ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 214

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
17 Lúnasa 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/1403 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1404 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe le haghaidh plandú Lonicera L., de thionscnamh na Tuirce agus plandaí áirithe le haghaidh plandú Malus domestica, de thionscnamh na Moldóive

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1405 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2022 lena socraítear na rátaí úis atá le húsáid chun na costais a ríomh a bhaineann le bearta idirghabhála maoiniúcháin, bearta lena gcuimsítear ceannach isteach, stóráil agus diúscairt táirgí talmhaíochta amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2022

7

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

17.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1403 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 23 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráidí sa leagan Bulgáirise, sa leagan Gaeilge, sa leagan Gearmáinise agus sa leagan Seicise de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001. I gCaibidil V, Roinn G d’Iarscríbhinn IV, i bpointe 1 sa leagan Gearmáinise agus sa leagan Seicise, agus i bpointe 2 sa leagan Bulgáirise agus sa leagan Gaeilge, tá earráid ann a athraíonn ciall na bhforálacha sin.

(2)

Dá bhrí sin ba cheart an leagan Bulgáirise, an leagan Gaeilge, an leagan Gearmáinise agus an leagan Seicise a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 mar a leanas:

(1)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(2)

i gCaibidil V, Roinn G, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Beidh na focail seo a leanas le feiceáil go soiléir ar lipéad na beatha cumaisc ina bhfuil próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó fheithidí saothraithe, muc-ainmhithe nó éanlaith chlóis: ‘Próitéin ainmhíoch phróiseáilte a dhíorthaítear ó (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa chéad cholún de Thábla 1, na hainmhithe ónar díorthaíodh an phróitéin ainmhíoch phróiseáilte) — ná beathaítear ainmhithe feirmshaothraithe léi cé is moite de (luaitear na hainmhithe feirmshaothraithe ábhartha a liostaítear sa dara colún de Thábla 1, na hainmhithe a bhféadfar iad a bheathú leis an bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte)’;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.


17.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1404 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe le haghaidh plandú Lonicera L., de thionscnamh na Tuirce agus plandaí áirithe le haghaidh plandú Malus domestica, de thionscnamh na Moldóive

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 42(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(3)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú, de thionscnamh tríú tíortha, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Ina measc tá an géineas Lonicera L. agus Malus Mill.

(4)

An 27 Samhain 2019, chuir an Tuirc iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí fréamhaithe Lonicera x bella, Lonicera caprifolium, Lonicera caucasica, Lonicera etrusca, Lonicera fragrantissima, Lonicera hellenica, Lonicera japonica, Lonicera ligustrina, Lonicera sempervirens agus Lonicera tatarica (dá ngairtear “an speiceas sonraithe Lonicera”) 2 bhliain go 4 bliana d’aois le cur i bpotaí a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(5)

An 25 Samhain 2021, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí ar speicis shonraithe de phlandaí pota Lonicera ar de thionscnamh na Tuirce iad (4). Cumhdaítear leis an tuairim eolaíoch sin an measúnú riosca ar na speicis shonraithe de phlandaí pota le haghaidh plandú Lonicera atá ceithre bliana d’aois ar a mhéad. Shainaithin an tÚdarás Lopholeucaspis japonica, Meloidogyne chitwoodi agus Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin atá le cur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis na lotnaidí sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí sin saor ó na lotnaidí sin. Liostaítear Lopholeucaspis japonica agus Meloidogyne chitwoodi mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5), agus is lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta í Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(6)

An 4 Márta 2020, chuir an Mholdóiv iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí fréamhlom beangaithe Malus domestica 1 bhliain d’aois go 3 bliana d’aois le cur atá suanach agus gan duilleoga orthu a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(7)

An 22 Feabhra 2022, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí beangaithe Malus domestica atá le cur de thionscnamh na Moldóive (6). Shainaithin an tÚdarás Xiphinema rivesi (daonraí neamh-AE) mar lotnaid atá ábhartha maidir leis na plandaí sin atá le cur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis an lotnaid sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí sin saor ón lotnaid sin. Is lotnaid choraintín de chuid an Aontais é Xiphinema rivesi (daonraí neamh-AE) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(8)

Ar bhonn na dtuairimí sin, an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach i gcríoch an Aontais plandaí fréamhaithe suas le ceithre bliana d’aois le damhna fáis atá le cur de Lonicera x bella, Lonicera caprifolium, Lonicera caucasica, Lonicera etrusca, Lonicera fragrantissima, Lonicera hellenica, Lonicera ligustrina, Lonicera sempervirens agus Lonicera tatarica, de thionscnamh na Tuirce agus plandaí fréamhlom beangaithe Malus domestica suas le trí bliana d’aois le cur atá suanach agus gan duilleoga orthu, de thionscnamh na Moldóive, meastar gur inghlactha atá sé faoi réir chomhlíonadh ceanglais allmhairiúcháin speisialta comhfhreagracha a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(9)

Dá thoradh sin, níor cheart na plandaí sin le cur a mheas mar plandaí a mbaineann ardriosca leo agus ba cheart iad a bhaint de liosta na bplandaí, na dtáirgí plandaí agus na réad eile a mbaineann ardriosca leo atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir.

(11)

I bhfianaise nádúr ionrach Lonicera japonica, tá gá le tuilleadh measúnaithe riosca chun a thionchar ar an mbithéagsúlacht san Aontas a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a bheith fós ar allmhairiú plandaí Lonicera japonica le plandú isteach san Aontas ó gach tríú tír go dtí go mbeidh an measúnú riosca sin déanta.

(12)

Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (7) a chur i bhfeidhm a chomhlíonadh, ba cheart allmhairiú speiceas áirithe Lonicera L. cé is moite de Lonicera japonica, de thionscnamh na Tuirce agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le trí bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach, fréamhlom agus gan duilleoga orthu de thionscnamh na Moldóive a atosú a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).

(4)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Tuarascáil eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar speicis shonraithe de phlandaí pota Lonicera ón Tuirc. Iris EFSA 2022;20(1):7014, lch. 56 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7014.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(6)  Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2022. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí beangaithe Malus domestica de thionscnamh na Moldóive. Iris EFSA 2022;20(3):7021, lch. 39 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7201.

(7)  Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (Comhaontú SPS) (arna ghlacadh an 15 Aibreán 1994, arna theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995; Imleabhar 1867 UNTS, lch. 493); an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, https://www.wto.org/english/tratop_e/sps_e/spsagr_e.htm.


IARSCRÍBHINN

Sa tábla i bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, leasaítear an dara colún, “Tuairisc” mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Lonicera L.”:

Lonicera L. cé is moite de phlandaí fréamhaithe suas le ceithre bliana d’aois le damhna fáis atá le cur de Lonicera x bella, Lonicera caprifolium, Lonicera caucasica, Lonicera etrusca, Lonicera fragrantissima, Lonicera hellenica, Lonicera ligustrina, Lonicera sempervirens agus Lonicera tatarica, de thionscnamh na Tuirce”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála “Malus Mill., cé is moite de phlandaí fréamhlom beangaithe atá suanach le cur de Malus domestica de thionscnamh na Seirbia”:

Malus Mill., seachas:

plandaí beangaithe Malus domestica aon bhliain go 2 bhliana d’aois le cur atá suanach, fréamhlom agus gan duilleoga de thionscnamh na Seirbia; agus

plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le cur atá suanach, fréamhlom agus gan duilleoga de thionscnamh na Moldóive”.


17.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1405 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena socraítear na rátaí úis atá le húsáid chun na costais a ríomh a bhaineann le bearta idirghabhála maoiniúcháin, bearta lena gcuimsítear ceannach isteach, stóráil agus diúscairt táirgí talmhaíochta amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2022

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(4) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir le caiteachas a bhaineann leis na costais mhaoiniúcháin arna dtabhú ag na Ballstáit agus cistí á slógadh chun táirgí a cheannach isteach, foráiltear pointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún (2) go gcinnfear é i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

Foráiltear le pointe I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 go bhfuil na costais mhaoiniúcháin i dtrácht le ríomh ar bhonn ráta úis aonfhoirmeach le haghaidh an Aontais, ar ráta é a shocróidh an Coimisiún. Comhfhreagraíonn an ráta úis sin do mheánrátaí réamhcheaptha 3 mhí agus 12 mhí Euribor, arna dtaifeadadh le linn tréimhse thagartha 6 mhí a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún, roimh an bhfógra ó na Ballstáit dá bhforáiltear sa chéad mhír de phointe I.2 den Iarscríbhinn sin, agus ualú aon trian agus dhá thrian faoi seach aige.

(3)

Chun na rátaí úis is infheidhme a chinneadh, foráiltear sa chéad mhír de phointe I.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, faoin meánráta úis a d’íoc siad go hiarbhír le linn na tréimhse tagartha dá dtagraítear i bpointe I.1 den Iarscríbhinn sin, tráth nach déanaí ná an spriocdháta dá dtagraítear san iarraidh sin.

(4)

Thairis sin, i gcomhréir leis an dara mír de phointe I.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, in éagmais aon fhógra ó Bhallstát, san fhoirm agus faoin spriocdháta dá dtagraítear sa chéad mhír den phointe sin, ní mór a mheas gurb é 0 % an ráta úis a bheidh le híoc ag an mBallstát sin. I gcás ina ndearbhaíonn Ballstát nár íoc sé aon chostas úis toisc nach raibh táirgí talmhaíochta á stóráil go poiblí aige le linn na tréimhse tagartha, ní mór don Choimisiún an ráta úis sin a shocrú i gcomhréir leis an tríú mír den phointe sin.

(5)

Ós rud é nach raibh aon táirge talmhaíochta á stóráil go poiblí le linn na tréimhse tagartha 6 mhí a socraíodh le haghaidh mhí na Samhna 2021 go mí Aibreáin 2022, níor iarradh ar na Ballstáit fógraí a thabhairt faoin gcéad mhír de phointe I.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014. Dá bhrí sin, shocraigh an Coimisiún ráta úis tagartha de bhun an tríú mír den phointe sin.

(6)

I gcomhréir le pointe I.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, tá an ráta úis arna chinneadh ar bhonn phointe I.2 den Iarscríbhinn sin le cur i gcomparáid leis an ráta úis aonfhoirmeach arna shocrú ar bhonn phointe I.1 den Iarscríbhinn sin. Ní mór an ráta úis is ísle den dá ráta úis sin a bheith ina ráta úis is infheidhme maidir le gach Ballstát. Mar sin féin, chun caiteachas na mBallstát a aisíoc, ní fhéadfar rátaí úis diúltacha a chur san áireamh.

(7)

Ba cheart na rátaí úis is infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2022 a shocrú agus na tosca éagsúla sin á gcur san áireamh.

(8)

De bhun phointe 4 de Chuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, leanfaidh na rátaí úis a shocraítear leis an Rialachán seo d’fheidhm a bheith acu go dtí go socrófar ráta úis nua le Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún ina dhiaidh sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le caiteachas a bhaineann leis na costais mhaoiniúcháin arna dtabhú ag na Ballstáit agus cistí á slógadh chun táirgí a cheannach isteach is inmhuirearaithe don Chiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), socrófar na rátaí úis dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(1) den Rialachán sin ag 0 %.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lch. 1).