ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 224

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
30 Lúnasa 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/1435 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar carbónáite cailciam, dé-ocsaíde carbóin, ciopróidínile agus hidrigincharbónáite potaisiam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe ( 1 )

1

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 224/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1435 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Lúnasa 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar carbónáite cailciam, dé-ocsaíde carbóin, ciopróidínile agus hidrigincharbónáite potaisiam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás ciopróidínile, leagadh uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Liostaítear carbónáit chailciam, dé-ocsaíd charbóin, agus hidrigincharbónáit photaisiam in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

An 14 Nollaig 2021 ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius uasteorainn iarmhair Codex (“CXL”) nua i gcás ciopróidínil i bpónairí soighe (2).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i gcás inarb ann do chaighdeáin idirnáisiúnta nó i gcás ina gcuirfear i gcrích iad go luath, cuirfear san áireamh iad i bhforbairt nó in oiriúnú dhlí an bhia, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin sin nó codanna ábhartha díobh ina modh neamhéifeachtach nó míchuí chun cuspóirí dlisteanacha dhlí an bhia a chomhlíonadh nó i gcás ina mbeadh údar eolaíoch ann, nó ina dtiocfadh leibhéal cosanta astu a bheadh éagsúil leis an leibhéal a chinntear a bheith iomchuí san Aontas. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13, pointe (e), den Rialachán sin, tá an tAontas chun comhsheasmhacht idir caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta agus dlí an bhia a chur chun cinn agus a áirithiú ag an am céanna nach laghdófar an t-ardleibhéal cosanta a ghlactar san Aontas.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar an CXL a moladh le haghaidh ciopróidínil sna pónairí soighe agus ba é a chonclúid go bhfuil sé sin sábháilte le haghaidh tomhaltóirí san Aontas (4), agus níor chuir an tAontas aon forchoimeádas (5) (6) in iúl don Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí i ndáil leis an CXL molta sin.

(5)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an CXL sin a chur le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar MRL.

(6)

Liostaíodh carbónáit chailciam, dé-ocsaíd charbóin, agus hidrigincharbónáit photaisiam go sealadach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 go dtí go gcuirfí meastóireacht orthu i gcrích bíodh sí sin faoi Threoir 91/414/CEE ón gComhairle (7) nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus go dtí go ndéanfaí athbhreithniú orthu i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 396/2005. I gcomhthéacs iarratas a rinneadh ar athnuachan fhormheas na substaintí sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’eisigh an tÚdarás conclúidí maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar charbónáit chailciam (9), ar dhé-ocsaíd charbóin (10) agus ar hidrigincharbónáit photaisiam (11). Ar bhonn chonclúidí sin an Údaráis, ní gá le MRLanna i gcás carbónáit chailciam, dé-ocsaíd charbóin, ná hidrigincharbónáit photaisiam. Dá bhrí sin, is iomchuí na substaintí sin a fhágáil in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (12).

(7)

Ar bhonn na tuarascála eolaíche agus na gconclúidí ón Údarás, agus na fachtóirí atá ábhartha maidir leis an ábhar atá faoi chaibidil á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe iomchuí ar na MRLanna ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Tuarascáil ón 44ú seisiún den Choimisiún Codex Alimentarius (REP21/CAC) https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-44%252FFINAL%252520REPORT%252FRep21_CACe.pdf.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

(4)  Tacaíocht eolaíoch chun seasamh an Aontais a ullmhú don 52ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR). EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(8):6766.

(5)  Barúlacha an Aontais Eorpaigh maidir le Codex CX/PR 21/52/5(REV): https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-52%252FCRDs%252Fpr52_CRD22x.pdf.

(6)  Tuarascáil ón 52ú seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí REP21/PR: https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-52%252FREPORT%252FFINAL%2BREPORT%252FREP21_PR52e.pdf.

(7)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(9)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i ndáil leis an tsubstaint ghníomhach charbónáit chailciam. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(4):6500.

(10)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021. Conclúidí maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i ndáil leis an tsubstaint ghníomhach dé-ocsaíd charbóin. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(6):6605.

(11)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i ndáil leis an tsubstaint ghníomhach hidrigincharbónáit photaisiam. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(5):6593.

(12)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Ráiteas maidir le substaintí gníomhacha i lotnaidicídí nach bhfuil gá le hathbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana ina leith faoi Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; (20 (01):7061.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh ciopróidínile:

“IARSCRÍBHINN II

Iarmhair lotnaidicíde agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Cód uimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Ciopróidínil (R) (F)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,02  (*1)

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

 

0120010

Almóinní

0,02  (*1)(+)

0120020

Cnónna Brasaíleacha

0,04

0120030

Cnónna caisiú

0,04

0120040

Castáin

0,04

0120050

Cnónna cócó

0,04

0120060

Cnónna coill

0,04

0120070

Macadaimia

0,04

0120080

Cnónna peacáin

0,04

0120090

Eithní cnónna péine

0,04

0120100

Cnónna pistéise

0,02  (*1)

0120110

Gallchnónna

0,04

0120990

Eile (2)

0,04

0130000

Torthaí póma

2

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

2

0140010

Aibreoga

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

0140030

Péitseoga

 

0140040

Plumaí

 

0140990

Eile (2)

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

3

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

5

0153000

(c)

torthaí cána

 

0153010

Sméara dubha

3

0153020

Eithreoga

0,02  (*1)

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

3

0153990

Eile (2)

0,02  (*1)

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

8

0154020

Mónóga

8

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

8

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

8

0154050

Mogóirí róis

3

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

3

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

3

0154080

Caora troim

3

0154990

Eile (2)

3

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

0,02  (*1)

0161020

Figí

0,02  (*1)

0161030

Ológa boird

0,02  (*1)

0161040

Cumcuait

0,02  (*1)

0161050

Torthaí réaltúla

0,02  (*1)

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

2

0161070

Plumaí láva

0,02  (*1)

0161990

Eile (2)

0,02  (*1)

0162000

(b)

craiceann do-ite, iad beag

0,02  (*1)

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, iad mór

 

0163010

Abhacáid

1

0163020

Bananaí

0,02  (*1)

0163030

Mangónna

0,02  (*1)

0163040

Papánna

0,02  (*1)

0163050

Pomagránaití

5

0163060

Céiriomoighe

0,02  (*1)

0163070

Guábhaí

1,5

0163080

Anainn

0,02  (*1)

0163090

Torthaí aráin

0,02  (*1)

0163100

Duraígh

0,02  (*1)

0163110

Úlla deilgneacha

0,02  (*1)

0163990

Eile (2)

0,02  (*1)

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

0211000

(a)

prátaí

0,02  (*1)

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

0,02  (*1)

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

1,5

0213020

Meacain dhearga

1,5

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

0,3

0213040

Meacain ragaim

1,5

0213050

Bliosáin ghréine

0,02  (*1)

0213060

Meacain bhána

1,5

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

1,5

0213080

Raidisí

0,3

0213090

Salsabh

1,5

0213100

Svaeideanna

0,02  (*1)

0213110

Tornapaí

0,02  (*1)

0213990

Eile (2)

0,02  (*1)

0220000

Glasraí bleibíní

 

0220010

Gairleog

0,07

0220020

Oinniúin

0,3

0220030

Seallóidí

0,07

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

0,8

0220990

Eile (2)

0,02  (*1)

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

1,5

0231020

Piobair

1,5

0231030

Ubhthorthaí

1,5

0231040

Ocra

0,02  (*1)

0231990

Eile (2)

0,02  (*1)

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

0,5

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

0,6

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

0,02  (*1)

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,02  (*1)

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

 

0241000

(a)

praiseach bhlátha

2

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

0,02  (*1)

0242020

Cabáistí cinn

0,7

0242990

Eile (2)

0,02  (*1)

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

0,02  (*1)

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

0,02  (*1)

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

15

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Ruachán Rómhánach

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

15

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,02  (*1)

0254000

(d)

biolair uisce

0,02  (*1)

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

0,06

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

40

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

 

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

2

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

0,08

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

2

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

0,08

0260050

Lintilí

0,2

0260990

Eile (2)

0,02  (*1)

0270000

Glasraí gais

 

0270010

Lus súgach

0,02  (*1)

0270020

Cardúin

0,02  (*1)

0270030

Soilirí

30

0270040

Finéal Fhlórans

4

0270050

Bliosáin chruinne

4

0270060

Cainneanna

0,02  (*1)

0270070

Biabhóg

2

0270080

Péacáin bhambú

0,02  (*1)

0270090

Croíthe pailme

0,02  (*1)

0270990

Eile (2)

0,02  (*1)

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,02  (*1)

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,02  (*1)

0300000

PISEÁNAIGH

 

0300010

Pónairí

0,2

0300020

Lintilí

0,02  (*1)

0300030

Piseanna

0,1

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

0,1

0300990

Eile (2)

0,02  (*1)

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

0,02  (*1)

0401020

Piseanna talún

0,02  (*1)

0401030

Síolta poipín

0,02  (*1)

0401040

Síolta seasamain

0,02  (*1)

0401050

Síolta lus na gréine

0,02  (*1)

0401060

Síolta ráibe

0,02

0401070

Pónairí soighe

0,3

0401080

Síolta mustaird

0,02  (*1)

0401090

Síolta cadáis

0,02  (*1)

0401100

Síolta puimcín

0,02  (*1)

0401110

Síolta cróch bréige

0,02  (*1)

0401120

Síolta borráiste

0,02  (*1)

0401130

Síolta caimilín

0,02  (*1)

0401140

Síolta cnáibe

0,02  (*1)

0401150

Pónairí ricne

0,02  (*1)

0401990

Eile (2)

0,02  (*1)

0402000

Olathorthaí

0,02  (*1)

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme ola

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

 

0500010

Eorna

4

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,02  (*1)

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,02  (*1)

0500040

Muiléad coiteann

0,02  (*1)

0500050

Coirce

4

0500060

Rís

0,02  (*1)

0500070

Seagal

0,5

0500080

Sorgam

0,02  (*1)

0500090

Cruithneacht

0,5

0500990

Eile (2)

0,02  (*1)

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

 

0610000

Taenna

0,1  (*1)

0620000

Pónairí caife

0,1  (*1)

0630000

Insiltí luibhe ó na nithe seo

 

0631000

(a)

bláthanna

0,1  (*1)

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

0,1  (*1)

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

1,5 (+)

0633010

Caorthann corraigh

(+)

0633020

Ginsing

(+)

0633990

Eile (2)

(+)

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

0,1  (*1)

0640000

Pónairí cócó

0,1  (*1)

0650000

Carúib

0,1  (*1)

0700000

LEANNLUSANNA

0,1  (*1)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,1  (*1)

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,1  (*1)

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,1  (*1)

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

1,5 (+)

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

1,5 (+)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

1,5 (+)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,1  (*1)

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,1  (*1)

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,1  (*1)

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,02  (*1)

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó na nithe seo

(+)

1011000

(a)

mucra

0,02  (*1)(+)

1011010

Matáin

(+)

1011020

Saill

(+)

1011030

An t-ae

(+)

1011040

An duán

(+)

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

(+)

1011990

Eile (2)

(+)

1012000

(b)

bó-ainmhithe

 

1012010

Matáin

0,02  (*1)(+)

1012020

Saill

0,02  (*1)(+)

1012030

An t-ae

0,05 (+)

1012040

An duán

0,05 (+)

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,02  (*1)(+)

1012990

Eile (2)

0,02  (*1)(+)

1013000

(c)

caoirigh

 

1013010

Matáin

0,02  (*1)(+)

1013020

Saill

0,02  (*1)(+)

1013030

An t-ae

0,05 (+)

1013040

An duán

0,05 (+)

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,02  (*1)(+)

1013990

Eile (2)

0,02  (*1)(+)

1014000

(d)

gabhair

 

1014010

Matáin

0,02  (*1)(+)

1014020

Saill

0,02  (*1)(+)

1014030

An t-ae

0,05 (+)

1014040

An duán

0,05 (+)

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,02  (*1)(+)

1014990

Eile (2)

0,02  (*1)(+)

1015000

(e)

each-ainmhithe

 

1015010

Matáin

0,02  (*1)(+)

1015020

Saill

0,02  (*1)(+)

1015030

An t-ae

0,05 (+)

1015040

An duán

0,05 (+)

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,02  (*1)(+)

1015990

Eile (2)

