|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 236I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
|
13.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 236/1 |
CINNEADH (AE) 2022/1521 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 12 Meán Fómhair 2022
maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí áirithe neamhairgeadaíochta beartais atá i seilbh bainc cheannais náisiúnta agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2022/30)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2), an chéad fhleasc, de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 3.1, an chéad fhleasc, Airteagail 12.1 agus 14.3, agus Airteagail 17 agus 18 de,
Ag féachaint do Threoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí i dtaca le bainistíocht sócmhainní agus dliteanais intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (1),
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le luach saothair sealúchas cúlchistí barrachais agus taiscí áirithe (BCE/2019/31) (2),
Ag féachaint do Chinneadh 2010/275/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe chun sochair don Phoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2010/4) (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chinn an Chomhairle Rialaithe rialacha áirithe luacha saothair a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas: (a) taiscí rialtais atá i seilbh bainc cheannais náisíúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (“BCNanna” anseo feasta) atá ag gníomhú amhail gníomhairí cánachais de bhun Airteagal 21.2 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“Reacht CEBC” anseo feasta) mar a shonraítear i dTreoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7); agus (b) taiscí áirithe atá i seilbh an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ag gníomhú amhail gníomhaire cánachais d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, rialtais láir, údaráis réigiúnacha agus áitiúla nó údaráis phoiblí eile de bhun Airteagal 21.1 agus 21.2 de Reacht CEBC mar a shonraítear i gCinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) agus Cinneadh 2010/275/AE (BCE/2010/4). Tá an luach saothair is infheidhme maidir le gach ceann de na taiscí sin éagsúil faoi láthair ag brath ar cibé an bhfuil ráta na saoráide taisce ar an lá féilire ábhartha diúltach, nó má tá sé nialas faoin gcéad nó níos airde. |
|
(2) |
An 8 Meán Fómhair 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe ráta na saoráide taisce a ardú faoi 75 bhonnphointí. Dá réir sin, tá ráta na saoráide taisce cothrom le 0,75 % le héifeacht ón 14 Meán Fómhair 2022. |
|
(3) |
Measann an Chomhairle Rialaithe maidir le luach saothair na nithe seo a leanas: (a) taiscí rialtais arna sealbhú le BCNanna arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7); agus (b) taiscí atá i seilbh BCE arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) agus Airteagal 5 de Chinneadh 2010/275/AE (BCE/2010/4), gur cheart iad a choigeartú go sealadach mar atá leagtha amach sa Chinneadh seo chun cosc a chur le heis-sreafaí tobanna gan údar na dtaiscí seo ó chuntais an Eurochórais isteach i margaí airgid agus ar an gcaoi sin éifeachtúlacht tharchur beartais airgeadaíochta a chaomhnú agus feidhmiú ordúil an mhargaidh a chosaint i dtimpeallacht ráta úis dhearfach. |
|
(4) |
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm i gcomhthráth le ráta méadaithe na saoráide taisce a bheidh i bhfeidhm ón 14 Meán Fómhair 2022. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm gan mhoill an 14 Meán Fómhair 2022 agus ba cheart dó leanúint i bhfeidhm go dtí an 30 Aibreán 2023, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Taiscí rialtais atá i seilbh BCNanna agus a ndéantar luach saothair ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7)
1. Beidh luach saothair ar thaiscí rialtais faoi réir na n-uasteorainneacha seo a leanas:
|
(a) |
I gcás taiscí thar oíche, is ionann an uasteorainn agus ráta neamhurraithe an mhargaidh thar oíche; i gcás taiscí ar théarma seasta, is ionann an uasteorainn agus ráta urraithe an mhargaidh le haibíocht inchurtha nó i gcás nach ann dó sin, ráta neamhurraithe an mhargaidh thar oíche. |
|
(b) |
Aon lá féilire, íocfar méid iomlán na dtaiscí rialtais, seachas taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe, atá i seilbh BCN agus ar mó iad ná aon cheann díobh seo a leanas:
suas go dtí an leibhéal seo a leanas:
Chun an méid tairsí dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) thuas a chinneadh, bunófar an olltáirgeacht intíre ar réamhaisnéis eacnamaíoch bhliantúil an fhómhair a d’fhoilsigh an Coimisiún an bhliain roimhe sin. Déanfaidh gach BCN cinneadh maidir le cionroinnt na dtaiscí éagsúla atá faoi bhun nó os cionn na tairsí. |
|
(c) |
Beidh taiscí rialtais a bhaineann le clár coigeartaithe faoi réir na rátaí íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) nó íocfar iad de réir ráta nialas, cibé acu sin is airde, ach ní dhéanfar iad a áireamh faoi chomhair na tairsí a luaitear i bpointe (b). |
2. Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 2 de Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7).
Airteagal 2
Taiscí áirithe atá i seilbh BCE agus a ndéantar luach saothair ina leith i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) agus le hAirteagal 5 de Chinneadh 2010/275/AE (BCE/2010/4)
1. Íocfar na cuntais seo a leanas arna gcoimeád le BCE de réir ráta na saoráide taisce nó de réir ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is ísle:
|
(a) |
cuntais a choimeádtar i gcomhréir le Cinneadh 2003/797/CE (BCE/2003/14) ón mBanc Ceannais Eorpach (4), Cinneadh 2011/15/AE (BCE/2010/31) ón mBanc Ceannais Eorpach (5), Cinneadh 2010/624/AE (BCE/2010/17) ón mBanc Ceannais Eorpach (6) agus Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle (7); |
|
(b) |
cuntais a choimeádtar i gcomhréir le Cinneadh 2010/275/AE (BCE/2010/4). |
2. Chun críocha mhír (1)(a), nuair is gá taiscí a shealbhú sna cuntais sin roimh an dáta a gcaithfear íocaíocht a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla nó conarthacha is infheidhme maidir leis an tsaoráid ábhartha, déanfar íocaíocht i leith na dtaiscí sin le linn na réamhthréimhse sin ag nialas faoin gcéad nó de réir ráta gearrthéarmach an euro (€STR), cibé acu is airde.
3. Maidir leis an gcuntas tiomnaithe a choimeádtar le BCE i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena mbunaítear na socruithe is gá le haghaidh riar na n-oibríochtaí iasachtaíochta faoi Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle agus le haghaidh na n-oibríochtaí iasachtóireachta a bhaineann le hiasachtaí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun críocha sealúchas stuamachta airgid dá dtagraítear san Airteagal sin, íocfar é de réir ráta nialas faoin gcéad nó de réir an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is airde, ach amháin i gcás inar mó ná EUR 20 billiún méid comhiomlán na dtaiscí atá á sealbhú sa chuntas tiomnaithe sin, agus sa chás sin íocfar an méid de bhreis ar EUR 20 billiún de réir ráta na saoráide taisce nó de réir an ráta gearrthéarmach euro (€STR), cibé acu is ísle.
Airteagal 3
Maolú sealadach
I gcás ina mbeidh coinbhleacht idir an Cinneadh seo agus Airteagal 4(1) de Threoirlíne (AE) 2019/671 (BCE/2019/7), Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2019/1743 (BCE/2019/31) nó Airteagal 5 de Chinneadh 2010/275/AE (BCE/2010/4), beidh forlámhas ag an gCinneadh seo.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 14 Meán Fómhair 2022 agus fanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Aibreán 2023.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 12 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí i dtaca le bainistíocht dliteanais agus sócmhainní intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).
(2) Cinneadh (AE) 2019/1743 ón mBanc Ceannais Eorpach an 15 Deireadh Fómhair 2019 maidir le luach saothair sealúchais cúlchistí iomarcacha agus taiscí áirithe (BCE/2019/31) (IO L 267, 21.10.2019, lch. 12).
(3) Cinneadh 2010/275/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Bealtaine 2010 maidir le bainistiú iasachtaí déthaobhacha comhthiomsaithe chun sochair don Phoblacht Heilléanach agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2010/4) (IO L 119, 13.5.2010, lch. 24).
(4) Cinneadh 2003/797/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Samhain 2003 maidir le riar na n-oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach faoin tsaoráid um chúnamh airgeadais meántéarmach (BCE/2003/14) (IO L 297, 15.11.2003, lch. 35).
(5) Cinneadh 2011/15/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Nollaig 2010 maidir le cuntais a oscailt chun íocaíochtaí a phróiseáil i ndáil le hiasachtaí de chuid SaorCAE do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCE/2010/31) (IO L 10, 14.1.2011, lch. 7).
(6) Cinneadh 2010/624/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Deireadh Fómhair 2010 maidir le riar na n-oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (BCE/2010/17) (IO L 275, 20.10.2010, lch. 10).
(7) Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le hionstraim Eorpach a bhunú le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) tar éis ráig COVID-19 (IO L 159, 20.5.2020, lch. 1).
(8) C(2021) 2502 final.