|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
|
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/1 |
CINNEADH (AE) 2022/1686 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn I — Parlaimint na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0259/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais 2020, Roinn I — Parlaimint na hEorpa (3), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Iniúchóra Inmheánaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do chinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 maidir leis na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe Airteagal 34 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Riail 104(3) agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0044/2022), |
|
A. |
de bhrí gur ghlac an tUachtarán cuntais Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2020 an 9 Meitheamh 2021; |
|
B. |
de bhrí gur thug an tArd-Rúnaí, mar an príomhoifigeach údarúcháin trí tharmligean, dearbhú réasúnach, an 25 Meitheamh 2021, gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do bhuiséad Pharlaimint na hEorpa chun na críche a bhí beartaithe leo, i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus go dtugann na nósanna imeachta rialaithe a bunaíodh na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart; |
|
C. |
de bhrí gur luaigh an Chúirt Iniúchóirí san iniúchadh uaithi nár aimsigh sí, sa mheasúnú sonrach a rinne sí ar an gcaiteachas riaracháin agus caiteachas eile in 2020, aon laigí tromchúiseacha i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí a scrúdaigh sí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046; |
|
D. |
de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 262(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ar gach institiúid de chuid an Aontais gach céim iomchuí a ghlacadh chun gníomhú de bhun na mbarúlacha a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa; |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh dá hUachtarán i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a cuid barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 281, 13.7.2021, lch. 1.
(4) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/3 |
RÚN (AE) 2022/1687 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn I — Parlaimint na hEorpa
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn I — Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Riail 104(3) agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0044/2022), |
|
A. |
de bhrí gur thug oifigeach cuntasaíochta Pharlaimint na hEorpa (“an Pharlaimint”) dearbhú réasúnach, ina dheimhniú ar na cuntais chríochnaitheacha, go léiríonn na cuntais go cothrom, i ngach gné ábhartha, an staid airgeadais, torthaí na n-oibríochtaí agus sreabhadh airgid na Parlaiminte; |
|
B. |
de bhrí, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta, gur seoladh 191 cheist chuig lucht riaracháin na Parlaiminte agus go bhfuair an Coiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint freagraí i scríbhinn orthu agus gur phléigh sé go poiblí iad, os comhair an leasuachtaráin atá freagrach as an mbuiséad, an Ard-Rúnaí, stiúrthóir an Údaráis um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (“an tÚdarás”) agus an iniúchóra inmheánaigh; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil deis ann i gcónaí feabhas a chur ar bhainistiú an airgeadais phoiblí ó thaobh na cáilíochta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta de, tá gá le grinnscrúdú chun a áirithiú go mbeidh na ceannairí polaitiúla agus lucht riaracháin na Parlaiminte freagrach do shaoránaigh an Aontais; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais na Parlaiminte
|
1. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe críochnaitheacha na Parlaiminte don bhliain 2020 agus EUR 2 038 745 000, nó 18,1 % de cheannteideal V den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (1) a cuireadh i leataobh do chaiteachas riaracháin 2020 institiúidí an Aontais ina n-iomláine, arb ionann é agus méadú 2,1 % ar bhuiséad 2019 (EUR 1 996 978 262), ach ag an am céanna arb laghdú 0.4 % é ina sciar coibhneasta sa bhuiséad foriomlán; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 203 449 523 an t-ioncam iomlán a iontráladh sna cuntais amhail an 31 Nollaig 2020 (i gcomparáid le EUR 207 521 070 in 2019), lena n-áirítear EUR 33 567 305 d’ioncam sannta (i gcomparáid le EUR 36 566 236 in 2019); |
|
3. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur i gceithre chaibidil a bhí 67,6 % de na leithreasuithe iomlána faoi chomhair gealltanas: Caibidil 1 0 (Comhaltaí na hinstitiúide), Caibidil 1 2 (Oifigigh agus foireann shealadach), Caibidil 2 0 (Foirgnimh agus costais ghaolmhara) agus Caibidil 4 2 (Caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach), rud a léiríonn gur beag athrú atá déanta ar mhórchuid de chaiteachas na Parlaiminte; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur dúnadh cuntais na Parlaiminte don bhliain airgeadais 2020 ar bhonn na bhfigiúirí seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5. |
á chur i bhfios gur gealladh 95,7 % de na leithreasuithe a cuireadh isteach i mbuiséad na Parlaiminte, arbh ionann é agus EUR 1 950 750 955, agus go raibh ráta cealaithe 0,8 % ann; ag tabhairt dá haire le teann sásaimh gur baineadh amach, mar a baineadh amach sna blianta roimhe sin, leibhéal an-ard ó thaobh chur chun feidhme an bhuiséid de; ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 1 590 035 012 méid iomlán na n-íocaíochtaí, rud a d’fhág go raibh ráta forghníomhaithe 81,5 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; |
|
6. |
á chur i bhfios go láidir gur le foirgnimh, táirgeadh agus scaipeadh, pá, ríomhaireacht agus teileachumarsáid is mó a bhain na leithreasuithe don bhliain 2020 a cuireadh ar ceal, arbh ionann agus EUR 17 292 007 iad; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire gur formheasadh, i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 49 den Rialachán Airgeadais, dhá aistriú dhéag sa bhliain airgeadais 2020, arbh ionann iad agus EUR 183 933 785 nó 9 % de na leithreasuithe deiridh; ag tabhairt faoi deara gur le beartas foirgneamh na Parlaiminte a bhain 76,4 % de na cistí a aistríodh agus gur úsáideadh an chuid is mó díobh chun foirgneamh Wiertz a cheannach agus le haghaidh na n-íocaíochtaí bliantúla a bhaineann le tionscadal tógála Adenauer II; |
Tuairimí na Cúirte Iniúchóirí ar iontaofacht chuntais 2020 agus ar dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin
|
8. |
á mheabhrú go ndéanann an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) measúnú sonrach ar an gcaiteachas riaracháin agus caiteachas eile mar ghrúpa aonair beartas d’institiúidí uile an Aontais; ag tabhairt chun suntais gur cuid den chaiteachas riaracháin agus gaolmhar an caiteachas ar acmhainní daonna (tuarastail, liúntais agus pinsin), arb ionann é agus 60 % den iomlán, agus an caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go léiríonn fianaise an iniúchta ar an iomlán nach mbíonn tionchar ag leibhéal ábhartha earráide ar an gcaiteachas ar riarachán; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní, gur shuigh an Chúirt, sa tuarascáil bhliantúil uaithi ar chur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, go ndearnadh earráidí in dhá íocaíocht: (i) ró-íocaíocht i leith seirbhísí TF de bharr nár cuireadh téarmaí conartha i bhfeidhm i gceart agus (ii) liúntas cothaithe a íocadh go mícheart le Feisire, tar éis botún i liosta tinrimh; á chur in iúl gurb oth léi nár choisc ná nár bhraith an córas rialaithe atá i bhfeidhm na botúin sin; á iarraidh ar an bParlaimint míniú a thabhairt ar an gcaoi ar tháinig na botúin sin chun cinn agus ar na bearta a rinneadh chun iad a cheartú agus a áirithiú nach féidir leo tarlú arís amach anseo agus a áirithiú nach n-íocfaidh sé ach liúntais laethúla le Feisirí a cháilíonn dóibh faoi dheireadh 2022; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur thug an Pharlaimint freagra i nós imeachta na sáraíochta inar glacadh le moladh na Cúirte; ag tabhairt dá haire gur sheol an Pharlaimint tionscadal in 2019 chun clárú an tinrimh a uathoibriú trí theicneolaíocht bhithmhéadrach sa chlár lárnach tinrimh agus gur shínigh sí conradh don tionscadal sin ag deireadh 2020; á chur i bhfáth gur cheart próiseáil mórscála sonraí bithmhéadracha a sheachaint; á iarraidh ar an mBiúró réiteach malartach a fhorbairt nach mbaineann próiseáil sonraí bithmhéadracha leis agus lena n-áirithítear nach bhfaighidh ach na Feisirí atá ina theideal an liúntas cothaithe laethúil i ndáiríre; á chur in iúl gurb oth léi go ndeachthas ar aghaidh leis an tionscadal sin in ainneoin na tuairime neamhfhabhraí ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ag deireadh mhí an Mhárta 2021, tuairim a athdhearbhaíodh sa Tuarascáil Bhliantúil uaidh le haghaidh 2021, Tuarascáil inar luadh gur cheart don Pharlaimint féachaint ar roghanna eile i dtaca le cosaint sonraí nach mbaineann an cur isteach céanna leo; |
|
12. |
ag cur béim ar an bhfíoras go ndearna an Chúirt scrúdú níos mine ar nósanna imeachta soláthair phoiblí Institiúidí an Aontais maidir le trealamh cosanta pearsanta a cheannach dá bhfoireann in 2020; ag tabhairt dá haire gur sheiceáil an Chúirt trí nós imeachta soláthair a d’eagraigh an Pharlaimint chun maisc chosanta, brathadóirí teochta agus tástálacha COVID-19 a cheannach; á chur in iúl gurb oth léi an costas a bhí mar thoradh ar chinntí a ndearnadh i ndiaidh a chéile chun brathadóirí teochta éagsúla a cheannach agus a úsáid go dtí gur thángthas ar an gceann is oiriúnaí do na riachtanais reatha; á chur i bhfios go láidir go raibh soláthar práinneach an trealaimh ag tús phaindéim COVID-19 dúshlánach mar gheall ar an ardú ar an éileamh agus ar an iomaíocht idir údaráis chonarthacha agus tíortha; ag tabhairt dá haire gur shuigh an Chúirt, i gcás amháin a bhain le ceannach masc fabraice, go raibh na ceanglais a leag an Pharlaimint síos sna sonraíochtaí tairisceana róleathan chun go bhféadfaí measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh, agus nár chuir na tairgeoirí ar éirigh leo fianaise iomlán san áireamh ina dtairiscint gur comhlíonadh na híoscheanglais cháilíochta uile tráth an chonartha, amhail fianaise a bhain le comhlíonadh na sonraíochtaí teicniúla nó marthanacht na masc; |
An tuarascáil bhliantúil ón iniúchóir inmheánach
|
13. |
ag tabhairt dá haire, ag an gcruinniú idir an coiste freagrach agus an t-iniúchóir inmheánach a tionóladh an 30 Samhain 2021, gur chuir an t-iniúchóir inmheánach an tuarascáil bhliantúil uaidh i láthair agus gur chuir sé síos ar na hiniúchtaí dearbhaithe a rinne sé agus gur thug sé tuairisc orthu, iniúchtaí a bhain leis na hábhair seo a leanas in 2020:
|
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí seo a leanas ar tháinig an t-iniúchóir inmheánach ar chomhaontú fúthu leis na hArd-Stiúrthóireachtaí atá freagrach, mar thoradh ar na cúraimí dearbhaithe, agus go dtacaíonn sí leo:
|
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh clabhsúr ar 61 cheann de na 108 ngníomhaíocht oscailte mar thoradh ar phróiseas leantach 2020, ar gníomhaíochtaí iad a ndearnadh anailís orthu agus a raibh na dátaí cur chun feidhme a comhaontaíodh ina leith dulta in éag; ag tabhairt dá haire, i measc na 47 ngníomhaíocht oscailte a bhí fágtha ó na tuarascálacha iniúchóireachta lena mbaineann, go dtugtar aghaidh ar riosca suntasach le 15 cinn de na gníomhaíochtaí sin; á chur in iúl gurb oth léi gur moladh roinnt de na gníomhaíochtaí thuasluaite roinnt blianta ó shin ach nár cuireadh chun feidhme go fóill iad; ag dréim leis go ndéanfaidh na hard-stiúrthóireachtaí éagsúla a áirithiú go ndúnfar na gníomhaíochtaí déanacha sin gan a thuilleadh moille agus go gcuirfear na gníomhaíochtaí comhaontaithe chun feidhme i gcomhréir leis na dátaí dlite a leagtar síos sa tuarascáil bhliantúil ón iniúchóir inmheánach; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na gníomhaíochtaí atá fágtha a thabhairt chun críche le linn a chuid éisteachtaí sa Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint i mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna 2022; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, de bhun Airteagal 118(9) den Rialachán Airgeadais, nach mbíonn na tuarascálacha ar an iniúchóireacht inmheánach ón bParlaimint ar fáil don phobal a luaithe a bhíonn siad curtha i gcrích ag an iniúchóir inmheánach; ag tabhairt dá haire nach bhfoilsítear iad de ghnáth go dtí go mbíonn na moltaí go léir curtha chun feidhme; á chur in iúl gurb oth léi go mbíonn moill de facto ar a bhfoilsiú ar feadh roinnt blianta mar thoradh air sin; á chur in iúl gurb oth léi freisin nach féidir leis na Feisirí iad a léamh ach amháin sa seomra léitheoireachta daingean a fhad is nach bhfuil na bearta a moladh curtha chun feidhme; á iarraidh ar an mBiúró rochtain iomlán agus láithreach ar na tuarascálacha ar an iniúchóireacht inmheánach a thabhairt do na Feisirí; á iarraidh ar an mBiúró freisin gach tuarascáil ar an iniúchóireacht inmheánach a chur ar fáil don phobal aon bhliain amháin tar éis a cur i gcrích, a luaithe a bheidh na gníomhaíochtaí a rinneadh chun moltaí na bliana roimhe sin a chur chun feidhme bailíochtaithe ag an iniúchóir inmheánach; á mheabhrú nach gá go mbeadh na moltaí uile curtha chun feidhme ina n-iomláine chun go ndéanfaí na moltaí a bhailíochtú; |
Obair leantach lucht riaracháin na Parlaiminte agus an Bhiúró ar rúin roimhe sin maidir le hurscaoileadh
|
17. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh freagraí i scríbhinn ar rún 2019 maidir le hurscaoileadh ar fáil don Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint an 17 Meán Fómhair 2021, agus go ndearna an tArd-Rúnaí cur i láthair inar tugadh aghaidh ar na ceisteanna agus na hiarrataí éagsúla a tarraingíodh anuas sa rún ón bParlaimint maidir le hurscaoileadh le haghaidh 2019 agus sa mhalartú tuairimí leis na Feisirí ina dhiaidh; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Biúró agus lucht riaracháin na Parlaiminte, de bhun Riail 25 de na Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo agus Airteagal 6 agus Airteagal 166 den Rialachán Airgeadais, na glaonna ar rialacha nó bearta difriúla atá le cur chun feidhme ag an bParlaimint a phlé agus vótáil orthu, a luaithe a iarrfar sin sa Suí Iomlánach; ag tabhairt dá haire go bhfuil sainordú tugtha don Bhiúró sa Seisiún Iomlánach cinneadh a dhéanamh maidir le gach ábhar riaracháin, foirne agus eagrúcháin a bhaineann leis na Feisirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an nós imeachta um urscaoileadh agus á iarraidh go ndéanfaí obair leantach ar gach cinneadh maidir le hurscaoileadh a glacadh sa Suí Iomlánach; |
|
19. |
á iarraidh ar an Ard-Rúnaí an rún seo a chur ar aghaidh chuig an mBiúró, agus aird á tabhairt aige ar na hiarrataí ar fad go ndéanfadh an Biúró gníomhaíocht nó cinntí; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí plean gníomhaíochta a bhunú mar aon le hamchlár lenar féidir leis an mBiúró obair leantach a dhéanamh agus/nó freagairt do na héilimh agus na moltaí atá sna rúin ón bParlaimint maidir le hurscaoileadh agus na gníomhaíochtaí a rinneadh agus a cuireadh chun feidhme a chur san áireamh sa doiciméad bliantúil faireacháin; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí agus ar an leas-uachtarán atá freagrach as an mbuiséad plé rialta a dhéanamh le Coiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bplean gníomhaíochta sin a chur chun feidhme; |
|
20. |
á iarraidh an athuair ar an mBiúró níos mó infheictheachta a áirithiú ina phróiseas cinnteoireachta, go háirithe maidir le foilsiú tráthúil na ndoiciméad ábhartha agus na faisnéise ábhartha ar a láithreán gréasáin; |
|
21. |
á iarraidh ar an lucht riaracháin féachaint ar mhiontuairiscí an Bhiúró a fhormheas i nós imeachta i scríbhinn chun moill de facto mí amháin ar a laghad ar a bhfoilsiú a chosc go dtí go dtiocfaidh an Biúró le chéile arís chun na miontuairiscí a fhormheas, agus a luaithe is a ghlacfar na miontuairiscí go mbeidís inrochtana gan mhoill ar shuíomhanna inlín agus idirlín na Parlaiminte; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag oifigigh na Parlaiminte i dtoscaireachtaí an Aontais nó i gcomhlachtaí eile caidreamh na Parlaiminte le heagraíochtaí réigiúnacha a neartú; ag athdhearbhú, áfach, gur cúis bhuartha di an cinneadh ón mBiúró an 11 Feabhra 2019 maidir le tacaíocht pharlaiminteach do Mhisean an Aontais Eorpaigh chuig ASEAN i Iacárta, do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Aontas Afracach in Ādis Ābeba agus do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac; á iarraidh go ndéanfaí anailís chríochnúil costais is tairbhe, a bheadh mar údar le haon chinneadh nua, go mbeadh táscairí intomhaiste ann chun feidhmíocht bhliantúil a mheasúnú, agus go gcoinneofaí an Coiste um Rialú Buiséadach de chuid na Parlaiminte ar an eolas; |
COVID-19
|
23. |
á mheabhrú go raibh an bhliain 2020 faoi thionchar na ndúshlán a tháinig as paindéim COVID-19, agus go ndearnadh athruithe bunúsacha ar mhodh oibre na Parlaiminte dá bharr sin; á chur in iúl gur geal léi gur minic a rinne an Pharlaimint, ag tús na paindéime agus lena linn, cinntí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin a raibh sé mar aidhm leo an baol do na Feisirí agus don fhoireann a íoslaghdú agus gur áirithigh an Pharlaimint san am céanna go mbeadh sí fós in ann leanúint dá cuid príomhghníomhaíochtaí, agus dlúthpháirtíocht phraiticiúil a léiriú leis na pobail óstacha freisin; |
|
24. |
á chur in iúl gur geal léi an fíoras gur bunaíodh ionad tástála COVID-19 in áitreabh na Parlaiminte sa Bhruiséil in 2020, agus gur cruthaíodh saoráidí tástála i Lucsamburg agus in Strasbourg freisin; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi go raibh an Pharlaimint in ann an méid sin thuas a áirithiú tríd an teacht aniar atá inti mar eagraíocht agus tríd an gcumas atá inti modhanna nua oibre a chur i bhfeidhm, go háirithe an teilea-obair agus an rannpháirtíocht chianda; |
|
26. |
á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí suntasacha a rinne an Pharlaimint agus a seirbhísí TF le linn 2020 chun gléasanna leictreonacha a chur ar fáil láithreach do na Feisirí, don fhoireann, do chúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe (APAnna) agus d’oiliúnaithe chun cianobair a dhéanamh; á iarraidh, áfach, go mbeadh a fhios aici cé na critéir cheannaigh do na gléasanna agus cad iad na cúinsí praiticiúla a raibh tionchar acu ar an gcinneadh na gléasanna dromchla atá in úsáid faoi láthair a cheannach; á chur i bhfios go láidir gur cúis bhuartha di méid na bhfadhbanna teicniúla a bhain leis na gléasanna sin i measc na bhFeisirí agus APAnna, amhail dícheangal tobann, doiciméid chaillte, róthéamh, cumas gearr ceallraí, agus drochnascacht le linn físghlaonna; |
|
27. |
á chur in iúl gurbh oth léi an staid ina raibh oiliúnaithe Schuman le seal oiliúna ó mhí an Mhárta go mí Iúil 2020, a bhí ag teilea-obair ón dara seachtain ar aghaidh dá seal oiliúna; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún agus an Chomhairle an rogha dá n-oiliúnaithe filleadh i mí Dheireadh Fómhair chun tús a chur athuair le tréimhse oiliúna iomlán 5 mhí; á chur in iúl gurbh oth léi cinneadh Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra (AS PERS) gan an rogha sin a thabhairt d’oiliúnaithe Schuman ach amháin i gcás inar chuir siad deireadh luath leis an intéirneacht a bhí ar siúl acu ag an uair; á iarraidh ar AS PERS a áirithiú go gcaitear go cothrom leis na hoiliúnaithe i gcásanna den chineál céanna; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi gur áiríodh sna próisis dhigitithe eagrú cruinnithe cianda agus córais cianvótála i gcoistí iomlánacha agus parlaiminteacha, a chuir ar chumas na Parlaiminte leanúint dá cuid oibre, lena n-áirítear le linn na bpáirtseisiún in Strasbourg a cuireadh ar fionraí don chuid is mó de 2020; ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh fionraí na bpáirtseisiún in Strasbourg le coigilteas iomlán de EUR 26 260 608 a bhaint amach de réir Ard-Rúnaíocht na Parlaiminte agus lorg carbóin na Parlaiminte á laghdú go suntasach freisin; ag aithint gur de chineál sealadach na himthosca urghnácha sin; á iarraidh ar an Uachtarán rannpháirtíocht chianda na bhFheisirí a cheadú mar rogha go dtí go mbeidh paindéim COVID-19 faoi smacht; |
|
29. |
á chur in iúl gur geal léi an fíoras, i dtaca leis an rannpháirtíocht chianda, gur cuireadh, laistigh de chúpla seachtain, réiteach casta ilteangach chun feidhme a mbeadh míonna, nó fiú blianta, ag teastáil lena aghaidh de ghnáth; ag tabhairt chun suntais gur cruthaíodh córas cianvótála i gcomhréir le forálacha ábhartha na hIonstraime Toghcháin agus Reacht na bhFeisirí, agus go ndearnadh uasghrádú ar an gcóras sin agus gur cuireadh feabhas air go leanúnach, córas atá i bhfeidhm ó mhí an Mhárta 2020; á chur in iúl gur geal léi an fíoras go rabhthas in ann, a bhuíochas leis an gcóras vótála sin, ó mhí an Mhárta go mí Dheireadh Fómhair 2020, 143 sheisiún vótála agus beagnach 10 000 oibríocht vótála a reáchtáil; |
|
30. |
á chur i bhfáth go raibh baol tromchúiseach ann go mbeadh fadhbanna éisteachta ag ateangairí na Parlaiminte mar thoradh ar an athrú go cianchruinnithe toisc go raibh orthu a brath ar cháilíocht fuaime a bhíonn an-lag go minic ó idirghabhálacha cianda; á chur i bhfios go láidir go ndearna na hateangairí iarrachtaí ina leith sin agus á iarraidh ar an mBiúró a chur i gcuimhne do na rannpháirtithe trealamh labhartha leordhóthanach a úsáid chun cur isteach agus droch-chaighdeán an cheangail a tharlaíonn uaireanta a íoslaghdú; á mheabhrú go bhfuil diúltaithe ag ateangairí san am a chuaigh thart ateangaireacht a dhéanamh i gcás nach raibh cáilíocht na fuaime maith go leor; |
|
31. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil an ateangaireacht ríthábhachtach d’fheidhmiú na gcoistí agus do shaol na Parlaiminte; á aithint go raibh ar an lucht riarachán teacht ar réitigh indéanta go tapa chun seirbhísí ateangaireachta a sholáthar de bharr na n-athruithe tobanna suaiteacha a tharla mar thoradh ar an bpaindéim agus ar na srianta sláintíochta a d’eascair aisti; á chur i bhfáth nach raibh na teangacha go léir a bhí ag teastáil ar fáil ag roinnt seisiún coiste, rud a d’fhág go raibh sé níos casta do roinnt de na comhaltaí a bheith rannpháirteach agus gur laghdaíodh a roghanna chun idirghníomhú a dhéanamh; á thuiscint gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na trí theanga oibre ach á chur i bhfios go láidir gur cheart aon cheann de na 24 theanga oifigiúla a sholáthar arna iarraidh sin do na Feisirí; |
|
32. |
á iarraidh ar an Ard-Rúnaí, i gcomhthéacs ginearálta phaindéim COVID-19, ceangal a chur ar gach cuideachta sheachtrach a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí sa Pharlaimint cearta fostaíochta agus dálaí oibre a bhfoirne a ráthú agus na bearta a ghlac an rialtas i gcomhthéacs na paindéime a chomhlíonadh go docht; |
|
33. |
ag tarraingt aird ar an bhfíoras, cé go bhfuil siad riachtanach, go ndearna bearta sláintíochta áirithe na dálaí oibre i seirbhísí áirithe níos measa ar bhealach suntasach agus, agus is sampla suntasach de sin go bhfuil an fhoireann atá fostaithe sa siopa cóipeála fós, tar éis na míonna, scoite ón bpobal agus iad i mbun oibre; á iarraidh go gcuirfí cosaint mheabhairshláinte na n-oibrithe san áireamh leis na bearta is infheidhme i gcásanna comhchosúla amach anseo; |
|
34. |
á chur in iúl gurb oth léi nach bhforáiltear don chianvótáil faoi láthair faoi Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte mura rud é go suíonn an tUachtarán go bhfuil imthosca neamhghnácha ann; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon chóras ann chun a áirithiú gur féidir le Feisirí, atá as láthair go sealadach ar chúis a bhfuil údar cuí léi amhail saoire mháithreachais agus saoire atharthacht, leanúint dá bpríomhdhualgais a chomhlíonadh; á mheas gur fadhb í ar féidir leis tionchar diúltach a imirt ar ionadaíocht na saoránach sa Pharlaimint; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an baol ann go ndéanfar idirdhealú in aghaidh na bhFeisirí agus a gcuid vótálaithe i gcás nach bhforáiltear maidir leis na socruithe sin; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh easpa ionadaíochta ann mar thoradh ar vótáil d’Fheisire den Pharlaimint ar bean í, rud atá ina údar imní ós rud é go bhfuil tionchar díréireach ag an easpa socruithe maidir le saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoireachta sa Pharlaimint ar Fheisirí óga, go háirithe Feisirí ar mná iad agus ar a gcuid vótálaithe; á mheabhrú nach ionann an cás do chomhaltaí náisiúnta parlaiminte agus go bhfuil sé éagsúil ó Bhallstát go Ballstát; á iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla sa Pharlaimint foráil a dhéanamh maidir le réitigh indéanta, atá teoranta go sealadach, d’Fheisirí atá as láthair ar chúiseanna bailí chun labhairt i ndíospóireachtaí agus vótáil nó ionadaíocht a dhéanamh orthu go sealadach trí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte agus ar Dhlí Toghcháin na hEorpa; ag meabhrú go bhfuil baint fós ag liúntais laethúla le láithreacht fhisiciúil ag áiteanna oibre na Parlaiminte; |
|
36. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Parlaiminte, agus go háirithe rannpháirtíocht phearsanta an iar-Uachtaráin Sassoli maidir leis an gceist, mar léiriú ar an dlúthpháirtíocht, béilí agus cóiríocht a chur ar fáil go laethúil do mhná leochaileacha sna trí áit oibre, mar a chinn an Biúró; á chur in iúl gur geal léi an fíoras freisin go ndearna thart ar 65 thiománaí obair dheonach chun dochtúirí, altraí agus daoine eile den fhoireann leighis a thiomáint chuig sealanna oíche san ospidéal le linn na chéad bhliana de phaindéim COVID-19; |
|
37. |
á chur in iúl gur geal léi an fíoras go ndearna an Pharlaimint maisc fabraice aghaidhe in-athúsáidte a dháileadh ar an bhfoireann ag tús phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh sé de cheangal ar dhaoine aghaidhmhaisc EN14683 nó feistí riospráide FFP2 a chaitheamh le linn dóibh a bheith i bhfoirgnimh na Parlaiminte chun cosaint na bhFeisirí agus na foirne a threisiú agus chun scaoileadh cáithníní riospráide ionfhabhtaíocha a laghdú tuilleadh; |
|
38. |
ag moladh sheirbhísí na Parlaiminte as an gcinneadh atá déanta acu leanúint de bheith ag éascú preasagallaimh hibrideacha tar éis na paindéime ós rud é gur féidir leis sin tuairisciú ar ghnóthaí Eorpacha a éascú d’iriseoirí nach bhfuil i láthair in Strasbourg ná sa Bhruiséil; ag moladh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar shaoráidí closamhairc agus ar shaoráidí eile sa Bhruiséil, in Strasbourg agus in oifigí idirchaidrimh na Parlaiminte, lena n-áirítear trí acmhainneacht VoxBox a mhéadú agus trí na seomraí preasagallaimh in Strasbourg agus sa Bhruiséil a nuachóiriú chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí do phreasagallaimh hibrideacha; |
Lorg comhshaoil oibríochtaí na Parlaiminte
|
39. |
á chur i bhfáth go gcreideann sí gur gá don Pharlaimint a bheith ar thús cadhnaíochta i dtaca le modhanna oibre níos digití, níos solúbtha agus níos tíosaí ar fhuinneamh a ghlacadh agus cleachtais a chomhlíonadh, ag foghlaim ón taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19 agus ag baint leas as na hinfheistíochtaí sa teicneolaíocht atá curtha chun feidhme cheana féin; ag tabhairt dá haire, ar thionscnamh an iar-Uachtaráin Sassoli, gur phléigh fócasghrúpaí ar “Athmhachnamh ar Dhaonlathas Parlaiminteach — Parlaimint na hEorpa níos láidre tar éis Covid-19” todhchaí na hoibre sa Pharlaimint idir Aibreán agus Iúil 2021, i ndáil le gach ceann dá réimsí gníomhaíochta: suí iomlánach, sainphribhléidí parlaiminteacha, cumarsáid, taidhleoireacht sheachtrach agus eagrúchán inmheánach; ag tabhairt dá haire gur thíolaic na fócasghrúpaí tuarascáil deiridh lena n-áirítear moltaí. a ndéanfaidh an Biúró a gcur chun feidhme a phlé; |
|
40. |
á iarraidh ar an bParlaimint athmheasúnú a dhéanamh ar na spriocanna atá aici maidir leis an Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) le haghaidh 2023 i bhfianaise phaindéim COVID-19; ag athdhearbhú a hiarrata a plean reatha maidir le laghdú CO2 a leasú chun carbóin-neodracht a bhaint amach trí mhodh a aithnítear go hidirnáisiúnta a úsáid i gcás ina bhfuil sé bailíochtaithe mar shampla, mar shásra maidir le praghsáil inmheánach carbóin trína ndéanann cuideachtaí a lorg carbóin a phraghsáil go deonach agus, ar an gcaoi sin, luach a chur ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa; |
|
41. |
ag tabhairt dá haire gur bronnadh deimhniú comhshaoil a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le hinbhuanaitheacht, Sármhaitheas BREEAM, ar thrí cinn d’fhoirgnimh na Parlaiminte sa Bhruiséil (Martens, Campoamor agus naíolann Wayenberg) le déanaí, lena ndeimhnítear beartas agus gníomhaíochtaí seanbhunaithe na Parlaiminte chun a punann foirgneamh a athrú de réir a chéile ina punann eiseamláireach ó thaobh an chomhshaoil de; ag tabhairt dá haire go bhfuil ceithre fhoirgneamh (an ceathrú cuid de líon iomlán na bhfoirgneamh — Spinelli, Campoamor, Arendt, Montoyer-Science) feistithe le grianphainéil faoi láthair agus gurb ionann an méid sin agus achar dromchla carnach níos lú ná 2 % de dhromchla iomlán de dhíonta na Parlaiminte sa Bhruiséil; ag tabhairt dá haire go gcríochnófar trí cinn nua fótavoltacha (100 m2 ar fhoirgneamh Montoyer 70, 200 m2 ar fhoirgneamh Spinelli agus 52 m2 in ionad na ngrianphainéal atá ann faoi láthair le cinn fhótavoltacha ar fhoirgneamh Brandt) faoi dheireadh 2022 (agus is ionann sin agus méadú 64 %, in 2022, ar an dromchla iomlán a bhfuil painéil fhótavoltacha feistithe air); |
|
42. |
ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon phainéil fhótavoltacha ar aon cheann d’fhoirgnimh na Parlaiminte in Strasbourg ó cuireadh béim ar mhodhanna níos éifeachtúla chun fuinneamh a shábháil, i.e. trí theaschaidéil nua sár-éifeachtúla a shuiteáil; ag tabhairt dá haire go bhfuil na staidéir féidearthachta ar ar bunaíodh an cinneadh gan grianphainéil a shuiteáil ar na díonta in Strasbourg ag dul siar go 2011 agus á athdhearbhú go bhfuil laghdú breis is 80 % tagtha ar phraghsanna na ngrianphainéal ó 2010; á iarraidh ar an mBiúró meastóireacht a dhéanamh ar phainéil fhótavoltacha a shuiteáil faoi 2023, agus indéantacht theicniúil agus éifeachtúlacht costais á gcur san áireamh; |
|
43. |
á chur in iúl gur geal léi gur suiteáladh teaschaidéil agus córas comhghiniúna sna foirgnimh in Strasbourg agus sa Bhruiséil chun leictreachas agus teas in-athnuaite a tháirgeadh; á chur in iúl gur geal léi freisin gur tógadh foirgneamh nua ADENAUER i Lucsamburg trí úsáid a bhaint as na teicnící comhshaoil is nua-aimseartha atá ar fáil, lena n-áirítear fuinneamh geoiteirmeach agus grianfhuinneamh agus lánúsáid sholas an lae; á iarraidh ar an bParlaimint méadú breise a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite ina meascán fuinnimh agus, go háirithe, i dtáirgeadh fuinnimh agus deireadh a chur le húsáid breoslaí iontaise de réir a chéile agus a luaithe is féidir; á iarraidh ar an bParlaimint deimhnithe fuinnimh fhoirgnimh uile na Parlaiminte a fhoilsiú; |
|
44. |
á mheabhrú gur gné ríthábhachtach iad réitigh éifeachtúla soilsithe d’inbhuanaitheacht foirgneamh; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar meastóireacht ar shoilse ísealfhuinnimh LED aon uair is féidir agus is indéanta i bhfoirgnimh na Parlaiminte; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil gach oifig i dtrí áit oibre na Parlaiminte feistithe le brathadóirí gluaisne agus go ndealraíonn sé nach bhfuil na brathadóirí gluaisne i roinnt oifigí i bhfoirgneamh Spinelli ag obair; á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go suiteálfar brathadóirí gluaisne atá ag feidhmiú go hiomlán aon áit is féidir chun an t-ídiú fuinnimh a laghdú; |
|
45. |
á chur in iúl gur geal léi an fíoras go bhfuil an síneadh a cuireadh le naíolann Wayenberg, a cuireadh i gcrích i mí Mheán Fómhair 2020, ar an gcéad fhoirgneamh éighníomhach de chuid na Parlaiminte; á iarraidh ar an mBiúró staidéir theicniúla a thionscnamh in 2022 chun féidearthachtaí breise a shainaithint chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú tuilleadh agus chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú agus chun iad a chur chun feidhme a luaithe is féidir; |
|
46. |
ag meabhrú gurb é iompar daoine is siocair le beagnach dhá thrian de lorg carbóin na Parlaiminte; á iarraidh go ndéanfaí machnamh ar an méadú ar theilea-obair dheonach go laethanta agus feidhmeanna níos mó, nuair is ábhartha agus ar choinníoll nach gcuirfidh sé isteach ar an obair pharlaiminteach; agus aird á tabhairt ar an tábhacht a bhaineann le láithreacht fhisiciúil, á mheabhrú gur thug an Pharlaimint isteach meithleacha maidir leis an obair a bheidh ar siúl amach anseo ag an bParlaimint; á iarraidh ar an bParlaimint conclúidí na bhfócasghrúpaí a chur san áireamh; á iarraidh go dtabharfaí tús áite do mhodhanna iompair ísealcharbóin do mhisin, i gcás inarb iomchuí; |
|
47. |
á chur in iúl gur geal léi an t-aistriú céimseach chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha i bhflít seirbhíse gluaisteán na Parlaiminte; á iarraidh go mbeidh an flít seirbhíse iomlán leictreach faoi 2024 ar a dhéanaí; |
|
48. |
á iarraidh go dtiocfadh méadú iomchuí ar líon na luchtairí feithiclí leictreacha i gcomhréir leis an éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann go luath amach anseo; á iarraidh go gcuirfí spásanna breise páirceála rothar ar fáil; á iarraidh go gcruthófaí spásanna páirceála rothar lasta leordhóthanacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag tiománaithe rialta rothar ar ghnáthspásanna páirceála rothar; |
|
49. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann cur amú bia na Parlaiminte agus 0,055-0,068 kg in aghaidh an bhéile arna riar idir 2018 agus 2020; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Parlaiminte ar an gcur amú bia a laghdú tríd an bhfuílleach a chruinniú agus a sheachadadh ar eagraíochtaí “túslíne” a sheachadann ar dhaoine atá ina ghátar é; á iarraidh ar an bParlaimint leanúint de scrúdú a dhéanamh ar bhealaí leis an gcur amú bia a laghdú tuilleadh; |
|
50. |
á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach rogha bia níos leithne agus níos inbhuanaithe, lena n-áirítear éagsúlacht níos mó táirgí feoilséantacha agus veigeánacha a thabhairt isteach, i gceaintíní na Parlaiminte; ag moladh go méadófaí éagsúlacht na mbéilí veigeatóracha agus veigeáin a chuirtear ar fáil i gceaintíní na Parlaiminte; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh ar a laghad rogha amháin béile úr saor ó ghlútan ar fáil gach lá agus go dtaispeánfaí faisnéis ailléirge agus aiste bia go feiceálach ar na cártaí bia in aice leis na cuntair; |
|
51. |
ag meabhrú gur in Strasbourg a bheidh suíomh na Parlaiminte, de réir an Chonartha ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Prótacal Uimh. 6 atá i gceangal leis na Conarthaí, agus is ansin a thionólfar na 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach; ag meabhrú go dtacaíonn formhór mór na Parlaiminte le suíomh aonair chun caiteachas éifeachtúil airgead cháiníocóirí an Aontais a áirithiú agus chun an fhreagracht institiúideach atá uirthi laghdú a dhéanamh ar a lorg carbóin a ghlacadh chuici féin; ag tabhairt dá haire go n-éileodh athruithe buana athrú ar an gConradh; ag meabhrú gur iarradh roimhe seo i seisiún iomlánach na Parlaiminte go reáchtálfaí díospóireacht ar an gceart atá aici a socruithe oibre féin a chinneadh agus gur gheall sí go dtionscnódh sí nós imeachta um ghnáth-athbhreithniú ar na Conarthaí faoi Airteagal 48 den Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn athruithe a mholadh a bheadh riachtanach don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus do Phrótacal 6 chun a fhágáil go bhféadfadh sí cinneadh a dhéanamh faoi shuíomh a ceanncheathrún agus faoina leagan amach inmheánach (4); |
|
52. |
ag athdhearbhú gur iarr sí ar an bParlaimint córas áirithinte ar líne soláimhsithe a thabhairt isteach le haghaidh seirbhísí cairr na Parlaiminte a úsáid chun taisteal go Strasbourg, ar córas é a bheadh le bheith oibríochtúil a luaithe a d’atosódh na seisiúin rialta in Strasbourg; á iarraidh freisin ar an bParlaimint an grúpa úsáideoirí a leathnú chun baill foirne, foireann na ngrúpaí agus APAnna a áireamh freisin gan ceangal a bheith ar na Feisirí iad a thionlacan; |
Trédhearcacht agus eitic
|
53. |
á chur in iúl gur geal léi an fíoras go bhfuil na caighdeáin eiticiúla agus trédhearcachta is infheidhme maidir leis an bParlaimint chun tosaigh, ar go leor bealaí, ar na caighdeáin sin is infheidhme i gcoibhéisí na mBallstát; á mheas gur cheart don Pharlaimint a dícheall a dhéanamh dea-shampla a thabhairt maidir le caighdeáin eitice agus trédhearcachta uile-Eorpa a leagan síos; ag tacú le neartú na rialacha eiticiúla atá ann cheana trí threoir agus tacaíocht a thabhairt do na Feisirí; |
|
54. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb amhlaidh, ó thús an 9ú téarma parlaiminteach, atá an bonneagar is gá a fhágann gur féidir leis na Feisirí cruinnithe sceidealta le hionadaithe leasmhara a phoibliú ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte d’fhonn feabhas a chur ar an trédhearcacht; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte an bonneagar a leathnú chun a fhágáil gur féidir le APAnna agus comhairleoirí beartais a gcruinnithe le hionadaithe leasmhara a fhoilsiú go deonach; ag meabhrú go gcuireann Riail 11 de na Rialacha Nós Imeachta d’oibleagáid ar rapóirtéirí, ar scáth-rapóirtéirí agus ar chathaoirligh na gcoistí a gcruinnithe le hionadaithe sainleasa a fhoilsiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb amhlaidh, amhail an 30 Aibreán 2021, nár phoibligh ach 380 Feisire as na 705 Fheisire reatha cruinniú amháin ar a laghad le hionadaí sainleasa ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire freisin nár fhoilsigh 10 gcathaoirleach coiste as na 24 chathaoirleach ar an coistí cruinniú ar bith le hionadaí sainleasa, nó nár fhoilsigh siad ach aon chruinniú amháin le hionadaí sainleasa, ó thús an 9ú téarma parlaiminteach; ag meabhrú gur cheart an fhaisnéis, na fógraí meabhrúcháin agus na ríomhphoist faoin oibleagáid cruinnithe a fhoilsiú a sheoladh chuig na Feisirí uile ag eatraimh níos rialta; |
|
55. |
ag meabhrú an fhreagra i scríbhinn ón bParlaimint dar dáta Aibreán 2020 ar an litir chomhpháirteach ón Idirghrúpa Frith-Éillithe, inar comhaontaíodh, go háirithe, roinnt athruithe ar an uirlis lena bhfoilsítear cruinnithe na bhFeisirí le hionadaithe sainleasa a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar a soláimhsitheacht, thar aon ní eile trína nascadh leis an gclár trédhearcachta agus leis an bhfaireachlann reachtach; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh na feabhsuithe praiticiúla sin chun feidhme go fóill; á iarraidh ar lucht riarachán na Parlaiminte an nasc sin a bhunú go héifeachtach a luaithe is indéanta gan constaicí praiticiúla míchuí; |
|
56. |
á chur in iúl gur geal léi an fíoras gurb amhlaidh, le héifeacht ó Iúil 2021, a cuireadh comhaontú tríthaobhach nua, a bhfuil an Chomhairle rannpháirteach ann, in ionad chomhaontú idirinstitiúideach 2011 maidir le clár trédhearcachta coiteann; ag tabhairt dá haire go bhfuil cáilíocht na n-iontrálacha maidir le gníomhaíochtaí na n-ionadaithe sainleasa sa Chlár Trédhearcachta ag dul i bhfeabhas le blianta beaga anuas, agus ag moladh, ainneoin acmhainní teoranta, ról na Comhrúnaíochta san fheabhsú sin; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil cáilíocht fhoriomlán na n-iontrálacha míshásúil i gcónaí, óir fionnadh i seiceáil na Rúnaíochta ar thart ar 40 % de na hiontrálacha le linn 2020 nach raibh cáilíocht na sonraí ina cáilíocht shásúil ach in 43 % de na hiontrálacha a seiceáladh, líon atá cosúil le líon 2019; á chur in iúl gur geal léi gur leithdháileadh 1,5 post coibhéiseach lánaimseartha (FTE) bhreise don Rúnaíocht; ag tathant ar an Rúnaíocht iad sin a úsáid chun líon na gclárúchán ina bhfuil sonraí fo-optamacha a laghdú tuilleadh; |
|
57. |
á mheabhrú, de réir Riail 176(2) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, a luaithe a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta faoi phionós a ghearr an tUachtarán ar Fheisire, go ndéanfar é a fhoilsiú go feiceálach ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte agus go bhfanfaidh sé ann ar feadh an chuid eile den téarma, i gcomhréir leis na prionsabail dlí a bhaineann le stiúradh fónta imscrúdaithe, toimhde na neamhchiontachta, agus cosaint na gceart pearsanta; á iarraidh go ndéanfaí machnamh féachaint an ndéantar pionóis a fhoilsiú ar bhealach sách feiceálach faoi láthair; |
|
58. |
á chur in iúl go gcáineann sí go bhfuil Feisirí rannpháirteach i misin bhreathnadóireachta toghcháin neamhoifigiúla, chomh maith leis an gcaiteachas arna thabhú ar na misin sin, á chreidiúint go gcuireann na misin sin clú na Parlaiminte i mbaol; ag tabhairt dá haire go raibh nasc idir ocht gcás den chineál sin in 2020 agus an Chrimé agus Veiniséala; á iarraidh ar an mBiúró agus ar an ngrúpa tacaíochta daonlathais agus comhordaithe toghcháin síneadh a chur le ré an choisc ar na Feisirí lena mbaineann ó mhisin bhreathnóireachta oifigiúla toghcháin a ghabháil de láimh ó bhliain amháin go dtí an sainordú iomlán, i gcás nach amhlaidh an cás cheana féin; |
|
59. |
á iarraidh ar an bParlaimint liosta de na grúpaí cairdis go léir sa Pharlaimint a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; |
|
60. |
ag athdhearbhú go bhforáiltear le hAirteagal 4 den Chód Iompair, maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa, go soláthrófar, ar bhealach mionsonraithe, dearbhuithe na bhFeisirí maidir le leasanna airgeadais; á iarraidh an athuair ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar fhormáid na ndearbhuithe chun tuilleadh mionsonraí a éileamh agus ar an gcaoi sin chun tuilleadh soiléireachta a sholáthar; á iarraidh ar an Uachtarán a threorú do na seirbhísí seiceálacha críochnúla a dhéanamh go córasach ar na dearbhuithe chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a sholáthraítear iontu mionsonraithe go leor chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann; |
|
61. |
á mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta a bhaineann leis na Bearta Cur Chun Feidhme don Chód Iompair, nach nglacfaidh na Feisirí, agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, le haon bhronntanais nó sochair chomhchosúla, seachas iad siúd a bhfuil neasluach níos lú ná EUR 150 acu, agus go dtabharfar aon bhronntanas a thabharfar do na Feisirí nuair a bheidh siad ag déanamh ionadaíochta ar an bParlaimint i gcáil oifigiúil don Uachtarán; ag tabhairt dá haire gur cheart don Aonad um Riarachán do na Feisirí a mheabhrú go minic do na Feisirí an oibleagáid fógra a thabhairt don Uachtarán maidir le bronntanas a fuarthas i gcáil oifigiúil a bheith faighte; á iarraidh ar an mBiúró foirm chaighdeánach a thabhairt isteach a bheidh le líonadh ag deireadh chuairteanna na dtoscaireachtaí go léir ó na Feisirí rannpháirteacha, á dhearbhú go bhfuair siad aon bhronntanais phearsanta nó aon bhronntanais toscaireachta agus a luach; |
|
62. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuair an Pharlaimint, as na 459 bhFeisire den 8ú téarma parlaiminteach nár atoghadh in 2019, ach fógra amháin maidir le fostaíocht iar-shainordaithe de bhun Airteagal 6 den Chód Iompair; á chur i bhfios go bhféadfadh fógraí a bheith ina gcabhair chun coinbhleachtaí leasa a chosc, agus ag an am céanna cosc a chur ar iar-Fheisirí a ghabhann do ghníomhaíochtaí brústocaireachta gairmiúla nó gníomhaíochtaí ionadaíochta a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais tairbhe a bhaint as saoráidí arna ndeonú d’iar-Fheisirí; á iarraidh ar an bParlaimint, dá bhrí sin, cur chun feidhme an Chóid Iompair a fheabhsú, i ndáil leis sin, ag tarraingt aird ar rún 2019 ar urscaoileadh Pharlaimint na hEorpa, ina n-iarrann an t-údarás um urscaoileadh go ndéanfaí measúnú neamhspleách ar cibé acu a chruthaíonn gníomhaíochtaí iar-shainordaithe na bhFeisirí coinbhleachtaí leasa nó nach gcruthaíonn; á iarraidh, arís eile, ar sheirbhísí na Parlaiminte an measúnú sin a dhéanamh; |
|
63. |
ag cur in iúl gur geael léi tionscadal leanúnach sheirbhísí na Parlaiminte chun taifid vótála i suí iomlánach a chur ar fáil ar spás tiomnaithe ina mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar dhoiciméid atá soiléir agus áisiúil don léitheoir, agus ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di an leagan amach nua do na vótaí le glaoch rolla ina bhfoilseofar taifead vótála aonair gach Feisire, lena dtabharfar an rogha chun dáileadh na vótaí a amharcléiriú de réir, inter alia, grúpchleamhnacht pholaitiúil agus/nó náisiúntachta; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil sé indéanta go teicniúil do sheirbhísí na Parlaiminte go bhféadfaí téacs gach leasaithe a thaispeáint chomh maith leis an taifead vótála mar go dtairgfidh roinnt soláthraithe príobháideacha é; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte gach leasú agus gach taifead vótála le glaoch rolla a chur ar fáil; á iarraidh freisin ar na seirbhísí an fhaisnéis atá ar fáil a leathnú chun amchláir cothrom le dáta agus liostaí vótála a áireamh, lena n-áirítear na comhréitigh deiridh arna gcomhaontú ag an rapóirtéir agus ag an scáth-rapóirtéir, de réir na moltaí ón ngrúpa fócais maidir le sainchumais pharlaiminteacha a neartú; á iarraidh ina theannta sin ar sheirbhísí na Parlaiminte deis a thabhairt do na Feisirí leagan beta den uirlis nua a thástáil agus aiseolas a thabhairt a bheidh le cur san áireamh le linn an uirlis a fhorbairt; |
|
64. |
ag cur sonrú in 18 n-imscrúdú a rinne seirbhísí na Parlaiminte in 2020 ar mhí-úsáid liúntas a raibh baint ag oifigí 12 Fheisire leo (i gcomparáid le 6 Fheisire roimhe sin), agus méideanna arb ionann iad agus EUR 1 318 000 curtha i mbaol (i gcomparáid le EUR 560 000 in 2019); ag moladh sheirbhísí na Parlaiminte as a gcuid imscrúduithe i ndáil leis sin, agus ag an am céanna á chur in iúl gur gá leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt líon agus cineálacha na gcásanna atá i gceist; |
|
65. |
ag tabhairt dá haire nach raibh aon chásanna sceithireachta taifeadta ag an bParlaimint in 2020; á mheabhrú gur siar in 2016 a tharla na cásanna is déanaí den sceithireacht agus gur dífhostaíodh gach duine de na triúr cúntóirí parlaiminteach creidiúnaithe (CPCanna) lena mbaineann ina dhiaidh sin; á mheabhrú, i measc nithe eile, go bhfuil CPCanna leochaileach mar gheall ar a staid fostaíochta speisialta; á iarraidh ar an bParlaimint a rialacha inmheánacha féin atá sna Rialacháin Foirne a ghabhann le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a oiriúnú go hiomlán, lena n-áirítear trí bhealaí slána tuairiscithe a bhunú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil cosaint chuí dlite do sceithirí, cosúil leis an gcosaint a bhíonn ag íospartaigh an chiaptha, agus gur cheart coiste comhairleach a bhunú mar chuid de sin chun déileáil le cosaint sceithirí; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil mórán feasachta i measc na mball foirne go bhfuil pointe teagmhála ann do sceithirí i gcomh-aireacht an Ardrúnaí agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach féidir an pointe teagmhála sin a chur in ionad coiste comhairleach lánfheidhme; á iarraidh ar an mBiúró cúrsa oiliúna a éileamh do phointí teagmhála a nochtann sceithirí eolas dóibh agus caighdeáin shoiléire agus caighdeáin atá cinnte go dlíthiúil a ghlacadh maidir leis na cásanna inar gá cosaint a dheonú do sceithirí, lena n-áirítear do chúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe, agus na caighdeáin sin a fhoilsiú; á iarraidh ar an bParlaimint feasacht a ardú, nuair is féidir, i measc na foirne parlaimintí maidir leis an gcosaint atá ar fáil dóibh mar sceithirí; |
|
66. |
ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di, na rialacha agus na hoibleagáidí doiléire a bhaineann le tréimhsí coinneála doiciméad do na Feisirí, go háirithe iad siúd a bhaineann le faisnéis phearsanta agus airgeadais chomh maith le faisnéis foirne; á iarraidh ar an mBiúró rialacha soiléire, sothuigthe agus ceangailteacha a bhunú lena gcuirfear san áireamh go cuí líon na ndoiciméad atá le stóráil agus modh coinneála na ndoiciméad sin; á chur i bhfáth go láidir nach mór do rialacha a bheith comhréireach, nár cheart dóibh maorlathas a mhéadú, agus gur cheart gur leor iad ó thaobh costais de; ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí cartlainne le maoiniú faoi na speansais liúntais chaiteachais ghinearálta; |
|
67. |
á mheabhrú go ndéanann an Pharlaimint, de bhun Riail 11(4) de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, an deis a thabhairt do na Feisirí cheana féin iniúchadh deonach nó deimhniú deonach ar a gcuid speansas faoin liúntas caiteachais ghinearálta a fhoilsiú; ag tabhairt dá haire go ndearnadh cúig dhearbhú dheonacha maidir le húsáid an liúntais caiteachais ghinearálta a chur isteach le linn na bliana féilire 2020; á iarraidh ar sheirbhísí na Parlaiminte meabhrúchán bliantúil a sheoladh chuig na Feisirí i ndáil leis an bhféidearthacht sin; á iarraidh ar an mBiúró an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go rialta faoi líon na bhFeisirí a chloígh leis na moltaí sin; |
|
68. |
á thabhairt chun suntais go sonraítear i gCinneadh 2018 ón mBiúró maidir leis an liúntas ginearálta caiteachais go gcoinneoidh an Biúró an cinneadh sin go dtí deireadh 2022 agus go ndéanfaidh sé é a mheas ar bhonn na taithí a fuarthas le linn an 9ú téarma parlaiminteach; |
|
69. |
á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil toil an tSeisiúin Iomlánaigh, is é sin go ndéanfaí an Liúntas Caiteachais Ghinearálta (LCG) a athchóiriú, rud a cuireadh in iúl go mion minic, curtha chun feidhme ina hiomláine ag an mBiúró go fóill, rud a chuireann cosc le hairgead cháiníocóirí an Aontais, arb ionann é agus EUR 40 milliún in aghaidh na bliana, a bheith á chaitheamh ar bhealach níos trédhearcaí agus níos cuntasaí; á iarraidh an athuair go ndéanfaí athchóiriú ar LCG sa chaoi go mbunófaí seiceálacha samplacha a dhéanfadh seirbhísí na Parlaiminte ar 5 % de chaiteachas LCG na bhFeisirí, agus lena gcuirfí d’oibleagáid ar na Feisirí gach fáltas a bhaineann le LCG a choinneáil, achoimre ar an gcaiteachas de réir catagóire a fhoilsiú gach bliain mar aon le tuairim ó iniúchóir neamhspleách ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte, agus an sciar de LCG nár caitheadh a thabhairt ar ais ag deireadh an tsainordaithe; ag tabhairt dá haire go mbainfeadh na seiceálacha samplacha arna n-iarraidh le seiceáil randamach a dhéanamh ar 36 Fheisire in aghaidh na bliana agus, ar bhonn ríomh a rinne AS FINS, go mbeadh idir 4 agus 6 phost FTE ag teastáil lena n-aghaidh; |
|
70. |
á mheabhrú gur chinn an tOmbudsman Eorpach, sa mholadh uaithi an 29 Aibreán 2019 i gcás 1651/2018/THH, gurb ionann diúltú na Parlaiminte do rochtain phoiblí a dheonú ar dhoiciméid a bhaineann le hathbhreithniú ar liosta na speansas a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe ag GEA agus drochriarachán agus mhol sí rochtain phoiblí a dheonú ar thogra ó Mheitheal ad hoc Bhiúró na Parlaiminte, lena n-áirítear na roghanna atá liostaithe sa togra sin; á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh an Pharlaimint do mholadh an Ombudsman agus ag tathant ar riarachán na Parlaiminte athmhachnamh a dhéanamh ar rochtain phoiblí a dheonú ar na doiciméid i dtrácht; |
Foireann, cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe agus cúntóirí áitiúla
|
71. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fhormheas an Biúró, ag an gcruinniú a bhí aige an 5 Iúil 2021, leasú ar Airteagal 40 dá chinneadh an 14 Aibreán 2014 lena gcuirtear chun feidhme bearta le haghaidh Theideal VII de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh chun a chumasú CPCanna a íoc in euro, arna iarraidh sin dóibh, in aon bhanc laistigh den Aontas; |
|
72. |
á mheabhrú nach bhforáiltear leis na rialacha atá ann faoi láthair maidir le conradh a fhoirceannadh le haghaidh APAnna go bhféadfaí conradh a fhoirceannadh trí “toiliú frithpháirteach”, rud a bheadh ina bhealach chun aitheantas a thabhairt don chaidreamh polaitiúil speisialta idir na Feisirí agus APAnna, i gcás nach ann don mhuinín fhrithpháirteach idir an dá pháirtí a thuilleadh, agus a d’fhéadfadh leas a bhaint as réiteach comhchoiteann gan an bonn a bhaint de chearta sóisialta na APAnna; á chur in iúl gurb oth léi go ndearnadh an iarraidh sin a áireamh i rúin urscaoilte éagsúla de chuid na Parlaiminte gan freagairt shásúil a fháil, agus go bhfuil sí ag súil go ndéanfar gníomh a luaithe is féidir; |
|
73. |
ag athdhearbhú a héilimh ar son APAnna go bhfaighidís an liúntas cothaithe céanna leis an bpearsanra reachtúil dá misin chun freastal ar na páirtseisiúin in Strasbourg; ag aithint go mbeadh gá leis na rialacha is infheidhme a athbhreithniú mar thoradh ar aon athrú ar an gcreat dlíthiúil, eadhon an cinneadh ón mBiúró an 2 Deireadh Fómhair 2017, agus dá bhrí sin, á threorú don Ard-Rúnaí an iarraidh seo ar chinneadh a chur faoi bhráid an Bhiúró; |
|
74. |
ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach bhfuil nuashonrú déanta ag an gCoimisiún ar liúntais APAnna maidir le misin lasmuigh de thrí ionad oibre na Parlaiminte ó Chinneadh C(2002)98 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2002, agus go bhfuil méadú iarmhartach ar an mbearna idir na liúntais sin agus praghsanna reatha; á iarraidh ar an Ardrúnaí tuairisciú don Bhiúró ionas go n-iarrfaidh an Pharlaimint go foirmiúil ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais; |
|
75. |
á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil aon obair leantach á déanamh ar an iarraidh atá ann le fada go ndéanfar athmhachnamh ar an bhféidearthacht go mbeadh APAnna, faoi choinníollacha áirithe a bheidh le cinneadh, in éineacht leis na Feisirí ar thoscaireachtaí agus misin oifigiúla de chuid na Parlaiminte, faoi mar a iarradh cheana féin le roinnt rún maidir le hurscaoileadh; á iarraidh ar an Ardrúnaí imscrúdú a dhéanamh ar na hiarmhairtí buiséadacha, agus ar eagrú agus lóistíocht na misean sin; |
|
76. |
ag diúltú ceapachán éigeantach APAnna mar ionadaithe chun déileáil le húdaráis na Beilge chun cead cónaithe d’oiliúnaithe tríú tír in oifigí na bhFeisirí a phróiseáil; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú láithreach ar na rialacha is infheidhme ionas go ngabhfaidh an lucht riaracháin an fheidhm sin air féin; |
|
77. |
á mholadh go hard go ndearna Oifig Thosaigh APA obair eisceachtúil in 2020 agus í ag déileáil leis na deacrachtaí gairmiúla a bhain do APAnna mar gheall ar phaindéim COVID-19, in áiteanna oibre na Parlaiminte agus sna tíortha tionscnaimh araon; |
|
78. |
ag athdhearbhú nár cheart iallach a chur ar APAnna a bheith ceaptha mar cheannairí grúpaí cuairteoirí agus, dá bhrí sin, go n-ionchorprófaí leo an fhreagracht a ghabhann leis an ranníocaíocht airgeadais a thairgeann an Pharlaimint do ghrúpaí urraithe; ag cur béim ar a héileamh nach mbeidh ar APAnna a bheith fregareach as na féidearthachtaí, agus nach bhfágfar mar sin ach comhalta amháin den ghrúpa urraithe nó gairmí amháin amhail gníomhairí íocaíochta nó gníomhaireachtaí taistil mar cheannairí grúpaí; |
|
79. |
á thabhairt chun suntais, ó lár mhí an Mhárta 2020, gur aistrigh lucht riaracháin na Parlaiminte ó scéim teilea-oibre ócáidí go scéim teilea-oibre a bhí á cur chun feidhme idir 70 % agus 100 %, ag brath ar an mbeart dianghlasála a bhí i bhfeidhm agus ar an ngá atá le láithreacht fhisiciúil; |
|
80. |
ag cur sonrú in iarrachtaí na Parlaiminte agus an Choimisiúin araon a áirithiú go bhféadfaidh iar-APAnna ó thoscaireachtaí na Breataine cearta pinsin a fuarthas a aistriú chuig cistí pinsin sa Ríocht Aontaithe; á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go dtiocfar ar réiteach; |
|
81. |
á iarraidh ar an mBiúró córas a bhunú chun a cheadú do APAnna saoire gan phá a ghlacadh faoi rialacha atá cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm maidir le baill foirne shealadacha nó ar conradh, ar féidir leo suas le dhá mhí dhéag a ghlacadh le linn a ngairmréime; |
|
82. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Pharlaimint, i mí an Mheithimh agus i mí na Samhna 2020, dhá shuirbhé ar fud na hinstitiúide i measc a ball foirne maidir leis an úsáid a bhainfear as teilea-obair amach anseo; á aithint gur léirigh torthaí an dá shuirbhé ardleibhéal sástachta foirne maidir le teilea-obair agus go nglacann baill foirne úsáid níos leithne as teilea-obair sa tréimhse iarphaindéime; á iarraidh, fad a bheidh na rioscaí ionfhabhtaithe le COVID-19 fós ard go réasúnta fiú i gcás daoine aonair vacsaínithe, ba cheart do bhaill foirne a bhaineann le grúpaí ardriosca, ar chruthúnas go bhfuil riocht orthu a chur ar fáil, an fhéidearthacht a choinneáil teilea-obair lánaimseartha a dhéanamh; |
|
83. |
á chur in iúl go molann sí an Pharlaimint mar gur thug sí isteach réimse beart chun tacú le cothromaíocht oibre is saoil na foirne le linn na teilea-oibre leanúnachais gnó, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cúinsí pearsanta níos dúshlánaí acu; ag tabhairt dá haire go n-áirítear leis na bearta solúbthacht (ó thaobh ama oibre agus aschuir) do bhaill foirne a bhfuil staideanna teaghlaigh éilitheacha acu, an fhéidearthacht obair pháirtaimseartha a dhéanamh lasmuigh den áit fostaíochta do bhaill foirne a bhfuil gá leo chun aire a thabhairt do ghaolta díreacha, lena gceadaítear do chúramóirí leanaí faoi mhíchumas 50 % a bheith ag obair gan aon chaillteanas comhfhreagrach ioncaim le linn na tréimhse ina raibh scoileanna agus saoráidí do leanaí faoi mhíchumas dúnta, agus maolú sealadach ar na Rialacháin Foirne chun ligean do bhaill foirne leochaileacha 100 % a chur ar a dtír thionscnaimh; á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go bhfuil an nós imeachta iarratais do na scéimeanna speisialta sin curtha in iúl go soiléir agus ceaptha ar bhealach chun moilleanna maidir le deonú na scéimeanna a sheachaint; |
|
84. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an deis atá ann leis an gcinneadh ón Ardrúnaí an 31 Márta 2021 oibriú i bhfad ón áit fostaíochta; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhféadfaí é sin a dhéanamh ach amháin ar bhonn páirtaimseartha agus le laghdú comhfhreagrach ar an tuarastal; á chur in iúl gurb oth léi gur chuir an cinneadh sin iallach ar bhaill foirne agus APAnna an Bheilg a fhágáil ag an am sin. agus rogha a dhéanamh idir caillteanas ioncaim nó filleadh ar áiteanna oibre na Parlaiminte, tráth a raibh díspreagadh láidir ann maidir le taisteal; ag tabhairt dá haire le teann sásaimh gur thug an Biúró aitheantas, an 17 Aibreán 2021, don fhíoras nach raibh an cinneadh sin fónta agus gur bhunaigh sé sraith critéar faoina mbeadh APAnna in ann teilea-obair a dhéanamh go lánaimseartha (lena n-áirítear riochtaí leighis, srianta taistil agus dúnadh teorann); ag tabhairt dá haire agus imní mhór uirthi go bhfuil méadú tagtha ar mhothúcháin leithlisithe agus ar fhadhbanna meabhairshláinte na mball foirne mar gheall ar an oibleagáid atá ann maidir le teilea-obair ón áit fostaíochta le linn tréimhsí lán-dianghlasála, geall leis; á iarraidh ar an riarachán deireadh a chur leis an oibleagáid ar gach catagóir foirne, lena n-áirítear oiliúnaithe, amach anseo teilea-obair óna n-áit fostaíochta le linn tréimhsí eisceachtúla agus tréimhsí teoranta ama amhail tréimhsí lán-dianghlasála, geall leis, a bhí i bhfeidhm i gcodanna de 2020; |
|
85. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann roinnt mhaith buntáistí do bhaill foirne agus d’institiúidí araon leis an deis bhuan a chruthú do bhaill foirne ó áit ar bith, faoi choinníollacha a shonrófar, lena n-áirítear feabhas a chur ar fholláine na foirne agus cur le mealltacht na Parlaiminte mar fhostóir, coigiltis airgeadais a rinneadh trí, inter alia, laghdú ar an ngá le spás oifige, tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol ó thimaistir foirne agus nasc níos dlúithe idir institiúidí an Aontais agus saoránaigh i mBallstáit seachas an Bheilg, an Fhrainc agus Lucsamburg; á iarraidh ar an bParlaimint dul i mbun plé idirinstitiúideach d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh lena gcuirtear oibleagáid ar an bhfoireann teilea-obair a dhéanamh go heisiach óna n-áit fostaíochta i gcúinsí eisceachtúla, e.g. ar choinníoll go bhforghéillfear a liúntas easaoránaíochta go sealadach; |
|
86. |
ag moladh, ar leibhéal na hArdrúnaíochta, thacaíocht na Parlaiminte do bhaill foirne trí na hacmhainní atá ann cheana a threisiú agus trí bhearta nua a chur i bhfeidhm, amhail dhá líne chabhrach, comhairliúcháin shíceolaíocha agus seisiúin ghrúpa, cúnamh sóisialta, comhairleoireacht rúnda, agus líonra garchabhróirí meabhairshláinte; á chur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras gur cuireadh tacar éagsúil tionscnamh múscailte feasachta agus acmhainní tacaíochta síceasóisialta ar fáil don bhaill foirne, lena n-áirítear ranganna aireachais ar líne saor in aisce do gach ball foirne ó mhí Dheireadh Fómhair 2020; |
|
87. |
ag tabhairt dá haire gur chuir dhá ardstiúrthóireacht beartais shonracha i bhfeidhm lena gcruthaítear an ceart chun dícheangail agus rinne cúig AS eile feasacht na mbainisteoirí a mhúscailt maidir leis an gceart chun dícheangail; á iarraidh ar an bParlaimint treoirlínte a ghlacadh maidir leis an gceart chun dícheangail lena n-áirítear do gach catagóir foirne do gach ardstiúrthóireacht agus a áirithiú go gcuirfidh na hardstiúrthóireachtaí ar fad i bhfeidhm na treoirlínte sin; |
|
88. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an méid atá bainte amach go dtí seo mar thoradh ar bheartas na Parlaiminte maidir le príomhshruthú inscne, maidir le comhionannas inscne a bhaint amach ar leibhéal na stiúrthóirí agus maidir le 41,9 % de na poist mar cheann aonaid a bheith ag mná; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí feabhas suntasach a dhéanamh ar leibhéal na n-ardstiúrthóirí, agus gan ach 23,1 % de na poist sin ag mná faoi láthair; á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an Biúró spriocanna nua atá níos uaillmhianaí an 13 Eanáir 2020 maidir le cothromaíocht inscne i bpoist shinsearacha agus mheánbhainistíochta i rúnaíocht na Parlaiminte atá le baint amach faoi 2024: 50 % de na cinn aonaid a bheith ina mná, le 50 % de stiúrthóirí baineanna agus 40 % d’ardstiúrthóirí baineanna; á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí éisteacht d’ionadaithe foirne nuair a phléann an Biúró ábhair ghinearálta a dhéanann difear dá bheartas foirne, agus á iarraidh an athuair ar an Ardrúnaí na bearta iomchuí a dhéanamh chun an cur chuige lárnach sin a chur chun feidhme; á iarraidh an athuair ar an Ard-Rúnaí céimeanna breise a ghlacadh chun trédhearcacht agus cothroime a áirithiú le linn nósanna imeachta ceapacháin sinsearacha bainistíochta, go háirithe i bhfianaise bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithniúnais) an 14 Iúil 2021 i gcás T-670/19 Carbajo Ferrero v Parlaimint na hEorpa (6); ag tabhairt dá haire go bhfuil teorainneacha ag gabháil leis an gceathrú mír d’Airteagal 3 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le rannpháirtíocht ionadaithe foirne i bpainéil roghnúcháin ardbhainistíochta; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí comhsheasmhacht a áirithiú maidir le foilseacháin sheachtracha na bpost bainistíochta sinsearaí agus dícheall maidir le foilsiú na bpost sin nuair a bheidh siad folamh; |
|
89. |
á iarraidh an athuair ar an Ard-Rúnaí a áitiú go mbeadh an earcaíocht go léir bunaithe ar inniúlacht, agus urraim á tabhairt ag an am céanna don ghá atá le cothromaíocht gheografach na mBallstát uile a bhaint amach ar gach leibhéal foirne; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na deacrachtaí a bhaineann le náisiúntachtaí áirithe a earcú agus próifílí poist áirithe a thabhairt isteach go hinmheánach; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh an fhostaíocht sa Pharlaimint chomh tarraingteach céanna do náisiúntachtaí uile an Aontais; á iarraidh ar an bParlaimint a hinniúlacht for-rochtana féin a fhorbairt, agus é d’aidhm aici iarrthóirí ar ardchaighdeán atá de dhíth ar an bParlaimint a mhealladh chuig comórtais, i dtéarmaí próifíle, aoise, inscne agus náisiúntachta agus go háirithe ó thíortha atá faoi ghannionadaíocht; |
|
90. |
á mheabhrú gur eisíodh coiste na foirne rún an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir le scéim nua a cuireadh ar bun chun poist mar ghníomhaire ar conradh a thairiscint d’oiliúnaithe; den tuairim nach mór nósanna imeachta earcaíochta a bheith fiúntasbunaithe, iomaíoch, cothrom agus trédhearcach agus nach féidir aon rochtain phribhléideach a bheith ann ar phoist mar ghníomhairí ar conradh ná ar idirdhealú in aghaidh ball foirne agus APAnna; á iarraidh ar an lucht riaracháin athmhachnamh a dhéanamh ar an scéim nua a bhfuil baint ag na hionadaithe foirne léi sa phróiseas; |
|
91. |
ag moladh, i gcomhréir leis an bhfíoras gur cuid lárnach de bheartas bainistithe acmhainní daonna na Parlaiminte é comhdheiseanna a chur chun cinn i gcónaí, go ndíreofaí níos mó ar chomhdheiseanna do chách, go háirithe líon na ndaoine faoi mhíchumas atá ag obair i riarachán na Parlaiminte a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil grúpa ardleibhéil maidir le comhionannas inscne agus éagsúlacht laistigh den Bhiúró cheana féin agus á iarraidh go ndéanfadh sé staidéar ar bhearta éifeachtacha arna nglacadh sna Ballstáit agus go hidirnáisiúnta chun rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas a mhéadú san ionad oibre, lena n-áirítear bearta reachtacha; á iarraidh go dtuairisceodh an grúpa ardleibhéil ar ais chuig an mBiúró le moltaí nithiúla a luaithe a dhéanfar an staidéar agus a dhéanfar anailís ar na torthaí; á iarraidh go leagfaí síos spriocanna uaillmhianacha mar ábhar práinne agus go mbainfí amach iad thar thréimhse ghearr; |
|
92. |
ag tabhairt dá haire gur cúis mhór imní di gur osclaíodh 17 gcás ciaptha nua in 2020; á chur i bhfáth go bhfuil gá fós le hiarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfidh an dá choiste chomhairleacha a bhíonn ag déileáil le gearáin maidir le ciapadh a bhaineann le Feisirí agus le gach ball foirne níos mó muiníne as íospartaigh ciaptha, ar a bhféadfadh a bheith eagla go mbeadh a ngairm nó a seasamh sa Pharlaimint i mbaol dá mbeadh orthu dul tríd an nós imeachta iomlán ciaptha, fianaise a bhailiú agus a gcás a thógáil; ag tathant ar an mBiúró agus ar an Rúnaíocht na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme mar a iarradh arís agus arís eile sna rúin maidir le ciapadh an 26 Deireadh Fómhair 2017 (217/2897 (RSP)) (7), an 28 Samhain 2019 (2019/2855 (RSP)) (8) agus an 10 Nollaig 2021 (2021/2986 (RSP)) (9), lena n-áirítear, go háirithe, torthaí iniúchóireachta seachtraí ar an struchtúr frithchiaptha atá ann faoi láthair a fhoilsiú agus oiliúint fhrithchiaptha a dhéanamh éigeantach do na Feisirí agus do na comhaltaí foirne uile, lena n-áirítear daoine a bhfuil róil bhainistíochta acu sna hardstiúrthóireachtaí agus sna grúpaí polaitiúla éagsúla; |
|
93. |
á iarraidh ina theannta sin ar an bParlaimint a áirithiú nach mbíonn nósanna imeachta aisíocaíochta do chóireáil shíceolaíoch d’aon chás ciaptha rómhaorlathach agus go ndéanfar iad a phróiseáil go tapa; |
|
94. |
á mheabhrú go sonraítear in Airteagal 1.7 den chonradh glantacháin nach mór do chonraitheoirí cloí leis na hoibleagáidí sóisialta agus leis na hoibleagáidí maidir le dlí an tsaothair dá bhforáiltear le dlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta agus le comhaontuithe comhchoiteanna nó le hoibleagáidí idirnáisiúnta sa dlí sóisialta agus saothair; ag meabhrú, i gcás ina mbraitheann nó ina bhfaigheann seirbhísí na Parlaiminte atá freagrach aon fhaisnéis maidir le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ar an gcoinníoll gur tharraing na daoine lena mbaineann aird cheana féin ar an tsaincheist lena mbainisteoirí, leis na hionadaithe ceardchumainn agus leis an tseirbhís sheachtrach ar mhaithe le cosc agus dea-bhail na cuideachta, ach nár thángthas ar réiteach ina leith, gur gá dul i dteagmháil leis na húdaráis ábhartha; á thabhairt dá haire nach bhfuarthas aon sárú dlíthiúil a bhaineann le dlíthe sóisialta agus coinníollacha oibre d’fhoireann glantacháin le cigireacht ar an tseirbhís náisiúnta “Contrôle des lois/Direction de Bruxelles” (2020) ná le hanailís ó roinn shíceasóisialta na seirbhíse seachtraí le haghaidh coisc agus cosanta ag an obair sa Bhruiséil (2020); á iarraidh go seolfar suirbhé láithreach bonn, arna dhéanamh ag cuideachta sheachtrach ar mhaithe le rúndacht agus anaithnideacht a ráthú do na freagróirí, arb é is aidhm leis léiriú a thabhairt ar an staid ina bhfuil leibhéil sástachta fostaithe na cuideachta, rannpháirtíocht, tiomantas, dílseacht, spreagadh, etc., agus laigí, fadhbanna nó deiseanna feabhais a shainaithint sa chuideachta glantacháin atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an bParlaimint gach réamhchúram is gá a ghlacadh chun a áirithiú go seasfaidh conraitheoirí seachtracha leis na caighdeáin is airde de dhlí an tsaothair d’fhoireann glantacháin, go háirithe maidir le brú síceolaíoch agus dálaí oibre; |
|
95. |
á iarraidh ar an bParlaimint a áirithiú go gcuirfear pleananna oibre in iúl do bhaill foirne atá i mbun sealoibre, lena n-áirítear go háirithe baill foirne san Ard-Stiúrthóireacht um Shlándáil, i bhfad roimh ré agus go seachnófar modhnuithe ar ghearrfhógra nuair is féidir; |
|
96. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh an sciathán nua i gcrích ag creis Wayenberg; á chur in iúl gurb oth léi na hathruithe as a chéile agus na dúntaí faidréiseacha mar gheall ar an bprótacal inmheánach COVID-19 a cuireadh in iúl le fógra íosta agus gan am freagairt dó; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar phrótacail sláinte COVID-19 chun iad a chur i gcomhréir le prótacail náisiúnta agus chun a áirithiú go leanfar den tseirbhís thábhachtach sin a chur ar fáil a mhéid is féidir; á iarraidh ar AS PERS a áirithiú go ndéanfar athruithe i socruithe ama oibre na creise a thabhairt isteach agus a chur in iúl do thuismitheoirí in am trátha ionas go mbeidh siad in ann a gcuid oibleagáidí oibre a dhéanamh le líon íosta bristí; á iarraidh an athuair ar AS PERS suirbhé sástachta a dhéanamh i measc fhostaithe na creise agus tuismitheoirí na leanaí araon chun aiseolas ábhartha a fháil go rialta ar an soláthraí; ag tabhairt dá haire gur seoladh glao nua ar thairiscintí maidir le bainistiú na creise Wayenberg in 2021 agus gur ghlac an soláthraí seirbhíse nua seilbh air an 1 Feabhra 2022; á iarraidh ar AS PERS cáilíocht seirbhísí an tsoláthraí nua a leanúint go dlúth, a choinnigh oibrithe atá ann cheana i gcomhréir le dlí saothair na Beilge; á iarraidh go ndéanfar faireachán leanúnach chun a áirithiú go dtairgfidh an soláthraí nua dálaí maithe oibre a chabhraíonn le pearsanra d’ardchaighdeán a choinneáil; |
|
97. |
á iarraidh go gcuirfí cláir ama fhoireann na Parlaiminte agus APAnna san áireamh chun uaireanta oscailte na seirbhísí a sholáthraítear laistigh den Pharlaimint, go háirithe an Club Spóirt, a oiriúnú chun seirbhís a sholáthar lasmuigh de bhuaicuaireanta oibre agus ar an gcaoi sin rochtain a thabhairt do líon níos mó úsáideoirí chun rochtain a fháil orthu; |
|
98. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí na Parlaiminte béilí dlúthpháirtíochta laethúla a sholáthar a chabhraigh chun an tionchar airgeadais, eacnamaíoch agus sóisialta ar a lónadóirí agus ar a bhfostaithe a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Pharlaimint ag iarraidh a oiread post agus is féidir a shábháil atá réasúnta ó thaobh na fostaíochta de ach a bhfuil údar leo freisin i gcomhthéacs úsáid chuí bhuiséad na Parlaiminte; |
Beartas tógála
|
99. |
á mheabhrú gur lean an riarachán ar aghaidh le cur chun feidhme Straitéis na Parlaiminte “Straitéis Tógála Tar Éis 2019” i rith 2020, mar a d’fhormhuinigh an Biúró i mí Aibreáin 2018; ag tabhairt dá haire go bhformhuinítear leis an straitéis foirgníochta seo solúbthacht mar phríomhphrionsabal chun oifigí a leithdháileadh ar Fheisirí agus ar bhaill foirne araon agus go gceadaítear an spás atá ar fáil a úsáid ar bhealach inchoigeartaithe agus ag an am céanna oiriúnú do gach cás a d’fhéadfadh a bheith ann sa tréimhse iar-COVID-19; |
|
100. |
ag tabhairt dá haire gur ar an 24 Deireadh Fómhair 2017 a rinne na Caestóirí an cinneadh deireadh a chur le huisce te a dháileadh in oifigí na bhFeisirí sa Bhruiséil agus in Strasbourg i ndáil leis an mbaol don tsláinte a eascraíonn as baictéir dhíobhálacha legionella a bheith ann laistighde chórais hiodrálacha na bhfoirgneamh atá ag dul in aois agus in olcas; á chur i bhfáth go bhfuil an comhrac i gcoinne an bhaictéir Legionella ar cheann de na tascanna is tábhachtaí i réimse na cóireála uisce agus an dífhabhtaithe; á iarraidh ar an Rúnaíocht staidéar domhain a iarraidh chun teacht ar réitigh leordhóthanacha ar an tsaincheist sheanbhunaithe seo; |
|
101. |
ag tacú le go mbeadh díospóireacht ann maidir le riachtanais spáis na Parlaiminte i bhfianaise éifeachtaí phaindéim COVID-19, an méadú atá ann faoi láthair agus an méadú a thiocfaidh ar theilea-obair amach anseo agus, más iomchuí, go n-oiriúnófaí a straitéis fhadtéarmach tógála; ag moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar an mbeartas tógála féachaint an bhfuil gá fós le spás tiomnaithe oifige do gach ball foirne, mar go bhféadfadh sé go mbeadh sábháil spáis oifige mar thoradh ar athrú; ag moladh don riarachán stáisiúin oibre a chomhthiomsú a mhéid is féidir i gcomhréir le teilea-oibre na foirne, agus ag an am céanna leanúint de spás oifige a ráthú do gach ball foirne a iarrann amhlaidh; á chur i bhfios, ina theannta sin, gur cheart aird a thabhairt ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar shláinte agus ar shástacht na foirne i gcleachtais amhail spásanna oscailte, spásanna comhoibríocha agus “úsáid deasca sealaíochta”; ag meabhrú na hoibre atá déanta ag na fócasghrúpaí agus ag an meitheal maidir le foirgnimh agus á iarraidh orthu a bheith rannpháirteach sa díospóireacht sin; á iarraidh ar an mBiúró na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun na moltaí ó fhócasghrúpa 5 a chur chun feidhme, go háirithe maidir le seomraí cruinnithe neamhfhoirmiúla a chruthú, seomraí físchomhdhála ilfheidhmeacha agus feabhsaithe a chruthú i gcomhréir le beartas comhshaoil na Parlaiminte; |
|
102. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil an cleachtas ollaistrithe tar éis breis agus EUR 100 milliún in íocaíochtaí úis le blianta beaga anuas a spáráil agus dá bhrí sin gurb ionann é agus dea-chleachtas maidir le húsáid airgead na gcáiníocóirí in institiúidí poiblí; á mholadh don Bhiúró línte breise buiséid a shainaithint a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an gcleachtas sin; ag tabhairt dá haire gur chabhraigh an cleachtas sin le cosc a chur ar na cistí atá fágtha a chaitheamh ar chostais neamhriachtanacha ag deireadh na bliana; á mheabhrú go dtacaíonn an t-ollaistriú le straitéis fhadtéarmach tógála foirgneamh na Parlaiminte seachas iad a fháil ar cíos; á mheabhrú gur chuir an ramassage ar chumas na Parlaiminte foirgneamh Scholl a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis a cheannach in 2020 agus an praghas ceannaigh iomlán a íoc in aon idirbheart amháin, rud a sheachain tuilleadh costas maoinithe; |
|
103. |
ag tabhairt dá haire gur cuid thábhachtach de straitéis tógála na Parlaiminte an tionscadal tógála Adenauer, a thugann seirbhísí uile na Parlaiminte atá ag oibriú i Lucsamburg faoin aon díon amháin; ag tabhairt faoi deara gur cuireadh an chéad chuid den tionscadal seo (an Sciathán Thoir) i gcrích i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus go bhfuil oibreacha á ndéanamh chun an chuid dheireanach — an Sciathán Thiar — a thógáil; á chur i bhfios go láidir gur údaraigh an Coiste um Buiséid sa Pharlaimint in 2020 aistriú “fuílleach” do réamh-mhaoiniú an tionscadail, agus gurb ionann tuairim is EUR 63.35 milliún agus an chuid den aistriú sin atá tiomnaithe d’fhoirgneamh Adenauer nua; |
|
104. |
á mheabhrú, maidir le foirgneamh Scholl a fháil, ag an gcruinniú a bhí aige an 5 Deireadh Fómhair 2020, gur fhormheas an Biúró go seolfaí sirtheoireacht áitiúil sa mhargadh maoine sa Bhruiséil agus go raibh malartú tuairimí ag an gCoiste um Buiséid sa Pharlaimint maidir leis an ábhar sin ag an gcruinniú a bhí aige an 15 Deireadh Fómhair 2020 i gcomhthéacs na faisnéise luaithe; |
|
105. |
á chur in iúl go dtuigeann sí go rabhthas in ann céim eile de straitéis tógála na Parlaiminte a chur i gcrích sa Bhruiséil leis an gcinneadh foirgneamh Scholl a cheannach in 2020, agus go ndéanfaidh sé eastát réadach na Parlaiminte a chomhdhlúthú tuilleadh, ar bonn taca é d’idirnascacht na bhfoirgneamh lárnach agus go rannchuideoidh sé le slándáil níos fearr; á chur i bhfáth go raibh an ceannach sin faoi réir aistriú fuílleach freisin, agus úsáid á baint as na hacmhainní airgeadais a sábháladh le linn 2020, inter alia, trí chostais taistil laghdaithe, arb ionann é agus EUR 74.9 milliún; |
|
106. |
ag tabhairt dá haire gur cúis imní di praghas ceannaigh i bhfad ró-ard fhoirgneamh Scholl, a ceannaíodh ag 74.9 milliún EUR, agus gur measadh go raibh praghas an mhargaidh ar an bhfoirgneamh roimhe sin idir EUR 42 milliún agus EUR 65 milliún; ag tabhairt dá haire gur cheart anailís a dhéanamh ar an difríocht idir praghas ceannaigh agus meastachán an tsaineolaí sheachtraigh i gcomparáid leis an gcás nach mbeadh an foirgneamh faighte ag an bParlaimint agus go mbeadh infheistíochtaí a réadaíodh cheana caillte aici; ag tabhairt dá haire nár áiríodh clásal scoir sa chonradh cearta úsáide a shínigh an Pharlaimint in 2009, rud a d’fhág go raibh ar an bParlaimint an méid iomlán a íoc don tréimhse chonarthach a bhí fágtha (~ EUR 24 mhilliún), fiú mura raibh an foirgneamh faighte aici; |
|
107. |
ag tabhairt chun suntais, sa Bhruiséil, nach punann de chuid na Parlaiminte iad foirgnimh áirithe atá ar áitiú faoi láthair ag an bParlaimint nó ar díol mór spéise straitéisí iad mar gheall ar an áit ina bhfuil siad agus na gnéithe slándála gaolmhara, mar a tharla i gcás fhoirgneamh Scholl sula bhfuarthas é; ag tabhairt dá haire go leagtar béim, le Straitéis Foirgníochta na Parlaiminte 2019, ar an tábhacht a bhaineann le seilbh a bheith ar fhoirgnimh lárnacha na Parlaiminte agus iad a idirnascadh, agus go luaitear inti Trèves II arb é leas na Parlaimint é an foirgneamh sin a fháil; ag tabhairt dá haire cé go bhfuil tábhacht leis na critéir sin agus gur cheart anailís chúramach a dhéanamh orthu agus ceannach foirgnimh nua á mholadh, gur cheart critéir eile a mheas freisin; |
|
108. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil riachtanais shonracha ag baill foirne na ngrúpaí polaitiúla ó thaobh socruithe solúbtha oibre de nach bhfuil ag teacht leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hiontráil foirgneamh lasmuigh den phríomhfhoirgneamh (e.g. rochtain nach gceadaítear tar éis am áirithe nó le linn an deireadh seachtaine); á chur in iúl gurb oth léi go raibh ar an bhfoireann atá lonnaithe i bhfoirgneamh Trèves I ar feadh tamaill, tar éis theacht i bhfeidhm an cheanglais seiceála teochta, an tástáil a dhéanamh i bhfoirgneamh Altiero Spinelli sular ceadaíodh dóibh dul isteach i bhfoirgneamh Trèves I; |
|
109. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di na fadhbanna struchtúracha a bhainenan le foirgneamh Trèves I; á chur i bhfios go láidir gur gá an foirgneamh sin a uasghrádú go dtí na noirm fuinnimh agus chomhshaoil is déanaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le bearta práinneacha chun réitigh a fháil ar chóras téimh éagobhsaí, easpa aerchóiriúcháin agus leithris do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, drochdhíonadh fuaime, chomh maith leis an bhfadhb séarachais; |
|
110. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coiste um Buiséid sa Pharlaiminte freagrach as tuairimí agus cinntí maidir le tionscadail tógála a bhfuil impleachtaí suntasacha airgeadais ag baint leo de réir Iarscríbhinn VI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta; ag cur sonrú in inniúlachtaí an Choiste um Buiséid faoi Airteagal 266 den Rialachán Airgeadais maidir le foirgnimh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí agus na n-oifigí uile, lena n-áirítear an Pharlaimint; á chur i bhfios go láidir go n-áiritheofaí leis sin faisnéis luath, faisnéis maidir le pleanáil, grinnscrúdú agus cinnteoireacht atá trédhearcach agus mionsonraithe, chomh maith le húdarú tionscadal; |
|
111. |
á iarraidh ar an mBiúró an timpeallacht nua sláinte agus sábháilteachta, chomh maith leis an méadú ar chianobair, a chur san áireamh mar chritéir chun tograí athchóirithe agus atógála fhoirgneamh Paul-Henri Spaak a roghnú, i bhfianaise an athraithe ar chleachtais oibre agus an laghdaithe a d’fhéadfadh teacht ar láithreacht fhisiciúil sa Pharlaimint amach anseo; |
|
112. |
ag súil le pleanáil agus cinnteoireacht níos trédhearcaí agus níos mionsonraithe, lena n-áirítear faisnéis luath a sholáthar, ag féachaint go cuí d’Airteagal 266 den Rialachán Airgeadais, i ndáil le beartas tógála na Parlaiminte; |
|
113. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh an Biúró cinneadh an 23 Deireadh Fómhair 2019 chun cruthú IDEA Lab in 2020 a fhormheas arb é is aidhm dó réitigh nua nuálacha a thriail i gcomhthéacs bainistiú oifigí agus saoráidí; ag tabhairt dá haire nach raibh cinneadh an Bhiúró bunaithe ar aon mheastachán costais ar leith; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearnadh, mar chuid de Shaotharlann IDEA le linn 2020, oifig Feisire amháin a thógáil agus a fheistiú ar chostas EUR 486 012 agus seomra taispeántais in aice láimhe ar chostas EUR 203 978 ar a laghad; á mheas go bhfuil sé tábhachtach úsáid stuama agus ghasta a bhaint as an mbuiséad a leithdháiltear ar threoirthionscadail den chineál sin; á mheabhrú don Bhiúró gur cheart línte buiséid soiléire a shocrú sula dtabharfar faoi na tionscadail sin agus gur cheart cuntas a thabhairt ar chaiteachas ar bhealach trédhearcach; á mheas go bhfuil tástáil réitigh nuálacha bainistíochta oifige agus saoráidí úsáideach i gcoitinne ach á mheas go bhfuil gá go bhfanfadh na costais sin réasúnta agus inchosanta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach go mbainfeadh tionscadail mar sin tairbhe as measúnú ar réimse Feisirí agus APAnna chun na torthaí is bailí a ráthú; |
|
114. |
ag meabhrú na moltaí ó fhócasghrúpa 5 maidir le measúnú a dhéanamh ar uirlisí TF IDEA Lab, lena n-áirítear seomraí cruinnithe, oifigí ina bhfuil saoráidí cruinnithe cianda/sruthaithe gréasáin agus físchomhdháil níos fearr lena ngabhann raon níos leithne gnéithe; |
|
115. |
á mheabhrú gur mhol comhaltaí an Bhiúró le linn chruinnithe an Bhiúró an 16 Nollaig 2019, an 22 Iúil 2020, an 24 Meán Fómhair 2020, an 16 Nollaig 2020, agus an 18 Eanáir 2021, go mbeadh réitigh tástála IDEA Lab i réimse na feidhmíochta comhshaoil, na héifeachtúlachta fuinnimh, na slándála (go háirithe glais leictreonacha), TF agus teilea-oibre chomh maith le straitéis nuálaíochta TFC; |
|
116. |
ag tabhairt dá haire go bhfeidhmíonn saotharlann IDEA, an limistéar a chuimsíonn an oifig ar an 15ú hurlár agus an spás ina thimpeall uirthi mar achar tástála agus go ndearnadh an limistéar sin a oiriúnú go substaintiúil ar chostas EUR 629 259 le linn 2020; á mheabhrú gur tástáladh i Saotharlann IDEA é deireadh a chur le seomraí folctha modúlacha in oifigí na bhFeisirí agus go meastar gur gnóthachan spáis a d’fhéadfaí a bhaint amach sna hoifigí uile le linn na 5-10 mbliana atá le teacht; á mheabhrú nach féidir na píopaí uisce atá ann faoi láthair a ghearradh agus a leithlisiú ach ar an 15ú hurlár agus na duchtanna aerála a choigeartú gan gearrthacha uisce buana do na hurláir eile; |
|
117. |
á chur i bhfáth nach n-úsáidtear i gceart 20 % den spás faoi láthair, amhail na seomraí cóipeála nó an spás a beartaíodh i dtús báire mar sheomraí freastalaithe; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go soláthróidh torthaí Shaotharlann IDEA sonraí agus taithí le haghaidh oibreacha athchóirithe amach anseo, ní hamháin i bhFoirgneamh Paul-Henri Spaak, ach freisin i bhfoirgneamh Altiero Spinelli a bheidh inúsáidte go ceann 20-25 bliana eile; |
|
118. |
á chur i bhfios go láidir go ndearna an Biúró, ag an gcruinniú bunaitheach a bhí aige ar an 26 Eanáir 2022, athnuachan a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar do Shaotharlann IDEA; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Saotharlann IDEA anois ag dul isteach i gcéim inar féidir an machnamh a bhí ann ón tús a chur chun feidhme, eadhon costais tástála agus iarratas a chomhtháthú ar líne bhuiséid amháin le haghaidh bhainistiú tionscadail Saotharlann IDEA ar thaobh amháin, agus ar na línte buiséid comhfhreagracha sna hardstiúrthóireachtaí atá i gceannas ar na hiarratais aonair ar an taobh eile; |
|
119. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur tugadh an síneadh ar naíolann Wayenberg sa Bhruiséil chun críche i mí Mheán Fómhair 2020; á chur in iúl gurb oth léi gur lean na hoibreacha orthu fad a bhí leanaí agus a dteaghlaigh ag freastal ar scoil, agus i gcásanna áirithe go raibh orthu dul thar bráid go han-ghar do na hoibreacha, agus an baol a bhain leis sin á chur san áireamh; á iarraidh ar an mBiúró tús a chur le staidéir theicniúla in 2022 chun féidearthachtaí breise a shainaithint chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú tuilleadh agus chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, agus chun iad a chur chun feidhme a luaithe is féidir; |
|
120. |
á chur in iúl gur geal léi gur díol sásaimh di go ndearnadh an cur chuige straitéiseach a bhaineann le cur chun feidhme Europa Experiences sna Ballstáit uile faoi dheireadh 2024, mar a chinn an Biúró i mí na Samhna 2019, a threisiú i mí na Samhna 2020 nuair a ghlac an Biúró amlíne le haghaidh imlonnú na saoráidí sna Ballstáit uile; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim láidir go bhfuil oifigí idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa agus Europa Experience ar roinnt de na huirlisí boga is fearr atá ag ag Aontas agus an Pharlaimint chun obair institiúidí agus tairbhí an Aontais a chur chun cinn i measc na saoránach; ag moladh don Pharlaimint agus an Coimisiún leanúint de Europa Experiences a bhunú sna príomhchathracha agus sna suíomhanna uile a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo i bhfianaise na chéad toghcháin Eorpacha eile 2024; ag tacú le conradh foirmiúil chun na costais a bhaineann le gach Europa Experience a roinnt idir an Coimisiún agus an Pharlaimint chun maoiniú fadtéarmach fónta a áirithiú do na hionaid; |
An Chibearshlándáil
|
121. |
ag meabhrú go bhfuil breisluach ag baint leis na bogearraí saora agus foinse oscailte chun an tslándáil a fheabhsú ós rud é gur féidir leis an bParlaimint laigí a shainaithint agus a réiteach, smacht a choinneáil ar na sonraí trí óstáil a dhéanamh ar a freastalaithe agus réitigh a dhearadh de réir a sonraíochtaí féin, agus ag an am céanna a bheith in ann éifeachtaí gaibhnithe díoltóirí a sheachaint; |
|
122. |
á mheabhrú gur fearr léi réitigh bogearraí saora agus foinse oscailte seachas réitigh dhílsithe nuair a dhéantar breithniú ar fheidhmchláir inmheánacha nua; á iarraidh go ndéanfaí cásanna a thuairisciú do chomhlachtaí rialaithe TFC nuair nach roghnaítear réitigh foinse oscailte; |
|
123. |
I gcomhréir leis an rún um urscaoileadh ón bParlaimint roimhe seo agus chun rúndacht a cumarsáide inmheánaí a mhéadú go suntasach, iarrann sé ar na seirbhísí ábhartha tástáil a dhéanamh ar chomhtháthú agus imscaradh na réiteach le haghaidh teachtaireachtaí meandracha agus cruinnithe fíorúla atá bunaithe ar fhoinse oscailte, a óstáiltear i bhfreastalaithe na Parlaiminte, agus a chumasaíonn cumarsáid shlán amhail Maitrís agus Jitsi; |
|
124. |
á chur in iúl gur mór aici go bhfuil seirbhísí na Parlaiminte ag obair chun feabhas breise a chur ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht shonraí na hinstitiúide atá ar fáil go poiblí trí phrionsabail sonraí oscailte a ghlacadh le haghaidh athúsáid agus athdháileadh, a cuireadh faoi bhráid mheitheal an Bhiúró maidir le Nuálaíocht TFC i mí Aibreáin 2021; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh thairseach sonraí oscailte na Parlaiminte, a bhfuil sé mar aidhm leis freastal ar thacair sonraí atá ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana agus soláimhsithe, chomh maith le sonraí a chur ar fáil i bhformáid idir-inoibritheach, meaisín-inléite agus, ar an gcaoi sin, prionsabail na sonraí oscailte maidir le hoscailteacht theicniúil, dhlíthiúil, phraiticiúil agus shóisialta a chur i ngníomh; |
|
125. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil líon na n-ionsaithe cibearshlándála ag dul i méid go géar agus gur féidir leis na hionsaithe sin dochar suntasach a dhéanamh do chórais TF na Parlaiminte, a mhéid a dhéanann siad difear do chumas na hinstitiúide feidhmiú; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ard-Slándáil beartas slándála faisnéise i mí an Mheithimh 2020, lena sainaithnítear catagóirí éagsúla sonraí agus lena mbunaítear na coinníollacha gaolmhara nach mór a chomhlíonadh chun iad a láimhseáil agus a stóráil, bunaithe ar mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí agus ar mheasúnú slándála; ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di na saincheisteanna criticiúla a tharraing an tArd-Rúnaí anuas maidir leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear ganntannas foirne; ag moladh don Pharlaimint gach beart iomchuí a dhéanamh go pras chun a struchtúr TF agus a fhoireann chibearshlándála a neartú; |
|
126. |
ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn fadhbanna ag roinnt Feisirí agus ag a gcúntóirí agus iad ag nascadh le cuntas ríomhphoist an Fheisire ar a ngléasanna móibíleacha tar éis pasfhocal chuntas ríomhphoist an Fheisire a athrú; á iarraidh ar an bParlaimint na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach dtarlóidh deacrachtaí teicniúla den sórt sin; |
Scéim Pinsean Dheonach
|
127. |
á mheabhrú gurbh ionann easnamh achtúireach an chiste pinsean dheonaigh ón 31 Nollaig 2020 agus EUR 371.3 milliún, i gcomparáid le EUR 328.6 milliún ón 31 Nollaig 2019; |
|
128. |
á mheabhrú gur bunaíodh an ciste in 1990 chun scéim bhreise pinsin a sholáthar do na Feisirí ar bhonn deonach; á mheabhrú, sular tugadh isteach reacht na bhFeisirí in 2009, go raibh na Feisirí i dteideal pinsin atá coibhéiseach le pinsean a gcomhghleacaithe sna parlaimintí náisiúnta, cé is moite d‘Fheisirí na hIodáile, na Fraince agus Lucsamburg, a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, rannchuidiú le scéimeanna pinsin speisialta de chuid Pharlaimint na hEorpa, a cruthaíodh in 1981 do riachtanais na dtrí náisiúntacht thuasluaite amháin; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur pinsean forlíontach amháin a bhí sa chiste pinsean deonach i gcónaí (10); |
|
129. |
á mheabhrú gur chinn an Biúró, ag an gcruinniú a bhí aige an 10 Nollaig 2018, na rialacha is infheidhme maidir leis an scéim pinsean a mhodhnú tríd an aois scoir a ardú ó 63 bliana go 65 bliana agus trí thobhach 5 % a thabhairt isteach ar íocaíochtaí pinsin do phinsinéirí sa todhchaí d’fhonn a inbhuanaitheacht a fheabhsú, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb mhéadaitheach na leachtachta agus chun an t-easnamh achtúireach agus na hiarmhairtí diúltacha do cháiníocóirí an Aontais a laghdú; á mheabhrú nach bhfuil feidhm ag an gcinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018 ach amháin maidir le pinsin a bunaíodh tar éis an 1 Eanáir 2019, agus mar sin, nach ndéanann sé difear do thairbhithe a chuaigh ar scor roimh an dáta sin; |
|
130. |
ag tabhairt le fios go ndearna roinnt comhaltaí den chiste agóid i gcoinne chinneadh an Bhiúró os comhair na Cúirte Breithiúnais; á chur i bhfáth sna breithiúnais uaithi an 15 Meán Fómhair 2021 i gcásanna uamtha T-720/19 go T-725/19 (11), Richard Ashworth agus Daoine Eile v Parlaimint na hEorpa, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach raibh tionchar ag an gcinneadh atá á chonspóid ag an mBiúró ar chearta a fuarthas cheana féin agus gur dheimhnigh an Chúirt ina theannta sin inniúlacht an Bhiúró maidir le cinntí a ghlacadh lena ndírítear ar inbhuanaitheacht an chiste a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais freisin gur urramaíodh prionsabal na comhréireachta leis an gcinneadh ón mBiúró an 10 Nollaig 2018; ag tabhairt dá haire gur tugadh na breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2021, agus go bhfuil scrúdú á dhéanamh ag an bParlaimint ar a n-impleachtaí d’fhonn tograí breise a chur faoi bhráid an Bhiúró chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht an chiste; |
|
131. |
ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di é, go measann an Chúirt Bhreithiúnais go mbeidh an ciste dócmhainneach faoi 2024, agus nach measfar go mbeidh eisíocaíochtaí deireanacha an chiste déanta ach faoi 2091; á athdhearbhú nach ionann tiomantas an Bhiúró féin maidir leis an gciste a ráthú agus oibleagáid dhlíthiúil leibhéil áirithe eisíocaíochtaí an chiste a ráthú mar nach ann do chonradh idir an ciste agus an Pharlaimint; ag iarraidh ar an mBiúró, ar an mbord stiúrthóirí agus ar chomhaltaí an chiste pinsean dheonaigh chun tacú le bearta arb é is aidhm dóibh easnamh an chiste phinsin dheonaigh a theorannú, agus aon bhearta breise á mbreithniú i bhfianaise an mhéid sin; |
|
132. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, de réir Sheirbhís Dlí na Parlaiminte, go leanann sé ón dá bhreithiúnas go ndeimhníonn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil cearta faighte acu mar sin, i gcás Feisirí a bhfuil na coinníollacha riachtanacha go léir comhlíonta acu cheana chun an ceart chun pinsean saorálach breise a fháil, go bhfuil siad faoi chosaint iomlán faoi phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearbhaítear leis na breithiúnais freisin nach gcuireann sé sin cosc ar an mBiúró coinníollacha ná rialacha mionsonraithe an ghrúpa Feisirí sin a mhodhnú ar choinníoll go n-urramaítear prionsabal na comhréireachta go cuí, agus i gcás na bhFeisirí sin nach bhfuil na coinníollacha go léir chun cearta pinsin a fháil comhlíonta acu go fóill agus nach sealbhaíonn dá bhrí sin ach teidlíochtaí amach anseo faoin scéim pinsin, staid a dheimhnítear tuilleadh tríd an mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 24 Meán Fomhair 2020 i gcás C-223/19, YS v NK (12); á iarraidh ar an lucht riaracháin agus ar an mBiúró a ráthú nach n-úsáidfear aon airgead ó cháiníocóirí le haghaidh tarrtháil amach anseo; á mheas nár leor athbhreithniú a dhéanamh ar shamhail airgeadais an chiste chun nach n-úsáidfí airgead breise cáiníocóirí le haghaidh íocaíochtaí amach anseo; ag áitiú ar an Ard-Rúnaí, dá bhrí sin, bearta a mholadh freisin maidir le módúlachtaí an chiste a choigeartú, lena n-áirítear méadú breise ar an aois scoir agus laghdú ar shochair phinsin a íoctar; |
|
133. |
ag tabhairt dá haire go n-áirítear in obair iniúchóireachta na Cúirte ar bhuiséad ginearálta agus ar ráitis airgeadais an Aontais scrúdú ar dhliteanais phinsin, lena n-áirítear an scéim dheonach pinsin do Chomhaltaí; á iarraidh athuair ar an gCúirt tuairim nua a thíolacadh maidir leis na cistí pinsin deonacha, lena ndéanfaí imscrúdú ar na roghanna go léir a d’fhéadfadh a bheith ann chun a heasnamh a theorannú, ós rud é go bhféadfadh sé sin cabhrú tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh chun na cistí a bhainistiú; |
|
134. |
ag meabhrú gur iarradh i rún 2017 ar urscaoileadh ón bParlaimint go gcuirfeadh an tArd-Rúnaí aon torthaí i láthair mar fhreagairt ar an imscrúdú ar fhondúireachtaí dlíthiúla na scéime; á chur i bhfios go láidir gur cheart do pháirtí neamhspleách an t-imscrúdú sin a dhéanamh; |
|
135. |
á chur i bhfáth go luaitear in Airteagal 27(2) den Reacht do na Feisirí go bhfuair na Feisirí a rannchuidigh leis an gciste cearta agus teidlíochtaí amach anseo, a bheidh á gcoimeád ina n-iomláine, agus, dá bhrí sin, nach scorfar iad sa chás go gcuirfear deireadh leis an gciste; á mheabhrú, ina theannta sin, gur íoc an Pharlaimint dhá thrian de ranníocaíochtaí iomlána na scéime sochar sainithe pinsin ar bhonn míosúil, rud a leagann béim, ar an gcaoi sin, ar a rannpháirtíocht rialta sa chiste; á chur i bhfáth, maidir leis na Feisirí a d’íoc ranníocaíochtaí leis an gciste pinsean deonach agus a bhfuair cearta agus teidlíochtaí amach anseo, go ndearna siad amhlaidh de mheon macánta, agus, ar an gcaoi sin, go raibh siad ag brath ar an bParlaimint a hoibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh; |
Comhscéim Árachais Breoiteachta
|
136. |
ag tabhairt dá haire, agus ag cur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa tuisceana laistigh d’fhóraim chinnteoireachta agus fhormheasa na comhscéime um árachas breoiteachta (JSIS) maidir le cóireálacha nua, treochtaí leighis nua agus drugaí nár formheasadh go fóill, ar drugaí iad a bhaineann go háirithe le cuma úr de néarghalair, neamhoird uath-imdhíonacha chomh maith le galair ailse; á iarraidh go ndéanfaidh na comhlachtaí ábhartha in JSIS na forbairtí leighis agus na gnóthachain eolais is déanaí a chur san áireamh go cuí agus go rialta agus liosta na gcóireálacha agus na ndrugaí incháilithe ag tabhairt cothrom le dáta; á iarraidh ar JSIS níos mó solúbthachta a léiriú agus pictiúir chliniciúla á measúnú chomh maith le cóireáil agus teiripe ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh cabhrú le hothar; á mholadh go dtabharfaí isteach sainghrúpaí, lena bhféadfar cóireálacha nach bhfuil formheasta go fóill, drugaí cógaisíochta, agus cógais a mheasúnú agus a fhormheas chun cáilíocht cóireála iarratasóirí a fheabhsú, an t-ualach maorlathach a laghdú, agus freastal ar an bhfaisnéis leighis is déanaí agus éilimh ar aisíocaíochtaí á láimhseáil; |
|
137. |
á iarraidh ar an mBiúró a áirithiú go soláthróidh JSIS míniú comhleanúnach agus aonair maidir le hiarraidh ar aisíocaíocht a dhiúltú; á chur in iúl gurb oth léi an cultúr ina laghdaítear iarraidh ar aisíocaíocht i bhformáid pdf gan an deis a bheith ann agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh go pearsanta; á iarraidh ar an mBiúró an fhéidearthacht a thabhairt isteach do dhochtúirí áitiúla atá i gceannas ar chóireáil iarratasóra labhairt leis an aonad freagrach JSIS nó leis an sainghrúpa chun míniú a thabhairt ar an gcóireáil agus ar na sochair leighis; á chur in iúl gur mian léi feabhas a chur ar a sholáimhsithe atá an feidhmchlár don úsáideoir ionas go bhféadfar iarrataí aonair a leanúint ar bhealach níos gasta agus níos dírí; |
Tuarascáil bhliantúil ar chonarthaí a dámhadh
|
138. |
á mheabhrú go sonraítear sa Rialachán Airgeadais an fhaisnéis atá le soláthar don údarás buiséadach agus don phobal maidir le dámhachtain conarthaí ag an institiúid; ag tbhairt dá haire go gceanglaítear leis an Rialachán Airgeadais go bhfoilseofaí conarthaí ar mó a luach ná EUR 15 000, luach a chomhfhreagraíonn don tairseach a mbeidh nós imeachta iomaíoch tairisceana éigeantach os a cionn; |
|
139. |
ag tabhairt dá haire go raibh 60 conradh, as measc 198 gconradh a dámhadh in 2020, bunaithe ar nósanna imeachta oscailte nó srianta, le luach EUR 405,2 milliún, agus go raibh 136 chonradh bunaithe ar nósanna imeachta idirbheartaithe, le luach EUR 179,1 milliún; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh líon iomlán na gconarthaí arna ndámhachtain trí nósanna imeachta idirbheartaithe i dtéarmaí luacha mar chéatadán de luach iomlán na gconarthaí a dámhadh ó 26 % in 2019 go 31 % in 2020 ach gur tháinig laghdú orthu i dtéarmaí méid ó EUR 208,53 milliún in 2019 go EUR 179,1 milliún in 2020; |
|
140. |
ag tabhairt dá haire go léirítear mar seo a leanas an miondealú ar chonarthaí de réir cineáil a dámhadh in 2019 agus in 2020, lena n-áirítear conarthaí tógála:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
141. |
ag tabhairt dá haire an miondealú seo a leanas ar chonarthaí a dámhadh in 2020 agus 2019 de réir an chineáil nós imeachta a úsáideadh, i dtéarmaí líon agus luach:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
142. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann 72 % de nósanna imeachta idirbheartaithe eisceachtúla a sheol an Pharlaimint in 2020 le haghaidh conarthaí dar luach níos mó ná EUR 15 000 Pointe 11.1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais mar bhunús dlí dóibh, ag tagairt d’oibreoir eacnamaíoch aonair a úsáid ar chúiseanna teicniúla nó ealaíonta, nó ar chúiseanna a bhaineann le cosaint ceart eisiach, agus gur úsáid 20 % mar bhunús dlí Pointe 11.1(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais mar bhunús dlí, a bhaineann le cásanna fíorphráinne ar chúiseanna nach raibh an t-údarás conarthach ná na tairiscintí sin inchurtha i leith na dtairiscintí sin; ag tabhairt faoi deara, mar shampla, go bhfuil na 26 nós imeachta idirbheartaíochta eisceachtúla a d’úsáid Ard-Stiúrthóireacht na Parlaiminte um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh in 2020 bunaithe ar phointe 11.1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais a bhaineann le hoibreoir eacnamaíoch aonair agus le cosaint na gceart eisiach lena mbaineann a bhaineann le síntiúis do bhunachair sonraí ar líne nó do ghníomhaireachtaí preasa; |
|
143. |
á chur in iúl gur geal léi rún na Parlaiminte tuairisciú inbhuanaitheachta a thabhairt isteach, lena n-áireofar gnéithe sóisialta den soláthar, á iarraidh ar an bParlaimint faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse an tsoláthair phoiblí shóisialta agus inbhuanaithe, amhail obair ECFE maidir le soláthar poiblí agus iompar freagrach gnó, chomh maith le reachtaíocht an Aontais atá le teacht maidir le dícheall cuí corparáideach; á chreidiúint gur féidir leis an bParlaimint dea-shampla a thabhairt, leas an phobail a chosaint agus cuntasacht an chaiteachais phoiblí a áirithiú trí chaighdeáin fhreagracha ghnó a ionchorprú ina cuid beartas soláthair agus ceannaigh; ag moladh sheirbhísí freagracha na Parlaiminte as córas bainistíochta comhshaoil na Parlaiminte a leathnú chun gnéithe eile inbhuanaitheachta a chumhdach, chomh maith le meitheal a bhunú maidir le soláthar poiblí atá freagrach go sóisialta; |
|
144. |
ag cur in iúl gur geal léi baint iomlán na gceamaraí teirmeach a tháirgtear ag Hikvision a úsáidtear ar áitreabh na Parlaiminte; á iarraidh ar an bParlaimint cosc a chur ar cheannach agus ar úsáid táirgí a d’fhéadfadh a bheith tugtha ar aird de shárú ar chaighdeáin inbhuanaitheachta agus ar chearta an duine amach anseo; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur féidir é sin a bhaint amach go príomha trí chaighdeáin agus cleachtais an díchill chuí ó thaobh an chomhshaoil de a ionchorprú i nósanna imeachta soláthair na Parlaiminte; |
|
145. |
ag tabhairt dá haire go raibh 1 415 thairiscint tairgthe aonair ann in 2020, a raibh baint ag 89 acu le conarthaí os cionn na tairsí EUR 15 000, i gcomparáid le 1 369 dtairiscint tairgeora aonair in 2019, 102 acu a raibh baint acu le conarthaí os cionn thairseach EUR 15 000; ag athdhearbhú go bhfuil riosca suntasach do phrionsabal na hiomaíochta ag gabháil le tairiscintí de thairgeoirí aonair agus go mbainfear amach an luach is fearr ar airgead poiblí; á iarraidh an athuair ar an bParlaimint iniúchadh a dhéanamh ar na cúiseanna leis an easpa iomaíochta is dealraitheach agus na bearta is gá a dhéanamh chun líon na dtairiscintí aonair tairgeoirí a laghdú i nósanna imeachta amach anseo; |
Grúpaí polaitiúla (mír buiséid 4 0 400)
|
146. |
ag tabhairt dá haire gur úsáideadh, in 2020, na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír buiséid 4 0 0, a sannadh do na grúpaí polaitiúla agus do na Feisirí neamhcheangailte, mar seo a leanas (13):
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
147. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di nár n-eisigh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha do na grúpaí polaitiúla ach tuairimí neamhcháilithe don bhliain airgeadais 2020; |
Páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha
|
148. |
ag tabhairt dá haire, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, go ndearna an tÚdarás athbhreithniú in 2019 den chéad uair ar chuntais na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2018; á chur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras gur léirigh an dara hathbhreithniú ar chuntais airgeadais na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2019 go bhfuil siad ag brath níos mó agus níos mó ar fhormáidí agus ar theimpléid arna soláthar ag an Údarás, rud a chuireann le hinchomparáideacht agus le cruinneas na faisnéise a tíolacadh; |
|
149. |
ag tabhairt dá haire go dtagann formhór mór mhaoiniú na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha ó fhoinsí poiblí agus, dá bhrí sin, go n-éilítear an leibhéal is airde trédhearcachta agus cuntasachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Údarás faisnéis a sholáthar lena gcumhdaítear clárú agus staid airgeadais pháirtithe agus fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, a mhéid is féidir; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí atá déanta ag an Údarás chun réimse leathan faisnéise a chur ar fáil do shaoránaigh ar a shuíomh gréasáin; á iarraidh ar an Údarás a áirithiú go bhfuil na doiciméid a fhoilsítear ar a shuíomh gréasáin furasta le húsáid, iomlán agus cothrom le dáta agus aithníonn sé fógra an Údaráis le linn a éisteachta chun cleachtadh tagarmharcála inrochtaineachta ar shuíomh gréasáin a chomhlánú; |
|
150. |
ag tabhairt le fios go bhfuil cumhachtaí teoranta ag an Údarás i ndáil le fíorú á dhéanamh an bhfuil páirtí nó fondúireacht chláraithe ag sárú chroíluachanna an Aontais agus nár spreag sé nós imeachta casta chomhlíonta na luachanna go dtí seo; á iarraidh go neartófaí leagan amach reatha riaracháin an Údaráis chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann sé na rialacha ábhartha agus ar chur chun feidhme na smachtbhannaí agus chun a neamhspleáchas agus a neodracht iomlán a áirithiú; |
|
151. |
ag tabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír buiséid 4 0 402 in 2020 mar seo a leanas (17):
|
|
152. |
ag tabhairt dá haire gur úsáideadh na leithreasuithe a iontráladh faoi mhír buiséid 4 0 3 in 2020 mar seo a leanas (19):
|
|
153. |
á mheabhrú gur ghlac an Pharlaimint, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014, a tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin an 26 Deireadh Fómhair 2021 (20); á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra reachtach ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 chun an rialachán a leasú (21); |
|
154. |
á chreidiúint gur cheart do pháirtithe polaitiúla agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha úsáid níos mó a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun trédhearcacht agus inrianaitheacht tabhartas agus caiteachais a fheabhsú. |
(1) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(2) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(4) Tuarascáil A7-0350/2013 ar fáil ag https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/A-7-2013-0350_EN.pdf
(5) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(6) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 14 Iúil 2021, T-670/19, Fernando Carbajo Ferrero v Parlaimint na hEorpa, ECLI:EU:T:2021:435.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0417.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0080.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0514.
(10) http://www.refreg.ep.parl.union.eu/RegData/etudes/STUD/2021/699399/IPOL_STU(2021)659763_EN.pdf
(11) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Meán Fómhair 2021, Richard Ashworth agus Daoine Eile v Parlaimint na hEorpa, T-725/19, ECLI:EU:T:2021:580.
(12) Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 24 Meán Fómhair 2020, Coman, C-223/19, ECLI:EU:C:2020:753.
(13) Gach méid i EUR (mílte).
(14) Bliain toghcháin a bhí in 2019; Chuir grúpaí polaitiúla cuntais isteach bunaithe ar sheimeastar. I gcás na ngrúpaí polaitiúla a lean dá ngníomhaíocht tar éis thoghcháin Eorpacha 2019, tagraíonn na figiúirí do leithreasuithe bliantúla agus caiteachais bhliantúla do shuim an dá sheimeastar.
(15) I gcás na ngrúpaí polaitiúla a lánscoireadh tar éis thoghcháin Eorpacha 2019, is don dara seimeastar amháin a thagróidh na figiúirí.
(16) I gcás grúpaí polaitiúla nach raibh ann roimh thoghcháin Eorpacha 2019, is don chéad seimeastar amháin a thagróidh na figiúirí.
(17) Gach méid i EUR (mílte).
(18) Tá sé comhdhéanta den dara cuid de chistiú deiridh 2019 agus den chéad chuid de chistiú deiridh 2020 i gcomhréir leis an gCinneadh ón mBiúró an 14 Feabhra 2022.
(19) Gach méid i EUR (mílte).
(20) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0454.
(21) COM(2021)0734:
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/29 |
CINNEADH (AE) 2022/1688 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0260/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0067/2022), |
|
1. |
ag cur a cinnidh maidir le hurscaoileadh a dheonú d’Ardrúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2020 siar; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/30 |
RÚN (AE) 2022/1689 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn II — an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0067/2022), |
|
A. |
de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle; |
|
B. |
de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú; |
|
C. |
de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme; |
|
D. |
de bhrí, faoi Airteagail 235(4) agus 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle (“GSC”) cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (“an Chomhairle”), agus go bhfuil an tArd-Rúnaí iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais; |
|
E. |
de bhrí, le beagnach 20 bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin; |
|
F. |
de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle; |
|
G. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme, |
|
H. |
de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí; |
|
I. |
de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; |
|
J. |
de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (“an tOmbudsman”) i gcás OI/2/2017/TE gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil leis na hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar don Chomhairle; |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a cuid oibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine as caiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin an Choiste, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheisteanna sonracha maidir le rialtacht na n-idirbheart nó tar éis córas maoirseachta agus rialaithe na Comhairle a scrúdú; |
|
4. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise agus gur thug an Chúirt le fios go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
5. |
ag tabhairt dá haire go raibh buiséad foriomlán EUR 590 633 000 ag an gComhairle in 2020 (i gcomparáid le EUR 581 895 459 in 2019); ag tabhairt faoi deara go bhfuil méadú 1,5 % ar an mbuiséad ann i gcomparáid le 2019, lena ndeimhnítear treocht dhiúltach sa mhéadú ar an mbuiséad bliantúil (1,6 % in 2019, 2 % in 2018 agus 3 % in 2017); ag tabhairt dá haire go bhfuil sciar na Comhairle faoi Cheannteideal 5 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil laghdaithe ó 6,3 % in 2015 go 5,8 % in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil ardráta cur chun feidhme domhanda 93,15 % ann (i gcomparáid le 92,3 % in 2019); |
|
6. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gur buiséad riaracháin é buiséad na Comhairle den chuid is mó, agus go n-úsáidtear cuid mhór de le haghaidh caiteachas maidir foireann, foirgnimh (lena n-áirítear troscán agus trealamh) agus costais oibriúcháin ilghnéitheacha; ag athdhearbhú a hiarrata, a rinneadh i rúin roimhe seo maidir leis an mbuiséad, go mbeadh buiséid ar leith ann don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle chun trédhearcacht, cuntasacht agus éifeachtúlacht caiteachais an dá institiúid a fheabhsú; |
|
7. |
á mheabhrú gurb ionann na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2019 go 2020 agus EUR 52 543 491 ar an iomlán (i gcomparáid le EUR 56 599 584 ó 2018 go dtí 2019) agus á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann an cur chun feidhme agus 86,4 % (EUR 45 375 664), a bhí dírithe go príomha ar fhoirgnimh, córais ríomhaireachta, ateangaireacht agus trealamh teicniúil; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go raibh méadú ar na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2020 go 2021 (12,6 % i gcomparáid le 9,8 %, ó 2019 go 2020); ag meabhrú don Chomhairle gur eisceachtaí iad leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó phrionsabal na bliantúlachta i mbuiséad an Aontais agus go bhféadfaidís a bheith ina dtáscaire ar rómheastachán buiséid, agus á iarraidh ar an gComhairle dlús a chur lena hiarrachtaí chun rómheastachán buiséid a chosc; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí na Comhairle in 2020 agus 5,2 % de bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gurb é 20 lá in 2020 (i gcomparáid le 19 lá in 2019) an meán-am íocaíochta i gcás sonraisc chuig GSC agus gurb é 30 lá féilire an uasteorainn ama mar a leagtar síos i dTreoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme bhuiséad 2020; ag tabhairt faoi deara gur lú an caiteachas ar speansais taistil toscairí agus ar chostais ateangaireachta toisc go raibh níos lú cruinnithe fisiciúla ann; ag tabhairt dá haire gur cúitíodh an gannchaiteachas sin ar an leibhéal buiséadach le caiteachas méadaithe ar TF chun cumas cianoibre a fhorbairt go gasta agus chun leanúnachas gnó a ráthú; ag tabhairt faoi deara gur cumhdaíodh leis an gcaiteachas sin na réimsí ábhartha a bhaineann le bogearraí nua a fháil, le cúnamh seachtrach agus le crua-earraí a sholáthar chun obair ón mbaile a éascú; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh na leithreasuithe a ath-leithdháileadh in 2020 le 46 aistriú faoi Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt faoi deara go raibh sé mar aidhm leis na haistrithe sin cumas teilea-oibre agus bonneagar físchomhdhála na Comhairle a threisiú, lena n-áirítear trealamh, ceadúnais agus uirlisí cumarsáide breise TF a cheannach; ag tabhairt dá haire go ndearnadh, ar an iomlán, na haistrithe a leithdháileadh ó na línte buiséid do chostais ateangaireachta, glanadh agus cothabháil, slándáil agus faireachas foirgneamh, agus caiteachas ilghnéitheach ar chruinnithe inmheánacha go dtí na línte buiséid d’oibreacha suiteála, fáil trealaimh agus bogearraí, agus cúnamh chun córais ríomhaireachta a oibriú agus a fhorbairt; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt in 2020, gan trácht a dhéanamh, na nósanna imeachta um sholáthar poiblí arna n-eagrú ag an gComhairle agus trí institiúid eile de chuid an Aontais chun trealamh cosanta pearsanta a fháil dá bhfoireann agus gur áiríodh leis an soláthar íoscheanglais dhochta sa tsonraíocht tairisceana amhail caighdeáin tagartha cháilíochta Eorpacha; ag tabhairt faoi deara i gceithre chás nár chuir an tairgeoir ar éirigh leis fianaise iomlán san áireamh gur comhlíonadh na híoscheanglais cháilíochta uile tráth an chonartha, agus mar thoradh air sin, d’eagraigh an Chomhairle tástálacha saotharlainne a léirigh go raibh an trealamh cosanta pearsanta comhlíontach go deimhin; |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
13. |
ag tabhairt dá haire go raibh gá le gníomhaíocht agus bearta eagraíochtúla láithreach chun leanúnachas gnó a áirithiú i ngeall ar an ráig de phaindéim COVID-19 agus ar an gcás eisceachtúil a d’eascair aisti; á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh roinnt bearta struchtúracha i roinnt réimsí chun an fhoireann a chosaint agus chun leanúnachas gnó a áirithiú mar thoradh ar fhreagairt thráthúil agus éifeachtach na Comhairle ar an ngéarchéim sin; |
|
14. |
ag tabhairt faoi deara go n-úsáideann an Chomhairle cruinnithe, nuachóiriú riaracháin agus gníomhaíochtaí reachtacha mar tháscairí cainníochtúla ar leibhéal na ngníomhaíochtaí a rinneadh i gcaitheamh na bliana; ag tabhairt faoi deara gur tháinig laghdú 54,1 % (4 148) ar líon iomlán na gcruinnithe a tionóladh in 2020 i gcomparáid leis an mbliain 2019 mar thoradh ar an ráig de phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur eagraigh GSC 3 086 chruinniú institiúideacha agus cruinniú le tríú tíortha in 2020 (i gcomparáid le 3 983 in 2019) chomh maith le 434 chruinniú eile (i gcomparáid le 3 685 in 2019) agus gur tionóladh 39,2 % de na cruinnithe i bhformáid chianda nó hibrideach; |
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar eagraíocht inmheánach GSC, ag díriú go háirithe ar aghaidh a thabhairt ar na srianta oibre a eascraíonn as staid phaindéim COVID-19, amhail méadú ar na hardáin agus ar an mbandaleithead le haghaidh gníomhaíochtaí teilea-oibre agus trealamh físchomhdhála iomchuí a shuiteáil i seomraí cruinnithe beaga chun cruinnithe hibrideacha a éascú; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Chomhairle a gníomhaíocht reachtach ar an leibhéal céanna agus a bhí sí in 2019 in ainneoin na ndúshlán i dtaobh dálaí oibre de bharr phaindéim COVID-19 agus gur foilsíodh 1 328 ngníomh dlí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in 2020 le hais 1 326 in 2019; |
|
17. |
ag aithint go bhfuil creat rialaithe inmheánaigh i bhfeidhm sa Chomhairle chun dearbhú réasúnach a thabhairt go mbainfear amach cuspóirí; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go ndéantar bainistiú riosca trí chláir a choinneáil de na rioscaí sainaitheanta a ndéantar measúnú orthu in éineacht le tionchar na mbeart maolaithe arna nglacadh; |
|
18. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go ndearna iniúchóir inmheánach na Comhairle roinnt iniúchtaí faoi chuimsiú phlean straitéiseach rioscabhunaithe 3 bliana na Comhairle gan moltaí a eisiúint ar bhonn ardtosaíochta; |
|
19. |
á mheabhrú gur uirlis iad na príomhtháscairí feidhmíochta a aithnítear go forleathan chun gnóthú a thomhas i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar síos; á iarraidh ar an gComhairle achoimrí ar a príomhtháscairí feidhmíochta agus ar na torthaí gaolmhara a chur ar fáil ina tuarascálacha bainistíochta; |
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur socraíodh an plean bunaíochta do 2020 ag 3 029 bpost (i gcomparáid le 3 033 in 2019) agus go raibh 2 905 díobh sin líonta an 31 Nollaig 2020; ag tabhairt faoi deara go bhfuil an ráta fostaíochta ag nach mór 96 %; |
|
21. |
á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta inscne na Comhairle agus maidir leis na bearta a rinneadh chun comhdheiseanna a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas sa Chomhairle mar ionad oibre; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don údarás buiséadach maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a mball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann atá i bhfeidhm; |
|
22. |
ag meabhrú rún an 17 Nollaig 2020 uaithi maidir leis an ngá atá le foirmíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle maidir leis an gcomhionannas inscne mar fhóram institiúideach tiomnaithe chun a áirithiú go ndéanfar an comhionannas inscne a chomhtháthú níos láidre i straitéisí an Aontais, go ndéanfar comhordú ar na beartais ghaolmhara uile agus go ndéanfar dul chun cinn ar na príomhchomhaid a bhaineann leis an gcomhionannas inscne, mar aon le comhchuibhiú ar chosaint chearta na mban agus an chomhionannais inscne; á chur in iúl gurb oth léi go ndearna an Chomhairle neamhaird go dtí seo den iarraidh seo ón bParlaimint; |
|
23. |
á mheabhrú gurb é an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 286(2) CFAE, a cheapann comhaltaí na Cúirte tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus á chur in iúl go dtuigeann sí na deacrachtaí a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach toisc gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as iarrthóirí a ainmniú agus nach féidir le gach Ballstát ach iarrthóir amháin a ainmniú sa turas; á mheas, áfach, go bhfuil sé doghlactha nach raibh ach 16 comhalta baineanna ag an gCúirt as 112 comhalta san iomlán ó bunaíodh í in 1977 (85,7 % fireann agus 14,3 % baineann) agus nach raibh ach 8 ball baineanna ag an gCúirt in 2020 i gcomparáid le 18 ball fireanna; á iarraidh ar an gComhairle breithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh foriomlán na Cúirte ionas go ndéanfar cothromaíocht inscne, go háirithe, a mheas sna cinntí ainmniúcháin, chomh maith le dul i ngleic leis an bhfadhb sin le gníomhaíochtaí nithiúla, amhail beirt iarrthóirí ar a laghad ó gach Ballstát, bean amháin agus fear amháin, a chur i láthair don Pharlaimint; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur glacadh an plean inmheánach chun rioscaí síceasóisialta a chosc 2020-2022 agus béim ar leith ar an traochadh a chosc agus ar dhea-chaidreamh ag an obair; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an plean a chomhtháthú go hiomlán i bhfreagairt GSC ar COVID-19 le suirbhéanna ar rioscaí síceasóisialta, seisiúin faisnéise agus oiliúna thiomnaithe, agus idirghabhálacha éagsúla ón tseirbhís shóisialta; á chur in iúl gur mór aici an tacaíocht fhorleathan a chuir síceolaithe agus oibrithe sóisialta eagraíochtúla agus cliniciúla ar fáil do bhaill foirne, d’fhoirne agus do bhainisteoirí, a raibh nasc suntasach idir a gcuid idirghabhálacha in 2020 agus COVID-19; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire go raibh éileamh ag 385 dhuine san iomlán (a bhí i seirbhís ghníomhach agus ar scor araon) ar an tseirbhís shóisialta in 2020, agus 4 425 idirghabháil ann, ar bhain cuid acu le strus arna ghiniúint ag paindéim COVID-19 a bhainistiú, agus gur phróiseáil an síceolaí inmheánach 164 iarraidh aonair san iomlán; á chur in iúl gur mór aici gur dlúthchuid den phlean idirghabhála síceasóisialta iad síceolaithe agus oibrithe sóisialta i gcás teagmhas criticiúil; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur phróiseáil oifig na dtréimhsí oiliúna breis agus 10 000 iarratas ar sheal oiliúna, ar roghnaíodh 110 oiliúnaí díobh, lena n-áirítear roinnt oiliúnaithe faoi mhíchumas faoin gclár gníomhaíochta dearfaí nua; á iarraidh an athuair ar an gComhairle a áirithiú go bhfaighidh a cuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur leanadh le gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le heitic agus iompraíochtaí a rabhthas ag dréim leo; ag tabhairt dá haire go raibh an chéad straitéis eitice eile á hullmhú ag deireadh 2020 agus go ndearnadh dul chun cinn ar an obair chun mol eitice nua atá dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt ar inlíon na Comhairle; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, gan faisnéis a bheith faighte aici faoin gcód iompair is infheidhme maidir le gach ball foirne; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi an comhaontú polaitiúil maidir leis an gClár Trédhearcachta d’ionadaithe sainleasa, ar tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún air an 15 Nollaig 2020 (2); á chur in iúl gurb oth léi, áfach, na teorainneacha a breithníodh in Airteagal 5 den chinneadh ón bParlaimint an 27 Aibreán 2021 maidir le comhaontú idirinstitiúideach a thabhairt i gcrích idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (3), amhail nach bhfuil feidhm ag an gClár Trédhearcachta maidir le Buanionadaithe na mBallstát ach amháin faoi scéimeanna deonacha; á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh ann trí scéimeanna deonacha le linn agus tar éis uachtaránacht a mBallstáit; á iarraidh ar an gComhairle, lena n-áirítear ionadaithe na mBallstát, na rialacha eitice atá ann cheana a chomhchuibhiú, a fheabhsú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus rialacha trédhearcachta brústocaireachta; ag cur a himní in iúl go bhfuil comhaid reachtacha á seoladh chuig an gComhairle Eorpach ar bhonn méadaitheach, institiúid nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhmiúcháin aici, nach gcuireann na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle agus nach bhfuil á coinneáil cuntasach; |
|
29. |
á chur in iúl gur oth léi an úsáid a bhaintear as urraíocht chorparáideach chun go gcumhdófaí roinnt de na costais a thabhaíonn na Ballstáit chun a nUachtaránacht ar an gComhairle a mhaoiniú; ag athdhearbhú na himní atá uirthi go bhfuil damáiste do chlú déanta ag cleachtas den sórt sin, agus go bhféadfadh sé níos mó damáiste a dhéanamh sa todhchaí, toisc go bhféadfadh aon choinbhleacht leasa, atá ann nó a mheastar a bheith ann, clú na Comhairle agus an Aontais ina iomláine a chur i mbaol; ag meabhrú na n-achainíocha a sheol eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí na trédhearcachta agus na cuntasachta, ag iarraidh ar uachtaránacht rothlach na Comhairle diúltú d’aon urraíocht; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil sraith chomhchoiteann rialacha soiléire, nithiúla agus ceangailteacha leagtha amach sna treoirlínte urraíochta a áirítear i Lámhleabhar Uachtaránacht na Comhairle 2021; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na hacmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát agus gur cheart go mbeadh deiseanna comhionanna ag gach Ballstát, gan beann ar a mhéid ná a acmhainní buiséadacha, Uachtaránacht rathúil na Comhairle a eagrú agus, dá bhrí sin, á iarraidh arís ar an gComhairle scrúdú a dhéanamh ar bhuiséadú na Comhairle chun leanúnachas agus éifeachtúlacht an phróisis oibre a áirithiú; |
|
30. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi phríomhról na Comhairle i nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, go háirithe Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Comhaltaí na Cúirte, agus Comhaltaí Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa araon; ag moladh go láidir go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú an tsainchumais sin d’fhonn rannpháirtíocht dhaonlathach na ngeallsealbhóirí ábhartha a ráthú agus a neartú; á chur in iúl gurb oth léi gur mhainnigh an Chomhairle arís agus arís eile moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh ina ról comhairleach maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh; |
|
31. |
ag meabhrú ráiteas na Cúirte ina “Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019: Creataí eiticiúla institiúidí AE a bhfuil iniúchadh déanta orthu: an deis atá ann feabhas a dhéanamh” go rannchuidíonn an t-iompar eiticiúil “le bainistíocht níos fónta airgeadais agus muinín mhéadaithe phoiblí, rud atá fíor-riachtanach má bheidh rath le beartais phoiblí” agus, go háirithe, go “mealltar leibhéil arda leasa phoiblí agus [go] laghdaítear muinín in AE le haon iompar mí-eiticiúil ó fhoireann agus Comhaltaí institiúidí AE”; á iarraidh go láidir ar an gComhairle, dá bhrí sin, tuairimí na Parlaiminte a urramú agus ceapachán iarrthóirí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’inchreidteacht an Aontais a dhiúltú, mar shampla mar gheall ar inniúlacht ghairmiúil neamhleor nó iompar neamheiticiúil cruthaithe; |
|
32. |
á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le moltaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtaíochta na Comhairle tar éis a fhiosrúcháin straitéisigh (Cás OI/2/2017/TE), go háirithe go mbeadh rochtain níos fearr ar sheasaimh na mBallstát, i bhformáid mheaisín-inléite, atá bunaithe cheana féin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2013 ina cásdlí (4) maidir le trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid; á chreidiúint go gcuirfeadh comhlíonadh mholtaí an Ombudsman ar chumas na saoránach a bheith níos rannpháirtí agus tuiscint níos fearr a fháil ar reachtóireacht an Aontais; á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an Chomhairle i mí Iúil 2020 chun trédhearcacht reachtach a neartú i gcomhréir le moltaí an Ombudsman, lena n-áirítear foilsiú réamhghníomhach tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le caibidlíochtaí ar dhréachtghníomhartha reachtacha chomh maith le sainordú na Comhairle don chaibidlíocht leis an bParlaimint; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach; á iarraidh ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme; |
|
33. |
á athdhearbhú go bhfuil imní mhór uirthi maidir le coinbhleachtaí leasa deimhnithe ionadaithe de chuid na mBallstát atá rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta bheartais agus bhuiséid; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle a áirithiú nach mbeidh ionadaithe de chuid na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo féin iad rannpháirteach i bpléití nó vótálacha beartais nó buiséadacha gaolmhara; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a sholáthar don Pharlaimint maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint; |
|
34. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar aon tuairim leis an gCúirt gur cúis bhuartha an fíoras nach ann do chomhchreat eitice de chuid an Aontais lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle, a chuirtear in iúl i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 ón gCúirt; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar an gComhairle déileáil le coinbhleachtaí ardleibhéil leasa agus saincheisteanna doirse imrothlacha, agus iad a réiteach, agus síneadh a chur leis na rialacha trédhearcachta éigeantacha brústocaireachta atá ann cheana; |
|
35. |
á iarraidh go láidir ar an gComhairle an athuair an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí a thabhairt i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin chun rialacha a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí a bhaineann le reachtaíocht an Aontais a fhormheas tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí a phost nó a post a fhágáil; |
Digiteáil, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
36. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú suntasach EUR 10,6 milliún ar na leithreasuithe buiséid deiridh a cuireadh ar fáil d’Ard-Stiúrthóireacht na Seirbhísí Digiteacha ag na hathbhreithnithe meántéarmacha agus bliana, agus gurbh fhiú EUR 54 675 000 ar deireadh iad agus gur baineadh amach ráta forghníomhaithe 99,99 %; |
|
37. |
á iarraidh an athuair ar an gComhairle úsáid a bhaint as teicneolaíocht foinse oscailte chun cosc a chur ar ghaibhniú díoltóirí, chun smacht a choimeád ar a chórais theicniúla féin, chun coimircí níos láidre a sholáthar maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí a húsáideoirí, agus chun slándáil agus trédhearcacht a mhéadú don phobal; |
Foirgnimh agus slándáil
|
38. |
ag tabhairt faoi deara go bhfuil sé mar aidhm ag beartas foirgneamh na Comhairle, ó 2004 i leith, freastal ar a cuid gníomhaíochtaí ar fad sa Bhruiséil i bhfoirgnimh atá comhchruinnithe go geografach agus faoina húinéireacht; ag spreagadh na Comhairle chun a straitéis tógála a choigeartú ar mhaithe leis na socruithe oibre is dócha a bheidh mar chuid de mhodhanna oibre fadtréimhseacha nó buana a chur san áireamh, go háirithe maidir le spásanna comhroinnte nó limistéir ilchuspóireacha; |
An comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
39. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Comhairle a lorg comhshaoil a laghdú ar fud a cuid foirgneamh, atá cláraithe faoin scéim Eorpach um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) ó 2016 i leith; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh ráiteas mionsonraithe ar an gcomhshaol i mí Dheireadh Fómhair 2020, bunaithe ar shonraí ó 2019; |
|
40. |
ag tabhairt dá haire go raibh 3 469 nDeimhniú um Fhuinneamh Glas ag an gComhairle an 31 Nollaig 2020; á chur in iúl go bhfuil aird aici ar an bhfíoras gurb é rialtóir réigiúnach an mhargaidh fuinnimh a leithdháileann na deimhnithe sin bunaithe ar an bhfuinneamh a tháirg grianphainéil ar dhíon fhoirgnimh na Comhairle in 2020, agus, tar éis na nósanna imeachta díolacháin iomchuí, go ndíolfar ar an margadh oscailte in 2021 iad; |
|
41. |
á iarraidh ar an gComhairle páirt a ghlacadh go sainráite i “bhfeachtas saor ó pháipéar” agus cur chuige struchtúrtha a ghlacadh chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht inbhuanaithe na mball foirne; ag spreagadh na Comhairle chun dul i mbun tuairisciú inbhuanaitheachta maidir le bainistiú fuinnimh i bhfoirgnimh, agus ar an gcaoi sin go bhféadfaí gníomhaíochtaí beachta a dhéanamh chun ídiú fuinnimh a laghdú; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
42. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an lucht leanúna ar roinnt ardán meán sóisialta ó 2019 go 2020 le tuairim is 443 000 leantóir ar Facebook (méadú 8 %), tuairim is 561 000 leantóir ar Twitter (méadú 22 %) agus tuairim is 167 000 leantóir ar Instagram (méadú 37 %); ag tabhairt faoi deara gurbh ann do mhéadú 39 % ar chuairteanna ar shuíomh gréasáin na Comhairle, a shroich níos mó ná 16 mhilliún cuairt in 2020; á mholadh don Chomhairle láithreacht a bhunú ar líonraí meán sóisialta foinse oscailte chun tuilleadh trédhearcachta agus for-rochtain níos leithne a bhaint amach chuig saoránaigh an Aontais; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs a comhair mhéadaithe leis na Ballstáit maidir le cumarsáid faoi COVID-19, d’oibrigh an Chomhairle leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun Tairseach na gCumarsáidithe a chur ar bun, ar ardán slán é a úsáidtear chun ábhar digiteach in-athúsáidte a roinnt leis na Ballstáit; |
|
44. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas gurb í an Chomhairle an chéad institiúid de chuid an Aontais a chruthaigh mol faisnéise COVID-19 ar a suíomh gréasáin agus é mar aidhm leis freagairt an Aontais i gcoitinne agus go háirithe freagairt na Comhairle ar an ráig den phaindéim a mhíniú ar bhealach rialta agus cuimsitheach; |
Comhar idirinstitiúideach
|
45. |
á iarraidh ar an gComhairle go gcomhlíonfaidh sí go hiomlán na hoibleagáidí a eascraíonn as Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (5); |
|
46. |
á chur in iúl go gcreideann sí gur féidir leis an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa deis a thabhairt do shaoránaigh an Aontais agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dtuairimí a chur in iúl agus tograí a phlé chun trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach a fheabhsú i ndáil le buiséad an Aontais agus, go háirithe, tograí chun trédhearcacht agus inléiteacht bhuiséad na Comhairle a fheabhsú; |
Staid na himeartha sa nós imeachta um urscaoileadh
|
47. |
ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais; |
|
48. |
ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór 20 bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin; |
|
49. |
á chur i bhfáth go bhfuil sé dodhéanta don Pharlaimint cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú le cúrsaí mar atá, nuair nach féidir léi ach tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil, chomh maith leis an bhfaisnéis ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ach nach bhfaigheann sí freagraí i scríbhinn nó ó bhéal ón gComhairle le linn an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, i.e. go ndiúltaíonn an Chomhairle comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh; |
|
50. |
á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus 10 mbliana anuas nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid agus gur cuireadh míchlú ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais agus ar mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach; á chur in iúl gur oth léi go mór an diúltú leanúnach ón gComhairle, le breis agus 10 mbliana anuas, páirt a ghlacadh i gcomhar dílis faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh; |
|
51. |
á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid mar atá trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí tríd an inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair; |
|
52. |
á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh; |
|
53. |
á mheas nach bhfuil sé inghlactha gur baineadh úsáid as paindéim COVID-19 agus as an staid eisceachtúil a bhí ann mar leithscéal gan tús a chur arís le caibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh; á chur in iúl go bhfuil sí suite de, mar sin féin, go bhféadfaí teacht ar chomhaontú maidir leis an ábhar seo dá léireodh an Chomhairle aon toilteanas polaitiúil chun comhoibriú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle caibidlíocht leis an bParlaimint a atosú gan aon mhoill mhíchuí chun teacht ar réiteach i gcreat reatha an nós imeachta um urscaoileadh más spéis léi a léiriú do shaoránaigh an Aontais go bhfuil sí dáiríre faoin rialú agus trédhearcacht bhuiséadach a dhéanamh go cuí agus san am céanna róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh á urramú; |
(1) Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).
(2) Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).
(3) IO C 506, 15.12.2021, lch. 127.
(4) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 2013, Comhairle an Aontais Eorpaigh v Access Info Europe, C-280/11 P, ECLI:EU:C:2013:671.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/38 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1690 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais (COM(2021) 301), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021)132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na hinstitiúidí (3), don tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais — an stádas ag deireadh 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (4) agus do na tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí, |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06001/2022 — C9-0061/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO L 57, 27.2.2020, lch. 1.
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(4) IO C 458, 12.11.2021, lch. 21.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/40 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1691 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr anois) (EACEA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir don bhliain airgeadais 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe Airteagal 66, an chéad mhír agus an dara mír, de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/776/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/336/CE (9), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10), |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí um Oideachas agus Cultúr i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Oideachas agus Cultúir, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 459, 12.11.2021, lch. 10.
(4) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(5) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.
(8) IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/42 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1692 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide — Eismea anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide don bhliain airgeadais 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe Airteagal 66, an chéad mhír agus an dara mír, de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/771/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/20/CE agus Cinneadh 2007/372/CE (9), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10), |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin FBManna a thabhairt do Stiúrthóir na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais agus Cultúir na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 459, 12.11.2021, lch. 23.
(4) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(5) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.
(8) IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/44 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1693 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (Chafea) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia don bhliain airgeadais 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe Airteagal 66, an chéad mhír agus an dara mír, de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/770/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/858/CE (9), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/927/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/770/AE d’fhonn an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Thomhaltóirí a thiontú go dtí an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (10), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (11), |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 459, 12.11.2021, lch. 7.
(4) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(5) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.
(8) IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.
(9) IO L 341, 18.12.2013, lch. 69.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/46 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1694 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERCEA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde don bhliain airgeadais 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe Airteagal 66, an chéad mhír agus an dara mír, de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/779/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/37/CE (9), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10), |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún atá ina chuid dhílis de na cinntí sin, a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 459, 12.11.2021, lch. 30.
(4) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(5) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.
(8) IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/48 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1695 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Taighde (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde anois) (REA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Taighde don bhliain airgeadais 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe Airteagal 66, an chéad mhír agus an dara mír, de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/778/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/46/CE (9), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10), |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún ar cuid dhílis de na cinntí sin é, a chur chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin Eorpaí um Thaighde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 459, 12.11.2021, lch. 48.
(4) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(5) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.
(8) IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/50 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1696 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh (an Ghníomhaireacht Eorpach um Aeráid, Bonneagar agus an Comhshaol anois — CINEA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (3), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021)132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ó na gníomhaireachtaí (4), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (5) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (6), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (7), agus go háirithe Airteagal 14(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a chur ar iontaoibh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i dtaca le cláir Chomhphobail a bhainistiú (8), agus go háirithe an chéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 66 de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/801/AE ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2013 lena mbunaítear Gníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/60/CE arna leasú le Cinneadh 2008/593/CE (9), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2013/801/AE, 2013/771/AE, 2013/778/AE, 2013/779/AE, 2013/776/AE agus 2013/770/AE (10), |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí um Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, an cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus an rún ar cuid dhílis de na cinntí sin é, a chur chuig Stiúrthóir na Gníomhaireachta Eorpaí Feidhmiúcháin um Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh go bhfoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L) iad. |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 459, 12.11.2021, lch. 47.
(4) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(5) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(6) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(7) IO L 11, 16.1.2003, lch. 1.
(8) IO L 297, 22.9.2004, lch. 6.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/52 |
RÚN (AE) 2022/1697 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint dá chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún, |
|
— |
ag féachaint dá cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséid na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
A. |
de bhrí gur ionstraim shuntasach é buiséad an Aontais chun cuspóirí comhchoiteanna beartais a ghnóthú, agus gurb ionann ar an meán é agus 1,1 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais nó 2,4 % de chaiteachas ginearálta rialtais na mBallstát agus den chaiteachas poiblí iomlán san Aontas; |
|
B. |
de bhrí, nuair a dheonaíonn an Pharlaimint urscaoileadh don Choimisiún, go bhfíoraíonn sí agus go ndéanann sí meastóireacht ar cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh cistí i gceart agus a baineadh nó nár baineadh spriocanna beartais amach tar éis iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, agus ar an gcaoi sin go ndeimhnítear rialtacht agus feidhmíocht chaiteachas an Choimisiúin ó thaobh luach airgid de; |
Tosaíochtaí polaitiúla
|
1. |
ag meabhrú a tiomantais láidir do na bunphrionsabail a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear bainistíocht fhónta airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 317 agus an comhrac in aghaidh na calaoise mar a leagtar amach in Airteagal 325; |
|
2. |
ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá buiséad an Aontais chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach, chomh maith leis an ról atá aige cuidiú leis na Ballstáit i gcásanna gan choinne amhail paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a bhain leis sin; á chur i bhfáth go gcuidíonn cur chun feidhme fónta agus tráthúil an bhuiséid le haghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar na riachtanais agus ar na dúshláin sna réimsí éagsúla beartais; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh, agus an buiséad á chur chun feidhme faoi bhrú ama, go méadófaí earráidí agus mírialtachtaí; |
|
3. |
á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá an tuairisciú ar fheidhmíocht chláir bhuiséad an Aontais don nós imeachta um urscaoileadh; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil dlúthbhaint ag breisluach na n-acmhainní infheistithe leis na torthaí a bhaintear amach agus an méid a chuireann siad le feabhas a chur ar shaol laethúil shaoránaigh an Aontais; |
|
4. |
á athdhearbhú gur cúis imní mhór di an staid maidir leis an smacht reachta i roinnt Ballstát, ar cúis mhór imní é ann féin é agus a bhfuil caillteanais thromchúiseacha as buiséad an Aontais mar thoradh air, agus ag cur béim an athuair ar a hiarrataí ar an gCoimisiún gach uirlis atá ar fáil a úsáid chun deireadh a chur leis na sáruithe tromchúiseacha leanúnacha ar an smacht reachta agus chun riosca na gcaillteanas sin a theorannú. Ba cheart a áireamh leis sin cur i bhfeidhm iomlán láithreach Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (an “Rialachán maidir le Comhréireacht Dlí”) trí fhógra i scríbhinn faoi Airteagal 6(1) den Rialachán sin a chur chuig na Ballstáit lena mbaineann; |
|
5. |
á chur i bhfáth, ina rún maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, gur iarr an Pharlaimint cheana féin ar an gCoimisiún beart a dhéanamh láithreach faoin Rialachán maidir le Comhréireacht maidir leis an Smacht Reachta agus leas iomlán a bhaint as na huirlisí imscrúdaithe atá aige cheana féin gan a thuilleadh moille chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa smacht reachta sna Ballstáit a dhéanann difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo; ag cur sonrú sa rialú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) le déanaí lena ndeimhnítear go bhfuil an Rialachán maidir le Coinníollacht maidir leis an Smacht Reachta i gcomhréir le Conarthaí AE agus go háirithe, lena gcuirtear i bhfios nach féidir comhlíonadh na gcomhluachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe a laghdú go hoibleagáid chun dul isteach san Aontas agus a bhféadfaidh tír neamhaird a dhéanamh de ansin tar éis an aontachais; ag tabhairt dá haire gur cúis imní mhór di, in ainneoin an rialaithe ón gCúirt Bhreithiúnais le déanaí, agus go leor iarrataí ón bParlaimint, nach ndearna an Coimisiún an Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta a chur i bhfeidhm go fóill; ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún ar deireadh i mí Aibreáin 2022 gur tionscnaíodh an Sásra Coinníollachta den chéad uair riamh agus á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cearta faighteoirí deiridh agus tairbhithe de chistiú an Aontais a chosaint; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, mura gcuirtear an Rialachán sin i bhfeidhm, go bhfuil moill á chur ag an gCoimisiún ar a dhualgas mar Chaomhnóir na gConarthaí a chomhlíonadh; |
|
6. |
á chreidiúint gur uirlis úsáideach í tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar staid an Smachta Reachta i ngach Ballstát agus ar fhorais chomhchosúla; á chur a himní in iúl, áfach, nach gcuirfidh an tuarascáil feabhas ar an staid sna Ballstáit gan moltaí soiléire agus sonracha a thabhairt do rialtais AE; á chur i bhfáth freisin gur gá idirdhealú soiléir a dhéanamh sna tuarascálacha bliantúla idir easnaimh ar leith agus easnaimh shistéamacha i ndáil leis an Smacht Reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí atá i Rún ón bParlaimint an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta a chur chun feidhme; |
|
7. |
á áitiú go n-áiritheodh an Coimisiún go ndéanfadh gach eagraíocht (de chuid an Aontais nó idirnáisiúnta) a sholáthraíonn cabhair sheachtrach an smacht reachta agus cearta an duine a urramú i dtíortha a fhaigheann an chabhair sin; á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá a ráthú nach ndéanfar aon chistí de chuid an Aontais, ó thríú páirtithe agus/nó ó dhaoine nádúrtha, a leithdháileadh nó a nascadh le cúis nó cineál ar bith sceimhlitheoireachta agus/nó le radacú reiligiúnach agus polaitiúil; |
|
8. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil tuilleadh tionscnamh chun cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú níos riachtanaí fós anois le teacht i bhfeidhm ionstraim NextGenerationEU, trína n-éireoidh eisíocaíochtaí iomlána ó bhuiséad an Aontais i bhfad níos mó sna blianta atá le teacht; á chur i bhfios go láidir, ar an ábhar sin, gur cheart don Choimisiún a áirithiú freisin go mbeidh na hacmhainní agus an fhoireann is gá ag OLAF, ag an gCúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) agus ag OIPE chun imscrúdú a dhéanamh ar chásanna féideartha calaoise i gcoinne bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gur aistrigh OLAF 9 baill foirne chuig OIPE in 2020 mar aon le 9 baill foirne eile in 2021; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh an laghdú suntasach sin ar an bhfoireann cumas OLAF a shainordú a chomhlíonadh go héifeachtúil a chur i mbaol i ngeall ar easpa foirne agus ró-ualach; á iarraidh, dá bhrí sin, go méadófaí plean bunaíochta OLAF (go háirithe saineolaithe fóiréinseacha agus TF) chun na haistrithe foirne chuig OIPE a chúiteamh; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, bunaithe ar Airteagal 22 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (2) (Rialachán RRF), gurb iad na Ballstáit atá freagrach as cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag an gCoimisiún chun a áirithiú go bhforáiltear leis na córais náisiúnta iniúchóireachta maidir le faisnéis inchreidte, iontaofa agus ábhartha; á chur i bhfáth gur gá cur le hacmhainn riaracháin na mBallstát agus an Choimisiúin chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, lena n-áirítear calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú go héifeachtach, chomh maith le cistiú dúbailte a sheachaint; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún freagrach as cúnamh teicniúil agus seirbhísí comhairleacha a chur ar fáil chun feabhas a chur ar acmhainn riaracháin faoi seach na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na bearta sonracha a rinneadh chun soláthar foirne iomchuí sa Choimisiún agus sna hinstitiúidí ábhartha (eadhon an Chúirt, OLAF, OIPE, Europol agus Eurojust) chun a gcuid freagrachtaí faoi seach a chur i gcrích; á iarraidh ar an gCoimisiún ráiteas dearbhaithe a chur ar fáil maidir leis na sonraí feidhmíochta le haghaidh chur chun feidhme na Saoráide ina Thuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht (AMPR); |
|
10. |
ag tathant ar an gCoimisiún leas a bhaint gan mhoill as na modhanna atá ar fáil dó, amhail ionstraimí fionraíochta a úsáid i gcásanna inar dearbhaíodh gurbh ann d’easnaimh thromchúiseacha sna córais bhainistíochta agus rialaithe; |
|
11. |
ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir leis an gCoimisiún, tar éis dó éilimh arís agus arís eile a fháil ón bParlaimint déanamh amhlaidh, liosta a chur ar fáil fós de na faighteoirí a fhaigheann an sciar is mó de chistí an Aontais faoi bhainistíocht chomhroinnte agus go bhfuil sé sin ina bhac mór ar an measúnú ar rioscaí a bhaineann le caiteachas an Aontais agus ar thrédhearcacht fhoriomlán a chaiteachais; á chur i bhfios gur dóigh léi nach leor na freagraí agus na míniúcháin ar an tsaincheist sin a chuir an Coimisiún ar fáil don Pharlaimint agus go raibh iarrachtaí an Choimisiúin an bunachar sonraí sin a bhunú neamhéifeachtúil agus nár éirigh leo; |
|
12. |
á mheas go bhfuil an díospóid fhadtéarmach maidir leis an gcoinbhleacht leasa idir an Coimisiún agus Andrej Babis, iar-Phríomh-Aire na Seice, mí-éifeachtach agus rófhada; ag athdhearbhú nach ndearnadh aon ghníomhaíocht chinntitheach maidir le coinbhleacht leasa an Phríomh-Aire Babis agus gur droch-theist é ar an gCoimisiún gurbh iad na toghcháin a chuir deireadh leis an gcoinbhleacht leasa i ndeireadh na dála; ag cur sonrú san fhíoras go ndearna an Príomh-Aire Babis caibidlíocht, lena linn sin, ar an gCreat Airdeadais Ilbhliantúil agus ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) thar ceann na Seicia; |
|
13. |
á chur i bhfáth go bhfuil baol tromchúiseach ann gur lean méid na ngealltanas nár úsáideadh (RAL) de bheith ag ardú as cuimse ag deireadh 2020 agus gur shroich sé EUR 303,2 billiún; ag admháil go bhfuil leibhéal áirithe ceangaltas gan íoc ina iarmhairt nádúrtha ar chóras buiséid an Aontais lena ngabhann leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta ach á chur i bhfios go láidir go gcruthaítear riosca do dhea-fheidhmiú an bhuiséid amach anseo de bharr mhéid na gceangaltas gan íoc arb ionann é agus díol dhá bhliain iomlána de leithreasaí íocaíochta a chuirfí faoi bhrú tromchúiseach agus a d’fhéadfadh a bheith ina bhaol tromchúiseach do leachtacht bhuiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn sa chur chun feidhme sna Ballstáit, go háirithe i gcásanna cur chun feidhme tearc agus rátaí ísle glactha agus anailís de réir tíre a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh, agus na fadhbanna athfhillteacha á sainaithint, chomh maith leis na bearta a rinneadh chun an staid a bharrfheabhsú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, maidir leis an méadú rialta bliantúil ar na gealltanais gan íoc, i bhfianaise na hionstraime NextGenerationEU atá ar na bacáin agus i bhfianaise chaiteachas an Aontais atá méadaithe go mór, gurb ábhar tosaíochta é don Choimisiún plean mionsonraithe gníomhaíochtaí a ullmhú chun méid na ngealltanas gan íoc a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún an plean sin a thíolacadh don údarás um urscaoileadh; |
|
14. |
á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an ráta glactha carnach ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) fós thart ar 7 % níos ísle ná mar a bhí faoin CAI roimhe sin, in ainneoin na taithí a fuarthas ó CAI roimhe sin agus an chabhair agus an comhar a chuir an Coimisiún ar fáil trí chúnamh teicniúil; ag moladh don Choimisiún leanúint dá chuid oibre leis na Ballstáit, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil chun cur le cumas na mBallstát leas a bhaint as na cistí a leithdháiltear orthu agus dlús a chur leis an iarracht chun ráta glactha Chistí SIE a mhéadú gan cur isteach ar cháilíocht na dtionscadal agus ar na hiarrachtaí a dhéantar chun mí-úsáid agus calaois chistí an Aontais a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt do thíortha, i gcás inar gá, tionscadail incháilithe a aimsiú, go háirithe tionscadail a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag baint leo; á iarraidh ar an gCoimisiún an tascfhórsa le haghaidh cur chun feidhme níos fearr (TFBI) a athsheoladh chun an ráta glactha a mhéadú agus chun dea-chleachtais a fhorbairt i measc na mBallstát; |
|
15. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí tar éis a iarraidh go tréan agus go minic ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid dhomhanda agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe don tuairisciú, don fhaireachán agus don iniúchadh; ag cur in iúl gur cheart a áireamh leis sin bunachar sonraí idir-inoibritheach éigeantach a bhunú ina mbeadh tairbhithe cistí ó chláir uile an Aontais; á aithint gur mhol an Coimisiún go mbainfí úsáid as uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus coinneála scóir maidir le riosca le haghaidh cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte agus le RRF; ag tabhairt dá haire nár coinníodh é sin sna téacsanna a glacadh; á thabhairt chun suntais gur cheart don chóras sin tógáil ar aitheantóirí uathúla do gach faighteoir, lena n-áirítear faisnéis faoina dtairbhithe cinn scríbe agus gur cheart úsáid córas lena n-áirítear an uirlis mianadóireachta sonraí, ARACHNE, ach gan a bheith teoranta don uirlis sin, a áirithiú go huathoibríoch, chun foráil a dhéanamh don chosaint is fearr is féidir ar airgeadas an Aontais; á chur i bhfios go láidir nach mór don chóras comhtháite idir-inoibritheach sin a bheith in ann na méideanna aonair uile a fhaigheann an tairbhí nó an t-úinéir tairbhiúil céanna a chomhiomlánú ina aon suim iomlán amháin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an digitiú sin de dhíth láithreach agus fíor-riachtanach i bhfianaise chineál trasteorann na mí-úsáide cistí, na calaoise, na míleithreasuithe, na gcoinbhleachtaí leasa, an chistithe dhúbailte agus fadhbanna sistéamacha eile; á chur i bhfios go láidir gur cheart an uirlis aonair mianadóireachta sonraí sin a bheith inchuardaithe gan stró agus ar fáil do OLAF, do OIPE agus don Choimisiún, chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais agus NextGenerationEU i gcoinne neamhrialtachtaí, calaoise agus coinbhleachtaí leasa; |
|
16. |
á chur i bhfáth gur gá na réimsí ina n-úsáidtear an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) a mhéadú de bhreis ar an mbainistiú díreach agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a úsáid le haghaidh chistí uile an Aontais, lena n-áirítear cistí atá faoi bhainistiú comhroinnte: ag tabhairt dá haire nach mór úsáid shistéamach a bhaint as EDES chun a áirithiú nach féidir le cuideachtaí ná le úinéirí tairbhiúla a ciontaíodh i ndáil le calaois, le héilliú nó le gníomhaíochtaí tromchúiseacha coiriúla eile tairbhe a bhaint as cistí an Aontais; á chur i bhfáth a ghátaraí atá sé na táscairí in ARACHNE a chomhchuibhiú le forais eisiaimh EDES chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha eisiata infheicthe in ARACHNE freisin; á iarraidh go mbeadh idir-inoibritheacht uasta ann idir ARACHNE, EDES agus bogearraí eile chun baint den ghá atá le hítimí faisnéise a chur isteach i gcórais TF éagsúla arís agus arís eile agus an t-ualach riaracháin a ghabhann leis sin a choinneáil chomh híseal agus is féidir; |
|
17. |
á iarraidh ar an gCoimisiún obair iardain a dhéanamh ar thuarascáil tionscnaimh na Parlaiminte a bhaineann le hathbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais (3) agus ar tuarascáil na Parlaiminte maidir le tionscnamh reachtach (INL) ar dhigitiú an tuairiscithe, an fhaireacháin agus na hiniúchóireachta Eorpaí (4), lena ngabhann moltaí sonracha maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais; |
|
18. |
á chur in iúl gur geal léi foilsiú na treorach maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint faoin Rialachán Airgeadais i mí Aibreáin 2021 – tar éis é a dháileadh ar na Ballstáit i mí Lúnasa 2020 – lena gcuirtear chun cinn léirmhíniú aonfhoirmeach na rialacha ar fud na modhanna bainistíochta go léir; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar meastóireacht chuí ar na bearta coisctheacha a ghlac na Ballstáit chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint; ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear dul i ngleic go héifeachtúil agus go héifeachtach le gach cineál coinbhleachta leasa, lena n-áirítear laistigh d’institiúidí an Aontais; |
|
19. |
á mheabhrú gur cheart tuarascálacha iniúchóireachta an Choimisiúin, lena n-áirítear i gcásanna coinbhleachta leasa, a fhoilsiú laistigh de thréimhse ama réasúnta, lena gcabhrófaí lena áirithiú go ndéanfaidh an t-iniúchadh na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus leantacha a mholtar a chur chun feidhme; ag meabhrú sheasamh an Choiste um Rialú Buiséadach, nach mór don Choimisiún, fiú sula gcuirfear bailchríoch ar an iniúchadh, faisnéis a roinnt leis an bParlaimint arna iarraidh sin di ionas go bhféadfaidh an Pharlaimint a feidhm grinnscrúdaithe pholaitiúil a fheidhmiú; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go raibh paindéim COVID-19 ina réasúnú le hathruithe suntasacha a dhéanamh ar bhuiséad 2020 i bhfoirm aistrithe agus buiséad leasaitheacha chun go bhféadfadh an tAontas ionchur láidir a thabhairt chun cuidiú le maolú na ndúshlán ag eascairt ó phaindéim COVID-19 go háirithe trí vacsaíní a fhorbairt go tapa. ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ghá iniúchtaí a dhéanamh go cianda den chuid is mó mar gheall ar phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar an digitiú sna nósanna imeachta iniúchóireachta, gnóthachain éifeachtúlachta agus coigiltis costais ó chian-iniúchtaí, ach á chur i bhfios go láidir nach féidir le cian-iniúchtaí teacht go hiomlán in ionad rialuithe ar an láthair; ag tabhairt dá haire freisin go measann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe riosca a bhain le COVID-19 a rinneadh in 2020, go raibh an leibhéal dearbhaithe coimircithe agus go bhfuil an riosca measta a bhaineann leis ó thaobh na híocaíochta agus ó thaobh dúnta de ionadaíoch do leibhéal na hearráide sna hidirbhearta airgeadais; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go léirítear “earráid fhorleathan caiteachais” i dtuarascálacha bliantúla 2019 agus 2020 araon agus go dtugtar tuairim neamhfhabhrach iontu maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais; ag meabhrú chinneadh na Cúirte arís agus arís eile nach bhfuil sásraí rialaithe an Choimisiúin agus na mBallstát iontaofa go leor; |
|
22. |
ag aithint aistriú céimseach na rialacha dídhílsithe do chlárthréimhse 2021-2027 ó N+ 3 (2021-2026) go dtí N+ 2 (2027) le haghaidh na gcistí bainistíochta comhroinnte faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna (5) (CPR), mar ar thacaigh an Pharlaimint leis; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme tráthúil a gclár; á chur i bhfios go láidir nár cheart an riail N+ 3 atá ann cheana a úsáid chun moill a chur ar an gcur chun feidhme, ach chun a áirithiú go mbeidh go leor ama ann chun tionscadail a chur i gcrích; |
|
23. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an údarás buiséadach a áirithiú go gcuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil le haghaidh iniúchtaí agus rialuithe ar chistí an Aontais i bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar chistí a bheidh le híoc amach sna blianta seo romhainn faoin ionstraim chomhcheangailte CAI agus NextGenerationEU; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chórais rialaithe na mBallstát agus go gcuirfidh sé treoir ar fáil chun córais fhónta faireacháin agus rialaithe a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe mionsonraithe ar chórais iniúchóireachta agus rialaithe gach Ballstáit a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; |
|
24. |
ag cur iúl athuair gurb cúis imní di nach ndéanann an Coimisiún ach iniúchadh ar ghnóthú na gcloch mhíle agus na spriocanna sula n-íocfaidh sé cistí RRF agus é á fhágáil faoi na Ballstáit ag an am céanna a áirithiú gur comhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí nó státchabhair; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Coimisiún iniúchtaí ar an gcóras chun a áirithiú go mbeidh rialuithe láidre curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar choinbhleachtaí leasa nó neamhrialtachtaí tromchúiseacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, nár cheart don Choimisiún, ina cháil mar Chaomhnóir na gConarthaí, a bheith ag brath ar iniúchtaí na mBallstát ar chomhlíonadh na rialacha is infheidhme chun cothroime iomaíochta a áirithiú maidir le hinfheistíochtaí faoin RRF; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún a chuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta a leathnú thar iniúchtaí córais chun seiceálacha ar sholáthar poiblí agus rialacha maidir le státchabhair de réir a chuir chuige rioscabhunaithe a chur san áireamh; ag meabhrú i ndáil leis sin na lúb ar lár sa reachtaíocht náisiúnta i mBallstáit áirithe maidir le rialuithe éifeachtúla agus coinbhleachtaí leasa a chosc; |
|
25. |
á athdhearbhú gur gá, chun cothromaíocht bhreise a bhaint amach idir na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, agus rialuithe níos fear ar na réimsí is minice ina dtarlaíonn mírialtachtaí caiteachais, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt d’iarratasóirí, d’iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir; ag aithint go bhfuil dul chun cinn déanta trí athbhreithniú 2018 ar an Rialachán Airgeadais agus na feabhsuithe a tugadh isteach do chláir chaiteachais 2021-2027; |
|
26. |
á chur i bhfáth go mbaineann tábhacht mhéadaithe le táscairí feidhmíochta, lena n-áirítear táscairí a roghnú, spriocanna agus clocha míle a shainiú agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh i bhfianaise na samhlacha nua seachadta don RRF agus don Chomhbheartas Talmhaíochta athchóirithe; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, obair an Choimisiúin chun feabhas a chur ar an bhfaireachán agus ar an tuairisciú a dhéantar ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais le táscairí níos cuíchóirithe agus cáilíochtúla, mar a léirítear i ngníomhartha bunúsacha na gclár caiteachais 2021-2027 a glacadh; ag tabhairt dá haire nach ionann cineál na gcloch mhíle, na spriocanna agus na dtáscairí aschuir; ag tabhairt dá haire go ndéanann RRF idirdhealú breise idir infheistíochtaí agus athchóirithe; á chur i bhfáth gur uirlis nua do na húdaráis iniúchóireachta faoi seach í an iniúchóireacht feidhmíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt ar an timthriall iomlán iniúchóireachta laistigh de na Ballstáit, mar aon le forléargas ar an gcomhar leis na húdaráis iniúchóireachta faoi seach, lena n-áirítear an Chúirt, chomh maith le OLAF agus OIPE; |
|
27. |
ag moladh don Choimisiúin, don Chúirt agus don Chomhairle oibriú chun dlús a chur leis an bpróiseas um urscaoileadh go N+ 1, ag meabhrú dóibh nár cheat go mbainfeadh sé sin an bonn ó cháilíocht an phróisis; |
|
28. |
á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den chothromaíocht inscne agus de chur chuige buiséadaithe inscne a chur chun cinn i ngach réimse caiteachais de chuid an Aontais ar bhealach beacht agus nithiúil; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún maidir le modheolaíocht an phríomhshruthaithe inscne agus maidir le modheolaíocht phíolótach a fhorbairt chun caiteachas a bhaineann le hinscne a rianú faoi CAI 2021-2027; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas faoina thástáil féidearthachta maidir le cláir chistiúcháin an Aontais i gcomhthéacs dhréachtbhuiséad 2023; |
|
29. |
á athdhearbhú gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na calaoise ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, i ndlúthchomhar le OIPE agus le OLAF; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí ar leith atá déanta ag OIPE agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ag OIPE maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh calaoise agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a chur ar fáil do OIPE agus do OLAF; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh ioncaim nua dhílse chun na hiasachtaí a deonaíodh faoi NextGenerationEU (thart ar EUR 15 bhilliún sa bhliain go 2050) a aisíoc ó 2028 ar aghaidh, d’fhonn cosaint níos fearr a áirithiú do bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de bharr an méid sin a dhéanamh, nach n-iompróidh na glúine atá le teacht ualach fiachais an Aontais agus nach mbeidh gá le cláir bhunriachtanacha de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach, ESF+, Erasmus+ a laghdú; |
|
31. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha ar leith di cinntí na Cúirte go meastar go bhfuil go leor earráidí in obair roinnt údarás náisiúnta iniúchóireachta nó roinnt comhlachtaí deimhniúcháin agus dá bhrí sin go bhfuil sí neamhiontaofa, rud a bhaineann d’iontaofacht na sonraí do AMPR; á chur in iúl gurb oth léi nach ndearna an Coimisiún obair iardain ar an mbarúil shonrach sin, a áiríodh i rún 2019 ón gCoimisiún maidir le hurscaoileadh; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún soiléirithe ar fáil maidir leis an ngné sin; |
Ráiteas dearbhaithe agus bainistiú buiséadach agus airgeadais na Cúirte
|
32. |
á chur in iúl gur geal léi, don bhliain 2020, go gcinneann an Chúirt go bhfuil cuntais an Aontais iontaofa, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus go bhfuil taobh an ioncaim den bhuiséad saor ó earráid ábhartha; |
|
33. |
á chur in iúl gurb oth léi, don bhliain 2020, gur eisigh an Chúirt tuairim neamhfhabhrach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais sa bhuiséad agus ag an am céanna á chur i bhfáth nach bhféadfadh an leibhéal earráide ag 2,7 % in 2020, arbh ionann é agus an leibhéal earráide don bhliain 2019, a bheith ar an leibhéal íosta earráide mar gheall ar an riosca braite a bhaineann leis an bhfíoras nach raibh an Chúirt in ann aon seiceálacha ar an láthair a dhéanamh mar gheall ar na srianta a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach dtugtar le fios go huathoibríoch le ráta earráide gur tharla calaois agus ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh sé chás fhéideartha calaoise d’Oifig Frith-Chalaoise an Aontais (OLAF) in 2020 i gcomparáid le naoi gcinn in 2019; á athdhearbhú gur gá dlús a chur le hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na calaoise ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, i ndlúthchomhar le OIPE agus le OLAF; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh ar idirbhearta EUR 147,8 billiún i gcomparáid le caiteachas iarbhír EUR 173,3 billiún agus gurbh ionann an caiteachas ardriosca, ar caiteachas bunaithe ar aisíocaíocht é go príomha, agus EUR 87,2 billiún den phobal iniúchóireachta agus gurbh ionann an caiteachas íseal-riosca, ar caiteachas teidlíochtbhunaithe é go príomha, agus EUR 60,6 billiún; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di go bhfuil an leibhéal measta earráide i gcás caiteachas ardriosca fós i bhfad os cionn na tairsí ábharthachta ag 4,0 % bunaithe ar idirbhearta iniúchta arna seiceáil ag an gCúirt, agus go bhfuil an leibhéal measta earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta do chaiteachas lena mbaineann riosca íseal; |
|
36. |
ag athdhearbhú na n-iarrataí a rinne an Pharlaimint ar an gCúirt sna rúin maidir le hurscaoileadh le blianta beaga anuas, eadhon an ráta earráide d’íocaíochtaí lena mbaineann riosca íseal a shainiú freisin, agus do gach caiteachas in CAI, chun an chaibidil maidir le “Riarachán” a leathnú chun anailís níos doimhne a dhéanamh ar na hinstitiúidí uile agus chun tionchar na mbeart ceartaitheach ar an leibhéal foriomlán earráide a cháiliú; |
|
37. |
ag tabhairt dá haire gur cúis imní i gcónaí é go léirítear i gclár comhardaithe an Aontais gurbh ionann na dliteanais iomlána ag deireadh 2020 agus EUR 313,5 billiún, méadú EUR 62,0 billiún nó 24,7 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (EUR 251,5 billiún); |
|
38. |
ag tabhairt dá haire gur fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas an 1 Feabhra 2020 agus gur léirigh cuntais an Aontais an 31 Nollaig 2020 glansuim infhála EUR 47,5 billiún atá dlite ón Ríocht Aontaithe bunaithe ar na hoibleagáidí a shainítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; |
|
39. |
ag tabhairt dá haire gurbh í 2020 an bhliain dheireanach de CAI 2014-2020; á thabhairt chun suntais gur EUR 173,9 billiún san iomlán a bhí sa bhuiséad do 2020 agus sna buiséid leasaitheacha agus gur gealladh EUR 172,9 billiún de sin go hiarbhír agus gurbh ionann an buiséad agus na buiséid leasaitheacha agus EUR 164,1 billiún in íocaíochtaí agus gur caitheadh 161,8 go hiarbhír; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearnadh íocaíochtaí EUR 9,9 billiún in ioncam sannta agus gur tugadh anonn EUR 1,6 billiún, rud a fhágann gur EUR 172,4 billiún atá sna híocaíochtaí ina n-iomláine; |
|
40. |
ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta maidir leis an ráta glactha carnach do chistí SIE, nár sheas fós ach ag 55 % (7 % níos ísle ná mar a bhí ag deireadh na bliana deireanaí de CAI roimhe sin), cé go raibh an ráta glactha bliantúil in 2020 mar an gcéanna leis an mbliain deiridh de CAI roimhe sin (15 %). ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, nach raibh 45 % de na ceangaltais iomlána faoi chistí CEIS don tréimhse 2014-2020 íoctha amach, arb ionann é agus EUR 209 mbilliún agus gurb ionann é agus an phríomhchuid de na ceangaltais iomlána atá le híoc (RAL) arb ionann iad agus EUR 303 bhilliún; |
|
41. |
ag cur sonrú sna freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha a rinne an Pharlaimint mar chomhlánú ar an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair iardain ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 [COM(2021) 405 final]; |
Cúinsí speisialta i ngeall ar phaindéim COVID-19
|
42. |
ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, go ndearnadh na rialacha is infheidhme a mhaolú chun leachtacht bhreise a sholáthar chomh maith le solúbthacht eisceachtúil agus riachtanach do chaiteachas a bhaineann le COVID-19, lena n-áirítear ar leibhéal na rialacha agus na rialuithe riaracháin ar mhaithe le frithghníomh mear; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go méadaíonn sé sin an baol go mbeadh nósanna imeachta neamhthrédhearcacha ann, go ndéanfadh struchtúir choiriúla mí-úsáid agus calaois lena ndéantar iarracht drochúsáid a bhaint as staid ghéarchéime; ag cur sonrú i bhfaisnéis ó OLAF maidir le gníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann le trealamh pearsanta sláinte agus sábháilteachta agus le tairiscintí vacsaíne bréige; á chur i bhfáth a ghátaraí atá rialuithe agus iniúchtaí ex-post i ndáil leis an méid sin; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire, de réir na faisnéise neamhfhoilsithe a cuireadh ar fáil don Chúirt, gur chuir an Coimisiún luach EUR 12,9 billiún de cheangaltais faoi bhainistiú díreach agus indíreach agus luach EUR 34,2 billiún de cheangaltais faoi bhainistiú comhroinnte chun críocha a bhaineann le paindéim COVID-19 le linn 2020; á chur in iúl gurb oth léi nár fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil go fóill maidir le caiteachas a bhaineann le COVID-19; |
|
44. |
á chur in iúl gurb oth léi go raibh sé i bhfad níos deacra seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, go measann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe riosca a bhaineann le COVID-19 a rinneadh in 2020, go ndearnadh leibhéal an dearbhaithe a choimirciú agus go bhfuil an riosca a mheastar a bhaineann leis ó thaobh na híocaíochta agus ó thaobh dúnta de ionadaíoch ar leibhéal na hearráide sna hidirbhearta airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le níos mó cuairteanna iniúchóireachta pearsanta sa tréimhse atá le teacht chun bainistiú fónta iniúchóireachta a áirithiú; |
Imthosca speisialta i ngeall ar ionstraim NextGenerationEU
|
45. |
ag tabhairt dá haire go méadófar go suntasach, le hionstraim NextGenerationEU mar aon le CAI 2021-2027, an leithdháileadh comhpháirteach cistiúcháin go breis agus EUR 1 800 billiún; |
|
46. |
ag tabhairt dá haire thairis sin gur glacadh cuid mhaith den rialachán do na cláir fholuiteacha chaiteachais don tréimhse nua CAI níos déanaí go comparáideach ná mar a rinneadh le linn na CAInna roimhe sin, rud a mbeidh moill dhosheachanta ar an gclársceidealú agus ar an gcur chun feidhme mar thoradh air; |
|
47. |
á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann, mar gheall ar éifeacht chomhcheangailte ionstraim NextGenerationEU agus na moilleanna ar ghlacadh na reachtaíochta, go gcuirfí brú tromchúiseach ar acmhainneachtaí riaracháin sna Ballstáit agus sa Choimisiún, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tuilleadh earráidí, le níos lú rialaithe agus le caillteanais fhéideartha ó thaobh bhuiséad an Aontais; |
|
48. |
ag tabhairt dá haire gur féidir le húsáid ionstraimí mianadóireachta sonraí agus measúnaithe riosca, amhail ARACHNE, cabhrú le coinbhleachtaí leasa, calaois, éilliú agus cistiú dúbailte a chosc agus cosaint ina n-aghaidh. ag tabhairt dá haire gur ghá do na Ballstáit faisnéis faoi thairbhithe an chláir, agus sonraí faoin úinéir tairbhiúil a bhailiú. Ceanglaítear leis an Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid go mbeadh ardán lárnach de chuid an Aontais ann, a bunaíodh cheana féin, ach nach bhfuil gach Ballstát nasctha leis go fóill; ag tabhairt dá haire gurb ann do chláir lárnacha de shonraí na dtairbhithe sna Ballstáit, ach nach bhfuil sonraí maidir le húinéirí taribhiúla iontu go léir; |
|
49. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil uirlisí faireacháin ríthábhachtach chun iniúchadh a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcloch mhíle agus na spriocanna; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear ar na Ballstáit úsáid a bhaint as córas FENIX arna fhorbairt agus arna chur ar fáil ag an gCoimisiún; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta a chuir an Coimisiún ar bun chun forléargas amhairc agus so-úsáidte a chur ar fáil ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, lena gcothaítear trédhearcacht, grinnscrúdú poiblí agus cuntasacht na Saoráide; |
|
50. |
ag tabhairt dá haire, de réir Airteagal 60 de Rialachán RRF, gur cheart don Choimisiún, faoi réir imréiteach faisnéise íogaire nó rúnda, nó faoi réir socruithe iomchuí rúndachta, doiciméid ábhartha agus faisnéis ábhartha a tharchur, más gá, chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna; |
|
51. |
ag tabhairt dá haire gur chuir Parlaimint na hEorpa meitheal RRF ar bun, a bhunaíonn idirphlé idir Comhaltaí na gCoistí faoi seach agus an Coimisiún; ag tabhairt dá haire go bhfuil rannpháirtíocht na Parlaiminte agus na Comhairle ríthábhachtach chun maoirseacht dhaonlathach agus grinnscrúdú daonlathach a áirithiú; á chur i bhfáth go mbeidh tarchur luath agus iomlán doiciméad chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle ina ghné thábhachtach agus chinntitheach sa nós imeachta um urscaoileadh; |
|
52. |
ag tabhairt dá haire gur cheart don Choimisiún, de réir Airteagal 31 de Rialachán RRF, tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme na Saoráide a thíolacadh don Pharlaimint agus don Chomhairle faoin 31 Iúil 2022; |
|
53. |
ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go dtiocfaidh méadú suntasach sna blianta atá le teacht ar neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais mar gheall ar ionstraim NextGenerationEU agus go bhféadfadh sé go mbeadh sé cothrom le EUR 940 billiún faoi dheireadh 2023, ar méadú ollmhór é ó EUR 132 bhilliún ag deireadh 2020; |
|
54. |
á iarraidh ar an gCoimisiún deiseanna breise a shainaithint chun cumas glactha na mBallstát a neartú tuilleadh trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainní riaracháin, in oiliúint agus i mbainistiú cistí a dhigitiú; |
Moltaí
|
55. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Tuarascáil bhliantúil ar bhainistiú agus ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais
|
56. |
ag tabhairt dá haire go mbunaíonn an Chúirt a AMPR ar an bhfaisnéis a fuarthas ó roinnt tuarascálacha ón gCoimisiún; ag tabhairt dá haire go bhforlíonann an Chúirt an fhaisnéis sin le torthaí a fuarthas le déanaí óna cuid oibre iniúchóireachta agus athbhreithnithe féin; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt athbhreithniú ar fhaisnéis feidhmíochta an Choimisiúin maidir le hinchreidteacht agus comhsheasmhacht lena dtorthaí, ach ní maidir le hiontafacht; |
|
57. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh 11 ardstiúrthóir, as 51 ardstiúrthóir (nó a choibhéis sin), 19 bhforchoimeádas san iomlán do 2020 agus gur EUR 1,219 milliún an tionchar airgeadais iomlán a bhí ag na forchoimeádais; |
|
58. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil an iniúchóireacht ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais chomh tábhachtach céanna le hiniúchóireacht um chomhlíonadh chun léargas cuimsitheach a fháil ní hamháin ar dhlíthiúlacht an chaiteachais agus ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht agus ar bharainneacht an chaiteachais, ach ar na torthaí a gnóthaíodh agus na tosaíochta agus spriocanna a baineadh amach freisin; ag tarraingt aird ar an iliomad moltaí a d’eisigh an Chúirt agus an t-údarás um urscaoileadh, ag moladh gur cheart don Choimisiún i bhfad níos mó airde a thabhairt ar mheasúnú a dhéanamh ar thorthaí agus ar thionchair a chuid beartas agus clár (éifeachtacht), sa bhreis ar an méid a caitheadh nó líon na ndaoine a bhfuil baint acu le cláir aonair a chur i láthair go lom (éifeachtúlacht); |
|
59. |
ag tabhairt dá haire go gcuidíonn an cur chuige maidir le rialáil níos fearr leis an gCoimisiún na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme na mbeartas agus na gclár roimhe seo a shainaithint; á thabhairt chun suntais gur cheart don Choimisiún na cláir chaiteachais uile a athbhreithniú, á chur i bhfios gur uirlisí tábhachtacha iad an éifeachtúlacht costais agus an anailís costais is tairbhe chun an caiteachas a athbhreithniú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise cáilíochtúla a chur san áireamh ina léirítear breisluach Aontais na gclár caiteachais; á chur in iúl gur geal léi go gcuidíonn an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála le feabhas a chur ar cháilíocht na meastóireachtaí agus na measúnuithe tionchair; á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí a rinne an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála a chur chun feidhme agus údar leordhóthanach a thabhairt nuair nach gcuirtear barúlacha san áireamh; |
|
60. |
ag tabhairt dá haire nach raibh Rialachán na bhForálacha Coiteanna do na seacht gciste bainistíochta comhroinnte don tréimhse 2021-2027 faoi réir measúnú tionchair, ós rud é go leagtar síos rialacha comhchoiteanna agus sásraí seachadta coiteanna i Rialachán na bhForálacha Coiteanna do bheartais eile; á chur in iúl gur geal léi go raibh a measúnuithe tionchair féin ag gabháil le rialacháin a bhaineann le cistí; ag tabhairt dá haire nach raibh meastóireachtaí tábhachtacha ar CBT ar fáil sula ndearnadh an measúnú tionchair maidir le hathchóiriú CBT; |
|
61. |
á chur i bhfios go láidir gur den tábhacht é go leanfadh an Coimisiún de cheachtanna a fhoghlaim ó fheidhmíocht na gclár freisin tar éis dheireadh thréimhse an CAI toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh torthaí agus tionchair áirithe follasach go ceann roinnt blianta tar éis dheireadh thréimhse an CAI, go háirithe i gcás cláir a bhfuil méideanna móra ceangaltas le híoc ag gabháil leo agus go n-áireofaí na breathnóireachtaí sin i gconclúidí a thuarascálacha atá le roinnt leis an údarás um urscaoileadh; |
|
62. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt, i dtuarascáil bhliantúil na bliana seo, athbhreithniú ar thuairisciú an Choimisiúin maidir le ceartuithe agus aisghabhálacha airgeadais agus go bhfuil imní uirthi go raibh sé casta agus nach bhfuil sé soiléir i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtugann a thuairisciú léargas soiléir ar mhéid an chaiteachais neamhrialta a ceartaíodh agus a cuireadh ar ais chuig buiséad an Aontais; |
|
63. |
á iarraidh ar an gCoimisiún obair iardain níos cruinne a dhéanamh ar na moltaí a d’eisigh an Chúirt agus tabhairt faoi phróisis iontaofa ghrinnscrúdaithe agus urscaoilte na Parlaiminte chun rialú níos fearr a dhéanamh ar chur chun feidhme na samhlacha seachadta nua, chomh maith leis an RRF agus an Comhbheartas Talmhaíochta athchóirithe; |
|
64. |
ag athdhearbhú gur cúis bhuartha di measúnú na Cúirte nach bhfuil na sonraí faireacháin ó na Ballstáit, ar a bhfuil AMPR agus na ráitis chláir bunaithe, go hiomlán iontaofa; á chur in iúl gurb oth léi, go háirithe, meastóireacht athdhearbhaithe na Cúirte ar AMPR sna réimsí Comhtháthaithe, mar gheall ar easnaimh in obair na n-údarás iniúchóireachta agus na saincheisteanna a sainaithníodh maidir leis na rátaí earráidí iarmharacha a tuairiscíodh sna Tuarascálacha Bliantúla Gníomhaíochta de chuid AS EMPL agus AS REGIO; |
|
65. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil ráiteas tugtha ag an gCoimisiún nach gá a mhodheolaíocht a ailíniú leis an gceann a úsáideann an Chúirt, ach á chur in iúl gur oth léi go n-eascraíonn figiúirí an-difriúil as, go háirithe i réimse an iomaíochais, ar réimse é ina bhfuil meastachán an Choimisiúin maidir leis an riosca tráth na híocaíochta i ndáil leis an gceannteideal CAI sin faoi bhun raon na Cúirte don leibhéal measta earráide fiú; á iarraidh ar an gCoimisiún éirí as ceanglas atá iomlán dlíthiúil agus dul go dáiríre i mbun próiseas machnaimh maidir lena mhodheolaíocht chun a áirithiú go bhféadfaidh figiúirí na Cúirte agus an Choimisiúin a bheith níos inchomparáide; |
|
66. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil iarrataí láidre déanta aici ar bhonn leanúnach chun a áirithiú go ndéanfar buiséad an Aontais a chosaint trí úsáid ghinearálta chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh; ag tathant ar an gCoimisiún córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú, ar córas é lena gcuirfear leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh; |
Ioncam
|
67. |
ag tabhairt dá haire gurbh é EUR 174,3 billiún an t-ioncam in 2020: den mhéid sin, baineann EUR 123 bhilliún (70,6 %) de le holl-acmhainní dílse náisiúnta ioncambhunaithe, baineann EUR 19,9 billiún (11,4 %) de le hacmhainní dílse traidisiúnta (TOR), baineann EUR 17,2 billiún (9,9 %) de le hacmhainní dílse breisluacha cáinbhunaithe, baineann EUR 8,2 billiún (4,7 %) de le ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a bhaineann le comhaontuithe agus cláir an Aontais, baineann EUR 3,2 billiún (1,8 %) de leis an mbarrachas ón mbliain roimhe sin, agus baineann EUR 2,8 billiún (1,6 %) de le hioncam eile; |
|
68. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar shampla de 55 ordú aisghabhála ón gCoimisiún, a ceapadh chun bheith ionadaíoch ar gach foinse ioncaim, mar aon le córais an Choimisiúin, ar chuntasaíocht TOR i dtrí Bhallstát, agus ar na AARnna ó Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (AS BUDG) agus ó Eurostat; á chur in iúl gur geal léi nár bhain earráid inchainníochtaithe d’aon cheann de na gnéithe samplacha; á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Chúirt, i gcás an ioncaim, nach raibh an leibhéal earráide ábhartha agus go raibh na córais a bhaineann le hioncam éifeachtach tríd is tríd; |
|
69. |
á chur i bhfios go láidir, maidir leis na méideanna seachanta nár gabhadh i gcórais chuntasaíochta TOR na mBallstát, nach dtagann siad faoi raon feidhme thuairim iniúchóireachta na Cúirte maidir le hioncam; ag tabhairt dá haire, ós rud é go bhféadfaí leis an difríocht idir leibhéal teoiriciúil na dleachta ar allmhairí ba cheart a bhailiú don gheilleagar ina iomláine agus an dleacht ar allmhairí a bailíodh go hiarbhír (an “bhearna chustaim”) difear a dhéanamh do mhéideanna na ndleachtanna arna mbunú ag na Ballstáit, go bhfuil measúnú déanta ag an gCúirt den dara bliain as a chéile ar ghníomhaíocht a rinne an tAontas chun an bhearna a laghdú agus chun an riosca nach bhfuil TORanna curtha i gcrích a mhaolú; |
|
70. |
ag tabhairt dá haire gur cúir mhór imní di gur chinn an Chúirt gur chuir an Coimisiún, in 2020, deireadh lena thimthriall fíorúcháin maidir le sonraí OIN i ndáil le hacmhainní dílse ón mbliain 2010 ar aghaidh, is é sin le rá bearna 10 mbliana; á thabhairt chun suntais gur shocraigh an Coimisiún, mar thoradh ar dhúnadh an timthrialla fíorúcháin, líon mór forchoimeádas OIN maidir le nósanna imeachta sonracha tiomsúcháin sna Ballstáit agus feabhas á lorg sna forchoimeádais sin; ag tabhairt le fios go gcuireann sé sin go mór leis an éiginnteacht bhuiséadach sna buiséid náisiúnta i ndáil leis an ranníocaíocht OIN-bhunaithe; ag cur in iúl gur cúis imní di gur chinn an Chúirt nach dtugtar aghaidh mar is ceart ar thionchar an domhandaithe ar OIN lena bhféadfaí tionchar a imirt ar ioncaim an Aontais; |
|
71. |
ag tabhairt dá haire gur ábhar imní di nach bhfuil comhchuibhiú leordhóthanach ann i ndáil leis na córais rialúcháin chun leasanna airgeadais an Aontais a choimirciú, go príomha de bharr laigí a fhágann gur féidir difríocht shuntasach a bheith ann idir na Ballstáit maidir leis an mbealach a gcuireann siad chun feidhme iad; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar laigí leanúnacha maidir le héifeachtacht na gcóras rialúcháin ar leibhéal an Choimisiúin agus ar leibhéal na mBallstát araon, agus go ndéantar, leis na laigí is tábhachtaí díobh, difear do dhúnadh an timthrialla fíorúcháin OIN ag an gCoimisiún agus d’iontaofacht na ráiteas TOR i mBallstát amháin; |
|
72. |
ag cur in iúl gur cúis imní di, in ainneoin feabhsuithe, go bhfuil líon na bhforchoimeádas CBL agus líon na bpointí oscailte TOR fós ard, agus go bhfuil laigí fós i gcuntasaíocht agus i mbainistiú TOR na mBallstát; ag tabhairt dá haire gur ábhar imní di gur chinn an Chúirt go bhfuil easpa faireachán córasach ann ar shonraí allmhairiúcháin agus nach bhfuil comhchuibhiú leordhóthanach á dhéanamh ar rialuithe custaim ar leibhéal an Aontais; |
|
73. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil amhras fós ar AS BUDG den chúigiú bliain as a chéile go bhfuil na méideanna TOR a aistríodh chuig buiséad an Aontais míchruinn de bharr gearrluacháil teicstílí agus bróg a allmhairíodh ón tSín le linn na tréimhse ó 2011 go 2017; ag tabhairt dá haire breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 8 Márta 2022 inar dearbhaíodh gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí a chomhlíonadh trí mhainneachtain bearta éifeachtacha rialaithe custaim a chur i bhfeidhm agus trí mhainneachtain an méid ceart acmhainní dílse traidisiúnta a chur ar fáil don Choimisiún, i ndáil leis na hallmhairí lena mbaineann; |
|
74. |
ag tabhairt dá haire gur dhiúltaigh an Chúirt i bpáirt do ríomh an Choimisiúin mar gheall ar éiginnteacht shuntasach maidir le cruinneas mhéideanna na n-acmhainní dílse arna n-éileamh ag an gCoimisiún agus nár bhunaigh an Coimisiún na méideanna iomlána don chaighdeán dlí is gá; ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Chúirt an modh arna úsáid ag an gCoimisiún chun meastachán a dhéanamh ar mhéid na gcaillteanas TOR do chuid den tréimhse sáraithe agus go ndúirt sí gur faoin gCoimisiún atá sé caillteanais acmhainní dílse an Aontais atá dlite fós a athríomh; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhíniú don údarás um urscaoileadh cérbh iad na hearráidí sa ríomh agus conas atá sé i gceist aige an earráid i ríomh na gcaillteanas de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá a leigheas, agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh na ríomhanna nua; |
Moltaí
|
75. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Iomaíochas don fhás agus do phoist
|
76. |
ag tabhairt dá haire gurb ionann fo-cheannteideal 1a CAI “Iomaíochas don fhás agus do phoist” agus 13,9 % nó EUR 24,1 billiún de bhuiséad an Aontais: den mhéid sin, caitear EUR 13,6 billiún (56,4 %) ar thaighde, EUR 3,1 billiún (12,8 %) ar oideachas, oiliúint, an óige agus spórt, EUR 2,4 billiún (10,2 %) ar iompar agus fuinneamh, EUR 1,6 billiún (6,5 %) ar an spás, agus an chuid eile ar ghníomhaíochtaí eile agus ar chláir eile; á mheabhrú gurb é EUR 142 bhilliún an caiteachas iomlán atá beartaithe faoin bhfo-cheannteideal sin de CAI 2014-2020, as ar íocadh EUR 104,6 billiún faoi dheireadh 2020; |
|
77. |
á aithint nach foláir d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bheith i gcroílár aon bhreithnithe a bhaineann leis an iomaíochas le haghaidh fáis agus post, ós rud é go gcuireann FBManna 6 as 10 bpost agus 8 bprintíseacht as 10 bprintíseacht ar fáil i roinnt Ballstát, agus gurb iad atá freagrach as beagnach 60 % den bhreisluach a chruthaítear san Aontas Eorpach; |
|
78. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar shampla de 133 idirbheart, a ceapadh chun bheith ionadaíoch do raon iomlán an chaiteachais faoin bhfo-cheannteideal CAI seo; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú freisin ar rialtacht na faisnéise sna AARanna ó Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta (AS RTD), ó Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CONNECT) agus ó Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin an Ghréasáin Iompair Thras-Eorpaigh (INEA), a chuir an Coimisiún isteach ansin ina AMPR; |
|
79. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur mheas an Chúirt gurb é 3,9 % an leibhéal earráide, agus é ag eascairt go príomha as earráidí a bhaineann le costais neamh-incháilithe, le doiciméid tacaíochta riachtanacha a bheith ar lár, nó le saincheisteanna a ghabhann leis na fógraí conartha maidir le doiciméid tairisceana; á chur i bhfios go láidir gur chinn an Chúirt go bhfuil an caiteachas FP7 agus H2020 fós ina ardriosca agus gurb é an phríomhfhoinse earráidí é; |
|
80. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go leanann costais phearsanra de bheith ar an bpríomhfhoinse earráide, go háirithe maidir le caiteachas taighde; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil na rialacha maidir le costais phearsanra a dhearbhú faoi Fhís 2020 casta i gcónaí, in ainneoin iarrachtaí simpliú a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi roinnt simplithe atá dírithe go sonrach ar FBManna faoi Fhís 2020, amhail ráta comhréidh aonair le haghaidh costais indíreacha, lena n-áirítear costais phearsanra; |
|
81. |
ag tabhairt dá haire nach féidir le tairbhithe ach costais phearsanra a éileamh i leith cúraimí a dhéanann duine nádúrtha atá ag obair faoi chonradh díreach, agus nach bhfuil costais do chúraimí ar fochonradh incháilithe; ag cur sonrú i mbarúil na Cúirte go bhfuil FBManna, nach bhfuil dóthain foirne dá gcuid féin acu, i mbaol earráide go háirithe maidir le costais seirbhísí comhairleoirí seachtracha nó saoroibrithe a éileamh mar chostais phearsanra; |
|
82. |
ag tabhairt dá haire gur threisigh an Coimisiún a fheachtas faisnéise lena ndírítear ar thairbhithe a bhíonn i mbaol earráide, amhail FBManna agus iarratasóirí céaduaire a bhfuil taithí agus acmhainní teoranta acu don phróiseas iarratais; ag tabhairt dá haire gur thionól an Coimisiún sé sheimineár gréasáin in 2020 lenar freastalaíodh ar thart ar 7 500 rannpháirtí díreach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir leis an gCoimisiún a ghníomhaíochtaí faisnéise a leathnú tuilleadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé faisnéis a chur ar fáil d’iarratasóirí ionchasacha ina dteanga dhúchais, go háirithe maidir le rialacha casta amhail costais phearsanra agus costais fochonraitheoireachta; |
|
83. |
á mheabhrú go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún ról níos láidre a bhunú don Aontas mar phríomhghníomhaí in earnáil an spáis le linn CAI 2021-2027; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta i ngach gné den bheartas spáis, go háirithe bonneagar lainseálaithe, roicéid, satailítí agus seirbhísí réamhtheachtacha agus iartheachtacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tairiscintí a seoladh i réimse an bheartais spáis, go háirithe tairiscintí a bhaineann le córas nascachta an Aontais bunaithe ar shatailítí, inar fágadh FBManna ar lár trí ualaí an-ard a thabhairt isteach nach bhféadfadh aon fhiontar beag a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún forléargas a chur ar fáil ar (a) torthaí na dtairiscintí uile in 2020, (b) líon na dtairiscintí a bhain FBManna nó gnólachtaí nuathionscanta i bpáirt nó go hiomlán, (c) líon na dtairiscintí a baineadh gan aon rannpháirtíocht ó FBManna nó ó ghnólachtaí nuathionscanta, (d) líon na dtairiscintí a bhain cuideachtaí móra, agus (e) forléargas ar gach tairiscint in 2020 inar fágadh FBManna ar lár de bharr dhearadh na tairisceana; |
|
84. |
ag tarraingt aird ar an bhfíoras gurb í Seirbhís Choiteann Iniúchóireachta (CAS) AS RTD a dhéanann thart ar 20 % d’iniúchtaí ex-post ar theaghlach H2020 ina iomláine, agus go ndéanann gnólachtaí príobháideacha iniúchta 80 % díobh thar a ceann; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt nach raibh an tsampláil ar leibhéal na ráiteas costais a ndearnadh iniúchadh orthu i gcomhréir i gcónaí leis na nósanna imeachta atá leagtha síos, á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go bhfuil maolaisnéis á déanamh i dtaca leis an ráta earráide ionadaíoch in ainneoin na bhfeabhsuithe a thug an Coimisiún isteach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil laigí fós sna hiniúchtaí ex post a rinne CAS; |
|
85. |
á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an leibhéal barr feabhais sa taighde fós an-éagsúil ar fud na mBallstát; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé molta i staidéir go ndéanfar taighdeoirí, saineolaithe agus gníomhaithe náisiúnta eile ó institiúidí a bhfuil leibhéil níos ísle barr feabhais acu a spreagadh chun bheith rannpháirteach go gníomhach i bhfoirne comhpháirteacha taighde lena n-áirítear taighdeoirí agus institiúidí a bhfuil an leibhéal barr feabhais is airde acu; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil an phríomhfhreagracht ar na Ballstáit agus ar a n-infheistíocht san oideachas, ach á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an gCoimisiún rannchuidiú leis an sármhaitheas a leathnú; á chur in iúl gur geal léi an buiséad méadaithe chun leathnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Fís Eorpach; |
|
86. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an obair iniúchta ar FP7 curtha i gcrích; á chur in iúl gurb oth léi go ndearbhaíonn AARanna AS RTD agus AS CONNECT go bhfuil an ráta earráide iarmharach carnach i ndáil le FP7 os cionn 2 %; á aithint nach ndearna ceachtar Ard-Stiúrthóireacht forchoimeádas cainníochtaithe a thuairisciú mar gheall ar an tairseach de minimis le haghaidh forchoimeádais airgeadais a tugadh isteach in 2019; |
|
87. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh AS RTD, maidir le H2020, go bhfuiltear ag dréim le ráta ionadaíoch earráide 2,95 % i ndáil leis na hArd-Stiúrthóireachtaí uile agus leis na comhlachtaí eile de chuid an Aontais a bhainistíonn caiteachas taighde an Aontais; ag tabhairt dá haire gurb é 2,24 % an ráta iarmharach earráide i ndáil le AS RTD agus gurb é 2,20 % an ráta iarmharach earráide i ndáil le AS CONNECT; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach measann an Coimisiún gur gá forchoimeádas a shocrú i ndail le caiteachas Fís 2020; ag tabhairt dá haire go bhféachann na comhlachtaí cur chun feidhme le cinnteacht réasúnta a thabhairt go mbeidh an riosca earráide laistigh de raon 2-5 %; |
|
88. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCúirt maidir le feidhmíocht Erasmus+, arb ionann é agus 13,3 % d’iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh faoi dheireadh 2020 i ndáil leis an gceannteideal CAI sin, bunaithe ar AMPR 2020, na clár-ráitis i ndáil le dréachtbhuiséad 2022, agus eochairmheastóireachtaí agus tuarascálacha eile; |
|
89. |
á chur in iúl gur geal léi measúnú na Cúirte gur cruthaíodh breisluach de bharr scála agus raon feidhme Erasmus+ agus gur cuireadh feabhas ar a éifeachtúlacht mar gheall toisc gur simplíodh é i gcomparáid leis na cláir a bhí ann roimhe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár chuir an Coimisiún comhionannas inscne i gcuntas i ngach gné de Erasmus+, agus nár tugadh sa chlár-ráiteas i ndáil le Erasmus+ meastachán airgeadais ar rannchuidiú an chláir leis an gcomhionannas inscne; á mheabhrú, cé go bhfuil difríochtaí suntasacha inscne idir réimsí staidéir, gur mná iad 58 % de líon iomlán na rannpháirtithe sa chlár; |
|
90. |
ag tabhairt dá haire agus é ina chúis imní di go bhfuil taighdeoirí baineanna faoi thearcionadaíocht i bhFís 2020 nach bhfuil ach 36 % de thaighdeoirí ar mná iad (28 % i dtionscadail ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC), 42 % i ndeontais Marie Sklodovska-Curie agus 31 % i gcodanna eile den Chlár); |
|
91. |
á chur in iúl gur mór aici gur bronnadh Duais Nobel na Ceimice 2020 ar thaighdeoir a fuair cistiú ó Fís 2020, taighdeoir a bhí ar an 10ú rannpháirtí a fuair cistiú ón gclár go dtí seo agus a raibh sé d’onóir air nó aici Duais Nobel a ghlacadh; |
|
92. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh cistiú ar fáil do 1 173 thionscadal in 2020 trí chlár ERC i bhFís 2020 agus go bhfuair 1 255 phríomhimscrúdaitheoir cistiú; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil institiúidí as 25 Bhallstát i measc na n-institiúidí óstála faoi láthair agus go bhfuil náisiúnaigh ó 23 Bhallstát i measc na bpríomhimscrúdaitheoirí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ó 2014 i leith, go bhfuil Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie ag tacú le soghluaisteacht agus le hoiliúint thart ar 69 000 taighdeoir lenar sáraíodh, dá bhri sin, a sprioc 65 000 taighdeoir a bhaint amach; |
|
93. |
á chur in iúl gur geal léi gur chuir an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) bonneagair seirbhíse digití in úsáid lena n-áirithítear idir-inoibritheacht trasteorann seirbhísí ar líne do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do riaracháin phoiblí san Aontas; á chur i bhfios go láidir go ndearnadh beagnach EUR 630 milliún a infheistiú in idir-inoibritheacht uile-Aontais seirbhísí digiteacha sonracha amhail ríomhsheirbhísí sláinte, sonraí oscailte poiblí, sainaithint leictreonach agus cibearshlándáil; |
|
94. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i ngréasáin iompair inbhuanaithe chun an t-aistriú riachtanach i dtreo modhanna iompair níos inbhuanaithe a chumasú; ag moladh do SCE 2021-2027 iarracht a dhéanamh eiseamláir SCE a leanúint agus torthaí iontacha a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur gá feabhas a chur ar leibhéal na feasachta i measc na dtairbhithe ar rialacha incháilitheachta SCE; |
|
95. |
á chur in iúl gur geal léi le linn na tréimhse 2014-2020, go ndearnadh comhchistiú Iompair SCE arb ionann é agus EUR 23,03 billiún a leithdháileadh ar 959 ngníomh, agus aghaidh á tabhairt ar bhonneagar feadh chroíghréasán agus ghréasán cuimsitheach an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T), bhí an tacaíocht a tugadh faoin gclár dírithe ar an gcroíghréasán, inar cuimsíodh níos mó ná 170 stráice; |
Moltaí
|
96. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
|
97. |
ag tabhairt dá haire gurb ionann fo-cheannteideal 1b CAI “Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach” agus 34,3 % nó EUR 59,5 billiún de bhuiséad an Aontais: den mhéid sin, caitear EUR 32,4 billiún (54,5 %) ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), EUR 10,2 billiún (17,1 %) ar an gCiste Comhtháthaithe (CC), EUR 14,7 billiún (24,7 %) ar Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), agus EUR 2,2 billiún (3,7 %) ar ghníomhaíochtaí eile; |
|
98. |
ag meabhrú an róil thábhachtaigh atá ag an gcaiteachas faoi cheannteideal 1b CAI “comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach”, lena ndírítear ar éagothromaíochtaí forbartha idir Ballstáit agus réigiúin éagsúla an Aontais a laghdú agus iomaíochas na réigiún uile a neartú; |
|
99. |
ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt sampla de 227 n-idirbheart, a ceapadh chun bheith ionadaíoch ó thaobh staidrimh de ó thaobh raon iomlán an chaiteachais de faoin bhfo-cheannteideal CAI seo; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú freisin ar rialtacht na faisnéise a thugtar sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) agus ón Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) chomh maith le AMPR; |
|
100. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, agus aird á tabhairt ar na hearráidí a shainaithin na húdaráis iniúchóireachta roimhe sin agus ar na ceartúcháin a chuir na húdaráis chláir i bhfeidhm, gur mheas an Chúirt gur 3,5 % a bhí sa leibhéal earráide, i bhfad os cionn an leibhéil ábharthachta; á chur in iúl gur geal léi gurb ionann é sin, mar sin féin, agus laghdú ar an ráta earráide i gcomparáid leis an ráta earráide 4,4 % a tuairiscíodh i bhfreachnamh 2019; ag tabhairt dá haire go mbaineann na hearráidí a braitheadh le costais neamh-incháilithe, le soláthar poiblí, le hearráidí cuntasaíochta agus ríomha, le státchabhair, agus le doiciméid tacaíochta atá in easnamh; |
|
101. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na sonraí a cuireadh i láthair i Scórchlár an Mhargaidh Aonair do 2020 maidir le soláthar poiblí, lena léirítear go bhfuil cion na gconarthaí a bhronntar nach bhfuil i gceist leo ach aon tairgeoir amháin ina ábhar buartha; shroich 19 mBallstát an tairseach 20 % agus bhí leibhéal 39-51 % ag sé Bhallstát (an tSeicia, an Ghréig, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin); ag tabhairt dá haire gur shroich cion na gconarthaí soláthair a caibidlíodh le cuideachta gan aon ghlao ar thairiscintí an tairseach de 10 % in 8 mBallstát agus go raibh ceithre cinn acu (an Bhulgáir, an Chipir, an Rómáin, an tSlóivéin) ag leibhéil 22-29 %; ag tabhairt dá haire go raibh cion na gconarthaí a dámhadh tar éis glao ar thairiscintí nach raibh a n-ainm agus a gcoinníoll soiléir os cionn na tairsí de 3 % i ndeich mBallstát ag a raibh leibhéil idir 8-9 % i gceithre Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, Málta agus an tSlóivéin); |
|
102. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní di na barúlacha sin ós rud é go léirítear leo laigí tromchúiseacha córasacha sna nósanna imeachta um sholáthar poiblí i roinnt Ballstát, ar dócha go mbeidh tionchar acu freisin ar bhainistiú agus ar chaiteachas chistí an Aontais; ag cur sonrú, ina leith sin, i mbarúil na Cúirte maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar luathchóras coisctheach maidir le fíoruithe bainistíochta ar sholáthar poiblí san Ungáir, as ar eascair ceartúchán ráta comhréidh 10 % ar na conarthaí uile lena mbaineann lena gcumhdaítear tréimhse 4 bliana, arb ionann é agus thart ar EUR 770 000 000; |
|
103. |
á chur in iúl gur cúis imní di go dtagann 72 % d’earráidí as tionscadail neamh-incháilithe agus as costais nach bhfuil incháilithe agus go dtagann 27 % díobh as sáruithe ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh (go háirithe neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair); ag tabhairt dá haire gur sháraigh cúig thionscadal rialacha an Aontais maidir le státchabhair; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt den tuairim nár cheart go mbeadh dhá thionscadal tar éis cistiú poiblí a fháil ón Aontas agus/nó ón mBallstát; á thabhairt chun suntais go raibh na tionscadail sin ina siocair le 1,0 pointe céatadáin den leibhéal measta earráide; |
|
104. |
á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh i gcrích go rathúil in 2020 an glao ilbhliantúil ar thograí don bliain 2019 faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, inar roghnaíodh 125 thionscadal agus ina raibh ranníocaíocht de bhreis ar EUR 2 bhilliún san iomlán i gceist ann; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh níos mó ná 90 % de ranníocaíocht SCE ar thionscadail a mheastar a thabharfaidh aghaidh ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid agus go háirithe bonneagair iarnróid, uiscebhealaí intíre agus calafort muirí agus ar bhonneagair breoslaí malartacha a chur in úsáid; |
|
105. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh AS REGIO meánráta earráide ualaithe 2,1 % agus “uasráta” 2,6 %, agus gur thuairiscigh AS EMPL meánráta earráide ualaithe 1.4 % agus “uasráta” 1,9 %; á chur i bhfios gurb amhlaidh, dar leis an gCúirt, nár chuir AS EMPL san áireamh go hiomlán earráidí a d’fhéadfadh a bheith ann lasmuigh de na hearráidí sin a braitheadh, agus sa chás sin gur uasráta 2,1 % a bheadh ann; ag cur béim ar chinneadh na Cúirte gur cheart a mheas gur íosráta é an ráta iarmharach earráide foriomlán arna thuairisciú ag an gCoimisiún; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé nár leor na ceartúcháin a dhéanfar amach anseo chun a áirithiú nach mbeidh aon leibhéal earráide ábhartha fós ann an tráth dúnta; |
|
106. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go léirítear le líon agus tionchar na n-earráidí arna mbrath nach maolaítear leis na rialuithe atá i bhfeidhm go fóill an t-ard-riosca bunúsach earráide sa réimse sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann sé sin, go háirithe, le húdaráis bhainistíochta a bhfuil a bhfíoruithe neamhéifeachtach chun neamhrialtachtaí sa chaiteachas arna dhearbhú ag tairbhithe a chosc nó a bhrath; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go measann an Chúirt freisin go bhfuil earráidí eile ann ar toradh iad ar chinntí a rinne na húdaráis bhainistíochta féin; |
|
107. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig an Chúirt ar an tátal nach raibh na rátaí earráide iarmharacha a thuairiscigh na húdaráis iniúchóireachta iontaofa i gcónaí agus go bhfuil easnaimh go fóill ar an mbealach a ndéanann údaráis iniúchóireachta a gcuid oibre agus a ndéanann siad a gcuid oibre a dhoiciméadú; ag cur béim ar an gcinneadh ón gCúirt gur gá do na húdaráis iniúchóireachta rianú níos fearr a dhéanamh ar an riosca calaoise ina n-iniúchtaí ar oibríochtaí; |
|
108. |
á athdhearbhú go bhfuil sí míshásta go mór leis an gcleachtas i roinnt Ballstát i dtaobh cláir a ró-áirithint go córasach agus tionscadail fhadhbacha nó neamhdhleathacha a aistriú isteach sa bhuiséad náisiúnta tar éis don Choimisiún nó do OLAF neamhrialtachtaí nó mí-úsáid a bhrath ina leith; ag cáineadh go bhfágtar an t-ualach ar na cáiníocóirí náisiúnta íoc as tionscadail atá thíos le coinbhleachtaí leasa, calaois nó easnaimh eile; |
|
109. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 07/2020 Implementing Cohesion policy: comparatively low costs, but insufficient information to assess simplification savings [An Beartas Comhtháthaithe a chur chun feidhme: costais ísle go comparáideach, ach ganntanas faisnéise chun measúnú a dhéanamh ar choigiltí ón simpliú] go bhfuil na costais fhoriomlána a tuairiscíodh maidir le cur chun feidhme chistí an Bheartais Comhtháthaithe réasúnta íseal, ach go raibh siad bunaithe ar shonraí nach bhfuil sách iomlán agus neamhleanúnach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt nár leor an fhaisnéis chostais a bhí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag simpliú rialacha an Aontais; |
|
110. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2021 Performance-based financing in Cohesion policy: worthy ambitions, but obstacles remained in the 2014-2020 period [Maoiniú feidhmíochtbhunaithe sa Bheartas Comhtháthaithe: uaillmhianta fiúntacha, ach bhí bacainní ann go fóill sa tréimhse 2014-2020] go ndearnadh foráil in CPR 2014-2020 maidir le “creat feidhmíochta” sainráite le haghaidh chláir oibríochtúla na mBallstát, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna chun infheistíochtaí CSIE a bhaint amach; |
|
111. |
á chur i bhfios go láidir an cúlchiste feidhmíochta atá beartaithe sa chreat feidhmíochta nua lena ndéanfar 6 % de na hacmhainní a reo agus a leithdháileadh, dá réir sin ar bhonn athbhreithniú ar fheidhmíocht tar éis na tuarascála bliantúla ar chur chun feidhme in 2019, ar na cláir a bhfuil na garspriocanna atá leagtha amach acu bainte amach acu, ionas go spreagfar na Ballstáit chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an úsáid a bhainfear as cistiú; á chur in iúl gurb oth léi nár éirigh ach go páirteach leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na hionstraimí sin a úsáid chun maoiniú an Bheartais Comhtháthaithe a chur i riocht níos feidhmíochtbhunaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár léirigh na Ballstáit ach spéis an-teoranta in úsáid a bhaint as roinnt de na samhlacha cistiúcháin feidhmíochtbhunaithe, i.e “comhphleananna gníomhaíochta” agus “maoiniú nach bhfuil nasctha le costais”; ag spreagadh úsáid níos leithne a bhaint as na roghanna costais simplithe a mheasann CIE a d’fhéadfadh ualach riaracháin na dtairbhithe a laghdú agus a mheastar gur lú an baol earráide a bhaineann leo; |
|
112. |
ag meabhrú rannchuidiú an bheartais chomhtháthaithe maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun tionchar diúltach phaindéim COVID-19 a mhaolú agus chun go bhféadfar an cistiú 2014-2020 atá ar fáil a atreorú go mear chuig na hearnálacha is mó atá thíos leis agus simpliú suntasach a mholadh (Tionscnaimh CRII agus CRII+ do 2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bhain 179 gClár Oibríochtúil úsáid as na Tionscnaimh sin chun tacú le cúram sláinte, le gnólachtaí beaga agus le hoibrithe, arbh fhiú EUR 12,9 billiún iad (EUR 6,2 billiún in 2020 agus EUR 6,7 billiún in 2021); ag tabhairt dá haire gur chuir na Tionscnaimh CRII agus CRII+ le cur chun feidhme chistí CSIE agus gur rannchuidigh siad le laghdú an RAL; |
|
113. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, i dtuarascáil speisialta Uimh. 26/2021 uaithi Regularity of spending in EU Cohesion policy: Commission discloses annually a minimum estimated level of error that is not final [Rialtacht an chaiteachais i mBeartas Comhtháthaithe an Aontais: nochtann an Coimisiún ar bhonn bliantúil íosleibhéal measta earráide nach bhfuil críochnaitheach] go dtugtar aghaidh sna forálacha dlíthiúla nua ar roinnt teorainneacha maidir le glacadh cuntas; ag cur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, gur chinn an Chúirt go mbíonn roinnt rioscaí fós ann tráth a scaoiltear an choinneáil íocaíochta; |
|
114. |
ag cur sonrú i dtorthaí na Cúirte nach bhfuil athbhreithnithe deisce an Choimisiúin ceaptha chun caiteachas neamh-incháilithe breise a bhrath, rud a chuireann teorainn lena rannchuidiú chun rialtacht na n-idirbheart bunúsach agus bailíocht an Ráta Earráidí Iarmhéide (RTER) a thuairiscigh na húdaráis iniúchóireachta a dheimhniú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur uirlis éifeachtúil iad athbhreithnithe deisce den sórt sin chun na rátaí earráide tuairiscithe agus tuairimí iniúchóireachta ó na húdaráis iniúchóireachta a dheimhniú i gcás cláir a bhfuil cuntas teiste deimhnithe acu maidir le rátaí earráide ísle; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thángthas sna hathbhreithnithe ar chomhlíonadh a rinne an Coimisiún agus an Chúirt ar earráidí ábhartha nárbh fhéidir a bhrath sna hathbhreithnithe deisce; |
|
115. |
á chur in iúl gur chúis bhuartha di gur chinn an Chúirt nár lean an Coimisiún a chur chuige rioscabhunaithe i gcónaí maidir leis na húdaráis iniúchóireachta is mó riosca a roghnú le haghaidh iniúchtaí comhlíontachta agus cé go mbraitheann an Coimisiún caiteachas neamhrialta ina iniúchtaí comhlíontachta, is minic a dhéanann sé athbhreithniú ar a gcuid torthaí deiridh sa chéim leantach leis na Ballstáit; |
|
116. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tuarascálacha maidir le héilliú tromchúiseach córasach agus mí-úsáid chistí comhtháthaithe an Aontais in ionstraim Deilt na Danóibe sa Rómáin ar fiú EUR 1,1 billiún í in 8 gclár de chuid na Rómáine; ag tabhairt dá haire go bhfuil na cistí sin curtha i leataobh do thionscadail laghdaithe bochtaineachta, caomhnú an dúlra agus tionscadail cosanta chomhshaoil feadh Dheilt na Danóibe sa Rómáin, arna maoiniú ag 5 chiste éagsúla CSIE; ag tabhairt dá haire go bhfuil na líomhaintí maidir le mírialtachtaí comhchruinnithe in aon chlár amháin, sa chlár oibríochtúil réigiúnach, maidir le 3 ghlao ar thionscadail faoi ais tosaíochta amháin a thacaíonn den chuid is mó le FBManna agus micrifhiontair arb ionann iad agus EUR 104 000 000 lena gcistítear 347 dtionscadal; ag tabhairt dá haire gur chuir OLAF imscrúdú ar bun i mí na Bealtaine 2021 maidir le líomhaintí calaoise agus neamhrialtachtaí eile a bhain le tionscadal sonrach arna mhaoiniú ag ITI Dheilt na Danóibe sa Rómáin; |
|
117. |
á chur in iúl gur cúis imní di an méid a tháinig chun solais sna meáin go raibh údarás náisiúnta amháin de chuid na Rómáine éillitheach agus gur rannchuidigh sé le húdarú na dtionscadal le polaiteoirí a raibh baint acu le coinbhleacht leasa agus nach raibh ina gcónaí feadh dheilt na Danóibe; |
|
118. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh an Coimisiún i mí an Mheithimh 2021 briseadh ar íocaíochtaí, tar éis dó tuarascálacha ó na meáin maidir le líomhaintí tromchúiseacha maidir le calaois, coinbhleachtaí leasa agus claonchasadh a chur isteach, lena gcuirtear bac ar aon aisíocaíocht ón Aontas leis na 347 dtionscadal a bhfuil riosca ag baint leo go dtí go bhfaighfear torthaí na bhfíoruithe a dhéanfaidh údaráis na Rómáine; ag tabhairt dá haire gur roghnaigh údaráis na Rómáine 73 thionscadal lena bhfíorú, as ar eascair fógra faoi 35 de na tionscadail sin don chomhlacht náisiúnta frithchalaoise nó don oifig ionchúisitheora le haghaidh imscrúdú breise i ngeall ar amhras calaoise; ag tabhairt dá haire go ndearna údaráis bhainistíochta na Rómáine seiceálacha ar 22 oibríocht bhreise chun a rialtacht a fhíorú agus i dtaobh an gcuireann siad le forbairt réigiún na Danóibe, lena bhfágtar go n-aithnítear neamhrialtacht amháin eile a d’fhéadfadh a bheith ann; |
|
119. |
ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an Coimisiún le húdaráis na Rómáine go soláthraíonn an t-údarás bainistíochta torthaí a chuid fíoruithe don údarás iniúchóireachta le haghaidh athbhreithniú neamhspleách ar leormhaitheas an mhodha measúnaithe riosca chun oibríochtaí a bheidh le hathbhreithniú agus seiceálacha a dhéanfar a roghnú, agus chun na torthaí a dheimhniú; ag tabhairt dá haire go gcuirfidh na conclúidí seo leis an ullmhúchán don iniúchadh spriocdhírithe a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a chur i gcrích ag tús 2022 freisin chun éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéanann údaráis na Rómáine a fhíorú ar an láthair; ag tathant ar an gCoimisiún an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi aon fhorbairtí nua agus go háirithe faoi aon cheartuithe airgeadais; |
|
120. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur iriseoirí arís eile a nocht an fhaisnéis maidir le líomhaintí tromchúiseacha den sórt sin agus nach le hiniúchadh ón gCoimisiún a rinneadh an nochtadh; á mheabhrú gur chuir na hiriseoirí in iúl go bhfuil laigí tromchúiseacha agus lúba ar lár i ndlíthe na Rómáine maidir le coinbhleachtaí leasa; á chur i bhfios go láidir gur gá na dlíthe sin a chur i gcomhréir go práinneach le ceanglais Rialachán Airgeadais an Aontais; á mheabhrú gur réamhchoinníoll tábhachtach é reachtaíocht shoiléir gan débhrí i gcoinne coinbhleachtaí leasa ar an leibhéal náisiúnta chun mí-úsáid, éilliú agus calaois a chosc, a bhrath agus a chomhrac; |
|
121. |
á chur in iúl gurb oth léi gurb amhlaidh, mar a léirítear i dtuarascáil speisialta Uimh. 10/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal Gender mainstreaming in the EU Union budget: time to turn words into action [Príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais Eorpaigh: tá beart de réir briathair de dhíth], nach bhfuil leas á bhaint as acmhainneacht shuntasach chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa chun rannchuidiú leis an gcomhionannas inscne agus nach ndéantar príomhshruthú inscne a chur chun feidhme go leormhaith ag gach céim den phróiseas buiséadach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór aghaidh a thabhairt ar phríomhshruthú inscne ar bhealach neamh-mhaorlathach agus gonta trí dhreasachtaí spriocdhírithe éifeachtacha; |
|
122. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCúirt maidir le feidhmíocht CSE, arb ionann í agus 25,9 % d’íocaíochtaí uile an bheartais comhtháthaithe 2014-2020 a rinneadh faoi dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh speansais CSE ó EUR 11,2 billiún in 2019 go EUR 13,7 billiún in 2020 de bharr cur chun feidhme méadaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil an obair a rinne an Chúirt bunaithe ar fhaisnéis feidhmíochta an Choimisiúin, arb éard atá inti, go háirithe, AMPR 2020, na clár-ráitis i ndáil le dréachtbhuiséad 2022, agus príomh-mheastóireachtaí an Choimisiúin, mar aon leis an 7ú Tuarascáil faoin gComhtháthú; |
|
123. |
ag meabhrú a ríthábhachtaí atá CSE, Erasmus+ agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), EGF mar phríomhuirlisí an Aontais chun fostaíocht agus soghluaisteacht mhéadaithe an lucht saothair, oideachas agus gairmoiliúint mhéadaithe le haghaidh scileanna agus foghlaim mhéadaithe ar feadh an tsaoil a chothú agus chun an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, agus chun an bhochtaineacht agus an t-idirdhealú a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Chúirt go bhfuil creat feidhmíochta CSE forbartha go maith agus go dtiomsaíonn an Coimisiún “cóimheas gnóthachtála” le haghaidh táscairí lena ngabhann spriocanna; á chur in iúl gurb oth léi gur chinn an Chúirt gurb amhlaidh, cé gur tháinig méadú ar infhaighteacht na faisnéise feidhmíochta de bharr chreat feidhmíochta CSE, gur fhan an fócas ar ionchuir agus aschuir airgeadais, agus nár díríodh go leormhaith ar thorthaí agus gurb amhlaidh, cé go gcumhdaítear formhór réimsí CSE le meastóireachtaí, go bhfuil gá le hiarrachtaí níos modheolaíche chun tionchar na mbeartas a mheas ó thaobh daoine atá dínasctha ón margadh saothair a shroicheadh; |
|
124. |
ag tabhairt dá haire go léiríonn táscairí go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ag na Ballstáit ó thaobh spriocanna de, gur eisigh an Coimisiún 85 % den chúlchiste feidhmíochta le haghaidh chláir CSE, agus go bhfuil sé mar aidhm ag togra CSE+, 2021-2027 tuilleadh simplithe agus sineirgí a bhaint amach; |
|
125. |
á chur in iúl gurb oth léi, mar gheall ar theorannuithe sonraí agus toisc go raibh a lán oibríochtaí fós ar siúl tráth iniúchta na Cúirte, nach raibh sí in ann teacht ar chonclúid fhoriomlán ar fheidhmíocht iarbhír chaiteachas CSE le linn na tréimhse 2014-2020; |
|
126. |
ag tabhairt dá haire gur mór aici, faoi dheireadh 2020, go raibh tacaíocht faighte ag 45,4 milliún rannpháirtí ó CSE agus ón Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO) agus gur éirigh le 5,4 milliún duine post a bhaint amach (lena n-áirítear daoine féinfhostaithe) faoin dá chlár mar a thuairiscigh an Coimisiún; |
|
127. |
á chur in iúl gur geal léi tionchar na Tacaíochta sealadaí chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú in Éigeandála (SURE) mar a thuairiscigh an Coimisiún sa dara tuarascáil uaidh; ag tabhairt dá haire gur éirigh le SURE an mórthionchar socheacnamaíoch a eascraíonn as paindéim COVID-19 a mhaolú; ag tabhairt dá haire gur thacaigh SURE in 2020 le tuairim is 31 mhilliún duine sna 19 mBallstát is tairbhithe, ar fostaithe iad 22,5 milliún díobh agus 8,5 milliún duine féinfhostaithe, agus gur bhain thart ar 2,5 milliún gnólacht a ndearna paindéim COVID-19 difear dóibh tairbhe as SURE, rud a fhágann go bhfuil siad in ann oibrithe a choinneáil; |
|
128. |
á chur in iúl gur geal léi an méadú ar chur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais faoi gach ciste SIE in 2020 as a dtiocfaidh EUR 10,3 billiún in íocaíochtaí carnacha le faighteoirí deiridh (EUR 4,7 billiún in 2019); |
|
129. |
ag tabhairt dá haire go raibh tógáil Dhroichead Peljesac sa Chróit le cistí comhtháthaithe curtha i gcrích ag cuideachta Síneach atá faoi úinéireacht stáit, a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as tacaíocht ó rialtas na Síne agus as caighdeáin saothair níos ísle agus neamhleora a thabharfadh buntáiste iomaíoch intuigthe ar chuideachtaí an Aontais a bhí ag tairiscint ar an nglao céanna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór don Choimisiún, mar Chaomhnóir na gConarthaí, a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann idir cuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí tríú tíortha i nglaonna agus tairiscintí poiblí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh forálacha láidre maidir le caighdeáin ar leibhéal an Aontais i ndáil le cearta sóisialta agus saothair ina gcuid glaonna ar sholáthar poiblí agus ar thógáil; |
|
130. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go raibh sé beartaithe ag rialtas na hUngáire aerfort “Ferenc Liszt” gar do Bhúdaipeist a náisiúnú agus d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige cistí comhtháthaithe an Aontais a úsáid chun bonneagar a fhorbairt chun luach an aerfoirt a laghdú leis an aidhm costas a dhíshealbhaithe a laghdú, agus dochar á dhéanamh dá úinéirí reatha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an neamhshláine ar na bagairtí sin d’infheisteoirí idirnáisiúnta; á mheabhrú gur baineadh úsáid as cistí comhtháthaithe an Aontais chun an t-aerfort a chómhaoiniú, rud a rachadh chun tairbhe struchtúr oligarchic i gcás díol éigeantach nó neamhdheonach an aerfoirt; ag tabhairt dá haire gur fhorchuir an rialtas bacainní thar a bheith maorlathacha agus ceanglais bhreise ar an oibreoir aerfoirt; á chur in iúl go bhfuil ionadh uirthi faoi thairiscintí ceannaigh níos ísle don aerfort ag olagarchanna atá i dteagmháil dhíreach agus go dlúth leis an bPríomh-Aire; |
|
131. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh an méadú ar phraghasanna tógála agus amhábhar an buiséad iomlán a athrú i gcás cuid mhaith tionscadal agus go bhféadfadh tearcbhuiséadú, garspriocanna caillte, cur chun feidhme dodhéanta a bheith mar thoradh air agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé an bonn a bhaint ó chroíghréasán TEN-T a thabhairt chun críche; |
|
132. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuair gnólacht caipitil fiontair na Portaingéile, Alpac Capital, 88 % de na scaireanna in Euronews, agus gur cosúil, de réir na dtuairiscí, go bhfuil dlúthnasc aige le Príomh-Aire na hUngáire; ag tabhairt dá haire go n-áirítear anois ar bhord eagarthóireachta Euronews triúr arna roghnú ag Alpac agus dá bhrí sin, á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar a neamhspleáchas iomlán eagarthóireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuair Euronews EUR 18,12 milliún ó bhuiséad an Aontais in 2020; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go n-úsáidfear an t-airgead sin ar mhaithe le clúdach nuachta atá oibiachtúil agus bunaithe ar fhíricí ag iriseoirí neamhspleácha; |
Moltaí
|
133. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Acmhainní nádúrtha
|
134. |
ag tabhairt dá haire gurb ionann ceannteideal CAI 2 “Acmhainní nádúrtha” agus 35 % nó EUR 60,6 billiún de bhuiséad an Aontais: den mhéid sin, caitear EUR 41,6 billiún (68,7 %) ar íocaíochtaí díreacha faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), EUR 2,6 billiún (4,3 %) ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh faoi CERT, EUR 14,6 billiún (24,1 %) ar an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), EUR 0,9 billiún (1,4 %) ar an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) agus an chuid eile ar réimsí eile; |
|
135. |
ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt sampla ina raibh 218 n-idirbheart, lena gcumhdaítear 19 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe, a ceapadh chun bheith ionadaíoch do raon iomlán an chaiteachais faoin gCeannteideal CAI sin; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú freisin ar na Tuarascálacha Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe (AS AGRI) agus Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (AS ENV) sa Choimisiún Eorpach, chomh maith le AMPR; |
|
136. |
ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go dtacaíonn obair na Cúirte leis an gconclúid go raibh na híocaíochtaí díreacha ina n-iomláine saor ó earráid ábhartha, agus gurbh ionann iad agus 69 % den chaiteachas faoin gCeannteideal CAI sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí bunaithe ar theidlíocht agus go ngabhann riosca níos ísle earráide leis na híocaíochtaí sin ar choinníoll nach bhfuil na coinníollacha a ghabhann leo casta; á aithint gurb amhlaidh, de réir na Cúirte, gur córas éifeachtach bainistithe agus rialaithe iad na príomhuirlisí bainistithe le haghaidh íocaíochtaí díreacha, an Córas Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR) agus an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (LPIS); ag tabhairt dá haire nár cheart don athchóiriú ar CBT tar éis 2022 a bheith bunaithe a thuilleadh ar chomhlíonadh ach bunaithe ar fheidhmíocht; ag dréim leis go mbeidh tionchar dearfach ag an athrú bunúsach sin ar ráta earráide na n-íocaíochtaí díreacha; |
|
137. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur bhraith an Chúirt earráidí san fhorbairt tuaithe, i mbearta margaidh agus i réimsí caiteachais eile “acmhainní nádúrtha”, arb ionann iad agus 31 % den chaiteachas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an measúnú ón gCúirt go gcuireann coinníollacha incháilitheachta níos casta leis an riosca earráide; á chur in iúl gurb oth léi go meastar an leibhéal earráide a bheith ábhartha sa réimse seo; |
|
138. |
á aithint gur ríomh AS AGRI go raibh an riosca tráth na híocaíochta ag thart ar 1,9 % i gcás chaiteachas CBT ina iomláine in 2020; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt gurb é 2 % an leibhéal earráide, arb ionann é agus méadú 0,1 % i gcomparáid le 2019; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an leibhéal earráide sa chaiteachas ar “acmhainní nádúrtha” gar don leibhéal ábharthachta; |
|
139. |
á chur in iúl gur geal léi an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí nua amhail seiceálacha trí fhaireachán a dhéanamh, agus úsáid á baint as próisis uathoibrithe atá bunaithe ar shonraí satailíte Sentinel ó Chlár Copernicus an Aontais chun comhlíonadh rialacha áirithe de chuid CBT a sheiceáil; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na hathruithe sin a fhormheas do CBT i ndiaidh 2022 freisin agus ag spreagadh na mBallstát chun leas a bhaint as na deiseanna sin a mhéid is féidir; |
|
140. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit an cur chuige nua a fhorbairt i ndáil le seiceálacha trí fhaireachán a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur féidir le gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát na cineálacha seiceálacha sin a dhéanamh ó 2018 i leith, ach á chur in iúl gurb oth léi cumhdach teoranta na seiceálacha sin in 2020; ag tacú leis an moladh ón gCúirt don Choimisiún seiceálacha a chur chun cinn trí fhaireachán a dhéanamh mar phríomhchóras rialaithe do CBT iar-2022; |
|
141. |
á chur in iúl gurb oth léi go mór go bhfágann teip an Choimisiúin sonraí iontaofa a bhailiú maidir le tairbhithe deiridh chistí CBT gurb ann do go leor cásanna neamhréitithe maidir le cistí a aisghabháil ag na Ballstáit; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil úsáid á baint as uirlisí tuairiscithe agus faireacháin, amhail ARACHNE, ach ar bhonn roghnach amháin; |
|
142. |
á chur in iúl gurb oth léi na laigí athfhillteacha arna sainaithint ag an gCúirt maidir leis an riosca ar íocaíocht a dhéanann difear do chaiteachas ar “Acmhainní Nádúrtha”, a bhaineann le rialuithe na mBallstát, rud a léirítear ina staidreamh rialaithe; |
|
143. |
ag meabhrú na laigí arna sainaithint ag an gCúirt maidir le beartais agus nósanna imeachta frith-chalaoise CBT ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit araon; ag meabhrú an mholta a tugadh don Choimisiún sa tuarascáil bhliantúil an bhliain seo caite agus ag tabhairt dá haire go ndearna AS AGRI a straitéis Frith-Chalaoise a nuashonrú in 2020; ag fanacht leis an Tuarascáil Speisialta ón gCúirt maidir le CBT agus bearta frithchalaoise, ar cuireadh moill uirthi go dtí an dara ráithe de 2022, chun mionanailís a dhéanamh ar an staid mar atá faoi láthair; |
|
144. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, 29 cás OLAF a bhaineann le cistí struchtúracha agus talmhaíochta sa Bhulgáir; á chur in iúl gur cúis imní di torthaí an staidéir ar thionchar na coireachta eagraithe ar leasanna airgeadais AE inar sainaithníodh an chuid is mó de sháruithe sa Bhulgáir a bheith i réimse an mhaoinithe talmhaíochta, go háirithe i réimse na bhfóirdheontas do bharra talmhaíochta, chomh maith le tógáil tithe aíochta “bréaga” a úsáidtear go hiarbhír mar thithe príobháideacha; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas nach teoranta don Bhulgáir amháin atá an tsaincheist maidir le tithe aíochta “bréaga” a chómhaoinítear ag AE, toisc gur sainaithníodh saincheisteanna comhchosúla sa tSlóvaic agus sa tSeicia freisin; ag tabhairt dá haire go bhfuil faireachán á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an staid agus á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún beart cinntitheach gan mhoill i gcoinne na gcineálacha sin calaoise fóirdheontais; ag tabhairt dá haire freisin nár chuir údaráis na Bulgáire san áireamh maoiniú do bhearta comhchosúla i gclárthréimhse reatha 2021-2027; |
|
145. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb amhlaidh, de réir Thuarascáil Speisialta Uimh. 16/2021 ón gCúirt, Common Agricultural Policy and climate – Half of EU climate spending but farm emissions are not decreasing [An Comhbheartas Talmhaíochta agus an aeráid – Leath de chaiteachas an Aontais ar an aeráid ach níl astaíochtaí feirme ag laghdú], nach bhfuil astaíochtaí beostoic tar éis laghdú de bharr CBT, go bhfuil méadú ag teacht ar astaíochtaí ó leasacháin agus ó aoileach ar ithreacha, nár tháinig méadú foriomlán ar an gcion carbóin a stóráiltear in ithreacha agus i bplandaí mar thoradh ar bhearta CBT, agus nár léiríodh leis na hathruithe a rinneadh sa tréimhse 2014-2020 ar CBT a uaillmhian nua i dtaobh na haeráide; |
|
146. |
á chur in iúl gurb oth léi, de réir mar a chinn an Chúirt ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 20/2021 Sustainable water use in agriculture: CAP funds more likely to promote greater rather than more efficient water use [Úsáid inbhuanaithe uisce sa talmhaíocht: is mó an dóchúlacht go mbainfear tuilleadh úsáide seachas úsáid níos éifeachtúla as uisce de bharr cistí CBT], gur beag an spreagadh a thugtar le híocaíochtaí díreacha ó CBT chun úsáid éifeachtúil a bhaint as uisce, agus nach ndéantar le cistí forbartha tuaithe agus le bearta margaidh úsáid inbhuanaithe uisce a chur chun cinn go suntasach; |
|
147. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ann, de réir Thuarascáil Speisialta 13/2020 ón gCúirt dar teideal Biodiversity on farmland: CAP contribution has not halted the decline [Bithéagsúlacht ar thalamh feirme: níor chuir ranníocaíocht ó CBT stop leis an meath], do laigí i ndearadh straitéis bhithéagsúlachta an Aontais, i gcomhordú an straitéis sin le CBT agus san fhaireachán a dhéantar air; á chur in iúl gurb oth léi gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid gur beag an tionchar dearfach atá ag an gcuid is mó de chistiú CBT ar an mbithéagsúlacht; |
|
148. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá leithdháileadh cothrom CBT, lenar cheart, ar thaobh amháin, aon mhí-úsáid cistí a sheachaint, go háirithe ag daoine aonair, scothaicmí agus ilchuideachtaí móra a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leo, agus díriú ar fheirmeoirí gníomhacha ar an taobh eile; á thabhairt le fios gur léiríodh i staidéar (7) a rinneadh ar chur chun feidhme chistí CBT gur fadhb mhór í eisíocaíocht chistí talmhaíochta AE i gcúig Bhallstát (8) ar a laghad agus go bhfuil éagothroime shoiléir ann idir leithdháiltí cistí d’fheirmeoirí móra agus beaga, lena ngabhann buntáistí córasacha d’fheirmeacha móra a bhfuil dlúthnaisc ag a dtairbhithe leis na páirtithe polaitiúla atá i gceannas nó ar comhaltaí iad féin de na páirtithe sin ina dtíortha féin (9); |
|
149. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go ndírítear le faisnéis feidhmíochta an Choimisiúin ar ionchuir, ar aschuir agus ar ranníocaíocht airgeadais seachas ar thorthaí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil inmharthanacht eacnamaíoch an iascaigh ag dul i méid; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil na sonraí maidir leis an dobharshaothrú chomh cinntitheach sin; |
|
150. |
ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Coimisiún ar chaiteachas CEMI i dtaobh cuspóirí comhshaoil; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an nasc idir é sin agus na heochairtháscairí comhshaoil soiléir; á chur in iúl gurb oth léi nach dócha go mbainfear amach cuspóir caomhantais an Chomhbheartais Iascaigh (CBI); |
|
151. |
ag tabhairt dá haire gur thacaigh cistí SIE faoi dheireadh 2020 le breis agus 2 milliún tionscadal in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe agus gur chuidigh siad le 31 500 post a choinneáil agus 4 000 post nua a chruthú san earnáil mhuirí agus iascaigh; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cruthaíodh breis agus 54 000 post nua trí thionscadail a fhaigheann tacaíocht ó chláir forbartha tuaithe agus gur bhain 131 000 feirmeoir óg tairbhe as an tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta; |
Moltaí
|
152. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Slándáil agus saoránacht
|
153. |
ag tabhairt dá haire gur 3,7 % nó EUR 6,3 billiún de bhuiséad an Aontais atá i gceannteideal CAI 3 “Slándáil agus saoránacht”: den mhéid sin caitear EUR 2,6 billiún (40,5 %) ar ionstraim Tacaíochta Éigeandála laistigh den Aontas, EUR 1,6 billiún (25,3 %) ar an imirce agus ar an tslándáil, EUR 1,2 billiún (18,5 %) ar ghníomhaireachtaí díláraithe, EUR 0,2 billiún (3,7 %) ar Bhia agus Beatha, EUR 0,2 billiún (3,8 %) ar Eoraip na Cruthaitheachta, agus an fuílleach ar réimsí eile; |
|
154. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an réimse is suntasaí den chaiteachas leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (ESI), a cuireadh ar bun in Aibreán 2020 chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 trí chistiú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar othair a aistriú agus a iompar ar bhonn trasteorann, ar phearsanra leighis agus ítimí riachtanacha leighis, ar thaighde agus táirgeadh vacsaíní agus cóireálacha, agus ar sholáthairtí tástála a fhorbairt, a cheannach agus a dháileadh; |
|
155. |
á chur in iúl gur díol imní di gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i dTuarascáil Speisialta Uimh. 10/2021 uaithi nár chuir an Coimisiún príomhshruthú inscne i bhfeidhm go leormhaith i mBuiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht príomhshruthaithe inscne a fhorbairt go práinneach chun peirspictíocht comhionannais inscne a chomhtháthú i ngach réimse beartais, lena n-áirítear úsáid a bhaint as sonraí agus táscairí inscne-imdhealaithe; á mheabhrú go bhfuil gá níos práinní le príomhshruthú inscne i bhfianaise thionchar phaindéim COVID-19 ar chúrsaí inscne; |
|
156. |
á chur in iúl gurb oth léi go raibh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta i measc na n-earnálacha is measa a d’fhulaing de dheasca phaindéim COVID-19 in 2020; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, cé gur tugadh isteach bearta solúbtha agus gur tugadh, leis an bhfochlár meán, tacaíocht bhreise do bhaill Europa Cinemas a raibh dúnadh éigeantach orthu (tacaíocht arb ionann í agus EUR 16 mhilliún), gur tearcfheidhmíocht a bhí le sonrú ar an bhfochlár ó thaobh táscairí áirithe, go háirithe ó thaobh mhéid an lucht féachana a bhí i láthair pearsanta ag ócáidí; |
|
157. |
ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt sampla ina raibh 27 idirbheart, a ceapadh chun cur leis an ráiteas dearbhaithe foriomlán seachas a bheith ionadaíoch ar chaiteachas faoin gceannteideal CAI sin; ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ón Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus um Ghnóthaí Baile (AS HOME) agus ón Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (AS CONNECT) agus atá san áireamh in AMPR; |
|
158. |
ag tabhairt dá haire nach raibh an Chúirt in ann an ráta earráide a mheas; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur bhain earráidí do 8 (30 %) de na 27 idirbheart a scrúdaigh an Chúirt; á thabhairt chun suntais gur tháinig an Chúirt ar chásanna de neamhchomhlíonadh forálacha dlíthiúla agus airgeadais, ach nach raibh tionchar airgeadais acu ar bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire go mbaineann na hearráidí le roghnú tionscadal agus le cur i bhfeidhm rialacha soláthair, le tíolacadh doiciméadachta neamhiomláine mar thaca le héilimh ar chostais, agus le feidhmiú lochtach córais TF; |
|
159. |
á chur in iúl gurb oth léi nach raibh sé de chumas ag an gCúirt a torthaí iniúchóireachta a chur i gcomparáid leis an bhfaisnéis arna tuairisciú ag AS HOME agus ag AS CONNECT maidir le rialtacht an chaiteachais mar gheall ar shampla teoranta na 27 idirbheart do 2020; á iarraidh ar an gCúirt a sampla a leathnú agus é a dhéanamh níos ionadaíche maidir leis an réimse caiteachais sin, chun meastóireacht níos doimhne a dhéanamh ar an gceannteideal sin; |
|
160. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCúirt maidir le feidhmíocht an Chiste Slándála Inmheánaí - Teorainneacha agus Víosaí (CSI TV), arb ionann é 8,1 % d’iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh faoi dheireadh 2020 i ndáil leis an gceannteideal CAI sin, bunaithe ar AMPR 2020, na clár-ráitis i ndáil le dréachtbhuiséad 2022, eochairmheastóireachtaí agus tuarascálacha eile; |
|
161. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go raibh difríochtaí suntasacha i gcur chun feidhme na gclár náisiúnta agus go bhfuil bearnaí san fhaisnéis maidir le feidhmíocht an Chiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an méid a chuireann ISF-Teorainneacha agus Víosaí le bainistiú éifeachtach teorainneacha ag brath ar fhaisnéis iontaofa, ábhartha agus chothrom le dáta a bheith ag na Ballstáit i gcórais TF; á chur in iúl gur cúis imní di go gcuirtear bac ar bhainistiú éifeachtach teorainneacha mar gheall ar cháilíocht neamhleor sonraí agus oiliúint na ngardaí teorann; ag tabhairt dá haire go dtugtar, le táscairí feidhmíochta a foilsíodh sa AMPR, léargas dóchasach ar fheidhmíocht an Chiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí; |
|
162. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid nár rannchuidigh an clár go leordhóthanach le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an acquis trí oiliúint; ag tabhairt dá haire gur léiríodh sna cinntí ón gCúirt gur rannchuidigh ISF-Teorainneacha agus Víosa le próiseáil éifeachtach víosaí trí mhaoiniú a chur ar fáil d’uasghrádú a dhéanamh ar 2 680 consalacht (290 % de sprioc 2020); ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil 4 322 ball foirne (38 % de sprioc 2020) oilte sa chomhbheartas víosaí go dtí seo, rud a d’fhéadfadh, de réir na Cúirte, an baol a mhéadú nach ndéanfaí iarratais ar víosaí Schengen a phróiseáil ar bhealach comhchuibhithe; |
|
163. |
á chur in iúl gur geal léi an rath a bhí ar an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht faoin tsraith de lánpháirtiú éifeachtach agus imirce dhleathach agus ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil an sprioc de 2,6 milliún duine don tréimhse 2014-2020 sáraithe go mór toisc go bhfuair beagnach 6 milliún duine sa spriocghrúpa cúnamh lánpháirtíochta; |
|
164. |
á chur i bhfios go láidir gur comhpháirtithe tábhachtacha agus luachmhara cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin iad ENRanna go háirithe i réimse na slándála agus na saoránachta; ag tabhairt dá haire go bhféadfar cistí a íoc le brateagraíochtaí a dháileann an maoiniú agus a chuireann ar aghaidh é chuig balleagraíochtaí nó chuig eagraíochtaí neamhrialtasacha comhpháirtíochta ar an láthair; á chur in iúl gur ábhar imní di nach bhfuil ach forléargas teoranta ag an gCoimisiún ar fhaighteoirí deiridh an chistithe; á chur in iúl gur ábhar mór imní di go bhféadfadh cistí an Aontais a bheith chun tairbhe eagraíochtaí a ghríosaíonn an sceimhlitheoireacht nó an t-antoisceachas, fiú más neamhbheartaithe é sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le rialacha le haghaidh brateagraíochtaí a chuireann cistiú ón Aontas ar aghaidh chuig a mballeagraíochtaí nó chuig eagraíochtaí neamhrialtasacha comhpháirtíochta atá cosúil leis na forálacha maidir le trédhearcacht na dtairbhithe deiridh, na n-úinéirí tairbhiúla agus na bhfochonraitheoirí mar a comhaontaíodh in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán nua na bhForálacha Coiteanna; |
Moltaí
|
165. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
An Eoraip Dhomhanda
|
166. |
ag tabhairt dá haire gurb ionann ceannteideal CAI 4 “an Eoraip Dhomhanda” agus 6,6 % nó EUR 11,4 billiún de bhuiséad an Aontais: den mhéid sin, caitear EUR 3 bhilliún (26,7 %) ar an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (DCI), EUR 2,7 billiún (23,2 %) ar an Ionstraim Eorpach Comharsanachta (IEC), EUR 1,9 billiún (16,9 %) ar an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), EUR 1,9 billiún (16,8 %) ar Chabhair Dhaonnúil, agus an chuid eile ar ghníomhaíochtaí eile agus ar chláir eile; |
|
167. |
ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt sampla ina raibh 75 idirbheart, a ceapadh chun cur leis an ráiteas dearbhaithe foriomlán seachas a bheith ionadaíoch ar chaiteachas faoin gceannteideal CAI sin; ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt freisin rialtacht na faisnéise sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) agus ón Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus um Chaibidlíocht maidir le Méadú (AS NEAR), chomh maith le AMPR; |
|
168. |
ag tabhairt dá haire nach ndearna an Chúirt iniúchadh ar líon leordhóthanach idirbheart chun an leibhéal earráide i ndáil leis an gceannteideal CAI sin a mheas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb amhlaidh, de na 75 idirbheart a scrúdaíodh, a bhain earráidí do 28 (37,3 %) díobh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta ann nár thug ach rochtain theoranta ar dhoiciméid, agus go ndearna roinnt acu sainordú na Cúirte a cheistiú; |
|
169. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur costais neamh-incháilithe, costais nach dtabhaítear, earráidí soláthair phoiblí agus easpa doiciméid tacaíochta iad na catagóirí ginearálta cinntí ón gCúirt i ndáil leis “an Eoraip Dhomhanda”; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur tháinig an Chúirt arís ar roinnt mórthosca a chuir as riocht an staidéar ar ráta earráide iarmharach (RER) a rinne AS NEAR; á cáineadh nach dtéitear, leis an gcreat rialála lena rialaítear an staidéar RER ná leis an gconradh idir AS NEAR agus an conraitheoir RER, i ngleic leis an riosca calaoise ná nach luaitear iontu an riosca calaoise; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil aon nós imeachta ann lena gceanglaítear ar an gconraitheoir tuairisciú a dhéanamh don Choimisiún i dtaobh cásanna amhrasta calaoise i leith bhuiséad an Aontais a bhraitear le linn a chuid oibre RER; |
|
170. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCúirt maidir le feidhmíocht na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais II (IPA II), arb ionann í agus 12,6 % (EUR 5,6 billiún) d’iomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh go deireadh 2020 i ndáil leis an gceannteideal CAI sin; bunaithe ar fhaisnéis feidhmíochta ón gCoimisiún Eorpach, lena n-áirítear AMPR 2020, clár-ráitis i ndáil le dréachtbhuiséad 2022, agus tuarascáil bhliantúil 2020 ar ghníomhaíochtaí ó AS NEAR; agus eochairmheastóireachtaí agus tuarascálacha eile; |
|
171. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil an chuid is mó de na táscairí ar an mbóthar ceart nó nach bhfuil a ndul chun cinn soiléir; á chur i bhfios go láidir gur rogha straitéiseach a bhí sa chur chuige earnála chun feidhmíocht IPA II a fheabhsú; á chur in iúl gurb oth léi nárbh fhéidir é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach; á chur in iúl gurb oth léi go raibh drochthionchar, uaireanta, ag an mbainistiú indíreach a rinne tíortha tairbhíocha ar an éifeachtúlacht oibríochtúil; |
|
172. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil IPA II tar éis freagairt go solúbtha chun cabhrú le géarchéimeanna a mhaolú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil roinnt bearnaí san fhaisnéis faoi fheidhmíocht IPA II; ag tabhairt dá haire go ndeirtear sa bharúil ón gCúirt go bhfuil cur chun feidhme na n-athchóirithe polaitiúla mall ar an iomlán, agus go ndeirtear sa chonclúid uaithi go mbraitheann a ndul chun cinn ní hamháin ar thacaíocht IPA II, ach ar ghnéithe comhthéacsúla eile freisin amhail toil pholaitiúil thairbhí IPA II lena mbaineann; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go raibh tacaíocht an Aontais níos éifeachtaí ó thaobh athchóirithe bunúsacha a chur chun cinn ná ó thaobh a gcur chun feidhme a áirithiú; |
|
173. |
ag meabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag beartas na forbartha agus an chomhair an bhochtaineacht a dhíothú agus an neamhionannas a laghdú agus nár cheart do chistí ach na tairbhithe a bheartaítear dóibh a bhaint amach; |
|
174. |
á áitiú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach na Parlaiminte i bhforbairt comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair le tríú tíortha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta amach anseo faoi réir grinnscrúdú parlaiminteach agus bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta, na freagrachta comhroinnte, na hurraime do chearta an duine, an smachta reachta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta; |
|
175. |
á chur in iúl gur saoth léi nár baineadh ábhar fadhbach agus fuathach i dtéacsleabhair scoile Palaistíneacha go fóill agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhainneachtain leanúnach gníomhú go héifeachtach i gcoinne na fuathchainte agus an fhoréigin i dtéacsleabhair scoile agus go háirithe sna cártaí staidéir nua-chruthaithe; ag athdhearbhú a seasaimh nach mór go mbeadh na téacsleabhair agus na hábhair uile a fhaigheann tacaíocht ó Chistí an Aontais agus a úsáidtear i scoileanna i gcomhréir le caighdeáin síochána, caoinfhulaingthe, cómhaireachtála agus neamhfhoréigean UNESCO; á áitiú, thairis sin, go n-úsáidfear tuarastail na múinteoirí agus na státseirbhíseach san earnáil oideachais a mhaoinítear ó chistí an Aontais amhail PEGASE le haghaidh curaclaim dréachtaithe agus teagaisc lena léirítear caighdeáin síochána, caoinfhulaingthe, cómhaireachtála agus neamhfhoréigean UNESCO, mar a chinn Airí Oideachais an Aontais i bPáras ar an 17 Márta 2015; agus cinntí na Parlaiminte maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do na blianta airgeadais 2016, 2018 agus 2019; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, grinnscrúdú géar a dhéanamh ar an gcaoi ghasta a n-athróidh Údarás na Palaistíne (PA) agus na saineolaithe ábhartha an curaclam; |
Moltaí
|
176. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
Riarachán
|
177. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí faoi cheannteideal 5 de CAI maidir le “riarachán” agus EUR 10,3 billiún in 2020 (6.0 % de CAI). Is ionann an Coimisiún agus EUR 6,3 billiún (60,0 % de na híocaíochtaí faoin gceannteideal sin) agus is ionann caiteachas ar acmhainní daonna agus 68 % den mhéid sin; |
|
178. |
ag tabhairt dá haire nár scrúdaigh an Chúirt ach 48 n-idirbheart a bhí ceaptha chun léiriú a thabhairt ar raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal sin i roinnt institiúidí agus gur scrúdaigh sí freisin córais mhaoirseachta agus rialúcháin áirithe de chuid an Ombudsman Eorpaigh agus na Comhairle; |
|
179. |
ag tabhairt dá haire go scrúdaíonn an Chúirt rialtacht na faisnéise sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ón gCoimisiún, lena n-áirítear tuarascálacha ó na hardstiúrthóireachtaí agus ó na hoifigí atá freagrach go príomha as caiteachas riaracháin; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go measann an Chúirt nach raibh an leibhéal earráide sa chaiteachas ar “riarachán” ábhartha; |
|
180. |
ag tabhairt dá haire gur aimsigh an Chúirt cúig earráid ina sampla i ndáil leis an gCoimisiún, agus gur bhain ceithre cinn acu sin le liúntais don fhoireann agus gur bhain ceann acu le ró-íocaíocht bheag i leith ceadúnais bogearraí; |
|
181. |
á mheabhrú go bhfuil Oifig Phámháistir (PMO) an Choimisiúin freagrach, ar bhonn comhaontaithe ar leibhéal na seirbhíse, as fíorú a dhéanamh ar na coinníollacha dlíthiúla le haghaidh liúntas suiteála agus údarú íocaíochta do liúntas suiteála agus cónaithe do shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil de chuid an Aontais dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle (10) an 29 Feabhra 2016 lena gcinntear díolaíochtaí shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE; |
|
182. |
ag cur a himní in iúl maidir le ráta an-ard ceadaithe na n-iarrataí aistrithe isteach i bpoist san earnáil phríobháideach d’iarfhoireann an Choimisiúin, toisc go méadaíonn sé sin an dóchúlacht go dtarlódh coinbhleachtaí leasa; ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas i ndáil leis an méid sin; |
|
183. |
ag tabhairt dá haire go bhfuair an Coimisiún in 2020 8,001 iarratas tosaigh agus 309 iarratas dearbhúcháin ar rochtain ar dhoiciméid, agus gur deonaíodh rochtain iomlán nó páirteach in 81 % de na cásanna tosaigh, agus gur deonaíodh rochtain níos leithne nó rochtain iomlán fiú i níos mó ná 37 % de na cásanna a ndearnadh athbhreithniú orthu ag céim an dearbhúcháin; |
|
184. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha difriúla ag institiúidí an Aontais maidir le feithiclí oifigiúla a úsáid; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart na rialacha sin a chomhchuibhiú agus gur cheart rannchuidiú na n-úsáideoirí féin a mhéadú go leormhaith i ndáil leis na costais agus chun an buntáiste airgeadaíochta a bhaineann le húsáid den sórt sin a léiriú go cuí; |
|
185. |
á iarraidh ar an gCoimisiún bearta iomchuí a dhéanamh chun na moltaí uile ón gCúirt a chur chun feidhme agus tuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte maidir leis na forbairtí faoin 30 Meitheamh 2022; |
|
186. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa tuisceana ann laistigh d’fhóraim chinnteoireachta agus fhormheasa na comhscéime um árachas breoiteachta (JSIS) maidir le cóireálacha nua, treochtaí leighis nua agus drugaí nár formheasadh go fóill, ar drugaí iad a bhaineann go háirithe le nochtaí úra de néarghalair, neamhoird uath-imdhíonachtaa chomh maith le galair ailse; á iarraidh go ndéanfaidh na comhlachtaí ábhartha in JSIS na forbairtí leighis agus na gnóthachain eolais is déanaí a chur san áireamh go cuí agus go rialta agus liosta na gcóireálacha agus na ndrugaí incháilithe á thabhairt cothrom le dáta; á iarraidh ar JSIS níos mó solúbthachta a léiriú agus pictiúir chliniciúla á measúnú chomh maith le cóireáil agus teiripe ina dhiaidh sin a d’fhéadfadh cabhrú le hothar; á mholadh go dtabharfaí isteach sainghrúpaí, lena bhféadfar cóireálacha nach bhfuil formheasta go fóill, drugaí cógaisíochta, agus cógais a mheasúnú agus a fhormheas chun cáilíocht cóireála iarratasóirí a fheabhsú, an t-ualach maorlathach a laghdú, agus freastal ar an bhfaisnéis leighis is déanaí agus éilimh ar aisíocaíochtaí á láimhseáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas chun tosaigh sa nuálaíocht agus sa teicneolaíocht leighis agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí den tuairim gur cheart an caighdeán sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le cóir leighis a chur ar dhaoine faoi JSIS; |
|
187. |
á chur in iúl gur cúis imní di, áfach, an easpa thromchúiseach trédhearcachta ón gCoimisiún maidir le vacsaíní a cheannach agus a dháileadh san Aontas le linn ghéarchéim COVID-19 in 2020; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, gur dhiúltaigh an Coimisiún rochtain phoiblí a thabhairt ar theachtaireachtaí téacs arna malartú idir Uachtarán an Choimisiúin agus POF na cuideachta cógaisíochta maidir le vacsaín COVID-19 a cheannach; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go measann an tOmbudsman, bunaithe ar a chuid cinntí le linn an fhiosrúcháin ar an gcás seo, gurb ionann é agus drochriarachán; |
|
188. |
ag tabhairt dá haire gur chaith an Coimisiún, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, níos lú méideanna buiséid ar mhisin, ar chomhdhálacha agus ar chruinnithe, agus ar oiliúint freisin, in 2020 ná na méideanna a buiséadaíodh i mbuiséad 2020; ag tabhairt dá haire go ndearnadh cuid den choigilteas chomh maith le leithreasuithe ó réimsí eile caiteachais riaracháin a atreorú chuig riachtanais a bhain leis an bpaindéim, amhail trealamh TFC, lena n-áirítear chun trealamh oifige baile a sholáthar don fhoireann ar fad, agus caiteachas na seirbhíse leighis don fheachtas um vacsaíniú COVID, lena n-áirítear bearta sláintíochta sna hionaid cúraim leanaí; |
|
189. |
á chur i bhfáth nach mór d’institiúidí uile an Aontais, agus go háirithe don Choimisiún, na critéir is airde um chosaint sonraí a urramú maidir le tairiscintí poiblí a phróiseáil agus maidir leis an earra nó leis an tseirbhís atá le soláthar, lena n-éilítear saineolas ar thaobh na n-oifigeach atá i gceannas; |
Scoileanna Eorpacha
|
190. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt earráidí ábhartha sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite chríochnaitheacha do 2020; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, ina theannta sin go dtugann an Chúirt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht chuntais na Scoileanna i gcomparáid le blianta roimhe sin fiú má tá saincheisteanna á n-aimsiú go fóill ag an iniúchóir seachtrach; |
|
191. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go n-aimsíonn an Chúirt laigí go fóill sna córais rialúcháin inmheánaigh, i réimse na hearcaíochta agus i réimse an tsoláthair araon; |
|
192. |
ag tathant ar na Scoileanna Eorpacha obair leantach a dhéanamh go pras ar na moltaí ón gCúirt maidir leis an laige shonrach a fuarthas sa soláthar agus san earcaíocht; |
|
193. |
ag leagan béim, maidir leis na scoileanna Eorpacha, ar an tábhacht a bhaineann le prionsabal na bliantúlachta a urramú agus le sprioc-amanna íocaíochta, rialacha soláthair agus trédhearcacht i nósanna imeachta earcaíochta a urramú; |
Acmhainní daonna
|
194. |
á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a rinne an Coimisiún chun an comhionannas inscne a áirithiú agus ag meabhrú thiomantas Uachtarán an Choimisiúin comhionannas inscne a bhaint amach ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh shaintéarma reatha an Choimisiúin, ar cuspóir é a dtacaíonn an Pharlaimint go hiomlán leis; |
|
195. |
á chur i bhfios go láidir gur iarr sí ar an gCoimisiún cothromaíocht gheografach chothrom a áirithiú dá bhaill foirne ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal meánbhainistíochta agus ar an leibhéal bainistíochta sinsearaí ina bhfuil míchothromaíochtaí láidre i gcónaí, agus, ag an am céanna, na ceanglais sa Rialachán Foirne a chomhlíonadh i ndáil le hinniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí; |
|
196. |
ag athdhearbhú dheacrachtaí institiúidí an Aontais i Lucsamburg baill foirne a earcú de réir a gcuid riachtanas agus ag meabhrú staidéar Eurostat inar léiríodh gur sháraigh an difríocht sa chumhacht cheannaigh idir Lucsamburg agus an Bhruiséil (25,4 %) an tairseach 5 % fiú nuair a eisíodh an tithíocht ó na ríomhanna; |
|
197. |
á áitiú go gcuirfeadh an Coimisiún nós imeachta ceapacháin níos trédhearcaí chun feidhme do gach post, go mór mór poist a bhaineann le bainistíocht, go háirithe i gcomhthéacs na Straitéise nua Acmhainní Daonna; |
|
198. |
á mheabhrú don Choimisiún go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leis na Coimisinéirí a bheith i mbun gníomhaíochtaí nua agus á iarraidh ar an gCoimisiún aird shoiléir a thabhairt ar na cásanna sin; |
|
199. |
á aithint go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar fheidhmiú inmheánach agus ar bhainistiú bhuiséad an Choimisiúin le linn 2020; |
|
200. |
ag athdhearbhú na conclúide ón gCúirt “nach féidir glacadh le haon iompar neamheiticiúil a dhéanann foireann agus baill institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Le hiompar den sórt sin - fiú mura bhfuil ann ach líomhain - meallann sé aird an phobail go mór agus laghdaíonn sé an mhuinín a chuirtear san Aontas. Luaitear iompraíocht mhí-eiticiúil freisin leis an riosca éillithe agus calaoise”; |
|
201. |
ag athdhearbhú ábhar imní na Parlaiminte maidir le foirceannadh an chonartha leis an soláthraí seirbhísí bialainne, a bhris 400 oibrí as a bpost; |
|
202. |
ag meabhrú ábhar imní na Parlaiminte faoin méadú atá ag teacht ar líon na mball foirne ar conradh arna bhfruiliú sa Choimisiún, agus faoi na rioscaí a bhaineann leis an aistriú agus, ina dhiaidh sin, le cailleadh eolais nuair a rachaidh a gconarthaí in éag, gan dearmad a dhéanamh ar pheirspictíocht ná ar shlándáil post na ngníomhairí ar conradh; |
Moltaí
|
203. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
204. |
á iarraidh ar lároifig na Scoileanna Eorpacha obair leantach a dhéanamh ar na moltaí ón gCúirt; |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(3) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2021 maidir le hathbhreithniú an Rialacháin Airgeadais i bhfianaise theacht i bhfeidhm chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, P9_TA(2021)0469.
(4) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le tuairisciú, faireachán agus iniúchóireacht Eorpach a dhigitiú sa togra uaithi le haghaidh athbhreithniú an Rialacháin Airgeadais, arb athbhreithniú é atá le déanamh go luath, P9_TA(2021)0464.
(5) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(7) Sabeb et al 2021: CÉN ÁIT A dTÉANN AIRGEAD AE? ANAILÍS AR CHUR CHUN FEIDHME CHISTÍ CBT SA BHULGÁIR, SA tSEICIA, SAN UNGÁIR, SA tSLÓVAIC AGUS SA RÓMÁIN.
(8) An Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir, an tSlóvaic agus an Rómáin.
(9) Tuarascáil INI ar “CAI 2021-2027: an comhrac i gcoinne struchtúir oligairc, cosaint chistí an Aontais ar chalaois agus ar choinbhleacht leasa” CONT 2020/2126 (INI).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/82 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1698 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le clabhsúr a chur le cuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0258/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus do na freagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ón gCoimisiún ar Bhainistiú agus ar Fheidhmíocht i ndáil le Buiséad an Aontais (COM(2021) 301), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir leis na hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann léi (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020, maille le freagraí na n-institiúidí (3), agus do na tuarascálacha speisialta ón gCúirt Iniúchóirí, |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06001/2022 — C9-0061/2022), |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt do na gníomhaireachtaí i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06004/2022 — C9-0103/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 69, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a thabhairt do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir Chomhphobail a bhainistiú (6), agus go háirithe Airteagal 14(2) agus (3) de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0127/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a bharúlacha sa rún atá ina chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig institiúidí iniúchóireachta náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát, agus socrú a dhéanamh lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(4) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/84 |
CINNEADH (AE) 2022/1699 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-00261/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10) agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0066/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/85 |
RÚN (AE) 2022/1700 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IV — Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0066/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár shainaithin an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) aon laigí suntasacha i dtaca le hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“CBAE”); |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a hoibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine as caiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin CBAE, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheisteanna sonracha maidir le rialtacht na n-idirbheart; |
|
4. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise, agus go léiríonn an Chúirt go bhfuil riosca íseal ag baint le caiteachas den sórt sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur buiséad riaracháin é buiséad CBAE den chuid is mó, agus go n-úsáidtear cuid mhór de sin le haghaidh caiteachas a bhaineann le hacmhainní daonna, foirgnimh agus troscán, trealamh agus costais reatha ilghnéitheacha; ag tabhairt dá haire gurbh ionann é agus EUR 436,6 milliún in 2020 (i gcomparáid le EUR 429,5 milliún in 2019 agus EUR 410 milliún in 2018); |
|
6. |
ag tabhairt dá haire le teann sásaimh an ráta ard cur chun feidhme bhuiséadaigh (99 %) don bhliain airgeadais 2020 (atá beagán níos airde ná an ráta 98,7 % a baineadh amach in 2019); |
|
7. |
ag tabhairt faoi deara gur tiomnaíodh beagnach 75 % de na leithreasuithe a d’úsáid CBAE in 2020 do chaiteachas na gcomhaltaí agus na mball foirne (caiteachas faoi Theideal 1), agus gur bhain an t-iarmhéid ar fad nach mór le caiteachas ar bhonneagar (Teideal 2), go háirithe i réimse na bhfoirgneamh agus i réimse na teicneolaíochta faisnéise (breis agus 25 %); |
|
8. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an cur chuige an-réamhghníomhach atá ann maidir leis na leithreasuithe atá ar fáil a bhainistiú agus maidir leis an bhfaireachán leanúnach chun riachtanais bhreise agus coigiltis bhreise a shainaithint, a raibh aistrithe tráthúla mar thoradh air sin chun déileáil le caiteachas breise a d’eascair as paindéim COVID-19, agus mar chuid d’aistriú fuílleach ag deireadh na bliana, réamhíocaíocht faoi chonradh “ceannach ar léas” a bhain le foirgnimh a mhaoiniú; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar an meán-am íocaíochta in 2020 i gcomparáid le 2019 (25,53 lá i gcomparáid le 32,45 lá) agus méadú suntasach ar chéatadán na sonrasc a fuarthas go leictreonach in 2020 (74 % i gcomparáid le 60 % in 2019); |
|
10. |
ag aithint go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar bhuiséad CBAE in 2020; ag tabhairt faoi deara gur tabhaíodh costais bhreise chun trealamh TF a cheannach, i ngeall ar theilea-obair ghinearálaithe na foirne, chomh maith le trealamh cosanta pearsanta (TCP) agus díghalrán; ag tabhairt faoi deara go raibh coigiltis ann dá bharr sin ar roinnt línte buiséid, go háirithe na línte buiséid a bhain le haistriúchán, saorateangaireacht, oiliúint ghairmiúil, misin, foirgnimh (glanadh, slándáil agus faireachas), troscán, gníomhaíochtaí a bhain le prótacal, cruinnithe agus comhdhálacha; ag tabhairt dá haire, go háirithe, nárbh fhéidir líon suntasach gníomhaíochtaí oiliúna, ar buiséadaíodh EUR 170 000 ina leith, a reáchtáil; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire go ndearna CBAE 14 aistriú buiséid de bhun Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, arbh ionann iad agus EUR 20,4 milliún san iomlán, nó 4,7 % de na leithreasuithe deiridh; ag tabhairt faoi deara gur cumhdaíodh leis an aistriú ba mhó réamhíocaíocht faoi chonradh “ceannach ar léas” a bhain le foirgnimh, agus é mar aidhm leis an t-ualach airgeadais maidir le muirir a bheidh ann amach anseo agus a bhaineann leis an 5ú síneadh le foirgnimh CBAE a laghdú; ag tabhairt dá haire go ndearnadh aistrithe eile chun TCP a cheannach do chomhaltaí agus d’fhoireann CBAE, d’ionadaithe páirtithe agus do chuairteoirí; |
|
12. |
á chur in iúl gurb eol di gur úsáideadh cuid mhór de na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2019 go 2020 (84,78 % nó EUR 20 816 958,83, i gcomparáid le 87,21 % in 2019); |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go raibh an cóimheas inscne foriomlán, arbh ionann mná agus 61 % agus arbh ionann fir agus 39 %, gan athrú i gcomparáid le 2019; ag tabhairt faoi deara go bhfuil líon na mban atá fostaithe níos airde ná líon na bhfear atá fostaithe i mbeagnach gach catagóir foirne (oifigigh, gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb ionann cóimheas inscne na mball foirne AD agus 54 % mná agus 46 % fir, agus gur mná atá in 40 % de poist ardbhainistíochta agus gur fir atá in 60 % de na poist sin; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar chéatadán na mban sa mheánbhainistíocht ó 39 % in 2019 go 41 % in 2020; ag tréaslú le CBAE as na gníomhaíochtaí a rinne sé agus é mar aidhm aige comhionannas inscne a bhaint amach, amhail meantóireacht agus bainistiú tallainne, chun mná a spreagadh chun cur isteach ar phoist ardbhainistíochta agus mheánbhainistíochta; |
|
14. |
ag aithint gurbh ionann an caiteachas breise a bhain le paindéim COVID-19 don bhliain airgeadais 2020 agus EUR 3 mhilliún agus gurbh ionann coigilteas agus EUR 8,5 milliún, rud a chiallaíonn gur féidir glanmhéid an choigiltis a mheas ag EUR 5,5 milliún; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire nár bhain CBAE úsáid as an nós imeachta idirbheartaithe gan fógra a fhoilsiú roimh ré ach in aon chás amháin, chun seirbhísí ailtireachta a fháil do thionscadal tógála CJ10bis (arb ionann an conradh agus EUR 231 500); ag tabhairt dá haire gur fhíoraigh an Chúirt, gan trácht a dhéanamh, na nósanna imeachta um sholáthar poiblí arna n-eagrú ag CBAE chun TCP a fháil agus nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhain le CBAE maidir le rialtacht na n-idirbheart is bun leo; |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil maidir le feidhmiú na Cúirte Ginearálta a cheanglaítear le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); ag aithint gur ghá an tuarascáil a dhréachtú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, rud a chuir bac ar chomhairliúchán agus ar chomhordú le líon mór rannpháirtithe; á chur i bhfáth, de réir na tuarascála sin, go raibh gá le hathchóiriú a dhéanamh ar ollstruchtúr breithiúnach an Aontais chun líon na gcásanna atá ar feitheamh agus fad iomarcach na n-imeachtaí araon a laghdú; ag tabhairt dá haire, agus breithiúna nua agus a mbaill foirne á n-ionchorprú, gur ghá roinnt athruithe struchtúracha, eagraíochtúla agus nós imeachta a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur cuireadh chun suntais san anailís atá sa tuarascáil treochtaí dearfacha áirithe, amhail (i) laghdú suntasach ar fhad na n-imeachtaí, (ii) imscrúdú níos déine ar chásanna agus (iii) cásanna a tharchur níos minice chuig foirmíochtaí seomraí leathnaithe; á chur in iúl gurb eol di nach bhféadfar teacht ar chonclúidí cinntitheacha go fóill maidir leis an athchóiriú ar an gCúirt Ghinearálta ós rud é gur beag am atá caite ón gcéim dheireanach agus nach féidir 2020 a mheas mar bhliain ionadaíoch; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire le teann sásaimh gur éirigh le CBAE leibhéal ard táirgiúlachta a choinneáil in ainneoin phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú beag ar líon na gcásanna atá ar feitheamh os comhair CBAE (1 045 chás an 31 Nollaig 2020 i gcomparáid le 1 102 chás an 31 Nollaig 2019, arb ionann sin agus laghdú 57 gcás); ag aithint gur eascair an laghdú sin as an moilliú ar ghníomhaíocht na gcúirteanna agus na mbinsí náisiúnta ag tús phaindéim COVID-19 agus, rud a d’imir tionchar, ar ndóigh, ar líon na dtarchur nua chun réamhrialaithe (556 in 2020 i gcomparáid le 641 in 2019), in éineacht leis an laghdú ar líon na n-achomharc i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta (131 achomharc in 2020 i gcomparáid le 266 achomharc in 2019); |
|
18. |
ag tabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta (1 497 gcás a bhí ar feitheamh an 31 Nollaig 2020 i gcomparáid le 1 398 gcás an 31 Nollaig 2019); á chur in iúl go dtuigeann sí gur féidir an méadú sin a mhíniú toisc go bhfuil sé de cheangal ar an gCúirt Ghinearálta aon iarraidh réasúnaithe ar éisteacht a dheonú maille leis an riaráiste cásanna mar thoradh ar an tréimhse ama inar dhodhéanta éisteachtaí a reáchtáil; á chur in iúl gur geal léi gur bhain an Chúirt Ghinearálta úsáid as an laghdú 14,4 % ar líon na gcásanna a cuireadh i gcrích in 2020 (748 gcás i gcomparáid le 874 chás in 2019) chun breith suas le héisteachtaí a cuireadh siar, a bhuíochas don chóras éisteachta cianda nua a chuir CBAE ar bun; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gurbh é 15,4 mí meánfhad na n-imeachtaí, sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Ghinearálta araon, in 2020; ag tabhairt dá haire go raibh meánfhad na n-imeachtaí sa Chúirt Bhreithiúnais beagán níos faide in 2020 ná mar a bhí in 2019 (14,4 mí a bhí ann), ach sa Chúirt Ghinearálta laghdaíodh fad na n-imeachtaí (15,4 mí in 2020 i gcomparáid le 16,9 mí in 2019 agus 20 mí in 2018), a bhuí leis an athchóiriú dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 agus na bearta tionlacain, agus in ainneoin chomhthéacs dúshlánach phaindéim COVID-19; |
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
|
20. |
ag tabhairt dá haire an ráta an-ard fostaíochta a bhain leis na poist sa phlean bunaíochta, tuairim agus 97 % a bhí ann in 2020; á chur in iúl go dtuigeann sí gur cuireadh beartas gníomhach earcaíochta chun feidhme trí oirchill agus tuar folúntas agus trí liostaí seachtracha agus inmheánacha iarrthóirí atá ar fáil a úsáid agus, in 2020, mar fhreagairt ar na dúshláin a d’eascair as paindéim COVID-19, trí nósanna imeachta fíorúla roghnúcháin agus trí shreabhadh oibre digiteach feabhsaithe maidir le tograí earcaíochta a fhormheas agus maidir le síneadh a chur le conarthaí ball den fhoireann shealadach agus chonarthach; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go raibh 2 239 mball foirne ann ag deireadh 2020 (60 % ina n-oifigigh, 32 % ina ngníomhairí sealadacha agus 8 % ina ngníomhairí ar conradh), i gcomparáid le 2 256 bhall foirne ag deireadh 2019 (62 % ina n-oifigigh, 30 % ina ngníomhairí sealadacha agus 8 % ina ngníomhairí ar conradh); |
|
22. |
ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an easpa cothromaíocht inscne i gcoláiste na mbreithiúna agus thiomantas Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach; á chur in iúl gurb eol di gurb iad rialtais na mBallstát a cheapann comhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta de thoil a chéile agus nach bhfuil aon cheart ag CBAE a bheith rannpháirteach maidir le breithiúna nó abhcóidí ginearálta a roghnú, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil aon ról ag an gComhairle ná ag an bParlaimint ina leith sin; á chur in iúl gur cúis díomá di, áfach, gur beag an tionchar a bhí ag an athchóiriú struchtúrach a tugadh chun críche in 2019 ar an tsaincheist sin; á iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Ginearálta aird rialtais na mBallstát a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne a áirithiú sna ceapacháin nuair a dhéanfar an Chúirt Ghinearálta a athnuachan go páirteach; |
|
23. |
ag leagan béim ar na deacrachtaí atá ag institiúidí an Aontais i Lucsamburg an fhoireann is gá a earcú; á chur i bhfios go bhfuil innéacsú na dtuarastal i Lucsamburg ar cheann de na príomhthosca; á mholadh do na hinstitiúidí lena mbaineann cur chuige comhordaithe agus aonair a bheith acu i leith an Choimisiúin i dtaca leis an tsaincheist sin; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire go n-áirítear sna socruithe solúbtha oibre atá ar fáil ag CBAE obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, fleisc-am agus teilea-obair; ag tabhairt dá haire go bhfuil éagothroime fós ann ó úsáideoirí na socruithe oibre sin go chéile i bhfabhar baill foirne ar mná iad; á mholadh go rachadh CBAE i mbun cumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin, agus céimeanna a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuirtear pionós, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na bhfostaithe lena mbaineann mar gheall ar úsáid a bheith á baint acu as na socruithe solúbtha oibre atá ar fáil; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta breise a glacadh in 2020 chun feabhas a chur ar dhea-bhail na foirne le linn phaindéim COVID-19, lena n-áirítear líon na n-uaireanta is incheadaithe chun dul i gcomhairle le síceolaithe a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bainisteoirí a threorú agus go mbeidís rannpháirteach i ndea-bhail na mball foirne a chosaint mar aon lena gceart chun dícheangail a chosaint chun cothromaíocht oibre is saoil a chaomhnú tráth a bhfuil socruithe maidir le cianobair á gcomhtháthú i gcultúr CBAE; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire go raibh 27 gcás fhéideartha tnáite ann in 2020, a bhféadfadh sé go bhfuil ar áireamh orthu cásanna nach raibh nasc díreach nó indíreach acu leis an ualach oibre ná le dálaí oibre; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht arna tairiscint ag seirbhís leighis CBAE do na baill foirne lena mbaineann, agus gur fostaíodh siceolaí in 2019 chun cabhrú go gníomhach le baill foirne a bhfuil deacrachtaí acu; á chur in iúl gur mór aici go raibh sraith cúrsaí oiliúna do na bainisteoirí go léir bunaithe ar choincheap bainistíochta daoine, lena n-áirítear modúil a bhí dírithe ar fhéineolas agus ar bhainistíocht mothúcháin arna gceapadh chun an mheabhairshláinte san ionad oibre a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi na cúrsaí oiliúna a soláthraíodh i réimsí na bainistíochta coinbhleachta agus chosc an tnáite, a tairgeadh l i bhformáid fhíorúil don fhoireann ar fad; á chur in iúl, mar sin féin, is ábhar imní i gcónaí di líon ard na gcásanna tnáite in CBAE le blianta beaga anuas; á iarraidh ar CBAE leanúint d’fhaireachán cúramach a dhéanamh ar thionchar an ualaigh shíormhéadaithigh oibre ar dhea-bhail na foirne, lena n-áirítear úsáid a bhaint as suirbhéanna ar shástacht na foirne, chun a thuiscint cad as a bhféadfadh na fadhbanna teacht agus chun féachaint ar réitigh fhéideartha; |
|
27. |
ag moladh CBAE as an aird a tugadh ar na baill sin den fhoireann a bhíonn ag teilea-obair, lena n-áirítear, i dteannta sholáthar uirlisí TF, soláthar cathaoireacha oifige eirgeanamaíocha, agus é ar intinn aige trealamh breise a sholáthar le linn 2021; ag tabhairt faoi deara go bhfuil an rún sin mar chuid de na bearta arb é is aidhm dóibh comhtháthú fadtéarmach na teilea-oibre i socruithe oibre CBAE a neartú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an trealamh ar fad a chuirtear ar fáil do bhaill foirne le haghaidh teilea-oibre fós faoi úinéireacht CBAE agus go dtabharfar ar ais é arna iarraidh sin don riarachán nó, in aon chás, ar fhoirceannadh seirbhíse; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil foireann ó na Ballstáit uile fostaithe ag CBAE, agus nach bhfuil ach dhá náisiúntacht ar iarraidh sa mheánbhainistíocht agus sa bhainistíocht shinsearach; á iarraidh ar CBAE faisnéis ábhartha a fháil ó mhalartuithe idirinstitiúideacha agus gach modh atá ar fáil a úsáid agus aon bhacainní a bhaint chun iarratais ó iarrthóirí a bhfuil a náisiúntacht tearcionadaithe a spreagadh ionas gur féidir dáileadh geografach inghlactha a bhaint amach; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh fiosrúchán riaracháin mar fhreagairt ar ghearán amháin a taisceadh in 2020 inar líomhnaíodh ciapadh morálta agus gnéasach; á chur in iúl gurb eol di gur chinn an t-údarás ceapacháin ag deireadh an fhiosrúcháin riaracháin agus ar bhonn a chonclúidí nach ndearnadh aon chiapadh morálta ná gnéasach; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi go n-eagraítear gníomhaíochtaí múscailte feasachta foirne, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin agus cainteanna ag am lóin, maidir le gnéithe a bhaineann le comhionannas deiseanna, le héagsúlacht agus le cuimsiú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go bhfuil na hionadaithe comhionannais deiseanna agus éagsúlachta atá ag CBAE rannpháirteach i ngrúpaí idirinstitiúideacha agus i meitheal EPSO maidir leis an éagsúlacht i nósanna imeachta earcaíochta, d’fhonn dea-chleachtais a chomhroinnt agus cur chuige comhchoiteann comhchuibhithe a chur chun feidhme arb é is aidhm dó cuimsiú laistigh d’institiúidí an Aontais a neartú; ag tabhairt dá haire gur ghlac aonad oiliúna agus forbartha CBAE an fhreagracht chuige féin as obair chill an chomhionannais deiseanna agus na héagsúlachta a stiúradh ó mhí na Bealtaine 2021; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di gurb amhlaidh, as measc an 223 oiliúnaí a bhí rannpháirteach in 2020, a tháinig méadú go 72 % ar chéatadán na n-oiliúnaithe a fuair íocaíocht, i gcomparáid le 48,5 % in 2019; á chur in iúl gurb eol di gurb é 2020 an dara bliain de chur chun feidhme na scéime oiliúna íoctha in oifigí príobháideacha na gcomhaltaí; á aithint go ndearnadh dul chun cinn agus á iarraidh ar CBAE a áirithiú go bhfaigheann a chuid oiliúnaithe go léir luach saothair fónta ar aon dul le luach saothair institiúidí eile an Aontais, cé is moite d’oiliúnaithe a fhaigheann íocaíochtaí ó fhoinsí eile; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire, tar éis tuarascála in 2019, gur ordaíodh fiosrúchán inmheánach faoi scáth rialacha inmheánacha CBAE maidir le sceithireacht lenar cinneadh nárbh fhéidir, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil, a mheas go raibh bunús leis na cúisimh; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil imeachtaí náisiúnta ar siúl i ndáil leis na fíorais a líomhnaítear; á iarraidh ar CBAE faireachán a dhéanamh ar chinneadh críochnaitheach na n-imeachtaí náisiúnta i gcás inar gá an fiosrúchán inmheánach a athoscailt agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar aon eolas faoi staid an fhiosrúcháin; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
33. |
á chur i bhfios, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagail 253, 254 agus 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb é an neamhspleáchas an príomhchoinníoll chun dualgais breithimh nó abhcóide ghinearálta a chomhlíonadh; |
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil chuig Coiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach maidir le coinbhleachtaí leasa chomhaltaí CBAE a chosc; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcomhcheanglaítear leis an gcóras atá i bhfeidhm faoi láthair sásraí coisctheacha is infheidhme ar bhonn ginearálta agus ar shannadh cásanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról suntasach ag dearbhú leasa na gcomhaltaí sa chóras coiscthe agus gur díol sásaimh di an cód iompair a glacadh in 2021 lena méadaítear ábhar an dearbhaithe leasa; á thabhairt chun suntais go bhfuil feidhm ag an gcóras coiscthe maidir le fad iomlán an téarma oifige agus maidir leis an tréimhse i ndiaidh an téarma oifige, agus go n-áirítear leis tréimhse mharana 3 bliana agus roinnt neamh-chomhoiriúnachtaí absalóideacha gan aon teorainn ama; |
|
35. |
ag aithint fhreagairt CBAE ar iarraidh na Parlaiminte go ndéanfadh tríú páirtí neamhspleách athbhreithniú ar dhearbhuithe leasanna airgeadais a chomhaltaí agus go ndéanfaí a mheas an ann do choinbhleachtaí leasa; á chur in iúl go dtuigeann sí go ndéanfadh tríú páirtí athbhreithniú ar na dearbhuithe nuair a dhéanfar iad a chur i gcomhad, cé nach dtiocfaidh coinbhleacht leasa chun cinn go dtí go sannfar cás iarbhír don chomhalta; á chur in iúl go dtuigeann sí, ar an dóigh chéanna, go ndéanann an tUachtarán anailís níos leithne cás ar chás sula sanntar cásanna, ní hamháin chun cáilíocht agus neamhchlaontacht an cheartais a áirithiú ach freisin chun an t-ualach oibre a dháileadh ar na comhaltaí ar bhealach optamach; á chreidiúint, agus an méid thuas á chur san áireamh, go mbainfeadh CBAE tairbhe as tríú páirtí neamhspleách a chuirfeadh rialuithe ex post ar na cinntí sin chun feidhme; |
|
36. |
á chur in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé cód iompair ginearálta athbhreithnithe a ghlacadh do bhaill foirne, ina gcomhtháthaítear forálacha maidir le “doirse imrothlacha” maidir le baill foirne shinsearacha, coinbhleachtaí leasa, gníomhaíochtaí seachtracha, gníomhaíochtaí gairme tar éis an tseirbhís a fhágáil, fostaíocht shochrach céilí agus foilseacháin; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de réir CBAE, a bheadh athbhreithniú ginearálta tugtha críche faoi dheireadh 2021, agus á iarraidh go gcuirfear ar an eolas go cuí é maidir lena thabhairt chun críche; |
|
37. |
á iarraidh ar CBAE suirbhéanna a sheoladh maidir le feasacht foirne ar an gcreat eiticiúil agus nósanna imeachta do sceithirí chun na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta a shainaithint; ag tabhairt faoi deara nach raibh ach líon beag, 70 ball foirne, rannpháirteach i sé chúrsa oiliúna dar teideal “Rialacha dea-iompair” agus, dá bhrí sin, á mholadh do CBAE bealaí a aimsiú chun rannpháirtíocht na foirne i gcúrsaí oiliúna a bhaineann le creat eiticiúil CBAE a mhéadú; |
|
38. |
ag aithint na hiarrachtaí atá déanta ag CBAE trédhearcacht agus inrochtaineacht faisnéise i dtaca le faisnéis faoi ghníomhaíochtaí seachtracha a chomhaltaí a mhéadú; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil uirlis á forbairt ag CBAE lena bhféadfaí, gan ualach a chur ar acmhainní na seirbhísí, foilsiú ilteangach faisnéise faoi na gníomhaíochtaí sin a chothabháil agus faisnéis bhreise arna hiarraidh ag an bParlaimint á comhtháthú; ag tabhairt dá haire go meastar go mbeidh an uirlis sin oibríochtúil ag tús 2022 agus á iarraidh ar CBAE an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta; |
|
39. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag CBAE feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear na comhaltaí i láthair ar a shuíomh gréasáin trí ghnéithe breise a áireamh, amhail poist oinigh nó teidil arna mbronnadh, agus comhaltais i bhfondúireachtaí agus i gcomhlachtaí comhchosúla i réimsí éagsúla; ag tabhairt dá haire gur eisigh CBAE ráiteas go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin faoi dheireadh 2021; á mholadh do CBAE leas a bhaint as an athbhreithniú sin ar a shuíomh gréasáin chun é a dhéanamh níos soláimhsithe don úsáideoir; |
|
40. |
ag spreagadh CBAE leanúint de réitigh nuálacha a shaothrú mar iarracht a bheith níos trédhearcaí i leith an phobail, trína chuid éisteachtaí poiblí a chraoladh agus trí thaifeadtaí díobh a chur ar fáil ar líne; á chreidiúint go mbeadh an feabhsú sin ar thrédhearcacht i gcomhréir le hAirteagal 15 CFAE agus go rachadh sé chun tairbhe do gach duine a oibríonn i réimse an dlí san Aontas nó a bhíonn ag déanamh staidéir air; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
41. |
á chur in iúl gurb oth léi go raibh iallach ar an gCúirt Bhreithiúnais agus ar an gCúirt Ghinearálta na héisteachtaí go léir a bhí sceidealaithe lena reáchtáil idir lár mhí an Mhárta agus tús mhí an Mheithimh 2020 a chur ar ceal nó a chur siar mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus an easpa bonneagair TF agus toisc nach raibh na coinníollacha riachtanacha ann leis na héisteachtaí sin a reáchtáil; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais ceisteanna lena n-éilítear freagra i scríbhinn a chur in ionad roinnt éisteachtaí; ag tabhairt faoi deara nach bhféadfaí réiteach comhchosúil a chur chun feidhme sa Chúirt Ghinearálta mar go bhforáiltear leis na rialacha nós imeachta gur gá éisteacht a thionól nuair a thíolacann príomhpháirtí iarraidh réasúnaithe chuige sin; ag moladh úsáid acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais chun córas aonair, slán físchomhdhála a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar córas é lena bhféadfaí ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh do na 24 theanga oifigiúla chun leas ionadaithe na bpáirtithe nach raibh in ann taisteal go Lucsamburg i ngeall ar shrianta taistil a forchuireadh sna Ballstáit; ag tréaslú le CBAE as gradam an Ombudsman Eorpaigh don Dea-Riarachán a bhuachan sa chatagóir barr feabhais sa nuálaíocht/claochlú as ucht a chórais le haghaidh éisteachtaí cianda; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar spéise di, go raibh ráta úsáide e-Curia ard in 2020, ar ráta é a mhéadaigh le linn phaindéim COVID-19 agus arbh ionann é, go nithiúil, agus méadú 12 % ar líon na gcuntas (7 378 gcuntas faoi dheireadh 2020 i gcomparáid le 6 588 gcuntas faoi dheireadh 2019) agus céatadáin arda doiciméad nós imeachta a taisceadh os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta (79 % agus 95 % faoi seach); á chur i bhfios go láidir gur tháinig méadú suntasach ar líon na gcuntas a d’oscail cúirteanna agus binsí náisiúnta (ó 45 chuntas ag deireadh 2019 go 121 chuntas ag deireadh 2020) i ngeall ar an muinín a bhí ag úsáideoirí as an gcóras sin agus an méadú a tháinig ar an spéis a chuir na páirtithe uile lena mbaineann in úsáid uirlisí digiteacha; ag spreagadh CBAE e-Curia a fhorbairt tuilleadh; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire, leis an teilea-obair a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, gur díol sásaimh do na baill foirne é go bhfuil dlús as cuimse curtha leis an digitiú agus le simpliú sreafaí oibre agus próiseas cinnteoireachta i ngníomhaíochtaí riaracháin agus breithiúnacha araon; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar dhigitiú luathaithe an phoist i ngeall ar an bpaindéim, go raibh coigilteas ann i dtaobh muirir phoist a bhí mar chuid den bharrachas buiséid a aistríodh chuig úsáid eile; |
|
44. |
ag tabhairt faoi deara go ndearnadh infheistíocht mhéadaithe i dtionscadail agus trealamh TF (EUR 13,5 milliún in 2020 i gcomparáid le EUR 9 milliún in 2019); á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme SIGA (córas comhtháite bainistithe cásanna) agus HAN (córas bainistithe doiciméad riaracháin) in ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis an bpaindéim; ag tabhairt dá haire gur síníodh an conradh do thionscadal SIGA in 2020; á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a baineadh as ionstraimí eile amhail ríomhshínithe (EU SIGN, arna soláthar ag an gCoimisiún) do dhoiciméid riaracháin agus bhreithiúnacha araon; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go bhfuil uirlis faireacháin ar na meáin á cur chun feidhme laistigh de stiúrthóireacht na cumarsáide, bunaithe ar dhlúthchomhar le lárionad comhpháirteach taighde an Choimisiúin; |
|
46. |
á mheabhrú gur ábhar imní di na himpleachtaí do chearta an duine a bhaineann le hintleacht shaorga (IS) a úsáid i gcórais bhreithiúnacha; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún Eorpach le haghaidh Éifeachtúlacht an Cheartais tagairt don Chairt Eorpach Eitice maidir le hÚsáid na hIntleachta Saorga i gCórais Bhreithiúnacha agus ina dtimpeallacht agus don fhíoras gur cheart gur oibreoir daonna i gcónaí a dhéanfadh faireachán agus a d’aimseodh réiteach ar na tascanna a dhéantar agus leas á bhaint as IS; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh an méadú ar líon na gcásanna a bheith ina bhac ar cháilíocht anailís dhlíthiúil CBAE; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi oibreoirí na n-uirlisí IS a úsáidtear; ag tabhairt rabhadh do CBAE maidir leis na rioscaí don phríobháideacht agus don tslándáil agus seirbhísí seachtracha néalríomhaireachta á n-úsáid acu; |
|
47. |
ag tabhairt dá haire gur bhliain dhúshlánach a bhí in 2020 a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil in institiúidí an Aontais ach gur éirigh le CBAE aon teagmhas mór a chosc ós rud é gur cuireadh bac go huathoibríoch ar fhormhór mór na n-ionsaithe ar leibhéil éagsúla a bhuí leis na córais chosanta atá i bhfeidhm; |
|
48. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá ról CBAE mar chuid de bhord stiúrtha na Foirne Práinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU) agus mar chomhalta den Choiste Idirinstitiúideach um Chlaochlú Digiteach (ICDT), a bhfuil baint acu le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme; |
|
49. |
á chur in iúl gur geal léi gur seoladh cúrsaí múscailte feasachta maidir le cosaint sonraí, atá leabaithe sa chlár ionduchtúcháin do dhaoine nua agus a chuirtear ar fáil do cheannairí ranna agus comhaltaí, maidir le dea-chleachtais agus sonraí pearsanta á láimhseáil, chomh maith le bróisiúir agus cur i láthair maidir le dea-chleachtais agus cearta na ndaoine lena mbaineann a scaipeadh laistigh de CBAE; |
|
50. |
ag tabhairt faoi deara go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) dhá imscrúdú a oscailt in 2020, ceann amháin maidir le húsáid fianán ar shuíomh gréasáin CBAE (arna chur i gcrích ag MECS ar bhonn leordhóthanacht na mbeart a ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh idir an dá linn) agus ceann eile (atá fós ar feitheamh) maidir le seirbhísí gréasáin tríú páirtí a bheith á n-úsáid ag CBAE (amhail YouTube, Twitter, LinkedIn, Google Play agus Apple) agus an oibleagáid bunbhrí i gcomhaontú rialaitheora chomhpháirtigh a chur ar fáil; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí leantacha a rinneadh chun CBAE a ailíniú le moltaí MECS; |
|
51. |
á chur in iúl gur geal léi tionscnamh CBAE méadú a dhéanamh ar a inrochtana atá sé ag an bpobal trí chlár cianchuairteanna ar CBAE a thairiscint, lena n-áirítear turas treoraithe trína áitribh agus cruinniú le duine de na breithiúna nó na habhcóidí ginearálta; á iarraidh ar CBAE an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi chostas an tionscnaimh sin, faoi raon beartaithe na rannpháirtithe, faoi na forálacha arna gcur i bhfeidhm chun sonraí pearsanta na rannpháirtithe a chosaint agus faoi shonraí an chur chun feidhme; |
Foirgnimh agus slándáil
|
52. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh 100 % den chaiteachas faoin ítim bhuiséadach “ceannach ar léas” (EUR 54 781 083) a chur chun feidhme, ar méid é sin a chomhfhreagraíonn do na muirir is iníoctha faoi na conarthaí a tugadh i gcrích le húdaráis Lucsamburg chun foirgnimh éagsúla CBAE a cheannach, a athchóiriú agus a thógáil, don réamhíocaíocht faoin gconradh “ceannach ar léas” i leith an tionscadail don chúigiú síneadh le foirgnimh CBAE, agus do réamhíocaíocht pháirteach maidir le ceann de na hiasachtaí a comhaontaíodh chun an tionscadal sin a mhaoiniú; |
|
53. |
ag tabhairt dá haire gur bunaíodh barrachas buiséid (EUR 190 000) d’ítim 2022 “Glanadh agus cothabháil”, go háirithe mar gheall ar theilea-obair ghinearálaithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19, rud a d’fhág go rabhthas in ann cuid den aistriú fuílleach deireadh bliana a mhaoiniú; |
|
54. |
á chur in iúl gur geal léi an breithniú arna dhéanamh ar na moltaí a d’eisigh na Comhchoistí um Chomhionannas Deiseanna de chuid institiúidí an Aontais maidir le feabhsuithe do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile, i measc nithe eile, chun pointí teagmhála a chruthú in ollscoileanna chun mic léinn faoi mhíchumas a chur ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta in institiúidí an Aontais, maidir le hailíniú chur chuige institiúidí an Aontais ó thaobh cúram agus cumhdach leighis de, agus maidir le tacaíocht níos córasaí i dtéarmaí lóistíochta; |
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
55. |
á chur in iúl gur geal léi an iliomad gníomhaíochtaí a glacadh chun cláir faoi scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) a chur chun feidhme agus chun an straitéis a shainiú chun lorg carbóin CBAE a laghdú agus foinsí glana fuinnimh á bhforbairt, mar shampla trí ghrianphainéil a shuiteáil ar fhoirgnimh uile CBAE; ag spreagadh CBAE leanúint de bhearta a dhéanamh chun a lorg comhshaoil a laghdú; |
|
56. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil CBAE tiomanta d’úsáid réasúnach agus fhreagrach páipéir a chothú agus dá thomhaltas a laghdú, agus go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar thomhaltas páipéir (laghdú 63,7 % i gcomparáid le 2015 agus laghdú 56 % i gcomparáid le 2019); ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh buiséad dar luach EUR 640 000 ag dul do pháipéar bán i gcónaí in 2020; á chur in iúl gur geal léi cleachtas CBAE ó 2020 i leith gan ach páipéar de thionscnamh foraoisí atá á mbainistiú go hinbhuanaithe a úsáid, rud atá ina chritéar barr feabhais i mbainistiú páipéir de réir an Doiciméid Tagartha Earnála arna fhoilsiú ag an gCoimisiún; á iarraidh ar CBAE leanúint dá hiarrachtaí a bheith ina institiúid saor ó pháipéar; |
|
57. |
á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE i scéim fritháirimh astaíochtaí gás ceaptha teasa na Parlaiminte, arb é is aidhm di astaíochtaí carbóin ríofa na n-institiúidí rannpháirteacha a fhritháireamh trí chreidmheasanna carbóin a cheannach ar an margadh deonach chun tionscadail sheachtracha chomhshaoil a mhaoiniú i réigiúin na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin; ag tabhairt dá haire gur chumasaigh an scéim in 2020 cistiú sorn atá breoslaithe le hadhmad lena ngabhann an deimhniú “caighdeán óir” agus tionscadail aisghabhála gáis láithreáin líonta, chun 23 000 tonna de choibhéis CO2 a fhritháireamh; |
|
58. |
á chur in iúl gur geal léi go gcuimsítear sa straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe a bhunaigh CBAE ní hamháin gníomhaíochtaí feasachta ach freisin gníomhaíochtaí nithiúla amhail rannpháirtíocht sa tSeachtain Eorpach Soghluaisteachta agus san áis féinfhreastail rothar vel’OH!, fóirdheontas a thabhairt don iompar poiblí bliantúil trasteorann, stáisiúin luchtaithe a shuiteáil i gcarrchlóis CBAE, cúinsí ábhartha a chur san áireamh maidir le flít gluaisteán an chomhalta a bhainistiú agus líon áirithe racaí rothar atá dáilte go maith a chur ar fáil in éineacht le cithfholcadáin agus taisceadáin; |
|
59. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé critéir chomhshaoil a chomhtháthú i ngach céim den phróiseas soláthair; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht CBAE sa deasc chabhrach idirinstitiúideach um Sholáthar Poiblí Glas chun cabhrú leis na baill foirne atá freagrach as earraí, seirbhísí agus oibreacha a roghnú agus a cheannach a bhfuil an tionchar is ísle acu ar an gcomhshaol le linn a saolré, lena n-áirítear go minic clásail maidir le comhionannas deiseanna a chur chun cinn; |
|
60. |
ag tabhairt faoi deara go n-áirítear i ndearbhú bliantúil CBAE táscaire maidir le soláthar poiblí glas chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a ionchorpraítear clásail maidir le cosaint an chomhshaoil i ndoiciméid soláthair; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
61. |
á chur in iúl gur geal léi spéis CBAE sna meáin shóisialta agus in ardáin eile chun scaipeadh faisnéise níos fearr a áirithiú; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-amharc (méadú 42 % i gcomparáid le 2019) ar chainéal YouTube CBAE agus go bhfuil ag éirí go maith le húsáid LinkedIn (tháinig méadú faoi thrí ar leantóirí ó 30 000 in 2019 go dtí níos mó ná 90 000 in 2020); |
|
62. |
á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a chlár gníomhaíochtaí próiseála a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Curia, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2021; |
|
63. |
á iarraidh ar CBAE tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar úsáid aistriúcháin néaraigh trí innill shonracha, chomh maith le roghanna eile, i gcomhar leis an gCoimisiún, le hIonad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil, lena n-áirítear an fhéidearthacht freastalaithe a shuiteáil ar áitribh CBAE ar a bhféadfadh uirlisí aistriúcháin a rith lena sárófaí roinnt de na srianta ar na doiciméid is rúnda; |
|
64. |
ag tabhairt dá haire gur éirigh le CBAE a nósanna imeachta maidir le cumarsáid inmheánach a oiriúnú ó mhí na Bealtaine 2020; á chur i bhfios go ndearnadh an meán seachtainiúil ab ionann agus níos mó ná 150 físchomhdháil inmheánach nó idirinstitiúideach nó closchomhdháil a eagrú mar thoradh air sin; |
Comhar idirinstitiúideach
|
65. |
á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht lóistíochta a chuirtear ar fáil d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a bhfuil a hoifigí suite os comhair oifigí CBAE, chun a suiteáil i Lucsamburg a éascú; |
|
66. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar idir GIS (an Grúpa Slándála Idirinstitiúideach) agus seirbhísí dlí institiúidí an Aontais atá suite i Lucsamburg, ar thaobh amháin, agus údaráis Lucsamburg agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, ar an taobh eile, maidir le seiceálacha slándála ar bhaill foirne conraitheoirí; |
|
67. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh comhaontuithe bliantúla maoiniúcháin a thabhairt i gcrích leis na seirbhísí aistriúcháin in institiúidí agus ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais lena ndéantar foráil maidir le maoiniú uirlisí TF (eTranslation, Euramis, DocFinder, IATE agus Quest 2); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh roinnt comhaontuithe ar leibhéil seirbhíse a thabhairt i gcrích nó a athnuachan (HAN, DIGITEC, córas faireacháin ar na meáin, agus le hOifig an Phámháistir sa Choimisiún); |
Paindéim Covid-19
|
68. |
á chur i bhfáth go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht uile CBAE, idir ghníomhaíochtaí dlí agus ghníomhaíochtaí riaracháin, agus go raibh dúshlán roimh CBAE i ngeall ar a riachtanaí atá sé cosaint daoine aonair a áirithiú agus leanúnachas sheirbhís phoiblí cheartas an Aontais a ráthú ag an am céanna; ag leagan béim ar an gcur chuige a bhí ag CBAE chun sláinte na gcomhaltaí, na foirne agus na gcuairteoirí a chosaint chun leanúnachas na gníomhaíochta breithiúnaí a áirithiú; |
|
69. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gurb iad tabhairt isteach na teilea-oibre ginearálaithe agus cur ar fionraí an chórais solúbtha oibre bunaithe ar an am a caitheadh i bhfoirgnimh CBAE a taifeadadh an dá mhórathrú a tugadh isteach maidir leis na socruithe solúbtha oibre atá ann cheana; |
|
70. |
á chur in iúl gur geal léi struchtúr agus nósanna imeachta CBAE a bunaíodh le haghaidh géarchéimeanna, bunaithe ar an aonad géarchéime, mar eintiteas cinnteoireachta, agus ar an ionad bainistithe géarchéime, mar chomhlacht cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur cuireadh dhá thascfhórsa bhreise ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm chun cosaint a áirithiú do bhaill foirne nach bhféadfadh a gcúraimí a dhéanamh go cianda agus córas aonair slán físchomhdhála a dhearadh; |
|
71. |
á chur in iúl gur geal léi tuarascáil mhí na Nollag 2020 ó iniúchóir inmheánach CBAE chuig coiste riaracháin CBAE, ina gcuirtear i láthair torthaí an athbhreithnithe ar bhainistiú na géarchéime a d’eascair as paindéim COVID-19, a rinneadh a chomhtháthú i ndearadh plean nua éigeandála agus leanúnachais gnó, inar baineadh leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ón ngéarchéim; |
|
72. |
á chreidiúint gur ghlac CBAE na bearta ábhartha uile agus gur thacaigh sé leo chun (i) a fhoireann a chosaint le linn phaindéim COVID-19, (ii) an baol a bhaineann le spíonadh a laghdú (go sonrach seisiúin ghréasáin ar ábhair a bhain le bainistiú na hoibre agus an tsaoil phríobháidigh, cumarsáid aimsir géarchéime, bainistíocht agus néareolaíocht, agus bainistiú struis), (iii) feasacht a mhúscailt faoin gceart chun dícheangail agus an baol a bhaineann leis an rófheidhmíocht, agus (iv) faireachán a dhéanamh ar an gcás (trí shuirbhéanna maidir le dea-bhail ag an obair, an dearcadh atá ag an bhfoireann ar an staid agus an leibhéal sástachta); |
|
73. |
ag tabhairt dá haire go raibh tionchar nach beag ag ráig na paindéime ar an gcomhar le giúistísí náisiúnta trí sheimineáir, trí chuairteanna agus trí imeachtaí oifigiúla eile, rud ba chúis le suaitheadh agus lena gcur ar ceal de bharr srianta sláintíochta; ag spreagadh CBAE leanúint d’fhéachaint ar réitigh theicniúla chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú sin freisin thar chomhthéacs na paindéime; |
|
74. |
ag spreagadh CBAE na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhtháthú go hiomlán ina straitéis inmheánach maidir le leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith a foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus solúbthacht próiseas oibre; |
(1) Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/94 |
CINNEADH (AE) 2022/1701 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn V — an Chúirt Iniúchóirí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0259/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí don údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0061/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí na Cúirte Iniúchóirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/95 |
RÚN (AE) 2022/1702 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn V — an Chúirt Iniúchóirí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn V — an Chúirt Iniúchóirí, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn IV dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0061/2022), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil misean na Cúirte Iniúchóirí (“an Chúirt”) dírithe ar mhuinín na saoránach a fheabhsú agus ar fhreagairt go héifeachtach do na dúshláin atá ann don Aontas san am i láthair agus do na dúshláin a bheidh ann dó amach anseo trí obair iniúchóireachta neamhspleách, ghairmiúil agus a mbeidh tionchar aici a dhéanamh, trí mheasúnú a dhéanamh ar an ngeilleagar, agus ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, dlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíocht an Aontais chun feabhas a chur ar an gcuntasacht, ar an trédhearcacht agus ar an mbainistiú airgeadais; |
|
B. |
de bhrí, gan dochar d’fhorálacha Airteagal 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ó bhí deireadh na bliana airgeadais 1987 ann, go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách cuntais ioncaim agus caiteachais na Cúirte a iniúchadh gach bliain agus, ón uair a foilsíodh an tuarascáil ar an mbliain airgeadais 1992, go bhfuil tuarascála an iniúchóra á bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; |
|
C. |
de bhrí go soláthraítear cuntasacht bhainistíochta i leith na n-údarás buiséadach trí thuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil Ardrúnaí na Cúirte arb é is cuspóir di, i gcomhréir le hAirteagal 74(9) den Rialachán Airgeadais, faisnéis a sholáthar faoi bhainistiú na n-acmhainní, lena n-áirítear bainistiú na gcóras, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Cúirte; |
|
D. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nóis imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an gcuntasacht, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
|
1. |
á chur in iúl gur eol di go ndéanann iniúchóir seachtrach neamhspleách iniúchadh ar chuntais bhliantúla na Cúirte chun prionsabail chéanna sin na trédhearcachta agus na cuntasachta a chuireann an Chúirt i bhfeidhm maidir lena hiniúchaithe a chur i bhfeidhm; á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di tuairim an iniúchóra sheachtraigh neamhspleách go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíorcheart ar staid airgeadais na Cúirte; |
|
2. |
á thabhairt dá haire nár tugadh ach freagraí ginearálta ar bharúlacha na Parlaiminte mar thoradh ar obair leantach na Cúirte i 2019 ar na rúin maidir le hurscaoileadh 2019; ag athdhearbhú go bhfuil obair leantach iomchuí agus chuimsitheach riachtanach chun cur ar chumas an Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint a chinneadh an ndearna an Chúirt aird moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh go cuí; á iarraidh ar an gCúirt simpliú a dhéanamh ar struchtúr na chéad tuarascála leantaí eile agus na freagairtí uile is gá a chur san áireamh agus mínithe mionsonraithe agus nithiúla ar chur chun feidhme mholtaí na Parlaiminte á dtabhairt ag an am céanna, agus tagairt shainráite á déanamh do gach mír den rún seo maidir le hurscaoileadh; |
|
3. |
á thabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt faoi rialú ag Airteagail 285, 286 agus 287 CFAE lena bhforáiltear go ndéanfaidh an Chúirt a Rialacha Nós Imeachta féin a tharraingt suas, lena n-éileofar formheas na Comhairle, agus go gcinnfidh an Chomhairle coinníollacha fostaíochta chomhaltaí na Cúirte agus go háirithe a dtuarastail, a liúntais agus a bpinsin; á thabhairt dá haire gur cuid d’eagrú inmheánach na Cúirte é inniúlacht na Cúirte rialacha maidir le modhanna oibre a ghlacadh agus go leagtar amach nós imeachta cinnteoireachta na Cúirte ina rialacha nós imeachta; á iarraidh ar an gCúirt an t-údarás um urscaoileadh a choimeád ar an eolas maidir leis na leasuithe atá á ndéanamh faoi láthair agus a dhéanfar amach anseo ar a rialacha inmheánacha; á thabhairt dá haire go leagtar béim i gcód iompair na Cúirte (1) ar bhunluachanna eiticiúla na Cúirte agus a comhaltaí agus leagtar amach oibleagáidí éagsúla maidir le nós imeachta; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
4. |
ag tabhairt dá haire go leanann buiséad na Cúirte de bheith ag fás agus gurbh ionann é agus EUR 152 mhilliún in 2020 (i gcomparáid le EUR 147 milliún in 2019) arb ionann é agus níos lú ná 0,1 % de chaiteachas iomlán an Aontais agus tuairim is 1,4 % de chaiteachas iomlán an Aontais ar riarachán; á thabhairt dá haire gur buiséad riaracháin é buiséad na Cúirte den chuid is mó, agus go n-úsáidtear an chuid is mó de le haghaidh caiteachais a bhaineann le hacmhainní daonna, foirgnimh agus troscán, trealamh agus costais oibríochta ilghnéitheacha; |
|
5. |
á thabhairt dá haire gurbh é 96 % an ráta foriomlán forghníomhaithe do 2020 (i gcomparáid le 98 % in 2019) le ráta forghníomhaithe 95,7 % i gcás gealltanas agus 90,1 % le haghaidh íocaíochtaí maidir le leithreasaí; á thabhairt dá haire gurbh ionann na híocaíochtaí in 2020 agus EUR 137 132 964 i gcomparáid le EUR 137 799 512 in 2019; |
|
6. |
á thabhairt dá haire gur tearc-úsáideadh roinnt línte buiséid tar éis ráig COVID-19, amhail misin (faoi 15,75 %), foilseacháin (faoi 42,75 %), costais ateangaireachta (ag 30,77 %), tomhaltas fuinnimh, cruinnithe, costais ionadaíochta agus tuarastail; á thabhairt dá haire gur lú líon na n-earcuithe a bhí ann agus gur tháinig méadú ar thuarastail a bhí níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis mar gheall ar an gcoigilteas i dtuarastail; á thabhairt dá haire, murab ionann agus an coigilteas, gur tháinig méadú ar chostais a bhaineann le TF (is ionann agus 30,77 %), le seirbhís leighis (is ionann agus 214,29 %) agus leis an tslándáil (arb ionann é agus 288,10 %); á thabhairt dá haire thairis sin gur chuir an Chúirt 22 aistriú buiséid i gcrích le linn 2020, idir na línte buiséid a luadh, arb ionann iad agus EUR 4 051 000 ar an iomlán; |
|
7. |
ag aithint gurb amhlaidh, ainneoin na n-aistrithe, a cuireadh roinnt leithreasuithe ar ceal ag deireadh na bliana, a bhain go príomha le misin (EUR 2 160 144 ar ceal), le foilseacháin (EUR 198 808), le speansais ionadaíochta (EUR 179 992), le costais léirmhínithe (EUR 162 104), le feithiclí (EUR 151 084) agus le cruinnithe (EUR 106 005); |
|
8. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gur rannchuidigh tabhairt anonn uathoibríoch na leithreasuithe ó 2019 go 2020, EUR 6 515 316 ar an iomlán, le ráta úsáide 92,24 % a bhaint amach (i gcomparáid le 88,48 % in 2019); |
|
9. |
á thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, in 2020, a dhámh an Chúirt 18 gconradh san iomlán de luach ba mhó ná EUR 15 000, arbh ionann iad agus EUR 2 704 105, as a raibh ceithre chonradh, arbh ionann a luach iomlán agus EUR 2 190 490, os cionn na tairsí ábhartha in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE (2); |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
10. |
á thabhairt dá haire gurb í 2020 an bhliain dheireanach de chur chun feidhme straitéis 2018-2020 na Cúirte agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh i roinnt réimsí, go háirithe níos mó acmhainní a leithdháileadh ar iniúchtaí ar fheidhmíocht, táirgiúlacht mhéadaithe i ngach cineál iniúchóireachta, agus spéis na ngeallsealbhóirí sna tuarascálacha ón gCúirt agus glacadh na meán leo a threisiú; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh an tuarascáil phiar-athbhreithnithe ar chur chun feidhme straitéis 2018-2020; á chur in iúl gur mór aici an cur chuige rannpháirteach a glacadh chun an straitéis 2021-2025 a ullmhú, a glacadh i mí Eanáir 2021, lena mbaineann baill uile, bainisteoirí agus baill foirne eile na Cúirte trí cheardlanna, seimineáir ghréasáin agus suirbhéanna chun ionchuir a bhailiú agus a phlé; |
|
11. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfí na réimsí fócais a mhol an t-údarás um urscaoileadh a bhaineann le saincheisteanna buiséadacha seachas saincheisteanna beartais san áireamh sna tosaíochtaí a léirítear i gclár oibre na Cúirte; á mheabhrú gur eisigh an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir le plean bunaíochta na Cúirte Iniúchóirí a threisiú; ag meabhrú go measann an Pharlaimint agus an Chomhairle go bhfuil sé ríthábhachtach go leithdháilfeadh an Chúirt acmhainní leordhóthanacha chun a príomhghníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus gur iarr sí ar an gCúirt forléargas a sholáthar, i gcleachtaí buiséadacha amach anseo, ar leithdháileadh na foirne sa bhliain roimhe sin; ag athdhearbhú iarraidh na Parlaiminte ar thuarascáil bhliantúil neamhspleách shonrach maidir le hinstitiúidí an Aontais; |
|
12. |
ag aithint go gcuireann an Chúirt tacar príomhtháscairí feidhmíochta i bhfeidhm chun faisnéis a sholáthar do gheallsealbhóirí institiúideacha maidir le leibhéil feidhmíochta, chun eolas a chur ar fáil don bhainistíocht faoin dul chun cinn atá déanta maidir le spriocanna straitéiseacha a bhaint amach agus chun tacú leis an gcinnteoireacht; á thabhairt faoi deara gur eisíodh 69 bhfoilseachán san iomlán (33 thuarascáil bhliantúla agus speisialta, 11 thuairim, 6 cinn d’athbhreithnithe, 14 réamhamharc ar iniúchtaí agus 5 dhoiciméad eile) in 2020, i gcomparáid le 67 bhfoilseachán in 2019; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fhoilsigh an Chúirt den chéad uair riamh tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht fhoriomlán bhuiséad an Aontais a rannchuidíonn le níos mó airde a thabhairt do na torthaí a baineadh amach le sampla de chláir chaiteachais an Aontais agus meastóireacht a dhéanamh ar an méid a chuireann na hiniúchaithe le moltaí ó thuarascálacha speisialta na Cúirte; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tionscnamh ón gCúirt dul i gcomhairle le príomh-gheallsealbhóirí, lena n-áirítear an Coiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint, maidir leis an straitéis a bheidh ann amach anseo i ndáil leis an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht; |
|
13. |
á thabhairt faoi deara gur eisíodh líon tuairimí lena mbaineann a bhformhór le leasuithe ar na rialacha atá ann cheana sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 i gcomhthéacs fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 nó ar thograí reachtacha do CAI 2021-2027 agus pacáiste spreagtha “Next Generation EU”; á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Chúirt a clár oibre do 2020 a oiriúnú chun imthosca athraitheacha a chur san áireamh agus gur áiríodh sa ghlacadh dhá athbhreithniú thráthúla ar fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19; |
|
14. |
ag tacú le cleachtas na Cúirte faireachán a dhéanamh ar an obair leantach a leanann as a moltaí; á thabhairt dá haire gur thomhais an Chúirt cur chun feidhme na moltaí a rinneadh ina cuid tuarascálacha ó 2016 in 2020 agus gur chláraigh sí cur chun feidhme páirteach nó iomlán 97 % de mholtaí 29 a rinneadh sa tuarascáil bhliantúil agus 91 % de mholtaí 360 a rinneadh sna tuarascálacha speisialta (i gcomparáid le 96 % agus 94 % faoi seach, do mholtaí 2015); |
|
15. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an anailís a rinneadh ar thionchar agus ar thuiscint obair na Cúirte ag a geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, údaráis náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, lucht acadúil agus na meáin, bunaithe ar an aiseolas a fuarthas mar chuid de na suirbhéanna leictreonacha anaithnide; á thabhairt chun suntais an t-aiseolas a fuarthas in 2020 lenar nochtadh go raibh 84 % de na freagróirí den tuairim go bhfuil tuarascálacha na Cúirte úsáideach dá gcuid oibre agus gur thug 75 % acu le fios go raibh tionchar ag obair na Cúirte (i gcomparáid le 88 % agus 81 %, faoi seach, in 2019); |
|
16. |
á thabhairt dá haire go ndeonaítear an liúntas suiteála do chomhalta na Cúirte, a rialaítear le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle (3), ar an gcoinníoll go gcuirfidh an comhalta den Chúirt fianaise ar fáil go raibh gá leis an áit chónaithe a athrú chun dul i mbun dualgas agus go mbeidh “an duine sin ina chónaí san áit a bhfuil sé fostaithe nó gan a bheith níos faide ón áit sin agus é comhoiriúnach le comhlíonadh cuí a dhualgas” mar a luaitear in Airteagal 20 de na Rialacháin Foirne; ag tabhairt le fios, fiú amháin má ghlac Oifig Phámháistir an Choimisiúin le haon dearbhú maidir le seoladh amháin, nár cheart a mheas gur leor an conradh chun maoin a fháil ar cíos nó conradh ceannaigh le haghaidh réadmhaoine de réir bhrí Airteagal 20 de na Rialacháin Foirne, ós rud é go bhféadfaí an mhaoin sin a úsáid le haghaidh úsáidí eile seachas mar phríomháit chónaithe; den tuairim nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra chun coinníollacha dlíthiúla an liúntais suiteála a fhíorú ionas gur féidir doiciméid eile a iarraidh mar fhianaise, a mhéid is féidir maidir leis an gceart chun príobháideachta; |
|
17. |
á thabhairt dá haire go bhfuil conradh cíosa nó conradh ceannaigh curtha ar fáil ag comhaltaí na Cúirte le haghaidh réadmhaoine agus deimhniú cónaithe arna eisiúint ag údaráis Lucsamburg; á áitiú, áfach, ó theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/300, nár cheart liúntas suiteála a íoc ach amháin má thugtar fianaise ar aird lena léirítear gur “go bhfuil na comhaltaí bunaithe san áit ina bhfuil siad fostaithe” mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) d’Iarscríbhinn VII de na Rialacháin Foirne; den tuairim gur cheart a mheas go mbeadh oibleagáid ar bhaill a n-áit chónaithe a athlonnú go Lucsamburg ar bhonn éifeachtach agus cobhsaí le linn a dtéarma oifige agus á mheabhrú, ina leith sin, go sonraítear in Airteagal 5(4) den Iarscríbhinn sin nach bhfaighidh oifigeach a bheidh i dteideal liúntas teaghlaigh agus nach lonnaíonn lena theaghlach san áit a mbeidh sé fostaithe ach leath den liúntas a mbeadh sé i dteideal a fháil seachas sin;”; á thabhairt dá haire gur ghlac an Chúirt cód iompair modhnaithe le déanaí ina leagtar amach in Airteagal 10(1) an oibleagáid cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte agus á iarraidh ar an gCúirt tuarascáil a thabhairt maidir le teacht i bhfeidhm an chóid iompair mhodhnaithe; |
|
18. |
á thabhairt dá haire go bhfuil sealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil de chuid an Aontais, amhail comhaltaí na Cúirte, i dteideal liúntas cónaithe arb ionann é agus 15 % dá mbuntuarastal le linn a dtéarma oifige le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/300. á chur in iúl go bhfuil a fhios aici nach bhfuil aon choinníoll sa Rialachán sin chun an liúntas cónaithe a íoc amach, ach go bhfuil sé bunaithe ar an bhfaighteoir amháin a bheith ina shealbhóir oifige poiblí ardleibhéil; ag aithint go bhfuil an cur chuige sin ag teacht le foclaíocht an Rialacháin sin agus go dtuigeann sí gurb í an Chomhairle amháin atá inniúil chun Rialachán (AE) 2016/300 a leasú; á chreidiúint, mar sin féin, nach mór don liúntas cónaithe a bheith comhsheasmhach leis an liúntas suiteála agus, dá bhrí sin, leagann an loighic sin síos an comhghaol céanna le hAirteagal 20 de na Rialacháin Foirne agus cuspóir leithleach gach liúntais á hurramú ag an am céanna; á chur i bhfáth, ina leith sin, nach mór an liúntas cónaithe a léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 10 de chód iompair athbhreithnithe na Cúirte maidir le tiomantas agus dílseacht agus i bhfianaise Airteagal 14 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, lena bhforáiltear go mbeidh cónaí ar Bhreithiúna san áit ina bhfuil suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais); |
|
19. |
á chur in iúl go dtuigeann sí nach bhfuil aon ról ag an gCúirt i sainiú na rialacha agus na gcoinníollacha maidir le liúntais suiteála agus cónaithe a dheonú agus go bhfanann an fhreagracht as fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dlíthiúla maidir leis an liúntas suiteála agus údarú íocaíochta liúntas suiteála agus cónaithe araon leis an Oifig an Phámháistir ar bhonn comhaontaithe ar leibhéal na seirbhíse; á thabhairt dá haire, ar iarraidh ón gCúirt, gur rialaigh an PMO in 2021 rialú ex post ar an liúntas suiteála agus gur thuairiscigh sé na torthaí don Chúirt; á thabhairt faoi deara nár tuairiscíodh aon neamhrialtacht in 2021; á chur in iúl gur oth léi nach n-aithníonn comhalta áirithe den Chúirt go dtugtar le tuiscint leis an liúntas cónaithe go bhfuil cónaí éifeachtach ag an áit fostaíochta, go háirithe i gcásanna ina bhfuil an liúntas suiteála íoctha; |
|
20. |
á chur in iúl gur mór aici gur thug an Chúirt isteach, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) dá cód iompair athbhreithnithe, oibleagáid dhlíthiúil shainráite ar a comhaltaí a bheith ina gcónaí san áit ina bhfuil suíomh na Cúirte, lena léirítear Airteagal 14 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht na Cúirte Breithiúnais, agus go gcuirfidh na comhaltaí cruthúnas ar fáil don Ardrúnaí (sa bhreis ar an Oifig an Phámháistir) ar dhul i mbun oifige dóibh agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, rud atá i gcomhréir leis an léiriú a bheidh curtha in iúl ag an bParlaimint, prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus prionsabal na Cúirte eitice; á mheas go bhféadfadh an t-athbhreithniú ar an gcód iompair bunús a thabhairt le haitheantas na Cúirte go bhfuil an liúntas cónaithe i gcomhréir le cónaí éifeachtach i Lucsamburg, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí dualgais an chomhalta a chomhlíonadh mar is ceart; |
|
21. |
á thabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt Cinneadh Uimh. 30-2019 maidir le bainistiú agus úsáid a flít gluaisteán; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go bhfuil an flít gluaisteán ar léas ó sholáthróir ar bhonn creatchonradh idirinstitiúideach agus, sa bhreis ar an muirear cíosa, gurb í an Chúirt a thabhaíonn na costais a bhaineann le húsáid na ngluaisteán (i.e. dolaí, páirceáil, breosla, muirir leictreacha, glanadh agus costais eile) i dtaca le turais a chumhdaítear le hordú taistil; á thabhairt dá haire go gceadaítear turais gan orduithe taistil freisin nuair a bhaineann siad le comhlíonadh dhualgais chomhaltaí na Cúirte; |
|
22. |
á thabhairt faoi deara go gceadaíonn an Chúirt dá comhaltaí úsáid phríobháideach a bhaint as flít na ngluaisteán gan tiománaithe i gcás turas nach gcumhdaítear le horduithe misin mar mhalairt ar ranníocaíocht EUR 100 in aghaidh na míosa; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh an córas ranníocaíochta EUR 100, atá ceaptha chun úsáid phríobháideach an fhlít gluaisteán a cheadú, mí-úsáid an fhlít a éascú agus dochar a dhéanamh do chlú na Cúirte; á thabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt Cinneadh Uimh. 10-2022 le déanaí lena ndéantar athbhreithniú ar bhainistiú agus ar úsáid an chabhlaigh gluaisteán; den tuairim nach léiríonn an ranníocaíocht EUR 100 costas iomlán na húsáide sin agus nach bhfuil an córas nua a tugadh isteach leis an gcinneadh sin réasúnach ná éifeachtúil ó thaobh riaracháin de; á iarraidh ar an gCúirt réasúnú a dhéanamh ar gach úsáid a bhaintear as an gcabhlach gluaisteán a bhfuil gá réasúnach leo chun dualgais a chomhaltaí a chomhlíonadh agus na húsáidí sin a áireamh sna horduithe taistil; á athdhearbhú go bhfuil sí den tuairim nár cheart, in imthosca ar bith, flít na ngluaisteán a úsáid ach chun críocha dualgais chomhaltaí na Cúirte a chomhlíonadh go dian, ar tuairim í a cuireadh in iúl i rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo; |
|
23. |
á thabhairt dá haire go gcuireann an Chúirt oiliúint a comhaltaí ar fáil ar mhaithe leis an gCúirt, tríd an gcreat idirinstitiúideach atá comhroinnte le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais atá lonnaithe i Lucsamburg nó go díreach ó sholáthraithe gairmiúla oiliúna teanga; á thabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt ráiteas ina gcuirtear in iúl gur lean na comhaltaí dianchúrsaí teanga lasmuigh den chreat idirinstitiúideach don tréimhse 2017-2021, don Fhraincis, don Ghearmáinis agus don Bhéarla amháin; ag tabhairt le fios gur cosúil nach bhfuil feidhm ag na coinníollacha ach maidir le saintréithe na hoiliúna teanga (i.e. dhá sheachtain in aghaidh na bliana, ceithre huaire an chloig ar a laghad in aghaidh an lae), ní maidir leis an teanga arna roghnú ag an gcomhalta iarrthach; á thabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt cinneadh le déanaí lena bhforáiltear go bhféadfaidh comhaltaí cúrsaí teanga a leanúint a chumhdaíonn go príomha teangacha oibre na Cúirte (Béarla agus Fraincis) agus teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais freisin ar mhaithe leis an tseirbhís; |
|
24. |
á thabhairt dá haire gur thóg sé go dtí 2018 clár tinrimh a chur ar bun chun a thaifeadadh go raibh na comhaltaí i láthair nó as láthair ag gach cruinniú foirmiúil den Chúirt agus dá ndlísheomraí agus dá coistí uile; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, den chéad uair, a áirítear faisnéis maidir le tinreamh sa tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil ón gCúirt do 2020; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas nach bhfuil sna cruinnithe sin ach cuid de ghníomhaíochtaí na gcomhaltaí, lena n-áirítear misin iniúchóireachta agus obair na Cúirte sna Ballstáit a chur chun cinn, agus á chur in iúl go n-aontaíonn sí gur gá leibhéal áirithe neamhspleáchais a bheith ag na comhaltaí agus go ngabhann leibhéal áirithe neamhspleáchais leis sin agus iad ag eagrú a gcuid oibre; á mheabhrú, áfach, go bhfuil sé d’oibleagáid ar na comhaltaí iad féin a thiomnú go hiomlán do chomhlíonadh a sainordaithe mar a chumhdaítear in Airteagal 10 de chód iompair na Cúirte agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCúirt an clár tinrimh a úsáid mar uirlis chun cosc réamhghníomhach a chur ar chásanna neamhláithreachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á thabhairt le fios, de réir Thuarascáil Gníomhaíochta 2020 na Cúirte, go dtagraíonn an meánráta tinrimh de 96 % arna chur in iúl ag an gCúirt go heisiach do thrí chruinniú fhisiceacha de Choláiste na gComhaltaí in 2020 seachas do fhreastal ginearálta ar an láthair oibre; ag athdhearbhú na hiarrata a rinneadh gach bliain ó urscaoileadh 2017 go ndéanfar an clár tinrimh a shíneadh chuig laethanta oibre, misin, tréimhsí saoire agus neamhláithreachtaí a bhfuil údar maith leo chun léiriú cruinn a dhéanamh ar an obair a dhéanann na comhaltaí; á iarraidh ar an gCúirt nuashonruithe bliantúla ar an gclár tinrimh a sholáthar don údarás um urscaoileadh ionas gur féidir é a bhreithniú le linn an nós imeachta um urscaoileadh; |
|
25. |
á thabhairt dá haire go bhfuil misin, atá bunriachtanach chun ról na Cúirte a chomhlíonadh (i.e. chun comhlachtaí náisiúnta a iniúchadh ar an láthair nó chun an tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do na parlaimintí náisiúnta), teoranta ag an mbuiséad bliantúil agus nach mór rialuithe cuimsitheacha ex ante agus ex post a dhéanamh orthu a dhéantar ar shamplaí míosúla; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur tarmligeadh ról an oifigigh údarúcháin le haghaidh mhisin agus speansais uile chomhaltaí na Cúirte chuig Ardrúnaí na Cúirte le Cinneadh ón gCúirt Uimh. 59-2017, agus gur soiléiríodh le Cinneadh Uimh. 61-2017 ón gCúirt na rialacha lena rialaítear misin, go háirithe an oibleagáid chun a léiriú conas a bhaineann an misean le hobair na Cúirte, agus ag cur béim ar an bhfíoras go gcaithfear misin a dhearbhú go soiléir agus gan débhrí mar sin; á thabhairt dá haire go bhfeidhmíonn comhaltaí na Cúirte freisin mar phointí teagmhála d’institiúidí náisiúnta iniúchóireachta agus chun faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh maidir leis an úsáid a bhaintear as cistí an Aontais; á thabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di, áfach, nach bhfuil feidhm ag aon teorainn ná coinníoll maidir le ré nó áit na misean a d’fhéadfadh rioscaí a chruthú maidir le bainistiú neamhéifeachtúil ama; á chreidiúint gur cheart aird ar leith a thabhairt ar mhisin chuig tríú tíortha maidir le fad, breisluach agus costais; á iarraidh ar an gCúirt rialacha iomchuí a leagan síos chun aon mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as orduithe misin a chosc, rud a d’fhéadfadh amhras a tharraingt ar ionracas, neamhspleáchas agus oibiachtúlacht a comhaltaí; á thabhairt le fios, go háirithe, nach mór do mhisin na gcomhaltaí tús nó deireadh a chur leo i Lucsamburg i gcomhréir leis an oibleagáid fhollasach cónaithe, ach amháin i gcásanna eisceachtaí ócáideacha agus eisceachtaí a bhfuil bonn cirt leo; ag súil go nglacfaidh comhaltaí na Cúirte páirt ghníomhach i misin iniúchóireachta agus nach mór a gcúraimí agus a bhfreagrachtaí a shonrú chun aon chineál mí-iompair a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint; |
|
26. |
á thabhairt dá haire, faoi Chinneadh na Cúirte Uimh. 60-2017, go bhfuil leithdháileadh buiséadach bliantúil ag gach comhalta dá chuid lena úsáid do speansais ionadaíochta, faoi réir rialuithe ex ante agus le haisíocaíochtaí á ndéanamh tar éis doiciméid tacaíochta a thíolacadh; á chur in iúl gur ábhar iontais é go bhforáiltear le hAirteagal 9 den Chinneadh sin gur féidir cuid den leithdháileadh sin a úsáid, fiú ar bhealach teoranta, chun cuirí ó na comhaltaí chun dlúthchomhoibrithe a chumhdach (i.e. oifig phríobháideach an chomhalta, foireann iniúchóireachta, foireann an tSeomra nó foireann den náisiúntacht chéanna leis an gcomhalta i gceist) gan rannpháirtithe seachtracha, chun tógáil foirne a chur chun cinn nó chun baint amach príomhchuspóra oibre a cheiliúradh; á mheabhrú go sainmhínítear an Chúirt in Airteagal 1 den Chinneadh sin “ionadaíocht” mar idirghníomhú gairmiúil ag comhaltaí na Cúirte le daoine seachtracha agus nach bhfuil an úsáid reatha ag teacht leis an sainmhíniú sin; á iarraidh ar an gCúirt na rialacha lena rialaítear úsáid, coinníollacha agus uasteorainneacha na línte buiséadacha chun críoch ionadaíochta, tógála foirne agus ceiliúrtha inmheánaigh a réasúnú agus a shoiléiriú d’fhonn prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus na trédhearcachta a urramú; á thabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt cinneadh le déanaí lena bhforáiltear nach gcumhdófar imeachtaí gan rannpháirtíocht sheachtrach a thuilleadh le speansais ionadaíochta; á iarraidh ar an gCúirt forléargais bhliantúla a chur ar fáil don Choiste um Rialú Buiséadach de chuid na Parlaiminte maidir le húsáid an leithdháilte bhuiséadaigh i gcomhair ionadaíochta; |
|
27. |
á thabhairt dá haire gur athbhreithnigh seirbhís iniúchóireachta inmheánaí na Cúirte beartas bainistithe riosca na Cúirte, gur eisigh sí tuarascálacha nó gur cuireadh bailchríoch ar an bpríomhobair iniúchóireachta do roinnt cúraimí agus nár sainaithníodh aon easnaimh a dhéanfadh difear d’iontaofacht fhoriomlán na gcóras rialaithe inmheánaigh a cuireadh i bhfeidhm chun dlíthiúlacht agus rialtacht oibríochtaí airgeadais na Cúirte in 2020 a áirithiú; á thabhairt dá haire gur eisigh iniúchóir seachtrach neamhspleách na Cúirte tuarascáil dearbhaithe i mí na Nollag 2021 inar thángthas ar an gconclúid gur úsáideadh na hacmhainní a sannadh do chúrsaí teanga, do mhisin agus d’ionadaíocht chun na gcríoch a ceapadh dóibh agus go soláthraítear leis na nósanna imeachta rialaithe atá i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá chun comhlíonadh rialála a áirithiú; ag spreagadh d’iniúchóirí seachtracha inmheánacha agus neamhspleácha na Cúirte topaicí a bhaineann le heitic a chur san áireamh ina bplean iniúchóireachta, amhail bainistíocht fhónta airgeadais agus na caighdeáin eiticiúla a cheanglaítear ar an gCúirt, a ghníomhaíonn mar chaomhnóir neamhspleách ar leasanna airgeadais shaoránaigh an Aontais, a théann thar a bhfuil iniúchta ag a seirbhís iniúchóireachta inmheánaí; |
|
28. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gur chuir na srianta taistil agus na bearta sláintíochta a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19 teorainn le féidearthachtaí na Cúirte obair allamuigh a dhéanamh ar an láthair i bhformhór na bliana 2020; á thabhairt dá haire gur chaith iniúchóirí na Cúirte 1 190 lá san iomlán sa réimse (i gcomparáid le 3 605 lá in 2019) agus 627 lá in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gnólachtaí príobháideacha iniúchóireachta (i gcomparáid le 2 504 lá in 2019); á thabhairt faoi deara, agus é ina ábhar suime di, úsáid mhéadaithe na cian-iniúchóireachta, trína n-úsáidtear teicneolaíocht chumarsáide agus teicneolaíocht na faisnéise amhail sonraí slána agus comhroinnt doiciméad; ag súil go ndéanfaidh an Chúirt na nósanna imeachta oibre sin a chomhdhlúthú ina gnáthnós imeachta iniúchóireachta; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
29. |
ag aithint go hiomlán an luach a bhaineann le hiriseoireacht imscrúdaitheach thromchúiseach atá bunaithe ar fhíricí chun na seiceálacha agus ceartúcháin riachtanacha a chur ar fáil le haghaidh fheidhmiú cuí airgeadais agus eiticiúil institiúidí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil imní uirthi maidir leis na torthaí a fuarthas ó chumhdach na meán ar roinnt saincheisteanna eiticiúla agus airgeadais sa Chúirt a bhaineann lena comhaltaí; ag cur béim ar an bhfíoras nár caitheadh amhras ar obair iniúchóireachta na Cúirte riamh agus go bhfuil an Chúirt faoi réir roinnt sraitheanna rialaithe ag a hiniúchóirí seachtracha inmheánacha agus neamhspleácha agus ag an údarás um urscaoileadh; á chur in iúl gur ábhar imní di, áfach, an damáiste a rinneadh do chlú agus d’ionracas na Cúirte ar cheart dó a bheith ina shamhail chun buiséad an Aontais a chur chun feidhme i gceart agus i gcás na gcaighdeán eiticiúil is airde; á iarraidh ar an gCúirt cur ar iontaoibh coiste eitice nuathofa, nár ceapadh ar thogra ó uachtarán na Cúirte, chun scrúdú a dhéanamh ar na réimsí a tuairiscíodh agus chun measúnú a dhéanamh ar leorgacht na rialacha atá ann cheana, lena n-áirítear an córas nua a bhaineann le hAirteagal 73 den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl go gcreideann sí go sainaithneofar leis an nós imeachta um urscaoileadh, i ndlúthchomhar leis an gCúirt, réimsí le feabhsú agus go mbeidh na hathchóirithe is gá mar thoradh air, go háirithe ar chód iompair na Cúirte; ag meabhrú ról na Cúirte mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais agus caomhnóir a cuid airgeadais agus, ar an gcaoi sin, ag athdhearbhú go láidir go gcreideann sí go bhfuil tionchar ollmhór ag aon iompar neamheiticiúil a dhéanann comhaltaí na Cúirte ar chlú na Cúirte agus ar chlú an Aontais ina iomláine, lena n-ardaítear an cheist maidir le cé atá ag faire ar fhairtheoir an Aontais; |
|
30. |
á chur in iúl gur oth léi go mór gur dhiúltaigh an Chúirt comhoibriú go hiomlán agus dul i dteagmháil go comhionann le comhaltaí an Choiste um Rialú Buiséadach sa Pharlaimint maidir le faisnéis bhunriachtanach agus doiciméid bhunriachtanacha a nochtadh, fiú amháin faoi choinníollacha rúndachta agus cosanta sonraí, tar éis roinnt cleachtais amhrasacha ó thaobh eitice agus airgeadais a bheith cumhdaithe sna meáin; á mheabhrú go ndearnadh roinnt doiciméad rúnda a chur ar fáil, ar thionscnamh na Cúirte, do Chathaoirleach Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach agus don Rapóirtéir d’urscaoileadh 2020; á chreidiúint go bhfuil sé riachtanach go mbeadh rochtain ar an bhfaisnéis sin agus ar na doiciméid sin ag comhaltaí uile an Choiste um Rialú Buiséadach chun measúnú a dhéanamh ar na líomhaintí a dhéantar sna meáin agus chun cur ar chumas chomhaltaí na Parlaiminte cinneadh feasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chúirt; |
|
31. |
á mheabhrú gur bunaíodh an Chúirt le Conradh Buiséadach 1975 chun airgeadas an Aontais a iniúchadh agus, mar iniúchóir seachtrach an Aontais, go rannchuidíonn sí le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais an Aontais, agus ag an am céanna go bhfuil sí ina caomhnóir neamhspleách ar leasanna airgeadais shaoránaigh an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil comhar agus muinín fhrithpháirteach idir an Chúirt agus an Pharlaimint, go háirithe a Coiste um Rialú Buiséadach, lárnach i gcóras rialaithe buiséid AE; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na Parlaiminte atá sna rúin seo maidir le hurscaoileadh, agus sna rúin maidir le hurscaoileadh roimhe seo, agus, ar an gcaoi sin, an damáiste a rinne cleachtais inmheánacha amhrasacha do chreidiúnacht na Cúirte a athbhunú; á athdhearbhú go bhfuil sí toilteanach páirt a ghlacadh sa phróiseas athchóirithe is gá in éineacht leis an gCúirt; |
|
32. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní di líomhaintí maidir le foligean arasáin ag comhaltaí den Chúirt le comhaltaí d’fhoireann na Cúirte, agus i gcomhthéacs ina bhféadfaí forálacha an chonartha cíosa ábhartha a shárú agus leagan amach neamheiticiúil a chruthú i gcomhthéacs an liúntais chónaithe; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Chúirt faisnéis a sholáthar do na Scáth-Rapóirtéirí ar fad i gCoiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach maidir leis an tiarna talún, maidir leis an méid cíosa a d’íoc an comhalta den Chúirt a bhfuil an t-árasán ar cíos aige nó aici agus maidir le méid an chíosa a d’íoc na fothionóntaí atá fostaithe ag an gCúirt leis an gcomhalta sin; |
|
33. |
á thabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di gurb é EUR 570 824 costas iomlán na neamhrialtachtaí a rinne Karel Pinxten, iarchomhalta den Chúirt, mar a sainaithníodh sa tuarascáil ábhartha ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF); á chur in iúl gur oth léi nach bhféadfadh an Chúirt, tar éis anailís dhlíthiúil na Cúirte, a iarraidh ar Karel Pinxten EUR 153 408 a aisíoc ach amháin ar an bhforas nach bhfuil aon bhunús dlí ann chun a thuarastal a aisghabháil do na laethanta “neamhláithreachtaí gan údar”; á chur i bhfáth gur tarraingíodh míchlú ar an gCúirt agus ar an Aontas mar gheall ar an gcineál sin iompraíochta, mar a léirigh an Chúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2021 (4), agus gur tháinig sí sin chun cinn de bharr dhoiléire na rialacha inmheánacha agus na n-easnamh sna rialuithe a cuireadh i bhfeidhm; á thabhairt dá haire go ndearna an Chúirt obair leantach maidir leis an gcás sin le linn imscrúdú OLAF, lena n-áirítear díolúine a tharscaoileadh agus an nós imeachta faoi Airteagal 286(6) CFAE a thabhairt chun críche go rathúil, chomh maith leis na bearta a rinneadh mar thoradh air sin; |
|
34. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas go ndearna an Chúirt agus a hiniúchóir inmheánach, mar thoradh ar na nósanna imeachta lena mbaineann Karel Pinxten, athbhreithniú ar a nósanna imeachta rialaithe ó 2016 go 2019 agus nár aimsíodh aon léiriú ar chásanna den chineál céanna; á thabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt den tuairim gur dhéileáil sí leis na laigí a braitheadh san iniúchadh; ag aithint go bhfuil dualgais an oifigigh údarúcháin a tharmligean, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán Airgeadais, go heisiach chuig Ardrúnaí na Cúirte, agus ní chuig gach aon cheann dá comhaltaí a thuilleadh, bunriachtanach chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh; á thabhairt faoi deara go measann an Chúirt go bhfuil an córas atá i bhfeidhm anois iomlán inmharthana agus iontaofa; |
|
35. |
a thabhairt chun suntais torthaí athbhreithniú piaraí 2019 ar chreat eitice na Cúirte, lenar léiríodh gur cheart mórthosaíocht a thabhairt don eitic i ndoiciméid straitéiseacha na Cúirte, inar moladh go mbeadh breis comhsheasmhachta agus soiléireachta ann sna rialacha mar aon le hoiliúint iomchuí, gur cheart gníomhaíochtaí múscailte feasachta a neartú, agus gur cheart breis feabhais a chur ar córas rialaithe eitice na Cúirte; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an tátal san athbhreithniú piaraí go bhfuil caighdeáin eiticiúla na Cúirte i gcomhréir, tríd is tríd, le cód eitice na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta ach go bhfuil gá le tuilleadh feabhais; ag cur béim ar an bhfíoras, ina leith sin, go mbítear ag dréim lena lán ó uasfhorais iniúchóireachta amhail an Chúirt agus, dá bhrí sin, gur gá dóibh gníomhú mar eagraíochtaí eiseamláireacha agus muinín agus creidiúnacht a spreagadh agus chuige sin í mór gníomhaíochtaí na ceannaireachta a bheith ina n-eiseamláir; á thabhairt dá haire go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an gCúirt faoi láthair ar a creat eitice, lena n-áirítear measúnú ar na rioscaí a bhaineann le heitic ag soláthraí seachtrach, a dhéanfaidh meastóireacht ar leibhéal aibíochta chreat eitice na Cúirte agus lena ndéanfar measúnú ar rioscaí eitice na Cúirte; á thabhairt le fios go ndéanfar creat eitic na Cúirte a nuashonrú go luath in 2022 le conclúidí an athbhreithnithe sin agus á iarraidh ar an gCúirt an t-údarás um urscaoileadh a choimeád ar an eolas gan moill mhíchuí; |
|
36. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh an Cód Iompair nua do Chomhaltaí agus d’Iar-Chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí an 14 Nollaig 2020 (5), ar cód é atá i bhfad níos mionsonraithe agus níos follasaí ná an Cód Iompair do Chomhaltaí na Cúirte an 8 Feabhra 2012; á thabhairt dá haire go bhfuil oibleagáid ar na Feisirí anois “Dearbhú maidir le Leasanna” a thíolacadh gach bliain ach go bhfuil imní orthu faoin easpa cumais scrúdaithe atá ag an gCúirt, rud atá ríthábhachtach chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, agus á iarraidh ar an gCúirt, dá bhrí sin, an córas atá ann faoi láthair a threisiú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé d’oibleagáid ar Chomhaltaí na Cúirte cloí leis na caighdeáin is airde iompair eiticiúil agus leis na luachanna eiticiúla agus na prionsabail eiticiúla a chomhlíonfar, amhail ionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, iompraíocht ghairmiúil, dínit, tiomantas agus dílseacht; |
|
37. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndéantar mionsaothrú ar na rialacha nós imeachta i gcód iompair na Cúirte maidir le hoibleagáidí chomhaltaí na Cúirte maidir le gníomhaíochtaí seachtracha agus gairmeacha beatha tar éis scor dá n-oifig; á chur in iúl go n-aontaíonn sí nár cheart do na Feisirí páirt a ghlacadh in aon ghníomhaíocht sheachtrach nach bhfuil ag luí lena ndualgais; á chur in iúl gur díol sásaimh an leasú a rinne Coláiste na Cúirte ar Airteagal 12 dá cód iompair, mar a mhol an t-údarás um urscaoileadh, leasú lena n-eisiatar dualgais neamhchúitithe sa réimse polaitiúil a údarú; ag tabhairt dá haire, go bhfuil cód iompair na Cúirte, mar gheall ar an leasú sin, ailínithe anois le cód iompair na Cúirte Breithiúnais; á chur i bhfáth go gcuirtear as do luachanna an neamhspleáchais agus na hoibiachtúlachta go sonrach agus go tromchúiseach an tráth a gcoinníonn comhalta, le linn a théarma oifige nó a téarma oifige, aon chaidreamh nithiúil le páirtí polaitiúil, mar a dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go soiléir ina breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2021; |
|
38. |
á chur i bhfáth nach mór d’uachtarán na Cúirte a bheith ina eiseamláir chun aon choinbhleachtaí leasa atá fírinneach nó a mheastar a bheith ann a sheachaint, ar coinbhleachtaí leasa iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó neamhchlaontacht na Cúirte agus, dá bhrí sin, ag géarcháineadh na misean dá chuid ar léir a cuireadh i gcrích iad chun críche polaitiúla agus nach bhfuil ag teacht leis na caighdeáin eiticiúla agus leis na prionsabail eiticiúla a bhfuiltear ag súil leo ón gCúirt; á mheabhrú, ina leith sin, go sonraítear in Airteagal 7(2) de chód iompair na Cúirte “[go mbeidh] aird chuí ag Comhaltaí na Cúirte ar thábhacht a ndualgas agus a bhfreagrachtaí”; cuirfidh siad san áireamh, agus dea-shampla á thabhairt acu, nádúr poiblí a ndualgas agus iompróidh siad iad féin ar bhealach ina ndéantar muinín an phobail sa Chúirt a chothabháil agus a chur chun cinn”; |
|
39. |
á thabhairt chun suntais go n-aithnítear le hAirteagal 6(2) de threoirlínte eiticiúla na Cúirte go bhféadfadh sé a bheith deacair cloí le prionsabal na córa comhionainne de bharr dlúthchaidrimh, agus le hAirteagal 3(5) dá cód iompair, cuirtear cosc ar chéilí, ar pháirtithe agus ar theaghlach díreach céilí, comhpháirtithe agus teaghlach díreach a bheith mar chuid de comh-aireachtaí an chomhalta ábhartha; den tuairim, amach ón dearcadh pearsanta, gur rud neamhghnách nach bhfuil aon fháilte roimhe gur roinn uachtarán na Cúirte árasán le beirt oifigeach lánaimseartha dá chomh-aireachta toisc go bhféadfaí tuiscint a ghiniúint go bhféadfadh coinbhleacht leasa nó sárú ar phrionsabal na córa comhionainne a bheith ann, fiú más é Ard-Rúnaí na Cúirte a údarás ceapacháin agus go bhfuil grádú fhoireann chomh-aireachtaí na gcomhaltaí bunaithe ar na blianta taithí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart cead a bheith ag comhaltaí na Cúirte a n-áit chónaithe a roinnt le comhaltaí dá gcomh-aireachtaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di dá bhrí sin an t-athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar chód iompair na Cúirte, mar a spreag an t-údarás um urscaoileadh, lena gceanglaítear go dtabharfaí fógra don choiste eitice faoi chaidreamh conarthach idir Comhaltaí agus foireann na Cúirte agus lena bhforáiltear nach ndéanfaidh na Feisirí comhaontuithe fadtéarmacha ar cíos, comhaontuithe fochíosa nó comhaontuithe iasachta le foireann na Cúirte, agus ar an gcaoi sin na caighdeáin trédhearcachta agus cuntasachta a mhéadú thar na ceanglais dhlíthiúla; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an gCúirt na prionsabail lena rialaítear socruithe maireachtála a comhaltaí a shonrú tuilleadh; á chur in iúl gur oth léi gur sáraíodh an ceart chun príobháideachta atá ag na baill foirne lena mbaineann mar gheall ar a n-ainmneacha a fhoilsiú sa phreas, chomh maith leis na hiarmhairtí atá fulaingthe acu ina saol pearsanta; |
|
40. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhforáiltear freisin leis an gcód iompair do chreat eagraíochtúil dá chur i bhfeidhm, eadhon coiste eitice a bhreithneoidh aon ábhar eitice a mheasann sé a bheith ábhartha do na caighdeáin a leagtar síos sa chód iompair agus don chlú atá air; á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcuidíonn seirbhís dlí na Cúirte leis an gcoiste eitice mar go gcuideoidh an beart sin le haon rioscaí dlíthiúla a bhaineann lena chinntí a sheachaint; á thabhairt dá haire, i gcomhréir le rialacha nós imeachta reatha na Cúirte, gurb í an Chúirt a cheapann comhaltaí an choiste eitice ar bhonn togra ón uachtarán; á mheabhrú, mar a léirítear i dTuarascáil Speisialta 13/2019 ón gCúirt maidir le creataí eiticiúla institiúidí an Aontais a ndearnadh iniúchóireacht orthu, go bhféadfadh tionchar a bheith ag comhdhéanamh na gcoistí eitice ar an oibiachtúlacht agus ar an neamhspleáchas a bhraitear agus, dá bhrí sin, á iarraidh go práinneach ar an gCúirt athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le ceapadh agus comhdhéanamh an choiste eitice agus á mholadh, ag leanúint Choiste Eitice Neamhspleách an Choimisiúin, gur daoine seachtracha a roghnófar mar chomhaltaí den choiste eitice, bunaithe ar a n-inniúlachta, a dtaithí, a neamhspleáchas agus a gcáilíochtaí gairmiúla, chomh maith lena mholadh nach gceapfar iad a thuilleadh ar thogra ó uachtarán na Cúirte; |
|
41. |
á thabhairt dá haire go bhfoilsíonn an Chúirt a misin Feisirí ar thairseach trédhearcachta a láithreáin ghréasáin ach don bhliain reatha amháin; á iarraidh ar an gCúirt an fhaisnéis maidir le misin uile na gComhaltaí a cuireadh i gcrích le linn thréimhse iomlán a sainordaithe a fhoilsiú agus a choimeád go buan, lena n-áirítear ceann scríbe, ainm agus post an duine ar buaileadh leis nó léi, cuspóir an mhisin agus an costas an bhí ann, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin; ag moladh don Chúirt dul isteach i gClár Trédhearcachta an Aontais ar bhonn comhaontaithe ar leibhéal seirbhíse; ag spreagadh don Chúirt chun cláir oibre a cuid comhaltaí maidir le gealltanais phoiblí agus ghairmiúla a fhoilsiú; |
|
42. |
á thabhairt dá haire gur i gcás an aon cháis OLAF amháin a osclaíodh agus an aon ghearáin amháin a fuair an tOmbudsman Eorpach, go ndearna na húdaráis faoi seach iad araon a dhíbhe; á thabhairt faoi deara nach raibh aon chás sceithireachta ann in 2020; |
|
43. |
á iarraidh ar an gCúirt ról a comhairleoirí eitice a shoiléiriú toisc nach bhfuil aon tuarascálacha ar a ngníomhaíocht ar fáil; á chreidiúint, tar éis thorthaí athbhreithniú piaraí 2019, go mbeadh sé tairbheach taifead a choinneáil ar líon agus ar chineál na saincheisteanna ar tugadh aghaidh orthu agus ar an gcomhairle a tugadh; á thabhairt dá haire go bhfuil sé de cheangal anois ar na comhairleoirí eitice tuairisciú bliantúil ar a gcuid gníomhaíochtaí d’Ardrúnaí na Cúirte, i gcomhréir leis na rialacha rúndachta; |
Acmhainní daonna, comhionannas, dea-bhail na foirne
|
44. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ag deireadh 2020, a d’fhostaigh an Chúirt 925 bhall foirne ar an iomlán, lenar cuimsíodh 669 n-oifigeach, 158 ngníomhaire shealadacha, 83 ghníomhaire ar conradh agus 15 saineolaí náisiúnta ar iasacht (SNInna); á thabhairt faoi deara gur 97,2 % a bhí sa mheánráta fostaíochta in 2020; á chur in iúl gur mór aici an dea-leibhéal leanúnach gníomhaíochtaí earcaíochta in 2020 agus 62 fhostaí nua, lenar cuimsíodh 18 n-oifigeach, 21 ghníomhaire sealadach, 20 gníomhaire ar conradh agus 3 SNI, earcaithe (i gcomparáid le 77 in 2019); |
|
45. |
ag athdhearbhú dheacrachtaí institiúidí an Aontais i Lucsamburg baill foirne a earcú de réir a gcuid riachtanas; á thabhairt le fios go bhfuil innéacsú na dtuarastal i Lucsamburg ar cheann de na príomhthosca; á mholadh do na hinstitiúidí ábhartha cur chuige comhordaithe agus aonair a bheith acu i leith an Choimisiúin; |
|
46. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gurb amhlaidh, ar an iomlán, a d’fhostaigh an Chúirt cion comhionann ban agus fear sa lucht saothair in 2020, agus 475 bhean agus 435 fhear ann as 910 fostaí; ag tabhairt dá haire gur mhná iad 51,63 % den lucht saothair iomlán lena n-áirítear comhaltaí den Chúirt agus SNInna; á thabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar sciar na mban sa bhainistíocht, 34,82 % in 2020 i gcomparáid le 30,43 % in 2019; á thabhairt faoi deara gur mná iad tuairim is trian de na príomhbhainisteoirí (17 as 47) agus na stiúrthóirí (3 as 10); |
|
47. |
á chur in iúl gur oth léi nach raibh ach 8 gcomhalta mná sa Chúirt in 2020 i gcomparáid le 18 gcomhalta fir, ach ina ainneoin sin á chur in iúl gur mór aici gur mhéadaigh sciar na mban ó 25.93 % in 2019 go 30,77 % in 2020; á mheas, áfach, nach raibh ach 16 chomhalta baineanna ag an gCúirt as 112 chomhalta san iomlán ó bunaíodh í in 1977 (85.7 % fireann, 14,3 % baineann); á mheabhrú go gceapann an Chomhairle comhaltaí na Cúirte tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus go dtuigeann sí gur creat casta é an nós imeachta ainmniúcháin do chomhaltaí na Cúirte ar dúshlán é chun cothromaíocht inscne a bhaint amach toisc gurb é an Ballstát i dtrácht amháin atá freagrach as ainmniú náisiúnta agus nach féidir ach iarrthóir amháin a ainmniú ag an am; á thabhairt dá haire, de réir Airteagal 286(2) CFAE, go nglacann an Chomhairle an liosta de chomhaltaí na Cúirte tar éis tograí ó na Ballstáit agus tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á iarraidh ar an gCúirt, áfach, anailís a dhéanamh ar chomhdhéanamh foriomlán na Cúirte d’fhonn an Chomhairle agus na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas ionas go ndéanfar cothromaíocht inscne a mheas go háirithe sna cinntí ainmniúcháin; |
|
48. |
á chur i bhfáth nach mór, faoi Airteagal 286 CFAE, comhaltaí na Cúirte a roghnú as measc daoine a bhaineann nó a bhain ina mBallstát faoi seach le comhlachtaí iniúchóireachta seachtracha nó a bhfuil cáilíocht ar leith acu chun an oifig i dtrácht a shealbhú, agus nach ann d’aon amhras ann i leith a n-inniúlacht ghairmiúil ná a neamhspleáchas gairmiúil: á chur in iúl gur oth léi go dtéann an Chomhairle ar aghaidh arís agus arís eile chun comhaltaí a ainmniú chun na Cúirte in ainneoin tuairim dhiúltach ón bParlaimint; den tuairim gur cheart nós imeachta ainmniúcháin chomhaltaí na Cúirte in Airteagal 286(2) CFAE a athchóiriú agus a ailíniú le nós imeachta ainmniúcháin bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais arna mbunú le hAirteagal 255 CFAE, i gcás ina dtugann painéal tuairim maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh ról ceangailteach ag an bParlaimint maidir le measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht iarrthóirí don Chúirt; á mheabhrú go gcuirtear anailís mhionsonraithe agus moltaí luachmhara ar fáil i rún ón bParlaimint an 4 Feabhra 2014 maidir leis an ról a bheidh ag an gCúirt Iniúchóirí amach anseo chun athbhreithniú riachtanach a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh, lena n-áirítear athbhreithniú ar CFAE; |
|
49. |
ag tabhairt le fios go saothraíonn an Chúirt cothromaíocht gheografach, go bhfuil ionadaíocht ag na Ballstáit uile ar an bhfoireann agus go bhfuil ionadaíocht ag 21 Bhallstát i bpoist bhainistíochta; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur ghlac an Chúirt ballraíocht sa Mheitheal ar an Éagsúlacht agus ar an gCuimsiú arna cur ar bun ag EPSO a rinne gníomhaíochtaí sonracha a chur ar aghaidh chun tarraingteacht Lucsamburg mar áit oibre a mhéadú, lena n-áirítear an clár chun post a thabhairt isteach do chéilí, liúntas tithíochta, straitéis chumarsáide choiteann aonair agus comhar le hollscoileanna Eorpacha; |
|
50. |
á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di an réimse leathan agus éagsúil gníomhaíochtaí a rinneadh in 2020 chun comhionannas deiseanna (“EO”) a chur chun cinn, eadhon suirbhé foirne agus cúig cheardlann rannpháirtíochta maidir le beartas agus feidhmíocht na Cúirte um EO, úsáid anailíse staidrimh ar shonraí EO chun scrúdú a dhéanamh ar conas a dhéanann na dálaí oibre difear do chodanna éagsúla den fhoireann, gníomhaíochtaí cumarsáide agus múscailte feasachta, oiliúint éigeantach do bhainisteoirí ar an neamh-idirdhealú agus ar EO, oiliúint ar an gclaontuairim neamh-chomhfhiosach do phainéalaithe roghnúcháin, athbhreithniú ar fhógraí folúntais agus anailís ex post ar an bpróiseas ceapacháin bliantúil chun a áirithiú nach raibh aon chlaontacht ann mar gheall ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire tuismitheora; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tionchar dearfach a bhí ag gníomhaíochtaí atá dírithe ar chomhionnanas deiseanna in 2020, mar shampla i ndáil le harduithe céime, agus 50 % de na mná incháilithe agus 46 % d’fhir incháilithe á gcur chun cinn agus 51 % de na mná atá á gcur chun cinn agus 45 % d’fhir atá ag cur chun cinn saoire do thuismitheoirí; á chur in iúl gur feasach di beartas agus plean gníomhaíochta na Cúirte maidir leis an éagsúlacht agus maidir leis an gcuimsiú don tréimhse 2021-2025; |
|
51. |
ag tabhairt dá haire go dtairgeann an Chúirt socruithe oibre solúbtha éagsúla chun an chothromaíocht oibre is saoil a éascú, lena n-áirítear, go háirithe, saoire tuismitheora do thuismitheoirí ag a bhfuil leanaí nach sine ná 12 bhliain d’aois, cineálacha éagsúla saoire speisialta agus socruithe don chothú cíche; á thabhairt dá haire, mar an gcéanna, gur teoranta an líon uaireanta lárnacha ar lena linn a chaithfidh na baill foirne uile a bheith inrochtana agus an fhéidearthacht uaireanta neamh-lárnacha a scaipeadh thar an lá oibre, de rogha an chomhalta foirne, chun freastal ar riachtanais ghnó agus phríobháideacha; ag aithint gur minic a cuireadh na socruithe solúbtha a bhí ar fáil in 2020 in iúl do bhaill uile na foirne agus a tugadh cothrom le dáta iad; ag tabhairt dá haire an easpa leanúnach cothromaíochta i gcás roinnt socruithe oibre ós rud é gur mhná iad 83 % de na baill foirne a d’iarr socrú oibre páirtaimseartha; á chreidiúint go bhfuil gá le cumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin agus maidir leis an bhfíoras nach bhfágfaidh úsáid a bheith á baint as na socruithe oibre atá ar fáil go gcuirfear pionós, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na bhfostaithe lena mbaineann; |
|
52. |
ag tabhairt dá haire gurbh í an chianobair an córas oibre réamhshocraithe in 2020; á chur in iúl gur díol sásaimh di gurb amhlaidh, ar an mbonn sin, a bhí deis ann cianobair a dhéanamh ó áit lasmuigh den áit fostaíochta, laistigh de theorainn cúig lá in aghaidh na míosa, gur deonaíodh ina theannta sin údaruithe eisceachtúla don chianobair lánaimseartha lasmuigh den áit fostaíochta ar bhonn cúinsí sonracha teaghlaigh agus sláinte, agus gurb amhlaidh, faoi láthair, a cheadaítear i gcónaí do bhaill foirne 30 lá cianoibre ar a mhéad in aghaidh na bliana a dhéanamh ó áit lasmuigh den áit fostaíochta (agus uasmhéid 10 lá leanúnacha ann); á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh in 2020 bearta sonracha chun cabhrú leis an bhfoireann déileáil leis an gcás sonrach a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19, eadhon suas le dhá uair an chloig in aghaidh an lae le haghaidh socruithe cúraim leanaí (a úsáideann 284 iniúchóir agus 160 fear as an méid sin) agus saoire mháithreachais sínte do mháithreacha a bhí i dteideal iad a athbhunú le linn na tréimhse iomláine glasála; |
|
53. |
ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh trí chás traochta in 2020; ag tacú leis na bearta arna nglacadh chun rochtain ar chomhairleoireacht shíceolaíoch do bhaill foirne atá ina gátar a éascú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Chúirt aird ar fheachtais chumarsáide maidir leis an gceart chun dícheangail, lena n-áirítear oiliúint éigeantach, ceardlanna ar an aireachas, laghdú ar strus agus forbairt athléimneachta; á mholadh don Chúirt, áfach, níos mó ná gníomhaíochtaí féinfheasachta a dhéanamh agus an ceart chun dícheangail ag baill foirne a chur chun feidhme, trí ghníomhartha sonracha; á chur in iúl gur mór aici gur bunaíodh foireann folláine agus gur seoladh suirbhéanna chun faireachán a dhéanamh ar shástacht bhaill foirne na Cúirte; |
|
54. |
á thabhairt dá haire gur tuairiscíodh dhá chás ciaptha shíceolaíoch líomhnaithe, ach nár cruthaíodh ciapadh síceolaíoch sna himscrúduithe riaracháin; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, nár thuairiscigh an Chúirt, in 2020, aon chás deimhnithe ciaptha shíceolaíoch nó gnéaschiaptha; á chur in iúl gur mór aici gur neartaigh an Chúirt an líon teagmhálaithe sa líonra faoin mbeartas maidir le timpeallacht oibre shásúil a chothabháil; ag tacú le hoiliúint éigeantach do bhainisteoirí maidir le baill foirne a chosaint ar chiapadh agus ar iompar míchuí, leis an gceardlann maidir le réiteach coinbhleachtaí lena ndírítear ar chibearchumarsáid agus á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear sna seisiúin thosaigh do nuatheachtaithe modúil faoi na beartais inmheánacha maidir le EO agus maidir leis an bhfrithchiapadh; |
|
55. |
á chur in iúl gurb oth léi gur chinn an Chúirt éilimh ar ghnéaschiapadh a líomhnaítear a rinne oifigigh shinsearacha a dhíbhe, bunaithe ar an bhfíric gur foilsíodh iad ar inlíon na Cúirte agus nár tuairiscíodh iad trí na bealaí oifigiúla; á iarraidh ar an gCúirt tuilleadh oibre a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar an uirlis tuairiscithe gearán ar chiapadh agus ar an gcreat eiticiúil inmheánach; |
|
56. |
á thabhairt dá haire gur chuir an Chúirt fáilte roimh 44 oiliúnaí in 2020 (i gcomparáid le 55 oiliúnaí in 2019; míníodh gurb í an chúis a bhain leis sin ná gur cuireadh seisiún mhí na Bealtaine ar ceal mar gheall ar phaindéim COVID-19); á thabhairt faoi deara go raibh 42 sheal oiliúna as 44 sheal oiliúna ina sealanna oiliúna íoctha agus á iarraidh ar an gCúirt a áirithiú go bhfaighidh a hoiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil amach anseo; |
Digiteáil, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
57. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 10 093 000 a bhí i mbuiséad iomlán TF in 2020, ar méadú 25 % é i gcomparáid le 2019, tráth a bhí buiséad TF cothrom le EUR 8 085 000; ag tabhairt le fios gurbh é an tionscadal ba shuntasaí, arbh ionann é agus beagnach 50 % den mhéadú agus a maoiníodh le haistrithe speisialta, ná ionadú bhonneagar stórála TF ina iomláine; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt EUR 358 000 a infheistiú i dtrealamh TF don úsáideoir deiridh (ríomhairí, scáileáin, iPad, gutháin phóca agus méaróga USB criptithe) arb ionann é agus méadú 185 % i gcomparáid le 2019; á thabhairt faoi deara gur caitheadh EUR 6 390 000 ar sheirbhísí TF, den chuid is mó cothabháil feidhmchlár, oibríochtaí TF agus seirbhísí arna soláthar ag institiúidí eile; ag tabhairt dá haire gur cuireadh roinnt nuathionscadail TF i gcrích in 2020 a ndearnadh infheistíocht EUR 1 603 000 (méadú 23 % i gcomparáid le 2019) ina leith; |
|
58. |
á thabhairt dá haire agus é ina dhíol spéise di gur ghá, tar éis ráig COVID-19, saolré iomlán na hiniúchóireachta a dhéanamh go digiteach, lena n-áirítear bailiú fianaise, nósanna imeachta sáraíochta agus agallaimh a rinneadh trí fhísghlao le hateangaireacht, nuair ba ghá, agus nach ndearnadh difear do thoradh an phróisis mar thoradh air sin; á chur in iúl gur díol sásaimh di an obair a rinne foireann saotharlainne nuálaíochta idirdhisciplíneach ECALab in 2020 chun teicneolaíochtaí, amhail mianadóireacht sonraí, an intleacht shaorga agus próiseáil sonraí oscailte, a fhiosrú chun digiteáil an phróisis iniúchóireachta a fhorbairt tuilleadh; á chur in iúl gur eol di gurb amhlaidh, le linn 2020, a lean an Chúirt den tionscadal “iniúchadh CIE ina iniúchadh digiteach” a chur chun feidhme, ar tionscadal trasearnálach é a bhfuil sé mar aidhm leis teicnící iniúchta digiteacha a chur i bhfeidhm i gcomhair iniúchadh airgeadais ghníomhaireachtaí an Aontais; |
|
59. |
á thabhairt dá haire gur go digiteach a cuireadh an nós imeachta vótála (lena n-áirítear an vótáil rúnda), próisis earcaíochta agus soláthar earraí agus seirbhísí i gcrích; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb amhlaidh, trí ghlacadh beartais aicmithe faisnéise, a dtiocfaidh treoirlínte cur chun feidhme agus cinneadh sonrach maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh sna sála air, agus trí chur ar bun uirlise digití chun déileáil le doiciméid íogaire, a rannchuidíodh leis an aistriú i dtreo na digiteála iomláine a éascú; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt nuachóras faireacháin slándála agus fiaigh bagartha, deimhnithe digiteacha arna n-eisiúint ag údarás deimhniúcháin phoiblí le haghaidh criptiú ríomhphoist chun malartú comhad íogair le heintitis sheachtracha a éascú agus bogearraí cosanta bagartha do ghairis mhóibíleacha chorparáideacha a chur i bhfeidhm; |
|
60. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, tríd is tríd, a tástáladh an chibearshlándáil atá i bhfeidhm (lena gcumhdaítear an tréimhse 2018-2021) agus atá sí ag feidhmiú go héifeachtach, agus a chuir an scagaire idirlín bac ar bhreis agus 70 000 bagairt gréasáin in 2020; á thabhairt faoi deara gur chuir an Chúirt roinnt tionscnaimh feasachta i gcrích chun dea-chleachtais a chothú agus obair chianda á déanamh; á chur in iúl gur díol sásaimh di nár tharla aon teagmhas slándála tromchúiseach le linn 2020; á chur in iúl gur eol di go bhfuil plean cibearshlándála nua á cheapadh ag an gCúirt (lena gcumhdófar an tréimhse 2022-2024), lena mbeartaítear gluaiseacht de réir a chéile i dtreo Ailtireacht Iontaobhais Nialais; |
|
61. |
á thabhairt dá haire gur cuireadh treoirlínte agus nuashonruithe maidir le hábhair cosanta sonraí ar fáil don fhoireann trí nuachtlitir leathbhliantúil; á chur in iúl gur mór aici gur measadh go raibh an Chúirt “iomlán comhlíontach” de dhroim iniúchadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar chlár oifigeach cosanta sonraí na Cúirte; |
Foirgnimh agus slándáil
|
62. |
á thabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2020, a ghlac an Chúirt athruithe buana ar spásanna oibre chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, chun nuaphátrúin spáis a chomhtháthú, chun an tslándáil fhisiceach a mhéadú agus chun aird a thabhairt ar an mbealach hibrideach úr oibre (an chianobair agus in situ); |
|
63. |
á iarraidh ar an gCúirt, agus na tionscadail athchóirithe á gcur chun feidhme aici, dul i gcomhairle leis na hionadaithe foirne ag gach céim den phróiseas, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar shástacht agus dea-bhail na foirne amach anseo, agus, go háirithe, breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le feabhsuithe i gcomhair daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumas eile agus réitigh a shainaithint roimh ré chun a rochtain a éascú; |
An comhshaol agus an inbhuanaitheacht
|
64. |
á thabhairt dá haire go bhfuil an Chúirt rannpháirteach sa Scéim um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS), lena ndírítear ar a áirithiú go gcomhlíonfar moltaí maidir le soláthar glas agus earraí agus seirbhísí á gceannach ag gach céim den nós imeachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Chúirt rannpháirteach i Soláthar Poiblí Glas na Parlaiminte, rud a chiallaíonn go bhfuil gá leis na critéir ghlasa mar chuid de na héicilipéid agus de na lipéid chóirthrádála, i gcás inarb iomchuí, chomh maith le haird a thabhairt ar dhícheall cuí chearta an duine agus tairgeoirí agus conraitheoirí á measúnú; |
|
65. |
á thabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2020, a bhí aschur iomlán gás ceaptha teasa na Cúirte 14 % níos lú ná mar a bhí sé in 2014 nuair a tosaíodh ar astaíochtaí CO2 a thomhas; á chur in iúl gur eol di gurb amhlaidh, de dhroim torthaí iniúchta sheachtraigh, a rinneadh deimhniú EMAS na Cúirte a athnuachan don tréimhse 2020-2022; á mholadh don Chúirt, thairis sin, grianphainéil a shuiteáil ar gach foirgneamh d’fhonn éifeachtúlacht carbóin na Cúirte a mhéadú; |
|
66. |
ag aithint go bhfuil an chéad tuarascáil uaithi ar an inbhuanaitheacht á dréachtú ag an gCúirt bunaithe ar chaighdeáin an Tionscnaimh Tuairiscithe Dhomhanda agus i gcomhréir le treoirlínte an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais; |
|
67. |
á chur in iúl go dtuigeann sí gur thit tomhaltas leictreachais agus uisce go suntasach, 30% agus 93 % faoi seach, mar thoradh ar na teorainneacha oibre a bhí ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus go raibh meánlíon na leathanach priontáilte in aghaidh na foirne in áitreabh na Cúirte gar do náid; á mholadh don Chúirt cur leis an taithí a fuarthas le linn an phaindéim chun feabhas a chur ar a feachtas chun tomhaltas páipéir a laghdú; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
68. |
ag tabhairt dá haire gur thaifead an Chúirt tuairim is 32 000 alt ar líne agus post sna meáin shóisialta a bhain lena foilseacháin nó leis an gCúirt i gcoitinne (i gcomparáid le 51 000 in 2019), gur eisigh sí 68 bpreaseisiúint agus gur reáchtáil sí 22 sheisiún faisnéise do na meáin (i gcomparáid le 61 agus 25, faoi seach, in 2019); á chur in iúl go dtuigeann sí gurbh é ba chúis, i bpáirt, leis an laghdú arna shainaithint ar chumhdach na meán ar fhoilseacháin na Cúirte, seachas tuarascálacha iniúchóireachta, na gníomhaíochtaí cumarsáide laghdaithe ar chainéil na meán sóisialta ó lár mhí an Mhárta 2020 ar aghaidh; |
|
69. |
á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di tionscnaimh chun teacht ar gheallsealbhóirí agus ar shaoránaigh a úsáideann an preas agus na meáin, amhail seisiúin faisnéise fhíorúla don phreas chun láithreacht na Cúirte a mhéadú sa phreas náisiúnta agus sna meáin náisiúnta; á thabhairt chun suntais gur dea-chleachtas a bhí sa chomhdháil ar Eitic agus Ionracas sa Riarachán Poiblí arna reáchtáil i mí Mheán Fómhair 2020 mar phlé leantach ar Thuarascáil Speisialta 13/2019 ón gCúirt ar “Chreatanna Eiticiúla institiúidí iniúchta AE; an deis atá ann feabhas a dhéanamh”; |
Comhar idirinstitiúideach
|
70. |
ag tabhairt dá haire an dlúthchomhar idirinstitiúideach a bhain an Chúirt amach in 2020 ainneoin na ndúshlán a bhí ann, lena n-áirítear 156 chur i láthair, ar an iomlán, ar thorthaí a cuid oibre: 52 do choistí na Parlaiminte, 57 do chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle agus 47 do na parlaimintí náisiúnta (i gcomparáid le 264 in 2019); |
|
71. |
á thabhairt dá haire Iniúchadh Líonra AE, a bheartaítear a bheith ina chineál nua comhair iniúchóireachta maidir le hábhair a bhaineann le paindéim COVID-19, lena ndírítear ar eolas agus taithí a roinnt agus ar infheictheacht agus tionchar obair ábhartha iniúchóireachta na n-ard-institiúidí iniúchóireachta a mhéadú; |
|
72. |
ag tabhairt dá haire an dul chun cinn sa chaibidlíocht don chomhaontú tríthaobhach leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus leis an gCoimisiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhaontú 2016 lena rialaítear rochtain na Cúirte ar dhoiciméid agus faisnéis atá i seilbh BEI chun a hiniúchtaí ar oibríochtaí arna gcistiú nó arna ráthú le buiséad an Aontais agus arna mbainistiú ag BEI a dhéanamh; |
|
73. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an chaibidlíocht ullmhúcháin a rinneadh in 2020 chun socrú oibre a shíniú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) d’fhonn creat struchtúrtha le haghaidh comhair idir an Chúirt agus OIPE a chur ar fáil, lena ndírítear ar chosaint bhuiséad an Aontais a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur eol di gur síníodh an socrú oibre sin i mí Mheán Fómhair 2021; |
|
74. |
á thabhairt dá haire gur thuairiscigh an Chúirt in 2020 sé chás de chalaois amhrasta do OLAF a sainaithníodh le linn obair iniúchóireachta na Cúirte (i gcomparáid le 10 gcás in 2019), arbh é an toradh a bhí orthu go léir gur osclaíodh imscrúdú; á thabhairt faoi deara agus é ina dhíol sásaimh di gur tháinig méadú ar chéatadán na n-imscrúduithe a tionscnaíodh tar éis don Chúirt faisnéis ábhartha a tharchur le blianta beaga anuas mar thoradh ar an idirphlé agus ar an gcomhordú níos déine idir an Chúirt agus OLAF; |
Paindéim COVID-19
|
75. |
á chreidiúint gur ghlac an Chúirt roinnt beart, agus gur thacaigh sí leo, ba ghá chun an fhoireann a choimirciú le linn phaindéim COVID-19 agus á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh faireachán ar an staid trí shuirbhéanna maidir leis an dea-bhail ag an obair, maidir le tuiscint na foirne ar an staid agus maidir le leibhéil sástachta; |
|
76. |
á thabhairt dá haire, le gníomhú an phlean um leanúnachas gnó, gur féidir tabhairt faoi na gníomhaíochtaí tapa is gá, i gcomhar le húdaráis Lucsamburgacha agus le hinstitiúidí eile an Aontais atá bunaithe i Lucsamburg agus lena n-áirítear athbhreithniú gasta a dhéanamh ar rialacha nós imeachta na Cúirte nuair is gá; á chur in iúl gur mór aici an comhordú éifeachtach a rinneadh le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais le linn na héigeandála paindéime, go háirithe rannpháirtíocht bhainisteoirí leanúnachais gnó institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais sa líonra neamhfhoirmiúil agus sa ghrúpa idirinstitiúideach um COVID-19 atá fós gníomhach; |
|
77. |
á chur i bhfáth gur leasaigh an Chúirt a rialacha nós imeachta go pras chun go bhféadfadh an Chúirt agus a dlísheomraí agus a coistí a gcinntí a ghlacadh go cianda i gcruinnithe fíorúla nó “hibrideacha” in imthosca eisceachtúla arbh ionann iad agus force majeure agus chun a áirithiú go leanfadh an Chúirt de chinnteoireacht a dhéanamh sna himthosca sin; |
|
78. |
á chur in iúl gur eol di gurb amhlaidh, amhail an 16 Márta 2020, a bunaíodh córas ginearálta oibre baile agus go ndearnadh an córas sin a oiriúnú go seasta, rud a bhí ina sholúbthacht bainistíochta éifeachtach; á mholadh don Chúirt na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhtháthú go hiomlán ina straitéis inmheánach maidir le leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF agus athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith a foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus solúbthacht na bpróiseas oibre. |
(1) Cód Iompair do Chomhaltaí agus d’Iar-Chomhaltaí na Cúirte (IO L 46, 25.2.2022, lch. 145).
(2) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(3) Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle an 29 Feabhra 2016 lena socraítear díolaíochtaí shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE (IO L 58, 4.3.2016, lch. 1).
(4) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 30 Meán Fómhair 2021, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa v Karel Pinxten, C-130/19, ECLI:EU:C:2021:782.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/108 |
CINNEADH (AE) 2022/1703 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0263/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0079/2022), |
|
1. |
ag cur a cinnidh i dtaobh urscaoileadh a thabhairt d’Ard-Rúnaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don bhliain airgeadais 2020 ar athló; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún laistíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/109 |
RÚN (AE) 2022/1704 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VI — Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0079/2022), |
|
A. |
de bhrí go ndéanann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (an “Coiste”) ionadaíocht ar na comhpháirtithe sóisialta agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó na Ballstáit i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus go dtéann sé i rannpháirtíocht leo, agus go saothraíonn sé a mhisean maidir le reachtóireacht níos fearr agus daonlathas an Aontais a neartú ón mbun aníos; |
|
B. |
de bhrí go saothraíonn misean an Choiste trí phríomhchuspóir, eadhon (i) naisc leormhaithe a áirithiú idir beartais an Aontais agus na cúinsí eacnamaíocha, sóisialta agus sibhialta ar an láthair, (ii) forbairt Aontais níos rannpháirtí a chur chun cinn agus (iii) na luachanna ar a bhfuil lánpháirtíocht Eorpach bunaithe a chur chun cinn; |
|
C. |
de bhrí go raibh comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 san Aontas, agus iad ag déanamh plé ar easnaimh agus ag moladh bearta sonracha agus, dá bhrí sin, gur féidir leo rannchuidiú go mór le rath an chur chun feidhme, an fhaireacháin agus choigeartú phleananna téarnaimh an Aontais; |
|
D. |
de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, agus go bhféadfadh an Coiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin, agus leas á bhaint acu as réimse leathan tarchuir mar atá sainithe san Ionstraim Eorpach Aonair, i gConradh Maastricht agus i gConradh Amstardam, lena gceadaítear do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis; |
|
E. |
de bhrí gur chinn an Coiste, tar éis ráig phaindéim COVID-19 agus i bhfianaise na staide san Aontas, go gcuirfí san áireamh ina chuid oibre ar fad tionchar phaindéim COVID-19 ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí i gcoitinne; |
|
F. |
de bhrí gur bhain an Coiste leas as a ghrúpa idirchaidrimh, ar líonra brateagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta é, chun plé a dhéanamh ar na dúshláin a bhí os a gcomhair agus iad ag déileáil le paindéim COVID-19, chun a n-iarrataí lena mbaineann a achoimriú agus chun ról lárnach a iarraidh maidir le plean téarnaimh an Aontais a cheapadh chun bheith in ann treoir a thabhairt do chinnteoirí agus aghaidh á tabhairt acu ar thionchar eacnamaíoch na géarchéime; |
|
G. |
de bhrí gur ghá don Choiste, de dheasca phaindéim COVID-19, a fheidhmiú inmheánach agus a chuid modhanna oibre a athbhreithniú agus a oiriúnú chun go mbeadh a mhisean á chomhlíonadh aige i gcónaí; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil le hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar don Choiste; |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a cuid oibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine as caiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin an Choiste, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha; á chur in iúl gur geal léi nár aimsigh an Chúirt aon fhadhbanna sonracha maidir le rialtacht na n-idirbheart; |
|
3. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” den Tuarascáil Bhliantúil ón gCúirt dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise agus go léiríonn an Chúirt go bhfuil riosca íseal ag baint le caiteachas den sórt sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 142,5 milliún a bhí i mbuiséad an Choiste do 2020 (méadú 4,22 % i gcomparáid le buiséad 2019), a ndearnadh EUR 130,9 milliún de a chaitheamh nó a thabhairt ar aghaidh chuig 2021 mar cheangaltais; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur 91,8 % an ráta forghníomhaithe in 2020 (i gcomparáid le 98,1 % in 2019); ag tabhairt dá haire, tar éis ráig phaindéim COVID-19, go raibh tionchar ag roinnt línte buiséid (costais taistil agus liúntais na gcomhaltaí, ateangaireacht, misin foirne agus eagrú imeachtaí agus éisteachtaí), ó thaobh úsáid laghdaithe leithreasaí agus caiteachas breise riachtanach de; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, chun aghaidh a thabhairt ar na méideanna a bhí fanta sna línte buiséid a bhí buailte ag ráig phaindéim COVID-19, gur thionscain an Coiste aistrithe níos luaithe in 2020, rud a raibh méid iomlán an-ard aistrithe ar luach thart ar EUR 12,5 milliún mar thoradh air; ag tabhairt faoi deara, áfach, go raibh forghníomhú na leithreasaí a tugadh ar aghaidh ó 2019 go 2020 beagán níos ísle ná a bhí siad in 2019: 79,2 % (EUR 6,9 milliún) in 2020 i gcomparáid le 82,1 % (EUR 7,1 milliún) in 2019; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go ndearna biúró an Choiste cinneadh, an 28 Aibreán 2020, maidir le “Méadú aonuaire ar an liúntas cómhaoinithe TF do na Comhaltaí” lena mbeadh “comhaltaí cáilitheacha” (i.e. iad siúd a d’fhreastail ar 50 % ar a laghad de na cruinnithe a bhfuair siad cuireadh chucu) i dteideal EUR 2 500 a fháil le haghaidh gach ceann den dá thráthchuid bhliantúla in 2020 (in ionad EUR 1 500 le haghaidh gach tráthchoda in aon bhliain eile); á iarraidh ar an gCoiste faisnéis a thabhairt faoin méadú aonuaire sin ar an roinn atá tiomnaithe do speansais agus liúntais taistil na gcomhaltaí ar a shuíomh gréasáin; ag tabhairt dá haire gurbh é cuspóir an chinnidh sin go mbeadh sé ar acmhainn na gcomhaltaí modhanna leictreonacha éifeachtúla agus cobhsaí a cheannach chun cumarsáid a dhéanamh agus chun freastal ar chruinnithe; á chur i bhfios gur tairgeadh ríomhaire pearsanta iniompartha do na comhaltaí freisin; ag tabhairt dá haire gur EUR 1 443 500 a bhí i gcaiteachas iarbhír an liúntais cómhaoinithe TF do na Comhaltaí in 2020, arb ionann EUR 578 000 de agus an méadú sin; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, gur liúntas ar ráta comhréidh é an liúntas cómhaoinithe TF nach bhfuil bunaithe ar chostais iarbhír, rud a chiallaíonn nach n-iarrtar ar na comhaltaí doiciméid tacaíochta a sholáthar chun an liúntas sin a fháil; |
|
8. |
á chur in iúl an athuair gur oth léi go ndearna an biúró an Choiste cinneadh, an 9 Meitheamh 2020, lena gceadaítear do chomhaltaí an gnáthliúntas cothaithe laethúil a éileamh as páirt a ghlacadh go cianda i gcruinnithe den Choiste; ag tabhairt dá haire gurb é cuspóir an chinnidh sin na comhaltaí a chúiteamh as an am a chaith siad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu agus as na costais riaracháin ghaolmhara, ach ag tabhairt dá haire go ndéanann sé dochar do chlú an Choiste i dtuairim na saoránach; á thabhairt dá aire nach bhféadfaí an togra ón gCoiste maidir le liúntas sonrach laethúil le haghaidh cianfhreastail ar chruinnithe (EUR 145 i gcomparáid leis an liúntas caighdeánach EUR 290) a chur i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh an Chomhairle an togra sin agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ina dhiaidh sin an 1 Iúil 2021; á chur in iúl go dtuigeann sí nach gcumhdaítear le haon cheann de na cinntí sin aisíocaíochtaí sa bhreis ar an liúntas cothaithe laethúil, agus dá bhrí sin, nach gcumhdaítear aisíoc costas taistil ná liúntas taistil leo; ag tabhairt dá haire gur EUR 4 440 099 an costas iomlán a bhí ar an liúntas cothaithe laethúil in 2020, méid as ar íocadh EUR 2 270 700 le haghaidh rannpháirtíocht chianda agus as ar íocadh EUR 2 169 399 le haghaidh rannpháirtíocht fhisiciúil; á aithint gur tugadh fógra do na húdaráis bhuiséadacha faoi gach cinneadh ábhartha a rinne an biúró; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoiste cleachtais nua luacha saothair a fhiosrú chun luach saothair cothrom agus comhréireach a áirithiú do chomhaltaí nach bhfuil bunaithe go hiomlán ar aisíocaíochtaí ná ar liúntais; Á iarraidh ar an gComhairle cumhachtaí cinnteoireachta an Choiste maidir le luach saothair a ailíniú le cumhachtaí cinnteoireachta Choiste na Réigiún; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go gcuireann gníomhaireacht taistil an Choiste uasteorainneacha i bhfeidhm maidir le taisteal idir an Bhruiséil agus príomhchathracha na hEorpa; ag fiafraí den Choiste cad a dhéanann sé chun a chuid comhaltaí agus a ghníomhaireacht taistil a spreagadh le cleachtais chliste áirithinte a ghlacadh le haghaidh taistil; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Coiste, mar an institiúid ceannais, ocht nglao ar thairiscintí ar luach os cionn EUR 15 000 in 2020; ag tabhairt dá aire gurbh ionann méid iomlán na tairisceana do chomhsheirbhísí garda slándála don Choiste agus do Choiste na Réigiún (“CnaR”) agus thart ar EUR 24 mhilliún, rud a d’fhág gurbh í an tairiscint ba mhó luach don Choiste in 2020 í; |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
11. |
ag tabhairt chun suntais gur seoladh an tionscadal comhtháite anailíse gnó (IBIP) chun an bhunchúis atá leis na héagsúlachtaí buiséid a shainaithint trí anailís chomparáideach a dhéanamh ar an mbuiséad agus chun na fíorchostais a bhaineann le gníomhaíochtaí amhail cruinnithe, imeachtaí, comhdhálacha etc. a shainaithint; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm ag an gcéad chuid de IBIP na próisis bhunúsacha a shainaithint agus a mhapáil, rud lena réitítear an bealach don dara cuid den tionscadal lena ndíreofar ar na próisis a fheabhsú agus a athdhearadh; á iarraidh ar an gCoiste tuarascáil a chur i dtoll a chéile ar na costais agus na coigiltis a bhaineann le IBIP; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh an Coiste 131 thuairim, pháipéar seasaimh agus thuarascáil faisnéise in 2020 (i gcomparáid le 127 in 2019); á chur san áireamh, mar gheall ar na deacrachtaí a bhain le tuairimí a ghlacadh trí tharchuir laistigh de na sprioc-amanna gearra idirinstitiúideacha ag tús phaindéim COVID-19, gur ghlac an Coiste, sular formheasadh a nós imeachta leasaithe, 13 pháipéar seasaimh mar fhreagairt ar tharchuir chun rannchuidiú ar bhealach éifeachtach agus tráthúil le freagairt an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an gCoiste tuarascáil a thabhairt maidir lena urraim do sprioc-amanna idirinstitiúideacha agus maidir le moilleanna a d’fhéadfadh a bheith ann le 5 bliana anuas; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig an chairt eagrúcháin nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020, ar chairt í lenar tugadh isteach athruithe tábhachtacha amhail stiúrthóireacht don chumarsáid agus don chaidreamh idirinstitiúideach a chruthú agus lena ndearnadh an tSeirbhís Dlí a chur faoi choimirce Ard-Rúnaí an Choiste; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfágann an t-atheagrú go dtugtar an neamhspléachas don tseirbhís dlí a theastaíonn uaithi chun go mbeidh sí ag oibriú go héifeachtúil; á iarraidh ar an gCoiste athmhachnamh a dhéanamh ar an atheagrú; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur glacadh Cinneadh Uimh. 078/21 ón gCoiste lena mbunaítear nós imeachta chun dul i gcomhairle lena sheirbhís dlí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fhoclaíocht lag agus mhíchruinn ina luaitear “go gcuirfear an tseirbhís dlí ar an eolas agus/nó go rachfar i gcomhairle léi sula nglacfar bearta a bhaineann le mírialtachtaí tromchúiseacha” mar nach leor faisnéis amháin; á iarraidh go láidir arís go mbeadh nósanna imeachta inmheánacha ann lena bhforálfaí do chomhairliúchán tráthúil éigeantach leis an tseirbhís dlí maidir leis na mírialtachtaí sin agus na bearta gaolmhara d’fhonn riosca dlíthiúil na gcinntí lena mbaineann a mhaolú; ag meabhrú don Choiste nach mór don tseirbhís dlí a bheith in ann measúnú neamhspleách a dhéanamh ar gach cinneadh a dhéanann bainistíocht an Choiste agus nach mór acmhainní leordhóthanacha agus na sainchumais is gá a sholáthar di chun a cuid cúraimí a chur i gcrích go rathúil chun leasa an Choiste; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an gCoiste a thuairimí a scaipeadh in éineacht le tuarascálacha agus gníomhaíochtaí eile a rannchuidíonn lena mhisean a bhaint amach freisin; á aithint go gcuirtear tuairimí an Choiste san áireamh go rialta i measúnú tionchair an Choimisiúin, ach go bhfuil imní fós ar Pharlaimint na hEorpa faoi obair an Choiste; á iarraidh ar an gCoiste dá bhrí sin a áirithiú go roinnfear gach tuairim le comhaltaí na gcoistí ábhartha sa Pharlaimint agus go ndéanfaidh sé sliotán cainte a iarraidh go hoifigiúil agus go córasach agus dréacht-tuarascálacha na Parlaiminte á dtíolacadh, i gcomhréir leis an gcomhaontú comhair idir an Pharlaimint agus an Coiste; á iarraidh ar an gCoiste ról a thabhairt do rapóirtéirí Pharlaimint na hEorpa agus tuairimí á n-ullmhú, chun an comhar polaitiúil le Parlaimint na hEorpa a neartú freisin; á mholadh go ndéanfadh an Coiste anailís tionchair níos cainníochtúla agus níos cáilíochtúla ar a thuairimí; á áitiú ar an gCoiste, dá bhrí sin, an fhoireann atá ag obair i réimsí na hoibre reachtaí agus an chaidrimh idirinstitiúidigh a threisiú; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, in 2020, gur eagraigh an Coiste ceithre sheisiún oiliúna maidir le measúnú riosca do bhaill den fhoireann, lena n-áirítear an mheánbhainistíocht, ar seisiúin oiliúna iad a raibh thart ar 15 % de bhaill na foirne rannpháirteach iontu chomh maith le seisiúin chóitseála do gach stiúrthóireacht chun cabhrú leo measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag cásanna riosca ar a gcuspóirí bliantúla; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, gur bunaíodh clár lena nasctar cuspóirí, rioscaí agus bearta rialaithe do gach stiúrthóireacht; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil tionchar diúltach ag an easpa foirne in earnáil na hiniúchóireachta inmheánaí (IAS) ar an dearbhú atá an t-iniúchóir inmheánach in ann a sholáthar; á mheabhrú, de réir thuarascáil bhliantúil 2019 na Cúirte, nach bhfuil measúnú riosca cuimsitheach déanta ag an gCoiste ó 2014 i leith agus gur cúis bhuartha di go bhfuil an t-aon mheasúnú domhanda riosca atá ann bunaithe beagnach go heisiach ar fhaisnéis a fuair IAS; á áitiú ar an gcoiste iniúchóireachta inmheánaí an staid sin a réiteach; ag tabhairt dá haire go bhfuil cairt agus lámhleabhar iniúchóireachta lena sainítear tuilleadh modhanna oibre agus nósanna imeachta á ndréachtú faoi láthair; á iarraidh ar an gCoiste arís tuarascáil a chur i dtoll a chéile ar phríomhthorthaí na tuarascála iniúchóireachta inmheánaí maidir le heitic, a iarradh cheana féin in 2019; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Coiste a chleachtadh bliantúil ag deireadh 2020 chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán rialaithe inmheánaigh agus gur athbhreithníodh ceistneoir 2020; á mheabhrú gur cuireadh dhá ghníomhaíocht leantacha siar ó chleachtadh 2019 go cleachtadh 2020, eadhon (i) measúnú foirmiúil ar fheidhmeanna íogaire, a glacadh i mí na Nollag 2021, agus (ii) cur chun feidhme straitéise cumarsáide inmheánaí ilbhliantúil; á chur in iúl gurb oth léi, de bharr ríthábhacht na gníomhaíochta sin, go bhfuil an machnamh ar an straitéis cumarsáide fós ar siúl, agus gur cuireadh an ghníomhaíocht siar go dtí 2021; ag tabhairt dá haire, ó chleachtadh 2020 i leith, go raibh sé beartaithe ag na stiúrthóireachtaí go léir nósanna imeachta a chlárú agus a lárú i 2021; |
|
19. |
á chur in iúl go dtuigeann sí, sa bhreis ar na rialuithe coisctheacha ilsrathacha, go bhforáiltear mar chuid den phróiseas aisíocaíochta go ndéanfaidh gníomhaire tionscanta airgeadais gach éileamh a sheiceáil agus go ndéanfaidh gníomhaire fíoraithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme de iad a ghrinnscrúdú arís ina dhiaidh sin agus ansin go ndéanfaidh oifigeach údarúcháin ar a gcuirfear an cúram sin go cuí gach íocaíocht a údarú ar leibhéal na bainistíochta. |
Acmhainní daonna, comhionannas agus folláine na foirne
|
20. |
ag tabhairt dá haire gurbh é 702 líon iomlán fhoireann an Choiste ag deireadh 2020 — an líon foirne céanna a bhí ann ag deireadh 2019 — agus gur 95,6 % a bhí i ráta líonta na bpost don phlean bunaíochta, céatadán atá beagán níos ísle ná mar a bhí sna blianta roimhe sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil ualach oibre an Choiste ag dul i méid, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leas na foirne; |
|
21. |
á chur in iúl gurb oth léi líon na bhfolúntas fadtéarmach do phoist mheánbhainistíochta agus ardbhainistíochta (cúig fholúntas a bhí ann ar feadh seacht mí nó níos mó), do bhainisteoirí i bpoist “ad interim” (beirt bhainisteoirí i bpoist “ad interim” ar feadh níos mó ná seacht mí) in ainneoin na rialacha atá i bhfeidhm agus do bhainisteoirí i bpoist dhúbailte “ar mhaithe leis an tseirbhís” (seisear bainisteoirí i bpoist dhúbailte ar feadh níos faide ná seacht mí); á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh dhá nós imeachta roghnúcháin a chur ar ceal agus a athfhoilsiú in 2020, agus gur dúnadh nós imeachta roghnúcháin amháin gan ceapachán a dhéanamh agus go bhfuil gearáin chuig an Ombudsman Eorpach (an tOmbudsman) ar siúl ina leith sin; ag tabhairt faoi deara, agus is ábhar imní di, gur líonadh 23 phost tar éis dhul in éag an spriocdháta soghluaisteachta; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh na cásanna sin cur le dearcadh diúltach i leith bhainistiú Acmhainní Daonna an Choiste agus, ar an gcaoi sin, go bhféadfadh na deacrachtaí earcaíochta dul i méid; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí, mar an t-údarás riaracháin is airde laistigh den Choiste, measúnú iomlán a dhéanamh ar an gcás agus tuarascáil a thabhairt do na húdaráis bhuiséadacha; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Coiste in 2020 gurbh ionann gan bheith in ann líon leordhóthanach foirne a aimsiú agus fadhb thrasnach inmheánach; ag moladh don Choiste féachaint ar bhealaí chun cur le tarraingteacht an Choiste mar fhostóir agus le spéis iarratasóirí ionchasacha agus chun feabhas a chur ar an gcomhar leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, i.e. liostaí ionadaithe d’iarrthóirí cáilithe a chruthú; á chur in iúl gurb eol di tuairiscí mionsonraithe ar phoist a bheith á bhfoilsiú in Sysper do gach post i rúnaíocht an Choiste chun trédhearcacht a mhéadú agus chun tacú le leithdháileadh freagrachtaí níos cuíchóirithe; ag achainí go láidir ar Ard-Rúnaí an Choiste feabhas a chur ar an trédhearcacht i dtaca le painéil roghnúcháin a cheapadh, go háirithe i nósanna imeachta earcaíochta le haghaidh poist bhainistíochta, agus stop a chur le poist “choibhéiseacha”, mar a thugtar orthu, a bheith á gcruthú lena ndéantar an chuntasacht níos doiléire agus lena dtarraingítear amhras ar chomhlíonadh phrionsabal na córa comhionainne; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí chun freagairt d’ionchais ghairme na foirne, amhail athbhreithniú ar chinntí soghluaisteachta an Choiste, infheistiú in oiliúint na foirne agus treoir ghairme a sholáthar; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig athruithe idir 29 % agus 34 % le blianta beaga anuas ar chéatadán na foirne a bhain úsáid as socruithe oibre solúbtha, agus laghdú suntasach tagtha in 2020 ar féidir a rá gur mheascán de na bearta a bhaineann le paindéim COVID-19, go háirithe an gaibhniú éigeantach, agus an díolúine ó chlárú ama oibre a ghlac an Coiste, ba chúis leis; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, gur fear as cúigear an sciar de na fir a bhain úsáid as patrúin sholúbtha oibre in 2020, sciar ar comhionann é, a bheag nó a mhór, agus sciar 2019; á iarraidh ar an gCoiste dea-chleachtais bhailíochtaithe a ghlacadh sa réimse sin, amhail seisiúin faisnéise do bhaill foirne nua, comhairle aonair ó oifigigh comhdheiseanna nó spás tiomnaithe ar an inlíon, chomh maith lena áirithiú nach ndéanfar dochar ar bhealach ar bith do dhul chun cinn gairme na bhfostaithe i dtrácht mar phionós as úsáid a bhaint as na socruithe oibre atá ar fáil; á chur in iúl gur geal léi gur féidir le daoine atá i bpáirtnéireachtaí cláraithe leas a bhaint as saoire tuismitheora agus as deiseanna uaireanta oibre solúbtha do thuismitheoirí a bhfuil leanaí óga acu; |
|
24. |
á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh teilea-obair a leathnú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach do gach ball foirne, seachas baill foirne a raibh cúraimí criticiúla á gcur i gcrích acu, ar cúraimí iad lenar gá do na baill foirne sin a bheith i láthair san áitreabh; ag tabhairt dá haire go bhfuair an fhoireann nuachtlitir rialta ina raibh leideanna agus cleasanna, sa bhreis ar ghníomhaíochtaí sonracha dírithe ar fhéinchúram, chun cabhrú leo an tréimhse fhada teilea-oibre a láimhseáil; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire go raibh 702 bhall foirne ag an gCoiste ag deireadh 2020, comhdhéanta de 458 mbean agus 244 fhear; ag tabhairt faoi deara go raibh laghdú ó chéatadán na mban i bpoist mheánbhainistíochta — ó 48 % in 2019 go 47 % in 2020, lena n-áirítear poist mar chinn aonaid ghníomhacha; ag tabhairt faoi deara, agus is ábhar imní di, go raibh laghdú níos géire ar na poist ardbhainistíochta — ó 57 % in 2019 go 40 % in 2020, lena n-áirítear leas-stiúrthóirí; á thabhairt chun suntais go bhfuil an treocht sin i gcoinne an mhéadaithe ar líon na mban ar leibhéal AD nó ar leibhéal coibhéiseach i bpoist neamhbhainistíochta (63,3 % in 2020, i gcomparáid le 62,2 % in 2019 agus 62,2 % in 2019); á chur in iúl nach n-aontaíonn sí le poist ghníomhacha nó poist thánaisteacha a bheith san áireamh sna figiúirí mar gheall ar a gcineál sealadach agus toisc go bhféadfadh aon cheapachán amháin an cóimheas foriomlán in institiúid measartha beag a shaobhadh; |
|
26. |
ag moladh don Choiste féachaint ar dhreasachtaí agus bearta sonracha a chuirtear chun feidhme go rathúil in eintitis eile chun rochtain na mban ar phoist bhainistíochta a chur chun cinn, amhail aitheantas foirmiúil a thabhairt do fhreagrachtaí bainistíochta faoi bhun leibhéal an chinn aonaid, tacaíocht mheantóireachta agus oiliúint réamhbhainistíochta; ag meabhrú na mbeart éagsúil d’fhonn an príomhshruthú inscne a fheabhsú san obair pholaitiúil agus riaracháin atá pléite agus sainaitheanta ag an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne i bParlaimint na hEorpa; á chreidiúint gur cheart don Choiste spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos maidir le cothromaíocht inscne chun an timpeallacht oibre a dhéanamh níos cothroime, níos ilchineálaí agus níos tarraingtí; á mholadh go gceapfaí oifigeach comhionannais deiseanna ina roinn acmhainní daonna chun gníomhaíochtaí ar an láthair a éascú i ndáil leis sin; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire go bhfostaíonn an Coiste baill foirne ó na Ballstáit uile; ag tabhairt dá haire, maidir le dáileadh geografach bainisteoirí, gur ó Bhallstáit AE-13 a tháinig díreach 15 % de bhainisteoirí i mí na Nollag 2020 (i gcomparáid le 19 % in 2019); á iarraidh ar an gCoiste dul chun cinn suntasach a dhéanamh agus bearta a dhéanamh chun cothromaíocht gheografach a bhaint amach laistigh dá fhoireann ionas go mbainfear ionadaíocht chuí amach i dtaca le náisiúnaigh ó na Ballstáit uile, lena n-áirítear ar an leibhéal bainistíochta, rud a léiríonn a n-éagsúlacht, mar a luaitear in Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire, chun sonraí pearsanta a chosaint, nach mbailítear aon sonraí faoi bhaill foirne atá faoi mhíchumas ach á chur in iúl go bhfuil bac mar thoradh air sin ar mheasúnú ceart a dhéanamh ar an gcás agus ar bheartais leormhaithe a fhorbairt sa réimse sin; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coiste prionsabal na cóiríochta réasúnta i bhfeidhm chun troscán eirgeanamaíoch agus trealamh TF a chur ar fáil chun timpeallacht oibre oiriúnach a chruthú; á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear míchumas san áireamh go hiomlán sa straitéis chomhpháirteach foirgneamh agus i gCoiste na Réigiún; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil meastóireacht á déanamh ar phlean gníomhaíochta 2017-2020 maidir le comhdheiseanna agus éagsúlacht agus ag dréim leis go gcuirfidh sé ionchur luachmhar ar fáil le haghaidh tuilleadh bearta oiriúnacha agus nithiúla; á iarraidh ar an gCoiste na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chur san áireamh freisin agus plean gníomhaíochta nua á dhréachtú; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coiste cur chuige saincheaptha faoi dheireadh in 2020 chun cásanna traochta a chosc a chuimsigh, i dteannta na mbeart ginearálta, teagmháil réamhghníomhach leis na baill foirne atá i mbaol, sceidil sholúbtha oibre (gan clárú ama), nuachtlitir ina bhfuil leideanna agus cleasanna, agus gníomhaíochtaí cumarsáide sonracha; á chur in iúl gur údar díomá di nach raibh an Coiste in ann líon na gcásanna a thomhas a bhain le comharthaí sóirt an traochta de dheasca na hoibre a bhí ann i measc na foirne; á iarraidh ar an gCoiste níos mó a dhéanamh ná gníomhaíochtaí múscailte feasachta, agus dea-chleachtais bhailíochtaithe a ghlacadh maidir le, inter alia, bainistiú an ualaigh oibre, cumarsáid agus réiteach coinbhleachtaí do bhainisteoirí nó beartas maidir le filleadh ar an obair ina gcuirtear san áireamh na sainiúlachtaí a bhaineann leis an traochadh áirithe sin; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire gur óstáil an Coiste 48 n-oiliúnaí fhadtéarmacha, ar bronnadh deontas míosúil orthu uile (lena n-áirítear 14 thréimhse oiliúna a cuireadh ar fionraí mar gheall ar phaindéim COVID-19, a tosaíodh arís ansin i bhfómhar na bliana 2020, agus a chomhairtear faoi dhó); ag tabhairt faoi deara gur cuireadh uirlisí TF leormhaithe ar fáil do na hoiliúnaithe uile agus gur bhain siad tairbhe as na socruithe oibre a bhí i bhfeidhm do bhaill foirne an Choiste ach á chur in iúl gur oth léi, as cúigear oiliúnaithe gearrthéarmacha, go raibh triúr ann nach raibh i dteideal aon ranníocaíocht airgeadais ar bith a fháil seachas polasaí árachais; á iarraidh an athuair ar an gCoiste a áirithiú go bhfaighidh a chuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil; |
|
32. |
á mheabhrú go ndearna an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú in 2018 agus in 2019 i ndáil leis an gcás ciaptha a raibh baint ag iar-Uachtarán Ghrúpa I leis, ar imscrúdú é a tionscnaíodh tar éis blianta inar cuireadh cosc ar réiteach níos fearr ar an gcás de dheasca easnaimh na n-imeachtaí inmheánacha agus easpa gníomhaíochta ag an ordlathas riaracháin, arbh easpa gan údar í; á chur in iúl gurb oth léi go mór go bhfuil Ard-Rúnaí an Choiste fós ag diúltú easnaimh agus freagrachtaí inmheánacha a admháil, rud a sháraíonn an dualgas cúraim i leith fhoireann an Choiste; á aithint gur iarradh ar an gcomhalta i dtrácht, le cinneadh ó bhiúró an Choiste an 9 Meitheamh 2020, a iarrthóireacht ar Uachtaránacht an Choiste a tharraingt siar agus gur urscaoileadh an Comhalta sin ó gach gníomhaíocht bainistithe foirne; á chur i bhfáth gur eisigh OLAF moltaí araíonachta agus breithiúnacha agus, tar éis na moltaí breithiúnacha, gur oscail ionchúisitheoir na Beilge cás coiriúil; á chur in iúl gur eol di go ndearna an comhalta sin achomharc i gcoinne chinneadh bhiúró an Choiste chuig an gCúirt Bhreithiúnais ach gur chaill sé an cás; á thabhairt chun suntais nach n-aithníonn an comhalta sin fós go ndearna sé rud as bealach ná nach bhfuil aiféala air faoi, rud a léiríonn nach bhfuil aon fhéinmhachnamh déanta aige agus nach bhfuil aon mheas aige ar na híospartaigh lena mbaineann; |
|
33. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur cheap an Chomhairle iarUachtarán Ghrúpa I ina chomhalta le haghaidh sainordú nua; á aithint go dtugtar an chumhacht eisiach don Chomhairle faoi Airteagal 302 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh comhaltaí an Choiste a cheapadh tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus ar bhonn liosta na n-iarrthóirí arna moladh ag na Ballstáit; á aithint, dá bhrí sin, nach bhfuil ról foirmiúil ag an gCoiste sna cinntí a dhéanann an Chomhairle chun comhaltaí an Choiste a cheapadh; á chur in iúl gur oth léi nach féidir dul i gcomhairle leis an gCoiste agus a chuid Comhaltaí féin á gceapadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur chun leasa fheidhmiú cuí an Choiste é go gcuirfí an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas go cuí faoi na hiarrthóirí le linn an nós imeachta ceapacháin; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an nós imeachta ceapacháin chun go gcuirfí ar chumas an Choiste cur chuige níos gníomhaí a ghlacadh maidir le ceapadh a chuid comhaltaí; á chur in iúl gur geal léi a thoilteanaí atá an Coiste a bheith níos rannpháirtí sa nós imeachta ceapacháin agus é sin a chur in iúl don Choimisiún; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire go ndearna biúró an Choiste cinneadh an 9 Meitheamh 2020 maidir leis an gCoiste a bheith ag dul isteach sa nós imeachta os comhair Chúirt Choiriúil na Bruiséile mar pháirtí sibhialta; ag tabhairt dá haire gur tarscaoileadh díolúine an chomhalta i dtrácht sa sainordú roimhe seo arna iarraidh sin d’Iniúchóir Saothair na Bruiséile agus ag tathant ar an gCoiste gach beart is gá a ghlacadh go pras chun an ghníomhaíocht atá ar feitheamh os comhair údaráis bhreithiúnacha na Beilge a éascú; ag dréim leis go ndéanfar na páirtithe lena mbaineann a choinneáil cuntasach agus á iarraidh go ndéanfar í a chur ar an eolas faoi na himeachtaí; |
|
35. |
á chur in iúl gurb eol di gur thángthas ar chomhaontú faoi shocrú leis an mbeirt a ndearnadh ciapadh morálta orthu, atá fós ag obair sa Choiste, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil duine díobh fós ag fanacht ar fhorghníomhú deiridh an tsocraithe; á thabhairt dá haire gur dhearbhaigh an Coiste i mí Aibreáin 2022 do Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach go bhfuil nasc díreach idir an pointe aonair den chomhaontú atá ar feitheamh agus an t-athrú eagraghraim a bheidh le socrú le Coiste na Réigiún, agus gur chomhaontaigh an dá pháirtí nár cheart an réiteach malartach atá leabaithe sa chomhaontú socraíochta a chur i ngníomh go dtí seo; á iarraidh ar an gCoiste forfheidhmiú éifeachtach na gcomhaontuithe sin faoi shocrú a chur i gcrích go pras agus tuarascáil a chur i dtoll a chéile faoi de réir mar is gá faoin dlí; |
|
36. |
á chur in iúl gurb oth léi, ó bhí na cruinnithe fíorúla idir an bheirt a bhí thíos le mí-iompar tromchúiseach agus uachtarán an Choiste ar siúl i mí an Mhárta 2021, nár tháinig an Coiste ar chomhaontuithe faoi shocrú leis na híospartaigh go fóill, agus á chur in iúl gurb oth léi nach raibh na gníomhaíochtaí a rinne bainistíocht an Choiste éifeachtach ná cinntitheach; ag diúltú do thuairim Ard-Rúnaí an Choiste nár thángthas ar chomhaontú faoi shocrú fós toisc nach bhfuil an bheirt íospartach sin ag obair leis an gCoiste a thuilleadh agus gur údar cuí é sin; ag meabhrú na dteachtaireachtaí éagsúla don Choiste a sheol an t-íospartach a d’fhág an Coiste in 2017; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfaca an t-íospartach aon mholadh tosaigh ón lucht riaracháin go dtí lár 2021, cé go dtéann na gearáin a rinneadh le hArd-Rúnaí an Choiste siar go tús 2019, agus ag déanamh cáineadh géar, dá bhrí sin, ar an ráiteas a thug an tArd-Rúnaí inar cuireadh in iúl gurbh é an t-íospartach ba chúis leis an moill ar an socrú; ag tabhairt dá haire go ndearna an duine a bhí thíos le mí-iompar tromchúiseach ar iarchomhalta de chuid an Choiste é roinnt iarrataí a chur faoi bhráid Uachtarán an Choiste le linn an chruinnithe fhíorúil i mí an Mhárta 2021, lena n-áirítear iarraidh ar leithscéal poiblí ón gCoiste leis na híospartaigh, socrú iomlán cúitimh do na híospartaigh agus imscrúdú seachtrach ar chiapadh laistigh den Choiste; á chur in iúl gurb oth léi go mór go raibh ar na híospartaigh atá i gcás leochaileach na ráitis a thug Ard-Rúnaí an Choiste do Pharlaimint na hEorpa a shéanadh arís go poiblí; ag tabhairt dá haire gur dhearbhaigh an Coiste i mí Aibreáin 2022 do Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach go bhfuil na bearta a comhaontaíodh le linn an chruinnithe sin curtha chun feidhme nó á gcur chun feidhme; ag tabhairt dá haire ráiteas poiblí ó Uachtarán an Choiste an 13 Aibreán 2022 lenar cuireadh in iúl an athuair a leithscéal oifigiúil thar ceann an Choiste d’íospartaigh uile an cháis; |
|
37. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm leis na comhaontuithe faoi shocrú damáistí morálta, costais dlí agus an tionchar ar ghairmeacha a chumhdach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé go bhfágfadh an chaibidlíocht aonair ag céimeanna éagsúla den chás go ndéanfaí comhaontuithe éagothroma leis na híospartaigh toisc go gcaitear ar bhealach difriúil leis na cásanna; ag tathant ar an gCoiste comhaontuithe faoi shocrú atá oiriúnach agus cóir a bhunú agus a fhorghníomhú do na híospartaigh uile lena mbaineann a luaithe is féidir; á chur in iúl gurb oth léi nach nglacann an Coiste leis an bhfreagracht go fóill ná nach bhfuil imscrúdú seachtrach déanta aige chun a thromchúisí atá an mhí-úsáid a athbhreithniú, agus ag tathant ar an gCoiste, mar a gheall bainistíocht an Choiste, an t-imscrúdú sin a dhéanamh agus leithscéal a ghabháil go poiblí leis na híospartaigh uile a bhí thíos le mí-iompar agus ciapadh morálta iarUachtarán Ghrúpa I; ag tathant ar an gCoiste gach beart is gá a dhéanamh láithreach nuair a thagann cás chun cinn agus bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun gach cás ciaptha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chosc; ag meabhrú a thábhachtaí atá an cúrsa oiliúna éigeantach faoin mbeartas frithchiaptha don fhoireann; |
|
38. |
ag meabhrú don Choiste gurb é an t-íospartach ar iarchomhalta é an sceithire freisin a thug foláireamh d’institiúidí an Aontais faoi iompar iarUachtarán Ghrúpa I; ag cáineadh an fhíorais, d’ainneoin Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus rialacha an Choiste maidir le sceithireacht (2), nár chosain an Coiste céannacht an sceithire; á chur in iúl go bhfuil sí fíor-mhíshásta go ndearna iarUachtarán an Choiste agus an t-iarstiúrthóir acmhainní daonna agus airgeadais araon, ar Ard-Rúnaí an Choiste anois é, iarracht caingean dlí a thionscnamh i gcoinne an sceithire; |
|
39. |
á chur in iúl gur geal léi an córas ilsrathach cumarsáide nua a thairgtear do sceithirí (oifigeach uachtarach díreach, OLAF agus údarás seachtrach) a bunaíodh i mí Iúil 2021 in éineacht le treoir agus tacaíocht ó chomhairleoirí eitice; |
|
40. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, cé go meastar go sealadach go mbeidh costas thart ar EUR 150 000 ar chúiteamh agus ar tháillí dlíthiúla in 2020, nach féidir fós méid iomlán deiridh na gcistí a caitheadh i mblianta roimhe sin nó atáthar a thuar a chaithfear sa chás sin amach anseo a thomhas go díreach; á áitiú ar an gCoiste, ag obair i gcomhar lena sheirbhís dlí, gach beart is gá a ghlacadh chun an cás seo a thabhairt chun críche, lena n-áirítear na méideanna comhfhreagracha arna gcúiteamh ag an gCoiste leis na híospartaigh a éileamh ar ais ó dhéantóir na coire; á chur in iúl gurb oth léi gur beag seans atá ann go bhfaighfear an méid airgid phoiblí a caitheadh ar ais agus á iarraidh ar an gCoiste meastachán mionsonraithe a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na méideanna a bhfuil súil aige iad a fháil ar ais; |
|
41. |
á mheabhrú gur dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí an Choiste don bhliain airgeadais 2018 de bharr, inter alia, sárú mínáireach ar dhualgas cúraim an lucht riaracháin agus a easpa gnímh, mar aon le hiarmhairtí airgeadais, agus á chur in iúl go raibh díomá mhór uirthi faoina laghad gníomhaíocht chinntitheach, go háirithe bearta coisctheacha agus ceartaitheacha, a rinne an stiúrthóir acmhainní daonna agus airgeadais a bhí ann ag an am, ar Ard-Rúnaí an Choiste anois é, go dtí gur diúltaíodh an t-urscaoileadh le haghaidh 2018; |
|
42. |
á mheabhrú gur iarr Parlaimint na hEorpa ar Uachtarán an Choiste, i gcomhthéacs urscaoileadh 2019, ról gníomhach a bheith aige ó thaobh teacht ar shocrú leis na híospartaigh, d’fhonn teacht ar chomhaontú cothrom agus sásúil idir na páirtithe uile agus aon choinbhleachtaí leasa a chosc, agus go ngabhfadh an Coiste leithscéal leis na híospartaigh go poiblí, rud nár tharla faraor; |
|
43. |
á chur in iúl gur oth léi go ndearnadh sé iarraidh ar chúnamh a bhain le cásanna féideartha ciaptha in 2020, rud a chruthaíonn gur gá na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm a atreisiú; ag tabhairt faoi deara go mbaineann trí cinn de na hiarrataí sin le cás iar-Uachtarán Ghrúpa I, cás a tarchuireadh chuig údaráis bhreithiúnacha na Beilge; ag tabhairt dá haire gur dúnadh cás amháin agus go bhfuil cás amháin eile os comhair údaráis bhreithiúnacha na Beilge freisin; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, agus é ina chúis imní di, go raibh iarraidh amháin fós á fiosrú go hinmheánach i mí na Samhna 2021, rud is cúis leis an bParlaimint a bheith á athdhearbhú, cé nach mór próisis chuí agus cearta aonair a urramú, go mbíonn tionchar díobhálach ag an imeacht ama ar na híospartaigh agus, dá bhrí sin, tá sí ag tathant ar an gCoiste próiseáil na hiarrata sin a chur chun cinn gan a thuilleadh moille agus tuairisc a thabhairt ar láimhseáil an cháis sin; |
|
44. |
á chur in iúl gur eol di an cás ciaptha a thuairiscigh sceithire don Choiste agus a tarchuireadh chuig OLAF i mí Lúnasa 2020, ar cás é a bhaineann le comhalta d’fhoireann Choiste na Réigiún atá ag obair sna comhsheirbhísí agus ina bhfuil líomhaintí faoi mhíbhainistíocht agus faoi mhírialtachtaí airgeadais; á iarraidh ar an gCoiste agus ar Choiste na Réigiún tuarascáil a thabhairt go comhpháirteach don Pharlaimint maidir le toradh an imscrúdaithe arna dhéanamh ag OLAF, chomh maith le haon fhíorú inmheánach nó beart eile a bhfuil imscrúdú ar feitheamh ina leith; |
|
45. |
á thabhairt dá haire gur athbhreithníodh na cinntí maidir le ciapadh agus sceithireacht in 2020 agus gur oth léi gur cuireadh moill ar na cinntí nua, a bhí le glacadh in 2021; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá prionsabal an dualgais cúraim i leith na foirne, dualgas a chuimsíonn cosaint a thabhairt do sceithirí agus cosc a chur le haon chineál ciaptha, mar aon le bearta cosanta agus tacaíochta d’íospartaigh atá soiléir agus láidir; ag tathant ar an gCoiste nósanna imeachta aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm chun déileáil le cásanna ciaptha ionas nach mbeidh aon difríochtaí ann idir íospartaigh agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis an gcúisí gan beann ar thosca amhail leibhéal an leibhéal ordlathach; ag meabhrú don Choiste, maidir leis an bhfíoras nach féidir na Rialacháin Foirne a fhorchur ar chomhalta den Choiste, nach féidir féachaint air sin mar údar cuí le heaspa gnímh; ag tabhairt dá haire gur dhearbhaigh an Coiste in Aibreán 2022 do Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach gur tháinig na cinntí athbhreithnithe maidir le sceithireacht agus ciapadh i bhfeidhm an 15 Nollaig 2021 agus an 4 Aibreán 2022 faoi seach; |
|
46. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi thrí imscrúdú de chuid OLAF a bhfuil baint ag an gCoiste leo agus go raibh ceann amháin acu in 2020 nár thángthas ar fhianaise lena léireofaí aon fhreagracht ar an mball foirne lena mbaineann, agus dhá cheann acu fós ar siúl, ar osclaíodh ceann amháin acu in 2019 agus an ceann eile in 2020, chomh maith le cás roghnúcháin amháin a caitheadh amach freisin in 2020 gan aon imscrúdú a thionscnamh; |
|
47. |
á athdhearbhú go gcuireann aon iompar mí-eiticiúil a dhéanann foireann agus baill institiúidí agus comhlachtaí an Aontais bac ar bhainistiú fónta chistí an Aontais agus go mbíonn tionchar diúltach aige ar mhuinín na saoránach as an Aontas ina iomláine; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, cé go bhfuil athbhreithniú forleathan ar an gcreat eiticiúil inmheánach, a bhí ag teastáil go géar, á dhéanamh i láthair na huaire, nach féidir a shéanadh go bhfuil sárú tromchúiseach ar dhualgas cúraim an Choiste i leith a bhaill foirne á dhéanamh le rófhada anuas, rud a chruthaíonn cultúr ar cúis aiféala é lena gcreidtear go mbeifear saor ó phionós agus gur féidir ciapadh a dhéanamh, mar thoradh ar stíleanna náireacha bainistíochta, a léirítear, i measc nithe eile, leis na hiarrataí athfhillteacha a rinneadh ar chúnamh agus ar chásanna a tuairiscíodh do OLAF; á chur in iúl gurb oth léi gur tugadh neamhaird go comhsheasmhach ar a cuid iarrataí soiléire go ndéanfaí gníomhaíocht inmheánach chuntasachta agus á áitiú gur gá imscrúdú seachtrach agus neamhspleách a dhéanamh chun freagracht ghrádlathas riaracháin an Choiste a chinneadh agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 22 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm; á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú seachtrach chun athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta acmhainní daonna an Choiste agus ar a éifeachtaí atá siad agus béim ar leith á cur ar aghaidh a thabhairt ar líomhaintí ciaptha agus ar dhea-bhail na foirne a áirithiú; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
48. |
ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh meitheal inmheánach a raibh sé de chúram uirthi athbhreithniú, a raibh géarghá leis, a dhéanamh ar chreat eitice an Choiste ina iomláine; á chur in iúl gurb eol di gur dhréachtaigh an mheitheal plean gníomhaíochta a glacadh i mí Eanáir 2021 agus as ar tháinig athbhreithnithe ar chód iompair an Choiste; á iarraidh ar an gCoiste tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint maidir le toradh na hanailíse sin, an phlean gníomhaíochta agus na ngníomhaíochtaí cur chun feidhme; |
|
49. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh de chúram ar ghrúpa tiomnaithe de chomhaltaí an Choiste athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód iompair do chomhaltaí, lena n-áirítear bearta coisctheacha agus smachtbhannaí féideartha a atreisiú, tar éis théarma oifige nua an Choiste i mí Dheireadh Fómhair 2020; á chreidiúint go gcaithfidh an cód iompair a bheith bunaithe ar an taithí a fuarthas tar éis an cháis ciaptha, go gcaithfear tagairt a dhéanamh ann do na prionsabail arna bhformhuiniú ag an gCúirt Ghinearálta ina cuid rialuithe agus ag an Ombudsman ina cuid moltaí, agus go gcaithfear nós imeachta gearán a bheith mar chuid de atá sonrach agus tapa agus lena gcosnaítear íospartaigh ón tús mar aon le córas smachtbhannaí atá soiléir agus in-fhorfheidhmithe; á chur in iúl gur eol di gur glacadh an cód iompair nua i mí Eanáir 2021 agus gur cuireadh bróisiúr mionsonraithe maidir lena chur chun feidhme ar fáil do na comhaltaí; á iarraidh ar an gCoiste dea-chleachtais bhailíochtaithe a úsáid chun feasacht a mhúscailt i measc comhaltaí agus comhaltaí malartacha agus, san fhadtéarma, feabhas a chur ar chultúr inmheánach an Choiste maidir le saincheisteanna eitice; |
|
50. |
ag tabhairt le fios go bhfuil nós imeachta díbeartha san áireamh sa chód iompair nua ar dá réir a chinnfidh an tionól díbirt a dhéanamh ar bhonn togra arna chur ar aghaidh ag an mbiúró agus a dtabharfar fógra don Chomhairle ina leith ionas gur féidir tús a chur le nós imeachta athsholáthair; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil rialacha athbhreithnithe na nósanna imeachta i gcomhréir leis na forálacha díbeartha mar a leagtar síos sa chód iompair iad agus á chur in iúl gurb eol di go bhfuil gá leis an athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar rialacha nós imeachta an Choiste chun gur féidir úsáid a bhaint as an nós imeachta díbeartha sin; á iarraidh ar an gCoiste Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi na hathbhreithnithe sin go pras agus á mholadh don Choiste dul i mbun réamhchainteanna leis an gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm a leasú; |
|
51. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi na ceithre ghearán a láimhseáil an tOmbudsman in 2020 a bhain le heaspa trédhearcachta, le diúltú rochtain a thabhairt ar cháipéisí agus, in dhá chás, le mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh; ag tabhairt dá haire go mbaineann ceann amháin ar a laghad de na fiosrúcháin sin le haisíocaíocht agus liúntais; ag déanamh cáineadh ar an easpa trédhearcachta agus ag tathant ar an gCoiste cumarsáid iomlán agus thrédhearcach a dhéanamh faoin ábhar sin; |
|
52. |
á iarraidh ar an gCoiste dul i mbun tuilleadh gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an gcreat eitice agus maidir le nósanna imeachta do sceithirí; á chur in iúl gur geal léi an cúrsa oiliúna éigeantach atá ann maidir le heitic agus ionracas do gach ball foirne lena n-áirítear daoine nua tar éis cinneadh a glacadh in 2021; á iarraidh ar an gCoiste an oiliúint sin a dhéanamh éigeantach do chomhaltaí agus do bhainisteoirí; á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh post mar chomhordaitheoir eitice laistigh de Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna agus Airgeadais an Choiste, a fhaigheann tacaíocht ó fhoireann nua comhairleoirí eitice; á chur in iúl gur mór aici gur síníodh comhaontú nua ar leibhéal seirbhíse le hOifig Imscrúdaithe agus Araíonachta (IDOC) an Choimisiúin chun fiosrúcháin riaracháin a ghairmiúlú; |
|
53. |
á aithint, leis an gComhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gclár trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartais AE (3) agus le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (4), go gceadaítear rannpháirtíocht dheonach ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais; ag cur in aghaidh dhiúltú an Choiste d’úsáid an Chlár Trédhearcachta ar an bhforas gur comhlacht comhairleach é an Coiste; ag tathant ar an gCoiste páirt a ghlacadh sa Chlár Trédhearcachta d’fhonn feabhas a chur ar thrédhearcacht a chuid idirghníomhaíochtaí le hionadaithe leasa sheachtraigh; |
|
54. |
ag tabhairt go bhfuil ombudsman inmheánach a chur ar bun ar cheann de na príomhbhearta sa phlean gníomhaíochta a glacadh in 2021 chun creat eitice an Choiste a neartú; á chur i bhfios gur mar chomhaontú a fuair tacaíocht ón bhfoireann a cuireadh an cinneadh maidir le hombudsman inmheánach a chur ar bun i láthair, cé gurb é fírinne an scéil gur thug coiste foirne an Choiste tuairim dhiúltach ina leith; ag athdhearbhú an amhrais a chuir coiste foirne agus seirbhís dlí an Choiste in iúl maidir leis an togra a mhéid a bhaineann le neamhspleáchas, neamhchlaontacht agus rúndacht an ombudsman inmheánaigh; ag ceistiú an ghá atá le hombudsman inmheánach den sórt sin i bhfianaise, ar thaobh amháin, na srianta maidir le hacmhainní daonna agus, ar an taobh eile, an ghá atá le comhairleoirí eitice, le comhairleoirí rúnda agus, go háirithe, an leis an gcomhaontú le IDOC; ag tathant ar an gCoiste díriú ar na sásraí a bhaineann leis an eitic atá i bhfeidhm cheana a fhorfheidhmiú agus san am céanna foireann leordhóthanach a úsáid go heisiach le haghaidh a chuid oibre reachtaí, agus aird á díriú ar a éifeachtaí atá na bearta a glacadh i ndáiríre; á mheabhrú gurbh fhacthas don Ombudsman, sa Tuarascáil uaithi ar dhínit ag an obair in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE (SI/2/2018/AMF), gur féidir dúshlán ar leith a bheith roimh institiúidí beaga teacht ar imscrúdaitheoirí a mheastar a bheith neamhchlaonta agus cóir agus á mholadh go mbainfí úsáid as imscrúdaitheoirí seachtracha agus neamhspleácha seachas acmhainní inmheánacha chun neamhspleáchas agus neodracht a ráthú; |
|
55. |
ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí tuilleadh feabhais ar ghníomhaíochtaí seachtracha chomhaltaí an Choiste tar éis an mholta a rinne an tOmbudsman sa tuarascáil uaithi dar teideal Revolving doors - Implementation of Article 16 of the EU Staff Regulations in a range of EU institutions, bodies and agencies [Doirse imrothlacha — Cur chun feidhme Airteagal 16 de Rialacháin Foirne AE i réimse institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid AE], cás SI/2/2017/NF; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste cinneadh anailís mhionsonraithe a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na moltaí éagsúla a rinne an tOmbudsman sa tuarascáil sin á gcur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoiste dlús a chur leis an gcinneadh faoin athbhreithniú ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le brústocaireacht agus abhcóideacht chun a chóras a threisiú féachaint le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn a sheachaint; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
56. |
á aithint gur chuir ráig phaindéim COVID-19 dlús leis an treocht a bhí ann cheana maidir le huirlisí cumarsáide agus próisis riaracháin a shimpliú agus a dhigitiú, amhail glacadh scagchuarda airgeadais “gan pháipéar”; á chreidiúint gur cheart do na feabhsuithe tástáilte a tugadh isteach i mí an Mhárta 2020 teacht chun bheith struchtúrach agus go mbeidís ann fós tar éis na paindéime; |
|
57. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 7 500 000 a bhí sa bhuiséad le haghaidh TF in 2020 i gcomparáid le EUR 4 900 000 in 2019, athrú arb ionann é agus méadú 53 %, agus arb é is cúis leis, den chuid is mó, leithreasaí nár úsáideadh a aistriú ó línte buiséid eile chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an riaráiste in TF; á mheabhrú nach féidir aistrithe buiséid a chur in ionad an mhaoinithe struchtúraigh is gá d’aon seirbhís TF; |
|
58. |
ag tabhairt dá haire go raibh ríomhaire glúine curtha ar fáil ag an gCoiste do gach ball foirne faoi dheireadh na bliana 2020 agus gur cuireadh cluasáin ardcháilíochta ar fáil nuair a iarradh iad ar chostas iomlán EUR 322 462; á chur in iúl gur eol di gur ghlac an Coiste cinneadh i mí Eanáir 2021 maidir le cnapshuim a íoc, arna iarraidh sin do bhaill foirne incháilithe, chun costais urghnácha a chumhdach a bhaineann leis an teilea-obair éigeantach (563 iarraidh ar an iomlán arbh ionann a luach iomlán agus EUR 107 271); |
|
59. |
a chur in iúl gur díol sásaimh di na spriocanna insoláthartha sonracha a bhaineann leis an gcibearshlándáil a leagtar amach i straitéis dhigiteach an Choiste; á chur in iúl gur mór aici an dlúthchomhar leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais (CERT-AE) mar bhunchloch do shlándáil TF an Choiste; |
|
60. |
ag tréaslú leis an gCoiste as feabhas suntasach a chur ar thairseach na gcomhaltaí, ar Phoenix agus ar an uirlis shreabhadh oibre doiciméad Adonis agus as an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an timpeallacht néalríomhaireachta hibrideach mar an chuid dheireanach den áit oibre digiteach; ag tabhairt dá haire go ndearnadh athchóiriú iomlán ar roinn na gcomhaltaí d’inlíon an Choiste chun ionad ilfhreastail a dhéanamh di; á chur in iúl gur díol sásaimh di úsáid ríomhshínithe leictreonaigh cháilithe chun síniú leictreonach a dhéanamh chomh maith le huirlisí cianda agus digiteacha eile; |
|
61. |
ag tabhairt dá haire gur ar anailís agus measúnú a dhéanamh ar fhóntacht na nósanna imeachta agus na bpróiseas a bhí iniúchadh inmheánach an Choiste dírithe le blianta beaga anuas agus go raibh sé dírithe ar idirbhearta iniúchta freisin go pointe áirithe; á iarraidh go ndéanfaí plean sonrach chun cianiniúchóireacht inmheánach nó iniúchóireacht inmheánach dhigiteach a chur chun cinn sa Choiste; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste, arna iarraidh sin ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mapáil ar aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus gur chinn sé nach ndearnadh difear d’aon ghníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur shínigh an Coiste an clárú lenar nascadh é le creatchonradh idirinstitiúideach le Microsoft agus nach bhfuil aon chomhaontuithe ceadúnúcháin aonair ar leithligh aige le Microsoft a thuilleadh; ag moladh don Choiste, áfach, tosaíocht a thabhairt don teicneolaíocht foinse oscailte chun smacht a choimeád ar a chuid córas teicniúil féin, chun spleáchas agus gaibhniú díoltóirí a sheachaint, chun coimircí níos láidre a sholáthar i dtaca le príobháideachas agus cosaint sonraí úsáideoirí, agus chun cur leis an tslándáil agus an trédhearcacht don phobal; |
Foirgnimh agus slándáil
|
62. |
á chur in iúl go bhfuil a straitéis fhadtéarmach foirgneamh á cur chun feidhme ag an gCoiste agus ag Coiste na Réigiún, ag díriú ar chomhchruinniú geografach agus ar leithdháileadh oifigí a atheagrú; ag tabhairt dá haire gur mheas an mheitheal atá freagrach go raibh sé ríthábhachtach foirgneamh breise a bheith ann ina mbeadh spás do thuairim is 200 duine le go mbeifí in ann dálaí oibre maithe a chruthú; ag tabhairt dá haire gur thug an anailís sin ar an gCoiste agus Coiste na Réigiún caibidlíocht a dhéanamh ar fhoirgneamh B100 a fháil ar cíos ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus gur fhormheas biúró an Choiste agus biúró Choiste na Réigiún an dréacht-chomhaontú riaracháin sa ráithe dheireanach de 2020; á chur in iúl gur eol di gur chuir paindéim COVID-19 moill ar an bpróiseas; |
|
63. |
á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe atá á ndéanamh ar phríomhréimsí na straitéise foirgneamh, eadhon athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana chun spásanna oibre níos sláintiúla a chruthú atá ailínithe le caighdeáin eirgeanamaíocha, leibhéal na slándála an mhéadú, tomhaltas leictreachais a laghdú agus a ailíniú le hoibleagáidí comhshaoil; |
|
64. |
ag tabhairt dá haire, tar éis foirgneamh B100 a bheith glactha ar láimh i mí Mheán Fómhair 2021, go bhfuil tástálacha agus laghdú aispeiste fós ar siúl; á iarraidh ar an gCoiste agus ar Choiste na Réigiún faireachán tréimhsiúil a dhéanamh ar dhálaí an fhoirgnimh sin agus an fhoireann a chur ar an eolas i gcónaí dá réir sin; á mheabhrú gur ann do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist (5); |
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
65. |
á chur in iúl gur geal léi comhtháthú na gcaighdeán inbhuanaitheachta, comhshaoil agus inrochtaineachta, lena n-áirítear na caighdeáin sin de chuid scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), mar chuid de straitéis foirgneamh an Choiste agus Choiste na Réigiún; ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí éagsúla déanta ag an gCoiste agus Coiste na Réigiún ó bunaíodh a gcóras bainistíochta comhshaoil agus é mar aidhm acu feidhmíocht fuinnimh a gcuid foirgneamh a fheabhsú agus a lorg carbóin a laghdú; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an mheitheal atá dírithe ar an gComhaontú Glas agus á chur in iúl gurb eol di go bhfuil staidéar ar neodracht carbóin an Choiste agus Choiste na Réigiún faoi 2030 ar siúl; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Choiste i bhfritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa Pharlaimint na hEorpa agus go bhfuil líne shonrach bhuiséid ag an gCoiste chun na leithreasaí faoi seach a sholáthar; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an leictreachas arna thomhailt ag an gCoiste á sholáthar go heisiach ag fuinneamh glas ó fhoinsí inbhuanaithe; ag moladh don Choiste, thairis sin, grianphainéil a shuiteáil ar gach foirgneamh chun an éifeachtúlacht carbóin a mhéadú; |
|
66. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh roinnt gníomhaíochtaí nithiúla chun úsáid páipéir a laghdú agus ag tathant ar an gCoiste beartas ceart gan pháipéar a ghlacadh; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú 52 % ar an méid páipéir a úsáideadh in aghaidh an duine in aghaidh an lae in 2020 i gcomparáid le 2019 agus gur laghdú 81 % a bhí ann i gcomparáid le 2015; |
|
67. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta nithiúla a chuir an Coiste i bhfeidhm chun úsáid modhanna taistil inbhuanaithe a chur chun cinn, amhail rothair seirbhíse, bonneagar do rothaithe agus córas dearbhán chun rochtain a fháil ar charrchlóis in imthosca eisceachtúla; ag tabhairt faoi deara go n-áirítear leis an mbeartas soghluaisteachta ranníocaíocht airgeadais do rothaithe agus do bhaill foirne a cheannaigh ticéid séasúir iompair phoiblí, agus na baill foirne a bhaineann tairbhe as an dá ranníocaíocht ag scaradh lena gceart na háiseanna páirceála a úsáid; |
|
68. |
ag tabhairt dá haire gur gheall an Coiste 17 sprioc forbartha inbhuanaithe (SDGanna) de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme agus a bheith i gcomhréir leis na spriocanna sin agus le straitéisí ábhartha an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfuil Faireachlann um Fhorbairt Inbhuanaithe ag an gCoiste a bhfuil sé mar aidhm léi an inbhuanaitheacht a chur chun cinn san Aontas; |
|
69. |
ag tréaslú leis an gCoiste as Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagar Chiorclaigh a chomhbhainistiú in éineacht leis an gCoimisiún; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
70. |
ag tabhairt dá haire, i mí Dheireadh Fómhair 2019, gur ghlac an Biúró lógó nua don Choiste a léiríonn lógónna institiúidí an Aontais; á chreidiúint go rannchuideoidh an t-athrú sin le hinfheictheacht agus comhtháthú íomhá institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais i measc saoránach; |
|
71. |
á chur in iúl gur geal léi go raibh an Coiste in ann a straitéis cumarsáide a oiriúnú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, agus roinnt mórimeachtaí agus mórghníomhaíochtaí ar líne á n-eagrú aige chun a fhor-rochtain agus a theagmháil le geallsealbhóirí agus saoránaigh a éascú; á thabhairt chun suntais, in ionad Dhuais na Sochaí Sibhialta a bhronann sé, gur sheol an Coiste duais aonuaire ar a dtugtar “An tSochaí Shibhialta i gcoinne COVID-19” i mí Iúil 2020 chun luach saothair a thabhairt do thionscnaimh neamhbhrabúis a chuireann daoine aonair i gcrích, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chuideachtaí príobháideacha a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic le géarchéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a bhaineann léi; |
|
72. |
Ag cur i bhfios go láidir go bhfuil an obair go léir a bhaineann le tuairimí agus tuarascálacha faisnéise an Choiste ar fáil i ngach teanga oifigiúil agus go bhfuil láithreán gréasáin an Choiste i gcomhréir le caighdeáin inrochtaineachta an Aontais do chomhlachtaí san earnáil phoiblí; |
|
73. |
á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Choiste sa Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa, rud a chabhraíonn leis an gcleachtadh daonlathach sin teagmháil a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta eagraithe ar bhealach níos fearr; ag moladh don Choiste, thairis sin, cabhrú lena chuid comhaltaí rannpháirt a ghlacadh in idirphlé áitiúil le saoránaigh agus an tsochaí shibhialta faoi chúrsaí na hEorpa; |
Comhar idirinstitiúideach
|
74. |
á chur in iúl gur geal léi di an comhar déthaobhach atá ag méadú go leanúnach agus atá éifeachtach idir an Pharlaimint agus an Coiste; ag moladh don Pharlaimint agus don Choiste araon leanúint de na cruinnithe rialta idir a nUachtaráin agus a Leas-Uachtaráin agus feabhas a chur ar an gcomhar struchtúrtha idir na rapóirtéirí faoi seach agus na grúpaí polaitiúla agus na comhlachtaí ullmhúcháin ina n-eagraítear a gcuid comhaltaí; á chreidiúint gur cheart go mbeadh comhar polaitiúil an Choiste leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún níos córasaí i bhfianaise ról an Choiste mar ionadaí na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta; |
|
75. |
á chur in iúl go láidir gur athbhreithníodh na comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse le ceithre roinn den Choimisiún (PMO, AS DIGIT, AS BUDGET agus DG HR) agus gur cuireadh seirbhísí breise leis; |
|
76. |
á thabhairt chun suntais gur glacadh an chomhaontú nua um chomhar riaracháin idir an Coiste agus Coiste na Réigiún a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2021 lena dtreisítear rialachas an chomhair agus na sásraí rialaithe chun bainistiú éifeachtúil na seirbhísí comhpháirteacha a áirithiú; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go measann an Coiste go bhfuil an comhaontú nua níos nua-aimseartha agus níos simplí ná an sean-chomhaontú agus go bhfuil ról tábhachtach aige maidir le sineirgí breise a chruthú idir an Coiste agus Coiste na Réigiún; |
|
77. |
ag athdhearbhú an tseasaimh a léiríodh sna moltaí maidir le hurscaoileadh roimhe seo i ndáil leis an ngá an comhaontú comhair a síníodh idir an Pharlaimint agus an Coiste agus Coiste na Réigiún a chur chun feidhme ina iomláine, ar comhaontú é as ar aistríodh 60 aistritheoir, lena n-áirítear 36 aistritheoir ón gCoiste, chuig an bParlaimint mar mhalairt ar rochtain ar sheirbhísí Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil foireann de dhíth ar an gCoiste i réimsí polaitiúla, rud a imríonn drochthionchar ar chomhlíonadh a shainordaithe; |
Paindéim COVID-19
|
78. |
á chur in iúl gur eol di go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht an Choiste, go háirithe ar an ábhar go dtéann a chomhaltaí go dtí áitreabh an Choiste chun díospóireacht a dhéanamh ar a chuid tuairimí agus rún; ag aithint na n-iarrachtaí comhchoiteanna lena n-áirithíodh tacaíocht leanúnach do ghníomhaíochtaí polaitiúla an Choiste; |
|
79. |
ag tabhairt dá haire, chun leanúnachas gnó a áirithiú, go ndearna an Coiste gach beart coisctheach agus gach beart cosantach a cuireadh i bhfeidhm ó mhí an Mhárta 2020 a chomhordú i straitéis ilsrathach sláinte coiscthí, lena dtugtar tuairisc ar gach beart fisiciúil, oibríochtúil agus leighis a rinneadh, amhail teilea-oibriú leathnaithe, trealamh TF agus físchomhdhála, trealamh sláinte agus sábháilteachta ar an áitreabh agus dí-ábharú próiseas; |
|
80. |
ag tabhairt dá haire gur measadh nach raibh an plean leanúnachais gnó atá i bhfeidhm oiriúnach don fheidhm mar gheall ar chineál sonrach phaindéim COVID-19 agus gur bhunaigh an Coiste, dá bhrí sin, tascfhórsa tiomnaithe faoi cheannas an stiúrthóra acmhainní daonna, ina raibh raon leathan teagmhálacha laistigh den Choiste agus le hinstitiúidí eile araon; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh an Coiste bearta leanúnachais gnó chun ullmhú ar an mbealach is fearr is féidir d’aon chur isteach a d’fhéadfadh tarlú amach anseo; |
|
81. |
á chur in iúl gur mór aici an cur chuige a bhaineann le tús áite a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht ball foirne agus na foirne, agus gur chuir an eagraíocht í féin in oiriúint don staid a bhíonn ag síorathrú; ag tabhairt faoi deara go ndearnadh maolú ginearálta teilea-oibre maidir le bheith ag obair ón gcoigríoch a ghlacadh do bhaill foirne (i) atá sáinnithe ina dtír dhúchais de bharr srianta taistil, (ii) a bhfuil gaol cleithiúnach nó breoite acu thar lear, nó (iii) arna iarraidh sin dóibh faoi choinníollacha áirithe; á chreidiúint go raibh tionchar dearfach ag an gcinneadh lena n-údaraítear teilea-obair ón gcoigríoch ar strus síceolaíoch agus neamhláithreacht a laghdú; |
|
82. |
á chur in iúl gur geal léi gur oibrigh an Coiste agus Coiste na Réigiún go dlúth le chéile agus go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh go fóill maidir le bearta amhail rochtain ar fhoirgnimh, sláinteachas agus prótacail ghlantacháin a ailíniú; á chur i bhfáth go ndearnadh comhordú a éascú trí oifigigh leanúnachais gnó a bheith ann ar bhonn frithpháirteach i ngach foireann bainistíochta COVID-19; |
|
83. |
á chur i bhfáth go ndearnadh príomhghníomhaíochtaí a shaothrú ar feadh phaindéim COVID-19, rud a chuir ar chumas an Choiste ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na gcomhpháirtithe sóisialta agus thar ceann eagraíochtaí na sochaí sibhialta i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus tacaíocht á tabhairt d’institiúidí an Aontais agus iad ag déileáil leis an ngéarchéim a bhí idir lámha; |
|
84. |
á chur in iúl gur geal léi an rún tairbhe a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime agus beartas nua teilea-oibre/uaireanta oibre a cheapadh agus ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-idirphlé sóisialta maidir leis an tsaincheist sin ar siúl faoi láthair; ag moladh don Choiste an chiall a ceannaíodh ó ráig na paindéime ó thaobh leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht an eagrúcháin, dualgas cúraim i leith na foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus sholúbthacht na bpróiseas oibre de a chomhtháthú sa straitéis inmheánach bainistíochta. |
(1) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(2) Cinneadh Uimh. 053/16 A ó CESE an 2 Márta 2016, Airteagal 9(1).
(3) IO L 277, 19.9.2014, lch. 11.
(4) IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0427.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/122 |
CINNEADH (AE) 2022/1705 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VII — Coiste Eorpach na Réigiún
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021)0381 — C9-0264/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ó Choiste Eorpach na Réigiún chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh iontaofacht na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0063/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí Choiste Eorpach na Réigiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Choiste na Réigiún don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/123 |
RÚN (AE) 2022/1706 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VII — Coiste na Réigiún
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VII — Coiste Eorpach na Réigiún, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0063/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
|
B. |
de bhrí go ndéanann Coiste Eorpach na Réigiún (an “Coiste”) ionadaíocht ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus go dtéann sé i rannpháirtíocht leo, agus go saothraíonn sé a mhisean maidir le reachtóireacht níos fearr agus le daonlathas an Aontais a neartú ón mbun aníos trína thuairimí ar reachtaíocht an Aontais a imríonn tionchar go díreach ar réigiúin agus ar chathracha a roinnt; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freagrach as aon trian den chaiteachas poiblí agus as dhá thrian den infheistíocht phoiblí, agus go sealbhaíonn siad inniúlachtaí freisin i bpríomhréimsí amhail oideachas, forbairt agus comhtháthú eacnamaíoch, an comhshaol, cosaint shóisialta, sláinte agus seirbhísí leasa ghinearálta in an-chuid Ballstát; |
|
D. |
de bhrí go bhfuil sé éigeantach go rachadh an Coimisiún nó an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoiste i gcásanna áirithe, ach gur féidir leis an gCoiste tuairimí a ghlacadh freisin ar a thionscnamh féin agus réimse leathan tarchuir aige, mar a leagtar amach sna Conarthaí, lena gceadaítear don Pharlaimint dul i gcomhairle leis; |
|
E. |
de bhrí gurb amhlaidh, i ndiaidh ráig phaindéim COVID-19 agus ag féachaint ar an staid i réigiúin an Aontais, gur dhírigh an Coiste láithreach ar chomhreachtóirí an Aontais a chur ar an eolas faoi na riachtanais nithiúla a bhí ag na húdaráis náisiúnta agus áitiúla ar an láthair chun an phaindéim agus a hiarmhairtí a chomhrac; |
|
F. |
de bhrí gur fhorbair an Coiste plean gníomhaíochta COVID-19 agus gur sheol sé ardán malartaithe COVID-19 chun cuidiú le réigiúin agus le cathracha, chun eolas a thabhairt dóibh, chun dul i rannpháirtíocht leo agus chun ionadaíocht a dhéanamh orthu; |
|
G. |
de bhrí go ndearna an Coiste trí thosaíocht pholaitiúla don téarma oifige 2020-2025 a ghlacadh i rún uaidh an 2 Iúil 2020, a raibh trí fheachtas cumarsáide ag gabháil leis: “An Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh: an daonlathas agus todhchaí an Aontais”; “Bunathruithe sochaíocha a láimhseáil: pobail réigiúnacha agus áitiúla athléimneacha a chothú”; “Comhtháthú, ár mbunluach: beartais áitbhunaithe de chuid an Aontais”; |
|
H. |
de bhrí gur shainaithin an Coiste naoi dtionscnamh shuaitheanta chun a ghníomhaíocht a dhéanamh níos straitéisí agus níos láidre ó thaobh tionchair de: (1) An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (2) freagairt ar COVID-19 a bhaineann leis an tsláinte, (3) An Plean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, (4) Comhshocrú CoR4Climate, (4) Todhchaí an chomhair trasteorann, (6) An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Lánpháirtíocht, (7) An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, (8) An Fhís fhadtéarmach do na Limistéir Thuaithe, agus (9) Buiséad an Choiste Straitéisigh — cion cothrom de na hacmhainní a áirithiú don Choiste; |
|
I. |
de bhrí gur ghá don Choiste, mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19, a fheidhmiú inmheánach agus a mhodhanna oibre a athbhreithniú agus a oiriúnú chun leanúint dá mhisean a chomhlíonadh; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil leis na hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar don Choiste; |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a hoibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine do chaiteachas riaracháin institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an Choiste, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha; á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheisteanna sonracha maidir le rialtacht na n-idirbheart; |
|
3. |
á chur in iúl gur eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise, agus go léiríonn an Chúirt go bhfuil riosca íseal ag baint le caiteachas den sórt sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 101,5 milliún a bhí i mbuiséad an Choiste do 2020 (méadú 2,8 % i gcomparáid le buiséad 2019 de EUR 98,75 milliún); ag tabhairt dá haire gur buiséad riaracháin é buiséad an Choiste den chuid is mó, agus go n-úsáidtear an phríomhchuid de sin le haghaidh caiteachais a bhaineann le hacmhainní daonna, foirgnimh agus troscán, trealamh agus costais oibriúcháin ilghnéitheacha; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur gealladh EUR 94,1 milliún (92,7 %) de na leithreasuithe uile faoi dheireadh 2020 agus gur íocadh EUR 83,6 milliún (82,4 %); ag tabhairt faoi deara nár gealladh EUR 7,4 milliún ag deireadh 2020 agus, dá bhrí sin, gur cuireadh ar ais i mbuiséad an Aontais é, ar méid é sin atá i bhfad níos mó ná a raibh ann in 2019, nuair nár gealladh EUR 0,4 milliún (níos lú ná 0,5 %); á aithint gurb í paindéim COVID-19 is mó is cúis leis na leithreasuithe nár gealladh, agus ag spreagadh an Choiste chun faireachán agus bainistiú na leithreasuithe atá ar fáil a fheabhsú; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go meastar gur méid is mó ná EUR 11 mhilliún a bhí sna coigiltis a bhain le COVID-19 in 2020, agus gur i réimsí chruinnithe agus liúntais taistil na gcomhaltaí (EUR 120 046 a tugadh ar aghaidh go dtí 2021), na hateangaireachta, na misean agus, ar bhonn níos lú, chostais oibriúcháin na bhfoirgneamh is mó a rinneadh na coigiltis sin; ag tabhairt dá haire go raibh an caiteachas breise a d’eascair go díreach as paindéim COVID-19 teoranta go leor, agus gur i réimsí na seirbhísí leighis (níos lú ná EUR 100 000) agus thuarastail na foirne (os cionn EUR 400 000) is mó a bhí sé; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire nach ndéanann an Coiste aon aistriú sonrach fuíollach i ndeireadh na bliana ach go ndéanann sé athbhreithnithe ar fhorghníomhú an bhuiséid ar bhonn tráthrialta le linn bhliain chur chun feidhme an bhuiséid. ag tabhairt dá haire gur chuir an Coiste cúig aistriú leithreasuithe faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh in 2020, arbh ionann a luach agus thart ar EUR 6,6 milliún (nó 6,5 % dá bhuiséad) nár údaraigh an t-údarás buiséid agus nár bhforghníomhaigh an Coiste ach EUR 4,9 milliún de, den chuid is mó ó na réimsí as ar tháinig coigiltis shuntasacha (cruinnithe agus liúntais taistil na gcomhaltaí, ateangaireacht agus misin) chuig na réimsí ar ghá iad a atreisiú (lena n-áirítear TF, foirgnimh, cumarsáid agus saineolas seachtrach); |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gur ann do threocht dhiúltach i ráta foriomlán forghníomhaithe na n-íocaíochtaí (82,4 % in 2020, 88,8 % in 2019 agus 91,0 % in 2018); ag tabhairt dá haire gurb é an líon mór cruinnithe agus imeachtaí a cuireadh ar ceal de bharr na srianta taistil a forchuireadh mar gheall ar phaindéim COVID-19 ba mhó ba chúis leis sin in 2020; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh cruinnithe ó lár mhí an Mhárta go dtí lár mhí na Bealtaine a chur ar ceal i ngeall ar phaindéim COVID-19 agus ar na srianta taistil a d’eascair as paindéim COVID-19, agus gur eagraíodh cianchruinnithe agus cruinnithe hibrideacha ó lár mhí na Bealtaine; ag tabhairt dá haire gur ghlac biúró an Choiste cinneadh chun liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh dar luach EUR 200 a bhunú dá chomhaltaí (i gcomparáid leis an liúntas cruinnithe caighdeánach ar ráta comhréidh dar luach EUR 323) chun na speansais a tabhaíodh agus cruinnithe á n-ullmhú ag comhalta agus le linn dó nó di a bheith rannpháirteach iontu, ar choinníoll go raibh cosc éifeachtach air nó uirthi freastal ar an gcruinniú go fisiciúil agus gur údaraíodh dó nó di freastal; ag tabhairt faoi deara go ndearna an Biúró cianliúntas den chineál céanna do shaineolaithe agus do chainteoirí a bhunú an 9 Deireadh Fómhair 2020; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó bhí tús 2020 ann, gur féidir suas le 100 % de chostais cúrsaí teanga a aisíoc leis na comhaltaí (seachas 66 % mar a bhíodh), faoi uasmhéid dar luach EUR 1 200 sa bhliain, chun tacú lena rannpháirtíocht i gcianchruinnithe nach mbíonn seirbhísí ateangaireachta acu i gcónaí; ag tabhairt dá haire gur aistríodh EUR 27 500 chuig an líne buiséid ábhartha in 2020 chun tacú leis an athrú sin; ag spreagadh don Choiste comhghaol réasúnta a áirithiú idir oiliúint teanga agus riachtanais agus dualgais an chomhalta iarrthaigh; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur eagraíodh 18 nglao ar thairiscintí dar luach os cionn EUR 15 000 i réimse an tsoláthair phoiblí in 2020, agus gur bronnadh ocht gcinn díobh; ag tabhairt dá haire gur cuireadh trí nós imeachta ar ceal mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus go raibh sé sceidealaithe go síneofaí conradh i gcás na seacht nós imeachta eile in 2021; ag tabhairt faoi deara, agus is díol sásaimh di, gur eagraigh na comhsheirbhísí atá á gcomhroinnt ag an gCoiste agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (“CESE”) sé nós imeachta thar ceann an Choiste; |
Bainistiú inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi gur seoladh clár athchóirithe an Choiste “Going for IMPact!” in 2020, arb é atá á bheartú leis riarachán an Choiste a nuachóiriú, a chuid acmhainní a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus borradh a chur faoina thionchar agus faoina fhor-rochtain; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh ceithre chnuasach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus ag tarraingt suntas ar an gcnuasach maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur mór aici an anailís chuimsitheach ar thosaíochtaí an Choiste (lena n-áirítear moltaí ón bhfoireann), mar aon leis an simpliú riaracháin atá á dhéanamh; á chur in iúl gur eol di gur cruthaíodh naoi gcinn de thascfhórsaí neamhordlaitheacha tras-seirbhíse mar thoradh air sin agus gur tíolacadh cairt eagrúcháin nua an 7 Nollaig 2020; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi an dianchomhar idir an Coiste agus an Coimisiún, toisc go bhfuil ionchur an Choiste, a chuireann in iúl dearcthaí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, tábhachtach i gcomhair próiseas cothrom um measúnú beartais, go háirithe maidir leis an Ardán “Réidh don Todhchaí”, leis an Ardán REFIT agus leis an líonra RegHub, chomh maith le rannchuidiú an Choiste leis an bplean gníomhaíochta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto a chur chun feidhme in 2021; á thabhairt chun suntais gur chuir an Coiste grúpa teagmhála idir é féin agus an Ríocht Aontaithe ar bun chun creat a sholáthar don chomhar polaitiúil; |
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choiste treisiú lena rannpháirtíocht i dtimthriall polaitiúil agus reachtach an Aontais ina iomláine agus forbairt a dhéanamh, chuige sin, ar an gcomhar leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún; á chreidiúint, maidir le páirt níos mó a bheith ag an gCoiste i gcaitheamh na gcéimeanna uile de phróiseas reachtach an Aontais, go rachadh sé chun tairbhe chun na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a chur i lár an aonaigh agus beartais an Aontais á ndréachtú agus á gcur chun feidhme, go háirithe i ndiaidh phaindéim COVID-19; |
|
15. |
á thabhairt dá haire gur ghlac an Coiste ocht rún agus 48 dtuairim in 2020 (i gcomparáid le 5 rún agus 49 dtuairim in 2019); á chur san áireamh gurb amhlaidh, mar gheall ar na deacrachtaí a bhaineann le tuairimí a ghlacadh trí tharchuir faoi na sprioc-amanna gearra idirinstitiúideacha ag tús phaindéim COVID-19, go ndeachaigh an Coiste i muinín tuairimí féintionscnaimh a ghlacadh, bunaithe ar dhoiciméid ón gCoimisiún, chun rannchuidiú ar bhealach éifeachtach agus tráthúil le freagairt an Aontais ar an bpaindéim; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an gCoiste a thuairimí a scaipeadh in éineacht le tuarascálacha agus gníomhaíochtaí eile atá ina rannchuidiú freisin lena mhisean a bhaint amach; á aithint go gcuirtear tuairimí an Choiste san áireamh go rialta i measúnú tionchair an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoiste a áirithiú go roinnfear gach tuairim le Comhaltaí na gcoistí ábhartha sa Pharlaimint agus go ndéanfaidh sé sliotán cainte a iarraidh go hoifigiúil agus go córasach agus dréacht-tuarascálacha na Parlaiminte á dtíolacadh, i gcomhréir leis an gcomhaontú comhair idir an Pharlaimint agus an Coiste; |
|
17. |
á chur in iúl gur eol di go ndearnadh cleachtaí comhlíonta agus éifeachtachta in 2019 agus in 2020 chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhí na 16 chaighdeán rialaithe inmheánacha á gcomhlíonadh ag an gCoiste agus ar a mhéid a bhí éifeacht lena gcur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir gur fhorbair an tascfhórsa maidir le “Simpliú na timpeallachta riaracháin” sraith de bhearta simplithe riaracháin, a bhfuil a lán acu á gcur chun feidhme faoi láthair; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go ndearnadh cleachtadh rialaithe ex-post in 2020 agus nár sainaithníodh aon saincheisteanna móra seachas an gá nósanna imeachta i scríbhinn a nuashonrú mar thoradh ar na modhanna oibre nua gan pháipéar; ag tabhairt dá haire gur phróiseáil seirbhís lárnach fíorúcháin an Choiste breis agus 13 000 comhad agus gur ceartaíodh nó gur diúltaíodh do 318 n-idirbheart fhíoraithe (i gcomparáid le 381 in 2019); |
|
18. |
á chur in iúl gur eol di, ar mhaithe leis an Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh, gur chonraigh an Coiste saineolaí seachtrach chun anailís ar chost-éifeachtúlacht a dhéanamh; á chur in iúl gur mór aici gurb amhlaidh, chun laghdú a dhéanamh ar aon riosca go mbeadh an buiséad á úsáid go míchuí, go ndearna an Coiste, ar bhealach lena n-áirithítear go mbíonn gach idirbheart airgeadais faoi réir fíorú arna dhéanamh ag gníomhaire neamhspleách fíoraithe, timpeallacht rialaithe inmheánaigh ar a ndéantar faireachán go hinmheánach a chruthú in éineacht le samhail airgeadais atá díláraithe go páirteach; ag tabhairt dá haire gur sheol an Coiste plean gníomhaíochta ilbhliantúil chun an timpeallacht rialaithe inmheánaigh atá ann cheana a athbhreithniú agus a shimpliú de réir a chéile; á iarraidh ar an gCoiste tuarascáil a thabhairt ar an dul chun cinn ar chur chun feidhme an phlean sin a thosaigh in 2021 agus a leanfaidh ar aghaidh in 2022; |
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur 491 phost atá sa phlean bunaíochta agus go measann an Coiste nach leor an líon sin; ag tabhairt dá haire go dtéann an Coiste i muinín baill foirne a earcú ar conradh i gcás ionadaithe meántéarma go fadtéarma agus le haghaidh tionscadail shonracha, agus go bhfuil an riosca ann go gcaillfeadh an Coiste an-chuid eolais agus saineolais dá bharr nuair a thiocfaidh deireadh leis na conarthaí sin; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an gCoiste agus é ag leanúint den chaibidlíocht maidir lena phlean bunaíochta a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur 96,3 % atá i ráta fostaíochta phlean bunaíochta an Choiste, a shroicheann dá bhrí sin an sprioc de 96 %; ag tabhairt dá haire gur 601 dhuine a bhí sa lucht saothair ar an iomlán i ndeireadh 2020 (lena n-áirítear an fhoireann reachtúil agus an fhoireann neamhreachtúil araon), i gcomparáid le 610 nduine i ndeireadh 2019; á mholadh don Choiste sa chomhthéacs sin a chomhar riaracháin le CESE a dhoimhniú tríd an gcomhshocrú seirbhísí chun baill foirne a chomhthiomsú ar mhaithe le tuilleadh sineirgí a fhorbairt; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil rochtain ag tromlach mór fhoireann an Choiste ar shocruithe solúbtha oibre ach gur teoranta é an líon foirne a bhaineann leas as obair pháirtaimseartha agus as saoire tuismitheora, agus gur mná iad 77,5 % agus 78,72 % díobh faoi seach; á chur in iúl gur eol di go gcuireann an Coiste seisiúin múscailte feasachta ar fáil don fhoireann maidir leis na socruithe solúbtha oibre, agus á mholadh don Choiste go rachadh sé i mbun cumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin agus a áirithiú nach gcuirfear bac, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na mball foirne ábhartha toisc gur bhain siad leas as na socruithe solúbtha oibre; á chur in iúl gur geal léi an suirbhé foirne maidir le teilea-obair agus le solúbthacht oibre, ónar féidir le bainisteoirí agus baill foirne eile ceachtanna a fhoghlaim agus córais solúbthachta oibre a fhorbairt don todhchaí; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go raibh leas forleathan á bhaint as teilea-obair roimh phaindéim COVID-19, ach nárbh ann don trealamh TF, don taithí ná don chultúr teilea-oibre ba ghá ar fud an Choiste; ag tabhairt faoi deara go ndearna seirbhísí TF an Choiste iarrachtaí suntasacha chun go mbeadh an eagraíocht ina hiomláine in ann feidhmiú go hiomlán ar bhonn cianda; ag tabhairt le fios gur cuireadh oiliúint go tapa ar an bhfoireann maidir leis an gcaoi le húsáid a bhaint as na hardáin éagsúla ar líne; |
|
22. |
ag tabhairt faoi deara, agus is díol sásaimh di, maidir leis an ráta ionsúite ó na comórtais inmheánacha ghinearálta a tugadh chun críche in 2019 (“linn tallainne”), gur 100 % a bhí i gcion na mbuaiteoirí a ceapadh i gcás ghrúpa AST/SC agus ghrúpa AST, agus gur 81 % a bhí i gcion na mbuaiteoirí a ceapadh i gcás ghrúpa AD; á chur in iúl gur geal léi an straitéis fheabhsaithe um bainistiú tallann a bheartaitear do 2022, a bhfuil sé d’aidhm aici scéim soghluaisteachta inmheánaí níos dinimiciúla a chur chun feidhme; |
|
23. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di na 12 chás a tuairiscíodh in 2020 agus a bhféadfadh traochadh a bheith i gceist leo, ach ag aithint go ndearna an Coiste obair leantach phearsantaithe ar neamhláithreachtaí chun athimeascadh a éascú tar éis neamhláithreacht fadtéarma; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá oifigeach leighis agus oibrí seirbhíse sóisialta an Choiste maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá i gcruachás agus le teagmháil a dhéanamh leo; ag spreagadh an Choiste díriú i gcónaí ar na cuairteanna bliantúla leighis, agus ní hamháin sin ach freisin ar chosc príomhúil chun rioscaí síceasóisialta agus traochadh a laghdú; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur mhná iad 55,8 % de chóimheas inscne fhoireann an Choiste in 2020, i gcomparáid le 56 % in 2019; á chur in iúl gur oth léi an dáileadh neamhchothrom sa mheánbhainistíocht (inar mná iad 32,4 %) agus san ardbhainistíocht (inar mná iad 25 %); á chur i bhfáth gur saincheist athfhillteach é sin agus á iarraidh an athuair ar an gCoiste leanúint dá iarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal ordlathach; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag tarraingt anois ar an sprioc a bunaíodh sa phlean gníomhaíochta maidir le comhionannas deiseanna mná a bheith in 40 % de na poist bhainistíochta (mná a bhí in 37,5 % díobh i Márta 2021); á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, dreasachtaí sonracha chun iarratasóirí baineanna a spreagadh do róil bhainistíochta amhail aitheantas foirmiúil d’fhreagrachtaí bainistíochta atá faoi bhun leibhéal an chinn aonaid, an clár meantóireachta a seoladh in 2019 agus cúrsaí oiliúna réamhbhainistíochta; ag spreagadh an Choiste gach iarracht is gá a dhéanamh chun a straitéis 5 bliana maidir le comhionannas deiseanna a bhaint amach agus a bheith níos uaillmhianaí sna pleananna gníomhaíochta bliantúla ar tríothu a chuirtear chun feidhme í; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le hionadaíocht chothrom inscne ar bhoird roghnúcháin agus le socruithe oibre níos solúbtha, agus ag spreagadh na ngníomhaíochtaí sin; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil baill foirne ó na Ballstáit uile fostaithe sa Choiste, seachas ó Bhallstát amháin; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh an Choiste a chuid folúntas a dhéanamh níos infheicthe, go háirithe trí leas a bhaint as ambasadóirí foirne agus “brandáil fostóra” dearfach a ghiniúint; á iarraidh ar an gCoiste leanúint de chéimeanna a ghlacadh chun dáileadh geografach cuí a bhaint amach i measc a chuid foirne, agus béim ar leith a leagan ar leibhéal na bainistíochta; |
|
26. |
á thabhairt chun suntais, mar fhocal dearfach, gur seoladh tascfhórsa idirsheirbhíse in 2019, tar éis d’oifigeach comhionannas deiseanna a bheith ceaptha in 2019, chun comhionannas deiseanna a phríomhshruthú i ngach beartas acmhainní daonna agus chun an straitéis 5 bliana (2022-2027) a ullmhú; á chur in iúl go dtréaslaíonn sí leis an gCoiste as ucht a thionscnaimh pointí teagmhála a chruthú maidir le saincheisteanna sonracha a bhaineann le hinscne, leis an bpobal LGBTIQ agus le míchumas chun tionscnaimh ón mbun aníos a spreagadh agus chun rannchuidiú leis an gCoiste a dhéanamh níos cuimsithí mar áit oibre; |
|
27. |
á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoin gcás ciaptha a thuairiscigh sceithire do CESE agus a tarchuireadh chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i mí Lúnasa 2020, ar cás é a bhaineann le ball d’fhoireann an Choiste atá ag obair sna comhsheirbhísí agus ina bhfuil líomhaintí faoi mhíbhainistíocht agus faoi mhírialtachtaí airgeadais; á iarraidh ar an gCoiste agus ar CESE tuarascáil a thabhairt go comhpháirteach don Pharlaimint maidir le toradh an imscrúdaithe arna dhéanamh ag OLAF, chomh maith le haon fhíorú inmheánach nó beart eile a bhfuil imscrúdú ar feitheamh ina leith; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi an dianphlé idir an Coiste na hionadaithe foirne, na seirbhísí inmheánacha ábhartha uile agus na baill foirne eile a bhfuil baint acu leis an gcinneadh maidir le dínit na foirne a chosaint, le coinbhleacht a bhainistiú agus le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chomhrac sa Choiste, chomh maith leis treoir a ghabhann leis, a glacadh in 2021; á chur in iúl gur mór aici é na gníomhaíochtaí múscailte feasachta a eagraítear don fhoireann agus tiomantas an Choiste do chur chuige na neamhfhulaingthe i leith ciaptha, chomh maith leis an gcúrsa oiliúna tiomnaithe ar líne; á mholadh don Choiste úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí malartacha cumarsáide maidir le hábhair ábhartha a bhaineann le comhionannas deiseanna, le héagsúlacht agus le cuimsiú chun coinbhleachtaí san áit oibre a chosc agus a bhainistiú; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh bord comhairleach maidir le ciapadh; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, chun sonraí pearsanta a chosaint, nach mbailítear aon sonraí faoi bhaill foirne atá faoi mhíchumas ach á chur in iúl go bhfuil bac á chur, mar thoradh air sin, ar mheasúnú ceart ar an staid agus ar fhorbairt beartas leormhaith sa réimse sin; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go n-áirítear i mbeartas comhionannais deiseanna an Choiste roinnt céimeanna praiticiúla agus bearta nithiúla arb é is aidhm leo timpeallacht oibre chuimsitheach a sholáthar; á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear míchumas san áireamh go hiomlán i straitéis chomhpháirteach foirgneamh an Choiste agus CESE; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur óstáil an Coiste 47 n-oiliúnaí in 2020, ar bronnadh deontas míosúil agus cnapshuim bhreise dar luach EUR 100 orthu chun na costais a bhaineann le teilea-obair a chumhdach; á chur in iúl gur oth léi gur tairgeadh cuairteanna staidéir gan phá d’ochtar oiliúnaithe, sa bhreis ar thrí chuairt staidéir ghearrthéarmacha a thosaigh in 2019 agus a lean ar aghaidh go 2020; á iarraidh an athuair ar an gCoiste a áirithiú go bhfaighidh a chuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
31. |
á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar an gcéad chéim den phróiseas idirghabhála idir an Coiste agus an tUasal McCoy, arbh é an t-iar-rialaitheoir airgeadais agus iniúchóir inmheánach é, nuair a síníodh, i mí na Nollag 2019, comhaontú polaitiúil maidir leis na prionsabail lena rialófaí réiteach chás sceithire bona fide an Uasail McCoy; á mheabhrú gur ceapadh Feisire den Pharlaimint mar idirghabhálaí, bunaithe ar rún maidir le hurscaoileadh ó 2017, agus gur chuir na páirtithe uile tús le próiseas idirghabhála chun deireadh a chur leis an díospóid idir an Coiste agus an tUasal McCoy agus é mar chuspóir acu teacht ar réiteach cairdiúil; á aithint gur lean an Coiste de na cruinnithe idirghabhála a bhí sceidealaithe leis an Uasal McCoy; á chur in iúl gur eol di gur tugadh an dara céim den idirghabháil chun críche an 9 Iúil 2021 le rannchuidiú idirghabhálaí na Parlaiminte, an Choiste um Rialú Buiséadach de chuid na Parlaiminte, an tUasal McCoy agus Uachtarán agus Ardrúnaí an Choiste, nuair a síníodh socrú airgeadais críochnaitheach; á chur in iúl, ar deireadh, gur eol di gur fhorghníomhaigh an Coiste an íocaíocht chomhaontaithe leis an Uasal McCoy i mí na Samhna 2021, tar éis do na húdaráis bhuiséadacha an t-aistriú a fhormheas; ag aithint na hoibre ar urscaoileadh an Choiste atá déanta le fiche bliain anuas ag na rapóirtéirí agus na scáth-rapóirtéirí a tháinig i ndiaidh a chéile agus a rannchuidigh, chomh maith céanna leis an bpróiseas idirghabhála agus cúnamh Sheirbhís Dlí na Parlaiminte, le réiteach a fháil ar an tsaincheist sin a bhí ina stad le fada an lá; á chur in iúl gur oth léi an dochar suntasach a rinneadh don Uasal McCoy agus á mhaíomh nach bhfuil sé ceart go raibh an cás corradh le 18 mbliana gan réiteach, á chur in iúl gur díol mór sásaimh di gur cuireadh clabhsúr ar an gcás sin agus ag tacú leis na gníomhaíochtaí a rinne an Coiste chun a áirithiú nach féidir lena leithéid de chás teacht chun cinn arís; |
|
32. |
á aithint gurb amhlaidh, le Comhaontú an 16 Aibreán 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an gclár trédhearcachta i gcomhair eagraíochtaí agus daoine féinfhostaithe a ghabhann do dhéanamh agus do chur chun feidhme bheartais an Aontais (1) agus le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (2), nach gcumhdaítear gníomhaíochtaí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil ná gníomhaíochtaí na gcomhlachas a dhéanann ionadaíocht orthu, ach go gceadaítear rannpháirtíocht dheonach institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; á chur in iúl, áfach, go gcuireann sí i gcoinne thuairim an Choiste go bhfuil an ábharthacht maidir leis an gclár trédhearcachta a cuireadh ar bun leis na comhaontuithe sin teoranta, agus ag ceistiú bhailíocht an Treoirleabhair Phraiticiúil maidir le hidirghníomhaíocht foirne le heintitis sheachtracha (a théann siar go 2018); á mheabhrú a thábhachtaí atá ardleibhéal trédhearcachta i ndáil le cruinnithe brústocaireachta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gCoiste ina ról comhairleach d’institiúidí an Aontais agus, dá bhrí sin, á iarraidh an athuair ar an gCoiste a bheith rannpháirteach sa chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le clár trédhearcachta éigeantach; |
|
33. |
á chur in iúl gur oth léi nár ghlac ach 66 bhall foirne páirt i gceann amháin nó níos mó de na 13 sheisiún oiliúna a eagraíodh in 2020 maidir le saincheisteanna eitice; ag spreagadh an Choiste bealaí a aimsiú chun rannpháirtíocht na foirne sna gníomhaíochtaí sin a mhéadú; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, gur seoladh, faoi dheireadh 2019, suirbhé maidir le feasacht eitice i measc na foirne agus go ndearnadh obair leantach faoi chuimsiú an iniúchta inmheánaigh ar an tsaincheist chéanna; á iarraidh ar an gCoiste leanúint de na moltaí a bunaíodh i mí Mheán Fómhair 2020 a chur chun feidhme agus na torthaí a thuairisciú in am trátha; |
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi gur tháinig cód iompair an Choiste i bhfeidhm an 26 Eanáir 2020 agus nach bhfuil an tArd-Rúnaí ar an eolas faoi aon sáruithe air; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gurbh ann i gcónaí, i mí Eanáir 2021, do 146 dhearbhú airgeadais nár thíolaic comhaltaí agus comhaltaí malartacha d’ainneoin na hoibleagáide faoin gcód iompair amhlaidh a dhéanamh; ag spreagadh an Choiste na dearbhuithe airgeadais atá ar iarraidh a fháil agus leas iomlán a bhaint as na roghanna a thugtar leis an gcód iompair; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go bhfuil leathanaigh ar inlíon an Choiste atá tiomnaithe don chreat eitice is infheidhme maidir le baill na foirne á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Choiste é, mar aon le cód iompair an Choiste agus liosta na ndearbhuithe airgeadais atá ar iarraidh; á mholadh don Choiste na doiciméid sin a dhéanamh níos infheicthe don phobal; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
36. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh go leor próisis oibre a dhigitiú mar thoradh ar phaindéim COVID-19, go bhfuil gach cruinniú á thionól ar bhonn cianda nó i bhfoirm hibrideach ó mhí an Mhárta 2020 i leith, agus gur tugadh na huirlisí TF is gá do gach ball foirne chun bheith ag obair ón mbaile; ag tréaslú leis an gCoiste as ucht na bhfeabhsuithe suntasacha a rinneadh ar thairseach na gcomhaltaí, ar Phoenix agus ar an uirlis sreafa oibre doiciméad Adonis; á chur i bhfios go ndearnadh dul chun cinn leanúnach i ndáil le ríomhshonrascadh, le ríomhsholáthar agus le sreafaí oibre gan pháipéar, gur bunaíodh meitheal maidir le sínithe leictreonacha, gur baineadh feidhm as leaganacha nua de na hinnill chuardaigh chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na comhaltaí fad a bhaineann le cruinnithe ar líne agus gur tarraingíodh suas bearta sonracha san am céanna, gur seoladh córas vótála leictreonaí do chomhaltaí an Choiste, go ndearnadh na feidhmchláir a bhí ann cheana a oiriúnú go suntasach chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do chomhaltaí agus foireann an Choiste, agus go ndearnadh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme uirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe; |
|
37. |
ag tabhairt dá haire gur thug paindéim COVID-19 ar an gCoiste dlús suntasach a chur le cur chun feidhme roinnt tionscadail TF agus físchomhdhála in 2020 agus infheistíocht bhreise dar luach EUR 2,7 milliún a dhéanamh ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire gur chaith an Coiste EUR 6 392 372 ar thionscadail agus trealamh TF in 2020 (i gcomparáid le EUR 4 033 320 in 2019); ag tabhairt dá haire gur forbraíodh tionscadail eile, sa bhreis ar straitéis digiteach 2019 an Choiste, chun riarachán an Choiste a dhigitiú agus a éifeachtúlacht a áirithiú; ag athdhearbhú ráiteas an Choiste go bhfuil a chuid seirbhísí TF tearcmhaoinithe, ó thaobh struchtúir de, le tamall de bhlianta anuas agus nach féidir le haistrithe buiséid teacht in ionad an mhaoinithe atá fónta ó thaobh struchtúir de agus is gá dhéanamh ar na seirbhísí TF uile; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil an Coiste imníoch faoin gcostas agus na forchostais d’eagraíochtaí beaga a bheadh ag gabháil le rialacha comhchoiteanna ceangailteacha cibearshlándála amach anseo d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais dá dtagraítear i rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh sa Deacáid Dhigiteach (3); |
|
38. |
á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh leas-oifigeach cosanta sonraí chun leanúnachas gnó a ráthú agus chun cumais an Choiste sa réimse sonrach sin a atreisiú; ag spreagadh an Choiste gníomhaíochtaí múscailte feasachta a dhéanamh agus cúrsaí oiliúna a eagrú do bhaill foirne a bhíonn ag láimhseáil sonraí pearsanta; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coiste, arna iarraidh sin ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mapáil ar aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus gur chinn sé nach ndearnadh difear d’aon ghníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur shínigh an Coiste an clárú lenar nascadh é le creatchonradh idirinstitiúideach le Microsoft agus nach bhfuil aon chomhaontuithe ceadúnúcháin aonair ar leithligh aige le Microsoft a thuilleadh; á chur in iúl gur mór aici beartas gníomhach an Choiste maidir le teicneolaíocht foinse oscailte; ag spreagadh don Choiste, áfach, tosaíocht a thabhairt don teicneolaíocht foinse oscailte chun smacht a choimeád ar a chuid córas teicniúil féin, chun spleáchas agus gaibhniú díoltóirí a sheachaint, chun coimircí níos láidre a sholáthar i dtaca le príobháideachas agus cosaint sonraí úsáideoirí, agus chun cur leis an tslándáil agus an trédhearcacht don phobal; |
Foirgnimh agus slándáil
|
39. |
á chur in iúl gur eol di go bhfuil a straitéis fhadtéarmach foirgneamh á cur chun feidhme ag an gCoiste agus ag CESE, ag díriú ar chomhchruinniú geografach agus ar leithdháileadh oifigí a atheagrú; ag tabhairt dá haire gur mheas an mheitheal atá freagrach go raibh sé ríthábhachtach foirgneamh breise a bheith ann ina mbeadh spás do thuairim agus 200 duine le go mbeifí in ann dálaí oibre maithe a chruthú; ag tabhairt dá haire gur thug an anailís sin ar an gCoiste agus ar CESE caibidlíocht a dhéanamh maidir le foirgneamh B100 a fháil ar cíos ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus gur fhormheas biúró an Choiste agus biúró CESE an dréacht-chomhaontú riaracháin sa ráithe dheireanach de 2020; á chur in iúl gur eol di gur chuir paindéim COVID-19 moill ar an bpróiseas; |
|
40. |
á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, tar éis d’fhoirgnimh B68/TRE74 de chuid an Choiste agus CESE a bheith malartaithe ar fhoirgneamh VMA an Choimisiúin, go bhfeicfear coigiltis den chéad uair in 2023 mar gheall ar an gcostas níos ísle a bhaineann le foirgneamh iomlán VMA a thógáil ar cíos i gcomparáid le foirgnimh B68/TRE74 a thógáil ar cíos agus go mbeidh na coigiltis sin leordhóthanach chun cíos fhoirgneamh B100 a chlúdach; |
|
41. |
á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe atá á ndéanamh ar phríomhréimsí na straitéise foirgneamh, eadhon athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana chun spásanna oibre níos sláintiúla atá ailínithe le caighdeáin eirgeanamaíocha a chruthú, leibhéal na slándála a mhéadú, tomhaltas leictreachais a laghdú agus ailíniú le hoibleagáidí comhshaoil; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin maidir le cur chun feidhme an chórais nua bainistithe eVisitors in 2020 agus go raibh an córas eVisitors ag feidhmiú go hiomlán i mí na Samhna 2021, rud a cheadaigh bainistiú éifeachtúil ar chuirí agus clárú ar líne do chuairteoirí seachtracha; á mheabhrú don Choiste nár cheart sonraí pearsanta cuairteoirí a choimeád ach ar feadh an ama is gá chun an chuairt a phróiseáil; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil tástálacha agus laghdú aispeiste fós ar siúl tar éis d’fhoirgneamh B100 a bheith glactha ar láimh i mí Mheán Fómhair 2021; á iarraidh ar an gCoiste agus ar CESE faireachán tréimhsiúil a dhéanamh ar dhálaí an fhoirgnimh sin agus an fhoireann a chur ar an eolas i gcónaí dá réir sin; á mheabhrú gur ann do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist (4); |
An comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
44. |
á chur in iúl gur geal léi comhtháthú na gcaighdeán inbhuanaitheachta, comhshaoil agus inrochtaineachta, lena n-áirítear na caighdeáin sin de chuid scéim an Aontais um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), mar chuid de straitéis foirgneamh an Choiste agus CESE; ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí éagsúla déanta ag an gCoiste agus ag CESE ó bunaíodh a gcóras bainistíochta comhshaoil agus é mar aidhm leo feidhmíocht fuinnimh a gcuid foirgneamh a fheabhsú agus a lorg carbóin a laghdú; á chur in iúl gur eol di go bhfuil staidéar ar neodracht carbóin an Choiste agus CESE faoi 2030 ar siúl; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Choiste i scéim na Parlaiminte maidir le fritháireamh astaíochtaí gás ceaptha teasa; |
|
45. |
á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coiste beartas gan pháipéar i mí Feabhra 2020 agus ag tabhairt faoi deara go bhfuil an chuid is mó de na sreafaí oibre gan pháipéar ó shin i leith; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú 52 % ar an méid páipéir a úsáideadh in aghaidh an duine in aghaidh an lae in 2020 i gcomparáid le 2019 agus gur laghdú 81 % a bhí ann i gcomparáid le 2015; |
|
46. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfeidhm ag an gCoiste a ndéantar faireachán air trí shuirbhéanna foirne gach 3 bliana; ag tabhairt faoi deara, agus is díol sásaimh di, go n-áirítear leis beartas soghluaisteachta aisíocaíocht 50 % ar thicéid séasúir iompair phoiblí, rothair seirbhíse chun críoch taistil ghairmiúil áitiúil, 237 raca rothair, roinnt spásanna páirceála do charranna hibrideacha nó leictreacha agus eagrú roinnt imeachtaí ardaithe feasachta gach bliain; |
|
47. |
á chur in iúl gur geal léi an creatchonradh idirinstitiúideach lena dtugtar rochtain don Choiste ar an Deasc Chabhrach um Sholáthar Poiblí Glas, atá dírithe ar fhorbairt inbhuanaithe, ar shaincheisteanna comhshaoil agus ar ghnéithe sóisialta den soláthar poiblí; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coiste a bheartas comhshaoil i bhfeidhm i ngach uile phróiseas soláthair ábhartha, rud a ndéantar scagadh air freisin mar chuid de EMAS; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an leictreachas arna thomhailt ag an gCoiste á sholáthar go heisiach ag fuinneamh glas ó fhoinsí inbhuanaithe; |
|
48. |
ag tarraingt suntas ar an bhfeachtas “An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil” arb é is aidhm dó comhaltaí an Choiste agus toghcheantair mhóra na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a ghríosadh chun gníomhaíochtaí dearfacha a dhéanamh chun forbairt inbhuanaithe agus an t-aistriú glas (i.e. glasú uirbeach, éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh, soghluaisteacht inbhuanaithe, etc.) a spreagadh, agus leas á bhaint acu as comhar treisithe le Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Pharlaimint agus le rannpháirtíocht ghníomhach Fheisirí na Parlaiminte; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
49. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go bhforbróidh an Coiste infheictheacht níos fearr sna meáin agus ar an idirlíon agus sna meáin shóisialta chun a chuid oibre a chur in iúl; á chur in iúl gur geal léi an mheastóireacht chuimsitheach sheachtrach ar straitéis cumarsáide 2015-2020 an Choiste; ag tuiscint go bhfuil dlús digiteach curtha leis an gcumarsáid phoiblí mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé for-rochtain an Choiste a uasmhéadú trí shineirgí a chruthú idir institiúidí an Aontais agus na polaiteoirí tofa réigiúnacha agus áitiúla a ndéanann an Coiste ionadaíocht orthu, ar mó ná aon mhilliún a líon; ag spreagadh an Choiste na deiseanna a ghabhann lena láithreacht ar na meáin shóisialta a thapú agus, san an am céanna, féachaint ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as ardáin mhalartacha foinse oscailte; |
|
50. |
á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Choiste sa Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa, ag cabhrú leis an gcleachtadh daonlathach sin chun teagmháil a dhéanamh leis na gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla; á mholadh don Choiste, thairis sin, cabhrú lena chomhaltaí chun rannpháirt a ghlacadh in idirphlé áitiúil le saoránaigh maidir le hábhair Eorpacha; |
|
51. |
á chur i bhfios go láidir gurbh ann in 2020 d’fheachtais agus gníomhaíochtaí lenar díríodh ar ghrúpaí leasmhara, go háirithe na meabhráin tuisceana agus pleananna gníomhaíochta le comhlachais Eorpacha agus náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar leasanna áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear clásail maidir le cúrsaí comhair agus cumarsáide; ag tuiscint gur cuireadh iallach ar an gCoiste, de bharr phaindéim COVID-19, stop a chur go sealadach leis an idirphlé leis na saoránaigh; á mholadh na hidirphlé leis na saoránaigh a bhogadh ar líne chun leanúnachas na gníomhaíochta tábhachtaí seo a áirithiú chun institiúidí an Aontais a thabhairt níos gaire do mhuintir na hEorpa; |
|
52. |
á chur in iúl gur geal léi an dá imeacht shuaitheanta a eagraíodh in 2020 i réimse na cumarsáide; ag tabhairt le fios go bhfuil comhordú á dhéanamh ag an gCoiste ar an gComhdháil Eorpach maidir leis an gCumarsáid Phoiblí (EuropPCom) ó 2011 i leith agus gur ar bhonn fíorúil a eagraíodh an imeacht sin i mí an Mheithimh agus mí na Nollag 2020, nuair a ghlac thart ar 2 500 saineolaí cumarsáide páirt ann; ag tarraingt suntas ar Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, ar ócáid aitheanta í a mbíonn níos mó ná 10 000 rannpháirtí agus 800 comhpháirtí bainteach léi, agus ar an “Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil” nua, a tíolacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus ag aithint go bhfuil an dá thionscnamh ina rannchuidiú leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, mar aon leis an tionscadal “Ó áitiúil go hEorpach” a cruthaíodh go sonrach chun na críche sin, a seoladh i ndeireadh 2020 agus lena mbaineann 50 réigiún agus cathair i bpainéil saoránach áitiúla, trasteorann agus trasnáisiúnta; |
|
53. |
á iarraidh ar an gCoiste leanúint dá iarrachtaí chun feabhas a chur ar infheictheacht na staidéar a chuireann sé ar fáil; á chur i bhfáth gur gá na staidéir a chur chun cinn go réamhghníomhach i dtreo na ngeallsealbhóirí uile, chomh maith lena bhfoilsiú ar líne; á mholadh don Choiste teagmháil a dhéanamh leis an bParlaimint chun comhar a fheabhsú, mar shampla trí chruinnithe agus imeachtaí comhpháirteacha a eagrú; |
|
54. |
á iarraidh ar an gCoiste tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear na húdaráis sin nach bhfuil ionadaíocht oifigiúil acu sa Choiste, ar chúrsaí a bhaineann le deiseanna an Aontais agus le líonrú; |
Comhar idirinstitiúideach
|
55. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar déthaobhach éifeachtach atá ag méadú go leanúnach idir an Pharlaimint agus an Coiste; ag spreagadh na Parlaiminte agus an Choiste araon leanúint de na cruinnithe rialta idir a nUachtaráin agus a Leas-Uachtaráin agus feabhas a chur ar an gcomhar struchtúrtha idir na rapóirtéirí faoi seach agus na grúpaí polaitiúla agus na comhlachtaí ullmhúcháin ina n-eagraítear a gcuid comhaltaí; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne biúró an Choiste i mí na Samhna 2020 Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla um Ghnóthaí AE a sheoladh, ar líonra é a bheidh ailínithe le treoirghníomhaíocht na Parlaiminte Ag Tógáil na hEorpa le hEintitis Áitiúla (BELE); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur trí chomhaontuithe comhair a bhítear ag comhoibriú go leanúnach leis an gCoimisiún agus gur trí phleananna gníomhaíochta comhpháirteacha a bhítear ag comhoibriú go leanúnach le foireann trí Uachtaránacht na Comhairle maidir le príomh-shaincheisteanna; á chreidiúint gur cheart go mbeadh comhar polaitiúil an Choiste leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún níos córasaí i bhfianaise a thábhachtaí atá an Coiste mar ionadaí shaoránaigh an Aontais sna réigiúin agus sna cathracha; |
|
56. |
á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, a bhuí leis na comhaontuithe foriomlána nua ar leibhéal seirbhíse a tugadh i gcrích le DG BUDG, DG DIGIT agus Oifig Pámháistir an Choimisiúin, gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcomhaontuithe, gur réitíodh an bealach chun feabhas a chur ar thráthúlacht na comhroinnte faisnéise agus gur cuireadh leis an bhféidearthacht a dhaingniú go mbeadh feidhmchláir idirinstitiúideacha nua TF de chuid an Aontais á n-úsáid; |
|
57. |
á thabhairt chun suntais gur glacadh an chomhaontú nua um chomhar riaracháin idir an Coiste agus CESE a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2021 agus lena dtreisítear rialachas an chomhair agus na sásraí rialaithe chun bainistiú éifeachtúil na gcomhsheirbhísí a áirithiú; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, go measann an Coiste go bhfuil an comhaontú nua níos nua-aimseartha agus níos simplí ná an sean-chomhaontú agus go mbeidh ról tábhachtach aige maidir le tuilleadh sineirgí a chruthú idir an Coiste agus CESE; |
|
58. |
ag athdhearbhú an tseasaimh a léiríodh sna moltaí maidir le hurscaoileadh roimhe seo i ndáil leis an ngá an comhaontú comhair a síníodh idir an Pharlaimint agus an Coiste agus CESE a chur chun feidhme ina iomláine, ar comhaontú é as ar aistríodh 60 aistritheoir, lena n-áirítear 24 aistritheoir ón gCoiste, chuig an bParlaimint mar mhalairt ar rochtain ar sheirbhísí Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil foireann de dhíth ar an gCoiste i réimsí polaitiúla, rud a imríonn drochthionchar ar chomhlíonadh a shainordaithe; |
Paindéim COVID-19
|
59. |
á chur in iúl gur eol di go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar ghníomhaíocht an Choiste, go háirithe ar an ábhar go dtéann a Chomhaltaí de ghnáth go dtí áitreabh an Choiste suas go sé huaire sa bhliain chun díospóireacht a dhéanamh ar a chuid tuairimí agus rún; ag aithint na n-iarrachtaí comhchoiteanna lenar áirithíodh tacaíocht leanúnach do ghníomhaíochtaí polaitiúla an Choiste; |
|
60. |
ag tabhairt dá haire go rabhthas in ann freagairt tosaigh a thabhairt leis an bplean leanúnachais gnó (BCP), atá i bhfeidhm ó 2009, ach gur léiríodh nach raibh sé oiriúnach go leor don fheidhm; á chur in iúl gur geal léi an grinn-athbhreithniú ar BCP a seoladh go déanach in 2020 chun na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcaoi ar láimhseáladh paindéim COVID-19 a chur san áireamh; ag tuiscint gur nochtadh leis an bpaindéim an tionchar a bhíonn ag tearc-infheistiú struchtúrach carntha i réimsí áirithe de ghníomhaíochtaí an Choiste, go háirithe i ndáil le TF; á chreidiúint gur cheart go leanfadh na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 de bheith ina ndlúthchuid de mhodh oibre an Choiste amach anseo; |
|
61. |
á chur in iúl gur mór aici an cur chuige a bhaineann le tús áite a thabhairt do shláinte agus sábháilteacht na gcomhaltaí agus na foirne le linn don eagraíocht í féin a chur in oiriúint don staid a bhíonn ag síorathrú; á chur i bhfáth go raibh tionscnaimh chumarsáide i réimse na n-acmhainní daonna ina meán don chobhsaíocht agus don tslándáil don fhoireann le linn phaindéim COVID-19; ag tabhairt faoi deara gur iarradh ar an bhfoireann gan a n-uaireanta sonracha teilea-oibre a chlárú chun an tsolúbthacht is gá a bheith acu chun freastal i gcomhthráth ar fhreagrachtaí oibre agus pearsanta; ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, go raibh cead, faoi chúinsí sonracha, ag baill foirne a raibh deacrachtaí sóisialta nó leighis acu teilea-obair a dhéanamh thar lear agus go raibh cead ginearálta i bhfeidhm go sealadach freisin, rud a d’fhág go raibh 110 mball foirne ag teilea-oibriú go heisceachtúil thar lear in 2020; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé a seoladh leis na hionadaithe foirne, lena n-áirítear suirbhé ar theilea-obair; |
|
62. |
ag tacú le cur chuige an Choiste lena dtugtar tús áite do thorthaí thar uaireanta oibre a chomhaireamh, trí bhainistíocht atá bunaithe ar mhuinín a úsáid agus tríd an gceart chun díscor a áirithiú, go háirithe trí bhíthin an bheartais nua intí ríomhphoist; á chur in iúl gur geal léi bearta breise amhail an grúpa ball foirne deonach a bunaíodh chun cabhrú le comhghleacaithe le linn na tréimhse gaibhniúcháin; |
|
63. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh iarracht faisnéis a scaipeadh maidir le hábhair shíceasóisialta agus ábhair a bhaineann le Comhscéim Árachais Breoiteachta institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearnadh 246 choinne leis an tseirbhís shóisialta in 2020, a bhain go príomha le strus, coinbhleachtaí agus fadhbanna pearsanta nó teaghlaigh, agus go raibh torthaí dearfacha ar an gcóitseáil maidir le bealaí déileála; |
|
64. |
á chur i bhfáth go ndearnadh príomhghníomhaíochtaí a shaothrú ar feadh phaindéim COVID-19, rud a chuir ar chumas an Choiste ionadaíocht a dhéanamh ar na polaiteoirí tofa réigiúnacha agus áitiúla i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, agus tacaíocht á tabhairt, ar an gcaoi sin, d’institiúidí an Aontais agus iad ag déileáil leis an ngéarchéim a bhí idir lámha; |
|
65. |
ag spreagadh an Choiste na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 a chomhtháthú ina straitéis inmheánach bainistíochta a mhéid a bhaineann le leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith na foirne, éifeachtacht na cumarsáide agus solúbthacht na bpróiseas oibre, chun stíl bhainistíochta atá dírithe ar thorthaí a fhorbairt agus ar féidir cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil a thógail uirthi. |
(1) IO L 277, 19.9.2014, lch. 11.
(2) IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.
(3) IO C 67, 8.2.2022, lch. 81.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0427.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/133 |
CINNEADH (AE) 2022/1707 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VIII — an tOmbudsman Eorpach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0265/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón Ombudsman Eorpach chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5) agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0068/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh don Ombudsman Eorpach i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an Ombudsman Eorpach, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/134 |
RÚN (AE) 2022/1708 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VIII — an Ombudsman Eorpach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn VIII — an tOmbudsman Eorpach, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0068/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta (PBB) agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár shainaithin an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil le hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar don Ombudsman Eorpach (an “tOmbudsman”); |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a cuid oibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine as caiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin an Ombudsman, saor ó earráid ábhartha don bhliain airgeadais 2020; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheist shonrach maidir le rialtacht na n-idirbheart agus nár braitheadh aon saincheist shuntasach tar éis córas maoirseachta agus rialaithe an Ombudsman a scrúdú; |
|
4. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise agus gur thug an Chúirt le fios go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur buiséad riaracháin é buiséad an Ombudsman den chuid is mó, agus go n-úsáidtear méid mór le haghaidh caiteachais a bhaineann le hacmhainní daonna, foirgnimh agus troscán, trealamh agus costais oibriúcháin ilghnéitheacha; ag tabhairt dá haire gurbh ionann é agus EUR 12 348 231 in 2020 (i gcomparáid le EUR 11 496 261 in 2019 agus EUR 10 837 545 in 2018); |
|
6. |
ag tabhairt dá haire gurb é an ráta cur chun feidhme i dtéarmaí gealltanas (lena n-áirítear leithreasaí a tugadh anonn ó 2020 go dtí 2021) ná 94,91 % in 2020 (i gcomparáid le 92,33 % in 2019) agus gur íocadh 93,16 % d’iomlán na leithreasuithe in 2020 (i gcomparáid le 89,5 % in 2019 agus 91,3 % in 2018); á chur in iúl gur geal léi an méadú ar chur chun feidhme bhuiséad bliantúil an Ombudsman in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí ann in 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an tOmbudsman thart ar EUR 44 500 (nó 0,4 % dá bhuiséad) a ath-leithdháileadh trí aistriú inmheánach leithreasuithe nach mbaineann leis an údarás buiséadach agus EUR 1,37 milliún (nó 11,1 % dá bhuiséad) trí dhá aistriú sheachtracha leithreasuithe a bhaineann leis an údarás buiséadach; ag tabhairt dá haire ina theannta sin go rabhthas in ann na hath-leithdháiltí sin a dhéanamh mar gheall ar an gcoigilteas a tháinig as laghdú ar chaiteachas mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar athchóirithe a rinneadh ar chairt eagraíochtúil an Ombudsman; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gurb é iomlán na n-íocaíochtaí ná EUR 11 503 768,06, rud a chomhfhreagraíonn do 93,16 % de bhuiséad 2020 (i gcomparáid le 89,51 % in 2019); ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, as na 537 n-íocaíocht san iomlán a rinneadh, gur cuireadh 99,4 % díobh 7 i gcrích in am, agus go ndearnadh na híocaíochtaí laistigh de 11,9 lá ar an meán, rud atá go mór faoi bhun an uasmhéid 30 lá atá ceadaithe; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2020 go 2021 arbh ionann iad agus EUR 215 895,65, arb ionann é sin agus 1,7 % de bhuiséad 2020, i gcomparáid leis na leithreasaí a tugadh anonn ó 2019 go 2020 (arb ionann iad agus EUR 323 410, arb ionann é sin agus 2,8 % de bhuiséad 2019); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur úsáideadh 74,31 % de na leithreasuithe a tugadh anonn ó 2019 go 2020 (i gcomparáid le 90,36 % in 2018); |
|
10. |
ag aithint go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 in 2020 ar bhuiséad an Ombudsman trí laghdú a dhéanamh ar na speansais a rabhthas ag súil leo i ndáil le comhdhálacha (-109 % i gcomparáid le 2019), misin (89 % níos lú ná an méid a caitheadh in 2019) agus oiliúint don fhoireann (59 % níos lú ná an méid a caitheadh in 2019); á chur in iúl gurb eol di go bhfuil acmhainní curtha ar fáil leis an laghdú ar chaiteachas a ath-leithdháileadh ar chuid de na costais a bhaineann le hathshuíomh oifig na Bruiséile (le cur i gcrích in 2021); á chur in iúl gur geal léi an léiriú go bhfuil úsáid éifeachtach agus bharrfheabhsaithe á baint as acmhainní an Ombudsman; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur eagraigh an tOmbudsman trí ghlao ar thairiscintí in 2020, dhá chonradh ar luach an-íseal (suas le EUR 15 000) agus conradh amháin ar luach íseal (suas le EUR 60 000), nach raibh ach iarrthóir amháin ann mar gheall ar nádúr sonrach na hoiliúna a thairg an tairgeoir; |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi glacadh na straitéise “I dTreo 2024” i mí na Nollag 2020 ina leagtar amach an cur chuige a ghlacfaidh an tOmbudsman le linn shainordú 2020-2024 chun cabhrú le riarachán Aontais a bheidh níos cuntasaí, níos trédhearcaí, níos eitice agus níos éifeachtúla a chruthú, a mhéid is féidir, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an sceipteachas faoin Aontas, dúshláin bheartais agus plean téarnaimh COVID-19; á mheas go bhfuil an cur chuige sin bunriachtanach chun éifeachtacht leanúnach a áirithiú agus chun muinín an phobail as an institiúid a mhéadú; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tOmbudsman athbhreithniú ar a chairt eagraíochtúil in 2020, chun tacú leis an straitéis “I dTreo 2024”, nós imeachta a cuireadh i gcrích i mí an Mheithimh 2021 nuair a earcaíodh an Stiúrthóir Riaracháin; á iarraidh ar an Ombudsman faireachán a dhéanamh ar thoradh na n-athruithe ar a struchtúr eagraíochtúil san fhadtéarma agus tuarascáil a chur i dtoll a chéile faoi; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go raibh torthaí dearfacha ar an struchtúir nua eagraíochtúil, struchtúr atá ag brath go mór ar chóras atá bunaithe ar mhuinín a chur san fhoireann agus a n-áirítear gnéithe ann amhail feabhas a chur ar thionchar agus éifeachtúlacht phróiseas an fhiosrúcháin trí dheireadh a chur le grádlathas iomarcach; cumarsáid inmheánach, comhordú agus obair chomhoibríoch idir foirne a éascú; foireann a chumhachtú chun taithí bhainistíochta a fháil mar cheannairí foirne; agus lucht saothair ildánach solúbtha a áirithiú; á chreidiúint go n-éascófar comhsheasmhacht agus cur chuige aonfhoirmeach trí fhoirne athbhreithnithe piaraí a bhunú agus go mbeidh feabhas ar cháilíocht na hoibre ar chásanna mar thoradh air sin; |
|
14. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil sé mar aidhm leis an gcomhthéacs nua an t-ualach oibre a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla trí chúntóirí a shannadh do láimhseáil na ngearán atá lasmuigh de shainordú an Ombudsman, mar shampla trína mholadh do ghearánaigh teagmháil a dhéanamh leis an údarás is fearr atá in ann déileáil leo; á chur in iúl gur geal léi gur fhág an cinneadh beartais sin gurbh fhéidir leis na cúntóirí 22 % de na gearáin a fuarthas lasmuigh den sainordú a láimhseáil agus go raibh níos mó ama ag láimhseálaithe cásanna díriú ar fhiosrúcháin dá bharr sin; á iarraidh ar an Ombudsman liosta de na gearáin sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur fhorbair an tOmbudsman tacar nua Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) freisin mar aon leis na gníomhaíochtaí atá eagraithe faoi shé théama i bPlean Bainistíochta Bliantúil 2020, ar a ndíreoidh an Ombudsman in 2021, chun cabhrú le cur chun feidhme chuspóirí na straitéise “I dTreo 2024” a thomhas; ag tabhairt dá haire gur cuireadh na heochairtháscairí feidhmíochta san áireamh den chéad uair sa phlean bainistíochta bliantúil do 2021 agus go gcuirfear na torthaí san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2021; á chur in iúl gur geal léi gur baineadh amach torthaí ábhartha feidhmíochta, fiú le linn na paindéime, go háirithe maidir le heochairtháscairí feidhmíochta a sháraigh spriocanna inmheánacha; |
|
16. |
á aithint, cé go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar líon na ngearán a cuireadh faoi bhráid an Ombudsman, ní raibh an tionchar chomh mór sin tríd is tríd toisc nach raibh ach laghdú beag ar líon foriomlán na ngearán a cuireadh isteach (2 107 in 2020 i gcomparáid le 2 171 in 2019 agus 2 180 in 2018), agus ar líon foriomlán na ngearán a láimhseáladh (2 148 in 2020 i gcomparáid le 2 201 in 2019) araon; |
|
17. |
ag tréaslú leis an Ombudsman as an leibhéal éifeachtúlachta a fheabhsú maidir le gearáin agus fiosrúcháin a láimhseáil trí chinneadh inghlacthachta a dhéanamh in aon mhí amháin i 98 % de chásanna (i gcomparáid le 91 % in 2019), trí fhiosrúcháin a dhúnadh laistigh de 6 mhí i 76 % de chásanna (i gcomparáid le 63 % in 2019) nó laistigh de 18 mhí i 97 % de chásanna (i gcomparáid le 90 % in 2019); |
|
18. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil treocht dhearfach ann maidir leis an ráta éifeachtúlachta i dtaca leis an am a thógann sé gearáin a láimhseáil – 36 lá a thóg sé ar an meán in 2020 (i gcomparáid le 64 in 2019 agus 78 in 2018) – agus 133 lá a thóg sé ar an meán fiosrúchán a chur i gcrích in 2020 (i gcomparáid le 208 in 2019 agus 254 in 2018); ag tabhairt dá haire go bhfuil cóimheas na gcásanna a dúnadh (392) agus na bhfiosrúchán a osclaíodh (365) fós os cionn an phar, agus deimhnítear leis sin iarrachtaí an Ombudsman ó thaobh éifeachtúlachta de; |
|
19. |
á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar chion na bhfiosrúchán a osclaíodh i gcásanna a bhaineann le leas an phobail, agus cuireadh tús le 65 fiosrúchán in 2020, i ndáil leis an sprioc de 50, agus i gcomparáid le 45 fiosrúchán a osclaíodh in 2019; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh cásanna a bhaineann le leas an phobail a bheith ábhartha do ghrúpa níos leithne daoine ná díreach an gearánach agus gur féidir feabhsuithe riaracháin teacht as sin, rud atá ina phríomhchuspóir de chuid straitéis an Ombudsman; |
|
20. |
á chur in iúl gur geal léi na torthaí dearfacha a bhí ag an nós imeachta mear a fhágann gur féidir déileáil le gearáin a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i bhfad níos tapúla ós rud é gurb é an meán-am anois trian den mhéid a bhí ann sular tugadh isteach an nós imeachta sin; |
|
21. |
á thabhairt chun suntais gurb é 34 % céatadán na ngearán a tháinig faoi shainordú an Ombudsman in 2020, atá os cionn na sprice (33 %) ach faoi bhun chéatadán 2019 (39 %); ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go rabhthas in ann, de bharr chur i gcrích éifeachtúil na gcásanna, líon an-íseal fiosrúchán (92) a thabhairt ar aghaidh ó 2020 go 2021 (i gcomparáid le 117 fiosrúchán tugadh ar aghaidh ó 2019 go 2020); |
|
22. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil feabhas tagtha ar ráta glactha mholtaí an Ombudsman (79 % in 2020 i gcomparáid le 77 % in 2019 maidir le glacadh iomlán) ach go bhfuil sé fós faoi bhun sprioc 90 %; ag tabhairt dá haire go ríomhtar an ráta glactha ag pointe áirithe ama agus nach léirítear leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar ina dhiaidh sin chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Ombudsman; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur tugadh chun críche an lámhleabhar nua maidir le nósanna imeachta chun gearáin a láimhseáil agus gur ceapadh comhordaitheoirí bainistíochta eolais faoin gcairt eagraíochtúil nua a bhfuil a dtograí gníomhaíochta á gcur chun feidhme; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach ndearnadh aon ráitis tar éis don Chúirt fíorú a dhéanamh ar chórais mhaoirseachta agus rialaithe an Ombudsman, lena n-áirítear caighdeáin rialaithe inmheánaigh, bainistíocht riosca, rialuithe ex ante agus ex post, cláir eisceachtaí, maoirseacht bhainistíochta, tuarascálacha ar iniúchóireacht inmheánach agus bearta frith-chalaoise; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil beart cúltaca agus maolaithe curtha i bhfeidhm ag an Ombudsman, tar éis moladh a fháil ón gCúirt, trína ndéantar oibríochtaí nach féidir leis an rialaitheoir ex ante iad a fhíorú a fhíorú ar bhonn ex post; |
Acmhainní daonna, folláine foirne agus comhionannas inscne
|
26. |
ag tabhairt dá haire go raibh próifíl agus comhdhéanamh na foirne in 2020 an-chosúil le próifíl agus comhdhéanamh na foirne in 2019 agus 73 bhall foirne san iomlán ann, comhdhéanta de 37 n-oifigeach, 8 ngníomhaire ar conradh agus 28 ngníomhaire shealadacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ngníomhairí ar conradh (ó 11 cheann in 2019 go 8 gcinn sa bhliain 2020) agus á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi chinneadh an Ombudsman gníomhairí ar conradh a fhostú go príomha chun neamhláithreachtaí i measc na foirne a chumhdach; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an tOmbudsman beartais maidir le saoire tuismitheora in 2004, maidir le teilea-obair in 2016, ar obair pháirtaimseartha in 2019; á chreidiúint, ag tógáil ar an taithí a fuarthas le linn phaindéim COVID-19, gur cheart na beartais maidir le socruithe hibrideacha oibre a athbhreithniú i gcás inarb iomchuí d’fhonn cur le hathléimneacht agus éifeachtúlacht na hinstitiúide agus dea-bhail agus sásamh na mball foirne á gcosaint ag an am céanna; á chur in iúl gur eol di, ina leith sin, go bhfuil athbhreithniú déanta ag an Ombudsman ar a bheartais fleisc-ama agus teilea-oibre, agus go bhfuil an cinneadh nua maidir le teilea-obair glactha cheana féin in 2021 tar éis dul i gcomhairle leis na hionadaithe foirne; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi freagairt thapa an Ombudsman ar na teorainneacha a forchuireadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus glacadh na teilea-oibre mar chóras caighdeánach oibre, solúbthacht uaireanta oibre, agus filleadh ar oifig ar bhonn deonach agus i gcomhréir le bearta sábháilteachta arna nglacadh ag institiúidí an Aontais agus na rialacha náisiúnta faoi seach; ag tabhairt dá haire go ndearna an institiúid an teorainn 15 lá in aghaidh na bliana don teilea-obair thar lear a bhaint go sealadach agus gur chuir sí an deis sin ar fáil d’oiliúnaithe; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire gur mar gheall ar ullmhacht an Ombudsman i dtaca le leanúnachas gnó tríd is tríd a bhí sé in ann dul in oiriúint go tapa do phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh an timpeallacht TF a fhágann gur féidir leis an bhfoireann oibriú go hiomlán ó chian i bhfeidhm cheana féin, agus go raibh tástáil déanta uirthi, roimh thús na paindéime, rud a d’éascaigh an t-aistriú tapa chuig an teilea-oibriú go mór agus a chinntigh gur beag cur isteach a bhí ar obair an Ombudsman; |
|
30. |
á chur in iúl gurb eol di go ndearna an tOmbudsman a ghníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le folláine a athcheapadh i bhfianaise phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi cur chuige an Ombudsman maidir le tús áite a thabhairt do chúrsaí oiliúna atá dírithe ar shaincheisteanna a bhaineann le déileáil le han-chuid teilea-oibre, feabhas a chur ar chumarsáid agus ar chomhoibriú i measc ball foirne agus bainisteoirí, agus cothromaíocht a bhaint amach idir an saol príobháideach agus an obair le linn dóibh a bheith ag obair ó chian; á chur in iúl gur mór aici tionscnaimh chruthaitheacha amhail sosanna caife agus seisiúin lóin fhíorúla, mar aon leis an gcomhar idir Seirbhís Liachta na Parlaiminte chun tacaíocht shíceolaíoch a thairiscint; ag moladh don Ombudsman leanúint lena straitéis a fhorbairt d’fhonn cothromaíocht mhaith a bhaint amach idir oibleagáidí príobháideacha na mball foirne agus leas na seirbhíse; |
|
31. |
á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an “beartas um fhilleadh chun oibre” in 2020, arb é is aidhm dó athimeascadh na foirne a éascú tar éis saoire bhreoiteachta ar feadh tréimhse fada, is cuma má tá an tsaoire bhreoiteachta nasctha leis an gcloíteacht nó nach bhfuil; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire gur tairgeadh tacaíocht shaincheaptha do bhaill foirne faoi strus agus go gcuirfear tús arís in 2021 leis an ngnáthoiliúint éigeantach maidir le “dínit agus meas ag an obair”, do na baill foirne uile; |
|
33. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh tuarascáil chuig OLAF a chuir ball foirne isteach ar chiapadh líomhnaithe a d’eascair as láimhseáil cáis in 2018 go déanach in 2020, agus go bhfuil sé á imscrúdú; ag dréim leis, idir an dá linn, go bhfuil aon bheart is gá déanta ag an Ombudsman chun an t-íospartach líomhnaithe a chosaint; ag meabhrú a thábhachtaí atá an cúrsa oiliúna éigeantach faoin mbeartas frithchiaptha don fhoireann; |
|
34. |
á aithint gur chuir iarmhairtí gan choinne phaindéim COVID-19 iallach ar an Ombudsman nuashonrú an bheartais éagsúlachta agus chuimsithe a chur ar athló; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil an beartas éagsúlachta agus cuimsithe i láthair i ngníomhaíochtaí na n-oifigí, lena n-áirítear oiliúint, comhdhéanamh na bpainéal roghnúcháin agus scaipeadh spriocdhírithe na nglaonna ar shealanna oiliúna; ag moladh don Ombudsman an próiseas a atosú d’fhonn an éagsúlacht a neartú agus ionad oibre níos cuimsithí a dhéanamh den Ombudsman, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire go raibh dáileadh inscne de 66 % mná agus 34 % fir ann ar an 31 Nollaig 2020, gan aon athrú i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire, as 6 phost sinsearacha, go bhfuil 4 de na poist sin ag mná, a bhfuil an dá phost bainistíochta is sinsearaí acu freisin; |
|
36. |
ag aithint go raibh tionchar dearfach ag na hiarrachtaí a rinneadh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach i ngníomhaíochtaí oiliúna agus gurb é meánlíon na laethanta oiliúna in aghaidh an duine in 2020 ná 2,4 in aghaidh na mná agus 2,5 in aghaidh an fhir; |
|
37. |
ag tabhairt dá haire go raibh 18 náisiúntacht ar fhoireann an Ombudsman in 2020, rud a chiallaíonn laghdú beag i gcomparáid le 2019, agus nach bhfuil na poist bhainistíochta ach roinnte idir 4 náisiúntacht (i gcomparáid le 6 in 2018 agus 5 in 2019); á iarraidh ar an Ombudsman leanúint dá hiarrachtaí dáileadh geografach inghlactha a bhaint amach, agus méid beag na hoifige á chur san áireamh, áfach; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire, in ainneoin phaindéim COVID-19, gur chuir an tOmbudsman fáilte roimh 13 oiliúnaí in 2020; á chur in iúl gur geal léi go raibh sé mar aidhm ag an Ombudsman na coinníollacha is fearr is féidir a áirithiú do thréimhsí oiliúna trí laghdú beag a dhéanamh ar líon na n-oiliúnaithe nua a thagann isteach agus iad a chur ag céimniú agus trí roghnúchán bliantúil amháin seachas dhá rogha bhliantúla a eagrú; á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an tOmbudsman luach saothair cuibhiúil ar fáil do na hoiliúnaithe go léir chun costais mhaireachtála a chumhdach; |
|
39. |
á thabhairt chun suntais gur glacadh bearta tráthúla chun tacú le hoiliúnaithe le linn na srianta oibre de bharr phaindéim COVID-19 trí uirlisí TF agus ábhar bonneagair eile a chur ar fáil, chomh maith le cnapshuim bhreise EUR 40 in aghaidh na míosa chun a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn ag oiliúnaithe nasc ardchaighdeáin idirlín a fháil; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
40. |
á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh leathanach speisialta ar inlíon an Ombudsman atá tiomnaithe d’eitic agus do dhea-iompar, go háirithe na treoirlínte maidir le cur chun feidhme an bheartais frithchiaptha a glacadh in 2019, chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil seisiún maidir le hiompar eiticiúil san oiliúint ionduchtaithe do bhaill foirne agus d’oiliúnaithe nua; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil dhá chomhfhreagraí eitice ann mar phointe faisnéise agus mar chúnamh maidir le saincheisteanna a bhaineann le heitic; |
|
41. |
ag tréaslú leis an Ombudsman as a sceideal a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus as leas a bhaint go comhsheasmhach as an gClár Trédhearcachta chun a chinntiú go bhfuil na cainteoirí nó na hidirghabhálaithe in imeachtaí nó i gcruinnithe arna n-eagrú ag an Ombudsman cláraithe ann; ag moladh go láidir don Ombudsman leanúint den iarracht sin agus óstáil imeachtaí agus rannpháirtithe na gcruinnithe a fhoilsítear ar a shuíomh gréasáin a nascadh lena n-iontrálacha sa Chlár Trédhearcachta; |
|
42. |
ag moladh go seolfaí suirbhé chun measúnú a dhéanamh ar fheasacht na mball foirne ar chreat eiticiúil an Ombudsman, mar a mholann an Chúirt do na hinstitiúidí iniúchta i dTuarascáil Speisialta 13-2019 uaithi: “Creatanna eiticiúla institiúidí iniúchta AE: an deis atá ann feabhas a dhéanamh”; |
|
43. |
á chur in iúl gur geal léi an Chomhdháil a eagraíodh faoi thodhchaí Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis an rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid institiúidí an Aontais, áit ar leag an tOmbudsman béim ar thábhacht an dlí ó thaobh a chur ar chumas an phobail an tAontas a thabhairt chun cuntais agus ar iarr sí go ndéanfaí é a nuachóiriú; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon tuairim léi gur cheart é a ailíniú ar bhealach níos fearr le cearta na saoránach, gur cheart dó tuilleadh trédhearcachta a spreagadh agus gur cheart aird a thabhairt ann ar an gcásdlí atá ann cheana maidir le trédhearcacht sa chinnteoireacht; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gurb ionann saincheisteanna trédhearcachta agus thart ar an gceathrú cuid d’fhiosrúcháin an Ombudsman gach bliain; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
44. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an tOmbudsman fiosrúcháin go huathoibríoch ar a shuíomh gréasáin mura rud é go n-iarrann gearánach go sonrach go mbeadh sé faoi rún nó go bhfuil sonraí pearsanta i gcás; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire go raibh na príomhghníomhaíochtaí TF in 2020 dírithe ar leanúnachas gnó an Ombudsman a éascú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, lena n-áirítear aistriú furasta agus éifeachtach chuig cianobair do gach ball foirne agus réitigh nua do chruinnithe agus comhdhálacha ar líne; ag tabhairt dá haire go raibh méadú suntasach ar chaiteachas ar threalamh soghluaiste ó EUR 31 000 in 2019 go EUR 108 000 in 2020; |
|
46. |
á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta maidir le húsáid uirlisí TF mar a d’iarr an Pharlaimint, ag féachaint go sonrach d’allmhairiú uathoibríoch faisnéise ó shuíomh gréasáin an Ombudsman go dtí a Chóras Bainistíochta Gearáin (CMSEO), agus don fhorbairt san idirghníomhaíocht leis an ngearánach tríd an gcuntas ar líne ar feadh shaolré an ghearáin; á aithint go mbeidh feabhas suntasach i dtéarmaí slándála agus éifeachtúlachta sonraí mar thoradh ar an dá ghníomhaíocht; |
|
47. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na gníomhaíochtaí go léir a áirítear i bPlean Gníomhaíochta 2018 le haghaidh an Rialacháin ó AE maidir le Cosaint Sonraí curtha chun feidhme anois, lena n-áirítear (i) gur forbraíodh Clár Lárnach Taifead na n-oibríochtaí próiseála agus gur foilsíodh ar shuíomh gréasáin an Ombudsman é; (ii) gur forbraíodh teimpléad le haghaidh Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí; (iii) gur ghlac an tOmbudsman Cinneadh maidir le rialacha inmheánacha chun srian a chur le cearta áirithe an duine is ábhar do na sonraí i bpróiseáil sonraí pearsanta, cinneadh a foilsíodh san Iris Oifigiúil; |
|
48. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) imscrúdú ar an bpróiseáil a rinne an tOmbudsman ar shonraí pearsanta in 2019 agus gur chuir sé a chuid moltaí chuig an Ombudsman i mí na Samhna 2020; á chur in iúl gurb eol di gur ghlac an tOmbudsman leis na moltaí go léir ina n-iomláine agus go bhfuil an cás dúnta ag an MECS; á iarraidh ar an Ombudsman an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas faoi thabhairt chun críche an phróisis i dtuarascáil bhliantúil na hoifige; á chur in iúl gurb eol di freisin gur iarr MECS ar an Ombudsman agus ar institiúidí eile an Aontais faisnéis a bhaineann le haistrithe sonraí chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur ar fáil agus á iarraidh ar an Ombudsman moltaí MECS a leanúint i ndáil leis sin; |
|
49. |
á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann an tOmbudsman bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce nuair is féidir le haghaidh cumarsáid sheachtrach agus inmheánach agus go gcuireann an tOmbudsman a n-úsáid chun cinn; á chur in iúl gur mór aici go n-aithníonn an tOmbudsman an breisluach a bhaineann le bogearraí foinse oscailte chun an trédhearcacht a mhéadú agus go dtugann sé tosaíocht dóibh nuair a bhíonn tionscadail TF nua á bhforbairt; |
Foirgnimh agus slándáil
|
50. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil dúshláin roimh an Ombudsman maidir le hathlonnú oifig na Bruiséile le linn phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, trí shuirbhé ar an margadh agus nós imeachta tairisceana ina dhiaidh sin, gurbh fhéidir leis an bParlaimint foirgneamh oiriúnach a aithint chun áitreabh an Ombudsman a athlonnú sa Bhruiséil, mar gheall ar leathnú MECS; |
|
51. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh cinneadh cuid de thionscadal athlonnaithe an Ombudsman a mhaoiniú agus costas an troscáin nua a chumhdach trí úsáid a bhaint as an gcoigilteas a bhí ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus an coigilteas a tháinig as an athbhreithniú ar chairt eagraíochtúil agus beartas earcaíochta an Ombudsman; ag tabhairt dá haire gur iarradh aistriú buiséid chuig an údarás buiséadach i mí Mheán Fómhair 2020; |
|
52. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil tosaíocht tugtha sna spásanna oibre nua do shaoráidí cruinnithe comhoibríocha solúbtha agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ach fíorbheagán oifigí aonair ann; á chur in iúl gurb eol di go ndeachthas i gcomhairle leis na hionadaithe foirne maidir leis na socruithe a bhaineann le spás oibre; á iarraidh ar an Ombudsman measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an áitribh nua ó thaobh obair rúnda a dhéanamh agus sástacht na gcomhaltaí foirne a chur i gcrích tar éis tréimhse tástála iomchuí; |
|
53. |
ag tabhairt dá haire nach mbeidh aon áiseanna páirceála ar an láthair ag áitreabh nua an Ombudsman ach go bhfuiltear ag smaoineamh ar chéimeanna chun áiseanna páirceála a sholáthar do rothair; á chur in iúl gur geal léi go n-éascófar roghanna soghluaisteachta inbhuanaithe do bhaill foirne; |
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
54. |
ag moladh don Ombudsman leanúint dá chuid iarrachtaí a lorg comhshaoil a laghdú tríd an digitiú a spreagadh, úsáid páipéir a laghdú agus, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, úsáid a bhaint as córais físchomhdhála in ionad misean; |
|
55. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar úsáid páipéir le blianta beaga anuas, rud atá léirithe ag an bhfíric gurbh ionann an t-ordú páipéir in 2020 agus 55 % den mhéid a leagadh síos in 2017; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéantar foilseacháin an Ombudsman a dháileadh go leictreonach den chuid is mó; ag moladh go gcuirfí ar bun straitéis nithiúil “gan pháipéar”; |
|
56. |
á iarraidh ar an Ombudsman aird chuí a thabhairt ar an straitéis forbartha inbhuanaithe ina chuid cinntí bainistíochta agus an straitéis sin a chur san áireamh le linn dó a chuid fiosrúchán a chur i gcrích; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
57. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil úsáid á baint as ailt nuachta ar líne chun fiosrúcháin reatha a mhíniú agus an roinn faoi shuíomh gréasáin an Ombudsman atá tiomnaithe do rochtain phoiblí ar cháipéisí a mhíniú; |
|
58. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht achomharc a dhéanamh chuig an Ombudsman i gcás drochriaracháin a d’fhéadfadh a bheith déanta ag institiúidí an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar bun ag an Ombudsman a infheictheacht a mhéadú trí uirlisí caighdeánacha cumarsáide agus úsáid níos forleithne ardáin na meán sóisialta a thabhairt i dteannta a chéile; |
|
59. |
ag tabhairt dá haire gur spéis leis an Ombudsman dul isteach in institiúidí Aontais áirithe i dtreoirthionscadal poiblí ar ardáin mheáin shóisialta mhalartacha atá dírithe ar na rioscaí príobháideachais a bhaineann le gnáthchainéil na meán sóisialta a mhaolú; |
|
60. |
ag tabhairt dá haire gur eagraíodh comhdháil chun 25 bliana an Ombudsman a cheiliúradh agus go ndéantar gníomhaíochtaí gaolmhara chun cur leis an eolas agus leis an bhfeasacht ar a ról agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar shaol shaoránaigh an Aontais; |
|
61. |
á mheas go bhfuil an chumarsáid inmheánach, an nuachtlitir ‘EOExpress’ atá inrochtana trí inlíon an Ombudsman dearfach, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngá atá le scaipeadh faisnéise ar bhaill foirne a mhéadú le linn thréimhse dhianghlasála COVID-19; |
Comhar idirinstitiúideach
|
62. |
á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don Ombudsman leibhéal ard malartaithe agus comhoibrithe a choinneáil le Líonra Eorpach na nOmbudsman (ENO); ag moladh don Ombudsman ról comhairleach a choinneáil do ghearánaigh agus do bhaill ENO, trí úsáid a bhaint freisin as na huirlisí le haghaidh cianchomhair a imlonnaíodh go rathúil in 2020; ag moladh go bhféachfaí ar bhealaí nua chun gníomhaíochtaí líonraithe a fhorbairt i réimsí éagsúla, dea-chleachtais a roinnt agus réitigh choiteanna a fhorbairt; |
|
63. |
á thabhairt chun suntais gur síníodh comhaontuithe idirinstitiúideacha éagsúla in 2020 le seirbhísí an Choimisiúin (Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna, Oifig an Phámháistir agus an Ardrúnaíocht) d’fhonn rochtain a fháil ar na huirlisí ábhartha corparáideacha (ABAC, Hermes, ARES, Sysper) agus na caibidlíochta leis an bParlaimint i ndáil le socrú riaracháin maidir le bainistiú géarchéime agus leanúnachas gnó (mar aon le hobair leantach ar mholadh an Iniúchóra Inmheánaigh); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil úsáid á baint as creatchonarthaí idirinstitiúideacha TF; á iarraidh ar an Ombudsman leanúint de shineirgí agus acmhainní a fhorbairt le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais; |
|
64. |
á chur in iúl gur eol di go bhfuil gealltanas tugtha ag an Ombudsman go gcuirfidh sí tuarascáil i dtoll a chéile faoin mbealach a gcomhlíonann na hinstitiúidí a cuid moltaí, go háirithe tríd an tuarascáil bhliantúil ‘Putting it Right’; á chur in iúl gur geal léi a réidhe atá an tOmbudsman a cuid cásanna a roinnt go réamhghníomhach le coistí na Parlaiminte; á mheas go bhfuil sé úsáideach agus á iarraidh ar an Ombudsman dá bhrí sin a cuid moltaí in imscrúduithe straitéiseacha a roinnt go díreach le coistí ábhartha na Parlaiminte i gcónaí; |
Paindéim COVID-19
|
65. |
ag tabhairt dá haire go raibh baint ag 170, as an iomlán de 2 148 gearán nua ar déileáladh leo in 2020, le COVID-19, ach ní raibh ach 34 gearán laistigh de shainordú an Ombudsman; á chur in iúl gur geal léi moltaí an Ombudsman don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le conas ardchaighdeáin trédhearcachta agus cuntasachta a choinneáil le haghaidh cinntí le linn phaindéim COVID-19; ag tréaslú leis an Ombudsman as an tsraith fiosrúchán agus tionscnamh a rinneadh i ndáil le freagairt COVID-19 in institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais in 2020, rud a chuidigh le lucht riaracháin an Aontais na caighdeáin is airde dea-riarachán a choinneáil fiú le linn tréimhsí dúshlánacha agus a rannchuidigh go dearfach dá bhrí sin le muinín na saoránach san Aontas; |
|
66. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil éifeachtúlacht na láimhseála fiosrúchán méadaithe ag an Ombudsman tríd an leas is fearr a bhaint as gníomhaíochtaí digitithe agus as modhanna oibre nua, go háirithe teilea-obair, arna gcothú ag paindéim COVID-19; á aithint, mar sin féin, go mbeidh gá fós le misin i roinnt gnéithe dá chuid oibre, eadhon tuiscint a fháil ar chomhthéacs an fhiosrúcháin agus an smaointeoireacht chomhchoiteann a éascú; ag moladh don Ombudsman machnamh cuimsitheach a dhéanamh ar an digitiú i ndáil le todhchaí na hinstitiúide; |
|
67. |
ag moladh don Ombudsman na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19 a chomhtháthú ina straitéis bainistíochta inmheánach lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, leanúnachas gnó agus pleananna maidir le bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, cosaint shláinte agus dhea-bhail na foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus solúbthacht na bpróiseas oibre. |
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/141 |
CINNEADH (AE) 2022/1709 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IX — an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2020) 381 — C9-0266/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/142 |
RÚN (AE) 2022/1710 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IX — an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn IX — an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0086/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme, |
|
B. |
de bhrí gur ceart bunúsach é an chosaint sonraí, a chosnaítear leis an dlí Eorpach agus a chumhdaítear in Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; |
|
C. |
de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go mbeidh comhlíonadh na rialacha a bhaineann le cosaint daoine aonair, i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leo, faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách; |
|
D. |
de bhrí go ndéantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le húdarás neamhspleách a bhunú, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (an “Maoirseoir”), a bheidh freagrach as an gceart chun cosanta sonraí agus chun príobháideachais a chosaint agus a ráthú, agus a mbeidh sé de chúram air a áirithiú go nglacfaidh institiúidí agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cultúr láidir cosanta sonraí chucu féin; |
|
E. |
de bhrí go gcuireann an Maoirseoir a chuid feidhmeanna i gcrích i ndlúthchomhar le hÚdaráis Cosanta Sonraí (DPAnna) dá shamhail mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), agus go bhfónann sé do leas an phobail agus fós prionsabal na neamhchlaontachta, prionsabal na sláine, prionsabal na trédhearcachta agus prionsabal an phragmatachais á threorú; |
|
F. |
de bhrí go ndéanfaidh an Maoirseoir cumhachtaí an Oifigigh Údarúcháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir i gcomhréir le cairt na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí a bhaineann le buiséad agus riarachán an Mhaoirseora dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 72(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus fós gurb é Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin a fheidhmeoidh mar Oifigeach Cuntasaíochta an Mhaoirseora i gcomhréir le Cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí dar dáta an 1 Márta 2017; |
|
G. |
de bhrí gur ghá don Mhaoirseoir, mar gheall ar phaindéim COVID-19, a fheidhmiú inmheánach agus a mhodhanna oibre a athbhreithniú agus a oiriúnú chun leanúint dá mhisean a chomhlíonadh; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár shainaithin an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil leis na hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (an “Maoirseoir”); |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a hoibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine do chaiteachas riaracháin na n-institiúidí, lena n-áirítear caiteachas riaracháin an Mhaoirseora saor ó earráid ábhartha don bhliain airgeadais 2020; á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon fhadhb shonrach maidir le rialtacht na n-idirbheart; |
|
3. |
á chur in iúl gur eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise agus gur thug an Chúirt le fios go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
4. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2020, a leithdháileadh buiséad EUR 19 476 998 ar an Maoirseoir, arbh ionann é agus méadú 16,3 % i gcomparáid le buiséad 2019 de EUR 16 638 572; á chur in iúl go dtuigeann sí gurbh é ba chúis go príomha leis an méadú foriomlán ná tionchar na gcúraimí nua a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 (dá ngairtear “RGCS do EUIanna” freisin) agus na freagrachtaí maoirseachta nua i ndáil le gníomhaireachtaí forfheidhmithe agus comhair bhreithiúnaigh, amhail, OIPE agus Eurojust, i measc cinn eile; ag tabhairt faoi deara go raibh comhdhlúthú Rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí (EDPB) a oibríonn an Maoirseoir, straitéis 2020-2024 an Mhaoirseora, atá nasctha leis an sainordú nua, agus na liúntais shealadacha dá bhforáiltear do dheireadh shainordú an iar-Mhaoirseora ina ngnéithe eile a bhí ina siocair leis an méadú; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire go raibh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar chur chun feidhme an bhuiséid (73 % in 2020, i gcomparáid le 91,97 % in 2019); ag tabhairt faoi deara, go háirithe, go bhfuil an tionchar sin le feiceáil ar na buiséid misin agus oiliúna (forghníomhú de níos lú ná 17 %) agus ar eagrú na gcruinnithe, lena n-áirítear aisíocaíocht na saineolaithe agus an lónadóireacht (forghníomhú de níos lú ná 15 %); ag tabhairt dá haire gurbh ionann an coigilteas a tháinig dá bharr agus EUR 2 183 000, arb ionann é agus 11 % de thomhaltas foriomlán an bhuiséid; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go raibh tionchar indíreach ag paindéim COVID-19 ar chodanna eile den bhuiséad nach féidir a chainníochtú go beacht, amhail na línte buiséid tuarastail, a raibh tionchar diúltach orthu mar thoradh ar mhoilleanna san earcaíocht a bhí pleanáilte do 2020, agus an líne bhuiséid foirgníochta, ar a raibh tionchar ag moilleanna ar áitiú iomlán an fhoirgnimh, atá roinnte leis an Ombudsman Eorpach fós; |
|
7. |
ag tabhairt faoi deara gurb amhlaidh, mar thoradh ar an méadú a tháinig ar fhoireann an Mhaoirseora in 2019, a tháinig méadú 22 % ar na línte buiséid atá tiomnaithe do thuarastal oifigeach agus baill foirne ar chonarthaí; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb amhlaidh, mar gheall ar an sciar mór den bhuiséad foriomlán atá tiomnaithe do chostais a bhaineann le hacmhainní daonna, go raibh an mhoill ar na nósanna imeachta earcaíochta (mar iarmhairt ar phaindéim COVID-19 freisin) ina siocair leis an tionchar diúltach ar fhorghníomhú an bhuiséid ina iomláine; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go ndearna infheistíocht an Mhaoirseora ina chlaochlú digiteach an ráta íseal forghníomhaithe buiséid a chúiteamh go páirteach ar a laghad toisc go ndeachaigh na línte buiséid a bhaineann le TF don Mhaoirseoir agus don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí thar an leithdháileadh tosaigh (109 %); á thabhairt faoi deara gur aistríodh leithreasuithe buiséadacha ó mhisin, ón taisteal, ón aistriúchán agus ón ateangaireacht chun costais eile foirne agus trealamh agus seirbhísí teicneolaíochta faisnéise a mhaoiniú; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, as na 36 nós imeachta soláthair a sheol an Maoirseoir in 2020, nach raibh ach aon cheann amháin díobh ina nós imeachta oscailte agus inar nósanna imeachta idirbheartaíochta na nósanna imeachta eile, lena n-áirítear 5 nós imeachta gan foilsiú roimh ré fógra conartha; ag aithint go bhfuil dúshláin soláthair roimh an Maoirseoir agus mar gheall ar mhéid bheag na hinstitiúide, go nglacann an Maoirseoir páirt i nósanna imeachta um sholáthar comhpháirteach, toisc go bhfuil siad níos éifeachtúla ó thaobh airgeadais de, agus ag an am céanna ar gá dó na caighdeáin cosanta sonraí is déine i dtaobh chuspóirí na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm, rud ba shiocair freisin, is dócha, le cur chun feidhme íseal an bhuiséid in 2020; |
|
10. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an Maoirseoir chun bheith ina institiúid gan pháipéar, lena n-áirítear leanúint d’agallaimh gan pháipéar in 2020, go bhfuil sé beartaithe tuarascálacha breithmheasa, promhaidh agus meastóireachta a uathoibriú trí mhodúil nua a chur chun feidhme i gcomhéadan na n-acmhainní daonna in 2021, agus cur chun feidhme córas airgeadais gan pháipéar in 2020 i ndáil le próiseáil íocaíochtaí, bainistiú buiséid agus soláthar; |
Bainistiú inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
11. |
ag déanamh comhbhrón le muintir Giovanni Buttarelli, Maoirseoir, a d’éag i Lúnasa 2019; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh Wojciech Wiewiorowski i mbun oifige i Nollaig 2019 ar feadh téarma 5 bliana; ag aontú gurb amhlaidh, mar gheall ar an Uasal Wiewiorowski a bheith ag obair mar Mhaoirseoir Cúnta, agus toisc eolas maith a bheith aige ar an institiúid dá réir, a rannchuidíodh le dúshlán an aistrithe a mhaolú; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an uirlis bhainistíochta nua “Bluebell”, a d’fhorbair ERCEA (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde) lenar féidir tuar níos fearr a thabhairt ar fheidhmiú iarbhír na línte buiséid, agus faireachán níos fearr a dhéanamh air, bunaithe ar shonraí arna n-uaslódáil ag aonaid oibríochtúla, agus is é an tairbhe a bhaintear as sin go ndéantar na hidirghabhálacha de láimh a laghdú go suntasach agus go mbíonn na sonraí níos iontaofa; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na próisis oibre a choigeartú in 2020 mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus go ndearnadh na sínithe páipéir agus na nósanna imeachta páipéir uile a dhigitiú, rud a d’fhág na próisis riaracháin a bheith níos éifeachtúla agus níos gasta; á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh sé d’oibleagáid ar an Maoirseoir na hiniúchtaí ar an láthair a chur ar athló ar an ábhar gur fhág bainistiú na sonraí íogaire nárbh fhéidir leo iad a dhéanamh go cianda; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh cruinnithe ar líne, atá níos saoire agus níos gasta, in ionad cruinnithe fisiceacha; ag tabhairt faoi deara go raibh tionchar níos mó ag ionadú cruinnithe fisiciúla ar chruinnithe EDPB a bhíodh ar siúl gach mí nó gach re mí, agus mórchostais taistil agus ateangaireachta ag gabháil leo, agus gur cuireadh cruinnithe fíorúla ina n-ionad gach re seachtain; |
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, i Meitheamh 2020, a d’eisigh an Maoirseoir a straitéis don tréimhse 2020-2024 dar teideal “Todhchaí digiteach níos sábháilte a mhúnlú: straitéis nua do ré úr” atá dírithe ar thrí cholún, i.e. an fhadbhreathnaitheacht, an ghníomhaíocht agus an dlúthpháirtíocht, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhigiteacha ar mhaithe le todhchaí níos sábháilte, níos cothroime agus níos inbhuanaithe a bheith ann; ag tabhairt faoi deara gur cheap an Maoirseoir ocht gcinn d’Eochairtháscairí Feidhmíochta (KPInna) soiléire chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise; ag tabhairt le fios gurb amhlaidh, i gcúig cinn de na hocht KPI, a baineadh amach na spriocanna nó a chuathas tharstu in 2020, go háirithe an líon cásanna ar déileáladh leo ar an leibhéal idirnáisiúnta (42 chás i gcomparáid le sprioc de 10 gcás) agus an líon tuairimí nó barúlacha a eisíodh mar fhreagairt ar chomhairliúcháin (5 thuairim agus 12 bharúil fhoirmiúla i gcomparáid le sprioc 10 gcás); ag tabhairt chun suntais go bhfuil na KPInna a luaitear ina léiriú ar ról ríthábhachtach an Mhaoirseora i bhfreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 i ndáil le cearta bunúsacha chun na cosanta sonraí agus chun an phríobháideachais a ráthú; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, chun rialuithe ex-ante a dhéanamh ar a idirbhearta, i gcás gnéithe oibríochtúla agus airgeadais araon, a rinne an Maoirseoir na seicliostaí nuashonraithe a chomhtháthú sa chóras sreabhaidh oibre leictreonach nua “Speedwell”, atá nasctha leis an gcóras cuntasaíochta agus a éascaíonn na bunrialuithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí agus maidir le gealltanais; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar gheall ar atheagrú inmheánach ag deireadh 2019, a imlonnaíodh an t-iarfhíoraitheoir ex-post laistigh den fhoireann airgeadais agus, dá bhrí sin, d’fhonn baol an fhéin-athbhreithnithe a sheachaint, nárbh fhéidir leis an rialú ex-post a chur i gcrích; á chur in iúl go dtuigeann sí an dúshlán atá ann d’institiúid bheag teacht ar ionadaí ag a bhfuil tuiscint chríochnúil ar an gcreat airgeadais, dlíthiúil agus rialála, ainneoin glao ar léiriú spéise a bheith seolta; ag tathant ar an Maoirseoir an rogha is oiriúnaí as na roghanna a sainaithníodh cheana ina thuarascáil bhliantúil a fhiosrú agus a chur chun feidhme; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil iniúchadh déanta ag an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) sa Choimisiún ar ghníomhaíochtaí an Mhaoirseora agus Europol á mhaoirsiú aige, é mar aidhm leis sin measúnú a dhéanamh ar leormhaitheas agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh le haghaidh na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le Europol; á chur in iúl gur geal léi gur aithin na hiniúchóirí na hiarrachtaí leanúnacha atá déanta ag an Maoirseoir chun feabhas a chur ar na socruithe rialachais agus na córais rialaithe inmheánaigh le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar Europol; á chur in iúl gur eol di gur eisíodh an tuarascáil iniúchóireachta chríochnaitheach i mí Mheán Fómhair, agus go ndearna an Maoirseoir, go gairid ina dhiaidh sin, plean gníomhaíochta a chur faoi bhráid IAS inar cumhdaíodh moltaí uile sin a mheas IAS a bheith leormhaith chun na rioscaí arna sainaithint a mhaolú; ag meabhrú gur bhain na rioscaí sin go príomha le laigí san obair leantach a rinneadh ar mholtaí an Mhaoirseora agus gur eascair siad as láimhseáil faisnéise íogaire neamhaicmithe agus rúnaicmithe trí chórais TF; |
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
|
19. |
ag tabhairt dá haire go raibh 113 bhall foirne san iomlán ag an Maoirseoir in 2020, i gcomparáid le 96 bhall foirne in 2019; ag tabhairt chun suntais gur dheonaigh na húdaráis bhuiséadacha fiche post nua in 2020 chun go gcumhdófaí na freagrachtaí breise a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725, cúraimí maoirseachta nua i ndáil le gníomhaireachtaí forfheidhmithe agus comhair bhreithiúnaigh, agus freagrachtaí nua i ndiaidh chomhdhlúthú EDPB ar ina leith a sholáthraíonn an Maoirseoir Rúnaíocht neamhspleách; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire an ráta fostaíochta fíoríseal (86,90 %) den phlean bunaíochta; á chur in iúl go dtuigeann sí gur úsáid an Maoirseoir an liosta ionadaithe de 33 shaineolaí ar chosaint sonraí a tháinig as comórtas 2018 agus gur fhostaigh sé baill foirne ar conradh chun go gcomhlíonfaí riachtanais shonracha nó go líonfaí poist shonracha a raibh folúntais ar bhonn sealadach ann dóibh mar gheall ar neamhláithreachtaí fada; ag tabhairt dá haire na dúshláin atá roimh institiúidí an Aontais chun saineolaithe a mhealladh i réimsí sonracha, mar gheall, inter alia, ar iomaíochas teoranta agus ar tharraingteacht tuarastal; ag cur béim go háirithe ar an dúshlán atá ann don Mhaoirseoir foireann an-speisialaithe um chosaint sonraí a earcú trí EPSO agus á chur in iúl go dtuigeann sí gur gá comórtais inmheánacha a eagrú chun cur le heolas agus taithí na mball foirne ar conradh; ag moladh don Mhaoirseoir leanúint le dea-chleachtais i nósanna imeachta earcaíochta arna mbailíochtú ag institiúidí eile, go háirithe cianagallaimh agus tástálacha ar líne; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire an t-athrú fabhrach i ndáileadh geografach na foirne ar an iomlán, i bhfianaise mhéid na hinstitiúide, agus ionadaíocht á déanamh ar 20 Ballstát in 2020; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach 3 náisiúntacht i gcomparáid le 2019, agus ag tabhairt dá haire laghdú ar sciar díréireach na bpost a bhfuil náisiúnaigh de chuid na Beilge ina mbun (ó 27 % go 23 %); ag tabhairt dá haire nach ndearnadh aon athrú ar dháileadh geografach phoist na meánbhainistíochta agus na hardbhainistíochta; á thuiscint gur féidir leis an ngá atá le sainphróifílí chun sainordú an Mhaoirseora a chomhlíonadh teorainn a chur ar na boird roghnúcháin agus iad ag breithniú na gné geografaí agus ag moladh don Mhaoirseoir machnamh a dhéanamh ar bhearta breise chun ionadaíocht níos cothroime a chur ar fáil; |
|
22. |
á iarraidh ar an Maoirseoir leanúint d’aird a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcothromaíocht inscne, leis an gcomhionannas deiseanna agus leis an dáileadh geografach go háirithe le linn nósanna imeachta roghnúcháin; ag moladh go mbreithneodh an Maoirseoir oiliúint éigeantach do bhainisteoirí agus do bhaill phainéal roghnúcháin ar an gclaontacht inscne neamh-chomhfhiosach agus ar bheartais comhionannais deiseanna a chur chun feidhme; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2019 agus in 2020, a bhí cothromaíocht inscne fós cobhsaí i measc na foirne iomláine, agus tuairim is 58 % den fhoireann ina mná agus 42 % den fhoireann ina bhfir; ag tabhairt faoi deara go bhfuil na figiúirí ar leibhéal na meánbhainistíochta mar a chéile le figiúirí 2019 agus 75 % den fhoireann ina mná agus 25 % den fhoireann ina bhfir; ag tabhairt dá haire gur fir atá sa dá phost ardbhainistíochta, mar ab amhlaidh in 2019; á chur in iúl gur geal léi go dtugtar gealltanas i straitéis 2020-2024 go ndéanfar gné na hinscne a phríomhshruthú, chun tacú leis an Straitéis Comhionannais Deiseanna (EO) a formhuiníodh in 2017; |
|
24. |
ag tabhairt dá aire go gcuireann an Maoirseoir roinnt socruithe oibre ar fáil agus go mbaineann an fhoireann ar fad tairbhe as fleisc-am, diomaite d’fhaighteoirí liúntais bainistíochta; ag tabhairt faoi deara gur mná a bhí i bhformhór úsáideoirí socruithe oibre solúbtha roimh phaindéim COVID-19, eadhon teilea-obair (61,6 % in 2019 agus 67,5 % in 2020), córas oibre páirtaimseartha (89 % in 2019 agus 87,5 % in 2020), saoire tuismitheora (87 % in 2019 agus 90 % in 2020) agus creidmheasanna ama (100 % in 2019 agus 2020 araon); ag cur béim ar an míchothromaíocht dhíréireach inscne atá ann i measc na n-úsáideoirí uile agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an Maoirseoir a bheith rannpháirteach i gcumarsáid níos déine maidir le hinmharthanacht agus tairbhí na socruithe sin, i.e. seisiúin faisnéise éigeantacha do nuatheachtaithe, agus a áirithiú nach gcuirfear pionós, ar bhealach ar bith, ar dhul chun cinn gairme na bhfostaithe mar gheall ar úsáid a bheith á baint acu as na socruithe oibre atá ar fáil; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a ghlac an Maoirseoir, an 12 Márta 2020, an teilea-obair mar an córas ginearálta agus gur ghlac sé freisin, an 19 Márta 2020, a chinneadh maidir leis an gcóras teilea-oibre a fhadú go dtí an 13 Aibreán 2020; á chur i bhfios go láidir gur baineadh úsáid dhian as an teilea-obair mar uirlis sholúbthachta chun leanúnachas gnó a ráthú agus chun cabhrú le baill foirne déileáil leis na dálaí deacra atá ann mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ag tabhairt dá haire nár cuireadh aon phoist as an áireamh dá réir sin; ag tabhairt faoi deara gur eisigh an Maoirseoir “Treoir maidir leis an Teilea-obair” in 2020; á chur in iúl gur eol di gurb amhlaidh, amhail Fómhar 2020, nach bhfuil an córas teilea-oibre ach ina chóras páirteach agus atá an rochtain ar áitreabh na hinstitiúide ag méadú beagán ar bheagán i gcomhréir leis an staid shláintíoch; |
|
26. |
á chur in iúl gur fhág “Cinneadh ón Stiúrthóir maidir leis an teilea-obair ón gcoigríoch” gurbh fhéidir teilea-obair a dhéanamh ón gcoigríoch le linn na tréimhse ón 15 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair 2020, ar an gcoinníoll go raibh laethanta na teilea-oibre comhcheangailte le méid comhionann saoire bliantúla; á chreidiúint go raibh bonn cirt iomlán leis an mbeart eisceachtúil sin i ngeall ar an ngá a bhí ann freastal níos fearr a dhéanamh ar shaol príobháideach agus pearsanta na mball foirne le linn na dianghlasála; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh trealamh TF don teilea-obair a sholáthar do na baill foirne uile faoi théarmaí agus coinníollacha an Chomhaontaithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLA) a bhí i bhfeidhm leis an bParlaimint gan aon chostas breise; ag tabhairt faoi deara gur tugadh deis do bhaill foirne aisíocaíocht a fháil i leith scáileán mór agus i leith cathaoir eirgeanamaíoch (suas le EUR 150 agus EUR 200 faoi seach) ón gComhscéim Árachais Breoiteachta (JSIS); |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Maoirseoir treoirlínte i mí an Mhárta 2020 chun traochadh a aithint, a chosc agus a bhainistiú agus go raibh an oiliúint dírithe ar strus a bhainistiú agus ar athléimneacht a chothú agus béim ar leith, ar an gclár oibre do 2021, ar thraochadh a chosc; ag spreagadh na foirne bainistíochta chun aghaidh a thabhairt láithreach ar aon siomptóim a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar thraochadh féideartha agus anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis sin; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chás ciaptha in 2020, agus á chur in iúl gur mór aici gur shínigh an Maoirseoir, i mí na Nollag 2020, athbhreithniú ar a chinneadh frithchiaptha chun cearta agus oibleagáidí gach páirtí a shoiléiriú; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh ról an chomhairleora rúnda a fhorbairt tuilleadh agus gur bunaíodh nós imeachta ceapacháin; á chur in iúl gur oth léi nár eagraíodh aon chúrsaí oiliúna ar an gciapadh nó ar an sceithireacht in 2020 agus á iarraidh ar an Maoirseoir leas iomlán a bhaint as na bealaí digiteacha chun an oiliúint sin a sheachadadh agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta do na baill foirne uile (seachas nuatheachtaithe); á chur in iúl gur mór aici gur thosaigh an Maoirseoir ar chur i láthair éigeantach ar an gciapadh a thairiscint do nuatheachtaithe in 2021 le linn na laethanta fáiltithe; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an comhordaitheoir folláine, a bheidh mar phointe teagmhála do na ceisteanna foirne go léir sa réimse sin agus a oibreoidh i gcomhar le príomhghníomhaithe eile chun a áirithiú go n-eagrófar gníomhaíochtaí atá dírithe ar an bhfolláine; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire gur earcaíodh 16 oiliúnaí ar an iomlán in 2020 thar dhá sheisiún, eadhon seisiún mhí an Mhárta 2020 agus seisiún mhí Iúil 2020; á chur in iúl gur geal léi gurb é an Maoirseoir a d’íoc na hoiliúnaithe go léir, cé go ndearna AS EAC sa Choimisiún idirghabháil ina leith; ag tabhairt faoi deara go bhfuair na hoiliúnaithe go léir ríomhaire glúine agus ceadchomhartha chun teilea-obair a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi gur cheadaigh an Maoirseoir dá oiliúnaithe oibriú ón gcoigríoch arna iarraidh sin dóibh; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
32. |
ag tabhairt dá haire gur tugadh Creat Eitice an Mhaoirseora cothrom le dáta in 2019, lenar gceanglaíodh gur gá do na nuatheachtaithe uile cur i láthair éigeantach ar an eitic a leanúint le linn a n-oiliúna ionduchtúcháin agus, thairis sin, go bhfuil suirbhé maidir le feasacht na foirne beartaithe don bhliain 2021; á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Oifigeach Eitice nua i mí na Bealtaine 2021, ar a bhfuil sé de chúram faoi láthair oiliúint a nuashonrú agus cuir i láthair an chreata eitice a eagrú do bhaill foirne agus suirbhé faoi fheasacht na foirne a chur ar bun; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil spás tiomnaithe ag an Maoirseoir ar an inlíon ar a gcuirtear baill foirne ar an eolas faoina Chreat Eitice agus ar a ndéantar feasacht a mhúscailt air, lena n-áirítear na doiciméid agus na nósanna imeachta ábhartha uile; |
|
33. |
ag meabhrú go ndearnadh athbhreithniú ar an gcód iompair do bhaill foirne i mí na Nollag 2019 chun é a chur in oiriúint do na hathruithe san institiúid agus don chreat dlíthiúil nua, go háirithe chun Rialachán (AE) 2018/1725 a ionchorprú, agus freisin chun baill foirne ó Rúnaíocht EDPB a áireamh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an cód sonrach iompair do na Maoirseoirí a athbhreithniú agus a ghlacadh i mí na Nollag 2019 chun léargais eiticiúla a chomhtháthú ina gcuid oibre laethúla; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de dhroim iarraidh na Parlaiminte, a chinn an Maoirseoir ar thús a chur le cód iompair do phoist ardbhainistíochta a dhréachtú; |
|
34. |
ag tabhairt faoi deara nach n-úsáideann an Maoirseoir an Clár Trédhearcachta idirinstitiúideach faoi láthair ach go ndéanann sé clár oibre agus idirghabhálacha an Mhaoirseora, lena n-áirítear cruinnithe le hionadaithe leasmhara, a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin chun cuntasacht i leith na saoránach a áirithiú; ag spreagadh an Mhaoirseora, áfach, slite a fhiosrú lena chlár féin a nascadh leis an gClár Trédhearcachta; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
35. |
ag tabhairt dá haire, agus buíochas dá réir aici, go gcuireann an Maoirseoir béim ar anailís a dhéanamh ar na deiseanna, na rioscaí agus na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag roinnt le teicneolaíochtaí nuálacha agus tionscnaimh eile maidir le cosaint sonraí agus sonraí pearsanta daoine aonair d’fhonn todhchaí dhigiteach níos sábháilte don Aontas a mhúnlú, mar atá leabaithe i Straitéis na Maoirseoirí 2020-2024; |
|
36. |
ag aithint ról an Mhaoirseora sa díospóireacht dhomhanda ar an eitic dhigiteach, go háirithe ag féachaint d’fhorbairt na hIntleachta Saorga agus d’fhorbairt na Teicneolaíochta Aghaidh-Aitheanta; ag tabhairt chun suntais go ndéanann an Maoirseoir comhchathaoirleacht ar an Meitheal um Eitic agus um Chosaint Sonraí san Intleacht Shaorga den Tionól Domhanda um Phríobháideacht, ar an gcruinniú idirnáisiúnta de na húdaráis cosanta sonraí agus príobháideachais ar an leibhéal domhanda, maidir le saincheist na hintleachta saorga agus na heitice digití; |
|
37. |
á chur in iúl gur eol di go soláthraíonn an Coimisiún nó an Pharlaimint, i gcomhréir leis an SLA maidir le húsáid seirbhísí TF, an príomhbhonneagar TF, na príomhuirlisí cúloifige agus na príomhsheirbhísí a úsáideann an Maoirseoir; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh chun cumas TF an Mhaoirseora a fhothú trí Ghníomhaire Tacaíochta TF a fhostú chun, i measc cúraimí eile, tacaíocht ghinearálta TF a sholáthar, gníomhú mar phointe teagmhála agus idirchaidrimh do na feidhmchláir TF uile atá in úsáid san institiúid, measúnú a dhéanamh ar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo i réimse TF agus réitigh a mholadh agus a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Maoirseoir in 2020 “Anailís ar Bhearnaí TF” a sheoladh chun anailís a dhéanamh ar an ngá tacú lena chúraimí i ó thaobh tacaíocht TF de, na huirlisí agus na córais atá ann a mhapáil, agus ansin bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint; |
|
38. |
á chur in iúl gur shínigh an Maoirseoir, i mí na Nollag 2020, SLA le CERT-EU (an Fhoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí an Aontais) chun réimse mór seirbhísí cibearshlándála (gníomhaíochtaí oiliúna feasachta, cleachtaí cibearshlándála, fógra a thabhairt faoi chibearbhagairtí agus leochaileachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don Mhaoirseoir, agus tacaíocht ad-hoc do láimhseáil teagmhas cibearshlándála) a sholáthar; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar obair leantach ar thabhairt chun críche Iniúchta Inmheánaigh, gur phleanáil an Maoirseoir cur chun feidhme na moltaí i dtaca leis an gcibearshlándáil, amhail rioscaí cibearshlándála a chomhtháthú i gCreat Bainistíochta Riosca nua agus feabhsaithe agus próiseas nua chun measúnú rialta a dhéanamh ar leibhéal cibearshlándála a Soláthraithe Seirbhísí; |
|
39. |
ag tabhairt dá haire gur lean an Maoirseoir, le linn 2020, leis an bpróiseas aistrithe i dtreo an chreata cosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 agus, bonn ar bhonn leis sin, d’áirithigh sé a leanúnachas gnó le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur cheap an Maoirseoir Oifigeach Cosanta Sonraí lánaimseartha i mí Mheán Fómhair 2020 chun treisiú lena inniúlacht grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta agus coimircí a chur chun feidhme agus rioscaí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí a mhaolú; |
|
40. |
á iarraidh ar MECS mapáil a dhéanamh ar úsáid reatha na teicneolaíochta foinse oscailte in institiúidí an Aontais agus measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a bhaineann le tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt uirlisí foinse oscailte maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas; |
Foirgnimh agus slándáil
|
41. |
ag meabhrú go raibh comhaontú leis an bParlaimint ag teastáil mar thoradh ar an méadú ar fhoireann an Mhaoirseora chun spás oifige breise a fháil agus an foirgneamh iomlán a áitiú, a bhí, an uair sin, á chomhroinnt leis an Ombudsman Eorpach; ag meabhrú go ndearnadh na línte buiséid a bhí tiomnaithe d’fhoirgnimh, do throscán agus do threalamh a mhéadú, dá bhrí sin, chun na costais bhreise a bhaineann le cíos breise agus muirir bhreise a chumhdach; ag tabhairt dá haire gurbh é a bhí mar thoradh ar an moill ar an leathnú a bhí beartaithe ná cur chun feidhme íseal na línte buiséid sin; |
|
42. |
ag moladh don Mhaoirseoir riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó atá faoi mhíchumais eile a chur san áireamh laistigh dá straitéis maidir le foirgnimh, agus, uime sin, sainmhíniú níos leithne ar chóiríocht réasúnta a ghlacadh, réitigh éifeachtacha a cheapadh chun rochtain daoine faoi mhíchumas ar uirlisí agus ardáin TF a éascú, chun ailíniú le cur chuige institiúidí an Aontais ó thaobh cúram leighis agus cumhdach leighis de; |
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
43. |
á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí iomadúla a ghlac an Maoirseoir chun a lorg comhshaoil a laghdú; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, in 2020, gur lean an Maoirseoir dá iarrachtaí ar bheith ina institiúid gan pháipéar, trí thacú go diongbháilte le bainistíocht leictreonach iomlán sonrasc agus íocaíochtaí agus le síniú leictreonacha doiciméad; |
|
44. |
á chur in iúl gur geal léi go ndreasaíonn an Maoirseoir úsáid an iompair phoiblí, trí aisíoc 50 % de tháillí iompair phoiblí, agus trí úsáid rothar, trí líon leormhaith racaí rothar a sholáthar ina shaoráidí garáiste; |
|
45. |
ag moladh don Mhaoirseoir tabhairt faoi ghníomhaíochtaí inláimhsithe i dtreo na forbartha inbhuanaithe, agus cloí le Scéim an Aontais um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) a d’fhorbair an Coimisiún chun cur ar chumas eagraíochtaí meastóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil, tuarascáil a thabhairt uirthi, agus feabhas a chur uirthi; |
|
46. |
ag moladh don Mhaoirseoir Deasc Chabhrach idirinstitiúideach an tSoláthair Phoiblí Ghlais (GPP), atá á bainistiú ag an bParlaimint ó bhí 2017 ann, lena ndírítear ar fhorbairt inbhuanaithe, ar shaincheisteanna comhshaoil agus ar ghnéithe sóisialta den soláthar poiblí, a rochtain; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
47. |
ag tabhairt dá haire foilsiú Straitéis an Mhaoirseora 2020-2024, mar aon le bróisiúr corparáideach agus físeán nua; ag tabhairt faoi deara go bhfuil straitéis chumarsáide chomhsheasmhach agus spriocdhírithe forbartha ag an Maoirseoir le geallsealbhóirí éagsúla freisin chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí is úire i dtaobh phaindéim COVID-19 agus ar shaincheisteanna cosanta sonraí arna n-eascairt aisti; |
|
48. |
á chur in iúl gur geal léi spéis an Mhaoirseora sna meáin shóisialta agus in ardáin eile chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis a scaipeadh tuilleadh; á chur i bhfios go láidir go háirithe na treoirthionscadail phoiblí Mastodon (rogha mhalartach ar Twitter/Instagram) agus PeerTube (rogha mhalartach ar YouTube) agus á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é an aidhm atá ann ná teacht ar chomhdhearcadh maidir le hardán coiteann de chuid an Aontais le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus fós deiseanna eile a scrúdú, amhail na meáin shóisialta foinse oscailte a bheith á reáchtáil ag an Aontas; á chreidiúint go gcuireann soláthar faisnéise do shaoránaigh ar ardáin neamhdhílsithe le neamhspleáchas agus trédhearcacht institiúidí poiblí a chothabháil; |
|
49. |
ag moladh don Mhaoirseoir tionscnaimh chumarsáide a ghabháil de láimh a mbeidh sé mar aidhm acu a ról agus an tuiscint ar a mhisean a mhéadú i measc an phobail i gcoitinne; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 21 Eanáir 2020, a reáchtáil Campa Príobháideachais Cruinniú Mullaigh na Sochaí Sibhialta, EDPS, chun an riocht atá ar an gcosaint sonraí agus ar an bpríobháideachas san Aontas a phlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta; ag tabhairt faoi deara gur reáchtáil an Maoirseoir ceardlann ar líne i mí Dheireadh Fómhair 2020 ar an téama “Cosaint Sonraí in Eagraíochtaí Idirnáisiúnta Tráth Géarchéime”; |
|
50. |
á chur in iúl gurb ionann na costais iomlána maidir le haistriúcháin in 2020 agus EUR 1 250 827,45, ar bhain EUR 342 255,65 den mhéid sin leis an Maoirseoir agus ar bhain EUR 908 571,80 de le EDPB; á iarraidh ar an Maoirseoir tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar úsáid an aistriúcháin néaraigh trí innill shonracha mar aon le roghanna eile i gcomhar leis an gCoimisiún, leis an Ionad Aistriúcháin agus leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI); |
Comhar idirinstitiúideach
|
51. |
ag tabhairt dá haire, agus buíochas dá réir aici, gurb amhlaidh freisin in 2020, ainneoin phaindéim COVID-19, a bhí an Maoirseoir in ann roinnt seisiúin oiliúna a reáchtáil do mhórán institiúidí de chuid an Aontais maidir le conas sonraí pearsanta daoine aonair a chosaint; |
|
52. |
á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Maoirseoir treoir ar an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) a chur i dtoll a chéile; ag tabhairt chun suntais go ndearna an Maoirseoir faireachán ar conas atá DPIA á úsáid ag institiúidí an Aontais ó tháinig Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm trí shuirbhé i mí Feabhra 2020, agus gur foilsíodh tuarascáil mar ghníomh iardain ina leith sin i mí Iúil 2020; |
|
53. |
ag aontú gur gá, toisc go sreabhann sonraí thar theorainneacha, breithniú a dhéanamh ar chosaint sonraí i gcomhthéacs domhanda; á chreidiúint go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach an Mhaoirseora i bhfóraim idirnáisiúnta éagsúla bunriachtanach do mhúnlú agus comhroinnt dea-chleachtas, do threoir a shocrú agus a fhorbairt, agus do nósanna imeachta comhsheasmhacha agus comhtháite a chruthú bunaithe ar chomhthuiscint ar na rialacha cosanta sonraí; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Maoirseoir ina chomhalta gníomhach den Tionól Domhanda um Phríobháideacht (GPA) (ar a dtugtaí Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Cosanta Sonraí agus Príobháideachais, ICDPPC); |
|
54. |
á iarraidh ar an Maoirseoir a áirithiú go leanfaidh líonra na nOifigeach Cosanta Sonraí (OCSanna) de bheith gníomhach agus dinimiciúil, agus go dtiocfaidh siad le chéile dhá uair sa bhliain, ar bhealach a ráthóidh comhsheasmhacht agus ailíniú i ndáil le déileáil le cúrsaí cosanta sonraí ar fud institiúidí an Aontais; |
|
55. |
á chur in iúl gur eol di go bhfuil an Maoirseoir ina chomhalta iomlán de EDPB, an comhlacht neamhspleách arna bhunú faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chuireann comhar idir na hÚdaráis Náisiúnta Cosanta Sonraí (DPAnna) chun cinn chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na rialacha cosanta sonraí ar fud an Aontais a áirithiú; á chur in iúl go dtuigeann sí go gcinntear le Meabhrán Tuisceana na téarmaí comhair idir EDPB agus an Maoirseoir, agus an Maoirseoir ina chomhalta de Rúnaíocht neamhspleách a chuireann tacaíocht riaracháin agus lóistíochta ar fáil, a dhéanann obair anailíseach agus a rannchuidíonn le cúraimí EDPB, agus soláthraíonn an Maoirseoir an Rúnaíocht neamhspleách sin freisin; |
|
56. |
á chur in iúl go háirithe gur dhréachtaigh foireann dlí Rúnaíocht EDPB breis agus 60 % de na treoirlínte, na tuairimí, na moltaí agus na ráitis a ghlac EDPB in 2020, mar a leanas: 13 threoirlíne, 2 mholadh, 32 thuairim, a chéad chinneadh ceangailteach ar réiteach díospóidí, agus comhairle dlí; á chur i bhfios go láidir gur fhreastail an Maoirseoir ar 27 gcruinniú iomlánacha uile EDPB a tionóladh in 2020; á thabhairt le fios gur laistigh d’fhoghrúpaí saineolaithe a dhéantar a lán den obair a dhéanann EDPB, agus baint ag gach ceann de na foghrúpaí sin le réimse sonrach a bhaineann le cosaint sonraí, agus go nglacann an Maoirseoir páirt i bhfoghrúpaí saineolaithe uile EDPB agus go ngníomhaíonn sé nó i mórchuid comhad mar Chomhrapóirtéir nó mar Phríomhrapóirtéir; |
|
57. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 15 Nollaig 2020, a ghlac an Maoirseoir, in éineacht le Rúnaíocht EDPB agus le comhaltaí eile de EDPB téarmaí tagartha SPE, Díorma Tacaíochta Saineolaithe arna bhunú chun cabhrú le himscrúduithe agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin lena ngabhann leas coiteann suntasach a dhéanamh agus chun comhar agus dlúthpháirtíocht idir comhaltaí uile EDPB a fheabhsú; |
|
58. |
á chur in iúl gur geal léi gur eisigh an Maoirseoir roinnt Tuairimí in 2020 freisin mar chuid dá dhualgas comhairle a chur ar an gCoimisiún, ar an bParlaimint agus ar an gComhairle maidir le reachtaíocht agus tionscnaimh bheartais a bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta; |
|
59. |
ag tabhairt dá haire go ndearna tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas difear d’aistrithe sonraí pearsanta ó eagraíochtaí atá faoi réir RGCS chuig eagraíochtaí sa Ríocht Aontaithe agus, dá bhrí sin, gur díol sásaimh di an treoir a thug an Maoirseoir do gheallsealbhóirí, lena gcuirtear san áireamh na héifeachtaí dlíthiúla a bhíonn ag aistrithe den sórt sin ar chosaint sonraí an Aontais; ag tabhairt dá aire go háirithe gur chuir an Maoirseoir roinnt ábhar imní in iúl ina Thuairim 14/2021, a chuir an Coimisiún san áireamh i gcinntí RGCS na Ríochta Aontaithe agus leordhóthanacht LED; |
|
60. |
á chur in iúl gur mór aici an comhar idir an Maoirseoir agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) lena ndírítear ar na rialacha cosanta sonraí a chomhtháthú i nósanna imeachta agus córais TF OIPE, rud atá thar a bheith dúshlánach i bhfianaise struchtúr ilsrathach OIPE agus mar gheall ar an idirghníomhaíocht idir Rialachán OIPE agus na forálacha náisiúnta lena n-éilítear comhordú leis na DPAnna náisiúnta; |
|
61. |
ag tabhairt dá haire thairis sin gur tháinig creat nua maoirseachta i bhfeidhm ag deireadh 2019 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag Eurojust, faoina bhfuil MECS freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh Eurojust le rialacha infheidhme an Aontais maidir le cosaint sonraí; á chur in iúl gur díol sásaimh di ina leith sin an dlúthchomhar idir MECS agus Eurojust i rith na bliana 2020; |
|
62. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Maoirseoir, in 2020, comhaontuithe idirinstitiúideacha ar leibhéal seirbhíse agus riaracháin a thabhairt chun críche nó a leasú le PMO, AS HR, AS EAC, AS BUDG agus AS CERT-EU an Choimisiúin, chomh maith le comhaontú nua riaracháin le trí Ard-Stiúrthóireacht na Parlaiminte (AS INLO, AS SAFE agus AS PERS) maidir le foirgnimh, lóistíocht agus seirbhísí slándála; |
|
63. |
á chur i bhfios go láidir ábharthacht bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás C-311/18 (rialú “Schrems II”, mar a thugtar air) lena ndearnadh sásra sonraí pearsanta AE-SAM ar a dtugtar “Sciath Phríobháideachais” a chur ó bhail; ag aithint ról an Mhaoirseora maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-aistrithe arna ndéanamh i gcomhthéacs caidreamh conarthach le heagraíochtaí atá bunaithe sna Stáit Aontaithe; |
|
64. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di toradh fhiosrúchán an Mhaoirseora ar an bpróiseáil arna déanamh ag Europol ar mhórthacair sonraí arna mbailiú ag údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí i gcomhthéacs imscrúduithe coiriúla; á chur in iúl go dtuigeann sí nár fhág nósanna imeachta a bhí i bhfeidhm ag Europol cinnteacht leormhaith a bheith ann maidir le comhlíonadh Rialachán Europol ó thaobh catagóirí ábhar sonraí ar díríodh a phróiseáil orthu, arb é sin na forais ar a ndéantar faisnéis choiriúil thábhachtach a thabhairt ar aird; á iarraidh ar an Maoirseoir tacú le Europol maidir le plean gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an ngaiste arna bhrath, gan an bonn a bhaint ó rannchuidiú Europol leis an mbonneagar frithchalaoise ar cuid ábhartha de é; |
|
65. |
á chur i bhfáth gur eisigh an Maoirseoir, an 2 Iúil 2020, Páipéar Poiblí inar tugadh tuairisc ar thorthaí agus moltaí imscrúdaithe an Mhaoirseora maidir le táirgí agus seirbhísí Microsoft a bheith á n-úsáid ag institiúidí an Aontais; ag tabhairt le fios go bhfuil na torthaí sin ar comhréir le hiarrachtaí na riarachán poiblí ar smacht a choinneáil ar conas a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, agus ar cén fáth a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil, agus ar a áirithiú go mbeidh leibhéal leormhaith cosanta sonraí ann agus seirbhísí TFC á gconrú, mar a leagtar amach i gcuspóir straitéiseach an Mhaoirseora maidir le “ceannasacht dhigiteach”; |
Paindéim COVID-19
|
66. |
á chur i bhfios go láidir ról ríthábhachtach an Mhaoirseora i ndáil le cosaint a thabhairt do shonraí pearsanta agus don phríobháideachas, ar dhá cheart bhunúsacha san Aontas iad, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, go háirithe ábharthacht agus tionchar a mheasúnaithe ar a mhéid a chomhlíontar an chosaint sonraí leis an iliomad feidhmchlár rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh atá in úsáid i bhfad is i ngearr le linn na paindéime; á aithint an t-ualach oibre breise a bhí ann ina dhiaidh sin sa bhreis ar na gnáthchúraimí a bhí ar an Maoirseoir agus is mór aici nach amháin go n-áiríonn an Maoirseoir leanúnachas gnó ach gur mhéadaigh sé a tháirgiúlacht a bhuí, inter alia, le digitiú an tsreafa oibre; á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Maoirseoir Tascfhórsa speisialta um COVID-19, a cruthaíodh chun déileáil leis na hiarrataí sin ar fad, leis an mhaoirseacht agus leis an gcomhairle maidir leis na bearta sin arna gcur i bhfeidhm chun an phaindéim a chomhrac (feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe, seiceálacha teochta, vacsaíniú); ag tabhairt le fios gurb amhlaidh, i mí an Mhárta 2020, mar fhreagairt ar chomhairliúchán an Choimisiúin maidir le húsáid sonraí teileachumarsáide chun faireachán a dhéanamh ar leathadh phaindéim COVID-19, a mhol an Maoirseoir go ndíreofaí ar íoslaghdú a dhéanamh ar bhailiú agus coinneáil sonraí pearsanta, anaithnidiú sonraí, slándáil sonraí agus rochtain ar shonraí, leormhaitheas na dtréimhsí coinneála sonraí, agus cur chuige díláraithe i leith stóráil agus próiseáil sonraí; |
|
67. |
á chur i bhfáth gur leag EDPB béim ar a bhunthábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh bearta uile a dhéanfar sna himthosca urghnácha a bhaineann leis paindéim riachtanach, teoranta ó thaobh ama de, de mhéid íosta agus go ndéanfar athbhreithniú tréimhsiúil agus fíorathbhreithniú orthu agus freisin go ndéanfar meastóireacht eolaíoch orthu; á iarraidh ar an Maoirseoir measúnú leanúnach a dhéanamh ar an staid, chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí príobháideachta a bhaineann le forbairt agus úsáid na bhfeidhmchlár rianaithe teagmhálaithe, nó chun na rioscaí sin a mhaolú; |
|
68. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ag tús 2020, a bhí brath an Mhaoirseora ar an bPlean Leanúnachais Gnó (BCP) a ndearnadh roinnt forálacha de a úsáid agus a choigeartú ag tús phaindéim COVID-19; á chur in iúl gurb amhlaidh, an 10 Márta 2020, a glacadh an plean teagmhasach don ullmhacht riaracháin don phaindéim, agus gur glacadh bearta ba shonraí chun dul i ngleic leis an bpaindéim a bhí ar na bacáin, |
|
69. |
ag tabhairt dá haire gurbh é an Maoirseoir an chéad institiúid de chuid an Aontais a ghlac an teilea-obair mar chóras ginearálta do na baill foirne uile amhail an 12 Márta 2020 trína BCP a oiriúnú agus á thabhairt chun suntais nach raibh aon chásanna d’ionfhabhtú COVID-19 san ionad oibre san institiúid; á chur in iúl gur geal léi go mbeidh na beart éigeandála arna nglacadh, go háirithe ginearálú na teilea-oibre (i.e. gan aon tairseach a bheith laistigh de na haonaid ná aon idirdhealú a bheith ann idir an teilea-obair struchtúrach agus an teilea-obair uaineach), á bplé leis an gCoiste Foirne agus go ndéanfar iad a ionchorprú sa chinneadh nua maidir leis an teilea-obair atá á chaibidil agus lena ndéanfar an Cinneadh a rinneadh ar an ábhar sin an 19 Márta 2019 a mhodhnú; |
|
70. |
ag spreagadh an Mhaoirseora na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, ó thaobh leanúnachas gnó agus cuir chuige bainistithe géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht na heagraíochta, dualgas cúraim i leith na foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus solúbthacht na bpróiseas oibre de a chomhtháthú go hiomlán sa straitéis bhainistíochta inmheánach; |
(1) (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/151 |
CINNEADH (AE) 2022/1711 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (COM(2021) 381 — C9-0259/2021) (2), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an Choimisiúin chuig an údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2020 (COM(2021) 292), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagail 317, 318 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118 agus 260 go 263 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0065/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig an Ombudsman Eorpach agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(2) IO C 436, 28.10.2021, lch. 1.
(3) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/152 |
RÚN (AE) 2022/1712 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0065/2022), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) freagrach as caiteachas riaracháin a Ceanncheathrú sa Bhruiséil a bhainistiú agus as an líonra de 144 thoscaireacht agus oifigí; |
|
B. |
de bhrí go ndearnadh freagracht SEGS a leathnú chun bainistiú riaracháin fhoireann an Choimisiúin sna toscaireachtaí a chumhdach trí shraith Shocruithe ar Leibhéal Seirbhíse (SLAnna); |
|
C. |
de bhrí gurb é an ról atá ag na toscaireachtaí ná ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a shaoránaigh ar fud an domhain trí líonraí agus trí chomhpháirtíochtaí a fhorbairt, agus luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn; |
|
D. |
de bhrí gurb ionann fós saintréithiúlacht SEGS ina nádúr agus ina thionscnamh, amhail a bhí nuair a bunaíodh é trí bhaill foirne a chumasc le ranna caidrimh sheachtraigh na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh, ina ndearnadh taidhleoirí ó na Ballstáit a chomhtháthú; |
|
E. |
de bhrí, faoi Rialacha Inmheánacha SEGS, go ngníomhaíonn Ard-Rúnaí SEGS mar oifigeach údarúcháin trí tharmligean don institiúid agus go bhfuil ról an phríomhoifigigh údarúcháin trí fhotharmligean ag an Ard-Stiúrthóir um bainistiú acmhainní; |
|
F. |
de bhrí go bhfuil cur chun feidhme an bhuiséid faoi rialú ag an Rialachán Airgeadais agus ag na Rialacha Inmheánacha maidir le cur chun feidhme Bhuiséad SEGS; |
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, nár aimsigh an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) aon laigí suntasacha i ndáil leis na hábhair iniúchta a bhaineann le hacmhainní daonna agus soláthar do SEGS; |
|
2. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme, |
|
3. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur tháinig an Chúirt ar an tátal, ar bhonn a hoibre iniúchóireachta, go raibh na híocaíochtaí ina n-iomláine do chaiteachas riaracháin na n-institúidí, lena n-áirítear SEGS, don bhliain airgeadais 2020 saor ó earráid ábhartha; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi nár bhraith an Chúirt aon saincheist shonrach maidir le rialtacht na n-idirbheart; |
|
5. |
á chur in iúl gurb eol di go bhfuil Caibidil 9 “Riarachán” de Thuarascáil Bhliantúil na Cúirte dírithe ar chaiteachas ar acmhainní daonna, ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, ar chumarsáid agus ar an teicneolaíocht faisnéise agus go léiríonn an Chúirt go bhfuil riosca íseal ag baint le caiteachas den sórt sin; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
6. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 731 000 000 a bhí i mbuiséad SEGS do 2020 (ardú 5,2 % i gcomparáid le EUR 694 800 000 a bhí i mbuiséad 2019), arna dháileadh mar seo a leanas: EUR 276 300 000 don Cheanncheathrú agus 454 700 000 do na toscaireachtaí; ag tabhairt faoi deara, i dteannta a buiséid féin, go ndearna SEGS úsáid a bhaint as suim EUR 212 400 000 (lena n-áirítear ioncaim shannta agus suimeanna a tugadh anonn) a fuarthas ón gCoimisiún chun costais riaracháin a ball foirne atá ag obair sna toscaireachtaí a chumhdach; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire, ar fud an domhain le linn 2020 go ndearna SEGS EUR 934 400 000 a ghealladh (90 % den bhuiséad a bhí ar fáil don bhliain) agus b’ionann agus EUR 919 200 000 na híocaíochtaí a cuireadh i gcrích ina n-iomláine (79 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil); |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil na méideanna breise formheasta curtha i leataobh chun maoiniú a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta i gcoinne na bréagaisnéise, an tslándáil sna toscaireachtaí agus sa Cheanncheathrú a neartú, infheistíocht a dhéanamh sa chibearshlándáil, oifigigh a chur in ionad roinnt saineolaithe náisiúnta atá saor ó chostas, an stipinn d’oiliúnaithe sna toscaireachtaí a ardú, lena neartaítear struchtúir an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC), agus roinnt treisithe de na ranna geografacha sna príomhréimsí tosaíochta; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, ar an iomlán, go ndearnadh 95,0 % i ngealltanais agus 82,3 % in íocaíochtaí de bhuiséad críochnaitheach SEGS do 2020 a chur i gcrích, laghdú ó 99,94 % i ngealltanais agus 87,9 % in íocaíochtaí in 2019; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go léirítear figiúr domhanda de 200 913 íocaíocht curtha i gcrích leis na híocaíochtaí a rinne SEGS sa Cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí in 2020 (10 851 ag an gCeanncheathrú agus 190 062 ag na toscaireachtaí), laghdú ón bhfigiúr de 252 508 íocaíocht in 2019; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é fionraí roinnt gníomhaíochtaí i ngeall ar COVID-19 is siocair leis an laghdú(– 20%), go háirithe taisteal agus imeachtaí ionadaíocha; ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí SEGS in 2020 agus 8,9 % de bhuiséad an Aontais; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire an gá atá le cur chuige níos solúbtha a bheith ann maidir leis na gníomhairí atá údaraithe chun idirghabháil a dhéanamh i sreafaí oibre airgeadais na n-institiúidí sna toscaireachtaí a rinne SEGS a chur in iúl, ar mhaithe le leanúnachas iomlán gnó a áirithiú agus an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as na hacmhainní daonna atá ar fáil sna toscaireachtaí; á chur in iúl gurb eol di gur glacadh leasuithe sa chiall sin san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais (go háirithe na diúscairtí nua in Airteagal 60, míreanna (2) agus (3); ag tabhairt faoi deara go bhfuil gá le leibhéal níos airde solúbthachta, gan na ceanglais maidir le rialú ar an scagchuaird airgeadais a lagú; á athdhearbhú gur cheart don Cheanncheathrú dlúthfhaireachán a dhéanamh ar aon socrú solúbthachta, eadhon an fhéidearthacht do leaschinn na dtoscaireachtaí gníomhú mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire go bhfaigheann gach toscaireacht a buiséad féin agus go ndéanann siad é a chur chun feidhme, a bhfuil beartaithe leis a gcuid oibríochtaí riaracháin agus foireann SEGS agus an Choimisiúin a chumhdach; á chur in iúl gurb eol di gur féidir íocaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal lárnach nó ar an leibhéal áitiúil faoi seach, faoi fhreagracht Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid sa Choimisiún (AS BUDG) nó na toscaireachta; |
|
13. |
á chur in iúl go dtuigeann sí go méadaítear ar chastacht bhainistiú bhuiséad SEGS le líon na línte buiséid a mbaintear úsáid astu chun maoiniú a dhéanamh ar na hoibríochtaí a bhaineann le foireann an Choimisiúin sna toscaireachtaí, i.e. 32 líne éagsúla a thionscnaítear faoi cheannteidil éagsúla bhuiséad an Choimisiúin agus na gCistí Iontaobhais; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil simpliú agus athghrúpáil déanta ag SEGS ar na cistí sin ina bhuiséad féin ó 2021 i leith; á chur i bhfios ina leith sin gur gá do SEGS leanúint dá chuid iarrachtaí agus á chur in iúl go dtacaíonn sí le SEGS agus leis an gCoimisiún sa phlé leanúnach atá ar bun acu faoin gcaoi ar féidir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh; |
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi, tar éis an bhirt “Nuálaíocht 2019” a chur i gcrích, lena ndírítear ar chothú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar phróisis a shimpliú agus a nuachóiriú, gur seoladh roinnt gníomhaíochtaí in 2020, go háirithe lárú na nglaonna ardluacha ar thairiscintí, na bhfeidhmeanna státchiste agus íocaíocht na dteidlíochtaí aonair; ag tabhairt dá haire, in 2020, go ndearnadh roinnt oibríochtaí, go háirithe maidir le cúrsaí réamhdhámhachtana do na nósanna imeachta soláthair uile, a lárú ar bhonn méadaitheach ar leibhéal na Ceanncheathrún chun feabhas a chur ar cháilíocht na nósanna imeachta soláthair agus ualach oibre na dtoscaireachtaí a mhaolú; ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go bhfuiltear ag dréim leis an lárú iomlán le linn na bliana 2022; ag tacú leis an measúnú ar an ualach oibre atá beartaithe ar thoscaireachtaí in 2022 mar shásra athbhreithnithe iomchuí chun cabhrú le hacmhainní agus gnéithe eagraíochtúla líonra na dtoscaireachtaí a chur in ord tosaíochta; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh an coigilteas is mó i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 ar na línte buiséid do (i) thuarastail agus liúntais sa Cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí (i ngeall ar an moill a cuireadh ar na nósanna imeachta earcaíochta uile), (ii) do mhisin, cruinnithe agus imeachtaí (i ngeall ar shrianta taistil agus gaibhniú), (iii) agus do go leor míreanna a bhaineann leis an mbonneagar; ag tabhairt dá haire gur féidir na coigiltis sin a mheas ag EUR 17 500 000; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh cuid de na coigiltis sin a athdháileadh chun TF agus an teileachumarsáid a atreisiú chun na costais chumarsáide atá méadaithe go suntasach (bogearraí, crua-earraí agus nascacht) a chumhdach agus chun an córas físchomhdhála atá as dáta a uasghrádú i líonra na dtoscaireachtaí; á thabhairt chun suntais go n-áirítear leis an gcaiteachas breise de shiocair na paindéime na costais a thagann as aslonnú leighis na gcomhghleacaithe atá ag fulaingt le COVID-19 nó baill foirne leochaileacha, agus aisíoc na gcostas idirlín i dtoscaireachtaí áirithe i gcás ina bhfuil an costas a bhaineann le naisc idirlín iomarcach; á chur i bhfios gur baineadh úsáid as formhór na gcoigilteas i gcomhair infheistíochtaí i mbonneagar sna toscaireachtaí; |
|
17. |
á chur in iúl go dtuigeann sí, le linn na bliana 2020 agus mar thoradh ar phaindéim COVID-19, go ndeachthas i ngleic leis an déine athraitheach i ngníomhaíochtaí SEGS trí aistrithe a dhéanamh, go háirithe ó línte buiséid na n-acmhainní daonna agus na misean go dtí na línte buiséid do TF, a bhí éifeachtach agus dírithe ar thorthaí; ag tabhairt dá haire, i ndearbhthéarmaí, gurbh ionann luach na n-aistrithe go léir a rinneadh laistigh de bhuiséad riaracháin SEGS agus EUR 52 700 000; |
|
18. |
á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil na forálacha reatha maidir le soláthar atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus atá le cur i bhfeidhm ag toscaireachtaí i dtríú tíortha neamhéifeachtúil; ag aontú le hiarraidh SEGS go ndéanfar athbhreithniú ar na forálacha ábhartha soláthair trí chaibidil ar leith a chomhtháthú le haghaidh toscaireachtaí i dtríú tíortha nó tríd an tairseach luacha a choigeartú, lena ndírítear sa dá chás ar na rialacha atá i bhfeidhm a oiriúnú d’acmhainneachtaí agus do chomhthéacs áitiúil na dtoscaireachtaí; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire, in 2020, gur fhoilsigh SEGS 40 nós imeachta soláthair ardluacha (ar luach a bhí os cionn na Treorach lena leagtar amach tairseacha do sheirbhísí agus do sholáthairtí agus a bhí os cionn EUR 500 000 d’oibreacha); ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt 15 nós imeachta soláthair i gcomhair soláthairtí trealaimh cosanta pearsanta (TCP) a d’eagraigh roinnt institiúidí in 2020, lena n-áirítear SEGS; ag tabhairt faoi deara gur bhraith an Chúirt roinnt fadhbanna sna nósanna imeachta ar bhain na hinstitiúidí iniúchta úsáid astu agus maisc chosanta a raibh géarghá leo á soláthar acu; ag tabhairt faoi deara go raibh íoscheanglais dhochta leagtha sios ag na hinstitiúidí sin sna sonraíochtaí tairisceana (lena n-áirítear caighdeáin cáilíochta tagartha Eorpacha le haghaidh maisc aghaidhe leighis agus dátaí seachadta); |
|
20. |
á chur in iúl gur geal léi an comhaontú chun beagnach EUR 80 billiún a chur ar fáil don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus EUR 5 bhilliún don tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) chun acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais chun freagairt do thosaíochtaí agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn i bpríomhréimsí beartais; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire gurbh í Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an tSiria an t-aon toscaireacht a chuir amhras in iúl (ó 2017 i leith) maidir le bainistiú an chaiteachais riaracháin mar gheall ar an staid slándála atá ann faoi láthair; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, gur éirigh le SEGS dhá shaincheist a bhí ar feitheamh a réiteach in 2020, maidir le cáin ioncaim gníomhairí áitiúla agus rochtain ar chuntas bainc sa tSiria de chuid na toscaireachta; |
Bainistíocht inmheánach, feidhmíocht, rialú inmheánach
|
22. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) de chuid an Choimisiúin athbhreithniú teoranta in 2020 ar chur chun feidhme chreat rialaithe inmheánaigh SEGS (ICF); ag tabhairt faoi deara go ndearnadh na moltaí a eisíodh a chur chun feidhme in 2021; ag formheas bhunú Choiste Rialaithe Inmheánaigh (ICC) SEGS agus modheolaíocht nua a ghlacadh chun laigí a shainaithint agus a aicmiú i leith gach ceann de na prionsabail rialaithe inmheánaigh; |
|
23. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh ainmníocht na n-earráidí maidir le nósanna imeachta soláthair, a mbaintear úsáid astu do rialuithe ex post ag SEGS, a ailíniú leis an ainmníocht a mbaineann an Chúirt úsáid as, lena lamháiltear do chomparáid níos fearr a dhéanamh idir na torthaí; á chur in iúl gur mór aici, tar éis mheasúnú na Cúirte ar Thuarascáil Ghníomhaíochta Bhliantúil SEGS do 2019, gur leasaíodh straitéis iniúchóireachta inmheánaí SEGS chun faisnéis níos cruinne a sholáthar maidir leis na rátaí earráide ar baineadh úsáid astu don ráiteas bliantúil dearbhaithe, lena ndéantar idirdhealú soiléir idir na hearráidí a bhraitear agus na hearráidí iarmharacha agus, lena ndéantar, dá bhrí sin, faisnéis níos cruinne a chur ar fáil maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh chun na hearráidí a braitheadh le linn an fheidhmithe rialaithe ex-post a cheartú; |
|
24. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di cur chun feidhme an Phlean Iniúchóireachta Straitéisí Ilbhliantúla a d’fhorbair IAS; á iarraidh ar SEGS an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na torthaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón straitéis seo. |
Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne
|
25. |
ag tabhairt dá haire, ar an iomlán, go raibh fórsa oibre SEGS in 2020 comhdhéanta de 4 643 dhuine (i gcomparáid le 4 474 in 2019) agus gur bhronn an t-údarás buiséadach 178 gcoibhéis lánaimseartha nua i ngeall ar na cúraimí breise a bhí air; ag tabhairt dá haire, ag deireadh na bliana 2020, go raibh fórsa oibre SEGS comhdhéanta de 1 277 n-oifigeach, 1 091 ghníomhaire áitiúla, 539 ngníomhaire ar conradh, 472 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNEnna) agus 370 gníomhaire sealadach, mar aon le pearsanra tacaíochta eile (i.e. foireann sheachtrach, oiliúnaithe agus gairmithe sóisearacha); |
|
26. |
ag tabhairt dá haire, ar an iomlán, gur oibrigh 2 286 bhall foirne ar an iomlán sa Cheanncheathrú agus 2 357 sna toscaireachtaí, mar aon le 3 757 mball foirne ón gCoimisiún arna bpostú i dtoscaireachtaí; á thabhairt chun suntais ráta ard fostaíochta na bpost, go háirithe sna toscaireachtaí (94,3 % i gcás poist AD agus 93,7 % i gcás poist AST-AST/SC), agus á thabhairt chun suntais go bhfuil an leibhéal beagán níos ísle sa Cheanncheathrú (91,2 % i gcás poist AD agus AST-AST/AC araon); |
|
27. |
ag tabhairt faoi deara go ndearnadh an t-aistriú ar 546 de bhall foirne an Choimisiúin sna toscaireachtaí chuig SEGS a chur chun feidhme ag deireadh na bliana 2020 agus go n-éascófar leis sin bainistiú na foirne riaracháin agus go n-áiritheofar leis cearta agus oibleagáidí comhionanna sna toscaireachtaí; |
|
28. |
á thabhairt chun suntais go bhfuil timpeallacht idirnáisiúnta luaineach agus líon méadaitheach géarchéimeanna os comhair an Aontais, lena bhfágtar go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar an Aontas ról tábhachtach a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire go mbeidh méadú comhfhreagrach foirne mar bhonn taca le ról feabhsaithe SEGS chun dul i ngleic le dúshláin nua amhail bréagaisnéis; ag tacú le hiarraidh SEGS ar an údarás buiséadach go mbeidh ann d’acmhainní daonna leordhóthanacha chun éifeachtacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda a áirithiú; á chur i bhfios, go háirithe, an gá práinneach atá le húsáid a bhaint as acmhainní atá ar fáil go solúbtha amhail líon níos airde de SNInna ó na Ballstáit chun go mbeidh siad in ann freastal ar iarrataí nua; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire iarrachtaí SEGS chun aghaidh a thabhairt ar chúis bhuartha Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcothromaíocht idir foirne atá ar leibhéal AD ó na Ballstáit agus oifigigh de chuid an Aontais agus ag formheas tiontú post SNI ina bpoist riarthóra chun a líon foriomlán a laghdú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi foilsiú phoist fholmha uile SNI ar chúiseanna trédhearcachta agus cothroime agus gur iarradh ar iarrthóirí sna Ballstáit uile a spéis in aon phost a léiriú; á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann líon thaidhleoirí na mBallstát ag deireadh na bliana 2020 agus 35,8 %, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE (1) ón gComhairle, lena bhforáiltear gur cheart go mbeadh baill foirne ó na Ballstáit ionadaíoch ar aon trian ar a laghad d’fhoireann uile SEGS ar leibhéal AD; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi go raibh ionadaíocht inscne fhoriomlán SEGS beagnach comhionann, ag deireadh na bliana 2020, inarbh ionann líon na mban agus 48,65 % den fhoireann; ag tabhairt dá haire go háirithe gurbh ionann líon na mban agus 37,3 % den fhoireann AD (i gcomparáid le 34,8 % in 2019) le roinnt difríochtaí inmheánacha, i.e. 49,64 % sna gráid níos ísle (AD5 go AD8) ar mhná iad ach 35 % sna gráid níos airde (AD9 go AD13), lena léirítear dul chun feabhais i gcomparáid le 32,9 % ag deireadh na bliana 2019; ag tabhairt dá haire gur tháinig ardú ar sciar na mban sna gráid AD is airde (AD14 go AD16) i gcomparáid le 2019 ach go bhfuil sé fós íseal (23 % in 2020 i gcomparáid le 20,4 % in 2019); |
|
31. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú go 65,35 % ar chéatadán na mban sna catagóirí AST agus AST/SC i gcomparáid le 66,3 % in 2019; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil míchothromaíochtaí ann fós i measc na ngrád éagsúil, agus gur mná iad 66,2 % den fhoireann sna gráid níos ísle (AST2 go AST9) ach nach bhfuil ach 33.3 % ar mná iad sna gráid is airde (AST10 go AST11); á chur i bhfios an chothromaíocht inscne a baineadh amach maidir le gníomhairí ar conradh (59,4 %) agus gníomhairí áitiúla (54,5 %), cé gur fir a bhí i bhformhór na saineolaithe náisiúnta ar iasacht (75,2 %, i ngeall den chuid is mó ar an líon teoranta ban in arm Ballstát); |
|
32. |
á chur in iúl gur geal léi an iliomad gníomhaíochtaí a sheol SEGS chun an chothromaíocht inscne a bhaint amach, mar aon le timpeallacht oibre atá oscailte agus cuimsitheach a chruthú, chun dálaí oibre atá dírithe ar thorthaí agus atá solúbtha a chomhtháthú lena n-ionchorpraítear cothromaíocht oibre is saoil; á chur in iúl gur díol sásaimh di gníomhaíochtaí sonracha amhail iarratasóirí ar mná iad a chur chun cinn go gníomhach do gach post bainistíochta, ionadaíocht éigeantach ar an dá inscne ar na painéal earcaíochta mar aon le hoiliúint maidir le claontacht neamh-chomhfhiosach do chomhaltaí na bpainéal earcaíochta sin, comhordú feabhsaithe leis na Ballstáit chun níos mó iarrthóirí ar mná iad a spreagadh chun cur isteach ar phoist agus chun tacú le céilí atá ag iarraidh fostaíocht a fháil i dtríú tíortha; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil iniúchadh inscne ar siúl go leanúnach chun príomhshruthú inscne a fheabhsú tuilleadh, agus á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa faoi na moltaí agus faoin obair leantach a bhaineann leis an iniúchadh chun ceannaireacht láidir a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a chur chun cinn; |
|
33. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur leanadh den treocht in 2020 inar tháinig ardú ar líon na mban sna poist bhainistíochta, inarbh ionann líon na mban agus 27,3 % de bhainisteoirí sinsearacha agus 33,2 % de mheánbhainisteoirí, i gcomparáid le 26 % agus 31,3 % faoi seach in 2019; á chur in iúl gur oth léi nach raibh ach 27,4 % de phoist na gceann toscaireachta i seilbh na mban in 2020, agus nach bhfuil aon athrú ar an bhfigiúr sin i gcomparáid le 2019; |
|
34. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa cothromaíocht inscne ar fud na n-iarratas ar phoist bhainistíochta, áit nárbh ionann ach 27 % líon na n-iarratasóirí ban; ag tabhairt faoi deara gurbh ionann líon na mban agus 53 % de na hiarratasóirí ar chinn riaracháin, 82 % de na hiarratasóirí ar chúntóirí do cheann na toscaireachta agus 100 % d’iarratasóirí ar chúntóirí do leascheann toscaireachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di líonrú do mhná i bpoist réamhbhainistíochta agus cláir shaincheaptha do mhná atá i bpoist mheánbhainistíochta mar bhonn tallainne do phoist ardbhainistíochta a bheidh ann amach anseo agus á iarraidh an athuair ar SEGS leanúint dá iarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal ordlathach; á iarraidh ar SEGS féachaint ar straitéisí chun iarratasóirí ban a spreagadh agus a éascú chun iarratas a dhéanamh ar phoist bhainistíochta; ag áitiú na Ballstáit a spreagadh chun mná cáilithe a chur ar aghaidh le haghaidh poist bhainistíochta, lena n-áirítear poist bhainistíochta shinsearacha; á mholadh do SEGS a dheiseanna gairme agus a fholúntais a chur chun cinn ar bhealach níos fearr i measc taidhleoirí náisiúnta, gairmithe staidéar idirnáisiúnta, lucht acadúil agus na sochaí sibhialta; |
|
35. |
ag tacú le glacadh threochlár SEGS do ghníomhaíocht maidir le míchumas i mí an Mheithimh 2020, a ullmhaíodh i gcomhar leis an gCoiste Foirne, le seirbhísí ábhartha SEGS, le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit chun na cleachtais agus na beartais is fearr a bhailiú; á chur in iúl go dtuigeann sí, tar éis a fhoilsithe inmheánaigh, gur tugadh an treochlár cothrom le dáta agus gur feabhsaíodh é ag deireadh 2020; á chur in iúl gur geal léi foilsiú bheartas míchumais SEGS i mí Iúil 2020; á chur in iúl gur mór aici tionscnaimh nithiúla amhail an treoir idirinstitiúideach do nuatheachtaithe faoi mhíchumais, treoir SEGS maidir le cumarsáid chuimsitheach agus tagairt á déanamh do dhaoine faoi mhíchumais ag an obair agus pointe teagmhála tiomnaithe á leagan síos d’fhaisnéis phraiticiúil maidir le míchumais nó do choigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh san ionad oibre; |
|
36. |
á chur in iúl gur mór aici obair na dtascfhórsaí maidir le “Forbairt gairme” agus le “Inscne agus comhionannas deiseanna” a bhfuil sé de chúram orthu trédhearcacht, intuarthacht, comhionannas agus cothroime a fheabhsú sa chultúr oibre ag SEGS; ag tacú le comhchoiste um chomhionannas deiseanna (COPEC) a cuireadh ar bun an 25 Meitheamh 2020, le comhaltaí ó ionadaithe riaracháin agus ó ionadaithe foirne araon, ar cuireadh de chúram orthu leis an sainordú a tugadh dóibh rannchuidiú a dhéanamh le beartais a bhaineann le hinscne, deiseanna comhionanna, urraim don éagsúlacht agus neamh-idirdhealú, frithchiapadh, socruithe solúbtha oibre a eagrú agus le timpeallacht oibre atá cothrom, solúbtha agus urramach; |
|
37. |
á chur in iúl gurb eol di iarrachtaí SEGS ionadaíocht fhóinteach gheografach a bhaint amach agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú ag an am céanna; á chur in iúl an athuair gur ábhar imní di ionadaíocht gheografach fhoireann SEGS, go háirithe maidir le poist na gceann toscaireachtaí, na meánbhainistíochta agus na bainistíochta sinsearaí agus á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, an soláthar riachtanach SNInna breise chun aghaidh a thabhairt ar ualach oibre SEGS atá ag dul i méid; ag tabhairt faoi deara go raibh náisiúnaigh ó na Ballstáit uile san áireamh ar fhoireann SEGS ag deireadh 2020 agus á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne SEGS Líonra Acmhainní Daonna na mBallstát a choimeád ar an eolas faoi chomhdhéanamh na foirne, folúntais a fhoilsiú agus iarrachtaí náisiúnta a chur chun cinn chun líon na n-iarrthóirí a mhéadú; |
|
38. |
á mheas go bhfuil sé tábhachtach ionadaíocht chothrom ó na tíortha a tháinig isteach san Aontas tar éis 2004 nó níos déanaí (AE13) a áirithiú agus á tabhairt faoi deara, dá bhrí sin, gur tháinig méadú 6 % ar líon na mball foirne ó na Ballstáit sin ag deireadh 2020 i gcomparáid le 2019; á chur i bhfios gurbh ionann sciar AE13 i bhfoireann SEGS agus 23 % ag deireadh na bliana 2020, agus gurbh ionann a sciar laistigh de dhaonra an Aontais agus 20 %; á chur i bhfios go láidir, áfach, na neamhréireachtaí idir ionadaíocht ar leibhéal bainistíochta na dtíortha ina bhfuil méid an daonra inchomparáide (30 post bainistíochta as 267 bpost bainistíochta ag náisiúnaigh AE13, i gcomparáid le 33 phost bainistíochta in 2019); á iarraidh ar SEGS dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo ionadaíocht chothrom ar na Ballstáit, lena léireofar a n-éagsúlacht, mar a léirítear in Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne; |
|
39. |
á chur in iúl gur geal léi gur tháinig athchóiriú SEGS ar choinníollacha fostaíochta agus ar scéimeanna slándála sóisialta do ghníomhairí áitiúla sna toscaireachtaí i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2020; á chur i bhfáth, leis an athchóiriú, gur tugadh isteach bunús dlí níos láidre don árachas leighis comhlántach agus do na coigiltis chomhlántacha soláthair, mar aon le coinníollacha fostaíochta níos fearr; á chreidiúint, leis an bpacáiste nua, go lamhálfar do na toscaireachtaí foireann ardcháilithe a mhealladh agus a choinneáil; |
|
40. |
á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear cothromaíocht oibre is saoil chun cinn le SEGS agus go gcothaítear léi beartais a thacaíonn le teaghlaigh, tríd an úsáid a bhaintear as socruithe oibre solúbtha, lena n-áirítear, ar bhonn cás ar chás, teilea-obair lasmuigh den ionad fostaíochta agus obair leantach phearsantaithe arna déanamh ag foireann beartais shóisialta SEGS don fhoireann a bhfuil leanaí atá faoi mhíchumais acu; |
|
41. |
ag tabhairt dá haire gur údaraigh SEGS teilea-obair i mí an Mhárta 2020 le haghaidh thromlach na foirne sa Cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí; á chur in iúl gur geal léi, i ngeall ar leathadh phaindéim COVID-19, gur thug SEGS údarú do baill foirne neamhriachtanacha ó 78 dtoscaireacht i dtíortha ina bhfuil droch-chórais sláinte chun teilea-obair ón mBruiséil nó óna n-áit bhunaidh ar bhonn deonach; ag tabhairt faoi deara gur roghnaigh thart ar 41 % d’fhoireann na dtoscaireachtaí an socrú oibre sin i mí na Bealtaine 2020, lena ligtear do theaghlaigh teacht le chéile arís, feabhas a chur ar a ndea-bhail agus táirgiúlacht ag an obair a mhéadú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tugadh údarú don fhoireann sa Cheanncheathrú ag a bhfuil fadhbanna sláinte teilea-obair a dhéanamh ó áit lasmuigh den Bheilg; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire go soláthraítear treoir agus bearta tionlacain le SEGS chun maolú a dhéanamh ar an mbaol tnáite, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, comhairle maidir le cúnamh áitiúil iomchuí, oiliúint maidir le bainistiú struis agus líne chabhrach; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac SEGS sraith rialacha chun an ceart chun dícheangail a choimeád do gach ball foirne le rialacha sonracha maidir leis an úsáid a bhaintear as ríomhphost agus teileafón taobh amuigh d’uaireanta oibre; |
|
43. |
ag moladh na hairde a thugann SEGS ar an idirphlé sóisialta agus á chur i bhfios go láidir an tionchar dearfach atá ag rannpháirtíocht dhíreach na mball foirne a bhfuil taithí phearsanta acu ar na bearta a cuireadh isteach lena bplé; á chur in iúl gur geal léi go háirithe an comhairliúchán leathan maidir le todhchaí SEGS ina raibh níos mó ná 500 comhghleacaí ón gCeanncheathrú agus ó na toscaireachtaí araon rannpháirteach ann agus inar dhírigh seacht ngrúpa fócais ar fad ar mholtaí nithiúla oibre, tionscadal ar a dtugtar #EEAS@20; ag moladh do SEGS an cur chuige seo a choinneáil chun freagairt d’ionchas na mball foirne agus aghaidh á tabhairt aige ar riachtanais na seirbhíse; |
|
44. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon na gcásanna a tuairiscíodh do Sheirbhís Idirghabhála SEGS (176 iarraidh in 2020, 183 iarraidh in 2019); á chur i bhfios go bhfuil obair na Seirbhíse Idirghabhála á comhlánú le líonra de 12 chomhairleoir dheonacha agus sainoilte rúnda sa Cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire, as na cásanna a tuairiscíodh in 2020, gur bhain 64 % díobh le coinbhleachtaí idirphearsanta (lena n-áirítear líomhaintí maidir le ciapadh morálta), bhain 30 % de na coinbhleachtaí le cearta agus le hoibleagáidí, bhain cásanna eile le saincheisteanna amhail timpeallacht oibre strusmhar agus bhain cás amháin le líomhaintí maidir le gnéaschiapadh; á chur i bhfáth go ndearnadh athbhreithniú ar shainordú na Seirbhíse Idirghabhála ag tús 2020 chun béim a leagan ar a neamhspleáchas agus a hinfhaighteacht do na ball foirne uile, agus chun a áirithiú go gcuirfear riarachán SEGS ar an eolas faoi líomhaintí/teagmhais thromchúiseacha leanúnacha chun go bhféadfaidh sé bearta iomchuí a dhéanamh; ag spreagadh SEGS leanúint de chultúr oibre cuiditheach agus coisctheach a chothú, saor ó chiapadh, trí fheasacht a ardú, cóitseáil agus oiliúint a chur ar fáil; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire gur dhéileáil riarachán SEGS le ceithre iarraidh fhoirmiúla ar chúnamh a bhain le líomhaintí maidir le ciapadh, ina ndearnadh trí chás díobh a dhúnadh gan smachtbhanna a bheith curtha ina leith, agus gur iarradh tuairim an bhoird araíonachta sa chás deireanach; á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt ar an gcás sin in am trátha; ag moladh gur sheol SEGS an chéad oiliúint éigeantach riamh do bhainisteoirí in 2020 maidir le conas timpeallacht oibre saor ó chiapadh a chruthú; á mholadh do SEGS leanúint d’oiliúint chórasach agus de sheisiúin feasachta a eagrú i réimse iompar cuí a fhoirne; á chreidiúint gur cheart do na seisiúin sin a bheith mar chuid d’oiliúint éigeantach d’fhoireann nua-earcaithe; |
|
46. |
ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS 57 nOiliúnaí Páipéir Ghoirm a fuair luach saothair a earcú in 2020 le haghaidh tréimhse oiliúna 5 mhí ina Cheanncheathrú; ag tabhairt dá haire go raibh 385 oiliúnaí ar an iomlán fostaithe in 101 thoscaireacht, le haghaidh cúrsaí oiliúna a mhair 5 mhí ar an meán; á chur in iúl gur oth léi go raibh 39 gcúrsa oiliúna ann nach bhfuair luach saothair; ag tabhairt dá haire go bhfuair na hoiliúnaithe Páipéir Ghoirm go léir ríomhaire pearsanta chun teilea-obair a dhéanamh; á iarraidh ar SEGS na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go bhfaighidh a cuid oiliúnaithe uile luach saothair cuibhiúil; |
Creat eitice agus trédhearcacht
|
47. |
ag tabhairt dá haire agus gur mór aici glacadh Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine i mí na Nollag 2020 agus glacadh Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas (2020-2024), ina leagtar amach réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochta agus lena gcuirtear dúshláin nua san áireamh; ag moladh ról lárnach chearta an duine i mbeartas eachtrach an Aontais agus tiomantas an Aontais aghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain; |
|
48. |
á iarraidh ar SEGS faireachán a dhéanamh ar sheasaimh na gceann toscaireachta a bhí i bhfeighil roimhe seo, i bhfianaise an róil pholaitiúil íogaire atá acu agus a bhfeidhmeanna íogaire sna tíortha óstacha; á iarraidh ar SEGS athbhreithniú córasach a dhéanamh ar aistrithe a d’fhéadfadh a bheith fadhbach don earnáil phríobháideach nó d’eagraíochtaí tríú tír agus leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar ghairm na n-iaroifigeach sinsearach go dtí deireadh na tréimhse marana éigeantaí, toisc go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa nach dtugtar aghaidh orthu forfheidhmiú ardchaighdeán eiticiúil ar fud riarachán an Aontais a chur i mbaol; |
|
49. |
ag tabhairt dá haire nach ndearna SEGS scrúdú in 2020 ach ar 25 fhógra ón mball foirne inar tugadh le fios go raibh sé de rún acu dul i mbun gníomhaíochta gairme tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, ar tháinig sé fhógra díobh sin ó iarbhaill shinsearacha foirne; á iarraidh ar SEGS faisnéis a iarraidh go huathoibríoch maidir le gairm bheartaithe na mball foirne sinsearach atá ag fágáil a bpost; á chur i bhfios go láidir nach féidir faisnéis íogair gheopholaitiúil a bhfuil rochtain ag baill foirne shinsearacha uirthi a chur i mbaol; á chur in iúl gur geal léi foilsiú cúlghabhálach a cinntí maidir le gníomhaíochtaí gairme na n-iaroifigeach sinsearach i gcomhréir le hAirteagal 16(3) de na Rialacháin Foirne; á chur in iúl gurb eol di an toirmeasc ar bhrústocaireacht agus ar abhcóideacht a chuirtear i bhfeidhm go huathoibríoch i leith gach oifigigh tar éis an tseirbhís a fhágáil; |
|
50. |
ag tabhairt dá haire go raibh dhá dhearbhú ann in 2020 gur ann do choinbhleachtaí leasa ionchasacha, a bhaineann araon le fostaíocht shochrach na gcéilí, ina ndearnadh duine amháin a fhoirceannadh, agus mar thoradh ar an gceann eile go ndearnadh cinneadh dualgas an bhaill foirne i leith bainistiú a dhéanamh ar ghlaoch ar thairiscint a bhaint; |
|
51. |
á mheas gur cheart na caighdeáin eiticiúla is airde a chur i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, agus sainiúlachtaí na hoibre sna toscaireachtaí á gcur san áireamh chun an riosca do chlú an Aontais agus SEGS a mhaolú, go háirithe do chinn toscaireachta; |
|
52. |
ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon ról díreach ag SEGS i reachtaíocht an Aontais agus, dá bhrí sin, nach ndéanann SEGS cruinnithe a thionól le heagraíochtaí agus le daoine féinfhostaithe atá cáilithe mar bhrústocairí i gcomhréir le hAirteagal 11 CAE; á mholadh do SEGS, ar bhonn comhaontú ar leibhéal seirbhíse, a bheith rannpháirteach i gclár trédhearcachta an Aontais chun gur féidir an trédhearcacht a fheabhsú trí gach cruinniú le gach eagraíocht stocaireachta a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar phróisis reachtóireachta agus ar chur chun feidhme bheartais institiúidí an Aontais a nochtadh; |
|
53. |
á thabhairt faoi deara go bhfuair SEGS 20 iarraidh ar fhaisnéis ó OLAF maidir le cásanna féideartha calaoise, a bhaineann le foireann an Aontais nó gníomhaithe seachtracha agus, i gcás cúig cinn díobh, gur chinn OLAF imscrúdú a oscailt; á iarraidh ar SEGS torthaí na n-imscrúduithe sin a chur in iúl go tráthúil don údarás um urscaoileadh; á thabhairt faoi deara gur dhéileáil an tOmbudsman le 14 chás a bhaineann le SEGS gan aon mholadh a eisiúint; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil fiosrú á dhéanamh i dtaobh comhar a bhunú le OIPE maidir leis an gcomhairle agus le tacaíocht ó OLAF; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil SEGS toilteanach comhoibriú le OIPE agus an teagmháil le Seirbhís Dlí an Choimisiúin maidir leis an tsaincheist sin, agus á iarraidh ar SEGS an comhar sin a chomhtháthú mar chuid dá straitéis ghinearálta frithchalaoise; |
|
54. |
ag leagan béim ar a riachtanaí atá sé go leanfadh SEGS de bheith ag comhlíonadh Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Sceithireacht, go háirithe chun sceithirí a chosaint de mheon macánta ar aon chineál dochair; á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcuireann SEGS Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Sceithireacht i bhfeidhm ar fhoireann SEGS agus an Choimisiúin arna bpostú i dtoscaireachtaí AE agus go gcuireann sé ar fáil ar inlíon SEGS iad; |
Digitiú, cibearshlándáil, cosaint sonraí
|
55. |
á iarraidh ar SEGS tuairisc a thabhairt don údarás buiséadach maidir leis an nganntanas ginearálta d’fhoireann riaracháin, go háirithe maidir lena ghanntanas i leith fhoireann TF arb é an líon is ísle as measc na n-institiúidí é, agus mionléiriú a dhéanamh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na ganntanais sin amhail fadhbanna earcaíochta nó easnaimh struchtúracha sa riarachán; |
|
56. |
á chur i bhfios go láidir, i gcomparáid le 2019, gur tháinig ardú 38,14 % ar infheistíocht i dtionscadail agus i dtrealamh TF i gcás na Ceanncheathrún agus ardú 22,48 % i gcás na slándála; á thabhairt faoi deara go ndearnadh líne buiséid na Ceanncheathrún do TF a threisiú le níos mó ná EUR 8 milliún in 2020 ó aistrithe as línte eile, ardú ar EUR 16 000 000 na líne bunaidh, ós rud é gur tháinig ardú suntasach ar riachtanais i ngeall ar phaindéim COVID-19; |
|
57. |
á aithint a íogaire atá aistriú sonraí chuig tríú tíortha; á chur in iúl gurb eol di gur eisigh an tOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) treoir maidir le conas a áirithiú go gcomhlíonann conraitheoirí na rialacha cosanta sonraí agus conas is féidir le haistrithe sonraí chuig tríú tíortha a bheith dleathach i bhfianaise bhreithiúnas Schrems-II ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa; á thabhairt faoi deara gur fhreagair SEGS do cheanglas MECS maidir le fardal aistrithe sonraí pearsanta chuig eagraíochtaí tráchtála i dtríú tíortha, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí don Aontas; |
|
58. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go ndearna MECS cianiniúchadh ar chláir próiseála sonraí institiúidí an Aontais agus SEGS a bhí go hiomlán comhlíontach; á chur in iúl gur geal léi an nuashonrú leanúnach ar ráitis phríobháideachais COVID-19 a rinne rialaitheoirí sonraí SEGS i ndlúthchomhar leis an OCS, chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna buartha nua maidir le príobháideachas i ndáil le rialú láithreacht oifige agus cianoibriú, d’fhonn comhréireacht a bhaint amach idir na riachtanais maidir leis an tsláinte a chaomhnú agus rioscaí éillithe a mhaolú agus sonraí pearsanta a chosaint; ag tabhairt dá haire, in 2020, gur chuir rialaitheoirí sonraí SEGS dhá mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí (DPIA) i gcrích maidir le faireachán ar shlándáil TF agus maidir le húsáid KITRY, bogearra chun sláinte agus sábháilteacht a bhainistiú san ionad oibre don tSeirbhís Liachta (le cur i gcrích in 2021); |
Foirgnimh agus slándáil
|
59. |
á aithint a chasta atá sé do SEGS agus an dúshlán a bhaineann lena fhoirgnimh a bhainistiú, lena n-áirítear oifigí, áiteanna cónaithe oifigiúla agus cóiríocht foirne sa Bhruiséil agus sna toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire go raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar bheartas réadmhaoine SEGS agus go ndearnadh leis dlús a chur leis an aistriú chuig spásanna comhoibríocha oifige; á thabhairt faoi deara, i ngeall ar ghéarchéim na paindéime, gur cuireadh moill ar roinnt tionscadal tógála in 2020, go príomha i ngeall ar bhristeacha i slabhra an tsoláthair, srianta ar obair thógála agus srianta taistil, go háirithe i dtríú tíortha; |
|
60. |
á thabhairt faoi deara gur i gcomhairle le lucht bainistíochta agus le foireann na rannán agus na dtoscaireachtaí lena mbaineann araon a dearadh na tionscadail uile maidir le feistiú oifige a rinne SEGS in 2020, agus gur spásanna comhoibríocha den chuid is mó a áirítear leis sin agus comhlíonadh á dhéanamh aici ar na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta a tugadh isteach mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi nach ndearna SEGS beartas ginearálaithe maidir le sealaíocht deisce a thabhairt isteach; |
|
61. |
ag tabhairt dá haire go mbainistíonn SEGS 178 bhfoirgneamh oifige sna toscaireachtaí, arb ionann é agus achar iomlán 275 000 m2 (80 % de atá ar cíos agus 20 % faoi úinéireacht); á thabhairt faoi deara gurb é EUR 61 800 000 costas bliantúil na réadmhaoine a fhaightear ar cíos do na toscaireachtaí; ag tabhairt dá haire go ndearna SEGS 148 n-áit chónaithe a bhainistiú ag deireadh na bliana 2020 do na cinn toscaireachta ag a bhfuil achar tógála iomlán de 84 000 m2 (21 % faoi úinéireacht); á chur in iúl gur geal léi an measúnú cáilíochtúil a rinne SEGS in 2020 maidir le foirgnimh na dtoscaireachtaí chun lamháil do thosaíochtaí meántéarmacha go fadtéarmacha a shainaithint agus chun tógáil ar an gcéad phlean ilbhliantúil do thionscadail réadmhaoine SEGS sna toscaireachtaí in 2021; |
|
62. |
ag tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag SEGS méadú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as comhshuíonna ina toscaireachtaí, atá méadaithe breis agus faoi cheathair le 5 bliana anuas (ó 20 in 2011 go 116 in 2020) agus arb ionann é agus 7 % d’achar iomlán na hoifige; á chur in iúl gur mór aici go ndearnadh éascú ar EUR 12 mhilliún i gcostais a aisghabháil in 2020 le bainistiú na gcomhshuíonna tríd an gCreat-Chomhaontú le gach comhpháirtí comhshuí; |
|
63. |
á chur i bhfios go láidir gur thug institiúidí an Aontais faoi deara gur tháinig méadú 600 % ar chibirionsaithe le linn phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tionscnaimh éagsúla seolta ag SEGS chun feasacht slándála a mhúscailt agus chun cultúr slándála a chur chun cinn ar fud na hinstitiúide, amhail feachtais slándála, oiliúint ar bhaill foirne chun bagairtí slándála a bhrath agus treoir a thabhairt maidir le conas bagairtí a mhaolú nó a dtionchar a laghdú; ag tacú le SEGS a bhearta sábháilteachta a mhéadú lena gcosnaítear baill foirne agus bonneagar digiteach SEGS ar bhagairtí agus ionsaithe seachtracha; á chur i bhfios go bhfuil gá ag SEGS le pearsanra, nósanna imeachta, bonneagar agus uirlisí leordhóthanacha chun na rioscaí slándála sin a laghdú, go háirithe na rioscaí sin a bhaineann leis an gcibearshlándáil; |
|
64. |
á chur i bhfios go ndearna SEGS buiséad iomlán EUR 65 600 000 a bhainistiú do 2020 lena gcumhdaítear seirbhísí slándála; ag tabhairt dá haire gurbh ionann agus EUR 12 942 311 an méid iomlán a caitheadh ar shuiteálacha slándála agus ar chothabháil do na toscaireachtaí; á thabhairt faoi deara gurbh ionann agus EUR 18 163 000 an buiséad iomlán do chumarsáid shlán; ag tabhairt dá haire na dúshláin a mheastar a bheidh ann maidir le toscaireachtaí an Aontais a chosaint, ar dúshláin iad a shainaithin SEGS agus, go háirithe, an easpa gníomhaíocht neamhspleách chun aon chumais chosanta a shlógadh i gcás géarchéimeanna agus aslonnaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích ag SEGS le roinnt Ballstát chun tacú, i roinnt tíortha, le baill foirne easaoránacha agus cleithiúnaithe a aslonnú, rud a chuireann srian ar neamhspleáchas SEGS agus ar Thoscaireachtaí an Aontais fanacht i dtíortha óstacha le linn géarchéimeanna; á iarraidh athuair go mbainfí leas iomlán as acmhainneacht fhorálacha Chonradh Liospóin chun oibriú i dtreo aontas Eorpach um chosaint agus á chur in iúl athuair a tacaíocht do thuilleadh comhair, d’infheistíocht mhéadaithe agus do chomhthiomsú acmhainní chun sineirgí a chruthú ar leibhéal AE chun cosaint níos fearr a thabhairt do mhuintir na hEorpa; |
|
65. |
á chur in iúl gur geal léi neartú líonra na nOifigeach Slándála Réigiúnach (OCR) in 2020 le cruthú 10 bpost nua agus leis na hinfheistíochtaí a rinneadh in imscaradh córais chorparáidigh rúnaicmithe lena dtugtar tacaíocht do róil uile SEGS; |
Comhshaol agus inbhuanaitheacht
|
66. |
ag tacú le hiarrachtaí SEGS comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú trí ghnéithe inmheánacha agus seachtracha an Chomhaontaithe Ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh a nascadh, as measc réimsí beartais eile; ag formheas cheapachán an chéad Ambasadóra Eorpaigh maidir leis an Athrú Aeráide a bhfuil sé de chúram air teagmhálacha polaitiúla ardleibhéil a bhunú sna Ballstáit agus ar fud an domhain, mar chuid de chur chuige straitéiseach SEGS darb aidhm an pholaitíocht, an eacnamaíocht agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide a nascadh; |
|
67. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag SEGS Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) an Aontais a thabhairt isteach dá Ceanncheathrú ar mhaithe le clár a fhorbairt a bheidh bunaithe ar thionscnaimh agus ar bhearta nithiúla glasa, agus gur geal léi go gcloíonn SEGS leis an deasc chabhrach idirinstitiúideach le haghaidh soláthair phoiblí ghlasa; á iarraidh ar SEGS a bheith rannpháirteach go sainráite i “bhfeachtas saor ó pháipéar” chun tuilleadh feabhais a chur ar na tionscnaimh a glacadh cheana féin maidir leis an ábhar; |
|
68. |
á chur in iúl gur mór aici an tacaíocht a thugtar do na toscaireachtaí uile chun a lorg carbóin agus a n-ídiú carbóin a laghdú, go háirithe bailiú faisnéise ó na toscaireachtaí maidir le tomhaltas fuinnimh agus ábhair; |
|
69. |
ag moladh do SEGS cur chuige struchtúrtha a ghlacadh maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe na foirne agus feasacht a ardú maidir le tionscnaimh ábhartha a dhéantar sa réimse seo, amhail sliotáin athluchtaithe do charranna leictreacha agus rothair leictreacha agus racaí rothar a shuiteáil; |
Cumarsáid agus ilteangachas
|
70. |
á chur i bhfios go láidir an fhorbairt a rinneadh in 2020 ar Phrionsabail agus Tosaíochtaí Cumarsáide SEGS 2020-2021, ina leagtar amach tosaíochtaí cumarsáide réigiúnacha agus na trí phríomhthosaíocht straitéiseacha uileghabhálacha: taidhleoireacht maidir leis an gComhaontú Glas agus an athrú aeráide, iltaobhachas agus comhpháirtíochtaí agus uathriail agus athléimneacht straitéiseach; |
|
71. |
ag tabhairt dá haire an rath a bhí ar a lán d’fheachtais SEGS sna meáin maidir le saincheisteanna tábhachtacha, amhail “Tabharfaimid abhaile sibh” maidir le haisdúichiú shaoránaigh an Aontais i ngeall ar COVID-19, “Aontaithe i gcéin”, chun scéalta dlúthpháirtíochta a thaispeáint ar fud an domhain in aimsir na géarchéime, “AE i mbun Gnímh” maidir le hobair an Aontais ar bráid mar sholáthraí slándála agus an feachtas “BeTheWave” maidir le saincheisteanna aeráide; á chur i bhfios gur rannchuidigh cainéil SEGS freisin le hinfheictheacht “Foireann na hEorpa” a fheabhsú ar fud an domhain; á thabhairt chun suntais go bhfuil cuntas na meán sóisialta de chuid SEGS ar cheann de na ceannairí domhanda i measc na seirbhísí taidhleoireachta le breis agus 700 000 leantóir agus go bhfuil fás follasach ann ó thaobh idirghníomhaíocht lucht féachana de, agus gur tugadh 21 mhilliún amharc leathanaigh agus 13 milliún amharc uathúil leathanaigh ar a shuíomh gréasáin in 2020; |
|
72. |
á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cumarsáid straitéiseach a dhéanamh, rud a cuireadh in iúl cheana i rún na bliana seo caite, chun trasnaíocht mhailíseach a chomhrac lena n-áirítear bolscaireacht eachtrach agus bréagaisnéis, rud a tháinig chun cinn go láidir le linn phaindéim COVID-19; ag tacú le gníomhaíochtaí SEGS maidir le bréagaisnéis eachtrach a bhrath, a anailísiú agus a nochtadh trí thaithí agus trí chumais a thiomnú chun faireachán ar na meáin agus anailís ar mhórshonraí a uasghrádú; |
|
73. |
á aithint gur fhreagair SEGS do “phlá faisnéise” COVID-19 trí fhaireachán agus anailís a dhéanamh ar chásanna cúblála agus trasnaíochta faisnéise, agus trína bheith ar thús cadhnaíochta sa dlúthchomhar idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire an tionchar dearfach a bhí ag rannchuidiú SEGS le cur chun feidhme na teachtaireachta comhpháirtí maidir le freagairt dhomhanda AE do phaindéim COVID-19 a glacadh i mí Aibreáin 2020; |
|
74. |
á chur in iúl gur ábhar imní di nochtadh iarrachtaí ón tSín tionchar a imirt ar thuarascáil ríthábhachtach SEGS ina ndéantar measúnú ar insintí agus bréagaisnéis maidir le paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire na ráitis a rinne an tArdionadaí i gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha de chuid na Parlaiminte inar luadh go raibh imní curtha in iúl ag oifigigh ón tSín faoi sceitheadh an dréachtfhoilsiúcháin agus gur shéan siad aon tionchar ón tSín ar an tuarascáil; á chur i bhfáth gurb é SEGS an phríomhinstitiúid de chuid an Aontais atá freagrach as trasnaíocht eachtrach a ghleic; á iarraidh ar SEGS beart a dhéanamh chun a fhoireann a chosaint ar thrasnaíocht eachtrach, chun cur i gcoinne aon iarrachtaí trasnaíochta eachtraí amach anseo agus chun an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoina fhreagairt ina leith; á chur in iúl go dtacaíonn sí le SEGS cumais, saineolas agus cumas teanga leordhóthanach a imscaradh i ndáil le réigiúin a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo; |
|
75. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fhoilsigh SEGS cúig thuarascáil speisialta maidir le bréagaisnéis COVID-19 agus gur sheol sé feachtais chun feasacht a ardú ar ghníomhaíocht leanúnach gníomhaithe, amhail an Rúis, agus chun aird a tharraingt ar theacht chun cinn gníomhaithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh roinnt feachtas a bhaineann go sonrach le tíortha ar leith a chur chun feidhme chun maolú a dhéanamh ar thionchar na bréagaisnéise agus cáil an Aontais a chosaint; á chur i bhfios go láidir go raibh os cionn 1,25 milliún cuairteoir ag tairseach AE vs Disinfo (méadú 200 % i gcomparáid le 2019), agus 2,4 milliún amharc leathanaigh; á iarraidh ar SEGS tuilleadh faisnéise a thabhairt don Pharlaimint maidir leis an modheolaíocht a úsáideann AE vs Disinfo agus maidir le comhlíonadh dhlí an Aontais agus caighdeán idirnáisiúnta, go háirithe maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil i nós imeachta leighis; á iarraidh go ndéanfaí méadú suntasach breise ar bhuiséad Thascfhórsa East StratCom chun feachtais bhréagaisnéise a chomhrac go rathúil agus chun beartais an Aontais i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur chun cinn; |
|
76. |
ag meabhrú ról ceannasach thoscaireachtaí AE i dtríú tíortha maidir le comhlíonadh spriocanna beartais eachtraigh an Aontais; á iarraidh ar SEGS ról thoscaireachtaí AE i dtríú tíortha a neartú chun treisiú a dhéanamh ar a gcumas feachtais bhréagaisnéise a dhíspreagadh, ar feachtais iad atá ina mbagairt ar luachanna daonlathacha arna n-eagrú ag gníomhaithe stáit eachtracha; á iarraidh freisin ar SEGS rannpháirtíocht thoscaireachtaí an Aontais a neartú inár dtíortha comharsanacha agus i dtíortha na mBalcán Thiar chun tacú le beartas cumarsáide níos gníomhaí agus níos éifeachtaí maidir leis an bpeirspictíocht Eorpach agus an cúnamh is fearr is féidir a chur ar fáil do na tíortha atá ag gabháil d’athchóirithe atá ar son an daonlathais agus ar son na hEorpa; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE leanúint dá n-iarrachtaí comhordaithe chun infheictheacht na dtionscadal atá cistithe ag an Aontas a mhéadú; |
|
77. |
ag leagan béim ar an ngá atá le beartas AE maidir leis an Artach atá comhleanúnach agus nuashonraithe; ag tabhairt dá haire go gcuirtear deiseanna ar fáil le hionstraim nua ICFCI chun an réigiún Artach a mhaoiniú. |
Comhar idirinstitiúideach
|
78. |
á chur i bhfios go láidir an comhordú leanúnach idir rannáin Cheanncheathrú SEGS agus AS BUDG an Choimisiúin chun socruithe airgeadais a leagan síos lena ndíreofar ar leanúnachas gnó agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú sa Cheanncheathrú agus sna Toscaireachtaí le linn na céime áirithe sin; á chur i bhfios an t-idirchaidreamh éifeachtach idir SEGS agus Oifig an Choimisiúin um Bonneagar agus Lóistíocht sa Bhruiséil chun a áirithiú go raibh bearta iomchuí i bhfeidhm do bhaill den fhoireann a bhíonn i láthair go fisiciúil chun feidhmeanna riachtanacha a dhéanamh maidir le leanúnachas gnó; |
|
79. |
á chur in iúl gur mór aici go gcomhordaíonn SEGS a cuid iarrachtaí le gníomhaíochtaí chun calaois a chosc agus calaois a chomhrac le hArd-Stiúrthóireachtaí uile RELEX agus tríd an bhformáid thiomnaithe arna léiriú ag straitéis frithchalaoise an Choimisiúin faoi OLAF i ról ceannasach; á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh straitéis frithchalaoise SEGS fós á dréachtú in 2020; |
|
80. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas an 31 Eanáir 2020, gur bhunaigh SEGS ar deireadh thiar toscaireacht AE i Londain agus Rannán na Ríochta Aontaithe laistigh dá struchtúr Ceanncheathrún; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an mhoill maidir le stádas taidhleoireachta a dheonú d’fhoireann na Parlaiminte atá ag obair ag an Oifig Idirchaidrimh i Londain, agus gur dhiúltaigh SEGS i dtús báire an tsaincheist sin a thabhairt chun críche go sásúil; á chur in iúl go dtuigeann sí go dtógann an Comhaontú Bunaíochta ionad aon fhorálacha sealadacha agus go n-áirithítear leis go dteachtann an toscaireacht i Londain, a baill foirne agus maoine, pribhléidí agus díolúintí atá coibhéiseach leo siúd dá dtagraítear i gCoinbhinsiún Vín ar an mbealach céanna leis an 144 thoscaireacht agus oifigí eile; á chur in iúl gur oth léi gur chaibidil SEGS an dréacht-chomhaontú bunaíochta le húdaráis na Ríochta Aontaithe gan dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á chur i bhfáth maidir le nuashonruithe rialta a sheoladh chuig an bParlaimint seachas dul i gcomhairle go cuí leis an bParlaimint, nach gcomhlíontar oibleagáid SEGS maidir le “tacaíocht agus comhar iomchuí” mar a leagtar síos in Airteagal 3(4) den Chinneadh lena mbunaítear SEGS; ag tabhairt dá haire gur líonadh beagnach 40 post (lena n-áirítear foireann easaoránach agus áitiúil) as na 43 phost a bhí ar fáil san iomlán faoi dheireadh 2020; á chur in iúl gurb eol di go bhfuil an Toscaireacht lonnaithe san fhoirgneamh, maoin de chuid an Aontais, a bhí in úsáid roimhe seo ag Ionadaíocht an Choimisiúin agus ag Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLO); |
|
81. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar idir SEGS agus Parlaimint na hEorpa in 2020 chun nuashonrú rathúil a dhéanamh ar “Socrú praiticiúil chun tuarascálacha polaitiúla sonracha ó Thoscaireachtaí AE a roinnt le Feisirí ainmnithe de Pharlaimint na hEorpa”, lena lamhálfar do dhoiciméid a tharchur go leictreonach; |
|
82. |
á chur in iúl gurb oth léi go raibh sceitheadh leis an bpreas roimhe seo i dtaobh tuarascálacha rúnda maidir le misin bhreathnóireachta toghcháin agus gur díol sásaimh di na réitigh a d’aimsigh an Pharlaimint agus SEGS maidir le comhaid a tharchur; á chur in iúl go gcreideann sí go n-éascóidh SEGS malartú rialta tuairimí idir na Príomhbhreathnóirí agus na Leas-Phríomhbhreathnóirí agus na Feisirí, roimh mhisean breathnóireachta toghcháin, lena linn agus ina dhiaidh; |
|
83. |
á chur in iúl gur geal léi gur chuir SEGS comhaontú ar leibhéal seirbhíse (SLA) i gcrích in 2020 leis an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir lena bhaill foirne a chomhshuí laistigh d’áitreabh na dtoscaireachtaí ar fud an domhain; á chur in iúl gurb eol di go ndearnadh tuilleadh SLAnna a chaibidil in 2020, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) araon chun spás oifige agus seirbhísí gaolmhara a chomhroinnt; |
|
84. |
ag moladh an chomhordaithe dhéin agus na malartuithe diana a bhí ar bun le linn phaindéim COVID-19 le ranna acmhainní daonna Aireachtaí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát agus na Náisiún Aontaithe, chun tuairimí agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le socruithe speisialta oibre, agus ag moladh freisin rannpháirtíocht SEGS i gcruinnithe idirinstitiúideacha seachtainiúla ina ndearna institiúidí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a mbearta a nuashonrú agus na cleachtais a cuireadh chun feidhme mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chomhroinnt; |
Paindéim COVID-19
|
85. |
á chur in iúl go dtuigeann sí go raibh paindéim COVID-19 ina siocair le staid speisialta a chruthú do SEGS ina iomláine agus go raibh tionchar mór ag an bpaindéim ar oibríochtaí a Cheanncheathrún agus a thoscaireachtaí; á chur i bhfáth go raibh SEGS in ann leanúnachas gnó agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú maidir lena chuid oibríochtaí agus nár tháinig aon saincheist shuntasach chun cinn le linn na tréimhse áirithe sin; á chur in iúl gur geal léi go ndearna SEGS Foireann Lárnach Géarchéime (CCT) a chur ar bun go luath i mí an Mhárta 2020, a mbeidh sé de chúram uirthi measúnú a dhéanamh ar na forbairtí is déanaí, ar chumarsáid agus ar ghníomhaíochtaí a chomhordú, agus ar thacaíocht a thabhairt do na toscaireachtaí; á thabhairt chun suntais go raibh CCT ríthábhachtach chun an ghéarchéim a bhainistiú go héifeachtach; |
|
86. |
ag tabhairt dá haire, chun bearta COVID-19 a ghlacadh, go raibh SEGS ailínithe den chuid is mó leis an treoir oifigiúil ón mBeilg i gcás a Cheanncheathrún, agus gur tugadh treoir do na toscaireachtaí cloí le rialacha infheidhme na dtíortha óstacha, ach gur lean siad freisin cleachtas na Ceanncheathrún maidir le teilea-oibriú ginearálaithe san áit fostaíochta, in éineacht le láithreacht fhisiciúil laghdaithe sna háitribh; |
|
87. |
ag tacú leis na bearta breise a cuireadh i bhfeidhm i roinnt tíortha chun na rioscaí leighis a bhaineann le baill foirne a laghdú toisc gur measadh go raibh na córais cúraim sláinte sin leochaileach; á thabhairt chun suntais gur sheol SEGS vacsaíní chuig an 72 thoscaireacht a d’iarr tacaíocht, a cuireadh ar fáil do thart ar 4 000 duine, lena n-áirítear baill foirne easaoránacha sna toscaireachtaí, a dteaghlaigh agus do ghníomhairí áitiúla; á chur i bhfios gur cuireadh ríomhaire glúine corparáideach ar fáil do na baill foirne uile sa Cheanncheathrú agus gur seoladh os cionn 5 000 díobh chuig na toscaireachtaí, in éineacht le TCP agus soláthairtí leighis dóibh siúd is mó a bhí neamhchosanta, in ainneoin an tseachadta dhúshlánaigh i dtíortha ina raibh bearta coraintín nó glasála; á aithint go ndearnadh an bonneagar TF a mhéadú go mear chun freastal do na riachtanais a bhain le teilea-oibriú ar lánscála, lena n-áirítear acmhainneacht an idirlín agus an acmhainneacht físchomhdhála a mhéadú; |
|
88. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh nochtadh ar leochaileachtaí straitéiseacha agus córasacha an Aontais le ráig phaindéimeach COVID-19, amhail slabhraí soláthair nó táirgí cógaisíochta, agus gur tarraingíodh aird léi ar an ngá atá ann don Aontas neartú a dhéanamh ar a athléimneacht agus a neamhspleáchas féin, agus saothrú a dhéanamh ar comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta níos teanntásaí ag an am céanna; ag aithint gur chuir an phaindéim dlús breise leis na próisis leanúnacha freisin, ní hamháin i dtreo na n-aistrithe digiteacha agus glasa dúbailte, ach ar an leibhéal domhanda freisin, amhail Comhpháirtíocht AE-an Afraic a bhogadh go dtí an chéad leibhéal eile, an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a athbheochan, agus aird bhreise á tabhairt ar Mheiriceá Laidineach, agus an dearcadh straitéiseach ar an tSín a chur i bhfeidhm; |
|
89. |
ag tréaslú le SEGS as an ról ríthábhachtach atá aici sa phríomhghníomhaíocht éigeandála chun breis agus 600 000 saoránach de chuid an Aontais atá sáinnithe ar fud an domhain a aisdúichiú, agus ag cabhrú freisin leis an oibríocht dhaonnúil agus cúnaimh ar mhórscála “Foireann na hEorpa” a chur ar bun chun cabhrú le comhpháirtithe ar fud an domhain a bhí ag comhrac i gcoinne na paindéime lena bhfad níos lú acmhainní ná mar a bhí ag an Aontas; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh corradh le EUR 38 billiún i dtacaíocht do thíortha comhpháirtíochta a shlógadh leis an tionscnamh “Foireann na hEorpa” le hos cionn 50 % de na cistí eisíoctha in 2020, trína iarraidh ar na cláir chomhair uile atá cheana ann a bheith rannpháirteach agus trí acmhainní airgeadais atá cheana ann a atreorú; ag cur béim ar an bhfíoras gur rannchuidigh sí le haghaidh a thabhairt ar na géar-riachtanais arbh í an ghéarchéim ba siocair leo trí fhreagairt dhaonnúil éigeandála, trí thacú le neartú na gcóras sláinte agus na gcumas taighde, agus trí aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19; |
|
90. |
ag moladh “Foireann na hEorpa” as rannchuidiú EUR 850 000 000 a dhéanamh le COVAX, tionscnamh vacsaíne domhanda; á chur i bhfáth gur bhain an tAontas leas as a chumhacht chomórtha chun cistiú agus gealltanais a dhaingniú ar fud an domhain i gcomhair rochtain ar chosc, ar thástálacha diagnóise agus ar chóireáil i gcoinne COVID-19, lena n-áirítear tríd an gComhdháil Gealltanais maidir leis an bhFreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, agus go ndearna sé EUR 1,4 billiún a ghealladh don cholún freagartha COVID-19 sin i bhfoirm deontas agus ráthaíochtaí; |
|
91. |
ag tacú le cur chuige SEGS i leith freagairt theanntásach agus chuimsitheach a iarraidh mar phríomhuirlis chun cabhrú le téarnamh ó ghéarchéim dhomhain gheopholaitiúil agus chun “forbairt ar bhealach níos fearr” sa bhaile agus ar fud an domhain; ag moladh do SEGS an chiall a ceannaíodh ó ráig na paindéime ó thaobh leanúnachas gnó agus bainistiú géarchéime, freagrúlacht TF, athléimneacht an eagrúcháin, dualgas cúraim i leith na foirne, éifeachtacht na cumarsáide inmheánaí agus sholúbthacht na bpróiseas oibre de a chomhtháthú go hiomlán sa straitéis inmheánach bainistíochta. |
(1) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30)
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/164 |
CINNEADH (AE) 2022/1713 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don ochtú, don naoú, don deichiú agus don aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020 (COM(2021) 379 — C9-0310/2021)), |
|
— |
ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2021) 379), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, ag an naoú, ag an deichiú agus ag an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do na moltaí ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020 (00553/2022 — C9-0114/2022, 00554/2022 — C9-0115/2022, 00555/2022 — C9-0116/2022, 00556/2022 — C9-0117/2022), |
|
— |
ag féachaint do na tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus ar an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 (3) agus a leasaíodh in Ouagadougou, Buircíne Fasó, an 22 Meitheamh 2010 (4), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (5), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú agus riar chabhair an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (6), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Maoiniú agus Riaradh Cabhrach Comhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir na Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (7), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020 i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (8), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoin gceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (9), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an naoú Ciste Eorpach Forbraíochta (10), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (11), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (12). |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0124/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(2) IO C 438, 28.10.2021, lch. 137.
(3) IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.
(4) IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.
(5) IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.
(6) IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.
(7) IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.
(8) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(9) IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.
(10) IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/166 |
RÚN (AE) 2022/1714 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do na freagraí a thug an Coimisiún ar na ceisteanna i scríbhinn chuig an gCoimisinéir URPILAINEN maidir leis an éisteacht os comhair an Choiste um Rialú Buiséadach an 30 Samhain 2021, chomh maith leis na ceisteanna breise a seoladh tar éis na héisteachta, |
|
— |
ag féachaint do na tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019, |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0124/2022), |
|
A. |
de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún go hiomlán le bainistiú na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna), agus an fhreagracht deiridh air as dlíthiúlacht agus rialtacht oibríochtaí CEF agus as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais na CEFanna; |
|
B. |
de bhrí nach mbeidh an Pharlaimint in ann a ról mar údarás um urscaoileadh a fheidhmiú go cuí ach amháin má dhéanann an Coimisiún í a choinneáil ar an eolas, ar bhealach rialta, tráthúil agus cuimsitheach, le faisnéis mhionsonraithe maidir le tionscadail arna gcistiú ag CEFanna agus a bhfaighteoirí; |
|
C. |
de bhrí nach bhfuil an Pharlaimint páirteach in acmhainní CEF a bhunú agus a leithdháileadh i gcomparáid le hionstraimí forbartha eile; |
|
D. |
de bhrí gur príomhghnéithe iad réamhchoinníollacha éifeachtacha agus seiceálacha rialta chun éifeachtacht agus bainistiú fónta airgeadais na CEFanna a áirithiú; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, i gcomhthéacs timpeallacht dhomhanda atá ag athrú, cothromaíocht straitéiseach a aimsiú idir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha, dhéimeagrafacha agus chomhshaoil agus laghdú na bochtaineachta a choinneáil mar phríomhchuspóir bheartas cabhrach agus forbartha an Aontais san am céanna, dá bhforáiltear in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail éifeachtacht na cabhrach agus na forbartha; |
|
F. |
de bhrí gur cheart, le cabhair um fhorbairt Eorpach agus le hinfheistíochtaí poiblí Eorpacha, tosaíochtaí comhpháirteacha agus cuspóirí beartais a chur chun cinn, a dtugtar tacaíocht dóibh in 17 sprioc forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), lena n-áirítear díothú na bochtaineachta, an ghníomhaíocht ar son na haeráide agus an chomhshaoil agus beartais eacnamaíocha agus trádála agus gur cheart iad a ailíniú go hiomlán le prionsabail chearta bunúsacha an duine, an daonlathais agus an dea-rialachais; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis na torthaí a baineadh amach maidir le sprioc na mbeartas poiblí ionchuimsitheach an fás comhroinnte a chur chun cinn agus cuidiú le dul i ngleic le héagothromaíochtaí sóisialta nó geografacha; |
|
G. |
de bhrí gur réamhriachtanas don fhorbairt inbhuanaithe é próiseas ceaptha beartais rannpháirtíochta atá trédhearcach, cuimsitheach agus éifeachtúil a bheith ann; |
|
H. |
de bhrí go bhfuil an inbhuanaitheacht ríthábhachtach chun na spriocanna agus na torthaí atá leagtha síos a bhaint amach agus, go háirithe, chun tionchar fadtéarmach na cabhrach um fhorbairt a bhaint amach; |
|
I. |
de bhrí gur cheart ailíniú chomhar um fhorbairt an Aontais le tosaíochtaí forbartha na dtíortha comhpháirtíochta féin a urramú i gcónaí agus de bhrí gur príomhghné é de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (“Clár Oibre 2030”) gur cheart do chomhar um fhorbairt an Aontais a bheith i gcomhréir le beartais an Aontais; |
|
J. |
de bhrí gur cheart féachaint go cúramach ar chomhleanúnachas agus comhlántacht beartas seachtrach éagsúil, go háirithe nuair a bhíonn roinnt beartas á gcur chun feidhme i dtír chomhpháirtíochta aonair, d’fhonn comhar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a chur chun cinn, sineirgí agus comhbhabhtálacha idir na beartais atá ann cheana a spreagadh, an iarmhairt dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ann toisc aon bheartas aonair amháin de chuid an Aontais a bheith ann le haghaidh réimse a ndéileáiltear leis seachas sin le beartas eile a sheachaint, agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint a mhéid is féidir; |
|
K. |
de bhrí go n-éascófaí gníomhaíochtaí faireacháin an Choimisiúin trí chaighdeánú na gcainéal cumarsáide idir tíortha comhpháirtíochta, eintitis arna gcistiú ag CEF agus an tAontas; |
|
L. |
de bhrí gur réamhriachtanais iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an dícheall cuí um chearta an duine le haghaidh grinnscrúdú daonlathach agus cabhair um fhorbairt éifeachtach; |
|
M. |
de bhrí nach mór aird ar leith a thabhairt ar an bhfíoras gur stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha iad cuid mhór de thíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC); de bhrí go bhfuil ról lárnach idirnáisiúnta ag oileáin, go háirithe oileáin ACC, go háirithe i gcomhthéacs an athraithe aeráide; |
|
N. |
de bhrí go bhfuil roinnt Tíortha agus Críoch Thar Lear (OCTanna) lonnaithe sna réigiúin chéanna ina bhfuil tíortha ACC; |
|
O. |
de bhrí go bhfuil dúshláin dhomhanda chomhchosúla os comhair OCTanna ach, murab ionann agus tíortha ACC, gur cuid de theaghlach na hEorpa iad agus gur cheart, dá bhrí sin, aird níos mó a thabhairt orthu agus cistí á seachadadh; de bhrí gur sainiúlachtaí ar cheart iad a chur san áireamh iad méid an-bheag na OCTanna agus an nasc bunreachtúil idir OCTanna agus an tAontas; |
|
P. |
de bhrí go ndéantar idirghabhálacha seachtracha an Aontais a sheoladh trí eagraíochtaí idirnáisiúnta, a chuireann cistí an Aontais chun feidhme nó a chómhaoiníonn tionscadail in éineacht leis an Aontas, agus lena n-áirítear dúshláin ó thaobh maoirseachta agus rialachais de; |
|
Q. |
de bhrí go bhfuil riosca suntasach rialachais ag baint le tacaíocht bhuiséadach don fhorbairt inbhuanaithe, cé go bhfuil ról lárnach aici maidir le hathrú a thiomáint chun tosaigh agus maidir le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a bhaineann le forbairt, agus nár cheart í a dheonú ach amháin má tá an stát is tairbhí in ann leibhéal leordhóthanach trédhearcachta, cuntasachta agus urraime don smacht reachta agus do chearta an duine a léiriú sula bhfaighidh sé cabhair tacaíochta buiséadaí, agus seiceálacha críochnúla ex post ina dhiaidh sin; |
|
R. |
de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht a chothú agus an t-éilliú agus an chalaois a chomhrac chun go n-éireoidh le hoibríochtaí tacaíochta buiséadaí an Aontais; |
|
S. |
de bhrí gur príomhghné den chabhair um fhorbairt í tacaíocht rialachais an Aontais agus gur cheart í a bheith dírithe níos mó ar athchóirithe éifeachtacha rialachais a bhaint amach sna tíortha comhpháirtíochta, amhail an smacht reachta, neamhspleáchas chóras na mbreithiúna, saoirse an phreasa agus na dálaí chun geilleagar margaidh a bhunú; |
|
T. |
de bhrí go ndéantar iniúchtaí agus gníomhaíochtaí CEF a chur chun feidhme i gcomhthéacsanna dúshlánacha trí aghaidh a thabhairt ar neamhchosaint atréimhseach gheopholaitiúil nó institiúideach; de bhrí gur ghéaraigh paindéim COVID-19 an staid sin, a bhí an-choimpléacsach cheana féin; |
|
U. |
de bhrí nach mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann a ról mar údarás um urscaoileadh a fheidhmiú go cuí ach amháin má choimeádann an Coimisiún ar an eolas í ar bhonn rialta agus cuimsitheach, trí fhaisnéis mhionsonraithe a thabhairt faoi thionscadail a mhaoiníonn CEF, faoi fhaighteoirí an chistithe faoi na tionscadail sin agus faoi chur chun feidhme na dtionscadal sin; |
|
V. |
de bhrí go bhfuil an 11ú CEF tar éis a chéim dheiridh a bhaint amach ós rud é gur tháinig a chlásal éagtha i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020 agus, amhail ó 2021, go n-áireofar na cláir CEF i gcreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais; de bhrí, áfach, go mbeidh conarthaí sonracha le haghaidh comhaontuithe maoiniúcháin atá ann cheana fós á síniú go dtí an 31 Nollaig 2023; |
Ráiteas urrúis
Cur chun feidhme airgeadais agus cur chun feidhme tionscadail na CEFanna (an t-ochtú go dtí an 11ú CEF) in 2020
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur ionann an 11ú CEF agus 46 % de phunann Ard-Stiúrthóireacht Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta an Choimisiúin (AS INTPA) ó thaobh íocaíochtaí de in 2020; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19, gur shroich gealltanais agus íocaíochtaí CEF, faoi seach, EUR 3 894 mhilliún agus EUR 4 677 milliún, agus iad os cionn, den chuid is mó, na spriocanna a socraíodh ar dtús le haghaidh 2020, eadhon EUR 3 267 milliún agus EUR 4 400 milliún; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurbh ionann gealltanais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus EUR 2 053 mhilliún, iad go léir bainteach leis an tSaoráid Infheistíochta agus, den chuid is mó, ó chistí imrothlacha, agus gurbh ionann íocaíochtaí BEI agus EUR 667 milliún in 2020, agus go mbaineann siad go léir leis an tSaoráid Infheistíochta freisin; |
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí rialta atá á ndéanamh ag AS INTPA seanghealltanais réamh-mhaoinithe agus seanghealltanais nár caitheadh a laghdú agus an t-ardú ar na spriocanna ó 25 % go 35 %, mar a cinneadh in 2020; ag tabhairt dá haire gur sháraigh AS INTPA an sprioc in 2020 i leith an dá tháscaire: laghdaíodh sean-réamh-mhaoiniú na CEFanna faoi 56 % (55 % ar fud réimse freagrachta iomlán AS INTPA) agus laghdaíodh na seanghealltanais nár caitheadh de chuid na CEFanna faoi 40 % (41 % i réimse freagrachta iomlán AS INTPA); |
|
3. |
ag tabhairt dá haire gur bhain AS INTPA amach freisin a sprioc nach mó ná 15 % de sheanchonarthaí atá imithe in éag do na CEFanna (i.e. 14 % in 2020 i gcomparáid le 15 % in 2019, le 17 % in 2018 agus le 17 % in 2017) agus gur bhain sé scór 11 % amach ina réimse freagrachta ina iomláine; ag tabhairt dá haire go n-eascraíonn na feabhsuithe as nósanna imeachta nua a tugadh isteach in 2017 chun conarthaí CEF a dhúnadh; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur dúnadh an t-ochtú CEF agus go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an naoú CEF a dhúnadh a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, nach féidir dúnadh an naoú CEF a thabhairt chun críche roimh 2023, agus é á chur san áireamh go bhfuil 19 gcinneadh agus 37 gconradh fós ar siúl, agus go mbaineann 3 chinneadh díobh sin leis an tSúdáin Theas agus gur cinneadh iad tar éis do chlásal éagtha an naoú CEF teacht i bhfeidhm, le dátaí conarthacha a mhairfidh go 2023; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas go tráthúil faoin intinn sin a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coimisiún leis an moladh ón gCúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina leith sin agus go gcuirfidh sé tuarascáil i dtoll a chéile gach bliain faoin dul chun cinn a bheidh déanta maidir le clabhsúr a chur leis an naoú CEF sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí; |
Iontaofacht na gcuntas
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid, sa tuarascáil bhliantúil uaithi maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, ag an naoú, ag an 10ú agus ag an 11ú CEF don bhliain airgeadais 2020, go gcuirtear i láthair go cothrom, i ngach gné ábhartha, leis na cuntais don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2020, staid airgeadais na CEFanna, torthaí a n-oibríochtaí, a sreafaí airgid agus na hathruithe ar a nglansócmhainní don bhliain dar críoch an dáta sin, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle (1) (“Rialachán Airgeadais CEF”) agus leis na caighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí; |
Dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais
|
6. |
á chur in iúl gur geal léi an tuairim ón gCúirt, ar dá réir atá an t-ioncam is bun leis na cuntais dar críoch an 31 Nollaig 2020 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; |
|
7. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an iliomad cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith le tuairimí díobhálacha i ndiaidh a chéile ón gCúirt maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais toisc go bhfuil tionchar ábhartha ag earráid ar an gcaiteachas arna glacadh sna cuntais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020; |
|
8. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur sháraigh an leibhéal measta earráide an tairseach ábharthachta, agus difear déanta do 3,8 % den chaiteachas don ochtú, don naoú, don 10ú agus don 11ú CEF (i gcomparáid le 3,5 % in 2019, 5,2 % in 2018, 4,5 % in 2017, 3,3 % in 2016, 3,8 % in 2014 agus 2015, 3,4 % in 2013 agus 3 % in 2012); ag tabhairt dá haire, i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2019, gur ionann an méadú ar an ráta earráide agus 0,3 %; á chur i bhfios, mar sin féin, gur gá aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an méadú sin, agus imthosca sonracha an fhreachnaimh um urscaoileadh 2020 á gcur san áireamh; |
|
9. |
á chur in iúl gurb oth léi gur tháinig athrú suntasach ar thíopeolaíocht na n-earráidí a sainaithníodh sa bhliain airgeadais 2020 i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2019, eadhon gur tháinig méadú ó 5,9 % go 38,3 % ar an earráid mheasta a bhaineann le caiteachas mar gheall ar easpa doiciméid tacaíochta riachtanacha; ag tabhairt dá haire gur chaiteachas neamh-incháilithe, a mhéadaigh ó 12,7 % in 2019 go 38,2 % in 2020, ba chúis leis an dara ráta earráide is airde don dara bliain i ndiaidh a chéile; ag tabhairt dá haire freisin gur tháinig laghdú ar na hearráidí a bhaineann le caiteachas neamhthabhaithe (43,6 % in 2019, i gcomparáid le 18,1 % in 2020) agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an ráta earráide measta a bhaineann le mainneachtain thromchúiseach rialacha soláthair phoiblí a chomhlíonadh, a laghdaigh faoi fhachtóir beagnach a deich (22,1 % in 2019, i gcomparáid le 2,2 % in 2020); |
|
10. |
á chur i bhfáth, as 140 idirbheart íocaíochta a ndearna an Chúirt athbhreithniú orthu, go raibh tionchar ag earráidí ar 36 (25,7 %) díobh, idir easpa doiciméid bhunriachtanacha tacaíochta (38,3 %) agus chaiteachas neamh-incháilithe (38,2 %) agus chaiteachas nár tabhaíodh (18,1 %); ag tabhairt dá haire gur ar bhonn 31 earráid arna gcainníochtú ag an gCúirt a thángthas ar an meastachán gurb é 3,8 % an leibhéal foriomlán earráide; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur bhainistigh toscaireachtaí ón Aontas sna tíortha comhpháirtíochta 119 den 140 idirbheart sampláilte agus go raibh earráidí inchainníochtaithe i 27 gcinn de na hidirbhearta sin; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur amhlaidh, mar gheall ar phaindéim COVID-19, nárbh fhéidir leis an gCúirt cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar thoscaireachtaí an Aontais agus ar thíortha comhpháirtíochta, agus dá bhrí nárbh fhéidir léi nósanna imeachta iniúchta áirithe a chur i gcrích, go háirithe cur chun feidhme conarthaí a fhíorú i leith na n-idirbheart a roghnaíodh, agus, dá bhrí sin, go raibh obair iniúchta na Cúirte teoranta go príomha d’athbhreithnithe deisce ar idirbhearta agus ar thionscadail trí nasc cianda le hiniúchaithe; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, gur uirlis choiteann den chuid is mó iad athbhreithnithe deisce agus nós imeachta iniúchóireachta á chur i gcrích agus meastóireacht á déanamh ar shonraí; á iarraidh ar an gCúirt cuairteanna ar an láthair a thosú arís a luaithe is féidir ag brath ar staid ghéarchéim COVID-19; á chur in iúl go bhfuil sí fós den tuairim gur gnéithe lárnacha iad seiceálacha ar an láthair, mar aon le húsáid cheart na dteicneolaíochtaí nua agus an digitiú, chun éifeachtacht agus bainistíocht fhónta airgeadais na CEFanna a áirithiú; |
|
12. |
á chur in iúl gurb oth léi, lasmuigh de dhálaí fíordheacra in 2020 i gcoitinne, gur chuir roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta bac ar mhisean na Cúirte a cuid oibre iniúchóireachta a phleanáil agus a chur i gcrích toisc gur dhiúltaigh siad nó gur theorannaigh siad an rochtain riachtanach ar dhoiciméid iniúchóireachta ábhartha, a bhí ina gcúis le moilleanna iomarcacha agus, dá bhrí sin, a bhí ina gcosc ar an gCúirt a sainchumais bhunúsacha a chumhdaítear in CFAE a chomhlíonadh, mar a luadh roimhe seo i mbarúlacha gaolmhara i dtuarascáil bhliantúil 2018 ón gCúirt; |
|
13. |
á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis malartuithe éagsúla tuairimí, tar éis na díospóireachta éisteachta a tionóladh sa Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa agus tar éis na bhfreagraí a fuarthas ón gCoimisiún ar cheisteanna i scríbhinn, bearta iomchuí agus éifeachtacha a dhéanamh chun a áirithiú go bhfaighidh an Chúirt rochtain neamhshrianta agus thráthúil ar an bhfaisnéis uile is gá chun feabhas a chur ar an gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus a bheith in ann dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas bhuiséad an Aontais a sheiceáil go hiomchuí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé gurb iad léirmhínithe éagsúla ar na ceanglais dhlíthiúla is cúis leis an rochtain theoranta; |
Trédhearcacht agus éifeachtacht na gcóras faireacháin agus dearbhaithe
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur amhlaidh, as an 31 earráid a cainníochtaíodh, arbh ionann cúig earráid (16,12 %) díobh agus earráidí inchainníochtaithe, a bhí faisnéis leordhóthanach ag an gCoimisiún chun an earráid a chosc, nó í a bhrath agus a cheartú, sular glacadh leis an gcaiteachas (in 2019, cainníochtaíodh 28 n-earráid a bhain le 9 gcás (32 %) agus bhí faisnéis leordhóthanach ann chun na hearráidí a luathbhrath nó a cheartú); ag tabhairt dá haire, dá mba rud é gur bhain an Coimisiún úsáid chuí as an bhfaisnéis uile a bhí ar fáil dó, go mbeadh an leibhéal measta earráide 1,19 bpointe céatadáin níos ísle; á iarraidh ar an gCoimisiún, d’ainneoin an fheabhsaithe i ndáil le 2019, dlús a chur lena iarrachtaí feabhas a chur ar a phróisis chun dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart a fhíorú agus chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí ar na fíoruithe; á áitiú, thairis sin, gur cheart aird bhreise a thabhairt ar sheiceálacha ex ante agus gur cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar laigí atá ann cheana; |
|
15. |
á mheas go mbeidh na gníomhaíochtaí faireacháin níos éifeachtaí má dhéantar faisnéis ón gCoimisiún a fhoilsiú agus a chomhroinnt go rialta leis an údarás um urscaoileadh roimh ré ar choinníoll go bhfuil an foilsiú agus an chomhroinnt sin i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme; |
|
16. |
á iarraidh ar an gCoimisiún dul ar aghaidh le formáid réamhbhunaithe le haghaidh na cumarsáide idir tíortha comhpháirtíochta, tairbhithe CEF agus an tAontas d’fhonn na hearráidí a d’aimsigh an Chúirt a laghdú; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt go ndearna an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme in 2020 níos mó earráidí in idirbhearta a bhain le deontais agus le comhaontuithe ranníocaíochta agus tarmligin le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus ná mar a rinne siad le cineálacha eile tacaíochta, amhail na cinn lena gcumhdaítear conarthaí oibreacha, soláthair agus seirbhíse (mar a tharla in 2019); ag tabhairt dá haire gur amhlaidh, as 67 (65 in 2019) n-idirbheart den chineál sin a scrúdaigh an Chúirt, go raibh earráidí suntasacha inchainníochtaithe i 27 díobh (40,3 %) i gcomparáid le 25 idirbheart (38 %) in 2019), arbh ionann iad agus 94,2 % den leibhéal measta earráidí (71,7 % in 2019); á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis chuimsitheach, nuashonraithe agus mhionsonraithe a fhoilsiú maidir le tionscadail a fuair cistiú agus maidir le faighteoirí cistí faoi na tionscadail sin, chun a chur chuige rioscabhunaithe a fheabhsú agus chun acmhainneacht rialúcháin a infheistiú i réimsí ar mó an baol earráidí a bhaineann leo; á athdhearbhú gur cheart aird bhreise a thabhairt ar sheiceálacha ex ante agus gur cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun cur leis an bhfíorú caiteachais; |
|
18. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di, d’ainneoin na hanailíse dearfaí a rinne AS INTPA ina Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí maidir le Príomhtháscairí Feidhmíochta le haghaidh 2020 (scór níos fearr faighte ag 14 Phríomhtháscaire Feidhmíochta ná mar a bhí amhlaidh in 2019), an bharúil ón gCúirt, mar a bhí amhlaidh blianta roimhe seo, go léirítear le minicíocht na n-earráidí a sainaithníodh, lena n-áirítear roinnt earráidí atá in éilimh dheiridh a bhí faoi réir iniúchadh seachtrach agus fíoruithe caiteachais ex ante, go bhfuil laigí fós sna seiceálacha sin; á athdhearbhú go bhfuil sí ag dréim leis go mbeidh an córas rialúcháin níos déine agus á iarraidh ar AS INTPA leanúint de na hiarrachtaí feabhas a chur ar an measúnú ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht a chórais rialúcháin trí phríomhtháscairí feidhmíochta a shainaithint don dá cheann, trí spriocanna réalaíocha uaillmhianacha a leagan síos agus trína chóras rialúcháin a chur faoi fhaireachán agus a fheabhsú; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún ardán a chur ar bun lena gcumhdófar tionscadail atá cistithe ag CEF de réir tíre, agus a bheidh dírithe ar fhaighteoirí deiridh na gcistí faoi na tionscadail sin, ar spriocanna ginearálta agus sonracha tionscadail agus, thar aon ní eile, ar a dtorthaí praiticiúla ó thaobh an mhéadaithe inmhianaithe ar na hinnéacsanna forbartha; ag tabhairt le fios go méadófaí iontaofacht an rialaithe agus infheictheacht chabhair um fhorbairt an Aontais dá ndéanfaí ardán comhtháite idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin den sórt sin a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, machnamh a dhéanamh freisin ar dhul i mbun idirphlé leis na tíortha is tairbhithe i dtaca leis an bhféidearthacht uirlis aonair scórála riosca a úsáid amach anseo; |
|
19. |
á chur in iúl gurb oth léi nár thug an Coimisiún aon obair leantach sna freagraí ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte i ndáil leis an mbarúil shonrach maidir leis an laige atriallach agus á mheas go bhféadfadh sé nach mbeadh cúinsí costéifeachtúlachta a d’úsáid an Coimisiún i seiceálacha ex post éifeachtach agus go bhféadfadh sé go n-eascródh astu na laigí ceannanna céanna atá á gcur in iúl ag an gCúirt agus ag an bParlaimint le fada; á iarraidh ar an gCoimisiún an cur chuige sin a athbhreithniú ionas go dtabharfar aghaidh iomlán ar na heasnaimh agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a bheidh déanta; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur measadh sa naoú staidéar ar an ráta earráidí iarmharacha de chuid AS INTPA, a rinne conraitheoir seachtrach thar a cheann in 2020, go raibh an ráta earráidí iarmharacha foriomlán faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % arna leagan síos ag an gCoimisiún don chúigiú bliain as a chéile (0,95 % in 2020); 1,13 % in 2019; 0,85 % in 2018; 1,18 % 2017; 1,67 % 2016) (2); |
|
21. |
á chur i bhfios gur amhlaidh, mar a tharla sna blianta roimhe seo, a mheasann an Chúirt go bhfuil go leor tosca ann a chuireann le gannmheastachán an ráta earráidí iarmharacha, mar a tarraingíodh anuas i réiteach um urscaoileadh na bliana 2019, agus gurb iad na príomhtheorainneacha an modh chun an ráta earráidí iarmharacha a chinneadh agus róspleáchas ar obair rialúcháin a rinne an Coimisiún go díreach nó a rinne tríú páirtithe neamhspleácha (sciar 17 % a bhí ina spleáchas iomlán agus 37 % a bhí ina spleáchas páirteach); ag tacú leis an meastóireacht ón gCúirt atá contrártha le cuspóir an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha, arb é atá sa chuspóir sin na hearráidí siúd nár thángthas orthu sna seiceálacha sin a shainaithint; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire go n-eascraíonn toisc eile as an bhfíoras go ndírítear sa staidéar ar an ráta earráidí iarmharacha ar athbhreithniú a dhéanamh ar réimsí ísealriosca amhail ionstraimí tacaíochta buiséadaí, agus dá bharr sin go laghdaítear an fhéidearthacht go n-aimseofar earráidí iarbhír, i gcomparáid le hathbhreithniú iomlán ar réimsí ardriosca amhail deontais agus conarthaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le gníomhaireachtaí de chuid na mBallstát; |
|
23. |
á mheabhrú gur áiríodh cheana i dtuarascáil bhliantúil CEF, 2019 an moladh ón gCúirt don Choimisiún forchoimeádais a eisiúint do na réimsí uile a bhféadfadh riosca ardleibhéil a bheith iontu, gan beann ar a sciar den chaiteachas iomlán agus a dtionchar airgeadais; á chur in iúl gurb oth léi nach nglacann an Coimisiún leis an moladh; ag tabhairt chun suntais go bhfuil an Chúirt an-soiléir agus comhsheasmhach agus á chur in iúl go bhfuil an Coimisiún ag laghdú a chumais rioscaí a shainaithint ina réimse iomlán freagrachta tríd an riail de minimis a chur i bhfeidhm; á mheas gur staid an-chontúirteach é réimsí a eisiamh mar gheall ar a dtionchar airgeadais ach iad fós ina réimsí a measann AS INTPA féin go bhfuil ardriosca ag baint leo; ag tacú go láidir leis an gCúirt sa mholadh uaithi agus á iarraidh ar an gCoimisiún a chur chuige a athbhreithniú dá réir sin; |
|
24. |
á chur in iúl gurb é a tuairim gur fiú béim a chur ar an bpointe nach ndéantar, sa chreat rialála lena rialaítear an staidéar ar an ráta earráidí iarmharacha agus an conradh idir AS INTPA agus conraitheoir an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha, foráil maidir le haon chur chuige sistéamach chun tuairisciú a dhéanamh ar chalaois amhrasta in aghaidh bhuiséad an Aontais a bhraitear le linn a chuid oibre i dtaca leis an ráta earráidí iarmharacha; ag tacú go láidir le moladh na Cúirte sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur ghlac an Coimisiún lámhleabhar agus modheolaíocht nua le haghaidh an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha ag tús mhí Eanáir 2022, agus na barúlacha ón gCúirt á gcur san áireamh a mhéid is féidir; ag tabhairt dá haire, leis an leagan nua den lámhleabhar, go méadaítear líon na gcuairteanna allamuigh ó 9 go 12 agus go dtugtar soiléiriú breise faoi sheiceálacha soláthair; á iarraidh, chun teorainn a chur leis an spleáchas ar obair rialaithe a rinneadh roimhe seo, go ndéanfaí faireachán ar na seiceálacha sin i bhfianaise na meán stairiúil, nithe nár cheart a shárú go mór gan údar cuí mionsonraithe a thabhairt; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, go bhfuil oibleagáid anois ar chonraitheoir an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha fógra a thabhairt don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon amhras gur tharla calaois nó mírialtacht nó gur dócha gur tharla sí; á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise líon ard na n-imscrúduithe calaoise le blianta beaga anuas, trédhearcacht níos fearr a áirithiú i dtaca leis an sreabhadh airgid agus na córais rialaithe a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta a tugadh isteach sa mhodheolaíocht i dtaca leis an ráta earráidí iarmharacha nó sna téarmaí tagartha chun cur in iúl calaoise amhrasta ag conraitheoir an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha a chur ar bhonn foirmiúil; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt ráiteas maidir leis an easpa forchoimeádas, arb easpa gan údar í, i dtuarascáil bhliantúil 2020 ar ghníomhaíochtaí mar gheall ar theorainneacha an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha, ar thaobh amháin, agus caomhnú na rialach de minimis, is é sin níos lú ná 5 % de na híocaíochtaí iomlána a bhfuil tionchar airgeadais níos lú ná EUR 5 mhilliún acu, ar an taobh eile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh an mheastóireacht sin difear a dhéanamh d’éifeachtacht na tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó AS INTPA; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur amhlaidh, ag deireadh 2020, a bhí 17 n-imscrúdú calaoise ar siúl (19 in 2019); |
|
27. |
á chur i bhfáth go gcruthaítear leis an méid ollmhór acmhainní arna leithdháileadh chun freagairt ar na riachtanais phráinneacha a thagann as géarchéim COVID-19, mar aon le bearta maoirseachta agus cuntasachta níos solúbtha, neart deiseanna freisin chun go bhfásfaidh an chalaois agus an t-éilliú agus go mbeidh rath orthu; á mheabhrú nach amháin go bhfuil an t-éilliú díobhálach don fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus don téarnamh uathu ach go mbaintear an bonn de bhaint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus Chlár Oibre 2030 dá dheasca; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur léiríodh le rioscaí calaoise agus éillithe, fiú roimh phaindéim COVID-19, nár leor na hiarrachtaí a bhí ar bun chun an t-éilliú agus an chalaois a chomhrac agus a chosc; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh maidir le héilliú agus calaois a chomhrac, laistigh de theorainneacha a sainordaithe; |
|
28. |
á chreidiúint gur cheart díriú ar bhealach níos fearr ar FBManna áitiúla mar aon leis an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar bhunchloch an chomhair i dtaca le bainistiú réimse na dtionscadal de chuid thoscaireachtaí AE; á chur i bhfios go láidir nach mór níos mó iarrachtaí a dhéanamh chun prionsabail an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt a chomhlíonadh, go háirithe maidir le beartais trádála, talmhaíochta, iascaigh, chomhshaoil, aeráide agus imirce an Aontais mar aon lena bheartas eachtrach agus slándála, chun cuspóirí éifeachtachta cabhrach a bhaint amach; ag athdhearbhú nach mór don chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt a bheith ina chuspóir tábhachtach den chur chuige comhleanúnach arna cheapadh faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI)-an Eoraip Dhomhanda (3); |
|
29. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí curtha i gcrích ag AS INTPA chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as úsáid nósanna imeachta eisceachtúla airgeadais nó soláthair sa fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, go háirithe trí bhíthin tacaíocht bhuiséadach; ag tabhairt dá haire, áfach, gurb é riosca an éillithe agus na calaoise an riosca is mó a bhraitheann daoine atá ann i ngach réigiún, fiú más féidir laghdú beag a thabhairt faoi deara le himeacht ama; á iarraidh ar AS INTPA leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chúrsaí agus aird ar leith a thabhairt ar na tíortha is leochailí; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid an údaráis um urscaoileadh maidir le haon fhorbairtí breise; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur fhorbair AS INTPA dréachtstraitéis frithchalaoise nua in 2020, agus gur cuireadh moill ar a glacadh go 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an straitéis frithchalaoise bunaithe ar shuirbhé AS INTPA chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus ar rialuithe, ar anailís riosca a bheidh le nascadh leis an ICFCI nua, ar na modhanna nua cur chun feidhme agus ar straitéis frithchalaoise an Choimisiúin a glacadh in 2019; ag cur béim freisin ar an ról atá ag an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh mar uirlis riachtanach chun pionós a ghearradh ar chalaois agus ag moladh arís do AS INTPA úsáid an chórais sin a chur in iúl ar bhealach níos fearr; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire le teann sásaimh go bhfuil gealltanas leanúnach tugtha ag an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfaidh sí a cuid oibleagáidí uile faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair agus faoi pheirspictíochtaí airgeadais roimhe sin amhail is dá mba Bhallstát fós í, mar a léirítear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go luaitear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina páirtí in CEFanna go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus na CEFanna uile atá gan dúnadh roimhe sin, agus go bhfuil sí chun, i ndáil leis sin, na hoibleagáidí céanna a ghlacadh agus atá á nglacadh ag na Ballstáit faoin gComhaontú Inmheánach lenar bunaíodh í agus na hoibleagáidí a eascraíonn as CEFanna roimhe seo go dtí go ndúnfar iad, agus go bhfuil an Ríocht Aontaithe i dteideal a bheith rannpháirteach, mar bhreathnóir gan cearta vótála, sa Choiste CEF; |
Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le gníomhaireachtaí forbartha an Aontais agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha
|
32. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta maidir leis an bhfaireachán rialta ar na ceanglais maidir le measúnú na gcolún agus na tuarascálacha ón gCoimisiún ina leith in ainneoin thionchar an víris COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar mheasúnuithe na gcolún agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn agus faoi na torthaí i bhfianaise an mheasúnaithe chomhlántaigh ar na heintitis uile a ndearnadh measúnú colún orthu agus i bhfianaise na sprice go gcuirfí i gcrích iad faoi dheireadh 2021, spriocdháta ar cuireadh síneadh leis de bharr COVID-19 (4); |
|
33. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur amhlaidh, ó thréimhse 2021-2027 CAI, go ndearnadh na CEFanna, an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt agus ionstraimí eile leis an ionstraim “ICFCI-an Eoraip Dhomhanda” a ionchorprú i mbuiséad ginearálta an Aontais faoi cheannteideal 4 “an Eoraip Dhomhanda”, arb ionann é sin agus 6,6 % nó EUR 11,4 billiún de bhuiséad ginearálta an Aontais: den mhéid sin, caitear EUR 3 bhilliún (26,7 %) ar an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt, EUR 2,7 billiún (23,2 %) ar an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, EUR 1,9 billiún (16,9 %) ar an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, EUR 1,9 billiún (16,8 %) ar chabhair dhaonnúil, agus an chuid eile de ghníomhaíochtaí agus cláir eile; ag tabhairt dá haire gur ionchorpraíodh modhanna cur chun feidhme agus forálacha solúbthachta áirithe de chuid CEFanna i Rialachán (AE) 2021/947; á mheabhrú gur éileamh seanbhunaithe de chuid na Parlaiminte é buiséadú CEFanna; |
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi nach mbeidh maoiniú an chomhair sin faoi réir comhaontú idir-rialtasach idir na Ballstáit a thuilleadh ach go ndéanfar an comhar sin a mhaoiniú ina ionad sin trí chóras acmhainní dílse bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, áfach, go leanfar de thionscadail leanúnacha arna maoiniú faoi CEFanna roimhe seo, lena n-áirítear an 11ú CEF, i dtíortha ACC a chur chun feidhme i gcomhréir lena rialacha sonracha go dtí go gcuirfear i gcrích ina n-iomláine iad agus ag dréim leis go mbeidh tionchar an fhorluí normataigh sin teoranta; |
|
35. |
á chur i bhfáth go bhfuil freagrachtaí agus cúraimí institiúideacha nua i gceist le leagan amach nua den sórt sin, go háirithe don Pharlaimint mar bhrainse amháin den údarás buiséadach don bhuiséad bliantúil; ag dréim leis go mbeidh tairbhe le baint as na socruithe nua sin ag an trédhearcacht bhuiséadach, ag an gcomhleanúnachas beartais agus ag an gcuntasacht dhaonlathach; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról níos mó ag Parlaimint na hEorpa i réimse na gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta faoin Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear tríd an idirphlé ardleibhéil geopholaitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis an ionstraim airgeadais nua “ICFCI-an Eoraip Dhomhanda”, arb í an ionstraim a thiocfaidh i gcomharbacht ar na CEFanna í, faisnéis a thaispeáint, ar bhonn tíre agus ó thús chur chun feidhme ghníomhaíochtaí ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, faoi na gníomhaíochtaí uile a chistítear leis an ionstraim sin, bídís cómhaoinithe nó ná bídís le deontais nó iasachtaí ó aon ghníomhaí eile, i dtaca le méideanna an chistithe ón Aontas agus torthaí ar bhealach caighdeánaithe atá comhchuibhithe leis na Ballstáit agus ar bhealach atá intuigthe go héasca ag saoránaigh an Aontais agus ag saoránaigh na dtíortha comhpháirtíochta; |
|
36. |
á athdhearbhú gur gá trédhearcacht iomlán sonraí, agus an rochtain orthu, a áirithiú, i gcomhréir le dlí an Aontais atá ann cheana, maidir le tionscadail arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus gur gá rialacha soiléire a thabhairt maidir le rialú agus faireachán; |
|
37. |
á chur i bhfáth arís nach mór d’eintitis a bhfuil cur chun feidhme chistí an Aontais curtha ar a n-iontaoibh, mar phrionsabal ginearálta, prionsabail an bhainistithe fhónta airgeadais agus na trédhearcachta a urramú; á chur i bhfáth nach mór d’aon eintiteas rannchuidiú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus nach mór dó, mar choinníoll chun cistí a fháil, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Chúirt agus do OLAF; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil gá fós le cur chuige níos córasaí i dtaca le tacaíocht an Aontais agus na hiarrachtaí a dhéanann sé dul i ngleic le dúshláin dhomhanda a chur in iúl dá chomhpháirtithe chun infheictheacht an Aontais a fheabhsú agus chun trédhearcacht, cuntasacht agus dícheall cuí chearta an duine a neartú feadh shlabhra an chistithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht le cur chuige Fhoireann na hEorpa maidir le héifeachtacht agus infheictheacht chúnamh an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún iarracht i bhfad níos mó a dhéanamh rialuithe samplacha ar an láthair a dhéanamh blianta tar éis do na tionscadail chómhaoinithe a bheith tugtha chun críche chun tionchar leanúnach agus feidhmíocht idirghabhálacha CEF a sheiceáil agus chun na bearta is gá a dhéanamh chun tionchar fadtéarmach na dtionscadal a áirithiú; |
Tacaíocht bhuiséadach an Aontais
|
39. |
ag tabhairt dá haire go gcomhlánaítear an creat ginearálta um thacaíocht bhuiséadach, faoinar féidir tacaíocht bhuiséadach a úsáid mar mhodh cur chun feidhme i réimse na gníomhaíochta seachtraí, le sraith treoirlínte cuimsitheacha lena gcuirtear treoir mhionsonraithe (5) ar fáil maidir leis na nósanna imeachta chun bainistiú riosca fónta a choimirciú agus chun athbhreithniú cáilíochta, faireachán agus tuairisciú ag toscaireachtaí de chuid an Aontais agus ag seirbhísí lárnacha an Choimisiúin a chur chun feidhme; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil feabhas tagtha le himeacht ama ar na treoirlínte um thacaíocht bhuiséadach agus ar na socruithe inmheánacha, lena n-áirítear ar mholtaí a fuarthas ón gCúirt agus ón bParlaimint; |
|
40. |
ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear réimse leathan earnálacha le tacaíocht an Aontais, agus 228 conradh curtha chun feidhme in 95 thír nó críoch in 2020, arb ionann iad, ar an meán, agus thart ar 40 % de na cláir náisiúnta um chomhar le tíortha comhpháirtíochta; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, cé go ndearnadh íocaíochtaí idir EUR 1,6 billiún agus EUR 1,8 billiún in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2019, gurbh ionann eisíocaíochtaí tacaíochta buiséadaí an Aontais agus beagnach EUR 3 bhilliún in 2020 de thoradh phaindéim COVID-19; á mheas go raibh an tacaíocht sin ríthábhachtach mar chabhair chun athléimneacht na dtíortha a chothú, ionas gurbh fhéidir leo díriú ar athchóirithe in earnálacha éagsúla agus teacht roimh a thuilleadh cúluithe eacnamaíocha agus sóisialta; |
|
41. |
ag tabhairt dá haire gur ionann ranníocaíocht tacaíochta buiséadaí na CEFanna agus 39 % de mhéid iomlán thacaíocht bhuiséadach an Aontais a íocadh in 2020 (EUR 1 164 mhilliún as EUR 2 986 mhilliún); ag tabhairt dá haire gur bhain 40 tír ACC agus 8 dtír agus críoch thar lear tairbhe as tacaíocht bhuiséadach in 2020; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire gur shroich ranníocaíocht CEFanna le gníomhaíochtaí tacaíochta buiséadaí in 2020 EUR 1 240,6 milliún (i gcomparáid le EUR 790,3 milliún in 2019), arbh ionann EUR 552,3 milliún de sin agus gealltanais nua (i gcomparáid le EUR 366,8 milliún in 2019), agus cumhdach geografach 60 tír chomhpháirtíochta (5 níos mó ná in 2019) ann, arb ionann é agus 102 chonradh tacaíochta buiséadaí (20 níos mó ná in 2019); ag tabhairt faoi deara go ndearnadh EUR 82,8 milliún (i gcomparáid le EUR 70,0 milliún in 2019) a eisíoc trí CEFanna le haghaidh 12 thír agus go raibh 13 chonradh tacaíochta buiséadaí faoina chuimsiú sin, an méid céanna agus a bhí i gceist sa bhliain airgeadais 2019; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb í an Afraic fho-Shahárach an faighteoir a fuair an méid is mó den tacaíocht bhuiséadach in 2020 agus sciar 38 % (36 % in 2019) faighte aici; ag tabhairt faoi deara, thairis sin, gur tíortha íseal-mheánioncaim a fuair 52,4 % (47 % in 2019) de na gealltanais leanúnacha iomlána; ag tabhairt dá haire gur tíortha ísealioncaim a fuair 29,4 % de na gealltanais iomlána, ar dearbhú é ar an treocht laghdaitheach a thug sí dá haire in 2019 (32 % i gcomparáid le 38 % in 2018); ag tabhairt dá haire gur amhlaidh, ar an iomlán, atá 47 % de na cláir leanúnacha tacaíochta buiséadaí á gcur chun feidhme sna tíortha is lú forbairt; |
|
44. |
á mheabhrú gurb é is aidhm don tacaíocht bhuiséadach an chomhpháirtíocht le tíortha comhpháirtíochta an Aontais a neartú, an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, an bhochtaineacht a dhíothú, neamhionannais a laghdú agus an tsíocháin agus an daonlathas a dhaingniú, agus é mar aidhm léi ar deireadh rannchuidiú le baint amach na SDGanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacaíocht bhuiséadach an Aontais le treorú ag prionsabail éifeachtachta Busan a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, amhail an úinéireacht ag na tíortha comhpháirtíochta, an fócas ar thorthaí, an chuimsitheacht agus an chuntasacht; ag tabhairt chun suntais gur amhlaidh, toisc go gcothaítear léi an trédhearcacht agus an dea-rialachas, go bhfuil an tacaíocht bhuiséadach ina rannchuidiú freisin leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus na calaoise; á mheabhrú nach mór don tacaíocht bhuiséadach freagairt do riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta agus do phríomhbheartais an Aontais; á mheabhrú gur gá feidhmíocht na gclár agus a dtionchar i dtíortha comhpháirtíochta agus ar an bpobal sibhialtach a thomhas freisin; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire, ó thaobh an rannchuidithe choibhneasta leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) de, go rannchuidíonn cláir tacaíochta buiséadaí go mór le SDG 16 (síocháin, ceartas agus rialachas), SDG 17 (comhpháirtíochtaí), SDG 5 (comhionannas inscne) agus SDG 1 (díothú na bochtaineachta); á chur in iúl gur geal léi raon feidhme láidir ilghnéitheach na gclár tacaíochta buiséadaí agus á mheas gur cheart dóibh tacú leis an bhfiontraíocht agus leis an tionscnaíocht phríobháideach chun an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a threisiú, mar a mholtar in SDG 9 (Bonneagar athléimneach a thógáil, tionsclaíocht ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn agus an nuálaíocht a chothú) agus in SDG 17 (na modhanna cur chun feidhme a neartú agus an chomhpháirtíocht dhomhanda a athbheochan ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe); |
|
46. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag an bhfiontraíocht agus ag an earnáil phríobháideach sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta trí phoist, geilleagar inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe a chruthú; ag tabhairt chun suntais gur féidir le soláthar oiliúna gnó cabhrú le fiontraithe ar mhionscála gnólachtaí a chur ar bun agus na cleachtais ghnó a fheabhsú i dtíortha comhpháirtíochta; ag tabhairt dá haire, chun éifeachtacht na gclár sin a fheabhsú, gur cheart an oiliúint sin a chomhlánú le tacaíocht shaincheaptha agus le seirbhísí leantacha; á iarraidh, sa bhreis air sin, go leanfaí de chumhachtú na mban agus na bhfear araon, mar aon leis na beartais is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ábhartha sin; |
|
47. |
ag admháil gur athcheap an Coimisiún na cláir sin mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, rud a fhágann gur cuireadh táscairí ó mhaith (níl siad ábhartha de bharr na géarchéime nó níl siad bailí a thuilleadh) agus go ndearnadh tráinsí athraitheacha a thiontú ina dtráinsí seasta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbaineann scoithdhátaí le roinnt de na táscairí agus de na spriocanna agus gur cuireadh ar athló go 2021 iad; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, gur tháinig athrú ar an gcóimheas idir tráinsí seasta agus tráinsí athraitheacha in 2020, agus meánsciar 84 % bainte amach i gcás tráinsí seasta (44 % in 2019) agus 16 % i gcás tráinsí athraitheacha (56 % in 2019); á mheabhrú, i ndáil leis sin, go bhféadfadh tráinsí athraitheacha tionchar níos fearr a imirt ó thaobh an t-idirphlé beartais agus polaitiúil leis na tíortha comhpháirtíochta a dhoimhniú maidir leis na príomh-athchóirithe atá le déanamh; á iarraidh, dá bhrí sin, í a choinneáil ar an eolas maidir le héifeachtaí agus torthaí athcheapadh na gclár; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár choinnigh ach an Mhuir Chairib, an Afraic láir, Meiriceá Laidineach agus na Balcáin Thiar tráinsí athraitheacha a bhí níos mó go coibhneasta ina gcuid íocaíochtaí ina n-iomláine; |
|
48. |
á iarraidh arís ar sheirbhísí an Choimisiúin leanúint de mheasúnú docht a dhéanamh ina n-idirphlé beartais ar na rioscaí a bhaineann le seachaint cánach corparáide, le himghabháil cánach agus le sreafaí aindleathacha airgeadais lena ndéantar difear do thíortha i mbéal forbartha go háirithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar shlógadh an ioncaim intíre agus ar bhainistiú an airgeadais phoiblí i gcoitinne, ar cuid de na critéir tacaíochta buiséadaí é; ag moladh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar fioscach agus cabhrú le cuspóirí atá dírithe ar infheistíocht a bhunú; |
|
49. |
á mheas gur cheart a chur san áireamh sna measúnuithe ar riachtanais i ndáil le clársceidealú ICFCI-an Eoraip Dhomhanda staideanna fiachais na dtíortha agus an chaoi a dtéann na staideanna sin i bhfeidhm ar an gcumas na SDGanna a bhaint amach; |
|
50. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé do dheontóirí nach ndéanfaí an t-ualach fiachais a mhéadú; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit tionscnamh nua um fhaoiseamh fiachais a fhorbairt, mar chéad chéim, agus é sin sa bhreis ar na gealltanais a thug sé maidir le moratóir fiachais, le haghaidh na dtíortha bochta a bhfuil fiacha ollmhóra orthu; á iarraidh, ar bhonn níos leithne, go gcruthófaí sásra iltaobhach chun fiachas a oibriú amach chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime fiachais agus ar cheanglais mhaoinithe Chlár Oibre 2030 araon; |
Feidhmíocht
|
51. |
ag tabhairt dá haire go gcuirtear tacaíocht an Aontais chun feidhme i gcomhthéacs Chlár Oibre 2030, lena n-éilítear cur chuige iomlánaíoch i leith na forbartha sóisialta, eacnamaíche agus comhshaoil, agus é sin bunaithe ar na SDGanna; |
|
52. |
ag moladh don Choimisiún leanúint dá chuid iarrachtaí rátaí earráide a laghdú trí bhearta comhréireacha a dhéanamh mar fhreagairt ar limistéir ardriosca a sainaithníodh cheana féin; |
|
53. |
ag aithint go raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar an Eoraip agus ar an gcuid eile den domhan in 2020 agus á chur in iúl gur geal léi an fhreagairt chomhordaithe ón gCoimisiún ar an ngéarchéim shláinte agus ar an tionchar ar gheilleagar agus ar shochaí na hEorpa; ag tabhairt dá haire go bhfuil dúshláin ag baint le paindéim COVID-19 a mhéid a bhaineann le feidhmíocht, rialú, iniúchóireacht agus dearbhú i ndáil le buiséad an Aontais don bhliain 2020; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna seirbhísí uile an Choimisiúin iarrachtaí cosaint chomhsheasmhach dhian bhuiséad an Aontais a chur chun cinn, agus gur áirithíodh leis na hiarrachtaí sin gur cuireadh bearta maolaitheacha iomchuí i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire gur mar fhreagairt chomhpháirteach ar phaindéim COVID-19 a sheol gníomhaithe forbartha uile na hEorpa cur chuige Fhoireann na hEorpa chun tacú le cur chun cinn na dtosaíochtaí agus na gcaighdeán beartais Eorpach; |
|
54. |
ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil cur chun feidhme fhreagairt Fhoireann na hEorpa ar phaindéim COVID-19 an-éifeachtach, agus gurbh fhéidir dá chionn sin na hacmhainní CEF a bhí ar fáil le haghaidh 2020 a fhorghníomhú go hiomlán; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcuairteanna ar thionscadail, ar cuireadh cian-iniúchtaí ina n-ionad de dheasca COVID-19; á mheas nach féidir comparáid a dhéanamh idir iniúchtaí cianda agus fíorsheiceálacha ar an láthair agus á iarraidh ar an gCoimisiún cuairteanna a atosú a luaithe is féidir agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 á gcur san áireamh ó thaobh teicneolaíochtaí agus ionstraimí a úsáid chun cuairteanna a chomhlánú; |
|
55. |
ag aithint go raibh dea-tionchar uilíoch ar an iomlán ag an tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19 (COVAX), saoráid ar bhain roinnt dúshláin cur chun feidhme agus laigí di i rith an phróisis, agus á chur in iúl gur geal léi an dea-thionchar sin; ag tabhairt dá haire, faoi lár mhí an Mhárta 2022, go raibh os cionn 1,3 billiún dáileog curtha ar fáil ag COVAX do 144 thír agus gur saor in aisce a deonaíodh os cionn 500 milliún dáileog díobh sin; ag tabhairt dá haire, faoi lár mhí an Mhárta 2022, go raibh os cionn 400 milliún dáileog roinnte ag na Ballstáit; ag tabhairt dá haire gur chuir ganntanas soláthair bac ar thionchar COVAX, rud a d’fhág nárbh fhéidir le COVAX an sprioc a bhí aige le haghaidh 2021 a bhaint amach (6); |
|
56. |
á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit leanúint de bheith ag infheistiú i vacsaíní in aghaidh COVID-19 agus i vacsaíní eile do thíortha atá i mbéal forbartha agus ag cabhrú le feabhas a chur ar shlabhraí dáileacháin; |
|
57. |
ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá AS INTPA maidir leis an oideachas, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá aige san fhorbairt dhaonna agus mar phríomhchumasóir le haghaidh thosaíochtaí uile an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, chuige sin, an caiteachas méadaithe ar an oideachas in 2020, ag dul ó 7 % go 10 % de phunann iomlán AS INTPA; ag tabhairt dá haire le teann sásaimh gur thacaigh AS INTPA, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, leis na pobail is leochailí sna tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear trí thionscnaimh dhomhanda oideachais, ionas nach bhfágfar glúin iomlán daoine ar gcúl; ag meabhrú a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh an rochtain chéanna ag cailíní agus buachaillí ar an oideachas agus ar an scoil i ngach tír chomhpháirtíochta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur tosaíocht é an comhionannas deiseanna i gcúrsaí forbartha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór rochtain na mban óg ar thionscadail agus cistí Eorpacha a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta; |
|
58. |
ag meabhrú gur cheart aird ar leith a thabhairt ar phobail leochaileacha, ós rud é go mbíonn níos mó deacrachtaí acu ó thaobh inrochtaineachta de; á iarraidh go gceapfaí bearta agus cláir nithiúla agus go ndéanfaí tuilleadh cistithe a leithdháileadh, go háirithe ar dhaoine atá faoi mhíchumas; |
|
59. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil CEFanna tar éis rannchuidiú go dearfach le torthaí forbartha ar leibhéal na tíre, ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach raibh torthaí le sonrú chomh héasca céanna ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfios go láidir go bhfuarthas amach nach ndearnadh prionsabail na húinéireachta, an bhainistithe de réir torthaí agus na cuntasachta frithpháirtí a chur i bhfeidhm chomh comhsheasmhach céanna faoin 11ú CEF; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léiríodh i meastóireacht an Choimisiúin gur ghá feabhas a chur ar thuairisciú CEFanna maidir le héifeachtacht chun é a dhéanamh níos cuntasaí; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún na ceachtanna a foghlaimíodh a chur san áireamh go han-chúramach agus ICFCI-an Eoraip Dhomhanda á cheapadh aige agus gur léiríodh iad sna táscairí a roghnaíodh; |
|
60. |
á iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán agus idirphlé beartais críochnúil le tíortha comhpháirtíochta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le cuspóirí, an dul chun cinn i dtreo torthaí comhaontaithe agus táscairí feidhmíochta; á iarraidh arís eile ar an gCoimisiún an tionchar forbartha a bhfuiltear ag dréim leis a shainiú agus a thomhas ar bhealach níos fearr agus, go háirithe, feabhas a chur ar an sásra rialúcháin maidir le hiompar tíortha is tairbhithe i réimsí an éillithe, an smachta reachta, na hurraime do chearta an duine, an dea-rialachais agus an daonlathais; á chur i bhfáth gur gá an earnáil phríobháideach a áireamh san idirphlé straitéiseach sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht leis an rialú daonlathach ar an gcaoi a n-úsáidtear tacaíocht bhuiséadach an Aontais i dtíortha is faighteoirí; |
|
61. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún meastóireacht feidhmíochta a dhéanamh, ar bhonn tíre, ar na tionscadail fhadtéarmacha CEF-mhaoinithe chun léiriú a thabhairt ar an bhfíorthionchar ar an tír ábhartha a bhí ag infheistíocht an Aontais le deicheanna de bhlianta agus ar an gcaoi ar chabhraigh sé go héifeachtach le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus inbhuanaithe na dtíortha tairbhíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh i dtaca le tionscadail nár cuireadh chun feidhme ar bhealach éifeachtach nó éifeachtúil agus gníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh amach anseo; |
|
62. |
ag tabhairt dá haire gur amhlaidh, mar a tharla i dtuarascáil 2019, nár chuir an Chúirt feidhmíocht na CEFanna san áireamh i gCaibidil 6, dar teideal “an Eoraip Dhomhanda”, dá tuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire nach ndearna an Chúirt meastóireacht chothrománach mhionsonraithe ar fheidhmíocht na CEFanna go fóill; á aithint, mar gheall ar bhuiséadú CEF, go ndéanfaidh an Chúirt iniúchadh ar an CEF nua freisin mar chuid de bhuiséad fadtéarmach an Aontais; |
|
63. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil na CEFanna tar éis rannchuidiú le cuspóirí 14 (forbairt dhaonna) agus 12 (post inbhuanaithe) de chuid AS INTPA; á mheabhrú go bhfuil an tsláinte, comhionannas inscne, an t-oideachas, an fhostaíocht agus feabhsú dálaí maireachtála i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe ar mhaithe leis na daoine is leochailí, lena n-áirítear imircigh agus dídeanaithe; ag admháil gur chuir paindéim COVID-19 isteach ar shochaithe ar a lán bealaí, rud a bhain an bonn den dul chun cinn a baineadh amach san fhorbairt dhaonna le blianta beaga anuas, a chuir brú ar dhaoine leochaileacha, a ghéaraigh neamhionannais agus a chuir srianta leis an spás sibhialta agus daonlathach i ndaonlathais leochaileacha; |
|
64. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme buiséadach CEF teoranta anois d’íocaíochtaí ar ghealltanais a rinneadh roimh dháta deiridh an 31 Nollaig 2020 agus go bhfuil feidhm anois ag ICFCI-an Eoraip Dhomhanda agus ag rialacha ginearálta buiséid an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí an cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun feidhme go docht, agus cearta an duine i gcroílár gach gníomhaíochta, i gcomhréir le bosca uirlisí an Choimisiúin maidir leis an gcur chuige sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina leith sin, an mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí forbartha, lena n-áirítear na cistí sin atá i gCiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic (EUTF), agus na sáruithe ar chearta an duine a tuairiscíodh a bhaineann le Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh sa Libia, san Aetóip, san Eiritré agus sa Nígir; |
Ranníocaíochtaí ó BEI
|
65. |
ag tabhairt dá haire go gcuirfear beartas forbartha an Aontais chun feidhme trí ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, a bhfuil BEI ina phríomhfheidhmeoir de; |
|
66. |
á athdhearbhú go meastar go rannchuideofar le cuspóirí beartais an Aontais de bharr oibríochtaí seachtracha BEI, ag cothú forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe sna tíortha díobh is mó atá faoi mhíbhuntáiste, chomh maith le comhlíonadh na gcuspóirí arna bhformheas ag an Aontas; ag aithint gur croíthopaicí in ollstruchtúr airgeadais forbartha an Aontais iad díothú na bochtaineachta, slógadh acmhainní intíre agus cearta an duine; á mheabhrú gurb í rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí cloch choirnéil na forbartha inbhuanaithe cuimsithí; |
|
67. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil BEI faoi cheangal ag an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth go ndéantar prionsabail chearta an duine a chomhtháthú ina nósanna imeachta agus ina chaighdeáin díchill chuí ar leibhéal na dtionscadal, lena n-áirítear trí chead a thabhairt eisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar chaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta; ag tabhairt dá haire gur treisíodh an sásra gearán ag deireadh 2018; á iarraidh ar BEI a áirithiú go mbeidh a shásra gearán sorochtana, tráthúil agus éifeachtach go héasca chun sáruithe féideartha ar chearta an duine i dtionscadail a bhaineann le BEI a bhrath agus a leigheas; á iarraidh ar BEI tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint agus don Bhord Gobharnóirí maidir leis an tsaincheist sin; |
|
68. |
á iarraidh ar BEI leanúint air ag tacú le baint amach na SDGanna trína ghníomhaíochtaí faoi chuimsiú sainorduithe sonracha arna gcinneadh ag an gComhairle agus ag an bParlaimint; |
|
69. |
á chur in iúl go dtacaíonn sí leis na Conclúidí ón gComhairle a glacadh an 14 Meitheamh 2021, inar iarradh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) feabhas a chur ar an gcaoi a rannchuidíonn sé le hiarrachtaí forbartha an Aontais trí straitéisí tiomnaithe, trí láithreacht níos mó ar an talamh ar fud an domhain agus trí chomhordú níos fearr le comhpháirtithe faoi chuimsiú fíorchur chuige de chuid Fhoireann na hEorpa, d’fhonn gníomhaíochtaí comhpháirteacha nuálacha a fhorbairt agus infheictheacht mhaoiniú seachtrach an Aontais a áirithiú; |
|
70. |
ag machnamh ar an bpróiseas cuntasachta inarb í Parlaimint na hEorpa an t-údarás um urscaoileadh, cé is moite den tSaoráid Infheistíochta a ndéanann BEI bainistiú uirthi agus atá lasmuigh de raon feidhme iniúchadh na Cúirte dá bhrí sin (7); |
Cistí Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic (EUTFanna)
|
71. |
á mheabhrú gur cruthaíodh dhá EUTF faoi na CEFanna, eadhon Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce mhírialta agus le daoine a bheith á n-easáitiú san Afraic (an “EUTF don Afraic”) agus Ciste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh Bêkou do Phoblacht na hAfraice Láir (an “EUTF Bêkou”); ag meabhrú an tseasaimh rialta atá glactha ag Parlaimint na hEorpa go n-áiritheodh an Coimisiún nach mór d’aon chiste iontaobhais a bhunaítear mar uirlis nua forbartha a bheith i gcomhréir i gcónaí le straitéis iomlán agus cuspóirí beartais forbartha an Aontais, i.e. an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, í a dhíothú mar a chumhdaítear in Airteagal 208 CFAE, agus nach mór dó a áirithiú go háirithe go dtabharfar tacaíocht do na tíortha is faighteoirí ní hamháin chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an imirce, lena n-áirítear an sreabhadh neamhrialta imirce, ach freisin chun an athléimneacht, deiseanna eacnamaíocha, an comhionannas deiseanna, sábháilteacht daoine agus an fhorbairt dhaonna agus shóisialta a chur chun cinn; |
|
72. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar ranníocaíochtaí CEF le EUTFanna ó EUR 600 milliún in 2019 go EUR 800 milliún in 2020, agus go n-úsáidtear cistí breise CEF don EUTF don Afraic chun aghaidh a thabhairt ar réimsí sonracha imní i réigiúin na Saiheile agus Loch Shead agus Chorn na hAfraice, lena n-áirítear dúshláin slándála, iarrachtaí riachtanacha cobhsaíochta agus an fhreagairt ar phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den fhaireachán agus, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa le déanaí (8), sásra éifeachtach agus neamhspleách faireacháin a bhunú chun meastóireacht a dhéanamh ar cheann scríbe deiridh na dtionscadal de chuid EUTF a bhaineann leis an imirce i gcás sáruithe ar chearta bunúsacha agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na torthaí a bheidh orthu; |
|
73. |
ag tabhairt dá haire go ndearna CEFanna ranníocaíocht airgeadais leis an EUTF Bêkou chun tacú le Poblacht na hAfraice Láir dul i ngleic le géarchéim COVID-19 agus an tír a atógáil agus a fhorbairt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar atá ag Grúpa Wagner ar Fhórsaí Armtha na hAfraice Láir; á mheabhrú gur ann do rún uaithi an 25 Samhain 2021 maidir leis na sáruithe a rinne cuideachtaí príobháideacha míleata agus slándála, go háirithe Grúpa Wagner, ar chearta an duine; á iarraidh arís ar an gCoimisiún a áirithiú nach féidir le tíortha is faighteoirí úsáid a bhaint as cistí an Aontais in aon imthosca chun cuideachtaí príobháideacha míleata a chistiú a bhfuil sáruithe den sórt sin déanta acu ar chearta an duine; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún cinneadh a mhisean oiliúna míleata a chur ar fionraí go sealadach de bharr gur ábhar imní iad gníomhaíochtaí Ghrúpa Wagner; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur chinn an tAontas i mí na Nollag 2021 bearta sriantacha a fhorchur i gcoinne Ghrúpa Wagner; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach n-íocfar aon chistí go díreach ná go hindíreach le conraitheoirí ná fochonraitheoirí ón Rúis, go háirithe i bhfianaise an chogaidh atá ar siúl san Úcráin faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin an t-ábhar sin a tharraingt anuas san idirphlé déthaobhach a dhéanann sé leis na tíortha ábhartha uile agus ag moladh do thíortha a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le seirbhísí tacaíochta míleata a chur ar conradh, go háirithe maidir le líon, cúraimí agus slabhraí ceannais na gcuideachtaí príobháideacha míleata agus slándála atá ar a gcríocha, mar aon leis an trealamh a úsáidtear chun a gconarthaí a chomhlíonadh; |
|
74. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh an mheastóireacht mheántéarma ar an EUTF don Afraic i gcrích in 2020; ag tabhairt dá haire gurbh iad príomhthorthaí na tuarascála meastóireachta go bhfuil sainordú EUTF, mar ionstraim ghearrthéarmach, róleathan chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di cuid de na gnéithe cáinteacha a léirítear inti; ag tabhairt dá haire gur gá aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce laistigh den Afraic arb ionann í agus beagnach 90 % de na sreabha imirce san Afraic; á iarraidh ar an gCoimisiún níos mó gníomhaíochtaí a dhíriú ar dhíothú na bochtaineachta i gcomhréir le príomhchuspóir na CEFanna, ionas go dtabharfar aghaidh ar na bunchúiseanna atá leis an imirce; ag tabhairt dá haire nár éirigh leis an EUTF don Afraic ach rannchuidiú beag a dhéanamh le deiseanna eacnamaíocha méadaithe agus le fostaíocht mhéadaithe; ag tacú leis an moladh, a leagtar amach sa tuarascáil mheastóireachta, go n-iarrfaí go ndéanfaí tacaíocht an Aontais do dheiseanna eacnamaíocha agus do chruthú fostaíochta a chomhtháthú, i gcás inar féidir, le dinimic agus gníomhaithe an mhargaidh saothair áitiúil agus le hinfheistíocht na hearnála príobháidí (9); ag tacú go láidir leis an iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ex post, lena n-áirítear ar an bhfeidhmíocht, aon bhliain amháin ar a laghad tar éis do ghníomhaíochtaí uile an EUTF don Afraic a bheith curtha i gcrích; |
|
75. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair staidéar láidir measúnaithe riosca a dhéanamh ar an tionchar ar chearta an duine a bheidh ag na tionscadail uile atá ceaptha oiliúint a chur ar fhórsaí slándála thíortha na hAfraice agus iad a ullmhú; |
|
76. |
á chur in iúl gur geal léi an cinneadh atá déanta ag an gCoimisiún cistí a eascraíonn ón EUTF don Afraic a shaoradh, ar cistí iad a leithdháileadh ar dtús ar an Eiritré, go háirithe ar mhaithe le hathchóiriú bóithre a sholáthar inar úsáideadh saothar éigeantais; |
|
77. |
á athdhearbhú gur cheart go mbeadh cruthú cistí iontaobhais nua coinníollach ar rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte sa phróiseas cinnteoireachta agus ar chumhacht cheart ghrinnscrúdúcháin a thabhairt di; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur iarradh athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán Airgeadais chun go mbeidh an Pharlaimint in ann a ról maoirseachta agus grinnscrúdúcháin dhaonlathaigh a fheidhmiú go héifeachtach; |
Rioscaí agus dúshláin a bhaineann le cabhair CEF a chur chun feidhme
|
78. |
á mheabhrú, arís eile, gur réamhchoinníollacha dosheachanta iad an dea-rialachas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine chun go mbeidh an chabhair éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar staid an smachta reachta, ar chomhlíonadh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta agus déthaobhacha agus ar an urraim do chearta an duine i dtíortha is faighteoirí nuair a bhíonn cabhair airgeadais á formheas aige; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos déine a bhaint as an gclásal a áirítear sna comhaontuithe airgeadais le tíortha comhpháirtíochta lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin an comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh i gcás sárú ar oibleagáid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, do phrionsabail dhaonlathacha agus don smacht reachta; |
|
79. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur dhiúltaigh an Coimisiún do mholadh ón bParlaimint measúnú struchtúrtha agus meastóireacht ar chabhair agus tuairisciú ar thorthaí agus ar thionchar ghníomhaíochtaí a CEFanna a chur sa chéad tuarascáil bhliantúil eile ar ghníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go ndearnadh measúnú cheana féin ar thionchar ghníomhaíochtaí na CEFanna toisc gur táirgeadh agus gur tarchuireadh chuig an bParlaimint an tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun gníomhaíochtaí seachtracha a mhaoiniú, ach á mheabhrú nach ndéantar idirdhealú i gcuid 1 de thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí AS INTPA ar ghníomhaíochtaí an bhuiséid ghinearálta agus na CEFanna, agus gur deacair dá chionn sin meastóireacht a dhéanamh ar an ráiteas ón gCoimisiún go bhfuil torthaí tábhachtacha bainte amach ag na CEFanna ó thaobh aghaidh a thabhairt ar laghdú na bochtaineachta; á mheas, chun gur féidir léi a ról mar údarás um urscaoileadh a chomhlíonadh, go bhfuil na sonraí úsáideacha uile a d’fhéadfadh a bheith ann de dhíth ar Pharlaimint na hEorpa chun meastóireacht a dhéanamh ar na CEFanna agus ar a dtionchar; á iarraidh ar an gCoimisiún a sheasamh a athleasú agus freagairt dhearfach a thabhairt ar an iarraidh shonrach ón bParlaimint; |
|
80. |
ag admháil go ndírítear na CEFanna den chuid is mó ar thíortha ar ilchríoch na hAfraice agus á mheas nár cheart tíortha oileánacha, roinnt de thíortha ACC agus, go háirithe, stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha a imeallú ó thaobh cuspóirí agus tionscadail pholaitiúla de; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh sineirgí agus comhleanúnachas níos fearr a áirithiú le beartais inmheánacha agus chothrománacha an Aontais a bhaineann le stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha, leis na tíortha agus leis na críocha is forimeallaí den Aontas agus leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas; |
|
81. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go rachaidh an cistiú chun tairbhe do gach OCT go cothrom agus go comhionann; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do rialtais OCT i gcur chun feidhme na dtionscadal CEF, go háirithe trí bhíthin oiliúna agus cúnamh teicniúil; |
|
82. |
ag tabhairt dá haire, leis an sásra cistiúcháin nua don chomhar um fhorbairt, is é sin “ICFCI-an Eoraip Dhomhanda”, go ndéantar na roghanna cistiúcháin uile a bhí ann roimhe sin a chomhdhlúthú in aon ionstraim amháin agus iad ina gcuid de bhuiséad bliantúil an Aontais agus i dtréimhse 2021-2027 CAI; á mheabhrú gur éileamh seanbhunaithe de chuid na Parlaiminte é comhtháthú CEFanna i mbuiséad an Aontais agus gur athneartaíodh prionsabail bhuiséadacha, iad siúd a bhaineann le haontacht agus le bliantúlacht an bhuiséid go háirithe; ag tabhairt dá haire gurb é ICFCI-an Eoraip Dhomhanda an phríomhionstraim airgeadais do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoi láthair, le ngabhann leithdháileadh foriomlán EUR 79,5 billiún (i bpraghsanna reatha) don tréimhse 2021-2027; ag tabhairt dá haire go simplítear le ICFCI-an Eoraip Dhomhanda cistiú seachtrach an Aontais agus go gcumhdaítear leis comhar leis na tríú tíortha uile, cé is moite de thíortha atá luaite le réamhaontachas leis an Aontas (sna Balcáin Thiar) agus den Tuirc; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanfar an caiteachas forbartha a chumhdach go hiomlán, dá bhrí sin, faoi ghrinnscrúdú daonlathach na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi freisin go mbainfidh OCTanna, faoi ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, tairbhe as cistí méadaithe laistigh de bhuiséad an Aontais; |
|
83. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil rún daingean ag an gCoimisiún feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas beartais idir gníomhaíocht inmheánach agus gníomhaíocht sheachtrach; ag tabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhleanúnachas níos láidre maidir le gníomhaíocht an Aontais i réigiún ACC, agus é á áirithiú go dtugtar tús áite do na cuspóirí forbartha agus go bhfuil na beartais i leith na dtíortha agus na gcríoch thar lear nasctha le forbairt a gcuid réigiún teorann agus go bhfuil siad i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais; |
|
84. |
ag tabhairt dá haire gur le gníomhaireachtaí náisiúnta forbartha dhá Bhallstát (is iad sin an Fhrainc agus an Ghearmáin) a síníodh 73,3 % de na conarthaí le Ballstáit agus gur le Agence française de développement a síníodh 67 % de na conarthaí a síníodh le gníomhaireachtaí ón bhFrainc agus gur le Gesellschaft für Internationale Zusammenarbeit a síníodh 72 % de na conarthaí a síníodh le gníomhaireachtaí ón nGearmáin; á mheas, cé go n-aithníonn sí an saineolas atá acu, go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun an fhís i dtaca le tuilleadh gníomhaireachtaí náisiúnta forbartha a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin i ndáil leis sin, lena n-áirítear staidéar a ullmhú chun tuiscint a fháil ar neart gach comhpháirtí sna Ballstáit chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaidís rannchuidiú níos fearr amach a thabhairt anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún an tuarascáil ar an staidéar sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh a luaithe a bheidh sí ar fáil; |
|
85. |
á mheabhrú gur tugadh le fios i dtuairiscí sna meáin gur le cuideachta a bhaineann le hairgeadaí mór le rá de chuid Hezbollah a íocadh airgead a sannadh faoi CEFanna agus a úsáideadh le haghaidh tionscadail bonneagair phoiblí i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó; ag tabhairt dá haire nach raibh aon fhaisnéis ag an gCoimisiún faoi na naisc a líomhnaítear a bheith idir an chuideachta sin agus an t-airgeadaí tráth a dámhadh na conarthaí sin agus, cé is moite de cheann amháin, go ndearnadh na conarthaí uile a chur i gcrích go sásúil; á mheabhrú, áfach, go bhfuil an tAontas tiomanta don neamhfhulaingt ar chásanna ina meastar gur calaois nó éilliú atá i gceist agus ar chistiú gníomhaíochtaí a líomhnaítear a bheith bainteach leis an sceimhlitheoireacht agus go bhfuil oibleagáid air cosc a chur le cistiú Eorpach a bheith á úsáid ar bhealach lena n-éascaítear gníomhaíochtaí coiriúla agus sceimhlitheoireachta go hindíreach; á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid rialacha maidir le soláthar agus a chuid seiceálacha post ante a thabhairt cothrom le dáta chun seiceálacha cúlra na dtairbhithe agus a gcleamhnachtaí a neartú; |
Obair leantach ar urscaoileadh 2019
|
86. |
ag tabhairt dá haire gur foilsíodh go cuí i mí Iúil 2021 an tuarascáil maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019; ag tabhairt dá haire gur cuireadh moill ar tharchur na bhfreagraí mionsonraithe ar na hiarrataí sonracha a rinne an Pharlaimint sa rún maidir le hurscaoileadh ach á chur in iúl gur geal léi, i bhfreagra ar na ceisteanna i scríbhinn, gur chomhaontaigh an Coimisiún réamhchóip den obair leantach ar an urscaoileadh CEF a sholáthar; ag meabhrú a thábhachtaí atá sé faisnéis leantach mhionsonraithe a bheith ann in am trátha mar chuid ríthábhachtach den nós imeachta um urscaoileadh; |
|
87. |
ag tarraingt aird ar an gcomhthéacs ina gcuirtear cúnamh forbartha oifigiúil ar fáil anois, is é sin bearna mhaoinithe athfhillteach, paindéim COVID-19, an ghéarchéim aeráide agus bhithéagsúlachta atá ag géarú, fás gan staonadh ar riachtanais na cabhrach daonnúla agus easpa acmhainní chun aghaidh a thabhairt orthu mar is ceart, an easpa mhór acmhainní airgeadais agus teicniúla atá ar na tíortha is lú forbairt agus ar thíortha eile atá i mbéal forbartha chun dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu, aisiompú an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na príomhspriocanna forbartha inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide (“Comhaontú Pháras”), lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le díothú na bochtaineachta agus an ocrais, agus an teip dhomhanda leanúint den mhéadú ar an ngníomhaíocht ar son na haeráide ós rud é gur géarghá cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach trí bhealach a bheidh i gcomhréir leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú faoi bhun 1,5 °C mar aon le feabhas a chur ar an athléimneacht in aghaidh thionchair dhíobhálacha an athraithe aeráide; |
|
88. |
á chur in iúl go bhfuil díomá uirthi nach bhfuil mórghníomhaíocht fós á déanamh ag an gCoimisiún maidir le moltaí na meastóireachta seachtraí ar an chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt an Aontais (10), a d’ordaigh an Coimisiún agus a fuarthas in 2018; á chur in iúl gurb oth léi an easpa trédhearcachta i nósanna imeachta soláthair phoiblí; |
|
89. |
á chur in iúl gurb oth léi an easpa oibre leantaí a rinneadh ar roinnt iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa le linn nós imeachta um urscaoileadh 2019 agus á iarraidh ar an gCoimisiún anailís níos doimhne ar mholtaí na Parlaiminte a sholáthar. |
(1) Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).
(2) https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/annualreports-2020/annualreports-2020_EN.pdf, mír 32.
(3) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(4) https://ec.europa.eu/info/system/files/annual-activity-report-2020-international-partnerships-annexes_en.pdf, lch. 446-447.
(5) https://ec.europa.eu/international-partnerships/system/files/budget-support-guidelines-2017_en.pdf
(6) Deais an Mhargaidh Vacsaíne COVID-19 | Rannán Soláthair Unicef, https://www.unicef.org/supply/covid-19-vaccine-market-dashboard
(7) Féach Airteagail 43, 48-50 agus 58 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (IO L 58, 3.3.2015, lch. 17); In 2012, le comhaontú trípháirteach idir BEI, an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) (Airteagal 134 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú CEF (IO L 78, 19.3.2008, lch. 1)), leagtar amach na rialacha maidir leis an iniúchadh a dhéanann CIE ar na hoibríochtaí sin.
(8) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2021 ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais AE agus leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (2020/2045(INI))
(9) https://ec.europa.eu/info/system/files/annual-activity-report-2020-international-partnerships-annexes_en.pdf, p. 731.
(10) https://ec.europa.eu/international-partnerships/system/files/pcd-main-report_en.pdf
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/181 |
CINNEADH (AE) 2022/1715 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don ochtú, don naoú, don 10ú agus don 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020 (COM(2021) 379 — C9-0310/2021)), |
|
— |
ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2021) 379), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, ag an naoú, ag an 10ú agus ag an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020 (00553/2022 — C9-0114/2022, 00554/2022 — C9-0115/2022, 00555/2022 — C9-0116/2022, 00556/2022 — C9-0117/2022), |
|
— |
ag féachaint do na tuarascálacha ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar an urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), agus ar an doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis (SWD(2021) 132), |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 (3) agus a leasaíodh in Ouagadougou, Buircíne Fasó, an 22 Meitheamh 2010 (4), |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’) (5), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú agus riar chabhair an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (6), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Maoiniú agus Riaradh Cabhrach Comhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir na Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo (7), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile i gcruinniú dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cabhair ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020 i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (8), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoin gceathrú Coinbhinsiún ACC-CE (9), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an 9ú Ciste Eorpach Forbraíochta (10), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta (11), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (12). |
|
— |
ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0124/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an ochtú, an naoú, an 10ú agus an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 430, 25.10.2021, lch. 7.
(2) IO C 438, 28.10.2021, lch. 137.
(3) IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.
(4) IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.
(5) IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.
(6) IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.
(7) IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.
(8) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(9) IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.
(10) IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/183 |
CINNEADH (AE) 2022/1716 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0071/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (4), agus go háirithe Airteagal 35 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh chomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0097/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/184 |
RÚN (AE) 2022/1717 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0097/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais, (1) gur EUR 17 297 383 a bhí i mbuiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú de 7,12 % i gcomparáid le 2019, de bhrí gurb ionann an rátá boilscithe san Aontas agus 0,7 % in 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go hiomlán, a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; de bhrí gur shainaithin an Chúirt EUR 752 654 mar mhéid iomlán na n-íocaíochtaí a mheas sí a bheith neamhrialta, arb ionann é agus 3,71 % de na leithreasuithe iomlána a bhí ar fáil, lena bhfágtar gur tuairim cháilithe atáthar á tabhairt maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go raibh na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ina siocair le ráta cur chun feidhme 98,83 %, ar ráta é a sháraíonn an sprioc de 95 % a bhí beartaithe ag an nGníomhaireacht, arb ionann é agus laghdú de 0,44 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gurbh é 83,7 % an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus méadú 0,09 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt tuairim cháilithe a eisiúint maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais a mhéid a bhaineann leis an toradh ina tuarascáil iniúchóireachta don bhliain airgeadais 2019, inar tháinig an Chúirt ar an tátal go raibh roinnt conarthaí sonracha faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhisí TF, go raibh siad neamhrialta, i ngeall nár leanadh aon nós imeachta soláthair iomaíoch; ag tabhairt dá haire go sonrach go raibh ítimí agus seirbhísí ordaithe áirithe nach raibh cumhdaithe faoi na liostaí praghsanna sna tairiscintí a cuireadh isteach ar an gconradh agus gur chinn an Chúirt go ndearnadh íocaíochtaí in 2020 as ítimí nár bhain leis an liosta praghsanna faoin gcreatchonradh sin arbh ionann iad agus EUR 752 654 (3,71 % de na leithreasuithe iomlána a bhí ar fáil i gcomhair íocaíochtaí in 2020); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-admhaíonn an Chúirt gur ullmhaigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta, ag déanamh de réir bharúlacha na Cúirte maidir leis an mbliain airgeadais 2019, agus go ndéanann bainistíocht na Gníomhaireachta faireachán rialta ar a chur chun feidhme; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as bearta áirithe i gcónaí mar eochairtháscairí feidhmíochta chun feidhmíocht a gníomhaíochtaí a mheas; ag tabhairt dá haire, maidir le gach cúram de chuid na Gníomhaireachta, go sanntar leibhéal tosaíochta (criticiúil, tábhachtach etc.), go ndéantar na cuspóirí a leagan síos sa chlár oibre bliantúil agus go ndéantar táscairí feidhmíochta a bhunú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht, in ainneoin phaindéim COVID-19, gur baineadh amach cuspóirí chlár oibre 2020 den chuid is mó, cé is moite de roinnt spriocanna a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)nár cuireadh i gcrích chomh mór céanna de bharr srianta ar acmhainní daonna; |
Beartas foirne
|
4. |
ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 100 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 71 ghníomhaire sealadach as 71 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 67 bpost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur 30 gníomhaire ar conradh agus ceathrar saineolaithe náisiúnta ar iasacht a d’oibrigh don Ghníomhaireacht in 2020 ina raibh 33 phost agus 4 phost faoi seach údaraithe; |
|
5. |
ag athdhearbhú a himní maidir leis an easpa cothromaíochta inscne i measc ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, eadhon bean amháin (16,7 %) agus cúigear fear (83,3 %) sa lucht bainistíochta sinsearaí; ag tabhairt dá haire gur 68 bhfear (67,3 %) agus 33 bhean (32,7 %) an dáileadh inscne i measc na foirne ar an iomlán agus ag spreagadh na Gníomhaireachta bearta a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhfuil bord bainistíochta na Gníomhaireachta comhdhéanta de cheathrar fear (44,4 %) agus cúigear ban (55,6 %); ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú acu do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
6. |
á chur in iúl gur geal na hiarrachtaí a rinneadh sa bheartas foirne chun teilea-obair agus an saol folláin a chur chun cinn agus ag leanúint den Ghníomhaireacht a spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar chreat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar chothromaíocht gheografach agus ar earcaíocht agus ar lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh an Ghníomhaireacht a atheagrú tar éis theacht Stiúrthóir nua na Gníomhaireachta, a raibh mar aidhm leis méadú a dhéanamh ar shineirgí sa Ghníomhaireacht trí bhraislí a chruthú (feabhas sonraí, seirbhís dlí) agus tríd an gcomhar idir an roinn faireachais margaidh agus iompraíochta agus na foirne faireacháin margaidh sna ranna leictreachais agus gáis a fheabhsú a thuilleadh; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil níos mó foirne agus acmhainní ag teastáil ón nGníomhaireacht, go príomha chun a cúraimí a bhaineann le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar idirbhearta méadaithe sa mhargadh fuinnimh nach bhfacthas a leithéid cheana; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta, go ndearna na cumhachtaí breise a deonaíodh don Ghníomhaireacht le blianta beaga anuas méadú freisin ar líon na n-achomharc in aghaidh chinntí na Gníomhaireachta, rud a thug, ar a sheal, méadú as cuimse ar an ngá le tacaíocht dlí chun cinntí na Gníomhaireachta a chosaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an gá le tacaíocht dlí leormhaith a léiriú ina struchtúr eagraíochtúil agus soláthar iomchuí foirne a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an t-aistriú ar leithreasuithe i bhfoirm fóirdheontais arb ionann é agus EUR 429 000 chun tacú lena riachtanas tacaíochta dlí, nach bhfacthas a leithéid roimhe seo, chun cinntí na Gníomhaireachta a chosaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an riachtanas tacaíochta dlí, a d’fhéadfadh a bheith leanúnach, a léiriú sa nós imeachta maidir le buiséid na Gníomhaireachta amach anseo; |
Soláthar
|
10. |
ag tabhairt dá haire gur tugadh 185 nós imeachta soláthair i gcrích in 2020, i gcomparáid le 79 in 2019; ag tabhairt dá haire tar éis próiseas ríomhthairisceana a chur chun feidhme in 2019, gur chuir an ghníomhaireacht ríomhaighneacht chun feidhme maidir leis na nósanna imeachta oscailte uile in 2020, lenar leanadh de chur chun feidhme an ríomhsholáthair sa Ghníomhaireacht; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di gur eisigh an Chúirt tuairim cháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais don bhliain airgeadais 2019; ag tabhairt dá haire, maidir leis an mbliain airgeadais 2019, gur tháinig an Chúirt ar an tátal gur ann do roinnt conarthaí sonracha faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhísí TF a bhí neamhrialta, i ngeall nár lean an Ghníomhaireacht aon nós imeachta soláthair iomaíoch, agus chun a bheith níos beaichte faoi, go raibh ítimí agus seirbhísí áirithe a ordaíodh nach raibh cumhdaithe faoi na liostaí praghsanna sna tairiscintí a cuireadh isteach ar an gconradh; ag tabhairt dá haire gurbh ionann na híocaíochtaí a rinneadh in 2020 as ítimí nár bhain leis an liosta praghsanna faoin gcreatchonradh sin agus EUR 752 654 (3,71 % de na leithreasuithe iomlána i gcomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2020); ag cur sonrú sna ráitis ó stiúrthóir na Gníomhaireachta san eisteacht um urscaoileadh leis na gníomhaireachtaí an 29 Samhain 2021, agus freagra na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn gur bhain an cinneadh ón gCúirt le ró-úsáid a bheith á baint as an rogha “ítimí nár bhain leis an liosta praghsanna”, agus go bhfuil céimeanna glactha ag an nGníomhaireacht chun nach dtarlóidh sé amach anseo; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don Chúirt agus don údarás um urscaoileadh maidir leis na creatchonarthaí thuasluaite agus maidir leis na bearta a rinneadh; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
12. |
ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag cur sonrú in iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta maidir lena beartas cuimsitheach maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú a chur chun feidhme agus gur lean an Ghníomhaireacht de bheith ag bailiú dearbhuithe leasa bliantúla a foirne bainistíochta, chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha a boird riaracháin, a boird rialálaithe agus a boird achomhairc, agus chathaoirligh agus leaschathaoirligh mheithleacha na Gníomhaireachta agus thionólaithe cruinnithe de thascfhórsaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht go ndearnadh na dearbhuithe sin a athbhreithniú i gcomhréir leis an mbeartas agus a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta mar aon le CVanna na ndaoine i gceist agus nár thuairiscigh an Ghníomhaireacht aon choinbhleachtaí leasa féideartha in 2020; |
Rialú inmheánach
|
13. |
ag tabhairt dá haire go raibh dhá mholadh an-tábhachtach agus ceithre mholadh thábhachtacha mar thoradh ar an iniúchadh a rinne an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 in 2020, agus go bhfuil na moltaí á gcur chun feidhme faoi láthair ar bhonn plean gníomhaíochta arna fhormheas ag IAS; ag tabhairt dá haire, ó iniúchtaí a rinneadh roimhe seo, gurb iad sin na hiniúchtaí ar “Shlándáil TF sa Ghníomhaireacht agus slándáil faisnéise i bhfearann REMIT” agus “Bainistiú Acmhainní Daonna” gur dúnadh trí mholadh an-tábhachtach agus ceithre mholadh thábhachtacha in 2020, agus go bhfuil ceithre mholadh thábhachtacha atá fós le cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire freisin maidir le dhá mholadh a dhún an Ghníomhaireacht roimhe seo, gur athosclaíodh arís iad, tar éis do IAS a mheas go raibh iarrachtaí neamhleora déanta ag an nGníomhaireacht chun iad a chur chun feidhme, ach gur dúnadh arís iad in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gan moltaí a dhúnadh róluath agus á iarraidh ar IAS leanúint dá obair leantach ar mholtaí dúnta chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad de réir mar atá beartaithe; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh measúnú riosca in 2020, agus gur plean iniúchóireachta straitéiseach nua ó IAS don Ghníomhaireacht maidir leis an tréimhse 2021 go 2023 a bhí mar thoradh air; á iarraidh ar IAS agus ar an nGníomhaireacht araon faireachán a dhéanamh ar na rioscaí a sainaithníodh agus gníomhartha maolaithe iomchuí a ghlacadh, agus measúnú a dhéanamh ar na bearta a glacadh trí iniúchtaí a dhéanamh ar na rioscaí sainaitheanta; |
|
15. |
ag cur sonrú sa ráiteas ón nGníomhaireacht ina tuarascáil bhliantúil go ndearna an stiúrthóir a bhí ag dul as oifig na tarmligin agus fo-tharmligin cumhachtaí cur chun feidhme buiséid a shíniú i mí na Samhna 2019 agus nach ndearna an stiúrthóir inteachta iad a aisghairm, agus gur lean siad de bheith bailí dá réir, agus gur athdhearbhaigh stiúrthóir na Gníomhaireachta iad i mí na Nollag 2020; ag tabhairt dá haire áfach chinneadh na Cúirte go ndeachaigh an stiúrthóir nua i mbun oifige an 1 Eanáir 2020 agus an 18 Nollaig 2020 gur eisigh sé dearbhú siarghabhálach tarmligean i gcás beirt bhall foirne, rud a chiallaigh go raibh oibríochtaí á n-údarú ag an mbeirt bhall foirne i gceist ar feadh bliana beagnach a bhí bunaithe ar na tarmligin a d’eisigh an stiúrthóir roimhe sin; ag tabhairt dá haire, agus e ina chúis bhuartha di, gur tháinig an Chúirt ar an tátal gur laige thábhachtach é sin sa rialú inmheánach, agus gur cúis bhuartha di go háirithe nár shainaithin an Ghníomhaireacht féin an laige; á iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú iomchuí a dhéanamh ar a creat rialuithe inmheánacha, i gcomhréir leis an treoir arna soláthar ag Ard-Stiúirthóireacht Buiséid an Choimisiúin Eorpaigh; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na bearta chun leathadh COVID-19 a shrianadh, dul i muinín an teilea-oibrithe mar ghnáthmhodh oibriúcháin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht, i gcomhréir lena plean leanúnachais gnó, grúpa bainistíochta leanúnachais a chur ar bun ina raibh daoine ón ardbhainistíocht agus baill foirne a roghnaíodh, ar ghrúpa é a ghlac cinntí agus a sholáthair treoir d’fhoireann na Gníomhaireachta maidir leis na socruithe oibre, bearta sábháilteachta gaolmhara agus saincheisteanna maidir le hacmhainní daonna agus le teicneolaíocht na faisnéise; ag tabhairt dá haire gur chuir an grúpa bainistíochta leanúnachais baill foirne ar an eolas go rialta faoi na bearta a bhí i bhfeidhm sa tSlóivéin freisin, agus gur eolas é nach mbíodh fáil air go furasta i mBéarla i gcónaí; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire go raibh deacrachtaí roimh an nGníomhaireacht maidir le réimeas teilea-oibre a chur i bhfeidhm agus méid sonraí faoi rún, atá ag dul i méid, a láimhseáil le haghaidh shainordú maoirseachta na Gníomhaireachta, ó bhreis is 3 mhilliún taifead arna mbailiú in 2019, go dtí breis is 6.8 milliún taifead ar idirbhearta agus orduithe chun trádála ar meán in aghaidh an lae in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na bearta a glacadh chun leanúnachas gnó a áirithiú, agus ceanglais slándála sonraí agus rúndachta sonraí a chomhlíonadh ag an am céanna; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht coigiltis shuntasacha faoi na leithreasuithe a leithdháileadh i gcomhair misean agus ócáidí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint den choigilteas sin (nó cuid de) i ré iar-dhianghlasála agus bealach nua teilea-oibre a bheidh níos eacnamaíche a léiriú ina chuid nósanna imeachta oibríochtúla; |
Barúlacha eile
|
19. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas slándála agus slándála faisnéise curtha ar bun ag an nGníomhaireacht, mar aon le tacar rialacha maidir le húsáid modhanna TF arna eisiúint ag an bhfoireann TF, chun an beartas slándala agus slándála faisnéise a chur chun feidhme agus i gcomhaontú leis an oifig slándála; |
|
20. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur le forbairt a bheartais cibearshlándála agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir lena thabhairt chun críche; |
|
21. |
ag tagairt, maidir le barúlacha eile de chineál trasearnálach a ghabhann lena cinneadh um urscaoileadh, dá rún an 4 Bealtaine 2022 (3) maidir le feidhmíocht, bainistiú airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 245.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/188 |
CINNEADH (AE) 2022/1718 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0071/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (4), agus go háirithe Airteagal 35 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0097/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/189 |
CINNEADH (AE) 2022/1719 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta um Thacaíocht do BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0072/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (4), agus go háirithe Airteagal 28 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/190 |
RÚN (AE) 2022/1720 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 7 233 653 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (“Oifig BEREC”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 27,96 % i gcomparáid le 2019, arb ionann é go príomha agus méadú ar an gcaiteachas foirne agus oibríochtúil; de bhrí gur 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe san Aontas in 2020; de bhrí go n-eascraíonn buiséad Oifig BEREC ó bhuiséad an Aontais agus ranníocaíochtaí tríú tíortha; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla Oifig BEREC don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte ag an gCúirt, go bhfuil cuntais Oifig BEREC iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh é an toradh a bhí ar iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 99,07 %, arb ionann é agus laghdú 0,86 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gurbh é 61,14 % an ráta forghníomhaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 20,85 % i gcomparáid le 2019; |
Feidhmíocht
|
2. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann Oifig BEREC bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun an breisluach arna chur ar fáil lena gníomhaíochtaí agus bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú, amhail freagairt thráthúil Oifig BEREC ar iarrataí úsáideora, an líon beartas cosanta sonraí atá i bhfeidhm i gcomparáid leis an líon oibríochtaí próiseála arna sainaithint, agus íoslaghdú uaireanta iamh-aga leanúnaigh a córas; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt sineirgí le gníomhaireachtaí eile i gcomhréimsí aimsithe ag Oifig BEREC, agus go gcomhoibríonn sí faoi láthair maidir le suíomh nua corparáideach a fhorbairt le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh maidir le húsáid bonneagair TF agus ardán ar líne leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; ag tabhairt dá haire freisin go n-úsáideann Oifig BEREC a mhéid is féidir seirbhísí arna dtairiscint ag an gCoimisiún agus institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, a bhfuil baint acu le córais rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar Oifig BEREC tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis na forbairtí ina leith sin; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire, maidir le gníomhaíochtaí leantacha ar bharúlacha a thug an t-údarás um urscaoileadh in urscaoileadh 2019, go ndearna Oifig BEREC post le haghaidh oifigeach slándála áitiúil a chruthú in 2021 laistigh de na teorainneacha atá leis na poist atá ann cheana le haghaidh gníomhairí sealadacha, agus gur fhostaigh sí comhordaitheoir eatramhach rialaithe inmheánaigh go ceann 6 mhí; ag aithint nach réitigh inbhuanaithe ar shaincheisteanna Oifig BEREC maidir le soláthar foirne atá sna réitigh sin; |
Beartas foirne
|
5. |
ag tabhairt dá haire go raibh 87,50 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme an 31 Nollaig 2020, agus go raibh 14 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 16 ghníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 16 phost a údaraíodh in 2019); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 22 bhall foirne ar conradh agus 9 saineolaí náisiúnta ar iasacht d’Oifig BEREC in 2020; |
|
6. |
á athdhearbhú gur cúis imní di an easpa cothromaíochta inscne in ardbhainistíocht agus meánbhainistíocht Oifig BEREC, inar fir iad triúr as gach ceathrar (75 %), agus ar bhord bainistíochta Oifig BEREC, inar fir iad 23 as 29 gcomhalta (79,31 %); ag tabhairt dá haire gur fearr an dáileadh inscne i measc fhoireann fhoriomlán Oifig BEREC, inar fir iad 24 as 42 bhall foirne (57,14 %); á iarraidh an athuair ar Oifig BEREC bearta a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach a luaithe is féidir; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú acu do bhord bainistíochta Oifig BEREC; |
|
7. |
á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór bhord bainistíochta Oifig BEREC, a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na gníomhaíochtaí leantacha a rinne Oifig BEREC ar bharúlacha an údaráis um urscaoileadh in urscaoileadh 2019, go bhfuil Oifig BEREC ag brath fós ar acmhainní seachtracha, agus ar chuideachta amháin go háirithe, le haghaidh cineálacha éagsúla seirbhísí (amhail tacaíocht chléireachais agus rúnaíochta, eagrú imeachtaí agus folláine agus comhtháthú foirne), rud a chruthaíonn riosca don leanúnachas gnó; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, bunaithe ar na gníomhaíochtaí leantacha a rinne Oifig BEREC ar bharúlacha an údaráis um urscaoileadh in urscaoileadh 2019, go bhfuil Oifig BEREC ag streachailt a mhéid a bhaineann le gairmithe a mhealladh agus a choinneáil; ag aithint go bhfuil Oifig BEREC ag obair go leanúnach i dtreo na coinníollacha fostaíochta a fheabhsú dá foireann agus go gcuireann sí bearta maolaithe eile i bhfeidhm, agus á iarraidh ar Oifig BEREC tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin; |
|
10. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh sa bheartas foirne chun teilea-obair agus saol folláin a chur chun cinn agus ag leanúint d’Oifig BEREC a spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar chreat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt gairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar chothromaíocht gheografach agus ar earcaíocht agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
11. |
ag tabhairt dá haire, bunaithe ar thuarascáil na Cúirte, gur shínigh Oifig BEREC creatchonradh le cuideachta amháin le haghaidh soláthar seirbhísí tacaíochta rúnaíochta, nach raibh i gcomhréir le rialacha sóisialta agus fostaíochta an Aontais agus a d’fhág Oifig BEREC gan chosaint ar rioscaí dlíthiúla agus rioscaí dá clú; ag tabhairt dá haire, maidir le hobair shealadach, go bhfuil cás ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go staonfaidh an Chúirt ó aon bharúlacha a thabhairt maidir le rialtacht chur chuige Oifig BEREC maidir leis an ábhar sin go dtí go mbeidh rialú deiridh eisithe ag an gCúirt Bhreithiúnais sa chás sin; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire, bhunaithe ar thuarascáil na Cúirte, gur chríochnaigh Oifig BEREC nós imeachta soláthair agus gur shínigh sí conradh roimh mheastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí go léir a fuair sí; ag tabhairt dá haire gur chaill Oifig BEREC tairiscint arna tíolacadh di ag duine a dhearbhaigh coinbhleacht leasa fhéideartha, agus nach ndearna sí meastóireacht ar an tairiscint sin; ag tabhairt dá haire nár míníodh sa tuarascáil mheastóireachta don nós imeachta sin conas a chinn Oifig BEREC cé acu a bhí nó nach raibh na tairiscintí a fuair sí i gcomhréir leis na critéir incháilitheachta; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur mheas an Chúirt an conradh a bheith mírialta; ag tabhairt dá haire, bunaithe ar an bhfreagra a thug Oifig BEREC ar na barúlacha maidir le hurscaoileadh 2019 gur tharla an nós imeachta soláthair i dtrácht tráth a bhíodh leas á bhaint ag Oifig BEREC as samhail an tsoláthair dhíláraithe, ach gur bunaíodh nós imeachta um sholáthar láraithe ón 1 Iúil 2019; á iarraidh ar Oifig BEREC tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis na forbairtí maidir leis an ábhar sin; |
Seachaint agus bainistiú coinbhleachtaí leasa agus an trédhearcacht
|
13. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha ar bun ag Oifig BEREC chun trédhearcacht a áirithiú agus chun seachaint agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú; ag aithint go bhfoilsítear CVanna fhormhór chomhaltaí an bhoird ar a suíomh gréasáin agus go bhfuil Oifig BEREC ag déanamh dul chun cinn ar chleachtais um bailiú CVanna; ag tabhairt dá haire go gcuireann Oifig BEREC meabhrúcháin chuig comhaltaí aonair agus rannpháirtithe nár thíolaic fós a ndoiciméid agus go gcuireann sí iarratais ar dhoiciméid chuig gach comhalta nuacheaptha, chun CVanna agus dearbhuithe leasa gach comhalta boird a bhailiú; ag tabhairt dá haire go gcuireann Oifig BEREC i gcuimhne freisin dá comhaltaí, le linn na gcruinnithe iomlánacha, go bhfuil oibleagáidí orthu CVanna agus dearbhuithe a fhoilsiú; |
Rialú inmheánach
|
14. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) sa Choimisiún measúnú riosca iomlán in Oifig BEREC chun a plean iniúchóireachta inmheánaí don tréimhse reatha 2021-2023 a shuí; ag tabhairt dá haire nár shainaithin IAS rioscaí criticiúla; ag tabhairt dá haire freisin gurb amhlaidh, ag deireadh 2020, a dhún IAS a mholtaí go léir le haghaidh iniúchtaí Oifig BEREC i mblianta roimhe sin; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
15. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar gheall ar phaindéim COVID-19, a rinne Oifig BEREC an chuid is mó de na himeachtaí fisiciúla a bhí beartaithe a chur ar ceal agus gur eagraigh sí iad go rathúil trí bhíthin físchomhdhála ina ionad sin; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dá thoradh sin, nár ghá d’Oifig BEREC costais taistil a hionadaithe a chlúdach, agus go raibh de thoradh air sin gur laghdaíodh a cuid costas agus go raibh an fheidhmíocht chomhshaoil níos fearr; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac Oifig BEREC céimeanna, mar gheall ar COVID-19, chun riar ar an riachtanas méadaithe le haghaidh comhoibriú fíorúil mar gheall ar fhorbairt agus soláthar ardáin nua fís-sruthaithe agus taifeadta a chur i gcrích, lena ngabhann cumais chognaíocha (aistriúcháin agus fotheidil le haghaidh imeachtaí beo agus imeachtaí digiteacha taifeadta), croí-bhogearraí bonneagair (freastalaithe) agus uasghrádú saoráidí agus seirbhísí físchomhdhála sna saoráidí atá ar fáil d’Oifig BEREC sa Bhruiséil; |
Tuairimí eile
|
17. |
á chur i bhfios go bhfuil Oifig BEREC ag forbairt suíomh gréasáin nua chun rochtain ag daoine faoi mhíchumas a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis go rithfidh an tionscadal idir 2021 agus 2023; ag tabhairt dá haire freisin go n-áireofar leis na sonraíochtaí teicniúla na riachtanais inrochtaineachta agus go mbeidh na grúpaí ábhartha rannpháirteach sa tionscadal, chun leibhéal ard inrochtaineachta a áirithiú; á iarraidh ar Oifig BEREC tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis na forbairtí ina leith sin; |
|
18. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil Oifig BEREC a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá d’Oifig BEREC leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar Oifig BEREC dlús a chur le forbairt a bheartais cibearshlándála agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir lena thabhairt chun críche; |
|
19. |
á iarraidh ar Oifig BEREC díriú ar thorthaí a taighde a scaipeadh ar an bpobal; ag tabhairt dá haire go léirítear gníomhaíochtaí uile Oifig BEREC ina doiciméid clársceidealaithe aonair; ag tabhairt dá haire go bhfuil soláthar chumarsáid agus thrédhearcacht Oifig BEREC san áireamh sa chomhaontú ceanncheathrún nua ina ndéantar foráil maidir le pleanáil gníomhaíochtaí nithiúla agus comhoibriú níos dlúithe idir Oifig BEREC agus an Ballstát óstach (an Laitvia) sna blianta atá le teacht; |
|
20. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 174.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/193 |
CINNEADH (AE) 2022/1721 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0072/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (4), agus go háirithe Airteagal 28 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0123/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) don bhliain airgeadais 2020, |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/194 |
CINNEADH (AE) 2022/1722 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0073/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (4), agus go háirithe Airteagal 14 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir gníomhach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Ionaid don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir gníomhach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3, Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3, Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/196 |
RÚN (AE) 2022/1723 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 46 804 684 buiséad críochnaitheach Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (“an tIonad”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú de 2,30 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó ranníocaíochtaí díreacha ó institiúidí agus ó ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile a thagann 88,74 % de bhuiséad an Ionaid; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais an Ionaid beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 89,99 %, a léiríonn laghdú de 3,05 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 83,36 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 1,75 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire go raibh éiginnteachtaí suntasacha ann maidir le hioncam an Ionaid de bharr ghéarchéim COVID-19 mar gheall ar an bpatrún neamhlíneach a bhí á leanúint ag réamhaisnéisí buiséadacha na gcliant; ag tabhairt dá haire le buíochas gur éirigh leis an Ionad a bhuiséad do 2020 a chomhardú in ainneoin na n-éiginnteachtaí sin; |
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón Ionad go ndearnadh cur chun feidhme iomlán geall leis (98 %) ar a phlean claochlaithe a forbraíodh ar bhonn moltaí ag éirí as staidéar seachtrach dar teideal Study on the Translation Centre as the Shared Linguistic Service Provider for the EU Agencies and Bodies, [Staidéar ar an Ionad Aistriúcháin mar Sholáthraí Seirbhíse Teangeolaíochta Comhroinnte do Ghníomhaireachtaí agus Comhlachtaí AE]; |
Feidhmíocht
|
3. |
á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn an tIonad, a cheiliúir a chomóradh 25 bliana in 2020, go mór le seasamh le bunphrionsabal an ilteangachais san Aontas, agus ar an gcaoi sin ní hamháin go gcuireann sé ar chumas institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais feidhmiú go rianúil, ach tugann sé de chumhacht freisin do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus oideachais atá ar fáil dóibh; ag tréaslú leis an Ionad as na feabhsuithe a ndearnadh maidir lena mhisean a bhaint amach agus á iarraidh air a rannchuidiú leis an ilteangachas san Aontas a choinneáil; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire go raibh fócas an Ionaid ar thorthaí díreacha a bhaineann le gníomhaíochtaí an Ionaid; ag tabhairt dá haire na heochairtháscairí feidhmíochta airgeadais a thugann léiriú maith ar fheidhmíocht oibríochtúil an Ionaid; ag aithint go dtugann na heochairtháscairí feidhmíochta straitéiseacha peirspictíocht iltreoch ar fheidhmíocht an Ionaid, ar peirspictíocht í a théann níos faide ná aschur; ag moladh don Ionad leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar an dá leibhéal, aschur díreach gníomhaíochtaí agus feidhmíocht straitéiseach; |
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha an Ionaid in 2020 chun caighdeán na n-aistriúchán a chuir a sholáthraithe seachtracha seirbhíse teanga ar fáil a áirithiú, chomh maith leis na bearta diana a rinneadh i gcoinne roinnt conraitheoirí a measadh go raibh a gcuid doiciméad míshásúil arís agus arís eile; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur geal léi gur cuireadh ar bun, faoi Lúnasa 2020, córas aiseolais lán-athbhreithnithe ó chliaint, lena n-athraítear an bhéim ó shásamh cliant a thomhas trí fhoirmeacha sástachta go dtí soláthar leaganacha nuashonraithe; á iarraidh ar an Ionad an córas a nuashonrú agus a choigeartú ar bhonn leanúnach bunaithe ar an aiseolas a fhaightear; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire maidir le líon na leathanach doiciméad a aistríodh, a modhnaíodh, a cuireadh in eagar agus a athbhreithníodh, 635 269 leathanach, go raibh sé réasúnta cobhsaí i gcomparáid le 2019 (639 525 leathanach), mar thoradh, go príomha, ar laghdú ar líon na leathanach de thrádmhairc an Aontais a aistríodh le haghaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (titim 47 928 leathanach, nó 13,8 % i gcomparáid le 2019) agus méadú ar líon na leathanach de dhoiciméid nach mairc thrádála Aontais iad (méadú 43 672 leathanach, nó 15 %, i gcomparáid le 2019); |
|
7. |
ag moladh an Ionaid as a phunann cliant a leathnú, punann a ndeachaigh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh leis i mí na Samhna 2020; |
|
8. |
á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an tIonad seirbhísí teanga nua agus modhanna oibre dá chliaint, amhail aistriúchán uathoibríoch, meaisínaistriúchán saincheaptha, tras-scríobh le agus gan idirghabháil ó dhuine agus fotheidealú barrfheabhsaithe; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur thosaigh an tIonad ag úsáid na huirlise ríomh-earcaíochta “Systal” in 2020 agus gur ghlac an tIonad páirt in dhá nós imeachta roghnúcháin comhpháirteacha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, rud a d’fhág go rabhthas in ann acmhainní a chomhroinnt agus iarrachtaí a dhéanamh chun liostaí cúltaca a bhunú do phróifílí cothrománacha riaracháin; |
Beartas foirne
|
10. |
ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 95,85 %, go ndearnadh ceapacháin i gcás 47 n-oifigeach agus 138 ngníomhaire shealadacha as 52 oifigeach agus 141 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 193 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 22 ghníomhaire ar conradh don Ionad in 2020 (agus 28 bpost arna n-údarú); |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh Plean Claochlaithe 2019-2020 an Ionaid agus an Doiciméad Tionscnaimh Cláir chun feidhme go rathúil, clár ar glacadh é chun athruithe a dhéanamh ar struchtúr an Ionaid; ag spreagadh don Ionad, i ndáil leis sin, a infheistíocht in oiliúint foirne a neartú; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne, gur ag fir a bhí 100 % de na poist ardbhainistíochta, agus gan ach aon bhall foirne amháin a tuairiscíodh a bheith i bpost ardbhainistíochta, agus an bord bainistíochta comhdhéanta de 53 % ar fir iad agus 47 % ar mhná iad; ag tabhairt dá haire go bhfuil tearcionadaíocht ag na fir i bhfoireann an Ionaid i gcoitinne (37 % ar fir iad agus 63 % ar mná iad); á iarraidh ar an Ionad oibriú i dtreo cothromaíocht inscne ar leibhéal na foirne; |
|
13. |
á chur i bhfáth gur gá go leanfaidh an tIonad ar aghaidh lena chlaochlú uaillmhianach a bhaineann leis an digiteáil agus leis an intleacht shaorga chun freagairt do riachtanais cumarsáide ilteangaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, a bhfuil líon ard d’ábhar éagsúil agus speisialaithe os a gcomhair le haistriú le hacmhainní buiséadacha teoranta; á chur i bhfios, ag an am céanna, go bhfuil an baol ann trí chéile go mbeidh tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 go háirithe ar bhaill foirne ar conradh agus á iarraidh go dtiocfaí ar bhealaí chun cásanna éiginnteachta i ndáil leis sin a mhaolú agus a chosc; |
|
14. |
ag spreagadh an Ionaid chun dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach acmhainní daonna lena rachfar i ngleic le cothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
15. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh an cur chun feidhme a chur siar i gcás tairiscint leictreonach agus tíolacadh leictreonach, a bheadh ina gcomhlánú ar an sonrascadh leictreonach a tugadh isteach, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19; á iarraidh ar an Ionad an tairiscint leictreonach agus an tíolacadh leictreonach a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi, tar éis ghéarchéim COVID-19, gur iarr an tIonad ar a sholáthraithe seirbhíse teanga a gcuid sonrasc uile a sheoladh i bhformáid leictreonach; á chur in iúl gur geal léi, in 2021, gur ghlac an tIonad nósanna imeachta ríomhsholáthair ina n-iomláine agus gur ghlac sé den chéad uair riamh an ríomhaighneacht; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
16. |
ag tabhairt dá haire nach bhfoilsíonn an tIonad ach dearbhuithe leasa ar a shuíomh gréasáin agus nach bhfoilsíonn sé CVanna a bhoird bainistíochta ar a shuíomh gréasáin mar gheall ar mhéid an bhoird bainistíochta (thart ar 130 comhalta agus comhalta malartach); á chur i bhfáth go bhfoilsíonn gníomhaireachtaí eile CVanna chomhaltaí a mboird bainistíochta faoi seach, fiú sna cásanna sin ina bhfuil níos mó comhaltaí ar na boird bhainistíochta ná i gcás an Ionaid; á iarraidh arís ar an Ionad CVanna chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta a fhoilsiú agus na bearta a rinneadh ina leith a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh CV agus dearbhú leasa an stiúrthóra ar shuíomh gréasáin an Ionaid; |
Rialú inmheánach
|
17. |
ag tabhairt dá haire an measúnú ó chóras rialaithe inmheánaigh an Ionaid agus breithniú ó bhainistíocht an Ionaid nár léirigh na hathbhreithnithe faireacháin aon samplaí de rialuithe neamhleora nó neamhéifeachtacha a nochtfadh an tIonad ar phríomhrioscaí agus á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh athbhreithnithe ar bhonn na 17 bprionsabal a bhaineann le cúig chomhchuid chreat rialaithe inmheánaigh nua an Ionaid; á chur in iúl gur geal léi an chonclúid ón Ionad go bhfuil a chuid córas rialaithe lánéifeachtach ar an iomlán, agus go bhfuil feabhsuithe ag teastáil chun cur le hathléimneacht an Ionaid a thuilleadh; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire go dtéann straitéis frithchalaoise an Ionaid siar go dtí 2016 agus go ndearnadh pleananna gníomhaíochta frithchalaoise 2019-2020 a chur chun feidhme go huile, agus go ndéantar faireachán ar na gníomhartha frithchalaoise trína mbeith san áireamh i gclár oibre bliantúil an Ionaid; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur forbraíodh liosta le bratacha dearga maidir le TF, agus á iarraidh ar an Ionad a thaithí sa mhéid sin a chomhroinnt le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile Aontais a bhfuil timpeallacht TF inchomparáide acu; á iarraidh ar an Ionad a mheas arbh fhiú a straitéis frithchalaoise a uasdátú ar bhonn measúnú riosca calaoise chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí frithchalaoise an Ionaid dírithe i gcónaí ar na rioscaí calaoise is ábhartha; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur fhéach an tIonad, mar freagairt ar shrianta COVID-19, leis na nósanna imeachta riaracháin ar fad geall leis a chur á ndéanamh gan pháipéar sa chéad choicís den ghéarchéim, agus gur luathaíodh go mór uirlisí cumarsáide éagsúla agus córais físchomhdhála a bheith á dtionscnamh agus gur cuireadh timpeallacht teilea-oibrithe ar bun le haghaidh na foirne uile laistigh den chéad chúpla lá, faoina raibh 98 % d’fheidhmeanna an Ionaid indéanta; |
Barúlacha eile
|
20. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil creatchonradh idirinstitiúideach sínithe ag an Ionad chun leictreachas a cheannach ó fhoinse ghlas; |
|
21. |
á chur in iúl gurb oth léi nach gcuireann roinnt de na rialacháin bhunaidh de chuid comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais de cheangal orthu seirbhísí an Ionaid a úsáid; á mheabhrú go bhfreagraíonn an tIonad, bunaithe ar a rialacháin bhunaidh, do riachtanais seirbhíse teanga chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais; |
|
22. |
á chur in iúl gur saoth léi líon ard na gcomhaltaí atá ar an mbord bainistíochta, ar rud é nach n-éascaíonn cinnteoireacht nó bainistíocht shimplithe; |
|
23. |
á iarraidh ar an Ionad leanúint dá shineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú i dtaca le, mar shampla, acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí agus slándáil TF; |
|
24. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Ionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ionad leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an tIonad ag déanamh staidéir faoi láthair ar an bhféidearthacht tús a chur leis an nós imeachta chun deimhniú ISO 14001 nó EMAS a fháil go luath amach anseo chun a fheidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú; á chur in iúl, den mheon sin, gur díol sásaimh di an t-ullmhúchán a rinne an tIonad in 2020 maidir lena athbhreithniú comhshaoil tosaigh; |
|
26. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 54.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/200 |
CINNEADH (AE) 2022/1724 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0073/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2965/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 lena mbunaítear Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (4), agus go háirithe Airteagal 14 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0095/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir gníomhach Ghníomhaireacht Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3, Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3, Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/202 |
CINNEADH (AE) 2022/1725 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0074/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0125/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/204 |
RÚN (AE) 2022/1726 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0125/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 18 277 890 buiséad críochnaitheach an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (“an Lárionad”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 2,30 % i gcomparáid le buiséad 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a thagann buiséad an Lárionaid den chuid is mó; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire agus é mar dhíol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme 100 %, arb ionann é agus méadú an-bheag de 0,01 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur baineadh amach an sprioc le haghaidh ráta cur chun feidhme gealltanas a socraíodh le haghaidh 2020 i gclár oibre an Lárionaid (98 %); á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ráta 93,7 % an ráta leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú an-bheag de 1,36 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, ón tuarascáil ón gCúirt, nár chuir an Lárionad an modh iomchuí chun feidhme chun na ranníocaíochtaí i leith na hÍoslainne agus na hIorua a ríomh, amhail a tharla in 2019; á thabhairt dá haire go bhforáiltear sa chomhaontú comhair idir Cedefop agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) go ndéanann comhpháirtithe comhair CSTE ranníocaíocht ar leibhéal bunaithe ar chion a nOlltáirgeachta Náisiúnta i gcomparáid le OTN iomlán an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus gur ríomhadh ranníocaíochtaí na hIorua agus na hÍoslainne sa bhuiséad tosaigh de réir chion a nOlltáirgeachta Intíre (2,27 % i gcás na hIorua agus 0,14 % i gcás na hÍoslainne) i gcomparáid le OTI Bhallstáit an Aontais Eorpaigh in LEE, seachas i gcomparáid le OTN iomlán LEE; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go ndearna an Iorua agus an Íoslainn ranníocaíocht le buiséad 2020 an Lárionaid a bhí EUR 8 601 níos lú ná mar ba cheart agus gur íoc an tAontas EUR 8 601 sa bhreis; ag tabhairt dá haire, ainneoin laghdú de EUR 1 100 000 sna leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus in ioncaim sa chéad leasú ar bhuiséad 2020, nár tugadh aon chuid den laghdú buiséid ar ais don Iorua agus don Íoslainn, rud a d’fhág go ndearna siad ranníocaíocht de EUR 25 886 sa bhreis in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil cur chun feidhme an mhodha chirt chun ranníocaíochtaí a ríomh fós ar lean, in ainneoin na moltaí maidir leis an modh chun ranníocaíochtaí a ríomh a rinne an Chúirt in 2019; |
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi, áfach, aidhm an Lárionaid modheolaíocht a bhunú atá trédhearcach agus éasca le cur i bhfeidhm mar aon le gníomhaíocht mhear chun aghaidh a thabhairt uirthi tar éis an mholta ó Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (AS BUDG) sa Choimisiún tríd an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) sa Choimisiún, mar chuid den “Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch — Prótacal 31”; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gach gníomhaíocht eile a rinneadh i leith bharúlacha na Cúirte maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do na blianta airgeadais 2018 agus 2019 tugtha chun críche ag an Lárionad, cé is moite de ghníomhaíocht amháin atá fós ar siúl i ndáil leis an modh a leagtar amach sa Ráiteas maidir le comhar Cedefop-CSTE chun ranníocaíochtaí a ríomh; |
Feidhmíocht
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur díol suntais an córas tomhais feidhmíochta atá in úsáid ag an Lárionad, ar córas é ina bhfuil eochairtháscairí feidhmíochta chun an breisluach óna ghníomhaíochtaí a mheas ar leibhéil tionscadail, ghníomhaíochta agus eagraíochtúla agus bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; á chur in iúl gur geal léi an táscaire comhshaoil “astaíochtaí ina dtonaí CO2” a bheith ann óir cruthaíonn sé go bhfuil an Lárionad ag féachaint le cuspóirí glasa a bhaint amach agus is úsáideach an tagarmharc é chun forbairt astaíochtaí iarphaindéime agus lorg CO2 an Lárionaid a rianú; |
|
6. |
ag moladh an Lárionaid as na rannchuidithe líonmhara a rinne sé le ceapadh beartais an Aontais, go háirithe Clár Oibre Scileanna don Eoraip an Choimisiúin maidir le hiomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht (an Clár Oibre Scileanna don Eoraip), an chéad mholadh riamh ón gComhairle maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET), agus dearbhú Osnabrück; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire gur shínigh an Lárionad comhaontú nua leibhéil seirbhíse an 4 Bealtaine 2020 le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), chun acmhainní, amhail seirbhísí rúnda comhairleoirí, a chomhroinnt idir an dá eagraíocht; ag tabhairt dá haire, agus is díol spéise di é, go raibh acmhainní á gcomhroinnt ag an Lárionad agus ENISA in 2021 i ndáil leis an Oifigeach Slándála Sonraí freisin; |
|
8. |
á chur in iúl gur mór aici saineolas agus obair ardcháilíochta an Lárionaid, lena gcuirtear taighde, anailísí agus comhairle theicniúil i ngairmoideachas agus gairmoiliúint, cáilíochtaí agus beartais scileanna ar fáil, agus é mar aidhm leis oiliúint ardcháilíochta a chur chun cinn atá saincheaptha do riachtanais an duine aonair agus mhargadh an tsaothair; |
|
9. |
ag cur béim ar thábhacht, neamhspleáchas agus breisluach an Lárionaid sa réimse saineolais atá aige; |
|
10. |
á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an obair a rinne an Lárionad le déanaí chun cuidiú le hanailís a dhéanamh ar thionchar na paindéime agus an aistrithe dhigitigh ar chleachtais ghnó a oiriúnú do na réadúlachtaí nua i margadh saothair an Aontais tríd, mar shampla, an Suirbhé Eorpach ar Chuideachtaí maidir le COVID-19 a rinneadh i gcomhar le Eurofound; |
|
11. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá ról an Lárionaid maidir lena áirithiú go ndéanfar scileanna digiteacha a chomhtháthú i ngairmoideachas agus gairmoiliúint ar fud an Aontais agus le faireachán a dhéanamh ar chur cur chun feidhme agus ar thionchar na moltaí ón gComhairle maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip, an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna le haghaidh iomaíochas inbhuanaithe, na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta, agus an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach; |
|
12. |
ag tabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go bhfuil acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais ann ionas gur féidir leis an Lárionad leanúint dá chlár oibre a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche ar ráta an-ard; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an Lárionad gach iarracht feabhas a chur ar chibearshlándáil an Lárionaid agus sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe trí ghníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta don fhoireann; |
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi gur bhain an Lárionad amach a chlár oibre agus gur sháraigh sé é fiú, chomh maith leis na spriocanna agus na nithe insoláthartha a leagtar síos ann do 2020, in ainneoin na ndúshlán a chruthaigh an phaindéim; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil dea-chomhar ann idir an Lárionad agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) agus Eurofund; á thabhairt dá haire go bhfuil ról breathnadóra ag na trí ghníomhaireacht ag cruinnithe a mbord bainistíochta faoi seach; á thabhairt dá haire, thairis sin, go mbíonn an Lárionad agus ETF ag comhoibriú le chéile freisin faoi chuimsiú na meithle idir-ghníomhaireachta le ECFE, EIS, UNESCO agus le heagraíochtaí eile idirnáisiúnta; |
Beartas foirne
|
16. |
ag tabhairt dá haire go raibh 97 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme an 31 Nollaig 2020 (i gcomparáid le 95 % in 2019), go raibh ceapacháin déanta i gcás 78 ngníomhaire shealadacha as 82 ghníomhaire shealadacha agus i gcás deichniúr oifigeach arna n-údarú faoi Bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire go raibh 2 oibrí eatramhacha agus 8,5 comhairleoir (arbh ionann é sin agus ochtar ag obair go lánaimseartha agus duine ag obair go leath-aimseartha) ag obair ag an Lárionad in 2020, agus gur acmhainní iad nár bhain an Lárionad leas astu in 2019; |
|
17. |
ag tabhairt aird ar an easpa cothromaíocht inscne i measc ardbhainistíocht an Lárionaid, le ceathrar fear (66,7 %) agus beirt bhan (33,3 %); ag tabhairt dá haire maidir leis an bhfoireann i gcoitinne go bhfuil cothromaíocht inscne 57 % ann i gcás na mban agus 43 % i gcás na bhfear; |
|
18. |
ag spreagadh an Lárionaid chun dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach acmhainní daonna a rachaidh i ngleic le cothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; á chur in iúl gur geal léi cur chuige réamhghníomhach an Lárionaid maidir le teilea-obair a chur chun feidhme le blianta beaga anuas; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, nach bhfuil na saincheisteanna sa Lárionad maidir le seachtrú a sheirbhíse dlí, a thug an t-údarás um urscaoileadh agus an Chúirt chun suntais, réitithe fós, ach á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Lárionaid comhairleoir dlí inmheánach a athbhunú in 2021; á iarraidh ar an Lárionad aon athruithe ar an gcás sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sainordú an choiste um shláinte agus um shábháilteacht imithe i léig; á chur in iúl gur geal léi an fógra faoi choiste um dhea-bhail; á iarraidh go mbunófar an coiste um dhea-bhail gan mhoill; |
|
21. |
á chur in iúl gur oth léi go bhfuil deacracht ag go leor daoine den fhoireann i dtaca le dul i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta, amhail an córas cúraim sláinte agus an córas slándála sóisialta; á iarraidh go mbeadh níos mó tacaíochta ann do bhaill foirne a bhogann go dtí an tír ina bhfuil an ghníomhaireacht lonnaithe; á mholadh, chuige sin, go mbeadh duine idirchaidrimh ann lena áirithiú, inter alia, go mbeidh ann do dhea-fheidhmiú na nasc idir foireann an Lárionaid agus na húdaráis náisiúnta; |
|
22. |
á iarraidh ar Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais (EUAN) rialacha soiléire a leagan síos maidir le comhcheangal daoine den fhoireann leis an gcóras náisiúnta cúraim sláinte sa Ghréig; á mholadh go luafar go sainráite sna rialacha sin cad atá cumhdaithe ag árachas sláinte agus go dtí cén dáta a mbeidh feidhm ag an árachas sláinte; |
Soláthar
|
23. |
ag tabhairt dá haire agus é ina chúis imní di, de réir na tuarascála ón gCúirt, go ndearna an Lárionad earráidí i mbainistiú conarthaí soláthair; ag tabhairt aird go háirithe ar an gcinneadh ón gCúirt gur shínigh an Lárionad conradh bunaithe ar nós imeachta idirbheartaithe le tairiscint shingil gan aon doiciméadú maidir le taighde margaidh, agus ar deireadh thiar gur sáraíodh an buiséad measta de 98 % leis an bpraghas a tairgeadh, rud a thug luach an chonartha os cionn na tairsí ceadaithe le haghaidh nós imeachta idirbheartaithe le tairiscint shingil faoin Rialachán Airgeadais; |
|
24. |
á aithint, chun aghaidh a thabhairt ar an mírialtacht a chuir an Chúirt i bhfios, gur chuir an Lárionad an conradh ar ceal i ndiaidh an iniúchta le héifeacht ón 26 Feabhra 2021; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, a mhéid a bhaineann le hobair leantach a dhéanamh ar na moltaí in urscaoileadh 2019 an údaráis um urscaoileadh, gur tugadh cur chun feidhme na moltaí maidir le doiciméadacht agus modheolaíocht soláthair i gcrích; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
26. |
ag tabhairt aird ar bhearta reatha an Lárionaid agus na hiarrachtaí atá ar siúl aige chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa agus cosaint sceithirí a áirithiú; á chur i bhfios áfach maidir le bord bainistíochta an Lárionaid, go bhfuil 94 chomhalta ann (lena n-áirítear breathnadóirí) agus 63 chomhalta mhalartacha; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad an 28 Meitheamh 2021 gur foilsíodh 93 CV as 157 ar láithreán gréasáin an Lárionaid; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt dearbhuithe leasa agus CVanna ó chomhaltaí den bhord bainistíochta ar iarraidh agus á athdhearbhú maidir leis na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha uile a fhreastalaíonn ar chruinnithe den bhord bainistíochta agus a fheidhmíonn a gceart chun vótáil, nach mór dóibh dearbhú leasa a thíolacadh; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh CVanna ardbhainistíocht an Lárionaid, agus nár foilsíodh CVanna na saineolaithe seachtracha agus intí; á iarraidh ar an Lárionad lán-trédhearcacht a áirithiú trí CVanna agus dearbhuithe leasa gach comhalta den bhord bainistíochta agus na saineolaithe seachtracha agus intí lena mbaineann a fhoilsiú; |
|
27. |
á chur in iúl gur saoth léi líon ard na gcomhaltaí den bhord bainistíochta (157), ar rud é nach n-éascaíonn cinnteoireacht nó bainistíocht shimplithe; á mheabhrú, de réir rialachán bunaidh an Lárionaid, go bhfuil sé d’oibleagáid ar chomhaltaí a bhoird bainistíochta a ndearbhú leasa a fhoilsiú; á mheabhrú go n-iarrtar freisin ar chomhaltaí an bhoird bainistíochta CVanna gearra a chur ar fáil, cé nach ceanglas foirmiúil é sin; |
Rialú inmheánach
|
28. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) sa Choimisiún measúnú riosca iomlán ó chian in 2020 inar cumhdaíodh próiseas riaracháin, airgeadais, oibríochtúil agus TF an Lárionaid agus gur tháinig iniúchóireacht leantach arna seoladh ag IAS ar an gconclúid go raibh na moltaí uile curtha chun feidhme go leormhaith agus go héifeachtach ag an Lárionad; ag tabhairt dá haire go ndearnadh sé mholadh as sé ón iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna agus eitic a chur chun feidhme; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
29. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndearna an Lárionad plean bainistithe géarchéime a mhúnlú agus a ghníomhachtú chun déileáil le paindéim COVID-19 trí bhearta réamhchúraim a ghlacadh, amhail teilea-oibriú agus ócáidí agus misin fhisiciúla a chur ar ceal, chun leanúnachas gnó a áirithiú; ag tabhairt dá haire thairis sin gur sainaithníodh cur chun feidhme an bhuiséid agus ráta fostaíochta mar rioscaí criticiúla in athbhreithniú a rinneadh ar mheasúnú riosca an Lárionaid; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Lárionad go dtugann na gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun deis an dá riosca a mhaolú go héifeachtach; |
Barúlacha eile
|
30. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an Lárionad gach iarracht feabhas a chur ar chibearshlándáil an Lárionaid agus sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe trí ghníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta don fhoireann; |
|
31. |
á iarraidh ar an Lárionad leanúint dá shineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (lena n-áirítear i dtaca le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil); |
|
32. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Lárionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Lárionad leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá ann na bearta uile slándála is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; |
|
33. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar éifeachtach le gníomhaireachtaí an Aontais i gcomhthéacs EUAN agus an bhéim ar leith ar shineirgí idir-ghníomhaireachta a shainaithint agus a shaothrú, i réimse an riaracháin; agus i bpríomhghníomhaíochtaí gnó agus i modheolaíocht maidir le táscairí bainistíochta feidhmíochta le ETF, Eurofound agus EU-OSHA, chomh maith; |
|
34. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.03.2021, lch. 4.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/208 |
CINNEADH (AE) 2022/1727 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0074/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0125/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/209 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1728 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0075/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (4), agus go háirithe Airteagal 20 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2022), |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/211 |
RÚN (AE) 2022/1729 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 30 602 017 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 67,52 % i gcomparáid le 2019, de thoradh ar mhéadú ar theideal 5 “tionscadail eile”; de bhrí go bhfuil an Ghníomhaireacht á maoiniú le ranníocaíocht ón Aontas (34,48 %) agus le hioncam seachtrach arna shannadh i leith tionscadail shonracha (65,10 %); |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta cur chun feidhme agus 91,70 % de thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020, a léiríonn laghdú 6,28 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 74,19 %, a léiríonn laghdú 2,32 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, de réir thuarascáil na Cúirte, gur íoc an Ghníomhaireacht táille chealúcháin maidir le háirithint óstáin le haghaidh imeacht oiliúna i mBúdaipeist de thoradh srianta COVID-19; ag leagan béim ar fhionnachtain na Cúirte, dá mba rud é gur agair an Ghníomhaireacht an clásal ‘force majeure’ sa chreatchonradh ina ionad sin, go bhféadfadh sí an áirithint a chur ar ceal gan chostas; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur ndearnadh an t-imeacht a phleanáil an 29 Meitheamh 2020, tráth a raibh neamhchinnteacht ann i leith an staid san Ungáir; á chur in iúl gurb oth léi nár ghlac an Ghníomhaireacht na céimeanna riachtanacha chun leasa airgeadais an Aontais a chosaint agus dá bhrí sin go measann an Chúirt an íocaíocht lena mbaineann a bheith neamhrialta; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as eochairtháscairí feidhmíochta chun a bainistiú ar bhuiséad a fheabhsú agus chun a gníomhaíochtaí oiliúna agus an tionchar atá acu a thomhas, go háirithe leibhéal sástachta na rannpháirtithe, chun an breisluach a chuireann na gníomhaíochtaí sin ar fáil a mheasúnú; |
|
4. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur lean an Ghníomhaireacht dá for-rochtain a mhéadú, in ainneoin ráig COVID-19, agus gur méadaíodh líon na rannpháirtithe oiliúna go 13 %; ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht an 30 Aibreán 2020 ardán nua um Oideachas ar Fhorfheidhmiú an Dlí (LEEd); ag tabhairt dá haire gur cuireadh an tIonad Eolais CEPOL maidir le Frithsceimhlitheoireacht ar bun, ar bhonn píolótach, agus é mar shainordú aige punann cuimsitheach oiliúna ilbhliantúil a ullmhú; |
|
5. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh saineolas fónta ag na saineolaithe a rannchuidíonn leis na tionscnaimh nua arna seoladh ag an nGníomhaireacht i réimse na gceart bunúsach, go háirithe an frithchiníochas agus an frith-idirdhealú; |
|
6. |
á thabhairt faoi deara gur thug an Ghníomhaireacht an chéad Mheasúnacht ar Riachtanais Straitéiseacha Oiliúna AE (EU-STNA) chun críche in 2018, lenár sainaithníodh tosaíochtaí oiliúna d’oifigigh forfheidhmithe an dlí don tréimhse 2018-2021; ag tabhairt dá haire gur sheol soláthraí neamhspleách a bhí faoi chonradh ag an nGníomhaireacht próiseas agus meastóireacht tionchair ar an gcéad EU-STNA in 2020; ag tabhairt dá haire gur glacadh toradh na meastóireachta sin san áireamh san athbhreithniú ar an modheolaíocht EU-STNA a d’úsáid an Ghníomhaireacht chun an EU-STNA nua a sheoladh, a dhéanfaidh thosaíochtaí oiliúna ar leibhéal an Aontais don chéad timthriall beartais eile 2022-2025 a shainiú; |
|
7. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht trédhearcacht iomlán agus lán-urraim do chearta bunúsacha a áirithiú ina gníomhaíochtaí go léir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí le tríú tíortha; ag tabhairt dá haire gur cuireadh an ghníomhaíocht chónaithe dhá chéim maidir le Cearta Bunúsacha, Eitic Póilíní agus Bainistíocht na hÉagsúlachta ar ceal mar gheall ar phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an nGníomhaireacht líon na ngníomhaíochtaí oiliúna sa réimse sin a mhéadú; |
|
8. |
ag cur sonrú i dtiomantas na Gníomhaireachta chun a láithreacht idirnáisiúnta a fheabhsú trí dhá thionscadal idirnáisiúnta a chur chun feidhme go rathúil, eadhon an Chomhpháirtíocht Oiliúna Frithsceimhlitheoireachta AE/MENA 2 agus an Clár Oiliúna Inseirbhíse um Imscrúdú Airgeadais sna Balcáin Thiar, agus trí bhíthin punann tionscadail EUR 23,5 milliún a chaibidliú i réimsí beartais um méadú agus um chomharsanacht an Aontais; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, gur thug an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gComhairle Eorpach agus an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), anailís ad-hoc ar riachtanais oiliúna chun críche maidir le tionchar COVID-19 ar phátrúin choireachta, ar oibríochtaí agus ar riachtanais oiliúna na n-oifigeach um fhorfheidhmithe an dlí i réimse na coireachta tromchúisí agus eagraithe; ag tabhairt dá haire, gur thug an Ghníomhaireacht suirbhé chun críche i mí Lúnasa 2020 ar thionchar COVID-19 ar fhoréigean teaghlaigh; ag tabhairt dá haire go mbaintear úsáid as torthaí an dá anailís chun táirgí oiliúna a fhorbairt mar fhreagairt ar riachtanais oiliúna atá athraithe de thoradh COVID-19; |
|
10. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil gníomhaíochtaí oiliúna na Gníomhaireachta ailínithe go dlúth leis na ceanglais atá léirithe ag grúpaí EMPACT Thimthriall Beartais AE, agus go bhfuarthas saineolas ó na Ballstáit, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa, an Grúpa Eorpach Oiliúna agus Oideachais maidir leis an gCibearchoireacht, Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta agus geallsealbhóirí eile; |
|
11. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Ghníomhaireacht ag féachaint i gcónaí ar na féidearthachtaí a bhaineann le hacmhainní a chomhroinnt maidir le cúraimí forluiteacha (amhail TF agus seirbhísí eile) le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile amhail an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an nGníomhaireacht dul i dteagmháil le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus leis an Údarás Eorpach Saothair chun anailís chomhpháirteach a dhéanamh ar roghanna chun sineirgí a chruthú; ag tabhairt dá haire gur treisíodh an comhchlár malartaithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a bhaineann le teorainneacha agus gníomhaíochtaí garda cósta agus gur cuireadh síneadh breise leis an gclár leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach; |
Beartas foirne
|
12. |
ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2020, go raibh 94 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 31 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 33 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 32 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, chomh maith leis sin, go raibh 46 ghníomhaire ar conradh (16 díobh do ghnáthghníomhaíochtaí agus 30 díobh do thionscadail fothaithe acmhainneachta arna maoiniú go seachtrach) agus seachtar saineolaithe náisiúnta ar iasacht (seisear arna maoiniú ó bhuiséad na Gníomhaireachta agus duine amháin arna mhaoiniú faoi Chomhpháirtíocht Oiliúna Frithsceimhlitheoireachta 2) ag obair don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht triúr fear (50 %) agus triúr ban (50 %) a bheith in ardbhainistíocht na Gníomhaireachta agus go raibh cothromaíocht inscne de 35 fhear (41,7 %) agus 49 mbean (58,3 %) i measc na foirne foriomláine; |
|
14. |
ag tabhairt faoi deara go raibh 16 éirí as oifig in 2020 (i gcomparáid le 6 éirí as oifig in 2019) mar gheall ar dhúnadh thionscadal na mBalcán Thiar nó mar gheall ar dheiseanna fostaíochta nua laistigh agus lasmuigh den Ghníomhaireacht; á athdhearbhú gur cúis imní di go bhfuil an Ghníomhaireacht fós thíos le ráta ard athraithe foirne agus le líon teoranta iarratas ó Bhallstáit seachas an Ballstát óstach; ag tabhairt dá haire go raibh tionchar suntasach ag na luaineachtaí foirne níos mó ar an eagraíocht, sa bhreis ar phaindéim COVID-19, agus gur fostaíodh baill foirne eatramhacha agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht chun neamhláithreachtaí foirne a chumhdach agus chun déileáil le hualach oibre méadaithe le linn buaicthréimhsí; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé gníomhach leis an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin; |
|
15. |
á chur i bhfios go láidir go gcruthaíonn spás oifige neamhleor agus éiginnteacht maidir le háitreabh ceanncheathrún na Gníomhaireachta tuilleadh deacrachtaí oibríochtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé gníomhach leis an nGníomhaireacht agus leis an mBallstát óstach chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin; |
|
16. |
ag tabhairt faoi deara go bhfuil an Ghníomhaireacht ag machnamh ar mholadh na Cúirte ó 2019 a leanúint agus fógraí folúntais a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil an Aontais, le nasc chuig an téacs iomlán as Béarla amháin ar shuíomh gréasáin na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne chun poiblíocht a mhéadú; |
Soláthar
|
17. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ag an nGníomhaireacht ar a tionscnaimh dhigitithe maidir le ríomhsholáthar trí ríomhaighneacht, próiséas ríomhthairisceana agus ríomhshonrascadh a chur chun feidhme in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil glaonna oscailte ar thairiscintí déanta ag an nGníomhaireacht ag baint úsáid as próiséas ríomhthairisceana agus as ríomhaighneacht araon; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur athraigh an Ghníomhaireacht, mar thoradh ar mholadh ó urscaoileadh 2019, a beartas chun doiciméadacht chuí a áirithiú maidir le praghsanna thar a bheith íseal a d’fhéadfadh a bheith i dtairiscint rathúil, lena n-áirítear mír shonrach chun na cúiseanna atá le tairiscintí ionchasacha atá thar a bheith íseal a iarraidh agus anailís a dhéanamh orthu; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
19. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di bearta reatha na Gníomhaireachta agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aici chun trédhearcacht a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bhunaigh an Ghníomhaireacht cód um iompraíocht riaracháin in 2019 agus gur chuir sí chun feidhme é, chomh maith leis an bhFo-Straitéis Frith-Chalaoise agus Beartas um Choinbhleacht Leasa a Bhainistiú in 2020; ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go ndéantar dearbhuithe maidir le leasanna agus CVanna de bhaill boird bainistíochta agus den ardbhainistíocht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, sula ndéantar conradh a shíniú, go ndéantar dearbhuithe maidir le coinbhleachtaí leasa agus le rúndacht a bhailiú agus a scagadh i gcás saineolaithe a fhaigheann luach saothair; |
Rialú Inmheánach
|
20. |
ag tabhairt dá haire, maidir le measúnú na Gníomhaireachta ar a córas rialaithe inmheánaigh agus a chonclúid, go bhfuil sé éifeachtach, gur ann dó agus go bhfuil sé ag feidhmiú go maith agus nach bhfuil ach mionfheabhsuithe de dhíth air; á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte agus na moltaí gaolmhara a ionchorprú go sainráite ina measúnú; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil roinnt laigí i gcóras rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta, go háirithe i ndáil le gealltanais bhuiséadacha a bhainistiú; ag tabhairt dá haire gur shínigh an Ghníomhaireacht trí ghealltanas dhlíthiúla sular formheasadh na gealltanais bhuiséadacha faoi seach, agus Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2019/715 (2) á shárú aici tríd an méid sin a dhéanamh; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur shínigh an Ghníomhaireacht, ar ócáid amháin, dhá chonradh shonracha éagsúla a bhí ceangailte leis an ngealltanas buiséadach aonair céanna, agus Airteagal 112(1), an chéad fhomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais á shárú aici tríd an méid sin a dhéanamh; ag cur sonrú i gconclúid na Cúirte go laghdaítear le sárú den chineál sin trédhearcacht an fhaireacháin a dhéantar ar na conarthaí faoi seach in ABAC, an córas bainistíochta airgeadais; |
|
23. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug an Ghníomhaireacht faoi shuirbhé rannpháirtíochta foirne in 2019 agus é mar aidhm leis rialuithe boga (sláine, ceannaireacht, inniúlachtaí, oscailteacht agus spreagadh) a thomhas; ag tabhairt dá haire go ndearna an bhainistíocht anailís ar na torthaí in 2020 le cúnamh ó thascfhórsa, lenar tugadh le fios go bhféadfaí ceannaireacht, spreagadh foirne agus meanma a fheabhsú; ag aithint gur in 2021 a seoladh an chéad suirbhé rannpháirtíochta foirne eile ina dhiaidh sin agus go mbainfear úsáid as don chéad fhéinmheasúnú eile ar na táscairí rialaithe inmheánaigh ábhartha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thorthaí an tsuirbhé rannpháirtíochta foirne agus an bealach a ndeachaigh an Ghníomhaireacht i ngleic leis na réimsí arna sainaithint mar réimsí a bhfuil feabhas le déanamh iontu; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire, ó thorthaí iniúchóireachta inmheánaí, nach bhfuil dóthain spáis oifige ná slí ag an nGníomhaireacht do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus go ndearnadh an tAcadamh um Chibearoiliúint a athlonnú go háitreabh de chuid na hUngáire agus go ndearnadh spás breise a fháil ar cíos in aice láimhe do thionscadail sheachtracha; ag aithint go bhfuil pléití ar bun le rialtas na hUngáire chun spás leordhóthanach oifige a fháil lena lamhálfar don Ghníomhaireacht feidhmiú ó aon suíomh amháin agus leis sin sreabhadh oibre doiciméad níos simplithe a éascú chomh maith le leanúnachas gnó san fhadtéarma; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí maidir lena háitreabh agus faoin dul chun cinn a dhéantar sna pléití leis an mBallstát óstach; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Ghníomhaireacht tascfhórsa COVID-19 an 30 Márta 2020 a raibh sé mar leis tacú leis na Ballstáit agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí comhpháirtíochta i gcomhthéacs ghéarchéim COVD-19; ag aithint ról fhoireann ríomhfhoghlama na Gníomhaireachta i dtaobh bonneagar cianda a chruthú, i gcomhar le foireann TFC na Gníomhaireachta, agus i dtaobh baill foirne a uas-sciliú agus a ullmhú do chianobair chun aistriú réidh agus leanúnachas gnó a áirithiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur chuir an Ghníomhaireacht comhairle ar fáil dá comhpháirtithe ar na féidearthachtaí a bhaineann le ríomhbhonneagar a úsáid, amhail seimineáir ghréasáin agus cúrsaí ar líne, agus gur thairg sí tacaíocht theicniúil agus riaracháin dóibh; á chur in iúl gur díol sásaimh di digitiú phróisis na Gníomhaireachta lenar ráthaíodh leanúnachas gnó i dtimpeallacht chianda; |
Tuairimí eile
|
26. |
ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an chéad deimhniú ISO 9001:2015 in éag an 1 Feabhra 2020 agus, ag deireadh an timthrialla deimhnithe trí bliana, gur éirigh leis an nGníomhaireacht san iniúchóireacht athdheimhnithe i mí Eanáir 2020, agus nár sainaithníodh aon neamh-chomhréireachtaí; ag tabhairt dá haire gur choinnigh an Ghníomhaireacht an deimhniú breise do chaighdeán ábhartha ISO 29993:2017 le haghaidh seirbhísí foghlama; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon bheartas ag an nGníomhaireacht maidir le cibearshlándáil agus le taifid dhigiteacha a chosaint; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go ndearnadh cibirionsaí ar an nGníomhaireacht agus de thoradh air sin gur múchadh gníomhaíochtaí oiliúna ar líne go sealadach ar feadh tuairim is trí seachtaine; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir lena cuid iarrachtaí i réimse na cibearshlándála; |
|
28. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di tabhairt isteach uirlisí nua TF, eadhon SPEEDWELL don sreabhadh oibre airgeadais, SYSPER le haghaidh acmhainní daonna agus ARES do bhainistiú doiciméad, mar iarracht chun éifeachtúlacht riaracháin a mhéadú; |
|
29. |
ag cur sonrú in iarrachtaí na Gníomhaireachta chun áit oibre chostéifeachtach agus neamhdhíobhálach don timpeallacht a áirithiú; á chur i bhfios nach bhfuil aon scéim fritháirithe carbóin curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus ag aithint, bunaithe ar fhreagra na Gníomhaireachta ar an gceistneoir caighdeánach, nach féidir an costas a bhaineann le bheith rannpháirteach i scéim den chineál sin a chlúdach lena hacmhainní airgeadais teoranta; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúdú in 2020 ar chás calaoise seachtraí sa Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur seoladh an t-imscrúdú sin ar iarraidh ón nGníomhaireacht agus, tar éis di conclúidí an imscrúdaithe ó thús 2021 a thabhairt faoi deara, go bhfuil tús curtha cheana féin ag an nGníomhaireacht le moltaí OLAF a chur chun feidhme; |
|
31. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 110.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/216 |
CINNEADH (AE) 2022/1730 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0075/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (4), agus go háirithe Airteagal 20 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0093/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/218 |
CINNEADH (AE) 2022/1731 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 le maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0076/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 121 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0122/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/220 |
RÚN (AE) 2022/1732 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0122/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 183 042 000 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus laghdú 6,81 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur as buiséad an Aontais a thagann EUR 37 954 000 de bhuiséad na Gníomhaireachta agus gur ioncam ó tháillí agus muirir (2) atá in EUR 90 000 000 de; de bhrí go bhfuil laghdú suntasach de EUR 18 000 000 (– 15 %) tagtha ar ioncam na Gníomhaireachta ó tháillí agus muirir mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19; |
|
B. |
de bhrí go luaitear i dtuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhú réasúnach di di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur 98,62 % a bhí i ráta chur chun feidhme an bhuiséid mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith 2020, arb ionann sin agus méadú 1,93 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gurbh é 92,65 % an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus méadú 3,59 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur chríochnaigh an Ghníomhaireacht an bhliain le barrachas táillí agus muirear de EUR 9,4 milliún; ag tabhairt dá haire go gcuirtear an barrachas “táillí agus muirear” leis an mbarrachas carntha, lena méadaítear é ó EUR 51,5 milliún go EUR 60,9 milliún; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire gur méadaíodh ráta na leithreasuithe cealaithe i ndáil le gealltanais a tugadh anonn go dtí 2020 go 5,46 % (3,7 % in 2019), os cionn na sprice de 2,5 % a shocraigh an Ghníomhaireacht ina táscairí feidhmíochta 2020 agus beagán os cionn na huasteorann de 5 % a shocraigh an Coimisiún; ag tabhairt dá haire gurbh í géarchéim COVID-19 ba cúis leis sin den chuid is mó, chomh maith le cealuithe a bhain le srianta domhanda taistil, bearta dianghlasála, laghdú ar ghníomhaíochtaí agus cealú imeachtaí; ag moladh go ndéanfaí bearta chun an sprioc 2,5 % a bhaint amach; |
Feidhmíocht
|
4. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach arna sholáthar ag a gníomhaíochtaí agus as bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht faireachán ar 59 ETF in 2020, lena n-áirítear spriocanna chun feabhas a chur ar riaradh an bhuiséid, amhail ráta cur chun feidhme buiséid 95 % nó níos mó, ráta 5 % nó níos lú i dtaca le cur chun feidhme gealltanas a thugtar anonn, ráta cur chun feidhme ioncaim tionscadail ó tháillí agus muirir, agus an toradh ar sheachfhoinsiú táillí agus muirear; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndéanann an Ghníomhaireacht príomhchláir/príomhthionscadail a chur chun feidhme, amhail an clár claochlaithe, ar clár é arb iad na príomhchuspóirí atá leis modhanna oibre a nuachóiriú, próisis a shimpliú agus seirbhísí digiteacha a sholáthar dá geallsealbhóirí seachtracha, agus, ar an gcaoi sin, díriú ar ghnóthachain éifeachtúlachta costais a bhaint amach, arb ionann iad agus 8 % ar a laghad i gcomparáid le 2019, agus gnóthachain éifeachtúlachta foriomlána 20-25 % a sholáthar ar leibhéal na Gníomhaireachta faoi 2025; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú ar an dul chun cinn maidir lena feidhmíocht amach anseo; |
|
5. |
á thabhairt dá haire go raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar an nGníomhaireacht, mar rialtóir earnála eitlíochta; á chur in iúl gur geal léi gur athdhírigh an Ghníomhaireacht a plean leanúnachais gnó ar na gnéithe sonracha sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le COVID-19 do bhaill foirne na Gníomhaireachta, do phearsanra eitlíochta, do phaisinéirí agus do gheallsealbhóirí eile in earnáil na heitlíochta i gcoitinne; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht a Clár Oibre Bliantúil a athbhreithniú i mí an Mhárta 2020 agus tosaíochtaí agus cuspóirí a bhí ann cheana a chomhlánú trí thacú go gníomhach lena geallsealbhóirí agus trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua; ag tabhairt dá haire ó fhreagairtí na Gníomhaireachta ar an gCeistneoir Caighdeánach, in ainneoin gur chuir an phaindéim isteach ar 35 % go 40 % de na cuspóirí/eochairtháscairí feidhmíochta, go raibh an Ghníomhaireacht in ann 90 % de na spriocanna ina Clár Oibre Bliantúil a bhaint amach; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go raibh ar an nGníomhaireacht formhaoirseacht ar 129 n-eagraíocht tríú tír a bhí seachfhoinsithe roimhe sin chuig Údarás Eitlíochta Sibhialta na Ríochta Aontaithe a tharraingt siar; |
|
7. |
ag moladh go háirithe na hoibre a rinne an Ghníomhaireacht i ndáil leis an tionscadal le haghaidh fhilleadh sheirbhís Boeing 737 Max san Eoraip, rud a léiríonn ceannaireacht láidir agus athléimneacht; |
|
8. |
ag moladh fhreagairt ghasta na Gníomhaireachta ar ghéarchéim COVID-19, freagairt a bhí mar bhonn le cur chuige soiléir agus comhchuibhithe ar fud na hEorpa. ag tabhairt dá haire, mar chuid den fhreagairt ghasta sin, gur foilsíodh an Prótacal um Shábháilteacht Sláinte Eitlíochta i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), prótacal a sholáthair treoir oibríochtúil shoiléir agus moltaí rioscabhunaithe le haghaidh aerthaistil, gur seoladh cairtchlár le haerlínte agus le hoibreoirí aeradróm chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phrótacail, gur tionscnaíodh an tionscadal um Fhilleadh ar Ghnáthoibríochtaí agus gur cruthaíodh Punann Riosca Sábháilteachta COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú le chéile leis an nGníomhaireacht chun a áirithiú go leanfaidh freagairt na mBallstát ar an staid eipidéimeolaíoch reatha de bheith ailínithe agus comhordaithe agus go ndíríonn sé ar “chur chuige duinebhunaithe” atá nasctha le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go raibh tionchar mór ag staid COVID-19 ar chumas na Gníomhaireachta dul chun cinn a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe tionscadail cúnaimh theicniúil, de bharr na srianta breise taistil, neamh-infhaighteacht na gcomhghleacaithe idirnáisiúnta/na ngeallsealbhóirí idirnáisiúnta agus an scartha shóisialta; |
|
10. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha ón nGníomhaireacht réimsí le haghaidh comhar breise le Gníomhaireachtaí eile Aontais a iniúchadh a mhéid is indéanta, agus cineál na ngníomhaíochtaí á chur san áireamh, chun forluíonna féideartha a laghdú; á chur in iúl gur geal léi na gníomhartha nithiúla atá déanta cheana féin i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil; á mholadh go láidir don Ghníomhaireacht comhar breise agus comhar níos fairsinge a lorg le gníomhaireachtaí uile an Aontais; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht a clár claochlaithe corparáidigh, Destination: Futureproof, [Ceann Scríbe: an Aimsir a Sheasamh] ina n-ionchorpraítear an tionscnamh digiteála leantach (CORAL), ar clár é arb iad na príomhchuspóirí atá leis modhanna oibre a nuachóiriú, próisis a shimpliú agus seirbhísí digiteacha a sholáthar dá geallsealbhóirí seachtracha; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag súil go mbeidh an clár i bhfeidhm go dtí 2023 agus go soláthróidh sé gnóthachain éifeachtúlachta foriomlána arb ionann iad agus 20 % go 25 % faoi 2025; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht roinnt cúraimí athfhillteacha a sheachfhoinsiú chuig na Ballstáit d’fhonn saineolaithe ardoilte a shaoradh chun go mbeidh siad ar fáil le haghaidh cúraimí níos straitéisí; ag tabhairt aitheantais d’iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta éirí níos éifeachtúla, agus acmhainní a chur ar fáil, lena n-áirítear foireann cháilithe; |
|
13. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh an Ghníomhaireacht conradh taighde arna mhaoiniú ag an gclár Fís 2020 chun feabhas a chur ar cheanglais Iarscríbhinn 16, Imleabhar II de ICAO maidir le sampláil agus tomhas astaíochtaí innill agus teicnící deartha agus tomhais níos láidre a mholadh; |
Beartas maidir le foireann
|
14. |
ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2020, gurbh ionann ráta cur chun feidhme an phlean bunaíochta agus 94,26 %, agus gur ceapadh 641 ghníomhaire sealadach as 680 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 680 post údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 88 ngníomhaire ar conradh agus 15 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa cothromaíochta inscne in ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, inar fir iad 20 duine as 25 duine (80 %), agus i mbord bainistíochta na Gníomhaireachta, inar fir iad 60 duine as 80 duine (75 %); ag cur béim ar an gcothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, inar fir iad 508 duine as 744 duine (68,3 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na foirne amach anseo; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú acu do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an Ghníomhaireacht chun cothromaíocht inscne a bhaint amach, amhail iarratais ó mhná a spreagadh le linn nósanna imeachta roghnúcháin, dálaí oibre fabhracha agus socruithe solúbtha atá nasctha le máithreachas a thairiscint; ag spreagadh na Gníomhaireachta miondealú uile-Aontais ar inscne de réir catagóir foirne a chur isteach ina figiúirí comhdhlúite foirne chun tuilleadh eolais a thabhairt faoin gcothromaíocht inscne laistigh dá foireann; |
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi bunú agus reáchtáil cláir um cháilíochtaí sóisearacha; ag spreagadh na Gníomhaireachta dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach um Acmhainní Daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 agus ar an tionchar atá aige ar thionscal na heitlíochta, gur ghlac an Ghníomhaireacht cur chuige níos coimeádaí i leith na hearcaíochta agus í ag féachaint leis an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir riachtanais ghnó agus acmhainní atá ar fáil, trí thús áite a thabhairt do shoghluaiseacht inmheánach agus comhroinnt shealadach acmhainní idir aonaid; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht samhail pleanála acmhainní a chur chun feidhme ina raibh athbhreithnithe ráithiúla, trí chothromaíocht a aimsiú idir éileamh tosaíochta ar thallann ghnó agus tionchar airgeadais chun a chinntiú go gcuirfí chun feidhme na cúraimí uile a bhí beartaithe sa doiciméad don Phleanáil Straitéiseach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh éigean don Ghníomhaireacht cuid den earcaíocht a bhí beartaithe le haghaidh 2020 go 2023 a chur siar mar thoradh ar an nós imeachta nua sin maidir le hacmhainní; |
|
19. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun feabhas a chur ar an idirphlé sóisialta maidir le hábhair amhail ciapadh a chosc agus tacaíocht foirne, ar gnéithe tábhachtacha iad le haghaidh reáchtáil ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus dhea-bhail a fostaithe; á thabhairt dá haire gur tháinig an Ghníomhaireacht, i ndiaidh idirphlé sóisialta, ar chomhaontú i mí Iúil 2020 maidir le bearta srianta chun freagairt don ghéarchéim dhomhanda; á mheabhrú go bhfuil an ráta ballraíochta ceardchumainn ag dul i méid i measc fhoireann na Gníomhaireachta agus ag tabhairt aitheantais don ráiteas ón nGníomhaireacht gur chuir an bhallraíocht i gceardchumainn le comhairliúchán níos leithne, agus go bhfreagraíonn sé d’ardleibhéal éiginnteachta/ cúiseanna imní maidir lena bhfuil i ndán do thionscal na heitlíochta i gcoitinne; á chur i bhfios, de réir na Gníomhaireachta, go leanann a bainistíocht de bheith i dteagmháil go minic lena comhpháirtithe sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas ina leith; |
Soláthar
|
20. |
ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, i dtaca le hobair leantach ar bharúlacha ón mbliain roimhe, gur gheall an Ghníomhaireacht na cistí le haghaidh comhaontú leis an gCoimisiún, maidir le seirbhísí cartlannaithe, thart ar ocht mí i ndiaidh athnuachan an chomhaontaithe in 2018; ag tabhairt dá haire, de réir an Rialacháin Airgeadais, gur cheart an gealladh cistí a thaifeadadh sula dtéitear faoi chomhair oibleagáid dhlíthiúil; ag tabhairt dá haire, sa fhreagra ón nGníomhaireacht, go ndéanfaí córas TF a chur chun feidhme lena gcuirfear cosc ar aon riosca go rachfar faoi chomhair gealltanais dhlíthiúla sula mbeadh na gealltanais bhuiséadacha déanta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon athruithe ina leith a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhréir leis na freagraí a cuireadh ar fáil don Pharlaimint i gcomhthéacs urscaoileadh 2018, ina ndúradh gur baineadh leas as réiteach ríomhsholáthair chun dul i ngleic le rioscaí maidir le costais a bhain le sonrascadh i nósanna imeachta soláthair na Gníomhaireachta, gur thionscain an Ghníomhaireacht bearta éagsúla chun an bainistiú conarthaí a fheabhsú go mór, a raibh gnóthachain éifeachtúlachta breise agus laghduithe costas mar thoradh orthu; á thabhairt dá haire go n-athdhearbhaíonn an Ghníomhaireacht a thábhachtaí atá conarthaí lena soláthraítear an luach is fearr ar airgead agus go bhfuil céimeanna glactha aici chun ról na ngníomhaithe a bhfuil baint acu leis an bpróiseas soláthair a neartú, go háirithe bainisteoirí conarthaí; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire i dtaca leis an obair leantach ar thuarascáil 2019 ón gCúirt go bhfuil gníomhaíochtaí déanta ag an nGníomhaireacht chun feabhas a chur ar a córais TF, agus go bhfuil cúrsaí oiliúna á soláthar aici chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gealltanais airgeadais uile na hoibleagáidí dlíthiúla institiúideacha comhfhreagracha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí na ngníomhaíochtaí a dhéantar a thuairisciú; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar na barúlacha ón gCúirt in 2020, go ndearna an Ghníomhaireacht uirlis ríomhthíolactha a chur chun feidhme le haghaidh nósanna imeachta soláthair; ag tabhairt dá haire, maidir le ríomhshonrascadh, go bhfuil a sonraíochtaí gnó tugtha chun críche ag an nGníomhaireacht agus go bhfuil réiteach TF a chomhlíonfadh na sonraíochtaí sin á lorg aici faoi láthair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
24. |
ag aithint na mbeart atá ar bun cheana féin ag an nGníomhaireacht cheana agus na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh aici chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi nach raibh aon chásanna coinbhleachta leasa ann in 2020; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhféadfaí dul i ngleic le haon chásanna féideartha sa Ghníomhaireacht le bearta maolaithe; á thabhairt dá haire go ndéantar CVanna agus dearbhuithe leasa an chuid is mó de na comhaltaí boird a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, i bhfianaise a theicniúla atá sé, go ndéanann an Ghníomhaireacht idirphléití oscailte le geallsealbhóirí eitlíochta, agus go gcuirtear a ndearcthaí san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir le nósanna imeachta um rialacha a dhéanamh agus um dheimhniú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go léirítear na ceardlanna teicniúla uile a bhíonn á n-eagrú ag an nGníomhaireacht lena geallsealbhóirí eitlíochta ar leathanach na n-imeachtaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; |
|
26. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht a dícheall a dhéanamh i gcónaí na caighdeáin idirnáisiúnta is airde a choimeád maidir lena feidhmiú, lena n-áirítear a córas bainistithe comhtháite; |
Rialú inmheánach
|
27. |
ag tabhairt dá haire, ainneoin moilleanna áirithe a lean as géarchéim COVID-19, gur tionscnaíodh na gníomhaíochtaí uile a moladh mar fhreagairt ar na moltaí arna n-eisiúint ag an tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí, agus go bhfuil an stádas “idir lámha” acu; ag tabhairt dá haire gurb é a bhí sna príomh-mholtaí a bhain leis an nGníomhaireacht, cúrsaí athoiliúna a dhéanamh maidir le calaois a chosc agus maidir le coinbhleacht leasanna; ag cur béim thairis sin ar an gcomhairle don Ghníomhaireacht faireachán a dhéanamh ar ré na dtionscadal um dheimhniú agus ar an moladh maidir le sásraí rialaithe le haghaidh chórais bainistíochta na n-údarás eitlíochta náisiúnta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairtí amach anseo maidir leis na hábhair sin a chur in iúl don údarás um urscaoileadh; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an cumas iniúchóireachta inmheánaí cúig dhearbhú iontaofachta um iniúchóireacht in 2020 chun a mheas an raibh na rialacháin ábhartha á gcomhlíonadh, an raibh cuspóirí próisis á sásamh, agus an raibh na príomhrioscaí á maolú go hiomchuí laistigh den Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire go ndearnadh roinnt moltaí chun feabhas breise a chur ar an timpeallacht rialaithe nó ar éifeachtúlacht fhoriomlán na bpróiseas; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
29. |
ag tabhairt dá haire, sa fhreagairt ón nGníomhaireacht ar ghéarchéim COVID-19, gur díríodh ar sholúbthacht rialála a sholáthar don tionscal eitlíochta Eorpach, ar shláinte agus sábháilteacht paisinéirí agus pearsanra túslíne a áirithiú, ar chomhordú le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun bearta leormhaithe a chur chun feidhme chun leathadh COVID-19 a chomhrac, agus ar thosaíochtaí agus modhanna oibre a choigeartú chun dul in oiriúint do na réaltachtaí nua agus do na dúshláin nua atá ag teacht chun cinn de dheasca na paindéime; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur infheistigh an Ghníomhaireacht acmhainní chun tionscadail riaráiste a chur i gcrích, chun tacú le sreafaí oibre COVID-19 agus chun tosaíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn amhail an comhshaol, nuálaíocht agus forbairtí amach anseo, lena n-áirítear ladrainn; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thug an ghéarchéim titim shuntasach de EUR 18 000 000 in ioncam na Gníomhaireachta ó tháillí agus muirir, a bhí 15 % níos ísle i gcomparáid le plean tosaigh 2020; ag tabhairt dá haire, áfach, gur éirigh leis an nGníomhaireacht a hinbhuanaitheacht airgeadais a chaomhnú, trí bhíthin cleachtadh uileghabhálach chun costais a laghdú; |
Barúlacha eile
|
31. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar an tuarascáil ón gCúirt anuraidh, go ndearna an Ghníomhaireacht meastóireacht ar an éifeacht ar acmhainní daonna de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas; ag tabhairt dá haire go bhfuair an chuid is mó den fhoireann i gceist saoránacht na Gearmáine nó saoránacht Ballstáit eile roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus nach raibh ach seisear ball foirne a raibh saoránacht na Ríochta Aontaithe acu faoi dheireadh 2020; á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Ghníomhaireacht ligean do na baill foirne eile nach raibh ach saoránacht na Ríochta Aontaithe acu a bpoist a choinneáil, d’ainneoin saoránacht Aontais a bheith caillte acu; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar an tuarascáil ón gCúirt anuraidh, go bhfuil a gníomhaíochtaí deimhnithe agus caighdeánaithe á sruthlíniú ag an nGníomhaireacht tar éis sheoladh a Cláir um Eitlíocht Inbhuanaithe in 2020, ar clár é lenar féidir rannchuidiú go suntasach le cur chun feidhme an Chomhantaithe Ghlais don Eoraip; ag tabhairt dá haire, chun na huaillmhianta Eorpacha a bhaint amach maidir le hinbhuanaitheacht agus eitlíocht, go ndíríonn tosaíochtaí na Gníomhaireachta ar thacaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí nua níos glaise agus iad a chothú, éascaíocht a dhéanamh ar dhícharbónú an chórais eitlíochta, agus gnóthachain éifeachtúlachta oibríochtúla a chur chun cinn a mbeidh tionchar dearfach acu ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil; |
|
33. |
ag cur sonrú sa staidéar a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht in 2020 ina bhfuil anailís nuashonraithe ar “thionchair aeráide neamh-CO2 na heitlíochta agus na mbeart beartais a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 30(4) den Treoir faoi chóras AE maidir le trádáil astaíochtaí”; |
|
34. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di infheistíochtaí na Gníomhaireachta i saoráidí físchomhdhála chun iarracht a dhéanamh taisteal gnó a laghdú agus ag spreagadh na Gníomhaireachta tiomantas a thabhairt d’úsáid leanúnach na saoráidí sin san fhadtéarma; |
|
35. |
á chur in iúl gur geal léi, maidir leis an obair leantach ar an tuarascáil ón gCúirt anuraidh, go ndearna an Ghníomhaireacht comhordaitheoir míchumais a ainmniú, i ngeall ar an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, a bheidh freagrach as inrochtaineacht shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta a athbhreithniú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin; |
|
36. |
ag tabhairt dá haire ó na freagraí ón nGníomhaireacht gur chuir an Ghníomhaireacht straitéis meán sóisialta fheabhsaithe i bhfeidhm agus gur athdhear sí a suíomh gréasáin chun spás a chruthú ina gcuirtear inneachar ar fáil le haghaidh lucht féachana neamhspeisialtóireachta, ach á iarraidh ar an nGníomhaireacht an fhaisnéis atá ann a chur ar fáil ní hamháin i mBéarla, ach sa mhéid teangacha oifigiúla is féidir; ag tabhairt dá haire gur chuir an cleachtas sin ar chumas na Gníomhaireachta an pobal a chur ar an eolas maidir leis na bearta a bhí á nglacadh chun sláinte agus sábháilteacht a áirithiú in iompar paisinéirí le linn phaindéim COVID-19; |
|
37. |
ag tabhairt dá haire ó na freagraí ar an gceistneoir caighdeánach gur ghlac an Ghníomhaireacht Clár Eitlíochta Inbhuanaithe uileghabhálach i mí an Mhárta 2020; ag tabhairt dá haire go n-áirítear sa chlár gníomhaíocht maidir le “EASA Inbhuanaithe”, ar gníomhaíocht í a spreagfaidh treochlár na Gníomhaireachta chun faireachán a dhéanamh ar lorg comhshaoil na Gníomhaireachta agus é a bhainistiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin; |
|
38. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá shineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (lena n-áirítear i dtaca le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil, etc); |
|
39. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; |
|
40. |
ag tagairt, i ndáil le barulacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistiú airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 81.
(2) IO C 114, 31.3.2021, lch. 78.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/225 |
CINNEADH (AE) 2022/1733 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (EASA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir Cúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0076/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 121 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0122/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/226 |
CINNEADH (AE) 2022/1734 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann anois — EUAA) don bhliain airgeadais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Oifig i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0077/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (4), agus go háirithe Airteagal 36 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 439/2010 (5), agus go háirithe Airteagal 15(55) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a cuid barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/228 |
RÚN (AE) 2022/1735 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann — EUAA anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 130 986 611 buiséad críochnaitheach na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann anois) (“an Oifig”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 27,25 % i gcomparáid le 2019; baineann an méadú den chuid is mó le caiteachas a bhain le tacaíocht oibríochtúil; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go príomha, a thagann buiséad na hOifige; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na hOifige don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na hOifige beacht agus go bhfuil fianaise iniúchóireachta leordhóthanach faighte aici maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus an chaiteachais is bun leis na cuntais; á thabhairt dá haire gur mór aici go bhfuil na cúiseanna a bhí ann leis an tuairim sin ar chaiteachas is bun leis na cuntais a cháiliú réitithe ag an Oifig agus nár tháinig an Chúirt ar aon earráidí ábhartha; |
|
C. |
de bhrí go dtarraingíonn an Chúirt, gan amhras a chaitheamh ar an tuairim iniúchóireachta a léirítear thuas, aird ar an gcaoi a mbeidh tionchar ag cás atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta, cás T-621/20 (EMCS v EASO), ar ghnéithe den tuairim sin; de bhrí gur sheol an Oifig nós imeachta oscailte in 2020 chun oibrithe gníomhaireachta sealadacha a chur ar fáil chun tacú lena ceanncheathrú agus lena hoibríochtaí i Málta le méid iomlán measta de EUR 27,7 milliún thar 48 mí; de bhrí go ndearna an tairgeoir nár éirigh leis gearán oifigiúil in aghaidh na hoifige sa Chúirt Ghinearálta in 2020, ag tabhairt dhúshlán thoradh an nós imeachta soláthair; |
Toradh imcrúdú na hOifige Frith-Chalaoise Eorpaí (OLAF)
|
1. |
á thabhairt dá haire, i ndiaidh tuarascáil a fháil ón Oifig Frith-Chaolaoise Eorpach (OLAF) ag deireadh 2018, a clúdaíodh go forleathan sa tuarascáil maidir le hurscaoileadh do 2018, gur thionscain an Oifig trí nós imeachta araíonachta in 2019, atá ar siúl faoi láthair; á chur in iúl gur mór aici an comhar idir bainistíocht reatha na hoifige agus OLAF agus a thiomanta atá sé aghaidh a thabhairt ar na moltaí atá beartaithe; á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas na hOifige an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thabhairt chun críche na n-imeachtaí sin; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
2. |
á thabhairt dá haire, de thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid, go raibh ráta cur chun feidhme 95,14 % ann i rith bhliain airgeadais 2020, tuairim is an leibhéal céanna le 2019 (95,22 %); á thabhairt dá haire, agus is ábhar imní di, go raibh an ráta forghníomhaithe ag 80,91 % le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, ráta a mheasann an Chúirt a bheith íseal, a léiríonn laghdú 8,95 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (89,86 %); á thabhairt dá haire, agus is ábhar imní di, gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid go raibh na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn le haghaidh caiteachas oibriúcháin ard, 33,8 %, agus go raibh an ráta cealaithe leithreasuithe buiséid a tugadh anonn ó 2019 go 2020 ard freisin, 19 %; á thabhairt dá haire an chonclúid ón gCúirt go bhfuil an méid sin ag teacht salach ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta; á iarraidh ar an Oifig obair leantach a dhéanamh ar an moladh ón gCúirt chun feabhas a chur ar a timthriallta pleanála buiséid agus cur chun feidhme, agus á iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta; |
|
3. |
á thabhairt dá haire gur fhógair an Chúirt íocaíochtaí a rinneadh in 2020 de mhéid iomlán EUR 1 177 848 a bheith neamhrialta mar go raibh baint acu le hearráidí soláthair i nósanna imeachta a rinneadh in 2016 agus 2017 i ndáil le háitreabh ar cíos sa Róimh, agus le nósanna imeachta soláthair a d’fhógair an Chúirt a bheith neamhrialta sna blianta roimhe sin (i.e. soláthar le haghaidh áitreabh ar cíos in Lesbos, d’oibrithe eatramhacha san Iodáil agus do shaineolaithe seachtracha); á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag bainistíocht reatha na hOifige chun na conarthaí sin a fhoirceannadh, i gcás inar féidir, nó an tionchar airgeadais a bheidh acu amach anseo a laghdú ar bhealach eile; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi gur laghdaíodh faoina leath líon na mbarúlacha atá ar feitheamh ó thuarascálacha iniúchóireachta na Cúirte roimhe seo idir 2019 agus 2020; á thabhairt dá haire, áfach, go raibh stádas “ar siúl faoi láthair” ag 8 gcinn as 12 mholadh; á iarraidh ar an Oifig barúlacha na Cúirte a chomhlíonadh agus gníomhú chun a hoibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh; |
|
5. |
ag meabhrú na conclúide ón gCúirt, maidir leis an mbliain airgeadais 2017, gur lag na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann le taisteal; á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndearna an Oifig fiosrúchán inmheánach ar an ábhar, a raibh torthaí OLAF mar thoradh air freisin; á thabhairt dá haire go bhfuil obair leantach á déanamh ar na torthaí sin agus go bhfuil aghaidh á tabhairt orthu go dlíthiúil; á thabhairt dá haire gur thug an Oifig isteach nósanna imeachta feabhsaithe chun faireachán a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann le taisteal ag tús 2020; |
|
6. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bunaíodh an 11 Meitheamh 2021 beartas éifeachtach chun áitreabh ar cíos agus seirbhísí gaolmhara a bhainistiú, rud a bhí á lorg ag an gCúirt, agus gur cuireadh i bhfeidhm go hiomlán é ón 1 Eanáir 2022; |
|
7. |
ag meabhrú mholadh na Cúirte don bhliain airgeadais 2018 gur cheart don Oifig rialú airgeadais éifeachtach ex post a bhunú; á thabhairt dá haire go bhfuil dhá chineál rialuithe ex post bunaithe ag an Oifig tar éis an mholta sin; á iarraidh ar an Oifig na próisis leanúnacha do 2020 agus 2021 a thabhairt chun críche go pras agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na torthaí gan mhoill; |
|
8. |
á thabhairt dá haire conclúid bhord bainistíochta na hOifige go bhfuil an chostéifeachtacht agus an breisluach a bhaineann le cumas iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i dteannta na feidhme iniúchóireachta a cuireadh ar fáil cheana féin ag Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin, diúltach; |
Feidhmíocht
|
9. |
á thabhairt dá haire gur thuairiscigh an Oifig go ndearna sí 5 313 íocaíocht in 2020, i gcomparáid le 9 871 íocaíocht in 2019, le 334 (6,29 %) de na híocaíochtaí á n-íoc breis is 30 lá i ndiaidh sonrasc a fháil, i gcomparáid le 1 312 (13,29 %) in 2019; á thabhairt dá haire gur íocadh ús arbh ionann é agus EUR 6 374,89 in 2020, i gcomparáid le EUR 25 652,34 in 2019; á thabhairt dá haire gur geal léi an feabhas suntasach atá tagtha ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán i dtaobh sprioc-am íocaíochta agus an laghdú ar ús a íoctar ar íocaíochtaí déanacha; |
|
10. |
á mheabhrú gur chuir mionaoisigh neamhthionlactha isteach thart ar 13 600 iarratas ar thearmann sna Ballstáit in 2020; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé córas glactha sonrach a sholáthar do mhionaoisigh a thugann cosaint dóibh; |
|
11. |
á thabhairt dá haire go n-úsáideann an Oifig bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun feidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí a mheasúnú; á thabhairt dá haire gur geal léi go bhfuil spriocanna fhormhór na dtáscairí bainte amach nó sáraithe, d’ainneoin na ndeacrachtaí a bhí le sárú de thoradh phaindéim COVID-19; á thabhairt dá haire gur saoth léi nach bhfuil aon sonraí náisiúnta ar fáil ó Bhallstáit i gcás roinnt táscairí agus á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta ábhartha agus ar an Oifig dul i ngleic leis an tsaincheist sin trí gach bealach atá ar fáil di. |
|
12. |
á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcomhoibríonn an Oifig go rialta le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus, go háirithe, le gníomhaireachtaí um cheartas agus um ghnóthaí baile; á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhar atá bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha comhair, amhail socruithe oibre idir an Oifig agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“Frontex”), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF i Limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais (“eu-LISA”), agus pleananna comhair le Frontex agus le eu-LISA chun comhthionscadail a ailíniú ar bhealach níos fearr agus chun faisnéis a roinnt go córasach; |
Beartas foirne
|
13. |
á thabhairt dá haire go raibh 78,96 % den phlean bunaíochta i bhfeidhm amhail an 31 Nollaig 2020 agus go raibh 289 ngníomhaire shealadacha ceaptha as 366 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 284 phost údaraithe in 2019) agus go raibh 17 bpost eile tairgthe nó glactha; á thabhairt dá haire go raibh, sa bhreis air sin, 91 ghníomhaire ar conradh agus saineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Oifig in 2020 agus gur tairgeadh nó gur glacadh le 22 phost, le 123 agus 11 phost arna n-údarú, faoi seach; |
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi an treocht íslitheach i líon na n-oibrithe eatramhacha i gcomparáid le líon iomlán na foirne; á thabhairt chun suntais gur ceann de na cúiseanna is bonn leis an spleáchas ar fhoireann eatramhach ná an mhoill ar ghlacadh agus ar theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (an “Rialachán”) lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann; á chur in iúl gur díol sásaimh di teacht i bhfeidhm an Rialacháin, lena gcumasaítear do Ghníomhaireacht nua an Aontais Eorpaigh um Thearmann saineolaithe a íoctar a fhostú; á chur i bhfios go láidir, go ndearna an Oifig idirphlé gníomhach leis an gCoimisiún, chun an spleáchas sin a laghdú; á chur in iúl gur oth léi nach bhféadfaí ach réitigh ghearrthéarmacha a shainaithint agus nár ceadaíodh don Oifig 58 ngníomhaire chonarthacha a fhostú in 2020 ach amháin ar feadh tréimhse bliana, go dtí go nglacfaí leis an Rialachán a bhí beartaithe; á thabhairt dá haire, áfach, go raibh an Oifig i gcruachás mar gheall ar mhoill ar ghlacadh an Rialacháin, toisc nár cheadaigh an comhaontú di síneadh a chur leis na conarthaí sin go dtí go dtiocfadh an Rialachán nua i bhfeidhm; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis aiféala di, an easpa forléargais thromchúiseach thar ceann an Choimisiúin agus na poist seo á gceapadh agus á leithdháileadh ar an Oifig; á chur i bhfios go raibh tionchar diúltach ag an staid sin ar chumas na hOifige foireann a earcú agus ar a cuid gníomhaíochtaí; |
|
15. |
á thabhairt dá haire, agus is cúis imní di, in ainneoin chonclúid na Cúirte go ndearnadh dul chun cinn maidir le foireann nua a mhealladh, ciallaíonn an ráta forghníomhaithe 78,96 % nár éirigh leis an Oifig don cheathrú bliain as a chéile spriocanna an phlean bunaíochta a bhaint amach; á thabhairt dá haire gur earcaíodh 58 ngníomhaire ar conradh sa bhreis in 2020, nár foráladh dóibh sa phlean bunaíochta; á chur in iúl gur díol sásaimh di ráta áitíochta na hOifige atá ag méadú de réir a chéile agus gur sháraigh an Oifig de bheagán ráta forghníomhaithe 90 % a phlean bunaíochta a rabhthas ag súil leis faoi dheireadh 2021; á chur in iúl gur díol sásaimh di an laghdú a tuairiscíodh ar an ráta athraithe foirne, ó 6,58 % in 2019 go 5,73 % in 2020; |
|
16. |
ag meabhrú chonclúid na Cúirte ón mbliain airgeadais 2017 go raibh an faireachán ar chonarthaí lag a bhain le comhlíonadh na rialacha náisiúnta maidir le hoibrithe eatramhacha; á thabhairt dá haire go bhfuil Cás C-948/19 ar feitheamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”), staonfaidh an Chúirt ó aon bharúlacha a thabhairt maidir le rialtacht chur chuige na hOifige; á iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile a ghlacfaidh sí maidir leis an ábhar a luaithe a bheidh a cinneadh foilsithe ag an gCúirt Bhreithiúnais sa chás sin; |
|
17. |
ag meabhrú chonclúid na Cúirte ón mbliain airgeadais 2018 go ndearnadh conarthaí na hOifige le cuideachtaí TF a chur le chéile ar bhealach a thabharfadh le tuiscint go sannfaí oibrithe gníomhaireachta sealadacha in ionad seirbhísí nó táirgí a bheadh sainithe go soiléir, rud a bheadh ina shárú ar Rialacháin Foirne agus rialacha fostaíochta sóisialta an Aontais; ag meabhrú mholadh na Cúirte gur cheart don Oifig conarthaí a dhréachtú ar bhealach a chuirfeadh cosc ar aon mhearbhall idir soláthar seirbhísí TF agus soláthar oibrithe eatramhacha, agus á thabhairt dá haire tuairim na Cúirte don bhliain airgeadais 2020 go bhfuil dul chun cinn fós á dhéanamh maidir leis an tsaincheist sin; á iarraidh ar an Oifig aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin go pras; |
|
18. |
ag meabhrú chonclúid na Cúirte don bhliain airgeadais 2019 nach raibh rian iniúchóireachta láidir sna nósanna imeachta a úsáideadh chun saineolaithe seachtracha a roghnú agus conradh a dhéanamh leo agus go raibh na híocaíochtaí ina dhiaidh sin ar na conarthaí sin neamhrialta; á thabhairt dá haire gur chuir an Oifig na moltaí ón gCúirt chun feidhme agus glao nua ar léiriú spéise á eisiúint aici in 2020; á iarraidh ar an Oifig an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéanfar; |
|
19. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar diúltach ar fheidhmiú na hOifige ag leithdháileadh post, ag an gCoimisiún, ar leibhéal díréireach i ndáil leis na ceanglais agus na cúraimí atá beartaithe do phost áirithe; |
|
20. |
á thabhairt dá haire an cinneadh ón gCúirt go raibh 16 phost bainistíochta folamh san Oifig in 2020 agus gur ar bhonn gníomhach a bhí 10 gcinn de na poist sin líonta ar feadh breis is bliain amháin; á thabhairt dá haire conclúid na Cúirte go bhfuil sé sin ag dul i gcoinne na Rialachán Foirne, lena gcuirtear teorainn bliana ar thréimhse ceapachán sealadach bainistíochta agus go mb’fhéidir go ndéanfadh neamhchinnteacht den chineál sin ag an leibhéal post bainistíochta lagú ar leanúnachas straitéiseach agus ceannaireachta na hOifige; |
|
21. |
á mheabhrú, go bhfuil an Oifig ag brath go réasúnta ar chomhar na mBallstát agus a cuid oibríochtaí á gcur i gcrích aici, e.g. ó thaobh líon na saineolaithe náisiúnta a chuirtear ar fáil mar chuid den Díorma um Idirghabháil Tearmainn dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena mbunaítear an Oifig; á chur i bhfáth, de réir na Cúirte, mar gheall ar an líon teoranta saineolaithe náisiúnta den sórt sin a cuireadh ar fáil, gur bhraith an Oifig tuilleadh ar oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar conradh chun cúraimí tacaíochta oibríochtúla a dhéanamh ar an láthair; á iarraidh ar na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le saineolaithe náisiúnta a chomhlíonadh ionas nach gá don Oifig brath ar chonraitheoirí seachtracha; |
|
22. |
á thabhairt dá haire, agus is ábhar imní di, cothromaíocht inscne na hOifige ina bainistíocht shinsearach, ina bhfuil deichniúr fear (83,3 %) agus beirt bhan (16,7 %) agus ar a bord bainistíochta, ina bhfuil 21 fhear (67,7 %) agus deichniúr ban (32,3 %); á thabhairt dá haire go bhfuil 186 fhear (38,0 %) agus 304 bhean (62,0 %) ar an bhfoireann ar an iomlán; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na foirne amach anseo; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú acu do bhord bainistíochta na hOifige; |
|
23. |
á thabhairt dá haire an cás atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Ginearálta i dtaca leis an nós imeachta maidir le hoibrithe sealadacha a fhostú i Málta; á thabhairt chun suntais gur cheart ardleibhéil trédhearcachta a chomhlíonadh agus na nósanna imeachta soláthair poiblí go léir á seoladh laistigh de ghníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar an Oifig faisnéis rialta a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir le staid agus cúrsa na n-imeachtaí cúirte sa chás sin; |
Soláthar
|
24. |
á thabhairt dá haire gur sheol an Oifig 65 nós imeachta in 2020, i gcomparáid le 48 nós imeachta in 2019, lena ndearnadh idirbheartaíocht ar nós imeachta le hiarrthóir amháin (40 %) sa tromlach díobh agus glaonna oscailte (26,15 %); |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
25. |
á thabhairt dá haire freagra na hOifige ar an údarás um urscaoileadh i leith dearbhuithe leasa, ina luaitear go síníonn gach comhalta foirne dearbhú leasa ar dhul isteach sa tseirbhís; á thabhairt dá haire go bhfuil dearbhú leasa an stiúrthóra feidhmiúcháin foilsithe ar shuíomh gréasáin na hOifige; á athdhearbhú, a hiarraidh ar an Oifig dearbhuithe leasa chomhaltaí eile na bainistíochta sinsearaí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; |
|
26. |
á thabhairt dá haire go bhfuil beartas athbhreithnithe um choinbhleacht leasa sa chéim dheiridh den chomhairliúchán idirseirbhíse sula gcuirtear faoi bhráid an bhoird bhainistíochta é; á iarraidh ar an Oifig an beartas athbhreithnithe seo a thabhairt chun críche; |
Rialú inmheánach
|
27. |
á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a rinneadh ar na straitéisí rialaithe i gcás na bpríomhghníomhaíochtaí rialaithe atá i bhfeidhm ag an Oifig, lenar leanadh cur chuige riosca-bhunaithe agus inar glacadh éifeachtacht na rialuithe ó thaobh éifeachtacht costais san áireamh; á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá ag teacht go ginearálta san Oifig ar rialú inmheánach, lena n-áirítear soláthar, agus atá le tuiscint ó thuarascáil na Cúirte; á thabhairt dá haire, i dtaca leis sin, barúil na Cúirte gur scoradh in 2020 Plean Gníomhaíochta Rialaithe 2018 agus gur comhtháthaíodh sin sa tuarascáil faireacháin ráithiúil chuig an mbord bainistíochta agus san fhéinmheasúnú rialaithe inmheánaigh, ach go measann an Chúirt roinnt gníomhaíochtaí a bheith fós ábhartha agus go gcaithfear iad a chíoradh go críochniúl, agus á iarraidh ar an Oifig leanúint leis na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfeidhm, á thabhairt dá haire, go háirithe, an líon oibrithe eatramhacha a thagann in áit comhaltaí foirne, an leibhéal post bainistíochta atá folamh agus nuashonrú ar an mbeartas coinbhleachta leasa, agus an t-údarás um urscaoileadh a choimeád ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi an machnamh mionsonraithe atá déanta ar fhéinmheasúnú rialaithe inmheánaigh na hOifige agus atá mar chuid den tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí, inar tugadh léargas maith ar staid an rialaithe inmheánaigh san Oifig. á thabhairt dá haire conclúid an fhéinmheasúnaithe go bhfuil córas rialaithe inmheánaigh na hOifige éifeachtach agus éifeachtúil, ach go bhfuil roinnt feabhsuithe de dhíth; á mholadh don Oifig leanúint leis an dea-chleachtas a bhaineann leis na feabhsuithe a aithnítear a mheasúnú agus a chur chun feidhme; |
|
29. |
á chur in iúl gur geal léi gur treisíodh cur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh tuilleadh in 2020, trí fheidhm rialuithe ex-post a chur leis, agus ar an gcaoi sin aghaidh a thabhairt ar bharúlacha a rinne an t-údarás um urscaoileadh sna blianta roimhe sin; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
30. |
á thabhairt dá haire bunú fhoireann freagartha COVID-19 san Oifig le cinneadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin an 11 Márta 2020 chomh maith le freagairt chomhordaithe na hOifige i leith phaindéim COVID-19; á chur i bhfáth go gcuireann méid agus castacht oibríochtaí na hOifige agus imeachtaí a tharla le déanaí amhail paindéim COVID-19 béim ar an tábhacht a bhaineann leis an bplean sin a bhí foirmiúil agus cothrom le dáta; á thabhairt dá haire gur ghlac an Oifig lena plean leanúnachais gnó an 31 Márta 2021; |
|
31. |
á chur in iúl gur geal léi tacaíocht na hOifige do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as paindéim COVID-19, amhail tionchar phaindéim COVID-19 ar ghnéithe sonracha den phróiseas tearmainn agus den athlonnú, trí mheán cruinnithe físchomhdhála ar a líonraí téamacha; á chur in iúl gur geal léi na moltaí a eisíodh maidir le réitigh chianda le haghaidh agallaimh chlárúcháin agus tearmainn; á thabhairt dá haire, agus is mór aici, plean réamhghníomhach na hOifige um fheidhmiú céimneach chun iarrthóirí tearmainn agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a vacsaíniú; |
|
32. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go dtuairiscíonn an Oifig go raibh tionchar dearfach ag roinnt de na bearta a glacadh mar fhreagra ar phaindéim COVID-19 ar fheidhmíocht na hOifige ó thaobh an chomhshaoil, go háirithe laghdú ar ídiú leictreachais, laghdú ar a mhéid a chuir an Oifig le hastaíochtaí CO2 ar fud an domhain ó thaisteal de bharr gur cuireadh misin agus taisteal ar ceal i gcás rannpháirtithe a bhí le freastal ar chruinnithe agus ar sheisiúin oiliúna na hOifige, agus an deireadh a cuireadh leis an riachtanas d’iarratasóirí a bhí rannpháirteach i nósanna imeachta roghnúcháin agus i measúnachtaí scríofa a bheith i láthair go fisiciúil, ag brath ina áit sin ar roghanna malartacha arna mbainistiú ó chian (físchomhdhálacha agus measúnachtaí ar líne faoi fhaireachán); |
Tuairimí eile
|
33. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Oifig ag féachaint ar bhearta comhshaoil a choinneáil agus tionscnaimh níos fadtéarmaí a chur leo chun a lorg carbóin a laghdú agus dul i ngleic le réimsí an fhoirgnimh ghlais agus na soghluaisteachta inbhuanaithe ó thaobh taisteal foirne, comaitéireacht níos glaise chuig an obair agus ar ais agus taisteal a bhaineann le dul chuig cruinnithe agus gníomhaíochtaí oiliúna; á mholadh don Oifig na ceachtanna a fhoghlaimíonn sí a roinnt le comhaltaí eile de Líonra Ghníomhaireachtaí AE; |
|
34. |
á thabhairt dá haire agus í buíoch dá réir gur bunaíodh Earnáil Gnóthaí Dlíthiúla agus Cosanta Sonraí na hOifige laistigh den Oifig Feidhmiúcháin in 2020; á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn an Earnáil Gnóthaí Dlíthiúla agus Cosanta Sonraí le timpeallacht dhlíthiúil fhónta a chinntiú d’fheidhmiú na hOifige, ag láimhseáil nósanna imeachta dlíthíochta agus réamhdhlíthíochta agus ag déanamh ionadaíochta ar an Oifig in imeachtaí cúirte; |
|
35. |
á thabhairt chun suntais gur lean an Oifig ag dul i ngleic le deacrachtaí in 2020 i ndáil le cúraimí áirithe a chomhlíonadh mar thoradh ar a sainordú as dáta, go háirithe i dtéarmaí an chreata dhlíthiúil agus na sásraí chun foirne tacaíochta do chúrsaí tearmainn a imscaradh a sholáthraíonn an tacaíocht a theastaíonn ó na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin, lenar claochlaíodh an oifig ina Gníomhaireacht Tearmainn lánfheidhme de chuid an Aontais Eorpaigh; |
|
36. |
á mheabhrú an ról tábhachtach a chomhlíonann an Oifig i gcreat beartais tearmainn an Aontais, ag cabhrú leis na Ballstáit iarrthacha a bhfuil saineolas agus acmhainní luachmhara acu ar an ábhar; á chur in iúl gur geal léi gur síníodh plean tacaíochta oibríochtúil nua leis an Spáinn in 2020, rud a fhágann go bhfuil ocht dtír san iomlán a fhaigheann cúnamh ón Oifig; á chur i bhfáth gur léirigh gníomhachtú an bhirt tacaíochta sin an Oifig ag teacht chun bheith go hiomlán oibríochtúil ina cúigiú hoibríocht Ballstát, leis na cinn eile sa Chipir, sa Ghréig, san Iodáil agus i Málta, rud a chiallaíonn go bhfuil an Oifig anois ag tacú leis na príomhthíortha ón gcéad teacht isteach chun a gcuid nósanna imeachta tearmainn, nósanna imeachta glactha, nó iad araon, a bhainistiú; |
|
37. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (4) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 191.
(2) Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/233 |
CINNEADH (AE) 2022/1736 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ar dhúnadh chuntais na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann — EUAA anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Oifig i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0077/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (4), agus go háirithe Airteagal 36 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 439/2010 (5), agus go háirithe Airteagal 55 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 132, 29.5.2010, lch. 11.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/234 |
CINNEADH (AE) 2022/1737 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an gCúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0078/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/235 |
RÚN (AE) 2022/1738 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 46 715 822 buiséad críochnaitheach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (“an tÚdarás”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 3,06 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go maoinítear an tÚdarás go príomha le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 17 660 140, a léiríonn 37,80 %), agus le ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát agus ó bhreathnóirí (EUR 29 055 682 arb ionann é agus 62,20 %); |
|
B. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
|
C. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséadach de 99,17 %, a léiríonn méadú de 1,88% i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 90,36 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn méadú de 4,48 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur thuairisc an tÚdarás go ndearnadh 35 aistriú buiséid in 2020, lenar áiríodh naoi n-aistriú buiséid idir teidil, agus aistriú amháin díobh arbh ionann é agus EUR 259 500 idir Teideal II agus Teideal III, aistriú arbh éigean faomhadh an bhoird bainistíochta a fháil ina leith; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tabhairt ar aghaidh de 8,9 % go 2021 ina laghdú ar an tabhairt ar aghaidh de 11,7 % ón mbliain roimhe, agus gur 95 leithreasú faoi chomhair gealltanas atá sa tabhairt ar aghaidh go 2021, i gcomparáid le 149 in 2019; |
|
3. |
ag tabhairt cinneadh na Cúirte dá haire nár chuir an tÚdarás an ráta úis a shonraítear sa Rialachán Airgeadais i bhfeidhm ar ranníocaíochtaí 2020 arna n-íoc go déanach ag údaráis inniúla náisiúnta roinnt de na Ballstáit agus roinnt tíortha de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE); ag tabhairt dá haire gur ríomh an Chúirt gur ús de EUR 25 103 a fabhraíodh le haghaidh 2020; ag tabhairt dá haire gur chinn an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, íocaíocht dhéanach an úis a chur i bhfeidhm amhail ó 2021 agus gur chuir sé an méid sin in iúl do na húdaráis inniúla náisiúnta i litreacha a sheol sé chucu faoina rannaíocaíochtaí le haghaidh 2021; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi gur éirigh leis an Údarás a áitreabh sa Ríocht Aontaithe a dhúnadh go cinnte ar an 7 Nollaig 2020 i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla uile, agus mar iarmhairt air go ndearnadh freaschur i gcoinne ioncaim ar an gcion de na forálacha gaolmhara gan úsáid a bhí gníomhach ina chuid leabhar ar an dáta tuairiscithe; á iarraidh arís go ndéanfaí iniúchóireacht ar an aistriú, ar na gnéithe airgeadais agus oibríochtúla araon, chun ceachtanna maidir le feabhsú agus maidir le dea-chleachtais a shainaithint a tharraingt as, ar ceachtanna iad a bhféadfaí leas a bhaint astu ar fud na nGníomhaireachtaí uile in oirchill na Gníomhaireachtaí a dhéanamh níos solúbtha chun freagairt ar dhúsháin amach anseo; |
Feidhmíocht
|
5. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil leas á bhaint ag an Údarás i gcónaí as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta (ETF) chun an breisluach arna sholáthar ag a ghníomhaíochtaí a mheas agus go bhfuil leas á bhaint aige as bearta eile freisin chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na spriocanna maidir leis na heochairtháscairí feidhmíochta san áireamh ag an Údarás sa tábla do 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil a chreat eochairtháscairí feidhmíochta á uasghrádú ag an Údarás ó 2021 ar aghaidh agus ETF níos sofaisticiúla á gcruthú aige a bhainfidh go sonrach le gach cuspóir straitéiseach agus bliantúil ar leith; |
|
6. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí ón Údarás mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, taobh le hiarrachtaí ó na húdaráis inniúla náisiúnta, ón mBanc Ceannais Eorpach agus eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta eile maidir le comhiarracht a chomhordú chun an t-ualach oibríochtúil láithreach le haghaidh na mbanc a laghdú agus a iarmhairtí fadtéarmacha a mhaolú; amhail ráitis a eisiúint go minic mar threoir do na geallsealbhóirí, spásas maidir le dátaí tuairiscithe a cheadú agus treoruithe beartais a sholáthar amhail na treoirlínte maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta a bhainistiú; |
|
7. |
á chur in iúl gur geal léi gur ullmhaigh an tÚdarás treoirlínte maidir le moratóirí reachtacha agus neamhreachtacha maidir le haisíocaíochtaí iasachtaí a sholáthair treoir do na bainc maidir le tacaíocht a thabhairt do dhúshláin leachtachta leanúnacha a bhí roimh ghnólachtaí an Aontais le linn phaindéim COVID-19 agus go ndearna an tÚdarás faireachán orthu, ar threoirlínte iad a shoiléirigh cur i bhfeidhm na gceanglas stuamachta ar mhoratóirí íocaíochtaí agus a cheadaigh do na bainc, faoi choinníollacha áirithe, a bheith in ann sos íocaíochta a dheonú dá gcustaiméirí gan iallach a bheith orthu athaicmiú, agus sa tslí gan risíochtaí a aicmiú mar risíochtaí staonta faoin sainmhíniú de staonadh agus nó mar risíochtaí a mhainnigh mar thoradh ar athstruchtúrú anásta; |
|
8. |
á thabhairt dá haire go bhfuil socruithe i bhfeidhm ag an Údarás leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) le haghaidh seirbhísí cuntasaíochta; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá shineirgí a fhorbairt le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, agus comhar agus malartú dea-chleachtas a mhéadú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú i réimsí na n-acmhainní daonna, an bhainistithe foirgneamh, seirbhísí TF agus na slándála); |
|
9. |
ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag an Údarás maidir le creat rialála agus praiticiúil an Aontais don inbhuanaitheacht a fhorbairt chun uaillmhian pholaitiúil agus amchlár práinneach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh; á thabhairt dá haire maidir leis an leasú a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena dtugtar sainordú don Údarás samhlacha gnó inbhuanaithe agus comhtháthú tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) a chur san áireamh i réimse ghníomhaíochtaí na n-institiúidí creidmheasa, ilchuideachtaí airgeadais, gnólachtaí infheistíochta, institiúidí íocaíochta agus institiúidí r-airgid, a mhéid is gá chun a áirithiú go gcuirfear a shainordú i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach ón 1 Eanáir 2020; á thabhairt dá haire ina leith sin gur thug an Coimisiún sainordú don Údarás a mheas cibé an mbeadh bonn cirt le láimhseáil stuamachta risíochtaí a bhaineann le sócmhainní agus gníomhaíochtaí lena ngabhann cuspóirí comhshaoil nó sóisialta nó an dá chuspóir, treoirlínte a eisiúint do bhainistiú rioscaí ESG ag bainc, agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir tacú le hiasachtaí miondíola glasa agus le morgáistí glasa; á iarraidh ar an Údarás dul ar aghaidh go pras leis na gnéithe thuasluaite go léir, laistigh dá shainordú agus laistigh de na spriocdhátaí a leagtar síos; |
Beartas foirne
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 97,42 % ar an 31 Nollaig 2020, go raibh ceapacháin déanta i gcás 155 ghníomhaire sealadach as 151 phost mar ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 145 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 47 ngníomhaire ar conradh (49 arna n-údarú) agus 17 saineolaí náisiúnta ar iasacht (17 arna n-údarú) fostaithe ag an Údarás in 2020; ag tabhairt dá haire go raibh an iomlaoid foirne i measc gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht cobhsaí, ag 9,0 %; |
|
11. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil baill foirne ó 28 náisiúntacht á bhfostú ag an Údarás, ar mná atá in 48,8 % díobh agus fir in 51,2 % díobh; á chur in iúl gur oth léi gur fir iad 83 % den ardbhainistíocht agus nach mná ach 17 % den ardbhainistíocht, díreach mar a bhí anuraidh; á chur i bhfáth gur saincheistleanúnach é sin agus á iarraidh ar an Údarás leanúint dá iarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal den ordlathas amach anseo; á chur in iúl gur díol sásaimh di ina leith sin an ceanglas gur riachtanach ionadaíocht a dhéanamh ar an dá inscne ar phainéil roghnúcháin, spreagadh gníomhach iarrthóirí ban do gach post bainistíochta, seisiúin oiliúna ar leith do bhaill foirne ban ar mian leo ullmhú do ghairmréim bainistíochta, agus socruithe oibre níos solúbtha; á mheabhrú don Údarás go bhfuil tábhacht ag roinnt le hinniúlachtaí, eolas agus taithí, agus freisin leis an gcothromaíocht gheografach agus inscne i measc baill foirne, agus iarrthóirí á roghnú; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Údaráis síneadh a chur leis an spriocdháta faoina bhféadfadh baill foirne costais agus liúntais a bhain lena n-aistriú ón Ríocht Aontaithe go dtí an Fhrainc a éileamh ar ais, ar spriocdháta bliain amháin tar éis don Údarás scor dá oibríochtaí i Londain a socraíodh i dtús báire, mar thoradh ar na bearta a glacadh i gcuid mhaith Ballstát mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, a raibh tionchar suntasach acu ar shoghluaisteacht saoránach; |
|
13. |
á thabhairt dá haire an tuairim ó thuarascáil 2019 na Cúirte nár choigeartaigh an tÚdarás ranníocaíochtaí pinsin bunaithe ar mheastacháin riamh le figiúirí iarbhír, ná nach raibh sé beartaithe aige é sin a dhéanamh, agus nár coigeartaíodh ranníocaíochtaí na n-údarás iomaíochta náisiúnta riamh chun go mbeidís ag teacht leis na figiúirí iarbhír; á thabhairt dá haire go bhfuil pleananna déanta ag an Údarás aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin; á thabhairt dá haire barúil na Cúirte don bhliain airgeadais 2020 go bhfuil dul chun cinn leanúnach á dhéanamh maidir leis an ábhar sin; á iarraidh ar an Údarás dul ar aghaidh leis an ábhar sin go tapa; |
|
14. |
ag spreagadh an Údaráis chun dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach Acmhainní Daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás sé nós imeachta soláthair i gcrích in 2020, ar thairiscintí dhá cheann díobh, le trí Ghníomhaireacht rannpháirteacha eile (ESMA, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an Bord Réitigh Aonair) in éineacht leis an Údarás, agus gur chuir an tÚdarás conradh amháin ar ceal tar éis é a bhronnadh de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire thairis sin go raibh an tÚdarás rannpháirteach in 33 nós imeachta soláthair idirghníomhaireachta faoi cheannas an Choimisiúin agus gníomhaireachtaí eile; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, agus is díol imní di, na barúlacha ón gCúirt go raibh nósanna imeachta soláthair áirithe de chuid an Údaráis a sháraigh an Rialachán Airgeadais, go háirithe na nósanna imeachta sin a bhain le comhaontú baincéireachta gearrthéarma a shíniú le banc; ag tabhairt dá haire sa chás sin go ndearna an tÚdarás fomheastachán suntasach ar luach an chonartha, a raibh mar thoradh air gur bhain an tÚdarás leas as an nós imeachta soláthair mícheart; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thionscain an tÚdarás an nós imeachta chun conradh nua a shíniú le haghaidh seirbhísí baincéireachta seachtain amháin roimh éag an chonartha roimhe, agus gur lainseáil sé nós imeachta idirbheartaithe ar bhonn eisceachtúil, gan é a fhoilsiú roimh ré, le haon chonraitheoir féideartha amháin, gan údar cuí leis a sholáthar; á chur in iúl gur saoth léi an bharúil ón gCúirt nár sásaíodh ionchais an Údaráis leis an tairiscint ón gconraitheoir féideartha, agus ar an ábhar sin gur iarradh tairiscintí ó thairgeoirí eile, gan aon chritéir a leagan amach maidir leis an tairiscint ab fhearr a roghnú, agus gan aon mheastóireacht cheart a dhéanamh ar na tairiscintí a fuarthas, ach ina ionad sin gur glacadh leis an tairiscint bhunaidh; ag tabhairt dá haire gur cuimsíodh sa chonradh sínithe ráta úis diúltach a bheith á mhuirearú ar chistí an Údaráis a bhí i dtaisce agus gur mhéid EUR 38 430 a íocadh ó Eanair go Lúnasa 2020 seachas an méid measta EUR 11 808; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt, ina meastóireacht dhlíthiúil, ar an gconclúid, faoi phointe 14 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, bunaithe ar an méid iarbhír úis dhiúltaigh arna íoc, gurbh é an nós imeachta soláthair do chonarthaí ar luach íseal an nós imeachta tairisceana a bhí le cur i bhfeidhm agus trí thairiscint ar a laghad á lorg ón tús, agus gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid ina dhiaidh sin go meastar go raibh an nós imeachta soláthair agus na híocaíochtaí a bhain leis neamhrialta; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire maidir le nós imeachta soláthair eile le haghaidh seirbhísí dlí, dar luach EUR 31 000, gurbh é barúil na Cúirte gur sholáthair an tÚdarás faisnéis neamhimleor mar bhonn cirt leis na cúiseanna le leas a bhaint as nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré agus nár leor an chonair iniúchóireachta sa doiciméadú; ag tabhairt dá haire nár thug an tÚdarás réasúnú iomchuí leis an nós imeachta eisceachtúil sin a úsáid, roimh ré nó san fhógra dámhachtana féin, rud a cheanglaítear faoi phointe 30.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais; |
|
18. |
á chur in iúl gur ábhar imní di líon na neamhrialtachtaí, na nósanna imeachta tairisceana moillithe agus neamhleora agus an easpa díchill atá léirithe ag an Údarás maidir leis na rialacha soláthair, rud ba chúis le costais níos airde a bhí le híoc ag an Údarás; á iarraidh ar an Údarás feabhas a chur ar na heasnaimh a sainaithníodh agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi aon ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinneadh; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
19. |
á chur in iúl gur oth léi go raibh ar an Ombudsman fiosrúchán a chur ar bun in 2020 faoi chás imrothlach a raibh oifigeach sinsearach de chuid an Údaráis páirteach ann, agus gur cruthaíodh san fhiosrúchán sin go raibh drochriarachán ann; á thabhairt dá haire, tar éis an fiosrúchán sin a thabhairt chun críche, go bhfuil moltaí uile an Ombudsman curtha chun feidhme ag an Údarás; á iarraidh ar an Údarás creat eitice láidir a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha nó ciapadh a chosc; |
|
20. |
á aithint go bhfuil beartas coinbhleachta leasa ag an Údarás don fhoireann, agus beartas sonrach do chomhaltaí an bhoird maoirseoirí agus an bhoird bainistíochta; ag tabhairt dá haire go gceanglaíonn an dá bheartas dearbhú bliantúil a thabhairt maidir le haon leas a chruthódh coinbhleacht i ndáil leis na gníomhaíochtaí a thitfeadh faoi raon gníomhaíochta an Údaráis agus a seoladh le 2 bhliain anuas (maidir leis na Boird) nó le 5 bliana anuas (maidir leis an bhfoireann uile); á chur in iúl gur geal léi go bhforchuirtear oibleagáid dearbhú a thabhairt, leis an dá bheartas, maidir le ceisteanna coinbhleachta leasa nach gcumhdófaí faoi na dearbhuithe bliantúla, toisc go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa nach dtugtar aghaidh orthu forfheidhmiú ardchaighdeán eiticiúil ar fud riarachán an Aontais a chur i mbaol; á iarraidh ar an Údarás gach cruinniú dá fhoirne le heagraíochtaí brústocaireachta a fhoilsiú gach coicís; |
Rialú inmheánach
|
21. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú ar an gcreat rialaithe inmheánaigh, cé nach dtuairiscítear a chonclúidí de réir prionsabail agus de réir comhchoda ina tuarascáil bhliantúil; ag tabhairt dá haire gur léirigh an measúnú go raibh tacar eochairtháscairí feidhmíochta le haghaidh rialú inmheánach ar iarraidh laistigh den Údarás agus go bhfuil doiciméad cuir chuige i leith rialú inmheánach á fhorbairt a chumhdóidh na blianta 2021 go 2024; á iarraidh ar an Údarás measúnú iomchuí a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh agus tuairisciú ina leith, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le staid an rialaithe inmheánaigh de réir gach comhchuid ar leith le haghaidh 2021 mar íosmhéid; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire an cinneadh ón gCúirt nach ndearna an tÚdarás uasdátú foirmiúil ar a phlean leanúnachais gnó ó 2017 i leith, go raibh dréachtphlean uasdátaithe réidh i Meitheamh 2019 tráth a d’aistrigh ceanncheathrú an Údaráis ó Londain go Páras; ag tabhairt dá haire áfach maidir leis an dréachtphlean sin, cé gur baineadh leas as le haghaidh fhreagairt an Údaráis ar phaindéim COVID-19, nach ndearna ardbhainistíocht an Údaráis é a fhormheas go foirmiúil ná é a uasdátú chun dul i ngleic leis an aistriú go dtí an cheanncheathrú nua nó le heispéireas phaindéim COVID-19 le deireanas; ag tabhairt dá haire an chonclúid ón gCúirt gurb ionann an mhoill sin agus laige inmheánach i nósanna imeachta an Údaráis; |
|
23. |
ag tathant ar an Údarás tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo na heasnaimh agus na laigí atá sainaitheanta i gcórais rialaithe inmheánaigh an Údaráis a réiteach; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéanfar; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis frithchalaoise suas chun dáta i bhfeidhm ag an Údarás, ar straitéis í a glacadh in Eanáir 2019; ag tabhairt dá haire áfach gur chuir an tÚdarás moill ar a mheasúnú riosca calaoise, in 2019 de bharr an aistrithe ó Londain, agus arís in 2020 de bharr phaindéim COVID-19, agus gur sceidealaíodh an measúnú riosca calaoise le haghaidh an chéad ráithe de 2021; á iarraidh ar an Údarás an measúnú a dhéanamh agus leas a bhaint as na torthaí i bplean gníomhaíochta na straitéise frithchalaoise; á iarraidh ar an Údarás torthaí an mheasúnaithe agus mar a cuireadh san áireamh é a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur thug géarchéim COVID-19 atheagrú obann ar shocruithe oibre an Údaráis agus gur díríodh ar dtús ar an leanúnachas gnó a choinneáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma; ag tabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás plean ullmhachta le haghaidh COVID-19 le chéile a raibh mar aidhm leis a léiriú go raibh faireachán gníomhach á dhéanamh ag an Údarás ar an bpaindéim agus go raibh ar a chumas treoir shoiléir agus bearta a sholáthar a bhí dírithe ar dhea-bhail a fhoirne agus leanúnachas a chuid oibriochtaí a chosaint, tríd an bhFoireann Freagartha i gcás Géarchéime, i measc bearta eile, ar foireann iad a thug tacaíocht do na gníomhaíochtaí bainistithe géarchéime agus do chur chun feidhme an phlean; á chur in iúl gur geal léi an bhéim a leag an tÚdarás ar shábháilteacht na foirne a áirithiú, agus tionchar ghéarchéim COVID-19 ar a chroímhisean agus a chroíghníomhaíochtaí á theorannú; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú ar na bearta a glacadh, trí iniúchadh arna dhéanamh ag cuideachta iniúchóireachta sheachtrach, agus á iarraidh ar an Údarás na léirstin a fuarthas agus na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais trí Líonra Gníomhaireachtaí AE; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire, de bharr phaindéim COVID-19, go ndearna an tÚdarás a nósanna imeachta earcaíochta a athbhreithniú chun foireann nua a earcú agus a imeascadh ó chian; ag tabhairt dá haire gur eagraigh an tÚdarás líon mór seisiún dea-bhail chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann agus do bhainisteoirí le linn na paindéime agus go ndearnadh oiliúint i dteangacha agus oiliúint eile a eagrú ar líne; |
Barúlacha eile
|
27. |
á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi chuimsiú na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS) a bheith á feidhmiú ag an Údarás agus ag moladh don Údarás tionscadal EMAS a thabhairt chun críche agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le clárú an Údaráis le EMAS; á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an tÚdarás raon feidhme na scéime chun táirgí agus gníomhaíochtaí uile an Údaráis a chuimsiú; |
|
28. |
á iarraidh ar an Údarás a chuid iarrachtaí a neartú go leanúnach chun a lorg ar an gcomhshaol a laghdú, trí dhlús a chur lena iarrachtaí timpeallacht oibre inbhuanaithe agus gan pháipéar a thabhairt isteach, cuimhneamh ar fhoinsí fuinnimh atá níos neodraí ó thaobh carbóin de a úsáid, lena n-áirítear painéil fhótavoltacha, agus a fhoirgneamh oifige a nuachóiriú chun caighdeán na n-astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh; |
|
29. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé don Údarás infheictheacht níos fearr a fhorbairt sna meáin agus ar an Idirlíon d’fhonn feasacht a mhúscailt maidir lena chuid gníomhaíochtaí; |
|
30. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 167.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/240 |
CINNEADH (AE) 2022/1739 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0078/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0098/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did = 59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did = 59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/241 |
CINNEADH (AE) 2022/1740 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0079/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (4), agus go háirithe Airteagal 23 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0099/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú~, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE do bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE do bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/242 |
RÚN (AE) 2022/1741 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) do bhliain airgeadais 2020
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint d’Athbhreithniú Uimh. 01/2021 ón gCúirt Iniúchóirí maidir le “The EU’s initial contribution to the public health response to COVID-19” [Rannchuidiú tosaigh an Aontais leis an bhfreagairt sláinte poiblí do COVID-19], |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta a ghabhann leo, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0099/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1),gur EUR 62 490 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“an Lárionad”) don bhliain airgeadais 2020, rud a léiríonn méadú de 5,55 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe san Aontas in 2020; de bhrí go n-eascraíonn thart ar 97,62 % de bhuiséad an Lárionaid ó bhuiséad an Aontais; |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid do bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséadach de 96,77 %, a léiríonn laghdú de 2,46 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 75,26 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú freisin de 6,15 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe; |
Feidhmíocht
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi gur íoc an Lárionad 96 % de shonraisc laistigh de na srianta ama atá i rialachán airgeadais an Lárionaid; |
|
3. |
á thabhairt faoi deara gurb é misean an Lárionaid bagairtí atá ann faoi láthair agus bagairtí atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine ó ghalair theagmhálacha a shainaithint, a mheasúnú agus a chur in iúl; á chur i bhfáth gurb iad ráig COVID-19 in 2020 agus an phaindéim a lean í an teagmhas sláinte poiblí is tromchúisí a raibh ar an Lárionad freagairt dó ó tháinig sé i bhfeidhm in 2005; á thabhairt dá haire gur tháinig tacaíocht a thabhairt d’fhreagairt an Aontais ar COVID-19 le bheith ar phríomhghníomhaíocht an Lárionaid; á aithint gur ghníomhachtaigh an Lárionad a phlean oibríochtaí um theagmhais sláinte poiblí an 9 Eanáir 2020 agus, go sonrach, gur rannchuidigh na foirne a bhí ag obair ar éigeandálaí sláinte poiblí go dearfach le creataí an Aontais agus le creataí rialachais náisiúnta i leith phaindéim COVID-19; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur thosaigh an Lárionad ag oibriú ar leibhéal 2, céim ghéar, de Theagmhais Sláinte Poiblí (PHE), an 31 Eanáir 2020 agus gur lean sé leis ag oibriú ag an gcéim sin an chuid eile den bhliain; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, mar fhreagairt ar an ráig COVID-19, gur ghníomhachtaigh an Lárionad a phlean oibríochtaí maidir leis an éigeandáil sláinte poiblí ar an 9 Eanáir 2020, arbh é an plean é lenar treoraíodh an eagraíocht tríd an staid éigeandála, agus a chuir ar a cumas na hacmhainní riachtanacha a atreorú chun dul i ngleic leis an bpaindéim; á thabhairt dá haire gur foirne laistigh den Lárionad a raibh freagracht éigeandálacha sláinte poiblí orthu a thairg na príomhaschuir maidir le COVID-19, amhail, inter alia, uasdátuithe ar shonraí agus faireachas, lena n-áirítear measúnuithe gasta riosca, treoir eolaíoch chun tacaíocht a thabhairt don chinnteoireacht i réimse na sláinte poiblí, faisnéis maidir le galair agus bearta freagartha le haghaidh cleachtóirí cúraim sláinte agus an phobail i gcoitinne, agus gur sholáthair siad freagairtí ar iarrataí ad hoc ó institiúidí agus gníomhaireachtaí Aontais; |
|
5. |
á thabhairt dá haire gur thug an Lárionad cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún le tacaíocht a bhaineann le saotharlanna agus le tástáil leathnaithe, ag neartú ullmhacht na mBallstát trí tháscairí oibríochtúla a bhunú agus trí thacaíocht a chur ar fáil sa mheasúnú ar acmhainneacht borrtha seirbhísí sláinte; |
|
6. |
ag cur sonrú sna 24 mheasúnú riosca a bhaineann le COVID-19 a rinne an Lárionad, na 159 n-iarraidh fhoirmiúla eolaíochta COVID-19 ón gCoimisiún agus ó na Feisirí, agus breis agus 100 iarraidh foirmiúil eolaíochta ó na Ballstáit; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig méadú 1 086 % ar líon na n-íoslódálacha de mheasúnuithe riosca meara i gcomparáid le figiúirí 2019; |
|
7. |
á chur in iúl go gcreideann sí go bhfuil freagairt mhear, éifeachtach, eolasach agus chomhordaithe ar fud na mBallstát bunriachtanach, le déileáil leis an staid reatha agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo araon; |
|
8. |
á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil obair an Lárionaid i dtaca le faisnéis thráthúil, chruinn agus eolaíochtbhunaithe a chur ar fáil do reachtóirí, do ghairmithe sláinte agus don phobal i gcoitinne bunriachtanach chun déileáil le paindéim COVID-19 atá fós ar siúl agus le bagairtí sláinte eile a d’fhéadfadh a bheith ann; á chur in iúl gur geal léi go gcomhroinneann an Lárionaid faisnéis le meáin éagsúla i ndáil leis sin; |
|
9. |
á thabhairt dá haire gur bagairt go fóill don tsláinte í an fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, cé go bhfuil tomhaltas frithmhiocróbach foriomlán san Aontas tar éis laghdú; á chur in iúl gur geal léi obair leanúnach an Lárionaid sa réimse sin; |
|
10. |
á thabhairt dá haire gur sholáthair an Lárionad 56 % de na haschuir a beartaíodh ar dtús ina Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair 2020-2022, agus 90 % d’aschuir chlár oibre COVID-19 a formheasadh i mBealtaine 2020; ag tabhairt dá haire maidir le 35 % d’aschuir an Lárionaid a bhí beartaithe ar dtús, gur cuireadh siar go 2021 iad nó cuireadh ar ceal iad; á thabhairt dá haire go léiríonn athbhreithniú straitéiseach seachtrach agus feidhmíochta ar fhreagairt an Lárionaid ar COVID-19 nár mhór don Lárionad feabhas a chur ar a fheidhmiú chun go mbeidh ar a chumas freagairt níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a chur ar fáil i ngéarchéim sláinte poiblí amach anseo, agus a chroífheidhmeanna agus a aschuir bunriachtanacha a choinneáil ag imeacht; á iarraidh ar an Larionad tuairisciú maidir leis na bearta a glacadh i ndáil leis sin; |
|
11. |
á thabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di an chonclúid ar Athbhreithniú Uimh. 01/2021 ón gCúirt maidir le “The EU’s initial contribution to the public health response to COVID-19” [Rannchuidiú tosaigh an Aontais leis an bhfreagairt don tsláinte phoiblí ar COVID-19] (“an t-athbhreithniú ón gCúirt”), go raibh sé dúshlánach don Lárionad tráthúlacht, cáilíocht agus iomláine na faisnéise a fuarthas ó na Ballstáit a bhainistiú; ag tarraingt aird ar leith, áfach, ar an mbreathnóireacht ón gCúirt go bhfuil sé deacair comparáidí agus measúnuithe a dhéanamh leis na straitéisí éagsúla faireachais agus tástála a úsáideann na Ballstáit, agus, ar bhonn níos ginearálta, go bhfuil teorainn le hinniúlachtaí sláinte poiblí an Aontais, rud a chiallaíonn go mbeidh an Lárionad ag brath go mór ar na Ballstáit ar mhaithe lena éifeachtacht; á thabhairt dá haire gur thóg sé, mar shampla, beagnach bliain tar éis ráig COVID-19 san Eoraip sular bhain na Ballstáit úsáid as córas coiteann cód dathanna, agus gur léirigh sí tiomantas a gcuid sonraí a chur faoi bhráid an Lárionaid; á thabhairt dá haire gur fhreagair an Lárionad d’athbhreithniú na Cúirte trí rabhadh a thabhairt go bhfuil gá fós le cuid mhór oibre chun faireachas stóinsithe daonra-bhunaithe ar COVID-19 a bhunú, agus á thabhairt le fios go bhfuil céimeanna glactha ag an Lárionad ó shin i leith chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo; |
|
12. |
ag aithint na gcúiseanna gur cuireadh ar ceal nó gur cuireadh ar athló 35 % d’aschuir bheartaithe an Lárionaid in 2020, agus í á thabhairt chun suntais gur bhain an Lárionad ráta ratha 90 % amach maidir leis an bplean um aschur an phlean oibre a ghlacadh sa bhreis air sin i mí Bealtaine 2020; ag gabháil buíochas le an foireann an Lárionaid as a gcuid oibre tiomanta i gcúinsí deacra; |
|
13. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thionscain an Lárionad, ar leithligh ó athbhreithniú na Cúirte, a anailís straitéiseach féin, trí chonraitheoir seachtrach, ar fhreagairt an Lárionaid do COVID-19 ó mhí Eanáir go mí Mheán Fómhair 2020; á thabhairt dá haire go léirítear san anailís straitéiseach go soláthraíonn an Lárionad sonraí ardcháilíochta faireachais a bhfuiltear ag brath orthu go forleathan, agus gur ionchur ríthábhachtach do chinnteoirí atá sa treoir, ach go bhfuil acmhainneacht shoiléir ann go mbeadh an Lárionad níos éifeachtaí ag an am céanna; ag cur sonrú sna moltaí ón anailís straitéiseach, á rá gur cheart don Lárionad béim níos mó a chur ar phraiticiúlacht na moltaí agus ar réamhthreoir, agus gur cheart go dtacódh sé, ar bhealach níos córasaí, leis an bhfoghlaim agus le malartú taithí idir na Ballstáit; ag cur sonrú i moltaí na hanailíse straitéisí do phríomhfheidhm straitéiseach shinsearach a bheidh le cruthú, difreáil níos fearr a dhéanamh ar phróisis inmheánacha chun aschuir theicniúla a tháirgeadh, agus feabhas a chur ar chumais an Lárionaid; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt ar na bearta a rinneadh ina leith sin agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta; |
|
14. |
á thabhairt dá haire go léirítear i measúnú straitéiseach seachtrach an Lárionaid go bhfuil ceisteanna tábhachtacha ann san fhadtéarma faoin ról ba cheart a bheith ag an Lárionad i réimse slándála sláinte poiblí na hEorpa i gcoitinne; á thabhairt dá haire go mbaineann na ceisteanna sin le leibhéal iomchuí an chomhordaithe Eorpaigh ar bheartais agus ar shonraí sláinte poiblí, ar róil ábhartha na ngníomhaithe éagsúla agus ar dhíriú straitéiseach an Lárionaid; á thabhairt dá haire gur phléigh an Coimisiún na ceisteanna sin ina athbhreithniú ar ról an Lárionaid agus, ó shin i leith, go ndearnadh athruithe i réimse shlándáil na sláinte poiblí san Eoraip; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil córas faireachais Eorpach a bheidh nua ar fad á fhorbairt ag an Lárionad chun COVID-19 agus na galair agus na riochtanna sláinte eile uile a chumhdach de réir a chéile faoi fhaireachas an Aontais, agus go laghdófar sa tslí sin ar an ualach tuairiscithe ar na Ballstáit; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil roinnt tionscadal measúnaithe teicneolaíochta ar siúl i gcónaí chun a áirithiú go dtapóidh an Lárionad an deis maidir le nuálaíochtaí teicneolaíochta ar an mbealach is costéifeachtaí; á iarraidh ar an Larionad tuairisciú maidir leis na forbairtí i ndáil leis sin; |
|
16. |
á thabhairt dá haire go bhfuil an comhthéacs institiúideach ina bhfeidhmíonn an Lárionad ag athrú mar thoradh ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCúirt, ina hiniúchadh don bhliain airgeadais dár gcionn, leathnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an Lárionad ag feidhmiú laistigh den chomhthéacs institiúideach coigeartaithe sin, agus i dtaobh an bhfuil dóthain acmhainní ag an Lárionad chun a shainordú a chur chun feidhme go héifeachtach laistigh den suíomh institiúideach coigeartaithe; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire maidir le plean gníomhaíochta an Lárionaid an moladh ón tríú meastóireacht sheachtrach a chur chun feidhme, go ndearna bord bainistíochta an Lárionaid é a fhorbairt agus a fhormheas; á iarraidh ar an Lárionad faisnéis a chur ar fáil go rialta don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme an phlean sin; |
|
18. |
á chur in iúl gur geal léi go ndéanann an Lárionad an dea-chleachtas a chomhroinnt le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile AE agus go mbíonn sé ag obair leo go rialta; á chur in iúl gur geal léi na gníomhartha atá déanta ag an Lárionad chun an comhar a dhéanann sé le hinstitiúidí eile AE a leathadh i réimsí amhail leas a bhaint as intleacht shaorga, meaisínfhoghlaim agus sluafhoinsiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di thairis sin iarrachtaí an Lárionaid an comhoibriú idirinstitiúideach a fheabhsú mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19; |
|
19. |
á chur i bhfáth gur cheart don Lárionad leanúint den chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus idirphlé le geallsealbhóirí agus le saoránaigh a chothú; á chur in iúl gur geal léi an tslí inar oibrigh an Lárionad i gcomhar le gníomhaireachtaí díláraithe eile de chuid an Aontais in 2020, go háirithe i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun an comhchóras faireacháin ar leibhéal an Aontais a fhorbairt le haghaidh éifeachtacht vacsaíní agus éifeachtaí díobhálacha COVID-19, chomh maith le faisnéis sláinte poiblí a sholáthar don treoir theicniúil maidir le rialú ionfhabhtuithe COVID-19 i gcás aerthaisteal, traenacha agus long cúrsála; |
Beartas foirne
|
20. |
ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 96.1 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 173 ghníomhaire sealadach as 180 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 180 post údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, go raibh 121 ghníomhaire ar conradh agus 5 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Lárionad in 2020; |
|
21. |
á thabhairt dá haire maidir le cothromaíocht inscne gur fir is ea ceathrar (66,67 %) den seisear laistigh d’ardbhainistíocht an Lárionaid; ag tabhairt dá haire maidir leis an bhfoireann i gcoitinne sa Lárionad, gur mná is ea 170 (62,73 %) as 271; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Lárionad beartas maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc; á thabhairt dá haire gur tuairiscíodh dhá chás inar líomhnaíodh go ndearnadh ciapadh agus gur tugadh cás amháin go dtí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in 2020; á iarraidh ar an Lárionad a áirithiú go ndéanfar bearta leanúnacha a bhfuil sé d’aidhm acu an creat eiticiúil san ionad oibre a neartú agus cosc a chur ar an traochadh agus ar an gciapadh; á iarraidh ar an Lárionad na hathruithe i ndáil leis a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh go suntasach ar ualach oibre an Lárionaid in 2020 de bharr phaindéim COVID-19; á thabhairt dá haire gur cuireadh cumas breise gearrthéarma ar fáil don Lárionad in 2020 agus gur deonaíodh roinnt post foirne lánaimseartha don Lárionad i ndeireadh 2020, ar poist iad a bhí le líonadh sa tréimhse 2021 go 2024 de bharr na géarchéime sláintíochta a mhair ar feadh i bhfad; |
|
24. |
á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór bhord bainistíochta an Lárionaid a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin; |
|
25. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinneadh i mbeartas foirne an Lárionaid chun teilea-obair agus an saol folláin a chur chun cinn agus ag leanúint den Lárionad a spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar chreat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar chothromaíocht gheografach agus ar earcaíocht agus ar lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
|
26. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra maidir le síneadh a chur le sainordú an Lárionaid ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil méaduithe comhfhreagracha leordhóthanacha ar fhoireann agus ar acmhainní an Lárionaid ag gabháil le cúraimí suntasacha nua agus lena ualach méadaitheach oibre, agus go gcuireann an ganntanas foirne sin brú suntasach ar leanúnachas a chuid oibríochtaí agus go gcuireann sé cáilíocht obair an Lárionaid i mbaol; |
Soláthar
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad 130 conradh ar an iomlán i gcrích in 2020, agus gur cumhdaíodh 10 gcreatchonradh, 14 chonradh dhíreacha agus 106 chonradh shonracha; ag tabhairt dá haire gur sheol an Lárionad 79 nós imeachta soláthair i gcaitheamh na bliana, ar ghlaonna oscailte naoi gcinn díobh, ar nósanna imeachta soláthair idirbheartaithe 48 díobh agus ar chomórtais a athosclaíodh 22 díobh; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad 15 chomhaontú comhpháirtíochta agus 44 chomhaontú deontais shonracha i gcrích in 2020 freisin; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
28. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus sceithirí a chosaint; |
|
29. |
á chur in iúl gur geal léi an feabhas atá tagtha ar chéatadán chomhaltaí an bhoird bainistíochta, chomhaltaí an fhóraim chomhairligh agus a gcomhaltaí malartacha a chuir isteach na dearbhuithe leasa bliantúla is gá in 2020 i gcomparáid leis na figiúirí do 2019; á iarraidh ar an Lárionad a áirithiú go mbeidh na saineolaithe iomchuí páirteach in obair an Lárionaid agus go gcoinneofar ardleibhéal comhlíonta le rialacha coinbhleachta leasa; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Lárionad a nós imeachta inmheánach maidir le coinbhleachtaí leasa i gcás baill foirne agus go bhfuil an próiseas cur chun feidhme idir lámha aige; ag tabhairt dá haire, de réir na bhfreagraí ón Lárionad, go dtabharfaidh an cleachtas sin deis na próisis a fhorbairt a thuilleadh agus grinnscrúdú breise a éascú; á iarraidh ar an Larionad tuairisciú maidir leis na forbairtí i ndáil leis sin; |
|
31. |
á thabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh ar bhainistiú acmhainní daonna agus ar chúrsaí eitice sa Lárionad in 2020 i gcomhréir leis an bplean straitéiseach don iniúchóireacht inmheánach; á thabhairt dá haire gur tháinig ceithre mholadh as an iniúchadh, go raibh an t-aicmiú an-tábhachtach le dhá cheann díobh agus an t-aicmiú tábhachtach le dhá cheann díobh; á thabhairt dá haire gur fhorbair an Lárionad plean gníomhaíochta chun na moltaí sin a chur san áireamh, lenar áiríodh oiliúint a eagrú agus múscailt feasachta i réimse na heitice; á iarraidh ar an Lárionad tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme na ngníomhartha atá beartaithe; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire, de réir na bhfreagraí ar an gceistneoir caighdeánach, go ndearna an Lárionad 22 choinbhleacht leasa féideartha a shainaithint agus a iniúchadh in 2020; á thabhairt dá haire thairis sin gur chuir an Lárionad bearta maolaithe ar bun i ngach cás, go háirithe ionchuir ó na saineolaithe á scagadh ag baill foirne neamhspleácha an Lárionaid le haghaidh aon chlaontacht fhéideartha, eisiamh ó chathaoirleacht nó leaschathaoirleacht cruinnithe, fionraí rannpháirtíochta i míreanna cláir oibre agus deireadh a chur le cearta vótála; |
|
33. |
ag cur sonrú sa chinneadh ón Ombudsman Eorpach an 5 Feabhra 2021 i bhfiosrúchán straitéiseach OI/3/2020/TE maidir le “conas a bhailigh agus a chuir ECDC faisnéis in iúl le linn ghéarchéim COVID-19” agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an chonclúid nár aimsíodh aon drochriarachán; á thabhairt dá haire, áfach, go measann an tOmbudsman, in ainneoin gur aithin sé na hiarrachtaí a rinne an Lárionad le linn ghéarchéim COVID-19 chun a mheasúnú eolaíoch a dhéanamh ar bhealach trédhearcach, go gcuireann sainordú an Lárionaid cosc ar bhailiú neamhspleách sonraí, rud a chuireann teorainn lena chúraimí ar bhealach suntasach agus, ina theannta sin, go bhfuil deis ag an Lárionad feabhas a chur ar an gcaoi a gcuireann sé faisnéis in iúl don phobal a sholáthraíonn a gcuid aistriúchán sa líon is mó de theangacha oifigiúla is féidir; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás urscaoilte maidir leis na bearta a rinneadh chun an feabhas sin a dhéanamh; |
Rialú inmheánach
|
34. |
á thabhairt dá haire go ndearna an Lárionad na moltaí uile ó IAS maidir le Preparedness and Response in the ECDC [Ullmhacht agus Freagairt in ECDC] a chur chun feidhme agus a chur faoi bhráid IAS i gcomhair athbhreithniú; á thabhairt dá haire go ndearna IAS cur chun feidhme na moltaí a athbhreithniú agus go bhfuil an Lárionad ag fanacht ar na conclúidí críochnaitheacha faoi láthair; á iarraidh ar an Lárionad na torthaí a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire gur léirigh féinmheasúnú an Lárionaid maidir le cur chun feidhme an chreata rialaithe inmheánaigh go bhfuil an córas rialaithe inmheánaigh ann agus ag feidhmiú, ach nár mhór feabhsuithe a dhéanamh; á thabhairt dá haire nach mór do bhainistíocht an Lárionaid sainiú agus doiciméadú níos fearr a dhéanamh ar chritéir ábharthachta an lamháltais riosca maidir le gníomhaíochtaí an Larionaid; á thabhairt dá haire go dtionscnófar rannóg nua i gcreat rialaithe inmheánach an Lárionaid chun na gníomhaíochtaí rialaithe a bheidh le déanamh, agus an obair leantach, a mheas go sainráite, chun a áirithiú go ndéanfar na cuspóirí a chur i gcrích; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas le forbairt maidir le cumarsáid inmheánach, lena n-áirítear cumarsáid maidir le cuspóirí agus freagrachtaí an rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar an Lárionad na hathruithe i ndáil leis a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
36. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Lárionaid d’fhaisnéis thráthúil agus chruinn a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais agus ag cur a buíochais in iúl d’fhoireann agus bainistíocht an Lárionaid as an obair a rinneadh i ndálaí deacra in 2020; á thabhairt dá haire go raibh ardmheas ag na geallsealbhóirí ar an treoir agus ar na haschuir ón Lárionad as a ndea-cháilíocht agus a stóinseacht eolaíoch; á thabhairt dá haire go háirithe an ráiteas ón Lárionad gur léiriú iad méid agus cáilíocht na dtorthaí a baineadh amach ar shaineolas agus ar thiomantas na foirne móire a bhí ag plé le freagairt an Lárionaid don phaindéim; á chur in iúl gur díol sásaimh di thairis sin comhar an Lárionaid le EDS san Eoraip maidir le faireachas cásbhunaithe COVID-19 a bhunú le haghaidh réigiún Eorpach EDS uile; |
|
37. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thuairisc an Lárionad líon as cuimse ard aschur in 2020 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus go raibh an infheictheacht is airde ag baint leis riamh ó bunaíodh é; ag tabhairt dá haire gur bhain príomhghníomhaíochtaí an Lárionaid sa tréimhse sin le tacaíocht do straitéisí vacsaínithe, faisnéis fhianaisebhunaithe a scaipeadh, faisnéis faireachais agus eipidéime a chur i bhfeidhm, treoir maidir le topaicí eolaíocha agus teicniúla a chur chun feidhme, agus cleachtais líonraithe agus malartaithe a bhunú ar fud na hEorpa; |
Barúlacha eile
|
38. |
ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Lárionad straitéis uileghabhálach atá dírithe ar chostéifeachtúlacht agus cosaint an chomhshaoil a bhaint amach; á thabhairt dá haire go bhfuil an Lárionad i láthair na huaire sa chéim cur chun feidhme dá chóras bainistíochta comhshaoil faoi láthair, atá bunaithe ar an scéim Eorpach um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil; á iarraidh ar an Lárionad na hathruithe i ndáil leis a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
39. |
ag tabhairt dá haire gur méadaíodh go suntasach ar fhor-rochtain an Lárionaid in 2020 i ndáil le paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh 32 mhilliún amharc leathanaigh ag láithreán gréasáin an Lárionaid, i gcomparáid le 9 milliún idir 2011 agus 2019, ar an iomlán; á thabhairt dá haire gur láimhseáil foireann preasa agus meáin an Lárionaid 1 917 n-iarraidh ó na meáin, le hais thart ar 100 an bhliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Lárionad méadú 146 % faoi deara ar líon a leantóirí ar Twitter in 2020, méadú 232 % ar líon na leathanach “is maith liom” ar Facebook agus méadú 107 % ar líon na leantóirí ar LinkedIn; |
|
40. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé digiteáil an Lárionaid a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de, ach freisin a thábhachtaí atá sé dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Lárionad leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint ar ais nó ar éigean; |
|
41. |
á chur i bhfáth gur gá don Lárionad a áirithiú go bhfuil lán-trédhearcacht ann agus staidéir eolaíochta á bhfoilsiú agus trína acmhainneacht cumarsáide seachtraí i dtreo an phobail i gcoitinne a threisiú, agus a áirithiú go bhfuil an phríomhfhaisnéis a bhaineann le héigeandálaí sláinte poiblí ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus ar fáil go héasca do shaoránaigh an Aontais; |
|
42. |
á thabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar an tuairisc ón gCúirt don bhliain airgeadais 2019, go bhfuil beartas cibearshlándála nua agus uasdátaithe á ullmhú ag an Lárionad in oirchill Rialachán Aontais maidir le rialacha cibearshlándála coiteanna a theacht i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, mar chuid dá iarrachtaí chun an chibearshlándáil a neartú, go bhfuil an Lárionad ag smaoineamh ar infheistíocht i dtionscadal slándála faisnéise agus i gclár feasachta agus oiliúna cibearshlándála ó 2022 ar aghaidh; á iarraidh ar an Lárionad na hathruithe i ndáil leis a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
43. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 39.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/248 |
CINNEADH (AE) 2022/1742 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) do bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0079/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (4), agus go háirithe Airteagal 23 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0099/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú do bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú~, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE do bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE do bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/250 |
CINNEADH (AE) 2022/1743 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0080/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 97 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta , |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/252 |
RÚN (AE) 2022/1744 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta a ghabhann leo, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gur EUR 109 362 158 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn laghdú de 3,08 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go n-eascraíonn thart ar 29,41 % de bhuiséad na Gníomhaireachta ó tháillí agus muirir agus go n-eascraíonn 67,48 % de ón Aontas agus tríú tíortha (39,51 % ó tháillí agus muirir agus 57,61 % ón Aontas agus tríú tíortha in 2019 ); de bhrí gurb 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe san Aontas in 2020; |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhú réasúnach di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á aithint go bhfuil laghdú substaintiúil tagtha, ón sprioc-am clárúcháin deiridh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) in 2018, ar ioncam táille na Gníomhaireachta, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht, i gcaitheamh an ama, ar a spleáchas ar an Aontas lena hoibríochtaí a mhaoiniú; |
|
2. |
á thabhairt dá haire gur bhailigh an Ghníomhaireacht ioncam táille cothrom le EUR 32 292 704 (EUR 44 385 256 in 2019) in 2020, agus gurbh ionann an fóirdheontas ón Aontas agus EUR 73 795 512 (EUR 64 503 447 in 2019), lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó thríú tíortha, arbh fhiú EUR 1 850 992 (EUR 1 615 032 in 2019); |
|
3. |
á chur i bhfáth an gá atá lena áirithiú go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a sainordú a chomhlíonadh san fhadtéarma; á iarraidh, i ndáil leis sin, go dtabharfaí aghaidh ar easpa intuarthachta ioncam buiséid na Gníomhaireachta; agus na forbairtí dearfacha i struchtúr rialachais agus maoiniúcháin na Gníomhaireachta á n-aithint, ag cur sonrú sa treocht atá ag dul i laghad maidir le hioncam ó tháillí agus á chreidiúint gur cheart samhail nua mhaoiniúcháin chobhsaí a fhorbairt agus a thabhairt isteach gan mhoill; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2020, in ainneoin barúlacha a thug an Pharlaimint agus an Chúirt Iniúchóirí roimhe seo, laghdú suntasach gan choinne de tuairim is EUR 7 000 000 ar ioncam ó tháillí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; |
|
4. |
á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh leibhéil foirne leordhóthanacha ag an nGníomhaireacht lena léireofar na riachtanais a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuaine, an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach; ag cur sonrú san obair dhearfach a rinne an Ghníomhaireacht faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun samhail mhaoiniúcháin atá go hiomlán inbhuanaithe a bhunú; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséadach 98,48 %, a léiríonn laghdú an-bheag de 0,30% i gcomparáid le 2019 agus gur ráta forghníomhaithe 94,16 % a bhí an maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn méadú de 8,07 % i gcomparáid le 2019; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, san obair leantach ar na barúlacha a fuarthas sa nós imeachta um urscaoileadh in 2019, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag leanúint dá hiarrachtaí an córas le haghaidh fíoruithe ex post a dhéanamh níos éifeachtúla, chun laghdú ar an aga moille idir tíolacadh sainchomhaid agus stádas iarratasóra ar fiontar beag nó meánmhéide (FBM) é a fhíorú; á chur in iúl gur geal léi gurbh ionann agus EUR 1 370 000 (i gcomparáid le EUR 700 000 in 2019) an t-ioncam breise ó tháillí clárúcháin arna ghiniúint ag an bpróiseas fíoraithe stádais mar FBM (san áireamh in ioncam REACH maidir le cláruithe agus uasdátuithe); á aithint gur tharla an méadú go príomha mar thoradh ar fheachtas éifeachtach i leith FBManna a d’iarr ar chuideachtaí féindearbhú cruinn a thabhairt maidir le méid a gcuideachta roimh thús phróiseas fíorúcháin na Gníomhaireachta, agus aon mhuirear riaracháin a d’éireodh murach sin as méid mícheart a bheith dearbhaithe roimhe sin á tharscaoileadh, agus trí thosaíocht a thabhairt do na cuideachtaí sin a raibh na laghduithe airgeadais is mó acu; ag tabhairt dá haire gur fíoraíodh 504 fhiontar san iomlán maidir le méid a gcuideachta in 2020 (i gcomparáid le 333 in 2019) agus, de bhreis ar na táillí clárúcháin breise, gur ghin an Ghníomhaireacht EUR 1 050 000 i muirir riaracháin (i gcomparáid le EUR 1 010 000 in 2019), ar muirir iad a tobhaíodh ar chuideachtaí nach raibh incháilithe do lacáiste a bhí faighte ag na cuideachtaí sin; á chur in iúl gur geal léi go leanfaidh an Ghníomhaireacht dá hiarrachtaí in 2021 agus go bhfuil sí ar an mbóthar ceart chun fíorú na n-éileamh a bhain le 2018 mar spriocdháta clárúcháin a chur i gcrích faoi dheireadh 2023; |
|
7. |
ag tabhairt faoi deara gurb í an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“ECHA”) an mórspreagadh i measc údaráis rialaithe chun reachtaíocht ceimiceán an Aontais a chur chun feidhme ar mhaithe le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol mar aon le nuálaíocht agus iomaíochas; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht faisnéis ar fáil faoi cheimiceáin, go gcabhraíonn sí le cuideachtaí an reachtaíocht a chomhlíonadh agus go gcuireann sí úsáid shábháilte ceimiceán chun cinn; á chur i bhfios go láidir go sonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 gur cheart é sin a dhéanamh ar bhealach lena n-áirithítear nach mbeidh an tástáil ar ainmhithe ach ina rogha dheireanach agus go gcuirfear chun cinn modhanna nach modhanna ainmhithe iad; |
|
8. |
ag aithint gur lean an Ghníomhaireacht de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí an Aontais chun tástáil ainmhithe a laghdú agus a ionadú trí uirlisí nua a fhoilsiú agus rochtain ar fhaisnéis a leathnú, rud a éascaíonn an t-aistriú chuig roghanna malartacha nach mbaineann le tástáil ar ainmhithe; |
|
9. |
á chur i bhfáth gur riachtanach acmhainní buiséadacha a leithdháileadh ar an nGníomhaireacht chun comhar níos dlúithe a shaothrú chun bunachar sonraí uathúil ceimiceán de chuid an Aontais a chomhdhlúthú lena comhghníomhaireachtaí faoin bprionsabal “substaint amháin – measúnú amháin” (4) go háirithe trí iontrálacha faoi Mhodheolaíocht an Chuir Chuige Nua (NAM) a ionchorprú sa Bhunachar Sonraí Aonfhoirmeach Idirnáisiúnta d’Fhaisnéis faoi Cheimiceáin (5). |
|
10. |
ag cur béim ar an bhfíoras go leanfaidh cur chun feidhme na Straitéise Ceimiceán um an Inbhuaine (6) a ghlac an Coimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 de bheith ar cheann de phríomhchúraimí na Gníomhaireachta sa tréimhse atá romhainn; |
Feidhmíocht
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht doiciméad clársceidealaithe le haghaidh 2020-2023 ina leagtar amach na cuspóirí don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis an bplean straitéiseach don tréimhse ceithre bliana sin agus a bhfuil an phleanáil acmhainní go dtí 2023 agus a raibh clár oibre 2020 ag gabháil leis; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 194 ghníomh agus aschur as 210 ngníomh agus aschur a leagan amach i gclár oibre 2020 a thabhairt i gcrích, agus gur de bharr phaindéim COVID-19 nár comhlíonadh na 16 ghníomh agus aschur; |
|
12. |
ag cur sonrú i gconclúidí na hanailíse a rinne an Ghníomhaireacht, an Coimisiún agus an Líonra Malartaithe maidir le Cásanna Nochta mar chuid den tríú hathbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ina luaitear go bhfuil gá le hiarrachtaí breise, go háirithe ó thaobh an tionscail de; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht dá comhoibriú leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir leis na doiciméid tagartha teicneolaíochta is fearr is féidir a fhorbairt maidir le táirgí ceirmeacha, teicstílí, próiseáil miotal, agus teilgcheártaí faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); ag tabhairt dá haire gur oibrigh an Ghníomhaireacht leis na Ballstáit, an Coimisiún agus an tionscal chun plean forbartha a bhunú le haghaidh Ghníomh Athbhreithnithe REACH 3, atá dírithe ar fheabhas a chur ar inoibritheacht agus cáilíocht bileoga sonraí sábháilteachta leathnaithe; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, amhail an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, trí bhíthin meabhráin tuisceana, chun feabhas a chur ar an malartú faisnéise, chun comhthuiscint níos fearr a bhaint amach agus, i gcás inarb iomchuí, ar thionscadail chomhpháirteacha; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige den chineál sin maidir lena áirithiú go mbeidh obair gach gníomhaireachta comhsheasmhach le hobair na ngníomhaireachtaí eile agus go gcomhlíonfar ceanglais na bainistíochta fónta airgeadais; á chur in iúl gur geal léi comhroinnt seirbhísí amhail cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, agus ag cur chun cinn an chomhair i measc ghníomhaireachtaí an Aontais i gcás inar féidir; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcumhdaítear 258 substaint leis na 271 sheiceáil iomlán ar chomhlíonadh agus go ndearnadh 76 sheiceáil spriocdhírithe maidir le 44 shubstaint in 2020; |
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta an próiseas a neartú, a shoiléiriú agus a bhrostú chun substaintí gníomhacha a bhfuil éifeacht bhithicídeach acu a fhormheas agus a athbhreithniú faoin bPlean Gníomhaíochta maidir le Substaintí Gníomhacha; |
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi an anailís a rinne an Ghníomhaireacht ar an tsaincheist maidir le micreaphlaistigh agus iad á scaoileadh go neamhbheartaithe sa chomhshaol; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn leis an tátal gur cur chuige iomchuí chun an tsaincheist sin a réiteach é toirmeasc uile-Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ar tháirgí a bhfuil micreaphlaistigh curtha isteach iontu d’aon ghnó agus a scaoiltear isteach sa chomhshaol nuair a úsáidtear iad; |
Beartas foirne
|
18. |
ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2019, go raibh forghníomhú 97,41 % déanta maidir leis an bplean bunaíochta, go raibh ceapacháin déanta i gcás 451 ghníomhaire shealadacha as 463 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 461 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire go raibh 122 ghníomhaire ar conradh thairis sin agus 3 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
19. |
á chur in iúl gurb oth léi go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht, maidir le poist shinsearacha agus mheánbhainistíochta, go bhfuil 23 (76,6 %) phost líonta ag fir agus 7 (23,3 %) bpost líonta ag mná, agus, maidir leis an mbord bainistíochta, go bhfuil 14 phost líonta ag fir (37,8 %) agus 23 ag mná (62,2 %); ag tabhairt dá haire go raibh an éagothroime inscne sin ann le fada an lá; ag tabhairt dá haire maidir leis an bhfoireann ar an iomlán go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht go bhfuil 266 fhear (46,7 %) agus 306 bhean (53,3 %) fosaithe aici; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta amach anseo; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á gceapadh acu ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas frithchiaptha agus treoirlínte gaolmhara curtha ar bun ag an nGníomhaireacht; á aithint go ndéanann an lucht bainistíochta na Gníomhaireachta iompar iomchuí a chur chun cinn trí chruinnithe idir an fhoireann agus comhairleoirí iontaoibhe a chur ar fáil; |
|
21. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart a áirithiú leis an mbuiséad sonrach le haghaidh oiliúna go bhfuil oiliúint chuí curtha ar fhoireann na Gníomhaireachta faoi na NAManna is déanaí, chun gur féidir acmhainn inmheánach mhéadaithe a chruthú chun dul i ngleic le truailliú ceimiceach agus éifeachtaí díobhálacha an truaillithe sin i gceart, trí bhíthin na n-uirlisí (8) agus na gcoincheap is déanaí (9). |
|
22. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh i mbeartas foirne na Gníomhaireachta teilea-obair agus stíl shláintiúil mhaireachtála a chur chun cinn agus leanúint de spreagadh a thabhairt don Ghníomhaireacht creat beartais d’acmhainní daonna fadtéarmacha a fhorbairt lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir fadsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar an gceart chun dícheangail agus urraim á tabhairt don chothromaíocht idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach, don chothromaíocht gheografach agus d’earcú agus do lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
23. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht ar a suíomh gréasáin CVanna chomhaltaí uile an bhoird bainistíochta agus a cuid coistí uile, lena n-áirítear CVanna a cuid cathaoirleach ar baill foirne den Ghníomhaireacht iad, CV an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus CVanna chomhaltaí uile an bhoird achomhairc; á chur in iúl gur geal léi go gcumhdaítear ré fostaíochta iomlán na mball foirne faoi bheartais na Gníomhaireachta maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus, ar mhaithe leis an neamhspleáchas a choimirciú, go scagtear na saineolaithe seachtracha a bhíonn rannpháirteach sna coistí eolaíocha, sa bhord bainistíochta agus san fhóram um fhorghníomhú de réir sé chritéar incháilitheachta spriocdhírithe; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh cás sceithireachta amháin in 2020, a bhain le ball foirne a líomhain frithbheart as neamhrialtachtaí maidir le nós imeachta soláthair a thabhairt chun suntais dá ordlathas agus gurbh é an frithbheart a líomhnaíodh gur moladh gan conradh fostaíochta an bhaill foirne sin a athnuachan bliain amháin ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire go ndearnadh imscrúdú neamhspleách ar na líomhaintí maidir le neamhrialtachtaí sa nós imeachta soláthair agus gur urramaiodh anaithnideacht fhoinse na líomhaintí; ag tabhairt dá haire nár aimsigh an t-imscrúdú aon ghníomhaíochtaí a sháródh forálacha Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta ná Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); ag tabhairt dá haire go meastar go bhfuil an cás dúnta; |
Rialú Inmheánach
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur sheol Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí an Choimisiúin iniúchóireacht inmheánach dar teideal “Integrated regulatory strategy-screening, evaluation and regulatory management option analysis in 2020” agus gur sholáthair an iniúchóireacht trí mholadh thábhachtacha: feabhas a chur ar phleanáil, faireachán agus tuairisciú na straitéise rialála comhtháite, doiciméadú a dhéanamh ar na nósanna imeachta agus sreafaí oibre le haghaidh athbhreithniú agus formheas, na huirlisí chun barúlacha ó údaráis inniúla na mBallstát a bhainistiú a athbhreithniú, feabhas a chur orthu agus na próisis inmheánacha chuige sin a dhoiciméadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leantach ar siúl ag an nGníomhaireacht maidir leis na moltaí sin agus, thairis sin, go bhfuil sí á mheas mar a thabharfar aghaidh ar ghníomh oscailte amháin ón iniúchóireacht leantach maidir le bainistiú feidhmíochta arna seoladh in 2020, ar gníomh é a bhaineann le cur chuige a shainiú le haghaidh athaicmiú i gcásanna nuair nár comhlíonadh an critéar incháilitheachta maidir le tríú teanga; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur sheol cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta iniúchóireacht chomhairleach maidir leis an ngníomhaíocht “aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe” agus gurbh iad na príomh-mholtaí athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá leis na seiceálacha a dhéantar ar shainchomhaid maidir le tograí aicmiúcháin agus ar fhócas, formáid agus doimhneacht na seiceálacha sin chun a chinneadh an bhfuil siad oiriúnach lena bpróiseáil, an t-ualach oibre i gcoitinne ar an gcoiste iomlánach um measúnú riosca a éadromú, trí bhreis úsáide a bhaint as meithleacha, mar shampla, agus an obair i ndáil le sainchomhaid um aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe (CLH) a anailísiú agus grinnscrúdú a dhéanamh, in éineacht leis na Ballstáit, ar na sásraí chun tionchar an phróisis CLH a mhéadú; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur sheol cumas iniúchóireachta inmheánaí na Gníomhaireachta iniúchóireacht ar an ngníomhaíocht “iarratais ar údarú” agus lipéadú comhchuibhithe agus go ndearnadh sé mholadh thábhachtacha, eadhon modhanna oibre a fheabhsú, bainistiú agus comhsheasmhacht an eolais a fheabhsú, sásraí aiseolais a fheabhsú, acmhainní leordhóthanacha a áirithiú i gcomhair rúnaíocht agus coistí na Gníomhaireachta, róil agus freagrachtaí laistigh den Ghníomhaireacht a shoiléiriú agus simpliú próiseas agus gnóthachain éifeachtúlachta thairis sin a mheas; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
28. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht aistriú réidh i dtreo teilea-oibriú ar an mórchóir le haghaidh na foirne, gur leanadh den chomhoibriú le geallsealbhóirí seachtracha agus gur bogadh oibriú chomhlachtaí uile na Gníomhaireachta ar líne tar éis thús na paindéime; ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Gníomhaireachta, gur cruthaíodh ualach oibre suntasach breise d’aonad slándála na Gníomhaireachta mar thoradh ar an aistriú sciobtha go teilea-oibriú fadtéarmach, ar mhórscála, go háirithe toisc nach raibh conraitheoirí uile na Gníomhaireachta ullamh don teilea-oibriú ar scála chomh mór sin agus gurbh éigean na socruithe gaolmhara a chur ar bun, faoi ardtosaíocht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na socruithe a cuireadh ar bun a mheas go cúramach, lena n-áirítear ó pheirspictíocht na cibearshlándála, agus rioscaí gaolmhara don leanúnachas gnó; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht leis an gCoimisiún chun cabhrú leis na Ballstáit agus le cuideachtaí a thuilleadh díghalrán a chur ar an margadh; |
Barúlacha eile
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur athlonnaíodh an Ghníomhaireacht chuig áitreabh nua i dtús 2020 agus gur eagraíodh cúrsaí oiliúna sa tsábháilteacht ó dhóiteáin le Cumann Tarrthála Heilsincí, agus mar obair leantach go ndeachthas tríd an bpróiseas sábháilteachta ó dhóiteáin céim ar chéim go hinmheánach agus gur seoladh cleachtadh aslonnaithe i mí na Samhna 2020; á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Ghníomhaireacht, ainneoin na dálaí teilea-oibre, plean éigeandála don fhoirgneamh nua, plean a cuireadh in iúl d’údaráis tarrthála Heilsincí, chun go bhféadfadh baill foirne filleadh ar an oifig ó pheirspictíocht na sábháilteachta de freisin; |
|
31. |
á chur in iúl gurb oth léi nár ghníomhaigh an Ghníomhaireacht go fóill de réir mholtaí an údaráis um urscaoileadh ina cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2019 maidir le bearta réamhghníomhacha agus acmhainní a chur ar fáil chun dlús a chur le laghduithe ar líon na dtástálacha ar ainmhithe agus chun na laghduithe sin a fheabhsú agus a chainníochtú, agus chun na tástálacha sin a athsholáthar, chomh maith le foireann a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht atá tiomnaithe go heisiach do chosaint ainmhithe agus do chur chun cinn modhanna tástála nach ndéantar ar ainmhithe; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil meitheal ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a phléann le cur i bhfeidhm ALM (Athsholáthar, Laghdú agus Mionleasú) ar Thástáil Rialála Táirgí Íocshláinte agus go n-áirítear ina straitéis le haghaidh 2025 obair shuntasach ar thástáil gan ainmhithe, agus go n-áiríonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia faoi chuimsiú shainchúram a Oifige Staidéir Eolaíochta agus Aitheantais Tionscadal, treochlár a fhorbairt chun modhanna gan ainmhithe a úsáid chun dul i ngleic go rialta le bearnaí sonraí faoi 2027; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil tionscnaimh chomhchosúla ag an nGníomhaireacht a d’fhéadfadh cabhrú chun an sprioc a leagtar amach sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le pleananna agus gníomhaíochtaí a bhaint amach chun dlús a chur leis an aistriú chuig an nuálaíocht gan ainmhithe a úsáid sa taighde, sa tástáil rialála agus san oideachas (11); |
|
33. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht plean oibre comhshaoil a ritheann ó 2020 go 2022; ag tabhairt dá haire gurb é tosaíocht an chláir astaíochtaí CO2 na Gníomhaireachta ó thaisteal agus fóntais a laghdú a thuilleadh, eadhon na hastaíochtaí CO2 ó fhoirgnimh a laghdú 20 %, astaíochtaí ó thaisteal (rannpháirtithe cruinnithe) a laghdú 75 % agus ó thaisteal (misin foirne) a laghdú 50 %; |
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta a bheith aeráidneodrach i gcomhréir le sprioc aeráide 2030 an Aontais agus uaillmhian na Gníomhaireachta deimhniú comhshaoil a leathnú chuig scéim an Aontais um éiceabhainistíocht agus um eiciniúchóireacht; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an bunachar sonraí is mó maidir le ceimiceáin ag an nGníomhaireacht faoi láthair, rud a fhágann gur féidir faisnéis thrédhearcach a chur ar fáil maidir leis na ceimiceáin a úsáidtear laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta trédhearcacht an bhunachair sonraí sin a mhéadú trí fhaisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil dá húsáideoirí agus don phobal i gcoitinne; |
|
36. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarracht phoiblíochta ar leith leis na meáin phríomhshrutha agus ag éirí as gur méadaíodh ar a hinfheictheacht in asraoin meán a fhreastalaíonn ar an leas ginearálta; ag tabhairt dá haire gur lean an fhoireann de bheith ag comhroinnt ábhair go gníomhach trí bhíthin a gcainéal meán sóisialta féin, agus rochtain acu ar bheagnach 3 mhilliún duine in 2020; |
|
37. |
á chur in iúl gur geal léi comhar na Gníomhaireachta le cuideachtaí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse a lean tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, rud a bhí ina chuidiú le suaitheadh suntasach i margadh an Aontais a chosc; |
|
38. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de, ach freisin a thábhachtaí atá sé dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt ar bhealach níos gasta, ionas gur féidir é a chur i gcrích roimh an 31 Eanáir 2023 agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis sin; |
|
39. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (12) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 121.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(3) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(4) https://echa.europa.eu/documents/10162/21877836/efsa-echa-position-paper-osoa_en.pdf/74b1ae31-290b-a608-85e9-05b340840 b34#:~:text=We%20propose%20that%20%E2%80%9Cone%20substance,built%20around%20three%20main%20principles%3A&text =%2D%20Better%20coordination%20on%20or%20distribution,uses%20of%20the%20same%20chemical
(5) https://echa.europa.eu/documents/10162/29387629/annual_report_2020_en.pdf/09d078c5-ff40-6737-3e4c-41dea91a7738#:~:text=We%20note%20that%20the%20Agency's,final%20implementation%20rate%20of%2098.5%20%25, lch. 63.
(6) COM(2020) 667.
(7) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(8) https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe/european-partnerships-horizon-europe/candidates-european-partnerships-health_ga
(9) https://ec.europa.eu/jrc/en/science-update/next-generation-risk-assessment-cosmetics
(10) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(11) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/258 |
CINNEADH (AE) 2022/1745 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0080/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 97 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0112/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/259 |
CINNEADH (AE) 2022/1746 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0081/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le EEA agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (4), agus go háirithe Airteagal 13 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le hagha chomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin EEA, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/261 |
RÚN (AE) 2022/1747 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2020
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad EEA don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 89 649 723 buiséad críochnaitheach EEA (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn méadú de 18,48 % i gcomparáid le 2019 mar thoradh ar mhéadú in ioncam sannta seachtrach; de bhrí gur 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe san Aontas in 2020; de bhrí go n-eascraíonn buiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais den chuid is mó (75,29 %) agus ó na ranníocaíochtaí faoin gcomhaontú sonrach le haghaidh an chláir Copernicus (22,68 %); |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla EEA don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme 99,96 %, ar ráta é a léiríonn laghdú an-bheag de 0,04 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur 86,12 % an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 3,71 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe; |
|
2. |
ag cur sonrú sa ról lárnach atá ag an nGníomhaireacht maidir le sonraí cáilíochta a sholáthar i leith staid an chomhshaoil, ar sonraí iad atá ag éirí níos tábhachtaí i bhfianaise na ndúshlán ollmhór atá os comhair an Aontais chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tuairim na Gníomhaireachta á cloisteáil ar fud institiúidí an Aontais agus á mholadh go mbeadh ról lárnach ag coiste eolaíoch na Gníomhaireachta maidir le comhairle a chur ar an gCoimisiún; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht gur bhain sí amach a raibh curtha roimpi aici trí ionchais a heochairtháscairí feidhmíochta a shárú in 2020 ainneoin na rioscaí agus na dúshláin a bhí le bainistiú ag an eagraíocht mar thoradh ar phaindéim COVID-19; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar thuarascáil 2019 um urscaoileadh, go ndéanann an Ghníomhaireacht idirphlé leis an gCoimisiún maidir le cúraimí a shainaithint agus a chomhroinnt le seirbhísí ábhartha an Choimisúin chun nach mbeidh cúraimí forluiteacha le déanamh; ag tabhairt dá haire nár shainaithin an Ghníomhaireacht aon chúraimí a bhí ag forluí ar ghníomhaireachtaí eile i Líonra Gníomhaireachtaí AE; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht cúraimí áirithe a chomhordú le gníomhaireachtaí eile amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus go gcomhchruthaítear tuarascálacha áirithe in éineacht leo; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha ó thuarascáil 2019 um urscaoileadh a bhain le míshásamh le soláthar gníomhaíochtaí áirithe de chuid na Gníomhaireachta, gur ghlac an Ghníomhaireacht cúraimí breise nua chuici féin amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, an 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil agus Maoiniú Inbhuanaithe, cúraimí nach raibh acmhainní agus foireann leordhóthanach ag gabháil leo chun na huaillmhianta a leagadh síos sa reachtaíocht a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire gur thacaigh an Ghníomhaireacht go díreach chun an Comhaontú Glas don Eoraip agus creat beartais 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh a chur chun feidhme trí líon áirithe gníomhaíochtaí agus comhar leis an gCoimisiún; ag tabhairt dá haire thairis sin gur foireann oibríochtúil amháin atá leithdháilte ag an nGníomhaireacht chun na gníomhaíochtaí sin a sholáthar, rud a chuireann strus breise ar a cuid feidhmeanna tacaíochta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dul i mbun plé leis an gCoimisiún, trí Líonra Gníomhaireachtaí AE i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na hathruithe i ndáil leis sin; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire i dtaca leis na barúlacha leantacha ó thuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh i dtaca lena líonra TF, go ndearna an Ghníomhaireacht tionscnaimh digiteála a thionscnamh roimh an bpaindéim in 2020 agus, ó Mhárta 2020 i leith, gur luasaíodh na tionscnaimh sin mar thoradh ar an dianghlasáil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá faireachán ar an gcreat bagairtí cibearshlándála agus na bearta iomchuí a dhéanamh; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht “2020 Air quality in Europe report” i láthair inar doiciméadaíodh tionchar na mbeart dianghlasála ar cháilíocht an aeir i gcathracha Eorpacha, agus leas á bhaint as an staid uathúil arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi; |
|
8. |
á chur i bhfáth go soláthraíonn an Ghníomhaireacht faisnéis fhónta, neamhspleách maidir leis an gcomhshaol; ag moladh cháilíocht a aschuir a eisíodh in 2020, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar éifeacht bhearta glasála COVID-19 maidir le tiúchan truailleán aeir, tairseach nua d’astaíochtaí tionsclaíocha a fhorbairt, na chéad sonraí a bhailiú maidir le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tromshaothair agus ullmhú do thuairisciú amach anseo maidir le fíorastaíochtaí CO2; |
|
9. |
á mheabhrú gur chuir an Ghníomhaireacht an Tuarascáil ar Staid an Chomhshaoil 2020 ar fáil in 2020 (2), mar aon le measúnuithe agus faisnéisithe maidir le hábhair amhail bainistiú agus cóireáil bithdhramhaíola, plaistigh in-bhithmhillte, na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le bainistiú dramhaíola san Eoraip, cáilíocht aeir agus truailliú torainn, agus maidir leis an tionchar a bheidh ag príomhghuaiseacha aeráide ar an Eoraip amhail triomaigh, tuilte, dóiteáin foraoise agus ardú ar leibhéal na farraige le linn an 21ú haois agus níos faide anonn; |
Beartas foirne
|
10. |
á aithint, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 96,92 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás trí oifigeach bhuana agus 123 ghníomhaire shealadacha as 130 post arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (124 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 71 ghníomhaire ar conradh don Ghníomhaireacht in 2020 agus 12 shaineolaí náisiúnta ar iasacht; |
|
11. |
á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an cóimheas idir an fhoireann tacaíochta atá freagrach as riarachán, chomh maith leis an bhfoireann chomhordúcháin agus an fhoireann oibríochtúil atá ag obair ar ábhar, as cothrom; á mholadh gur cheart go bhfaigheadh an Ghníomhaireacht níos mó foirne tacaíochta, chun a feidhmiú a ráthú; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, gur fir ab ea 5 as 8 (62,50 %); ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir ab ea 16 as 30 (53,34 %); ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann na Gníomhaireachta i gcoitinne, gur mhná ab ea 111 as 203 (54,68 %) ag tabhairt le fios, áfach, maidir le hearcú foirne nua agus i dtaca le hardú céime, gur cheart don Ghníomhaireacht a mheabhrú gurb iad scileanna, eolas agus taithí na n-iarrthóirí na cúinsí is tábhachtaí; ag tabhairt le fios gur cheart aird a thabhairt ar an ngá atá le cothromaíocht gheografach i measc na mball foirne; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha in urscaoileadh 2019 maidir le sócmhainní teoranta, go ndéanann an Ghníomhaireacht a measúnú ar a riachtanais acmhainne a thuairisciú don Choimisiún i gcónaí; ag tabhairt dá haire thairis sin nach ndéantar freastal ar na hacmhainní sin i gcónaí sa dréachtbhuiséad arna chur ar aghaidh ag an gCoimisiún, nó nach gcuirtear san áireamh sa dréachtbhuiséad iad i gcónaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht plean inbhuanaithe a oibriú amach chun acmhainní a chur ar fáil don Ghníomhaireacht de réir a riachtanas agus a cúraimí agus tuarascáil a thabhairt ar na forbairtí i ndáil leis sin don údarás um urscaoileadh; |
|
14. |
á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór bhord bainistíochta na Gníomhaireachta a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na freagraí ar an gceistneoir caighdeánach, go ndearna an Coimisiún, in 2020, sa reachtaíocht maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, an Ghníomhaireacht a ainmniú chun cúraimí tacaíochta a sholáthar agus gur chuir sé post amháin mar ghníomhaire sealadach agus post amháin mar ghníomhaire ar conradh san áireamh, agus méadú EUR 0,3 milliún ag gabháil leis i bhfóirdheontas na Gníomhaireachta ón Aontas, ar mhaithe leis an bhfoirniú a thabhairt don Ghníomhaireacht chun na cúraimí breise a sholáthar; ag tabhairt dá haire thairis sin gur leasaigh an Pharlaimint buiséad 2020 na Gníomhaireachta, gur mhéadaigh sí an croifhóirdheontas de EUR 1,3 milliún agus gur bhronn sí cúig phost mar ghníomhaire sealadach agus dhá phost mar ghníomhaire ar conradh ar mhaithe le hacmhainní a thabhairt don Ghníomhaireacht chun tacú le cúraimí nua faoin gComhaontú Glas don Eoraip, go háirithe an t-athrú aeráide agus caillteanas bithéagsúlachta a chomhrac; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar thuarascáil um urscaoileadh 2019 maidir le treoirlínte don fhoireann, gur athbhreithnigh an Ghníomhaireacht a beartas maidir le poist íogaire agus gur ghlac sí ar an 3 Nollaig 2020 cinneadh a boird bainistíochta maidir le EEA Guidelines on the Identification and Management of Sensitive Posts i gcomhréir leis na moltaí ón gCúirt Iniúchóirí; |
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh maidir le beartas foirne chun teilea-obair agus dea-shláinte a chur chun cinn agus á mholadh don Ghníomhaireacht dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach acmhainní daonna lena rachfar i ngleic le cothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
18. |
ag tabhairt dá haire go mbíonn an Ghníomhaireacht gníomhach i mbun nósanna imeachta soláthair a shaothrú i gcomhar leis an gCoimisiún; ag tabhairt dá haire go ndíríonn an Ghníomhaireacht ar an aistriú chuig próisis riaracháin leictreonacha (soláthar, maoiniú agus acmhainní daonna), rud a thug gnóthachain éifeachtúlachta agus a thacaigh léi chun aistriú go tapa agus go héifeachtach go timpeallacht oibre ón mbaile i dtús phaindéim COVID-19; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
19. |
á aithint go bhfuil bearta reatha ag an nGníomhaireacht agus go bhfuil iarrachtaí leanúnacha ar siúl aici chun trédhearcacht a áirithiú ar mhaithe le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus chun cosaint na sceithirí a áirithiú; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar thuarascáil um urscaoileadh 2019, go meabhraítear go mion minic do chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta an iarraidh CVanna agus dearbhuithe leasa a chur ar fáil lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim gur cheart go mbeadh foilsiú CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí an bhoird bainistíochta éigeantach agus nár cheart é a dhéanamh ar bhonn deonach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhaltaí an bhoird bainistíochta an ceanglas sin agus go ndeanfaidh siad aon athrú i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
Rialú inmheánach
|
21. |
á aithint go ndearna an Ghníomhaireacht an creat rialaithe inmheánach a mheas agus gurbh é a conclúid, gur cuireadh roinnt prionsabal rialaithe inmheánacha chun feidhme sna blianta roimhe seo agus gur fheidhmigh siad go héifeachtach, ach go meastar anois nach ndearnadh ach cur chun feidhme páirteach orthu nó nach bhfuil siad ach páirtéifeachtach; ag tabhairt dá haire maidir leis an gconclúid sin ón nGníomhaireacht, go n-éilítear freagairt phras ón mbainistíocht maidir le bealach oibre nua; ag tabhairt dá haire, ainneoin na himthosca neamhchinnte a bhain le COVID-19, go léiríonn Córas rialaithe inmheánach na Gníomhaireachta gur éirigh le foireann na Gníomhaireachta oiriúnú don chás go tapa agus gur sholáthair siad an clár oibre a beartaíodh le haghaidh 2020, agus gur leabaíodh nósanna imeachta nua ina ngníomhaíochtaí; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
22. |
ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar na srianta a bhain leis an bpaindéim, gur thionscain an Ghníomhaireacht earcaíocht ar líne, le tacaíocht ó chur chun feidhme ardán earcaíochta Systal, agus gur éirigh léi líon mór earcaíochtaí a thabhairt i gcrích in 2020 agus gan ach ráta íseal folúntais ann i ndeireadh na bliana; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur imir freagairt na Gníomhaireachta ar phaindéim COVID-19 agus a cuid srianta gaolmhara tionchar dearfach ar fhormhór shonraí feidhmíochta na Gníomhaireachta do 2020, gur léiríodh titim shuntasach ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhisin agus cruinnithe (titim thart ar 90 % i gcomparáid leis an meán do 2015-2019) agus laghduithe suntasacha ar úsáid leictreachais, téimh, uisce, páipéir agus fuíll mar thoradh ar níos lú ball foirne in áitreabh an Gníomhaireachta, á iarraidh ar an nGníomhaireacht na ceachtanna a foghlaimíodh de bharr na paindéime a thabhairt ar aghaidh isteach ina cuid oibríochtaí sna blianta romhainn i ndáil leis sin; |
Barúlacha eile
|
24. |
á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne an Ghníomhaireacht a tiomantas a neartú chun bogadh ó oibríochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid go hoibríochtaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le spriocanna aeráide méadaithe an Aontais; |
|
25. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint den chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn, chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíocht an duine ar an gcomhshaol agus chun idirphlé a chothú leis na geallsealbhóirí agus leis na saoránaigh; |
|
26. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht chun creat oibre atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chruthú agus na bearta go léir a rinne an Ghníomhaireacht chun a lorg carbóin agus a tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun sreabhadh oibre gan pháipéar a fhorbairt; ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha a tháinig ó thuarascáil um urscaoileadh 2019 ar chostéifeachtúlacht agus cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, go dtéann foirgneamh oifige na Gníomhaireachta siar go dtí an 19ú haois agus nach bhfuil ach roghanna teoranta ann dá réir chun fuinneamhéifachtúlacht an áitribh a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht tiomanta, mar chuid dá córas bainistithe comhshaoil, d’fheabhsú leanúnach a feidhmíochta fuinnimh trí fhuinneoga áirithe a roghnaítear san fhoirgneamh a athionadú agus bogadh go dtí spás oibre de réir gníomhaíochta ar urláir éagsula, rud a sholáthróidh feabhsuithe breise ar an bhfeidhmíocht fuinnimh in aghaidh an aonaid achair; ag tabhairt dá haire freisin gur ó fhoinsí inathnuaite a cheannaíonn an Ghníomhaireacht 100 % dá leictreachas; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon athrú i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha maidir le hinrochtaineacht, go bhfuil a hardáin ar líne fós le socrú ag an nGníomhaireacht chun iad a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas; |
|
28. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird, áfach, ar an ngá atá ann na bearta uile slándála is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, a sheachadadh roimh an 31 Eanáir 2022 agus tuarascáil a thabhairt ina leith don údarás um urscaoileadh; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha maidir lena torthaí a scaipeadh i measc an phobail gur chuir an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí for-rochtana ar líne chun feidhme agus gur cuireadh borradh faoi fhormáidí nuálacha amhail ócáidí lainseála, an tsraith “Ask an Expert” agus díospóireachtaí in 2020; ag tabhairt dá haire go mbíonn an Ghníomhaireacht rannpháirteach i dtionscadal trasghníomhaireachta chun feabhas a chur ar a táscairí bunaithe ar a n-acmhainn cumarsáide; ag tabhairt dá haire go raibh an líon seisiún a cláraíodh i suíomh greasáin na Gníomhaireachta os cionn 8 milliún in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le hathruithe a bheartaítear amach amseo chun láithreacht ar líne na Gníomhaireachta a shruthlíniú; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ag éirí as barúlacha na Cúirte maidir le rochtain na meán, go bhfuil an Ghníomhaireacht i mbun a hinfheictheacht a fhorbairt i gcónaí mar fhoinse iontaofa le haghaidh eolais comhshaoil agus aeráide ar leibhéal an Aontais; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht 25 626 alt sna meáin, méadú 80 % i gcomparáid le 2019, agus gur shroich sí 178 593 leantóir ar an iomlán, méadú 56 % i gcomparáid le 2019; |
|
31. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 14.
(2) Comhshaol na hEorpa — Staid agus Ionchas 2020 https://www.eea.europa.eu/soer/2020
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/266 |
CINNEADH (AE) 2022/1748 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0081/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le EEA agus an Gréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (4), agus go háirithe Airteagal 13 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin EEA, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/268 |
CINNEADH (AE) 2022/1749 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí, (1) |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0082/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (4), agus go háirithe Airteagal 45 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/269 |
RÚN (AE) 2022/1750 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 17 580 000 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú de 1,93 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a thagann buiséad na Gníomhaireachta go príomha; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”). go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
á thabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme 97,27 %, arb ionann é agus laghdú an-bheag de 2,61 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 81,18 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú de 4,51 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire go bhfuair an Ghníomhaireacht ranníocaíocht EUR 16,9 milliún faoi bhuiséad ginearálta an Aontais in 2020, arb ionann é agus ardú 1,2 % i leith 2019; á chur i bhfios go bhfuil méid bhuiséad bliantúil na Gníomhaireachta agus a líon iomlán foirne araon ar an bhfigiúr is ísle i measc ghníomhaireachtaí an Aontais; |
Feidhmíocht
|
3. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá rialú ar iascach chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a ghnóthú; ag aithint rannchuidiú ríthábhachtach na Gníomhaireachta chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gurb iad na Ballstáit atá freagrach go príomha as rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascach agus gur de chineál tacaíochta iad cúraimí na Gníomhaireachta; á chur i bhfáth go ndéanfar méadú ar ualach oibre tacaíochta na Gníomhaireachta leis an athbhreithniú ar an Rialachán lena rialaítear rialú ar iascaigh; ag cur béim ar a neamhréirí atá sé féachaint le dul i ngleic le hoibleagáidí atá ag dul i méid gan acmhainní leordhóthanacha chun déanamh amhlaidh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach foláir do na hacmhainní airgeadais agus daonnúla a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht a bheith leordhóthanach sna blianta amach romhainn; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as bearta áirithe mar phríomhtháscairí feidhmíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbreisluach arna chur ar fáil ag a gníomhaíochtaí agus as bearta eile, amhail treochtaí maidir le cigireachtaí agus sáruithe, freastal ar sheisiúin oiliúna agus cur chun feidhme an bhuiséid in aghaidh na ráithe, chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht 90 % dá gníomhaíochtaí chun feidhme in am i gcomhréir lena Clár Oibre Bliantúil; ag tabhairt dá haire go raibh an cur chun feidhme in 2020 níos airde ná mar a bhíothas ag súil ag cur san áireamh imthosca speisialta phaindéim COVID-19; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí den socrú oibre trípháirteach a síníodh in 2019 inar sainíodh comhar idir na Gníomhaireachtaí sin agus comhar le húdaráis náisiúnta a dhéanann feidhmeanna garda cósta trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a chur ar fáil, agus trí oibríochtaí ilchuspóra a chomhordú freisin; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht le cathaoirleacht an tsocraithe oibre thríthaobhaigh sin i mí na Bealtaine 2020; ag tabhairt dá haire go gcabhraíonn an comhar sonrach idirghníomhaireachta sin chun sineirgí a chruthú agus dúbailt agus/nó iomarcaíocht iarrachta a sheachaint sa chomhar idir Gníomhaireachtaí agus idir Ballstáit ábhartha, rud a thugann barainneachtaí scála; á mheas gur sampla é an socrú de shineirge idir gníomhaireachtaí an Aontais ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí ina leith sin agus á mheas gur iomchuí freisin méadú a dhéanamh ar an gcomhar idir an Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 38 452 chigireacht ar shoithí iascach a chomhordú in 2020, as a ndearnadh 1 682 shárú amhrasta a bhrath, arb ionann é agus ardú 18,75 % agus 44,25 %, faoi seach, ar fhigiúirí 2019; á chreidiúint go léirítear leis na figiúirí sin gur príomhuirlis fós gurb ea cigireachtaí agus gníomhaíochtaí leantacha chun a áirithiú go n-urramaítear rialacha CBI; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndéantar na héagothromaíochtaí atá ann idir na limistéir a cheilt leis an ardú sin, le hardú in Uiscí an Iarthair (+ 27 %) agus sa Mheánmhuir (+ 141 %) agus ísliú i Muir Bhailt (– 20 %), sa Mhuir Thuaidh (– 49 %), sa Mhuir Dhubh (– 11 %) agus in NAFO-NEAFC (– 36 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin; á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag cigireachtaí agus gníomhaíochtaí leantacha eile ní hamháin i mbainistiú cuí na stoc éisc ach freisin i dtaca le machaire comhréidh a áirithiú d’iascairí an Aontais; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit, obair thábhachtach ullmhúcháin chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an rialú iascaigh sa Mhuir Thuaidh agus in uiscí thiar an Atlantaigh; |
Beartas foirne
|
9. |
ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 98,36 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 60 oifigeach agus gníomhaire sealadach as 61 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 61 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire go raibh cúig ghníomhaire ar conradh agus ceithre shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020 freisin; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht i leith cóir chomhionann foirne a chur chun cinn agus go bhfuil sé mar sprioc aici comhionannas inscne a bhaint amach ó thaobh líon iomlán na foirne de mar aon le gráid agus leibhéil freagrachta; á chur in iúl gur saoth go mór leis nach bhfuil an líon foirne ar mná iad atá fostaithe ag grád AD 8 nó níos airde ach ionann le 30 %; á chur in iúl gur geal léi gur ainmníodh bean mar stiúrthóir feidhmiúcháin nua na Gníomhaireachta le déanaí; ag tabhairt dá haire, áfach, nach dtugann a hainmniúchán le fios gur féidir paireacht a bhaint amach ar an leibhéal bainistíochta, ós rud é gur fir atá i seilbh na bpost ceann aonaid go léir; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena cuid iarrachtaí a beartas um phaireacht inscne a chur chun feidhme chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na paireachta ar an leibhéal bainistíochta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhíchothromaíocht inscne ar bhord riaracháin na Gníomhaireachta — 46 fhear (70 %) agus 20 bean (30 %); á iarraidh arís ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird a thabhairt ar an tábhacht a bhaineann leis an gcothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú acu don bhord riaracháin.; |
Soláthar
|
11. |
á thabhairt chun suntais gur sháraigh an céatadán nósanna imeachta soláthair arna lainseáil ag an nGníomhaireacht an sprioc 80 % agus gur shroich sí 83 % in 2020; ag tabhairt dá haire go dtugann úsáid an tsoláthair bheartaithe deis don Ghníomhaireacht leanúint d’ardleibhéil feidhmíochta maidir le cur chun feidhme an bhuiséid; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire go raibh an phríomhghníomhaíocht soláthair in 2020 dírithe ar thrí chreatchonradh a shíniú ag éirí as nósanna imeachta oscailte a lainseáladh le haghaidh cúnamh dlí mhuirí, seirbhísí glantacháin agus foireann eatramhach; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht nósanna imeachta idirbheartaithe thairis sin a chur ar bun amhail brócaeireacht árachais, seirbhísí idirlín, agus cúnamh teicniúil maidir le hiniúchóireachtaí agus rialú; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi, i gcomhréir leis an gcuspóir le haghaidh gníomhaireachtaí Aontais faoina ndéanfaí iarrachtaí soláthair a chomhroinnt, go ndeachaigh an Ghníomhaireacht i bpáirt i 16 thairiscint idirinstiúideacha éagsúla leis an gCoimisiún agus gníomhaireachtaí eile in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon athruithe amach anseo maidir lena nósanna imeachta soláthair i gcomhpháirt a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarrachtaí critéar amháin ar a laghad a chur i bhfeidhm maidir le fócas iompraíocht chomhshaoil éifeachtúil na dtairgeoirí féideartha maidir leis na nósanna imeachta soláthair arna lainseáil ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a úsáidí agus a éifeachtaí atá an critéar sin a mheas agus torthaí na meastóireachta a chomhroinnt leis an údarás um urscaoileadh; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
15. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta ar bun ag an nGníomhaireacht cheana féin mar aon le hiarrachtaí leanúnacha chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil CV dhá chomhalta de bhord riaracháin na Gníomhaireachta agus ceithre dhearbhú leasa as 66 nár foilsíodh fós ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí uile an bhoird riaracháin a fhoilsiú agus na bearta atá á ndéanamh i ndáil leis a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh, tar éis thuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh, chun feabhas a chur ar thrédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta trí chruinnithe bhaill foirne na Gníomhaireachta le geallsealbhóirí seachtracha a thuairisciú agus iad a bheith ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an leathanach a thabhairt cothrom le dáta go rialta ionas go n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus lánmhuinín as gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; |
Rialú inmheánach
|
17. |
ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach de chuid an Choimisiúin plean iniúchóireachta nua in 2020 (Plean Straitéiseach Iniúchóireachta Inmheánaí 2021-2023); ag tabhairt dá haire go bhfuil an plean iniúchóireachta sin bunaithe ar thorthaí domhainmheasúnú riosca arna dhéanamh ag IAS agus gurb é atá ann athbhreithniú ar an bpríomhdhoiciméadú maidir le gníomhaíochtaí agus próisis na Gníomhaireachta; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú ar a Chóras Rialaithe Inmheánach agus gur tháinig sí ar an gconclúid go bhfuil na rialuithe ag oibriú mar a beartaíodh; ag tabhairt dá haire go bhfuil faireachán agus maolú iomchuí á dhéanamh ar rioscaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon laigí rialaithe suntasacha in 2020; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
19. |
ag tabhairt dá haire nach ndearna an Ghníomhaireacht 90 % de na cruinnithe agus misin ar buiséadaíodh dóibh in 2020 a chur chun feidhme mar gheall ar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh ar chumas na Gníomhaireachta an tionchar sin sa réamhaisnéis bhuiséid a chúiteamh trí ionchorprú a dhéanamh ar thiomantais le haghaidh cairtfhostú breise modhanna, athsholáthar trealaimh a bhí imithe i léig, iarrachtaí breise cumarsáide agus conarthaí eile a bhí beartaithe le haghaidh 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh dianfhaireachán ar na leithreasuithe a tugadh ar aghaidh go 2020, agus gur ráta forghníomhaithe 93,5 % a bhí ann i gcás na leithreasuithe sin dá bharr; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go ndearna Foireann Bainistíochta Leanúnachais Gnó na Gníomhaireachta faireachán agus anailís ó thús Mhárta 2020 ar aghaidh ar thionchar theilea-oibre na foirne uile mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus gur thángthas ar an gconclúid go raibh an Ghníomhaireacht lánullamh chun leanúint dá hoibríochtaí go hiontaofa leis an teilea-oibriú; ag tabhairt dá haire, áfach, gur mhol Foireann Bainistíochta Leanúnachais Gnó na Gníomhaireachta roinnt oiriúnuithe i gcás Phleananna Gníomhaíochta Téarnaimh indibhdiúla na n-aonad; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire gur thug dálaí teilea-oibre na Gníomhaireachta i gcoitinne laghdú 67 % ar an iomlán ar na hastaíochtaí CO2 maidir le ceanncheathrú na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, áfach, gur cealaíodh an laghdú sin sa mhéid gurbh éigean do shoitheach patróil na Gníomhaireachta amach ón gcósta, an “Lundy Sentinel” leas a bhaint as calafort Vigo mar phointe imeachta agus fillte le haghaidh a chuid misean san Atlantach Thuaidh agus Thiar; ag tabhairt dá haire gur mhéadú 25 % ar a ídiú breosla a bhí mar thoradh ar an gcleachtas sin ar deireadh thiar agus méadú 28 % ar astaíochtaí CO2 i gcomparáid le 2019; |
Barúlacha eile
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht próiseas chun deimhniú a fháil sa Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil san Aontas (EMAS) agus gur ghlac sí sraith beart a bhí dírithe ar a tionchar i gcoitinne ar an gcomhshaol a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag breathnú ar na gnéithe éagsúla a bhaineann lena lorg carbóin a ghiniúint agus a thomhas agus ar an bhféidearthacht go mbainfí leas as scéimeanna cúitimh i gcomhréir le cleachtais in institiúidí, i gcomhlachtaí agus i ngníomhaireachtaí eile AE; |
|
23. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 148.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/273 |
CINNEADH (AE) 2022/1751 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh cuntas na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí, (1) |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0082/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (4), agus go háirithe Airteagal 45 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/274 |
CINNEADH (AE) 2022/1752 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0083/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (4), agus go háirithe Airteagal 44 de; |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/276 |
RÚN (AE) 2022/1753 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 103 023 255,80 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn méadú de 27,60 % i gcomparáid le 2019, go príomha de bharr méadú ar chaiteachas oibríochtúil a bhain leis an Údarás; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Údaráis go príomha; |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme 100 %, a léiríonn méadú an-bheag de 0,01 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire, thairis sin gur ráta forghníomhaithe 88,41 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 3,04 % i gcomparáid le 2019; |
Feidhmíocht
|
2. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di rannchuidiú an Údaráis le sábháilteacht shlabhra bia agus beatha an Aontais, agus a iarrachtaí suntasacha i dtaobh comhairle chuimsitheach, neamhspleách agus chothrom le dáta maidir le ceisteanna atá nasctha leis an slabhra bia a sholáthar do bhainisteoirí riosca, faisnéis a chur in iúl go soiléir don phobal maidir lena aschur agus an eolas ar a bhfuil siad bunaithe, agus i dtaobh comhoibriú le páirtithe leasmhara agus comhpháirtithe institiúideacha chun comhleanúnachas agus iontaoibh sa chóras sábháilteachta bia a chur chun cinn; |
|
3. |
á thabhairt chun suntais, in 2020, gur chuir an tÚdarás 697 gceist i gcrích trí bhíthin aschur eolaíoch, tuarascálacha teicniúla agus foilseacháin tacaíochta; á chur in iúl gur díol sásaimh di tacaíocht thráthúil an Údaráis do lucht déanta beartas i dtaobh aschur eolaíoch a sholáthar dóibh i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag an bParlaimint, go príomha i réimsí na sláinte agus an leasa ainmhithe, sláinte na mbeach, leas na gcoiníní, iompar ainmhithe agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, lena n-áirítear tuarascálacha seachtracha eolaíocha agus teagmhais; |
|
4. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh cur chuige eolaíochtbhunaithe ann atá freagrach, eiticiúil agus cothrom le dáta chun leas ainmhithe a fheabhsú; á chur in iúl gur díol sásaimh di, ina leith sin, an obair atá á déanamh ag an Údarás maidir le hullmhú na Straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc”. |
|
5. |
á mheabhrú gur ghlac an Pharlaimint dhá agóid in 2020 i gcoinne síneadh ar thréimhsí formheasa de chomhábhair ghníomhacha a úsáidtear i lotnaidicídí agus a chomhlíonann na critéir scoite agus nár cheart, dá bhrí sin, a bheith údaraithe lena n-úsáid san Aontas (2); ag tathant ar an Údarás dlús a chur lena mheasúnú ar na dréacht-tuarascálacha athbhreithnithe ar fad a bhaineann le comhábhair ghníomhacha agus gach is féidir leis a dhéanamh chun dlús a chur leis an bpróiseas athmheasúnaithe ag na Ballstáit Tuairiscithe chun aon síneadh nua ar lotnaidicídí guaiseacha a sheachaint; agus á chur i bhfáth gur cúis imní ar leith í an riaráiste maidir le hathmheasúnú a dhéanamh ar bhithicídí chomh maith agus go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun é sin a réiteach; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar sásaimh di go bhfuil an tÚdarás ag dul i dtreo teicneolaíochtaí ceannródaíocha, ag cuimsiú modheolaíochtaí malartacha nua agus intleacht shaorga chun modhanna tástála ainmhithe a fhorlíonadh; ag aithint go ndearna an tÚdarás, mar aon leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus cúig ghníomhaireacht eile, tástálacha struis ar a gcórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) roimh socruithe iomlána teilea-oibre a sheoladh lenar tugadh tuilleadh dearbhaithe maidir le feidhmiú na gcóras TFC roimh aistriú go teilea-obair chuimsitheach; á mholadh don Údarás cur lena iarrachtaí chun leas ainmhithe a chosaint tuilleadh agus úsáid modhanna tástála gan ainmhithe a chur chun cinn, agus chomh maith leis sin i gcomhar leis na hinstitiúidí eile; |
|
7. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur críochnaíodh tuarascáil achomair an Aontais maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i mbaictéir zónóiseacha agus tháscacha ó dhaoine, ó ainmhithe agus ó bhia, ar ina leith a chomhoibrigh an tÚdarás leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil fadhb ann maidir le frithsheasmhacht mhéadaitheach na mbaictéar sin i leith antaibheathaigh a úsáidtear go coitianta; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an tÚdarás leas as eochairtháscairí feidhmíochta ina chur chuige uileghabhálach bainistíochta bunaithe ar fheidhmíocht chun tomhas a dhéanamh ar an mbreisluach arna sholáthar ag a ghníomhaíochtaí, go háirithe maidir le faisnéis eolaíoch a chomhroinnt; ag tabhairt dá haire thairis sin go mbaineann an tÚdarás leas as eochairtháscairí feidhmíochta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; ag tabhairt dá haire gur scriosadh sé tháscaire agus gur cuireadh dhá tháscaire leis in 2020; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás tiomanta dá chroíghnó a sholáthar agus gur thionscain sé in 2020 na hullmhúcháin chun Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle (3) a chur chun feidhme, agus é ag díriú ar phróisis nua a fhorbairt, an struchtúr foirne a athbhreithniú, agus a chumais teicneolaíochta agus bainistithe faisnéise a ghiaráil; ag tabhairt dá haire freisin go raibh ar chumas an Údaráis in 2020 tionchar na paindéime ar a fheidhmíocht a theorannú, agus nach raibh ach titim an-bheag ar an táirgiúlacht, mar thoradh ar ullmhacht theicneolaíoch an Údaráis aistriú ó thimpeallacht oibre fhisiciúil go timpeallacht dhigiteach luath go leor; ag tabhairt dá haire thairis sin go raibh a Straitéis 2027 fós á forbairt ag an Údarás in 2020; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
10. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinne an tÚdarás chun a chomhoibriú le gníomhaireachtaí eile AE a neartú, ag díriú go háirithe ar eolas agus an dea-chleachtas a chomhroinnt agus ag breathnú isteach i sineirgí féideartha trí líonraí a bhunú i réimsí amhail pleanáil soláthair, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, intleacht shaorga, cumarsáid amach agus bainistiú acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás tar éis gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha le hurscaoileadh 2019, go n-aontaíonn an tÚdarás go láidir leis an gcuspóir gníomhaireachtaí an Aontais a dhigiteáil; ag tabhairt dá haire, i gcomhréir lena straitéis 2027, go bhfuil an tÚdarás dírithe ar leanúint dá infheistiú i ndigitiú a phróiseas agus an bonneagar TF reatha a nuachóiriú, chun an comhoibriú agus malartú faisnéise laistigh den Údarás agus lasmuigh de a uasmhéadú, agus rochtain níos leithne, níos éifeachtúla agus níos tapa ar intleacht eolaíoch a áirithiú sa tslí sin; ag tabhairt dá haire thairis sin go rannchuidíonn an tÚdarás le straitéis dhigiteach an Choimisiúin, trína bheith rannpháirteach i dtionscnamh Chomhar na nGníomhaireachtaí um Beartas Sláinte agus an Choimisiúin Eorpaigh (HPAC) faoi cheannas na hArd-Stiúrthóireachta um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, ag saothrú na héifeachtúlachta trí bhíthin sineirgí agus comhar chun réitigh dhigiteacha choiteanna a sholáthar; |
Beartas foirne
|
12. |
ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 97,46 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás cúigear oifigeach agus 340 gníomhaire sealadach as 354 phost arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 320 post údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 122 ghníomhaire ar conradh agus 14 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
13. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an rogha a thabhairt don Údarás, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, gníomhairí ar conradh a fhostú sa bhreis ar na pleananna bunaíochta, ar feadh tréimhse theoranta ama agus gan dul thar imchlúdach buiséid bliantúil comhaontaithe an Údaráis; á mheas go gcuirfeadh an tsolúbthacht sin dlús leis an riaráiste oibre carntha a laghdú agus le cur i gcrích déanach sainchomhad atá fós ar siúl de bharr easpa acmhainní daonna; á áitiú gur léir go gcaithfidh na gníomhairí ar conradh sin rialacha neamhspleáchais an Údaráis a chomhlíonadh; |
|
14. |
á mheas gurb é ról an Údaráis saineolaithe ardleibhéil a lorg go gníomhach agus a chur ina luí orthu páirt a ghlacadh ina chuid oibre, trí ábharthacht agus iontaofacht a dtaighde piarmheasúnaithe a aithint agus a anailís eolaíoch féin á déanamh aige i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4); |
|
15. |
ag cur sonrú sa chothromaíocht inscne i leith bhaill ardbhainistíochta an Údaráis, ar mná iad triúr as cúigear díobh (60 %); ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san éagothromaíocht inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis, ar fir iad dháréag as cúigear déag den bhord (80 %); ag cur sonrú sa chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann an Údaráis ar an iomlán, ar mná iad 285 as 467 de na baill foirne (61,03 %); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá ghníomhaíochtaí agus go raibh ar a chumas a chlár oibre a sholáthar in ainneoin phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearnadh athruithe ar bhuiséad an Údaráis, go ndearnadh laghdú EUR 5 000 000 i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí de bharr thionchar phaindéim COVID-19 ar mhisin, oiliúint, soláthairtí fuinnimh, cothabháil agus cruinnithe fisiciúla a cuireadh ar ceal; ag tabhairt dá haire gur fhulaing an tÚdarás laghdú ioncaim dá réir sin i ngeall ar an staid eipidéimeolaíoch; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire gur geal leis an Údarás an moladh ón údarás um urscaoileadh agus go dtuigeann sé go maith go dteastaíonn cothromaíocht gheografach níos fearr laistigh dá eagraíocht, go háirithe saoránaigh ó Bhallstáit a d’aontaigh don Aontas in 2004 a bheith san áireamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil sraith tionscnamh spriocdhírithe á cur chun cinn ag an Údarás faoi láthair chun cur lena tharraingteacht agus chun feabhas a chur ar a chothromaíocht náisiúntachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ag díriú go háirithe ar a infheictheacht a mhéadú le tacaíocht ón Roinn Cumarsáide agus Comhair, Líonra Gníomhaireachtaí AE, agus gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí comhpháirtíochta eile; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tÚdarás ag obair freisin ar scaipeadh spriocdhírithe maidir lena chuid folúntas ar thíortha atá faoi ghannionadaíocht chun an linn iarratasóirí a mhéadú trí leas a bhaint as LinkedIn, boird post agus tacaíocht ónár bhFócasphointí náisiúnta; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis na forbairtí i ndáil leis sin; |
Soláthar
|
18. |
ag tabhairt dá haire go raibh baint ag an Údarás le Líonra na nOifigeach Soláthair (NAPO), rud a chuir go mór le cur chun feidhme a chláir oibre do 2020, seacht nglao soláthair idirghníomhaireachta a sheoladh agus a shíniú in 2020, rud a d’fhág go raibh coigilt mheasta de EUR 2,1 milliún ar bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gurb é an tÚdarás a bhí i gceannas ar sheacht as naoi nós imeachta idirghníomhaireachta a thug coigilteas measta EUR 2,4 milliún ar an iomlán; á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir an tÚdarás agus gníomhaireachtaí eile de chuid AE amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil chun deiseanna comhsholáthair maidir le topaicí eolaíocha coiteanna a shainaithint; á iarraidh ar an Údarás aon fhorbairtí i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
19. |
ag aithint go bhfuil bearta reatha ag an Údarás agus iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh aige chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint sceithirí a áirithiú; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfoilsíonn an tÚdarás CVanna a chuid ball foirne ar líne; ag moladh don Údarás bearta a ghlacadh i ndáil leis sin; |
|
20. |
ag moladh go mbeadh trédhearcacht níos fearr ann i leith geallsealbhóirí, go háirithe ó phobal na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha; ag tacú le cuspóir straitéiseach an Údaráis comhpháirtíochtaí a chothú tuilleadh le gníomhaireachtaí eile, mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le tríú tíortha, i dtreo éiceachóras an Aontais Aon Sláinte Amháin, agus ag an am céanna leanúint dá rannpháirtíocht lena gheallsealbhóirí agus leis an bpobal trí ardáin agus fóraim iomchuí, agus ba cheart tuilleadh barainneachtaí scála a bheith mar thoradh air sin; |
|
21. |
ag aithint go ndearna an tÚdarás iarrachtaí chun ábhair imní a mhaolú i dtaobh coinbhleachtaí leasa a chuid fostaithe; ag tabhairt dá haire go bhféadfar caighdeáin coinbhleachta leasa a neartú tuilleadh; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur shainaithin an tÚdarás, in 2020, 31 choinbhleacht leasa ar leibhéal na ndearbhuithe bliantúla leasa a bhain le saineolaithe seachtracha, agus gur bhainistigh sé na coinbhleachtaí leasa sin; ag tabhairt dá haire gur chinn an tÚdarás saineolaí amháin a eisiamh ó bhallraíocht ghrúpa eolaíoch an Údaráis; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá iarrachtaí maidir le coinbhleachtaí leasa agus coinbhleachtaí leasa féideartha a shainaithint agus a bhainistiú agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire, i ndáil leis na barúlacha leantacha ar urscaoileadh 2019 maidir le cás an Omsbudman Eorpaigh, go bhfuil an tÚdarás ag smaoineamh ar nósanna imeachta inmheánacha a fhorbairt chun rochtain ar fhaisnéis faoi rún a chosc i gcás ina gcuirtear in iúl dó go bhfuil ball foirne chun aistriú chuig post eile lasmuigh den Údarás tar éis chríoch a sheirbhíse; á iarraidh ar an Údarás na forbairtí i ndáil leis sin a thuairisciú; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá ghníomhaíochtaí agus go raibh ar a chumas a chlár oibre a sholáthar in ainneoin phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearnadh athruithe ar bhuiséad an Údaráis, le laghdú EUR 5 000 000 i gcás leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí de bharr thionchar phaindéim COVID-19 ar mhisin, oiliúint, soláthairtí fuinnimh, cothabháil agus cruinnithe fisiciúla a cuireadh ar ceal; ag tabhairt dá haire, dá réir sin, gur fhulaing an tÚdarás laghdú ioncaim i ngeall ar an staid eipidéimeolaíoch; |
|
25. |
ag aithint gur thug an tÚdarás ráiteas go raibh a struchtúr rialachais agus cláir oibre lánoibríochtúil i gcónaí in ainneoin na srianta agus na dianghlasála a bhí mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus gur lean an tÚdarás dá ghníomhaíochtaí agus go raibh ar a chumas a chlár oibre a fhorghníomhú; ag aithint go ndearnadh athruithe ar bhuiséad an Údaráis, le laghdú ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí agus laghdú comhfhreagrach ar ioncaim, ag éirí as mionanailís mheasúnaithe ar thionchar SARS-COV-2 arna seoladh ag an Údarás i gcomhar leis an Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia; |
Rialú inmheánach
|
26. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás measúnú ar a chórais rialaithe inmheánacha don bhliain tuairiscithe agus gur thángthas ar an gconclúid go raibh comhpháirteanna agus prionsabail uile an rialaithe inmheánaigh i láthair tríd is tríd agus iad ag feidhmiú de réir mar a beartaíodh; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur shainaithin an tÚdarás roinnt beart, mar sin féin, a ghlacfar chun bainistiú faisnéise íogaire, ailtireacht phróisis an Údaráis, an mhodheolaíocht maidir le bainistiú próisis, agus bainistiú riosca agus rialú inmheánach a neartú tuilleadh; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach iniúchadh ar mheasúnú agus glacadh aschur eolaíoch i réimse na gcomhábhar bia agus an phacáistithe agus gur eisigh sí a tuarascáil chríochnaitheach don Údarás i mí Dheireadh Fómhair 2020; ag tabhairt dá haire gur tháinig an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach ar an gconclúid, cé go bhfuil an próiseas chun aschuir eolaíocha a mheasúnú agus a ghlacadh faoi réimse na gcomhábhar bia agus an phacáistithe deartha go leormhaith, éifeachtach agus éifeachtúil ar an iomlán, gur eisíodh barúil iniúchóireachta an-tábhachtach amháin maidir leis an laige i gcur chun feidhme éifeachtach agus tráthúil na hathmheastóireachta ar bhreiseáin bia agus einsímí; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach tús le hiniúchadh inmheánach i mí Dheireadh Fómhair 2020 maidir le nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas an Údaráis; ag tabhairt dá haire, maidir leis an iniúchóireacht a chumhdaíonn na nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas a cuireadh i gcrích sna blianta 2019 agus 2020, gur foilsíodh í sa chéad leath de 2021; |
Barúlacha eile
|
29. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás iarrachtaí chun ionad oibre costéifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás réitigh struchtúrtha agus gléasra lena ndírítear ar fhuinneamh, tomhaltas uisce agus astaíochtaí CO2 a laghdú; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás iarrachtaí chun leas a bhaint as ardáin meán sóisialta mar uirlis phríomhúil chun a ábhar cumarsáide a scaipeadh ionas go sroichfeadh sé geallsealbhóirí agus saoránaigh; ag tabhairt dá haire gur bhain gníomhaíochtaí meán sóisialta an Údaráis toradh láidir amach, arb ionann méadú bliain ar bhliain ar líon a leantóirí ar a chuntais meán sóisialta agus beagnach 30 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá threochlár eolaíochta sóisialta a chur chun feidhme in 2020, lena dtugtar tuiscint níos fearr don Údarás ar bhraistintí riosca na saoránach agus ar a riachtanais faisnéise, agus, dá réir sin, lamháiltear do chumarsáid riosca atá níos spriocdhírithe agus a mbíonn tionchar níos mó ag baint léi; ag tabhairt dá haire thairis sin gur lean an tÚdarás d’infheistíocht a dhéanamh ina shuíomh gréasáin agus ina fhoilseacháin dhigiteacha, agus baineadh amach feabhsuithe sonracha in 2020 lena n-áiríodh óstáil shuíomh gréasáin an Údaráis a aistriú chuig néal Amazon Web Services, agus uasghrádú chuig córas bainistithe inneachair Drupal 8; á iarraidh ar an Údarás na forbairtí maidir lena straitéis chumarsáide agus maidir lena aistriú digiteach a thuairisciú; |
|
31. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (5) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 69.
(2) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2020 maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1511 an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 540/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le síneadh a chur le tréimhsí formheasta na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, défheanocs, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défeanaconasól, défhluifeineacan, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, pioclóram, prósulfacarb, sulfar, trífhlusulfúrón, tríteasulfúrón (IO C 425, 20.10.2021, lch. 87) agus Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 an 6 Bealtaine 2021 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captán, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO C 67, 8.2.2022, lch. 75).
(3) Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 1829/2003, (CE) Uimh. 1831/2003, (CE) Uimh. 2065/2003, (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1331/2008, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/281 |
CINNEADH (AE) 2022/1754 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0083/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (4), agus go háirithe Airteagal 44 de; |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0115/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/282 |
CINNEADH (AE) 2022/1755 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0084/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (4)a bhunú, agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0091/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/283 |
RÚN (AE) 2022/1756 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0091/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 7 749 900 buiséad críochnaitheach na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (“an Institiúid’) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus laghdú de 1,24 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur as buiséad an Aontais a thagann buiséad iomlán na hInstitiúide; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas, de bhun Airteagal 8 CFAE, neamhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn ina ghníomhaíochtaí uile, agus ar an gcaoi sin prionsabal an phríomhshruthaithe inscne a bhunú, lena n-áirítear trí bhuiséadú inscne ar gach leibhéal den phróiseas buiséadach; |
|
D. |
de bhrí go ndéanann paindéim COVID-19 difear díréireach do mhná, go háirithe mná atá ag obair san fhostaíocht fhorbhásach, in earnálacha baineannaithe agus sa gheilleagar neamhfhoirmiúil chomh maith le mná atá thíos leis an bhforéigean agus leis an gciapadh inscnebhunaithe méadaithe, a bhfuil freagrachtaí cúraim agus baile neamhíoctha agus neamhchothrom orthu, agus le rochtain shrianta ar shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo; de bhrí go bhfuil an baol ann, le paindéim COVID-19, go ndéanfaí rolladh siar ar an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne, go háirithe sna Ballstáit sin ina raibh na táscairí réamhphaindéime comhionannais inscne níos ísle; de bhrí gur cláraíodh mionmhéadú 0,6 pointe in Innéacs Comhionannais Inscne 2021 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (2); |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 97,75 %, a léiríonn laghdú de 1,21 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 74,82 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 7,68 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag aithint gur tháinig ardú go 49,49 % ar chaiteachas oibriúcháin na hInstitiúide a tugadh anonn in 2020 (i gcomparáid le 28,01 % in 2019); |
|
3. |
ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur shínigh an Institiúid, ar an 17 Nollaig 2019, leasú leis an gcomhaontú le hArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus Caibidlíocht maidir le Méadú chun EUR 378 950 a sholáthar faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) chun gníomh a chur chun feidhme dar teideal ‘Increased capacity of EU candidate countries and potential candidates to measure and monitor the impact of gender equality policies (2018 to 2021)’ [Cumas méadaithe na dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht in AE agus na n-iarrthóirí ionchasacha tomhas agus faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeartas comhionannais inscne], agus go bhfuarthas an méid sin ar an 27 Nollaig 2019 ach nár cuireadh an fhaisnéis a bhaineann leis an méid sin san áireamh sa bhuiséad; ag tabhairt le fios, de bhun Airteagal 157 den Rialachán Airgeadais, nach mór an fhaisnéis sin a thuairisciú; á chur in iúl gurb oth léi nár fhoilsigh an Institiúid leasú lena buiséad do 2020 chun an méid a briseadh a chur san áireamh agus nár cuimsíodh é i mbuiséad 2020 a foilsíodh ar an 31 Márta 2021, agus gur tuairiscíodh saincheist den sórt céanna cheana féin in 2019; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gur chuir an Institiúid breathnóireacht na Cúirte maidir le bainistíocht bhuiséadach chun feidhme san iniúchadh ar chuntais 2020 agus go ndeachaigh an Institiúid ar aghaidh le ceartúchán (3) ar bhuiséad 2020 a fhoilsiú maidir leis an ranníocaíocht ón Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leantach á déanamh ag an gCúirt faoi láthair; á iarraidh ar an Institiúid, de réir mar a thugann na Cúirteanna dá n-aire gur léiriú é sin ar shaincheist chórasach, míniú a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar atarlú na saincheiste tuairiscithe in 2020; á iarraidh ar an Institiúid an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi bhearta eile a rinne sé chun nach dtarlóidh sé arís; |
|
4. |
á mheabhrú gur bunaíodh an Institiúid chun rannchuidiú le cur chun cinn an chomhionannais inscne san Aontas agus chun é a neartú agus chun tacú le comhtháthú an chomhionannais inscne i mbeartais uile an Aontais agus sna beartais náisiúnta a eascraíonn astu; ag aithint na speisialtóireachta agus an tsaineolais mhóir atá ag an Institiúid i staidéir, taighde, bailiú sonraí ardcháilíochta, forbairt uirlisí modheolaíochta agus measúnú ar bheartais náisiúnta, go háirithe maidir le foréigean inscnebhunaithe agus feimeamharuithe ar fud Bhallstáit uile an Aontais; á mheabhrú go háirithe i gcomhthéacs thionchar phaindéim COVID-19 ar chomhionannas inscne agus an fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus comhionannas inscne, go bhfuil gá le buiséad agus acmhainní daonna méadaithe lena n-áirítear níos mó ball foirne chun go ndéanfaidh an Institiúid a cuid feidhmeanna go leormhaith; |
Feidhmíocht
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar leanúnach idir an Institiúid agus Coiste na Parlaiminte um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (“Coiste FEMM”) agus rannchuidiú na hInstitiúide le hobair leanúnach Choiste FEMM amhail maidir le tionchar phaindéim COVID-19, maidir le foréigean inscnebhunaithe, pá comhionann, buiséadú inscne agus uirlis pharlaiminteach inscne-íogair a fhorbairt; á chur i bhfáth gur féidir leis an Institiúid rannchuidiú luachmhar a dhéanamh le gach coiste de chuid na Parlaiminte, agus ag spreagadh na Parlaiminte chun comhar níos dlúithe fós a bhunú leis an Institiúid; ag spreagadh comhoibrithe idir an Institiúid agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Institiúid leas as eochairtháscairí feidhmíochta áirithe i ndáil le cuspóirí oibríochtúla agus bainistiú acmhainní airgeadais agus daonna chun an breisluach arna sholáthar ag a gníomhaíochtaí a mheas; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh formhór na spriocanna i gcrích agus gur dhear an Institiúid táscairí sonracha chun feidhmíocht na seirbhísí cothrománacha a thomhas sa rannóg bhliantúil den doiciméad clársceidealaithe aonair 2022-2024; |
|
7. |
á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh agus gur aistríodh sraith straitéisí de réir a chéile don bhuiséadú inscne in 2020, atá ceaptha cabhrú leo siúd a oibríonn le Cistí an Aontais comhionannas inscne a chomhtháthú ina gcláir; á chur in iúl gur geal léi freisin gur eisíodh an tInnéacs Comhionannais Inscne ar líne i mí Dheireadh Fómhair 2020 mar uirlis tagarmharcála úsáideach lena gceadaítear do na Ballstáit faireachán agus comparáid éasca a dhéanamh ar a ndul chun cinn le himeacht ama agus tuiscint a fháil ar na réimsí is mó a bhfuil gá le feabhsuithe iontu; |
|
8. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearna an bord bainistíochta comhdhéanamh an choiste stiúrtha le haghaidh dara meastóireacht sheachtrach na hInstitiúide a fhormheas in 2020, ar meastóireacht í a cuireadh siar in 2019 agus a sceidealaíodh le haghaidh 2022, agus á chur in iúl gur geal léi na téarmaí tagartha faoina ndéanfaidh an Institiúid an mheastóireacht sheachtrach neamhspleách ar a bhfuil bainte amach aici a choimisiúnú; |
|
9. |
á chur in iúl gur geal léi go gcomhoibríonn an Institiúid i ndlúthchomhar le gníomhaireachtaí Aontais trí bhíthin comhoibriú déthaobhach agus rannpháirtíocht ghníomhach i líonraí bunaithe agus go bhforáiltear, faoin Rialachán lenar bunaíodh an Institiúid, le haghaidh comhaontuithe chun comhar a dhéanamh leis an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha; ag tabhairt dá haire, freisin, go nglacann an Institiúid páirt ghníomhach sa líonra gníomhaireachtaí um Cheartas agus Gnóthaí Baile; á chur in iúl gur geal léi an comhar agus na sineirgí sin mar shampla do ghníomhaireachtaí agus d’institiúidí eile ar fiú a leanúint; |
Beartas foirne
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 100 % ar an 31 Nollaig 2020, go raibh ceapacháin déanta i gcás 27 ngníomhaire shealadacha as 27 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 27 bpost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire go ndearnadh 11 ghlao ar iarratais, lena n-áirítear dhá ghlao le haghaidh poist mar ghníomhairí sealadacha, ocht gcinn le haghaidh saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus ceann amháin le haghaidh post mar oiliúnaí; ag tabhairt dá haire go raibh ráta láimhdeachais 11 % ann i gcaitheamh 2020; á chur in iúl gur geal léi na bearta a rinne an Institiúid chun an láimhdeachas a laghdú; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann do dháileadh neamhchothrom inscne sa bhainistíocht shinsearach, le fear amháin (25 %) agus triúr ban (75 %), ar an mbord bainistíochta, le seachtar fear (21,9 %) agus 25 bean (78,1 %) agus i measc na foirne ar an iomlán, le 11 fear (23,4 %) agus 36 bean (76,6 %); ag athdhearbhú a hiarrata ar an Institiúid cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí amach anseo; á mheabhrú don Institiúid go bhfuil tábhacht ag roinnt le hinniúlacht, eolas agus taithí, agus freisin le cothromaíocht gheografach agus inscne i measc baill foirne, agus iarrthóirí á roghnú; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú do bhord bainistíochta na hInstitiúide; ag tabhairt dá haire, ach iarratais le haghaidh oiliúnachtaí agus poist mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a fhágáil as an áireamh, go bhfuair an Institiúid 142 iarratas in 2020, ar mhná a rinne 67 % díobh, léiriú ar athrú i gcomparáid le 2019, nuair is ó mhná a tháinig 87 % de na hiarratais; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh sa bheartas foirne chun teilea-obair agus an saol folláin a chur chun cinn agus ag leanúint den Institiúid a spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar chreat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar chothromaíocht gheografach agus ar earcaíocht agus ar lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go raibh in 2020 an Institiúid ag baint leas i gcónaí as an gcreatchonradh chun pearsanra eatramhach a sholáthar; ag tabhairt dá haire gur chuir roinnt oibrithe eatramhacha i gcoinne a ndálaí oibre leis an gcuideachta ar conradh ag tús na bliana 2018 agus gur dhéileáil coiste díospóide saothair na Liotuáine leis an gcás, a rinne cinneadh i bhfabhar na foirne eatramhaí; ag tabhairt dá haire gur chuir an chuideachta atá ar conradh in aghaidh chinneadh choiste díospóide saothair na Liotuáine; á chur i bhfios gur ghníomhaigh an Institiúid mar thríú páirtí sa chás sin; á chur i bhfios, ina theannta sin, maidir le Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nár tugadh soiléireacht dhlíthiúil a priori maidir le cé acu an dtagann gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoina raon feidhme maidir le hoibrithe sealadacha a fhostú; ag tabhairt dá haire gur dhírigh Cúirt Uachtarach na Liotuáine ceisteanna ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar an 30 Nollaig 2019, i gCás C-948/19; ag tabhairt dá haire, maidir lena bhfuil sa tuarascáil ón gCúirt go mb’fhéidir, ó tá CBAE ag rialú ar an ábhar, go mbeadh tionchar aige ar sheasamh na Cúirte maidir le leas a bheith á bhaint ag an Institiúid as oibrithe eatramhacha agus go gcuirfear na barúlacha ar an ábhar ar fáil nuair a eiseoidh CBAE rialú críochnaitheach sa chás; ag tabhairt dá haire gur réitíodh an cás i mí na Samhna 2021, mar a rialaigh CBAE go dtagann gníomhaireachtaí an Aontais faoi raon feidhme Threoir 2008/104/CE nuair a fhostaíonn siad oibrithe gníomhaireachta sealadacha trí ghníomhaireachtaí fostaíochta sealadaí; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, maidir le hiniúchóireacht 2019, go raibh rian iniúchóireachta daingean in easnamh ar na nósanna imeachta ar baineadh leas astu (rud a cheanglaítear faoi Airteagal 36(3) den Rialachán Airgeadais) chun saineolaithe seachtracha a roghnú agus a chonrú agus, mar thoradh air, go bhfuil na híocaíochtaí uile a bhaineann leis na conarthaí sin ina dhiaidh sin neamhrialta; á thabhairt chun suntais gur EUR 4 400 a bhí sna híocaíochtaí gaolmhara in 2019; |
Soláthar
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh 47 nós imeachta soláthair riaracháin agus 61 nós imeachta soláthair oibríochtúil i gcrích in 2020; ag tabhairt dá haire gur chuir an Institiúid seisiúin oiliúna inmheánacha maidir le cúrsaí soláthair ar fáil don fhoireann go rialta; ag tabhairt dá haire, i gcomhréir leis na Treoracha um Sholáthar agus an Rialachán Airgeadais, gur chuir an Institiúid caighdeáin aonfhoirmeacha i bhfeidhm le haghaidh malartú leictreonach faisnéise le tríú páirtithe a bhí rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair trí leas a bhaint as uirlis ríomhthairisceana agus ríomhthíolactha; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
16. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na hInstitiúide chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur glacadh an Straitéis Frithchalaoise 2021-2023 in 2020 agus gur seoladh roinnt seisiún oiliúna i réimse na heitice agus an ionracais; ag tabhairt dá haire gur foilsíodh CV stiúrthóir na hInstitiúide ar a suíomh gréasáin; |
Rialú inmheánach
|
17. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le Plean Straitéiseach Iniúchóireachta Inmheánaí Sheirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) an Choimisiúin 2019-2021, go ndearnadh an iniúchóireacht ar chur chun feidhme chur chuige na heagraíochta, cur chuige faoi stiúir tionscadail, san Institiúid in 2020 agus go raibh moladh tábhachtach amháin agus dhá mholadh an-tábhachtach i dtuarascáil chríochnaitheach na hiniúchóireachta, moltaí ar ghlac an Institiúid leo; ag tabhairt dá haire go mbaineann na moltaí an-tábhachtach le feabhsuithe ar chreat bainistithe tionscadal na hInstitiúide agus go gcuireann siad i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé cur chuige na hInstitiúide i leith bainistiú tionscadal a chur in iúl ón uair nach raibh na treoirlínte á leanúint ag an bhfoireann; ag tabhairt dá haire go n-iarrann an moladh tábhachtach ar an Institiúid anailís a dhéanamh ar a bainistiú tionscadal, agus smaoineamh ar fheabhas a chur air; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur thíolaic an Chúirt trí bharúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheartaithe, bainistiú buiséadach agus rialuithe inmheánacha in 2019; ag tabhairt dá haire maidir leis an gcéad bharúil a bhaineann le cúraimí a shannadh do shaineolaithe seachtracha ar bhonn critéir roghnúcháin réamhshainithe, mar a leagtar amach in Airteagal 36(3) den Rialachán Airgeadais, gur scrúdaigh an Institiúid na próisis reatha agus gur ullmhaigh sí glao nua ar léiriú spéise ina gcuirtear moladh ón gCúirt san áireamh; ag tabhairt dá haire gur bhain an dara barúil leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus go ndeachaigh an Institiúid i dteagmháil le hArd-Stiúrthóireacht an Bhuiséid sa Choimisiún maidir leis an gceist faoi chistí tionscadalbhunaithe a chur i láthair sa bhuiséad bliantúil; á iarraidh ar an Institiúid cur chuige comhordaithe a chur ar fáil don Chúirt maidir leis an mbealach a bhfuil sé i gceist aici déileáil leis an tsaincheist shonrach sin amach anseo chun a áirithiú go ndírítear go hiomchuí ar an gcinneadh ón gCúirt; ag tabhairt dá haire go mbaineann an tríú barúil leis an bhfíric go bhféadfaidh an t-oifigeach údarúcháin, trí tharmligean, rialuithe ex-post a chur i bhfeidhm chun earráidí agus neamhrialtachtaí a bhrath, ach nach bhfuil rialuithe ex-post den sórt sin déanta ag an Institiúid; ag tabhairt dá haire go raibh na gníomhaíochtaí a rinne an Institiúid chun aghaidh a thabhairt ar an mbarúil sin ar siúl in 2020; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndeirtear i gconclúid an mheasúnaithe ar an rialú inmheánach don bhliain 2020 gur córas páirtéifeachtach atá sa chóras rialaithe inmheánach de bharr saincheist i gcomhchuid 3 “gníomhaíochtaí rialaithe”, ó tharla go bhfuil an plean leanúnachais gnó imithe i léig agus go bhfuil an tástáil leanúnachais gnó in easnamh ó 2015 i leith; ag meabhrú cinntí agus moltaí ó IAS agus ón gCúirt araon agus á iarraidh ar an Institiúid na cinntí sin a léiriú freisin sa mheasúnú ar an gcóras rialaithe inmheánach, sa chás nach ndearnadh é sin cheana féin; á chur in iúl gur geal léi na bearta maolaithe atá glactha ag an Institiúid agus á iarraidh ar an Institiúid an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil aon rialuithe ex-post ar oibríochtaí ná ar chur chun feidhme buiséadach déanta ag an Institiúid ó mhí Mheán Fómhair 2016 i leith; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur athraigh an Institiúid ord tosaíochta a gníomhaíochtaí agus gur atheagraigh sí iad chun maolú ar na rioscaí don leanúnachas gnó agus dea-bhail foirne ag éirí as paindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh sa doiciméad clársceidealaithe aonair leasaithe do 2020-2022 na bearta a glacadh amhail teilea-oibriú, slándáil atreisithe le haghaidh cianrochtana, tionscnamh sreafaí oibre digiteacha agus síniú digiteach; |
|
21. |
á aithint gur thug an Institiúid tacaíocht do na Ballstáit le linn phaindéim COVID-19 ina n-iarracht dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus gur lainseáil sí leathanach gréasáin in 2020 maidir le tionchar COVID-19 ar an gcomhionannas inscne agus gur tháirg sí 63 fhoilseachán a bhí dírithe ar chuidiú le lucht beartais agus beart á dhéanamh acu maidir leis an gcomhionannas inscne; |
Barúlacha eile
|
22. |
á aithint go ndeachaigh stiúrthóir nua i mbun oifige in 2020; á aithint gur toghadh leas-uachtarán nua ar Bhord Bainistíochta na hInstitiúide freisin; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire iarrachtaí na hInstitiúide chun a áirithiú go mbeidh an t-ionad oibre costéifeachtach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol; á chur in iúl gur geal léi gur ainmnigh an Institiúid oifigeach glas chun tionchar oibríochtaí na hInstitiúide ar an gcomhshaol a laghdú; ag tathant ar an Institiúid a dúshláin agus na ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt i Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Institiúid ag feabhsú maidir le torthaí a cuid taighde a scaipeadh ar an bpobal agus dul i dteagmháil leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus asraoin eile; |
|
24. |
á iarraidh go ndéanfaí nuachóiriú ar fhoirgnimh chun caighdeáin astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, go háirithe trí phainéil ghréine a shuiteáil ar gach foirgneamh de chuid na hInstitiúide; |
|
25. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na hInstitiúide a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de agus a thábhachtaí atá sé dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Institiúid leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir gníomhaireachtaí an Aontais a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar an Institiúid a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapa agus é a thabhairt gan mhoill; |
|
26. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (5) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 135.
(2) https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2021
(3) Ráiteas ar ioncam agus caiteachas na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2020 – buiséad leasaitheach Uimh. 1 (IO C 114, 31.3.2021, lch. 238).
(4) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/288 |
CINNEADH (AE) 2022/1757 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0084/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1922/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le hInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (4)a bhunú, agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán arna Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0091/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/289 |
CINNEADH (AE) 2022/1758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA HEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0085/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde i ndáil le chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/290 |
RÚN (AE) 2022/1759 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 28 386 398 buiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (‘an tÚdarás’) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 4,60 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go bhfuil an tÚdarás á maoiniú le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 10 489 363, arb ionann é agus 36,59 %) agus le ranníocaíochtaí ó údaráis faireacháin náisiúnta ó na Ballstáit (EUR 17 491 035, arb ionann é agus 61,63 %); |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2020 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á thabhairt dá haire gur mór aici, de thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid, go raibh ráta cur chun feidhme de 100 % ann i rith bhliain airgeadais 2020, ar aon dul le 2019; á thabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe 82,80 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a léiríonn laghdú 2,83 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
Á thabhairt dá haire barúil na Cúirte nár chuir an tÚdarás an t-ús déanach, a shonraítear sa Rialachán Airgeadais, chun feidhme ar íocaíochtaí déanacha ranníocaíochtaí 2020 ó údaráis inniúla náisiúnta (UINanna) roinnt Ballstát agus tíortha CSTE agus gur EUR 9 952 méid an úis gan íoc arna chinneadh ag an gCúirt; á thabhairt dá haire gur chinn an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, an t-ús ar íocaíocht dhéanach a chur chun feidhme agus gur chuir sé na UINeanna ar an eolas faoi sin sna litreacha a seoladh chucu faoina ranníocaíochtaí in 2021; á chur in iúl gur díol sásaimh di gníomhaíochtaí ceartaitheacha an Údaráis ina leith sin; |
Feidhmíocht
|
3. |
á thabhairt dá haire go mbaineann an tÚdarás úsáid as bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta chun an luach breise a chuireann na gníomhaíochtaí sin ar fáil a mheas chomh maith le bearta eile chun bainistiú a bhuiséid a fheabhsú; á thabhairt dá haire gur mór aici, ainneoin na ndeacrachtaí a bhain le géarchéim phaindéim COVID-19, gur baineadh amach gach aon sprioc seachas aon cheann amháin agus na hiarrachtaí b’éigean don Údarás a infheistiú i mbainistíocht géarchéime, chomh maith lena chlár oibre a chur chun feidhme; |
|
4. |
á thabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás 295 tháirge agus seirbhís, nó 88 % den iomlán, a sholáthar in am, gur bhain moilleanna beaga le 26 tháirge agus seirbhís eile agus go raibh 13 cinn nár tugadh ar aghaidh, go minic mar gheall ar thús áite a thabhairt d’éilimh phráinneacha eile de thoradh na géarchéime COVID-19; |
|
5. |
á thabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an Údarás i dtaobh bainistiú géarchéime de bharr phaindéime COVID-19, lenar súdh acmhainní do bhearta maolaithe inmheánacha (amhail teilea-oibriú) agus do bhainistiú géarchéime araon maidir lena phríomhphróisis oibríochtúla agus a ról maoirseachta; |
|
6. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach atá ag an Údarás chun rannchuidiú go gníomhach le creat rialála agus praiticiúil an Aontais don inbhuanaitheacht a fhorbairt, creat a bhfuil gá leis chun uaillmhian pholaitiúil agus amchlár práinneach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlíonadh; á thabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sainordú tugtha ag an gCoimisiún don Údarás chun imscrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais chóras stuamachta Shócmhainneacht II, agus measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht reatha Threoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (Treoir IORP II) ó thaobh dearcadh fadtéarmach de; á chur in iúl go láidir go n-áirítear i sainordú an Údaráis maidir le hinbhuanaitheacht rannchuidiú le hathléimneacht an chórais airgeadais in aghaidh rioscaí fisiceacha (amhail tubaistí nádúrtha) a chosaint chomh maith; á chur in iúl gur geal léi obair an Údaráis maidir le rioscaí inbhuanaitheachta a bhainistiú i rith 2020, mar shampla trí anailísí íogaireachta, páipéir mhachnaimh, tuarascálacha, ceardlanna agus comhairliúcháin; |
Beartas foirne
|
7. |
á thabhairt dá haire gur athcheapadh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis an 29 Meán Fómhair 2020 don dara téarma cúig bliana; |
|
8. |
á thabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2020, go raibh 100 % den phlean bunaíochta i bhfeidhm agus go raibh 127 ngníomhaire sealadach ceaptha as an 127 ngníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le115 phost údaraithe in 2019); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 29 ngníomhaire ar conradh agus 19 saineolaí náisiúnta ar iasacht fostaithe ag an Údarás in 2020 (le 39 bpost agus 27 bpost údaraithe faoi seach); |
|
9. |
á thabhairt dá haire gur geal léi gur lean an tÚdarás, agus é i mbun cianoibre, lena chuid earcaíochta go cianda, gur lean sé ag cur béime ar na próifílí cuí a bheith aige lena chinntiú go leanfaí de shainordú an Údaráis a chomhlíonadh, agus gur lean an tÚdarás le daoine nua a lánpháirtiú le linn na bliana trí sheisiúin ionduchtaithe ar leith a chur ar fáil dóibh chomh maith leis an tacaíocht riachtanach do dhaoine a thagann ag obair leis an Údarás go cianda; |
|
10. |
á thabhairt dá aire go bhfuil seisear fear (75 %) agus beirt bhan (25 %) i bpoist ardbhainistíochta, ceathrar fear (57,1 %) agus triúr ban (42,9 %) ar a bhord bainistíochta, agus 81 fhear (48,5 %) agus 86 bhean (51,5 %) ina fhoireann fhoriomlán; a chur in iúl gur oth léi an éagothroime inscne ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus á iarraidh ar an Údarás cothromaíocht inscne a áirithiú ar na leibhéil bhainistíochta sa todhchaí; |
|
11. |
á thabhairt dá haire go ndearnadh atheagrú inmheánach san Údarás chun a ról maoirseachta a neartú trí roinnt foirne a bhogadh trasna ranna agus roinnt foirne a aistriú go haonaid sa Roinn Próiseas Maoirseachta agus sa Roinn Maoirseachta; |
Soláthar
|
12. |
á thabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur shínigh an tÚdarás an 19 Bealtaine 2020 conradh chun cúrsaí oiliúna ar an láthair a chur ar fáil ar luach measta conartha de EUR 1 050 000; á thabhairt dá haire barúil na Cúirte, in ainneoin ghéarchéim phaindéim COVID-19 a bheith ag titim amach ag an am, agus srianta a bheith ar imeachtaí ar an láthair, gur shínigh an tÚdarás an conradh agus ina dhiaidh sin leasú ar an gconradh i mí Lúnasa 2020 ar áiríodh ann míreanna nua sa chonradh amhail cúrsaí oiliúna fíorúla a sholáthar; á thabhairt dá haire gur socraíodh na cúrsaí fíorúla sin ar phraghsanna seasta a bhí níos airde ná an praghas ar na cúrsaí oiliúna ar an láthair a comhaontaíodh sa chéad chonradh agus gurbh ionann na hathruithe sin agus coinníollacha conartha nua a d’fhéadfadh, dá mbeidís mar chuid den nós imeachta soláthair tosaigh, breis tairgeoirí a mhealladh ar chostas níos iomaíche ó tharla nach raibh aon teorannú geografach i gceist leis an ngá le hoiliúint phearsanta; á thabhairt dá haire conclúid na Cúirte go raibh síneadh mór curtha le raon feidhme na tairisceana, agus gur leasú substaintiúil é an leasú ar an gconradh, rud arbh ionann é agus sárú ar Airteagal 72(4), pointí (a) agus (c), de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus dá bharr gur dhearbhaigh an Chúirt an leasú ar an gconradh agus gach íocaíocht ghaolmhar roimh CBL de EUR 3 850 in 2020 a bheith neamhrialta; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne an tÚdarás ina leith sin; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
13. |
á thabhairt dá haire go ndeirtear i dtuarascáil an Údaráis go síneoidh comhaltaí agus comhaltaí malartacha uile na gcomhlachtaí rialaithe dearbhú rúin agus dearbhú leasa sula nglacfar isteach sna comhlachtaí rialaithe seo iad, agus i ndiaidh glacadh leo go ndéanfar athnuachan leathbhliantúil ar na dearbhuithe sin agus go bhfuil nósanna imeachta curtha chun feidhme ag an Údarás chun aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a bhaineann le comhaltaí agus comhaltaí malartacha a shainaithint, a láimhseáil nó a mhaolú; á thabhairt dá haire go bhfoilsítear an dá dhearbhú a luaitear roimhe seo gan mhoill mhíchuí ar shuíomh gréasáin an Údaráis ar chúiseanna trédhearcachta agus go dtugtar le fios go soiléir ar shuíomh gréasáin an Údaráis freisin go bhfónann comhaltaí nó comhaltaí malartacha an bhoird maoirseoirí mar chomhaltaí boird bainistíochta freisin nó mar chomhaltaí malartacha boird bainistíochta; á thabhairt dá haire gur geal léi go bhfoilsíonn an tÚdarás CVanna na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha ar a shuíomh gréasáin; |
Rialú Inmheánach
|
14. |
á thabhairt dá haire gur geal léi go bhfuil gach moladh ríthábhachtach agus fíorthábhachtach de chuid na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach sa Choimisiúin curtha chun feidhme ag an Údarás agus go gcloíonn sé go dlúth le cur chun feidhme na moltaí atá fágtha; |
|
15. |
á thabhairt dá haire barúil na Cúirte nach bhfuil córas rialaithe ex ante ná ex post i bhfeidhm ag an Údarás chun a fhíorú cibé an bhfuil méid na gcostas a aisíoctar leis na húdaráis náisiúnta nó a iarrann na húdaráis náisiúnta maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNEanna) mar a comhaontaíodh; á thabhairt dá haire maidir leis sin gur aisíoc an tÚdarás olltuarastal bheirt SNE ó dhá údarás náisiúnta éagsúla i leith thréimhse iomlán a n-iasachta, lenar íocadh na méideanna EUR 71 875 agus EUR 74 880 roimh ré leis na húdaráis náisiúnta faoi seach gan fíorú iomchuí a bheith déanta go raibh an méid a bhí le haisíoc cruinn, agus leis sin gur nochtadh an tÚdarás don riosca go bhféadfadh aisíoc ar chostas foirne SNEanna a bheith á ríomh ar bhonn costais mhíchruinne, nó nach bhféadfaí athruithe ar chostais foirne ina dhiaidh sin a ghabháil agus dul i ngleic leo in am; á thabhairt dá haire gur geal léi freagairt an Údaráis ar bharúlacha na Cúirte trí rialuithe i gcomhaontuithe SNEanna amach anseo a threisiú. |
|
16. |
á thabhairt dá haire gur thug an tÚdarás faoi mheasúnú bliantúil ar chreat rialaithe inmheánaigh an Údaráis, agus gur tháinig ar an gconclúid go bhfuil gach comhpháirt agus prionsabal curtha chun feidhme agus go bhfuil ag feidhmiú mar atá beartaithe, le roinnt feabhsuithe de dhíth; ag meabhrú thoradh na Cúirte maidir le méid na gcostas a aisíocadh leis na húdaráis náisiúnta agus arna n-iarraidh ag na húdaráis náisiúnta i leith SNEanna agus á thabhairt dá haire go bhféadfadh gurb ionann toradh seo na Cúirte, ar ghlac an tÚdarás leis, is laige i bprionsabal rialaithe inmheánaigh 10 (Gníomhaíochtaí rialaithe a mhaolaíonn rioscaí a roghnú agus a fhorbairt) agus i bprionsabal 12 (Gníomhaíochtaí rialaithe a úsáid trí bheartais agus nósanna imeachta) agus a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar fheidhmiú chomhpháirt rialaithe inmheánaigh 3 (Rialú gníomhaíochtaí); á thabhairt dá haire freisin toradh na Cúirte maidir le soláthar, a bhféadfadh gurb ionann é is laige sna prionsabail rialaithe inmheánaigh chéanna; á iarraidh ar an Údarás a mhíniú don údarás um urscaoileadh mar a rinneadh na laigí arna sainaithint ag an gCúirt a bhreithniú i measúnú rialaithe inmheánaigh an Údaráis agus fós gur tháinig ar an gconclúid go raibh gach comhpháirt agus prionsabal ag feidhmiú mar a bhí beartaithe; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
17. |
á thabhairt dá haire gur chuir an tÚdarás bearta éagsúla chun feidhme maidir leis an bhfoireann, cuairteoirí agus comhaltaí an bhoird chun scaipeadh an víris COVID-19 a mhoilliú agus chun leanúnachas gnó a chinntiú agus á thabhairt dá haire go háirithe gur lean comhaltaí foirne uile an Údaráis, na gcomhlachtaí rialaithe agus na ngrúpaí oibre ag obair ó chian, ag baint tairbhe as na sruthanna oibre uathoibríocha a bhí i bhfeidhm cheana; á thabhairt dá haire gur thuairiscigh an tÚdarás coigilteas buiséid de thart ar EUR 1 000 000, go príomha mar thoradh ar thaisteal foirne a bheith curtha ar fionraí agus gur go cianda amháin a bhí cruinnithe foirne, cruinnithe an bhoird bainistíochta agus bhord na maoirseoirí; |
Tuairimí eile
|
18. |
á thabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht bileoga eolais ar fáil don phobal i gcoitinne in 2020, bileoga eolais a scaipeadh ar an suíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an méid a bhféadfadh tomhaltóirí a bheith ag dréim leis óna gcuideachta árachais i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19, agus cad iad na nithe ar cheart do thomhaltóirí smaoineamh orthu i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas; |
|
19. |
á chur in iúl gur geal léi comhoibriú leanúnach an Údaráis le gníomhaireachtaí eile i réimse na teicneolaíochta faisnéise; á thabhairt dá haire go ndearnadh SYSPER a rolladh amach i mí Mheán Fómhair 2020, go ndearnadh obair ar uirlis vótála ar líne le haghaidh cruinnithe boird, bunaithe ar bhogearraí atá roghnaithe cheana ag gníomhaireachtaí eile, agus gur cuireadh cur chun feidhme roinnt tionscnamh tábhachtach slándála a caibidlíodh go comhpháirteach; á iarraidh ar an Údarás tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn maidir le pleanáil Lárionad Oibríochtaí Slándála comhroinnte leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, agus ar phleanáil spáis chomhroinnte cumarsáide agus comhoibrithe do na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus dá ngeallsealbhóirí go léir; |
|
20. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (4) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 161.
(2) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(3) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/294 |
CINNEADH (AE) 2022/1760 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0085/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE (4), ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 64 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/295 |
CINNEADH (AE) 2022/1761 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0086/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (4), agus go háirithe Airteagal 21 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (5), agus go háirithe Airteagal 23 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0094/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 97, 9.4.2008, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/297 |
RÚN (AE) 2022/1762 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0094/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (an “Institiúid”) don bhliain airgeadais 2020 agus EUR 625 088 022,57, arb ionann sin agus méadú 12,04 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gurbh ionann ranníocaíocht fhoriomlán an Aontais chuig buiséad na hInstitiúide do 2020 agus EUR 546 629 182,74, arb ionann sin agus méadú 31,4 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gurbh é 0,7 % ráta boilscithe an Aontais in 2020; |
|
B. |
de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an “Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla na hInstitiúide don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte ag an gCúirt go bhfuil cuntais bhliantúla na hInstitiúide iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur 99,85 % a bhí i ráta chur chun feidhme an bhuiséid mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith 2020, arb ionann sin agus méadú 2,81 % i gcomparáid le 2019; á thabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe 99,13 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a léiríonn méadú 1,56 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an mbarúil leantach a bhain le EUR 1 200 i gcaiteachas taistil agus cothaithe, a thabhaigh comhalta foirne eatramhach de chuid na hInstitiúide, a aisíoc, gurb amhlaidh, chun stuamacht a áirithiú agus an riosca go dtarlódh dúbláil cistithe a chosc, a dhéantar úsáid aisíocaíochtaí le hionadaithe conraitheoirí a eisiamh i gcreatchonradh na Institiúide maidir le seirbhísí foirne eatramhaí; á thabhairt dá haire mar bheart ceartaitheach, go bhfuil an Institiúid i mbun a cuid beartas a choigeartú chun na costais mhisin a thabhaíonn gníomhairí eatramhacha go hiarmhír a chlúdach; á thabhairt dá haire freisin freagra na hInstitiúide nár thug a foireann eatramhach faoi aon mhisin in 2020; á iarraidh ar an Institiúid aon fhorbairtí amach anseo sa réimse sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire nár bhain na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) úsáid iomlán as na méideanna deontais arna ndámhachtain ag an Institiúid; á thabhairt dá haire leis an méadú ar bhuiséad na hInstitiúide agus an méadú ar líon na PENanna chun maoirsiú a dhéanamh nár tháinig méadú faoi seach in éineacht leis sin ar líon na bpost; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, mar fhreagairt ar na dúshláin a bhain le paindéim COVID-19, a rinne an Institiúid an tionscnamh freagartha géarchéime a sheoladh agus a bhainistiú go rathúil, mar chuid dá tionscadail chun freagairt ar an bpaindéim a d’fhéach le tacú leis an mbraisle nuálaíochta san Eoraip; ag tabhairt dá haire gur chinn bord rialaithe na hInstitiúide in 2020 maoiniú breise dar luach EUR 60 000 000 a shlógadh do nuálaithe atá ag cumhachtú réitigh ardtionchair a théann i ngleic leis an dúshlán sóisialta agus eacnamaíochta gan choinne a tháinig chun cinn le paindéim COVID-19; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha ó bhlianta roimhe seo, go bhfuil deiseanna sainaitheanta ag an Institiúid chun acmhainní a chomhroinnt, a sineirgí a fhorbairt agus comhoibriú le gníomhaireachtaí eile an Aontais a mhéadú le súil éifeachtúlacht a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, go ndearnadh trí mheabhrán tuisceana maidir le seirbhísí oiliúna, cleachtais soláthair, comhroinnt inneachair agus bainistiú acmhainní daonna a shíniú in 2020 le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil suim ag an Institiúid a bheith rannpháirteach i dtionscadal arna chur chun feidhme ag rialtas na hUngáire lena bhféachtar le saoráidí oifige comhroinnte a sholáthar do gach eagraíocht idirnáisiúnta atá bunaithe i mBúdaipeist; á iarraidh ar an Institiúid aon fhorbairtí amach anseo a bhaineann leis na comhpháirtíochtaí sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta glactha ag an Institiúid chun a slándáil ar líne a fheabhsú agus chun digitiú a mhéadú ó thaobh oibríochtaí inmheánacha agus nósanna imeachta bainistíochta; á iarraidh ar an Institiúid cur chun feidhme na mbeart sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
Beartas foirne
|
7. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2020, go raibh 95,56 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 43 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 45 ghníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 44 phost a údaraíodh in 2019); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go raibh 22 ghníomhaire ar conradh agus saineolaí amháin náisiúnta ar iasacht ag obair don Institiúid in 2020; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil easpa cothromaíocht inscne i bpoist shinsearacha agus mheánbhainistíochta na hInstitiúide, eadhon gurbh fhir iad cúigear as seisear (83 %); á chur in iúl gur geal léi an chothromaíocht inscne ar bhord bainistíochta na hInstitiúide, eadhon go raibh sé comhdhéanta de 12 chomhalta (50 %) de cheachtar den dá inscne, agus ar fhoireann fhoriomlán na hInstitiúide, eadhón gur mhná iad 37 as 64 bhall foirne (57,81 %); |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil triúr de chomhaltaí bhord rialaithe na hInstitiúide fós ag fáil airgid ón mbuiséad mar chomhairleoirí, mar ghníomhairí conarthaí nó i leith feidhmeanna eile laistigh den Institiúid go sonrach, ar beirt iarFheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus iarChoimisinéir amháin atá i gceist; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuair iarFheisire eile den Pharlaimint EUR 15 000 in 2020-2021 faoi chonradh seirbhíse leis an Institiúid chun seirbhísí comhairleacha a sholáthar maidir le sineirgí le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh méadú ar an ualach oibre agus ar chúraimí breise in 2020 de bharr na hidirthréimhse ón gclár Fís 2020 go Fís Eorpach; ag thabhairt dá haire gur leithdháileadh ranníocaíocht mhéadaithe airgeadais EUR 600 milliún in 2020 ar ocht bPobal Eolais agus Nuálaíochta na hInstitiúide chun a bpleananna gnó do 2020 a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, de bharr phaindéim COVID-19, gur sheol an Institiúid an Tionscnamh mar Fhreagairt ar an nGéarchéim chun tacú le pobal na hInstitiúide agus le teaghlach nuálaíochta na hEorpa; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil cur chun feidhme barúla a d’eascair ó 2017 maidir le fógraí folúntais a fhoilsiú fós ar siúl, ó tharla nach bhfoilsíonn an Institiúid a cuid folúntas ar shuíomh gréasáin na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne go comhsheasmhach; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal na hiarrachtaí a rinneadh sa bheartas foirne chun teilea-obair agus saol folláin a chur chun cinn agus ag leanúint den Institiúid a spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar chreat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar chothromaíocht gheografach agus ar earcaíocht agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh nósanna imeachta nua le plean soláthair 2020 na hInstitiúide le linn na bliana; ag tabhairt dá haire gur thug an Institiúid 95 % dá nósanna imeachta soláthair chun críche i gcomhréir lena plean; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Institiúid go raibh a nósanna imeachta tosaíochta ar fad tugtha chun críche seachas an creatchonradh nua do sheirbhísí cumarsáide agus bainistiú imeachtaí; ag tabhairt dá haire freisin nárbh ann d’aon ghearáin fhoirmiúla ná cásanna cúirte maidir le nósanna imeachta soláthair in 2020; |
Seachaint agus bainistiú coinbhleachtaí leasa agus an trédhearcacht
|
14. |
ag aithint bhearta reatha na hInstitiúide agus a hiarrachtaí leanúnacha trédhearcacht a dhaingniú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Institiúid dearbhuithe coinbhleachta leasa agus CVanna a boird rialaithe agus a bainistíochta sinsearaí ar a suíomh gréasáin; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Institiúid cás sceithireachta amháin in 2019 agus gur cuireadh na rialacha inmheánacha i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire nach bhfuil beartas sceithire na hInstitiúide ailínithe go fóill le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); á iarraidh ar an Institiúid ailíniú iomlán a áirithiú sa chéad athbhreithniú eile ar an mbeartas; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh 2019, gur thionscain an Institiúid in 2020 próiseas lena ndéanann PENanna na hInstitiúide athbhreithniú ar chur chun feidhme phrionsabail an dea-rialachais (“PDR”); |
Rialú inmheánach
|
17. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le tuarascáil chumas iniúchóireachta inmheánaí na hInstitiúide, as 69 moladh i scóip an iniúchta leantaigh, go bhfuil 28 moladh oscailte dúnta, go bhfuil íosghrádú déanta ar 7 moladh oscailte agus go bhfuil 1 mholadh oscailte a bhain le bainistiú ar rochtain TE uasghrádaithe go criticiúil i ndiaidh Iniúchadh TE 2016; á iarraidh ar an Institiúid, ina measúnú ar an gcóras rialaithe inmheánaigh, an riosca criticiúil sin a bhreithniú mar laige a d’fhéadfadh a bheith i bprionsabal 11; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire nár thángthas ar aon mhórlaigí in aon chomhpháirt de chóras rialaithe inmheánaigh na hInstitiúide lena gcuirfí baint amach cuspóirí oibríochtúla, airgeadais nó rialála i mbaol agus lena gcuirfí cosc ar an Stiúrthóir a dhearbhú urrúis a shíniú; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil roinnt feabhsuithe eile ag teastáil maidir le prionsabail 12 agus 17 a thagann faoi chatagóir 2, go háirithe an mhoill ar an luas beartaithe do chur chun feidhme na moltaí oscailte a laghdú agus am cumarsáide na mbeart ceartaitheach a glacadh in 2020 a laghdú; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur chinn bord rialaithe na hInstitiúide i mBealtaine 2020 chistí neamh-leithdháilte de chuid na hInstitiúide dar luach EUR 60 milliún a shlógadh chun tacú tuilleadh le mic léinn, fiontraithe agus nuálaithe a bhfuil tionchar ag scaipeadh domhanda phaindéim COVID-19 orthu; ag tabhairt dá haire gur thacaigh tionscnamh freagartha géarchéime (TFG) na hInstitiúide le tionscadail agus fiontair nua a bhí ag freagairt ar phaindéim COVID-19 trí ionstraimí tacaíochta fiontair lenar cuireadh tacaíocht spriocdhírithe ar fáil d’fhiontair ardtionchair agus a d’fhéadfadh fás, fiontair atá ag méadú agus fiontair bheaga agus mheánmhéide agus do thionscadail mar fhreagairt ar an bpaindéim, a ghin tionscadail freagartha nuálaíocha ghearrthéarmacha a chuaigh i ngleic go díreach leis an bpaindéim COVID-19 agus a chuir chun feidhme iad; |
Tuairimí eile
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur geal léi na hiarrachtaí atá déanta ag an Institiúid leanúint lena láithreacht ar na meáin shóisialta a fheabhsú chomh maith lena straitéis d’fhorbairt inbhuanaithe in 2020; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire ag bhfuil próiseas cur chun feidhme ar bun ag an Institiúid maidir leis an mbeartas ginearálta slándála faisnéise, lena n-áirítear gnéithe teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide den chibearshlándáil; ag tabhairt dá haire gurb é an príomhthoradh atá ar chur chun feidhme agus treorú an chláir sin go dtí seo nár thuairiscigh an Institiúid aon teagmhais chibearshlándala; |
|
22. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na hInstitiúide a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Institiúid leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; á iarraidh ar an Institiúid dlús a chur le forbairt a bheartais cibearshlándála agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas ach a bheidh sé tugtha chun críche; |
|
23. |
á chur in iúl gurb oth léi nár shocraigh an Institiúid spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí CO2 go dtí seo; á chur in iúl gur geal léi, áfach, na hiarrachtaí a rinne an Institiúid creat oibre atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chruthú agus na bearta go léir a rinne sí chun a lorg carbóin agus a tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun sreabhadh oibre gan pháipéar a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi freisin go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le húsáid buidéal uisce plaisteach; |
|
24. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 189.
(2) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/301 |
CINNEADH (AE) 2022/1763 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ar dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Institiúid i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0086/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (4), agus go háirithe Airteagal 21 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (5), agus go háirithe Airteagal 23 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0094/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht don bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 97, 9.4.2008, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/303 |
CINNEADH (AE) 2022/1764 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0087/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (4), agus go háirithe Airteagal 68 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/305 |
RÚN (AE) 2022/1765 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta a ghabhann leo, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 369 749 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn méadú de 6,63 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe san Aontas in 2020; de bhrí gur ó tháillí a mhaoinítear an Ghníomhaireacht, gur eascair thart ar 84,00 % dá hioncam le haghaidh 2020 ó tháillí a d’íoc an tionscal cógaisíochta as seirbhísí arna soláthar, gur eascair 15,92 % de ó bhuiséad an Aontais agus 0,08 % de ó ioncam sannta seachtrach; |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséadach de 98,83 %, a léiríonn méadú de 0,27 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 78,47 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 4,58 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht na táillí uile ar iarratais ar chomhairle eolaíoch ó fhorbróirí teiripice nó vacsaíní féideartha COVID-19 a tharscaoileadh, amhail ón 13 Márta 2020, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di tarscaoileadh na dtáillí uile chun comhairle eolaíoch a sholáthar do thaighdeoirí acadúla a fhorbraíonn cógais leighis dhílleachtacha ón 19 Meitheamh 2020; ag creidiúint gur cheart cásanna eile maidir le táillí a tharscaoileadh faoi réir critéir shonracha arna leagan amach ag an nGníomhaireacht, go háirithe maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a shuíomh; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag an nGníomhaireacht maidir le sláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint agus a chur chun cinn trí mholtaí neamhspleácha eolaíochtbhunaithe a dhéanamh maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht cógas leighis, agus trí chomhairle agus dreasachtaí eolaíocha a sholáthar chun forbairt cógas leighis nuálach nua a spreagadh agus chun infhaighteacht na gcógas leighis sin a fheabhsú; |
|
4. |
ag aithint an méid a rannchuidigh an Ghníomhaireacht i dtaobh moladh maidir le húdarú margaíochta a thabhairt do shé chógas leighis tar éis measúnú brostaithe a dhéanamh, moladh maidir le húdarú margaíochta coinníollach a thabhairt do thrí chógais leighis déag, agus údarú a thabhairt do chúig chógas leighis in imthosca eisceachtúla; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, in ainneoin na ndeacrachtaí nach bhfacthas riamh cheana ó thus phaindéim dhomhanda COVID-19 in 2020, gur lean an Ghníomhaireacht de bheith ag gníomhú ar mhaithe le sláinte phoiblí shaoránaigh uile na hEorpa nuair a bhí COVID-19 rompu, trí ghníomhú mar mhol an líonra Eorpaigh d’údaráis rialála leigheasra a dhéanann creat reachtach is infheidhme an Aontais maidir le táirgí den sórt sin a chur chun feidhme; á thabhairt chun suntais go raibh ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht i dtaobh fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 a ullmhú agus ag moladh na n-iarrachtaí a rinne sí chun anailís a dhéanamh go héifeachtach ar vacsaíní in aghaidh COVID-19 sna Ballstáit agus iad a fhormheas go tapa; |
|
6. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur éirigh leis an nGníomhaireacht cáilíocht agus leanúnachas a chuid oibríochtaí a choinneáil agus a suíomh á athlonnú go dtí a áitreabh nua in Amstardam tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas; ag tabhairt dá haire gur ábhar imní i gcónaí iad dliteanais a d’fhéadfadh teacht as an léas ar iar-áitreabh oifige na Gníomhaireachta i Londain; ag aithint go raibh an Ghníomhaireacht in ann freagairt go héifeachtach don ualach oibre a bhain le paindéim COVID-19 agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an obair atá déanta ag an nGníomhaireacht chun rochtain ar vacsaíní nua agus ar theiripic nua a éascú chun leathadh COVID-19 a chóireáil agus a chosc; |
|
7. |
á thabhairt chun suntais gur mhol an Ghníomhaireacht, in 2020, 97 gcógas leighis nua don duine le haghaidh údarú margaíochta, lena n-áirítear 39 substaint ghníomhacha nua, agus 20 cógas leighis tréidliachta nua, lena n-áirítear 13 shubstaint ghníomhacha nua; |
|
8. |
ag cur béim ar an bhfíoras, in ainneoin obair chrua na Gníomhaireachta in 2020, go raibh paindéim COVID-19 ina dhúshlán don bhonneagar slándála sláinte poiblí a bhí ann cheana, agus á chur i bhfios go láidir gur gá cumais na Gníomhaireachta a neartú chun a hathléimneacht agus a héifeachtacht a fheabhsú le linn tréimhsí éigeandála; á chur i bhfáth go n-éilítear freisin leis an gComhaontú Glas don Eoraip go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht iarrachtaí breise, ar iarrachtaí iad a thugann údar le hacmhainní a leathnú; á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndearnadh bearta chun an bonneagar slándála sláinte poiblí san Aontas a athdhearadh, lena n-áirítear trí Chlár EU4Health a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trí Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus tríd an teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal “Straitéis Chógaisíochta don Eoraip”; á iarraidh ar an gCúirt cur lena hiniúchadh don bhliain airgeadais 2021 maidir le feidhmiú na Gníomhaireachta laistigh den chomhthéacs institiúideach coigeartaithe; á iarraidh ar an gCúirt tuilleadh eolais a thabhairt i dtaobh an bhfuil, laistigh den socrú institiúideach coigeartaithe, dóthain acmhainní ag an nGníomhaireacht chun a sainordú leathnaithe a chur chun feidhme go héifeachtach; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha ar urscaoileadh na bliana seo caite, go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar a tacar táscairí agus meadrachtaí chun castachtaí a laghdú tuilleadh, trédhearcacht a mhéadú agus éifeachtúlacht an fhaireacháin ar a gníomhaíochtaí a leathnú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon athrú i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht le gníomhaireachtaí eile, go háirithe leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), lena n-áirítear maidir le Tairseach Faisnéise an Aontais um Vacsaíniú, chun faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht vacsaíní agus fo-éifeachtaí a thuairisciú, agus maidir le tomhailt ábhar frithmhiocróbach agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha; |
|
11. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé páirt a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha, amhail ionadaithe gairmithe sláinte, othar agus páirtithe eile, i bhfianaise leitheadúlacht na bréagaisnéise, ar cúis imní í, maidir le paindéim COVID-19 sa díospóireacht phoiblí i dtaca leis an tsláinte phoiblí a chosaint agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de bheith ag rannchuidiú chomh gníomhach agus is féidir leis an díospóireacht sin, bunaithe ar an eolas eolaíoch is déanaí; |
|
12. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé fós ar cheann de thosaíochtaí na Gníomhaireachta dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht atá ag dul i méid in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, go háirithe trí thacú le cógais leighis nua a fhorbairt, sonraí a bhailiú maidir le tomhailt ábhar frithmhiocróbach tréidliachta agus úsáid fhreagrach na gcógas leighis frithmhiocróbach a chur chun cinn, fiú i bhfianaise na staide atá ann faoi láthair; |
|
13. |
ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tionchar ag paindéim COVID-19 ar gach gné den chúram sláinte, lena n-áirítear infhaighteacht cógas leighis, de bharr suaití sa slabhra soláthair; á mheas nár éirigh leis an staid ach aird a tharraingt ar an ngá atá ann, a raibh muid ar an eolas faoi cheana, go mbainfeadh an tAontas amach an leibhéal is airde neamhthuilleamaíochta i bhforbairt agus i dtáirgeadh cógas leighis; á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas na Gníomhaireachta leanúint de bheith ag rannchuidiú le córas freagartha an Aontais a fhorbairt agus a neartú i gcás ina mbeidh laghdú ar infhaighteacht cógas leighis; |
|
14. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an leibhéal cúnaimh a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil do chuideachtaí a fhorbraíonn vacsaíní agus cógais leighis i gcoinne COVID-19; á chur in iúl gur díol molta di cur chuige na Gníomhaireachta atá eolaíoch go comhsheasmhach, ar cur chuige é a thugann tús áite do shláinte shaoránaigh an Aontais thar aon ní eile; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha ar urscaoileadh na bliana seo caite, go ndéanann an Ghníomhaireacht seirbhísí a chomhroinnt leis an gCoimisiún agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus gur minic a bhíonn sí rannpháirteach i gcomhsholáthair idirghníomhaireachta; ag tabhairt dá haire thairis sin go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht le Líonra Gníomhaireachtaí AE chun dea-chleachtais atá dírithe ar chur leis an éifeachtúlacht i measc na ngníomhaireachtaí agus na gcomhghnóthas uile a chomhroinnt agus a ghlacadh; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar chibirionsaí i mí na Nollag 2020, gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht a comhar i réimse na cibearshlándála, go háirithe leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire le haghaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE (CERT-EU) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), agus le soláthróir seachtrach seirbhíse tríú páirtí a bhfuil saineolas sonrach aige maidir le freagairt ar theagmhais slándála TF; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, de réir Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2020 ón gCúirt dar teideal Future of EU Agencies - Potential for more flexibility and cooperation [Gníomhaireachtaí AE amach anseo - d’fhéadfadh tuilleadh solúbthachta agus comhair a bheith ann], gur gá don Ghníomhaireacht a comhar leis an gCoimisiún a fheabhsú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún tuairisciú ar ais don údarás um urscaoileadh maidir le hathruithe i ndáil leis sin; |
Beartas foirne
|
17. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 100,00 % an 31 Nollaig 2020, go raibh ceapacháin déanta i gcás 596 ghníomhaire shealadacha as 596 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 591 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh 197 ngníomhaire ar conradh agus 32 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
18. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra maidir le sainordú na Gníomhaireachta a leathnú ach gur cúis imní di nach bhfuil na méaduithe comhfhreagracha ar fhoireann agus ar acmhainní na Gníomhaireachta ag gabháil le cúraimí suntasacha nua agus lena hualach méadaitheach oibre thar na blianta, agus go gcuireann an ganntanas foirne sin brú suntasach ar leanúnachas a chuid oibríochtaí ag am atá criticiúil cheana féin; |
|
19. |
ag moladh, go háirithe, go leithdháilfí acmhainní breise leordhóthanacha ar an nGníomhaireacht chun feabhas a chur ar a inniúlacht sa chomhrac i gcoinne ganntanas cógas leighis; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht mhionsonraithe a dhéanamh ar a indéanta atá sé acmhainneacht bhreise a dheonú dom Ghníomhaireacht chun ganntanais a bhainistiú, lena n-áirítear tríd an Ardán Eorpach um Fhaireachán ar Ghanntanais a chlaochlú amach anseo ina bhunachar sonraí comhchoiteann Eorpach atá iomchuí agus éifeachtach, ar claochlú é atá inmhianaithe; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne in ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, gur fir iad 16 as 26 díobh (61,54 %), agus maidir le cothromaíocht inscne i mbord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 40 as 65 díobh (61,54 %); ag tabhairt dá haire thairis sin, maidir le cothromaíocht inscne i measc fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, gur mná iad 536 as 802 díobh (66,83 %); |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt laige i bpróiseas na Gníomhaireachta maidir le painéil roghnúcháin a cheapadh le haghaidh earcaíochta; á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta atá déanta ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin; |
|
22. |
á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór bhord bainistíochta na Gníomhaireachta a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin; |
|
23. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinneadh i mbeartas foirne na Gníomhaireachta chun teilea-obair agus stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an ualach oibre a leithdháiltear ar an bhfoireann, go háirithe faoi bhuaicthréimhsí eisceachtúla a bhaineann le COVID-19; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a dhéanamh a mhéid is féidir chun dea-bhail na foirne a áirithiú agus chun beartais frith-tnáite agus frithchiaptha a chur i bhfeidhm; ag leanúint den Ghníomhaireacht a spreagadh chun dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach acmhainní daonna lena rachfar i ngleic le cothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta cheana ag an nGníomhaireacht i ndáil leis an méid sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar dhea-bhail na foirne le haghaidh urscaoileadh na bliana airgeadais 2021; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil leantach 2018 agus thuarascáil 2019 ón gCúirt, nach bhfuil an moladh ón gCúirt maidir le húsáid comhairleoirí seachtracha curtha chun feidhme go hiomlán ag an nGníomhaireacht go fóill; á chur in iúl gur díol sásaimh di, mar sin féin, iarrachtaí na Gníomhaireachta in 2020 chun obair leantach a dhéanamh maidir leis an mbarúil sin, trí laghdú suntasach a dhéanamh ar chomhairleoirí TF a úsáid; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire gurbh é paindéim COVID-19 bun agus barr ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta in 2020, agus mar thoradh air sin go ndearnadh acmhainní suntasacha a leithdháileadh chun freagairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí; ag tabhairt dá haire, mar iarmhairt air sin, go raibh gá le raon feidhme chlár oibre 2020 na Gníomhaireachta a laghdú, agus gníomhaíochtaí tábhachtacha sláinte poiblí a chur siar nó ar fionraí, i gcomhréir leis an bplean leanúnachais gnó, amhail foilsiú sonraí cliniciúla táirgí nár bhain le COVID-19, forbairt treoirlínte le haghaidh meithleacha oibre eolaíocha agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh; ag cur sonrú sa mhéid a dúirt iarstiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, agus é ina ábhar imní di, go raibh sé “an-bhuartha” faoi ath-imlonnú fhoireann na Gníomhaireachta, inar chuir sé béim ar an bhfíoras nach bhféadfadh an brú faoina raibh a fhoireann ag obair leanúint ar aghaidh go deo; ag tabhairt dá haire go raibh deonú 40 post mar ghníomhaire sealadach ag an údarás buiséadach ina chabhair don Ghníomhaireacht agus í ag freagairt ar an ualach oibre eisceachtúil; ag cur sonrú thairis sin sa ráiteas ón nGníomhaireacht go raibh Samhain 2020 tagtha faoin am a deonaíodh na poist sin, agus é ródhéanach chun maolú suntasach a dhéanamh ar bhonn oibríochtúil ar an gcuid sin d’ualach oibre na bliana a bhain le COVID-19; |
Soláthar
|
26. |
ag cur sonrú sa fhreagra ón nGníomhaireacht ar an mbarúil leantach ó thuarascáil na Cúirte anuraidh maidir le hítimí neamhghaolmhara (soláthar printéirí agus bainistiú an bhá lódála) a bheith sa mhír thairisceana chéanna le haghaidh creatchonartha, freagra á rá go mbeadh sé neamhphraiticiúil agus neamhéifeachtúil na seirbhísí sin a chur amach ar tairiscint mar thairiscintí ar leithligh; ag tabhairt dá haire, i ndiaidh ionchur ón gCoiste Comhairleach um Sholáthar agus um Chonarthaí, gur athraíodh scéim na Gníomhaireachta maidir le ré conarthaí go 4 + 1 + 1 i gcás an chreatchonartha thuasluaite, is é sin go bhféadfaí an conradh a scor faoi cheann 4 bliana dá mba ghá; á iarraidh ar an nGníomhaireacht seiceáil chomhoiriúnachta a dhéanamh i gcás seirbhísí comhcheangailte trí straitéis tairisceana a bhfuil tacaíocht aici ó anailís mhargaidh a chuimsiú mar chuid de gach nós imeachta soláthair, agus an straitéis sin a chur san áireamh sa chéim thairisceana, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi na hathruithe i ndáil léis sin; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha ar urscaoileadh na bliana seo caite, gur shínigh an Ghníomhaireacht creatchonradh le trí chuideachta in 2019 maidir le hoibrithe sealadacha a sholáthar gan aon bhriseadh síos a thabhairt ar an ollchostas foirne measta i gcás na ngníomhairí eatramhacha i ngach catagóir foirne a iarradh; ag tabhairt dá haire, mar thoradh air sin, nach raibh ar chumas na Gníomhaireachta a mheas an raibh an corrlach brabúis nó an brabús comhlán a bhí ag an soláthróir seirbhíse réasúnta i ndáil le conarthaí cosúla; ag aithint go ndeachaigh an Ghníomhaireacht i dteagmháil le Líonra Gníomhaireachtaí AE agus go ndearna sí taighde margaidh chun tuiscint a fháil ar na dalaí margaidh áitiúla i gcás oibrithe ar conradh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dul i dteagmháil leis an gCúirt chun go mbeidh ar chumas na Gníomhaireachta socrú a dhéanamh faoi na gníomhartha ab iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na cinntí sin; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
28. |
á chur i bhfáth gur údarás poiblí í an Ghníomhaireacht, in ainneoin go dtagann an chuid is mó dá mhaoiniú ó fhoinsí príobháideacha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an bhraistint maidir le neamhspleáchas agus sláine na Gníomhaireachta ríthábhachtach agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hardleibhéal trédhearcachta a áirithiú ina cuid gníomhaíochtaí uile chun gabháil rialála a sheachaint agus chun a áirithiú go leanfaidh saoránaigh de mhuinín a bheith acu sa chóras údaraithe margaíochta san Aontas; |
|
29. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an beartas athbhreithnithe maidir le leasanna iomaíocha an bhoird bainistíochta a láimhseáil, a tháinig i bhfeidhm ón 1 Iúil 2020 agus an cleachtas maidir le rialuithe córasacha ex-ante ar na dearbhuithe leasa uile arna dtíolacadh ag comhaltaí an bhoird bainistíochta mar aon leis an gceanglas go rachadh na comhaltaí sin faoi oiliúint sular féidir a ndearbhú leasa a thíolacadh; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Ghníomhaireacht bearta trédhearcachta eisceachtúla chun feidhme maidir le cógais leighis le haghaidh COVID-19, lena n-áirítear amlínte foilsithe brostaithe le haghaidh sonraí cliniciúla agus tuilleadh faisnéise a sholáthar don phobal i gcoitinne, amhail faisnéis faoin táirge a fhoilsiú le mionsonraí maidir leis na coinníollacha úsáide, tráth na tuairime dearfaí ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine i ndáil leis an iarratas ar údarú margaíochta, tuarascáil Eorpach um measúnú poiblí a fhoilsiú ina hiomláine, laistigh de thrí lá tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, sonraí cliniciúla arna gcur faoi bhráid na Gníomhaireachta a fhoilsiú mar thaca leis na hiarratais ar chógais leighis COVID-19 tar éis cógas leighis a údarú agus nuair a bheidh anaithnidiú déanta ar shonraí pearsanta, agus an plean iomlán bainistíochta riosca le haghaidh cógais leighis údaraithe maidir le COVID-19 a fhoilsiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na bearta trédhearcachta céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach táirge atá á rialáil ag an nGníomhaireacht; |
|
31. |
ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint sceithirí a sholáthar; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chás sceithireachta in 2020 ach, mar sin féin, go bhfuarthas 25 thuairisc ar chásanna sceithireachta seachtracha; ag tabhairt dá haire gur dúnadh cúig chás déag agus go bhfuil deich gcás ar siúl i gcónaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an dul chun cinn i ndáil leis na cásanna sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
32. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí na Gníomhaireachta leibhéal trédhearcachta a cuid cinnteoireachta a mhéadú, mar a léirítear, mar shampla, trí shonraí ó thrialacha cliniciúla arna dtíolacadh sa phróiseas údaraithe margaíochta do chógais leighis COVID-19 a fhoilsiú nó tríd an leibhéal méadaithe cumarsáide leis na meáin agus leis an bpobal; á mheas go bhfuil an cur chuige trédhearcach sin ríthábhachtach sa staid reatha; |
|
33. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nár thuairiscigh an Ghníomhaireacht aon chás coinbhleachta leasa in 2020 agus gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht na dearbhuithe coinbhleachta leasa ó chomhaltaí a boird bainistíochta agus óna hardbhainistíocht; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna chomhaltaí a boird bainistíochta, a hardbhainistíochta agus a saineolaithe seachtracha agus inmheánacha; |
|
34. |
á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta trí chruinnithe fhoireann na Gníomhaireachta le geallsealbhóirí seachtracha a thuairisciú agus na tuairiscí a bheith ar fáil ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag cur sonrú san imní shuntasach agus chomhsheasmhach atá ann faoin easpa trédhearcachta maidir le conarthaí vacsaíní le cuideachtaí cógaisíochta, ach ag cur béim ar an bhfíoras, cé go bhformheasann an Ghníomhaireacht na vacsaíní sin, gurb é an Coimisiún, agus ní an Ghníomhaireacht, atá ina pháirtí sna conarthaí sin; |
Rialú inmheánach
|
35. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, gur córas éifeachtach é ar an iomlán ó thaobh gnéithe ar leith agus ó thaobh an chórais i gcoitinne, agus go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe ina leith chun tuilleadh feabhais a chur ar éifeachtúlacht roinnt gnéithe sonracha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go meastar go dtugann na nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh cinnteacht réasúnta gur úsáideadh na hacmhainní faoi fhreagracht an stiúrthóra feidhmiúcháin chun na gcríoch a beartaíodh dóibh agus i gcomhréir le prionsabail na bainistithe fónta airgeadais; |
|
36. |
ag cur sonrú sa bharúil ón gCúirt a bhain le leasú praghsanna le haghaidh creatchonradh seirbhísí lónadóireachta agus bialainne nár cheadaigh ach an leasú a dhéanamh in 2021, agus gur mheas an Chúirt go raibh athbhreithniú praghsanna 2020 neamhrialta; ag tabhairt dá haire thairis sin, maidir le híocaíocht iniúchta amháin de EUR 125 954, nach raibh ar chumas na Gníomhaireachta na costais arna muirearú a réiteach leis na forálacha agus rátaí a leagadh amach sa chreatchonradh, rud atá ina shárú ar an Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire go dtugann an dá bharúil le fios go bhfuil laigí sa rialú inmheánach, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu sa mheasúnú bliantúil ar an gcreat rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na cinntí ón gCúirt a chur san áireamh ina measúnú bliantúil agus toradh an mheasúnaithe a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
37. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht, tar éis ráig COVID-19, a plean leanúnachais gnó agus a plean i leith bagairt ar an tsláinte phoiblí a agairt chun sláinte agus sábháilteacht foirne, toscairí agus conraitheoirí a chosaint, agus leanúint dá sainordú a bhaint amach ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht dlúthfhaireachán ar fhorbairtí maidir le gnéithe éagsúla de thionchar na paindéime agus gur lean sí an treoir a thug an Coimisiún, rialtas na hÍsiltíre, arb í an Ballstát óstach í, agus eagraíochtaí sláinte amhail ECDC agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus gur lean sí na cinntí a rinne siad; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire gur tharscaoil an Ghníomhaireacht táillí as comhairle eolaíoch a sholáthar do chuideachtaí cógaisíochta a raibh cóireálacha agus vacsaíní in aghaidh COVID-19 á bhforbairt acu, chun taighde maidir le víreas COVID-19 a éascú in 2020; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, nach raibh tionchar ar a cuid meastachán ar ioncam le brath ag an nGníomhaireacht, ós rud é nach raibh na táillí a tarscaoileadh ina gcuid de na meastacháin bhuiséadacha tosaigh; |
Barúlacha eile
|
39. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar ráiteas dearbhaithe na bliana seo caite agus an mhír i ndáil le béim ar ábhar sa tuarascáil ón gCúirt in 2020, gur cúis imní é don Ghníomhaireacht an comhaontú léasa agus foléasa maidir lena seanáitreabh i Londain, ar comhaontú é a mhairfidh go dtí 2039; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur iarr bord bainistíochta na Gníomhaireachta ar an gCoimisiún obair a dhéanamh ar an tsaincheist sin ar an leibhéal polaitiúil ós rud é nár réitíodh an t-ábhar le linn na caibidlíochta a bhain le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil na gníomhaíochtaí atá nasctha leis an gcomhaontú léasa agus foléasa dian ó thaobh acmhainní de agus go bhfuil siad lasmuigh de fhreagrachtaí sláinte phoiblí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuireann luaineacht reatha na Ríochta Aontaithe agus an gheilleagair dhomhanda, mar thoradh ar, inter alia, phaindéim COVID-19, leis an bpráinn a bhaineann leis an ábhar a réiteach go tapa ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann a hacmhainní a thiomnú go hiomlán sa troid in aghaidh na géarchéime sláinte poiblí agus a cuid iarrachtaí a dhíriú ar a misean sláinte poiblí; |
|
40. |
ag aithint an dul chun cinn atá bainte amach ag an nGníomhaireacht maidir le córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt lena gcumasaítear údarú éifeachtúil cógas leighis agus faireachán éifeachtúil orthu, chomh maith le dlí nua an Aontais a chur chun feidhme amhail Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); |
|
41. |
ag tabhairt dá haire, agus is oth léi é, gur fhulaing an Ghníomhaireacht cibirionsaí i mí na Nollag 2020; ag tabhairt dá haire gur thug na húdaráis forghníomhaithe dlí faoi imscrúdú coiriúil iomlán, i gcomhar le CERT-EU agus Europol, chomh maith le soláthróir seirbhíse tríú páirtí seachtrach a bhfuil saineolas sonrach aige maidir le freagairtí ar theagmhais slándála TF; ag tabhairt dá haire gur cuireadh feabhas ar chumais chibearshlándála chosantacha na Gníomhaireachta ó shin, agus go ndearnadh tuilleadh infheistíochta chun an Ghníomhaireacht a chosaint ar ionsaithe amach anseo; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na rioscaí clú a chur san áireamh mar aon leis na héifeachtaí díchobhsaitheacha ar thuairimí an phobail nuair a bhaintear mí-úsáid as faisnéis a fhaightear mar thoradh ar ionsaí den sórt sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a neartú agus tuairisciú ar ais don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
42. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de, ach freisin a thábhachtaí atá sé dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; |
|
43. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndeachaigh an Ghníomhaireacht leis an tionscnamh a sheol EFSA chun acmhainneacht na hintleachta saorga a fhiosrú i réimsí éagsúla d’obair na nGníomhaireachtaí, amhail réamhaisnéisiú, tuairisciú uathoibrithe, próiseáil íomhánna, sláintiú inneachair, agus sainaithint saineolaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí sa tionscnamh seo sna blianta atá le teacht agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú ar ais maidir lena taithí i dtaca le húsáid na hintleachta saorga ina cuid oibre; |
|
44. |
ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Ghníomhaireacht plean cumarsáide do 2020, agus gur chuir sí chun feidhme é, ar plean é a raibh sé mar aidhm leis clúdach a gníomhaíochtaí cumarsáide a leathnú, go háirithe a gníomhaíochtaí a bhain le staid phaindéim COVID-19, ar staid í nach bhfacthas riamh roimhe sin; |
|
45. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí atá déanta ag an nGníomhaireacht chun straitéis chuimsitheach a chur i bhfeidhm le haghaidh forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear céimeanna chun astaíochtaí CO2 agus tomhaltas fuinnimh a laghdú agus chun a áirithiú go bhfuil an Ghníomhaireacht ina háit oibre chostéifeachtach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol; ag spreagadh don Ghníomhaireacht a hiarrachtaí i leith na hinbhuanaitheachta a neartú tuilleadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon athrú i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
46. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (6) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 25.
(2) Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/312 |
CINNEADH (AE) 2022/1766 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 le maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0087/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (4), agus go háirithe Airteagal 68 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0103/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí don bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/313 |
CINNEADH (AE) 2022/1767 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain airgeadais 2020 06003/2022 — C9-0088/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (4), agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/315 |
RÚN (AE) 2022/1768 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 18 048 883 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (“an Lárionad”) don bhliain airgeadais 2020, a léiríonn laghdú de 0,71 % i gcomparáid le 2019, de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Lárionaid den chuid is mó (90 %); |
|
B. |
de bhrí go ndeir an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2020 (an “tuarascáil ón gCúirt”) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid de 100 %, ar aon dul le 2019; ag tabhairt dá haire gur 94,73 % an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 3,56 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe; |
Feidhmíocht
|
2. |
ag tabhairt chun suntais ról tábhachtach an Lárionaid in anailís agus i bhfaisnéis a chur ar fáil do lucht déanta beartas agus do chleachtóirí maidir le drugaí agus andúil i ndrugaí chomh maith le treochtaí atá ag teacht chun cinn d’fhonn úsáid aindleathach drugaí agus gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac go héifeachtach agus cur le hEoraip níos sláintiúla trí dhul i ngleic le hábhair imní thábhachtacha sláinte poiblí a bhaineann le drugaí; á mheabhrú go sainaithnítear gáinneáil ar dhrugaí mar phríomhfhoinse brabúis agus mar bhealach earcaíochta i gcoireacht eagraithe agus i sceimhlitheoireacht, agus dá bhrí sin tugann chun suntais an méid a chuireann an Lárionad freisin le hEoraip níos sláine; |
|
3. |
á chur in iúl le sásamh na 35 fhoilseachán ón Lárionad, lena n-áirítear anailísí straitéiseacha agus staide agus measúnuithe baoil lena gcuirtear beartas agus cleachtas ar an eolas; á chur in iúl gur geal léi an dlúthchomhar idir an Lárionad agus gníomhaireachtaí eile um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (CGB), amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Europol agus na comhfhoilseacháin a eisíodh in 2020; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi gur eagraíodh Scoil Samhraidh na hEorpa maidir le Drugaí 2020 i bhformáid iomlán dhigiteach, a mheall 49 rannpháirtí as 30 tír; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint le feasacht a ardú maidir leis an tábhacht atá le cur chuige coisctheach agus meabhairshláinte-bhunaithe a bheith mar chuid de gach beartas in aghaidh drugaí; |
|
5. |
ag tabhairt chun suntais an méid a chuir an Lárionad, lena thuarascálacha bliantúla, le forbairt Chlár Oibre agus Phlean Gníomhaíochta AE in aghaidh Drugaí 2021-2025 agus an ról a imreoidh an Lárionaid ina chur chun feidhme; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go sainaithnítear líon teoranta (10) eochairtháscairí feidhmíochta (ETF) ilchodacha i samhail tomhais feidhmíochta an Lárionaid, ar táscairí iad a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar a éifeachtaí atá soláthar na n-aschur inmhianaithe agus ar éifeachtúlacht úsáide na n-acmhainní a leithdháiltear, agus a chomhlánaítear le ETF ardleibhéil a fhócasaíonn ar thorthaí agus tionchair; ag tabhairt dá haire gur leag an Lárionad 55 sprioc amach maidir leis na táscairí feidhmíochta ardleibhéil; ag tabhairt dá haire go raibh dhá sprioc in 2020 a fuarthas gan a bheith infheidhme, gur baineadh 81 % díobh amach agus go ndearnadh 19 % díobh a bhaint amach go páirteach; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go raibh an chuid is mó d’obair an Lárionaid in 2020 tiomnaithe d’imscrúdú a dhéanamh ar thionchar COVID-19 ar staid na ndrugaí san Eoraip agus gur sheol an Lárionad dhá acmhainn déag nua in 2020, lena n-áirítear tuarascálacha speisialta agus leathanaigh ghréasáin, mar iarracht cur go tráthúil le faisnéis agus acmhainní chun dul i ngleic le COVID-19; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an Lárionad sprioc maidir le líon na laethanta oiliúna in aghaidh an bhaill foirne a bhaint amach go páirteach (3 lá an sprioc, 1,9 lá arna bhaint amach) óir, mar thoradh ar an bpaindéim, b’éigean roinnt cruinnithe a bhí beartaithe a chur ar ceal de bharr force majeure; ag tabhairt dá haire, i bhfianaise na héiginnteachta a bhain le go leor de chruinnithe an Lárionaid mar thoradh ar an dianghlasáil agus an éiginnteacht maidir le formáid cruinnithe, go ndearnadh an sprioc maidir le doiciméid tacaíochta a chur ar fáil do na pointí fócasacha náisiúnta coicís roimh na cruinnithe a bhaint amach go páirteach; ag tabhairt dá haire maidir leis na heochairtháscairí feidhmíochta a bhain le soláthar an chláir oibre agus cur chun feidhme éifeachtúil na dtionscadal cúnaimh theicniúil le tríú tíortha, nach ndearnadh ach baint amach páirteach ina gcás mar thoradh ar thionchar na paindéime; |
|
9. |
á chur in iúl gur geal léi comhar an Lárionaid le gníomhaireachtaí eile agus a mhéid a chur sé le gréasán ghníomhaireachtaí an CGB; |
Beartas foirne
|
10. |
ag tabhairt dá haire, go raibh 93,69 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme an 31 Nollaig 2020, gur ceapadh 7 n-oifigeach agus 62 ghníomhaire shealadacha as 10 n-oifigeach agus 66 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 76 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur oibrigh 34 ghníomhaire ar conradh don Ghníomhaireacht in 2020 mar aon le saineolaí náisiúnta amháin ar iasacht agus triúr oifigeach eatramhacha agus sainchomhairleoirí; |
|
11. |
á athdhearbhú an imní atá ann go bhfuil easnamh athfhillteach sainaitheanta ag an gCúirt a bhaineann le roinnt gníomhaireachtaí maidir leis an úsáid a bhaintear as comhaltaí foirne seachtracha agus oibrithe eatramhacha; á iarraidh go rachfaí i ngleic leis an spleáchas atá ar earcaíocht sheachtrach sa réimse tábhachtach seo agus go dtabharfaí aird ar an dlí saothair is infheidhme; á chur in iúl breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Samhain 2021 i gCás C-948/19 (2) inar measadh gur cuid de raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir 2008/104/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) iad oibrithe gníomhaireachta sealadacha i ngníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar an Lárionad brath a mhéid is féidir ar chomhaltaí foirne buana agus ar an gCoimisiún chun leithdháiltí iomchuí acmhainní daonna a áirithiú chun na críche sin; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire agus is cúis imní di an easpa cothromaíochta inscne i mbainistíocht shinsearach an Lárionaid, le beirt bhan (22,2 %) agus seachtar fear (77,8 %) agus ar a bhord bainistíochta le 22 fhear (69 %) agus deichniúr bean (31 %); á chur in iúl go bhfuil an fhoireann fhoriomlán comhdhéanta de 46 fhear (45,1 %) agus 56 bhean (54,9 %); á iarraidh ar an Lárionad cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta an Lárionad; |
Soláthar
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Lárionad comhaontú ar leibhéal seirbhíse i gcrích in 2020 le hArd-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (DIGIT) sa Choimisiún le haghaidh seirbhísí a bhaineann le soláthar TFC agus ríomhsholáthar (seirbhísí e-Prior); ag tabhairt dá haire, ó thaobh soláthar a chur i gcrích, gur cuireadh plean soláthair 2020 ar bun i gcomhréir le plean bainistíochta an Lárionaid do 2020, agus gur cuireadh i gcrích go sásúil é i ndlúthchomhar leis na haonaid uile; á chur in iúl gur geal léi gan ráitis a bheith déanta ag an gCúirt maidir leis an gcur i bhfeidhm a rinne an Lárionad ar na rialacha maidir le soláthar poiblí; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
14. |
ag tabhairt aitheantais do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Lárionad, ar a shuíomh gréasáin, curricula vitae chomhaltaí a bhoird bainistíochta, a stiúrthóra, agus na saineolaithe seachtracha ar comhaltaí den choiste eolaíoch iad; á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an Lárionad dearbhuithe maidir le leas chomhaltaí a bhoird bainistíochta; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur faoi údarás stiúrthóir an Lárionaid a dhéantar an measúnú maidir le riosca coinbhleachta leasa a bheith ann, agus go ndéanann an bord bainistíochta, de réir mar a cheanglaítear, na bearta a ghlacadh chun coinbhleacht leasa a chosc nó a sheachaint; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh cás coinbhleachta leasa a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2020; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Lárionad tascfhórsa chun an fhreagairt sláinte poiblí ar an bpaindéim a chomhordú i Márta 2020 tar éis plean bainistíochta teagmhais an Lárionaid a ghníomhachtú agus bearta a chur ar bun chun sábháilteacht na foirne agus an leanúnachas gnó a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur ghníomhachtaigh an Lárionad a phlean leanúnachais gnó agus, de bhreis ar bhaill foirne a bheith ag teilea-obair, go raibh siad seo a leanas san áireamh sna príomhbhearta: cruinnithe seachtainiúla den fhoireann freagartha do theagmhais (ar a raibh stiúrthóir an Lárionaid, an bainisteoir leanúnachais gnó, lia-chomhairleoir an Lárionaid agus príomhbhaill foirne eile), prótacail agus nósanna imeachta soiléire a bhunú don rochtain ar áitreabh an Lárionaid agus chun cumarsáid a dhéanamh maidir le tarlúintí a bhain le COVID-19, na sreafaí oibre i bpríomhlimistéir áirithe a athshainiú chun aistriú ó chiorcaid oibre páipéarbhunaithe go ciorcaid oibre a bhí leictreonach ar fad agus a áirithiú go dtabharfadh an bonneagar TFC tacaíocht d’iarrachtaí teilea-oibre na heagraíochta; |
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi bunú leathanach moil COVID-19 chun acmhainní a chur a fáil agus feasacht a ardú maidir leis an tionchar atá ag na galair ar dhaoine a úsáideann drugaí agus ar sholáthraithe seirbhísí drugaí, lena n-áirítear seirbhísí príosúin chomh maith leis an 28 dtionscadal nua arna ndearadh ag an Lárionad, 11 díobh atá dírithe ar COVID-19; |
Rialú inmheánach
|
18. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad an obair leantach maidir leis na moltaí ó iniúchóireacht 2017 na seirbhíse um iniúchóireacht inmheánach (IAS) a chur i gcrích maidir le bainistiú sonraí agus an plean gníomhaíochta a bhaineann leis; ag tabhairt dá haire go bhfuil dhá thopaic iniúchóireachta ionchasacha san áireamh i bplean straitéiseach iniúchóireachta inmheánaí IAS 2020-2022 don Lárionad, eadhon, bainistiú acmhainní daonna agus pleanáil agus clársceidealú straitéiseach, agus go bhfuil gníomhaíochtaí leantacha agus topaic iniúchóireachta cúltaca maidir le comhar idirnáisiúnta san áireamh sa phlean iniúchóireachta freisin; ag tabhairt dá haire gur chuir IAS tús, i mí na Samhna 2020, leis na réamhagallaimh don iniúchóireacht ar bhainistiú acmhainní daonna agus go ndearnadh an obair allamuigh in Eanáir 2021; |
|
19. |
á aithint go raibh dhá mholadh “an-tábhachtach” sa tuarascáil iniúchóireachta ar bhainistiú tionscadal teicneolaíochta faisnéise sa Lárionad, moladh chun próiseas a shainiú agus a ghlacadh maidir le bainistiú ceanglas, agus moladh chun modheolaíocht a ghlacadh maidir le forbairt córas; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an dá mholadh a chur chun feidhme in 2019 agus go ndearna IAS iad a dhúnadh go foirmiúil in 2020; ag tabhairt dá haire go raibh moladh “an-tábhachtach” amháin sa tuarascáil iniúchóireachta maidir le bainistiú a dhéanamh sa Lárionad ar bhailiú agus bailíochtú sonraí agus dearbhú cáilíochta sonraí, moladh chun feabhas a chur ar shainiú riachtanais ghnó an Lárionaid agus na feidhmiúlachtaí TF gaolmhara a thabharfadh tacaíocht do bhailiú agus bailíochtú sonraí agus don phróiseas dearbhú cáilíochta a aithint; á chur in iúl gur geal léi gur aontaigh an Lárionad le IAS maidir le plean Gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an moladh sin, agus go ndearnadh é a chur chun feidhme go leordhóthanach agus go héifeachtach agus go ndearna IAS an moladh a dhúnadh go foirmiúil in Eanáir 2020; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, tar éis creat rialaithe inmheánaigh nua a thionscnamh in 2017 agus stór a bhunú, agus staid na himeartha maidir le cúrsaí cur chun feidhme in 2018, go ndearna stiúrthóir an Lárionaid an leagan críochnaitheach den stór maidir leis an creat rialaithe inmheánaigh nua a fhormheas i Márta 2019; ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad measúnú ar a chóras rialaithe inmheánaigh in 2020, agus gur cinneadh go raibh na comhpháirteanna uile i láthair agus ag feidhmiú agus gur shainaithin an measúnú dhá phrionsabal rialaithe inmheánaigh ina bhfuil roinnt feabhsuithe ag teastáil, maidir leis na gníomhaíochtaí rialaithe agus faisnéis agus cumarsáid, ach nach ndearna siad difear d’éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh ar an iomlán; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Lárionad ag glacadh na mbeart ceartaitheach riachtanach chun feabhas a chur ar na heasnaimh a sainaithníodh; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go dtéann straitéis frithchalaoise an Lárionaid siar go Lúnasa 2016 agus gur tuairiscíodh i dtuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite an Lárionaid gur cuireadh chun feidhme go hiomlán í; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad tús leis an nós imeachta maidir leis an straitéis frithchalaoise a athnuachan, straitéis a ceapadh a bheadh athnuaite ina iomláine faoi Mheitheamh 2021; á iarraidh ar an Lárionad dlús a chur leis an uasdátú agus a thuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta; |
Barúlacha eile
|
22. |
ag tabhairt dá haire go ndéanann an Lárionad faireachán gníomhach ar a fheidhmíocht comhshaoil agus a lorg CO2 agus timthrialla feabhsaithe leanúnacha á leanúint aige chun an lorg CO2 a laghdú in imeacht na mblianta i gcomparáid leis an mbunlíne a bunaíodh in 2014, ó 9,99 tona in aghaidh gach ball foirne go 5,66 tona in 2019; ag cur sonrú sa titim shuntasach go 0,82 tona in aghaidh an bhaill foirne in 2020, arbh é laghdú ar mhisin agus iompar de bharr COFID-19 ba chúis leis, agus an t-aistriú a rinne an Lárionad go leictreachas atá neodrach maidir le CO2, é á ghiniúint ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh; á iarraidh ar an Lárionad leanúint de bheith ag déanamh faireacháin ar a thomhaltas fuinnimh agus leanúint de bheith ag glacadh beart chun laghdú ar a log CO2, agus á aithint freisin go bhfuil córas curtha ar bun ag an Lárionad ar sárshampla é; |
|
23. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 32.
(2) Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 11 Samhain 2021, UAB „Manpower Lit“ v E.S. and Eile, C-948/19, ECLI:EU:C:2021:906.
(3) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/319 |
CINNEADH (AE) 2022/1769 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1) |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0088/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena mbunaítear an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (4), agus go háirithe Airteagal 15 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidg comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/320 |
CINNEADH (AE) 2022/1770 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0089/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (4), agus go háirithe Airteagal 19 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2022), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/321 |
RÚN (AE) 2022/1771 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020 agus EUR 96 724 337,95 a léiríonn laghdú beag de 0,07 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais, go hiomlán, a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an “Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”) go bhfuil dearbhuithe réasúnacha faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á thabhairt dá haire gur díol sásaimh go raibh ráta cur chun feidhme de 98,89 % ann i rith bhliain airgeadais 2020 de thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid, a léiríonn laghdú beag de 0,33 % i gcomparáid le 2019 agus go raibh an ráta forghníomhaithe ag 96,08 % le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a léiríonn laghdú beag freisin de 0,36 %; |
|
2. |
á thabhairt dá haire, tar éis bharúlacha na Cúirte, go raibh ráta ard íocaíochtaí déanacha ag an nGníomhaireacht le 4 bliana, agus i gcás 11 % de na híocaíochtaí a rinneadh in 2020; á thabhairt dá haire gur léiríodh feabhas 7 % maidir leis na híocaíochtaí déanacha in 2020 i gcomparáid le 18 % d’íocaíochtaí déanacha in 2019; á thabhairt dá haire go n-áirítear fós i bhfigiúr íocaíochtaí déanacha 2020 an riaráiste íocaíochtaí déanacha “a tugadh anonn” ó 2019. á thabhairt, gan carnadh na n-íocaíochtaí déanacha thuasluaite a chur san áireamh, gurbh ionann na híocaíochtaí a rinneadh tráth níos déanaí ná na teorainneacha ama dlíthiúla agus a bhain le gníomhaíochtaí 2020 agus 3 %; á thabhairt dá haire gur bhain formhór na n-íocaíochtaí déanacha le costais taistil a aisíoc le rannpháirtithe chuig ceardlanna; á aithint freagra na Gníomhaireachta go bhfuarthas baill foirne breise chun íocaíochtaí a phróiseáil agus chun riaráiste 2019 a ghlanadh go hiomlán le linn 2020; á thabhairt dá haire gur chinn an Ghníomhaireacht freisin féachaint an bhféadfaí na haisíocaíochtaí speansas le saineolaithe agus le rannpháirtithe chuig ceardlanna a sheachfhoinsiú chuig Oifig Pámháistir an Choimisiúin; á athdhearbhú an gá atá le dul i ngleic le cás na n-íocaíochtaí déanacha agus an riosca airgeadais agus don cháil, ar a ndearna an Chúirt cur síos, a mhaolú; |
Feidhmíocht
|
3. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di straitéis 2020-2024 na Gníomhaireachta a chuirfidh ar a cumas a cúraimí faireachais mhuirí, sábháilteachta agus slándála a chomhlíonadh agus í á rannchuidiú go héifeachtúil le tosaíochtaí digiteacha agus comhshaoil an Aontais; á chur in iúl go háirithe gur díol sásaimh di gur dhréachtaigh an Ghníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an chéad Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol maidir le hIompar Muirí, ina mbailítear faisnéis fhíorúil maidir le lorg comhshaoil na ngníomhaíochtaí loingseoireachta; ag moladh an fheabhsaithe leanúnaigh atá á dhéanamh ag an nGníomhaireacht ar chóras THETIS-MRV agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá a thabhairt do EMSA chun faireachán a dhéanamh ar thuairisciú astaíochtaí ó shoithí; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur bhailigh EMSA, don dara bliain as a chéile, sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 ó longa de bhreis agus 5 000 GT in uiscí AE agus gur chuir sé an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i mí an Mheithimh 2020 do 12 000 long a bhuí le THETIS-MRV; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhféadfadh an Ghníomhaireacht ról níos tábhachtaí fós a bheith aici maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa earnálacha a mhaolú, chomh maith le rioscaí eile comhshaoil a bhaineann le loingseoireacht, le hacmhainneacht bhreise; |
|
4. |
á thabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun cur chun feidhme a clár oibre bliantúil a thomhas; á thabhairt dá haire gurb í an mheastóireacht thréimhsiúil ar an nGníomhaireacht an phríomhuirlis chun an luach breise a chuireann a gníomhaíochtaí ar fáil a mheasúnú; |
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta cur leis an gclár oibre glas Eorpach don iompar muirí trí neartú a dhéanamh ar chumas AE an comhshaol muirí a chosaint, an t-athrú aeráide a bhainistiú lena n-áirítear trí aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe leis an rannchuidiú ó iompar muirí a léirítear sa Straitéis maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Cliste a glacadh i mí na Nollag 2020, lenar fógraíodh an t-athbhreithniú ar shainordú EMSA sa Phlean Gníomhaíochta a ghabhann leis; á thabhairt chun suntais go bhfuil reachtaíocht maidir leis an tsábháilteacht mhuirí agus leis an gcomhshaol á nuashonrú i gcomhthráth le seoladh an athbhreithnithe ar shainordú EMSA; ag leagan béim, thairis sin, ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag EMSA maidir le feabhas a chur ar inniúlachtaí measúnaithe riosca i réimsí sábháilteachta, lena n-áirítear maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le coigeartú a dhéanamh dá réir sin ar shainordú EMSA chun a áirithiú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht a tacaíocht a fheabhsú, agus go bhféadfadh acmhainní buiséadacha a bheith ag gabháil leis an méid sin; |
|
6. |
á chur in iúl gur geal léi go háirithe go bhfuil méadú tagtha le himeacht na mblianta ar ról na Gníomhaireachta maidir le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht slándála muirí AE, mar aon leis an éileamh ar thacaíocht don Choimisiún agus ar d’Údarás Faireacháin CSTE, a bhfuiltear ag súil go leanfaidh sé ar aghaidh níos mó, agus an tosaíocht atá ag dul i méid ar leibhéal an Aontais á léiriú; |
|
7. |
á chur in iúl gur geal léi an méadú gasta atá tagtha ar Sheirbhísí Faireachais Mhuirí Copernicus, i dtéarmaí líon na n-eagraíochtaí a ndéantar freastal orthu agus líon na dtáirgí faireachais talún a chuirtear ar fáil; |
|
8. |
á chur in iúl gur díol sásamh cúnamh na Gníomhaireachta don Choimisiún agus do na Ballstáit simpliú, comhchuibhiú agus cuíchóiriú foirmiúlachtaí tuairiscithe a chur chun cinn; |
|
9. |
á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht a seirbhísí RPAS go dtí 944 lá oibríochta (1 372 uair eitilte) i raon feidhme fheidhmeanna garda cósta agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí AE in oibríochtaí faireachais mhuirí le linn an tríú bliain iomlán d’oibríochtaí Sheirbhísí na nAerárthaí Cianrialaithe (RPAS) a chuireann EMSA ar fáil; |
|
10. |
á thabhairt dá haire go raibh roinnt srianta ar na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe ag an nGníomhaireacht in 2020 de thoradh phaindéim COVID-19; á thabhairt dá haire nach raibh ar chumas na Gníomhaireachta rannpháirtíocht a sócmhainní freagartha ar thruailliú a eagrú i gcleachtaí, ag baint úsáid as nós imeachta slógtha an Lárionaid Comhordúcháin Práinnfhreagartha; á thabhairt dá haire nárbh fhéidir leis an nGníomhaireacht oiliúint “phraiticiúil” in úsáid na seirbhíse cúnaimh trealaimh a eagrú d’oibreoirí Ballstát; á thabhairt dá haire nár éirigh leis an nGníomhaireacht cruinnithe de chuid Ghrúpa Úsáideoirí CleanSeaNet na Gníomhaireachta a eagrú; á thabhairt dá haire, in ainneoin ráig COVID-19, go raibh ar chumas na Gníomhaireachta formhór na gcuspóirí atá leagtha amach ina plean feidhmíochta don bhliain 2020 a bhaint amach go rathúil; |
|
11. |
á thabhairt dá haire, i ndiaidh a Plean Straitéisigh Bliantúil 2020, go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht go dlúth leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach maidir le feidhmeanna garda cósta; á thabhairt dá haire gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta dul i gcomhar le Ballstáit agus le Gníomhaireachtaí eile maidir le faisnéis oibríochtúil, faireachais agus seirbhísí cumarsáide a mhalartú agus chun deiseanna sonracha a shainaithint chun cumas a chomhroinnt; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal leis, ó 2017 i leith, go bhfuil an socrú oibre tríthaobhach idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag feidhmiú go maith; á mheas gur sampla é an socrú de shineirge idir gníomhaireachtaí AE ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh; |
|
13. |
á thabhairt dá haire nár shínigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh an comhaontú ar leibhéal na seirbhíse leis an nGníomhaireacht in 2020, maidir le seirbhísí sábháilte agus éifeachtúla arna bpíolótú go cianda; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an staid reatha agus aon iarmhairtí a bheadh i gceist do chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta a thabhairt le fios; |
Beartas foirne
|
14. |
á thabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2020, go raibh 97,64 % den phlean bunaíochta comhlíonta, go raibh 207 oifigeach agus gníomhaire sealadach (GS) ceaptha as 212 oifigeach agus gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 212 post údaraithe in 2019); á thabhairt dá haire sa bhreis ar 30 gníomhaire ar conradh arna maoiniú ó bhuiséad na Gníomhaireachta, go raibh 3 gníomhaire ar conradh ó bhuiséad Copernicus, agus 14 saineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
15. |
ag cur sonrú sa cothromaíocht inscne i measc chomhaltaí bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, ar mná 3 as 5 (60 %) díobh; ag cur sonrú san easpa cothromaíochta inscne i measc chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta ar fir 46 as 61 (75,41 %) díobh; ag cur sonrú freisin san easpa cothromaíochta inscne i measc fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, ar fir 159 as 253 (62,85 %) dá baill; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
16. |
á thabhairt dá haire gur shínigh an Ghníomhaireacht creatchonradh nua le haghaidh seirbhísí eatramhacha i mBealtaine 2020, atá go hiomlán i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2); |
Soláthar
|
17. |
á thabhairt dá haire gur thug an trí shoitheach a fuarthas ar conradh ag deireadh 2019 chun teacht in ionad an chumais fhreagartha sa Mhuir Aidriad, sa Mheánmhuir Láir agus sa Mheánmhuir Thiar, an chéim ullmhúcháin chun críche agus go ndeachaigh i mbun seirbhís oibríochta i lár 2020 agus, ina theannta sin, gur cuireadh soitheach in ionad soitheach amháin ó chonradh reatha i limistéar an Atlantaigh Thuaidh; á thabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht, tar éis nós imeachta um sholáthar poiblí, conarthaí a dhámhachtain i leith trí shoitheach chun teacht in ionad an chumais fhreagartha ar chósta an Atlantaigh Theas, sa Mheánmhuir Thiar agus Láir, agus go mbeidh an trí shoitheach i mbun oibríochta faoi dheireadh 2021; á thabhairt dá haire freisin, chomh maith leis sin go ndearnadh na conarthaí a bhaineann leis an Muir Bhailt, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara a athnuachan go ceann tréimhse 4 bliana eile; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
18. |
á thabhairt dá haire, tar éis ráitis na Cúirte, go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar a nós imeachta agus a treoirlínte a bhaineann le coinbhleachtaí leasa chomhaltaí an choiste roghnúcháin a shainaithint agus a bhainistiú; á thabhairt dá haire gur cuireadh an nós imeachta nua chun feidhme i dtús na bliana 2020 agus go gcinntítear leis tuairisciú agus bainistiú cuí ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann chomh mhaith le próiseas earcaíochta trédhearcach agus cóir; |
|
19. |
á aithint go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as dearbhuithe coinbhleachta leasa do chomhaltaí a boird bainistíochta agus a bainistíochta sinsearaí agus go bhfoilsíonn sí iad agus go bhfuil treoirlínte eisithe ag an nGníomhaireacht maidir le coinbhleacht leasa agus go bhfuil socruithe sceithireachta curtha chun feidhme, ar uirlis thábhachtach iad chun calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí tromchúiseacha a bhraith; |
Rialú Inmheánach
|
20. |
á thabhairt dá haire gur íoc an Ghníomhaireacht liúntais suiteála agus chothaithe laethúla le gach ball foirne a earcaíodh mar ghníomhaire sealadacha díreach i ndiaidh dóibh a bheith ar iasacht chuig an nGníomhaireacht; á thabhairt dá haire nár ghlac an Ghníomhaireacht céimeanna leordhóthanacha chun teidlíochtaí ar na liúntas sin a fhíorú agus gurb é a conclúid gurb ionann an cleachtas sin agus laige i rialú inmheánach; |
|
21. |
á thabhairt dá haire go raibh tarmligean na cumhachta ag cúigear ball foirne i bpoist bhainistíochta sa Ghníomhaireacht a chuir ar a gcumas na cumhachtaí ceannann céanna leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmiú maidir le gach mír buiséid; á thabhairt dá haire gurb ionann sin, ann féin, agus riosca agus nach gcuidíonn sin le hordlathas soiléir údaráis, freagrachta ná cuntasachta sa Ghníomhaireacht; |
|
22. |
á thabhairt dá haire gur shínigh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta cinneadh lenar ceapadh Stiúrthóirí Feidhmiúcháin gníomhacha agus údaráis cheapacháin ghníomhacha trí tharmligean le linn saoire bhliantúil an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lenar tarmligeadh feidhmiú an dá ról sin go hiomlán le linn na tréimhse sin; á thabhairt dá haire gur sháraigh an cinneadh sin na cumhachtaí arna sannadh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin in Airteagal 15 de rialachán bunaidh na Gníomhaireachta; |
|
23. |
ag cur sonrú sa mhéadú ar eisceachtaí cláraithe a bhain, de réir na Gníomhaireachta, go díreach le paindéim COVID-19; á thabhairt dá haire gur geal léi an tuarascáil ón nGníomhaireacht ar na heisceachtaí sin ó tharla go léiríonn sin go bhfuil nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht agus go ndéanann sí cinntí réasúnaithe freisin chun imeacht uathu, nuair a éilíonn na cúinsí amhlaidh; |
|
24. |
á thabhairt dá haire an measúnú bliantúil ar an gcóras rialaithe inmheánaigh arna dhéanamh ag an nGníomhaireacht agus conclúid an mheasúnaithe sin go bhfuil gach prionsabal rialaithe inmheánaigh agus an chúig chomhpháirt rialaithe inmheánaigh curtha chun feidhme go leordhóthanach agus go bhfuil siad éifeachtúil tríd is tríd, nach bhfuil gá ach le mionfheabhsuithe, agus nár tuairiscíodh aon laigí tromchúiseacha rialaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na laigí arna sainaithint ag an gCúirt a ghlacadh san áireamh mar gur cosúil go léiríonn siad go bhfuil gá le roinnt prionsabal rialaithe inmheánaigh áirithe a threisiú; |
|
25. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di nár eisigh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa aon mholtaí ná barúlacha criticiúla in 2020 a bhféadfadh forchoimeádas a bheith mar thoradh orthu sa dearbhú bliantúil urrúis; ag leagan béim ar an ngá atá ann na rioscaí a bhaineann le laigí inmheánacha rialaithe bhuiséadaigh a íoslaghdú a mhéid is féidir (3) ach gur díol sásaimh di bearta na Gníomhaireachta i mí an Mheithimh 2021 mar fhreagairt ar an méid sin; |
Freagairt COVID agus leanúnachas gnó
|
26. |
ag moladh an fhíorais go raibh an Ghníomhaireacht in ann oiriúnú go tapa do ghéarchéim COVID-19 agus go raibh sí in ann leanúint de raon agus de cháilíocht na seirbhísí a bhfuil siad ag súil leo a chur ar fáil dá geallsealbhóirí; |
|
27. |
á thabhairt dá haire, i bhfianaise fhorbairtí phaindéim COVID-19, gur cuireadh ríomhairí ar fáil d’fhoireann na Gníomhaireachta chun dul ag obair ó chian agus gur leanadh den obair mar a bhí beartaithe in 2020; á thabhairt dá haire gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht ar an úsáid a baineadh as físchomdhálacha le haghaidh cruinnithe inmheánacha, coistí roghnúcháin d’earcaíocht agus le haghaidh cruinnithe le geallsealbhóirí seachtracha; á thabhairt dá haire freisin gur athraigh an Ghníomhaireacht a cuid modhanna oibre chun bealaí malartacha seachadta oiread seirbhísí agus ab fhéidir a áirithiú agus rinne modhanna agus uirlisí nua a fhorbairt a d’fhéadfadh a bheith úsáideach sa todhchaí, amhail ceardlanna beochraolta agus modúil RíomhFhoghlama; á mholadh don Ghníomhaireacht leanúint leis na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime a choinneáil agus leanúint ag úsáid na modhanna oibre a forbraíodh nuair ba ghá le linn na paindéime más ann go bhfuil breisluach ag baint leo sa ré i ndiaidh na paindéime; |
|
28. |
á thabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht athrú ar a buiséad agus a gníomhaíochtaí de réir ráig COVID-19 trí anailís intí a dhéanamh ar éabhlú na paindéime agus a tionchar ar chlár oibre na Gníomhaireachta; á thabhairt dá haire gur measadh gurbh ionann farasbarr iomlán na Gníomhaireachta ó hathchlárú a gníomhaíochtaí le linn na tréimhse sin agus EUR 1 379 110 i leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus EUR 1 602 088 i leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a tugadh ar ais don Choimisiún Eorpach i gcreat a chleachtais aistrithe domhanda; |
|
29. |
á thabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur eagraigh an Ghníomhaireacht teilea-oibriú don fhoireann uile, ag tosú ón 16 Márta 2020 agus go raibh ag feidhmiú láithreach; á thabhairt dá haire ráiteas na Gníomhaireachta go raibh, faoin 3 Meitheamh 2020, 68 000 cruinniú Skype duine ar dhuine déanta ag an bhfoireann chomh maith le 3 444 comhdháil Skype eagraithe aici, 2 203 cruinniú Teams duine ar dhuine agus 287 cruinniú grúpa Teams; |
Tuairimí eile
|
30. |
á thabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag déanamh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Scéime Eorpaí um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil a thacaíonn le gealltanas na Gníomhaireachta láthair oibre atá neamhdhíobhálach don chomhshaoil a chruthú agus a chothabháil agus lena feidhmíocht chomhshaoil trí chéile a fheabhsú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an tÚdarás um Urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an dul chun cinn ar an gcur chun feidhme le linn 2021; |
|
31. |
á iarraidh athuair ar an nGníomhaireacht infhaighteacht a shuímh gréasáin a mhéadú i dteangacha eile seachas an Béarla; á mheas, le níos éagsúlachta teang, go éascófar rochtain ar fhaisnéis do shaoránaigh na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, go bhfeabhsófar a dtuiscint agus a n-eolas ar ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh ó thaobh na sábháilteachta muirí de; |
|
32. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 75.
(2) IO L 327, 5.12.2008, lch. 9.
(3) Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, lch. 130.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/326 |
CINNEADH (AE) 2022/1772 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ar dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0089/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lenar bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (4), agus go háirithe Airteagal 19 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0100/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/327 |
CINNEADH (AE) 2022/1773 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0090/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (4), agus go háirithe Airteagal 31 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/328 |
RÚN (AE) 2022/1774 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 21 682 883 buiséad deiridh ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 28,05 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go dtagann an méadú sin go príomha as méadú ar chaiteachas ar fhoireann, ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus ar ghníomhaíochtaí lárnacha oibríochtúla, a bhaineann le glacadh Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (An Gníomh um Chibearshlándáil) ; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuair an Chúirt dearbhú réasúnach go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí go soláthraíonn an Chúirt an bonn do thuairim cháilithe ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais; |
Buiséad agus bainistíocht airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme de 97,35 % ann i rith bhliain airgeadais 2020 de thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid, a léiríonn méadú de 0,55 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh é 68,62 % an ráta forghníomhúcháin íocaíochta, ar laghdú de 1,49 % é i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
á chur in iúl gur saoth léi barúil na Cúirte atá mar bhonn le tuairim cháilithe ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt go ndeachaigh tarmligean sealadach arna dheonú ag an stiúrthóir feidhmiúcháin roimhe sin do bhall foirne in éag an 31 Nollaig 2019 agus gur dheonaigh an stiúrthóir feidhmiúcháin tarmligean nua don bhall foirne sin an 12 Feabhra 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt gur údaraigh an ball foirne sin, san idirthréimhse, de bhun chuspóirí na Gníomhaireachta, gealltanais bhuiséadacha arbh ionann iad agus EUR 529 120 agus íocaíochtaí arbh ionann iad agus EUR 914 100 (3.5 % iomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2020), gan tarmligean bailí; á chur in iúl gur geal léi barúil na Cúirte go bhfuil bearta déanta ag an nGníomhaireacht, tar éis don gCúirt iniúchadh a dhéanamh, chun na rioscaí a aithníodh a mhaolú sa todhchaí; |
Feidhmíocht
|
3. |
á chur in iúl gur geal léi, maidir le hobair leantach na Gníomhaireachta ar bharúlacha an údaráis um urscaoileadh maidir le hurscaoileadh 2019, an t-athbhreithniú ar eochairtháscairí feidhmíochta na Gníomhaireachta in 2020 chun na dúshláin nua agus an sainordú a thugtar don Ghníomhaireacht leis an nGníomh um Cibearshlándáil a léiriú níos fearr; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire ráiteas na Gníomhaireachta gur fhreagair sí ar phaindéim dhomhanda COVID-19 trí phríomhról a imirt chun cibearghníomhaithe mailíseacha a chosc ó leas a bhaint as an ngéarchéim sláinte agus í a iompú ina cibearphaindéim ar mhórscála; |
Beartas foirne
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh an plean bunaíochta 89,86 % chun feidhme faoin 31 Nollaig 2020, agus 62 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 150 gníomhaire sealadach údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i comparáid le 59 bpost údaraithe in 2019). ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 26 ghníomhaire ar conradh agus 9 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil an plean bunaíochta méadaithe mar gheall ar shainordú na Gníomhaireachta nua a bhronn inniúlachtaí agus acmhainní níos mó tar éis ghlacadh an Ghnímh um Chibearshlándáil; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil easpa cothromaíocht inscne laistigh de bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, is é sin gur fir iad ochtar as naonúr (88,9 %); á thabairt dá haire an chothromaíocht inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, is é sin gur fir iad 41 as 79 (51,9 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí; á mheabhrú don Ghníomhaireacht go bhfuil tábhacht ag roinnt le hinniúlachtaí, eolas agus taithí, agus freisin le cothromaíocht gheografach agus inscne i measc baill foirne, agus iarrthóirí á roghnú; |
|
7. |
á tabhairt dá haire go bhfuil beartas glactha ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh a chosc; ag tabhairt dá aire go ndearnadh cás amháin ciaptha a thuairisciú agus a imscrúdú in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thoradh an cháis; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sainordú agus cúraimí nua ag an nGníomhaireacht ó 2019 i leith ar chur an Gníomh um Chibearshlándáil faoina cúram. ag tabhairt dá haire go dtacaíonn an t-údarás buiséadach leis na gníomhaíochtaí nua le hacmhainní daonna méadaithe in 2020 agus ina dhiaidh sin; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach a rinneadh ar thuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh, go bhfuil roinnt deacrachtaí ag an nGníomhaireacht foireann chuícháilithe a earcú, a mhealladh agus a choinneáil; ag tabhairt dá haire gurb í an chomhéifeacht íseal cheartúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar thuarastail na foirne sa Ghréig agus easnamh na ngairmithe i margadh slándála TF an Aontais is cúis leis an bpríomhfhadhb maidir le folúntais na Gníomhaireachta a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi bearta sóisialta na Gníomhaireachta a cuireadh chun feidhme chun tarraingteacht a mhéadú agus iomlaoid foirne bhliantúil a ísliú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an tsaincheist seo a choinneáil ar an gclár oibre agus nuair is iomchuí aghaidh a thabhairt uirthi trí Líonra Gníomhaireachtaí AE; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar thuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh gur cuireadh siar an t-athbhreithniú ar nósanna imeachta aistrithe chuig baill foirne nua agus go bhfuil sé fós ar siúl faoi láthair; ag tabhairt dá haire freisin go meastar na nósanna imeachta aistrithe a bheith san áireamh sa bheartas um phoist íogaire; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar an bhforbairt todhchaí agus ar ghlacadh an bheartais um phoist íogaire; |
|
11. |
á thabairt dá haire, mar gheall ar fholúntais gan líonadh agus ualach trom oibre, go bhraitheann an Ghníomhaireacht ar fhoireann eatramhach chun cuid de na cúraimí dá clár oibre bliantúil a chomhlíonadh; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht in 2020 chun a straitéis earcaíochta a ath-shainmhíniú, trína spleáchas ar ghníomhairí eatramhacha a laghdú; ag tabhairt dá haire nár cheart go mbeadh costais ionchasacha na Gníomhaireachta ar oibrithe eatramhacha do 2021 níos mó ná EUR 700 000, i gcomparáid le EUR 923 000 do 2019; á chur in iúl gur geal léi freisin, iarrachtaí na Gníomhaireachta a áirithiú go mbeidh na dálaí oibre céanna ag oibrithe eatramhacha agus atá ag oibrithe a fhostaítear go díreach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar fhorbairtí maidir lena spleáchas ar fhoireann eatramhach; |
Soláthar
|
12. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil na critéir dámhachtana maidir le soláthar poiblí glas curtha i bhfeidhm go gníomhach ag an nGníomhaireacht ina doiciméadacht tairisceana, agus gur seoladh nósanna imeachta ábhartha in 2020 amhail soláthar soláthairtí stáiseanóireachta agus priontála, ríomhairí glúine agus stáisiúin nasctha, agus táirgeadh agus soláthar ábhar fógraíochta brandáilte; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a taithí maidir le critéir dámhachtana glasa a roinnt go gníomhach le Gníomhaireachtaí eile agus, i gcás inarb iomchuí, trí Líonra Gníomhaireachtaí an AE; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Chúirt laigí neamhchriticiúla i nósanna imeachta soláthair phoiblí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí na critéir roghnúcháin agus dámhachtana san fhógra soláthair a fheabhsú agus gur cheart faireachán níos fearr a dhéanamh ar urramú maidir le foilsiú laistigh de na spriocdhátaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt ar na forbairtí todhchaí ina leith sin. |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach a rinneadh ar bharúlacha na Cúirte in 2020, go bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair, lena n-áirítear faireachán chun na spriocdhátaí maidir le foilsiú an fhógra dámhachtana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a urramú; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach a rinneadh ar bharúlacha na Cúirte in 2020, go ndearnadh athmheasúnú sonrach ar an gcritéar praghais san athbhreithniú ar a próiseas soláthair inmheánach chun a áirithiú go gcuirfear na tairiscintí airgeadais chun feidhme ar an mbealach is coigiltí; á thabairt dá haire thairis sin go bhfuil a ceanglais maidir le láimhdeachas íosta le haghaidh tairiscintí amach anseo nuashonraithe ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don udarás um urscaoileadh maidir leis na forbairtí ar nósanna imeachta soláthair atá le teacht. |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht
|
16. |
ag tabhairt dá haire bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú, agus chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus a ndearbhuithe coinbhleachtaí leasa á bhfoilsiú ar a suíomh gréasáin; |
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Údaráis a fheabhsú trí thuairsciú a dhéanamh ar na cruinnithe a bhíonn ag foireann an Údaráis le geallsealbhóirí seachtracha agus a n-infhaighteacht ar shuíomh gréasáin an Údaráis; |
Rialú inmheánach
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig measúnú rialaithe inmheánach na Gníomhaireachta ar an gconclúid go ndealraíonn sé go bhfuil na struchtúir a thacaíonn le rialuithe inmheánacha agus comhlíonadh leata amach agus lag; ag tabhairt dá haire an moladh go gcuirfí córas rialaithe cáilíochta neamhspleách i bhfeidhm chun an faireachán ar mheasúnú feidhmíochta sa Ghníomhaireacht a threisiú; ag tabhairt dá haire freisin an chomhairle maidir le cúraimí cothrománacha na Gníomhaireachta a athstruchtúrú, amhail rialuithe inmheánacha, fíorú ex ante, ISO, faireachán buiséid agus rialuithe cáilíochta; |
|
19. |
á chur in iúl gur oth léi gur chuir an Ghníomhaireacht siar a pleananna chun glacadh le beartas nua um phoist íogaire do 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forbairtí ar an ábhar seo a thuairisciú; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht na bearta riachtanacha chun ceithre mholadh iniúchta a thuairiscigh an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil trí mholadh oscailte fós toisc gur gá gníomhaíochtaí eile a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt maidir lena stádas cur chun feidhme amach anseo. |
Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
21. |
á aithint iarrachtaí na Gníomhaireachta tar éis phaindéim COVID-19 nuair a iarradh ar an nGníomhaireacht cabhrú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chomhlachtaí an Aontais a chomhordú trí mholtaí a eisiúint don tionscal bonneagair chriticiúil, ag tacú le bosca uirlisí aipeanna rianaithe AE, agus ag soláthar comhairle d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus treoir don earnáil cúram sláinte chun tacú lena bhfreagairt ar fheachtais mhéadaithe fioscaireachta agus ionsaithe bogearraí éirice; |
|
22. |
á chur in iúl gur geal léi ghníomhaíochtaí spriocdhírithe cinntitheacha na Gníomhaireachta roimh an dianghlasáil a chuir rialtas na Gréige i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an ráig de COVID-19, amhail leanúint ar aghaidh a áirithiú go raibh bearta arda sláinte agus sábháilteachta i bhfeidhm dá foireann (soláthairtí leordhóthanacha díghalráin, lámhainní indiúscartha, aghaidhmhaisc, leigheas bunúsach, díghalrán lámh); ag tabhairt dá haire gur dréachtaíodh treoirlínte foirne agus gur údaraíodh teilea-obair don fhoireann ar fad amhail an 11 Márta 2020, agus gur cuireadh stop le misin agus le himeachtaí poiblí; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig roinnt buntáistí comhshaoil as na srianta a forchuireadh ó Mhárta 2020 agus don chuid is mó den bhliain sin, amhail teilea-oibriú forchurtha agus taisteal srianta go mór do mhisin a bhaineann le hobair, go háirithe laghdú suntasach ar an lorg carbóin agus laghdú ar an úsáid páipéir mar gheall ar phróisis digitithe méadaithe; |
Barúlacha eile
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur bunaíodh struchtúr inmheánach nua na Gníomhaireachta i mí an Mheithimh 2020, lena neartaítear an cumas sineirgí inmheánacha agus seachtracha a fhorbairt trí “foirne tras-struchtúracha” a thabhairt isteach le haghaidh cúraimí a éilíonn ranníocaíochtaí ó aonaid eile; ag tabhairt dá haire gur cruthaoídh ceithre aonad oibríochtúla (aonad forbartha agus cur chun feidhme beartais, aonad forbartha acmhainní, aonad um chomhordú oibríochtúil, agus aonad margaidh, deimhniúcháin agus caighdeánaithe), agus gach ceann acu dírithe ar eilimint shonrach den Ghníomh um Chibearshlándáil a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na tairbhí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón atheagrú seo. |
|
25. |
á iarraidh go ndéanfaí nuachóiriú ar fhoirgnimh chun caighdeáin astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, go háirithe trí phainéil ghréine a shuiteáil ar gach foirgneamh de chuid na Gníomhaireachta; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna an údaráis um urscaoileadh go bhfuil an Ghníomhaireacht i mbun a beartas cibearshlándála a nuashonrú, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a ghlacadh maidir le slándáil eolaire gníomhaigh, slándáil cliant windows agus measúnuithe slándála ar fhreastalaí windows, seanchórais a dhíchoimisiúnú agus scanadh rialta leochaileachta; |
|
27. |
á thabairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh 2019, gur mhéadaigh an Ghíomhaireact a hiarrachtaí chun a fócas ar phríomhghníomhaíochtaí a fheabhsú agus chun dul i ngleic leis an líon is airde geallsealbhóirí is féidir; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair na Gníomhaireachta á scaipeadh trína suíomh gréasáin agus trína bealaí meán sóisialta, inar méadaíodh an leibhéal rannpháirtíochta in 2020; |
|
28. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 86
(2) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/332 |
CINNEADH (AE) 2022/1775 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha ENISA (Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0090/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (4), agus go háirithe Airteagal 31 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0119/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil an CIE ar ghníomhaireachtaí an AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/334 |
CINNEADH (AE) 2022/1776 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0091/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (4), agus go háirithe Airteagal 65 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0120/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/335 |
RÚN (AE) 2022/1777 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0120/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 30 764 883 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 13,36 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur 99,98 % a bhí i ráta chur chun feidhme an bhuiséid mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2020, arb ionann é agus an ráta cur chun feidhme in 2019; ag tabhairt dá haire gur 89,28 % a bhí i ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, is é sin laghdú 2,97 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, ó bhí 2019 ann, go bhfuil tús curtha ag an nGníomhaireacht le táillí agus muirir a ghearradh as cúraimí deimhniúcháin; ag tabhairt dá haire, de réir an tsainordaithe maidir lena Rialachán nua, nach mór don Ghníomhaireacht na riachtanais shonracha atá ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chur san áireamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht rialuithe éifeachtacha a thabhairt isteach chun stádas FBM na n-iarratasóirí a sheiceáil; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a cuireadh ar ceal agus beagnach 5 % (de bharr ghéarchéim COVID-19 den chuid is mó) agus gurbh ionann an ráta cur chun feidhme do leithreasuithe na bliana reatha agus 89,3 %; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann toradh an bhuiséid in 2020 agus EUR 114 225, ar méadú é i gcomparáid le EUR 59 486 in 2019; |
|
5. |
á mheabhrú go bhfuil an buiséad is lú ag an nGníomhaireacht as measc na ngníomhaireachtaí iompair d’ainneoin na feidhmíochta comhshaoil agus aeráide den scoth agus na mbuntáistí eile a bhaineann le hiompar d’iarnród; á chur i bhfáth go háirithe nár cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht tacaíocht bhreise a iarraidh ar an gCoimisiún, de bharr acmhainní airgeadais neamhleora, go háirithe nuair is tosaíocht bheartais de chuid an Aontais Eorpaigh iad iarnróid, go háirithe laistigh den Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus mar a léirítear le hainmniú na bliana 2021 mar Bhliain Eorpach na nIarnród; á iarraidh go méadófar buiséad na Gníomhaireachta ionas go mbeidh na hacmhainní is gá aici chun go mbeidh ar a cumas feidhmiú mar údarás éifeachtúil agus a cúraimí a chomhlíonadh, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann le hiomaíochas a mhéadú, sábháilteacht agus idir-inoibritheacht trasteorann a fheabhsú agus go háirithe an ról agus na freagrachtaí feabhsaithe atá aici maidir le himlonnú tráthúil ERTMS; |
Feidhmíocht
|
6. |
á aithint, le linn di a clár oibre le haghaidh 2020 a chur chun feidhme, gur bhain an Ghníomhaireacht amach go sásúil a spriocanna maidir leis na haschuir éagsúla d’ainneoin na ndúshlán a bhain le paindéim COVID-19, de réir mar a dheimhnigh an bord bainistíochta, chomh maith le leibhéal sásúil gnóthachtála a bhaint amach maidir lena cuid eochairtháscairí feidhmíochta; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar bharúlacha ar urscaoileadh na bliana seo caite, go bhfuil feabhas á chur ag an nGníomhaireacht ar an gcaoi a sainíonn sí agus a ndéanann sí faireachán ar a cuid eochairtháscairí feidhmíochta; ag tabhairt dá haire go ndearnadh gníomhaíochtaí sonracha ina leith sin, amhail clár oibre na Gníomhaireachta a dhíriú ar loighic na hidirghabhála, an breisluach ar an gcóras iarnróid a thomhas agus clár a chur chun feidhme chun rialachas na Gníomhaireachta a stiúradh bunaithe ar shonraí; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a tionscnaíodh agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na forbairtí ina thaobh sin; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gur in Lille agus in Valenciennes araon atá an Ghníomhaireacht lonnaithe, rud a léiríonn go bhféadfaí costais a laghdú dá ndéanfaí na hoibríochtaí uile a lárú san aon áit amháin; á aithint, áfach, nach faoi rialú na Gníomhaireachta atá an leigheas ar an mbarúil ghaolmhar atá sa tuarascáil ón gCúirt; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta go gcuireann an Ghníomhaireacht níos mó béime ó bhí 2020 ann ar an tionchar deiridh agus ar na torthaí deiridh lena rannchuidíonn a gníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire go háirithe gur mian leis an nGníomhaireacht loighic na hidirghabhála a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach tríd an “timthriall plean-déan-seiceáil-gníomh” atá aici, lena spreagfar dearcadh atá níos fadtéarmaí ó thaobh bainistiú acmhainní de; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go roinneann an Ghníomhaireacht a cuid acmhainní le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe maidir lena feidhmeanna riaracháin agus tacaíochta, agus go dtéann sí i gcomhar le gníomhaireachtaí eile iompair de chuid an Aontais i gcúrsaí oibríochtúla; ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis á forbairt ag an nGníomhaireacht freisin chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach mar chuid dá doiciméad clársceidealaithe aonair lena soláthrófar fardal ar shocruithe atá ann cheana le gníomhaireachtaí eile agus lena bhfiosrófar comhar nua a d’fhéadfadh a bheith ann le comhlachtaí eile de chuid an Aontais; á tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil plé dáiríre ar bun le gníomhaireacht eile faoi Mheabhrán Comhair a thabhairt i gcrích; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur ullmhaigh an Ghníomhaireacht, in 2020, clár comhtháite bainistithe feidhmíochta a bhfuil de chuspóir leis éifeachtúlacht na Gníomhaireachta a fheabhsú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma; |
|
12. |
ag cur béim ar fhreagairt thráthúil agus leormhaith na Gníomhaireachta d’iarmhairtí phaindéim COVID-19, i ndáil lena socruithe foirne/oibre agus leis an earnáil iarnróid i gcoitinne, go háirithe trí threoirdhoiciméid agus treochláir COVID-19 an Aontais maidir le hiompar poiblí d’iarnród a dhréachtú; ag moladh gur bhain an Ghníomhaireacht dea-úsáid as na cistí a cuireadh ar fáil de bharr misin thar lear a bheith curtha ar ceal lenar áirithíodh, ar an gcaoi sin, go raibh sí in ann leanúint dá cúraimí a chomhlíonadh; á chur in iúl gur oth léi, áfach, na srianta buiséid faoina gcaithfidh an Ghníomhaireacht oibriú; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi, tar éis tús rathúil in 2019, go bhfuil an Ghníomhaireacht fós ag feidhmiú ina ról mar údarás aonair AE atá freagrach as údaruithe maidir le feithiclí iarnróid a chur ar an margadh a eisiúint chomh maith le deimhnithe sábháilteachta aonair do ghnóthais iarnróid agus formheasanna ERTMS taobh riain, mar a luaitear i gcreat dlíthiúil an 4ú Pacáiste Iarnróid; ag tabhairt dá haire go raibh 2020 ina chloch mhíle thábhachtach maidir le cur chun feidhme an 4ú Pacáiste Iarnróid, agus gur bogadh garsprioc aistrithe an 16 Meitheamh 2020 go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2020 ar deireadh, tráth a raibh an colún teicniúil trasuite ag na 27 mBallstát; |
|
14. |
á chur i bhfáth gur fhág sé sin go raibh méadú suntasach ar an ualach oibre laistigh den ghníomhaireacht, thar an leibhéal réamhaisnéise do 2020; ag tabhairt le fios nár leithdháileadh acmhainní go fóill le haghaidh roinnt de na cúraimí tábhachtacha atá sainordaithe don ghníomhaireacht freisin; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil géarghá ag an ngníomhaireacht le méadú suntasach ar an gcistiúchán, mar a mhol Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta go láidir; |
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi feidhmíocht rathúil na gníomhaireachta laistigh de chreat cholún teicniúil an 4ú Pacáiste Iarnróid; ag tabhairt dá haire go háirithe gur tháinig méadú 700 %, 300 % agus 400 % faoi seach ar líon na n-údaruithe ERTMS, na n-údaruithe feithiclí agus na ndeimhnithe sábháilteachta pobail a eisíodh i gcomparáid le leibhéil 2019; á chur in iúl gur geal léi go roghnaíonn go leor monaróirí a sainchomhaid a thaisceadh leis an nGníomhaireacht fiú mura raibh baint acu ach le Ballstát amháin; ag tabhairt dá haire gur fhág paindéim COVID-19 gur cuireadh dlús le digitiú obair agus nósanna imeachta na Gníomhaireachta, go háirithe maidir le comhaid a chartlannú; ag moladh na Gníomhaireachta as an Ionad Ilfhreastail (OSS) a chothabháil go héifeachtach agus as an dul chun cinn a rinneadh chun éabhlóid fhadtéarmach ERTMS a fhorbairt, trí thuairim ERTMS ar phacáiste seirbhíse 3 maidir le láimhseáil iarrataí ar athruithe a eisiúint, mar shampla; |
|
16. |
ag moladh na Gníomhaireachta as an dul chun cinn a rinne sí le samhail an chultúir sábháilteachta agus maidir le níos mó eagraíochtaí a mhealladh chun an dearbhú sábháilteachta a shíniú, mar shampla trína rannchuidiú rathúil leis an gCreat Bainistíochta Riosca d’Iompar Earraí Contúirteacha a chur chun cinn, agus trí dhíriú go háirithe ar fheabhas a chur ar stóinseacht ERTMS i gcoinne cibearbhagairtí, agus tríd an gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le ENISA a neartú d’fhonn cur chuige comhtháite a fhorbairt ar leibhéal AE; |
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach na Gníomhaireachta don chuspóir Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú mar aon lena hobair leanúnach i bpríomhréimsí amhail rialacha náisiúnta a laghdú agus aibíocht a sonraíochtaí teicniúla a áirithiú; |
|
18. |
á chur in iúl gur geal léi an moladh ón nGníomhaireacht chuig an gCoimisiún agus an phleanáil ilbhliantúil as a dtiocfaidh athbhreithniú iomlán ar STI FTP faoi 2022, rud a éascóidh ticéadú agus taisteal ilmhódach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal intíre; |
Beartas foirne
|
19. |
ag tabhairt dá haire maidir leis an bplean bunaíochta, go raibh 97,29 % de forghníomhaithe an 31 Nollaig 2020, agus 144 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 148 ngníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 148 bpost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 32 ghníomhaire ar conradh agus aon saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil easpa cothromaíochta inscne in ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, inar fir iad seachtar as gach ochtar (87,5 %), agus i mbord bainistíochta na Gníomhaireachta, inar fir iad 44 dhuine as 61 duine (72,1 %); ag cur béim, thairis sin, ar an dáileadh inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, inar fir iad 109 as 174 dhuine (62,6 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht a hiarrachtaí a mhéadú chun cothromaíocht inscne níos fearr a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na foirne amach anseo; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á gceapadh acu ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil na dtáillí agus na muirear arna socrú do ghníomhaíochtaí na gníomhaireachta ró-íseal le cur ar a cumas a cuid misean a mhaoiniú i gceart; á chur i bhfáth go bhfuil teorainn leis an nGníomhaireacht, sa bhreis ar na srianta a bhaineann lena buiséad, de bharr tábla foirne lena gcuirtear uasteorainn 148 mball foirne buan lena hacmhainní daonna; ag tabhairt dá haire go bhfuil 144 bhall foirne buan ag an nGníomhaireacht agus á iarraidh ar an gCoimisiún uasteorainn na foirne údaraithe a ardú; |
|
22. |
ag spreagadh na Gníomhaireachta dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach um acmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh trí chás ciaptha laistigh den Ghníomhaireacht le linn 2020; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, nach ndearnadh aon imscrúduithe agus nár tugadh aon chásanna os comhair cúirte; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gurb í an Ghníomhaireacht an t-údarás aonair san Aontas anois a sholáthraíonn deimhnithe sábháilteachta aonair agus údaruithe feithiclí, chomh maith le Ceadanna Taobh Riain ón gCóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid, agus gur mhéadaigh go mór ar ualach oibre a ball foirne dá bharr; |
Soláthar
|
25. |
ag tabhairt dá haire maidir leis an mbunphlean soláthair, a d’fhormheas an Bord Bainistíochta mar chuid den doiciméad clársceidealaithe aonair 2020 agus a úsáidtear mar chinneadh maoiniúcháin ag an nGníomhaireacht, gur ghá é a mhodhnú i rith na bliana chun riar ar na ceanglais oibríochtúla agus srianta buiséadacha a bhain le COVID-19; ag tabhairt dá haire gurbh éigean trí nós imeachta a chur ar ceal, go háirithe nósanna imeachta a bhain le faireachán a dhéanamh ar an oiliúint, táirgeadh ábhair ilmheán agus seirbhísí cumarsáide, ar luach iomlán EUR 1 852 500; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht ceithre ghlao oscailte ar thairiscintí agus ceithre nós imeachta idirbheartaithe ar luach íseal agus gan fógra conartha a fhoilsiú in 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur bronnadh ceann de na nósanna imeachta idirbheartaithe sin, ar luach tuairim is EUR 950 000, chun tacú le córas oibríochtúil na n-iarnród a fhorbairt lasmuigh den láthair; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus an trédhearcacht
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht CVanna agus dearbhú leasanna de chuid chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus de chuid a luchta bainistíochta sinsearaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire nach bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht CVanna saineolaithe seachtracha ná saineolaithe inmheánacha; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Údaráis a fheabhsú trí fhaisnéis a fhoilsiú go tráthrialta ar a suíomh gréasáin faoi na cruinnithe uile a thionólann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le heagraíochtaí nó le daoine féinfhostaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta; |
|
29. |
á chur in iúl gur geal léi gur lean an Ghníomhaireacht de na bearta a leagtar síos leis an gCreat um Dhea-Iompraíocht Riaracháin a chur chun feidhme agus gur lean sí den oiliúint maidir le heitic agus frith-chalaois atá éigeantach do gach ball foirne; á chur in iúl gur geal léi nár tarchuireadh aon chás ina bhfuil drochamhras ann faoi chalaois chuig OLAF; |
Rialú inmheánach
|
30. |
ag tabhairt dá haire go raibh níos lú cásanna neamh-chomhréireachta agus neamhchomhlíonta ag an nGníomhaireacht in 2020 i gcomparáid le 2019; ag aithint iarrachtaí na Gníomhaireachta a feidhm fíoraithe ex-ante a neartú, agus gur sainaithníodh réimsí le feabhsú ar bhonn na neamh-chomhréireachtaí a braitheadh; ag aithint iarrachtaí na Gníomhaireachta a heagrú inmheánach agus a hacmhainní inmheánacha a neartú a mhéid a bhaineann leis an bhfíorú agus an rialú, trí dhíriú ar chosc seachas ar cheartú; |
|
31. |
ag cur béim ar an mbarúil atá sa tuarascáil ón gCúirt go ndearna an Coimisiún, faoi chomhaontú ar leibhéal seirbhíse, an Ghníomhaireacht a rómhuirearú as seirbhísí éagsúla TF a sholáthar trí shonrasc a chur chuig an nGníomhaireacht as na córais sin, bunaithe ar líon mícheart úsáideoirí; ag cur béim ar na laigí i rialuithe inmheánacha na Gníomhaireachta arna sainaithint ag an gCúirt, a mheas nach ndearnadh aon seiceáil chun a áirithiú gur comhlíonadh téarmaí an chomhaontaithe ar leibhéal na seirbhíse sa mhéid a sonrascadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar an laige arna sainaithint, bearta coisctheacha a thabhairt isteach, aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú ar a creat rialaithe inmheánaigh, agus gur mheas sí gur chomhlíon an Ghníomhaireacht a Caighdeáin Bhainistíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil foirmliú na conclúide sin éagsúil leis an bhfoirmliú a mbaineann gníomhaireachtaí eile úsáid as, agus nach dtugtar léargas ann an ndearnadh prionsabail agus comhpháirteanna an chreata rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus an bhfeidhmíonn siad go héifeachtach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an creat rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir leis an treoir arna cur ar fáil ag Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cinneadh na Cúirte a chur san áireamh ina measúnú agus meastóireacht cheart a dhéanamh ar a thionchar; |
Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
33. |
ag tabhairt dá haire óna tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí gur fhreagair an Ghníomhaireacht go tráthúil agus go leormhaith do phaindéim COVID-19, i ndáil lena foireann agus lena socruithe oibre araon, agus i ndáil leis an earnáil iarnróid; ag tabhairt dá haire gur ghlac an bord bainistíochta na cinntí ba ghá chun leanúnachas gnó na Gníomhaireachta a áirithiú i rith na paindéime, lena n-áirítear na socruithe cinnteoireachta ba ghá maidir le teilea-obair le haghaidh fhoireann na Gníomhaireachta agus maidir leis an tacaíocht dhigiteach ba ghá le haghaidh cianobair éifeachtach; ag tabhairt dá haire go bhfuil tascfhórsa curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun faireachán tráthúil a dhéanamh ar staid na paindéime agus chun cinntí fíor-ama a dhéanamh chun sláinte agus sábháilteacht na foirne ag an obair a choimirciú, le taobh an éifeachtúlacht a chaomhnú; á chur in iúl gur geal léi gur eagraigh an Ghníomhaireacht cruinnithe tráthrialta den chomhthionól ginearálta chun a foireann a choinneáil ar an eolas agus ionas go mbeadh an fhoireann in ann a bheith rannpháirteach i rith na tréimhse sin; |
Barúlacha eile
|
34. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil comhaontú ar leibhéal na seirbhíse sínithe ag an nGníomhaireacht leis an bhfoireann phráinnfhreagartha ríomhaire (CERT-EU) agus go bhfuil plean gníomhaíochta forbartha aici lena n-áirítear gníomhaíochtaí amhail suíomhanna gréasáin inmheánacha nach n-úsáideann úsáideoirí seachtracha a bhlocáil, gnéithe teiliméadrachta a dhíchumasú agus beartas riosca úsáideora a imscaradh; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire nár leag an Ghníomhaireacht síos aon sprioc maidir le laghdú CO2 in 2020; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag forbairt iarscríbhinn mhionsonraithe maidir le bainistiú comhshaoil a ghabhfaidh leis an doiciméad clársceidealaithe aonair; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht ag leanúint thionscnaimh Líonra Ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an scéim um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil agus le seirbhísí deimhniúcháin ISO 14001; |
|
36. |
ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de, ach freisin a thábhachtaí atá sé dlús a chur le digiteáil na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; |
|
37. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé go bhforbróidh an Coiste infheictheacht níos fearr sna meáin agus ar an idirlíon chun a chuid oibre a chur in iúl ar bhealach níos fearr; |
|
38. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 91.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/340 |
CINNEADH (AE) 2022/1778 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0091/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (4), agus go háirithe Airteagal 65 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0120/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/341 |
CINNEADH (AE) 2022/1779 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0093/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán arna Tharmligean (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0108/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí i leith chur chun feidhme bhuiséad an Údaráis don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
Ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/343 |
RÚN (AE) 2022/1780 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0108/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 56 246 722 buiséad críochnaitheach an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (“an tÚdarás”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 18,72 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go maoinítear an tÚdarás le ranníocaíocht ón Aontas (EUR 16 765 425, arb ionann é agus 29,81 % den bhuiséad iomlán), ranníocaíochtaí ó údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát (EUR 21 603 906, nó 38,41 %) agus táillí a fuarthas ó eintitis faoi mhaoirseacht (EUR 15 561 159, nó 27,67 %); |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais an Údaráis beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséadach 99,03 %, a léiríonn méadú an-bheag de 0,92 % i gcomparáid le 2019; á thabhairt dá haire gur ráta forghníomhaithe 85,51 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, a léiríonn laghdú de 3,26 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; |
|
2. |
ag cur sonrú sa bharúil ón gCúirt gur shínigh an tÚdarás “máistir-chomhaontú seirbhísí sonraí” i Márta 2020 le cuideachta Cheanadach ar feadh uastréimhse 7 mbliana; á thabhairt dá haire nár sonraíodh uasmhéid an chonartha go soiléir, rud a laghdaíonn ar thrédhearcacht an chomhaontaithe a síníodh; á thabhairt dá haire gur ghlac an tÚdarás gníomhartha ceartaitheacha, i ndiaidh na hiniúchóireachta, chun dul i ngleic leis an laige thromchúiseach sin sa rialú inmheánach agus go ndearnadh an creatchonradh a chomhshíniú; |
|
3. |
á thabhairt dá haire gur sonraíodh sa tuarascáil ón gCúirt nach ndearna an tÚdarás an ráta úis a leagtar amach i Rialacháin Tharmligthe an Choimisiúin Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar na híocaíochtaí déanacha arna ndéanamh ag roinnt gníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus stórtha trádála i dtaca lena ranníocaíochtaí i gcomhair 2020; á thabhairt dá haire freisin nach ndearna an t-oifigeach údarúcháin na méideanna is infhaighte a shuí agus nár ghlac sé cinneadh foirmiúil an gnóthú úis ar an íocaíocht dhéanach (an pionós) a tharscaoileadh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 101 den Rialachán Airgeadais; á thabhairt dá haire thairis sin gur méid EUR 13 601 atá san ús fabhraithe le haghaidh 2020, nó 0,1 % de na táillí iomlána in 2020, dar leis an Údarás; ag cur sonrú sna bearta ceartaitheacha a glacadh agus á iarraidh ar an Údarás tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le haon athruithe ábhartha; |
|
4. |
á thabhairt dá haire go ngearrann an tÚdarás táillí ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus stórtha trádála agus nár cheart go gcumhdófaí leis na táillí sin ach caiteachas an Údaráis a bhaineann leis na táillí a gearradh, amháin; á thabhairt dá haire mar sin féin go bhfuair an Chúirt gur sháraigh na táillí a gearradh an caiteachas ábhartha, ionas gur cruthaíodh barrachais; á thabhairt dá haire go leanfaidh an tÚdarás an treoraíocht ón gCoimisiún maidir leis an tsamhail bhuiséadaithe dá tháillí agus go bhfuil sé mar aidhm aige an trasmhaoiniú a theorannú i gcás inar féidir; á thabhairt dá haire mar sin féin a chasta atá struchtúr buiséadach an Údaráis, rud a chruthaíonn a thuilleadh deacrachtaí fós don struchtúr buiséadach agus a theorannaíonn cumas an Údaráis oiriúnú do theagmhais mhargaidh mar mhaoirseoir, agus cur chuige rioscabhunaithe in úsáid; |
|
5. |
á thabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha ón tuarascáil ón gCúirt, go bhféadfadh sé gur trasmhaoiniú bliantúil gníomhaíochtaí a bheadh mar thoradh ar na barrachais agus easnaimh ó na táillí a ghearrtar ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus stórtha trádála; á thabhairt dá haire gur cheart don Údarás bealach a aimsiú chun trasmhaoiniú den sórt sin a sheachaint; á iarraidh ar an Údarás an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi na forbairtí ina leith sin; |
|
6. |
á thabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha ón tuarascáil ón gCúirt, nach ndearna an tÚdarás ranníocaíochtaí pinsin na n-údarás inniúil náisiúnta do bhliain N, arna mbunú ar mheastacháin, a choigeartú go figiúirí iarbhír riamh agus nár bheartaigh sé an coigeartú a dhéanamh; á iarraidh ar an Údarás gníomhaíocht a dhéanamh ina leith sin; |
|
7. |
á thabhairt dá haire nach bhfuil an bunús dlí ag an Údarás chun a iarraidh ar stórtha trádála a bhfigiúirí trádála a bheith deimhnithe ag iniúchóirí neamhspleácha; ag cur sonrú sa fhreagra ón Údarás go mba cheart an rialachán tarmligthe maidir le táillí i gcás stórtha trádála a leasú chun an córas áirimh a chomhchuibhiú, i gcomhréir leis na moltaí ó Sheirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach; á thabhairt dá haire thairis sin gur chuir an tÚdarás tograí faoi bhráid an Choimisiúin in 2020 agus go ndearna sé iad a chomhroinnt leis an gCúirt chun déileáil leis an tsaincheist sin; |
Feidhmíocht
|
8. |
á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go mbaineann an tÚdarás leas as bearta áirithe amhail eochairtháscairí feidhmíochta chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbreisluach arna sholáthar ag a ghníomhaíochtaí agus as bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid, bearta amhail líon na dtopaicí riosca a ndearnadh anailís orthu, an ráta cealaithe i gcás leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an ráta láimhdeachais foirne; |
|
9. |
á thabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás athbhreithniú ar a eochairtháscairí feidhmíochta dá chlár oibre bliantúil 2020, agus é ag díriú ar thionchar a thomhas; á thabhairt dá haire thairis sin go ndéanann an tÚdarás a chuid oibre a athbhreithniú ar bhonn cáilíochtúil i gcónaí, trí athbhreithnithe inmheánacha ad hoc ar thionscadail a tháirgeadh, nó “ceachtanna a foghlaimíodh”; |
|
10. |
á thabhairt dá haire go n-oibríonn an tÚdarás leis an dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), trí bhíthin Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach; á thabhairt dá haire go n-oibríonn an Comhchoiste sna réimsí seo a leanas: anailísí micreastuamachta ar fhorbairtí, rioscaí agus leochaileachtaí trasearnála maidir le cobhsaíocht airgeadais, maoirseacht ar chomhghnóthais airgeadais, cuntasaíocht agus iniúchóireacht, táirgí infheistíochta miondíola agus saincheisteanna sa chosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí; á thabhairt dá haire go bhfuil ról tábhachtach ag an gComhchoiste sa mhalartú faisnéise leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) freisin agus maidir le caidreamh a fhorbairt idir BERS agus na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha; á thabhairt dá haire gur shínigh an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh Meabhrán Tuisceana freisin in 2013 lenar bunaíodh creat chun faisnéis a mhalartú i gcás inarb ionann freagrachtaí rialála an dá chomhlacht Aontais i ndáil le margaí fuinnimh mórdhíola, lena gcuimsítear trádáil i gconarthaí tráchtearraí agus díorthach; á thabhairt dá haire go bhfuil feidhm an Oifigigh cuntasaíochta ag an Údarás i gcomhpháirt le ÚBE, agus maidir leis an gcuid is mó dá phróiseas solathair gur comhsholáthair iad i gcomhpháirt le gníomhaíreachtaí eile agus leis an gCoimisiún; á thabhairt dá haire thairis sin gur chuir an tÚdarás a chlár digiteála riaracháin chun feidhme bunaithe ar bhogearraí TF atá á gcomhroinnt ag sé ghníomhaireacht Aontais eile, a chomhoibríonn le chéile chun cumarsáid a dhéanamh maidir leis na dea-chleachtais úsáideora agus leaganacha nua; |
|
11. |
á thabhairt dá haire, mar thoradh ar thionchar phaindéim COVID-19, go ndearna an tÚdarás 81,5 % de na gníomhaiochtaí a bhí san áireamh ina chlár oibre bliantúil in 2020 a chur i gcrích, a léiríonn laghdú de 13,5 % i gcomparáid le 2019; |
|
12. |
á thabhairt dá haire gur díol sásaimh don Údarás breithmheas dearfach na Parlaiminte ar rannpháirtíocht an Údaráis i réimse an airgeadais inbhuanaithe, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le tionchair agus rioscaí inbhuanaitheachta do tháirgí agus do mhargaí airgeadais; á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go rannchuidíonn an tÚdarás go gníomhach i gcónaí le forbairt chreat rialála agus praiticiúil an Aontais ar son na hinbhuanaitheachta, rud a cheanglaítear chun uaillmhian polaitiúil agus amchlár práinneach Chomhaontú Glas don Eoraip a chomhlíonadh, go háirithe i ndáil le Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4); á chur in iúl gur díol sásaimh di ina leith sin Straitéis Airgeadais Inbhuanaithe an Údaráis a foilsíodh an 6 Feabhra 2020, lenar tugadh tús áite, i measc nithe eile, do chomhtháthú na hinbhuanaitheachta sa leabhar rialacha aonair; |
Beartas foirne
|
13. |
á thabhairt dá haire go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 76,11 % ar an 31 Nollaig 2020, go raibh ceapacháin déanta i gcás 172 ghníomhaire shealadacha as 226 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 210 bpost údaraithe in 2019); á thabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 68 ngníomhaire ar conradh don Údarás in 2020 agus 10 saineolaí náisiúnta a bhí ar iasacht ag an Údarás; |
|
14. |
á thabhairt dá haire, maidir leis an dáileadh inscne laistigh d’ardbhainistíocht an Údaráis, gur mná is ea triúr den chúigear; á thabhairt dá haire, maidir leis an dáileadh inscne laistigh de bhord bainistíochta an Údaráis gur mná is ea triúr den seisear; á thabhairt dá haire, thairis sin, maidir leis an dáileadh inscne laistigh d’fhoireann an Údaráis i gcoitinne, gur mná is ea 134 as 250; ag tabhairt le fios, áfach, maidir le hearcú foirne nua agus i dtaca le harduithe céime, gur cheart don Údarás a mheabhrú gurb iad scileanna, eolas agus taithí na n-iarrthóirí na gnéithe is tábhachtaí; á thabhairt le fios gur cheart aird a thabhairt ar an ngá atá le cothromaíocht gheografach i measc na mball foirne; |
|
15. |
á thabhairt dá haire go raibh méadú ar ualach oibre an Údaráis in 2020, méadú a beartaíodh, agus go bhfuarthas 16 phost nua, a beartaíodh sa Chreat Airgeadais ilbhliantúil do 2020, chun freastal air; á thabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás poist a athleithdháileadh go hinmheánach freisin chun go mbeadh ionchur á sholáthar i gcónaí i gclár oibre Mhargaí Caipitil an Aontais agus chun an brú ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a bhainistiú mar thoradh ar RA a bheith ag tarraingt siar ón Aontas; á thabhairt dá haire thairis sin gurbh éigean don Údarás a chlár oibre a athbhreithniú in 2020, trínar cuireadh moill ar chúraimí áirithe a bhí beartaithe agus athleithdháileadh eile foirne á dhéanamh, chun freagairt ar an ngéarchéim de bharr phaindéim COVID-19; |
|
16. |
á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di tráth a tionscnaíodh socruithe teilea-oibre de bharr phaindéim COVID-19, gur eagraigh an tÚdarás seisiúin ar líne i gcomhréir lena bheartas maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; á chur in iúl gur geal léi nach ndearnadh aon chásanna ciaptha a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt os comhair na cúirte in 2020; |
Soláthar
|
17. |
ag cur sonrú sna hiarrachtaí a bhí á ndéanamh ag an Údarás chun sineirgí a chruthú trí bhíthin nósanna imeachta comhsholáthair i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí eile Aontais; á thabhairt dá haire go raibh an tÚdarás páirteach in 20 nós imeachta soláthair idirinstitiúideach nua in 2020 im éineacht le gníomhaireachtaí eile, an Coimisiún, agus Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear nós imeachta amháin a raibh an tÚdarás féin i gceannas air; á mholadh don Údarás leanúint de shineirgí a fhorbairt le comhlachtaí eile Aontais; |
|
18. |
á thabhairt dá haire gur thairbhigh an tÚdarás níos mó ná ariamh de dhigiteáil iomlán a chuid próiseas airgeadais agus soláthair uile in 2020, de bhrí gur tionscnaíodh córas gan pháipéar; á thabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá phróisis riaracháin le linn na paindéime agus gur éirigh sé níos éifeachtúla de bharr cleachtais sínithe digiteacha a bheith curtha leo; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
19. |
á thabhairt dá haire gur ó tháillí arna ngearradh ar na heintitis a ndéanann sé maoirseacht orthu a tháinig 27,66 % de bhuiséad an Údaráis; á thabhairt dá haire gur cuireadh bearta chun feidhme chun aon choinbhleachtaí leasa a mhaolú, agus go ndearna comhlachtaí Aontais agus iniúchóirí seachtracha iniúchóireacht ar na struchtúir agus na próisis sin; á iarraidh ar an Údarás leanúint dá thuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis na bearta atá déanta aige chun a áirithiú nach dtarlóidh aon choinbhleacht leasa; |
|
20. |
á thabhairt dá haire, i bhfianaise thionchar phaindéim COVID-19 agus suaiteacht mhór sna margaí in earrach 2020, gur leasaigh bord bainistíochta an Údaráis an beartas eitice foirne chun go bhféadfaí cosc ginearálta sealadach ar thrádáil in ionstraimí airgeadais a thionscnamh, faoi imthosca áirithe, chun aon riosca déileáil cos istigh a chosc; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an tÚdarás go dícheallach leis na moltaí ón Ombudsman Eorpach don Údarás Baincéireachta Eorpach maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc i gcomhthéacs gníomhaíochtaí iarfhostaíochta bainisteoirí sinsearacha a imíonn, agus gur ionchorpraigh sé iad ina bheartas eitice foirne i mí na Nollag 2020; |
|
21. |
á chur in iúl gur geal léi na céimeanna breise a glacadh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht ghníomhaíochtaí an Údaráis trí chruinnithe bhaill foirne an Údaráis le geallsealbhóirí seachtracha a thuairisciú agus iad a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis; |
|
22. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an tÚdarás CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí a bhoird bainistíochta agus na foirne bainistíochta; |
Rialú inmheánach
|
23. |
á chur in iúl gur geal léi an measúnú bliantúil ar chóras rialaithe inmheánaigh an Údaráis agus an conclúid gur ann dó agus é dea-fheidhmiúil; á thabhairt dá haire gur shainaithin an tÚdarás 22 easnamh uile, gurbh easnaimh bheaga a bhformhór agus nár tharraing aon cheann díobh amhras ar phrionsabail an rialaithe inmheánaigh a bheith ann agus ag feidhmiú mar ba chóir; á thabhairt dá haire maidir leis na deiseanna feabhais a chonacthas go mbaineann a bhformhór leis na comhpháirteanna “timpeallacht rialaithe” agus “gníomhaíochtaí rialaithe”; á iarraidh ar an Údarás barúlacha na Cúirte a mheas go sainráite ina mheasúnú bliantúil, óir baineann cuid mhór de na barúlacha leis an gcóras rialaithe inmheánaigh; |
|
24. |
á thabhairt dá haire gur aimsigh an Chúirt rialuithe inmheánacha laga maidir leis an bhfaireachán ar an am a muirearaíodh don Údarás i gconradh “am agus meáin” faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhísí comhairleoireachta TF; á thabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt nár leor na seiceálacha a rinne an tÚdarás chun fíorú a dhéanamh ar an líon laethanta iarbhír a oibríodh lasmuigh den láthair faoin gconradh sin; á thabhairt dá haire thairis sin nár choinnigh an tÚdarás cuntas rialta ar an am a bhí á mhuirearú ag an gconraitheoir, cé gur shonraigh an creatchonradh gur cheart déanamh amhlaidh; á thabhairt dá haire maidir leis na rialuithe a bhí ag an Údarás chun a dhearbhú go raibh na híocaíochtaí a rinneadh leis an gconraitheoir bunaithe ar bhileoga ama a bhí bailí agus a cuireadh isteach go tráthúil, gur rialuithe laga ab ea iad ar an ábhar sin, rud arb ionann agus easnamh suntasach sa rialú inmheánach; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i ndáil leis sin. |
|
25. |
á thabhairt dá haire gur tháinig Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) ar an gconclúid maidir le córais bhainistithe agus rialaithe an Údaráis a cuireadh ar bun le haghaidh bainistiú gníomhaíocht-bhunaithe agus bailiú táillí, gur dearadh go himleor é agus é á chur chun feidhme go héifeachtach; a thabairt dá haire, as na cúig mholadh dá bhforáiltear sa tuarascáil maidir le SCInna, gur dúnadh ceithre cinn cheana féin; á thabhairt dá haire thairis sin go ndéanfaidh an tÚdarás an ceann deireanach a chur chun feidhme faoi dheireadh 2021, in éineacht le cur chun feidhme uirlis nua TF le haghaidh bainistiú gníomhaíocht-bhunaithe; á iarraidh ar an Údarás aon athrú ar an gcás sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
26. |
á thabhairt dá haire gur lainseáil an tÚdarás a phlean leanúnachais gnó agus gur chuir sé foireann bainistíochta leanúnachais gnó ar bun i bhFeabhra 2020; á thabhairt dá haire, ar an iomlán, go ndeachaigh an phaindéim i bhfeidhm ar an Údarás ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear cruinnithe níos minice i gcás an Bhoird Maoirseoirí agus cruinnithe grúpa eile an Údaráis, méadú ar an digiteáil agus ar úsáid na closchomhdhála agus na físchomhdhála agus uirlisí vótála, méadú ar a thábhachtaí a bhí láithreacht ar líne sna meáin shóisialta agus freastal ar chomhdhálacha ar líne, agus lorg carbóin níos lú mar thoradh ar laghdú ar an méid a priontáladh agus laghdú taistil; |
|
27. |
á thabhairt dá haire, mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, gur threisigh an tÚdarás a ról comhordúcháin maidir le cistí infheistíochta a mhaoirsiú trí mhalairtí a eagrú go minic le húdaráis inniúla náisiúnta maidir le forbairtí margaidh agus rioscaí maoirseachta, maidir le ceisteanna leachtachta go háirithe; |
Barúlacha eile
|
28. |
á thabhairt dá haire gur lean an tÚdarás dá ullmhúchán maidir le deireadh idirthréimhse tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcomhréir lena mhisean chun feabhas a chur ar chosaint infheisteoirí agus margaí airgeadais cobhsaí agus ordúil a chur chun cinn; á thabhairt dá haire gur atosaigh an tÚdarás ar anailís chórasach a dhéanamh ar thionchar féideartha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar fud mhargaí urrúis an Aontais agus maidir le rannpháirtithe sna margaí airgeadais, agus gur oibrigh sé i ndlúthpháirtíocht leis na húdaráis inniúla, an Coimisiún agus Údarás Iompair Airgeadais na Ríochta Aontaithe chun maolú a dhéanamh ar aon saincheisteanna a tháinig chun cinn; |
|
29. |
á thabhairt dá haire gur oibrigh an tÚdarás, ó thús deireadh 2020, ar bhealach chun leanúint de chruinnithe ó chian tar éis na paindéime chun an laghdú dá réir ar thaisteal agus na buntáistí comhshaoil a eascraíonn as a choimeád; á mholadh don Údarás déanamh amhlaidh agus á iarraidh ar an Údarás aon athruithe i ndáil leis sin a thuairisciú; |
|
30. |
á iarraidh go ndéanfaí nuachóiriú ar fhoirgnimh d’fhonn caighdeáin astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, go háirithe trí phainéil ghréine a shuiteáil ar gach foirgneamh de chuid an Údaráis; |
|
31. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (5) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 177.
(2) Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta a bheith á nochtadh ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/348 |
CINNEADH (AE) 2022/1781 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo arna sholáthar ag an gCúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Údarás i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0093/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (4), agus go háirithe Airteagal 64 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0108/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí don bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/349 |
CINNEADH (AE) 2022/1782 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Lárionad i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0094/2022), |
|
— |
ag féachaint d'Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais a bhaineann le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (4), agus go háirithe Airteagal 17 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna bhunú faoi TFEU agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Eatramhach na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir Eatramhach na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/351 |
RÚN (AE) 2022/1783 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 20 957 000 buiséad críochnaitheach na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (“an Fhondúireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus ardú 2,00 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur as buiséad an Aontais a thagann iomlán bhuiséad na Fondúireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Fondúireachta don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais na Fondúireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire go raibh de thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2020 go raibh ráta curtha chun feidhme 99,88 % ann, arb ionann é agus 0,08 % de laghdú i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gurbh é 95,65 % an ráta forghníomhaithe íocaíochta, arb ionann é agus 0,25 % de laghdú i gcomparáid leis an mbliain roimhe; |
|
2. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Fhondúireacht bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun an fheidhmíocht a thomhas, amhail suirbhéanna, agus eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú, amhail cur chun feidhme an leithreasaithe faoi chomhair gealltanas, ráta cealaithe leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, íocaíochtaí tráthúla, ráta olltoraidh; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Fhondúireacht ceithre eochairtháscaire feidhmíochta breise i bhfeidhm chun breisluach a gníomhaíochtaí in 2020 a thomhas; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur ghnóthaigh an Fhondúireacht ráta comhlánaithe gníomhaíochta 86,84 %, laghdú beag i gcomparáid le 2019, agus ráta comhlánaithe tráthúil 75,94 %; ag tabhairt dá haire gur ghnóthaigh an Fhondúireacht na heochairtháscairí feidhmíochta go léir, agus gan ach beagán eisceachtaí ann; ag tabhairt dá haire go ndearnadh difear diúltach don ráta comhlánaithe in 2020, mar thoradh ar phaindéim COVID-19; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Fhondúireacht líonra barr feabhais in 2020, ag tairiscint ardáin chun comhpháirtíocht a mhalartú i measc ionaid barr feabhais nua agus ionaid barr feabhais atá ann cheana; ag tabhairt dá haire ina theannta sin gur chruthaigh an Fhondúireacht uirlisí chun tacú leis an bhfoghlaim dhigiteach, amhail SELFIE (uirlis féinmheasúnaithe), a úsáidtear faoi láthair san Eoraip Thoir Theas, sa Tuirc agus i dtrí thír oirthearacha comhpháirtíochta roghnaithe; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, i dtéarmaí rannchuidiú le beartais an Aontais um ghníomhaíocht sheachtrach in 2020, gur úsáideadh saineolas na Fondúireachta chun cláir Aontais maidir le forbairt caipitil dhaonna a fhoirmliú, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu, arb ionann é agus tuairim is EUR 305 mhilliún; ag tabhairt dá haire gur lean an Fhondúireacht dá comhoibriú le gníomhairí idirnáisiúnta agus déthaobhacha um fhorbairt, amhail eagraíochtaí agus institiúidí airgeadais; |
|
7. |
á chur in iúl gur geal léi comhar leanúnach na Fondúireachta le gníomhaireachtaí eile, go háirithe leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus le Eurofound, rud a chuir feabhas ar éifeachtúlacht agus a d’fhág gurbh fhéidir eolas suntasach a roinnt ina réimse saineolais; |
|
8. |
á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, an tionscnamh “Scileanna d’Fhorbairt na Fiontraíochta” atá ar bun faoi láthair ag an bhFondúireacht agus lena dtugtar aghaidh ar an ngá atá le scileanna a oiriúnú agus a fheabhsú, agus lena gcuirtear ar a gcumas d’fhiontair freagairt do dhúshláin agus iad a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd a d’eascair as paindéim COVID-19, rannchuidiú le sochaithe atá níos glaise, cuimsitheach agus nuálach, agus borradh a chur faoin iomaíochas inbhuanaithe agus faoin athléimneacht; |
|
9. |
á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na Fondúireachta maidir le cuidiú le tíortha comhpháirtíochta de chuid an Aontais leas a bhaint as acmhainneacht a gcaipitil dhaonna agus feabhas a chur ar ionchais fostaíochta a gcuid saoránach trí athchóiriú a dhéanamh ar an oideachas, an ghairmoiliúint, scileanna agus córais mhargadh an tsaothair, i gcomhthéacs bheartais an Aontais maidir le caidreamh seachtrach; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go bhfuil acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais ann ionas gur féidir leis an bhFondúireacht leanúint dá clár oibre a chur chun feidhme agus gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche ar ráta an-ard; |
|
10. |
á aithint go bhfuil cuspóirí agus gníomhaíochtaí na Fondúireachta ailínithe go dlúth le beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, na forbartha daonna, scileanna agus na himirce; |
Beartas foirne
|
11. |
ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 98,8 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 85 ghníomhaire shealadacha as 86 gníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 86 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire gur oibrigh, ina theannta sin, 41 ghníomhaire ar conradh agus gníomhaire áitiúil amháin don Fhondúireacht in 2020; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gurbh é an chothromaíocht inscne sa mheánbhainistíocht agus sa bhainistíocht shinsearach seisear ban as deichniúr (in 2019, cúigear as naonúr); ag tabhairt dá haire gurb é an chothromaíocht inscne i measc comhaltaí den bhord bainistíochta 40 % fir agus 60 % mná agus i measc na foirne ar an iomlán 32,3 % fir agus 67,7 % mná; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéil na bainistíochta agus na foirne amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go bhfaigheann an Fhondúireacht líon níos airde iarratas óna tír óstach in ainneoin fhoilsiú leitheadach a fógraí folúntais, rud a mhíníonn an líon níos airde náisiúnach Iodálach a earcaíodh (in 2020, bhí náisiúntacht na hIodáile ag 41 % den fhoireann); ag tabhairt dá haire go bhfuil an Fhondúireacht ag úsáid nós imeachta roghnúcháin fhiúntasbhunaithe, agus i gcásanna ina mbíonn comhfhiúntas ann, déantar an roghnú i bhfabhar iarrthóirí ó náisiúntachtaí faoi ghannionadaíocht; á iarraidh ar an bhFondúireacht leanúint d‘fheabhas a chur ar chothromaíocht gheografach a fhoirne d’fhonn ionadaíocht chuí náisiúnach ó na Ballstáit uile a bhunú, agus béim ar leith á leagan ar an leibhéal bainistíochta; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur nuashonraigh an Fhondúireacht a lámhleabhar nósanna imeachta féin lena n-áirítear beartas um chiapadh a chosa; ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Fhondúireacht in 2020 seisiún maoirseachta le síceolaí chun na cleachtais is fearr agus cruachásanna a chomhroinnt nuair atáthar ag bainistiú cásanna; ag tabhairt dá haire gur glacadh le straitéis acmhainní daonna nua don tréimhse 2021-2027 agus go gcuimsítear sa straitéis sin beartas neamhfhulaingt ar iompar neamh-mheasúil; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuair gach duine nua in 2020 seisiún ionduchtúcháin ar chiapadh agus cur i láthair ó na comhairleoirí; |
|
14. |
á chur i bhfios go láidir gur gá ró-ualach digiteach a sheachaint agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart don fhoireann a bheith ag obair ach laistigh d’uaireanta oibre; á chur in iúl gur geal léi uirlisí nua na Fondúireachta a uaslódáladh le déanaí chun teachtaireachtaí a sheachadadh laistigh d’uaireanta oibre; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí eile amhlaidh a dhéanamh mar dhea-chleachtas; |
Cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus trédhearcacht
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Fhondúireacht na dearbhuithe coinbhleachta agus CVanna go léir do chomhaltaí an bhoird bainistíochta, agus do na hardbhainisteoirí agus na bainisteoirí meánacha; |
Soláthar
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur lorgaíodh sineirgí le hinstitiúidí eile maidir le soláthar maille le measúnú deise ad-hoc córasach i leith gach riachtanas soláthair; ag tabhairt dá haire go raibh an Fhondúireacht in 2020 mar pháirt de 56 chonradh idir-institiúideacha, naoi gcomhaontú ar leibhéal seirbhíse agus seacht gconradh a bhí oscailte do ghníomhaireachtaí eile; ag tabhairt dá haire gur lean an fhoireann soláthair de bheith rannpháirteach go gníomhach laistigh den líonra comhairleoirí sinsearacha soláthair de Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur chuir an Fhondúireacht tús in 2020 le soláthar poiblí glas a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna tionscadal ríomhsholáthair na Fondúireachta dul chun cinn agus sonraisc leictreonacha á bhfáil (ba go leictreonach a fuarthas 54 % de na sonraisc a tháinig isteach in 2020 i gcomparáid le 42 % in 2019) agus tairiscintí leictreonacha do gach tairiscint oscailte (ríomhthairiscint agus ríomhaighneacht) á bhfáil; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, seachas gnóthachain éifeachtúlachta agus laghdú ar úsáid páipéir sna próisis soláthair agus íocaíochta, a deimhníodh, de bharr an ríomhsholáthar a bheith curtha chun feidhme, leanúnachas gnó i réimse chur chun feidhme na gclár oibre, go háirithe le linn a bheith ag obair faoi dhálaí cianda; á mholadh don Fhondúireacht tuilleadh úsáide a bhaint as réitigh dhigiteacha nuálacha; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur fheabhsaigh an tréimhse chun íocaíocht a dhéanamh in 2020 go 17,5 lá ar an meán, i gcomparáid le 18,5 in 2019; |
Rialáil inmheánach
|
19. |
ag cur in iúl gurb oth léi gurb amhlaidh, dar leis an tuarascáil ón gCúirt, nár chomhlíon an Fhondúireacht prionsabal rialaithe inmheánaigh 12 dá creat rialaithe inmheánaigh, faoinar cheart na heisceachtaí agus na teagmhais neamhchomhlíonta a thaifeadadh sa chlár eisceachtaí; ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Chúirt go háirithe roinnt imeachtaí ó nósanna imeachta bunaithe, amhail sínithe leictreonacha a úsáid le haghaidh doiciméid a dteastaíonn sínithe traidisiúnta uathu; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt go mbaintear leis sin an bonn de thrédhearcacht agus éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh na Fondúireachta; á iarraidh ar an bhFondúireacht trédhearcacht a mhéadú trí gach eisceacht sa chlár a chlárú, ag idirdhealú idir eisceachtaí ex-ante agus teagmhais neamhchomhlíonta ex-post, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
20. |
á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) iniúchadh inmheánach in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú riosca straitéiseach IAS déanta, agus ag eascairt as sin forbraíodh doiciméad pleanála ilbhliantúil IAS agus ghlac an bord rialaithe leis; ag tabhairt dá haire gur dhún an Fhondúireacht go fóirmiúil gach moladh iniúchóireachta roimhe seo agus nach bhfuil aon mholadh oscailte ar feitheamh aige; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil barúil oscailte amháin ón gCúirt ag an bhFondúireacht, a eisíodh in 2018 agus a tuairiscíodh a bheith ar feitheamh in 2019; ag tabhairt dá haire go dtagraítear inti do nós imeachta soláthair phoiblí le haghaidh seirbhísí gníomhaireachta sealadacha mar ar chuir an Fhondúireacht i bhfeidhm critéir dhámhachtana ar gnéithe praghais neamhiomaíocha a bhí iontu den chuid is mó; ag meabhrú chinneadh na Cúirte gur cheart don Fhondúireacht critéir dhámhachtana a úsáid ina ndírítear ar ghnéithe praghais um dhámhachtain iomaíoch; ag admháil go rachaidh an Fhondúireacht i ngleic leis an tsaincheist seo agus iad ag seoladh an chéad nós imeachta eile le haghaidh oibrithe eatramhacha, trí ghnéithe praghais iomaíocha a chur san áireamh sna critéir dhámhachtana; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire gur ann do mheasúnú na Fondúireachta ar a córas rialaithe inmheánaigh, ag cinneadh gur cuireadh chun feidhme 12 cheann de phrionsabail rialaithe inmheánaigh agus go raibh siad éifeachtach agus go rabh cúig phrionsabal ag feidhmiú go maith agus roinnt feabhsuithe beaga ag teastáil, rud a léiríonn dul chun cinn i gcomparáid le 2019; á iarraidh ar an bhFondúireacht torthaí na Cúirte a chorprú sa mheasúnú, go háirithe a barúlacha ar an gclár eisceachtaí; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Fhondúireacht a straitéis frithchalaoise féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus leas á bhaint as an modheolaíocht a d’fhorbair OLAF; |
Freagairtí COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Fhondúireacht ar bun freagairtí éagsúla mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, amhail teilea-obair a cheadú agus teorainn a chur leis an rochtain ar fhoirgneamh na Fondúireachta ar feadh bhunús 2020, modhanna agus uirlisí a chur ar fáil chun tacú le déileáil le hathrú agus le timpeallachtaí suaiteacha sóisialta agus oibre, agus na gníomhaíochtaí i gclár oibre 2020 a chur in ord tosaíochta leasaithe; ag tabhairt dá haire go raibh ráta cur chun feidhme an chláir oibre ag 87 %, dar leis an bhFondúireacht toisc gur cuireadh a lán gníomhaíochta ar athló ón dara ráithe go dtí an ráithe dheireanach den bhliain, rud a chuir brú ar acmhainneacht cur chun feidhme na Fondúireachta agus ar thíortha comhpháirtíochta agus roinnt gníomhaíochtaí á dtabhairt ar aghaidh go 2021; ag tabhairt dá haire gur socraíodh rochtain d’fhoireann na Fondúireachta ar thástálacha COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh cruinnithe foirne rialta ann; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Fhondúireacht in 2020 feachtas gréasáin chun tacaíocht a thairiscint le linn phaindéim COVID-19, dar teideal “#learningconnects”, ag díriú ar an gcaoi a bhféadfadh córais oideachais agus oiliúna, gnólachtaí, scoileanna, múinteoirí, mic léinn agus a dteaghlaigh oiriúnú do na dúshláin a bhaineann le teagasc agus foghlaim ó chian, ag úsáid, go minic, teicneolaíocht strainséartha neamhthástáilte agus córais agus bonneagar neamhfhoirfe; |
Barúlacha eile
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Fhondúireacht chun feidhme na heochairbhearta atá i bhfeidhm chun dul i ngleic le cibearshlándáil, amhail an comhoibriú le CERT-EU agus cur chun feidhme fíordheimhnithe ilfhachtóra, ag tabhairt dá haire gur bunaíodh meitheal in 2020 chun dul i ngleic le saincheisteanna slándála, ag díriú ar ghníomhartha chun na rioscaí a bhaineann le cibearshlándáil a mhaolú; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Fhondúireacht chun feidhme in 2020 an córas bainistíochta comhshaoil as ar tháinig comhlánú rathúil Deimhniú ISO agus an phróisis iniúchóireachta le haghaidh clárú ar EMAS in 2021; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur fhorbair an Fhondúireacht cúig phlean feabhsaithe comhshaoil, a bhaineann leis na heochair-réimsí seo a leanas: dramhaíl, uisce, ábhar, fuinneamh agus astaíochtaí; |
|
28. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 22.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/355 |
CINNEADH (AE) 2022/1784 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhondúireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0094/2022), |
|
— |
ag féachaint d'Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais a bhaineann le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (4), agus go háirithe Airteagal 17 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna bhunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0105/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Eatramhach na Fondúireachta Oiliúna Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/356 |
CINNEADH (AE) 2022/1785 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0095/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (4), agus go háirithe Airteagal 47 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/358 |
RÚN (AE) 2022/1786 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 240 119 000 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhór-scála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus laghdú 16,74 % i gcomparáid le 2019, nuair a cuireadh méadú 40,23 % ar bhuiséad na Gníomhaireachta i gcomparáid le 2018; de bhrí gur as buiséad an Aontais amháin nach mór a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo i ndáil le hioncam dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; de bhrí gur shainaithin an Chúirt EUR 10 405 074,69 mar mhéid iomlán na n-íocaíochtaí, a mheas sí a bheith neamhchomhlíontach le foráil an chreat-chomhaontaithe iomchuí, arb ionann é agus 4,1 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2020, agus go sáraítear leis, dá bhrí sin, an tairseach ábharthachta atá leagtha síos don iniúchadh agus go raibh tuairim cháilithe ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais mar thoradh air; de bhrí, cé is moite de na híocaíochtaí neamhchomhlíontacha sin, go gcinneann an Chúirt go bhfuil na hidirbhearta is bun leo maidir le híocaíochtaí don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2020 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur oth léi go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 75,61 % mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2020 agus, cé gurb ionann é agus méadú 31,10 % i gcomparáid le 2019, go bhfuil sé fós i bhfad faoi bhun na sprice; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb ionann ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 96,24 %, arb ionann é agus méadú 3,96 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag cur sonrú i mbarúlacha na Cúirte maidir leis an líon mór leithreasuithe arna dtabhairt anonn le haghaidh Theideal II agus Theideal III de bhuiséad na Gníomhaireachta, ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as leithreasuithe neamhdhifreáilte arna dtabhairt anonn go huathoibríoch le haghaidh Theideal II arb ionann iad agus EUR 10 200 000 (59,4 %) de mhéid iomlán na leithreasuithe arna dtabhairt anonn go huathoibríoch a bhí cothrom le EUR 17 200 000; ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid freisin as leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna dtabhairt anonn go neamh-uathoibríoch le haghaidh Theideal III dar luach EUR 56 300 000 (23 % de na leithreasuithe sa bhuiséad deiridh), a bhaineann go príomha leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus leis an gcóras idir-inoibritheachta agus go bhfuil na leithreasuithe sin arna dtabhairt anonn go neamh-uathoibríoch i bhfad níos ísle ná an EUR 159 000 000 de na leithreasuithe sin a tugadh anonn go neamh-uathoibríoch in 2019 (55 % de na leithreasuithe sa bhuiséad deiridh) ach gurb ionann iad fós agus méid suntasach i gcomparáid leis an mbuiséad iomlán; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid, cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag cineál oibríochtaí na Gníomhaireachta ar an mbliain ina dhiaidh sin, gur léiriú é méid iomarcach na leithreasuithe arna dtabhairt anonn le haghaidh Theideal II agus Theideal III ar shaincheisteanna struchtúracha éagsúla a bhfuil tionchar acu ar chomhlíonadh Airteagail 9, 12 agus 28 de rialacha airgeadais na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin; |
|
3. |
á chur in iúl gur oth léi go raibh cur i bhfeidhm an bhuiséid níos lú ná mar a bhí beartaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún, feabhas a chur ar ailíniú na pleanála buiséadaí le huainiú na ngníomhartha dlíthiúla gaolmhara; á aithint gur ndearna an Ghníomhaireacht bearta a chur i gcrích chun an scéal a fheabhsú; |
Feidhmíocht
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as uirlisí áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an mbreisluach a thugtar lena cuid gníomhaíochtaí agus chun feabhas a chur ar bhainistiú buiséid na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá aire gur thug an Ghníomhaireacht a heochairtháscairí feidhmíochta corparáideacha cothrom le dáta in 2020 agus nach ndearnadh aon athrú ar dheich gcinn as 30 táscaire nó nach ndearnadh aon athrú orthu ach ar bhonn eagarthóireachta amháin, go ndearnadh táscaire amháin a scriosadh, go ndearnadh táscaire nua amháin a thabhairt isteach agus táscairí eile a tabhairt cothrom le dáta ar chúiseanna éagsúla, amhail athruithe ar thimpeallacht rialála na Gníomhaireachta, léargais a bailíodh ó iniúchtaí agus ó infhaighteacht méadrachtaí níos fearr; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, de réir an ráitis ón nGníomhaireacht, gur bhain sí a cuspóirí amach le haghaidh 2020 amhail mar a leagadh amach iad ina rialachán bunaithe, Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), go ndearna sí dul chun cinn i dtreo na spriocanna agus na gcuspóirí a leagadh síos i straitéis fhadtéarmach na Gníomhaireachta agus gur sholáthair sí na torthaí a sainíodh ina clár oibre bliantúil le haghaidh 2020, ó thaobh torthaí agus feidhmíochta de araon; ag tabhairt dá haire go raibh feidhmíocht agus infhaighteacht na gcóras TF arna n-oibriú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis na comhaontuithe ábhartha ar leibhéal seirbhíse; ag tabhairt dá haire gur leanadh de chórais nua TF a chur chun feidhme, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar idir-inoibritheacht idir na córais nua agus na córais atá cheana ann; ag tabhairt dá haire gur cuireadh moill 2 mhí ar chur chun feidhme an Chórais nua Dul Isteach/Imeachta agus gur chinn an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an teacht i bhfeidhm a chur siar ionas go mbeadh tuilleadh ama ag na Ballstáit ullmhúchán a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht i gcás na gcóras nua TF, nár imríodh tionchar diúltach ar na hamchláir don chur chun feidhme; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire gur shínigh an Ghníomhaireacht creat innealtóireachta idirdhisciplíneach (TEF) in 2020 ar mhaithe le himeacht ón gcur chuige neamh-chomhtháite i leith forbairt agus oibriú na gcóras; ag tabhairt dá haire go bhfuil an TEF dírithe ar chuideachta chaoch chonarthach a chur ar bun chun córais nua TF a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil agus a chur chun feidhme; |
|
7. |
á chur i bhfáth go ndéanann an Ghníomhaireacht rannchuidiú tábhachtach le hAontas níos sábháilte a bheith ann trí na leibhéil slándála faisnéise agus cosanta sonraí is airde a áirithiú don fhaisnéis a chuirtear ar a hiontaoibh, lena gcuirtear seirbhísí ardcháilíochta ar fáil agus lena gcabhraítear le hinniúlachtaí teicneolaíocha na mBallstát a ailíniú lena riachtanais; ag tarraingt aird ar an ngá atá leis na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca don fhaisnéis a phróiseáiltear a sheachaint; á thabhairt dá haire gur cuireadh feabhas ar acmhainneacht na Gníomhaireachta i dtaobh córais faisnéise atá cheana ann agus córais faisnéise nua a fheabhsú agus a fhorbairt araon lena sainordú nua a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1726, agus a tháinig i bhfeidhm an 11 Nollaig 2018; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha a rinne an Ghníomhaireacht chun dul in oiriúint don sainordú nua sin in 2020; |
|
8. |
á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Coimisiún, i mí na Nollag 2020, leis an togra le haghaidh rialachán e-CODEX; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a rinneadh idir na comhreachtóirí ina leith sin i mí na Nollag 2021; á mheabhrú go mbeidh ról ríthábhachtach ag an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme rathúil an chórais e-CODEX agus gur cheart don Choimisiún acmhainní iomchuí a bheartú atá tiomnaithe don mhéadú ar fhreagrachtaí na Gníomhaireachta; |
Beartas foirne
|
9. |
ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2020, go raibh plean bunaíochta na Gníomhaireachta curtha chun feidhme 89,6 %, agus 181 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 202 ghníomhaire shealadacha a bhí údaraithe faoin bplean bunaíochta (i gcomparáid le 172 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, anuas air sin, go raibh 83 ghníomhaire ar conradh agus deichniúr saineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020, as 111 ghníomhaire ar conradh agus as 11 shaineolaí náisiúnta ar iasacht a bhí údaraithe faoin bplean bunaíochta; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, comhdhéanamh lucht ardbhainistíochta na Gníomhaireachta a mhéid a bhaineann le hinscne (beirt fhear (100 %) agus gan bean ar bith), comhdhéanamh an bhoird bainistíochta (44 fhear (81,5 %) agus deichniúr ban (18,5 %), agus comhdhéanamh na foirne foriomláine (184 fhear (69,7 %) agus 80 bean (30,3 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéil na bainistíochta agus na foirne amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus é a chur san áireamh nuair a bheifear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur bhain deacrachtaí le nósanna imeachta earcaíochta na Gníomhaireachta de dheasca phaindéim COVID-19 agus gur cuireadh moill mhór dá chionn sin ar fhoireann nua a earcú agus a thabhairt ar bord, agus gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht gur cuireadh isteach go díreach ar 50 % dá hearcaigh a bhain an chéim dheiridh amach nó gur cuireadh moill orthu ó thaobh dul i mbun dualgas mar gheall ar na srianta a bhaineann le COVID-19; ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht gur sheol sí 25 nós imeachta roghnúcháin agus go raibh 19 nós imeachta curtha i gcrích aici faoi dheireadh na bliana, agus gur eisíodh dá thoradh sin, 21 thairiscint poist agus gur glacadh leis na tairiscintí poist sin; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht go bhfuair a comhairleoirí rúnda seacht bhfoirm chomhlánaithe chun faisnéis agus comhairle nó treoir agus tacaíocht a lorg go neamhfhoirmiúil i gcásanna a bhain le ciapadh síceolaíoch agus staideanna coinbhleachta; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha fhoirmiúil tar éis an fhaisnéis a fháil, agus nár tugadh aon chásanna ciaptha os comhair na Cúirte Ginearálta in 2020; ag tabhairt dá haire go gcuirtear oiliúint go rialta ar chomhairleoirí rúnda na Gníomhaireachta agus go bhfaigheann siad tacaíocht ó shaineolaithe seachtracha; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht moladh na Cúirte maidir le measúnú cuí ar iarratais i nósanna imeachta earcaíochta a chur chun feidhme i gceart; |
Soláthar
|
14. |
ag tabhairt dá haire go raibh síniú an TEF, ar an tairiscint is mó a shínigh an Ghníomhaireacht riamh; ag tabhairt dá haire go bhfuil an TEF á chur i láthair ag an nGníomhaireacht mar nuálaíocht shuntasach do shamhail fhoinsiú oibríochtúil na Gníomhaireachta agus go bhfuiltear ag dréim leis go nginfear gnóthachain thábhachtacha sa phróiseas bainistithe díoltóirí agus conarthaí, lena n-áirítear luach ar airgead níos fearr, barainneachtaí scála agus próisis soláthair níos mire, agus laghdú á dhéanamh freisin ar spleáchas na Gníomhaireachta ar líon réasúnta beag díoltóirí; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige nuálach, ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint leis an gcur chuige sin agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas i dtaobh an bhfuil na gnóthachain ag teacht i gcrích agus conas atá na rioscaí, ar cuid dhílis den chur chuige nuálach iad, á mbainistiú ag an nGníomhaireacht; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh ullmhú na sonraíochtaí don ghlao ar thairiscintí a bhaineann leis an TEF a thabhairt chun críche i mí Eanáir 2020 agus gur seoladh an nós imeachta tairisceana an 29 Eanáir 2020 le haghaidh ceithre bhaisc agus seirbhísí gaolmhara, eadhon Baisc 1: dearadh, comhordú, dearbhú cáilíochta agus tacaíocht chomhtháthaithe, Baisc 2: seirbhísí forbartha, Baisc 3: bonneagar (crua-earraí, bogearraí, seirbhísí gaolmhara), agus Baisc 4: tástáil agus cáiliú; ag tabhairt dá haire gur síníodh na conarthaí le haghaidh Bhaisceanna 1, 2 agus 3 in 2020, agus go ndearnadh Baisc 4 a shíniú i mí Iúil 2021; ag tabhairt dá haire gurb éacht suntasach don Ghníomhaireacht gurb ea na nósanna imeachta sin a bheith tugtha chun críche, go háirithe ag féachaint do na srianta a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt gur shínigh an Ghníomhaireacht conradh sonrach i leith bogearraí a bhí éagsúil leis na bogearraí a thairg an conraitheoir ina thairiscint le haghaidh an chreatchonartha ghaolmhair; ag tabhairt dá haire nár mhodhnaigh an Ghníomhaireacht an creatchonradh; ag tabhairt dá haire, de réir bharúil na Cúirte, gur diall ón gcreatchonradh é táirge difriúil a fháil nach n-áirítear sa phraghas tairisceana, ar phraghas atá difriúil leis an táirge a tairgeadh ar dtús; ag tabhairt dá haire gurb í conclúid na Cúirte go bhfuil an conradh sonrach neamhchomhlíontach leis an gcreatchonradh amhail atá an íocaíocht ghaolmhar EUR 10 399 834; ag tabhairt dá haire go nglacann an Ghníomhaireacht le barúlacha na Cúirte agus á chur i bhfios go láidir, tar éis don Chúirt a barúil a eisiúint, gur fhreagair an Ghníomhaireacht go mear, agus leasú ar an gcreatchonradh á síniú aici chun an t-easnamh tosaigh a chur ina cheart; ag tabhairt dá haire go maíonn an Ghníomhaireacht nach ndearnadh aon dochar do leasanna airgeadais na Gníomhaireachta ná an Aontais de thoradh na neamhchomhlíontachta toisc go measann sí go raibh bonn cirt leis an gcaiteachas; á chur in iúl gur oth léi nár chloígh an Ghníomhaireacht leis na nósanna imeachta iomchuí, go háirithe i bhfianaise an mhéid shubstaintiúil atá i gceist; ag tabhairt dá haire gur chuir stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta breithnithe fairsinge i láthair in éisteacht le Coiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach an 29 Samhain 2021, inar maíodh gur cinneadh comhfhiosach a rinne lucht bainistíochta na Gníomhaireachta a bhí sa chinneadh na bogearraí i dtrácht a fháil agus é mar chuspóir leis laghdú a dhéanamh ar dhúbláil na n-iarrachtaí oiliúna agus tacaíochta, agus laghdú a dhéanamh i ndeireadh na dála ar an costais oibríochtúla fhoriomlána i gcomhair na Gníomhaireachta; ag cur béim ar an bhfíoras, cé gur féidir glacadh leis go raibh deiseanna coigilte costais i gceist, nach foláir cloí i gcónaí leis na rialacha soláthair is infheidhme chun a áirithiú go bhfaighidh cáiníocóir an Aontais luach iomlán ar airgead trí nósanna imeachta trédhearcacha iomaíocha soláthair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go n-urramófar na rialacha soláthair i gcónaí; |
|
17. |
á chur i bhfios go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag easnamh i bpoist riaracháin thiomnaithe ar fheidhmiú na nósanna imeachta soláthair laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht dul i mbun idirphlé gníomhach maidir le feabhas a chur ar phlean bunaíochta na Gníomhaireachta, go háirithe maidir leis an leibhéal ar a leithdháiltear poist; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt gur shínigh an Ghníomhaireacht foirm ordaithe le haghaidh seirbhísí cothabhála lena gcumhdaítear an tréimhse ón 7 Samhain 2020 go dtí mí na Nollag 2024 (4 bliana), lenar sáraíodh forálacha an chreatchonartha ghaolmhair a cheadaigh seirbhísí a shonrascú roimh ré ar feadh aon bhliain amháin; ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar an tátal go bhfuil an tsuim EUR 5 241 a íocadh leis an gconraitheoir as seirbhísí atá le soláthar tar éis an 7 Samhain 2021 neamhrialta; ag tabhairt dá haire, cé nach bhfuil ach suim réasúnta beag i gceist, ba cheart go gcuirfí i gcuntas na rioscaí don chlú as gan na rialacha soláthair a urramú; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, eitic agus trédhearcacht
|
19. |
ag aithint bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú le haghaidh comhaltaí foirne; ag tabhairt dá haire gur ghlac bord bainistíochta na Gníomhaireachta, an 23 Nollaig 2020, rialacha cur chun feidhme maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú le haghaidh comhaltaí foirne chun a áirithiú go ndéantar cásanna ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn a láimhseáil ar bhealach trédhearcach agus comhsheasmhach; ag tabhairt dá haire go bhfuil na rialacha cur chun feidhme sin infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an stiúrthóir feidhmiúcháin agus an leas-stiúrthóir feidhmiúcháin, saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus intéirnigh íoctha agus neamhíoctha; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht na dearbhuithe maidir le leasanna ar a láithreán gréasáin le haghaidh comhaltaí a boird bainistíochta agus a ardbhainistíochta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach gcuirtear CVanna chomhaltaí a boird bainistíochta ar fáil ar a láithreán gréasáin; ag meabhrú an iarrata ón údarás um urscaoileadh in urscaoileadh 2019, na CVanna sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a mhéadú; |
|
21. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon le cearta bunúsacha agus caighdeáin cosanta sonraí; |
Rialúchán inmheánach
|
22. |
á chur in iúl gur geal léi measúnú bliantúil na Gníomhaireachta ar a córas rialúcháin inmheánaigh lenar thángthas ar an tátal go bhfuil a córas rialúcháin inmheánaigh ann, go bhfuil sé ag feidhmiú agus go bhfuil sé éifeachtach, cé go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte maidir le neamhurramú nósanna imeachta soláthair a ionchorprú ina measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na laigí a sainaithníodh ar phrionsabail agus comhpháirteanna an rialúcháin inmheánaigh; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gurbh é 65 % ráta cur chun feidhme na moltaí iniúchóireachta ag deireadh na bliana 2020 (24 mholadh a bhí curtha chun feidhme agus 37 moladh a bhí dlite); ag tabhairt dá haire go raibh 31 mholadh ar an iomlán oscailte ag deireadh 2020 agus nach raibh ceann ar bith díobh “criticiúil”; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go raibh an dáta dlite caite i gcás 13 mholadh, lena gciallaítear go raibh cur chun feidhme an mholta ar siúl cé go raibh an spriocdháta don chur chun feidhme imithe in éag; |
|
24. |
á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh maidir le barúlacha na Cúirte agus tuarascálacha urscaoilte Pharlaimint na hEorpa ó bhlianta roimhe sin agus go ndearna an Ghníomhaireacht moladh na Cúirte maidir le measúnú cuí a dhéanamh ar iarratais a bhaineann le nósanna imeachta earcaíochta, a chur chun feidhme i gceart; á mheabhrú go bhfuil obair fós ar siúl maidir le ceithre bharúil atá fós ann; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cur lena hiarrachtaí bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme maidir le barúlacha na Cúirte atá fós gan réiteach; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
25. |
ag tabhairt dá haire go raibh suaitheadh ann de bharr phaindéim COVID-19 a bhí ina dhúshlán do leanúnachas gnó na Gníomhaireachta agus d’infhaighteacht na gcóras mórscála TF atá ann cheana agus do chur chun feidhme na gcóras nua a cuireadh ar a hiontaoibh; á chur in iúl gur geal léi, in ainneoin na ndúshlán sin, go ndearna an Ghníomhaireacht infhaighteacht neamhbhriste na gcóras mórscála TF (Córas Faisnéise Schengen (CFS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus an Bunachar Sonraí Dachtalascópachta Eorpach (Eurodac)) a áirithiú agus go ndearna sí tuilleadh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme EES, ETIAS agus an phacáiste idir-inoibritheachta; ag tabhairt dá haire gur mór aici gur éirigh leis an nGníomhaireacht tionchar diúltach na paindéime a laghdú trí bhearta maolaitheacha a chur i gcrích; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur laghdaigh an Ghníomhaireacht láithreacht fhisiciúil na foirne ag suíomhanna na Gníomhaireachta agus go ndearna sí bearta chun ionaid oibre shláintiúla a choimeád do chomhaltaí foirne ríthábhachtacha, agus gur áirithíodh, dá bhrí sin, leanúnachas gnó do chórais na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go raibh ar an nGníomhaireacht bearta maolaitheacha a dhéanamh freisin chun laghdú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar fhorbairt agus ar úsáid córas de bharr briseadh sa slabhraí soláthair sa dara leath de 2020 agus de bharr srianta taistil agus rochtana lenar cuireadh cosc ar infhaighteacht foirne agus conraitheoirí ó thaobh oibriú ar an láthair de; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht, d’ainneoin na ndeacrachtaí sin, dul chun cinn suntasach maidir le príomhthionscadail amhail cur chun feidhme an dara glúin de CFS (CFS II) agus céim 2 den Chóras Faisnéise Uathoibrithe Méarlorg agus úsáideoirí nua a chomhtháthú le CFS agus le VIS; |
Barúlacha eile
|
27. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht pleananna comhair dhéthaobhaigh a dhréachtú, a chaibidliú agus a shíniú leis an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann anois), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA); ag tabhairt dá haire go leanann an Ghníomhaireacht dá comhar le gníomhaireachtaí comhpháirtíochta eile, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) i dtaca le gníomhaíochtaí oiliúna, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir le CFS, EES, ETIAS agus idir-inoibritheacht, CEPOL maidir le CFS, an Iarraidh ar Fhaisnéis fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta (SIRENE), CFS, EES, ETIAS agus idir-inoibritheacht, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) maidir le Eurodac agus CFS; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi láithreacht ghníomhach na Gníomhaireachta ar líne in 2020, inter alia tríd an bhfeachtas “Discover eu-LISA”, rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i 16 cinn de chomhghníomhaíochtaí agus de chomhfheachtais le gníomhaireachtaí an Aontais um cheartas agus gnóthaí baile, agus an cluiche idirghníomhach quiz.eulisa.europa.eu; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint dá cuid oibre, taighde agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun a hinfheictheacht phoiblí a mhéadú; |
|
29. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht dul chun cinn suntasach ar an tionscadal agus méadú eile á dhéanamh aici ar a suíomh teicniúil in Strasbourg leis an aistriú foirmiúil talún ó údaráis na Fraince chuig an nGníomhaireacht, ar an láithreán 20 000 m2 in aice leis gcoimpléasc foirgneamh atá aici faoi láthair agus a bheidh mar shuíomh don síneadh nua; |
|
30. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 199.
(2) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/363 |
CINNEADH (AE) 2022/1787 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0095/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (4), agus go háirithe Airteagal 47 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0116/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/365 |
CINNEADH (AE) 2022/1788 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0096/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/366 |
RÚN (AE) 2022/1789 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2022), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais ar acmhainní daonna a chur chun feidhme, |
|
B. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas, (1) gurbh é EUR 16 058 100 buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháiltacht agus Sláinte ag an Obair (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú de 2,03 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a thagann buiséad na Gníomhaireachta go príomha; |
|
C. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 96,8 %, arb ionann é agus laghdú de 1,04 % i gcomparáid le 2019; á chur in iúl gur oth léi gur ráta forghníomhaithe 62,15 % a bhí ann maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú de 14,18 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire go bhfuil baint ag moilliú ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, mar thoradh ar phaindéim COVID-19, leis an ráta íseal leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghníomhaireacht i mbun anailíse ar na cúiseanna le méideanna an-ard a bheith á dtabhairt ar aghaidh mar obair leantach ar na barúlacha ón gCúirt in 2019; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí na hanailíse a chur in iúl don údarás um urscaoileadh; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun meastóireacht a dhéanamh ar an mbreisluach arna chur ar fáil ag a gníomhaíochtaí agus as bearta eile chun feabhas a chur ar bhainistiú a buiséid, amhail a clár oibre a bheith á sholáthar, cealú leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus acmhainneacht for-rochtana idirghabhálaithe tríd an líonrú; á chur in iúl gur geal léi go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as ETF chun cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a thomhas, óir ba phointe criticiúil é sin sna blianta roimhe sin agus barúlacha á ndéanamh go seasta ag an gCúirt i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an nGníomhaireacht a spriocanna ar fad geall leis a bhaint amach cé go raibh sciar den chlár oibre nár cuireadh i gcrích óir chuaigh an phaindéim i bhfeidhm ar thaisteal agus imeachtaí; |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht na meastóireachtaí ex post ar fhorléargais sábháilteachta agus sláinte ag an obair (OSH), ar forléargais iad a tugadh chun críche maidir le galair a bhaineann leis an obair, costais agus buntáistí OSH agus maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht gur cheart don Ghníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí sna réimsí tábhachtacha reatha sin agus go ndearnadh moltaí sonracha; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht, in 2020, na meastóireachtaí ex post ar Fheachtas 2018-2019 maidir le Láithreacha Sláintiúla Oibre; ag tabhairt dá haire gur éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas ó thaobh rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus leathadh gníomhaíochtaí de; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil dlúthchomhoibriú ag an nGníomhaireacht le gníomhaireachtaí eile, eadhon, an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an tÚdarás Eorpach Saothair, maidir le topaicí comhspéise amhail an beartas um fhostaíocht agus um ghnóthaí sóisialta; ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht le Eurostat chun Baraiméadar OSH a fhorbairt; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht dlúthchomhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le hoibriú substaintí díobhálacha; á thabhairt dá haire gur oibrigh an Ghníomhaireacht go dlúth leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí maidir le OSH i gcomhthéacs doirteadh ola; á chur in iúl gur geal léi straitéis 2020-2024 chun gníomhú i gcoinne na hailse san áit oibre; |
|
6. |
á chur in iúl gur mór aici gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chun faisnéis, anailís agus uirlisí iontaofa agus ábhartha a fhorbairt, a bhailiú agus a chur ar fáil maidir le OSH, lena rannchuidítear le beartas an Aontais arb é is aidhm dó áiteanna oibre sláintiúla agus sábháilte a chur chun cinn ar fud an Aontais; |
|
7. |
á thabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht i dtaca le tacú le cur chun feidhme phrionsabal 10 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; á chur in iúl gur geal léi tiomantas láidir na Gníomhaireachta a áirithiú go mbeidh na cearta OSH céanna ag gach oibrí gan beann ar mhéid an ghnóthais, ar an gcineál conartha nó ar an gcaidreamh fostaíochta; |
|
8. |
ag cur béim ar thábhacht, neamhspleáchas agus breisluach na Gníomhaireachta sa réimse saineolais atá aici; á thabhairt chun suntais gur gá acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a áirithiú lena gcuirfear ar chumas na Gníomhaireachta leanúint dá clár oibre a chur chun feidhme agus ráta an-ard gníomhaíochta ag gabháil leis, go háirithe i bhfianaise chur chun feidhme Chreat Straitéiseach nua AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair (2021-2027) agus i bhfianaise na reachtaíochta atá le teacht maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair agus i bhfianaise na treorach maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha; |
|
9. |
á chreidiúint gur féidir leis an nGníomhaireacht faisnéis agus anailís úsáideach a chur ar fáil maidir le tionchar na teilea-oibre agus na réiteach digiteach eile d’fhostóirí agus d’oibrithe araon ar OSH i gcomhthéacs dálaí oibre le linn phaindéim COVID-19 agus aird ar leith á tabhairt ar an meabhairshláinte; |
Beartas foirne
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh 97,5 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme an 31 Nollaig 2019, go raibh ceapacháin déanta i gcás 39 ngníomhaire shealadacha as 40 post mar ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 40 post arna líonadh as 40 post arna n-údarú in 2019); ag tabhairt dá haire go raibh 24 ghníomhaire ar conradh, sa bhreis air sin, ag obair don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire agus é ina chúis imní di, go raibh easpa cothromaíocht inscne ann i measc na hardbhainistíochta, eadhon gur triúr fear (75 %) a bhí i gceist agus bean amháin (25 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil cothromaíocht inscne níos fearr ann ar an mbord bainistíochta, le 51 fhear (58,6 %) agus 36 bhean (41,4 %), agus i measc na foirne i gcoitinne, le 16 fhear (30,2 %) agus 44 bhean (69,8 %); á iarraidh ar an nGníomhaireacht cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéil na bainistíochta agus na foirne amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal léi nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha agus go mbíonn leibhéal ard rannpháirtíochta ag an nGníomhaireacht a mhéid a bhaineann le beartais frithchiaptha a chur chun cinn, go n-eagraítear seisiúin múscailte feasachta go rialta dá foireann agus gur cruthaíodh leathanach ar leith ar an topaic sin ar an inlíon; |
|
13. |
á chur in iúl gur oth léi go mothaíonn an fhoireann go bhfuil siad scoite amach mar gheall ar theilea-obair; á chur in iúl, áfach, gur geal léi go gcuireann an bhainistíocht go leor tacaíocht shíceolaíoch agus seisiúin aireachais ar fáil agus go ndéanann sí a dícheall an t-atmaisféar is fearr is féidir a chruthú, bunaithe ar an méid atá de dhíth ar bhaill foirne agus ar an méid a chinneann an riarachán áitiúil; |
|
14. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an nós imeachta fada, neamh-thrédhearcach a bhaineann le stiúrthóir feidhmiúcháin nua na Gníomhaireachta a cheapadh; |
Soláthar
|
15. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht straitéis um chomhdhlúthú a fhorbairt maidir lena feidhm airgeadais agus sholáthair a dhíríonn ar úsáid acmhainní a bharrfheabhsú, próisis a chomhchuibhiú agus róil agus freagrachtaí a shainiú ar bhealach níos fearr; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an cur chun feidhme, a beartaíodh le haghaidh 2020 i dtosach báire, a chur siar de dheasca phaindéim COVID-19, agus gur tosaíodh air i dtreo dheireadh 2020 tráth a ceapadh saineolaí seachtrach chun cuidiú leis na socruithe praiticiúla; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh cur chun feidhme chóras bainistithe doiciméad na Gníomhaireachta a chur i gcrích in 2020; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuiltear tar éis ríomhsholáthar, go háirithe ríomhthairiscint agus ríomhthíolacadh, an nós imeachta maidir le síniú leictreonach, agus simpliú agus digiteáil roinnt sreafaí oibre inmheánacha a ghlacadh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na Gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
17. |
ag tabhairt aitheantais do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht agus cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú; ag tabhairt dá haire go ndearna an bord bainistíochta athbhreithniú in Eanáir 2020 ar an mbeartas maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus go n-iarrtar ar chomhaltaí an bhoird bainistíochta dearbhú a thabhairt, de bhreis ar an dearbhú leasanna, nach bhfuil coinbhleachtaí leasa acu; á chur in iúl gur geal léi go mbíonn an dá dhearbhú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; |
Rialú inmheánach
|
18. |
á chur in iúl gur geal léi go mbaineann an Ghníomhaireacht leas as straitéis maidir le neamhchomhlíonadh faoina ndéantar teagmhais ex-post a thaifeadadh chomh maith le heisceachtaí ex-ante, agus í ag díriú ar na nósanna imeachta reatha a fheabhsú agus laigí sa rialú inmheánach a bhrath; ag tabhairt dá haire, maidir leis na neamhchomhlíontachtaí a taifeadadh in 2020, nár léiríodh laigí suntasacha ó thaobh na rialuithe reatha; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht páirt arís san athbhreithniú piaraí maidir le bainistiú riosca i ngníomhaireachtaí díláraithe, arna lainseáil ag an gCoimisiún Eorpach, trí eolas, modheolaíochtaí agus rioscaí criticiúla a chomhroinnt leis na gníomhaireachtaí eile a ghlac páirt sa mheitheal; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Bord Bainistíochta creat rialaithe inmheánaigh na Gníomhaireachta in 2019, ar creat é atá bunaithe ar chreat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú ar an gCreat Rialaithe Inmheánaigh don bhliain tuairiscithe 2020, ar measúnú é a tháinig ar an gconclúid gur ann don chreat agus go bhfeidhmíonn sé go leordhóthanach maidir le comhpháirteanna uile an rialaithe inmheánaigh; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil clár riosca corparáideach na Gníomhaireachta nasctha leis an gCreat Rialaithe Inmheánaigh agus go bhféadfaidís araon a bheith á n-athbhreithniú go tréimhsiúil ag an ardbhainistíocht; ag tabhairt dá haire maidir leis na rioscaí uile a ndearnadh faireachán orthu le linn 2020, gur aicmíodh iad mar rioscaí a bhain leis an “timpeallacht sheachtrach” agus nár aicmíodh ceann ar bith díobh mar bhagairt fhéideartha do chlú na Gníomhaireachta ná do ghnóthú a spriocanna straitéiseacha; |
|
21. |
á thabhairt dá haire go bhfuil dhá ghníomhaíocht cheartaitheacha atá tuairiscithe ag an gCúirt Iniúchóirí agus a bhaineann leis na leithreasuithe iomarcacha faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn ó bhlianta roimhe sin fós ar siúl; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
22. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur sholáthair an Ghníomhaireacht faisnéis agus acmhainní fónta chun na rioscaí agus a dtionchar ar an ionad oibre a mheas agus chun iad a mhaolú; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht na gníomhaíochtaí uile a soláthraíodh agus a beartaíodh, amhail tionscadail a bhain le teilea-obair, tuarascálacha a raibh mar aidhm leo rioscaí síceashóisialta phaindéim COVID-19 a mheas, treoraíocht don ionad oibre agus rannpháirtíocht i roinnt cruinnithe ardleibhéil a bhain le cosaint oibrithe i gcomhthéacs phaindéim COVID-19; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur thacaigh an Ghníomhaireacht le socruithe maidir le hobair go cianda don fhoireann, agus gur lainseáladh nósanna imeachta inmheánacha leictreonacha nua chun éascú a dhéanamh ar an leanúnachas gnó; ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Ghníomhaireacht trealamh oibre iomchuí don fhoireann le haghaidh teilea-oibriú, mar aon le rochtain shlán ar chórais TF na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gur bogadh cruinnithe inmheánacha agus seachtracha ar líne, agus gur bunaíodh sreafaí oibre gan pháipéar chun deis a thabhairt don Ghníomhaireacht leanúint dá hoibleagáidí airgeadais agus conarthacha a chomhlíonadh; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht in 2020 den chumarsáid maidir le OSH agus le OSH a chur chun cinn go héifeachtach; ag tabhairt dá haire gur éirigh leis an nGníomhaireacht a cuid oibre a chur i láthair go gníomhach ag breis is 300 ócáid, ainneoin shrianta COVID-19; ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Ghníomhaireacht treoraíocht ilteangach (in 25 theanga) le haghaidh áiteanna oibre, atá ar na foilseacháin is mó a íoslódáladh agus a ndearnadh iad a rochtain i stair na Gníomhaireachta, agus gur forbraíodh raon acmhainní eile COVID-19 agus gur cuireadh in iúl iad trí bhíthin shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint de bheith ag obair ar threoirlínte chun cuidiú le fostóirí agus oibrithe iad féin a oiriúnú d’fhorbairt phaindéim COVID-19; |
Barúlacha eile
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur thionscain an Ghníomhaireacht comhar le CERT-EU trí bhíthin comhaontú ar leibhéal seirbhíse chun a áirithiú go mbeadh cibearchosaint ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur sainaithníodh cibearshlándáil ina saincheist in 2020 agus gur mhol an Ghníomhaireacht gairm ar thairiscintí a lainseáil maidir le seirbhísí cibearchosanta a sholáthar in 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an dul chun cinn i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
26. |
á thabhairt dá haire go dtugtar ról tábhachtach don Ghníomhaireacht le dearbhú Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i dtaca le prionsabail an Cholúin a chur chun feidhme; |
|
27. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh um urscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (2) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 45.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/370 |
CINNEADH (AE) 2022/1790 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0096/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0106/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) don bhliain airgeadais 2020l; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/371 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1791 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0092/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 68 de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2008/114/CE, Euratom ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena mbunaítear Reachtanna le haghaidh Ghníomhaireacht Soláthair Euratom (4), agus go háirithe Airteagal 8 den Iarscríbhinn a ghabhann leis, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh d’Ard-Stiúrthóir Ghníomhaireacht Soláthair Euratom i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Ard-Stiúrthóir Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/372 |
RÚN (AE) 2022/1792 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais, gurbh é EUR 230 000 a bhí i mbuiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Soláthair Euratom (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 3,14 % i gcomparáid le 2019; de bhrí go dtagann buiséad iomlán na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici, go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur 99,54 % a bhí i ráta cur chun feidhme leithreasuithe chomhair faoi chomhair gealltanas, arb ionann é agus laghdú 0,32 % i gcomparáid le 2019, mar thoradh ar na hiarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2020; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur 22,33 % a bhí i ráta cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 18,72 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur tharla an laghdú mar thoradh ar cheangaltais le híoc a thabhairt ar aghaidh arb ionann iad agus EUR 177 578,67 nó 78 % de mhéideanna geallta maidir le conarthaí seirbhíse TF sínithe nach raibh curtha i gcrích ag deireadh na bliana; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur 7 % a bhí sa ráta cealaithe leithreasuithe buiséid a tugadh ar aghaidh ó 2019 go 2020, lena léirítear gealltanais gan údar sa bhliain roimhe sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gan leithreasuithe buiséid a thabhairt ar aghaidh ach nuair atá údar leis sin; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag spreagadh na Gníomhaireachta, maidir le barúlacha leantacha ó bhlianta roimhe, digiteál a seirbhísí a shaothrú; |
Beartas foirne
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh an plean bunaíochta chun feidhme 94,12 % an 31 Nollaig 2020, agus gur ceapadh 16 oifigeach de chuid an Choimisiúin as 17 bpost arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (17 bpost údaraithe in 2019); |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht cóimheas inscne i measc na foirne uile arb ionann é agus 56 % de mhná agus 44 % d’fhir agus go bhfuil beartas um chomhionannas deiseanna i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht; |
Soláthar
|
6. |
ag tabhairt dá haire, leis an bhfaireachlann núicléach agus le tionscadal GSE um bhainistiú faisnéise (NOEMI), go dtreiseofar cumas faireacháin na Gníomhaireachta i leith na n-ábhar núicléach agus an mhargaidh breosla agus, ag an am céanna, go ndéanfar sonraí maidir le conarthaí íogaire núicléacha a óstáil go slán; ag tabhairt dá haire go ndearnadh dul chun cinn ar chur chun feidhme NOEMI in 2020-2021, le costas measta arb ionann é agus EUR 355 000; ag tabhairt dá haire gur cuireadh fréamhshamhail fheidhmiúil ar fáil, lena n-áirítear na príomhghnéithe, i mí an Mheithimh 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn chur chun feidhme an tionscadail; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
7. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag an nGníomhaireacht tionchar na paindéime ar a foireann agus ar a gheallsealbhóirí a laghdú trí gach céim is gá a ghlacadh chun leanúint ar aghaidh lena príomhdhualgais agus gur thug sí isteach athruithe ar a patrún caiteachais trí leasú buiséid chun na speansais ar ghníomhaíochtaí ar imríodh tionchar diúltach orthu de dheasca na paindéime a laghdú; ag tabhairt dá haire gur infheistigh an Ghníomhaireacht in uasghrádú a príomh-fheidhmchláir TF agus go ndearna sí raon feidhme a tascanna leanúnacha a athmheas agus gur choigeartaigh sí an cur chuige agus an amlíne chun tosca a bhí ag athrú a chur san áireamh ina clár oibre nua le haghaidh 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis na forbairtí ina leith seo; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gurb é barúil na Gníomhaireachta gur cuireadh dlús le himscaradh réiteach slán digiteach mar thoradh ar na bearta dianghlasála domhanda, ar tháinig méadú foriomlán ar eolas agus aibíocht dhigiteach na ngeallsealbhóirí dá thoradh, rud a thacaíonn leis an gcás gnó do NOEMI; |
Rialú inmheánach
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht a creat rialaithe inmheánach in 2020, atá deartha chun dearbhú réasúnach a thabhairt maidir leis na cuspóirí a leagtar amach ina rialachán airgeadais a bhaint amach, arb é atá iontu éifeachtacht, éifeachtúlacht, barainneacht oibríochtaí, iontaofacht tuairiscithe, acmhainní agus faisnéis a chosaint, calaois agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus obair leantach a dhéanamh ina leith, agus dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart a bhainistiú go leormhaith; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht ceardlann lánscála measúnaithe riosca i mí Eanáir 2020 inar clúdaíodh gach réimse de phróisis oibre, oibríochtúla agus riaracháin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire freisin gur athbhreithnigh an Ghníomhaireacht na rialuithe a bhí i bhfeidhm agus gur shainaithin sí réimsí ar raibh faireachán ag teastáil ina leith; |
Barúlacha eile
|
10. |
ag tabhairt dá haire, maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go ndearnadh dianchaibidlíocht in 2020 maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas sa Ghníomhaireacht, lena n-áirítear sa limistéar núicléach sibhialta; ag tabhairt dá haire gur shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe Comhaontú Euratom an 24 Nollaig 2020, lena bhforáiltear do chomhoibriú fairsing maidir le húsáidí sábháilte agus síochánta fuinnimh núicléach, le gealltanais ag an dá thaobh mar bhonn taca leis chun oibleagáidí idirnáisiúnta um neamhleathadh a chomhlíonadh, lena gcaomhnaítear ardleibhéal caighdeán maidir le sábháilteacht núicléach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt i ndáil leis na forbairtí ina leith seo; |
|
11. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht, maidir le hobair leantach a dhéanamh ar bharúlacha an údaráis um urscaoileadh in urscaoileadh 2019, díriú ar thorthaí a cuid taighde a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí mheáin eile; |
|
12. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (1) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/374 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1793 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Soláthair Euratom a mhéid don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0092/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 68 de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2008/114/CE, Euratom ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena mbunaítear Reachtanna le haghaidh Ghníomhaireacht Soláthair Euratom (4), agus go háirithe Airteagal 8 den Iarscríbhinn a ghabhann leis, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0121/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht Soláthair Euratom don bhliain airgeadais 2020 ; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Ard-Stiúrthóir Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/375 |
CINNEADH (AE) 2022/1794 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Cúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhoras i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0097/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 32 agus 47 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2022), |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/377 |
RÚN (AE) 2022/1795 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 21 395 000 buiséad críochnaitheach an Fhorais don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus laghdú 0,44 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad an Fhorais; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Fhorais don bhliain airgeadais 2020 (“an tuarascáil ón gCúirt”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais an Fhorais beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
1. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ina siocair le ráta cur chun feidhme buiséid de 99,91 %, arb ionann é agus mionlaghdú de 0,07 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire go raibh an ráta forghníomhaithe maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí cothrom le 80,44%, arb ionann é agus laghdú 0,48 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme ag an bhForas mar fhreagairt ar an dá bharúil ón gCúirt in 2019; ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di go bhfuil athrú tagtha ar sciartha na dteideal buiséid mar gheall ar phraghsanna méadaitheacha sa tír óstach den chuid is mó agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an údarás buiséadach bearta leormhaithe a dhéanamh chun sciar chaiteachais oibriúcháin bhuiséad Eurofound a chaomhnú; |
Feidhmíocht
|
3. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Foras leas as ceithre eochairtháscaire feidhmíochta (KPInna), atá san áireamh ina chóras faireacháin feidhmíochta ina bhfuil, sa bhreis ar KPInna, méadrachtaí (táscairí eile maidir le próisis oibríochtúla), agus measúnú agus meastóireacht cháilíochtúil chun an breisluach arna sholáthar ag a chuid gníomhaíochtaí a mheas agus chun feabhas a chur ar bhainistiú a bhuiséid; |
|
4. |
á aithint, maidir le soláthar aschuir an chláir oibre a beartaíodh do 2020, go ndearnadh 98 % de a bhaint amach, lena ndearnadh 45 tháirge insoláthartha as 46 a bhaint amach in 2020; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Foras dlús lena chomhoibriú agus lena chomhar leis na príomhgheallsealbhóirí in 2020 agus gur eagraíodh corradh agus 10 seimineár gréasáin le comhpháirtithe amhail an Coimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair agus Gníomhaireachtaí eile AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil comhoibriú leanúnach ann idir an Foras agus an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA); ag tabhairt dá haire gur lean an Foras agus Cedefop in 2020 dá gcomhoibriú maidir le suirbhé Eorpach ar chuideachtaí, a rinneadh i gcomhar in 2018/2019, agus go ndearnadh an leathadh gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt leis an Institiúid Eacnamaíochta Saothair (IZA); ag tabhairt dá haire go bhfuil an Foras ar na mórsholáthraithe sonraí le haghaidh Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne agus go ndéantar faisnéis a mhalartú go rialta leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair; ag tabhairt dá haire, freisin, go bhfuil an Foras ag iarraidh meabhrán tuisceana a bhunú leis an ELA agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA); á chur in iúl gur geal léi comhar agus comhroinnt eolais an Fhorais mar shampla ar fiú é a leanúint do ghníomhaireachtaí agus do chomhlachtaí eile; ag tabhairt dá haire go ndéantar cruthú sineirgí a chur chun cinn leis an gcomhar sin agus go gcabhraíonn sé le forluí a sheachaint; |
|
6. |
á iarraidh ar an bhForas leanúint dá shineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (lena n-áirítear i dtaca le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil); |
|
7. |
ag tabhairt dá haire, le linn 2020, go ndearna conraitheoir meastóireachta seachtrach gnáthmheastóireacht 4 bliana ar Líonra Comhfhreagraithe Eurofound, faoi threoir coiste stiúrtha ad hoc a raibh ionadaithe air ó cheithre ghrúpa uile an bhoird bainistíochta, agus go ndearnadh roinnt moltaí, go háirithe maidir le forbairt a dhéanamh ar loighic idirghabhála le haghaidh Líonra Comhfhreagraithe Eurofound agus treochlár a fhorbairt le haghaidh Líonra Comhfhreagraithe Eurofound; |
|
8. |
á chur in iúl gur mór aici obair ardcháilíochta an Fhorais i dtaobh eolas a fheabhsú agus a scaipeadh agus i dtaobh saineolas atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar chun tacú le forbairt beartas Eorpach maidir le dálaí maireachtála agus oibre, margaí saothair agus caidreamh tionsclaíoch san Aontas a fheabhsú; |
|
9. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá neamhspleáchas agus breisluach an Fhorais ina réimse saineolais; |
|
10. |
ag creidiúint gur féidir leis an bhForas ról ríthábhachtach a bheith aige maidir le hanailís bhreise a dhéanamh ar an méadú ar theilea-obair agus ar na tionchair ghaolmhara ar chothromaíocht oibre is saoil agus ar cháilíocht dálaí oibre, ar dhea-chleachtais a scaipeadh agus ar fhreagairtí beartais a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas; á chur in iúl gur geal léi clár oibre an Fhorais chun anailís a dhéanamh ar roghanna beartais chun dálaí oibre, caidreamh tionsclaíoch, fostaíocht agus dálaí maireachtála a fheabhsú; |
|
11. |
á thabhairt chun suntais gur gá acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais a áirithiú lena lamháiltear don Fhoras leanúint dá chlár oibre a chur chun feidhme le ráta comhlánaithe gníomhaíochta thar a bheith ard, lena n-áirítear i bhfianaise na ndúshlán suntasach maidir le inter alia saol na hoibre atá ag athrú, le plean gníomhaíochta AE maidir le cúram atá beartaithe; |
|
12. |
ag aithint, agus é ina dhíol mór sásaimh di, oiriúnú rathúil an Fhorais do na dálaí deacra a chruthaigh paindéim COVID-19 agus an eolais luachmhair agus na hanailíse luachmhaire a soláthraíodh do lucht déanta beartas agus do gheallsealbhóirí maidir leis na hathruithe a d’eascair as paindéim COVID-19 ar shaol na hoibre agus ar an gcáilíocht saoil ar bhonn níos leithne (i.e. teilea-obair, obair ardáin, neamhionannais inscne agus éagsúlachtaí idirghlúine a mhéadú, ganntanais saothair, cúram fadtéarmach, caidreamh tionsclaíoch, etc.); ag tabhairt dá haire freisin go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar obair an Fhorais, agus gur athraíodh go suntasach an obair allamuigh a bhí beartaithe don 7ú suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip, rud a chuir isteach ar an acmhainneacht chun anailís treochta a dhéanamh ar dhálaí oibre thar níos mó ná 20 bliain; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi obair an Fhorais chun anailís a dhéanamh ar an tionchar atá ag maireachtáil agus ag oibriú in AE le linn phaindéim COVID-19 trína ríomhshuirbhé “Maireachtáil, oibriú agus COVID-19” agus trína thuarascáil maidir le “tionchar COVID-19 ar dhaoine óga in AE”; |
|
14. |
á chur in iúl gur mór aici an tacaíocht a thugann Eurofound do cheardchumainn, d’eagraíochtaí fostóirí, do rialtais náisiúnta agus d’institiúidí an Aontais agus a chomhar le gníomhaireachtaí eile an Aontais atá ag oibriú i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe faoi shainchúram Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin (AS EMPL); |
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi gealltanas Eurofound i leith taighde agus anailís a dhéanamh i réimse na n-aistrithe digiteacha agus glasa agus á chreidiúint gur cheart dó ina chláir oibre amach anseo measúnú agus anailís a dhéanamh ar rogha beartais maidir leis an tionchar socheacnamaíoch a bheidh ag na haistrithe digiteacha agus glasa; |
|
16. |
á chur in iúl gur mór aici, agus béim á leagan aici ar an tábhacht a bhaineann leis an bhForas a bheith neamhspleách ar ghníomhaireachtaí eile AE, dlúthchomhar an Fhorais le AS EMPL agus le gníomhaireachtaí ábhartha uile AE, amhail Cedefop, EIGE, ETF, FRA, EU-OSHA, EEA, lena ndírítear ar na sineirgí idir na gníomhaireachtaí sin a neartú; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach an Fhorais i Líonra Gníomhaireachtaí AE (EUAN); |
Beartas foirne
|
17. |
ag tabhairt dá haire, ar an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 95 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 11 oifigeach agus 76 ghníomhaire shealadacha as 91 phost arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 91 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 11 ghníomhaire ar conradh don Fhoras in 2019 mar aon le saineolaí náisiúnta amháin a bhí ar iasacht; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne i measc na bainistíochta sinsearaí, gur ceathrar fear (44,4 %) agus cúigear ban (55,56 %) a bhí san áireamh, gur 49 bhfear (60,5 %) agus 32 bhean (39,5 %) a bhí i measc chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus gur 41 fhear (41,4 %) agus 58 mbean (58,6 %) a bhí san fhoireann i gcoitinne; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Foras beartas maidir le dínit daoine a chosaint agus ciapadh a chosc; ag tabhairt dá haire, in 2020, gur cuireadh oiliúint mar chomhairleoirí iontaoibhe ar thriúr ball foirne agus ar chomhordaitheoir; ag tabhairt dá haire go ndearna ball foirne amháin líomhain maidir le ciapadh in 2020 agus gur imscrúdaíodh an cás agus gur dúnadh é in 2021; ag tabhairt dá haire gur tugadh cás amháin maidir le ciapadh os comhair na Cúirte (T-630/19) agus gur tugadh breithiúnas air an 8 Meán Fómhair 2021 agus gur diúltaíodh go huile don chaingean in aghaidh an Fhorais agus go raibh na costais le híoc ag an éilitheoir; |
|
20. |
ag spreagadh an Fhorais chun dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach acmhainní daonna lena rachfar i ngleic le cothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
21. |
ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón gCúirt go ndearna an Foras creatchonradh le haghaidh uasmhéid EUR 170 000 a chur i gcrích i mí an Mheithimh 2019 chun leictreachas a sholáthar ar bhonn nós imeachta idirbheartaíochta soláthair le haon iarrthóir amháin, gan tarscaoileadh fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; ag cur sonrú sa bharúil ón gCúirt gur soláthróir miondíola atá sa chonraitheoir, nach luaitear soláthar leictreachais ar mhargadh tráchtearraí agus nach gceannaítear ar mhargadh tráchtearraí é, agus ar an ábhar sin nach bhfuil an nós imeachta idirbheartaíochta soláthair, amhail a bhí á leanúint ag an bhForas, infheidhme ar bhonn eisceachtúil; ag tabhairt dá haire, conclúid na Cúirte, go bhfuil na conarthaí a bhaineann leis agus na híocaíochtaí gaolmhara de EUR 20 255, go bhfuil siad neamhrialta; ag tabhairt dá haire, ón bhfreagra a thug an Foras, go nglacann sé leis an mbarúil agus gur lainseáladh tairiscint nua go luath in 2021; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón gCúirt gur lainseáil an Foras i mí Dheireadh Fómhair 2019 nós imeachta idirbheartaíochta soláthair a raibh buiséad measta EUR 140 000 ag gabháil leis, le haghaidh creatchonradh chun a shaoráidí leithris a athchóiriú agus gur roghnaíodh an t-aon tairgeoir amháin agus gur EUR 176 800 luach an chonartha (23 % níos airde ná an tairseach le haghaidh nós imeachta oscailte) (2) agus cé go ndearna an Foras an nós imeachta idirbheartaíochta soláthair a údarú go hiomchuí ar bhonn eisceachtúil, níl aon amhras ann ach gurb é an nós imeachta oscailte ba cheart a úsáid; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Foras le seasamh na Cúirte ach go raibh sé den tuairim i gcás ina gcuirfí an tairiscint amach arís, agus nós imeachta oscailte seachas nós imeachta idirbheartaíochta in úsáid, nach toradh níos fónta ar bhonn eacnamaíoch a bheadh mar thoradh air; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur thionscain an Foras an ríomhsholáthar, agus go bhfuiltear ag baint leas as an modúl r-aighneachta ó lár 2019; ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Foras tacar treoirlínte in 2020 chun critéir comhshaoil shoiléire agus infhíoraithe a leagan amach maidir le táirgí agus seirbhísí sa phróiseas soláthair phoiblí agus go ndeachaigh sé isteach sa chreatchonradh idirinstitiúideach le haghaidh deasc chabhrach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Soláthar Poiblí Glas; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
24. |
ag cur sonrú i mbearta reatha agus in iarrachtaí leanúnacha an Fhorais chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus cosaint na sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire nach bhfoilsítear CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí an bhoird bainistíochta uile ar shuíomh gréasáin an Fhorais; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Foras nuashonrú ar a rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus gur ghlac an bord bainistíochta iad in 2020 agus go ndéanann an painéal athbhreithnithe coinbhleachtaí leasa dearbhuithe chomhaltaí an bhoird bainistíochta a mheasúnú agus a athbhreithniú thar ceann an Bhoird de réir liosta soiléir critéar agus prionsabal; ag tabhairt dá haire nach raibh aon dearbhú maidir le coinbhleacht leasa ó chomhalta Boird ná ó dhuine seachtrach ina chúis le measúnú mionsonraithe a lainseáil ar na leasanna a dearbhaíodh le linn 2020; |
Rialú inmheánach
|
26. |
ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin (IAS), iniúchóireacht ar bhainistiú acmhainní daonna agus eitic, tar éis an mheasúnaithe riosca domhain a rinneadh in 2019 mar chuid den ullmhú do phlean iniúchóireachta straitéisí IAS do 2020-2022; ag tabhairt dá haire go bhfuil plean gníomhaíochta le tarraingt suas ag an bhForas mar fhreagairt ar mholtaí IAS; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire gur ghníomhaigh an Foras in 2020 de réir na moltaí uile a rinneadh san iniúchadh feidhmíochta “tosaíochtaí i gcás ghníomhaíochtaí an Fhorais agus leithdháileadh na n-acmhainní” arna sheoladh ag IAS in 2018; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Foras measúnú riosca calaoise in 2020, agus gur ionchorpraíodh na príomhchonclúidí i straitéis frithchalaoise nua an Fhorais, straitéis a glacadh i mí na Samhna 2020; ag tabhairt dá haire go ndíríonn an straitéis frithchalaoise nua ar chultúr frithchalaoise a thógáil trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta agus nasc idir rialuithe inmheánacha agus cosc na calaoise; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Foras measúnú ar a chóras rialaithe inmheánaigh, agus gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil cur chun feidhme na gcúig chomhpháirt agus na prionsabail rialaithe inmheánaigh a ghabhann leo leabaithe a dhóthain i gcultúr, i bpróisis agus i ngníomhaíochtaí rialaithe an Fhorais; ag tabhairt dá haire, ina ainneoin sin, gur treisíodh gnéithe éagsúla den chóras rialaithe inmheánaigh, gur neartaíodh an faireachán leanúnach go háirithe, go bhfuil suirbhé nua á dhéanamh ar dhálaí oibre na bhfostaithe agus suirbhé á dhéanamh ar an bhfeasacht chalaoise, lena lamhálfaí do dheis chun laigí féideartha a bhrath go luath; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Fhorais i ndáil leis sin; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Chúirt laigí rialaithe inmheánaigh maidir le “feidhmeanna íogaire” agus rialuithe maolaitheacha gaolmhara, agus gur chinn sí go raibh fardal na bpost íogair as dáta agus nár léirigh siad a thuilleadh eagrúchán inmheánach reatha an Fhorais; á chur in iúl gur díol sásaimh di, áfach, gur tugadh beartas nua maidir le poist íogaire chun críche an 23 Meitheamh 2021 tar éis iniúchadh na Cúirte a léiríodh i dtuarascáil chríochnaitheach ón gCúirt; |
An fhreagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
31. |
ag tabhairt dá haire gur chuir paindéim COVID-19 isteach go mór ar oibríochtaí an Fhorais in 2020 ag an tús; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh an Foras in oiriúint don teilea-obair gan mhoill, agus gur fhorbair agus gur lainseáil sé a chéad suirbhé ar líne, bunachar nua sonraí agus lear mór aschur taighde agus cumarsáide leasaithe; ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Foras an ríomhshuirbhé “Maireachtáil, obair agus COVID-19” chun impleachtaí na paindéime a aimsiú le haghaidh daoine ar fud na hEorpa, agus trína dhéanamh amhlaidh, go raibh sé ar cheann de na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí Eorpacha ba thúisce a sholáthair sonraí úra maidir leis an bpaindéim; ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Foras an bunachar sonraí COVID-19 EU PolicyWatch; ag tabhairt dá haire maidir le hócáidí a bhí le tionól i bpearsa in 2020, gur tiontaíodh ina seimineáir gréasáin iad agus go raibh an tiontú ó chlárúcháin go freastal iarbhír idir 30 % agus 50 %, céatadán atá níos airde ná an meán don tionscal de réir mar a thuairiscíonn an Foras; |
Barúlacha eile
|
32. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ar leibhéal na gcibearbhagairtí feicthe ag an bhForas agus gur mhéadaigh sé ar mhinicíocht na nuashonruithe réamhghníomhacha slándála córais agus measúnaithe riosca; ag tabhairt dá haire an comhar le CERT-EU agus le hArd-Stiúrthóireacht Faisnéisíochta an Choimisiún chun an chomhroinnt eolais maidir le faisnéis cibearbhagairtí a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur leathnaigh an Foras an chosaint sonraí a dhéanann sé, agus leas á bhaint aige as seirbhísí cúltaca néalríomhaireachta lasmuigh den láthair, agus go bhfuil beartas uileghabhálach cibearshlándála á dhréachtadh; á iarraidh ar an bhForas an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an mbeartas cibearshlándála agus na himpleachtaí don Fhoras; |
|
33. |
ag tabhairt dá haire gur thoiligh an Foras i mí Mheán Fómhair 2020 do thionscnamh de chuid Pharlaimint na hEorpa faoina gcuirfear deasc chabhrach ar fáil mar chabhair don soláthar inbhuanaithe; |
|
34. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil an Fhorais a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don Fhoras leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear; |
|
35. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 107, 31.3.2020, lch. 8.
(2) Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais — Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65) lena leagtar síos EUR 144 000 mar thairseach i gcás conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/382 |
CINNEADH (AE) 2022/1796 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí, (1) |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh an 28 Feabhra 2022 ón gComhairle maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Fhoras i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0097/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 16 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 32 agus 47 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0109/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Fhorais Eorpaigh chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 30, 31.1.2019, lch. 74.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/384 |
CINNEADH (AE) 2022/1797 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0098/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (4), agus go háirithe Airteagal 63 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/385 |
RÚN (AE) 2022/1798 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) (An Ghníomhaireacht) don bhliain airgeadais 2020 agus EUR 41 700 000, a léiríonn méadú 7,05 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais beagnach go heisiach a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an “Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”) go bhfuil dearbhu réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire le sásamh, de thoradh ar iarrachtaí faireacháin buiséid, go raibh ráta cur chun feidhme de 99,99 % ann i rith bhliain airgeadais 2020 a léiríonn méadú 0,11 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire go raibh ráta forghníomhaithe 58,07 % ann le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a léiríonn laghdú 5,54 % i gcomparáid le 2019; |
Feidhmíocht
|
2. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról riachtanach ag an nGníomhaireacht maidir le tacaíocht agus comhordú a dhéanamh ar obair na n-údarás breithiúnach náisiúnta maidir le coireacht eagraithe trasteorann thromchúiseach a imscrúdú agus a ionchúiseamh; |
|
3. |
ag tabhairt chun suntais an méadú leanúnach ar líon iomlán na gcásanna ar thacaigh an Ghníomhaireacht leo le cúig bliana anuas agus cuireann sí i bhfáth an treocht atá ann le déanaí maidir le cásanna a tarchuireadh chuig an nGníomhaireacht atá ag éirí níos casta agus a dteastaíonn tacaíocht uathu thar thréimhsí ama níos faide; |
|
4. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur sheol an Ghníomhaireacht Grúpa Fócais na nIonchúisitheoirí agus na mBreithiúna Imscrúdaitheacha a Chomhrac i gcoinne Smuigleáil Imirceach, lena dtugtar le chéile cleachtóirí a bhfuil saineolas acu sa réimse agus gach gníomhaí i slabhra na slándála agus an cheartais choiriúil chun an comhrac i gcoinne smuigléireacht imirceach a neartú tuilleadh; |
|
5. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhar oibríochtúil breise le Frontex; á chur in iúl gur díol sásaimh di an chaibidlíocht maidir le comhaontú oibre lena rialaítear an gaol a bheidh ann amach anseo idir Frontex agus an Ghníomhaireacht; |
|
6. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhar idir Eurojust agus eu-LISA i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2019/816 (2); |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun an luach breise a chuireann a cuid gníomhaíochtaí ar fáil a mheasúnú agus chun bainistiú a buiséid a fheabhsú, amhail líon na dtuarascálacha/na n-anailísí a thacaíonn go díreach le cásanna, líon na gcásanna a tharchuireann Ballstáit agus glacadh le socruithe oibre iomchuí le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i ngnóthaí oibríochtúla; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht 50 ETF a shainmhíniú ina plean oibre bliantúil do 2020, laghdú 44% i gcomparáid leis an bplean oibre bliantúil do 2019; ag tabhairt dá haire, seachas na ETFanna a raibh tionchar ag paindéim COVID-19 orthu, gur bhain an Ghníomhaireacht amach na spriocanna de 22 ETF as 30 (73 % bainte amach i gcomparáid le 71 % in 2019); |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go raibh ról tábhachtach ag tacaíocht na Gníomhaireachta do na Ballstáit, an Iorua agus an Fhionlainn, i gcomhar leis an gComhairle agus leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach, chun faisnéis a chur i dtoll a chéile agus a scaipeadh maidir le saincheisteanna praiticiúla agus dlí a tháinig chun cinn ó phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht treoirlínte in Aibreán 2020 maidir le tacaíocht oibríochtúil le linn phaindéim COVID-19, ina raibh na bearta teagmhasacha gnó a cuireadh chun feidhme chun cúnamh oibríochtúil leanúnach a áirithiú do na deasca náisiúnta agus do na húdaráis náisiúnta; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht le comhar oibríochtúil a neartú agus go raibh méadú ar líon na gcásanna arna dtarchur ag na hionchúisitheoirí idirchaidrimh, a raibh 291 cás nua mar thoradh air sin in 2020, a léiríonn méadú 17 % i gcomparáid le 2019; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur threisigh an Ghníomhaireacht an comhar oibríochtúil lena páirtithe agus le tríú tíortha le ceapachán ionchúisitheoirí idirchaidrimh as an tSeirbia, an tSeoirsia agus an Albáin, agus trí mhéadú 4 % ar líon na gcomhchásanna; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur tháinig méadú ar ghréasán phointí teagmhála na Gníomhaireachta go 55 thír le rannpháirtíocht na hÚisbéiceastáine, Shrí Lanca, Mheicsiceo agus na Cosaive; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil dlús curtha ag an nGníomhaireacht lena comhar maidir le hábhair choiriúla idir an tAontas agus a tíortha comhpháirtíochta Theas (an Ailgéir, an Éigipt, Iosrael, an Iordáin, an Liobáin, an Libia, Maracó, an Phalaistín agus an Túinéis) trí bheith mar óstach don chéim nua de Chlár EuroMed um Cheartas; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gur iarr ionchúisitheoirí ó ar fud an Aontais agus níos faide cúnamh ar an nGníomhaireacht in 2020 maidir le 8 799 n-imscrúdú coiriúil trasteorann, méadú 13 % i gcomparáid le 2019, agus gurbh cásanna nua 4 200 cás a osclaíodh le linn 2020 agus gur bhain 164 díobh sin le paindéim COVID-19; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur chuir Eurojust tacaíocht dhlíthiúil, airgeadais nó oibríochtúil ar fáil do 268 gcomhfhoireann imscrúdaithe in 2020 agus gur éascaigh sé forghníomhú 1 284 Bharántas Gabhála Eorpach; |
|
11. |
ag cur béim ar an bhfíoras go raibh an Ghníomhaireacht rannpháirteach go gníomhach i gcruinnithe an Bhuanchoiste um an gComhar Oibríochtúil sa tSlándáil Inmheánach agus i ngníomhaíochtaí gaolmhara, agus go ndearna sí a táirgí insoláthartha a leathnú chuig réimsí tosaíochta coireachta. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fheabhsaigh an Ghníomhaireacht a comhar straitéiseach le páirtithe sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais trí chomhoibriú láidir le gníomhaireachtaí um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (CGB), trí chathaoirleacht a dhéanamh ar ghréasán gníomhaireachtaí CGB agus trí leanúint de shineirgí le gréasáin bhreithiúnacha a fhiosrú; |
|
12. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an dlúthchomhar le comhpháirtithe an Aontais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Coimisiún agus OLAF agus gníomhaireachtaí eile CGB; ag tabhairt chun suntais go ndearnadh dul chun cinn sa chomhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus EPPO agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an chaibidlíocht ar an gcomhaontú oibre chun an caidreamh a bheidh acu amach anseo a rialú; á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht na Gníomhaireachta in Ardán AE um Chearta Íospartach; |
Beartas foirne
|
13. |
ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2020, go raibh 99 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 204 ghníomhaire sealadacha ceaptha as 207 ngníomhaire sealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 208 bpost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, chomh maith leis sin, go raibh 16,2 gníomhaire ar conradh (i gcomparáid le 16 phost údaraithe in 2020) agus 16,5 saineolaí náisiúnta ar iasacht ar choibhéis lánaimseartha as 21 ag obair don ghníomhaireacht in 2020; |
|
14. |
á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh acmhainní iomchuí daonna agus eacnamaíocha ar fáil don Ghníomhaireacht, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe ar a cuid gníomhaíochtaí; |
|
15. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an chothromaíocht inscne a baineadh amach laistigh den Ghníomhaireacht do 2020 le cúigear fear agus cúigear ban san ardbhainistíocht agus sa mheánbhainistíocht, agus ag tabhairt dá haire agus é ina ábhair imní di go bhfuil easpa cothromaíochta inscne ann le 17 bhfear (65,4 %) agus naonúr ban (34,6 %) ar bhord feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, agus gur 71 fhear (32 %) agus 152 bhean (68 %) atá san fhoireann ar an iomlán; á iarraidh ar an Lárionad cothromaíocht inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord feidhmiúchán na Gníomhaireachta; |
|
16. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta atá i bhfeidhm cheana ag an nGníomhaireacht agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aici chun ciapadh a chosc; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thairg an Ghníomhaireacht oiliúint athnuachana don fhoireann ar fad in 2020 maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéasach agus gur cuireadh oiliúint bhreise maidir le bainistiú coinbhleachta agus réiteach ar fáil do na comhairleoirí rúnda agus do bhainisteoirí; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2019 ar dtús go raibh dhá chás leanúnacha a bhain le ciapadh líomhnaithe sa Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur cheartaigh an Ghníomhaireacht an figiúr sin, ó tharla gur in 2018 a tionscnaíodh ceann den dhá chás sin, nuair a rinne comhalta den fhoireann iarraidh ar chúnamh a chomhdú agus chuir ciapadh i leith bainisteoir líne, a raibh fiosrú riaracháin mar thoradh air agus a bhfuarthas nach raibh aon bhunús leis an líomhain agus go raibh an fiosrúchán dúnta i Márta 2019; ag tabhairt dá haire gur cuireadh na comhaltaí foirne a bhí i gceist chuig eintitis eagraíochtúla éagsúla agus nár glacadh aon bheart eile ina dhiaidh sin, go ndearnadh cinneadh an fiosrúchán a dhúnadh gan é a bheith bréagnaithe, agus gur dúnadh an cás i Samhain 2020; ag tabhairt dá haire gur in 2019 a tionscnaíodh an dara cás a bhain le bainisteoir eile, gur dúnadh an cás i Samhain 2020 gan aon bheart eile a bheith de dhíth, agus go ndearna an gearánach achomharc a thaisceadh i bhFeabhra 2021 in aghaidh an chinnidh an cás a dhúnadh; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur earcaigh an Ghníomhaireacht 16 ghníomhaire shealadacha agus ar conradh in 2020 trí nósanna imeachta earcaíochta seachtracha: ag tabhairt dá haire go ndearnadh dhá cheapachán chun na héifeachtaí a bhí ag obair pháirtaimseartha, a bhí 3.9 FTE ar an meán i rith na bliana, a fhritháireamh, i gcomhréir le hAirteagal 38 (2) den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 (3); á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhféadfadh an Ghníomhaireacht an fhéidearthacht sin a úsáid chun freastal ar obair pháirtaimseartha dá foireann; |
Soláthar
|
19. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur braitheadh roinnt laigí i nósanna imeachta soláthair phoiblí iniúchta na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire ar ócáid amháin, inar shínigh an Ghníomhaireacht creatchonradh le hoibreoir eacnamaíoch aonair, gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid nach raibh úsáid an chineáil sin creatchonartha oiriúnach don chineál seirbhísí a bhí de dhíth (feithiclí a fháil ar léas), ó tharla go mbíonn an margadh gaolmhar faoi réir luaineachtaí praghas go minic; ag aithint bharúil na Cúirte gurbh cheart creatchonradh lena ngabhann athoscailt na hiomaíochta a bheith úsáidte ag an nGníomhaireacht d’fhonn a áirithiú go bhfuarthas na seirbhísí riachtanacha ar an mbealach ba eacnamúla agus ab fhéidir; ag tabhairt dá haire an freagra ón nGníomhaireacht agus a gealltanas doiciméadacht ex ante níos láidre a ullmhú a bheidh dírithe ar an gcúis gur leanadh nós imeachta soláthair ar leith a shoiléiriú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur leis na hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar na laigí sin sa todhchaí; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, i gcás eile, gur shínigh an Ghníomhaireacht conradh sonrach inar imigh an phraghsáil ón na liostaí praghais a bhí ag gabháil leis an gcreatchonradh bunaidh i leith fóiréinsic dhigiteach agus freagairt teagmhais; ag tabhairt dá haire gur cheadaigh an Ghníomhaireacht an sonrasc agus go ndearna sí an íocaíocht leis an gconraitheoir gan an neamhréireacht sa ráta praghsála in aghaidh na huaire a thabhairt faoi deara agus gur léirigh sé sin nach ndearnadh aon seiceálacha cibé an raibh an conradh sonrach agus méid an tsonraisc ag teacht le téarmaí iarbhír an chomhaontaithe leibhéil seirbhíse nó nach raibh; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt an méid sa bhreis a íocadh (EUR 3 600) a bheith neamhrialta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an laige rialaithe sin a mheas agus a chur as an áireamh nach bhfuil aon saincheist chórasach ag baint lena nósanna imeachta íocaíochta agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le torthaí na meastóireachta agus na gníomhaíochtaí a glacadh; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire maidir le nósanna imeachta soláthair gur síníodh 31 gconradh ar luach iomlán EUR 8 265 812 i rith na bliana 2020; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht glacadh le soláthar glas ina nósanna imeachta tairisceana uile; |
|
22. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an moladh ón gCúirt ó 2018 tugtha chun críche ag an nGníomhaireacht maidir le húsáid nós imeachta soláthar idirbheartaithe a mheastar nach bhfuil bonn cirt leis; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
23. |
ag aithint bhearta reatha na Gníomhaireachta agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun aici chun trédhearcacht i dtaobh coinbhleachtaí leasa a áirithiú, iad a chosc agus a bhainistiú; ag tabhairt dá haire gur ghlac an bord feidhmiúcháin le Cinneadh 2020-07 an 15 Meitheamh 2020 maidir leis an straitéis frithchaolaoise nuashonraithe ina gcuirtear i bhfios an gá atá le feasacht a ardú maidir le rialacha inmheánacha na Gníomhaireachta i ndáil le heitic agus coinbhleachtaí leasa; ag tabhairt dá haire go ndearna coláiste na Gníomhaireachta treoirlínte na Gníomhaireachta maidir le sceithireachta a leasú in Eanáir 2019 agus go bhfuil an t-athbhreithniú ar na treoirlínte sin leanúnach; ag tabhairt dá haire gur glacadh le Cinneadh 2020-09 ón gColáiste an 15 Nollaig 2020 le cód eitice do chomhaltaí an choláiste agus an bhoird feidhmiúcháin; |
|
24. |
á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil CVanna ardbhainistíocht, shaineolaithe seachtracha nó shaineolaithe inmheánacha na Gníomhaireachta foilsithe ar a láithreán gréasáin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na CVanna sin a fhoilsiú láithreach; ag tabhairt dá haire go bhfuil buan-nós imeachta oibriúcháin nuashonraithe glactha ag an nGníomhaireacht maidir le coinbhleachtaí leasa le Cinneadh AD 2020-44 ón stiúrthóir riaracháin agus nár tuairiscíodh aon choinbhleachtaí leasa in 2020; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 16(3)(b) de Rialachán (AE) 2018/1727 (4), gur ghlac an bord feidhmiúcháin an 15 Meitheamh 2020 le straitéis frithchalaoise ina n-áirítear plean gníomhaíochta do 2020, agus lena nuashonraítear an plean gníomhaíochta roimhe sin ón 6 Samhain 2018; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh an nuashonrú ar an straitéis frithchalaoise in iúl do gach sealbhóir poist, agus go bhfuil rochtain uirthi in éineacht le hábhar frithchalaoise eile tríd an tairseach frithchalaoise ar inlíon na Gníomhaireachta; |
|
26. |
á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon le cearta bunúsacha agus caighdeáin cosanta sonraí; |
Rialú Inmheánach
|
27. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug an Ghníomhaireacht faoi mheasúnuithe ar a córas rialaithe inmheánaigh, a tháinig ar an gconclúid go bhfuil gach prionsabal agus comhpháirt rialaithe inmheánaigh curtha chun feidhme agus go bhfuil siad ag feidhmiú go héifeachtach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht machnamh cuí a dhéanamh ar thorthaí na Cúirte ina measúnacht bhliantúil, go háirithe an bharúil a bhaineann le seiceálacha ex ante ar phraghsanna comhaontuithe i gconarthaí a bheith in easnamh agus na rátaí arna sonrasc a bhféadfadh saincheist córasach a bheith i gceist leis; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire, i dtús 2020, go raibh naoi moladh oscailte ag an nGníomhaireacht a d’eascair ó fhostaíocht iniúchóireachta a rinne an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach, péire a bhain le bainistíocht gníomhaíocht-bhunaithe a d’eascair ón iniúchóireacht ar fhaireachas agus tuairisciú/bunchlocha dearbhaithe a rinneadh in 2016, agus seacht gcinn mar thoradh ar an iniúchóireacht in 2019 ar an gcomhar le Europol; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht dul chun suntasach in 2020 maidir le cur chun feidhme an dá mholadh a bhí ar feitheamh ó 2016, mar aon le cúig mholadh as an seacht gcinn a bhí mar thoradh ar an iniúchóireacht ar an gcomhar le Europol; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cur chun feidhme na moltaí ar fad a thabhairt chun críche; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire gur clúdaíodh san athbhreithniú teoranta a rinneadh ar chur chun feidhme chreat dlí nua Eurojust gnéithe a bhain le pleanáil, rialachas, bainistíocht riosca agus bearta comhlíonta ginearálta arna nglacadh ag an nGníomhaireacht i leith na Rialachán nuaghlactha (AE) 2018/1727 agus (AE) 2017/1939 (5); ag cur sonrú sa réamhshuirbhé a reáchtáladh trí chruinnithe ar líne i mí an Mheithimh 2020, agus obair allamuigh ina dhiaidh sin i mí Mheán Fómhair 2020; ag tabhairt dá haire gur áiríodh dhá mholadh sa tuarascáil iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di gur chuir an Ghníomhaireacht ar aghaidh i mí Feabhra 2021 a plean gníomhaíochta maidir leis an dá mholadh agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht na gníomhaíochtaí comhaontuithe a chur chun feidhme; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús in Aibreán 2020 leis an athbhreithniú teoranta ar chur chun feidhme an chreata dlí nua sa Ghníomhaireacht agus gur reáchtáladh an obair allamuigh don athbhreithniú teoranta i mí Feabhra 2021; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht forléargas ar fáil in 2020 ar na príomhfhorbairtí go hinmheánach agus go seachtrach a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a cuid oibre; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
31. |
ag tabhairt dá haire gur fhreagair an Ghníomhaireacht do phaindéim COVID-19 trína phlean leanúnachais gnó a ghníomhachtú, gur cuireadh foireann leanúnachais gnó le chéile, agus, bunaithe ar mholtaí na foirne, gur ghlac an stiúrthóir riaracháin bearta chun an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag paindéim COVID-19 ar fhoireann agus ar phróisis oibríochtúla na Gníomhaireachta a fhritháireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur choinnigh an Ghníomhaireacht leanúnachas oibríochtúil iomlán le linn ghéarchéim COVID-19; ag tabhairt chun suntais go raibh ról comhordaithe ag Eurojust maidir le faisnéis a thiomsú agus a scaipeadh i leith na bpríomh-shaincheisteanna praiticiúla agus dlíthiúla a d’eascair as paindéim COVID-19 i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, chomh maith le faisnéis a sholáthar faoi thionchar na mbeart náisiúnta a glacadh sa chomhthéacs seo; ag tabhairt dá haire go rabhthas ag súil go dtabharfadh comhaltaí foirne faoi theilea-obair mura raibh sé riachtanach don phost a bhí acu a bheith i láthair in áitribh na Gníomhaireachta agus gur spreag an Ghníomhaireacht cur chuige solúbtha i leith obair na heagraíochta, lenar glacadh riachtanais éagsúla na gcomhaltaí foirne san áireamh; ag tabhairt dá haire go ndearnadh saincheisteanna cosanta sonraí a shainaithint sa mheasúnú ar uirlisí TF agus gur tugadh isteach bogearraí do theilea-obair agus d’fhíschomhdhálacha slána; |
Tuairimí eile
|
32. |
á iarraidh go ndéanfaí nuachóiriú ar fhoirgnimh chun caighdeáin astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, go háirithe trí phainéil ghréine a shuiteáil ar gach foirgneamh de chuid na Gníomhaireachta; |
|
33. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bhunaigh an Ghníomhaireacht foireann shainthiomnaithe chun faireachas a dhéanamh ar logaí slándála agus freagairt do theagmhais chibearshlándála a d’fhéadfadh tarlú, agus gur thug an Ghníomhaireacht faoi mheasúnú riosca maidir le gach réiteach nua TFC, ar an láthair agus arna n-óstáil go seachtrach, agus gur tugadh faoi thástálacha treáite ar gach córas nua (ar an láthair) a nochtar don idirlíon; ag tabhairt dá haire go bhfuil tacar rialacha, ailínithe le Cinneadh 2013/488/AE (6) ag an nGníomhaireacht chomh maith le sraith beartas agus nósanna imeachta breise i ndáil le faisnéis agus fearais neamhaicmithe a dhéanann próiseáil ar fhaisnéis den chineál sin; ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di na gníomhaíochtaí a ghlac an Ghníomhaireacht maidir le cibearshlándáil na Gníomhaireachta, go háirithe i bhfianaise na faisnéise íogaire arna próiseáil ag an nGníomhaireacht, agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht a cosaint i gcoinne cibearbhagairtí a choinneáil ar leibhéal iomchuí, ag glacadh na rioscaí a sainaithníodh san áireamh; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire gur díol sásaimh di go bhfuil an Ghníomhaireacht ag glacadh páirt sa chlár digiteach um cheartas coiriúil, go bhfuil sí ag lorg ról ceannaireachta sa chlár chun comhar oibríochtúil breithiúnach um cheartas coiriúil ar fud institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na mBallstát a dhigiteáil; |
|
35. |
á chur in iúl gur mór aici gur neartaigh an Ghníomhaireacht a cumais chumarsáide seachtraí trí shuíomh gréasáin nua a sheoladh, lena mbunaítear a láithreacht ar ardáin físe sna meáin shóisialta agus trí imeacht fíorúil oscailte a eagrú; |
|
36. |
ag tagairt, le haghaidh barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (7) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 179, 10.5.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus lena n-ionadaítear Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(5) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(6) Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/390 |
CINNEADH (AE) 2022/1799 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ar dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0098/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (4), agus go háirithe Airteagal 63 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0102/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) don bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Riaracháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/391 |
CINNEADH (AE) 2022/1800 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0099/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle (4) agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, agus go háirithe Airteagal 60 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach, (A9-0090/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/393 |
RÚN (AE) 2022/1801 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach, (A9-0090/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 158 619 073 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) (“an Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 12,00 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur as buiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb é an toradh a bhí ar iarrachtaí maidir le faireachán buiséid le linn na bliana airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 99,44 %, arb ionann é agus méadú 0,02 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire gurbh é an ráta forghníomhaithe leithreasuithe íocaíochta 85,09 %, ag léiriú laghdú 1,52 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go raibh an Ghníomhaireacht déanach agus 33 % dá cuid íocaíochtaí á ndéanamh aici agus, mar thoradh air sin, gur íoc sí ús dar luach EUR 12 000; ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt leibhéil chomhchosúla mhoille faoi deara in 2019, in 2018 agus in 2017, a dhéanann an Ghníomhaireacht a nochtadh do rioscaí airgeadais agus clú; á mheabhrú go luaitear sa Rialachán Airgeadais nach mór do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais íocaíochtaí a dhéanamh laistigh d’amlínte forordaithe, agus go dtugann an Chúirt dá haire gur mhainnigh an Ghníomhaireacht amhlaidh a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ina freagra ar bharúil na Cúirte, a luaigh an Ghníomhaireacht saincheisteanna foirne, paindéim COVID-19 agus riaráiste sonrasc le haghaidh seirbhísí taistil; ag tabhairt dá haire nach dtéann freagra na Gníomhaireachta i ngleic le cineál struchtúrach íocaíochtaí déanacha agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar a próiseas íocaíochta chun a shainaithint cén áit a dtionscnaítear na moilleanna agus a hiarrachtaí a mhéadú maidir le híocaíochtaí a dhéanamh laistigh de théarmaí forordaithe chun deireadh a chur leis na laigí sin; |
Feidhmíocht
|
3. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht maidir le tacú le himscrúduithe coiriúla na mBallstát, agus maidir le cosc, freagairt agus comhrac na sceimhlitheoireachta, na cibearchoireachta, coireanna in aghaidh leas airgeadais an Aontais agus cineálacha eile coireachta tromchúisí agus eagraithe ar fud an Aontais; |
|
4. |
á thabhairt chun suntais gur tháinig méadú ar líon na n-oibríochtaí ó 1 921 in 2019 go 2 315 in 2020 (méadú is ionann agus 24 %) agus gur tháinig laghdú ar chruinnithe oibríochtúla a mhaoinigh an Ghníomhaireacht ó níos mó ná 500 in 2019 go 280 in 2020 (laghdú is ionann agus 44 %), rud a leagann béim ar thionchar COVID-19 ar obair na Gníomhaireachta; |
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh an Lárionad Eorpach um Choireacht Airgeadais agus Eacnamaíoch chun tacú le gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta trí chúnamh oibríochtúil agus straitéiseach a sholáthar agus Saotharlann Nuálaíochta Europol a chruthú; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an luach breise arna soláthar lena gníomhaíochtaí agus bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur chuíchóirigh an Ghníomhaireacht in 2020 na táscairí ina clár oibre agus go ndearna sí faireachán ar 43 tháscaire feidhmíochta chorparáideacha san iomlán agus spriocanna aonair leagtha amach do gach ceann acu, amhail cur chun feidhme gealltanas atá le tabhairt ar aghaidh, rátaí íocaíochta agus leithreasuithe faoi chomhair gealltanas; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go bhféachann an Ghníomhaireacht le dlúthchomhar a bhaint amach le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun leasanna slándála shaoránaigh uile an Aontais a áirithiú; ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) i gcomhthéacs an tionscadail SIRIUS ó thús deireadh 2020; ag tabhairt dá haire gur thacaigh saineolaithe ceimice, bitheolaíochta, raideolaíochta, núicléacha agus pléascán go gníomhach leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), amhail trí chomhdhálacha, seimineáir, seimineáir ghréasáin agus cleachtaí eile; ag tabhairt dá haire freisin gur shínigh an Ghníomhaireacht socrú oibre leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) an 8 Deireadh Fómhair 2020; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) fiosrúchán féintionscnaimh a oscailt an 30 Aibreán 2019, tar éis don Ghníomhaireacht treoir a iarraidh go réamhghníomhach air maidir leis an úsáid a bhaineann an Ghníomhaireacht as anailísíocht mórshonraí (“catagóiriú ábhar sonraí”) chun críoch anailíse straitéisí agus oibríochtúla (cás MECS 2019-0370); ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil sé de chúram ar MECS ón 1 Bealtaine 2017 i leith, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794 (2), maoirseacht a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta a dhéanann an Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur thug MECS achasán don Ghníomhaireacht i Meán Fómhair 2020, i gcomhthéacs a fhiosrúcháin, i bhfianaise na rioscaí d’ábhair sonraí i ngeall ar an easpa cosaintí sonracha íoslaghdaithe sonraí chun tacair mhóra sonraí a anailísiú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh riosca do chearta daoine aonair maidir le cosaint sonraí a bheith ag baint le méideanna móra sonraí a bheith á stóráil go leanúnach gan ábhair sonraí a bheith aicmithe, i gcás nach féidir nasc féideartha le gníomhaíocht choiriúil a shuí go dtí go dtosófar ar an anailís; ag tabhairt dá haire go ndeachaigh MECS i mbun idirphlé leis an nGníomhaireacht faoin ábhar sin, agus gur ullmhaigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta tiomnaithe; ag tabhairt dá haire gur tugadh aghaidh sa phlean gníomhaíochta ar na hábhair imní a bhí ag MECS i ndáil leis an athbhreithniú sonraí is gá maidir le stóráil cainníochtaí móra sonraí daoine aonair nár suíodh aon nasc le gníomhaíocht choiriúil ina leith, ach á thabhairt chun suntais gur ábhar imní do MECS nach bhfuil uastréimhse sa chreat dlíthiúil reatha maidir leis an bhfad a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht na sonraí sórt sin a phróiseáil; á thabhairt chun suntais gur stóráil an Ghníomhaireacht lear mór sonraí maidir le daoine aonair nár suíodh aon nasc le gníomhaíocht choiriúil ina leith agus gur choinneáil an Ghníomhaireacht na sonraí sin níos faide ná ba ghá, rud atá contrártha do phrionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus an teorannaithe stórála a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2016/794; ag tabhairt dá haire gur eisigh MECS cinneadh an 3 Eanáir 2022, inar tugadh 12 mhí don Ghníomhaireacht tosú ar na tacair sonraí nach raibh aon aicmiú déanta ar ábhair sonraí iontu agus a bhí ina seilbh aici ar lá an chinnidh sin a scriosadh, agus inar tugadh 6 mhí di chun tacair sonraí nua den sórt sin a scriosadh ó dháta a bhfála; ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar ag cinneadh MECS ar chumas na Gníomhaireachta anailís a dhéanamh ar thacair chasta agus mhóra sonraí chun tacú le himscrúduithe coiriúla atá ar bun agus a bhaineann le coireanna a thagann faoi raon feidhme shainordú na Gníomhaireachta, ós rud é gur minic a bhíonn tréimhse is faide ná 6 mhí i gceist le tacaíocht na Gníomhaireachta agus gur cheart don Ghníomhaireacht dlí ábhartha an Aontais a chomhlíonadh i gcónaí; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis an gcomhaontú polaitiúil ar tháinig na comhreachtóirí air i mí Feabhra 2022 i ndáil le sainordú treisithe na Gníomhaireachta, go dtugtar aghaidh ann ar na hábhair imní a bhí ag MECS trí na coinníollacha maidir le próiseáil agus tréimhsí stórála i gcás tacair mhóra agus chasta sonraí a bhunú; ag tabhairt dá haire gur thug MECS le fios go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht, a bhuí leis an reachtaíocht nua lena rialófar í, sonraí a phróiseáil gan aon nasc le gníomhaíocht choiriúil a bheith suite ina leith; á mheas, i bhfianaise a chasta atá an comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac, go bhfuil bonn cirt le heisceachtaí a mheastar go cuí; á chur i bhfáth gur gá cothromaíocht a bhaint amach idir oibríochtaí éifeachtacha póilíneachta agus cosaint cheart na saoránach chun príobháideachais agus gur chuir ord MECS in iúl go raibh imní air an raibh an chothromaíocht cheart á baint amach ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht ábhair imní MECS a chur san áireamh trí dhul chun cinn pras a dhéanamh maidir le haicmiú na n-ábhar sonraí agus le hurraim a thabhairt do na teorainneacha stórála arna mbunú go dlíthiúil, agus, ar an gcaoi sin, prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus an teorannaithe stórála á gcomhlíonadh, agus acmhainneacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a áirithiú agus a caomhnú san am céanna; ag dréim leis go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a hoibleagáid dhlíthiúil faisnéis a sholáthar don Pharlaimint gach bliain maidir le líon na gcásanna inar bhain sí leas as na féidearthachtaí dlíthiúla maidir le próiseáil a dhéanamh ar shonraí daoine aonair nár bunaíodh aon nasc le gníomhaíocht choiriúil ina leith, mar aon le faisnéis maidir le fad agus toradh na próiseála sin; |
Beartas foirne
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh plean bunaíochta na Gníomhaireachta curtha chun feidhme ag ráta 93,50 % an 31 Nollaig 2020, agus 575 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 615 ghníomhaire shealadacha a bhí údaraithe faoin bplean bunaíochta (i gcomparáid le 591 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, go raibh 203 ghníomhaire ar conradh agus 53 saineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair don Ghníomhaireacht in 2020, agus go raibh 235 ghníomhaire ar conradh agus as 71 shaineolaí náisiúnta ar iasacht údaraithe faoin bplean bunaíochta; ag tabhairt dá haire go ndifreálann an Ghníomhaireacht idir catagóirí saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus trí chatagóir ann nach dtabhaíonn aon chostais nó a iompraíonn costais theoranta do bhuiséad na Gníomhaireachta agus arb ionann iad agus 53 dhuine eile, ag tabhairt líon iomlán na saineolaithe náisiúnta ar iasacht go 106; |
|
11. |
á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le leibhéil leordhóthanacha foirne chun freastal ar an méadú leanúnach ar an ualach oibre agus ar an éileamh a dhéanann údaráis na mBallstát; ag tabhairt dá haire gur méadaíodh plean bunaíochta na Gníomhaireachta le 14 phost do ghníomhairí sealadacha; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé gníomhach leis an nGníomhaireacht chun riachtanais fhadtéarmacha acmhainní daonna na Gníomhaireachta a thuiscint agus a chomhlíonadh; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de thoradh plean gníomhaíochta don eagraíocht ina hiomláine, a chríochnaigh an Ghníomhaireacht 2020 le ráta folúntas 1,0 % i gcoinne na sprice bliantúla, is é sin uasráta folúntas 2,0 %; ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht amach freisin an sprioc maidir le huasráta iomlaoide (12 %), agus iomlaoid foirne ag ráta 10,9 % ann ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire freisin go ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán rialta ar na táscairí sin de réir spriocanna bliantúla; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tuairiscíodh, i gcás an dáilte inscne do 2020, gurbh fhir iad 82,8 % de lucht na hardbhainistíochta agus na meánbhainistíochta (149 bhfear agus 31 bhean), gurbh fhir iad 79,2 % de chomhaltaí an bhoird bainistíochta (42 fhear agus 11 bhean) agus gurbh fhir iad 71,8 % den fhoireann fhoriomlán (413 fhear agus 162 bhean); ag tabhairt dá haire gurb iad údaráis na mBallstát a cheapann comhaltaí an bhoird bainistíochta; á aithint gur cheann de cholúin straitéiseacha na Gníomhaireachta í an éagsúlacht; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Gníomhaireachta don dáileadh inscne a mhéid a bhaineann le comhdhéanamh a foirne, go háirithe i bpoist bhainistíochta; ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú in 2020 ar líon na mball foirne ar mná iad ar leibhéal an chinn aonaid agus i bpoist choibhéiseacha nó níos airde; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den treocht dhearfach sin, agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht dáileadh níos cothroime inscne a áirithiú ar leibhéal na bainistíochta agus ar leibhéal na foirne amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a chur san áireamh ar bhealach níos fearr nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; á mheabhrú don Ghníomhaireacht go bhfuil tábhacht ag roinnt le hinniúlacht, eolas agus taithí, agus freisin le cothromaíocht gheografach agus inscne i measc baill foirne, agus iarrthóirí á roghnú; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh an Ghníomhaireacht cás amháin de chaidreamh oibre coinbhleachtúil in 2020, ar cinneadh ina leith gurbh ionann é agus ciapadh síceolaíoch faoi Airteagal 12a de na Rialacháin Foirne; ag tabhairt dá haire go ndearnadh iomardú ar an mball foirne a rinne an ciapadh síceolaíoch faoi Airteagal 9(1), pointe (b), agus faoi Airteagal 11 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne i mí na Nollag 2020; ag tabhairt dá haire go raibh an ball foirne sin imithe ón nGníomhaireacht faoin am sin; ag tabhairt dá haire freisin nár tugadh aon chás ciaptha a bhain le foireann na Gníomhaireachta os comhair cúirte in 2020; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur mhéadaigh líon iomlán na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón nGníomhaíocht faoi 24 % in 2020; ag tabhairt dá haire go gcomhfhreagraíonn méadú iomlán ghníomhaíochtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta le maoirseacht ardaithe ag MECS, mar a léirítear sa líon moltaí a chuir MECS ar fáil i réimsí éagsúla gnó de thoradh fiosruithe, roimh nósanna imeachta comhairliúcháin faoi Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2016/794 agus gníomhaíochtaí leantacha ar chigireachtaí; |
Soláthar poiblí
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht síneadh le fad creatchonartha amháin, a bhain le soláthar seirbhísí taistil gnó, trí leasú air a shíniú tar éis dó dul in éag in 2018; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, gur chinn an Chúirt go raibh an cleachtas sin neamhrialta; ag tabhairt dá haire gur shínigh an Ghníomhaireacht leasú eile ar an gconradh céanna sin an 29 Márta 2019, a léirigh laige i mbainistiú conartha agus i rialuithe ex ante; ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht freagra go raibh a cinneadh an conradh a shíneadh in 2019 mar thoradh ar mheasúnú críochnúil chun leanúnachas gnó a chaomhnú agus nárbh ionann é agus laige i rialuithe ex ante; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Ghníomhaireacht tús le hiniúchadh inmheánach sa cheathrú ráithe de 2020 d’fhonn dearbhú breise a fháil ar chur chuige bainistithe conarthaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire freisin go ndeachaigh an conradh seirbhísí taistil gaolmhar in éag i Márta 2020; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, le haghaidh soláthar troscán, gabhálas agus seirbhísí gaolmhara, nach raibh na téarmaí a d’úsáid an Ghníomhaireacht sna doiciméid le haghaidh an ghlao ar thairiscintí sonrach go leor, agus an bonn á bhaint dá chionn sin ó nádúr iomaíoch an nós imeachta tairisceana; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár sheiceáil an Ghníomhaireacht go leordhóthanach cruinneas na mbunphraghsanna ná ríomh na lascainí a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh na nithe neamhchaighdeánacha sular thíolaic sí an fhoirm ordaithe don chonraitheoir; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go ndéantar prionsabail dhlí na hiomaíochta a chomhlíonadh go hiomlán i ngach nós imeachta tairisceana; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i gcomhréir le freagra na Gníomhaireachta, a bhí ábhar an tsoláthair agus na critéir is infheidhme eisiaimh, roghnúcháin agus dhámhachtana san áireamh sa doiciméadacht, agus lamháil déanta dá réir le haghaidh iomaíochta, agus ag tabhairt dá haire, maidir leis an lascaine a thug an conraitheoir, gur thairg an conraitheoir lascaine a bhí níos mó ná an ráta caighdeánach a bhí sa chonradh agus gur ghníomhaigh an Ghníomhaireacht dá réir sin i gcomhlíonadh phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus i gcomhréir le forálacha an chonartha; |
|
18. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Ghníomhaireacht moltaí na Cúirte a chur chun feidhme i gceart maidir leis an tairseach íosta do chritéar na dámhachtana teicniúla is ábhartha don cháilíocht, agus maidir leis na seiceálacha ar chruinneas na mbunphraghsanna agus ríomh na lascainí a chuirtear i bhfeidhm ar na hítimí neamhchaighdeánacha; |
Cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa, agus trédhearcacht
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur ann do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun an trédhearcacht a thabhairt i gcrích, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a rialú, cosaint a thabhairt do sceithirí, agus ciapadh a chomhrac; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh cás ar bith de choinbhleacht leasa in 2020, a mbeadh de thoradh air imscrúduithe ag seirbhís inmheánach imscrúduithe na Gníomhaireachta; |
|
20. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfoilsíonn an Ghníomhaireacht CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí a bhoird bainistíochta, a stiúrthóra feidhmiúcháin agus a leas-stiúrthóirí feidhmiúcháin; |
Rialú inmheánach
|
21. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach sa Choimisiún a hiniúchadh ar Shlándáil TF na Gníomhaireachta i gcrích agus go ndearna sí réamhobair a hiniúchóireachta ar bhainistiú conarthaí in 2020; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht chun feidhme 86 % de na moltaí criticiúla nó an-tábhachtach a raibh sé beartaithe iad a chur chun feidhme le linn 2020; |
|
22. |
ag meabhrú bharúlacha na Cúirte maidir le síneadh a chur le creatchonradh le haghaidh soláthar seirbhísí taistil gnó; ag tabhairt faoi deara gurb ionann an cinneadh sin agus laige i nósanna imeachta soláthair na Gníomhaireachta a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar chóras inmheánach rialaithe na Gníomhaireachta nó ar chodanna de; á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte a chur san áireamh faoi chuimsiú an mheasúnaithe bhliantúil ar an gcreat um rialú inmheánach; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gurbh ann do chomhchodanna chreat na Gníomhaireachta um rialú inmheánach agus go raibh siad ag feidhmiú ar bhealach comhtháite ar fud na Gníomhaireachta agus gur laghdaíodh leis an gcóras um rialú inmheánach go héifeachtach, go leibhéal inghlactha, an riosca nach mbainfear amach cuspóirí bliantúla agus ilbhliantúla na Gníomhaireachta maidir le hoibríochtaí, tuairisciú agus comhlíonadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte a chur san áireamh ina mheasúnú bliantúil, go háirithe na barúlacha maidir le bainistiú conarthaí agus íocaíochtaí déanacha; |
Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht freagairt phras ar ráig COVID-19 agus gur chuir sí chun feidhme roinnt gníomhaíochtaí nua chun an ghéarchéim a bhainistiú lena laghad tionchair ar obair na Gníomhaireachta agus is féidir, agus an tsláinte agus an tsábháilteacht ina gcéad tosaíocht i gcónaí aici; ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh tionchar díreach ag paindéim COVID-19 ar iarrachtaí na Gníomhaireachta roinnt gníomhaíochtaí a chur chun feidhme agus spriocanna chlár oibre 2020 a bhaint amach, go háirithe iad siúd a bhaineann le láithreacht fhisiciúil ag ceanncheathrú na Gníomhaireachta, amhail cruinnithe oibríochtúla agus cruinnithe eile imscrúdaitheoirí agus anailísithe, agus le nósanna imeachta riaracháin nach bhfuil bunaithe ar shreabhadh oibre leictreonach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht nósanna imeachta riaracháin a dhigitiú a mhéid is féidir; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi na bearta arna gcur chun feidhme ag an nGníomhaireacht chun éifeachtúlacht a chothabháil maidir le nósanna imeachta soláthair agus gníomhaíochtaí gaolmhara a bhainistiú, lena n-áirítear orduithe práinneacha a chur chun feidhme chun riachtanais eisceachtúla atá ann mar thoradh ar phaindéim COVID-19 a chlúdach agus conarthaí éagsúla a leasú chun na rioscaí a bhaineann le paindéim COVID-19 a choigeartú; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire, tar éis na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, go bhfuil an Ghníomhaireacht ag forbairt roinnt beart chun an aimsir a sheasamh, amhail modhanna oibre díláraithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht físghlaonna slána agus uirlisí comhoibrithe a úsáid, teilea-obair (lena n-áirítear le ríomhairí glúine OpsNet slánaithe mar gheall ar chineál na bpróiseas faisnéise oibríochtúla) agus sreafaí oibre leictreonacha nuachóirithe; |
Barúlacha eile
|
27. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne an Ghníomhaireacht chun a cibearshlándáil a mhéadú; ag tabhairt dá haire, maidir leis na trí fheabhsú is tábhachtaí de chuid na Gníomhaireachta in 2020 ó thaobh cosaint dhigiteach, gur bhain siad le hacmhainneachtaí cianrochtana, le forbairt néalbhunaithe agus le cleachtais códaithe le haghaidh bogearraí foinse oscailte agus tríú páirtí; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire, ag dréim le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas an 31 Nollaig 2020, gur thug an Ghníomhaireacht faoi dhianobair agus faoi dhianullmhúcháin chun aistriú réidh a áirithiú, ag imirt tionchar ar fhéidearthachtaí le haghaidh comhoibriú oibríochtúil leanúnach leis an Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear malartú sonraí pearsanta, agus uirlisí agus córais oibríochtúla éagsúla a oiriúnú; |
|
29. |
ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint dá cuid oibre, taighde agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun a hinfheictheacht phoiblí a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur poiblíodh go leitheadach obair na Gníomhaireachta ar thionchar COVID-19 ar an gcoireacht agus ar an gcibearchoireacht in 2020, ag sroicheadh an phobail i gcoitinne trína cainéil féin agus trí chainéil tríú páirtí; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun straitéis chuimsitheach a chur i bhfeidhm don inbhuanaitheacht agus chun astaíochtaí CO2 a laghdú, amhail cleachtais athchúrsála a fheabhsú agus fuinneamh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáid; ag spreagadh na Gníomhaireachta a cuid dúshlán agus na ceachtanna a d’fhoghlaim sí sa chomhthéacs sin a chomhroinnt sa chomhthéacs le haghaidh urscaoileadh na chéad bhliana airgeadais eile agus laistigh de Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh; |
|
31. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 158.
(2) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/398 |
CINNEADH (AE) 2022/1802 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla críochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a sholáthair an Chúirt Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0099/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle (4) agus a ghabhann ionad na gCinntí sin, agus go háirithe Airteagal 60 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta , |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach, (A9-0090/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2020, |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/400 |
CINNEADH (AE) 2022/1803 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0100/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (4), agus go háirithe Airteagal 21(3) de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, agus an rún atá ina chuid dhílis de, a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/401 |
RÚN (AE) 2022/1804 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontas Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 24 167 314 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 5,67 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur as buiséad an Aontais amháin nach mór a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurb é an toradh a bhí ar iarrachtaí maidir le faireachán buiséid le linn na bliana airgeadais 2020 ná ráta cur chun feidhme buiséid 100,00 %, an ráta céanna a bhí ann in 2019; ag tabhairt dá haire gurbh é 70,85 % an ráta forghníomhaithe i gcás leathreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é agus laghdú 7,85 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt agus fhreagra na Gníomhaireachta i dtaca leis obair leantach ar urscaoileadh 2019, gurb ard a bhí tabhairt anonn leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh Theideal III, lena léirítear go príomha cineál phríomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear staidéir agus gníomhaíochtaí eile múscailte feasachta a mhaoiniú, ar príomhghníomhaíochtaí iad a mhaireann roinnt míonna, agus ar minic leo maireachtáil níos faide ná deireadh bliana; ag tabhairt dá haire gurb ionann na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn le haghaidh Theideal III agus méadú 23 % i gcomparáid leis na leithreasuithe céanna in 2019; ag tabhairt dá haire go raibh cuid shuntasach de leithreasuithe Theideal III a tugadh anonn agus a bhí cothrom le 25 % in 2021, geallta i mí na Nollag 2020; ag thabhairt dá haire, thairis sin, go raibh leithreasuithe Theideal III na Gníomhaireachta a tugadh anonn in 2020 ar cóimhéid le 28 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn ó 2019; ag tabhairt dá haire gur léiriú iad na torthaí sin ar shaincheist struchtúrach sa Ghníomhaireacht agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht an fhadhb a réiteach trína pleanáil buiséid agus a timthriallta cur chun feidhme a fheabhsú; |
Feidhmíocht
|
3. |
á chur i bhfios go láidir gur den tábhacht é ról na Gníomhaireachta i gcabhrú lena áirithiú go ndéantar cearta bunúsacha daoine atá ina gcónaí san Aontas a chur chun cinn agus a chosaint; á mheabhrú a thábhachtaí atá an Ghníomhaireacht agus machnamh ar shlándáil agus ar chearta bunúsacha á chur chun cinn aici; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an luach atá le staidéir agus le tuairimí na Gníomhaireachta maidir le forbairt agus cur chun feidhme dhlí an Aontais; ag meabhrú ghealltanas na Gníomhaireachta i leith grúpaí leochaileacha a chosaint agus i gcoinne aon chineál idirdhealú; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur fhreagair an Ghníomhaireacht do phaindéim COVID-19 trí shé fheasachán a fhoilsiú, lenar cuireadh forléargas tráthúil agus cuimsitheach ar fáil ar na himpleachtaí maidir le cearta bunúsacha a bhí ag na bearta náisiúnta a glacadh ar fud an Aontais chun saoránaigh a chosaint ar COVID-19; á mheabhrú , áfach, nár cuireadh acmhainní breise ar fáil don Ghníomhaireacht chun an cúram breise sin a chur i gcrích; á chur in iúl gur geal léi, d’ainneoin na ndúshlán a bhain le paindéim COVID-19, gur chuir an Ghníomhaireacht 163 079 n-ábhar agus uirlis i dtoll a chéile a bhain le gníomhaíochtaí ardú-feasachta agus a bhí go hard os cionn na sprice don bhliain 2020; á chur in iúl gur mór aici an méadú ar láithreacht na Gníomhaireachta sna meáin shóisialta; |
|
5. |
á chur i bhfios go láidir an faireachán leanúnach a dhéanann an Ghníomhaireacht ar na dúshláin iomadúla maidir le cearta bunúsacha a bhíonn mar thoradh ar shonraí a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil i gcórais mhórscála TF agus idir-inoibritheacht na gcóras sin; á thabhairt chun suntais go gcuireann an Ghníomhaireacht i bhfáth na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta bunúsacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint, cosaint i gcoinne idirdhealú, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus an gá atá le coimircí a chur chun feidhme i gceart; |
|
6. |
ag aithint nádúr casta na staidéar a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu, lena gcumhdaítear dlí agus cleachtas gach Ballstáit agus an líon ard foilseachán a tháirgtear agus cúrsaí oiliúna a chuirtear ar fáil chun comhlíonadh cearta bunúsacha a áirithiú, lena rannchuidítear agus lena gcuirtear san áireamh obair chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí éagsúla an Aontais; |
|
7. |
á thabhairt chun suntais ghealltanas na Gníomhaireachta i leith grúpaí leochaileacha a chosaint agus i leith cosaint a thabhairt i gcoinne gach cineál idirdhealaithe laistigh den Aontas; á chur in iúl gur geal léi go soiléirítear raon feidhme ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 (2), lena gcumhdaítear inniúlachtaí uile an Aontais; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as 31 eochairtháscaire feidhmíochta mar chuid dá creat tomhaiste feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí agus ar thionchar a cuid gníomhaíochtaí agus go mbaineann sí úsáid as cúig eochairtháscaire feidhmíochta bhreise chun a bainistiú buiséid a fheabhsú; ag tabhairt dá haire gur seoladh athchóiriú ar a creat tomhaiste feidhmíochta in 2020 chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na Gníomhaireachta ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil araon; |
|
9. |
á chur in iúl gur geal léi comhar na Gníomhaireachta le gníomhaireachtaí eile, go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí, an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí chun comhchuspóirí beartais a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi, ina theannta sin, go dtacaíonn an Ghníomhaireacht go tráthrialta le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais chun oibleagáidí is toradh ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú ina gcuid oibre; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint de bhealaí a fhiosrú chun acmhainní agus baill foirne a roinnt i gcúraimí forluiteacha i measc gníomhaireachtaí eile a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí comhchosúla; |
|
10. |
á chur in iúl gur geal léi an leathnú ar chomhairle na Gníomhaireachta maidir le cearta bunúsacha do ghníomhaireachtaí eile an Aontais, ag cabhrú go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le 40 monatóir cearta bunúsacha a chur chun feidhme ar fud a cuid oibríochtaí; |
|
11. |
á chur in iúl gur geal léi gur éirigh leis an nGníomhaireacht a clár oibre bliantúil a chur chun feidhme in 2020 agus gur éirigh léi a cuid spriocanna uile a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi an dlús ar an gcomhar idir an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Comhairle na hEorpa agus na Náisiúin Aontaithe; á athdhearbhú gur mór aici seoladh Chóras Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha chun úsáid níos córasaí a bhaint as measúnuithe ar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát maidir le cearta an duine; |
Beartas foirne
|
12. |
ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2020, go raibh an plean bunaíochta curtha chun feidhme 97,22 %, go raibh ceapacháin déanta i gcás 70 gníomhaire sealadach as 72 ghníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 72 phost údaraithe in 2019); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur 32 ghníomhaire ar conradh agus naonúr saineolaithe náisiúnta ar iasacht a d’oibrigh don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
13. |
á chur in iúl gur geal léi gur ann do chothromaíocht inscne i measc chomhaltaí sinsearacha bainistíochta na Gníomhaireachta, agus triúr as seisear comhalta (50 %) ar den inscne chéanna iad, agus i measc fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, le 53 as 102 chomhalta (51,96 %) ar mná iad; ag tabhairt dá haire an chothromaíocht inscne i measc chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur mná iad 30 as 50 comhalta (60 %); á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a chur san áireamh nuair a bheifear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire na tuarascála ón nGníomhaireacht inar tuairiscíodh gur neamhléir don fhoireann an difríocht idir am oibre agus am fóillíochta as siocair modhanna oibre a athraíodh le linn phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire na bearta a rinne an Ghníomhaireacht chun tacú le sláinte, sábháilteacht agus dea-bhail a foirne trí thacaíocht leormhaith TF a chur ar fáil, lenar áirithíodh rochtain ar fhaisnéis, trealamh oifige a ceannaíodh don bhaile a aisíoc, socruithe solúbtha oibre a thabhairt isteach, déanamh deimhin de go ndearnadh cumarsáid idir an fhoireann agus cinn aonaid a choimeád, agus lenar iarradh ar an bhfoireann aiseolas a thabhairt ar na príomhábhair imní a bhí acu agus ar na nuálaíochtaí ba mhian leo a bheith ann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, na suirbhéanna a rinne an Ghníomhaireacht faoi thaithí dhianghlasála na foirne agus torthaí shuirbhé mhí na Nollag 2020 inar léiríodh go raibh 75 % den fhoireann sásta leis na socruithe solúbtha oibre agus gur bhraith 85 % díobh gur coinníodh go leormhaith ar an eolas iad faoi fhorbairtí maidir le socruithe oibre; |
Soláthar
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh de réir bharúil na Cúirte maidir le córas ríomhthairisceana agus ríomhaighneachta a thabhairt isteach agus go bhfuil sé sin tugtha chun críche; á chur in iúl gur geal léi gur thug an Ghníomhaireacht isteach an chéad ghlao oscailte ar thairiscintí a raibh an ríomhaighneacht mar chuid de le linn na chéad ráithe de 2020; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht 11 nós imeachta soláthair, dhá nós imeachta oscailte agus naoi gcinn a ndearnadh caibidlíocht ina leith; á thabhairt dá haire gur shínigh an Ghníomhaireacht 632 chonradh; ag tabhairt dá haire gur chonarthaí díreacha a bhí i dtrí cinn de na comhaontuithe agus gurb ionann a luach agus EUR 3 362 306 san iomlán, gur chonarthaí sonracha nó gurbh fhoirmeacha ordaithe faoi chreatchonarthaí ab ea 529 díobh a bhí cothrom le EUR 7 824 667, agus gur chonarthaí ar luach íseal ab ea 100 díobh a bhí ar cóimhéid le EUR 486 243; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus an trédhearcacht
|
17. |
á chur in iúl gur geal léi bearta reatha na Gníomhaireachta agus na hiarrachtaí leanúnacha atá sí a dhéanamh maidir leis an trédhearcacht a áirithiú, i ndáil le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus i ndáil le sceithirí a chosaint; ag tabhairt dá haire go ndearnadh measúnú agus maolú ar roinnt cásanna coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, agus a measadh a bheith ann, agus nár tuairiscíodh aon chás den sórt in 2020; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur foilsíodh CVanna agus dearbhuithe maidir le leasanna beagnach gach comhalta den bhord bainistíochta agus den lucht bainistíochta sinsearaí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht CVanna agus na dearbhuithe maidir le leasanna atá fós gan foilsiú a fhoilsiú agus á chur in iúl gur geal léi na bearta atá déanta cheana chun na rioscaí a mhaolú; |
Rialú Inmheánach
|
18. |
ag tabhairt dá haire go ndearna Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin iniúchadh in 2019 ar Dhearadh agus Cur Chun Feidhme an Tionscadail Taighde, lena n-áirítear an soláthar; ag tabhairt dá haire, de réir na Gníomhaireachta, nár sainaithníodh aon rioscaí criticiúla; ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh ceithre mholadh thábhachtacha mar thoradh ar iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach; ag tabhairt dá haire go rabhthas ag dréim leis go ndéanfadh an Ghníomhaireacht na moltaí sin a chur chun feidhme faoi dheireadh 2021; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha ar urscaoileadh 2019, gur fháiltigh an Ghníomhaireacht roimh an togra maidir le creat comhchoiteann eitice le haghaidh institiúidí agus ghníomhaireachtaí an Aontais agus go bhfuil sí réidh chun rannchuidiú leis na líonraí ábhartha; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil creat rialaithe inmheánaigh glactha ag an nGníomhaireacht atá bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbainfear amach a cuspóirí beartais agus bainistíochta; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú inmheánach in 2020 ar leibhéal chur chun feidhme an chreata nua rialaithe inmheánaigh agus gur thángthas ar an tátal go bhfuil beagnach gach comhpháirt den chreat rialaithe inmheánaigh ann agus go bhfuil siad ag feidhmiú le chéile ar bhealach comhtháite; ag tabhairt dá haire gur cheart don Ghníomhaireacht tabhairt faoi bhearta chun nuashonrú tráthrialta ar thuairiscí poist a fheabhsú, gur cheart di féachaint le cur chun feidhme tráthúil an chleachtais maidir le tuairisciú forbartha gairme a bhaint amach, gur cheart di measúnú a dhéanamh i dtaobh an féidir bunú beartais cumarsáide inmheánaí chomhtháite a sheachfhoinsiú agus gur cheart di pleanáil agus faireachán buiséid ar leibhéal na bainistíochta a neartú trí úsáid a bhaint as uirlisí tuairiscithe tiomnaithe; |
Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
21. |
ag thabhairt dá haire, d’ainneoin na ndúshlán a bhain le paindéim COVID-19, go raibh torthaí na Gníomhaireachta in 2020 i gcomhréir lena doiciméad clársceidealaithe aonair ilbhliantúil agus leis na leasuithe air sin, arbh é a bhí i gceist leo a plean leanúnachais gnó a ghníomhachtú agus a cuid oibre a chur in ord nua tosaíochta; |
|
22. |
ag aithint na ndúshlán a bhaineann le paindéim COVID-19 agus na bearta gaolmhara a thug na Ballstáit isteach chun COVID-19 a shrianadh, a raibh tionchar acu ní hamháin ar thráth foilsithe thuarascálacha na Gníomhaireachta agus ar sheoladh na dtorthaí, ach ar chur chun feidhme Shuirbhé Romach 2020 agus ar ghníomhaíochtaí allamuigh eile a bhí beartaithe faoi thionscadail éagsúla freisin; á chur in iúl gur geal léi, áfach, an dúthracht a chaith an Ghníomhaireacht leis an obair leantach ar na bearta agus le teacht ar réitigh maidir lena tionscadail a chur chun feidhme go fónta; |
Barúlacha eile
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as réiteach slán ríomhphoist (SECEM) a chuireann an Coimisiún ar fáil chun tarchur slán faisnéise íogaire neamh-rúnaicmithe a áirithiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur lean an Ghníomhaireacht na moltaí slándála uile arna n-eisiúint ag Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta de chuid an Choimisiúin agus ag an bhFoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire de chuid institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a mhéid a bhain le córas bainistithe inneachair gréasáin “DRUPAL” a úsáid, an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá digitiú nósanna imeachta inmheánacha na Gníomhaireachta; á thabhairt chun suntais gur trí fheidhm a bhaint as acmhainní daonna inmheánacha a rinneadh aistriú na Gníomhaireachta chuig néalseirbhísí in 2020, agus go raibh coigilteas EUR 350 000 dá bharr; |
|
24. |
á chur in iúl gur geal léi gur tháirg an Ghníomhaireacht 163 079 n-ábhar agus n-uirlis a bhaineann le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, táirgeadh a bhí i bhfad os cionn an 2 150 a bhí mar sprioc aici le haghaidh 2020; ag tabhairt dá haire gur fhan an Ghníomhaireacht ar thús cadhnaíochta i dtaca le hábhair i gcló a scaipeadh trí shuíomh gréasáin Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh i rith phaindéim COVID-19; á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar líon na n-uaireanta a luadh an Ghníomhaireacht sna meáin le blianta beaga anuas, agus í á lua 92 uair ar an meán in aghaidh na seachtaine agus 369 n-uaire in aghaidh na míosa in 2020, gurb amhlaidh a luadh a dhá oiread níos mó í ná i mblianta roimhe sin; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, mar a d’éirigh leis an nGníomhaireacht áit oibre agus straitéis atá éifeachtach ó thaobh costais de agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú agus ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint de dhea-chleachtais a úsáid agus tuilleadh feabhais a chur orthu; |
|
26. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 60.
(2) COM(2020) 225.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/405 |
CINNEADH (AE) 2022/1805 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0100/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (4), agus go háirithe Airteagal 21 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/406 |
CINNEADH (AE) 2022/1806 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Ghníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0101/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (4), agus go háirithe Airteagal 116 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe d’Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2022), |
|
1. |
ag cur a cinnidh maidir le hurscaoileadh a dheonú do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 siar; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/407 |
RÚN (AE) 2022/1807 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 364 432 655 buiséad deiridh na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú de 10,40 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta; |
|
B. |
de bhrí gur cheart do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a bheith trédhearcach agus cuntasach go hiomlán do shaoránaigh an Aontais maidir leis na cistí a chuirtear faoina gcúram; |
|
C. |
de bhrí go leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na ceanglais ba cheart don Ghníomhaireacht a chomhlíonadh, lena n-áirítear i réimsí amhail urraim do chearta bunúsacha; |
|
D. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta beacht agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leo dlíthiúil agus rialta; |
|
E. |
de bhrí, ó mhí na Nollag 2019 i leith, go bhfuil sainordú nua á chur i bhfeidhm ag an Ghníomhaireacht, a bhfuil scála méadaithe riachtanach aige atá suntasach ó thaobh misin agus foirne de agus a éilíonn buiséad leordhóthanach; |
|
F. |
de bhrí gurb é conclúid na Cúirte ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 8/2021 maidir le tacaíocht na Gníomhaireachta do bhainistiú teorainneacha seachtracha go raibh roinnt easnamh ann a bhaineann le príomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, eadhon faireachán staide, anailís riosca, measúnú leochaileachta, oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus oiliúint na Gníomhaireachta, easpa measúnuithe ar riachtanais agus easpa measúnuithe tionchair roimh an méadú easpónantúil ar speansais na Gníomhaireachta; |
|
G. |
de bhrí gur bhunaigh Coiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile Grúpa Oibre um Ghrinnscrúdú Frontex (FSWG) a d’fhoilsigh tuarascáil ar an imscrúdú faisnéise ar an nGníomhaireacht maidir le sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha an 14 Iúil 2021 (“tuarascáil FSWG”); |
|
H. |
de bhrí gur dhún an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) cuid dá himscrúduithe an 15 Feabhra 2021 inar breathnaíodh ar láimhseáil tuarascálacha ar theagmhais a bhain le cearta bunúsacha, lena n-áirítear brú siar; de bhrí go bhfuil OLAF fós ag imscrúdú roinnt líomhaintí maidir le saincheisteanna eile; de bhrí nár roinneadh tuarascáil OLAF maidir leis na himscrúduithe le comhaltaí an Choiste um Rialú Buiséadach nó an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; de bhrí go gcuireann sé sin bac ar obair ghrinnscrúdaithe an Choiste um Rialú Buiséadach i bhfianaise a ábhartha atá an tuarascáil sin don nós imeachta um urscaoileadh; |
Buiséad agus bainistíocht airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur thug na hiarrachtaí faireacháin buiséid i rith bhliain airgeadais 2020 ráta cur chun feidhme buiséid 78,42 %, a léiríonn laghdú de 21,42 % i gcomparáid le 2019; á thabhairt chun suntais gur gealladh EUR 360 milliún as EUR 364 mhilliún den bhuiséad; ag tabhairt dá haire gur cuireadh EUR 95 mhilliún ar ais chuig buiséad ginearálta an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go raibh an ráta forghníomhúcháin íocaíochtaí an-íseal ag 43,84 %, arb ionann é sin agus laghdú de 25,30 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil ráiteas déanta ag an gCúirt go mbraitheann an Ghníomhaireacht, le haghaidh phleanáil airgeadais a cuid oibríochtaí um fhilleadh, ar mheastacháin a sholáthraíonn na tíortha comhoibritheacha agus go bhfuil sé ríthábhachtach an fhaisnéis sin a bheith ar fáil go hiomlán agus go tráthúil; ag tabhairt dá haire go bhfuil barúil tugtha ag an gCúirt gur chuimsigh údarás náisiúnta i gcás amháin in 2020 dhá oibríocht um fhilleadh nár fógraíodh roimhe sin agus arbh fhiú EUR 355 000 san iomlán iad, i gcomhaontú deontais nuair a tugadh an ghníomhaíocht i gcrích ó thaobh airgeadais de, rud a d’fhág easnamh buiséadach tobann don Ghníomhaireacht agus a chuir iallach ar an nGníomhaireacht gealltanas buiséadach ex-post a dhéanamh, rud a sháraíonn Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta; ag aithint spleáchas na Gníomhaireachta ar thíortha comhoibritheacha agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht a bheith níos déine maidir le socraíocht agus forfheidhmiú caighdeán a bhaineann le hiomláine agus le tráthúlacht fáil faisnéise i ndáil le pleanáil airgeadais oibríochtaí, lena n-áirítear na hoibríochtaí um fhilleadh; á mheabhrú nach mór rialacha agus prionsabail Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta a urramú agus a urramú i ngach cás; |
|
3. |
á thabhairt chun suntais gur chuir an Ghníomhaireacht tús le huasghrádú ar chórais Frontex maidir le hIarratais ar Fhilleadh (FAR) agus ar chórais an Fheidhmchláir Bainistíochta Comhtháite maidir le Filleadh (IRMA) chun céimeanna a ghlacadh i dtreo córas idir-inoibritheach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí, chun bainistiú fónta airgeadais deontas a áirithiú; á thabhairt chun suntais go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit sonraí oibríochtúla agus airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar a chur isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún an caidreamh idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit a neartú agus rialacha ceangailteacha a áirithiú do na Ballstáit maidir le cosaint airgeadais agus oibríochtúil agus maidir le faireachán; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt barúlacha go dtugtar maolaisnéis i dtaca le ranníocaíocht na dTíortha atá Comhlachaithe le Schengen, toisc gurbh ionann é agus 6,91 % de bhuiséad tosaigh na Gníomhaireachta, cé gur cheart gurbh ionann sin agus 7,43 %, gan ró-mheastachán a dhéanamh ar ranníocaíocht an Aontais ós rud é go ndéantar í sin a bhuiséadú gan beann ar rannpháirtíocht na dTíortha atá Comhlachaithe le Schengen; ag athdhearbhú bharúil na Cúirte gur léiriú é seo ar an ngá atá le treoir bhreise ón gCoimisiún do chomhlachtaí an Aontais maidir le conas ranníocaíochtaí ó thíortha neamh-AE a ríomh go comhsheasmhach; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil barúil déanta ag an gCúirt go raibh tionchar ag an bpaindéim ar oibríochtaí agus ar chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta in 2020, agus gur laghdaigh an Ghníomhaireacht a buiséad tosaigh faoi EUR 95 000 000, trí dhá bhuiséad leasaitheacha; á thabhairt dá haire gur tugadh gealltanas buiséadach sealadach EUR 18 100 000 chun imscaradh allamuigh a ullmhú in 2021 ar aghaidh gan an Ghníomhaireacht a bheith tar éis gealltanais dhlíthiúla a dhéanamh laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 75 de Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire go n-aithníonn an Ghníomhaireacht an bharúil agus í ag obair ar bhearta feabhais chun tarlú sa todhchaí a chosc, lena ngabhann fíorú táblaí atá le tabhairt ar aghaidh do na gealltanais dhlíthiúla ghaolmhara; á aithint gur eisigh an Ghníomhaireacht fógra riaracháin le treoir maidir le prionsabal na bliantúlachta lenar míníodh go mion na rialacha maidir le tabhairt anonn; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire gur méadaíodh maoiniú ón Aontas don Ghníomhaireacht faoi EUR 10 milliún trí bhíthin buiséad Leasaithe Uimh. 1/2020; á chur in iúl gur saoth léi nach raibh an méid sin le feiceáil i gcuntais bhuiséadacha na Gníomhaireachta; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le tuairim na Cúirte go laghdaítear trédhearcacht leis sin mar déantar níos deacra é méid an mhaoinithe ón Aontas a fheiceáil a bhí ar fáil don Ghníomhaireacht in 2020 mar aon leis an dóigh ar athraíodh an méid sin thar am; ag cur béim ar an ngá atá leis an trédhearcacht a áirithiú mar thosaíocht; |
|
7. |
ag meabhrú chonclúid na Cúirte nach gcuireann tuairisciú oibríochtúil na Gníomhaireachta lucht déanta cinntí ar an eolas go leordhóthanach toisc nach bhfuil faisnéis ann faoi chostais agus feidhmíocht iarbhír; á iarraidh an athuair ar an gCúirt measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na Gníomhaireachta maidir le moltaí 1 go 4; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi thorthaí na dteagmhálacha molta leis an gCúirt agus leis an gCoimisiún agus an tsaincheist maidir le heaspa fianaise tacaíochta a réiteach go práinneach; |
Feidhmíocht
|
8. |
á thabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht bearta áirithe mar phríomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht a cuid gníomhaíochtaí, arna nglacadh ag bord bainistíochta na Gníomhaireachta, agus a eascraíonn as an doiciméad clársceidealaithe aonair 2020-2022; á thabhairt dá haire go háirithe na KPInna maidir leis an ráta folúntais, infhaighteacht agus leordhóthanacht na gcomhthiomsuithe acmhainní daonna, infhaighteacht trealaimh theicniúil le haghaidh misean na Gníomhaireachta agus trasnú mídhleathach teorann a bhrath; |
|
9. |
á thabairt dá haire gur chur an Ghníomhaireacht dhá mear-idirghabháil teorann i bhfeidhm ag teorainneacha seachtracha talún agus muirí na Gréige leis an Tuirc a d'éiligh imscaradh trealaimh theicniúil ó na comhthiomsuithe de threalamh mearfhreagartha agus de threalamh teicniúil, chomh maith le hacmhainní daonna; |
|
10. |
á thabhairt dá haire gur fheidhmigh seirbhísí aerárthaí faireachais na Gníomhaireachta 1 068 misean san iomlán in 2020, as a raibh 1 030 acu ina n-eitiltí faireachais agus 38 acu a bhain le rialú iascaigh; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar líon na seirbhísí aerárthaí faireachais le blianta beaga anuas agus 177 misean ann in 2017 agus 1 068 misean in 2020; |
|
11. |
á thabhairt dá haire gur chuidigh sócmhainní na Gníomhaireachta in oibríochtaí muirí le níos mó ná 3 408 n-imirceach a tharrtháil le linn gníomhaíochtaí patróil, agus dá thoradh sin gur braitheadh 790 éascaitheoir, ceithre gháinneálaí ar dhaoine agus raon leathan cineálacha eile coireanna trasteorann, amhail smuigléireacht earraí agus substaintí mídhleathacha (1 463 lítear alcóil, 4 013 phíosa armlóin, thart ar 361 chileagram de chócaon, níos mó ná 144 thonna de roisín cannabais agus marijuana, agus 40 cileagram hearóin); |
|
12. |
á thabhairt dá haire gur leanadh le hoibríochtaí fillte na Gníomhaireachta, ainneoin go raibh tionchar ag srianta phaindéim COVID-19 orthu, agus 21 Bhallstát ag glacadh páirte mar eagraithe nó mar rannpháirtithe in oibríochtaí fillte ar eitiltí cairtfhostaithe arna gcomhordú agus arna gcómhaoiniú ag an nGníomhaireacht, le 7 952 dhuine ar an iomlán a tugadh ar láimh, ag baint amach 28 dtríú tír a mbeifear ag filleadh orthu, líon suntasach níos ísle ná mar a bhí in 2019; á thabhairt dá haire gurbh ionann filleadh deonacha agus 18 % de na heitiltí tacaithe go léir; á thabhairt dá haire go ndearna 26 Bhallstát fillteacha ar eitiltí sceidealta le tacaíocht na Gníomhaireachta, gur tugadh 3 981 náisiúnach tríú tír ar ais go 83 thír a mbeifear ag filleadh orthu, agus gur fhill 2 173 (55 %) acu sin gan tionlacan agus 1 532 (38 %) ar bhonn deonach; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur áiríodh ar na bearta a bhain le COVID-19 in 2020 dúnadh teorainneacha agus fionraíocht aerthráchta, ar bearta iad a raibh tionchar acu ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla go léir arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú mór ar líon na n-oibríochtaí um fhilleadh in 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún plean éigeandála a thabhairt isteach, i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht, ina leagfar amach bearta sábháilteachta áirithe, lena n-áiritheofar go leanfar ar aghaidh go sábháilte le hoibríochtaí um fhilleadh; |
|
14. |
á thabhairt dá haire gur cuireadh bac ar ghníomhaíochtaí oifigigh um chearta bunúsacha de chuid na Gníomhaireachta de bharr srianta phaindéim COVID-19, go háirithe a ról faireacháin ar an láthair ar limistéir oibríochtúla na Gníomhaireachta de bharr srianta ginearálta taistil agus dúnadh teorainneacha an Aontais; á thabhairt dá haire go ndearnadh an fhaireachán go heisiach trí theagmhálacha a choinneáil le roinn freagartha oibriúcháin na Gníomhaireachta agus le roinn na feasachta staide agus faireacháin, trí rochtain a fháil ar fhaisnéisithe a cuireadh ar fáil d’oifigigh imscartha agus ar thuarascálacha isteach, trí fhaisnéis a bhailiú ó na meáin, trí chomhoibriú leis an bhfóram comhchomhairleach agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile; á thabhairt dá haire gur chláraigh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha 10 dtuarascáil um theagmhais thromchúiseacha (SIRanna) go foirmiúil agus gur eisíodh trí thuarascáil dheireanacha ón Oifig um Chearta Bunúsacha lenar dúnadh na SIRanna agus gur measadh trí cinn eile a bheith dúnta ar feitheamh fhoilsiú thuarascálacha an Oifigigh um Chearta Bunúsacha; á thabhairt dá haire go mbaineann na SIRanna i gceist le sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha le linn gníomhaíochtaí oibríochtúla, lena n-áirítear oibríochtaí um fhilleadh, arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht (i.e. maidir le foireann na mBallstát agus na Gníomhaireachta); |
Cearta bunúsacha agus obair leantach ar thimthriall urscaoilte 2019
|
15. |
á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint, trína rún an 21 Deireadh Fómhair 2021 ina bhfuil barúlacha atá mar dhlúthchuid den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2019 (3), go gcuirfeadh an t-údarás buiséadach cuid de bhuiséad na Gníomhaireachta do 2022 i gcúlchiste, agus go mbeadh sé le scaoileadh nuair a bheadh seacht gcoinníoll curtha i gcrích; á chur in iúl gurb oth léi nár cuireadh an cúlchiste sin chun feidhme tar éis na caibidlíochta do bhuiséad 2022; á athdhearbhú, áfach, gur léir ó urscaoileadh na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2019 gurb ionann mainneachtain na coinníollacha sin a chomhlíonadh agus méadú ar an mbaol go ndiúltófaí an t-urscaoileadh a dheonú don bhliain airgeadais 2020; ag cur béim ar an ngá atá le meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta maidir le gach ceann de choinníollacha 2019 a leagtar amach in urscaoileadh 2020, chun comhsheasmhacht a chothú idir na hurscaoiltí thar na blianta, agus mar mhodh chun feidhmíocht na Gníomhaireachta a mheas, lena n-áirítear maidir le comhlíonadh dlíthiúil; ag tabhairt aird, sa chomhthéacs sin, ar an ionchur a fuarthas le déanaí ón gCoimisiún ina litir a cuireadh chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach an 24 Márta 2022 agus ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha a leagadh amach i rún na Parlaiminte an 21 Deireadh Fómhair 2021, a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil ar an dáta céanna; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, i ndáil leis na seacht gcoinníoll a bhunaigh an Pharlaimint ina rún an 21 Deireadh Fómhair 2021, go measann an Coimisiún go bhfuil “dul chun cinn suntasach déanta ag an nGníomhaireacht le bliain go leith anuas”, ach “gur gá tuilleadh fós a dhéanamh”; á mheas seo a leanas i gcás gach ceann de na seacht gcoinníoll:
|
|
17. |
ag meabhrú na gconclúidí sa tuarascáil ar urscaoileadh 2019 don Ghníomhaireacht maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 8/2021 ón gCúirt agus raon na n-easnamh oibríochtúil a sainaithníodh inti; ag meabhrú na conclúide ón tuarascáil ón gCúirt nár ghlac an Ghníomhaireacht bearta leordhóthanacha go fóill chun a heagraíocht a oiriúnú chun a sainordú a chur chun feidhme go hiomlán faoi Rialachán (AE) 2016/1624 (5), agus á mheabhrú gur chuir an Chúirt béim ar rioscaí suntasacha a bhaineann le sainordú na Gníomhaireachta faoi Rialachán (AE) 2019/1896; á mheabhrú gur chuir an Chúirt cúig mholadh faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin, maille le spriocdhátaí lena gcur chun feidhme faoi dheireadh 2021 (moladh 5), lár 2022 (moladh 1) agus faoi dheireadh 2022 (moltaí 2, 3 agus 4); ag tabhairt dá haire go gcuirtear moltaí chuig an nGníomhaireacht agus chuig an gCoimisiún, agus go bhfuil na Ballstáit rannpháirteach sa chur chun feidhme freisin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé don údarás um urscaoileadh na moltaí a rinne an Chúirt a chur chun feidhme go cuí; á mheabhrú go bhfuil moladh 5 san áireamh sna coinníollacha a leagadh amach i dtuarascáil na Gníomhaireachta ar urscaoileadh 2019 agus nach bhfuil sé á chomhlíonadh go hiomlán fós, agus go bhfuil cur chun feidhme na moltaí eile fós ar feitheamh; á iarraidh ar an gCúirt meastóireacht a dhéanamh a luaithe a bheidh na spriocdhátaí do mholtaí 1 go 4 caite (faoi dheireadh 2022) faoi chuimsiú thuarascáil bhliantúil na Cúirte don Ghníomhaireacht, d’fhonn a mheas an bhfuil na moltaí ón gCúirt curtha chun feidhme go leordhóthanach agus in am ag an nGníomhaireacht agus má tá, cá mhéad atá siad curtha chun feidhme agus conas a cuireadh chun feidhme iad; á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar an gCoimisiún an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi chur chun feidhme na moltaí agus á chur in iúl a thiomanta atá sí é sin a léiriú i dtuarascálacha ar urscaoileadh amach anseo; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur cuireadh roinnt líomhaintí in aghaidh na Gníomhaireachta i láthair in imscrúduithe iriseoireachta i mí Dheireadh Fómhair 2020 maidir leis an gcomhpháirteachas a d’fhéadfadh a bheith aici i mbrú siar imircigh neamhdhleathacha sa Mheánmhuir; ag tabhairt dá haire gur tacaíodh leis na líomhaintí sin le físeán de shócmhainní na Gníomhaireachta a líomhnaítear a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí den sórt sin; á mheabhrú, ar bhonn na líomhaintí sin, go ndearna Coiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile imscrúdú trína FSWG; ag meabhrú na gconclúidí ó thuarascáil FSWG a cumhdaíodh go forleathan i dtuarascáil na Gníomhaireachta ar urscaoileadh 2019; á mheabhrú sa chomhthéacs sin gur chinn FSWG nach bhfuair an Ghníomhaireacht “fianaise dhochloíte ar fheidhmiú díreach brúnna ar ais nó ar ionnarbadh comhchoiteann ag an nGníomhaireacht sna cásanna de theagmhais thromchúiseacha a raibh an FSWG in ann iad a iniúchadh”; á mheabhrú gur chinn FSWG freisin “go bhfuair an Ghníomhaireacht fianaise mar thaca le líomhaintí de sháruithe ar chearta bunúsacha i mBallstáit lena raibh oibríocht chomhpháirteach, ach theip uirthi tabhairt faoi na sáruithe sin agus iad a fhiosrú go pras, go hairdeallach agus go héifeachtach” agus “mar thoradh air sin, níor chuir Frontex cosc ar na sáruithe sin, ná níor laghdaigh sé an baol go ndéanfaí sáruithe ar chearta bunúsacha amach anseo”; á mheabhrú go n-áirítear sa tuarascáil ó FSWG moltaí chuig an nGníomhaireacht, chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhlíonadh na gceart bunúsach ag an nGníomhaireacht agus rialachas, maoirseacht, nósanna imeachta maidir le tuairisciú, agus láimhseáil gearán; ag tabhairt dá haire go gcuirtear na moltaí sin chuig an nGníomhaireacht, chuig a bord bainistíochta, chuig an bParlaimint, chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle; ag tabhairt dá haire go dtugann stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta tuairisc i ngach cruinniú den bhord bainistíochta ar dhul chun cinn chur chun feidhme na moltaí ag FSWG maidir le cearta bunúsacha agus gnéithe dlíthiúla d’oibríochtaí, an tOmbudsman Eorpach agus an Chúirt; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon spriocdhátaí ann chun na moltaí a chur chun feidhme, agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht soiléireacht a sholáthar don údarás um urscaoileadh maidir leis an obair leantach a bheartaítear leis na moltaí; á iarraidh ar FSWG fiosrúchán leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí ó thuarascáil FSWG agus na torthaí a chur in iúl don údarás um urscaoileadh chun go léireofar san urscaoileadh don Ghníomhaireacht iad; |
|
19. |
á iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin a chaidreamh leis an FRO agus leis an bhfóram comhairleach a neartú trína moltaí a chur san áireamh go comhsheasmhach, trína áirithiú go rachfar i gcomhairle mar is ceart leis an FRO roimh oibríochtaí, agus trí obair leantach a dhéanamh ar mholtaí FSWG go tráthúil, agus trí thuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur chláraigh FRO na Gníomhaireachta deich SIRanna go foirmiúil agus gur eisíodh trí thuarascáil dheireanacha ón FRO lenar dúnadh na SIRanna agus gur measadh trí cinn eile a bheith dúnta go dtí go bhfoilseofar na tuarascálacha ón FRO; á thabhairt dá haire go mbaineann na SIRanna i gceist le sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha le linn gníomhaíochtaí oibríochtúla, lena n-áirítear oibríochtaí um fhilleadh, arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht (i.e. maidir le foireann na mBallstát agus na Gníomhaireachta); á chur i bhfáth gur léirigh FSWG imní “maidir le heaspa comhoibrithe ar thaobh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chun comhlíonadh roinnt forálacha de Rialachán EBCG a áirithiú, go háirithe maidir le cearta bunúsacha”; |
|
21. |
á mheabhrú nach mór oibríochtaí agus gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a dhéanamh i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE) 2019/1896, chomh maith le Rialachán Foirne AE agus Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta; |
Beartas foirne
|
22. |
á chur in iúl gur oth léi gur cuireadh 63,01 % den phlean bunaíochta chun feidhme faoin 31 Nollaig 2020 agus gur ceapadh 662 ghníomhaire shealadacha as 1 050 gníomhaire sealadach a bhi údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 484 phost údaraithe in 2019); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 387 ngníomhaire ar conradh agus 185 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht (le 730 gníomhaire ar conradh agus 220 saineolaí náisiúnta ar iasacht údaraithe don Ghníomhaireacht in 2020); |
|
23. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di an chothromaíocht inscne a tuairiscíodh don bhliain 2020 agus 15 fhear (75 %) agus 5 bhean (25 %) ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí, 50 fear (83,3 %) agus 10 mbean (16,7 %) ar leibhéal an bhoird bhainistíochta, agus 870 fear (70,5 %) agus 364 bhean (29,5%) mar chuid d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an chothromaíocht inscne a fheabhsú ina hardbhainistíocht agus ina foireann, agus tuaririsciú don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn atá déanta; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go gcuirfear san áireamh an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú agus a gcuid comhaltaí á n-ainmniú acu do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta; |
|
24. |
á mheabhrú gur chuir OLAF imscrúdú ar bun in 2019 faoi líomhaintí maidir le ciapadh, mí-iompar agus brú siar imirceach a raibh baint ag an nGníomhaireacht leo, agus go raibh neamhrialtachtaí ann; ag tabhairt dá haire gur dhún OLAF an chéad chuid dá imscrúdú ar láimhseáil teagmhas um chearta bunúsacha an 15 Feabhra 2022 le moladh araíonachta agus go ndearnadh an toradh a bhí air a thíolacadh d’Fheisirí den Choiste um Rialú Buiséadach agus um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile go páirteach an 28 Feabhra 2022; ag tabhairt dá haire, áfach, nár cuireadh an tuarascáil ar fáil i scríbhinn do na Feisirí go fóill, ná nach bhfuil fianaise eile i scríbhinn curtha ar fáil maidir le torthaí an imscrúdaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtagraíonn an t-imscrúdú sin do líomhaintí i ndáil le dualgais ghairmiúla a fheidhmiú agus neamhchomhlíonadh na rialacha atá i bhfeidhm agus gur cuireadh an tuarascáil chuig bord bainistíochta na Gníomhaireachta faoi nós imeachta seomra léitheoireachta daingean; á iarraidh ar OLAF agus ar an gCoimisiún a chinntiú go roinnfear an tuarascáil imscrúdaithe iomlán leis an údarás um urscaoileadh agus leis an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile a luaithe is féidir, agus urraim iomlán á tabhairt do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 (6) agus na gceanglas dlíthiúil uile maidir le cosaint sonraí íogaire agus maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann, amhail rochtain ar fhaisnéis maidir leis na líomhaintí, ullmhú a gcosanta, agus am leordhóthanach chun freagairt; |
|
25. |
á mheabhrú gur gá soiléireacht a bheith ann maidir le gach gné den imscrúdú; á chur i bhfios go láidir gur cúis mhór bhuartha na torthaí a leagadh amach sa chur i láthair páirteach maidir le feidhmíocht na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 agus ag tathant ar an mbord bainistíochta agus ar an gCoimisiún gníomhú go pras chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile a ardaíodh, toisc nach féidir aon amhras a bheith ann maidir le creidiúnacht na Gníomhaireachta, ionas go mbeidh sí in ann a cúraimí agus a sainchumais a chomhlíonadh go hiomlán, agus i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin freisin; á mheas go bhfuil faisnéis neamhiomlán ag an údarás um urscaoileadh faoi láthair chun cinneadh láneolach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2020; á athdhearbhú a hiarraidh ar an nGníomhaireacht comhoibriú go hiomlán le OLAF agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le haon fhorbairtí atá ábhartha don nós imeachta um urscaoileadh; |
|
26. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá an Ghníomhaireacht agus an ról atá aici mar gharda teorann agus cósta de chuid an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí obair leantach a dhéanamh ar mholtaí uile OLAF agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach iomchuí d’fhonn feidhmiúlacht iomlán a áirithiú, chomh maith le héifeachtacht agus inchreidteacht a gníomhaíochtaí, go háirithe i gcomhthéacs na staide reatha san Úcráin, tráth a bhfuil rialú teorann an Aontais agus bainistiú cuí sreabh imirce fíorthábhachtach; |
|
27. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di freagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna scríofa na Parlaiminte a thug le fios gur tuairiscíodh 17 gcás de chiapadh san iomlán d’eintitis inniúla na Gníomhaireachta in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gach cás a mheas go cúramach, cur chuige neamhfhulaingthe a ghlacadh i leith ciapadh síceolaíoch, gnéis nó aon chineál ciaptha eile, agus leanúint ar aghaidh go pras leis na daoine sin atá freagrach as an mí-iompar sin a thabhairt chun cuntais; á chur in iúl gur geal léi an oiliúint a fhaigheann na comhairleoirí rúnda agus na bearta a rinneadh chun feasacht a ardú i measc na foirne agus an fhoireann a chur ar an eolas faoi na comhairleoirí rúnda; á chur in iúl gur geal léi na seisiúin ar líne um mhúscailt feasachta do bhainisteoirí feidhmiúcháin, sinsearacha agus meánacha agus do cheannairí foirne, agus gur eagraíodh seisiúin thiomanta feasachta do bhaill foirne a chláraigh do na seisiúin sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí na gcásanna sin a chur in iúl don údarás um urscaoileadh; |
Soláthar
|
28. |
á thabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht 23 thairiscint oscailte in 2020, agus gur síníodh conarthaí ar luach iomlán EUR 9 309 000,00 mar thoradh ar chúig cinn acu, agus go bhfuil 18 gcinn acu sin fós ar siúl, ar luach iomlán EUR 153 294 000,00; á thabhairt dá haire freisin gur sheol an Ghníomhaireacht 30 nós imeachta ar luach íseal agus ar mheánluach (arna chaibidliú le triúr agus cúigear iarrthóirí) ar luach iomlán EUR 2 764 706,46, agus as an 30 nós imeachta, 21 a raibh conarthaí sínithe acu in 2020 ar luach iomlán EUR 1 992 904,00, agus naoi gcinn díobh sin fós ar siúl, ar luach iomlán EUR 771 802,46; á thabhairt dá haire freisin gur láimhseáil an Ghníomhaireacht 213 nós imeachta ar luach an-íseal (arna chaibidliú le hiarrthóir amháin) le haghaidh luach iomlán EUR 1 347 649,76 in 2020; á thabhairt dá haire ar deireadh gur láimhseáladh 776 nós imeachta faoi chreatchonarthaí a bhí ann cheana ar luach iomlán EUR 91 451 075,83, in 2020 agus conarthaí sonracha sínithe nó foirmeacha ordaithe mar thoradh ar 696 cinn acu, ar luach iomlán EUR 80 895 932,89, agus 80 ceann acu ar luach iomlán EUR 10 555 142,94 fós ar siúl; |
|
29. |
á thabairt dá haire gur threoraigh an Ghníomhaireacht an tairiscint idir-institiúideach, agus thart ar 50 institiúid, gníomhaireacht agus comhlacht eile de chuid an Aontais rannpháirteach inti, chun trealamh cosanta pearsanta a cheannach ar luach iomlán EUR 60 580 000,00; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi gur thug an Ghníomhaireacht treoirlínte isteach maidir le soláthar glas do sheirbhísí glantacháin agus ceaintín agus seachadadh troscáin; á spreagadh an Ghníomhaireacht chun an taithí maidir le soláthar glas a mheas agus é a roinnt le Líonra Gníomhaireachtaí AE, agus, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme an tsoláthair ghlais a leathnú sa Ghníomhaireacht; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
31. |
á chur in iúl gurb oth léi nach bhfoilsítear CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí an bhoird bainistíochta uile ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht, d'fhonn trédhearcacht a mhéadú, na CVanna agus na dearbhuithe leasa atá in easnamh a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na bearta a nglacfar ina leith sin; |
|
32. |
ag meabhrú chúiseanna buartha an údaráis um urscaoileadh in urscaoileadh 2019 maidir le trédhearcacht agus ionadaíocht leasa le haghaidh na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire gurb ann do bhunú agus oibríochtú chlár trédhearcachta na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cloí leis na caighdeáin trédhearcachta is airde agus an clár trédhearcachta a nuashonrú go rialta; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht próiseas nua i bhfeidhm chun trédhearcacht a mhéadú; á thabhairt dá haire gur eagraíodh gach cruinniú tionscail (t-laethanta) ar líne agus gur chuir 50 cuideachta níos mó ná 60 réiteach i láthair, le rannpháirtíocht 430 ionadaí ón nGníomhaireacht, ó Bhallstáit agus ó chomhpháirtithe an Aontais, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur eagraigh an Ghníomhaireacht, i dteannta leis na t-laethanta, léiriú ar líne ar réitigh theicneolaíocha, i gcomhthráth leis an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Bhithmhéadracht le haghaidh Teorainneacha, ag sárthaispeáint breis agus 100 réiteach, le 23 chur i láthair tionscail do bhreis is 470 duine i láthair ag comhdhálacha; ag tabhairt dá haire gur cosúil, áfach, nach bhfuil mórán cruinnithe cláraithe sa chlár trédhearcachta nuabhunaithe; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi cé na páirtithe príobháideacha a tháinig le chéile le linn a laethanta tionsclaíochta débhliantúla in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an dul chun cinn atá déanta ina leith sin; |
|
33. |
á chur i bhfáth gur ghríosaigh an tOmbudsman Eorpach an Ghníomhaireacht chun “cur chuige níos réamhghníomhaí maidir le trédhearcacht a áirithiú”; á mheabhrú gur iarr FSWG ar an nGníomhaireacht “a trédhearcacht a mhéadú tuilleadh trí ghníomhú i gcomhréir le cleachtas na tairsí AsktheEU agus gan dul i muinín aon chlásal cóipchirt” agus “nár cheart SIRanna, tuarascálacha maidir le húsáid fornirt agus gearáin aonair a aicmiú mar dhoiciméid shrianta ach nuair is gá agus de réir an cháis”; |
|
34. |
ag cur béim ar a riachtanaí atá sé go gcomhoibreodh an Ghníomhaireacht le gach geallsealbhóir inmheánach agus seachtrach de mheon macánta, mar atá leabaithe in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1896; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire gur chaith an Ghníomhaireacht EUR 8 500 le déanaí chun a stiúrthóir feidhmiúcháin a sheoladh ar scairdeitleán príobháideach chun freastal ar chruinniú sa Bhruiséil an 4 Márta 2020, cé gur tugadh fógra lá roimh ré go raibh cruinniú na Bruiséile beartaithe don lá céanna bhí eitilt tráchtála ar fáil; á chur i bhfáth go bhfuil codarsnacht idir sin agus láimhseáil fhreagrach airgead na gcáiníocóirí agus ag tathant ar an stiúrthóir feidhmiúcháin a chur chuige a athrú i ndáil leis sin; |
Rialú inmheánach
|
36. |
ag tabhairt dá haire an measúnú ar an gcóras rialaithe inmheánaigh a rinne an Ghníomhaireacht in 2020, lenar cinneadh cé go meastar go bhfuil an córas éifeachtach ar an iomlán, go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe; ag tabhairt dá haire go mbaineann sé seo go háirithe le prionsabail rialaithe inmheánaigh 10 (gníomhaíochtaí rialaithe), 15 (cumarsáid le páirtithe seachtracha faoi ábhair a dhéanann difear do rialú inmheánach) agus 16 (measúnú bliantúil agus leanúnach ar an gcóras rialaithe inmheánaigh); á iarraidh ar an nGníomhaireacht barúlacha na Cúirte a chur san áireamh freisin sa mheasúnú bliantúil ar an gcóras rialaithe inmheánaigh; ag tabhairt dá haire go bhfuil plean gníomhaíochta ceaptha ag an nGníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh agus go bhfuil sí tiomanta do na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme go tapa; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn a bheidh déanta; |
|
37. |
ag tabhairt dá haire gur ann do ghníomhaíochtaí leanúnacha na Gníomhaireachta maidir le breithnithe na Cúirte; ag tabhairt dá haire gur chruthaigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta chun tabhairt faoi na heasnaimh arna sainaithint ag an gCúirt; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de ghníomhartha ceartaitheacha a dhéanamh, lena n-áirítear beartas um poist íogaire a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar aon dul lena caighdeáin rialaithe inmheánaigh féin, plean leanúnachais gnó a dhréachtú agus cead a fháil óna bord bainistíochta, tabhairt faoin riosca de mhaoiniú dúbailte ón gCiste Slándála Inmheánaí agus tabhairt faoi ardleibhéal méideanna a thugtar anonn; á iarraidh ar an nGníomhaireacht áfach a cuid iarrachtaí a mhéadú chun na leibhéil áitíochta riachtanacha a bhaint amach atá leagtha síos sa phlean bunaithe foirne; á chur in iúl gur geal léi na bearta ceartaitheacha arna nglacadh ag an nGníomhaireacht chun tabhairt faoi cheist na n-aisíocaíochtaí le tíortha comhoibritheacha gan na doiciméid tacaíochta riachtanacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás urscaoilte a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar ar na hábhair sin; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt barúil gur mhainnigh an Ghníomhaireacht nóta eisceachta a thaifeadadh sa chlár lárnach le haghaidh eisceachtaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a ardchaighdeáin trédhearcachta a choimeád agus clárú tráthúil agus iomlán eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíonta agus ndoiciméadacht bhunúsach a dhéanamh; |
|
39. |
ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt gur iarr an Ghníomhaireacht ar an gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2020 cead chun 100 post AST a uasghrádú go poist ardleibhéil (grád AD 7 nó níos airde), don bhuanchór agus do chúraimí nua faoin sainordú nua; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur sheol an Ghníomhaireacht, ag súil le freagra ón gCoimisiún, an 9 Meán Fómhair 2020, 47 dtairiscint chuig iarrthóirí ardleibhéil agus gur chuir an Coimisiún in iúl don Ghníomhaireacht nach raibh aon údarás dlíthiúil aici na poist a uasghrádú, rud a d’fhág gur tharraing an Ghníomhaireacht siar láithreach bonn 47 dtairiscint poist; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh dearbhú dlíthiúil faighte ag an nGníomhaireacht ón gCoimisiún sula ndeachaigh sí ar aghaidh, mar go gcoiscfí leis sin suaitheadh neamhriachtanach a d’eascair as an tarraingt siar; á mheabhrú gur fhág an méid sin gur cuireadh an Ghníomhaireacht i mbaol damáiste dá clú agus i mbaol dlíthíochta agus nach raibh aon ghá leis sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht cosc a chur ar ghníomhartha den sórt sin a dhéanamh gan soiléireacht dhlíthiúil amach anseo chun nach dtarlódh na cásanna sin an athuair; |
Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
40. |
ag tabhairt dá haire gur bunaíodh aonad géarchéime laistigh den Ghníomhaireacht a thacaigh lena bainistíocht feidhmiúcháin ar feadh phaindéim COVID-19, trí thacaíocht a sholáthar maidir le leanúnachas gnó, trí shláinte, sábháilteacht agus folláine na foirne a áirithiú, agus trí chur isteach ar oibríochtaí na Gníomhaireachta a íoslaghdú; ag tabhairt dá haire gur tugadh de chumhacht don aonad géarchéime leithdháileadh sealadach feidhmeanna agus foirne ó eintitis ar fud na Gníomhaireachta chun bainistiú éifeachtúil agus inbhuanaithe ar phróisis agus ar chúraimí a áirithiú; |
|
41. |
ag tabhairt dá haire gur dhréachtaigh an Ghníomhaireacht treoirlínte sonracha maidir le teilea-obair le linn phaindéim COVID-19 chomh maith le straitéis scoir; ag tabhairt dá haire, chun teilea-oibriú a éascú agus rannchuidiú le dálaí oibre cuí a chruthú don fhoireann, gur ceadaíodh don fhoireann go léir, chomh maith le pearsanra seachtrach i gcás riachtanais ghnó a bhfuil údar leo, trealamh áirithe oifige agus TFC a úsáideann siad de ghnáth san oifig a thabhairt abhaile le nós imeachta inmheánach a forbraíodh chun rialú ar an trealamh agus bailiú ordúil ón áitreabh a áirithiú; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire go luaitear i dtuarascáil na Gníomhaireachta gur seoladh sreabhadh oibre nua gan pháipéar le haghaidh próisis airgeadais agus soláthair, lena n-áirítear uirlisí nua cur chun feidhme, amhail léirmhíniú ar líne; ag tabhairt dá haire an méid a dúirt an Ghníomhaireacht gur féidir le tionchar na paindéime a bheith dearfach i gcásanna áirithe, toisc gur chuir sí dlús le nuálaíochtaí a raibh géarghá leo agus gur shimpligh sí roinnt nósanna imeachta; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an phaindéim isteach go mór ar phlean oiliúna na Gníomhaireachta, agus srianta taistil forchurtha ag Ballstáit agus ag na Tíortha atá Comhlachaithe le Schengen, rud a d’fhág nach raibh fáil ar oiliúnóirí ná ar láithreacha oiliúna agus go raibh féidearthacht theoranta ann taisteal chuig na láithreacha oiliúna; ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht iarrachtaí leanúnachas gnó a áirithiú tríd an bpróiseas oiliúna iomlán a athdhearadh, chun go mbeadh sé in oiriúint don chianfhoghlaim; |
Barúlacha eile
|
44. |
á mheabhrú gur chinn an tOmbudsman Eorpach an 15 Meitheamh 2021 go raibh moill ar thaobh na Gníomhaireachta maidir leis na hathruithe tábhachtacha a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1896 a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gur láimhseáil an tOmbudsman Eorpach 13 chás a bhain leis an nGníomhaireacht, sé cinn maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, sé cinn maidir le bainistiú acmhainní daonna agus ceann eile a bhain le cearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire nár chuir an tOmbudsman Eorpach moltaí ar fáil i sé chás, go bhfuil ceithre mholadh á gcur i bhfeidhm go leanúnach agus go bhfuil an moladh curtha i bhfeidhm cheana féin i dtrí chás; |
|
45. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (7) ar fheidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 143, 30.4.2020, lch. 6.
(2) Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0442.
(4) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(5) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(6) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (IO L 437, 28.12.2020, lch. 49).
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/416 |
CINNEADH (AE) 2022/1808Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh cuntas na Ghníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0101/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (4), agus go háirithe Airteagal 116 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoin CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus go háirithe d’Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2022), |
|
1. |
ag cur dhúnadh chuntais na Ghníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2020 siar, |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/417 |
CINNEADH (AE) 2022/1809 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis — EUSPA anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireacht Eorpach GNSS don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0102/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 14 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (5), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh lena bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 276, 20.10.2010, lch. 11.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/419 |
RÚN (AE) 2022/1810 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina ndlúthchuid den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis — EUSPA anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht Eorpach GNSS don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2022), |
|
A. |
de bhrí, de réir a ráitis ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh é EUR 35 449 479,85 buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (an “Ghníomhaireacht”) don bhliain airgeadais 2020, arb ionann é agus méadú 5,54 % i gcomparáid le 2019; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais go príomha a thagann buiséad na Gníomhaireachta; de bhrí gurb 0,7 % a bhí sa ráta boilscithe in AE in 2020; |
|
B. |
de bhrí go ndearbhaíonn an Chúirt Iniúchóirí (an “Cúirt”), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”), go bhfuair an Chúirt dearbhuithe réasúnacha go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta; |
Buiséad agus bainistíocht airgeadais
|
1. |
á thabhairt dá haire le buíochas gur tháinig ráta cur chun feidhme an bhuiséid de 100,00 % mar thoradh ar iarrachtaí faireacháin a rinneadh ar an mbuiséad le linn na bliana airgeadais 2020, arb ionann é agus an ráta céanna a bhí ann in 2019; á thabhairt dá haire thairis sin gurbh é 83,38 % ráta forghníomhaithe na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, arb ionann é sin agus laghdú 2,57 % i gcomparáid le 2019; |
|
2. |
á thabhairt dá haire, gur bhainistigh an Ghníomhaireacht a bunbhuiséad agus, ina theannta sin, gur lean sí de bheith ag bainistiú cuid mhór den bhuiséad tarmligthe, go háirithe faoi Shaothrú Bhreis-seirbhíse na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), faoi Shaothrú Galileo agus faoi Chomhaontuithe Tarmligin Fís 2020; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur chuir an Ghníomhaireacht tús in 2020 le bainistiú a dhéanamh ar chomhaontú ranníocaíochta gníomhaíochtaí ullmhúcháin Govsatcom; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur gealladh EUR 402 000 000 san iomlán in 2020 faoi bhuiséad tarmligthe agus go ndearnadh méid comhionann le EUR 753 000 000 in íocaíochtaí; |
Feidhmíocht
|
3. |
á thabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha i dtaca le héaradh seirbhísí Galileo in 2019, gur chuir an Ghníomhaireacht na moltaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha go léir a d’eisigh a bord creidiúnú slándála chun feidhme; á thabhairt dá haire freisin go bhfuil an chuid is mó de na moltaí fadtéarmacha curtha chun feidhme ag an nGníomhaireacht, ach táthar ag dréim go gcuirfidh sí na barúlacha eile i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2021, go háirithe iad siúd a bhaineann le feidhmiú an 3ú Saoráid Próiseála Fithiseach Sioncrónaithe agus le cothabháil an bhailíochtaithe agus aistriú slabhra oibriúcháin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin; |
|
4. |
á thabhairt dá haire, in ainneoin na ndúshlán a d’eascair as paindéim COVID-19, gur dhearbhaigh an Ghníomhaireacht go bhfuil Seirbhís Galileo nasc aisfhillte ag feidhmiú; á thabhairt dá haire gur éirigh leis an nGníomhaireacht meicníocht pálasta EGNOS GEO-3 a thabhairt isteach in 2020; |
|
5. |
á mheabhrú, de réir Thuarascáil Speisialta 22/2020 ón gCúirt maidir le Todhchaí na nGníomhaireachtaí (“Tuarascáil Speisialta ón gCúirt”), go bhfuil neamhspleáchas an-teoranta ag an nGníomhaireacht go hiarbhír maidir lena príomhchúram chun leas a bhaint as an gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte de chuid Galileo faoi chomhaontú tarmligin leis an gCoimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar neamhspleáchas na Gníomhaireachta, go háirithe maidir lena hinniúlachtaí chun an comhaontú tarmligin a chur chun feidhme trí roinnt conarthaí casta le comhpháirtithe tionsclaíocha agus le heintitis san earnáil phoiblí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin; |
|
6. |
á thabhairt dá haire, maidir leis na barúlacha leantacha ó bhlianta roimhe sin, gur ghlac an Ghníomhaireacht straitéis nua teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus straitéis um shlándáil TFC, mar aon le beartas um shlándáil TFC agus a rialacha cur chun feidhme sa dara ráithe de 2020; á thabhairt dá haire freisin gur fhormheas an Ghníomhaireacht i mí Lúnasa 2020 clár um chlaochlú digiteach, i ndáil leis an gclaochlú ó Ghníomhaireacht Eorpach GNSS go Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chlár an Spáis (EUSPA), agus é mar aidhm aige timpeallacht oibre na Gníomhaireachta a nuachóiriú, na féidearthachtaí a bhaineann le teilea-oibriú le faisnéis rúnaicmithe AE a leathnú, mar aon leis an leibhéal slándála a mhéadú a léirítear san ardmhian cumais chibearchosanta 24/7 a bhunú in éineacht leis na córais nua-aimseartha; |
|
7. |
á thabhairt dá haire, de réir na Tuarascála Speisialta ón gCúirt, go gcaithfidh an Ghníomhaireacht feabhas suntasach a chur ar a comhar leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí eile agus go hidirnáisiúnta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht comhar agus comhroinnt eolais níos fearr a fhorbairt leis na Ballstáit uile; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin; |
Beartas foirne
|
8. |
á thabhairt dá haire gur cuireadh an plean bunaíochta 100 % chun feidhme faoin 31 Nollaig 2020, agus 150 gníomhaire sealadach ceaptha as 150 gníomhaire sealadach a bhí údaraithe faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 139 bpost údaraithe in 2019); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 65 ghníomhaire ar conradh agus 7 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2020; |
|
9. |
á thabhairt dá haire, agus is ábhar imní di, an chothromaíocht inscne laistigh d’ardbhainistíocht na Gníomhaireachta, inar fir iad triúr as gach triúr (100 %) agus laistigh de bhord riaracháin na Gníomhaireachta, inar fir iad 24 as 28 gcomhalta (85,7 %); á thabhairt dá haire thairis sin, agus is ábhar imní di, an chothromaíocht inscne i measc fhoireann iomlán na Gníomhaireachta, inar fir iad 135 as 202 bhall (66,8 %); á chur in iúl gur mór aici iarrachtaí na Gníomhaireachta cothromaíocht inscne a fheabhsú ó 7 % in 2017 go 33 % in 2020 i dtaca le hionadaithe na mban atá i bpoist ardbhainistíochta; á iarraidh in athuair ar an nGníomhaireacht bearta breise a ghlacadh a luaithe is féidir d’fhonn cothromaíocht inscne níos fearr a áirithiú laistigh dá hardbhainistíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú a chur san áireamh nuair a bheifear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord riaracháin na Gníomhaireachta; á mheabhrú don Ghníomhaireacht go bhfuil tábhacht ag roinnt le scileanna, eolas agus taithí, agus freisin le cothromaíocht gheografach agus inscne i measc baill foirne, agus iarrthóirí á roghnú; |
|
10. |
á chur in iúl gur oth léi, maidir leis an obair leantach ó bharúlacha urscaoilte 2019, na héagothromaíochtaí geografacha atá fós ann i gcomhdhéanamh fhoireann na Gníomhaireachta, go háirithe ar na leibhéil meánbhainistíochta agus bainstíochta sinsearaí; á iarraidh ar an nGníomhaireacht ionadaíocht chothromais náisiúnaigh ó na Ballstáit go léir, agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú ag an am céanna mar a shonraítear in Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne Oifigigh; |
|
11. |
á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil an Ghníomhaireacht ag streachailt chun baill foirne a bhfuil an saineolas teicniúil is gá acu a earcú agus chun ganntanas post nó saineolaithe náisiúnta a chúiteamh, agus gur mó a sheachfhoinsíonn an Ghníomhaireacht cúraimí lárnacha chuig conraitheoirí príobháideacha, a bhféadfadh sí a bheith spleách orthu ansin; á iarraidh ar an gCoimisiún an staid a scrúdú go cúramach agus na hacmhainní is gá a thabhairt don Ghníomhaireacht chun an fhoireann is gá a earcú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin; |
|
12. |
á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór bhord bainistíochta na Gníomhaireachta a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin; |
|
13. |
á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil gach CV de chuid chomhaltaí an bhoird riaracháin foilsithe fós ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na gníomhaíochtaí atá déanta ina leith sin; |
|
14. |
á thabhairt dá haire, tar éis na caibidlíochta a rinneadh in 2020 as ar eascair glacadh Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), gur athraíodh an Ghníomhaireacht go EUSPA i mí na Bealtaine 2021 le sraith mhéadaithe croíchúraimí agus cúraimí tarmligthe agus ráiteas nua airgeadais reachtach EUSPA gaolmhar; á thabhairt dá haire go n-áirítear leis an gclaochlú seo athlonnú 251 ghníomhaire sealadach agus 34 bhall foirne ar conradh faoi 2023; á thabairt dá haire go bhféadfadh na hathruithe sin bac a chur ar chinnteoireacht agus costais shuntasacha riaracháin a chruthú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí na Gníomhaireachta agus na bearta maolaitheacha a ghlac an Ghníomhaireacht; |
|
15. |
á chur in iúl gur geal na hiarrachtaí a rinneadh sa bheartas foirne chun teilea-obair agus saol folláin a chur chun cinn agus ag leanúint den Institiúid a spreagadh chun forbairt a dhéanamh ar chreat beartais fadtéarmach maidir le hacmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, ar threoir ar feadh an tsaoil agus ar fhorbairt ghairme, ar chothromaíocht inscne, ar theilea-obair, ar chothromaíocht gheografach agus ar earcaíocht agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; |
Soláthar
|
16. |
á thabairt dá haire gur bhainistigh an Ghníomhaireacht cúig nós imeachta soláthair san iomlán idir 2017 agus 2020, a chuimsíonn na tionscadail DISPATCH agus PRISMA; á chur in iúl gur geal léi go raibh 100 % dá conarthaí pleanáilte i bhfeidhm agus in am ag an nGníomhaireacht in 2020; |
|
17. |
á thabhairt dá haire, maidir leis an obair leantach ar chinntí na Cúirte ón mbliain seo caite, go bhfuil bearta glactha ag an nGníomhaireacht chun modúil ríomhsholáthair agus ríomhaighneachta a chur chun feidhme mar uirlisí soláthair i mbainistíocht a cuid gníomhaíochtaí, go háirithe maidir le soláthar riaracháin is féidir a chur chun feidhme trí thairiscintí oscailte; á thabhairt dá haire go bhfuil oiliúint thiomanta curtha ar fáil ag an nGníomhaireacht agus go bhfuil gealltanais riaracháin curtha i gcrích lena húsáid; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar na forbairtí ina leith sin; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht
|
18. |
ag aithint bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun trédhearcacht a áirithiú agus chun cosc agus bainistíocht coinbhleachtaí leasa a áirithiú. á thabhairt dá haire go raibh cás sceithireachta amháin ag an nGníomhaireacht le linn 2020 a chuimsigh tuairiscí sceithireachta comhchosúla a rinneadh arís agus arís eile do gheallsealbhóirí iolracha; á thabairt dá haire gur tharla imscrúduithe mar thoradh ar an gcás inar aimsíodh go raibh na héilimh sceithireachta gan bhunús; |
Rialú inmheánach
|
19. |
á thabairt dá haire ón obair leantach agus ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil an baol ann go bhféadfaí íocaíochtaí na Gníomhaireachta leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis (GES) i ndáil le cur chun feidhme chláir EGNOS agus GALILEO a ríomh ar bhonn costais mhíchruinne toisc nach bhfuil straitéis chuimsitheach ex-ante ná ex-post ann; á thabhairt dá haire ón bhfreagra a thug an Ghníomhaireacht maidir le rialuithe ex-ante gur sholáthair an Ghníomhaireacht modheolaíocht nuashonraithe um thuairisciú costas don Chúirt agus gur léirigh sí freisin go n-úsáideann sí deimhnithe GES um ghnóthú garspriocanna chun na costais a éilítear ó GES a réiteach; á thabairt dá haire ón bhfreagra a thug an Ghníomhaireacht, maidir leis an straitéis rialaithe ex-post, go bhfuil an Ghníomhaireacht agus Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um an Tionscal Cosanta agus an Spás ag iniúchadh ghníomhaíocht GES in 2020; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an iniúchta sin a thuairisciú agus na ceachtanna a foghlaimíodh a ionchorprú i straitéis ex-post amach anseo; |
|
20. |
á chur in iúl gur geal léi cur i bhfeidhm a creata rialaithe inmheánaigh agus ceadú a plean leanúnachais gnó in 2020, a bhí ina ábhar d’fhiosrúcháin leantacha ag an gCúirt ó 2015; |
|
21. |
á thabhairt dá haire gur sholáthair Seirbhís an Choimisiúin um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) tuarascáil iniúchóireachta ar Shaothrú EGNOS i mí na Samhna 2019 ina raibh cúig mholadh thábhachtacha agus saincheist amháin aitheanta le haghaidh breithniú; á thabairt dá haire ó fhreagra na Gníomhaireachta go bhfuil na moltaí ar feitheamh athbhreithniú IAS; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn atá déanta ina leith sin; |
|
22. |
á thabairt dá haire, maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chun obair leantach a dhéanamh ar urscaoileadh 2019 an údaráis um urscaoileadh, go ndearna an cumas iniúchóireachta inmheánaí iniúchadh ar “Fhorbairt Acmhainne fhoireann an GSA” in 2019, agus cé nár tugadh an tuarascáil chun críche in 2019, bhí sé beartaithe moladh amháin an-tábhachtach agus ceithre mholadh thábhachtacha a chur san áireamh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí sin; |
Freagairt ar COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
23. |
á thabhairt dá haire gur aistríodh imeachtaí seachtracha na Gníomhaireachta ar líne, rud a thug deis, mar gheall ar na srianta fisiceacha arna bhforchur ag paindéim COVID-19, chun teacht ar phobail úsáideoirí nua agus chun dul ar fud an domhain, de réir mar a tharla don Ardán Comhairliúcháin Úsáideoirí, agus don tSeachtain Eorpach Spáis a bhíonn ar siúl ar bhonn bliantúil, a mheall níos mó ná 3 000 rannpháirtí ó níos mó ná 100 tír; |
Barúlacha eile
|
24. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; |
|
25. |
á thabhairt dá haire ó fhreagraí na Gníomhaireachta ar a tuarascáil ar urscaoileadh 2019 go bhfuil sraith beart curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht in 2020 chun an chibearshlándáil a mhéadú lena n-áirítear cur i bhfeidhm chlár Slándála Splunk Enterprise, glacadh lena Straitéis Slándála TFC agus cur chun feidhme an Bhainistíochta Gléasanna Soghluaiste, atá bunaithe ar Microsoft Intune; |
|
26. |
á thabhairt dá haire óna freagraí ar cheistneoir caighdeánach na Parlaiminte go bhfuil an Ghníomhaireacht ag cur roinnt beart i bhfeidhm chun spás oibre atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a áirithiú, amhail a rannpháirtíocht sa chreat conarthach agus comhordaithe de chuid na Scéime um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil, cur chun feidhme na gcleachtas athchúrsála. agus forálacha sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol a áireamh i ngach conradh nua; |
|
27. |
á thabhairt dá haire go bhfuil áitreabh nua á lorg ag an nGníomhaireacht dá ceanncheathrú i bPrág; á thabhairt dá haire go bhfuil láithreáin eile le haghaidh na Gníomhaireachta á dtógáil agus á n-athchóiriú sa Fhrainc agus sa Spáinn; á thabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht go gcloíonn sí leis na caighdeáin chomhshaoil náisiúnta agus an mhodheolaíocht is déanaí maidir leis na tionscadail athchóirithe agus tógála sin; |
|
28. |
ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál cothrománach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 4 Bealtaine 2022 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 114, 31.3.2021, lch. 107.
(2) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0196.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/423 |
CINNEADH (AE) 2022/1811 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le dúnadh chuntais Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis — EUSPA anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Ghníomhaireachta Eorpach GNSS a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na gníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06003/2022 — C9-0102/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa, agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 14 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (5), agus go háirithe Airteagail 85 agus 86 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir le rialachán réime airgeadais le haghaidh na gcomhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0117/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(2) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE ar ghníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59697
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 276, 20.10.2010, lch. 11.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/425 |
RÚN (AE) 2022/1812 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020: feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinntí uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2019 (COM(2021) 405), |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Gníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020, mar aon le freagraí ó na ngníomhaireachtaí (1), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (2), agus go háirithe Airteagail 68 agus 70 de, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagail 32 agus 47 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagal 105 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint do thuairimí an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0104/2022), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil barúlacha trasghearrthacha sa rún sin, do gach comhlacht de réir bhrí Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, a ghabhann leis na cinntí maidir le hurscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil barúlacha trasghearrthacha sa rún sin freisin, le haghaidh Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, a ghabhann leis an gcinneadh maidir le hurscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 262 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte; |
|
C. |
de bhrí gur cheart do ghníomhaireachtaí an Aontais díriú ar mhisin a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas agus gur cheart eagrú na misean sin a bharrfheabhsú chun forluí a sheachaint ar mhaithe le leas cháiníocóir an Aontais; |
|
1. |
á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na ngníomhaireachtaí a gcaighdeáin arda oibre agus a n-aschur ardcháilíochta a choinneáil, d’ainneoin na srianta a cuireadh i bhfeidhm le paindéim COVID-19; |
|
2. |
ag cur béim ar an bhfíoras gur léirigh an phaindéim arís eile go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí i mbeartas an Aontais, ó fhaireachán a dhéanamh ar ionfhabhtuithe ar fud na mBallstát, vacsaíní agus cóireálacha a údarú, treoir a eisiúint maidir le hionaid oibre a oiriúnú agus oibrithe a chosaint, moltaí a eisiúint maidir le siopadóireacht ar líne agus ríomhshláinte, aghaidh a thabhairt ar luaineacht sna margaí a eascraíonn as an bpaindéim, atá faoina maoirseacht, rud a léiríonn an-athléimneacht, solúbthacht agus inoiriúnaitheacht; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na 32 ghníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais, gurbh ionann an t-iomlán carnach do bhuiséid 2020 agus thart ar EUR 3 040 milliún i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí, arb ionann é agus méadú thart ar 6,55 % i gcomparáid le 2019, agus EUR 2 888 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méadú 19,59 % i gcomparáid le 2019; ag tabhairt dá haire thairis sin gur maoiníodh EUR 2 253 mhilliún as an EUR 2 888 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó bhuiséad ginearálta an Aontais, arb ionann é agus 74,1 % de mhaoiniú iomlán na ngníomhaireachtaí in 2020 (i gcomparáid le 74,8 % in 2019); ag aithint thairis sin gur maoiníodh EUR 786 mhilliún le táillí agus muirir agus le ranníocaíochtaí díreacha ó thíortha rannpháirteacha (laghdú 21,0 % i gcomparáid le 2019); |
|
4. |
á chur in iúl gur geal léi conclúid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (an “Chúirt”) ina tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”) gur dheimhnigh iniúchadh na Cúirte ar chuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2020 agus ar an ioncam is bonn leo na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le roinnt feabhsuithe i réimse na n-íocaíochtaí is bonn leis na cuntais, de réir na Cúirte; |
Príomhrioscaí arna sainaithint ag an gCúirt
|
5. |
ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála, go measann an Chúirt go bhfuil an riosca foriomlán d’iontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí, arna mbunú trí na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta, go bhfuil an riosca íseal tríd is tríd, mar a tharla in 2019; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála, go measann an Chúirt go bhfuil an riosca foriomlán do dhlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bonn le cuntais na ngníomhaireachtaí íseal i gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí, agus ar mheánriosca do na gníomhaireachtaí atá féin-mhaoinithe i bpáirt i gcás ina bhfuil rialacháin shonracha infheidhme maidir le táillí agus ranníocaíochtaí ioncaim eile a bhailiú, mar a tharla in 2019; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí atá mar bhunús le cuntais na ngníomhaireachtaí ar mheánriosca ar an iomlán, ag athrú ó íseal go hard i gcás teideal sonrach buiséid; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do Theideal I (Caiteachas Foirne) íseal go ginearálta, do Theideal II (Caiteachas Riaracháin) a bheith ar mheánriosca, agus do Theideal III (Caiteachas Oibríochtúil) a bheith idir íseal agus ard, ag brath ar an ngníomhaireacht atá i gceist agus ar chineál a caiteachais oibriúcháin; á chur i bhfios go measann an Chúirt go bhfuil an riosca maidir le Teideal III cosúil leis an riosca do Theideal II, ach ós rud é go bhfuil méideanna i bhfad níos airde i gceist faoi Theideal III, meastar go bhfuil an tionchar níos airde; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do bhainistíocht fhónta airgeadais ar mheánriosca, go mbaineann riosca go príomha le nósanna imeachta soláthair phoiblí nár cinntíodh gur baineadh amach an luach ar airgead is fearr ab fhéidir; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt go bhfuil an riosca do bhainistiú buiséid íseal, agus go dtaispeánann iniúchadh na Cúirte gur tugadh anonn líon ard leithreasuithe a gealladh, ach go raibh údar maith leo de réir na Cúirte mar gheall ar nádúr ilbhliantúil na n-oibríochtaí nó ar chúiseanna nach raibh neart ag na gníomhaireachtaí orthu; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gur luaigh an Chúirt “riosca eile” a bhaineann le paindéim COVID-19 a chuir isteach ar obair na Cúirte toisc gur chuir srianta taistil cosc uirthi seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, doiciméid bhunaidh a fháil agus foireann na n-iniúchaithe a chur faoi agallamh aghaidh ar aghaidh; ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur mór aici go ndearna an Chúirt a cuid oibre mar sin féin trí athbhreithnithe doiciméad agus trí chianagallaimh a dhéanamh ar na n-iniúchaithe; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt, d’ainneoin riosca braite méadaithe mar gheall nach raibh aon seiceálacha ar an láthair, gur chuir an fhianaise a fuair sí óna hiniúchaithe ar chumas na Cúirte fós a cuid oibre a chríochnú agus í a thabhairt chun críche; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte go raibh ar eagrú na hoibre sna gníomhaireachtaí roinnt dúshlán a bhaineann le COVID-19 a shárú freisin, dúshláin a raibh impleachtaí acu ar nósanna imeachta soláthair na nGníomhaireachtaí, ar bhainistiú agus ar chomhlíonadh na gconarthaí, na nósanna imeachta earcaíochta, ar chur chun feidhme an bhuiséid agus ar rialuithe inmheánacha; á chur in iúl gur geal léi barúlacha sonracha na Cúirte ina leith sin; |
|
11. |
á chur in iúl gur geal léi gur dhearbhaigh an Chúirt go bhfuil bearta ceartaitheacha glactha ag na gníomhaireachtaí i bhformhór na gcásanna chun aghaidh a thabhairt ar bharúlacha iniúchóireachta na mblianta roimhe sin agus á iarraidh ar ghníomhaireachtaí CGB leanúint dá n-iarrachtaí obair leantach a dhéanamh ar bharúlacha na Cúirte, go háirithe i réimsí an rialaithe inmheánaigh, na nósanna imeachta soláthair phoiblí agus an bhainistithe bhuiséadaigh; |
Bainistíocht buiséid agus airgeadais
|
12. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di gur eisíodh, de réir thuarascáil bhliantúil na Cúirte, tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe maidir le hiontaofacht chuntais na ngníomhaireachtaí go léir; ag tabhairt dá haire freisin gur eisigh an Chúirt tuairim neamhcháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bonn leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir; ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt tuairim neamhcháilithe maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir, seachas Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA); |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, maidir le hiontaofacht na gcuntas, gur eisigh an Chúirt mír “béim ar ábhar” don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir leis an gcomhaontú léasa dá háitreabh roimhe sin i Londain a mhaireann go dtí 2039 gan aon fhoráil maidir le foirceannadh luath; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis a háitreabh roimhe seo a fholigean ar cíos faoi choinníollacha atá i gcomhréir le téarmaí an phríomhléasa le cíos gan íoc, na táillí seirbhíse gaolmhara agus an t-árachas tiarna talún a bheidh le híoc ag an nGníomhaireacht suas go deireadh an léasa a mheastar a bheith cothrom le EUR 377 milliún; ag tabhairt dá haire gur méid suntasach é sin a d’fhéadfadh leanúnachas airgeadais na Gníomhaireachta a chur i mbaol; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht ioncaim is bunús le cuntais na ngníomhaireachtaí, gur eisigh an Chúirt dhá mhír “ábhar eile” don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), mír a bhaineann leis na táillí a ghearrtar ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus ceann a bhaineann leis na táillí do Stórtha Trádála; ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt faoi deara, maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, go bhfuil na táillí a ghearrtar bunaithe ar a n-ioncam mar eintiteas dlíthiúil, ach ní mar ghrúpa eintiteas gaolmhar, rud a chruthaíonn deis gar-dhlisteanach táillí a sheachaint trí ioncam ó ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa faoi dhlínse an Aontais a aistriú chuig a n-eintitis ghaolmhara lasmuigh den Aontas; ag tabhairt dá haire go bhfuil ESMA ag dul i ngleic leis an riosca sin, trí pháipéar comhairliúcháin a fhoilsiú, as ar tugadh comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán bunaidh ESMA chun an riosca sainaitheanta a mhaolú; ag tabhairt dá haire maidir leis na táillí ar stórtha trádála go ndéanann ESMA iad sin a ríomh ar bhonn láimhdeachas infheidhme gach stór trádála aonair, mar a chuirtear i láthair iad ina ráitis airgeadais a dtugann iniúchóirí neamhspleácha tuairim ina leith cibé an dtugann nó nach dtugann siad léargas fíor agus cothrom; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt nach raibh líon na dtrádálacha a tuairiscíodh do na Stórtha Trádála agus líon na dtrádálacha gan íoc a taifeadadh an 31 Nollaig 2019, a úsáideadh mar bhonn chun an láimhdeachas táillí a ríomh, ach faoi réir athbhreithniú teoranta ag iniúchóirí neamhspleácha agus gur fhoilsigh ESMA páipéar comhairliúcháin i mí an Mhárta 2021 a mhol an modh a úsáidtear chun láimhdeachas a chinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist shainaitheanta a shimpliú; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt tuairim lena bhfíoraítear dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bonn le cuntais na nGníomaireachtaí do na gníomhaireachtaí go léir, seachas an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA); ag tabhairt dá haire go raibh baint ag tuairim cháilithe ACER le roinnt conarthaí sonracha faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhísí TF agus gurbh ionann na híocaíochtaí gaolmhara sa bhliain airgeadais 2020 agus EUR 752 654 (3,7 % de na híocaíochtaí iomlána a bhí ar fáil in 2020) agus go bhfuil bearta déanta ag ACER chun cosc a chur ar úsáid mhícheart an chreatchonartha; ag tabhairt dá haire gur tháinig an tuairim cháilithe le haghaidh eu-LISA go príomha as conradh le haghaidh bogearraí, difriúil ó na bogearraí a thairgtear faoin gcreatchonradh gaolmhar a raibh diall ón gcreatchonradh mar thoradh air, agus é á chur in iúl ag eu-LISA go ndearnadh an earráid sin a leigheas; ag tabhairt dá haire gur tharla an tuairim cháilithe maidir le ENISA de bharr easpa tarmligean foirmiúil do bhall foirne lena gceadaítear íocaíochtaí a údarú agus go bhfuil bearta glactha ag ENISA chun a chinntiú nach ndéanfar íocaíochtaí ach amháin nuair a bhíonn na tarmligin riachtanacha i bhfeidhm; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte maidir le ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe i gcás ina bhfuil baol ann go gcuirfear na comhaontuithe ranníocaíochta sin chun feidhme go hearráideach le modhanna éagsúla sna comhaontuithe chun ranníocaíochtaí a ríomh; ag tabhairt dá haire gur iarr an Chúirt ar na gníomhaireachtaí lena mbaineann dul i gcomhairle leis an gCoimisiún chun a mheas an gá dóibh ailíniú le comhaontuithe ranníocaíochta an Choimisiúin agus le modhanna ríofa ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le treoir chothrománach ón gCoimisiún chuig comhlachtaí an Aontais maidir leis an mbealach chun ranníocaíochtaí ó thríú tíortha a ríomh; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte maidir le leibhéil iomarcacha tabhairt anonn, go háirithe i gcás ACER, eu-LISA, Gníomhaireacht Soláthair Euratom (ESA), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), agus moladh na Cúirte gur cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a dtimthriallta pleanála buiséid agus cur chun feidhme buiséid; |
|
18. |
á chur in iúl gur oth léi gur thug an Chúirt tuilleadh laigí faoi deara i gcás roinnt gníomhaireachtaí i ndáil le raon gnéithe, ó bhainistiú na dtáillí go dtí íocaíochtaí déanacha, nochtadh na ranníocaíochtaí a fuarthas, agus ríomh na ranníocaíochta a rinne tríú tíortha le buiséad na ngníomhaireachtaí; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur tháinig méadú ar luaineacht na dtáillí a sonrascadh agus a bailíodh le haghaidh roinnt gníomhaireachtaí glactha táillí de bharr phaindéim COVID-19, rud a rinne difear don phleanáil bhuiséadach agus don chobhsaíocht airgeadais de bharr laghduithe suntasacha ar ioncam ó tháillí in 2020; ag tabhairt dá haire go ndearna sé sin difear go háirithe d’ioncam na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) (ioncam ó tháillí EUR 7 milliún níos lú ná mar a buiséadaíodh) agus d’ioncam Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh (EASA) (ioncam ó tháillí EUR 3,2 milliún níos lú i gcomparáid le 2019); |
|
20. |
ag tabhairt dá haire nach ndearna an Chúirt iniúchadh ar chuntais 2020 Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), ós rud é nár sheol OIPE a cuid oibríochtaí go dtí an 1 Meitheamh 2021; |
|
21. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idirphlé gníomhach a bhunú agus a chothabháil idir an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí maidir le leithdháileadh na n-acmhainní iomchuí agus maidir le ceapadh na bpleananna bunaíochta faoi seach, go háirithe maidir leis an ngrád ag a leithdháiltear poist; |
Feidhmíocht
|
22. |
á chur i bhfáth an ról luachmhar atá ag gníomhaireachtaí an Aontais i gcabhrú le hinstitiúidí an Aontais beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir le cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha, oibríochtúla nó rialála; á chur in iúl gur mór aici an obair ar ardchaighdeán a dhéanann Cedefop, Eurofound, EU-OSHA, ETF agus an tÚdarás Eorpach Saothair, na gníomhaireachtaí atá ag obair i réimse na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe agus a thábhachtaí atá an obair sin; ag athdhearbhú, ina leith sin, an ghá atá le hacmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a áirithiú lena lamhálfar dóibh leanúint dá gcláir oibre a chur chun feidhme le ráta críochnaithe gníomhaíochta thar a bheith ard; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gach gníomhaireacht agus an breisluach a bhaineann leo ina réimse saineolais mar aon lena neamhspleáchas; |
|
23. |
á mheabhrú go ndearnadh an tÚdarás Eorpach Saothair a chur ar bun i mí an Mhárta 2018 agus gur cuireadh tús lena fheidhmiú i mí Dheireadh Fómhair 2019; á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh áitribh an Údaráis Eorpaigh Saothair go hoifigiúil an 9 Samhain 2021; |
|
24. |
á chur i bhfios go gcabhróidh an tÚdarás Eorpach Saothair lena áirithiú go ndéanfar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go cothrom, go gcabhróidh sé leis na húdaráis náisiúnta dul i mbun comhair chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus go mbeidh sé níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí leas a bhaint as an margadh inmheánach; |
|
25. |
á mheabhrú nach ndearnadh iniúchadh ar an Údarás Eorpach Saothair in 2020 toisc, de réir ECA, nach ndearna sé a neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach; |
|
26. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an tÚdarás Eorpach Saothair a dhéanamh lánoibríochtúil gan moill mhíchuí agus á chur i bhfáth go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann ina leith sin; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire, d’ainneoin chonclúid na Cúirte gur dheimhnigh a torthaí iniúchóireachta le haghaidh 2020 na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin, nach raibh 2020 mar a bheadh aon bhliain eile de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur chinn an Chúirt freisin, maidir le cláir oibre agus gníomhaíochtaí, gur spreag paindéim COVID-19 athbheartú tosaíochta suntasacha acmhainní agus gníomhaíochtaí pleanáilte, agus go bhfuil na samplaí is suntasaí le fáil i réimse beartais na Sláinte (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)); ag tabhairt dá haire go ndearnadh difear do réimsí eile freisin, mar shampla, ní raibh Frontex in ann gníomhaíochtaí a bhí beartaithe a chur chun feidhme mar gheall ar shrianta taistil ar fud an domhain agus tháinig athruithe suntasacha ar an obair allamuigh a bhí beartaithe ag an bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) dá 7ú Suirbhé ar Dhálaí Oibre san Eoraip, lena n-áirítear gur cuireadh isteach ar anailís treochtaí ar dhálaí oibre a bhaineann le tréimhse níos mó ná 20 bliain; ag tabhairt dá haire gur fhreagair na gníomhaireachtaí do na dúshláin sin trí ghníomhaíochtaí ábhartha agus trí obair a oiriúnú trí bhíthin dlús a chur le bearta digitithe, le comhoibriú níos fearr agus le malartú feabhsaithe faisnéise; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire freagra Líonra Gníomhaireachtaí AE (EUAN) ar bharúil urscaoilte 2019 maidir le muinín a chothú i measc saoránaigh aonair; ag tabhairt dá haire, d’ainneoin ilchineálacht lucht éisteachta sprice na nGníomhaireachtaí, go ndearnadh iarrachtaí chun idirghníomhaíochtaí le saoránaigh a mhéadú trí na bealaí for-rochtana atá ar fáil, amhail na meáin shóisialta agus an preas; ag tabhairt dá haire, gur cruthaíodh meitheal ad hoc, arna éascú ag EUAN, chun príomhghnéithe creata cumarsáide a phlé agus chun piléir straitéiseacha a shainiú; ag aithint go bhfuil teorainn leis na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil chun é sin a dhéanamh agus molann sí na gníomhaireachtaí as dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin mar sin féin; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire ón staidéar Cost of Non-EU Agencies Focusing on the Health and Safety Cluster of the EU Decentralised Agencies [Costas Gníomhaireachtaí Neamh-AE a Dhíríonn ar Chnuasach Sláinte agus Sábháilteachta Ghníomhaireachtaí Díláraithe AE] (5) gur léirigh seacht ngníomhaireacht an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta breisluach láidir Eorpach agus go bhfuil sé sin aitheanta go forleathan ag na Ballstáit agus ag geallsealbhóirí eile lena n-áirítear geallsealbhóirí gnó; ag tabhairt dá haire go háirithe go raibh ról tábhachtach ag na gníomhaireachtaí sa bhraisle sláinte agus sábháilteachta i bhfreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire go raibh baint dhíreach ag ECDC agus EMA le dul i ngleic leis na dúshláin a d’eascair as an ngéarchéim, trí fhaireachán a dhéanamh ar shonraí eipidéimeolaíocha agus trí vacsaíní a fhormheas, agus gur chuir gníomhaireachtaí eile treoir ar fáil maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an víreas a tholg in earnálacha áirithe a laghdú, amhail an Prótacal Sábháilteachta Sláinte Eitlíochta COVID-19 ó EASA, ráitis an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir leis an mbaol go bhféadfaí víreas COVID-19 a tholg trí bhia, agus tuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) maidir le tionchar phaindéim COVID-19 ar loingseoireacht; ag tabhairt dá haire gur leag paindéim COVID-19 béim ar mhéid an chomhoibrithe idir na Gníomhaireachtaí; |
|
30. |
á mheas gur cheart go dtabharfaí níos mó airde d’ábharthacht agus do comhleanúnachas, go háirithe i gcomhthéacs réimsí inniúlachta forluiteacha, tráth a bhunaítear gníomhaireachtaí amach anseo; á chreidiúint gur cheart rialacha soiléire a chur i bhfeidhm i ndáil le forbairt agus foirceannadh mhisin na ngníomhaireachtaí; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di an dea-chomhar leanúnach idir na gníomhaireachtaí laistigh de shainchúram Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú an Choimisiúin, lena n-áirítear malartuithe faisnéise frithpháirteacha rialta i gcéim phleanála a gclár oibre agus a chéile a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí agus torthaí; |
|
32. |
á chreidiúint gur gá ról na ngníomhaireachtaí mar lárionaid saineolais a neartú chomh maith le digitiú na ngníomhaireachtaí sin agus a n-idir-inoibritheacht a neartú freisin chun ardleibhéal trédhearcachta a bhaint amach; |
|
33. |
á athdhearbhú an ról tábhachtach atá ag gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile (CGB) an Aontais agus ag an Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS), agus an tacaíocht thábhachtach a chuireann siad ar fáil d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus do na Ballstáit i réimsí na gceart bunúsach, na slándála agus an cheartais trí chúraimí oibríochtúla, anailíse, bainistíochta agus faireacháin a dhéanamh; á athdhearbhú, dá bhrí sin, go bhfuil gá acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna a áirithiú do na gníomhaireachtaí CGB agus do MECS chun a chur ar a gcumas a sainorduithe a chomhlíonadh ar bhealach atá go hiomlán trédhearcach agus i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha; |
|
34. |
á mheabhrú go bhfuil na malartuithe tuairimí bliantúla i gcoistí EMPL maidir le cláir oibre bhliantúla agus straitéisí ilbhliantúla na ngníomhaireachtaí ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh na cláir agus na straitéisí i gcomhréir leis na tosaíochtaí polaitiúla iarbhír, go háirithe i gcomhthéacs chur chun feidhme na bprionsabal a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus go rannchuidítear leo le rath an Phlean Gníomhaíochta maidir le Cur Chun Feidhme EPSR; |
|
35. |
á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an comhar níos dlúithe atá idir na gníomhaireachtaí faoi chuimsiú Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (EUAN), ar ardán tábhachtach comhair idirghníomhaireachta é chun feabhas a chur ar infheictheacht na ngníomhaireachtaí, chun na gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chur chun cinn, chun breisluach a chur leis agus chun cumarsáid éifeachtúil a áirithiú idir na gníomhaireachtaí agus na geallsealbhóirí ábhartha agus é dírithe ar sheirbhísí, eolas agus saineolas a chomhroinnt, agus á iarraidh go mbeidh comhairliúcháin rialta ann idir na gníomhaireachtaí uile atá á gcomhordú ag EUAN; |
|
36. |
á chur in iúl gur mór aici agus ag moladh go háirithe an dlúthchomhair atá idir na gníomhaireachtaí atá faoi shainchúram an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta ar mhaithe le sineirgí, comhlántacht agus comhroinnt acmhainní a áirithiú; |
Beartas foirne
|
37. |
ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh go raibh 9 001 bhall foirne san iomlán fostaithe ag na 32 ghníomhaireacht dhíláraithe, lena n-áirítear oifigigh, gníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht, in 2020 (i gcomparáid le 7 880 in 2019), arb ionann é sin agus méadú suntasach 14,23 % i gcomparáid le 2019; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire breithiúnas an 11 Samhain 2021 ón gCúirt (6) maidir le oibrithe eatramhacha a úsáid, ina dtugtar aghaidh ar roinnt ceisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha i ngníomhaireachtaí an Aontais; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí sin dlús a chur lena n-iarrachtaí chun líon na n-oibrithe sealadacha a thagann in ionad baill foirne, a laghdú; |
|
39. |
ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt go bhfuil méadú tagtha ar laigí maidir le bainistiú acmhainní daonna, go háirithe maidir le nósanna imeachta earcaíochta inar shainaithin an Chúirt cineálacha éagsúla easnamh i sé cinn de na 22 ghníomhaireacht a ndearnadh iniúchadh orthu, amhail céimeanna neamhleora chun teidlíochtaí ar liúntais a fhíorú do bhaill foirne atá i mbun dualgas mar ghníomhairí sealadacha (EMSA), folúntais bhainistíochta ar feadh tréimhse iomarcaí (EASO, EFSA), mainneachtain rialuithe inmheánacha éifeachtacha a chur i bhfeidhm le linn na nósanna imeachta earcaíochta (ACER), laigí i gceapadh painéal roghnúcháin le haghaidh nósanna imeachta earcaíochta (EMA), agus laigí i mbainistiú grád ball foirne nua (Frontex); |
|
40. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur cuireadh isteach ar nósanna imeachta earcaíochta agus roghnúcháin na ngníomhaireachtaí mar gheall ar bhearta dianghlasála agus srianta taistil arb í paindéim COVID-19 ba chúis leo; ag tabhairt dá haire, áfach, gur léirigh na gníomhaireachtaí athléimneacht ina leith sin ó bhí an chuid is mó de na gníomhaireachtaí in ann, ó lár mhí Aibreáin 2020, atosú agus leanúint le hearcaíocht trí nósanna imeachta ar líne le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin agus ionduchtú ó chian; ag tabhairt dá haire na deacrachtaí a thuairiscigh gníomhaireachtaí, amhail saincheisteanna maidir le nascacht le linn cianagallaimh, nó ganntanas tobann iarrthóirí, agus an deacracht a bhí ag iarrthóirí inniúlachtaí áirithe a léiriú ar líne; ag tabhairt dá haire freisin gur chruthaigh an mhoilliú earcaíochta an baol go mbeidh bacanna ar acmhainní daonna sa todhchaí toisc go mbeidh nósanna imeachta ionduchtaithe leordhóthanacha, cruthú comhaid phearsanta, cúrsaí oiliúna agus breithmheasanna ag teastáil ó líon méadaitheach ball foirne amach anseo; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin méadú atá tagtha ar na rioscaí sin agus faoi na bearta maolaitheacha a rinneadh; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí a dtaithí a roinnt le gníomhaireachtaí eile agus iad ag déileáil leis na rioscaí seo; |
|
41. |
á chur i bhfios go láidir gur gá ró-ualach digiteach a sheachaint agus ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart don fhoireann a bheith ag obair ach laistigh d’uaireanta oibre; á chur in iúl gur geal léi uirlisí nua na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna (ETF) a uaslódáladh le déanaí chun teachtaireachtaí a sheachadadh laistigh d’uaireanta oibre; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí eile an méid atá déanta ag ETF a leanúint mar dhea-chleachtas; |
|
42. |
ag tabhairt dá haire agus is ábhar imní di nach raibh ann do chothromaíocht inscne i measc na foirne in 2020, agus go raibh dáileadh neamhchothrom inscne ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí le 74,6 % fir agus 25,4 % mná, go raibh dáileadh inscne 52,7 % fir agus 47,3 % mná ann i measc na foirne ina hiomláine, agus dáileadh inscne 63,4 % fir agus 36,6 % mná ann ar bhoird bhainistíochta na ngníomhaireachtaí; ag athdhearbhú uaillmhian na ngníomhaireachtaí ailíniú leis an gCoimisiún chun cothromaíocht inscne 50 % a bhaint amach ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi dheireadh na bliana 2024; |
|
43. |
ag tabhairt dá haire, maidir leis na tuairimí leantacha ar chothromaíocht inscne, nach bhfuil aon tionchar ag na gníomhaireachtaí ar ainmniú chomhaltaí an bhoird bainistíochta nó an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus dá bhrí sin, ar an gcothromaíocht inscne a eascraíonn as sin; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh roinnt gníomhaireachtaí go ndéanfaidís bearta chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach sa bhainistíocht shinsearach nuair a bhíonn poist folamh; á chur in iúl gur ábhar imní di go raibh easpa cothromaíocht inscne ann i ndáil leis an mbainistíocht shinsearach in 2020, agus gur chosúil, dá bhrí sin, nach raibh tionchar dearfach ag na bearta sin; ag athdhearbhú a hiarrata ar na gníomhaireachtaí obair a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne sa bhainistíocht shinsearach; |
|
44. |
ag tabhairt dá haire go leanann cothromaíocht gheografach na foirne i ngníomhaireachtaí an Aontais daonra na mBallstát mar chéatadán de AE-27 beagán níos dlúithe ná cothromaíocht gheografach na foirne sa Choimisiún; ag tabhairt dá haire go bhfuil gannionadaíocht ó thaobh ocht mBallstát, ró-ionadaíocht do 17 mBallstát agus garchothromaíocht do dhá Bhallstát; á chur in iúl gur oth léi an easpa beartas ar fud na ngníomhaireachtaí chun éagsúlacht a fheabhsú i measc a bhfoirne; á iarraidh ar ghníomhaireachtaí, chomh maith leis an Líonra, pleananna a chur chun cinn chun an sprioc sin a bhaint amach; |
|
45. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí an Aontais maidir le hidirphlé sóisialta a áirithiú laistigh dá n-eagraíochtaí féin agus á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a áirithiú chun tacú le gníomhaireachtaí an Aontais idirphlé sóisialta a bhaint amach; |
|
46. |
á iarraidh go bhforbrófar beartas ginearálta lena gcuirfear cosc ar chomhairleoirí seachtracha atá níos costasaí a chur in ionad baill foirne bhuana i nGníomhaireachtaí, ar mhaithe le dálaí oibre ar ardchaighdeán a ráthú, agus chun nach gcaillfear eolas agus taithí; |
|
47. |
á iarraidh go mbeidh níos mó tacaíochta ann do bhaill foirne a bhogann go dtí an tír ina bhfuil an ghníomhaireacht lonnaithe; á mholadh, sa chomhthéacs sin, go mbeidh duine idirchaidrimh ann a áiritheoidh, i measc nithe eile, an nasc idir an fhoireann agus na húdaráis áitiúla; |
|
48. |
á iarraidh ar EUAN rialacha soiléire a leagan síos maidir le cleamhnacht na mball foirne leis an gcóras náisiúnta cúraim sláinte; á mholadh go luafar go sainráite sna rialacha sin méid agus fad chumhdach an árachais sláinte; |
|
49. |
ag tabhairt dá haire ón staidéar The Management Board of the Decentralised Agencies [Bord Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Díláraithe] (8) go bhfuil príomhról ag boird bhainistíochta na ngníomhaireachtaí maidir le dea-rialachas agus feidhmíocht a bhaint amach, agus go bhfuil freagracht ríthábhachtach orthu ó thaobh stiúrthóirí feidhmiúcháin na ngníomhaireachtaí a cheapadh; ag tabhairt dá haire toradh an staidéir gur léiriú é an éagsúlacht i socruithe rialachais na ngníomhaireachtaí ar a sainorduithe éagsúla; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa staidéar go bhfuil na boird bhainistíochta éifeachtach agus éifeachtúil ar an iomlán i bhfeidhmiú a róil agus nach bhfuil gá le hathruithe bunúsacha; ag tabhairt dá haire go léirítear sa staidéar gur féidir roinnt feabhsuithe a dhéanamh, amhail líon na gcruinnithe a mhéadú, fócas a aistriú ó chúrsaí riaracháin go saincheisteanna de chineál níos straitéisí, ionadaíocht na ngeallsealbhóirí agus nósanna imeachta oibre na gníomhaireachta a threisiú; |
|
50. |
ag spreagadh na ngníomhaireachtaí dul i mbun forbairt ar chreat beartais fadtéarmach um acmhainní daonna lena dtugtar aghaidh ar chothromaíocht oibre is saoil, treoir agus forbairt gairme ar feadh an tsaoil, cothromaíocht inscne, teilea-obair, cothromaíocht gheografach, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éifeacht thábhachtach ag láimhdeachas laistigh d’fhoirne ghníomhaireachtaí an Aontais agus á iarraidh go ndéanfar beartais acmhainní daonna agus shóisialta a chur chun feidhme chun í a leigheas; |
|
51. |
á chur in iúl gur ábhar imní di méid mór na mbord bainistíochta i ngníomhaireachta áirithe, a fhágann go bhfuil sé deacair cinntí a dhéanamh agus a ghineann costais shuntasacha riaracháin; |
|
52. |
á iarraidh ar ghníomhaireachtaí CGB go léir éagsúlacht a chur chun cinn agus a áirithiú ina mbeartas earcaíochta; ag tathant ar ghníomhaireachtaí CGB go léir beartais agus cleachtais inmheánacha a fhorbairt chun cuimsitheacht agus éagsúlacht a chinntiú, agus chun aon chineál idirdhealaithe a chosc; á iarraidh ar an gCúirt tuairisc chórasach a thabhairt ar na saincheisteanna sin ina tuarascálacha amach anseo; ag tathant ar ghníomhaireachtaí CGB go léir beartas soiléir frithchiaptha a chur chun feidhme chun ciapadh a chosc agus a cháineadh go láidir laistigh dá n-eagraíochtaí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éifeacht dhíobhálach ag láimhdeachas ard foirne laistigh de roinnt oifigí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus á iarraidh go ndéanfar acmhainní daonna agus beartais shóisialta a chur chun feidhme chun é a leigheas; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar an spleáchas ar earcaíocht sheachtrach; ag tabhairt dá haire toradh Chás C-948/19 (9) os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; |
Soláthar
|
53. |
ag tabhairt dá haire gur mhol an Chúirt gur cheart go mbeadh cur chun feidhme an bhuiséid ag na gníomhaireachtaí faoi réir rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla agus gur cheart go n-áireofaí leo sin rialuithe láidre ex-ante atá dírithe ar earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula n-údaraítear oibríochtaí; ag tabhairt dá haire gur mhol an Chúirt thairis sin, chun an luach ar airgead is fearr is féidir a bhaint amach faoi chreatchonarthaí an Choimisiúin gan phraghasliosta chun ceadúnais bogearraí agus seirbhísí TF a fháil, gur cheart do na gníomhaireachtaí taighde margaidh a dhéanamh go córasach sula sínítear aon fhoirmeacha ordaithe le measúnú mionsonraithe ar an na táirgí agus na seirbhísí is gá, le hanailís ar na réitigh atá ar fáil ar an margadh, agus le meastachán ar phraghasanna na n-ítimí atá i gceist; |
|
54. |
ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte gur bhain beagnach gach ceann de na barúlacha ar nósanna imeachta soláthair le híocaíochtaí neamhrialta; ag tabhairt dá haire gur mhol an Chúirt gur cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair poiblí, chun a chinntiú go gcomhlíonfar na rialacha is infheidhme go hiomlán; |
|
55. |
á chur in iúl gur geal léi tuairim na Cúirte gur éirigh leis na gníomhaireachtaí a bhfeidhm soláthair phoiblí a choinneáil ag feidhmiú le linn na paindéime gan an iomarca úsáid a bhaint as dámhachtainí díreacha gan iomaíocht; |
|
56. |
á chur in iúl gur geal léi an úsáid mhéadaithe a bhaineann gníomhaireachtaí an Aontais as uirlisí ríomhsholáthair agus an ról tábhachtach a bhí acu chun leanúnachas gnó a áirithiú don soláthar faoi choinníollacha teilea-oibre; ag tabhairt dá haire gurb iad na modúil r-PRIOR is coitianta a úsáideann gníomhaireachtaí ná ríomhthairiscint, ríomhaighneacht agus ríomhshonrascadh agus gur chuir roinnt gníomhaireachtaí iad sin chun feidhme le linn 2020; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
57. |
ag tabhairt dá haire go n-iarrann formhór na ngníomhaireachtaí dearbhuithe leasa ar a gcomhaltaí boird bainistíochta agus ar an mbainistíocht shinsearach agus go bhfoilsíonn siad iad ar a suíomh gréasáin; ag tabhairt dá haire go dtuairiscítear go bhfuil dhá Ghníomhaireacht, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), fós i mbun an dearbhú a iarraidh agus a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin agus go bhfuil tromlach na ndearbhuithe ar fáil cheana féin ar líne; |
|
58. |
ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn formhór na nGníomhaireachtaí curriculum vitae (CV) a gcomhaltaí boird bainistíochta, a bhfoirne bainistíochta, a saineolaithe seachtracha agus a saineolaithe inmheánacha ar a suíomhanna gréasáin; ag tabhairt dá haire go bhfuil CVanna na saineolaithe inmheánacha in easnamh i gcás ECDC, ECHA agus na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA); ag tabhairt dá haire go bhfuil na saineolaithe seachtracha in easnamh i gcás na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA); ag tabhairt dá haire i gcás Frontex, Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), agus an Údarás Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA), go bhfuil CVanna a gcuid saineolaithe inmheánacha agus seachtracha araon in easnamh; ag meabhrú do na gníomhaireachtaí go bhfuil sé tábhachtach an trédhearcacht a mhéadú i dtaca le cúlra na gcomhaltaí ar a mbord bainistíochta, a bhfoirne bainistíochta agus a saineolaithe seachtracha agus a saineolaithe inmheánacha; |
|
59. |
á iarraidh ar na gníomhaireachtaí go léir rannpháirt a ghlacadh sa chomhaontú idirinstitiúideach a bunaíodh le déanaí maidir le clár trédhearcachta éigeantach le haghaidh ionadaithe sainleasa, atá sínithe ag an gCoimisiún, an Chomhairle agus an Pharlaimint; |
|
60. |
ag tabhairt dá haire go dtugann an staidéar The Management Board of the Decentralised Agencies [Bord Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Díláraithe] chun suntais a thábhachtaí atá sé coinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha a bhainistiú agus a ábharthacht do chuntasacht, trédhearcacht agus dea-rialachas na ngníomhaireachtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartais níos sofaisticiúla ag roinnt gníomhaireachtaí maidir le coinbhleachtaí leasa lena ndéantar idirdhealú idir cineálacha éagsúla leasa, lena sainaithnítear freagrachtaí maidir le dearbhhuithe leasanna a scagadh agus lena dtugtar treoir maidir le conas obair leantach a dhéanamh nuair a thagann coinbhleacht chun cinn; ag tabhairt dá haire go moltar sa staidéar cód iompair a fhorbairt do bhoird bhainistíochta, ina leagtar amach prionsabail, nósanna imeachta agus sásraí sonracha chun déileáil le coinbhleachtaí leasa na gcomhaltaí; ag tabhairt dá haire freisin gur moladh cód dea-rialachais a fhorbairt mar chreat uileghabhálach do ghníomhaíochtaí na mbord bainistíochta; |
|
61. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh formhór na ngníomhaireachtaí nach ndearna siad cásanna coinbhleachta leasa a imscrúdú agus/nó a thabhairt i gcrích in 2020; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh cás amháin i gcás Frontex inar thángthas ar an gconclúid nach raibh aon choinbhleacht leasa ann; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an cás sin fós á fhiosrú ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF); ag tabhairt dá haire freisin, i gcás EMA, gur chuir seisear saineolaí in iúl don Ghníomhaireacht go raibh sé beartaithe acu a bheith fostaithe i gcuideachta chógaisíochta; ag tabhairt dá haire, tar éis a mbeartais maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, gur chuir EMA na bearta riachtanacha i bhfeidhm chun an baol a bhaineann le haon chásanna ina bhféadfadh coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn a mhaolú; |
|
62. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh 13 ghníomhaireacht go raibh cásanna leanúnacha OLAF acu; ag tabhairt dá haire freisin gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí go raibh 34 chás ciaptha a bhí fós ar siúl nó dúnta acu in 2020; |
|
63. |
á iarraidh ar ghníomhaireachtaí uile CGB bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon le cearta bunúsacha agus caighdeáin cosanta sonraí; á iarraidh orthu rialacháin airgeadais agus caighdeáin arda bainistíochta a chomhlíonadh; á mheas go n-áiritheofaí le nochtadh cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí idir gníomhaireachtaí CGB agus tríú páirtithe trédhearcacht fheabhsaithe ag gníomhaireachtaí CGB, ar choinníoll go ndéanfaí é sin ar bhealach nach gcuirfeadh oibríochtaí i mbaol; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí CGB a gcuid iarrachtaí chuige sin a mhéadú; |
Rialú inmheánach
|
64. |
ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt míreanna “ábhar eile” do ACER agus ENISA agus aird á tarraingt aici ar an bhfíoras nár ghlac siad rialacha inmheánacha chun aghaidh a thabhairt ar leanúnachas na dtoscaireachtaí i gcásanna ina bhfágann oifigigh údarúcháin tharmligthe nó arna dtarmligean, a bpost; ag iarraidh ar gach gníomhaireacht aird a thabhairt ar an tsaincheist áirithe seo i gcoitinne, agus ar bhonn níos sonraí nuair a bheidh stiúrthóir (feidhmiúcháin) nua i gceannas ar an ngníomhaireacht; á athdhearbhú gur mhol an Chúirt gur cheart do na gníomhaireachtaí rialacha inmheánacha a ghlacadh a chuideoidh go fónta leis na córais rialaithe bainistíochta, le trédhearcacht agus le cuntasacht; á chur i bhfios sampla EMA arna sholáthar ag an gCúirt mar thagairt do na rialacha inmheánacha sin; |
|
65. |
ag tabhairt dá haire an moladh ón gCúirt gur cheart go mbeadh cur chun feidhme an bhuiséid ag na gníomhaireachtaí faoi réir rialuithe inmheánacha éifeachtacha agus éifeachtúla lena n-áirítear rialuithe ex-ante atá dírithe ar earráidí agus neamhrialtachtaí a chosc sula n-údaraítear oibríochtaí; |
|
66. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí go léir ag deireadh 2020 go raibh an creat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe, bunaithe ar COSO, curtha i bhfeidhm acu agus go raibh measúnú bliantúil déanta acu, agus gur thuairiscigh roinnt de na gníomhaireachtaí go ndearnadh an measúnú ar ICF faoi chuimsiú an chleachtaidh bhliantúil bainistithe riosca; ag aithint go bhfuil cosúlachtaí idir an measúnú riosca bliantúil agus an measúnú ar ICF; á iarraidh, áfach, ar na gníomhaireachtaí measúnú ar leith a dhéanamh go bliantúil ar ICF, measúnú a dhéanamh ar chomhtháthú an bhainistithe riosca sna próisis rialaithe inmheánaigh mar chuid de sin, agus tuairisc a thabhairt ar na torthaí sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí go léir torthaí an mheasúnaithe ar leibhéal na gcomhpháirteanna a sholáthar ar a laghad, ag spreagadh na gníomhaireachtaí, áfach, chun tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal níos mionsonraithe amhail de réir phrionsabal an rialaithe inmheánaigh; |
|
67. |
ag thabhairt dá haire, in 2020, de réir thuarascáil na Cúirte maidir le bearta leantacha ar bharúlacha na bliana roimhe sin, gur dúnadh 71 bharúil, go raibh 86 bharúil fós á gcur i bhfeidhm nó gan réiteach, agus gur measadh nach raibh ceithre bharúil atá fós gan réiteach faoi rialú (amháin) na ngníomhaireachtaí, rud a chiallaíonn gur gá do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, don Choimisiún nó do na Ballstáit cinntí móra a bhaineann leis na ceithre bharúil sin a ghlacadh; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí na barúlacha a chur chun feidhme go dícheallach agus a gcreataí rialaithe inmheánacha a fheabhsú tuilleadh; |
Freagairt COVID-19 agus leanúnachas gnó
|
68. |
á chur in iúl gur geal léi agus ag tabhairt chun cuimhne tuairim na Cúirte go ndeachaigh na gníomhaireachtaí in oiriúint go maith don staid sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, a tharla de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt é sin ar bhonn athbhreithniú comhlántach sonrach ar an gcaoi a ndearna gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfreagairt ar ghéarchéim COVID-19 a bhainistiú agus a eagrú; á chur in iúl gur geal léi an anailís chomhlántach sin a rinne an Chúirt agus ag iarraidh ar an gCúirt leanúint den chleachtas sin aon uair a bhíonn imeachtaí ann a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar obair ghníomhaireachtaí an Aontais; |
|
69. |
ag tabhairt dá haire gur dhírigh athbhreithniú na Cúirte ar thrí phríomhréimse, eadhon cur chun feidhme bearta leanúnachais gnó, cumas cinnteoireachta, oibríochtaí laethúla agus nósanna imeachta earcaíochta, agus bearta arna nglacadh ag na gníomhaireachtaí chun tacú le folláine agus athléimneacht na foirne; |
|
70. |
á chur in iúl gur geal léi tuairim na Cúirte gur chuir na gníomhaireachtaí pleananna leanúnachais gnó i ngníomh in am trátha chun a chinntiú go leanfar de phríomhphróisis rialachais agus folláine na foirne; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach raibh plean formheasta leanúnachais gnó agus athshlánaithe ó thubaiste i bhfeidhm ag ceithre ghníomhaireacht ag tús na paindéime, an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis anois), agus nár chuir trí ghníomhaireacht, EFCA, an Ghníomhaireacht um thacaíocht do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (Oifig BEREC) agus an tIonad Aistriúcháin, a gcuid pleananna i ngníomh toisc nár ghá é a dhéanamh dá mbearta freagartha tosaigh; ag tabhairt dá haire go ndearna na gníomhaireachtaí gníomhaíochtaí freagartha a fheidhmiú amhail ainmniú foirne sonracha a raibh sé de chúram orthu a bheith i gceannas ar eagrú agus bainistiú fhreagairt COVID-19 trí chruinnithe a reáchtáladh go laethúil ar dtús, agus níos déanaí dhá nó trí huaire sa tseachtain nó de réir mar ba ghá; |
|
71. |
á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach bhfuil gníomhaireachtaí áirithe, amhail Cedefop, mar chuid den fhoireann bainistithe géarchéime; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na foirne i mbainistiú géarchéime; á mholadh, dá bhrí sin, tús a chur le sampla an ETF mar dhea-chleachtas agus lena dtugtar an deis d’fhostaithe saincheisteanna a tharraingt anuas agus a bheith i dteagmháil leis an mbainistíocht, go háirithe le linn tréimhsí teilea-oibre a bhaineann le COVID-19; |
|
72. |
ag tabhairt dá haire gur aistrigh na gníomhaireachtaí go léir chuig socruithe breise teilea-oibre, agus gur tugadh treoir do gach ball foirne, nach raibh a láithreacht san oifig fíor-riachtanach, oibriú ón mbaile faoin 16 Márta 2020; ag tabhairt dá haire go raibh ar fhormhór na ngníomhaireachtaí, cé go raibh roinnt deiseanna cianoibre i bhfeidhm acu cheana féin, córais TFC a bhí ann cheana a mhéadú níos mó, agus léirigh anailís na Cúirte nár thuairiscigh aon cheann de na gníomhaireachtaí fadhbanna tromchúiseacha maidir le hacmhainneacht (bandaleithead), nascacht ná slándáil sonraí; ag tabhairt dá haire freisin go ndearna sé ghníomhaireacht (ACER, BEREC, ECDC, ECHA, EFSA, agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)) tástálacha struis ar a gcórais TFC sular seoladh iad, rud a thug dearbhú breise maidir le feidhmiú na gcóras TFC sular aistríodh chuig teilea-oibriú chuimsitheach; |
|
73. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gurbh é an príomhchuspóir a bhí ag na gníomhaireachtaí leis an gcinneadh aistriú chuig teilea-oibriú cuimsitheach ná an fhoireann a chosaint; á chur in iúl gur geal léi tuairim na Cúirte go raibh an tosaíocht a tugadh d’fholláine na foirne le feiceáil in go leor doiciméad inmheánach a ndeachthas i gcomhairle leo, a deimhníodh sna hagallaimh le bainistíocht na ngníomhaireachtaí, agus i ról tábhachtach grúpa comhairleach Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais maidir le bealaí nua oibre; ag tabhairt dá haire tuairim na Cúirte gur dhéileáil formhór na mball foirne gníomhaireachta go maith go ginearálta leis an staid dheacair a d’eascair as an bpaindéim; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léirigh staitisticí bainistíochta ama a chuir na gníomhaireachtaí ar fáil gur oibrigh an fhoireann níos mó uaireanta ná mar a d’oibrigh siad roimhe seo chun dul i ngleic leis na cúraimí nua a rabhthas ag súil leo uathu; agus á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac na gníomhaireachtaí chun tacú leis an bhfoireann le linn na tréimhse sin; |
|
74. |
ag tabhairt dá haire conclúid na Cúirte gur lean príomhfheidhmeanna corparáideacha de bheith ag feidhmiú le linn na paindéime le cruinnithe boird bainistíochta na ngníomhaireachtaí uile, tar éis cruinnithe boird fisiciúla a chur ar ceal, ar cuireadh nósanna imeachta i scríbhinn ina n-ionad nó gur aistríodh iad go formáid fhíorúil; ag tabhairt dá haire gur leanadh le próisis cinnteoireachta, amhail pléití agus vótaí, ag cinntiú, i measc rudaí eile, go raibh buiséid, leasuithe, agus fiú ceapacháin fós á nglacadh agus á gcur i gcrích; |
|
75. |
ag tabhairt dá haire conclúid na Cúirte, cé go bhfuil sé deacair éifeacht na paindéime a leithlisiú go hiomlán, go bhfuil tionchar éagsúil ag an bpaindéim ar phríomhréimsí gnó na ngníomhaireachtaí ar fad; ag tabhairt dá haire ráiteas ginearálta na Cúirte go bhfuil dlús curtha ag an bpaindéim leis an aistriú go dtí modhanna oibre as a n-eascraíonn coigilteas buiséid i roinnt réimsí, ós rud é nár baineadh úsáid iomlán as buiséid na ngníomhaireachtaí uile do mhisin agus costais a bhaineann le taisteal, agus go bhfuil laghdú gar do 90 % ag roinnt gníomhaireachtaí dá bharr, coigilteas ó mhoilleanna nó cealuithe maidir le nósanna imeachta earcaíochta, scrúduithe leighis réamhearcaithe, cruinnithe ar an láthair, agus cúrsaí oiliúna á reáchtáil ar líne, agus riachtanas laghdaithe do cheaintín, glanadh, fóntais ar an láthair amhail uisce agus leictreachas, agus seirbhísí slándála; |
|
76. |
ag cur béim ar a thábhachtaí atá prótacail sláinte do na gníomhaireachtaí uile, lena n-áirítear coistí inmheánacha sláinte agus sábháilteachta, prótacail chuí aerála agus slándála paindéime, a bheidh le plé agus le cur chun feidhme i dteannta a chéile leis an bhfoireann. |
Tuairimí eile
|
77. |
á chur in iúl gur geal léi na céimeanna atá déanta ag na gníomhaireachtaí chun torthaí a gcuid oibre a nochtadh agus a fhoilsiú trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear a suíomhanna gréasáin agus na meáin shóisialta; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí leanúint den chleachtas sin agus leanúint de bheith i dteagmháil leis an bpobal chun torthaí a gcuid oibre a scaipeadh; |
|
78. |
á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí measúnú tionchair le haghaidh gach gníomhaireacht agus gur cheart clásal athbhreithniúcháin maidir le leas na gníomhaireachta a chur go córasach leis; á iarraidh ar na gníomhaireachtaí leanúint de tháscairí a fhorbairt agus a athbhreithniú chun a bhfeidhmíocht a thomhas ar bhonn bliantúil chomh maith leis an tionchar atá acu ar chur chun feidhme bheartais an Aontais; á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí acmhainní airgeadais a leithdháileadh ar bhonn níos solúbtha bunaithe ar ghá nó ar phráinn; |
|
79. |
á chur in iúl gur geal léi formhuiniú EUAN i dtaca lena dara straitéis ilbhliantúil (2021-2027) in 2020; |
|
80. |
á mheabhrú go ndearnadh an t-iniúchadh a rinne an Chúirt ar chuntais ghníomhaireachtaí an Aontais a sheachtrú, ón mbliain airgeadais 2014 ar aghaidh, chuig gnólachtaí iniúchóireachta san earnáil phríobháideach, agus na costais ghaolmhara á nglacadh ag na gníomhaireachtaí, cé go raibh gach gné de na hiniúchtaí seachtracha seachfhoinsithe fós faoi fhreagracht iomlán na Cúirte; á athdhearbhú gur tháinig méadú suntasach ar ualach riaracháin na ngníomhaireachtaí mar thoradh ar iniúchóirí ón earnáil phríobháideach a bheith páirteach ann, ó thaobh an am a caitheadh ar iniúchóireacht agus soláthar agus riaradh conarthaí iniúchóireachta araon, chomh maith le caiteachas breise; |
|
81. |
á mheabhrú gur measadh gurbh ionann na costais ghaolmhara agus EUR 447 000 in 2014, agus EUR 424 000 in 2015 agus gur measadh gurbh é 1,5 FTE an t-ualach riaracháin gaolmhar le haghaidh na gníomhaireachtaí go léir le chéile; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh na gníomhaireachtaí do 2020 gur chaith siad thart ar EUR 566 000 ar chostais ghaolmhara chun cuntais a iniúchadh (méadú 33,4 % i gcomparáid le 2015) agus gur thuairiscigh siad líon inchomparáide uaireanta a caitheadh chun déileáil leis an ualach breise riaracháin; |
|
82. |
ag tabhairt dá haire gur reáchtáil an Chúirt nósanna imeachta uathoibrithe ar bhonn píolótach i réimse an iniúchta ar íocaíochtaí, tuarastail, soláthair, buiséad, earcaíocht agus cuntais bhliantúla na sé ghníomhaireacht feidhmiúcháin de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire gur chuir an Chúirt cúig nós imeachta uathoibrithe nua chun feidhme i réimse an iniúchta ar na cuntais, go háirithe seiceálacha uathoibrithe agus réiteach na faisnéise sna ráitis airgeadais a glacadh a bhfuil na bunsonraí sa mhórleabhar ginearálta agus sa chomhordú trialach; ag tabhairt dá haire ráiteas na Cúirte gur cúram iniúchóireachta ísealriosca é sin de ghnáth nach mór a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar na tástálacha ina dhiaidh sin trí úsáid a bhaint as an daonra ceart iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire go mbeidh deiseanna suntasacha ann chun am a shábháil nuair a dhéanfar níos mó nósanna imeachta a uathoibriú agus a úsáid le haghaidh tuilleadh cúraimí iniúchóireachta; á iarraidh ar an gCúirt na cleachtais sin a leathnú chuig na gníomhaireachtaí go léir, ós rud é go ndéantar iniúchadh ar chuntais na ngníomhaireachtaí díláraithe a sheachtrú go gnólachtaí iniúchóireachta san earnáil phríobháideach agus, dá bhrí sin, go mbeidh coigiltí suntasacha costais ann mar thoradh ar an am a shábhálfar; |
|
83. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh 30 gníomhaireacht go raibh siad rannpháirteach i dTionscnamh Glasaithe EUAN atá dírithe ar lorg oibríochtaí na ngníomhaireachtaí ar an gcomhshaol a laghdú; ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh gníomhaireachtaí go raibh conarthaí idirbheartaithe acu den chuid is mó le soláthróirí fuinnimh chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a sholáthar, sreafaí oibre airgeadais gan pháipéar a thabhairt isteach, úsáid iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn i measc foirne, ríomhthairiscint, ríomhaighneacht, ríomhshonrascadh a chur chun feidhme, bainistiú dramhaíola agus nuachóiriú an trealaimh TF a fheabhsú go leanúnach; ag spreagadh na ngníomhaireachtaí leanúint dá n-iarrachtaí agus úsáid ghníomhach a bhaint as Líonra Ghníomhaireachtaí an Aontais chun taithí a roinnt agus dul i gcomhar le chéile chun na torthaí a mhéadú; |
|
84. |
á iarraidh ar ghníomhaireachtaí uile CGB an inbhuanaitheacht a chur san áireamh ina bpróisis ghnó fhoriomlána chun feidhmíocht chomhshaoil na ngníomhaireachtaí a fheabhsú agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir le bearta atá curtha chun feidhme agus dul chun cinn; |
|
85. |
ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh gach gníomhaireacht seachas gníomhaireacht amháin in 2020, maidir le hinbhuanaitheacht, go n-oibreodh siad ar inbhuanaitheacht na heagraíochta a mhéadú agus go ndéanfaidís tuairisciú ar na torthaí; ag tabhairt dá haire gur minic a dhéantar tuairisciú ar inbhuanaitheacht, nuair a dhéanann na gníomhaireachtaí é, faoi chuimsiú na Tuarascála Bliantúla ar Ghníomhaíochtaí agus go léiríonn sé ghníomhaireacht go bhfuil tuarascáil ar leith acu maidir leis an ábhar sin, faoina Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS); ag tabhairt dá haire gur thuairiscigh ceithre ghníomhaireacht go bhfuil Soláthar Poiblí Glas glactha agus curtha i bhfeidhm acu a sholáthraíonn critéir dóibh lena n-éascaítear critéir ghlasa a chur san áireamh i ndoiciméid tairisceana poiblí; |
|
86. |
ag tabhairt dá haire ón staidéar maidir le “Suímh Ghníomhaireachtaí Díláraithe AE” (10) go bhfuil an rogha suímh atá ann faoi láthair do Ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais bunaithe go príomha ar riachtanais pholaitiúla agus ar chritéir réamhshainithe; ag tabhairt dá haire an bharúil ón tuarascáil gur cheart go mbeadh an cinneadh maidir le suíomh gníomhaireachta a roghnú mar chuid den ghnáthnós imeachta reachtach agus go n-áireofaí ann an tionchar airgeadais a bheidh aige ar bhuiséad an Aontais faoi dheireadh; ag tabhairt dá haire freisin go léirítear sna torthaí ar an tuarascáil sin go bhfuil ceann de na hiarmhairtí is láidre ag an suíomh ar fhoireann speisialaithe a earcú; ag tabhairt dá haire go moltar sa staidéar modh a áireamh sa togra le haghaidh rialáil bhunaidh gníomhaireachta chun comhéifeacht cheartúcháin a mheas atá níos gaire don fhíorchostas maireachtála i suíomh na gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil go bhféadfadh comhar níos fearr i measc gníomhaireachtaí tionchair dhiúltacha an díláraithe a laghdú agus go moltar gur cheart ról Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais a chur ar bhonn foirmiúil agus a leathnú tuilleadh chun ionadaíocht níos fearr a chur ar fáil sa Bhruiséil agus chun seirbhísí cothrománacha a chur ar fáil amhail cruinnithe, oiliúint nó soláthar comhleasa a eagrú; á chur in iúl gur geal léi gur chinntigh na gníomhaireachtaí uile a leanúnachas gnó mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 trí aistriú chuig timpeallacht hibrideach; ag tabhairt dá haire go dtugtar le fios sa staidéar gur cheart do bhuiséid na ngníomhaireachtaí do na blianta atá le teacht leanúint de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na cumarsáide TF chun cruinnithe ar líne agus teilea-obair a éascú; |
|
87. |
á iarraidh ar na gníomhaíochtaí leanúint dá sineirgí a fhorbairt agus comhar agus malartú dea-chleachtas le gníomhaireachtaí eile an Aontais a mhéadú d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú (lena n-áirítear i dtaca le hacmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil); |
|
88. |
á mheabhrú a thábhachtaí atá sé digiteáil na ngníomhaireachtaí a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digiteáil nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá do na gníomhaireachtaí leanúint de bheith réamhghníomhach ina leith sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint ar ais nó ar éigean; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann, áfach, na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear a sheachaint; |
|
89. |
á chur in iúl gur geal léi an comhar laistigh de Líonra Gníomhaireachtaí CGB; á iarraidh ar ghníomhaireachtaí CGB leanúint de shineirgí a fhorbairt, comhar a mhéadú agus dea-chleachtais a mhalartú eatarthu d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú; |
|
90. |
ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig na gníomhaireachtaí atá faoi réir an nós imeachta um urscaoileadh seo, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus socrú a dhéanamh chun é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
(1) IO C 439, 29.10.2021, lch. 3. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le gníomhaireachtaí AE don bhliain airgeadais 2020.
(2) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(3) IO L 328, 7.12.2013, lch. 42.
(4) IO L 122, 10.5.2019, lch. 1.
(5) Staidéar ar Cost of Non-EU Agencies Focusing on the Health and Safety Cluster of the EU Decentralised Agencies [Costas Gníomhaireachtaí Neamh-AE a Dhíríonn ar Chnuasach Sláinte agus Sábháilteachta Ghníomhaireachtaí Díláraithe AE], PE 699.399, Deireadh Fómhair 2021.
(6) Breithiúnas ón gCúirt an 11 Samhain 2021, UAB „Manpower Lit“ v E.S. agus Eile, C-948/19, ECLI:EU:C:2021:906.
(7) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach, (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(8) Staidéar ar The Management Boards of the Decentralised Agencies, [Bord Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Díláraithe] PE 699.400, Deireadh Fómhair 2021.
(9) Breithiúnas ón gCúirt (Dara Dlísheomra) an 11 Samhain 2021 i gCás C-948/19, UAB „Manpower Lit“ v E.S. agus Eile, ECLI:EU:C:2021:906.
(10) Staidéar ar Locations of the EU Decentralised Agencies [Suíomhanna Ghníomhaireachtaí Díláraithe an AE], PE 700.320, Samhain 2021.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/437 |
CINNEADH (AE) 2022/1813 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe (anois an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0104/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochtaí príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/439 |
RÚN (AE) 2022/1814 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe (anois an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2022), |
|
A. |
de bhrí, le Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle (1), gur bunaíodh an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (an “Comhghnóthas”) mar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí ar feadh tréimhse 10 mbliana chun na geallsealbhóirí ábhartha go léir a thabhairt le chéile agus chun rannchuidiú leis an Aontas a bhunú mar phríomhghníomhaí i dtaighde, taispeáint agus imscaradh táirgí bithbhunaithe agus bithbhreoslaí ardfhorbartha; |
|
B. |
de bhrí gurb iad an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann, agus comhpháirtithe tionsclaíocha, a ndéanann Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe (“BIC”) ionadaíocht thar a gceann, comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais; |
|
C. |
de bhrí gurb é EUR 975 000 000 ranníocaíocht uasta an Aontais le hoibríochtaí an Chomhghnóthais, faoi Fhís 2020, lena n-áirítear leithreasuithe CSTE, a bhfuil suas le EUR 29 250 000 de le haghaidh caiteachas riaracháin, agus go bhfuiltear ag dréim go ndéanfaidh Comhaltaí an Chomhghnóthais, seachas an tAontas, ranníocaíocht iomlán de EUR 2 730 000 000 ar a laghad thar an tréimhse 10 mbliana d’fhad an Chomhghnóthais, arb é EUR 182 500 000 de sin an ranníocaíocht íosta airgeadais i leith costais oibríochtúla; de bhrí, ina theannta sin, go ndéanfaidh na comhaltaí seachas an tAontas nó a gcomheintitis ranníocaíochtaí comhchineáil dar luach EUR 1 755 000 000 ar a laghad, arb éard a bheidh iontu na costais a thabhaíonn siad agus gníomhaíochtaí breise á gcur chun feidhme acu lasmuigh de phlean oibre bliantúil an Chomhghnóthais agus a rannchuidíonn lena chuspóirí; |
Bainistíocht bhuiséid agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire go bhfionntar sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an “Cúirt”) maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais (an “tuarascáil ón gCúirt”) sna cuntais bhliantúla ó 2020 go ndéantar staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2020 a chur i láthair go cothrom, i ngach cás ábhartha, agus torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain dar críoch, i gcomhréir le rialachán airgeadais an Chomhghnóthais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dleathach agus rialta i ngach cás ábhartha; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de EUR 111 733 166, a bhfuil EUR 67 604 259 de ó bhuiséad an Aontais, agus leithreasuithe íocaíochta de EUR 196 631 962, a bhfuil EUR 184 010 322 de ó bhuiséad an Aontais, ar áireamh sa bhuiséad deiridh do 2020 a bhí ar fáil le haghaidh cur chun feidhme, lena n-áirítear leithreasuithe arna gcur isteach an athuair ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, ioncam sannta agus ath-leithdháileadh go dtí an bhliain dar gcionn; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire, maidir le buiséad an Chomhghnóthais do 2020 a bhí ar fáil do thionscadail Fhís 2020, gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasaí íocaíochta agus 100 % agus 85 % faoi seach; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire go n-áiríodh i mbuiséad bunaidh an Chomhghnóthais barrachas measartha mór de bhuiséad nár úsáideadh ó bhlianta roimhe sin (go príomha 2018 agus 2019), arb ionann é agus tuairim is EUR 1 000 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta agus ar an taobh oibríochtúil thart ar EUR 20 400 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 28 800 000 i leithreasuithe íocaíochta; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, i gcomhthéacs barrachas arna thabhairt ar aghaidh de leithreasú mór íocaíochta, ar mó é mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, gur cinneadh EUR 25 300 000 de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla a chur ar ais chuig na blianta tionscnaimh, lena n-athghníomhachtú sna blianta ina dhiaidh sin lena mbeadh gá níos mó (i gcomhréir le riail N+3); |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, ós rud é gurb amhlaidh ag deireadh 2020, gur ranníoc an tAontas EUR 603 176 000, agus gur ranníoc an ghrúpáil tionscail EUR 41 927 000 i gcomhchineál a bailíochtaíodh, EUR 12 465 000 in airgead tirim i leith costais riaracháin agus EUR 3 250 000 in airgead tirim i leith costais oibríochtúla; ag tabhairt dá haire gur deimhníodh ranníocaíocht chomhchineáil EUR 929 212 506 ar an iomlán, ag deireadh 2020, i leith gníomhaíochtaí breise; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire nach raibh na sonraí ar fad maidir leis na ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe sa tuarascáil bhliantúil ón gCúirt maidir le Comhghnóthais AE do 2020; á iarraidh sí ar an gComhghnóthas moilleanna ar thuairisciú ranníocaíochtaí comhchineáil a laghdú; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire nár bhain ranníocaíochtaí comhchineáil an lucht tionscail i leith gníomhaíochtaí breise, arna meas ag deireadh 2020, ach leath den spriocmhéid íosta amach a bunaíodh in Airteagal 4(4) de rialacháin bhunaidh an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, cé gur leasaíodh a rialachán bunaidh go sainráite in 2018 chun a chur ar chumas an lucht tionscail cuntas a thabhairt ar a ranníocaíochtaí airgid thirim ar leibhéal tionscadail i leith EUR 182 500 000 ar a laghad, nach ndearna lucht tionscail aon ranníocaíochtaí airgid thirim breise i leith costais oibríochtúla an Chomhghnóthais in 2020, rud a thugann le fios go mbíonn ar an gComhghnóthas dul i ngleic le bacainní suntasacha maidir le ranníocaíochtaí den sórt sin a fháil ó na comhaltaí príobháideacha agus nach mbainfear an sprioc íosta amach faoi dheireadh chlár Fhís 2020 ag tabhairt dá haire gur laghdaigh an Coimisiún (AS RTD) a ranníocaíochtaí airgid thirim leis an gComhghnóthas faoi EUR 140 000 000; ag tabhairt dá haire, leis an laghdú suntasach sin ar ranníocaíochtaí na gcomhaltaí, go raibh baol ann nach mbainfear amach clár oibre um thaighde agus nuálaíocht an Chomhghnóthais maidir le Fís 2020; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ar phlean gníomhaíochta i dtaobh na saincheiste sin; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, sa tuarascáil ón gCúirt maidir le cuntais an Chomhghnóthais go dtugtar aird ar an bhfíoras nach raibh i ranníocaíochtaí comhchineáil iomlána an lucht tionscail i leith gníomhaíochtaí breise ach 53 % den íosmhéid EUR 1 755 000 000, a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 560/2014; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur thuairiscigh an lucht tionscail ag deireadh 2020, tuairim is EUR 95 700 000 de ranníocaíochtaí comhchineáil i leith gníomhaíochtaí oibríochtúla as EUR 433 000 000 a gealladh tar éis gach glao de chuid Fhís 2020 a bheith seolta; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go léiríonn an cás sin go bhfuil ardriosca ann nach mbainfidh an Comhghnóthas amach, faoi dheireadh chlár Fhís 2020, na spriocanna a bhfuiltear ag dréim leo ó thaobh ranníocaíochtaí comhchineáil a lucht tionscail mar a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 agus sna pleananna bliantúla oibre a glacadh; ag cur sonrú i bhfreagra an Chomhghnóthais go bhfuil sé den tuairim go laghdófar an bhearna sin go suntasach sna blianta atá le teacht ós rud é go dtiocfaidh méadú suntasach ar dhearbhú agus deimhniú na ranníocaíochtaí comhchineáil i gcomhréir le dúnadh thionscadail an Chomhghnóthais agus, ina theannta sin, gur thug lucht tionscail gealltanas maidir le spriocanna infheistíochta breise do 2021 agus ina dhiaidh sin ina bpeirspictíocht airgeadais a cuireadh faoi bhráid bhord rialaithe an Chomhghnóthais; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaobh aon fhorbartha ina thaobh sin; ag tabhairt dá haire, sa mhéid iomlán de ranníocaíochtaí comhchineáil i leith gníomhaíochtaí breise de EUR 916 000 000 ag deireadh 2019, gur áiríodh ranníocaíochtaí comhchineáil de thart ar EUR 216 000 000 a tuairiscíodh le haghaidh 2019, ach nár cuireadh an próiseas deimhniúcháin i gcrích mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus go bhfuil an tasc ag dul ar aghaidh i gcónaí mar a luaitear sa tuarascáil ón gCúirt; á iarraidh ar an gComhghnóthas an próiseas deimhniúcháin don bhliain 2019 a thabhairt chun críche faoi Mheitheamh 2022; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ar fud Comhghnóthas maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfaí iad a chomhchuibhiú; |
Feidhmíocht
|
10. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil, ar an iomlán, 124 thionscadal i bpunann tionscadal an Chomhghnóthais (64 Ghníomhaíocht Taighde agus Nuálaíochta (RIAnna), 35 Ghníomhaíocht Thaispeána (DEMOnna), 11 tionscadal shuaitheanta agus 14 Ghníomhaíocht Chomhordaithe agus Tacaíochta, a d’eascair as na glaonna 2014-2019 ag tabhairt dá haire ina theannta sin, tar éis bailchríoch a chur ar phróiseas Ullmhúcháin an Chomhaontaithe Deontais (GAP) ó ghlao 2020, go bhfuiltear ag dréim go gcuirfí seacht RIA, ceithre DEMO, trí Thionscadal Shuaitheanta agus ceithre thionscadal CSA le punann tionscadal an Chomhghnóthais; á iarraidh ar an gComhghnóthas an líon tionscadal críochnaithe agus an líon tionscadal atá ar siúl faoi láthair a fhoilsiú ina thuarascáil bhliantúil ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, laistigh de na 124 thionscadal arna gcistiú faoi ghlaonna 2014-2019 de chuid an Chomhghnóthais, chomh maith leis an 18 dtionscadal atá fós in GAP ó ghlao 2020, go bhfuil 1 006 thairbhí ann a ionadaíonn an earnáil phríobháideach-bhrabúsach, arb ionann agus 59,5 % de thairbhithe uile an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, i gcás ghlao 2020, go ndeimhnítear an treocht sin le rannpháirtíocht phríobháideach-bhrabúsach lena gcumhdaítear 56 % de líon iomlán na rannpháirtithe sna tograí a coinníodh; |
|
12. |
á chur in iúl gur oth léi, le dearadh an ghlao ón gComhghnóthas in 2020, nár áirithíodh an cuimsiú is iomláine de na ceithre ábhar taispeántais straitéiseacha, i gcomhréir lena chlár oibre taighde sa phlean oibre bliantúil; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur ghá tograí incháilithe agus ardscóir le haghaidh ceann de na hábhair thaispeána a dhiúltú ar mhaithe le hábhair thaispeána eile, ar glacadh le roinnt tograí maidir le cómhaoiniú ina leith; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Comhghnóthas Eochairtháscairí Feidhmíochta coiteanna Fhís 2020 agus chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna trasearnálacha, agus ocht gcinn de tháscairí sonracha a bhaineann go sonrach leis an gComhghnóthas; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur deimhníodh, in 2020, feidhmíocht éifeachtúil an Chomhghnóthais sna croí-oibríochtaí, ag leanúint de na treochtaí dearfacha a tugadh faoi deara sna blianta roimhe sin: am chun faisnéis a thabhairt (TTI), baineadh amach sprioc TTI a bhaineann leis an am a thóg sé faisnéis a thabhairt d’iarratasóirí ar Ghlao 2020 in Eanáir 2021, thóg sé 137 lá in aghaidh sprioc 153 lá; b’ionann am chun deontas a thabhairt (TTG) do thionscadail faoi ghlao 2019 a coinníodh agus 237 lá ar an meán in aghaidh sprioc 245 lá (in am 96 %) ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur síníodh na Comhaontuithe Deontais uile in am seachas ceann amháin, ar cuireadh moill air mar gheall ar athruithe sa chuibhreannas agus srianta a bhain le COVID-19 ag tabhairt dá haire gurb é an t-am chun íocaíocht a dhéanamh (TTP) maidir le réamh-mhaoiniú i dtaca le tionscadail ó Ghlao 2019 a coinníodh ná 12 lá ar an meán in aghaidh sprioc 30 lá (in am 100 %); ag tabhairt dá haire gurb ionann TTP i gcás íocaíochtaí tréimhsiúla agus 72 lá ar an meán in aghaidh sprioc 90 lá (in am 93 %); |
|
15. |
ag tabhairt dá haire, sa tuarascáil bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí ón gComhghnóthas, go bhfuil an Comhghnóthas ag feidhmiú go héifeachtúil ar an iomlán agus go sáraíonn a mheánfheidhmíocht in aghaidh na dtrí phríomh-eochairtháscaire feidhmíochta d’Fhís 2020 na spriocanna atá leagtha síos, in ainneoin na ndálaí dúshlánacha in 2020; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire nach mór aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gceart maoine intleachtúla (CMI) i ngach conradh a d’fhéadfadh éifeacht bheartaithe a bheith ar an bhfeidhmíocht, nó toradh, amhail staidéir, anailís nó meastóireachtaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm cearta cruthaitheoirí aonair a chosaint, ach sonraí a sholáthar freisin maidir leis an gcaoi a n-úsáidfear na cearta amach anseo; ag tabhairt dá haire, ós rud é gur le hairgead poiblí a dhéantar na ceannacháin, gur cheart go mbeadh na torthaí trédhearcach agus inrochtana don phobal; á iarraidh ar an gComhghnóthas soiléiriú a dhéanamh ar chearta maoine intleachtúla agus níos mó trédhearcachta a thabhairt maidir le toradh an taighde; |
Nósanna imeachta soláthair agus earcaíochta
|
17. |
ag tabhairt dá haire go gceanglaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go ndéanfaidh institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais, lena n-áirítear na Comhghnóthais, réitigh a dhearadh agus a chur chun feidhme maidir le sonraí arna dtíolacadh i nósanna imeachta dámhachtana a thíolacadh, a stóráil agus a phróiseáil, agus chun na críche sin, go mbunófar limistéar aonair “idirmhalartú leictreonach sonraí” le haghaidh rannpháirtithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil an réiteach Ríomhsholáthair á fhorbairt ag an gCoimisiún leis an Tairseach chomhtháite “Cistiú agus Tairiscintí” agus le Ríomhthairiscint TED, áit a bhfuil rochtain ag an bpobal ar gach tairiscint a fhoilsítear; ag tabhairt dá haire go gcuirtear cur chuige comhchuibhithe ar fáil leis an réiteach Ríomhsholáthair agus go mbunaítear cleachtais chorparáideacha do phróisis soláthair, ag tacú leo trí chur chuige lán-chomhtháite; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil sé beartaithe ag an gComhghnóthas gach modúl den ardán a úsáid mar gheall ar an líon íseal nósanna imeachta soláthair ardluacha atá acu; á iarraidh ar an gComhghnóthas páirt a ghlacadh i réiteach ríomhsholáthair an Choimisiúin i gcomhréir le prionsabal malartaithe aonair sonraí leictreonacha, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go mbeidh a soláthairtí faoi réir iomaíochta ar an mbonn is leithne is féidir; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina thaobh sin; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2020, gur 23 bhall foirne a bhí i gclároifig an Chomhghnóthais agus gur seoladh nós imeachta earcaíochta amháin in 2020 agus dá bharr sin gur earcaíodh Ceann an Chláir (gníomhaire sealadach) sa tseirbhís; ag tabhairt dá haire gur aistríodh an nós imeachta earcaíochta ar fad, lena n-áirítear an t-ionad measúnaithe, go suíomh cianda, de bharr phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndeachaigh an Glao-Chomhordaitheoir Cúnta (gníomhaire sealadach), an tOifigeach Cumarsáide (gníomhaire sealadach), Oifigeach Tionscadail (ghníomhaire ar conradh) agus Cúntóir Airgeadais (ghníomhaire ar conradh) isteach sa Chomhghnóthas in 2020; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur tugadh na hearcaíochtaí sin chun críche le blianta beaga anuas agus go raibh úsáid éifeachtúil liostaí na n-ionadaithe ríthábhachtach chun a áirithiú go dtiocfadh baill foirne, go tráthuil, in ionad na foirne a bhí ag fágáil an Chomhghnóthais in 2019; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, chun gur féidir dul i ngleic le buaic-am an ualaigh oibre, thug an Comhghnóthas i gcrích — tríd an gcreatchonradh ón gCoimisiún maidir le seirbhísí eatramhacha — roinnt conarthaí gearrthéarmacha do sheirbhísí eatramhacha chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na Clároifige; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, gur cheart gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhainfí as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé, murach sin, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht an Chomhghnóthais ina hiomláine, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta agus éifeachtúlacht níos ísle foirne; |
|
20. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di an tionscnamh suirbhé ón gComhghnóthas lena rabhthas in ann tionchar COVID-19 ar fhostaithe a bhrath agus lena léiríodh go bhfuil tuirse trí chéile ann mar gheall ar leithlisiú, cantal teaghlaigh, srianta ar ghluaiseacht lasmuigh den bhaile, easuan agus an easpa idirghníomhaíochta sóisialta agus cumarsáide le comhghleacaithe; ag moladh aird a tharraingt ar dhea-bhail, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre is saoil; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon struchtúr tacaíochta ann chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne sa Chomhghnóthas a áirithiú; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2020, de réir a thuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí, go raibh 23 bhall foirne ag an gComhghnóthas ó 10 mBallstát (26 % fir agus 74 % mná); |
Rialuithe inmheánacha agus iniúchadh inmheánach
|
22. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta rialaithe ex-ante iontaofa curtha ar bun ag an gComhghnóthas bunaithe ar athbhreithnithe doiciméad airgeadais agus oibríochtúla; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánaigh (ICF) an Choimisiúin chun feidhme, in 2020, ar creat é atá bunaithe ar 17 bprionsabal den rialú inmheánach, agus gur fhorbair an Comhghnóthas, don fhéinmheasúnú bliantúil agus don fhaireachán bliantúil ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialaithe a cheanglaítear le ICF, táscairí ábhartha do na prionsabail rialaithe inmheánaigh uile agus do na saintréithe gaolmhara uile. ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil prionsabail uile na samhla rialaithe nua fite fuaite i struchtúr eagraíochtúil an Chomhghnóthais agus go mbraitheann siad ar mheascán de rialuithe ex ante agus ex post, deighilt dualgas, próisis agus nósanna imeachta doiciméadaithe, rialú ar dhialltaí, agus cur chun cinn iompair eiticiúil; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil seirbhís choiteann iniúchóireachta an Choimisiúin freagrach as an iniúchadh ex-post ar íocaíochtaí Fhís 2020 a rinne an Comhghnóthas agus, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex-post a bhí ar fáil faoi dheireadh 2020, gur thuairiscigh sí ráta earráide ionadaíoch 1,47 % agus ráta earráidí iarmharacha 1,06 % i gcás thionscadail Fhís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); ag tabhairt dá haire, sa togra ón gCoimisiún maidir le Fís 2020, gurb é aidhm dheiridh i gcás an leibhéil iarmharaigh earráide tráth a ndúnfar na cláir tar éis thionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh, go mbainfear amach an leibhéal atá chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt, mar chuid de na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla, sampláil randamach ar íocaíochtaí Fhís 2020 a rinneadh in 2020 ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post; ag tabhairt dá haire sna hiniúchtaí mionsonraithe gur nochtadh i gcás amháin earráid os cionn 1 % de na costais iniúchta a bhain le ceartú gan údar na gcostas pearsanra arna ndearbhú agus arna nglacadh cheana féin sa tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin; |
|
25. |
ag cur béim ar an bhfíoras, sa tuarascáil bhliantúil ón gCúirt ar Chomhghnóthais AE do 2020, go bhfuair an Chúirt earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh earráidí den sórt sin a thuairisciú go rialta sna hiniúchtaí ex post ar an tSeirbhís Choiteann Iniúchóireachta agus ar a iniúchóirí ar conradh; á thabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú rialacha Fhís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; ag spreagadh an Chomhghnóthais neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) dhá iniúchadh dhearbhaithe, go dtí 2020, ar an gComhghnóthas maidir le hathbhreithniú teoranta ar chur chun feidhme na gcaighdeán rialaithe inmheánaigh agus maidir le próiseas deontais Fhís 2020 ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir IAS a Phlean Straitéiseach um Iniúchóireacht Inmheánach i gcrích i mí Feabhra 2020, lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2023; |
Coinbhleacht leasa agus rioscaí calaoise a bhainistiú agus a chosc
|
27. |
á chur in iúl gur saoth léi gur chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) clabhsúr ar imscrúdú sa chéad leath de 2020 ina bhfuarthas fianaise maidir le neamhrialtachtaí agus calaois i ngníomhaíochtaí de chuid dhá thairbhí a raibh baint acu le tionscadail Fhís 2020, lena n-áirítear tionscadail a chómhaoinigh an Comhghnóthas ag tabhairt dá haire gur chuir an Comhghnóthas moltaí OLAF i ndáil leis na tairbhithe sin chun feidhme, in 2020, den chuid is mó, lena n-áirítear aisghabhálacha a phróiseáil, deireadh a chur le rannpháirtíocht na dtairbhithe dá ndéantar difear sa chuid is mó de na comhaontuithe deontais agus féachaint go gníomhach ar thairbhithe eile a bhféadfadh fadhbanna a bheith ag baint leo; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, nár áiríodh i dtuarascáil OLAF aon torthaí ná conclúidí a bhaineann le laigí i gcórais rialaithe inmheánaigh an Chomhghnóthais agus go bhfuil tionchar airgeadais an cháis seo faoi bhun leibhéil ábharthachta; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina thaobh sin; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil rialacha maidir le coinbhleacht leasa i dtaca le foireann agus comhlachtaí uile an Chomhghnóthais i bhfeidhm ag an gComhghnóthas i gcomhréir leis an tsamhail a chomhaontaigh an Coimisiún; ag tabhairt dá haire, thairis sin go bhfuil tacar cuimsitheach rialacha agus nósanna imeachta forbartha ag an gclároifig, ar rialacha agus nósanna imeachta iad a chuirtear chun feidhme go héifeachtach ar fud a struchtúir rialachais ina iomláine; á iarraidh ar an gComhghnóthas CVanna chomhaltaí a Bhoird Rialaithe a fhoilsiú; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil straitéis frithchalaoise i bhfeidhm a chumhdaíonn calaois a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc agus a bhrath chomh maith leis na coinníollacha maidir lena himscrúdú ag tabhairt dá haire go ndéantar an straitéis frithchalaoise le haghaidh bainistiú deontas a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhar le seirbhísí an Choimisiúin, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus comhghnóthais a chuireann clár réime Fhís 2020 chun feidhme; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go gcuirtear foireann an Chomhghnóthais ar an eolas go leanúnach faoi rioscaí calaoise a shainaithint, agus go gcuirtear uirlisí tiomnaithe ar fáil chun cásanna amhrasacha a chosc, a bhrath agus a thuairisciú; á iarraidh ar an gComhghnóthas machnamh a dhéanamh ar scéim oiliúna bhuan agus stóinsithe a chur chun feidhme dá fhostaithe, go háirithe iad siúd a oibríonn go díreach le glaonna ar thograí agus le deontais, chun caighdeáin eiticiúla a neartú agus an baol go dtarlóidh iompar mí-eiticiúil a íoslaghdú, a mbeadh tionchar diúltach aige sin ar bhainistiú fónta airgeadais; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire gur ainmnigh an Chlároifig a comhfhreagraí le OLAF maidir le gach gníomhaíocht a bhaineann le calaois a thuairisciú, tacú le OLAF maidir le cúrsaí imscrúdaithe, obair leantach a dhéanamh ar mholtaí OLAF agus comhoibriú ar chosc calaoise; ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chlároifig, le linn 2020, na chéad iarrataí ó OLAF chun tacú lena roghnú agus lena himscrúdú. |
(1) IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/444 |
CINNEADH (AE) 2022/1815 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe (anois an Comhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0104/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 3 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochtaí príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach, (A9-0074/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Tionscail Bhithbhunaithe don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 130.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/446 |
CINNEADH (AE) 2022/1816 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le thabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0105/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 558/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021TA1112%2801%29&qid=1650460517287
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021TA1112%2801%29&qid=1650460517287
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 77.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/448 |
RÚN (AE) 2022/1817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Spéire Glaine i mí na Nollag 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 71/2008 ón gComhairle (1)(a tháinig i bhfeidhm an 7 Feabhra 2008) ar feadh tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2017; de bhrí gur thosaigh an Comhghnóthas ag obair go neamhspleách i mí na Samhna 2009; |
|
B. |
de bhrí go ndearnadh Comhghnóthas “Spéire Glaine 2” (“an Comhghnóthas”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 (2) a ionadú, le héifeacht ón 27 Meitheamh 2014, le Comhghnóthas Spéire Glaine faoin gclár Fís 2020, lena gcuirtear síneadh lena shaolré don tréimhse suas go dtí an 31 Nollaig 2024; |
|
C. |
de bhrí gurb iad príomhchuspóirí an Chomhghnóthais rannchuidiú go suntasach le tionchar comhshaoil na dteicneolaíochtaí aerloingseoireachta a fheabhsú agus le tionscal agus slabhra soláthair aerloingseoireachta atá láidir agus iomaíoch ar an leibhéal domhanda a fhorbairt san Eoraip; |
|
D. |
de bhrí gurb iad an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, agus na comhaltaí príobháideacha, eadhon na Ceannairí agus na Comhlaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 agus na Comhpháirtithe Lárnacha a roghnaítear trí ghlao oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus iomaíocht atá faoi réir meastóireacht neamhspleách, i gcomhréir le hAirteagal 4(2); |
|
E. |
de bhrí gurb é EUR 1 755 000 000 (lena n-áirítear leithreasuithe CSTE) an ranníocaíocht uasta ón Aontas leis an dara céim de ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, ar ranníocaíocht í a bheidh le híoc ó bhuiséad an chláir Fís 2020; de bhrí gur EUR 2 193 750 000 ar a laghad a bheidh sa ranníocaíocht iomlán ó chomhaltaí príobháideacha, a bheidh comhdhéanta de ranníocaíochtaí airgid thirim le costais riaracháin agus ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibríochtúla, chomh maith le ranníocaíocht chomhchineáil íosta de EUR 965 250 000 le Gníomhaíochtaí Breise don tréimhse a shainítear sa Rialachán; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil (“tuarascáil ón gCúirt”), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais a tháinig chun deiridh an 31 Nollaig 2020, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2020, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire go bhfuil na bun-idirbhearta a ghabhann leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábharach; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur áiríodh sa bhuiséad deiridh a bhí ar fáil don Chomhghnóthas do 2020 (lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh agus ar cuireadh isteach arís iad, ioncam sannta agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile) EUR 346 723 559 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 356 604 910 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; ag tabhairt dá aire go raibh ráta úsáide 71,66 % do na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 78,41 % do na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire gur dúnadh go foirmiúil an Seachtú Clár Réime um Thaighde agus um Fhorbairt Teicneolaíochta (FP7) in 2017 agus go ndearna an Comhghnóthas roinnt iniúchtaí ex-post a bhí fágtha faoi FP7 a chur chun feidhme in 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár tháinig aon athrú ar ranníocaíochtaí ó na chomhaltaí le clár FP7 in 2020; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire, as méid uasta de EUR 1 755 000 000 de ranníocaíocht an Aontais ón gclár Fís 2020 de réir Rialachán (AE) Uimh. 558/2014, gur ranníoc an tAontas EUR 1 451 082 877 san iomlán le gníomhaíochtaí oibríochtúla agus costais reatha an chláir Fís 2020 faoi dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, gurbh ionann an ranníocaíocht iomlán chomhchineáil ó chomhaltaí príobháideacha le gníomhaíochtaí oibríochtúla agus EUR 581 335 882, agus gurbh ionann EUR 1 144 170 000 agus an ranníocaíocht iomlán chomhchineáil ó chomhaltaí príobháideacha le gníomhaíochtaí breise (lena n-áirítear EUR 838 120 000 lándeimhnithe ag iniúchóirí seachtracha na gcomhaltaí agus bailíochtaithe ag an mBord Rialaithe don tréimhse 2014-2019); |
|
5. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ráite i dtuarascáil na Cúirte go bhfuil an buiséad íocaíochta don bhliain 2020 ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur tharla moilliú ar na comhaontuithe deontais do chomhpháirtithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus ina theannta sin, nach ndearnadh comhaontuithe deontais 2018-2019 a fhorghníomhú go heasnamhach do na comhaltaí; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur gnóthaíodh go suntasach réamh-mhaoiniú ró-íoctha dá bharr sin lenar méadaíodh na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibriúcháin (cistí ioncaim sannta inmheánacha) go EUR 22 572 214 in 2020; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an staid sin dochar do ráta cur chun feidhme an bhuiséid íocaíochta oibríochtúla, arbh ionann é agus 92,6 % ag deireadh 2020 (i gcomparáid le 2019: 97,2 %); ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil ón gCúirt, cé go raibh sé in aghaidh a rialacha airgeadais, nár bhain an Comhghnóthas úsáid iomlán as leithreasú na mblianta roimhe sin, a bhí thart ar EUR 13 300 000, rud ar cuireadh isteach arís é i mbuiséad oibríochtúil 2020, sular úsáideadh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta na bliana sin; ag tabhairt dá haire gur fhreagair an Comhghnóthas nach raibh aige, ag tús na bliana 2020, ach creidmheasanna íocaíochta le foinsí cistí C1 agus, leis an gcéad leasú ar bhuiséad na bliana, go ndearnadh leithreasuithe nár úsáideadh a athghníomhachtú mar chistí C2 i mí na Bealtaine 2020; ag tabhairt dá haire, áfach, an míniú nár thug an uirlis bainistithe deontais ón gCoimisiún tús áite d’úsáid chistí C2 gan idirghabháil láimhe do gach íocaíocht, agus dá bhrí sin gur úsáideadh leithreasuithe C1 ar dtús; ag tabhairt dá haire thairis sin ón bhfreagra ón gComhghnóthas go raibh sé beartaithe aige cistí C2 a úsáid chun réamh-mhaoiniú breise a íoc le Comhaontú Deontais do Chomhaltaí 2020-20201 sna míonna deireanacha in 2020 agus, áfach, nár mhór cuid de na híocaíochtaí sin a chur siar go dtí tús 2021; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go gcuirfidh an Comhghnóthas bearta faireacháin breise i bhfeidhm chun a áirithiú go n-úsáidfear na cistí athghníomhachtaithe ar dtús; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon fhorbairt i dtaca leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, go ndearna an Comhghnóthas an buiséad íocaíochta dá chaiteachas bonneagair agus cumarsáide a mhéadú níos mó ná dhá oiread (arbh ionann é agus thart ar 1,5 % den bhuiséad íocaíochta iomlán a bhí ar fáil ag an gComhghnóthas) don bhliain airgeadais 2020 agus gurb é an toradh a bhí ar an méadú sin ar an mbuiséad íocaíochta, in éineacht le tionchar phaindéim COVID-19 ar na costais a bhí beartaithe do TF, cumarsáid, imeachtaí agus seirbhísí seachtracha eile, ráta íseal cur chun feidhme de 42,7 % ag deireadh 2020 (i gcomparáid le 2019: 98,7 %); |
|
7. |
ag tabhairt dá haire nach raibh na sonraí ar fad maidir leis na ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe sa tuarascáil bhliantúil ó CIE le Comhghnóthais AE do 2020; á iarraidh sí ar an gComhghnóthas moilleanna ar thuairisciú ranníocaíochtaí comhchineáil a laghdú; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ó Chomhghnóthas go chéile maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfaí iad a chomhchuibhiú; |
Feidhmíocht:
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh an t-aonú glao déag ar thograí (CfP11) i mí Eanáir 2020 ina raibh 35 thopaic, arbh ábhair théamacha ceithre cinn díobh, agus go raibh 128 rannpháirtíocht ó 17 dtír éagsúla páirteach iontu; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur tíolacadh 188 dtogra incháilithe agus gur coimeádadh 36 cinn de na tograí sin le haghaidh topaicí téamacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh an glao ar thograí a phróiseáil go hiomlán go cianda; ag tabhairt dá haire go n-áirítear i bpunann dhomhanda an Chomhghnóthais le linn a shaolré aon ghlao déag ar thograí, ina bhfuil níos mó ná 726 chomhpháirtí ó 28 dtír éagsúla rannpháirteach, ina bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide bainteach go láidir maidir le rannpháirtíocht agus deontais arna ndámhachtain, agus 610 tionscadal san iomlán; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chríochnaigh an Comhghnóthas cur chun feidhme an deichiú glao ar thograí (CfP10) i mí Aibreáin 2020; ag tabhairt dá haire gur tugadh an mheastóireacht ar an nglao deireanach ar an gClár chun críche in 2020, eadhon CfP11, agus gur thuairiscigh an Comhghnóthas go raibh sé ag leanúint dá iarrachtaí chun cothromaíocht inscne an ghrúpa saineolaithe a fheabhsú; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin na n-iarrachtaí sin, nach raibh ach 20 % de na mná i gcéatadán na saineolaithe; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gurb ionann glanlíon na gComhpháirtithe Lárnacha, lena n-áirítear a gcleamhnaithe agus na tríú páirtithe atá nasctha leo, a aontaíonn don chlár ar bhonn Glaonna do Chomhpháirtithe Lárnacha agus os cionn 190, le tuairim is 50 fiontar beag agus meánmhéide rannpháirteach ann, agus gur as 22 thír éagsúla dóibh (18 mBallstát agus ceithre thír atá comhlachaithe leis an gclár Fís 2020); |
|
11. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chlároifig measúnú ar thionchar phaindéim COVID-19 ar a cuid gníomhaíochtaí d’fhonn réimsí a shainaithint sa phleanáil straitéiseach inar gá athbhreithniú a dhéanamh nó bearta maolaithe a chur chun feidhme agus, ar an mbonn sin, nach bhfuil aon athrú ar raon na hoibre d’fhormhór na léiritheoirí atá le baint amach, agus, áfach, go bhfuil roinnt moilleanna (4-6 mhí ar an meán) sainaitheanta do thart ar aon trian de na léiritheoirí ar chur chun feidhme an Chláir, le staid neamhionann tugtha faoi deara ar fud na réimsí éagsúla gníomhaíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuair léiritheoirí, i gcás inarbh fhéidir, tacaíocht chistiúcháin bunaithe ar an infhaighteacht cistiúcháin a bhí ann cheana, d’fhonn an baol a laghdú go mbeadh moilleanna agus/nó go mbeadh easnaimh chistiúcháin ann i réimsí den chlár lena mbaineann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndéantar difear don ranníocaíocht le Cuspóirí Ardleibhéil an Chomhghnóthais toisc go gcaomhnaítear ábhar foriomlán an chláir, ach go bhféadfadh moilleanna (ar iarmhairt dhíreacha iad ar an bpaindéim ach, freisin, ar dheacrachtaí teicniúla atá nasctha le leibhéal áirithe éiginnteachta a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí T&I) tionchar a imirt ar shaothrú tráthúil na dtorthaí; ag tabhairt dá haire go measann an Comhghnóthas go ndéanfaidh níos mó ná 80 % dá phríomh-léiritheoirí a gcuid cuspóirí a bhaint amach faoi dheireadh an chláir mar atá beartaithe; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
12. |
á chur in iúl gur geal leis go bhfuil an Gnóthas, in ainneoin ghéarchéim COVID-19 in 2020, ag leanúint de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta maidir le sineirgí leis na Ballstáit agus leis na réigiúin ar spéis leo Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), nó cistí réigiúnacha a infheistiú i réimse na haerloingseoireachta agus i dteicneolaíochtaí gaolmhara eile; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil uirlisí curtha chun feidhme ag an gComhghnóthas chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chlár an Chomhghnóthais, eadhon tuarascálacha ráithiúla de Léiritheoirí Teicneolaíochta Comhtháití/Ardáin Léiritheoirí Aerárthaí Nuálacha (ITD/IADPanna), coistí stiúrtha ar leibhéal ITD/IADP, athbhreithnithe bliantúla ar fheidhmíocht ITD/IADPanna, agus go dtuairiscítear iad go rialta don Bhord Rialaithe; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Comhghnóthas príomhtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna feidhmíochta agus leathana faoin gclár Fís 2020, agus eochairtháscairí feidhmíochta sonracha maidir leis an gComhghnóthas amhail ráta ratha ábhar glao, cur i bhfeidhm an phlean oibre agus cumhdach iniúchta ex post; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur baineadh amach garspriocanna ollmhóra in 2020 maidir le gníomhaíochtaí a rinneadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Deontais do Chomhaltaí, amhail dul chun cinn maith IADP Aerárthaí Móra Paisinéirí, an dul chun cinn an-tábhachtach maidir le céim an deartha mhionsonraithe a cuireadh i gcrích do na léiritheoirí lánscála go léir in IADP Aerárthaí Réigiúnacha, na hathbhreithnithe ar dhearadh criticiúil ar fhochórais agus ar aerárthaí a rinneadh faoi chuimsiú léiritheoir teicneolaíochta NGCTR agus an dul chun cinn i gcomhléiritheoir RACER, chomh maith leis an dul chun cinn agus an méid a baineadh amach in ITD Aerfhráma, in ITD Innill, in ITD Córas, sa ghníomhaíocht thrasnach éicidhearthóireachta, sa Trasnáil Aeriompair Bhig, agus sa Mheastóir Teicneolaíochta; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, mar gheall ar chúiseanna oibríochtúla, gur aistríodh trí ghlao oibríochtúla ar thairiscintí a bhí beartaithe ar dtús ó 2020 go 2021, rud a rinneadh a raonta feidhme a mhodhnú beagán agus dhá cheann acu a chumasc in aon staidéar amháin; |
|
17. |
á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach atá ag an nGnóthas maidir le glanghéaruithe a áirithiú i dteicneolaíochtaí glasa a bhfuil sé mar aidhm leo astaíochtaí gáis CO2 agus leibhéil torainn ó aerárthaí a laghdú, agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an tionchar a bhíonn ag teicneolaíochtaí aerloingseoireachta ar an gcomhshaol agus tionscal aerloingseoireachta agus slabhra soláthair atá láidir agus iomaíoch ar fud an domhain a fhorbairt san Eoraip; á chreidiúint, maidir leis an gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan, a thiocfaidh i gcomharbacht ar an nGnóthas, go mbeidh ról tábhachtach aige maidir le rannpháirtíocht na hearnála eitlíochta sa Chomhaontú Glas don Eoraip a áirithiú; |
Foireann agus soláthar
|
18. |
ag tabhairt dá haire, faoin 31 Nollaig 2020, gur líonadh 36 phost gníomhaire sealadaigh agus 6 phost gníomhaire ar conradh de réir an phlean bunaíochta, agus, sa bhreis air sin, aon saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin as an mbeirt faoin bplean bunaíochta; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas in 2020 próiseas earcaíochta do 3 phost; ag tabhairt dá haire, sa bhreis ar na poist reachtúla, go mbraitheann an Comhghnóthas ar sholáthraithe seirbhíse seachtraigh, amhail an stiúrthóir gréasáin, an gnólacht seirbhísí TF atá comhroinnte leis na Comhghnóthais eile, naonúr oibrithe eatramhacha agus aon sainchomhairleoir amháin maidir le cumarsáid; ag tabhairt dá haire freisin gur chuir an Comhghnóthas úsáid Sysper2 chun feidhme tuilleadh; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di, de réir na tuarascála ón gCúirt, cé go raibh foireann reachtúil an Chomhghnóthais statach ó 2017 go 2020 le 42 oibrí, le linn na tréimhse céanna, gur mhéadaigh an Comhghnóthas go suntasach an úsáid a bhain sé as foireann eatramhach, ó thriúr go deichniúr coibhéisí lánaimseartha, is é sin le rá, ó 8 % go 24 % d’fhoireann reachtúil an Chomhghnóthais, nach bhfuil na cúraimí a dhéanann an fhoireann eatramhach, áfach, de chineál aonuaire nó sealadach, mar thoradh ar mhéadú eisceachtúil ar ualach oibre nó ar fheidhmiú gníomhaíochta aonuaire, ach gur poist bhuana iad ó thaobh cineáil de (e.g. cuntóir na seirbhíse dlí, tacaíocht rúnaíochta, cúntóir cumarsáide, agus cúntóir oifigigh tionscadail) agus go gcruthaíonn cleachtas an Chomhghnóthais poist bhuana de facto, sa bhreis orthu sin; ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn cleachtas an Chomhghnóthais poist de facto, de bhreis orthu siúd dá bhforáiltear sa phlean bunaíochta, a bhféadfadh láimhdeachas foirne ard agus neamhchinnteacht foirne a bheith mar thoradh orthu agus ar féidir leo, ar deireadh, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht fhoriomlán an Chomhghnóthais; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire gur fhreagair an Comhghnóthas go raibh sé d’oibleagáid air cur go leanúnach leis an úsáid a bhaintear as foireann eatramhach le blianta beaga anuas mar gheall ar na srianta a bhí ar phlean daingean bunaíochta na foirne i ngeall ar na cúraimí agus an t-ualach oibre atá ag dul i méid, agus gur oth léi go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh leis an dá chlár – Spéir Ghlan 2 agus an clár nua um Eitlíocht Ghlan a bheidh ar siúl go comhthreomhar; á chur in iúl gur díol sásaimh di, ina theannta sin, go bhfuil bearta maolaithe curtha i bhfeidhm ag an gComhghnóthas (amhail sásraí iomchuí maoirseachta, lena dteorannaítear cúraimí i ndáil le hidirthréimhsí go cúraimí neamh-lárnacha agus lena n-áirithítear oiliúint agus tacaíocht mheantóireachta iomchuí); ag tabhairt dá haire, áfach, nach é an staid is fearr is féidir ó thaobh an mheántéarma agus an fhadtéarma de agus go measann an Comhghnóthas gurbh é an réiteach a bheadh ann níos mó solúbthachta a sholáthar maidir le líon na bpost do ghníomhairí ar conradh sa phlean bunaíochta foirne; ag áitiú ar an gComhghnóthas príomhréimsí oibríochtaí a shainaithint inar cheart na hacmhainní daonna a dhíriú chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an méid a chuireann siad leis an sreabhadh oibre agus á iarraidh ar an gComhghnóthas tuilleadh foirne a ghlacadh; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire, tar éis do phaindéim COVID-19 a bheith fógartha, go ndearnadh gníomhaíocht ghasta chun a áirithiú go raibh na hábhair TFC a bhí ag teastáil le haghaidh teilea-obair bhreisithe ag gach ball foirne; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go mbaineann dúshláin d’fhostaithe le paindéim COVID-19, go háirithe agus dálaí maireachtála éagsúla á gcur san áireamh, an easpa rochtana ar spás oifige agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an leithlisiú; á iarraidh ar an gComhghnóthas díriú ar dhea-bhail na bhfostaithe, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre agus saoil; á iarraidh ar an mbainistíocht a áirithiú go bhfuil struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne a áirithiú; |
|
24. |
á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bhain an Comhghnóthas úsáid as an réiteach ríomhsholáthair le haghaidh a nósanna imeachta soláthair oscailte in 2020; |
Rialú Inmheánach
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur glacadh na Rialacha Airgeadais athbhreithnithe i mí Eanáir 2020, tar éis ghlacadh Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaiming na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an eiseamláir de Rialachán Airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún (4); |
|
26. |
ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, go bhfuil nósanna imeachta rialaithe ex ante iontaofa curtha ar bun ag an gComhghnóthas bunaithe ar athbhreithnithe doiciméad airgeadais agus oibríochtúil, gur chuir sé creat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin chun feidhme, rud atá bunaithe ar 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh, in 2020 agus, maidir leis an bhféinmheasúnú bliantúil agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialaithe a cheanglaítear le creat rialaithe inmheánaigh, gur fhorbair sé táscairí ábhartha do na prionsabail rialaithe inmheánaigh agus saintréithe gaolmhara uile; ag tabhairt dá haire go ndearnadh próiseas bainistithe riosca an Chomhghnóthais a chuíchóiriú mar cheann de phríomhcholúin an chórais rialaithe inmheánaigh; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt maidir le híocaíochtaí an chláir Fís 2020 go bhfuil Comhsheirbhís Iniúchóireachta (CAS) an Choimisiúin freagrach as iniúchtaí ex post a dhéanamh agus, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex post a bhí ar fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 1,60 % agus ráta earráidí iarmharacha 0,91 % do thionscadail Fís 2020; ag tabhairt dá haire ón togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le Fís 2020 gurb é aidhm dheiridh an leibhéal iarmharach earráide tráth a ndúnfar na cláir tar éis thionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh, go mbainfear amach an leibhéal atá chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire gur rinne an Chúirt iniúchadh ar shamplaí randamacha d’íocaíochtaí an chláir Fís 2020 a rinneadh in 2020 ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post mar chuid de na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla agus gur léirigh na hiniúchtaí mionsonraithe sin in aon chás amháin, earráid os cionn 1 % de na costais iniúchta, a bhain le costais phearsanra dhearbhaithe, mar nár chloígh an tairbhí go hiomlán leis an uasteorainn d’uaireanta a oibríodh ar an tionscadal, i ndáil leis an bhfoireann a bhí ag obair go heisiach ar an tionscadal gan am a thaifeadadh; |
|
29. |
ag cur béim ar an bhfíoras, i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar Chomhghnóthais an Aontais don bhliain airgeadais 2020, go bhfuair an Chúirt earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh na hearráidí sin a thuairisciú go rialta freisin sna hiniúchtaí ex post ar CAS agus ar a iniúchóirí ar conradh; ag tabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú rialacha Fhís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; á mholadh don Chomhghnóthas neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh; |
|
30. |
á chur in iúl gur geal leis an ghníomhaíocht cheartaitheach a rinne an Gnóthas chun aghaidh a thabhairt ar na hearráidí sistéamacha a bhain le costais dhearbhaithe phearsanra a chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i bhfios an bhliain roimhe sin; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear clár an Chomhghnóthais faoin gComhstraitéis Frithchalaoise do réimse na taighde (CAFS); ag tabhairt dá haire gur bhunaigh an Comhghnóthas a Straitéis shonrach Frithchalaoise maidir le Spéir Ghlan 2 in 2020, agus gur forbraíodh plean gníomhaíochta chun na rialuithe chun calaois a chosc agus a bhrath a neartú tuilleadh; ag tabhairt dá haire gur reáchtáladh seisiún oiliúna feasachta d’fhoireann an Chomhghnóthais i mí na Samhna 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Comhghnóthas obair leantach in 2020 ar dhá chás calaoise líomhnaithe, ar cuireadh fógra ina leith do OLAF in 2018, agus ar oscail OLAF imscrúduithe ina leith; ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil leantach maidir le hurscaoileadh 2019, go bhfuair an Comhghnóthas tuarascálacha deiridh OLAF i mí Mheán Fómhair 2021 maidir le dhá imscrúdú ar thionscadal Spéire Glaine agus tionscadal “Spéir Ghlan 2” agus gur dheimhnigh OLAF, sa dá chás, na hamhrais faoi chalaois agus gur eisigh sé moltaí chun an cistiú a fuarthas go neamhrialta ó na heintitis chalaoiseacha a aisghabháil agus chun na heintitis agus na daoine lena mbaineann a chlárú i gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh an Choimisiúin; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaca leis sin; |
Iniúchóireacht Inmheánach
|
32. |
ag tabhairt dá haire gur thug an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) chun críche in 2020 iniúchadh, arna bheartú sa Phlean um Iniúchóireacht Straitéiseach 2019-2021, maidir le céim chur chun feidhme na ndeontas faoin gclár Fís 2020 agus gur eisíodh moltaí maidir le measúnú riosca calaoise an Chomhghnóthais agus na rialuithe frithchalaoise, cur chuige rioscabhunaithe maidir le meastóireacht ex ante ar íocaíochtaí deontas agus ar thuarascálacha, agus faireachán ar scaipeadh, saothrú agus cumarsáid tionscadal; ag tabhairt dá haire go ndearna IAS iniúchadh leantach i mí an Mheithimh 2021 agus gur mheas sé na trí mholadh a bheith dúnta; |
|
33. |
ag tabhairt dá haire gur i mí Feabhra 2021 a fuair an Comhghnóthas tuarascáil bhliantúil IAS do 2020, inar leagadh béim ar mhoill shuntasach a bheith ar dhá mholadh a d’eascair as iniúchadh a rinneadh roimhe sin ar bhainistiú feidhmíochta agus moladh amháin maidir le bainistiú deontas an Chomhghnóthais; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaca leis sin. |
|
34. |
ag tabhairt dá aire gur dheimhnigh an tOifigeach Iniúchta Inmheánaigh (IAO) a neamhspleáchas eagraíochtúil don Bhord Rialaithe, mar a shainítear i gcaighdeáin IIA, cé gur thug sé chun suntais go bhféadfadh easpa oibiachtúlachta a bheith ann maidir le roinnt gníomhaíochtaí agus próisis shonracha dá ndéanann an Ghnóthais, ar ghlac IAO freagracht oibríochtúil dhíreach air féin ina leith; ag tabhairt dá aire, áfach, gur chumhdaigh iniúchóirí eile na próisis sin de chuid an Ghnóthais go hiomlán trí iniúchtaí dearbhaithe nó trí mheasúnú riosca (5); |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 71/2008 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007 lena ndéantar an Comhghnóthas Spéire Glaine a chur ar bun (IO L 30, 4.2.2008, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (IO L 169, 7.6.2014, lch. 77).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(4) (IO L 142, 29.5.2019, lch. 16).
(5) Spéir Ghlan 2 — Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite ar Ghníomhaíochtaí 2020, lch. 104-105.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/454 |
CINNEADH (AE) 2022/1818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0105/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpachagus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014 (5), (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014, agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2022), |
|
1. |
Ag formheas dhúnadh chuntais Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021TA1112%2801%29&qid=1650460517287
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021TA1112%2801%29&qid=1650460517287
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 77.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/456 |
CINNEADH (AE) 2022/1819 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas ECSEL (an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas ECSEL don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0106/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas ECSEL (4), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fhís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0077/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 152.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/458 |
RÚN (AE) 2022/1820 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas ECSEL (an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas ECSEL don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0077/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas ECSEL (an “Comhghnóthas”) an 6 Bealtaine 2014 le Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle (1), a tháinig i bhfeidhm an 27 Meitheamh 2014, ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024, chun teacht in ionad agus i gcomharbas ar Chomhghnóthais ARTEMIS agus ENIAC; |
|
B. |
de bhrí gurb iad an tAontas, na Ballstáit agus, ar bhonn deonach, na tíortha comhlacaithe (na tíortha rannpháirteacha) agus cumainn na gcomhaltaí príobháideacha (na comhaltaí príobháideacha) a dhéanann ionadaíocht ar a gcomhchuideachtaí agus ar eagraíochtaí eile atá gníomhach i réimse na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonacha san Aontas na comhaltaí den Chomhghnóthas; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil na ranníocaíochtaí leis an gComhghnóthas do thréimhse iomlán an chláir Fís 2020 cothrom le suas go dtí EUR 1 184 874 000 ón Aontas (lena n-áirítear leithreasuithe CSTE) le haghaidh costais riaracháin agus oibríochta, ar a laghad EUR 1 170 000 000 ó na stáit rannpháirteacha le haghaidh na gcostas oibríochta agus i gcomhréir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais, agus ar a laghad EUR 1 657 500 000 ó na comhaltaí príobháideacha; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire go bhfuair an Chúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) ina tuarascáil (“tuarascáil na Cúirte”), go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla an Chomhghnóthais, ar gach slí ábharach, staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2020, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena rialachán airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na bun-idirbhearta a ghabhann leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábharach; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, i mbuiséad iomlán an Chomhghnóthais atá ar fáil don bhliain 2020, lena n-áirítear leithreasuithe neamhúsáidte ó bhlianta roimhe sin arna n-iontráil an athuair, ioncaim shannta agus ath-leithdháiltí don bhliain ina dhiaidh sin, go n-áirítear EUR 218 342 000 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 215 849 000 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, agus gurb ionann an ráta úsáide agus 99,59 % do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 88,63 % do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire, ón dtuarascáil ón gCúirt, ag deireadh 2020, go ndearna an tAontas ranníocaíocht EUR 573 197 000 chun gníomhaíochtaí an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhghnóthais a chómhaoiniú, amhail a aistríodh ó na Comhghnóthais ARTEMIS agus ENIAC i mí an Mheithimh 2014, agus EUR 10 390 000 breise chun na costais riaracháin ghaolmhara a chómhaoiniú); |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann an gealltanas carntha do ghníomhaíochtaí an Seachtú Clár Réime arna glacadh ar láimh ag an gComhghnóthas i Meitheamh 2014 agus EUR 447 342 072 (EUR 101 425 148 ó ARTEMIS agus EUR 345 916 924 ó ENIAC) a raibh thart ar EUR 58 000 000 saortha ag an gComhghnóthas (thart ar EUR 16 800 000 ó ARTEMIS agus EUR 41 200 000 ó ENIAC) agus a raibh EUR 386 767 877 íoctha aige (EUR 83 822 121 ó ARTEMIS agus EUR 302 945 756 ó ENIAC) i ndeireadh 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach mór, dá bhrí sin, EUR 2 544 641 (EUR 768 150 ó ARTEMIS agus EUR 1 776 491 ó ENIAC) a íoc fós sna blianta atá le teacht; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ón tuarascáil ón gCúirt, maidir le buiséad íocaíochta 2020 an Chomhghnóthais a bhí ar fáil do thionscadail an Seachtú Clár Réime (EUR 20 317 158), gurbh ionann an ráta cur chun feidhme do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 70 %; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go dtarraingíonn an Chúirt aird sa tuarascáil uaithi ar an bhfíoras, i rialacháin bhunaidh réamhtheachtaithe an Chomhghnóthais, ARTEMIS agus ENIAC, gur foráladh go dtacaítear lena ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta faoin Seachtú Clár Réime trí ranníocaíochtaí airgeadais ó na stáit rannpháirteacha, arb ionann iad agus ar a laghad 1,8 oiread de ranníocaíocht airgeadais oibríochtúil an Aontais, a íocfar le rannpháirtithe sa tionscadal, agus trí ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhaltaí príobháideacha, atá cothrom le méid ranníocaíocht na gcomhaltaí poiblí ar a laghad; á chur in iúl gurb oth léi nach nochtann cuntais bhliantúla shealadacha 2020 an Chomhghnóthais ná a tuarascáil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais 2020 na meastacháin seo a leanas ar na ranníocaíochtaí airgeadais ó na Stáit Rannpháirteacha le tionscadail an Seachtú Clár Réime de chuid ARTEMIS agus ENIAC ná na ranníocaíochtaí comhchineáil arna ndéanamh ag eagraíochtaí taighde agus forbartha a ghlacann páirt i dtionscadail an Seachtú Clár Réime de chuid ARTEMIS agus ENIAC; ag tabhairt dá haire gur thug an Comhghnóthas freagra, murab ionann agus Fís 2020, nach ndearnadh riamh foráil, i rialacháin an Seachtú Clár Réime dá réamhtheachtaithe, maidir le tuairisciú den sórt sin ná nár ceanglaíodh amhlaidh a dhéanamh, agus, nuair a bhí ARTEMIS agus ENIAC ann, tar éis pléití le AS BUDG, go ndearnadh an cinneadh gan an fhaisnéis sin a áireamh sna cuntais bhliantúla; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, maidir le cur chun feidhme bhuiséad an chláir Fís 2020, go gceanglaítear ar na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh arb ionann iad agus ar a laghad EUR 1 170 000 le gníomhaíochtaí oibríochta an Chomhghnóthais agus, i ndeireadh 2020, go ndearna na Stáit Rannpáirteacha a ghlac páirt sna glaonna ar thograí 2014-2019 gealltanais chonarthacha a shíniú a bhí cothrom le EUR 936 588 004 agus gur dhearbhaigh siad ranníocaíochtaí airgeadais arbh ionann iad agus EUR 374 748 810 san iomlán (nó 40 % de na ranníocaíochtaí iomlána a gealladh), a d’íoc siad go díreach le tairbhithe thionscadail an chláir Fís 2020 ar thacaigh siad leo; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh difríocht idir méid na ranníocaíochta airgeadais ó na stáit rannpháirteacha agus méid ranníocaíocht airgeadais an Aontais ag deireadh na bliana 2020 mar gheall ar an bhfíoras nach n-aithníonn agus nach dtuairiscíonn an chuid is mó de na Stáit Rannpháirteacha a gcostais don Chomhghnóthas ach ar chur i gcrích thionscadail an chláir Fís 2020 a dtacaíonn siad leo; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte, nach féidir leis an gComhghnóthas méid iarbhír ranníocaíochtaí comhchineáil chomhaltaí an tionscail a ríomh ach tar éis dó ranníocaíochtaí na Stát Rannpháirteach ag deireadh an chláir a bhailíochtú; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go ndéanann an Comhghnóthas meastachán ar ranníocaíochtaí comhchineáil chomhaltaí an tionscail bunaithe ar mhodheolaíocht ‘pro-rata temporis’ arna glacadh ag a Bhord Rialaithe; ag tabhairt dá haire gurb é sin an chúis gurbh ionann méid na ranníocaíochtaí tionscail comhchineáil agus EUR 896 524 611 ag deireadh 2020, ar méid measta é nach bhfuil bailíochtaithe go fóill, i gcomparáid le méid na ranníocaíochtaí tionscail comhchineáil bailíochtaithe arb ionann iad agus EUR 180 275 376; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, bunaithe ar na sonraí tionscadail maidir leis na glaonna ar thograí 2014-2019 arna ndéanamh ag an gComhghnóthas faoi chuimse an chláir Fís 2020, gurbh ionann oibleagáidí gaolmhara chomhaltaí an tionscail i leith ranníocaíochtaí comhchineáil agus EUR 1 384 176 208 an 31 Nollaig 2020; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ó Chomhghnóthas go chéile maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfaí iad a chomhchuibhiú; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, maidir le buiséad 2020 an Chomhghnóthais a bheidh ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020, gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 100 % agus 91 % faoi seach; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, in 2020, gur athghníomhachtaigh an Comhghnóthas EUR 57 259 000 de leithreasuithe neamhúsáidte faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad oibríochtúil le haghaidh ghníomhaíochtaí an chláir Fís 2020; ag tabhairt dá haire, áfach, nár fhéad an Comhghnóthas ach EUR 39 981 000 (nó 70 %) de na leithreasuithe athghníomhachtaithe a úsáid roimh leithreasuithe na bliana a úsáid; ag tabhairt dá haire gur thug an Comhghnóthas freagra go raibh uainiú an athghníomhachtaithe le linn ráithe 3 2020 lastall de rún agus rialú an Chomhghnóthais mar gheall ar iarraidh ghaolmhar a bhí ar feitheamh nár údaraíodh go dtí tús mhí Mheán Fómhair 2020 agus, mar sin féin, nuair a rinneadh an t-athghníomhú, go ndearnadh gach íocaíocht trí leithreasuithe tosaíochta athghníomhachtaithe, i gcomhréir lena rialacha airgeadais, agus, thairis sin, go bhfuil an Comhghnóthas tiomanta d’aon leithreasuithe neamhúsáidte a athghníomhachtú laistigh de 3 bliana airgeadais agus do thús áite a thabhairt dá n-úsáid de réir a rialacha airgeadais agus measann sé, faoi dheireadh 2021, go ndéanfar aon leithreasuithe oibríochtúla faoi chomhair íocaíochtaí atá fágtha a athghníomhachtú agus a úsáid; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
Feidhmíocht
|
12. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Comhghnóthas eochairtháscairí feidhmíochta comhchoiteanna de chuid an chláir Fís 2020 chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar shaincheisteanna tras-earnála, chomh maith le heochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann go sonrach leis an gComhghnóthas; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gurbh é 2020 an uair dheireanach a sheol an Comhghnóthas glaonna ar thograí, eadhon dhá Ghníomhaíocht Taighde agus Nuálaíochta (RIA), Gníomhaíocht Nuálaíochta (IA) amháin agus Gníomhaíocht Comhordaithe agus Tacaíochta (CSA) amháin, ar cuireadh 44 thogra incháilithe isteach ina leith agus faoi dheireadh, gur tugadh cistiú d’ocht RIA, do shé IA agus do thograí CSA; ag tabhairt dá haire gur ann do phunainn tionscadal domhanda, ina bhfuil 96 thionscadal; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann do thrí thionscnamh tí solais: Mobility.E, Industry4.E agus Health.E, lena ndéantar comhar laistigh de chomhphobal ECS, agus idir an comhphobal agus úsáideoirí teicneolaíochta, comhlachtaí cinnteoireachta, agus an tsochaí a chur chun cinn ionas go mbeidh fíorthionchar níos tapúla ag teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí ar ghnó, ar an ngeilleagar agus ar thomhaltóirí; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, maidir le cothromaíocht inscne i dtionscadail an Chomhghnóthais, go léirítear i dtuarascáil bhliantúil 2020 ar ghníomhaíochtaí líon iomlán na mban agus na bhfear atá rannpháirteach i dtionscadail agus gurb ionann agus 19 % líon iomlán na mban atá rannpháirteach i dtionscadail ó ghlaonna 2014-2018, a bhfuil baint ag 66 % díobh le gníomhaíochtaí taighde agus a bhfuil baint ag 34 % díobh le gníomhaíochtaí neamhthaighde, agus go bhfuil baint le taighde ag 80 % den 81 % eile, ar fir iad, agus go bhfuil baint ag 20 % díobh le gníomhaíochtaí neamhthaighde; |
Soláthar agus foireann
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur fhostaigh an Comhghnóthas 29 mball foirne an 31 Nollaig 2020, lena n-áirítear gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht; ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas nós imeachta earcaíochta nua i mí Mheán Fómhair 2020 do phost an chúntóra airgeadais/riaracháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin gur ghlac Bord Rialaithe an Chomhghnóthais, i mí Bhealtaine 2020, sraith nua rialacha cur chun feidhme do na rialacháin foirne; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, gur ann do dhúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 d’fhostaithe, go háirithe agus dálaí maireachtála éagsúla á gcur san áireamh, an easpa rochtana ar spás oifige agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an leithlisiú; á iarraidh ar an gComhghnóthas díriú ar dhea-bhail na bhfostaithe, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre agus saoil; á iarraidh ar bhainistíocht an Chomhghnóthais a áirithiú go bhfuil struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne a áirithiú; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, nach bhfuil sé i gceist ag an gComhghnóthas modúil uile an ardáin soláthair a úsáid mar gheall ar líon íseal na nósanna imeachta ardluacha soláthair atá ann; á iarraidh ar an gComhghnóthas, mar sin féin, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le malartú aonair leictreonach sonraí, dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais, a bheith páirteach i réiteach ríomhsholáthair an Choimisiúin chun an iomaíocht a áirithiú ar an mbonn is leithne is féidir; ag tabhairt dá haire gur bhain an Comhghnóthas an úsáid ba mhó ab fhéidir úsáid as na comhaontuithe éagsúla ar leibhéal seirbhíse a tugadh i gcrích cheana féin leis na seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus lena chomhaltaí príobháideacha agus gur bhain sé úsáid as creatchonarthaí idirinstitiúideacha agus, in 2020, gur reáchtáil an Comhghnóthas fíor-bheagán nósanna imeachta soláthair, go príomha do chonarthaí ar luach íseal, agus ceann amháin chun tús a chur an athuair leis an iomaíocht; |
Rialuithe Inmheánacha
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur aistrigh an Comhghnóthas, le linn 2020, chuig córas prionsabalbhunaithe chun a creat rialaithe inmheánach (ICF) a ailíniú leis an gcreat rialaithe athbhreithnithe arna ghlacadh ag an gCoimisiún; ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil maidir le hobair leantach ar urscaoileadh 2019, gur glacadh ICF athbhreithnithe le cinneadh ón mBord Rialaithe i mí Lúnasa 2020 agus, faoi dheireadh na bliana sin, go ndearna an Comhghnóthas a chéad fhéin-mheasúnú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearnadh measúnú riosca sonrach maidir le COVID-19 in 2020; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur glacadh rialacha airgeadais athbhreithnithe an Chomhghnóthais i Márta 2020; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, gur lean comhaontuithe riaracháin arna dtabhairt i gcrích ag na Comhghnóthais ARTEMIS agus ENIAC leis na húdaráis náisiúnta um chistiú (NFAnna) d’fheidhm a bheith acu ó chumascadh na comhghnóthais sin chun an Comhghnóthas a chruthú; ag tabhairt dá haire, faoi na comhaontuithe sin, gur bhrath straitéisí iniúchóireachta ex-post ARTEMIS agus ENIAC go mór ar NFAnna chun iniúchadh a dhéanamh ar éilimh ar chostais tionscadal, agus gur ghlac an Comhghnóthas céimeanna chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme iniúchtaí ex-post arna ndéanamh ag NFAnna agus go bhfuair sé ráitis i scríbhinn ó NFAnna ina ndearbhaítear go soláthraítear urrús réasúnach le cur chun feidhme a nósanna imeachta náisiúnta maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht a n-idirbheart; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, thairis sin, ó thuarascáil na Cúirte, mar gheall ar an éagsúlacht shuntasach atá ann idir na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta arna n-úsáid ag údaráis cistithe náisiúnta na Stát Rannpháirteach, nach féidir leis an gComhghnóthas aon ráta earráide ualaithe iontaofa ná ráta earráide iarmhar a ríomh i leith íocaíochtaí leis an Seachtú Clár Réime; ag tabhairt a haire, i gcás thionscadail an Seachtú Clár Réime, gurbh ionann na híocaíochtaí a rinne an Comhghnóthas in 2020 agus EUR 14 287 435 (i gcomparáid le EUR 20 305 796 in 2019), arbh ionann iad agus 7,7 % (i gcomparáid le 11,2 % in 2019) d’iomlán na n-íocaíochtaí oibríochtúla a rinne an Comhghnóthas in 2020; ag tabhairt dá haire, maidir leis na híocaíochtaí sin, gur chuir an Chúirt an ráta earráidí iarmharacha i bhfeidhm arna bhunú ag Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta don Seachtú Clár Réime ina iomláine, arbh ionann agus 3,51 % é; ag tabhairt dá haire gur thug an Comhghnóthas freagra gur ghlac sé céimeanna chun dul i ngleic leis an toradh athfhillteach sin agus á mheas go bhfuil na bearta sin (ráitis bliantúla NFA i scríbhinn) leormhaith, rud a dhearbhaíonn an t-údarás buiséadach, agus go ndearnadh foráil i rialacháin bhunaidh na gComhghnóthas “go bhféadfaidh Ballstáit ARTEMIS/ENIAC aon seiceálacha agus iniúchtaí eile a dhéanamh i measc fhaighteoirí a gcistithe náisiúnta a mheasann siad is gá agus cuirfidh siad na torthaí in iúl do Chomhghnóthas ARTEMIS/ENIAC”; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ón tuarascáil ón gCúirt, i bhfianaise cheatadán íseal na n-íocaíochtaí leis an Seachtú Clár Réime in 2020 (thart ar 8,6 %) go meastar go bhfuil an ráta earráidí iarmharacha d’íocaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais san iomlán in 2020 níos ísle ná an tairseach ábharthachta; |
|
22. |
ag tabhairt dá haire, ón tuarascáil ón gCúirt, go ndéanann Comhsheirbhís Iniúchóireachta an Choimisiúin (CAS) iniúchtaí ex-post ar chaiteachas agus, bunaithe ar na torthaí iniúchta a bhí ar fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 2,86 % agus ráta earráidí iarmharacha 1,25 % i leith an chláir Fís 2020; ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún ina thogra le haghaidh rialachán maidir leis an gclár Fís 2020 gurb é an aidhm dheiridh atá leis an leibhéal earráidí iarmharacha tráth a dhúnfar na cláir tar éis do thionchar airgeadais na n-iniúchtaí agus na mbeart ceartúcháin agus aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh ná leibhéal a bhaint amach atá chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh ar íocaíochtaí a rinneadh in 2020 leis an gclár Fís Eorpach, arna sampláil go randamach, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post; ag tabhairt dá haire gur nocht na hiniúchtaí mionsonraithe sin go raibh earráidí sistéamacha ann i gcás amháin arbh ionann iad agus níos mó ná 1 % de na costais iniúchóireachta a bhaineann le ríomh na gcostas foirne dearbhaithe agus sa dara cás, gur dhearbhaigh an tairbhí costais dhíreacha i ndáil le seirbhísí a cheannach ó thairbhí eile, a bhí mar chuid de chuibhreannas tionscadal nár sholáthar an tairbhe réasúnú a raibh údar cuí leis ina leith, ná fianaise gur áirithigh an próiseas soláthair an luach airgid is fearr; ag tabhairt dá haire gur thug an Comhghnóthas freagra gur thug sé aghaidh ar na torthaí arna sainaithint leis na tairbhithe faoi seach; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaca leis sin; |
|
24. |
ag cur béim ar an bhfíoras, i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte ar Chomhghnóthais AE do 2020, go bhfuair an Chúirt earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh earráidí den sórt sin a thuairisciú go rialta freisin sna hiniúchtaí ex post ar CAS agus ar a iniúchóirí ar conradh; ag tabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú rialacha Fhís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; ag spreagadh an Chomhghnóthais neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh; |
Iniúchadh inmheánach
|
25. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach sa Choimisiún iniúchadh ar chur chun feidhme agus cur i gcrích chomhaontú deontais an chláir Fís 2020, lenar tháinig sí ar an gconclúid gur chuir an Comhghnóthas córas rialaithe inmheánach éifeachtúil agus éifeachtach ar bun ar an iomlán i ndáil leis sin, agus gur thug sé dhá mholadh thábhachtacha maidir le faireachán ar chomhlíonadh lena ngabhann ceanglais scaipthe, saothraithe agus cumarsáide, agus maidir le próisis agus nósanna imeachta; ag tabhairt dá haire gur tháinig an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach ar an gconclúid, i mí Eanáir 2021, gur cuireadh na moltaí chun feidhme go leormhaith agus go héifeachtach. |
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/462 |
CINNEADH (AE) 2022/1821 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas ECSEL (an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas ECSEL don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0106/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 561/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas ECSEL (4), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fhís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0077/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Chomhghnóthais ECSEL don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 152.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/464 |
CINNEADH (AE) 2022/1822 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0109/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0075/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 108.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/466 |
RÚN (AE) 2022/1823 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0075/2022), |
|
A. |
de bhrí gur cuireadh ar bun an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin (“Comghnóthas FCH”) i mí na Bealtaine 2008 mar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 (1) ón gComhairle ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2017 chun iarrachtaí taighde a mhéadú agus chun dlús a chur le húsáid na gceall breosla agus na dteicneolaíochtaí hidrigine; de bhrí go ndearnadh Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle (2); |
|
B. |
de bhrí gur bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (“Comhghnóthas FCH2”) i mí na Bealtaine 2014 chun teacht in ionad agus i gcomharbacht ar Chomhghnóthas FCH ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024; |
|
C. |
de bhrí gurbh ionann comhaltaí Chomhghnóthas FCH agus an tAontas, a ndearna an Coimisiún, Grúpáil Thionscail an Chomhthionscnaimh Teicneolaíochta um Chealla Breosla agus um Hidrigin, agus Grúpáil Taighde N.ERGHY ionadaíocht orthu; |
|
D. |
de bhrí gurb ionann comhaltaí Chomhghnóthas FCH2 agus an tAontas, agus ionadaíocht á déanamh orthu ag an gCoimisiún, New Energy World Industry Grouping AISBL (“an Ghrúpáil Tionscail”), a athainmníodh mar Hydrogen Europe in 2016, agus New European Research Grouping on Fuel Cells and Hydrogen AISBL (“an Ghrúpáil Taighde”), a athainmníodh mar Hydrogen Europe Research in 2018; |
|
E. |
de bhrí gurb ionann ranníocaíocht uasta an Aontais lena gcumhdaítear costais oibriúcháin agus oibríochtúla Chomhghnóthas FCH agus EUR 470 000 000 ón Seachtú Clár Réime; de bhrí nach foláir do na ranníocaíochtaí ó na comhaltaí eile a bheith cothrom, ar a laghad, le ranníocaíocht an Aontais; |
|
F. |
de bhrí gurb é EUR 665 000 000 (lena n-áirítear leithreasuithe CSTE) ón gclár Fís 2020 ranníocaíocht uasta an Aontais le Comhghnóthas FCH2 agus go bhfuiltear ag dréim leis go ranníocfaidh na comhaltaí ó na Grúpálacha Tionscail agus Taighde acmhainní iomlána de EUR 380 000 000 ar a laghad thar na tréimhse a shainítear le Rialachán, lena gcuimseofar ranníocaíochtaí comhchineáil le tionscadail an chláir Fís 2020 arna gcistiú ag Comhghnóthas FCH2, ranníocaíochtaí comhchineáil le gníomhaíochtaí breise de EUR 285 000 000 ar a laghad agus ranníocaíochtaí airgid thirim le costais riaracháin; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
1. |
ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla Chomhghnóthas FCH2 go dtugtar le fios go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla 2020, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais Chomhghnóthas FCH2 ar an 31 Nollaig 2020, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreabha airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain sin a tháinig chun deiridh, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais, dlíthiúil agus rialta ar gach slí ábhartha; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur áiríodh sa bhuiséad críochnaitheach a bhí ar fáil do Chomhghnóthas FCH2, lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh agus a cuireadh isteach an athuair, ioncam sannta agus ath-leithdháiltí go dtí an chéad bhliain eile, don bhliain airgeadais 2020 EUR 104 231 642 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 103 779 004 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur 94,4 % agus 95,3 % faoi seach a bhí i bhforghníomhú foriomlán bhuiséad 2020 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, as an ranníocaíocht uasta de EUR 470 000 000 de réir Rialachán (CE) Uimh. 521/2008, gur ranníoc an tAontas EUR 426 127 000 san iomlán in airgead tirim agus i ranníocaíocht chomhchineáil ón Seachtú Clár Réime agus gur ranníoc na comhaltaí ó na Grúpálacha Tionscail agus Taighde EUR 458 275 000 san iomlán in acmhainní bailíochtaithe, acmhainní lena gcuimsítear EUR 440 391 000 i ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe i dtionscadail an Seachtú Clár Réime; ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, le haghaidh an Seachtú Clár Réime ina iomláine, ag deireadh 2020, gur gheall Comhghnóthas FCH2 EUR 428 477 494 do chomhaontuithe deontais a síníodh faoin Seachtú Clár Réime, a bhfuil thart ar EUR 7 062 748 (nó 2 %) de fós le híoc sna blianta amach romhainn, agus maidir le buiséad íocaíochta 2020 de Chomhghnóthas FCH2 a bhí ar fáil le haghaidh thionscadail an Seachtú Clár Réime, ba é 89 % an ráta cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur ranníoc an tAontas EUR 498 577 000 san iomlán le Fís 2020 ag deireadh 2020 agus gur ranníoc comhaltaí ó na Grúpálacha Tionscail agus Taighde EUR 20 630 000 san iomlán i ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe, ranníocaíochtaí lena gcuimsítear EUR 11 916 000 i ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe i dtionscadail Fís 2020 de chuid Chomhghnóthais FCH2; ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, gur ann do leibhéal íseal ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe ó chomhaltaí an tionscail le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arb ionann iad agus EUR 11 916 000, i ngeall go ndeimhníonn Comhghnóthas FCH2 iad níos déanaí sa chlár Fís 2020, nuair a dhéantar an íocaíocht dheireanach le haghaidh na dtionscadal agus nuair atá na deimhnithe maidir le ráitis airgeadais dlite; ag tabhairt dá haire freisin gur ranníoc an Ghrúpáil Tionscail agus Taighde le chéile EUR 1 095 070 000 san iomlán i ranníocaíochtaí comhchineáil le gníomhaíochtaí breise amhail ag deireadh 2020, méid i bhfad níos mó ná an t-íosmhéid de EUR 285 000 000 a leagtar amach sa rialachán lena mbunaítear Comhghnóthas FCH2 le haghaidh thréimhse iomlán an chláir Fís 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ar fud na gComhghnóthas maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfar iad a chomhchuibhiú; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil cleachtas Chomhghnóthas FCH2 i dtaobh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh ó bhlianta roimhe sin a athghníomhachtú chun méid na ngealltanas riaracháin oscailte a chumhdach, ina shiocair le carnadh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh agus go raibh, rud a bhí níos measa de bharr thionchar phaindéim COVID-19, mar thoradh air sin, ráta íseal cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas FCH2 (Teideal 2) arbh ionann caiteachas bonneagair agus cumarsáide agus thart ar 3 % de bhuiséad iomlán íocaíochta Chomhghnóthas FCH2 a bhí ar fáil, arbh ionann é agus 56 % ag deireadh 2020; ag cur sonrú sa fhreagra ó Chomhghnóthas FCH2 gur léirigh an buiséad riaracháin ráta cur chun feidhme comhsheasmhach ard idir 75 % agus 80 % do na 4 bliana roimhe sin, agus go raibh an cás éagsúil in 2020, áfach, mar gheall ar an tionchar suntasach a bhí ag paindéim COVID-19 agus nach bhféadfaí cealú na ngníomhaíochtaí a bhí beartaithe suas le 13 % de leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí Theideal 2 a bheith ar eolas go hiomlán roimh dheireadh na bliana; á iarraidh ar Chomhghnóthas FCH2 plean a fhorbairt chun srian a chur le hathghníomhachtú na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta nár úsáideadh mar bhealach chun ráta íseal cur chun feidhme an bhuiséid a chosc; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire gurbh é 97 % ráta cur chun feidhme an bhuiséid a bhí ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach; |
Soláthar agus foireann
|
7. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur sheol Comhghnóthas FCH2 nós imeachta soláthair oscailte i mí Aibreáin 2020 do chreatchonradh a bhain le cur chun feidhme an tríú céim den tionscadal chun scéim deimhniúcháin H2 a fhorbairt chun an treoir athbhreithnithe maidir le fuinneamh in-athnuaite (REDII) a chomhlíonadh agus, cé go raibh buntáiste maidir le heolas ag an gcuibhreannas a raibh an chéad dá chéim den tionscadal curtha chun feidhme aige cheana, gur bhain Comhghnóthas FCH2 úsáid as an nós imeachta soláthair oscailte chun an tríú céim den tionscadal a chur chun feidhme, agus mar thoradh air sin nár thíolaic ach cuibhreannas amháin tairiscint, cuibhreannas ag a raibh an comhordaitheoir céanna a bhí tar éis an dá chéim roimhe sin a chur chun feidhme, agus rinne sé tairiscint airgeadais a bhí gar do luach uasta measta an chonartha a bhí socraithe sna sonraíochtaí tairsceana; á iarraidh ar Chomhghnóthas FCH2 tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, i ngeall ar an úsáid a bhaintear as nós imeachta soláthair oscailte i gcás inar ann do bhuntáiste maidir le heolas, nach bhféadfaí an cuspóir maidir leis an gcóimheas is fearr idir praghas agus cáilíocht a bhaint amach ina iomláine agus chun iomaíocht a mhéadú agus lamháil do mheastachán níos fearr ar phraghas ón margadh, moltar do Chomhghnóthas FCH2 réamhthaighde margaidh a dhéanamh ar phraghas agus dul i gcomhairle le cuideachtaí eile atá ag gníomhú sa mhargadh hidrigine; ag cur sonrú sa fhreagra ó Chomhghnóthas FCH2 go ndearna sé taighde ar an margadh inmheánach in éineacht le sonraí airgeadais stairiúla a úsáid chun luach conartha iomchuí a shuíomh, agus sa todhchaí, go gcomhlánóidh Comhghnóthas FCH2 an taighde inmheánach le taighde níos mionsonraithe ar an margadh seachtrach chun an praghas margaidh is cruinne a aimsiú don chonradh; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire gur choinnigh Comhghnóthas FCH2 an post “Bainistiú Eolais ar Sheirbhísí” le sannacháin leanúnacha d’fhoireann eatramhach ar feadh tréimhse de thart ar 2,5 bliain mar gheall ar an iarraidh ó bhord rialaithe Chomhghnóthas FCH2 feabhas a chur ar ról an bhainistithe eolais agus, de réir chreatchonradh an Choimisiúin maidir le seirbhísí eatramhacha, go bhfuil úsáid foirne eatramhacha, áfach, teoranta d’obair oifige de chineál aonuaire nó sealadach, de shiocair méadú eisceachtúil ar an ualach oibre agus/nó feidhmíocht gníomhaíochta aonuaire, nó chun post folamh a líonadh ar feitheamh ball foirne buan á earcú, agus go bhfuil cleachtas Chomhghnóthas FCH2 i gcoinne an phrionsabail sin agus go gcruthaítear go deimhin post buan leis sin, sa bhreis ar an méid atá beartaithe sna pleananna bunaíochta foirne; ag cur sonrú sa fhreagra ó Chomhghnóthas FCH2 go raibh gá leis an bhfoireann eatramhach chun aghaidh a thabhairt ar uainíocht phost an oifigigh um bainistiú eolais idir na blianta 2015 go 2020 agus go mínítear leis sin i bpáirt an gá a bhí le foireann eatramhach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú, agus thairis sin, nach bhféadfadh Comhghnóthas FCH2 ach an méadú ar ualach oibre iarmhartach a áirithiú le foireann eatramhach, tar éis iarraidh speisialta a fháil óna bhord rialaithe; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, gur cheart gur réiteach sealadach a bheadh san úsáid a bhainfí as foireann eatramhach ós rud é go bhféadfadh sé, murach sin, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht Chomhghnóthas FCH2 ina hiomláine, amhail coimeád an bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta agus éifeachtúlacht níos ísle foirne; á iarraidh ar Chomhghnóthas FCH2 aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire gur bhain Comhghnóthas FCH2 úsáid as an réiteach ríomhsholáthair le haghaidh nósanna imeachta soláthair oscailte in 2020 agus, ina theannta sin, in 2020, gur ascain Comhghnóthas FCH2 chuig EU Sign; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, de réir a thuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí, go raibh 27 mball foirne ag Comhghnóthas FCH2 (sin 24 ghníomhaire shealadacha, triúr gníomhairí ar conradh faoi seach) agus beirt saineolaithe náisiúnta ar iasacht ó 10 mBallstát agus á chur in iúl gur geal léi a thabhairt faoi deara go bhfuil cothromaíocht inscne i measc na mball foirne (56 % fir agus 44 % mná); á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh sármhaith sin agus ag moladh do Chomhghnóthas FCH2 leanúint den chothromaíocht inscne sin a choinneáil; |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 d’fhostaithe, go háirithe agus dálaí maireachtála éagsúla á gcur san áireamh, an easpa rochtana ar spás oifige agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an leithlisiú; á iarraidh ar Chomhghnóthas FCH2 díriú ar dhea-bhail na bhfostaithe, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre agus saoil; á iarraidh ar bhainistíocht Chomhghnóthas FCH2 a áirithiú go bhfuil struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne a áirithiú; |
Feidhmíocht
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur bliain thábhachtach a bhí in 2020 do Chomhghnóthas FCH2 i gcomhthéacs ghlacadh Straitéis Hidrigine an Aontais an 8 Iúil ag an gCoimisiún i gcomhréir le pacáiste téarnaimh NextGenerationEU agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus go ndearnadh é sin a mharcáil leis an gcéad Seachtain Eorpach um Hidrigin; ag tabhairt dá haire gur d’fhoilsigh Comhghnóthas FCH2 glao amháin ar thogra in 2020 inar cumhdaíodh 24 ábhar agus go bhfuair sé 71 togra agus gur síníodh 22 as 23 de na comhaontuithe deontais in 2020 ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire gur sheol Comhghnóthas FCH2 trí ghlao ar thairiscintí in 2020 agus go ndearnadh trí staidéar a chur amach ar chonradh, ceann i gcomhpháirt leis an gComhghnóthas Spéire Glaine 2 maidir le húsáid hidrigine agus ceall breosla le haghaidh tiomáint aerárthaí; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire, go raibh 131 tionscadal sínithe faoin gchlár Fís 2020 i bpunann dhomhanda Chomhghnóthas FCH2 ag deireadh 2020, tionscadail a raibh 26 díobh dúnta agus 105 díobh oscailte; ag tabhairt dá haire go bhfuil Comhghnóthas FCH2 rannpháirteach go gníomhach i dtionscnamh an Mhisin um Nuálaíocht atá faoi stiúir an Choimisiúin maidir le hArdán um Ghleann Hidrigine; ag tabhairt dá haire go ndearnadh an Fhaireachlann um Chealla Breosla agus um Hidrigin a sheoladh go poiblí in 2020 i gcomhar le AS T&N, rud a mheastar a bheidh ina huirlis thábhachtach do lucht déanta beartas agus do gheallsealbhóirí eile; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire gur 2,34 a bhí i luach na héifeachta giarála an 31 Nollaig 2020 agus ranníocaíochtaí uile ó chomhpháirtithe príobháideacha á gcur san áireamh, agus 1,69 a bhí inti agus comhaltaí Hydrogen Europe Industry agus Hydrogen Europe Research amháin á gcur san áireamh; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire go ndearnadh forbairt sa bhreis ar shineirgí in 2020 le réigiúin, le comhghnóthais agus le gníomhaireachtaí eile, amhail Comhghnóthas Spéire Glaine 2, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin; ag tabhairt dá haire, mar chuid de Thionscnamh na Réigiún, gur tháinig an treoirthionscadal um Chúnamh Forbartha i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2020 agus tacaíocht á tabhairt do 11 údarás phoiblí réigiúnacha agus áitiúla chun a gcoincheapa do thionscadail réigiúnacha Chomhghnóthas FCH2 a fhorbairt agus pleananna oibre mionsonraithe a bheith mar thoradh air sin; ag tabhairt dá haire gur forbraíodh na gleannta agus na héiceachórais hidrigine faoi thionscadal BIG HIT le tacaíocht ó Chomhghnóthas FCH2, go háirithe seoladh an Ardáin um Chríocha Hidrigine; ag cur sonrú, thairis sin, i dtionscadail eile amhail HEAVENN, a thosaigh in 2020; |
|
17. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann Comhghnóthas FCH2 Eochairtháscairí Feidhmíochta coiteanna den chlár Fís 2020 agus chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna trasearnálacha, chomh maith le táscairí atá sonrach do Chomhghnóthas FCH2 amhail sciar den chistiú a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí taighde i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh úsáideoirí deiridh, eangacha cliste, agus stóráil, chomh maith le tionscadail taispeántais arna n-óstáil sna Ballstáit agus i réigiúin a bhaineann tairbhe as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta an Aontais; |
Iniúchóireacht Inmheánach
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach (IAS) in 2020, i gcomhréir leis an bplean straitéiseach iniúchóireachta inmheánaí do 2019-2021, iniúchadh chun leormhaitheas dhearadh agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh a mheas agus gur chinn sí go bhfuil córas rialaithe inmheánaigh éifeachtúil agus éifeachtach curtha ar bun ag Comhghnóthas FCH2 chun comhaontuithe deontais faoin gclár Fís 2020 a chur chun feidhme agus a dhúnadh agus go bhfuil rialuithe agus tionscnaimh ex-ante neartaithe aige chun borradh a chur faoi scaipeadh agus faoi shaothrú, agus thairis sin, nár sainaithníodh aon chritéar nó saincheist an-tábhachtach; |
Rialuithe Inmheánacha
|
19. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil nósanna imeachta rialaithe ex-ante curtha ar bun ag Comhghnóthas FCH2 bunaithe ar athbhreithnithe doiciméad airgeadais agus oibríochtúla, agus leis sin go ndearnadh creat nua rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin a chur chun feidhme in 2019 agus, maidir leis an bhféinmheasúnú bliantúil agus faireachán is gá a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialaithe, gur fhorbair Comhghnóthas FCH2 táscairí ábhartha do na prionsabail rialaithe inmheánaigh agus saintréithe gaolmhara uile; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, maidir le híocaíochtaí eatramhacha agus deiridh an Seachtú Clár Réime, go bhfuil Comhghnóthas FCH2 freagrach as iniúchtaí ex-post ar áitreabh na dtairbhithe agus, maidir le héilimh ar chostais thionscadail an chláir Fís 2020, gurb í Comhsheirbhís Iniúchóireachta (CAS) an Choimisiúin atá freagrach, agus bunaithe ar na torthaí iniúchta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh Comhghnóthas FCH2 ráta earráide ionadaíoch de 1,97 % agus ráta earráide iarmharacha de 1,01 % dá thionscadail de chuid an Seachtú Clár Réime, agus ráta earráide ionadaíoch de 2,16 % agus ráta earráide iarmharacha de 1,34 % do thionscadail an chláir Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); ag tabhairt dá haire, ón togra le haghaidh rialachán ón gCoimisiún maidir le Fís 2020, gurb é aidhm dheiridh i gcás an leibhéil iarmharaigh earráide tráth a ndúnfar na cláir tar éis thionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh, go mbainfear amach an leibhéal atá chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh ar shamplaí randamacha d’íocaíochtaí an chláir Fís 2020 a rinneadh in 2020, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post, mar chuid de na rialuithe íocaíochta oibríochtúla, agus gur léirigh na hiniúchtaí mionsonraithe sin earráid os cionn 1 % de na costais iniúchta a bhí mar thoradh ar ráta malartaithe mícheart a chur i bhfeidhm chun na costais dhearbhaithe a chomhshó go euro; |
|
22. |
ag cur béim ar an bhfíoras, i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar Chomhghnóthais an Aontais do 2020, go bhfuair an Chúirt earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh earráidí den sórt sin a thuairisciú go rialta sna hiniúchtaí ex-post ar CAS agus ar a iniúchóirí ar conradh; á thabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil sin, gur réamhchoinníoll é sruthlíniú rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; ag spreagadh Chomhghnóthas FCH2 neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire gur díríodh sa cheardlann bhliantúil measúnaithe riosca, a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2020, ar rioscaí criticiúla a dhéanann difear do bhaint amach chuspóirí Chomhghnóthas FCH2 chomh maith le pleananna gníomhaíochta a sainaithníodh sa bhliain roimhe sin, agus go ndearnadh measúnú ar a leormhaitheas agus a n-ábharthacht do 2020 agus 2021, agus, sa bhreis air sin, gur bailíodh agus gur pléadh ionchur comhdhlúite chun liosta a bhunú de rioscaí suntasacha nua do 2020, agus gur tarraingíodh suas na pleananna gníomhaíochta faoi seach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go gcuirtear chun feidhme le Comhghnóthas FCH2 an chomhstraitéis taighde frithchalaoise agus gur eagraíodh seisiúin oiliúna inmheánacha maidir leis an gcóras luathbhraite agus eisiaimh agus maidir leis an uirlis frithbhradaíola in 2020. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 521/2008 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2008 lena ndéantar an Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin a chur ar bun (IO L 153, 12.6.2008, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (IO L 169, 7.6.2014, lch. 108).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/470 |
CINNEADH (AE) 2022/1824 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0109/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 559/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014 (5), (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014, agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0075/2022), |
|
1. |
ag formheas dúnadh chuntais an Chomhghnóthais um Chealla Breosla agus um Hidrigin 2 don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 108.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/472 |
CINNEADH (AE) 2022/1825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 (Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0110/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0072/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 54.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/474 |
RÚN (AE) 2022/1826 ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 a chur chun feidhme (Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0072/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh Comhpháirteach Teicneolaíochta um Chógais Leighis Nuálacha a chur chun feidhme (“Comhghnóthas IMI”) i mí na Nollag 2007 ar feadh tréimhse 10 mbliana chun feabhas suntasach a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an phróisis forbartha drugaí, arb é is aidhm dó san fhadtéarma go dtáirgfeadh an earnáil chógaisíochta cógais atá níos éifeachtaí agus níos sábháilte; |
|
B. |
de bhrí, tar éis Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle (1) a ghlacadh i mí na Bealtaine 2014, gur bunaíodh an Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 a chur chun feidhme (“Comhghnóthas IMI2”) don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2024; de bhrí gur tháinig sé in ionad Chomhghnóthas IMI i mí an Mheithimh 2014 agus go bhfuil sé mar chomharba air, agus é mar aidhm leis gníomhaíochtaí taighde a thabhairt chun críche faoin Seachtú Clár Réime agus tionscadal nua a sheoladh faoi chreat an chláir Fís 2020; |
|
C. |
de bhrí gurb iad an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht air, agus Cónaidhm Eorpach na dTionscal agus na gComhlachas Cógaisíochta (an “tionscal”) comhaltaí bunaithe Chomhghnóthas IMI agus Chomhghnóthas IMI 2; |
|
D. |
de bhrí gurb é EUR 1 000 000 000 an ranníocaíocht is mó ón Aontas le Comhghnóthas IMI do thréimhse 10 mbliana, a bheidh le híoc ó bhuiséad an Seachtú Clár Réime agus go ranníocfaidh na comhaltaí bunaitheacha go cothrom le costais reatha Chomhghnóthas IMI, agus nach mó an méid sin ná 4 % de ranníocaíocht iomlán an Aontais; |
|
E. |
de bhrí gurb é EUR 1 630 000 000 an ranníocaíocht uasta don tréimhse 10 mbliana ón Aontas, lena n-áirítear leithreasuithe Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, le Comhghnóthas IMI2 atá le híoc ó bhuiséad an chláir Fhís 2020, agus go gcaithfidh na comhaltaí, seachas an Coimisiún, 50 % de na costais reatha a ranníoc agus rannchuidiú le costais oibríochtúla trí ranníocaíochtaí airgid nó comhchineáil, nó an dá rud, méid atá cothrom le ranníocaíocht airgeadais an Aontais; |
Bainistiú buiséadach agus airgeadais
|
1. |
á thabhairt dá haire go gcinntear sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) ar chuntais Chomhghnóthas IMI2 don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2020 go ndéantar tuairisciú cothrom, ar gach slí ábharach, ar staid airgeadais Chomhghnóthais IMI2 amhail an 31 Nollaig 2020, ar thorthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus ar na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; á thabhairt dá haire, sa bhreis air sin, de réir na tuarascála ón gCúirt, go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábharach; |
|
2. |
á thabhairt dá haire gur EUR 276 538 561 a bhí sa bhuiséad deiridh de chuid Chomhghnóthas IMI2 a bhí ar fáil do 2020, lena n-áirítear leithreasuithe nár úsáideadh arís ó na blianta roimhe sin, ioncaim shannta, agus ath-leithdháiltí go dtí an chéad bhliain eile, i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (ar as a n-áirítear EUR 269 829 327 ó bhuiséad an Aontais) agus EUR 241 559 114 i leithreasuithe íocaíochta (a bhfuil EUR 232 349 880 de ag teacht ó bhuiséad an Aontais); á thabhairt dá haire gur shroich cur i ngníomh buiséid na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 98,66 % agus 97,08 % faoi seach; |
|
3. |
á thabhairt dá haire, as an EUR 1 000 000 000 de na ranníocaíochtaí a bheidh le déanamh ag comhaltaí príobháideacha le gníomhaíochtaí oibríochtúla Chomhghnóthas IMI, gur thuairiscigh agus gur bhailíochtaigh Comhghnóthas IMI faoi dheireadh 2020 EUR 759 471 000 de ranníocaíochtaí comhchineáil agus ranníocaíochtaí airgid EUR 759 471 000 ó chomhaltaí príobháideacha, ar de ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 737 573 000 in airgead tirim agus EUR 21 898 000 díobh in airgead tirim; á thabhairt dá haire go raibh 11 thionscadal á reáchtáil faoi Chomhghnóthas IMI le linn 2020, a raibh 3 cinn acu tagtha chun críche faoin 31 Nollaig 2020; |
|
4. |
á thabhairt dá haire gurbh ionann ráta úsáide Chomhghnóthas IMI do leithreasuithe íocaíochta don Seachtú Clár Réime agus 96 %; |
|
5. |
á thabhairt dá haire gur tuairiscíodh agus gur bailíochtaíodh as EUR 1 425 000 000 de ranníocaíochtaí comhchineáil agus ranníocaíochtaí airgid thirim atá le déanamh ag comhaltaí tionscail le gníomhaíochtaí oibríochtúla Chomhghnóthas IMI2, go ndearnadh ranníocaíochtaí comhchineáil EUR 317 206 000 agus ranníocaíochtaí airgid EUR 20 717 000 a thuairisciú agus a bhailíochtú, agus ina theannta sin go ndearnadh EUR 7 064 000 in airgead tirim agus EUR 34 972 000 de ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhaltaí gaolmhara a thuairisciú agus a bhailíochtú; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, ag deireadh 2020, gurbh ionann ranníocaíochtaí iomlána chomhaltaí an tionscail agus na gcomhpháirtithe comhlachaithe le gníomhaíochtaí an chláir Fís 2020 de chuid Chomhghnóthas IMI2 agus EUR 379 959 000, i gcomparáid le ranníocaíocht airgid iomlán EUR 643 180 000 ón Aontas; á aithint go leagtar síos rialacha réamh-mhaoinithe leis an Rialachán Airgeadais agus leis an gcomhaontú deontais samplach agus go bhfuil sí ag súil go mbeidh na ranníocaíochtaí ón tionscal ar comh-mhéid leis an ionchur ón Aontas ar leibhéal an chláir faoi dheireadh Chomhghnóthas IMI2; á thabhairt dá haire, maidir le buiséad 2020 a bheidh ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020, gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme le haghaidh leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí agus 100 % agus 99,7 % faoi seach; á thabhairt dá haire go raibh 92 thionscadal á reáchtáil faoi Chomhghnóthas IMI2 le linn 2020, a raibh 6 cinn acu tagtha chun críche faoin 31 Nollaig 2020; á thabhairt dá haire go bhfuil an méadú ar ghealltanais de EUR 200 400 000 (cistiú ón Aontas) in 2020 agus EUR 182 300 000 (an gealltanas ón tionscal agus ón gComhpháirtí Comhlachaithe) mar thoradh ar thabhairt i gcrích19 gcomhaontú deontais nua sínithe ag Comhghnóthas IMI2, lena n-áirítear 8 dtionscadal don ghlao éigeandála ar thograí maidir le cóireálacha agus diagnóisic an choróinvíris; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ó Chomhghnóthas go chéile maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfaí ríomh na ranníocaíochta comhchineáil a chomhchuibhiú ó Chomhghnóthas go chéile; |
|
7. |
á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, go mbíonn tréimhsí fada tionscadail mar shaintréith de Chomhghnóthas IMI2 mar gheall ar chineál a chuid taighde agus gur sampla é an staid sin de rátaí éagsúla ratha i dtaobh na spriocanna ranníocaíochta a leagtar síos i rialacháin na gComhghnóthas maidir le gníomhaíochtaí an chláir Fís 2020, agus go bhfuil an baol ann leis sin nach leor leibhéal na n-acmhainní riaracháin is gá chun cistí an Chomhghnóthais a bhainistiú ar bhealach tráthúil, mar gheall ar líon méadaitheach tionscadal ó chláir de chuid an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a bheith á gcur chun feidhme go comhuaineach; á iarraidh ar Chomhghnóthas IMI2 athbhreithniú a dhéanamh ar a struchtúr eagraíochtúil agus ar a riachtanais foirne chun leanúnachas gnó a áirithiú i dtréimhsí ina bhfuil méadú suntasach tagtha ar shreabha oibre; á iarraidh ar Chomhghnóthas IMI2 níos mó trédhearcachta a chur ar fáil sa phróiseas cinnteoireachta dá thosaíochtaí taighde agus an modh roghnaithe a chur in iúl sa chéad tuarascáil bhliantúil eile uaidh; |
|
8. |
á thabhairt dá haire go ndearna Comhghnóthas IMI2 fós íocaíochtaí deiridh deontais don Seachtú Creatchlár in 2020; á thabhairt dá haire, thairis sin, de réir na Cúirte, gur thuairiscigh Comhghnóthas IMI2 rátaí earráidí iarmharacha atá faoi bhun na tairsí ábharthachta de 2 %, bunaithe ar thorthaí an iniúchta ex post ag deireadh 2020; |
|
9. |
á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, gurb é an toradh atá ar an gcleachtas atá ag Comhghnóthas IMI2 leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh ó na blianta roimhe sin a athghníomhachtú i méid na ngealltanas riaracháin oscailte, ná go gcarnadh na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh agus, gur measa an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19, gurbh é an toradh a bhí air ráta íseal cur chun feidhme buiséid do bhuiséad riaracháin Theideal 2 Chomhghnóthas IMI2 de 51 %; á aithint gurbh ionann méid leithreasaí íocaíochta Theideal 2 nár caitheadh agus EUR 3,2 milliún, i gcomparáid le EUR 241 559 114 de na leithreasaí iomlána íocaíochta buiséadaithe; á thabhairt dá haire, de réir fhreagra Chomhghnóthas IMI2, nach rabhthas in ann coigeartuithe iomchuí a dhéanamh ar an ngéarchéim dhomhanda atá bunaithe ar phaindéim dhomhanda atá ag athrú go tapa agus atá éiginnte, agus i gcás 2021 go bhfuiltear ag pleanáil méid níos lú leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí riaracháin a thabhairt ar aghaidh ná méid na ngealltanas a tugadh ar aghaidh go dtí 2021 faoi Theideal 2, agus go bhfuil sé beartaithe aige an difríocht a íoc as buiséad na bliana reatha; á iarraidh ar Chomhghnóthas IMI2 plean a fhorbairt chun srian a chur le hathghníomhachtú na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta nár úsáideadh mar bhealach chun ráta íseal cur chun feidhme an bhuiséid a chosc; |
Feidhmíocht
|
10. |
á thabhairt dá haire gur sheol Comhghnóthas IMI2 glao mear ar thograí maidir le cóireálacha agus diagnóisic an choróinvíris, a raibh 8 dtionscadal mar thoradh air; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur seoladh trí ghlao bhreise ar thograí a bhaineann le hábhair amhail galair neamhchoitianta, galair thógálacha, ailse, galair néaraimheathlúcháin agus galair uath-imdhíonacha; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur síníodh 19 gcomhaontú deontais nua do thionscadail a bhfuil buiséad comhcheangailte iomlán os cionn EUR 380 000 000 acu, rud a fhágann go mbeidh 167 dtionscadal i bpunann Chomhghnóthas IMI2 ina hiomláine; á thabhairt dá haire go ndíríonn na tionscadail nua ar ailse, diaibéiteas, otracht, sláinte dhigiteach, intleacht shaorga, ardteiripí, fionnachtain drugaí agus saincheisteanna comhshaoil; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur léiríodh i dtuarascáil bhliantúil 2020 ar ghníomhaíochtaí gur bhain Comhghnóthas IMI2 úsáid as 235 shaineolaí as 29 dtír chun meastóireacht a dhéanamh ar shaineolaithe. Ba mhná iad 105 bhall den ghrúpa saineolaithe sin agus ba fhir iad 130 acu; á chur in iúl gur geal léi go leanann Comhghnóthas IMI2 den chothromaíocht inscne a fheabhsú i ndáil leis sin; |
|
12. |
á thabhairt dá haire go mbaineann Comhghnóthas IMI2, seachas sonraí a bhailiú chun tuairisciú i gcoinne eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) caighdeánacha an chláir Fís 2020 chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí agus ar thionchair chuspóirí sonracha an chláir; úsáid as ETFanna chun gníomhaíochtaí a rianú i 10 réimse straitéiseacha, á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go mbailíonn Comhghnóthas IMI2 sonraí maidir leis na pointí sin trí ardán gréasáin tiomnaithe trínar féidir le comhordaitheoirí tionscadail torthaí a dtionscadail a chur isteach, lena gcuirfear ar chumas Chomhghnóthas IMI2 sonraí a chomhiomlánú agus a anailísiú, agus léargas a fháil ar an méid atá bainte amach ag tionscadail de réir mar a thagann athrú orthu; á thabhairt dá haire, cé gur le haghaidh Chomhghnóthas IMI2 a ceapadh na ETFanna sin, go mbailíonn Comhghnóthas IMI, i gcás inarb ábhartha, na sonraí le haghaidh thionscadail Chomhghnóthas IMI, lena gceadaítear iniúchadh ar thionchair an Chomhghnóthais ó cuireadh tús leis; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go léirítear san anailís a rinneadh ar na sonraí a bailíodh go dtí an 31 Nollaig 2020 go dtugann tionscadail Chomhghnóthas IMI2 aghaidh ar bheagnach gach réimse tosaíochta de chuid Chlár Oibre Taighde Comhpháirteach IMI2 (11 as 12); |
|
13. |
á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt uirlisí agus próisis nua arna nginiúint ag tionscadail Chomhghnóthas IMI2 curtha chun feidhme ag rannpháirtithe an tionscail (samplaí den chur chun feidhme sin is ea samhlacha ainmhithe, caighdeáin, bithmharcóirí, nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha, úsáid ardán scagtha, líonraí trialach cliniciúla, etc.). Léirítear sna sonraí freisin go raibh 176 thoradh cur chun feidhme ann do Chomhghnóthas IMI2 (i gcomparáid le sprioc 50) agus 482 thoradh cur chun feidhme do Chomhghnóthas IMI agus Comhghnóthas IMI2 nuair a áirítear le chéile iad; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil eagraíochtaí othar agus comhlachais gairmithe cúraim sláinte rannpháirteach i 60 % de na tionscadail mar chomhpháirtithe cuibhreannais, mar chomhaltaí bord comhairleach, mar chomhaltaí de ghrúpaí geallsealbhóirí etc., agus go bhfuil an treocht sin fós cobhsaí le linn Chomhghnóthas IMI2; á chur in iúl gur ábhar imní di, áfach, nach ráthaíonn tionscadail Chomhghnóthas IMI2 fós inacmhainneacht, inrochtaineacht agus infhaighteacht torthaí taighde a mhaoinítear go poiblí; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar chomharba Chomhghnóthas IMI2, Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, ceanglais nua a thabhairt isteach láithreach, ar ceanglais iad faoina mbeadh sé d’oibleagáid ar thairbhithe uile chistiú poiblí an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta i ndáil le cóireáil, cosc nó diagnóis, gealltanas a thabhairt go gcloífidh siad le rochtain, éifeachtacht, inacmhainneacht agus infhaighteacht; |
|
14. |
á thabhairt dá haire go léirítear leis sin go bhfuil tionscadail Chomhghnóthas IMI2 ag dul ar aghaidh go dinimiciúil agus, i gcásanna áirithe, go bhfuil na spriocanna atá bunaithe á sárú aige, rud a fhágann go bhfuil roinnt de thionscadail Chomhghnóthas IMI2 críochnaithe agus go bhfuil deireadh tagtha le timthriall chlár Chomhghnóthas IMI2; |
|
15. |
á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, gur chuir Comhghnóthas IMI2 go mór leis an bhfreagairt choiteann Eorpach ar phaindéim COVID-19 agus go ndearna Comhghnóthas IMI2 EUR 45 000 000 dá bhuiséad 2020 a ath-leithdháileadh ar ghlao mear ar thograí a seoladh i mí an Mhárta 2020; á thabhairt dá haire, sa bhreis air sin, gur le cistí an chláir Fís 2020 ón gCoimisiún tháinig méadú ar an nglao go EUR 72 000 000; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire nach mór aghaidh a thabhairt ar shaincheist na gceart maoine intleachtúla i ngach conradh a d’fhéadfadh éifeacht bheartaithe a bheith ar an bhfeidhmíocht, nó toradh, amhail staidéir, anailís nó meastóireachtaí; á thabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm leis cearta cruthaitheoirí aonair a chosaint, ach freisin sonraí a sholáthar maidir leis an gcaoi a n-úsáidfear na cearta amach anseo; á thabhairt dá haire, ós rud é gur le hairgead poiblí a dhéantar na ceannacháin, gur cheart go mbeadh na torthaí trédhearcach agus inrochtana don phobal; á iarraidh ar Chomhghnóthas IMI2 soiléiriú a thabhairt ar chearta maoine intleachtúla agus níos mó trédhearcachta a thabhairt a mhéid a bhaineann le torthaí an taighde; |
|
17. |
á thabhairt dá haire gurb é 1,01 éifeacht ghiarála Chomhghnóthas IMI2 in 2020; |
Earcaíocht agus foireann ag déileáil le COVID-19
|
18. |
á thabhairt dá haire gur as na 56 phost a bhí i bplean bunaíochta foirne Chomhghnóthas IMI2, go raibh 53 acu líonta an 31 Nollaig 2020, agus gur líonadh cúig cinn le linn 2020, triúr do ghníomhairí sealadacha agus beirt do ghníomhairí ar conradh; |
|
19. |
á thabhairt dá haire gur aistrigh foireann Chomhghnóthas IMI2 go teilea-obair lánaimseartha le linn thréimhse na dianghlasála, agus go raibh an fhoireann in ann rochtain a fháil ar na comhaid, na huirlisí agus na hacmhainní go léir a bhí de dhíth orthu ón gcéad lá; á thabhairt dá haire gur éascaíodh an t-aistriú go dtí an obair ón mbaile freisin toisc gur ghlac Comhghnóthas IMI2 roinnt uirlisí caighdeánacha de chuid an Choimisiúin, amhail ARES, Sysper agus sraith iomlán uirlisí TF bainistithe de chuid an chláir Fís 2020; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur chomhaontaigh Comhghnóthas IMI2 agus na comhghnóthais eile atá ag obair san fhoirgneamh céanna maidir le tacar amháin rialacha do bhaill foirne ar gá dóibh, go heisceachtúil, obair a dhéanamh san oifig, sábháilteacht agus folláine na foirne a áirithiú, agus gur leag sí amach freisin filleadh de réir a chéile ar an oifig; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go mbaineann dúshláin d’fhostaithe le paindéim COVID-19, go háirithe agus dálaí maireachtála éagsúla á gcur san áireamh, an easpa rochtana ar spás oifige agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an leithlisiú; á iarraidh ar Chomhghnóthas IMI2 díriú ar dhea-bhail na foirne, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre agus saoil; á iarraidh ar an mbainistíocht a áirithiú go bhfuil struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne a áirithiú; |
Iniúchóireacht inmheánach
|
20. |
á thabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí (IAS) iniúchadh in 2020 ar chur chun feidhme dheontais an chláir Fís 2020 i gComhghnóthas IMI2 mar a foráladh ar dtús i bplean straitéiseach iniúchóireachta inmheánaí 2019-2021; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gurbh é cuspóir na hiniúchóireachta sin measúnú a dhéanamh ar leorgacht dhearadh agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm chun comhaontuithe deontais a chur chun feidhme faoin gclár Fís 2020; |
|
21. |
á thabhairt dá haire gur chuir stiúrthóir feidhmiúcháin Chomhghnóthas IMI2 na hiniúchóirí inmheánacha ar an eolas i mí na Samhna 2020 maidir leis na forbairtí eagraíochtúla agus oibríochtúla is déanaí ar Chomhghnóthas IMI2 agus maidir leis na torthaí a bhí ar an measúnú riosca is déanaí, agus gur chuir sé aiseolas ar fáil maidir leis na topaicí iniúchóireachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus iad ag ullmhú do phlean straitéiseach CIC; |
Córais rialaithe inmheánaigh
|
22. |
á thabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil ón gCúirt gur bhunaigh Comhghnóthas IMI2 nósanna imeachta rialaithe ex ante iontaofa in 2020 d’athbhreithnithe deisce airgeadais agus oibríochtúla agus in 2018 gur chuir an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánaigh (CRI) an Choimisiúin chun feidhme, ar creat é atá bunaithe ar 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh; |
|
23. |
á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, go ndéanann Comhghnóthas IMI2 iniúchtaí ex post ar áitreabh na dtairbhithe i gcás íocaíochtaí eatramhacha agus deiridh de chuid an Seachtú Clár Réime, agus i gcás éilimh ar chostais tionscadail an chláir Fís 2020, tá Seirbhís Choiteann Iniúchóireachta (CAS) an Choimisiúin freagrach as na hiniúchtaí ex post, agus bunaithe ar thorthaí na n-iniúchtaí ex post a bhí ar fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh Comhghnóthas IMI2 ráta earráide ionadaíoch 2,16 % agus ráta earráide iarmharaí 1,14 % dá chuid tionscadal de chuid an Seachtú Clár Réime, agus ráta earráide ionadaíoch 1,13 % agus ráta earráide iarmharaí 0,74 % le haghaidh thionscadail an chláir Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); á thabhairt dá haire, ina theannta sin, de réir an togra ón gCoimisiún maidir le rialachán an chláir Fís 2020, gurb é an aidhm dheiridh i dtaca leis an leibhéal earráidí iarmharacha a bheidh ann tráth dhúnadh an chláir, tar éis tionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus na mbeart uile aisghabhála a bheith curtha san áireamh, ná go mbainfear amach leibhéal chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
24. |
á thabhairt dá haire, de réir na tuarascála ón gCúirt, mar chuid de na rialuithe oibríochtúla, go ndearnadh in iniúchadh na Cúirte sampláil randamach ar íocaíochtaí an chláir Fís 2020 a rinneadh in 2020 ar leibhéal na dtairbhithe deiridh, chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex post, agus gur léiríodh sna hiniúchtaí mionsonraithe sin, in aon chás amháin, earráid shistéamach os cionn 1 % de na costais iniúchóireachta a bhain leis na costais dhíreacha a dearbhaíodh mar chostais dhíreacha eile toisc gur dhearbhaigh an tairbhí go mícheart gur costais dhíreacha eile iad roinnt míreanna costais indíreacha nach bhfuil inchurtha go díreach leis an tionscadal; á thabhairt dá haire, áfach, go gcumhdaítear na costais indíreacha sin le ráta comhréidh 25 % den mhéid costais dhírigh; |
|
25. |
ag cur béim ar an bhfíoras, sa tuarascáil ón gCúirt, go bhfuarthas earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh earráidí den sórt sin a thuairisciú go rialta freisin sna hiniúchtaí ex post ar CAS agus ar a iniúchóirí ar conradh; á thabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil uaithi, gurb amhlaidh a luaitear gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú rialacha an chláir Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; a mholadh don Chomhghnóthais neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálach 2 (IO L 169, 7.6.2014, lch. 54).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/479 |
CINNEADH (AE) 2022/1827 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 a chur chun feidhme (Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0110/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 557/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha 2 (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5) , agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0072/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 169, 7.6.2014, lch. 54.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/481 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1828 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0108/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (4), agus go háirithe Airteagal 5 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0076/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/483 |
RÚN (AE) 2022/1829 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0076/2022), |
|
A. |
de bhrí, le Cinneadh 2007/198/Euratom (1) an 27 Márta 2007, gur bunaíodh an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (an “Comhghnóthas”) in Aibreán 2007 ón gComhairle ar feadh tréimhse 35 bliana; |
|
B. |
de bhrí go bhfuil na grúpaí a leanas ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas: Euratom, a bhfuil ionadaíocht á déanamh air ag an gCoimisiún, ballstáit de Euratom, agus tríú tíortha a bhfuil comhaontú comhair le Euratom tugtha i gcrích acu i réimse an chomhleá núicléach rialaithe |
|
C. |
de bhrí gurb iad cuspóirí an Chomhghnóthais rannchuidiú an Aontais a chur ar fáil do thionscadal idirnáisiúnta fuinnimh comhleá ITER, an comhaontú maidir le cur chuige níos leithne idir Euratom agus an tSeapáin a chur chun feidhme, agus ullmhú do thógáil imoibreora comhleá taispeána agus saoráidí gaolmhara; |
|
D. |
de bhrí go mbaineann urscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 leis an bhFuinneamh Comhleá (F4E) ós rud é gur meigeathionscadal idirnáisiúnta um thaighde agus um innealtóireacht i réimse an chomhleá núicléach é ITER agus gurb é F4E an eagraíocht a bhainistíonn rannchuidiú an Aontais le ITER; |
|
E. |
de bhrí gur thosaigh an Comhghnóthas ag obair go neamhspleách i mí an Mhárta 2008; |
Ginearálta
|
1. |
ag tabhairt dá haire, sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an “Cúirt”) maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil ón gCúirt”), go dtugtar le fios go gcuirtear i láthair sna cuntais bhliantúla, ar gach slí ábhartha, a staid airgeadais an 31 Nollaig 2020 agus torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena rialachán airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na bun-idirbhearta a ghabhann leis na cuntais don bhliain airgeadais 2020 dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábhartha; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire, agus is ábhar imní di, sa tuarascáil ón gCúirt, gur tugadh aird ar leith ar an meastachán ar an gcostas iomlán a bhain le comhlíonadh na n-oibleagáidí chun tionscadal ITER a thabhairt chun críche in 2042, arna mheas ag an gComhghnóthas ag EUR 17 968 050 000 (i luachanna 2020) agus ar an bhfíoras go bhféadfadh athruithe ar phríomhthoimhdí maidir leis an meastachán agus maidir leis an neamhchosaint ar riosca a bheith ina gcúis le méadú suntasach ar chostais agus/nó tuilleadh moilleanna ar chur chun feidhme thionscadal ITER; ag tabhairt dá haire, i measc na bpríomhthoimhdí de chuid bhonnlíne ITER a d’fhormheas Comhairle Eagraíocht ITER i mí na Samhna 2016, go bhfuil an méid seo a leanas á choinneáil: sprioc-am mhí na Nollaig 2025 don Chéad Phlasma, agus céim an deoitéiriam-tritiam ag tosú i mí na Nollag 2035; ag tabhairt dá haire, i gcodarsnacht leis sin, i mbonnlíne 2010, gur measadh go mbainfí amach an chéim tógála in 2020, agus go meastar anois gurb í bonnlíne reatha ITER a formheasadh in 2016 an dáta is luaithe chun an chéim sin a bhaint amach go teicniúil; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon athrú ar an gcás sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire go ndéantar tagairt go háirithe sa tuarascáil ón gCúirt d’athruithe ar na ceanglais maidir le sábháilteacht núicléach, ar ceanglais iad atá faoi údarás deiridh Údarás Sábháilteachta Núicléiche na Fraince, don mheastachán costais nár athbhreithníodh maidir le Coimpléasc Teo-Chille, agus d’athruithe ar na ceanglais sin; |
|
3. |
ag moladh go ndéanfadh an Comhghnóthas rialú níos fearr ar chostais an tionscadail agus go gcuirfeadh sé in iúl ar bhealach níos trédhearcaí na speansais uile a bhaineann leis an oibríocht fhoriomlán; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur chinn Comhairle ITER an plean bonnlíne sin a choinneáil, ar bhonn sealadach, leis an gCéad Phlasma atá leagtha síos do mhí na Nollag 2025 in ainneoin moill 8 mí a bheith tuartha i ngeall ar charnadh moilleanna maidir le seachadtaí comhpháirteanna, tús a chur le gníomhaíochtaí suiteála ag suíomh Cadarache, agus tionchar phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur aithin Eagraíocht ITER go bhfuil sárú dochúlaithe déanta ar an sceideal don Chéad Phlasma; á chur in iúl gurb oth léi go meastar gur moill de thart ar 17 mí ar an iomlán a bheidh ann agus nach é an phaindéim sláinte amháin is cúis leis ach seachadadh mall roinnt comhpháirteanna, go háirithe an Soitheach Folúis, agus go háirithe i gcás na n-earnálacha atá faoi chúram na hEorpa, chomh maith leis na hoibreacha tionóla arna ndéanamh ag an eagraíocht idirnáisiúnta atá níos moille ar an iomlán; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; ag cur sonrú, ina theannta sin, san easpa teagmhais sa sceideal agus ag tabhairt dá haire nár coinníodh an moladh ón gCoimisiún agus ó Roinn Fuinnimh na Stát Aontaithe ná nár cuireadh san áireamh é ar leibhéal an Aontais; ag tabhairt dá haire, ón naoú Tuarascáil Mheasúnachta Bhliantúil, gur cheart cúlchiste teagmhasach a thabhairt isteach i bpleanáil ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais lena mbaineann agus gur cheart é a bheith mar chuid de bhonnlíne an sceidil; ag cur sonrú, ina theannta sin, sna moltaí a rinne an painéal measúnóirí maidir le cúlchistí bainistíochta; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim go gcuirfidh Eagraíocht ITER sceideal nuashonraithe i láthair maidir le tógáil láithreán ITER in Earrach na bliana 2022 d’fhonn go nglacfar é i mí na Samhna 2022, faoi réir measúnú ag painéal saineolaithe neamhspleácha; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisciú a dhéanamh go práinneach ar aon fhorbairt ina leith sin, go háirithe an dáta a gcuirfear tús le céim an deoitéiriam-tritiam; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire gur fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas agus Euratom an 31 Eanáir 2020; ag tabhairt dá haire gur gheall an Ríocht Aontaithe, tar éis an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, a hoibleagáidí uile a íoc faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair agus faoi na peirspictíochtaí airgeadais a bhí ann roimhe seo mar thoradh ar a ballraíocht san Aontas agus gur íoc sí isteach i mBuiséad 2020 an Aontais le linn na bliana, agus go bhfuair sí íocaíochtaí, amhail is dá mba Bhallstát í; ag tabhairt dá haire go mbeidh an Ríocht Aontaithe ina Stát Comhlachaithe de Euratom, faoi na coinníollacha céanna leis na Ballstáit, go dtí go ndaingneofar an prótacal maidir le comhlachas na Ríochta Aontaithe le cláir de chuid an Aontais; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi aon fhorbairtí i dtaca leis sin; |
|
7. |
á chur in iúl gurb eol di sa bhreis ar an gcéim tógála, go mbeidh ar an gComhghnóthas rannchuidiú le céim oibríochtúil ITER tar éis 2035 agus le céimeanna díghníomhachtaithe agus díchoimisiúnaithe ITER a thiocfaidh ina dhiaidh sin mar a shonraítear sa Chomhaontú maidir le bunú na hEagraíochta Fuinnimh Comhleá ITER chun an Tionscadal ITER a chur chun feidhme (2); ag tabhairt dá haire go ndearnadh an ranníocaíocht le céim an díghníomhachtaithe agus le céim an díchoimisiúnaithe a mheas, ag EUR 95 540 000 agus EUR 180 200 000 (i luachanna 2001), faoi seach; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach, don chéad tréimhse CAI eile 2021-2027, buiséad le haghaidh ranníocaíocht Euratom le ITER arb ionann é agus luach iomlán de EUR 5 614 000 000 (i luachanna reatha) a bhfuil EUR 5 560 000 000 de (i luachanna reatha) ina ranníocaíocht dhíreach leis an tionscadal; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
9. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 885 669 069 sa bhuiséad deiridh a bhí ar fáil do 2020 agus gurbh ionann leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus EUR 816 458 884; ag tabhairt dá haire gurbh iad 100 % agus 98 % faoi seach na rátaí úsáide do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (i gcomparáid le 99,8 % agus 97,1 % in 2019); |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, as EUR 885 669 069 a bhí ar fáil le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, gur cuireadh 100 % de sin chun feidhme trí ghealltanais aonair (a chomhfhreagraíonn do EUR 885 349 020); |
|
11. |
ag tabhairt dá haire ón méid a bhí i dtuarascáil na Cúirte nár chomhlíon modh ríofa an Chomhghnóthais do ranníocaíochtaí ballraíochta bliantúla 2020 forálacha a rialacháin airgeadais faoi seach agus in ionad na meastacháin ranníocaíochta mar a ghlac an bord rialaithe iad a úsáid, thoibhigh an Comhghnóthas na ranníocaíochtaí bunaithe ar dhréachtmheastachán atá fós le glacadh; á iarraidh ar an gComhghnóthas go ndéanfadh sé forálacha a rialacháin airgeadais a chomhlíonadh agus tuarascáil a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach agus trédhearcach, don údarás um urscaoileadh ar na cúiseanna gur imigh sé ó mheastachán an bhoird rialaithe a úsáid; ag cur sonrú i bhfreagra ón gComhghnóthas, ionas go seachnófaí nach dtarlódh an méid sin an athuair, gur ghlac sé an beart an dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair don bhliain dar gcionn, ón mbord rialaithe deireanach, a fhormheas; |
Feidhmíocht
|
12. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil garsprioc Chomhairle ITER/bhord rialaithe Chomhairle ITER bainte amach ag an gComhghnóthas maidir leis an rochtain chraenach idir an Seomra Tionóil agus Foirgneamh Tokamak, rud a chuir ar chumas ITER tosú ag teacht le chéile i mí Iúil 2020 agus as ar tháinig seachadadh na gcéad phríomhchodanna d’Eagraíocht ITER; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón tuarascáil ar dhul chun cinn, gur fhógair Eagraíocht ITER in 2020 go raibh 72,1 % de líon iomlán na n-oibreacha tógála bainte amach ag an tionscadal ina iomláine go dtí céim an Chéad Phlasma, i gcomparáid le 77,3 % a bhí beartaithe, agus gur 57,7 % a bhí i bhforghníomhú thionscadal ITER, lena n-áirítear na hoibreacha tógála ar fad a rinneadh tar éis an Chéad Phlasma chun deoitéiriam-tritiam a bhaint amach; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, agus is ábhar imní di, sa naoú Measúnú Bliantúil gur thug painéal measúnóirí faoi deara nárbh ann do phríomh-thoisc choiteann sa tionscadal chun gach ní a snaidhmeadh ina chéile agus nach raibh cuspóir coiteann ann, go háirithe ar leibhéal bainistíochta idir F4E agus Eagraíocht ITER agus go bhfuil na heilimintí “boga” sin a bhaineann le bainistiú tionscadal ríthábhachtach; ag ceistiú an bhféadfadh sé nach mbeadh tionchar ag an staid seo ar éifeachtacht an tionscadail agus á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón méid a bhí sa mheasúnú bliantúil gur gá don Chomhghnóthas a phríomh-shaineolas teicniúil a threisiú sna réimsí a bhaineann le gníomhaíochtaí criticiúla leanúnacha agus gníomhaíochtaí a bheidh ann amach anseo i ndáil le ceanglais fheidhmiúla Eagraíocht ITER agus sonraíochtaí teicniúla agus comhlíonadh conraitheoirí tionsclaíocha; á iarraidh ar an gComhghnóthas cloí leis na moltaí a eisíodh sa mheasúnú bliantúil agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire ón méid a bhí sa tuarascáil ón gCúirt gur mheas an Comhghnóthas cé go raibh tionchar tromchúiseach ag paindéim COVID-19 nach raibh tionchar suntasach aici, agus go raibh an phaindéim, faoi mhí Aibreáin, ina cúis le moilleanna suas le ceithre mhí i gcás roinnt seachadtaí, agus go raibh méadú ar chostais de thart ar EUR 47 000 000 (i luachanna 2008) do thionscadal foriomlán ITER mar thoradh air sin, agus go bhféadfadh iarmhairtí breise a bheith ann dá rachadh an phaindéim in olcas in 2021; á iarraidh ar an gComhghnóthas an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi aon mhoilleanna agus méadú ar chostas sa bhreis a bhaineann leis an bpaindéim; |
Calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc
|
15. |
ag cur sonrú i bplean gníomhaíochta frithchalaoise an Chomhghnóthais lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2020 go 2023, i gcomhréir leis an straitéis a glacadh in 2019, agus sna himeachtaí agus sna cúrsaí oiliúna feasachta arna n-eagrú don fhoireann agus don bhainistíocht; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cuireadh 33 ghníomhaíocht frithchalaoise chun feidhme in 2020; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaca le toradh na ngníomhaíochtaí sin; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, d’fhonn coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, gur eagraigh an t-oifigeach frithchalaoise agus eitice oiliúint do bhaill foirne nua agus oiliúint shonrach do bhainisteoirí F4E; ag tathant ar an gcomhghnóthas leanúint d’fheabhas a chur ar a bhearta chun calaois a chosc; |
Foireann agus earcaíocht
|
17. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón méid a bhí i dtuarascáil na Cúirte go raibh easpa trédhearcachta i nósanna imeachta earcaíochta an Chomhghnóthais a rinneadh in 2020 ó thaobh an ghearrliosta deiridh d’iarrthóirí a chur le chéile a dtabharfaí cuireadh dóibh chun freastal ar an gcéad chéim mheasúnaithe eile (agallaimh agus trialacha scríofa), agus nach bhfuil sé soiléir conas a chuir an coiste roghnúcháin na critéir bhuntáisteacha faoi roghnú na n-iarrthóirí san áireamh; ag cur sonrú i bhfreagra ón gComhghnóthas gur thosaigh sé, in 2021, measúnuithe lán-chainníochtúla ar iarratais a áireamh; á iarraidh ar an gComhghnóthas athbhreithniú a dhéanamh go dícheallach ar a bheartas earcaíochta agus leanúint dá fheabhsú chun trédhearcacht agus cothroime an phróisis a mhéadú agus aon fhorbairt i ndáil leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur cinneadh i réamhimscrúdú inmheánach nár léir cibé acu an raibh nó nach raibh féinmharú an fhostaí nasctha leis an timpeallacht oibre, ach á chur i bhfios gur fhág an fostaí céanna nóta inar cuireadh in iúl go soiléir go raibh “tnáitheadh ag an obair” ina thoisc leis agus, i ríomhphost níos luaithe chuig ionadaí ón riarachán dar dáta an 22 Eanáir 2020, scríobh an fostaí faoina nochtadh do “chás dian ciaptha”; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur gá imscrúdú neamhspleách a bheith ann maidir leis an méid a tharla, mar a d’iarr stiúrthóir F4E freisin; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire gur díríodh go speisialta in 2020 ar chlár nua oiliúna agus cáilíochta a chur chun feidhme d’fhoireann an Chomhghnóthais a bhfuil gníomhaíochtaí tábhachtacha cosanta á ndéanamh acu, agus beartas nua an Chomhghnóthais a bhaineann le hinniúlacht agus cáilíocht sábháilteachta núicléiche á chur i bhfeidhm, agus ag deireadh 2020 go raibh 92 % de ghníomhaithe tábhachtacha cosanta oilte agus cáilithe, rud a chomhlíon an cuspóir corparáideach; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ar bhonn ghníomhaíocht leantach na Cúirte ar a cuid barúlacha ó 2019, go bhfuil gníomhaíochtaí ceartaitheacha fós ar bun maidir le fadhbanna agus rioscaí ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus an chultúir chorparáidigh a shainaithin an painéal seachtrach saineolaithe; á athdhearbhú go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an staid sin ar fheidhmíocht na foirne mura réitítear í; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire gur modhnaíodh an beartas maidir le conarthaí fostaíochta sa Chomhghnóthas in 2020; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur lean an fhoireann de bheith ag laghdú beagán, 0,9 %, in 2020; ag athdhearbhú gur chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa acmhainní daonna fadhbacha an Chomhghnóthais in iúl le linn iniúchtaí a rinneadh roimhe seo; á chur i bhfáth gurb é an toradh a bhíonn ar easpa foirne reachtúla leordhóthanaí ná go mbaintear níos mó úsáide as foireann eatramhach nó go ndéantar oibrithe a ionfhoinsiú ar bhonn conarthach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil rioscaí ar leith ag baint leis sin a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht fhoriomlán an Chomhghnóthais, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta agus éifeachtúlacht níos ísle foirne; |
|
22. |
á chur in iúl gur eol di gur sheol ceannairí na dtrí cheardchumann phríomha, ar an 17 Eanáir 2022, litir thar ceann fhoireann F4E chuig an gCoimisinéir um Buiséad agus Riarachán, agus chuig an gCoimisinéir um Fhuinneamh, faoin gcás ríthábhachtach in F4E, ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le fiosrúchán de chuid OLAF maidir le timpeallacht ghairmiúil F4E; ag tabhairt dá haire go n-iarrann siad, sa bhreis air sin, ar an gCoimisiún measúnú domhain a dhéanamh ar bhainistíocht shinsearach reatha F4E freisin, go háirithe i ndáil lena hinchreidteacht agus lena cumas chun clár um athrú a chur chun feidhme, sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, lena bhféadfaí muinín a athbhunú agus chun timpeallacht oibre agus cultúr corparáideach F4E a chlaochlú; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon athrú ar an gcás sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
23. |
á mheabhrú gur tugadh chun suntais i dtuarascáil 2019 maidir le hurscaoileadh roinnt fadhbanna agus rioscaí ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus an chultúir chorparáidigh; a d’fhéadfadh, mura réitítear iad, tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht fhoireann an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire gur glacadh roinnt beart chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, lena n-áirítear ceann nua riaracháin a cheapadh, clár cóitseála a thabhairt isteach agus comhaontú le trí cheardchumann; á chur in iúl gur cúis mhór imní di fós, áfach, nach bhfuil feabhas leordhóthanach tagtha ar an timpeallacht oibre ná ar dhea-bhail na foirne; |
|
24. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Comhghnóthas straitéis éagsúlachta chun tacú le cothromaíocht inscne agus le hionadaíocht gheografach na foirne agus chun iad a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur mhná iad 14 % de bhainisteoirí sinsearacha F4E in 2020 agus gurbh fhir iad 86 % díobh agus gur mhná iad 16 % dá mheánbhainisteoirí agus gurbh fhir iad 84 % díobh; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil ceann riaracháin ar bhean í ceaptha ag F4E; ag tathant ar an gComhghnóthas leanúint d’fheabhas a chur ar chothromaíocht inscne agus iarracht a dhéanamh cothromaíocht gheografach chothrom a bhaint amach i ndáil leis sin; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac an Comhghnóthas an chéad Straitéis maidir leis an Éagsúlacht, Comhionannas Deiseanna agus Neamh-Idirdhealú in 2020 chun an comhionannas agus an éagsúlacht a chur chun cinn san ionad oibre, thar thréimhse trí bliana; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur sheol an Comhghnóthas a chéad suirbhé maidir leis an tionchar a bhí ag COVID-19 i mí an Mheithimh 2020, agus i ndiaidh an toraidh a bhí air sin, chinn acmhainní daonna a dhíriú ar ghníomhaíochtaí coisctheacha síceasóisialta sna réimsí seo a leanas: an dea-bhail mhothúchánach agus an bainistiú struis; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuarthas amach i measúnú riosca síceasóisialta a rinneadh le déanaí go raibh 54,2 % de bhaill foirne buartha faoina n-ualach oibre; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire go n-aithníonn F4E an gá atá le tuilleadh feabhais a dhéanamh maidir le hacmhainní, luachanna, iontaoibh agus cultúr agus go bhfuil gníomhaíochtaí seolta aige chun a chuspóir corparáideach, go mbeidh F4E ina áit oibre níos fearr, a bhaint amach; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuarascáil a thabhairt don údarás um urscaoileadh gan mhoill maidir leis na gníomhaíochtaí sin; |
Rialú inmheánach
|
28. |
ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an tátal i measúnú bliantúil 2020 ar an gcóras rialaithe inmheánaigh go bhfuil na comhpháirteanna uile ag feidhmiú le chéile ar bhealach comhtháite, seachas i gcás rialú amháin ina raibh easnamh criticiúil in uirlis bainistithe conarthaí an Chomhghnóthais (DACC) i leith gealltanais dhlíthiúla maidir le caiteachas oibríochtúil a chur ar bhonn foirmiúil; ag tabhairt dá haire, áfach, ón méid a bhí sa tuarascáil ón gCúirt i gcás DACC agus feidhmchlár TF i dtaca le bainistiú doiciméad (IDM) nach bhfuil feidhm acu maidir le córais agus sreabhadh oibre chóras faisnéise airgeadais an Choimisiúin (ABAC), agus go ndearna stiúrthóir feidhmiúcháin an Chomhghnóthais cinneadh i mí an Mhárta 2020, ní hamháin gur cheart na sínithe leictreonacha ardleibhéil in DACC a úsáid chun leasuithe ar chonarthaí a bhainistiú agus a shíniú ach gur cheart iad a úsáid le haghaidh conarthaí tosaigh, agus le haghaidh bearta sealadacha riaracháin chomh maith, le linn phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire nár chuir an Comhghnóthas a fheidhmchláir TF áitiúla in oiriúint go hiomlán do phróisis inmheánacha na dtoscaireachtaí agus go bhfuil laigí suntasacha fós le réiteach lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla, teicniúla agus rialaithe inmheánaigh; ina theannta sin, ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach féidir le feidhmchlár DACC a léiriú go raibh tuiscint cheart ag an bhfoireann ar ábhar an doiciméid agus gur aontaigh an fhoireann an doiciméad a shíniú lena síniú pearsanta; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire ón bhfreagra a thug an Comhghnóthas gur aimsigh a chomhordaitheoir rialaithe inmheánaigh, go luath in 2021, faoi chuimsiú an mheasúnaithe bhliantúil ar chóras rialaithe inmheánaigh an Chomhghnóthais, earráidí a bhain le céim an tsínithe roinnt conarthaí oibríochtúla in DACC, agus dá bhrí sin, nach raibh siad i gcomhréir le rialachán airgeadais an Chomhghnóthais, agus cé go meastar go bhfuil na conarthaí fós dlíthiúil faoi Dhlí na Spáinne agus na Fraince, léirigh an cás sin easnaimh thromchúiseacha i gcórais rialaithe inmheánaigh an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire gur áirigh stiúrthóir feidhmiúcháin an Chomhghnóthais forchoimeádas clú neamhchainníochtúil ina dhearbhú urrúis bhliantúil don bhliain 2020 ina leith sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ón bhfreagra a thug an Comhghnóthas, ó 2021 ar aghaidh, go gcuirfidh a chumas iniúchóireachta inmheánaí (IAC) le raon feidhme a athbhreithnithe bhliantúil ar chearta rochtana ABAC chun DACC a chur san áireamh freisin; ag tabhairt dá haire gur sheol an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach i mí an Mheithimh 2021, iniúchadh dar teideal Delegations and efficiency of decision making in F4E and cooperation mechanisms with DG ENER [Toscaireachtaí agus éifeachtúlacht na cinnteoireachta in F4E agus sásraí comhair le AS ENER]; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi na torthaí i ndáil leis sin; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire ón méid atá sa tuarascáil ón gCúirt gur chruthaigh an Comhghnóthas, sa bhreis ar chuntais úsáideoirí aonair, grúpchuntais úsáideoirí ag a bhfuil céannachtaí fíorúla chun bainistiú a fheidhmchlár TF áitiúil (DACC, IDM) a éascú agus, go dtí deireadh 2020, áfach, gur úsáideadh an grúpchuntas feidhmiúil a cruthaíodh do stiúrthóir an Chomhghnóthais freisin chun cineálacha éagsúla doiciméad tábhachtach a fhormheas agus a shíniú, rud atá contrártha le bunphrionsabail bheartas bainistithe um rochtain ar theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide an Chomhghnóthais inar gá cuntais úsáideora a bheith uathúil agus nasctha le húsáideoir aonair, agus dá bhrí sin, bhí gach duine sa ghrúpchuntas in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh nár cheart ach don oifigeach údarúcháin atá freagrach a bheith in ann a dhéanamh; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire ón méid atá sa naoú Tuarascáil Mheasúnúachta Bhliantúil go bhféadfar próiseas um bainistíocht riosca an Chomhghnóthais a fheabhsú go háirithe i ndáil le teagmhais chostais agus sceidil, leibhéal íogaireachta agus muiníne, agus i gcomhréir le treoirlínte na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léirítear le torthaí thuarascáil 2020 ar an measúnú ar aibíocht riosca nár thaifead an Comhghnóthas aon cheacht a foghlaimíodh maidir le bainistiú riosca; á iarraidh ar an gComhghnóthas na moltaí a leanúint a eascraíonn as an measúnú agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
32. |
ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh IAC ar Shábháilteacht Núicléach in 2019, lena gcumhdaítear gnéithe bainistithe agus comhlíonta bhainistiú na sábháilteachta núicléiche ag an gComhghnóthas, go ndearna IAC obair leantach i mí na Bealtaine 2020, agus faoi dheireadh 2020, go raibh 22 ghníomhaíocht as na 23 ghníomhaíocht den phlean gníomhaíochta curtha chun feidhme cheana féin, agus go raibh an ghníomhaíocht dheireanach ar siúl; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaca leis sin. |
|
33. |
ag tabhairt dá haire ón méid a bhí sa tuarascáil ón gCúirt nár bunaíodh toscaireachtaí teicniúla go huathoibríoch i gcreat na dtoscaireachtaí in DACC agus IDM an Chomhghnóthais ach, ina ionad sin, gur bhraith sé ar gach oifigeach údarúcháin freagrach an duine ceart a roghnú le tarmligean a dhéanamh, bunaithe ar an gcreat a d’fhormheas Stiúrthóir an Chomhghnóthais agus, ina theannta sin, go dtugtar cumhachtaí tarmligin dá bhforáiltear sna conarthaí don fhoireann, cé is moite den oifigeach údarúcháin freagrach, rud nach bhfuil léirithe i gcreat toscaireachtaí an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, ó fhreagra an Chomhghnóthais, go mbaineann cumhachtaí tarmligin go heisiach le gníomhaíochtaí bainistithe an chonartha ó lá go lá, agus nach leasaíonn siad an conradh féin, agus go ndéanfaidh an Comhghnóthas an fhoráil faoi seach sa chonradh eiseamláireach a thabhairt cothrom le dáta; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon fhorbairt i dtaca leis sin a tuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, ón méid atá sa tuarascáil ón gCúirt nach raibh feidhmchlár DACC an Chomhghnóthais faoi réir iniúchadh rialaithe inmheánaigh riamh, chun a áirithiú go bhfuil na cearta chun idirbhearta a údarú a dheonaítear d’úsáideoirí i gcomhréir leis an sainordú a tugadh don fhoireann, agus dá bhrí sin tá riosca mór ann i gcás neamhchomhlíonadh de bharr sáruithe ar bheartas tarmligin an Chomhghnóthais nach ndearnadh é sin a shainaithint ná a mhaolú; ag tabhairt dá haire ón bhfreagra a thug an Comhghnóthas go bhfuil bailíochtú ar an gceart úsáideora á dhéanamh ag tríú páirtí chun dearbhú a thabhairt; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
35. |
ag tabhairt dá haire, ón méid a bhí sa tuarascáil ón gCúirt, cé go ndeachaigh an Comhghnóthas i mbun DACC a úsáid in 2016 i gcás gealltanas dlíthiúil nó bainistiú conartha (lena n-áirítear i gcás conarthaí tosaigh in 2020), agus dá bhrí sin gur foinse bhreise do shonraí cuntasaíochta agus airgeadais a bhí ann, nach ndearnadh aon bhailíochtú ar a chóras cuntasaíochta ó 2013 i leith, rud atá contrártha le rialachán airgeadais an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, ó fhreagra an chomhghnóthais, go seolfar bailíochtú na gcóras cuntasaíochta in 2021 agus nach ndéantar DACC a shioncronú go huathoibríoch le ABAC agus go ndéantar na sonraí a chuirtear isteach sa chóras cuntasaíochta a bhailíochtú i gcomhréir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi aon fhorbairt i ndáil leis sin; |
|
36. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta ag an gComhghnóthas thar na blianta chun córas leictreonach bainistithe doiciméad a chur chun feidhme agus le linn phaindéim COVID-19 gur úsáideadh na sínithe leictreonacha ardleibhéil in DACC ní hamháin chun leasuithe ar chonarthaí a bhainistiú agus a shíniú ach le haghaidh conarthaí tosaigh freisin, mar bhearta sealadacha riaracháin; á iarraidh ar an gComhghnóthas leanúint d’úsáid a bhaint as an ionstraim sin agus í a leathnú go gnéithe eile; |
Soláthar agus deontais
|
37. |
ag tabhairt dá haire le linn 2020 gur seoladh 42 nós imeachta um sholáthar oibríochtúil, agus gur bronnadh 47 gconradh soláthair oibríochtúil agus gur síníodh 55 chonradh soláthair oibríochtúil, agus nár seoladh ach deontas amháin in 2020, agus nár síníodh aon deontas; |
|
38. |
ag tabhairt dá haire ón méid atá sa tuarascáil ón gCúirt go n-úsáideann an Comhghnóthas a thairseach ríomhsholáthair féin, nach bhfuil sioncronaithe go hiomlán le réiteach ríomhsholáthair an Choimisiúin agus a bhféadfadh dúbláil nach bhfuil gá leis le hiarrachtaí forbartha agus infheistíochtaí an Choimisiúin a bheith mar thoradh air; á mheabhrú nach bhfuil sé sin i gcomhréir le prionsabal an limistéir aonair, “limistéar um idirmhalartú sonraí leictreonacha”, le haghaidh rannpháirtithe, dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire ón bhfreagra a thug an Comhghnóthas, gurb amhlaidh, nuair a chumhdóidh an uirlis arna soláthar ag an gCoimisiún gach cineál nós imeachta soláthair is ábhartha don Chomhghnóthas agus nuair a thiocfaidh laghdú ar an ráta tuairiscithe teagmhas, go ndéanfaidh an Comhghnóthas measúnú ar an aistriú a d’fhéadfaí a dhéanamh chuig bosca uirlisí an Choimisiúin agus déanfaidh sé cinneadh bunaithe ar cheanglais oibríochtúla an Chomhghnóthais; á iarraidh ar an gComhghnóthas a réiteach soláthair a chomhchuibhiú le réiteach soláthair an Choimisiúin; |
(1) IO L 90, 30.3.2007, lch. 58.
(2) IO L 358, 16.12.2006, lch. 62:https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A22006A1216%2803%29
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/489 |
CINNEADH (AE, Euratom) 2022/1830 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt (F4E) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0108/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 106(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Chinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (4), agus go háirithe Airteagal 5 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0076/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt don bhliain airgeadais 2020 |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/490 |
CINNEADH (AE) 2022/1831 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas SESAR (Comhghnóthas Taighde 3 BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas SESAR don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0111/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) (4) a fhorbairt, agus go háirithe Airteagal 4b de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Eatramhach Chomhghnóthas Taighde 3 BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/492 |
RÚN (AE) 2022/1832 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas SESAR (Comhghnóthas Taighde 3 BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas SESAR don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bunaíodh Comhghnóthas SESAR (an “Comhghnóthas”) i mí Feabhra 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 (1) ón gComhairle chun an clár Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR) a reáchtáil, arb é is aidhm dó gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a chomhtháthú agus a chomhordú chun Bainistiú Aerthráchta (BAT) a nuachóiriú san Aontas; de bhrí gurb é EUR 700 000 000 uas-ranníocaíocht an Aontais do SESAR 1; |
|
B. |
de bhrí, tar éis ghlacadh Rialachán (AE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle (2), gur chuir SESAR 2020 síneadh le saolré an Chomhghnóthais go dtí an 31 Nollaig 2024; |
|
C. |
de bhrí gur ceapadh an Comhghnóthas mar chomhpháirtíocht phríobháideach-phoiblí, leis an Aontas agus Eurocontrol mar chomhaltaí bunaidh; |
|
D. |
de bhrí gurb é EUR 585 000 000 ranníocaíocht an Aontais (lena n-áirítear ranníocaíocht CSTE) do SESAR 2020 (ó 2014 go 2024) arna chistiú ón gclár Fís 2020; |
Ginearálta
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur chuir an Coimisiún cistí ar fáil don Chomhghnóthas ón Seachtú Clár Réime agus ón gclár Fís 2020, agus freisin ón nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2007-2013, agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire nach bhfoilsítear CVanna ná dearbhuithe leasa an Bhoird Riaracháin; á iarraidh ar an gComhghnóthas CVanna agus dearbhuite leasa an Bhoird Riaracháin a fhoilsiú i bhfianaise an chreata trédhearcachta agus rochtain sholáimhsithe orthu a ráthú; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire gur dúnadh clár SESAR 1 go foirmiúil in 2016 agus gur cuireadh na haisíocaíochtaí ceartaitheacha deireanacha le tairbhithe as an mbarrachas i ranníocaíochtaí airgid thirim a fuarthas do thionscadail a bhaineann leis an seachtú clár réime i gcrích in 2020; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire, tar éis glao ar léirithe spéise in 2015, gur baill den Chomhghnóthas iad 19 n-eintiteas phoiblí agus phríobháideacha ón earnáil eitlíochta; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
5. |
ag tabhairt dá haire go dtugtar le fios sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil ón gCúirt”) go gcuirtear i láthair sna cuntais bhliantúla, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2020, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil na bun-idirbhearta a ghabhann leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábharach; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire in 2020, gurbh ionann an buiséad iomlán a bhí ar fáil (lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, ioncam santa agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile) agus EUR 163 189 459 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 179 159 495 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta chur chun feidhme faoi seach an bhuiséid fhoriomláin a bhí ar fáil do 2020 agus 86,9 % do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus 67,7 % do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire, tar éis dhúnadh SESAR 1, gur chinn an Comhghnóthas gurbh ann do bharrachas ranníocaíochtaí airgeadais arna bhfáil óna Chomhaltaí arbh ionann é agus EUR 30 959 396; ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir Airteagal 13 den ghníomh bunaidh, nach féidir le comhaltaí an Chomhghnóthais a bheith ag súil le haisíoc a ranníocaíochtaí barrachais faoi seach tráth dhíscaoileadh an Chomhghnóthais ach faoin 31 Nollaig 2024; ag tabhairt dá haire, tar éis an mholta ón gCoimisiún agus ón gCúirt agus na tuairime dearfaí ón gCoimisiún ar an gcinneadh molta, gur ghlac an Comhghnóthas an cinneadh i dtaca le bheith ag dréim le haisíocaíochtaí an 8 Deireadh Fómhair 2020; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur thug an Comhghnóthas aisíocaíocht don Aontas an 4 Nollaig 2020 trí dhá ordú íocaíochta ar leithligh, ceann don sciar a chomhfhreagraíonn don chlár TEN-T agus ceann don sciar a chomhfhreagraíonn don seachtú clár réime; ag tabhairt dá haire, i gcás Comhaltaí seachas an tAontas (seachas AIRBUS agus DFS), gur seoladh na comhaontuithe déthaobhacha a fhormheas an Bord Riaracháin chuig Comhaltaí an 23 Samhain 2020 agus gur cuireadh tús leis na híocaíochtaí nuair a síníodh iad, agus gur íocadh Eurocontrol an 9 Nollaig 2020: ag tabhairt dá haire, thairis sin, ag deireadh 2020, go raibh gach íocaíocht seachas trí cinn déanta, arb ionann a méid agus EUR 30 474 586 (as EUR 30 767 098, i.e. 99 %); ag tabhairt dá haire ón tuarascáil leantach, gur aisíocadh gach barrachas i ranníocaíochtaí airgid thirim don chlár SESAR 1 le Comhaltaí faoi seach Chomhghnóthas SESAR 1 amhail ón 10 Feabhra 2021; |
|
8. |
ag tabhairt dá haire gurbh ionann leithreasuithe faoi chomhair gealltanas SESAR 2020 agus EUR 162 784 059 sa bhliain 2020 agus gurbh ionann a leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus EUR 147 986 997; ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, maidir le buiséad 2020 a bheidh ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020, gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 87,1 % agus 81,9 % faoi seach; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, i mí Eanáir 2020, go bhfuair an Comhghnóthas cistí SCE breise ó AS MOVE arbh ionann iad agus EUR 6 000 000 faoi Chomhaontú Tarmligin U-spáis (an dara tráthchuid agus an tráthchuid deiridh) agus nár iontráil an Comhghnóthas na cistí ó SCE arna bhfáil i mbuiséad 2020 trí bhíthin buiséad leasaitheach, ná nár chuir sé san áireamh iad agus riachtanais iarbhír á bpleanáil do líne bhuiséid 3 7 0 0 (Gníomhaíochtaí taisealbhaidh ar mhórscála a chur ar fáil); ag tabhairt dá haire, dá thoradh sin, nach raibh ach EUR 21 236 000 (nó 58 %) den bhuiséad íocaíochta deiridh iomlán a bhí ar fáil do líne bhuiséid 3700 arbh ionann é agus EUR 30 834 494 curtha chun feidhme ag an gComhghnóthas ag deireadh 2020; ag cur sonrú sa fhreagra ón gComhghnóthas gur úsáideadh na hioncaim shannta a luaigh an Chúirt go heisiach chun maoiniú a dhéanamh ar na cúraimí gaolmhara ón gCoimisiún a cuireadh de chúram air, mar a cuireadh ar bhonn foirmiúil i gComhaontú Tarmligin U-Spáis agus go ndéanann sé tuairisciú ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Tarmligin U-Spáis ar bhonn bliantúil trí bhíthin Tuarascáil Cur Chun Feidhme agus faisnéis atá sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite maidir le Gníomhaíochtaí;á iarraidh ar an gComhghnóthas na cistí SCE a fuarthas a chur i mbuiséad 2020 trí bhíthin buiséad leasaitheach; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ó Chomhghnóthas go chéile maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfaí iad a chomhchuibhiú; |
|
11. |
ag tabhairt dá aire gurbh ionann an toradh buiséid in 2020 agus easnamh EUR 28,16 milliún (a raibh easnamh EUR 30,4 milliún do SESAR 1 ann tar éis aisíocaíocht ranníocaíochtaí breise airgeadais SESAR 1 agus barrachas EUR 2,2 milliún do SESAR 2020) agus gurb ionann an barrachas carnach agus EUR 22,1 milliún; |
Feidhmíocht
|
12. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Comhghnóthas eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna), go háirithe KPInna comhchoiteanna an chláir Fís 2020 agus KPInna le haghaidh saincheisteanna trasearnála, KPInna sonracha an Chomhghnóthais agus KPInna atá bainteach le hUaillmhianta Feidhmíochta an Aerspáis Eorpaigh Aonair, mar atá deartha sa Mháistirphlean BAT Eorpach; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire gur méadaíodh, sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite maidir le Gníomhaíochtaí 2020 ón gComhghnóthas, KPInna maidir le cothromaíocht inscne i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, ach mar sin féin go raibh siad fós íseal, agus nach raibh ach 24 % de rannpháirtithe ban i dtionscadail Fís 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil céatadán na mban i ngrúpaí comhairleacha an Choimisiúin, grúpaí saineolaithe, painéil mheastóireachta, saineolaithe aonair sa Tuarascáil Bhliantúil Chomhdhlúite maidir le Gníomhaíochtaí 2020 ón gComhghnóthas. á mholadh gur gá don Chomhghnóthas leanúint d’fheabhas a chur ar a chothromaíocht inscne; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur bhain an Comhghnóthas a chuspóirí go léir amach, mar a leagtar amach iad sa Doiciméad Clársceidealaithe Aonair do 2020-2022; ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas sainiú agus cur chun feidhme ar bhearta buiséadacha lenar maolaíodh éifeacht dhíobhálach ghéarchéim COVID-19 ar earnáil na heitlíochta, amhail rátaí réamh-mhaoinithe is infheidhme maidir le comhaontuithe deontais a ardú, ar comhaontuithe iad a síníodh in 2020 chun tacú le sreabhadh airgid tairbhithe; |
|
15. |
ag tabhairt dá haire freisin gur cúitíodh laghdú eisceachtúil 50 % ar mhéid na ranníocaíochtaí airgid le costais oibriúcháin an Chomhghnóthais, a fuarthas ó chomhaltaí eile seachas an tAontas agus Eurocontrol, mar gheall ar phaindéim COVID-19, agus gur cúitíodh an laghdú sin trí laghdú EUR 2,3 milliún (21 %) ar chostais oibriúcháin an Chomhghnóthais don bhliain 2020; |
|
16. |
á chur in iúl gur geal léi, in ainneoin ghéarchéim COVID-19, go raibh an Chomhghnóthas in ann leanúnachas agus éifeachtúlacht a oibríochtaí uile a choinneáil trí uirlisí agus tionscnaimh corparáideacha a shlógadh; á chur in iúl gur geal léi, in ainneoin na gcuinsí dúshlánacha, go raibh rath ar an gComhghnóthas agus ar a chomhpháirtithe maidir le teicneolaíochtaí agus nósanna imeachta nua a chur chun cinn trí phíblíne nuálaíochta de chuid an Chomhghnóthais, i gcomhréir leis an amlíne arna leagan amach ag Máistirphlean BAT Eorpach – treochlár na hEorpa maidir le claochlú digiteach BAT; á mholadh na hoibre ullmhúcháin a rinne an Comhghnóthas lena réitítear an bealach le haghaidh SESAR 3 agus todhchaí an taighde faoi bhainistíocht aerthráchta; |
|
17. |
ag cur sonrú san éifeacht ghiarála thuairiscithe arbh ionann í agus 0,83 in 2020, agus san éifeacht ghiarála thuartha ag deireadh an chláir, arb ionann í agus 1,23, arna tomhas de réir mhodh an Choimisiúin a úsáideadh sa mheastóireacht eatramhach, agus go bhfuil éifeacht ghiarála iarbhír an Chomhghnóthais ag déanamh dul chun cinn rialta i dtreo na spriocanna; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire gur ndearna na ceithre thionscadal arna gcistiú faoi Thaighde Taiscéalaíoch 2, eadhon Airpass, Impetus, PercEvite agus TERRA, agus an Emphasis Project, ar toradh iad ar Thaighde Taiscéalaíoch 3, a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích in 2020 agus gur dúnadh iad; |
|
19. |
ag tabhairt dá haire, in 2020, go ndearna an Comhghnóthas bainistiú cheana ar 36 dheontas, ar deontais iad a bhí á bhforghníomhú ag tús na bliana, tar éis cúig nós imeachta um ghlao ar thograí sna blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, gur seoladh dhá ghlao ar thograí maidir le taisealbhaidh ar mhórscála (VLDanna) faoin gclár Fís 2020 agus 2 VLD i dtaca le taighde agus bailíochtú tionscail srianta in 2020; |
|
20. |
á chur in iúl gur geal leis gur sheol an Comhghnóthas 67 thionscadal thar a thrí shraith taighde in 2020, eadhon taighde taiscéalaíoch (41 thionscadal), taighde thionsclaíoch agus bailíochtú (15 thionscadal) agus taispeántais ar mhórscála (11 thionscadal); |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2020, go raibh tionscadail maoinithe ag clár SESAR 2020 i ngach céim de phíblíne nuálaíochta SESAR trí 10 nglao ar thograí faoi thrí chreat dhlíthiúla éagsúla; ag tabhairt dá haire gur infheistigh an Comhghnóthas 90 % dá bhuiséad iomlán ón Aontas (lena n-áirítear trí chomhaontú tarmligin), arbh ionann é agus tuairim is EUR 596 300 000, i dtionscadail taighde agus nuálaíochta agus gur leithdháileadh an chuid eile de na cistí ar sholáthar seirbhísí agus staidéar a bhaineann le croí-oibríochtaí agus costais oibriúcháin; |
|
22. |
á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí for-rochtana an Comhghnóthais, go háirithe na seimineáir gréasáin éagsúla a d’eagraigh Acadamh Digiteach SESAR; |
|
23. |
á chur i bhfios go bhfuil saor-ródúchán chun astaíochtaí eitiltí agus breoslaí a laghdú ar cheann de na príomhéachtaí a bhain an Comhghnóthas amach; á chreidiúint gur cheart dá chomharba rannchuidiú breise a dhéanamh le inbhuanaitheacht earnáil na heitlíochta i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart dá chomharba rannchuidiú le margadh na heitlíochta a dhéanamh níos solúbtha agus níos athleimní i leith luaineachtaí tráchta, agus leis an aerspás is éifeachtúla agus is neamhdhíobhálaí don aeráid a dhéanamh den Aerspás Eorpach Aonair; |
|
24. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuil saothar suntasach tugtha i gcrích ag an gComhghnóthas maidir le U-spás, tionscnamh an Choimisiúin maidir le comhtháthú slán sábháilte ladrann; |
Soláthar agus foireann
|
25. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh sé nós imeachta soláthair in 2020 agus gur tugadh chun críche iad agus gur shínigh an Comhghnóthas cúig leasú ar a chonarthaí, ar chonarthaí sonracha agus ar chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse agus, sa bhreis air sin, gur chuir géarchéim COVID-19 dlús leis an aistriú i dtreo timthriallta formheasa agus síniú conarthaí atá leictreonach; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 d’fhostaithe, go háirithe agus dálaí maireachtála éagsúla á gcur san áireamh, an easpa rochtana ar spás oifige agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an leithlisiú; á iarraidh ar an gComhghnóthas díriú ar dhea-bhail na bhfostaithe, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre is saoil; á iarraidh ar an mbainistíocht a áirithiú go bhfuil struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne a áirithiú; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire go gceadaítear 39 ngníomhaire shealadacha nó ar conradh agus triúr saineolaithe náisiúnta ar iasacht i bplean bunaíochta 2020 arna fhormheas ag an gComhghnóthas; ag tabhairt dá haire go raibh 39 ngníomhaire shealadacha fostaithe ag an gComhghnóthas an 31 Nollaig 2020, lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin; ag tabhairt dá haire go ndearnadh Sysper do Ghníomhaireachtaí, an córas bainistithe acmhainní daonna a d’fhorbair an Coimisiún, a chur chun feidhme in 2020; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi gur thosaigh an Comhghnóthas ag úsáid an réitigh ríomhsholáthair ag tús na bliana 2021; |
Rialú inmheánach
|
29. |
ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt go bhfuil nósanna imeachta rialaithe ex-ante curtha ar bun ag an gComhghnóthas atá bunaithe ar athbhreithnithe deisce airgeadais agus oibríochtúla; ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánach (ICF) an Choimisiúin, atá bunaithe ar 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh, a chur chun feidhme in 2020; ag tabhairt dá haire gur fhorbair an Comhghnóthas táscairí ábhartha do na prionsabail rialaithe inmheánaigh uile agus dá saintréithe gaolmhara i gcomhair féinmheasúnú bliantúil agus faireachán bliantúil ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialaithe a cheanglaítear le ICF; |
|
30. |
ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt go bhfuil Comhsheirbhís Iniúchóireachta (CAS) an Choimisiúin freagrach as iniúchtaí ex-post a dhéanamh ar íocaíochtaí an Chláir Fís 2020 agus, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 3,46 % agus ráta earráidí iarmharacha 1 % do thionscadail an chláir Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); ag tabhairt dá haire ón togra ón gCoimisiún gurb í an aidhm dheiridh i dtaca leis an leibhéal earráide iarmharaí tráth a dhúnfar na cláir tar éis tionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus na mbeart aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh, go mbainfear amach leibhéal atá chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
31. |
ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt, go ndearna sí iniúchadh ar shampláil randamach d’íocaíochtaí an chláir Fís 2020 a rinneadh in 2020, mar chuid de na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhdhearbhú a dhéanamh ar na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post agus nár léirigh na hiniúchtaí mionsonraithe sin aon earráidí suntasacha nó laigí rialaithe ag tairbhithe an Chomhghnóthais arna sampláil; |
|
32. |
ag cur béim ar an bhfíoras, i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar Chomhghnóthais an Aontais don bhliain airgeadais 2020, go bhfuair an Chúirt earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh earráidí den sórt sin a thuairisciú go rialta freisin sna hiniúchtaí ex post ar CAS agus ar a iniúchóirí ar conradh; ag tabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú rialacha Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; ag spreagadh an Chomhghnóthais neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh; |
|
33. |
ag tabhairt dá haire, de dheasca na paindéime, nár tharla ach ceardlann bainistithe riosca amháin in 2020, agus go ndearna an fhoireann bainistithe riosca athbhreithniú ar na rioscaí straitéiseacha, na rioscaí inmheánacha, rioscaí an Mháistirphlean agus na rioscaí cláir agus, tar éis an athbhreithnithe, go ndearnadh nuashonrú ar an mbeartas bainistithe riosca, chun an riosca a bhaineann le tionchair ghéarchéim COVID-19 ar chlár an Chomhghnóthais a chur san áireamh freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Comhghnóthas tuarascáil mhionsonraithe maidir leis an anailís ar rioscaí a bhaineann leis an bpaindéim chuig an gCoimisiún i mí an Mheithimh 2020; |
|
34. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí (IAC) athbhreithniú ar chomhlíonadh faoi dhó a bhain le gach íocaíocht arna déanamh ag an Oifigeach Údarúcháin trí Tharmligean agus ag an Oifigeach Údarúcháin trí Fho-tharmligean agus gur rannchuidigh sé le bailíochtú údaruithe úsáideoirí ABAC; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna IAC nuashonrú freisin ar straitéis frithchalaoise an Chomhghnóthais agus gur reáchtáil sé seisiúin don fhoireann maidir le múscailt feasachta i ndáil le heitic agus bearta frithchalaoise; |
|
35. |
á chur in iúl gur geal léi nach raibh an Comhghnóthas faoi réir imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in 2020; |
|
36. |
ag tabhairt dá haire gur chuir CAS in iúl don Chomhghnóthas i mí na Samhna 2020 gur ardaíodh bratach dhearg le linn iniúchadh ex-post ar thionscadal, lenar léiríodh amhras go raibh féidearthacht ann go ndearna tairbhí calaois; ag tabhairt dá haire nár deimhníodh an t-amhras, ach gur cuireadh OLAF agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin ar an eolas; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon athrú ar an gcás sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
Iniúchtaí inmheánacha
|
37. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh le linn 2020 ar chur chun feidhme dheontais an chláir Fís 2020 agus gur chinn na hiniúchóirí, ar an iomlán, go bhfuil na rialuithe arna gcur i bhfeidhm ag an gComhghnóthas deartha go leormhaith agus go gcuirtear chun feidhme iad go héifeachtúil agus go héifeachtach; ag tabhairt dá haire gur mheas na hiniúchóirí go raibh tábhacht ag baint le ceithre mholadh; agus gur fhorbair sé plean gníomhaíochta mionsonraithe lenar tuaradh go gcuirfí gach gníomhaíocht chun feidhme faoi dheireadh 2021; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin. |
(1) Rialachán (CE) ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 maidir le comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt a mhéid a bhaineann le síneadh an Chomhghnóthais go dtí 2024 (IO L 192, 1.7.2014, lch. 1).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/497 |
CINNEADH (AE) 2022/1833 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas SESAR (Comhghnóthas Taighde 3 BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas SESAR don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0111/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 70 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) (4) a fhorbairt, agus go háirithe Airteagal 4b de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom, agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0073/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais SESAR don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Eatramhach Chomhghnóthas Taighde 3 BAT an Aerspáis Eorpaigh Aonair, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil Bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 64, 2.3.2007, lch. 1.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/499 |
CINNEADH (AE) 2022/1834 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Shift2Rail (Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas Shift2Raildon bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0112/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas Shift2Rail (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 177, 17.6.2014, lch. 9.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/501 |
RÚN (AE) 2022/1835 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Shift2Rail (Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas Shift2Rail don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bunaíodh Comhghnóthas Shift2Rail (an “Comhghnóthas”) i mí an Mheithimh 2014 ar feadh tréimhse 10 mbliana le Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle (1); |
|
B. |
de bhrí gurb iad an tAontas, a ndéanann an Coimisiún ionadaíocht thar a cheann, agus comhpháirtithe sa tionscal iarnróid (príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear monaróirí trealaimh iarnróid, cuideachtaí iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus lárionaid taighde) na comhaltaí bunaidh agus go bhféadfadh eintitis eile atá rannpháirteach sa Chomhghnóthas a bheith ina gcomhaltaí gaolmhara; de bhrí nár cheart do ranníocaíochtaí ó chomhaltaí seachas an tAontas a bheith teoranta do chumhdach na gcostas riaracháin agus do chumhdach an chómhaoinithe is gá chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanamh, agus dóibh sin amháin, ach ba cheart baint a bheith acu freisin le gníomhaíochtaí breise; |
|
C. |
de bhrí gurb iad príomhchuspóirí an Chomhghnóthais rannchuidiú leis an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a bhaint amach, agus tarraingteacht, iomaíochas, inbhuanaitheacht agus comhtháthú an chórais Eorpaigh iarnróid a fheabhsú, lena n-éascaítear, i measc nithe eile, aistriú módach ó iompar de bhóthar agus d’aer chuig iompar d’iarnród; |
|
D. |
de bhrí gur thosaigh an Comhghnóthas ag obair go neamhspleách i mí na Bealtaine 2016; |
Barúlacha ginearálta
|
1. |
ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (an “Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020 (“tuarascáil na Cúirte”) go dtíolactar sna cuntais bhliantúla, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2020, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain a tháinig chun deiridh ansin, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus le rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil na bun-idirbhearta a ghabhann leis na cuntais dlíthiúil agus rialta, ar gach slí ábhartha; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gurb é EUR 450 000 000 (lena n-áirítear ranníocaíochtaí CSTE) ranníocaíocht uasta an Aontais le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais, don tréimhse a leagtar síos sa Rialachán a bheidh le híoc ó Fhís 2020; ag tabhairt dá haire go ranníocfaidh gach comhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas (grúpáil tionscail) acmhainní iomlána de EUR 470 000 000 ar a laghad, agus rachaidh EUR 350 000 000 de sin ar a laghad chuig gníomhaíochtaí oibríochtúla an Chomhghnóthais agus EUR 120 000 000 ar a laghad de ranníocaíochtaí comhchineáil chuig gníomhaíochtaí breise an Chomhghnóthais; |
|
3. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil ar an iomlán níos mó ná 400 eintiteas poiblí agus príobháideach, a dhéanann ionadaíocht thar ceann na hearnála iarnróid, rannpháirteach i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur méadaíodh an comhar sna Ballstáit agus an comhar le páirtithe idirnáisiúnta in 2020, mar atá léirithe le síniú an Mheabhráin Tuisceana le Réigiún na mBascach, ceann eile le Cuibhreannas Taighde agus Nuálaíochta Uirbigh Cheanada agus ceann eile arís le Buan-Rúnaíocht an Chomhphobail Iompair in 2020; |
Buiséad agus bainistiú airgeadais
|
4. |
ag tabhairt dá haire go gcuimsítear sa bhuiséad deiridh a bhí ar fáil in 2020 (lena n-áirítear leithreasuithe ó bhlianta roimhe sin nár úsáideadh, ioncam sannta agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile a iontráladh arís) EUR 89 711 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 80 289 000 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí; ag tabhairt dá haire gurb iad 94 % agus 76 % faoi seach na rátaí úsáide do na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí a bhí ar fáil in 2020; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 84 081 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 75 779 000 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a bhí i mbuiséad gníomhach an chláir Fís 2020 de chuid an Chomhghnóthais a bhí ar fáil in 2020; ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, thairis sin, go ndearna an Comhghnóthas 100 % agus 80 % faoi seach de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil do thionscadail an chláir Fís 2020 a chur chun feidhme ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar an ráta cur chun feidhme do na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibríochtúla i gcomparáid le 2019 (88 %) toisc nach bhféadfaí comhaontú deontais amháin arna dhámhachtain faoin nglao ar thograí in 2020 a shíniú faoi dheireadh 2020 agus toisc go raibh gá an réamh-mhaoiniú gaolmhar a chur siar dá réir; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, amhail ag deireadh 2020, gur ranníoc na comhaltaí príobháideacha EUR 131 181 000 bailíochtaithe ar an iomlán, lena gcuimsítear EUR 9 238 000 in airgead tirim san iomlán, EUR 121 942 000 i ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe, agus ina theannta sin, EUR 204 806 156 (amhail an 31 Eanáir 2021) i ranníocaíocht chomhchineáil ar an iomlán chuig gníomhaíochtaí breise, i gcomparáid le ranníocaíocht airgid thirim iomlán an Aontais arb ionann é agus EUR 297 741 000 (amhail ag deireadh 2020); |
|
7. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ó Chomhghnóthas go chéile maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfar iad a chomhchuibhiú; |
Feidhmíocht
|
8. |
ag tabhairt dá haire, i mí Iúil 2020, gur roghnaigh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais 19 dtogra chun cistiú a fháil mar thoradh ar ghlao 2020 a seoladh i mí Eanáir 2020 bunaithe ar Phlean Oibre Bliantúil leasaithe 2020; ag tabhairt dá haire gur dámhadh 19 ndeontas ar luach iomlán de thart ar EUR 147 700 000 in 2020, agus gur síníodh 18 díobh; ag tabhairt dá haire, arna iarraidh sin ón gCuibhreannas, agus ós rud é gur gá na leithdháiltí tionscadail idir pacáistí oibre a atheagrú, gur cuireadh síniú comhaontaithe deontais amháin siar go dtí 2021; ag tabhairt dá haire gur coinníodh 242 rannpháirtí san iomlán, a ndearna fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ionadaíocht ar 29 % díobh i dtionscadail na nglaonna oscailte, chun cistiú a fháil sna 19 n-ábhar taighde agus nuálaíochta faoi ghlao 2020 agus go ndearna na hiarratais ionadaíocht ar rannpháirtithe ó 30 tír, ar coinníodh 19 mBallstát agus trí thír díobh atá comhlachaithe leis an gClár Réime Fís 2020 chun cistiú a fháil; |
|
9. |
ag moladh na mbeart a rinne an Comhghnóthas chun moill sna tionscadail a theorannú tar éis ghéarchéim COVID-19; ag tabhairt dá haire gur cuireadh cuid de na híocaíochtaí a bhí le híoc ar dtús in 2020 siar go 2021 i ngeall ar ghéarchéim COVID-19; á thabhairt dá haire ina leith sin gur bhain an Comhghnóthas úsáid as Teideal 4 ina bhuiséad i gcomhréir lena Rialacha Airgeadais; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire go raibh 72 thionscadal ar siúl ag deireadh 2020, (36 iarraidh do chomhaltaí agus 36 iarraidh oscailte): dáileadh 55 thionscadal ar na cúig chlár nuálaíochta, dáileadh naoi dtionscadal ar na gníomhaíochtaí cothrománacha agus dáileadh ocht dtionscadal ar Chlár Nuálaíochta X; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Comhghnóthas na Príomhtháscairí Feidhmíochta coiteanna le haghaidh an chláir Fís 2020 agus le haghaidh saincheisteanna cothrománacha, chomh maith le príomhtháscairí feidhmíochta a bhaineann go sonrach leis an gComhghnóthas amhail éifeachtúlacht an chórais iompair iarnróid; ag tabhairt dá haire, le linn 2020, gur lean an Comhghnóthas leis an obair chun “Samhail Réamhaisnéise Tionchair Shift2Rail 2030” a chothabháil, tríd an gcéad eisiúint eile a áirithiú, rud a lean as an nuashonrú a rinneadh ar an ionchur sonraí ó na tionscadail éagsúla agus ó léiritheoirí teicneolaíochta éagsúla; |
|
12. |
ag moladh an tuairiscithe leanúnaigh a rinne an Comhghnóthas, ó 2018 i leith, maidir lena rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus, go háirithe, maidir lena rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar chostas saolré an iompair iarnróid; |
|
13. |
ag tabhairt dá haire, faoi dheireadh 2020, gur bhain an Clár Shift2Rail garspriocanna ríthábhachtacha amach ó thaobh cur chun feidhme de toisc go bhfuil beagnach gach acmhainn den Chomhghnóthas curtha ar leataobh do ghníomhaíochtaí an Chláir Shift2Rail, agus toisc gur baineadh amach ar a laghad 60 % de Chlár Shift2Rail d’fhonn taispeántais oibríochtúla TRL6/7 a bhaint amach a bheartaítear go dtabharfar chun críche iad le linn 2023; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire go meastar gurb ionann luach iomlán na ngníomhaíochtaí a rinneadh in 2020 agus EUR 119,4 milliún (a bhfuil EUR 110,3 milliún de tugtha ag comhaltaí eile seachas an tAontas Eorpach); |
|
15. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí reatha an Chomhghnóthais ag dul chun cinn i dtreo a thaispeántas in 2022 agus in 2023 agus go n-áiritheofar leis sin go ndéanfar céimniú amach cuí agus céimniú isteach cuí idir dhá Chlár sa Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa, a tháinig i gcomharbas ar Shift2Rail; ag tabhairt dá haire gurb iad taispeántais teicneolaíochta an Chomhghnóthais na bloic thógála de chlaochlú iarnróid níos sistéamaí atá á stiúradh go straitéiseach ag ann gComhaontú Glas don Eoraip de chuid an Choimisiúin, ag an gClár Oibre Digiteach agus, le déanaí, ag an Straitéis maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Cliste; ag tabhairt dá haire, le linn earrach na bliana 2020, gur thacaigh an Comhghnóthas tuilleadh le forbairt an Pháipéir Ardleibhéil maidir le Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa (EU-Rail), a tháinig i gcomharbas ar Shift2Rail, agus tar éis an chéad leagan den Pháipéar Ardleibhéil a chur isteach i mí na Nollag 2019, gur lean an Comhghnóthas de chomhordú a dhéanamh ar na hionchuir éagsúla sa chéad leath de 2020; ag tabhairt dá haire gur sheol an Coimisiún, i mí Lúnasa 2020, cuireadh d’eintitis chun spéis a léiriú le bheith ina gcomhalta bunaidh is iarrthóir de Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa; |
|
16. |
ag spreagadh an Chomhghnóthais teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha a fhorbairt, a chomhtháthú, a thaispeáint agus a bhailíochtú chun deireadh a chur leis na bacainní teicniúla atá fós ann lena gcuirtear srian leis an earnáil iarnróid ó thaobh idir-inoibritheachta agus cur chun feidhme agus éifeachtúlacht táirgí, agus na seachtrachtaí diúltacha a laghdú i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí an tslabhra luacha iarnróid ina iomláine, go háirithe FBManna, lárionaid taighde agus teicneolaíochta agus ollscoileanna; |
|
17. |
á thabhairt chun suntais gur gá sineirgí a fhorbairt tuilleadh idir an chomhpháirtíocht nua agus na sásraí cistiúcháin atá ann cheana agus leas iomlán a bhaint as deiseanna do thionscadail a mhaoinítear faoi chláir an Aontais amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Plean don Eoraip Dhigiteach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, chomh maith le InvestEU; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire, i dTuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta 2020 an Chomhghnóthais maidir le cothromaíocht inscne i ndáil leis na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar H2020 don bhliain sin, go raibh an céatadán céanna de mhná ar an mBord Rialaithe ag an gComhghnóthas agus a bhí ann an bhliain seo caite, eadhon 16 %, agus gurbh ionann iad agus 33 % d’Ionadaithe an Chomhghnóthais agus 33 % den Choiste Eolaíoch; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil na figiúirí maidir leis na mná mar an gcéanna i gcomparáid leis an mbliain roimhe 2019; |
|
19. |
ag thabhairt dá haire agus is ábhar imní di na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19 d’fhostaithe; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Comhghnóthas suirbhé foirne i gcrích den chéad uair agus gur dréachtaíodh plean gníomhaíochta, lena n-áirítear “clár oiliúna folláine” a bhunú chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar bhainistíocht a áirithiú go mbeidh struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm maidir le folláine shíceolaíoch na foirne; |
Foireann agus soláthar
|
20. |
ag tabhairt dá haire, an 31 Nollaig 2020, i bhfianaise na hearcaíochta eisceachtúla do ghníomhaire sealadach ar conradh chun teacht in ionad gníomhaire sealadach, gur líonadh 24 phost, lena gcuimsítear beirt saineolaí náisiúnta ar iasacht, cúigear gníomhairí sealadacha, agus 16 ghníomhaire ar conradh de réir an phlean bunaíochta; ag tabhairt dá haire gur chuir an Comhghnóthas suirbhé foirne i gcrích don chéad bhliain agus é mar aidhm leis rannpháirtíocht na foirne a thomhas agus faireachán a dhéanamh ar a mhéid a bhí creat rialaithe inmheánaigh réamhshainithe an Chomhghnóthais leabaithe cheana féin in iompar na foirne; |
|
21. |
ag tabhairt dá haire, in 2020, ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais agus, a mhéid ab fhéidir, gur bhain an Comhghnóthas úsáid as Comhaontuithe ar Leibhéal Seirbhíse le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais (TFC, oiliúint, párolla, misean, aisíocaíochtaí saineolaithe, foireann eatramhach, etc.) agus gur ghlac sé páirt i gcreatchonarthaí idirinstitiúideacha (e.g. TF, iniúchadh, troscán oifige, árachas, seirbhísí acmhainní daonna) trí Mheabhrán Tuisceana a shíniú, agus, ina theannta sin, go raibh an Comhghnóthas i gceannas ar chreatchonarthaí idir-Chomhghnóthais nó gur ghlac sé páirt iontu (e.g. TF agus seirbhísí cosanta sonraí), agus freisin d’fhonn sineirgí a fheabhsú; ag tabhairt dá haire freisin, in 2020, gur sheol an Comhghnóthas a chéad ghlao ar Dhuais, faoi Fhís 2020; |
Iniúchóireacht inmheánach
|
22. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí iniúchadh ar an bpróiseas deontais in 2019 agus le linn 2020, go ndearna an Comhghnóthas bearta ar bhonn a phlean gníomhaíochta chun na ceithre mholadh thábhachtacha a bhí ardaithe ag na hiniúchóirí a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur dheimhnigh an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí i mí Dheireadh Fómhair 2020 ar bhonn doiciméadacht bhreise a cuireadh ar fáil, gur mheas sí go bhfuil na chéad trí mholadh curtha chun feidhme agus i mí Eanáir 2021, gur mheas sí go raibh na moltaí uile curtha chun feidhme; |
|
23. |
ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an tseirbhís iniúchóireachta inmheánaí measúnú riosca domhain sa Chomhghnóthas in 2020 chun plean straitéiseach nua don iniúchóireacht inmheánach a fhorbairt a chumhdóidh an tréimhse 2021-2023; |
Rialú inmheánach
|
24. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gur bhunaigh an Comhghnóthas nósanna imeachta rialaithe ex-ante iontaofa in 2020 bunaithe ar athbhreithnithe doiciméad airgeadais agus oibríochtúla agus gur chuir an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánaigh (ICF) an Choimisiúin chun feidhme, ar creat é atá bunaithe ar 17 bprionsabal rialaithe inmheánacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur fhorbair an Comhghnóthas táscairí ábhartha do na prionsabail rialaithe inmheánacha uile agus dá saintréithe gaolmhara chun féinmheasúnú bliantúil agus faireachán bliantúil a dhéanamh ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí rialaithe a cheanglaítear le ICF; |
|
25. |
ag tabhairt dá haire go gceanglaítear, le cinneadh Uimh. 7/2018 ón mBord Rialaithe lena nglactar na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, ar cinneadh é a bhfuil feidhm aige maidir le comhlachtaí an Chomhghnóthais, go ndéanfar CVanna cothrom le dáta agus dearbhuithe coinbhleachta leasa chomhaltaí an Bhoird Rialaithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais; á thabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte nach rabhthas in ann aon cheann de na dearbhuithe coinbhleachta leasa agus gan ach leath de na CVanna a fhoilsiú faoi dheireadh 2020 toisc nár thíolaic ach líon beag de chomhaltaí an Bhoird Rialaithe an fhaisnéis go hiomchuí; á thabhairt dá haire gur mheabhraigh an Comhghnóthas roinnt uaireanta do chomhaltaí an Bhoird Rialaithe na dearbhuithe coinbhleachta leasa a bhí in easnamh a chur isteach, agus, i mí an Mheithimh 2021, go raibh 28 % de CVanna agus de dhearbhuithe coinbhleachta leasa fós in easnamh (12 as 43 ionadaí ghníomhacha reatha), agus gur cuireadh tuarascáil stádais faoi bhráid chomhaltaí an Bhoird Rialaithe agus gur míníodh gur measadh aon chomhalta nár chomhlíon na ceanglais maidir le dearbhú coinbhleachta leasa agus CV a bheith de facto i staid coinbhleachta leasa, staid a bhfuil eisiamh ó phróiseas cinnteoireachta an Bhoird Rialaithe mar thoradh air; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon fhorbairt i dtaca leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
26. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte go bhfuil Comhsheirbhís Iniúchóireachta an Choimisiúin (CAS) freagrach as iniúchadh ex-post a dhéanamh ar íocaíochtaí leis an gclár Fís 2020 a rinne an Comhghnóthas agus, bunaithe ar na torthaí iniúchta ex-post a bhí ar fáil ag deireadh 2020, gur thuairiscigh an Comhghnóthas ráta earráide ionadaíoch 2,9 % agus ráta earráidí iarmharacha 1,99 % do thionscadail an chláir Fís 2020 (imréitigh agus íocaíochtaí deiridh); ag cur sonrú ar thogra le haghaidh rialachán ón gCoimisiún maidir le Fís 2020 a bhfuil sé mar aidhm dheiridh leis, maidir leis an leibhéal earráide iarmharaí tráth a ndúnfar na cláir tar éis thionchar airgeadais na n-iniúchtaí, na mbeart ceartúcháin agus aisghabhála uile a bheith curtha san áireamh, go mbainfidh sé leibhéal amach atá chomh gar agus is féidir do 2 %; |
|
27. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Comhghnóthas measúnú in 2020 ar a ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trí chleachtadh tríú geata rialaithe agus gur cuireadh san áireamh sa chleachtadh na táirgí insoláthartha agus na tuarascálacha a cuireadh isteach i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil ar na tionscadail ghníomhacha arna gcomhordú ag na comhaltaí eile agus ag an am céanna gur áirithíodh tríd an bpróiseas sin go ndearnadh an moladh a rinneadh le linn an mheasúnaithe geata rialaithe a rinneadh roimhe sin a chur i bhfeidhm i gceart; |
|
28. |
ag tabhairt dá haire gur lean an Comhghnóthas de Straitéis Frithchalaoise Shift2Rail 2017-2020 a chur chun feidhme, ar straitéis frithchalaoise shaincheaptha í lena gcomhlánaítear Fís 2020 agus i gcomhréir leis sin, go n-úsáidtear cúig tháscaire chun torthaí gníomhaíochtaí coiscthe agus braite calaoise a thuairisciú, agus go gcumhdaítear sa phlean gníomhaíochta gaolmhar maidir le cur chun feidhme na straitéise céimeanna éagsúla den timthriall frithchalaoise (bearta coisctheacha, braite, imscrúdaithe agus ceartaitheacha); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cumhdaíodh le linn 2020 feasacht calaoise agus rioscaí calaoise leis an suirbhé foirne, a rinneadh tar éis creat rialaithe inmheánaigh athbhreithnithe a ghlacadh, agus leis measúnú riosca faoi seach; |
|
29. |
ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt, mar chuid de na rialuithe ar íocaíochtaí oibríochtúla, iniúchadh ar shampláil randamach d’íocaíochtaí leis an gclár Fís 2020 a rinneadh in 2020, ar leibhéal na dtairbhithe deiridh chun comhthacú leis na rátaí earráide iniúchóireachta ex-post agus, i gcás amháin, gur nochtadh sna hiniúchtaí mionsonraithe earráid shistéamach mar gheall ar úsáid modha mhíchirt chun costais phearsanra dhearbhaithe a ríomh agus, i gcás eile, laige rialaithe shistéamach neamh-inchainníochtaithe a bhain le heaspa nós imeachta bailíochtaithe an tairbhí do na huaireanta dearbhaithe a oibríodh ar an tionscadal; ag cur béim ar an bhfreagra ón gComhghnóthas, maidir leis an toradh nach ann do nós imeachta bailíochtaithe an tairbhí do na huaireanta a dearbhaíodh, arna shainaithnint i dtuarascáil iniúchóireachta ex-post a rinne CAS ag deireadh 2020, nach raibh coigeartuithe airgeadais ag teastáil agus gur thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil sin go raibh córas taifeadta ama an tairbhí iontaofa, den chuid is mó, agus gur dheimhnigh an tairbhí go ndéanfaí na feabhsuithe ar an gcóras bailíochtaithe ama a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i dtaca leis sin; |
|
30. |
ag cur béim ar an bhfíoras, i dtuarascáil bhliantúil na Cúirte ar Chomhghnóthais an Aontais don bhliain airgeadais 2020, gur aimsigh an Chúirt earráidí córasacha leanúnacha sna costais phearsanra a bhí dearbhaithe ag tairbhithe, go háirithe i gcás FBManna agus tairbhithe nua; ag tabhairt dá haire go ndearnadh earráidí den sórt sin a thuairisciú go rialta freisin sna hiniúchtaí ex-post ar CAS agus ar a iniúchóirí ar conradh; á thabhairt chun suntais, ar leathanach 39 den tuarascáil sin, gur réamhchoinníoll é cuíchóiriú rialacha an chláir Fís 2020 maidir le costais phearsanra a dhearbhú agus úsáid níos leithne a bhaint as roghanna costais simplithe le haghaidh clár réime taighde a bheidh ann amach anseo, ar mhaithe le rátaí earráide a chobhsú go leibhéal níos ísle ná an leibhéal ábharthachta; ag spreagadh an Chomhghnóthais neartú a dhéanamh ar a chórais rialaithe inmheánaigh i bhfianaise gur gnách le FBManna agus tairbhithe nua níos mó earráidí a dhéanamh. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas Shift2Rail (IO L 177, 17.6.2014, lch. 9).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/506 |
CINNEADH (AE) 2022/1836 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas Shift2Rail (Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa anois) don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas Shift2Rail a don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 – C9-0112/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 642/2014 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas Shift2Rail (4), agus go háirithe Airteagal 12 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (5), agus go háirithe Airteagal 26 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir le heiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0069/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais Chomhghnóthas Shift2Rail don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas um Iarnród na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20. Tuarascáil bhliantúil CIE maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020: https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=59817
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 177, 17.6.2014, lch. 9.
(5) IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/508 |
CINNEADH (AE) 2022/1837 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0107/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagail 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú (4), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (5), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialahchán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2022), |
|
1. |
ag deonú urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 252, 8.10.2018, lch. 1.
(5) IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/510 |
RÚN (AE) 2022/1838 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2022), |
|
A. |
de bhrí gur bunaíodh an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (“an Comhghnóthas”) in 2018 le Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle (1) don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2026 agus é mar mhisean aige bonneagar comhtháite sár-ríomhaireachta agus sonraí den chéad scoth a fhorbairt, a imscaradh, a leathnú agus a chothabháil san Aontas agus éiceachóras ríomhaireachta ardfheidhmíochta atá thar a bheith iomaíoch agus nuálach a fhorbairt agus tacú leis; |
|
B. |
de bhrí go ndearnadh uathriail ar an gComhghnóthas an 23 Meán Fómhair 2020; |
|
C. |
de bhrí gurb iad an tAontas, arna ionadú ag an gCoimisiún, tíortha atá ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas (na “Stáit Rannpháirteacha”) agus na cumainn phríobháideacha atá ina gcomhaltaí den Chomhghnóthas (arna n-ionadú ag an Ardán Eorpach Teicneolaíochta don Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta (ETP4HPC) agus ag na Comhlachais um Luach Mórshonraí, (BDVA)) comhaltaí bunaidh an Chomhghnóthais faoi Rialachán (AE) 2018/1488 (na comhaltaí príobháideacha); |
|
D. |
de bhrí gurb é EUR 486 000 000 ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas (lena n-áirítear leithreasuithe CSTE) faoi Rialachán (AE) 2018/1488, arb é atá inti uasmhéid EUR 386 000 000 ó Fhís 2020, lena n-áirítear EUR 10 000 000 ar a laghad le haghaidh costais riaracháin, agus uasmhéid EUR 100 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; de bhrí go ndéanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht EUR 10 000 000 ar a laghad le costais riaracháin an Chomhghnóthais agus, ina theannta sin, go ndéanfaidh siad ranníocaíocht le costais oibriúcháin an Chomhghnóthais, ar ranníocaíocht í atá i gcomhréir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais (EUR 486 000 000); de bhrí go bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh na Stáit Rannpháirteacha ranníocaíocht EUR 476 000 000 ar a laghad le costais oibriúcháin an Chomhghnóthais; de bhrí go ndéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíochtaí EUR 422 000 000 ar a laghad leis an gComhghnóthas, lena n-áirítear EUR 2 000 000 le haghaidh costais riaracháin, nó go socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis agus a n-eintitis chleamhnaithe na ranníocaíochtaí sin; de bhrí, faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020, go ndéanfar tús-ualú ar ranníocaíocht an Aontais le costais riaracháin chun costais oibriúcháin a chumhdach go dtí 2023, agus go dtí 2023 amháin; de bhrí go gcumhdóidh na Stáit Rannpháirteacha agus na comhaltaí príobháideacha costais riaracháin an Chomhghnóthais ina n-iomláine ó 2024 amach; |
Barúlacha ginearálta
|
1. |
ag tabhairt dá haire gur mhol an Coimisiún, an 18 Meán Fómhair 2020, rialachán nua ón gComhairle lena gceadaítear don Chomhghnóthas leanúint d’fhorbairt na ríomhaireachta ardfheidhmíochta san Eoraip don chéad 10 mbliana eile i gcomhthéacs chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, a glacadh le déanaí; ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí air sin gur glacadh Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle (2); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur athraigh BDVA a ainm go “Data, AI and Robotics” (DAIRO) in 2020; |
|
2. |
ag tabhairt dá haire gur tharla an t-aistriú sa chóras cuntasaíochta i mí Mheán Fómhair 2020 agus gur aistrigh an Coimisiún cistí i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus gur ceapadh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar oifigeach cuntasaíochta an Chomhghnóthais i mí an Mheithimh 2020; |
Bainistiú buiséid agus airgeadais
|
3. |
ag tabhairt dá haire sa tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí (“an Chúirt”) maidir le cuntais bhliantúla an Chomhghnóthais (“tuarascáil na Cúirte”) go meastar go gcuirtear i láthair go cothrom i gcuntais bhliantúla 2020, ar gach slí ábhartha, staid airgeadais an Chomhghnóthais an 31 Nollaig 2020, torthaí a chuid oibríochtaí, a shreafaí airgid thirim, agus na hathruithe ar ghlansócmhainní don bhliain sin a tháinig chun deiridh, i gcomhréir lena Rialachán Airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go luaitear sa tuarascáil ón gCúirt go bhfuil na na hidirbhearta is bun leis na cuntais dleathach agus rialta, ar gach slí ábhartha; |
|
4. |
ag tabhairt dá haire gur EUR 190 919 000 in airgead tirim ar an iomlán a bhí sna ranníocaíochtaí a rinne an tAontas ag deireadh 2020, lena n-áirítear EUR 188 549 000 le haghaidh costais oibriúcháin agus EUR 2 370 000 le haghaidh costais riaracháin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur EUR 28 862 000 a bhí sa ranníocaíocht airgeadais ó Stáit Rannpháirteacha ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire, sa ranníocaíocht airgid thirim le costais oibiúcháin, go n-áirítear freisin EUR 12 296 000 i ranníocaíochtaí airgid thirim neamhíoctha a bhaineann le 2020, ar eisíodh ordú aisghabhála ina leith, ach nár tiontaíodh go hairgead tirim go fóill iad; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ag deireadh na bliana 2020, nach raibh aon ranníocaíochtaí comhchineáil bailíochtaithe déanta ag na Stáit Rannpháirteacha nó ag na comhaltaí príobháideacha le gníomhaíochtaí oibríochtúla; |
|
5. |
ag tabhairt dá haire, i mbuiséad deiridh an Chomhghnóthais a bhí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, ar buiséad é lena n-áirítear leithreasuithe ath-iontráilte ó bhlianta roimhe sin, ioncam sannta agus ath-leithdháiltí don chéad bhliain eile, go raibh EUR 509 075 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 181 489 000 i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí san áireamh ann; ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte gurbh ionann na rátaí cur chun feidhme le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 95,5 % agus 22,5 % faoi seach do thionscadail an chláir Fís 2020, agus gurb é is cúis leis an leibhéal íseal cur chun feidhme i dtaca leis na leithreasuithe íocaíochta ná go ndearna an Coimisiún an buiséad íocaíochta bliantúil iomlán a aistriú chuig an gComhghnóthas nuair a bhain sé a uathriail airgeadais amach an 23 Meán Fómhair 2020; |
|
6. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, mar thoradh ar mhoilleanna ar earcú príomhbhall foirne, mar aon le tionchar phaindéim COVID-19 ar na costais a bhí beartaithe le haghaidh TF, cumarsáid, misin, cruinnithe, imeachtaí agus seirbhísí eile, gur laghdaíodh go suntasach na rátaí cur chun feidhme i dtaca leis an mbuiséad íocaíochta riaracháin, arbh ionann é agus thart ar 1,5 % den bhuiséad iomlán a bhí ar fáil, go 16,5 % ag deireadh 2020; ag tabhairt dá haire nár bhain an Comhghnóthas úsáid as na leithreasuithe uile faoi chomhair gealltanas maidir le riarachán agus nár gealladh ach 29 % faoi Theideal 1, agus nár gealladh ach 19 % faoi Theideal 2 mar gheall ar an bpaindéim agus an fíoras go ndearnadh uathriail ar an gComhghnóthas i mí Mheán Fómhair 2020; |
|
7. |
ag tabhairt dá haire ó thuarascáil na Cúirte, le haghaidh 2020, go raibh buiséad íocaíochta oibríochtúil an Chomhghnóthais beartaithe le haghaidh réamh-mhaoiniú a bhaineann leis an trí réamhtheachtaí a bhí ann roimh shár-ríomhairí eacsascálaithe agus cúig shár-ríomhairí peiteascála (PetaSC) a fháil le haghaidh suim EUR 134 874 000 agus le haghaidh glaonna comhlánaithe ar thograí le haghaidh méid EUR 44 052 000; ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, nach bhféadfaí íocaíochtaí réamh-mhaoinithe a dhéanamh ach amháin i leith na gconarthaí sínithe a bhaineann le réamhtheachtaí ríomhairí eacsascálaithe (Leonardo) agus PetaSC, arb ionann iad agus EUR 34 288 000, agus i leith comhaontuithe deontais sínithe, arb ionann iad agus EUR 6 083 000, agus go raibh ráta íseal cur chun feidhme de 22,6 % i dtaca le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí oibriúcháin mar thoradh air sin; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
Soláthar agus Foireann
|
8. |
ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2020, go raibh 11 earcú curtha i gcrích, lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus go bhfuil an fhoireann a roghnaíodh ag obair don Chomhghnóthas; ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, ós rud é nach mór aghaidh a thabhairt go fóill ar an ngá atá le bpríomhfhoireann riaracháin, go bhfuil rioscaí ann ó thaobh laigí i mbainistiú airgeadais, buiséid agus foirne, agus sna próisis rialaithe inmheánaigh le haghaidh íocaíochtaí oibríochtúla agus ranníocaíochtaí comhchineáil, agus go bhféadfadh leibhéal suntasach iomlaoide foirne a bheith mar thoradh ar chion ard na foirne conarthacha (74 %) go luath, rud a mhéadóidh tuilleadh na rioscaí dá chórais bhainistíochta; á chur i bhfios go bhféadfadh sé sin tionchar diúltach a imirt ar fheidhmíocht fhoriomlán an Chomhghnóthais, amhail coimeád na bpríomhinniúlachtaí, bealaí neamhshoiléire cuntasachta agus éifeachtúlacht níos ísle foirne; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon fhorbairt i dtaca leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
|
9. |
ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, ó thuarascáil na Cúirte go measann an Chúirt nach bhfuil foireann leordhóthanach ag an gComhghnóthas faoi láthair i bhfianaise an ualaigh oibre atá air i ndáil leis na próisis riaracháin agus oibríochtúla agus na chéad ghníomhaíochtaí tábhachtacha atá aige, agus gur dhírigh an Comhghnóthas, le linn shocrú eagraíochtúil 2020, go príomha ar na príomhphróisis agus na príomhchúraimí oibríochtúla a áirithiú, ach nach raibh sé in ann, faoin bplean bunaíochta comhaontaithe, príomhfhoireann riaracháin a earcú, go háirithe an ceann riaracháin agus airgeadais agus an bainisteoir um rialú inmheánach agus um chomhordú iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil bhliantúil an Chomhghnóthais, a luaithe is a bhí an Comhghnóthas uathrialach, gur cuireadh tús leis an earcaíocht d’oifigeach buiséid agus cuntasaíochta, d’oifigeach dlí agus d’oifigeach acmhainní daonna ag deireadh 2020 agus go ndeachaigh an triúr ball foirne i dtrácht i mbun oibre in 2021; |
|
10. |
ag tabhairt dá haire, agus is cúis bhuartha di, go mbaineann dúshláin le paindéim COVID-19 d’fhostaithe, go háirithe agus dálaí maireachtála éagsúla, an easpa rochtana ar spás oifige agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an leithlisiú á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gComhghnóthas díriú ar dhea-bhail na bhfostaithe, ar bhainistiú struis agus ar chothromaíocht oibre is saoil; á iarraidh ar bhainistíocht an Chomhghnóthais a áirithiú go mbeidh struchtúir tacaíochta iomchuí i bhfeidhm chun dea-bhail shíceolaíoch na foirne a áirithiú; |
|
11. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh ocht nglao ar shár-ríomhairí (trí réamhtheachtaí eicsea-scála agus cúig réamhtheachtaí pheiteascála) in 2019 agus go ndearnadh meastóireacht orthu le linn 2020; ag tabhairt dá haire, tar éis dó an uathriail a bhaint amach, gur shínigh an Comhghnóthas conarthaí le haghaidh sé ríomhaire ardfheidhmíochta — níos cruinne fós, ceithre chonradh le haghaidh sár-ríomhairí peiteascála (MeluXina, Euro-IT4I/Karolina, VEGA agus PetaSC/Discoverer) agus dhá réamhtheachtaí le haghaidh sár-ríomhairí eicsea-scála (Leonardo agus LUMI); |
|
12. |
ag tabhairt dá haire gur tugadh fógra foirmiúil don Chomhghnóthas go bhfuil achomharc seolta ag díoltóir chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun cinneadh ón gComhghnóthas an 29 Meán Fómhair 2020 a neamhniú, cinneadh a bhain le nós imeachta chun réamhtheachtaithe na sár-ríomhairí eicsea-scála a fháil, a sheachadadh agus a shuiteáil, agus crua-earraí agus bogearraí na sár-ríomhairí sin a chothabháil; á iarraidh ar an gComhghnóthas aon fhorbairt i dtaca leis sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; |
Feidhmíocht
|
13. |
ag cur sonrú ar thrí phríomhchuspóir an Chomhghnóthais in 2020, eadhon uathriail a bhaint amach, glaonna taighde agus nuálaíochta 2020 a chur chun feidhme, agus gníomhaíochtaí bonneagair a chur chun feidhme; |
|
14. |
ag tabhairt dá haire gur seoladh dhá ghlao in 2019 (“I dTreo Teicneolaíochtaí agus Feidhmchláir Mhórscála’ agus ‘Úsáid agus bonn scileanna na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a Nuáil agus a Leathnú”), agus dhá ghlao in 2020 (“Ardtreoirthionscnaimh i dtreo sár-ríomhairí Eorpacha agus treoirthionscnamh ar ionsamhlóir chandamach” agus “Comhaontú um Chomhpháirtíocht Réime i dteicneolaíochtaí Eorpacha micreaphróiseálaí ísealchumhachta (Céim 2)”) i gcomhréir leis na pleananna oibre bliantúla ábhartha; |
|
15. |
á chur in iúl gur geal léi, mar a cuireadh chun suntais sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2020 ón gComhghnóthas, as 37 saineolaí san iomlán, gur mná iad 43 % díobh, gur fir iad 57 % díobh agus gur tháinig siad as 23 thír éagsúla; á mholadh don Chomhghnóthas leanúint den leibhéal cothromaíochta inscne sin a choinneáil; |
|
16. |
ag tabhairt dá haire, in 2020, nach bhfuil ach roinnt eochairtháscairí feidhmíochta ginearálta de chuid an chláir Fís 2020 sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2020 agus go ndéanfar eochairtháscairí feidhmíochta deiridh an Chomhghnóthais don chlár Fís Eorpach a nuashonrú i gcomhréir le Rialachán athbhreithnithe an Chomhghnóthais a glacadh i mí Lúnasa 2021; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
Rialú inmheánach
|
17. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, go bhfuil nósanna imeachta rialaithe ex-ante iontaofa curtha ar bun ag an gComhghnóthas bunaithe ar athbhreithnithe airgeadais agus oibríochtúla doiciméad, agus, ag deireadh 2020, gur chuir an Comhghnóthas creat rialaithe inmheánaigh an Choimisiúin chun feidhme, ar creat é atá bunaithe ar 17 bprionsabal rialaithe inmheánaigh den chuid is mó, ach, mar sin féin, i gcás na bprionsabal rialaithe a bhaineann le measúnú riosca, agus le gníomhaíochtaí rialaithe agus faireacháin, go bhfuil gá ann fós roinnt gníomhaíochtaí a chur i gcrích; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; |
|
18. |
ag tabhairt dá haire, ó thuarascáil na Cúirte, ag deireadh 2020, nach raibh nósanna imeachta iontaofa forbartha ag an gComhghnóthas chun ranníocaíochtaí comhchineáil arna ndearbhú ag na Stáit Rannpháirteacha agus ag na comhaltaí príobháideacha a bhailíochtú agus a dheimhniú, agus nár bhunaigh sé nós imeachta cuntasaíochta iomchuí chun na ranníocaíochtaí comhchineáil sin a aithint ach oiread; ag tabhairt chun suntais go gcuireann an staid sin bac ar chumas an Chomhghnóthais bainistiú, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghnóthú an leibhéil íosta ranníocaíochtaí comhchineáil atá le déanamh ag na Stáit Rannpháirteacha agus ag na comhaltaí phríobháideacha; á iarraidh ar an gComhghnóthas tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil nósanna imeachta éagsúla ann ar fud na gComhghnóthas maidir le ríomh na ranníocaíochtaí comhchineáil agus á iarraidh go ndéanfar iad a chomhchuibhiú; |
Coinbhleacht leasa a chosc agus a bhainistiú, agus straitéis frithchalaoise
|
19. |
ag tabhairt dá haire go bhfuil sraith chuimsitheach rialacha agus nósanna imeachta forbartha ag an gComhghnóthas chun creat soiléir a chur ar fáil dá mbaill foirne i dtaca lena gcuid oibre agus go bhfuil feidhm ag na rialacha sin ar fud a struchtúir rialachais ina iomláine; |
|
20. |
ag tabhairt dá haire gur ghlac Bord Rialaithe an Chomhghnóthais an comhstraitéis frithchalaoise taighde agus go gcuirfidh sé chun feidhme í i gcomhréir le cinneadh Uimh. 7/2021 uaidh. |
(1) IO L 252, 8.10.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3).
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 258/514 |
CINNEADH (AE) 2022/1839 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 4 Bealtaine 2022
ar dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le Comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na Comhghnóthais (1), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0107/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1488 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (4), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (5), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
|
— |
ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0078/2022), |
|
1. |
ag formheas dhúnadh chuntais an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Klaus WELLE
(1) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(2) IO C 458, 12.11.2021, lch. 20.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 252, 8.10.2018, lch. 1.
(5) IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.