0,02  (*1)(+)

1016000

(f)

éanlaith chlóis

0,02  (*1)(+)

1016010

Matáin

(+)

1016020

Saill

(+)

1016030

An t-ae

(+)

1016040

An duán

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

(+)

1016990

Eile (2)

(+)

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matáin

0,02  (*1)(+)

1017020

Saill

0,02  (*1)(+)

1017030

An t-ae

0,05 (+)

1017040

An duán

0,05 (+)

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,02  (*1)(+)

1017990

Eile (2)

0,02  (*1)(+)

1020000

Bainne

0,02  (*1)(+)

1020010

Eallach

(+)

1020020

Caoirigh

(+)

1020030

Gabhair

(+)

1020040

Capaill

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,02  (*1)(+)

1030010

Sicín

(+)

1030020

Lacha

(+)

1030030

Géanna

(+)

1030040

Gearg

(+)

1030990

Eile (2)

(+)

1040000

Mil agus táirgí beachaireachta eile (7)

0,05  (*1)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,02  (*1)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,02  (*1)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,02  (*1)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE EILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 

Ciopróidínil (R) (F)

(R)

Tá an sainmhíniú ar iarmhar éagsúil i gcás na gcomhcheangal de chóduimhreacha lotnaidicídí seo a leanas:

Ciopróidínil – cód 1000000 seachas 1020000 , 1040000 : Ciopróidínil (suim chiopróidínile agus CGA 304075 (saor), arna sloinneadh mar chiopróidínil)

Ciopróidínil – 1020000 : Ciopróidínil (suim chiopróidínile agus CGA 304075 (saor agus comhchuingithe), arna sloinneadh mar chiopróidínil)

(F)

Intuaslagtha i saill

Tá roinnt faisnéise faoi mhodhanna anailíseacha agus/nó deimhniúcháin sainaitheanta ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia mar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil. Agus an MRL á athbhreithniú ag an gCoimisiún, cuirfidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt san áireamh, más rud é gur cuireadh faoina bhráid í faoin 14 Márta 2017, nó, murar cuireadh faoina bhráid í faoin dáta sin, cuirfidh sé an easpa faisnéise sin san áireamh.

0120010 Almóinní

0633000 (c) fréamhacha

0633010 Caorthann corraigh

0633020 Ginsing

0633990 Eile (2)

0840010 Liocras

0840030 Tuirmiric/curcuma

0840990 Eile (2)

1000000 TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

1010000 Tráchtearraí ó

1011000 (a) mucra

1011010 Matán

1011020 Saill

1011030 An t-ae

1011040 An duán

1011050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1011990 Eile (2)

1012000 (b) bó-ainmhithe

1012010 Matán

1012020 Saill

1012030 An t-ae

1012040 An duán

1012050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1012990 Eile (2)

1013000 (c) caoirigh

1013010 Matán

1013020 Saill

1013030 An t-ae

1013040 An duán

1013050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1013990 Eile (2)

1014000 (d) gabhair

1014010 Matán

1014020 Saill

1014030 An t-ae

1014040 An duán

1014050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1014990 Eile (2)

1015000 (e) each-ainmhithe

1015010 Matán

1015020 Saill

1015030 An t-ae

1015040 An duán

1015050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1015990 Eile (2)

1016000 (f) éanlaith chlóis

1016010 Matán

1016020 Saill

1016030 An t-ae

1016050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1016990 Eile (2)

1017000 (g) ainmhithe talún feirme eile

1017010 Matán

1017020 Saill

1017030 An t-ae

1017040 An duán

1017050 Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

1017990 Eile (2)

1020000 Bainne

1020010 Eallach

1020020 Caoirigh

1020030 Gabhair

1030000 Uibheacha éan

1030010 Sicín

1030020 Lacha

1030030 Géanna

1030040 Gearg

1030990 Eile (2)

(2)

in Iarscríbhinn IV, cuirtear “carbónáit chailciam”, “dé-ocsaíd charbóin” agus “hidrigincharbónáit photaisiam” in ionad na n-iontrálacha le haghaidh “carbónáit chailciam(1)”, “dé-ocsaíd charbóin(1)” agus “hidrigincharbónáit photaisiam(1)” faoi seach.


(*1)  Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I