó le haghaidh ceapadh beartas fianaisebhunaithe, a chumhdach le ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise.

(38)

Níl orduithe i dtaca le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus faisnéis a sholáthar faoi réir na rialacha lena gcosnaítear inniúlacht na mBallstát san áit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse lena mbaineann bunaithe agus na rialacha lena leagtar síos maoluithe féideartha ón inniúlacht sin i gcásanna áirithe, a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, ach amháin má chomhlíontar coinníollacha an Airteagail sin. Mar gheall go mbaineann na horduithe i dtaca le faisnéis a sholáthar le míreanna sonracha faisnéise, i gcás ina bhfuil siad dírithe ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann siad srian i bprionsabal le saoirse na soláthraithe sin a gcuid seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha. Dá bhrí sin, níl feidhm maidir leis na horduithe sin ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2000/31/CE, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an ngá atá le húdar cuí a thabhairt le bearta a mhaolaíonn ó inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe ar fhorais shonraithe áirithe agus i dtaca le fógairt na mbeart sin.

(39)

Ar na ceanglais maidir le faisnéis a chur ar fáil i dtaca le sásraí sásaimh is infhaighte do sholáthraí na seirbhíse agus d’fhaighteoir na seirbhíse idirghabhálaí a sholáthair an t-inneachar, áirítear ceanglas maidir le faisnéis a chur ar fáil faoi shásraí láimhseála gearán riaracháin agus faoi shásamh breithiúnach lena n-áirítear achomhairc in aghaidh orduithe arna n-eisiúint ag údaráis bhreithiúnacha. Thairis sin, d’fhéadfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha uirlisí agus treoir náisiúnta a fhorbairt i dtaca leis na sásraí gearán agus sásaimh is infheidhme ina gcríoch féin, chun rochtain ar na sásraí sin a éascú d’fhaighteoirí na seirbhíse. Ar deireadh, agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu, ba cheart do na Ballstáit an ceart bunúsach chun leighis éifeachtaigh bhreithiúnaigh agus chun trialach córa dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt a urramú. Dá bhrí sin, níor cheart an Rialachán seo bac a chur ar na húdaráis ábhartha náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin, ar bhonn dhlí infheidhme an Aontais nó an dlí náisiúnta, ordú a eisiúint chun inneachar a athbhunú, i gcás ina raibh an t-inneachar sin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí seirbhíse idirghabhála, ach gur mheas an soláthraí sin go hearráideach go raibh sé neamhdhleathach agus gur baineadh é.

(40)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, agus go háirithe chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus timpeallacht shábháilte agus thrédhearcach ar líne a áirithiú, is gá sraith oibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe atá soiléir, éifeachtach, intuartha agus cothrom a bhunú do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha. Leis na hoibleagáidí sin, ba cheart go háirithe é a bheith d’aidhm leo cuspóirí difriúla an bheartais phoiblí a ráthú amhail sábháilteacht agus iontaobhas fhaighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear tomhaltóirí, mionaoisigh agus úsáideoirí atá i mbaol ar leith fuathchaint, gnéaschiapadh nó gníomhaíochtaí eile idirdhealaitheacha a fhulaingt, cosaint na gceart bunúsach ábhartha a chumhdaítear sa Chairt, cuntasacht fhónta na soláthraithe sin agus cumhachtú na bhfaighteoirí agus na bpáirtithe eile dá ndéantar difear agus, ag an am céanna, ba cheart dóibh an fhormhaoirseacht riachtanach a dhéanann na húdaráis inniúla a éascú.

(41)

Chuige sin, tá sé tábhachtach na hoibleagáidí díchill chuí a chur in oiriúint do chineál, méid agus nádúr na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann. Dá bhrí sin, leagtar amach sa Rialachán seo oibleagáidí bunúsacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, chomh maith le hoibleagáidí breise do sholáthraithe seirbhísí óstála agus, go sonrach, soláthraithe ardán ar líne agus ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. A mhéid a thagann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha laistigh roinnt catagóirí éagsúla i bhfianaise chineál a gcuid seirbhísí agus a méide, ba cheart dóibh oibleagáidí comhfhreagracha ar fad an Rialacháin seo i dtaca leis na seirbhísí sin a chomhlíonadh. Tá na hoibleagáidí díchill chuí comhchuibhithe sin, ar cheart dóibh a bheith réasúnach agus neamhthreallach, ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní shainaitheanta maidir leis an mbeartas poiblí, amhail sainleasanna dlisteanacha fhaighteoirí na seirbhíse a chosaint, dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha agus na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a chosaint. Tá na hoibleagáidí díchill chuí neamhspleách ar an gceist maidir le dliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus, dá bhrí sin, is gá iad a mheasúnú ar leithligh.

(42)

Chun cumarsáid dhá threo atá furasta agus éifeachtúil a éascú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí aitheantas a thabhairt do chumarsáid den sórt sin, a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair leictreonach a ainmniú agus faisnéis ábhartha a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an bpointe teagmhála sin, lena n-áirítear na teangacha atá le húsáid sa chumarsáid sin. Is féidir le comharthóirí iontaofa agus eintitis ghairmiúla atá faoi chaidreamh sonrach le soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála leictreonach a úsáid freisin. Murab ionann agus an t-ionadaí dlíthiúil, ba cheart don phointe teagmhála leictreonach a bheith ann ar mhaithe le cúrsaí oibríochtúla agus níor cheart a chur de cheangal air láthair fhisiciúil a bheith aige. Is féidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an pointe teagmhála céanna a ainmniú le haghaidh cheanglais an Rialacháin seo agus le haghaidh ghníomhartha eile dhlí an Aontais. Agus na teangacha cumarsáide á sonrú, moltar do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a áirithiú nach constaic ar chumarsáid iad iontu féin na teangacha a roghnaítear. I gcás inar gá, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus údaráis na mBallstát a bheith in ann teacht ar chomhaontú ar leithligh maidir leis an teanga chumarsáide, nó modhanna malartacha a lorg chun an bac teanga a shárú, lena n-áirítear trí na modhanna teicneolaíochta uile atá ar fáil nó acmhainní daonna inmheánacha agus seachtracha a úsáid.

(43)

Ba cheart ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair a ainmniú d’fhaighteoirí seirbhísí, rud a fhágann gur féidir cumarsáid a dhéanamh ar bhealach tapa, díreach agus éifeachtúil, go háirithe trí mhodhanna a bhfuil teacht orthu go héasca amhail uimhreacha gutháin, seoltaí ríomhphoist, foirmeacha teagmhála leictreonacha, botaí comhrá nó córas teachtaireachtaí meandracha. Ba cheart é a shonrú go sainráite i gcás ina ndéanann faighteoir na seirbhíse cumarsáid le botaí comhrá. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha cead a thabhairt d’fhaighteoirí seirbhísí modhanna cumarsáide a roghnú atá díreach agus éifeachtúil agus nach bhfuil ag brath ar uirlisí uathoibrithe. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun a ráthú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a leithdháileadh chun a áirithiú go ndéanfar an chumarsáid sin a fheidhmiú ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil.

(44)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá bunaithe i dtríú tír agus a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil atá sainordaithe go leordhóthanach san Aontas a ainmniú agus ba cheart dóibh faisnéis a sholáthar do na húdaráis ábhartha maidir lena n-ionadaithe dlíthiúla agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a áirithiú go bhfuil na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá ag an ionadaí dlíthiúil ainmnithe chun comhoibriú leis na húdaráis ábhartha. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina ndéanfadh soláthraí seirbhísí idirghabhálacha foghnóthas as an ngrúpa céanna leis an soláthraí a cheapadh, nó a mháthairghnóthas, má tá an foghnóthas nó an máthairghnóthas bunaithe san Aontas. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an cás amhlaidh, mar shampla i gcás ina mbeadh an t-ionadaí dlíthiúil faoi réir imeachtaí atógála, féimheachta, nó dócmhainneacht phearsanta nó dócmhainneacht chorparáideach. Leis an oibleagáid sin, ba cheart gur féidir formhaoirseacht éifeachtach a dhéanamh agus, i gcás inar gá, an Rialachán seo a fhorfheidhmiú i ndáil leis na soláthraithe sin. Ba cheart gur féidir le níos mó ná aon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha amháin sainordú a thabhairt d’ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ba cheart don ionadaí dlíthiúil sin a bheith in ann feidhmiú freisin mar phointe teagmhála, ar choinníoll go gcloítear le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo.

(45)

Cé gur cheart meas a bheith ar shaoirse conartha sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha i bprionsabal, tá sé iomchuí rialacha áirithe a leagan síos maidir le hinneachar, cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú théarmaí agus coinníollacha na soláthraithe sin ar mhaithe le trédhearcacht, faighteoirí na seirbhíse a chosaint agus torthaí míchothroma nó treallacha a sheachaint. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a léiriú go soiléir agus a choinneáil cothrom le dáta ina gcuid téarmaí agus coinníollacha an fhaisnéis faoi na forais ar ar a mbonn a fhéadfaidh siad soláthar a seirbhísí a shrianadh. Go háirithe, ba cheart dóibh faisnéis a thabhairt faoi aon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun modhnóireacht a dhéanamh ar inneachar, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna, mar aon le rialacha nós imeachta a gcórais inmheánaigh um láimhseáil gearán. Ba cheart dóibh faisnéis is féidir a rochtain go héasca a chur ar fáil freisin faoin gceart úsáid na seirbhíse a fhoirceannadh. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha úsáid a bhaint as gnéithe grafacha ina gcuid téarmaí seirbhíse, amhail deilbhíní nó íomhánna, chun príomhghnéithe na gceanglas faisnéise a leagtar amach sa Rialachán seo a léiriú. Ba cheart do na soláthraithe faighteoirí a seirbhíse a chur ar an eolas trí mhodhanna iomchuí faoi athruithe suntasacha arna gcur ar na téarmaí agus coinníollacha, mar shampla nuair a dhéanann siad modhnú ar na rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá ceadaithe ar a seirbhís, nó athruithe eile den sórt sin a d’fhéadfadh tionchar díreach a imirt ar chumas na bhfaighteoirí úsáid a bhaint as an tseirbhís.

(46)

Seirbhísí idirghabhálacha atá dírithe go príomha ar mhionaoisigh, mar shampla trí leagan amach nó margú na seirbhíse, nó arb iad mionaoisigh is mó a bhaineann úsáid astu, ba cheart do sholáthraithe na seirbhísí sin iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil míniú a dtéarmaí agus coinníollacha sothuigthe ag mionaoisigh.

(47)

Agus na srianta sin á gceapadh, á gcur i bhfeidhm agus á bhforfheidhmiú acu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha gníomhú ar bhealach neamhthreallach agus neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha fhaighteoirí na seirbhíse a chur san áireamh, lena n-áirítear na cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt iad. Mar shampla, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne aird chuí a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán. Ba cheart do gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha aird chuí a thabhairt freisin ar na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta le haghaidh cearta an duine a chosaint, amhail Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

(48)

I bhfianaise an róil agus na cumhachta ar leith atá acu, is iomchuí ceanglais bhreise maidir le faisnéis agus trédhearcacht a dtéarmaí agus coinníollacha a fhorchur ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a gcuid téarmaí agus coinníollacha a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla na mBallstát uile ina dtairgeann siad a gcuid seirbhísí agus ba cheart dóibh achoimre bheacht agus sholéite ar phríomhghnéithe na dtéarmaí agus coinníollacha a sholáthar d’fhaighteoirí na seirbhísí freisin. Ba cheart príomhghnéithe na gceanglas faisnéise a thabhairt sna hachoimrí sin, lena n-áirítear an deis roghnú gan bheith páirteach i gclásail roghnacha.

(49)

Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil go poiblí i bhformáid mheaisín-inléite agus i gcomhréir leis na ceanglais chomhchuibhithe sa Rialachán seo, maidir leis an modhnóireacht inneachair ina nglacann siad páirt, lena n-áirítear na bearta ar glacadh leo de thoradh chur i bhfeidhm agus fhorfheidhmiú a dtéarmaí agus coinníollacha. Chun ualaí neamhréireacha a sheachaint, áfach, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta sin maidir le soláthraithe ar micrifhiontair nó fiontair bheaga iad mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (25) iad agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí an Rialacháin seo.

(50)

Tá ról an-tábhachtach ag soláthraithe seirbhísí óstála ó thaobh dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne, agus iad ag stóráil faisnéis arna soláthar agus arna hiarraidh ag faighteoirí na seirbhíse agus ar gnách go dtugann siad rochtain d’fhaighteoirí eile uirthi, uaireanta ar scála mór. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh gach soláthraí seirbhísí óstála, gan beann ar a méid, sásraí fógra agus gnímh a chur i bhfeidhm is féidir a rochtain go héasca agus atá sothuigthe, sásraí lena n-éascaítear fógra a thabhairt faoi mhíreanna sonracha faisnéise a mheasann an páirtí dá dtugtar fógra a bheith ina n-inneachar neamhdhleathach do sholáthraí na seirbhísí óstála lena mbaineann (“fógra”), ar dá mbun is féidir leis an soláthraí sin cinneadh a dhéanamh cibé acu a aontaíonn nó nach n-aontaíonn sé leis an measúnú sin agus cibé acu is mian leis rochtain ar an inneachar sin a bhaint nó a dhíchumasú (“gníomh”). Ba cheart na sásraí sin a bheith inaitheanta go soiléir, ba cheart iad a bheith suite gar don fhaisnéis i dtrácht agus ba cheart é a bheith chomh héasca céanna, ar a laghad, iad a aimsiú agus a úsáid leis na sásraí fógra le haghaidh inneachar a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí seirbhísí óstála. Ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le fógraí, ba cheart do gach duine aonair nó eintiteas a bheith in ann fógra a thabhairt i leith ilmhíreanna inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach agus sin a dhéanamh trí fhógra aonair chun oibriú éifeachtach na sásraí fógra agus gnímh a áirithiú. Leis an sásra fógra, ba cheart a bheith in ann an duine aonair nó an t-eintiteas a chuireann fógra isteach a aithint, ach níor cheart é sin a bheith ina cheangal. I gcás cineálacha áirithe míreanna faisnéise a dtugtar fógra fúthu, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le céannacht an duine aonair nó an eintitis a chuireann fógra isteach chun a chinneadh an inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist, mar atá líomhnaithe. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, mar shampla, maidir le seirbhísí stórála agus comhroinnte comhad, seirbhísí óstála gréasáin, freastalaithe fógraíochta agus boscaí bruscair greamaithe, a mhéid is a cháilíonn siad mar sheirbhísí óstála a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(51)

Ag féachaint don ghá atá le haird chuí a thabhairt ar chearta bunúsacha na bpáirtithe uile lena mbaineann a ráthaítear faoin gCairt, aon ghníomhaíocht a dhéanann soláthraí seirbhísí óstála de bhun fógra a fháil, ba cheart í a spriocdhírithe go docht, sa mhéid gur cheart é a bheith mar chuspóir léi na míreanna sonracha faisnéise a mheastar a bheith ina n-inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú, gan difear míchuí a dhéanamh don tsaoirse atá ag faighteoirí na seirbhíse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart fógraí a dhíriú ar na soláthraithe seirbhísí óstála ar féidir a bheith ag dréim leis go réasúnta go bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil acu gníomhú i gcoinne míreanna sonracha den sórt sin. Na soláthraithe seirbhísí óstála a gheobhaidh fógra faoi mhír shonrach faisnéise a bhaint agus nach féidir leo déanamh amhlaidh ar chúiseanna teicniúla nó oibríochtúla, ba cheart dóibh an duine nó an t-eintiteas a chuir an fógra isteach a chur ar an eolas faoi sin.

(52)

Ba cheart na rialacha maidir le sásraí fógra agus gnímh den sórt sin a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais, chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil thráthúil, dhícheallach agus neamhthreallach na bhfógraí ar bhonn rialacha atá aonfhoirmeach, trédhearcach agus soiléir agus lena bhforáiltear do choimircí láidre chun cearta agus sainleasanna dlisteanacha gach páirtí dá ndéantar difear a chosaint, go háirithe a gcearta bunúsacha mar a ráthaítear sa Chairt iad, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil na páirtithe sin bunaithe nó ina gcónaíonn siad ná an réimse dlí atá i gceist. Áirítear ar na cearta bunúsacha sin, ach gan a bheith teoranta dóibh; i gcás fhaighteoirí na seirbhíse, an ceart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus an ceart chun leighis éifeachtaigh; i gcás na soláthraithe seirbhíse an tsaoirse chun gnó a sheoladh, lena n-áirítear saoirse conarthachta; i gcás páirtithe dá ndéanann an t-inneachar neamhdhleathach difear, an ceart maidir le dínit an duine, cearta an linbh, an ceart maidir le cosaint maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil, agus an ceart maidir le neamh-idirdhealú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála gníomhú de réir fógraí ar bhealach tráthúil, go háirithe, tríd an gcineál inneachair neamhdhleathaigh a bhfuiltear á fhógairt a chur san áireamh agus an phráinn a bhaineann le beart a dhéanamh. Is féidir a bheith ag súil leis, cuir i gcás, go ngníomhóidh soláthraithe den sórt sin gan mhoill i gcás ina líomhnófaí go bhfuil inneachar neamhdhleathach ann lena mbaineann bagairt ar bheatha nó sábháilteacht daoine. Ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála an duine aonair nó an t-eintiteas a thugann fógra faoin inneachar sonrach a chur ar an eolas gan moill mhíchuí tar éis dó cinneadh a dhéanamh an ngníomhóidh sé nó nach ngníomhóidh sé de réir an fhógra.

(53)

Leis na sásraí fógra agus gnímh, ba cheart a bheith in ann fógraí a chur isteach atá sách cruinn agus cuí-réasúnaithe go leor chun gur féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála lena mbaineann cinneadh feasach agus dícheallach a dhéanamh, i gcomhréir leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, i ndáil leis an inneachar a mbaineann an fógra leis, go háirithe cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil an t-inneachar sin neamhdhleathach agus go bhfuil sé le baint nó go bhfuil an rochtain air le díchumasú. Ba cheart a bheith ag na sásraí sin saintréithe lena n-éascófar soláthar fógraí ina bhfuil míniú ar na cúiseanna a measann an duine aonair nó an t-eintiteas a chuireann fógra isteach gur inneachar neamhdhleathach é an t-inneachar agus léiriú soiléir maidir leis an áit ar féidir teacht ar an inneachar sin. I gcás ina bhfuil faisnéis go leor i bhfógra chun gur féidir le soláthraí dícheallach seirbhísí óstála a chinneadh, gan mionscrúdú dlíthiúil, gur léir go bhfuil an t-inneachar neamhdhleathach, ba cheart a mheas go bhfágann an fógra go bhfuiltear ar an eolas i ndáiríre faoin neamhdhleathacht nó gur tugadh faoi deara í. Seachas le haghaidh fógraí a chur isteach a bhaineann le cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), ba cheart a iarraidh leis na sásraí sin ar an duine aonair nó an eintiteas a chuireann fógra isteach a chéannacht a nochtadh, chun mí-úsáid a sheachaint.

(54)

I gcás ina gcinneann soláthraí seirbhísí óstála, ar an bhforas go bhfuil an fhaisnéis a sholáthair na faighteoirí neamhdhleathach nó nach bhfuil sí i gcomhréir lena chuid téarmaí agus coinníollacha, an rochtain ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse a bhaint nó a dhíchumasú nó srian a chur lena infheicthe atá sí nó lena mhéid is féidir airgead a shaothrú aisti ar aon bhealach eile, mar shampla tar éis fógra a fháil nó gníomhú ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear trí mhodhanna uathoibríocha amháin, ba cheart don soláthraí sin an faighteoir a chur ar an eolas ar bhealach soiléir agus sothuigthe faoina chinneadh, na cúiseanna lena chinneadh agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ar fáil le cur in aghaidh an chinnidh sin, d’fhonn na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí den sórt sin ar an bhfaighteoir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann sé lena cheart bunúsach ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh, a fheidhmiú. Ba cheart feidhm a bheith leis an oibleagáid sin gan beann ar na cúiseanna atá leis an gcinneadh, go háirithe cibé acu a glacadh nó nár glacadh an gníomh mar go meastar gur inneachar neamhdhleathach í an fhaisnéis ar tugadh fógra fúithi nó nach bhfuil sí i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme. I gcás ina ndearnadh an cinneadh tar éis fógra a fháil, níor cheart don soláthraí seirbhísí óstála céannacht an duine nó an eintitis a chuir an fógra faoi bhráid fhaighteoir na seirbhíse a nochtadh ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin riachtanach chun a chinneadh an bhfuil an t-inneachar neamhdhleathach, amhail i gcásanna ina sáraíodh cearta maoine intleachtúla.

(55)

D’fhéadfadh maolú ar an rangú nó ar chórais moltaí a bheith i gceist le srian a chur le hinfheictheacht, chomh maith le hinrochtaineacht a theorannú ag ceann amháin nó níos mó d’fhaighteoirí na seirbhíse nó an t-úsáideoir a bhlocáil ó phobal ar líne gan an t-úsáideoir a bheith ar an eolas faoi (“cosc faoi choim”). Is féidir saothrú airgid as an bhfaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse trí ioncam fógraíochta a shrianadh tríd an íocaíocht airgeadaíochta nó an t-ioncam a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a fhionraí nó a fhoirceannadh. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid ráiteas ar na cúiseanna a sholáthar, áfach, maidir le hinneachar tráchtála ardéilimh meabhlach a scaiptear trí ionramháil na seirbhíse in aon turas, go háirithe úsáid bhréagach na seirbhíse amhail úsáid a bhaint as botaí nó cuntais bhréige nó úsáid a bhaint as an tseirbhís ar bhealach meabhlach eile. Gan beann ar fhéidearthachtaí eile atá ann agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh an tsoláthraí seirbhísí óstála, ba cheart a bheith ag faighteoir na seirbhíse i gcónaí an ceart chun leighis éifeachtaigh os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(56)

D’fhéadfadh soláthraí seirbhísí óstála i gcásanna áirithe eolas a fháil, amhail trí fhógra ó pháirtí dá dtugtar fógra nó trína bhearta deonacha féin, faoi fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíocht áirithe de chuid fhaighteoir na seirbhíse, amhail cineálacha áirithe inneachair neamhdhleathaigh a sholáthar, a thugann údar cuí leis an amhras, ag féachaint do na cúinsí ábhartha ar fad a bhfuil an soláthraí seirbhísí óstála feasach orthu, go bhféadfadh sé go ndearna an faighteoir sin cion coiriúil a bhaineann le bagairt ar bheatha nó sábháilteacht duine nó daoine, go bhféadfadh an faighteoir a bheith ag déanamh an chiona sin nó gur dócha go ndéanfaidh sé an cion sin, amhail na cionta a shonraítear i dTreoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Treoir 2011/93/AE nó Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Mar shampla, d’fhéadfadh amhras a bheith ann mar thoradh ar mhíreanna sonracha inneachair go bhfuil an pobal faoi bhagairt, amhail gríosú chun sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 21 de Threoir (AE) 2017/541. Sna cásanna sin, ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála na húdaráis inniúla forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas gan mhoill faoi amhras den sórt sin. Ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dó a chur ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an t-inneachar atá i gceist agus, má tá sé sin ar fáil, an t-am ar foilsíodh an t-inneachar, lena n-áirítear an t-amchrios ainmnithe, míniú ar an amhras atá air agus an fhaisnéis is gá chun faighteoir ábhartha na seirbhíse a aimsiú agus a aithint. Ní sholáthraítear an bunús dlí chun próifíliú a dhéanamh ar fhaighteoirí na seirbhíse sa Rialachán seo d’fhonn cionta coiriúla arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí óstála a shainaithint. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála urraim a thabhairt do rialacha eile is infheidhme de chuid dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint le linn dóibh údaráis forfheidhmithe dlí a chur ar an eolas.

(57)

Chun ualaí díréireacha a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí breise a fhorchuirtear faoin Rialachán seo ar sholáthraithe ardán ar líne, lena n-áirítear ardáin a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, maidir le soláthraithe a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE iad. Ar an gcúis chéanna, níor cheart go mbeadh feidhm ag na hoibleagáidí breise sin ach oiread maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháiligh roimhe sin mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga le linn tréimhse 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh. Níor cheart na soláthraithe sin a dhíolmhú ón oibleagáid faisnéis a sholáthar faoi mheánlíon faighteoirí gníomhacha na seirbhíse in aghaidh na míosa arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún. Ós rud é, áfach, go bhfuil cumhacht níos mó ag ardáin an-mhór ar líne nó ag agus go bhfuil tionchar níos mó acu ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí na seirbhíse faisnéis agus a ndéanann siad cumarsáid ar líne, níor cheart do na soláthraithe sin a bheith in ann leas a bhaint as an díolúine sin, is cuma cé acu a cháilíonn siad nó nach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga nó a cháiligh siad nó nár cháiligh mar sin le déanaí. Cabhraíonn na rialacha comhdhlúite a leagtar síos i Moladh 2003/361/CE chun a áirithiú go gcoisctear aon teacht timpeall ar na hoibleagáidí breise sin. Ní chuirtear bac le haon ní sa Rialachán seo ar sholáthraithe ardán ar líne a chumhdaítear leis an díolúine sin córas a chur ar bun, ar bhonn deonach, a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí sin.

(58)

Maidir le cinntí áirithe de chuid soláthraithe ardán ar líne a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse agus a bhaineann le neamhdhleathacht inneachair nó neamhréireacht inneachair leis na téarmaí agus coinníollacha, ba cheart go mbeidís in ann cur ina gcoinne go héasca agus go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe ardán ar líne foráil a dhéanamh maidir le córais inmheánacha chun gearáin a láimhseáil, a chomhlíonann coinníollacha áirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh na córais sin inrochtana go héasca agus go mbeidh torthaí tapa, neamh-idirdhealaitheacha, neamhthreallacha agus cothroma mar thoradh orthu, agus go mbeidh siad faoi réir athbhreithniú daonna i gcás ina n-úsáidtear modhanna uathoibrithe. Ba cheart go gcuirfeadh na córais sin ar chumas fhaighteoirí uile na seirbhíse gearán a dhéanamh agus níor cheart go leagfaí ceanglais fhoirmiúla síos leo, amhail tarchur chuig forálacha dlí sonracha, ábhartha nó chuig mínithe dlí ilchasta. Maidir le faighteoirí na seirbhíse a chuir fógra isteach tríd an sásra fógra agus gnímh dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó tríd an sásra fógra d’inneachar a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí ardán ar líne, ba cheart go mbeidís i dteideal an sásra gearán a úsáid chun an cinneadh a dhéanann soláthraí ardán ar líne maidir lena bhfógraí a chonspóid, lena n-áirítear nuair a mheasann siad nach raibh an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí sin leordhóthanach. Ba cheart an fhéidearthacht gearán a thaisceadh chun na cinntí a chonspóidtear a fhreaschur a bheith ar fáil ar feadh 6 mhí ar a laghad, a ríomhfar ón tráth a rinne an soláthraí ardán ar líne faighteoir na seirbhíse a chur ar an eolas faoin gcinneadh.

(59)

Thairis sin, ba cheart foráil a dhéanamh don fhéidearthacht dul i mbun réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a dhéanamh ar dhíospóidí den sórt sin, de mheon macánta, lena n-áirítear iad siúd nach bhféadfaí a réiteach ar bhealach sásúil trí chórais inmheánacha um láimhseáil gearán, ag comhlachtaí deimhnithe a bhfuil an neamhspleáchas, na modhanna agus an saineolas riachtanach acu chun a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach cothrom, tapa agus costéifeachtach. Ba cheart neamhspleáchas na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a áirithiú freisin ar leibhéal na ndaoine nádúrtha atá i gceannas ar dhíospóidí a réiteach, lena n-áirítear trí rialacha maidir le coinbhleacht leasa. Ba cheart na táillí a ghearrann na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith réasúnach, inrochtana, tarraingteach, neamhchostasach do thomhaltóirí agus comhréireach, agus ba cheart iad a mheas de réir an cháis. I gcás ina ndeimhneoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil, comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, ba cheart go mbeadh an deimhniú sin bailí i ngach Ballstát. Ba cheart go mbeadh soláthraithe ardán ar líne in ann diúltú páirt a ghlacadh i nósanna imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt faoin Rialachán seo, i gcás ina ndearnadh an díospóid chéanna, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis lena mbaineann agus na forais leis an gcinneadh a dhéanamh, éifeachtaí an chinnidh agus na forais a ardaíodh chun an cinneadh a chonspóid, a réiteach cheana féin le nós imeachta leanúnach os comhair na cúirte inniúla nó os comhair comhlacht inniúil eile um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt nó go bhfuil sí faoi réir nós imeachta cheana féin. Ba cheart go mbeadh faighteoirí na seirbhíse in ann rogha a dhéanamh idir an sásra inmheánach gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus an fhéidearthacht imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh ag céim ar bith. Ós rud é nach ceangailteach é toradh an nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, níor cheart cosc a chur ar na páirtithe imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh i ndáil leis an díospóid chéanna. Na féidearthachtaí chun cur in aghaidh cinntí soláthraithe ardán ar líne a chruthaítear dá réir sin, níor cheart go ndéanfaidís difear ar bhealach ar bith don fhéidearthacht sásamh breithiúnach a lorg i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit lena mbaineann, agus dá bhrí sin, níor cheart go ndéanfaidís difear d’fheidhmiú an chirt chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt. Leis na forálacha sa Rialachán seo maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, níor cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit comhlachtaí den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú.

(60)

I gcás díospóidí conarthacha idir tomhaltóirí agus gnólachtaí maidir le ceannach earraí nó seirbhísí, áirithítear le Treoir 2013/11/AE go mbíonn rochtain ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí san Aontas ar eintitis mhalartacha um réiteach díospóidí a bhfuil a gcáilíocht deimhnithe. Chuige seo, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil rialacha an Rialacháin seo maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gan dochar don Treoir sin, lena n-áirítear ceart tomhaltóirí faoin Treoir sin aistarraingt ón nós imeachta ag céim ar bith mura mbíonn siad sásta le feidhmíocht nó le hoibriú an nós imeachta.

(61)

Is féidir gníomhaíocht in aghaidh inneachar neamhdhleathach a ghlacadh níos tapúla agus níos iontaofa i gcás ina ndéanann soláthraithe ardán ar líne na bearta is gá lena áirithiú go gcaitear le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí fógra agus gnímh a cheanglaítear sa Rialachán seo ar bhonn tosaíochta, gan dochar don cheanglas chun gach fógra a chuirtear isteach faoi na sásraí sin a phróiseáil agus cinneadh a dhéanamh faoi ar bhealach tráthúil, dícheallach agus neamhthreallach. Ba cheart do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe an stádas comharthóra iontaofa sin a bhronnadh agus ba cheart do gach soláthraí ardán ar líne é a aithint laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart an stádas sin mar chomharthóir iontaofa a bhronnadh ach ar eintitis, agus ní ar dhaoine aonair, a léirigh, i measc nithe eile, go bhfuil saineolas agus inniúlacht ar leith acu maidir le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach agus go n-oibríonn siad ar bhealach dícheallach, cruinn agus oibiachtúil. Is féidir eintitis phoiblí a bheith i gceist le heintitis den sórt sin, amhail, i gcás inneachar sceimhlitheoireachta mar shampla, aonaid tarchuir idirlín in údaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta nó i nGníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (“Europol”) nó is féidir leo a bheith ina n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ina gcomhlachtaí príobháideacha nó leathphoiblí, cosúil leis na heagraíochtaí atá mar chuid de líonra INHOPE de bheolínte chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a thuairisciú agus eagraíochtaí atá tiomanta d’fhógra a thabhairt maidir le léirithe ciníocha agus seineafóbacha neamhdhleathacha ar líne. Chun laghdú ar bhreisluach sásra den sórt sin a sheachaint, ba cheart teorainn a chur le líon iomlán na gcomharthóirí iontaofa a mbronntar an stádas sin orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo. Go háirithe, moltar do chomhlachais tionscail a dhéanann ionadaíocht ar leasanna a gcomhaltaí iarratas a dhéanamh ar stádas comharthóirí iontaofa, gan dochar do cheart eintiteas príobháideach nó daoine aonair comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh le soláthraithe ardán ar líne.

(62)

Ba cheart do chomharthóirí iontaofa tuarascálacha atá éasca a thuiscint agus mionsonraithe a fhoilsiú maidir le fógraí arna gcur isteach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sna tuarascálacha sin, ba cheart go sonrófaí faisnéis amhail líon na bhfógraí arna n-aicmiú ag an soláthraí seirbhísí óstála, an cineál inneachair, agus an ghníomhaíocht arna déanamh ag an soláthraí. Ós rud é go bhfuil saineolas agus inniúlacht léirithe ag comharthóirí iontaofa, is féidir a bheith ag dréim leis nach mbeadh an t-ualach céanna ag baint le próiseáil fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, agus gur tapúla a bheadh an phróiseáil sin dá bharr, i gcomparáid le fógraí arna gcur isteach ag faighteoirí eile na seirbhíse. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh an meán-am a thógann sé an phróiseáil a dhéanamh fós éagsúil ag brath ar na tosca lena n-áirítear an cineál inneachair neamhdhleathaigh, cáilíocht fógraí, agus na nósanna imeachta teicniúla iarbhír atá i bhfeidhm chun na fógraí sin a chur isteach.

Mar shampla, cé go leagtar amach tagarmharc sa Chód iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac ó 2016 do na cuideachtaí rannpháirteacha maidir leis an am is gá chun fógraí bailí a phróiseáil chun fuathchaint neamhdhleathach a bhaint anuas, d’fhéadfadh amlínte atá an-éagsúil a bheith ag baint le próiseáil cineálacha eile inneachair neamhdhleathaigh, ag brath ar na fíricí agus imthosca sonracha agus ar na cineálacha inneachair neamhdhleathaigh atá i gceist. Chun mí-úsáid an stádais mar chomharthóir iontaofa a sheachaint, ba cheart go bhféadfaí an stádas sin a chur ar fionraí nuair a d’oscail Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta imscrúdú ar bhonn cúiseanna dlisteanacha. Le rialacha an Rialacháin seo maidir le comharthóirí iontaofa, níor cheart a thuiscint go gcoisceann siad soláthraithe ardán ar líne ó chaitheamh mar a chéile le fógraí arna gcur isteach ag eintitis nó daoine aonair nár bronnadh stádas mar chomharthóir iontaofa orthu faoin Rialachán seo, ó chomhoibriú ar bhealach eile le heintitis eile, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29). Le rialacha an Rialacháin seo, níor cheart cosc a chur ar sholáthraithe ardán ar líne úsáid a bhaint as an gcomharthóir iontaofa sin nó as sásraí comhchosúla chun gníomhaíocht thapa agus iontaofa a dhéanamh in aghaidh inneachar nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha, go háirithe in aghaidh inneachar a dhéanann dochar d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail mionaoisigh.

(63)

Ach mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne trí inneachar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach a sholáthar go minic nó trí fhógraí nó gearáin ar follasach go bhfuil siad gan bhunús a sheoladh isteach go minic faoi na sásraí agus na córais, faoi seach, a bhunaítear faoin Rialachán seo, déantar dochar d’iontaoibh agus díobháil do chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. Dá bhrí sin, is gá coimircí iomchuí, comhréireacha agus éifeachtacha in aghaidh na mí-úsáide sin a chur i bhfeidhm, ar gá dóibh cearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann a urramú, lena n-áirítear na cearta agus na saoirsí bunúsacha is infheidhme mar a chumhdaítear sa Chairt iad, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ba cheart a mheas gur inneachar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach í faisnéis agus ba cheart a mheas gur follasach nach bhfuil bunús le fógraí nó gearáin i gcás inar léir don ghnáthdhuine, gan aon anailís shubstainteach, go bhfuil an t-inneachar neamhdhleathach nó, go bhfuil na fógraí nó na gearáin, faoi seach, gan bhunús.

(64)

Faoi choinníollacha áirithe, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne a ngníomhaíochtaí ábhartha a chur ar fionraí go sealadach i leith an duine atá ag gabháil don iompraíocht mhí-úsáideach. Tá sé seo gan dochar don tsaoirse atá ag soláthraithe ardán ar líne a dtéarmaí agus coinníollacha a chinneadh agus bearta níos géire a bhunú i gcás inneachar a bhaineann le coireanna tromchúiseacha ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach, amhail ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí. Ar chúiseanna trédhearcachta, ba cheart an fhéidearthacht sin a leagan amach, go soiléir agus le dóthain sonraí, i dtéarmaí agus coinníollacha na n-ardán ar líne. Ba cheart sásamh a bheith i gcónaí ar fáil maidir leis na cinntí a ghlac soláthraithe ardán ar líne ina leith sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir fhormhaoirseacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha inniúil. Ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne réamhrabhadh a sheoladh sula ndéanfaidh siad cinneadh faoin bhfionraí, ar cheart a áireamh ann cúiseanna na fionraí féideartha agus na modhanna sásaimh in aghaidh an chinnidh ó sholáthraithe an ardáin ar líne. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an bhfionraí, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne an ráiteas ar chúiseanna a sheoladh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Níor cheart do rialacha an Rialacháin seo maidir le mí-úsáid cosc a chur ar sholáthraithe ardán ar líne ó bhearta eile a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar inneachar neamhdhleathach arna sholáthar ag faighteoirí a seirbhíse nó mí-úsáid eile a seirbhísí, lena n-áirítear trí shárú ar a dtéarmaí agus coinníollacha, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta. Tá na rialacha sin gan dochar d’aon fhéidearthacht na daoine a bhí páirteach sa mhí-úsáid a choinneáil faoi dhliteanas, lena n-áirítear maidir le damáistí, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(65)

I bhfianaise na bhfreagrachtaí agus na n-oibleagáidí ar leith atá ar sholáthraithe ardán ar líne, ba cheart iad a bheith faoi réir oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta, a bhfuil feidhm leo sa bhreis ar na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha faoin Rialachán seo. Chun críocha a chinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil ardáin ar líne agus innill chuardaigh ar líne ina n-ardáin an-mhór ar líne nó ina n-innill chuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, atá faoi réir oibleagáidí breise áirithe faoin Rialachán seo, ba cheart a áireamh ar na hoibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta d’ardáin ar líne agus d’innill chuardaigh ar líne oibleagáidí áirithe maidir le foilsiú agus cumarsáid faisnéise ar mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas.

(66)

Chun trédhearcacht a áirithiú agus grinnscrúdú ar chinntí na soláthraithe ardán ar líne maidir le modhnóireacht inneachair a chumasú agus faireachán a dhéanamh ar scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh ar líne, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí a chothabháil agus a fhoilsiú ina bhfuil cinntí agus ráitis ar chúiseanna na soláthraithe ardán ar líne nuair a bhaineann siad infhaighteacht agus rochtain ar fhaisnéis nó nuair a chuireann siad srian ar bhealach eile ar an rochtain uirthi. Chun an bunachar sonraí a choinneáil cothrom le dáta ar bhonn leanúnach, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne na cinntí agus an ráiteas ar chúiseanna a thíolacadh, i bhformáid chaighdeánach, gan moill mhíchuí tar éis cinneadh a dhéanamh, chun nuashonruithe fíor-ama a cheadú i gcás inar féidir sin go teicniúil agus i gcomhréir le modhanna an ardáin ar líne i dtrácht. Ba cheart go gceadódh an bunachar sonraí struchtúrtha rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha agus fiosruithe ina leith, go háirithe maidir leis an gcineál inneachair neamhdhleathaigh líomhainte atá i gceist.

(67)

Is éard is patrúin dhorcha ar chomhéadain ar líne ardán ar líne ann cleachtais a shaobhann cumas fhaighteoirí na seirbhíse roghanna nó cinntí uathrialacha agus eolasacha a dhéanamh go hábhartha nó a chuireann bac ábhartha ar an gcumas sin, bíodh sin d’aon ghnó nó go hiarbhír. Is féidir na cleachtais sin a úsáid chun a chur ina luí ar fhaighteoirí na seirbhíse dul i mbun iompraíocht neamh-inmhianaithe nó cinntí míchuibhiúla a dhéanamh a mbíonn iarmhairtí diúltacha acu dóibh. Ba cheart cosc a chur, dá bhrí sin, ar sholáthraithe ardán ar líne dallamullóg a chur ar fhaighteoirí na seirbhíse nó iad a ghríosú agus neamhspleáchas, cinnteoireacht, nó rogha fhaighteoirí na seirbhíse a shaobhadh, nó dochar a dhéanamh dóibh, trí bhíthin an struchtúir nó an leagan amach atá ar chomhéadan ar líne, nó cuid de, nó trína chuid feidhmeanna. Ba cheart go n-áireofaí leis sin roghanna dúshaothraithe dearaidh chun an faighteoir a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe don soláthraí ardán ar líne, ach a bhféadfadh sé nach bhfuil siad chun leasa na bhfaighteoirí, agus roghanna a chur i láthair ar bhealach neamhneodrach, amhail níos mó suntais a tharraingt ar roghanna áirithe trí chomhpháirteanna amhairc, éisteachta nó eile, nuair a iarrtar ar fhaighteoir na seirbhíse cinneadh a dhéanamh, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

Ba cheart go n-áireofaí leis freisin cásanna ina n-iarrtar ar fhaighteoir na seirbhíse arís is arís eile rogha a dhéanamh i gcás ina ndearnadh an rogha sin cheana féin, ina ndéantar an nós imeachta maidir le seirbhís a chur ar ceal i bhfad níos liopasta ná an nós imeachta maidir le clárú don tseirbhís chéanna, nó ina ndéantar roghanna áirithe níos deacra nó níos fadálaí ná roghanna eile, rud a fhágann go mbíonn sé i bhfad ródheacair scor de cheannacháin nó síniú amach ó ardán ar leith ar líne, lenar bhféadfadh le tomhaltóirí cianchonarthaí le trádálaithe a thabhairt i gcrích, agus ina gcuirtear dallamullóg ar fhaighteoirí na seirbhíse trí thabhairt orthu cinntí nó idirbhearta a dhéanamh, nó trí shocruithe atá an-deacair a athrú a bheith i bhfeidhm ar bhonn réamhshocraithe, lena gcruthaítear claonadh míréasúnta i gcinnteoireacht fhaighteoir na seirbhíse, ar bhealach a dhéanann a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a rogha a shaobhadh agus a lagú. Maidir le rialacha lena gcuirtear cosc ar phatrúin dhorcha, áfach, níor cheart a thuiscint go gcuirtear cosc leo ar sholáthraithe idirghníomhú go díreach le faighteoirí na seirbhíse agus seirbhísí nua nó seirbhísí breise a thairiscint dóibh. Níor cheart cleachtais dhlisteanacha, mar shampla san fhógraíocht, atá i gcomhréir le dlí an Aontais a mheas mar phatrúin dhorcha iontu féin. Ba cheart na rialacha sin maidir le patrúin dhorcha a léirmhíniú mar rialacha lena gclúdaítear cleachtais thoirmiscthe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhéid nach gcumhdaítear na cleachtais sin cheana féin faoi Threoir 2005/29/CE nó Rialachán (AE) 2016/679.

(68)

Tá ról tábhachtach ag an bhfógraíocht ar líne sa timpeallacht ar líne, lena n-áirítear i ndáil le soláthar ardán ar líne, áit a dtarlaíonn uaireanta go n-íoctar go díreach nó go hindíreach agus go hiomlán nó go páirteach as soláthar na seirbhíse, trí ioncaim fógraíochta. Is féidir le fógraíocht ar líne cur le rioscaí suntasacha, idir fógráin ar inneachar neamhdhleathach iontu féin iad, agus cur le dreasachtaí airgeadais chun inneachar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó inneachar agus gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhealach eile a fhoilsiú nó a mhéadú ar líne, nó taispeáint idirdhealaitheach fógraí le tionchar ar chóir chomhionann agus ar chomhionannas deiseanna saoránach. Chomh maith leis na ceanglais arb ann dóibh mar thoradh ar Airteagal 6 de Threoir 2000/31/CE, ba cheart a iarraidh ar sholáthraithe ardán ar líne dá bhrí sin a áirithiú go mbíonn faisnéis aonair áirithe ag faighteoirí na seirbhíse atá riachtanach dóibh chun tuiscint a fháil ar cén uair atá an fógrán á thaispeáint agus cén duine a bhfuil sé á thaispeáint thar a cheann. Ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis suntasach, lena n-áirítear trí amharcmharcanna caighdeánaithe nó marcanna fuaime caighdeánaithe, atá inaitheanta go soiléir agus gan débhrí do ghnáthfhaighteoir na seirbhíse, agus ba cheart iad a chur in oiriúint do chineál chomhéadan ar líne na seirbhíse aonair. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis a bheith ag faighteoirí na seirbhíse, ar féidir rochtain dhíreach a fháil uirthi ón gcomhéadan ar líne ar a bhfuil an fógrán ar taispeáint, maidir leis na príomh-pharaiméadair a úsáidtear lena chinneadh go bhfuil fógrán ar leith á chur ar taispeáint dóibh, ag soláthar míniúcháin bhríocha maidir leis an loighic a úsáidtear chuige sin, lena n-áirítear nuair a bhunaítear é sin ar phróifíliú.

Ba cheart a áireamh sna mínithe sin faisnéis faoin modh a úsáidtear chun an fógrán a chur i láthair, mar shampla cibé acu an fógraíocht chomhthéacsúil nó cineál eile fógraíochta é – agus, i gcás inarb infheidhme, na príomhchritéir próifílithe a úsáideadh; ba cheart, leis sin, go gcuirfí an faighteoir ar an eolas freisin faoi aon bhealach atá ar fáil dóibh chun na critéir sin a athrú. Tá ceanglais an Rialacháin seo maidir le soláthar faisnéise a bhaineann le fógraíocht gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gceart chun agóid a dhéanamh, cinnteoireacht aonair uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, agus go sonrach an gá le toiliú a fháil ón ábhar sonraí sula ndéantar na sonraí pearsanta don fhógraíocht spriocdhírithe a phróiseáil. Mar an gcéanna, tá sé gan dochar do na forálacha a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE go háirithe iad siúd a bhaineann le stóráil faisnéise i dtrealamh críochfoirt agus an rochtain ar fhaisnéis arna stóráil ann. Ar deireadh, comhlánaíonn an Rialachán seo cur i bhfeidhm Threoir 2010/13/AE lena bhforchuirtear bearta chun a chur ar chumas úsáideoirí cumarsáid tráchtála closamhairc a dhearbhú i bhfíseáin arna nginiúint ag úsáideoirí. Comhlánaíonn sé freisin na hoibleagáidí atá ar thrádálaithe maidir le nochtadh cumarsáide tráchtála a eascraíonn as Treoir 2005/29/CE.

(69)

Nuair a chuirtear fógráin i láthair d’fhaighteoirí na seirbhíse bunaithe ar theicnící spriocdhírithe atá barrfheabhsaithe chun teacht lena leasanna agus a d’fhéadfadh a bheith tarraingteach dá leochaileachtaí, is féidir drochthionchar thar a bheith tromchúiseach a bheith ag baint leis sin. I gcásanna áirithe, is féidir le teicnící cúblála drochthionchar a imirt ar ghrúpaí iomlána agus dochar don tsochaí a mhéadú, mar shampla trí chur le feachtais bhréagaisnéise nó trí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh grúpaí áirithe. Is ionann ardáin ar líne agus timpeallachtaí atá thar a bheith íogair do chleachtais den sórt sin agus tá riosca sochaíoch níos airde ag baint leo. Dá bhrí sin, níor cheart do sholáthraithe ardán ar líne fógráin a thíolacadh bunaithe ar phróifíliú, mar a shainítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679, trí úsáid a bhaint as catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) den Rialachán sin, lena n-áirítear trí chatagóirí próifílithe a úsáid bunaithe ar na catagóirí speisialta sin. Tá an toirmeasc sin gan dochar do na hoibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne nó maidir le haon soláthraí seirbhíse nó fógróir eile atá páirteach i scaipeadh fógrán faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

(70)

Croíchuid de ghnó an ardáin ar líne is ea an bealach ina gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta agus i láthair ar a chomhéadan ar líne chun rochtain ar fhaisnéis a éascú agus a bharrfheabhsú i gcomhair fhaighteoirí na seirbhíse. Déantar é sin, mar shampla, trí fhaisnéis a mholadh, a rangú agus a chur in ord tosaíochta go halgartamach, ag dealú trí théacs nó léirithe amhairc eile, nó ag coimeád ar shlí eile faisnéis arna soláthar ag faighteoirí. Is féidir le córais moltaí den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chumas faighteoirí faisnéis a aisghabháil agus idirghníomhú le faisnéis ar líne, lena n-áirítear chun cuardach faisnéise ábhartha a éascú d’fhaighteoirí na seirbhíse agus cur le heispéireas níos fearr an úsáideora. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le teachtaireachtaí áirithe a mhéadú, faisnéis a mhearscaipeadh go fíorúil agus iompar ar líne a spreagadh. Dá réir sin, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne go comhsheasmhach go bhfuil faighteoirí a seirbhíse ar an eolas go hiomchuí maidir leis an tionchar a bhíonn ag córais moltaí ar an gcaoi a dtaispeántar faisnéis, agus maidir leis an gcaoi ar féidir leo tionchar a imirt ar an mbealach a gcuirtear faisnéis os a gcomhair. Ba cheart dóibh na paraiméadair do chórais moltaí den sórt sin a chur i láthair go soiléir ar bhealach intuigthe lena áirithiú go dtuigeann faighteoirí na seirbhíse an chaoi a gcuirtear faisnéis in ord tosaíochta dóibh. Ba cheart a áireamh sna paraiméadair sin, ar a laghad, na critéir is tábhachtaí chun an fhaisnéis arna moladh d’fhaighteoir na seirbhíse a chinneadh agus na cúiseanna lena dtábhacht faoi seach, lena n-áirítear i gcás ina dtugtar tús áite d’fhaisnéis bunaithe ar phróifíliú agus ar a n-iompar ar líne.

(71)

Is mórchuspóir beartais de chuid an Aontais é mionaoisigh a chosaint. Is féidir a mheas go bhfuil ardán ar líne inrochtana ag mionaoisigh nuair a cheadaíonn a théarmaí agus a choinníollacha do mhionaoisigh úsáid a bhaint as an tseirbhís, nuair a dhírítear a sheirbhís ar mhionaoisigh nó nuair is mionaoisigh is mó a úsáideann í, nó i gcás ina bhfuil an soláthraí ar an eolas ar shlí eile gur mionaoisigh iad cuid d’fhaighteoirí a sheirbhíse, mar shampla toisc go ndéanann sé próiseáil cheana féin ar shonraí pearsanta fhaighteoirí a sheirbhíse a nochtann an aois atá acu chun críocha eile. Ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne a mbaineann mionaoisigh úsáid astu bearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun mionaoisigh a chosaint, mar shampla trína gcomhéadain ar líne nó codanna díobh a dhearadh leis an leibhéal is airde príobháideachais, sábháilteachta agus slándála do mhionaoisigh ar bhonn réamhshocraithe i gcás inarb iomchuí nó trí chaighdeáin a ghlacadh do chosaint mionaoiseach, nó trí pháirt a ghlacadh i gcóid iompair chun mionaoisigh a chosaint. Ba cheart dóibh breithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus ar an treoirlínte atá ar fáil, amhail an treoir dá bhforáiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A Digital Decade for children and youth: the new European strategy for a better internet for kids (BIK+) [Deich mBliana Digiteacha do leanaí agus don óige: an straitéis Eorpach nua le haghaidh idirlíon níos fearr do leanaí (BIK+)]. Níor cheart do sholáthraithe ardán ar líne fógráin a chur ar taispeáint bunaithe ar phróifíliú lena n-úsáidtear sonraí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse nuair is eol dóibh, go réasúnta cinnte, gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe prionsabal an íoslaghdaithe sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 5(1), pointe (c), de, níor cheart go bhfágfadh an toirmeasc sin go ndéanfadh soláthraí an ardáin ar líne níos mó sonraí pearsanta a choinneáil, a fháil nó a phróiseáil ná mar a dhéanann sé cheana féin chun a mheas an mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse. Dá bhrí sin, níor cheart don oibleagáid sin soláthraithe ardán ar líne a dhreasú chun aois fhaighteoir na seirbhíse a bhailiú roimh a n-úsáid. Ba cheart go mbeadh sé gan dochar do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

(72)

D’fhonn cur le timpeallacht atá sábháilte, iontaofa agus trédhearcach ar líne do thomhaltóirí, chomh maith le páirtithe leasmhara eile cosúil le trádálaithe iomaíocha agus sealbhóirí cearta maoine intleachtúla, agus chun cosc a chur ar thrádálaithe táirgí nó seirbhísí de shárú ar na rialacha is infheidhme a dhíol, ba cheart go n-áiritheodh ardáin ar líne a thugann cead do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe den sórt sin go bhfuil na trádálaithe sin inrianaithe. Ba cheart a cheangal ar an trádálaí dá bhrí sin faisnéis riachtanach áirithe a sholáthar do na soláthraithe an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, lena n-áirítear chun críocha teachtaireachtaí a chur chun cinn nó táirgí a thairiscint. Ba cheart don cheanglas sin a bheith infheidhme freisin maidir le trádálaithe a chuireann teachtaireachtaí chun cinn maidir le táirgí nó seirbhísí thar ceann brandaí, bunaithe ar chomhaontuithe bunúsacha. Ba cheart do na soláthraithe ardán ar líne sin an fhaisnéis go léir a stóráil ar bhealach slán do thréimhse a gcaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí agus ar feadh 6 mhí ina dhiaidh sin, chun go bhféadfar aon éilimh a chomhdú i gcoinne an trádálaí nó orduithe a bhaineann leis an trádálaí a chomhlíonadh.

Tá gá leis an oibleagáid sin agus tá sé comhréireach chun go mbeidh údaráis phoiblí agus páirtithe príobháideacha a bhfuil leas dlisteanach acu in ann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear trí na horduithe chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear sa Rialachán seo. Leis an oibleagáid sin, ní dhéantar difear d’oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith ann chun inneachar áirithe a chaomhnú go ceann tréimhsí níos faide, ar bhonn dlí eile de chuid an Aontais nó dlíthe náisiúnta eile, i gcomhréir le dlí an Aontais. Gan dochar don sainmhíniú dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart aon trádálaí, is cuma cé acu duine nádúrtha nó dlítheanach é, arna shainaithint ar bhonn Airteagal 6a(1), pointe (b), de Threoir 2011/83/AE agus Airteagal 7(4), pointe (f), de Threoir 2005/29/CE a bheith inrianaithe nuair a bhíonn táirge nó seirbhís á dtairiscint aige trí ardán ar líne. Le Treoir 2000/31/CE, cuirtear d’oibleagáid ar na soláthraithe seirbhísí sochaí faisnéise uile faisnéis áirithe a sholáthar go héasca, go díreach agus go buan d’fhaighteoirí na seirbhíse agus do na húdaráis inniúla lena bhféadfar na soláthraithe uile a shainaithint. Ní dhéanann na ceanglais inrianaitheachta do sholáthraithe margaí ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a leagtar amach sa Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2021/514 ón gComhairle (30), a bhfuil cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail á saothrú léi.

(73)

Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus leordhóthanach na hoibleagáide sin a áirithiú, gan aon ualaí neamhréireacha a fhorchur, ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, a ndícheall a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na faisnéise arna soláthar ag na trádálaithe lena mbaineann, go háirithe trí bhunachair shonraí agus comhéadain oifigiúla ar líne atá ar fáil gan srian a úsáid, amhail cláir thrádála náisiúnta agus an Córas Malartaithe Faisnéise CBL, nó iarradh ar na trádálaithe lena mbaineann doiciméid tacaíochta iontaofa a sholáthar, amhail cóipeanna de dhoiciméid aitheantais, ráitis cuntas íocaíochta dheimhnithe, deimhnithe cuideachtaí agus deimhnithe ó chlár trádála. Féadfaidh siad foinsí eile a úsáid freisin, atá ar fáil lena n-úsáid go cianda, a thugann iontaofacht den chineál céanna chun críche an oibleagáid seo a chomhlíonadh. Mar sin féin, níor cheart go n-éileofaí ar na soláthraithe ardán ar líne lena mbaineann tabhairt faoi ghníomhaíochtaí aimsithe fíoras iomarcacha nó costasacha ar líne nó fíoruithe díréireacha a dhéanamh ar an toirt. Ná níor cheart go nglacfaí leis go bhfuil soláthraithe den sórt sin, a bhfuil na hiarrachtaí is fearr déanta acu a cheanglaítear leis an Rialachán seo, ag ráthú iontaofacht na faisnéise i dtreo tomhaltóirí nó páirtithe leasmhara eile.

(74)

Ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a gcomhéadan ar líne a dhearadh agus a eagrú ar bhealach a chuireann ar chumas trádálaithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi dhlí ábhartha an Aontais, go háirithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 agus 8 de Threoir 2011/83/AE, Airteagal 7 de Threoir 2005/29/CE, Airteagail 5 agus 6 de Threoir 2000/31/CE agus Airteagal 3 de Threoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Chun na críche sin, ba cheart do na soláthraithe ardán ar líne lena mbaineann a ndícheall a dhéanamh measúnú a dhéanamh an bhfuil an fhaisnéis iomlán uaslódáilte ar a gcomhéadain ar líne ag na trádálaithe a úsáideann a gcuid seirbhísí, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais is infheidhme. Ba cheart do sholáthraithe ardán ar líne a áirithiú nach dtairgtear táirgí nó seirbhísí a fhad is nach bhfuil an fhaisnéis sin iomlán. Níor cheart é sin a bheith ina oibleagáid ar na soláthraithe ardán ar líne lena mbaineann faireachán ginearálta a dhéanamh ar na táirgí nó na seirbhísí a thairgeann trádálaithe trína seirbhísí, ná oibleagáid ghinearálta aimsithe fíoras, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chruinneas na faisnéise arna soláthar ag trádálaithe. Ba cheart na comhéadain ar líne a bheith soláimhsithe agus inrochtana go héasca ag trádálaithe agus ag tomhaltóirí. Sa bhreis air sin, agus tar éis don trádálaí an táirge nó an tseirbhís a thairiscint, ba cheart do na soláthraithe ardán ar líne lena mbaineann iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh chun seiceáil randamach a dhéanamh i dtaobh ar sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha in aon bhunachair sonraí ar líne nó comhéadain ar líne atá oifigiúil, inrochtana agus inléite ag meaisín agus atá ar fáil i mBallstát nó san Aontas. Ba cheart don Choimisiún inrianaitheacht táirgí a spreagadh freisin trí réitigh teicneolaíochta amhail cóid mhearfhreagartha arna síniú go digiteach (nó “cóid QR”) nó licíní neamh-idirmhalartacha. Ba cheart don Choimisiún forbairt caighdeán a chur chun cinn agus, in éagmais na gcaighdeán sin, forbairt réiteach faoi stiúir an mhargaidh ar féidir leo a bheith inghlactha ag na páirtithe lena mbaineann.

(75)

I bhfianaise a thábhachtaí atá ardáin an-mhór ar líne, mar gheall ar a dtionchar, go háirithe mar a léirítear é i líon faighteoirí na seirbhíse, chun díospóireacht phoiblí, idirbhearta eacnamaíocha agus scaipeadh faisnéise ar an bpobal, tuairimí agus smaointe a éascú agus tionchar a imirt ar an gcaoi a bhfaigheann faighteoirí faisnéis ar líne agus ar an gcaoi a gcuireann siad faisnéis in iúl ar líne, is gá oibleagáidí sonracha a fhorchur ar sholáthraithe na n-ardán sin, sa bhreis ar na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gach ardán ar líne. I ngeall ar an ról ríthábhachtach atá acu faisnéis a aimsiú agus teacht a bheith uirthi ar líne, is gá freisin na hoibleagáidí sin a fhorchur, a mhéid is infheidhme, ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Tá na hoibleagáidí breise sin ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin maidir leis an mbeartas poiblí, ós rud é nach ann d’aon bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach a bheadh in ann an toradh céanna a bhaint amach go héifeachtach.

(76)

Is féidir le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne rioscaí sochaíocha a chruthú, a bheadh éagsúil i dtaobh raon feidhme agus tionchair de i gcomparáid leo siúd a chruthódh ardáin níos lú. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne den sórt sin, dá bhrí sin, an caighdeán is airde d’oibleagáidí díchill chuí a sheasamh, a bheadh comhréireach lena dtionchar sochaíoch. A luaithe a shroichfidh an líon faighteoirí gníomhacha ar ardán nó inneall cuardaigh ar líne, arna ríomh mar mheán thar thréimhse 6 mhí, cionroinnt shuntasach de dhaonra an Aontais, féadfaidh tionchar neamhréireach a bheith ag na rioscaí sistéamacha a bhíonn ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar líne san Aontas. Ba cheart a mheas gurb ann do rochtain shuntasach den sórt sin i gcás ina sáraíonn an líon sin an tairseach oibríochtúil atá socraithe ag 45 mhilliún, is é sin, líon atá cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais. Ba cheart an tairseach oibríochtúil sin a choinneáil suas chun dáta agus, dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inar gá.

(77)

Chun lucht féachana ardáin ar líne nó innill cuardaigh ar líne a chinneadh, is gá meánlíon faighteoirí gníomhacha gach seirbhíse ar leith a shuí. Dá réir sin, ba cheart, leis an meánlíon d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla ardáin ar líne, go léireofaí na faighteoirí uile a bhí i dteagmháil leis an tseirbhís uair amháin ar a laghad laistigh de thréimhse ar leith, trí bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna scaipeadh ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne, amhail féachaint uirthi nó éisteacht léi nó trí fhaisnéis a sholáthar, amhail trádálaithe ar ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe.

Chun críocha an Rialacháin seo, níl an rannpháirtíocht teoranta d’idirghníomhú leis an bhfaisnéis trí chliceáil, fágáil tráchta, nascadh, comhroinnt, ceannach nó déanamh idirbheart ar ardán ar líne. Dá bhrí sin, ní gá go mbeadh coincheap an fhaighteora ghníomhaigh seirbhíse ag teacht le coincheap úsáideora chláraithe seirbhíse. Maidir le hinnill chuardaigh ar líne, ba cheart a chumhdach leis an gcoincheap d’fhaighteoirí gníomhacha na seirbhíse iad siúd a bhreathnaíonn ar an bhfaisnéis ar a gcomhéadan ar líne, ach níor cheart a chumhdach leis, mar shampla, úinéirí na suíomhanna gréasáin atá innéacsaithe ag inneall cuardaigh ar líne toisc nach mbíonn siad rannpháirteach go gníomhach sa tseirbhís. Ba cheart go n-áireofaí ar líon na bhfaighteoirí gníomhacha seirbhíse gach faighteoir uathúil de chuid na seirbhíse a bhíonn i dteagmháil leis an tseirbhís shonrach. Chuige sin, i gcás inar féidir, níor cheart faighteoir de chuid na seirbhíse a úsáideann comhéadain ar líne éagsúla, amhail suíomhanna gréasáin nó aipeanna, lena n-áirítear an áit a bhfaightear rochtain ar na seirbhísí trí aimsitheoirí aonfhoirmeacha acmhainne (URLanna) nó ainmneacha fearainn éagsúla, a chomhaireamh ach aon uair amháin. Mar sin féin, níor cheart go n-áireofaí i gcoincheap an fhaighteora ghníomhaigh seirbhíse úsáid theagmhasach na seirbhíse ag faighteoirí soláthraithe eile de sheirbhísí idirghabhála a chuireann faisnéis arna hóstáil ag soláthraí ardán ar líne ar fáil go hindíreach trí nascadh nó innéacsú ag soláthraí innill cuardaigh ar líne. Thairis sin, ní cheanglaítear leis an Rialachán seo ar sholáthraithe ardán ar líne ná ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne rianú sonrach a dhéanamh ar dhaoine aonair ar líne. I gcás inar féidir le soláthraithe den sórt sin neamhshuim a dhéanamh d’úsáideoirí uathoibrithe amhail róbait nó scríobairí gan tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta agus tuilleadh rianaithe a bheith i gceist, féadfaidh siad é sin a dhéanamh. Féadfaidh forbairtí margaidh agus teicniúla tionchar a imirt ar líon fhaighteoirí gníomhacha na seirbhíse agus, dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun faighteoirí gníomhacha ardáin ar líne nó innill cuardaigh ar líne a chinneadh, i gcás inar gá, lena léirítear cineál na seirbhíse agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn faighteoirí na seirbhíse léi.

(78)

I bhfianaise na n-éifeachtaí líonra lena léirítear an geilleagar ardáin, d’fhéadfadh bonn úsáideoirí ardán ar líne nó inneall cuardaigh ar líne leathnú go tapa agus gné ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne a shroicheadh, leis an tionchar gaolmhar ar an margadh inmheánach. D’fhéadfadh sé gur amhlaidh a bheadh i gcás fás easpónantúil a tharlaíonn i dtréimhsí gearra ama, nó mar gheall ar láithreacht agus láimhdeachas mór domhanda a cheadaíonn don ardán ar líne nó don inneall cuardaigh ar líne an úsáid iomlán a bhaint as tionchair líonraí agus barainneachtaí scála agus raon feidhme. D’fhéadfadh láimhdeachas ard bliantúil nó caipitliú margaidh a bheith ina léiriú go háirithe ar inscálaitheacht thapa ó thaobh rochtain úsáideora de. Sna cásanna sin, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún a bheith in ann tuairisciú níos rialta a iarraidh ó sholáthraí an ardáin ar líne nó an innill cuardaigh ar líne maidir le líon faighteoirí gníomhacha na seirbhíse ionas go bhféadfar an pointe ag ar cheart an t-ardán nó an t-inneall sin a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, chun críocha an Rialacháin seo a shainaithint go tráthúil.

(79)

Is féidir ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne a úsáid ar bhealach a imríonn tionchar láidir ar shábháilteacht ar líne, a chuireann cruth ar thuairimí an phobail agus ar an dioscúrsa poiblí, agus ar an trádáil ar líne. Go ginearálta, barrfheabhsaítear an chaoi a ndearann siad a seirbhísí chun tairbhe a bhaint as a samhlacha gnó a bhíonn tiomanta ag fógraíocht go minic agus ar féidir leo imní a chruthú i measc na sochaí. Tá gá le rialáil agus forfheidhmiú éifeachtach chun na rioscaí agus an díobháil shocaíoch agus eacnamaíoch a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint agus a mhaolú go héifeachtúil. Faoin Rialachán seo, ba cheart dá bhrí sin do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne réasúnú a dhéanamh ar rioscaí córasacha a eascraíonn as dearadh, feidhmiú agus úsáid a seirbhísí, agus freisin as mí-úsáidí féideartha ag faighteoirí na seirbhíse, agus ba cheart dóibh bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh agus na cearta bunúsacha á n-urramú. Agus tábhacht na n-éifeachtaí agus na dtionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann á gcinneadh, ba cheart do sholáthraithe breithniú a dhéanamh ar a thromchúisí atá an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar an dóchúlacht go mbeidh ann do rioscaí córasacha sin ar fad. Mar shampla, d’fhéadfaidís measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann difear a dhéanamh do líon mór daoine, an bhféadfadh sé a bheith do-athraitheach, nó cé chomh deacair is atá sé an staid atá i réim a leigheas agus a athbhunú roimh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann.

(80)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú a dhéanamh go mion ar cheithre chatagóir rioscaí córasacha. Baineann an chéad chatagóir leis na rioscaí atá bainteach le scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh, amhail scaipeadh inneachair mí-úsáide gnéasaí leanaí nó fuathchaint neamhdhleathach nó cineálacha eile mí-úsáide a seirbhísí chun cionta coiriúla a dhéanamh, agus tabhairt faoi gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, amhail táirgí nó seirbhísí atá coiscthe ag an Aontas nó ag an dlí náisiúnta, lena n-áirítear táirgí dainséaracha nó góchumtha, nó ainmhithe arna dtrádáil go neamhdhleathach, a dhíol. Mar shampla, d’fhéadfadh scaipeadh nó gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith ina riosca sistéamach suntasach i gcás ina bhféadfadh rochtain ar inneachar neamhdhleathach scaipeadh go tapa agus go forleathan trí chuntais a bhfuil lucht féachana leathan acu nó trí mhodhanna eile a mhéadaithe. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú a dhéanamh ar an riosca go scaipfí inneachar neamhdhleathach gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis ar neamhréir freisin lena dtéarmaí agus coinníollacha. Tá an measúnú sin gan dochar don fhreagracht phearsanta atá ar fhaighteoir na seirbhíse de chuid ardán an-mhór ar líne nó ar úinéirí suíomhanna gréasáin arna n-innéacsú ag innill chuardaigh an-mhór ar líne as neamhdhleathacht fhéideartha a ngníomhaíochtaí faoin dlí is infheidhme.

(81)

Baineann an dara catagóir le tionchar iarbhír nó intuartha na seirbhíse ar fheidhmiú ceart bunúsach, arna chosaint sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear dínit an duine, an tsaoirse chun tuairimí agus faisnéis a nochtadh, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán, an ceart chun saoil phríobháidigh, cosaint sonraí, an ceart maidir le neamh-idirdhealú, cearta an linbh agus cosaint an tomhaltóra, ach gan a bheith teoranta dóibh. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht aníos, mar shampla, i ndáil le dearadh na gcóras algartamach arna n-úsáid ag an ardán an-mhór ar líne nó ag an inneall cuardaigh an-mhór ar líne nó mí-úsáid a seirbhíse trí fhógraí maslacha a chur isteach nó modhanna eile chun caint a chiúnú nó cur isteach ar iomaíocht. Agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí do chearta an linbh, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne breithniú a dhéanamh, mar shampla, ar a éasca atá sé do mhionaoisigh dearadh agus feidhmiú na seirbhíse a thuiscint, chomh maith leis an gcaoi ar féidir mionaoisigh a nochtadh trína seirbhís d’inneachar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fhorbairt sláinte mionaoiseach, nó dá bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach agus mhorálta. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, i ndáil le dearadh comhéadan ar líne a bhaineann leas d’aon ghnó nó go neamhbheartaithe as laigí agus neamhthaithí mionaoiseach nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hiompraíocht andúileach.

(82)

Baineann an tríú catagóir rioscaí leis na héifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar dhioscúrsa sibhialta agus ar phróisis toghcháin, agus ar an tslándáil phoiblí.

(83)

Eascraíonn an ceathrú catagóir rioscaí as ábhair imní chomhchosúla maidir le dearadh, feidhmiú nó úsáid na seirbhíse, lena n-áirítear trí chúbláil, na n-ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bhfuil tionchar diúltach iarbhír nó intuartha acu ar chosaint na sláinte poiblí agus mionaoiseach, agus iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach duine, nó ar an bhforéigean inscnebhunaithe. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin eascairt freisin as feachtais bhréagaisnéise chomhordaithe a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, nó as dearadh comhéadain ar líne lena bhféadfaí andúil iompraíochta a spreagadh i measc fhaighteoirí na seirbhíse.

(84)

Agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha sin, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne díriú ar na córais nó ar ghnéithe eile a d’fhéadfadh cur leis na rioscaí, lena n-áirítear na córais algartamacha go léir a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, go háirithe a gcórais moltaí agus a gcórais fógraíochta, agus aird á tabhairt ar na cleachtais ghaolmhara maidir le sonraí a bhailiú agus a úsáid. Ba cheart dóibh a mheas freisin an bhfuil a dtéarmaí agus coinníollacha agus forfheidhmiú na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sin iomchuí, mar aon lena bpróisis modhnóireachta inneachair, a n-uirlisí teicniúla agus a n-acmhainní leithdháilte. Agus measúnú á dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha arna sainaithint sa Rialachán seo, ba cheart do na soláthraithe sin díriú freisin ar an bhfaisnéis nach bhfuil neamhdhleathach, ach a rannchuidíonn leis na rioscaí sistéamacha arna sainaithint sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart do sholáthraithe den sórt sin aird ar leith a thabhairt ar an gcaoi a n-úsáidtear a gcuid seirbhísí chun inneachar míthreorach nó cealgach, lena n-áirítear bréagaisnéis, a scaipeadh nó a mhéadú. I gcás ina gcuireann aimpliú algartamach faisnéise leis na rioscaí sistéamacha, ba cheart do na soláthraithe sin é sin a léiriú go cuí ina gcuid measúnuithe riosca. I gcás inar logánaithe iad rioscaí nó ina bhfuil difríochtaí teanga ann, ba cheart do na soláthraithe sin é sin a chur san áireamh ina gcuid measúnuithe riosca. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar an gcaoi a gcuireann dearadh agus feidhmiú a seirbhíse, chomh maith le húsáid agus cúbláil a seirbhísí, a dhéantar d’aon ghnó agus go minic, ar bhealach comhordaithe, nó sárú córasach a dtéarmaí seirbhíse, leis na rioscaí sin. D’fhéadfadh rioscaí den sórt sin teacht chun cinn, mar shampla, trí úsáid bhréagach na seirbhíse, amhail cuntais bhréige a chruthú, róbait a úsáid nó úsáid chalaoiseach seirbhíse, agus iompraíochtaí eile atá uathoibrithe nó atá uathoibrithe i bpáirt, a bhféadfadh scaipeadh ar an bpobal tapa agus fairsing faisnéise ar inneachar neamhdhleathach nó inneachar nach bhfuil comhoiriúnach leis na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann le hardán ar líne nó le hinneall cuardaigh ar líne agus a rannchuidíonn le feachtais bhréagaisnéise a bheith mar thoradh orthu.

(85)

Chun go bhféadfadh measúnuithe riosca a dhéanfar ina dhiaidh sin tógáil ar a chéile agus éabhlóid na rioscaí arna sainaithint a léiriú, mar aon le himscrúduithe agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe a éascú, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na doiciméid tacaíochta uile a bhaineann leis na measúnuithe riosca a rinne siad a chaomhnú, amhail faisnéis maidir le hullmhú na measúnuithe sin, sonraí bunúsacha, agus sonraí maidir le tástáil a gcóras algartamach.

(86)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na modhanna riachtanacha a úsáid chun na rioscaí sistéamacha arna sainaithint sna measúnuithe riosca a mhaolú go dícheallach, agus cearta bunúsacha á n-urramú. Ba cheart go n-urramódh aon bhearta a ghlacfar ceanglais díchill chuí an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a bheith réasúnach agus éifeachtach chun na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint a mhaolú. Ba cheart iad a bheith comhréireach i bhfianaise acmhainneacht eacnamaíoch sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne agus i bhfianaise an ghá atá le srianta neamhriachtanacha ar úsáid a seirbhíse a sheachaint, agus aird chuí á tabhairt ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar na cearta bunúsacha sin. Ba cheart do na soláthraithe sin aird ar leith a thabhairt ar an tionchar ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

(87)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne breithniú a dhéanamh faoi bhearta maolaitheacha den sórt sin, mar shampla, ar aon chuid de dhearadh, gné dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí, amhail dearadh an chomhéadain ar líne, a oiriúnú. Ba cheart dóibh a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a oiriúnú agus a chur i bhfeidhm, de réir mar is gá, agus i gcomhréir le rialacha an Rialacháin seo maidir le téarmaí agus coinníollacha. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta iomchuí eile a gcórais modhnóireachta inneachair agus a bpróisis inmheánacha a oiriúnú nó a bpróisis agus a n-acmhainní cinnteoireachta a oiriúnú, lena n-áirítear an pearsanra modhnóireachta inneachair, a n-oiliúint agus a saineolas áitiúil. Baineann sé sin go háirithe le luas agus cáilíocht próiseála fógraí. I ndáil leis an méid sin, i gCód Iompair 2016 maidir le cur i gcoinne na fuathchainte neamhdhleathaí ar líne, mar shampla, leagtar amach tagarmharc maidir le fógraí bailí a phróiseáil chun fuathchaint neamhdhleathach a bhaint laistigh de 24 uair an chloig. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne, go háirithe na cinn sin a úsáidtear go príomha chun inneachar pornagrafach a scaipeadh ar an bpobal, a n-oibleagáidí uile faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go dúthrachtach i ndáil le hinneachar neamhdhleathach arb ionann é agus cibearfhoréigean, lena n-áirítear inneachar pornagrafach neamhdhleathach, go háirithe i ndáil lena áirithiú gur féidir le híospartaigh a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach i ndáil le hinneachar, arb é atá ann comhroinnt ábhair phearsanta nó chúbláilte go neamh-chomhthoiliúil, trí fhógraí a phróiseáil go tapa agus tríd an inneachar sin a bhaint gan moill mhíchuí. I gcás inneachar neamhdhleathach de chineálacha eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh amlínte níos faide nó níos giorra de dhíth chun fógraí a phróiseáil, rud a bheidh ag brath ar na fíricí, ar na himthosca agus ar na cineálacha inneachair neamhdhleathaigh atá idir lámha. Féadfaidh na soláthraithe sin freisin comhar a chur ar bun nó a mhéadú le comharthóirí iontaofa agus seisiúin oiliúna agus malartuithe le heagraíochtaí comharthóirí iontaofa a eagrú.

(88)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bheith dúthrachtach maidir leis na bearta a dhéanann siad chun a gcórais algartamacha a thástáil agus, i gcás inar gá, a chur in oiriúint, go háirithe a gcórais moltaí. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu éifeachtaí diúltacha moltaí pearsantaithe a mhaolú agus na critéir a úsáidtear ina gcuid moltaí a cheartú. Is féidir leis na córais fógraíochta a úsáideann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne borradh a chur faoi na rioscaí sistéamacha. Ba cheart do na soláthraithe sin breithniú a dhéanamh ar bhearta ceartaitheacha, amhail deireadh a chur le hioncam fógraíochta d’fhaisnéis shonrach, nó gníomhaíochtaí eile, amhail sofheictheacht foinsí faisnéise údarásacha a fheabhsú, nó a gcórais fógraíochta a oiriúnú ar bhealach níos struchtúrtha. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bpróisis inmheánacha nó maoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a threisiú, go háirithe maidir le rioscaí sistéamacha a bhrath, agus measúnuithe riosca níos minice nó níos spriocdhírithe a dhéanamh i ndáil le feidhmiúlachtaí nua. Go háirithe, i gcás ina gcomhroinntear rioscaí ar ardáin éagsúla ar líne nó ar innill chuardaigh éagsúla ar líne, ba cheart dóibh comhoibriú le soláthraithe seirbhíse eile, lena n-áirítear trí chóid iompair nó bearta féinrialála a thosú nó tabhairt faoi chóid iompair nó bearta féinrialála eile atá ann cheana. Ba cheart dóibh freisin breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta, go háirithe i gcás ina mbaineann rioscaí le feachtais bhréagaisnéise.

(89)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne aird a thabhairt ar leas mionaoiseach agus bearta á ndéanamh acu, amhail dearadh a seirbhíse agus a gcomhéadain ar líne a oiriúnú, go háirithe nuair atá a seirbhísí dírithe go príomha ar mhionaoisigh nó nuair is iadsan a bhíonn á n-úsáid den chuid is mó. Ba cheart dóibh a áirithiú go n-eagrófar a gcuid seirbhísí ar bhealach a chuirfidh ar chumas mionaoiseach rochtain a fháil go héasca ar na sásraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear sásraí fógra agus gnímh agus sásraí gearán. Ba cheart dóibh bearta a dhéanamh freisin chun mionaoisigh a chosaint ar inneachar a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dá bhforbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta agus ba cheart dóibh uirlisí a chur ar fáil lena gcumasaítear rochtain choinníollach ar an bhfaisnéis sin. Agus na bearta maolaithe iomchuí á roghnú acu, féadfaidh soláthraithe, i gcás inarb iomchuí, breithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtais tionscail, lena n-áirítear mar a bhunaítear le comhar féinrialála, amhail cóid iompair, agus ba cheart dóibh na treoirlínte ón gCoimisiún a chur san áireamh.

(90)

Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a áirithiú go bhfuil a gcur chuige maidir le measúnú agus maolú riosca bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na léargais eolaíocha is fearr atá ar fáil agus go ndéanann siad a dtoimhdí a thástáil leis na grúpaí is mó a bhfuil tionchar ag na rioscaí agus na bearta a dhéanann siad orthu. Chuige sin, ba cheart dóibh, i gcás inarb iomchuí, a measúnuithe riosca a dhéanamh agus a mbearta maolaithe riosca a dhearadh le rannpháirtíocht ionadaithe fhaighteoirí na seirbhíse, ionadaithe ó ghrúpaí a bhféadfadh tionchar a bheith ag a seirbhísí orthu, saineolaithe neamhspleácha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ba cheart dóibh féachaint leis na comhairliúcháin sin a leabú ina modheolaíochtaí chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus chun bearta maolaithe a cheapadh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, suirbhéanna, grúpaí fócais, cruinnithe comhchéime, agus modhanna eile comhairliúcháin agus deartha. Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil beart réasúnta, comhréireach agus éifeachtach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an gceart chun tuairimí a nochtadh.

(91)

Le linn géarchéime, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta sonracha áirithe a bheadh le déanamh go práinneach ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne, sa bhreis ar na bearta a bheadh á nglacadh acu i bhfianaise a n-oibleagáidí eile faoin Rialachán seo. I ndáil leis sin, ba cheart a mheas go dtarlaíonn géarchéim nuair a tharlaíonn imthosca urghnácha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le bagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de. D’fhéadfadh géarchéimeanna den sórt sin eascairt as coinbhleachtaí armtha nó gníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear coinbhleachtaí atá ag teacht chun cinn nó gníomhartha sceimhlitheoireachta, tubaistí nádúrtha amhail creathanna talún agus spéirlingí, chomh maith le paindéimí agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann eile ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, ar mholadh ón mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha (“an Bord), a cheangal ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne freagairt ar ghéarchéimeanna a thionscnamh mar ábhar práinne. Féadfar a áireamh ar na bearta a fhéadfaidh na soláthraithe sin a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, mar shampla, próisis modhnóireachta inneachair a oiriúnú agus na hacmhainní a thiomnaítear do mhodhnóireacht inneachair a mhéadú, téarmaí agus coinníollacha, córais algartamacha ábhartha agus córais fógraíochta a oiriúnú, an comhar le comharthóirí iontaofa a threisiú tuilleadh, bearta múscailte feasachta a ghlacadh, faisnéis iontaofa a chur chun cinn agus dearadh a gcomhéadan ar líne a oiriúnú. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na ceanglais is gá chun a áirithiú go ndéanfar na bearta sin laistigh de thréimhse ama an-ghearr agus nach n-úsáidfear an sásra freagartha ar ghéarchéimeanna ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis, agus sa mhéid go bhfuil fíorghá leis, agus ina bhfuil aon bhearta a dhéantar faoin sásra sin éifeachtach agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart úsáid an tsásra a bheith gan dochar d’fhorálacha eile an Rialacháin seo, amhail na forálacha sin a bhaineann le measúnuithe riosca agus bearta maolaithe, agus d’fhorfheidhmiú na bhforálacha sin, agus do na forálacha sin maidir le prótacail ghéarchéime.

(92)

Mar gheall ar an ngá atá le fíorú ó shaineolaithe neamhspleácha a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bheith cuntasach, trí iniúchóireacht neamhspleách, as a gcomhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, aon ghealltanais chomhlántacha arna dtabhairt de bhun cóid iompair agus prótacail ghéarchéime. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus tráthúil, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne an comhar agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt don iniúchóir ar na sonraí ábhartha uile agus ar na háitribh is gá chun an t-iniúchadh a dhéanamh i gceart, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar shonraí a bhaineann le córais algartamacha, agus trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a fhreagairt. Ba cheart do na hiniúchóirí a bheith in ann úsáid a bhaint freisin as foinsí eile faisnéise oibiachtúla, lena n-áirítear staidéir de chuid taighdeoirí grinnfhiosraithe. Níor cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne an bonn a bhaint d’fheidhmíocht an iniúchta. Ba cheart iniúchtaí a dhéanamh de réir dhea-chleachtais an tionscail agus ard-eitic agus oibiachtúlacht ghairmiúil, agus aird chuí á tabhairt, de réir mar is iomchuí, ar chaighdeáin iniúchóireachta agus ar chóid chleachtais. Ba cheart do na hiniúchóirí rúndacht, slándáil agus sláine na faisnéise a ráthú, amhail rúin trádála, a fhaigheann siad agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu. Níor cheart go mbeadh an ráthaíocht sin ina modh chun dul timpeall ar infheidhmeacht na n-oibleagáidí iniúchta sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh an saineolas riachtanach ag na hiniúchóirí i réimse na bainistíochta riosca agus na hinniúlachta teicniúla chun iniúchadh a dhéanamh ar algartaim. Ba cheart dóibh a bheith neamhspleách, chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a chomhlíonadh ar bhealach leordhóthanach agus iontaofa. Ba cheart dóibh croícheanglais neamhspleáchais a chomhlíonadh maidir le seirbhísí neamh-iniúchóireachta atá toirmiscthe, sealaíocht gnólachtaí iniúchóireachta agus táillí neamhtheagmhasacha. Má bhíonn aon amhras faoina neamhspleáchas agus faoina n-inniúlacht theicniúil, ba cheart dóibh éirí as nó staonadh ón obair iniúchta.

(93)

Ba cheart go mbeadh bunús leis an tuarascáil iniúchóireachta, chun go mbeidh cuntas bríoch ar na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu agus na conclúidí a shroichtear. Ba cheart é seo a bheith ina chabhair le heolas a thabhairt, agus i gcás inarb iomchuí, feabhsuithe a mholadh ar na bearta arna nglacadh ag soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne agus an innill cuardaigh an-mhór ar líne chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart an tuarascáil iniúchóireachta a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, chuig an gCoimisiún agus chuig an mBord tar éis an tuarascáil iniúchóireachta a fháil. Ba cheart do sholáthraithe freisin gach ceann de na tuarascálacha ar an measúnú riosca agus na bearta maolaithe a tharchur gan moill mhíchuí tráth a gcríochnaithe, chomh maith leis an tuarascáil ar chur chun feidhme iniúchóireachta ó sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne ina léireofar an chaoi ar thug siad aghaidh ar na moltaí a rinneadh san iniúchadh. Ba cheart tuairim iniúchóireachta a bheidh bunaithe ar na conclúidí a tháinig ón bhfianaise iniúchóireachta a fuarthas a áireamh sa tuarascáil iniúchóireachta. Ba cheart “tuairim dhearfach” a thabhairt i gcás ina léiríonn an fhianaise ar fad go gcloíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó, i gcás inarb infheidhme, aon ghealltanais ar thug sé fúthu de bhun cód iompair nó prótacal géarchéime, go háirithe trí na rioscaí sistéamacha a bhaineann lena chóras agus seirbhísí a shainaithint, a mheas agus a mhaolú. Ba cheart go mbeadh barúlacha ag gabháil le “tuairim dhearfach” i gcás inar mian leis an iniúchóir tuairimí a áireamh nach bhfuil tionchar substaintiúil acu ar thoradh an iniúchta. Ba cheart “tuairim dhiúltach” a thabhairt i gcás ina measann an t-iniúchóir nach gcloíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne leis an Rialachán seo, ná leis na gealltanais ar tugadh fúthu. I gcás inarb amhlaidh, sa tuairim iniúchóireachta, nárbh fhéidir teacht ar chonclúid maidir le gnéithe sonracha a thagann faoi raon feidhme an iniúchta, ba cheart míniú ar na cúiseanna nár thángthas ar chonclúid den sórt sin a chur san áireamh sa tuairim iniúchóireachta. I gcás inarb infheidhme, ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil cur síos ar ghnéithe sonracha nach bhféadfaí a iniúchadh, agus míniú ar an bhfáth nach bhféadfaí iad sin a iniúchadh.

(94)

Ba cheart a spreagadh leis na hoibleagáidí maidir le measúnú agus maolú rioscaí, de réir an cháis, an gá do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne dearadh a gcóras moltóirí a mheasúnú agus, i gcás inar gá, a choigeartú, mar shampla, trí bhearta a dhéanamh chun claontachtaí a chosc nó a íoslaghdú as a leanfaidh idirdhealú ar dhaoine i gcásanna leochaileacha, go háirithe i gcás ina mbeidh coigeartú den sórt sin i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí agus nuair a dhéantar an fhaisnéis a phearsantú ar bhonn catagóirí speisialta sonraí pearsanta, dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679. Ina theannta sin, agus na hoibleagáidí trédhearcachta is infheidhme maidir le hardáin ar líne a mhéid a bhaineann lena gcórais moltaí á gcomhlánú, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a áirithiú go comhsheasmhach go mbeidh roghanna malartacha ag faighteoirí a seirbhíse nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679, le haghaidh phríomhpharaiméadair a gcóras moltaí. Ba cheart go mbeadh na roghanna sin inrochtana go díreach ón gcomhéadan ar líne ar a gcuirtear na moltaí i láthair.

(95)

Tá rioscaí ar leith ag baint leis na córais fógraíochta a úsáideann ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, agus teastaíonn maoirseacht bhreise phoiblí agus rialála uathu mar gheall ar a scála agus a gcumas chun díriú ar fhaighteoirí na seirbhíse agus iad a rochtain bunaithe ar a n-iompar laistigh de chomhéadan ar líne an ardáin nó an innill cuardaigh sin agus lasmuigh de. Ba cheart d’ardáin an-mhór ar líne nó d’innill chuardaigh an-mhór ar líne a áirithiú go mbeidh rochtain phoiblí ar stórais fógrán a thaispeántar ar a gcomhéadain ar líne chun maoirseacht agus taighde ar rioscaí atá ag teacht chun cinn mar gheall ar dháileadh fógraíochta ar líne a éascú, mar shampla, i ndáil le fógráin neamhdhleathacha nó teicnící ionramhála agus bréagaisnéis a bhfuil tionchar diúltach ceart agus intuartha acu ar an tsláinte phoiblí, ar an tslándáil phoiblí, ar an dioscúrsa sibhialta, ar an rannpháirtíocht pholaitiúil agus ar an gcomhionannas. Ba cheart inneachar fógrán a áireamh i stórtha, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus ábhar an fhógráin, agus sonraí gaolmhara faoin bhfógróir, agus, murab ionann iad, an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógrán, agus seachadadh an fhógráin, go háirithe i gcás fógraíocht spriocdhírithe. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin faisnéis maidir le critéir spriocdhírithe agus critéir seachadta araon, go háirithe nuair a dhéantar fógráin a sheachadadh chuig daoine atá i staideanna leochaileacha, amhail mionaoisigh.

(96)

Chun comhlíontacht ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a mhaoirsiú agus a mheasúnú go hiomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó an Coimisiún rochtain ar shonraí sonracha nó a dtuairisciú a éileamh, lena n-áirítear sonraí a bhaineann le halgartaim. D’fhéadfaí a áireamh le ceanglas den sórt sin, mar shampla, na sonraí atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí agus na díobhálacha féideartha a tharlaíonn mar gheall ar chórais an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne, sonraí maidir le cruinneas, feidhmiú agus tástáil na gcóras algartamach i gcomhair modhnóireacht inneachair, córais moltaí nó córais fógraíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí sonraí agus algartaim oiliúna nó sonraí maidir le próisis agus aschuir modhnóireachta inneachair nó ar chórais inmheánacha um láimhseáil gearán de réir bhrí an Rialacháin seo. Níor cheart go n- áireofaí le hiarrataí ar rochtain ar shonraí den sórt sin iarrataí ar fhaisnéis shonrach a thabhairt faoi fhaighteoirí aonair na seirbhíse chun críche a chinneadh an gcomhlíonann faighteoirí den sórt sin dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme nó an dlí náisiúnta is infheidhme. Tá tábhacht ar leith ag baint le hiniúchtaí a dhéanann taighdeoirí maidir le forbairt agus déine na rioscaí sistéamacha ar líne chun neamhshiméadrachtaí faisnéise a líonadh agus córas athléimneach de mhaolú riosca a bhunú, agus chun soláthraithe ardán ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh ar líne, Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile, an Coimisiún agus an pobal a chur ar an eolas.

(97)

Cuirtear creat ar fáil sa Rialachán seo, dá bhrí sin, i gcomhair rochtain fhíorláidir ar shonraí ó ardáin an-mhór ar líne agus ó innill chuardaigh an-mhór ar líne a thabhairt do thaighdeoirí grinnfhiosraithe atá cleamhnaithe le heagraíocht taighde de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/790, lena bhféadfaí a áireamh, chun críche an Rialacháin seo, eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag déanamh taighde eolaíoch agus é mar phríomhaidhm acu tacú lena misean chun leasa an phobail. Ba cheart gach iarratas maidir le rochtain ar shonraí faoin gcreat sin a bheith comhréireach agus cearta agus leasanna dlisteanacha, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta, rúin trádála agus faisnéis rúnda eile, an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne agus aon pháirtithe eile lena mbaineann, lena n-áirítear faighteoirí na seirbhíse, á gcosaint go hiomchuí acu. Mar sin féin, chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóir an Rialacháin seo, níor cheart go ndiúltófaí rochtain ar shonraí atá riachtanach don chuspóir taighde sonrach a chur ar fáil mar thoradh ar bhreithniú leasanna tráchtála soláthraithe de bhun iarraidh faoin Rialachán seo. I ndáil leis sin, agus gan dochar do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), ba cheart do sholáthraithe a áirithiú go mbeidh rochtain iomchuí ag taighdeoirí, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trí bhíthin cosaintí teicniúla amhail stórais sonraí. D’fhéadfadh iarrataí ar rochtain ar shonraí an líon amharc nó, i gcás inarb ábhartha, cineálacha eile rochtana ar inneachar ag faighteoirí na seirbhíse a chumhdach, mar shampla, sula mbainfeadh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne é.

(98)

Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil rochtain ag an bpobal ar shonraí, níor cheart do sholáthraithe den sórt sin cosc a chur ar thaighdeoirí a chomhlíonann fothacar iomchuí critéar na sonraí sin a úsáid chun críocha taighde lena gcuirtear le rioscaí sistéamacha a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint. Ba cheart dóibh rochtain a sholáthar do thaighdeoirí den sórt sin, lena n-áirítear, i gcás inar féidir go teicniúil, i bhfíor-am, ar na sonraí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, mar shampla maidir le hidirghníomhaíochtaí comhiomlánaithe le hinneachar ó leathanaigh phoiblí, grúpaí poiblí, nó figiúirí poiblí, lena n-áirítear sonraí maidir le himprisean agus rannpháirtíocht amhail líon na bhfreagairtí, an líon uaireanta a rinneadh inneachar a roinnt agus an líon tráchtanna ó fhaighteoirí na seirbhíse. Ba cheart soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a spreagadh chun comhoibriú le taighdeoirí agus rochtain níos leithne ar shonraí a sholáthar chun faireachán a dhéanamh ar ábhair imní i measc na sochaí trí bhíthin iarrachtaí deonacha, lena n-áirítear trí ghealltanais agus nósanna imeachta arna gcomhaontú faoi chóid iompair nó faoi phrótacail ghéarchéime. Ba cheart do na soláthraithe agus do na taighdeoirí sin aird ar leith a thabhairt ar chosaint sonraí pearsanta, agus a áirithiú go gcomhlíonfar Rialachán (AE) 2016/679 le haon phróiseáil sonraí. Ba cheart do sholáthraithe sonraí pearsanta a anaithnidiú nó ainm bréige a thabhairt orthu ach amháin sna cásanna sin nárbh fhéidir an cuspóir taighde atá á shaothrú a bhaint amach dá bharr sin.

(99)

I bhfianaise a chasta atá feidhmiú na gcóras arna n-úsáid agus na rioscaí sistéamacha atá iontu don tsochaí, ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne feidhm chomhlíonta a bhunú, ar cheart di a bheith neamhspleách ar fheidhmeanna oibríochtúla na soláthraithe sin. Ba cheart do cheann na feidhme comhlíonta tuairisciú go díreach do lucht bainistíochta na soláthraithe sin, lena n-áirítear ábhair imní maidir le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo. Ba cheart na cáilíochtaí, an t-eolas, an taithí agus an cumas is gá a bheith ag na hoifigigh um chomhlíonadh atá ina gcuid den fheidhm chomhlíonta chun bearta a oibríochtú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh d’eagraíocht soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Ba cheart do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a áirithiú go bhfuil baint ag an bhfeidhm chomhlíonta, go cuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear sa straitéis measúnaithe agus maolaithe riosca agus i mbearta sonracha, chomh maith le measúnú a dhéanamh, i gcás inarb infheidhme, ar chomhlíonadh na ngealltanas a thug na soláthraithe sin faoi na cóid iompair agus na prótacail ghéarchéime lena mbaineann siad.

(100)

I bhfianaise na rioscaí breise a bhaineann lena ngníomhaíochtaí agus a n-oibleagáidí breise faoin Rialachán seo, ba cheart ceanglais trédhearcachta breise a cheangal go sonrach ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne, go háirithe maidir le tuairisciú go cuimsitheach ar mheasúnuithe riosca arna ndéanamh agus bearta ina dhiaidh sin arna ndéanamh mar a fhoráiltear leis an Rialachán seo.

(101)

Ba cheart na hacmhainní riachtanacha uile a bheith ag an gCoimisiún, ó thaobh foirne, saineolais agus acmhainní airgeadais de, chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo. Chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil don mhaoirseacht leormhaith ar leibhéal an Aontais faoin Rialachán seo, agus ós rud é gur cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal táille mhaoirseachta a a ghearradh ar sholáthraithe atá bunaithe ar a gcríoch i dtaca leis na cúraimí maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmíonn a n-údaráis, ba cheart don Choimisiún táille mhaoirseachta, ar cheart a leibhéal a bhunú ar bhonn bliantúil, a ghearradh ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne. Ba cheart méid foriomlán na táille maoirseachta bhliantúla a ghearrtar a shocrú ar bhonn mhéid foriomlán na gcostas arna dtabhú ag an gCoimisiún chun a chúraimí maoirseachta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, ar costais iad a mheasfar go réasúnta roimh ré. Ba cheart a áireamh sa mhéid sin costais a bhaineann le feidhmiú na gcumhachtaí agus na gcúraimí sonracha maoirseachta, imscrúdaithe, forghníomhaithe agus faireacháin i ndáil le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, lena n-áirítear costais a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne a ainmniú nó le bunú, cothabháil agus oibriú na mbunachar sonraí a bheartaítear faoin Rialachán seo.

Ba cheart costais a bhaineann leis an mbunfhaisnéis agus leis an mbonneagar institiúideach a chur ar bun, a chothabháil agus a oibriú le haghaidh an chomhair idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Bord agus an Coimisiún a áireamh ann freisin, agus é á chur san áireamh, i bhfianaise cé chomh mór agus atá siad agus cén lucht féachana atá acu, go mbíonn tionchar suntasach ag ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne ar na hacmhainní a theastaíonn chun tacú leis an mbonneagar sin. Ba cheart a chur san áireamh sa mheastachán ar na costais fhoriomlána na costais mhaoirseachta a tabhaíodh sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na costais sin ar mó iad ná an táille mhaoirseachta bhliantúil aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin. D’fhéadfaí na hioncaim shannta sheachtracha a eascróidh as an táille mhaoirseachta bhliantúil a úsáid chun acmhainní daonna breise a mhaoiniú, amhail gníomhairí conarthacha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, mar aon le caiteachas eile a bhaineann le comhlíonadh na gcúraimí sin a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún leis an Rialachán seo. Ba cheart an táille bhliantúil mhaoirseachta atá le gearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bheith comhréireach le méid na seirbhíse mar a léiríonn líon a faighteoirí gníomhacha na seirbhíse san Aontas. Thairis sin, níor cheart go rachadh an táille mhaoirseachta bhliantúil aonair thar uasteorainn fhoriomlán do sholáthraithe uile ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne, agus acmhainneacht eacnamaíoch sholáthraí na seirbhíse nó na seirbhísí ainmnithe á cur san áireamh.

(102)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus comhsheasmhach na n-oibleagáidí sa Rialachán seo a éascú a bhféadfadh forfheidhmiú trí mhodhanna teicneolaíochta a bheith de dhíth maidir leo, tá sé tábhachtach caighdeáin dheonacha a chur chun cinn a chumhdaíonn nósanna imeachta teicniúla áirithe, i gcás inar féidir leis an tionscal modhanna caighdeánaithe a fhorbairt chun tacú le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an Rialachán seo a chomhlíonadh, amhail cur isteach fógraí a cheadú, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, nó maidir le caighdeáin a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha nó caighdeáin a bhaineann le hiniúchtaí, nó maidir le hidir-inoibritheacht na stórtha fógraíochta. Ina theannta sin, d’fhéadfaí a áireamh sna caighdeáin sin caighdeáin a bhaineann le fógraíocht ar líne, córais moltaí, inrochtaineacht agus cosaint mionaoiseach ar líne. Tá sé de shaoirse ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na caighdeáin a ghlacadh ach ní thoimhdíonn a nglacadh go gcomhlíontar an Rialachán seo. Ag an am céanna, dá soláthrófaí na cleachtais is fearr, d’fhéadfadh caighdeáin den chineál sin a bheith úsáideach go háirithe do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha atá réasúnta beag. D’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh sna caighdeáin idir cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh nó cineálacha éagsúla seirbhísí idirghabhálacha, de réir mar is iomchuí.

(103)

Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair deonach, mar aon le cur chun feidhme fhorálacha na gcód sin chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord go ndéanfaí cineál chuspóirí leas an phobail a bhfuil aghaidh á dtabhairt orthu a shainiú go soiléir sna cóid iompair, go mbeidh sásraí iontu chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar ghnóthú na gcuspóirí sin agus go saineofar ról na n-údarás ábhartha go soiléir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar éifeachtaí diúltacha ar shlándáil a sheachaint, ar an bpríobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint, agus ar an toirmeasc ar oibleagáidí ginearálta faireacháin a fhorchur. Cé gur cheart go mbeadh cur chun feidhme na gcód iompair intomhaiste agus faoi réir formhaoirseacht phoiblí, níor cheart go gcuirfeadh sé sin bac ar chineál deonach na gcód sin ná ar shaoirse páirtithe leasmhara cinneadh a dhéanamh maidir le bheith rannpháirteach. In imthosca áirithe, tá sé tábhachtach go ngabhfadh ardáin an-mhór ar líne i gcomhar chun cóid iompair shonracha a tharraingt suas agus cloí leo. Ní choisceann aon ní sa Rialachán seo soláthraithe seirbhíse eile cloí leis na caighdeáin chéanna um dhícheall cuí, glacadh leis na cleachtais is fearr agus tairbhe a bhaint as na treoirlínte arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún agus ag an mBord, trí bheith rannpháirteach sna cóid iompair chéanna.

(104)

Tá sé iomchuí go sainaithneofaí sa Rialachán seo réimsí áirithe breithniúcháin do chóid iompair den chineál sin. Go háirithe, ba cheart bearta maolaithe riosca a bhaineann le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh a fhiosrú trí chomhaontuithe féinrialála agus comhrialála. Réimse eile le breithniú is ea tionchair dhiúltacha fhéideartha na rioscaí sistéamacha ar an tsochaí agus ar an daonlathas, amhail bréagaisnéis nó gníomhaíochtaí ionramhála agus mí-úsáideacha, nó aon éifeachtaí díobhálacha ar mhionaoisigh. Áirítear leis sin oibríochtaí comhordaithe atá dírithe ar fhaisnéis a mhéadú, lena n-áirítear bréagaisnéis, amhail úsáid róbat nó cuntas bréige chun faisnéis mhíchruinn nó mhíthreorach d’aon ghnó a chruthú, uaireanta chun críche gnóthachtáil eacnamaíoch a bhaint amach, atá díobhálach go háirithe d’fhaighteoirí leochaileacha na seirbhíse, amhail mionaoisigh. Maidir le réimsí den sórt sin, d’fhéadfaí a mheas gur beart maolaithe riosca iomchuí is ea comhlíonadh agus comhlíontacht na n-ardán an-mhór ar líne nó na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne le cód iompair ar leith. D’fhéadfaí an diúltú gan mínithe cuí a dhéanann soláthraí ardáin ar líne nó innill cuardaigh ar líne ar chuireadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm cóid iompair den sórt sin a thabhairt san áireamh, i gcás inarb ábhartha, nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi cibé a sháraigh nó nár sháraigh an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Rialachán seo. Níor cheart a thoimhdiú ann féin go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh toisc go bhfuiltear ag glacadh páirt i gcód iompair ar leith agus á chur i bhfeidhm.

(105)

Ba cheart go n-éascódh na cóid iompair inrochtaineacht na n-ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, chun a n-úsáid intuartha ag daoine faoi mhíchumas a éascú. Go háirithe, d’fhéadfaí a áirithiú leis na cóid iompair go gcuirfear an fhaisnéis i láthair ar bhealach inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus láidir agus go ndéanfaí foirmeacha agus bearta dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil ar shlí atá éasca a aimsiú agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

(106)

D’fhéadfadh na rialacha maidir le cóid iompair faoin Rialachán seo a bheith mar bhunús le haghaidh iarrachtaí féinrialála atá bunaithe cheana féin ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an Gealltanas um Shábháilteacht Táirgí, an Meabhrán tuisceana maidir le díol earraí góchumtha ar an idirlíon, an Cód iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, chomh maith leis an gCód cleachtais maidir le bréagaisnéis. Go háirithe i gcás an chinn deiridh, mar thoradh ar an treoir ón gCoimisiún, neartaíodh an Cód cleachtais maidir le bréagaisnéis mar a fógraíodh é sa Phlean Gníomhaíochta um Dhaonlathas Eorpach.

(107)

Go ginearálta, baineann soláthar fógraíochta ar líne le roinnt gníomhaithe, lena n-áirítear seirbhísí idirghabhálacha a nascann foilsitheoirí fógraí le fógróirí. Ba cheart cóid iompair a úsáid chun tacú leis na hoibleagáidí trédhearcachta a bhaineann le fógraíocht do sholáthraithe ardán ar líne, soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun iad a chomhlánú, chun foráil a dhéanamh maidir le sásraí solúbtha agus éifeachtacha chun an chomhlíontacht leis na hoibleagáidí sin a éascú agus a fheabhsú, go háirithe mar a bhaineann sé le modúlachtaí tharchur na faisnéise ábhartha. Ba cheart go n-áireofaí leis sin tarchur na faisnéise ar an bhfógróir a íocann as an bhfógra a éascú nuair nach ionann iad agus an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fógrán á chur ar chomhéadan ar líne ardáin ar líne thar a cheann. Ba cheart a áireamh sna cóid iompair freisin bearta chun a áirithiú go roinnfear faisnéis fhiúntach maidir le luach airgid a chur ar shonraí go hiomchuí ar fud an tslabhra luacha. Ba cheart go n-áiritheofaí le rannpháirtíocht réimse leathan geallsealbhóirí go dtacaítear go forleathan leis na cóid iompair sin, go bhfuil siad fónta go teicniúil, éifeachtach agus go dtairgeann siad na leibhéil is airde fusacht úsáide lena áirithiú go mbaineann na hoibleagáidí trédhearcachta a gcuspóirí amach. Chun éifeachtacht na gcód iompair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún sásraí meastóireachta a áireamh i ndréachtú na gcód iompair. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha nó ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcód iompair faoi seach.

(108)

Chomh maith leis an sásra freagartha ar ghéarchéimeanna d’ardáin an-mhór ar líne agus d’innill chuardaigh an-mhór ar líne, féadfaidh an Coimisiún tús a chur le prótacail ghéarchéime dheonacha a tharraingt suas chun freagairt thapa, chomhchoiteann agus trasteorann a chomhordú sa timpeallacht ar líne. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina mbaintear mí-úsáid as ardáin ar líne chun inneachar neamhdhleathach nó bréagaisnéis a scaipeadh go tapa nó i gcás inar gá faisnéis iontaofa a scaipeadh go tapa. I bhfianaise an róil thábhachtaigh atá ag ardáin an-mhór ar líne chun faisnéis a scaipeadh inár sochaithe agus thar theorainneacha, ba cheart soláthraithe ardán den sórt sin a spreagadh chun prótacail ghéarchéime shonracha a leagan amach agus a chur i bhfeidhm. Níor cheart prótacail ghéarchéime den sórt sin a ghníomhachtú ach amháin ar feadh tréimhse theoranta ama agus ba cheart go mbeadh na bearta a rinneadh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis le dul i ngleic leis an toisc urghnách. Ba cheart na bearta sin a bheith comhsheasmhach leis an Rialachán seo, agus níor cheart gurb ionann iad agus oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe rannpháirteacha ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe rannpháirteacha inneall cuardaigh an-mhór ar líne faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad, ná fíorais ná cúinsí a lorg go gníomhach a thugann inneachar neamhdhleathach le fios.

(109)

Chun maoirseacht agus forfheidhmiú leordhóthanach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit údarás amháin ar a laghad a ainmniú a mbeidh sé de chúram air cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú, gan dochar don deis údarás atá ann cheana a ainmniú ná dá fhoirm dhlíthiúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cúraimí agus inniúlachtaí maoirseachta nó forfheidhmithe sonracha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi chúram níos mó ná údarás inniúil amháin, mar shampla i gcomhair earnálacha sonracha inar féidir na húdaráis atá ann cheana a chumhachtú freisin, cosúil le rialaitheoirí cumarsáide leictreonaí, rialaitheoirí meán nó údaráis um chosaint tomhaltóirí, a léireoidh a struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin. I bhfeidhmiú a gcúraimí dóibh, ba cheart do gach údarás inniúil rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, eadhon le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha i gcás ina ndéantar na rialacha comhchuibhithe do thimpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne lena n-éascaítear nuálaíocht, agus go háirithe na hoibleagáidí díchill chuí is infheidhme maidir le catagóirí éagsúla de sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, d’fhonn a áirithiú go ndéantar cearta bunúsacha, mar atá cumhdaithe sa Chairt, lena n-áirítear prionsabal na cosanta tomhaltóirí, a chosaint go héifeachtach. Ní cheanglaítear ar na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a chur de chúram ar údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht míreanna sonracha inneachair.

(110)

Mar gheall ar chineál na seirbhísí atá i gceist agus an réimse cothrománach oibleagáidí a thugtar isteach leis an Rialachán seo, ba cheart go sainaithneofaí údarás amháin a cheaptar chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm, agus i gcás inar gá, forfheidhmiú an Rialacháin seo mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i ngach Ballstát. I gcás ina gceaptar níos mó ná údarás inniúil amháin chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú, níor cheart ach údarás amháin sa Bhallstát sin a ainmniú mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha mar phointe teagmhála aonair maidir le gach ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo don Choimisiún, don Bhord, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha Ballstát eile, agus d’údaráis inniúla eile an Bhallstáit atá i gceist. Go háirithe, i gcás ina gcuirtear cúraimí faoin Rialachán seo ar iontaoibh údaráis inniúla i mBallstát ar leith, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha comhordú agus dul i gcomhar leis na húdaráis sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta chun a gcúraimí faoi seach a leagan amach agus gan dochar do mheasúnú neamhspleách na n-údarás inniúil eile. Cé nach mbeidh sé i gceist aon fhorordú ordlathach a dhéanamh ar údaráis eile agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla ábhartha uile rannpháirteach go héifeachtach agus ba cheart dó measúnú orthu a thuairisciú go tráthúil i gcomhthéacs an chomhair maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, sa bhreis ar na sásraí sonracha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le comhar ar an leibhéal Eorpach, ba cheart do na Ballstáit comhar a áirithiú freisin idir an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile arna n-ainmniú ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, trí uirlisí iomchuí amhail acmhainní a chomhthiomsú, tascfhórsaí comhpháirteacha, imscrúduithe comhpháirteacha agus sásraí cúnaimh fhrithpháirtigh.

(111)

Tá ról ríthábhachtach ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, chomh maith le húdaráis inniúla eile atá ainmnithe faoin Rialachán seo, chun éifeachtacht na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus baint amach a chuspóirí a áirithiú. Dá réir sin, is gá a áirithiú go bhfuil na hacmhainní is gá ag na húdaráis sin, lena n-áirítear acmhainní airgeadais agus daonna, chun maoirseacht a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha go léir a thagann faoina n-inniúlacht, ar mhaithe le saoránaigh uile an Aontais. I bhfianaise éagsúlacht na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus na húsáide a bhaineann siad as ardteicneolaíocht chun a seirbhísí a sholáthar, tá sé fíor-riachtanach freisin go mbeadh an líon riachtanach foirne agus saineolaithe ag a bhfuil sainscileanna agus ardacmhainní teicniúla ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus ag na húdaráis inniúla ábhartha agus go ndéanfaidh siad acmhainní airgeadais a bhainistiú go neamhspleách chun a gcúraimí a dhéanamh. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh i leibhéal na n-acmhainní méid, castacht agus an tionchar sochaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoina n-inniúlacht, chomh maith le raon feidhme a gcuid seirbhísí ar fud an Aontais. Tá an Rialachán seo gan dochar don deis atá ag na Ballstáit sásraí cistiúcháin a bhunú a bheidh bunaithe ar tháille mhaoirseachta a ghearrtar ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, sa mhéid go dtoibhítear í ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a bhfuil príomhbhunaíocht acu sa Bhallstát i dtrácht, go bhfuil sí teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun costais chomhall na gcúraimí arna dtabhairt do na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a chumhdach, agus na cúraimí arna dtabhairt don Choimisiún á n-eisiamh, agus go n-áirithítear trédhearcacht leordhóthanach maidir le táillí maoirseachta a ghearradh agus úsáid an táille mhaoirseachta sin.

(112)

Ba cheart do na húdaráis inniúla sin arna n-ainmniú faoin Rialachán seo feidhmiú faoi neamhspleáchas iomlán ó chomhlachtaí príobháideacha agus poiblí, gan an oibleagáid ná an fhéidearthacht chun treoracha a lorg nó a fháil, lena n-áirítear ón rialtas, agus gan dochar do na dualgais shonracha le dul i gcomhar le húdaráis inniúla eile, na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Bord agus an Coimisiún. Ar an lámh eile, níor cheart go gciallódh neamhspleáchas na n-údarás sin, nach mbeidís faoi réir - i gcomhréir le bunreachtanna náisiúnta agus gan gnóthachtáil chuspóirí an Rialacháin seo a chur i mbaol - sásraí cuntasachta comhréireacha maidir le gníomhaíochtaí ginearálta na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, amhail a gcaiteachas airgeadais nó tuairisciú do na parlaimintí náisiúnta. Níor cheart ach oiread go gcuirfeadh an ceanglas maidir le neamhspleáchas cosc ar athbhreithniú breithiúnach a fheidhmiú, ná ar an bhféidearthacht dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta eile nó tuairimí a mhalartú leo go rialta, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bainistithe géarchéime nó údaráis cosanta tomhaltóirí, i gcás inarb iomchuí, chun a chéile a chur ar an eolas faoi imscrúduithe atá ar siúl, gan difear a dhéanamh d’fheidhmiú a gcumhachtaí faoi seach.

(113)

Is féidir leis na Ballstáit feidhm mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó cúraimí sonracha a shannadh d’údarás náisiúnta atá ann cheana, chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú, ar choinníoll go gcloíonn aon údarás ceaptha den sórt sin leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i ndáil lena neamhspleáchas, mar shampla. Thairis sin, ní choisctear na Ballstáit i bprionsabal ó fheidhmeanna a chónascadh laistigh d’údarás reatha, i gcomhréir le dlí an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis na bearta sin, inter alia, bac a chur ar dhífhostú an Uachtaráin nó comhalta boird de chomhlacht coláisteach in údarás reatha roimh dhul in éag a dtéarmaí oifige, ar an bhforas amháin gur tharla athchóiriú institiúideach a bhaineann le feidhmeanna éagsúla a chumasc laistigh d’údarás amháin, in éagmais aon rialacha a ráthaíonn nach gcuireann dífhostuithe den sórt sin neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na gcomhaltaí sin i mbaol.

(114)

Ba cheart do na Ballstáit cumhachtaí leordhóthanacha agus bealaí chun imscrúdú agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, agus aon údarás inniúil eile arna ainmniú faoin Rialachán seo, i gcomhréir leis na cúraimí a thugtar dóibh. Áirítear leis sin an chumhacht atá ag údaráis inniúla bearta eatramhacha a ghlacadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás ina mbeadh riosca díobhála tromchúisí ann. Maidir le bearta eatramhacha den sórt sin, a bhféadfadh orduithe chun sárú líomhainte ar leith a fhoirceannadh nó a leigheas a bheith san áireamh iontu, níor cheart – nó go ndéanfar an cinneadh críochnaitheach – dul thar a bhfuil riachtanach chun a áirithiú go gcoiscfear díobháil thromchúiseach. Ba cheart na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith in ann go háirithe faisnéis a chuardach agus a fháil atá lonnaithe ina gcríocha, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe comhpháirteacha, agus aird chuí ar an bhfíoras gur cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát eile sin bearta formhaoirseachta agus forfheidhmithe a bhaineann le soláthraí faoi dhlínse Ballstáit eile nó an Choimisiúin a ghlacadh, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann le comhar trasteorann, nó, i gcás inarb infheidhme, gur cheart don Choimisiún iad a ghlacadh.

(115)

Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha agus na teorainneacha mionsonraithe i gcomhair fheidhmiú cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, agus údarás inniúil eile i gcás inarb ábhartha, faoin Rialachán seo, a leagan amach ina ndlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais agus go háirithe an Rialachán seo agus an Chairt.

(116)

Le linn do na cumhachtaí sin a bheith á bhfeidhmiú, ba cheart do na húdaráis inniúla sin na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le nósanna imeachta agus ábhair a chomhlíonadh, amhail an gá do réamhúdarú breithiúnach chun dul isteach in áitreabh áirithe agus i gcomhair pribhléid ghairmiúil dlí. Ba cheart do na forálacha sin a áirithiú, go háirithe, go mbeidh urraim do na cearta bunúsacha maidir le leigheas éifeachtach agus triail chóir, lena n-áirítear cearta cosanta, agus an ceart le hurraim a thabhairt don saol príobháideach. I dtaca leis sin, d’fhéadfadh na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i ndáil le himeachtaí an Choimisiúin de bhun an Rialacháin seo a bheith mar phointe tagartha iomchuí. Ba cheart nós imeachta roimh ré, cóir agus neamhchlaonta a ráthú sula nglactar le haon chinneadh críochnaitheach, lena n-áirítear ceart éisteachta do na daoine lena mbaineann, agus an ceart le rochtain a fháil ar an gcomhad, fad is a bhíonn urraim do rúndacht ghairmiúil agus gnó, chomh maith leis an oibleagáid chun cúiseanna bríocha a thabhairt ar na cinntí. Níor cheart go gcoiscfí leis seo cearta a ghlacadh, áfach, i gcásanna práinne a bhfuil bunús iomchuí leo agus faoi réir coinníollacha agus socruithe nós imeachta iomchuí. Ba cheart don fheidhmiú cumhachta a bheith comhréireach freisin, inter alia, le cineál an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta agus leis an díobháil iarbhír nó fhéideartha fhoriomlán a tharla de bharr an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta. Ba cheart do na húdaráis inniúla fíorais agus cúinsí ábhartha uile an cháis a chur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ag údaráis inniúla i mBallstáit eile.

(117)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir smachtbhannaí a ghearradh de bharr sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus é sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe á gcur san áireamh, i bhfianaise an leasa phoiblí arna shaothrú, raon feidhme agus chineál na ngníomhaíochtaí a rinneadh, chomh maith le hacmhainn eacnamaíoch an tsáraitheora. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh leis na pionóis cibé a mhainníonn nó nach mainníonn an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann a oibleagáidí a thagann ón Rialachán seo a chomhlíonadh go córasach nó arís agus arís eile, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, líon faighteoirí na seirbhíse a ndéantar difear dóibh, cineál an tsáraithe a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí agus cibé atá nó nach bhfuil an soláthraí gníomhach i roinnt Ballstát. I gcás ina bhforáiltear leis an Rialachán seo d’uasmhéid fíneálacha nó d’íocaíocht phionósach thréimhsiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an uasmhéid sin in aghaidh gach sáraithe ar an Rialachán seo agus gan dochar do mhodhnú na bhfíneálacha nó na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i gcás sáruithe sonracha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i ngach cás ar leith go mbeadh forchur fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i ndáil le sáruithe éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach trí rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus na critéir maidir leis na coinníollacha ginearálta i dtaca leis na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur á gcur san áireamh.

(118)

Chun forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí ionadaíocha a bheith in ann aon ghearán a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a leagtar síos sa Rialachán seo a thaisceadh leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa chríoch ina bhfuair siad an tseirbhís, gan dochar do rialacha an Rialacháin seo maidir le leithdháileadh inniúlachtaí ná do na rialacha is infheidhme maidir le gearáin a láimhseáil i gcomhréir le prionsabail náisiúnta an dea-riaracháin. D’fhéadfadh gearáin léargas dílis a thabhairt ar ábhar imní a bhaineann le comhlíontacht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí áirithe agus, ina theannta sin, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chur ar an eolas faoi aon saincheisteanna trasghearrtha eile. Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha leas a bhaint freisin as údaráis náisiúnta inniúla eile chomh maith le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha as Ballstát eile, agus go háirithe Comhordaitheoir de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann bunaithe, má éilítear comhar trasteorann maidir leis an tsaincheist.

(119)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bearta a dhéanamh atá éifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe tromchúiseacha agus comhsheasmhacha áirithe ar an Rialachán seo agus atá i gcomhréir leis na sáruithe sin. Go háirithe i gcás inar féidir leis na bearta sin difear a dhéanamh do chearta agus leasanna tríú páirtithe, de réir mar a bheidh go háirithe i gcás ina bhfuil an rochtain ar chomhéadain ar líne srianta, is iomchuí a cheangal go mbeadh na bearta faoi réir coimircí breise. Go háirithe, ba cheart deis éisteachta a thabhairt do thríú páirtithe dá bhféadfaí difear a dhéanamh agus níor cheart orduithe den sórt sin a eisiúint ach amháin nuair nach bhfuil na cumhachtaí chun bearta den sórt sin a ghlacadh ar fáil go réasúnach, mar a fhoráiltear le gníomhartha eile de dhlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, mar shampla chun leasanna comhchoiteanna tomhaltóirí a chosaint, lena áirithiú go mbaintear go tapa leathanaigh ghréasáin ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí nó ina bhfuil pornagrafaíocht leanaí á scaipeadh, nó chun rochtain ar sheirbhísí atá á n-úsáid ag tríú páirtí chun ceart maoine intleachtúla a shárú, a dhíchumasú.

(120)

Níor cheart d’ordú den sórt sin chun rochtain a shrianadh dul thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach. Chun na críche sin, ba cheart dó a bheith sealadach agus ba cheart i bprionsabal é a chur faoi bhráid soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, amhail an soláthraí seirbhíse óstála, an soláthraí seirbhíse idirlín nó an clár fearainn nó an cláraitheoir ábhartha, atá in ann go réasúnach an cuspóir sin a bhaint amach gan srianadh míchuí a chur ar rochtain ar fhaisnéis dhlíthiúil.

(121)

Gan dochar do na forálacha maidir leis an díolúine ó dhliteanas, dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ndáil leis an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a stóráiltear arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse, ba cheart soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a bheith faoi dhliteanas i leith na ndamáistí a bhain d’fhaighteoirí na seirbhíse arb iad sárú ar na hoibleagáidí arna leagan amach sa Rialachán seo ag an soláthraí sin ba chúis leo. Ba cheart an cúiteamh sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa dlí náisiúnta is infheidhme agus gan dochar d’fhéidearthachtaí eile maidir le sásamh atá ar fáil faoi na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí.

(122)

Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a fhoilsiú go rialta, ar a shuíomh gréasáin mar shampla, maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart an tuarascáil a fhoilsiú i bhformáid atá inléite ag meaisín agus ba cheart forléargas a bheith inti ar na gearáin a fuarthas agus ar an obair leantach a rinneadh orthu, amhail líon foriomlán na ngearán a fuarthas agus líon na ngearán as ar tháinig imscrúdú foirmiúil a oscailt nó tarchur chuig Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile, gan tagairt a dhéanamh do shonraí pearsanta ar bith. Ós rud é gur gcuirtear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar an eolas freisin maidir le horduithe chun beart a dhéanamh i gcoinne inneachar neamhdhleathach nó chun faisnéis a chur ar fáil arna rialú ag an Rialachán seo tríd an gcóras comhroinnte faisnéise, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha líon agus catagóirí orduithe den sórt sin arna gcur faoi bhráid soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha arna n-eisiúint ag údaráis bhreithiúnacha agus riaracháin ina Bhallstát a áireamh ina thuarascáil bhliantúil.

(123)

Ar mhaithe le soiléireacht, simplíocht agus éifeachtacht, ba cheart na cumhachtaí chun maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iad a fhorfheidhmiú a thabhairt do na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an soláthraí ina ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú. I dtaca le soláthraithe nach bhfuil bunaithe san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas agus, dá bhrí sin, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart inniúlacht a bheith ag an mBallstát inar cheap na soláthraithe sin a n-ionadaí dlí, ag tabhairt feidhm ionadaithe dlí faoin Rialachán seo san áireamh. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ba cheart, áfach, go mbeadh inniúlacht ag gach Ballstát nó ag an gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme, i leith soláthraithe a mhainnigh ionadaí dlíthiúil a ainmniú. Féadfaidh aon cheann de na húdaráis inniúla nó an Coimisiún an inniúlacht sin a fheidhmiú, ar choinníoll nach mbeidh an soláthraí faoi réir imeachtaí forfheidhmithe i leith na bhfíoras céanna ag údarás inniúil eile nó ag an gCoimisiún. Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal ne bis in idem, agus go háirithe chun a sheachaint go ngearrfar smachtbhannaí níos mó ná uair amháin ar an sárú céanna ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart do gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige a inniúlacht a fheidhmiú i leith na soláthraithe sin na húdaráis eile go léir, lena n-áirítear an Coimisiún, a chur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a bhunaítear chun críocha an Rialacháin seo.

(124)

I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu agus na ndúshlán a bhaineann le maoirseacht éifeachtach a dhéanamh orthu, tá gá le rialacha speisialta maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus le soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Ba cheart don Choimisiún a bheith freagrach, le tacaíocht ó údaráis inniúla náisiúnta i gcás inarb ábhartha, as formhaoirseacht agus forfheidhmiú poiblí saincheisteanna sistéamacha, amhail saincheisteanna a bhfuil tionchar leathan acu ar chomhleasanna fhaighteoirí na seirbhíse. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí eisiacha a bheith ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí breise maidir le rioscaí sistéamacha a bhainistiú a fhorchuirtear ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne leis an Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh cumhachtaí eisiacha an Choimisiúin gan dochar do chúraimí áirithe riaracháin arna sannadh leis an Rialachán seo d’údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta, amhail grinnfhiosrúchán taighdeoirí.

(125)

Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla náisiúnta na cumhachtaí a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí díchill chuí, seachas na hoibleagáidí breise sin maidir le rioscaí sistéamacha a bhainistiú a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a chomhroinnt idir an Coimisiún agus na húdaráis inniúla náisiúnta. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh an Coimisiún a bheith i riocht níos fearr, in a lán cásanna, chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe sistéamacha a dhéanann na soláthraithe sin, amhail sáruithe a dhéanann difear do roinnt Ballstát nó sáruithe tromchúiseacha arís agus arís eile nó maidir le mainneachtain sásraí éifeachtacha a cheanglaítear leis an Rialachán seo a bhunú. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe a bheith i riocht níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe aonair arna ndéanamh ag na soláthraithe sin, nach mbaineann aon saincheisteanna sistéamacha ná trasteorann leo. Ar mhaithe le héifeachtúlacht, chun dúbláil a sheachaint agus chun comhlíonadh phrionsabal ne bis in idem a áirithiú, ba cheart gur faoin gCoimisiún a bheadh sé a mheas más dóigh leis gurb iomchuí na hinniúlachtaí comhroinnte sin a fheidhmiú i gcás ar leith agus, a luaithe a thionscnóidh sé imeachtaí, níor cheart go mbeadh na Ballstáit in ann é sin a dhéanamh a thuilleadh. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus leis an gCoimisiún araon, agus ba cheart don Choimisiún comhoibriú go dlúth leis na Ballstáit, chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas maoirseachta agus forfheidhmithe a chuirtear ar bun leis an Rialachán seo ar bhealach rianúil agus éifeachtach.

(126)

Ba cheart rialacha an Rialacháin seo maidir le leithdháileadh inniúlachta a bheith gan dochar d’fhorálacha dhlí an Aontais agus do rialacha náisiúnta maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach a bhaineann le dlínse agus leis an dlí is infheidhme in ábhair shibhialta agus thráchtála, amhail imeachtaí a thionscnaíonn tomhaltóirí i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí orthu i gcomhréir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais. Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán seo ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun an t-údarás eisiúna a chur ar an eolas faoin éifeacht a thugtar do na horduithe chun gníomhú i gcoinne inneachar neamhdhleathach agus do na horduithe chun faisnéis a sholáthar, is maidir le maoirseacht ar fhorfheidhmiú na n-oibleagáidí sin amháin gur cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir le leithdháileadh inniúlachta agus níor cheart feidhm a bheith acu maidir le hábhair eile a bhaineann leis an ordú, amhail an inniúlacht chun an t-ordú a eisiúint.

(127)

I bhfianaise ábharthacht trasteorann agus trasearnála na seirbhísí idirghabhálacha, tá gá le hardleibhéal comhair chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go mbeidh fáil ar fhaisnéis ábhartha chun cúraimí forfheidhmithe a fheidhmiú tríd an gcóras comhroinnte faisnéise. Féadfaidh an comhar a bheith i bhfoirmeacha éagsúla ag brath ar na saincheisteanna atá i gceist, gan dochar do chleachtaí sonracha imscrúdaithe chomhpháirtigh. Is gá i gcás ar bith go gcuirfeadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de chuid an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile ar an eolas maidir le saincheisteanna, imscrúduithe agus gníomhaíochtaí a dhéanfar maidir le soláthraí den sórt sin. Thairis sin, i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha ag údarás inniúil i mBallstát le haghaidh imscrúdú arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta, nó i gcás ina bhfuil sé in ann faisnéis den sórt sin atá lonnaithe ina chríoch a bhailiú, ar faisnéis í nach bhfuil rochtain ag na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta uirthi, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe cúnamh tráthúil a thabhairt don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, lena n-áirítear trína chumhachtaí imscrúdaithe a fheidhmiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme agus leis an gCairt. Ba cheart do sheolaí beart imscrúdaithe den sórt sin iad a chomhlíonadh agus a bheith faoi dhliteanas i gcás nach gcomhlíontar iad, agus ba cheart do na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a bheith in ann brath ar an bhfaisnéis a bailíodh trí chúnamh frithpháirteach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

(128)

Ba cheart go mbeadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe, go háirithe ar bhonn gearáin a fhaightear nó ionchur ó údaráis inniúla náisiúnta eile i gcás inarb iomchuí, nó an Bord i gcás saincheisteanna a bhaineann le trí Bhallstát ar a laghad, in ann a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta gníomhaíochtaí imscrúdaithe nó forfheidhmithe a dhéanamh maidir le soláthraí faoina inniúlacht. Ba cheart iarrataí den sórt sin ar ghníomhaíocht a bheith bunaithe ar fhianaise a bhfuil bunús maith léi a léiríonn go bhfuil sárú líomhnaithe ann a bhfuil tionchar diúltach aige ar chomhleasanna na seirbhíse ina Ballstát nó a bhfuil tionchar diúltach aige ar an tsochaí. Ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a bheith in ann brath ar chúnamh frithpháirteach nó iarraidh ar Chomhordaitheoir iarrthach Seirbhísí Digiteacha teacht chuig imscrúdú comhpháirteach i gcás ina bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh, gan dochar don deis a iarraidh ar an gCoimisiún an cheist a mheas má tá cúis aige a bheith in amhras go bhféadfadh sárú sistéamach ag ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bheith idir chamáin.

(129)

Ba cheart don Bhord a bheith in ann an cheist a tharchur chuig an gCoimisiún i gcás ina mbeadh easaontas ann maidir leis na measúnuithe nó na bearta a rinneadh nó atá beartaithe nó maidir le mainneachtain aon bhearta a ghlacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo tar éis iarraidh ar chomhar trasteorann nó imscrúdú comhpháirteach a dhéanamh. I gcás ina measann an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag na húdaráis lena mbaineann, nach féidir leis na bearta atá beartaithe, lena n-áirítear an leibhéal fíneálacha atá beartaithe, forfheidhmiú éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, dá réir sin, a bheith in ann a mhóramhras a chur in iúl agus a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha inniúil athmheasúnú a dhéanamh ar an ábhar agus na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo laistigh de thréimhse shainithe. Tá an fhéidearthacht seo gan dochar do dhualgas ginearálta an Choimisiúin chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm, agus i gcás inar gá, forfheidhmiú dlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na Conarthaí.

(130)

Chun maoirseacht agus imscrúduithe trasteorann ar oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, a bhfuil baint ag roinnt Ballstát leo, a éascú, ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a bheith in ann, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise, a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile teacht chuig imscrúdú comhpháirteach maidir le sárú líomhainte ar an Rialachán seo. Ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile, agus d’údaráis inniúla eile i gcás inarb iomchuí, a bheith in ann páirt a ghlacadh san imscrúdú arna bheartú ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, ach amháin má mheasann an Comhordaitheoir sin go bhféadfadh líon iomarcach údarás rannpháirteach difear a dhéanamh d’éifeachtacht an imscrúdaithe, agus gnéithe an tsáraithe líomhainte agus an easpa éifeachtaí díreacha ar fhaighteoirí na seirbhíse sna Ballstáit sin á gcur san áireamh. Féadfar a áireamh i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha imscrúdaithe gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le comhordú ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, i gcomhréir le hinfhaighteacht na n-údarás rannpháirteach, amhail cleachtaí comhordaithe bailithe sonraí, comhthiomsú acmhainní, tascfhórsaí, iarrataí comhordaithe ar fhaisnéis nó cigireachtaí comhchoiteanna ar áitribh. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile a bhíonn rannpháirteach san imscrúdú comhpháirteach comhoibriú leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, lena n-áirítear a gcumhachtaí imscrúdaithe a fheidhmiú laistigh dá gcríoch, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme. Ba cheart an t-imscrúdú comhpháirteach a thabhairt i gcrích laistigh de thréimhse ama ar leith le tuarascáil deiridh, agus rannchuidiú na n-údarás inniúil uile atá rannpháirteach á chur san áireamh. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Bord, i gcás ina n-iarrfaidh ar a laghad triúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe é, a mholadh don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta imscrúdú comhpháirteach den sórt sin a thionscnamh agus tásca a thabhairt maidir lena eagrú. Chun dúsháinneacha a sheachaint, ba cheart go mbeadh an Bord in ann an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún i gcásanna sonracha, lena n-áirítear i gcásanna ina ndiúltaíonn an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-imscrúdú a sheoladh agus i gcás nach n-aontaíonn an Bord leis an mbonn cirt a tugadh.

(131)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach, is gá grúpa comhairleach neamhspleách a bhunú ar leibhéal an Aontais, Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, ar cheart dó tacaíocht a thabhairt don Choimisiún agus cuidiú chun gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chomhordú. Ba cheart don Bhord a bheith comhdhéanta de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, i gcás inar ceapadh iad, gan dochar don fhéidearthacht go dtabharfadh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha cuireadh ina chruinnithe do thoscairí ad hoc ó údaráis inniúla eile a bhfuil iontaoibh orthu i leith cúraimí sonracha faoin Rialachán seo nó go gceapfaidís toscairí ad hoc, i gcás ina bhfuil gá leis sin de bhun a leithdháilte náisiúnta cúraimí agus inniúlachtaí. I gcás rannpháirtithe iomadúla ó Bhallstát amháin, ba cheart go mbeadh an ceart vótála fós teoranta d’ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit.

(132)

Ba cheart don Bhord rannchuidiú le dearcadh comhchoiteann a bhaint amach san Aontas maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus leis an gcomhar i measc údaráis inniúla, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar an gComhairle agus ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le himscrúdú iomchuí agus bearta forfheidhmithe, go háirithe maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus ag féachaint, go háirithe, don tsaoirse atá ag na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais. Ba cheart don Bhord rannchuidiú freisin le teimpléid agus cóid iompair a dhréachtú agus le hanailís a dhéanamh ar threochtaí ginearálta atá ag teacht chun cinn i bhforbairt seirbhísí digiteacha san Aontas, lena n-áirítear trí thuairimí nó moltaí a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le caighdeáin.

(133)

Chun na críche sin, ba cheart don Bhord a bheith in ann glacadh le tuairimí, le hiarrataí agus le moltaí arna gcur faoi bhráid Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile. Cé nach bhfuil sé ceangailteach ó thaobh dlí de, ba cheart an cinneadh chun atreorú uaidh sin a mhíniú i gceart agus d’fhéadfadh an Coimisiún é a thabhairt san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhlíontacht na mBallstát lena mbaineann leis an Rialachán seo.

(134)

Ba cheart don Bhord ionadaithe na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile féideartha a thabhairt le chéile faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, d’fhonn measúnú a áirithiú ar ábhair arna sheoladh isteach chuige i ngné iomlán Eorpach. I bhfianaise gnéithe cothrománacha féideartha a bhféadfadh ábharthacht a bheith leo i gcomhair creataí rialála eile ar leibhéal an Aontais, ba cheart deis a thabhairt don Bhord dul i gcomhar le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a bhfuil freagracht orthu i réimsí amhail comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, agus neamh-idirdhealú, cosaint sonraí, cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc, calaoisí in aghaidh bhuiséad an Aontais a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a bhaineann le dleachtanna custaim, cosaint tomhaltóirí, nó dlí na hiomaíochta, de réir mar is gá chun a chúraimí a fheidhmiú.

(135)

Ba cheart don Choimisiún, tríd an gCathaoirleach, a bheith rannpháirteach sa Bhord gan cearta vótála. Tríd an gCathaoirleach, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go leagtar síos clár oibre do na cruinnithe i gcomhréir le hiarrataí chomhaltaí an Bhoird mar a leagtar síos sna rialacha nós imeachta agus i gcomhréir le dualgais an Bhoird mar a leagtar síos sa Rialachán seo.

(136)

I bhfianaise an ghá atá ann tacaíocht a áirithiú do ghníomhaíochtaí an Bhoird, ba cheart don Bhord a bheith in ann brath ar shaineolas agus ar acmhainní daonna an Choimisiúin agus na n-údarás náisiúnta inniúil. Ba cheart socruithe oibríochtúla sonracha i gcomhair fheidhmiú inmheánach an Bhoird a shonrú a thuilleadh i rialacha nós imeachta an Bhoird.

(137)

Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, i bhfianaise a rochtana agus a dtionchair, d’fhéadfaí difear a dhéanamh do líon suntasach faighteoirí seirbhísí i mBallstáit éagsúla agus d’fhéadfadh díobhálacha móra sochaíocha a bheith i gceist má chliseann orthu na hoibleagáidí sonracha is infheidhme maidir leo a chomhlíonadh, agus d’fhéadfadh clistí den sórt sin a bheith an-chasta le sainaithint agus le haghaidh a thabhairt orthu. Ar an gcúis sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, saineolas agus inniúlachtaí an Aontais a fhorbairt maidir leis an maoirseacht a dhéantar ar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann saineolas agus acmhainní na n-údarás sin a chomhordú, agus brath orthu, mar shampla trí anailís a dhéanamh, ar bhonn buan nó sealadach, ar threochtaí sonracha nó ar shaincheisteanna a thagann chun cinn maidir le ceann amháin de na hardán an-mhór ar líne nó na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, nó níos mó ná sin. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis an gCoimisiún chun cumais den sórt sin a fhorbairt, lena n-áirítear trí phearsanra a thabhairt ar iasacht i gcás inarb iomchuí, agus trí rannchuidiú le hacmhainn choiteann mhaoirseachta de chuid an Aontais a chruthú. Chun saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint freisin as saineolas agus as cumais na Faireachlainne maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne arna bunú le Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2018 maidir leis an ngrúpa saineolaithe a chur ar bun don Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne, sainchomhlachtaí ábhartha, chomh maith le hionaid barr feabhais. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu, lena n-áirítear go háirithe taighdeoirí grinnfhiosraithe, d’ionadaithe ó ghníomhaireachtaí agus ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, d’ionadaithe tionscail, do chomhlachais a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí nó ar an tsochaí shibhialta, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, do shaineolaithe ón earnáil phríobháideach, chomh maith le geallsealbhóirí eile.

(138)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar a thionscnamh féin ar sháruithe i gcomhréir leis na cumhachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí rochtain ar shonraí a iarraidh, trí fhaisnéis a iarraidh nó trí chigireachtaí a dhéanamh, agus trí bhrath ar thacaíocht na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha. I gcás ina léirítear leis an maoirseacht a dhéanann na húdaráis náisiúnta inniúla ar sháruithe líomhnaithe aonair ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, go bhfuil saincheisteanna sistéamacha ann, amhail saincheisteanna a bhfuil tionchar leathan acu ar chomhleasanna fhaighteoirí na seirbhíse, ba cheart do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a bheith in ann, ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe, na saincheisteanna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart a bheith san iarraidh sin, ar a laghad, na fíorais agus na himthosca uile is gá a thacaíonn leis an sárú líomhainte agus lena chineál sistéamach. Ag brath ar thoradh a mheasúnaithe féin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, imscrúdú a sheoladh nó bearta eatramhacha a ghlacadh.

(139)

Chun a chúraimí a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart don Choimisiún corrlach lánroghnach a choimeád maidir leis an gcinneadh imeachtaí a thionscnamh in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne. A luaithe is a thionscnaíonn an Coimisiún na himeachtaí, ba cheart cosc a chur ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena mbaineann a gcumhachtaí iniúchta agus forfheidhmithe a fheidhmiú i leith iompar bainteach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chun dúbláil, neamhréireachtaí agus rioscaí ó dhearcadh an phrionsabail ne bis in idem a sheachaint. Ba cheart, áfach, don Choimisiún a bheith in ann rannchuidiú aonair nó comhpháirteach san imscrúdú a iarraidh ar Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha. I gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dhícheall a dhéanamh chun iarrataí comhréireacha ón gCoimisiún a bhfuil bonn cirt leo a chomhlíonadh i gcomhthéacs imscrúdaithe. Ina theannta sin, ba cheart don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, mar aon leis an mBord agus aon Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis agus an cúnamh uile is gá a chur ar fáil don Choimisiún chun go mbeidh sé in ann a chúraimí a chur i gcrích go héifeachtach, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú i gcomhthéacs bailiú sonraí nó cleachtaí rochtana ar shonraí, sa mhéid nach n-eisiatar sin leis an mbunús dlí ar dá réir a bailíodh an fhaisnéis. Os a choinne sin, ba cheart don Choimisiún an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus an Bord a choinneáil ar an eolas maidir le feidhmiú a chumhachtaí agus go háirithe nuair atá rún aige an t-imeacht a thionscnamh agus a chumhachtaí imscrúdaithe a fheidhmiú. Thairis sin, nuair a chuireann an Coimisiún a réamhchinnti in iúl do na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó do na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, lena n-áirítear aon ní a chuireann sé ina aghaidh, ba cheart dó iad a chur in iúl don Bhord freisin. Ba cheart don Bhord a thuairimí a thabhairt ar na hagóidí agus ar an measúnú a rinne an Coimisiún, agus ba cheart don Choimisiún an tuairim sin a chur san áireamh sa réasúnú is bonn leis an gcinneadh críochnaitheach ón gCoimisiún.

(140)

I bhfianaise na ndúshlán áirithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus iarracht á déanamh chun comhlíontacht soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a áirithiú agus an tábhacht a bhaineann leis sin a dhéanamh go héifeachtach, agus a méid agus a dtionchar agus na díobhálacha a d’fhéadfaidís a chruthú á gcur san áireamh, ba cheart roinnt cumhachtaí láidre imscrúdaithe agus forfheidhmithe a bheith ag an gCoimisiún ionas go mbeifear in ann imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo, agus urraim iomlán don cheart bunúsach éisteacht a fháil agus rochtain a bheith ann ar an gcomhad i gcomhthéacs na n-imeachtaí forfheidhmithe, do phrionsabal na comhréireachta agus do chearta agus leasanna na bpáirtithe dá ndéantar difear.

(141)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an fhaisnéis is gá a iarraidh chun cur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí sin a áirithiú ar fud an Aontais. Go háirithe, ba cheart go mbeadh rochtain ag an gCoimisiún ar aon doiciméid, sonraí agus faisnéis ábhartha is gá chun iniúchtaí a oscailt agus a reáchtáil agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo, gan beann ar cén duine a bhfuil na doiciméid ina sheilbh, na sonraí nó an fhaisnéis atá i gceist, agus gan beann ar a bhfoirm nó a bhformáid, an bealach a stóráiltear iad, nó an áit bheacht ina stóráiltear iad. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal go díreach, trí iarraidh chuí-réasúnaithe ar fhaisnéis, go ndéanfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile atá ag gníomhú chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, lena ngnó, lena gceird nó lena ngairm agus a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas le réasún faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta nó leis an sárú, de réir mar is infheidhme, aon fhianaise, sonraí agus faisnéis ábhartha a sholáthar. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó aon údarás, comhlacht nó gníomhaireacht phoiblí laistigh den Bhallstát chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a cheangal go mbeadh rochtain agus mínithe ag teastáil trí chumhachtaí imscrúdaithe a fheidhmiú, amhail iarrataí ar fhaisnéis nó agallaimh, a bhaineann le doiciméid, sonraí, faisnéis, bunachair sonraí agus algartaim daoine ábhartha, agus agallamh a chur, le toiliú uathu, ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhféadfadh faisnéis úsáideach a bheith acu agus na ráitis a dhéantar a thaifeadadh trí aon mhodh teicniúil. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun tabhairt faoi imscrúduithe den sórt sin de réir mar is gá chun na forálacha ábhartha den Rialachán seo a fhorfheidhmiú. Tá sé mar aidhm ag na cumhachtaí imscrúdaitheacha sin a bheith comhlántach leis an bhféidearthacht don Choimisiún cúnamh a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údaráis Ballstát eile, mar shampla trí fhaisnéis a sholáthar nó i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin.

(142)

Is féidir le bearta eatramhacha a bheith ina n-uirlis thábhachtach lena áirithiú, cé go bhfuil imscrúdú ar siúl, nach mbeidh an sárú atá á imscrúdú ina chúis le damáiste tromchúiseach d’fhaighteoirí na seirbhíse. Is uirlis thábhachtach iad chun forbairtí a sheachaint, ar forbairtí iad ar dheacair iad a aisiompú le cinneadh ón gCoimisiún i ndeireadh na n-imeachtaí. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, chun bearta idirlinne a fhorchur le cinneadh i gcomhthéacs imeachtaí a thionscnaítear d’fhonn go bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcumhacht sin i gcásanna ina bhfuil cinneadh prima facie déanta ag an gCoimisiún gur sháraigh soláthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne oibleagáidí faoin Rialachán seo. Níor cheart feidhm a bheith ag cinneadh lena bhforchuirtear bearta idirlinne ach ar feadh tréimhse shonraithe, go dtí go dtabharfaidh an Coimisiún na himeachtaí i gcrích, sin nó go ceann tréimhse shocraithe ar féidir í a athnuachan a mhéid is gá agus is iomchuí.

(143)

Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I measc na ngníomhaíochtaí sin, ba cheart an cumas saineolaithe neamhspleácha seachtracha, agus iniúchóirí, a cheapadh a bheith san áireamh chun cabhrú leis an gCoimisiún sa phróiseas sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát, amhail údaráis um chosaint sonraí nó um chosaint tomhaltóirí. Agus iniúchóirí á gceapadh ag an gCoimisiún, ba cheart dó uainíocht leordhóthanach a áirithiú.

(144)

Ba cheart don chomhlíontacht leis na hoibleagáidí ábhartha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith in-fhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí pionóis tréimhsiúla. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leagan síos freisin i dtaca le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí agus le sárú ar na rialacha nós imeachta faoi réir tréimhsí teorann iomchuí, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus ne bis in idem. Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ábhartha a n-iarrachtaí forfheidhmithe a chomhordú chun a áirithiú go n-urramófar na prionsabail sin. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún aon fhíneálacha agus aon phionóis a fhorchuirtear ar an duine dlítheanach céanna i leith na bhfíoras céanna a chur san áireamh trí chinneadh críochnaitheach in imeachtaí a bhaineann le sárú ar rialacha eile de chuid an Aontais nó ar rialacha náisiúnta, chun a áirithiú go bhfuil na fíneálacha agus na pionóis fhoriomlána arna bhforchur comhréireach agus go bhfreagraíonn siad do thromchúis na sáruithe a rinneadh. Beidh gach cinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le CFAE. Ba cheart dlínse neamhtheoranta a bheith ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE.

(145)

I bhfianaise na n-éifeachtaí suntasacha sochaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag sárú na n-oibleagáidí breise chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le hardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne agus chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin maidir le beartas poiblí, is gá foráil a dhéanamh maidir le córas feabhsaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéantar chun sáruithe ar an Rialachán seo a fhoirceannadh agus a leigheas go héifeachtach. Dá bhrí sin, a luaithe a dhearbhaítear sárú ar cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo nach bhfuil feidhm acu ach amháin maidir le hardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne agus, i gcás inar gá, a ghearrtar smachtbhanna mar thoradh ar an sárú sin, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar sholáthraí an ardáin sin nó an innill cuardaigh sin plean gníomhaíochta mionsonraithe a tharraingt chun éifeacht an tsáraithe amach anseo a leigheas agus an plean gníomhaíochta sin a chur in iúl laistigh d’amlíne arna socrú ag an gCoimisiún, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord. Ba cheart don Choimisiún, agus tuairim an Bhoird á cur san áireamh aige, a shuíomh an leor na bearta a áirítear sa phlean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an sárú, agus é á chur san áireamh aige freisin an áirítear nó nach n-áirítear i measc na mbeart atá beartaithe cloí leis an gcód iompair ábhartha. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh freisin ar aon bheart a dhéanann soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann mar a leagtar amach ina phlean gníomhaíochta, agus iniúchadh neamhspleách ar an soláthraí á chur san áireamh freisin. Más rud é, tar éis chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, go measann an Coimisiún fós nár leigheasadh an sárú ina iomláine, nó murar cuireadh an plean gníomhaíochta ar fáil nó má mheastar nach bhfuil sé oiriúnach, ba cheart dó a bheith in ann aon chumhachtaí imscrúdaithe nó forfheidhmithe a úsáid de bhun an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chumhacht chun íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus tús a chur leis an nós imeachta chun rochtain ar an tseirbhís sháraitheach a dhíchumasú.

(146)

Ba cheart deis a thabhairt do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus daoine eile atá faoi réir fheidhmiú cumhachta an Choimisiúin a bhféadfaí difear a dhéanamh dá leasanna mar gheall ar chinneadh, a mbarúlacha a sheoladh isteach roimh ré, agus ba cheart na cinntí a ghlactar a phoibliú go forleathan. Agus cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann á n-áirithiú, go háirithe, an ceart rochtana ar an gcomhad, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí faisnéis rúnda a chosaint. Thairis sin, agus rúndacht na faisnéise á hurramú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go nochtar aon fhaisnéis a mbraitear uirthi chun críche a chinnidh a mhéid is a cheadaíonn do sheolaí an chinnidh na fíorais agus na breithnithe ba chúis leis an gcinneadh a thuiscint.

(147)

Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhchuibhithe an Rialacháin seo a choimirciú, beidh sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear na cúirteanna náisiúnta, chun a áirithiú nach dtagann a gcinntí salach ar chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo. Tá sé sin gan dochar d’Airteagal 267 CFAE.

(148)

Chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus chun faireachán a dhéanamh air, tá gá le malartú faisnéise fíor-ama leanúnach idir na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Bord agus an Coimisiún, bunaithe ar na sreabha faisnéise agus ar na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo. D’fhéadfadh sé gur ghá d’údaráis inniúla eile rochtain a bheith acu ar an gcóras sin freisin, i gcás inarb iomchuí. Ag an am céanna, ós rud é go bhféadfadh an fhaisnéis a mhalartófar a bheith rúnda nó go bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith i gceist léi, ba cheart an fhaisnéis sin a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, i gcomhréir leis na cuspóirí ar chucu a bailíodh an fhaisnéis. Ar an gcúis sin, ba cheart gach cumarsáid idir na húdaráis sin a dhéanamh ar bhonn córas iontaofa slán comhroinnte faisnéise, ar cheart a mhionsonraí a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme. Féadfaidh an córas comhroinnte faisnéise a bheith bunaithe ar uirlisí an mhargaidh inmheánaigh atá ann cheana, a mhéid is féidir leo cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh ar bhealach cost-éifeachtúil.

(149)

Gan dochar do chearta faighteoirí seirbhísí dul i dteagmháil le hionadaí i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) nó aon chineál ionadaíochta eile faoin dlí náisiúnta, ba cheart an ceart a bheith ag faighteoirí seirbhísí sainordú a thabhairt do dhuine dlítheanach nó do chomhlacht poiblí a gcearta, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, a fheidhmiú. D’fhéadfaí a áireamh sna cearta sin, cearta maidir le fógraí a chur isteach, agóid a dhéanamh maidir leis na cinntí a dhéanann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, agus gearáin a thaisceadh in aghaidh na soláthraithe as an Rialachán seo a shárú. Tá saineolas agus inniúlacht ar leith ag comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais áirithe maidir le cinntí um modhnóireacht inneachair earráidigh nó gan údar a bhrath agus a mharcáil, agus féadfaidh tionchar dearfach a bheith ag a ngearán thar ceann fhaighteoirí na seirbhíse ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i gcoitinne agus ba cheart, dá bhrí sin, do sholáthraithe ardán ar líne déileáil leis na gearáin sin gan moill mhíchuí.

(150)

Ar mhaithe le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht, ba cheart don Choimisiún meastóireacht ghinearálta a dhéanamh ar an Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart don mheastóireacht ghinearálta sin aghaidh a thabhairt, inter alia , ar raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar an idirghníomhú le gníomhartha dlíthiúla eile, ar thionchar an Rialacháin seo ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe maidir le seirbhísí digiteacha, cur chun feidhme na gcód iompair, an oibleagáid ionadaí dlíthiúil atá bunaithe san Aontas a ainmniú, éifeacht na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair, ar éifeachtacht an tsásra maoirseachta agus forfheidhmithe agus ar an tionchar ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ina theannta sin, chun ualaí díréireacha a sheachaint agus chun éifeachtacht leanúnach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide laistigh de thrí bliana ó thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus meastóireacht a dhéanamh ar raon feidhme na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe i gcás ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, agus ar an idirghníomhaíocht le gníomhartha dlíthiúla eile laistigh de thrí bliana ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(151)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha maidir le modhnóireacht inneachair, chun méid na táille maoirseachta bliantúla a ghearrfar ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a bhunú, socruithe praiticiúla do na himeachtaí a leagan síos, na héisteachtaí agus an nochtadh idirbheartaithe faisnéise a rinneadh i gcomhthéacs na maoirseachta, imscrúduithe, forfheidhmithe agus monatóireachta i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, chomh maith le socruithe praiticiúla agus oibríochtúla maidir le feidhmiú an chórais comhroinnte faisnéise agus a idir-inoibritheacht le córais ábhartha eile a leagan síos. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34).

(152)

Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i leith na gcritéar chun ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, na céimeanna nós imeachta, modheolaíochtaí agus teimpléid tuairiscithe le haghaidh na n-iniúchtaí agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh iarrataí ar rochtain a shainaithint agus an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus nós imeachtaí le haghaidh táille mhaoirseachta a shocrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (35). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(153)

Leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha a shainaithnítear sa Chairt agus na cearta bunúsacha ar phrionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais iad. Dá réir sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta bunúsacha sin, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chomh maith le saoirse agus iolrachas na meán. Le linn dóibh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart do gach údarás poiblí lena mbaineann, i gcásanna ina bhfuil coinbhleacht idir na cearta bunúsacha ábhartha, cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na cearta lena mbaineann, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

(154)

I bhfianaise raon feidhme agus thionchar na rioscaí sochaíocha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin mar ábhar tosaíochta agus ar acmhainneacht na soláthraithe na bearta is gá a dhéanamh, tá údar maith le teorainn a chur leis an tréimhse a mbeidh feidhm ag an Rialachán seo ina diaidh maidir le soláthraithe na seirbhísí sin.

(155)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú ina dtugtar cosaint do na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall nach féidir leo an comhchuibhiú agus an comhar is gá a bhaint amach trí fheidhmiú astu féin, agus, de bharr raon feidhme críochach agus pearsanta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(156)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) agus thug sé a thuairim uaidh an 10 Feabhra 2021 (37),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha trí rialacha comhchuibhithe a leagan amach do thimpeallacht ar líne atá sábháilte, intuartha agus iontaofa lena n-éascaítear nuálaíocht, agus ina ndéantar cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, lena n-áirítear prionsabal na cosanta tomhaltóirí, a chosaint go héifeachtach.

2.   Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le soláthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh aonair. Bunaítear leis, go háirithe:

(a)

creat i gcomhair díolúine choinníollach ó dhliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

(b)

rialacha maidir le hoibleagáidí sonracha an díchill chuí arna gcur in oiriúint do chatagóirí sonracha soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha;

(c)

rialacha maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le comhar agus comhordú idir na húdaráis inniúla.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí idirghabhálacha arna dtairiscint d’fhaighteoirí na seirbhíse a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe ann, gan beann ar an áit a bhfuil áit bhunaíochta sholáthraithe na seirbhísí idirghabhálacha sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhís ar bith nach seirbhís idirghabhálach í ná le haon cheanglais arna bhforchur i leith seirbhís den sórt sin, gan beann ar cibé an soláthraítear an tseirbhís trí sheirbhís idirghabhálach a úsáid.

3.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE.

4.   Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an Rialachán seo, go háirithe:

(a)

Treoir 2010/13/AE;

(b)

Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(c)

Rialachán (AE) 2021/784;

(d)

Rialachán (AE) 2019/1148;

(e)

Rialachán (AE) 2019/1150;

(f)

Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;

(g)

Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE;

(h)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;

(i)

Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;

(j)

Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(b)

ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana;

(c)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(d)

ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san Aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an Aontas a úsáid;

(e)

ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an Aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an Aontas, nasc a thagann as a bhunú san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

líon suntasach fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó de réir a dhaonra nó a ndaonra; nó

gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin;

(g)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:

(i)

seirbhís “cainéal fórach” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide;

(ii)

seirbhís “taiscthe” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla;

(iii)

seirbhís “óstála” arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin don fhaighteoir sin;

(h)

ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin;

(i)

ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo;

(j)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh;

(k)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(l)

ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE;

(m)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(n)

ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe;

(o)

ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil;

(p)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne;

(q)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne;

(r)

ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn;

(s)

ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh;

(t)

ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí;

(u)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí;

(v)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(w)

ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE;

(x)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle.

CAIBIDIL II

DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

Airteagal 4

‘Cainéal fórach’

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas i leith na faisnéise a tharchuirtear, nó a fhaightear rochtain uirthi, ar choinníoll:

(a)

nach dtionscnaíonn an soláthraí an tarchur;

(b)

nach roghnaíonn an soláthraí faighteoir an tarchuir; agus

(c)

nach roghnaíonn ná nach modhnaíonn an soláthraí an fhaisnéis atá sa tarchur.

2.   Áireofar leis na gníomhartha tarchuir agus soláthair rochtana dá dtagraítear i mír 1 stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus neamhbhuan na faisnéise arna tarchur a mhéid a tharlaíonn sé seo chun críche aonair an tarchur a dhéanamh sa líonra cumarsáide, agus ar choinníoll nach stóráiltear an fhaisnéis ar feadh aon tréimhse nach faide ná mar is gá go réasúnach don tarchur.

3.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 5

‘Taisceadh’

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus sealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla nó níos sláine, ar choinníoll go ndeánann an soláthraí an méid seo a leanas:

(a)

nach modhnaíonn sé an fhaisnéis;

(b)

go gcloíonn sé le coinníollacha maidir le rochtain na faisnéise;

(c)

go gcloíonn sé leis na rialacha maidir le nuashonrú na faisnéise, a shonraítear ar bhealach a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal;

(d)

nach gcuireann sé isteach ar úsáid dhleathach na teicneolaíochta, a aithnítear go forleathan agus a úsáideann an tionscal, chun sonraí a fháil maidir le húsáid na faisnéise; agus

(e)

go ngníomhaíonn sé go pras chun an fhaisnéis atá stóráilte aige a bhaint nó a dhíchumasú tráth a fhaigheann sé eolas iarbhír gur baineadh an fhaisnéis ag foinse tosaigh an tarchuir den líonra, nó gur díchumasaíodh rochtain ar an bhfaisnéis sin, nó gur ordaigh údarás breithiúnach nó riaracháin an bhaint nó an díchumasú sin.

2.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 6

Óstáil

1.   I gcás ina soláthraítear seirbhís sochaí faisnéise arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, ní bheidh an soláthraí seirbhíse faoi dhliteanas as an bhfaisnéis a stóráiltear arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse ar choinníoll:

(a)

nach bhfuil eolas iarbhír ag an soláthraí ar ghníomhaíocht neamhdhleathach nó inneachar neamhdhleathach agus, a mhéid a bhaineann le héilimh ar dhamáistí, nach bhfuil sé ar an eolas faoi fhíorais nó cúinsí ónar léir an ghníomhaíocht neamhdhleathach nó an t-inneachar neamhdhleathach; nó

(b)

nuair a fhaigheann an soláthraí an t-eolas nó an fheasacht sin, go bhfeidhmíonn sé go tapa chun rochtain ar an inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina bhfuil faighteoir na seirbhíse ag feidhmiú faoi údarás nó smacht an tsoláthraí.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an dliteanas faoi dhlí um chosaint tomhaltóirí na n-ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, i gcás ina gcuireann ardán ar líne den sórt sin an mhír shonrach faisnéise i láthair nó ina gcumasaíonn sé ar bhealach eile an t-idirbheart sonrach atá i gceist ar bhealach a thabharfadh le fios do ghnáth-thomhaltóir go bhfuil an fhaisnéis, nó an táirge nó an tseirbhís is ábhar don idirbheart, á soláthar ag an ardán ar líne féin nó ag faighteoir na seirbhíse atá ag feidhmiú faoina údarás nó faoina smacht.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don fhéidearthacht d’údarás breithiúnach nó riaracháin, i gcomhréir le córas dlí Ballstáit, éileamh ar an soláthraí seirbhíse deireadh a chur le sárú nó sárú a chosc.

Airteagal 7

Imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus comhlíonadh dlí

Ní mheasfar go mbeidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha neamh-incháilithe do na díolúintí ó dhliteanas dá dtagraítear in Airteagail 4, 5 agus 6 toisc, de mheon macánta agus ar bhealach dícheallach, go ndéanann siad imscrúduithe féintionscnaimh deonacha nó go ndéanann siad bearta eile atá dírithe ar inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus a bhaint nó rochtain ar an inneachar sin a dhíchumasú, nó go ndéanann siad na bearta is gá chun ceanglais dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, agus dá thoisc sin amháin.

Airteagal 8

Gan oibleagáidí ginearálta faireacháin nó aimsithe fíoras gníomhacha

Ní fhorchuirfear ar na soláthraithe sin aon oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis arna tarchur nó arna stóráil ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, ná níor cheart go lorgóidís fíorais ná cúinsí go gníomhach a thugann gníomhaíocht neamhdhleathach le fios.

Airteagal 9

Orduithe le gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach

1.   Ar ordú a fháil chun gníomhú in aghaidh mír shonrach amháin nó níos mó d’inneachar neamhdhleathach, arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú ar an eolas maidir le haon éifeacht a tugadh don ordú gan moill mhíchuí, ina sonraítear ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, go gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an chúis arb inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis, trí thagairt do cheann amháin nó níos mó d’fhorálacha sonracha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sáraíodh i gcomhréir le dlí an Aontais;

(iii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iv)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an t-inneachar neamhdhleathach lena mbaineann a shainaithint agus a aimsiú, amhail URL beacht amháin nó níos mó agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise;

(v)

faisnéis maidir le sásraí sásaimh atá ar fáil do sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus d’fhaighteoir na seirbhíse a sholáthair an t-inneachar;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le cé acu údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

tá raon feidhme críochach an ordaithe sin, ar bhonn na rialacha is infheidhme san Aontas agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, agus, i gcás inarb ábhartha, prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta, teoranta don mhéid atá riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach;

(c)

déantar an t-ordú a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí sin, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ar a laghad ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, é a tharchur, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip de na horduithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a sholáthair an t-údarás eisiúna ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse ráiteas ar chúiseanna, na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, agus cur síos ar raon feidhme críochach an ordaithe, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

Airteagal 10

Orduithe chun faisnéis a sholáthar

1.   Ar ordú a fháil chun faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le faighteoir sonrach aonair amháin nó níos mó den tseirbhís, arna eisiúint ag na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha nó riaracháin ábhartha, ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme, i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, gan moill mhíchuí, an t-údarás a eisíonn an t-ordú nó aon údarás eile a shonraítear san ordú a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus a chur ar an eolas maidir leis an éifeacht a tugadh don ordú, agus sonróidh sé ar tugadh agus cathain a tugadh éifeacht don ordú.

2.   Nuair a tharchuirfear ordú dá dtagraítear i mír 1 chuig an soláthraí, áiritheoidh na Ballstáit gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na gnéithe seo a leanas san ordú sin:

(i)

tagairt don bhunús dlí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta le haghaidh an ordaithe;

(ii)

faisnéis lena sainaithnítear an t-údarás eisiúna;

(iii)

faisnéis shoiléir lena gcuirfear ar chumas sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha an faighteoir sonrach nó na faighteoirí sonracha a bhfuil faisnéis á lorg ina leith a shainaithint, amhail ainm cuntais amháin nó níos mó nó aitheantóir uathúil amháin nó níos mó;

(iv)

ráiteas ar chúiseanna ina mínítear an cuspóir dá n-éilítear an fhaisnéis agus an chúis a bhfuil an ceanglas chun an fhaisnéis a sholáthar riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht fhaighteoirí na seirbhísí idirghabhálacha a chinneadh le dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, murar féidir ráiteas den sórt sin a sholáthar ar chúiseanna a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh;

(v)

faisnéis maidir leis na sásraí sásaimh atá ar fáil don soláthraí agus d’fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann;

(vi)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an údarás atá leis an bhfaisnéis faoin éifeacht a tugadh do na horduithe a fháil;

(b)

ní cheanglaítear ar an soláthraí leis an ordú sin ach amháin faisnéis a chur ar fáil atá bailithe cheana féin chun críocha an seirbhís a sholáthar agus ar faisnéis í atá faoina smacht;

(c)

déantar an t-ordú sin é a tharchur i gceann de na teangacha a dhearbhaigh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha de bhun Airteagal 11(3) nó i dteanga oifigiúil eile de chuid na mBallstát, arna comhaontú idir an t-údarás a eisíonn an t-ordú agus an soláthraí, agus cuirtear é chuig an bpointe teagmhála leictreonach, arna ainmniú ag an soláthraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 11; i gcás nach bhfuil an t-ordú dréachtaithe sa teanga atá dearbhaithe ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó i dteanga eile arna comhaontú go déthaobhach, féadfar an t-ordú a tharchur i dteanga an údaráis a eiseoidh an t-ordú, ar choinníoll go bhfuil aistriúchán go teanga den sórt sin arna dearbhú nó arna comhaontú go déthaobhach de na heilimintí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den mhír seo ag gabháil leis.

3.   Déanfaidh an t-údarás a eiseoidh an t-ordú nó, más infheidhme, an t-údarás a shonrófar ann, an t-ordú, chomh maith le haon fhaisnéis a gheofar ó sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha a bhaineann leis an éifeacht a thugtar don ordú sin a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ó Bhallstát an údaráis eisiúna.

4.   Tar éis dó an t-ordú a fháil ón údarás breithiúnach nó riaracháin, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, cóip den ordú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur, gan moill mhíchuí, chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 85.

5.   Ar a dhéanaí nuair a thugtar éifeacht don ordú, nó, i gcás inarb infheidhme, an tráth a leag an t-údarás eisiúna síos ina ordú, déanfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoir na seirbhíse lena mbaineann a chur ar an eolas faoin ordú a fuarthas agus faoin éifeacht a tugadh dó. Áireofar san fhaisnéis sin a sholáthraítear d’fhaighteoir na seirbhíse, ráiteas ar chúiseanna agus na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ann, i gcomhréir le mír 2.

6.   Beidh na coinníollacha agus na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo gan dochar don dlí nós imeachta sibhialta agus coiriúil náisiúnta.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

ROINN 1

Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

Airteagal 11

Pointí teagmhála d’údaráis na mBallstát, don Choimisiún agus don Bhord

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go díreach, trí mhodhanna leictreonacha, le húdaráis na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord dá dtagraítear in Airteagal 61 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.

3.   Sonróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 teanga nó teangacha oifigiúla na mBallstát, ar féidir iad a úsáid, i dteannta teanga a bhfuil tuiscint leathan ag an líon is mó is féidir de shaoránaigh an Aontais uirthi, chun cumarsáid a dhéanamh lena bpointe teagmhála, agus ina n-áireofar teanga oifigiúil amháin ar a laghad de chuid an Bhallstáit ina bhfuil a phríomh-bhunaíocht ag soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha nó san áit ina gcónaíonn a ionadaí dlí nó ina bhfuil sé bunaithe.

Airteagal 12

Pointí teagmhala d’fhaighteoirí na seirbhíse

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála aonair chun a chur ar chumas fhaighteoirí na seirbhíse cumarsáid a dhéanamh leo go díreach agus go tapa, trí mhodhanna leictreonacha agus ar bhealach soláimhsithe, lena n-áirítear trí chead a thabhairt d’fhaighteoirí na seirbhíse na modhanna cumarsáide a roghnú, nach mbeidh ag brath ar uirlisí uathoibrithe amháin.

2.   I dteannta na n-oibleagáidí dá bhforáiltear faoi Threoir 2000/31/CE, cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha an fhaisnéis ar fáil go poiblí, faisnéis is gá d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a bpointí teagmhála aonair a shainaithint agus cumarsáid a dhéanamh leo gan stró. Beidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus coinneofar cothrom le dáta í.

Airteagal 13

Ionadaithe dlíthiúla

1.   Ainmneoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht acu san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas, i scríbhinn, duine dlítheanach nó duine nádúrtha chun gníomhú ina n-ionadaí dlí i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí a sheirbhísí.

2.   Sannfaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a n-ionadaithe dlí chun go ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an Bord teagmháil leo mar aon le soláthraí den sórt sin nó in ionad soláthraí den sórt sin maidir le gach saincheist is gá chun cinntí arna n-eisiúint i ndáil leis an Rialachán seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha na cumhachtaí is gá agus na hacmhainní leordhóthanacha dá n-ionadaí dlí chun a ráthú go mbeidh comhar éifeachtúil tráthúil acu le húdaráis inniúla na mBallstát, leis an gCoimisiún agus leis an mBord agus chun go gcomhlíonfaidh siad cinntí den sórt sin.

3.   Beidh ionadaí dlí ainmnithe in ann a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar oibleagáidí neamhchomhlíonta faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas ná do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha.

4.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ainm, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin a n-ionadaí dlí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa Bhallstát ina gcónaíonn an t-ionadaí dlí sin nó ina bhfuil sé bunaithe. Áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, go mbeidh rochtain éasca uirthi, go mbeidh sí cruinn agus go gcoinneofar cothrom le dáta í.

5.   Ní bheidh ainmniúchán ionadaí dlí laistigh den Aontas de bhun mhír 1 ionann le bunaíocht san Aontas.

Airteagal 14

Téarmaí agus coinníollacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faisnéis san áireamh maidir le haon srianta a fhorchuireann siad i ndáil leis an úsáid a bhaineann siad as an tseirbhís i leith faisnéis arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse, ina dtéarmaí agus coinníollacha. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis maidir le haon bheartais, nósanna imeachta, bearta agus uirlisí a úsáidtear chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear cinnteoireacht algartamach agus athbhreithniú daonna, mar aon le rialacha nós imeachta a gcórais inmheánaigh um láimhseáil gearán. Leagfar amach í i dteanga atá soiléir, simplí, intuigthe, soláimhsithe agus gan débhrí, agus beidh sí ar fáil go poiblí i bhformáid atá inrochtana go héasca agus inléite ag meaisín.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faighteoirí na seirbhíse ar an eolas maidir le haon athrú suntasach ar na téarmaí agus na coinníollacha.

3.   I gcás ina bhfuil seirbhís idirghabhálach dírithe go príomha ar mhionaoisigh nó inarb iad an dream is mó a bhíonn á húsáid, míneoidh soláthraí na seirbhíse idirghabhálaí sin na coinníollacha maidir le húsáid na seirbhíse, agus aon srianta maidir léi ar bhealach a d’fhéadfadh mionaoisigh a thuiscint.

4   Feidhmeoidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ar bhealach dícheallach, oibiachtúil agus comhréireach chun na srianta dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus aird chuí ar chearta agus leasanna dlisteanacha gach páirtí lena mbaineann, lena n-áirítear na cearta bunúsacha maidir le faighteoirí na seirbhíse, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse agus iolrachas na meán, agus cearta agus saoirsí bunúsacha eile, mar a chumhdaítear sa Chairt.

5.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne achoimre ghearr, a bheidh inrochtana go héasca, agus inléite ag meaisín, ar na téarmaí agus na coinníollacha d’fhaighteoirí seirbhísí, lena n-áirítear leigheasanna agus sásraí sásaimh atá ar fáil, i dteanga atá soiléir agus gan débhrí.

6.   Déanfaidh ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne, de réir bhrí Airteagal 33, a dtéarmaí agus a gcoinníollacha a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla na mBallstát uile ina dtairgeann siad a seirbhísí.

Airteagal 15

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha tuarascálacha soiléire, intuigthe ar fáil go poiblí a bheidh inléite ag meaisín, ar bhealach a bheidh inrochtana go héasca, uair sa bhliain ar a laghad maidir le haon mhodhnóireacht inneachair a raibh siad ag gabháil dó le linn na tréimhse ábhartha. Áireofar sna tuarascálacha sin, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon orduithe a fhaightear ó údaráis na mBallstát, lena n-áirítear orduithe arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh lena mbaineann, an Ballstát a eisíonn an t-ordú, agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an t-údarás a eisíonn an t-ordú, nó aon údarás eile arna shonrú san ordú, a chur ar an eolas go bhfuarthas é agus chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(b)

i gcás soláthraithe seirbhísí óstála, an líon fógraí arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, arna gcatagóiriú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh líomhainte lena mbaineann, an líon fógraí a thíolaic na comharthóirí iontaofa, aon ghníomhaíocht a glacadh de bhun na bhfógraí trí dhifreáil a dhéanamh idir cibé a glacadh an ghníomhaíocht ar bhonn an dlí nó ar bhonn théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí nó nár glacadh, an líon fógraí a phróiseáiltear trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid agus an t-am airmheánach a theastaíonn chun an ghníomhaíocht sin a ghlacadh;

(c)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, faisnéis fhóinteach shothuigthe faoin modhnóireacht inneachair ar tugadh faoi de thionscnamh na soláthraithe féin, lena n-áirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, na bearta a glacadh chun oiliúint agus cúnamh a sholáthar do dhaoine atá i gceannas ar mhodhnóireacht inneachair, líon agus cineál na mbeart a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht na faisnéise arna soláthar ag faighteoirí na seirbhíse agus cumas na bhfaighteoirí faisnéis a sholáthar, tríd an tseirbhís, agus srianta gaolmhara eile ar an tseirbhís; déanfar an fhaisnéis a thuairisceofar a aicmiú de réir chineál an inneachair neamhdhleathaigh nó de réir shárú théarmaí agus choinníollacha an tsoláthraí seirbhíse, de réir an mhodha braite agus de réir chineál an tsrianta a chuirfear i bhfeidhm;

(d)

i gcás soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, an líon gearán arna bhfáil trí na córais inmheánacha chun déileáil le gearáin i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an tsoláthraí agus ina theannta sin, i gcás soláthraithe ardán ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 20, an bonn atá leis na gearáin sin, cinntí arna ndéanamh maidir leis na gearáin sin, an t-am airmheánach is gá chun na cinntí sin a dhéanamh agus líon na gcásanna ina ndearnadh na cinntí sin a fhreaschur;

(e)

aon úsáid a baineadh as modh uathoibrithe chun críche modhnóireachta inneachair, lena n-áirítear tuairisc cháilíochtúil, sonraíocht maidir le cuspóirí beachta, táscairí cruinnis agus ráta féideartha earráide an mhodha uathoibrithe arna úsáid chun na críocha sin a chomhlíonadh, agus aon choimircí a cuireadh i bhfeidhm.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE agus nach ardáin an-mhór ar líne iad de réir bhrí Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear tréimhsí tuairiscithe comhchuibhithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 2

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

Airteagal 16

Sásraí fógra agus gnímh

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála sásraí i bhfeidhm chun ceadú d’aon duine aonair nó eintiteas iad a chur ar an eolas go bhfuil míreanna sonracha faisnéise a mheasann an duine aonair nó an t-eintiteas a bheith ina inneachar neamhdhleathach ar a seirbhís. Beidh na sásraí sin éasca le rochtain agus furasta a úsáid, agus ba cheart go gceadódh siad fógraí a chur isteach trí mheán leictreonach amháin.

2.   Leis na sásraí dá dtagraítear i mír 1, is fusa a bheidh sé fógraí a bheidh beacht a ndóthain agus a mbeidh bunús leordhóthanach leo a thíolacadh. Chuige sin, glacfaidh soláthraithe seirbhísí óstála na bearta is gá chun cur isteach fógraí ina bhfuil na gnéithe seo a leanas ar fad a chumasú agus a éascú:

(a)

míniú a bhfuil bunús leordhóthanach leis ar na cúiseanna go líomhnaíonn an duine aonair nó an t-eintiteas gur inneachar neamhdhleathach atá san fhaisnéis atá i gceist;

(b)

léiriú soiléir de láthair bheacht leictreonach na faisnéise sin, amhail an URL beacht nó URLanna beachta, agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise a chumasaíonn sainaithint an inneachair neamhdhleathaigh arna chur in oiriúint do chineál an inneachair agus do chineál sonrach na seirbhíse óstála;

(c)

ainm agus seoladh ríomhphoist an duine aonair nó an eintitis a bhfuil an fógra á chur isteach aige, seachas i gcás faisnéis a meastar go mbaineann ceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE léi;

(d)

ráiteas ina ndeimhnítear go gcreideann an duine aonair nó an t-eintiteas a bhfuil an fógra á chur isteach aige de mheon bona fide go bhfuil an fhaisnéis agus na líomhaintí atá ann beacht agus iomlán.

3.   Measfar go n-eascróidh eolas nó feasacht iarbhír chun críocha Airteagal 6 i leith na míre faisnéise sonraí lena mbaineann, agus leis sin amháin, as fógraí dá dtagraítear san Airteagal seo, nuair is féidir leis an soláthraí seirbhíse óstála nádúr neamhdhleathach an inneachair a shainaithint go ríshoiléir i gcás ina gceadaíonn siad do sholáthraí dícheallach seirbhísí óstála neamhdhleathacht na gníomhaíochta nó na faisnéise ábhartha a shainaithint gan mionscrúdú dlíthiúil a dhéanamh.

4.   I gcás ina bhfuil faisnéis teagmhála leictreonach an duine aonair nó an eintitis a thíolaic é san fhógra, seolfaidh an soláthraí seirbhísí óstála admháil deimhnithe gan moill mhíchuí maidir leis an bhfógra chuig an duine aonair nó an t-eintiteas sin.

5.   Tabharfaidh an soláthraí fógra freisin, gan moill mhíchuí, don duine aonair nó don eintiteas sin i leith na faisnéise lena mbaineann an fógra, ag soláthar faisnéise maidir leis na féidearthachtaí sásaimh i leith an chinnidh sin.

6.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála aon fhógraí a fhaigheann siad faoi na sásraí dá dtagraítear i mír 1 a phróiseáil agus déanfaidh siad a gcinntí i leith na faisnéise lena mbaineann na fógraí, ar bhealach tráthúil, dícheallach, neamhthreallach agus oibiachtúil. I gcás ina n-úsáideann siad modh uathoibrithe don phróiseáil nó don chinnteoireacht sin, áireofar iontu faisnéis maidir leis an úsáid sin san fhógra dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 17

Ráiteas ar chúiseanna

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí óstála ráiteas soiléir sonrach ar chúiseanna ar fáil d’aon fhaighteoir de chuid na seirbhíse dá ndéantar difear le haghaidh aon cheann de na srianta seo a leanas arna bhforchur ar an bhforas gur ábhar mídhleathach í an fhaisnéis arna cur ar fáil ag faighteoir na seirbhíse nó go bhfuil sé neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha:

(a)

aon srianta ar infheictheacht míreanna sonracha faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear inneachar a bhaint anuas, rochtain ar inneachar a dhíchumasú, nó ísliú céime a thabhairt d’inneachar;

(b)

íocaíochtaí airgeadaíochta a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile;

(c)

soláthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, ar an iomlán nó i bpáirt;

(d)

cuntas fhaighteoir na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin i gcás gurb eol don soláthraí na sonraí teagmhála leictreonacha ábhartha. Beidh feidhm aige ón dáta a fhorchuirfear an srian, is cuma cén fáth nó cén chaoi ar forchuireadh é.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inarb inneachar tráchtála, ardéilimh, meabhlach atá san fhaisnéis.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1:

(a)

faisnéis maidir le cibé acu an mbaineann an cinneadh leis an bhfaisnéis a bhaint nó, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú, ísliú céime a thabhairt don fhaisnéis, nó an léargas ar an bhfaisnéis a shrianadh íocaíochtaí airgid a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh a bhaineann leis an bhfaisnéis sin nó bearta eile dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur i leith na faisnéise, agus, i gcás inarb ábhartha, raon feidhme críochach an chinnidh agus an fad a bhaineann leis;

(b)

na fíorais agus na cúinsí a mbraitear orthu agus an cinneadh á dhéanamh, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cibé an ndearnadh an cinneadh de bhun fógra arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 nó ar bunaíodh í ar imscrúduithe deonacha féintionscnaimh agus, i gcás inar fíorghá sin, céannacht an fhógróra;

(c)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húsáid modhanna uathoibrithe chun an cinneadh a ghlacadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cibé ar glacadh leis an gcinneadh i leith inneachar a braitheadh nó a sainaithníodh le modhanna uathoibrithe;

(d)

i gcás ina mbaineann an cinneadh le hinneachar a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach, tagairt don fhoras dlí ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ina hinneachar neamhdhleathach ar an bhforas sin;

(e)

i gcás ina bhfuil an cinneadh bunaithe ar neamhoiriúnacht líomhnaithe na faisnéise le téarmaí agus coinníollacha sholáthraí na seirbhísí óstála, tagairt don fhoras conarthach ar ar braitheadh agus mínithe maidir leis an gcúis a mheastar an fhaisnéis a bheith ar neamhréir leis an bhforas sin;

(f)

faisnéis shoiléir sholáimhsithe maidir leis na féidearthachtaí maidir le sásamh atá ar fáil d’fhaighteoir na seirbhíse i leith an chinnidh, go háirithe, i gcás inarb ábhartha trí na sásraí inmheánacha um láimhseáil gearán, réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus sásamh breithiúnach.

4.   Beidh an fhaisnéis arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Airteagal seo soiléir agus intuigthe agus chomh beacht agus chomh sonrach agus is féidir go réasúnach sna himthosca reatha. Beidh an fhaisnéis amhlaidh, go háirithe, ionas go gceadóidh sí go réasúnach d’fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann na féidearthachtaí maidir le sásamh dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), a fheidhmiú go héifeachtach.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le haon orduithe dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 18

Fógra i ndáil le hamhras faoi chionta coiriúla

1.   I gcás ina dtugann soláthraí seirbhísí óstála faoi deara go bhfuil aon fhaisnéis is siocair le hamhras gur tharla cion coiriúil lenar bhain bagairt do bheatha nó do shábháilteacht duine nó daoine, nó go bhfuil cion den sórt sin ag tarlú nó gur dóigh go dtarlóidh sé, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí nó bhreithiúnacha an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoina amhras agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.

2.   I gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí óstála an Ballstát lena mbaineann a shainaithint le deimhneacht réasúnta, cuirfidh sé údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil a ionadaí dlí ina chónaí nó bunaithe ar an eolas nó cuirfidh sé Europol ar an eolas, nó iad araon.

Chun críche an Airteagail seo, is éard a bheidh sa Bhallstát lena mbaineann ná an Ballstát a bhfuil amhras gur tharla an cion ann, go bhfuil an cion ag tarlú ann nó gur dóchúil gur ann a tharlóidh an cion, nó an Ballstát ina bhfuil an duine atá faoi amhras ina chónaí nó lonnaithe, nó an Ballstát ina bhfuil íospartach an chiona amhrasta ina chónaí nó lonnaithe.

ROINN 3

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

Airteagal 19

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’Airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’Airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 20

Córas inmheánach um láimhseáil gearán

1.   Soláthróidh soláthraithe ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra curtha isteach acu, ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain ar chóras éifeachtach inmheánach um láimhseáil gearán, a chuirfidh ar a gcumas ngearáin a sheoladh isteach, go leictreonach agus saor in aisce, in aghaidh an chinnidh arna dhéanamh ag soláthraí an ardáin ar líne ar fhógra a fháil nó in aghaidh na gcinntí seo a leanas a ghlac soláthraí an ardáin ar líne ar na forais gur dóchúil go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí ina hinneachar neamhdhleathach nó go bhfuil sí neamhréir lena théarmaí agus coinníollacha.

(a)

cinntí i dtaobh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint anuas nó gan í a bhaint anuas, an rochtain ar an bhfaisnéis a dhíchumasú nó srian a chur le hinfheictheacht na faisnéise;

(b)

cinntí i dtaobh sholáthar na seirbhíse a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh, ar an iomlán nó i bpáirt, do na faighteoirí;

(c)

cinntí i dtaobh cuntas na bhfaighteoirí a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh nó gan é sin a dhéanamh;

(d)

cinntí i dtaobh ar cheart an cumas luach airgid a chur ar fhaisnéis arna soláthar ag na faighteoirí a chur ar fionraí, a fhoirceannadh nó a shrianadh ar bhealach eile.

2.   Measfar go dtosóidh an tréimhse 6 mhí ar a laghad, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar an lá a chuirfear faighteoir na seirbhíse ar an eolas faoin gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(5) nó le hAirteagal 17.

3.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go bhfuil a gcórais inmheánacha um láimhseáil gearán éasca le rochtain, furasta a úsáid agus go gcumasaíonn agus go n-éascaíonn siad gearáin atá beacht go leordhóthanach agus a bhfuil bunús leordhóthanach leo a thíolacadh.

4.   Láimhseálfaidh soláthraithe ardán ar líne gearáin a dhéanfar trína gcóras inmheánach um láimhseáil gearán, agus déanfaidh siad é sin ar bhealach tráthúil, neamh-idirdhealaitheach, dícheallach agus neamhthreallach. I gcás ina bhfuil forais leordhóthanacha ag baint le gearán le go measfadh soláthraí an ardáin ar líne nach bhfuil aon bhunús lena chinneadh gan gníomhú ar fhógra a fháil nó nach bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann an gearán neamhdhleathach agus nach bhfuil sé neamhoiriúnach lena théarmaí agus coinníollacha, nó go bhfuil faisnéis ann a thugann le fios nach gá an beart a rinneadh, aisiompóidh sé a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 gan moill mhíchuí.

5.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne gearánaigh ar an eolas gan moill mhíchuí faoina gcinneadh réasúnaithe i leith na faisnéise lena mbaineann an gearán agus faoin bhféidearthacht maidir le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus aon fhéidearthachtaí maidir le sásamh eile atá ar fáil.

6.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne gur faoi mhaoirseacht fhoirne a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu a dhéanfar na cinntí dá dtagraítear i mír 5, agus ní ar bhonn modhanna uathoibrithe amháin.

Airteagal 21

Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

1.   Beidh faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu, a dtugann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) aghaidh orthu, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár a réitíodh trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin.

Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh rochtain éasca ar a gcomhéadan ar líne, ar bhealach soiléir agus soláimhsithe, ar an bhfaisnéis faoi fhéidearthacht fhaighteoirí na seirbhíse rochtain a bheith acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tá an chéad fhomhír gan dochar do cheart fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh, ag céim ar bith, chun na cinntí sin ó sholáthraithe ardán ar líne a chonspóid os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

2.   Rachaidh an dá pháirtí i mbun idirphlé, de mheon macánta, leis an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach.

Féadfaidh soláthraithe ardán ar líne diúltú dul i mbun idirphlé le comhlacht den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, más rud é gur réitíodh cheana díospóid a bhaineann leis an bhfaisnéis chéanna agus leis na forais chéanna maidir le neamhdhleathacht nó neamhréireacht líomhnaithe inneachair.

Ní bheidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt réiteach ceangailteach ar an díospóid a fhorchur ar na páirtithe.

3.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad, a fhéadfar a athnuachan, an comhlacht a dheimhniú, arna iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)

tá sé neamhchlaonta agus neamhspleách, lena n-áirítear neamhspleách ó thaobh airgeadais de, ar sholáthraithe ardán ar líne agus ar fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthar ag soláthraithe ardán ar líne, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu;

(b)

tá an saineolas is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’inneachar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí;

(c)

déantar luach saothair a thabhairt dá chomhaltaí ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;

(d)

tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chuireann sé ar fáil, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne;

(e)

tá sé ábalta díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad;

(f)

déantar an díospóid lasmuigh den chúirt a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí, agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an tAirteagal seo.

Sonróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa deimhniú, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na saincheisteanna ar leith lena mbaineann saineolas an chomhlachta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b); agus

(b)

an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais inar féidir leis an gcomhlacht díospóidí a réiteach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e).

4.   Tabharfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt tuairisc don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh iad, ar bhonn bliantúil, maidir lena bhfeidhmiú, ina sonrófar ar a laghad líon na ndíospóidí a fuair siad, an fhaisnéis faoi thorthaí na ndíospóidí sin, an meán-am a thóg sé chun iad a réiteach agus aon easnaimh nó deacrachtaí a bhí ann. Cuirfidh siad faisnéis bhreise ar fáil arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin.

Gach 2 bhliain, déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu. Sa tuarascáil sin beidh an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

liostófar líon na ndíospóidí a fuair gach comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gach bliain;

(b)

tabharfar léiriú ar thorthaí na nósanna imeachta a tugadh os comhair na gcomhlachtaí sin agus ar an meán-am a thóg sé chun na díospóidí a réiteach;

(c)

saineofar agus míneofar aon easnaimh nó deacrachtaí córasacha nó earnála a tháinig chun cinn maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin;

(d)

saineofar na dea-chleachtais a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin;

(e)

moltaí a dhéanamh maidir le conas an feidhmiú sin a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a gcinntí a chur ar fáil do na páirtithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an gearán a fháil. I gcás díospóidí an-chasta, féadfaidh an comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá rogha féin, an tréimhse 90 lá féilire a shíneadh go gceann tréimhse bhreise nach faide ná 90 lá, a fhágfaidh go mbeidh uastréimhse iomlán 180 lá ann.

5.   Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear duine aonair nó eintiteas a bhfuil fógra tíolactha acu, íocfaidh soláthraí an ardáin ar líne gach táille a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, agus aisíocfaidh sé an faighteoir sin, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, as aon chostais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir i ndáil le réiteach na díospóide. Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar sholáthraí an ardáin ar líne, ní cheanglófar ar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, aon táillí ná costais eile a d’íoc soláthraí an ardáin ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gur ghníomhaigh an faighteoir go follasach de mheon mímhacánta.

Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar na soláthraithe ardán ar líne le haghaidh réiteach díospóidí réasúnta agus in aon chás ní rachaidh siad thar na costais arna dtabhú ag an gcomhlacht. I gcás fhaighteoirí na seirbhíse, beidh an réiteach díospóide ar fáil saor in aisce nó ar tháille ainmniúil.

Cuirfidh comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na táillí, nó na sásraí a úsáideadh chun na táillí a shocrú, in iúl d’fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra tíolactha acu agus do sholáthraí an ardáin ar líne lena mbaineann, sula dtosóidh siad ar réiteach na díospóide.

6.   Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú chun críocha mhír 1 nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí roinnt comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt nó iad ar fad atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcéad fhomhír difear do chumas a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na comhlachtaí lena mbaineann a dheimhniú i gcomhréir le mír 3.

7.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an deimhniú sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh. Sula ndéanfar an deimhniú sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don chomhlacht sin freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún deimhniú an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chúlghairm.

8.   Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin, chomh maith leis na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhfuil a ndeimhniú cúlghairthe acu. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe a mbeidh rochtain éasca air, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta.

9   Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin Treoir sin.

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin Rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 23

Bearta agus cosaint in aghaidh mí-úsáide

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí d’fhaighteoirí na seirbhíse a chuireann inneachar ar follasach go bhfuil sé neamhdhleathach ar fáil go minic, ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.

2.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne próiseáil fógraí agus gearán arna gcur isteach trí na sásraí fógra agus gnímh agus na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 20, faoi seach, maidir le fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad arna gcur isteach go minic ag daoine aonair nó eintitis nó gearánaigh, ar fionraí ar feadh tréimhse réasúnach ama tar éis réamhfhógra a thabhairt.

3.   Agus iad i mbun cinneadh a dhéanamh faoin bhfionraí, déanfaidh soláthraithe ardán ar líne measúnú, de réir an cháis agus ar bhealach tráthúil, dícheallach agus oibiachtúil, ar cibé a ghabhann faighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an t-eintiteas nó an gearánach don mhí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ag cur na bhfíoras agus na dtosca ábhartha uile is léir ón bhfaisnéis atá ar fáil do sholáthraí ardáin ar líne san áireamh. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna coinníollacha sin:

(a)

dearbhuimhreacha na nithe d’inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é nó fógraí nó gearáin ar follasach gur fógraí nó gearáin gan bhunús iad, a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe;

(b)

cion coibhneasta na nithe sin i ndáil leis an líon iomlán nithe faisnéise a cuireadh ar fáil nó fógraí a cuireadh isteach laistigh de thréimhse ama áirithe;

(c)

tromchúis na mí-úsáide, lena n-áirítear cineál an inneachair neamhdhleathaigh, agus na n-iarmhairtí a bhaineann léi;

(d)

i gcás inar féidir é a shainaithint, rún fhaighteoir na seirbhíse, an duine aonair, an eintitis nó an ghearánaigh.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne, ina dtéarmaí agus coinníollacha, a mbeartas maidir leis an mí-úsáid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a leagan amach, ar bhealach soiléir agus mionsonraithe, agus tabharfaidh siad samplaí de na fíorais agus na tosca a chuireann siad san áireamh nuair a dhéanann siad measúnú ar cibé an mí-úsáid atá in iompraíocht áirithe agus fad na fionraíochta.

Airteagal 24

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin:

(a)

an líon díospóidí arna gcur faoi bhráid na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear in Airteagal 21, torthaí an réitigh díospóide, agus an tréimhse ama airmheánach a theastóidh chun na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chur i gcrích, chomh maith le cion na ndíospóidí inar chuir soláthraí an ardán ar líne cinntí an chomhlachta chun feidhme;

(b)

an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 23, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach.

2.   Faoin 17 Feabhra 2023 agus uair amháin ar a laghad gach 6 mhí ina dhiaidh sin, foilseoidh soláthraithe do gach ardán ar líne nó gach inneall cuardaigh ar line, i roinn dá gcomhéadan ar líne atá ar fáil go poiblí faisnéis maidir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse 6 mhí roimhe sin, agus, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33(3), ina nglactar na gníomhartha tarmligthe.

3.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún, ar iarraidh uathu agus gan moill mhíchuí, agus beidh an fhaisnéis sin cothrom le dáta tráth a gheofar an iarraidh sin. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin nó an Coimisiún a cheangal ar sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an inneall cuardaigh ar líne faisnéis bhreise a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an ríomh dá dtagraítear sa mhír sin, lena n-áirítear míniúcháin agus bunús i leith na sonraí a úsáideadh. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin.

4.   Má tá cúiseanna ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena meas, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go gcomhlíonann soláthraí ardáin ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh ar líne an tairseach d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, a leagtar síos in Airteagal 33(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

5.   Tíolacfaidh soláthraithe ardán ar líne, gan moill mhíchuí, na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(1) chuig an gCoimisiún chun iad a chur san áireamh i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, inléite ag meaisín, arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne nach mbeidh sonraí pearsanta san fhaisnéis a thíolacfar.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 25

Dearadh agus eagrú comhéadan ar líne

1.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach trína ndéanfaí cumas fhaighteoirí a seirbhíse a mheabhlú nó a ionramháil, nó ar bhealach eile trína ndéanfaí cumas úsáideoirí deiridh a shaobhadh nó a lagú cinntí atá saor agus feasach a dhéanamh.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le cleachtais a chumhdaítear le Treoir 2005/29/CE nó le Rialachán (AE) 2016/679.

3.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a eisiúint maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir le cleachtais shonracha, go háirithe:

(a)

tosaíocht níos mó a thabhairt do roghanna áirithe agus cinneadh á iarraidh ar fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

iarraidh a dhéanamh arís agus arís eile go ndéanfaidh faighteoir na seirbhíse rogha i gcás ina ndearnadh an rogha sin cheana, go háirithe trí fhuinneog aníos a chuireann isteach ar an taithí úsáideora;

(c)

an nós imeachta chun seirbhís a fhoirceannadh a dhéanamh níos deacra ná liostáil dó.

Airteagal 26

Fógraíocht ar ardáin ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a chuireann fógráin i láthair ar a gcomhéadain ar líne a áirithiú gur féidir, le haghaidh gach fógrán sonrach a chuirtear i láthair gach faighteora aonair, le faighteoirí na seirbhíse an méid seo a leanas a shainaithint, ar bhealach soiléir, suntasach gan débhrí agus i bhfíor-am:

(a)

gur fógrán atá san fhaisnéis, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha. Féadfar na marcálacha sin caighdeán de bhun Airteagal 44 a leanúint;

(b)

an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil an fógra á chur i láthair thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógra, más éagsúil an duine sin leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

faisnéis bhríoch a bhfuil rochtain dhíreach éasca uirthi ón bhfógrá faoi na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun an faighteoir a gcuirfear an fógrán ina láthair a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, faoi conas na paraiméadair sin a athrú.

2.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse chun a dhearbhú an cumarsáid tráchtála é an t-inneachar a chuireann siad ar fáil nó an bhfuil cumarsáid tráchtála.

Nuair a chuireann faighteoir na seirbhíse dearbhú isteach de bhun na míre seo, áiritheoidh soláthraí an ardáin ar líne gur féidir le faighteoirí eile na seirbhíse a shainaithint ar bhealach soiléir gan débhrí agus i bhfíor-am, lena n-áirítear trí mharcálacha feiceálacha, a d’fhéadfadh caighdeáin de bhun Airteagal 44 a leanúint, gur cumarsáid tráchtála atá san inneachar a chuireann faighteoir na seirbhíse ar fáil nó go bhfuil cumarsáid tráchtála ann mar a thuairiscítear sa dearbhú sin

3.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair fhaighteoirí na seirbhíse atá bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid catagóirí speisialta shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 27

Trédhearcacht córas moltaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí, a leagan amach ina dtéarmaí agus coinníollacha, i bhfriotal simplí agus intuigthe, na príomhpharaiméadair a úsáidtear ina gcórais moltaí, mar aon le haon roghanna atá ann d’fhaighteoirí na seirbhíse chun na príomhpharaiméadair sin a leasú nó tionchar a imirt orthu.

2.   Míneofar sna príomhpharaiméadair dá dtagraítear i mír 1 an fáth a moltar faisnéis áirithe d’fhaighteoir na seirbhíse. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad iontu:

(a)

na critéir is suntasaí i dtaca le cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a mholtar d’fhaighteoir na seirbhíse;

(b)

na cúiseanna le tábhacht choibhneasta na bparaiméadar sin;

3.   I gcás ina bhfuil roinnt roghanna ar fáil de bhun mhír 1 le haghaidh córais moltaí lena gcinntear ord coibhneasta na faisnéise arna cur i láthair d’fhaighteoirí na seirbhíse, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne feidhmiúlacht ar fáil a ligeann d’fhaighteoir na seirbhíse a rogha thosaíochta a roghnú agus a mhodhnú tráth ar bith. Beidh rochtain dhíreach éasca ar an bhfeidhmiúlacht sin ón roinn shonrach de chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ina gcuirtear an fhaisnéis in ord tosaíochta.

Airteagal 28

Mionaoisigh a chosaint ar líne

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh orthu bearta iomchuí agus comhréireacha a chur i bhfeidhm chun ardleibhéal príobháideachais, sábháilteachta agus slándála mionaoiseach a áirithiú, ar a seirbhís.

2.   Ní dhéanfaidh soláthraithe ardán ar líne fógráin a chur i láthair ar a gcomhéadan bunaithe ar phróifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679 ag úsáid sonraí pearsanta fhaighteoir na seirbhíse nuair is eol dóibh le deimhneacht réasúnta gur mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

3.   Ní chuirfidh comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán ar líne sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun a mheas an mionaoiseach é faighteoir na seirbhíse.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne le cur i bhfeidhm mhír 1.

ROINN 4

Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

Airteagal 29

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 31

Comhlíonadh trí dhearadh

1.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe ar bhealach a chuireann ar a gcumas do thrádálaithe a gcuid oibleagáidí maidir le faisnéis réamh-chonarthach, faisnéis maidir le comhlíonadh agus sábháilteacht táirgí a chomhlíonadh faoin dlí is infheidhme an Aontais.

Go háirithe, áiritheoidh an soláthraí lena mbaineann go gcuireann a comhéadain ar líne ar chumas trádálaithe faisnéis a sholáthar maidir le hainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an oibreora eacnamaíoch, mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (13), de Rialachán (AE) 2019/1020 agus i ndlí eile de chuid an Aontais.

2.   Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil a comhéadan ar líne deartha agus eagraithe sa chaoi gur féidir le trádálaithe an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar:

(a)

an fhaisnéis is gá chun na táirgí nó na seirbhísí a chuirtear chun cinn nó a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas, trí sheirbhísí na soláthraithe, a shainaithint go soiléir agus gan débhrí;

(b)

aon chomhartha lena sainaithnítear an trádálaí amhail an trádmharc, an tsiombail nó an lógó; agus,

(c)

i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis a bhaineann le lipéadú agus le marcáil i gcomhréir le rialacha dhlí an Aontais is infheidhme maidir le sábháilteacht táirgí agus comhlíonadh táirgí.

3.   Maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh siad a ndícheall chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar chuir trádálaithe den sórt sin an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil sula gceadófar dóibh a dtáirgí nó seirbhísí a thairiscint ar na hardáin sin. Tar éis cead a thabhairt don trádálaí táirgí nó seirbhísí a thairiscint ar a ardán ar líne lena gceadaítear do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí iarrachtaí réasúnacha chun seiceáil randamach a dhéanamh in aon bhunachar sonraí ar líne nó comhéadan ar líne atá oifigiúil, inrochtana saor in aisce agus meaisín-inléite ar cé acu a sainaithníodh nó nár sainaithníodh na táirgí nó na seirbhísí atá á dtairiscint mar tháirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha.

Airteagal 32

Ceart chun faisnéise

1.   Gan beann ar na modhanna a úsáidtear, i gcás ina dtuigtear do sholáthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, go bhfuil táirge nó seirbhís neamhdhleathach á dtairiscint ag trádálaí do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas trína chuid seirbhísí, déanfaidh an soláthraí sin, a mhéid a bhfuil a sonraí teagmhála aige, na tomhaltóirí sin a cheannaigh an táirge nó an tseirbhís trína chuid seirbhísí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach;

(b)

céannacht an trádálaí; agus

(c)

aon mhodh sásaimh ábhartha.

Beidh an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír teoranta do cheannach táirgí nó seirbhísí neamhdhleathacha a rinneadh laistigh de na 6 mhí roimh an nóiméad ar tháinig an soláthraí ar an eolas faoin neamhdhleathacht.

2.   Más rud é, sa chás dá dtagraítear i mír 1, nach bhfuil sonraí teagmhála na dtomhaltóirí uile lena mbaineann ag soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe, déanfaidh an soláthraí sin an fhaisnéis a bhaineann leis an táirge nó an tseirbhís neamhdhleathach, céannacht an trádálaí agus aon mhodhanna sásaimh a chur ar fáil go poiblí agus a dhéanamh inrochtana go héasca ar a chomhéadan ar líne.

ROINN 5

Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

Airteagal 33

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun mhír 4.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87 chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú, i gcás ina dtagann méadú nó laghdú 5 % ar dhaonra an Aontais i gcomparáid lena dhaonra in 2020 nó, ar a dhaonra i ndiaidh leasaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe sa bhliain inar glacadh leis an ngníomh tarmligthe is déanaí. I gcás den sórt sin, leasóidh sé an uimhir go mbeadh sé cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais sa bhliain inar ghlac sé leis an ngníomh tarmligthe, agus déanfar an méid a shlánú suas nó síos ionas go mbeifear in ann an uimhir a léiriú mar mhilliún.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun líon mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2), chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát bunaíochta nó tar éis dó an fhaisnéis arna soláthar ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chur san áireamh de bhun Airteagal 24(4), glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun críocha an Rialacháin seo an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne ag a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse atá cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2), nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) nó ar bhonn aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar líne Airteagal 24(2) a chomhlíonadh nó iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó iarraidh an Choimisiúin de bhun Airteagal 24(3) a chomhlíonadh cosc ar an gCoimisiún an soláthraí sin a ainmniú mar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun na míre seo.

I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún a chinneadh ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo nó ar bhonn faisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun Airteagal 24(3), tabharfaidh an Coimisiún 10 lá oibre do sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh ar líne lena mbaineann a thuairimí a chur ar fáil ar na réamhthorthaí ón gCoimisiún agus faoina rún an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí arna gcur isteach ag an soláthraí lena mbaineann.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann a thuairimí a chur ar isteach de bhun an tríú fomhír cosc ar an gCoimisiún an t-ardán sin ar líne nó an t-inneall cuardaigh sin ar line a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Foirceannfaidh an Coimisiún an t-ainmniú más rud é, ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh, nach bhfuil meánlíon áirithe faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar line atá cothrom leis an líon dá dtagraítear i mír 1 nó níos airde ná an líon sin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5, gan moill mhíchuí, do sholáthraí an ardáin ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann, don Bhord agus do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne nó mar innill chuardaigh an-mhór ar line in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 34

Measúnú riosca

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sainaithint, anailís agus measúnú dúthrachtach ar aon rioscaí sistéamacha san Aontas a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú a seirbhís agus a gcórais ghaolmhara, lena n-áirítear córais algartamacha, agus as úsáid a bhaintear as a gcuid seirbhísí.

Déanfaidh siad na measúnuithe riosca faoin dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus uair amháin ar a laghad gach bliain ina dhiaidh sin, agus i gcás ar bith, sula n-imscarfar feidhmiúlachtaí ar dócha go mbeidh tionchar criticiúil acu ar na rioscaí arna sainaithint de bhun an Airteagail seo. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh sé i gcomhréir leis na rioscaí sistéamacha, ag cur san áireamh a ndéine agus na dóchúlachta go dtarlóidís, agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de:

(a)

scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh trína seirbhísí;

(b)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe na cearta bunúsacha a bhaineann le dínit an duine a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chairt le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, le cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt, le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, le neamh-idirdhealú a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt, le hurraim ar chearta an linbh a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus le hardleibhéal cosaint an tomhaltóra a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt;

(c)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha, agus ar an tslándáil phoiblí;

(d)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, cosaint na sláinte poiblí agus mionaoisigh agus iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an duine.

2.   Agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line san áireamh, go háirithe, cibé a imreoidh nó nach n-imreoidh na gnéithe seo a leanas tionchar ar aon cheann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear i mír 1, agus conas a imreoidh siad an tionchar sin:

(a)

dearadh a gcóras moltaí agus aon chórais algartamaigh ábhartha eile;

(b)

a gcórais modhnóireachta inneachair;

(c)

na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme agus a bhforfheidhmiú;

(d)

córais chun fógráin a roghnú agus a chur i láthair;

(e)

cleachtais an tsoláthraí a bhaineann le sonraí.

Déanfaidh na measúnuithe anailís freisin ar cibé a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag ionramháil d’aon ghnó ar a seirbhís ar rioscaí de bhun mhír 1 agus conas a bhíonn tionchar ag an méid sin orthu, lena n-áirítear úsáid bhréagach nó saothrú uathoibrithe na seirbhíse, mar aon le méadú agus scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh agus faisnéise atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha agus a d’fhéadfadh a bheith mear agus forleathan.

Cuirfear gnéithe sonracha réigiúnacha nó teanga san áireamh sa mheasúnú, lena n-áirítear nuair a bhaineann an méid sin le Ballstát ar leith.

3.   Caomhnóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na doiciméid tacaíochta do na measúnuithe riosca ar feadh trí bliana ar a laghad, tar éis measúnuithe riosca a dhéanamh agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

Airteagal 35

Maolú rioscaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint de bhun Airteagal 34 a chur i bhfeidhm, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair na mbeart sin ar chearta bunúsacha. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

dearadh, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí a oiriúnú, lena n-áirítear a gcomhéadain ar líne;

(b)

a dtéarmaí agus coinníollacha agus a bhforfheidhmiú a oiriúnú;

(c)

próisis modhnóireachta inneachair a oiriúnú, lena n-áirítear luas agus cáilíocht na bhfógraí próiseála a bhaineann le cineálacha sonracha inneachair neamhdhleathaigh agus, i gcás inarb iomchuí, an t-inneachar a fógraíodh a bhaint go gasta nó rochtain air a dhíchumasú, go háirithe i leith fuathchaint neamhdhleathach nó cibearfhoréigin, chomh maith le haon phróisis chinnteoireachta ábhartha agus aon acmhainní tiomnaithe le haghaidh modhnóireacht inneachair a oiriúnú;

(d)

tástáil agus oiriúnú a dhéanamh ar a gcórais algartamacha, lena n-áirítear a gcórais moltaí;

(e)

a gcórais fógraíochta a oiriúnú agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad nó a dtaispeáint a choigeartú;

(f)

na próisis inmheánacha, na hacmhainní, an tástáil, an doiciméadacht, nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath;

(g)

comhar a thionscnamh nó a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 22 agus cinntí na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chur chun feidhme de bhun Airteagal 21;

(h)

comhar a thionscnamh nó a leasú le soláthraithe eile ardán ar líne nó soláthraithe eile inneall cuardaigh ar line trí na cóid iompair agus trí na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 48 faoi seach;

(i)

bearta múscailte feasachta a dhéanamh agus a gcomhéadan ar líne a oiriúnú chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse;

(j)

bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear fíorú aoise agus uirlisí rialaithe do thuismitheoirí, uirlisí atá dírithe ar chabhrú le mionaoisigh mí-úsáid a chur in iúl nó tacaíocht a fháil, de réir mar is iomchuí;

(k)

á áirithiú, i gcás ítim faisnéise, bíodh sí ina híomhá ghinte nó ionramháilte, ina hinneachar fuaime nó físe atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach, go mbeidh sí inaitheanta trí mharcálacha feiceálacha agus é ar taispeáint ar a gcomhéadain ar líne; agus sa bhreis air sin feidhmiúlacht a chur ar fáil,, a bheidh éasca le húsáid agus lena gcumasófar faighteoirí na seirbhíse chun faisnéis den sórt sin a chur in iúl.

2.   Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha sin:

(a)

sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 39, 40 agus 42;

(b)

dea-chleachtais do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a mhaolú.

Déanfaidh na tuarascálacha sin rioscaí sistéamacha, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit inar tharla siad agus san Aontas ina iomláine a chur in iúl, de réir mar is infheidhme.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt do na páirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin.

Airteagal 36

Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

1.   I gcás ina dtarlaíonn géarchéim, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar mholadh ón mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cibé a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, agus más ea, a mhéid a rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, nó an dóchúlacht go rannchuideoidís, le bagairt dháiríre dá dtagraítear i mír 2;

(b)

bearta sonracha, éifeachtacha agus comhréireacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, amhail ceann ar bith díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 48(2), chun aon rannchuidiú den sórt sin leis an mbagairt thromchúiseach arna sainaithint de bhun phointe (a) den mhír seo a chosc, a dhíothú nó a theorannú;

(c)

tuairisciú don Choimisiún faoi dháta áirithe nó ag eatraimh rialta a shonrófar sa chinneadh, maidir leis na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (a), leis an inneachar beacht, cur chun feidhme agus tionchar cáilíochtúil agus cainníochtúil na mbeart sonrach a rinneadh de bhun phointe (b) agus aon saincheist eile a bhaineann leis na measúnuithe nó na bearta sin, mar a shonraítear sa chinneadh.

Agus bearta á sainaithint agus á gcur i bhfeidhm de bhun phointe (b) den mhír seo, tabharfaidh an soláthraí nó na soláthraithe seirbhíse aird chuí ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí leis na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

2.   Chun críche an Airteagail seo, measfar go bhfuil géarchéim ann i gcás ina bhfuil cúinsí urghnácha ina gcúis le bagairt thromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de.

3.   Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh géarghá agus údar leis na gníomhaíochtaí arna n-éileamh leis an gcinneadh agus go mbeidh siad comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú;

(b)

go sonrófar tréimhse réasúnta sa chinneadh ina ndéanfar bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, ag féachaint, go háirithe, do phráinn na mbeart sin agus don am a bheidh ag teastáil chun iad a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gcinneadh teoranta do thréimhse nach faide ná 3 mhí.

4.   Tar éis dó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na bearta seo a leanas:

(a)

fógra faoin gcinneadh a thabhairt don soláthraí nó do na soláthraithe a bhfuil an cinneadh dírithe orthu;

(b)

an cinneadh a chur ar fáil go poiblí; agus

(c)

an cinneadh a chur in iúl don Bhord, a iarraidh air a thuairimí ina leith a chur isteach, agus é a choimeád ar an eolas maidir le haon fhorbairtí a dhéanfar ina dhiaidh sin a bhaineann leis an gcinneadh.

5.   Maidir le rogha na mbeart sonrach a bheidh le déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1, agus an dara fomhír de mhír 7, fanfaidh sé ag an soláthraí nó ag na soláthraithe a ndíreofar orthu leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don soláthraí, dul i mbun idirphlé leis an soláthraí chun a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an tsoláthraí, cibé atá nó nach bhfuil na bearta beartaithe nó curtha chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, éifeachtach agus comhréireach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na bearta arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse faoi phointe (b) de mhír 1, na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 3.

7.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhéadfaidh sé a iarraidh de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 67, agus éabhlóid na géarchéime á cur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú rialta don Bhord maidir leis an bhfaireachán sin, ar bhonn míosúil ar a laghad.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta sonracha atá beartaithe nó curtha chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1 éifeachtach nó comhréireach, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí athbhreithniú a dhéanamh ar shainaithint nó cur i bhfeidhm na mbeart sonrach sin.

8.   I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise fhorbairt na géarchéime, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó de réir mholadh an Bhoird, an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 7, an dara fomhír, a leasú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an cinneadh a chúlghairm agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an ardán an-mhór ar líne nó ar inneall cuardaigh an-mhór ar líne scor de na bearta a shainaithnítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1, nó de bhun an dara fomhír de mhír 7, a chur i bhfeidhm a thuilleadh, go háirithe i gcás nach ann do na forais dá bhfuil na bearta sin ann a thuilleadh;

(b)

síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3;

(c)

an taithí a fuarthas agus na bearta á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, go háirithe mainneachtain fhéidearthach na mbeart na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

9.   Beidh feidhm ag ceanglais mhíreanna 1 go 6 maidir leis an gcinneadh agus leis an leasú air dá dtagraítear san Airteagal seo.

10.   Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar mholadh an Bhoird arna eisiúint de bhun an Airteagail seo.

11.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil tar éis cinntí a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ar aon chuma, 3 mhí tar éis dheireadh na géarchéime maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun na gcinntí sin.

Airteagal 37

Iniúchóireacht neamhspleách

1.   Beidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line faoi réir, ar a gcostas féin agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, iniúchtaí neamhspleácha chun comhlíonadh na nithe seo a leanas a mheas:

(a)

na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III;

(b)

aon ghealltanais a glacadh de bhun na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 46 agus na bprótacal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 48.

2.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line an comhar agus an cúnamh is gá a chur ar fáil do na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí de bhun an Airteagail seo ionas go mbeidh siad in ann na hiniúchtaí sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil agus tráthúil, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt dóibh ar na sonraí agus ar na háitribh ábhartha uile agus trí cheisteanna ó bhéal nó i scríbhinn a fhreagairt. Staonfaidh siad ó bhac a chur ar fheidhmíocht na hiniúchóireachta, ó thionchar míchuí a imirt uirthi nó ón mbonn a bhaint uaithi.

Áiritheoidh iniúchtaí den sórt sin rúndacht leormhaith agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an bhfaisnéis arna fáil ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus ó thríú páirtithe i gcomhthéacs na n-iniúchtaí, lena n-áirítear tar éis fhoirceannadh na n-iniúchtaí. Ní dhéanfaidh comhlíonadh an cheanglais sin dochar d’fheidhmiú na n-iniúchtaí ná d’fhorálacha eile an Rialacháin seo, áfach, go háirithe na forálacha a bhaineann le trédhearcacht, maoirseacht agus forfheidhmiú. I gcás inar gá chun críche tuairiscithe trédhearcachta de bhun Airteagal 42(4), beidh leaganacha nach bhfuil aon fhaisnéis iontu a mheas go réasúnta gur faisnéis rúnda í ag gabhail leis an tuarascáil iniúchóireachta agus an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 6 den Airteagal.

3.   Maidir leis na hiniúchtaí a dhéanfar de bhun mhír 1, is eagraíochtaí a mbaineann na nithe seo a leanas leo a dhéanfaidh iad:

(a)

tá siad neamhspleách ar sholáthraí -ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus ar aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin, agus níl coinbhleachtaí leasa acu leo; go háirithe:

(i)

níor sholáthair siad seirbhísí neamh-iniúchóireachta a bhaineann leis na hábhair a ndearnadh iniúchadh orthu do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin sa tréimhse 12 mhí roimh thús an iniúchta agus tá gealltanas tugtha acu gan seirbhísí den sórt sin a sholáthar, sa tréimhse 12 mhí tar éis an t-iniúchadh a chur i gcrích;

(ii)

níor sholáthair siad seirbhísí iniúchóireachta de bhun an Airteagail seo do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, agus d’aon duine dlítheanach atá nasctha leis an soláthraí sin le linn tréimhse is faide ná 10 mbliana i ndiaidh a chéile;

(iii)

níl siad ag déanamh an iniúchta do tháillí atá ag brath ar thoradh an iniúchta;

(b)

tá saineolas cruthaithe i réimse na bainistíochta riosca agus inniúlacht agus cumais theicniúla acu;

(c)

tá oibiachtúlacht agus eitic ghairmiúil cruthaithe acu, bunaithe go háirithe ar chóid chleachtais nó ar chaighdeáin iomchuí a chomhlíonadh.

4.   Áiritheoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line gurb iad na heagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí tuarascáil iniúchóireachta le haghaidh gach iniúchta. Beidh bunús, i scríbhinn, leis an tuarascáil sin agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad inti:

(a)

ainm, seoladh agus pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line atá faoi réir an iniúchta agus an tréimhse a chumhdaítear;

(b)

ainm agus seoladh na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí atá ag tabhairt faoin iniúchadh;

(c)

dearbhú leasanna;

(d)

tuairisc ar na gnéithe sonracha ar a ndearnadh iniúchadh, agus an mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm;

(e)

tuairisc agus achoimre ar na príomhthorthaí a tháinig chun cinn san iniúchadh;

(f)

liosta de na tríú páirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo mar chuid den iniúchadh;

(g)

tuairim iniúchóireachta ar cibé a chomhlíon nó nár chomhlíon soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann na hoibleagáidí agus na gealltanais dá dtagraítear i mír 1, eadhon “tuairim dhearfach”, “tuairim dhearfach le barúlacha” nó “tuairim dhiúltach”;

(h)

i gcás nach bhfuil an tuairim iniúchóireachta “dearfach”, moltaí oibríochtúla ar bhearta sonracha chun comhlíontacht a bhaint amach agus an tréimhse ama a mholtar chun comhlíontacht a bhaint amach.

5.   I gcás nach raibh an eagraíocht a dhéanann an t-iniúchadh in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe sonracha áirithe ná tuairim iniúchóireachta a chur in iúl bunaithe ar a himscrúduithe, beidh míniú sa tuarascáil iniúchóireachta ar na himthosca agus na cúiseanna nach bhféadfaí na gnéithe sin a iniúchadh.

6.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a fhaigheann tuarascáil iniúchóireachta nach bhfuil dearfach aird chuí ar na moltaí oibríochtúla atá dírithe orthu d’fhonn na bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a chur chun feidhme. Glacfaidh siad, laistigh de mhí amháin ó na moltaí sin a fháil, tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta ina leagfar na bearta sin amach. I gcás nach gcuirfidh siad na moltaí oibríochtúla chun feidhme, tabharfaidh siad údar leis na cúiseanna a bhí acu gan iad a chur chun feidhme sa tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta agus le haon bhearta malartacha a ghlac siad chun dul i ngleic le haon chásanna neamhchomhlíonta sainaitheanta.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha is gá a leagan síos chun na hiniúchtaí a dhéanamh de bhun an Airteagail seo, go háirithe maidir leis na rialacha is gá i ndáil leis na céimeanna nós imeachta, na modheolaíochtaí iniúchóireachta agus na teimpléid tuairiscithe le haghaidh na n-iniúchtaí a dhéantar de bhun an Airteagail seo. Cuirfear san áireamh aon chaighdeáin iniúchóireachta dheonacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (e), sna gníomhartha tarmligthe sin.

Airteagal 38

Córais moltaí

Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 27, soláthróidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a úsáideann córais moltaí rogha amháin ar a laghad do gach ceann dá gcórais moltaí, ar rogha í nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 39

Trédhearcacht bhreise fógraíochta ar líne

1.   Tiomsóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line a thaispeánann fógráin ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus déanfaidh siad an stór sin a chur ar fáil go poiblí ar roinn ar leith dá gcomhéadan ar líne, trí uirlis inchuardaithe agus iontaofa lena gceadaítear ceisteanna ilchritéir agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, ar feadh na tréimhse iomláine a gcuireann siad fógrán ar taispeáint lena linn agus go ceann bliana tar éis an dáta a cuireadh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne. Áiritheoidh siad nach bhfuil aon fhaisnéis phearsanta de chuid fhaighteoirí na seirbhíse ar taispeánadh an fógrán dóibh nó a bhféadfadh sé gur taispeánadh an fógrán dóibh sa stór, agus déanfaidh siad iarrachtaí réasúnta a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus iomlán.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa stór:

(a)

inneachar an fhógráin, lena n-áirítear ainm an táirge, na seirbhíse nó an bhranda agus ábhar an fhógráin;

(b)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fógra á chur ar taispeáint thar a cheann;

(c)

an duine nádúrtha nó dlítheanach a d’íoc as an bhfógrán, murab ionann an duine sin agus an duine dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

an tréimhse inar cuireadh an fógrán ar taispeáint;

(e)

cibé a bhí nó nach raibh sé mar rún an fógrán a thaispeáint go sonrach do ghrúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse nó do níos mó ná grúpa amháin d’fhaighteoirí na seirbhíse agus má bhí, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun na críche sin, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na príomhpharaiméadair a úsáideadh chun grúpa amháin nó níos mó de na grúpaí áirithe sin a eisiamh;

(f)

na teachtaireachtaí tráchtála arna bhfoilsiú ar na hardáin an-mhór ar líne agus arna sainaithint de bhun Airteagal 26(2);

(g)

an líon iomlán d’fhaighteoirí na seirbhíse a sroicheadh agus, i gcás inarb infheidhme, uimhreacha comhiomlána, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit don ghrúpa nó do na grúpaí faighteoirí ar ar díríodh an fógrán go sonrach.

3.   A mhéid a bhaineann le mír 2, pointí (a), (b) agus (c), i gcás ina bhfuil soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar line tar éis fógrán ar leith a bhaint nó rochtain air a dhíchumasú, ar fógrán é atá bunaithe ar neamhdhleathacht nó ar neamhréir líomhnaithe lena théarmaí agus lena choinníollacha, ní áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear sna pointí sin sa stór lárnach. I gcás den sórt sin, don fhógrán sonrach lena mbaineann, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear, in Airteagal 17(2), pointí (a) go (e), nó in Airteagal 9(2), pointe(a)(i), de réir mar is infheidhme, a áireamh sa stór.

Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, na taighdeoirí grinnfhiosraithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 40 agus an pobal, treoirlínte a eisiúint maidir le struchtúr, eagrú agus feidhmiúlachtaí na stórtha dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 40

Rochtain ar shonraí agus grinnscrúdú

1.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, ar iarraidh réasúnaithe a fháil uathu agus laistigh de thréimhse réasúnta, atá sonraithe san iarraidh, ar sonraí iad atá riachtanach chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

2.   Ní úsáidfidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ná an Coimisiún na sonraí ar a bhfaighfear rochtain de bhun mhír 1 ach amháin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad aird chuí ar chearta agus leasanna soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar line agus faighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint, faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó don Choimisiún, dearadh, loighic agus feidhmiú agus tástáil a gcóras algartamach a mhíniú, lena n-áirítear a gcórais moltaí.

4.   Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí ar fáil do thaighdeoirí grinnfhiosraithe a chomhlíonann na ceanglais i mír 8 den Airteagal seo, laistigh de thréimhse réasúnta, mar atá sonraithe san iarraidh, agus é mar aon chuspóir amháin leis an rochtain sin taighde a dhéanamh a chuireann le brath, sainaithint agus tuiscint na rioscaí sistéamacha san Aontas, mar a leagtar amach de bhun Airteagal 34(1), agus leis an measúnú ar leordhóthanacht, éifeachtúlacht agus tionchair na mbeart maolaithe riosca de bhun Airteagal 35.

5.   Laistigh de 15 lá tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, féadfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an iarraidh a leasú, i gcás ina measann siad nach féidir leo rochtain ar na sonraí a chur ar fáil mar gheall ar cheann amháin den dá chúis seo a leanas:

(a)

níl rochtain acu ar na sonraí;

(b)

bainfidh leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a seirbhíse nó cosaint faisnéise rúnda, go háirithe rúin trádála, le rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.

6.   Ní mór go mbeadh moltaí le haghaidh modh malartach amháin nó níos mó trínar féidir rochtain ar na sonraí a iarradh nó ar shonraí eile atá iomchuí agus leordhóthanach chun críoch na hiarrata sna hiarrataí ar leasú de bhun mhír 2a.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta cinneadh faoin iarraidh ar leasú laistigh de 15 lá agus cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line agus, i gcás inarb ábhartha, an iarraidh leasaithe agus an tréimhse nua chun an iarraidh a chomhlíonadh.

7.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain ar shonraí de bhun mhíreanna 1 agus 4 a éascú agus a sholáthar trí chomhéadain iomchuí a shonraítear san iarraidh, lena n-áirítear bunachair sonraí ar líne nó comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

8.   Ar iarratas cuí-réasúnaithe a fháil ó thaighdeoirí, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta stádas taighdeoirí grinnfhiosraithe a dheonú ar thaighdeoirí den sórt sin le haghaidh an taighde shonraigh dá dtagraítear san iarratas agus iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí do sholáthraí ardáin an-mhór ar line nó do sholáthraí innill cuardaigh an-mhór ar line a eisiúint de bhun mhír 4, i gcás ina léiríonn na taighdeoirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

go bhfuil siad cleamhnaithe le heagraíocht taighde mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/790;

(b)

go bhfuil siad neamhspleách ar leasanna tráchtála;

(c)

go nochtar cistiú an taighde ina n-iarratas;

(d)

go bhfuil sé d’acmhainneacht acu na ceanglais shonracha maidir le slándáil agus rúndacht sonraí a chomhfhreagraíonn do gach iarraidh a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta a chosaint, agus go ndéanann siad cur síos ina n-iarraidh ar na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla atá curtha i bhfeidhm acu chuige sin;

(e)

go léiríonn a n-iarratas go bhfuil gá lena rochtain ar na sonraí agus na tréimhsí ama arna n-iarraidh le haghaidh chuspóirí a dtaighde, agus go bhfuil siad comhréireach leo, agus go gcuirfidh na torthaí a bhfuiltear ag súil leo leis na cuspóirí a leagtar síos i mír 4;

(f)

go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde atá beartaithe chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2;

(g)

gur gheall siad a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí saor in aisce, laistigh de thréimhse ama réasúnta tar éis thabhairt i gcrích an taighde, faoi réir leasanna fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

Tar éis dóibh an t-iarratas de bhun na míre seo a fháil, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Bord ar an eolas.

9.   Féadfaidh taighdeoirí a n-iarratas a chur faoi bhráid Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha Bhallstát na heagraíochta taighde a bhfuil siad cleamhnaithe léi freisin. Ar fháil an iarratais de bhun na míre seo dó, déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú tosaigh ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na taighdeoirí faoi seach na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 8. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha lena faoi seach an t-iarratas, in éineacht leis na doiciméid tacaíochta arna gcur isteach ag na taighdeoirí faoi seach agus an measúnú tosaigh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bhunaíochta cinneadh maidir le stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir gan moill mhíchuí.

Agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú tosaigh a cuireadh ar fáil, is faoi inniúlacht an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta atá an cinneadh deiridh stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” a bhronnadh ar thaighdeoir, de bhun mhír 8.

10.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar thaighdeoir grinnfhiosraithe agus a d’eisigh an iarraidh réasúnaithe ar rochtain ar shonraí ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line i bhfabhar taighdeoir grinnfhiosraithe cinneadh a eisiúint lena bhfoirceannfar an rochtain má chinneann sé, tar éis imscrúdaithe, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn faisnéis a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an taighdeoir grinnfhiosraithe na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 a thuilleadh, agus cuirfidh sé soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh. Sula bhfoirceannfar an rochtain, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha cead don taighdeoir grinnfhiosraithe freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún an rochtain a fhoirceannadh.

11.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha nó na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar “thaighdeoir grinnfhiosraithe” orthu, i gcomhréir le mír 8, a chur in iúl don Bhord, chomh maith le cuspóir an taighde a ndearnadh an t-iarratas ina leith nó, i gcás go bhfuil rochtain ar na sonraí foirceanta acu i gcomhréir le mír 10, an fhaisnéis sin a chur in iúl don Bhord.

12.   Tabharfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line rochtain gan moill mhíchuí ar shonraí, lena n-áirítear, i gcás inar féidir sin go teicniúil, sonraí fíor-ama, ar choinníoll go bhfuil na sonraí inrochtana go poiblí ina gcomhéadan ar líne do thaighdeoirí, lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le comhlachtaí, eagraíochtaí agus comhlachais neamhbhrabúis a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 8, pointí (b), (c), (d) agus (e), agus a úsáideann na sonraí go heisiach chun taighde a dhéanamh a chuireann le rioscaí sistéamacha san Aontas a bhrath, a shainaithint agus a thuiscint de bhun Airteagal 34(1).

13.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na coinníollacha teicniúla a leagan síos faoina bhfuil ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sonraí a roinnt de bhun mhíreanna 1 agus 4 agus na críocha ar féidir na sonraí a úsáid ina leith. Sna gníomhartha tarmligthe sin, leagfar síos na coinníollacha sonracha faoinar féidir sonraí a roinnt le taighdeoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, mar aon le táscairí cuspóireacha ábhartha agus, i gcás inar gá, sásraí comhairleacha neamhspleácha, ag cur cearta agus leasa na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó na soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line agus fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chosaint, go háirithe rúin trádála, agus slándáil a seirbhíse a chothabháil.

Airteagal 41

Feidhm chomhlíontachta

1.   Bunóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line feidhm chomhlíontachta a bheidh neamhspleách ar a bhfeidhmeanna oibríochtúla agus atá comhdhéanta d’oifigeach comhlíontachta amháin nó níos mó, lena n-áirítear ceann na feidhme comhlíontachta. Beidh údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha ag an bhfeidhm chomhlíontachta sin, chomh maith le rochtain ar chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ag an soláthraí sin.

2.   Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line go mbeidh na cáilíochtaí gairmiúla, an t-eolas, an taithí agus an cumas is gá ag oifigigh chomhlíontachta chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 a chomhlíonadh.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line gur bainisteoir sinsearach neamhspleách a bheidh i gceann na feidhme comhlíontachta a mbeidh freagracht ar leith air as an bhfeidhm chomhlíontachta.

Tabharfaidh ceann na feidhme comhlíontachta tuairisc go díreach do chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, agus féadfaidh sé imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht sin i gcás ina ndéanann na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 32 nó neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo difear do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line lena mbaineann, gan dochar d’fhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta ina chuid feidhmeanna maoirseachta agus bainistíochta.

Ní chuirfear ceann na feidhme comhlíontachta as oifig gan formheas a fháil roimh ré ó chomhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar na hoifigigh chomhlíontachta:

(a)

comhoibriú leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus leis an gCoimisiún chun críche an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go sainaithneofar na rioscaí uile dá dtagraítear in Airteagal 34 agus go dtuairisceofar i gceart iad agus go ndéanfar bearta maolaithe riosca atá réasúnta, comhréireach agus éifeachtach de bhun Airteagal 35;

(c)

gníomhaíochtaí sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a bhaineann leis an iniúchadh neamhspleách de bhun Airteagal 37 a eagrú agus a mhaoirsiú;

(d)

bainistíocht agus fostaithe sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line a chur ar an eolas faoi oibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo agus comhairle a chur ar fáil i leith na n-oibleagáidí sin;

(e)

faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh a oibleagáidí faoin Rialachán seo;

(f)

i gcás inarb infheidhme, faireachán a dhéanamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line i dtaca le comhlíonadh na ngealltanas a tugadh faoi na cóid iompair de bhun Airteagail 45 agus 46 nó faoi na prótacail ghéarchéime de bhun Airteagal 48.

4.   Cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line ainm agus sonraí teagmhála cheann na feidhme comhlíontachta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún.

5.   Maidir le cur chun feidhme socruithe rialachais sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, lena n-áirithítear neamhspleáchas na feidhme comhlíontachta, lena n-áirítear cúraimí a roinnt laistigh d’eagraíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar line, coinbhleachtaí leasa a chosc, agus bainistiú fónta na rioscaí sistéamacha arna sainaithint de bhun Airteagal 34, déanfaidh comhlacht bainistíochta sholáthraí an ardáin an-mhór sin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór sin ar line iad a shainiú, a fhormhaoirsiú agus beidh sé cuntasach as na socruithe sin.

6.   Formheasfaidh agus athbhreithneoidh an comhlacht bainistíochta go tréimhsiúil, uair sa bhliain ar a laghad, na straitéisí agus na beartais chun na rioscaí a shainaithnítear de bhun Airteagal 34 a bhfuil an t-ardán an-mhór ar líne nó an t-inneall cuardaigh an-mhór ar line neamhchosanta orthu nó a d’fhéadfadh sé go mbeadh sé neamhchosanta orthu, a ghlacadh, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu agus a mhaolú.

7.   Caithfidh an comhlacht bainistíochta a dhóthain ama ar mhachnamh a dhéanamh i dtaobh na mbeart a bhaineann le bainistíocht riosca. Beidh sé rannpháirteach go gníomhach sna cinntí a bhaineann le bainistiú riosca agus áiritheoidh sé go leithdháilfear acmhainní leordhóthanacha ar bhainistiú na rioscaí a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 34.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta

1.   Foilseoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 ar a dhéanaí faoi 2 mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 33(6), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin ar a laghad.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna bhfoilsiú ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 24(1):

(a)

na hacmhainní daonna a thiomnaíonn an soláthraí ardán an-mhór ar líne do mhodhnóireacht inneachair i ndáil leis an tseirbhís a thairgtear san Aontas, arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil is infheidhme de chuid na mBallstát, lena n-áirítear chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16 agus 22 a chomhlíonadh, agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 20 a chomhlíonadh;

(b)

cáilíochtaí agus saineolas teanga na ndaoine a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith leis an oiliúint agus an tacaíocht a thugtar don fhoireann sin;

(c)

na táscairí cruinnis agus an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (e), arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil de chuid na mBallstát .

Foilseofar na tuarascálacha i dteanga oifigiúil amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát ar a laghad.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(2), áireoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne faisnéis sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le meánfhaighteoirí míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na nithe seo a leanas a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, gan moill mhíchuí ar a dtabhairt i gcrích, agus cuirfidh siad ar fail go poiblí iad, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis gach tuarascáil iniúchóireachta a fháil de bhun Airteagal 37(4):

(a)

tuarascáil ina leagtar amach torthaí an mheasúnaithe riosca de bhun Airteagal 34;

(b)

na bearta maolaithe sonracha a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 35(1);

(c)

an tuarascáil iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(4);

(d)

an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(6);

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na comhairliúcháin arna ndéanamh ag an soláthraí chun tacú leis na measúnuithe riosca agus dearadh na mbeart maolaithe riosca.

5.   I gcás ina measann soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne go bhféadfaí faisnéis rúnda an tsoláthraí sin nó fhaighteoirí na seirbhíse a nochtadh mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 4, nó go bhféadadh sé a bheith ina chúis le leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go bhféadfaí an bonn a bhaint ón tslándáil phoiblí dá thoradh, nó go bhféadadh sé díobháil a dhéanamh d’fhaighteoirí, féadfaidh an soláthraí an fhaisnéis sin a bhaint as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí. I gcás mar sin, tarchuirfidh an soláthraí na tuarascálacha iomlána chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí ag gabháil leo.

Airteagal 43

Táille mhaoirseachta

1.   Gearrfaidh an Coimisiún táille bhliantúil mhaoirseachta ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne as iad a ainmniú de bhun Airteagal 33.

2.   Le méid foriomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla, cumhdófar na costais mheasta a thabhóidh an Coimisiún i ndáil lena chúraimí maoirseachta faoin Rialachán seo, go háirithe costais a bhaineann leis an ainmniú de bhun Airteagal 33, le bunú, cothabháil agus oibriú an bhunachair sonraí de bhun Airteagal 24(5) agus leis an gcóras comhroinnte faisnéise de bhun Airteagal 85, le tarchuir de bhun Airteagal 59, le tacú leis an mBord de bhun Airteagal 62 agus leis na cúraimí maoirseachta de bhun Airteagal 56 agus Roinn 4 de Chaibidil IV.

3.   Déanfar táille mhaoirseachta bliantúil a ghearradh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line as gach seirbhís ar ainmníodh iad ina leith de bhun Airteagal 33.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar méid na táille maoirseachta bliantúla i ndáil le gach soláthraí ardán an-mhór ar líne nó gach soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm agus urramóidh sé na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 87, lena leagfar síos an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na nósanna imeachta maidir le:

(a)

ríomh na gcostas measta dá dtagraítear i mír 2;

(b)

ríomh na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair dá dtagraítear i mír 5, pointí (b) agus (c);

(c)

cinneadh na huasteorann foriomláine arna sainiú i mír 5, pointe (c); agus

(d)

na socruithe mionsonraithe is gá chun íocaíochta a dhéanamh.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, urramóidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo.

5.   Déanfar na prionsabail seo a leanas a urramú leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 agus leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4:

(a)

go gcuireann an meastachán ar mhéid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla na costais arna dtabhú sa bhliain roimhe sin san áireamh;

(b)

go bhfuil an táille mhaoirseachta bhliantúil comhréireach leis an líon meánfhaighteoirí gníomhacha míosúla san Aontas de chuid gach ardáin an-mhór ar líne nó gach inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna ainmniú de bhun Airteagal 33;

(c)

i gcás ar bith, nach bhfuil méid foriomlán na táille maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar sholáthraí áirithe ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí áirithe innill cuardaigh an-mhór os cionn 0,05 % dá ghlanioncam bliantúil domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin.

6.   Is éard a bheidh sna táillí maoirseachta bliantúla aonair a ghearrfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo ná ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41).

7.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le méid foriomlán na gcostas arna dtabhú chun na cúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla aonair a gearradh sa bhliain roimhe sin.

ROINN 6

Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

Airteagal 44

Caighdeáin

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord, agus tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán deonach agus cuirfidh sé chun cinn iad, ar caighdeáin iad arna leagan amach ag comhlachtaí ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, i leith an mhéid seo a leanas ar a laghad:

(a)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach faoi Airteagal 16;

(b)

teimpléid, caighdeáin maidir le dearadh agus próisis chun cumarsáid a dhéanamh le faighteoirí na seirbhíse ar bhealach atá intuigthe don úsáideoir maidir le srianta a eascraíonn as téarmaí agus coinníollacha agus as athruithe orthu;

(c)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach ag comharthóirí iontaofa faoi Airteagal 22, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár;

(d)

comhéadain shonracha, lena n-áirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 39 agus 40 a éascú;

(e)

iniúchadh ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 37;

(f)

idir-inoibritheacht na stór fógrán dá dtagraítear in Airteagal 39(2);

(g)

tarchur sonraí idir idirghabhálaithe fógraíochta mar thaca le hoibleagáidí trédhearcachta de bhun phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 26;

(h)

bearta teicniúla chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis an bhfógraíocht atá sa Rialachán seo a chumasú, lena n-áirítear na hoibleagáidí maidir le marcálacha feiceálacha d’fhógráin agus do chumarsáid tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 26;

(i)

comhéadain roghnúcháin agus cur i láthair faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair a bhaineann le cineálacha éagsúla córas moltaí, i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 38;

(j)

caighdeáin do bhearta spriocdhírithe chun mionaoisigh a chosaint ar líne.

2.   Tacóidh an Coimisiún le nuashonrú na gcaighdeán i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus iompar fhaighteoirí na seirbhísí i dtrácht. Beidh fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le nuashonrú na gcaighdeán agus beidh sé éasca teacht uirthi.

Airteagal 45

Cóid Iompair

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún agus an Bord tarraingt suas cód iompair deonach ar leibhéal an Aontais chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, ag cur na ndúshlán sonrach a bhaineann le dul i ngleic le cineálacha éagsúla inneachair neamhdhleathaigh agus rioscaí sistéamacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, san áireamh, go háirithe maidir le hiomaíocht agus sonraí pearsanta a chosaint.

2.   I gcás ina dtagann riosca sistéamach suntasach de réir bhrí Airteagal 34(1) chun cinn agus go mbaineann sé le roinnt ardán an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne, féadfaidh am Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne lena mbaineann nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann agus, ar sholáthraithe eile ardán an-mhór ar líne, ar sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, ardán ar líne agus seirbhísí idirghabhálacha eile, de réir mar is iomchuí, mar aon le húdaráis inniúla ábhartha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile, a bheith rannpháirteach i dtarraingt suas na gcód iompair, lena n-áirítear gealltanais a leagan amach chun bearta sonracha maolaithe riosca a ghlacadh, chomh maith le gnáthchreat tuairiscithe maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí.

3.   Agus éifeacht á tabhairt do mhíreanna 1 agus 2, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord, agus ag comhlachtaí eile i gcás inarb ábhartha, a áirithiú go leagtar a gcuspóirí sonracha amach go soiléir sna cóid iompair, go bhfuil príomhtháscairí feidhmíochta iontu le gnóthachtáil na gcuspóirí sin a thomhas agus go dtugtar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, agus go háirithe na saoránach, ar leibhéal an Aontais. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag an mBord a áirithiú go dtuairiscíonn rannpháirtithe go tráthrialta don Choimisiún agus dá gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faoi seach maidir le haon bhearta a rinneadh agus a dtorthaí, arna dtomhas in aghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta atá mar chuid díobh, freisin. Déanfar éagsúlachtaí méide agus acmhainneachta idir rannpháirtithe éagsúla a chur san áireamh i bpríomhtháscairí feidhmíochta agus i gceangaltais tuairiscithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord measúnú ar cibé a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na cóid iompair na haidhmeanna a shonraítear i míreanna 1 agus 3, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar ghnóthachtáil a gcuspóirí, ag féachaint do na príomhtháscairí feidhmíochta a d’fhéadfadh a bheith iontu. Foilseoidh siad a gconclúidí.

Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord athbhreithniú agus oiriúnú rialta ar na cóid iompair a spreagadh agus a éascú.

I gcás mainneachtain chórasach na cóid iompair a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún agus an Bord a iarraidh ar shínitheoirí na gcód iompair gníomhú mar is gá.

Airteagal 46

Cóid iompair d’fhógraíocht ar líne

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún tarraingt suas na gcód iompair deonach ar leibhéal an Aontais ag soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile, amhail soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fógraíochta ar líne, gníomhaithe eile atá bainteach le luachshlabhra na fógraíochta trí mheán clár ríomhaireachta, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tseirbhís agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha, chun cur le trédhearcacht bhreise do ghníomhaithe i luachshlabhra na fógraíochta ar líne a ghabhann thar cheanglais Airteagail 26 agus 39.

2.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go saothraíonn na cóid iompair tarchur éifeachtach faisnéise, lena dtugtar lánurraim do chearta agus leasanna na bpáirtithe rannpháirteacha, chomh maith le timpeallacht iomaíoch, thrédhearcach agus chothrom le haghaidh fógraíocht ar líne, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe i ndáil le hiomaíocht agus príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair:

(a)

tarchur faisnéise atá i seilbh soláthraithe idirghabhálacha fógraíochta ar líne chuig faighteoirí na seirbhíse a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26, pointí (b), (c) agus (d);

(b)

tarchur faisnéise atá i seilbh soláthraithe idirghabhálacha fógraíochta ar líne chuig na stóir de bhun Airteagal 39;

(c)

faisnéis fhiúntach maidir le luach airgid a chur ar shonraí.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair faoin 18 Feabhra 2025 agus a gcur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 18 Lúnasa 2025.

4.   Spreagfaidh an Coimisiún na gníomhaithe uile sa luachshlabhra fógraíochta ar líne dá dtagraítear i mír 1 na gealltanais a luaitear sna cóid iompair a fhormhuiniú agus a chomhlíonadh.

Airteagal 47

Cóid iompair d’inrochtaineacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais ina mbeidh soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile rannpháirteach, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhaighteoirí na seirbhíse agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha chun rannpháirtíocht chomhionann iomlán agus éifeachtach a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ar líne a théann i ngleic, trína ndearadh tosaigh nó trína n-oiriúnú ina dhiaidh sin, leis na riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas.

2.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú leis na cóid iompair go saothrófar an cuspóir a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, chun an úsáid intuartha a bhainfidh daoine faoi mhíchumas astu a uasmhéadú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtéitear i ngleic leis na cuspóirí seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair:

(a)

seirbhísí a dhearadh agus a oiriúnú chun iad a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas trí na seirbhísí a dhéanamh inbhraite, in-oibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(b)

míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

(c)

faisnéis, foirmeacha agus bearta a sholáthraítear de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil ar chaoi ina mbeidh siad éasca a aimsiú, sothuigthe agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair faoin 18 Feabhra 2025 agus a gcur i bhfeidhm faoin 18 Lúnasa 2025.

Airteagal 48

Prótacail ghéarchéime

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún go dtionscnófaí tarraingt suas prótacal géarchéime deonach, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime. Beidh na cásanna sin teoranta go docht d’imthosca urghnácha a dhéanfaidh difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún soláthraithe ardán an-mhór ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, soláthraithe ardán eile ar líne nó inneall chuardaigh eile ar líne, a spreagadh agus a éascú chun bheith rannpháirteach i dtarraingt suas, tástáil agus cur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime sin. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas mar chuid de na prótacail ghéarchéime sin:

(a)

faisnéis arna soláthar ag údaráis na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais nó, ag brath ar chomhthéacs na géarchéime, ag comhlachtaí iontaofa ábhartha eile, a chur ar taispeáint go follasach maidir leis an gcás géarchéime;

(b)

a áirithiú go n-ainmneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála sonrach do bhainistiú géarchéime; i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh gurbh é an pointe teagmhála leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 an pointe teagmhála sin nó, i gcás soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne, d’fhéadfadh sé gurbh é an t-oifigeach comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 41 an pointe teagmhála;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní atá tiomnaithe do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 20, 22, 23 agus 35 a oiriúnú do na riachtanais a eascraíonn as an gcás géarchéime.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, údaráis na mBallstát a tharraingt isteach agus féadfaidh sé comhlachtaí an Aontais, oifigí agus gníomhaireachtaí a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas, a thástáil agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas.

4.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go leagtar gach ceann de na nithe seo a leanas amach go soiléir sna prótacail ghéarchéime:

(a)

na paraiméadair shonracha chun cinneadh a dhéanamh cad iad na himthosca urghnácha sonracha iontu a fhéachtar le dul i ngleic leo sa phrótacal géarchéime agus na cuspóirí a shaothraíonn sé;

(b)

ról gach rannpháirtí agus na bearta a chuirfidh siad i bhfeidhm mar ullmhúchán agus a luaithe agus a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(c)

nós imeachta soiléir lena chinneadh cathain a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(d)

nós imeachta soiléir chun an tréimhse ina nglacfar na bearta atá le déanamh a chinneadh a luaithe agus a chuirtear an prótacal i ngníomh, agus iad teoranta go docht dóibh siúd is gá chun dul i ngleic leis na himthosca sonracha urghnácha lena mbaineann;

(e)

coimircí chun dul i ngleic le haon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach a chumhdaítear sa Chairt, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe;

(f)

próiseas chun aon bhearta a rinneadh, an fad agus na torthaí a bhí leo, a thuairisciú go poiblí tráth a dtagann deireadh leis an gcás géarchéime.

5.   Má mheasann an Coimisiún go mainníonn prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, nó go mainníonn prótacal géarchéime feidhmiú na gceart bunúsach dá dtagraítear i mír 4, pointe (e), a chosaint, iarrfaidh sé ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

ROINN 1

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

Airteagal 49

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheith freagrach as maoirsiú soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus as forfheidhmiú an Rialacháin seo (“údaráis inniúla”).

2.   Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach as gach ábhar a bhaineann le maoirsiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa Bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as rannchuidiú le maoirsiú agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.

Chun na críche sin, comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásraí comhair agus do mhalartuithe tuairimí idir an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus na húdaráis náisiúnta eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh feidhmiú a gcúraimí faoi seach.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó de bhreis ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, áiritheoidh sé go bhfuil cúraimí faoi seach na n-údarás agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin sainmhínithe go soiléir agus go gcomhoibríonn siad go dlúth agus go héifeachtach agus iad ag feidhmiú a gcúraimí.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoin 17 Feabhra 2024.

Cuirfidh na Ballstáit ainm a n-údaráis inniúil atá ainmnithe mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus faisnéis faoin mbealach ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ar fáil go poiblí agus in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ainm an údaráis inniúil eile dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord, chomh maith lena gcúraimí faoi seach.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 50, 51 agus 56 agus atá infheidhme maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le haon údarás inniúil eile a ainmníonn Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin.

Airteagal 50

Ceanglais do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní uile is gá ag a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha chun maoirseacht leordhóthanach a dhéanamh ar gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoina n-inniúlacht. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh neamhspleáchas leordhóthanach ag a Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha maidir lena bhuiséad a bhainistiú laistigh de theorainneacha foriomlána an bhuiséid, ionas nach ndéanfar difear diúltach do neamhspleáchas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha.

2.   Agus a gcúraimí á ndéanamh agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

3.   Tá mír 2 den Airteagal seo gan dochar do chúraimí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha laistigh den chóras maoirseachta agus forfheidhmithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus don chomhar le húdaráis inniúla eile i gcomhréir le hAirteagal 49(2). Ní chuirfidh mír 2 den Airteagal seo cosc ar athbhreithniú breithiúnach a fheidhmiú agus beidh sí gan dochar freisin do cheanglais chuntasachta chomhréireacha maidir le gníomhaíochtaí ginearálta na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, amhail caiteachas airgeadais nó tuairisciú do pharlaimintí náisiúnta, ar choinníoll nach mbainfidh na ceanglais sin an bonn ó bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo.

Airteagal 51

Cumhachtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le hiompar soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun a cheangal ar na soláthraithe sin, agus ar aon duine eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta an Rialacháin seo, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(b)

an chumhacht iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh, nó iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát iniúchtaí ar an láthair a ordú, ar aon áitreabh a úsáideann na soláthraithe sin nó na daoine sin chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, gnó, ceird nó gairm, nó a iarraidh ar údaráis phoiblí eile é sin a dhéanamh, chun cóipeanna d’fhaisnéis maidir le sárú amhrasta in aon fhoirm, gan beann ar an modh stórála, a imscrúdú, a urghabháil, a thógáil nó a fháil;

(c)

an chumhacht chun iarraidh ar aon bhall foirne nó ar ionadaí na soláthraithe nó na ndaoine sin míniúcháin a thabhairt maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le sárú amhrasta agus na freagraí a thaifeadadh lena dtoiliú trí aon mhodh teicniúil.

2.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh na cumhachtaí imscrúdaithe seo a leanas ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit:

(a)

an chumhacht chun glacadh leis na gealltanais a thairgeann na soláthraithe sin maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na gealltanais sin a chur de cheangal orthu;

(b)

an chumhacht chun ordú a thabhairt sáruithe a scor agus, i gcás inarb iomchuí, leighis atá i gcomhréir leis an sárú agus is gá chun deireadh éifeachtach a chur leis an sárú a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát é sin a dhéanamh;

(c)

an chumhacht chun fíneálacha a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 i gcás ina mainnítear an Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear le haon cheann de na horduithe imscrúdaitheacha arna n-eisiúint de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(d)

an chumhacht chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh, nó chun iarraidh ar údarás breithiúnach ina mBallstát sin a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 52 chun a áirithiú go ndéantar an sárú a fhoirceannadh i gcomhréir le hordú arna eisiúint de bhun phointe (b) den fhomhír seo nó i gcásanna ina mainnítear na horduithe imscrúdaitheacha a eisíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;

(e)

an chumhacht chun bearta eatramhacha a ghlacadh, nó chun iarraidh ar an údarás breithiúnach inniúil ina mBallstát é sin a dhéanamh, chun an riosca go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a sheachaint.

A mhéid a bhaineann le pointí (c) agus (d) den chéad fhomhír, beidh na cumhachtaí forfheidhmithe a leagtar amach sna pointí sin ag Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha freisin maidir leis na daoine eile dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mainnítear aon cheann de na horduithe arna n-eisiúint dóibh de bhun na míre sin a chomhlíonadh. Ní fheidhmeoidh siad na cumhachtaí forfheidhmithe sin ach amháin tar éis an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na horduithe sin, lena n-áirítear an tréimhse is infheidhme, na fíneálacha nó na híocaíochtaí tréimhsiúla a d’fhéadfaí a ghearradh orthu i gcás neamhchomhlíonta agus féidearthachtaí maidir le sásamh, a sholáthar do na daoine eile sin in am trátha.

3.   I gcás ina bhfuil gá leis chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a dhéanamh, beidh an chumhacht ag na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na bearta seo a leanas a dhéanamh freisin, maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, i gcás ina bhfuil gach cumhacht eile de bhun an Airteagail seo chun sárú a scor ídithe, agus nach bhfuil an sárú leigheasta fós nó ina bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus ina mbeidh sé ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí fheidhmiú cumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta:

(a)

a cheangal ar chomhlacht bainistíochta na soláthraithe sin, gan moill mhíchuí, scrúdú a dhéanamh ar an gcás, plean gníomhaíochta a ghlacadh agus a chur isteach ina leagtar amach na bearta is gá chun deireadh a chur leis an sárú, a áirithiú go ndéanann an soláthraí na bearta sin, agus tuairisciú ar na bearta a rinneadh;

(b)

i gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nár chomhlíon soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go leordhóthanach, nach bhfuil an sárú leigheasta nó go bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach, agus go gcuimsítear cion coiriúil lena mbaineann bagairt do bheatha nó sábháilteacht daoine leis an sárú sin, féadfar iarraidh ar údarás breithiúnach inniúil a Bhallstáit ordú a thabhairt chun srian sealadach a chur ar rochtain fhaighteoirí na seirbhíse lena mbaineann an sárú nó, sa chás amháin nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil, srian a chur ar chomhéadan ar líne an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha ar a bhfuil an sárú á dhéanamh.

Iarrfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn sé ar iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 82, sula gcuirfidh sé an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo isteach, ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 2 sheachtain, ina mínítear na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus ag sainaithint an tseolaí nó na seolaithe beartaithe. Beidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe beartaithe agus aon tríú páirtí eile a léiríonn leas dlisteanach i dteideal a bheith rannpháirteach sna himeachtaí os comhair an údaráis bhreithiúnaigh inniúil. Beidh aon bheart a ordófar comhréireach le cineál, tromchúis, atarlú agus fad an tsáraithe, gan a bheith ag cur isteach go míchuí ar rochtain na bhfaighteoirí ar fhaisnéis dhleathach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann.

Beidh an srian ar rochtain i bhfeidhm go ceann tréimhse 4 seachtaine, faoi réir na féidearthachta don údarás breithiúnach inniúil, cead a thabhairt ina ordú don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha síneadh a chur leis an tréimhse sin le haghaidh tréimhsí breise den fhad céanna, faoi réir uasmhéid síntí a shocróidh an t-údarás breithiúnach sin. Ní chuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteach síneadh leis an tréimhse ach amháin i gcás ina measann sé, ag féachaint do chearta agus leasanna na bpáirtithe uile a ndéanfadh an srian sin difear dóibh agus do na himthosca uile, lena n-áirítear aon fhaisnéis a d’fhéadfadh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha, an seolaí nó na seolaithe agus aon tríú páirtí a léirigh leas dlisteanach a chur ar fáil dó, gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

mhainnigh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha na bearta is gá a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú;

(b)

ní chuireann an srian sealadach srian míchuí ar an rochtain atá ag faighteoirí na seirbhíse ar fhaisnéis dhleathach, ag féachaint don líon faighteoirí a ndéanfaidh sé difear dóibh agus cibé an bhfuil aon roghanna malartacha atá sásúil agus inrochtana go héasca ann.

I gcás ina measann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) den tríú fomhír ach nach féidir leis síneadh eile a chur leis an tréimhse de bhun an tríú fomhír, cuirfidh sé iarraidh nua isteach chuig an údarás breithiúnach inniúil, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

4.   Beidh na cumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 gan dochar do Roinn 3.

5.   Beidh na bearta a ghlacfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a liostaítear i míreanna 1, 2 agus 3 éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach, ag féachaint do, go háirithe, chineál, tromchúis, atarlú agus fad an neamhchomhlíonta nó an tsáraithe nó an tsáraithe amhrasta lena mbaineann na bearta sin, chomh maith le hacmhainneacht eacnamaíoch, theicniúil agus oibríochtúil sholáthraí na seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann i gcás inarb ábhartha.

6.   Déanfaidh na Ballstáit rialacha agus nósanna imeachta sonracha a leagan síos maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 agus áiritheoidh siad go bhfuil aon fheidhmiú de na cumhachtaí sin faoi réir coimircí leordhóthanacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir leis an gCairt agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. Go háirithe, ní dhéanfar na bearta sin ach i gcomhréir leis an gceart maidir le hurraim a thabhairt don saol príobháideach agus do na cearta cosanta, lena n-áirítear an ceart chun éisteachta agus an ceart rochtana ar an gcomhad, agus beidh siad faoi réir cheart na bpáirtithe uile dá ndéantar difear chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil.

Airteagal 52

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoina n-inniúlacht ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le hAirteagal 51.

2.   Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh uasmhéid na bhfíneálacha a d’fhéadfaí a fhorchur i gcás mainneachtain oibleagáid a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh thar 6 % de láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit gurb é 1 % d’ioncam ná láimhdeachas domhanda bliantúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha nó an duine lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin uasmhéid na fíneála a d’fhéadfaí a fhorchur as siocair faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ná mainneachtain freagra a thabhairt ar fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach ná í a cheartú agus mainneachtain géilleadh do chigireacht.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit gurb é uasmhéid íocaíochta pionósaí tréimhsiúla 5 % de mheánláimhdeachas domhanda nó ioncam laethúil an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann don bhliain airgeadais roimhe sin in aghaidh an lae, arna ríomh ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena mbaineann.

Airteagal 53

Ceart chun gearán a thaisceadh

Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse, agus ag aon chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas atá faoi shainordú na cearta a thugtar leis an Rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, gearán a thaisceadh in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ina líomhnófar sárú ar an Rialachán seo le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil faighteoir na seirbhíse lonnaithe nó bunaithe. Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha measúnú ar an ngearán agus, i gcás inarb iomchuí, tarchuirfidh sé an gearán chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, agus i gcás ina meastar gurb iomchuí, beidh tuairim ag gabháil leis. I gcás ina dtagann an gearán faoi fhreagracht údarás inniúil eile ina Bhallstát, tarchuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a fhaigheann an gearán é chuig an údarás sin. Le linn na n-imeachtaí sin, beidh sé de cheart ag an dá pháirtí éisteacht a fháil agus faisnéis iomchuí a fháil faoi stádas an ghearáin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 54

Cúiteamh

Beidh sé de cheart ag faighteoirí na seirbhíse cúiteamh a lorg, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ó sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, i leith aon damáiste a rinneadh nó aon chaillteanas a tharla toisc gur sháraigh na soláthraithe sin a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

Airteagal 55

Tuarascálacha gníomhaíochta

1.   Tarraingeoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascálacha bliantúla suas ar a ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, lena n-áirítear líon na ngearán a fhaightear de bhun Airteagal 53 agus forléargas ar a gcuid oibre leanúnaí. Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na tuarascálacha bliantúla ar fáil don phobal i bhformáid mheaisín-inléite, faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht faisnéise de bhun Airteagal 84, agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún agus don Bhord iad.

2.   Áireofar faisnéis faoin méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:

(a)

líon agus ábhar na n-orduithe chun gníomhú in aghaidh inneachar neamhdhleathach agus orduithe chun faisnéis arna heisiúint ag aon údarás breithiúnach nó riaracháin de Bhallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10 a sholáthar;

(b)

cur chun feidhme na n-orduithe sin, mar a cuireadh in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha de bhun Airteagail 9 agus 10.

3.   I gcás inar ainmnigh Ballstát roinnt údaráis inniúla de bhun Airteagal 49, áiritheoidh sé go dtarraingeoidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha tuarascáil amháin suas a chumhdaíonn gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil uile agus go bhfaigheann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an fhaisnéis agus an tacaíocht uile is gá chuige sin ó na húdaráis inniúla eile lena mbaineann.

ROINN 2

Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

Airteagal 56

Inniúlachtaí

1.   Beidh cumhachtaí eisiacha chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh aran Rialacháin seo ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lonnaithe, seachas na cumhachtaí dá bhforáiltear i míreanna 2, 3 agus 4.

2.   Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar Roinn 5 de Chaibidil III.

3.   Beidh cumhachtaí ag an gCoimisiún chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an Rialachán seo, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III de, in aghaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne.

4.   I gcás nár thionscain an Coimisiún imeachtaí mar gheall ar an sárú céanna, beidh na cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lonnaithe maoirseacht a dhéanamh ar oibleagáidí faoin Rialacháin seo agus iad a fhorfheidmiú i leith na soláthraithe sin, seachas iad siúd a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III.

5.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún maoirseacht ar fhorálacha an Rialacháin seo agus forfheidhmeoidh siad iad i ndlúthchomhar le chéile.

6.   I gcás soláthraí seirbhísí idirghabhálacha nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas, beidh cumhachtaí ag an mBallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil bunaithe nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, chun na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialacháin seo a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

7.   I gcás ina dteipeann ar sholáthraí seirbhísí idirghabhálacha ionadaí dlíthiúil a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh cumhachtaí ag gach Ballstát agus, i gcás soláthraí ardán an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne, ag an gCoimisiún maoirsiú agus forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile agus don Choimisiún agus áiritheoidh sé go n-urramófar na coimircí is infheidhme a thugtar faoin gCairt, go háirithe chun nach ngearrfar pionós i gcás an iompair chéanna níos mó ná aon uair amháin as sárú na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a chumhachtaí a fheidhmiú faoin mír seo, cuirfidh sé an rún sin in iúl do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir. Tar éis dóibh fógra a fháil de bhun na míre seo, ní thionscnóidh Ballstáit eile imeachtaí maidir leis an sárú céanna leis an sárú dá dtagraítear san fhógra.

Airteagal 57

Cúnamh frithpháirteach

1.   Comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Coimisiún go dlúth le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus éifeachtúil. Áireofar leis an gcúnamh frithpháirteach, go háirithe, malartú faisnéise i gcomhréir leis an Airteagal seo agus dualgas an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha go léir sa tír cinn scríbe, an Bord agus an Coimisiún a chur ar an eolas gur cuireadh tús le himscrúdú agus go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh, lena n-áirítear a mheasúnú, maidir le soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha.

2.   Chun críche imscrúdaithe, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile faisnéis shonrach atá ina seilbh a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha nó a gcumhachtaí imscrúdaithe de bhun Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le faisnéis shonrach atá lonnaithe ina mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh páirt a thabhairt d’údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit atá i gceist.

3.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh de bhun mhír 2 an iarraidh sin a chomhlíonadh agus cuirfidh sé an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta ar an eolas faoin mbeart a rinneadh, gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dó é a fháil, seachas sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl raon feidhme nó ábhar na hiarrata sonraithe go leordhóthanach, ní leor an t-údar cuí atá leis nó níl sé sách comhréireach i bhfianaise na gcríoch imscrúdaitheach; nó

(b)

níl an fhaisnéis a iarradh i seilbh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha iarrtha ná i seilbh údaráis inniúil eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit sin ná níl rochtain acu ar an bhfaisnéis sin; nó

(c)

ní féidir an iarraidh a chomhlíonadh gan dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a shárú.

Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh údar cuí lena dhiúltú trí fhreagra réasúnaithe a chur isteach, laistigh den tréimhse a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Airteagal 58

Comhar trasteorann idir na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, i gcás ina bhfuil cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha i dtír cinn scríbe a bheith amhrasach gur sháraigh soláthraí seirbhíse idirghabhálaí an Rialachán seo ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

2.   Ach amháin má tá imscrúdú tionscanta ag an gCoimisiún maidir leis an sárú céanna a líomhnaíodh, arna iarraidh sin do thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad sa tír cinn scríbe a bhfuil cúiseanna acu amhras a bheith orthu go ndearna soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha sárú ar bhealach a dhéanann difear diúltach d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta measúnú a dhéanamh ar an gcás agus na bearta imscrúdaithe agus forfheidhmithe is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 1 nó 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála an tsoláthraí seirbhísí idirghabhálacha lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, amhrasach gur sháraigh an soláthraí an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe a líomhnaíodh;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis a bailíodh ar a thionscnamh féin nó moltaí chun bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe sonracha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta eatramhacha.

4.   Tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lánaird ar an iarraidh de bhun mhíreanna 1 nó 2 den Airteagal seo. I gcás ina measann sé nach bhfuil go leor faisnéise aige chun gníomhú de réir na hiarrata agus ina bhfuil cúiseanna aige a mheas go bhféadfadh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, nó an Bord, faisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta faisnéis den sórt sin a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 57 nó, de rogha air sin, féadfaidh sé imscrúdú comhpháirteach a sheoladh de bhun Airteagal 60(1) ina mbeidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach ar a laghad rannpháirteach. Cuirfear an tréimhse a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo ar fionraí go dtí go gcuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil nó go dtí go ndiúltófar don chuireadh páirt a ghlacadh san imscrúdú comhpháirteach.

5.   Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 2 mhí ón iarraidh a fháil de bhun mhír 1 nó 2, an measúnú ar an sárú amhrasta in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh, agus don Bhord, chomh maith le míniúchán ar aon bheart imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear maidir leis an sárú sin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 59

Tarchur chuig an gCoimisiún

1.   In éagmais teachtaireachta laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 58(5), i gcás nach n-aontaíonn an Bord leis an measúnú nó leis na bearta a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) nó sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 60(3), féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún, agus an fhaisnéis ábhartha ar fad á soláthar. Áireofar leis an bhfaisnéis ar a laghad an iarraidh nó an moladh a seoladh chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta, an measúnú ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin, na cúiseanna atá leis an easaontas agus aon fhaisnéis bhreise chun tacú leis an tarchur.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ábhar laistigh de 2 mhí tar éis tharchur an ábhair de bhun mhír 1, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún, de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nach leor an measúnú nó na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh de bhun Airteagal 58(5) chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú nó nach bhfuil siad i gcomhréir ar bhealach eile leis an Rialachán seo, cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord agus iarrfaidh sé ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-ábhar a athbhreithniú.

Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta na bearta imscrúdaithe nó forfheidhmithe is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, agus lánaird á tabhairt aige ar thuairimí an Choimisiúin agus ar an iarraidh ar athbhreithniú ón gCoimisiún. Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an Coimisiún agus an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha iarrthach nó an Bord a rinne gníomhaíocht de bhun Airteagal 58(1) nó (2) ar an eolas faoi na bearta a rinneadh laistigh de 2 mhí ón iarraidh sin ar athbhreithniú.

Airteagal 60

Imscrúduithe comhpháirteacha

1.   Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta imscrúduithe comhpháirteacha a sheoladh agus a stiúradh agus Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha amháin nó níos mó lena mbaineann rannpháirteach iontu:

(a)

ar a thionscnamh féin, chun imscrúdú a dhéanamh ar shárú ar an Rialachán seo a líomhnaíodh a rinne soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha i roinnt Ballstát; nó

(b)

ar mholadh a fháil ón mBord, ag gníomhú dó ar iarraidh ó thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad, a líomhnaíonn go bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna soláthraí áirithe seirbhísí idirghabhálacha sárú a dhéanann difear d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit.

2.   Aon Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chruthaíonn go bhfuil leas dlisteanach aige i bpáirt a ghlacadh in imscrúdú comhpháirteach de bhun mhír 1, féadfaidh sé a iarraidh é sin a dhéanamh. Tabharfar an t-imscrúdú comhpháirteach i gcrích laistigh de thrí mhí óna sheoladh, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt i measc na rannpháirtithe.

Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a réamhsheasamh maidir leis an sárú a líomhnaíodh in iúl tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis dheireadh an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfear san áireamh sa réamhsheasamh tuairimí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir atá rannpháirteach san imscrúdú comhpháirteach. I gcás inarb infheidhme, leagfar amach sa réamhsheasamh sin freisin na bearta forfheidhmithe atá beartaithe.

3.   Féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 59 sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl a réamhsheasamh curtha in iúl ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta laistigh den sprioc-am a leagtar amach i mír 2;

(b)

easaontaíonn an Bord go substaintiúil leis an réamhsheasamh a chuir an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta in iúl; nó

(c)

níor thosaigh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-imscrúdú comhpháirteach go pras tar éis an moladh a fháil ón mBord de bhun phointe (b) de mhír 1.

4.   Agus an t-imscrúdú comhpháirteach á dhéanamh acu, oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha atá rannpháirteach i gcomhar le chéile de mheon macánta, agus aird á tabhairt acu, i gcás inarb infheidhme, ar thásca an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus ar an moladh ón mBord. Beidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe a ghlacann páirt san imscrúdú comhpháirteach i dteideal, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó tar éis dóibh dul i gcomhairle leis, a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i leith na soláthraithe seirbhísí idirghabhála lena mbaineann an sárú a líomhnaíodh, maidir le faisnéis agus áitribh atá suite laistigh dá gcríoch.

ROINN 3

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

Airteagal 61

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

1.   Bunaítear grúpa comhairleach neamhspleách de Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha dar teideal “An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha” (“An Bord’).

2.   Tabharfaidh an Bord comhairle do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Choimisiún i gcomhréir leis an Rialachán chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)

cur le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo agus comhar éifeachtach na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus an Choimisiúin i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(b)

comhordú agus cur le treoirlínte agus anailís an Choimisiúin agus na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus údarás inniúil eile maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an mhargaidh inmheánaigh i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo;

(c)

cúnamh a thabhairt do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Choimisiún maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ardáin an-mhór ar líne.

Airteagal 62

Struchtúr an Bhoird

1.   Beidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an mBord a ndéanfaidh oifigigh ardleibhéil ionadaíocht orthu. Má mhainníonn Ballstát amháin nó níos mó Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a ainmniú, ní chuirfidh sé sin cosc ar an mBord a chúramaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo. I gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta, féadfaidh údaráis inniúla eile a bhfuil freagrachtaí feidhmiúla sonracha orthu maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith rannpháirteach sa Bhord in éineacht leis an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Féadfar a iarraidh ar údaráis náisiúnta eile freastal ar na cruinnithe, i gcás ina mbaineann na hábhair a phléifear leo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoimisiún. Tionólfaidh an Coimisiún na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir lena chuid rialacha nós imeachta. Nuair a iarrfar ar an mBord moladh a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur ar fáil láithreach do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a leagtar amach in Airteagal 85.

3.   Beidh aon vóta amháin ag gach Ballstát. Ní bheidh cearta vótála ag an gCoimisiún.

Glacfaidh an Bord a chuid gníomhartha trí thromlach simplí. Maidir leis an moladh dá dtagraítear in Airteagal 36(1), an chéad fhomhír, déanfaidh an Bord an vótáil laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis iarraidh a fháil ó Chathaoirleach an Bhoird.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo.

5.   Féadfaidh an Bord a iarraidh ar shaineolaithe agus ar bhreathnóirí freastal ar a chuid cruinnithe, agus féadfaidh sé comhoibriú le comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais, chomh maith le saineolaithe seachtracha de réir mar is iomchuí. Cuirfidh an Bord torthaí an chomhair sin ar fáil go poiblí.

6.   Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé torthaí comhairliúchán den sórt sin ar fáil go poiblí.

7.   Glacfaidh an Bord a chuid rialacha nós imeachta, i ndiaidh toiliú a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 63

Cúraimí an Bhoird

1.   I gcás inar gá chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 61(2) a chomhlíonadh, déanfaidh an Bord an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tacóidh sé le comhordú na n-imscrúduithe comhpháirteacha;

(b)

tacóidh sé leis na húdaráis inniúla anailís a dhéanamh ar thuarascálacha agus ar thorthaí iniúchtaí a dhéanann ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne a bheidh le tarchur de bhun an Rialacháin seo;

(c)

déanfaidh sé tuairimí, moltaí nó comhairle a eisiúint chuig Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus an tsaoirse chun seirbhísí na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a sholáthar á cur san áireamh go háirithe;

(d)

tabharfaidh sé comhairle don Choimisiún maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 66, agus glacfaidh sé tuairimí a bhaineann le hardáin an-mhór ar líne nó le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(e)

tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán, treoirlínte, tuarascálacha, teimpléad agus cód iompair Eorpach agus cuirfidh chun cinn iad i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí thuairimí nó moltaí a eisiúint maidir le hábhair a bhaineann le hAirteagal 44, mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, i dtaca le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.   Déanfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile nach leanann na tuairimí, iarrataí nó moltaí a dhírítear orthu agus ar ghlac an Bord iad cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear míniú ar na himscrúduithe, na gníomhaíochtaí agus na bearta atá curtha chun feidhme acu, agus iad ag tuairisciú de bhun an Rialacháin seo nó nuair a bhíonn a gcinntí ábhartha á nglacadh, de réir mar is iomchuí.

ROINN 4

Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Airteagal 64

Saineolas agus cumais a fhorbairt

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí phearsanra na mBallstát a fháil ar iasacht.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus leis an mBord, comhordú ar an measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais i dtaca le hardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, ar an mBord agus ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu tacú le measúnú ar shaincheisteanna sistéamacha agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn ar fud an Aontais faoin Rialachán seo.

4.   Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún, go háirithe trína gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoi seach agus trí údaráis inniúla eile i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear trína gcuid saineolais agus cumas a chur ar fáil.

Airteagal 65

Oibleagáidí na soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne a fhorfheidhmiú

1.   Chun na gcríoch imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí imscrúdaithe a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú fiú sula dtionscnóidh sé imeachtaí de bhun Airteagal 66(2). Féadfaidh sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar a thionscnamh féin nó tar éis dó iarraidh a fháil de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina mbeidh cúis ag Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bheith in amhras gur sháraigh soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó innill cuardaigh an-mhór ar líne forálacha Roinn 5 de Chaibidil III nó gur sháraigh sé go sistéamach aon cheann d’fhorálacha an Rialacháin seo ar bhealach a dhéanann difear mór d’fhaighteoirí na seirbhíse ina Bhallstát, féadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, chun an t-ábhar a mheasúnú.

3.   Tabharfar réasúnú cuí le hiarraidh de bhun mhír 2 agus sonrófar ann an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

pointe teagmhála sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann dá bhforáiltear in Airteagal 11;

(b)

tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo lena mbaineann agus na cúiseanna a bhfuil an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh amhrasach gur sháraigh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne an Rialachán seo, lena n-áirítear cur síos ar na fíorais a léiríonn gur de chineál córasach é an sárú amhrasta;

(c)

aon fhaisnéis eile a mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.

Airteagal 66

Imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún agus comhar maidir le himscrúdú a dhéanamh

1.   Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh d’fhonn na cinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun Airteagail 73 agus 74 i leith iompar ábhartha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne a bhfuil amhras ar an gCoimisiún gur sháraigh sé aon cheann de na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra do gach duine de na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha agus don Bhord tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85, agus do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann.

Déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, gan aon mhoill mhíchuí tar éis iad a bheith curtha ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, aon fhaisnéis atá acu faoin sárú atá i gceist a tharchur chuig an gCoimisiún.

Agus imeachtaí á dtionscnamh ag an gCoimisiún de bhun mhír 1 den Airteagal seo, déanfar a chumhachtaí chun maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh faoin Rialachán seo de bhun Airteagal 56(4) a bhaint den Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, nó d’aon údarás inniúil i gcás inarb infheidhme.

3.   Agus a chuid cumhachtaí imscrúdaithe faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú aige, féadfaidh an Coimisiún tacaíocht aonair nó tacaíocht chomhpháirteach a iarraidh ar aon Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha lena mbaineann an sárú amhrasta, lena n-áirítear an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta. Oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a fuair iarraidh den sórt sin agus, i gcás inar thug an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha páirt dóibh, aon údaráis inniúla eile, i gcomhar go dílis agus go tráthúil leis an gCoimisiún agus beidh siad i dteideal a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne atá i gceist, maidir le faisnéis, daoine agus áitribh atá suite laistigh de chríoch a mBallstáit agus i gcomhréir leis an iarraidh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Bhord faoi fheidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 67 go 72 chomh maith lena réamhthorthaí dá dtagraítear in Airteagal 79(1). Cuirfidh an Bord a thuairimí ar na réamhthorthaí sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse a leagfar síos de bhun Airteagal 79(2). Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar aon thuairimí ón mBord sa chinneadh uaidh.

Airteagal 67

Iarrataí ar fhaisnéis

1.   Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.

3.   I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.

4.   Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.

5.   Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.

Airteagal 68

Cumhacht chun agallaimh a reáchtáil agus ráitis a ghlacadh

1.   Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thoileoidh le dul faoi agallamh chun críche faisnéis a bhailiú, a bhaineann le hábhar imscrúdaithe, i ndáil leis an sárú amhrasta. Beidh an Coimisiún i dteideal an t-agallamh sin a thaifeadadh trí mhodh teicniúil iomchuí.

2.   Má dhéantar an t-agallamh dá dtagraítear i mír 1 in áitribh eile seachas áitribh an Choimisiúin, cuirfidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ar ina chríoch a dhéanfar an t-agallamh ar an eolas. Má iarrann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin amhlaidh, féadfaidh a oifigigh cúnamh a thabhairt do na hoifigigh agus do dhaoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun an t-agallamh a dhéanamh.

Airteagal 69

Cumhachtaí chun cigireachtaí a dhéanamh

1.   Chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na hiniúchtaí uile is gá a dhéanamh ag áitreabh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.   Tabharfar de chumhacht do na hoifigigh agus do na daoine tionlacain eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó de chuid an duine eile lena mbaineann;

(b)

scrúdú a dhéanamh ar na leabhair agus ar na taifid eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann, is cuma cén meán ina stóráiltear iad;

(c)

cóipeanna de na leabhair sin nó taifid eile nó sleachta astu a thógáil nó a fháil in aon fhoirm;

(d)

ceangal a chur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar an duine eile lena mbaineann rochtain agus mínithe a sholáthar ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a chleachtais láimhseála sonraí agus a chleachtais ghnó agus na mínithe a tugadh a thaifeadadh nó a dhoiciméadú;

(e)

aon áitreabh a úsáidtear chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceardaíocht nó gairm de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó de chuid an duine eile lena mbaineann, chomh maith le leabhair nó taifid eile, a shéalú ar feadh na tréimhse agus a mhéid is gá don chigireacht;

(f)

a iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó de chuid sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh;

(g)

ceisteanna a chur ar aon ionadaí den chineál sin nó ar aon bhall foirne a bhaineann le hábhar agus cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh.

3.   Féadfar cigireachtaí a dhéanamh le cúnamh ó iniúchóirí nó ó shaineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(2), agus ón gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis náisiúnta inniúla eile de chuid an Bhallstáit a ndéanfar an chigireacht ar a chríoch.

4.   I gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.

5.   Le linn cigireachtaí, féadfaidh na hoifigigh agus daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún, na hiniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún, an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó údaráis inniúla eile an Bhallstáit a ndéantar an chigireacht ina chríoch, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile lena mbaineann mínithe a thabhairt ar a eagar, a fheidhmiú, a chóras TF, a algartaim, a láimhseáil sonraí agus a iompar gnó agus féadfaidh sé ceisteanna a dhíriú ar a phríomhphearsanra.

6   Ceanglaítear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó ar dhuine eile nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann géilleadh do chigireacht arna hordú trí chinneadh an Choimisiúin. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir na cigireachta, sonrófar ann an dáta a mbeidh an t-iniúchadh le tosú agus taispeánfar ann na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76 agus an ceart an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena athbhreithniú. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin.

7.   Déanfaidh oifigigh Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, chomh maith le daoine eile arna n-údarú nó arna gceapadh aige, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha nó don Choimisiún, cúnamh gníomhach a thabhairt d’oifigigh agus do dhaoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún maidir leis an gcigireacht. Chun na críche sin, beidh na cumhachtaí acu a liostaítear i mír 2.

8.   I gcás ina suífidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún go bhfuil soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann i gcoinne cigireacht a ordaíodh de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Ballstát a bhfuil an chigireacht le déanamh ar a chríoch, arna iarraidh sin do na hoifigigh nó na daoine tionlacain eile sin agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit, an cúnamh is gá a thabhairt dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí faoin dlí náisiúnta sin, i bhfoirm bearta comhéigneacha arna nglacadh ag an údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, chun gur féidir leo an chigireacht a dhéanamh.

9.   Más gá údarú a fháil le haghaidh an chúnaimh dá bhforáiltear i mír 8 ó údarás breithiúnach náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit sin iarratas ar an údarú sin arna iarraidh sin do na hoifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún. Féadfar iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.

10.   I gcás ina ndéantar iarratas ar an údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, a bhfuil cás tugtha os a chomhair, go bhfuil an cinneadh ón gCoimisiún lena n-ordaítear an chigireacht barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha atá beartaithe treallach ná iomarcach ag féachaint d’ábhar na cigireachta. Agus fíorú den sórt sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an gCoimisiún, go díreach nó trí Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit lena mbaineann, mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe, maidir leis na forais atá ag gCoimisiún drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo, agus ar a thromchúisí atá an sárú amhrasta agus ar an mbaint a bhí ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne, soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó an duine eile lena mbaineann leis. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta, áfach, amhras a tharraingt ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní fhéadfaidh sé faisnéis atá i gcáschomhad an Choimisiúin a éileamh. Ní bheidh dlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 70

Bearta eatramhacha

1.   I gcomhthéacs imeachtaí as a bhféadfaí cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1) a ghlacadh dá mbarr, i gcás ina bhfuil práinn ann mar gheall ar an riosca go ndéanfaí damáiste tromchúiseach d’fhaighteoirí na seirbhíse, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, bearta eatramhacha a ordú in aghaidh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ar bhonn cinneadh prima facie go ndearnadh sárú.

2.   Beidh feidhm ag cinneadh faoi mhír 1 ar feadh tréimhse shonraithe agus féadfar an tréimhse sin a athnuachan a mhéid atá sé riachtanach agus iomchuí.

Airteagal 71

Gealltanais

1.   Má tharlaíonn sé, le linn imeachtaí faoin Roinn seo, go dtairgeann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gealltanais go ndéanfaidh sé comhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún na gealltanais sin a chur ina gceangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann trí chinneadh agus dearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann i gcomhair gníomhaíochta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a athoscailt sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil athrú ábhartha ar aon cheann de na fíorais ar ar bunaíodh an cinneadh;

(b)

i gcás ina ngníomhaíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ar neamhréir lena ghealltanais; nó

(c)

i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach arna soláthar ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ag duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

3.   I gcás ina measann an Coimisiún nach féidir leis na gealltanais a thairg soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, diúltóidh sé do na gealltanais sin i gcinneadh réasúnaithe le linn dó na himeachtaí a thabhairt chun críche.

Airteagal 72

Faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí

1.   D’fhonn na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo ag soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne agus soláthraithe an innill cuardaigh an-mhór ar líne. Féadfaidh an Coimisiún a ordú dóibh rochtain a thabhairt ar a bhunachair sonraí agus algartaim, agus míniúcháin orthu a thabhairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne gach doiciméad a choinneáil a mheastar is gá chun cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a mheas.

2.   Féadfar saineolaithe agus iniúchóirí seachtracha neamhspleácha a cheapadh mar chuid de na gníomhaíochtaí de bhun mhír 1, chomh maith le saineolaithe agus iniúchóirí ó údaráis náisiúnta inniúla le comhaontú an údaráis lena mbaineann, chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo agus chun saineolas nó eolas sonrach a chur ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 73

Neamhchomhlíonadh

1.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh i gcás ina measann sé nach gcomhlíonann soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

bearta eatramhacha arna n-ordú de bhun Airteagal 70;

(c)

gealltanais arna ndéanamh ceangailteach de bhun Airteagal 71.

2.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1. Míneoidh an Coimisiún na bearta a mheasann sé a ghlacfaidh sé, nó a mheasann sé ar cheart do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann iad a ghlacadh, chun dul i ngleic go héifeachtach leis na réamhthorthaí.

3.   Sa chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1, ordóidh an Coimisiún do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú laistigh de thréimhse réasúnta a shonrófar ann agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis na bearta atá i gceist ag an soláthraí a dhéanamh chun an cinneadh a chomhlíonadh.

4.   Déanfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann tuairisc a chur ar fáil don Choimisiún ar na bearta a rinne sé chun comhlíonadh an chinnidh de bhun mhír 1 a áirithiú, ar tuairisc í a chuirfidh sé ar fáil an tráth a chuirfear na bearta sin chun feidhme.

5.   I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil coinníollacha mhír 1 comhlíonta, cuirfidh sé deireadh leis an imscrúdú trí chinneadh. Beidh feidhm ag an gcinneadh le héifeacht láithreach.

Airteagal 74

Fíneálacha

1.   Féadfaidh an Coimisiún a fhorchur ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann fíneálacha nach mó ná 6 % dá láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, i gcás ina measann sé go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;

(b)

mhainnigh sé cinneadh ina n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh faoi Airteagal 70 a chomhlíonadh; nó

(c)

mhainnigh sé gealltanas a chomhlíonadh a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71.

2.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirfear fíneálacha nach mó ná 1 % den ioncam iomlán bliantúil nó láimhdeachas iomlán bliantúil ar fud an domhain sa bhliain airgeadais roimhe sin ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine nádúrtha nó dlítheanach eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), i gcás ina measann sé go ndearna siad an méid seo a leanas, d’aon ghnó nó le faillí:

(a)

faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar mar fhreagra ar iarraidh shimplí nó iarraidh trí chinneadh de bhun Airteagal 67;

(b)

níor thug siad freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis trí chinneadh laistigh den tréimhse a socraíodh;

(c)

níor ceartaíodh an fhaisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach arna soláthar ag ball foirne laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an gCoimisiún, nó mainníodh nó diúltaíodh faisnéis iomlán a sholáthar;

(d)

dhiúltaigh siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 69;

(e)

mhainnigh sé na bearta a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 72 a chomhlíonadh; nó

(f)

mhainnigh sé na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 79(4) a chomhlíonadh.

3.   Cuirfidh an Coimisiún a réamhthorthaí in iúl do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó do dhuine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

4.   Agus méid na fíneála á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, tromchúis, fad agus atarlú an tsáraithe agus, maidir le fíneálacha a fhorchuirtear de bhun mhír 2, an mhoill a cuireadh ar na himeachtaí.

Airteagal 75

Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III

1.   Agus cinneadh á ghlacadh aige de bhun Airteagal 73 i ndáil le sárú a bheith déanta ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne ar aon cheann d’fhorálacha Roinn 5 de Chaibidil III, úsáidfidh an Coimisiún an córas maoirseachta feabhsaithe a leagtar síos san Airteagal seo. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh lánaird aige ar aon tuairim ón mBord de bhun an Airteagail seo.

2.   Sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur in iúl, laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar sa chinneadh, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord, ina leagfar amach na bearta riachtanacha atá leordhóthanach chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas. Áireofar sna bearta sin gealltanas go ndéanfar iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 37(3) agus (4) maidir leis na bearta eile a chur chun feidhme, agus sonrófar céannacht na n-iniúchóirí, chomh maith le modheolaíocht agus uainiú an iniúchta agus an obair a dhéanfar ina dhiaidh. Féadfar a áireamh sna bearta freisin, i gcás inarb iomchuí, gealltanas a bheith rannpháirteach i gcód iompair ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 45.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairim faoin bplean gníomhaíochta in iúl don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean gníomhaíochta. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an tuairim sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an leor na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, agus socróidh sé tréimhse réasúnta chun é a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin an gealltanas a d’fhéadfaí a thabhairt go gcloífear le cóid iompair ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Chuige sin, cuirfidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann an tuarascáil iniúchóireachta in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, agus coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a dhéanfar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin le haghaidh faireachán den sórt sin, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

Coinneoidh an Coimisiún an Bord agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an eolas maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar air.

4.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 76(1), pointe (e), agus Airteagal 82(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann aon phlean gníomhaíochta, an tuarascáil iniúchóireachta, na nuashonruithe riachtanacha nó aon fhaisnéis bhreise is gá, laistigh den tréimhse is infheidhme;

(b)

diúltaíonn an Coimisiún don phlean gníomhaíochta atá beartaithe toisc go measann sé nach leor na bearta a leagtar amach ann chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas; nó

(c)

measann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta, aon nuashonruithe nó faisnéis bhreise arna soláthar nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dó, nach leor cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an sárú nó chun é a leigheas.

Airteagal 76

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirfear ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), de réir mar is infheidhme, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla nach mó ná 5 % den mheánioncaim laethúil nó den mheánláimhdeachas bliantúil ar fud an domhain, arna ríomh ón dáta arna cheapadh leis an gcinneadh, chun iallach a chur orthu an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

faisnéis cheart agus iomlán a chur ar fáil mar fhreagra ar chinneadh ina dteastaíonn faisnéis de bhun Airteagal 67;

(b)

géilleadh do chigireacht atá ordaithe aige le cinneadh de bhun Airteagal 69;

(c)

cinneadh lena n-ordaítear dó bearta eatramhacha a ghlacadh de bhun Airteagal 70(1) a chomhlíonadh;

(d)

gealltanais a rinneadh ceangailteach le cinneadh de bhun Airteagal 71(1) a chomhlíonadh;

(e)

cinneadh a chomhlíonadh de bhun Airteagal 73(1), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ceanglais a bheidh ann i ndáil leis an bplean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75.

2.   I gcás ina bhfuil an oibleagáid atá le forfheidhmiú tríd an íocaíocht phionósach thréimhsiúil comhlíonta ag soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1), féadfaidh an Coimisiún méid cinntitheach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú ag figiúr atá níos ísle ná an méid a bheadh ann faoin gcinneadh bunaidh.

Airteagal 77

Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a rinneadh an sárú. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, áfach, cuirfear tús leis an tréimhse an lá a tháinig deireadh leis an sárú.

3.   Le haon ghníomhaíocht arna déanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha chun críoch an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí i leith sárú, cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Áirítear na gníomhaíochtaí seo a leanas, go háirithe, ina measc siúd a chuirfidh isteach ar an tréimhse teorann:

(a)

iarrataí ón gCoimisiún ar nó ó Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha ar fhaisnéis;

(b)

cigireacht;

(c)

imeacht arna chur ar bun ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 66(1).

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh. Rachaidh an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann atá caite, áfach, gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Cuirfear síneadh leis an tréimhse sin a bheidh cothrom leis an méid ama a raibh an tréimhse teorann ar fionraí lena linn de bhun mhír 5.

5.   Cuirfear an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar fionraí fad atá an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 78

Tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Beidh an chumhacht a thugtar don Choimisiún cinntí a fhorfheidhmiú de bhun Airteagail 74 agus 76 faoi réir tréimhse teorann a mhairfidh ar feadh 5 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse an lá a bheidh an cinneadh críochnaitheach.

3.   Cuirfear isteach ar an tréimhse teorann le haghaidh pionóis a fhorfheidhmiú sna cásanna seo a leanas:

(a)

trí fhógra maidir le cinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear d’iarratas ar athrú;

(b)

trí aon ghníomhaíocht a dhéanann an Coimisiún, nó Ballstát ag gníomhú de réir iarraidh an Choimisiúin, atá ceaptha íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Cuirfear tús nua leis an tréimhse le gach briseadh.

5.   Beidh an tréimhse teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú ar fionraí a fhad:

(a)

a cheadaítear am chun an íocaíocht a dhéanamh;

(b)

atá forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó de bhun cinneadh ó chúirt náisiúnta.

Airteagal 79

An ceart chun éisteachta agus rochtain a fháil ar an gcomhad

1.   Sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76, tabharfaidh an Coimisiún an deis do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) éisteacht a fháil maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a bhfuil agóid déanta ag an gCoimisiún ina aghaidh; agus

(b)

bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfaidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) a mbarúlacha ar réamhthorthaí an Choimisiúin a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún ina réamhthorthaí, tréimhse nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   Ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ach ar na hagóidí a raibh na páirtithe lena mbaineann in ann barúil a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a bheith acu ar chomhad an Choimisiúin faoi na téarmaí a bhaineann le nochtadh idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó duine eile lena mbaineann maidir lena rúin ghnó a chosaint. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún cinntí a ghlacadh ina leagfar amach téarmaí sin an nochta i gcás easaontas idir na páirtithe. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin faisnéis rúnda agus doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin, an Bhoird, na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát. Go háirithe, ní chuirfear san áireamh sa cheart rochtana an comhfhreagras idir an Coimisiún agus na húdaráis sin. Ní chuirfear bac le haon ní sa mhír seo ar an gCoimisiún faisnéis atá riachtanach chun sárú a chruthú a nochtadh agus a úsáid.

5.   Ní úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagail 67, 68 agus 69 ach chun críocha an Rialacháin seo amháin.

Airteagal 80

Cinntí a fhoilsiú

1.   Foilseoidh an Coimisiún na cinntí a ghlacann sé de bhun Airteagal 70(1), Airteagal 71(1), agus Airteagail 73 go 76. Mar chuid den fhoilsiú sin, luafar ainmneacha na bpáirtithe agus príomhinneachar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionóis a forchuireadh.

2.   Leis an bhfoilsiú, tabharfar aird ar chearta agus leasanna dlisteanacha sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, aon duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) agus aon tríú páirtí maidir le cosaint a gcuid faisnéise rúnda.

Airteagal 81

Athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

I gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE, tá dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ó thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí lenar fhorchuir an Coimisiún fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a forchuireadh a chealú, a laghdú, nó a mhéadú.

Airteagal 82

Iarrataí ar shrianta ar rochtain agus comhar le cúirteanna náisiúnta

1.   I gcás ina bhfuiltear tar éis leas a bhaint as gach cumhacht de bhun na Roinne seo chun stop a chur le sárú ar an Rialachán seo ach go leanann an sárú ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gníomhú de bhun Airteagal 51(3).

Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 14 lá oibre agus míneoidh sé na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus aithneoidh sé an duine nó na daoine ar a mbeidh siad dírithe.

2.   I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh inniúil dá dtagraítear in Airteagal 51(3). Féadfaidh sé barúlacha ó bhéal a dhéanamh freisin le cead ón údarás breithiúnach atá i gceist.

Díreach chun na críche a chuid barúlacha a ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás breithiúnach sin aon doiciméid atá riachtanach le haghaidh mheasúnú an cháis a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

3.   I gcás ina dtabharfaidh cúirt náisiúnta breithiúnas maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo, ní ghlacfaidh an chúirt náisiúnta sin aon chinneadh a bheidh ar neamhréir leis an gcinneadh sin ón gCoimisiúin. Seachnóidh na cúirteanna náisiúnta cinntí a d’fhéadfadh a bheithe ar neamhréir le cinneadh atá á mheas ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh cúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a cuid imeachtaí. Ní dochar é sin d’Airteagal 267 CFAE.

Airteagal 83

Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le hidirghabháil ón gCoimisiún

I ndáil le hidirghabháil ón gCoimisiún a chumhdaítear sa Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na socruithe praiticiúla le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

na himeachtaí de bhun Airteagail 69 agus 72;

(b)

na héisteachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 79;

(c)

nochtadh idirbheartaithe faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 79.

Sula nglacfaidh an Coimisiún aon bheart de bhun na céad míre den Airteagal seo, foilseoidh sé dréacht de na bearta sin agus iarrfaidh sé ar gach páirtí leasmhar a mbarúlacha a chur isteach laistigh den tréimhse a leagtar amach sa dréacht sin, nach mbeidh níos lú ná aon mhí amháin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

ROINN 5

Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

Airteagal 84

Rúndacht ghairmiúil

Gan dochar don mhalartú faisnéise agus don úsáid faisnéise dá dtagraítear sa Chaibidil seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún, an Bord, údaráis inniúla na mBallstát agus a gcuid oifigeach, seirbhíseach agus daoine eile faoi seach atá ag obair faoina maoirseacht, ná aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile lena mbaineann, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe arna gceapadh de bhun Airteagal 72(2), faisnéis a nochtadh, ar faisnéis í a fuair siad nó a mhalartaigh siad de bhun an Rialacháin seo agus atá den chineál a chumhdaítear le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla.

Airteagal 85

Córas comhroinnte faisnéise

1.   Déanfaidh an Coimisiún córas comhroinnte faisnéise atá iontaofa agus slán a bhunú agus a choimeád ar bun chun tacú le cumarsáid idir Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Coimisiún agus an Bord. Féadfar rochtain ar an gcóras sin a thabhairt d’údaráis inniúla eile, i gcás inar gá, chun na cúraimí a chuirtear orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

2.   Úsáidfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, an Coimisiún agus an Bord an córas comhroinnte faisnéise le haghaidh gach cumarsáide de bhun an Rialacháin seo.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus oibríochta maidir le feidhmiú an chórais comhroinnte faisnéise agus a idir-inoibritheacht le córais ábhartha eile. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 86

Ionadaíocht

1.   Gan dochar do Threoir (AE) 2020/1828 nó d’aon chineál ionadaíochta eile faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart, ar a laghad, ag faighteoirí seirbhísí idirghabhálacha sainordú a thabhairt do chomhlacht, eagraíocht nó comhlachas na cearta a thugtar leis an Rialachán seo a fheidhmiú thar a gceann, ar choinníoll go gcomhlíonann an comhlacht, eagraíocht nó comhlachas gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

feidhmíonn sé nó sí ar bhonn neamhbhrabúis;

(b)

bunaíodh é nó í go cuí i gcomhréir le dlí Ballstáit;

(c)

tá leas dlisteanach i dtaca lena áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo i measc a chuspóirí reachtúla.

2.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go ndéanfar gearáin arna gcur isteach ag comhlachtaí, eagraíochtaí nó comhlachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo thar cheann fhaighteoirí na seirbhíse trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a phróiseáil agus a chinneadh ar bhonn tosaíochta agus gan moill mhíchuí.

ROINN 6

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 87

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a thabhairt don Choimisiún go ceann 5 bliana ón 16 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 24, 33, 37, 40 agus 43 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 88

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste (“an Coiste Seirbhísí Digiteacha”) cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA DEIRIDH

Airteagal 89

Leasuithe ar Threoir 2000/31/CE

1.   Scriostar Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31/CE.

2.   Déanfar tagairtí d’Airteagail 12 go 15 de Threoir 2000/31/CE a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagail 4, 5, 6 agus 8 den Rialachán seo, faoi seach.

Airteagal 90

Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2020/1828, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(68)

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).”.

Airteagal 91

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.

Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

an bealach ina idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).

2.   Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:

(a)

cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(b)

rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;

(d)

raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;

(e)

éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;

(f)

an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.

5.   Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.

6.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.

7.   Faoin 18 Feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.

Airteagal 92

An cur i bhfeidhm a bhfuil coinne leis maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar line agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú de bhun Airteagal 33(4) ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 33(6) i gcás ina bhfuil an dáta sin níos luaithe ná an 17 Feabhra 2024.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de Chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/103


CINNEADH (AE) 2022/2066 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/1117 ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (3) (“an Prótacal”) an 29 Meitheamh 2021, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(2)

Tá feidhm ag an bPrótacal ar bhonn sealadach ó dháta a shínithe.

(3)

Is é is cuspóir don Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (4) (“an Comhaontú”) agus don Phrótacal cur ar chumas an Aontais agus Phoblacht na Gabúine (“an Ghabúin”) oibriú níos dlúithe le chéile chun forbairt an bheartais iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Gabúine agus san Aigéan Atlantach a éascú ar bhealach freagrach, agus chun tacú le dálaí córa oibre in earnáil na hiascaireachta san am céanna.

(4)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(5)

Le hAirteagal 9 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Thairis sin, de bhun Airteagal 19(5) den Phrótacal, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. D’fhonn glacadh na leasuithe sin a éascú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta a chomhlíonadh, iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(6)

Ba cheart don Chomhairle seasamh an Aontais maidir le leasuithe atá beartaithe don Phrótacal a chinntiú. Ba cheart don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas, thar ceann an Aontais, mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid i gcoinne na leasuithe i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(7)

Ba cheart an Prótacal a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir i bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Gabúine agus an gá atá ann fad tréimhse bhearnaithe na ngníomhaíochtaí sin a laghdú oiread is féidir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (“an Prótacal”) a fhormheas, thar ceann an Aontais:

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtárán an Chomhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Phrótacal.

Airteagal 3

I gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, údaraítear don Choimisiún na leasuithe ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste de bhun Airteagal 9 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach a fhormheas, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  Toiliú an 14 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh ón gComhairle (AE) 2021/1117 an 28 Meitheamh 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (IO L 242, 8.7.2021, lch. 3).

(3)  IO L 242, 8.7.2021, lch. 5.

(4)  IO L 109, 26.4.2007, lch. 3.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrtar, i gcomhréir le hAirteagail 19(5) den Phrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Gabúine agus an Comhphobal Eorpach (2021-2026) (“an Prótacal”), ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh, údaraítear don Choimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh an Chomhairle measúnú féachaint an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 1 leis na leasuithe atá beartaithe.

(4)

Formheasfaidh an Coimisiún na leasuithe atá beartaithe, thar ceann an Aontais, mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Má ceapadh mionlach blocála den sórt sin áfach, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na leasuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste ina dhiaidh sin, lena n-áirítear cruinnithe ar an láthair, nach féidir teacht ar chomhaontú maidir leis na hathruithe atá beartaithe, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle arís eile, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (2) go (4), chun go gcuirfear tosca nua san áireamh i seasamh an Aontais.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, mar obair leantach ar chinneadh an Chomhchoiste maidir leis na leasuithe atá beartaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

(7)

A mhéid a bhaineann le ceisteanna eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal dá bhforáiltear in Airteagail 19(5) den Phrótacal, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


RIALACHÁIN

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/106


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2067 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (na Ballstáit lena mbaineann), i gcriosanna srianta I, II agus III a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(3)

Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1911 ón gCoimisiún (3) a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 go deireanach tar éis athruithe sa staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an ngalar sin sa Ghearmáin agus san Iodáil. Ó dháta glactha an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, tá athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch maidir leis an ngalar sin i mBallstáit áirithe lena mbaineann.

(4)

Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach de bharr fhiabhras Afracach na muc, agus ar threoirlínte an Aontais a comhaontaíodh leis na Ballstáit ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmnithe, Bia agus Beatha, treoirlínte atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (4). Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, caighdeáin amhail Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (5), agus ba cheart an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú a chur san áireamh freisin.

(5)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/689 ón gCoimisiún (6) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (7). Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le bearta áirithe chun ainmhí nó grúpa ainmhithe a aicmiú mar chás amhrasta nó deimhnithe de ghalar liostaithe, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc.

(6)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (8) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún. Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig galair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh.

(7)

I mí Bealtaine 2022, chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina críoch faoi láthair, tar éis cás amhrasta den ghalar sin i muc-ainmhí fiáin i gCúige Rieti i Réigiún Lazio. Agus úsáid á baint as prionsabal an réamhchúraim, chuir údarás inniúil an Bhallstáit sin cóireáil ar chás amhrasta fhiabhras Afracach na muc amhail is dá mba chás deimhnithe d’fhiabhras Afracach na muc é, agus bhunaigh sé crios ionfhabhtaithe dá bhforáiltear i gcás dearbhú oifigiúil an ghalair sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.

(8)

I mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún go léiríonn na bearta rialaithe galar leanúnacha agus mionsonraithe agus an faireachas éighníomhach ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine nach bhfuil víreas Afracach fhiabhras na muc á scaipeadh i gcúige Rieti, agus go bhfuil údarás inniúil na hIodáile in ann a chinneadh nár cheart cás amhrasta fhiabhras Afracach na muc i gcúige Rieti a mheas mar chás deimhnithe d’fhiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 9(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, toisc, in ainneoin gur sainaithníodh aigéad núicléasach a bhaineann go sonrach leis an ngalar i dtorthaí tástálacha ar an ainmhí, nár léirigh an t-ainmhí aon chomharthaí cliniciúla a bhí comhsheasmhach leis an ngalar agus gur cuireadh aon nasc eipidéimeolaíoch le riail amhrasta eile as an áireamh.

(9)

Ina theannta sin, bhí dáta glactha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1911 ann, bhí ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine sa Ghearmáin. Ina theannta sin, tá feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch i gcriosanna áirithe a liostaítear mar chriosanna srianta I agus III sa Pholainn a mhéid a bhaineann le muc-ainmhithe atá ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine.

(10)

I mí Dheireadh Fómhair 2022, tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine i stát Brandenburg sa Ghearmáin, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áit atá dlúth le limistéar atá gar do Stát Brandenburg a liostaítear mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin faoi láthair. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Dá réir sin, ba cheart teorainneacha reatha chriosanna srianta I agus II a leasú chun na ráigeanna sin a bhí ann le déanaí a chur san áireamh.

(11)

Tar éis na ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc a bhí ann le déanaí i muc-ainmhithe fiáine i stát Brandenburg sa Ghearmáin, agus an staid eipidéimeolaíoch reatha a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Aontas á cur san áireamh, rinneadh criosú sa Bhallstát sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Ina theannta sin, na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm, rinneadh iad a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.

(12)

Thairis sin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna áirithe srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i réigiúin Lubelskie, Podkarpackie, Wielkopolskie agus Lubuskie sa Pholainn, ar limistéir iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chrios srianta II anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna srianta III sin le 12 mhí anuas, cé go bhfuil an galar fós ann i muc-ainmhithe fiáine. Ba cheart na criosanna srianta III sin a liostú feasta mar chriosanna srianta II agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh.

(13)

Chomh maith leis sin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna srianta I a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód WOAH, criosanna áirithe i réigiúin Podkarpackie, Łódzkie agus Śląskie sa Pholainn, ar réigiúin iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a scriosadh mar chriosanna srianta I anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta I sin le 12 mhí anuas. Ba cheart criosanna srianta I a scriosadh anois ón Iarscríbhinn sin chun staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair a chur san áireamh.

(14)

Ina theannta sin, ar bhonn na faisnéise agus na mbonn cirt a fuarthas ón Iodáil, ag cur san áireamh go háirithe críochnú an imscrúdaithe eipidéimeolaíoch agus éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc, agus aird á tabhairt ar staid fhabhrach fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiún Lazio agus ar na bearta rialaithe galar arna gcur chun feidhme go cuí ag an Iodáil, chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil a chosc, is iomchuí anois criosanna srianta I agus II i gcúige Rieti a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 chun staid reatha eipidéimeolaíochta fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát sin a chur san áireamh.

(15)

Ar mhaithe leis na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas a chur san áireamh, agus ar mhaithe le dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú sa Gearmáin agus sa Pholainn, agus ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I agus II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Chomh maith leis sin, ba cheart codanna áirithe de chrios srianta I a scriosadh ón Iarscríbhinn sin don Pholainn. Ó tharla go bhfuil an staid a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, tugadh aird ar staid eipidéimeolaíoch na limistéar máguaird nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú.

(16)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(17)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1911 ón gCoimisiún an 06 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 261, 7.10.2022, lch. 6).

(4)  Doiciméad Oibre SANTE/7112/2015/Rev. 3 “Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation ASF regionalisation”. [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach] https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_ga

(5)  Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, an 29ú hEagrán, 2021. Imleabhair I agus II ISBN 978-92-95115-40-8; https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe i dtaca le galair a chosc agus a rialú a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a chruthaíonn baol suntasach do leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605:

“IARSCRÍBHINN I

CRIOSANNA SRIANTA

CUID I

1.   An Ghearmáin

Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:

Bundesland Brandenburg:

Landkreis Dahme-Spreewald:

Gemeinde Alt Zauche-Wußwerk,

Gemeinde Byhleguhre-Byhlen,

Gemeinde Märkische Heide, mit den Gemarkungen Alt Schadow, Neu Schadow, Pretschen, Plattkow, Wittmannsdorf, Schuhlen-Wiese, Bückchen, Kuschkow, Gröditsch, Groß Leuthen, Leibchel, Glietz, Groß Leine, Dollgen, Krugau, Dürrenhofe, Biebersdorf und Klein Leine,

Gemeinde Neu Zauche,

Gemeinde Schwielochsee mit den Gemarkungen Groß Liebitz, Guhlen, Mochow und Siegadel,

Gemeinde Spreewaldheide,

Gemeinde Straupitz,

Landkreis Märkisch-Oderland:

Gemeinde Müncheberg mit den Gemarkungen Müncheberg, Eggersdorf bei Müncheberg und Hoppegarten bei Müncheberg,

Gemeinde Bliesdorf mit den Gemarkungen Kunersdorf – westlich der B167 und Bliesdorf – westlich der B167

Gemeinde Märkische Höhe mit den Gemarkungen Reichenberg und Batzlow,

Gemeinde Wriezen mit den Gemarkungen Haselberg, Frankenfelde, Schulzendorf, Lüdersdorf Biesdorf, Rathsdorf – westlich der B 167 und Wriezen – westlich der B167

Gemeinde Buckow (Märkische Schweiz),

Gemeinde Strausberg mit den Gemarkungen Hohenstein und Ruhlsdorf,

Gemeine Garzau-Garzin,

Gemeinde Waldsieversdorf,

Gemeinde Rehfelde mit der Gemarkung Werder,

Gemeinde Reichenow-Mögelin,

Gemeinde Prötzel mit den Gemarkungen Harnekop, Sternebeck und Prötzel östlich der B 168 und der L35,

Gemeinde Oberbarnim,

Gemeinde Bad Freienwalde mit der Gemarkung Sonnenburg,

Gemeinde Falkenberg mit den Gemarkungen Dannenberg, Falkenberg westlich der L 35, Gersdorf und Kruge,

Gemeinde Höhenland mit den Gemarkungen Steinbeck, Wollenberg und Wölsickendorf,

Landkreis Barnim:

Gemeinde Joachimsthal östlich der L220 (Eberswalder Straße), östlich der L23 (Töpferstraße und Templiner Straße), östlich der L239 (Glambecker Straße) und Schorfheide (JO) östlich der L238,

Gemeinde Friedrichswalde mit der Gemarkung Glambeck östlich der L 239,

Gemeinde Althüttendorf,

Gemeinde Ziethen mit den Gemarkungen Groß Ziethen und Klein Ziethen westlich der B198,

Gemeinde Chorin mit den Gemarkungen Golzow, Senftenhütte, Buchholz, Schorfheide (Ch), Chorin westlich der L200 und Sandkrug nördlich der L200,

Gemeinde Britz,

Gemeinde Schorfheide mit den Gemarkungen Altenhof, Werbellin, Lichterfelde und Finowfurt,

Gemeinde (Stadt) Eberswalde mit der Gemarkungen Finow und Spechthausen und der Gemarkung Eberswalde südlich der B167 und westlich der L200,

Gemeinde Breydin,

Gemeinde Melchow,

Gemeinde Sydower Fließ mit der Gemarkung Grüntal nördlich der K6006 (Landstraße nach Tuchen), östlich der Schönholzer Straße und östlich Am Postweg,

Hohenfinow südlich der B167,

Landkreis Uckermark:

Gemeinde Passow mit den Gemarkungen Briest, Passow und Schönow,

Gemeinde Mark Landin mit den Gemarkungen Landin nördlich der B2, Grünow und Schönermark,

Gemeinde Angermünde mit den Gemarkungen Frauenhagen, Mürow, Angermünde nördlich und nordwestlich der B2, Dobberzin nördlich der B2, Kerkow, Welsow, Bruchhagen, Greiffenberg, Günterberg, Biesenbrow, Görlsdorf, Wolletz und Altkünkendorf,

Gemeinde Zichow,

Gemeinde Casekow mit den Gemarkungen Blumberg, Wartin, Luckow-Petershagen und den Gemarkungen Biesendahlshof und Casekow westlich der L272 und nördlich der L27,

Gemeinde Hohenselchow-Groß Pinnow mit der Gemarkung Hohenselchow nördlich der L27,

Gemeinde Tantow,

Gemeinde Mescherin außer der Gemarkung Neurochlitz östlich der B2, dieser folgend bis zur Gemarkungsgrenze Rosow, weiter in nordwestlicher Richtung bis Rosow, weiter auf der K7311 zur Landesgrenze zu Mecklenburg-Vorpommern, dieser folgend in östlicher Richtung bis zur polnischen Grenze,

Gemeinde Gartz (Oder) mit der Gemarkung Geesow westlich der B2 sowie den Gemarkungen Gartz und Hohenreinkendorf nördlich der L27 und der B2 bis zur Kastanienallee, dort links abbiegend dem Schülerweg folgend bis Höhe Bahnhof, von hier in östlicher Richtung den Salveybach kreuzend bis zum Tantower Weg, diesen in nördlicher Richtung bis zu Stettiner Straße, diese weiter folgend bis zur B2, dieser in nördlicher Richtung folgend,

Gemeinde Pinnow nördlich und westlich der B2,

Landkreis Oder-Spree:

Gemeinde Storkow (Mark),

Gemeinde Spreenhagen mit den Gemarkungen Braunsdorf, Markgrafpieske, Lebbin und Spreenhagen,

Gemeinde Grünheide (Mark) mit den Gemarkungen Kagel, Kienbaum und Hangelsberg,

Gemeinde Fürstenwalde westlich der B 168 und nördlich der L 36,

Gemeinde Rauen,

Gemeinde Wendisch Rietz bis zur östlichen Uferzone des Scharmützelsees und von der südlichen Spitze des Scharmützelsees südlich der B246,

Gemeinde Reichenwalde,

Gemeinde Bad Saarow mit der Gemarkung Petersdorf und der Gemarkung Bad Saarow-Pieskow westlich der östlichen Uferzone des Scharmützelsees und ab nördlicher Spitze westlich der L35,

Gemeinde Tauche mit der Gemarkung Werder,

Gemeinde Steinhöfel mit den Gemarkungen Jänickendorf, Schönfelde, Beerfelde, Gölsdorf, Buchholz, Tempelberg und den Gemarkungen Steinhöfel, Hasenfelde und Heinersdorf westlich der L36 und der Gemarkung Neuendorf im Sande nördlich der L36,

Landkreis Spree-Neiße:

Gemeinde Turnow-Preilack mit der Gemarkung Turnow,

Gemeinde Drachhausen,

Gemeinde Schmogrow-Fehrow,

Gemeinde Drehnow,

Gemeinde Teichland mit den Gemarkungen Maust und Neuendorf,

Gemeinde Guhrow,

Gemeinde Werben,

Gemeinde Dissen-Striesow,

Gemeinde Briesen,

Gemeinde Drebkau mit den Gemarkungen Jehserig, Schorbus, Domsdorf, Drebkau, Laubst, Leuthen, Siewisch, Casel und Greifenhain,

Gemeinde Kolkwitz mit den Gemarkungen Klein Gaglow nördl. der BAB 15, Kolkwitz, Gulben, Papitz, Babow, Eichow, Krieschow, Limberg, Glinzig, Milkersdorf und Hähnchen,

Gemeinde Burg (Spreewald)

Kreisfreie Stadt Cottbus außer den Gemarkungen Kahren, Gallinchen, Groß Gaglow und der Gemarkung Kiekebusch südlich der BAB,

Landkreis Oberspreewald-Lausitz:

Gemeinde Neupetershain,

Gemeinde Lauchhammer,

Gemeinde Schwarzheide,

Gemeinde Schipkau,

Gemeinde Senftenberg mit den Gemarkungen Brieske, Niemtsch, Senftenberg, Reppist, Hosena, Großkoschen, Kleinkoschen und Sedlitz,

die Gemeinde Schwarzbach mit der Gemarkung Biehlen,

Gemeinde Neu-Seeland mit den Gemarkungen Lieske, Bahnsdorf und Lindchen,

Gemeinde Großräschen mit den Gemarkungen Dörrwalde und Allmosen,

Gemeinde Tettau,

Landkreis Elbe-Elster:

Gemeinde Großthiemig,

Gemeinde Hirschfeld,

Gemeinde Gröden,

Gemeinde Schraden,

Gemeinde Merzdorf,

Gemeinde Röderland mit der Gemarkung Wainsdorf, Prösen, Stolzenhain a.d. Röder,

Gemeinde Plessa mit der Gemarkung Plessa,

Landkreis Prignitz:

Gemeinde Groß Pankow mit den Gemarkungen Baek, Tangendorf, Tacken, Hohenvier, Strigleben, Steinberg und Gulow,

Gemeinde Perleberg mit der Gemarkung Schönfeld,

Gemeinde Karstädt mit den Gemarkungen Postlin, Strehlen, Blüthen, Klockow, Premslin, Glövzin, Waterloo, Karstädt, Dargardt, Garlin und die Gemarkungen Groß Warnow, Klein Warnow, Reckenzin, Streesow und Dallmin westlich der Bahnstrecke Berlin/Spandau-Hamburg/Altona,

Gemeinde Gülitz-Reetz,

Gemeinde Putlitz mit den Gemarkungen Lockstädt, Mansfeld und Laaske,

Gemeinde Triglitz,

Gemeinde Marienfließ mit der Gemarkung Frehne,

Gemeinde Kümmernitztal mit der Gemarkungen Buckow, Preddöhl und Grabow,

Gemeinde Gerdshagen mit der Gemarkung Gerdshagen,

Gemeinde Meyenburg,

Gemeinde Pritzwalk mit der Gemarkung Steffenshagen,

Bundesland Sachsen:

Landkreis Bautzen

Gemeinde Arnsdorf, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Cunewalde,

Gemeinde Demitz-Thumitz, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Doberschau-Gaußig,

Gemeinde Göda, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Großharthau, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Großpostwitz/O.L.,

Gemeinde Hochkirch, sofern nicht bereits der Sperrzone II,

Gemeinde Kubschütz, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Neukirch/Lausitz,

Gemeinde Obergurig,

Gemeinde Schmölln-Putzkau,

Gemeinde Sohland a. d. Spree,

Gemeinde Stadt Bautzen, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Stadt Bischhofswerda, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Stadt Radeberg, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Stadt Schirgiswalde-Kirschau,

Gemeinde Stadt Wilthen,

Gemeinde Steinigtwolmsdorf,

Stadt Dresden:

Stadtgebiet, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Landkreis Meißen:

Gemeinde Diera-Zehren, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Glaubitz, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Hirschstein,

Gemeinde Käbschütztal,

Gemeinde Klipphausen, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Niederau, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Nünchritz, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Röderaue, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Stadt Gröditz, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Stadt Lommatzsch,

Gemeinde Stadt Meißen, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Stadt Nossen außer Ortsteil Nossen,

Gemeinde Stadt Riesa,

Gemeinde Stadt Strehla,

Gemeinde Stauchitz,

Gemeinde Wülknitz, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Gemeinde Zeithain,

Landkreis Mittelsachsen:

Gemeinde Reinsberg,

Landkreis Sächsische Schweiz-Osterzgebirge:

Gemeinde Bannewitz,

Gemeinde Dürrröhrsdorf-Dittersbach,

Gemeinde Kreischa,

Gemeinde Lohmen,

Gemeinde Müglitztal,

Gemeinde Stadt Dohna,

Gemeinde Stadt Freital,

Gemeinde Stadt Heidenau,

Gemeinde Stadt Hohnstein,

Gemeinde Stadt Neustadt i. Sa.,

Gemeinde Stadt Pirna,

Gemeinde Stadt Rabenau mit den Ortsteilen Lübau, Obernaundorf, Oelsa, Rabenau und Spechtritz,

Gemeinde Stadt Stolpen,

Gemeinde Stadt Tharandt mit den Ortsteilen Fördergersdorf, Großopitz, Kurort Hartha, Pohrsdorf und Spechtshausen,

Gemeinde Stadt Wilsdruff, sofern nicht bereits Teil der Sperrzone II,

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:

Landkreis Vorpommern Greifswald

Gemeinde Penkun,

Gemeinde Nadrensee,

Gemeinde Krackow,

Gemeinde Glasow,

Gemeinde Grambow,

Landkreis Ludwigslust-Parchim:

Gemeinde Barkhagen mit den Ortsteilen und Ortslagen: Altenlinden, Kolonie Lalchow, Plauerhagen, Zarchlin, Barkow-Ausbau, Barkow,

Gemeinde Blievenstorf mit dem Ortsteil: Blievenstorf,

Gemeinde Brenz mit den Ortsteilen und Ortslagen: Neu Brenz, Alt Brenz,

Gemeinde Domsühl mit den Ortsteilen und Ortslagen: Severin, Bergrade Hof, Bergrade Dorf, Zieslübbe, Alt Dammerow, Schlieven, Domsühl, Domsühl-Ausbau, Neu Schlieven,

Gemeinde Gallin-Kuppentin mit den Ortsteilen und Ortslagen: Kuppentin, Kuppentin-Ausbau, Daschow, Zahren, Gallin, Penzlin,

Gemeinde Ganzlin mit den Ortsteilen und Ortslagen: Dresenow, Dresenower Mühle, Twietfort, Ganzlin, Tönchow, Wendisch Priborn, Liebhof, Gnevsdorf,

Gemeinde Granzin mit den Ortsteilen und Ortslagen: Lindenbeck, Greven, Beckendorf, Bahlenrade, Granzin,

Gemeinde Grabow mit den Ortsteilen und Ortslagen: Fresenbrügge, Grabow, Griemoor, Heidehof, Kaltehof, Winkelmoor,

Gemeinde Groß Laasch mit den Ortsteilen und Ortslagen: Groß Laasch,

Gemeinde Kremmin mit den Ortsteilen und Ortslagen: Beckentin, Kremmin,

Gemeinde Kritzow mit den Ortsteilen und Ortslagen: Schlemmin, Kritzow,

Gemeinde Lewitzrand mit dem Ortsteil und Ortslage: Matzlow-Garwitz (teilweise),

Gemeinde Lübz mit den Ortsteilen und Ortslagen: Bobzin, Broock, Broock Ausbau, Hof Gischow, Lübz, Lutheran, Lutheran Ausbau, Riederfelde, Ruthen, Wessentin, Wessentin Ausbau,

Gemeinde Neustadt-Glewe mit den Ortsteilen und Ortslagen: Hohes Feld, Kiez, Klein Laasch, Liebs Siedlung, Neustadt-Glewe, Tuckhude, Wabel,

Gemeinde Obere Warnow mit den Ortsteilen und Ortslagen: Grebbin und Wozinkel, Gemarkung Kossebade teilweise, Gemarkung Herzberg mit dem Waldgebiet Bahlenholz bis an die östliche Gemeindegrenze, Gemarkung Woeten unmittelbar östlich und westlich der L16,

Gemeinde Parchim mit den Ortsteilen und Ortslagen: Dargelütz, Neuhof, Kiekindemark, Neu Klockow, Möderitz, Malchow, Damm, Parchim, Voigtsdorf, Neu Matzlow,

Gemeinde Passow mit den Ortsteilen und Ortslagen: Unterbrüz, Brüz, Welzin, Neu Brüz, Weisin, Charlottenhof, Passow,

Gemeinde Plau am See mit den Ortsteilen und Ortslagen: Reppentin, Gaarz, Silbermühle, Appelburg, Seelust, Plau-Am See, Plötzenhöhe, Klebe, Lalchow, Quetzin, Heidekrug,

Gemeinde Rom mit den Ortsteilen und Ortslagen: Lancken, Stralendorf, Rom, Darze, Paarsch,

Gemeinde Spornitz mit den Ortsteilen und Ortslagen: Dütschow, Primark, Steinbeck, Spornitz,

Gemeinde Werder mit den Ortsteilen und Ortslagen: Neu Benthen, Benthen, Tannenhof, Werder.

2.   An Eastóin

Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:

Hiiu maakond.

3.   An Ghréig

Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:

in aonad réigiúnach Drama:

ranna pobail Sidironero agus Skaloti agus ranna bardasacha Livadero agus Ksiropotamo (i mbardasacht Drama),

roinn bhardasach Paranesti (i mbardasacht Paranesti),

ranna bardasacha Kokkinogeia, Mikropoli, Panorama, Pyrgoi (i mbardasacht Prosotsani),

ranna bardasacha Kato Nevrokopi, Chrysokefalo, Achladea, Vathytopos, Volakas, Granitis, Dasotos, Eksohi, Katafyto, Lefkogeia, Mikrokleisoura, Mikromilea, Ochyro, Pagoneri, Perithorio, Kato Vrontou agus Potamoi (i mbardasacht Kato Nevrokokopi),

in aonad réigiúnach Xanthi:

ranna bardasacha Kimmerion, Stavroupoli, Gerakas, Dafnonas, Komnina, Kariofyto agus Neochori (i mbardasacht Xanthi),

ranna pobail Satres, Thermes, Kotyli, agus ranna bardasacha Myki, Echinos agus Oraio agus (i mbardasacht Myki),

roinn phobail Selero agus roinn bhardasach Sounio (i mbardasacht Avdira),

in aonad réigiúnach Rodopi:

ranna bardasacha Komotini, Anthochorio, Gratini, Thrylorio, Kalhas, Karydia, Kikidio, Kosmio, Pandrosos, Aigeiros, Kallisti, Meleti, Neo Sidirochori agus Mega Doukato (i mbardasacht Komotini),

ranna bardasacha Ipio, Arriana, Darmeni, Archontika, Fillyra, Ano Drosini, Aratos agus ranna pobail Kehros agus Organi (i mbardasacht Arriana),

ranna bardasacha Iasmos, Sostis, Asomatoi, Polyanthos agus Amvrosia agus roinn phobail Amaxades (i mbardasacht Iasmos),

roinn bhardasach Amaranta (i mbardasacht Maroneia Sapon),

in aonad réigiúnach Evros:

ranna bardasacha Kyriaki, Mandra, Mavrokklisi, Mikro Dereio, Protokklisi, Roussa, Goniko, Geriko, Sriko, Sgalo Derio, Sidiro, Giannouli, Agriani agus Petrolofos (i mbardasacht Soufli),

ranna bardasacha Dikaia, Arzos, Elaia, Therapio, Komara, Marasia, Ormenio, Pentalofos, Petrota, Plati, Ptelea, Kyprinos, Zoni, Fulakio, Spilaio, Nea Vyssa, Kavili, Kastanies, Rizia, Sterna, Ampelakia, Valtos, Megali Doxipara, Neochori agus Chandras (i mbardasacht Orestiada),

ranna bardasacha Asvestades, Ellinochori, Karoti, Koufovouno, Kiani, Mani, Sitochori, Alepochori, Asproneri, Metaxades, Vrysika, Doksa, Elafoxori, Ladi, Paliouri agus Poimeniko (i mbardasacht Didymoteixo),

in aonad réigiúnach Serres:

ranna bardasacha Kerkini, Livadia, Makrynitsa, Neochori, Platanakia, Petritsi, Akritochori, Vyroneia, Gonimo, Mandraki, Megalochori, Rodopoli, Ano Poroia, Katw Poroia, Sidirokastro, Vamvakophyto, Promahonas, Kamaroto, Strymonochori, Charopo, Kastanousi agus Chortero agus ranna pobail Achladochori, Agkistro agus Kapnophyto (i mbardasacht Sintiki),

ranna bardasacha Serres, Elaionas agus Oinoussa agus ranna pobail Orini agus Ano Vrontou (i mbardasacht Serres),

ranna bardasacha Dasochoriou, Irakleia, Valtero, Karperi, Koimisi, Lithotopos, Limnochori, Podismeno agus Chrysochorafa (i mbardasacht Irakleia).

4.   An Laitvia

Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:

Dienvidkurzemes novada, Grobiņas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, Grobiņas pilsēta,

Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes.

5.   An Liotuáin

Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:

Kalvarijos savivaldybė,

Klaipėdos rajono savivaldybė: Agluonėnų, Dovilų, Gargždų, Priekulės, Vėžaičių, Kretingalės ir Dauparų-Kvietinių seniūnijos,

Marijampolės savivaldybė išskyrus Šumskų ir Sasnavos seniūnijos,

Palangos miesto savivaldybė,

Vilkaviškio rajono savivaldybė: Bartninkų, Gražiškių, Keturvalakių, Pajevonio, Virbalio, Vištyčio seniūnijos.

6.   An Ungáir

Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:

Békés megye 950950, 950960, 950970, 951950, 952050, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953650, 953660, 953750, 953850, 953960, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150 és 956160 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Bács-Kiskun megye 600150, 600850, 601550, 601650, 601660, 601750, 601850, 601950, 602050, 603250, 603750 és 603850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe,

Csongrád-Csanád megye 800150, 800160, 800250, 802220, 802260, 802310 és 802450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950,

406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754950, 755050, 755150, 755250, 755350 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe.

7.   An Pholainn

Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:

w województwie kujawsko - pomorskim:

powiat rypiński,

powiat brodnicki,

powiat grudziądzki,

powiat miejski Grudziądz,

powiat wąbrzeski,

w województwie warmińsko-mazurskim:

gminy Wielbark i Rozogi w powiecie szczycieńskim,

w województwie podlaskim:

gminy Wysokie Mazowieckie z miastem Wysokie Mazowieckie, Czyżew i część gminy Kulesze Kościelne położona na południe od linii wyznaczonej przez linię kolejową w powiecie wysokomazowieckim,

gminy Miastkowo, Nowogród, Śniadowo i Zbójna w powiecie łomżyńskim,

gminy Szumowo, Zambrów z miastem Zambrów i część gminy Kołaki Kościelne położona na południe od linii wyznaczonej przez linię kolejową w powiecie zambrowskim,

gminy Grabowo, Kolno i miasto Kolno, Turośl w powiecie kolneńskim,

w województwie mazowieckim:

powiat ostrołęcki,

powiat miejski Ostrołęka,

gminy Bielsk, Brudzeń Duży, Bulkowo, Drobin, Gąbin, Łąck, Nowy Duninów, Radzanowo, Słupno, Staroźreby i Stara Biała w powiecie płockim,

powiat miejski Płock,

powiat ciechanowski,

gminy Baboszewo, Dzierzążnia, Joniec, Nowe Miasto, Płońsk i miasto Płońsk, Raciąż i miasto Raciąż, Sochocin w powiecie płońskim,

powiat sierpecki,

gmina Bieżuń, Lutocin, Siemiątkowo i Żuromin w powiecie żuromińskim,

część powiatu ostrowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

gminy Dzieżgowo, Lipowiec Kościelny, Mława, Radzanów, Strzegowo, Stupsk, Szreńsk, Szydłowo, Wiśniewo w powiecie mławskim,

powiat przasnyski,

powiat makowski,

powiat pułtuski,

część powiatu wyszkowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

część powiatu węgrowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

część powiatu wołomińskiego niewymieniona w części II załącznika I,

gminy Mokobody i Suchożebry w powiecie siedleckim,

gminy Dobre, Jakubów, Kałuszyn, Stanisławów w powiecie mińskim,

gminy Bielany i gmina wiejska Sokołów Podlaski w powiecie sokołowskim,

powiat gostyniński,

w województwie podkarpackim:

gmina Krempna w powiecie jasielskim,

część powiatu ropczycko – sędziszowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

gminy Pruchnik, Rokietnica, Roźwienica, w powiecie jarosławskim,

gminy Fredropol, Krasiczyn, Krzywcza, Przemyśl, część gminy Orły położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 77, część gminy Żurawica na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 77 w powiecie przemyskim,

powiat miejski Przemyśl,

gminy Gać, Jawornik Polski, Kańczuga, część gminy Zarzecze położona na południe od linii wyznaczonej przez rzekę Mleczka w powiecie przeworskim,

powiat łańcucki,

gminy Trzebownisko, Głogów Małopolski, część gminy Świlcza położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 94 i część gminy Sokołów Małopolski położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 875 w powiecie rzeszowskim,

gmina Raniżów w powiecie kolbuszowskim,

część powiatu dębickiego niewymieniona w części II załącznika I,

w województwie świętokrzyskim:

gminy Nowy Korczyn, Solec–Zdrój, Wiślica, Stopnica, Tuczępy, Busko Zdrój w powiecie buskim,

powiat kazimierski,

powiat skarżyski,

część powiatu opatowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

część powiatu sandomierskiego niewymieniona w części II załącznika I,

gminy Bogoria, Osiek, Staszów i część gminy Rytwiany położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 764, część gminy Szydłów położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 756 w powiecie staszowskim,

gminy Pawłów, Wąchock, część gminy Brody położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 9 oraz na południowy - zachód od linii wyznaczonej przez drogi: nr 0618T biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania w miejscowości Lipie, drogę biegnącą od miejscowości Lipie do wschodniej granicy gminy i część gminy Mirzec położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 744 biegnącą od południowej granicy gminy do miejscowości Tychów Stary a następnie przez drogę nr 0566T biegnącą od miejscowości Tychów Stary w kierunku północno - wschodnim do granicy gminy w powiecie starachowickim,

powiat ostrowiecki,

gminy Fałków, Ruda Maleniecka, Radoszyce, Smyków, Słupia Konecka, część gminy Końskie położona na zachód od linii kolejowej, część gminy Stąporków położona na południe od linii kolejowej w powiecie koneckim,

gminy Bodzentyn, Bieliny, Łagów, Morawica, Nowa Słupia, część gminy Raków położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogi nr 756 i 764, część gminy Chęciny położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 762, część gminy Górno położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od wschodniej granicy gminy łączącą miejscowości Leszczyna – Cedzyna oraz na południe od linii wyznaczonej przez ul. Kielecką w miejscowości Cedzyna biegnącą do wschodniej granicy gminy, część gminy Daleszyce położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 764 biegnącą od wschodniej granicy gminy do skrzyżowania z drogą łączącą miejscowości Daleszyce – Słopiec – Borków, dalej na północ od linii wyznaczonej przez tę drogę biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 764 do przecięcia z linią rzeki Belnianka, następnie na północ od linii wyznaczonej przez rzeki Belnianka i Czarna Nida biegnącej do zachodniej granicy gminy w powiecie kieleckim,

gminy Działoszyce, Michałów, Pińczów, Złota w powiecie pińczowskim,

gminy Imielno, Jędrzejów, Nagłowice, Sędziszów, Słupia, Sobków, Wodzisław w powiecie jędrzejowskim,

gminy Moskorzew, Radków, Secemin, część gminy Włoszczowa położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 742 biegnącą od północnej granicy gminy do miejscowości Konieczno i dalej na zachód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Konieczno – Rogienice – Dąbie – Podłazie, część gminy Kluczewsko położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od wschodniej granicy gminy i łączącą miejscowości Krogulec – Nowiny - Komorniki do przecięcia z linią rzeki Czarna, następnie na północ od linii wyznaczonej przez rzekę Czarna biegnącą do przecięcia z linią wyznaczoną przez drogę nr 742 i dalej na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 742 biegnącą od przecięcia z linią rzeki Czarna do południowej granicy gminy w powiecie włoszczowskim,

w województwie łódzkim:

gminy Łyszkowice, Kocierzew Południowy, Kiernozia, Chąśno, Nieborów, część gminy wiejskiej Łowicz położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 92 biegnącej od granicy miasta Łowicz do zachodniej granicy gminy oraz część gminy wiejskiej Łowicz położona na wschód od granicy miasta Łowicz i na północ od granicy gminy Nieborów w powiecie łowickim,

gminy Cielądz, Rawa Mazowiecka z miastem Rawa Mazowiecka w powiecie rawskim,

gminy Bolimów, Głuchów, Godzianów, Lipce Reymontowskie, Maków, Nowy Kawęczyn, Skierniewice, Słupia w powiecie skierniewickim,

powiat miejski Skierniewice,

gminy Mniszków, Paradyż, Sławno i Żarnów w powiecie opoczyńskim,

gminy Czerniewice, Inowłódz, Lubochnia, Rzeczyca, Tomaszów Mazowiecki z miastem Tomaszów Mazowiecki, Żelechlinek w powiecie tomaszowskim,

gmina Przedbórz w powiecie radomszczańskim, w województwie pomorskim:

gminy Ostaszewo, miasto Krynica Morska oraz część gminy Nowy Dwór Gdański położona na południowy - zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 55 biegnącą od południowej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 7, następnie przez drogę nr 7 i S7 biegnącą do zachodniej granicy gminy w powiecie nowodworskim,

gminy Lichnowy, Miłoradz, Malbork z miastem Malbork, część gminy Nowy Staw położna na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 55 w powiecie malborskim,

gminy Mikołajki Pomorskie, Stary Targ i Sztum w powiecie sztumskim,

powiat gdański,

Miasto Gdańsk,

powiat tczewski,

powiat kwidzyński,

w województwie lubuskim:

gmina Lubiszyn w powiecie gorzowskim,

gmina Dobiegniew w powiecie strzelecko – drezdeneckim,

w województwie dolnośląskim:

gminy Dziadowa Kłoda, Międzybórz, Syców, Twardogóra, część gminy wiejskiej Oleśnica położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr S8, część gminy Dobroszyce położona na wschód od linii wyznaczonej przez linię kolejową biegnącą od północnej do południowej granicy gminy w powiecie oleśnickim,

gminy Jordanów Śląski, Kobierzyce, Mietków, Sobótka, część gminy Żórawina położona na zachód od linii wyznaczonej przez autostradę A4, część gminy Kąty Wrocławskie położona na południe od linii wyznaczonej przez autostradę A4 w powiecie wrocławskim,

część gminy Domaniów położona na południowy zachód od linii wyznaczonej przez autostradę A4 w powiecie oławskim,

gmina Wiązów w powiecie strzelińskim,

część powiatu średzkiego niewymieniona w części II załącznika I,

miasto Świeradów - Zdrój w powiecie lubańskim,

gminy Pielgrzymka, miasto Złotoryja, część gminy wiejskiej Złotoryja położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od północnej granicy gminy w miejscowości Nowa Wieś Złotoryjska do granicy miasta Złotoryja oraz na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 382 biegnącą od granicy miasta Złotoryja do wschodniej granicy gminy w powiecie złotoryjskim,

gmina Mirsk w powiecie lwóweckim,

gminy Janowice Wielkie, Mysłakowice, Stara Kamienica w powiecie karkonoskim,

część powiatu miejskiego Jelenia Góra położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 366,

gminy Bolków, Męcinka, Mściwojów, Paszowice, miasto Jawor w powiecie jaworskim,

gminy Dobromierz, Jaworzyna Śląska, Marcinowice, Strzegom, Żarów w powiecie świdnickim,

gminy Dzierżoniów, Pieszyce, miasto Bielawa, miasto Dzierżoniów w powiecie dzierżoniowskim,

gminy Głuszyca, Mieroszów w powiecie wałbrzyskim,

gmina Nowa Ruda i miasto Nowa Ruda w powiecie kłodzkim,

gminy Kamienna Góra, Marciszów i miasto Kamienna Góra w powiecie kamiennogórskim,

w województwie wielkopolskim:

gminy Koźmin Wielkopolski, Rozdrażew, miasto Sulmierzyce, część gminy Krotoszyn położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogi: nr 15 biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 36, nr 36 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 15 do skrzyżowana z drogą nr 444, nr 444 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 36 do południowej granicy gminy w powiecie krotoszyńskim,

gminy Brodnica, część gminy Dolsk położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 434 biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 437, a nastęnie na wschód od drogi nr 437 biegnącej od skrzyżowania z drogąnr 434 do południowej granicy gminy, część gminy Śrem położóna na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 310 biegnącą od zachodniej granicy gminy do miejscowości Śrem, następnie na wschód od drogi nr 432 w miejscowości Śrem oraz na wschód od drogi nr 434 biegnącej od skrzyżowania z drogą nr 432 do południowej granicy gminy w powiecie śremskim,

gminy Borek Wielkopolski, Piaski, Pogorzela, w powiecie gostyńskim,

gmina Grodzisk Wielkopolski i część gminy Kamieniec położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 308 w powiecie grodziskim,

gmina Czempiń w powiecie kościańskim,

gminy Kleszczewo, Kostrzyn, Kórnik, Pobiedziska, Mosina, miasto Puszczykowo, część gminy wiejskiej Murowana Goślina położona na południe od linii kolejowej biegnącej od północnej granicy miasta Murowana Goślina do północno-wschodniej granicy gminy w powiecie poznańskim,

gmina Kiszkowo i część gminy Kłecko położona na zachód od rzeki Mała Wełna w powiecie gnieźnieńskim,

powiat czarnkowsko-trzcianecki,

część gminy Wronki położona na północ od linii wyznaczonej przez rzekę Wartę biegnącą od zachodniej granicy gminy do przecięcia z droga nr 182, a następnie na wschód od linii wyznaczonej przez drogi nr 182 oraz 184 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 182 do południowej granicy gminy w powiecie szamotulskim,

gmina Budzyń w powiecie chodzieskim,

gminy Mieścisko, Skoki i Wągrowiec z miastem Wągrowiec w powiecie wągrowieckim,

powiat pleszewski,

gmina Zagórów w powiecie słupeckim,

gmina Pyzdry w powiecie wrzesińskim,

gminy Kotlin, Żerków i część gminy Jarocin położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogi nr S11 i 15 w powiecie jarocińskim,

powiat ostrowski,

powiat miejski Kalisz,

powiat kaliski,

powiat turecki,

gminy Rzgów, Grodziec, Krzymów, Stare Miasto, Rychwał w powiecie konińskim,

powiat kępiński,

powiat ostrzeszowski,

w województwie opolskim:

gminy Domaszowice, Pokój, część gminy Namysłów położona na północ od linii wyznaczonej przez linię kolejową biegnącą od wschodniej do zachodniej granicy gminy w powiecie namysłowskim,

gminy Wołczyn, Kluczbork, Byczyna w powiecie kluczborskim,

gminy Praszka, Gorzów Śląski część gminy Rudniki położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 42 biegnącą od zachodniej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 43 i na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 43 biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 42 w powiecie oleskim,

gmina Grodkóww powiecie brzeskim,

gminy Komprachcice, Łubniany, Murów, Niemodlin, Tułowice w powiecie opolskim,

powiat miejski Opole,

w województwie zachodniopomorskim:

gminy Nowogródek Pomorski, Barlinek, Myślibórz, część gminy Dębno położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 126 biegnącą od zachodniej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 23 w miejscowości Dębno, następnie na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 23 do skrzyżowania z ul. Jana Pawła II w miejscowości Cychry, następnie na północ od ul. Jana Pawła II do skrzyżowania z ul. Ogrodową i dalej na północ od linii wyznaczonej przez ul. Ogrodową, której przedłużenie biegnie do wschodniej granicy gminy w powiecie myśliborskim,

gmina Stare Czarnowo w powiecie gryfińskim,

gmina Bielice, Kozielice, Pyrzyce w powiecie pyrzyckim,

gminy Bierzwnik, Krzęcin, Pełczyce w powiecie choszczeńskim,

część powiatu miejskiego Szczecin położona na zachód od linii wyznaczonej przez rzekę Odra Zachodnia biegnącą od północnej granicy gminy do przecięcia z drogą nr 10, następnie na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 10 biegnącą od przecięcia z linią wyznaczoną przez rzekę Odra Zachodnia do wschodniej granicy gminy,

gminy Dobra (Szczecińska), Police w powiecie polickim,

w województwie małopolskim:

powiat brzeski,

powiat gorlicki,

powiat proszowicki,

część powiatu nowosądeckiego niewymieniona w części II załącznika I,

gminy Czorsztyn, Krościenko nad Dunajcem, Ochotnica Dolna w powiecie nowotarskim,

powiat miejski Nowy Sącz,

powiat tarnowski,

powiat miejski Tarnów,

część powiatu dąbrowskiego niewymieniona w części III załącznika I.

8.   An tSlóvaic

Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:

i gceantar Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy,

i gceantar Veľký Krtíš, bardasachtaí Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky,

i gceantar Levice, bardasachtaí Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, Bátovce, Pečenice, Jabloňovce, Bohunice, Pukanec, Uhliská,

i gceantar Krupina, bardasachtaí Dudince, Terany, Hontianske Moravce, Sudince, Súdovce, Lišov,

ceantar iomlán Ružomberok,

i réigiún Turčianske Teplice, bardasachtaí Turček, Horná Štubňa, Čremošné, Háj, Rakša, Mošovce,

i gceantar Martin, bardasachtaí Blatnica, Folkušová, Necpaly,

i gceantar Dolný Kubín, bardasachtaí Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá,

i gcentar Tvrdošín, bardasachtaí Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec,

i gceantar Žarnovica, bardasachtaí Rudno nad Hronom, Voznica, Hodruša-Hámre,

ceantar iomlán Žiar nad Hronom, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios II.

9.   An Iodáil

Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:

Réigiún Piedmont:

i gcúige Alessandria, bardasachtaí Casalnoceto, Oviglio, Tortona, Viguzzolo, Frugarolo, Bergamasco, Castellar Guidobono, Berzano Di Tortona, Cerreto Grue, Carbonara Scrivia, Casasco, Carentino, Frascaro, Paderna, Montegioco, Spineto Scrivia, Villaromagnano, Pozzolo Formigaro, Momperone, Merana, Monleale, Terzo, Borgoratto Alessandrino, Casal Cermelli, Montemarzino, Bistagno, Castellazzo Bormida, Bosco Marengo, Castelspina, Volpeglino, Alice Bel Colle, Gamalero, Volpedo, Pozzol Groppo, Sarezzano,

i gcúige Asti, bardasachtaí Olmo Gentile, Nizza Monferrato, Incisa Scapaccino, Roccaverano, Castel Boglione, Mombaruzzo, Maranzana, Castel Rocchero, Rocchetta Palafea, Castelletto Molina, Castelnuovo Belbo, Montabone, Quaranti, Fontanile, Calamandrana, Bruno, Sessame, Monastero Bormida, Bubbio, Cassinasco, Serole, Loazzolo, Cessole, Vesime, San Giorgio Scarampi,

i gcúige Cuneo, bardasachtaí Bergolo, Pezzolo Valle Uzzone, Cortemilia, Levice, Castelletto Uzzone, Perletto,

Réigiún Liguria:

i gcúige Genova, bardasachtaí Rovegno, Rapallo, Portofino, Cicagna, Avegno, Montebruno, Santa Margherita Ligure, Favale Di Malvaro, Recco, Camogli, Moconesi, Tribogna, Fascia, Uscio, Gorreto, Fontanigorda, Neirone, Rondanina, Lorsica, Propata;

i gcúige Savona, bardasachtaí Cairo Montenotte, Quiliano, Dego, Altare, Piana Crixia, Giusvalla, Albissola Marina, Savona,

Réigiún Emilia-Romagna:

i gcúige Piacenza, bardasachtaí Ottone, Zerba,

Réigiún Lombardia:

i gcúige Pavia, bardasachtaí Rocca Susella, Montesegale, Menconico, Val Di Nizza, Bagnaria, Santa Margherita Di Staffora, Ponte Nizza, Brallo Di Pregola, Varzi, Godiasco, Cecima,

Réigiún Lazio:

i gcúige na Róimhe,

An Tuaisceart: bardasachtaí Riano, Castelnuovo di Porto, Capena, Fiano Romano, Morlupo, Sacrofano, Magliano Romano, Formello, Campagnano di Roma, Anguillara;

An tIarthar: bardasacht Fiumicino;

An Deisceart: bardasacht na Róimhe idir teorainneacha bhardasacht Fiumicino (Siar), teorainneacha Chrios 3 (ó Thuaidh), abhainn na Tibire chomh fada le trasnú an mhórbhealaigh Grande Raccordo Annulare GRA, an mórbhealach Grande Raccordo Annulare GRA chomh fada leis an gcrosbhealach le mórbhealach A24, mórbhealach A24 chomh fada leis an gcrosbhealach le Viale del Tecnopolo, viale del Tecnopolo chomh fada le trasnú theorainneacha bhardasacht Guidonia Montecelio;

An tOirthear: bardasachtaí Guidonia Montecelio, Montelibretti, Palombara Sabina, Monterotondo, Mentana, Sant’Angelo Romano, Fonte Nuova.

CUID II

1.   An Bhulgáir

Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:

réigiún iomlán Haskovo,

réigiún iomlán Yambol,

réigiún iomlán Stara Zagora,

réigiún iomlán Pernik,

réigiún iomlán Kyustendil,

réigiún iomlán Plovdiv, diomaite de na limistéir i gCuid III,

réigiún iomlán Pazardzhik diomaite de na limistéir i gCuid III,

réigiún iomlán Smolyan,

réigiún iomlán Dobrich,

réigiún iomlán chathair Shóifia,

réigiún iomlán Chúige Shoifia,

réigiún iomlán Blagoevgrad diomaite de na limistéir i gCuid III,

réigiún iomlán Razgrad,

réigiún iomlán Kardzhali,

réigiún iomlán Burgas,

réigiún iomlán Varna diomaite de na limistéir i gCuid III,

réigiún iomlán Silistra,

réigiún iomlán Ruse,

réigiún iomlán Veliko Tarnovo,

réigiún iomlán Pleven,

réigiún iomlán Targovishte,

réigiún iomlán Shumen,

réigiún iomlán Sliven,

réigiún iomlán Vidin,

réigiún iomlán Gabrovo,

réigiún iomlán Lovech,

réigiún iomlán Montana,

réigiún iomlán Vratza.

2.   An Ghearmáin

Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:

Bundesland Brandenburg:

Landkreis Oder-Spree:

Gemeinde Grunow-Dammendorf,

Gemeinde Mixdorf

Gemeinde Schlaubetal,

Gemeinde Neuzelle,

Gemeinde Neißemünde,

Gemeinde Lawitz,

Gemeinde Eisenhüttenstadt,

Gemeinde Vogelsang,

Gemeinde Ziltendorf,

Gemeinde Wiesenau,

Gemeinde Friedland,

Gemeinde Siehdichum,

Gemeinde Müllrose,

Gemeinde Briesen,

Gemeinde Jacobsdorf

Gemeinde Groß Lindow,

Gemeinde Brieskow-Finkenheerd,

Gemeinde Ragow-Merz,

Gemeinde Beeskow,

Gemeinde Rietz-Neuendorf,

Gemeinde Tauche mit den Gemarkungen Stremmen, Ranzig, Trebatsch, Sabrodt, Sawall, Mitweide, Lindenberg, Falkenberg (T), Görsdorf (B), Wulfersdorf, Giesensdorf, Briescht, Kossenblatt und Tauche,

Gemeinde Langewahl,

Gemeinde Berkenbrück,

Gemeinde Steinhöfel mit den Gemarkungen Arensdorf und Demitz und den Gemarkungen Steinhöfel, Hasenfelde und Heinersdorf östlich der L 36 und der Gemarkung Neuendorf im Sande südlich der L36,

Gemeinde Fürstenwalde östlich der B 168 und südlich der L36,

Gemeinde Diensdorf-Radlow,

Gemeinde Wendisch Rietz östlich des Scharmützelsees und nördlich der B 246,

Gemeinde Bad Saarow mit der Gemarkung Neu Golm und der Gemarkung Bad Saarow-Pieskow östlich des Scharmützelsees und ab nördlicher Spitze östlich der L35,

Landkreis Dahme-Spreewald:

Gemeinde Jamlitz,

Gemeinde Lieberose,

Gemeinde Schwielochsee mit den Gemarkungen Goyatz, Jessern, Lamsfeld, Ressen, Speichrow und Zaue,

Landkreis Spree-Neiße:

Gemeinde Schenkendöbern,

Gemeinde Guben,

Gemeinde Jänschwalde,

Gemeinde Tauer,

Gemeinde Peitz,

Gemeinde Kolkwitz mit der Gemarkung Klein Gaglow südl. der BAB 15,

Gemeinde Turnow-Preilack mit der Gemarkung Preilack,

Gemeinde Teichland mit der Gemarkung Bärenbrück,

Gemeinde Heinersbrück,

Gemeinde Forst,

Gemeinde Groß Schacksdorf-Simmersdorf,

Gemeinde Neiße-Malxetal,

Gemeinde Jämlitz-Klein Düben,

Gemeinde Tschernitz,

Gemeinde Döbern,

Gemeinde Felixsee,

Gemeinde Wiesengrund,

Gemeinde Spremberg,

Gemeinde Welzow,

Gemeinde Neuhausen/Spree,

Gemeinde Drebkau mit der Gemarkung Kausche,

Kreisfreie Stadt Cottbus mit den Gemarkungen Kahren, Gallinchen, Groß Gaglow und der Gemarkung Kiekebusch südlich der BAB 15,

Landkreis Märkisch-Oderland:

Gemeinde Bleyen-Genschmar,

Gemeinde Neuhardenberg

Gemeinde Golzow,

Gemeinde Küstriner Vorland,

Gemeinde Alt Tucheband,

Gemeinde Reitwein,

Gemeinde Podelzig,

Gemeinde Gusow-Platkow,

Gemeinde Seelow,

Gemeinde Vierlinden,

Gemeinde Lindendorf,

Gemeinde Fichtenhöhe,

Gemeinde Lietzen,

Gemeinde Falkenhagen (Mark),

Gemeinde Zeschdorf,

Gemeinde Treplin,

Gemeinde Lebus,

Gemeinde Müncheberg mit den Gemarkungen Jahnsfelde, Trebnitz, Obersdorf, Münchehofe und Hermersdorf,

Gemeinde Märkische Höhe mit der Gemarkung Ringenwalde,

Gemeinde Bliesdorf mit der Gemarkung Metzdorf und Gemeinde Bliesdorf – östlich der B167 bis östlicher Teil, begrenzt aus Richtung Gemarkungsgrenze Neutrebbin südlich der Bahnlinie bis Straße “Sophienhof” dieser westlich folgend bis “Ruesterchegraben” weiter entlang Feldweg an den Windrädern Richtung “Herrnhof”, weiter entlang “Letschiner Hauptgraben” nord-östlich bis Gemarkungsgrenze Alttrebbin und Kunersdorf – östlich der B167,

Gemeinde Bad Freienwalde mit den Gemarkungen Altglietzen, Altranft, Bad Freienwalde, Bralitz, Hohenwutzen, Schiffmühle, Hohensaaten und Neuenhagen,

Gemeinde Falkenberg mit der Gemarkung Falkenberg östlich der L35,

Gemeinde Oderaue,

Gemeinde Wriezen mit den Gemarkungen Altwriezen, Jäckelsbruch, Neugaul, Beauregard, Eichwerder, Rathsdorf – östlich der B167 und Wriezen – östlich der B167,

Gemeinde Neulewin,

Gemeinde Neutrebbin,

Gemeinde Letschin,

Gemeinde Zechin,

Landkreis Barnim:

Gemeinde Lunow-Stolzenhagen,

Gemeinde Parsteinsee,

Gemeinde Oderberg,

Gemeinde Liepe,

Gemeinde Hohenfinow (nördlich der B167),

Gemeinde Niederfinow,

Gemeinde (Stadt) Eberswalde mit den Gemarkungen Eberswalde nördlich der B167 und östlich der L200, Sommerfelde und Tornow nördlich der B167,

Gemeinde Chorin mit den Gemarkungen Brodowin, Chorin östlich der L200, Serwest, Neuehütte, Sandkrug östlich der L200,

Gemeinde Ziethen mit der Gemarkung Klein Ziethen östlich der Serwester Dorfstraße und östlich der B198,

Landkreis Uckermark:

Gemeinde Angermünde mit den Gemarkungen Crussow, Stolpe, Gellmersdorf, Neukünkendorf, Bölkendorf, Herzsprung, Schmargendorf und den Gemarkungen Angermünde südlich und südöstlich der B2 und Dobberzin südlich der B2,

Gemeinde Schwedt mit den Gemarkungen Criewen, Zützen, Schwedt, Stendell, Kummerow, Kunow, Vierraden, Blumenhagen, Oderbruchwiesen, Enkelsee, Gatow, Hohenfelde, Schöneberg, Flemsdorf und der Gemarkung Felchow östlich der B2,

Gemeinde Pinnow südlich und östlich der B2,

Gemeinde Berkholz-Meyenburg,

Gemeinde Mark Landin mit der Gemarkung Landin südlich der B2,

Gemeinde Casekow mit der Gemarkung Woltersdorf und den Gemarkungen Biesendahlshof und Casekow östlich der L272 und südlich der L27,

Gemeinde Hohenselchow-Groß Pinnow mit der Gemarkung Groß Pinnow und der Gemarkung Hohenselchow südlich der L27,

Gemeinde Gartz (Oder) mit der Gemarkung Friedrichsthal und den Gemarkungen Gartz und Hohenreinkendorf südlich der L27 und der B2 bis Kastanienallee, dort links abbiegend dem Schülerweg folgend bis Höhe Bahnhof, von hier in östlicher Richtung den Salveybach kreuzend bis zum Tantower Weg, diesen in nördlicher Richtung bis zu Stettiner Straße, diese weiter folgend bis zur B2, dieser in nördlicher Richtung folgend,

Gemeinde Mescherin mit der Gemarkung Neurochlitz östlich der B2, dieser folgend bis zur Gemarkungsgrenze Rosow, weiter in nordwestlicher Richtung bis Rosow, weiter auf der K7311 zur Landesgrenze zu Mecklenburg-Vorpommern, dieser folgend in östlicher Richtung bis zur polnischen Grenze,

Gemeinde Passow mit der Gemarkung Jamikow,

Kreisfreie Stadt Frankfurt (Oder),

Landkreis Prignitz:

Gemeinde Karstädt mit den Gemarkungen Neuhof und Kribbe und den Gemarkungen Groß Warnow, Klein Warnow, Reckenzin, Streesow und Dallmin östlich der Bahnstrecke Berlin/Spandau-Hamburg/Altona,

Gemeinde Berge,

Gemeinde Pirow mit den Gemarkungen Hülsebeck, Pirow, Bresch und Burow,

Gemeinde Putlitz mit den Gemarkungen Sagast, Nettelbeck, Porep, Lütkendorf, Putlitz, Weitgendorf und Telschow,

Gemeinde Marienfließ mit den Gemarkungen Jännersdorf, Stepenitz und Krempendorf,

Landkreis Oberspreewald-Lausitz:

Gemeinde Senftenberg mit der Gemarkung Peickwitz,

Gemeinde Hohenbocka,

Gemeinde Grünewald,

Gemeinde Hermsdorf,

Gemeinde Kroppen,

Gemeinde Ortrand,

Gemeinde Großkmehlen,

Gemeinde Lindenau,

Gemeinde Frauendorf,

Gemeinde Ruhland,

Gemeinde Guteborn

Gemeinde Schwarzbach mit der Gemarkung Schwarzbach,

Bundesland Sachsen:

Landkreis Bautzen:

Gemeinde Arnsdorf nördlich der B6,

Gemeinde Burkau,

Gemeinde Crostwitz,

Gemeinde Demitz-Thumitz nördlich der S111,

Gemeinde Elsterheide,

Gemeinde Frankenthal,

Gemeinde Göda nördlich der S111,

Gemeinde Großdubrau,

Gemeinde Großharthau nördlich der B6,

Gemeinde Großnaundorf,

Gemeinde Haselbachtal,

Gemeinde Hochkirch nördlich der B6,

Gemeinde Königswartha,

Gemeinde Kubschütz nördlich der B6,

Gemeinde Laußnitz,

Gemeinde Lichtenberg,

Gemeinde Lohsa,

Gemeinde Malschwitz,

Gemeinde Nebelschütz,

Gemeinde Neukirch,

Gemeinde Neschwitz,

Gemeinde Ohorn,

Gemeinde Oßling,

Gemeinde Ottendorf-Okrilla,

Gemeinde Panschwitz-Kuckau,

Gemeinde Puschwitz,

Gemeinde Räckelwitz,

Gemeinde Radibor,

Gemeinde Ralbitz-Rosenthal,

Gemeinde Rammenau,

Gemeinde Schwepnitz,

Gemeinde Spreetal,

Gemeinde Stadt Bautzen nördlich der S111 bis Abzweig S 156 und nördlich des Verlaufs S 156 bis Abzweig B6 und nördlich des Verlaufs der B 6 bis zur östlichen Gemeindegrenze,

Gemeinde Stadt Bernsdorf,

Gemeinde Stadt Bischofswerda nördlich der B6 nördlich der S111,

Gemeinde Stadt Elstra,

Gemeinde Stadt Großröhrsdorf,

Gemeinde Stadt Hoyerswerda,

Gemeinde Stadt Kamenz,

Gemeinde Stadt Königsbrück,

Gemeinde Stadt Lauta,

Gemeinde Stadt Pulsnitz,

Gemeinde Stadt Radeberg nördlich der B6,

Gemeinde Stadt Weißenberg,

Gemeinde Stadt Wittichenau,

Gemeinde Steina,

Gemeinde Wachau,

Stadt Dresden:

Stadtgebiet nördlich der BAB4 bis zum Verlauf westlich der Elbe, dann nördlich der B6,

Landkreis Görlitz,

Landkreis Meißen:

Gemeinde Diera-Zehren östlich der Elbe,

Gemeinde Ebersbach,

Gemeinde Glaubitz östlich des Grödel-Elsterwerdaer-Floßkanals,

Gemeinde Klipphausen östlich der S177,

Gemeinde Lampertswalde,

Gemeinde Moritzburg,

Gemeinde Niederau östlich der B101,

Gemeinde Nünchritz östlich der Elbe und südlich des Grödel-Elsterwerdaer-Floßkanals,

Gemeinde Priestewitz,

Gemeinde Röderaue östlich des Grödel-Elsterwerdaer-Floßkanals,

Gemeinde Schönfeld,

Gemeinde Stadt Coswig,

Gemeinde Stadt Gröditz östlich des Grödel-Elsterwerdaer-Floßkanals,

Gemeinde Stadt Großenhain,

Gemeinde Stadt Meißen östlich des Straßenverlaufs der S177 bis zur B6, dann B6 bis zur B101, ab der B101 Elbtalbrücke Richtung Norden östlich der Elbe,

Gemeinde Stadt Radebeul,

Gemeinde Stadt Radeburg,

Gemeinde Thiendorf,

Gemeinde Weinböhla,

Gemeinde Wülknitz östlich des Grödel-Elsterwerdaer-Floßkanals,

Landkreis Sächsische Schweiz-Osterzgebirge:

Gemeinde Stadt Wilsdruff nördlich der BAB4 zwischen den Abfahren Wilsdruff und Dreieck Dresden-West,

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:

Landkreis Ludwigslust-Parchim:

Gemeinde Balow mit dem Ortsteil: Balow,

Gemeinde Brunow mit den Ortsteilen und Ortslagen:

Bauerkuhl, Brunow (bei Ludwigslust), Klüß, Löcknitz (bei Parchim),

Gemeinde Dambeck mit dem Ortsteil und der Ortslage:

Dambeck (bei Ludwigslust),

Gemeinde Ganzlin mit den Ortsteilen und Ortslagen: Barackendorf, Hof Retzow, Klein Damerow, Retzow, Wangelin,

Gemeinde Gehlsbach mit den Ortsteilen und Ortslagen: Ausbau Darß, Darß, Hof Karbow, Karbow, Karbow-Ausbau, Quaßlin, Quaßlin Hof, Quaßliner Mühle, Vietlübbe, Wahlstorf

Gemeinde Groß Godems mit den Ortsteilen und Ortslagen:

Groß Godems, Klein Godems,

Gemeinde Karrenzin mit den Ortsteilen und Ortslagen: Herzfeld, Karrenzin, Karrenzin-Ausbau, Neu Herzfeld, Repzin, Wulfsahl,

Gemeinde Kreien mit den Ortsteilen und Ortslagen: Ausbau Kreien,

Hof Kreien, Kolonie Kreien, Kreien, Wilsen,

Gemeinde Kritzow mit dem Ortsteil und der Ortslage: Benzin,

Gemeinde Lübz mit den Ortsteilen und Ortslagen: Burow, Gischow, Meyerberg,

Gemeinde Möllenbeck mit den Ortsteilen und Ortslagen: Carlshof, Horst, Menzendorf, Möllenbeck,

Gemeinde Muchow mit dem Ortsteil und Ortslage: Muchow,

Gemeinde Parchim mit dem Ortsteil und Ortslage: Slate,

Gemeinde Prislich mit den Ortsteilen und Ortslagen: Marienhof, Neese, Prislich, Werle,

Gemeinde Rom mit dem Ortsteil und Ortslage: Klein Niendorf,

Gemeinde Ruhner Berge mit den Ortsteilen und Ortslagen: Dorf Poltnitz, Drenkow, Griebow, Jarchow, Leppin, Malow, Malower Mühle, Marnitz, Mentin, Mooster, Poitendorf, Poltnitz, Suckow, Tessenow, Zachow,

Gemeinde Siggelkow mit den Ortsteilen und Ortslagen: Groß Pankow, Klein Pankow, Neuburg, Redlin, Siggelkow,

Gemeinde Stolpe mit den Ortsteilen und Ortslagen: Barkow, Granzin, Stolpe Ausbau, Stolpe,

Gemeinde Ziegendorf mit den Ortsteilen und Ortslagen: Drefahl, Meierstorf, Neu Drefahl, Pampin, Platschow, Stresendorf, Ziegendorf,

Gemeinde Zierzow mit den Ortsteilen und Ortslagen: Kolbow, Zierzow.

3.   An Eastóin

Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:

Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond).

4.   An Laitvia

Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:

Aizkraukles novads,

Alūksnes, novada Alsviķu, Annas, Ilzenes, Jaunalūksnes, Jaunlaicenes, Kalncempju, Liepnas, Malienas, Mālupes, Mārkalnes, Pededzes, Veclaicenes, Zeltiņu, Ziemera pagasts, Jaunannas pagasta daļa uz ziemeļrietumiem no Pededzes upes, Alūksnes pilsēta,

Augšdaugavas novads,

Ādažu novads,

Balvu, novada Baltinavas, Bērzpils, Briežuciema, Krišjāņu, Kupravas, Lazdukalna, Lazdulejas, Medņevas, Rugāju, Susāju, Šķilbēnu, Tilžas, Vectilžas, Vecumu, Žīguru, Viļakas pilsēta,

Bauskas novads,

Cēsu novads,

Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Vaiņodes, Gaviezes, Rucavas, Vērgales, Medzes pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Embūtes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P116, P106, autoceļa no apdzīvotas vietas Dinsdurbe, Kalvenes pagasta daļa uz rietumiem no ceļa pie Vārtājas upes līdz autoceļam A9, uz dienvidiem no autoceļa A9, uz rietumiem no autoceļa V1200, Kazdangas pagasta daļa uz rietumiem no ceļa V1200, P115, P117, V1296, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules pilsēta,

Dobeles novads,

Gulbenes, novada Beļavas, Daukstu, Druvienas, Galgauskas, Jaungulbenes, Lejasciema, Lizuma, Līgo, Rankas, Stāmerienas, Stradu, Tirzas pagasts, Litenes pagasta daļa uz rietumiem no Pededzes upes, Gulbenes pilsēta,

Jelgavas novads,

Jēkabpils novads,

Krāslavas novads,

Kuldīgas novada Alsungas, Gudenieku, Kurmāles, Rendas, Kabiles, Vārmes, Pelču, Snēpeles, Turlavas, Laidu pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1296, Ēdoles pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa V1269, V1271, V1288, P119, Īvandes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P119, Rumbas pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P120, Kuldīgas pilsēta,

Ķekavas novads,

Limbažu novads,

Līvānu novads,

Ludzas novads,

Madonas novads,

Mārupes novads,

Ogres novads,

Olaines novads,

Preiļu, novada Aglonas, Aizkalnes, Pelēču, Preiļu, Riebiņu, Rožkalnu, Saunas, Sīļukalna, Stabulnieku, Upmalas, Vārkavas pagasts, Galēnu pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa V740, V595, Rušonas pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V742, Preiļu pilsēta,

Rēzeknes, novada Audriņu, Bērzgales, Čornajas, Dekšāres, Dricānu, Gaigalavas, Griškānu, Ilzeskalna, Kantinieku, Kaunatas, Lendžu, Mākoņkalna, Nagļu, Nautrēnu, Ozolaines, Ozolmuižas, Pušas, Rikavas, Sakstagala, Sokolku, Stoļerovas, Stružānu, Vērēmu, Viļānu pagasts, Lūznavas pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa A13 līdz apdzīvotai vietai Vertukšne, uz austrumiem no Vertukšnes ezera, Maltas pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa Vertukšne – Rozentova un uz austrumiem no autoceļa P56, P57, V569, Feimaņu pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V577, V742, Viļānu pilsēta,

Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta,

Salaspils novads,

Saldus novads,

Saulkrastu novads,

Siguldas novads,

Smiltenes novads,

Talsu novads,

Tukuma novads,

Valkas novads,

Valmieras novads,

Varakļānu novads,

Ventspils novada Ances, Popes, Puzes, Tārgales, Vārves, Užavas, Usmas, Jūrkalnes pagasts, Ugāles pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1347, uz austrumiem no autoceļa P123, Ziru pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa V1269, P108, Piltenes pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1310, V1309, autoceļa līdz Ventas upei, Piltenes pilsēta,

Daugavpils valstspilsētas pašvaldība,

Jelgavas valstspilsētas pašvaldība,

Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība,

Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība.

5.   An Liotuáin

Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:

Alytaus miesto savivaldybė,

Alytaus rajono savivaldybė,

Anykščių rajono savivaldybė,

Akmenės rajono savivaldybė,

Birštono savivaldybė,

Biržų miesto savivaldybė,

Biržų rajono savivaldybė,

Druskininkų savivaldybė,

Elektrėnų savivaldybė,

Ignalinos rajono savivaldybė,

Jonavos rajono savivaldybė,

Joniškio rajono savivaldybė,

Jurbarko rajono savivaldybė: Eržvilko, Juodaičių, Seredžiaus, Smalininkų ir Viešvilės seniūnijos,

Kaišiadorių rajono savivaldybė,

Kauno miesto savivaldybė,

Kauno rajono savivaldybė,

Kazlų rūdos savivaldybė: Kazlų Rūdos seniūnija, išskyrus vakarinė dalis iki kelio 2602 ir 183, Plutiškių seniūnija.

Kelmės rajono savivaldybė,

Kėdainių rajono savivaldybė,

Klaipėdos rajono savivaldybė: Judrėnų, Endriejavo ir Veiviržėnų seniūnijos,

Kupiškio rajono savivaldybė,

Kretingos rajono savivaldybė,

Lazdijų rajono savivaldybė,

Mažeikių rajono savivaldybė,

Molėtų rajono savivaldybė: Alantos, Balninkų, Čiulėnų, Inturkės, Joniškio, Luokesos, Mindūnų, Suginčių ir Videniškių seniūnijos,

Pagėgių savivaldybė,

Pakruojo rajono savivaldybė,

Panevėžio rajono savivaldybė,

Panevėžio miesto savivaldybė,

Pasvalio rajono savivaldybė,

Radviliškio rajono savivaldybė,

Rietavo savivaldybė,

Prienų rajono savivaldybė,

Plungės rajono savivaldybė,

Raseinių rajono savivaldybė,

Rokiškio rajono savivaldybė,

Skuodo rajono savivaldybė,

Šakių rajono savivaldybė: Kriūkų, Lekėčių ir Lukšių seniūnijos,

Šalčininkų rajono savivaldybė,

Šiaulių miesto savivaldybė,

Šiaulių rajono savivaldybė,

Šilutės rajono savivaldybė,

Širvintų rajono savivaldybė: Čiobiškio, Gelvonų, Jauniūnų, Kernavės, Musninkų ir Širvintų seniūnijos,

Šilalės rajono savivaldybė,

Švenčionių rajono savivaldybė,

Tauragės rajono savivaldybė,

Telšių rajono savivaldybė,

Trakų rajono savivaldybė,

Ukmergės rajono savivaldybė: Deltuvos, Lyduokių, Pabaisko, Pivonijos, Siesikų, Šešuolių, Taujėnų, Ukmergės miesto, Veprių, Vidiškių ir Žemaitkiemo seniūnijos,

Utenos rajono savivaldybė,

Varėnos rajono savivaldybė,

Vilniaus miesto savivaldybė,

Vilniaus rajono savivaldybė: Avižienių, Bezdonių, Buivydžių, Dūkštų, Juodšilių, Kalvelių, Lavoriškių, Maišiagalos, Marijampolio, Medininkų, Mickūnų, Nemenčinės, Nemenčinės miesto, Nemėžio, Pagirių, Riešės, Rudaminos, Rukainių, Sudervės, Sužionių, Šatrininkų ir Zujūnų seniūnijos,

Visagino savivaldybė,

Zarasų rajono savivaldybė.

6.   An Ungáir

Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:

Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954060, 954150, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe,

Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe,

Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe,

Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Komárom-Esztergom megye: 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 577250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe,

Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe.

7.   An Pholainn

Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:

w województwie warmińsko-mazurskim:

gminy Kalinowo, Stare Juchy, Prostki oraz gmina wiejska Ełk w powiecie ełckim,

powiat elbląski,

powiat miejski Elbląg,

część powiatu gołdapskiego niewymieniona w części III załącznika I,

powiat piski,

powiat bartoszycki,

część powiatu oleckiego niewymieniona w części III załącznika I,

część powiatu giżyckiego niewymieniona w części III załącznika I,

powiat braniewski,

powiat kętrzyński,

powiat lidzbarski,

gminy Dźwierzuty Jedwabno, Pasym, Świętajno, Szczytno i miasto Szczytno w powiecie szczycieńskim,

powiat mrągowski,

część powiatu węgorzewskiego niewymieniona w części III załącznika I,

powiat olsztyński,

powiat miejski Olsztyn,

powiat nidzicki,

gminy Kisielice, Susz, Zalewo w powiecie iławskim,

część powiatu ostródzkiego niewymieniona w części III załącznika I,

gmina Iłowo – Osada, część gminy wiejskiej Działdowo położona na południe od linii wyznaczonej przez linię kolejową biegnącą od wchodniej do zachodniej granicy gminy, część gminy Płośnica położona na południe od linii wyznaczonej przez linię kolejową biegnącą od wchodniej do zachodniej granicy gminy, część gminy Lidzbark położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 544 biegnącą od wschodniej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 541 oraz na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 541 biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 544 w powiecie działdowskim,

w województwie podlaskim:

powiat bielski,

powiat grajewski,

powiat moniecki,

powiat sejneński,

gminy Łomża, Piątnica, Jedwabne, Przytuły i Wizna w powiecie łomżyńskim,

powiat miejski Łomża,

powiat siemiatycki,

powiat hajnowski,

gminy Ciechanowiec, Klukowo, Szepietowo, Kobylin-Borzymy, Nowe Piekuty, Sokoły i część gminy Kulesze Kościelne położona na północ od linii wyznaczonej przez linię kolejową w powiecie wysokomazowieckim,

gmina Rutki i część gminy Kołaki Kościelne położona na północ od linii wyznaczonej przez linię kolejową w powiecie zambrowskim,

gminy Mały Płock i Stawiski w powiecie kolneńskim,

powiat białostocki,

powiat suwalski,

powiat miejski Suwałki,

powiat augustowski,

powiat sokólski,

powiat miejski Białystok,

w województwie mazowieckim:

gminy Domanice, Korczew, Kotuń, Mordy, Paprotnia, Przesmyki, Siedlce, Skórzec, Wiśniew, Wodynie, Zbuczyn w powiecie siedleckim,

powiat miejski Siedlce,

gminy Ceranów, Jabłonna Lacka, Kosów Lacki, Repki, Sabnie, Sterdyń w powiecie sokołowskim,

powiat łosicki,

powiat sochaczewski,

powiat zwoleński,

powiat kozienicki,

powiat lipski,

powiat radomski

powiat miejski Radom,

powiat szydłowiecki,

gminy Lubowidz i Kuczbork Osada w powiecie żuromińskim,

gmina Wieczfnia Kościelna w powicie mławskim,

gminy Bodzanów, Słubice, Wyszogród i Mała Wieś w powiecie płockim,

powiat nowodworski,

gminy Czerwińsk nad Wisłą, Naruszewo, Załuski w powiecie płońskim,

gminy: miasto Kobyłka, miasto Marki, miasto Ząbki, miasto Zielonka, część gminy Tłuszcz ograniczona liniami kolejowymi: na północ od linii kolejowej biegnącej od wschodniej granicy gminy do miasta Tłuszcz oraz na wschód od linii kolejowej biegnącej od północnej granicy gminy do miasta Tłuszcz, część gminy Jadów położona na północ od linii kolejowej biegnącej od wschodniej do zachodniej granicy gminy w powiecie wołomińskim,

powiat garwoliński,

gminy Boguty – Pianki, Brok, Zaręby Kościelne, Nur, Małkinia Górna, część gminy Wąsewo położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 60, część gminy wiejskiej Ostrów Mazowiecka położona na południe od miasta Ostrów Mazowiecka i na południe od linii wyznaczonej przez drogę 60 biegnącą od zachodniej granicy miasta Ostrów Mazowiecka do zachodniej granicy gminy w powiecie ostrowskim,

część gminy Sadowne położona na północny- zachód od linii wyznaczonej przez linię kolejową, część gminy Łochów położona na północny – zachód od linii wyznaczonej przez linię kolejową w powiecie węgrowskim,

gminy Brańszczyk, Długosiodło, Rząśnik, Wyszków, część gminy Zabrodzie położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr S8 w powiecie wyszkowskim,

gminy Cegłów, Dębe Wielkie, Halinów, Latowicz, Mińsk Mazowiecki i miasto Mińsk Mazowiecki, Mrozy, Siennica, miasto Sulejówek w powiecie mińskim,

powiat otwocki,

powiat warszawski zachodni,

powiat legionowski,

powiat piaseczyński,

powiat pruszkowski,

powiat grójecki,

powiat grodziski,

powiat żyrardowski,

powiat białobrzeski,

powiat przysuski,

powiat miejski Warszawa,

w województwie lubelskim:

powiat bialski,

powiat miejski Biała Podlaska,

powiat janowski,

powiat puławski,

powiat rycki,

powiat łukowski,

powiat lubelski,

powiat miejski Lublin,

powiat lubartowski,

powiat łęczyński,

powiat świdnicki,

powiat biłgorajski,

powiat hrubieszowski,

powiat krasnostawski,

powiat chełmski,

powiat miejski Chełm,

powiat tomaszowski,

powiat kraśnicki,

powiat opolski,

powiat parczewski,

powiat włodawski,

powiat radzyński,

powiat miejski Zamość,

powiat zamojski,

w województwie podkarpackim:

powiat stalowowolski,

powiat lubaczowski,

gminy Medyka, Stubno, część gminy Orły położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 77, część gminy Żurawica na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 77 w powiecie przemyskim,

powiat jarosławski,

gmina Kamień w powiecie rzeszowskim,

gminy Cmolas, Dzikowiec, Kolbuszowa, Majdan Królewski i Niwiska powiecie kolbuszowskim,

powiat leżajski,

powiat niżański,

powiat tarnobrzeski,

gminy Adamówka, Sieniawa, Tryńcza, Przeworsk z miastem Przeworsk, Zarzecze w powiecie przeworskim,

gmina Ostrów, część gminy Sędziszów Małopolski położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr A4,

część gminy Czarna położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr A4, część gminy Żyraków położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr A4, część gminy wiejskiej Dębica położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr A4 w powiecie dębickim,

część powiatu mieleckiego niewymieniona w części III załącznika I,

w województwie małopolskim:

gminy Nawojowa, Piwniczna Zdrój, Rytro, Stary Sącz, część gminy Łącko położona na południe od linii wyznaczonej przez rzekę Dunajec w powiecie nowosądeckim,

gmina Szczawnica w powiecie nowotarskim,

w województwie pomorskim:

gminy Dzierzgoń i Stary Dzierzgoń w powiecie sztumskim,

gmina Stare Pole, część gminy Nowy Staw położna na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 55 w powiecie malborskim,

gminy Stegny, Sztutowo i część gminy Nowy Dwór Gdański położona na północny - wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 55 biegnącą od południowej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 7, następnie przez drogę nr 7 i S7 biegnącą do zachodniej granicy gminy w powiecie nowodworskim,

w województwie świętokrzyskim:

gmina Tarłów i część gminy Ożarów położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 74 biegnącą od miejscowości Honorów do zachodniej granicy gminy w powiecie opatowskim,

część gminy Brody położona wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 9 i na północny - wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 0618T biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania w miejscowości Lipie oraz przez drogę biegnącą od miejscowości Lipie do wschodniej granicy gminy i część gminy Mirzec położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 744 biegnącą od południowej granicy gminy do miejscowości Tychów Stary a następnie przez drogę nr 0566T biegnącą od miejscowości Tychów Stary w kierunku północno – wschodnim do granicy gminy w powiecie starachowickim,

gmina Gowarczów, część gminy Końskie położona na wschód od linii kolejowej, część gminy Stąporków położona na północ od linii kolejowej w powiecie koneckim,

gminy Dwikozy i Zawichost w powiecie sandomierskim,

w województwie lubuskim:

gminy Bogdaniec, Deszczno, Kłodawa, Kostrzyn nad Odrą, Santok, Witnica w powiecie gorzowskim,

powiat miejski Gorzów Wielkopolski,

gminy Drezdenko, Strzelce Krajeńskie, Stare Kurowo, Zwierzyn w powiecie strzelecko – drezdeneckim,

powiat żarski,

powiat słubicki,

gminy Brzeźnica, Iłowa, Gozdnica, Małomice Wymiarki, Żagań i miasto Żagań w powiecie żagańskim,

powiat krośnieński,

powiat zielonogórski

powiat miejski Zielona Góra,

powiat nowosolski,

powiat sulęciński,

powiat międzyrzecki,

powiat świebodziński,

powiat wschowski,

w województwie dolnośląskim:

powiat zgorzelecki,

gminy Gaworzyce, Grębocice, Polkowice i Radwanice w powiecie polkowickim,

część powiatu wołowskiego niewymieniona w części III załącznika I,

gmina Jeżów Sudecki w powiecie karkonoskim,

gminy Rudna, Ścinawa, miasto Lubin i część gminy Lubin niewymieniona w części III załącznika I w powiecie lubińskim,

gmina Malczyce, Miękinia, Środa Śląska, część gminy Kostomłoty położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr A4, część gminy Udanin położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr A4 w powiecie średzkim,

gmina Wądroże Wielkie w powiecie jaworskim,

gminy Kunice, Legnickie Pole, Prochowice, Ruja w powiecie legnickim,

gminy Wisznia Mała, Trzebnica, Zawonia, część gminy Oborniki Śląskie położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 340 w powiecie trzebnickim,

gminy Leśna, Lubań i miasto Lubań, Olszyna, Platerówka, Siekierczyn w powiecie lubańskim,

powiat miejski Wrocław,

gminy Czernica, Długołęka, Siechnice, część gminy Żórawina położona na wschód od linii wyznaczonej przez autostradę A4, część gminy Kąty Wrocławskie położona na północ od linii wyznaczonej przez autostradę A4 w powiecie wrocławskim,

gminy Jelcz - Laskowice, Oława z miastem Oława i część gminy Domaniów położona na północny wschód od linii wyznaczonej przez autostradę A4 w powiecie oławskim,

gmina Bierutów, miasto Oleśnica, część gminy wiejskiej Oleśnica położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr S8, część gminy Dobroszyce położona na zachód od linii wyznaczonej przez linię kolejową biegnącą od północnej do południowej granicy gminy w powiecie oleśnickim,

gmina Cieszków, Krośnice, część gminy Milicz położona na wschód od linii łączącej miejscowości Poradów – Piotrkosice – Sulimierz – Sułów - Gruszeczka w powiecie milickim,

część powiatu bolesławieckiego niewymieniona w części III załącznika I,

powiat głogowski,

gmina Niechlów w powiecie górowskim,

gmina Świerzawa, Wojcieszów, część gminy Zagrodno położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Jadwisin – Modlikowice Zagrodno oraz na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 382 biegnącą od miejscowości Zagrodno do południowej granicy gminy w powiecie złotoryjskim,

gmina Gryfów Śląski, Lubomierz, Lwówek Śląski, Wleń w powiecie lwóweckim,

gminy Czarny Bór, Stare Bogaczowice, Walim, miasto Boguszów - Gorce, miasto Jedlina – Zdrój, miasto Szczawno – Zdrój w powiecie wałbrzyskim,

powiat miejski Wałbrzych,

gmina Świdnica, miasto Świdnica, miasto Świebodzice w powiecie świdnickim,

w województwie wielkopolskim:

gminy Siedlec, Wolsztyn, część gminy Przemęt położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Borek – Kluczewo – Sączkowo – Przemęt – Błotnica – Starkowo – Boszkowo – Letnisko w powiecie wolsztyńskim,

gmina Wielichowo, Rakoniewice, Granowo, część gminy Kamieniec położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 308 w powiecie grodziskim,

powiat międzychodzki,

powiat nowotomyski,

powiat obornicki,

część gminy Połajewo na położona na południe od drogi łączącej miejscowości Chraplewo, Tarnówko-Boruszyn, Krosin, Jakubowo, Połajewo - ul. Ryczywolska do północno-wschodniej granicy gminy w powiecie czarnkowsko-trzcianeckim,

powiat miejski Poznań,

gminy Buk, Czerwonak, Dopiewo, Komorniki, Rokietnica, Stęszew, Swarzędz, Suchy Las, Tarnowo Podgórne, część gminy wiejskiej Murowana Goślina położona na północ od linii kolejowej biegnącej od północnej granicy miasta Murowana Goślina do północno-wschodniej granicy gminy w powiecie poznańskim,

gminy

część powiatu szamotulskiego niewymieniona w części I i III załącznika I,

gmina Pępowo w powiecie gostyńskim,

gminy Kobylin, Zduny, część gminy Krotoszyn położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogi: nr 15 biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 36, nr 36 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 15 do skrzyżowana z drogą nr 444, nr 444 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 36 do południowej granicy gminy w powiecie krotoszyńskim,

gmina Wijewo w powiecie leszczyńskim,

w województwie łódzkim:

gminy Białaczów, Drzewica, Opoczno i Poświętne w powiecie opoczyńskim,

gminy Biała Rawska, Regnów i Sadkowice w powiecie rawskim,

gmina Kowiesy w powiecie skierniewickim,

w województwie zachodniopomorskim:

gmina Boleszkowice i część gminy Dębno położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 126 biegnącą od zachodniej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 23 w miejscowości Dębno, następnie na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 23 do skrzyżowania z ul. Jana Pawła II w miejscowości Cychry, następnie na południe od ul. Jana Pawła II do skrzyżowania z ul. Ogrodową i dalej na południe od linii wyznaczonej przez ul. Ogrodową, której przedłużenie biegnie do wschodniej granicy gminy w powiecie myśliborskim,

gminy Cedynia, Gryfino, Mieszkowice, Moryń, część gminy Chojna położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogi nr 31 biegnącą od północnej granicy gminy i 124 biegnącą od południowej granicy gminy w powiecie gryfińskim,

gmina Kołbaskowo w powiecie polickim,

w województwie opolskim:

gminy Brzeg, Lubsza, Lewin Brzeski, Olszanka, Skarbimierz w powiecie brzeskim,

gminy Dąbrowa, Dobrzeń Wielki, Popielów w powiecie opolskim,

gminy Świerczów, Wilków, część gminy Namysłów położona na południe od linii wyznaczonej przez linię kolejową biegnącą od wschodniej do zachodniej granicy gminy w powiecie namysłowskim.

8.   An tSlóvaic

Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:

ceantar iomlán Gelnica seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Poprad

ceantar iomlán Spišská Nová Ves,

ceantar iomlán Levoča,

ceantar iomlán Kežmarok

i gceantar iomlán Michalovce, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Košice-okolie,

ceantar iomlán Rožnava,

cathair iomlán Košice,

i gceantar Sobrance: Remetské Hámre, Vyšná Rybnica, Hlivištia, Ruská Bystrá, Podhoroď, Choňkovce, Ruský Hrabovec, Inovce, Beňatina, Koňuš,

ceantar iomlán Vranov nad Topaou,

ceantar iomlán Humenné, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Snina,

ceantar iomlán Prešov seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Sabinov seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Svidník, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Stropkov, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Bardejov,

ceantar iomlán Stará Ľubovňa,

ceantar iomlán Revúca,

ceantar iomlán Rimavská Sobota, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

i gceantar Veľký Krtíš, na bardasachtaí iomlána nach n-áirítear i gCuid I,

ceantar iomlán Lučenec,

ceantar iomlán Poltár,

ceantar iomlán Zvolen, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Detva,

ceantar iomlán Krupina, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios I,

ceantar iomlán Banska Stiavnica,

i gceantar Žiar nad Hronom bardasachtaí Hronská Dúbrava, Trnavá Hora,

ceantar iomlán Banska Bystica, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios III,

ceantar iomlán Brezno,

ceantar iomlán Liptovsky Mikuláš,

ceantar iomlán Trebišov’.

9.   An Iodáil

Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:

Réigiún Piedmont:

i gcúige Alessandria, bardasachtaí Cavatore, Castelnuovo Bormida, Cabella Ligure, Carrega Ligure, Francavilla Bisio, Carpeneto, Costa Vescovato, Grognardo, Orsara Bormida, Pasturana, Melazzo, Mornese, Ovada, Predosa, Lerma, Fraconalto, Rivalta Bormida, Fresonara, Malvicino, Ponzone, San Cristoforo, Sezzadio, Rocca Grimalda, Garbagna, Tassarolo, Mongiardino Ligure, Morsasco, Montaldo Bormida, Prasco, Montaldeo, Belforte Monferrato, Albera Ligure, Bosio, Cantalupo Ligure, Castelletto D’orba, Cartosio, Acqui Terme, Arquata Scrivia, Parodi Ligure, Ricaldone, Gavi, Cremolino, Brignano-Frascata, Novi Ligure, Molare, Cassinelle, Morbello, Avolasca, Carezzano, Basaluzzo, Dernice, Trisobbio, Strevi, Sant’Agata Fossili, Pareto, Visone, Voltaggio, Tagliolo Monferrato, Casaleggio Boiro, Capriata D’orba, Castellania, Carrosio, Cassine, Vignole Borbera, Serravalle Scrivia, Silvano D’orba, Villalvernia, Roccaforte Ligure, Rocchetta Ligure, Sardigliano, Stazzano, Borghetto Di Borbera, Grondona, Cassano Spinola, Montacuto, Gremiasco, San Sebastiano Curone, Fabbrica Curone, Spigno Monferrato, Montechiaro d’Acqui, Castelletto d’Erro, Ponti, Denice,

i gcúige Asti, bardasacht Cagnano Mombaldone,

Réigiún Liguria:

i gcúige Genova, bardasachtaí Bogliasco, Arenzano, Ceranesi, Ronco Scrivia, Mele, Isola Del Cantone, Lumarzo, Genova, Masone, Serra Riccò, Campo Ligure, Mignanego, Busalla, Bargagli, Savignone, Torriglia, Rossiglione, Sant’Olcese, Valbrevenna, Sori, Tiglieto, Campomorone, Cogoleto, Pieve Ligure, Davagna, Casella, Montoggio, Crocefieschi, Vobbia;

i gcúige Savona, bardasachtaí Albisola Superiore, Celle Ligure, Stella, Pontinvrea, Varazze, Urbe, Sassello, Mioglia,

Réigiún Lazio:

an limistéar de Bhardasacht na Róimhe atá laistigh de theorainneacha riaracháin Aonad Sláinte Áitiúil ‘ASL RM1’.

CUID III

1.   An Bhulgáir

Na criosanna srianta III seo a leanas sa Bhulgáir:

i réigiún Blagoevgrad:

bardasacht iomlán Sandanski

bardasacht iomlán Strumyani

bardasacht iomlán Petrich,

réigiún Pazardzhik:

bardasacht iomlán Pazardzhik,

bardasacht iomlán Panagyurishte,

bardasacht iomlán Lesichevo,

bardasacht iomlán Septemvri,

bardasacht iomlán Strelcha,

i réigiún Plovdiv

bardasacht iomlán Hisar,

bardasacht iomlán Suedinenie,

bardasacht iomlán Maritsa

bardasacht iomlán Rodopi,

bardasacht iomlán Plovdiv,

i réigiún Varna:

bardasacht iomlán Byala,

bardasacht iomlán Dolni Chiflik.

2.   An Iodáil

Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:

Réigiún Sardinia: the whole territory.

3.   An Laitvia

Na criosanna srianta III seo a leanas sa Laitvia:

Dienvidkurzemes novada Embūtes pagasta daļa uz ziemeļiem autoceļa P116, P106, autoceļa no apdzīvotas vietas Dinsdurbe, Kalvenes pagasta daļa uz austrumiem no ceļa pie Vārtājas upes līdz autoceļam A9, uz ziemeļiem no autoceļa A9, uz austrumiem no autoceļa V1200, Kazdangas pagasta daļa uz austrumiem no ceļa V1200, P115, P117, V1296,

Kuldīgas novada Rudbāržu, Nīkrāces, Padures, Raņķu, Skrundas pagasts, Laidu pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1296, Ēdoles pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V1269, V1271, V1288, P119, Īvandes pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa P119, Rumbas pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa P120, Skrundas pilsēta,

Ventspils novada Zlēku pagasts, Ugāles pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1347, uz rietumiem no autoceļa P123, Ziru pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V1269, P108, Piltenes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1310, V1309, autoceļa līdz Ventas upei,

Alūksnes novada Jaunannas pagasta daļa uz dienvidaustrumiem no Pededzes upes,

Balvu novada Kubulu, Vīksnas, Bērzkalnes, Balvu pagasts, Balvu pilsēta,

Gulbenes novada Litenes pagasta daļa uz austrumiem no Pededzes upes,

Preiļu novada Silajāņu pagasts, Galēnu pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V740, V595, Rušonas pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V742,

Rēzeknes novada Silmalas pagasts, Lūznavas pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa A13 līdz apdzīvotai vietai Vertukšne, uz rietumiem no Vertukšnes ezera, Maltas pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa Vertukšne – Rozentova un uz rietumiem no autoceļa P56, P57, V569, Feimaņu pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V577, V742.

4.   An Liotuáin

Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:

Jurbarko rajono savivaldybė: Jurbarko miesto seniūnija, Girdžių, Jurbarkų Raudonės, Skirsnemunės, Veliuonos ir Šimkaičių seniūnijos,

Molėtų rajono savivaldybė: Dubingių ir Giedraičių seniūnijos,

Marijampolės savivaldybė: Sasnavos ir Šunskų seniūnijos,

Šakių rajono savivaldybė: Barzdų, Gelgaudiškio, Griškabūdžio, Kidulių, Kudirkos Naumiesčio, Sintautų, Slavikų, Sudargo, Šakių, Plokščių ir Žvirgždaičių seniūnijos.

Kazlų rūdos savivaldybė: Antanavos, Jankų ir Kazlų Rūdos seniūnijos: vakarinė dalis iki kelio 2602 ir 183,

Vilkaviškio rajono savivaldybė: Gižų, Kybartų, Klausučių, Pilviškių, Šeimenos ir Vilkaviškio miesto seniūnijos.

Širvintų rajono savivaldybė: Alionių ir Zibalų seniūnijos,

Ukmergės rajono savivaldybė: Želvos seniūnija,

Vilniaus rajono savivaldybė: Paberžės seniūnija.

5.   An Pholainn

Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:

w województwie zachodniopomorskim:

gminy Banie, Trzcińsko – Zdrój, Widuchowa, część gminy Chojna położona na wschód linii wyznaczonej przez drogi nr 31 biegnącą od północnej granicy gminy i 124 biegnącą od południowej granicy gminy w powiecie gryfińskim,

w województwie warmińsko-mazurskim:

część powiatu działdowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

część powiatu iławskiego niewymieniona w części II załącznika I,

powiat nowomiejski,

gminy Dąbrówno, Grunwald i Ostróda z miastem Ostróda w powiecie ostródzkim,

gmina Banie Mazurskie, część gminy Gołdap położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę bignącą od zachodniej granicy gminy i łączącą miejscowości Pietraszki – Grygieliszki – Łobody - Bałupiany - Piękne Łąki do skrzyżowania z drogą nr 65, następnie od tego skrzyżowania na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 65 biegnącą do skrzyżowania z drogą nr 650 i dalej na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 650 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 65 do miejscowości Wronki Wielkie i dalej na zachód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Wronki Wielkie – Suczki – Pietrasze – Kamionki – Wilkasy biegnącą do południowej granicy gminy w powiecie gołdapskim,

część gminy Pozdezdrze położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od zachodniej do południowej granicy gminy i łączącą miejscowości Stręgiel – Gębałka – Kuty – Jakunówko – Jasieniec, część gminy Budry położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od wschodniej do południowej granicy gminy i łączącą miejscowości Skalisze – Budzewo – Budry – Brzozówko w powiecie węgorzewskim,

część gminy Kruklanki położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od północnej do wschodniej granicy gminy i łączącą miejscowości Jasieniec – Jeziorowskie – Podleśne w powiecie giżyckim,

część gminy Kruklanki położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od północnej do wschodniej granicy gminy i łączącą miejscowości Jasieniec – Jeziorowskie – Podleśne w powiecie giżyckim,

w województwie podkarpackim:

gminy Borowa, Czermin, Radomyśl Wielki, Wadowice Górne w powiecie mieleckim,

w województwie lubuskim:

gminy Niegosławice, Szprotawa w powiecie żagańskim,

w województwie wielkopolskim:

gminy Krzemieniewo, Lipno, Osieczna, Rydzyna, Święciechowa, Włoszakowice w powiecie leszczyńskim,

powiat miejski Leszno,

gminy Kościan i miasto Kościan, Krzywiń, Śmigiel w powiecie kościańskim,

część gminy Dolsk położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 434 biegnącą od północnej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 437, a następnie na zachód od drogi nr 437 biegnącej od skrzyżowania z drogą nr 434 do południowej granicy gminy, część gminy Śrem położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 310 biegnącą od zachodniej granicy gminy do miejscowości Śrem, następnie na zachód od drogi nr 432 w miejscowości Śrem oraz na zachód od drogi nr 434 biegnącej od skrzyżowania z drogą nr 432 do południowej granicy gminy w powiecie śremskim,

gminy Gostyń, Krobia i Poniec w powiecie gostyńskim,

część gminy Przemęt położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Borek – Kluczewo – Sączkowo – Przemęt – Błotnica – Starkowo – Boszkowo – Letnisko w powiecie wolsztyńskim,

powiat rawicki,

gmina Pniewy, część gminy Duszniki położona na północ od linii wyznaczonej przez autostradę A2 oraz na zachód od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od wschodniej granicy gminy, łączącą miejscowości Ceradz Kościelny – Grzebienisko – Wierzeja – Wilkowo, biegnącą do skrzyżowania z autostradą A2, część gminy Kaźmierz położona zachód od linii wyznaczonej przez rzekę Sarna, część gminy Ostroróg położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 184 biegnącą od południowej granicy gminy do skrzyżowania z drogą nr 116 oraz na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 116 biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 184 do zachodniej granicy gminy, część gminy Szamotuły położona na zachód od linii wyznaczonej przez rzekę Sarna biegnącą od południowej granicy gminy do przecięcia z drogą nr 184 oraz na zachód od linii wyznaczonej przez drogęn r 184 biegnącą od przecięcia z rzeką Sarna do północnej granicy gminy w powiecie szamotulskim,

w województwie dolnośląskim:

część powiatu górowskiego niewymieniona w części II załącznika I,

część gminy Lubin położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 335 biegnącą od zachodniej granicy gminy do granicy miasta Lubin oraz na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 333 biegnącą od granicy miasta Lubin do południowej granicy gminy w powiecie lubińskim

gminy Prusice, Żmigród, część gminy Oborniki Śląskie położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 340 w powiecie trzebnickim,

część gminy Zagrodno położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Jadwisin – Modlikowice - Zagrodno oraz na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 382 biegnącą od miejscowości Zagrodno do południowej granicy gminy, część gminy wiejskiej Złotoryja położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od północnej granicy gminy w miejscowości Nowa Wieś Złotoryjska do granicy miasta Złotoryja oraz na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 382 biegnącą od granicy miasta Złotoryja do wschodniej granicy gminy w powiecie złotoryjskim

gmina Gromadka w powiecie bolesławieckim,

gminy Chocianów i Przemków w powiecie polkowickim,

gminy Chojnów i miasto Chojnów, Krotoszyce, Miłkowice w powiecie legnickim,

powiat miejski Legnica,

część gminy Wołów położona na wschód od linii wyznaczonej przez lnię kolejową biegnącą od północnej do południowej granicy gminy, część gminy Wińsko położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 36 biegnącą od północnej do zachodniej granicy gminy, część gminy Brzeg Dolny położona na wschód od linii wyznaczonej przez linię kolejową od północnej do południowej granicy gminy w powiecie wołowskim,

część gminy Milicz położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Poradów – Piotrkosice - Sulimierz-Sułów - Gruszeczka w powiecie milickim,

w województwie świętokrzyskim:

gminy Gnojno, Pacanów w powiecie buskim,

gminy Łubnice, Oleśnica, Połaniec, część gminy Rytwiany położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 764, część gminy Szydłów położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogę nr 756 w powiecie staszowskim,

gminy Chmielnik, Masłów, Miedziana Góra, Mniów, Łopuszno, Piekoszów, Pierzchnica, Sitkówka-Nowiny, Strawczyn, Zagnańsk, część gminy Raków położona na zachód od linii wyznaczonej przez drogi nr 756 i 764, część gminy Chęciny położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę nr 762, część gminy Górno położona na północ od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od wschodniej granicy gminy łączącą miejscowości Leszczyna – Cedzyna oraz na północ od linii wyznczonej przez ul. Kielecką w miejscowości Cedzyna biegnącą do wschodniej granicy gminy, część gminy Daleszyce położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę nr 764 biegnącą od wschodniej granicy gminy do skrzyżowania z drogą łączącą miejscowości Daleszyce – Słopiec – Borków, dalej na południe od linii wyznaczonej przez tę drogę biegnącą od skrzyżowania z drogą nr 764 do przecięcia z linią rzeki Belnianka, następnie na południe od linii wyznaczonej przez rzeki Belnianka i Czarna Nida biegnącej do zachodniej granicy gminy w powiecie kieleckim,

powiat miejski Kielce,

gminy Krasocin, część gminy Włoszczowa położona na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 742 biegnącą od północnej granicy gminy do miejscowości Konieczno i dalej na wschód od linii wyznaczonej przez drogę łączącą miejscowości Konieczno – Rogienice – Dąbie – Podłazie, część gminy Kluczewsko położona na południe od linii wyznaczonej przez drogę biegnącą od wschodniej granicy gminy i łączącą miejscowości Krogulec – Nowiny - Komorniki do przecięcia z linią rzeki Czarna, następnie na południe od linii wyznaczonej przez rzekę Czarna biegnącą do przecięcia z linią wyznaczoną przez drogę nr 742 i dalej na wschód od linii wyznaczonej przez drogę nr 742 biegnącą od przecięcia z linią rzeki Czarna do południowej granicy gminyw powiecie włoszczowskim,

gmina Kije w powiecie pińczowskim,

gminy Małogoszcz, Oksa w powiecie jędrzejowskim,

w województwie małopolskim:

gminy Dąbrowa Tarnowska, Radgoszcz, Szczucin w powiecie dąbrowskim.

6.   An Rómáin

Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:

Zona orașului București,

Județul Constanța,

Județul Satu Mare,

Județul Tulcea,

Județul Bacău,

Județul Bihor,

Județul Bistrița Năsăud,

Județul Brăila,

Județul Buzău,

Județul Călărași,

Județul Dâmbovița,

Județul Galați,

Județul Giurgiu,

Județul Ialomița,

Județul Ilfov,

Județul Prahova,

Județul Sălaj,

Județul Suceava

Județul Vaslui,

Județul Vrancea,

Județul Teleorman,

Judeţul Mehedinţi,

Județul Gorj,

Județul Argeș,

Judeţul Olt,

Judeţul Dolj,

Județul Arad,

Județul Timiș,

Județul Covasna,

Județul Brașov,

Județul Botoșani,

Județul Vâlcea,

Județul Iași,

Județul Hunedoara,

Județul Alba,

Județul Sibiu,

Județul Caraș-Severin,

Județul Neamț,

Județul Harghita,

Județul Mureș,

Județul Cluj,

Județul Maramureş.

7.   An tSlóvaic

Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:

Ceantar iomlán Vranov agus Topľou,

I gceantar Humenné: Lieskovec, Myslina, Humenné, Jasenov, Brekov, Závadka, Topoľovka, Hudcovce, Ptičie, Chlmec, Porúbka, Brestov, Gruzovce, Ohradzany, Slovenská Volová, Karná, Lackovce, Kochanovce, Hažín nad Cirochou, Závada, Nižná Sitnica, Vyšná Sitnica, Rohožník, Prituľany, Ruská Poruba, Ruská Kajňa,

I gceantar Michalovce: Strážske, Staré, Oreské, Zbudza, Voľa, Nacina Ves, Pusté Čemerné, Lesné, Rakovec nad Ondavou, Petrovce nad Laborcom, Trnava pri Laborci, Vinné, Kaluža, Klokočov, Kusín, Jovsa, Poruba pod Vihorlatom, Hojné, Lúčky,Závadka, Hažín, Zalužice, Michalovce, Krásnovce, Šamudovce, Vŕbnica, Žbince, Lastomír, Zemplínska Široká, Čečehov, Jastrabie pri Michalovciach, Iňačovce, Senné, Palín, Sliepkovce, Hatalov, Budkovce, Stretava, Stretávka, Pavlovce nad Uhom, Vysoká nad Uhom, Bajany,

I gceantar Rimavská Sobota: Jesenské, Gortva, Hodejov, Hodejovec, Širkovce, Šimonovce, Drňa, Hostice, Gemerské Dechtáre, Jestice, Dubovec, Rimavské Janovce, Rimavská Sobota, Belín, Pavlovce, Sútor, Bottovo, Dúžava, Mojín, Konrádovce, Čierny Potok, Blhovce, Gemerček, Hajnáčka,

I gceantar Gelnica: Hrišovce, Jaklovce, Kluknava, Margecany, Richnava,

I gceantar Sabinov: Daletice,

I gceantar Prešov: Hrabkov, Krížovany, Žipov, Kvačany, Ondrašovce, Chminianske Jakubovany, Klenov, Bajerov, Bertotovce, Brežany, Bzenov, Fričovce, Hendrichovce, Hermanovce, Chmiňany, Chminianska Nová Ves, Janov, Jarovnice, Kojatice, Lažany, Mikušovce, Ovčie, Rokycany, Sedlice, Suchá Dolina, Svinia, Šindliar, Široké, Štefanovce, Víťaz, Župčany,

ceantar iomlán Medzilaborce,

I gceantar Stropkov: Havaj, Malá Poľana, Bystrá, Mikové, Varechovce, Vladiča, Staškovce, Makovce, Veľkrop, Solník, Korunková, Bukovce, Krišľovce, Jakušovce, Kolbovce,

I gceantar Svidník: Pstruša,

I gceantar Zvolen: Očová, Zvolen, Sliač, Veľká Lúka, Lukavica, Sielnica, Železná Breznica, Tŕnie, Turová, Kováčová, Budča, Hronská Breznica, Ostrá Lúka, Bacúrov, Breziny, Podzámčok, Michalková, Zvolenská Slatina, Lieskovec,

I gceantar Banská Bystrica: Sebedín-Bečov, Čerín, Dúbravica, Oravce, Môlča, Horná Mičiná, Dolná Mičiná, Vlkanová, Hronsek, Badín, Horné Pršany, Malachov, Banská Bystrica,

Ceantar iomlán Sobrance seachas na bardasachtaí a áirítear i gcrios II.


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/149


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2068 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Deireadh Fómhair 2022

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1)(“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/477 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le bearta a fhéadfaidh an tAontas Eorpach a dhéanamh i ndáil le héifeacht chomhcheangailte beart frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais le bearta cosanta (2), agus go háirithe Airteagal 1 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/1328 (3) d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta (“CRF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“Daon-Phoblacht na Síne” nó “an tSín”) agus Chónaidhm na Rúise (“an Rúis”) (“na bearta bunaidh”). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, gairfear “an t-imscrúdú bunaidh” anseo feasta dó.

(2)

Is iad na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an tSín 19,7 % ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, 20,5 % ar na cuideachtaí comhoibríocha neamhshampláilte agus 22,1 % ar gach cuideachta eile, agus téann siad idir 18,7 % agus 34 % i gcás na Rúise le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus ráta dleachta 36,1 % ann i gcás gach cuideachta eile.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(3)

Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (4), fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(4)

Ba í Cónaidhm Eorpach an Tionscail Iarainn agus Cruach (“EUROFER”) (“an t-iarratasóir) a chuir isteach an iarraidh ar athbhreithniú an 3 Bealtaine 2021 thar ceann thionscal CRF an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar na forais gur dhócha go gcuirfí tús le dumpáil arís agus go leanfaí nó go gcuirfí tús arís le díobháil do thionscal an Aontais mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(5)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gurbh ann d’fhianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 3 Lúnasa 2021 maidir le hallmhairí CRF chuig an Aontas ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise (“na tíortha lena mbaineann”) iad ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (“an Fógra Tionscnaimh”).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(6)

Leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó tús a chur léi arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021 (“tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe”). Leis an imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(7)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, gach táirgeoir aitheanta san Aontas, na táirgeoirí aitheanta i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis agus údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(8)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Fuair an Coimisiún barúlacha ó thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin sa Rúis, ó rialtas na Rúise, ó allmhaireoir neamhghaolmhar amháin agus ó úsáideoir amháin.

(9)

Ina gcuid barúlacha maidir leis an tionscnamh, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis gur theip ar an iarratasóir fianaise leordhóthanach agus iontaofa a chur i láthair gurbh ann do dhóchúlacht go leanfaí den dumpáil dhíobhálach nó go gcuirfí tús léi arís ó allmhairí ón Rúis. Ina theannta sin, mhaígh rialtas na Rúise, táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, an t-allmhaireoir neamhghaolmhar agus úsáideoir nach raibh aon nasc cúisíoch ann idir cás díobhála thionscal an Aontais agus allmhairí CRF ón tSín agus ón Rúis. Ba í réasúnaíocht na bpáirtithe difriúla gur thosca eile seachas allmhairí díobhálacha ón Rúis agus ón tSín ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais, dá mba ann di, de bharr líon diomaibhseach d’allmhairí CRF ó na tíortha lena mbaineann.

(10)

Mar a luadh freisin san Fhógra Tionscnaimh áfach, líomhain an t-iarratasóir ‘gur tharla baint na díobhála mar a suíodh ar dtús í den chuid is mó de bharr bearta a bheith ann, agus gur dócha go gcuirfí tús leis an díobháil arís do thionscal an Aontais mar thoradh ar aon tús a chuirfí arís le hallmhairí substaintiúla ag praghsanna dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann, dá mba rud é go ligfí do na bearta dul in éag’ (6). Ba é cuspóir an imscrúdaithe athbhreithnithe a shuí cé acu ar dócha nó nach dócha de bharr dhul in éag na mbeart go leanfaí den díobháil nó go gcuirfí tús léi arís mar gheall ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Ba leormhaith í an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir ag an gcéim tionscnaimh le taispeáint go gcuirfí tús leis an díobháil de bharr allmhairí dumpáilte arís dá dtosófaí arís ar allmhairí dumpáilte ag méideanna níos airde. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún maíomh na bpáirtithe maidir le cúisíocht.

(11)

Mhaígh rialtas na Rúise nár chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach i láthair den dumpáil mhéadaithe, mar a luaitear in Airteagal 5.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, agus gnáthluach á ríomh. Thairis sin, d’áitigh sé nach raibh mionsonraí leordhóthanacha san fhaisnéis a soláthraíodh sa leagan oscailte den iarraidh ar athbhreithniú éaga, agus níor léiríodh aon fhigiúr beacht inti a úsáideadh chun an corrlach a ríomh, toisc gur soláthraíodh costais iompair, costais onnmhairiúcháin chomh maith le praghsanna ar mhargadh CRF na Rúise agus na ríomhanna iad féin i ngarbhfhigiúirí. D’iarr rialtas na Rúise ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na ríomhanna a sholáthraítear san iarraidh agus an fhianaise a sholáthar gurb iontaofa iad na ríomhanna sin. Thairis sin, rinne rialtas na Rúise tagairt d’Airteagal 6.2 den Chomhaontú Frithdhumpála ina luaitear in éagmais deis ar thuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise a chuirtear isteach faoi rún, gur chuir an t-iarratasóir cosc ar rialtas na Rúise agus ar tháirgeoirí na Rúise araon, chomh maith le páirtithe leasmhara eile deis a fháil a gcuid leasanna a chosaint ina n-iomláine, agus d’iarr ar an gCoimisiún agus Eurofer sonraí níos mionsonraithe a sholáthar maidir le ríomhanna corrlaigh dumpála.

(12)

Maidir leis an maíomh um leordhóthanacht na fianaise, admhaíodh san iarraidh ar athbhreithniú gur tháinig laghdú géar ar onnmhairí ón Rúis chuig an Aontas den táirge lena mbaineann i gcomparáid le tréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh. Dá bhrí sin, rinneadh measúnú san iarraidh ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís faoi threoir phraghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha seachas an tAontas. Léiríodh san anailís ar an bhfianaise go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís.

(13)

Léiríodh leis an gcorrlach dumpála san iarraidh iompraíocht praghsála tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise ar mhargaí tríú tíre, agus ní gá gur léiríodh ann méid beacht na dumpála a ríomhadh san imscrúdú. Chuir an t-iarratasóir fianaise leordhóthanach ar fáil áfach san iarraidh ar phraghas onnmhairiúcháin agus ar ghnáthluach ina léirítear an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís. Sholáthair an t-iarratasóir tuairisc freisin a bhí mionsonraithe a dóthain ar an modheolaíocht a úsáideadh ina ríomh dumpála chun tuiscint réasúnta a cheadú ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún.

(14)

D’fhonn measúnú a dhéanamh ar ghnáthluach CRF le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, bhailigh an t-iarratasóir faisnéis a bhí ar fáil go poiblí agus a bhí bunaithe ar shíntiús maidir le praghsanna díolacháin intíre le haghaidh tona amháin CRF ag na príomh-onnmhaireoirí ar a margadh intíre ar feadh na tréimhse tagartha. D’fhíoraigh agus dheimhnigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin le bunachar sonraí an Global Trade Atlas [An tAtlas Trádála Domhanda] (“GTA”).

(15)

Toisc go raibh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón Rúis chuig an Aontas diomaibhseach tar éis fhorchur na ndleachtanna frithdhumpála in 2016, bhunaigh an t-iarratasóir an praghas onnmhairiúcháin ar roinnt foinsí faisnéise maidir le praghsanna ar dhíolacháin onnmhairiúcháin CRF na Rúise chuig aon tríú tír in 2020. Suíodh na praghsanna onnmhairiúcháin le haghaidh tona amháin CRF ar bhonn faisnéise margaidh ar phraghsanna onnmhairiúcháin ón Rúis. Fíoraíodh agus deimhníodh an praghas onnmhairiúcháin leis an meánphraghas GTA de chuid trí sprioc onnmhairiúcháin na Rúise.

(16)

Tá comparáid déanta ag an iarratasóir dá bhrí sin, idir an meánphraghas onnmhairiúcháin díreach ón monarcha ar tháirgí cruach CRF ón Rúis agus gnáthluach a bhunaítear ar phraghsanna intíre na Rúise.

(17)

Ina anailís reachtúil, níor thug an Coimisiún san áireamh ach na gnéithe sin dá raibh dóthain fianaise leordhóthanaí agus cruinne ann ina leith.

(18)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaímh Rialtas na Rúise.

(19)

Maidir leis an leagan neamhrúnda den iarraidh atá ar fáil sa chomhad lena hiniúchadh ag páirtithe leasmhara, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis fhíor-riachtanach uile ann mar aon leis na hachoimrí neamhrúnda uile ar shonraí rúnda a chuireann ar a gcumas do pháirtithe leasmhara a gcearta cosanta a fheidhmiú i gceart. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

1.7.   Sampláil

(20)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar pháirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Sampláil táirgeoirí ón Aontas

(21)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go raibh sampla de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil. Bhí an sampla comhdhéanta de thrí tháirgeoir san Aontas a d’fhreagair do níos mó ná 30 % de tháirgeacht mheasta iomlán an Aontais den táirge comhchosúil san Aontas, agus do níos mó ná 20 % de mhéid díolachán measta iomlán.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus deimhníodh an sampla sealadach dá bhrí sin, agus measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.7.2.   Sampláil allmhaireoirí

(23)

Chun a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí gá léi, sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra Tionscnaimh a sholáthar.

(24)

Níor fhreagair aon allmhaireoir neamhghaolmhar an fhoirm samplála. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh.

1.7.3.   Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis agus sa tSín a shampláil

(25)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa Rúis agus sa tSín an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na Síne agus na Rúise táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, más ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu i rannpháirt a ghlacadh san imscrúdú.

(26)

Tráth an tionscnaimh, chuir an Coimisiún cóip ar fáil de na ceistneoirí sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála.

(27)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin ón tSín an fhaisnéis a iarradh agus/nó níor aontaigh siad lena gcur san áireamh sa sampla. Chuir an Coimisiún Misean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach ar an eolas maidir lena rún chun fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(28)

Dá bhrí sin, toisc nach bhfuarthas aon chomhar ó tháirgeoirí na Síne, rinneadh na cinntí maidir leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán, go háirithe trí staidreamh maidir le trádáil um allmhairí agus onnmhairí a úsáid (Eurostat, the Global Trade Atlas (“GTA”) (7) agus ECFE (8)).

(29)

Maidir leis na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis, eadhon Oibreacha Iarainn agus Cruach PJSC Magnitogorsk (MMK) agus a chuideachtaí gaolmhara (Grúpa MMK), Cruach PJSG Novolipetsk (NLMK) agus a chuideachtaí gaolmhara (Grúpa NLMK) agus PJSC Severstal (Severstal) agus a chuideachtaí gaolmhara (Grúpa SEVERSTAL), sholáthair siad an fhaisnéis a iarradh agus d’aontaigh lena gcur san áireamh sa sampla. Chuir na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin sin an Coimisiún ar an eolas an 6 Meán Fómhair 2021 áfach gur chinn siad gan freagraí ar cheistneoir frithdhumpála aonair a chur isteach, ach go gcomhoibreoidís leis an gCoimisiún maidir le gach gné eile den athbhreithniú éaga, amhail barúlacha maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú, an dóchúlacht go leanfaí den díobháil agus de leas an Aontais nó go gcuirfí tús leo arís. Ina dhiaidh sin, an 13 Meán Fómhair 2021, chuir na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis barúlacha isteach maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú éaga, an leanúint líomhnaithe den dumpáil dhíobhálach agus de leas an Aontais, agus an dóchúlacht go gcuirfí tús leo arís. D’iarr siad ar an gCoimisiún fíorúchán roghnaitheach a dhéanamh ar shonraí cuideachta-shonracha ábhartha, amhail táirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta arna gcur isteach in éineacht leis na barúlacha.

(30)

I ndiaidh na cumarsáide sin, chuir an Coimisiún na táirgeoirí onnmhairiúcháin réamhluaite ar an eolas an 21 Meán Fómhair agus 19 Samhain 2021 gur mheas sé iad a bheith ina bpáirtithe neamh-chomhoibríocha, agus chuir sé ar an eolas iad faoina rún chun Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus leas a bhaint as na fíorais atá ar fáil lena chinntí san imscrúdú a chinneadh. Chuir an Coimisiún údaráis na Rúise ar an eolas freisin faoina rún chun na fíorais atá ar fáil a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(31)

An 30 Meán Fómhair agus 29 Samhain 2021, fuair an Coimisiún barúlacha ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán. D’easaontaigh siad le measúnú an Choimisiúin ar a stádas comhair agus d’athdhearbhaigh a rún chun comhoibriú a dhéanamh faoi ghnéithe eile den athbhreithniú amhail leanúint de dhíobháil nó tús a chur léi arís, an dóchúlacht go ndéanfaí tuilleadh dumpála díobhálaí agus leas an Aontais. D’iarr siad ar an gCoimisiún arís na sonraí maidir le táirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta a chuir siad isteach a fhíorú.

(32)

Maidir leis an méid sin, níor chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise isteach an fhaisnéis riachtanach a iarradh ina bhfreagraí ar an gceistneoir. Mheas an Coimisiún nár sholáthair táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise ach faisnéis ilroinnte a bhí teoranta do tháirgeadh, acmhainneacht agus méid táirgeachta, gan fianaise thacaíochta a bheith léi. Ina dhiaidh sin, toisc nár sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin faisnéis leordhóthanach agus iontaofa don Choimisiún le teacht ar chinneadh atá cuibheasach cruinn, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil ar an gcomhad mar a mhínítear in aithris (30). In aon chás, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a chuir na trí tháirgeoir ón Rúis ar fáil a mhéid atá indéanta ina leith sin.

(33)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (“Rialtas na Síne”) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(34)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí sampláilte ón Aontas freisin. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (9) lá an tionscnaimh freisin. Ina theannta sin, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig comhlachas tháirgeoirí an Aontais, EUROFER.

(35)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó thrí tháirgeoir san Aontas a sampláladh agus ó EUROFER.

1.7.4.   Fíorú

(36)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidís arís agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a rinneadh dá réir chun déileáil leis an ráig (“Fógra COVID-19”) (10), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh ar áitribh na gcuideachtaí sampláilte. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas ar fhíschomhdháil:

 

    Táirgeoirí ón Aontas

Voestalpine Stahl GmbH, An Ostair

ThyssenKrupp Steel Europe AG, An Ghearmáin

ArcelorMittal Belgium, An Bheilg

1.8.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(37)

An 19 Lúnasa 2022, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis. Tugadh an deis do gach páirtí barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(38)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí. Ceadaíodh éisteacht do na páirtithe sin a d’iarr a leithéid.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Táirge faoi athbhreithniú

(39)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an ceann san imscrúdú bunaidh eadhon táirgí cothrom-rollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, nó de chruach chóimhiotail eile cé is moite de chruach dhosmálta, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), atá faoi láthair de réir chóid CN ex 7209 15 00 (Cód TARIC 7209150090), 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 91, ex 7209 18 99 (Cód TARIC 7209189990), ex 7209 25 00 (Cód TARIC 7209250090), 7209 26 90, 7209 27 90, 7209 28 90, 7211 23 30, ex 7211 23 80 (Cóid TARIC 7211238019, 7211238095 agus 7211238099), ex 7211 29 00 (Cóid TARIC 7211290019 agus 7211290099), 7225 50 80 agus 7226 92 00 (“an táirge faoi athbhreithniú”).

(40)

Tá na cineálacha táirgí a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge faoi athbhreithniú:

táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh, bídís ina gcornaí nó ná bídís, de gach tiús, leictreach,

táirgí cothrom-rollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, iad ina gcornaí, ar tiús is lú ná 0,35 mm, ainéalta (ar a dtugtar “plátaí dubha”),

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail eile, de gach leithead, de chruach shileacain-leictreach, agus

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail, gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), de chruach ardluais.

(41)

Déantar táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta a tháirgeadh ó chornaí teorollta. Is éard is sainmhíniú ar an bpróiseas fuar-rollta, leathán nó stiall ar a ndearnadh teo-rolladh agus picilt roimhe seo — a chur trí fhuar-rollaí, i.e. faoi bhun theocht bhogtha an mhiotail. Déantar táirgí cruach cothroma de chruach fhuar-rollta a mhonarú chun sonraíochtaí áirithe nó sonraíochtaí dílseánacha úsáideora deiridh a chomhlíonadh. Is féidir iad a sholáthar i gcineálacha éagsúla: i gcornaí (iad bealaithe nó neamhbhealaithe), i bhfaid ghearrtha (leathán) nó i stiallacha cúnga. Is ionchur tionsclaíochta iad na táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta a cheannaíonn úsáideoirí deiridh le haghaidh feidhmeanna éagsúla, go príomha sa mhonaraíocht (tionsclaíocht ghinearálta, pacáistíocht, gluaisteán, etc.), ach san fhoirgníocht freisin.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(42)

Is é an táirge a bhaineann leis an imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise.

2.3.   Táirge comhchosúil

(43)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú den athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú a dhíoltar ar mhargadh intíre Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(44)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Daon-Phoblacht na Síne

3.1.1.   Réamhbharúlacha

(45)

le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta ón tSín, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b’ísle ná mar a bhí i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Aibreán 2014 go dtí an 31 Márta 2015). De réir shonraí Eurostat, bhí níos lú ná 1 % de mhargadh an Aontais ag allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 10,3 % (11) den sciar den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh. I ndearbhthéarmaí, d’onnmhairigh an tSín timpeall ar 32 000 tona chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ar laghdú suntasach é i gcomparáid le timpeall ar 732 000 tona (12) a d’onnmhairigh sí chuig an Aontas i rith thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh.

(46)

Le linn an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún gur dumpáladh onnmhairí den táirge lena mbaineann ón tSín ag leibhéal suntasach ar mhargadh an Aontais. Bhí corrlaigh dhumpála onnmhaireoirí comhoibríocha na Síne idir 52,7 % agus 59,2 %. De bharr chur i bhfeidhm riail na dleachta is lú, socraíodh na dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí na Síne ag leibhéal i bhfad níos ísle, idir 19,7 % agus 22,1 %.

(47)

Mar a luadh in aithris (27), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí/táirgeoirí ón tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca le Daon-Phoblacht na Síne. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(48)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, bhí na cinntí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús léi arís maidir le Daon-Phoblacht na Síne bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga agus sna haighneachtaí ó na páirtithe leasmhara, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, amhail staidreamh maidir le trádáil i ndáil le hallmhairí agus le honnmhairí (Eurostat, GTA), sonraí staidrimh ó shuíomhanna gréasáin údarás cánach agus custaim na Síne (13), agus ECFE (14)), agus soláthraithe neamhspleácha sonraí airgeadais, amhail Global Financials arna fhoilsiú ag Dunn & Bradstreet (15).

3.1.2.   Dumpáil

3.1.2.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

(49)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(50)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2. den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, trí bhíthin Note Verbale dár dáta an 13 Meán Fómhair 2021 chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh gurbh ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne.

(51)

I bpointe 5.3.2. den Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, gurbh í an Bhrasaíl an tríú tír ionadaíoch fhéideartha don tSín sa chás seo, de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun críche an gnáthluach a chinneadh bunaithe ar phraghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a), den bhun-Rialachán.

(52)

An 24 Samhain 2020, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta a tháirgeadh. Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir a threoraíonn an rogha praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha, eadhon an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an gCéad Nóta.

(53)

An 17 Márta 2022, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Bhrasaíl an tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.1.2.2.   Gnáthluach

(54)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(55)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa”, agus “áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús” (“costais SGA” a thugtar anseo feasta ar “costais díola, ghinearálta agus riaracháin”).

(56)

Mar a mhínítear tuilleadh sna foranna a leanas, bhain an Coimisiún de thátal as an imscrúdú reatha, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, agus ag féachaint don easpa comhair ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.1.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(57)

In imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne (16), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(58)

Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (17). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (18), ach ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (19). Shuigh an Coimisiún thairis sin go bhfuil éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne, fágann sé go mbíonn acmhainní á gcomhchruinniú in earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (20). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne (21). Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (22), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar ghníomhaithe corparáideacha caipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne (23).

(59)

Mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach cé acu a bhí nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí san iarraidh, chomh maith le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (24) (“Tuarascáil”), a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, mar a fuarthas amach freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin.

(60)

Rinneadh an líomhain san iarraidh go mbíonn tionchar forleathan ag idirghabhálacha uilechuimsitheacha Rialtas na Síne nó údarás poiblí eile ar leibhéil éagsúla an rialtais agus go ndéanann siad difear do gheilleagar na Síne ina iomláine, agus nach féidir leas a bhaint as praghsanna agus costais intíre thionscal cruach na Síne san imscrúdú seo i bhfianaise an mhéid sin. Chun tacú lena sheasamh, rinneadh tagairt san iarraidh d’imscrúduithe an Choimisiúin le déanaí ar earnáil cruach na Síne (25) nó do chonclúidí Fhóram Domhanda an G20 maidir le Ró-Acmhainn sa Tionscal Cruach (26).

(61)

Go sonrach, tugadh le fios san iarraidh ar chúlra an teagaisc maidir le “geilleagar sóisialach an mhargaidh” atá daingnithe i mBunreacht Dhaon-Phoblacht na Síne, uileláithreacht Pháirtí Cumannach na Síne (“CCP”) agus tionchar an rialtais ar an ngeilleagar trí mheán thionscnaimh pleanála straitéiseacha – amhail an 13ú agus an 14ú Plean 5 Bliana - tagann idirghabhálachas Rialtas na Síne i bhfoirmeacha éagsúla, eadhon idirghabhálacha riaracháin, airgeadais agus rialála.

(62)

Soláthraíodh samplaí san iarraidh de ghnéithe lena léirítear gurb ann do shaobhadh, mar a liostaítear sa chéad dais go dtí an séú dais d’Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Go háirithe, agus tagairt á déanamh d’imscrúduithe an Choimisiúin roimhe seo san earnáil cruach, don Tuarascáil, do thuarascálacha ó údaráis tríú tíortha (USTR) agus ó institiúidí eile (IMF), d’áitigh an t-iarratasóir:

Gur fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, rialú nó maoirseacht nó treoraíocht beartais údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne a fhreastalaíonn den chuid is mó ar mhargadh CRF, i bhfianaise go háirithe tionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar chuideachtaí príobháideacha agus ar chuideachtaí faoi úinéireacht an stáit araon trí mheán ainmniúcháin Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, agus i bhfianaise idirmheascadh córasach na n-oifigí Stáit agus oifigí Pháirtí Cumannach na Síne. D’áitigh an t-iarratasóir sa bhreis air sin cé go gcuimsíonn an earnáil cruach timpeall ar leath de chuideachtaí faoi úinéireacht an stáit agus cuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí táirgeadh agus acmhainneacht táirgeachta, go bhfuil ceithre cinn de na cúig tháirgeoir cruach is mó ina bhfiontair faoi úinéireacht an stáit, lena n-áirítear Baowu, an dara táirgeoir amhchruach is mó ar domhan atá go hiomlán faoi úinéireacht an stáit agus atá ailínithe go dlúth le beartas cruach Rialtas na Síne. Thug an t-iarratasóir le fios ina leith sin go bhfuil Rialtas na Síne tar éis an plean a shaothrú chun 70 % den táirgeadh iarainn agus cruach a chomhdhlúthú i ndeich gcuideachta churaidh faoi 2025, straitéis a dhéanann difear don tionscal CRF freisin, e.g. trí éadáil Baowu ar an táirgeoir CRF Maanshan Iron & Steel in 2019;

Cuireann láithreacht an stáit i ngnólachtaí ar chumas don stát cur isteach ar phraghsanna nó costais, go háirithe trí rialú rialaitheach agus bainistíochta a fheidhmiú ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit, agus freisin trí ról méadaitheach Pháirtí Cumannach na Síne sna cuideachtaí atá faoi úinéireacht an stáit agus cuideachtaí príobháideacha araon, ar tathantaíodh orthu le bliana beaga anuas cinntí móra a fhágáil faoi Pháirtí Cumannach na Síne. Rinne an t-iarratasóir tagairt bhreise d’fhorluití pearsanta idir comhlachas CISA faoi rialú an stáit agus an táirgeoir cruach príobháideach is mó, grúpa Shagang, chomh maith le láithreacht an Stáit i gcuideachtaí earnála réamhtheachtacha dá socraítear spriocanna óna dtiocfaidh costais ísle as an ngnáth don tionscal cruach.

Beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar bhealach eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir, i bhfianaise go háirithe an chórais pleanála lena dtreoraítear acmhainní chuig tionscail roghnaithe, amhail an earnáil cruach. Léirigh an t-iarratasóir é sin trí bhíthin an 14ú dréacht-Phlean 5 Bliana don earnáil cruach a lua, ina n-athdhearbhaítear a tábhacht do gheilleagar na Síne, chomh maith le tagairt a dhéanamh do dhoiciméid phleanála agus straitéiseacha eile ina dtuartar an tacaíocht don earnáil cruach, amhail Made in China 2025 [An tSín Tír a Dhéanta 2025] Rinne an t-iarratasóir tagairt bhreise do bheartais phoiblí eile a dhéanann difear d’fhórsaí an mhargaidh shaoir, amhail tionchar á fheidhmiú ag Rialtas na Síne ar phraghsanna amhábhar trí bhearta iomadúla, amhail cuótaí d’onnmhairí, ceanglais cheadúnúcháin onnmhairí, dleachtanna onnmhairiúcháin nó lacáistí CBL, trí dhifreáil na bpraghsanna fuinnimh. Ina theannta sin, tuairiscítear san iarraidh na dreasachtaí a chuireann údaráis na Síne ar fáil do tháirgeoirí cruach a ghlacann rannpháirt sa Tionscnamh Creasa agus Bóthair, atá dírithe ar láithreacht cuideachtaí Síneacha ar mhargaí eachtracha a chothú;

Tagann marthain go leor “cuideachtaí zombaí” mar thoradh ar easpa, cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú uireasach na ndlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine, rud a rannchuireann le dianseasmhacht acmhainneachtaí neamhúsáidte, ar fadhb í a bhraitear go mór san earnáil cruach agus a fhágann iarmhairtí i margaí airgeadais agus iasachtaíochta na Síne. Thug an t-iarratasóir le fios freisin i bhfianaise easpa na húinéireachta príobháidí talún sa tSín, go ndéanann stát na Síne idirghabháil i dtalamhúsáid na hearnála cruach, mar a fuair an Coimisiún amach freisin in imscrúduithe roimhe seo (27);

Tá saobhadh ar na costais phá, a mhéid is nach ann d’aon saormhargáil, agus go bhfuil an t-aon cheardchumann a bhfuil aitheantas aige, ACFTU, faoi réir cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Thug an t-iarratasóir le fios freisin nár dhaingnigh an tSín go fóill roinnt coinbhinsiún bunúsach de chuid EIS agus go dtéann an córas clárúcháin teaghlaigh i bhfeidhm ar lucht saothair na Síne;

Is iad na hinstitiúidí a chuireann chun feidhme cuspóirí an bheartais phoiblí, nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát ar bhealach eile, a dheonaíonn an rochtain ar airgeadas, de bharr láithreacht cheannasach na mbanc atá faoi úinéireacht an Stáit agus na mbanc rialaithe ina bhfeidhmíonn an Stát agus Páirtí Cumannach na Síne tionchar ar chinntí pearsanra agus gnó agus a ailíníonn iad féin le cuspóirí beartais tionsclaíocha na tíre. De réir na hiarrata, tairbhíonn táirgeoirí CRF na Síne go rímhór den iasachtaíocht fhabhrach ó na bainc sin. Thug an t-iarratasóir le fios nach mór do bhainc phríobháideacha freisin an beartas náisiúnta a thabhairt san áireamh agus iad i mbun a gcuid gnó. Cosúil leis an saobhadh san earnáil bhaincéireachta, cuirtear síos san iarraidh ar ról ceannasach na ngníomhaithe ag a bhfuil baint leis an rialtas ar mhargadh na mbannaí, agus ar ról saofa na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi úinéireacht an Stáit nó na ngníomhaireachtaí príobháideacha atá faoi thionchar láidir an Stáit, rud a chuireann ar a gcumas dóibh maoiniú a thabhairt ag rátaí níos fabhraí do thionscail dá dtugtar spreagadh ná mar a bheadh ar fáil ar mhargaí airgeadais a oibríonn de réir phrionsabail an mhargaidh.

(63)

Mar a tugadh le fios in aithris (50), níor thug Rialtas na Síne barúil ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad faoi láthair, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir, maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás atá i gceist.

(64)

Go sonrach, is ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne in earnáil an táirge faoi athbhreithniú, i.e. an earnáil cruach. Is leis an Stát iad go leor de na táirgeoirí CRF is mó, amhail, mar shampla, Hebei Iron and Steel, Handan Iron and Steel, Baoshan Iron and Steel, Shanghai Meishan Iron and Steel, BX Steel Posco Cold Rolled Sheet, WISCO International Economic and Trading, Maanshan Iron and Steel, Tianjin Rolling One Steel nó Inner Mongolia Baotu Steel Union. Tá Baosteel, fiontar mór Síneach eile a mhonaraíonn cruach, ina chuid de China Baowu Steel Group Co. Ltd. (Baosteel Group and Wuhan Iron & Steel roimhe seo), an táirgeoir cruach is mó ar domhan (28) atá faoi úinéireacht 100 % ag SASAC lárnach (29). Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon fiontar faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach ón tSín a aicmítear sna deich dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (30). An tráth céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 % d’aschur iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne an sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú i thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin faoi 2025 (31). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair eisiúint treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (32). D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an gcomhdhlúthú sin cumaisc éigeantacha de chuideachtaí príobháideacha brabúsacha agus cuideachtaí atá ag tearcfheidhmiú faoi úinéireacht an Stáit (33). Ó tharla nach bhfuarthas aon chomhoibriú ó onnmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí cruach comhréidh fuar-rollta príobháideacha agus faoi úinéireacht an Stáit a dhearbhú. Cé nach bhféadfadh faisnéis shonrach a bheith ar fáil le haghaidh na hearnála CRF áfach, is ionann an earnáil agus fo-earnáil de thionscal na cruach, agus dá bhrí sin meastar na torthaí maidir leis an earnáil cruach a bheith táscach freisin don táirge faoi athbhreithniú.

(65)

Deimhnítear sna doiciméid bheartais is déanaí leis an tSín maidir leis an earnáil cruach an tábhacht leanúnach a chuireann Rialtas na Síne san earnáil, lena n-áirítear an rún chun idirghabháil a dhéanamh san earnáil d’fhonn í a mhúnlú i gcomhréir le beartais an rialtais. Léirítear an méid sin le dréacht-Tuairim Threorach na hAireachta Tionsclaíochta agus Faisnéise Teicneolaíochta maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Cruach a Chothú ina n-éilítear comhdhlúthú breise an bhoinn thionsclaíoch agus feabhsú suntasach sa leibhéal nuachóiriúcháin den slabhra tionsclaíoch (34) nó leis an 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal Amhábhar a Fhorbairt ar dá réir a dhéanfaidh an earnáil ‘cloí le comhcheangal na ceannaireachta margaidh agus chur chun cinn an rialtais’ agus a dhéanfaidh sí ‘grúpa cuideachtaí forásacha a shaothrú ag a bhfuil ceannaireacht éiceolaíochta agus croí-iomaíochas’ (35). Is féidir samplaí comhchosúla de rún údaráis na Síne chun na forbairtí san earnáil a mhaoirsiú agus a threorú a fheiceáil ar an leibhéal cúigeach, amhail in Shandong nach amháin go dtuartar ann ‘éiceolaíocht thionscal cruach a thógáil […], páirceanna monaraíochta a bhunú, an slabhra tionsclaíoch a leathnú agus braislí tionsclaíocha a chruthú’ ach go bhfuil mian ann ‘go soláthródh an tionscal cruach eiseamláir do chlaochlú agus d’uasghrádú […] inár gcúige agus fiú sa tír ina hiomláine’ (36).

(66)

Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán, de bharr na heaspa comhair ó thaobh na dtáirgeoirí CRF, níorbh fhéidir a shuí gurb ann do cheangail phearsanta idir táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus Páirtí Cumannach na Síne. I bhfianaise go bhfuil CRF ina fho-earnáil den earnáil cruach, áfach, tá an fhaisnéis atá ar fáil i ndáil le táirgeoirí cruach ábhartha do CRF freisin. Le sampla a thabhairt, fónann Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baowu i gcomhthráth mar Rúnaí Choiste an Pháirtí, agus fónann an Bainisteoir Ginearálta mar Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí (37). Mar an gcéanna, tá Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Baosteel i seilbh an phoist mar rúnaí Choiste an Pháirtí, agus tá an Bainisteoir Feidhmiúcháin ina Leasú-Rúnaí ar Choiste an Pháirtí (38). Go ginearálta, i bhfianaise infheidhmeacht ghinearálta na reachtaíochta maidir le láithreacht Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachtaí, ní féidir glacadh leis go mbeadh cumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus costais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí difriúil i gcomparáid leis an earnáil cruach i gcoitinne.

(67)

Tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil CRF faoi réir mhaoirseacht agus threoraíocht beartais. Léirítear sna samplaí a leanas an treocht thuas maidir le leibhéal méadaitheach idirghabhála ó Rialtas na Síne san earnáil CRF freisin. Déanann roinnt táirgeoirí CRF Gníomhaíochtaí neartaithe páirtí a chur i dtábhacht go sainráite ar a suíomh gréasáin, bíonn comhaltaí den pháirtí ar fhoireann bainistíochta na cuideachta, agus cuireann siad a gceangal le Páirtí Cumannach na Síne i dtábhacht. Mar shampla, tugann Baowu le fios go bhfuil 301 Choiste Páirtí laistigh den ghrúpa, agus an líon comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne i measc bhaill foirne Baowu ag 84 571 (39). Thairis sin, tugann an grúpa le fios an méid a leanas maidir le neartú an Pháirtí san fhiontar: “Ceannaireacht an pháirtí a neartú agus an rialachas corparáideach a fheabhsú, an córas fiontraíochta nua-aimseartha a fheabhsú. Cuireann Baowu na Síne chun feidhme ina n-iomláine ceanglais “Tuairimí maidir le Ceannaireacht an Pháirtí a Neartú le Feabhsú an Rialachais Chorparáidigh ag Fiontair Lárnacha”, […] Ba é an córas cinnteoireachta leasaithe agus feabhsaithe le haghaidh ábhair mhóra a chuir feabhas breise ar údarás cinnteoireachta choiste an pháirtí, an bhoird stiúrthóirí, na mbainisteoirí agus chomhlachtaí rialachais eile, ábhair chinnteoireachta agus na bhfoirmeacha arna n-údarú ag an mbord stiúrthóirí […]. […] Cloíonn Baowu le pleanáil chomhuaineach, agus cuireann chun feidhme í, do neartú an pháirtí agus d’athchóiriú an fhiontair, bunú comhuaineach d’eagraíochtaí agus institiúidí oibre an pháirtí, leithdháileadh comhuaineach de cheannairí eagrúcháin an pháirtí agus de bhaill foirne ghnóthaí an pháirtí.” (40)

(68)

Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm san earnáil CRF lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. Bíodh is gur tionscal speisialaithe é CRF agus nárbh fhéidir doiciméid bheartais shonracha ina raibh treoraíocht shonrach maidir le forbairt an tionscail CRF a shainaithint le fírinne san imscrúdú, tairbhíonn an tionscal CRF de threoraíocht agus d’idirghabháil rialtais san earnáil cruach, i bhfianaise go n-ionadaíonn CRF do cheann amháin dá fho-earnálacha.

(69)

Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach (41). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla eile ina ndírítear ar an gcruach, a eisítear ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach amhail “Steel Industry Adjustment and Upgrading plan for 2016-2020”, a bheidh bailí le linn chuid shuntasach de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Luaitear sa Phlean sin gurb “earnáil bhunúsach thábhachtach de gheilleagar na Síne, cloch choirnéil náisiúnta” é an tionscal cruach” (42). Cumhdaítear leis na príomhthascanna agus na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean seo gach gné d’fhorbairt an tionscail (43). Beartaíodh sa 13ú Plean 5 Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (44), is infheidhme le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, go dtabharfaí tacaíocht d’fhiontair a tháirgeann cineálacha táirge cruach ardleibhéil (45). Díríodh ann freisin ar cháilíocht, marthanacht agus iontaofacht táirge a bhaint amach trí thacú le cuideachtaí a mbíonn teicneolaíochtaí in úsáid acu a bhaineann le táirgeadh glan cruach, beacht-rollú, agus feabhas ar cháilíocht (46). Mar an gcéanna, de réir an 14ú Plean 5 Bliana a glacadh i mí an Mhárta 2021, chuir rialtas na Síne an tionscal cruach in áirithe lena chlaochlú agus lena uasghrádú, chomh maith lena bharrfheabhsú agus lena choigeartú ar bhonn struchtúrach (47).

(70)

In Catalóg chun Athstruchtúrú an Tionscail a Threorú (Leagan 2019) (48) (“an Chatalóg”), liostaítear cruach mar thionscal atá á spreagadh. Amhábhar tábhachtach eile chun CRF a tháirgeadh is ea an t-amhiarann. Cumhdaíodh an t-amhiarann faoin bPlean Náisiúnta um Acmhainní Mianraí 2016-2020 le linn cuid mhaith de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Beartaíodh sa phlean, i measc nithe eile, chun “comhchruinniú fiontar a áirithiú agus mianaigh mhóra agus mheánmhéide a fhorbairt a bheidh iomaíoch ar an margadh”, “treoraíocht a áirithiú ionas go mbeifear in ann iad a threorú i dtreo grúpaí mianaigh mhóra”, “an t-ualach ar fhiontair amhiarainn a laghdú, iomaíochas na bhfiontar amhiarainn intíre a ardú”, “forbairt mhianaigh 1 000 méadar ar doimhneacht agus mianaigh amhiarainn ar scála beag de ghrád íseal a rialú go leormhaith”.

(71)

Luaitear an t-amhiarann freisin sa 13ú Plean 5 Bliana maidir le Cruach 2016-2020, a bhí i bhfeidhm le linn cuid mhaith de thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. An plean a bheartaítear don amhiarann: “tacaíocht a choinneáil ar bun d’oibreacha taiscéalaíochta i bpríomhlimistéir mianraí intíre, […], tacaíocht a thabhairt do roinnt fiontar amhiarainn intíre atá ann agus atá rí-iomaíoch, a bhuí le forbairt níos leithne agus níos déine, […], agus ról na mbonn acmhainní mianraí intíre a neartú ó thaobh shlándáil (soláthairtí de)”.

(72)

Aicmítear an t-amhiarann mar Thionscal Straitéiseach atá ag Teacht Chun Cinn (“SEI”) agus dá bhrí sin tá sé cumhdaithe leis an 13ú Plean 5 Bliana maidir le SEInna. Liostaítear amhiarann agus fearó-chóimhiotail sa Chatalóg freisin. Luaitear fearó-chóimhiotail arís in 2018 MIIT Guiding Catalogue for Industry Development and Transfer. Leis na samplaí thuas maidir leis an earnáil cruach i gcoitinne agus gnó an amhiarainn go háirithe, agus an dara ceann ina amhábhar tábhachtach chun CRF a tháirgeadh, léirítear an tábhacht a chuireann rialtas na Síne sna hearnálacha sin. Mar sin, is é rialtas na Síne freisin a threoraíonn forbairt bhreise na hearnála CRF i gcomhréir le réimse leathan uirlisí beartais agus treoracha agus a rialaíonn beagnach gach aon ghné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála. Dá réir sin, tairbhíonn an tionscal CRF de threoraíocht agus idirghabháil rialtasach maidir leis na príomh-amhábhair chun CRF a mhonarú, eadhon an t-iarann.

(73)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir le tacú le tionscail spreagtha a chomhlíonadh, lena n-áirítear na príomh-amhábhair a tháirgeadh a úsáidtear i monaraíocht CRF. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

(74)

Leis an imscrúdú reatha, níor nochtadh aon fhianaise ar chur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó ar fhorfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán san earnáil CRF, rud dá dtagraítear thuas in aithris (55), ar cur i bhfeidhm nó forfheidhmiú é nach ndéanfadh difear do mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú.

(75)

Maidir leis an earnáil CRF, déanann saobhadh ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, difear di freisin, rud dá dtagraítear thuas in aithris (55) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach araon (le linn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne) (49).

(76)

Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear don earnáil CRF de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (55) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(77)

Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún gur gá roinnt ionchur chun CRF a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí CRF na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(78)

Dá bhrí sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre de CRF le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de.

(79)

Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(80)

Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a tuairiscíodh sa roinn a leanas.

3.1.4.   Tír ionadaíoch

3.1.4.1.   Barúlacha ginearálta

(81)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (50);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (51);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(82)

Mar a mhínítear in aithrisí (52) agus (53), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Tugtar tuairisc leis na nótaí sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Ní bhfuair na páirtithe aon bharúil maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha mar atá leagtha síos sa dá nóta thuasluaite. Sa dara Nóta, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé ar intinn aige an Bhrasaíl a bhreithniú mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás reatha dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

3.1.4.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne

(83)

Sa Chéad Nóta maidir le fachtóirí táirgthe, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá comhchosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncaim náisiúnta, i gcás inarbh eol gur tharla táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú.

(84)

Mhol an t-iarratasóir an Bhrasaíl ina iarraidh mar thír a bhfuiltear á mhaíomh gur tír ionadaíoch iomchuí í, óir ba sa Bhrasaíl a bhí roinnt táirgeoirí cruach comhtháite lonnaithe agus ba shampla cruthanta í de mhargadh iomaíoch intíre le haghaidh na bpríomhtháirgí cruach, lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Thug an t-iarratasóir le fios ina iarraidh freisin go ndéantar na hionchuir a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú sa Bhrasaíl a allmhairiú go coitianta ó ilfhoinsí tionscnaimh, agus ó fhoinsí neamhshaofa den chuid is mó.

(85)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis na tíortha a sainaithníodh sa nóta sin.

3.1.4.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(86)

Sa Chéad Nóta thug an Coimisiún le fios i gcás na dtíortha a sainaithníodh mar thíortha ina bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh, i.e. an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc, b’éigean infhaighteacht na sonraí poiblí a fhíorú, go háirithe maidir leis na sonraí airgeadais poiblí ó tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú.

(87)

A mhéid a bhaineann le Meicsiceo, shainaithin an Coimisiún dhá chuideachta a sainaithníodh sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí. Bhí ceann amháin den dá chuideachta sin neamhbhrabúsach ó 2016 i leith áfach, agus 2020 san áireamh. I gcás na cuideachta eile, chonacthas nach raibh a ráitis airgeadais don bhliain 2020 comhsheasmhach lena ráitis airgeadais don bhliain roimhe sin (2019): mar shampla, fuarthas amach go raibh na glandíolacháin 7 n-uaire níos ísle in 2020 ná mar a bhí in 2019. Níor aimsíodh aon fhaisnéis a bheadh mar bhunús le difríocht den sórt sin sna glandíolacháin (a rachadh i bhfeidhm ar na glanbhrabúis freisin) idir na blianta 2020 agus 2019. Dá bhrí sin, measadh nach iarrthóirí oiriúnacha a bhí sa dá chuideachta chun na forchostais monaraíochta, SG&A agus brabús a chinneadh. In éagmais faisnéis eile ar taifead atá ar fáil don Choimisiún maidir le láithreacht cuideachtaí eile a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú i Meicsiceo a bhfuil sonraí airgeadais ar fáil go héasca ina leith, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí Meicsiceo a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí a thuilleadh.

(88)

A mhéid a bhaineann leis an Rúis, shainaithin an Coimisiún dhá chuideachta a sainaithníodh sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí, agus ag a raibh sonraí airgeadais ar fáil go poiblí. Bhí an dá chuideachta brabúsach in 2020 agus sna blianta roimhe sin. Mar a luaitear in aithris (91) áfach, shainaithin an Coimisiún roinnt fadhbanna leis na sonraí a bhí ar fáil le haghaidh na Rúise, toisc nár allmhairigh sí roinnt amhábhair thábhachtacha, amhail gás nádúrtha leachtaithe, a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Thairis sin, dealraíodh gurbh ann do shaobhadh ar phraghsanna gáis sa Rúis. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh an Rúis ina tír oiriúnach lena meas mar thír ionadaíoch iomchuí le haghaidh an imscrúdaithe seo.

(89)

A mhéid a bhaineann leis an Tuirc, shainaithin an Coimisiún dhá chuideachta sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí. I gcás ceann amháin díobh áfach, ní raibh aon ráiteas airgeadais le déanaí ar fáil go héasca. Maidir leis an gcuideachta eile, d’ainneoin go raibh sí brabúsach in 2020 agus sna blianta roimhe sin, mheas an Coimisiún nach raibh leibhéal chostais díolacháin agus ghinearálta (“SG&A”) na cuideachta seo réasúnach toisc go raibh a SG&A arna shloinneadh mar chéatadán dá costas monaraíochta íseal (níos lú ná 2 % in 2020) nó diúltach fiú. Ba é conclúid an Choimisiúin dá bhrí sin nárbh fhéidir leis sonraí na gcuideachtaí sin a úsáid mar mhéid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh SG&A chun an gnáthluach neamhshaofa a shuí. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí le haghaidh an imscrúdaithe seo.

(90)

Ar deireadh, maidir leis an mBrasaíl, shainaithin an Coimisiún cúig chuideachta a tháirgeann CRF sa Chéad Nóta. Bhí costais díolacháin agus ghinearálta dhiúltacha (“SG&A”) ag dhá cheann de na cúig chuideachta sin áfach, arna sloinneadh mar chéatadán dá gcostas monaraíochta, dá bhrí sin níorbh fhéidir a sonraí a úsáid chun críche gnáthluach neamhshaofa a shuí. Bhí sonraí airgeadais poiblí le déanaí ag na trí chuideachta Bhrasaíleacha eile inar léiríodh brabúis agus méid réasúnach le haghaidh SG&A don bhliain 2020.

(91)

Rinne an Coimisiún anailís freisin ar allmhairí na bpríomhthosca táirgeachta isteach sa Bhrasaíl, Meicsiceo, an Rúis agus an Tuirc. Léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin nár allmhairigh an Rúis roinnt tosca tábhachtacha táirgeachta. Thairis sin, dealraíodh gurbh ann do shaobhadh ar phraghsanna gáis sa Rúis. Ina theannta sin, léiríodh san anailís ar shonraí allmhairiúcháin nár allmhairigh an Tuirc gás nádúrtha leachtaithe (HS 2711 11 gás nádúrtha, leachtaithe) agus nár allmhairigh sí ach cainníocht theoranta ocsaigine (HS 2804 40 ocsaigin). Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an Rúis ná an Tuirc a mheas mar thír ionadaíoch oiriúnach.

(92)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus trí chuideachta Bhrasaíleacha (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas), i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a fhoinsiú chun gnáthluach a ríomh.

(93)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Brasaíle mar thír ionadaíoch agus ar oiriúnacht na dtrí chuideachta (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas) mar tháirgeoirí sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil, tar éis an Dara Nóta.

3.1.4.4.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(94)

Tar éis a shuí gurb í an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí amháin, bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

3.1.4.5.   Conclúid

(95)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Bhrasaíl na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, le go measfar í ina tír ionadaíoch iomchuí.

3.1.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(96)

Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(97)

Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgeachta, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, mhaígh an Coimisiún go mbainfeadh sé úsáid as na foinsí a leanas chun costais neamhshaofa fuinnimh a fháil amach: praghas an leictreachais arna mhuirearú ag ceann de na soláthróirí leictreachais is mó sa Bhrasaíl, an chuideachta EDP Brasil (52), cé go mbainfeadh sé úsáid as na sonraí - mar a mhínítear sa bhreis in aithris (109) - le haghaidh phraghas an gháis nádúrtha sa Bhrasaíl. Thairis sin, mhaígh an Coimisiún i gcás costais neamhshaofa an tsaothair a shuí go mbainfeadh sé úsáid as staitisticí EIS chun na tuarastail sa Bhrasaíl a chinneadh. Soláthraíonn staitisticí EIS (53) faisnéis ar phá míosúil fostaithe (54) agus ar mheánuaireanta seachtainiúla a oibríodh sa Bhrasaíl, in earnáil na monaraíochta (55), in 2020.

(98)

Sa Dara Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin i bhfianaise na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne go ngrúpálfadh sé le chéile meáchan diomaibhseach roinnt de na hamhábhair sa chostas iomlán táirgeachta faoi “thomhaltáin”, ar bhonn na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach san iarraidh. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún ar an eolas iad go gcuirfeadh sé an céatadán i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir ina iarraidh chun na tomhaltáin a chinneadh agus na tagarmharcanna neamhshaofa bunaithe sa tír ionadaíoch iomchuí á n-úsáid.

(99)

Ní bhfuarthas aon bharúil.

3.1.6.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

3.1.6.1.   Tosca táirgeachta

(100)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléirithe a sholáthar maidir leis na tosca ábhartha táirgeachta a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas táirgthe ag tosú ó tháirgí teorollta leathchríochnaithe agus nuashonrú a chur isteach maidir le leibhéal na gcostas iompair lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe iomlán. Chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis a iarradh isteach an 17 Feabhra 2022.

(101)

I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta táirgí cothroma fuar-rollta áirithe

Toisc tháirgeachta

Cód an tráchtearra

Luach neamhshaofa in CNY

Aonad tomhais

Amhábhair

Dolaimít

251810 , 251820 agus 251830

169,9

Tona

Aolchloch

252100

160,8

Tona

Aol beo

252210

852,8

Tona

Amhiarainn agus tiúcháin díobh

260111 agus 260112

1 206,8

Tona

Táirgí feiriúla

720310 agus 720390

453 671

Tona

Antraicít agus gual biotúmanach

270111 agus 270112

662

Tona

Cóc agus leathchóc an ghuail

270400

2 027,6

Tona

Ocsaigin

280440

8 796,3

Méadar ciúbach

Fearó-mhangainéis

720211 agus 720219

9 388,2

Tona

Fearó-chróimiam

720241 agus 720249

9 470,6

Tona

Táirgí leath-chríochnaithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail

7207

4 256,3

Tona

Táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail

72081000 ,

72082500 ,

72082610 ,

72082690 ,

72082710 ,

72082790 ,

72083610 ,

72083690 ,

72083700 ,

72083810 ,

72083890 ,

72083910 ,

72083990 ,

72084000 ,

72085100 ,

72085200 ,

72085300 ,

72085400 ,

72089000 ,

72111300 ,

72111400 ,

72111900

4 637,9

Tona

Táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail eile, ar leithead 600 mm nó níos mó

72253000 , 72254010 , 72254090

8 539,6

Tona

Táirgí cothromrollta de chruach neamh-chóimhiotail eile, ar leithead atá níos lú ná 600 mm

72269100

9 081,8

Tona

Seachtháirge: Dramhaíl

Dramh agus iarmhar, d’iarann nó de chruach

720430 agus 720449

2 383,3

Tona

Fuíoll deile, scamhacháin, sliseoga, fuíollábhar meilte, minsáibh, mionrabh, scotháin agus stampáin, d’iarann nó de chruach

720441

3 269,1

Tona

Lucht saothair

Lucht saothair

 

24,8

in aghaidh na daonuaire

Fuinneamh

Leictreachas

 

547,7

KWH

Gás nádúrtha

271111 agus 271112

1 638

Tona

3.1.6.2.   Amhábhair

(102)

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil ina iarraidh, is ann do dhá phríomhphróiseas táirgthe chun táirgí cothroma áirithe de chruach fhuar-rollta a tháirgeadh:

An chéad phróiseas táirgthe, ag tosú ó amhábhair agus ag baint úsáid as foirnéis ocsaigin soinneáin (FOS): Sa phróiseas táirgthe seo, is í an chéad chéim “Lánchrua cothrom fuar-rollta” (“LC CRF”) a tháirgeadh ó amhábhair (amhiarann agus gual cóic go príomha), i.e. an táirge a fhaightear go díreach tar éis an t-ábhar teorollta a chur tríd an muileann fuar-rollta le haghaidh laghdú tiúis. Is é an dara céim an t-ainéaladh, atéamh LC CRF chun airíonna na cruach a athbhunú.

An dara próiseas táirgthe, ag tosú leis na táirgí leathchríochnaithe, i.e. na táirgí cothroma de chruach theorollta: Tosaíonn táirgeadh CRF leis na cornaí ceannaithe (“cornaí picilte”), arb iad a bheidh ann formhór mór sciar costais na n-ionchur.

(103)

D’fhonn praghas neamhshaofa na n-amhábhar (i gcás an chéad phróiseas táirgthe), agus na dtáirgí cruach comhréidh teorollta (i gcás an dara próiseas táirgthe) arna seachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír seachas Daon-Phoblacht na Síne ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (56) Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (80) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(104)

B’ionann roinnt tosca táirgeachta agus sciar diomaibhseach de chostais iomlána na n-amhábhar i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáidtear dóibh siúd ar na ríomhanna maidir le corrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin. Mar a míníodh in aithris (98), chuir an Coimisiún an céatadán a chuir an t-iarratasóir ar fáil i bhfeidhm ina iarraidh chun méid na dtomhaltán a chinneadh agus na tagarmharcanna neamhshaofa bunaithe á n-úsáid sa tír ionadaíoch iomchuí.

(105)

Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairigh an Bhrasaíl a hamhábhair is ábhartha (amhiarann ó bhreis agus 5 thír agus gual agus cóc ó bhreis is 10 dtír). I bhfianaise, in athbhreithniú éaga, nach gá an corrlach dumpála beacht a ríomh, ach an dóchúlacht a shuí go leanfaí den dumpáil nó go gcuirfí tús leis an dumpáil arís, ríomh an Coimisiún dleachtanna allmhairithe i leith gach amhábhair ar bhonn na méideanna ionadaíocha d’allmhairí ó líon teoranta tíortha, arb ionann iad agus 80 % ar a laghad d’allmhairí iomlána na n-amhábhar ábhartha (amhiarann, gual agus cóc).

(106)

Maidir le costais iompair, in éagmais aon chomhair, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir nuashonrú a chur faoina bhráid maidir le leibhéal na gcostas iompair intíre lena gcumhdaítear tréimhse iomlán thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. An 4 Feabhra agus an 17 Feabhra 2022 faoi seach, chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis a d’iarr an Coimisiún faoina bhráid. Shloinn an Coimisiún an costas iompair intíre arna thabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chun amhábhair den sórt sin a sholáthar mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar den sórt sin, agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad.

3.1.6.3.   Lucht saothair

(107)

D’úsáid an Coimisiún staitisticí EIS chun an pá sa Bhrasaíl a chinneadh. Soláthraíonn staitisticí EIS (57) faisnéis ar phá míosúil fostaithe (58) agus ar na meánuaireanta a oibríodh sa Bhrasaíl, in earnáil na monaraíochta (59), in 2020.

3.1.6.4.   Leictreachas

(108)

D’úsáid an Coimisiún taraif an phraghais leictreachais a thuairiscigh ceann de na mórsholáthróirí leictreachais sa Bhrasaíl, an chuideachta EDP Brasil (60) chun an costas leictreachais neamhshaofa a shuí.

3.1.6.5.   Gás nádúrtha

(109)

Bhí praghas an gháis nádúrtha sa Bhrasaíl bunaithe ar shonraí lena gcuirtear ar fáil praghsanna allmhairithe dleachtíoctha ar ghás allmhairithe trí bhíthin na méideanna allmhairithe agus na luachanna a bhaintear de GTA a chur le chéile le sonraí taraife a fuarthas ó MacMap (61).

3.1.6.6.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(110)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, “ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta”. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(111)

D’úsáid an Coimisiún sonraí airgeadais thrí chuideachta Bhrasaíleacha (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas), ar táirgeoirí sa tír ionadaíoch iad, dá dtagraítear in aithris (90).

(112)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a bhunú agus mar gheall ar chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín a bheith in easnamh, d’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar shonraí a sholáthair an t-iarratasóir ina iarraidh, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme ansin maidir le luach neamhshaofa chostas na monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

3.1.7.   Ríomh an ghnáthluacha

(113)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(114)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh.

(115)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús leis mar a shonraítear in aithris (112). Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar shonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús bunaithe ar shonraí airgeadais thrí chuideachta Bhrasaíleacha (ArcelorMittal Brazil, CSN, agus Usiminas), mar a chuirtear in iúl in aithris (111). Chuir an Coimisiún na míreanna seo a leanas leis an gcostas neamhshaofa monaraíochta:

Na forchostais mhonaraíochta, arbh ionann iad ina n-iomláine agus 10 % de chostais dhíreacha na monaraíochta ag tosú ón gcéad phróiseas táirgeachta, agus 2 % de chostais dhíreacha na monaraíochta ag tosú ón dara próiseas monaraíochta;

Costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus costais eile, arbh ionann iad agus 18,5 % de Chostais na nEarraí a Díoladh de chuid na dtrí chuideachta Bhrasaíleacha thuasluaite agus;

Na brabúis, arbh ionann iad agus 14,7 % de chostais na n-earraí a díoladh mar a bhain na trí chuideachta Bhrasaíleacha thuasluaite amach, cuireadh i bhfeidhm iad ar chostais iomlána neamhshaofa na monaraíochta.

(116)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Bhí raon an ghnáthluacha chomhdhéanta idir EUR 1 200 – 1 400/tona, nó idir EUR 1 500 – 1 700/tona, ag brath ar an bpróiseas táirgthe (féach aithris (102) maidir leis sin) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.1.8.   An praghas onnmhairiúcháin

(117)

In éagmais comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí 14(6) (62) ag leibhéal CAL.

3.1.9.   Comparáid

(118)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach comhdhéanta a shuitear i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a shuitear thuas.

(119)

I gcás ina raibh údar leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh difríochtaí lena ndéantar difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil, le haghaidh lasta mara agus intíre agus le haghaidh muirir dhíluchtaithe, arbh ionann iad agus EUR 140.44/tona, ar an bpraghas onnmhairithe chun é a thabhairt chuig an bpraghas díreach ón monarcha.

3.1.10.   Leanúnachas na dumpála

(120)

Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún go raibh an praghas onnmhairithe 29,7 % níos ísle ná an gnáthluach ar an gcéad phróiseas táirgthe ag tosú le hamhábhair, mar a míníodh in aithris (102), agus 8,83 % níos ísle maidir leis an dara próiseas táirgthe ag tosú le táirgí leath chríochnaithe.

(121)

De bharr go raibh méid na n-allmhairí a bhí i gceist an-teoranta, áfach, arbh é níos lú ná 0,5 % d’allmhairí an Aontais Eorpaigh san iomlán é agus sciar níos lú ná 1 % de mhargadh an Aontais, measadh nárbh ionadaíoch iad na praghsanna. Ar an gcúis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar, leis na méideanna ísle sin, bonn leordhóthanach chun teacht ar chonclúid maidir le leanúnachas na dumpála. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún imscrúdú ar an dóchúlacht go gcuirfí túis leis an dumpáil arís.

3.1.11.   An dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís

(122)

Le haghaidh na hanailíse ar an dóchúlacht go gcuirfear tús leis an dumpáil arís, rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: onnmhairí chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.1.11.1.   An chomparáid idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas

(123)

Rinne an Coimisiún anailís ar phatrún praghsanna na n-onnmhairí Síneacha chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, cheadaigh sé an fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí amhail na staitisticí onnmhairithe ón tSín dá dtuairiscítear sa Global Trade Atlas (GTA) [Atlas Trádála Domhanda] agus bhain sé na cainníochtaí agus na luachanna i leith cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta faoi na cóid HS 7209 15 90, 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 90, 7209 25 00, 7209 26 00, 7209 27 00, 7209 28 00, 7211 23 00, 7211 29 00, 7225 50 00 agus 7226 92 00 le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. 3 253 368 tona a bhí sna cainníochtaí onnmhairithe (i dtonaí) chuig gach tír (an tAontas Eorpach san áireamh), ar onnmhairíodh 31 602 tona nó timpeall is 1 % díobh chuig an Aontas.

(124)

Tuairiscíodh sna staitisticí onnmhairithe ón tSín a cuireadh ar fáil in GTA gurbh ionann meánphraghas onnmhairithe CAL ón tSín chuig tíortha eile agus EUR 629/tona, a coigeartaíodh chuig praghas díreach ón monarcha (tar éis coigeartuithe le haghaidh lasta mara agus intíre, agus muirir dhíluchtaithe) arbh ionann é agus EUR 585/tona. Bhí an dara praghas sin faoi bhun an phraghais onnmhairithe fiú chuig an Aontas i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(125)

Dá bhrí sin, measadh gur dócha, dá ndéanfaí na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí ón tSín a onnmhairíonn ar dhíol leis an Aontas ar leibhéil a bheadh níos ísle ná an gnáthluach a fuarthas.

3.1.11.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(126)

De réir iarraidh an iarratasóra, tá níos mó ná 50 táirgeoir onnmhairiúcháin den táirge faoi athbhreithniú sa tSín. De réir staitisticí onnmhairiúcháin ón tSín dá dtuairiscítear sa GTA, bhí na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín ag onnmhairiú chuig an gcuid eile den domhan freisin..

(127)

In éagmais comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín laistigh den tSín í féin, bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir le hacmhainneacht na dtáirgeoirí eile onnmhairiúcháin ar na fíorais a bhí ar fáil, agus bhraith sé ar an bhfaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga agus ar fhoinsí eile a bhí ar fáil, amhail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún (63), doiciméad de chuid ECFE maidir leis na forbairtí is déanaí (64) i ndáil le hacmhainneachtaí déanta cruach in 2021, arna fhoilsiú i mí Mheán Fómhair 2021 agus ar shonraí de chuid World Steel Association [an Comhlachas Cruach Dhomhanda] maidir leis an mbliain 2021 (65).

(128)

Ar an gcéad dul síos, rinneadh meastachán san fhaisnéis a bhí san iarraidh ar athbhreithniú éaga gurbh ionann acmhainneacht iomlán na Síne agus 120 milliún tona, cé go ndearnadh meastachán gurbh ionann táirgeadh agus tomhaltas Síneach agus 100 milliún tona in 2020. Ar an mbonn sin, rinneadh meastachán gurbh ionann an acmhainneacht bhreise sa tSín agus 20 milliún tona in 2020, atá táscach maidir le hacmhainneacht bhreise i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus a sháraíonn go suntasach tomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh (timpeall is 9,7 milliún tona) i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an dara dul síos, rinneadh foráil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 gurbh in éagmais “an méadú eisceachtúil ar an tomhaltas sa tSín” (féach aithris (36) de Rialachán (AE) 2021/1029), luadh i dTuarascáil Aireachta 2020 Fóram Domhanda maidir le Ró-acmhainn sa Tionscal Cruach (“GFSEC”), bunaithe ar shonraí suas go dtí 2019 “is í an impleacht láithreach ar an ionchas éilimh go bhfuil an bhearna dhomhanda idir acmhainneacht agus éileamh, ar táscaire é de rioscaí ró-sholáthair don mhargadh cruach, chun méadú go suntasach chuig 606 mmt in 2020 ar a laghad’. Thug sé ar aird freisin “is féidir suaitheadh teacht mar thoradh ar an gcúlú sa ró-acmhainn, is féidir leis praghsanna cruach i bhfad níos ísle a ghiniúint agus díobháil a dhéanamh d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch an tionscail cruach”. Ar an tríú dul síos, deimhníodh an staid sin leis an doiciméad de chuid ECFE, dar teideal “an fhorbairt is déanaí in acmhainneachtaí déanta cruach in 2021”. Tagraíodh sa doiciméad sin ní hamháin do “roinnt infheistíochtaí nua i ndáil le bearta na Síne chun gléasraí cruach atá beag agus atá as dáta a ionadú, go háirithe i limistéir oirthearacha agus dheisceartacha cois cósta na Síne” ach freisin don fhíoras go bhfuair rialtas na Síne “cásanna inar mhéadaigh roinnt muilte cruach a n-acmhainneacht táirgeachta de réir chreat na scéime babhtála acmhainneachta”. Thairis sin, tagraíodh sa doiciméad de chuid ECFE d’infheistíochtaí chuideachtaí cruach ón tSín i dtíortha san Áise Theas, amhail na hOileáin Fhilipíneacha agus an Indinéis. Ar deireadh, fiú má bhaineann sonraí na bliana 2021 den World Steel Association [an Comhlachas Cruach Dhomhanda] le hamhchruach amháin, d’fhéadfaí iad a mheas de bheith táscach maidir leis an táirge lena mbaineann toisc gurb é táirgeadh cruach fuar-rollta an dara próiseas táirgthe cruach, tar éis tháirgeadh cruach teorollta. Maidir leis sin, léiríodh le sonraí 2021 i ndáil le táirgeadh amhchruach go raibh an tSín freagrach as 52,9 % de tháirgeadh domhanda na cruach, atá ina chomhartha den acmhainneacht táirgeachta ollmhór den táirge lena mbaineann i nDaon-Phoblacht na Síne le linn 2021.

(129)

Ina theannta sin, tá roinnt príomh-mhargaí amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an India á gcosaint le bearta frithdhumpála ar an táirge faoi athbhreithniú, lena laghdaítear rochtain na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín.

(130)

Ar an mbonn sin, is dóchúil go ndíreoidh táirgeoirí ón tSín a n-acmhainní breise chuig margadh an Aontais i gcainníochtaí móra ag praghsanna dumpáilte má théann na bearta in éag.

3.1.11.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(131)

Tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan d’allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta.

(132)

Mhaígh an t-iarratasóir ina iarraidh nach mbeadh bearta coimirce cruach an Aontais amháin, a bhfuil feidhm acu maidir leis an táirge atá faoi athbhreithniú, leordhóthanach chun margadh an Aontais a chosaint in aghaidh allmhairí i gcainníochtaí suntasacha ag praghsanna dumpáilte. Toisc nach bhfuair an tSín aon chuóta tír-shonrach maidir leis an táirge atá faoi athbhreithniú, tá rochtain ag táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín ar líon mór méideanna cuóta iarmharach a bhféadfaidís a gcuid onnmhairí a dhíriú fúthu chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta frithdhumpála in éag. Dá thoradh sin, dá ndéanfaí bearta frithdhumpála a aisghairm, is dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéideanna onnmhairiúcháin ón tSín laistigh den chuóta iarmharach agus ar an gcaoi sin margadh an Aontais a phlúchadh sula mbeadh feidhm ag aon dleacht lasmuigh den chuóta faoin mbeart coimirce.

(133)

Luaigh an t-allmhaireoir Duferco S.A. (66) gur chuir na húdaráis Shíneacha an lacáiste 13 % de cháin bhreisluacha ar onnmhairí cruach ar ceal, lena n-áirítear ar allmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú d’fhonn an táirgeadh cruach sa tSín a shrianadh (chun aghaidh a thabhairt ar a cuid astaíochtaí carbóin), agus an soláthar intíre Síneach á áirithiú ag an am céanna. Chuir Duferco S.A. in iúl, dá bharr, go bhfuil coinne leis go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna allmhairí Síneacha, agus ar an gcaoi sin an bonn a bhaint de tharraingteacht mhargadh an Aontais. Ní raibh an Coimisiún in ann an méid sin a bhí á mhaíomh a dhearbhú áfach, toisc go mbraitheann éabhlóid méideanna agus praghsanna ar roinnt mhaith eilimintí eile chomh maith, amhail, go háirithe, an ró-acmhainneacht atá ann faoi láthair agus tarraingteacht mhargadh an Aontais i gcomparáid le tríú tíortha eile.

3.1.11.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leo arís

(134)

Tá margadh an Aontais an-tarraingteach toisc go bhfuil sé ar cheann de na margaí is mó ar domhan. Thairis sin, mar a leagtar síos i dtábla 7 d’aithris (202), b’ionann meánphraghsanna díolacháin aonaid ualaithe de na táirgeoirí sampláilte ón Aontas chuig custaiméirí neamhghaolmhara ar an saormhargadh san Aontas agus EUR 622/tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, praghas atá os cionn an mheánphraghais onnmhairithe ón tSín arna choigeartú chuig praghas díreach ón monarcha arb ionann é agus EUR 585/tona (féach aithris (124)). Dá réir sin, is é is dócha, má théann na bearta frithdhumpála in éag, go n-úsáidfidh táirgeoirí ón tSín a gcuid acmhainneachta breise agus, ina theannta sin, roinnt dá gcuid díolachán onnmhairiúcháin a bhfuil níos lú brabúis ag baint leo a atreorú ó thríú tíortha chuig an Aontas Eorpach.

(135)

Ar bhonn na mbreithnithe thuas, thángthas ar an gconclúid gur dócha go gcuirfear tús leis an dumpáil arís dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.   An Rúis

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(136)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairiú an táirge faoi athbhreithniú ón Rúis, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal cuid mhaith ní b’ísle ná mar a bhí i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Aibreán 2014 go dtí an 31 Márta 2015). De réir staidreamh Comext (Eurostat), bhí níos lú ná 3 000 tona i gceist le hallmhairí CRF ón Rúis i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le timpeall is 700 000 tona le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Bhí beagnach 0 % de mhargadh iomlán an Aontais agus de shaormhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí CRF ón Rúis i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le sciar 9,8 % den mhargadh sa chéad tréimhse imscrúdúcháin.

(137)

Mar a míníodh in aithris (29), tháinig trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis chun tosaigh ag tionscnamh an imscrúdaithe agus chuir in iúl go raibh siad toilteanach comhoibriú. Chuir siad in iúl don Choimisiún níos déanaí, áfach, nach raibh sé i gceist acu ceistneoir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a fhreagairt.

(138)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir le leanúnachas na dumpála agus maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil.

3.2.2.   Leanúint de dhumpáil allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

3.2.2.1.   Gnáthluach

(139)

Mar a luaitear in aithris (138) thuas, de bharr an neamh-chomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis, d’úsáid an Coimisiún fíorais atá ar fáil chun an gnáthluach a shuíomh. Chun na críche sin, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn tagairtí praghsanna intíre de chuid MEPS International (67) le haghaidh na Rúise - CRF - réigiún an Volga. Ar an mbonn sin, ba é an gnáthluach EUR 702,97/tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(140)

Mar gheall ar an neamh-chomhoibriú ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, bhí ar an gCoimisiún na fíorais a bhí ar fáil a úsáid chun an praghas onnmhairiúcháin a shuí.

(141)

Cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn shonraí CAL Eurostat. Dá réir sin ba é an praghas onnmhairiúcháin EUR 755,65/tona.

3.2.2.3.   Comparáid

(142)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. Rinneadh coigeartuithe, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil, le haghaidh lasta mara agus intíre, agus le haghaidh muirir dhíluchtaithe, arbh ionann iad agus EUR 127,84/tona ar an bpraghas onnmhairiúcháin chun é a thabhairt chuig leibhéal díreach ón monarcha. Ar an mbonn sin, ba é an praghas onnmhairithe coigeartaithe díreach ón monarcha EUR 627,81/tona.

3.2.2.4.   Leanúnachas na dumpála

(143)

Léiríodh sa chomparáid thuas go raibh na praghsanna onnmhairithe go dtí an tAontas, curtha in iúl mar chéatadán den luach CAL, 10 % níos ísle ná an gnáthluach bunaithe.

(144)

Cionn is go raibh méid na n-allmhairí i gceist an-teoranta áfach, arbh ionann iad agus níos lú ná 1 % d’iomlán na n-allmhairí isteach go dtí an tAontas agus gar le 0 % de sciar mhargadh an Aontais, rinne an Coimisiún imscrúdú freisin ar dhealraitheacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís.

3.2.3.   An dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís dá ndéanfaí bearta a aisghairm

(145)

Rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís, dá rachadh na bearta as feidhm. Maidir leis sin, rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: onnmhairí go dtí tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Rúis chomh maith le tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.2.3.1.   Onnmhairí chuig tríú tíortha

(a)    Gnáthluach

(146)

Rinneadh an gnáthluach a chomhdhéanamh mar a mhínítear i Roinn 3.2.2.1 thuas.

(b)    An praghas onnmhairiúcháin

(147)

Suíodh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn phraghsanna onnmhairithe an táirge faoi athbhreithniú go dtí tríú tíortha eile. Maidir leis seo, de bharr na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin, d’úsáid an Coimisiún an bunachar sonraí GTA. Ba é meánphraghas onnmhairithe CAL go dtí tríú tíortha EUR 536/tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Laghdaíodh an praghas onnmhairithe CAL go dtí tríú tíortha go leibhéal díreach ón monarcha trí na costais lasta agus árachais agus an costas iompair intíre sa Rúis a bhaint, arbh ionann sin agus EUR 127,84/tona mar a luadh in aithris (141). Ar an mbonn sin, ba é an praghas coigeartaithe díreach ón monarcha go dtí tríú tíortha EUR 408,72/tona.

(c)    Comparáid praghais

(148)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach a suíodh i Roinn 3.2.2.1 agus an meánphraghas onnmhairithe go dtí tríú tíortha ar bhonn díreach ón monarcha.

(149)

Léiríodh sa chomparáid thuas go raibh onnmhairí Rúiseacha an táirge faoi athbhreithniú go dtí tríú tíortha, curtha in iúl mar chéatadán den luach CAL, 55 % níos ísle ná an gnáthluach suite.

(150)

Ina n-aighneacht le haghaidh tionscnaimh, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis nach bhfuil praghsanna onnmhairithe go dtí tríú tíortha níos ionadaíche ná na praghsanna onnmhairithe go dtí an tAontas mar comhdhéantar na honnmhairí sin, chun na Tuirce go príomha, de chineálacha níos saoire de CRF, rud a mhíneodh a bpraghsanna níos ísle. Thug siad le fios go bhfuil praghsanna arda onnmhairí Rúiseacha a thuairiscigh Eurostat ionadaíoch agus nach mór iad a úsáid sa mheasúnú.

(151)

I dtaca leis seo, thug an Coimisiún dá aire nár cuireadh aon fhianaise ar fáil chun bunús a thabhairt le líomhaintí difríochtaí sna cineálacha táirgí. Déanta na fírinne, theip ar na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis freagra ceistneora a sholáthar chun ligean don Choimisiún a mheasúnú a dhéanamh ar na cineálacha táirgí a onnmhairítear go dtí an tAontas. Dá réir sin, mar a míníodh in aithris (138), bhunaigh an Coimisiún a mheasúnú ar fhíorais a bhí ar fáil. D’úsáid sé an bunachar sonraí GTA chun an praghas onnmhairithe Rúiseach go dtí tríú tíortha a shuí mar an fhoinse is iomchuí. In aon chás, fiú má úsáideadh na praghsanna onnmhairithe Rúiseacha mar a mhol na trí onnmhaireoir Rúiseacha, shuigh an Coimisiún i Roinn 3.2.2.4 thuas go raibh na praghsanna onnmhairithe Rúiseacha chuig an Aontas a fuarthas ó Eurostat, arna sloinneadh mar chéatadán den luach CAL, 10 % níos ísle ná an gnáthluach suite. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

3.2.3.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa Rúis

(152)

Mar gheall nach bhfuarthas ach comhoibriú teoranta ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir a bhain le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(153)

De réir na faisnéise a chuir an t-iarratasóir ar fáil, chuaigh acmhainneacht táirgeachta iomlán an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis thar 12 000 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mheas an t-iarratasóir go bhfuil acmhainneacht bhreise de thart ar 2 mhilliún tona ag na táirgeoirí Rúiseacha nach féidir leis an margadh intíre a ghlacadh. Ina theannta sin, d’áitigh an t-iarratasóir doiciméad gur ardaigh na táirgeoirí Rúiseacha an acmhainneacht táirgeachta le haghaidh cruach fuar-rollta le 1 150 000 tona a bheag nó a mhór idir 2016 agus 2021.

(154)

Chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis i gcoinne an mheastacháin ar an acmhainneacht bhreise sa Rúis mar a sholáthair an t-iarratasóir. Ina n-aighneacht ar thionscnamh, chuir siad sonraí ar fáil faoi acmhainneacht táirgeachta fhoriomlán an tionscail CRF sa Rúis, an méid táirgeachta uile agus an ráta úsáide acmhainne. Mhaígh siad go raibh in 2020, acmhainn bhreise de [1,8 – 2,3] milliún tona ag tionscal CRF na Rúise nárbh ionann é sin agus [4 - 8] % de thomhaltas foriomlán an Aontais (32,4 milliún tona). Dúirt siad freisin agus fás measta tomhaltais agus táirgthe CRF sa Rúis agus san Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach (EAEU) a ghlacadh san áireamh, go réamh-mheastar go mbeidh laghdú níos mó ar acmhainneacht shaor thionscal CRFS na Rúise.

(155)

Maidir leis seo, mar a míníodh in aithris (32), níor sheol na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis freagraí ceistneora agus mheas an Coimisiún nár sheol siad ach faisnéis ilroinnte faoi tháirgeadh, acmhainneacht agus méid táirgeachta gan fianaise thacúil agus nárbh fhéidir leis an gCoimisiún í a fhíorú. Dá dheasca sin, cionn is nár chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin faisnéis leordhóthanach agus iontaofa a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht táirgeachta agus méideanna táirgeachta, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar fáil ar an gcomhad.

(156)

Thairis sin, níor chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis na sonraí ar acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta ar fáil ach i leagan íogair gan achoimre neamh-rúnda. Mar a luadh san Fhógra Tionscnaimh, má theipeann ar pháirtí a chuireann faisnéis rúnda ar fáil cúis mhaith a thaispeáint le haghaidh iarraidh ar chóireáil rúnda nó mura dtugann siad achoimre neamh-rúnda de san fhormáid agus sa cháilíocht a iarrtar, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar fhaisnéis den sórt sin ach amháin más féidir a léiriú go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart. Cionn is nár cuireadh an fhaisnéis faoi tháirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta ar fáil ach i leagan íogair agus mar sin de, agus dá réir nárbh fhéidir í a chur faoi réir barúlacha ó pháirtithe leasmhara eile, níorbh fhéidir é a léiriú go sásúil go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(157)

In aon chás, níor imigh na sonraí i gceist a chuir na táirgeoirí onnmhairithe ón Rúis ar fáil agus an ceann a chuir an t-iarratasóir ar fáil go mór óna chéile. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach dtiocfadh conclúid dhifriúil ar mheasúnú bunaithe ar na sonraí a chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis ar fáil. Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh.

(158)

I ndiaidh nochta, thug rialtas na Rúise chomh maith leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin dúshlán ar thorthaí an Choimisiúin nár chomhoibrigh na táirgeoirí onnmhairithe go hiomlán leis an imscrúdú agus nár cuireadh leagan oscailte bríoch faoi bhráid an Choimisiúin (mar a míníodh in aithris (156)). Dá réir sin, mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin gur bhain an Coimisiún mí-úsáid as a gcumhachtaí lánroghnacha i ndáil leis sin.

(159)

Ar dtús, chonacthas don Choimisiún nár chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin an fhaisnéis i dtaca le hacmhainneacht in aghaidh na cuideachta ar fáil i bhfoirm innéacsaithe nár lig do na páirtithe barúil a thabhairt ar an acmhainneacht bheacht a suiteáladh (níor cuireadh aon raonta ar fáil). Níor cuireadh sonraí táirgeachta ná sonraí úsáide acmhainneachta ar fáil sa leagan oscailte. Dá dheasca sin, chuir an Coimisiún a thoradh in iúl arís nárbh fhéidir leis na páirtithe leasmhara eile leagan oscailte na faisnéise faoi tháirgeadh, acmhainneacht agus úsáid acmhainneachta a scrúdú. Ar an dara dul síos, níor cuireadh an fhaisnéis seo ar fáil mar chuid de fhreagraí ceistneora agus níorbh fhéidir í a chros-seiceáil le codanna eile an cheistneora agus leis na doiciméid thíos faoi nach mór do chuideachtaí a chur ar fáil mar fhianaise ag tacú leis an bhfaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin sa fhreagra ceistneora. Ar deireadh, mar a míníodh in aithris (157) thuas, shuigh an Coimisiún, fiú má glacadh an fhaisnéis a cuireadh ar fáil san áireamh, nach mbeadh athrú ar a dtorthaí maidir le hacmhainneacht bhreise. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(160)

Is ionann acmhainneacht bhreise an táirge faoi athbhreithniú sa Rúis agus beagnach 21 % de thomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh, i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nuair a bhunaítear é ar an iarratas agus 20 % má glacadh aighneacht na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis san áireamh.

(161)

Bunaithe ar a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, a d’fhéadfaidís a úsáid chun WPT a tháirgeadh le honnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.3.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(162)

Shuigh an Coimisiún gur onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis an táirge faoi athbhreithniú chuig tríú margaí ar phraghsanna a bhí thart ar 14 % ní b’ísle agus iad i gcomparáid le meánphraghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Agus an leibhéal praghsanna sin á chur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Rúise ná onnmhairiú chuig gach tír eile.

(163)

Tá margadh an Aontais tarraingteach freisin i bhfianaise a neasachta geografaí agus a mhéide, le tomhaltas iomlán 33 579 173 tona, lena n-áirítear tomhaltas 9 677 020 tona ar an saormhargadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(164)

Ba é méid na n-onnmhairí chuig tríú tíortha 580 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arbh ionann sin agus 6 % de shaorthomhaltas mhargadh an Aontais. Is ionann seo agus méid breise CRF a d’fhéadfaí a atreorú chuig margadh an Aontais mar gheall ar a tharraingteacht má théann na bearta in éag.

(165)

I ndiaidh nochta, rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus rialtas na Rúise an argóint nach raibh margadh an Aontais tarraingteach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a thuilleadh de dheasca na smachtbhannaí, agus sa tréimhse roimh na smachtbhannaí fiú, “tá scrios déanta ar shreabhadh trádála, bonneagar agus slabhraí soláthair cheana féin” agus go nglacfadh sé blianta sula n-athchóireofaí iad.

(166)

Cé go dtéitear i ngleic leis an maíomh i dtaca le smachtbhannaí in aithrisí (167) agus (172) thíos, bhreathnaigh an Coimisiún nár cuireadh aon fhianaise ar fáil i leith an mhaímh go nglacfadh sé blianta chun onnmhairí chuig an Aontas a aischur. An tráth céanna, i bhfianaise na bpraghsanna níos ísle suntasacha ag a mbíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis ag onnmhairiú go leanúnach chuig an gcuid eile den domhan, na neasachta geografaí agus méide mhargadh an Aontais chomh maith le méid suntasach na n-onnmhairí chuig tríú tíortha a d’fhéadfaí a atreorú chuig an Aontas, chuir an Coimisiún a dtorthaí in iúl arís go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach do na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis.

(167)

Ní chuireann teagmhais a thit amach le déanaí amhras an gconclúid sin. Thug an Coimisiún faoi deara maidir leis seo i diaidh thionscnamh an imscrúdaithe, de bharr fogha míleata Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gur chuir an tAontas pacáistí smachtbhannaí de réir a chéile in aghaidh na Rúise a raibh tionchar orthu freisin ar tháirgí cruach agus/nó ar na cuideachtaí cruach a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú i ndiaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá toirmeasc allmhairithe CRF mar chuid den phacáiste smachtbhannaí is déanaí a chumhdaíonn an táirge faoi athbhreithniú. Tháinig an toirmeasc seo i bhfeidhm an 16 Márta 2022 (68). I bhfianaise go bhfuil nasc idir na smachtbhannaí seo agus an fogha míleata agus an staid gheopholaitiúil fholuiteach, tá a raon feidhme, modhnúchán, agus/nó ré neamh-intuartha. Thairis sin, tá saolré 5 bliana ag bearta frithdhumpála. I bhfianaise na neamhchinnteachtaí thuasluaite agus an fíoras go bhféadfadh an Coimisiún raon agus ré beacht na smachtbhannaí a leasú in aon am, shuigh an Coimisiún nach féidir leo tionchar a bheith acu ar a chonclúidí san imeacht seo.

3.2.3.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an dumpáil arís

(168)

Shuigh an Coimisiún go ndíolann táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis chuig tríú tíortha ar phraghsanna níos ísle ná an gnáthluach.

(169)

Mar a míníodh in aithris (161), bhí an acmhainneacht bhreise sa Rúis suntasach i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arbh ionann í agus beagnach 21 % de thomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus tháinig méadú uirthi idir 2016 agus 2021.

(170)

Ar deireadh, i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide agus praghsanna mar a léirítear thuas, is dócha go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht bhreise na Rúise a (a)treorú ar an Aontas, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(171)

Tar éis an nochta, rinne rialtas na Rúise an argóint nach bhfuil dealraitheacht ann go gcuirfear tús leis an dumpáil arís cionn is gur bheag allmhairí a tháinig isteach, agus de dheasca na smachtbhannaí, chuir na monaróirí Rúiseacha stop iomlán le honnmhairí chuig an Aontas ar feadh thréimhse ama fada agus éiginnte.

(172)

Maidir le honnmhairí chuig an Aontas, mheabhraigh an Coimisiún gur shuigh sé gur dhócha go dtarlódh an dumpáil arís bunaithe ar na gnéithe ar a dtugtar tuairisc thuas nach n-áiríonn leibhéal na n-onnmhairí chuig an Aontas atá ann faoi láthair, a mheastar de bheith ina theagmhas sealadach ar féidir leis athrú i dtráth ar bith. Maidir leis na smachtbhannaí atá i bhfeidhm, mar a míníodh in aithris (167), cionn is go bhfuil a raon feidhme, modhnúchán agus/nó ré neamh-intuartha agus gur féidir leo a leasú tráth ar bith, shuigh an Coimisiún nach féidir tionchar a bheith acu ar a gconclúidí san imeacht seo. Dá bhrí sin, i gcás na dteagmhas a thit amach le déanaí a dhéanann difear sealadach d’allmhairí ón Rúis isteach chuig an Aontas, ní féidir leo na torthaí a fuarthas maidir le tús a chur leis an dumpáil arís sa chás seo a athrú, agus diúltaíodh do na maímh sin.

(173)

Dá dheasca sin, mheas an Coimisiún sa deireadh gur dhócha go gcuirfí tús leis an dumpáil arís, mura gcuirfí síneadh leis na bearta.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(174)

Rinne 21 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is ionann na táirgeoirí sin agus an “tionscal an Aontais” de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(175)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag thart ar 30,5 milliún tona. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail sonraí a sholáthair an t-iarratasóir. Mar a léirítear in aithris (21), roghnaíodh sampla de thrí tháirgeoir ón Aontas a d’fhreagair do níos mó ná 30 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

(176)

Óir tá tionscal an Aontais comhtháite go hingearach den chuid is mó, agus meastar táirgí cruach comhréidh fuar-rollta mar phríomhábhar do tháirgeadh táirgí breisluacha iartheachtacha éagsúla, rinneadh anailís ar leithligh ar an tomhaltas faoi chuing agus saormhargaidh.

(177)

Is ábhartha é an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus saormhargadh a mhéid a bhaineann leis an anailís díobhála toisc nach nochtar táirgí, a bhfuil sé beartaithe úsáid faoi chuing a bhaint astu, d’iomaíocht dhíreach ó allmhairí, agus socraítear praghsanna an aistrithe laistigh de na grúpaí i gcomhréir le beartais praghais éagsúla agus is amhlaidh dá bhrí sin nach iontaofa iad. I gcodarsnacht leis sin, tá an táirgeacht atá dírithe ar an saormhargadh in iomaíocht dhíreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann, agus díoltar ar phraghsanna an tsaormhargaidh í.

(178)

Chun léargas atá chomh hiomlán agus is féidir a sholáthar ar thionscal an Aontais, agus cosúil leis an méid a rinneadh san imscrúdú bunaidh, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta iomláine maidir le táirgí cruach comhréidh fuar-rollta agus chinn sé cé acu a bhí nó nach raibh an táirgeacht dírithe ar úsáid faoi chuing nó ar an saormhargadh. Chinn an Coimisiún go raibh 78 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgeoirí ón Aontas dírithe ar úsáid faoi chuing.

(179)

Scrúdaigh an Coimisiún táscairí eacnamaíocha áirithe a bhaineann le tionscal an Aontais ar bhonn sonraí le haghaidh an tsaormhargaidh amháin. Is iad seo na táscairí: méid na ndíolachán agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais; sciar den mhargadh; méid onnmhairiúcháin agus praghsanna agus brabúsacht. I gcás táscairí eile, amhail táirgeacht, acmhainneacht, táirgiúlacht, fostaíocht agus pá, baineann na figiúirí a thugtar thíos leis an ngníomhaíocht iomlán agus níor measadh dá bhrí sin go raibh údar le haon leithlisiú ar fhigiúirí.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(180)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn (a) sonraí a sholáthair EUROFER maidir le díolacháin thionscal an Aontais den táirge comhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, mar atá cros-seiceáilte leis na méideanna díolachán a thuairiscigh na táirgeoirí sampláilte ón Aontas; agus (b) allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat.

(181)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

39 389 717

38 484 642

31 808 880

33 579 173

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

81

85

Margadh faoi chuing

28 207 944

28 129 434

22 651 025

23 902 153

Innéacs

(2018 = 100)

100

100

80

85

An saormhargadh

11 181 772

10 355 209

9 157 856

9 677 020

Innéacs

(2018 = 100)

100

93

82

87

Foinse: Sonraí a chuir Eurofer ar fáil agus a cros-seiceáladh le freagraí ceistneora na dtáirgeoirí a sampláladh; Eurostat.

(182)

Tá méadú tagtha ar thomhaltas saormhargaidh i gcomparáid leis na 7 122 682 tona a úsáideadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (1 Aibreán 2014 go dtí 31 Márta 2015). Le linn na tréimhse faoi bhreathnú áfach, tháinig laghdú thart ar 15 % ar thomhaltas faoi chuing an Aontais, agus tháinig laghdú thart ar 13 % ar thomhaltas ar shaormhargadh an Aontais. Idir na blianta 2018 go dtí 2019 d’fhan an tomhaltas ar an margadh faoi chuing go seasmhach agus tháinig laghdú 7 % ar an tomhaltas ar an saormhargadh. Bhí an príomhlaghdú ann idir na blianta 2019 agus 2020 nuair a tháinig laghdú suntasach ar shaorthomhaltas agus tomhaltas faoi chuing araon le 11 % agus 20 % faoi seach. Thosaigh an laghdú seo i bhfás eacnamaíoch in 2019 de bharr mhoilliú foriomlán i bhfás an Aontais, ach rinneadh níos measa é de bharr mhoilliú foriomlán ar an ngeilleagar a raibh paindéim COVID-19 mar chúis leis. Bhí tionchar ag an moilliú i bhfás eacnamaíoch go ginearálta, agus san earnáil monaraíochta go sonrach, ar an éileamh foriomlán le haghaidh cruach. Bhí tionchar ar leith aige sin ar an tionscal gluaisteán, arb ionann é agus páirt shuntasach d’úsáideoirí CRF. Ó 2020 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bhí méadú 5 % ar thomhaltas faoi chuing agus saor-thomhaltas araon cé nár tháinig sé ar ais chuig na leibhéil 2018 áfach.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus ón gcuid eile den domhan

4.3.1.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ón gcuid eile den domhan

(183)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn comparáide idir méideanna na n-allmhairí agus tomhaltas saormhargaidh an Aontais mar a léirítear i dTábla 2 thuas.

(184)

Tháinig forbairt ar allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann agus ón gcuid eile den domhan mar a leanas:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

14 367

4 286

1 435

9 713

Innéacs

(2018 = 100)

100

30

10

68

Sciar den mhargadh

0,1  %

0,0  %

0,0  %

0,1  %

Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

2 305

1 275

423

7 065

Innéacs

(2018 = 100)

100

55

18

307

Sciar den mhargadh atá ag Daon-Phoblacht na Síne

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,1  %

Méid na n-allmhairí ón Rúis

12 062

3 011

1 012

2 648

Innéacs

(2018 = 100)

100

25

8

22

Sciar den mhargadh atá ag an Rúis

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,0  %

Méid na n-allmhairí ón gcuid eile den domhan

2 279 706

2 113 190

1 876 491

2 154 420

Innéacs

(2018 = 100)

100

93

82

95

Sciar den mhargadh atá ag an gcuid eile den domhan

20,39  %

20,41  %

20,49  %

22,26  %

Foinse: Eurostat

(185)

Cé gurbh ionann allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sciar margaidh 20 % agus 1,4 milliún tona i dtréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh, d’imigh siad, ar bhonn na faisnéise ó Eurostat, beagnach go hiomlán ó mhargadh an Aontais. Déanta na fírinne, lean allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar aghaidh ag laghdú ó 14 367 go dtí 9 713 tona le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur mhéadaigh méideanna allmhairí ón dá thír lena mbaineann arís beagán idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomhréir le méideanna tomhaltais ag méadú sa tráth céanna, níorbh ionann iad agus sciar margaidh 0,1 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(186)

Tháinig laghdú ar an táirge faoi athbhreithniú ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann le 5 % (ó 2,28 go dtí 2,15 milliún tona) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Leanann sé sin an treocht anuas chéanna de chuid an tomhaltais ar shaormhargadh an Aontais mar a luadh i dTábla 2, ach ar ghéire níos lú. Ina theannta sin, choinnigh tríú tíortha (agus mhéadaigh siad le beagnach 2 phointe céatadáin fiú) a sciar den mhargadh sa saormhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus chaill tionscal an Aontais beagnach 2 % den sciar margaidh. Bhí soláthar CRF ar an saormhargadh ilroinnte áfach, agus gan sciar den mhargadh de níos mó na 4 % a bheith ag aon cheann de na tríú tíortha eile i margadh an Aontais (69).

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(187)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(188)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar tháscairí maicreacnamaíocha bunaithe ar shonraí a bhí sa fhreagra ceistneora a chur Eurofer faoi bhráid an Choimisiúin lena mbaineann díolacháin thionscal an Aontais le haghaidh an táirge chomhchosúil, arna cros-seiceáil leis na sonraí a chuir táirgeoirí ón Aontas a táirgeoirí sampláilte ón Aontas ar fáil. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Fuarthas amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(189)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an scair den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(190)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(191)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 4

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

36 298 267

35 686 689

29 229 520

30 520 404

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

81

84

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

45 912 036

45 976 102

48 542 510

44 909 450

Innéacs

(2018 = 100)

100

100

106

98

Úsáid acmhainneachta (%)

79

78

60

68

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

76

86

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(192)

Tháinig laghdú suntasach ar mhéideanna táirgeachta ó thús na tréimhse faoi bhreathnú. Leanann an laghdú treocht agus méid atá comhchosúil go mór leis an treocht a breathnaíodh le haghaidh laghdú thomhaltas iomlán an Aontais. Tháinig laghdú 16 % ar mhéideanna táirgeachta le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(193)

Tháinig laghdú beag ar acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tá sí ar leibhéal i bhfad níos ísle ná le linn an imscrúdú bunaidh. Tá sé seo go páirteach mar gheall go raibh an Ríocht Aontaithe mar bhallstát an Aontais fós le linn an imscrúdaithe bunaidh, agus níor glacadh a n-acmhainneacht táirgeachta san áireamh san imscrúdú athbhreithnithe atá ann faoi láthair. Ina theannta sin, ghlac tionscal an Aontais céimeanna chun a n-acmhainneacht a oiriúnú agus a chuíchóiriú i gcomhréir le tomhaltas margaidh. Tháinig méadú ar rátaí úsáide acmhainneachta ar dtús dá bhrí sin i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh. Ó mhoilliú i bhfás an Aontais in 2019 agus go háirithe ó thús na paindéime COVID-19 i leith, áfach, tháinig laghdú suntasach orthu arís sa tréimhse faoi bhreathnú, ach tháinig athléimneacht orthu giota beag i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (ina raibh an laghdú ar bheagnach 20 pointe céatadáin níos ísle in 2020 i gcomparáid le 2018, bhí sé ar - 11 phointe céatadáin i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2018).

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(194)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas:

Tábla 5

Méid na ndíolachán (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An méid iomlán díolachán ar mhargadh an Aontais – saor agus faoi chuing

37 095 644

36 367 167

29 930 954

31 415 040

Innéacs

(2018 = 100)

100

98

81

85

Díolacháin agus úsáid ar an margadh faoi chuing

28 207 944

28 129 434

22 651 025

23 902 153

Innéacs

(2018 = 100)

100

100

80

85

Díolacháin ar an saormhargadh

8 887 699

8 237 733

7 279 930

7 512 887

Innéacs

(2018 = 100)

100

93

82

85

An sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh shaoir

79  %

80  %

79  %

78  %

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(195)

Lean díolacháin iomlána san Aontas treocht anuas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le laghdú foriomlán de 15 %. Breathnaítear ar an treocht chéanna le méid comhchosúil le haghaidh na saormhargaí agus na margaí faoi chuing, i gcomhréir leis an laghdú i dtomhaltas a léirítear i dTábla 2.

(196)

D’fhan sciar margaidh de chuid thionscal an Aontais ar an saormhargadh go seasmhach a bheag nó a mhór le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach chuaigh sé síos le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le beagnach 2 %. Tagann seo le méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tríú tíortha i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a léirítear i dTábla 3.

4.4.2.3.   Fás

(197)

I gcomhthéacs tomhaltas a bheith ag dul i laghad, ní hamháin gur chaill tionscal an Aontais méideanna díolacháin substaintiúla san Aontais, ach chaill an tionscal sciar den mhargadh freisin. Dá dheasca sin, níorbh ann d’aon fhás ar thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(198)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 6

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

9 634

9 137

9 773

9 321

Innéacs

(2018 = 100)

100

95

101

97

Táirgiúlacht (tona/fostaí)

3 768

3 906

2 991

3 274

Innéacs

(2018 = 100)

100

104

79

87

Foinse: Eurofer, táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(199)

Níor éirigh leis an Aontas an líon fostaithe i mbun táirgthe an táirge faoi athbhreithniú, a coinneáil ar bun idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a chuaigh i laghad idir 2018 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le 3 %.

(200)

Lean táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas de réir an aschuir (tonaí) in aghaidh an fhostaí, treocht chéanna anuas le linn na tréimhse faoi bhreathnú (-13 %). Mínítear an laghdú ar an táirgiúlacht leis an laghdú níos airde ar an méid táirgeachta, atá nasctha fós le laghdú díolachán agus éilimh ar tháirgí thionscal an Aontais ar na margaí intíre agus onnmhairiúcháin araon, i gcomparáid leis an laghdú níos lú ar líon na bhfostaithe.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe seo

(201)

Bhí gach aon chorrlach dumpála a suíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad os cionn an leibhéil de minimis. An tráth céanna, bhí leibhéal na n-allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe an-teoranta, agus b’ionann iad agus díreach 0,1 % de thomhaltas an Aontais. Lig na bearta frithdhumpála a forchuireadh i ndiaidh an imscrúdaithe bunaidh do thionscal an Aontais téarnamh ó dhumpáil roimhe, mar a léiríonn na sonraí le haghaidh 2018 agus mar a dheimhníonn ráitis ón iarratasóir san iarraidh athbhreithnithe.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(202)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an saormhargadh

654

613

553

622

Innéacs

(2018 = 100)

100

94

85

95

Costas aonaid na táirgeachta

592

617

573

643

Innéacs

(2018 = 100)

100

104

97

109

Foinse: Táirgeoirí sampláilte ón Aontas

(203)

Tháinig laghdú foriomlán 5 % ar phraghsanna díolachán ar mhargadh an Aontais chuig páirtithe neamhghaolmhara (an saormhargadh) le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léiríonn anailís mhionsonraithe gur tháinig laghdú 15 % ar phraghsanna díolachán idir 2018 agus 2020, ach tháinig méadú 12 % orthu arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Sa tréimhse céanna bhí an costas táirgthe ag athrú ach bhí sé beagnach 10 % níos airde i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná mar a bhí sé in 2018. Seachas 2018, bhí meánchostas táirgthe níos airde ná an meánphraghas díolachán i ngach aon bhliain. Cé gur tháinig méadú suntasach ar phraghsanna díolachán idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais an praghas díolachán a mhéadú go dtí an leibhéal leordhóthanach chun costas na táirgeachta a chumhdach.

4.4.3.2.   Costais saothair

(204)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 8

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

91 664

97 412

93 113

97 981

Innéacs

(2018 = 100)

100

106

102

107

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas

(205)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú bhí meánchostais saothair luaineach ach taispeánadh méadú foriomlán 7 % iontu. Cé go ndeachaigh líon na bhfostaithe síos, chuaigh na costais saothair fhoriomlána síos freisin ach ar chéim níos lú.

4.4.3.3.   Fardail

(206)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 9

Fardail

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

488 722

429 657

284 572

262 487

Innéacs

(2018 = 100)

100

88

58

54

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

4

4

3

2

Innéacs

(2018 = 100)

100

88

65

55

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas

(207)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú leanúnach ar stoc thionscal an Aontais. Leanann aon athrú i stocaí CRF na treochtaí céanna leis na cinn le haghaidh táirgthe de ghnáth, ar ar tháinig laghdú le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a léirítear i dTábla 4 (70). Le linn na tréimhse faoi bhreathnú áfach, tharla gníomhaíochtaí athstruchtúraithe áirithe i gcuideachta amháin a sampláladh, lenar bhain díchumascadh páirteach lena n-áirítear na stoic. Ina theannta sin, bhí fadhbanna ag ceann amháin de na cuideachtaí a sampláladh le píosaí trealaimh le linn tráth áirithe, arbh éigean díolacháin níos mó a dhéanamh ón stoc dá bharr ná mar a raibh coinne leis. Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh freisin áfach, ní mheastar stoic mar tháscaire díobhála tábhachtach le haghaidh an tionscail seo cionn is go dtáirgeann an tAontas an chuid is mó de chineálacha an táirge chomhchosúil seo bunaithe ar orduithe sonracha na n-úsáideoirí (71).

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(208)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Brabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2018

2019

2020

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

16,1

-2,8

-14,7

-3,1

Innéacs

(2018 = 100)

100

-17

-92

-20

An sreabhadh airgid (EUR)

1 197 337 649

1 024 735 660

744 992 480

822 335 704

Innéacs

(2018 = 100)

100

86

62

69

Infheistíochtaí (EUR)

65 866 851

75 059 376

61 159 498

72 616 722

Innéacs

(2018 = 100)

100

114

93

110

Toradh ar infheistíochtaí (%)

5

0

-3  %

-1

Innéacs

(2018 = 100)

100

-8

-69

-12

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontas

(209)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(210)

De bharr fhorchuir na mbearta frithdhumpála, d’fhéadfadh le tionscal an Aontais a bhrabúsacht a fheabhsú ó thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus chuaigh sé thar an spriocbhrabús a sonraíodh san imscrúdú sin (72). I ndiaidh na buaice in 2018 áfach, bhí an costas táirgthe in aghaidh an aonaid níos airde ná an meánphraghas díolacháin de bharr laghdú thomhaltas an Aontais ar an saormhargadh le chéile le praghsanna díola ar a raibh laghdú sna blianta ina dhiaidh sin, mar a léirítear i dTábla 7 thuas. Níor lig an laghdú i dtomhaltas CRF an Aontais do thionscal an Aontais praghsanna díolachán a shocrú ar leibhéal lena gcumhdófaí, ar a laghad, an costas táirgthe.

(211)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. D’fhorbair an treocht i sreabhadh airgid glan go mór i gcomhréir le brabúsacht, a bhí ar a bhuaic in 2018 sula ndeachaigh sé síos go substaintiúil in 2019 agus 2020, agus tháinig athléimneacht air giota beag le linn na tréimhse imscrúdúcháin ach thíos faoi na leibhéil 2018 agus 2019 fós.

(212)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Cé gur tháinig méadú foriomlán ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, le linn 2020 agus thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’fhan siad thíos faoi leibhéal 2019. Tháinig forbairt dhiúltach ar an toradh ar infheistíocht agus lean sé an treocht chéanna leis an mbrabúsacht.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(213)

Léirigh gach táscaire maicreacnamaíoch treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú amhail táirgeacht, úsáid acmhainneachta, méid díolachán ar mhargadh an Aontais (an margadh faoi chuing agus an saormhargadh araon), sciar den mhargadh, fostaíocht agus táirgiúlacht. Mar an gcéanna, léirigh an chuid is mó de tháscairí micreacnamaíocha treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú amhail praghsanna díola ar shaormhargadh an Aontais, costais tháirgthe, brabúsacht, stoic dheiridh, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí. Níor léirigh ach infheistíochtaí treocht dhearfach.

(214)

Cé gur éirigh le tionscal an Aontais praghsanna a mhéadú i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí corrlach brabúis diúltach –3,1 % ag tionscal an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig meath ar an sreabhadh airgid, ar an toradh ar infheistíochtaí freisin, rud a d’fhág gur dheacair do thionscal an Aontais caipiteal a chruinniú agus fás.

(215)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go dtí 2018 gur ndearna tionscal an Aontais téarnamh ó dhíobháil ábhartha a bhí ann roimhe de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán a raibh allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis mar chúis air. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú áfach, tháinig meath ar phictiúr na díobhála agus bhí tionscal an Aontais ar ais i gcás eacnamaíoch leochaileach agus díobhálach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(216)

Tar éis an nochta, d’easaontaigh rialtas na Rúise le conclúid an Choimisiúin maidir le cás thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. De réir rialtas na Rúise, tháinig feabhas ar an gcás le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid leis an mbliain roimhe, seachas le haghaidh an chostais táirgthe in aghaidh aonaid.

(217)

Cé go bhfuil sé ceart gur tháinig feabhas ar chuid de na táscairí díobhála giota beag idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe áfach, rud a léirítear freisin san anailís thuas (mar shampla in aithris (193) nó (211)), léirigh na táscairí meath linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní raibh an feabhas a luadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe leordhóthanach áfach chun tionscal an Aontais a thógáil ón gcás eacnamaíoch leochaileach a bhí roimhe ó 2018. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin.

(218)

De bharr leibhéil dhiomaibhseacha na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh fhéidir le hallmhairí ón tSín agus ón Rúis a bheith ina gcúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(219)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún tuilleadh scrúdaithe ar an dóchúlacht go gcuirfí tús leis an díobháil arís arbh iad allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ba chúis leis an díobháil i dtosach báire, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO gCUIRFÍ TÚS LE DÍOBHÁIL ARÍS

(220)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (215) go raibh tionscal an Aontais i gcás eacnamaíoch leochaileach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (218) freisin nárbh fhéidir le hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis a bheith mar an chúis ar an díobháil do thionscal an Aontais a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe de bharr a méid an-teoranta. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh dóchúlacht ann go gcuirfí tús leis an díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ba chúis léi dá ligfí do na bearta ina haghaidh dul in éag.

(221)

Maidir leis seo, rinne an Coimisiún scrúdú ar an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann, ar an ngaol idir praghsanna onnmhairithe chuig tríú tíortha agus an leibhéal praghais san Aontas agus an tionchar d’allmhairí féideartha agus leibhéil phraghais atá ar allmhairí den sórt sin ó na tíortha seo ar chás thionscal an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag.

5.1.   Acmhainneacht bhreise sa tSín agus sa Rúis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais

(222)

Mar a thuairiscítear cheana féin rannta 3.1.11.2 agus 3.2.3.2, tá acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne agus sa Rúis, lena sáraítear le chéile na méideanna táirgeachta reatha agus an t-éileamh inmheánach sna tíortha sin go substaintiúil. D’fhéadfaí na hacmhainneachtaí sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig margadh an Aontais dá ligfí do na bearta dul in éag. Tá na cainníochtaí a d’fhéadfadh táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis a onnmhairiú suntasach i gcomparáid le méid mhargadh an Aontais. Leoga, is ionann na hacmhainneachtaí breise agus níos mó ná dhá oiread thomhaltas iomlán an Aontais ar an saormhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(223)

Mar a thuairiscítear i rannta 3.1.11.1 agus 3.2.3.1, d’onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis chuig a bpríomh-thríú margaí ar phraghsanna a bhí thíos faoin ngnáthluach a suíodh, a bhí, anuas air sin, níos ísle ná meánphraghsanna (sprice) díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, agus leibhéal praghsanna na n-onnmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Rúis chuig tríú margaí eile á gcur san áireamh, d’fhéadfadh onnmhairiú chuig an Aontas a bheith i bhfad níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na dtíortha sin. Dá dheasca sin, is féidir a bheith ag súil leis go réasúnta, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm, go dtosódh táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis ar mhéideanna arda an táirge faoi athbhreithniú a onnmhairiú chuig an Aontas arís. Treisítear an t-ionchas sin a thuilleadh le hinfhaighteacht na hacmhainneachta breise substaintiúla sa tSín agus sa Rúis. Mar a luadh in aithris (167), cé go bhfuil toirmeasc allmhairithe i bhfeidhm ar tháirgí cruach áirithe a onnmhairítear ón Rúis lena n-áirítear CRF (73), is dócha go mbeidh an beart seo sealadach agus níl aon bhealach ann chun a ré a thuar i ndáil le ré shíneadh na mbeart atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin ní dhéanann sé difear do na conclúidí maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(224)

Mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis, go ndearna an t-iarratasóir rómheastachán ina iarraidh tarraingteacht mhargadh an Aontais i dtaca leis an Rúis. De réir na gcuideachtaí ón Rúis, dá ndéanfaidís méadú ar a n-onnmhairí chuig tríú tíortha, bheadh onnmhairí den sórt sin ag dul chuig comhpháirtithe trádála tosaíochta na Rúise in ionad dul chuig an Aontais. Mar a léirigh an t-iarratasóir áfach, níl aon fháth ann gur cheart acmhainneacht bhreise na Rúise a úsáid chun onnmhairí chuig comhpháirtithe trádála tosaíochta na Rúise a mhéadú. Leoga, baineann onnmhairí den sórt sin buntáiste as dleacht 0 %, mar sin d’fhéadfaidís a onnmhairiú saor ó dhleacht cheana féin. I gcodarsnacht leis sin, tá onnmhairí chuig an Aontais faoi réir dleachtanna faoi láthair agus ní bheadh sladghearradh praghais ann de thoradh comparáid a dhéanamh ar phraghsanna na Rúise agus na Síne chuig tríú tíortha móide dleacht frithdhumpála an Aontais ach bheadh sé ann i gcás bhaint na dleachta frithdhumpála. Mar sin de, níl sé áititheach an argóint a dhéanamh go méadófaí onnmhairí chuig comhpháirtithe trádála den sórt sin cionn is nár léirigh siad aon athrú a d’fhéadfadh titim amach anois go ceann i bhfad lena méadófaí onnmhairí ón Rúis chuig tíortha den sórt sin. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ó na honnmhaireoirí Rúiseacha dá bhrí sin.

(225)

Tar éis an nochta, mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis agus rialtas na Rúise nach mbeadh aon dealraitheacht ann go gcuirfí túis leis an dumpáil dhíobhálach arís ón Rúis. I dtuairim na bpáirtithe sin, “Cruthaíonn dlí agus cleachtas an Aontais gur ionstraim beartas fhadtéarmach iad smachtbhannaí an Aontais”, agus “Níl saolré réamhbhunaithe agus bearta frithdhumpála an Aontais” (74). Mhaígh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis nach bhfuil aon chomhartha ann go ndéanfaí na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a mhaolú ná a bhaint. Dá ndéanfaí na smachtbhannaí a bhaint fiú áfach, níl margadh an Aontais tarraingteach d’onnmhaireoirí na Rúise “de bharr rioscaí arda go gcuirfí géarshrianta trádála i bhfeidhm”.

(226)

Mar a leagtar amach in aithrisí (165) agus (166), níor cuireadh aon fhianaise ar fáil chun an fáth gur lú an tarraingteacht a bheadh i margadh an Aontais d’onnmhaireoirí ón Rúis i gcás gan smachtbhannaí ann. Ina theannta sin, míníonn aithrisí (172), (223) agus (248) sa rialachán seo an fáth ar shuigh an Coimisiún nach féidir leis na smachtbhannaí tionchar a bheith acu ar na conclúidí san imeacht seo. Dá dheasca sin, diúltaíodh do na maímh sin.

5.2.   Éifeacht ar chás tionsclaíoch an Aontais

(227)

Lena shuí conas a dhéanfadh na hallmhairí ón tSín agus ón Rúis difear do thionscal an Aontais dá ndéanfaí na bearta a fhoirceannadh, rinne an Coimisiún anailís ionchasach agus anailís praghais chomparáidigh gan bearta frithdhumpála a bheith ann.

(228)

De bharr na heaspa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha i gceist, agus i bhfianaise na gcainníochtaí an-íseal arna n-allmhairiú san Aontas ó na tíortha sin, níorbh fhéidir aon phraghas allmhairiúcháin iontaofa a shuíomh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin níorbh fhéidir ríomh fónta ar sladghearradh praghais a dhéanamh ar an mbonn sin. Faoi na himthosca sin, chun an praghas dóchúil ar a ndíolfadh táirgeoirí ón tSín agus ón Rúis agus iad ag onnmhairiú chuig margadh an Aontais, rinne an Coimisiún comparáid praghais idir meánphraghas samplach tháirgeoirí an Aontais (díreach ón monarcha) agus meánphraghas ualaithe comhfhreagrach an táirge faoi athbhreithniú le linn onnmhairithe chuig tríú tíortha (75) ón tSín agus ón Rúis.

(229)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh sé difríocht phraghais de bheagnach 13 % i gcás na Rúise. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún go ndéanfadh praghsanna na Rúise sladghearradh ar phraghsanna an Aontais ar leibhéal comhchosúil i margadh an Aontais, dá ligfí do na bearta dul in éag.

(230)

Suíodh sa chomparáid chéanna le haghaidh na Síne nach raibh praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín chuig tríú tíortha níos ísle ná praghsanna an Aontais. Léirigh anailís bhreise áfach, go raibh na praghsanna sin fós faoi bhun spriocphraghas an Aontais. Agus an spriocbhrabús céanna á úsáid mar a úsáideadh san imscrúdú bunaidh (9,9 %) (76) suíodh go raibh allmhairí ón tSín ag leibhéal na bpraghsanna onnmhairithe chuig tríú tíortha 10 % níos ísle ná spriocphraghas an Aontais. Ba dhócha dá bhrí sin go ndéanfadh onnmhairí ón tSín díobháil mura ndéanfaí na bearta a choinneáil ar bun.

5.3.   Conclúid

(231)

I bhfianaise an mhéid thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh go bhfuil gach dóchúlacht ann go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ar phraghsanna díobhálacha in éagmais na mbeart, rud ar dhóichí go gcuirfí tús leis an díobháil ábhartha arís dá thoradh.

6.   LEAS AN AONTAIS

(232)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bheadh sé nó nach mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(233)

Tá tionscal an Aontais lonnaithe in 14 Bhallstát (an Ghearmáin, Poblacht na Slóvaice, an Iodáil, an tSlóivéin, Lucsamburg, an Ghréig, an Bheilg, an Ísiltír, an Ostair, an Fhionlainn, an tSualainn, an Phortaingéil, an Ungáir agus an Spáinn). Fostaíonn sé breis agus 9 000 fostaí i ndáil leis an táirge faoi athbhreithniú.

(234)

Cé gur chuir na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm bac ar allmhairí dumpáilte ón Rúis agus ón tSín teacht isteach i margadh an Aontais den chuid is mó, bhí tionscal an Aontais i staid eacnamaíoch leochaileach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a dheimhnítear le treochtaí diúltacha na dtáscairí díobhála.

(235)

Ar bhonn an mhéid thuas, shuigh an Coimisiún go bhfuil dóchúlacht láidir ann go gcuirfí tús leis an díobháil arís arbh iad allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chionsiocair léi dá rachadh na bearta in éag. D’fhágfadh sé sin go rachadh staid eacnamaíoch thionscal an Aontais, atá an-leochaileach cheana féin, in olcas a thuilleadh de bharr insreabhadh allmhairí dumpáilte, agus go mbeadh a inmharthanacht faoi bhagairt.

(236)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais na bearta frithdhumpála in aghaidh na Rúise agus na Síne a choinneáil ar bun.

6.2.   Leas úsáideoirí agus allmhaireoirí neamhghaolmhara

(237)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí aitheanta agus na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile. Níor tháinig aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar ar ais chun dul i gcomhar leis an imscrúdú seo trí fhreagra ceistneora a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(238)

Chuir allmhaireoir neamhghaolmhar amháin, Duferco S.A, agus úsáideoir amháin, ATS S.A., aighneacht ar fáil maidir leis an tionscnamh. Dar le Duferco S.A, tá méadú suntasach tagtha ar phraghsanna cruach, rud a cruthaíonn ganntanais sa slabhra soláthair. Léirigh rialtas na Rúise úsáideoirí agus tomhaltóirí an Aontais ag fulaingt ó mhéadú géar ar phraghsanna CRF. Déanann ATS S.A. agus na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis tagairt d’ardú praghais sa chéad leath de 2021, agus mhaígh siad go ndearna sé díobháil d’úsáideoirí agus tomhaltóirí CRF. Ina theannta sin, mhaígh na páirtithe gurb ionann na bearta coimirce ar allmhairí táirgí cruach agus ionstraim cosanta trádála aonair a chuireann le fás praghais agus míchothromaíocht i ndáil le soláthar-éileamh (77).

(239)

Maidir leis seo, tá réasúnú agus cuspóir difriúil ag bearta coimirce ná mar atá ag bearta frithdhumpála. Mar a míníodh in aithris (132) thuas, níl na bearta coimirce leordhóthanach chun margadh an Aontais a chosaint in aghaidh allmhairí i gcáilíochtaí leordhóthanacha ar phraghsanna dumpáilte. Ina theannta sin, téann na sonraí a sholáthair Duferco S.A chun tacú lena ráiteas siar go dtí Aibreán agus Iúil 2021, agus cumhdaíonn sé treochtaí a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar a léirigh an anailís in roinn 4.4.2, ní raibh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais ach ag 68 % le linn na tréimhse céanna, agus bhí a bpraghsanna díolachán ar leibhéal réasúnta íseal. Léirigh sé seo go raibh go leor spáis ann le haghaidh táirgeadh méadaithe ar phraghsanna iomaíocha.

(240)

Níor sholáthair ATS S.A. ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis aon fhianaise le substaint a chur leis na ráitis a rinneadh ina n-aighneachtaí. Mar a léiríodh san anailís i roinn 4.4.3, ní raibh na sonraí le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a bhfuil an chéad leath den bhliain 2021 mar chuid de, ag teacht leis na ráitis a rinne ATS S.A.. I bhfíoras, ní raibh praghsanna an Aontais ar leibhéal mí-normalach ard. Bhí siad thíos faoi chostas aonaid agus thíos faoi phraghsanna onnmhairithe de chuid tríú tíortha eile lena n-áirítear an tSín, chomh maith le spriocphraghas an Aontais.

(241)

Cionn is nár sholáthair aon pháirtí leasmhar a luaitear in aithris (238), ná aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar eile freagra ceistneora ná aon fhaisnéis eile seachas na haighneachtaí thuasluaite, bhí faisnéis neamh-leordhóthanach ag an gCoimisiún chun teacht chuig an gconclúid go ndéanfaí díobháil do leas na n-úsáideoirí nó na n-allmhairí dá leanfadh na bearta ar aghaidh.

6.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(242)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana in aghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú, ar de thionscnamh na Rúise nó na Síne iad, a choinneáil ar bun.

7.   MAÍMH LE hAGHAIDH BEARTA A CHUR AR FIONRAÍ/A FHOIRCEANNADH

(243)

Mhaígh trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis agus úsáideoir amháin (ATS S.A.) gur cheart na bearta atá ann faoi láthair a chur ar fionraí. Ina theannta sin, roimh thionscnamh an imscrúdaithe athbhreithnithe éaga fiú, rinne allmhaireoir neamh-ghaolmhar eile atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe (Stemcor London Limited) maíomh cosúil leis sin.

(244)

Rinneadh tagairt sna hargóintí a sholáthair na páirtithe éagsúla ar mhéadú ard praghais líomhnaithe le déanaí san Aontas ó dheireadh 2020, na hallmhairí laga CRF ó na tíortha lena mbaineann agus míchothrom líomhnaithe i ndáil le soláthar-éileamh. Bhain an fhianaise agus na sonraí a sholáthraíodh chun tacú leis na hargóintí sin, cé go raibh sí teoranta, beagnach go hiomlán le tréimhse ama a chumhdaigh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Níor chuir aon pháirtí aon sonraí ar fáil a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ná sonraí réamhaisnéise todhchaí chun tacú lena n-argóintí, seachas praghsanna díolacháin an Aontais sa tríú ceathrú de 2021 agus trácht ar threocht anuas mheasartha ag deireadh 2021. Mhaígh na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis go mbeadh “réamhaisnéis anailíseach ar fhorbairtí margaí sa todhchaí in 2022 -2023 éiginnte agus go dtabharfaidh sí aghaidh ar líon mór cásanna éagsúla, frithráiteacha fiú. Ní féidir leis na táscairí eacnamaíocha is casta fiú léargas a thabhairt ar fhorbairtí amach anseo.” Dé bhrí sin, ag an staid seo, tá sé deacair aon chonclúid a tharraingt ar an mbonn seo a mhéid a bhaineann le hathrú sealadach i gcoinníollacha margaidh a bheith ann.

(245)

Mheabhraigh an Coimisiún maidir leis sin go bhforáiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán go bhféadfaí bearta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcás ina mbeadh athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nár dhócha go dtosófaí ar dhíobháil arís de thoradh na fionraí, agus i gcás gur chun leasa an Aontais é amhlaidh a dhéanamh.

(246)

Maidir leis an dara gné, agus mar a leagadh amach sna ranna ar dhíobháil, go gcuirfí tús le díobháil arís agus leas an Aontais thuas (aithris (174) agus tuilleadh), thug an Coimisiún faoi deara go raibh tionscal an Aontais i gcás leochaileach fós le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (RIP) agus go raibh, in aon chás, dóchúlacht láidir ann go gcuirfí tús leis an díobháil arís ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ar phraghsanna díobhálacha ba chionsiocair léi dá ligfí do na bearta dul in éag. Ina theannta sin, níor shuigh an Coimisiún aon chúis láidir a mhéid a bhaineann le leas an Aontais in aghaidh na bearta a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise ar fáil san imscrúdú seo, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an chonclúid a dhéanamh ag an staid seo go mbeadh sé neamhdhóchúil go dtarlódh díobháil arís de thoradh chur ar fionraí, agus go mbeadh sé chun leasa an Aontais na bearta a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. Choinnigh an Coimisiún a cheart chun scrúdú breise a dhéanamh ar an ngá le bearta a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán amach anseo.

(247)

Ina theannta sin, mhaígh an NLMK Group, an Severstal Group agus an MMK Group de dheasca gur chuir smachtbhannaí stop iomlán ar sholáthar CRF ón Rúis chuig an Aontas, nach raibh aon bhunús dlí ann chun na bearta a choinneáil ar bun cibé acu mar thoradh an athbhreithnithe éaga leanúnaigh nó le linn thréimhse reachtúil chur i bhfeidhm na mbeart. D’áitigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin go raibh an bunathrú ar shreabhadh trádála a tháinig ar an bhfód de dheasca na smachtbhannaí sin de chineál buan. De réir na hargóinte sin, ní bheadh bearta ag teacht lena gcuspóir chun tionscal agus margadh an Aontais a chosaint ó chleachtais thrádála éagóracha ó onnmhaireoirí iasachta agus, dá bhrí sin ní bheadh gá leo faoi Airteagal 11(1) den bhun-Rialachán.

(248)

Thug an Coimisiún faoi deara maidir leis seo i ndiaidh thús an imscrúdaithe, de bharr fogha míleata ó Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, gur chuir an Aontas pacáistí smachtbhannaí de réir a chéile in aghaidh na Rúise a rinne difear freisin do tháirgí cruach agus/nó ar na cuideachtaí cruach a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi athbhreithniú i ndiaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I gcoinne phointe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin áfach, ní féidir smaoineamh ar an gcás atá ann faoi láthair mar de chineál buan. Leoga, mar a leagtar amach in aithrisí (167) agus (172) shuigh an Coimisiún nach féidir leis na smachtbhannaí sin tionchar a bheith acu ar na conclúidí san imeacht seo. Go háirithe, shuigh an Coimisiún gurb in ainneoin na smachtbhannaí atá ann faoi láthair, a bhí gá le bearta fós de réir bhrí Airteagal 11(1) agus (2) den bhun-Rialachán.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(249)

Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir le tús a chur leis an dumpáil arís, go gcuirfí tús leis an díobháil arís agus le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le CRF ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad, a choinneáil ar bun.

(250)

Teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán sin. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(251)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(252)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(253)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(254)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (78). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(255)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (79), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuirfeadh an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(256)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 (80), d’fhorchuir an Coimisiún beart cosanta i leith táirgí áirithe cruach go ceann tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029, cuireadh síneadh leis an mbeart cosanta go dtí an 30 Meitheamh 2024. Is é an táirge faoi athbhreithniú ceann de na catagóirí táirgí a chumhdaítear leis an mbeart cosanta. Dá dheasca sin, ón uair a shárófaí na cuótaí taraife a leagtar amach faoin mbeart cosanta, bheadh an dleacht taraife os cionn an chuóta agus an dleacht frithdhumpála araon iníoctha ar na hallmhairí céanna. Toisc go bhféadfadh carnadh den sórt sin de bhearta frithdhumpála le bearta cosanta a bheith ina chúis le héifeacht ar thrádáil ar mó é ná mar atá inmhianaithe, chinn an Coimisiún cur i bhfeidhm comhthráthach na dleachta frithdhumpála leis an dleacht taraife os cionn an chuóta thuas don táirge faoi athbhreithniú a chosc ar feadh fhad fhorchur na dleachta cosanta.

(257)

Ciallaíonn sé sin, i gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus inar mó í ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála de bhun an Rialacháin seo, ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm comhthráthach na ndleachtanna cosanta agus frithdhumpála, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí. I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála sa Rialachán seo, baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo. Cuirfear an chuid de mhéid na ndleachtanna frithdhumpála nár bailíodh í ar fionraí.

(258)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, nó de chruach chóimhiotail eile cé is moite de chruach dhosmálta, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7209 15 00 (Cód TARIC 7209150090), 7209 16 90, 7209 17 90, 7209 18 91, ex 7209 18 99 (Cód TARIC 7209189990), ex 7209 25 00 (Cód TARIC 7209250090), 7209 26 90, 7209 27 90, 7209 28 90, 7211 23 30, ex 7211 23 80 (Cóid TARIC 7211238019, 7211238095 agus 7211238099), ex 7211 29 00 (Cóid TARIC 7211290019 agus 7211290099), 7225 50 80 agus 7226 92 00 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad.

Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann:

táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh, bídís ina gcornaí nó ná bídís, de gach tiús, leictreach,

táirgí cothrom-rollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, iad ina gcornaí, ar tiús is lú ná 0,35 mm, ainéalta (ar a dtugtar “plátaí dubha”),

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail eile, de gach leithead, de chruach shileacain-leictreach, agus

táirgí cothromrollta de chruach chóimhiotail, gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), de chruach ardluais.

2.   Is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Angang Steel Company Limited, Anshan

19,7

C097

 

Tianjin Angang Tiantie Cold Rolled Sheets Co. Ltd., Tianjin

19,7

C098

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

20,5

 

 

Gach cuideachta eile

22,1

C999

An Rúis

Magnitogorsk Iron & Steel Works OJSC, Magnitogorsk

18,7

C099

 

PAO Severstal, Cherepovets

34

C100

 

Gach cuideachta eile

36,1

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge faoi athbhreithniú), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir meánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir 1 Aibreán 2014 go dtí 31 Márta 2015 (an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh);

(b)

níl sé gaolmhar le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

tá onnmhairiú iarbhír déanta aige ar an táirge faoi athbhreithniú nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, na dleachtanna custaim atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na dleachtanna sin.

Airteagal 2

1.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cothromrollta d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail, nó de chruach chóimhiotail eile cé is moite de chruach dhosmálta, de gach leithead, iad fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, agus an aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú) agus inar mó í ná leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159.

2.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm mhír 1, cuirfear bailiú na ndleachtanna arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, nó cruach cóimhiotail eile ach cé is moite de chruach dhosmálta, ar gach leithead, fuar-rollta (fuar-laghdaithe), gan chumhdach, plátáil ná bratú orthu, agus gan aon oibriú breise déanta orthu seachas fuar-rolladh (fuar-laghdú), agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2).

4.   An chuid de mhéid na dleachta frithdhumpála nár bailíodh de bhun mhír 3, cuirfear ar fionraí í.

5.   Beidh na tréimhsí fionraíochta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 teoranta ó thaobh ama do thréimhse chur i bhfeidhm na dleachta taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 11.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1328 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cruach cothroime fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise (IO L 210, 4.8.2016, lch. 1).

(4)  IO C 389, 16.11.2020, lch. 4.

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad (IO C 311, 3.8.2021, lch. 6).

(6)  IO C 311, 3.8.2021, lch. 8, mír 4.2.

(7)  https://www.gtis.com/gta/.

(8)  https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials.

(9)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2538.

(10)  Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (2020/C 86/06) (IO C 86, 16.3.2020, Lch. 6).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/181 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2016 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise (IO L 37, 12.02.2016, Lch. 17), aithris 113.

(12)  Féach an fonóta roimhe.

(13)  https://www.gtis.com/gta/

(14)  https://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials.

(15)  https://ec.altares.eu/.

(16)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí túr gaoithe cruach áirithe ar scála fóntais de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 450, 16.12.2021, lch. 59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí táite agus feadán táite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3).

(17)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún aithrisí 67-74, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 149-150, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 158-159.

(18)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 115-118 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 122-127.

(19)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 119-122 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 128-132: Cé go bhféadfaí an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomh-phearsanra bainistíochta i bhfiontair atá faoi úinéireacht an Stáit a cheapadh agus a chur as a bpoist, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, a mheas mar rud a léiríonn na cearta úinéireachta a chomhfhreagraíonn dó sin, léiríonn cealla de Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir chinn atá faoi úinéireacht an stáit agus chinn phríobháideacha araon, modh tábhachtach eile trína féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear táirgeoirí táirgí SSCR agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(20)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 123-129 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún aithrisí 133-138.

(21)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 130-133 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 139-142.

(22)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 aithrisí 143-144.

(23)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún aithrisí 195-201, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2239 ón gCoimisiún aithrisí 67-74, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún aithrisí 136-145 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún aithrisí 145-154.

(24)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2017) 483 final/2, 20. 12. 2017, le fáil ag: https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar chineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotal nó de chruach chóimhiotal eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/969 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 92, 6.4.2017, lch. 68), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/649 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma teorollta d’iarann, de chruach neamh-chóimhiotail nó de chruach chóimhiotail eile, ar táirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 146, 9.6.2017, lch. 17) agus; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cruach a bhfuil bratú orgánach orthu de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 116, 3.5.2019, lch. 39).

(26)  An Fóram Domhanda maidir le ró-acmhainneachta sa tionscal cruach, Tuarascáil Aireachta, 20 Meán Fómhair 2018.

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/688, aithris 86.

(28)  Féach ag: https://worldsteel.org/steel-topics/statistics/top-producers/ (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022)

(29)  Féach mar shampla ag: www.fitchratings.com/research/corporate-finance/china-baowu-steel-group-corporation-limited-05-03-2021 (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(30)  Tuarascáil – Caibidil 14, Lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit i dtéarmaí táirgthe, agus 44 % d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí acmhainneachta.

(31)  Le fáil ag: www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm); https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e, agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(32)  Le fáil ag http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(33)  Faoi mar a tharla i gcás an chumaisc idir Rizhao, cuideachta phríobháideach, agus Shandong Iron and Steel, cuideachta faoi úinéireacht an Stáit, in 2009. Féach an tuarascáil ar chruach Bhéising, Lch. 58, agus an leas tromlaigh de Ghrúpa Cruach Baowu na Síne a fuair Cruach Magang i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(34)  Féach: https://www.miit.gov.cn/gzcy/yjzj/art/2020/art_af1bef04b9624997956b2bff6cdb7383.html (arna rochtain an 13 Eanáir 2022).

(35)  Féach Roinn IV, Foroinn 3 den Phlean, atá le fáil ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 13 Eanáir 2022).

(36)  Féach an 14ú Plean 5 Bliana maidir le forbairt an Tionscail Cruach, Réamhrá.

(37)  Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, le fáil ag: http://www.baowugroup.com/about/board_of_directors (arna rochtain an 28 Márta 2022).

(38)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta, le fáil ag: https://www.baosteel.com/about/manager (arna rochtain an 28 Márta 2022).

(39)  Féach suíomh gréasáin an ghrúpa, le fáil ag: http://www.baowugroup.com/party_building/overview (arna rochtain an 28 Márta 2022).

(40)  Ibidem

(41)  Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, Lgh. 346 ff.

(42)  Réamhrá le The Plan for Adjusting and Upgrading the Steel Industry.

(43)  Tuarascáil, Caibidil 14, Lch. 347.

(44)  An 13ú Plean 5 Bliana maidir leis an bhForbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (2016-2020)], le fáil ag: https://en.ndrc.gov.cn/policies/202105/P020210527785800103339.pdf (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(45)  Tuarascáil – Caibidil 14, Lch. 349.

(46)  Tuarascáil – Caibidil 14, Lch. 352.

(47)  Féach 14 ú Plean 5 Bliana Dhaon-Phoblacht na Sine maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035, Cuid III, Airteagal VIII, le fáil ag:

https://cset.georgetown.edu/publication/china-14th-five-year-plan/ (arna rochtain an 4 Lúnasa 2022).

(48)  Guiding Catalogue for Industry Restructuring (Leagan 2019), arna formheas ag Foraithne an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus Athchóiriú de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne Uimh. 29 an 27 Lúnasa 2019; le fáil ag:

http://www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf (arna rochtain an 27 Meitheamh 2022).

(49)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 134-135 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 143-144.

(50)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(51)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna den táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.

(52)  https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/tarifas-aplicadas-a-clientes-atendidos-em-alta-e-media-tensao-(grupo-a), agus https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/bandeira-tarifaria

(53)  https://ilostat.ilo.org/

(54)  https://ilostat.ilo.org/data/ https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer36/?lang=en&segment=indicator&id=EAR_4MTH_SEX_ECO_CUR_NB_A.

(55)  https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer38/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A

(56)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, Lch. 33). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh agus, in aon chás, gur sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.

(57)  https://ilostat.ilo.org/

(58)  https://ilostat.ilo.org/data/ , https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer36/?lang=en&segment=indicator&id=EAR_4MTH_SEX_ECO_CUR_NB_A.

(59)  https://www.ilo.org/shinyapps/bulkexplorer38/?lang=en&segment=indicator&id=HOW_TEMP_SEX_ECO_NB_A

(60)  https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/tarifas-aplicadas-a-clientes-atendidos-em-alta-e-media-tensao-(grupo-a), agus https://www.edp.com.br/distribuicao-es/saiba-mais/informativos/bandeira-tarifaria

(61)  www.macmap.org

(62)  Le bunachar sonraí 14(6), cuirtear sonraí ar fáil maidir le hallmhairí táirgí atá faoi réir cláraithe nó bearta frithdhumpála nó frith-fhóirdheontais, ó na tíortha lena mbaineann an nós imeachta agus ó thríú tíortha eile, ag leibhéal na gcód TARIC 10 ndigit.

(63)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225 I, 25.6.2021, Lch. 1).

(64)  https://www.oecd.org/industry/ind/latest-developments-in-steelmaking-capacity-2021.pdf

(65)  https://worldsteel.org/steel-topics/statistics/world-steel-in-figures-2022/

(66)  Tionscnamh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cruach comhréidh fuar-rollta áirithe ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad, aighneacht ar son Duferco S.A., 27.8.2021, roinn 4.1. An tSín, leathanaigh 6-7.

(67)  Praghsanna, Innéacs & Réamhaisnéisí Domhanda Cruach | MEPS International

(68)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) 2022/428 (IO L 87I, 15.3.2022, lch. 13). Déan tagairt do https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0833-20220413 le haghaidh an leagain chomhdhlúite de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, a bhfuil gach leasú a bhaineann leis an bpacáiste smachtbhannaí ann.

(69)  Bhí an India, an Tuirc, an Úcráin agus Poblacht na Cóiré ar na tíortha amháin le sciar de mhargadh os cionn 3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus ní raibh ach ag an Téaváin agus an Ríocht Aontaithe sciar de mhargadh níos mó ná 2 %.

(70)  Deimhníodh é seo freisin san imscrúdú bunaidh, féach aithris (136) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/181.

(71)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/181, aithris 136.

(72)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1328.

(73)  Féach Rialachán (AE) 2022/428 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(74)  De réir na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón Rúis, aon bheart frithdhumpála “déanfar é a fhoirceannadh cionn is nach ann do na coinníollacha thíos faoina chur i bhfeidhm a thuilleadh” agus go n-úsáideann an Coimisiún bearta frithdhumpála “mar uirlis chosanta trádála fhadtéarmach”.

(75)  Suíodh an praghas seo ar bhonn CAL, mar a tuairiscíodh in GTA (https://www.gtis.com/gta/), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh costais iarallmhairiúcháin.

(76)  Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1328, aithris 156.

(77)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/978 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach, IO L 167, 24.06.2022, Lch. 58.

(78)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(79)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, Lch. 1).

(80)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha in aghaidh allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, Lch. 27).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Hesteel Co., Ltd Tangshan Branch, Tangshan

C103

Daon-Phoblacht na Síne

Handan Iron & Steel Group Han-Bao Co., Ltd, Handan

C104

Daon-Phoblacht na Síne

Baoshan Iron & Steel Co., Ltd, Shanghai

C105

Daon-Phoblacht na Síne

Shanghai Meishan Iron & Steel Co., Ltd, Nanjing

C106

Daon-Phoblacht na Síne

BX Steel POSCO Cold Rolled Sheet Co., Ltd, Benxi

C107

Daon-Phoblacht na Síne

Bengang Steel Plates Co., Ltd, Benxi

C108

Daon-Phoblacht na Síne

WISCO International Economic & Trading Co. Ltd, Wuhan

C109

Daon-Phoblacht na Síne

Maanshan Iron & Steel Co., Ltd, Maanshan

C110

Daon-Phoblacht na Síne

Tianjin Rolling-one Steel Co., Ltd, Tianjin

C111

Daon-Phoblacht na Síne

Zhangjiagang Yangtze River Cold Rolled Sheet Co., Ltd, Zhangjiagang

C112

Daon-Phoblacht na Síne

Inner Mongolia Baotou Steel Union Co., Ltd, Cathair Batou

C113


CINNTÍ

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/195


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2069 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meán Fómhair 2022

lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6859)

(Is é an leagan Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (1), agus go háirithe mír 2, an tríú fomhír, d’Iarscríbhinn III a ghabhann léi,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 91/676/CEE, leagtar síos rialacha maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta.

(2)

Le mír 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, maidir leis na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu níos mó aoileach beostoic ná 170 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir a úsáid, leagtar síos go bhfuil na Ballstáit sin chun méideanna a shocrú ionas nach ndéanfar dochar do bhaint amach na gcuspóirí a shonraítear in Airteagal 1 den Treoir sin. I gcás go gceadaíonn Ballstát méid difriúil faoi phointe (b) den dara fomhír, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi agus scrúdóidh an Coimisiún an réasúnú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

(3)

Le Cinneadh 2005/880/CE (2), dheonaigh an Coimisiún maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh féaránach a cheadú suas le teorainn 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ar fheirmeacha ar féarthalamh 70 % díobh ar a laghad.

(4)

Le Cinneadh 2010/65/AE (3), dheonaigh an Coimisiún, agus Cinneadh 2005/880/CE á leasú aige, maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh féaránach suas le teorainn 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ar fheirmeacha ar féarthalamh 70 % díobh ar a laghad a cheadú go dtí an 31 Nollaig 2013.

(5)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/291/AE ón gCoimisiún (4), a scoir d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2017, deonaíodh maolú don Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh féaránach a cheadú ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad suas le teorainn 230 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana i gcás feirmeacha ar ithreacha gainmheacha an deiscirt agus an láir agus ar ithreacha lóis, agus suas le teorainn 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana i gcás feirmeacha ar ithreacha eile. Bhain an maolú le 19 564 fheirm in 2016, a chomhfhreagraíonn do 47 % den ghlanlimistéar talmhaíochta iomlán san Ísiltír.

(6)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/820 ón gCoimisiún (5), a scoir d’fheidhm a bheith aige an 1 Eanáir 2020, deonaíodh maolú don Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE chun úsáid aoiligh féaránach a cheadú ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad suas le teorainn 230 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana i gcás feirmeacha ar ithreacha gainmheacha an deiscirt agus an láir agus ar ithreacha lóis, agus suas le teorainn 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana i gcás feirmeacha ar ithreacha eile. Bhain an maolú le 18 818 bhfeirm in 2019, a chomhfhreagraíonn do 44,7 % den ghlanlimistéar talmhaíochta iomlán san Ísiltír.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1073 ón gCoimisiún (6), a scoir d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2021, deonaíodh maolú don Ísiltír chun úsáid aoiligh féaránach a cheadú ar fheirmeacha ar féarthalamh 80 % díobh ar a laghad suas le teorainn 230 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana i gcás feirmeacha ar ithreacha gainmheacha an deiscirt agus an láir agus ar ithreacha lóis, agus suas le teorainn 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana i gcás feirmeacha ar ithreacha eile. Rinneadh fad an Chinnidh Cur Chun Feidhme sin a theorannú do 2 bhliain chun é a chur ar a chumas don Ísiltír straitéis um fhorfheidhmiú feabhsaithe a chur chun feidhme go hiomlán chun calaois a chosc i gcur chun feidhme a beartais aoiligh. Thairis sin, áiríodh coinníollacha breise chun a áirithiú nár tháinig méadú ar an méid beostoic agus chun astaíochtaí amóinia in úsáid aoiligh a laghdú.

(8)

An 25 Feabhra 2022 d’iarr an Ísiltír maolú nua de bhun Threoir 91/676/CEE mír 2, an tríú fomhír, d’Iarscríbhinn III.

(9)

Thuairiscigh an Ísiltír sonraí (7) faoi Airteagal 10 de Threoir 91/676/CEE, ar sonraí iad a léirigh go raibh an meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l i gcás thart ar 14 % de na stáisiúin faireacháin screamhuisce san Ísiltír sa tréimhse 2016 go 2019, bhí sé idir 40 agus 50 mg/l i gcás 5 % díobh agus faoi bhun 25 mg/l i gcás 73 % díobh. Léirigh na sonraí freisin go raibh meántiúchan níotráití faoi bhun 50 mg/l ag 99 % de na stáisiúin faireacháin uisce dromchla san Ísiltír sa tréimhse 2016 go 2019, agus go raibh meántiúchan níotráití faoi bhun 25 mg/l ag 96 % de na stáisiúin faireacháin sin. Mar sin féin, le linn thréimhse tuairiscithe 2016 go 2019, bhí 58 % de na fionnuiscí eotrófach agus d’fhéadfadh 10 % díobh éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart.

(10)

Maidir leis na sonraí sin, a foilsíodh sa Tuarascáil ar Airteagal 10 de Threoir 91/676/CEE (8), léirigh siad freisin go bhfuil éagsúlacht nach beag idir cúigí na hÍsiltíre agus go bhfuil teophointí truaillithe maidir le tiúchan níotráití sa screamhuisce agus maidir le heotrófú le fáil i roinnt de chúigí na hÍsiltíre. In Limburg, bhí meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l i ag 36 % de stáisiúin screamhuisce agus bhí treochtaí diúltacha i ag 22 % díobh, agus thairis sin, bhí 74 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 16 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Noord-Brabant, bhí meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l ag 26 % de stáisiúin screamhuisce agus bhí treochtaí diúltacha ag 20 % díobh, agus thairis sin, bhí 68 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 7 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Zeeland, bhí meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l ag 14 % de stáisiúin screamhuisce agus bhí treochtaí diúltacha ag 47 % díobh, agus thairis sin, bhí 80 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 11 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Zuid-Holland, bhí 54 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 17 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Noord-Holland, bhí 61 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 19 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Utrecht, bhí treochtaí diúltacha maidir le tiúchan níotráití ag 24 % de stáisiúin screamhuisce, bhí 43 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 10 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Gelderland, bhí meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l ag 10 % de stáisiúin screamhuisce agus bhí treochtaí diúltacha i ag 15 % díobh. In Overijssel, bhí meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l ag 18 % de stáisiúin screamhuisce agus bhí treochtaí diúltacha i ag 19 % díobh, agus thairis sin, bhí 67 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 4 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Drenthe, bhí meántiúchan níotráití os cionn 50 mg/l i ag 15 % de stáisiúin screamhuisce, bhí 65 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 9 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Friesland, bhí treochtaí diúltacha maidir le tiúchan níotráití ag 23 % de stáisiúin screamhuisce, agus bhí 85 % d’uiscí dromchla eotrófach. In Groningen, bhí 52 % d’uiscí dromchla eotrófach agus 11 % díobh i mbaol éirí eotrófach mura ndéanfaí aon bheart. In Flevoland, bhí 33 % d’uiscí dromchla eotrófach.

(11)

Thuairiscigh an Ísiltír sonraí in 2020 agus 2021 i gcomhthéacs na dtuarascálacha faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1073, agus léirigh na sonraí sin méaduithe ar thiúchain níotráití i screamhuisce i limistéir ina bhfuil ithreacha lóis, gainmheacha agus créúla. I ndeisceart agus in oirthear réigiún na hithreach gainmhí, ba é 67 mg/l an meántiúchan níotráití i méadar uachtarach an screamhuisce in 2021. Is mó sin ná teorainnluach an Aontais eadhon 50 mg/l. Ó bhí 2017 ann, tá méadú faoi dhó tagtha ar an tiúchan níotráití sa chuid sin de réigiún na hithreach gainmhí. D’fhan an meántiúchan i dtuaisceart réigiún na hithreach gainmhí níos ísle ná teorainnluach an Aontais, ach tháinig méadú air go 37 mg/l in 2021. I réigiún na hithreach lóis, tháinig laghdú beag ar an meántiúchan go 57 mg/l in 2020, ach tá sin fós os cionn theorainnluach an Aontais. I réigiún na hithreach créúla, d’fhan tiúchain níotráití faoi bhun an teorainnluacha go seasta, ach tá méadú tagtha orthu. Rinneadh na tiúchain ab ísle a thomhas i réigiún na hithreach móna, áit inarbh é 14 mg/l an meántiúchan in 2021. Léirigh na sonraí freisin gur mhinic a sháraigh uisce creasa fhréamhaithe ó fheirmeacha sa líonra faireacháin maolaithe na noirm tiúchana níotráití fiú má d’fhan an meánluach faoi bhun 50 mg/l.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 91/676/CEE, cuireann an Ísiltír clár gníomhaíochta i bhfeidhm maidir lena críoch iomlán. An 26 Nollaig 2021, ghlac an Ísiltír clár gníomhaíochta nua le haghaidh na tréimhse 2022-2025 (9) (an 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití), ina bhfuil bearta breise chun caillteanais cothaitheach (nítrigin agus fosfar) sa chomhshaol a laghdú agus atá bunaithe ar chur chuige difreáilte réigiúnach ag brath ar leibhéal an truaillithe cothaitheach agus ar an gcineál ithreach. Mar sin féin, rinne coimisiún comhairleach eolaíoch údaráis na hÍsiltíre (Commissie van Deskundigen Meststoffenwet) measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol mar ullmhúchán don 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití, measúnú inar fuarthas amach nár leordhóthanach na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gclár gníomhaíochta chun na cuspóirí maidir le cáilíocht uisce a bhaint amach. An 25 Feabhra 2022, ghlac an Ísiltír Aguisín (10) a ghabhann leis an 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití lena dtagraítear don Chlár Náisiúnta um Limistéir Thuaithe (11) ina leagtar amach cur chuige comhtháite i leith an dúlra, an uisce agus na haeráide, lena n-áirítear astaíochtaí nítrigine, chun ceanglais chomhshaoil agus aeráide an Aontais a chomhlíonadh. Leis an Aguisín, féachann Rialtas na hÍsiltíre le bearta nithiúla a dhéanamh dá huaillmhianta, ar bearta iad arb é is aidhm dóibh na spriocanna cáilíochta uisce maidir le cothaithigh ó fhoinsí talmhaíochta a bhaint amach.

(13)

Sa 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití 2022-2025 agus san Aguisín a ghabhann leis, socraíodh na hiarrachtaí is gá in aghaidh an réigiúin chun na cuspóirí cáilíochta uisce maidir le níotráití agus fosfar ó fhoinsí talmhaíochta a bhaint amach, cuspóirí a shonraítear i dTreoir 91/676/CEE agus i bplean na hÍsiltíre um bainistiú abhantrach a glacadh i gcomhthéacs Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Maidir le tiúchain níotráití i screamhuisce, is gá iarracht áirithe chun na spriocanna a bhaint amach i réigiúin Zand Noord, Zand Oost, Westelijk Noord-Brabant, Centraal zeeklei, Zuidwestelijk zeekleigebied, Westelijk zandgebied, agus is gá iarracht mhór chun iad a bhaint amach i réigiúin Gelderse Vallei, Oostelijk Noord-Brabant en Limburg Zand, Lössgebied. Maidir le tiúchain fosfair i screamhuisce (eotrófú), is gá iarracht áirithe chun na spriocanna a bhaint amach i réigiúin Zand Noord, Zand Oost, Westelijk Noord-Brabant, Oostelijk Noord-Brabant en Limburg Zand, Noordelijk zeekleigebied, Centraal zeeklei Zuidwestelijk zeekleigebied, agus is gá iarracht mhór chun iad a bhaint amach i réigiúin Gelderse Vallei, Lössgebied, Westelijk Zeeklei, Westelijk veengebied, Westelijk zandgebied. Tá an méid sin comhsheasmhach leis na sonraí a thuairiscigh an Ísiltír faoi Airteagal 10 de Threoir 91/676/CEE.

(14)

Glacfaidh an Ísiltír sonrúchán nua le haghaidh limistéir arna dtruailliú le níotráití agus fosfar ó fhoinsí talmhaíochta (limistéir arna dtruailliú le cothaithigh), agus ba cheart a áireamh san ainm nua sin gach dobharcheantar le haghaidh pointí faireacháin i gcomhair screamhuisce agus uisce dromchla lena léirítear meántruailliú níotráití nó teagmhais ócáideacha truaillithe níotráití, gach dobharcheantar atá i mbaol truaillithe agus treochtaí méadaitheacha, mar aon le pointí faireacháin lena léirítear eotrófú nó atá i mbaol éirí eotrófach. Ba cheart cásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh leis an sonrúchán freisin, go háirithe na rialuithe i gcásanna C-221/03 (13) agus C-543/16 (14). Mura bhfuil aon sonrúchán nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024, ainmneofar gach limistéar ina bhfuil gá le hiarrachtaí áirithe nó móra mar limistéir arna dtruailliú le cothaithigh.

(15)

Ba cheart an iarraidh seo ar mhaolú a mheas laistigh de chomhthéacs beartais níos leithne an Aontais maidir le saincheisteanna bainistithe cothaitheach, go háirithe, cuspóirí agus spriocanna Threoracha 2000/60/CE, 2006/118/CE (15) agus 2008/56/CE (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, uaillmhian mhéadaitheach an Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill (17) agus Plean Straitéiseach CBT le haghaidh na hÍsiltíre (18), chomh maith le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir leis an truailliú cothaitheach. Sa Chomhaontú Glas don Eoraip socraítear cuspóirí le haghaidh an Aontais chun caillteanais cothaitheach a laghdú, agus chun teorainn a chur le gáis ceaptha teasa nach CO2 iad, eadhon meatán agus ocsaíd nítriúil, a bhfuil an leasúchán agus beostoc ina bhfoinse mhór díobh. Tá gealltanas tugtha ag an Aontas go háirithe, sa Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” (19) agus sa Phlean Gníomhaíochta um Thruailliú Nialasach (20), caillteanais cothaitheach a laghdú 50 % faoi 2030, rud a fhágfaidh go dtiocfaidh laghdú 20 % ar leasacháin, agus go gcaomhnófar torthúlacht na hithreach, agus laghdú 25 % a dhéanamh ar limistéir éiceachórais an Aontais arna dtomhas mar limistéir os cionn “ualaí criticiúla” sil-leagain nítrigine, ina bhfuil an bhithéagsúlacht faoi bhagairt ag an truailliú aeir.

(16)

Sa “togra bunaidh i dtaobh an Chláir Náisiúnta um Limistéir Thuaithe” an 10 Meitheamh 2022 (21), tugann Rialtas na hÍsiltíre dá aire “go bhfuil na dúshláin is mó i limistéir talún portaigh, limistéir Natura 2000, limistéir cosanta screamhuisce, sruthchúrsaí leochaileacha, agus criosanna maolánacha timpeall ar láithreáin Natura 2000. Sna limistéir sin, beidh níos mó srianta gnó ar fheirmeoirí nó beidh níos lú deiseanna forbartha acu. Is é fairsingiú na talmhaíochta an bealach is oiriúnaí dá bhrí sin”. Áirítear ann freisin “gealltanas chun limistéir idirthréimhseacha a chruthú timpeall ar láithreáin Natura 2000”. “Is é atá i limistéir idirthréimhseacha (criosanna maolánacha) timpeall ar limistéir Natura 2000 limistéir atá in aice láithreáin Natura 2000 lena rannchuidítear le hathchóiriú córas chun an bhithéagsúlacht sa láithreán Natura 2000 lena mbaineann a chothabháil agus a athbhunú”.

(17)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh ón Ísiltír ar mhaolú agus ceanglais agus cuspóirí Threoir 91/676/CEE á gcur san áireamh aige mar aon leis an taithí a fuarthas ó na cinntí maolaithe a rinneadh roimhe seo agus i bhfianaise an 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití agus an Aguisín a ghabhann leis. Rinne sé scrúdú freisin ar na treochtaí i gcáilíocht an uisce agus tá cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip curtha san áireamh aige. Ar bhonn an mhéid thuas, measann an Coimisiún gur gá idirthréimhse intuartha mhaolaithe 4 bliana ar a mhéad a áirithiú le haghaidh feirmeoirí féarthalún go dtí go mbeidh na hathchóirithe atá beartaithe, athchóirithe a leagtar amach san Aguisín, ionchorpraithe go hiomlán i ndlí na hÍsiltíre agus chun gabháil le cur chun feidhme de réir a chéile na n-athchóirithe nua. Measann an Coimisiún thairis sin gur gá don Ísiltír coinníollacha dochta breise a chomhlíonadh chun cuspóirí Threoir 91/676/CEE a bhaint amach, go háirithe sna limistéir arna dtruailliú le cothaithigh ach ní sna limistéir sin amháin. Leis an maolú arna iarraidh, ba cheart tacú leis an gconair athchóirithe a shainítear san Aguisín agus sa Chlár Náisiúnta um Limistéir Thuaithe.

(18)

Tá an maolú a dheonaítear leis an gCinneadh seo gan dochar d’oibleagáidí na hÍsiltíre Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (22) a chur i bhfeidhm, ná don rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-293/17 (23), go háirithe maidir le léirmhíniú Airteagal 6(3) den Treoir sin, agus chun Treoir 2000/60/CE agus Treoir 2008/56/CE a chur i bhfeidhm agus ní eisiatar léi go bhféadfadh gá a bheith le bearta breise chun oibleagáidí a dhíorthaítear ó na Treoracha sin a chomhlíonadh.

(19)

Tá sé fíor-riachtanach a áirithiú nach gcuirfear moill ar cheanglais reachtaíochta eile de chuid an Aontais a bhféadfadh truailliú nítrigine agus fosfair a bheith ina bhac ar bhaint amach chuspóirí na reachtaíochta sin ná nach gcuirfear na ceanglais sin i mbaol sin dá ndéanfaí méideanna breise aoiligh a údarú in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana. Dá bhrí sin, níor cheart údaruithe náisiúnta le haghaidh maoluithe d’fheirmeoirí aonair a cheadú i limistéir cosanta screamhuisce ná i limistéir Natura 2000, ná laistigh de na criosanna maolánacha timpeall ar limistéir Natura 2000 a shainítear i gClár Náisiúnta na hÍsiltíre um Limistéir Thuaithe, agus a sonrófar a méid in 2023.

(20)

Tá an dlús beostoic san Ísiltír an-ard fós, in 2016, ba é an dlús beostoic ab airde san Aontas é, agus beagnach cúig huaire níos airde ná meán an Aontais. De réir na sonraí a chuir an Ísiltír ar fáil, tháinig laghdú 2,5 % ar an mbeostoc iomlán sa tréimhse 2019 go 2021, ach tháinig méadú ar líon an eallaigh.

(21)

Níor cheart an táirgeadh foriomlán aoiligh in 2020 a shárú. Beidh an uasteorainn sin maidir le huastáirgeadh aoiligh leabaithe sa reachtaíocht náisiúnta an 1 Eanáir 2024. Ina theannta sin, ba cheart laghdú de réir a chéile a theacht ar an táirgeadh aoiligh faoi dheireadh bhailíocht an Chinnidh seo de thoradh chur chun feidhme na n-athchóirithe atá beartaithe faoin gClár Náisiúnta um Limistéir Thuaithe.

(22)

I limistéir arna dtruailliú le cothaithigh go háirithe, is gá an 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití agus an tAguisín a ghabhann leis a chomhlánú le bearta sonracha a aithnítear ar mhaithe lena n-éifeachtacht maidir le cothaithigh a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ar leibhéal na feirme agus maidir le caillteanais cothaitheach i screamhuisce agus i bhfionnuisce a laghdú.

(23)

Bhunaigh an Ísiltír straitéis um fhorfheidhmiú feabhsaithe chun dlús a chur le calaois a chosc i gcur chun feidhme a beartais aoiligh. Cuireadh an straitéis sin chun feidhme sna blianta 2020-2021, ach cuireadh roinnt moilleanna uirthi freisin de dheasca phaindéim COVID. Is gá cur chun feidhme na straitéise de réir a príomh-aiseanna gníomhaíochta a shaothrú go héifeachtach agus a leathnú chun réigiúin eile a chumhdach, ar réigiúin iad a léirítear ina leith sa mheasúnú neamhspleách go bhfuil riosca nach beag nach gcomhlíonfar d’aon ghnó na rialacha maidir le bainistiú aoiligh. D’fhéadfadh méadú teacht ar an gcalaois mar gheall ar an idirthréimhse le haghaidh na n-athchóirithe talmhaíochta atá beartaithe, agus dá bhrí sin ba cheart dlús a chur leis na rialuithe.

(24)

Tá na húdaruithe d’fheirmeoirí aonair faoi réir coinníollacha áirithe arb é is aidhm dóibh leasúchán ar leibhéal na feirme atá bunaithe ar riachtanais na mbarr a áirithiú agus caillteanas nítrigine agus fosfáite san uisce a chosc. Ba cheart na bearta a leagtar síos sa Chinneadh seo a bheith sa bhreis ar na bearta atá á gcur i bhfeidhm cheana tríd an 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití agus tríd an Aguisín a ghabhann leis.

(25)

Ceanglaítear ar an Ísiltír na bearta uile a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) a chur chun feidhme chun astaíochtaí amóinia a laghdú. Ba é conclúid na tuarascála ar thionchar Threoir 91/676/CEE ar astaíochtaí nítrigine gásaí (25) go bhféadfadh astaíochtaí gásacha níos airde a bheith ina dtoradh ar an maolú i roinnt réigiún ina bhfuil dlús ard beostoic. Dá bhrí sin, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun astaíochtaí amóinia a laghdú, lena n-áirítear teicnící leata íseal-astaíochtaí, i gcás inar gá, in éineacht le huasteocht ag ar féidir aoileach a úsáid agus oibleagáid dhocht maidir le haoileach/sciodar a ionchorprú láithreach san ithir nuair a chuirtear ar ghoirt iad.

(26)

Meastar gurb iad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4 den Chinneadh seo an leagan de na Ceanglais Reachtúla Bhainistíochta a leagtar síos sa dlí náisiúnta de réir bhrí Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus maidir le heintitis a thairbhíonn de mhaoluithe, meastar gurb iad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 5 go 9 den Chinneadh seo an leagan de na Ceanglais Reachtúla Bhainistíochta a leagtar síos sa dlí náisiúnta de réir bhrí Airteagail 12 agus 13 de Rialachán (AE) 2021/2115.

(27)

Ní mór don Ísiltír na cuspóirí maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh a chomhlíonadh. Dá ndéanfaí úsáid talún a thiontú ó fhéarthalamh go talamh arúil, chruthófaí méadú ar astaíochtaí carbóin ithreach agus chuirfí bac ar chomhlíonadh Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

(28)

Le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), leagtar síos rialacha ginearálta arb é is aidhm dóibh an Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis san Aontas a bhunú chun críocha bheartais chomhshaoil an Aontais agus chun críocha bheartais nó ghníomhaíochtaí an Aontais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcomhshaol. I gcás inarb infheidhme, ba cheart an fhaisnéis spáis arna bailiú i gcomhthéacs an Chinnidh seo a bheith i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir sin. Thairis sin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus comhleanúnachas sonraí a fheabhsú, ba cheart don Ísiltír, agus na sonraí is gá á mbailiú aici faoin gCinneadh seo, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna giniúint faoin gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe a bhunaigh an Ísiltír de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

(29)

Scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2025.

(30)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Níotráití a bunaíodh de bhun Airteagal 9 de Threoir 91/676/CEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maolú

Maidir leis an maolú a d’iarr an Ísiltír le litir dar dáta an 25 Feabhra 2022, chun úsáid méid nítrigine ó aoileach féaránach ar an talamh a cheadú, ar mó é ná an méid dá bhforáiltear i mír 2, an dara fomhír, an chéad abairt, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 91/676/CEE, deonaítear an maolú sin mar bheart idirthréimhseach chun gabháil le hathchóirithe ar earnáil na talmhaíochta agus an bheostoic san Ísiltír chun ceanglais chomhshaoil agus aeráide an Aontais a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí nítrigine (lena n-áirítear amóinia) agus cothaithigh san uisce (lena n-áirítear Treoir 91/676/CEE), agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo.

Airteagal 2

Raon feidhme an mhaolaithe

Tá feidhm ag an maolú maidir le feirmeacha féarthalún ar deonaíodh údarú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “feirm féarthalún” aon ghabháltas inar féar é 80 % ar a laghad den acraíocht atá ar fáil chun aoileach a úsáid uirthi,

(2)

ciallaíonn “féaránaigh” eallach (cé is moite de laonna feola), caoirigh, gabhair, capaill, asail, fianna agus buabhaill uisce,

(3)

ciallaíonn “talamh feirme” an acraíocht atá faoi úinéireacht an fheirmeora, atá á fáil ar cíos nó á bainistiú aige faoi chonradh aonair i scríbhinn agus as a bhfuil freagracht dhíreach bhainistíochta ar an bhfeirmeoir,

(4)

ciallaíonn “féarthalamh” féarthalamh buan nó féarthalamh sealadach talamh atá ann níos lú ná 5 bliana,

(5)

ciallaíonn “plean leasúcháin” ríomh ar úsáid bheartaithe agus infhaighteacht cothaitheach,

(6)

ciallaíonn “cuntas leasúcháin” an comhardú cothaitheach bunaithe ar fhíorúsáid agus ar ghlacadh cothaitheach,

(7)

ciallaíonn “clár leasúcháin” córas leictreonach trína ndéanann feirmeoirí tuairisciú ar fhíorúsáidí cothaitheach agus ar bhainistiú aoiligh,

(8)

ciallaíonn “ithreacha gainmheacha an deiscirt agus an láir” ithreacha a léirítear mar ithreacha gainmheacha an deiscirt agus ithreacha gainmheacha an láir faoi reachtaíocht na hÍsiltíre: Airteagal 1, mír 1, den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis an Acht um Leasacháin (30),

(9)

ciallaíonn “ithreacha lóis” ithreacha a léirítear mar ithreacha lóis faoi reachtaíocht na hÍsiltíre: Airteagal 1, mír 1, den Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis an Acht um Leasacháin,

(10)

le “cothaithigh”, tagraítear do nítrigin agus d’fhosfáit.

Airteagal 4

Coinníollacha ginearálta le haghaidh an mhaolaithe

Deonaítear an maolú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Forbróidh an Ísiltír sonrúchán nua agus léarscáil nua de limistéir arna dtruailliú le níotráití agus fosfar ó fhoinsí talmhaíochta (limistéir arna dtruailliú le cothaithigh) faoin 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí, lena n-áirítear gach dobharcheantar le haghaidh pointí faireacháin i gcomhair screamhuisce agus uisce dromchla lena léirítear meántruailliú níotráití nó teagmhais ócáideacha truaillithe níotráití, atá i mbaol truaillithe agus treochtaí méadaitheacha, mar aon le pointí faireacháin lena léirítear eotrófú nó atá i mbaol éirí eotrófach.

Mar bheart idirthréimhseach agus go dtí go mbeidh an sonrúchán nua i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2024 ar a dhéanaí, le limistéir arna dtruailliú le cothaithigh, cumhdófar limistéir ithreacha gainmheacha an deiscirt agus an láir agus limistéir ithreacha lóis, agus ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, na dobharcheantair arna sainiú de réir dobharlaigh réigiúnacha agus a cáilíodh mar limistéir a bhfuil cothaithigh neamhleora iontu (olc, neamh-leordhóthanach agus measartha) san anailís náisiúnta ar cháilíocht uisce (2020) (31) a rinne Gníomhaireacht na hÍsiltíre um Measúnú Comhshaoil (PBL).

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, beidh sonrúchán críochnaitheach agus léarscáil de limistéir arna dtruailliú le cothaithigh i bhfeidhm agus áireofar iontu na limistéir arna n-ainmniú in 2023 ar a laghad chomh maith le haon limistéar breise eile inar mórán méid a gcuireann an talmhaíocht leis an truailliú cothaitheach i.e. níos mó ná 19 % d’ualach iomlán na gcothaitheach.

Mura mbeidh an sonrúchán críochnaitheach agus an léarscáil de limistéir arna dtruailliú le cothaithigh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024, bainfear úsáid as an sonrúchán dá bhforáiltear sa 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití agus san Aguisín a ghabhann leis, lena n-áirítear gach limistéar ina bhfuil gá le hiarrachtaí áirithemóra chun na cuspóirí cáilíochta uisce maidir le tiúchain níotráití agus fosfair a shonraítear i dTreoir 91/676/CEE agus i bplean na hÍsiltíre um bainistiú abhantrach a glacadh i gcomhthéacs Threoir 2000/60/CE a bhaint amach.

2.

Déanfaidh an Ísiltír faireachán ar an méid aoiligh a tháirgtear agus áiritheoidh sí nach mbeidh an táirgeadh aoiligh ar an leibhéal náisiúnta, i dtéarmaí nítrigine agus fosfáite araon, níos mó ná 489,4 milliún kg de nítrigin agus 150,7 milliún kg d’fhosfáit (an méid a táirgeadh in 2020), agus, de thoradh na n-athchóirithe a leagtar amach san Aguisín atá á gcur chun feidhme, go dtiocfaidh laghdú ar an méid aoiligh a tháirgtear de réir a chéile, agus nach mbeidh an táirgeadh níos mó ná 440 milliún kg de nítrigin agus 135 mhilliún kg d’fhosfáit in 2025.

3.

Ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, ní dheonóidh an Ísiltír údaruithe le haghaidh maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh seo laistigh de láithreáin Natura 2000 a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus le Treoir 92/43/CEE, agus, ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, i gcriosanna maolánacha atá gar do láithreáin Natura 2000 mar a shonraítear sa Chlár Náisiúnta um Limistéir Thuaithe, a bhfuil an t-ualach nítrigine criticiúil i gcomhair sil-leagan nítrigine sáraithe ina leith.

4.

Ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, ní dheonóidh an Ísiltír údaruithe le haghaidh maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh seo i limistéir cosanta screamhuisce. I limistéir ina bhfuil an screamhuisce truaillithe le níotráití, cuirfear pacáiste beart sainordaitheach i bhfeidhm chun ualaí cothaitheach a laghdú sna limistéir cosanta screamhuisce faoin 1 Eanáir 2024.

5.

Cuirfidh an Ísiltír na bearta seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

ó mhí Eanáir 2023 ar aghaidh, déanfaidh na feirmeacha uile plean leasúcháin bliantúil a tharraingt suas roimh an séasúr fáis. Tabharfar tuairisc sa phlean leasúcháin ar uainíocht barr na talún feirme agus ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aoileach agus leasacháin nítrigine agus fosfáite eile a úsáid.

(b)

beidh clár leictreonach um leasacháin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh lena gclárófar úsáid leasachán mianrach agus táirgeadh agus úsáid aoiligh ar an talamh. Faoin 1 Eanáir 2025, úsáidfidh na feirmeacha uile an clár leictreonach. Déanfaidh údaráis na hÍsiltíre faireachán agus anailís ar rátaí úsáide na leasachán agus cuirfidh siad comhairle ar fheirmeoirí faoi mhodhanna na rátaí úsáide foriomlána a laghdú.

(c)

stráicí maolánacha ar thalamh talmhaíochta feadh sruthchúrsaí a bhfuil toirmeasc ar leasúchán ina leith. Tá feidhm aige sin ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh maidir leis na sruthchúrsaí uile ar dháileachtaí talmhaíochta atá suite san Ísiltír. Socrófar na stráicí maolánacha mar a leanas:

(i)

stráicí maolánacha atá 5 mhéadar ar leithead ar a laghad feadh sruthanna atá leochaileach ó thaobh na héiceolaíochta de agus dobharlach dromchla mar a shainmhínítear faoi Threoir 2000/60/CE,

(ii)

stráice mhaolánach atá 3 mhéadar ar leithead ar a laghad feadh gach sruthchúrsa eile i limistéir thalmhaíochta, lena n-áirítear i gcás díoga.

Féadfar na leithid íosta sin a choigeartú i limistéir ina bhfuil díoga móra dí-uisciúcháin agus uisciúcháin ar an mbealach seo a leanas:

stráice mhaolánach 3 mhéadar ar leithead feadh dobharlach dromchla mar a shainmhínítear faoi Threoir 2000/60/CE i gcás inar mhó, ar leibhéal na dáileachta, limistéar iomlán stráice maolánaí atá 5 mhéadar ar leithead ná 4 % den dáileacht talmhaíochta. I gcás inar mhó, ar leibhéal na dáileachta, limistéar iomlán stráice maolánaí atá 3 mhéadar ar leithead agus atá feadh dobharlach dromchla mar a shainmhínítear faoi Threoir 2000/60/CE nach mó ná 10 méadar, ná 4 % den dáileacht talmhaíochta, féadfar an stráice mhaolánach a laghdú go 1 mhéadar.

stráice mhaolánach 1 mhéadar ar leithead feadh gach sruthchúrsa eile i limistéir thalmhaíochta i gcás inar mhó, ar leibhéal na dáileachta, limistéar iomlán stráice maolánaí atá 3 mhéadar ar leithead ná 4 % den dáileacht talmhaíochta. I gcás inar mhó, ar leibhéal na dáileachta, limistéar iomlán stráice maolánaí atá 1 mhéadar ar leithead, ná 4 % den dáileacht talmhaíochta, féadfar an stráice mhaolánach a laghdú go 0,5 mhéadar.

(iii)

stráice mhaolánach atá 1 mhéadar ar leithead ar a laghad feadh sruthchúrsaí a thriomaíonn sa samhradh (beidh na sruthchúrsaí sin tirim le linn na tréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 1 Deireadh Fómhair ar a laghad).

(d)

I limistéir arna dtruailliú le cothaithigh, beidh feidhm ag an gcoinníoll seo a leanas: déanfar an ráta leasúcháin foriomlán ó leasacháin orgánacha agus cheimiceacha a laghdú de réir a chéile ionas go mbeidh na rátaí 20 % níos ísle ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh i gcomparáid leis na rátaí a foilsíodh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an 7ú Clár Gníomhaíochta um Níotráití. Má shocraítear luachanna níos ísle le linn an athbhreithnithe atá beartaithe ar na noirm leasúcháin, beidh forlámhas ag na luachanna sin.

6.

Saothróidh an Ísiltír cur chun feidhme na straitéise um fhorfheidhmiú feabhsaithe, ag cur leis an taithí a fuarthas de bhun chur chun feidhme Airteagal 4(3) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1073. Áireofar sa straitéis um fhorfheidhmiú feabhsaithe na heilimintí seo a leanas, ar a laghad:

(a)

measúnú riosca neamhspleách leanúnach ar chásanna calaoise agus limistéir agus gníomhaithe láimhseála agus bainistithe aoiligh a shainaithint a mbaineann riosca níos airde leo nach gcomhlíonfar d’aon ghnó na rialacha náisiúnta maidir le haoileach, ar rialacha iad a shonraítear leis an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir leis an Acht um Leasacháin (33), an Fhoraithne maidir le húsáid leasachán (34), agus an Fhoraithne maidir le Gníomhaíochtaí Bainistithe Comhshaoil (35), nó ar dá mbun, a mhéid a bhaineann sí le criosanna saor ó bharra,

(b)

cur chun feidhme leanúnach an fhorfheidhmithe fheabhsaithe in De Peel, Gelderse Vallei agus Twente, a sainaithníodh mar limistéir a mbaineann ardriosca leo nach gcomhlíonfar d’aon ghnó na rialacha náisiúnta maidir le haoileach, déanfar an straitéis um fhorfheidhmiú feabhsaithe a leathnú de réir a chéile roimh dheireadh 2025 chun gach réigiún eile a chumhdach i gcás ina léirítear sa mheasúnú go bhfuil siad i limistéar ardriosca, agus an taithí agus na dea-chleachtais a fuarthas á gcur san áireamh,

(c)

an straitéis um fhorfheidhmiú feabhsaithe a dhíriú go sonrach ar ghníomhaithe ardriosca sa luachshlabhra aoiligh, lena n-áirítear idirghabhálaithe agus comh-dhíleáiteoirí i ngach réigiún,

(d)

an córas uathoibrithe le haghaidh chuntasacht fíor-ama an iompair aoiligh ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh,

(e)

leanúint den acmhainneacht le haghaidh iniúchtaí agus rialuithe a neartú, a bheidh cothrom le 40 % ar a laghad den acmhainneacht is gá chun iniúchtaí ar an bhfód a dhéanamh ar fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 11(2), lena n-áirítear rialuithe randamacha, agus an acmhainneacht sin a dhíriú ar bhealach níos fearr ar limistéir a mbaineann riosca leo maidir le láimhseáil agus bainistiú aoiligh,

(f)

iniúchadh aonair ar 5,5 % ar a laghad d’fheirmeacha muc in aghaidh na bliana.

Airteagal 5

Iarratais ar údarú

1.   Féadfaidh feirmeoirí féarthalún iarratas a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ar údarú bliantúil chun méid níos airde d’aoileach féaránach a úsáid, lena n-áirítear aoileach arna eisfhearadh ag na hainmhithe féin, arb é a bheidh ann an méid aoiligh in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ina mbeidh:

(a)

i gcás 2022, suas le 230 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana i limistéir arna dtruailliú le cothaithigh agus suas le 250 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana i limistéir eile,

(b)

i gcás 2023, suas le 220 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana i limistéir arna dtruailliú le cothaithigh agus suas le 240 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir i limistéir eile,

(c)

i gcás 2024, suas le 210 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana i limistéir arna dtruailliú le cothaithigh agus suas le 230 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir i limistéir eile,

(d)

i gcás 2025, suas le 190 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana i limistéir arna dtruailliú le cothaithigh agus suas le 200 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir i limistéir eile,

(e)

tar éis an 31 Nollaig 2025, suas le 170 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir agus in aghaidh na bliana i ngach limistéar eile.

2.   In éineacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh iarratasóirí dearbhú i scríbhinn isteach go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 7, 8 agus 9 agus go nglacann siad leis go bhféadfar an t-iarratas, chomh maith leis an bplean leasúcháin agus an cuntas leasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7, a bheith faoi réir iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 11 den Chinneadh seo.

Airteagal 6

Údaruithe a dheonú

Maidir le húdaruithe d’fheirmeacha féarthalún chun méid níos airde d’aoileach féaránach a úsáid ar fheirmeacha féarthalún, lena n-áirítear aoileach arna eisfhearadh ag na hainmhithe féin, deonófar iad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagail 7, 8 agus 9.

Airteagal 7

Coinníollacha maidir le húsáid aoiligh agus leasachán eile i bhfeirmeacha féarthalún a thairbhíonn de mhaolú

1.   An méid aoiligh ó fhéaránaigh a úsáidtear ar an talamh gach bliain ar fheirmeacha féarthalún, lena n-áirítear aoileach arna eisfhearadh ag na hainmhithe féin, ní bheidh sé níos mó ná na méideanna a shonraítear in Airteagal 5.

2.   Ní úsáidfear fosfáit ó leasacháin cheimiceacha ar an bhfeirm féarthalún.

3.   Déanfaidh an fheirm féarthalún plean leasúcháin faoin 28 Feabhra ar a dhéanaí. Áireofar sa phlean na heilimintí a liostaítear in Airteagal 7(4) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1073 ar a laghad. Déanfar an plean leasúcháin a athbhreithniú tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis aon athrú ar chleachtais talmhaíochta ar an bhfeirm féarthalún.

4.   Coinneoidh an fheirm féarthalún cuntas leasúcháin le haghaidh gach bliana féilire. Cuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil é faoin 31 Márta sa chéad bhliain eile. Áireofar sa chuntas leasúcháin na heilimintí seo a leanas:

(a)

acraíochtaí na mbarr,

(b)

an líon agus an cineál beostoic,

(c)

an táirgeadh aoiligh in aghaidh an ainmhí,

(d)

an méid leasacháin a d’allmhairigh an fheirm féarthalún,

(e)

an méid aoiligh a seachadadh do chonraitheoirí agus, dá bhrí sin, nár úsáideadh ar an bhfeirm féarthalún agus ainm na gconraitheoirí sin.

5.   Déanfaidh an fheirm féarthalún anailís nítrigine agus fosfair san ithir gach 4 bliana ar a laghad le haghaidh gach limistéir aonchineálaigh den fheirm, maidir le huainíocht na mbarr agus le saintréithe na hithreach. Beidh gá le hanailís amháin in aghaidh na 5 heicteár talún ar a laghad. Ar bhonn na hanailíse sin, cuirfear plean leasúcháin na feirme agus bearta ceartaitheacha i bhfeidhm.

6.   I gcás ina ndéanfar féarthalamh a threabhadh chun féarthalamh a athnuachan, déanfar laghdú 50 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir ar an gcaighdeán úsáide nítrigine tar éis an 31 Bealtaine gach bliain féilire. I gcás ina ndéanfar féarthalamh a threabhadh chun arbhar Indiach a shaothrú, déanfar laghdú 65 kg de nítrigin in aghaidh an heicteáir ar an gcaighdeán úsáide nítrigine i gcás arbhar Indiach.

7.   I gcás ina n-áireofar le huainíocht na mbarr plandaí léagúmacha nó plandaí eile lena bhfosaítear nítrigin san atmaisféar, déanfar an úsáid leasacháin a laghdú dá réir sin.

8.   Ní leathfar aoileach san fhómhar sula ndéanfar an féar a shaothrú.

Airteagal 8

Coinníollacha maidir le bainistiú talún i bhfeirmeacha féarthalún a thairbhíonn de mhaolú

1.   I limistéir arna dtruailliú le cothaithigh, déanfar féar nó barra eile lena n-áirithítear clúdach ithreach i rith an gheimhridh a shaothrú tar éis arbhar Indiach.

2.   Ní dhéanfar barra breise a threabhadh roimh an 1 Feabhra.

3.   I limistéir arna dtruailliú le cothaithigh, ní dhéanfar féar a threabhadh ach amháin san earrach, seachas:

(a)

chun féarthalamh a athnuachan, a fhéadfar a dhéanamh go dtí an 31 Lúnasa ar a dhéanaí,

(b)

chun bleibeanna blátha a phlandú, a fhéadfar a dhéanamh san fhómhar.

4.   I gcás gach cineáil ithreach, cuirfear barr a bhfuil éileamh ard nítrigine aige go díreach tar éis féar treafa, agus déanfar an leasú ar bhonn anailís ithreach a bhaineann le nítrigin mhianrach agus ar bhonn paraiméadair eile lena soláthrófar tagairtí le haghaidh meastacháin ar scaoileadh nítrigine ó mhianrú ábhair orgánaigh san ithir.

Airteagal 9

Coinníollacha a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí amóinia a laghdú chun sil-leagan cothaitheach san uisce a laghdú freisin

1.   Ar fheirmeacha féarthalún a thairbhíonn d’údarú de bhun Airteagal 6, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuirfear sciodar ar fhéarthalamh ar ithreacha gainmheacha agus ithreacha lóis le hinstealladh éadomhain,

(b)

cuirfear sciodar ar fhéarthalamh ar ithreacha créúla agus ithreacha móna le hinstealladh éadomhain, le píobán sraoilleach as a dtagann caolúchán 2:1 sciodair agus uisce nó le hinsteallaire diosca,

(c)

ní chuirfear sciodar le píobán sraoilleach i gcás ina bhfuil an teocht lasmuigh 20 °C nó níos airde,

(d)

cuirfear sciodar ar thalamh arúil le hinstealladh nó déanfar é a fhí isteach díreach tar éis a churtha in aon gheábh amháin,

(e)

déanfar aoileach soladach a fhí isteach díreach tar éis a churtha, in dhá gheábh ar a mhéad.

2.   Soláthróidh an Ísiltír oiliúint maidir le bearta laghdaithe astaíochtaí amóinia do gach feirmeoir féarthalún a thairbhíonn d’údarú. Soláthróidh an chéad seisiún oiliúna roimh an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 10

Faireachán

1.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar léarscáileanna a tharraingt suas ina léireofar céatadáin na nithe seo a leanas:

(a)

feirmeacha féarthalún i ngach bardas a chumhdaítear le húdaruithe,

(b)

beostoc i ngach bardas a chumhdaítear le húdaruithe,

(c)

talamh talmhaíochta i ngach bardas a chumhdaítear le húdaruithe.

Tabharfar na léarscáileanna sin cothrom le dáta gach bliain.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla líonra faireacháin a bhunú agus a choinneáil ar bun chun uisce ithreach, sruthanna, screamhuisce éadomhain agus uisce draenála a shampláil ag stáisiúin faireacháin ar fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdarú. Leis an líonra faireacháin sin, soláthrófar sonraí maidir leis an tiúchan níotráití agus fosfáite san uisce a fhágann an crios fréamhaithe agus a théann isteach sa chóras screamhuisce agus uisce dromchla.

3.   Is é a bheidh sa líonra faireacháin 300 feirm ar a laghad a chumhdaítear le húdaruithe agus beidh sé ionadaíoch ar gach cineál ithreach (ithir chréúil, ithir mhóna, ithir ghainmheach agus ithreacha lóis gainmheacha), ar leibhéal an truaillithe, ar na cleachtais leasúcháin agus ar uainíocht na mbarr. Ní dhéanfar comhdhéanamh an líonra faireacháin a mhodhnú le linn thréimhse infheidhmeachta an Chinnidh seo.

4.   Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar an méid seo a leanas:

(a)

uisce creasa fhréamhaithe, uiscí dromchla agus screamhuisce,

(b)

dul chun cinn i dtreo na gcuspóirí cáilíochta uisce maidir le tiúchain níotráití agus fosfáite a shonraítear i dTreoir 91/676/CEE agus i bplean na hÍsiltíre um bainistiú abhantrach a glacadh i gcomhthéacs Threoir 2000/60/CE i limistéir arna dtruailliú le cothaithigh.

5.   Soláthróidh an Ísiltír sonraí don Choimisiún maidir le tiúchain níotráití in uisce dromchla agus i screamhuisce, agus maidir le tiúchan fosfáite agus stádas trófach i dtaca le huisce dromchla, faoi choinníollacha maolaithe agus faoi choinníollacha neamh-mhaolaithe araon.

Airteagal 11

Rialuithe agus iniúchtaí

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe riaracháin ar gach iarratas ar údarú, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha in Airteagail 7, 8 agus 9. I gcás ina léirítear nach gcomhlíontar na coinníollacha, diúltóidh na húdaráis inniúla don iarratas agus cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna leis an diúltú.

Déanfaidh na húdaráis inniúla rialuithe riaracháin ar 5 % ar a laghad de na feirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe maidir le húsáid talún, an líon beostoic agus táirgeadh aoiligh.

2.   Bunóidh na húdaráis inniúla clár le haghaidh iniúchtaí ar an bhfód ar fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe ar bhonn anailíse riosca agus a mhinice is iomchuí. Leis an gclár, cuirfear san áireamh torthaí rialuithe na mblianta roimhe sin, torthaí na rialuithe ginearálta randamacha a eascraíonn as reachtaíocht lena ndéantar Treoir 91/676/CEE a thrasuí agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9 den Chinneadh seo a léiriú.

Déanfar iniúchtaí ar an bhfód ar 5 % ar a laghad de na feirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha in Airteagail 7, 8 agus 9. Déanfar na hiniúchtaí sin a fhorlíonadh leis na hiniúchtaí agus na rialuithe dá dtagraítear in Airteagal 4(6).

3.   I gcás ina mbunófar, in aon bhliain, nár chomhlíon feirm féarthalún a chumhdaítear le húdarú na coinníollacha Airteagail 7, 8 agus 9, déanfar pionós a ghearradh ar shealbhóir an údaraithe i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta agus ní bheidh sé incháilithe d’údarú an bhliain dár gcionn.

4.   Tabharfar na cumhachtaí agus na modhanna is gá do na húdaráis inniúla chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú arna dheonú faoin gCinneadh seo.

Airteagal 12

Tuairisciú

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain faoin 30 Meitheamh ar a dhéanaí, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

sonraí a bhaineann le leasúchán ar gach feirm féarthalún a chumhdaítear le húdaruithe de bhun Airteagal 6, lena n-áirítear faisnéis faoi tháirgeacht agus faoi chineálacha ithreach,

(b)

treochtaí maidir leis an líon beostoic le haghaidh gach catagóire beostoic san Ísiltír agus ar fheirmeacha féarthalún a chumhdaítear le húdarú,

(c)

treochtaí maidir leis an táirgeadh náisiúnta aoiligh a mhéid a bhaineann le nítrigin agus fosfáit san aoileach,

(d)

cur chun feidhme na gcoinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 4,

(e)

na léarscáileanna dá dtagraítear in Airteagal 10(1),

(f)

torthaí an fhaireacháin ar screamhuisce agus ar uisce dromchla a mhéid a bhaineann le tiúchain níotráití agus fosfáite agus le heotrófú, lena n-áirítear faisnéis faoi threochtaí cáilíochta uisce maidir le screamhuisce agus uisce dromchla, faoi choinníollacha maolaithe agus faoi choinníollacha neamh-mhaolaithe araon, chomh maith le tionchar na maoluithe ar cháilíocht uisce, dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus (5),

(g)

meastóireacht, ar bhonn rialuithe arna ndéanamh ar leibhéal na feirme, ar an mbealach a bhfuil na coinníollacha le haghaidh na n-údaruithe a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9 á gcur chun feidhme, agus faisnéis faoi fheirmeacha neamhchomhlíontacha, ar bhonn thorthaí na rialuithe agus na n-iniúchtaí riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 11,

(h)

cur chun feidhme na straitéise um fhorfheidhmiú feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 4, le tuairisciú sonrach ar gach ceann de na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 4(6).

2.   I gcás inarb infheidhme, comhlíonfaidh na sonraí spáis a bheidh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 Treoir 2007/2/CE. Agus na sonraí is gá á mbailiú ag an Ísiltír, bainfidh sí, i gcás inarb iomchuí, úsáid as an bhfaisnéis arna gineadh faoin gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 13

Tréimhse cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 14

Seolaí

Is chuig Ríocht na hÍsiltíre a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 375, 31.12.1991, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2005/880/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2005 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 324, 10.12.2005, lch. 89).

(3)  Cinneadh 2010/65/AE ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2010 lena leasaítear Cinneadh 2005/880/CE lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 35, 6.2.2010, lch. 18).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/291/AE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2014 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 148, 20.5.2014, lch. 88).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/820 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2018 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 137, 4.6.2018, lch. 27).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1073 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag an Ísiltír de bhun Threoir 91/676/CEE ón gComhairle maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 234, 21.7.2020, lch. 20).

(7)  COM(2021) 1000 agus SWD(2021) 1001, cuid 28.

(8)  COM(2021) 1000 agus SWD(2021) 1001, cuid 28.

(9)  Teideal bunaidh “7e Nederlandse actieprogramma betreffende de Nitraatrichtlijn (2022-2025)”.

(10)  Teideal bunaidh “Addendum op het 7e actieprogramma Nitraatrichtlijn”.

(11)  Nationaal Programma Landelijk Gebied.

(12)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(13)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 22 Meán Fómhair 2005, C 221/03, Coimisiún na gComhphobal Eorpach v Ríocht na Beilge, ECLI:EU:C:2005:573.

(14)  Breithiúnas ón gCúirt an 21 Meitheamh 2018, an Coimisiún Eorpach v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, C-543/16, ECLI:EU:C:2018:481.

(15)  Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).

(16)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(17)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156,19.6.2018, lch. 26).

(18)  SWD(2020) 93 final - Analysis of links between CAP Reform and Green Deal [Anailís ar na naisc idir Athchóiriú CBT agus an Comhaontú Glas], SWD(2020) 388 final - Commission recommendations for Netherland’s CAP strategic plan [Moltaí ón gCoimisiún maidir le plean straitéiseach CBT na hÍsiltíre]. SWD(2020) 388 final.

(19)  A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol]. COM(2020) 381 final.

(20)  COM(2021) 400 final

(21)  Teideal bunaidh “Startnotitie Nationaal Programma Landelijk Gebied – 10 Juni 2022”.

(22)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(23)  Cás C-293/17 Coöperatie Mobilisation for the Environment agus Vereniging Leefmilieu (ECLI:EU:C:2018:882).

(24)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(25)  Tionchar na Treorach maidir le níotráití ar astaíochtaí N ghásaigh, Éifeachtaí na mbeart i gclár gníomhaíochta um níotráití ar astaíochtaí N ghásaigh, Conradh ENV.B.1/ETU/2010/0009.

(26)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(28)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008, ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(30)  Teideal bunaidh “Uitvoeringsregeling Meststoffenwet”.

(31)  https://www.pbl.nl/sites/default/files/downloads/pbl-2020-nationale-analyse-waterkwaliteit-4002_0.pdf.

(32)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(33)  Teideal bunaidh “Uitvoeringsregeling Meststoffenwet”.

(34)  Teideal bunaidh “Besluit gebruik meststoffen”

(35)  Teideal bunaidh “Activiteitenbesluit milieubeheer”


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/208


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2070 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Deireadh Fómhair 2022

na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688, gan na dleachtanna sin a chur ar fionraí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 14(4) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 8 Deireadh Fómhair 2019, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 (2) (“an bun-Rialachán”), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam (“UAN” nó an “táirge lena mbaineann”) de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (na “tíortha lena mbaineann”).

(2)

I mí na Bealtaine 2021, Copa-Cogeca (“an t-iarratasóir”), ar comhlachas úsáideoirí an táirge lena mbaineann é, chuir sé faisnéis isteach a bhain le hathrú sealadach a líomhain sé gur tháinig ar dhálaí an mhargaidh tar éis fhorchur na mbeart cinntitheach. Chumhdaigh an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh (“an TI bunaidh”) an tréimhse ón 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2018. Líomhain an t-iarratasóir go mbeadh athrú sealadach den sórt sin ina údar leis na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a chur ar fionraí, i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036. Chuir comhlachais eile, i.e. AGBP (Association Générale des Producteurs de Blé) agus Interore (International Ore & Fertilizer Belgium SA), fianaise ar fáil chun tacú leis na dleachtanna frithdhumpála a chur ar fionraí. Ní raibh na heilimintí agus an fhianaise ábhartha uile ba ghá sna haighneachtaí sin chun go bhféadfaidh an Coimisiún dul ar aghaidh leis an anailís. Chuaigh an Coimisiún i mbun plé leis an iarratasóir chun fianaise bhreise a bhailiú chun tacú lena mhaíomh gur tháinig athrú sealadach ar dhálaí an mhargaidh.

(3)

An 16 Samhain 2021, agus i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, chinn an Coimisiún a iarraidh ar AGBP, Copa-Cogeca agus Fertilizers Europe faisnéis bhreise a chur ar fáil a bhaineann le tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh agus, go sonrach, faisnéis faoi phraghsanna, éileamh an Aontais agus feidhmíocht thionscal an Aontais le linn an tríú ráithe de 2021 chun scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe líomhnaithe ar dhálaí mhargadh an Aontais, más ann do thionchar, agus ar an dóchúlacht go dtosódh an díobháil arís mar thoradh ar an bhfionraí.

(4)

Tar éis na n-aighneachtaí sin, tugadh an deis do Copa-Cogeca (lena n-áirítear cuid de na hargóintí a d’ardaigh AGPB) agus do thionscal an Aontais barúlacha a thabhairt.

(5)

Ar bhonn na faisnéise thuas, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an mbeadh údar cuí leis an bhfionraí sin. Tá achoimre ar na heilimintí a measadh anseo thíos.

(6)

An 20 Iúil 2022, chuir an Coimisiún a thorthaí in iúl do AGBP, Interore, Copa-Cogeca agus Fertilizers Europe. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt i ndiaidh an nochta seo. Fuarthas barúlacha ó Interore, Copa-Cogeca agus Fertilizers Europe.

2.   SCRÚDÚ AR ATHRÚ AR DHÁLAÍ AN MHARGAIDH

(7)

Foráiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán go bhféadfar, chun leas an Aontais, bearta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de bharr na fionraí. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na heilimintí sin thíos.

2.1.   Anailís ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh

(8)

Na hathruithe sealadacha líomhnaithe ar dhálaí an mhargaidh, ba éard a bhí i gceist leo ganntanas soláthair ar mhargadh an Aontais toisc gur tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí agus gur laghdaigh tionscal an Aontais a tháirgeacht. Mar gheall ar an éagothroime sealadach idir soláthar agus éileamh, tháinig méadú mór ar phraghsanna. Chumhdaigh an anailís dhá chuid: bhain an chéad chuid le comparáid idir dálaí an mhargaidh le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na dálaí in 2021, agus bhain an dara cuid leis an eolas is déanaí maidir leis na forbairtí is déanaí in 2022 dá raibh sonraí le fáil.

(9)

Ó forchuireadh na bearta, staidreamh Eurostat a chumhdaíonn an tréimhse suas go dtí deireadh 2021, tugann sé le fios gur tháinig laghdú mór ar allmhairí UAN. Tháinig laghdú 69 % ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh agus níor cuireadh allmhairí ó thíortha eile ina n-ionad ach i bpáirt. Dá bharr sin, tháinig laghdú beagnach 60 % ar allmhairí de gach tionscnamh i gcomparáid leis an méid a allmhairíodh sa tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh. Tháinig laghdú freisin ar sciar margaidh na n-allmhairí ó 43 % go 19 %, bunaithe ar an toimhde gur fhan an t-éileamh san Aontas cobhsaí, mar a chuir Copa-Cogeca in iúl. Mar thoradh air sin bhí bearna soláthair arbh fhiú 1.14 milliún tona ann, nuair a chuirtear an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh i gcomparáid le 2021.

(10)

Sna barúlacha uaidh maidir leis an nochtadh, chuir Copa-Cogeca in iúl gur tháinig méadú os cionn 250 % ar allmhairí sa chéad leath de 2022, i gcomparáid leis an gcéad leath de 2021. Luaigh an páirtí gur tharla an méadú sin ag an am céanna leis an laghdú suntasach a tháinig ar tháirgeacht an Aontais de bharr na n-imthosca a phléitear thíos. A mhéid a bhaineann sé le hallmhairí, deimhníonn na sonraí atá ar fáil don Choimisiún go raibh an méadú sin ann.

Tábla 1

Méideanna allmhairiúcháin

(‘000 tona)

 

TI (An 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2018)

2018

2019

2020

2021 L1

2021 L2

2022 L1

Na hallmhairí uile

1 927

1 998

1 322

1 027

294

499

753

Allmhairí ó Oileán na Tríonóide agus Tobága

368

361

401

418

172

217

332

Allmhairí ón Rúis

613

688

314

90

15

130

320

Allmhairí ó na Stáit Aontaithe

742

890

222

-

-

-

37

Allmhairí Eile

204

59

385

519

107

152

64

Foinse: an bun-Rialachán, Eurostat

(11)

Maidir leis na forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ó thaobh allmhairí de, thug an Coimisiún faoi deara gur cosúil gur dhírigh Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhíolacháin UAN ar an margadh intíre ó bhí 2020 ann. Forchur na mbeart frithdhumpála cinntitheach i mí Dheireadh Fómhair 2019, is cosúil nach ndearna sé difear d’allmhairí ó Oileán na Tríonóide agus Tobága. Bhí méideanna suntasacha díobh fós ag teacht isteach san Aontas. In 2021, ba iad na hallmhairí sin 50 % (389 000 tona) de na hallmhairí uile chuig an Aontas. Sa chéad cheithre mhí de 2022, d’onnmhairigh Oileán na Tríonóide agus Tobága níos mó ná 234 000 tona chuig an Aontas, arbh é 54 % níos mó ná an méid a d’onnmhairigh sé sa tréimhse chéanna den bhliain seo caite (thart ar 152 000 tona). Mar sin, is cosúil go bhfuil méideanna suntasacha de UAN fós ag teacht isteach san Aontas ó Oileán na Tríonóide agus Tobága.

(12)

Maidir le hallmhairí ón Rúis, tugann fógraí agus smachtbhannaí údar dúinn a chreidiúint gur beag an seans go dtiocfaidh méadú ar allmhairí UAN ón Rúis. Go deimhin, an 4 Márta 2022, d’fhógair Aireacht Trádála agus Tionscail na Rúise gur “mhol sé do tháirgeoirí na Rúise lastais onnmhairiúcháin leasachán ón Rúis a chur ar fionraí go dtí go n-atosaíonn iompróirí obair (rialta) agus go soláthraíonn siad ráthaíochtaí go gcuirfear onnmhairí leasacháin i gcrích go hiomlán.” (3)

(13)

Thairis sin, príomh-scairshealbhóirí tháirgeoirí móra UAN na Rúise amhail an tUasal Melnichenko de chuid EuroChem, agus a Phríomhfheidhmeannach, Vladimir Rashevsky; an tUasal Mazepin de chuid Uralchem; agus an tUasal Moshe Kantor de chuid ACRON, tá siad ar liosta smachtbhannaí an Aontais. Cé nach ndearna na smachtbhannaí aonair difear díreach do na cuideachtaí Rúiseacha sin, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh d’allmhairí a thagann ón Rúis. Is fiú a thabhairt faoi deara, áfach, go raibh leibhéil shuntasacha allmhairí fós ag teacht ón Rúis in 2022 (gan aon laghdú orthu, beagnach). Go deimhin, tháinig laghdú ar leibhéil allmhairí sa chéad leath de 2022 i gcomparáid le 2019. I mí an Mheithimh 2022 amháin, bhí méid na n-allmhairí ón Rúis níos mó ná an méid sa chéad leath de 2021 ar fad.

(14)

Is foinse eile allmhairí chuig an Aontas í an Bhealarúis, ach cuireadh deireadh leis sin freisin toisc go bhfuil príomhtháirgeoir na Bealarúise, Grodno Azot, ar liosta smachtbhannaí an Aontais ó bhí an 2 Nollaig 2021 ann.

(15)

An 12 Márta 2022, d’fhógair an tAire um Beartas Talúntais na hÚcráine, Roman Leschenko, toirmeasc freisin ar onnmhairiú leasachán – UAN san áireamh.

(16)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeidh Oileán na Tríonóide agus Tobága fós ina phríomhfhoinse allmhairí UAN don Aontas.

(17)

Agus na sonraí do 2021 á scrúdú, i bhfianaise an laghdaithe ar allmhairí agus an éilimh sheasta a mheastar in aithris (9), ba cheart do thionscal an Aontais a dhíolacháin a mhéadú faoi thart ar 31 %, i gcomparáid lena ndíolacháin sa TI bunaidh, arbh ionann é sin agus 821 000 tona san iomlán. Ach de réir na faisnéise a bailíodh maidir le soláthar thionscal an Aontais, cé gur tháinig méadú suntasach ar tháirgeacht i ndiaidh na bearta a fhorchur, níor leor méadú den sórt sin chun an laghdú ar allmhairí a chúiteamh go hiomlán. Tháinig méadú thart ar 17 % ar an meán ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, arb ionann é agus thart ar 450 000 tona. Ós rud é, mar a luaitear in aithris (9), go raibh an t-éileamh ar UAN san Aontas fós réasúnta cobhsaí ó bhí an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh ann, níl an bhearna soláthair a cruthaíodh de bharr méid níos ísle allmhairí á líonadh go hiomlán leis an méadú ar dhíolacháin thionscal an Aontais, agus dá bharr sin meastar gurb é thart ar 371 000 tona an éagothroime idir soláthar agus éileamh in 2021.

(18)

Maidir leis na sonraí do 2022, mar a chuir Copa-Cogeca ar fáil ina mbarúlacha faoin nochtadh, is cosúil gur ghearr tionscal an Aontais siar go mór ar a chuid táirgthe. An bhearna soláthair a cruthaíodh dá bharr sin, bhí sí chomh mór sin nárbh fhéidir leis an méadú ar allmhairí sa chéad leath de 2022, a phléitear in aithris (10) thuas, í a chúiteamh.

(19)

Is féidir teacht ar an gconclúid gur tháinig éagothroime shealadach chun cinn idir soláthar agus éileamh ar mhargadh an Aontais i ndiaidh an imscrúdaithe bunaidh.

(20)

Suíodh praghas margaidh UAN an Aontais (‘praghas UAN’) trí úsáid a bhaint as meánphraghas UAN 30 ex-tanc Rouen, arb é an praghas margaidh ionadaíoch is mó clú san Eoraip é, agus is í an Fhrainc an tír is mó a úsáideann UAN san Aontas Eorpach. Tháinig méadú mór ar phraghas UAN san Aontas sa dara leath de 2021. Mhéadaigh praghsanna níos mó ná faoi dhó i gcaitheamh na sé mhí sin, agus bhí siad beagnach ceithre huaire níos airde i mí na Nollag 2021 ná mar a bhí le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Ba é meánphraghas UAN le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh 154 EUR/tona, agus shroich sé EUR 598/tona i mí na Nollag 2021.

(21)

Is cosúil gurb é an príomhchúis leis an méadú sin ar phraghsanna an t-ardú ar phraghsanna gáis nádúrtha agus, de réir na faisnéise a bailíodh i measc tháirgeoirí an Aontais, is cion suntasach de chostais táirgthe UAN é sin. Ó bhí an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh ann, tháinig méadú beagnach 400 % ar mheánphraghsanna gáis nádúrtha san Aontas, is é sin ó 6.53 USD/MMBtu (4) go dtí 32.23 USD/MMBtu sa ráithe dheireanach de 2021.

(22)

Tháinig méadú freisin ar phraghsanna allmhairiúcháin UAN freisin, ach ní raibh sé chomh mór leis an méadú ar phraghsanna thionscal an Aontais. Le linn 2021, bhí praghsanna ó Oileán na Tríonóide agus Tobága agus ón Rúis níos ísle i gcónaí ná praghsanna margaidh UAN a foilsíodh. Sa chéad dhá ráithe de 2022 b’amhlaidh an scéal cé is moite d’Oileán na Tríonóide agus Tobága, a raibh a phraghsanna beagáinín os cionn phraghsanna margaidh UAN foilsithe sa dara ráithe de 2022.

Tábla 2

Praghsanna allmhairiúcháin agus UAN 30 ex-tank Rouen atá foilsithe

(in EUR)

 

TI (An 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2018)

2021 R1

2021 R2

2021 R3

2021 R4

2022 R1

2022 R2

Allmhairí ó Oileán na Tríonóide agus Tobága

140

166

229

222

323

569

700

Allmhairí ón Rúis

126

147

N/B

269

302

483

451

Allmhairí ó na Stáit Aontaithe

124

N/B

N/B

N/B

N/B

N/B

653

Allmhairí eile

129

164

220

253

303

577

547

Rouen (na Fraince) UAN 30 ex tanc

154

255

237

318

591

695

689

Foinse: an bun-Rialachán, Eurostat agus Fertecon

(23)

Mar a luadh in aithrisí (17) agus (18), ní raibh an soláthar ar mhargadh an Aontais in ann an t-éileamh a shásamh, éileamh a mheastar a bheith réasúnta cobhsaí. Is dócha gur tháinig méadú ar phraghsanna mar gheall air sin, mar aon le méadú mór ar chostais na n-amhábhar.

(24)

Tá ualach airgeadais ar úsáideoirí mar gheall ar an méadú sin ar phraghas UAN, ós rud é nach féidir leasacháin nítrigine eile a chur in áit UAN go héasca. Is ábhar leachtach é UAN agus tá feirmeoirí a cheannaíonn UAN faoi réir éifeacht ghlasála mar gheall ar an trealamh is gá a úsáidtear chun an leacht sin a dháileadh. Tá trealamh éagsúil ag teastáil ó fheirmeoirí a úsáideann leasacháin nítrigine. Thairis sin, méid UAN atá ag teastáil ó fheirmeoirí, tá sé neamhleaisteach. Le linn an timthrialla plandaí, tá solúbthacht áirithe ag feirmeoirí maidir leis an am a bhaineann le UAN a úsáid, ach ní féidir leo méid iomlán UAN a laghdú go mór gan an fómhar a chur i mbaol agus riosca a chruthú go laghdófar cáilíocht.

(25)

Ar bhonn na gcúiseanna a leagtar amach thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh ó bhí an TI bunaidh ann sa mhéid is nach leor an soláthar chun an t-éileamh a shásamh agus go bhfuil na praghsanna níos airde.

(26)

Tar éis an nochta, mhaígh Interore agus Copa-Cogeca arís, mar gheall ar phraghsanna gáis arda san Aontas, nár mhéadaigh tionscal an Aontais a tháirgeacht chun dul in ionad na n-allmhairí agus, dá bhrí sin, go raibh na hallmhairí ó SAM agus ó Oileán na Tríonóide agus Tobága fós ag teastáil ó úsáideoirí UAN. Thairis sin, mhaígh Copa-Cogeca go bhfuil easpa iomaíochta ar mhargadh an Aontais.

(27)

Mar a leagtar amach in aithris (25), d’aithin an Coimisiún nach bhféadfadh an soláthar an t-éileamh a shásamh agus gur tháinig méadú ar phraghsanna UAN. Ós rud é nár thug Copa-Cogeca aon fhianaise chun tacú leis an easpa iomaíochta, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS

(28)

An anailís ar an bhfaisnéis bhreise a d’iarr an Coimisiún ar Fertilizers Europe, arbh é an gearánach é san imscrúdú bunaidh, chun scrúdú a dhéanamh lena fháil amach an dócha go dtarlódh díobháil arís mar thoradh ar an bhfionraí, de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, léirigh an anailís sin go bhfuil tionscal an Aontais fós i staid díobhálach faoi láthair.

(29)

D’ainneoin an ardaithe ar phraghsanna UAN, bhí tionchar diúltach mór ag an méadú comhthreomhar ar phraghsanna gáis nádúrtha ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Chuir Fertilizers Europe sonraí ar fáil don chéad trí ráithe de 2021 maidir le costais UAN a díoladh, na praghsanna a bhí ann roimhe sin, chomh maith le figiúirí brabúsachta do tháirgeoirí an Aontais a bhfuil 65 % de tháirgeacht iomlán thionscal an Aontais acu. Léirigh na sonraí sin go soiléir go raibh brabúsacht ag titim, rud a d’fhág go raibh caillteanas de -9 % ar an meán ann sa tríú ráithe de 2021.

(30)

Chun a thorthaí a thabhairt cothrom le dáta, rinne an Coimisiún ionsamhlúcháin maidir le forbairt bhrabúsacht thionscal an Aontais dá ndéanfaí na bearta reatha a chur ar fionraí. Rinneadh na torthaí sin a thabhairt cothrom le dáta trí úsáid a bhaint as treochtaí i bpraghsanna gáis nádúrtha (an rud is mó ar fad a bhfuil tionchar aige ar chostas) agus i bpraghas UAN idir an chéad ráithe de 2021 agus an dara ráithe de 2022. Baineadh úsáid as na treochtaí sin chun costais iarbhír an táirgthe agus láimhdeachas comhfhreagrach Thionscal an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun a staid a léiriú suas go dtí an dara ráithe de 2022. An caillteanas a bhain do thionscal an Aontais sa tríú ráithe de 2021, léiríonn an t-eolas is déanaí go bhfuil sé fós ann sa chéad leath de 2022.

(31)

Thairis sin, ar bhonn na mbarúlacha maidir leis an nochtadh, is léir go bhfuil staid iarbhír thionscal an Aontais níos measa ná mar a measadh leis an ionsamhlúchán. Cé gur glacadh leis san ionsamhlúchán go mbeadh táirgeacht agus díolacháin thionscal an Aontais cobhsaí, dá gclisfí táirgeacht agus díolacháin thionscal an Aontais in 2022, mar a chuir Copa-Cogeca in iúl, dhéanfadh sé sin staid thionscal an Aontais níos measa. Is é an chúis atá leis sin forbairt praghsanna gáis nádúrtha agus praghsanna UAN. Mhéadaigh praghas UAN ar feadh tamaill agus bhain sé a bhuaic amach i mí an Mhárta 2022 (875 EUR/tona). Ansin thosaigh praghas UAN ag titim agus shroich sé 595 EUR/tona i mí an Mheithimh 2022. Níl aon eolas ag an gCoimisiún a chuirfeadh le fios go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna UAN sna míonna amach romhainn. Os a choinne sin, d’fhan praghsanna gáis nádúrtha ag leibhéal ard sa ráithe dheireanach de 2021 agus sa chéad dá ráithe de 2022 (32.34 USD/MMBtu ar an meán). Cé gur tháinig laghdú beag ar phraghsanna gáis nádúrtha i mí na Bealtaine (29.8 USC/MMBtu), tháinig méadú orthu ina dhiaidh sin. I mí an Mheithimh, bhí siad ag 34.4 USD/MMBtu arís agus tá coinne leis go dtiocfaidh méadú níos suntasaí fós orthu go dtí go mbeidh siad os cionn 50 USD/MMBtu (5).

(32)

Sna himthosca sin, ní hamháin nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann táirgeacht a mhéadú chun na hallmhairí a cailleadh in 2021 a chúiteamh go hiomlán, bhí orthu srian a chur le táirgeacht, mar a léiríonn líon na línte táirgthe a dúnadh go páirteach. Sna barúlacha uaidh maidir le nochtadh, luaigh Copa-Cogeca féin nach raibh praghsanna UAN i mí Mheán Fómhair 2022 in ann costas an gháis a theastaíonn chun UAN a tháirgeadh a chumhdach. Ós rud é go raibh cuid de na costais os cionn praghsanna díola UAN ar mhargadh an Aontais cheana féin agus go raibh méadú suntasach tagtha ar chostais sheasta in aghaidh an aonaid táirgthe mar gheall ar an laghdú ar tháirgeacht, níl aon amhras ann go raibh díobháil ábhartha fós á déanamh do thionscal an Aontais.

(33)

Tar éis an nochta, chuir Fertilizers Europe in iúl arís go raibh coinne leis go mbeadh praghas an gháis san Aontas fós ard sa cheathrú ráithe de 2022 agus go mbeadh allmhairí fós ag déanamh díobháil do thionscal an Aontais.

(34)

Tar éis an nochta, le linn éisteachta, luaigh Copa-Cogeca gur cheart don Choimisiún, i gcás a mheasúnaithe ar an dóchúlacht do dtarlódh an díobháil arís, anailís a dhéanamh ar dhíolacháin agus brabúsacht thionscal an Aontais i ndiaidh na chéad aighneachta a rinne Copa-Cogeca, i.e. ó mhí Iúil 2021 ar aghaidh.

(35)

Maidir leis sin, luaigh an Coimisiún nach féidir gníomh seasta a bheith i gcinneadh chun bearta frithdhumpála a chur ar fionraí. Bhí margadh UAN an Aontais an-luaineach sa tréimhse tar éis do Copa-Cogeca a chéad aighneacht a dhéanamh, rud a dhéanann difear don mheasúnú ar dhálaí an mhargaidh agus ar an dóchúlacht go dtosófaí an díobháil arís. An fhaisnéis a chuir Copa-Cogeca ar fáil ar dtús, measadh go raibh sí as dáta agus go raibh faisnéis bhreise riachtanach. An fhaisnéis bhreise a fuarthas ó thionscal an Aontais, léirigh sí go raibh táirgeoirí an Aontais buailte ag caillteanais airgeadais. Go deimhin, ghlac Copa-Cogeca go bhfuil díobháil á déanamh do thionscal an Aontais in 2022. Sna barúlacha uaidh maidir le nochtadh, luaigh Copa-Cogeca féin gur “a mhéid a bhaineann sé le tionscal an Aontais, tháinig laghdú mór ar a dhíolachán in 2022” agus “faoi dhálaí an mhargaidh atá ann faoi láthair, níl sé brabúsach gás nádúrtha a phróiseáil ina UAN. Mar sin, luíonn sé le loighic go ndearnadh saoráidí UAN uile san Aontas a chur as feidhm.”

(36)

Ina theannta sin, le linn éisteachta, mhaígh Copa-Cogeca go raibh easpa trédhearcachta agus ionadaíochta ag baint leis na sonraí brabúsachta a chuir tionscal an Aontais ar fáil. Mar a luaitear in aithris (29), fuair an Coimisiún sonraí a léirigh go raibh staid chaillteanais ag baint le táirgeoirí comhoibríocha an Aontais, táirgeoirí a bhfuil formhór tháirgeacht an Aontais acu. Bhí an figiúr brabúsachta sin bunaithe ar láimhdeachas agus costais UAN tháirgeoirí an Aontais. Ós rud é go raibh an fhaisnéis sin faoi rún, ní fhéadfaí ach figiúr comhiomlánaithe a nochtadh do tháirgeoirí comhoibríocha uile an Aontais. Thairis sin, mar a luaitear in aithrisí (32) agus (35) thuas, is cosúil nach bhfuil Copa-Cogeca féin ag cur ina choinne go bhfuil díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais.

(37)

Tar éis an nochta, mhaígh Copa-Cogeca go mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais leanúint de na bearta agus go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar tháirgeadh bia san Aontas. Mheabhraigh an Coimisiún nach bhféadfar bearta faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán a chur ar fionraí ar mhaithe le leas an Aontais ach amháin más rud é nach dócha go dtosódh díobháil arís mar thoradh ar an bhfionraí. I bhfianaise staid thionscal an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022, mar a d’aithin Copa-Cogeca ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh a bhfuil achoimre orthu in aithrisí (32) and (35) above, lean tionscal an Aontais de bheith ag tabhú caillteanas airgeadais agus, dá bhrí sin, ba dhócha go rachadh an díobháil in olcas i gcás ina gcuirfí na bearta ar fionraí, agus ó tharla sin amhlaidh níor comhlíonadh na coinníollacha maidir le fionraí, agus níor mheas an Coimisiún gur ghá meastóireacht a dhéanamh ar leas an Aontais faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

(38)

Líomhain Copa-Cogeca nach bhfuil gá le bearta cosanta ós rud é nach bhfuil tionscal an Aontais in ann aon UAN a tháirgeadh faoi láthair toisc go bhfuil an praghas gáis i bhfad níos airde ná praghas UAN agus dá bhrí sin tá laghdú suntasach tagtha ar aschur UAN san Aontas.

(39)

Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire gur sholáthair Copa-Cogeca sonraí a léiríonn go bhfuil UAN á tháirgeadh fós san Aontas agus go bhfuil díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.   CONCLÚID

(40)

Tá athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach leor an soláthar UAN ar mhargadh an Aontais faoi láthair ar phraghsanna inacmhainne chun freastal ar an éileamh seasta. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar allmhairí UAN agus ní féidir le táirgeoirí an Aontais na méideanna allmhairí a cailleadh a chúiteamh go hiomlán, mar gheall ar mhéadú mór ar chostas an táirgthe.

(41)

Go deimhin, is é an rud atá taobh thiar de phraghsanna arda UAN atá ann faoi láthair na praghsanna arda atá ar an ngás nádúrtha faoi láthair, praghsanna is airde ná riamh. Is é gás an príomh-amhábhar chun UAN a tháirgeadh. De bharr na bpraghsanna gáis as cuimse sin, bhí tionscal an Aontais ag déanamh caillteanais sa tríú ráithe de 2021. Níorbh fhéidir an méadú sin ar chostais a chur ar aghaidh chuig custaiméirí ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar an tsolúbthacht a luaitear in aithris (24), chinn feirmeoirí a gceannach UAN a chur siar chuig an séasúr leasacháin (an t-earrach). Ar an dara dul síos, mar gheall ar an mbrú leanúnach ar phraghsanna atá ann de bharr allmhairí, mar a léirítear i dTábla 2 thuas. Thairis sin, mar a d’aithin na páirtithe, faoi dhálaí an mhargaidh mar atá siad faoi láthair ní féidir le tionscal an Aontais UAN a tháirgeadh agus a dhíol ar bhrabús agus, dá bhrí sin, tá cuid shuntasach dá acmhainneacht táirgeachta gan úsáid. Tá tásca ann freisin gur measa fós a bheadh staid thionscal an Aontais dá gcuirfí an fhionraí i bhfeidhm. Mar thoradh ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle ó na tíortha lena mbaineann, go háirithe Oileán na Tríonóide agus Tobága, bheadh brú breise ar phraghsanna thionscal an Aontais agus is é an riosca a bheadh ann dá bharr go ndéanfaí praghsanna a chreimeadh ar mhargadh an Aontais.

(42)

Ós rud é gur léiríodh sa scrúdú ar fhorbairtí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin gur bhain staid dhíobhálach do thionscal an Aontais go fóill, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go raibh athrú sealadach tagtha ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de bharr fionraí de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Tá an cinneadh seo gan dochar do cheart an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, dá dtiocfadh athrú ar chúrsaí amach anseo.

(43)

Dá bhrí sin, na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 ón gCoimisiún, chinn an Coimisiún gan na dleachtanna sin a chur ar fionraí.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na coinníollacha chun an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 maidir le hallmhairí meascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, ní chomhlíontar iad.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, IO L 258, 9.10.2019, lch. 21.

(3)  https://www.reuters.com/article/ukraine-crisis-russia-fertilizers-idINL2N2V71JG

(4)  MMBtu: Metric Million British Thermal Unit (Milliún Méadrach Teas-Aonad Briotanach).

(5)  Ar bhonn phraghas todhchaíochtaí gáis TTF na hÍsiltíre, arb é an praghas seachadta é ag an tSaoráid Aistrithe Teideal san Ísiltír. Is é TTF na hÍsiltíre an t-innéacs margaidh a úsáideann an Banc Domhanda chun an praghas gáis stairiúil a ríomh.


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/215


CINNEADH (AE) 2022/2071 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 20 Deireadh Fómhair 2022

on maidir le forálacha idirthréimhseacha do chur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach tar éis an euro a thabhairt isteach sa Chróit (BCE/2022/36)

TÁ BORD FEIDHMIÚCHÁIN AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 19.1 agus an chéad fhleasc d’Airteagal 46.2 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cumhachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh smachtbhannaí a fhorchur (2),

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú na faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (3), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus 6(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le cur i bhfeidhm ceanglas cúlchiste íosta (BCE/2021/1) (4),

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/379 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le hítimí chlár comhardaithe institiúidí creidmheasa agus earnáil na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta (BCE/2021/2) (5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Toisc gur ghlac an Chróit leis an euro an 1 Eanáir 2023, beidh institiúidí atá lonnaithe sa Chróit faoi réir ceanglas cúlchiste íosta ón dáta sin, i gcómhréir le Rialacháin (AE) 2021/378 (BCE/2021/1).

(2)

Le comhtháthú na n-eintiteas seo i gcóras cúlchiste íosta an Eurochórais, tá gá le forálacha idirthréimhseacha a ghlacadh d’fhonn a gcomhtháthú rianúil a chinntiú gan ualach díréireach a chruthú d’institiúidí i mBallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, an Chróit san áireamh.

(3)

Airteagal 5 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, tugtar le tuiscint go mbailíonn an BCE, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta, an fhaisnéis staidrimh riachtanach ó na húdaráis náisiúnta inniúla nó go díreach ó ghníomhairí eacnamaíocha chun ullmhúchán tráthúil a chinntiú sa réimse staidreamh i bhfianaise an ghlactha leis an euro ag Ballstát,

TAR ÉIS AN CHINEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialacháin (AE) 2021/378 (BCE/2021/1).

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha d’institúidí sa Chróit

1.   De mhaolú ó Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1), rithfidh idirthréimhse cothabhála ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 7 Feabhra 2023 d’institiúidí atá lonnaithe sa Chróit.

2.   Saineofar bonn cúlchiste gach institiúide atá lonnaithe sa Chróit don idirthréimhse chothabhála i ndáil le clár comhardaithe an 31 Deireadh Fómhair 2022. Iarrfaidh Hrvatska narodna banka ar institiúidí atá lonnaithe sa Chróit chun a mbonn cúlchiste do Hrvatska narodna banka de réir Rialacháin (AE) 2021//379 (BCE/2021/2) a thuairisciú. Iarrfaidh Hrvatska narodna banka ar institiúidí atá lonnaithe sa Chróit a bhaineann leas as an maolú faoi Airteagal 9(1) nó (2) nó Airteagal 9(5), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021//379 (BCE/2021/2) bonn cúlchiste don idirthréimhse chothabhála a ríomh ar bhonn a gclár comhardaithe amhail an 30 Meán Fómhair 2022.

3.   Maidir leis an idirthréimhse chothabhála, ríomhfaidh institiúid atá lonnaithe sa Chróit nó Hrvatska narodna banka cúlchistí íosta na hinstitiúide sin. Déanfaidh an páirtí a ríomhann na cúlchistí íosta a ríomh a chur faoi bhráid an pháirtí eile ionas go dtabharfar dóthain ama don pháirtí sin é a fhíorú agus athbhreithnithe a chur isteach. Deimhneoidh an dá pháirtí na cúlchistí íosta arna ríomh, lena n-áirítear aon athbhreithnithe orthu, an 20 Nollaig 2022 ar a dhéanaí. Mura ndeimhníonn an páirtí dá dtugtar fógra méid na gcúlchistí íosta faoin 20 Nollaig 2022, measfar gur admhaigh sé go bhfuil feidhm ag an méid arna ríomh don idirthréimhse cothabhála.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 3(2) go (4) de Chinneadh seo mutatis mutandis d’institiúidí atá lonnaithe sa Chróit ionas go bhféadfaidh na hinstitiúidí sin, ar feadh a dtréimhsí cothabhála tosaigh, aon dliteanais atá dlite d’institiúidí sa Chróit a asbhaint óna mboinn chúlchistí, cé nach mbeidh, tráth a ríomhfar na cúlchistí íosta, na hinstitiúidí sin ar liosta na n-institiúidí atá faoi réir ceanglas cúlchiste íosta dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1).

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha d’institúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu

1.   Ní bheidh aon tionchar ag an tréimhse chothabhála is infheidhme ar institiúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) de bharr na hidirthréimhse chothabhála a bheidh i bhfeidhm d’institiúidí atá lonnaithe sa Chróit.

2.   Féadfaidh institiúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu cinneadh a dhéanamh aon dliteanais atá dlite ar institiúidí atá lonnaithe sa Chróit a asbhaint óna mboinn chúlchiste do na tréimhsí cothabhála ón 21 Nollaig 2022 go dtí an 7 Feabhra 2023 agus ón 8 Feabhra go dtí an 21 Márta 2023 cé nach mbeidh, tráth a ríomhfar na cúlchistí íosta, na hinstitiúidí sin ar liosta na n-institiúidí atá faoi réir ceanglas cúlchiste íosta a luaitear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1).

3.   Beidh institiúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu a mbeartú dliteanais atá dlite d’institiúidí atá lonnaithe sa Chróit a asbhaint de bhun fomhír 2, ar feadh na dtréimhsí cothabhála ón 21 Nollaig 2022 go dtí an 7 Feabhra 2023 agus ón 8 Feabhra go dtí an 21 Márta 2023, a gcúlchistí íosta a ríomh ar bhonn a gclár comhardaithe an 31 Deireadh Fómhair 2022 agus an 31 Nollaig 2022 faoi seach agus tuairisceoidh siad faisnéis staidrimh de réir Chuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2) a lena dtaispeánfar institiúidí atá lonnaithe sa Chróit mar institiúidí atá faoi réir córas cúlchiste íosta an BCE cheana féin.

Beidh sé seo gan dochar don oibleagáid ar institiúidí faisnéis staidrimh a thuairisciú do na tréimhsí lena mbaineann de réir Cuid 2 de Thábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2), ina dtaispeánfar fós na hinstitiúidí atá lonnaithe sa Chróit mar bhainc atá lonnaithe sa “Chuid eile den domhan”.

Tabharfar tuairisc ar na táblaí de réir na dteorainneacha ama agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2).

4.   Maidir leis na tréimhsí cothabhála a thosóidh i Nollaig 2022 agus Feabhra 2023, déanfaidh institiúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar acu agus a bhaineann leas as an maolú faoi Airteagal 9(1) nó (2) nó Airteagal 9(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2) agus socríonn leo dliteanais atá dlite d’institiúidí atá lonnaithe sa Chróite a asbhaint de bhun fomhír 2, beidh a gcuid cúlchistí íosta a ríomh ar bhonn a gclár comhardaithe an 30 Meán Fómhair 2022 agus tuairisceoidh siad faisnéis staidrimh de réir Chuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2) ina dtaispeánfar institiúidí atá lonnaithe sa Chróit mar institiúidí atá faoi réir córas cúlchiste íosta an BCE cheana féin.

Maidir leis na tréimhsí cothabhála a thosóidh i Márta agus Bealtaine 2023, déanfaidh institiúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar acu agus a bhaineann leas as an maolú faoi Airteagal 9(1) nó (2) nó Airteagal 9(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2) agus socríonn leo dliteanais atá dlite d’institiúidí atá lonnaithe sa Chróite a asbhaint de bhun fomhír 2, beidh a gcuid cúlchistí íosta a ríomh ar bhonn a gclár comhardaithe an 31 Meán Nollaig 2022 agus tuairisceoidh siad faisnéis staidrimh de réir Chuid 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2) ina dtaispeánfar institiúidí atá lonnaithe sa Chróit mar institiúidí atá faoi réir córas cúlchiste íosta an BCE cheana féin.

Beidh sé seo gan dochar don oibleagáid ar institiúidí faisnéis staidrimh a thuairisciú do na tréimhsí lena mbaineann de réir Tábla 1 i Cuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2), ina dtaispeánfar fós na hinstitiúidí atá lonnaithe sa Chróit mar bhainc atá lonnaithe sa “Chuid eile den domhan”.

Tabharfar tuairisc ar an bhfaisnéis staidrimh de réir na dteorainneacha ama agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2021/379 (BCE/2021/2).

Airteagal 4

Forálacha críochnaitheacha

1.   Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht an lá a thabharfar fógra do na seolaithe.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2022.

3.   Gan forálacha speisialta a bheith ann sa Chinneadh seo, beidh feidhm ag na forálacha sna Rialacháin (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) and (AE) 2021/379 (BCE/2021/2).

Airteagal 5

Seolaithe

Tá an Cinneadh seo dírithe ar Hrvatska narodna banka, institiúidí atá lonnaithe sa Chróit agus institiúidí atá lonnaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 20 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 1.

(2)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 4.

(3)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 8.

(4)  IO L 73, 3.3.2021, lch. 1.

(5)  IO L 73, 3.3.2021, lch. 16.


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 277/218


CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 029/22/COL

an 9 Feabhra 2022

lena leasaítear na rialacha substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a thabhairt isteach [2022/2072]

ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,

Ag féachaint do an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), go háirithe Airteagail 61 go 63 agus Prótacal 26,

Ag féachaint do an Comhaontú idir na Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (“an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte”), go háirithe Airteagal 24 agus Airteagal 5(2)(b),

Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Faireacháin agus Cúirte (“Prótacal 3”) go háirithe Airteagal 1(1) de Chuid I,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Faoi Airteagal 24 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tá Údarás Faireachán CSTE le héifeacht a thabhairt d’fhorálacha Chomhaontú LEE maidir le Státchabhair.

Faoi Airteagal 5(2)(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, eiseoidh Údarás Faireachán CSTE fógraí nó treoirlínte maidir le hábhair a ndéileáiltear leo i gComhaontú LEE, má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa Chomhaontú sin nó sa Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte nó má mheasann Údarás Faireachán CSTE gur gá sin.

Faoi Airteagal 1(1) de Chuid I de Phrótacal 3, coimeádfaidh Údarás Faireachán CSTE na córais cabhrach uile atá ann cheana i Stáit CSTE (1) faoi athbhreithniú leanúnach agus aon bheart iomchuí a mholadh is gá chun Comhaontú LEE a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a fheidhmithe.

Bhí Treoirlínte Údarás Faireachán CSTE maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 ("Treoirlínte Údaráis Faireachán CSTE 2014-2020”) (2), arna leasú (3), infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2021.

Comhfhreagraíonn Treoirlínte 2014-2020 ó Údarás Faireacháin CSTE do Threoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh (“an Coimisiún”) maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (“Treoirlínte 2014-2020 ón gCoimisiúin”) (4). Bhí Treoirlínte 2014-2020 ón gCoimisiún, arna leasú (5), infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2021.

An 27 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2022 (“Treoirlínte 2022”) (6).

Tá Treoirlínte 2022 ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) freisin.

Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha LEE maidir le Státchabhair le háirithiú ar fud LEE i gcomhréir le cuspóir na haonchineálachta a bhunaítear in Airteagal 1 de Chomhaontú LEE.

Glacfaidh Údarás Faireachán CSTE, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, gníomhartha a chomhfhreagraíonn do na gníomhartha a ghlac an Coimisiún, de réir mhír II faoin gceannteideal “GINEARÁLTA” d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE.

Le Treoirlínte 2022 féadfar tagairt a dhéanamh d’ionstraimí beartais áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh agus do ghníomhartha dlí áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh nár ionchorpraíodh i gComhaontú LEE. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach fhorálacha Státchabhrach mar aon le dálaí iomaíochta comhionanna a áirithiú ar fud LEE, déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE, go ginearálta, na pointí tagartha céanna leis an gCoimisiún Eorpach a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh ar a chomhoiriúnaí agus atá an chabhair i gcomhréir le feidhmiú Chomhaontú LEE.

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gCoimisiún,

Tar éis dul i gcomhairle le Stáit CSTE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Leasaítear na rialacha substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a thabhairt isteach Tá Treoirlínte 2022 i gceangal leis an gCinneadh seo agus tá siad ina gcuid dhílis de.

(2)   Cuireann Údarás Faireacháin CSTE na treoirlínte sin i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí agus atá an chabhair infhógartha uile don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a dhámhtar nó a bhfuil sé beartaithe í a dhámhachtain ón 9 Feabhra 2022 i leith. Déanfar cabhair neamhdhleathach a mheasúnú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ag an dáta a dámhadh an chabhair.

Airteagal 2.

Cuireann Údarás Faireachán CSTE Treoirlínte 2022 i bhfeidhm leis na hoiriúnuithe seo a leanas i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dó sin:

(a)

más ann do thagairt do “Ballstát” nó “Ballstáit”, léann Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt do “Stát CSTE” nó “Stáit CSTE” (7), nó i gcás inarb iomchuí “Stát LEE” nó “Stáit LEE”;

(b)

más ann do thagairt don “Coimisiún Eorpach”, léifidh Údarás Faireacháin CSTE í, i gcás inarb iomchuí, mar thagairt do “Údarás Faireacháin CSTE”;

(c)

más ann do thagairt do “an Conradh” nó “CFAE”, léifidh Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt do “Comhaontú LEE”;

(d)

más ann do thagairt do “rialacha an Aontais maidir le Státchabhair”, léann Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt do “rialacha LEE maidir le Státchabhair”;

(e)

más ann do thagairt d’Airteagal 107 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt d’Airteagal 61 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

(f)

más ann do thagairt d’Airteagal 108 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt d’Airteagal 1 de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin;

(g)

más ann do thagairt do Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (8), léann Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt do Chuid II de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte;

(h)

más ann do thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (9), léann Údarás Faireacháin CSTE í mar thagairt do Chinneadh 195/04/COL ó Údarás Faireacháin CSTE;

(i)

más ann do thagairt don fhoclaíocht “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach”, léann Údarás Faireacháin CSTE í mar “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE”;

(j)

más ann do thagairt don fhoclaíocht “laistigh (nó lasmuigh) den Aontas”, léann Údarás Faireachán CSTE í mar “laistigh (nó lasmuigh) de LEE”;

(k)

más ann do thagairt do “trádáil laistigh den Aontas”, léann Údarás Faireachán CSTE í mar thagairt do “trádáil laistigh de LEE”;

(l)

má leagtar amach leis na Treoirlínte go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch”, cuirfidh Údarás Faireachán CSTE i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch nó cuid d’earnálacha de ghníomhaíocht eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme Chomhaontú LEE”;

(m)

más ann do thagairt do Theachtaireachtaí, d’Fhógraí nó do Threoirlínte ón gCoimisiún, léann Údarás Faireachán CSTE í mar thagairt do Threoirlínte comhfhreagracha Údarás Faireachán CSTE;

Airteagal 3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 468 de Threoirlínte 2022:

“Molann Údarás Faireachán CSTE na bearta iomchuí seo a leanas do Stáit CSTE faoi Airteagal 1(1) de Chuid I de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte:

(a)

Leasaíonn Stáit CSTE, más gá, scéimeanna um chabhair atá ann cheana do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh chun iad chur ar aon dul leis na treoirlínte sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023;

(b)

Iarrtar ar Stáit CSTE a gcomhaontú sainráite neamhchoinníollach a thabhairt maidir leis na bearta atá beartaithe faoin 11 Aibreán 2022. In éagmais aon fhreagra, glacfaidh Údarás Faireachán CSTE leis nach gcomhaontaíonn Stát CSTE lena mbaineann leis na bearta a mholtar.”

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2022.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE

Arne RØKSUND

Uachtarán

Comhalta Freagrach den Choláiste

Stefan BARRIGA

Comhalta den Choláiste

Árni Páll ÁRNASON

Comhalta den Choláiste

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  Le hAirteagal 1(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte sonraítear an méid seo: “ciallaíonn an téarma ‘Stáit CSTE’ Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua agus, faoi na coinníollacha a leagtar síos le hAirteagal 1(2) den Phrótacal lena gCoigeartaítear an Comhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú, Prionsacht Lichtinstéin”.

(2)  Cinneadh Uimh. 301/14/COL ó Údarás Faireachán CSTE an 16 Iúil 2014 lena leasaítear, den ochtú huair is nócha, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí threoirlínte nua a ghlacadh maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (IO L 131, 28.5.2015, lch. 1 agus Forlíonadh LEE Uimh. 30, 28.5.2015, lch. 1).

(3)  Cinneadh Uimh. 90/20/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 15 Iúil 2020 lena leasaítear, i ndiaidh céad is an seachtú huaire, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí threoirlínte áirithe maidir le Státchabhair a leasú agus a fhadú (IO L 359, 29.10.2020, lgh. 16, agus Forlíonadh LEE Uimh. 68, 29.10.2020, lch. 4).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014 -2020 (IO C 200, 28.6.2014, lch. 1).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le síneadh ama a chur leis na Treoirlínte agus maidir le leasuithe na dTreoirlínte maidir le Státchabhair Réigiúnach do 2014-2020, Treoirlínte maidir le Státchabhair chun Infheistíochtaí um Maoiniú Riosca a Chur Chun Cinn, Treoirlínte maidir le Státchabhair do Chosaint an Chomhshaoil agus don Fhuinnimh 2014-2020, Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu, Teachtaireacht maidir leis na Critéir chun Anailís a Dhéanamh ar a Chomhoiriúnaí leis an Margadh Inmheánach atá Státchabhair chun Tionscadail Thábhachtacha ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne a Chur chun Cinn, Teachtaireacht ón gCoimisiún – Creat do Státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta agus Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le hárachas creidmheasa onnmhairiúcháin gearrthéarmach. 2020/C 224/02 (IO C 224, 8.7.2020, lch. 2).

(6)  (“Treoirlínte 2022”) C (2022) 481 final, níor foilsíodh fós iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)  Le “Stáit CSTE” tagraítear don Íoslainn, do Lichtinstéin agus don Iorua.

(8)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022

1.

RÉAMHRÁ 225

2.

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE 227

2.1.

Raon Feidhme 227

2.2.

Bearta cabhrach a chumhdaítear leis na treoirlínte seo 227

2.3.

Struchtúr na dtreoirlínte 228

2.4.

Sainmhínithe 228

3.

MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA FAOI AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C), DEN CHONRADH 239

3.1.

Coinníoll dearfach: ní mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú 239

3.1.1.

Sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche atá á éascú ag an mbeart, a éifeachtaí dearfacha don tsochaí i gcoitinne agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais 239

3.1.2.

Éifeacht dreasachta 240

3.1.3.

Níor sáraíodh aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais 241

3.2.

Coinníoll diúltach: ní cheart don bheart cabhrach dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann 241

3.2.1.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 241

3.2.1.1.

Riachtanas na cabhrach 241

3.2.1.2.

Oiriúnacht 242

3.2.1.2.1.

Oiriúnacht i measc ionstraimí eile beartais 243

3.2.1.2.2.

Oiriúnacht i measc ionstraimí éagsúla cabhrach 243

3.2.1.3.

Comhréireacht 244

3.2.1.3.1.

Carnadh 245

3.2.1.4.

Trédhearcacht 246

3.2.2.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 247

3.3.

Comparáid a dhéanamh idir éifeachtaí dearfacha agus éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil 248

4.

CATAGÓIRÍ CABHRACH 249

4.1.

Cabhair chun astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint lena n-áirítear trí thacú le fuinneamh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh 249

4.1.1.

An Réasúnaíocht 249

4.1.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 249

4.1.2.1.

Cabhair le haghaidh fuinneamh in-athnuaite 249

4.1.2.2.

Cabhair eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh a laghdú agus a bhaint 250

4.1.3.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 250

4.1.3.1.

Riachtanas na cabhrach 250

4.1.3.2.

Oiriúnacht 251

4.1.3.3.

Incháilitheacht 251

4.1.3.4.

Comhairliúchán poiblí 252

4.1.3.5.

Comhréireacht 253

4.1.4.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú 256

4.2.

Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh 259

4.2.1.

Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair 259

4.2.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 259

4.2.3.

Éifeachtdreasachta 260

4.2.4.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 260

4.2.4.1.

Oiriúnacht 260

4.2.4.2.

Comhréireacht 261

4.2.4.3.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 262

4.3.

Cabhair le haghaidh soghluaisteacht ghlan 262

4.3.1.

Cabhair chun feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a leasú agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú 263

4.3.1.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 263

4.3.1.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 263

4.3.1.3.

Éifeacht dreasachta 264

4.3.1.4.

Saobhadh iomaíochta agus trádála a íoslaghdú 264

4.3.1.4.1.

Oiriúnacht 264

4.3.1.4.2.

Comhréireacht 264

4.3.1.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú 266

4.3.2.

Cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid 267

4.3.2.1.

Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair 267

4.3.2.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht 267

4.3.2.3.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 268

4.3.2.3.1.

Riachtanas na cabhrach 268

4.3.2.3.2.

Oiriúnacht 268

4.3.2.3.3.

Comhréireacht 268

4.3.2.4.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 269

4.4.

Cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach 271

4.4.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 271

4.4.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 272

4.4.3.

Éifeacht dreasachta 273

4.4.4.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 274

4.4.4.1.

Riachtanas na cabhrach 274

4.4.4.2.

Oiriúnacht 274

4.4.4.3.

Comhréireacht 274

4.4.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 276

4.5.

Cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú 276

4.5.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 276

4.5.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 277

4.5.3.

Éifeacht dreasachta 278

4.5.4.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 278

4.5.4.1.

Riachtanas na cabhrach 278

4.5.4.2.

Comhréireacht 278

4.5.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 279

4.6.

Cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide 279

4.6.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 279

4.6.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 280

4.6.3.

Éifeacht dreasachta 280

4.6.4.

Comhréireacht 281

4.7.

Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha 282

4.7.1.

Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifioscacha 282

4.7.1.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 282

4.7.1.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 282

4.7.1.3.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 283

4.7.1.3.1.

Riachtanas 283

4.7.1.3.2.

Oiriúnacht 284

4.7.1.3.3.

Comhréireacht 284

4.7.2.

cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha 284

4.7.2.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 284

4.7.2.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 285

4.7.2.3.

Éifeacht dreasachta 285

4.7.2.4.

Comhréireacht 313

4.7.2.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 286

4.8.

Cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais 286

4.8.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 286

4.8.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 286

4.8.3.

Éifeacht dreasachta 287

4.8.4.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 287

4.8.4.1.

Riachtanas 287

4.8.4.2.

Oiriúnacht 288

4.8.4.3.

Incháilitheacht 288

4.8.4.4.

Comhairliúchán poiblí 289

4.8.4.5.

Comhréireacht 290

4.8.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 290

4.9.

Cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh 292

4.9.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 292

4.9.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 294

4.9.3.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 294

4.9.3.1.

Riachtanas agus oiriúnacht 294

4.9.3.2.

Comhréireacht na cabhrach 295

4.9.4.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 295

4.10.

Cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair 295

4.10.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 295

4.10.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 296

4.10.3.

Riachtanas agus oiriúnacht 296

4.10.4.

Comhréireacht an bhirt cabhrach 297

4.10.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú 297

4.11.

Cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh 298

4.11.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 298

4.11.2.

Raon feidhme: Tobhaigh ar ar féidir laghduithe a dheonú 299

4.11.3.

Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála 299

4.11.3.1.

Incháilitheacht 299

4.11.3.2.

Comhréireacht an bhirt cabhrach 300

4.11.3.3.

Foirm na státchabhrach 300

4.11.3.4.

Iniúchtaí fuinnimh agus Córais Bhainistíochta 301

4.11.3.5.

Rialacha idirthréimhseacha 301

4.12.

Cabhair chun gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a dhúnadh mar aon le hoibríochtaí mianadóireachta a bhaineann le baint guail, móna nó scealla ola 302

4.12.1.

Cabhair chun gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh go luath 302

4.12.1.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 302

4.12.1.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 303

4.12.1.3.

Éifeacht dreasachta 303

4.12.1.4.

Riachtanas agus oiriúnacht 303

4.12.1.5.

Comhréireacht 303

4.12.1.6.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 304

4.12.2.

Cabhair le haghaidh na gcostas eisceachtúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh 304

4.12.2.1.

An réasúnaíocht atá ag an gcabhair 304

4.12.2.2.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 304

4.12.2.3.

Riachtanas agus oiriúnacht 305

4.12.2.4.

Éifeacht dreasachta agus comhréireacht 305

4.12.2.5.

Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil 305

4.13.

Cabhair le haghaidh staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh 306

4.13.1.

Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht 306

4.13.2.

Éifeacht dreasachta 306

4.13.3.

Comhréireacht 306

5.

MEASTÓIREACHT 306

6.

TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN 307

7.

INFHEIDHMEACHT 308

8.

ATHBHREITHNIÚ 308

1.   RÉAMHRÁ

1.

Tá an Comhaontú Glas don Eoraip mar phríomhthosaíocht pholaitiúil ag an gCoimisiún d’fhonn an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a bhfuil geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní., áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní, gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Treisíodh uaillmhianta aeráide an Choimisiúin in 2019 leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (1), inar leagadh síos mar chuspóir nach mbeadh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050. Chun ár ngeilleagar agus ár sochaí a chur ar bhealach cóir, glas agus rathúil chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 (2). Tá na spriocanna uaillmhianacha sin cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach (3).

2.

Tacaíonn an pacáiste tograí reachtacha ‘Oiriúnach do 55’ le baint amach na spriocanna sin (4) agus cuireann sé an tAontas ar an mbóthar ceart i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.

3.

Maidir le comhlíonadh na gcuspóirí a bhaineann le haeráidneodracht, oiriúnú don athrú aeráide, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, ciorclaíocht, truailliú nialasach agus aisghabháil na bithéagsúlachta agus maidir le tacú leis an aistriú glas sin, beidh iarrachtaí suntasacha agus tacaíocht leordhóthanach ag teastáil ina leith. D’fhonn an uaillmhian a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht shuntasach, lena n-áirítear infheistíocht i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite. Mheas an Coimisiún go mbeidh gá le EUR 390 billiún d’infheistíocht bhliantúil bhreise chun spriocanna 2030 don aeráid, don fhuinneamh agus don iompar a bhaint amach, spriocanna a méadaíodh le gairid, i gcomparáid leis na leibhéil in 2011-2020 (5), agus go mbeidh gá le EUR 130 billiún breise in aghaidh na bliana i gcás na gcuspóirí comhshaoil eile a measadh roimhe seo (6). Mar gheall ar mhéid an dúshláin infheistíochta seo, ní mór an earnáil phríobháideach agus cistí poiblí araon a úsáid ar bhealach costéifeachtach. Beidh tionchar aige sin ar gach earnáil agus, dá bhrí sin, ar gheilleagar an Aontais ina iomláine.

4.

Tá ról tábhachtach ag an mbeartas iomaíochta agus ag na rialacha maidir le státchabhair go háirithe i dtaca leis an Aontas a chumasú agus tacú leis i gcomhlíonadh a chuspóirí beartais maidir leis an gComhaontú Glas. Luaitear go sonrach i dTeachtaireacht an Aontais maidir leis an gComhaontú Glas go ndéanfar na rialacha maidir le státchabhair a athbhreithniú chun na cuspóirí beartais sin a chur san áireamh, chun tacú le haistriú costéifeachtach agus cóir chuig aeráidneodracht, agus chun go n-éascófar deireadh a chur le breoslaí iontaise de réir a chéile, agus cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach ag an am céanna. Léirítear an t-athbhreithniú sin leis na treoirlínte sin.

5.

Chun cosc a chur ar státchabhair saobhadh a dhéanamh ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach nó ar an mbaol go ndéanfar saobhadh, agus ar dhifear a dhéanamh ar thrádáil idir Ballstáit, leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an prionsabal go bhfuil toirmeasc ar státchabhair. I gcásanna áirithe, áfach, d’fhéadfadh an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(2) agus (3) den Chonradh.

6.

Ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le státchabhair de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh, cé is moite de bhearta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán blocdhíolúine arna ghlacadh ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle (7).

7.

Tugtar treoir sna treoirlínte sin maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide, agus bearta cabhrach fuinnimh atá faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh. Aon tagairt do ‘chosaint an chomhshaoil’ sna treoirlínte seo, ba cheart go dtuigfí gur tagairt í do chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide.

8.

Faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, féadfar a dhearbhú go bhfuil beart cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar choinníoll go gcomhlíontar dhá choinníoll, ceann amháin dearfach agus ceann amháin diúltach. Is é an coinníoll dearfach nach mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú. Is é an coinníoll diúltach nár cheart don chabhair dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann.

9.

Glactar leis go ginearálta go mbíonn torthaí éifeachtúla ar phraghsanna, ar aschur agus ar úsáid acmhainní mar thoradh ar mhargaí iomaíocha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hidirghabháil ó Stát chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú, ar gníomhaíochtaí iad nach bhforbrófaí in aon chor nó nach bhforbrófaí ar an luas céanna nó faoi na coinníollacha céanna in éagmais cabhrach. Ar an gcaoi sin, cuireann an idirghabháil le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

10.

I gcomhthéacs chosaint an chomhshaoil, d’fhéadfadh sé, mar thoradh ar sheachtrachtaí comhshaoil, lochtanna faisnéise agus clistí comhordúcháin, nach gcuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh costais agus tairbhí gníomhaíochta eacnamaíche san áireamh go hiomlán agus cinntí tomhaltais, infheistíochta agus táirgthe á ndéanamh acu, d’ainneoin idirghabhálacha rialála. Maidir leis na clistí margaidh sin, is é sin le rá, cásanna nach dócha go mbeidh torthaí éifeachtúla ar na margaí má fhágtar ar a gconlán féin iad, nach mbeidh mar thoradh orthu an leas is fearr do thomhaltóirí agus don tsochaí i gcoitinne, rud a fhágann nach leor na leibhéil chosanta comhshaoil i ndáil leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéantar in éagmais tacaíocht Stáit.

11.

Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú nach sáróidh an beart cabhrach, na coinníollacha a ghabhann leis an mbeart, na nósanna imeachta chun an beart a ghlacadh agus an ghníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht dlí comhshaoil an Aontais. Ba cheart d’údaráis na mBallstát a áirithiú freisin go bhfuil an deis ann dul i gcomhairle leis an bpobal lena mbaineann i ndáil le cinnteoireacht maidir le cabhair. Ar deireadh, ba cheart an deis a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí agóid a dhéanamh os comhair cúirteanna náisiúnta i gcoinne na cabhrach nó i gcoinne na mbeart lena gcuirtear an chabhair chun feidhme i gcás inar féidir leo fianaise a thabhairt ar aird nach bhfuil dlíthe comhshaoil an Aontais á gcomhlíonadh (8).

2.   RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

2.1.   Raon Feidhme

12.

Baineann na treoirlínte seo le státchabhair a dheonaítear chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascú ar bhealach a fheabhsaíonn cosaint an chomhshaoil, chomh maith le gníomhaíochtaí in earnáil an fhuinnimh a rialaítear leis an gConradh, a mhéid a chumhdaítear na bearta cabhrach sin le Roinn 2.2 de na treoirlínte seo. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na treoirlínte sin freisin maidir leis na hearnálacha sin atá faoi réir rialacha sonracha an Aontais maidir le státchabhair, mura sonraítear a mhalairt sna rialacha sonracha sin de chuid an Aontais nó má tá forálacha iontu maidir le cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil nó cabhair san earnáil fuinnimh a bhfuil feidhm acu maidir leis an mbeart céanna, agus sa chás sin tá forlámhas ag na rialacha earnáilsonracha. Tá forlámhas ag na treoirlínte sin ar phointe 17(b) de na Treoirlínte Eitlíochta (9) maidir le bearta cabhrach comhshaoil i bhfabhar aerfort mór ina bhfuil níos mó ná 5 mhilliún paisinéir in aghaidh na bliana.

13.

Ní bhaineann na treoirlínte sin leis na nithe seo a leanas:

(a)

Státchabhair chun táirgí, innealra, trealamh nó modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhearadh agus a mhonarú d‘fhonn oibriú le níos lú acmhainní nádúrtha agus gníomhaíocht a dhéantar laistigh de ghléasraí nó d’aonaid táirgthe eile d’fhonn sábháilteacht nó sláinteachas a fheabhsú (10);

(b)

Státchabhair le haghaidh taighde, forbairt agus nuálaíocht atá faoi réir na rialacha a leagtar amach sa Chreat um Státchabhair don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht (11);

(c)

Státchabhair a chumhdaítear leis na rialacha maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta (12) nó in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (13);

(d)

Státchabhair le haghaidh fuinneamh núicléach.

14.

Níor cheart cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus fuinneamh a dhámhachtain ar ghnóthais atá i gcruachás mar a shainmhínítear sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus chun athstruchtúrú a dhéanamh orthu (14).

15.

Nuair a bheidh cabhair i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc á mheas ag an gCoimisiún, tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear cabhair a bheith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cuirfidh sé san áireamh méid na cabhrach atá fós le haisghabháil (15).

2.2.   Bearta cabhrach a chumhdaítear leis na treoirlínte seo

16.

Shainaithin an Coimisiún roinnt catagóirí beart cosanta comhshaoil agus fuinnimh, bearta a bhféadfadh státchabhair a bheith comhoiriúnach ina leith maidir leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh faoi choinníollacha áirithe:

(a)

cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint, lena n-áirítear trí thacaíocht don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)

cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh;

(c)

cabhair chun feithiclí glana (feithiclí a úsáidtear le haghaidh aeriompar, iompar de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus de mhuiriompar) agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a léasú agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú;

(d)

cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe d’fheithiclí glana a úsáid;

(e)

cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach;

(f)

cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú;

(g)

cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide;

(h)

cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhiosacha;

(i)

cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais;

(j)

cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh;

(k)

cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair;

(l)

cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh;

(m)

cabhair chun gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a dhúnadh mar aon le hoibríochtaí mianadóireachta a bhaineann le baint guail, móna nó scealla ola;

(n)

cabhair le haghaidh staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh.

2.3.   Struchtúr na dtreoirlínte

17.

I gCaibidil 3, leagtar amach na critéir chomhoiriúnachta a mbíonn feidhm acu go ginearálta maidir leis na catagóirí éagsúla cabhrach a chumhdaítear leis na treoirlínte seo. Tá feidhm ag roinn 3.2.1.3.1 maidir le carnadh maidir le gach catagóir cabhrach a chlúdaítear leis na treoirlínte seo. I gCaibidil 4, leagtar amach critéir chomhoiriúnachta shonracha a bhfuil feidhm acu maidir leis na bearta cabhrach a chumhdaítear sna ranna éagsúla den chaibidil sin. Tá feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta i gCaibidil 3 ach amháin má tá forálacha níos sonraí leagtha síos sna ranna sonracha tiomnaithe i gCaibidil 4.

18.

Tá feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach sna treoirlínte seo maidir le scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair, cibé acu atá siad bunaithe ar scéim chabhrach nó má dheonaítear í ar bhonn ad hoc, mura sonraítear a mhalairt.

2.4.   Sainmhínithe

19.

Chun críocha na dtreoirlínte seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘cabhair ad hoc’ cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;

(2)

ciallaíonn ‘déine cabhrach’ ollmhéid na cabhrach arna shloinneadh mar chéatadán de na costais incháilithe. Ní mór na figiúirí uile a úsáidtear a ghlacadh sula n-asbhaintear aon cháin nó aon tobhach. I gcás ina ndámhfar cabhair i bhfoirm nach deontas í, ní mór go mbeidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach. An chabhair is iníoctha i dtráthchodanna éagsúla, ní mór a luach a ríomh tráth ar deonaíodh í. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críocha lascainithe agus chun méid na cabhrach in iasacht ar lacáiste a ríomh (16) an ráta tagartha is infheidhme tráth an deontais. Déantar déine na cabhrach a ríomh in aghaidh an tairbhí;

(3)

ciallaíonn ‘limistéir fhóirithinte’ limistéir a ainmnítear, tráth dheonú na cabhrach, i mapa formheasta den chabhair réigiúnach agus Airteagail 107(3), pointí (a) agus (c) den Chonradh á gcur i bhfeidhm;

(4)

i gcás an leictreachais, ciallaíonn ‘cothromú’ cothromú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) Uimh. 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(5)

ciallaíonn ‘páirtí atá freagrach as cothromú (BRP)’ páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2019/943;

(6)

ciallaíonn ‘bithéagsúlacht’ bithéagsúlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(7)

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(8)

ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28) de Threoir (AE) 2018/2001;

(9)

ciallaíonn ‘bithleachtanna’ bithleachtanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32) de Threoir (AE) 2018/2001;

(10)

ciallaíonn ‘bithmhais’ an codán in-bhithmhillte de tháirgí, dramhaíl agus iarmhair de thionscnamh bitheolaíoch, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Threoir (AE) 2018/2001;

(11)

ciallaíonn ‘breoslaí bithmhaise’ breoslaí bithmhaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27) de Threoir (AE) 2018/2001;

(12)

ciallaíonn ‘sásra acmhainneachta’ sásra acmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22) de Rialachán (AE) 2019/943;

(13)

ciallaíonn ‘gabháil agus stóráil carbóin’ (CCS) tacar teicneolaíochtaí lenar féidir an dé-ocsaíd charbóin (CO2) a astaítear ó ghléasraí tionsclaíocha a ghabháil, lena n-áirítear astaíochtaí a fhaightear ó phróisis, nó í a ghabháil go díreach ón aer comhthimpeallach, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíochtaí geolaíocha iomchuí faoi thalamh chun críche buanstórála;

(14)

ciallaíonn ‘gabháil agus úsáid carbóin’ (CCU) tacar teicneolaíochtaí lenar féidir an CO2 a astaítear ó ghléasraí tionsclaíocha a ghabháil, lena n-áirítear astaíochtaí a fhaightear ó phróisis, nó í a ghabháil go díreach ón aer comhthimpeallach, agus í a iompar go láithreán ídithe nó úsáide CO2 ionas go mbainfear úsáid iomlán as an CO2 sin;

(15)

ciallaíonn ‘baint CO2’ gníomhaíochtaí antrapaigineacha a bhaineann CO2 as an atmaisféar agus a stórálann go marthanach í i dtaiscumair gheolaíocha, dhomhanda nó aigéin, nó i dtáirgí. Áirítear leis sin feabhsú antrapaigineach atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann ar linnte bitheolaíocha nó geoiceimiceacha agus ar aeir a ghabháil agus a stóráil go díreach, ach eisiatar úsáid nádúrtha CO2 nach iad gníomhaíochtaí an duine is cúis léi go díreach;

(16)

ciallaíonn ‘scéim oibleagáide na soláthróirí’ scéim ina gcruthaítear luach chun earraí nó seirbhísí a sholáthar trí na hearraí nó na seirbhísí sin a dheimhniú agus trí oibleagáid a fhorchur ar sholáthraithe nó ar thomhaltóirí deimhnithe a cheannach;

(17)

ciallaíonn ‘trealamh soghluaiste glan ar an talamh’ trealamh soghluaiste a úsáidtear i ngníomhaíochtaí seirbhíse atá teagmhasach le haeriompar nó le muiriompar a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

(18)

ciallaíonn ‘trealamh seirbhíse soghluaiste glan’ trealamh críochfoirt soghluaiste glan agus trealamh soghluaiste glan ar an talamh;

(19)

ciallaíonn ‘trealamh críochfoirt soghluaiste glan’ trealamh soghluaiste a úsáidtear chun earraí agus aonaid luchtaithe idirmhódúla a luchtú, a dhíluchtú agus a thrasloingsiú, agus chun lasta a bhogadh laistigh de limistéar críochfoirt, trealamh a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige nó, murab ann do roghanna malartacha astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2, trealamh ag bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 aige atá i bhfad níos ísle ná mar atá ag gnáth-threalamh críochfoirt;

(20)

ciallaíonn ‘feithicil ghlan’ an méid seo a leanas:

(a)

maidir le feithiclí dhá agus trí roth agus cuadrothair:

(i)

feithicil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 a bhfuil astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 aici, a ríomhtar i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24 den Rialachán sin agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis;

(b)

maidir le feithiclí bóthair saothair éadroim:

(i)

feithicil de chatagóir M1, M2 nó N1 a bhfuil astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 aici, mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (20);

(ii)

feithicil ghlan mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4)(a), de Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(c)

maidir le feithiclí bóthair tromshaothair:

(i)

feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2009/33/CE;

(ii)

go dtí an 31 Nollaig 2025, feithicil tromshaothair astaíochtaí ísle mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(iii)

go dtí an 31 Nollaig 2025, feithicil ghlan mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4)(b) de Threoir 2009/33/CE agus nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1242;

(d)

maidir le soithí uiscebhealaí intíre:

(i)

soitheach intíre le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

(ii)

soitheach intíre le haghaidh iompar paisinéirí a bhfuil inneall hibrideach nó inneall débhreosla aige agus a fhaigheann ar a laghad 50 % dá cuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibríocht;

(iii)

soitheach intíre le haghaidh iompar lasta a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 in aghaidh an chiliméadair tona (gCO2/tkm) acu, a ríomhtar (nó a mheastar i gcás soithí nua) trí úsáid a bhaint as Táscaire Oibríochtúil Éifeachtúlachta Fuinnimh (EEOI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, ar astaíochtaí iad atá 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a chinntear le haghaidh feithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an gcáilíonn soitheach mar fheithicil ghlan, cuirfidh sé athruithe san earnáil lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do na critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíocht cáilithe mar ghníomhaíocht a chuireann go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha faoi Rialachán (AE) 2020/852;

(e)

maidir le soithí muirí:

(i)

soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta, le haghaidh oibríochtaí calafoirt nó le haghaidh gníomhaíochtaí cúnta a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige; nó

(ii)

soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta, le haghaidh oibríochtaí calafoirt nó gníomhaíochtaí cúnta, ar soitheach é a bhfuil inneall hibrideach nó débhreosla aige agus a fhaigheann ar a laghad 25 % dá chuid fuinnimh ó bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (sceithphíopa) nó ó chumhacht inluchtaithe dá ngnáthoibríocht ar muir agus i gcalafoirt nó a bhfuil Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta aige atá 10 % faoi bhun na gceanglas EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 agus atá in ann rith ar bhreoslaí lena mbaineann astaíochtaí CO2 nialasacha (sceithphíopa) nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite; nó

(iii)

soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar lasta a úsáidtear go heisiach chun seirbhísí cósta agus gearrthurais a oibriú, a dheartar chun aistriú córa iompair lasta a chumasú a dhéantar a iompar faoi láthair ar talamh go muir, soitheach a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 aige, a trí úsáid a bhaint as EEDI, atá 50 % níos ísle ná luach na n-astaíochtaí meán-tagartha CO2 a shainmhínítear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán 2019/1242;

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an gcáilíonn soitheach mar fheithicil ghlan, cuirfidh sé athruithe san earnáil lena mbaineann san áireamh, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do na critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíocht cáilithe mar ghníomhaíocht a chuireann go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha faoi Rialachán (AE) 2020/852;

(f)

maidir le rothstoc iarnróid:

(i)

rothstoc iarnróid a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

(ii)

rothstoc a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 aige nuair a oibrítear é ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann siad gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach);

(g)

maidir le haerárthaí:

(i)

aerárthach a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 aige;

(ii)

aerárthach a bhfuil feabhas mór tagtha ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil i gcomparáid le haerárthach den mhais chéanna éirí de thalamh a chomhfhreagraíonn do rogha mhalartach atá ar fáil go forleathan ar an margadh;

(21)

ciallaíonn ‘comhghiniúint’ nó comhghiniúint cumhachta agus teasa comhghiniúint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (30) de Threoir (AE) 2012/27 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(22)

ciallaíonn ‘láithreán éillithe’ láithreán ina ndeimhnítear go bhfuil ábhair nó substaintí ann, a bhfuil gníomhaíochtaí an duine ina gcúis leo, ar leibhéal chomh hard sin go bhfuil riosca suntasach ag baint leo do shláinte an duine nó don chomhshaol, agus úsáid reatha agus formheasta na talún, ghrinneall na farraige nó aibhneacha á cur san áireamh;

(23)

ciallaíonn ‘tionscadal taispeántais’ tionscadal taispeántais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/943;

(24)

ciallaíonn ‘digitiú’ glacadh teicneolaíochtaí a dhéantar le gléasanna leictreonacha agus/nó córais leictreonacha lenar féidir feidhmiúlacht táirgí a mhéadú, seirbhísí ar líne a fhorbairt, próisis a nuachóiriú, nó aistriú chuig samhlacha gnó atá bunaithe ar tháirgeadh earraí agus soláthar seirbhíse a dhí-idirmheánú, agus tionchar bunathraitheach á tháirgeadh aige sa deireadh;

(25)

ciallaíonn ‘diúscairt’ diúscairt mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19, de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(26)

ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ (DSO) oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(27)

ciallaíonn ‘téamh ceantair’ nó ‘fuarú ceantair’ téamh ceantair nó fuarú ceantair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19) de Threoir (AE) 2010/31 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(28)

ciallaíonn ‘córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair’ saoráidí giniúna téimh agus/nó fuaraithe, teirmeastóráil agus líonra dáileacháin, lena gcuimsítear líonra príomhúil píblínte tarchuir agus líonra tánaisteach píblínte tarchuir araon chun téamh nó fuarú a sholáthar do thomhaltóirí. Tá tagairt do théamh ceantair le léirmhíniú mar chórais téimh agus/nó fuaraithe ceantair, ag brath ar cibé acu a sholáthraíonn na líonraí téamh nó fuarú le chéile nó ar leithligh;

(29)

ciallaíonn ‘éiceanuálaíocht’ gach cineál gníomhaíochta nuálacha, lena n-áirítear próisis táirgthe nua, táirgí nó seirbhísí nua, agus bainistíocht agus modhanna gnó nua, a bhfuil feabhas suntasach ar chosaint an chomhshaoil mar thoradh orthu nó atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil a fheabhsú go suntasach agus na tionchair a bhíonn ag truailliú ar an gcomhshaol a laghdú go suntasach. Chun críocha an tsainmhínithe seo, ní mheastar gur nuálaíochtaí iad na nithe seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí nach bhfuil ach mionathruithe nó mionfheabhsuithe ar chosaint an chomhshaoil mar thoradh orthu;

(b)

méadú ar an gcumas táirgthe nó seirbhíse trí chórais mhonaraíochta nó lóistíochta atá an-chosúil leis na córais atá in úsáid cheana féin a chur leis;

(c)

athruithe ar chleachtais ghnó, ar an eagrú san ionad oibre nó ar chaidreamh seachtrach atá bunaithe ar mhodhanna eagrúcháin atá in úsáid sa ghnóthas cheana féin;

(d)

athruithe ar an straitéis bainistíochta;

(e)

cumaisc agus éadálacha;

(f)

scor de phróiseas a úsáid;

(g)

caipiteal simplí a athsholáthar nó a shíneadh;

(h)

athruithe a thagann as athruithe ar phraghsanna fachtóirí, oiriúnú, athruithe rialta séasúracha agus athruithe timthriallacha eile, agus as na nithe sin amháin;

(i)

trádáil táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór;

(30)

ciallaíonn ‘éiceachóras’ éiceachóras mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13) de Rialachán (AE) 2020/852;

(31)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh’ éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 4, de Threoir 2012/27/AE;

(32)

ciallaíonn ‘stóráil fuinnimh’ stóráil fuinnimh sa chóras leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 59 de Threoir (AE) 2019/944;

(33)

ciallaíonn ‘saoráid stórála fuinnimh’ saoráid stórála fuinnimh sa chóras leictreachais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60) de Threoir (AE) 2019/944;

(34)

ciallaíonn ‘téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil’ téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(35)

ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh a tháirgeann gléasraí nach n-úsáideann ach foinsí fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001, chomh maith leis an sciar i dtéarmaí luach calrach an fhuinnimh a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i ngléasraí hibrideacha ina n-úsáidtear foinsí traidisiúnta fuinnimh freisin agus lena n-áirítear leictreachas in-athnuaite a úsáidtear chun córais stórála atá nasctha taobh thiar den mhéadar a líonadh (a shuiteáiltear le chéile nó mar rud breise a chuirtear leis an tsuiteáil in-athnuaite), ach ní áirítear leis leictreachas a tháirgtear mar thoradh ar chórais stórála;

(36)

ciallaíonn ‘bonneagar fuinnimh’ (27) aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach atá lonnaithe laistigh den Aontas nó a nascann an tAontas le tríú tír amháin nó níos mó agus a thagann faoi na catagóirí seo a leanas:

(a)

maidir le leictreachas:

(i)

córais tarchurtha agus dáileacháin, i gcás ina gciallaíonn ‘tarchur’ leictreachas a iompar ar tír agus amach ón gcósta ar an gcóras idirnasctha breis-ardvoltais agus ardvoltais d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar dháileoirí, ach nach n-áirítear leis soláthar agus ‘dáileadh’, ciallaíonn sé sin leictreachais a iompar ar tír agus amach ón gcósta trí chórais dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach gan an soláthar a áireamh ann;

(ii)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil na gcóras dá dtagraítear i bpointe (i), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach leibhéal voltais agus gach fostáisiún;

(iii)

comhpháirteanna lán-chomhtháite den líonra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (51) de Threoir (AE) 2019/944;

(iv)

eangacha leictreachais cliste, rud a chiallaíonn córais agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, trí ardáin oibríochtúla dhigiteacha, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite ar leibhéal an tarchuir agus an dáileacháin araon, arb é is aidhm dóibh líonra tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cliste, acmhainneacht mhéadaithe chun foirmeacha nua giniúna, stórála agus tomhaltais a chomhtháthú agus samhlacha gnó agus struchtúir mhargaidh nua a éascú;

(v)

eangacha leictreachais amach ón gcósta, rud a chiallaíonn aon trealamh nó suiteáil bonneagair tarchurtha nó dáileacháin leictreachais, mar a shainmhínítear i bpointe (i), atá défheidhmiúil: leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta a idirnascadh agus a tharchur nó a dháileadh ó na láithreáin ghiniúna amach ón gcósta chuig dhá thír nó níos mó. Áirítear leis sin freisin eangacha cliste chomh maith le haon trealamh nó suiteáil amach ón gcósta atá in aice leo agus atá riachtanach chun oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe, agus fostáisiúin riachtanacha más rud é go n-áirithíonn siad idir-inoibritheacht na teicneolaíochta freisin agus comhoiriúnacht comhéadain eile idir teicneolaíochtaí éagsúla;

(b)

maidir le gás (gás nádúrtha, bithghás – lena n-áirítear bithmheatán – agus/nó gás in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch):

(i)

píblínte tarchurtha agus dáileacháin chun gás a iompar ar cuid de líonra iad, seachas píblínte ardbhrú a úsáidtear chun gás nádúrtha a dháileadh in aghaidh srutha;

(ii)

saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú a luaitear i bpointe (ii);

(iii)

saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh gás leachtaithe nó comhbhrúite;

(iv)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

(v)

eangacha gáis cliste, rud a chiallaíonn aon cheann den trealamh nó den tsuiteáil seo a leanas arb é is aidhm dó comhtháthú gás in-athnuaite agus íseal-charbóin (lena n-áirítear hidrigin nó gáis de thionscnamh neamhbhitheolaíoch) a chumasú agus a éascú sa líonra: córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite chun gur féidir faireachán, méadrú, rialú cáilíochta agus bainistiú a dhéanamh ar tháirgeadh, tarchur, dáileadh agus ídiú gás laistigh de ghréasán gáis. Ina theannta sin, féadfar a áireamh ar na heangacha cliste trealamh chun sreabha cúltreo a chumasú ón leibhéal dáileacháin go dtí an leibhéal tarchurtha agus uasghráduithe gaolmhara is gá ar an ngréasán atá ann cheana;

(c)

maidir le hidrigin (28):

(i)

píblínte tarchuir, le haghaidh iompar ardbhrú hidrigine, mar aon le píblínte dáileacháin le haghaidh dáileadh áitiúil hidrigine, lena dtabharfar rochtain d’ilúsáideoirí gréasáin ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

(ii)

‘saoráidí stórála’ rud a chiallaíonn saoráidí a úsáidtear chun hidrigin a bhfuil íonacht ard aici a stocáil, lena n-áirítear an chuid de chríochfort hidrigine a úsáidtear le haghaidh stórála cé is moite den chuid a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí táirgthe, agus lena n-áirítear saoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach d’oibreoirí líonra hidrigine agus á bhfeidhmeanna á gcur i gcrích acu. Is é atá i gceist le saoráidí stórála hidrigine saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte tarchurtha agus dáileacháin hidrigine ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (i);

(iii)

saoráidí seolta, glactha, athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh hidrigin nó hidrigin atá leabaithe i substaintí ceimiceacha eile chun an hidrigin a instealladh isteach san eangach gháis nó san eangach atá tiomnaithe do hidrigin;

(iv)

críochfoirt, rud a chiallaíonn suiteálacha a úsáidtear chun hidrigin leachtach a chlaochlú ina hidrigin ghásach le hinstealladh isteach sa líonra hidrigine. Áirítear le críochfoirt trealamh coimhdeach agus stóráil shealadach atá riachtanach don phróiseas claochlaithe agus don instealladh isteach sa líonra hidrigine ina dhiaidh sin, ach ní áirítear leis aon chuid den chríochfort hidrigine a úsáidtear le haghaidh stórála;

(v)

idirnascairí, rud a chiallaíonn líonra hidrigine (nó cuid de) a thrasnaíonn teorainn idir Ballstáit nó a théann thairsti, nó teorain idir Ballstát agus tríú tír suas go críoch na mBallstát nó suas le farraige theorann an Bhallstáit sin;

(vi)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais hidrigine nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

(d)

maidir le dé-ocsaíd charbóin: (29):

(i)

píblínte, seachas líonraí píblínte réamhtheachtach, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a iompar ó níos mó ná foinse amháin, is é sin le rá, suiteálacha tionsclaíocha (lena n-áirítear gléasraí cumhachta) a tháirgeann gás dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán nó ó imoibrithe ceimiceacha eile lena mbaineann comhdhúile iontaise nó neamhiontaise a bhfuil carbón iontu, chun dé-ocsaíd charbóin a bhuanstóráil go geolaíoch de bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) nó chun dé-ocsaíd charbóin a úsáid mar bhunábhar nó chun toradh próiseas bitheolaíoch a fheabhsú;

(ii)

saoráidí chun dé-ocsaíd charbóin a leachtú agus a stóráil ag féachaint dá hiompar nó dá stóráil;

(iii)

bonneagar laistigh d’fhoirmíocht gheolaíoch a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a bhuanstóráil go geolaíoch de bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/31/CE agus ná saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann leis sin;

(iv)

aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe. D’fhéadfaí a áireamh leis sin sócmhainní soghluaiste tiomnaithe chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil, ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní soghluaiste sin an sainmhíniú ar fheithicil ghlan;

(e)

bonneagar a úsáidtear chun fuinneamh teirmeach a tharchur nó a dháileadh mar ghal, mar uisce te nó mar leachtanna fuaraithe ó iltáirgeoirí/úsáideoirí, bunaithe ar úsáid fuinnimh in-athnuaite nó dramhtheas ó fheidhmeanna tionsclaíocha;

(f)

tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus tionscadail chomhleasa dá dtagraítear in Airteagal 171 den Chonradh;

(g)

catagóirí bonneagair eile a bhaineann le bonneagar lenar féidir fuinneamh in-athnuaite nó fuinneamh saor ó charbón a nascadh go fisiciúil nó gan sreang idir táirgeoirí agus úsáideoirí ó ilphointí rochtana agus imeachta agus ar a bhfuil rochtain ag tríú páirtithe nach bhfuil baint acu le gnóthais úinéir/bainisteora an bhonneagair;

(37)

ciallaíonn ‘feidhmíocht fuinnimh’ feidhmíocht fuinnimh foirgnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir 2010/31/AE;

(38)

ciallaíonn ‘coigilteas fuinnimh’ coigilteas fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir 2012/27/AE;

(39)

ciallaíonn ‘cosaint chomhshaoil’ aon ghníomhaíocht atá ceaptha chun truailliú, tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol nó damáiste eile do thimpeallachtaí fisiceacha (lena n-áirítear aer, uisce agus ithir), d’éiceachórais nó d’acmhainní nádúrtha de dheasca ghníomhaíochtaí an duine a laghdú nó a chosc, lena n-áirítear chun an t-athrú aeráide a mhaolú, an baol go ndéanfar an damáiste sin a laghdú, an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú nó úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear bearta coigiltis fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh agus teicnící eile a úsáid chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile a laghdú, agus chun aistriú i dtreo samhlacha geilleagair chiorclaigh agus úsáid bunábhar a laghdú agus éifeachtúlachtaí a mhéadú. Cumhdaítear leis freisin gníomhaíochtaí lena neartaítear an acmhainneacht oiriúnaitheach agus a íoslaghdaíonn leochaileacht maidir le tionchair aeráide;

(40)

ciallaíonn ‘cáin chomhshaoil nó tobhach paraifhioscach’ cáin nó tobhach a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn cánach, táirgí nó seirbhísí sonracha a bhfuil éifeacht dhiúltach shoiléir acu ar an gcomhshaol nó a fhéachann le gníomhaíochtaí, earraí nó seirbhísí áirithe a mhuirearú ionas go bhféadfar na costais chomhshaoil a áireamh sa phraghas nó ionas go mbeidh táirgeoirí agus tomhaltóirí dírithe ar ghníomhaíochtaí a thugann urraim níos fearr don chomhshaol;

(41)

ciallaíonn ‘plean meastóireachta’ doiciméad lena gcumhdaítear scéim chabhrach amháin nó níos mó agus ina bhfuil ar a laghad na gnéithe seo a leanas:

(a)

na cuspóirí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu,

(b)

na ceisteanna meastóireachta,

(c)

na táscairí torthaí,

(d)

an modh a bheartaítear chun an mheastóireacht a dhéanamh,

(e)

na ceanglais maidir le bailiú sonraí,

(f)

uainiú beartaithe na meastóireachta, lena n-áirítear dáta chur isteach na dtuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus na dtuarascálacha meastóireachta deiridh,

(g)

an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear lena roghnú agus na módúlachtaí chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;

(42)

ciallaíonn ‘scéim freagrachta leathnaithe táirgeora’ scéim freagrachta leathnaithe táirgeora mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe(21) de Threoir 2008/98/CE;

(43)

ciallaíonn ‘gineadóir’ gnóthas a tháirgeann cumhacht leictreachais chun críoch tráchtála;

(44)

ciallaíonn ‘gás ceaptha teasa’ gás ar bith a chuireann leis an iarmhairt ceaptha teasa trí radaíocht infridhearg a ionsú, lena n-áirítear dé-ocsaíd charbóin, meatán, ocsaíd nítriúil agus gáis fhluairínithe amhail hidreafluaracarbóin;

(45)

ciallaíonn ‘comhghiniúint ardéifeachtúlachta’ comhghiniúint ardéifeachtúlachta mar a sainmhínítear in Airteagal 2, pointe (34) de Threoir 2012/27/AE;

(46)

ciallaíonn ‘oibreoir líonra hidrigine’ duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann an fheidhm maidir leis an líonra hidrigine a iompar i gcrích agus atá freagrach as an líonra hidrigine i limistéar ar leith, agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an líonra sin le líonra eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an líonra sin a fhorbairt, agus as cumas an líonra san fhadtéarma a áirithiú i dtaca le héilimh réasúnta ar iompar hidrigine;

(47)

ciallaíonn ‘éagothroime’ éagothroime mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8) de Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún;

(48)

ciallaíonn ‘socraíocht éagothroime’ socraíocht éagothroime mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Rialachán (AE) 2017/2195 ón gCoimisiún;

(49)

ciallaíonn ‘tréimhse shocraíochta éagothroime’ tréimhse shocraíochta éagothroime mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15) de Rialachán (AE) 2019/943;

(50)

ciallaíonn ‘cabhair aonair’ cabhair ad hoc agus dámhachtainí cabhrach infhógartha ar bhonn scéim cabhrach;

(51)

ciallaíonn ‘scéim in-idirbhriste’ beart maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a cheaptar chun minicíocht chobhsaí a áirithiú sa chóras leictreachais nó chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna gearrthéarmacha i dtaca le slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear tríd an ualach a bhriseadh;

(52)

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha maidir le micrifhiontair a leagtar síos sa Mholadh ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (32);

(53)

ciallaíonn ‘réiteach dúlrabhunaithe’ réiteach atá bunaithe ar an dúlra agus a fhaigheann tacaíocht ón dúlra, atá costéifeachtach, a chuireann tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha ar fáil ag an am céanna, agus a chuidíonn le hathléimneacht a chothú, agus a thugann níos mó gnéithe agus próisis atá níos ilghnéithí agus níos nádúrtha i gcathracha, tírdhreacha agus muirdhreacha, trí idirghabhálacha sistéamacha a chuirtear in oiriúint go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní;

(54)

ciallaíonn ‘beart plódaithe líonra’ beart maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a cheaptar chun neamhdhóthanacht sa líonra tarchurtha nó dáileacháin leictreachais a chúiteamh;

(55)

ciallaíonn ‘truailleán’ truailleán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10) de Rialachán (AE) 2020/852;

(56)

ciallaíonn ‘truaillitheoir’ truaillitheoir mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn, pointe 3 de Mholadh 75/436/Euratom, CEGC, CEE ón gComhairle (33);

(57)

ciallaíonn ‘truailliú’ truailliú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 2 de Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(58)

ciallaíonn ‘an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ gur cheart don pháirtí a rinne an truailliú costas na mbeart a bheidh le déanamh chun déileáil leis an truailliú a sheasamh;

(59)

ciallaíonn ‘ullmhú le haghaidh athúsáide’ ullmhú le haghaidh athúsáide mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 16 de Threoir 2008/98/CE;

(60)

ciallaíonn ‘bonneagar athluchtaithe’ bonneagar fosaithe nó soghluaiste lena soláthraítear leictreachas d’fheithiclí glana nó do threalamh seirbhísí soghluaiste glan;

(61)

ciallaíonn ‘aisghabháil’ aisghabháil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15), de Threoir 2008/98/CE;

(62)

ciallaíonn ‘athchúrsáil’ athchúrsáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17), de Threoir 2008/98/CE;

(63)

ciallaíonn ‘tionscadal tagartha’ tionscadal samplach atá ionadaíoch ar mheántionscadal i gcatagóir tairbhithe incháilithe scéime cabhrach;

(64)

ciallaíonn ‘bonneagar athbhreoslaithe’ bonneagar fosaithe nó soghluaiste chun hidrigin, gás nádúrtha, i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC)) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe (GNL)), bithghás agus bithbhreoslaí lena n-áirítear bithbhreoslaí ardfhorbartha, nó breoslaí sintéiseacha a tháirgtear ó fhuinneamh in-athnuaite nó ísealcharbóin a sholáthar;

(65)

ciallaíonn ‘athshlánú’ gníomhartha bainistíochta comhshaoil a bhfuil sé mar aidhm acu leibhéal d’fheidhmiú an éiceachórais a athbhunú ar láithreáin dhíghrádaithe, arb é an sprioc soláthar athnuaite agus leanúnach seirbhísí éiceachórais seachas bithéagsúlacht agus sláine éiceachórais tagartha nádúrtha nó leathnádúrtha arna ainmniú;

(66)

ciallaíonn ‘leigheas’ gníomhaíochtaí bainistíochta comhshaoil, amhail éilleáin nó cothaithigh farasbairr a bhaint ó ithir agus ó uisce nó iad a dhíthocasiniú, gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu foinsí díghrádaithe a bhaint;

(67)

ciallaíonn ‘leictreachas in-athnuaite’ leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(68)

ciallaíonn ‘pobal fuinnimh in-athnuaite’ pobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16) de Threoir (AE) 2018/2001;

(69)

ciallaíonn ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(70)

ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite’ hidrigin a tháirgtear ó fhuinneamh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach maidir le breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001;

(71)

ciallaíonn ‘breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ breoslaí iompair in-athnuaite leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36) de Threoir (AE) 2018/2001;

(72)

ciallaíonn ‘leordhóthanacht acmhainní’ leibhéal acmhainneachta a ghintear, ar leibhéal acmhainneachta é a mheastar a bheith leordhóthanach chun leibhéil éilimh i gcrios tairisceana a chomhlíonadh in aon tréimhse ar leith, bunaithe ar úsáid gnáththáscaire staidrimh a úsáideann eagraíochtaí a aithníonn institiúidí an Aontais go bhfuil ról bunriachtanach acu i gcruthú margaidh aonair sa leictreachas, mar shampla Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E);

(73)

ciallaíonn ‘éifeachtúlacht acmhainní’ cainníocht na n-ionchur is gá chun aonad aschuir a tháirgeadh nó chun ionchuir thánaisteacha a chur in ionad ionchuir phríomhúla, an chainníocht sin a laghdú;

(74)

ciallaíonn ‘athchóiriú’ an próiseas trína gcabhraítear le téarnamh éiceachórais mar bhealach chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus athléimneacht na n-éiceachóras a mhéadú, go háirithe i ndáil leis an athrú aeráide. Áirítear le hathchóiriú na n-éiceachóras bearta a dhéantar chun riocht éiceachórais a fheabhsú agus chun éiceachóras a athchruthú nó a athbhunú, ar éiceachóras é a chaill an riocht sin, agus athléimneacht na n-éiceachóras a fheabhsú agus oiriúnú don athrú aeráide;

(75)

ciallaíonn ‘athúsáid’ athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (13) de Threoir 2008/98/CE agus áirítear leis aon oibríocht lena mbaintear úsáid in athuair as táirgí nó comhpháirteanna nach dramhaíl iad ar chúiseanna seachas na cúiseanna ar ceapadh iad an chéad lá;

(76)

ciallaíonn ‘fiontar beag’ gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos maidir le fiontair bheaga sa Mholadh ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

(77)

ciallaíonn ‘fiontar beag nó fiontar meánmhéide’ (FBM) gnóthas a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Mholadh ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide;

(78)

ciallaíonn ‘cuideachta mheánchaipitlithe bheag’ gnóthas nach fiontar beag agus meánmhéide é agus nach mó a líon fostaithe ná 499 nduine, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (35), agus nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 100 milliún nó nach mó a chlár comhardaithe bliantúil ná EUR 86 mhilliún. Measfar roinnt eintiteas a bheith ina ngnóthas amháin má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3, pointe (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(79)

ciallaíonn ‘athluchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú i bhfíor-am, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

(80)

ciallaíonn ‘ullmhacht chliste’ acmhainn na bhfoirgneamh (nó na n-aonad foirgnimh) chun a n-oibriú a oiriúnú do riachtanais an áititheora, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a bharrfheabhsú, agus chun a n-oibriú a oiriúnú mar fhreagairt do chomharthaí ón eangach;

(81)

ciallaíonn ‘freagrachtaí cothromaithe caighdeánacha’ freagrachtaí cothromaithe neamh-idirdhealaitheacha thar theicneolaíochtaí nach bhfuil aon ghineadóir díolmhaithe ó fhreagracht as cothromú mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943;

(82)

ciallaíonn ‘tús oibreacha’ an chéad ghealltanas daingean (mar shampla, trealamh a ordú nó tús a chur leis an tógáil) a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe. Ní mheastar gur tús oibreacha é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn ‘tús oibreacha’ an tráth a fhaightear na sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíocht arna fáil;

(83)

ciallaíonn ‘cúlchiste straitéiseach’ sásra acmhainneachta ina gcoinnítear acmhainneacht leictreachais, amhail giniúint, stóráil nó freagairt don éileamh, lasmuigh de mhargadh an leictreachais agus nach seoltar í ach amháin i gcúinsí sonracha;

(84)

ciallaíonn ‘costas iomlán úinéireachta’ an costas iomlán a bhaineann le feithicil a fháil agus le húinéireacht ar fheithicil dá saolré, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an bhfeithicil a fháil nó a léasú, costais bhreosla, costais chothabhála agus deisiúcháin, costais árachais, costais mhaoinithe, agus cánacha;

(85)

ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ (TSO) oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35) de Threoir (AE) 2019/944;

(86)

ciallaíonn ‘feithicil’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

feithicil bhóthair de chatagóir M1, M2, N1, M3, N2, N3 nó L;

(b)

soitheach intíre nó soitheach farraige agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó lasta;

(c)

rothstoc;

(d)

aerárthach;

(87)

ciallaíonn ‘cóireáil’ cóireáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 14 de Threoir 2008/98/CE;

(88)

ciallaíonn ‘íosleibhéal cánach an Aontais’ an t-íosleibhéal cánachais dá bhforáiltear i ndlí an Aontais; maidir le táirgí fuinnimh agus le leictreachas, ciallaíonn sé an t-íosleibhéal cánachais a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/96/CE ón gComhairle (36);

(89)

Ciallaíonn ‘caighdeán de chuid an Aontais’:

(a)

caighdeán éigeantach de chuid an Aontais lena leagfar síos na leibhéil atá le baint amach ag gnóthais aonair ó thaobh an chomhshaoil de, cé is moite de chaighdeáin nó spriocanna arna socrú ar leibhéal an Aontais atá ceangailteach ar na Ballstáit ach nach bhfuil ceangailteach ar ghnóthais aonair;

(b)

an oibleagáid na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) a úsáid, mar a shainmhínítear i dTreoir 2010/75/AE, agus a áirithiú nach sáróidh na leibhéil astaíochtaí na leibhéil a bhainfí amach agus BAT á gcur i bhfeidhm; I gcás ina bhfuil leibhéil astaíochtaí a bhaineann le BAT (37) sainithe i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2010/75/AE nó faoi threoracha eile is infheidhme, beidh na leibhéil sin infheidhme chun críoch na dtreoirlínte seo; i gcás ina sloinnfear na leibhéil sin mar raon, beidh feidhm ag an teorainn ar a mbaintear an BAT amach ar dtús maidir leis an ngnóthas lena mbaineann;

(90)

ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE;

(91)

ciallaíonn ‘dramhtheas’ teas dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir (AE) 2018/2001.

3.   MEASÚNÚ COMHOIRIÚNACHTA FAOI AIRTEAGAL 107(3), POINTE (C), DEN CHONRADH

20.

Leagtar síos sna treoirlínte sin na critéir maidir le comhoiriúnacht, faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, le bearta cabhrach i leith cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint aeráide, agus cuspóirí fuinnimh atá faoi réir an cheanglais maidir le fógra a thabhairt in Airteagal 108(3) den Chonradh.

21.

Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil státchabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe laistigh den Aontas a éascú (coinníoll dearfach) comhoiriúnach leis an margadh inmheánach nuair nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann (coinníoll diúltach).

22.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún an féidir a mheas go bhfuil cosaint an chomhshaoil agus cabhair fuinnimh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, déanfaidh sé anailís ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

maidir leis an gcéad choinníoll (dearfach), go n-éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche:

(i)

sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche atá á éascú ag an mbeart, a éifeachtaí dearfacha don tsochaí i gcoitinne agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais (féach Roinn 3.1.1);

(ii)

éifeacht dreasachta na cabhrach (féach Roinn 3.1.2);

(iii)

gan sárú a bheith ann ar aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais (féach Roinn 3.1.3).

(b)

maidir leis an dara coinníoll (diúltach), nach ndéanann an chabhair dochar do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann:

(i)

an gá atá le hidirghabháil Stáit (féach Roinn 3.2.1.1);

(ii)

oiriúnacht na cabhrach (féach Roinn 3.2.1.2);

(iii)

comhréireacht na cabhrach (cabhair atá teoranta don íosmhéid is gá chun a cuspóir a bhaint amach) lena n-áirítear carnadh (féach Roinn 3.2.1.3);

(iv)

trédhearcacht na cabhrach (féach Roinn 3.2.1.4);

(v)

éifeachtaí diúltacha míchuí na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil a sheachaint (féach Roinn 3.2.2);

(vi)

éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a mheas (féach Roinn 3.3).

3.1.   Coinníoll dearfach: ní mór don chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú

3.1.1.   Sainaithint na gníomhaíochta eacnamaíche atá á éascú ag an mbeart, a éifeachtaí dearfacha don tsochaí i gcoitinne agus, i gcás inarb infheidhme, a hábharthacht do bheartais shonracha an Aontais

23.

Agus fógra a thabhairt maidir le cabhair, ní mór do na Ballstáit na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascófar mar thoradh ar an gcabhair agus an chaoi a dtacaítear le forbairt na ngníomhaíochtaí sin a shainaithint.

24.

Cabhair chun éifeachtaí diúltacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an aeráid nó ar an gcomhshaol a chosc nó a laghdú, leis an gcabhair sin is féidir forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éascú trí inbhuanaitheacht na gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann a mhéadú. Féadfar a áirithiú leis an gcabhair freisin go bhféadfar leanúint leis an ngníomhaíocht gan damáiste díréireach a dhéanamh don chomhshaol agus trí thacú le cruthú gníomhaíochtaí agus seirbhísí eacnamaíocha nua (ag tacú le forbairt an ‘gheilleagair ghlais’ mar a thugtar air).

25.

Ní mór do na Ballstáit cur síos a dhéanamh freisin ar cibé acu a rannchuideoidh leis an gcabhair le cuspóirí bheartas aeráide, bheartas comhshaoil agus bheartas fuinnimh an Aontais a bhaint amach agus cén chaoi a ndéanfar sin, agus, go háirithe, tairbhí na cabhrach a bhfuiltear ag súil leo ó thaobh cur ar bhealach suntasach le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear maolú ar an athrú aeráide, nó feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh.

3.1.2.   Éifeacht dreasachta

26.

Ní féidir a mheas go n-éascaíonn cabhair gníomhaíocht eacnamaíoch ach amháin má tá éifeacht dreasachta aici. Tarlaíonn éifeacht dreasachta nuair a spreagann an chabhair an tairbhí chun a iompar a athrú, chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht eacnamaíoch bhreise nó i ngníomhaíocht eacnamaíoch atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, rud nach ndéanfadh sé gan an chabhair nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó difriúil.

27.

Níor cheart go dtacódh an chabhair leis na costais a bhaineann le gníomhaíocht a dhéanfadh tairbhí na cabhrach pé scéal é agus níor cheart go gcúiteodh an chabhair an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch (38).

28.

Is éard atá i gceist le héifeacht dreasachta a chruthú ná an cás fíorasach a shainaithint mar aon leis an gcás frithfhíorasach a d’fhéadfadh a bheith ann in éagmais cabhrach (39). Scrúdóidh an Coimisiún an méid sin bunaithe ar an gcainníochtú dá dtagraítear i Roinn 3.2.1.3.

29.

Measann an Coimisiún nach bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair don tairbhí i gcásanna inar cuireadh tús leis na hoibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht sula ndearna an tairbhí iarratas ar chabhair i scríbhinn chuig na húdaráis náisiúnta. I gcásanna ina dtosóidh an tairbhí ar thionscadal a chur chun feidhme sula ndéanfaidh sé iarratas ar chabhair, measfar, i bprionsabal, nach mbeidh aon chabhair a dheonófar i leith an tionscadail sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

30.

Féadfaidh an iarratas ar chabhair a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear, mar shampla, tairiscint i bpróiseas tairisceana iomaíoch. Ní mór ainm an iarratasóra, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear an suíomh, agus an méid cabhrach is gá chun é nó í a chur i gcrích a bheith ar áireamh in aon iarratas.

31.

I gcásanna eisceachtúla áirithe, féadfaidh éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair, fiú amháin i gcás tionscadail ar cuireadh tús leo sula ndearnadh an iarratas ar chabhair. Go háirithe, meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair sna cásanna seo a leanas:

(a)

go ndeonaítear an chabhair go huathoibríoch i gcomhréir le critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus gan feidhmiú discréide ag an mBallstát, agus gur glacadh an beart agus go bhfuil sé i bhfeidhm sula gcuirfear tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach;

(b)

go bhfuil fógra foilsithe ag na húdaráis náisiúnta, roimh thús na n-oibreacha, á rá go bhfuil rún acu an beart cabhrach atá beartaithe a bhunú, ar choinníoll go bhformheasfaidh an Coimisiún an beart mar a cheanglaítear le hAirteagal 108(3) den Chonradh. Ní mór an fógra sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin poiblí nó ar mheáin eile a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus ar a bhfuil rochtain leathan agus éasca agus ní mór a shonrú go soiléir ann cineál na dtionscadal atá beartaithe ag an mBallstát a bheith incháilithe agus an pointe ama a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát go mbeidh tionscadail den sórt sin incháilithe. Níor cheart an incháilitheacht atá beartaithe a theorannú go míchuí. Ní mór é a bheith curtha in iúl don údarás deonúcháin ag an tairbhí roimh thús na n-oibreacha gur measadh gur coinníoll é an beart cabhrach atá beartaithe maidir leis na cinntí infheistíochta a rinneadh. I gcás ina mbeidh sé ag brath ar fhógra den sórt sin chun éifeacht dreasachta a léiriú, ní mór don Bhallstát, mar chuid dá fhógra maidir le státchabhair, na nithe seo a sholáthar: cóip den fhógra agus nasc chuig an suíomh gréasáin ar ar foilsíodh é nó cruthúnas go bhfuil sé curtha ar fáil don phobal;

(c)

cabhair oibriúcháin arna deonú do shuiteálacha atá ann cheana le haghaidh táirgeadh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol i gcás nár cuireadh tús leis na hoibreacha mar nach bhfuil aon infheistíocht shuntasach nua ann. Sna cásanna sin, is féidir an éifeacht dreasachta a léiriú tríd an tsuiteáil a oibriú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol seachas ar mhodh eile oibriúcháin atá níos saoire ach atá níos díobhálaí don chomhshaol.

32.

Measann an Coimisiún nach bhfuil aon éifeacht dreasachta, i bprionsabal, ag cabhair a dheonaítear chun an costas a bhaineann le hoiriúnú do chaighdeáin an Aontais a chumhdach. Mar riail ghinearálta, is féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair a théann thar chaighdeáin an Aontais, agus ag an gcabhair sin amháin. Mar sin féin, i gcásanna inar glacadh an caighdeán ábhartha de chuid an Aontais cheana ach nach bhfuil sé i bhfeidhm go fóill, is féidir éifeacht dreasachta a bheith ag cabhair má dhreasaíonn sé an infheistíocht atá le cur chun feidhme agus le tabhairt i gcrích ar a laghad 18 mí sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm, mura léirítear a mhalairt i Ranna 4.1 go 4.13. Ionas nach mbeidh drogall ar na Ballstáit caighdeáin náisiúnta éigeantacha a leagan síos atá níos déine nó níos uaillmhianaí ná na caighdeáin chomhfhreagracha de chuid an Aontais, féadfaidh éifeacht dreasachta a bheith ag bearta cabhrach gan beann ar na caighdeáin náisiúnta sin a bheith ann. Is amhlaidh atá i gcás na cabhrach a dheonaítear i bhfianaise caighdeán náisiúnta éigeantach a ghlactar in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais.

3.1.3.   Níor sáraíodh aon fhoráil ábhartha de dhlí an Aontais

33.

Más rud é go bhfuil sárú ar dhlí ábhartha an Aontais i gceist leis an ngníomhaíocht dá tugtar tacaíocht, nó leis an mbeart cabhrach nó leis na coinníollacha a ghabhann leis, lena n-áirítear a mhodh maoiniúcháin nuair is cuid dhílis den bheart é, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina mbeidh an chabhair faoi réir clásail lena ndéanfar í a chur mar choinníoll go díreach nó go hindíreach ar thionscnamh táirgí nó trealaimh, amhail ceanglais ar an tairbhí táirgí a tháirgtear go hinmheánach a cheannach.

3.2.   Coinníoll diúltach: ní cheart don bheart cabhrach dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann

3.2.1.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

3.2.1.1.   Riachtanas na cabhrach

34.

Ní mór an beart státchabhrach atá beartaithe a dhíriú ar chás ina bhféadfadh sé a bheith ina chúis le forbairt ábhartha nach féidir leis an margadh amháin a bhaint amach, mar shampla trí chlistí margaidh a leigheas i ndáil leis na tionscadail nó na gníomhaíochtaí dá ndámhtar an chabhair. Cé go nglactar leis go ginearálta gur gnách torthaí éifeachtúla a bheith mar chuid de mhargaí iomaíocha maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha, praghsanna, aschur agus úsáid acmhainní a fhorbairt, i gcás clistí margaidh a bheith ann, d’fhéadfadh idirghabháil phoiblí i bhfoirm státchabhrach feidhmiú éifeachtach na margaí a fheabhsú agus ar an gcaoi sin cur le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche sa mhéid nach n-éiríonn leis an margadh féin toradh éifeachtach a bhaint amach. Na clistí margaidh a chuireann cosc ar leibhéal leordhóthanach cosanta comhshaoil a bhaint amach mar aon le margadh éifeachtúil inmheánach fuinnimh, ba cheart don Bhallstát na clistí sin a shainaithint. Is iad seo a leanas na príomhchlistí margaidh a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh ar féidir leo an toradh is fearr a chosc agus a bhféadfadh toradh neamhéifeachtúil a bheith mar thoradh orthu:

(a)

Seachtrachtaí diúltacha: is coitianta iad do bhearta cabhrach comhshaoil agus tagann siad chun cinn nuair nach mbíonn praghas leordhóthanach ar thruailliú, is é sin le rá, ní ghearrtar costas iomlán an truaillithe ar an ngnóthas lena mbaineann. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh dreasachtaí leordhóthanacha ag gnóthais atá ag gníomhú ar a leas féin chun na seachtrachtaí diúltacha a eascraíonn as a ngníomhaíocht eacnamaíoch a chur san áireamh nuair a roghnaíonn siad teicneolaíocht áirithe nó nuair a chinneann siad leibhéal an aschuir. Is é sin le rá, na costais a íocann an gnóthas, ní léiríonn siad go hiomlán na costais a íocann na tomhaltóirí agus an tsochaí i gcoitinne. Dá bhrí sin, de ghnáth ní bhíonn dreasacht leordhóthanach ann do ghnóthais leibhéal a dtruaillithe a laghdú ná bearta aonair a dhéanamh chun an comhshaol a chosaint.

(b)

Seachtrachtaí dearfacha: ós rud é go bhfabhróidh cuid den tairbhe ó infheistíocht chuig rannpháirtithe sa mhargadh seachas an t-infheisteoir, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaidh gnóthais dóthain infheistíochta. D’fhéadfadh seachtrachtaí dearfacha a bheith ann, mar shampla, i gcás infheistíochtaí in éiceanuálaíocht, cobhsaíocht an chórais, teicneolaíochtaí in-athnuaite nua agus nuálacha agus bearta nuálacha chun freagairt don éileamh nó i gcás bonneagair fuinnimh nó bearta maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a théann chun tairbhe do go leor Ballstát nó do líon níos leithne tomhaltóirí.

(c)

Faisnéis neamhshiméadrach: tagann sé sin chun cinn i margaí ina bhfuil neamhréireacht ann idir an fhaisnéis atá ar fáil do thaobh amháin den mhargadh agus an fhaisnéis atá ar fáil don taobh eile. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, i gcás easpa faisnéise a bheith ag infheisteoirí airgeadais seachtracha maidir leis an toradh dóchúil agus na rioscaí a bhaineann le tionscadal. D’fhéadfadh sé teacht aníos freisin i gcás comhoibriú bonneagar trasteorann nuair atá míbhuntáiste faisnéise ag páirtí amháin i gcomparáid leis an bpáirtí eile. Cé nach riosca nó éiginnteacht iad féin is cúis le cliseadh margaidh, tá nasc idir fadhb na faisnéise neamhshiméadraí agus leibhéal an riosca agus na héiginnteachta sin. Is gnách go mbíonn an dá cheann acu níos airde i gcás infheistíochtaí comhshaoil a mbíonn tréimhse amúchta níos faide acu de ghnáth, rud a neartaíonn an bhéim ar ionchas gearrthéarmach a d’fhéadfaí éirí níos measa de dheasca coinníollacha maoiniúcháin d’infheistíochtaí den sórt sin go háirithe i gcás FBManna.

(d)

Clistí comhordúcháin: d’fhéadfadh sé sin cosc a chur ar fhorbairt tionscadail nó ar a dhearadh mar gheall ar leasanna agus dreasachtaí éagsúla i measc infheisteoirí, ar a dtugtar ‘dreasachtaí deighilte’, na costais a bhaineann le socruithe árachais dliteanais nó socruithe conarthacha, éiginnteacht maidir leis an toradh comhoibríoch agus éifeachtaí líonra, mar shampla soláthar leictreachais gan bhriseadh. D’fhéadfadh na clistí comhordúcháin sin teacht chun cinn, mar shampla, sa chaidreamh idir úinéir foirgnimh agus tionónta maidir le réitigh atá tíosach ar fhuinneamh. D’fhéadfaí clistí comhordúcháin a dhéanamh níos measa fós mar gheall ar fhadhbanna faisnéise, go háirithe na fadhbanna sin a bhaineann le faisnéis neamhshiméadrach. D’fhéadfadh clistí comhordúcháin eascairt as an ngá atá le mais chriticiúil áirithe a bhaint amach sula mbeidh sé tarraingteach ó thaobh tráchtála de tús a chur le tionscadal, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ghné ábhartha go háirithe i dtionscadail (trasteorann) bhonneagair.

35.

Ní leor clistí margaidh a bheith ann i gcomhthéacs áirithe, áfach, chun riachtanas na státchabhrach a chruthú. D’fhéadfadh beartais agus bearta eile a bheith i bhfeidhm cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na clistí margaidh sainaitheanta. I measc na sampla tá rialáil earnála, caighdeáin éigeantacha an Aontais maidir le truailliú, oibleagáidí soláthair, sásraí praghsála amhail Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) agus cánacha carbóin. Ní fhéadfar bearta breise, lena n-áirítear státchabhair, a dhíriú ach ar chlistí margaidh iarmharacha, is é sin le rá na bearta sin nach dtugtar aghaidh orthu i mbeartais agus bearta eile den sórt sin. Tá sé tábhachtach freisin a léiriú conas a neartaíonn státchabhair na beartais agus bearta eile atá i bhfeidhm a bhfuil sé d’aidhm acu na clistí margaidh sin a leigheas. Dá bhrí sin, tá sé níos deacra a léiriú go bhfuil gá le státchabhair má ghníomhaíonn sí in aghaidh beartais eile atá dírithe ar na clistí margaidh céanna. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát aon bheartas nó beart atá ann cheana agus atá dírithe ar na clistí sainaitheanta rialála nó margaidh a shainaithint freisin.

36.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil gá le cabhair má léiríonn an Ballstát go ndíríonn sí go héifeachtach ar chliseadh margaidh iarmharach, agus aon bheartas agus beart eile atá i bhfeidhm cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na clistí margaidh sainaitheanta á gcur san áireamh.

37.

I gcás ina ndéanfar státchabhair a dhámhachtain ar thionscadail nó ar ghníomhaíochtaí atá, maidir lena n-ábhar teicneolaíoch, a leibhéal riosca agus méid, cosúil leo siúd a rinneadh cheana laistigh den Aontas faoi dhálaí margaidh, glacfaidh an Coimisiún leis, i bprionsabal, nach bhfuil aon chliseadh margaidh ann agus go mbeidh tuilleadh fianaise ag teastáil ina leith chun a léiriú go bhfuil gá le státchabhair.

38.

D’fhonn a léiriú go bhfuil gá le cabhair, ní mór don Bhallstát a thaispeáint nach ndéanfaí an tionscadal, nó i gcás scéimeanna, an tionscadal tagartha, gan an chabhair sin. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid sin bunaithe ar an gcainníochtú dá dtagraítear i Roinn 3.2.1.3 nó ar anailís shonrach atá bunaithe ar fhianaise a thíolacfaidh an Ballstát agus lena léireofar riachtanas na cabhrach.

3.2.1.2.   Oiriúnacht

39.

Ní mór don bheart cabhrach atá beartaithe a bheith ina ionstraim beartais iomchuí chun cuspóir beartaithe na cabhrach a bhaint amach, is é sin le rá, ní cheart beartas agus ionstraim cabhrach nach bhfuil chomh saobhach céanna a bheith ann a bheadh in ann na torthaí céanna a bhaint amach.

3.2.1.2.1.   Oiriúnacht i measc ionstraimí eile beartais

40.

Ní hé státchabhair an t-aon ionstraim beartais atá ar fáil do na Ballstáit chun leibhéil mhéadaithe cosanta comhshaoil a chur chun cinn nó chun margadh inmheánach fuinnimh éifeachtúil a áirithiú. D’fhéadfadh ionstraimí eile atá níos iomchuí a bheith ar fáil, amhail ionstraimí margadhbhunaithe nó bearta atá dírithe ar an éileamh, lena mbaineann rialáil, comhlíonadh bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh (40), soláthar poiblí nó caighdeánú, chomh maith le méadú ar chistiú an bhonneagair phoiblí agus ar bhearta fioscacha ginearálta. D’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag ionstraimí boga, amhail éicilipéid dheonacha agus scaipeadh teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chun leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach (41).

41.

D’fhéadfadh bearta éagsúla chun an cliseadh margaidh céanna a leigheas gníomhú in aghaidh a chéile. Is amhlaidh atá i gcás ina gcuirfear sásra margadhbhunaithe éifeachtúil i bhfeidhm chun dul i ngleic go sonrach le fadhb na seachtrachtaí, ETS an Aontais cuir i gcás. Tá an baol ann, le beart tacaíochta breise chun aghaidh a thabhairt ar an gcliseadh margaidh céanna, go mbainfí an bonn d’éifeachtúlacht an tsásra margadhbhunaithe. Dá bhrí sin, nuair atá sé d’aidhm ag scéim cabhrach aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh iarmharacha, ní mór an scéim cabhrach a cheapadh ar bhealach nach mbainfear an bonn d’éifeachtúlacht an tsásra margadhbhunaithe.

42.

An prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chomhlíonadh trí reachtaíocht chomhshaoil, is é is aidhm dó a áirithiú go gceartófar cliseadh margaidh a bhaineann le seachtrachtaí diúltacha. Dá bhrí sin, ní ionstraim iomchuí í státchabhair agus ní féidir í a dheonú a mhéid a d’fhéadfaí tairbhí na cabhrach a chur faoi dhliteanas i leith an truaillithe faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta atá ann cheana.

3.2.1.2.2.   Oiriúnacht i measc ionstraimí éagsúla cabhrach

43.

Is féidir státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus fuinneamh a dhámhachtain i bhfoirmeacha éagsúla. Ba cheart don Bhallstát a áirithiú, áfach, go ndámhfar an chabhair i bhfoirm ar dócha go gcruthófar an saobhadh is lú ar thrádáil agus ar iomaíocht.

44.

I ndáil leis an méid sin, maidir le cineálacha eile cabhrach nach bhfuil chomh saobhach sin, ní mór don Bhallstát a léiriú cén fáth nach bhfuil siad chomh hiomchuí céanna, amhail: airleacain inaisíoctha i gcomparáid le deontais dhíreacha; creidmheasanna cánach i gcomparáid le laghduithe cánach; nó cineálacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí airgeadais, amhail fiachas i gcomparáid le hionstraimí cothromais, lena n-áirítear, mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó lacáistí ar ús, ráthaíochtaí Stáit, nó soláthar malartach maoinithe ar théarmaí fabhracha.

45.

Ba cheart rogha na hionstraime cabhrach a bheith iomchuí don chliseadh margaidh a bhfuil sé mar aidhm ag an mbeart cabhrach aghaidh a thabhairt air. I gcás ina bhfuil an t-ioncam iarbhír éiginnte, mar shampla i gcás bearta coigilte fuinnimh, féadfaidh airleacan inaisíoctha a bheith ar an ionstraim is iomchuí.

46.

Ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil an chabhair agus dearadh na cabhrach iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a ndírítear an chabhair a bhaint amach.

3.2.1.3.   Comhréireacht

47.

Measfar an chabhair a bheith comhréireach má tá méid na cabhrach in aghaidh an tairbhí teoranta don íosmhéid is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair a dhéanamh.

48.

Mar phrionsabal ginearálta, measfar an chabhair a bheith teoranta don íosmhéid is gá chun an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair a dhéanamh má chomhfhreagraíonn an chabhair don ghlanchostas breise (‘an bhearna chistiúcháin’) is gá chun cuspóir an bhirt cabhrach a bhaint amach, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais cabhrach. Cinntear an glanchostas breise de réir na difríochta idir ioncam agus costais eacnamaíocha (lena n-áirítear an infheistíocht agus an oibríocht) an tionscadail dá dtugtar cabhair agus ioncam agus costais eacnamaíocha an tionscadail mhalartaigh a dhéanfadh tairbhí na cabhrach ar bhealach inchreidte in éagmais cabhrach.

49.

Ní bheidh gá le measúnú mionsonraithe ar an nglanchostas breise má chinntear méideanna na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, toisc go dtugann an próiseas sin meastachán iontaofa ar an íosmhéid cabhrach atá ag teastáil ó thairbhithe féideartha (42). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go n-áirithítear comhréireacht na cabhrach má chomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil an próiseas tairisceana iomaíoch, eadhon: go bhfuil sé oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, arna sainiú ex ante i gcomhréir le cuspóir an bhirt agus go n-íoslaghdaíonn sé riosca na dtairiscintí straitéiseacha;

(b)

go bhfoilsítear na critéir fada go leor roimh an spriocdháta chun iarratais a chur isteach chun go gcumasófar iomaíocht éifeachtach (43);

(c)

gur srian ceangailteach é an buiséad nó an méid a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana sa mhéid is gur féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair, gur leor líon measta na dtairgeoirí chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú, agus go gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana nach bhfuil ró-éileamh orthu le linn cur chun feidhme scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin nó, ina éagmais sin, a luaithe is iomchuí;

(d)

go seachnaítear coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh sin maidir le torthaí tairisceana nó ciondáil) toisc go bhféadfaidís an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht thoradh an phróisis.

50.

Mar riail ghinearálta, na critéir roghnúcháin a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, i ndeireadh thiar thall, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, ba cheart do na critéir sin cur le príomhchuspóirí an bhirt a chur i gcoibhneas díreach nó indíreach le méid na cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir. Féadfar é sin a chur in iúl, mar shampla, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid chosanta comhshaoil nó cabhrach in aghaidh an aonaid fuinnimh (44). D’fhéadfadh sé gurb iomchuí freisin critéir roghnúcháin eile a áireamh, ar critéir é nach mbaineann go díreach ná go hindíreach le príomhchuspóirí an bhirt. I gcásanna den sórt sin, caithfidh nach mó ná 30 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin ar fad na critéir eile sin. Ní mór don Bhallstát cúiseanna a thabhairt maidir leis an gcur chuige atá beartaithe agus a áirithiú go bhfuil sé iomchuí do na cuspóirí atá á saothrú.

51.

I gcás nach ndeonaítear an chabhair faoi phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór an glanchostas breise a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh idir brabúsacht na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha. Chun an bhearna chistiúcháin a chinneadh sna cásanna sin, ní mór don Bhallstát cainníochtú a chur isteach, maidir leis an gcás fíorasach agus le cás inchreidte frithfhíorasach, de na príomhchostais agus ioncam ar fad, meánchostas ualaithe caipitil (WACC) measta na dtairbhithe chun sreafaí airgid todhchaí a lascainiú, chomh maith le glanluach láithreach (NPV) na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, thar shaolré an tionscadail. Fíoróidh an Coimisiún an bhfuil an cás frithfhíorasach sin réadúil nó nach bhfuil (45). Ní mór don Bhallstát cúiseanna a thabhairt maidir leis na toimhdí a úsáidtear i ngach gné den chainníochtú, agus ní mór dó míniú agus údar maith a thabhairt maidir le haon mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm. Is féidir an glanchostas breise tipiciúil a mheas mar an difríocht idir NPV an chás fhíorasaigh agus NPV an chás fhrithfhíorasaigh thar shaolré an tionscadail tagartha.

52.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh i gceist le cás frithfhíorasach nach bhfuil gníomhaíocht ná infheistíocht á déanamh ag an tairbhí, nó go bhfuil sé ag leanúint dá ghnó á dhéanamh gan athrú. I gcás ina dtacaíonn fianaise gurb é seo an cás frithfhíorasach is dóichí, is féidir an glanchostas breise a neasú le NPV diúltach an tionscadail sa chás fíorasach gan chabhair thar shaolré an tionscadail (dá bhrí sin, glactar leis go hintuigthe go bhfuil NPV an cháis fhrithfhíorasaigh cothrom le nialas) (46). Go háirithe, is féidir leis a bheith amhlaidh i gcás tionscadail bonneagair.

53.

I gcás cabhair aonair agus scéimeanna a théann chun tairbhe do líon teoranta tairbhithe, is gá na ríomhanna agus na réamh-mheastacháin atá i bpointe 51 a thíolacadh ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail, agus i gcás scéimeanna cabhrach ar bhonn tionscadail tagartha amháin nó níos mó. Ar an gcaoi chéanna, má tá feidhm ag pointe 52, is gá an fhianaise thacaíochta a chur i láthair ar leibhéal phlean gnó mionsonraithe an tionscadail, agus i gcás scéimeanna cabhrach ar bhonn tionscadail tagartha amháin nó níos mó.

54.

I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith deacair na tairbhí agus na costais a bhaineann leis an tairbhí a shainaithint go hiomlán agus, dá bhrí sin, an NPV sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha a chainníochtú. Féadfar cineálacha malartacha cur chuige a chur i bhfeidhm i gcás na gcásanna sin, mar a shonraítear i gCaibidil 4 maidir le cineálacha sonracha cabhrach. Sna cásanna sin, féadfar a mheas go bhfuil cabhair comhréireach i gcás nach dtéann méid na cabhrach thar an uasdéine cabhrach.

55.

I gcás nach mbainfear úsáid as próiseas tairisceana iomaíoch agus ina mbeidh méid mór éiginnteachta ag baint le forbairtí amach anseo i gcostais agus ioncam agus ina mbeidh neamhshiméadracht láidir faisnéise ann, féadfar a cheangal ar an mBallstát samhlacha cúitimh a thabhairt isteach, ar samhlacha iad nach mbeidh go hiomlán ex ante. Ina ionad sin, meascán de shamhlacha ex ante agus ex post a bheidh sna samhlacha sin nó tabharfar isteach sásraí aisghlámtha nó sásraí faireacháin costais ex post, agus dreasachtaí á gcoinneáil do na tairbhithe a gcostais a íoslaghdú agus a ngnó a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtúla le himeacht ama.

3.2.1.3.1.   Carnadh

56.

Féadfar cabhair a dhámhachtain i gcomhthráth faoi roinnt scéimeanna cabhrach nó féadfar í a charnadh le cabhair ad hoc nó de minimis i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, ar choinníoll nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán na cabhrach a thabharfar do thionscadal nó gníomhaíocht agus nach rachaidh sé thar an uasmhéid cabhrach a cheadaítear faoi na treoirlínte seo. Má cheadaíonn an Ballstát cabhair faoi bheart amháin a charnadh le cabhair faoi bhearta eile, ní mór dó, i gcás gach birt, an modh a úsáidtear chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa phointe seo a shonrú.

57.

Cistiú ón Aontas atá faoi bhainistíocht lárnach agus nach bhfuil á rialú ag an mBallstát go díreach nó go hindíreach, ní hionann sin agus státchabhair. I gcás ina ndéanfar an cistiú sin ón Aontas a chur in éineacht le státchabhair, ní mór a áirithiú nach mbeidh róchúiteamh mar thoradh ar mhéid iomlán an chistithe phoiblí arna dheonú i ndáil leis na costais cháilithe chéanna.

3.2.1.4.   Trédhearcacht

58.

Chun éifeachtaí diúltacha a laghdú trína áirithiú go mbeidh rochtain ag iomaitheoirí ar fhaisnéis ábhartha maidir le gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú go bhfoilseofar, i modúl dámhachtana trédhearcachta an Choimisiúin (47) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach Státchabhrach, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, na nithe seo a leanas:

(a)

téacs iomlán na scéime cabhrach formheasta nó an chinnidh deonúcháin cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc chuige;

(b)

faisnéis maidir le gach dámhachtain cabhrach aonair a deonaíodh ad hoc nó faoi scéim cabhrach arna formheas ar bhonn na dtreoirlínte sin agus ar mó ná EUR 100 000 iad (48).

59.

Ní mór do na Ballstáit a suíomhanna gréasáin cuimsitheacha maidir le státchabhair a eagrú, suíomhanna ar a mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Roinn seo le foilsiú, ar bhealach lena gceadófar rochtain éasca ar an bhfaisnéis. Ní mór faisnéis a fhoilsiú i bhformáid scarbhileoige sonraí neamhdhílsithe, lena bhféadfar na sonraí a chuardach, a bhaint amach, a íoslódáil agus a roinnt go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML. Ní mór rochtain a bheith ag an bpobal i gcoitinne ar an suíomh gréasáin gan srianta. Ní theastóidh aon chlárú úsáideora roimh ré chun rochtain ar an suíomh gréasáin a fháil.

60.

Maidir le scéimeanna i bhfoirm buntáistí cánach nó tobhach paraifhioscacha, measfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 58(b) a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis is gá maidir le méideanna cabhrach aonair sna réimsí seo a leanas (in EUR milliúin):

 

0,1 -0.5;

 

0,5-1;

 

1-2;

 

2-5;

 

5-10;

 

10-30;

 

30-60;

 

60-100;

 

100-250;

 

250 agus níos mó.

61.

Ní mór an t-eolas dá dtagraítear i bpointe 58(b) a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an chabhair, nó i gcás cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bheidh an dearbhú cánach dlite (49). I gcás cabhair atá neamhdhleathach ach comhoiriúnach, ceanglófar ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis ex post laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach. Ionas go bhféadfar na rialacha maidir le státchabhair a fhorfheidhmiú faoin gConradh, ní mór an fhaisnéis a bheith ar fáil ar feadh tréimhse 10 bliana ar a laghad ón dáta a deonaíodh an chabhair.

62.

Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin na naisc chuig na suíomhanna gréasáin maidir le státchabhair dá dtagraítear i bpointe 59.

3.2.2.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

63.

In Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, ceadaítear don Choimisiún a dhearbhú go bhfuil cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú comhoiriúnach, ach amháin ‘nuair nach ndéanann an chabhair sin dochar do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann’.

64.

Chun an coinníoll diúltach sin a chur i bhfeidhm, is gá, ar an gcéad dul síos, measúnú a dhéanamh ar iarmhairt shaobhach na cabhrach atá i gceist ar dhálaí trádála. De bharr a chineáil, cruthóidh aon bheart cabhrach saobhadh ar an iomaíocht, nó bheadh an baol ann go gcruthódh sé saobhadh den sórt sin, agus beidh tionchar aige ar thrádáil idir na Ballstáit toisc go neartaíonn sé seasamh iomaíoch na dtairbhithe, fiú más rud é go bhfuil an beart cabhrach riachtanach, iomchuí, comhréireach agus trédhearcach.

65.

Is gnách go dtabharfaidh cabhair comhshaoil, de bharr a cineáil, tús áite do tháirgí agus do theicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus táirgí agus teicneolaíochtaí eile atá níos truaillithe a bheith thíos leis, agus ní mheasfar, i bprionsabal, gurb ionann éifeacht na cabhrach agus saobhadh míchuí ar an iomaíocht, ós rud é go dtugtar aghaidh ar chlistí margaidh is cúis leis an chabhair sin a bheith riachtanach. Ina theannta sin, cuideoidh tacaíocht le haghaidh táirgí agus teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach. I gcás bearta i leith cosaint an chomhshaoil, déanfaidh Coimisiún a machnamh, dá bhrí sin, ar na hiarmhairtí saobhacha ar iomaitheoirí a fheidhmíonn ar an mbealach céanna ar bhonn atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, fiú gan chabhair.

66.

Measann an Coimisiún go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, iarmhairt shaobhach níos teoranta ar an iomaíocht ag scéimeanna atá oscailte do réimse níos leithne tairbhithe féideartha ná tacaíocht atá dírithe ar líon teoranta tairbhithe sonracha amháin, go háirithe i gcás ina n-áirítear ar raon feidhme an bhirt gach iomaitheoir atá toilteanach an tseirbhís, an táirge nó an sochar céanna a sholáthar.

67.

D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeacht gan choinne ag státchabhair le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus fuinnimh, rud a bhainfeadh an bonn ó luach saothair le haghaidh na dtáirgeoirí is éifeachtúla agus is nuálaí chomh maith le dreasachtaí le haghaidh na dtáirgeoirí is lú éifeachtúlacht chun an margadh a fheabhsú, a athstruchtúrú nó a fhágáil. D’fhéadfadh bacainní neamhéifeachtúla ar theacht isteach iomaitheoirí féideartha níos éifeachtúla nó níos nuálaí a bheith mar thoradh air sin freisin. San fhadtéarma, d’fhéadfadh saobhadh den sórt sin srian a chur ar an nuálaíocht, an éifeachtúlacht agus glacadh teicneolaíochtaí níos glaine. D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith leis na hiarmhairtí saobhacha sin nuair a thugtar an chabhair do thionscadail a chuireann tairbhe sealadach teoranta ar fáil ach nach mbaineann úsáid as teicneolaíochtaí níos glaine go fadtéarmach, lena n-áirítear na teicneolaíochtaí sin atá riachtanach chun na spriocanna aeráide meántéarmacha agus fadtéarmacha a chumhdaítear faoin Dlí Aeráide Eorpach a bhaint amach. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí áirithe a úsáideann breoslaí iontaise lena laghdaítear astaíochtaí gáis ceaptha teasa láithreach, ach a mbíonn laghduithe níos moille ar astaíochtaí mar thoradh orthu san fhadtéarma. Agus gach ní eile mar a chéile, dá ghiorracht don spriocdháta ábhartha atá an infheistíocht dá dtugtar cabhair, is ea is mó an dóchúlacht go bhféadfadh na dídhreasachtaí féideartha i leith teicneolaíochtaí níos glaine a bheith níos mó ná na tairbhí sealadacha. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh sé na héifeachtaí diúltacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha sin a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíocht agus ar thrádáil.

68.

Féadfaidh cabhair iomaíocht a shaobhadh freisin trí chumhacht shuntasach mhargaidh an tairbhí a neartú nó a choinneáil ar bun. Fiú nuair nach neartaíonn cabhair an chumhacht shuntasach mhargaidh go díreach, féadfaidh sí é sin a dhéanamh go hindíreach trí leathnú iomaitheoirí atá ann cheana a dhíspreagadh nó imeacht ón margadh a spreagadh nó iontráil iomaitheoirí nua a dhíspreagadh. Ní mór é sin a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina bhfuil an beart tacaíochta dírithe ar líon teoranta tairbhithe sonracha nó i gcás ina bhfuair sealbhóirí cumhacht margaidh sular léirscaoileadh an margadh, rud a tharlaíonn uaireanta sna margaí fuinnimh. Tá sé seo ábhartha freisin i bpróisis tairisceana iomaíocha i margaí nuaghinte, nuair a bhíonn baol ann go n-éireoidh le gníomhaí a bhfuil seasamh láidir margaidh aige i bhformhór na dtairiscintí agus go gcuirfear cosc ar iontráil nua shuntasach.

69.

Seachas saobhadh ar na margaí táirgí, d’fhéadfadh cabhair tionchar a imirt ar thrádáil agus ar rogha an tsuímh. D’fhéadfadh an saobhadh sin teacht chun cinn ar fud na mBallstát, nuair a bhíonn gnóthais in iomaíocht le chéile thar theorainneacha nó nuair a dhéanann siad áiteanna éagsúla infheistíochta a mheas. Cabhair atá dírithe ar ghníomhaíocht eacnamaíoch a chaomhnú i réigiún amháin nó ar í a mhealladh ó réigiúin eile laistigh den mhargadh inmheánach, d’fhéadfadh an chabhair sin gníomhaíochtaí nó infheistíochtaí a aistriú ó réigiún amháin go réigiún eile gan aon tionchar glan ar an gcomhshaol. Fíoróidh an Coimisiún nach mbeidh aon éifeacht diúltach follasach ar iomaíocht ná ar thrádáil mar thoradh ar an gcabhair. Mar shampla, cabhair le haghaidh cuspóirí comhshaoil agus fuinnimh nach mbíonn de thoradh uirthi ach athrú ar shuíomh na gníomhaíochta eacnamaíche gan feabhas a chur ar an leibhéal reatha cosanta comhshaoil sna Ballstáit, ní mheasfar í a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

70.

Déanfaidh an Coimisiún bearta a fhormheas faoi na treoirlínte sin ar feadh uastréimhse 10 bliana, ach d’fhéadfaí an tréimhse sin a theorannú a thuilleadh i gcásanna áirithe (féach pointe 76). Más mian le Ballstát tréimhse an bhirt a shíneadh thar an uastréimhse sin, féadfaidh sé fógra a thabhairt an athuair maidir leis an mbeart. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí cabhair a dheonú faoi bhearta formheasta laistigh d’uastréimhse 10 mbliana ón dáta a dtugtar fógra faoin gcinneadh ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach.

3.3.   Comparáid a dhéanamh idir éifeachtaí dearfacha agus éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil

71.

Mar chéim dheiridh, comhardóidh an Coimisiún na héifeachtaí diúltacha sainaitheanta ar dhálaí iomaíochta agus trádála an bhirt cabhrach agus éifeachtaí dearfacha na cabhrach atá beartaithe ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtugtar tacaíocht, lena n-áirítear an méid a chuireann sí le cosaint an chomhshaoil agus le cuspóirí an bheartais fuinnimh agus, go háirithe, leis an aistriú i dtreo gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le baint amach na spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin Dlí Aeráide Eorpach agus faoi spriocanna 2030 an Aontais maidir le fuinneamh agus aeráid.

72.

Sa chleachtas sin maidir le comhardú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (50), nó modheolaíochtaí inchomparáide eile. Ina theannta sin, mar chuid den mheasúnú ar na héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb ábhartha, seachtrachtaí diúltacha na gníomhaíochta dá dtugtar cabhair i gcás ina n-imreoidh na seachtrachtaí sin drochthionchar ar iomaíocht agus ar thrádáil idir na Ballstáit an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann trí neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh a chruthú nó cur leis na neamhéifeachtúlachtaí sin, lena n-áirítear go háirithe na seachtrachtaí sin a d’fhéadfadh bac a chur ar ghnóthú na gcuspóirí aeráide a leagtar amach faoi dhlí an Aontais (51).

73.

Ní mheasfaidh an Coimisiún beart cabhrach a bheidh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach amháin i gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha. I gcásanna nach dtugann an beart cabhrach atá beartaithe aghaidh ar chliseadh margaidh sainaitheanta ar bhealach iomchuí agus comhréireach, mar gheall ar chineál sealadach na tairbhe agus an saobhadh fadtéarmach atá i gceist leis an tairbhe sin mar a leagtar amach i bpointe 67, cuir i gcás, is gnách gur mó na hiarmhairtí diúltacha saobhacha ar iomaíocht ná éifeachtaí dearfacha an bhirt. Dá bhrí sin, is dócha go gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an beart cabhrach atá beartaithe comhoiriúnach.

74.

Maidir le bearta a thacaíonn go díreach nó go hindíreach le breoslaí iontaise, go háirithe na breoslaí iontaise is mó truailliú, ní dócha go mbeidh éifeachtaí dearfacha acu ar an gcomhshaol agus is minic a bhíonn éifeachtaí diúltacha móra acu toisc gur féidir leo seachtrachtaí diúltacha comhshaoil sa mhargadh a mhéadú. Is amhlaidh atá i gcás bearta a bhaineann infheistíochtaí nua i ngás nádúrtha leo, ach amháin má léirítear nach bhfuil aon éifeacht ghlasála ann (52). Fágfaidh sé sin, i bprionsabal, nach dócha go mbeidh comhardú dearfach ann i gcás na mbeart sin, mar a mhínítear a thuilleadh i gCaibidil 4.

75.

Dé ghnáth, bíonn an Coimisiún i bhfabhar gnéithe beart atá beartaithe ag na Ballstáit chun rannpháirtíocht FBManna agus, i gcás inarb ábhartha, na bpobal fuinnimh in-athnuaite i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú, ar choinníoll gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh a áirithiú ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

76.

Is iad seo a leanas fachtóirí eile atá le cur san áireamh chun cothromaíocht fhoriomlán catagóirí áirithe scéimeanna cabhrach a chinneadh i gcásanna áirithe:

(a)

ceanglas maidir le meastóireacht ex post a ndéantar cur síos air i gCaibidil 5; i gcásanna den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le fad na scéimeanna (go ceithre bliana nó níos lú, de ghnáth) agus féadfaidh sé fógra a thabhairt an athuair ina dhiaidh sin maidir le síneadh a chur leo;

(b)

ceanglas – in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch – maidir le fógra aonair a thabhairt do thionscadail tacaíochta de mhéid áirithe nó a bhfuil tréithe áirithe ag baint leo;

(c)

ceanglas go mbeadh bearta cabhrach faoi réir teorainn ama.

4.   CATAGÓIRÍ CABHRACH

4.1.   Cabhair chun astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint lena n-áirítear trí thacú le fuinneamh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh

4.1.1.   An Réasúnaíocht

77.

Sa Dlí Aeráide Eorpach, tá spriocanna ceangailteacha agus uaillmhianacha leagtha síos ag an Aontas maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh 2030 agus 2050. I Rialachán (AE) 2018/1999, tá spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais leagtha amach ag an Aontas. Sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, tá spriocanna ceangailteacha éifeachtúlachta fuinnimh leagtha síos ag an Aontas le haghaidh 2030. D’fhéadfadh gá a bheith le státchabhair chun rannchuidiú le gnóthú na spriocanna sin de chuid an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta gaolmhara.

4.1.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

78.

Leagtar síos i Roinn 4.1 na rialacha comhoiriúnachta maidir le beart i dtaca le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear cabhair chun fuinneamh in-athnuaite nó breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh, ar fuinneamh nó breoslaí iad a tháirgtear trí úsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite. Leagtar síos ann freisin na rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta cabhrach a bhaineann le raon leathan teicneolaíochtaí eile arb é is aidhm dóibh go príomha astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (53).

4.1.2.1.   Cabhair le haghaidh fuinneamh in-athnuaite

79.

Leagtar síos sa Roinn seo na rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta chun tacú le gach cineál fuinnimh in-athnuaite.

80.

Ní féidir tacaíocht do bhithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise a fhormheas ach amháin sa mhéid go bhfuil na breoslaí dá dtugtar cabhair i gcomhréir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.

81.

Féadfar a chinneadh go bhfuil cabhair chun fuinnimh a ghiniúint ó dhramhaíl comhoiriúnach faoin alt seo a mhéid atá an chabhair sin teoranta do dhramhaíl a thagann faoin sainmhíniú ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.

82.

Féadfar cabhair chun hidrigin in-athnuaite (54) a tháirgeadh a mheasúnú faoin Roinn seo.

4.1.2.2.   Cabhair eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus éifeachtúlacht fuinnimh a laghdú agus a bhaint

83.

Na teicneolaíochtaí uile a chuireann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tá na teicneolaíochtaí sin incháilithe, i bprionsabal, lena n-áirítear cabhair chun fuinneamh ísealcharbóin nó breoslaí sintéiseacha a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as fuinneamh ísealcharbóin, cabhair le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh lena n-áirítear comhghiniúint ardéifeachtúlach, cabhair le haghaidh CCS/CCU, cabhair le haghaidh freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh i gcás ina laghdaítear astaíochtaí leis sin, agus cabhair chun astaíochtaí a eascraíonn as próisis thionsclaíocha a laghdú nó a sheachaint, lena n-áirítear amhábhair a phróiseáil. Cumhdaítear leis freisin tacaíocht chun gáis ceaptha teasa a bhaint ón gcomhshaol. Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta nach bhfuil sé de phríomhchuspóir acu astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a bhaint. I gcás ina gcuireann beart le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le truailliú seachas astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú araon, déanfar comhoiriúnacht an bhirt a mheas ar bhonn na Roinne seo nó ar bhonn Roinn 4.5, ag brath ar cé acu den dá chuspóir is mó.

84.

Cumhdaítear leis an Roinn seo freisin tionscadail thiomnaithe bhonneagair (lena n-áirítear maidir le hidrigin, gáis ísealcharbóin eile agus dé-ocsaíd charbóin lena stóráil/úsáid) nach dtagann faoin sainmhíniú ar bhonneagar fuinnimh, chomh maith le tionscadail lena gcuimsítear bonneagar tiomnaithe nó bonneagar fuinnimh, nó an dá rud, in éineacht le táirgeadh nó tomhaltas/úsáid.

85.

Sa mhéid go n-éascaíonn cabhair infheistíochtaí chun feidhmíocht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha a fheabhsú, tá feidhm ag an Roinn seo freisin maidir le cabhair le haghaidh FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe beaga a sholáthraíonn bearta feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú de réir bhrí Airteagal 2, pointe (27) de Threoir 2012/27/AE.

86.

Féadfar a chinneadh go bhfuil cabhair chun fuinnimh a ghiniúint ó dhramhaíl comhoiriúnach faoin Roinn seo a mhéid atá an chabhair sin teoranta do dhramhaíl a úsáidtear i suiteálacha breosla a thagann faoin sainmhíniú ar chomhghiniúint ardéifeachtach.

87.

Féadfar cabhair chun hidrigin ísealcharbóin a tháirgeadh a mheasúnú faoin Roinn seo.

88.

Maidir le cabhair chun tacú le leictriú a bhaineann úsáid as leictreachas in-athnuaite agus/nó leictreachas ísealcharbóin, féadfar an chabhair sin a mheasúnú faoin Roinn seo, lena n-áirítear tacaíocht do phróisis téimh agus thionsclaíocha.

4.1.3.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.1.3.1.   Riachtanas na cabhrach

89.

Níl feidhm a pointí 34 go 37 maidir le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní mór don Bhallstát na bearta beartais atá i bhfeidhm cheana féin a shainaithint chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar sin féin, cé go ndéantar cuid de na costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a inmheánú le ETS an Aontais agus le beartais agus bearta gaolmhara, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaidh siad na costais sin a inmheánú ina n-iomláine go fóill.

90.

Ba cheart don Bhallstát a léiriú go bhfuil gá le cabhair le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá beartaithe de réir mar a cheanglaítear faoi phointe 38, agus an cás frithfhíorasach á chur san áireamh (55) mar aon le costais agus ioncam ábhartha lena n-áirítear costais agus ioncam a bhaineann le ETS agus beartais agus bearta gaolmhara a shainaithnítear i bpointe89. I gcás ina bhfuil éiginnteacht shuntasach ann maidir le forbairtí margaidh amach anseo a bhaineann le cuid mhór den chás gnó (d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás infheistíochtaí fuinnimh in-athnuaite nuair nach gcuirtear ioncam leictreachais le costais ionchuir, cuir i gcás), féadfar a mheas go bhfuil gá le tacaíocht i bhfoirm luach saothair ráthaithe áirithe chun an nochtadh do chásanna diúltacha a theorannú agus a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht phríobháideach. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le teorainneacha ar bhrabúsacht agus/nó aisghlámadh a bhaineann le cásanna dearfacha féideartha chun comhréireacht a áirithiú.

91.

I gcás ina léireoidh an Ballstát go bhfuil gá le cabhair faoi phointe 90, glacfaidh an Coimisiún leis go bhfuil cliseadh margaidh iarmharach fós ann, ar féidir aghaidh a thabhairt air trí chabhair le haghaidh dícharbónú, in éagmais aon fhianaise a thabharfadh a mhalairt le fios.

92.

I gcás scéimeanna a mhairfidh níos faide ná trí bliana, ní mór don Bhallstát a dheimhniú go dtabharfaidh sé cothrom le dáta a anailís ar chostais agus ioncam ábhartha gach trí bliana ar a laghad nó, i gcás scéimeanna lena mbaineann deonú cabhrach nach bhfuil chomh minic céanna, go ndéanfaidh sé amhlaidh sula ndeonófar cabhair, chun a áirithiú go bhfuil gá fós le cabhair i gcás gach catagóire incháilithe tairbhí. I gcás nach mbeidh gá le cabhair a thuilleadh le haghaidh catagóir tairbhí, ba cheart an chatagóir sin a bhaint sula ndeonófar aon chabhair bhreise (56).

4.1.3.2.   Oiriúnacht

93.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.2 maidir le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Glacann an Coimisiún leis gur féidir, i bprionsabal, státchabhair a bheith ina beart iomchuí chun spriocanna maidir le dícharbónú a bhaint amach, ós rud é gur gnách nach leor ionstraimí beartais eile chun na spriocanna sin a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta eile go léir. I bhfianaise scála agus phráinn an dúshláin maidir le dícharbónú, féadfar ionstraimí éagsúla a úsáid, lena n-áirítear deontais dhíreacha.

94.

Maidir le cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú, dá dtagraítear i bpointe 85, féadfaidh an chabhair sin a bheith i gceann amháin de na foirmeacha seo a leanas, agus sna foirmeacha sin amháin:

(a)

iasacht nó ráthaíocht do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh;

(b)

táirge airgeadais a bhfuil mar aidhm leis an soláthraí lena mbaineann a athmhaoiniú (fachtóireacht nó forfáil, cuir i gcás).

4.1.3.3.   Incháilitheacht

95.

Maidir le bearta dícharbónaithe lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí sonracha a bhíonn in iomaíocht le gníomhaíochtaí neamh-fhóirdheontais eile, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh saobhadh iomaíochta níos mó ann de bharr na mbeart sin, i gcomparáid le bearta atá oscailte do na gníomhaíochtaí iomaíocha uile. Dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát cúiseanna a thabhairt maidir le bearta nach gcuirtear na teicneolaíochtaí agus na tionscadail iomaíocha uile ar áireamh iontu – gach tionscadal atá ag oibriú i margadh an leictreachais, cuir i gás, nó gach gnóthas a tháirgeann táirgí inionadaithe agus atá in ann cur go héifeachtúil le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (57). Ba cheart na cúiseanna sin a bheith bunaithe ar bhreithnithe oibiachtúla a bhaineann le héifeachtúlacht nó le costais nó le cúinsí ábhartha eile, cuir i gcás. Féadfaidh na cúiseanna sin tarraingt ar an bhfianaise a bailíodh ón gcomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i Roinn 4.1.3.4 i gcás inarb infheidhme.

96.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na cúiseanna a thabharfar agus measfaidh sé, mar shampla, nach ndéanfaidh incháilitheacht níos teoranta an iomaíocht a shaobhadh go míchuí sna cásanna seo a leanas:

(a)

go ndíríonn beart ar sprioc shonrach earnálach nó sprioc shonrach atá bunaithe ar theicneolaíocht arna bunú i ndlí an Aontais (58), amhail scéim fuinnimh in-athnuaite nó scéim éifeachtúlachta fuinnimh (59);

(b)

go bhfuil sé d’aidhm shonrach ag beart tacú le tionscadail taispeántais;

(c)

go bhfuil sé d’aidhm ag beart aghaidh a thabhairt ní hamháin ar dhícharbónú ach ar cháilíocht an aeir nó ar thruailliú eile freisin;

(d)

go sainaithníonn Ballstát cúiseanna le bheith ag súil leis go bhfuil sé d’acmhainn ag earnálacha incháilithe nó teicneolaíochtaí nuálacha cur go mór, agus ar bhealach cost-éifeachtúil, le cosaint an chomhshaoil agus le dícharbónú domhain san fhadtéarma;

(e)

go bhfuil beart ag teastáil chun an t-éagsúlú is gá a bhaint amach ionas nach gcuirfear leis na saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht an líonra (60);

(f)

gur féidir a bheith ag súil leis go mbeidh costais níos ísle ag baint le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach mar thoradh ar chur chuige níos roghnaí (trí chostais laghdaithe maidir le comhtháthú córas mar thoradh ar éagsúlú, lena n-áirítear idir foinsí in-athnuaite, lena bhféadfaí freagairt don éileamh agus/nó stóráil a áireamh, cuir i gcás), agus/nó saobhadh iomaíochta a bheith mar thoradh air;

(g)

go ndéanfar tionscadal a roghnú tar éis glao oscailte chun a bheith mar chuid de mhórthionscadal comhtháite trasteorann, arna chomhdhearadh ag roinnt Ballstát agus a bhfuil sé d’aidhm aige cur go mór le cosaint an chomhshaoil ar mhaithe le leas coiteann an Aontais, agus cuirtear teicneolaíocht nuálach i bhfeidhm leis, a leanann as gníomhaíocht taighde agus forbartha agus nuálaíochta atá á reáchtáil ag an tairbhí nó ag eintiteas eile chomh fada agus a fhaigheann an tairbhí na cearta chun torthaí na gníomhaíochta taighde agus forbartha agus nuálaíochta roimhe sin a úsáid, nó go bhfuil sé i measc luathghlacadóirí teicneolaíochta nuálaí san earnáil lena mbaineann.

97.

Ní mór do na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na rialacha incháilitheachta agus ar aon riail a bhaineann leo chun a áirithiú go leanfaidh na cúiseanna a thugtar chun údar a thabhairt le hincháilitheacht níos teoranta, go leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu ar feadh shaolré gach scéime, is é sin le rá, chun a áirithiú gur féidir údar maith a thabhairt i gcónaí le haon teorainn ar incháilitheacht nuair a bheidh teicneolaíochtaí nó cineálacha cur chuige nua á bhforbairt nó nuair a bheidh níos mó sonraí ar fáil.

4.1.3.4.   Comhairliúchán poiblí

98.

Tá feidhm ag Roinn 4.1.3.4 ón 1 Iúil 2023.

99.

Sula dtabharfar fógra maidir le cabhair, seachas in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ní mór do na Ballstáit tuairimí an phobail a lorg maidir le tionchair iomaíochta agus comhréireacht na mbeart ar ghá fógra a thabhairt fúthu faoin Roinn seo. Níl feidhm ag an oibleagáid comhairliúchán a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhearta a formheasadh cheana, bearta nach n-athraíonn a raon feidhme ná a n-incháilitheacht nó nach gcuireann síneadh lena bhfad go ceann tréimhse níos faide ná 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh bunaidh ón gCoimisiún lena gcinntear go bhfuil an chabhair comhoiriúnach, ná i ndáil leis na cásanna dá dtagraítear i bpointe 100. Chun a chinneadh an bhfuil údar le beart, agus na critéir sna treoirlínte sin á gcur san áireamh, tá gá leis an gcomhairliúchán poiblí seo a leanas (61):

(a)

i gcás bearta ina bhfuil an mheánchabhair bhliantúil mheasta atá le deonú comhionann le EUR 150 milliún in aghaidh na bliana ar a laghad, comhairliúchán poiblí a mhairfidh sé seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar an méid seo a leanas:

(i)

incháilitheacht;

(ii)

modh agus meastachán an fhóirdheontais in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 (62) a seachnaíodh (in aghaidh an tionscadail nó an tionscadail tagartha);

(iii)

an úsáid atá beartaithe agus raon feidhme na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

(iv)

na príomhpharaiméadair i gcás próiseas leithdháilte cabhrach (63) lena n-áirítear chun iomaíocht idir cineálacha éagsúla tairbhí a chumasú (64);

(v)

na príomhthoimhdí lena gcuirtear in iúl an cainníochtú a úsáideadh chun an éifeacht dreasachta a léiriú, agus an riachtanas agus comhréireacht;

(vi)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint atá bunaithe ar ghás nádúrtha nó i dtáirgeadh tionsclaíoch, coimircí beartaithe chun comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú (féach pointe 129);

(b)

i gcás bearta ina mbeidh an mheánchabhair bhliantúil mheasta atá le deonú faoi bhun EUR 150 milliún in aghaidh na bliana, comhairliúchán poiblí a mhairfidh ceithre seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar:

(i)

incháilitheacht;

(ii)

an úsáid atá beartaithe agus raon feidhme na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

(iii)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint atá bunaithe ar ghás nádúrtha nó i dtáirgeadh tionsclaíoch, coimircí beartaithe chun comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú (féach pointe 129);

100.

Níl gá le haon chomhairliúchán poiblí i gcás bearta a thagann faoi phointe 99(b) ina n-úsáidtear próisis tairisceana iomaíocha agus nach dtacaíonn an beart le hinfheistíochtaí i nginiúint fuinnimh, i dtáirgeadh fuinnimh ná i ngníomhaíochtaí eile atá bunaithe ar bhreosla iontaise.

101.

Ní mór ceistneoirí comhairliúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin poiblí. Ní mór do na Ballstáit freagra ar an gcomhairliúchán a fhoilsiú ina ndéanfar achoimre ar an ionchur a fhaightear agus ina dtabharfar aghaidh ar an ionchur sin. Ba cheart go n-áireofaí leis sin míniú ar an gcaoi a ndearnadh an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar iomaíocht a íoslaghdú trí raon feidhme nó incháilitheacht an bhirt atá beartaithe. Ní mór do na Ballstáit nasc a sholáthar chuig a bhfreagra ar an gcomhairliúchán mar chuid den fhógra maidir le bearta cabhrach faoin Roinn seo.

102.

I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, d’fhéadfadh an Coimisiún modhanna eile comhairliúcháin a mheas ar choinníoll go gcuirfear tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh agus an chabhair á cur chun feidhme (ar bhonn leanúnach). I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá na modhanna malartacha a chomhcheangal le gníomhartha ceartaitheacha chun iarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart a laghdú.

4.1.3.5.   Comhréireacht

103.

Ba cheart, go ginearálta, go ndeonaítear cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí phróiseas tairisceana iomaíoch mar a thuairiscítear i bpointí 49 agus 50, ionas gur féidir cuspóirí an bhirt (65) a bhaint amach ar bhealach comhréireach lena n-íoslaghdófar saobhadh ar iomaíocht agus ar thrádáil. Is srian ceangailteach é an buiséad nó an méid a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana sa mhéid is gur féidir a mheas nach bhfaighidh gach tairgeoir cabhair, gur leor líon measta na dtairgeoirí chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú, agus go gceartófar dearadh na bpróiseas tairisceana nach bhfuil ró-éileamh orthu le linn cur chun feidhme scéime chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin nó, ina éagmais sin, a luaithe is iomchuí (66).

104.

Ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh an próiseas tairisceana oscailte do gach tairbhí incháilithe chun leithdháileadh costéifeachtach cabhrach a chumasú agus chun saobhadh iomaíochta a laghdú. Mar sin féin, is féidir an próiseas tairisceana a theorannú do chatagóir shonrach amháin tairbhí nó níos mó i gcás ina gcuirtear fianaise ar fáil, lena n-áirítear aon fhianaise ábhartha a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí, agus an méid seo a leanas á léiriú, mar shampla:

(a)

go mbeadh toradh fo-optamach ar phróiseas aonair a bheadh ar oscailt do gach tairbhí incháilithe nó nach bhféadfaí cuspóirí an bhirt a bhaint amach; féadfar tagairt a dhéanamh leis an réasúnú sin do na critéir i bpointe 96;

(b)

go bhfuil diallas suntasach idir na leibhéil tairisceana a bhfuiltear ag súil leis go dtairgfidh catagóirí éagsúla tairbhithe (b’amhlaidh a bheadh sé, de ghnáth, i gcás ina mbeadh difríocht níos mó ná 10 % idir na leibhéil iomaíocha tairisceana a bhfuiltear ag súil leo a shainaithnítear ar bhonn na hanailíse a cheanglaítear faoi phointe 90); sa chás sin, féadfar próisis tairisceana iomaíocha ar leithligh a úsáid ionas go mbeidh catagóirí tairbhithe a bhfuil costais chomhchosúla acu in iomaíocht le chéile.

105.

I gcás ina mbeidh Ballstát ag brath ar na heisceachtaí i bpointe 104 (b) le haghaidh scéim a mhairfidh níos faide ná trí bliana, ba cheart a mheas san anailís a éilítear i bpointe 92 freisin an féidir brath ar na heisceachtaí sin fós. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a dheimhniú go ndéanfar na scéimeanna sin a oiriúnú le himeacht ama chun a áirithiú go dtairgfear teicneolaíochtaí a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfaidh siad tairiscint laistigh de 10 % dá chéile tríd an bpróiseas tairisceana iomaíoch céanna. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh an Ballstát a roghnú tairiscintí ar leithligh a shocrú i gcás ina léirítear san anailís nuashonraithe faoi phointe 92 go bhfuil an oiread sin éagsúlachta sna costais go bhfuil difríocht níos mó ná 10 % idir na tairiscintí.

106.

I gcás ina léireofar san anailís a cheanglaítear faoi phointe 90 go bhféadfadh diallas suntasach a bheith ann idir na leibhéil tairisceana a bhfuiltear ag súil leis go dtairgfidh catagóirí éagsúla tairbhithe, ba cheart do na Ballstáit baol an róchúitimh i leith teicneolaíochtaí níos saoire a bhreithniú. Cuirfidh an Coimisiún an méid sin san áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh sé freisin. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh ar uasteorainneacha ar thairiscintí teorainn a chur leis an tairiscint uasta ó thairgeoirí aonair i gcatagóirí áirithe. Ba cheart údar a bheith le haon uasteorainn ar thairiscintí i dtaca leis an gcainníochtú i leith tionscadail tagartha dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53.

107.

Is féidir údar a bheith le heisceachtaí ón gceanglas cabhair a leithdháileadh agus leibhéal na cabhrach a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch i gcás ina gcuirfear fianaise ar fáil, lena n-áirítear an fhianaise sin a bailíodh ón gcomhairliúchán poiblí, go bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

nach leor an soláthar féideartha ná líon na dtairgeoirí féideartha chun iomaíocht a áirithiú; sa chás sin, ní mór don Bhallstát a léiriú nach féidir iomaíocht a mhéadú tríd an mbuiséad a laghdú nó rannpháirtíocht sa phróiseas tairisceana a éascú (trí thalamh breise a shainaithint le haghaidh forbartha nó ceanglais réamhcháilithe a oiriúnú, cuir i gcás) de réir mar is iomchuí;

(b)

gur tionscadail bheaga iad tairbhithe, a shainmhínítear mar seo a leanas:

(i)

i gcás tionscadail giniúna nó stórála leictreachais – tionscadail atá faoi bhun nó cothrom le 1 MW d’acmhainneacht suiteáilte;

(ii)

i gcás tomhaltas leictreachais – tionscadail ag a bhfuil an t-éileamh uasta faoi bhun nó cothrom le 1 MW;

(iii)

i gcás tionscadail giniúna nó stórála leictreachais – tionscadail atá faoi bhun nó cothrom le 1 MW d’acmhainneacht suiteáilte, nó a chomhionann;

(iv)

i gcás tionscadail atá 100 % faoi úinéireacht FBManna nó faoi úinéireacht pobal fuinnimh in-athnuaite atá cothrom le 6 MW d’acmhainneacht suiteáilte nó faoina bhun, nó cothrom leis an éileamh uasta nó faoina bhun;

(v)

i gcás tionscadail atá 100 % faoi úinéireacht fiontar beag agus micrifhiontar nó faoi úinéireacht pobal fuinnimh in-athnuaite i gcás giniúint gaoithe amháin atá cothrom le nó faoi bhun 18 MW d’acmhainneacht suiteáilte;

(vi)

i gcás bearta éifeachtúlachta fuinnimh nach mbaineann giniúint fuinnimh leo agus a théann chun tairbhe do FBManna, i gcás ina bhfaigheann tairbhithe níos lú ná EUR 300 000 in aghaidh an tionscadail.

(c)

go gcomhlíonann tionscadail aonair an dá choinníoll seo a leanas:

(i)

gur roghnaíodh an tionscadal tar éis glao oscailte chun a bheith mar chuid de mhórthionscadal comhtháite trasteorann, arna chomhdhearadh ag roinnt Ballstát agus a bhfuil sé d’aidhm aige cur go mór le cosaint an chomhshaoil ar mhaithe le leas coiteann an Aontais;

(ii)

go mbaineann an tionscadal le teicneolaíocht nuálach a leanann as gníomhaíocht taighde agus forbartha agus nuálaíochta arna déanamh ag an tairbhí nó ag eintiteas eile fad is a fhaigheann an tairbhí na cearta chun torthaí na gníomhaíochta taighde agus forbartha agus nuálaíochta roimhe sin a úsáid, nó go bhfuil sé i measc luathghlacadóirí teicneolaíochta nuálaí san earnáil lena mbaineann.

108.

Féadfaidh na Ballstáit deimhnithe iomaíocha nó scéimeanna oibleagáide na soláthróirí a úsáid freisin chun méid na cabhrach a leagan síos agus cabhair a leithdháileadh, ar choinníoll:

(a)

go ndéantar an t-éileamh sa scéim a shocrú faoi bhun an tsoláthair fhéideartha;

(b)

an praghas ceannaigh thar barr amach nó an praghas pionóis a ghearrtar ar thomhaltóir nó soláthróir nár cheannaigh líon na ndeimhnithe atá de dhíth (is é sin le rá, an praghas arb ionann é agus an t-uasmhéid a d’íocfaí as tacaíocht), socraítear é ar leibhéal sách ard chun comhlíonadh na hoibleagáide a dhreasú. Ba cheart, áfach, an praghas pionóis a bheith bunaithe ar an gcainníochtú dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53, chun róchúiteamh mar thoradh ar leibhéal ró-ard a sheachaint;

(c)

i gcás ina bhfuil tacaíocht do bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise i gceist le scéimeanna, ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis maidir le tacaíocht a fuarthas cheana ó dhoiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cothromúcháin maise faoi Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 a chur san áireamh chun róchúiteamh a sheachaint.

109.

Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a cheapadh freisin atá dírithe ar dhícharbónú nó éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó tobhaigh pharaifhioscacha amhail tobhaigh lena maoinítear cuspóirí beartais comhshaoil. Níl sé éigeantach próiseas tairisceana iomaíoch a chur i bhfeidhm i gcás na scéimeanna sin. Mar sin féin, ní mór cabhair den sórt sin a dheonú, i bprionsabal, ar an mbealach céanna i gcás gach gnóthais cháilithe atá ag oibriú san earnáil chéanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus atá sa chás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil i ndáil le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach. Ní mór don Bhallstát a thugann fógra sásra faireacháin bliantúil a chur ar bun chun a fhíorú go bhfuil gá leis an gcabhair go fóill. Ní chumhdaítear leis an Roinn seo laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh, laghduithe lena gcuirtear san áireamh na costais riachtanacha a bhaineann le fuinneamh nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar. Mar shampla, déantar laghduithe ar mhuirir ghréasáin nó ar mhuirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta a eisiamh ó raon feidhme na Roinne seo.

110.

I gcás ina laghdaíonn laghdú ar cháin nó ar thobhach paraifhioscach costais oibriúcháin athfhillteacha, ní rachaidh méid na cabhrach thar an difríocht idir costais an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus costais an cháis fhrithfhíoraisigh is mó díobháil. I gcás ina bhféadfadh coigilteas costais nó ioncam breise a bheith mar thoradh ar thionscadal nó gníomhaíocht atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ní mór iad sin a chur san áireamh agus comhréireacht na cabhrach á cinneadh.

111.

Agus scéimeanna cabhrach á ndearadh, ní mór don Bhallstát an fhaisnéis maidir le tacaíocht a fuarthas cheana ó dhoiciméadacht a bhaineann leis an gcóras cothromúcháin maise faoi Airteagal 30 de Threoir (AE) 2018/2001 a chur san áireamh.

112.

I gcás ina ndámhfar lamháltais nó sochair eile mar chuid de bhearta cabhrach – amhail an ceart talamh, grinneall na farraige nó aibhneacha a úsáid nó ceart ar nasc bonneagair – ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndámhtar lamháltais den sórt sin ar bhonn critéar oibiachtúil agus trédhearcach atá nasctha le cuspóirí an bhirt (féach pointe 50).

113.

I gcás ina mbeidh an chabhair i bhfoirm iasachta sinsearaí do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh, ba cheart go n-áiritheofaí le hionstraimí iasachta ráta suntasach comhinfheistíochta ó sholáthraithe tráchtála cistithe fiachais. Glactar leis gurb amhlaidh an cás más rud é nach bhfuil an ráta sin níos lú ná 30 % de luach phunann an tsoláthraí maidir leis an mbunchonradh feidhmíochta fuinnimh. Ní mór aisíocaíocht na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh ag an soláthraí a bheith cothrom, ar a laghad, le luach ainmniúil na hiasachta. I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm ráthaíochta, ní fhéadfaidh an ráthaíocht phoiblí a bheith os cionn 80 % de phríomhshuim na buniasachta agus ní mór don institiúid creidmheasa agus don Stát caillteanais a sheasamh go comhréireach agus faoi na coinníollacha céanna. Ní mór an méid ráthaithe a laghdú go comhréireach, ionas nach gcumhdaíonn an ráthaíocht níos mó ná 80 % den iasacht gan íoc. An iasacht nó ráthaíocht phoiblí do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, ní mór í a bheith teoranta do 10 mbliana ar a mhéad.

4.1.4.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú

114.

Cé is moite de phointe 70, níl feidhm ag Ranna 3.2.2 ná 3.3 maidir le bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

115.

Beidh feidhm ag an bpointe sin ón 1 Iúil 2023. Ní mór meastachán a dhéanamh ar an bhfóirdheontas in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 maidir le gach tionscadal, nó i gcás scéimeanna, maidir le gach tionscadal tagartha, agus na toimhdí agus an mhodheolaíocht a bhaineann leis an ríomh sin a chur ar fáil. A mhéid is féidir, ba cheart go sainaithneofaí sa mheastachán sin an glanlaghdú ar astaíochtaí ón ngníomhaíocht, agus astaíochtaí saolré a cruthaíodh nó a laghdaíodh á gcur san áireamh. Thairis sin, ba cheart idirghníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha le haon bheartas nó beart ábhartha eile, lena n-áirítear ETS an Aontais, a chur san áireamh. Chun gur féidir comparáid a dhéanamh idir na costais a bhaineann le bearta éagsúla cosanta comhshaoil, ba cheart, i bprionsabal, go mbeadh an mhodheolaíocht comhchosúil i gcás na mbeart ar fad a chuireann Ballstát chun cinn (67).

116.

Chun éifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol i ndáil le dícharbónú a bhaint amach, is gá go ndéanfaidh an chabhair níos mó na hastaíochtaí a aistriú ó earnáil amháin go hearnáil eile agus ní mór di laghduithe foriomlána ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.

117.

Chun an riosca a sheachaint go mbeadh fóirdheontais dhúbailte ann agus chun a áirithiú go bhfíorófar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ní mór don chabhair chun gníomhaíochtaí tionsclaíocha a dhícharbónú na hastaíochtaí a thagann go díreach ón ngníomhaíocht thionsclaíoch sin a laghdú. An chabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha a fheabhsú, ní mór di feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ghníomhaíochtaí na dtairbhithe.

118.

Mar eisceacht ón gceanglas a leagtar amach san abairt dheireanach de phointe 117, is féidir tacú le feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh gníomhaíochtaí tionsclaíocha le cabhair a deonaíodh chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú.

119.

I gcás nach ndeonófar cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú mar thoradh ar phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór státchabhair a dheonú, i bprionsabal, ar an mbealach céanna i gcás gach gnóthais cháilithe atá ag oibriú san earnáil chéanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch agus atá sa chás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil i ndáil le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach.

120.

Ionas nach leithdháilfear buiséad ar thionscadail nach bhfuil curtha i gcrích, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar iontráil nua sa mhargadh, ní mór do na Ballstáit a léiriú go nglacfar bearta réasúnta chun a áirithiú go bhforbrófar tionscadail a ndeonófar cabhair iarbhír dóibh, mar shampla, spriocdhátaí soiléire a leagan síos maidir le tionscadail a chur i gcrích, féidearthacht an tionscadail a sheiceáil mar chuid den réamhcháiliú chun cabhair a fháil, a éileamh go n-íocfaidh rannpháirtithe comhthaobhacht, nó monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar thógáil tionscadal. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit níos mó solúbthachta a dheonú maidir le ceanglais réamhcháiliúcháin le haghaidh tionscadail arna bhforbairt ag FBManna nó pobail fuinnimh in-athnuaite agus atá 100 % faoi úinéireacht FBManna nó pobal fuinnimh in-athnuaite mar mhodh chun bacainní ar a rannpháirtíocht a laghdú (68).

121.

D’fhéadfadh foirmeacha éagsúla a bheith i gceist le cabhair le haghaidh dícharbónú, lena n-áirítear deontais láithreacha agus conarthaí le haghaidh íocaíochtaí leanúnacha cabhrach amhail conarthaí difríochta (69). Cabhair lena gcumhdaítear costais a bhaineann den chuid is mó le hoibriú seachas le hinfheistíocht, níor cheart an chabhair sin a úsáid ach amháin i gcás ina léireoidh an Ballstát gurb é an toradh a bheidh air sin cinntí oibriúcháin atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

122.

I gcás ina bhfuil gá le cabhair go príomha chun costais ghearrthéarmacha a d’fhéadfadh a bheith athraitheach a chumhdach amhail costais bhreosla bithmhaise nó costais ionchuir leictreachais, agus a íoctar thar thréimhsí is faide ná aon bhliain amháin, ba cheart do na Ballstáit a dheimhniú go ndéanfar faireachán ar na costais táirgthe ar a bhfuil méid na cabhrach bunaithe agus go ndéanfar méid na cabhrach a nuashonrú uair sa bhliain ar a laghad.

123.

Ní mór an chabhair a dhearadh chun saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtach na margaí a chosc agus, go háirithe, chun dreasachtaí éifeachtúla oibriúcháin agus comharthaí praghsála a chaomhnú. Mar shampla, ba cheart go leanfadh tairbhithe de bheith neamhchosanta ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh, ach amháin i gcás ina gcuirfidh sé isteach ar chuspóir na cabhrach a bhaint amach. Go háirithe, níor cheart tairbhithe a dhreasú chun a n-aschur a thairiscint faoi bhun a gcostas imeallach agus níor cheart dóibh cabhair a fháil le haghaidh táirgthe in aon tréimhse ina bhfuil luach margaidh an tairgthe sin diúltach (70).

124.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar bhearta a bhfuil tionscadail thiomnaithe bhonneagair san áireamh iontu. Ina mheasúnú, measfaidh an Coimisiún, i measc nithe eile, méid an bhonneagair i ndáil leis an margadh ábhartha, an tionchar ar an dóchúlacht go mbeidh infheistíochtaí breise margadhbhunaithe ann, a mhéid atá an bonneagar beartaithe ar dtús d’úsáideoir aonair nó do ghrúpa úsáideoirí agus an ann do phlean inchreidte nó gealltanas daingean chun nascadh le líonra níos leithne, fad aon mhaoluithe nó díolúintí ó reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh, struchtúr an mhargaidh ábhartha agus seasamh na dtairbhithe sa mhargadh sin.

125.

Mar shampla, i gcás nach gceanglóidh an bonneagar ach líon teoranta úsáideoirí ar dtús, féadfar an iarmhairt shaobhach a mhaolú i gcás inar cuid de phlean í chun gréasán níos leithne de chuid an Aontais a fhorbairt ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

gur cheart an chuntasaíocht i ndáil leis an mbonneagar a bheith scartha ó aon ghníomhaíocht eile agus ba cheart na costais a bhaineann le rochtain agus úsáid a bheidh trédhearcach;

(b)

mura gcuirfidh sé sin isteach ar chuspóir na cabhrach a bhaint amach, ba cheart go mbeadh cabhair faoi réir gealltanas an bonneagar a oscailt (71) do thríú páirtithe ar théarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha (lena n-áirítear glaonna poiblí ar nasc a iarraidh ar choinníollacha coibhéiseacha);

(c)

gur ghá an buntáiste a fhaigheann na tairbhithe go dtí go ndéanfar forbairt níos leithne a fhritháireamh, mar shampla trí chur le síneadh breise an líonra;

(d)

gur ghá an buntáiste a fhaigheann na húsáideoirí tiomnaithe a theorannú agus/nó a roinnt le himreoirí eile.

126.

Ionas nach mbainfí an bonn de chuspóir an bhirt nó de chuspóirí eile an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, níor cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun fuinneamh a ghiniúint ar fuinneamh é lena gcuirfear cineálacha fuinnimh is lú truailliú as áit. Mar shampla, i gcás ina dtugtar tacaíocht do chomhghiniúint atá bunaithe ar fhoinsí neamh-inathnuaite, nó i gcás ina dtugtar tacaíocht do tháirgeadh fuinnimh ó bhithmhais, a mhéid is féidir, níor cheart dóibh dreasachtaí a fháil chun leictreachas nó teas a ghiniúint má chiallaíonn sé sin go laghdófar foinsí fuinnimh in-athnuaite atá saor ó aerthruailliú.

127.

D’fhéadfadh cabhair le haghaidh dícharbónú an iomaíocht a shaobhadh go míchuí i gcás ina gcuirfidh sí infheistíochtaí i roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, rud a chuirfidh bac ar fhorbairt níos leithne ar mhargadh le haghaidh réitigh níos glaine agus ar úsáid na réiteach sin. Dá bhrí sin, fíoróidh an Coimisiún freisin nach spreagfaidh an beart cabhrach ídiú breoslaí iontaise agus fuinnimh iontaise, nó nach gcuirfidh sé le fad an ídithe sin (72), rud a chuirfidh bac ar roghanna malartacha níos glaine a fhorbairt agus a laghdóidh go suntasach an tairbhe fhoriomlán a bhaineann leis an infheistíocht ó thaobh an chomhshaoil de. Ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu an riosca sin a sheachaint, lena n-áirítear trí bhíthin gealltanais cheangailteacha chun breoslaí in-athnuaite nó ísealcharbóin a úsáid den chuid is mó nó deireadh a chur le foinsí breoslaí iontaise.

128.

Measann an Coimisiún go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag bearta áirithe cabhrach ar iomaíocht agus ar thrádáil agus nach dócha go ndéanfar iad a fhritháireamh. Go háirithe, d’fhéadfadh bearta áirithe cabhrach clistí margaidh a ghéarú, agus neamhéifeachtúlachtaí a chruthú a dhéanfadh dochar do thomhaltóirí agus don leas sóisialta. Mar shampla, bearta a spreagann infheistíochtaí nua i dtáirgeadh fuinnimh nó tionsclaíoch atá bunaithe ar na breoslaí iontaise is mó truailliú, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola, méadaíonn na bearta sin na seachtrachtaí diúltacha comhshaoil sa mhargadh. Measfar nach mbeidh aon tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol, i bhfianaise neamh-chomhoiriúnacht na mbreoslaí sin le spriocanna aeráide an Aontais.

129.

Ar an gcaoi chéanna, bearta lena spreagfar infheistíochtaí nua i dtáirgeadh fuinnimh nó tionsclaíoch atá bunaithe ar ghás nádúrtha, féadfaidh na bearta sin astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile a laghdú sa ghearrthéarma ach cur le seachtrachtaí diúltacha comhshaoil san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha. Chun go measfar go bhfuil tionchar dearfach ar an gcomhshaol ag infheistíochtaí sa ghás nádúrtha, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a áiritheoidh siad go gcuirfidh an infheistíocht le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte sin nó an trealaimh táirgthe gásadhainte sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar phlean náisiúnta dícharbónaithe a bhfuil spriocanna ceangailteacha ag gabháil leis agus/nó plean a bhféadfadh gealltanais cheangailteacha ón tairbhí a bheith ar áireamh ann chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail CCS/CCU a chur chun feidhme nó gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gáis nádúrtha nó an gléasra a dhúnadh de réir amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Ba cheart a áireamh sna gealltanais sin garsprioc inchreidte amháin nó níos mó maidir le hastaíochtaí a laghdú i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050.

130.

Trí bhithbhreoslaí a tháirgeadh ó bharra bia agus beatha, d’fhéadfaí éileamh breise ar thalamh a chruthú agus d’fhéadfadh talamh talmhaíochta a leathnú isteach i limistéir ina bhfuil stoc ardcharbóin amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud a mhéadódh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Is é sin an fáth a gcuirtear teorainn, le Treoir (AE) 2018/2001, le líon na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise atá bunaithe ar bharra bia agus beatha agus a dhéantar a áireamh i dtreo na spriocanna fuinnimh in-athnuaite. Measann an Coimisiún gur féidir le bearta áirithe cabhrach cur le seachtrachtaí diúltacha indíreacha. Dá bhrí sin, measfaidh an Coimisiún, i bprionsabal, nach dócha go mbeidh éifeachtaí dearfacha ag státchabhair le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás agus breoslaí bithmhaise a sháraíonn na huasteorainneacha lena gcinntear a n-incháilitheacht chun olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a ríomh sa Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001, ar éifeachtaí dearfacha iad a d’fhéadfadh a bheith níos mó ná éifeachtaí diúltacha an bhirt.

131.

I gcás ina sainaithneofar rioscaí maidir le saobhadh iomaíochta breise nó i gcás ina mbeidh na bearta an-nuálach nó an-chasta, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha a fhorchur mar a leagtar amach i bpointe 76.

132.

I gcás bearta aonair cabhrach nó scéimeanna a théann chun tairbhe do líon teoranta tairbhithe nó tairbhí atá ann faoi láthair, ba cheart do na Ballstáit, ina theannta sin, a léiriú nach mbeidh saobhadh iomaíochta ann mar thoradh ar an mbeart cabhrach atá beartaithe, mar shampla, trí chumhacht mhéadaithe sa mhargadh. Fiú nuair nach neartaíonn an chabhair an chumhacht mhargaidh go díreach, féadfaidh sí é sin a dhéanamh go hindíreach trí leathnú iomaitheoirí atá ann cheana a dhíspreagadh nó imeacht ón margadh a spreagadh nó iontráil iomaitheoirí nua a dhíspreagadh. Agus éifeachtaí diúltacha na mbeart cabhrach sin á meas ag an gCoimisiún, díreoidh sé a anailís ar an tionchar intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair ar iomaíocht idir gnóthais sa mhargadh táirgí lena mbaineann, agus i margaí réamhtheachtacha nó iartheachtacha i gcás inarb ábhartha, agus ar an riosca maidir le ró-acmhainneacht. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar thrádáil, lena n-áirítear an riosca go mbeadh rás fóirdheontais idir na Ballstáit a d’fhéadfadh teacht chun cinn go háirithe maidir le suíomh a roghnú.

133.

I gcás ina ndeonófar an chabhair gan próiseas tairisceana iomaíoch agus go rachaidh an beart chun tairbhe líon teoranta tairbhithe nó tairbhí atá ann faoi láthair, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an mBallstát a áirithiú go scaipfidh an tairbhí an saineolas a fuarthas mar thoradh ar an tionscadal cabhrach agus é mar aidhm aige dlús a chur le leathadh na dteicneolaíochtaí a léiríodh go rathúil.

134.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha comhoiriúnachta eile ar fad, is iondúil go gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil tionchar dearfach ag na bearta dícharbónaithe (is é sin le rá, gur mó na héifeachtaí dearfacha ná an saobhadh sa mhargadh inmheánach) i bhfianaise a mhéid a chuireann siad leis an maolú ar an athrú aeráide, rud a shainmhínítear mar chuspóir comhshaoil i Rialachán (AE) 2020/852 agus/nó i bhfianaise a mhéid a chuireann siad le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach, fad is nach léirítear nach bhfuil an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ á chomhlíonadh (73). I gcás nach mbeidh feidhm ag an toimhde thuas, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar mó na héifeachtaí dearfacha (lena n-áirítear comhlíonadh na bpointí i Roinn 4.1.4 agus aon ghealltanas a bhaineann le pointe 129) ná na tionchair dhiúltacha ar an margadh inmheánach.

4.2.   Cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh

4.2.1.   Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair

135.

Leis na bearta atá dírithe ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh a fheabhsú, dírítear ar sheachtrachtaí diúltacha trí dhreasachtaí aonair a chruthú chun spriocanna maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán aeir a laghdú. De bhreis ar na clistí margaidh ginearálta a shainaithnítear i gCaibidil 3, d’fhéadfadh clistí margaidh sonracha teacht chun cinn i réimse feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh. Mar shampla, i gcás oibreacha athchóirithe i bhfoirgnimh, ní gnách gurb é úinéir an fhoirgnimh amháin a fhaigheann na tairbhí a bhaineann le bearta feidhmíochta fuinnimh agus comhshaoil, ach an tionónta freisin, cé gurb é an t-úinéir a íocann as costais an athchóirithe de ghnáth. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le státchabhair chun infheistíochtaí a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh a fheabhsú.

4.2.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

136.

Féadfar cabhair a dheonú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú.

137.

Féadfar an chabhair sin a chur le cabhair le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na bearta seo a leanas:

(a)

suiteálacha comhtháite fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a ghineann leictreachas, teas nó fuarú a shuiteáil;

(b)

trealamh a shuiteáil chun an fuinneamh a ghineann suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar an láthair a stóráil;

(c)

bonneagar athluchtaithe a thógáil agus a shuiteáil lena úsáid ag úsáideoirí an fhoirgnimh, agus bonneagar lena mbaineann, amhail duchtú, i gcás ina bhfuil na saoráidí páirceála suite laistigh den fhoirgneamh nó i gcás ina bhfuil siad taobh leis an bhfoirgneamh;

(d)

trealamh a shuiteáil chun bainistiú agus rialú comhshaoil agus fuinnimh an fhoirgnimh a dhigitiú, go háirithe chun a ullmhacht chliste a mhéadú, lena n-áirítear sreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an maoin lena mbaineann an foirgneamh, ach gan sreangú nó cáblú le haghaidh líonraí sonraí lasmuigh den mhaoin a áireamh;

(e)

infheistíochtaí eile lena gcuirtear feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh nó chomhshaoil an fhoirgnimh, lena n-áirítear infheistíochtaí i ndíonta glasa agus trealamh chun uisce báistí a bhailiú.

138.

Féadfar cabhair a dheonú freisin chun feidhmíocht fuinnimh an trealaimh téimh agus fuaraithe laistigh den fhoirgneamh a fheabhsú. Cabhair le haghaidh trealamh téimh agus fuaraithe atá nasctha go díreach le córais téimh agus fuaraithe ceantair, déanfar an chabhair sin a mheasúnú faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair mar a leagtar amach i Roinn 4.10. Cabhair chun éifeachtúlacht fuinnimh na bpróiseas táirgthe a fheabhsú agus cabhair le haghaidh trealamh lena ngintear fuinnimh a úsáidtear chun innealra a chumhachtú, déanfar an chabhair sin a mheasúnú faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint mar a leagtar amach i Roinn 4.1.

139.

Ní mór don chabhair na nithe seo a leanas a spreagadh:

(a)

i gcás athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana, feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh as a dtiocfaidh laghdú 20 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht nó, i gcás inar cuid d’athchóiriú céimneach na feabhsúcháin, laghdú 30 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid a bhí ann roimh an infheistíocht, thar thréimhse cúig bliana,

(b)

i gcás bearta athchóirithe a bhaineann le cineál amháin codanna foirgnimh a shuiteáil nó a athsholáthar (74) de réir bhrí Airteagal 2, pointe 9, de Threoir 2010/31/AE, laghdú 10 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht, ar choinníoll go léiríonn an Ballstát go bhfuil éifeacht shuntasach fhoriomlán ag an mbeart ar leibhéal na scéime maidir le laghdú ar an éileamh príomhúil ar fhuinneamh,

(c)

i gcás foirgnimh nua, feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh as a dtiocfaidh laghdú 10 % ar a laghad ar an éileamh príomha ar fhuinneamh i gcomparáid leis an tairseach a leagtar síos le haghaidh na gceanglas i leith foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh i mbearta náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2010/31/AE chun feidhme.

140.

Féadfar cabhair chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a dheonú freisin do FBManna agus cuideachtaí lárchaipitlithe beaga a sholáthraíonn bearta feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh, chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú de réir bhrí Airteagal 2, pointe (27) de Threoir 2012/27/AE.

4.2.3.   Éifeachtdreasachta

141.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 142 agus 143 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

142.

Measann an Coimisiún, i bprionsabal, nach bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh tionscadal ag a bhfuil tréimhse aisíoca (75) níos lú ná cúig bliana. Féadfaidh an Ballstát fianaise a sholáthar, áfach, chun a léiriú go bhfuil gá le cabhair chun athrú iompraíochta a spreagadh, fiú amháin i gcás tionscadail ag a bhfuil tréimhse aisíoca níos giorra.

143.

Nuair a fhorchuirtear íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh ar ghnóthais faoi dhlí an Aontais, ar íoschaighdeáin iad a cháilíonn mar chaighdeáin de chuid an Aontais, measfar go mbeidh éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh na n-infheistíochtaí ar fad is gá a chuireann ar chumas gnóthas na caighdeáin sin a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndeonófar an chabhair sula mbeidh na ceanglais éigeantach don ghnóthas lena mbaineann (76). Ní mór don Bhallstát a áirithiú go soláthróidh na tairbhithe plean agus clár ama athchóirithe beacht a léireoidh gur leor an t-athchóiriú a dtugtar cabhair dó chun go gcomhlíonfaidh an foirgneamh na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh sin.

4.2.4.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.2.4.1.   Oiriúnacht

144.

Tá feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe 145 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

145.

Féadfaidh cabhair chun conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh a éascú a bheith i bhfoirm iasachta nó ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feidhmíochta feabhsaithe fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh nó féadfaidh gur táirge airgeadais atá dírithe ar an soláthraí a mhaoiniú atá i gceist (mar shampla, fachtóireacht nó forfáidiú).

4.2.4.2.   Comhréireacht

146.

Is iad na costais incháilithe na costais infheistíochta atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde feidhmíochta fuinnimh nó comhshaoil a bhaint amach.

147.

Ní rachaidh an déine cabhrach thar 30 % de chostais incháilithe na mbeart a shonraítear i bpointí 139(a) agus (c). I gcás na mbeart a shonraítear i bpointe 139(b), ní rachaidh an déine cabhrach thar 25 %. I gcás ina ndeonófar cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh tráth is lú ná 18 mí sula dtiocfaidh caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní rachaidh an déine cabhrach thar 20 % de chostais incháilithe na mbeart a shonraítear i bpointe 139(a) agus (c), ná thar 15 % de chostais incháilithe na mbeart a shonraítear i bpointe 139(b).

148.

Maidir le cabhair a dheonaítear chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh atá ann cheana, féadfar méid na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás ina mbeidh laghdú 40 % ar a laghad ar an éileamh ar fhuinneamh príomha mar thoradh ar na feabhsuithe ar fheidhmíocht fuinnimh. Ní bheidh feidhm ag an méadú sin ar an déine cabhrach, áfach, i gcás nach bhfeabhsóidh an tionscadal feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh thar an leibhéal a fhorchuirtear leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin de chuid an Aontais agus a thagann i bhfeidhm laistigh de tréimhse is giorra ná 18 mhí, cé go ndéantar laghdú 40 % nó níos mó ar an éileamh ar fhuinneamh príomhúil a chur i gcrích.

149.

Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 20 pointe céatadáin i gcás cabhrach a dheonaítear do ghnóthais bheaga nó 10 bpointe céatadáin i gcás cabhrach a dheonaítear do ghnóthais mheánmhéide.

150.

Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fhóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fhóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh.

151.

Ag brath ar shaintréithe an bhirt, féadfaidh an Ballstát a léiriú freisin, bunaithe ar anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí48, 51 agus 52, go bhfuil gá le méid níos airde cabhrach. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52. I gcás ina ndeonófar cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh tráth is lú ná 18 mí sula dtiocfaidh caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní rachaidh uasmhéid na cabhrach thar 70 % den bhearna chistiúcháin.

152.

I gcás ina ndeonófar an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch arna dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, meastar go bhfuil méid na cabhrach comhréireach. I gcás ina ndeonófar cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh tráth is lú ná 18 mhí sula dtiocfaidh caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtabharfar aghaidh go hiomchuí ar bhaol an róchúitimh, mar shampla trí uasteorainneacha ar thairiscintí a shocrú.

153.

Cabhair a dheonaítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní an chabhair sin faoi réir na n-uasdéiní cabhrach a leagtar amach i bpointí 147 go 151. I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm ráthaíochta, níor cheart go rachadh an ráthaíocht thar 80 % den bhuniasacht. I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm iasachta, an aisíocaíocht a dhéanann úinéir nó úinéirí an fhoirgnimh leis an gciste éifeachtúlachta fuinnimh nó leis an gciste fuinnimh in-athnuaite nó le hidirghabhálaí airgeadais eile, ní mór don aisíocaíocht sin a bheith cothrom le luach ainmniúil na hiasachta ar a laghad.

4.2.4.3.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

154.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 155 go dtí 157 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

155.

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtrealamh a úsáideann gás nádúrtha atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, d’fhéadfadh an chabhair sin a bheith ina cúis le laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh sa ghearrthéarma ach seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a dhéanamh níos measa san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha. Cabhair chun trealamh a úsáideann gás nádúrtha a shuiteáil, d’fhéadfadh an chabhair sin an iomaíocht a shaobhadh go míchuí i gcás ina gcuirfidh sí infheistíochtaí i roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfidh sí bac ar fhorbairt margaidh le haghaidh teicneolaíochtaí níos glaine agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin. Ní dócha gur mó na héifeachtaí dearfacha a bheadh ag bearta a chruthaíonn éifeachtaí díláithrithe nó glasála den sórt sin ná na héifeachtaí diúltacha a bheadh acu ar an iomaíocht. Mar chuid dá mheasúnú, measfaidh an Coimisiún an gcuirfear an trealamh a úsáideann gás nádúrtha in ionad an trealaimh fuinnimh a úsáideann na breoslaí iontaise is mó truailliú amhail ola agus gual.

156.

Tá roghanna malartacha ar threalamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise truaillitheacha amhail ola agus gual ar fáil ar an margadh cheana. Sa chomhthéacs sin, ní mheastar go mbeidh na héifeachtaí dearfacha céanna ag cabhair chun trealamh fuinnimh atá tíosach ar fhuinneamh a shuiteáil, ar trealamh é a úsáideann na breoslaí sin, agus ag cabhair chun trealamh fuinnimh níos glaine a shuiteáil. Ar an gcéad dul síos, déantar an feabhas fánach ó thaobh laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh a fhrithchothromú leis na hastaíochtaí carbóin a bhaineann le húsáid breoslaí iontaise. Ar an dara dul síos, maidir le cabhair a dheonaítear chun trealamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha nó leachtacha a shuiteáil, tá riosca suntasach ann go ndéanfar teicneolaíochtaí breoslaí iontaise a ghaibhniú agus go gcuirfear infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine agus níos nuálaí atá ar fáil ar an margadh as áit tríd an éileamh ar threalamh fuinnimh nach n-úsáideann breoslaí iontaise soladacha nó leachtacha a laghdú. Bheadh sé sin ina dhíspreagadh chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an margadh le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí neamh-iontaise. Dá bhrí sin, maidir le cabhair le haghaidh trealamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha nó leachtacha, measann an Coimisiún nach dócha go ndéanfar éifeachtaí diúltacha na cabhrach sin ar iomaíocht a fhritháireamh.

157.

I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm dearlaice, cothromais, ráthaíochta nó iasachta do chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó do chiste fuinnimh in-athnuaite nó d’idirghabhálaí airgeadais eile, fíoróidh an Coimisiún go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfaighidh an ciste éifeachtúlachta fuinnimh nó an ciste fuinnimh in-athnuaite nó idirghabhálaithe airgeadais eile aon bhuntáiste míchuí agus go gcuirfidh sé straitéis infheistíochta atá fónta ó thaobh na tráchtála de i bhfeidhm chun an beart cabhrach maidir le feidhmíocht fuinnimh a chur chun feidhme. Go háirithe, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

go ndéanfar idirghabhálaithe airgeadais nó bainisteoirí cistí a roghnú trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéantar i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme;

(b)

go bhfuil coinníollacha i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar idirghabhálaithe airgeadais, lena n-áirítear cistí éifeachtúlachta fuinnimh nó cistí fuinnimh in-athnuaite, a bhainistiú ar bhonn tráchtála agus go n-áiritheofar cinntí maoiniúcháin dírithe ar bhrabús;

(c)

go dtabharfar bainisteoirí an chiste éifeachtúlachta fuinnimh nó an chiste fuinnimh in-athnuaite nó idirghabhálaithe airgeadais eile an buntáiste is mó is féidir do na tairbhithe deiridh (úinéir nó úinéirí nó tionónta nó tionóntaí an fhoirgnimh), i bhfoirm méideanna níos airde maoinithe, ceanglas comhthaobhachta níos ísle, préimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle.

4.3.   Cabhair le haghaidh soghluaisteacht ghlan

158.

Leagtar amach i Ranna 4.3.1 agus 4.3.2 na coinníollacha faoinar féidir le státchabhair le haghaidh infheistíochtaí áirithe chun astaíochtaí CO2 agus truailleáin eile ó earnáil an aeriompair, earnáil an iompair de bhóthar, earnáil an iarnróid, earnáil an iompair d’uisce agus earnáil an mhuiriompair a laghdú nó a sheachaint, forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, gan dochar a dhéanamh do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann do leas coiteann an Aontais.

159.

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfeithiclí bóthair saothair éadroim agus tromshaothair a úsáideann gás (go háirithe GNL, GNC agus bithghás), agus sa bhonneagar ábhartha athbhreoslaithe gáis le haghaidh feithiclí bóthair, cé is moite de bhonneagar GNL a úsáidtear go heisiach le haghaidh athbhreoslú feithiclí bóthair tromshaothair, ní thagann an chabhair sin faoi raon feidhme na dtreoirlínte seo. Bunaithe ar staid reatha na forbartha margaidh, táthar ag súil leis go mbeidh cumas i bhfad níos ísle ag na teicneolaíochtaí sin cur leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an laghdú ar aerthruailliú, i gcomparáid le roghanna malartacha atá níos glaine agus níos nuálaí agus, dá bhrí sin, táthar ag súil leis go ndéanfaidh siad an iomaíocht a shaobhadh go míchuí trí infheistíochtaí sna roghanna malartacha níos glaine sin a chur as áit agus trí réitigh shoghluaisteachta nach bhfuil i gcomhréir leis na spriocanna le haghaidh 2030 agus 2050 a ghaibhniú.

4.3.1.   Cabhair chun feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a leasú agus chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a iarfheistiú

4.3.1.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

160.

Chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach faoi 2050, bunaíodh le Teachtaireacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip an sprioc astaíochtaí iompair a laghdú 90 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2050. Sa Teachtaireacht maidir le Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (77), leagtar amach bealach chun an cuspóir sin a bhaint amach trí na modhanna iompair aonair agus an slabhra iompair ina iomláine a dhícharbónú (78).

161.

Cé go bhféadfar, leis na beartais atá ann cheana, dreasachtaí a sholáthar le haghaidh glacadh feithiclí glana, trí spriocanna ceangailteacha astaíochtaí CO2 a leagan síos don fhlít feithiclí bóthair nua atá ag monaróirí (79), trí inmheánú a dhéanamh ar na seachtrachtaí aeráide agus comhshaoil (80), nó trí éileamh ar fheithiclí a mhéadú trí sholáthar poiblí (81), d’fhéadfadh sé nach leor na beartais sin chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar chlistí margaidh a dhéanann difear don earnáil lena mbaineann. D’ainneoin na mbeartas atá ann cheana, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh ar bhacainní áirithe margaidh ná ar chlistí áirithe margaidh, lena n-áirítear inacmhainneacht feithiclí glana i gcomparáid le gnáthfheithiclí, fáil theoranta bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus seachtrachtaí comhshaoil. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit cabhair a thabhairt chun dul i ngleic leis na clistí margaidh iarmharacha sin agus chun tacú le forbairt na hearnála soghluaisteachta glaine.

4.3.1.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

162.

Féadfar cabhair a dheonú chun feithiclí glana nua nó úsáidte a fháil agus a léasú agus chun trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil agus a léasú.

163.

Féadfar cabhair a dheonú freisin le haghaidh iarfheistiú, iarfheistiú agus oiriúnú feithiclí nó trealaimh seirbhíse soghluaiste sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar féidir leo cáiliú mar fheithiclí glana nó mar threalamh seirbhíse soghluaiste glan; nó

(b)

i gcás inar gá cead a thabhairt do shoithí agus d’aerárthaí bithbhreoslaí agus breoslaí sintéiseacha a úsáid, nó an sciar díobh a mhéadú, lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, de bhreis ar bhreoslaí iontaise-bhunaithe nó mar rogha malartach ar na breoslaí sin; nó

(c)

i gcás inar gá cead a thabhairt do shoithí tiomáint ghaothchuidithe a úsáid.

4.3.1.3.   Éifeacht dreasachta

164.

Tá feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 165 go dtí 169 i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

165.

In éagmais cabhrach, ní mór don Bhallstát cás inchreidte frithfhíorasach a chur ar fáil. Comhfhreagraíonn cás frithfhíorasach d’infheistíocht ag a mbeidh an acmhainneacht chéanna, an saolré chéanna agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe ábhartha teicniúla eile agus atá ag infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. I gcás ina mbainfidh an infheistíocht le feithiclí glana nó trealamh seirbhíse soghluaiste glan a fháil nó a léasú, is éard atá sa chás frithfhíorasach de ghnáth feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste den chatagóir chéanna agus den acmhainneacht chéanna a fháil nó a leasú, feithiclí nó trealamh a chomhlíonann, ar a laghad, caighdeáin an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus a gheofaí nó a léasófaí gan chabhair.

166.

D’fhéadfadh an cás frithfhíorasach comhfhreagairt do chothabháil na feithicle nó an trealaimh seirbhíse soghluaiste atá ann cheana agus atá ag feidhmiú ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Sa chás sin, ba cheart na costais lascainithe chothabhála, deisiúcháin agus nuachóirithe thar an tréimhse sin a chur san áireamh.

167.

I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh sa chás frithfhíorasach an fheithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste a athsholáthar ina dhiaidh sin, agus sa chás sin ba cheart luach lascainithe na feithicle nó an trealaimh seirbhíse soghluaiste a chur san áireamh agus an difríocht i saolré eacnamaíoch an trealaimh a chothromú. D’fhéadfadh an cur chuige sin a bheith ábhartha go háirithe i gcás feithiclí a bhfuil saol eacnamaíoch níos faide acu, amhail soithí, rothstoc iarnróid nó aerárthaí.

168.

I gcás feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste atá faoi réir socruithe léasaithe, ba cheart an luach lascainithe a bhaineann leis na feithiclí glana nó an trealamh seirbhíse soghluaiste glan a léasú a chur i gcomparáid leis an luach lascainithe a bhaineann leis an bhfeithicil nó an trealamh seirbhíse soghluaiste is mó díobháil don chomhshaol a d’úsáidfí in éagmais na cabhracha a léasú.

169.

I gcás inarb é atá i gceist leis an infheistíocht trealamh a chur le feithicil nó trealamh seirbhíse soghluaiste atá ann cheana chun a fheidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú (mar shampla, iarfheistiú córas rialaithe truaillithe), d’fhéadfadh costais iomlána infheistíochta a bheith i gceist leis na costais incháilithe.

4.3.1.4.   Saobhadh iomaíochta agus trádála a íoslaghdú

4.3.1.4.1.   Oiriúnacht

170.

Tá feidhm na ceanglais a leagtar amach i bpointe 171 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

171.

Agus oiriúnacht á fíorú i measc ionstraimí eile beartais, ba cheart go gcuirfí san áireamh an acmhainneacht atá ann maidir le cineálacha eile idirghabhála seachas státchabhair chun forbairt an mhargaidh soghluaisteachta ghlain agus an tionchar a mheastar a bheidh acu a spreagadh i gcomparáid leis an mbeart atá beartaithe. Féadfar a áireamh ar na hidirghabhálacha eile sin bearta ginearálta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh fáil feithiclí glana a chur chun cinn, amhail scéimeanna bónais éiceolaíocha nó scéimeanna traipisithe nó saincheantair astaíochtaí ísle a chruthú sa Bhallstát lena mbaineann.

4.3.1.4.2.   Comhréireacht

172.

Ní rachaidh an chabhair thar an gcostas is gá chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche atá i gceist a éascú ar bhealach a mhéadóidh leibhéal cosanta an chomhshaoil (is é sin le rá, trí aistriú ó ghnáthfheithiclí go feithiclí glana agus trealamh seirbhíse soghluaiste glan), i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais cabhrach. Féadfar a mheas go bhfuil státchabhair comhréireach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 173 agus 181.

173.

Mar riail ghinearálta, ní mór an chabhair a dheonú tar éis próiseas tairisceana iomaíoch i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50.

174.

Má áirítear critéir seachas an méid cabhrach arna iarraidh ag an iarratasóir i gcomhthéacs an phróisis tairisceana iomaíoch, beidh feidhm ag pointe 50. D’fhéadfadh baint a bheith ag na critéir roghnúcháin leis na sochair chomhshaoil a bhfuiltear ag súil leo ón infheistíocht i dtéarmaí CO2 coibhéiseach nó laghduithe ar thruailleáin eile le linn a saolré, cuir i gcás. Sna cásanna sin, chun sainaithint na sochar comhshaoil a éascú, féadfaidh an Ballstát a cheangal ar na hiarratasóirí leibhéal measta na laghduithe ar astaíochtaí a bheidh mar thoradh ar an infheistíocht a léiriú ina dtairiscintí, i gcomparáid le leibhéal astaíochtaí feithicle inchomparáide a chomhlíonann caighdeáin an Aontais, i gcás inarb infheidhme. Féadfar breithnithe saolré a áireamh ar na critéir chomhshaoil a úsáidtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch amhail an tionchar comhshaoil a bhaineann le bainistiú deireadh ré an táirge.

175.

Le dearadh an phróisis tairisceana iomaíoch, ní mór a áirithiú go bhfuil dóthain dreasachtaí ann d’iarratasóirí chun tairiscint a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil, ar feithiclí iad atá níos costasaí de ghnáth ná roghanna eile atá níos díobhálaí don chomhshaol, sa mhéid go bhfuil siad ar fáil don mhodh iompair sin. Áirítear leis sin a áirithiú nach gcuirfear na tionscadail sin faoi mhíbhuntáiste de bharr chur i bhfeidhm na gcritéar roghnúcháin i gcomparáid le feithiclí glana eile, ar feithiclí iad nach gcáilíonn mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha. Mar shampla, d’fhéadfaí critéir chomhshaoil a cheapadh mar phréimheanna lena bhféadfaí scór níos airde a shannadh do thionscadail a mbeidh sochair chomhshaoil ag baint leo thar na cinn sin a eascraíonn as ceanglais incháilitheachta nó príomhchuspóir an bhirt. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh go mbeadh ar uasteorainneacha ar thairiscintí teorainn a chur leis an tairiscint uasta ó thairgeoirí aonair i gcatagóirí áirithe. Ba cheart údar a bheith le haon uasteorainn ar thairiscintí i dtaca leis an gcainníochtú i leith tionscadail tagartha dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53.

176.

De mhaolú ar phointí 173 go 175, féadfar cabhair a dheonú gan próiseas tairisceana iomaíoch sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach leor an líon rannpháirtithe a bhfuiltear ag súil leo chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú nó chun tairiscintí straitéiseacha a sheachaint;

(b)

i gcás ina dtugann an Ballstát údar cuí nach bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch, mar a thuairiscítear i bpointí 49 agus 50, iomchuí chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú agus nach méadófaí an riosca a bhaineann le saobhadh míchuí ar iomaíocht (82) trí úsáid a bhaint as na modhanna malartacha i bpointí 177 go 180, ag brath ar shaintréithe an bhirt nó ar shaintréithe na n-earnálacha nó na modhanna iompair lena mbaineann; nó

(c)

i gcás ina ndeonaítear é chun feithiclí a fháil nó a léasú, ar feithiclí iad atá ceaptha lena n-úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce.

177.

Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 176, féadfar a mheas go bhfuil an chabhair comhréireach mura dtéann sí thar 40 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin i gcás feithiclí astaíochtaí nialasacha agus 10 bpointe céatadáin i gcás fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin i gcás fiontair bheaga.

178.

Is iad na costais incháilithe glanchostais bhreise na hinfheistíochta. Déantar iad a ríomh mar an difríocht, ar thaobh amháin, idir costas iomlán úinéireachta na feithicle glaine a bhfuiltear ag súil lena fáil nó lena léasú, agus ar an taobh eile an chabhair agus an costas iomlán úinéireachta sa chás frithfhíorasach. Costais nach bhfuil nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach, níl na costais sin incháilithe.

179.

Maidir le hiarfheistiú feithiclí nó trealaimh seirbhíse soghluaiste, i gcomhréir le pointe 169, d’fhéadfadh gurb iad na costais incháilithe costais iomlána an iarfheistithe, ar choinníoll go gcoinneoidh na feithiclí nó an trealamh seirbhíse soghluaiste an saolré eacnamaíoch céanna in éagmais an iarfheistithe.

180.

Ag brath ar shaintréithe an bhirt, féadfaidh an Ballstát a léiriú freisin, bunaithe ar anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí48, 51 agus 52, go bhfuil gá le méid níos airde cabhrach. I gcás den sórt sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a rinneadh maidir leis an leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur ar bun, mar a leagtar amach i bpointe 55. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52.

181.

I gcás cabhair aonair, ní mór méid na cabhrach a chinneadh ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52. Sna cásanna sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a rinneadh maidir leis an leibhéal cabhrach is gá a fhíorú agus sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55.

4.3.1.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus ar thrádáil agus ar chomhardú

182.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 183 go dtí 189 i dteannta na gceanglas a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

183.

Maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfeithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a úsáideann gás nádúrtha, measann an Coimisiún go bhféadfaidh laghdú teacht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile dá bharr sa ghearrthéarma ach go gcuirfidh sí le seachtrachtaí diúltacha comhshaoil san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha. Cabhair chun feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a úsáideann gás nádúrtha a fháil, d’fhéadfadh an chabhair sin an iomaíocht a shaobhadh go míchuí i gcás ina gcuirfidh sí infheistíochtaí i roghanna níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina ndéanfaidh sí teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú, agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfidh sí bac ar fhorbairt margaidh le haghaidh teicneolaíochtaí níos glaine agus úsáid na dteicneolaíochtaí sin. Dá bhrí sin, sna cásanna sin, measann an Coimisiún nach dócha go ndéanfar éifeachtaí diúltacha na cabhrach le haghaidh feithiclí agus trealamh seirbhíse soghluaiste a úsáideann gás nádúrtha a fhritháireamh.

184.

Féadfar a mheas, áfach, nach mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha glasála ag baint le cabhair chun feithiclí GNL agus GNL a fháil nó a léasú le haghaidh iompair d’uisce agus trealamh seirbhíse soghluaiste ná nach gcuirfear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaine as áit má léiríonn an Ballstát nach bhfuil roghanna malartacha níos glaine ar fáil ar an margadh agus go bhfuiltear ag súil leis nach mbeidh siad ar fáil sa ghearrthéarma (83).

185.

Tá roghanna malartacha ar fheithiclí a úsáideann na breoslaí iontaise is mó truailliú, amhail díosal, peitreal nó gás peitriliam leachtaithe (GPL) ar fáil cheana ar an margadh lena n-úsáid in earnálacha an iompair de bhóthar, iompair d’uisce agus iompair d’iarnród. I ngeall ar chabhair a dheonú do na feithiclí sin, tá riosca suntasach ann go ndéanfar na gnáththeicneolaíochtaí a ghaibhniú agus infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh a chur as áit tríd an éileamh ar fheithiclí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a laghdú. Bheadh sé sin ina dhíspreagadh chun forbairt bhreise a dhéanamh ar an margadh le haghaidh teicneolaíochtaí breoslaí neamh-iontaise. Sa chomhthéacs sin, maidir le cabhair chun na feithiclí sin a fháil nó a léasú, lena n-áirítear glúin nua feithiclí a théann thar chaighdeáin an Aontais i gcás inarb infheidhme, ní mheastar go mbeidh na héifeachtaí dearfacha céanna ag an gcabhair sin agus atá ag cabhair chun feithiclí glana a bhfuil astaíochtaí (sceithphíopa) CO2 níos ísle acu a fháil nó a léasú. Dá bhrí sin, maidir le cabhair le haghaidh feithiclí a úsáideann na breoslaí iontaise is mó truailliú, amhail díosal, peitreal nó GPL, measann an Coimisiún nach dócha go ndéanfar éifeachtaí diúltacha na cabhrach sin ar iomaíocht a fhritháireamh.

186.

Ní mheastar go mbeidh aerárthaí astaíochtaí nialasacha ar fáil ar an margadh sa ghearrthéarma, bíodh siad leictreach nó á gcumhachtú le hidrigin. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go bhféadfar éifeachtaí diúltacha na státchabhrach le haghaidh aerárthaí glana seachas aerárthaí astaíochtaí nialasacha a fhritháireamh trí éifeachtaí dearfacha i gcás ina gcuidíonn sí le haerárthaí nua, níos éifeachtúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thabhairt isteach ar an margadh nó le glacadh gasta na n-aerárthaí sin, i gcomhréir le bealach i dtreo na haeráidneodrachta, gan teicneolaíochtaí áirithe a ghaibhniú agus infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine a chur as áit.

187.

Maidir le haeriompar, i gcás inarb iomchuí chun iarmhairtí saobhacha na cabhrach a mhaolú, lena n-áirítear ag féachaint do sheasamh an tairbhí sa mhargadh, nó chun éifeachtaí dearfacha na mbeart a mhéadú, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an tairbhí líon coibhéiseach aerárthaí a dhíchoimisiúnú, ar aeráthaí iad is mó díobháil don chomhshaol ag a bhfuil mais éirí de thalamh atá comhchosúil leis an aerárthach a fuarthas nó a léasaíodh le státchabhair.

188.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar shaobhadh iomaíochta a thagann as an gcabhair chun feithiclí nó trealamh seirbhíse soghluaiste a fháil nó a léasú, déanfaidh sé a mheas an gcuirfear le clistí margaidh atá ann cheana mar thoradh ar fheithiclí nua a chur i seirbhís, amhail ró-acmhainneacht san earnáil lena mbaineann.

189.

Chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí saobhacha níos airde a mheastar a bheidh ag bearta lena dtugtar tacaíocht spriocdhírithe do thairbhí aonair nó do líon teoranta tairbhithe sonracha (84) in éagmais tairiscintí iomaíocha, ní mór don Bhallstát údar maith a thabhairt do dhearadh an bhirt, agus a léiriú go dtugtar aghaidh mar is iomchuí ar na rioscaí níos airde maidir le saobhadh iomaíochta (85).

4.3.2.   Cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid

4.3.2.1.   Réasúnaíocht maidir leis an gcabhair

190.

Tá gá le líonra cuimsitheach bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ionas go mbainfear úsáid fhorleathan as feithiclí glana, agus chun go mbeifear in ann aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Go deimhin, bac criticiúil ar ghlacadh feithiclí glana sa mhargadh is ea fáil theoranta bonneagair chun iad a athluchtú nó a athbhreoslú. Thairis sin, níl an bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe scaipthe go cothrom ar fud na mBallstát. Fad is a bheidh teorainn le sciar na bhfeithiclí glana atá in úsáid, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis an margadh féin an bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe is gá a chur ar fáil.

191.

Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (86), cruthaítear creat coiteann de bhearta chun bonneagar breoslaí malartacha a úsáid le haghaidh iompar san Aontas agus leagtar amach creat de bhearta coiteanna chun an bonneagar sin a úsáid. Thairis sin, le beartais eile lena gcuirtear glacadh feithiclí glana chun cinn, d’fhéadfadh sé go ndearnadh foráil cheana maidir le comharthaí infheistíochta chun bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a úsáid. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach leor na beartais sin chun aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na clistí margaidh sainaitheanta. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú chun dul i ngleic leis na clistí margaidh iarmharacha sin agus chun tacú le húsáid bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

4.3.2.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht

192.

Féadfar cabhair a dheonú chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a shíneadh.

193.

Féadfar a áireamh ar na tionscadail freisin suiteálacha le haghaidh oibríochtaí luchtaithe cliste agus le haghaidh táirgeadh ar an láthair leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin atá ceangailte leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe trí nasc díreach, chomh maith le haonaid stórála ar an láthair chun leictreachas nó hidrigin in-athnuaite nó ísealcharbóin atá le soláthar mar bhreoslaí iompair a stóráil. Ba cheart go mbeadh acmhainneacht táirgthe ainmniúil na suiteála táirgthe leictreachais nó hidrigine ar an láthair i gcomhréir le hacmhainneacht aschuir rátaithe nó athbhreoslaithe an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe a bhfuil sé nasctha leis.

4.3.2.3.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.3.2.3.1.   Riachtanas na cabhrach

194.

Ní mór don Bhallstát a fhíorú an bhfuil gá le cabhair a dhreasú chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a sholáthar; bonneagar den chatagóir chéanna leis an mbonneagar a dhreasófaí le státchabhair (87) trí bhíthin comhairliúchán poiblí oscailte ex ante, staidéar neamhspleách margaidh nó ar bhonn aon fhianaise iomchuí eile mar a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1. Go háirithe, ní mór don Bhallstát a léiriú nach dócha go bhforbrófar bonneagar comhchosúil ar théarmaí tráchtála sa ghearrthéarma (88) agus ní mór dó tionchar CTA a mheas, i gcás inarb infheidhme.

195.

Agus measúnú á dhéanamh ar an ngá atá le cabhair chun bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a úsáid atá oscailte chun rochtana ag úsáideoirí eile seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach, lena n-áirítear bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí, a mhéid a théann na feithiclí glana i bhfód ar an margadh a bhfreastalódh an bonneagar sin orthu, agus féadfar an méid tráchta sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann a mheas.

4.3.2.3.2.   Oiriúnacht

196.

Tá feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe 197 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

197.

Agus oiriúnacht á fíorú i measc ionstraimí beartais malartacha, ba cheart a chur san áireamh an acmhainneacht atá ann maidir le hidirghabhálacha rialála nua chun an t-aistriú i dtreo na soghluaisteachta glaine a spreagadh, mar aon leis an tionchar a mheastar a bheidh acu i gcomparáid leis an tionchar a mheastar a bheidh ag an mbeart atá beartaithe.

4.3.2.3.3.   Comhréireacht

198.

Ní rachaidh an chabhair thar an gcostas is gá chun forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche atá i gceist a éascú, ar bhealach a mhéadóidh leibhéal chosaint an chomhshaoil. Féadfar a mheas go bhfuil an chabhair comhréireach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 199 go 204.

199.

Ní mór an chabhair a dheonú tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50. Agus an próiseas tairisceana iomaíoch á dhearadh, ní mór a áirithiú go mbeidh dreasachtaí leordhóthanacha fós ann d’iarratasóirí chun tairiscint a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe nach soláthraíonn ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite. Ní mór nach bhfágfadh cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana go gcuirfear tionscadail a bhaineann le bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe nach soláthraíonn ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le tionscadail a bhaineann le bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear freisin leictreachas nó hidrigin atá níos déine ó thaobh CO2 de i gcomparáid le leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite nach bhfuil in-athnuaite. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfaí uasteorainneacha ar thairiscintí a cheangal chun teorainn a chur leis an uastairiscint ó thairgeoirí aonair i gcatagóirí áirithe. Ba cheart údar maith a bheith le haon uasteorainn ar thairiscintí agus tagairt ag dul léi don chainníochtú le haghaidh na dtionscadal tagartha dá dtagraítear i bpointí 51, 52 agus 53.

200.

De mhaolú ar phointe 199, féadfar an chabhair a dheonú ar bhonn modhanna seachas próiseas tairisceana iomaíoch sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach leor an líon rannpháirtithe a bhfuil coinne leis chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú nó chun tairiscint straitéiseach a sheachaint;

(b)

i gcás nach féidir próiseas tairisceana iomaíoch, mar a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, a eagrú;

(c)

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go heisiach nó go príomha lena úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce (89);

(d)

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go heisiach nó go príomha lena úsáid ag tairbhí na cabhrach agus nach bhfuil inrochtana don phobal (90), má thugann an Ballstát lena mbaineann údar leordhóthanách leis; nó

(e)

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe lena úsáid ag cineálacha áirithe feithiclí a bhfuil an ráta ábhartha dul i bhfód ar an margadh (in aghaidh an chineáil ábhartha feithicle) sa Bhallstát lena mbaineann nó na méideanna tráchta sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann an-teoranta (91).

201.

Sna cásanna a liostaítear i bpointe 200, féadfar méid na cabhrach a chinneadh ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52. Ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a fhíorú maidir leis an leibhéal cabhrach a bhfuil ceanglas leis agus ní mór dó sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55.

202.

De rogha ar phointe 201, féadfar a mheas go bhfuil an chabhair comhréireach mura sáróidh sí 30 % de na costais incháilithe nó, i gcás nach soláthraíonn an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe ach leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite, mura sáróidh sí 40 % de na costais incháilithe. Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga. Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

203.

I gcásanna den sórt sin, is iad na costais incháilithe na costais infheistíochta go léir chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú. Mar shampla, d’fhéadfadh costais na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)

an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus an trealamh teicniúil gaolmhar;

(b)

suiteáil comhpháirteanna leictreacha nó comhpháirteanna eile nó uasghrádú orthu, lena n-áirítear cáblaí leictreacha agus trasfhoirmeoirí cumhachta, atá riachtanach chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine agus chun ullmhacht chliste an bhonneagair athluchtaithe a áirithiú;

(c)

oibreacha innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe talún nó bóithre, costais suiteála agus costais a bhaineann le ceadanna gaolmhara a fháil.

204.

I gcás ina n-áirítear i dtionscadal táirgeadh leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin ar an láthair, nó stóráil leictreachais nó hidrigine in-athnuaite nó ísealcharbóin ar an láthair, féadfar a áireamh sna costais incháilithe costais infheistíochta na n-aonad táirgthe nó costais sin na saoráidí stórála.

4.3.2.4.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

205.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 206 go 216 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

206.

Bonneagar athluchtaithe nua lenar féidir leictreachas a aistriú a bhfuil aschur cumhachta suas le 22 kW aige, ní mór sin a bheith in ann tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe cliste. D’áiritheofaí leis sin go ndéanfaí oibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach mbeadh ina gcúis le plódú agus lena mbainfí leas iomlán as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus as praghsanna ísle leictreachais sa chóras.

207.

Chun dúbláil an bhonneagair a sheachaint agus chun úsáid a bhaint as sócmhainní nár tháinig deireadh lena saolré eacnamaíoch go fóill, i gcás bonneagar athbhreoslaithe d’iompar ar uisce-iompartha agus le haghaidh iompar d’uisce aeriompair lena soláthraítear breoslaí sintéiseacha, lena n-áirítear breoslaí iompair leachtacha agus gásacha in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, nó bithbhreoslaí (92), ní mór don Bhallstát údar maith a thabhairt leis an ngá atá le bonneagar nua, agus saintréithe teicniúla an bhreosla nó na mbreoslaí atá le soláthar leis an mbonneagar sin á gcur san áireamh. I gcás breoslaí sintéiseacha intiteáin nó bithbhreoslaí (93), ní mór don Bhallstát breithniú a dhéanamh ar a mhéid is féidir bonneagar atá ann cheana a úsáid chun breoslaí sintéiseacha intiteáin nó bithbhreoslaí a sholáthar.

208.

Cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú, féadfaidh sí saobhadh míchuí a dhéanamh ar an iomaíocht i gcás ina gcuirtear infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana as áit, nó i gcás ina nglasálfar teicneolaíochtaí áirithe, rud a chuirfidh bac ar fhorbairt margaidh teicneolaíochtaí níos glaine agus ar a n-úsáid. Dá bhrí sin, sna cásanna sin, measann an Coimisiún nach dócha go gcúiteofar na héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht na cabhrach le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe lena soláthraítear breoslaí atá bunaithe ar ghás nádúrtha.

209.

I bhfianaise chéim reatha na forbartha ar an margadh teicneolaíochtaí glana soghluaisteachta sna hearnálacha mara, féadfar a mheas nach mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha glasála ag bonneagar athbhreoslaithe GNC agus GNL a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú le haghaidh iompar d’uisce agus nach gcuirfear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaine as áit má léiríonn an Ballstát nach bhfuil roghanna malartacha níos glaine ar fáil go héasca ar an margadh agus nach bhfuil coinne leis go mbeidh fáil orthu sa ghearrthéarma (94), agus ar choinníoll go n-úsáidfí an bonneagar chun an t-aistriú chuig breoslaí ísealcharbóin a spreagadh. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chabhair den sórt sin, cuirfidh sé san áireamh an bhfuil an infheistíocht ina cuid de bhealach dícharbónaithe inchriedte agus an gcuireann an chabhair sin le baint amach na spriocanna a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid.

210.

I réimse an iompair de bhóthar, is rogha réalaíoch cheana féin iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go háirithe i gcás feithiclí saothair éadroim. A mhéid a bhaineann le feithiclí tromshaothair, meastar go mbeidh fáil níos forleithne orthu ar an margadh go luath amach anseo. Dá bhrí sin, is dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha ar iomaíocht ag cabhair le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe GNL i gcomhair feithiclí tromshaothair a dheonófar tar éis 2025, éifeachtaí nach dócha go gcúiteofar iad le haon éifeachtaí dearfacha. Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chabhair le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe i gcomhair feithiclí tromshaothair, cuirfidh sé san áireamh an gcuireann sí le baint amach na spriocanna a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid.

211.

Tá roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise ar fáil cheana féin ar an margadh lena n-úsáid in earnáil an iompair de bhóthar agus i gcodanna áirithe in earnáil an iompair d’uisce agus d’iarnród. Sa chomhthéacs sin, ní mheastar go mbeidh na héifeachtaí dearfacha céanna ag cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a úsáid lena soláthraítear breoslaí a tháirgtear trí fhoinsí atá bunaithe ar iontaise nó ar fhuinneamh, lena n-áirítear hidrigin iontaise (95), agus a bhíonn ag cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a úsáid lena soláthraítear breoslaí neamh-iontaise nó ísealcharbóin. Ar an gcéad dul síos, is dócha go ndéanfar na laghduithe ar astaíochtaí CO2 arna mbaint amach in earnáil an iompair a chúiteamh trí leanúint le hastaíochtaí CO2 atá nasctha le táirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise, go háirithe i gcás nach ndéantar iad a ghabháil agus a stóráil go héifeachtach. Ar an dara dul síos, maidir le cabhair a dheonú le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe lena soláthraítear breoslaí iontaise nach breoslaí ísealcharbóin iad, d’fhéadfaí baol a bheith ann go nglasálfar teicneolaíochtaí áirithe táirgthe, agus ar an gcaoi sin infheistíochtaí i roghanna malartacha níos glaine a chur as áit tríd an éileamh a bhogadh ó phróisis táirgthe nach mbaineann úsáid as foinsí iontaise ná as fuinneamh iontaise, nó ó phróisis ísealcharbóin. Chuirfeadh sé sin in aghaidh fhorbairt an mhargaidh teicneolaíochtaí glana neamh-iontaise le haghaidh soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha, agus le haghaidh táirgeadh breoslaí agus fuinnimh neamh-iontaise. Dá bhrí sin, na héifeachtaí diúltacha ar iomaíocht na cabhrach le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe lena sholáthraítear breoslaí iontaise, lena n-áirítear hidrigin iontaise, i gcás nach ngabhtar gáis ceaptha teasa a astaítear mar chuid den táirgeadh hidrigine, measann an Coimisiún nach dócha go gcúiteofar na héifeachtaí diúltacha sin, in éagmais bealach inchreidte chun breoslaí in-athnuaite nó ísealcharbóin a sholáthar agus a úsáid sa mheántéarma.

212.

Dá bhrí sin, an cabhair le haghaidh bonneagair athbhreoslaithe hidrigine nach soláthraíonn hidrigin in-athnuaite nó hidrigin ísealcharbóin go heisiach, féadfar a mheas nach mbeidh éifeachtaí fadtéarmacha glasála aige agus nach gcuirfear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaine as áit mar gheall ar an gcabhair sin, má léiríonn an Ballstát bealach inchreidte i dtreo deireadh a chur de réir a chéile le hidrigin nach bhfuil in-athnuaite ná ísealcharbóin chun bonneagar athbhreoslaithe a sholáthar faoi 2035.

213.

In éagmais coimircí iomchuí, d’fhéadfadh an chabhair seasaimh cumhachta margaidh a chruthú nó a threisiú, rud a d’fhéadfadh iomaíocht éifeachtach i margaí nua nó i margaí atá i mbéal forbartha a chosc nó a dhochrú. Dá bhrí sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbeidh coimircí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin i ndearadh an bhirt cabhrach. Is féidir a áireamh ar na coimircí sin, mar shampla, céatadán uasta den bhuiséad don bheart a bhunú is féidir a leithdháileadh ar aon ghnóthas amháin agus air sin amháin.

214.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil coimircí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfaidh oibreoirí bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thairgeann nó a ligeann íocaíochtaí atá bunaithe ar chonradh maidir lena mbonneagar, nach ndéanfaidh siad idirdhealú míchuí idir soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta, mar shampla trí choinníollacha rochtana fabhracha nach bhfuil údar maith leo a chur i bhfeidhm, nó trí phraghsanna a dhifreáil gan údar maith. I gcás nach bhfuil coimircí den sórt sin i bhfeidhm, measann an Coimisiún gur dócha go mbeidh éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht i mhargadh na seirbhísí soghluaisteachta ina dthoradh ar an mbeart.

215.

Maidir le haon lamháltas nó aon ní eile a thugtar do thríú páirtí chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a oibriú, ní mór é a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt ar rialacha soláthair phoiblí an Aontais, i gcás inarb infheidhme.

216.

I gcás ina ndeonaítear cabhair chun bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú agus a leathnú atá oscailte chun rochtana ag úsáideoirí eile seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach, lena n-áirítear bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí, ní mór an bonneagar a bheith inrochtana ag an bpobal agus rochtain neamh-idirdhealaitheach a sholáthar d’úsáideoirí, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, i ndáil le taraifí, fíordheimhniú agus modhanna íocaíochta agus téarmaí agus coinníollacha eile úsáide. Ina theannta sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbeidh na táillí a ghearrtar ar úsáideoirí eile seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach as an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid, go mbeidh na táillí sin ag freagairt do phraghsanna an mhargaidh.

4.4.   Cabhair le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach

4.4.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

217.

Leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (‘CEAP’) (96) cuirtear clár oibre atá dírithe ar an todhchaí ar fáil is é is aidhm dó dlús a chur le haistriú an Aontais chuig geilleagar ciorclach mar chuid den athrú ó bhonn a chuirtear chun cinn leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Cuireann an CEAP próisis um gheilleagar ciorclach chun cinn, spreagann sé ídiú agus táirgeadh inbhuanaithe, agus tá sé d’aidhm aige a áirithiú go gcoiscfear dramhaíl agus go gcoinneofar na hacmhainní úsáidte laistigh de gheilleagar an Aontais chomh fada agus is féidir. Is réamhriachtanas iad na spriocanna sin freisin chun sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus geilleagar níos glaine níos inbhuanaithe a bhaint amach freisin.

218.

Luaitear go sonrach sa CEAP an gá atá ann cuspóirí a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach a léiriú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar na treoirlínte maidir le státchabhair i réimse an chomhshaoil agus an fhuinnimh. Ina leith sin, is féidir ról lárnach a bheith ag tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach, in éineacht le rialacha leathana soiléire comhsheasmhacha, chun tacú le ciorclaíocht i bpróisis táirgthe mar chuid de chlaochlú níos leithne ar thionscal an Aontais i dtreo aeráidneodrachta agus iomaíochas fadtéarmach. Is féidir ról lárnach a bheith aici freisin ó thaobh cuidiú le margadh dea-fheidhmiúil a chruthú san Aontas le haghaidh amhábhair thánaisteacha lena laghdófar an brú ar acmhainní nádúrtha agus lena gcruthófar fás inbhuanaithe agus poist, agus lena dtreiseofar an athléimneacht.

219.

Aithnítear freisin leis an CEAP go bhfuil méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le hacmhainní bitheolaíocha mar phríomh-ionchur i ngeilleagar an Aontais. I gcomhréir le Straitéis Bhithgheilleagair an Aontais Eorpaigh (97), tá an bithgheilleagar ina thacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, toisc go gcuireann sé le geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, go bhfeabhsaíonn sé inbhuaine comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta agus go gcuirtear fás glas chun cinn leis. Is féidir ról lárnach a bheith ag tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach chun tacú le cleachtais bhithgheilleagair inbhuanaithe a úsáid, amhail tacaíocht le hábhair agus táirgí bithbhunacha a tháirgtear go hinbhuanaithe, ar tacaíocht í lena bhféadfar cuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach agus nach nglacfadh an margadh leis é féin.

4.4.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

220.

Féadfar cabhair faoin Roinn seo a dheonú do na cineálacha infheistíochta seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú trí aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

glanlaghdú ar na hacmhainní arna n-ídiú i dtáirgeadh na cainníochta céanna aschuir (98);

(ii)

amhábhair nó bunábhair thánaisteacha (iad athúsáidte nó athchúrsáilte) nó aisghafa a chur in ionad amhábhair nó bunábhair phríomha; nó

(iii)

amhábhair nó bunábhair bithbhunaithe a chur in ionad amhábhair nó bunábhair iontaise;

(b)

infheistíochtaí chun an dramhaíl arna giniúint ag an tairbhí a laghdú, a chosc, a ullmhú dá hathúsáid, a dhí-éilliú, a athchúrsáil, agus chun aisghabháil ábhair a dhéanamh ina leith (99);

(c)

infheistíochtaí chun an dramhaíl arna giniúint ag tríú páirtithe a ullmhú dá hathúsáid, a dhí-éilliú, a athchúrsáil, agus chun aisghabháil ábhair a dhéanamh ina leith, ar dramhaíl í a dhiúscrófaí de ghnáth, nó a chóireálfaí ar bhonn oibriú uisce nach mbeadh chomh hard ó thaobh ord na réiteach dramhaíola (100) de nó ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil sin ó thaobh acmhainní de, nó a mbeadh caighdeán athchúrsála íseal mar thoradh uirthi;

(d)

infheistíochtaí chun táirgí, ábhair ó substaintí eile arna nginiúint ag an tairbhí nó ag tríú páirtithe a laghdú, a chosc, a ullmhú dá n-athúsáid, a dhí-éilliú, a athchúrsáil, agus chun aisghabháil ábhair a dhéanamh ina leith (101), ar nithe iad nach meastar gur dramhaíl iad agus nach n-úsáidfí de ghnáth nó a dhiúscrófaí nó a d’aisghabhfaí de ghnáth ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil sin ó thaobh acmhainní de, nó a mbeadh ina dramhaíl murach a n-athchúrsáil nó a mbeadh caighdeán athchúrsála íseal mar thoradh orthu;

(e)

infheistíochtaí chun dramhaíl nó táirgí, ábhair nó substaintí eile a bhailiú agus a shórtáil ar leithligh (102) d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil.

221.

Faoi choinníollacha áirithe, féadfar cabhair a dheonú chun costais oibriúcháin a chumhdach le haghaidh bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola i ndáil le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola (féach pointe 247).

222.

Cabhair a bhaineann le haisghabháil teasa iarmharaigh ó phróisis táirgthe nó cabhair a bhaineann le CCU, déanfar measúnú orthu faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar a leagtar amach i Roinn 4.1.

223.

Cabhair a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás agus breosla bithmhaise a tháirgtear le dramhaíl, déanfar measúnú orthu faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar a leagtar amach i Roinn 4.1.

224.

Cabhair chun cumhacht a ghiniúint le dramhaíl, déanfar measúnú uirthi faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú mar a leagtar amach i Roinn 4.1. I gcás ina mbaineann sí le hinfheistíochtaí i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair nó infheistíochtaí le haghaidh a n-oibrithe, déanfar measúnú ar an gcabhair chun fuinneamh nó teas a tháirgeadh le dramhaíl faoi na coinníollacha is infheidhme maidir le cabhair le haghaidh téamh nó fuarú ceantair a leagtar amach i Roinn 4.10.

4.4.3.   Éifeacht dreasachta

225.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 226 go 233 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

226.

A mhéid a bhaineann leis an gceanglas a leagtar amach i bpointe 28 gur cheart don Bhallstát cás frithfhíorasach inchreidte a shainaithint„ beidh an cás frithfhíorasach ag freagairt go ginearálta d’infheistíocht a bhfuil an acmhainn chéanna aici, an saolré chéanna aici agus, i gcás inarb iomchuí, na saintréithe ábhartha teicniúla céanna aici, agus a bheidh ag an infheistíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

227.

D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh sa chás frithfhíorasach na suiteálacha nó an trealamh atá i bhfeidhm cheana a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn do shaolré na hinfheistíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Sa chás sin, ba cheart na costais cothabhála, deisiúcháin agus nuachóirithe lascainithe thar an tréimhse sin a chur san áireamh.

228.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh sa chás frithfhíorasach athsholáthar níos déanaí ar na suiteálacha nó ar an trealamh, agus sa chás sin ba cheart luach lascainithe na suiteálacha agus an trealaimh a chur san áireamh agus ba cheart an difríocht i saolré eacnamaíoch na suiteálacha nó an trealaimh faoi seach a chothromú.

229.

I gcás trealamh atá faoi réir socruithe léasaithe, ba cheart an luach lascainithe a bhaineann le léasú an trealaimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur i gcomparáid leis an luach lascainithe a bhaineann le léasú an trealaimh nach bhfuil chomh díobhálach sin don chomhshaol agus a d’úsáidfí in éagmais na cabhrach sin.

230.

Sa chás gurb é atá i gceist leis an infheistíocht suiteálacha nó trealamh a chur le saoráidí, suiteálacha nó trealamh atá ann cheana, beidh na costais iomlána infheistíochta i gceist leis na costais incháilithe.

231.

Measann an Coimisiún, i bprionsabal, nach bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh tionscadail a bhfuil tréimhse aisíoca is lú ná cúig bliana acu. Mar sin féin, féadfaidh an Ballstát fianaise a sholáthar chun a léiriú go bhfuil gá le cabhair chun athrú iompraíochta a spreagadh, fiú i gcás tionscadail a bhfuil tréimhse aisíoca níos giorra acu.

232.

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena gcumasaítear do ghnóthais gan ach caighdeáin éigeantacha an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin a chomhlíonadh (féach pointe32), ní mheasfar go mbeidh éifeacht dreasachta aici sin. Mar a mhínítear i bpointe 32, féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair i gcás ina gcuireann sí ar a chumas do ghnóthas leibhéal a chosanta comhshaoil a mhéadú i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta éigeantacha atá níos déine ná caighdeáin an Aontais nó a ghlactar in éagmais caighdeán ón Aontas.

233.

Cabhair le haghaidh oiriúnú chaighdeáin an Aontais arna nglacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, measfar go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin má chuirfear an infheistíocht chun feidhme agus má thugtar chun críche í 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh caighdeáin sin an Aontais i bhfeidhm.

4.4.4.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.4.4.1.   Riachtanas na cabhrach

234.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 235 agus 236 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1.

235.

Ní mór don infheistíocht dul thar na cleachtais sheanbhunaithe tráchtála a chuirtear i bhfeidhm go ginearálta ar fud an Aontais agus ar fud na dteicneolaíochtaí (103).

236.

I gcás cabhrach le haghaidh bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola agus táirgí, ábhar agus substaintí eile, ní mór don Bhallstát a thaispeáint go bhfuil an bailiú agus sórtáil ar leithligh sin tearcfhorbartha sa Bhallstát sin (104). I gcás ina ndeonaítear cabhair chun costais oibriúcháin a chumhdach, ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil gá leis an gcabhair sin le linn idirthréimhse chun forbairt na ngníomhaíochtaí a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola a éascú. Ní mór don Bhallstát a chur san áireamh aon oibleagáid atá ag gnóthais faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora, ar oibleagáidí iad a d’fhéadfadh a bheith curtha chun feidhme aige de bhun Airteagal 8 de Threoir 2008/98/CE.

4.4.4.2.   Oiriúnacht

237.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe 238 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

238.

I gcomhréir leis an ‘bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ (105), níor cheart na costais a bhaineann le cóireáil dramhaíola a scaoileadh ó na gnóthais a ghineann dramhaíl. Dá bhrí sin, níor cheart gnóthais a scaoileadh leis an gcabhair, ar gnóthais iad a ghineann dramhaíl ó aon chostas nó oibleagáid a bhaineann le cóireáil dramhaíola a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear faoi scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora. Ina theannta sin, níor cheart gnóthais a scaoileadh ó chostais ar cheart a mheas mar ghnáthchostais an ghnóthais mar gheall ar an gcabhair.

4.4.4.3.   Comhréireacht

239.

Is éar atá sna costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise arna gcinneadh trí chostais infheistíochta iomlána an tionscadail a chur i gcomparáid le costais iomlána tionscadail nó gníomhaíochta nach bhfuil chomh díobhálach sin don chomhshaol, agus féadfar aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith i gceist:

(a)

infheistíocht inchomparáide dá dtugtar tuairisc faoi phointe 226 a bhféadfaí a dhéanamh go hinchreidte gan aon chabhair agus nach mbainfidh an leibhéal céanna éifeachtúlachta acmhainní amach;

(b)

an dramhaíl a chóireáil ar bhonn oibriú uisce nach mbeadh chomh hard ó thaobh ord na réiteach dramhaíola de nó ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil sin ó thaobh acmhainní de;

(c)

an gnáthphróiseas táirgthe a bhaineann leis an amhábhar príomha nó leis an táirge príomha, más féidir, ar bhonn teicniúil agus ar bhonn eacnamaíoch, an táirge athúsáidte nó athchúrsáilte (tánaisteach) a ionadú leis an amhábhar príomha nó leis an táirge príomha;

(d)

aon chás frithfhíorasach eile bunaithe ar thoimhdí a bhfuil údar cuí leo.

240.

I gcás ina bhféadfaí a rá gur dramhaíl atá sa táirge, sa tsubstaint nó san ábhar mura n-athúsáidtear é, nó mura bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann go ndéanfaí an táirge, an tsubstaint nó an t-ábhar sin a dhiúscairt nó a chóireáil ar shlí eile, féadfaidh na costais incháilithe comhfhreagairt don infheistíocht is gá chun an táirge, an tsubstaint nó an t-ábhar lena mbaineann a aisghabháil.

241.

Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe.

242.

Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga.

243.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

244.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh gníomhaíochtaí éiceanuálaíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

ní mór an ghníomhaíocht éiceanuálaíochta a bheith nua nó feabhsaithe go mór i gcomparáid le húrscothacht a tionscail féin san Aontas (106);

(b)

ní mór an sochar comhshaoil a bhfuil coinne leis a bheith i bhfad níos airde ná an feabhas a thiocfaidh as éabhlóid ghinearálta na húrscothachta i ngníomhaíochtaí inchomparáide (107);

(c)

baineann leibhéal soiléir riosca, ó thaobh na teicneolaíochta, an mhargaidh nó an airgeadais de, le gné nuálach na gníomhaíochta, ar riosca é atá níos airde ná an riosca a bhaineann go ginearálta le gníomhaíochtaí inchomparáide neamh-nuálaíocha (108).

245.

De mhaolú ar phointí 241 go 244, féadfaidh an Ballstáit a léiriú freisin, ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52, gur gá déine cabhrach níos airde. I gcás den chineál sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a fhíorú maidir leis an leibhéal cabhrach a bhfuil ceanglas leis agus ní mór dó sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52.

246.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, meastar go bhfuil méid na cabhrach comhréireach.

247.

Féadfaidh an chabhair na costais oibriúcháin a chumhdach i gcás ina mbaineann sí le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola nó táirgí, ábhair nó substaintí eile a bhaineann le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil, agus sa chás sin ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ní mór an chabhair a dheonú tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50 nach mór a bheith oscailte, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, do gach oibreoir a sholáthraíonn seirbhísí bailithe agus sórtála ar leithligh;

(b)

i gcás ina bhfuil ardleibhéal éiginnteachta ann maidir le hathrú na gcostas oibriúcháin amach anseo go ceann thréimhse an bhirt, féadfar a áireamh sa phróiseas tairisceana iomaíoch rialacha lena dteorannaítear cabhair in imthosca áirithe atá sainaitheanta go maith, ar choinníoll go mbunaítear na rialacha agus na himthosca sin ar bhonn ex ante;

(c)

aon chabhair infheistíochta a dheonaítear do shuiteáil a úsáidtear chun dramhaíl a bhailiú agus a shórtáil ar leithligh i ndáil le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola, ní mór í sin a asbhaint ón gcabhair oibriúcháin a dheonaítear don tsuiteáil chéanna nuair a chumhdaíonn an dá chineál cabhrach na costais incháilithe chéanna;

(d)

féadfar an chabhair a dheonú go ceann uastréimhse cúig bliana.

4.4.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

248.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 249 go 252 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

249.

Ní féidir giniúint dramhaíola ná úsáid mhéadaithe acmhainní a dhreasú leis an gcúnamh.

250.

Ní mór go ndéanfar níos mó leis an gcabhair ná méadú a dhéanamh ar an éileamh ar dhramhaíl nó ar ábhair agus acmhainní eile a bheartaítear lena n-athúsáid, a n-athchúrsáil nó a n-aisghabháil gan bailiú na n-ábhar sin a mhéadú.

251.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar thionchar na cabhrach ar an margadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh éifeachtaí na cabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann ar fheidhmiú na margaí ábhar príomha agus tánaisteach a bhaineann leis na táirgí lena mbaineann.

252.

Go háirithe, agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na cabhrach ar an margadh i leith costas oibriúcháin a bhaineann le bailiú agus sórtáil ar leithligh dramhaíola nó táirgí, ábhar nó substaintí eile a bhaineann le sruthanna sonracha dramhaíola nó cineálacha sonracha dramhaíola d’fhonn ullmhú d’athúsáid nó athchúrsáil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na hidirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora sa Bhallstát lena mbaineann.

4.5.   Cabhair chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú

4.5.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

253.

An uaillmhian maidir le truailliú nialasach ar mhaithe le comhshaol saor ó thocsain, rud a luaitear sa Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart an uaillmhian sin truailliú a laghdú faoi 2050 go dtí leibhéil nach ndéanann dochar a thuilleadh do dhaoine ná d’éiceachórais nádúrtha agus na teorainneacha is féidir leis an bpláinéad déileáil leo a urramú freisin, rud a chruthódh comhshaol saor ó thocsain, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe (109) agus le cuspóirí fadtéarmacha an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (110). Tá spriocanna sonracha leagtha amach ag an Aontas chun an leibhéal truaillithe a laghdú, amhail aer níos glaine (111) agus truailliú nialasach na ndobharlach (112), níos lú torainn, úsáid agus scaoileadh substaintí ar díol imní iad a íoslaghdú, bruscar plaisteach agus truailliú agus dramhaíl micreaphlaisteach (113), chomh maith le spriocanna i ndáil le cothaithigh bhreise agus leasacháin bhreise, lotnaidicídí guaiseacha agus substaintí is cúis le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (114).

254.

Is féidir tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach cur go mór leis an gcuspóir comhshaoil maidir le cineálacha truaillithe seachas truailliú ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

4.5.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

255.

Féadfar cabhair a dheonú chun truailliú seachas truailliú ó gháis ceaptha teasa a chosc nó a laghdú d’infheistíochtaí a chuirtear ar a gcumas do ghnóthais dul thar chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil, an leibhéal cosanta comhshaoil a mhéadú in éagmais caighdeán ón Aontas nó caighdeáin ón Aontas a chomhlíonadh, ar caighdeáin iad atá glactha ach nach bhfuil i bhfeidhm fós.

256.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm ceadanna intrádála (115), ní mór an beart cabhrach a cheapadh sa chaoi go gcoiscfear nó go laghdófar truailliú thar na leibhéil arna bhforchur le caighdeáin an Aontais atá éigeantach do na gnóthais lena mbaineann.

257.

Ní mór an chabhair a bheith dírithe ar chosc nó ar laghdú truaillithe atá nasctha go díreach le gníomhaíochtaí an tairbhí féin.

258.

Ní mór go ndéanfar níos mó leis an gcabhair ná truailliú a aistriú ó earnáil amháin go hearnáil eile nó ó mheán comhshaoil amháin go meán comhshaoil eile (mar shampla, ón aer go dtí an t-uisce). Nuair a dhíríonn an chabhair ar thruailliú a laghdú, ní mór laghdú foriomlán ar thruailliú a bhaint amach léi.

259.

Níl feidhm ag Roinn 4.5 maidir le bearta cabhrach a thagann faoi raon feidhme Roinn 4.1. I gcás ina gcuireann beart le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc agus a laghdú agus le truailliú seachas truailliú ó astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú, déanfar comhoiriúnacht an bhirt a mheas ar bhonn Roinn 4.1 nó na Roinne seo, ag brath ar cé acu den dá chuspóir atá in uachtar (116).

4.5.3.   Éifeacht dreasachta

260.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 261 agus 262 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

261.

Meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair nuair a chuirtear ar a gcumas do ghnóthas truailliú a chosc nó a laghdú in éagmais caighdeán ón Aontas nó thar na leibhéil a éilítear le caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin. Mar a mhínítear i bpointe 32, féadfar a mheas freisin go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair i gcás ina gcuireann sí ar a chumas do ghnóthas truailliú a chosc nó a laghdú i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta éigeantacha atá níos déine ná caighdeáin an Aontais nó a ghlactar in éagmais caighdeán ón Aontas.

262.

Cabhair le haghaidh oiriúnú chaighdeáin an Aontais arna nglacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, measfar go mbeidh éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin má chuirfear an infheistíocht chun feidhme agus má thugtar chun críche í 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh caighdeáin sin an Aontais i bhfeidhm.

4.5.4.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.5.4.1.   Riachtanas na cabhrach

263.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe 264 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1.

264.

Maidir le cabhair i bhfoirm ceadanna intrádála (117), ní mór don Bhallstát a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

bíonn méadú suntasach ar chostais táirgthe do gach earnáil nó catagóir de thairbhithe aonair mar thoradh ar cheantáil iomlán;

(b)

ní féidir an méadú suntasach ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig custaiméirí gan laghduithe suntasacha ar dhíolacháin a bheith mar thoradh air (118);

(c)

níl an deis ag gnóthais aonair san earnáil leibhéil astaíochtaí a laghdú chun costas na ndeimhnithe a laghdú go leibhéal infhulaingthe do na gnóthais sin. Féadfar a léiriú nach féidir an t-ídiú a laghdú trí na leibhéil astaíochtaí a chur i gcomparáid leis na leibhéil atá díorthaithe ón teicníc is fearr feidhmíochta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Is féidir le haon ghnóthas a bhaineann an teicníc is fearr feidhmíochta amach tairbhe a bhaint ar a mhéad as liúntas faoin scéim ceadanna intrádála a chomhfhreagraíonn don mhéadú ar an gcostas táirgthe, agus nach féidir a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Aon ghnóthas a bhfuil feidhmíocht chomhshaoil níos measa aige, tairbhíonn sé de liúntas níos ísle, liúntas atá comhréireach lena fheidhmíocht chomhshaoil.

4.5.4.2.   Comhréireacht

265.

Is éard atá sna costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise atá nasctha go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach.

266.

Is éard atá sna costais infheistíochta bhreise an difríocht idir na costais infheistíochta dá dtugtar cabhair agus na costais infheistíochta sa chás frithfhíorasach mar a thugtar tuairisc air i bpointí 226 go 230. I gcás ina mbaineann an tionscadal le hoiriúnú luath do chaighdeáin an Aontais nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, ba cheart, i bprionsabal, gurb é an cás frithfhíorasach an cás a bhfuil tuairisc air i bpointe 228.

267.

Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe.

268.

Féadfar méid na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga.

269.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin i gcás infheistíochtaí atá lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

270.

Féadfar déine na cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh gníomhaíochtaí éiceanuálaíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 244(a) go pointe (c).

271.

De mhaolú ar phointí 267 go 270, féadfaidh an Ballstáit a léiriú freisin, ar bhonn anailís ar bhearnaí cistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 48, 51 agus 52, gur gá méid cabhrach níos airde. I gcás den chineál sin, ní mór don Bhallstát faireachán ex post a dhéanamh chun na toimhdí a fhíorú maidir leis an leibhéal cabhrach a bhfuil ceanglas leis agus ní mór dó sásra aisghlámtha a chur ar bun mar a leagtar amach i bpointe 55. Ní mór nach rachaidh méid na cabhrach thar an mbearna chistiúcháin, mar a leagtar amach i bpointí 51 agus 52.

272.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair tar éis próiseas tairisceana iomaíoch a dhéanfar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí 49 agus 50, meastar go bhfuil méid na cabhrach comhréireach.

273.

Maidir le cabhair i bhfoirm ceadanna intrádála, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

déantar an leithdháileadh ar bhealach trédhearcach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus ar fhoinsí sonraí den cháilíocht is airde atá ar fáil; agus

(b)

níl méid iomlán na gceadanna intrádála ná na lamháltas intrádála a dheonaítear do gach gnóthas ar phraghas faoi bhun a mhargadhluacha níos airde ná a riachtanais a bhfuil coinne leo mar a mheastar le haghaidh staid gan an scéim trádála.

4.5.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

274.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointe 275 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

275.

Maidir le cabhair i bhfoirm ceadanna intrádála, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

tá rogha na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha agus deonaítear an chabhair i bprionsabal ar an mbealach céanna le haghaidh na n-iomaitheoirí uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil;

(b)

ní fhabhraíonn an mhodheolaíocht leithdháilte gnóthais áirithe (119) nó earnálacha áirithe, ach amháin má tá údar maith leis de bharr loighic chomhshaoil na scéime féin nó i gcás ina bhfuil gá le rialacha den chineál sin ar mhaithe le comhsheasmhacht le beartais chomhshaoil eile;

(c)

ní fhaigheann iontrálaithe nua ceadanna ná liúntais ar choinníollacha is fabhraí ná coinníollacha gnóthas atá ann cheana agus a oibríonn ar na margaí céanna;

(d)

i gcás ina ndeonaítear leithdháiltí níos airde ar shuiteálacha atá ann cheana i gcomparáid le hiontrálaithe nua, níl bacainní míchuí ar iontráil ina dtoradh air sin.

4.6.   Cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide

4.6.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

276.

Is é is aidhm don Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030 (120) an dúlra a chosaint, díghrádú na n-éiceachóras a aisiompú agus bithéagsúlacht an Aontais a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030. Mar chuid lárnach den Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leagtar amach ann spriocanna agus gealltanais uaillmhianacha go dtí 2030 chun éiceachórais shláintiúla athléimneacha a bhaint amach.

277.

Is féidir tacaíocht airgeadais i bhfoirm státchabhrach cur go mór leis an gcuspóir comhshaoil maidir leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí dhreasachtaí a chur ar fáil chun an damáiste do láithreáin éillithe a dheisiú, gnáthóga nádúrtha díghrádaithe agus éiceachórais dhíghrádaithe a athshlánú nó infheistíochtaí a dhéanamh chun éiceachórais a chosaint.

278.

Is é is aidhm do straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (121) infheistíochtaí i réitigh dhúlrabhunaithe a ghiaráil i ndáil leis an oiriúnú sin (122), ós rud é go méadófaí an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide dá gcuirfí chun feidhme na réitigh sin ar mhórscála, agus go gcuirfí le cuspóirí iolracha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

4.6.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

279.

Sa Roinn seo leagtar síos rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta cabhrach chun damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide.

280.

Níl feidhm ag an Roinn seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

cabhair le haghaidh leighis nó athshlánaithe tar éis dhúnadh na ngléasraí cumhachta agus oibríochtaí mianadóireachta nó asbhainte a mhéid a chumhdaítear an chabhair atá i gceist le Roinn 4.12 (123);

(b)

cabhair chun an damáiste a rinneadh trí thubaistí nádúrtha a shlánú, amhail creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuilte, tornádónna, hairicíní, brúchtaí bolcánacha agus dóiteáin fhiáine de bhunadh nádúrtha.

281.

Féadfar cabhair faoin Roinn seo a dheonú do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

damáiste don chomhshaol a leigheas, lena n-áirítear damáiste do cháilíocht na hithreach, d’uisce dromchla nó do screamhuisce nó don mhuirthimpeallacht;

(b)

gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú óna staid dhíghrádaithe;

(c)

bithéagsúlacht nó éiceachórais a chosaint nó a athbhunú chun cur le dea-bhail na n-éiceachóras a bhaint amach nó chun éiceachórais atá dea-bhail orthu cheana féin a chosaint;

(d)

réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le maolú ar an athrú aeráide.

282.

Níl feidhm ag an Roinn seo maidir le bearta cabhrach a thagann faoi raon feidhme Roinn 4.1. I gcás ina gcuireann beart le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus le damáiste don chomhshaol a leigheas, le gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, leis an mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus le réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, déanfar comhoiriúnacht an bhirt a mheas ar bhonn Roinn 4.1 nó na Roinne seo, ag brath ar cé acu den dá chuspóir atá in uachtar (124).

4.6.3.   Éifeacht dreasachta

283.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 284 go 287 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

284.

Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná do rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais (125), cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, ní fhéadfar a mheas go mbeidh éifeacht dreasachta aici sin ach amháin nuair nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas a rinne an damáiste don chomhshaol a aithint nó a chur faoi dhliteanas dlíthiúil i leith mhaoiniú na n-oibreacha is gá chun damáiste don chomhshaol a chosc agus a cheartú i gcomhréir leis an ‘bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’.

285.

Ní mór don Bhallstát a léiriú go ndearnadh gach beart is gá, lena n-áirítear caingean dlí, chun an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas a rinne an damáiste don chomhshaol a shainaithint agus chun na costais ábhartha a iompar. I gcás nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme a shainaithint ná nach féidir iallach a chur air na costais a iompar, féadfar cabhair a dheonú chun tacú leis na hoibreacha iomlána leighis nó athshlánaithe agus féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta aici. Féadfaidh an Coimisiún a mheas nach féidir le gnóthas na costais a iompar a bhaineann leis an damáiste don chomhshaol atá déanta aige a leigheas i gcás nach ann dó a thuilleadh ó thaobh dlí de agus nach féidir aon ghnóthas eile a mheas mar a chomharba dlíthiúil nó eacnamaíoch (126) nó i gcás nach bhfuil slándáil airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as na costais leighis.

286.

Níl éifeacht dreasachta ag cabhair arna deonú chun na bearta cúiteacha dá dtagraítear in Airteagal 6, pointe (4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (127) a chur chun feidhme. Cabhair chun na costais bhreise is gá chun raon feidhme nó uaillmhian na mbeart sin a mhéadú thar na hoibleagáidí dlíthiúla faoi Airteagal 6, pointe (4), den Treoir sin, féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta aici sin.

287.

Cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, féadfar a mheas go mbeidh éifeacht dreasachta aici nuair a sháróidh costais an leighis nó costais an athshlánaithe luach méadaithe na talún (féach pointe 288).

4.6.4.   Comhréireacht

288.

I gcás infheistíochtaí chun damáiste don chomhshaol a leigheas nó chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, is iad na costais incháilithe na costais arna dtabhú le haghaidh oibreacha leighis nó athshlánaithe, lúide an méadú ar luach na talún nó na maoine. Ní mór meastóireachtaí ar an méadú ar luach na talún nó na maoine de thoradh an leighis nó an athshlánaithe a bheith déanta ag saineolaí cáilithe neamhspleách.

289.

I gcás infheistíochtaí chun an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, is iad na costais incháilithe costais iomlána na n-oibreacha a mbíonn an méid a chuireann siad leis an mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó le réitigh nádúr-bhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide ina dtoradh orthu.

290.

I gcás ina ndeonaítear cabhair chun réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme i bhfoirgnimh a bhfuil teastas feidhmíochta fuinnimh ann ina leith, níor mhór do na Ballstáit a léiriú nach gcuireann na hinfheistíochtaí sin cosc ar chur chun feidhme na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh arna moladh sa teastas feidhmíochta fuinnimh.

291.

Féadfaidh an déine cabhrach suas le 100 % de na costais incháilithe a bhaint amach.

4.7.   Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha

292.

Cumhdaíonn Roinn 4.7 cabhair i réimse chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghdú ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifioscacha. Tá sé leagtha amach ina dhá fho-roinn, agus tá loighic ar leith ag gach ceann acu. Le Roinn 4.7.1, téitear i ngleic le cánacha nó tobhaigh lena ngearrtar pionós ar iompraíocht atá díobhálach don chomhshaol agus, dá bhrí sin, is aidhm dó gnóthais agus tomhaltóirí a chur i dtreo roghanna atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Faoi Roinn 4.7.2, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gnóthais a spreagadh, trí bhíthin laghduithe spriocdhírithe ar chánacha nó tobhaigh, chun a n-iompraíocht a athrú nó a oiriúnú trína bheith páirteach i dtionscadail nó i ngníomhaíochtaí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.

4.7.1.   Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifioscacha

4.7.1.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

293.

Forchuirtear cánacha comhshaoil nó tobhaigh pharaifioscacha chun na costais sheachtracha a bhaineann le hiompraíocht atá díobhálach don chomhshaol a inmheánú, agus ar an gcaoi sin iompraíocht den sórt sin a dhíspreagadh trí phraghas a chur air agus leibhéal na cosanta comhshaoil a mhéadú. I bprionsabal, le cánacha comhshaoil agus tobhaigh pharaifhioscacha, ba cheart na costais fhoriomlána don tsochaí (costais sheachtracha) a léiriú, agus dá réir sin, ba cheart an méid cánach nó tobhaigh pharaifhioscaigh a íoctar in aghaidh an aonaid astaíochta agus in aghaidh truailleáin eile nó acmhainní eile arna n-ídiú a bheith mar an gcéanna i gcás na ngnóthas uile atá freagrach as iompraíocht atá díobhálach don chomhshaol. Cé go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha ar chuspóir na cosanta comhshaoil, d’fhéadfadh gá a bheith leo mar sin féin i gcás ina gcuirfí na tairbhithe faoi mhíbhuntáiste iomaíoch nach mbeadh sé indéanta an cháin chomhshaoil nó an tobhach paraifhioscach a thabhairt isteach ar an gcéad dul síos.

294.

Nuair nach bhféadfaí cánacha comhshaoil nó tobhaigh pharaifhioscacha a fhorchur gan gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnóthas áirithe a chur i mbaol, d’féadfadh leibhéal ginearálta níos airde ranníocaíochta a bhaint amach do na cánacha comhshaoil nó do na tobhaigh pharaifhioscacha ach cóir níos fabhraí a thabhairt do ghnóthais áirithe. Dá réir sin, in imthosca áirithe, is féidir le laghduithe ar chánacha nó tobhaigh chomhshaoil cur go hindíreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil. Mar sin féin, níor cheart don mhéid sin an bonn a bhaint de chuspóir foriomlán na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh chun iompraíocht dhíobhálach don chomhshaol a dhíspreagadh agus/nó chun an costas a bhaineann le hiompraíocht den sórt sin a mhéadú i gcás nach bhfuil roghanna malartacha sásúla ar fáil.

4.7.1.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

295.

Measfaidh an Coimisiún go bhféadfar cabhair i bhfoirm laghdú ar cháin nó ar thobhaigh a dheonú má léiríonn an Ballstát gur comhlíonadh an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

tá na laghduithe dírithe ar na gnóthais is mó a ndéanann an cháin chomhshaoil nó an tobhach comhshaoil difear dóibh nach mbeadh in ann gabháil dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar bhealach inbhuanaithe gan an laghdú;

(b)

tá an leibhéal cosanta comhshaoil a bhaintear amach trí na laghduithe a chur chun feidhme níos airde ná an leibhéal a bhainfí amach gan na laghduithe sin a chur chun feidhme.

296.

Chun a léiriú go gcomhlíontar an dá choinníoll atá i bpointe 295, ní mór don Bhallstát an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún:

(a)

tuairisc ar na hearnálacha nó ar na catagóirí tairbhithe atá incháilithe le haghaidh na laghduithe,

(b)

liosta de na tairbhithe is mó i ngach earnáil lena mbaineann, a láimhdeachas, a scaireanna den mhargadh, méid an bhoinn cánach agus an chuid a bheadh sa cháin nó sa tobhach comhshaoil ina mbrabús réamhchánach, i dteannta agus d’éagmais an laghdaithe,

(c)

tuairisc ar chás na dtairbhithe sin ina mínítear cén fáth nach mbeidís in ann an ráta caighdeánach cánach nó tobhaigh comhshaoil a íoc,

(d)

míniú ar an gcaoi a rannchuideodh an cháin nó an tobhach laghdaithe le méadú iarbhír ar an leibhéal cosanta comhshaoil i gcomparáid leis an leibhéal cosanta comhshaoil atá le baint amach in éagmais na laghduithe sin (mar shampla tríd an ráta caighdeánach a chuirfí chun feidhme a chur i gcomparáid leis na laghduithe ar an ráta caighdeánach a chuirfí chun feidhme gan na laghduithe, an líon gnóthas a bheadh faoi réir na cánach nó an tobhaigh ar an iomláin nó táscairí eile a léireodh athrú iarbhír ar iompraíocht atá díobhálach don chomhshaol).

4.7.1.3.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

297.

Nuair a dhéantar cánacha comhshaoil a chomhchuibhiú, féadfaidh an Coimisiún cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm chun riachtanas agus comhréireacht na cabhrach a mheasúnú. I gcomhthéacs Threoir 2003/96/CE, féadfaidh an Coimisiún cur chuige simplithe a chur i bhfeidhm maidir le laghduithe ar cháin agus urraim á tabhairt d’íosleibhéal cánach an Aontais a leagtar amach i bpointí 298 agus 299.

298.

Measfaidh an Coimisiún gur gá agus gur comhréireach cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhchuibhithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

íocann na tairbhithe ar a laghad íosleibhéal cánach an Aontais a shocraítear leis an Treoir is infheidhme;

(b)

tá rogha na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha;

(c)

deonaítear an chabhair i bprionsabal ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas uile san earnáil chéanna má tá siad i staid fhíorasach chomhchosúil,

(d)

fíoraíonn an Ballstát an gá atá le cabhair chun cur go hindíreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil trí bhíthin comhairliúchán poiblí oscailte ex ante i gcás ina dtugtar tuairisc cheart ar na hearnálacha atá incháilithe do na laghduithe agus ina gcuirtear liosta de na tairbhithe is mó i ngach earnáil ar fáil.

299.

Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a dheonú i bhfoirm laghdú ar an ráta cánach nó mar mhéid cúitimh bliantúil seasta (aisíocaíocht chánach), nó mar chomhcheangal den dá rud. Is é an buntáiste a bhaineann leis an gcur chuige aisíocaíochta cánach go leanann gnóthais de bheith neamhchosanta ar an gcomhartha praghais arna dtabhairt ag an gcáin chomhshaoil. Ba cheart méid na haisíocaíochta cánach a ríomh ar bhonn sonraí stairiúla, i.e. an leibhéal táirgeachta, agus an t-ídiú nó an truailliú arna bhreathnú i gcás na ngnóthas i mbonnbhliain ar leith. Ní mór nach rachaidh leibhéal na haisíocaíochta cánach thar íosmhéid cánach an Aontais a bheadh dlite don bhonnbhliain murach sin.

300.

I gcás ina bhfuil cánacha comhshaoil neamh-chomhchuibhithe nó ina n-íocann na tairbhithe níos lú ná íosleibhéal an Aontais maidir leis an gcáin chomhchuibhithe i gcás ina gceadaítear sin leis an Treoir is infheidhme, tá gá le measúnú cuimsitheach ar riachtanas agus comhréireacht na cabhrach, mar a leagtar amach i Ranna 4.7.1.3.1 go 4.7.1.3.3.

4.7.1.3.1.   Riachtanas

301.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 302 agus 303 sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3.2.1.1.

302.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil gá leis an gcabhair má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

tá roghnú na dtairbhithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla thrédhearcacha, agus deonaítear an chabhair ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil chéanna gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann an cás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil maidir le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach;

(b)

bheadh méadú suntasach ar chostais táirgthe de toradh na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh gan an laghdú, arna ríomh mar sciar den oll-bhreisluach i gcás na n-earnálacha uile nó i gcás chatagóirí uile na dtairbhithe;

(c)

níorbh fhéidir an méadú suntasach ar chostais táirgthe a chur ar aghaidh chuig custaiméirí gan laghduithe suntasacha ar mhéideanna díolacháin a bheith mar thoradh air.

303.

Maidir le laghduithe ar cháin le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, ní mór don Bhallstát sásra a chur ar bun chun a fhíorú go bhfuil an beart fós riachtanach, agus coinníollacha riachtanacha Roinn 4.1.3.1 á gcur i bhfeidhm, agus ní mór dó bearta iomchuí a dhéanamh, amhail deireadh a chur leis an díolúine nó an leibhéal tacaíochta a laghdú.

4.7.1.3.2.   Oiriúnacht

304.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 305 agus 306 sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3.2.1.2.

305.

Údaróidh an Coimisiún scéimeanna cabhrach go ceann uastréimhse 10 mbliana, agus ina dhiaidh sin féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt an athuair maidir leis an mbeart má dhéanann sé athmheastóireacht ar oiriúnacht na mbeart cabhrach lena mbaineann.

306.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair mar aisíocaíocht chanach, ba cheart méid na haisíocaíochta cánach a ríomh ar bhonn sonraí stairiúla, is é sin le rá an leibhéal táirgeachta, agus an t-ídiú nó an truailliú arna bhreathnú i gcás na ngnóthas i mbonnbhliain ar leith.

4.7.1.3.3.   Comhréireacht

307.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.3 maidir le cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil agus ar thobhaigh pharaifhioscacha.

308.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach má chomhlíonfar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

íocfaidh gach tairbhí cabhrach ar a laghad 20 % de mhéid ainmniúil na cánach comhshaoil nó an tobhaigh pharaifhioscaigh a bheadh infheidhme murach sin maidir leis an tairbhí sin in éagmais an laghdaithe;

(b)

ní sháróidh an laghdú ar cháin nó ar thobhaigh 100 % den cháin chomhshaoil náisiúnta nó den tobhach paraifhioscach, agus beidh sé coinníollach ar chomhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an Ballstát agus na tairbhithe nó comhlachais tairbhithe ina ndéanfaidh na tairbhithe nó na comhlachais tairbhithe gealltanas cuspóirí maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach a bhfuil an éifeacht chéanna acu is a bheadh ann dá n-íocfadh tairbhithe nó comhlachais tairbhithe 20 % ar a laghad den cháin náisiúnta nó den tobhach náisiúnta. Féadfaidh comhaontuithe nó gealltanais den sórt sin a bheith bainteach, i measc nithe eile, le laghdú ar ídiú fuinnimh, le laghdú ar astaíochtaí agus truailleáin eile, nó le haon bheart eile chun an comhshaol a chosaint.

309.

Ní mór comhaontuithe den sórt sin na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

déanann an Ballstát caibidlíocht maidir le substaint na gcomhaontuithe, sonraíonn sé na spriocanna agus socraíonn sé sceideal ama chun na spriocanna a bhaint amach;

(b)

áiritheoidh an Ballstát go ndéanfar faireachán neamhspleách rialta ar na gealltanais sna comhaontuithe;

(c)

déanfar athbhreithniú ar na comhaontuithe go tréimhsiúil i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus forbairtí eile agus déanfar foráil iontu maidir le pionóis éifeachtacha i gcás nach gcomhlíonfar na gealltanais.

4.7.2.   cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha

4.7.2.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

310.

Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar ghnóthais a dhreasú tabhairt faoi thionscadail nó faoi ghníomhaíochtaí lena méadófar an leibhéal cosanta comhshaoil trí bhíthin laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha. I gcás inarb é is aidhm do na laghduithe sin na tairbhithe a dhreasú tabhairt faoi thionscadail nó gníomhaíochtaí a bhfuil níos lú truaillithe nó ídithe acmhainní mar thoradh orthu, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta i bhfianaise na gceanglas a leagtar amach i Roinn 4.7.2.

4.7.2.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

311.

Cumhdaíonn an Roinn seo cabhair le haghaidh tionscadail agus ghníomhaíochtaí nach bhfuil chomh díobhálach sin don chomhshaol agus a thagann faoi raon feidhme Ranna 4.2 go dtí 4.6 agus atá i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifhioscacha.

312.

I gcás inarb é is cuspóir don laghdú ar cháin nó ar thobhaigh an dícharbónú, tá feidhm ag Roinn 4.1 ina leith.

313.

Ní chumhdaíonn an Roinn seo laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh, rud a léiríonn na costais riachtanacha a bhaineann le fuinneamh nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar. Mar shampla, déantar laghduithe ar mhuirir líonra nó ar mhuirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta a eisiamh ó raon feidhme Roinn 4.7.2. Ní chumhdaítear leis an Roinn seo laghduithe ar thobhaigh ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóir beartais fuinnimh.

4.7.2.3.   Éifeacht dreasachta

314.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 315 agus 316 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

315.

I gcás gach tionscadail incháilithe nó gach tionscadail tagartha i gcomhair catagóir tairbhithe, ní mór don Bhallstát cainníochtú, mar a leagtar amach i bpointe 51, nó sonraí coibhéiseacha, a chur isteach le go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú air, measúnú ina ndéanfar comparáid idir brabúsacht an tionscadail tagartha nó brabúsacht na gníomhaíochta tagartha agus an laghdú cánach nó an tobhach paraifhioscach curtha san áireamh agus as an áireamh freisin, agus ina léireofar go ndreasaíonn an laghdú cur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

316.

Meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh tionscadail a thosaíonn sula gcuirtear isteach an t-iarratas ar chabhair i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

leis an mbeart, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus gan lánrogha an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh;

(b)

glacadh an beart agus bhí sé i bhfeidhm sular cuireadh tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag cabhrú, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach nó paraifhioscacha.

4.7.2.4.   Comhréireacht

317.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.3 maidir le cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil i bhfoirm laghduithe ar chánacha nó ar thobhaigh pharaifioscacha.

318.

Ní mór nach rachaidh an chabhair thar an ngnáthráta nó thar mhéid na cánach nó an tobhaigh a bheadh infheidhme murach sin.

319.

I gcás ina bhfuil an laghdú ar cháin nó ar thobhach paraifhioscach nasctha le costais infheistíochta, measfar an chabhair a bheith comhréireach, ar choinníoll nach rachaidh sí thar dhéine na cabhrach agus na méideanna uasta cabhrach i Ranna 4.2 go 4.6. I gcás ina bhfuil ceanglas sna Ranna sin próiseas tairisceana iomaíoch a chur ar bun, níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le cabhair a dheonaítear i bhfoirm laghduithe ar cháin nó laghduithe ar thobhach paraifhioscach.

320.

I gcás ina laghdaítear costais oibriúcháin athfhillteacha leis an laghdú ar an gcáin nó ar an tobhach paraifhioscach, ní fhéadfaidh méid na cabhrach a bheith níos mó ná an difríocht idir costais oibriúcháin an tionscadail nó na gníomhaíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus costais oibriúcháin an cháis fhrithfhíoraisigh nach bhfuil chomh neamhdhíobhálach sin don chomhshaol. I gcás ina bhféadfadh coigiltis costas fhéideartha nó ioncam breise a bheith ina dtoradh ar thionscadal nó gníomhaíocht atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ní mór iad sin a chur san áireamh agus comhréireacht na cabhrach á cinneadh.

4.7.2.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

321.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 322 go 324 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.2.2.

322.

Ní mór státchabhair a dheonú ar an mbealach céanna le haghaidh na ngnóthas incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil chéanna gníomhaíochta eacnamaíche lena mbaineann an cás fíorasach céanna nó i gcás fíorasach comhchosúil maidir le haidhmeanna nó cuspóirí an bhirt cabhrach;.

323.

Ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbeidh cabhair riachtanach i gcónaí ar feadh fhad na scéimeanna a mhairfidh níos mó ná trí bliana agus go ndéanfar meastóireacht ar na scéimeanna gach trí bliana ar a laghad.

324.

Má bhaineann an laghdú ar cháin nó ar an tobhach paraifhioscach le tionscadail a thagann faoi raon feidhme na nithe seo a leanas:

(a)

Tá feidhm ag Roinn 4.2, pointí 154 go 156;

(b)

Tá feidhm ag Roinn 4.3.1, pointí 183 go 188;

(c)

Tá feidhm ag Roinn 4.3.2, pointí 206 go 216.

4.8.   Cabhair le haghaidh shlándáil an tsoláthair leictreachais

4.8.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

325.

D’fhéadfadh clistí margaidh agus clistí rialála a bheith ina gcúis le comharthaí praghais a chliseann dreasachtaí infheistíochta éifeachtúla a sholáthar, rud a d’fhéadfadh, mar shampla, meascán neamhleor acmhainní leictreachais, solúbthacht neamhleor nó suíomh neamhleor a bheith mar thoradh air. Thairis sin, mar gheall ar an gclaochlú suntasach in earnáil an leictreachais atá ann de thoradh an athraithe theicneolaíoch agus na ndúshlán aeráide, tá dúshláin nua ann maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú. Cé gur féidir malartú leictreachais ar fud an Aontais a dhéanamh de ghnáth le margadh leictreachais atá ag éirí níos comhtháite, rud a mhaolóidh fadhbanna náisiúnta i dtaca le slándáil an tsoláthair, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhféadfadh sé nach ráthófaí slándáil an tsoláthair i gcónaí i roinnt Ballstát nó réigiún fiú i margaí cúpláilte. Dá thoradh sin, féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta a thabhairt isteach chun leibhéil áirithe shlándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú.

4.8.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

326.

Cumhdaíonn an Roinn seo rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta cabhrach arb é is aidhm dóibh slándáil an tsoláthair leictreachais a mhéadú. Áirítear leis sin sásraí acmhainneachta agus aon bhearta eile chun déileáil le saincheisteanna fadtéarmacha agus gearrthéarmacha i dtaca le slándáil an tsoláthair a eascraíonn as clistí margaidh lena gcuirtear cosc ar infheistíocht leordhóthanach in acmhainneacht giniúna leictreachais, i stóráil nó i bhfreagairt don éileamh, in idirnascadh, chomh maith le bearta plódaithe líonra arb é is aidhm dóibh déileáil le neamhdhóthanacht na líonraí tarchurtha agus dáileacháin leictreachais (128).

327.

Féadfar bearta den sórt sin a bheith deartha freisin chun tacú le cuspóirí maidir le cosaint an chomhshaoil, mar shampla trí thuilleadh acmhainneachta truaillithe a eisiamh nó trí bhearta chun buntáiste sa phróiseas roghnúcháin a thabhairt d’acmhainneacht atá níos tairbhiúla don chomhshaol.

328.

Mar chuid dá bhfógra, ba cheart do na Ballstáit na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint, gníomhaíochtaí a fhorbrófar de thoradh na cabhrach. Le cabhair chun slándáil an tsoláthair leictreachais a mhéadú, éascaítear forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha le giniúint leictreachais, stóráil agus freagairt don éileamh, lena n-áirítear infheistíochtaí nua agus athchóiriú agus cothabháil éifeachtúil na sócmhainní atá ann cheana. Féadfaidh sé tacú go hindíreach freisin le raon leathan gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ag brath ar leictreachas mar ionchur lena n-áirítear leictriú teasa agus iompair.

4.8.3.   Éifeacht dreasachta

329.

Tá feidhm ag na rialacha maidir le héifeacht dreasachta i bpointí29, 30, 31 agus 32.

4.8.4.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.8.4.1.   Riachtanas

330.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.1 maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais.

331.

Maidir le cineál na faidhbe faoi shlándáil an soláthar leictreachais agus na cúiseanna atá leis an bhfadhb sin, agus dá bhrí sin an gá atá le státchabhair chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, ní mór an iad sin a anailísiú agus a chainníochtú i gceart, lena n-áirítear cathain agus cén áit a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh an fhadhb chun cinn, agus tagairt á déanamh, i gcás inarb infheidhme, don chaighdeán iontaofachta mar a shainmhínítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás bearta plódaithe líonra, ba cheart don Bhallstát anailís a sholáthar (tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta atá freagrach, agus a thuairim a chur san áireamh) lena sainaithneofar agus lena dtabharfar údar maith le hanailís chostais/sochair a dhéanamh ar leibhéal shlándáil an tsoláthair a raibh ina chuspóir don bheart atá beartaithe. I gcás na mbeart uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair, ba cheart tuairisc a thabhairt ar an aonad tomhais don chainníochtú agus ba cheart a mhodh ríofa a chur ar fáil, agus tagairt á déanamh d’aon cheanglas ábhartha sa reachtaíocht earnálach.

332.

I gcás inarb infheidhme, ba cheart sainaithint na faidhbe a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a bheith comhsheasmhach leis an anailís is déanaí atá ar fáil a rinne ENTSO-E le haghaidh leictreachais i gcomhréir le reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, go háirithe:

(a)

i gcás bearta a dhíríonn ar leordhóthanacht acmhainní, na measúnuithe Eorpacha ar leordhóthanacht acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/943;

(b)

i gcás beart plódaithe líonra, na tuarascálacha maidir le plóduithe struchtúracha agus mórphlódú fisiciúil eile idir na criosanna tairisceana agus laistigh díobh, rud a luaitear in Airteagal 14, pointe (2), de Rialachán (AE) 2019/943.

333.

Féadfaidh na Ballstáit a bheith ag brath freisin ar mheasúnaithe leordhóthanachta acmhainní náisiúnta chun an gá atá le sásraí acmhainneachta a léiriú, a mhéid a cheadaítear faoi Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás bearta eile maidir le slándáil an tsoláthair, lena n-áirítear bearta plódaithe líonra, féadfaidh na Ballstáit a bheith ag brath freisin ar mheasúnú náisiúnta ar riachtanas na hidirghabhála atá beartaithe. Ba cheart don údarás rialála náisiúnta atá freagrach na measúnuithe náisiúnta dá dtagraítear sa phointe seo a fhormheas nó a athbhreithniú.

334.

Ba cheart bearta a bhaineann leis an riosca géarchéimeanna leictreachais a shainaithint sa phlean riosca-ullmhachta náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/941 (129).

335.

Ní mór do na Ballstáit a mholann roinnt beart a thabhairt isteach lena ndíreofar ar shlándáil an tsoláthair leictreachais a mhíniú go soiléir conas a idirghníomhaíonn siad le chéile chun a áirithiú cost-éifeachtúlacht fhoriomlán na mbeart comhcheangailte lena mbaineann slándáil an tsoláthair a áirithiú, mar shampla a mhéid a bhaineann le sásraí acmhainneachta trí mhíniú a thabhairt ar an gcaoi a mbaineann siad amach (ach nach dtéann siad thar) an caighdeán iontaofachta dá dtagraítear i bpointe 331.

336.

Clistí rialála nó clistí margaidh, mar aon le haon saincheist eile lena gcoisctear leibhéal leordhóthanach shlándáil an tsoláthair leictreachais (agus cosaint an chomhshaoil más ábhartha) a bhaint amach in éagmais idirghabhála, ní mór iad a shainaithint.

337.

Bearta atá ann cheana lena ndírítear ar chlistí margaidh nó rialála nó ar shaincheisteanna eile a shainaithnítear i bpointe 336, ní mór iad a shainaithint freisin.

338.

Ní mór do na Ballstáit a léiriú cén fáth nach féidir coinne a bheith leis go soláthróidh an margadh slándáil an tsoláthair leictreachais in éagmais státchabhrach, agus athchóirithe margaidh agus feabhsuithe atá beartaithe ag na Ballstáit, mar aon le forbairtí teicneolaíochta, á gcur san áireamh.

339.

Sa mheasúnú uaidh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na gnéithe seo a leanas atá le soláthar ag an mBallstát:

(a)

measúnú ar thionchar na giniúna athraithí, lena n-áirítear é sin a thionscnaíonn ó chórais chomharsanachta;

(b)

measúnú ar an tionchar atá ag rannpháirtíocht ar thaobh an éilimh agus ar thaobh na stórála, lena n-áirítear tuairisc ar bhearta chun bainistiú ar éileamh a spreagadh;

(c)

measúnú ar idirnascairí agus mórbhonneagar eangaí tarchurtha inmheánaigh a d’fhéadfadh a bheith nó atá ann i ndáiríre, lena n-áirítear tuairisc ar na tionscadail atá á dtógáil agus atá beartaithe;

(d)

measúnú ar aon eilimint eile a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le fadhb shlándáil an tsoláthair leictreachais nó a d’fhéadfadh cur léi, amhail uasteorainneacha ar phraghsanna mórdhíola nó clistí rialála nó margaidh eile. I gcás ina gceanglaítear sin faoi Rialachán (AE) 2019/943, ní mór an plean cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 20(3) den Rialachán sin a bheith faoi réir tuairim ón gCoimisiún sula bhféadfar cabhair a dheonú. Cuirfear an plean cur chun feidhme agus an tuairim san áireamh sa mheasúnú ar riachtanais; agus

(e)

aon inneachar ábhartha i bplean gníomhaíochta faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/943.

4.8.4.2.   Oiriúnacht

340.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.1.2 maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais.

341.

Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh go príomha ar bhealaí malartacha chun slándáil an tsoláthair leictreachais a bhaint amach, go háirithe dearadh níos éifeachtúla ar an margadh leictreachais ar féidir leis clistí margaidh a bhaineann an bonn de shlándáil an tsoláthair leictreachais a mhaolú. Mar shampla, feabhas a chur ar fheidhmiú na socraíochta éagothroime leictreachais, giniúint athraitheach a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, freagairt don éileamh agus stóráil a dhreasú agus a chomhtháthú, comharthaí éifeachtúla praghais a chumasú, bacainní ar thrádáil trasteorann a bhaint, agus bonneagar a fheabhsú, lena n-áirítear idirnascadh. Féadfar a chinneadh gurb iomchuí cabhair le haghaidh bearta maidir le slándáil an tsoláthair i gcás, in ainneoin feabhsuithe iomchuí agus comhréireacha ar dhearadh an mhargaidh (130) agus ar infheistíochtaí i sócmhainní líonra, bíodh sin curtha chun feidhme nó beartaithe cheana, i gcás ina bhfuil imní fós ann maidir le slándáil an tsoláthair.

342.

I gcás bearta plódaithe líonra, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a bhfuil éifeachtúlacht na mbeart athsheolta á feabhsú i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/943.

4.8.4.3.   Incháilitheacht

343.

Ba cheart an beart cabhrach a bheith oscailte do na tairbhithe uile nó do na tionscadail uile atá in ann cur go teicniúil leis an gcuspóir maidir le slándáil an tsoláthair a bhaint amach. Cuimsíonn sé sin giniúint, stóráil agus freagairt don éileamh, chomh maith le comhiomlánú na n-aonad beag de na cineálacha acmhainneachta sin i mbloic mhóra.

344.

Teorainneacha ar rannpháirtíocht i mbearta maidir le slándáil an tsoláthair a bhfuil sé d’aidhm acu a áirithiú nach mbainfidh na bearta sin an bonn de chosaint an chomhshaoil, meastar gur teorainneacha iomchuí iad sin (féach pointí 368 agus 369).

345.

Spreagtar na Ballstáit critéir nó gnéithe breise a thabhairt isteach ina mbearta maidir le slándáil an tsoláthair chun rannpháirtíocht teicneolaíochtaí níos glaise a chur chun cinn (nó rannpháirtíocht teicneolaíochtaí truaillitheacha a laghdú), rud a bhfuil gá leis chun tacú le cuspóirí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach. Ní mór na critéir nó na gnéithe breise sin a bheith oibiachtúil trédhearcach neamh-idirdhealaitheach i ndáil le cuspóirí cosanta comhshaoil atá sainaitheanta go soiléir, agus ní mór nach dtabharfar róchúiteamh do na tairbhithe mar gheall air sin.

346.

I gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ní mór bearta maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a bheith oscailte do rannpháirtíocht dhíreach trasteorann soláthraithe acmhainneachta atá lonnaithe i mBallstát eile (131). Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an deis ag acmhainneacht eachtrach, atá in ann feidhmíocht choibhéiseach theicniúil a sholáthar agus atá ag an acmhainneacht intíre, a bheith rannpháirteach sa phróiseas iomaíoch céanna agus atá acmhainneacht intíre. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i mBallstát ina bhfuil nasc díreach líonra leis an mBallstát a chuireann an beart i bhfeidhm. I gcás inarb infheidhme, ní mór na rialacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/943 a chomhlíonadh freisin.

4.8.4.4.   Comhairliúchán poiblí

347.

Beidh feidhm ag Roinn 4.8.4.4 ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh.

348.

Sula dtabharfar fógra maidir le cabhair, seachas in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, ní mór do na Ballstáit dul i gcomhairle go poiblí maidir le tionchair chomhréireachta agus iomaíochta na mbeart atá le fógairt faoin Roinn seo. Níl feidhm ag an oibleagáid um dhul i gcomhairle maidir le leasuithe ar bhearta a formheasadh cheana agus nach n-athraíonn a raon feidhme ná a n-incháilitheacht ná a bhfad níos faide ná 10 mbliana ón dáta ar a ndearnadh an cinneadh bunaidh, ná maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointe 349. Chun a chinneadh an bhfuil bonn cirt le beart, agus na critéir sna treoirlínte sin á gcur san áireamh, tá gá leis an gcomhairliúchán poiblí seo a leanas (132):

(a)

i gcás bearta inar lú ná EUR 100 milliún in aghaidh na bliana ar a laghad an mheánchabhair bhliantúil mheasta atá le deonú, comhairliúchán poiblí a mhairfidh sé seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar:

(i)

incháilitheacht;

(ii)

an úsáid agus raon feidhme beartaithe na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

(iii)

na príomhpharaiméadair don phróiseas leithdháilte cabhrach (133) lena n-áirítear chun iomaíocht a chumasú idir cineálacha éagsúla tairbhithe (134);

(iv)

an mhodheolaíocht chun costais an bhirt a leithdháileadh ar thomhaltóirí;

(v)

mura n-úsáidtear próiseas tairisceana iomaíoch, na toimhdí agus na sonraí atá ina mbonn don chainníochtú arna n-úsáid chun comhréireacht na cabhrach a léiriú, lena n-áirítear costais, ioncam, toimhdí agus saolré oibriúcháin agus, agus meánchostas ualaithe an chaipitil; agus

(vi)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, coimircí arna moladh chun comhsheasmhacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú.

(b)

i gcás bearta inar lú ná EUR 100 milliún in aghaidh na bliana an mheánchabhair bhliantúil mheasta a dheonaítear, comhairliúchán poiblí a mhairfidh ceithre seachtaine ar a laghad, lena gcumhdófar:

(i)

incháilitheacht;

(ii)

an úsáid agus raon feidhme beartaithe na bpróiseas tairisceana iomaíoch agus aon eisceacht atá beartaithe;

(iii)

an mhodheolaíocht chun costais an bhirt a leithdháileadh ar thomhaltóirí; agus

(iv)

i gcás ina bhféadfar tacú le hinfheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, coimircí arna moladh chun comhsheasmhacht le spriocanna aeráide an Aontais a áirithiú.

349.

Níl gá le haon chomhairliúchán poiblí le haghaidh na mbeart a thagann faoi phointe 348(b) i gcás ina n-úsáidtear próisis tairisceana iomaíocha agus nach dtacaíonn an beart le hinfheistíochtaí i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar bhreosla iontaise.

350.

Ní mór ceistneoirí comhairliúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin poiblí. Ní mór do na Ballstáit freagra ar an gcomhairliúchán a fhoilsiú ina ndéanfar achoimre agus ina dtabharfar aghaidh ar na freagraí a fhaightear. Ba cheart míniú a bheith ann faoin gcaoi a ndearnadh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar an iomaíocht a íoslaghdú trí raon feidhme/incháilitheacht an bhirt atá beartaithe. Ní mór do na Ballstáit nasc chuig a bhfreagairt ar an comhairliúchán a sholáthar mar chuid den fhógra maidir leis na bearta cabhrach faoin roinn seo.

351.

I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, d’fhéadfadh an Coimisiún breithniú a dhéanamh ar mhodhanna eile comhairliúcháin ar choinníoll go gcuirfear tuairimí na bpáirtithe leasmhara san áireamh agus an chabhair á cur chun feidhme (ar bhonn leanúnach). I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá an comhairliúchán a chomhcheangal le gníomhartha ceartaitheacha chun iarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart a laghdú a oiread is féidir.

4.8.4.5.   Comhréireacht

352.

Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 353, 354, 355, 356 agus 357 sa bhreis ar na rialacha a leagtar amach i bpointí 49, 50, 51, 52, 53 agus 55.

353.

Ba cheart an t-éileamh ar bhearta maidir le slándáil an tsoláthair a shocrú bunaithe ar an gcaighdeán iontaofachta nó ar an anailís chostais/sochair dá dtagraítear i bpointe 331, agus bunaithe ar an anailís faoi phointí 332, 333 agus 334 ar na hacmhainní is gá chun leibhéal leordhóthanach shlándáil an tsoláthair a áirithiú. An anailís a úsáidtear chun leibhéal an éilimh a shocrú, ní mór í a bheith dhá mhí dhéag d’aois ar a mhéad tráth a shocraítear leibhéal an éilimh.

354.

Maidir leis an aga idir deonú na cabhrach agus an sprioc-am faoi nach mór tionscadail a chur i gcrích, ba cheart go bhféadfaí iomaíocht éifeachtach a bheith ann idir na tionscadail incháilithe éagsúla.

355.

Ní féidir bonn cirt a thabhairt le díolúintí ón gceanglas cabhair a leithdháileadh agus an leibhéal cabhrach a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcuirtear fianaise ar fáil, lena n-áirítear aon fhianaise a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí i gcás inarb infheidhme, lena léirítear gur dócha nach mbeidh rannpháirtíocht leordhóthanach ionchasach ann i bpróiseas tairisceana den sórt sin chun iomaíocht a áirithiú; nó

(b)

i gcás bearta plódaithe líonra agus sa chás sin amháin, nuair a chuireann an Ballstát anailís ar fáil (tar éis dul i gcomhairle leis an údarás rialála náisiúnta freagrach agus tuairim an údaráis rialála náisiúnta a chur san áireamh) bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear an méid sin a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí i gcás inarb infheidhme, nach mbeadh tairiscint chomh héifeachtach céanna ó thaobh cost-éifeachtúlachta de, mar shampla mar gheall ar thairiscintí straitéiseacha nó saobhadh margaidh.

356.

Ba cheart dreasachtaí éifeachtúla a bheith ag tairbhithe na mbeart maidir le slándáil an tsoláthair chun cur le slándáil an tsoláthair le linn na tréimhse seachadta. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith bainteach i gcoitinne leis an luach lóid chaillte (VOLL) (135). Mar shampla, i gcás nach bhfuil tairbhí ar fáil, ba cheart pionós a bhaineann le VOLL a ghearradh air. Seachas i gcás bearta plódaithe líonra, ba cheart, i gcoitinne, an pionós sin teacht as praghsanna na socraíochta éagothroime leictreachais chun saobhadh ar fheidhmiú an mhargaidh a sheachaint.

357.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint freisin as deimhnithe iomaíocha/scéimeanna oibleagáide na soláthraithe, ar na choinníollacha seo a leanas:

(a)

socraítear an t-éileamh sa scéim faoi bhun an tsoláthair a d’fhéadfadh a bheith ann; agus

(b)

an praghas ceannaigh thar barr amach/an praghas pionóis a bhfuil feidhm aige maidir le tomhaltóir/soláthróir nár cheannaigh an líon deimhnithe is gá (i.e. an praghas arb é atá ann an t-uasmhéid a íocfar le tairbhithe), socraítear é ar leibhéal lena n-áirithítear nach féidir róchúiteamh a thabhairt do thairbhithe.

4.8.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

358.

Seachas pointe 70, níl feidhm ag Roinn 3.2.2 maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair leictreachais.

359.

Ní mór an chabhair a dhearadh chun feidhmiú éifeachtach na margaí a chaomhnú agus chun dreasachtaí oibriúcháin agus comharthaí praghais éifeachtúla a chaomhnú.

360.

Níor cheart dreasachtaí a chur ar fáil chun fuinneamh a ghiniúint a chuirfeadh cineálacha fuinnimh is lú truailliú as áit.

361.

Comhlíonfar na ceanglais i bpointí 359 agus 360 go ginearálta nuair a íocfaidh beart as acmhainneacht (EUR in aghaidh an mheigeavata (MW)) seachas as aschur leictreachais (EUR/MWh). I gcás ina ndéantar íocaíocht in aghaidh an MWh, tá gá le haird bhreise chun a áirithiú go seachnófar éifeachtaí díobhálacha ar an margadh, agus nach gcuirfear foinsí giniúna is lú truailliú as áit.

362.

Ní mór na bearta maidir le slándáil an tsoláthair aon choinníoll dearaidh is infheidhme in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943 (136) a chomhlíonadh.

363.

I gcás cúlchistí straitéiseacha agus aon bheart eile le haghaidh leordhóthanacht acmhainní, lena n-áirítear scéimeanna in-idirbhriste, i gcás ina gcoinnítear acmhainneacht lasmuigh den mhargadh, chun a áirithiú nach saobhfar praghasmhúnlú margaidh, tá feidhm ag na ceanglais bhreise charnacha seo a leanas:

(a)

níl acmhainní an bhirt le seoladh ach amháin i gcás gur dóigh go n-ídeoidh na hoibreoirí córas tarchurtha a n-acmhainní cothromúcháin chun cothromaíocht a bhunú idir an t-éileamh agus an soláthar (137);

(b)

le linn tréimhsí socraíochta éagothroime inar seoladh acmhainní an bhirt, réiteofar míchothromaíochtaí sa mhargadh ar a laghad ag an luach lóid chaillte nó ag luach atá níos airde ná an teorainn praghais theicniúil ionlae (138), cibé acu is airde;

(c)

Maidir le haschur an bhirt tar éis dó a bheith seolta, déanfar é a shannadh chun páirtithe freagracha a chothromú tríd an sásra socraíochta éagothroime;

(d)

ní fhaigheann na hacmhainní luach saothair ón mhargadh mórdhíola an leictreachais ná ó mhargaí cothromúcháin;

(e)

déanfar na hacmhainní sa bheart a choinneáil lasmuigh de na margaí fuinnimh ar feadh thréimhse an chonartha ar a laghad.

364.

I gcás bearta plódaithe líonra, nuair a choimeádtar acmhainní lasmuigh den mhargadh, ní féidir na hacmhainní sin luach saothair a fháil ón margadh mórdhíola leictreachais ná ó mhargaí cothromúcháin agus ní mór iad a choimeád lasmuigh de na margaí fuinnimh go gceann fhad na tréimhse conartha ar a laghad.

365.

I gcás sásraí acmhainneachta nach cúltacaí straitéiseacha iad, ní mór do na Ballstáit an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an mbeart:

(a)

go bhfuil sé bunaithe chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta a sholáthrófar leormhaith chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh;

(b)

go dtugtar luach saothair do na hacmhainní rannpháirteacha as a n-infhaighteacht amháin agus go n-áirithítear nach ndéanfaidh an luach saothair difear do chinntí an tsoláthraí acmhainneachta cibé acu an nginfidh siad nó nach nginfidh siad; agus

(c)

gur féidir oibleagáidí acmhainneachta a bheith inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe.

366.

Maidir le bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais, níor cheart dóibh:

(a)

saobhadh margaidh míchuí a chruthú ná teorainn a chur le trádáil thraschreasach;

(b)

dreasachtaí a laghdú chun infheistíocht a dhéanamh in acmhainneachta idirnaisc – mar shampla tríd an ioncam ó phlódú a laghdú d’idirnascairí atá ann cheana nó d’idirnascairí nua;

(c)

an bonn a bhaint de chúpláil an mhargaidh, lena n-áirítear margaí ionlae agus margaí cothromúcháin;

(d)

an bonn a bhaint de chinntí infheistíochta maidir le hacmhainneacht a tháinig roimh an mbeart.

367.

Chun nach mbainfí an bonn de dhreasachtaí maidir leis an bhfreagairt don éileamh agus ionas nach gcuirfear leis na clistí margaidh as a n-eascraíonn an gá le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair, agus chun a áirithiú go mbeidh an idirghabháil i dtaca le slándáil an tsoláthair chomh teoranta agus is féidir, ba cheart do na rannpháirtithe sa mhargadh na costais a bhaineann le beart maidir le slándáil an tsoláthair a íoc, ar rannpháirtithe iad a chuireann leis an ngá atá leis an mbeart. Mar shampla, féadfar é sin a bhaint amach trí na costais a bhaineann le beart slándála soláthair a leithdháileadh ar thomhaltóirí leictreachais i dtréimhsí buaicéilimh leictreachais nó trí na costais a bhaineann le beart plódaithe líonra a leithdháileadh ar thomhaltóirí sa réigiún ina bhfuil ganntanas tráth a sheoltar an acmhainneacht sa bheart. Mar sin féin, d‘fhéadfadh sé nach mbeadh gá le leithdháileadh costas den sórt sin i gcás ina gcuireann an Ballstát anailís ar fáil ar bhonn fianaise, lena n-áirítear an fhianaise sin a bailíodh le linn an chomhairliúcháin phoiblí, go mbainfeadh leithdháileadh na gcostas ar an mbealach sin an bonn de chost-éifeachtúlacht an bhirt nó go mbeadh saobhadh mór iomaíochta ann dá thoradh sin agus, saobhadh a bhainfeadh an bonn de na sochair a d’fhéadfadh teacht as leithdháileadh costas den sórt sin.

368.

Measann an Coimisiún go bhfuil éifeachtaí diúltacha ag bearta áirithe cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil nach dócha go ndéanfar iad a chúiteamh. Go háirithe, d’fhéadfadh bearta áirithe cabhrach clistí margaidh a chur in olcas, rud a chruthódh neamhéifeachtúlachtaí a dhéanfadh dochar do leas an tomhaltóra agus do leas sóisialta. Mar shampla, bearta – lena n-áirítear bearta plódaithe líonra agus scéimeanna in-idirbhriste – nach n-urramaíonn an tairseach astaíochtaí is infheidhme maidir leis na sásraí acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2019/943 agus lena bhféadfaí dreasacht a thabhairt le haghaidh infheistíochtaí nua i bhfuinneamh atá bunaithe ar na breoslaí iontaise is truaillithí, amhail gual, díosal, lignít, ola, móin agus scealla ola, déanann siad na seachtrachtaí comhshaoil diúltacha sa mhargadh a mhéadú.

369.

Le bearta lena ndreasaítear infheistíochtaí nua i nginiúint fuinnimh atá bunaithe ar ghás nádúrtha, féadfaidh siad tacú le slándáil an tsoláthair leictreachais ach is féidir na seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a chur in olcas san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha i dteicneolaíochtaí neamh-astaíochta. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a fhíorú gur féidir éifeachtaí diúltacha na mbeart sin a chúiteamh trí na héifeachtaí dearfacha sa tástáil cothromaíochta, ba cheart do na Ballstáit a mhíniú conas a áiritheoidh siad go gcuirfidh infheistíocht den sórt sin le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach. Go háirithe, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte sin. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh leis sin gealltanais cheangailteacha ón tairbhí chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail CCS/CCU a chur chun feidhme nó chun gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gás nádúrtha nó chun an gléasra a dhúnadh ar amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais.

370.

I gcás bearta aonair cabhrach nó scéimeanna nach ndeanann tairbhe ach do líon teoranta tairbhithe nó do thairbhí atá ann faoi láthair, ba cheart do na Ballstáit, ina theannta sin, a léiriú nach mbeidh cumhacht mhéadaithe sa mhargadh mar thoradh ar an mbeart cabhrach atá beartaithe.

4.9.   Cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh

4.9.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

371.

Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, beidh gá le hinfheistíocht agus uasghrádú suntasach ar an mbonneagar fuinnimh. Tá bonneagar fuinnimh nua-aimseartha ríthábhachtach chun margadh fuinnimh comhtháite a bhaint amach a lena gcomhlíonfar na spriocanna aeráide agus lena n-áiritheoidh slándáil an tsoláthair san Aontas an tráth céanna. Gné riachtanach de mhargadh fuinnimh éifeachtúil is ea bonneagar leordhóthanach fuinnimh. Trí fheabhas a chur ar an mbonneagar fuinnimh, cuirtear feabhas ar chobhsaíocht an chórais, ar leordhóthanacht acmhainní, ar chomhtháthú foinsí éagsúla fuinnimh agus ar an soláthar fuinnimh i líonraí tearcfhorbartha.

372.

I gcás nach féidir le hoibreoirí margaidh an bonneagar is gá a sholáthar, d’fhéadfadh gá a bheith le státchabhair chun clistí margaidh a shárú agus chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais shuntasacha bonneagair an Aontais. Ar na clistí margaidh a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réimse an bhonneagair fuinnimh, baineann ceann amháin acu lé le fadhbanna comhordaithe. Leasanna éagsúla i measc infheisteoirí, éiginnteacht maidir leis an toradh comhoibríoch agus éifeachtaí líonra, d’fhéadfadh an méid sin cosc a chur ar fhorbairt tionscadail nó ar a dhearadh. An tráth céanna, d’fhéadfadh an bonneagar fuinnimh seachtrachtaí dearfacha substaintiúla a chruthú, trína bhféadfadh costais agus sochair an bhonneagair a bheith ann go neamhshiméadrach i measc na rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh agus i measc na mBallstát. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur féidir cabhair le haghaidh an bhonneagair fuinnimh a bheith tairbhiúil don mhargadh inmheánach trí aghaidh a thabhairt ar na clistí margaidh sin. Tá feidhm aige sin go háirithe maidir le tionscadail bhonneagair a bhfuil tionchar trasteorann acu amhail tionscadail leasa choitinn, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (CE) Uimh. 347/2013.

373.

I gcomhréir leis an bhFógra um Choincheap na Cabhrach (139), an tacaíocht don bhonneagar fuinnimh laistigh de chreat monaplachta dlíthiúla, níl sin faoi réir rialacha maidir leis an státchabhair. In earnáil an fhuinnimh, tá an méid sin an-ábhartha maidir leis na Ballstáit sin ina bhfuil tógáil agus oibriú bonneagar áirithe forchoimeádta go heisiach le dlí don TSO nó don DSO.

374.

Measann an Coimisiún gurb ann do mhonaplacht dhlíthiúil a chuireann saobhadh iomaíochta as an áireamh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

tá tógáil agus oibriú an bhonneagair faoi réir monaplacht dhlíthiúil arna bunú i gcomhréir le dlí an Aontais; is amhlaidh atá i gcás inarb é an TSO/an DSO an t-aon eintiteas atá i dteideal cineál áirithe infheistíochta nó gníomhaíochta a dhéanamh agus nach féidir le haon eintiteas eile líonra malartach a oibriú (140);

(b)

le monaplacht dhlíthiúil, ní hamháin go n-eisiatar iomaíocht sa mhargadh, ach go n-eisiatar iomaíocht le haghaidh an mhargaidh freisin, sa mhéid go n-eisiatar aon iomaitheoir a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhian leis a bheith ina oibreoir eisiach don bhonneagar atá i gceist;

(c)

níl an tseirbhís in iomaíocht le seirbhísí eile;

(d)

má tá oibreoir an bhonneagair fuinnimh gníomhach i margadh (geografach nó táirge) eile atá oscailte don iomaíocht, déantar tras-fhóirdheonú a eisiamh; chuige sin, ní mór cuntais ar leith a úsáid, na costais agus na an t-ioncam a leithdháileadh ar bhealach iomchuí agus ní féidir cistiú poiblí a chuirtear ar fáil don tseirbhís atá faoi réir na monaplachta dlíthiúla dul chun tairbhe gníomhaíochtaí eile. A mhéid a bhaineann le bonneagar leictreachais agus gáis, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 56 de Threoir (AE) 2019/944 agus le hAirteagal 31 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go gcoinneoidh eintitis atá comhtháite go hingearach cuntais ar leith le haghaidh gach ceann dá ngníomhaíochtaí, is dócha go gcomhlíonfar an ceanglas sin.

375.

Ar an gcaoi chéanna, measann an Coimisiún nach bhfuil aon státchabhair bainteach le hinfheistíochtaí ina bhfuil an bonneagar fuinnimh á rith faoi ‘mhonaplacht nádúrtha’, rud a mheastar a bheith ann i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

níl aon iomaíocht dhíreach i ndán do bhonneagar, is é sin nuair nach féidir an bonneagar fuinnimh a mhacasamhlú sa gheilleagar agus, dá bhrí sin, i gcás nach mbeidh aon oibreoirí seachas an TSO/DSO páirteach;

(b)

níl suntas ar bith ag maoiniú malartach sa bhonneagar líonra, sa bhreis ar an maoiniú líonra, san earnáil agus sa Bhallstát lena mbaineann;

(c)

níor dearadh an bonneagar chun fabhar roghnaitheach a thabhairt do ghnóthas nó d’earnáil ar leith ach cuireann sé sochair ar fáil don tsochaí i gcoitinne.

(d)

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú freisin nach féidir an maoiniú a chuirtear ar fáil chun bonneagar an líonra fuinnimh a thógáil agus/nó a oibriú, nach féidir an maoiniú sin a úsáid chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a thras-fhóirdheonú nó a fhóirdheonú go hindíreach. Maidir le bonneagar leictreachais agus gáis, féach 374.

4.9.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

376.

Tá feidhm ag an Roinn 4.9 seo maidir le cabhair chun infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh a thógáil nó a uasghrádú, mar a shainmhínítear i bpointe 19(36) (141). Féadfar a áireamh ar infheistíochtaí incháilithe an digitiú, treisiú an bhonneagair fuinnimh, e.g. chun comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite nó ísealcharbóin a dhéanamh, chomh maith le huasghráduithe ar fhoras na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide. Ba cheart d’úsáideoirí an líonra na costais oibriúcháin a iompar i gcoitinne, agus dá bhrí sin, níor cheart gá a bheith le cabhair le haghaidh na gcostas sin de ghnáth. In imthosca eisceachtúla ina léiríonn Ballstát nach féidir costais oibriúcháin a aisghabháil ó úsáideoirí an líonra, agus i gcás nach mbaineann an chabhair oibriúcháin le costais bháite ach go dtagann athrú ar iompraíocht a fhágann gur féidir na cuspóirí maidir le slándáil an tsoláthair nó cosaint an chomhshaoil a bhaint amach, féadfar a mheas go bhfuil an chabhair oibriúcháin le haghaidh bonneagair comhoiriúnach. Mura n-eisiatar an tionscadal ó rialú na státchabhrach (féach pointe 374 agus 375), déanfaidh an Coimisiún é a mheasúnú mar a leagtar amach sa Roinn seo.

377.

Beidh feidhm ag an Roinn 4.9 seo maidir le saoráidí stórála fuinnimh go dtí an 31 Nollaig 2023, lena mbaineann línte tarchuir nó dáileacháin (stóráil leictreachais neamhspleách (142)) gan beann ar na leibhéil voltais (143).

4.9.3.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.9.3.1.   Riachtanas agus oiriúnacht

378.

Níl feidhm ag Ranna 3.2.1.1 agus 3.2.1.2 maidir le cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh.

379.

Is iondúil gur trí tharaifí úsáideoirí a mhaoinítear an bonneagar fuinnimh. I gcás go leor catagóirí bonneagair, tá na taraifí sin faoi réir rialála, chun an leibhéal infheistíochta is gá a áirithiú agus cearta úsáideoirí á gcaomhnú an tráth céanna, déanann siad léiriú costas a áirithiú agus socraítear iad gan aon chur isteach ón Stát.

380.

Is bealach é státchabhair a dheonú chun clistí margaidh a shárú, rud nach féidir aghaidh a thabhairt air go hiomlán trí tharaifí éigeantacha úsáideoirí. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na prionsabail seo a leanas chun an gá atá le státchabhair a léiriú:

(a)

i gcás tionscadail leasa choitinn mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, tionscadail atá go hiomlán faoi réir reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, measann an Coimisiún go bhfágann clistí an mhargaidh i dtéarmaí fadhbanna comhordaithe nach leor maoiniú trí bhíthin taraifí agus go bhféadfar státchabhair a dheonú;

(b)

i gcás tionscadail leasa choitinn atá díolmhaithe go páirteach nó go hiomlán ó reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, agus i gcás catagóirí eile bonneagair, déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar an ngá atá le státchabhair. Sa mheasúnú ón gCoimisiún, déanfaidh sé na tosca seo a leanas a mheas: (i) a mhéid a bhíonn soláthar fo-optamach an bhonneagair is gá mar thoradh ar an gcliseadh margaidh; (ii) a mhéid atá an bonneagar oscailte do rochtain tríú páirtí agus faoi réir rialáil taraifí; agus (iii) a mhéid a chuireann an tionscadal le slándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas nó le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais. I gcás bonneagar idir an tAontas agus tríú tír, mura bhfuil an tionscadal ar liosta na dtionscadal comhleasa, féadfar tosca eile a chur san áireamh freisin chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá sé ag luí le rialacha an Mhargaidh Inmheánaigh (144).

(c)

I gcás saoráidí stórála leictreachais, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar an mBallstát cliseadh sonrach margaidh a léiriú a bhaineann le forbairt saoráidí chun seirbhísí comhchosúla a sholáthar.

4.9.3.2.   Comhréireacht na cabhrach

381.

Déanfar measúnú ar chomhréireacht ar bhonn phrionsabal na bearna cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51, agus 52. Maidir le cabhair le haghaigh bonneagair, mar a mhínítear i bpointe 52, glactar leis gurb é an cás frithfhíorasach an cás nach dtarlódh an tionscadal. D’fhéadfadh sé gur ghá sásraí faireacháin agus sásra aisghlámtha a thabhairt isteach i gcás ina bhfuil riosca brabúis amhantair ann, e.g. nuair atá an chabhair gar don mhéid is mó a cheadaítear, agus dreasachtaí á gcoinneáil do na tairbhithe a gcostais a íoslaghdú agus a ngnólacht a fhorbairt ar bhealach níos éifeachtúla le himeacht ama.

4.9.4.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

382.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.2. maidir leis an mbonneagar fuinnimh. Agus anailís á déanamh ar thionchar na státchabhrach le haghaidh an bhonneagair fuinnimh ar an iomaíocht, is mar seo a leanas a bheidh cur chuige an Choimisiúin:

(a)

I bhfianaise na gceanglas atá ann cheana faoin reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, ceanglais a bhfuil sé d’aidhm acu an iomaíocht a neartú, measfaidh an Coimisiún go ginearálta nach mbeidh iarmhairt saobhacha míchuí ag cabhair le haghaidh bonneagar fuinnimh atá faoi réir rialáil iomlán an mhargaidh inmheánaigh (145).

(b)

I gcás tionscadal bonneagair a dhíolmhaítear, ina n-iomláine nó i bpáirt, ó reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún measúnú cás ar chás ar an saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus é á chur san áireamh, go háirithe, a mhéid atá rochtain ag an tríú páirtí ar an mbonneagar a fuair an chabhair, rochtain ar bhonneagar malartach, an brú amach ar infheistíocht phríobháideach agus staid iomaíoch an tairbhí nó na dtairbhithe. I gcás bonneagar a dhíolmhaítear go hiomlán ón reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach fuinnimh, meastar go bhfuil na iarmhairtí diúltacha saobhacha ar an iomaíocht thar a bheith tromchúiseach.

(c)

I dteannta an chur chuige a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b), measann an Coimisiún gur gá do na Ballstáit, i gcás infheistíochtaí sa bhonneagar gáis nádúrtha, na héifeachtaí dearfacha seo a leanas a léiriú lena bhféadfaí na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht a chúiteamh: (i) an bhfuil an bonneagar réidh le haghaidh úsáid hidrigine agus an mbeidh méadú ar úsáid gás in-athnuaite mar thoradh air, nó mar mhalairt air sin, an chúis nach féidir an tionscadal a dhearadh ionas go mbeidh sé réidh le haghaidh úsáid hidrigine agus an chaoi nach gcruthóidh an tionscadal éifeacht glasála maidir le húsáid gáis nádúrtha; agus (ii) an chaoi a gcuirfidh infheistíocht den sórt sin le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach.

(d)

Maidir le tacaíocht do shaoráidí stórála leictreachais - chomh maith le bonneagar tionscadal leasa choitinn agus bonneagar tionscadal comhleasa nach bhfuil faoi réir reachtaíocht maidir leis an margadh inmheánach - déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar na rioscaí go ndéanfaí saobhadh ar an iomaíocht a d’fhéadfadh teacht chun cinn i margaí seirbhísí gaolmhara agus i margaí fuinnimh eile chomh maith.

4.10.   Cabhair le haghaidh téamh agus fuarú ceantair

4.10.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

383.

Dá ndéanfaí na córais téimh agus fuaraithe ceantair a thógáil agus a úasghrádú, is féidir cur go dearfach le cosaint an chomhshaoil trí éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht an chórais dá dtugtar tacaíocht a mhéadú. Le reachtaíocht earnálach maidir le fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn (Treoir (AE) 2018/2001) ceanglaítear go sonrach ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh d’fhonn bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a fhorbairt chun téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn (146).

384.

Mar sin féin, d’fhéadfaí tearcinfheistíocht neamhéifeachtúil i dtógáil agus in uasghrádú na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair a bheith ann i ngeall ar na seachtrachtaí comhshaoil a bhaineann le hoibriú an téimh agus an fhuaraithe ceantair. Féadfaidh státchabhair cur le haghaidh a thabhairt ar an gcliseadh margaidh sin trí infheistíocht éifeachtúil bhreise a spreagadh nó trí thacú le costais oibriúcháin eisceachtúla i ngeall ar an ngá atá le cuspóir comhshaoil na gcóras téimh ceantair a chur chun cinn.

4.10.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

385.

Tacaíocht atá teoranta do líonraí dáileacháin téimh ceantair, is féidir í a mheas, faoi imthosca áirithe, go bhfuil sí lasmuigh den rialú státchabhrach mar bheart bonneagair nach ndéanann difear d’iomaíocht ná do thrádáil. B’amhlaidh a bheadh, go háirithe, nuair a bheadh líonraí téimh ceantair á reáchtáil ar an mbealach céanna le bonneagar fuinnimh eile trí dheighilt a dhéanamh ó ghiniúint téimh, ó rochtain tríú páirtí agus ó tharaifí rialáilte.

386.

In imthosca den sórt sin, aon uair a dhéantar líonraí dáileacháin an téimh ceantair a reáchtáil i staid monaplachta nádúrtha nó dlíthiúla, nó an dá rud, beidh feidhm ag na coinníollacha céanna, is é sin pointí 374 agus 375 (147).

387.

Mura n-eisiatar an tionscadal ó rialú na státchabhrach (féach pointe 385 (148)), déanfaidh an Coimisiún é a mheasúnú mar a leagtar amach sa Roinn seo.

388.

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair chun gléasra giniúna agus stórála téimh nó fuaraithe a thógáil, a uasghrádú nó a oibriú, nó maidir le cabhair chun sin a dhéanamh i ndáil leis an líonra dáileacháin, nó don dá rud araon.

389.

Go hiondúil, cumhdaítear le bearta cabhrach den sórt sin tógáil, uasghrádú agus oibriú an aonaid giniúna chun fuinneamh inathnuaite (149), dramhtheas nó comhghiniúint ardéifeachtúlachta a úsáid, lena n-áirítear réitigh teirmeastórála, nó uasghrádú an líonra dáileacháin chun caillteanais a laghdú agus chun éifeachtúlacht a mhéadú, lena n-áirítear trí réitigh chliste agus dhigiteacha (150). Féadfar a mheas go bhfuil cabhair le haghaidh giniúint fuinnimh atá bunaithe ar dhramhaíl comhoiriúnach faoin roinn seo sa mhéid go bhfuil sí teoranta do dhramhaíl a chomhlíonann an sainmhíniú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó do dhramhaíl a úsáidtear chun suiteálacha a thiomáint a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhghiniúint ardéifeachtúlachta.

390.

I gcás ina ndeonaítear cabhair chun córas téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú gan caighdeán an téimh agus an fhuaraithe ceantair éifeachtúil (151) a chomhlíonadh ag an gcéim sin, ní mór don Bhallstát gealltanas a thabhairt go gcuirfidh tairbhí na cabhrach tús leis na hoibreacha chun an caighdeán sin a bhaint amach laistigh de thrí bliana tar éis na n-oibreacha uasghrádúcháin.

4.10.3.   Riachtanas agus oiriúnacht

391.

Níl feidhm ag Ranna 3.2.1.1 agus 3.2.1.2 maidir le cabhair le haghaidh téamh nó fuarú ceantair. Measann an Coimisiún gur féidir le státchabhair cur le haghaidh a thabhairt ar chlistí margadh trí na costais infheistíochta is gá a spreagadh chun córais éifeachtúla téimh agus fuaraithe ceantair a chruthú, a leathnú nó a uasghrádú.

392.

Ba cheart do thomhaltóirí teasa na costais oibriúcháin a íoc i gcoitinne, agus dá bhrí sin, níor cheart gá a bheith le cabhair le haghaidh na gcostas sin de ghnáth. I gcás ina léiríonn Ballstát nach féidir na costais oibriúcháin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí teasa gan an bonn a bhaint de chosaint an chomhshaoil, féadfar a mheas go mbeidh an chabhair oibriúcháin le haghaidh giniúint teasa comhoiriúnach a mhéid is a chuireann na glanchostais bhreise oibriúcháin (i gcomparáid le cás frithfhíorasach) le baint amach na sochar comhshaoil (amhail laghdú CO2 agus laghdú truaillithe eile i gcomparáid le réitigh mhalartacha téimh (152)). Mar shampla, b’amhlaidh a bheadh i gcás ina bhfuil fianaise ann go n-athródh tomhaltóirí teasa cónaithe (nó eintitis eile nach bhfuil i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha) go foinsí teasa níos truaillithí in éagmais cabhair oibriúcháin (153) nó, in éagmais tacaíochta, go mbeadh bagairt ar inmharthanacht fhadtéarmach an chórais téimh ceantair, rud a rachadh chun tairbhe na réiteach téimh níos truaillithí. I gcás cabhair oibriúcháin le haghaidh saoráidí giniúna téimh ceantair, tá feidhm ag pointí 122 agus 126.

393.

Ina theannta sin, an státchabhair le haghaidh córais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúla a úsáideann dramhaíl mar bhreosla ionchuir, is féidir an státchabhair sin cur go dearfach le cosaint an chomhshaoil, ar choinníoll nach dtéann sí timpeall ar phrionsabal ord na réiteach dramhaíola (154).

4.10.4.   Comhréireacht an bhirt cabhrach

394.

Déanfar measúnú ar chomhréireacht ar bhonn phrionsabal na bearna cistiúcháin mar a leagtar amach i bpointí 48, 51, agus 52.

395.

I gcás líonraí dáileacháin a thógáil, a uasghrádú agus a oibriú, mar a leagtar amach i bpointe 52, is é an cás frithfhíorasach an cás nach dtarlódh an tionscadal.

4.10.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil agus cothromú

396.

Níl feidhm ag Roinn 3.2.2 maidir le cabhair le haghaidh téamh nó fuarú ceantair. An tacaíocht a thugtar chun córais téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú, a thógáil nó a oibriú, ar córais iad a bhíonn ag brath ar na breoslaí iontaise is truaillithí amhail gual, lignít, ola agus díosal, measann an Coimisiún go bhfuil iarmhairtí diúltacha ag an tacaíocht sin ar an iomaíocht agus ar thrádáil nach dócha go ndéanfar iad a chúiteamh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

tá an chabhair teoranta d’infheistíochtaí ar an líonra dáileacháin;

(b)

leis an líonra dáileacháin, is féidir teas nó fuarú arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, ó fhoinsí dramhtheasa nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de a iompar cheana;

(c)

ní thagann méadú ar ghiniúint fuinnimh ó na breoslaí iontaise is truaillithí as an gcabhair (mar shampla, trí chustaiméirí breise a nascadh) (155);

(d)

tá amlíne shoiléir ann lena mbaineann gealltanais dhaingne ann chun aistriú ó na breoslaí iontaise is truaillithí, i bhfianaise sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 maidir le haeráidneodracht (156).

397.

A mhéid a bhaineann le suiteálacha giniúna téimh ceantair a thógáil, a uasghrádú nó a oibriú, bearta lena ndreasaítear infheistíochtaí nua i sócmhainní giniúna fuinnimh bunaithe ar ghás nádúrtha nó oibriú na sócmhainní sin atá bunaithe ar ghás nádúrtha, féadfaidh na bearta sin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sa ghearrthéarma ach is féidir seachtrachtaí diúltacha comhshaoil a chur in olcas san fhadtéarma, i gcomparáid le hinfheistíochtaí malartacha nó cásanna frithfhíorasacha. Chun go bhféachfar ar na hinfheistíochtaí sin i ngás nádúrtha, nó ar oibriú atá bunaithe ar ghás nádúrtha mar nithe a bhfuil éifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol acu, ní mór do na Ballstáit a mhíniú conas a áiritheoidh siad go gcuirfidh an chabhair le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc 2050 an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus, go háirithe, conas a sheachnófar glasáil na giniúna fuinnimh gásadhainte agus conas nach gcuirfear infheistíochtaí ina roghanna malartacha níos glaine atá ar fáil ar an margadh cheana féin as áit, rud a chuirfeadh bac ar fhorbairt na dteicneolaíochtaí glana agus ar a n-úsáid. Mar shampla, d’fhéadfaí a áireamh leis sin gealltanais cheangailteacha ón tairbhí chun CCS/CCU a chur chun feidhme nó chun gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gás nádúrtha nó chun an gléasra a dhúnadh ar amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais.

398.

Agus anailís á déanamh ar thionchar na státchabhrach le haghaidh córas téimh agus fuaraithe ceantair ar an iomaíocht, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina ndéanfar cothromaíocht idir sochar an tionscadail i dtéarmaí éifeachtúlacht fuinnimh agus i dtéarmaí na hinbhuanaitheachta (157) i gcomparáid leis na héifeachtaí diúltacha ar an iomaíocht agus go háirithe an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ar theicneolaíochtaí malartacha nó ar sholáthraithe seirbhísí agus líonraí téimh agus fuaraithe. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil an córas téimh ceantair oscailte do rochtain tríú páirtí (158) nó an bhféadfaidh sé a bheith oscailte mar sin, agus an féidir réitigh mhalartacha teasa a bheith ann (159).

4.11.   Cabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh

4.11.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

399.

Claochlú gheilleagar an Aontais, rud atá i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sin á mhaoiniú go páirteach le tobhaigh ar ídiú leictreachais. Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ní mór do na Ballstáit beartais uaillmhianacha dícharbónaithe a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú go suntasach faoi 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Sa chomhthéacs sin, is dócha go leanfaidh na Ballstáit de na beartais sin a mhaoiniú le tobhaigh agus, dá bhrí sin, b’fhéidir go dtiocfaidh méadú ar na tobhaigh sin. Agus na tacaíocht dícharbónaithe á cistiú le tobhaigh, ní dhírítear ar sheachtracht dhiúltach inti féin. Dá bhrí sin, ní tobhaigh chomhshaoil na tobhaigh sin chun críoch na dtreoirlínte seo níl feidhm ag Roinn 4.7.1 maidir leis na tobhaigh sin.

400.

I gcás earnálacha eacnamaíocha áirithe atá neamhchosanta go háirithe ar thrádáil idirnáisiúnta agus a bhraitheann go mór ar leictreachas chun a luach a chruthú, an oibleagáid méid iomlán na dtobhach ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóirí beartais fuinnimh agus comhshaoil, is féidir an oibleagáid sin an riosca a mhéadú go n-aistreofar gníomhaíochtaí sna hearnálacha sin lasmuigh den Aontas chuig suíomhanna nach bhfuil smacht comhshaoil ann nó nach bhfuil siad chomh huaillmhianach sin. Ina theannta sin, le tobhaigh den sórt sin, méadaítear costas an leictreachais i gcomparáid le costas na n-astaíochtaí díreacha a eascraíonn as dul i muinín foinsí eile fuinnimh agus, dá bhrí sin, is féidir leictriú na bpróiseas táirgthe a dhíspreagadh leis na tobhaigh sin, rud atá lárnach chun geilleagar an Aontais a dhícharbónú ar bhealach rathúil. Chun na rioscaí sin agus drochthionchair ar an gcomhshaol a mhaolú, is féidir leis na Ballstáit laghduithe ó thobhaigh den sórt sin a dheonú do chuideachtaí atá gníomhach sna hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann.

401.

Leagtar amach sa Roinn seo na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige ar fhorbairt gníomhaíochta eacnamaíche, ar éifeacht dreasachta, ar riachtanas, ar oiriúnacht, ar chomhréireacht agus ar thionchar iomaíochta na laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh áirithe. Níl feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta i gCaibidil 3 ach sa mhéid nach bhfuil rialacha sonracha luaite i Roinn 4.11.

402.

D’úsáid an Coimisiún bearta iomchuí chun na hearnálacha sin atá go mór i mbaol ó na rioscaí a luaitear i bpointe 400 a shainaithint agus tá ceanglais chomhréireachta tugtha isteach aige lena gcuirtear san áireamh, má tá na laghduithe ar an tobhach ró-ard nó má dhámhtar ar an iomarca tomhaltóirí leictreachais iad, go bhféadfadh baol a bheith ann do chistiú foriomlán na tacaíochta don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus go bhféadfadh saobhadh iomaíochta agus trádála a bheith an-ard.

4.11.2.   Raon feidhme: Tobhaigh ar ar féidir laghduithe a dheonú

403.

Féadfaidh na Ballstáit laghduithe a dheonú ar thobhaigh ar ídiú leictreachais lena maoinítear cuspóirí beartais fuinnimh agus comhshaoil. Áirítear air sin tobhaigh lena maoinítear tacaíocht d’fhoinsí in-athnuaite nó do chomhghiniúint cumhachta agus teasa, agus tobhaigh lena maoinítear taraifí sóisialta nó praghsanna fuinnimh i réigiúin iargúlta. Ní chumhdaítear i Roinn 4.11 tobhaigh lena léirítear cuid den chostas a bhaineann le leictreachas a sholáthar do na tairbhithe atá i gceist. Mar shampla, ní chumhdaítear leis an Roinn seo díolúintí ó mhuirir líonra nó ó mhuirir lena maoinítear sásraí acmhainneachta. Ní chumhdaítear ach oiread leis an Roinn seo tobhaigh ar chineálacha eile fuinnimh, go háirithe gás nádúrtha, a thomhailt.

404.

Na cinntí maidir le suíomh a dhéanann gnóthais agus an tionchar díobhálach a bhaineann leo ar an gcomhshaol, braitheann siad ar éifeacht airgeadais chomhcheangailte fhoriomlán na dtobhach ar ar féidir laghduithe a dheonú. Dá bhrí sin, na Ballstáit ar mian leo beart a thabhairt isteach a ndéanfar measúnú air faoin Roinn seo, ní mór dóibh na laghduithe sin uile a chur san áireamh in aon scéim amháin agus, mar chuid den fhógra, ní mór dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi éifeacht charnach na dtobhach incháilithe uile agus na laghduithe uile atá beartaithe. Má chinneann Ballstát ag céim níos déanaí laghduithe breise a thabhairt isteach ar thobhaigh a chumhdaítear leis an Roinn seo, ní mór dó fógra a thabhairt faoi leasú ar an scéim atá ann cheana.

4.11.3.   Íoslaghdú ar shaobhadh iomaíochta agus trádála

4.11.3.1.   Incháilitheacht

405.

I gcás tobhaigh a chumhdaítear faoi Roinn 4.11.2, an riosca ar an leibhéal earnálach go n-aistreofar gníomhaíochtaí atá lasmuigh den Aontas Eorpach chuig suíomhanna ina bhfuil smacht comhshaoil in easnamh nó nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna, braitheann sé sin den chuid is mó ar a dhéine atá an earnáil atá i gceist agus ar a oscailte atá sí don trádáil idirnáisiúnta. Dá réir sin, ní féidir cabhair a dheonú ach do ghnóthais a thagann ó:

(a)

earnálacha atá i mbaol suntasach agus a mbaineann iolrú a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais 2 % amach ar a laghad agus a bhfuil a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais ar a laghad 5 % i gcás na dtáscairí uile;

(b)

earnálacha atá i mbaol agus a mbaineann iolrú a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais 0.6 % amach ar a laghad agus a bhfuil a ndéine trádála agus a leictridhéine ar leibhéal an Aontais 4 % agus 5 % faoi seach ar a laghad.

Liostaítear in Iarscríbhinn I na hearnálacha a chomhlíonann na critéir incháilitheachta sin.

406.

Measfar earnáil nó fo-earnáil (160) nach n-áirítear in Iarscríbhinn I a bheith incháilithe freisin ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí critéir incháilitheachta phointe 405 agus go léireoidh na Ballstáit an méid sin le sonraí atá ionadaíoch don earnáil nó don fho-earnáil ar leibhéal an Aontais (161), arna bhfíorú ag saineolaí neamhspleách agus bunaithe ar thréimhse ama trí bliana as a chéile ar a laghad dar tús tráth nach luaithe ná 2013.

407.

Mura ndeonaíonn Ballstát tacaíocht ach d’fhothacar tairbhithe incháilithe nó má dheonaíonn sé leibhéil éagsúla laghduithe do thairbhithe incháilithe a thagann faoin gcatagóir chéanna de phointe 405(a) nó (b), ní mór dó a léiriú go ndéantar an cinneadh sin ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha trédhearcach agus go ndeonaítear an chabhair, i bprionsabal, ar an gcaoi chéanna do na tairbhithe incháilithe uile san earnáil chéanna más i gcás fíorasach comhchosúil atá siad.

4.11.3.2.   Comhréireacht an bhirt cabhrach

408.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach más rud é go n-íocfaidh na tairbhithe ó earnálacha i bpointe 405(a) agus (b) ar a laghad 15 % agus 25 % faoi seach de na costais a ghintear leis na tobhaigh leictreachais arna gcur san aíreamh ina scéim ag Ballstát. Ionas go mbeidh an chabhair comhréireach, measann an Coimisiún freisin nach mór nach mbeidh tobhach is lú ná EUR 0.5/MWh ina thoradh ar na laghduithe sin.

409.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go rachadh ranníocaíochtaí dílse atá bunaithe ar phointe 408 thar an méid is féidir le gnóthais atá neamhchosanta go háirithe a iompar. Dá bhrí sin, féadfaidh an Ballstát, ina ionad sin, na costais bhreise a thagann ó na tobhaigh leictreachais a theorannú ag 0.5 % d’oll-bhreisluach (‘OBL’) na ngnóthas sna hearnálacha ó phointe 405(a) agus ag 1 % de OBL na ngnóthas sna hearnálacha ó phointe 405(b). Ionas go mbeidh an chabhair comhréireach, measann an Coimisiún freisin nach mór nach mbeidh tobhach is lú ná EUR 0.5/MWh ina thoradh ar na laghduithe sin.

410.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhréireach má leathnaítear cur i bhfeidhm na déine cabhrach níos airde faoi phointí 408 agus 409 chun na gnóthais ó na hearnálacha ó phointe 405(b) a chumhdach, ar choinníoll go laghdaíonn na gnóthais lena mbaineann lorg carbóin a n-ídiú leictreachais féin. Chun na críche sin, cumhdóidh na tairbhithe ar a laghad 50 % dá n-ídiú leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón, agus cumhdófar 10 % ar a laghad de sin le hionstraim réamhcheaptha amhail comhaontú ceannacháin cumhachta, nó cumhdófar 5 % ar a laghad le giniúint ar an láthair nó gar don láthair.

411.

Chun críoch phointe 409, is é a bheidh in oll-bhreisluach gnóthais an t-oll-bhreisluach ar chostais fachtóra, is é sin an t-oll-bhreisluach ag praghsanna an mhargaidh lúide aon cháin indíreach móide aon fhóirdheontas. Is féidir oll-bhreisluach ar chostas fachtóra a ríomh le láimhdeachas, móide an táirgeadh caipitlithe, móide ioncam eile oibriúcháin, móide nó lúide athruithe ar stoic, lúide earraí agus seirbhísí ceannaithe (162), lúide cánacha eile ar tháirgí atá nasctha le láimhdeachas ach nach bhfuil in-asbhainte, lúide dleachtanna agus cánacha atá nasctha leis an táirgeadh. De rogha air sin, is féidir OBL ag costas fachtóra a ríomh le hollbharrachas oibriúcháin trí chostais phearsanra a chur leis. Ioncam agus caiteachas a aicmítear mar ioncam agus caiteachas airgeadais nó urghnách i gcuntais chuideachta, eisiatar iad ón mbreisluach. Déantar an breisluach ar chostais fachtóra a ríomh ar an leibhéal comhláin ós rud é nach ndealaítear coigeartuithe luacha (amhail dímheas) (163).

412.

Chun críocha phointe 411, úsáidfear an meán uimhríochtúil a bhí ann le linn na 3 bliana is déanaí a bhfuil sonraí OBL ar fáil ina leith.

4.11.3.3.   Foirm na státchabhrach

413.

Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a dheonú i bhfoirm laghdú ar thobhaigh nó mar mhéid cúitimh bliantúil seasta (aisíocaíocht), nó mar chomhcheangal den dá rud (164). I gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirm laghdaithe ar thobhaigh, ní mór sásra faireacháin ex post a chur ar bun chun a áirithiú go n-aisíocfar aon ró-íocaíocht chabhrach roimh an 1 Iúil sa bhliain ina dhiaidh sin. I gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm aisíocaíochta, ní mór í a ríomh ar bhonn na leibhéal measta ídithe leictreachais agus, más infheidhme, ar bhonn an oll-bhreisluacha le linn na tréimhse ama ar lena linn a cuireadh na tobhaigh incháilithe i bhfeidhm.

4.11.3.4.   Iniúchtaí fuinnimh agus Córais Bhainistíochta

414.

Maidir le cabhair arna deonú faoi Roinn 4.11, ní mór don Bhallstát gealltanas a thabhairt go bhfíoróidh sé go gcomhlíonfaidh an tairbhí a chuid oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 8 de Threoir 2012/27/AE. Is féidir é a dhéanamh mar iniúchadh neamhspleách fuinnimh nó faoi chuimsiú Córas Bainistíochta Fuinnimh deimhnithe nó Córas Bainistíochta Comhshaoil deimhnithe, mar a shonraítear in Airteagal 8 den Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

415.

Ní mór don Bhallstát gealltanas a thabhairt freisin go ndéanfaidh na tairbhithe sin ar gá dóibh iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

moltaí na tuarascála iniúchóireachta a chur chun feidhme, a mhéid nach rachaidh am aisghabhála na n-infheistíochtaí ábhartha thar 3 bliana agus go mbeidh costais a n-infheistíochtaí comhréireach;

(b)

an lorg carbóin óna n-ídiú leictreachais a laghdú, ionas go gcumhdófar 30 % ar a laghad dá n-ídiú leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón;

(c)

sciar suntasach de 50 % ar a laghad de mhéid na cabhrach a infheistiú i dtionscadail as a dtiocfaidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na suiteála; i gcás inarb infheidhme, is é ba cheart teacht as an infheistíocht laghduithe go leibhéal a bheadh go mór faoi bhun an tagarmhairc ábhartha a úsáidtear le haghaidh leithdháileadh saor in aisce in CTA an Aontais.

4.11.3.5.   Rialacha idirthréimhseacha

416.

Chun athruithe suaiteacha ar an ualach tobhaigh a sheachaint le haghaidh gnóthais aonair nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i Roinn 4.11, féadfaidh na Ballstáit plean idirthréimhseach a shuí le haghaidh na ngnóthas sin. Beidh an plean idirthréimhseach teoranta do na gnóthais sin a chomhlíonann an dá chritéar charnacha seo a leanas:

(a)

i mbliain amháin ar a laghad den dá bhliain dheireanacha roimh an oiriúnú faoi phointe 468(a), fuair siad cabhair i bhfoirm tobhach laghdaithe faoi scéim náisiúnta cabhrach a dearbhaíodh a bheith comhoiriúnach ar bhonn Roinn 3.7.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (165);

(b)

tráth ar deonaíodh an chabhair faoi phointe 416(a), chomhlíon siad critéir incháilitheachta Roinn 3.7.2 de na Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020.

417.

Is éard a bheidh i gceist leis an bplean idirthréimhseach sin coigeartú forchéimnitheach iomlán ar na coinníollacha a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gcritéar incháilitheachta agus comhréireachta a leagtar amach i roinn 4.11, rud a bheidh le cur i gcrích faoi 2028 i gcomhréir leis an sceideal seo a leanas:

(a)

i gcás na dtobhach is infheidhme go dtí an bhliain 2026, is iad na gnóthais lena mbaineann a íocfaidh 35 % ar a laghad de na costais arna nginiúint trí na tobhaigh leictreachais a chuimsíonn Ballstát ina scéim, nó méid atá comhionann le 1.5 % dá OBL;

(b)

i gcás na dtobhach is infheidhme maidir leis an mbliain 2027, is iad na gnóthais lena mbaineann a íocfaidh 55 % ar a laghad de na costais arna nginiúint trí na tobhaigh leictreachais a chuimsíonn Ballstát ina scéim, nó méid atá comhionann le 2.5 % dá OBL;

(c)

i gcás na dtobhach is infheidhme maidir leis an mbliain 2028, is iad na gnóthais lena mbaineann a íocfaidh 80 % ar a laghad de na costais arna nginiúint trí na tobhaigh leictreachais a chuimsíonn Ballstát ina scéim, nó méid atá comhionann le 3.5 % dá OBL;

418.

Leis an bplean idirthréimhseach, féadfar na cineálacha déine cabhrach faoi phointe417 (a) a chur i bhfeidhm ar feadh na hidirthréimhse iomláine, ar choinníoll go laghdaíonn na gnóthais lena mbaineann lorg carbóin a n-ídiú leictreachais féin. Chun na críche sin, cumhdóidh na tairbhithe ar a laghad 50 % dá n-ídiú leictreachais ó fhoinsí saor ó charbón, agus cumhdófar 10 % ar a laghad de sin le hionstraim réamhcheaptha amhail comhaontú ceannacháin cumhachta, nó cumhdófar 5 % ar a laghad le giniúint ar an láthair nó gar don láthair.

419.

Cabhair nár tugadh fógra ina leith i bhfoirm tobhach laghdaithe leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh sa tréimhse roimh fhoilsiú na dtreoirlínte seo, measann an Coimisiún gur féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhréireach leis an margadh inmheánach faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

go raibh an chabhair riachtanach d’fhorbairt na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann na tairbhithe;

(b)

gur seachnaíodh saobhadh iomaíochta iomarcach.

4.12.   Cabhair chun gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a dhúnadh mar aon le hoibríochtaí mianadóireachta a bhaineann le baint guail, móna nó scealla ola

420.

An t-aistriú ó ghiniúint cumhachta atá bunaithe ar ghual, móin agus scealla ola, tá sé sin ar cheann de na nithe is tábhachtaí chun dícharbónú a dhéanamh in earnáil na cumhachta san Aontas. Leagtar síos i Ranna 4.12.1 agus 4.12.2 na rialacha comhoiriúnachta is infheidhme maidir le dhá chineál beart a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh chun tacú le dúnadh gléasraí cumhachta a dhónn gual (lena n-áirítear gual crua agus lignít), móin nó scealla ola agus dúnadh oibríochtaí mianadóireachta i gcás na mbreoslaí sin (dá ngairtear le chéile ‘gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola’).

421.

Leagtar amach i Ranna 4.12.1 agus 4.12.2 na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige ar an éifeacht dreasachta, ar riachtanas, ar oiriúnacht, ar chomhréireacht agus ar éifeachtaí ar iomaíocht agus trádáil. Níl feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta i gCaibidil 3 ach maidir leis na critéir sin nach bhfuil rialacha sonracha luaite i Roinn 4.12.1 agus 4.12.2 ina leith.

422.

Tá sé thar a bheith dúshlánach dlús a chur leis an aistriú fuinnimh sna Ballstáit ina bhfuil ioncam an-íseal per capita. Chun tacú leis an aistriú glas sna réigiúin is mó atá buailte trí dheireadh a chur de réir a chéile leis na foinsí fuinnimh is truaillithí, d’fhéadfadh sé gur mhór do na Ballstáit deireadh a chur, de réir a chéile, le gníomhaíochtaí guail, móin nó scealla ola trí infheistíocht chomhuaineach i nginiúint níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, amhail gás nádúrtha. Measúnú an Choimisiúin ar infheistíochtaí den sórt sin i mBallstáit a bhfuil Fíor-OTI per capita acu ar phraghsanna an mhargaidh in EUR ag 35 % de mheán an Aontais in 2019 nó faoina bhun sin in 2019, féadfaidh an Coimisiún an measúnú sin a bhunú go heisceachtúil ar chritéir nach bhfuil i gcomhréir leis na treoirlínte sin, go dtí an 31 Nollaig 2023. Maidir leis na tionscadail a chumhdaítear leis an bpointe seo, ní mór:

(a)

dúnadh comhuaineach gléasraí cumhachta a úsáideann gual, móin nó scealla ola a bheith i gceist leo, ar gléasra é atá den acmhainneacht chéanna ar a laghad leis an nginiúint nua a chumhdaítear leis an infheistíocht, tráth nach déanaí ná 2026;

(b)

iad a bheith bainteach leis na Ballstáit nach bhfuil sásra acmhainneachta i bhfeidhm acu agus a thugann gealltanas tabhairt faoi na hathchóirithe margaidh is gá chun slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú amach anseo gan dul i muinín beart tacaíochta aonair; agus

(c)

iad a bheith ina gcuid de straitéis dícharbónaithe uaillmhianach inchreidte, lena n-áirítear sócmhainní tréigthe a chosc i bhfianaise spriocanna 2030 agus 2050 (féach pointe 129).

4.12.1.   Cabhair chun gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh go luath

4.12.1.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

423.

Is ag rialáil, ag fórsaí margaidh, amhail na héifeachtaí a bhíonn ag praghsanna carbóin, agus ag iomaíocht ó fhoinsí in-athnuaite lena mbaineann costais imeallacha ísle atá an t-aistriú ó ghníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola á spreagadh den chuid is mó.

424.

Mar sin féin. féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh dlús a chur leis an aistriú sin atá faoi thionchar an mhargaidh trí chosc a chur ar ghiniúint cumhachta atá bunaithe ar na breoslaí sin ó dháta áirithe ar aghaidh. Is féidir an toirmeasc sin cásanna a chruthú ina mbeadh ar ghníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh roimh dheireadh a saolré eacnamaíche agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh brabús a tarscaoileadh a bheith ann dá bharr. D‘fhéadfadh sé gur mhian leis na Ballstáit cúiteamh a dheonú lasmuigh de nósanna imeachta cúirte chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú, rud a éascóidh an t-aistriú glas.

4.12.1.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

425.

Leagtar amach sa Roinn seo rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta a glacadh chun dlús a chur le gníomhaíochtaí brabúsacha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh agus chun na gnóthais lena mbaineann a chúiteamh. De ghnáth, dhéanfaí cúiteamh den sórt sin a ríomh ar bhonn na mbrabús a tarscaoileadh arna dtabhú ag na gnóthais mar gheall ar an dúnadh luath. Féadfar a chumhdach leis freisin costais bhreise arna dtabhú ag na gnóthais, mar shampla costais a bhaineann le costais bhreise shóisialta agus chomhshaoil, más rud é gurb é dúnadh luath na ngníomhaíochtaí brabúsacha is cúis leis na costais sin. Ní fhéadfaidh costais a bheith san áireamh i gcostais bhreise i gcás ina mbeidís ann freisin sa chás frithfhíorasach.

426.

Is féidir bearta a chumhdaítear ag an Roinn seo forbairt gníomhaíochtaí nó réimsí eacnamaíocha áirithe a éascú. Mar shampla, le bearta den sórt sin féadfar spás a chruthú chun gníomhaíochtaí eile giniúna cumhachta a fhorbairt i gcomhréir leis an gComhaontú Glas chun an laghdú ar an acmhainneacht giniúna cumhachta a eascraíonn as an dúnadh luath a chúiteamh. In éagmais an bhirt, ní féidir an fhorbairt sin a dhéanamh an oiread céanna. Ina theannta sin, leis an intuarthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a thugtar isteach leis na bearta sin, is féidir cuidiú chun dúnadh ordaithe na ngníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a éascú.

4.12.1.3.   Éifeacht dreasachta

427.

Leis an mbeart sin, ní mór athrú a spreagadh in iompraíocht eacnamaíoch na n-oibreoirí, ar oibreoirí iad a dhúnann a ngníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola níos luaithe ná deireadh a saolré eacnamaíche. Chun a chinneadh an amhlaidh atá, cuirfidh an Coimisiún an cás fíorasach i gcomparáid (i.e. éifeachtaí an bhirt) le cás frithfhíorasach (i.e. in éagmais an bhirt). Níor cheart dul timpeall ar na rialacha is infheidhme maidir le bearta i ndáil le slándáil an tsoláthair a bheith ina thoradh ar an mbeart.

4.12.1.4.   Riachtanas agus oiriúnacht

428.

Measann an Coimisiún go bhfuil gá le beart más féidir leis an mBallstát a léiriú go bhfuil an beart dírithe ar chás inar féidir feabhas ábhartha a dhéanamh leis an mbeart agus nach féidir a dhéanamh leis an margadh amháin. Mar shampla, trí dheireadh a chur le hacmhainneacht giniúna cumhachta atá bunaithe ar ghual, móin agus scealla ola de réir a chéile agus, ar an gcaoi sin, cur le forbairt gníomhaíocht eacnamaíoch giniúna cumhachta ó fhoinsí malartacha, rud nach dtarlódh a mhéid céanna gan an beart. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh freisin an mbeadh laghdú comhchosúil ar astaíochtaí CO2 bainte amach sa mhargadh féin gan an beart, nó, an gcuireann an beart go mór leis chun deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a áirithiú nach mbeadh ann in éagmais an bhirt, agus ar an gcaoi, sin an t-aistriú glas a éascú.

429.

Ina theannta sin, ba cheart don Bhallstát a léiriú gur ionstraim iomchuí beartais é an beart chun an cuspóir atá beartaithe a bhaint amach, is é sin le rá nach ann d’ionstraim beartais nó chabhrach nach bhfuil chomh saobhach a d’fhéadfadh na torthaí céanna a bhaint amach. Mar shampla, má dhírítear an beart go maith chun cur le forbairt na giniúna leictreachais ó fhoinsí malartacha, agus an tionchar ar fheidhmiú agus fostaíocht an mhargaidh leictreachais a mhaolú an tráth céanna, agus chun intuarthacht an dúnta a áirithiú, agus ag cur, an tráth céanna, leis na spriocanna maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú.

4.12.1.5.   Comhréireacht

430.

I bprionsabal, ní mór an chabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch ar bhonn critéir shoiléire thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha, i gcomhréir le Roinn 3.2.1.3 (166). Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina léiríonn an Ballstát nach dócha gur iomaíoch bheadh próiseas tairisceana ar chúiseanna oibiachtúla. D‘fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina bhfuil teorainn leis an líon rannpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann, ar choinníoll nach bhfuil sin ina thoradh ar chritéir incháilitheachta idirdhealaitheacha.

431.

Más trí phróiseas tairisceana iomaíoch a dheonaítear an chabhair, glacfaidh an Coimisiún leis go bhfuil an chabhair comhréireach agus teoranta don mhéid is lú is gá.

432.

In éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhréireacht cás ar chás chun a fhíorú go bhfuil an cúiteamh teoranta don mhéid is lú is gá. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na toimhdí a úsáideann an Ballstát chun a chinneadh na brabúis a tarscaoileadh agus na costais bhreise ar ar ríomhadh an cúiteamh as dúnadh luath, trí chomparáid a dhéanamh idir an bhrabúsacht a d’fhéadfadh a bheith ann sna cásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha. Ba cheart an cás frithfhíorasach a bheith bunaithe ar thoimhdí a bhfuil údar cuí leo, ar fhorbairtí réalaíocha sa mhargadh agus ba cheart ioncam agus costais réamh-mheasta na n-eintiteas uile atá i gceist a bheith léirithe leis, agus naisc fheidhmiúla dhíreacha idir eintitis á gcur san áireamh an tráth céanna.

433.

I gcás ina ndúntar gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola níos mó ná trí bliana tar éis an cúiteamh a dhámhachtain, ní mór don Bhallstát sásra a thabhairt isteach chun ríomh an chúitimh a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na dtoimhdí is déanaí, mura féidir leis a léiriú cén fáth nach bhfuil údar maith le sásra den sórt sin a úsáid de bharr imthosca eisceachtúla sa chás i dtrácht.

4.12.1.6.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

434.

Ní mór don Bhallstát na sochair chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeart a shainaithint agus a chainníochtú agus, i gcás inar féidir, i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 a seachnaíodh. Ina theannta sin, beidh tuairim dhearfadh ag an gCoimisiún má chuimsíonn na bearta lamháltais astaíochtaí CO2 a chur ar ceal ar bhonn deonach ar an leibhéal náisiúnta.

435.

Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an beart a struchtúrú ar bhealach a chuirfidh teorainn leis an saobhadh iomaíochta is lú is féidir sa mhargadh. Má dheonaítear an chabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte do gach oibreoir gníomhaíochtaí guail, móna nó scealla ola ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, glacfaidh an Coimisiún leis nach mbeidh ach iarmhairtí saobhacha teoranta ag an gcabhair ar an iomaíocht agus ar an trádáil. In éagmais próiseas tairisceana iomaíoch, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí na cabhrach ar an iomaíocht agus ar an trádáil, ar bhonn dhearadh an bhirt agus ar a éifeacht ar an margadh ábhartha.

4.12.2.   Cabhair le haghaidh na gcostas eisceachtúil a bhaineann leis na gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh

4.12.2.1.   An réasúnaíocht atá ag an gcabhair

436.

Má dhúntar gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola, is féidir costais shuntasacha shóisialta agus chomhshaoil a chruthú ar leibhéal na ngléasraí cumhachta agus na n-oibríochtaí mianadóireachta. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na costais eisceachtúla sin a chumhdach chun na hiarmhairtí sóisialta agus réigiúnacha a bhaineann leis an dúnadh a mhaolú.

4.12.2.2.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

437.

Leagtar amach sa Roinn seo rialacha comhoiriúnachta maidir le bearta arna nglacadh chun costais eisceachtúla a chumhdach, ar costais iad a thagann as dúnadh gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola.

438.

Le bearta a chumhdaítear leis an Roinn seo, is féidir aistriú sóisialta, comhshaoil agus sábháilteachta an réimse lena mbaineann a éascú.

439.

Tá feidhm ag an Roinn seo sa mhéid nach bhfuil an beart cumhdaithe sa Chinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le státchabhair chun dúnadh mianach neamhiomaíoch guail a éascú (167).

4.12.2.3.   Riachtanas agus oiriúnacht

440.

Measfaidh an Coimisiún go bhfuil cabhair chun costais eisceachtúla a chumhdach riachtanach agus iomchuí sa mhéid go bhféadfaidh sé cuidiú chun maolú a dhéanamh ar an tionchar sóisialta agus comhshaoil a bhíonn ag dúnadh gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola sa réigiún agus sa Bhallstát lena mbaineann.

4.12.2.4.   Éifeacht dreasachta agus comhréireacht

441.

Ní fhéadfaidh státchabhair le haghaidh costais eisceachtúla a úsáid ach chun na costais a thagann as dúnadh gníomhaíochtaí neamhiomaíocha guail, móna agus scealla ola a chumhdach.

442.

Is in Iarscríbhinn II a shainítear catagóirí na gcostas incháilithe. Níl na costais a eascraíonn as neamhchomhlíontacht rialachán comhshaoil agus costas a bhaineann le táirgeadh reatha incháilithe.

443.

Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (168) ná do rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais (169), ní fhéadfar a mheas go mbeidh éifeacht dreasachta ag cabhair chun costais chomhshaoil eisceachtúla a chumhdach ach amháin nuair nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas a rinne an damáiste don chomhshaol a aithint nó a chur faoi dhliteanas dlíthiúil i leith mhaoiniú na n-oibreacha is gá chun damáiste don chomhshaol a chosc agus a cheartú i gcomhréir leis an ‘bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’.

444.

Ní mór don Bhallstát a léiriú go ndearnadh gach beart is gá, lena n-áirítear caingean dlí, chun an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas a rinne an damáiste don chomhshaol a shainaithint agus chun na costais ábhartha a iompar. I gcás nach féidir an t-eintiteas nó an gnóthas atá faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme a shainaithint ná nach féidir iallach a chur air na costais a iompar, féadfar cabhair a dheonú chun tacú leis na hoibreacha iomlána leighis nó athshlánaithe agus féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta aici. Féadfaidh an Coimisiún a mheas nach féidir le gnóthas na costais a iompar a bhaineann leis an damáiste don chomhshaol atá déanta aige a leigheas i gcás nach ann dó a thuilleadh ó thaobh dlí de agus nach féidir aon ghnóthas eile a mheas mar a chomharba dlíthiúil nó eacnamaíoch (170) nó i gcás nach bhfuil slándáil airgeadais leordhóthanach ann chun íoc as na costais leighis.

445.

Ní mór méid na cabhrach a bheith teoranta do chostais eisceachtúla an tairbhí a chumhdach agus ní mór nach rachaidh sé thar na costais arna dtabhú go hiarbhír. Cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar an mBallstát méid na cabhrach le haghaidh na gcatagóirí costas incháilithe uile a shainaithint go soiléir agus ar leithligh, mar a shonraítear in Iarscríbhinn II. I gcás ina gcumhdaíonn an Ballstát na costais sin ar bhonn meastachán, sula dtabhaíonn an tairbhí iad i ndáiríre, ní mór dó fíorú ex post a dhéanamh ar na costais arna dtabhú ar bhonn ráitis mhionsonraithe arna soláthar ag an tairbhí don údarás deonúcháin, lena n-áirítear sonraisc nó deimhnithe lena léirítear na costais eisceachtúla arna dtabhú, agus na méideanna arna ndeonú a choigeartú dá réir sin.

4.12.2.5.   Seachaint éifeachtaí diúltacha míchuí ar iomaíocht agus trádáil

446.

Ar choinníoll go bhfuil an chabhair teoranta chun costais eisceachtúla arna dtabhú ag an tairbhí a chumhdach, measann an Coimisiún nach mbeidh ach iarmhairt saobhacha teoranta ag an gcabhair sin ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

447.

Ba cheart cabhair a fhaightear le haghaidh costais eisceachtúla a thaispeáint i gcuntas brabúis agus caillteanais an tairbhí mar mhír ioncaim ar leith atá éagsúil ón láimhdeachas. I gcás ina leanann an tairbhí de bheith ag trádáil nó ag oibriú tar éis na gníomhaíochtaí ábhartha guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ní mór dó cuntais bheachta agus ar leith a choinneáil i gcomhair na ngníomhaíochtaí sin. Ní mór an chabhair arna deonú a bhainistiú ar shlí nach féidir í a aistriú chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile de chuid an ghnóthais chéanna.

4.13.   Cabhair le haghaidh staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin maidir le hábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh

4.13.1.   Raon feidhme agus gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht

448.

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair le haghaidh staidéar nó seirbhísí comhairliúcháin a bhaineann go díreach le tionscadail nó gníomhaíochtaí a chuimsítear sna treoirlínte seo ar ábhair a bhaineann leis an aeráid, le cosaint an chomhshaoil agus le fuinneamh. Féadfar cabhair a dheonú gan beann ar an leanfaidh infheistíocht a chumhdaítear leis na treoirlínte seo an staidéar nó an tseirbhís comhairliúcháin.

449.

Ní mór nach mbeidh an staidéar ná an tseirbhís comhairliúcháin ina gníomhaíocht leanúnach ná ina gníomhaíocht thréimhsiúil agus níor cheart baint a bheith aige le gnáthchostais oibriúcháin an ghnóthais.

4.13.2.   Éifeacht dreasachta

450.

Tá feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe 451 sa bhreis orthu sin a leagtar amach i Roinn 3.1.2.

451.

Féadfar a mheas go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair le haghaidh iniúchtaí fuinnimh arna gceangal le Treoir 2012/27/AE sa mhéid go ndéantar an t-iniúchadh fuinnimh de bhreis ar an iniúchadh éigeantach fuinnimh faoin Treoir sin.

4.13.3.   Comhréireacht

452.

Is iad na costais incháilithe costais an staidéir nó costais na seirbhísí comhairliúcháin a bhaineann le tionscadail nó le gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na treoirlínte seo. I gcás nach mbaineann ach cuid den staidéar nó den tseirbhís comhairliúcháin le hinfheistíochtaí a chumhdaítear leis na treoirlínte sin, is iad na costais incháilithe costais na gcodanna den staidéar nó den tseirbhís comhairliúcháin a bhaineann leis na hinfheistíochtaí sin.

453.

Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 60 % de na costais incháilithe.

454.

Féadfar méadú 20 pointe céatadáin a dhéanamh ar dhéine na cabhrach i gcás staidéar nó seirbhísí comhairliúcháin a dhéantar thar ceann fiontair bheaga agus 10 bpointe céatadáin i gcás staidéar nó seirbhísí comhairliúcháin a dhéantar thar ceann fiontair mheanmhéide.

5.   MEASTÓIREACHT

455.

Chun a áirithiú tuilleadh go mbeidh saobhadh iomaíochta agus trádála teoranta, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar scéimeanna cabhrach infhógartha a bheith faoi réir meastóireacht ex post. Ba cheart meastóireachtaí a dhéanamh i gcás scéimeanna ina bhfuil an saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann ar an iomaíocht agus ar an trádáil thar a bheith ard, is é sin le rá scéimeanna a lena bhféadfaí an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh go suntasach mura ndéanfar athbhreithniú ar a gcur chun feidhme in am trátha.

456.

Beidh gá le meastóireacht ex post i gcás scéimeanna a bhfuil buiséid mhóra chabhrach acu, nó a bhfuil saintréithe núíosacha acu, nó nuair a thuartar go mbeidh athruithe suntasacha sa mhargadh, i dteicneolaíocht nó i rialáil. I gcás ar bith, beidh gá le meastóireacht ex post le haghaidh scéimeanna ina sáróidh an buiséad státchabhrach nó an caiteachas a bhfuil cuntar air EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéimeanna. Áirítear i bhfad iomlán na scéimeanna fad iomlán na scéime agus mar aon le haon scéim a tháinig roimhe lena gcumhdaítear limistéar oibiachtúil geografach comhchosúil, ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh. I bhfianaise chuspóirí na meastóireachta, agus ionas nach gcuirfear ualach díréireach ar na Ballstáit agus ar thionscadail cabhrach atá níos lú, níl feidhm ag an gceanglas meastóireachta ex post ach amháin maidir le scéimeanna cabhrach a mhaireann níos faide ná trí bliana ar an iomlán, ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.

457.

Féadfar an ceanglas maidir leis an meastóireacht ex post a tharscaoileadh i ndáil le scéimeanna cabhrach a thagann díreach tar éis scéimeanna a chumhdaíonn cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil agus atá ina scéimeanna comharbachta freisin, ar scéimeanna iad agus a bhí faoi réir meastóireachta, a thíolaic tuarascáil mheastóireachta deiridh i gcomhréir leis an bplean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún agus nár chruthaigh aon toradh diúltach. Aon scéim nach bhfuil an tuarascáil mheastóireachta deiridh i gcomhréir leis an bplean meastóireachta formheasta, ní mór í a chur ar fionraí le héifeacht láithreach.

458.

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an meastóireacht ex post a fhíorú pé acu ar fíoraíodh na toimhdí agus ar baineadh amach na coinníollacha is bun le comhoiriúnacht na scéime, go háirithe an gá atá leis an mbeart cabhrach agus éifeachtacht an bhirt cabhrach, i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus sonracha, agus ba cheart tásca a sholáthar inti maidir le tionchar na scéime ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

459.

Ní mór don Bhallstát fógra a thabhairt faoi dhréachtphlean meastóireachta, rud a bheidh ina chuid lárnach den mheasúnú ón gCoimisiún ar an scéim, mar a leanas:

(a)

in éineacht leis an scéim cabhrach, má théann a bhuiséad státchabhrach thar EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar a fhad iomlán; nó

(b)

laistigh de 30 lá oibre tar éis modhnú suntasach a dhéanamh lena méadaítear buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún le linn fhad iomlán na scéime; nó

(c)

i gcás scéimeanna nach dtagann faoi (a) ná (b), laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún sa bhliain roimhe sin a thaifeadadh sna cuntais oifigiúla.

460.

Ní mór ann dréachtphlean meastóireachta a bheith i gcomhréir leis na prionsabail mhodheolaíochta choiteanna arna soláthar ag an gCoimisiún (171). Ní mór an plean meastóireachta a d’fhormheas an Coimisiún a chur ar fáil don phobal.

461.

Ní mór do shaineolaí atá neamhspleách ar an údarás deonúcháin cabhrach an mheastóireacht ex post a dhéanamh ar bhonn an phlean meastóireachta. Ní mór tuarascáil mheastóireachta eatramhach amháin agus tuarascáil mheastóireachta deiridh amháin ar a laghad a bheith ar áireamh i ngach meastóireacht. Ní mór an dá thuarascáil a chur ar fáil go poiblí.

462.

I gcás scéimeanna cabhrach a eisiatar ó raon feidhme rialacháin blocdhíolúine amháin ar bhonn an bhuiséid mhóir atá acu, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a gcomhoiriúnacht ar bhonn an phlean meastóireachta amháin.

463.

Ní mór an tuarascáil mheastóireachta deiridh a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhadú féideartha na scéime cabhrach agus, ar a dhéanaí, naoi mí sula rachaidh sí in éag. D’fhéadfaí an sprioc-am sin a laghdú i gcás scéimeanna a spreagann an ceanglas meastóireachta le linn an dá bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme. Leagfar amach an raon feidhme beacht agus na socruithe beachta le haghaidh na meastóireachtaí uile sa chinneadh lena bhformheastar an scéim cabhrach. Ní mór tuairisc a thabhairt ar an gcaoi ar cuireadh torthaí na meastóireachta san áireamh in aon bheart cabhrach ina dhiaidh sin a bhfuil cuspóir comhchosúil aige.

6.   TUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN

464.

Faoi Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (172) agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (173), ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

465.

Ní mór do na Ballstáit taifid mhionsonraithe a choinneáil maidir le gach beart cabhrach. Ní mór an fhaisnéis uile is gá a bheith sna taifid sin lena shuíomh gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le costais incháilithe agus déine uasta na cabhrach. Ní mór na taifid sin a choimeád ar feadh 10 bliana ó dháta dáfa na cabhrach agus ní mór iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

7.   INFHEIDHMEACHT

466.

Cuirfidh an Coimisiún na treoirlínte sin i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí atá gach cabhair infhógartha le haghaidh na haeráide, le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus le haghaidh fuinnimh, ar cabhair í a dhámhfar nó a bheartaítear a dámhachtain ón 27 Eanáir 2022 ar aghaidh. Déanfar measúnú ar chabhair neamhdhleathach i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme ar an dáta ar ar dámhadh an chabhair.

467.

Cuirtear na treoirlínte seo in ionad na dTreoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020 (174).

468.

Molann an Coimisiún na bearta iomchuí seo a leanas do na Ballstáit faoi Airteagal 108(1) den Chonradh:

(a)

I gcás inar gá, leasaíonn na Ballstáit na scéimeanna atá ann cheana maidir le cosaint an chomhshaoil agus le cabhair fuinnimh chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na treoirlínte sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023;

(b)

Tugann na Ballstáit a gcomhaontú neamhchoinníollach sainráite maidir leis na bearta iomchuí a mholtar i bpointe 468(a) laistigh de dhá mhí ó dháta foilsithe na dtreoirlínte sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. In éagmais aon fhreagra, glacfaidh an Coimisiún leis nach n-aontaíonn an Ballstát i dtrácht leis na bearta atá beartaithe.

8.   ATHBHREITHNIÚ

469.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na treoirlínte sin amhail ón 31 Nollaig 2027, chun scrúdú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, a n-éifeachtúlacht, a n-ábharthacht, a gcomhleanúnachas agus a mbreisluach.

470.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh na treoirlínte sin a athbhreithniú nó a leasú tráth ar bith más gá sin ar chúiseanna a bhaineann le beartas iomaíochta, nó beartais eile an Aontais agus gealltanais idirnáisiúnta eile a chur san áireamh, nó ar aon chúis a bhfuil bonn cirt leis.

(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis ‘an gComhaontú Glas don Eoraip’, COM (2019) 640 final.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid - Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail’, COM(2020) 562 final.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ [An pacáiste ‘Fit for 55: sprioc aeráide 2030 an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach], COM(2021) 550 final.

(5)  https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/amendment-renewable-energy-directive-2030-climate-target-with-annexes_en.pdf

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘The EU economy after COVID-19: implications for economic governance’ [Geilleagar an Aontais i ndiaidh phaindéim COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch], COM(2021) 662 final.

(7)  Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar chatagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí (IO L 248, 24.9.2015, lch. 1).

(8)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (IO C 275, 18.8.2017, lch. 1) i ndáil le Coinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

(9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair d’aerfoirt agus d’aerlínte (IO C 99, 4.4.2014, lch. 3).

(10)  De ghnáth is lú an saobhadh agus is mó an éifeacht a bhíonn ag cabhair chomhshaoil má dheonaítear í do thomhaltóir/úsáideoir táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol in ionad do tháirgeoir/monaróir an táirge atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá an méid sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cabhair chomhshaoil a dheonú do ghnóthais chun leibhéal cosanta comhshaoil a ngníomhaíochtaí monaraíochta a fheabhsú.

(11)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat um Státchabhair le haghaidh taighde agus forbairt (IO C 198, 27.6.2014, lch. 1).

(12)  Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe 2014 go 2020 (IO C 204, 1.7.2014, lch. 1).

(13)  Communication from the Commission – Guidelines for the examination of State aid to the fishery and aquaculture sector [Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte chun scrúdú a dhéanamh ar státchabhair d’earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe] (IO C 217, 2.7.2015, lch. 1).

(14)  Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

(15)  Féach breithiúnas na Cúirte Céadchéime an 13 Meán Fómhair 1995, TWD v an Coimisiún, T-244/93 agus T-486/93, ECLI:EU:T:1995:160, mír 56. Féach freisin an Teachtaireacht ón gCoimisiún – Fógra ón gCoimisiún maidir le Státchabhair atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil (IO C 247, 23.7.2019, lch. 1).

(16)  Iasacht ag a bhfuil ráta úis atá faoi bhun ráta an mhargaidh.

(17)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(18)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(19)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(20)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(21)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).

(23)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(24)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(25)  Treoir 2019/944/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(26)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(27)  Tionscadail a thógtar le haghaidh úsáideoir sainaitheanta ex ante amháin nó grúpa beag d’úsáideoirí sainaitheanta ex ante agus atá curtha in oiriúint dá riachtanais (‘bonneagar tiomanta’), ní cháilíonn siad mar bhonneagar fuinnimh.

(28)  Féadfaidh aon cheann de na sócmhainní a liostaítear i bpointí (i) go (vi) maidir le hidrigin a bheith ina shócmhainn nuathógtha nó ina shócmhainn a tiontaíodh ó ghás nádúrtha go hidrigin (‘athchuspóra’) nó ina theaglaim den dá rud. Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) go (vi) maidir le hidrigin atá faoi réir rochtana ag tríú páirtí, cáilíonn siad mar bhonneagar fuinnimh.

(29)  Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) go (iv) maidir le dé-ocsaíd charbóin atá faoi réir rochtana ag tríú páirtí, cáilíonn siad mar bhonneagar fuinnimh.

(30)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(32)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(33)  Moladh ón gComhairle an 3 Márta 1975 maidir le leithdháileadh costais agus gníomhaíocht ag údaráis phoiblí maidir le cúrsaí comhshaoil (IO L 194, 25.7.1975, lch. 1).

(34)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(35)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(36)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(37)  D’fhéadfadh leibhéil ghaolmhara astaíochtaí (BAT-AEL), leibhéil ghaolmhara éifeachtúlachta fuinnimh (BAT-AEEL) nó leibhéil ghaolmhara feidhmíochta comhshaoil (BAT-AEPL) a bheith san áireamh leis sin.

(38)  Féach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 13 Meitheamh 2013, HGA agus daoine eile v an Coimisiún, C-630/11 P go C-633/11 P, ECLI:EU:T:2013:387, mír 104.

(39)  Ní mór don chás sin a bheith inchreidte, fíor agus ní mór baint a bheith aige le tosca cinnteoireachta a bheidh forleathan tráth a ndéanfaidh tairbhí na cabhrach cinneadh maidir leis an tionscadal. Iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint as doiciméid oifigiúla an bhoird, as measúnuithe riosca, as tuarascáil airgeadais, as pleananna gnó inmheánacha, as tuairimí saineolaithe agus as staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú. Doiciméid ina bhfuil faisnéis faoi réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costas, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid arna gcur faoi bhráid coiste infheistíochta agus ina ndéantar cur síos mionsonraithe ar chásanna infheistíochta/oibriúcháin nó doiciméid arna soláthar do na hinstitiúidí airgeadais, d’fhéadfadh siad cabhrú leis na Ballstáit an éifeacht dreasachta a léiriú. Ní mór do na doiciméid sin a bheith comhaimseartha leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcinneadh infheistíochta/oibriúcháin.

(40)  De réir an phrionsabail sin, tabharfaidh na Ballstáit lánaird agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha costéifeachtúlachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla, go háirithe trí choigealtas costéifeachtach úsáide deiridh fuinnimh, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú agus a dháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach. Féach Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(41)  Is féidir úsáid lipéad comhshaoil agus éileamh ar tháirgí a bheith ina mhodh eile chun gur féidir le tomhaltóirí/úsáideoirí cinntí ceannaigh eolasacha a dhéanamh, agus chun éileamh ar tháirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a mhéadú. Nuair atá lipéid láidre chomhshaoil agus maíomh fírinneach comhshaoil dea-dheartha, aitheanta, agus go dtuigeann tomhaltóirí ábhartha iad agus go mbíonn muinín acu astu, is féidir leo a bheith ina n-uirlis chumhachtach chun iompar (tomhaltóir) a threorú agus a mhúnlú i dtreo roghanna atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Úsáid a bhaint as scéim creidiúnach um lipéadú/deimhniúchán lena ngabhann critéir shoiléire agus atá faoi réir fíorú seachtrach (tríú páirtí), tá sé sin ar cheann de na bealaí is éifeachtaí do ghnólachtaí a léiriú do thomhaltóirí agus do pháirtithe leasmhara go bhfuil na hardchaighdeáin chomhshaoil á gcomhlíonadh acu. I bhfianaise an méid sin, ní chuireann an Coimisiún san áireamh i raon feidhme na dtreoirlínte seo rialacha sonracha maidir le cabhair chun táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhearadh agus a mhonarú.

(42)  Mar sin féin, i gcás inar féidir ‘tairiscintí fóirdheontais nialasacha’ a bheith ann, ba cheart do na Ballstáit a mhíniú conas a dhéanfar an chomhréireacht a áirithiú. Is féidir le tairiscintí fóirdheontais nialasacha teacht chun cinn toisc go meastar go dtiocfaidh méadú ar ioncam ón margadh le himeacht ama, cuir i gcás, agus/nó toisc go bhfaigheann tairgeoirí ar éirigh leo lamháltais nó sochair eile chomh maith le tacaíocht phraghsanna. Bonnphraghsanna nó uasteorainneacha a chuireann srian ar an bpróiseas iomaíoch a bhaineann an bhoinn den chomhréireacht, ba cheart iad a sheachaint, fiú más comhionann le nialas atá siad.

(43)  De ghnáth, is leor sé seachtaine. Maidir le próisis atá thar a bheith casta nó nua, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse ama níos faide. I gcásanna a bhfuil údar leo, próisis shimplí nó próisis rialta/leanúnacha, cuir i gcás, d’fhéadfadh tréimhse ama níos giorra a bheith iomchuí.

(44)  Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit ar aonaid cosanta comhshaoil, féadfaidh siad modheolaíocht a fhorbairt lena gcuirfear san áireamh astaíochtaí nó truailliú eile ag céimeanna éagsúla den ghníomhaíocht eacnamaíoch dá dtugtar tacaíocht, an t-am chun tionscadal a chur i gcrích nó na costais a bhaineann le comhtháthú córas. Agus an méid a chuirtear leis na príomhchuspóirí á chur i gcomparáid le méid na cabhrach arna iarraidh, féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, na critéir oibiachtúla éagsúla a mheas agus a roghnú ar bhonn mhéid na cabhrach in aghaidh aonad meán ualaithe na gcritéar oibiachtúil, nó féadfaidh siad na cinn ag a bhfuil na scóir is airde ar na critéir oibiachtúla a roghnú as measc raon teoranta tairiscintí a bhfuil an méid cabhrach is ísle in aghaidh an aonaid acu in aghaidh an aonaid. Ní mór paraiméadair aon chur chuige den sórt sin a chalabrú chun a áirithiú go bhfanfaidh an próiseas tairisceana neamh-idirdhealaitheach, iomaíoch ar bhealach éifeachtach agus go léireoidh sé luach eacnamaíoch.

(45)  Cás frithfhíorasach ina moltar leanúint de na gníomhaíochtaí reatha nach bhfuil inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar chás malartach infheistíochta/oibriúcháin, ní mheasfar an cás sin a bheith réalaíoch.

(46)  In éagmais tionscadal malartach, fíoróidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair teoranta don íosmhéid is gá chun go mbeidh brabús leordhóthanach ag gabháil leis an tionscadal dá dtugtar cabhair, trí bhíthin é a bheith indéanta ráta toraidh inmheánach (‘IRR’) a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht. Féadfar gnáthrátaí toraidh a éilíonn an tairbhí i dtionscadail infheistíochta eile den chineál sin, a chostas caipitil ina iomláine nó torthaí a bhreithnítear de ghnáth sa tionscal lena mbaineann a úsáid chun na críche sin. Ní mór na costais agus na tairbhí ábhartha uile a bhfuil súil leo a chur san áireamh thar shaolré an tionscadail.

(47)  Cuardach Poiblí ar Thrédhearcacht na Státchabhrach, le fáil ag: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en.

(48)  Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh i gcás ina mbainfeadh foilsiú iomlán mionsonraithe an bonn den iomaíocht i bpróisis leithdháilte ina dhiaidh sin, mar shampla trí thairiscintí straitéiseacha a cheadú.

(49)  I gcás nach mbeidh aon cheanglas foirmiúil ann maidir le dearbhú bliantúil, measfar gurb é an 31 Nollaig den bhliain a deonaíodh an chabhair ina leith an dáta deonaithe chun críoch ionchódaithe.

(50)  Maidir le bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta mar a d’fhormheas an Chomhairle iad, meastar gur comhlíonadh an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ mar go ndearnadh sin a fhíorú cheana féin.

(51)  D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh freisin i gcás ina saobhann an chabhair oibriú na n-ionstraimí eacnamaíocha a cuireadh i bhfeidhm chun na seachtrachtaí diúltacha sin a inmheánú (trí difear a dhéanamh do chomharthaí praghais a thugtar le ETS an Aontais nó ionstraim chomhchosúil, cuir i gcás).

(52)  Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a bheith bunaithe ar phlean náisiúnta dícharbónaithe a bhfuil spriocanna ceangailteacha ag gabháil leis agus/nó plean a bhféadfadh gealltanais cheangailteacha ón tairbhí a bheith ar áireamh ann chun teicneolaíochtaí dícharbónaithe amhail CCS/CCU a chur chun feidhme nó gás in-athnuaite nó ísealcharbóin a chur in ionad gáis nádúrtha nó an gléasra a dhúnadh de réir amlíne atá i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais. Chun spriocanna aeráide an Aontais le haghaidh 2030 agus 2050 a bhaint amach, ní mór laghdú géar soiléir a bheith ar na breoslaí iontaise ar fad, lena n-áirítear gás nádúrtha. Sa mheasúnú tionchair a chur an Coimisiún le chéile le haghaidh an phlean um sprioc aeráide 2030, mínítear ‘go mbeidh úsáid neamhlaghdaithe gáis nádúrtha ar neamhréir leis an gcuspóir aeráidneodrachta faoi 2050 agus nach mór úsáid an gháis sin a laghdú 66 - 71 % i gcomparáid le 2015’ (SWD(2020) 176 final).

(53)  Baineann sé sin le hinfheistíochtaí athfhorbraíochta agus le hinfheistíochtaí úrnua araon.

(54)  Áirítear air sin leictrealóirí ar an eangach a bhfuil comhaontuithe ceannacháin cumhachta in-athnuaite tugtha i gcrích acu le hoibreoirí eacnamaíocha, ar oibreoirí iad a tháirgeann leictreachas in-athnuaite a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(3) de Threoir (AE) 2018/2001.

(55)  Is é an cás frithfhíorasach an ghníomhaíocht a bheadh déanta ag an tairbhí in éagmais na cabhrach. I roinnt cásanna dícharbónaithe, d’fhéadfadh infheistíocht i rogha eile a bheith i gceist, rogha is mó díobháil don chomhshaol. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon infheistíocht i gceist, nó go bhfuil moill ar an infheistíocht, ach d’fhéadfadh cinntí oibriúcháin a bheith i gceist, cuir i gcás, cinntí gur lú an tairbhe don chomhshaol a bheadh mar thoradh orthu, amhail feidhmiú leanúnach áiseanna ar an láthair agus/nó fuinneamh a cheannach.

(56)  Ní dhéanfadh sé sin difear do theidlíocht maidir le cabhair a deonaíodh cheana a fháil (e.g. faoi chonradh 10 bliana).

(57)  De ghnáth, ní éilíonn an Coimisiún go n-osclófar bearta thar theorainneacha, cé go bhféadfadh sé sin cabhrú le himní maidir le hiomaíocht a laghdú.

(58)  Amhail, más infheidhme, i gcás hidrigin in-athnuaite.

(59)  Níor cheart incháilitheacht i gcás den sórt sin a theorannú ach amháin i gcomhréir leis na sainmhínithe ábhartha i gcás ina bhfuil siad ar fáil sa reachtaíocht earnálach. Mar shampla, scéim a ceapadh chun príomhsprioc an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, ba cheart don scéim a bheith oscailte do na teicneolaíochtaí uile a chomhlíonann an sainmhíniú ar ‘fhoinsí fuinnimh in-athnuaite’ i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 8), agus scéim a ceapadh chun fosprioc de chuid an Aontais a chomhlíonadh, ba cheart don scéim sin a bheith oscailte do na teicneolaíochtaí uile ar féidir leo chuidiú leis an bhfosprioc sin a bhaint amach. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme a mbeart tacaíochta a theorannú a thuilleadh, áfach, lena n-áirítear do chineálacha sonracha foinsí fuinnimh in-athnuaite, ar bhonn critéir oibiachtúla eile amhail na critéir sin a liostaítear i bpointí 96(b) go (g).

(60)  I gcás ina bhfuil tacaíocht réigiúnach i gceist, ba cheart don Bhallstát a léiriú go gcumasaítear le seirbhísí coimhdeacha agus rialacha maidir le hathsheoladh rannpháirtíocht éifeachtúil foinsí in-athnuaite fuinnimh, stóráil agus freagairt don éileamh de réir mar is iomchuí agus luach saothair ar roghanna suímh agus teicneolaíochta a thacaíonn le cobhsaíocht na n-eangach, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944. I gcás ina sainaithníonn an Ballstát fadhb áitiúil maidir le slándáil an tsoláthair nach féidir a réiteach sa mheántéarma (e.g. laistigh de 5-10 bliana) le feabhas ar dhearadh an mhargaidh nó athneartú leordhóthanach líonra, ba cheart beart a bhunú agus measúnú a dhéanamh air faoi Roinn 4.8 chun aghaidh a thabhairt ar an imní sin.

(61)  Féadfaidh na Ballstáit brath ar phróisis chomhairliúcháin náisiúnta atá ann cheana maidir leis na ceanglais sin. A fhad a chumhdaítear leis an gcomhairliúchán na pointí a liostaítear sna treoirlínte seo agus a fhad a mhairfidh sé ar feadh na tréimhse ama is gá, ní gá comhairliúchán ar leithligh a dhéanamh. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gá le comhairliúchán ar leithligh sna cásanna dá dtagraítear i bpointe 96(g).

(62)  Is éard atá i gceist le coibhéis CO2 (CO2 e) tomhas méadrach a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh idir astaíochtaí ó gháis ceaptha teasa éagsúla ar bhonn a n-acmhainneachta téite domhanda, trí mhéideanna gás eile a thiontú go dtí an méid coibhéise dé-ocsaíde carbóin ag a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda chéanna.

(63)  Mar shampla, an t-aga tionscanta idir an próiseas iomaíoch agus an tréimhse seachadta, rialacha tairisceana/tairiscint, rialacha praghsála.

(64)  Mar shampla, má tá réanna éagsúla conartha ann, modheolaíochtaí éagsúla chun méid na hacmhainneachta incháilithe/aschuir ó theicneolaíochtaí éagsúla a ríomh, modheolaíochtaí éagsúla chun fóirdheontais a ríomh nó a íoc.

(65)  Mar shampla, spriocanna dícharbónaithe na mBallstát a bhaint amach.

(66)  Is féidir srian ceangailteach den sórt sin a bhaint amach ar bhealaí éagsúla comhlántacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun na srianta a d’fhéadfadh a bheith ann ar thaobh an tsoláthair a mhaolú, an méid a choigeartú chun an soláthar is dócha a bheidh ar fáil ag tráth áirithe a léiriú agus/nó gnéithe eile de dhearadh an phróisis tairisceana a mhodhnú (mar shampla, critéir incháilitheachta le haghaidh rannpháirtíochta); agus é amr an aidhm cuspóir an bhirt (mar shampla, spriocanna dícharbónaithe na mBallstát) a bhaint amach ar bhealach comhréireach lena n-íoslaghdófar saobhadh ar iomaíocht agus ar thrádáil. Agus comhréireacht agus iomaíochas á gcosaint ag na Ballstáit, féadfaidh siad ionchais dhlisteanacha na n-infheisteoirí a chur san áireamh freisin.

(67)  Leis na prionsabail maidir le ríomh na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar a úsáidtear le haghaidh Chiste an Aontais don Nuálaíocht, tugtar pointe tagartha úsáideach, atá le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/docs/2021-2027/innovfund/wp-call/2021/call-annex_c_innovfund-lsc-2021_en.pdf. I gcás ina n-úsáidfear leictreachas mar ionchur, áfach, ní mór don mhodheolaíocht a úsáidfear na hastaíochtaí ó tháirgeadh an leictreachais sin a chur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú úsáid a bhaint as leibhéal an fhóirdheontais in aghaidh an tona d’astaíochtaí coibhéiseacha CO2 a seachnaíodh mar chritéar roghnúcháin ina mbearta cabhrach, ach níl sé de cheangal orthu é sin a dhéanamh.

(68)  Chomh maith leis sin, mar a luaitear i bpointe 75, de ghnáth bíonn an Coimisiún i bhfabhar gnéithe eile atá beartaithe ag na Ballstáit chun rannpháirtíocht FBManna agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite i bpróisis tairisceana iomaíocha a éascú, ar choinníoll gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann le rannpháirtíocht agus glacadh a áirithiú ná na hiarmhairtí saobhacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

(69)  Le conradh difríochta tá an tairbhí i dteideal íocaíocht atá cothrom leis an difríocht idir praghas seasta ceangail agus praghas tagartha – amhail praghas margaidh, in aghaidh an aonaid aschuir. Úsáideadh iad le blianta beaga anuas le haghaidh bearta maidir le giniúint leictreachais ach d’fhéadfadh praghas tagartha a bhaineann le ETS a bheith i gceist leo freisin – i.e. conarthaí difríochta carbóin. D‘fhéadfadh na conarthaí difríochta carbóin sin a bheith úsáideach chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun dícharbónú tionsclaíoch a bhaint amach a thabhairt chun an mhargaidh. D’fhéadfadh aisíocaíochtaí ó thairbhithe le cáiníocóirí nó tomhaltóirí i gcomhair tréimhsí ina sáraíonn an praghas tagartha an praghas ceangail a bheith i gceist le conarthaí difríochta freisin.

(70)  Féadfaidh suiteálacha leictreachais in-athnuaite ar mhionscála tairbhe a bhaint as tacaíocht praghais dhírigh lena gcumhdaítear na costais iomlána oibriúcháin agus nach gceanglaítear orthu a gcuid leictreachais a dhíol ar an margadh, i gcomhréir leis an díolúine in Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2018/2001. Measfar gur suiteálacha ar mhionscála iad suiteálacha má tá a n-acmhainneacht faoi bhun na tairsí is infheidhme in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943.

(71)  Tagraíonn sé seo do liosta na sócmhainní i bpointe19(36).

(72)  Lena n-áirítear breoslaí ísealcharbóin ó fhoinsí neamh-inathnuaite agus iompróirí fuinnimh nach n-astaíonn ag an sceithphíopa ach a tháirgtear trí phróiseas atá dian ar charbón.

(73)  Maidir le bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta mar a d’fhormheas an Chomhairle iad, meastar gur comhlíonadh an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ mar go ndearnadh sin a fhíorú cheana féin.

(74)  Leis na hinfheistíochtaí sin, d’fhéadfaí díriú ar fhuinneoga nó coirí nua a chur san fhoirgneamh nó díriú ar insliú ballaí, cuir i gcás.

(75)  Is í an tréimhse aisíoca an méid ama is gá chun costas infheistíochta a aisghabháil (gan chabhair).

(76)  Tá feidhm aige sin nuair a dheonaítear cabhair chun a chumasú do ghnóthais íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh, ar íoschaighdeáin iad a cháilíonn mar chaighdeáin de chuid an Aontais, sula mbeidh na ceanglais éigeantach don ghnóthas lena mbaineann, gan beann ar chaighdeáin de chuid an Aontais roimhe sin atá i bhfeidhm cheana.

(77)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste: iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí’, COM(2020) 789 final.

(78)  Áirítear sa Teachtaireacht, i measc nithe eile, an uaillmhian ar a laghad 30 milliún gluaisteán astaíochtaí nialasacha agus 80 000 leoraí astaíochtaí nialasacha a bheith i bhfeidhm faoi 2030 agus go mbeidh astaíochtaí nialasacha ag beagnach gach gluaisteán, veain, bus agus feithicil tromshaothair nua faoi 2050.

(79)  Rialachán (AE) 2019/1242 agus Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(80)  Mar shampla, trí Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirear a ghearradh ar fheithiclí earraí troma as bonneagair áirithe a úsáid (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42) agus ETS an Aontais.

(81)  Mar shampla, trí Threoir 2009/33/CE.

(82)  Is féidir é sin a léiriú trína áirithiú go ndeonaítear an chabhair ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus trína áirithiú go bhfuil páirtithe leasmhara ar an eolas go leordhóthanach faoi raon feidhme an bhirt agus faoi choinníollacha féideartha na cabhrach.

(83)  I gcás an mheasúnaithe sin, ag brath ar na hearnálacha agus ar na modhanna iompair lena mbaineann, measfaidh an Coimisiún de ghnáth gurb é atá i gceist leis sin tréimhse idir dhá bhliain agus cúig bliana tar éis an beart cabhrach a fhógairt nó a chur chun feidhme. Bunóidh sé a mheasúnú ar staidéir margaidh neamhspleácha arna dtíolacadh ag an mBallstát nó ar aon fhianaise iomchuí eile.

(84)  Féach pointe 66.

(85)  D’fhéadfaí a áireamh leis sin go n-eisiafar róchúiteamh trína fhíorú nach dtéann an chabhair thar na glanchostais bhreise, mar a léirítear trí chomparáid a dhéanamh idir an bhearna chistiúcháin sa chás fíorasach agus frithfhíorasach, agus go dtabharfaidh an Ballstát sásra faireacháin ex post isteach chun na toimhdí a rinneadh maidir le leibhéal na cabhrach is gá a fhíorú, mar aon le sásra aisghlámtha.

(86)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(87)  Mar shampla, i gcás bonneagar athluchtaithe, gnáthchumhacht nó ardchumhacht.

(88)  I gcás an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas go ginearálta an bhfuil coinn leis go n-úsáidfear an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe ar théarmaí tráchtála laistigh de thréimhse atá ábhartha, agus fad an bhirt á chur san áireamh. Bunóidh sé a mheasúnú ar thorthaí an chomhairliúcháin phoiblí ex ante, ar staidéir neamhspleácha mhargaidh arna gcur isteach ag an mBallstát nó ar aon fhianaise iomchuí eile.

(89)  Bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go príomha lena úsáid ag gnóthais atá gníomhach in earnáil an iompair phoiblí do phaisinéirí de thalamh, d’iarnród nó d’uisce, féadfar é sin a bheith ar oscailt ar bhonn coimhdeach lena úsáid ag fostaithe, ag conraitheoirí seachtracha nó ag sholáthraithe na ngnóthas sin.

(90)  Bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá beartaithe go príomha lena úsáid ag tairbhí na cabhrach, féadfar sin a oscailt ar bhonn coimhdeach lena úsáid ag fostaithe, ag conraitheoirí seachtracha nó ag sholáthróirí thairbhí na cabhrach.

(91)  Cuir i gcás, beart atá dírithe ar chabhair d’infheistíochtaí i stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí tromshaothair ag críochfoirt lasta agus i bpáirceanna lóistíochta i mBallstát inar lú ná 2 % sciar margaidh na bhfeithiclí tromshaothair hidrigine.

(92)  Áirítear breoslaí eitlíochta inbhuanaithe leis sin.

(93)  Is é atá i gceist le breoslaí intiteáin breoslaí atá coibhéiseach ó thaobh feidhme de leis na breoslaí iontaise atá in úsáid faoi láthair agus atá ag teacht go hiomlán leis an mbonneagar dáileacháin agus leis an innealra ar bord agus leis na hinnill.

(94)  I gcás measúnaithe den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ginearálta ar thréimhse idir dhá bhliain agus cúig bliana tar éis fógra a thabhairt faoin mbearr nó tar éis an beart cabhrach a chur chun feidhme. Bunóidh sé a mheasúnú ar staidéir neamhspleácha mhargaidh arna gcur isteach ag an mBallstát nó ar aon fhianaise iomchuí eile.

(95)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine d’Eoraip aeráidneodrach], COM(2020) 301 final, lch. 3.

(96)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta nua do Gheilleagar Ciorclach Chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach’, COM(2020) 98 final.

(97)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment’ [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú], COM(2018)673 final and SWD(2018)431.

(98)  Féadfar na hacmhainní ábhartha go léir arna n-ídiú a áireamh sna hacmhainní arna n-ídiú, cé is moite d’fhuinneamh. Féadfar an laghdú a chinneadh trí ídiú a thomhas nó a mheas sula gcuirfear an beart cabhrach chun feidhme agus ina dhiaidh sin, lena n-áirítear aon choigeartú i leith dálaí seachtracha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ídiú acmhainní.

(99)  Féach na sainmhínithe ar athúsáid, aisghabháil, ullmhú d’ath-úsáid, athchúrsáil, agus dramhaíl i bpointí 19(59), (61), (62), (75) agus (90).

(100)  Is éard atá i gceist le hord na réiteach dramhaíola (a) cosc, (b) ullmhú d’athúsáid, (c) athchúrsáil, (d) aisghabháil eile, mar shampla aisghabháil fuinnimh, agus (e) diúscairt. Féach Airteagal 4(1), pointe (1) de Threoir 2008/98/CE.

(101)  Seachtháirgí (dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE), fuíoll talmhaíochta, fuíoll dobharshaothraithe, fuíoll iascaigh agus fuíoll foraoiseachta, fuíolluisce, uisce báistí agus uisce rite chun srutha, mianraí, dramhaíl mhianadóireachta, cothaithigh, gáis iarmharacha ó phróisis táirgthe, táirgí iomarcacha, páirteanna iomarcacha agus ábhair iomarcacha, etc., féadfar na nithe sin a bheith san áireamh i dtáirgí, ábhair nó substaintí eile. Is éard atá i dtáirgí iomarcacha, páirteanna iomarcacha nó ábhair iomarcacha táirgí, páirteanna nó ábhair nach bhfuil gá leo a thuilleadh ag an sealbhóir, agus nach bhfuil úsáideach dó a thuilleadh ach oiread, ach atá oiriúnach lena n-athúsáid.

(102)  Féach a sainmhíniú ar ‘bhailiú ar leithligh’ in Airteagal 3, pointe (11) de Threoir 2008/98/CE.

(103)  Ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart leibhéal níos airde in-athchúrsáilteachta nó cáilíocht níos airde den ábhar athchúrsáilte a bheith ina dtoradh ar an infheistíocht i gcomparáid leis an ngnáthchleachtas.

(104)  I gcás ina léireoidh an Ballstát go leordhóthanach é, féadfar an staid shonrach ar leibhéal an réigiúin nó na réigiún lena mbaineann a chur san áireamh freisin.

(105)  Féach an sainmhíniú i bpointe19(58).

(106)  Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit an úrnuacht a léiriú ar bhonn tuairisc bheacht ar an nuálaíocht agus ar dhálaí an mhargaidh maidir lena tabhairt isteach nó lena scaipeadh, agus comparáid á déanamh idir an úrnuacht agus na próisis úrscothacha nó na teicnící eagrúcháin a úsáideann gnóthais eile de ghnáth sa tionscal céanna.

(107)  Más féidir paraiméadair chainníochtúla a úsáid chun comparáid a dhéanamh idir gníomhaíochtaí éiceanuálaíocha agus gníomhaíochtaí caighdeánacha neamh-nuálaíocha, ciallaíonn ‘i bhfad níos airde’ gur cheart an feabhsú imeallach a bhfuil coinne leis ó ghníomhaíochtaí éiceanuálaíocha i dtéarmaí riosca laghdaithe don chomhshaol nó truailliú nó éifeachtúlacht fheabhsaithe san fhuinneamh nó in acmhainní, gur cheart é sin a bheith dhá oiread chomh hard ar a laghad leis an bhfeabhas imeallach a bhfuil coinne leis ó éabhlóid ghinearálta na ngníomhaíochtaí neamhnuálaíocha inchomparáide. I gcás nach iomchuí an cur chuige atá beartaithe do chás ar leith, nó mura féidir comparáid chainníochtúil a dhéanamh, ba cheart tuairisc mhionsonraithe ar an modh a úsáidtear chun an critéar sin a mheasúnú a bheith sa chomhad iarratais ar státchabhair, lena n-áiritheofar caighdeán atá inchomparáide le caighdeán an mhodha atá beartaithe.

(108)  D’fhéadfadh an Ballstát an riosca sin a léiriú, mar shampla, i dtéarmaí na nithe seo a leanas: na costais i ndáil le láimhdeachas an ghnóthais, an méid ama is gá chun an fhorbairt a dhéanamh, na gnóthachain a bhfuil coinne leo ón ngníomhaíocht éiceanuálaíochta i gcomparáid leis na costais, agus an dóchúlacht go gclisfear air.

(109)  Tá Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe le fáil ag: https://sustainabledevelopment.un.org/content/documents/21252030%20Agenda%20for%20Sustainable%20Development%20web.pdf.

(110)  Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030, COM(2020) 652 final.

(111)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Aer Glan Don Eoraip’, (COM(2013) 918 final). Féach freisin Treoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 i ndáil le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin aramatacha iltimthriallacha san aer comhthimpeallach (IO L 23, 26.1.2005, lch. 3) agus Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1), le haghaidh ózón ar leibhéal na talún, ábhar cáithníneach, ocsaídí nítrigine, miotail throma chontúirteacha agus líon truailleán eile. Féach freisin Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1) le haghaidh na dtruailleán aeir trasteorann is tábhachtaí: dé-ocsaídí sulfair, ocsaídí nítrigine, amóinia, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha neamh-mheatáin agus ábhar cáithníneach.

(112)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1), tá ceanglas inti maidir le stádas maith éiceolaíoch a bheith ag na dobharlaigh dhromchla agus dobharlaigh screamhuisce ach amháin má tá feidhm ag díolúintí maidir leo.

(113)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [I dTreo Pláinéad Sláintiúil do Chách: Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú], COM(2021) 400 final.

(114)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.

(115)  Is féidir státchabhair a bheith i gceist le ceadanna intrádála, go háirithe nuair a dheonaíonn Ballstáit ceadanna agus lamháltais atá faoi bhun a luach margaidh.

(116)  Chun a chinneadh cé acu den dá chuspóir atá in uachtar, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar an mBallstát comparáid a dhéanamh idir na torthaí a bhfuil coinne leo ón mbeart i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán eile a chosc nó a laghdú, ar bhonn cainníochtuithe inchreidte mionsonraithe.

(117)  Is féidir státchabhair a bheith i gceist le ceadanna intrádála, go háirithe nuair a dheonaíonn Ballstáit ceadanna agus lamháltais atá faoi bhun a luach margaidh.

(118)  Féadfar an anailís a dhéanamh ar bhonn na meastachán ar leaisteachas phraghas an táirge san earnáil lena mbaineann, i measc fachtóirí eile, agus ar mheastacháin ar dhíolacháin chaillte chomh maith lena dtionchar ar bhrabúsacht an tairbhí.

(119)  Mar shampla, iontrálaithe nua nó, a mhalairt, gnóthais nó suiteálacha atá ann cheana.

(120)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘EU biodiversity Strategy for 2030 bringing nature back into our lives’ [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], COM/2020/380 final.

(121)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change’ [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], COM(2021) 82 final.

(122)  https://www.eea.europa.eu/publications/nature-based-solutions-in-europe/.

(123)  Mar shampla, cabhair chun talamh portaigh a athfhliuchú, ar talamh portaigh é nach bhfuil nasctha le cabhair chun oibríochtaí bainte móna a dhúnadh go luath ná le cabhair le haghaidh costais eisceachtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar í sin a chumhdach faoi Roinn 4.6.

(124)  Chun a chinneadh cé acu den dá chuspóir atá in uachtar, féadfaidh an Coimisiún é a chur de cheangal ar an mBallstát comparáid a dhéanamh idir na torthaí a bhfuil coinne leo ón mbeart i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a chosc nó a laghdú agus damáiste don chomhshaol a leigheas, gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, an bhithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus réitigh dhúlrabhunaithe a chur chun feidhme maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn cainníochtuithe inchreidte mionsonraithe.

(125)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56). Féach freisin Fógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Guidelines providing a common understanding of the term “environmental damage” as defined in Article 2 of Directive 2004/35/EC of the European Parliament and of the Council on environmental liability with regard to the prevention and remedying of environmental damage’ [Treoirlínte ina dtugtar comhthuiscint ar an téarma ‘damáiste don chomhshaol’ mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas] (IO C 118, 7.4.2021, lch. 1).

(126)  Féach Cinneadh C(2012) 558 final ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2012 sa chás SA.33496 (2011/N) – an Ostair –Einzelfall, Altlast, DECON Umwelttechnik GmbH, aithrisí 65-69 (IO C 14, 17.1.2013, lch. 1).

(127)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(128)  Ní chumhdaítear leis an roinn seo seirbhísí coimhdeacha, lena n-áirítear bearta na bPleananna Cosanta Córais de bhun Rialachán (AE) 2017/2196 ón gCoimisiún, agus é mar aidhm acu slándáil oibríochtúil a áirithiú a sholáthraíonn TSOanna nó DSOanna trí phróiseas tairisceana iomaíoch neamh-idirdhealaitheach a bheidh oscailte do gach acmhainn is féidir cur leis an gceanglas slándála oibríochtúil sainaitheanta, gan an Stát a bheith rannpháirteach i soláthar agus i maoiniú na seirbhíse.

(129)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais (an Rialachán maidir le hullmhacht le haghaidh riosca) (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).

(130)  Agus Rialachán (AE) 2019/943 agus Treoir (AE) 2019/944 á gcur san áireamh.

(131)  Glactar leis gurb ann don fhéidearthacht theicniúil le haghaidh sásraí acmhainneachta, rud a mbaineann ceanglas leis maidir le rannpháirtíocht trasteorann faoi Rialachán (AE) 2019/943.

(132)  Féadfaidh na Ballstáit brath ar phróisis chomhairliúcháin náisiúnta atá ann cheana i leith na gceanglas sin. A fhad agus a bhaineann na pointí a liostaítear anseo leis an gcomhairliúchán, ní gá comhairliúchán ar leith a dhéanamh.

(133)  Mar shampla, an t-aga idir an próiseas iomaíoch agus an tréimhse sheachadta, na rialacha maidir le tairiscint/iarraidh, na rialacha maidir le praghsáil.

(134)  Mar shampla, má tá faid éagsúla chonartha ann, modheolaíochtaí éagsúla chun méid na hacmhainneachta incháilithe/aschuir ó theicneolaíochtaí éagsúla a ríomh, modheolaíochtaí éagsúla chun fóirdheontais a ríomh nó a íoc.

(135)  Arna chinneadh de réir Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/943.

(136)  I gcás bearta a chuimsítear sa phlean riosca-ullmhachta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/941, féach freisin Airteagal 12(1) den Rialachán sin.

(137)  Tá an ceanglas sin gan dochar d’acmhainní a chur chun gnímh roimh an seoladh féin, chun na srianta rampála agus na ceanglais oibríochtúla a chomhlíonadh. Ní mór nach ndéanfar aschur an chúltaca straitéisigh le linn an ghníomhachtaithe a shannadh do ghrúpaí comhardaithe trí mhargaí mórdhíola agus ní mór nach n-athrófar a míchothromaíochtaí leis.

(138)  Dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/943.

(139)  Féach an Fógra ón gCoimisiún maidir le Coincheap na státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1). Ós rud é gur coincheap oibiachtúil dlíthiúil é coincheap na státchabhrach a bhfuil sainmhíniú díreach air sa Chonradh (breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Nollaig 2008, British Aggregates v Commission, C-487/06 P, ECLI:EU:C:2008:757, mír 111), tá na tuairimí a leagtar amach i bpointí 373 go 375 gan dochar don léirmhíniú ar choincheap na státchabhrach ó Chúirteanna an Aontais breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Iúil 2011, Alcoa Trasformazioni v Commission, C-194/09 P, ECLI:EU:C:2011:497, mír 125); is é cásdlí Chúirteanna an Aontais i gcónaí an phríomhthagairt chun an Conradh a léirmhíniú.

(140)  Is ann do mhonaplacht dhlíthiúil i gcás ina bhforchoimeádtar seirbhís ar leith le dlí nó le bearta rialála maidir le soláthraí eisiach i limistéar geografach cinntithe (laistigh de Bhallstát amháin freisin), agus ina gcuirtear toirmeasc soiléir ar aon oibreoir eile an tseirbhís sin a chur ar fáil (agus fiú gan éileamh iarmharach a d’fhéadfadh a bheith ann ó ghrúpaí custaiméirí áirithe a shásamh). Mar sin féin, ní hionann soláthar seirbhíse poiblí a chur de chúram ar ghnóthas sonrach agus monaplacht dhlíthiúil a bheith ag an ngnóthas sin.

(141)  Níl feidhm ag an roinn seo maidir le tionscadail lena mbaineann bonneagar tiomnaithe agus/nó bonneagar fuinnimh eile in éineacht le gníomhaíochtaí táirgthe agus/nó ídithe.

(142)  Rud atá éagsúil ó shaoráidí stórála ‘taobh thiar den mhéadair’.

(143)  Féadfar measúnú a dhéanamh freisin ar an tacaíocht don stóráil fuinnimh faoi Ranna 4.1, 4.2, 4.3, agus 4.8 i gcás inarb ábhartha. Sócmhainní stórála a roghnaítear mar tionscadail leasa choitinn – i gcomhréir leis an reachtaíocht GTE-F is infheidhme – tá siad incháilithe mar bhonneagar fuinnimh faoin roinn seo agus dhéanfaí an tacaíocht a mheasúnú faoi roinn 4.9. Tacaíocht do shócmhainní stórála atá ‘faoi úinéireacht nó faoi rialú’ na TSOann nó na DSOanna, i gcomhréir le hAirteagal 54 agus/nó Airteagal 36 de Threoir 944/2019, tá an tacaíocht sin cumhdaithe le roinn 4.9 freisin.

(144)  Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún breithniú an bhfuil ardleibhéal ailínithe rialála ag an tríú tír nó ag na tríú tíortha lena mbaineann agus an dtacaíonn siad le cuspóirí beartais foriomlána an Aontais, go háirithe mar go mbaineann siad le margadh inmheánach fuinnimh dea-fheidhmiúil; slándáil an tsoláthair fuinnimh bunaithe ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht; córas fuinnimh i dtreo an dícharbónaithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí an Aontais maidir leis an aeráid; agus sceitheadh carbóin a sheachaint.

(145)  I gcás bonneagar idir Ballstát amháin agus tríú tír amháin nó níos mó; - I gcás na coda sin atá lonnaithe ar chríoch an Aontais, ní mór do na tionscadail a bheith i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE agus le Treoir (AE) 2019/944; - I gcás na tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann, ní mór ardleibhéal ailínithe rialála a bheith ag na tionscadail agus ní mór iad a bheith ina dtacaíocht le cuspóirí beartais foriomlána an Aontais, go háirithe chun margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith, slándáil an tsoláthair fuinnimh bunaithe ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht, agus córas fuinnimh i dtreo an dícharbónaithe a áirithiú i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráide an Aontais a áirithiú; agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint go háirithe.

(146)  Luaitear in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2018/2001 an méid seo a leanas: ‘Glacfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá chun bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó shaoráidí móra bithmhaise, grianfhuinnimh, fuinnimh chomhthimpeallaigh agus fuinnimh geoiteirmigh, agus ó dhramhtheas nó dramhfhuacht chomh maith’.

(147)  Chun a áirithiú go mbeidh an líonra dáileacháin á reáchtáil i ndáiríre mar shaoráid atá oscailte d’úsáideoirí, i gcomhréir leis an Teachtaireacht maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (féach roinn 4.3.3. den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe - iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip - an 14.1.2020 COM(2020) 21 final), de ghnáth – ar mhúnla rialacha an mhargaidh inmheánaigh don earnáil fuinnimh, go háirithe gás nó leictreachas – níor mhór rialacha sonracha a bheith i bhfeidhm (lena dtabharfaí sainordú i ndáil le rochtain tríú páirtí, le díchuachadh agus le taraifí rialáilte) seachas ‘cuntasaíocht ar leith’ amháin.

(148)  Cé gur lasmuigh de na rialacha maidir le státchabhair atá an tacaíocht do bhonneagar dáileacháin téimh ceantair (faoi réir coinníollacha sonracha) i gcás monaplachta nádúrtha nó dlíthiúla (faoi réir coinníollacha sonracha), bheadh aon tacaíocht do ghníomhaíochtaí giniúna téimh ceantair fós faoi réir na rialacha maidir le státchabhair.

(149)  An méid fuinnimh arna ghabháil ag teaschaidéil a mheasfar a bheith in-athnuaite, déanfar sin a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn VII de Threoir (AE) 2018/2001. Ina theannta sin, i gcás ina n-úsáidtear leictreachas, féadfar a mheas go bhfuil sé go hiomlán in-athnuaite ar mhúnla na modhanna a úsáidtear lena mheas go bhfuil leictreachas in-athnuaite go hiomlán faoi Threoir (AE) 2018/2001 - chomh maith le faoi reachtaíocht tharmligthe - nó modhanna coibhéiseacha eile lena n-áirithítear go dtiocfadh an leictreachas uile a úsáidtear ó fhoinsí in-athnuaite, ar choinníoll go seachnófar comhaireamh dúbailte fuinnimh in-athnuaite agus róchúiteamh. Ní mór nach mbeidh tacaíocht d’infheistíochtaí nua nó d’uasghrádú – ná d’oibriú – bainteach ar chaoi ar bith le suiteálacha comhdhó a úsáideann breoslaí seachas fuinneamh RES nó dramhtheas.

(150)  Trealamh téimh agus fuaraithe, lena n-áirítear stóráil theirmigh, laistigh d’áitreabh custaiméirí mar a thagraítear dó faoi phointe 138, nuair atá sé nasctha le córais téimh nó fuaraithe ceantair- is féidir an trealamh sin a chumhdach freisin.

(151)  Féach Airteagal 2, pointe (41) de Threoir 2012/27/AE.

(152)  Sa chomhthéacs sin, léireoidh na Ballstáit go háirithe go bhfuil na bearta is gá crutha i bhfeidhm ag na córais téimh ceantair a fhaigheann tacaíocht chun an éifeachtúlacht a mhéadú, CO2 agus foinsí eile truaillithe a laghdú chomh maith le caillteanais líonra.

(153)  Tomhaltóirí teasa, ar gnóthais iad a fheidhmíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha, ní mór dóibh a sciar iomlán de chostais téimh a íoc in aon cás, ar costais iad atá comhionann ar a laghad leis an bhfoinse teasa mhalartach is saoire, chun saobhadh iomaíochta a sheachaint i margaí eile.

(154)  Is éard atá i gceist le hord na réiteach dramhaíola (a) cosc, (b) ullmhú d’athúsáid, (c) athchúrsáil, (d) aisghabháil eile, mar shampla aisghabháil fuinnimh, agus (e) diúscairt. Féach Airteagal 4, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE.

(155)  Ní mór do na Ballstáit a léiriú go bhfuil bearta déanta acu chun foinsí inbhuanaithe téimh a chur leis an gcóras chun freastal ar chustaiméirí breise.

(156)  Mar shampla, ba cheart do na Ballstáit fianaise a sholáthar go bhfuil na córais téimh ceantair atá i gceist ina gcuid de phleananna dícharbónaithe náisiúnta nó áitiúla, nó ina gcuid de phleananna comhtháthaithe náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí in-athnuaite chun cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 a bhaint amach agus go dtabharfaí gealltanas chun aistriú ó bhreoslaí iontaise trí dhíriú ar spriocanna idirmheánacha agus deiridh maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

(157)  I bhfianaise a mhéid a chuireann siad le maolú ar an athrú aeráide a shainítear mar chuspóir comhshaoil i Rialachán (AE) 2020/852, a fhad nach bhfuil aon táscairí follasacha ann go bhfuil neamhchomhlíontacht i gceist leis an bprionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh.

(158)  Féach freisin Airteagal 24 de Threoir 2018/2001/AE.

(159)  Féach freisin Airteagal 18(5) agus Airteagal 24 de Threoir 2018/2001/AE.

(160)  I sainmhíniú an Aicmithe Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (aicmiú ‘NACE rev. 2’), chuig leibhéal dí-chomhiomlánaithe nach mó ná ocht ndigit (leibhéal ‘PRODCOM’).

(161)  Mar shampla, sonraí a chumhdaíonn céatadán suntasach den oll-bhreisluach ar leibhéal an AE maidir leis an earnáil nó leis an bhfo-earnáil lena mbaineann.

(162)  Ní chuimsíonn costais phearsanra ‘earraí agus seirbhísí’.

(163)  Cód 12 15 0 sa chreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 58/97 ón gComhairle an 20 Nollaig 1996 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 014, 17.1.1997, lch. 1).

(164)  Is é an buntáiste a bhaineann le cúitimh bhliantúla sheasta (aisíocaíochtaí) a úsáid go mbeidh an méadú céanna ar imeallchostas an leictreachais ag dul do na gnóthais a thairbhíonn den chabhair (i.e. an méadú céanna ar chostas an leictreachais in aghaidh gach MWh bhreise a ídítear), rud a chuireann srian le saobhadh iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh den earnáil.

(165)  Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Guidelines on State aid for environmental protection and energy 2014-2020’ [Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020] (IO C 200, 28.6.2014).

(166)  Níl feidhm ag an gceanglas 30 % a leagtar amach i bpointe50 maidir le próisis tairisceana faoi Roinn 4.12. Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chritéir bhreise a úsáid, amhail sochair chomhshaoil eile a bheidh le baint amach.

(167)  Cinneadh ón gComhairle an 10 Nollaig 2010 maidir le státchabhair chun dúnadh mianach neamhiomaíoch guail a éascú (IO L 336, 21.12.2010, lch. 24).

(168)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(169)  Féach freisin Fógra ón gCoimisiún dar teideal ‘Guidelines providing a common understanding of the term “environmental damage” as defined in Article 2 of Directive 2004/35/EC of the European Parliament and of the Council on environmental liability with regard to the prevention and remedying of environmental damage’ [Treoirlínte ina dtugtar comhthuiscint ar an téarma ‘damáiste don chomhshaol’ mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas] 2021/C 118/01 (IO C 118, 7.4.2021, lch. 1).

(170)  Féach Cinneadh C(2012) 558 final ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2012 sa chás SA.33496 (2011/N) – an Ostair –Einzelfall, Altlast, DECON Umwelttechnik GmbH, aithrisí 65-69 (IO C 14, 17.1.2013, lch. 1).

(171)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ‘Common methodology for State aid evaluation’ [Modheolaíocht choiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar státchabhair], 28.5.2014, SWD(2014) 179 final.

(172)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(173)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Airteagal 93 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).

(174)  Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Guidelines on State aid for environmental protection and energy 2014-2020’ [Treoirlínte maidir le státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020] (IO C 200, 28.6.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN 1

Liosta de na hearnálacha incháilithe faoi Roinn 4.11

Earnálacha a bhfuil baol suntasach ag baint leo dá dtagraítear i Roinn 4.11.3.1

Cód NACE

Tuairisc

0510

Mianadóireacht guail chrua

0620

Eastóscadh gáis nádúrtha

0710

Mianadóireacht mianta iarainn

0729

Mianadóireacht mianta miotail eile neamhfheiriúla

0811

Cairéalacht cloiche ornáidí agus tógála, aolchloiche, gipsim, cailce agus slinne

0891

Mianadóireacht mianraí ceimiceacha agus leasacháin

0893

Eastóscadh salainn

0899

Mianadóireacht agus cairéalacht eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

1020

Próiseáil agus leasú éisc, crústach agus moileasc

1031

Próiseáil agus leasú prátaí

1032

Monarú sú torthaí agus glasraí

1039

Próiseáil agus leasú eile torthaí agus glasraí

1041

Monarú olaí agus saillte

1062

Monarú stáirsí agus táirgí stáirse

1081

Monarú siúcra

1086

Monarú ullmhóidí homaiginithe bia agus bia dhiaitéitigh

1104

Monarú deochanna eile coipthe neamhdhriogtha

1106

Monarú braiche

1310

Ullmhú agus sníomh snáithíní teicstíle

1320

Fíodóireacht teicstílí

1330

Bailchríochnú teicstílí

1391

Monarú fabraicí cniotáilte agus cróiseáilte

1393

Monarú cairpéad agus rugaí

1394

Monarú téadra, téide, coirdín agus líontán

1395

Monarú ábhar neamhfhite agus earraí déanta as ábhair neamhfhite, seachas éadaí

1396

Monarú teicstílí eile teicniúla agus tionsclaíocha

1411

Monarú éadaí leathair

1431

Monarú góiséireachta cniotáilte agus cróiseáilte

1511

Súdaireacht agus treiscíniú leathair; treiscíniú agus ruaimniú fionnaidh

1610

Sábhmhuilleoireacht agus plánáil adhmaid

1621

Monarú leathán veiníre agus painéal atá bunaithe ar adhmad

1622

Monarú urlár iontlaise cóimeáilte

1629

Monarú táirgí eile adhmaid; monarú earraí coirc, tuí agus ábhar fite

1711

Monarú laín

1712

Monarú páipéir agus páipéarchláir

1722

Monarú earraí tí agus sláintíochta agus earraí bunriachtanacha don leithreas

1724

Monarú ballapháipéir

1920

Monarú táirgí peitriliam scagtha

2011

Monarú gás tionsclaíoch

2012

Monarú ruaimeanna agus líocha

2013

Monarú ceimiceán bunúsach eile neamhorgánach

2014

Monarú ceimiceán bunúsach eile orgánach

2015

Monarú leasúchán agus comhdhúl nítrigine

2016

Monarú plaisteach i bhfoirmeacha príomhúla

2017

Monarú rubair shintéisigh i bhfoirmeacha príomhúla

2059

Monarú táirgí eile ceimiceacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile:

2060

Monarú snáithíní de dhéantús an duine

2110

Monarú buntáirgí cógaisíochta

2211

Monarú bonn agus feadán rubair; atráchtadh agus atógáil bonn rubair

2219

Monarú táirgí eile rubair

2221

Monarú plátaí, brat, feadán agus próifílí plaisteacha

2222

Monarú earraí pacálá plaisteacha

2229

Monarú táirgí eile plaisteacha

2311

Monarú gloine comhréidh

2312

Deilbhiú agus próiseáil gloine comhréidh

2313

Monarú tollghloine

2314

Monarú snáithíní gloine

2319

Monarú agus próiseáil gloine eile, lena n-áirítear earraí teicniúla gloine

2320

Monarú táirgí teasfhulangacha

2331

Monarú tíleanna ceirmeacha agus leac ceirmeach

2342

Monarú daingneán ceirmeach sláintíochta

2343

Monarú inslitheoirí ceirmeacha agus feisteas inslithe ceirmeach

2344

Monarú táirgí eile ceirmeacha teicniúla

2349

Monarú táirgí eile ceirmeacha

2351

Monarú stroighne

2391

Táirgeadh táirgí scríobacha

2399

Monarú táirgí eile mianracha neamh-mhiotalacha nach n-aicmítear in áit ar bith eile

2410

Monarú buniarainn agus bunchruach agus fearó-chóimhiotal

2420

Monarú feadán, píobán, tollphróifílí agus feisteas gaolmhar, atá déanta as cruach

2431

Fuartharraingt barraí

2432

Fuar-rolladh stéille caoile

2434

Fuartharraingt sreinge

2442

Táirgeadh alúmanaim

2443

Táirgeadh luaidhe, since agus stáin

2444

Táirgeadh copair

2445

Táirgeadh miotail neamhfheiriúil eile

2446

Próiseáil breosla núicléach

2451

Teilgean iarainn

2550

Gaibhniú, brú, stampáil agus rollafhoirmiú miotail; miotaleolaíocht phúdair

2561

Cóireáil miotal bratúcháin

2571

Monarú sceanra

2593

Monarú táirgí, slabhra agus spriongaí sreinge

2594

Monarú dúntóirí agus táirgí meaisín scriú

2611

Monarú comhpháirteanna leictreonacha

2720

Monarú cadhnraí agus taisc-cheallraí

2731

Monarú cáblaí snáthoptaice

2732

Monarú sreang agus cáblaí eile leictreonacha agus leictreacha

2790

Monarú trealaimh leictrigh eile

2815

Monarú imthacaí, giaranna, ball giarála agus tiomána

3091

Monarú gluaisrothar

3099

Monarú trealaimh iompair eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

Earnálacha a bhfuil baol ag baint leo dá dtagraítear i Roinn 4.11.3.1

Cód NACE

Tuairisc

1011

Próiseáil agus leasú feola

1012

Próiseáil agus leasú éineola

1042

Monarú margairín agus saillte inite comhchosúla

1051

Oibriú déirithe agus déanamh cáise

1061

Monarú táirgí muilinn gráin

1072

Monarú roscaí agus brioscaí; monarú earraí leasaithe taosráin agus cácaí leasaithe

1073

Monarú macaróin, núdal, cúscúis agus táirgí plúrmhara comhchosúla

1082

Monarú cócó, seacláide agus milseogra siúcra

1085

Monarú béilí agus mias réamhullmhaithe

1089

Monarú táirgí eile bia nach n-aicmítear in áit ar bith eile

1091

Monarú beathaí ullmhaithe d’ainmhithe feirme

1092

Monarú bianna ullmhaithe do pheataí

1107

Monarú deochanna boga; táirgeadh uiscí mianraí agus uiscí eile buidéalaithe

1723

Monarú stáiseanóireachta páipéir

1729

Monarú earraí eile páipéir agus páipéarchláir

2051

Monarú pléascán

2052

Monarú gliúnna

2332

Monarú brící, tíleanna agus táirgí foirgníochta i gcré bhácáilte

2352

Monarú aoil agus plástair

2365

Monarú stroighne snáithíní

2452

Teilgean cruach

2453

Teilgean miotal éadrom

2591

Monarú drumaí cruach agus coimeádán comhchosúil

2592

Monarú pacáistithe miotail éadroim

2932

Monarú páirteanna agus gabhálas eile do mhótarfheithiclí


IARSCRÍBHINN 2

Sainmhíniú ar chostais dá dtagraítear i Roinn 4.12.2

1.   

Costais na ngnóthas a dhún gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola nó atá ag dúnadh na ngníomhaíochtaí sin

Na catagóirí costais seo a leanas go heisiach, agus sa chás go dtagann siad as dúnadh gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola agus sa chás sin amháin:

(a)

an costas a bhaineann le sochair leasa shóisialaigh a íoc a thagann as pinsean a thabhairt d’oibrithe sula mbainfidh siad aois scoir reachtúil amach;

(b)

caiteachas eisceachtúil eile ar oibrithe a chaill a bpost nó a chaillfidh a bpost;

(c)

pinsin agus liúntais a íoc lasmuigh den chóras reachtúil le hoibrithe a chaill a bpost nó a chaillfidh a bpost agus le hoibrithe atá i dteideal íocaíochtaí den sórt sin roimh an dúnadh;

(d)

an costas a chumhdaíonn na gnóthais maidir le hathoiriúnú oibrithe chun cabhrú leo poist nua a aimsiú lasmuigh de thionscal an ghuail, na móna agus an scealla ola, go háirithe costais oiliúna;

(e)

gual, móin agus sceall ola a sholáthar saor in aisce d’oibrithe a chaill a bpost nó a chaillfidh a bpost agus d’oibrithe atá i dteideal soláthar den sórt sin roimh an dúnadh, nó a choibhéis in airgead a fháil;

(f)

costais iarmharacha a thagann as forálacha riaracháin, dlíthiúla nó cánach a bhaineann go sonrach le tionscal an ghuail, na móna agus an scealla ola;

(g)

obair bhreise sábháilteachta faoi thalamh a thagann as gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh;

(h)

damáiste mianadóireachta, ar choinníoll gur gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola atá dúnta nó atá á ndúnadh ba chúis leis;

(i)

gach costas cuí-réasúnaithe a bhaineann le hathshlánú iarghléasraí cumhachta agus oibríochtaí mianadóireachta, lena n-áirítear:

costais iarmharacha a thagann as ranníocaíochtaí le comhlachtaí atá freagrach as soláthairtí uisce agus as fuíolluisce a bhaint;

costais iarmharacha eile a thagann as soláthairtí uisce agus as fuíolluisce a bhaint;

(j)

costais iarmharacha chun árachas sláinte iaroibrithe a chumhdach;

(k)

costais a bhaineann le conarthaí leanúnacha a chur ar ceal nó a mhodhnú (ar feadh 6 mhí táirgthe ar a mhéid);

(l)

dímheas intreach eisceachtúil a thagann as gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh;

(m)

costais athshaothraithe dromchla.

Ní mór an méadú ar luach na talún a asbhaint ó na costais incháilithe i gcás na gcatagóirí costais dá dtagraítear i bpointí (g), (h), (i) agus (m).

2.   

Costais roinnt gnóthas

Na catagóirí costais seo a leanas go heisiach:

(a)

méadú ar ranníocaíochtaí, lasmuigh den chóras reachtúil, chun costais slándála sóisialta a chumhdach mar thoradh ar an titim, i ndiaidh gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ar líon na rannchuiditheoirí;

(b)

caiteachas, a thagann as gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ar sholáthar uisce agus ar fhuíolluisce a bhaint;

(c)

méadú ar na ranníocaíochtaí a dhéantar le comhlachtaí atá freagrach as uisce a sholáthar agus as fuíolluisce a bhaint, ar an gcoinníoll go bhfuil an méadú sin mar thoradh, tar éis gníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhúnadh, ar tháirgeadh atá faoi réir tobhaigh a laghdú.