|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1525 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2022 maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 ) |
|
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1522 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meán Fómhair 2022
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 57(4) agus 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
|
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
|
(1) |
(2) |
(3) |
|
Fearas córais fosúcháin dromlaigh ina bhfuil inter alia scriúnna, slata, plátaí, crúcaí, nascóirí taobhacha a ionphlandaítear sa cholainn dhaonna mar chuid de chóireálacha éagsúla leighis. De réir cibé diagnóis leighis a dhéantar (briseadh, míchuma etc. dromlaigh), is féidir páirteanna éagsúla den airteagal a chóimeáil chun córas fosúcháin dromlaigh (i.e. ionphlandú) a chur i dtoll a chéile le linn obráide. Déanann an t-ionphlandú comhtháthú ar veirteabraí, agus tugann taca dóibh, i ndiaidh a mbriste, mar shampla, nó fórsálann sé na veirteabraí ar ais ina n-ailíniú ceart, i gcás scolóise, mar shampla, nó coinníonn sé na veirteabraí ina n-áit agus tugann taca dóibh, i gcás galair meathlúcháin diosca, mar shampla. Tá an t-airteagal chomh hoiriúnach céanna do gach ceann de na cóireálacha leighis siúd. (Féach an íomhá de tháirge cóimeáilte) (*1) |
9021 10 90 |
Is le rialacha ginearálta (RLG) 1, 2(a), 3(c) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le Nóta 6 a ghabhann le Caibidil 90 den Ainmníocht Chomhcheangailte agus le foclaíocht na gCód AC 9021 , 9021 10 , 9021 10 10 agus 9021 10 90 a chinntear an t-aicmiú. Tá saintréithe fíor-riachtanacha an airteagail chríochnaithe ag an airteagal de réir bhrí RLG 2(a). Fearas (córas fosúcháin dromlaigh) is ea an t-airteagal críochnaithe a dhéanann, nuair a ionphlandaítear sa cholainn dhaonna é, veirteabraí a chomhtháthú nó a choimeádann veirteabraí ina n-áit nó a fhórsálann ar ais ina n-áit iad. De réir cibé feidhm iarbhír a bhíonn ag an airteagal sa cholainn as a dheireadh, is fearas de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste a bhíonn ann (faoin gcód AC 9021 10 90 ) nó fearas ortaipéideach (faoin gcód AC 9021 10 10 ). Agus é ag feidhmiú mar fhearas ortaipéideach, coisceann sé nó ceartaíonn sé míchumaí coirp (i gcás scolóise, mar shampla) nó tugann sé taca do chodanna den cholainn nó coinníonn sé ina n-áit iad (i gcás galar meathlúcháin diosca, mar shampla) de réir bhrí Nóta 6 a ghabhann le Caibidil 90. Eisiatar an táirge óna aicmiú faoin gcód AC 9021 90 90 mar go gcumhdaítear an táirge faoi cheannteidil níos sonraí. Tráth a allmhairítear an t-airteagal, ní bhíonn a fhios cé acu mar fhearas de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste nó mar fhearas ortaipéideach a úsáidfear é nó a bheartaítear é a úsáid. Ní de thréith bhunúsach an airteagail an úsáid a bheartaítear a bhaint as, mar nach féidir a dhéanamh amach óna shaintréithe ná óna airíonna oibiachtúla cé acu a bheidh sé ina fhearas de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste nó ina fhearas ortaipéideach, mar go bhfuil sé chomh hoiriúnach céanna do cheachtar den dá chuspóir. Dá réir sin, tráth an allmhairithe ní heol príomhfheidhm an airteagail de réir bhrí Nóta 3 a ghabhann le Caibidil 90 i dteannta Nóta 3 a ghabhann le Roinn XVI, ná ní féidir an phríomhfheidhm sin a dhéanamh amach óna shaintréithe ná óna airíonna oibiachtúla. Dá bhrí sin, tá an t-airteagal le haicmiú ar an gceann deireanach de réir an oird uimhriúil i dteannta na gcód AC a bhfuil sé chomh dlite céanna dóibh á meas de réir bhrí RLG 3(c) i dteannta RLG 6. Dá bhrí sin, is faoin gCód AC 9021 10 90 atá an t-airteagal le haicmiú, mar chléithíní agus fearais eile de chineál a úsáidtear i gcás cnámh bhriste. |
(*1) Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.
|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1523 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meán Fómhair 2022
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 57(4) agus 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
|
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (cód AC) |
Cúiseanna |
|
(1) |
(2) |
(3) |
|
Earra teicstíle críochnaithe dronuilleogach arna dhéanamh as snáithíní 100 % de dhéantús an duine, ar a dtugtar “fo-bhlaincéad leictreach” freisin, le coirnéil chorra, ina bhfuil tomhas tuairim is 150x80 cm agus dhá shraith d’fhabraic neamhfhite faoi cheannteideal 5603 . Tá banda d’fhabraic chniotáilte fuaite dó timpeall ar imeall an earra ar fad. D’fhéadfadh sé go mbeadh stráicí leaisteacha air chun é a fheistiú ar an tocht. Níl an t-earra líonta ná feistithe go hinmheánach. Tá sé feistithe le haonad teasa comhtháite leictreach le soláthar cumhachta 220-240 V inscortha agus lasc chun socruithe éagsúla teasa a choigeartú. Dearadh an t-earra lena chur idir tocht agus braillín chun leaba a théamh. Ní chumhdaíonn sé an chuid den tocht a mbeartaítear ceann an duine a bheith uirthi. De réir an lámhleabhair treorach, tá sé oiriúnach lena níochán, tar éis é a bhaint den soláthar cumhachta. (Féach an íomhá) (*1) |
6307 90 98 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, nóta 7(f) a ghabhann le Roinn XI agus nóta 1 a ghabhann le Caibidil 63 agus le foclaíocht na gcód AC 6307 , 6307 90 agus 6307 90 98 . Ní féidir an t-earra teicstíle críochnaithe a aicmiú i gCaibidil 85 mar innealra agus trealamh leictreach, toisc nach gclúdaíonn an Chaibidil sin blaincéid, pillíní leapa ná mufaí coise a théitear go leictreach ná a leithéid (nóta 1(a) a ghabhann le Caibidil 85). Eisiatar a aicmiú faoi chód AC 6301 10 00 mar bhlaincéad leictreach, toisc nach bhfuil na gnáth-shaintréithe oibiachtúla san earra a bhaineann le blaincéad faoi cheannteideal 6301 , amhail a bheith oiriúnach lena fhilleadh timpeall ar cholainn duine nó í a chlúdach chun teas a sholáthar. Eisiatar aicmiú faoi cheannteideal 6302 mar línéadach leapa, toisc nach bhfuil saintréithe línéadaigh (amhail braillín nó cumhdach tochta, mar shampla) san earra, is é sin an tocht, an chuilt chlúimh nó an piliúr a chosaint ar an duine atá ina luí sa leaba. Cé gur dearadh an t-earra lena chur ar an tocht, ní chosnaíonn sé an chuid a mbeartaítear ceann an duine a bheith uirthi. Is é an t-aon fheidhm amháin atá aige an leaba a théamh agus dá bhrí sin é a dhéanamh compordach don duine atá ag baint úsáide as an leaba. Eisiatar aicmiú faoi cheannteideal 6304 mar earra fearastaithe, toisc nach bhfuil saintréithe earra fearastaithe san earra faoi cheannteideal 6304 , amhail é a bheith infheicthe ag aon duine a bhreathnaíonn seomra. Ní bhíonn an t-earra seo, nuair a úsáidtear é mar a bheartaítear, infheicthe sa timpeallacht spásúil, toisc go gcumhdaítear é le braillín leapa. Mar gheall ar an gcuma ghinearálta atá ar an earra agus ar an ábhar as a ndearnadh an dá shraith sheachtracha dá chuid (fabraic neamhfhite arna dhéanamh as snáithíní de dhéantús an duine faoi cheannteideal 5603 ), agus ós rud é nach féidir an t-earra a aicmiú faoi cheannteideal níos sonraí ná ceannteideal 6307 , tá sé le haicmiú, dá bhrí sin, faoi chód AC 6307 90 98 mar earra críochnaithe eile arna dhéanamh as fabraicí teicstíle. |
(*1) Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.
|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1524 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meán Fómhair 2022
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 57(4) agus 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
|
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
|
(1) |
(2) |
(3) |
|
Earra (dá ngairtear ruga picnice), atá tuairim is 200 cm x 150 cm, atá comhdhéanta de dhá shraith d’uigí teicstíle cniotáilte (de shnáithíní sintéiseacha), a bhfuil ceann amháin de lannaithe le leathán plaisteach ar thaobh amháin. Ceanglaítear an dá shraith de uigí teicstíle trí fháithim a chur leis an earra ar an gceithre thaobh le banna teicstíle fite beag. Leis an gciseal lannaithe cosnaítear i gcoinne taise agus salachar ón talamh, ach níl sé uiscedhíonach. Nuair a dhéantar é a rolladh suas, is féidir an t-earra a dhaingniú le flapa atá ceangailte d’fhaibricí teicstíle cniotáilte le córas dúnta de chineál velcro agus is féidir é a iompar le hanla (strapa teicstíle) atá ceangailte den fhlapa. (Féach an íomhá) (*1) |
6306 90 00 |
Déantar an t-aicmiú a chinneadh de réir rialacha 1 agus 6 le haghaidh léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, de réir Nóta 7(d) agus (f) a ghabhann le Roinn XI agus Nóta 2(a) a ghabhann le Caibidil 59 den Ainmníocht Chomhcheangailte agus de réir fhoclaíocht chóid AC 6306 agus 6306 90 00 . I bhfianaise na n-ábhar atá sa táirge (faibríc chniotáilte as snáithíní sintéiseacha atá faoi cheannteideal 6006 agus fabraicí teicstíle cniotáilte atá lannaithe le plaistigh atá faoi cheannteideal 5903 ) is éard atá san earra earra teicstíle de Roinn XI. Déantar aicmiú faoi cheannteideal 6301 mar bhlaincéad a eisiamh, ós rud é nach bhfuil tréithe oibiachtúla tipiciúla blaincéid ag an earra, ar nós a bheith oiriúnach chun a chur timpeall corp duine nó corp duine a chlúdach chun é a choinneáil te. Ní dhéanann an t-earra ach duine atá ina shuí air a chosaint i gcoinne taise agus salachar ón talamh. Déantar aicmiú faoi cheannteideal 6304 mar earraí fearastaithe a eisiamh, ós rud é nach bhfuil an t-earra deartha le haghaidh úsáide faoi dhíon, ach go bhfuil sé deartha lena úsáid ar an talamh lasmuigh. Féach Nóta Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le ceannteideal 6304 , an chéad mhír. Dé réir a shaintréithe oibiachtúla (éadrom, lannaithe le haghaidh cosanta, tapa é a dhífhilleadh agus a phacáil agus éasca é a iompar), deartar an t-earra lena úsáid lasmuigh agus chun é a thabhairt go láithreacha campála, an trá, etc. agus chun é a úsáid ansin go sealadach (féach freisin Nótaí Míniúcháin na hAinmníochta Comhcheangailte a ghabhann le ceannteideal 6306 90 00 ). Dá bhrí sin, tá an t-earra le haicmiú faoi chód AC 6306 90 00 mar earraí campála eile. |
(*1) Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.
|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1525 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meán Fómhair 2022
maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le monaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseáin atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”. |
|
(4) |
Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 10 Samhain 2021 (2), tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag monaihidreaclóiríd L-lisín ná sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí díobh. Maidir le sábháilteacht úsáideoir na mbreiseán sin, ní fhéadfadh an tÚdarás teacht ar chonclúid go bhféadfadh monaihidreaclóiríd L-lísín a bheith tocsaineach trí ionanálú ná go bhféadfadh monaihidreaclóiríd L-lísín ná sulfáit L-lísín a bheith greannach don chraiceann ná do na súile, ná go bhféadfaidís a bheith ina n-íogróir deirmeach. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach L-lisín iad na breiseáin le haghaidh cothú ainmhithe, agus gur cheart na breiseáin a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach ionas go mbeidh sé éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin na tuarascálacha ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar na breiseáin bheathaithe in ábhar beatha, tuarascálacha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise na tuairime ón Údarás, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí na mbreiseán. |
|
(6) |
Léirítear leis an measúnú ar mhonaihidreaclóiríd L-lisín agus sulfáit L-lisín arna dtáirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(12):6980.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||
|
mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
|
Catagóir breiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus analóga |
|||||||||||||||||
|
3c322iii |
- |
Monaihidreaclóiríd L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid monaihidreaclóiríde L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 78,8 % agus cion taise ≤ 1 % I bhfoirm phúdair |
Gach speiceas |
- |
- |
- |
|
4.10.2032 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Monaihidreaclóiríd L-lísín arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 Foirmle cheimiceach: C6H15ClN2O2 Uimhir CAS: 657-27-2 Modhanna anailíse (1) Maidir le monaihidreaclóiríd L-lísín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Maidir le lísín i réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheatha a chainníochtú:
Maidir le lísín in uisce a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||
|
3c328 |
|
Sulfáit L-lísín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid sulfáite L-lísín ina bhfuil íoschion L-lísín 73,0 % (L-lísín ≥ 55,0 % agus aimíonaigéid eile ≥ 10 %) I bhfoirm phúdair |
Gach speiceas |
- |
- |
10 000 |
|
4.10.2032 |
||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Sulfáit L-lísín arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum CGMCC 14498 Foirmle cheimiceach: [C6H14N2O2]2 SO4 Uimhir CAS: 60343-69-3 |
|||||||||||||||||
|
Modhanna anailíse (1) Maidir le lísín sa bhreiseán beathaithe agus i réamh-mheascáin ina bhfuil níos mó ná 10 % lísín a chainníochtú:
Maidir le sulfáit sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le lísín i réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheatha a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||
(1) Tá sonraí na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
CINNTÍ
|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/17 |
CINNEADH (AE) 2022/1526 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meán Fómhair 2022
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ceanada maidir le Comhaontú maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Cheanada i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Cheanada le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 186 agus 212, i gcomhréir le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bhrí gur cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích le Ceanada maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Cheanada i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Cheanada le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027),
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Ceanada, thar ceann an Aontais, chun comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Cheanada i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas Cheanada le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).
Airteagal 2
Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn treoracha caibidlíochta na Comhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um Chaidreamh Trasatlantach, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht Cheanada in aon chláir de chuid an Aontais, agus leis an Meitheal um Thaighde, maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht Cheanada sa Chlár Fís Eorpach.
Airteagal 4
Is chuig an gCoimisiún Eorpach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
|
14.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 237/18 |
CINNEADH (AE) 2022/1527 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meán Fómhair 2022
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Nua-Shéalainn maidir le Comhaontú maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas na Nua-Shéalainne le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 186 agus 212, i gcomhréir le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bhrí gur cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích leis an Nua-Shéalainn maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas na Nua-Shéalainne le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027),
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Nua-Shéalainn, thar ceann an Aontais chun comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne i gcláir an Aontais agus maidir le comhlachas na Nua-Shéalainne le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027).
Airteagal 2
Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn treoracha caibidlíochta na Comhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um an Áise-an Aigéine maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha ginearálta i ndáil le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne in aon chláir de chuid an Aontais agus leis an Meitheal um Thaighde maidir le hábhair a bhaineann leis na coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht na Nua-Shéalainne sa Chlár Fís Eorpach.
Airteagal 4
Is chuig an gCoimisiún Eorpach a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA