|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 251 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
|
29.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 251/1 |
CINNEADH (AE) 2022/1665 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Meán Fómhair 2022
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Meitheamh 2018, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (“an Comhaontú”). |
|
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil an 12 Iúil 2022 le hinisiliú an Chomhaontaithe. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a shíniú, thar ceann an Aontais, de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
RIALACHÁIN
|
29.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 251/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1666 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2022
lena gceartaítear an leagan Danmhairgise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid faisnéis bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (1), agus go háirithe Airteagal 8(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Danmhairgise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i gCuid 1, pointe 4(c), d’Iarscríbhinn II a athraíonn brí na forála. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Danmhairgise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 352, 9.12.2014, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).
|
29.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 251/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1667 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Iúil 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cásanna d’amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó i gcásanna d’amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de.
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagail 19(2)(a) agus 19(2)(b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Laitvise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún (2) tá earráid in aithris 6, in Airteagal (4)(4), san abairt tosaigh, in Airteagal 6, i dteideal Airteagal 6(1), in Airteagal 6(2), san abairt tosaigh, agus in Airteagal 8, an chéad mhír, a athraíonn brí na bhforálacha. |
|
(2) |
Tá earráid sa leagan Cróitise, Fraincise, Gearmáinise agus Máltaise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 in Airteagal 6(3), an dara fleasc, agus cuirtear coinníollacha níos déine i bhfeidhm ar na hoibreoirí dá bharr. |
|
(3) |
Ba cheart na hearráidí sna leaganacha Cróitise, Fraincise, Gearmáinise, Laitvise agus Máltaise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cásanna d’amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheatha nó i gcásanna d’amhras go bhfuil neamhchomhlíontacht ann nó neamhchomhlíontacht arna suí le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).
CINNTÍ
|
29.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 251/6 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1668 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Meán Fómhair 2022
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus le córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe d’Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh. |
|
(2) |
Le litir BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92 an 12 Nollaig 1994, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“an iarraidh”). Cuireadh Treoir 2014/34/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/9/CE. Is in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE a leagtar amach na ceanglais sin faoi láthair. |
|
(3) |
Go háirithe, iarradh ar CEN agus Cenelec caighdeáin nua a dhréachtú maidir le dearadh agus tástáil trealaimh atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach mar a léirítear i gCaibidil I den chlár caighdeánúcháin a comhaontaíodh idir CEN, Cenelec agus an Coimisiún, clár a cuireadh i gceangal leis an iarraidh. Ina theannta sin, iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin a bhí ann cheana a athbhreithniú d’fhonn iad a ailíniú le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta Threoir 94/9/CE. |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe “EN 15967:2022 - Uasbhrú pléasctha agus an t-uasráta ardaithe brú gás agus gal a chinneadh”. |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann caighdeán “EN 15967:2022” a dhréachtaigh CEN an iarraidh. |
|
(6) |
Comhlíonann caighdeán “EN 15967:2022” na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. Is iomchuí dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Cuirtear caighdeán “EN 15967:2022” in ionad chaighdeán EN 15967:2011. Dá bhrí sin, is gá an tagairt do chaighdeán “EN 15967:2011” a foilsíodh i dTeachtaireacht 2018/C 371/01 ón gCoimisiún (4) a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú don leagan athbhreithnithe de chaighdeán “EN 15967:2011”, is gá tarraingt siar na tagartha don chaighdeán sin a chur siar. |
|
(9) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, is i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún (5) agus i dTeachtaireacht 2018/C 371/01 atá siad foilsithe faoi láthair. |
|
(10) |
Rinneadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, agus ós rud é gur gá leasú breise a dhéanamh ar an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin a aisghairm agus a ionadú. |
|
(11) |
Tarraingíodh siar go leor de na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh i dTeachtaireacht 2018/C 371/01. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202, déantar foráil maidir le tarraingt siar na dtagairtí atá fágtha do na caighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh leis an Teachtaireacht sin. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, ba cheart Teachtaireacht 2018/C 371/01 a aisghairm. Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do na leaganacha athbhreithnithe de na caighdeáin lena mbaineann, ba cheart go leanfadh Teachtaireacht 2018/C 371/01 d’fheidhm a bheith aici go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann a foilsíodh leis an Teachtaireacht sin. |
|
(12) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréireacht ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach chun tacú le Treoir 2014/34/AE, tagairtí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202.
Airteagal 3
Aisghairtear Teachtaireacht 2018/C 371/01. Beidh feidhm aici go fóill, áfach, i leith na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).
(3) Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 100, 19.4.1994, lch. 1).
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 371, 12.10.2018, lch. 1).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 15.7.2019, lch. 71).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
1. |
EN 1010-1:2004+A1:2010 Sábháilteacht innealra - Ceanglais sábháilteachta maidir le dearadh agus tógáil meaisíní priontála agus tiontaithe páipéir - Cuid 1: Ceanglais choiteanna |
|
2. |
EN 1010-2:2006+A1:2010 Sábháilteacht innealra - Ceanglais sábháilteachta maidir le dearadh agus tógáil meaisíní priontála agus tiontaithe páipéir - Cuid 2: Meaisíní priontála agus vearnaiseála lena n-áirítear innealra réamhphreasa |
|
3. |
EN 1127-1:2019 Atmaisféir phléascacha - Pléascadh a chosc agus cosaint ar phléascadh - Cuid 1: Bunchoincheapa agus modheolaíocht |
|
4. |
EN 1127-2:2014 Atmaisféir phléascacha - Pléascadh a chosc agus cosaint ar phléascadh - Cuid 2: Bunchoincheapa agus modheolaíocht le haghaidh mianadóireachta |
|
5. |
EN 1755:2015 Trucailí tionsclaíocha - Ceanglais sábháilteachta agus fíorú sábháilteachta - Ceanglais bhreise maidir le hoibriú in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
|
6. |
EN 1834-1:2000 Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha - Ceanglais sábháilteachta maidir le dearadh agus tógáil inneall lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach - Cuid 1: Innill Ghrúpa II lena n-úsáid in atmaisféir gáis agus gaile inadhainte |
|
7. |
EN 1834-2:2000 Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha - Ceanglais sábháilteachta maidir le dearadh agus tógáil inneall lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach - Cuid 2: Innill Ghrúpa I lena n-úsáid in oibreacha faoi thalamh atá soghabhálach i leith gás mianaigh agus/nó deannach indóite |
|
8. |
EN 1834-3:2000 Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha - Ceanglais sábháilteachta maidir le dearadh agus tógáil inneall lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach - Cuid 3: Innill Ghrúpa II lena n-úsáid in atmaisféir deannaigh inadhainte |
|
9. |
EN 1839:2017 Na teorainneacha pléasctha agus an tiúchan teorantach ocsaigine (LOC) a chinneadh i gcás gáis agus gala inadhainte |
|
10. |
EN 1953:2013 Trealamh adamhaithe agus spraeála le haghaidh ábhair bhrataithe — Ceanglais sábháilteachta |
|
11. |
EN 12581:2005+A1:2010 Gléasra brataithe - Innealra le haghaidh bratú tumtha agus leictridheascadh ábhar leachtach orgánach brataithe - Ceanglais sábháilteachta |
|
12. |
EN 12621:2006+A1:2010 Innealra le haghaidh soláthar agus cúrsaíocht ábhar brataithe faoi bhrú - Ceanglais sábháilteachta |
|
13. |
EN 12757-1:2005+A1:2010 Innealra measctha le haghaidh ábhair bhrataithe - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 1: Innealra measctha lena úsáid in ath-bhailchríochnú feithiclí |
|
14. |
EN 13012:2021 Stáisiúin pheitril - Tógáil agus feidhmíocht buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla |
|
15. |
EN 13237:2012 Atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach - Téarmaí agus sainmhínithe maidir le trealamh agus córais chosanta atá beartaithe lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
|
16. |
EN 13616-1:2016 Gairis chun rólíonadh a chosc le haghaidh umair statacha i gcomhair breoslaí leachtacha - Cuid 1: Gairis chun rólíonadh a chosc a bhfuil dúntán orthu |
|
17. |
EN 13617-1:2021 Stáisiúin pheitril - Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht caidéal méadraithe, dáileoirí agus aonad caidéalaithe cianda |
|
18. |
EN 13617-2:2021 Stáisiúin pheitril - Cuid 2: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí |
|
19. |
EN 13617-3:2021 Stáisiúin pheitril - Cuid 3: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht comhlaí fiartha |
|
20. |
EN 13617-4:2021 Stáisiúin pheitril - Cuid 4: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí |
|
21. |
EN 13760:2021 Trealamh agus oiriúintí GPL - Córas líonta GPL mótarfheithiclí le haghaidh feithiclí éadroma agus feithiclí tromshaothair - Buinne, ceanglais tástála agus toisí |
|
22. |
EN 13852-1:2013 Craenacha - Craenacha amach ón gcósta - Cuid 1: Craenacha ilchuspóireacha amach ón gcósta |
|
23. |
EN 13852-3:2021 Craenacha - Craenacha amach ón gcósta - Cuid 3: Craenacha éadroma amach ón gcósta Fógra 1: Na tagairtí normatacha dá dtagraítear i gclásal 2 de chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60079-0:2018, is é an léamh a dhéanfar orthu gur tagairtí do EN IEC 60079-0:2018 arna cheartú le EN IEC 60079-0:2018/AC:2020-02 atá iontu Fógra 2: Na tagairtí normatacha dá dtagraítear i gclásal 2 de chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 80079-36:2016, is é an léamh a dhéanfar orthu gur tagairtí do EN ISO 80079-36:2016 arna cheartú le EN ISO 80079-36:2016/AC:2019 atá iontu Srian: ní chumhdaíonn an foilseachán seo an chuid seo a leanas den chaighdeán: an colún “Barúlacha/Nótaí” i dTábla ZB.1 |
|
24. |
EN 14034-1:2004+A1:2011 Saintréithe pléasctha scamall deannaigh a chinneadh - Cuid 1: Uasbhrú pléasctha pmax na scamall deannaigh a chinneadh |
|
25. |
EN 14034-2:2006+A1:2011 Saintréithe pléasctha scamall deannaigh a chinneadh - Cuid 2: An t-uasráta ardaithe brú pléasctha (dp/dt) uasta scamall deannaigh a chinneadh |
|
26. |
EN 14034-3:2006+A1:2011 Saintréithe pléasctha scamall deannaigh a chinneadh - Cuid 3: Íosteorainn sophléascachta LEL scamall deannaigh a chinneadh |
|
27. |
EN 14034-4:2004+A1:2011 Saintréithe pléasctha scamall deannaigh a chinneadh - Cuid 4: Tiúchan teorantach ocsaigine LOC scamall deannaigh a chinneadh |
|
28. |
EN 14373:2021 Córais phlúchta pléisce |
|
29. |
EN 14460:2018 Trealamh atá frithsheasmhach in aghaidh pléasctha |
|
30. |
EN 14491:2012 Córais chosanta chun pléascán deannaigh a scaoileadh |
|
31. |
EN 14492-1:2006+A1:2009 Craenacha - Crainn tochrais agus ardaitheoirí cumhacht-thiomáinte - Cuid 1: Crainn tochrais chumhacht-thiomáinte EN 14492-1:2006+A1:2009/AC:2010 |
|
32. |
EN 14492-2:2006+A1:2009 Craenacha - Crainn tochrais agus ardaitheoirí cumhacht-thiomáinte - Cuid 2: Ardaitheoirí cumhacht-thiomáinte EN 14492-2:2006+A1:2009/AC:2010 |
|
33. |
EN 14522:2005 Teocht uathadhainte gás agus gal a chinneadh |
|
34. |
EN 14591-1:2004 Pléascadh a chosc agus cosaint ar phléascadh i mianaigh faoi thalamh - Córais chosanta - Cuid 1: Struchtúr aerála pléascdhíonach 2-bharra EN 14591-1:2004/AC:2006 |
|
35. |
EN 14591-2:2007 Pléascadh a chosc agus cosaint ar phléascadh i mianaigh faoi thalamh - Córais chosanta - Cuid 2: Bacainní umair uisce éighníomhacha EN 14591-2:2007/AC:2008 |
|
36. |
EN 14591-4:2007 Pléascadh a chosc agus cosaint ar phléascadh i mianaigh faoi thalamh - Córais chosanta - Cuid 4: Córais mhúchta uathoibríocha le haghaidh géag-ghearrthóirí EN 14591-4:2007/AC:2008 |
|
37. |
EN 14677:2008 Sábháilteacht innealra - Déanamh cruach tánaisteach - Innealra agus trealamh chun cruach leachtach a chóireáil |
|
38. |
EN 14678-1:2013 Trealamh agus oiriúintí GPL - Tógáil agus feidhmíocht trealaimh LPG le haghaidh stáisiúin seirbhíse mótarfheithiclí - Cuid 1: Dáileoirí |
|
39. |
EN 14681:2006+A1:2010 Sábháilteacht innealra - Ceanglais sábháilteachta maidir le hinnealra agus trealamh chun cruach a tháirgeadh le stuafhoirnéisí leictreacha |
|
40. |
EN 14797:2006 Gairis chun pléascán a scaoileadh |
|
41. |
EN 14973:2015 Criosanna iompair lena n-úsáid i suiteálacha faoi thalamh - Ceanglais sábháilteachta leictreacha agus inadhainteachta |
|
42. |
EN 14983:2007 Pléascadh a chosc agus cosaint ar phléascadh i mianaigh faoi thalamh - Trealamh agus córais chosanta chun gás mianaigh a dhraenáil |
|
43. |
EN 14986:2017 Dearadh gaothrán a oibrítear in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
|
44. |
EN 14994:2007 Córais chosanta chun pléascán gáis a scaoileadh |
|
45. |
EN 15089:2009 Córais leithlisithe pléisce |
|
46. |
EN 15188:2020 Iompraíocht uathadhainte carn deannaigh a chinneadh |
|
47. |
EN 15198:2007 Modheolaíocht chun measúnú riosca a dhéanamh ar threalamh neamhleictreach agus ar chomhpháirteanna atá beartaithe lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
|
48. |
EN 15233:2007 Modheolaíocht chun measúnú sábháilteachta feidhmiúla a dhéanamh ar chórais chosanta le haghaidh atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
|
49. |
EN 15268:2008 Stáisiúin pheitril — Ceanglais sábháilteachta maidir le cóimeálacha caidéil intumtha a thógáil |
|
50. |
EN 15794:2009 Pointí pléasctha leachtanna inadhainte a chinneadh |
|
51. |
EN 15967:2022 Uasbhrú pléasctha agus an t-uasráta ardaithe brú gás agus gal a chinneadh |
|
52. |
EN 16009:2011 Gairis chun pléascán gan lasair a scaoileadh |
|
53. |
EN 16020:2011 Atreodóirí pléasctha |
|
54. |
EN 16447:2014 Comhlaí plapa leithlisithe pléasctha |
|
55. |
EN ISO 16852:2016 Coscairí lasair - Ceanglais feidhmíochta, modhanna tástála agus teorainneacha úsáide (ISO 16852:2016) |
|
56. |
EN 17077:2018 Iompraíocht dhó sraitheanna deannaigh a chinneadh |
|
57. |
EN 50050-1:2013 Trealamh spraeála láimhe leictreastatach - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 1: Trealamh spraeála láimhe le haghaidh ábhair leachtacha bhrataithe inadhainte |
|
58. |
EN 50050-2:2013 Trealamh spraeála láimhe leictreastatach - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 2: Trealamh spraeála láimhe le haghaidh púdar brataithe inadhainte |
|
59. |
EN 50050-3:2013 Trealamh spraeála láimhe leictreastatach - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 3: Trealamh spraeála láimhe le haghaidh flocas inadhainte |
|
60. |
EN 50104:2010 Gaireas leictreach chun ocsaigin a bhrath agus a thomhas - Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála |
|
61. |
EN 50176:2009 Trealamh leata leictreastatach do-aistrithe le haghaidh ábhar leachtach brataithe inadhainte - Ceanglais sábháilteachta |
|
62. |
EN 50177:2009 Trealamh leata leictreastatach do-aistrithe le haghaidh púdair bhrataithe inadhainte - Ceanglais sábháilteachta EN 50177:2009/A1:2012 |
|
63. |
EN 50223:2015 Trealamh leata leictreastatach do-aistrithe le haghaidh ábhar flocais inadhainte - Ceanglais sábháilteachta |
|
64. |
EN 50271:2018 Gaireas leictreach chun gáis indóite, gáis thocsaineacha nó ocsaigin a bhrath agus a thomhas - Ceanglais agus tástálacha maidir le gaireas ina n-úsáidtear bogearraí agus/nó teicneolaíochtaí digiteacha |
|
65. |
EN 50281-2-1:1998 Gaireas leictreach lena úsáid i láthair deannaigh indóite - Cuid 2-1: Modhanna tástála - Modhanna chun íosteochtaí adhainte deannaigh a chinneadh EN 50281-2-1:1998/AC:1999 |
|
66. |
EN 50303:2000 Trealamh Ghrúpa I, Chatagóir M1 atá beartaithe chun a bheith feidhmiúil go fóill in atmaisféir atá i mbaol de dheasca gás mianaigh agus/nó deannach guail |
|
67. |
EN 50381:2004 Seomraí aeráilte iniompartha a bhfuil nó nach bhfuil foinse inmheánach scaoilte acu EN 50381:2004/AC:2005 |
|
68. |
EN 50495:2010 Gairis sábháilteachta atá riachtanach chun go bhfeidhmeoidh trealamh go sábháilte i ndáil le rioscaí pléasctha |
|
69. |
EN IEC 60079-0:2018 Atmaisféir phléascacha - Cuid 0: Trealamh - Ceanglais ghinearálta (IEC 60079-0:2017) |
|
70. |
EN 60079-1:2014 Atmaisféir phléascacha - Cuid 1: Cosaint trealaimh trí iniaimh lasairdhíonacha “d” (IEC 60079-1:2014) |
|
71. |
EN 60079-2:2014 Atmaisféir phléascacha - Cuid 2: Cosaint trealaimh trí iniamh brúchóirithe “p” (IEC 60079-2:2014) EN 60079-2:2014/AC:2015 |
|
72. |
EN 60079-5:2015 Atmaisféir phléascacha - Cuid 5: Cosaint trealaimh trí líonach púdair “q” (IEC 60079-5:2015) |
|
73. |
EN 60079-6:2015 Atmaisféir phléascacha - Cuid 6: Cosaint trealaimh trí thumadh leachta “o” (IEC 60079-6:2015) |
|
74. |
EN 60079-7:2015 Atmaisféir phléascacha - Cuid 7: Cosaint trealaimh trí shábháilteacht mhéadaithe “e” (IEC 60079-7:2015) EN IEC 60079-7:2015/A1:2018 |
|
75. |
EN 60079-11:2012 Atmaisféir phléascacha - Cuid 11: Cosaint trealaimh trí shábháilteacht intreach “i” (IEC 60079-11:2011) |
|
76. |
EN 60079-15:2010 Atmaisféir phléascacha - Cuid 15: Cosaint trealaimh trí chineál cosanta “n” (IEC 60079-15:2010) |
|
77. |
EN 60079-18:2015 Atmaisféir phléascacha - Cuid 18: Cosaint trealaimh trí imchochlú “m” (IEC 60079-18:2014) EN 60079-18:2015/A1:2017 |
|
78. |
EN 60079-20-1:2010 Atmaisféir phléascacha - Cuid 20-1: Saintréithe ábhair le haghaidh aicmiú gáis agus gaile - Modhanna tástála agus sonraí (IEC 60079-20-1:2010) |
|
79. |
EN 60079-25:2010 Atmaisféir phléascacha - Cuid 25: Córais leictreacha atá sábháilte astu féin (IEC 60079-25:2010) EN 60079-25:2010/AC:2013 |
|
80. |
EN 60079-26:2015 Atmaisféir phléascacha - Cuid 26: Trealamh ag a bhfuil Leibhéal Cosanta Trealaimh (EPL) Ga (IEC 60079-26:2014) |
|
81. |
EN 60079-28:2015 Atmaisféir phléascacha - Cuid 28: Trealamh agus córais tarchurtha a úsáideann radaíocht optúil a chosaint (IEC 60079-28:2015) |
|
82. |
EN 60079-29-1:2016 Atmaisféir phléascacha - Cuid 29-1: Brathadóirí gáis - Ceanglais feidhmíochta brathadóirí le haghaidh gáis inadhainte (IEC 60079-29-1:2016, (Modhnaithe)) |
|
83. |
EN 60079-29-4:2010 Atmaisféir phléascacha - Cuid 29-4: Brathadóirí gáis - Ceanglais feidhmíochta brathadóirí conaire oscailte le haghaidh gáis inadhainte (IEC 60079-29-4:2009, (Modhnaithe)) |
|
84. |
EN 60079-30-1:2017 Atmaisféir phléascacha - Cuid 30-1: Téamh rianaithe friotaíochta leictrí - Ceanglais ghinearálta agus ceanglais tástála (IEC/IEEE 60079-30-1:2015, (Modhnaithe)) |
|
85. |
EN 60079-31:2014 Atmaisféir phléascacha - Cuid 31: Cosaint adhainte deannaigh trealaimh trí iniamh “t” (IEC 60079-31:2013) |
|
86. |
EN 60079-35-1:2011 Atmaisféir phléascacha - Cuid 35-1: Solas caipín lena úsáid i mianaigh atá soghabhálach i leith gás mianaigh - Ceanglais ghinearálta - Tógáil agus tástáil i ndáil leis an mbaol pléasctha (IEC 60079-35-1:2011) EN 60079-35-1:2011/AC:2011 |
|
87. |
EN ISO/IEC 80079-20-2:2016 Atmaisféir phléascacha - Cuid 20-2: Saintréithe ábhair - Modhanna tástála deannaigh indóite (ISO/IEC 80079-20-2:2016) EN ISO/IEC 80079-20-2:2016/AC:2017 |
|
88. |
EN ISO/IEC 80079-34:2011 Atmaisféir phléascacha - Cuid 34: Córais cháilíochta a chur i bhfeidhm le haghaidh monarú trealaimh (ISO/IEC 80079-34:2011) |
|
89. |
EN ISO 80079-36:2016 Atmaisféir phléascacha - Cuid 36: Trealamh neamhleictreach le haghaidh atmaisféir phléascacha - Modh bunúsach agus ceanglais bhunúsacha (ISO 80079-36:2016) |
|
90. |
EN ISO 80079-37:2016 Atmaisféir phléascacha - Cuid 37: Trealamh neamhleictreach le haghaidh atmaisféir phléascacha - Cineál neamhleictreach cosanta i gcomhair sábháilteacht tógála “c”, rialú foinsí adhainte “b”, tumadh leachta “k” (ISO 80079-37:2016) |
|
91. |
EN ISO/IEC 80079-38:2016 Atmaisféir phléascacha - Cuid 38: Trealamh agus comhpháirteanna in atmaisféir phléascacha i mianaigh faoi thalamh (ISO/IEC 80079-38:2016) EN ISO/IEC 80079-38:2016/A1:2018 |
IARSCRÍBHINN II
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
|
1. |
EN 13012:2012 Stáisiúin pheitril - Tógáil agus feidhmíocht buinní uathoibríocha lena n-úsáid ar dháileoirí breosla |
3.9.2023 |
|
2. |
EN 13617-1:2012 Stáisiúin pheitril - Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht caidéal méadraithe, dáileoirí agus aonad caidéalaithe cianda |
3.9.2023 |
|
3. |
EN 13617-2:2012 Stáisiúin pheitril - Cuid 2: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht bristeacha sábháilteachta lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí |
3.9.2023 |
|
4. |
EN 13617-3:2012 Stáisiúin pheitril - Cuid 3: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht comhlaí fiartha |
3.9.2023 |
|
5. |
EN 13617-4:2012 Stáisiúin pheitril - Cuid 4: Ceanglais sábháilteachta maidir le tógáil agus feidhmíocht sclóinte lena n-úsáid ar chaidéil mhéadraithe agus ar dháileoirí |
3.9.2023 |
|
6. |
EN 13760:2003 Córas líonta GPL mótarfheithiclí le haghaidh feithiclí éadroma agus feithiclí tromshaothair - Buinne, ceanglais tástála agus toisí |
19.11.2023 |
|
7. |
EN 14373:2005 Córais phlúchta pléisce |
19.11.2023 |
|
8. |
EN 15188:2007 Iompraíocht uathadhainte carn deannaigh a chinneadh |
27.11.2022 |
|
9. |
EN 15967:2011 Uasbhrú pléasctha agus an t-uasráta ardaithe brú gás agus gal a chinneadh |
29.3.2024 |
Ceartúcháin
|
29.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 251/17 |
Ceartúchán ar Chinneadh Uimh. 1/2022 ó Chomhchoiste an Aontais Eorpaigh-na hEilvéise an 6 Meán Fómhair 2022 lenaleasaítear Táblaí III agus IV de Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Cónaidhm na hEilvéise an 22 Iúil 1972, arna leasú [2022/1635]
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 245 an 22 Meán Fómhair 2022 )
Ar an gclúdach agus ar leathanach 66, sa teideal, agus ar leathanach 67, áit agus dáta:
in ionad:
“ 6 Meán Fómhair 2022 ”,
léitear:
“ 8 Meán Fómhair 2022 ”.