|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1609 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Meán Fómhair 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi (“Marmelada Branca de Odivelas” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Phortaingéil ar chlárú an ainm “Marmelada Branca de Odivelas” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Marmelada Branca de Odivelas” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cláraítear an t-ainm “Marmelada Branca de Odivelas” (TGFC).
Is táirge d’aicme 1.6 atá sainithe faoin ainm atá sa chéad mhír. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 219, 3.6.2022, lch. 20.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1610 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 738/2000 a mhéid a bhaineann le haicmiú feithicle a bhfuil gaireas ardaithe hiodrálach feistithe uirthi ar a bhfuil ardán oibre san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 57(4) agus 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 738/2000 ón gCoimisiún (2), maidir leis an mír a liostaítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, feithicil ceithre roth a chumhachtaítear le mótar leictreach, a bhfuil gaireas ardaithe hiodrálach le géag theileascópach feistithe uirthi, ar airde uasta 15,5 m agus ag a bhfuil acmhainn ardaithe 227 kg, ar gaireas é atá suite go buan ar dhromchla réidh agus a bhfuil ardán oibre le ráille sábháilteachta feistithe air, rinneadh í a aicmiú faoin gcód 8428 90 90 san Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), mar a dhéantar le hinnealra ardaithe eile. |
|
(2) |
Ba é an chúis le haicmiú an ghairis ardaithe a eisiamh ón gceannteideal 8427 nach bhfuil sé oiriúnach chun earraí a iompar, toisc nár dearadh é ach chun earraí agus daoine a ardú. Mar sin féin, ní eisiatar ón gceannteideal 8427 earraí nár dearadh chun earraí a iompar. Thairis sin, de réir Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 8427, cuid (B), pointe (1), áirítear faoin gceannteideal 8427 trucailí ag a bhfuil ardáin ardaithe mheicniúil chun cáblaí leictreacha, córais soilsithe phoiblí, etc. a chothabháil. |
|
(3) |
Le linn an 68ú seisiún dá chuid i mí Mheán Fómhair 2021, d’fhormheas an Coiste um an gCóras Comhchuibhithe de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim tuairim 8427.10/1 maidir le haicmiú, lena n-aicmítear táirge ar a dtugtar “Ardaitheoir Búm Altach Féinghluaiste”, ar trucail oibre í ar bhunaonad a bhfuil rothaí faoi agus atá faoi thiomáint mótair leictrigh, le búm ardaithe hiodrálach altach a bhfuil ardán oibre (cás nó caighean) suite air. Tá luas uasta 5,2 km/h (fillte) agus 0,8 km/h (neamhfhillte), airde oibre uasta 15,7 m, ollmheáchan uasta 6 500 kg agus acmhainn ardáin 227 kg ag an ardaitheoir sin. Dearadh é chun cuidiú le hoibrí oibriú in airde. Aicmíodh é faoin bhfo-cheannteideal 8427 10 de chuid an Chórais Chomhchuibhithe agus, de réir a shaintréithe oibiachtúla, comhfhreagraíonn sé don Chód AC 8427 10 10, mar thrucailí féinghluaiste faoi thiomáint mótair leictrigh, a bhfuil airde ardaithe 1 m nó níos mó acu. |
|
(4) |
I bhfianaise shaintréithe comhionanna nó an-chosúil an táirge leis an earra a dtugtar tuairisc air i bpointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 738/2000, níl aicmiú taraife an earra, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir le tuairim 8427.10/1 maidir le haicmiú. |
|
(5) |
De bhua Chinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (3), is páirtí conarthach é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, arna dhréachtú ag Comhairle um Chomhar Custaim na hEagraíochta Domhanda Custaim. Is ionstraimí treorach le haghaidh bhearta taraife an Aontais iad tuairimí maidir le rangú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe. |
|
(6) |
D’fhonn aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chórais Chomhchuibhithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ós rud é go bhfuil tuairim 8427.10/1 maidir le haicmiú i gcomhréir le foclaíocht an cheannteidil 8427 de chuid an Chórais Chomhchuibhithe agus an fho-cheannteidil 8427 10, is gá pointe 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 738/2000 a scriosadh. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 738/2000 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 738/2000, scriostar an ró a chomhfhreagraíonn do phointe 5 den tábla agus léaráid C.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 738/2000 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2000 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 87, 8.4.2000, lch. 10).
(3) Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus an Prótacal lena ndéantar leasú air, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).
CINNTÍ
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/5 |
CINNEADH (CBES) 2022/1611 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 13 Meán Fómhair 2022
maidir le Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2020/1010 (BiH/33/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (“Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh”). |
|
(2) |
An 8 Deireadh Fómhair 2018, chinn an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i bprionsabal, gur cheart Leas-Cheann Foirne Ard-Cheanncheathrú na gCumhachtaí Comhghuaillíocha san Eoraip a cheapadh mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh amhail ón 29 Márta 2019, faoi réir ECAT a dhearbhú go mbeadh sé ar fáil. |
|
(3) |
An 7 Nollaig 2018, dhearbhaigh Comhairle an Atlantaigh Thuaidh go mbeadh Leas-Cheann Foirne Ard-Cheanncheathrú na gCumhachtaí Comhghuaillíocha ar fáil chun ról Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh a ghlacadh faoi na socraíochtaí dá ngairtear “Beirlín Plus”, amhail ón 29 Márta 2019. |
|
(4) |
An 2 Iúil 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2020/1010 (2) lena gceaptar an Maor-Ghinearál Brice HOUDET, Leas-Cheann Foirne Ard-Cheanncheathrú na gCumhachtaí Comhghuaillíocha, mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh amhail ón 18 Iúil 2020. |
|
(5) |
An 1 Meán Fómhair 2022, chinn ECAT an Leifteanant-Ghinearál Hubert COTTEREAU a cheapadh mar Leas-Cheann Foirne Ard-Cheanncheathrú na gCumhachtaí Comhghuaillíocha, in ionad an Leifteanant-Ghinearál Brice HOUDET amhail ón dáta sin. Ón dáta sin amach, ba cheart go dtiocfadh an Leifteanant-Ghinearál Hubert COTTEREAU in ionad an Leifteanant-Ghinearál Brice HOUDET ina cháil mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
An 7 Meán Fómhair 2022, d’aontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh a mholadh go n-ainmneofaí an Leifteanant-Ghinearál Hubert COTTEREAU mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh amhail ón 1 Meán Fómhair 2022. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1010 a aisghairm. |
|
(8) |
An 12 agus an 13 Nollaig 2002, ghlac Comhairle Eorpach Chóbanhávan dearbhú lena ndearbhaítear nach mbeidh feidhm ag na socraíochtaí dá ngairtear “Beirlín Plus” agus a gcur chun feidhme ach amháin maidir leis na Ballstáit sin den Aontas is comhaltaí freisin de ECAT nó páirtithe i “gComhpháirtíocht na Síochána”, agus a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha slándála tugtha i gcrích acu le ECAT, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Leifteanant-Ghinearál Hubert COTTEREAU, Leas-Phríomhoifigeach Foirne Ard-Ceanncheathrú na gCumhachtaí Comhghuaillíocha san Eoraip mar Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin amhail ón 1 Meán Fómhair 2022.
Airteagal 2
Aisghairtear leis seo Cinneadh (CBES) 2020/1010.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 252, 28.7.2004, lch. 10.
(2) Cinneadh (CBES) 2020/1010 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 2 Iúil 2020 maidir le Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2019/264 (BiH/29/2020) (IO L 224, 13.7.2020, lch. 7).
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/7 |
CINNEADH TARMLIGTHE (AE) 2022/1612 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Feabhra 2022
lena sonraítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna a bheidh le húsáid chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 27(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”) le haghaidh náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas maidir le víosa a fháil chun dul isteach agus fanacht ar chríoch na mBallstát. |
|
(2) |
Ionas gur féidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cinneadh a dhéanamh faoi iarratais a spreagann amais, nó ionas gur féidir le hAonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an náisiúnach tríú tír taisteal chuige cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratais ar bhailíocht chríochach theoranta, ba cheart an fhaisnéis a sholáthraítear i bhfoirmeacha iarratais a bheith iomlán agus cruinn. Má mheastar nach leor an fhaisnéis chun cur ar chumas Aonad Náisiúnta ETIAS cinneadh a dhéanamh, ba cheart dó a bheith in ann faisnéis nó doiciméadacht riachtanach bhreise a iarraidh ar iarratasóirí trí liosta roghanna a úsáid. |
|
(3) |
Is gá an liosta réamhshocraithe de roghanna atá ar fáil d’Aonaid Náisiúnta ETIAS a leagan síos agus faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise á hiarraidh ó iarratasóirí i gcomhréir le hAirteagal 27(3) nó Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1240. Ba cheart an liosta sin a bheith ina liosta cineálach, agus an fhaisnéis agus an doiciméadacht is féidir a iarraidh á liostú, agus ba cheart freisin ligean d’iarratasóirí faisnéis nó doiciméadacht a mheasann siad féin a bheith riachtanach a chur isteach. |
|
(4) |
Ba cheart léirithe soiléire a bheith ag iarratasóirí ar an bhfaisnéis nó ar doiciméadacht a n-iarrtar orthu a chur ar fáil. Dá bhrí sin, le cur chun feidhme teicniúil an liosta réamhshocraithe de roghanna, ba cheart go gceadófaí d’Aonaid Náisiúnta ETIAS cur síos ar an rogha nó ar na roghanna atá roghnaithe a áireamh. Le cur chun feidhme teicniúil an liosta réamhshocraithe de roghanna, ba cheart a chur in iúl freisin do na hiarratasóirí, trí réamhshocrú, an fhéidearthacht a bheidh acu aon fhaisnéis nó doiciméadacht a mheasann siad is gá i ndáil lena n-iarratas a chur isteach. |
|
(5) |
An fhaisnéis nó an doiciméadacht a chuir na hiarratasóirí isteach laistigh de na spriocdhátaí dlíthiúla, ba cheart go gcuirfeadh sí ar chumas Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach cinneadh a dhéanamh maidir leis na hiarratais. Níor cheart, áfach, go ndiúltófaí na hiarratais taistil go huathoibríoch mura gcuirfí faisnéis bhreise ná doiciméadacht bhreise ar fáil. |
|
(6) |
Is gá freisin rialacha leordhóthanacha a bhunú chun sonraí pearsanta iarratasóirí a chosaint agus chun rochtain na n-údarás údaraithe ar na sonraí sin a choimirciú, de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(7) |
Ní dochar an Cinneadh seo do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(8) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg. |
|
(9) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
|
(11) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (7) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
|
(12) |
A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
|
(13) |
Is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach. |
|
(14) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 21 Meitheamh 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gCinneadh seo bunaítear ábhar agus formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna atá le húsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS agus faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise á hiarraidh de bhun Airteagal 27(3) nó Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
Airteagal 2
Ábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh
1. Leagtar amach san Iarscríbhinn ábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna atá le húsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh.
2. Cuirfidh eu-LISA san áireamh, mar chuid d’fhorbairt theicniúil chóras faisnéise ETIAS, an fhéidearthacht go mbeidh Aonaid Náisiúnta ETIAS in ann cur síos a chur leis an rogha nó na roghanna arna roghnú de bhun mhír 1.
3. Le hábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh, cuirfear in iúl d’iarratasóirí an fhéidearthacht aon fhaisnéis nó doiciméadacht a mheasann siad a bheith riachtanach i ndáil lena n-iarratas a chur isteach tar éis iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise.
Airteagal 3
Formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh
Maidir le formáid an liosta réamhshocraithe de roghanna atá le húsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun faisnéis bhreise nó doiciméadeacht bhreise a iarraidh, is é a bheidh i gceist leis an bhformáid sin liosta lena bhféadfar iontráil amháin nó níos mó a roghnú.
Airteagal 4
Sonraí a bheidh le cur ar fáil d’iarratasóirí mar aon leis an iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a bhaineann le rófhanacht a tuairiscíodh sa Chóras Dul Isteach/Imeachta
1. I gcás ina n-iarrfaidh Aonaid Náisiúnta ETIAS faisnéis bhreise ar iarratasóirí chun a rófhanacht i gcríoch Bhallstáit nó Bhallstát roimhe sin a mhíniú, cuirfidh siad na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 16(3), pointí (a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) ar fáil d’iarratasóirí tríd an tseirbhís cuntais shláin arna bunú le hAirteagal 6(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2018/1240.
2. Chun críocha mhír 1, beidh rochtain dhíreach ag baill foirne chuí-údaraithe Aonaid Náisiúnta ETIAS ar na sonraí dá dtagraítear sa mhír sin agus féadfaidh siad iad a cheadú i bhformáid inléite amháin sa Chóras Dul Isteach/Imeachta. Ní dhéanfar na sonraí a ceadaíodh a thaifeadadh sa chomhad iarratais.
3. Ní bheidh na sonraí ón gCóras Dul Isteach/Imeachta ar fáil ach amháin le linn na tréimhse inar féidir le hiarratasóirí faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a chur isteach de bhun Airteagal 27(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
4. Tar éis d’Aonad Náisiúnta ETIAS an cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas, scriosfar na sonraí ón gCóras Dul Isteach/Imeachta ón tseirbhís cuntais shláin.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE) (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(4) Ní thagann an Cinneadh seo faoi raon feidhme na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a mhéid a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
dá dtagraítear in Airteagal 2
Ábhar an liosta réamhshocraithe de roghanna maidir le faisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise a iarraidh ar na hiarratasóirí:
|
(1) |
doiciméad taistil nó doiciméid taistil an iarratasóra (an fhéidearthacht an doiciméad iomlán nó an leathanach beathaisnéiseach a iarraidh; leathanach nó leathanaigh a eisíodh, a diúltaíodh, a cúlghaireadh nó a neamhníodh; leathanaigh ar a bhfuil stampaí iontrála/imeachta; an fhéidearthacht doiciméad taistil agus doiciméid taistil roimhe sin a iarraidh a bhaineann le náisiúntacht eile); |
|
(2) |
cruthúnas gur cailleadh nó gur goideadh an doiciméad taistil; |
|
(3) |
doiciméad taistil chaomhnóir dlíthiúil an iarratasóra, más ann dó (an fhéidearthacht an doiciméad iomlán nó a leathanach beathaisnéiseach a iarraidh); |
|
(4) |
doiciméad nó doiciméid lena gcruthaítear céannacht an iarratasóra, seachas an doiciméad taistil (e.g. ceadúnas tiomána, teastas breithe); |
|
(5) |
doiciméad nó doiciméid bhuanchónaithe an iarratasóra nó doiciméad nó doiciméid lena bhfianaítear saoránacht; |
|
(6) |
an chúis nó na cúiseanna nár tugadh seoladh baile ar an bhfoirm iarratais; |
|
(7) |
doiciméid lena bhfianaítear áit chónaithe an iarratasóra ag an seoladh dearbhaithe; |
|
(8) |
doiciméid lena bhfianaítear clárú oifigiúil gnólachta nó eagraíochta (nuair a chuir tríú páirtí iarratas isteach thar ceann iarratasóra); |
|
(9) |
doiciméad nó doiciméid ar a bhfuil an seoladh poist ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an iarratasóir (e.g. cárta aitheantais, cárta cónaitheora nó ceadúnas tiomána); |
|
(10) |
doiciméad nó doiciméid a bhaineann le bailíocht diúltaithe cead isteach agus fanachta sa Chóras Faisnéise Schengen a eisíodh chuig an iarratasóir, nó doiciméad nó doiciméid a bhaineann leis an diúltú sin a chur ar ceal; |
|
(11) |
cruthúnas go bhfuil cóir mhaireachtála leordhóthanach ag an iarratasóir le haghaidh na tréimhse fanachta atá beartaithe; |
|
(12) |
cruthúnas ar lóistín le haghaidh fhad na tréimhse fanachta atá beartaithe agus faisnéis teagmhála an óstaigh; |
|
(13) |
cuireadh breithiúnach nó cuirí breithiúnacha, ordú cúirte/breithiúnas nó orduithe cúirte/breithiúnais, teastas nó teastais póilíneachta; |
|
(14) |
litreacha/ríomhphoist a mhalartaíodh le údarás riaracháin nó údaráis riaracháin Ballstáit nó le húdarás riarachán nó údaráis riaracháin tríú tír; |
|
(15) |
doiciméadacht a bhaineann le ciontú dearbhaithe nó ciontuithe dearbhaithe; |
|
(16) |
sliocht nó sleachta as an gclár coiriúil náisiúnta ábhartha nó as na cláir choiriúla náisiúnta ábhartha; |
|
(17) |
doiciméadacht a bhaineann le hiarraidh nó le hiarrataí ó fhostóirí nó ó eagraíochtaí taisteal chuig tír ar leith nó a bheith i láthair i dtír ar leith, nó limistéar coinbhleachta nó cogaíochta ar leith laistigh den tréimhse áirithe sin; |
|
(18) |
doiciméadacht a bhaineann le horduithe dearbhaithe chun an chríoch a fhágáil nó le cinntí dearbhaithe um fhilleadh; |
|
(19) |
cruthúnas ar earráid nó earráidí riaracháin; |
|
(20) |
sonrasc nó sonraisc ospidéil nó doiciméid eile lena gcruthaítear gur caitheadh tréimhse san ospidéal; |
|
(21) |
ticéad nó ticéid fillte le haghaidh na cuairte, cruthúnas íocaíochta san áireamh; |
|
(22) |
cruthúnas ar naisc theaghlaigh an iarratasóra sna Ballstáit; |
|
(23) |
cruthúnas gur thug an t-iarratasóir cuairt ar a theaghlach, lena n-áirítear ainm nó ainmneacha, sloinne nó sloinnte agus áit chónaithe an bhaill teaghlaigh nó na mball teaghlaigh; |
|
(24) |
cruthúnas gur thug an t-iarratasóir cuairt ar chara nó cairde, lena n-áirítear ainm nó ainmneacha, sloinne nó sloinnte agus áit chónaithe an charad nó na gcairde; |
|
(25) |
ticéid (imeachtaí, taispeántais, ceolchoirmeacha); |
|
(26) |
conradh nó conarthaí oibre/comhaontú nó comhaontuithe oibre nó rud is inchomparáid leo; |
|
(27) |
pasanna bordála/ticéad nó ticéid; |
|
(28) |
deimhniú nó deimhnithe sláinte; |
|
(29) |
deimhniú nó deimhnithe vacsaínithe; |
|
(30) |
doiciméid lena gcruthaítear slí bheatha reatha iarratasóra (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “fostaithe” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(31) |
doiciméid maidir le fostóir an iarratasóra agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis teagmhála agus teistiméireachtaí ón bhfostóir (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “fostaithe” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(32) |
ainm na bunaíochta oideachais (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(33) |
dearbhú clárúcháin leis an mbunaíocht oideachais (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(34) |
dioplómaí/teastais (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(35) |
cruthúnas gur íocadh táillí teagaisc (i gcás iarratasóirí a roghnaigh “mac léinn” ar a bhfoirm iarratais mar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir leis an liosta réamhshocraithe de ghrúpaí poist a úsáidtear san fhoirm iarratais); |
|
(36) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise chun míniú a thabhairt ar rófhanacht i gcríoch an Bhallstáit nó na mBallstát roimhe sin, lena n-áirítear cuspóir an taistil nuair a tharla an rófhanacht, na cúiseanna a bhí leis an rófhanacht, an seoladh cruinn nó na seoltaí cruinne ag ar fhan an t-iarratasóir le linn an rófhanachta agus an uimhir theileafóin a bhaineann leis an seoladh nó leis na seoltaí ag a fhan an t-iarratasóir le linn an rófhanachta; |
|
(37) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear diúltú nó diúltuithe víosa roimhe sin; |
|
(38) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear diúltú nó diúltuithe údaraithe taistil roimhe sin; |
|
(39) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear cúlghairm nó cúlghairmeacha víosa roimhe sin; |
|
(40) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear cúlghairm nó cúlghairmeacha údaraithe taistil roimhe sin; |
|
(41) |
iarratas ar fhaisnéis bhreise lena mínítear neamhniú víosa roimhe sin; |
|
(42) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise lena mínítear neamhniú údaraithe taistil roimhe sin; |
|
(43) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise lena mínítear an iarraidh ar údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige ar fhorais dhaonnúla; |
|
(44) |
iarraidh ar fhaisnéis bhreise nó doiciméadacht bhreise lena mínítear an iarraidh ar údarú taistil a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige ar oibleagáidí idirnáisiúnta. |
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/13 |
CINNEADH (AE) 2022/1613 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 9 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (AE) 2016/948 maidir le cur chun feidhme chlár cheannaigh na hearnála corparáidí (BCE/2016/16) (BCE/2022/29)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2), an chéad fhleasc, de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12.1, an dara fomhír, de, in éineacht le hAirteagal 3.1, an chéad fhleasc, agus Airteagal 18.1 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 22 Meitheamh 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe creat chlár ceannaithe na hearnála corparáidí (corporate sector purchase programme, CSPP) a leasú chun tagarmharc CSPP a “scagadh” i leith eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu. Sa chomhthéacs sin, shonraigh an Chomhairle Rialaithe go gciallaíonn “úsáid” go méadófar sciar na sócmhainní ar chlár comhardaithe an Eurochórais arna eisiúint ag cuideachtaí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu i gcomparáid leis an sciar atá ag cuideachtaí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos boichte acu. Ina theannta sin, chinn an Chomhairle Rialaithe teorainneacha aibíochta a fhorchur le haghaidh bannaí eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos boichte acu. Ba cheart feidhmíocht aeráide eisitheoirí a thomhas trí thagairt a dhéanamh dá n-astaíochtaí gás ceaptha teasa, do leibhéal uaillmhéine a spriocanna laghdaithe carbóin agus dá nochtuithe a bhaineann leis an aeráid. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht aeráide eisitheoirí agus ba cheart na tosca claonta a ríomh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht arna formheas ag an gComhairle Rialaithe. |
|
(2) |
Tagann sé sin sna sála ar athbhreithniú na Comhairle Rialaithe ar an straitéis beartais airgeadaíochta, agus an plean gníomhaíochta a ghabhann leis an aeráid, a foilsíodh an 8 Iúil 2021 (1). Sa chomhthéacs sin, d’aithin an Chomhairle Rialaithe gur dúshlán domhanda agus tosaíocht beartais don Aontas Eorpach é aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, agus chuir an Chomhairle Rialaithe chun suntais go ndéanann an t-athrú aeráide agus an t-aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe difear don ionchas maidir le cobhsaíocht praghsanna trína dtionchar ar tháscairí maicreacnamaíocha éagsúla agus trí tharchur an bheartais airgeadaíochta. D’fheadfadh tionchar ag rioscaí fisiceacha agus aistrithe a bhaineann leis an athrú aeráide ar luach agus do phróifíl riosca na sócmhainní arna sealbhú ar chlár comhardaithe an Eurochórais. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ceannacháin sócmhainní san earnáil chorparáideach, toisc go bhfuil rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid do chlár comhardaithe an Eurochórais níos airde i gcás ceannachán glan amach ná i gcás oibríochtaí iasachtaithe. Dá bhrí sin, tá gá leis na bearta chun go ndéanfaidh an tEurochóras bainistiú, ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, ar na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid a bhfuil sé neamhchosanta orthu agus beartas airgeadaíochta á chur chun feidhme aige, chun a phríomhchuspóir a bhaint amach, is é sin cobhsaíocht praghsanna a chothabháil. Is cuid de shainmhíniú agus de chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta, mar a léirítear freisin in Airteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (dá ngairtear “Reacht CEBC” anseo feasta), bearta arna gceapadh chun teorainn a chur leis an riosca a bhaineann le caillteanais airgeadais a ghlacadh ag an Eurochóras, ar dá mbun a fhéadfaidh an tEurochóras oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hiasachtú bunaithe ar chomhthaobhacht leordhóthanach. |
|
(3) |
De bhun Airteagail 127(1) agus 282(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar atá léirithe in Airteagal 2 de Reacht CEBC, gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh an tEurochóras leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Áirítear ar na cuspóirí sin ardleibhéal cosanta agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil. Leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (“an Dlí Aeráide Eorpach”) cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 d’fhonn an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar amach i gComhaontú Pháras a shaothrú (3). Ós rud é go ndéanann an Dlí Aeráide Eorpach difear do gach gné fhéideartha den bheartas eacnamaíoch san Aontas, tá sé ina chuid de na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas, a bhfuil sé de cheangal ar BCE tacú leo. I bhfianaise an mhéid thuas, agus a hionstraimí beartais airgeadaíochta á gcoigeartú aici, roghnóidh an Chomhairle Rialaithe an chumraíocht is fearr a thacaíonn le beartais eacnamaíocha ghinearálta an Aontais, ar choinníoll go mbeidh dhá fhoirmíocht den ionstraim a shocrófar chomh fabhrach céanna agus nach ndéanfaidh siad dochar do chobhsaíocht praghsanna. Tá sé beartaithe go mbeidh sé d’éifeacht ag breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú i leithdháileadh tagarmharcanna an riosca airgeadais a bhaineann leis an aeráid ar chlár comhardaithe an Eurochórais a laghdú, trí dhéine carbóin shealúchais chorparáideacha an Eorachórais a laghdú. Tá an beart ceaptha chun éifeacht neodrach a bheith aige ar an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta ar choinníollacha foriomlána maoinithe. Ós rud é go bhfuil an beart seo chomh fabhrach céanna agus nach ndéanann sé dochar do chobhsaíocht praghsanna, tacaíonn a thabhairt isteach freisin leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas. |
|
(4) |
Maidir le breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú i leithdháileadh na dtagarmharcanna, mar aon le teorainneacha aibíochta a thabhairt isteach le haghaidh bannaí eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos boichte acu, tacaíonn siad freisin le comhréireacht CSPP toisc go maolaíonn siad an riosca fadtéarmach a mheastar a bhaineann leis an aeráid don Eorachóras a eascraíonn as a cheannach sócmhainní corparáideacha, rud a áirithíonn nach dtéann CSPP thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach. Ina theannta sin, tá an mhodheolaíocht chlaonta le haghaidh thagarmharc CSPP ceaptha chun é féin a bheith comhréireach. Cuirtear san áireamh ann trí chatagóir oibiachtúla méadrachta a bhaineann go díreach le hastaíochtaí agus, dá bhrí sin, an riosca airgeadais a bhaineann leis an aeráid agus an aeráidneodracht: ar an gcéad dul síos, astaíochtaí carbóin eisitheora san am atá thartar an dara dul síos, méadracht aeráide réamhbhreathnaitheach, amhail an bhfuil spriocanna uaillmhianacha inchreidte dícharbónaithe i bhfeidhm ag eisitheoirí, agus úsáid á baint as modheolaíochtaí leordhóthanacha; agus ar an tríú dul síos, cáilíocht agus iomláine nochtuithe aeráide eisitheoirí agus fíorú na nochtuithe sin ag tríú páirtithe. Thairis sin, cuirtear san áireamh i ndearadh na modheolaíochta scórála aeráide, mar threoir, na forálacha maidir leis na ceanglais le haghaidh Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras faoi Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ar deireadh, déanfar an mhodheolaíocht scórála aeráide a athbhreithniú agus a nuashonrú, de réir mar is gá, chun an méadú atá ag teacht ar shonraí agus samhlacha aeráide a léiriú, chomh maith le forbairtí rialála ábhartha agus an dul chun cinn i gcumais measúnaithe riosca, amhail trí thástálacha struis aeráide ar chlár comhardaithe an Eurochórais. |
|
(5) |
Ina theannta sin, agus breithnithe maidir leis an athrú aeráide á gcur san áireamh sa leithdháileadh tagarmharcanna, cuireann an tEurochóras rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid, forbairtí rialála agus dlíthiúla, agus infhaighteacht agus cáilíocht reatha na sonraí san áireamh, agus fós raon feidhme leathan na gclár ceannaigh a choinneáil i gcomhréir leis an oibleagáid gníomhú i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht, rud a bheidh i bhfabhar leithdháileadh éifeachtúil acmhainní. |
|
(6) |
Ar deireadh, áirithítear leis an mbeart seo go gcomhlíonann CSPP oibleagáidí an Eurochórais go hiomlán faoi Airteagal 11 CFAE, lena gceanglaítear go ndéanfar ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, áirithítear leis go gcomhlíonann CSPP oibleagáidí an Eurochórais faoi Airteagal 7 CFAE, lena gceanglaítear ar an Aontas comhsheasmhacht a áirithiú idir a bheartais agus a ghníomhaíochtaí. |
|
(7) |
Ba cheart don Eurochóras an t-athrú a chur i bhfeidhm ar an leithdháileadh tagarmhairc a leagtar síos sa Chinneadh seo i ndáil le hidirbhearta a shocraítear an 1 Deireadh Fómhair 2022 nó ina dhiaidh sin. |
|
(8) |
Ba cheart mar sin Cinneadh (AE) 2016/948 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/16) (5) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú
I gCinneadh (AE) 2016/948 (BCE/2016/16), cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas leis:
“Airteagal 4a
Breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú i leithdháileadh na dtagarmharcanna
Déanfar breithnithe maidir leis an athrú aeráide a ionchorprú sa leithdháileadh tagarmhairc dá dtagraítear in Airteagal 4(3), go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar bhainistiú neamhchosaint an Eorachórais ar rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid, i gcomhréir leis an modheolaíocht arna formheas ag an gComhairle Rialaithe. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le idirbhearta a shocraítear an 1 Deireadh Fómhair 2022 nó ina dhiaidh sin.”.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 26 Meán Fómhair 2022.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 9 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ag www.ecb.europa.eu
(2) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(3) Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(4) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(5) Cinneadh (AE) 2016/948 ón mBanc Ceannais Eorpach an 1 Meitheamh 2016 maidir le cur chun feidhme chlár cheannaigh na hearnála corparáidí (BCE/2016/16) (IO L 157, 15.6.2016, lch. 28).
Ceartúcháin
|
19.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 241/16 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 231 an 30 Meitheamh 2021 )
Ar leathanach 467, Iarscríbhinn VII, “Tábla 5: Comhtháscairí aschuir agus táscairí aschuir clár-shonracha i gcás CFRE, an Chiste Comhtháthaithe, an Chiste um Aistriú Cóir agus CEMID (pointe (b), d’Airteagal 42(2))”, an dara sraith:
in ionad:
|
“Sonraí maidir le táscairí aschuir ón gclár [arna bhaint as tábla 2 de phointe 2.1.1.1.2 d'Iarscríbhinn V] |
Dul chun cinn i dtaobh na dtáscairí aschuir go dtí seo”, |
léitear:
|
“Sonraí maidir le táscairí aschuir ón gclár [arna mbaint as tábla 2 de phointe 2.1.1.1.2 d’Iarscríbhinn V agus tábla 2 de phointe 2.1.1.2.2. d’Iarscríbhinn V] |
Dul chun cinn i dtaobh na dtáscairí aschuir go dtí seo”. |