|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/1 |
CINNEADH (AE) 2022/1958 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2022
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (d), agus Airteagal 79(2), pointe (c), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 (1), in imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh i dtríú tír ina bhfeidhmeoidh na baill de na foirne cumhachtaí feidhmiúcháin, tá an tAontas chun comhaontú stádais a thabhairt i gcrích leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) |
An 29 Iúil 2022, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Macadóine Thuaidh chun teacht ar chomhaontú maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (“an Comhaontú”). |
|
(3) |
Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú. |
|
(4) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2); Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Cinneadh seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an gCinneadh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. |
|
(6) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, agus an dearbhú atá i gceangal leis maidir leis an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin a fhormheas, thar ceann an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh (“an Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích. (3)
Airteagal 2
Déanfar an Dearbhú atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BLAŽEK
(1) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(2) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(3) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
DEARBHÚ MAIDIR LEIS AN ÍOSLAINN, RÍOCHT NA hIORUA, CÓNAIDHM NA hEILVÉISE AGUS PRIONSACHT LICHTINSTÉIN
Tugann na Páirtithe sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh dá n-aire an dlúthchaidreamh idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, go háirithe de bhua Chomhaontuithe an 18 Bealtaine 1999 agus an 26 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhlachas na dtíortha sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.
I gcúinsí den sórt sin, is inmhianaithe go ndéanfadh údaráis Ríocht na hIorua, an Íoslainn, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, ar thaobh amháin, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, ar an taobh eile, comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích gan mhoill maidir le gníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh i dtéarmaí atá comhchosúil le gníomhaíochtaí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Macadóine Thuaidh maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Macadóine Thuaidh.
RIALACHÁIN
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1959 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Iúil 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta i dtaobh scaireanna eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 13(13), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 13(12) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 go bhféadfaidh eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, go bhféadfaidh siad conradh leachtachta a dhéanamh dá scaireanna i gcás ina gcomhlíonfaidh na conarthaí sin, inter alia, na coinníollacha maidir le cleachtais mhargaidh a bhfuil glacadh leo a leagtar síos in Airteagal 13(2) den Rialachán sin. Áirithítear leis na coinníollacha sin go mbunófar an méid seo a leanas leis na conarthaí leachtachta – ardleibhéal coimircí d’oibriú fhórsaí an mhargaidh, an t-idirghníomhú cuí idir fórsaí an tsoláthair agus an éilimh, tionchar dearfach ar leachtacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh agus ceanglaítear leis freisin nach gcruthófar rioscaí do shláine na margaí gaolmhara. An teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta dá bhforáiltear iontu sin agus arb aidhm dó a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin, leagtar síos leis an teimpléad sin na heilimintí íosta ba cheart a bheith i gconradh leachtachta, ar a n-áirítear na heilimintí sin a mhéid a bhaineann leis an trédhearcacht don mhargadh agus le feidhmiú na bhforálacha maidir le leachtacht. Tá an tsaoirse ag na páirtithe clásail bhreise a chur isteach chun sainiúlachtaí an cháis aonair a chur san áireamh, i gcomhréir lena saoirse chonarthach. |
|
(2) |
Acmhainní eisitheora a ligtear a ionstraimí airgeadais dá chuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM agus a ndéantar iad a leithdháileadh chun conradh leachtachta a chur i gcrích i dtaobh scaireanna an eisitheora sin, ba cheart na hacmhainní sin a bheith inaitheanta láithreach. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a bheith ann sa chonradh leachtachta maidir le cuntas leachtachta tiomnaithe a oscailt. Tá gá le cuntas leachtachta tiomnaithe den sórt sin chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an chonartha leachtachta agus chun a áirithiú, i dtaca leis an trádáil a dhéanfar chun críocha an chonartha leachtachta, go mbeidh an trádáil sin scartha ó ghníomhaíochtaí trádála eile a dhéanfaidh an soláthraí leachtachta, agus ar an gcaoi sin go n-íoslaghdófar na rioscaí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa. Ba cheart méid acmhainní idir airgead agus scaireanna, ar cheart iad a shonrú sa chonradh leachtachta, a bhronnadh ar an gcuntas leachtachta sin. Níor cheart acmhainní den sórt sin a úsáid ach amháin chun an conradh leachtachta a chomhlíonadh. |
|
(3) |
Na hacmhainní a leithdháiltear ar an gconradh leachtachta (“teorainneacha acmhainní”), ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an trádáil a dhéanfaidh an soláthraí leachtachta a bheith faoi réir teorainneacha praghais agus méide, a íoslaghdódh, in éineacht le teorainneacha acmhainní, an riosca go dtiocfadh athruithe saorga ar an scairphraghas mar gheall ar an soláthar leachtachta agus go gcuirfeadh sé, ag an am céanna, an trádáil rialta i scaireanna neamhleachtacha chun cinn. |
|
(4) |
Faoi chleachtais margaidh a raibh glacadh leo roimhe seo maidir le conarthaí leachtachta, tá anailís déanta ag na húdaráis inniúla ar mheánláimhdeachas na trádála sna scaireanna a liostaítear ar mhargaí fáis FBM. Léiríodh san anailís sin gur cheart teorainneacha acmhainní a bheith ag brath ar phróifíl leachtachta na scaireanna lena mbaineann (scaireanna leachtacha vs scaireanna neamhleachtacha) agus gur cheart, i dtaca leis na teorainneacha acmhainní, an ghníomhaíocht trádála a tharlaíonn ar an margadh lena mbaineann a chur san áireamh. Bunaithe ar an anailís sin, is iomchuí foráil a dhéanamh, sa chonradh leachtachta, maidir le teorainneacha acmhainní a shocraítear mar chéatadán den mheánláimhdeachas laethúil i gcás na scaire lena mbaineann, agus an céatadán sin calabraithe ar bhonn phróifíl leachtachta na scaire agus é caidhpeáilte chun aon tionchar diúltach a bheadh ag an gconradh leachtachta ar shláine an mhargaidh agus ar fheidhmiú ordúil an mhargaidh a sheachaint. Chun foráil a dhéanamh maidir le soláthar éifeachtach leachtachta i gcás ina bhfuil an meánláimhdeachas laethúil íseal, ba cheart feidhm a bheith ag tairseach aonair le haghaidh acmhainní an chonartha leachtachta. |
|
(5) |
Ba cheart a áirithiú le teorainneacha praghais nach dtiocfaidh athruithe saorga ar na scairphraghsanna mar gheall ar ghníomhaíocht trádála a dhéanann an soláthraí leachtachta faoi chuimsiú an chonartha leachtachta nuair is ann do leas trádála neamhspleách. |
|
(6) |
Ba cheart a áirithiú le teorainneacha méide nach sáróidh trádálacha an tsoláthraí leachtachta céatadán uasta den mheánláimhdeachas laethúil i gcás scaireanna neamhleachtacha agus leachtacha. Is iomchuí ríomh an mheánláimhdeachais laethúil sin a bhunú ar na 20 lá trádála roimh an lá trádála. An ríomh sin, is léiriú iomchuí é ar an trádáil sa scair lena mbaineann, toisc gur léargas meántéarmach é, agus go gcuimsíonn sé éifeacht na mbuaiceanna trádála in aon seisiún amháin trádála nó i gcúpla seisiún trádála. |
|
(7) |
Chun na rioscaí a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a laghdú, i ngnáthchúinsí margaidh, ba cheart a fhoráil sa chonradh leachtachta gur cheart don soláthraí leachtachta orduithe trádála a iontráil ar dhá thaobh an leabhair orduithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla ina gcuirfí bac ar ghnáthfheidhmiú an mhargaidh. Ar an gcúis chéanna, orduithe atá mór ó thaobh scála de agus idirbhearta caibidlithe, ba cheart iad a bheith laistigh de raon feidhme an chonartha leachtachta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe a bhaineann le forghníomhú orduithe den sórt sin agus nach dtarlaíonn na trádálacha sin ach i gcásanna eisceachtúla. D’fhéadfadh cásanna eisceachtúla den sórt sin tarlú, ag pointe ama sonrach, tráth nach féidir leis an soláthraí leachtachta leachtacht a sholáthar faoin gconradh mar gheall ar choibhneas na n-acmhainní airgid i gcoinne na n-acmhainní ar scaireanna iad atá ar fáil don soláthraí leachtachta. |
|
(8) |
Ba cheart a chur de cheanglas sa chonradh leachtacht go gcomhlíonfaidh an soláthraí leachtachta a chonradh leachtachta ar mhodh a bheidh neamhspleách ar eisitheoir na scaire lena mbaineann agus ar chinntí trádála deasc trádála, grúpaí trádála nó aonad trádála eile laistigh den soláthraí leachtachta a théann i mbun gníomhaíochtaí trádála i dtaobh na scaire sin nó i dtaobh ionstraimí airgeadais a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó ar luach na scaire lena mbaineann nó a bhfuil tionchar aige ar phraghas nó ar luach na scaire lena mbaineann. An soláthraí leachtachta a bheith neamhspleách ar an gcaoi sin, is rud riachtanach é chun rioscaí do shláine an mhargaidh a sheachaint. |
|
(9) |
Chun aon rioscaí do shláine agus d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh fáis FBM lena mbaineann a sheachaint, ba cheart luach saothair athraitheach an tsoláthraí leachtachta a theorannú. Ina theannta sin, chun cothrom na Féinne a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha sin ar bhealach comhsheasmhach maidir le gach conradh leachtachta a dhéanann eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM. Ba cheart na huasteorainneacha don chuid athraitheach den luach saothair, áfach, a shocrú ag céatadán réasúnta den luach saothair iomlán chun foráil a dhéanamh maidir le dreasacht don soláthraí leachtachta an conradh a chomhlíonadh mar is ceart, gan bheith chomh substaintiúil sin agus go dtabharfadh sí dreasú d’iompraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláine agus d’fheidhmiú ordúil an mhargaidh lena mbaineann. |
|
(10) |
Áirithítear sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí le trédhearcacht i ndáil leis na conarthaí leachtachta. Le gur féidir le rannpháirtithe eile sa mhargadh cinneadh eolasach a dhéanamh faoi na scaireanna atá faoi réir an chonartha leachtachta, ba cheart foráil a dhéanamh sa chonradh leachtachta maidir le hoibleagáidí trédhearcachta lena gcumhdaítear na céimeanna éagsúla den soláthar leachtachta, eadhon roimh theacht i bhfeidhm an chonartha leachtachta, lena linn agus tar éis a fhoirceannta. I ndáil leis sin, is gá páirtí amháin a shainaithint, páirtí a bheidh i gceannas ar na hoibleagáidí trédhearcachta. Le go mbeadh sé níos fusa don phobal faisnéis a bhailiú i dtaobh na scaireanna lena mbaineann, ba cheart gurbh é an páirtí sin an t-eisitheoir agus ba cheart dó an fhaisnéis ábhartha a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. |
|
(11) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. |
|
(12) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Teimpléad le haghaidh conradh leachtachta
Chun conradh leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 13(12) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a dhéanamh, eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh amháin, nó níos mó, de mhargaí fáis FBM, úsáidfidh siad an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN
Teimpléad le haghaidh conradh leachtachta
CONRADH LEACHTACHTA
Déantar an conradh leachtachta seo (an “ conradh ”) an [dáta]
idir
[ainm na cuideachta],
cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal […] [EUR/airgeadra náisiúnta], a bhfuil a hoifig chláraithe ag [seoladh], atá cláraithe ar chlár cuideachtaí [cathair/tír] faoin uimhir […], arna hionadú ag […],
( “an t-eisitheoir” )
agus
[ainm na cuideachta], cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal […] [EUR/airgeadra náisiúnta], a bhfuil a hoifig chláraithe ag [seoladh], atá údaraithe ag an [údarás inniúil náisiúnta], uimhir thagartha […] agus atá cláraithe ar chlár cuideachtaí [cathair/tír] faoin uimhir […], arna hionadú ag […],
( “an soláthraí leachtachta” )
(dá ngairtear, le chéile, anseo feasta “ na páirtithe ”)
Comhaontaíonn na Páirtithe leis seo mar a leanas:
1. SAINMHÍNITHE
Sa chonradh seo [agus sna leasuithe go léir a ghabhann leis], tá na bríonna seo a leanas leis na focail agus leis na habairtí seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “margadh” an margadh fáis FBM a ligtear scaireanna an eisitheora isteach ann chun iad a liostú agus a thrádáil agus ina ndéantar an conradh a chomhlíonadh, i.e. [ainm an Mhargaidh/na Margaí Fáis FBM]; |
|
(b) |
ciallaíonn “scaireanna” scairchaipiteal an eisitheora de [EUR/airgeadra náisiúnta], […], a ligtear isteach chun a liostaithe agus a dtrádála ar an margadh agus a roinntear ina […] scair ag a bhfuil parluach […] leis an ISIN (uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta)/na ISINanna seo a leanas: […]; |
|
(c) |
“cuntas leachtachta”: cuntas tiomnaithe [uimhir …] arna oscailt ag an soláthraí leachtachta in ainm an eisitheora; |
|
(d) |
ciallaíonn “meánláimhdeachas laethúil” an láimhdeachas iomlán le haghaidh na scaireanna ábhartha roinnte ar 20; is é sin i gcás ina ndéantar an láimhdeachas iomlán sin le haghaidh na scaireanna lena mbaineann a ríomh mar a leanas; i gcás gach idirbhirt a rinneadh le linn na 20 lá trádála roimhe sin sa mhargadh fáis FBM lena mbaineann, suimítear na torthaí a fhaightear nuair a dhéantar líon na scaireanna a malartaíodh idir na ceannaitheoirí agus na díoltóirí a iolrú faoin bpraghas aonaid is infheidhme le haghaidh an idirbhirt sin; |
|
(e) |
ciallaíonn “scaireanna leachtacha” scaireanna a bhfuil margadh leachtach acu dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 (1). |
|
(f) |
ciallaíonn “scaireanna neamhleachtacha” scaireanna nach bhfuil margadh leachtach acu faoi Airteagal 1 agus Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567; |
2. OIBLEAGÁIDÍ AN tSOLÁTHRAÍ LEACHTACHTA
2.1. Údarú
Leis seo, ionadaíonn an soláthraí leachtachta an t-eisitheoir agus barántaíonn sé dó go bhfuil sé údaraithe go cuí ag an [údarás inniúil náisiúnta] chun gníomhaíocht [na seirbhíse airgeadais] a dhéanamh agus gur comhalta cláraithe den mhargadh é. Geallann an soláthraí leachtachta go gcoimeádfaidh sé an t-údarú arna eisiúint ag an údarás inniúil mar aon le comhaltas sa mhargadh ar feadh ré iomlán an chonartha.
[Oibleagáidí breise]
2.2. Neamhspleáchas an tsoláthraí leachtachta
|
2.2.1. |
Agus an conradh seo á chomhlíonadh ag an soláthraí leachtacha, gníomhóidh sé ar bhealach a bheidh neamhspleách ar an eisitheoir. |
|
2.2.2. |
Beidh bearta i bhfeidhm ag an soláthraí leachtachta chun a áirithiú go bhfanfaidh na cinntí trádála a bhaineann leis an gconradh seo neamhspleách ar chinntí trádála deasc trádála, grúpaí trádála nó aonad trádála eile laistigh den soláthraí leachtachta a théann i mbun gníomhaíochtaí trádála i dtaobh na scaireanna nó na n-ionstraimí airgeadais a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó ar luach na scaireanna laistigh de shainordú an tsoláthraí leachtachta faoin gconradh seo, nó a bhfuil tionchar acu ar phraghas nó ar luach na scaireanna sin, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh arna bhfáil ó chliaint, ó bhainistíocht punainne nó orduithe a chuirtear ar a chuntas féin. |
|
2.2.3. |
Coimeádfaidh an soláthraí leachtachta struchtúr inmheánach iomchuí mar aon le rialuithe lena n-áiritheofar neamhspleáchas a fhoirne atá i gceannas ar thrádáil faoin gconradh seo ar dheasca, grúpaí nó aonaid trádála eile a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí trádála arna ndéanamh ag an soláthraí leachtachta. |
2.3. Coinbhleachtaí leasa
Beidh bearta iomchuí i bhfeidhm ag an soláthraí leachtachta chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as comhlíonadh an chonartha seo a chosc agus a bhainistiú.
2.4. An cuntas leachtachta
|
2.4.1. |
Osclóidh an soláthraí leachtachta cuntas leachtachta le hacmhainní airgid agus/nó scaireanna arna leithdháileadh ag an eisitheoir chun an conradh leachtachta a chomhlíonadh. |
|
2.4.2. |
Déanfaidh an soláthraí leachtachta gach idirbheart a dhéantar faoin gconradh seo, agus na hidirbhearta sin amháin, a thaifeadadh sa chuntas leachtachta. |
|
2.4.3. |
Úsáidfidh an soláthraí leachtachta na hacmhainní a leithdháiltear ar an gcuntas leachtachta chun a oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gconradh leachtachta seo agus chun na críche sin amháin. |
|
2.4.4. |
Ní dhéanfaidh an soláthraí leachtachta an cuntas leachtachta a rótharraingt i ndáil le hairgead tirim nó le scaireanna agus áiritheoidh sé go bhfuil na hacmhainní sin i gcomhréir leis na tairseacha dá dtagraítear i bpointe 3.3, an dara mír. |
|
2.4.5. |
Dúnfaidh an soláthraí leachtachta an cuntas leachtachta nuair a bheidh an conradh imithe in éag nó foirceanta, tar éis dó aon airgead nó scaireanna i seilbh sa chuntas leachtachta a aistriú láithreach chuig an gcuntas nó na cuntais arna n-ainmniú ag an eisitheoir. |
2.5. Orduithe ceannaigh agus díola
|
2.5.1. |
Geallann an soláthraí leachtachta go n-iontrálfaidh sé orduithe chun na scaireanna a cheannach agus a dhíol ar an margadh agus é d’aidhm aonair leis sin leachtacht na scaireanna sin a fheabhsú agus chun rialtacht na trádála sna scaireanna sin a fheabhsú nó chun luascadh praghsanna nach bhfuil bonn cirt leo de bharr threocht reatha an mhargaidh a sheachaint. Déanfaidh an soláthraí leachtachta orduithe chun trádála a iontráil ar dhá thaobh an leabhair orduithe. |
|
2.5.2. |
Geallann an soláthraí leachtachta gan orduithe a d’fhéadfadh tríú páirtithe a chur ar míthreoir a iontráil. |
|
2.5.3. |
Geallann an soláthraí leachtachta nach n-athróidh sé na praghsanna sa mhargadh i gcás ina bhfuil leas trádála ag deasca, grúpaí nó ag aonaid trádála neamhspleácha a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí trádála eile laistigh den soláthraí leachtachta nó má tá leas trádála ag tríú páirtithe neamhspleácha. Maidir le horduithe ceannaigh, geallann an soláthraí leachtachta orduithe a dhéanamh i dtaobh na scaireanna atá ar phraghas nach mó ná an t-ordú tairisceana neamhspleách is airde sa leabhar nó ar phraghas nach mó ná an trádáil neamhspleách dheireanach, cibé acu is airde. Maidir le horduithe díola, geallann an soláthraí leachtachta orduithe a dhéanamh i dtaobh na scaireanna atá ar phraghas nach lú ná an t-ordú iarrata neamhspleách is ísle sa leabhar nó ar phraghas nach lú ná an trádáil neamhspleách dheireanach, cibé acu is ísle. |
|
2.5.4. |
Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid orduithe chun trádála a iontráil ar dhá thaobh an leabhair orduithe dá dtagraítear i bpointe 2.5.1 in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
|
2.6. Gníomhaíocht trádála laethúil
|
2.6.1. |
Ní rachaidh an soláthraí leachtachta, agus é ag trádáil, thar na méideanna laethúla seo a leanas:
I gcás nach bhféadfaidh an soláthraí leachtachta, mar gheall ar an méid laethúil a leagtar amach i bpointe (a), leachtacht a sholáthar go héifeachtach, féadfaidh an soláthraí leachtachta tairseach chrua aonair EUR 20 000 a chur i bhfeidhm nó, sna Ballstáit nach bhfuil an euro ina airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta arna chinneadh trí ráta tagartha malairte eachtraí euro an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chur i bhfeidhm amhail ón 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. |
|
2.6.2. |
Orduithe móra agus idirbhearta caibidlithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b) agus pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)
agus in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 (3)
ón gCoimisiún, beidh siad laistigh de raon feidhme an chonartha leachtachta seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha uile seo a leanas:
Faoi na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), féadfaidh an soláthraí leachtachta dul thar na teorainneacha a leagtar amach i bpointe 2.6.1 an lá trádála sin. |
2.7. Taifid a choimeád
|
2.7.1. |
Geallann an soláthraí leachtachta taifid leordhóthanacha ar orduithe agus ar idirbhearta a bhaineann leis an gconradh a choimeád ar feadh cúig bliana. |
|
2.7.2. |
Geallann an soláthraí leachtachta go gcoinneoidh sé ar feadh cúig bliana an doiciméadacht lena léirítear go ndéantar orduithe a thugtar isteach a iontráil ar leithligh agus go leithleach gan orduithe a chomhiomlánú ó chliaint eile ná óna ghníomhaíocht trádála dílseánaigh féin, agus an doiciméadacht sin a fhíorú trí bhíthin comhlíonta nó trí fheidhm rialaithe inmheánaigh eile. |
2.8. Iniúchadh agus comhlíonadh
Barántaíonn an soláthraí leachtachta acmhainní comhlíonta agus iniúchóireachta a bheith aige chun faireachán a dhéanamh i gcónaí ar an gcomhlíonadh leis an gcreat reachtach is infheidhme agus leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh seo agus an comhlíonadh sin a áirithiú i gcónaí.
2.9. Trédhearcacht
Geallann an soláthraí leachtachta an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil don eisitheoir le go mbeidh an t-eisitheoir in ann a oibleagáidí trédhearcachta i leith an phobail agus i leith an [údaráis inniúil náisiúnta] a chomhlíonadh.
3. OIBLEAGÁIDÍ AN EISITHEORA
3.1. Neamhspleáchas an tsoláthraí leachtachta
Ní imreoidh an t-eisitheoir aon tionchar ar an soláthraí leachtachta a mhéid a bhaineann le comhlíonadh an chonartha leachtachta.
3.2. Trédhearcacht
|
3.2.1. |
Déanfaidh an t-eisitheoir cóip den chonradh seo a sholáthar go pras don [údarás inniúil náisiúnta] ábhartha arna iarraidh sin dó. |
|
3.2.2. |
Geallann an t-eisitheoir an fhaisnéis uile a leanas a nochtadh agus a nuashonrú go rialta ar a shuíomh gréasáin. [Déanfar an fhaisnéis a nochtadh freisin ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí leachtachta agus/nó ar shuíomh gréasáin an mhargaidh nó ar bhealach eile].
|
3.3. Teorainneacha leis na hacmhainní arna leithdháileadh le haghaidh chomhlíonadh an chonartha
Leithdháilfidh an t-eisitheoir acmhainní in airgead nó i scaireanna ar an gcuntas leachtachta ar bhealach comhréireach agus in-chomhthomhaiste leis an gcuspóir feabhas a chur ar an leachtacht. [XXX agus XXX, faoi seach, in airgead agus i scaireanna] a bheidh sa mhéid sin,
Áiritheoidh an t-eisitheoir nach sáróidh leithdháileadh na n-acmhainní sin na tairseacha seo a leanas:
|
(a) |
i gcás scaireanna neamhleachtacha: 500 % de mheánláimhdeachas laethúil na scaire, arna chaidhpeáil ag EUR 1 mhilliún; |
|
(b) |
i gcás scaireanna leachtacha: 200 % de mheánláimhdeachas laethúil na scaire, arna chaidhpeáil ag EUR 20 milliún. |
I gcás nach gcuireann an tairseach 500 % a leagtar amach i bpointe (a) ar chumas an tsoláthraí leachtachta leachtacht a sholáthar go héifeachtach, féadfar tairseach aonair EUR 500 000 a chur i bhfeidhm.
I gcás eisitheoirí atá lonnaithe i mBallstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, déanfar an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta a chinneadh trí ráta tagartha malairte eachtraí euro an Bhainc Cheannais Eorpaigh a chur i bhfeidhm amhail ón 31 Nollaig den bhliain roimh dháta an chonartha seo.
3.4. Luach saothair an tsoláthraí leachtachta
I gcomaoin na seirbhísí arna gcur ar fáil faoin gconradh seo, geallann an t-eisitheoir [sonraigh an méid] agus [sonraigh an céatadán] den [sonraigh an luach saothair, na critéir chun an luach saothair athraitheach a chinneadh, rud nach féidir a bheith níos mó ná 15 % den luach saothair iomlán, mar aon leis na táillí agus minicíocht an íoctha] a íoc leis an soláthraí leachtachta.
4. FIONRAÍ SEALADACH NÓ SRIANADH SEALADACH AN CHONARTHA SEO
4.1. [na cásanna ina bhféadfar, nó na coinníollacha faoina bhféadfar, comhlíonadh an chonartha a chur ar fionraí go sealadach nó a shrianadh]
5. TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA CONARTHACHA EILE
5.1. [Tá an tsaoirse ag na páirtithe clásail bhreise a chur isteach sa teimpléad conarthach chun sainiúlachtaí an cháis aonair a chur san áireamh, i gcomhréir le saoirse chonarthach na bpáirtithe (e.g. an dlí lena rialaítear an conradh, rúndacht, ré, foirceannadh, athnuachan, dlínse agus aon fhorálacha eile chun freastal ar shainiúlachtaí an cháis aonair)]
6. AN DRÉACHTCHONRADH A THÍOLACADH
Chuir an t-eisitheoir dréacht den chonradh seo faoi bhráid [oibreoir margaidh], agus d’aontaigh sé sin le téarmaí agus coinníollacha an dréachtchonartha. Deimhníonn an t-eisitheoir leis seo gurb ionann na téarmaí agus na coinníollacha atá sa chonradh seo agus téarmaí agus coinníollacha an dréachtchonartha lenar chomhaontaigh an [oibreoir margaidh].
Dá fhianú sin, rinneadh an conradh seo an [lá], [mí] agus [bliain].
ARNA SHÍNIÚ AG
an eisitheoir
[ainm]
ar son agus thar ceann
[ainm]
an soláthraí leachtachta
[ainm]
ar son agus thar ceann
[ainm]
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhínithe, trédhearcacht, comhbhrú punainne agus bearta maoirseachta maidir le hidirghabháil táirge agus suíomhanna (IO L 87, 31.3.2017, lch. 90).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála um cheanglais trédhearcachta ar ionaid trádála agus ar ghnólachtaí infheistíochta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile agus maidir le hoibleagáidí forghníomhúcháin idirbheart i ndáil le scaireanna áirithe ag ionad trádála nó i dtaca le hinmheánaitheoir córasach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 387).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1960 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena socraítear na truicearmhéideanna le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 lena bhféadfaí tús a chur le cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise ar thorthaí agus ar ghlasraí áirithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus, go háirithe Airteagal 183, an chéad mhír, pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 39 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (2) go bhféadfar dleacht allmhairiúcháin bhreise dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus le linn na dtréimhsí a liostaítear inti. Maidir le cainníocht aon cheann de na táirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht ar feadh aon cheann de na tréimhsí cur i bhfeidhm a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ní mór feidhm a bheith ag an dleacht allmhairiúcháin bhreise sin i gcás inar mó í ná truicearmhéid na n-allmhairí i gcás an táirge sin in aon bhliain amháin. Ní fhéadfar dleachtanna breise allmhairiúcháin a fhorchur nuair nach dócha go suaithfidh na hallmhairí margadh an Aontais, nó i gcás ina mbeadh na héifeachtaí díréireach i gcomparáid leis an gcuspóir atá beartaithe. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, truicearmhéideanna na n-allmhairí lena bhféadfaí tús a chur le cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise ar thorthaí agus ar ghlasraí áirithe, tá siad cothrom le 125 % de mheánallmhairí gach táirge lena mbaineann le linn na tréimhse cur chun feidhme le haghaidh na 3 bliana roimhe sin toisc nach gcuirtear tomhaltas intíre san áireamh.. Ar bhonn na sonraí arna gcur in iúl ag na Ballstáit le haghaidh na mblianta 2019, 2020 agus 2021, ba cheart na truicearmhéideanna i gcás torthaí agus glasraí áirithe a shocrú le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024. |
|
(3) |
Ós rud é go dtosóidh an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise a d’fhéadfadh a bheith ann mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 an 1 Eanáir i gcás roinnt táirgí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2023, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024, leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na truicearmhéideanna dá dtagraítear in Airteagal 182(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcás na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).
IARSCRÍBHINN
Na truicearmhéideanna i gcás na dtáirgí agus na dtréimhsí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, ar truicearmhéideanna iad lena bhféadfaí tús a chur le cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise
Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, meastar nach bhfuil sa tuairisc ar na táirgí ach tuairisc tháscach. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is le raon feidhme na gcód AC mar a bheidh siad tráth a ghlacfar an Rialacháin seo a chinnfear raon feidhme na ndleachtanna allmhairiúcháin breise.
|
Sraithuimhir |
Cód AC |
Tuairisc ar tháirgí |
Tréimhse iarratais |
Truicearmhéid (tonaí) |
|
|
2023 |
2024 |
||||
|
78.0020 |
0702 00 00 |
Trátaí |
Ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair |
|
105 518 |
|
78.0015 |
Ón 1 Deireadh Fómhair |
go dtí an 31 Bealtaine |
689 880 |
||
|
78.0065 |
0707 00 05 |
Cúcamair |
Ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair |
|
59 702 |
|
78.0075 |
Ón 1 Samhain |
go dtí an 30 Aibreán |
36 105 |
||
|
78.0085 |
0709 91 00 |
Bliosáin |
Ón 1 Samhain |
go dtí an 30 Meitheamh |
13 312 |
|
78.0100 |
0709 93 10 |
Cúirséid |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig |
|
77 645 |
|
78.0110 |
0805 10 22 0805 10 24 0805 10 28 |
Oráistí |
Ón 1 Nollaig |
go dtí an 31 Bealtaine |
359 707 |
|
78.0120 |
0805 22 00 |
Cleimintíní |
Ón 1 Samhain |
go dtí deireadh mhí Feabhra |
85 252 |
|
78.0130 |
0805 21 0805 29 00 |
Mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí); builcíní agus hibridí citris comhchosúla |
Ón 1 Samhain |
go dtí deireadh mhí Feabhra |
140 254 |
|
78.0160 |
0805 50 10 |
Líomóidí |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine |
|
59 771 |
|
78.0155 |
Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig |
|
411 086 |
||
|
78.0170 |
0806 10 10 |
Fíonchaora boird |
Ón 16 Iúil go dtí an 16 Samhain |
|
81 284 |
|
78.0175 |
0808 10 80 |
Úlla |
Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Lúnasa |
|
323 981 |
|
78.0180 |
Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig |
|
63 904 |
||
|
78.0220 |
0808 30 90 |
Piorraí |
Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán |
|
135 993 |
|
78.0235 |
Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig |
|
27 870 |
||
|
78.0250 |
0809 10 00 |
Aibreoga |
Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil |
|
11 842 |
|
78.0265 |
0809 29 00 |
Silíní seachas silíní searbha |
Ón 16 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa |
|
47 293 |
|
78.0270 |
0809 30 |
Péitseoga, lena n-áirítear neachtairíní |
Ón 16 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair |
|
18 937 |
|
78.0280 |
0809 40 05 |
Plumaí |
Ón 16 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair |
|
49 195 |
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1961 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 230(1) agus 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speiceas agus de chatagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
|
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi naoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Alberta, Ceanada, ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 15 Meán Fómhair 2022 (2), an 17 Meán Fómhair, (1), an 19 Meán Fómhair 2022 (1), an 20 Meán Fómhair (2), an 21 Meán Fómhair 2022 (1), an 23 Meán Fómhair 2022 agus an 26 Meán Fómhair 2022 (1). |
|
(6) |
Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in British Columbia, Ceanada, ráig a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 12 Meán Fómhair 2022. |
|
(7) |
Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Manitoba, Ceanada, ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 18 Meán Fómhair 2022 agus an 22 Meán Fómhair 2022. |
|
(8) |
Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Ontario, Ceanada, ráig a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 18 Meán Fómhair 2022. |
|
(9) |
Sa bhreis air sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis in Saskatchewan, Ceanada, ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 19 Meán Fómhair 2022 agus an 26 Meán Fómhair 2022. |
|
(10) |
Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 22 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ráig amháin a bhí ann gar do Honington, Suffolk Thiar, Suffolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus an ceann eile gar do Easingwold, Hambleton, Yorkshire Thuaidh, Sasana, an Ríocht Aontaithe. |
|
(11) |
Sa bhreis air sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis gar do Northwold, King’s Lynn agus Norfolk Thiar, Norfolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 23 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(12) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 24 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ráig amháin a bhí ann gar do Hadleigh, Babergh, Suffolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus an ceann eile gar do Poulton-le-Fylde, Wyre, Lancashire, Sasana, an Ríocht Aontaithe. |
|
(13) |
Sa bhreis air sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis gar do Attleborough, Breckland, Norfolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 27 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(14) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis gar do Selby, Selby, Yorkshire Thuaidh, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 28 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(15) |
Thairis sin arís, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis gar do Lowestoft, Suffolk Thoir, Suffolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 29 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(16) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 01 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ráig amháin a bhí ann gar do Bury St Edmunds, Suffolk Thiar, Suffolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus an dá cheann eile gar do Attleborough, Breckland, Norfolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe. |
|
(17) |
Sa bhreis air sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis gar do Kidsgrove, Newcastle-under-Lyme, Staffordshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 3 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(18) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 4 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ceann gar do Hadleigh, Babergh, Suffolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, ceann gar do Faringdon, Vale of White Horse, Oxfordshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe agus ceann gar do Attleborough, Breckland, Sasana, an Ríocht Aontaithe. |
|
(19) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann in Merrimack County, stát New Hampshire, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 23 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(20) |
Thairis sin arís, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis in McPherson County, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 24 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(21) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 27 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ceann amháin in Ransom County, stát North Dakota, na Stáit Aontaithe agus dhá cheann in Sanpete County, stát Utah, na Stáit Aontaithe. |
|
(22) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 28 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ceann amháin in Sanpete County, stát Utah, na Stáit Aontaithe agus ceann in Racine County, stát Wisconsin, na Stáit Aontaithe. |
|
(23) |
Sa bhreis air sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi cheithre ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 29 Meán Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ceann amháin in Teton County, stát Pennsylvania, na Stáit Aontaithe, dhá cheann in Sanpete County, stát Utah, na Stáit Aontaithe agus ceann amháin in Dunn County, stát Wisconsin, na Stáit Aontaithe. |
|
(24) |
Sa bhreis air sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 3 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ceann amháin in Stanislaus County, stát California, na Stáit Aontaithe agus ceann eile in Tuscola County, stát Michigan, na Stáit Aontaithe. |
|
(25) |
Sa bhreis air sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis agus a deimhníodh an 4 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR): ceann amháin in Del Norte County, stát California, na Stáit Aontaithe, ceann amháin in Monterey County, stát California, na Stáit Aontaithe agus ceann amháin in York County, stát Nebraska, na Stáit Aontaithe. |
|
(26) |
Thairis sin arís, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis in Matanuska-Susitna County, stát Alaska, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 5 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(27) |
Sa bhreis air sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis in Madison County, stát Arkansas, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 7 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(28) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(29) |
Chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, do tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann le déanaí. |
|
(30) |
Chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina gcríoch i ndáil le sé ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcúigí Alberta (1), Ontario (4), agus Quebec (1), Ceanada, ráigeanna a deimhníodh idir an 28 Márta 2022 agus an 21 Aibreán 2022. |
|
(31) |
Chuir Ceanada faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne sé chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a críoch. |
|
(32) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le tráchtearraí éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas ó na criosanna i gCeanada óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin. |
|
(33) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
|
(34) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
|
(35) |
Le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/588 (4) agus (AE) 2022/914 (5) ón gCoimisiún leasaíodh Cuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 tríd an ró US-2.51 agus ró US-2.210 faoi seach a chur leis, lena sainítear dhá chrios atá buailte san iontráil le haghaidh na Stát Aontaithe san Iarscríbhinn V sin. Toisc gur braitheadh earráidí, ba cheart na rónna le haghaidh an chreasa US-2.51 agus le haghaidh an chreasa US-2.210 a cheartú dá réir. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceartúcháin sin ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/588 le haghaidh an chreasa US-2.51, agus ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/914 le haghaidh an chreasa US-2.210. |
|
(36) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1618 ón gCoimisiún (6), leasaíodh Cuid 1 d’Iarscríbhinn V agus Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 le haghaidh na rónna a bhaineann le crios US-2.19 san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe. Ós rud é gur braitheadh earráid, ba cheart na rónna le haghaidh an chreasa US-2.19 san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V agus i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceartúcháin sin ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1618. |
|
(37) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
|
1. |
In Iarscríbhinn V, i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chriosanna US-2.51:
|
|
2. |
In Iarscríbhinn V, i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chriosanna US-2.210:
|
|
3. |
In Iarscríbhinn V, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.19:
|
|
4. |
In Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios US-2.19:
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 2(1) ón 12.4.2022, beidh feidhm ag Airteagal 2(2) ón 14.6.2022 agus beidh feidhm ag Airteagal 2(3) agus (4) ón 21.9.2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/588 ón gCoimisiún an 08 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim (IO L 112, 11.4.2022, lch. 48).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/914 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim (IO L 158, 13.6.2022, lch. 27).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1618 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim (IO L 243, 20.9.2022, lch. 90).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
CINNTÍ
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/62 |
CINNEADH (AE) 2022/1962 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na Loingseoireachta Intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh a bhaineann le soithí loingseoireachta intíre agus seirbhisí faisnéise tráchta abhann
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin an 17 Deireadh Fómhair 1868, arna leasú leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a síníodh in Strasbourg an 20 Samhain 1963 (“an Coinbhinsiún”), tháinig sé i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967. |
|
(2) |
De bhun an Choinbhinsiúin, is féidir leis an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”) ceanglais theicniúla a ghlacadh le haghaidh soithí loingseoireachta uiscebhealaí intíre le haghaidh deimhnithe arna n-eisiúint faoi Airteagal 22 den Choinbhinsiún. |
|
(3) |
Faoin gCoinbhinsiún, is féidir le CCNR a chreat rialála a bhaineann le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (“RIS”) a mhodhnú trí thagairt a dhéanamh do na caighdeáin arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (“CESNI”) agus trí na caighdeáin sin a dhéanamh sainordaitheach faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin. |
|
(4) |
Bunaíodh CESNI an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú CCNR chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe a mhéid a bhaineann le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú. |
|
(5) |
Le gníomhaíocht ón Aontas in earnáil na loingseoireachta intíre, ba cheart díriú ar an aonfhoirmeacht a áirithiú i bhforbairt na gceanglas teicniúil agus na sonraíochtaí teicniúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, go háirithe a mhéid a bhaineann le soithí loingseoireachta intíre agus RIS. |
|
(6) |
Chun críche iompair éifeachtúil agus loingseoireachta sábháilte ar uiscebhealaí intíre, tá sé tábhachtach go mbeidh na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí agus RIS comhsheasmhach agus chomh comhchuibhithe agus is féidir faoi réimeanna dlíthiúla éagsúla san Eoraip. Go sonrach, na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CCNR freisin, ba cheart dóibh tacú le cinntí lena ndéantar rialacha CCNR a chomhchuibhiú leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas. |
|
(7) |
Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag CESNI an 13 Deireadh Fómhair 2022, táthar ag súil go nglacfaidh CESNI an Caighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh soithí Loingseoireachta Intíre 2023/1 (“ES-TRIN 2023/1”) agus an Caighdeán Eorpach maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann 2023/1 (“ES-RIS 2023/1”). |
|
(8) |
Le caighdeán ES-TRIN 2023/1 leagtar síos ceanglais theicniúla aonfhoirmeacha atá riachtanach chun sábháilteacht soithí loingseoireachta intíre a áirithiú. Áirítear ann forálacha maidir leis an longthógáil, an feistiú agus trealamh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, forálacha speisialta maidir le haicmí sonracha soithí amhail soithí paisinéirí, conbhuanna a bhrúitear agus soithí coimeádáin, forálacha maidir le trealamh an chórais aitheantais uathoibríoch, forálacha maidir le haitheantas soithigh, samhail de na deimhnithe agus samhail den chlár, agus forálacha idirthréimhseacha, chomh maith le treoracha maidir leis an gcaighdeán teicniúil a chur i bhfeidhm. |
|
(9) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) is tagairt do na ceanglais a sholáthraítear in ES-TRIN 2021/1 atá sa tagairt do na ceanglais theicniúla le haghaidh árthach. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an tagairt sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin a nuashonrú ionas go dtagraítear don leagan is déanaí de chaighdeán ES-TRIN, agus dáta chur i bhfeidhm an leagain sin a shocrú. Dá bhrí sin, le ES-TRIN 2023/1 déanfar difear do Threoir (AE) 2016/1629. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI a bhunú, ós rud é go bhféadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag ES-TRIN 2023/1 ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/1629. |
|
(11) |
Le ES-RIS 2023/1, leagtar síos sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha agus caighdeáin theicniúla aonfhoirmeacha chun tacú le RIS agus chun a n-idir-inoibritheacht a áirithiú. Na sonraíochtaí teicniúla agus na caighdeáin theicniúla faoi ES-RIS 2023/1, comhfhreagraíonn siad do na sonraíochtaí teicniúla agus na caighdeáin theicniúla sin nach mór a ghlacadh de réir Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), go háirithe sna réimsí seo a leanas: córas taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre; tuairisciú leictreonach long; fógraí do scipéirí; córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus comhoiriúnacht an trealaimh atá riachtanach chun RIS a úsáid. |
|
(12) |
I dtaca le sonraíochtaí teicniúla maidir le RIS, is sonraíochtaí iad atá bunaithe ar na prionsabail theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/44/CE agus cuirtear san áireamh leo an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha sa réimse sin. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI a leagan síos, ós rud é go bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith ag ES-RIS 2023/1 ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon na sonraíochtaí teicniúla ceangailteacha a glacadh faoi chuimsiú Threoir 2005/44/CE. |
|
(14) |
Tá coinne leis go nglacfaidh CCNR, ag seisiún iomlánach a bheidh ann amach anseo, rúin lena leasófar Rialacháin CCNR chun tagairt do ES-TRIN 2023/1 agus do ES-RIS 2023/1 a áireamh. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CCNR a leagan síos chomh maith. |
|
(15) |
Níl an tAontas ina chomhalta de CCNR ná de CESNI. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de na comhlachtaí sin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, seasamh an Aontais a chur in iúl. |
|
(16) |
Is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas ES-TRIN 2023/1 agus ES-RIS 2023/1 a ghlacadh toisc go n-éascaítear leo an leibhéal sábháilteachta is airde i réimse na loingseoireachta intíre, leanann siad an éabhlóid theicniúil san earnáil sin agus áirithítear leo comhoiriúnacht na gceanglas le haghaidh soithí agus comhoiriúnacht na seirbhísí faisnéise tráchta abhann san Eoraip, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na Loingseoireachta Intíre (“CESNI”) maidir le caighdeáin Eorpacha ES-TRIN 2023/1 agus ES-RIS 2023/1 a ghlacadh, aontú lena nglacadh.
2. Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”), tacú leis na tograí uile lena ndéantar Rialacháin CCNR a ailíniú le ES-TRIN 2023/1 agus ES-RIS 2023/1.
Airteagal 2
1. Déanfaidh na Ballstáit sin atá ina gcomhaltaí de CESNI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(1) a chur in iúl.
2. Déanfaidh na Ballstáit sin atá ina gcomhaltaí de CCNR, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(2) a chur in iúl.
Airteagal 3
Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BLAŽEK
(1) Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).
(2) Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 255, 30.9.2005, lch. 152).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/65 |
CINNEADH (AE) 2022/1963 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2022
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Seice, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Seice,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Josef BERNARD éirí as oifig. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na Seice Rudolf ŠPOTÁK, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Zastupitel Plzeňského kraje (Comhalta de Thionól Réigiúnach Réigiún Plzeň), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Rudolf ŠPOTÁK, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil sainordú toghchánach aige, Zastupitel Plzeňského kraje (Comhalta de Thionól Réigiúnach Réigiún Plzeň), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BLAŽEK
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/66 |
CINNEADH (CBES) 2022/1964 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1515 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1), 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1515 (1). |
|
(2) |
Ba cheart méid nua tagartha airgeadais a bhunú don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1515 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1515
“2. Is é EUR 2 417 423,89 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun caiteachas ESDC a chumhdach ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.
Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais chun caiteachas ESDC a chumhdach maidir le tréimhsí ina dhiaidh sin.”
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2020/1515 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2016/2382 (IO L 348, 20.10.2020, lch. 1).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/67 |
CINNEADH (CBES) 2022/1965 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
mar thaca le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Iúil 2001, ghlac na Stáit a bhí rannpháirteach i gComhdháil na Náisiún Aontaithe (NA) maidir le gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú (“Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe”). An 8 Nollaig 2005, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an ionstraim idirnáisiúnta lena gcuirtear ar chumas stát mionairm agus armáin éadroma neamhcheadaithe a shainaithint agus a rianú go tráthúil agus go hiontaofa (“an Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe”). Dearbhaítear leis an dá ionstraim idirnáisiúnta sin go gcomhoibreoidh Stáit, de réir mar is iomchuí, leis na Náisiúin Aontaithe chun tacú lena gcur chun feidhme éifeachtach. |
|
(2) |
An 12 Iúil 2002, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2002/589/CBES (1) maidir le dul i ngleic le carnadh agus scaipeadh díchobhsaitheach mionarm agus armán éadrom (SALW) a chomhrac. |
|
(3) |
An 16 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh chun carnadh aindleathach mionarm agus arm éadrom, mar aon lena n-armlón, agus an gháinneáil a dhéantar orthu a chomhrac. Leis an Straitéis sin, sainaithnítear tacaíocht do Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe mar an chéad tosaíocht do ghníomhaíocht ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus iarrtar go nglacfaí ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le SALW, mar aon lena n-armlón, a rianú agus a mharcáil. |
|
(4) |
Tar éis ghlacadh na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, thacaigh an tAontas lena chur chun feidhme iomlán trí Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/113/CBES ón gComhairle (2) a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Rinne an Chomhairle measúnú dearfach ar chur chun feidhme na Gníomhaíochta Comhpháirtí. |
|
(5) |
An 18 Iúil 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2011/428 (3), a thacaigh le dara Comhdháil na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2012. |
|
(6) |
I gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a seoladh an 25-27 Meán Fómhair 2015, dearbhaítear nach mór cur i gcoinne thrádáil SALW chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach. |
|
(7) |
An 3 Aibreán 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2017/633/CBES (4), a thacaigh le tríú Comhdháil na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2018. An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil Athbhreithniúcháin, glacadh doiciméad deiridh ina ndearna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú SALW a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad toilteanach leanúint de chomhar idirnáisiúnta agus comhar réigiúnach a threisiú trí chomhordú, comhairliúchán, malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil feabhsaithe, ina bhfuil eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus foréigiúnacha páirteach, chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann agus ceadúnaithe onnmhairithe agus allmhairithe. |
|
(8) |
Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal, Securing Our Common Future [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach agus ar thrádáil aindleathach gnáth-armán, agus d’iarr sé go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le SALW, mar aon lena n-armlón, ar nithe iad a sainaithníodh mar phríomhchumasóirí foréigin agus coinbhleachta armtha. |
|
(9) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón, dar teideal Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint (“Straitéis SALW an Aontais”), ina leagtar amach na treoirlínte do ghníomhaíocht an Aontais i réimse SALW. I Straitéis SALW an Aontais, meastar gurb é Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe an creat domhanda chun dul i ngleic leis an mbagairt ó SALW aindleathacha agus tacaíonn sí lena chur chun feidhme iomlán éifeachtúil ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda. |
|
(10) |
An 17 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2018/2011/CBES (5). Luaitear i Straitéis SALW an Aontais go ndéanfaidh an tAontas cinntí inscne, agus malartú dea-chleachtas i ndáil leis an méid sin, a phríomhshruthú go héifeachtach agus tionscadail nua a bhaineann le comhrac an fhoréigin gunna agus le rialú SALW i gcoitinne á gceapadh acu. |
|
(11) |
Tugann tuarascáil chríochnaitheach 2022 ón Ochtú Cruinniú Débhliantúil na Stát le féachaint ar chur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe an méid seo a leanas dá haire:
|
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis SALW an Aontais a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo tacú le cur chun feidhme éifeachtach iomlán Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe agus na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, feabhas a chur ar an tslándáil idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta, rannchuidiú le slándáil an duine a bhaint amach, agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí rialú SALW.
2. De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:
|
(a) |
tacú le forbairtí beartais domhanda réamhbhreathnaitheacha i gcomhthéacs cheathrú Comhdháil na Náisiún Aontaithe chun an Dul chun Cinn atá Déanta i gCur chun Feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2024 a Athbhreithniú; |
|
(b) |
cur chun feidhme éifeachtach náisiúnta agus réigiúnach an Chláir Gníomhaíochta agus na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe a neartú; |
|
(c) |
tacú le beartais agus cláir rialaithe SALW atá inscne-fhreagrúil. |
3. Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadail san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
3. Comhlíonfaidh UNODA a chúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.
Airteagal 3
1. Is é EUR 4 524 465,05 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal arna mhaoiniú ag an Aontas a chur chun feidhme.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú maoiniúcháin is gá i gcrích le UNODA. Sonrófar sa chomhaontú maoiniúcháin go bhfuil UNODA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle ar chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheasúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh aon chomhaontú maoiniúcháin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2002/589/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le rannchuidiú an Aontais Eorpaigh le carnadh agus scaipeadh díchobhsaitheach mionarm agus armán éadrom a chomhrac agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 1999/34/CBES (IO L 191, 19.7.2002, lch. 1).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/113/CBES ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 chun tacú leis an Ionstraim Idirnáisiúnta lena gcuirtear ar chumas stát mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (SALW) a shainaithint agus a rianú go tráthúil agus go hiontaofa faoi chuimsiú Straitéis an Aontais chun carnadh aindleathach SALW, mar aon lena n-armlón, agus an gháinneáil a dhéantar orthu a chomhrac (IO L 40, 14.2.2008, lch. 16).
(3) Cinneadh 2011/428/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 chun tacú le gníomhaíochtaí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (IO L 188, 19.7.2011, lch. 37).
(4) Cinneadh (CBES) 2017/633 ón gComhairle an 3 Aibreán 2017 chun tacú le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (IO L 90, 4.4.2017, lch. 12).
(5) Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 a thacaíonn le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí ina ndéantar inscne a phríomhshruthú i gcomhrac na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre um Mná, um an tSíocháin agus um an tSlándáil (IO L 322, 18.12.2018, lch. 38).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL CHUN TACÚ LE CLÁR GNÍOMHAÍOCHTA NA NÁISIÚN AONTAITHE CHUN GACH GNÉ DEN TRÁDÁIL AINDLEATHACH I MIONAIRM AGUS IN ARMÁIN ÉADROMA A CHOSC, A CHOMHRAC AGUS A DHÍOTHÚ
1. Cúlra
Nuair a glacadh Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc (PoA) in 2001, ba chéim chinniúnach é sin sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in armáin éadroma (SALW). Ó shin i leith, tá dul chun cinn tábhachtach déanta maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Phlean Gníomhaíochta agus a ionstraim rianaithe, Ionstraim Idirnáisiúnta 2005 lena gcuirtear ar chumas stát mionairm agus armáin éadroma aindleathacha a shainaithint agus a rianú go tráthúil agus go hiontaofa (ITI). Tá dúshláin agus bacainní fós ann, áfach, maidir le cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach an dá ionstraim.
Ní hamháin go gcuidíonn rialú éifeachtach mionarm le slándáil náisiúnta agus le slándáil an duine a neartú. Ina theannta sin, cuireann sé forbairt inbhuanaithe chun cinn mar a aithníonn na stáit i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, a fhónann mar scáth do cheapadh agus do chlársceidealú cuimsitheach beartais dhomhanda. Tá ról lárnach ag na sreafaí aindleathacha arm maidir le coinbhleacht armtha, foréigean forleatach agus gníomhartha coireachta agus sceimhlitheoireachta a thionscnamh, a ghéarú agus a chothú. Bíonn tionchar diúltach ag na sreafaí sin, go háirithe i suíomhanna coinbhleachta, ar obair an phearsanra oibríochtaí daonnúla agus síochána agus bíonn sé níos casta comhaontuithe síochána a thabhairt i gcrích dá bharr.
Le PoA agus ITI, leantar den chreat uilíoch a chur ar fáil, creat ar tháinig Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe ar chomhaontú ina leith, chun dul i ngleic le fadhb na mionarm, lena dtugann gach stát gealltanas feabhas a chur ar dhlíthe agus ar bheartais náisiúnta maidir le mionairm, ar rialuithe allmhairiúcháin/onnmhairiúcháin, ar bhainistiú stoc-charn, ar mharcáil agus rianú, agus ar dhul i mbun comhair agus cúnaimh. Leis na deicheanna de bhlianta anuas, áfach, tá dúshláin nua a bhaineann le rialú SALW, ina measc forbairtí i monarú, teicneolaíocht agus dearadh SALW, tagtha chun cinn, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht roinnt de na forálacha a leagtar amach in PoA agus ITI.
Leis an ochtú Cruinniú Débhliantúil na Stát (BMS8), a tionóladh i mí an Mheithimh 2022, agus leis an gceathrú Comhdháil Athbhreithnithe (RevCon4), atá beartaithe do 2024, cuirtear deiseanna ar fáil do na stáit na bearnaí atá fós ann a mheas, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua agus beartas leighis agus ceartaithe agus bearta oibríochtúla a chur ar bun, rud a chuirfidh ar chumas na Stát clár oibre an bheartais dhomhanda agus éifeachtacht an PoA agus ITI a neartú.
Ó ghealltanais go gníomhaíocht
D’ainneoin dul chun cinn inmholta ar leibhéal an bheartais dhomhanda, tá gá fós le gníomhaíochtaí daingne náisiúnta agus réigiúnacha chun na gealltanais dhomhanda agus na hionstraimí réigiúnacha, ar tháinig na stáit ar chomhaontú ina leith, a chur chun feidhme. Agus meastachán ann go bhfuil aon bhilliún arm tine i gcúrsaíocht ar fud an domhain (1), is cúram práinneach i gcónaí é rialú SALW.
Tá go leor iarrataí ar chúnamh idirnáisiúnta (2) i gcónaí. Tá gá le sásraí cúnaimh feabhsaithe inbhuanaithe intuartha chun freastal ar na héilimh agus chun rialú agus rialáil SALW a neartú. Chun go gcomhlíonfaidh go leor stát na gealltanais pholaitiúla a bhaineann le rialú mionarm, lena n-áirítear iad siúd faoi Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt, tá gá le cúnamh idirnáisiúnta.
Tá easpa sásraí náisiúnta comhordúcháin ann in go leor stát agus tá na sásraí sin lag in go leor tíortha ina bhfuil siad ann. Tá na sásraí sin bunriachtanach chun beartais agus cláir náisiúnta a chomhchuibhiú, chun beartais, straitéisí agus cláir chuimsitheacha náisiúnta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh orthu chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna mionarm. Tá líon na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta maidir le SALW fós íseal agus, i gcás inarb ann dóibh, tá leithdháileadh cistí nó comhtháthú i gcreataí forbartha agus slándála náisiúnta níos leithne easnamhach. Is dúshlán mór fós é sonraí a bhailiú in a lán stát, rud a bhaineann an bonn ón rianú agus den fhaireachán cainníochtúil ar iarrachtaí cur chun feidhme. I gcás ina mbíonn sonraí ar fáil, bíonn sé dúshlánach fós sonraí náisiúnta a chomhchuibhiú agus a imdhealú. Cé go bhfuil dul chun cinn coibhneasta déanta maidir le marcáil, faightear ardlíon leanúnach iarrataí ar chúnamh do bhainistiú stoc-charn, do choimeád taifead, do rialuithe aistrithe agus do rianú. (3) Ós rud gur cuid de chreat na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) é an rianú, baineann rátaí ísle ratha sa chreat sin an bonn ó bhaint amach Chlár Oibre 2030 go háirithe. (4)
Ó bhí an Séú Cruinniú Débhliantúil na Stát ann in 2016, rinneadh dul chun cinn suntasach ar fud an domhain maidir leis na naisc idir rialú mionarm agus comhionannas inscne a neartú. De bharr shaintréithe uathúla doimhne na sochaí a bhaineann le saincheist na mionarm, is gá príomhshruthú cuimsitheach a dhéanamh ar pheirspictíochtaí inscne i ngach gné de rialú mionarm. Tá dul chun cinn suntasach maidir le cur chun feidhme forálacha a bhaineann le hinscne le feiceáil sna tuarascálacha náisiúnta a chuir na Ballstáit faoi bhráid UNODA, lena léirítear léim ó 40 % go 63 % idir 2018 agus 2022 maidir le Stáit a chuireann breithnithe inscne i rialú mionarm san áireamh anois. (5)
Bhí ról suntasach sna hiarrachtaí sin ag Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 a thacaíonn le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí ina ndéantar inscne a phríomhshruthú sa chomhrac i gcoinne na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS) ón Aontas, lenar imscaradh a gníomhaíochtaí san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin agus i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Tá éagsúlacht mhór ann, áfach, maidir le doimhneacht agus cur chun feidhme geografach na n-iarrachtaí sin agus ní bhailíonn ach 24 % de na Stáit sonraí imdhealaithe gnéis agus aoise a bhaineann le mionairm. (6) Gan na buntáistí a bhaineann le faisnéis chruinn mhionsonraithe fhianaisebhunaithe maidir leis na rioscaí éagsúla a bhaineann le mionairm do mhná, d’fhir, do chailíní agus do bhuachaillí agus na riachtanais shonracha slándála a bhíonn acu, is dócha go bhfanfaidh idirghabhálacha maidir le rialú mionarm dall ar inscne, rud a chuireann bac ar fhorbairtí éifeachtacha beartais agus clársceidealaithe agus SDG 5 a bhaint amach. Rachaidh tuilleadh dul chun cinn i ndáil leis sin chun tairbhe freisin do chur chun feidhme chlár oibre WPS, agus táscaire sa Chreat nua Faireacháin WPS maidir le “líon na dtíortha ina n-áirítear breithnithe inscne i gcur chun feidhme an Chláir Gníomhaíochta (PoA) maidir le mionairm agus armáin éadroma” a rannchuideoidh an tionscadal seo leo.
Agus saincheist na mionarm á léiriú féin ar bhealaí an-éagsúil ar fud an domhain agus na dúshláin atá ann ar an leibhéal náisiúnta maidir le ciorclaíocht SALW aindleathacha, léirítear comhcheangail uathúla imthosca agus comhthéacsanna. Dá bhrí sin, tá teorainn leis an dul chun cinn is féidir a dhéanamh sa chur chun feidhme ar bhonn iarracht chomhbheartaithe chomhordaithe dhomhanda; ní mór dul chun cinn a bhunú, thairis sin, ar úinéireacht agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha. Dá bhrí sin, chomhaontaigh na stáit ag an Seachtú Cruinniú Débhliantúil na Stát maidir le PoA (BMS7) “breithniú ar spriocanna deonacha náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú i gcomhréir le forálacha an Chláir Gníomhaíochta, agus comhthéacsanna éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, d’fhonn úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach agus tomhas an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme a neartú.” (7) Ba cheart baint a bheith ag na spriocanna sin le gníomhaíochtaí a leagtar amach i bpleananna gníomhaíochta náisiúnta nó straitéisí náisiúnta maidir le SALW, lena n-áirítear treochláir réigiúnacha, agus ba cheart iad a bheith intomhaiste agus ailínithe le PoA agus ITI agus leis na Spriocanna a comhaontaíodh i gClár Oibre 2030. Thairis sin, ní mór iarrachtaí náisiúnta maidir le rialú SALW a chomhchuibhiú le creataí náisiúnta eile atá ábhartha don tslándáil, don chomhionannas inscne agus don fhorbairt, nuair is ann dóibh.
Is ó Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe a lorgóidh na Stáit treoir agus cúnamh chun an cur chuige spriocdhírithe nua seo a chur chun feidhme, lena gcuirtear deis uathúil ar fáil i ndeireadh na dála d’iarrataí níos saincheaptha ar chúnamh idirnáisiúnta agus do leithdháileadh acmhainní chomh maith. (8) Is sampla den scoth iad na treochtaí a bhí ann le déanaí maidir le treochláir réigiúnacha/pleananna gníomhaíochta réigiúnacha agus cláir réigiúnacha a bhunú den chaoi ar féidir le socrú spriocanna éascaíocht a dhéanamh do dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme, agus é á áirithiú ag an am céanna go gcuirtear cúnamh comhordaithe ar fáil chun tacú leis na hiarrachtaí sin.
Tógáil ar thionscadail agus ar rath roimhe seo, an bealach chun cinn a réiteach
Tá ranníocaíochtaí luachmhara airgeadais curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) agus dá lárionaid réigiúnacha chun tacú le PoA le blianta beaga anuas, lena dtacaítear le hullmhúcháin na gComhdhálacha Athbhreithnithe faoi PoA (9); le gnéithe oibríochtúla, amhail bainistiú feabhsaithe stoc-charn san Afraic, a mhaoiniú (10); agus an tacaíocht is déanaí a tugadh do bheartais, cláir agus gníomhaíochtaí príomhshruthaithe inscne sa chomhrac i gcoinne na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (11).
I measc na dtorthaí nithiúla a bhí ar na tionscadail sin, bhí doiciméad toraidh réamhbhreathnaitheach ag an Tríú Comhdháil Athbhreithnithe (12), arna chumasú le plé saineolaithe, comhairliúcháin réigiúnacha agus clár urraíochta lenar áirithíodh rannpháirtíocht níos leithne agus níos cothroime ó stáit agus ó ionadaithe na sochaí sibhialta ag an gComhdháil. San Afraic, feabhsaíodh acmhainní oibríochtúla agus teicniúla a neartaigh go nithiúil an tSlándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoc-charn (PSSM) i mBuircíne Fasó, i Sead, i Mailí, sa Mháratáin, sa Nígir agus sa Nigéir. Leis an tionscadal rialaithe inscne agus mionarm atá ar siúl faoi láthair, cuireadh le hacmhainneachtaí náisiúnta i dtíortha ar fud an domhain chun tacú le rialú inscne-fhreagrúil mionarm, le hionadaithe oilte ó eagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha maidir leis an tsaincheist sin, agus cuireadh feabhas suntasach ar shineirgí idir iarrachtaí maidir le rialú mionarm agus cur chun feidhme an chláir oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil.
Tógann an togra seo ar na tionscadail a bhí ann roimhe seo agus ar an rath a bhí orthu, agus ag an am céanna tugtar isteach cur chuige nua trí ghné chun cur chun feidhme éifeachtach PoA agus ITI a chur chun cinn.
Cuirfidh an tionscadal nua ar chumas UNODA agus a lárionad réigiúnach a áirithiú go mbeidh ceapadh beartas domhanda, agus cur chun feidhme náisiúnta agus réigiúnach ailínithe, agus go leanfar den fhoghlaim thrasréigiúnach.
2. Cuspóirí, gníomhaíochtaí agus torthaí an tionscadail
Is é cuspóir sáraitheach an tionscadail feabhas a chur ar an tslándáil idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta, rannchuidiú le slándáil an duine a bhaint amach agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí rialú SALW.
Bainfear é sin amach trí chur chuige trasghearrtha, lena dtacófar leis an obair ar (1) fhorbairtí réamhbhreathnaitheacha beartais dhomhanda i gcomhthéacs an Cheathrú Comhdháil Athbhreithnithe; (2) chur chun feidhme éifeachtach náisiúnta agus réigiúnach PoA agus ITI; agus béim ar leith ar (3) bheartais agus cláir inscne-fhreagrúla maidir le rialú mionarm.
I dteannta a chéile mar chreataí domhanda rialaithe mionarm, neartóidh na trí cholún PoA agus ITI, agus áiritheoidh siad a n-ábharthacht agus a n-éifeachtacht leanúnach.
Torthaí ar fud na dtrí cholún:
|
— |
Méadaítear an rannpháirtíocht le heagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha, rud a chumasaíonn cur chuige níos cuíchóirithe i leith iarrachtaí beartais agus cur chun feidhme ar an leibhéal foréigiúnach, réigiúnach agus domhanda. |
|
— |
Déantar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí ban agus gníomhaithe óige, a neartú ar gach leibhéal. |
3. Cur síos ar Straitéisí Cholún na dTionscadal
3.1. Beartais agus gealltanais dhomhanda a chur chun cinn i gcomhthéacs Cheathrú Comhdháil Athbhreithnithe 2024 na Náisiún Aontaithe (RevCon4) den Chlár Gníomhaíochta maidir le mionairm.
3.1.1. Torthaí
|
— |
Déantar ábharthacht agus éifeachtacht PoA/ITI a áirithiú agus a mhéadú. |
|
— |
Tá tacaíocht mhaith ag RevCon4 maidir le PoA agus tá raon leathan geallsealbhóirí ann. |
|
— |
Treisítear tuairisciú náisiúnta na Stát faoi PoA agus ITI, lena n-áirítear mar chreat le haghaidh bailiú sonraí le haghaidh sprioc SDG 16.4 (13) agus táscaire SGD 16.4.2. (14) |
3.1.2. Gníomhaíochtaí
Plé comhchéime fíorúil saineolaithe chun moltaí gníomhaíocht-dhírithe a fhorbairt a bhaineann le rialú SALW mar tacú le RevCon4.
Trí shraith cruinnithe comhchéime fíorúla saineolaithe, pléitear agus fiosraítear ábhair éagsúla chun ábharthacht agus éifeachtacht PoA agus ITI a áirithiú. Cinnfear ábhair an phlé chomhchéime bunaithe ar thorthaí BMS8 (i.e. arna roghnú ó réimsí tosaíochta dhoiciméad toraidh BMS8 le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta agus le breithniú ag RevCon4). Tabharfar cuireadh d’Uachtarán ainmnithe RevCon4 freastal ar gach cruinniú comhchéime saineolaithe. Cuirfear an ghníomhaíocht sin chun feidhme i gcomhar le UNIDIR. Is go fíorúil a reáchtálfar na cruinnithe comhchéime saineolaithe uile. Déanfar príomhthorthaí agus moltaí gach cruinnithe comhchéime a chur i láthair agus a phlé ag gach cruinniú réigiúnach.
Ullmhúcháin shubstainteacha chuimsitheacha do RevCon4
Cuirfidh cruinnithe réigiúnacha fóram ar fáil do Stáit rannpháirteacha agus d’eagraíochtaí réigiúnacha faoi seach chun dúshláin réigiún-sonracha a bhaineann le SALW a shainaithint agus tosaíochtaí réigiúnacha do RevCon4 a phlé. Tabharfar cuireadh d’Uachtarán ainmnithe RevCon4 freastal ar gach cruinniú réigiúnach.
De ghnáth, eagróidh réigiúin agus eagraíochtaí réigiúnacha eile — amhail an tAontas Eorpach, Léig na Stát Arabach, an tAigéan Ciúin agus ESCE — cruinniú ullmhúcháin do RevCon4. Ní gá don tionscadal na réigiúin sin a chumhdach. Arna iarraidh sin, féadfaidh UNODA a bheith rannpháirteach in aon cheann de na cruinnithe réigiúnacha sin chun torthaí phlé comhchéime na saineolaithe a chur i láthair. Cuirfidh UNODA agus a lárionaid réigiúnacha an ghníomhaíocht sin chun feidhme go déanach in 2023/go luath in 2024, le tacaíocht shubstainteach ó UNIDIR. Beidh na gníomhaíochtaí uile ar siúl i bpearsa.
Moltar go mbeadh na cúig chruinniú réigiúnacha seo a leanas ann:
|
Tíortha ó fhoréigiúin |
Eagraíochtaí réigiúnacha |
Ionad réigiúnach |
Ionad |
|
An Afraic Thiar agus an Afraic Láir |
AA, ECCAS, ECOWAS, RECSA, UEMOA, G5 na Saiheile |
UNREC |
Lomé, Tóga |
|
An Afraic Thoir agus Deisceart na hAfraice |
AA, EAC, SADC, IGAD, RECSA, SARCOM |
UNREC |
Lomé, Tóga |
|
Muir Chairib |
CARICOM |
UNLIREC |
Fíorúil |
|
Meiriceá Laidineach |
MERCOSUR, OAS, SICA |
UNLIREC |
Fíorúil |
|
ASEAN agus Stáit na hÁise Theas |
ASEAN, SAARC |
UNRCPD |
Bangkok, An Téalainn |
Clár urraíochta do rannpháirtithe ó thíortha i mbéal forbartha nó ó thíortha atá buailte go dona chun freastal ar RevCon4
De bharr easpa cistí, bíonn a lán tíortha i mbéal forbartha ag streachailt le hionadaíocht a fháil óna bpríomhoifigigh a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna SALW i gcaipiteal ag comhdhálacha athbhreithnithe PoA. Le clár urraíochta do ghrúpa roghnaithe de na tíortha is mó atá buailte, d’éascófaí a rannpháirtíocht, rud shaibhreodh an plé ag RevCon4. Soláthraíonn sé deis líonraithe iontach freisin agus d’fhéadfaí sineirgí a chruthú ag imeachtaí agus gníomhaíochtaí eile ar imeall RevCon4.
Déanfaidh SEGS na rannpháirtithe a fhormheas ar mholadh ó UNODA, lena n-áirítear a lárionaid réigiúnacha. I bprionsabal, ba cheart oifigigh roghnaithe ó údaráis náisiúnta a ainmniú mar phointí fócasacha náisiúnta PoA. I measc na gcritéar eile le haghaidh roghnúcháin tá breithnithe inscne, tíolacadh tráthúil tuarascála náisiúnta, rannpháirtíocht ghníomhach i gcruinnithe réigiúnacha agus/nó i bpléití comhchéime.
Gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm a neartú
I measc na ngníomhaíochtaí beidh taighde agus abhcóideacht, feachtais meán, cláir urraíochta agus ceardlanna. Is é an Líonra Idirnáisiúnta Gníomhaíochta um Mionairm (IANSA) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta in RevCon4.
3.1.3. Aschuir
— Eagraíodh ceithre (4) chruinniú chomhchéime fhíorúla in 2023
Sna cruinnithe comhchéime, cuireadh moltaí gníomhaíocht-dhírithe ar fáil, moltaí a d’fhéadfadh na Stáit a bhreithniú, lena n-áirítear i ndoiciméad toraidh RevCon4 in 2024. Rinneadh príomhthorthaí agus príomh-mholtaí an phlé chomhchéime a chomhthiomsú in aon ghearrpháipéar amháin agus foilsíodh iad roimh RevCon4. Cuireadh an páipéar ar fáil i mBéarla agus aistríodh go hAraibis, Fraincis agus Spáinnis é.
— Eagraíodh cúig (5) cinn de chruinnithe réigiúnacha 2 lá chun tacú le rialtais agus le heagraíochtaí ó réigiúin shonracha agus iad ag ullmhú do RevCon4
Áiríodh tuairisciú náisiúnta ar chlár oibre na gcruinnithe réigiúnacha agus cuireadh cúnamh ar fáil do thoscaireachtaí ar mian leo a dtuarascálacha náisiúnta a ullmhú agus/nó a chur isteach le linn na gcruinnithe. De bharr rátaí ísle tuairiscithe i réigiúin na hÁise agus an Aigéin Chiúin, tionóladh clinic tuairiscithe náisiúnta aon lae tiomnaithe tar éis an chruinnithe réigiúnaigh, d’fhonn rátaí tuairiscithe sa réigiún a mhéadú do RevCon4. Cuireadh na torthaí agus na moltaí ó chruinnithe comhchéime na saineolaithe (Gníomhaíocht 1.3.1) i láthair agus pléadh iad ag na cruinnithe.
— D’fhreastail cúig rannpháirtí dhéag (15) urraithe ar RevCon4
Rinneadh urraíocht ar an taisteal chuig RevCon4 (ní chuig an gCoiste Ullmhúcháin níos luaithe in 2024) agus ar chóiríocht do suas le 15 rannpháirtí. Ina theannta sin, tugadh urraíocht do rannpháirtí amháin ó gach ionad réigiúnach (UNREC, UNLIREC, UNRCPD) chun freastal ar RevCon4 i Nua-Eabhrac.
3.1.4. Neartaíodh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta tríd an méid seo a leanas:
|
i. |
Rinneadh tuarascáil ar thorthaí BMS8 d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur le chéile agus a scaipeadh, a bhí mar bhonn eolais leis na hullmhúcháin do RevCon4. |
|
ii. |
Rinneadh feachtas a cheapadh agus a chur chun cinn d’fheachtais Sheachtain Gníomhaíochta Dhomhanda i gcoinne Foréigean Gunna, agus RevCon4 mar fhócas téamach. |
|
iii. |
Forbraíodh treoirleabhar sochaí sibhialta maidir le RevCon4 roimh an gComhdháil, inar leagadh amach conas a d’fhéadfadh an tsochaí shibhialta rannchuidiú leis na hullmhúcháin do RevCon4 agus leis an gcomhdháil iarbhír. |
|
iv. |
Trí chlár urraíochta, d’fhreastail suas le deichniúr (10) ionadaí ón tsochaí shibhialta ar RevCon4 agus ghlac siad páirt ghníomhach in imeachtaí a eagraíodh ar imeall RevCon4. |
|
v. |
Reáchtáladh ceardlann ullmhúcháin ar RevCon4 d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhí rannpháirteach. Gníomhaíocht 2 lá a bhí ann lenar tugadh comhaltaí IANSA le chéile i Nua-Eabhrac an deireadh seachtaine roimh an gComhdháil. |
|
vi. |
Rinneadh suas le trí (3) pháipéar faisnéise abhcóideachta do chomhaltaí IANSA maidir le hábhair théamacha a bhaineann le saincheisteanna nár thug PoA/ITI aghaidh orthu go leordhóthanach a tháirgeadh agus a scaipeadh. Cuireadh na páipéir ar fáil ar líne i mBéarla agus aistríodh iad go Fraincis agus Spáinnis. Cuireadh cóipeanna crua ar fáil ag RevCon4. |
3.2. Cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach an PoA/ITI a áirithiú bunaithe ar thosaíochtaí, spriocanna, straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus réigiúnacha
3.2.1. Torthaí
|
— |
Neartaítear cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach na ngealltanas a thug Stáit faoi chuimsiú an PoA agus ITI. |
|
— |
Déantar socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, arna gcomhaontú ag na Stáit ag BMS7, a thriail ar bhonn píolótach. |
3.2.2. Gníomhaíochtaí
Uasghrádú a dhéanamh ar uirlis mheasúnaithe MOSAIC (leagan ar líne agus leagan páipéir) chun cur ar chumas na Stát féinmheasúnuithe a dhéanamh ar chur chun feidhme PoA/ITI
Cuirfidh an uirlis mheasúnaithe MOSAIC ar chumas na Stát measúnú/féinmheasúnú a dhéanamh ar leibhéal cur chun feidhme PoA/ITI agus creataí rialaithe mionarm eile ar an leibhéal náisiúnta. Cuideoidh sé le Stáit bearnaí ina gcórais náisiúnta rialaithe mionarm a shainaithint agus réimsí tosaíochta a chinneadh ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun cumais náisiúnta a neartú agus chun cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach PoA/ITI a áirithiú.
Féadfaidh torthaí measúnuithe a bheith mar bhonn agus mar thaca ag pleananna gníomhaíochta, straitéisí, treochláir agus/nó spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt agus a áirithiú go bhfuil siad bunaithe ar na forálacha a comhaontaíodh i bpríomhchomhaontuithe domhanda SALW. Féadfar an uirlis mheasúnaithe MOSAIC a úsáid freisin chun tacú le bailiú agus tiomsú faisnéise atá le háireamh i dtuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme PoA/ITI agus chun forbairt tograí tionscadail a éascú chun críocha tiomsaithe airgid.
Leis an uirlis mheasúnaithe MOSAIC, éascófar breithnithe náisiúnta faoina gcórais rialaithe mionarm i gcoinne na réimsí a chumhdaítear le modúil MOSAIC atá i sraitheanna 2, 3, 4, 5 agus 6, agus, dá bhrí sin, cumhdófar saolré iomlán na mionarm, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna trasghearrtha amhail inscne agus an óige. (15) Sa bhreis ar an úsáid a bhaineann údaráis náisiúnta aisti, tá sé beartaithe go mbeidh raon níos leithne geallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí réigiúnacha agus an tsochaí shibhialta, in ann uirlis den sórt sin a úsáid freisin. Rachaidh sí chun tairbhe go díreach d’obair lárionaid réigiúnacha UNODA agus féadfar í a úsáid le linn misin scóipe faoin Eintiteas Tarrthála Beatha (SALIENT) (16). Chun a áirithiú go bhféadfaidh na heintitis sin tacú le hiarrachtaí náisiúnta an uirlis mheasúnaithe MOSAIC a úsáid, déanfar Treoir d’Úsáideoirí a fhorbairt agus a chur ar fáil.
Cuirfear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme i gcomhar le UNIDIR.
Tacú le Stáit chun a n-iarrachtaí cur chun feidhme PoA/ITI a neartú
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, arna chur chun feidhme ag UNLIREC
|
— |
Comhdhlúthú Treochlár SALW do Stáit Mheiriceá Láir (2022-2024), a mbeadh baint ag na Ballstáit Sistema de la Integración Centroamericana (SICA) uile lena mbaineann (Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Panama) le cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha SALW a neartú agus chun leathadh aindleathach arm agus armlóin a laghdú san fhoréigiún. (17) Is éard a bheidh sna gníomhaíochtaí seimineáir, ceardlanna, seisiúin oibre (cruinnithe dréachtaithe agus téamacha) fhoréigiúnacha. Beidh Stáit Mheiriceá Láir in ann an móiminteam polaitiúil sa tréimhse roimh RevCon4 a úsáid chun tionscnamh foréigiúnach nua a chur chun cinn le cuspóirí agus táscairí soiléire. Tabharfar faoi phróiseas comhdhlúthaithe thionscnamh an Treochláir i gcomhar le Roinn Slándála Poiblí Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) agus comhlánófar na gníomhaíochtaí a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2022/847 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022. Beidh UNLIREC in ann an próiseas a threorú taobh le OAS agus tógáil ar an saineolas atá aige faoi Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib. Déanfar na gníomhaíochtaí uile a chomhordú le SICA, an eagraíocht fhoréigiúnach. |
|
— |
Déanfar cúrsaí ar Chomhrac na Gáinneála ar Airm agus Armlón (CTAM) agus an Cúrsa um Mionairm, Armlón agus Páirteanna agus Comhpháirteanna (ISAAPC) a chur i gcrích i Stáit Mheiriceá Theas agus Láir. |
San Áise-Aigéan Ciúin, arna chur chun feidhme ag UNRCPD
|
— |
Tacú le bunú agus oiliúint Phointí Fócasacha Náisiúnta PoA. Go dtí seo, níor ainmnigh agus níor thuairiscigh ach 17 dtír pointe teagmhála náisiúnta maidir le cur chun feidhme PoA/ITI i réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin. Faoin ngníomhaíocht sin, tacóidh UNRCPD le bunú pointí fócasacha náisiúnta, i gcás nach ann dóibh, agus cuirfidh sé feabhas ar acmhainneacht na bpointí fócasacha agus na sásraí comhordúcháin náisiúnta atá ann cheana trí cheardlann réigiúnach thiomnaithe. Déanfar an ghníomhaíocht sin in 2023 chun a áirithiú go n-ainmneofar pointí fócasacha náisiúnta in am do RevCon4. Déanfar an ghníomhaíocht seo go fíorúil. |
|
— |
Measúnuithe MOSAIC i stáit roghnaithe chun bearnaí agus deiseanna a shainaithint maidir le cur chun feidhme neartaithe agus maidir le tosaíochtaí, spriocanna agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú. Déanfar an ghníomhaíocht seo i bpearsa. |
|
— |
Cúnamh do stáit i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. Féadfar cúnamh a chur ar fáil maidir le gnéithe éagsúla de rialú SALW, ina measc gnéithe reachtacha agus rialála, ceapadh agus bainistiú rialaithe mionarm agus/nó tacaíocht oibríochtúil. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige foréigiúnacha (e.g. maidir le slándáil teorann) a bheith san áireamh leis sin freisin. Beidh gach gníomhaíocht cuimsitheach agus inscne-fhreagrúil. Féadfar a áireamh leo sin tacaíocht oibríochtúil, oiliúint, ceardlanna, cruinnithe, gníomhaíochtaí bailithe sonraí nó gníomhaíochtaí taighde. Is iad na húdaráis náisiúnta agus/nó na seirbhísí slándála agus na fórsaí cosanta a bheidh na bpríomhthairbhithe. Freagróidh UNRCPD iarratais ar chúnamh ó thíortha le linn chur chun feidhme an tionscadail. Tabharfar tús áite d’iarrataí ar chúnamh a eascraíonn as na gníomhaíochtaí eile a rinneadh faoin tionscadal seo, go háirithe ó mheasúnú MOSAIC, nó a cuireadh in iúl trí thuarascálacha náisiúnta. Féadfar cúnamh a chur ar fáil i bpearsa agus/nó go fíorúil. |
San Afraic, arna chur chun feidhme ag UNREC
|
— |
Measúnuithe MOSAIC i stáit roghnaithe chun bearnaí agus deiseanna a shainaithint maidir le cur chun feidhme neartaithe agus maidir le tosaíochtaí, spriocanna agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú. Déanfar an ghníomhaíocht seo i bpearsa. |
|
— |
Cúnamh do stáit san Afraic maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. Féadfar cúnamh a chur ar fáil maidir le gnéithe éagsúla de rialú SALW, ina measc gnéithe reachtacha agus rialála, ceapadh agus bainistiú rialaithe mionarm agus/nó tacaíocht oibríochtúil. D’fhéadfadh cineálacha cur chuige foréigiúnacha (e.g. maidir le slándáil teorann) a bheith san áireamh leis sin freisin. Beidh gach gníomhaíocht cuimsitheach agus inscne-fhreagrúil. Féadfar a áireamh leo sin tacaíocht oibríochtúil, oiliúint, ceardlanna, cruinnithe, gníomhaíochtaí bailithe sonraí nó gníomhaíochtaí taighde. Is iad na húdaráis náisiúnta agus/nó na seirbhísí slándála agus na fórsaí cosanta a bheidh na bpríomhthairbhithe. Freagróidh UNREC iarrataí ar chúnamh ó thíortha le linn chur chun feidhme an tionscadail. Tabharfar tús áite d’iarrataí ar chúnamh a eascraíonn as na gníomhaíochtaí eile a rinneadh faoin tionscadal seo, go háirithe ó mheasúnú MOSAIC, nó a cuireadh in iúl trí thuarascálacha náisiúnta. Féadfar cúnamh a chur ar fáil i bpearsa agus/nó go fíorúil. |
Gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm a neartú, lena n-áirítear:
|
— |
Feachtais Bhliantúla — reáchtálfaidh IANSA agus a bhalleagraíochtaí gníomhaíochtaí feachtais bhliantúil le haghaidh imeachtaí amhail an tSeachtain Dhomhanda Gníomhaíochta i gcoinne Foréigean Gunna, Lá Idirnáisiúnta na nÓg, Mí Mhaithiúnas na Afraice, Lá Idirnáisiúnta na Síochána, Lá Idirnáisiúnta Leanaí na hAfraice, Lá Idirnáisiúnta Scrios Gunna, Caith Flannbhuí, Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus na 16 Laethanta Gníomhachtaithe i gcoinne Foréigean Inscne-bhunaithe. |
|
— |
Acmhainneacht na sochaí sibhialta maidir le rialú SALW a fhothú — ábhair bheartas-dhírithe a fhorbairt agus deiseanna foghlama a eagrú do chomhaltaí IANSA, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin agus cuir i láthair, chun measúnú agus feabhsú a dhéanamh ar an eolas ar PoA/ITI agus ar ionstraimí idirnáisiúnta/réigiúnacha/foréigiúnacha eile atá ábhartha maidir le rialú SALW i measc na sochaí sibhialta, chun cur ar a gcumas tacú le rialú mionarm agus an rialú sin a chur chun cinn. |
|
— |
Rannpháirtíocht, abhcóideacht agus clár for-rochtana na sochaí sibhialta maidir le socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, pleananna gníomhaíochta, agus/nó treochláir — i gcomhairle agus i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, tacóidh IANSA lena chomhaltaí líonra chun spriocanna agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a phlé le hoifigigh agus chun forbairt spriocanna agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a chur chun cinn chun PoA/ITI a chur chun feidhme. |
|
— |
Clár Deontais do rannpháirtíocht inbhuanaithe chomhaltaí roghnaithe IANSA — bunóidh IANSA Clár Deontais do Chomhaltaí IANSA chun cur ar chumas eagraíochtaí pobail obair chlársceidealaithe a dhéanamh. Bunóidh IANSA próiseas chun an Clár Deontais a éascú bunaithe ar chritéir roghnúcháin atá sainithe go soiléir agus a dhéanfaidh UNODA a fhormheas. |
|
— |
Abhcóideacht do Thuairisciú Náisiúnta — tacaíonn IANSA agus a chomhaltaí, i gcomhairle le UNODA, go comhsheasmhach le tuairisciú rialta agus cuimsitheach PoA/ITI trí idirphlé cuiditheach le húdaráis náisiúnta agus le parlaiminteoirí. Is é an Líonra Idirnáisiúnta Gníomhaíochta maidir le Mionairm (IANSA) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí sin, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus a lárionaid réigiúnacha agus tacóidh sé le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme iomlán agus éifeachtach PoA/ITI. |
3.2.3. Aschuir
Fuair an uirlis measúnaithe MOSAIC na huasghráduithe seo a leanas:
|
— |
Forbairt uirlis mheasúnaithe MOSAIC, lenar neartaíodh rialuithe náisiúnta mionarm, lenar tacaíodh le cur chun feidhme PoA agus le socrú spriocanna, mar aon le pleananna gníomhaíochta, forbairtí treochlár lenar éascaíodh iarrataí ar chúnamh idirnáisiúnta. D'fhorbair an uirlis mheasúnaithe MOSAIC ar an leagan béite den Uirlis Mheasúnaithe ISACS a forbraíodh roimhe seo, a bhí teoranta ó thaobh raon feidhme de do shraith 5 de na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Rialú Mionarm (ISACS). |
|
— |
Cuireadh leagan páipéir den uirlis ar fáil in Araibis, i mBéarla, i bhFraincis, i bPortaingéilis agus i Spáinnis. Cuireadh leagan Béarla ar líne ar fáil freisin. |
|
— |
Treoir Úsáideora don Uirlis Measúnaithe MOSAIC a fhorbairt agus a fhoilsiú i mBéarla, le haistriúcháin go hAraibis, Fraincis, Portaingéilis agus Spáinnis. |
|
— |
Rinneadh cleachtaí bailíochtaithe/seisiúin oiliúna chomhcheangailte d’uirlis mheasúnaithe MOSAIC le heagraíochtaí agus sásraí réigiúnacha agus foréigiúnacha ar imeall na gcruinnithe réigiúnacha mar ullmhúchán do RevCon4. |
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib
|
— |
Tionóladh suas le hocht (8) gcinn de sheimineáir/ceardlanna/seisiúin oibre/cruinnithe i bpearsa agus i suíomhanna fíorúla chun tacú le treochlár SALW a chomhdhlúthú do Stáit Mheiriceá Láir (2022-2024). Le linn na chéad bhliana de ghníomhaíochtaí, rinneadh an dréacht-dhoiciméad den Treochlár a chomhdhlúthú, agus díríodh i mbliain a dó ar straitéisí náisiúnta a fhorbairt (Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta (NAPanna) nó tionscnaimh chomhchosúla) agus ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a sainaithníodh sa tionscnamh/sa treochlár foréigiúnach. |
|
— |
Thug UNLIREC dhá (2) chúrsa ISAAPC agus ceithre (4) chúrsa CTAM i Stáit roghnaithe Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas. |
San Áise agus san Aigéan Ciúin
|
— |
Tionóladh ceardlann réigiúnach thiomnaithe. Dhírigh an cheardlann réigiúnach ar ról agus ar chúraimí Phointe Teagmhála Náisiúnta, go háirithe an comhordú le heintitis náisiúnta, tíolacadh tuarascálacha náisiúnta agus soláthar treorach maidir le beartas agus clársceidealú a bhaineann le rialú SALW. Bhí sé bunaithe ar mhodúl MOSAIC 03.40 ar shásraí comhordúcháin náisiúnta maidir le rialú SALW. |
|
— |
Rinneadh measúnuithe MOSAIC i bpearsa i suas le dhá (2) stát roghnaithe. |
|
— |
Fuair suas le ceithre (4) Stát i réigiún an Aigéin Chiúin san Áise cúnamh maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. |
San Afraic
|
— |
Rinneadh measúnuithe MOSAIC i bpearsa i suas le dhá (2) stát roghnaithe. |
|
— |
Fuair suas le ceithre (4) Stát san Afraic cúnamh maidir le cur chun feidhme PoA/ITI. |
3.2.4. Neartaíodh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta tríd an méid seo a leanas:
|
i. |
Forbraíodh gníomhaíochtaí feachtais agus ábhair, agus cuireadh stipinní beaga ar fáil do bhalleagraíochtaí áitiúla agus náisiúnta IANSA le haghaidh gníomhaíochtaí a rinneadh le linn na bhfeachtas sin. |
|
ii. |
Forbraíodh ábhair bheartas-dhírithe agus eagraíodh deiseanna foghlama do chomhaltaí IANSA. |
|
iii. |
Clár rannpháirtíochta agus abhcóideachta na sochaí sibhialta arna bhunú maidir le socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, pleananna gníomhaíochta, agus/nó treochláir. |
|
iv. |
Bunaíodh clár deontais le haghaidh rannpháirtíocht inbhuanaithe chomhaltaí roghnaithe IANSA. |
|
v. |
Rinneadh abhcóideacht le húdaráis náisiúnta agus le parlaiminteoirí chun Tuairisciú Náisiúnta a fheabhsú. |
3.3. Freastal ar an éileamh leanúnach chun beartais agus cláir rialaithe mionarm ina ndéantar príomhshruthú inscne a neartú agus a dhoimhniú, i gcomhréir leis an gClár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil
3.3.1. Torthaí
|
— |
Déantar acmhainneacht inbhuanaithe straitéiseach agus oibríochtúil a mhéadú agus a dhoimhniú a thuilleadh chun an inscne a phríomhshruthú i rialú mionarm i measc raon leathan geallsealbhóirí. |
|
— |
Feabhsaítear a thuilleadh sineirgí agus naisc inghníomhaithe le creataí beartais comhlántacha agus le cláir oibre chomhlántacha, go háirithe Clár Oibre 2030, an Clár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil, Ár gComhchlár Oibre agus rúin ón gComhthionól maidir le mná agus dí-armáil. |
3.3.2 Gníomhaíochtaí
Cuirfidh na gníomhaíochtaí uile le torthaí an tionscadail a mhaoinigh an tAontas roimhe seo, eadhon Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 a thacaíonn le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí ina ndéantar inscne a phríomhshruthú sa chomhrac i gcoinne na gáinneála a dhéantar ar mhionairm agus a mí-úsáide, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil.
An chomhpháirt maidir le rialú mionarm i gclár oibre WPS a neartú
Áirítear leis sin rannpháirtíocht leanúnach UNODA i Líonra Pointí Fócasacha na mBan, na Síochána agus na Slándála chun rialú mionarm a chur chun cinn i bpleananna gníomhaíochta, straitéisí agus iarrachtaí cur chun feidhme náisiúnta WPS. Rannpháirtíocht leanúnach a bheidh ann le linn chur chun feidhme an tionscadail agus is i bpearsa agus/nó i bhformáid fhíorúil a dhéanfar í.
Tacaíocht do Stáit chun beartais agus cláir inscne-fhreagrúla rialaithe mionarm a neartú
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib, arna chur chun feidhme ag UNLIREC
|
— |
Oiliúint maidir le príomhshruthú inscne i rialú mionarm i Stáit Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas — díríonn na cúrsaí ar údaráis náisiúnta atá freagrach as rialú agus rialáil mionarm, slándáil saoránach agus foréigean in aghaidh na mban/foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a laghdú. |
|
— |
Sraith seimineár gréasáin maidir le rialuithe SALW agus inscne sa tréimhse roimh RevCon4 — beidh na topaicí éagsúil agus cinnfear iad i gcomhar le Stáit Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas agus i gcomhréir le hullmhúcháin agus torthaí RevCon4. |
San Áise-Aigéan Ciúin, arna chur chun feidhme ag UNRCPD
|
— |
Cur chun feidhme clár oibre cóineasaithe maidir le rialú mionarm agus comhionannas inscne a chomhchuibhiú — bainfidh seo le tíortha san Áise agus san Aigéan Ciúin a dhéanamh rannpháirteach i pleananna gníomhaíochta náisiúnta um Mná, um an tSíocháin agus um an tSlándáil atá imithe in éag, atá ann cheana nó atá beartaithe, chun feabhas a chur ar chur chun feidhme clár oibre cóineasaithe le tionscnaimh rialaithe mionarm. Leis an tionscnamh, fiosrófar sineirgí le creataí comhionannais inscne eile, go háirithe an Tionscnamh Spotsolais. |
|
— |
Seimineár réigiúnach maidir le huiliú CTA i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise agus maidir leis an gcóineasú le clár oibre WPS — in 2013, ghlac na Stáit CTA, conradh iltaobhach lena rialaítear go sonrach an trádáil idirnáisiúnta in airm thraidisiúnta. Is é CTA an chéad chonradh a bhaineann le hairm atá ceangailteach ó thaobh dlí freisin lena n-aithnítear an nasc idir an trádáil arm agus an foréigean inscnebhunaithe (GBV). Trí CTA a chur chun feidhme, cuirtear ar chumas na Stát a ngealltanais maidir le honnmhairiú arm a leagtar amach in PoA in 2001 a chomhlíonadh. Tá aontachas na Síne agus na nOileán Filipíneach le CTA fós íseal i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, ach chruthaigh aontachas na Síne agus na nOileán Filipíneach le déanaí móiminteam fabhrach polaitiúil sa réigiún chun uiliú an Chonartha a chur chun cinn. Bhí an cheardlann bunaithe ar rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na bparlaiminteoirí faoin tionscadal roimhe seo, inar sainaithníodh an CTA mar phríomhréimse tosaíochta. Cuirfear an cheardlann chun feidhme i gcomhar le príomhchomhpháirtithe, lena n-áirítear gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus an tsochaí shibhialta. Eagrófar go fíorúil í. |
San Afraic, arna chur chun feidhme ag UNREC
|
— |
Ceardlanna réigiúnacha maidir le rialú mionarm a phríomhshruthú ó thaobh inscne de chun dúshláin agus tosaíochtaí a bhaineann le hinscne a mhalartú — reáchtálfar ceardlanna réigiúnacha don Afraic Thiar, don Afraic Láir, d’Oirthear na hAfraice agus do Dheisceart na hAfraice. Cuirfear na ceardlanna seo i bhfeidhm i gcomhar le heagraíochtaí réigiúnacha agus le príomhchomhpháirtithe agus is i bpearsa a eagrófar iad. |
|
— |
Rialú mionarm a chomhtháthú i gcomhionannas inscne, i bhforbairt agus in iarrachtaí slándála níos leithne trí shraith seimineár gréasáin le saineolaithe a bhíonn ag obair le GBV, CRSV, rannpháirtíocht na hóige, saincheisteanna daonnúla, agus cúnamh do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do dhídeanaithe chun feasacht a mhúscailt faoi bhunchúiseanna agus faoi thionchair leathadh mionarm, gáinneála agus mí-úsáide agus faoin ngá atá le rialú arm a nascadh agus/nó a chomhtháthú i gcláir oibre eile. Is é cuspóir na sraithe seimineár gréasáin cur chuige ilghnéitheach a fhorbairt chun foréigean armtha a chosc agus a laghdú agus naisc inláimhsithe a chruthú idir údaráis náisiúnta um rialú mionarm, agus geallsealbhóirí breise chun na críche sin. Cuirfear an tsraith seimineár gréasáin i bhfeidhm i gcomhar le príomhchomhpháirtithe agus is go fíorúil a eagrófar í. |
Gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm a neartú, lena n-áirítear:
|
— |
Príomhshruthú Inscne & Tuarascáil SALW maidir leis an méid a baineadh amach agus na ceachtanna a foghlaimíodh faoin tionscadal (CBES) 2018/2011 arna chistiú ag an Aontas, lena n-áirítear forléargas agus measúnú ar na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag IANSA agus a chomhaltaí agus moltaí maidir le tuilleadh rannpháirtíochta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais do ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le hinscne faoin tionscadal seo. |
|
— |
Ceardlanna, cúrsaí oiliúna agus imeachtaí fíorúla maidir le rialú mionarm a phríomhshruthú ó thaobh inscne de don tsochaí shibhialta i gcomhpháirtíocht le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha - eagróidh IANSA ceardlanna, cúrsaí oiliúna agus imeachtaí fíorúla maidir le hinscne agus rialú mionarm le linn thréimhse cur chun feidhme an tionscadail do lucht féachana leathan domhanda. |
|
— |
Tograí ón tsochaí shibhialta maidir le sineirgí a fheabhsú le clár oibre WPS. Pacáistí uirlisí a tháirgeadh ina dtiomsófar tograí ó chomhaltaí IANSA chun sineirgí a fheabhsú idir cláir oibre rialaithe mionarm agus WPS, lena ndíreofar ar theicnící abhcóideachta, teachtaireachtaí trasréigiúnacha, agus cur chun feidhme beartais is féidir a chur i bhfeidhm ar fud na réigiún. Scaipfear pacáiste uirlisí go forleathan, lena n-áirítear le linn gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag IANSA agus/nó UNODA agus a lárionaid réigiúnacha. Déanfaidh IANSA na gníomhaíochtaí thuas, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, chun tacú le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i mbeartais agus i gcláir rialaithe mionarm atá príomhshruthaithe ó thaobh inscne de, i gcomhréir leis an gClár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil. |
3.3.3. Aschuir
Cuireadh rialú agus dí-armáil arm, lena n-áirítear mionairm, chun cinn in obair agus i líonraí na Náisiún Aontaithe maidir le WPS, lena n-áirítear maidir le foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht. (18)
Acmhainneacht na Stát le haghaidh beartais agus cláir inscne-fhreagrúla mionarm neartaithe tríd an méid seo a leanas:
|
|
I Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib
|
|
|
I réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise
|
|
|
San Afraic
|
3.3.4 Neartaítear rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i rialú mionarm tríd an méid seo a leanas:
|
i. |
Tuarascáil a tháirgeadh agus a scaipeadh maidir leis an méid a baineadh amach agus na ceachtanna a foghlaimíodh faoin tionscadal (CBES) 2018/2011 arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach. |
|
ii. |
Tionóladh ceardlanna fíorúla, oiliúint agus imeachtaí maidir le rialú mionarm a phríomhshruthú ó thaobh inscne de don tsochaí shibhialta. |
|
iii. |
Rinneadh pacáiste uirlisí a tháirgeadh agus a scaipeadh, lenar tiomsaíodh tograí ó chomhaltaí IANSA chun sineirgí a fheabhsú idir rialú mionarm agus cláir oibre WPS. |
4. Múscailt feasachta, abhcóideacht, for-rochtain agus comhpháirtíochtaí
Beidh tionchar marthanach ag UNODA agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme trí fheasacht a mhúscailt go héifeachtach, agus abhcóideacht, for-rochtain, agus comhpháirtíochtaí éifeachtacha.
Tacóidh UNODA le faisnéis agus aschuir na ngníomhaíochtaí atá beartaithe a scaipeadh ar an lucht féachana is leithne is féidir. Ina theannta sin, rachfar i mbun for-rochtana faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí ábhartha uile trí rannpháirtíocht sna meáin, imeachtaí ar an imeall agus uirlisí gréasáin. Forbróidh UNODA agus IANSA feachtais meán sóisialta agus glacfaidh siad páirt iontu i rith na bliana.
Bainfidh UNODA agus IANSA úsáid as an raon uirlisí cumarsáide is leithne is féidir, lena n-áirítear leathanach gréasáin, preaseisiúintí i scríbhinn, uirlisí roghnaithe meán sóisialta, imeachtaí ar an imeall agus seisiúin faisnéise neamhfhoirmiúla. Rianófar cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile trí uirlisí faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear suirbhéanna rannpháirtithe agus cruinnithe rialta na meithle faoi seach.
Déanfaidh UNODA gach beart is iomchuí chun infheictheacht chuí rannchuidiú an Aontais leis an ngníomhaíocht a áirithiú. Déanfar bearta den chineál sin i gcomhréir le Lámhleabhar Cumarsáide agus Infheictheachta an Choimisiúin le haghaidh Gníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais Eorpaigh.
Áiritheofar comhordú le raon leathan comhpháirtithe, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann tairbhe as Cinntí eile ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, le linn chur chun feidhme an tionscadail.
Leanfaidh UNODA de pháirt ghníomhach a ghlacadh sa Sásra Comhordúcháin neamhfhoirmiúil maidir le hInscne agus SALW, a bunaíodh faoin tionscadal leanúnach in 2019.
5. Fad ama
36 mhí a bheidh i ré mheasta iomlán an tionscadail, lena n-áirítear gach gníomhaíocht faoina thrí cholún.
6. Tuairisciú
Ullmhóidh UNODA tuarascálacha rialta, i gcomhréir leis an gcomhaontú a caibidlíodh.
7. Costas iomlán
Is é EUR XXX an maoiniú measta iomlán atá á lorg ón Aontas chun Céim II a chur chun feidhme.
(1) https://www.smallarmssurvey.org/database/global-firearms-holdings
(2) https://smallarms.un-arm.org/international-assistance
(3) Cur i láthair a thug UNODA ag BMS7 dar teideal “Programme of Action on SALW. International Tracing Instrument. Trends, Challenges and Opportunities. Data from 2020 National Reports”, [Clár Gníomhaíochta maidir le SALW. An Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe. Treochtaí, Dúshláin agus Deiseanna. Sonraí ó Thuarascálacha Náisiúnta 2020] https://documents.unoda.org/wp-content/uploads/2021/07/BMS7-UNODA-Trends-challenges-opportunities.pdf
(4) I dtáscaire SDG 16.4.2, léitear: “Cion na n-arm a urghabhadh, a aimsíodh nó a tugadh suas a ndearna údarás inniúil a dtionscnamh nó a n-úsáid aindleathach a rianú nó a shuí i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta” (aistriúchán neamhoifigiúil).
(5) Cur i láthair a thug UNODA ag BMS7 dar teideal “Programme of Action on SALW. International Tracing Instrument. Trends, Challenges and Opportunities. Data from 2020 National Reports” [Clár Gníomhaíochta maidir le SALW. An Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe. Treochtaí, Dúshláin agus Deiseanna. Sonraí ó Thuarascálacha Náisiúnta 2020].
(6) https://smallarms.un-arm.org/statistics
(7) https://undocs.org/A/CONF.192/BMS/2021/1, mír 50. Féach freisin míreanna 51, 52, 57, agus 58.
(8) https://www.undocs.org/A/74/187
(9) Cinneadh 2011/428/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 agus Cinneadh (AE) 2017/633 ón gComhairle an 3 Aibreán 2017.
(10) Cinneadh 2014/912/CBES ón gComhairle an 15 Nollaig 2014.
(11) Cinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018.
(12) https://meetings.unoda.org/section/poa-revcon3-2018_documents
(13) Sprioc SDG 16.4: “Faoi 2030, sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach, aisghabháil agus filleadh sócmhainní goidte a neartú, agus dul i ngleic le gach cineál coireachta eagraithe.” (aistriúchán neamhoifigiúil).
(14) Táscaire SDG 16.4.2: “Cion na n-arm a urghabhadh, a aimsíodh nó a tugadh suas a ndearna údarás inniúil a dtionscnamh nó a n-úsáid aindleathach a rianú nó a shuí i gcomhréir le hionstraimí idirnáisiúnta” (aistriúchán neamhoifigiúil).
(15) www.un.org/disarmament/mosaic
(16) www.un.org/disarmament/salient
(17) Tabhair ar aird go bhfuil an Bheilís agus an Phoblacht Dhoiminiceach, Stáit SICA, mar chuid de Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib, agus gur gá rannpháirtíocht Nicearagua a dhearbhú.
(18) Rannpháirtíocht, Cosc Coinbhleachta, Cosaint agus Faoiseamh agus Aisghabháil.
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/82 |
CINNEADH (CBES) 2022/1966 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Eanáir 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/34/CBES (1) maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali). |
|
(2) |
An 23 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/434 (2) lena ndéantar oiriúnú ar shainordú EUTM Mali agus lena gcuirtear síneadh leis go dtí an 18 Bealtaine 2024. |
|
(3) |
Molann Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, sa Rún 2640 (2022) uaithi, inter alia, don Aontas Eorpach, go háirithe a Ionadaí Speisialta don tSaiheil agus dá mhisin EUTM Mali agus EUCAP Sahel Mali, laistigh dá sainorduithe faoi seach, leanúint dá chuid iarrachtaí tacú le húdaráis Mhailí in Athchóiriú na hEarnála Slándála agus le húdarás agus láithreacht an Stáit a athbhunú ar fud chríoch Mhailí. |
|
(4) |
Tar éis an Athbhreithnithe Straitéisigh Chuimsithigh ar EUTM Mali agus EUCAP Sahel Mali, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go ndéanfaí sainordú EUTM Mali, a leanfaidh ar aghaidh go dtí an 18 Bealtaine 2024, a oiriúnú don staid pholaitiúil agus slándála i Mailí. |
|
(5) |
Ba cheart Cinneadh 2013/34/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh 2013/34/CBES leis seo mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun críche an chuspóra dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, cuirfidh EUTM Mali comhairle mhíleata agus oideachas míleata ar fáil do MAF, mura gcinneann chinneann an Coiste Polaitiúil agus Slándála na gníomhaíochtaí sin a chur ar fionraí. Ina theannta sin, má chinneann an Coiste Polaitiúil agus Slándála go bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh, cuirfidh EUTM Mali comhairle agus oiliúint mhíleata ar fáil do MAF, lena n-áirítear oiliúint réamh-imscartha, agus meantóireacht, trí thionlacan neamhfheidhmiúcháin suas go dtí an leibhéal oirbheartaíochta, ionas go mbeidh EUTM Mali in ann obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí MAF agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus ar a iompar, lena n-áirítear i ndáil leis an urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta.”; |
|
(2) |
cuirtear na míreanna seo a leanas leis: “7. Leanfaidh EUTM Mali de ghníomhaíochtaí dírithe sa Nígir agus i mBuircíne Fasó ó Mhailí faoin sainordú atá ann cheana, leis na hacmhainní agus leis na cumais atá ar fáil, agus aird iomlán á tabhairt ar an gcomhthéacs polaitiúil agus ar na riachtanais a chuireann na húdaráis in iúl, go dtí go mbunófar réitigh thiomnaithe chun leanúnachas agus buaine na n-oibríochtaí a áirithiú. 8. Tacóidh EUTM Mali leis na hiarrachtaí cumarsáide straitéisí chun luachanna an Aontais a chothú, gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn agus sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag fórsaí eachtracha i Mailí a nochtadh.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 14, 18.1.2013, lch. 19).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/434 ón gComhairle an 23 Márta 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/34/CBES ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cur le hoiliúint Fhórsaí Armtha Mhailí (EUTM Mali) (IO L 89, 24.3.2020, lch. 1).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/84 |
CINNEADH (CBES) 2022/1967 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
Beidh feidhm ag na bearta sriantacha a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2016/1693, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/85 |
CINNEADH (CBES) 2022/1968 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata arna thabhairt ag an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn sí go huile is go hiomlán le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra, an 24-25 Márta agus an 30-31 Bealtaine 2022, d’éiligh an Chomhairle Eorpach go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata atá ar siúl aici, go dtarraingeodh sí siar gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine ina hiomláine na fórsaí agus an trealamh míleata uile, agus go n-urramódh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta. |
|
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 23-24 Meitheamh 2022, dúirt an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas an-tiomanta i gcónaí do thacaíocht mhíleata bhreise a sholáthar chun cabhrú leis an Úcráin a ceart bunúsach féinchosanta i gcoinne fhogha na Rúise a fheidhmiú, agus a hiomláine chríochach agus a ceannasacht a chosaint. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle oibriú go pras chun an tacaíocht mhíleata a mhéadú a thuilleadh. |
|
(4) |
I litir dar dáta an 30 Meán Fómhair 2022, d’iarr an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta na hÚcráine i gcomhpháirt ar an Aontas tacaíocht mhíleata a thabhairt don Úcráin, dheimhnigh sé go n-áirítear ar na riachtanais reatha atá ar an Úcráin ina leith sin oiliúint mhíleata bhunúsach agus chomhchoiteann, chomh maith le hoiliúint mhíleata speisialaithe do phearsanra i réimsí an leighis, na lóistíochta, na cosanta ceimiceacha, bitheolaíochta agus radaíochta, na tacaíochta innealtóireachta, na cibearshlándála agus na cibearchosanta, agus oiliúint teagascóirí arm comhcheangailte, gan dochar do réimsí eile a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise amach anseo, agus ba dhíol sásaimh dó gur bunaíodh, mar ábhar práinne, misean cúnaimh mhíleata de chuid an Aontais chun na críche sin mar thaca leis an Úcráin. |
|
(5) |
An 10 Deireadh Fómhair 2022 d’fhormheas an Chomhairle Coincheap Bainistithe Géarchéime do Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) neamhfheidhmiúcháin mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), a mhairfidh dhá bhliain ar dtús tar éis é a sheoladh. |
|
(6) |
Ba cheart an cuspóir straitéiseach a bheith ag EUMAM Ukraine cur le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine (UAF) oibríochtaí a athghiniúint agus a sheoladh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh san Úcráin a chosaint. |
|
(7) |
Beidh EUMAM Ukraine mar chuid de Chur Chuige Comhtháite an Aontais chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin, lena n-áirítear bearta cúnaimh mhíleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána arna bunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1) chun trealamh míleata a sholáthar do UAF. Oibreoidh EUMAM Ukraine i gcomhar le toscaireacht an Aontais i gCív agus le misean sibhialtach CBSC EUAM Ukraine arna bhunú le Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle (2). |
|
(8) |
Mar fhreagairt ar iarraidh na hÚcráine do thacaíocht mhíleata, ba cheart do EUMAM Ukraine oiliúint aonair, chomhchoiteann agus speisialaithe a chur ar fáil do UAF, oiliúint a chur ar Fhórsaí Críochacha Cosanta UAF, agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit a chomhordú agus a shioncrónú mar thaca le hoiliúint a chur ar UAF. |
|
(9) |
Ba cheart dearadh EUMAM Ukraine a bheith inscálaithe, modúlach agus solúbtha, ionas go mbeidh a chuid gníomhaíochtaí in ann dul in oiriúint go pras don staid san Úcráin agus do riachtanais athraitheacha agus riachtanais níos fadtéarmaí UAF. |
|
(10) |
I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a fhad is atá na himthosca sin ann, ba cheart do EUMAM Ukraine feidhmiú ar chríoch na mBallstát, mar bheart sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go dtí go gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. |
|
(11) |
Ba cheart don Choiste Polaitiúil agus Slándála, faoi fhreagracht na Comhairle agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, rialú polaitiúil a fheidhmiú ar EUMAM Ukraine, treoir straitéiseach a thabhairt dó agus na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 CAE. |
|
(12) |
Ba cheart feidhm a bheith ag Comhaontú an Aontais maidir le Stádas na bhFórsaí (EU SOFA) (3) maidir le haonaid agus pearsanra EUMAM Ukraine faoi stiúir an Aontais arna n-imscaradh ar chríoch na mBallstát. Maidir leis an stádas a bheidh ag pearsanra UAF a bheidh rannpháirteach in eagrú na hoiliúna arna cur ar fáil faoi EUMAM Ukraine, nó a bhainfidh tairbhe as an oiliúint sin, ba cheart stádas an phearsanra sin a shainiú sna socruithe idir údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil an oiliúint á hóstáil acu agus údaráis inniúla na hÚcráine. Féadfaidh EUMAM Ukraine socruithe a dhéanamh freisin le húdaráis inniúla na hÚcráine maidir leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh EUMAM Ukraine pearsanra UAF a óstáil. |
|
(13) |
Ba cheart EUMAM Ukraine a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú Stáit atá ar aon intinn leis, arna iarraidh sin, faoi réir comhaontuithe idir an tAontas agus na tríú Stáit sin maidir lena rannpháirtíocht agus maidir lena nglacadh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála. |
|
(14) |
De bhun Airteagal 41(2) CAE agus i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, is iad na Ballstáit atá leis as an gcaiteachas oibríochtúil a eascraíonn as an gCinneadh seo, a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta aige, a íoc. |
|
(15) |
I bhfianaise riachtanais uathúla EUMAM Ukraine agus na gcoinníollacha sonracha chun é a bhunú, mar thoradh ar mhéid na hoiliúna atá le cur ar fáil agus ar an luas atá riachtanach chun í a thabhairt don Úcráin, is gá a chinneadh go bhféachfar ar chostais incriminteacha áirithe, sa bhreis ar na costais sin a cháilíonn mar chostais choiteanna i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, mar chostais choiteanna le haghaidh EUMAM Ukraine. I gcás EUMAM Ukraine, de bharr na n-imthosca urghnácha, beidh an tAontas in ann na hacmhainní is gá a shlógadh chun tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin ar an scála is gá trí chistiú a chur ar fáil, mar bheart eisceachtúil, do na míreanna coiteanna atá riachtanach chun tacú le hoiliúnaithe agus gníomhaíochtaí oiliúna UAF. |
|
(16) |
I bhfianaise na práinne, ba cheart, a luaithe is féidir, armlón agus trealamh nó ardáin a ceapadh chun fórsa marfach a thabhairt a chistiú ó bheart cúnaimh tiomnaithe de chuid na Saoráide Eorpaí Síochána lena gcomhlánaítear EUMAM Ukraine. Ba cheart aon trealamh eile, lena n-áirítear fearais oiliúna phearsanta, a sholáthar faoi bheart cúnaimh eile. Le bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána, d’fhéadfaí trealamh speisialaithe a chur ar fáil agus, arna iarraidh sin don Úcráin, d’fhéadfaí trealamh míleata a deonaíodh don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chothabháil agus a dheisiú. |
|
(17) |
Chun an éifeachtúlacht a uasmhéadú maidir le freastal ar riachtanais na hÚcráine, ba cheart do EUMAM Ukraine a chuid gníomhaíochtaí a chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis agus a chuireann tacaíocht mhíleata ar fáil, go háirithe oiliúint mhíleata, do UAF, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Misean
1. Seolfaidh an tAontas Misean Cúnaimh Mhíleata mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine).
2. Ba cheart an cuspóir straitéiseach a bheith ag EUMAM Ukraine cur le cumas míleata Fhórsaí Armtha na hÚcráine (UAF) oibríochtaí a athghiniúint agus a sheoladh go héifeachtach, ionas go mbeidh an Úcráin in ann a hiomláine chríochach a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, a ceannasacht a fheidhmiú go héifeachtach agus sibhialtaigh san Úcráin a chosaint.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, déanfaidh EUMAM Ukraine an méid seo a leanas a sholáthar:
|
(a) |
oiliúint aonair agus chomhchoiteanna do phearsanra UAF, ar bhunleibhéil, ardleibhéil agus leibhéil speisialaithe: go háirithe i gceannaireacht shóisearach ó leibhéil na rannóige/an scuaid agus na buíne suas go dtí leibhéil na cuideachta, an chathláin agus na briogáide, lena n-áirítear oiliúint oibríochtúil; agus ullmhú cuideachtaí, cathláin agus briogáidí in inlíocht chomhchoitianta agus in oirbheartaíocht suas go dtí leibhéal na briogáide, lena n-áirítear comhairle maidir le cleachtaí lámhaigh beo a phleanáil, a ullmhú agus a dhéanamh; |
|
(b) |
oiliúint speisialaithe do phearsanra UAF; |
|
(c) |
oiliúint d’Fhórsaí Cosanta Críochacha UAF; |
|
(d) |
comhordú agus sioncrónú ghníomhaíochtaí na mBallstát arna ndéanamh mar thaca le tacaíocht oiliúna a chur ar UAF. |
4. Déanfar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, cearta an duine, cosaint sibhialtach lena n-áirítear i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe, mar aon leis na cláir oibre maidir le “Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil”, “an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil” agus “Leanaí agus Coinbhleacht Armtha” a chomhtháthú go hiomlán i bpleanáil oibríochtúil, oiliúint agus tuairisciú EUMAM Ukraine.
5. Go dtí go gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt agus go dtí go ndéanfaidh an Chomhairle leasuithe dá réir, oibreoidh EUMAM Ukraine ar chríoch na mBallstát.
6. Féadfar an oiliúint a chuireann EUMAM Ukraine ar fáil a dhéanamh i roinnt áiteanna ar fud an Aontais, faoi réir thoiliú sainráite an Bhallstáit óstaigh. Déanfar é a oiriúnú do riachtanais athraitheacha agus riachtanais níos fadtéarmaí UAF.
7. Sainordú neamhfheidhmiúcháin a bheidh ag EUMAM Ukraine.
Airteagal 2
Ceanncheathrú a ainmniú
1. Maidir le ceannas agus rialú EUMAM Ukraine, is é Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) a bheidh ina Cheanncheathrú Oibríochtúil agus áiritheoidh sé comhordú agus sioncrónú foriomlán ar an leibhéal straitéiseach faoi chuimsiú chreat EUMAM Ukraine.
2. Sa chreat sin, bunófar Ceannasaíocht Oiliúna Arm Comhcheangailte ilnáisiúnta (CAT-C) ar an leibhéal oibríochtúil ar bhonn struchtúir ceannais agus rialaithe náisiúnta atá ann cheana agus atá ag feidhmiú go hiomlán cheana féin i mBallstát comharsanachta ina ndéanfar na comhpháirteanna oiliúna a chomhtháthú chun aonaid fhoirmithe a chruthú.
3. Cuirfidh Ballstát eile Ceannasaíocht Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta ar fáil, a bheidh i gceannas ar ghníomhaíochtaí oiliúna sa tír sin. Bunófar an Cheannasaíocht Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta sin ar bhonn struchtúir náisiúnta ceannais agus rialaithe atá ann cheana, chun an tairiscint oiliúna a fheabhsú a thuilleadh i gcomhar iomlán le CAT-C.
4. Déanfar feidhmeanna CAT-C agus na Ceannasaíochta Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta chomh maith le horduithe oiliúna eile atá bunaithe i mBallstáit an Aontais a fhorbairt a thuilleadh sna doiciméid phleanála ábhartha i gcomhréir leis na rialacha bunaithe maidir le ceannas agus rialú míleata san Aontas.
Airteagal 3
Ceapachán Ceannasaí Misin an Aontais Eorpaigh
Is é Stiúrthóir MPCC a bheidh mar Cheannasaí Misin EUMAM Ukraine.
Airteagal 4
Pleanáil agus seoladh EUMAM Ukraine
Glacfaidh an Chomhairle an Cinneadh EUMAM Ukraine a sheoladh tar éis an Plean Misin do EUMAM Ukraine a fhormheas, lena n-áirítear a Rialacha Rannpháirtíochta.
Airteagal 5
Rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach
1. Faoi fhreagracht na Comhairle agus an Ardionadaí, feidhmeoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Ukraine. Leis seo, údaraíonn an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38 CAE. Áireofar leis an údarú sin na cumhachtaí chun na doiciméid phleanála EUMAM Ukraine a leasú, lena n-áirítear an Plean Misin, agus an Slabhra Ceannais. Áireofar leis an údarú sin freisin na cumhachtaí chun cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaithe an Aontais a cheapadh, eadhon Ceannasaí Oiliúna Arm Comhcheangailte, an Ceannasaí Speisialta Oiliúna, agus aon Cheannasaí Oiliúna eile de chuid an Aontais. Leanfaidh na cumhachtaí cinnteoireachta maidir le cuspóirí agus foirceannadh EUMAM Ukraine de bheith dílsithe don Chomhairle.
2. Tuairisceoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála don Chomhairle go tráthrialta.
3. Gheobhaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tuarascálacha go tráthrialta ó chathaoirleach Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC) maidir le stiúradh EUMAM Ukraine. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do Cheannasaithe an Aontais chuig na cruinnithe dá chuid, de réir mar is iomchuí.
Airteagal 6
Treoir mhíleata
1. Déanfaidh EUMC faireachán ar fheidhmiú cuí EUMAM Ukraine arna dhéanamh faoi fhreagracht Cheannasaí Mhisean an Aontais.
2. Gheobhaidh EUMC tuarascálacha ó Cheannasaí Mhisean an Aontais go tráthrialta. Féadfaidh sé cuireadh a thabhairt do Ceannasaithe an Aontais chuig na cruinnithe dá chuid, de réir mar is iomchuí.
3. Feidhmeoidh cathaoirleach EUMC mar phríomhphointe teagmhála le Ceannasaí Mhisean an Aontais.
Airteagal 7
Comhsheasmhacht fhreagairt agus chomhordú an Aontais
1. Áiritheoidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Chinnidh agus a chomhsheasmhacht le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar an iomlán, lena n-áirítear bearta cúnaimh mhíleata an Aontais mar thaca leis an Úcráin arna gcistiú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.
2. Gan dochar don slabhra ceannais, coinneoidh Ceannasaí Mhisean an Aontais dlúthchomhar agus comhordú le Ceann Thoscaireacht an Aontais chun na hÚcráine agus le Ceann Misin EUAM Ukraine. Coinneoidh Ceannasaí Mhisean an Aontais, le tacaíocht ó struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2), dlúthchomhar agus comhordú le húdaráis na hÚcráine ar na leibhéil iomchuí.
3. Déanfaidh EUMAM Ukraine a ghníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí déthaobhacha na mBallstát mar thaca leis an Úcráin, chomh maith le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile atá ar aon intinn leis, go háirithe Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe), Ceanada, an tAonad Idirnáisiúnta um Chomhordú Deontóirí (IDCC) agus Lárionad Rialaithe EUCOM san Úcráin.
Airteagal 8
Rannpháirtíocht tríú Stáit
1. Gan dochar do neamhspleáchas cinnteoireachta an Aontais ná dá chreat institiúideach aonair, agus i gcomhréir le treoirlínte ábhartha na Comhairle Eorpaí, féadfar cuireadh a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach in EUMAM Ukraine.
2. Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála cuireadh a thabhairt do thríú Stáit rannchuidiú a thairiscint agus cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le glacadh leis an rannchuidiú atá beartaithe, ar mholadh ó Cheannasaí Mhisean an Aontais agus ó EUMC.
3. Cumhdófar socruithe mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht tríú Stáit sna comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 37 CAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcás ina mbeidh comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas agus ag tríú Stát lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht an tríú Stát i misin bainistíochta géarchéime de chuid an Aontais, beidh feidhm ag forálacha an chomhaontaithe úd i gcomhthéacs EUMAM Ukraine.
4. Beidh na cearta agus na hoibleagáidí céanna ag tríú Stáit a thugann rannchuidiú suntasach míleata do EUMAM Ukraine i dtaobh bhainistiú laethúil EUMAM Ukraine agus a bhíonn ag na Ballstáit a ghlacann páirt in EUMAM Ukraine.
5. Leis seo, tugann an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a ghlacadh maidir le Coiste na gCuiditheoirí a bhunú, i gcás go dtabharfadh tríú Stáit rannchuidiú suntasach míleata.
Airteagal 9
Stádas na n-aonad agus an phearsanra faoi stiúir an Aontais
Beidh feidhm ag Comhaontú an Aontais maidir le Stádas Fórsaí (EU SOFA) maidir le haonaid agus pearsanra faoi stiúir an Aontais a imscartar ar chríoch na mBallstát.
Airteagal 10
Stádas phearsanra na hÚcráine
Déanfar stádas phearsanra UAF atá rannpháirteach in eagrú na hoiliúna a chuireann EUMAM Ukraine ar fáil nó a bhaineann tairbhe as an oiliúint sin, a shainiú i socruithe idir údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil an oiliúint á hóstáil acu agus údaráis inniúla na hÚcráine. Féadfaidh EUMAM Ukraine agus údaráis inniúla na hÚcráine socruithe a dhéanamh maidir leis na coinníollacha faoina ndéanfaidh EUMAM Ukraine pearsanra UAF a óstáil.
Airteagal 11
Socruithe airgeadais
1. Riarfar costais choiteanna EUMAM Ukraine i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509.
2. I gcomhréir le hAirteagal 44(6) de Chinneadh (CBES) 2021/509, beidh feidhm ag na rialacha sonracha seo a leanas maidir le EUMAM Ukraine:
|
(a) |
tá struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) le cistiú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Ceanncheathrú Fórsa Misin, gan beann ar an áit ina bhfuil sé; |
|
(b) |
tá na costais incriminteacha seo a leanas le cistiú i gcomhar leis an tSaoráid Eorpach Síochána:
|
3. Ní mheasfar a thuilleadh gur costais choiteanna iad na fearais oiliúna phearsanta dá dtagraítear i mír 2 a luaithe a chuirfear ar fáil iad faoi bheart cúnaimh na Saoráide Eorpaí Síochána.
4. Féadfaidh Ballstát na míreanna a liostaítear i mír 2 a sholáthar, agus sa chás sin íocfaidh EUMAM Ukraine leis an mBallstát sin as na soláthairtí sin faoi na rialacha is infheidhme maidir le híocaíochtaí le soláthraithe EUMAM Ukraine. De rogha air sin, féadfaidh EUMAM Ukraine míreanna den sórt sin a fháil.
5. Is é EUR 106 700 000 an méid tagartha airgeadais le haghaidh chostais choiteanna EUMAM Ukraine don tréimhse dhá bhliain tar éis a sheolta. Is é a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 30 % le haghaidh gealltanas agus 30 % le haghaidh íocaíochtaí.
Airteagal 12
Aonad tionscadail
1. Féadfaidh aonad tionscadail a bheith ag EUMAM Ukraine chun tionscadail a shainaithint agus a chur chun feidhme. Maidir leis na tionscadail arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus ag tríú Stáit atá faoina gcúram i réimsí a bhaineann le sainordú EUMAM Ukraine agus mar thaca lena chuspóirí, déanfaidh EUMAM Ukraine na tionscadail sin a chomhordú, a éascú agus cuirfidh sé comhairle ar fáil i dtaca leo, de réir mar is iomchuí.
2. Faoi réir mhír 3, údarófar Ceannasaí Mhisean an Aontais dul i muinín ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit nó ó thríú Stáit chun tionscadail a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a sainaithneofar mar bhearta lena bhforlíontar gníomhaíochtaí eile EUMAM Ukraine ar bhealach comhsheasmhach. I gcás den sórt sin, déanfaidh Ceannasaí Mhisean an Aontais socrú a thabhairt chun críche leis na Stáit sin, go háirithe maidir leis na nósanna imeachta sonracha chun déileáil le haon ghearán ó thríú páirtithe i dtaobh aon damáiste a dhéanfaí mar thoradh ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha de chuid Cheannasaí Mhisean an Aontais maidir le húsáid na gcistí arna soláthar ag na Stáit sin.
3. Ní bheidh, in imthosca ar bith, an tAontas ná an tArdionadaí faoi dhliteanas ag na Stáit is ranníocóirí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí nó ar neamhghníomhaíochtaí a dhéanfadh Ceannasaí Mhisean an Aontais maidir leis an úsáid a bhainfí as cistí ó na Stáit sin.
4. Tiocfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir le ranníocaíocht airgeadais ó thríú Stáit a thabhairt don aonad tionscadail.
Airteagal 13
Scaoileadh faisnéise
1. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, arna giniúint chun críocha EUMAM Ukraine, a scaoileadh leis na tríú Stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir le riachtanais EUMAM Ukraine, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (4):
|
(a) |
suas go dtí an leibhéal dá bhforáiltear sna comhaontuithe um shlándáil faisnéise is infheidhme arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú Stát lena mbaineann; nó |
|
(b) |
suas go dtí an leibhéal “CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL” i gcásanna eile. |
2. Beidh sé d'údarás ag an Ardionadaí freisin, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla EUMAM Ukraine, faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais suas go dtí leibhéal “RESTREINT UE/EU RESTRICTED”, arna giniúint chun críocha EUMAM Ukraine, a scaoileadh leis an Úcráin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, Ceanada agus IDCC, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Déanfar na socruithe is gá idir an tArdionadaí agus údaráis inniúla na hÚcráine agus IDCC a tharraingt suas chun na críche sin.
3. Beidh sé d’údarás ag an Ardionadaí aon doiciméid neamhaicmithe de chuid an Aontais atá bainteach le plé na Comhairle i ndáil le EUMAM Ukraine agus atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 6(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a scaoileadh le tríú stáit a bhfuil baint acu leis an gCinneadh seo (5).
4. Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3, chomh maith leis an gcumas na socruithe dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt i gcrích, a tharmligean chuig foireann na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí nó chuig Ceannasaithe an Aontais.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm agus foirceannadh
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Beidh feidhm aige go dtí dhá bhliain tar éis EUMAM Ukraine a sheoladh.
2. Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála measúnú straitéiseach ar EUMAM Ukraine agus ar a shainordú sé mhí tar éis EUMAM Ukraine a sheoladh. Déanfar Athbhreithniú Straitéiseach ar EUMAM Ukraine in am trátha sula rachaidh an Cinneadh seo in éag.
3. Déanfar an Cinneadh seo a aisghairm amhail ó dháta dúnta struchtúr ceannais agus rialaithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus (3) i gcomhréir leis na pleananna arna bhformheas le haghaidh fhoirceannadh EUMAM Ukraine, agus gan dochar do na nósanna imeachta maidir le cuntais EUMAM Ukraine a iniúchadh agus a chur i láthair, a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2021/509.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Cinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh i leith Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM Ukraine) (IO L 217 23.7.2014, lch. 42).
(3) Comhaontú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le stádas foirne míleata agus sibhialtacha do thabhairt ar iasacht d’institiúidí an Aontas Eorpaigh, leis an gceanncheathrú agus fórsaí gur bhféadfar cur ar fáil don Aontas Eorpach i gcomhthéacs na tascanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ullmhú agus a fhorghníomhú, lena n-áirítear freachnaimh, agus leis na foirne míleata agus sibhialtacha a chuireadh ar láimh an Aontais Eorpaigh chun gníomhú sa chomhthéacs (EU SOFA) (IO C 321, 31.12.2003, lch. 6).
(4) Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(5) Cinneadh ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/92 |
CINNEADH (CBES) 2022/1969 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 2 Aibreán 2020, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú go gceapfaí Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar. |
|
(2) |
An 2 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/489 (1) lena gceaptar Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (“ISAE”) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar. Cuireadh síneadh le sainordú ISAE roinnt uaireanta, an uair dheireanach le Cinneadh (CBES) 2022/1240 ón gComhairle (2), agus tá sé le dul in éag an 31 Lúnasa 2024. |
|
(3) |
Tar éis cúraimí áirithe EULEX Kosovo a aistriú go sealadach chuig ISAE don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar, ba cheart acmhainní breise a leithdháileadh ar ISAE. Dá bhrí sin, ba cheart an méid tagartha airgeadais a oiriúnú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2020/489, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Is é EUR 5 200 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chumhdach.”
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2020/489 ón gComhairle an 2 Aibreán 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 105, 3.4.2020, lch. 3).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1240 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 190, 19.7.2022, lch. 131).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/93 |
CINNEADH (CBES) 2022/1970 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Lúnasa 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/452/CBES (1), lenar cuireadh síneadh le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (“EUMM Georgia”), arna bhunú le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle (2). |
|
(2) |
An 3 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1990 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2022. |
|
(3) |
An 6 Deireadh Fómhair 2022, ag cruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach i bPrág, dhearbhaigh Poblacht na hAirméine agus Poblacht na hAsarbaiseáine a dtiomantas do Chairt na Náisiún Aontaithe agus don Dearbhú a comhaontaíodh in Alma-Ata an 21 Nollaig 1991, inar aithin an dá Stát iomláine chríochach agus ceannasacht a chéile. Thairis sin, chomhaontaigh an dá Stát i bprionsabal le himscaradh mhisean sibhialtach CBSC de chuid an Aontais le taobh a gcomhtheorainn idirnáisiúnta d’fhonn rannchuidiú le hathbhunú na síochána agus na slándála sa limistéar, le cothú muiníne agus le teorannú na teorann idirnáisiúnta idir an dá Stát. |
|
(4) |
I litir a fuar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 22 Meán Fómhair 2022, thug Aire Eachtrach Phoblacht na hAirméine cuireadh do mhisean faireacháin sibhialtach CBSC chun na hAirméine chun na gcríoch sin. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go ndéanfaí breathnóirí an Aontais a imscaradh go gasta ar bhonn sealadach, ba cheart an cúram a thabhairt do EUMM Georgia. Cúram sealadach atá i gceist agus, i bprionsabal, ní faide ná 2 mhí a mhairfidh sé. |
|
(6) |
Ba cheart Cinneadh 2010/452/CBES a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Cuirfear EUMM Georgia i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh 2010/452/CBES, cuirtear an airteagail seo a leanas isteach:
“Airteagal 3a
1. Déanfaidh EUMM Georgia faireachán, anailís agus tuairisciú ar an staid sa réigiún thart ar an teorainn idirnáisiúnta idir Poblacht na hAirméine agus Poblacht na hAsarbaiseáine d’fhonn rannchuidiú le hathbhunú na síochána agus na slándála sa limistéar, le cothú muiníne agus le teorannú na teorann idirnáisiúnta idir an dá Stát.
2. Déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála measúnú straitéiseach, lena n-áirítear maidir leis an bhféidearthacht leanúint leis an gcúram sin, é a oiriúnú nó é a fhoirceannadh, 6 seachtaine tar éis an imscartha.
3. Tiocfaidh deireadh leis an gcúram sin nuair a chinnfidh an Chomhairle amhlaidh.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2010/452/CBES ón gComhairle an 12 Lúnasa 2010 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 213, 13.8.2010, lch. 43).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 248, 17.9.2008, lch. 26).
(3) Cinneadh (CBES) 2020/1990 ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 411, 7.12.2020, lch. 1).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/95 |
CINNEADH (CBES) 2022/1971 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh a chumhdach. |
|
(2) |
An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/471 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 900 000 000. |
|
(3) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/636 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 350 000 000. |
|
(4) |
An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/809 (4) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 840 000 000. |
|
(5) |
An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1285 (5) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 2 330 000 000. |
|
(6) |
I bhfianaise an fhogha armtha leanúnaigh atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 490 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh chomh maith le trealamh míleata agus ardáin mhíleata arna ndeonú leis an tSaoráid Eorpach Síochána a chothabháil agus a dheisiú, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, ag pearsanra míleata ar láithreáin mhíleata, nó i gcineálacha measctha comhair shibhialta-mhíleata nó i monarchana, arna iarraidh sin don Úcráin.”; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 2 820 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 2 820 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 agus sna buiséid do na blianta ina dhiaidh sin a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”; |
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Is é EUR 450 000 000 a bheidh san uaschaiteachas incháilithe arna thabhú roimh an 11 Márta 2022. Beidh méid EUR 980 000 000 incháilithe ón 21 Iúil 2022. Beidh caiteachas a bhaineann le cothabháil agus deisiú incháilithe ón 17 Deireadh Fómhair 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 96, 24.3.2022, lch. 43).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/636 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 117, 19.4.2022. lch. 34).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/809 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthard’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 145, 24.5.2022, lch. 40).
(5) Cinneadh (CBES) 2022/1285 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 195, 22.7.2022, lch. 93)
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/97 |
CINNEADH (CBES) 2022/1972 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/339 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 50 000 000 atá beartaithe chun an maoiniú a chumhdach lena soláthrófar trealamh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. |
|
(2) |
An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/472 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 100 000 000. |
|
(3) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/637 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 150 000 000. |
|
(4) |
An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/810 (4) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 160 000 000. |
|
(5) |
An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1284 (5) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 170 000 000. |
|
(6) |
I bhfianaise an fhogha armtha leanúnaigh atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 10 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais a bhí beartaithe chun an maoiniú a chumhdach lena soláthrófar trealamh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/339 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh agus soláthairtí d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, chomh maith le trealamh agus soláthairtí arna ndeonú ag an tSaoráid a chothabháil agus a dheisiú nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, arna iarraidh sin don Úcráin.”; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 180 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 180 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 agus sna buiséid do na blianta ina dhiaidh sin a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”; |
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Is é EUR 50 000 000 a bheidh san uaschaiteachas incháilithe arna thabhú roimh an 11 Márta 2022. Beidh méid EUR 20 000 000 incháilithe ón 21 Iúil 2022. Beidh caiteachas a bhaineann le cothabháil agus le deisiú incháilithe ón 17 Deireadh Fómhair 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 61, 28.2.2022, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/472 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 96, 24.3.2022, lch. 45).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/637 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 117, 19.4.2022. lch. 36).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/810 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 145, 24.5.2022, lch. 42).
(5) Cinneadh (CBES) 2022/1284 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 195, 22.7.2022, lch. 91).
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/99 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1973 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Deireadh Fómhair 2022
maidir le haitheantas a thabhairt don Ríocht Aontaithe de bhun Threoir (AE) 2022/993 a mhéid a bhaineann leis an gcóras le haghaidh oiliúint agus dheimhniú na maraithe
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7109)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (1), agus go háirithe Airteagal 20(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir (AE) 2022/993, ceadaítear do na Ballstáit aitheantas a thabhairt, trí fhormhuiniú, do dheimhnithe iomchuí inniúlachta nó oilteachta na maraithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ar choinníoll go n-aithníonn an Coimisiún an tríú tír lena mbaineann. Comhlíonfaidh na tríú tíortha sin ceanglais uile Choinbhinsiún na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (“Coinbhinsiún STCW”). |
|
(2) |
Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, maidir leis an aitheantas ó Bhallstát do dheimhnithe na Ríochta Aontaithe arna n-eisiúint do mharaithe, tá sé faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2022/993. |
|
(3) |
An Danmhairg, Éire, Málta agus an Ísiltír, le litreacha an 1 Eanáir 2021, an Ghearmáin, le litir an 4 Eanáir 2021, an Iorua, le litir an 12 Eanáir 2021, agus an Bhulgáir agus an Chipir, le litreacha an 19 Eanáir 2021, d’iarr siad ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don Ríocht Aontaithe. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 1553 uaidh an 26 Márta 2021 chun an measúnú ar chóras oiliúna agus deimhniúcháin na Ríochta Aontaithe do mharaithe a thionscnamh chun críoch aitheantais i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), thionscain an Coimisiún an measúnú ar an gcóras oiliúna agus deimhniúcháin sa Ríocht Aontaithe chun a fhíorú go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe ceanglais uile Choinbhinsiún STCW agus go ndearnadh na bearta iomchuí chun calaois a bhaineann le deimhnithe a chosc. |
|
(4) |
Bhí an measúnú bunaithe ar thorthaí iniúchta aimsithe fíoras a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, tionscnaíodh an chigireacht go cianda idir an 1 agus an 11 Meitheamh 2021 agus cuireadh i gcrích í leis an ngnáthobair allamuigh ar an láthair a rinneadh idir an 11 agus an 15 Deireadh Fómhair 2021. Sainaithníodh inti roinnt réimsí ar ghá d’údaráis na Ríochta Aontaithe aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear easnaimh a bhaineann leis na ceanglais maidir le deimhniú, athbhailíochtú deimhnithe inniúlachta agus na saoráidí oiliúna. I mí Eanáir 2022, chuir údaráis na Ríochta Aontaithe isteach plean gníomhaíochta ceartaithí deonach lena dtugtar aghaidh ar na heasnaimh a sainaithníodh. |
|
(5) |
Bunaithe ar thorthaí na cigireachta, ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí deonach a chuir an Ríocht Aontaithe isteach, agus ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna údaráis na Ríochta Aontaithe bearta chun a áirithiú go gcomhlíonann córas na Ríochta Aontaithe le haghaidh oiliúint agus dheimhniú na maraithe ceanglais Choinbhinsiún STCW. Ina theannta sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearnadh bearta iomchuí chun calaois a bhaineann le deimhnithe a chosc. |
|
(6) |
Cuireadh tuarascáil ar fáil do na Ballstáit maidir le torthaí an mheasúnaithe. |
|
(7) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, aitheantas a thabhairt don Ríocht Aontaithe chun críocha Airteagal 20 de Threoir (AE) 2022/993. |
|
(8) |
Tá an beart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha Airteagal 20 de Threoir (AE) 2022/993, tugtar aitheantas don Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an gcóras le haghaidh oiliúint agus dheimhniú na maraithe.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún