|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 269I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
17.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 269/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1955 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis, agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
|
(2) |
An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine i gcoinne iad siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoiréigneach, as ar eascair líon mór básanna agus gortuithe. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe ina dhiaidh sin. |
|
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart 11 duine agus 4 eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“96. |
ROSTAMI CHESHMEH GACHI Mohammed (ar a dtugtar freisin ROSTAMI Mohammad) محمد گچی چشمه رستمی (ar a dtugtar freisin محمد رستمی) |
Áit bhreithe: Kermanshah (Iran) Dáta breithe: 1976 nó 1977 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 111936 (an Iaráin) Uimh. aitheantais: 13821 (an Iaráin) Post: Ceann Phóilíní Moráltachta na hIaráine |
Tá Mohammad Rostami Cheshmeh Gachi ina cheann ar Phóilíní Moráltachta na hIaráine. Bhí sé ina cheann ar Phóilíní Slándála Poiblí Kermanshah ó thús 2014 go dtí go luath in 2019 agus bhí poist shinsearacha aige i seirbhísí faisnéise phóilíní na hIaráine. Is cuid d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) iad na Póilíní Moráltachta agus is aonad póilíneachta speisialta é a chuireann na rialacha dochta maidir le gnás feistis i bhfeidhm do mhná, lena n-áirítear caitheamh éigeantach an chaifiríne. Úsáideann na Póilíní Moráltachta forneart neamhdhleathach in aghaidh na mban toisc nach gcomhlíonann siad dlíthe na hIaráine maidir leis an hidseab, mar aon le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, an ghabháil agus an choinneáil threallach, foréigean iomarcach agus céastóireacht. An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh na Póilíní Moráltachta Mahsa Amini — a bhí 22 bhliain d’aois — go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hidseab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh ‘rang oideachais agus treoraíochta’. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair 2022. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin. Ina cháil mar cheann ar Phóilíní Moráltachta na hIaráine, tá Rostami freagrach as gníomhaíochtaí na bPóilíní Moráltachta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
97. |
RAHIMI Hossein حسین رحیمی |
Áit bhreithe: Dodhak village, Mahalat, Central province (Iran) Dáta breithe: 1964 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Post: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Tehran |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Hossein Rahimi ina cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Tehran ón 7 Lúnasa 2017. Bhí freagairt LEF ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 in Tehran thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí sin a chur faoi chois, maraíodh go leor daoine. Ina cháil mar cheann ar LEF in Tehran, tá Rahimi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
98. |
ABDI Abbas عبدی عباس |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Post: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Divandarreh |
Is é an Coirnéal Abbas Abdi Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) i gceantar Divandarreh. Bhí freagairt LEF ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 in Divandarreh thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí sin a chur faoi chois, maraíodh go leor daoine. Ina cháil mar cheann ar LEF in Divandarreh, tá Abdi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
99. |
Mirzaei Haj Ahmad (ar a dtugtar freisin MIRZAEI Hajahmad; MIRZAYI حاج احمد میرزایی |
Áit bhreithe: Tehran (Iran) Dáta breithe: an 9 Feabhra 1957 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Uimh. aitheantais: 4268935215 (an Iaráin) Grád: Coirnéal Post: Ceann Phóilíní Moráltachta na hIaráine in Tehran |
Tá an Coirnéal Haj Ahmed Mirzaei ina cheann ar bhrainse Phóilíní Moráltachta na hIaráine in Tehran ó 2018. Is cuid d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) iad na Póilíní Moráltachta agus is aonad póilíneachta speisialta é a chuireann na rialacha dochta maidir le gnás feistis i bhfeidhm do mhná, lena n-áirítear caitheamh éigeantach an chaifiríne. Úsáideann na Póilíní Moráltachta forneart neamhdhleathach in aghaidh na mban toisc nach gcomhlíonann siad dlíthe na hIaráine maidir leis an hidseab, mar aon le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, an ghabháil agus an choinneáil threallach, foréigean iomarcach agus céastóireacht. An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh na Póilíní Moráltachta Mahsa Amini — a bhí 22 bhliain d’aois — go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hidseab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh ‘rang oideachais agus treoraíochta’. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair 2022. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin. Ina cháil mar cheann ar na Póilíní Moráltachta in Tehran, tá Mirzaei freagrach as gníomhaíochtaí na bPóilíní Moráltachta in Tehran, lena n-áirítear ina cheanncheathrú inar buaileadh Amini agus inar tugadh drochíde di. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
100. |
ZAREPOUR Issa عیسی زارع پور |
Áit bhreithe: Eslamabad-e Gharb, Kermanshah Province (Iran) Dáta breithe: 1980 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Post: An tAire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide |
Is é Issa Zarepour Aire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide na hIaráine ón 25 Lúnasa 2021 i leith. Ina phost, bhí ról lárnach aige sa chinneadh a rinne rialtas na hIaráine saoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a bhí ag muintir na hIaráine a shárú go córasach trí shrianta a fhorchur ar an rochtain ar an idirlíon le linn na n-agóidí a d’eascair as bás Mahsa Amini, a bhí 22 bhliain d’aois, an 16 Meán Fómhair 2022. Leis an ngníomhaíocht sin, laghdaíodh a thuilleadh an spás teoranta atá ann cheana féin do ghníomhaithe na sochaí sibhialta san Iaráin, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, chun faisnéis oibiachtúil a bhailiú agus chun cumarsáid a dhéanamh, eatarthu féin agus leis an saol lasmuigh araon. Bhí iarmhairtí diúltacha ag an gcliseadh idirlín ar theachtadh chearta an duine san Iaráin, go díreach (eadhon an tionchar ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar infhaighteacht faisnéise oibiachtúla) agus go hindíreach (eadhon an méadú ar an seans nach ndéanfaí sáruithe ar chearta an duine a dhoiciméadú, rud a chuirfeadh isteach go diúltach ar an gcuntasacht as sáruithe ar chearta an duine). Mar Aire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, tá Zarepour freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
101. |
SEPEHR Mohammad-Hossein محمدحسین سپهر |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Post: Ceannasaí ar Bhunáit Traenála Lárnach na hIaráine d’Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha |
Is é Mohammad-Hossein Sepehr Ceannasaí Bhunáit Traenála Lárnach d’Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha in Tehran. Is comhalta é den Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus an Basij Resistance Force (eagraíocht pharaimíleata dheonach atá ag feidhmiú faoi IRGC le brainsí ar fud na hIaráine). Déanann Sepehr maoirseacht ar oiliúint frithagóide le haghaidh fórsaí slándála na hIaráine agus tacaíonn sé le diansmacht in aghaidh lucht agóide. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
102. |
SAFARI Sayd Ali صفری سید علی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Post: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Saqqez |
Is é an Coirnéal Sayd Ali Safari ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Saqqez. Bhí freagairt LEF ar agóidí Mheán Fómhair 2022 in Saqqez thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí a chur faoi chois, maraíodh go leor daoine. Mar cheann LEF in Saqqez, tá Safari freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
103. |
ADYANI Seyed Alireza (ar a dtugtar freisin ADIANI Hojjat al-Islam Seyyed Alireza) ادیانی سید علیرضا |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Post: Ceann oifig pholaitiúil idé-eolaíoch Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) |
Tá Seyed Alireza Adyani ina cheann ar oifig pholaitiúil idé-eolaíochta Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF). Tá Adyani freagrach as rialacha rannpháirtíochta d’fhórsaí póilíneachta a shainiú agus a chur chun feidhme. Dúirt sé go gcaithfidh LEF a bheith ‘praiticiúil’ agus ‘éifeachtach’ agus iad ag déileáil le céilí comhraic agus mhol sé na Póilíní Moráltachta as a bpost a dhéanamh ‘go dúthrachtach’. Bhain LEF úsáid as brúidiúlacht uafásach i gcoinne agóideoirí, lena n-áirítear iad siúd a rinne agóid tar éis bhás Mahsa Amini. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
104. |
AZADI Ali آزادی علی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: An Dara Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) sa Chordastáin |
Tá an dara Briogáidire-Ghinearál Ali Azadi ina cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) sa Chordastáin ó 2019. Le linn chur faoi chois agóidí mhí Mheán Fómhair 2022, rinne fórsaí faoina cheannas sa Chordastáin agóideoirí a lámhach agus mharaigh siad agus ghortaigh siad go leor daoine. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
105. |
SHALIKAR Mohammed Zaman شالیکار محمد زمان |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Babol, Mazandaran |
Tá an Coirnéal Mohammed Zaman Shalikar ina cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Babol, Mazandaran ó 2021 i leith. Le linn léirsithe tar éis bhás Mahsa Amini i mí Mheán Fómhair 2022, lámhaigh, ghortaigh agus mharaigh fórsaí faoina cheannas agóideoirí in Babol, Mazandaran. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
106. |
HEIDARI Salman حیدری سلمان |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Bukan |
Is é an Coirnéal Salman Heidari ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Bukan. Bhí freagairt LEF ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 in Bukan thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí a chur faoi chois, maraíodh aon leanbh amháin ar a laghad agus gortaíodh go leor daoine. Mar cheannaire ar LEF in Bukan, tá Heidari freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.” |
17.10.2022 |
Eintitis
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“5. |
Iran’s Morality Police (Póilíní Moráltachta na hIaráine) (ar a dtugtar freisin Gasht-e-Ershad; Islamic Guidance Patrol; Guidance Patrols) غشتى إرشاد |
Seoladh: Vozara Street, corner of 25th Street, District 6, Tehran (Iran) |
Tá na Póilíní Moráltachta mar chuid d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) agus is aonad póilíneachta speisialta é a chuireann na rialacha dochta maidir le gnása feistis i bhfeidhm do mhná, lena n-áirítear caitheamh éigeantach an chaifiríne. D’úsáid na Póilíní Moráltachta forneart neamhdhleathach in aghaidh na mban toisc nach gcomhlíonann siad dlíthe na hIaráine maidir leis an hidseab, mar aon le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, an ghabháil agus an choinneáil threallach, foréigean iomarcach agus céastóireacht. An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh na Póilíní Moráltachta Mahsa Amini — a bhí 22 bhliain d’aois — go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hidseab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh ‘rang oideachais agus treoraíochta’. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair 2022. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin. Tá na póilíní moráltachta, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
6. |
Basij Resistance Force (ar a dtugtar freisin Basij-e Mostazafan) بسیج مستضعفین |
|
Is eagraíocht pharaimíleata dheonach é Basij Resistance Force atá ag feidhmiú faoin Islamic Revolutionary Guard Corps le brainsí ar fud na hIaráine. Bhí freagairt na bhfórsaí slándála ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 san Iaráin thar a bheith dian, rud a d’fhág go bhfuair daoine go leor bás. Tá Basij Resistance Force ar cheann de na fórsaí ar thug an rialtas ordú dóibh na hagóidí sin a chur faoi chois. Gortaíodh agus maraíodh roinnt agóideoirí. Tá Basij Resistance Force freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
7. |
Cyber Defence Command of the Islamic Revolutionary Guard Corps (CDC) [de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] قرارگاه دفاع سایبری |
Seoladh: Tehran (Iran) Teileafón: +98 2634489826 |
Déanann Cyber Defence Command (CDC) an Islamic Revolutionary Guard Corps faireachán ar shuíomhanna gréasáin, ríomhphoist agus gníomhaíochtaí ar líne daoine aonair a mheastar gur lucht freasúra polaitiúil iad. Le linn agóidí Mheán Fómhair 2022 san Iaráin, ghlac CDC ról gníomhach i mbeartais dhiansmachtúla rialtas na hIaráine, lena n-áirítear trí agóideoirí a shainaithint agus a ghabháil. Tá CDC freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
8. |
Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) (Fórsaí Forfheidhmithe Dlí Phoblacht Ioslamach na hIaráine) (ar a dtugtar freisin NAJA; FARAJA) فرماندهی انتظامی جمهوری اسلامی ایران |
Seoladh: Tehran (Iran) |
Fórsa póilíneachta faoi éide is ea Fórsaí Forfheidhmithe Dlí Phoblacht Ioslamach na hIaráine (LEF). Rinneadh na sáruithe follasacha tromchúiseacha arna ndearnadh ag LEF ar chearta an duine, amhail an lámhach neamh-idirdhealaitheach le harmlón beo na n-agóideoirí síochánta, lena n-áirítear leanaí, a dhoiciméadú go forleathan ó cuireadh tús le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Fuair os cionn 70 agóideoir bás agus gortaíodh na céadta go dona, leanaí san áireamh. Ó thús na léirsithe, tá an iliomad cosantóirí chearta an duine agus iriseoirí coinnithe go treallach ag fórsaí póilíneachta. Tá LEF freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022” |
CINNTÍ
|
17.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 269/9 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1956 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES. |
|
(2) |
An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine i gcoinne iad siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, as ar eascair líon mór básanna agus gortuithe. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe ina dhiaidh sin. |
|
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart 11 duine agus 4 eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:
Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“96. |
ROSTAMI CHESHMEH GACHI Mohammed (ar a dtugtar freisin ROSTAMI Mohammad) محمد گچی چشمه رستمی (ar a dtugtar freisin محمد رستمی) |
Áit bhreithe: Kermanshah (Iran) Dáta breithe: 1976 nó 1977 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 111936 (an Iaráin) Uimh. aitheantais: 13821 (an Iaráin) Post: Ceann Phóilíní Moráltachta na hIaráine |
Tá Mohammad Rostami Cheshmeh Gachi ina cheann ar Phóilíní Moráltachta na hIaráine. Bhí sé ina cheann ar Phóilíní Slándála Poiblí Kermanshah ó thús 2014 go dtí go luath in 2019 agus bhí poist shinsearacha aige i seirbhísí faisnéise phóilíní na hIaráine. Is cuid d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) iad na Póilíní Moráltachta agus is aonad póilíneachta speisialta é a chuireann na rialacha dochta maidir le gnás feistis i bhfeidhm do mhná, lena n-áirítear caitheamh éigeantach an chaifiríne. Úsáideann na Póilíní Moráltachta forneart neamhdhleathach in aghaidh na mban toisc nach gcomhlíonann siad dlíthe na hIaráine maidir leis an hidseab, mar aon le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, an ghabháil agus an choinneáil threallach, foréigean iomarcach agus céastóireacht. An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh na Póilíní Moráltachta Mahsa Amini — a bhí 22 bhliain d’aois — go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hidseab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair 2022. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin. Ina cháil mar cheann ar Phóilíní Moráltachta na hIaráine, tá Rostami freagrach as gníomhaíochtaí na bPóilíní Moráltachta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
97. |
RAHIMI Hossein حسین رحیمی |
Áit bhreithe: Dodhak village, Mahalat, Central province (Iran) Dáta breithe: 1964 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Post: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Tehran |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Hossein Rahimi ina cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Tehran ón 7 Lúnasa 2017. Bhí freagairt LEF ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 in Tehran thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí sin a chur faoi chois, maraíodh go leor daoine. Ina cháil mar cheann ar LEF in Tehran, tá Rahimi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
98. |
ABDI Abbas عبدی عباس |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Post: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Divandarreh |
Is é an Coirnéal Abbas Abdi Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) i gceantar Divandarreh. Bhí freagairt LEF ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 in Divandarreh thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí sin a chur faoi chois, maraíodh go leor daoine. Ina cháil mar cheann ar LEF in Divandarreh, tá Abdi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
99. |
Mirzaei Haj Ahmad (ar a dtugtar freisin MIRZAEI Hajahmad; MIRZAYI حاج احمد میرزایی |
Áit bhreithe: Tehran (Iran) Dáta breithe: an 9 Feabhra 1957 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Uimh. aitheantais: 4268935215 (an Iaráin) Grád: Coirnéal Post: Ceann Phóilíní Moráltachta na hIaráine in Tehran |
Tá an Coirnéal Haj Ahmed Mirzaei ina cheann ar bhrainse Phóilíní Moráltachta na hIaráine in Tehran ó 2018. Is cuid d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) iad na Póilíní Moráltachta agus is aonad póilíneachta speisialta é a chuireann na rialacha dochta maidir le gnás feistis i bhfeidhm do mhná, lena n-áirítear caitheamh éigeantach an chaifiríne. Úsáideann na Póilíní Moráltachta forneart neamhdhleathach in aghaidh na mban toisc nach gcomhlíonann siad dlíthe na hIaráine maidir leis an hidseab, mar aon le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, an ghabháil agus an choinneáil threallach, foréigean iomarcach agus céastóireacht. An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh na Póilíní Moráltachta Mahsa Amini — a bhí 22 bhliain d’aois — go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hidseab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair 2022. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin. Ina cháil mar cheann ar na Póilíní Moráltachta in Tehran, tá Mirzaei freagrach as gníomhaíochtaí na bPóilíní Moráltachta in Tehran, lena n-áirítear ina cheanncheathrú inar buaileadh Amini agus inar tugadh drochíde di. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
100. |
ZAREPOUR Issa عیسی زارع پور |
Áit bhreithe: Eslamabad-e Gharb, Kermanshah Province (Iran) Dáta breithe: 1980 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Post: An tAire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide |
Is é Issa Zarepour Aire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide na hIaráine ón 25 Lúnasa 2021 i leith. Ina phost, bhí ról lárnach aige sa chinneadh a rinne rialtas na hIaráine saoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a bhí ag muintir na hIaráine a shárú go córasach trí shrianta a fhorchur ar an rochtain ar an idirlíon le linn na n-agóidí a d’eascair as bás Mahsa Amini, a bhí 22 bhliain d’aois, an 16 Meán Fómhair 2022. Leis an ngníomhaíocht sin, laghdaíodh a thuilleadh an spás teoranta atá ann cheana féin do ghníomhaithe na sochaí sibhialta san Iaráin, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, chun faisnéis oibiachtúil a bhailiú agus chun cumarsáid a dhéanamh, eatarthu féin agus leis an saol lasmuigh araon. Bhí iarmhairtí diúltacha ag an gcliseadh idirlín ar theachtadh chearta an duine san Iaráin, go díreach (eadhon an tionchar ar shaoirse tuairimíochta agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar infhaighteacht faisnéise oibiachtúla) agus go hindíreach (eadhon an méadú ar an seans nach ndéanfaí sáruithe ar chearta an duine a dhoiciméadú, rud a chuirfeadh isteach go diúltach ar an gcuntasacht as sáruithe ar chearta an duine). Mar Aire Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide, tá Zarepour freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
101. |
SEPEHR Mohammad-Hossein محمدحسین سپهر |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Post: Ceannasaí ar Bhunáit Traenála Lárnach na hIaráine d’Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha |
Is é Mohammad-Hossein Sepehr Ceannasaí Bhunáit Traenála Lárnach d’Fhoireann Ghinearálta na bhFórsaí Armtha in Tehran. Is comhalta é den Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) agus an Basij Resistance Force (eagraíocht pharaimíleata dheonach atá ag feidhmiú faoi IRGC le brainsí ar fud na hIaráine). Déanann Sepehr maoirseacht ar oiliúint frithagóide le haghaidh fórsaí slándála na hIaráine agus tacaíonn sé le diansmacht in aghaidh lucht agóide. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
102. |
SAFARI Sayd Ali صفری سید علی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Post: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Saqqez |
Is é an Coirnéal Sayd Ali Safari ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Saqqez. Bhí freagairt LEF ar agóidí Mheán Fómhair 2022 in Saqqez thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí a chur faoi chois, maraíodh go leor daoine. Mar cheann LEF in Saqqez, tá Safari freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
103. |
ADYANI Seyed Alireza (ar a dtugtar freisin ADIANI Hojjat al-Islam Seyyed Alireza) ادیانی سید علیرضا |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Post: Ceann oifig pholaitiúil idé-eolaíoch Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) |
Tá Seyed Alireza Adyani ina cheann ar oifig pholaitiúil idé-eolaíochta Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF). Tá Adyani freagrach as rialacha rannpháirtíochta d’fhórsaí póilíneachta a shainiú agus a chur chun feidhme. Dúirt sé go gcaithfidh LEF a bheith “praiticiúil” agus “éifeachtach” agus iad ag déileáil le céilí comhraic agus mhol sé na Póilíní Moráltachta as a bpost a dhéanamh “go dúthrachtach”. Bhain LEF úsáid as brúidiúlacht uafásach i gcoinne agóideoirí, lena n-áirítear iad siúd a rinne agóid tar éis bhás Mahsa Amini. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
104. |
AZADI Ali آزادی علی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: An Dara Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) sa Chordastáin |
Tá an dara Briogáidire-Ghinearál Ali Azadi ina cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) sa Chordastáin ó 2019. Le linn chur faoi chois agóidí mhí Mheán Fómhair 2022, rinne fórsaí faoina cheannas sa Chordastáin agóideoirí a lámhach agus mharaigh siad agus ghortaigh siad go leor daoine. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
105. |
SHALIKAR Mohammed Zaman شالیکار محمد زمان |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Babol, Mazandaran |
Tá an Coirnéal Mohammed Zaman Shalikar ina cheann ar Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Babol, Mazandaran ó 2021 i leith. Le linn léirsithe tar éis bhás Mahsa Amini i mí Mheán Fómhair 2022, lámhaigh, ghortaigh agus mharaigh fórsaí faoina cheannas agóideoirí in Babol, Mazandaran. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
106. |
HEIDARI Salman حیدری سلمان |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Bukan |
Is é an Coirnéal Salman Heidari ceann Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) in Bukan. Bhí freagairt LEF ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 in Bukan thar a bheith dian. Mar thoradh ar an úsáid iomarcach a bhain LEF as foréigean chun na hagóidí a chur faoi chois, maraíodh aon leanbh amháin ar a laghad agus gortaíodh go leor daoine. Mar cheannaire ar LEF in Bukan, tá Heidari freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.” |
17.10.2022 |
Eintitis
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“5. |
Iran’s Morality Police (Póilíní Moráltachta na hIaráine) (ar a dtugtar freisin Gasht-e-Ershad; Islamic Guidance Patrol; Guidance Patrols) غشتى إرشاد |
Seoladh: Vozara Street, corner of 25th Street, District 6, Tehran (Iran) |
Tá na Póilíní Moráltachta mar chuid d’Fhórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF) agus is aonad póilíneachta speisialta é a chuireann na rialacha dochta maidir le gnása feistis i bhfeidhm do mhná, lena n-áirítear caitheamh éigeantach an chaifiríne. D’úsáid na Póilíní Moráltachta forneart neamhdhleathach in aghaidh na mban toisc nach gcomhlíonann siad dlíthe na hIaráine maidir leis an hidseab, mar aon le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, an ghabháil agus an choinneáil threallach, foréigean iomarcach agus céastóireacht. An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh na Póilíní Moráltachta Mahsa Amini — a bhí 22 bhliain d’aois — go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hidseab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair 2022. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin. Tá na póilíní moráltachta, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
6. |
Basij Resistance Force (ar a dtugtar freisin Basij-e Mostazafan) بسیج مستضعفین |
|
Is eagraíocht pharaimíleata dheonach é Basij Resistance Force atá ag feidhmiú faoin Islamic Revolutionary Guard Corps le brainsí ar fud na hIaráine. Bhí freagairt na bhfórsaí slándála ar agóidí mhí Mheán Fómhair 2022 san Iaráin thar a bheith dian, rud a d’fhág go bhfuair daoine go leor bás. Tá Basij Resistance Force ar cheann de na fórsaí ar thug an rialtas ordú dóibh na hagóidí sin a chur faoi chois. Gortaíodh agus maraíodh roinnt agóideoirí. Tá Basij Resistance Force freagrach go díreach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
17.10.2022 |
|
7. |
Cyber Defence Command of the Islamic Revolutionary Guard Corps (CDC) [de chuid Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí] قرارگاه دفاع سایبری |
Seoladh: Tehran (Iran) Teileafón: 98 26 3448 9826 |