ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 272I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
20 Deireadh Fómhair 2022

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

RIALACHÁIN

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1985 ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

1

CINNTÍ

*

Cinneadh (CBES) 2022/1986 ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

5

GA

II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 272/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1985 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag réimeas na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá gan chúis, gan údar. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart triúr daoine aonair agus eintiteas amháin a raibh baint acu le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK

(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“1263.

Mohammad Hossein BAGHERI

محمد حسین باقری

Áit bhreithe: Tehran na hIaráine

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Grád: Major-General

Post: Ceann Foirne ar Fhórsaí Armtha na hIaráine

Tá an Maor-Ghinearál Mohammad Hossein Bagheri ina Cheann Foirne ar Fhórsaí Armtha na hIaráine. Déanann sé maoirseacht ar an gclár míleata maidir le hAerfheithiclí Gan Foireann (UAV) agus tá ról tábhachtach aige i gcomhar cosanta na hIaráine le Cónaidhm na Rúise. Tá baint aige freisin le leathnú UAVanna de dhéantús na hIaráine thar lear; sa cháil sin, d'oscail sé líne cóimeála sa Táidsíceastáin a bhí ceaptha le dróin Ababil-2 a onnmhairiú. Ghlac sé páirt freisin i bhforbairt dróin Mohajer-6 agus bhí baint aige lena soláthar do Chónaidhm na Rúise lena n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Maor-Ghinearál Mohammad Hossein Bagheri freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.10.2022

1264.

Sayed Hojatollah QUREISHI

سید حجت الله قریشی

dá ngairtear freisin Sayyed Hojatolah GHOREISHI

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: Fireann

Grád: Ginearál

Post: Head of the Supply, Research, and Industrial Affairs Division ag an Iranian Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL)

Is é Ginearál Sayed Hojatollah Qureishi Ceann an Supply, Research, and Industrial Affairs Division ag an Iranian Ministry of Defense and Armed Forces Logistics (MODAFL) agus tá sé freagrach as caibidlíocht a dhéanamh don chomhaontú le Cónaidhm na Rúise maidir le soláthar Aerfheithiclí Gan Foireann de dhéantús na hIaráine (UAVanna) lena n-úsáid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá an Ginearál Sayed Hojatollah Qureishi freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.10.2022

1265.

Saeed AGHAJANI / Saeed Ara Jani / Said Ara Jani / Said Agha Jani

سعید آقاجانی

Dáta breithe: 3.4.1969

Inscne: Fireann

Pas: Pas V47528711 (Iran)

Náisiúntacht: Iaránach

Grád: Briogáidire-Ghinearál

Post: Commander of the Islamic Revolutionary Guard Corps - Aerospace Force (IRGC ASF) UAV Command

Is é an Briogáidire-Ghinearál Saeed Aghajani Ceannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force (IRGC ASF) UAV Command, arb é cnámh droma an chláir maidir le hAerfheithiclí Gan Foireann de chuid na hIaráine é. Stiúrann agus maoirsíonn an Briogáidire-Ghinearál Saeed Aghajani an phleanáil, an trealamh agus an oiliúint a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí UAV san Iaráin; áirítear leis sin dróin a sholáthar do chomhghuaillithe idirnáisiúnta de chuid na hIaráine, lena n-áirítear Cónaidhm na Rúise. Dá bhrí sin, tá an Briogáidire-Ghinearál Saeed Aghajani freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.10.2022”

Eintitis

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

“119.

Shahed Aviation Industries ar a dtugtar freisin Shahed Aviation Industries Research Center

صنایع هوایی شاهد

مرکز تحقیقات صنایع هوایی شاهد

Is cuideachta í Shahed Aviation Industries san Iaráin a bhfuil baint aici le Islamic Revolutionary Guard Corps Aerospace Force agus atá freagrach as sraith Shahed d’Aerfheithiclí Gan Foireann na hIaráine (UAVanna) a dhearadh agus a fhorbairt. Cuireadh sraith Shahed de dhróin ar fáil do Chónaidhm na Rúise agus úsáidtear iad sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Shahed Aviation Industries freagrach as tacú go hábharach le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

20.10.2022”

CINNTÍ

20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 272/5

CINNEADH (CBES) 2022/1986 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag réimeas na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá gan chúis, gan údar. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart triúr daoine aonair agus eintiteas amháin a raibh baint acu le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(4)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Deireadh Fómhair 2022

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK

(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES: