|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1369 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Lúnasa 2022
maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chuir Cónaidhm na Rúise, príomhsholáthróir seachtrach gáis don Aontas, tús le fogha míleata i gcoinne na hÚcráine, ar Páirtí Conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh í. De bharr ghéarú fhogha na Rúise faoin Úcráin ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tá laghdú suntasach tagtha ar sholáthairtí gáis, ar iarracht d’aon ghnó í soláthair gáis a úsáid mar arm polaitiúil. Tá stop curtha le sreafaí píblíne gáis ón Rúis tríd an mBealarúis agus tá laghdú leanúnach tagtha ar sholáthairtí gáis tríd an Úcráin. Tá sreafaí gáis foriomlána ón Rúis níos lú ná 30 % de mheán sreafaí gáis sa tréimhse 2016-2021 anois. Mar thoradh ar an laghdú soláthair sin tá praghsanna fuinnimh níos airde ná riamh agus luaineach, rud a chuireann le boilsciú agus a chruthaíonn baol go dtiocfaidh cor eile chun donais eacnamaíoch san Eoraip. |
|
(2) |
I bhfianaise an mhéid sin, i dteannta na teachtaireachta uaidh an 8 Márta 2022 dar teideal “REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe”, thíolaic an Coimisiún plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022 agus é mar aidhm leis deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir, agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Chun an aidhm sin a bhaint amach, leagtar amach i bplean REPowerEU bearta a bhaineann le coigiltis fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus moltar roll amach brostaithe maidir le fuinneamh glan lena chur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, i dtionscal agus i nginiúint cumhachta. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta breise ó thaobh an tsoláthair de, inter alia, comhordú níos fearr ar cheannacháin gháis, éascú ar cheannacháin chomhpháirteacha arna ndéanamh ag oibreoirí mhargadh gáis na hEorpa ar an margadh idirnáisiúnta gáis, chomh maith le tréaniarrachtaí acmhainneacht táirgthe leictreachais nach mbraitheann ar sholáthairtí allmhairithe gáis a chaomhnú. |
|
(3) |
Tá bearta breise déanta ag an Aontas chun a leibhéal ullmhachta a mhéadú a mhéid a bhaineann le suaitheadh sa soláthar gáis. Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) chun líonadh na láithreán stórála faoi thalamh a áirithiú do na séasúir gheimhridh atá romhainn. |
|
(4) |
Thairis sin, i mí Feabhra 2022 agus i mí na Bealtaine 2022 rinne an Coimisiún grinn-athbhreithnithe ar na pleananna éigeandála náisiúnta uile agus rinne sé grinnfhaireachán freisin ar an staid maidir le slándáil an tsoláthair. Ceapadh na bearta a rinne an tAontas ó mhí Feabhra 2022 le go mbeifí in ann deireadh iomlán a chur le húsáid ghás na Rúise faoi 2027, agus chun na rioscaí a eascraíonn as mórshuaitheadh soláthair eile a laghdú. |
|
(5) |
Mar sin féin, leis an ngéarú a tháinig le déanaí ar shuaitheadh an tsoláthair gáis ón Rúis, tá riosca mór ann go dtiocfaidh stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise go luath, ar bhealach tobann aontaobhach. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas a bheith ag súil leis an riosca sin agus, de mheon na dlúthpháirtíochta, ba cheart dó ullmhú don fhéidearthacht go dtarlóidh suaitheadh iomlán ar sholáthar gáis ón Rúis tráth ar bith. Tá gá le gníomhaíocht réamhghníomhach láithreach chun teacht roimh thuilleadh gníomhaíochta suaiteacha agus chun athléimneacht an Aontais i leith suaití amach anseo a neartú. Is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais díobháil thromchúiseach don gheilleagar agus do shaoránaigh, mar thoradh ar idirbhriseadh féideartha sa soláthar gáis, a sheachaint. |
|
(6) |
Leis an gcreat dlíthiúil reatha le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar shuaitheadh ag mórsholáthróir gáis a mhaireann níos mó ná 30 lá. In éagmais creat dlíthiúil le haghaidh suaití den sórt sin, tá riosca ann go ndéanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht neamh-chomhordaithe, rud a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair sna Ballstáit chomharsanachta a chur i mbaol agus a d’fhéadfadh ualach breise a chur ar thionscal agus tomhaltóirí an Aontais. |
|
(7) |
Sa rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfear i láthair plean chun leanúint de shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais sa ghearrthéarma a áirithiú. Ag na cruinnithe a bhí aici an 31 Bealtaine agus an 23 Meitheamh 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh mar ábhar práinne chun feabhas a chur ar an ullmhacht le haghaidh mórshuaití féideartha soláthair d’fhonn soláthar fuinnimh ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú. Tar éis na hiarrata sin ón gComhairle Eorpach, tá an Coimisiún ag féachaint, i dteannta chomhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais, ar bhealaí chun srian a chur leis na praghsanna fuinnimh atá ag dul i méid, lena n-áirítear a indéanta a bheadh sé uasteorainneacha sealadacha ar phraghsanna allmhairíochta a thabhairt isteach i gcás inarb iomchuí. I dteannta na hiarrata sin, tá an Coimisiún i mbun oibre ar fheidhmiú mhargadh leictreachais na hEorpa a bharrfheabhsú, lena n-áirítear éifeacht na bpraghsanna gáis ar an margadh, ionas go mbeidh an margadh níos ullmhaithe chun luaineacht iomarcach praghsanna a sheasamh amach anseo, go gcuirfidh sé leictreachas inacmhainne ar fáil agus go mbeidh sé lánoiriúnach do chóras fuinnimh dícharbónaithe, agus, ag an am céanna, iomláine an mhargaidh aonair á caomhnú, dreasachtaí don aistriú glas á gcoimeád, slándáil an tsoláthair á caomhnú agus costais bhuiséideacha díréireacha á seachaint. |
|
(8) |
Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirtear ar chumas na Comhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Is staid den sórt sin é an riosca go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise faoi dheireadh 2022. |
|
(9) |
I bhfianaise an ghar-riosca atá ann maidir le suaitheadh ar sholáthairtí gáis chuig an Aontas, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh anois chun an t-éileamh ar na soláthairtí sin a laghdú roimh shéasúr an gheimhridh 2022-23. Chuirfeadh laghdú deonach ar éileamh den sórt sin go háirithe le hacmhainneachtaí stórála a líonadh sa chaoi is nach n-ídeofaí iad faoi dheireadh shéasúr gheimhridh 2022-23, agus, dá bhrí sin, chuirfeadh sé ar chumas na mBallstát déileáil le tréimhsí fuara féideartha i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2023 agus éascú líonadh na n-acmhainneachtaí stórála chun leibhéil leordhóthanacha shlándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh shéasúr gheimhridh 2023-24. Ach an t-éileamh ar ghás a laghdú, cuideofar freisin le soláthar leordhóthanach a áirithiú agus praghsanna fuinnimh a laghdú, rud a rachaidh chun tairbhe thomhaltóirí an Aontais. Dá bhrí sin, rachadh bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun an t-éileamh a laghdú chun tairbhe na mBallstát uile tríd an riosca go mbeadh tionchar níos substaintiúla ar a ngeilleagair a laghdú. |
|
(10) |
Maidir le méid an laghdaithe dheonaigh ar éileamh, cuirtear san áireamh méideanna an éilimh ar ghás a bheadh i mbaol a neamhsheachadta i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthair gáis na Rúise. Ba cheart go mbeadh an t-iarracht ar laghdú sin comhionann le haghaidh na mBallstát uile, bunaithe ar chomparáid ar mheántomhaltas gach Ballstáit le cúig bliana anuas. |
|
(11) |
D’fhéadfadh sé nach leor bearta maidir le laghdú deonach ar éileamh iontu féin chun slándáil an tsoláthair agus feidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Dá bhrí sin, chun aghaidh a thabhairt go pras ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis an nganntanas soláthair gáis leanúnach, a bhfuil coinne leis go mbeidh sé i bhfad níos measa amach anseo, agus chun saobhadh idir na Ballstáit a sheachaint, ba cheart ionstraim nua a bhunú lenar féidir laghdú sainordaitheach ar éileamh ar ghás a thabhairt isteach le haghaidh gach Ballstáit. Ba cheart go mbeadh sé oibríochtúil go leordhóthanach roimh fhómhar 2022. Faoi ionstraim den sórt sin, d’fhéadfadh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, foláireamh Aontais a fhógairt trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Trí chumhacht cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, cuirtear san áireamh go leordhóthanach gné pholaitiúil an chinnidh oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh ar fud an Aontais a thionscain agus impleachtaí cothrománacha an chinnidh sin do na Ballstáit. Sula dtíolacfaidh sé togra den sórt sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938 (“grúpaí riosca”), agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis (GCG), a bunaíodh leis an Rialachán sin. Níor cheart foláireamh Aontais a fhógairt ach amháin i gcás nach leor na bearta deonacha maidir le laghdú ar éileamh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeidh ganntanas tromchúiseach soláthair ann. Ba cheart deis a thabhairt do chúig údarás inniúil nó níos mó de chuid na mBallstát a bhfuil foláirimh náisiúnta fógartha acu de bhun Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1938 a iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun foláireamh Aontais a fhógairt. |
|
(12) |
Ba cheart d’fholáireamh an Aontais feidhmiú mar leibhéal géarchéime Aontas-sonrach, agus ba cheart dó laghdú sainordaitheach ar éileamh a spreagadh, gan spleáchas do na leibhéil ghéarchéime náisiúnta de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938. A luaithe a fhógrófar foláireamh Aontais, ba cheart do na Ballstáit a dtomhaltas gáis a laghdú laistigh de thréimhse réamhshainithe. Maidir le méid an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh is gá, cuirtear san áireamh méideanna an éilimh ar ghás a bheadh i mbaol i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthairtí gáis na Rúise chuig an Aontas agus ba cheart a chur san áireamh go hiomlán aon laghdú deonach ar éileamh atá bainte amach cheana féin. Maidir le méid an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh ba cheart a chur san áireamh freisin an leibhéal líonta stórála mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 6d(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1938, an fhorbairt maidir le héagsúlú foinsí gáis, lena n-áirítear soláthairtí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus forbairt inionadaitheachta breosla san Aontas. |
|
(13) |
Laghduithe ar éileamh a bhain na Ballstáit amach sular fógraíodh foláireamh an Aontais, léireofar iad i méid an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh. |
|
(14) |
I bhfianaise an tsaofa shuntasaigh ar an margadh inmheánach is dócha a tharlóidh má ghníomhaíonn na Ballstáit ar bhealach neamhchomhordaithe i leith suaitheadh breise ar sholáthair ghás na Rúise, féideartha nó iarbhír, tá sé ríthábhachtach de mheon na dlúthpháirtíochta go laghdóidh na Ballstáit uile a n-éileamh ar ghás. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit uile na spriocanna laghduithe deonacha agus sainordaitheacha ar éileamh a bhaint amach. Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát a bheith níos neamhchosanta ar na héifeachtaí a bheadh ag suaitheadh ar sholáthairtí ghás na Rúise, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ar na Ballstáit uile agus d’fhéadfadh leo rannchuidiú le díobháil eacnamaíoch suaitheadh den sórt sin arb é is cúis leis a theorannú, bíodh sin trí mhéideanna breise de ghás ó phíblíne nó de lastaí GNL a scaoileadh chun gur féidir leis na Ballstáit a bhfuil easnaimh shuntasacha gáis acu iad a úsáid, tríd an tionchar dearfach ar phraghsanna gáis is dócha a bheidh ag laghdú ar éileamh, nó trí shaobhadh margaidh trí bhearta neamhchomhordaithe maidir le laghdú ar éileamh atá ag teacht salach ar a chéile a sheachaint. Dá bhrí sin, léiríonn an Rialachán seo prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí mar bhunphrionsabal de dhlí an Aontais (3). |
|
(15) |
Mar sin féin, mar gheall ar a staid shonrach gheografach nó fhisiciúil, amhail gan a bheidh sioncrónaithe le córas leictreachais na hEorpa ná idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis Bhallstáit eile, níl Ballstáit áirithe in ann toirteanna suntasacha gáis píblíne a scaoileadh chun tairbhe Ballstát eile. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit dul i muinín foras amháin nó níos mó chun teorainn a chur ar a n-oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh. Ba cheart don Bhallstáit lena mbaineann a bheith tiomanta chun gach iarracht a dhéanamh na heasnaimh maidir le hidirnascadh a bhaint a luaithe is féidir. |
|
(16) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear creat ar bun do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí ábhartha chun oibriú le chéile i suíomh réigiúnach chun gréasáin fuinnimh atá nasctha ar bhealach níos fearr a fhorbairt, agus é mar aidhm leis, go háirithe, réigiúin atá scoite amach ó mhargaí fuinnimh na hEorpa faoi láthair a nascadh agus idirnaisc thrasteorann atá ann cheana a neartú agus idirnaisc thrasteorann nua a chur chun cinn. Cuireann idirnaisc thrasteorann go mór le slándáil an tsoláthair. I bhfianaise shuaitheadh an tsoláthair gáis ón Rúis faoi láthair, tá ról lárnach ag idirnaisc thrasteorann den sórt sin maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh a áirithiú agus maidir le gás a dháileadh ar Bhallstáit eile, de mheon na dlúthpháirtíochta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí comhtháthú a ngréasán a fheabhsú, lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an méadú a d’fhéadfadh teacht ar an acmhainneacht nua idirnaisc thrasteorann i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(17) |
Chun iarrachtaí na mBallstát a éascú maidir le cuspóirí Rialachán (AE) 2022/1032 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le stóráil gáis, ba cheart toirt an gháis a úsáideann na Ballstáit i gcomhair stórála de bhreis ar an sprioc idirmheánach don 1 Lúnasa 2022 a chur san áireamh freisin chun méid a laghdaithe shainordaithigh ar éileamh a chinneadh. |
|
(18) |
Ina theannta sin, chun aird chuí a thabhairt ar spleáchas ard thionscail chriticiúla na mBallstát ar ghás, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tomhaltas gáis a eisiamh sna tionscail sin agus méid a laghdaithe shainordaithigh ar éileamh á chinneadh acu. Le faireachán ag an gCoimisiúin, ba cheart a áirithiú nach mbeidh saobhadh míchuí ar an margadh inmheánach mar thoradh ar theorainneacha náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann méid a laghdaithe shainordaithigh ar éileamh a theorannú i gcás inar gá teorainn den sórt sin chun an soláthar gáis chuig Ballstáit eile a uasmhéadú agus ina bhfuil siad in ann fianaise a sholáthar go n-úsáidtear a n-acmhainneachtaí onnmhairiúcháin tráchtála idirnascaire chuig Ballstáit eile nó a mbonneagar GNL intíre chun gás a atreorú chuig Ballstáit eile a mhéid is féidir. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha maidir leis na maoluithe sin a chur i bhfeidhm. |
|
(19) |
Maidir le cúinsí sonracha éilimh ó Bhallstáit idirnasctha, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an laghdú éigeantach ar éileamh a theorannú go sealadach i gcás inar gá chun cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a áirithiú, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh géarchéim leictreachais, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), roimh Bhallstát. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar an acmhainneacht stórála agus ar an leibhéal stórála de bhreis ar an sprioc idirmheánach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938. |
|
(20) |
Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an laghdú ar éileamh a ghnóthú. Agus bearta iomchuí maidir le laghdú ar éileamh á sainaithint agus ghrúpaí custaiméirí á gcur in ord tosaíochta acu, ba cheart do na Ballstáit a mheas úsáid a bhaint as na bearta a shainaithin an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 20 Iúil 2022 dar teideal “Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte”. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, breithniú ar bhearta atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de amhail ceantanna nó scéimeanna tairisceana, lenar féidir leo laghdú ar thomhaltas a dhreasú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Féadfar dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh a ndéantar difear dóibh a áireamh ar na bearta a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(21) |
Ní mór d’aon bheart a ghlacann na Ballstáit chun an laghdú ar éileamh a ghnóthú dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe Rialachán (AE) 2017/1938. Ba cheart, go háirithe, bearta den chineál sin a bheith riachtanach, sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus níor cheart saobhadh míchuí a dhéanamh ar iomaíocht leo ná ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás ná níor cheart slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile ná an Aontais a chur i gcontúirt mar gheall orthu. Is gá leasanna custaiméirí atá faoi chosaint a chur san áireamh freisin maidir le soláthar gáis chuig córais téimh lárnaigh i gcás géarchéim maidir le slándáil an tsoláthair. |
|
(22) |
Chun a áirithiú go gcuirfear bearta maidir le laghdú ar éileamh chun feidhme ar bhealach comhordaithe, ba cheart do na Ballstáit comhar rialta a bhunú laistigh de gach ceann de na grúpaí riosca ábhartha. Tá de chead ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta comhordaithe is fearr a d’oirfeadh i réigiún ar leith. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún agus GCG in ann forléargas a fháil ar na bearta náisiúnta a chuir na Ballstáit chun feidhme agus dea-chleachtais le haghaidh na mbeart comhordaithe a chomhroinnt laistigh de na grúpaí riosca. Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí eile a úsáid freisin chun a ngníomhaíocht a chomhordú. |
|
(23) |
Chun a áirithiú go léireoidh na pleananna éigeandála náisiúnta na bearta laghdaithe dheonaigh nó sainordaithigh ar éileamh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an plean éigeandála náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1938 a thabhairt cothrom le dáta faoin 31 Deireadh Fómhair 2022. I bhfianaise na tréimhse giorra don tabhairt cothrom le dáta sin, níor cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta comhordúcháin de bhun Airteagal 8(6) go (11) de Rialachán (AE) 2017/1938. Mar sin féin, ba cheart do gach Ballstát dul i gcomhairle le Ballstáit eile maidir le tabhairt cothrom le dáta a phlean éigeandála náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún na grúpaí riosca, GCG nó comhlachtaí ábhartha eile a thionól chun saincheisteanna féideartha a bhaineann le bearta a bhaineann le laghdú ar éileamh a phlé. |
|
(24) |
Tá faireachán agus tuairisciú rialta agus éifeachtach fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i gcur chun feidhme na mbeart deonach agus sainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh, agus chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na mbeart sin chomh maith leis an tionchar ar an bhfostaíocht a thomhas. Ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit nó eintiteas eile arna ainmniú ag an mBallstát faireachán a dhéanamh ar an laghdú ar éileamh a bhainfear amach ar a chríoch agus ba cheart dóibh na torthaí a thuairisciú don Choimisiún. Ba cheart do GCG cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar líonadh na hoibleagáidí maidir le laghdú ar éileamh. |
|
(25) |
Chun díobháil shuntasach eacnamaíoch don Aontas ina iomláine a chosc, tá sé ríthábhachtach go laghdóidh gach Ballstát a éileamh tar éis fhógairt an fholáirimh Aontais. Áiritheofar leis an laghdú sin go mbeidh go leor gás ann do chách, fiú le linn an gheimhridh. Is léiriú é an laghdú ar éileamh ar fud an Aontais ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta, atá cumhdaithe sa Chonradh. Dá bhrí sin, tá údar maith ann go ndéanfaidh an Coimisiún maoirseacht dhocht ar chur i gcrích na laghduithe sainordaitheacha ar éileamh ag na Ballstáit. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún riosca go bhféadfadh sé nach mbeadh Ballstát in ann a oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann iarraidh ar an mBallstát sin plean a chur isteach ina leagfaí amach straitéis agus na bearta chun laghdú sainordaitheach ar éileamh a ghnóthú go héifeachtach. Ba cheart don Bhallstát sin aird chuí a thabhairt ar aon bharúlacha agus moltaí a dhearna an Coimisiún maidir leis an bplean sin. |
|
(26) |
Ós rud é go dtugann prionsabal na dlúthpháirtíochta an ceart do gach Ballstát tacaíocht a fháil ó Bhallstáit chomharsanachta in imthosca áirithe, Ballstáit a iarrann tacaíocht den sórt sin gníomhú de mheon na dlúthpháirtíochta a mhéid a bhaineann lena n-éileamh intíre ar ghás a laghdú. Dá bhrí sin, agus beart dlúthpháirtíochta á iarraidh faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart gach beart iomchuí chun an t-éileamh ar ghás a laghdú a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar an mBallstát a iarrann beart dlúthpháirtíochta plean a chur isteach ina bhfuil bearta chun laghduithe féideartha breise ar éileamh a ghnóthú. Ba cheart don Bhallstát sin aird chuí a thabhairt ar tuairim an Choimisiúin. |
|
(27) |
Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo. |
|
(28) |
Ós rud é go bhfuil garchontúirt ann do shlándáil an tsoláthair gáis mar thoradh ar an bhfogha atá á tabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(29) |
I bhfianaise chineál eisceachtúil na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Faoin 1 Bealtaine 2023, ba cheart don Choimisiún tuairisciú don Chomhairle maidir lena fheidhmiú agus, más iomchuí, féadfaidh sé a mholadh, más iomchuí go gcuirfí síneadh lena thréimhse infheidhmeachta. |
|
(30) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha chun aghaidh a thabhairt ar dhála ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha maidir le soláthar gáis, d’fhonn, de mheon na dlúthpháirtíochta, slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a chosaint. Áirítear ar na rialacha sin comhordú, faireachán agus tuairisciú feabhsaithe ar bhearta náisiúnta chun an t-éileamh ar ghás a laghdú agus an deis a bheith ag an gComhairle foláireamh Aontais a fhógairt, ar thogra ón gCoimisiún, mar leibhéal géarchéime a bhaineann go sonrach leis an Aontas lena ghníomhachtaítear oibleagáid shainordaitheach uile-Aontais maidir le laghdú ar éileamh.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1938 a áirithiú; |
|
(2) |
ciallaíonn “foláireamh Aontais” leibhéal géarchéime a bhaineann go sonrach leis an Aontas lena ghníomhachtaítear laghdú sainordaitheach ar éileamh agus nach mbaineann le haon cheann de na leibhéil ghéarchéime de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938; |
|
(3) |
ciallaíonn “tomhaltas gáis” soláthar foriomlán gáis nádúrtha le haghaidh gníomhaíochtaí ar chríoch Ballstáit, lena n-áirítear tomhaltas deiridh teaghlach, tionscal agus giniúint leictreachais, ach gan gás a úsáidtear chun acmhainneachtaí stórála, inter alia, a líonadh a áireamh, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar “sholáthar, claochlú agus tomhaltas gáis” a úsáideann an Coimisiún (Eurostat); |
|
(4) |
ciallaíonn “amhábhar”“úsáid neamhfhuinnimh gáis nádúrtha” dá dtagraítear ag an gCoimisiún i ríomhanna cothromaíochtaí fuinnimh (Eurostat); |
|
(5) |
ciallaíonn “tomhaltas gáis tagartha” toirt mheántomhaltas gáis Ballstáit le linn na tréimhse tagartha; le haghaidh na mBallstát inar tháinig méadú 8 % ar a laghad ar thomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Márta 2022 i gcomparáid leis an meántomhaltas gáis le linn na tréimhse tagartha, ní chiallaíonn “tomhaltas gáis tagartha” ach toirt an tomhaltais gáis sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Márta 2022; |
|
(6) |
ciallaíonn “tréimhse thagartha” na tréimhsí ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Márta le linn na 5 bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ag tosú leis an tréimhse ón 1 Lúnasa 2017 go dtí an 31 Márta 2018; |
|
(7) |
ciallaíonn “sprioc idirmheánach” an sprioc idirmheánach mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938. |
Airteagal 3
Laghdú deonach ar éileamh
Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a dtomhaltas gáis a laghdú sa tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023, faoi 15 % ar a laghad i gcomparáid lena mhéantomhaltas gáis sa tréimhse ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Márta le linn na 5 bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo (“laghdú deonach ar éileamh”). Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir leis na bearta deonacha sin maidir le laghdú ar éileamh.
Airteagal 4
Fógra ón gComhairle maidir le foláireamh Aontais
1. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, foláireamh Aontais a fhógairt.
2. Tíolacfaidh an Coimisiún an togra le haghaidh foláireamh Aontais den sórt sin i gcás ina measann sé go bhfuil riosca substaintiúil ann go mbeidh géarghanntanas soláthair gáis ann nó i gcás ina dtarlaíonn ardéileamh urghnách ar ghás, nach leor ina leith na bearta in Airteagal 3 agus a bhfuil meath mór ar staid an tsoláthair gáis san Aontas mar thoradh air ach i gcás ina bhfuil an margadh in ann an suaitheadh a bhainistiú gan gá bearta nach bhfuil margadhbhunaithe.
3. Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle freisin chun foláireamh Aontais a fhógairt i gcás ina n-iarrfaidh cúig údarás inniúla nó níos mó a bhfuil foláireamh fógartha acu ar an leibhéal náisiúnta de bhun Airteagal 11(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1938 amhlaidh.
4. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an togra ón gCoimisiún a leasú.
5. Sula gcuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle chun foláireamh Aontais a fhógairt, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938 (“grúpaí riosca”), agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis (GCG), a bunaíodh le hAirteagal 4 den Rialachán sin.
6. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, a fhógairt go bhfuil deireadh leis an bhfoláireamh Aontais agus leis na hoibleagáidí de bhun Airteagal 5. Déanfaidh an Coimisiún an togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a chur faoi bhráid na Comhairle i gcás ina measann sé, tar éis measúnú a dhéanamh, nach bhfuil údar a thuilleadh, sa bhonn a bhí faoin bhfoláireamh Aontais, leis an bhfoláireamh sin a choimeád ar bun, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha agus le GCG.
Airteagal 5
Laghdú sainordaitheach ar éileamh i gcás foláireamh Aontais
1. I gcás ina bhfógróidh an Chomhairle foláireamh Aontais, laghdóidh gach Ballstát a thomhaltas gáis i gcomhréir le mír 2 (“laghdú sainordaitheach ar éileamh”).
2. Chun críche laghdaithe shainordaithigh ar éileamh, fad a bheidh an foláireamh Aontais á fhógairt, beidh an tomhaltas gáis i ngach Ballstát thar an tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Márta 2023 (“an tréimhse laghdúcháin”) 15 % níos ísle i gcomparáid lena thomhaltas gáis tagartha. Aon laghduithe ar éileamh a bhain na Ballstáit amach le linn na tréimhse sular fógraíodh an foláireamh Aontais, cuirfear san áireamh iad chun críoch an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh.
3. Aon Bhallstát nach bhfuil a chóras leictreachais sioncrónaithe ach le córas leictreachais tríú tír, díolmhófar é ó mhír 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina ndéanfar é a dhíshioncrónú ó chóras an tríú tír sin fad a cheanglaítear seirbhís córais cumhachta leithlisithe nó seirbhísí eile leis an oibreoir córais tarchurtha cumhachta a bheith ann chun oibriú sábháilte iontaofa an chórais cumhachta a áirithiú.
4. Díolmhófar Ballstát ó mhír 2 a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh an Ballstát sin idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis aon Bhallstáit eile.
5. Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun mhír 2 a ríomh de réir toirt an gháis atá cothrom leis an difríocht idir a sprioc idirmheánach don 1 Lúnasa 2022 agus toirt iarbhír an gháis stóráilte an 1 Lúnasa 2022, má chomhlíonann sé an sprioc idirmheánach ar an dáta sin.
6. Féadfaidh Ballstát teorainn a chur leis an tomhaltas gáis tagartha a úsáidtear chun an sprioc shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun mhír 2 a ríomh de réir toirt an gháis a thomhlaítear le linn na tréimhse tagartha mar amhábhar.
7. Féadfaidh Ballstát an laghdú sainordaitheach ar éileamh a theorannú 8 bpointe céatadáin, ar choinníoll go léiríonn sé go bhfuil a idirnasc le Ballstáit eile i dtéarmaí acmhainn dhocht theicniúil onnmhairiúcháin faoi bhun 50 %, i gcomparáid lena ídiú bliantúil gáis in 2021, agus go ndearnadh an acmhainn sin ar idirnascairí le Ballstáit eile a úsáid i ndáiríre chun gás a iompar ar leibhéal 90 % ar a laghad ar feadh míosa ar a laghad sular fógraíodh an maolú, mura féidir leis an mBallstát a thaispeáint nach raibh aon éileamh ann agus gur uasmhéadaíodh an acmhainn, agus go bhfuil a chuid saoráidí GNL intíre réidh, ó thaobh na tráchtála de agus go teicniúil. chun gás a atreorú chuig Ballstáit eile suas go dtí na toirteanna a theastaíonn ón margadh.
8. Féadfaidh Ballstát atá ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim leictreachais an laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhír 2 a theorannú go sealadach go dtí an leibhéal is gá chun an riosca soláthair maidir leis an leictreachas a mhaolú mura bhfuil roghanna eacnamaíocha eile ann chun an gás atá riachtanach chun leictreachas a tháirgeadh a athsholáthar gan slándáil an tsoláthair a chur go mór i mbaol . Sa chás sin, tabharfaidh an Ballstát fógra faoi na cúiseanna atá leis an teorannú agus soláthróidh sé dóthain fianaise le haghaidh na n-imthosca eisceachtúla is bonn leis an teorannú. I gcás inar gá, déanfaidh an Ballstát an plean riosca-ullmhachta a thabhairt cothrom le dáta de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/941.
9. Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún faoina chinneadh an laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhíreanna 5, 6, 7 agus 8 a theorannú, in éineacht leis an bhfianaise is gá lena chruthú go bhfuil na coinníollacha maidir le laghdú sainordaitheach teoranta ar éileamh á gcomhlíonadh. Féadfar fógra a bhaineann le míreanna 5, 6 agus 7 a dhéanamh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ní dhéanfar é tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis fhógairt an fholáirimh Aontais. Féadfar fógra i ndáil le mír 8 a thabhairt tráth nach déanaí ná 2 sheachtain tar éis don ghéarchéim leictreachais dá dtagraítear sa mhír sin teacht chun cinn. Cuirfidh an Ballstát na grúpaí riosca ábhartha agus GCG ar an eolas freisin faoina bhfuil ar intinn aige.
10. Ar bhonn an fhógra agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca agus le GCG, measúnóidh an Coimisiún ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le teorannú de bhun mhíreanna 5, 6, 7 agus 8. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil údar le teorannú, glacfaidh sé tuairim ina léireofar na cúiseanna ar cheart don Bhallstát an teorannú ar an laghdú sainordaitheach ar éileamh a bhaint nó a mhodhnú. Glacfar an tuairim sin tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis fógra críochnaitheach a thabhairt de bhun mhír 9.
11. I gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha maidir leis an teorannú ar an laghdú sainordaitheach ar éileamh i míreanna 5, 6, 7 agus 8, cuirfidh an Ballstát an sprioc shainordaitheach ar éileamh maidir le laghdú de bhun mhír 2 i bhfeidhm.
12. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach chun féachaint an bhfuil na coinníollacha maidir le teorannú ar an laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhíreanna 5, 6, 7 agus 8 á gcomhlíonadh.
13. Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir le bearta sainordaitheacha maidir le laghdú ar éileamh gan dochar do chonarthaí fadtéarmacha atá ann cheana.
Airteagal 6
Bearta chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach
1. Beidh saoirse ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an t-éileamh a laghdú. Saineofar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 5 go soiléir agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe. Agus na bearta á roghnú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938. Maidir leis na bearta, go háirithe:
|
(a) |
ní shaobhfaidh siad go míchuí an iomaíocht ná feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh gáis; |
|
(b) |
ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais i mbaol; |
|
(c) |
forálacha Rialachán (AE) 2017/1938 a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le custaiméirí faoi chosaint. |
2. Agus bearta maidir le laghdú ar éileamh á ndéanamh acu, measfaidh na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta lena ndéantar difear do chustaiméirí nach custaiméirí faoi chosaint iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 5, de Rialachán (AE) 2017/1938, agus féadfaidh siad freisin custaiméirí a eisiamh ó na bearta sin ar bhonn critéir oibiachtúla thrédhearcacha lena gcuirfear san áireamh a dtábhacht eacnamaíoch mar aon leis na gnéithe seo a leanas, i measc nithe eile:
|
(a) |
tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí; |
|
(b) |
na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na n-earnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí; |
|
(c) |
an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha; |
|
(d) |
na féidearthachtaí maidir le tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid san Aontas. |
3. Agus cinneadh á dhéanamh faoi na bearta maidir le laghdú ar éileamh, breithneoidh na Ballstáit bearta chun an méid gáis a thomhlaítear in earnáil an leictreachais a laghdú, bearta chun athrú breosla a spreagadh sa tionscal, feachtais múscailte feasachta náisiúnta, agus oibleagáidí spriocdhírithe chun téamh agus fuarú a laghdú, chun athrú go breoslaí eile a chur chun cinn agus tomhaltas tionscail a laghdú.
Airteagal 7
Bearta maidir le laghdú ar éileamh a chomhordú
1. Chun a áirithiú go ndéanfar comhordú iomchuí ar bhearta deonacha agus sainordaitheacha maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagail 3 agus 5, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile laistigh de gach ceann de na grúpaí riosca.
2. Tabharfaidh údarás inniúil gach Ballstáit a phlean éigeandála náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1938 cothrom le dáta faoin 31 Deireadh Fómhair 2022 ar a dhéanaí, chun bearta maidir le laghdú deonach ar éileamh a léiriú. Déanfaidh gach Ballstát a phlean éigeandála náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta freisin, de réir mar is iomchuí, i gcás ina bhfógrófar foláireamh Aontais de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8(6) go (10) de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le tabhairt cothrom le dáta na bpleananna náisiúnta éigeandála arna ndéanamh de bhun na míre seo.
3. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na grúpaí riosca ábhartha sula nglacfaidh siad na pleananna éigeandála athbhreithnithe. Féadfaidh an Coimisiún cruinnithe de na grúpaí riosca agus de GCG a iarraidh, agus aon tuairimí a chuirfidh na Ballstáit in iúl sa chomhthéacs sin á gcur san áireamh, chun saincheisteanna a bhaineann le bearta náisiúnta maidir le laghdú ar éileamh a phlé.
Airteagal 8
Faireachán agus forfheidhmiú
1. Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar a chríoch. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach dhá mhí agus faoin 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin ar a dhéanaí faoin laghdú ar éileamh a baineadh amach. Tabharfaidh na grúpaí riosca agus GCG cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar an laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh.
2. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún, ar bhonn na bhfigiúirí tuairiscithe maidir le laghdú ar éileamh, riosca nach mbeidh Ballstát in ann an oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagal 5 a chomhlíonadh, iarrfaidh an gCoimisiún ar an mBallstát plean a chur isteach ina leagfar amach straitéis chun oibleagáid maidir le laghdú ar éileamh a ghnóthú go héifeachtach. Iarrfaidh an Coimisiún freisin ar Bhallstát a iarrann beart dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 plean a chur isteach ina leagfar amach an straitéis chun laghduithe féideartha breise ar éileamh ar ghás a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2017/1938. Sa dá chás, eiseoidh an Coimisiún tuairim le barúlacha agus moltaí ar na pleananna arna gcur isteach agus cuirfidh sé a thuairim in iúl don Chomhairle. Tabharfaidh an Ballstát atá i gceist aird chuí ar thuairim an Choimisiúin.
3. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 9
Athbhreithniú
Faoin 1 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Bunaithe ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go háirithe fad a chur le tréimhse infheidhmeachta an Rialacháin seo.
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go ceann tréimhse bliana óna theacht i bhfeidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).
(2) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(3) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 15 Iúil 2021, an Ghearmáin v an Pholainn, C-848/19 P, ECLI:EU:C:2021:598.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
(5) Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (IO L 152, 3.6.2022, lch. 45).
(6) Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 1).
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/11 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1370 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil ócratocsain A in earraí bia áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear ócratocsain A, in earraí bia. |
|
(2) |
Is míceatocsain é ócratocsain A a tháirgeann fungais de na géinis Aspergillus agus Penicillium go nádúrtha agus tá sé le fáil mar éilleán i réimse leathan bianna, amhail gránaigh agus táirgí gránaigh, pónairí caife, torthaí triomaithe, fíon agus sú fíonchaor, spíosraí agus liocras. Foirmítear ócratocsain A déanta le linn do bharra a bheith á dtriomú faoin ngrian agus le linn a stórála. Is féidir an foirmiú a chosc trí dhea-chleachtais triomúcháin agus stórála a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
In 2020, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) nuashonrú ar an tuairim eolaíoch maidir le hócratocsain A i mbia (3). Mheas an tÚdarás nárbh iomchuí treoirluach sláintebhunaithe maidir le hócratocsain A a shocrú agus dá bhrí sin nach raibh Iontógáil Sheachtainiúil Infhulaingthe 120 ng/kg meáchan coirp (bw) a shocraigh an tÚdarás in 2006 bailí a thuilleadh. Thángthas ar an gconclúid freisin go léiríonn na corrlaigh ríofa maidir le nochtadh i leith éifeachtaí carcanaigineacha ócratocsain A go bhféadfadh ábhar imní don tsláinte a bheith ann do ghrúpaí áirithe tomhaltóirí. |
|
(4) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 socraíodh uasleibhéil le haghaidh ócratocsain A i gcás bianna áirithe cheana féin. Agus é á chur san áireamh gur aimsíodh ócratocsain A i mbianna nár socraíodh aon uasleibhéal go fóill ina leith agus go gcuireann na bianna sin le nochtadh an duine d’ócratocsain A, is iomchuí uasleibhéal a shocrú freisin do na bianna sin, amhail torthaí triomaithe seachas torthaí fíniúna triomaithe, táirgí liocrais áirithe, luibheanna triomaithe, comhábhair áirithe le haghaidh insiltí luibhe, olashíolta áirithe, cnónna pistéise agus púdar cócó. Fiú más gá soiléiriú breise a thabhairt ar an ngaol idir leibhéal ócratocsain A i mbraich agus i ndeochanna braiche neamhalcólacha, agus i ndátaí triomaithe agus i síoróip dháta, is iomchuí freisin uasleibhéal a shocrú i ndeochanna braiche neamhalcólacha agus síoróip dháta. Agus na sonraí tarluithe atá ar fáil á gcur san áireamh freisin, is iomchuí uasleibhéil ócratocsain A atá ann faoi láthair i mbianna áirithe, amhail táirgí bácúis, torthaí fíniúna triomaithe, caife rósta agus caife ar an toirt a ísliú. Ina theannta sin, rinneadh na forálacha atá ann faoi láthair le haghaidh ócratocsain A i spíosraí áirithe a leathnú chuig gach spíosra. I gcás cáise agus liamháis, is iomchuí faireachán breise a dhéanamh ar láithreacht ócratocsain A sula socrófar uasleibhéil. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil nua i bhfeidhm. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh earraí bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an Dé Domhnaigh 1 Eanáir 2023, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).
(3) Tuairim Eolaíoch maidir le measúnú riosca a dhéanamh ar ócratocsain A i mbia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020; 18(5):6113, 150 pp. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020,6113.
IARSCRÍBHINN
I roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2.2:
|
Earraí bia (1) |
Uasleibhéal (μg/kg) |
|||||||||
|
“2.2 |
Ócratocsain A |
|
||||||||
|
2.2.1 |
Gránaigh neamhphróiseáilte (18) |
5,0 |
||||||||
|
2.2.2 |
Gach táirge díorthaithe/próiseáilte ó ghránaigh neamhphróiseáilte, cé is moite d’earraí bia a liostaítear in 2.2.3, 2.2.4, 2.2.5, 2.2.12 agus 2.2.13 Gránaigh a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh |
3,0 |
||||||||
|
2.2.3 |
Earraí bácála, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bhricfeasta
|
2,0 4,0 3,0 |
||||||||
|
2.2.4 |
Deochanna braiche neamhalcólacha |
3,0 |
||||||||
|
2.2.5 |
Glútan cruithneachta nach gcuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh |
8,0 |
||||||||
|
2.2.6 |
Torthaí triomaithe
|
8,0 2,0 |
||||||||
|
2.2.7 |
Síoróip dhátaí |
15 |
||||||||
|
2.2.8 |
Caife rósta
|
3,0 5,0 |
||||||||
|
2.2.9 |
Fíon (lena n-áirítear fíon súilíneach, diomaite d’fhíon licéir agus fíon le neart alcóil nach lú ná 15% de réir toirte aici) agus fíon torthaí (11) |
2,0 (12 ) |
||||||||
|
2.2.10 |
Fíon cumhraithe, deochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim táirgí fíona cumhraithe (13) |
2,0 (12 ) |
||||||||
|
2.2.11 |
Sú fíonchaor, sú fíonchaor tiubhaithe athdhéanta, neachtar fíonchaor, úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe athdhéanta, a gcuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh (14) |
2,0 (12 ) |
||||||||
|
2.2.12 |
Bianna gránachbhunaithe próiseáilte lena n-úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus mar bhia le haghaidh babaithe (3) (7) |
0,50 |
||||||||
|
2.2.13 |
Bianna diaitéiteacha chun críoch speisialta míochaine a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga (3) (10) |
0,50 |
||||||||
|
2.2.14 |
Spíosraí, lena n-áirítear spíosraí triomaithe, seachas Capsicum spp. Capsicum spp. (torthaí triomaithe de, iomlán nó meilte, lena n-áirítear sillithe, púdar sillí, cayenne nó paiprice) Meascáin spíosraí |
15 20 15 |
||||||||
|
2.2.15 |
Liocras (Glycyrrhiza glabra, Glycyrrhiza inflate agus speicis eile)
|
20 80 50 10,0 |
||||||||
|
2.2.16 |
Luibheanna triomaithe |
10,0 |
||||||||
|
2.2.17 |
Fréamhacha sinséir lena n-úsáid in insiltí luibhe Fréamhacha leamhacháin, fréamhacha caisearbháin agus bláthanna oráiste lena n-úsáid in insiltí luibhe nó in ionadaigh chaife |
15 20 |
||||||||
|
2.2.18 |
Síolta lus na gréine, síolta puimcín, síolta mealbhacáin (uisce), síolta cnáibe, pónairí soighe |
5,0 |
||||||||
|
2.2.19 |
Cnónna pistéise a ndéanfar sórtáil nó cóireáil eile fhisiceach orthu, sula gcuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh iad nó roimh a n-úsáid i mbia Cnónna pistéise a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh nó a úsáidtear mar chomhábhar in earraí bia |
10,0 5,0 |
||||||||
|
2.2.20 |
Púdar cócó |
3,0 ” |
||||||||
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/15 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1371 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Bulgáirise, Danmhairgise, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Laitvise, Ollainnise, Portaingéilise, Seicise, Slóivéinise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 38(6) a athraíonn brí na forála sin nó tá foclaíocht ann a bhféadfadh míthuiscint a bheith mar thoradh uirthi, a mhéid a bhaineann leis an tréimhse shonraithe ama agus dá dtagraíonn sí. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Danmhairgise, Eastóinise, Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Laitvise, Ollainnise, Portaingéilise, Seicise, Slóivéinise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide a tugadh an 9 Feabhra 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1372 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
maidir le bearta sealadacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 128(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ní liostaítear Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais, mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta nó mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (3). |
|
(2) |
In 2016, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún gur aimsíodh Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) i dtosach ina críoch i limistéar táirgthe ríse i dTuaisceart na hIodáile. Ó shin i leith, tá sé aimsithe freisin i níos mó gort ríse agus bhí caillteanas barr suas le 50 % den ghnáth-tháirgeadh mar thoradh ar na hinmhíoluithe is tromchúisí. |
|
(3) |
Sa bhliain 2017, ghlac an Iodáil bearta oifigiúla chun cosc a chur ar Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a thabhairt isteach ina críoch tuilleadh agus ar a leathadh laistigh di (4). Baineann Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) le plandaí fréamhaithe Oryza sativa L. den chuid is mó, plandaí a fhástar in ithir agus atá beartaithe le haghaidh plandú. Tá sé bainteach freisin le plandaí óstacha eile, mar shampla eorna, ach ar bhonn níos lú ná le plandaí fréamhaithe Oryza sativa L. |
|
(4) |
Is í an Iodáil an t-aon Bhallstát amháin faoi láthair ina ndeimhnítear gurb ann do Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield). Bunaithe ar mheasúnú riosca a rinne an Iodáil in 2018 (5), meastar go gcomhlíonann an lotnaid sin na critéir a leagtar amach i bhForoinn 2 de Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031. Dá bhrí sin, meastar gur gá bearta sealadacha a ghlacadh i gcoinne na lotnaide sin. Ba cheart a chur san áireamh sna bearta sin na príomhbhealaí atá ann trína leathann sé, amhail plandaí le haghaidh plandú, ithir, innealra agus uirlisí, agus aistriú daonna-cuidithe. |
|
(5) |
I réigiún áirithe laistigh den limistéar sin san Iodáil a tháirgeann rís, thángthas ar an gconclúid nach féidir Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a dhíothú a thuilleadh. Ba cheart, dá bhrí sin, cead a bheith ag an Iodáil bearta a chur i bhfeidhm chun é a shrianadh laistigh den réigiún sin, seachas é a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith dírithe ar leibhéil Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a choinneáil cobhsaí. Mar sin féin, má léiríonn suirbhéanna go bhfuil méadú ar leibhéil Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield), ba cheart bearta atá dírithe ar é a dhíothú a chur i bhfeidhm chun a leibhéil a laghdú arís agus a leathadh a chosc. |
|
(6) |
Ba cheart do na Ballstáit an pobal i gcoitinne agus oibreoirí gairmiúla ábhartha a chur ar an eolas faoi bhagairt Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) agus faoi na bearta a ghlactar ina choinne lena chinntiú go mbeidh cur chuige níos éifeachtaí ag gach duine a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an scéal. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit feasacht a ardú faoin mbaol a bhaineann lena leathadh trí choisbheart agus trí fheithiclí, toisc gurb iad na modhanna sin na modhanna is minice a úsáideann an pobal i gcoitinne. |
|
(7) |
Ba cheart suirbhéanna a dhéanamh sna limistéir chríochaithe agus ar phlandaí óstacha lasmuigh de na limistéir sin, chun go bhféadfaí láithreacht fhéideartha Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) a bhrath go luath agus a leathadh go dtí an chuid eile de chríoch an Aontais a chosc. Ba cheart do na Ballstáit suirbhéanna bliantúla a dhéanamh bunaithe ar mheasúnú ar an mbaol go dtabharfaí Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) isteach iontu. |
|
(8) |
Ó tharla gurb ann d’fhianaise ón Iodáil agus i bhfianaise dháileadh leathan Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) i dtríú tíortha a tháirgeann rís, is gá a sheiceáil gur comhlíonadh coinníollacha áirithe sna tríú tíortha sin, maidir leis na plandaí fréamhaithe de chuid Oryza sativa L., le haghaidh plandú sular tugadh isteach san Aontas iad. Go háirithe, ba cheart go mbainfeadh na coinníollacha sin le saoirse an láithreáin nó na háite táirgthe ón lotnaid, leis na cigireachtaí oifigiúla a bhíonn le déanamh agus leis na dearbhuithe riachtanacha ar an deimhniú fíteashláintíochta. Is gá na coinníollacha sin a bheith ann chun a dheimhniú go bhfuil na plandaí sin saor ó Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield). |
|
(9) |
Ina theannta sin, is gá amharc-chigireacht a dhéanamh ar phlandaí fréamhaithe de chuid Oryza sativa L. le haghaidh plandú ar theacht na bplandaí dóibh, agus nuair a léiríonn siad siomptóim Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield), is gá sampláil agus tástáil a dhéanamh chun a bhrath an ann don lotnaid sin, d’fhonn a shainaithint an bhféadfadh sé a bheith ann nó d’fhonn a dheimhniú nach ann dó. |
|
(10) |
Ba cheart bearta a chur ar fáil freisin maidir le gluaiseacht plandaí fréamhaithe Oryza sativa L. laistigh den Aontas, ar plandaí iad de thionscnamh an Aontais. Chun leibhéal iomchuí cosanta fíteashláintíochta a áirithiú, ba cheart toirmeasc a chur ar ghluaiseacht na bplandaí agus na hithreach sin ó na limistéir chríochaithe chuig an gcuid eile de chríoch an Aontais. |
|
(11) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse leordhóthanach chun go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh air agus athbhreithniú a dhéanamh ar láithreacht agus leathadh Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield). |
|
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar amach rialacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “an lotnaid shonraithe”Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield); |
|
(2) |
ciallaíonn “plandaí sonraithe” plandaí le haghaidh plandú, seachas síolta, le fréamhacha Oryza sativa L., a fásadh in ithir; |
|
(3) |
ciallaíonn “plandaí óstacha” plandaí le haghaidh plandú le fréamhacha de chuid na ngéineas agus na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I, a fásadh in ithir; |
|
(4) |
ciallaíonn “plandaí óstacha deonacha” plandaí óstacha atá le feiceáil sna háiteanna táirgthe gan bheith plandaithe ann; |
|
(5) |
ciallaíonn “síolta sonraithe” síolta Oryza sativa L.; |
|
(6) |
ciallaíonn “réada sonraithe” innealra, uirlisí, feithiclí agus trealamh pearsanta, a úsáideadh le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis na plandaí óstacha a phlandú, a chóireáil nó a bhaint; |
|
(7) |
ciallaíonn “limistéar críochaithe” an limistéar ina bhfuil crios inmhíolaithe agus crios maolánach a bhunaítear nuair a aimsítear an lotnaid shonraithe; |
|
(8) |
ciallaíonn “crios inmhíolaithe” crios ina bhfuil an méid seo a leanas sa ghort nó sna goirt Oryza sativa L.:
|
|
(9) |
ciallaíonn “crios maolánach” crios atá 100 m ar a laghad ar leithead, agus é thart ar an gcrios inmhíolaithe; |
|
(10) |
ciallaíonn “modh na mbarr gaiste” an modh faoina gcuirtear plandaí sonraithe áirithe go sealadach i ngort inmhíolaithe, chun an lotnaid shonraithe a ghaistiú, agus faoina ndéantar na plandaí sin a bhaint agus a scriosadh ina dhiaidh sin, chun plandaí sonraithe eile a chosaint ón lotnaid sin sa ghort céanna. |
Airteagal 3
Toirmeasc ar thabhairt isteach agus ar ghluaiseacht laistigh den Aontas
Ní thabharfar an lotnaid shonraithe isteach san Aontas, ní ghluaisfear nó ní choinneofar í, ní iolrófar í ná ní scaoilfear í laistigh de chríoch an Aontais.
Airteagal 4
Limistéir chríochaithe a bhunú
1. I gcás ina ndeimhnítear go bhfuil an lotnaid shonraithe i gcríoch an Aontais, bunóidh gach Ballstát lena mbaineann limistéar críochaithe láithreach.
2. Má dhearbhaítear láithreacht na lotnaide sonraithe sa chrios maolánach, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann teorannú an chreasa inmhíolaithe agus an chreasa mhaolánaigh a athbhreithniú agus a mhodhnú dá réir.
3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi líon agus suíomh na limistéar críochaithe a bunaíodh le haghaidh na lotnaide sonraithe de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/2031.
4. Ar bhonn na suirbhéanna dá dtagraítear in Airteagal 8, i gcás nach mbraitear an lotnaid shonraithe i limistéar críochaithe ar feadh tréimhse 3 bliana as a chéile, féadfar deireadh a chur leis an limistéar críochaithe sin. Sna cásanna sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas go bhfuil deireadh curtha leis an limistéar críochaithe de bhun Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2016/2031.
Airteagal 5
Bearta díothaithe
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann gach ceann de na bearta seo a leanas i bhfeidhm sa limistéar críochaithe nó sna limistéir chríochaithe chun an lotnaid shonraithe a dhíothú:
|
(1) |
déanfar na plandaí sonraithe sa chrios inmhíolaithe a bhaint agus a scriosadh i ngoirt atá gar don bhuaint. Scriosfar na plandaí sonraithe, in situ nó in áit in aice láimhe a bheidh ainmnithe chun na críche sin laistigh den chrios inmhíolaithe, ar bhealach lena n-áiritheofar nach leathfar an lotnaid shonraithe; |
|
(2) |
ní chuirfear síolta sonraithe ná ní phlandófar plandaí óstacha sa chrios inmhíolaithe; |
|
(3) |
déanfar plandaí óstacha deonacha a dhíothú go rialta; |
|
(4) |
déanfar na goirt sa chrios inmhíolaithe a chur faoi uisce go leanúnach ar feadh níos mó ná 18 mí. Mura féidir na goirt a chur faoi uisce go leanúnach, cuirfear i bhfeidhm modh na mbarr gaiste, nó modhanna eile lena gcuirtear cosc ar lotnaid a saolré a thabhairt chun críche; |
|
(5) |
scriosfar plandaí sonraithe a úsáidtear le haghaidh an mhodha bharra gaiste laistigh de 5 seachtaine tar éis iad a phlandú; |
|
(6) |
réada sonraithe a úsáideadh i gcrios inmhíolaithe, déanfar iad a ghlanadh ó smionagar ithreach agus plandaí sula n-aistreofar iad go dtí na goirt máguaird. Agus an smionagar á ghlanadh, seachnófar a scaipeadh lasmuigh den ghort inmhíolaithe. |
Airteagal 6
Bearta srianta
1. Sna limistéir chríochaithe a liostaítear in Iarscríbhinn II, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta uile seo a leanas i bhfeidhm chun an lotnaid shonraithe a shrianadh laistigh de na limistéir sin agus chun a leathadh lasmuigh de na limistéir sin a chosc:
|
(a) |
ní fhéadfar síolta sonraithe a chur agus plandaí sonraithe a phlandú ach amháin má tá ceann amháin de na bearta fíteashláintíochta seo a leanas déanta:
|
|
(b) |
déanfar plandaí óstacha deonacha a dhíothú go rialta; |
|
(c) |
réada sonraithe a úsáideadh sa ghort inmhíolaithe, déanfar iad a ghlanadh ó smionagar ithreach agus plandaí sula n-aistreofar iad go dtí na goirt máguaird. Agus an smionagar á ghlanadh, seachnófar a scaipeadh lasmuigh den ghort inmhíolaithe. |
2. Má léiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil méadú tagtha ar láithreacht na lotnaide sonraithe, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 i bhfeidhm sna limistéir chríochaithe faoi seach.
Airteagal 7
Ardú feasachta
Maidir leis an limistéar críochaithe nó na limistéir chríochaithe ar cuireadh na bearta díothaithe agus srianta dá dtagraítear in Airteagail 5 agus 6 i bhfeidhm ina leith, déanfaidh an Ballstát atá i gceist feasacht an phobail a ardú maidir le bagairt na lotnaide sonraithe agus leis na bearta a glacadh chun cosc a chur lena leathadh tuilleadh lasmuigh de na limistéir chríochaithe. Áiritheoidh sé go bhfuil an pobal i gcoitinne agus na hoibreoirí ábhartha ar an eolas faoi theorannú an limistéir chríochaithe nó na limistéar críochaithe, faoin gcrios inmhíolaithe agus faoin gcrios maolánach.
Airteagal 8
Suirbhéanna ar an lotnaid shonraithe i gcríoch na mBallstát
1. Déanfaidh na Ballstáit suirbhéanna oifigiúla bliantúla maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe ar phlandaí óstacha ina gcríoch, agus tosaíocht á tabhairt do na suirbhéanna ar na plandaí sonraithe. Beidh na suirbhéanna sin rioscabhunaithe.
Faoin 30 Aibreán gach bliain déanfaidh na Ballstáit torthaí na suirbhéanna a rinneadh lasmuigh de na limistéir chríochaithe a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile, suirbhéanna atá bunaithe ar na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún (6).
2. I limistéir chríochaithe, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann faireachán ar fhorbairt láithreacht na lotnaide sonraithe. Faoin 30 Aibreán gach bliain déanfaidh an Ballstát lena mbaineann torthaí na suirbhéanna a rinneadh agus úsáid á baint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III a tharchur chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile.
3. Is éard a bheidh sna suirbhéanna sin scrúduithe amhairc ar phlandaí óstacha, sampláil ar phlandaí óstacha siomptómacha agus, nuair is iomchuí, ar phlandaí óstacha aisiomptómacha i gcóngar na bplandaí óstacha siomptómacha, agus ar an ithir. Déanfar córas fréimhe na bplandaí arna sampláil a sheiceáil an bhfuil gál na lotnaide sonraithe ann.
4. Tógfar samplaí ithreach in aice le plandaí óstacha siomptómacha. Déanfar an ithir a shampláil ag doimhneacht 20-25 cm. Sna goirt faoi fhaireachas, tógfar samplaí ithreach i ngreille dhronuilleogach a chlúdóidh an gort iomlán ar achar samplála nach mó ná 20 m ar fad agus nach mó ná 5 m ar leithead. Is 500 ml a bheidh i méid an tsampla suas le hachar dromchla iomlán 1 ha.
Airteagal 9
Gluaiseacht na bplandaí sonraithe, na hithreach, na síolta sonraithe, agus na réad sonraithe
1. Beidh toirmeasc ar ghluaiseacht plandaí sonraithe amach as na limistéir chríochaithe.
2. Beidh toirmeasc ar ghluaiseacht laistigh de na limistéir chríochaithe ithreach inar fásadh plandaí sonraithe sna 3 bliana roimhe sin ná amach astu.
3. Ní cheadófar gluaiseacht síolta sonraithe laistigh de na limistéir chríochaithe ná amach astu ach amháin má bhíonn na síolta saor ó smionagar ithreach agus plandaí.
4. Ní cheadófar gluaiseacht réad sonraithe amach as na limistéir chríochaithe ach amháin má dhéantar iad a ghlanadh agus má fhaightear iad saor ó ithir.
Airteagal 10
Plandaí sonraithe agus síolta sonraithe a thabhairt isteach san Aontas
Ní fhéadfar plandaí sonraithe agus síolta sonraithe de thionscnamh tríú tíortha a thabhairt isteach san Aontas ach amháin má chomhlíonann na húdaráis inniúla nó na hoibreoirí gairmiúla, faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil, na ceanglais uile seo a leanas:
|
(1) |
maidir leis na plandaí sonraithe a táirgeadh in áit saor ó lotnaidí nó i láithreán táirgthe saor ó lotnaidí, go ndéanfar iniúchadh oifigiúil orthu san áit sin nó ag an láithreán táirgthe sin, ag an am is iomchuí chun siomptóim ionfhabhtaithe a bhrath le linn an timthrialla iomláin deiridh den fhásra roimh an onnmhairiú, agus go bhfaightear saor ón lotnaid shonraithe iad; |
|
(2) |
go ndearnadh cigireachtaí oifigiúla ag an am is iomchuí chun siomptóim ionfhabhtaithe a bhrath le linn an timthrialla iomláin deiridh d’fhásra roimh an onnmhairiú i gcrios ar leithead 100 m ar a laghad agus timpeall ar an áit nó ar an láithreán táirgthe dá dtagraítear i bpointe (1); |
|
(3) |
gur scriosadh láithreach aon phlandaí sonraithe sa chrios timpeall ar an áit saor ó lotnaidí nó an láithreán táirgthe saor ó lotnaidí a léiríonn siomptóim ionfhabhtaithe le linn na gcigireachtaí sin; |
|
(4) |
go bhfuil deimhniú fíteashláintíochta ag gabháil leis na plandaí sonraithe, lena n-áirítear, i gcomhréir le hAirteagal 71(2) de Rialachán (AE) 2016/2031, faoin gceannteideal “Dearbhú breise”, ceann amháin de na ráitis seo a leanas:
(*1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1372 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta sealadacha chun cosc a chur ar theacht isteach Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) san Aontas, ar a ghluaiseacht agus a leathadh laistigh den Aontas, ar a iolrú agus a scaoileadh ann (IO L 206, 8.8.2022, lch. 16).”;" |
|
(5) |
áirítear sa deimhniú fíteashláintíochta a ghabhann le síolta sonraithe de thionscnamh tríú tíortha, faoin gceannteideal “Dearbhú breise”, an fhaisnéis go bhfuil na síolta saor ó ithir agus smionagar. |
Airteagal 11
Sampláil agus tástáil plandaí sonraithe a léiríonn siomptóim na lotnaide sonraithe
Na plandaí sonraithe a thugtar isteach san Aontas ó thríú tír agus, ar chigireacht amhairc, a léiríonn siomptóim na lotnaide sonraithe, déanfar iad a shampláil agus a thástáil chun láithreacht na lotnaide sin a shainaithint.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4..
(2) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(4) Misure d’emergenza per impedire la diffusione di Meloidogyne graminicola Golden & Birchfield nel territorio della Repubblica italiana. Decreto 6 luglio 2017, Gazzetta ufficiale della Repubblica Italiana. Serie generale n. 202, 30.8.2017.
(5) Anailís riosca lotnaide maidir le Meloidogyne graminicola (Golden & Birchfield) arna déanamh ag Consiglio per la ricerca in agricoltura e l”analisi dell”economia agraria (CREA).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1231 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2020 maidir leis an bhformáid agus na treoracha le haghaidh na dtuarascálacha bliantúla maidir le torthaí na suirbhéanna agus maidir le formáid na gclár ilbhliantúil suirbhéireachta agus na socruithe praiticiúla, dá bhforáiltear faoi seach in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 280, 28.8.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na plandaí óstacha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (3)
Géineas nó speiceas
Ageratum conyzoides L.
Alisma plantago L.
Allium cepa L.
Alopecurus L.
Amaranthus spinosus L.
Amaranthus viridis L.
Avena sativa L.
Beta vulgaris L.
Brassica L.
Capsicum annuum L.
Centella asiatica (L.) Urb.
Colocasia esculenta (L.) Schott
Coriandrum sativum L.
Cucumis sativus L.
Cymbopogon citratus (DC.) Stapf
Cynodon dactylon (L.) Pers.
Cyperus compressus L.
Cyperus difformis L.
Cyperus iria L.
Cyperus rotundus L.
Dactyloctenium aegyptium (L.) Willd.
Digitaria filiformis (L.) Köler
Digitaria sanguinalis (L.) Scop.
Echinochloa colona (L.) Link
Echinochloa crus-galli (L.) P. Beauv.
Eclipta prostrata (L.) L.
Eleusine coracana (L.) Gaertn.
Eleusine indica (L.) Gaertn.
Fimbristylis dichotoma var. pluristriata (C.B.Clarke) Napper
Gamochaeta coarctata (L.) Cabrera
Glycine max (L.) Merr.
Heteranthera reniformis Ruiz & Pav.
Hordeum vulgare L.
Hydrilla Rich.
Impatiens balsamina L.
Imperata cylindrica (L.) Raeusch.
Kyllinga brevifolia Rottb.
Lactuca sativa L.
Ludwigia L.
Melilotus albus Medik.
Murdannia keisak (Hassk.) Hand.-Mazz.
Musa L.
Oryza sativa L.
Oxalis corniculata L.
Panicum L.
Pennisetum glaucum (L.) R. Br.
Pisum sativum L.
Poa annua L.
Portulaca oleracea L.
Ranunculus L.
Saccharum officinarum L.
Schoenoplectus articulatus (L.) Palla
Schoenoplectiella articulata (L.) Lye
Setaria italica (L.) P. Beauv.
Solanum lycopersicum L.
Solanum melongena L.
Solanum nigrum L.
Solanum sisymbriifolium Lam.
Solanum tuberosum L.
Sorghum bicolor (L.) Moench
Spergula arvensis L.
Spinacia oleracea L.
Stellaria media (L.) Vill.
Trifolium repens L.
Triticum aestivum L.
Urena lobata L.
Vicia faba L.
Zea mays L.
IARSCRÍBHINN II
Limistéir chríochaithe dá dtagraítear in Airteagal 6
an Iodáil
Liosta de bhardais i limistéir chríochaithe san Iodáil
|
Réigiún |
Cúige |
Bardais |
|
Lombardy |
Pavia |
Alagna, Carbonara al Ticino, Cilavegna, Dorno, Gambolò, Garlasco, Gropello Cairoli, Linarolo, Parona, Pieve Albignola, Sannazzaro de” Burgondi, Scaldasole, Sommo, Tromello, Trovo, Vigevano, Villanova d’Ardenghi, Zerbolò, Zinasco |
|
Piedmont |
Biella |
Castelletto Cervo, Gifflenga, Mottalciata |
|
Piedmont |
Vercelli |
Buronzo |
IARSCRÍBHINN III
Teimpléad le haghaidh thorthaí na suirbhéanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 8(2) i limistéir chríochaithe a thuairisciú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ainm |
Dáta a bhunaithe |
Tuairisc |
Uimhir |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
A |
B |
C |
D |
E |
F |
G |
H |
I |
i |
ii |
iii |
iv |
i |
ii |
iii |
iv |
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Treoracha maidir le conas tuairisciú a dhéanamh
Le haghaidh colún 1: Sonraigh ainm an limistéir gheografaigh, uimhir na ráige nó aon fhaisnéis lenar féidir an limistéar críochaithe (DA) a shainaithint agus an dáta a bunaíodh é.
Le haghaidh colún 2: Sonraigh mhéid an DA roimh thús an tsuirbhé.
Le haghaidh colún 3: Sonraigh mhéid an DA tar éis don suirbhé a bheith déanta.
Le haghaidh colún 4: Sonraigh an cur chuige: Díothú (E)/Srianadh (C). Cuir san áireamh an oiread sraitheanna agus is gá, ag brath ar an líon DA in aghaidh na lotnaide agus ar na cineálacha cur chuige a bhfuil na réimsí seo faoina réir.
Le haghaidh colún 5: Tabhair le fios crios an DA ina ndearnadh an suirbhé, ag cur san áireamh a oiread sraitheanna agus is gá: Crios inmhíolaithe (IZ) nó crios maolánach (BZ), agus sraitheanna ar leith á n-úsáid. Nuair is infheidhme, sonraigh limistéar an IZ ina ndearnadh an suirbhé (e.g. an 20 km deiridh in aice leis an BZ, timpeall ar phlandlanna, etc.) i sraitheanna éagsúla.
Le haghaidh colún 6: Sonraigh uimhir na láithreán suirbhéireachta agus an tuairisc orthu, trí cheann de na hiontrálacha seo a leanas a roghnú don tuairisc:
|
1. |
Faoin aer (limistéar táirgthe): 1.1. gort (arúil, féarach); 1.2. úllord/fíonghort; 1.3. plandlann; 1.4. foraois; |
|
2. |
Faoin aer (eile): 2.1. gairdín príobháideach; 2.2. láithreáin phoiblí; 2.3. limistéar caomhnaithe; 2.4. plandaí fiáine i limistéir nach limistéir chaomhnaithe iad; 2.5. eile, le sonrú an cháis ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid, bogaigh, gréasán uisciúcháin agus draenála, etc.); |
|
3. |
Dálaí atá dúnta go fisiciúil: 3.1. teach gloine; 3.2. láithreán príobháideach, seachas teach gloine; 3.3. láithreán poiblí, seachas teach gloine; 3.4. eile, le sonrú an cháis ar leith (e.g. ionaid gharraíodóireachta, suíomhanna tráchtála ina mbaintear úsáid as ábhar pacáistíochta adhmaid, an tionscal adhmaid). |
Le haghaidh colún 7: Sonraigh cé na réimsí riosca a shainaithnítear bunaithe ar bhitheolaíocht na lotnaide nó na lotnaidí, láithreacht plandaí óstacha, dálaí éicea-aeráide agus suíomhanna riosca.
Le haghaidh colún 8: Sonraigh na limistéir riosca a áirítear sa suirbhé, ó na cinn sin a shainaithnítear i gcolún 7.
Le haghaidh colún 9: Sonraigh plandaí, torthaí, síolta, ithir, ábhar pacáistíochta, adhmad, innealra, feithiclí, uisce, eile, agus sonraigh an cás ar leith.
Le haghaidh colún 10: Sonraigh liosta na speiceas plandaí/géinis a ndearnadh suirbhé orthu. Úsáid sraith amháin in aghaidh an speicis/na ngéinis plandaí nuair a éilítear é faoin gceanglas sonrach maidir le suirbhé dlíthiúil lotnaidí.
Le haghaidh colún 11: Sonraigh na míonna den bhliain ina ndearnadh an suirbhé.
Le haghaidh colún 12: Sonraigh sonraí an tsuirbhé, ag brath ar na ceanglais shonracha dhlíthiúla a bhaineann le gach lotnaid. Sonraigh le NA nuair nach bhfuil feidhm ag an bhfaisnéis i gcolún áirithe.
Le haghaidh colúin 13 agus 14: Sonraigh na torthaí, más infheidhme, agus an fhaisnéis atá ar fáil sna colúin chomhfhreagracha á soláthar. Is éard is “neamhchinntithe” ann na samplaí sin a ndearnadh anailís orthu nach bhfuarthas aon toradh ina leith de bharr tosca éagsúla (e.g. faoi bhun an leibhéil braite, sampla neamhphróiseáilte – nár aithníodh, sean, etc.)
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1373 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
lena n-údaraítear tartráit adapáite hiodrocsaíde iarainn a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
An 21 Feabhra 2020, chuir an chuideachta Nemysis Limited (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun tartráit adapáite hiodrocsaíde iarainn (“IHAT”) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach atá le húsáid mar fhoinse iarainn i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i bhfoirm capsúl, ag leibhéil suas le 100 mg/lá a fhreagraíonn do suas le 36 mg d’iarann (Fe) in aghaidh an lae, agus atá beartaithe don phobal i gcoitinne seachas naíonáin agus leanaí óga. San iarratas, chuir an t-iarratasóir in iúl gur bia núíosach é IHAT agus é ina nana-ábhar monaraithe de réir bhrí Airteagal 3(2)(a)(viii) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(4) |
An 21 Feabhra 2020, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún freisin go gcosnófaí sonraí dílseánaigh le haghaidh tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach, tástáil sócháin géine (4) in vitro i gcealla mamach ina n-úsáidtear an géin cionáise tímidíne (5), agus staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i gcreimirí (6), a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas. |
|
(5) |
An 3 Iúil 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar IHAT mar bhia núíosach. |
|
(6) |
An 27 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le “Sábháilteacht Tartráite Adapáite Hiodrocsaíde Iarainn mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 agus mar fhoinse iarainn i gcomhthéacs Threoir 2002/46/CE” (7) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(7) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil IHAT sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá ceaptha do na pobail bheartaithe a ndírítear orthu ar leibhéil nach sáraíonn 100 mg/lá agus gur foinse iarainn é ina bhfuil iarainn bith-infhaighte. Sa tuairim sin, áfach, thug an tÚdarás dá aire, ós rud é nár leag sé Uasteorainn Iontógála (“UL”) síos, go bhféadfadh iontógáil iarainn ó fhorbhianna ina bhfuil an bia núíosach dul thar na treoirleibhéil daonra a leag na Ballstáit síos, agus go mbeadh an iontógáil iomlán iarainn ó fhorbhianna ina bhfuil an bia núíosach agus ón aiste bia ginearálta, go mbeadh an iontógáil sin ard. I bhfianaise bhreithnithe an Údaráis agus an róil ríthábhachtaigh atá ag iarann i bhfiseolaíocht, i bhfás agus i bhforbairt an duine, go háirithe ag tús an tsaoil, agus i bhfianaise na líne míne idir éifeachtaí tairbheacha agus díobhálacha an iarainn ar an tsláinte ag brath ar iontógálacha, measann an Coimisiún go bhfuil gá le cur chuige an réamhchúraim. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir athmhachnamh a dhéanamh ar na leibhéil IHAT a moladh ina iarratas (leibhéil suas le 100 mg/lá a fhreagraíonn do suas le 36 mg iarainn (Fe) in aghaidh an lae don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin agus leanaí óga). Mar fhreagra ar an iarraidh ón gCoimisiún, mhodhnaigh an t-iarratasóir a iarraidh agus mhol sé IHAT a úsáid ar leibhéil nach mó ná 100 mg/lá agus na leibhéil chomhfhreagracha iarainn a theorannú go 30 mg Fe/lá i bhforbhianna atá beartaithe don daonra fásta, agus ag leibhéil nach mó ná 50 mg IHAT/lá agus teorainn suas le 14 mg Fe/lá a chur leis na leibhéil chomhfhreagracha iarainn i bhforbhianna atá beartaithe do leanaí agus do dhéagóirí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, gan leanaí faoi bhun 4 bliana d’aois a chur san áireamh. Ina theannta sin, thug an t-iarratasóir le fios go ndéanfaidh sé leibhéil IHAT i bhforbhianna a chuirtear ar mhargadh Ballstáit a choigeartú chun na huasleibhéil chomhfhreagracha iarainn a theorannú do na treoirluachanna arna leagan síos ag an mBallstát sin do gach aoisghrúpa den daonra. Measann an Coimisiún go gcomhlíonfadh na húsáidí athbhreithnithe na coinníollacha maidir le IHAT a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(9) |
Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le IHAT ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. |
|
(10) |
Sa tuairim eolaíoch chéanna, mheas an tÚdarás, mar gheall ar nicil a bheith sa bhia núíosach, go bhféadfadh tomhaltas forbhianna ina bhfuil 100 mg de IHAT frithghníomhartha ailléirgeacha a bhaineann le deirmitíteas a spreagadh i ndaoine atá 10 mbliana d’aois agus níos óige a bhí íograithe do nicil roimhe sin tar éis teagmháil leis an gcraiceann ós rud nach mbeadh Corrlach Nochta (“MoE”) mar thoradh ar iontógáil nicile ón mbia núíosach i gcás iontógáil nicile a mheasann an tÚdarás a bheith ina ábhar imní íseal ó thaobh na sláinte de i gcás leanaí agus déagóirí faoi bhun 18 mbliana d’aois san 95ú peircintíl uachtarach de nochtadh cothúcháin do nicil (8). Mar sin féin, i bhfianaise na n-úsáidí modhnaithe atá beartaithe don bhia núíosach ar leibhéil nach mó ná 50 mg IHAT/lá i bhforbhianna atá ceaptha do leanaí agus déagóirí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus gan leanaí faoi bhun ceithre bliana d’aois san áireamh, beidh iontógáil nicile ón mbia núíosach os cionn nó gar do MoE a mheasann an tÚdarás a bheith ina ábhar imní íseal ó thaobh na sláinte de, agus ní chuirfidh sé go suntasach le hiontógáil fhoriomlán nicile ó bhia agus uisce óil. Agus na breithnithe sin agus an coimeádachas ionsuite i measúnú iontógála an Údaráis á gcur san áireamh, ar mheasúnú é a d’úsáid nochtadh cothúcháin an 95ú peircintíl chun MoE nicile atá ina ábhar imní íseal ó thaobh na sláinte de a dhíorthú, measann an Coimisiún nach dócha go mbeidh an baol ann go n-eascróidh frithghníomhartha ailléirgeacha de bharr deirmitíteas teagmhála san aoisghrúpa sin den daonra san fhíorshaoil. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le haon cheanglas lipéadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 9(3)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le hailléirgineacht. |
|
(11) |
Ina theannta sin, sa tuairim eolaíoch uaidh, mheas an tÚdarás freisin go bhfuil dlúthnasc idir a chonclúid maidir le sábháilteacht IHAT agus bith-infhaighteacht iarainn agus airíonna sonracha fisiciceimiceacha agus méid-dáileachán cáithníní agus próifíl ceirtleáin an bhia núíosaigh a bhaintear amach trí fhoirm capsúil na bhforbhianna ina bhfuil an bia núíosach a úsáid, agus easpa substaintí seachas adapáit, tartráit agus clóiríd sóidiam a úsáidtear i dtáirgeadh IHAT. Dá bhrí sin, mheas an tÚdarás go bhféadfaí difear a dhéanamh do phróifíl sábháilteachta an bhia núíosaigh agus do bhith-infhaighteacht na foinse cothaithí agus go gcaithfear iad a mheasúnú de réir an cháis, má úsáidtear cineálacha eile forbhianna (e.g. táibléid, paistilí, saicíní púdar, gumaí, síoróipí, etc.) leo féin nó i gcomhcheangal le hadapáit, tartráit agus clóiríd sóidiam nó le substaintí seachas adapáit, tartráit agus clóiríd sóidiam nó, má úsáidtear substaintí eile i bhfoirmeacha capsúil na bhforbhianna. Is iomchuí, dá bhrí sin, nuair a úsáidtear cineálacha eile forbhianna (e.g. táibléid, paistilí, saicíní púdar, gumaí, síoróipí, etc.) i gcomhcheangal le hadapáit, tartráit agus clóiríd sóidiam nó i gcomhcheangal le substaintí eile, nó má úsáidtear substaintí eile i bhforbhianna i bhfoirm capsúil ina bhfuil an bia núíosach, gur cheart staid méid-dáileachán cáithníní agus staid ceirtleáin an bhia núíosaigh a bheith i gcomhréir leis na sonraíochtaí údaraithe agus gur cheart bith-infhaighteacht iarainn a bheith i gcomhréir leis an mbith-infhaighteacht a ndearna an tÚdarás measúnú uirthi sa tuairim eolaíoch uaidh. |
|
(12) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar shonraí eolaíocha ón tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach, ón tástáil sócháin géine in vitro i gcealla mamach ina n-úsáidtear an géin cionáise tímidíne, agus ón staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i gcreimirí, atá i gcomhad an iarratasóra, agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach agus a chonclúid a bhaint amach dá n-uireasa. |
|
(13) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(14) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh do na sonraí eolaíocha ón tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach, ón tástáil sócháin géine in vitro i gcealla mamach ina n-úsáidtear an géin cionáise tímidíne, agus ón staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i gcreimirí tráth a chuir siad an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh. |
|
(15) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na sonraí eolaíocha ón tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach, ón tástáil sócháin géine in vitro i gcealla mamach ina n-úsáidtear an géin cionáise tímidíne agus ón staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i gcreimirí, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun IHAT a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(16) |
Mar sin féin, maidir le húdarú IHAT agus an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe. |
|
(17) |
Is nana-ábhar monaraithe é IHAT mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(f) de Rialachán (AE) 2015/2283. Is iomchuí, dá bhrí sin, an bia núíosach a léiriú go soiléir i liosta comhábhar na n-earraí bia ina bhfuil sé agus an focal “nana” idir lúibíní ina dhiaidh sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(18) |
Ba cheart IHAT a áireamh ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
|
(19) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Údaraítear tartráit adapáite hiodrocsaíde iarainn a chur ar an margadh laistigh den Aontas.
Áireofar tartráit adapáite hiodrocsaíde iarainn ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ní údaraítear ach an chuideachta “Nemysis Limited” (10) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an 28 Lúnasa 2022, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú “Nemysis Limited”.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú “Nemysis Limited”.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).
(4) Nemysis Limited (2019, neamhfhoilsithe).
(5) Nemysis Limited (2019, neamhfhoilsithe).
(6) Nemysis Limited (2019, neamhfhoilsithe).
(7) EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(12):6935.
(8) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6268.
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(10) Seoladh: Suite 4.01 Ormond Building 31-36 Cé Urumhan Uachtarach Cé Árann Baile Átha Cliath 7, D07 F6DC Baile Átha Cliath, Éire.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:
|
1. |
i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
||||||||||||||||||
|
(2) |
i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
||||||||||||||||||||
(*1) Cornell RM agus Schwertmann U, 2003. The Iron Oxides: Structure, Properties, Reactions, Occurences and Uses. An Dara hEagrán. Wiley. https://doi.org/10.1002/3527602097.
(1) Uimhirbhunaithe (ag Micreascópacht Leictreoin Tarchurtha (TEM));
(2) Toirtbhunaithe (trastomhas hidridinimiciúil ag Scaipeadh Solais Dinimiciúil (DLS)); CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta.”
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/35 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1374 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
maidir le húdarú défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012 ón gCoimisiún (2), údaraíodh défhormáit photaisiam ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. Ina dhiaidh sin rinne an t-iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ina thuairim an 27 Eanáir 2022 (3) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha maidir le húdarú. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag défhormáit photaisiam ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol. Chinn sé freisin gur greannaitheoir súl é an breiseán, ach nach bhféadfaí teacht ar aon chonclúid maidir leis an greannú craicinn ná leis an íogrú riospráide nó craicinn a d’fhéadfadh an breiseán a dhéanamh. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe agus é i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léiríonn an measúnú ar dhéfhormáit photaisiam go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. |
|
(6) |
Mar thoradh ar údarú défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012 a aisghairm. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘leasaithigh’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Feabhra 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Lúnasa 2022 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.
2. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Lúnasa 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Lúnasa 2022 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Lúnasa 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2012 maidir le húdarú ullmhóid défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 492/2006 (IO L 108, 20.4.2012, lch. 3).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(3):7167.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
|||||||||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: leasaithigh. |
|||||||||||||||||||||||||||
|
1a237a |
Défhormáit photaisiam |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Défhormáit photaisiam: 50 ± 5 % Foirm leachtach (50:50 caolaithe in uisce) Tréithriú na substainte gníomhaí: Défhormáit photaisiam C2H3O4K Uimhir CAS: 20642-05-1 Uimhir Einecs: 243-934-6 Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach Modh anailíse (1): Maidir le défhormáit photaisiam (mar aigéad formach iomlán) sa bhreiseán beatha, sa réamh-mheascán, in ábhair bheatha a chinneadh:
Maidir le potaisiam sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Cránacha |
|
- |
12 000 |
|
28.8.2032 |
|||||||||||||||||||
|
Bainbh scoite agus muca lena ramhrú |
|
- |
6 000 |
||||||||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/39 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1375 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
maidir le húdarú eatocsacuine a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa frithocsaídeoirí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 13(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard a fhoráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus an foras agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú nó a dhiúltú. Le hAirteagal 10 den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Le Treoir 70/524/CEE údaraíodh eatocsacuin, gan teorainn ama, mar bhreiseán beathaithe lena húsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an breiseán i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar eatocsacuin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ar iarratas é ina n-iarradh go n-aicmeofaí an breiseán sa chatagóir breiseán “breiseáin teicneolaíocha”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Thug an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) dá aire sa tuairim uaidh an 21 Deireadh Fómhair 2015 (3) nach raibh sé in ann teacht ar chonclúid maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht an bhreiseáin bia eatocsacuin i leith ainmhithe, tomhaltóirí ná an comhshaoil, mar gheall ar easpa sonraí ar an iomlán a bheith curtha isteach ag an iarratasóir. Go háirithe, níorbh fhéidir teacht ar an gconclúid nach raibh ann do ghéineatocsaineacht i leith na meitibilíte eatocsacuin cuineon imín, agus cuireadh ábhair imní in iúl maidir le só-ghineacht an eisíontais p-feineitidín. Dá thoradh sin, níor suíodh nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an mbreiseán eatocsacuin ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, cuireadh an t-údarú atá ann cheana maidir leis an mbreiseán eatocsacuin ar fionraí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 ón gCoimisiún (4). |
|
(5) |
Cuireadh údarú an bhreiseáin eatocsacuin ar fionraí go dtí go gcuirfeadh an t-iarratasóir sonraí forlíontacha isteach agus go ndéanfaí measúnú orthu, i gcomhréir le sceideal ama ina liostaítear na staidéir riachtanacha. De réir an sceidil ama sin, bhí toradh na staidéar deiridh de na staidéir sin le bheith ar fáil faoi mhí Iúil 2018. |
|
(6) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962, athbhreithneofar an beart fionraíochta faoin 31 Nollaig 2022 agus in aon chás tar éis don Údarás tuairim neamhfhabhrach a ghlacadh maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin eatocsacuin. |
|
(7) |
Ó glacadh an tuairim ón Údarás an 21 Deireadh Fómhair 2015, chuir an t-iarratasóir pacáistí de shonraí forlíontacha faoi bhráid an Choimisiúin i ndiaidh a chéile an 11 Márta 2016, an 15 Nollaig 2017, an 20 Aibreán 2018 agus an 23 Meitheamh 2021, pacáistí a cuireadh ar aghaidh chuig an Údarás. Chuir an t-iarratasóir tuilleadh sonraí forlíontacha faoi bhráid an Údaráis le linn an mheasúnaithe sonraí, agus an 24 Meán Fómhair 2020 chomh maith. |
|
(8) |
An 27 Eanáir 2022, ghlac an tÚdarás tuairim (5) tar éis measúnú a dhéanamh ar na sonraí forlíontacha a chuir an t-iarratasóir isteach, agus é ag cur san áireamh go háirithe sonraíochtaí modhnaithe an bhreiseáin eatocsacuin, inar laghdaíodh cion an eisíontais p-feineitidín go leibhéal is ísle ná 2,5 ppm, agus i bhfianaise an leibhéil 50 mg den bhreiseán in aghaidh an kg a beartaíodh a chur i mbeatha iomlán. Sa tuairim uaidh, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht an bhreiseáin eatocsacuin ar aon leibhéal le haghaidh ainmhithe fadré agus atáirgthe, ós rud é go bhfuil p-feineitidín sa bhreiseán, substaint atá aitheanta mar só-ghineach féideartha agus a fhanann ina eisíontas sa bhreiseán, ach nár chuir an t-iarratasóir faisnéis bhreise ar fáil ina leith maidir leis an gcúis imní sábháilteachta sin. Maidir le sábháilteacht úsáid eatocsacuin do thomhaltóirí, níorbh fhéidir teacht ar aon chonclúid de dheasca p-feineitidín a bheith ann agus in éagmais sonraí maidir le hiarmhair p-feineitidíne i bhfíocháin agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch. Ina theannta sin, in éagmais sonraí faoi iarmhair i mbainne, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht eatocsacuine do thomhaltóirí, nuair a úsáidtear é i mbeatha le haghaidh ainmhithe táirgthe bainne. Maidir le sábháilteacht an úsáideora, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart nochtadh úsáideoirí a íoslaghdú chun an riosca go dtarlódh nochtadh do p-feineitidín trí ionanálú a laghdú. Maidir le sábháilteacht an chomhshaoil, dúirt an tÚdarás go mbeadh gá le sonraí forlíontacha chun teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht eatocsacuine don urrann talún nuair a thugtar mar bheatha d’ainmhithe talún í. Ina theannta sin, mheas an tÚdarás nárbh fhéidir riosca don urrann uisceach a chur as an áireamh nuair a úsáidtear an breiseán in ainmhithe talún agus nach bhféadfaí riosca nimhithe thánaistigh tríd an mbiashlabhra uisceach a chur as an áireamh ach oiread. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhféadfaí riosca a chur as an áireamh i gcás eatocsacuin a úsáidtear i gcaighin mhara le haghaidh orgánaigh a chónaíonn ar dhríodair mhuirí. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, léirítear leis an tuairim ón Údarás an 27 Eanáir 2022 nár suíodh nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag eatocsacuin ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol nuair a úsáidtear í mar bhreiseán beatha san fheidhmghrúpa “frithocsaídeoirí”. |
|
(10) |
Mar sin léirítear leis an measúnú ar eatocsacuin nach gcomhlíontar na coinníollacha údaraithe, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, agus dá réir sin ba cheart údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa “frithocsaídeoirí” a dhiúltú. |
|
(11) |
Eascraíonn sé ón athbhreithniú thuas gur cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 a aisghairm. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú a dhiúltú
Diúltaítear údarú eatocsacuine (E 324) mar bhreiseán beathaithe a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “frithocsaídeoirí”.
Airteagal 2
Aisghairm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 2015;13(11):4272.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/962 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena gcuirtear ar fionraí údarú eatocsacuine mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis agus catagóir ainmhíoch (IO L 145, 8.6.2017, lch. 13).
(5) EFSA Journal [Iris EFSA], 2022;20(3):7166.
CINNTÍ
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/42 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1376 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2022
maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le giniúint agus mórdhíol leictreachais sa Danmhairg
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5046)
(Is é an téacs sa Danmhairgis amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le nósanna imeachta soláthair ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe Airteagal 35(3) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um chonarthaí poiblí,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. FÍRICÍ
1.1. AN IARRAIDH
|
(1) |
An 24 Meán Fómhair 2021, chuir Údarás Iomaíochta agus Tomhaltóirí na Danmhairge (DCCA) (“an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 35(1) de Threoir 2014/25/AE (“an iarraidh”). Comhlíonann an iarraidh Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
Baineann an iarraidh le giniúint agus mórdhíol leictreachais ó fhoinsí traidisiúnta agus ó fhoinsí in-athnuaite sa Danmhairg. |
|
(3) |
Mar sin féin, ní chumhdaítear an méid seo a leanas leis an iarraidh:
|
|
(4) |
Giniúint agus mórdhíol leictreachais ó fhoinsí traidisiúnta agus ó fhoinsí in-athnuaite, gníomhaíocht atá iontu a bhaineann le soláthar leictreachais i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2014/25/AE. |
|
(5) |
I gcomhréir le pointe 1(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, ós rud é gur féidir a thoimhdiú go mbeidh saor-rochtain ar an margadh ar bhonn na chéad fhomhíre d’Airteagal 34(3) den Treoir sin, tá an Coimisiún le Cinneadh Cur Chun Feidhme a ghlacadh maidir leis an iarraidh laistigh de 90 lá oibre. |
|
(6) |
De bhun an cheathrú fomhír de mhír 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am arna chomhaontú sin acu siúd a rinne an iarraidh ar dhíolúine. Ó tharla gur thug DCCA faisnéis bhreise an 4 Márta 2022, an tréimhse atá ar fáil don Choimisiún chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh seo, socraítear leis seo gurb é an 31 Iúil 2022 an dáta atá i gceist léi. |
2. CREAT DLÍTHIÚIL
|
(7) |
Tá feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le conarthaí a dhámhachtain chun gníomhaíochtaí a shaothrú a bhaineann le leictreachas a sholáthar do líonraí fhosaithe arb é is aidhm dóibh seirbhís a sholáthar don phobal i dtaca le leictreachas a tháirgeadh, a iompar nó a dháileadh, mura rud é go bhfuil an ghníomhaíocht díolmhaithe de bhun Airteagal 34 den Treoir sin. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE, níl conarthaí atá beartaithe chun feidhmiú gníomhaíochta lena mbaineann an Treoir sin a chumasú le bheith faoi réir na Treorach sin más rud é, sa Bhallstát ina ndéantar í, go bhfuil risíocht dhíreach ag an ngníomhaíocht ar iomaíocht ar mhargaí nach bhfuil rochtain orthu srianta. Déantar risíocht dhíreach ar iomaíocht a mheasúnú ar bhonn critéar oibiachtúil, agus saintréithe na hearnála lena mbaineann á gcur san áireamh (3). Tá an measúnú sin teoranta, áfach, faoi na sprioc-amanna gearra is infheidhme agus mar gheall ar an ngá atá ann brath ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún, faisnéis nach féidir a fhorlíonadh le modhanna níos fadálaí, lena n-áirítear, go háirithe, fiosrúcháin phoiblí atá dírithe ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann (4). Sa chomhthéacs sin, cé gur ar bhonn critéar atá i gcomhréir le forálacha CFAE maidir le hiomaíocht atá sé le cinneadh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíocht ris ar an iomaíocht go díreach, ní cheanglaítear go mbeadh na critéir sin díreach mar an gcéanna leo siúd dá dtagraítear i bhforálacha dhlí iomaíochta an Aontais (5). |
|
(9) |
Meastar rochtain a bheith neamhshrianta má tá an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ar reachtaíocht í lena n-osclaítear earnáil ar leith nó cuid di ar iomaíocht, curtha chun feidhme agus curtha i bhfeidhm ag an mBallstát. Liostaítear an reachtaíocht sin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/25/AE. Maidir le giniúint agus mórdhíol leictreachais, tagraítear san Iarscríbhinn sin do Threoir 2009/72/CE, arna haisghairm le Treoir (AE) 2019/944 (6) le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. De réir an iarratasóra, thrasuigh an Danmhairg Treoir (AE) 2019/944 (7). Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 34(3) de Threoir 2014/25/AE, is féidir a thoimhdiú go bhfuil saor-rochtain ar an margadh ann. |
|
(10) |
Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar risíocht dhíreach ar iomaíocht ar bhonn táscairí éagsúla, nach gá go mbeadh aon cheann acu cinntitheach as féin. Maidir leis an margadh lena mbaineann an Cinneadh seo, critéar amháin ar cheart a chur san áireamh atá i sciartha margaidh, mar aon le critéir eile, amhail an brú iomaíochta a chuireann gineadóirí ó thíortha comharsanacha nó líon na dtairgeoirí i dtairiscintí le haghaidh acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite. |
|
(11) |
Is é is aidhm don Chinneadh seo a shuíomh an bhfuil na seirbhísí lena mbaineann an iarraidh ris ar leibhéal iomaíochta (i margaí nach mbíonn rochtain orthu srianta de réir bhrí Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE) atá leordhóthanach lena áirithiú, in éagmais an smachta atá mar thoradh ar na rialacha mionsonraithe soláthair a leagtar amach i dTreoir 2014/25/AE, go ndéanfar soláthar chun na gníomhaíochtaí lena mbaineann a shaothrú ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach bunaithe ar chritéir a ligeann do cheannaitheoirí an réiteach is buntáistí ar an iomlán go heacnamaíoch a shainaithint. |
3. MEASÚNÚ
|
(12) |
Tá an Cinneadh seo bunaithe ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach ó mhí Mheán Fómhair 2021 ar aghaidh, mar is léir ón bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir isteach agus ón bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí. |
3.1. ROCHTAIN NEAMHSHRIANTA AR AN MARGADH
|
(13) |
Meastar rochtain ar mhargadh a bheith neamhshrianta má tá an reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, ar reachtaíocht í lena n-osclaítear earnáil ar leith nó cuid di ar iomaíocht, curtha chun feidhme agus curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann. De réir an iarratasóra, thrasuigh an Danmhairg Treoir (AE) 2019/944 trí 29 mbeart náisiúnta. Dhearbhaigh Gníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge an méid sin (8). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le saor-rochtain de jure ar an margadh. |
|
(14) |
A mhéid a bhaineann le saor-rochtain de facto, tugann an Coimisiún dá aire an dul chun cinn atá déanta maidir le léirscaoileadh mhargadh giniúna leictreachais na Danmhairge ó osclaíodh é don iomaíocht in 1999. Rannpháirtíocht na Danmhairge i malartán cumhachta Nord Pool agus forbairt toillte idirnaisc, bhí ról suntasach acu maidir le brú iomaíochta a chothú. Maidir le giniúint ó fhoinsí in-athnuaite, go háirithe feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, tá méadú tagtha ar líon na rannpháirtithe a mheall na tairiscintí a d’eagraigh údaráis na Danmhairge. |
|
(15) |
Is é conclúid an Choimisiúin go bhfuiltear le meas go bhfuil saor-rochtain de jure agus de facto ar an margadh i gcríoch na Danmhairge chun críocha an Chinnidh seo. |
3.2. MEASÚNÚ IOMAÍOCH
3.2.1. SAINIÚ AR MHARGADH TÁIRGÍ
|
(16) |
De réir chleachtas cumaisc an Choimisiúin (9), d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir na margaí táirgí ábhartha seo a leanas in earnáil an leictreachais: (i) giniúint agus soláthar mórdhíola; (ii) tarchur; (iii) dáileadh; agus (iv) soláthar miondíola. Cé go bhféadfaí roinnt de na margaí sin a fhoroinnt a thuilleadh, ba é cleachtas an Choimisiúin (10) go dtí seo diúltú d’idirdhealú idir margadh giniúna leictreachais agus margadh soláthair mórdhíola, ós rud é nach bhfuil sa ghiniúint ach an chéad chéim sa slabhra luacha ach go ndéantar na méideanna leictreachais a ghintear a mhargú tríd an margadh mórdhíola. Deimhníodh é sin i gcomhair an réigiúin Nordaigh go sonrach (11). |
|
(17) |
Ina chleachtas cumaisc, mheas an Coimisiún, thairis sin, gur chumhdaigh an margadh táirgí ábhartha sa réigiún Nordach leictreachas a dhíoltar trí bhíthin conarthaí déthaobhacha agus ar ardán Nord Pool araon, ar Elspot (lá roimh ré) agus ar Elbas (ionlá) araon (12). |
|
(18) |
Áitíonn an t-iarratasóir gur cheart Comhaontuithe Ceannaithe Cumhachta corparáideacha (cPPAnna) a chur san áireamh i raon feidhme an mhargaidh ábhartha. Is conarthaí déthaobhacha iad comhaontuithe den sórt sin idir gineadóir leictreachais agus custaiméir (úsáideoir mór leictreachais de ghnáth) trína gceannaíonn an t-úsáideoir leictreachas go díreach ón ngineadóir. Déanann cuideachtaí trádála Comhaontuithe Ceannaithe Cumhachta (cPPAnna) le táirgeoirí cumhachta traidisiúnta agus in-athnuaite araon, in iomaíocht chun PPAnna a thabhairt i gcrích. |
|
(19) |
Maidir le hidirbhearta déthaobhacha eile, ní mór do chustaiméirí a dhéanann PPAnna comhaontú a dhéanamh le páirtí atá freagrach as cothromú chun a míchothromaíochtaí a bhainistiú. Maidir le cothromú giniúna/táirgthe, ní mór do ghineadóirí cumhachta (amhail úinéirí feirmeacha gaoithe amach ón gcósta) cloí lena dtáirgeadh leictreachais réamh-mheasta i bhfíor-am, i.e. an táirgeadh réamh-mheasta a oiriúnú don táirgeadh iarbhír. Ní bhíonn aon tionchar ar an bhfreagracht sin ag an gcaoi a roghnaíonn an gineadóir an leictreachas a tháirgtear a dhíol, lena n-áirítear cPPAnna. |
|
(20) |
Maidir le cibé acu an mbaineann leictreachas traidisiúnta agus leictreachas in-athnuaite leis an margadh táirgí céanna nó nach mbaineann, tháinig an Coimisiún ar chonclúidí éagsúla ag brath ar an staid fhíorasach. Fuair sé amach gur cheart giniúint leictreachais thraidisiúnta agus in-athnuaite sa Ghearmáin (13) agus san Iodáil (14) a mheas mar mhargaí táirgí éagsúla. |
|
(21) |
I gcás na hÍsiltíre (15), áfach, chinn an Coimisiún go raibh giniúint agus soláthar mórdhíola leictreachais ó fhoinsí traidisiúnta agus in-athnuaite mar chuid den mhargadh táirgí ábhartha céanna. Le haghaidh an réigiúin Nordaigh, ina chleachtas cumaisc mheas an Coimisiún nach raibh foinse an leictreachais ábhartha chun críoch sainithe táirge (16). |
|
(22) |
Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil an staid sa Danmhairg éagsúil leis an staid sa Ghearmáin agus san Iodáil dá dtagraítear sa chinneadh thuas, agus go bhfuil sí cosúil leis an staid atá i gceist san Ísiltír. Sholáthair an t-iarratasóir táblaí ina sonraítear na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir cás na Danmhairge agus cásanna na Gearmáine, na hIodáile agus na hÍsiltíre faoi seach. Cuireann an t-iarratasóir in iúl gurb iad na príomhdhifríochtaí idir cásanna na Gearmáine agus na hIodáile an easpa ráta reachtúil luacha saothair, an easpa tosaíochta maidir le soláthar leictreachais agus go ndíoltar leictreachas in-athnuaite ar an margadh mórdhíola ar an bpraghas céanna le leictreachas traidisiúnta. |
|
(23) |
Ina chinneadh cumaisc Fortum/Uniper (17), mheabhraigh an Coimisiún gur chumhdaigh an margadh táirgí ábhartha sa réigiún Nordach giniúint agus mórdhíol leictreachais araon, gan beann ar fhoinsí giniúna agus bealaí trádála, agus gurbh éard a bhí ann leictreachas a díoladh trí bhíthin conarthaí déthaobhacha agus ar an malartú cumhachta Nordach, Nord Pool. |
|
(24) |
Maidir le leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite, cumhdaítear leis an iarraidh na feirmeacha gaoithe amach ón gcósta Horns Rev 3, Vesterhav Syd, Vesterhav Nord agus Kriegers Flask, chomh maith leis na feirmeacha gaoithe atá le teacht, lena n-áirítear an fheirm ghaoithe amach ón gcósta Thor. Bhí na scéimeanna tacaíochta uile lena mbaineann faoi réir cinntí ón gCoimisiún lena ndeimhnítear a gcomhoiriúnacht do rialacha an Aontais maidir le Státchabhair (18). |
|
(25) |
Thairis sin, tá laghdú go dtí an íosmhéid tagtha ar na préimheanna a íoctar as táirgeadh gaoithe a bhuí leis an iomaíocht mhéadaithe le haghaidh giniúna. I gcás na bhfeirmeacha gaoithe uile thuasluaite, d’eagraigh Gníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge tairiscint oscailte chun leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite. Bhí ceithre thairgeoir ag Horns Rev 3 (400 MW), a tionóladh in 2015, bhí seacht gcinn ag Kriegers Flak (600 MW), a tionóladh in 2016, agus bhí trí cinn ag Vesterhav Nord/Sud (350 MW), a tionóladh in 2016. |
|
(26) |
Tá fálú riosca á dhéanamh roimh na nósanna imeachta tairisceana, agus tá tuiscint níos fearr anois ag údaráis na Danmhairge ar an margadh agus tá fíor-idirphlé margaidh curtha ar bun acu. |
|
(27) |
Tháinig laghdú suntasach freisin ar chostais iomlána na dteicneolaíochtaí in-athnuaite amhail tuirbíní gaoithe amach ón gcósta nó grianphainéil. Dá bhrí sin, préimh 105 øre/kWh a bhí sa tairiscint a bhuaigh in 2010 le haghaidh na Feirme Gaoithe Amach ón gCósta Anholt agus préimh 37 øre/kWh a bhí sa tairiscint a bhuaigh in 2016 le haghaidh na Feirme Gaoithe Amach ón gCósta Kriegers Flak. |
|
(28) |
Tá sé beartaithe ag an Danmhairg freisin trí fheirm gaoithe ar mórscála nua amach ón gcósta a sheoladh. Beidh acmhainneacht thart ar 800 MW ag an gcéad fheirm ghaoithe amach ón gcósta, agus beidh acmhainneacht 800 MW ar a laghad ag na feirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá fágtha. Glaofaidh Gníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge ar thairiscintí i scéimeanna tairisceana le haghaidh gach feirme gaoithe amach ón gcósta amach anseo. |
|
(29) |
Mar a rinne sé i gCinneadh díolúine Cur Chun Feidhme 2018/71 (19) ón gCoimisiún dá chuid maidir le giniúint agus mórdhíol leictreachais san Ísiltír, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil leithdháileadh na bhfóirdheontas ris ar iomaíocht trí phróiseas tairisceana lena gcuirtear smacht ar iompar táirgeoirí leictreachais in-athnuaite maidir lena mbeartas soláthair. Leis sin, cuirtear giniúint leictreachais thraidisiúnta agus in-athnuaite (i gcás na bhfeirmeacha gaoithe sin amach ón gcósta atá faoi réir na hiarrata) ar comhchéim sa Danmhairg. |
|
(30) |
Chun meastóireacht a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE agus gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta, measann an Coimisiún gurb é an margadh táirgí ábhartha an margadh le haghaidh giniúint agus soláthar mórdhíola leictreachais, lena n-áirítear cPPAnna, arna tháirgeadh ó fheirmeacha gaoithe traidisiúnta chomh maith le feirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá faoi réir an iarratais ar dhíolúine. |
3.2.2. SAINIÚ AR AN MARGADH GEOGRAFACH
|
(31) |
In 2006, shainigh an Coimisiún (20) i gcinneadh cumaisc dhá mhargadh gheografacha ar leithligh le haghaidh mórdhíol leictreachais: Oirthear na Danmhairge (“DK2”) agus Iarthar na Danmhairge (“DK1”), toisc ag an am sin nach raibh aon idirnasc díreach idir an dá limistéar tairisceana (nó praghsanna) de chuid na Danmhairge. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid chéanna sa chinneadh DE/DK Interconnector in 2018 (21). |
|
(32) |
In 2014, rinne Comhairle Iomaíochta na Danmhairge imscrúdú ar an margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Danmhairg ina cinneadh maidir le Gléasra Fíorúil Cumhachta (“VPP”) (22). Leis an gcinneadh sin, rinne Comhairle Iomaíochta na Danmhairge na gealltanais a thug Elsam A/S roimhe sin i gcumasc idir Elsam A/S agus Nesa A/S in 2004 a aisghairm. Thacaigh Comhairle Iomaíochta na Danmhairge go páirteach le margadh geografach níos mó ná DK1. Tá DK1 nasctha leis an Iorua, leis an tSualainn agus leis an nGearmáin trí naisc tharchuir. Bhí an praghas mórdhíola ar leictreachas fisiciúil in DK1 difriúil leis na criosanna praghais nasctha go léir i níos lú ná 10 % d’uaireanta an chloig le linn 2013. I bhformhór na n-uaireanta, bhí praghas mórdhíola ag DK1 a bhí comhionann le ceann amháin ar a laghad de na criosanna praghais nasctha, a thacaigh le margadh geografach níos leithne ná an Danmhairg Thiar. Fágadh ina cheist gan fhreagra é, áfach, cibé acu an raibh margadh geografach níos leithne ann ná sa Danmhairg Thiar nó nach raibh. In 2019, maidir leis an margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais chuir Comhairle Iomaíochta na Danmhairge (23) in iúl go raibh sé náisiúnta ina raon feidhme, ach d’fhág sí ina cheist gan fhreagra é ar cheart sainiú níos leithne agus níos cúinge ar an margadh geografach a shainiú nó nár cheart. Bhí an chonclúid sin bunaithe ar na fasaigh seo a leanas: 1) an cinneadh M.8660 Fortum/Uniper inar chinn an Coimisiún maidir le margadh náisiúnta a bheith ann sa tSualainn, 2) an cinneadh M.3268 Sydkraft and Graninge inar chinn an Coimisiún nach raibh an tSualainn ina margadh ar leith ón bhFionlainn agus ón Danmhairg ach ar feadh ar líon beag uaireanta an chloig, rud a chuir in iúl go raibh an margadh mórdhíola le haghaidh leictreachais níos leithne ina raon feidhme ná mar a bhí sé náisiúnta, agus 3) cinneadh VPP de chuid Chomhairle Iomaíochta na Danmhairge inar aimsigh sé tásca go raibh margadh geografach níos mó ann ná DK1 mar gheall ar fhorbairtí laistigh den mhargadh giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Danmhairg. Ó bhí 2006 ann, tá méadú suntasach tagtha ar an toilleadh idirnaisc idir an Danmhairg agus tíortha comharsanacha. Go háirithe, cuireadh idirnascairí Skagerrak (leis an Iorua), Kontiskan (leis an tSualainn) agus Kontek (leis an nGearmáin) i mbun seirbhíse nó leathnaíodh iad. Coimisiúnaíodh cábla Cobra (leis an Ísiltír) in 2019. Laistigh den Danmhairg, nascann Store Bælt Iarthar agus Oirthear na Danmhairge anois. |
|
(33) |
Léiríonn an fhianaise a sholáthair an t-iarratasóir (24) go bhfuil méadú ag teacht ar chomhghaol na bpraghsanna idir Oirthear agus Iarthar na Danmhairge, chomh maith le criosanna praghsanna comharsanacha na Sualainne, na hIorua agus na Gearmáine (SE3, SE4, NO2 agus DE). Mar shampla, bhí an praghas céanna in DK1 agus a bhí i gceann de na limistéir eile (DK2, SE3, SE4, NO2 agus DE) le haghaidh 91.7 % in 2013 agus 96,3 % in 2018; in DK2, 97,8 % in 2013 agus 98,6 % in 2018 a bhí ann. Os a choinne sin, thit uaireanta an chloig ina raibh an praghas i limistéar DK1 difriúil leis na limistéir eile ó 8,3 % go 3,7 % ó 2013 go 2018; in DK2, thit an céatadán ó 2,2 % to 1,4 %. |
|
(34) |
Dar le Energinet, tá toilleadh an-mhór ag an Danmhairg ar na hidirnascairí lena tíortha comharsanachta, arb ionann é agus thart ar 90 % dá buaicéileamh intíre. Tugtar le tuiscint mar gheall ar an dlúth-chomhtháthú le tíortha comharsanacha na Danmhairge nach mbíonn spotphraghas margaidh ar leithligh ag an Danmhairg ar leictreachas ach le linn thart ar 10 % den am. Le linn an ama eile, bíonn an praghas mórdhíola i gcoiteann leis an Iorua, an tSualainn nó an Ghearmáin. |
|
(35) |
In 2019, bhí toilleadh trádála 90 % de thoilleadh iomlán an idirnascaire i dtreo an onnmhairiúcháin ar fáil sa nasc idirnáisiúnta idir Oirthear na Danmhairge (DK2) agus an Ghearmáin, agus 95 % i dtreo an allmhairiúcháin. Bhí toilleadh trádála i dtreo an onnmhairiúcháin idir 60 agus 88 % de thoilleadh iomlán an idirnascaire ar fáil sna naisc eachtracha eile. Bhí an toilleadh trádála níos ísle idir Iarthar na Danmhairge (DK1) agus an Iorua agus an tSualainn in 2019 i gcomparáid le 2018. Ar an taobh eile, bhí an toilleadh trádála in aghaidh na Gearmáine níos airde sa dá limistéar tairisceana sa Danmhairg. Tá nasc Cobra tar éis toilleadh trádála atá ar fáil i dtreo an onnmhairiúcháin agus an allmhairiúcháin a bheith aige de 87 % de thoilleadh iomlán an idirnascaire in 2019. |
|
(36) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil srianta praghsála ann ar an dá chrios ón taobh amuigh: Tá na praghsanna céanna in DK1 agus atá sna limistéir eile le linn 89,3 % de na huaireanta, agus in DK2 le linn 98,4 % de na huaireanta. Le haghaidh tagartha, i mír 28 den chinneadh maidir le cumasc Fortum/Aonad, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur margadh geografach aonair atá sna ceithre chrios tairisceana sa tSualainn toisc go raibh praghas coiteann acu le linn 89,7 % d’uaireanta an chloig. Tugann an Coimisiún dá aire freisin, de réir an iarratasóra, go bhfuil na ceithre ghníomhaí is mó a bhfuil sciar níos airde ná 10 % acu den mhargadh i láthair in DK1 agus DK2 araon. |
|
(37) |
Chun meastóireacht a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE agus gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta, measann an Coimisiún gur féidir an margadh geografach ábhartha agus an margadh le haghaidh giniúint agus soláthar mórdhíola leictreachais, lena n-áirítear cPPAnna, arna tháirgeadh ó fhoinsí traidisiúnta chomh maith leis na foinsí in-athnuaite sin atá faoi réir an iarratais, a fhágáil ar oscailt, i gcás margadh ar leithligh le haghaidh DK1 agus DK2 nó i gcás margadh náisiúnta aonair sa Danmhairg. |
3.2.3. ANAILÍS MHARGAIDH
|
(38) |
Tá ríomhanna agus tásca na scaireanna margaidh uile a bhaineann le sciar na giniúna leictreachais bunaithe ar ionchur ón iarratasóir. |
|
(39) |
Cuireann an Coimisiún roinnt tosca san áireamh ina chuid anailíse. Cé gur gné thábhachtach atá i sciartha margaidh, cuirtear an brú iomaíochta a chuireann gineadóirí ó thíortha comharsanacha agus líon na dtairgeoirí i dtairiscintí le haghaidh acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite san áireamh freisin. |
|
(40) |
Maidir leis an margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Danmhairg, tá trí phríomhghníomhaí sa mhargadh faoi láthair faoi réir rialacha soláthair phoiblí de bhun Threoir 2014/25/AE. Is iad sin Ørsted A/S (dá ngairtear Ørsted anseo feasta) (50,1 % faoi úinéireacht stát na Danmhairge), an fhochuideachta Dhanmhargach Vattenfall, Vattenfall AB (dá ngairtear Vattenfall anseo feasta) (100 % faoi úinéireacht stát na Sualainne) agus HOFOR Energiproduktion A/S (dá ngairtear HOFOR anseo feasta), faoi úinéireacht bhardas Chóbanhávan ar deireadh. |
|
(41) |
Faoi láthair tá 18 gcuideachta chuid na Danmhairge ag trádáil in Nord Pool. I gcomhréir le Treoir 2014/25/AE, ní gnóthais phoiblí iad formhór na gcuideachtaí sin, amhail Danske Commodities agus Centrica Energy Trading. |
|
(42) |
In 2018 agus 2019, ba é an sciar den mhargadh a bhí ag Ørsted ar mhargadh comhcheangailte DK1-DK2 (i dtéarmaí giniúna) [20 go 30] % agus [10 go 20] % faoi seach, [5 go 10] % agus [10 go 20] % an sciar den mhargadh a bhí ag Vattenfall agus [0 go 5] % agus [0 go 5] % an sciar den mhargadh a bhí ag HOFOR. Is iad Vindenergi Danmark (sciar [40 go 50] % agus [40 go 50] % den mhargadh) agus Energi Danmark ([10 go 20] % agus [10 go 20] %) na hiomaitheoirí is mó sna cuideachtaí sin, ar cuideachtaí iad nach gcumhdaítear le rialacha soláthair phoiblí. Bhí sciartha den mhargadh ar mhargaí DK1 agus DK2 sa raon céanna den chuid is mó (Ørsted [20 go 30] % in DK1 agus [10 go 20] % in DK2 in 2018, [20 go 30] % in DK1 agus [10 go 20] % in DK2 in 2019, Vattenfall [5 go 10] % in DK1 agus [0 go 5] % in DK2 in 2018, [10 go 20] % in DK1 agus [0 go 5] % in DK2 in 2019, HOFOR [0 go 5] % in DK1 agus [5 go 10] % in DK2 in 2019). Dá mbeadh an margadh geografach ábhartha níos leithne ná an Danmhairg, bheadh na sciartha sin den mhargadh níos lú. |
|
(43) |
Gné an-suntasach de mhargadh leictreachais na Danmhairge is ea allmhairí agus onnmhairí. In 2018 agus 2019, thart ar 33,5 TWh a bhí tomhaltas leictreachais. Thart ar 45,6 % den tomhaltas iomlán a bhí in allmhairí in 2018, agus chumhdaigh an táirgeadh náisiúnta 41 % den tomhaltas in 2018 agus 48 % in 2019. Tá onnmhairí suntasach freisin, mar ba ionann iad agus 73 % agus 62 % de tháirgeadh leictreachais na Danmhairge in 2018 agus 2019. |
|
(44) |
Léiríonn sé sin chomh mór agus atá margadh leictreachais na Danmhairge comhtháite i margadh geografach níos leithne agus, mar thoradh air sin, an brú iomaíochta a chuireann gineadóirí leictreachais ó thíortha eile, ar tíortha comharsanacha iad go háirithe ach ní go heisiach, ar tháirgeoirí na Danmhairge trí idirnascairí trasteorann. |
|
(45) |
Maidir le spotphraghsanna mórdhíola, socraítear praghsanna Nordacha ar mhalartán Nord Pool. Ba iad EUR 38,50 agus EUR 39,84 MWh faoi seach an meánphraghas in aghaidh na huaire sa spotmhargadh i gcomhair DK1 agus DK2 in 2019, ar laghdú 13 % é sa dá limistéir ó 2018. Ba é EUR 38,94/MWh praghas an chórais in 2019. Is é praghas an chórais Nordaigh an spotphraghas samhailteach a bheadh tar éis a bheith ann dá mba limistéar tairisceana amháin é an réigiún Nordach ar fad. Go ginearálta bíonn praghsanna níos ísle in DK1 ná DK2 mar gheall ar thoilleadh na dtuirbíní gaoithe suiteáilte in DK1 atá réasúnta mór, rud a chabhraíonn le praghsanna a bhrú síos. Ba é EUR 39,28/MWh an meán-spotphraghas in 2019 san Iorua, EUR 37,68/MWh sa Ghearmáin agus EUR 38,79/MWh sa tSualainn, praghsanna an-chosúil leis an bpraghas in DK1 agus DK2. |
|
(46) |
Sa Danmhairg, déantar thart ar 6 % den leictreachas a thrádáil sa mhargadh aonair ionlae Eorpach XBID. Tá an margadh ionlae bunaithe ar thrádáil leanúnach le trádálacha a dhéantar ar an bpraghas tairisceana, seachas an margadh lá roimh ré atá bunaithe ar cheant le praghas imréitigh aonair. Úsáidtear an margadh ionlae chun pleananna tomhaltais agus táirgthe a choigeartú maidir le inter alia iarmhéideanna punainne a athbhunú. Ciallaíonn sé sin go dtosóidh an praghas sa mhargadh ionlae i gcomhair gach uair an chloig ar an spotphraghas agus ansin bogfaidh sé suas nó síos má bhíonn imeachtaí gan choinne ann le linn na fuinneoige trádála. Ba é EUR 35,1/MWh meánphraghas bliantúil an mhargaidh ionlae in DK1 in 2019. In DK2, EUR 36,7/MWh a bhí ann. In 2018, ba é EUR 40,4/MWh an meánphraghas in DK1 agus EUR 41,9/MWh in DK2. |
|
(47) |
Léiríonn ríomhanna breise a áirítear san iarratas (25) gurb ionann na praghsanna in DK1 agus DK2 agus na cinn i gceann amháin nó níos mó de na criosanna praghsanna comharsanacha formhór mór an ama. In 2018 agus 2019, b’ionann na praghsanna in DK1 agus i réimse praghsála eile sa réigiún (DK2, SE3, SE4, NO2 agus DE) 94,8 % agus 96,3 % den am; b’ionann na praghsanna in DK2 agus i réimse praghsála eile sa réigiún (DK1, SE3, SE4, NO2 agus DE) 98,8 % agus 98,6 % den am. Ina theannta sin, tá an comhghaol idir dhá chrios na Danmhairge agus an córas Nordach agus praghas mórdhíola na Gearmáine sách ard, i raon idir 64 % agus 83 % le linn na tréimhse 2017-2018. |
|
(48) |
Tá toilleadh an-mhór ag an Danmhairg ar na hidirnascairí lena tíortha comharsanachta, arb ionann é agus thart ar 90 % dá buaicéileamh intíre. Tugtar le tuiscint mar gheall ar an dlúth-chomhtháthú le tíortha comharsanacha na Danmhairge nach mbíonn spotphraghas margaidh ar leithligh ag an Danmhairg ar leictreachas in DK1 agus DK2 ach thart ar 10 % den am. Le linn an ama eile, bíonn an praghas mórdhíola in DK1 agus DK2 i gcoiteann leis an Iorua, an tSualainn nó an Ghearmáin. |
|
(49) |
Measann an Coimisiún go léiríonn na heilimintí sin cóineasú an-láidir idir praghsanna leictreachais sa Danmhairg agus praghsanna i dtíortha an réigiúin Nordaigh agus sa Ghearmáin. |
3.2.4. CONCLÚID
|
(50) |
Faoi réir na hiarrata, tá sciar teoranta den mhargadh ag eintitis chonarthacha ar an margadh giniúna agus mórdhíola leictreachais sa Danmhairg. |
|
(51) |
Léiríonn an leibhéal ard allmhairí agus onnmhairí leictreachais i gcomparáid le giniúint leictreachais na Danmhairge, in éineacht leis an toilleadh idirnaisc le tíortha comharsanacha, go bhfuil an margadh mórdhíola leictreachais sa Danmhairg comhtháite go mór i margadh trasnáisiúnta níos leithne. Fiú mura gá go mbeadh an margadh geografach trasnáisiúnta, cuireann allmhairí leictreachais go dtí an Danmhairg brú iomaíochta ar phraghsanna mórdhíola leictreachais na Danmhairge le linn líon suntasach uaireanta an chloig gach bliain. |
|
(52) |
Deimhnítear an méid sin a thuilleadh leis na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir maidir le praghsanna mórdhíola, rud a léiríonn go bhfuil praghsanna na Danmhairge an-chosúil le praghsanna ar fud Nord Pool agus praghsanna sa Ghearmáin. |
|
(53) |
Is é is aidhm don Chinneadh seo a shuíomh an bhfuil gníomhaíochtaí giniúna agus mórdhíola leictreachais ris ar leibhéal iomaíochta mar sin (ar mhargaí nach mbíonn rochtain orthu saor in aisce) lena n-áiritheofar, in éagmais an smachta atá mar thoradh ar na rialacha mionsonraithe soláthair a leagtar amach i dTreoir 2014/25/AE, go ndéanfar an soláthar chun na gníomhaíochtaí lena mbaineann a shaothrú ar bhealach trédhearcach neamh-idirdhealaitheach bunaithe ar chritéir a ligeann don eintiteas conarthach an réiteach is buntáistí ar an iomlán go heacnamaíoch a shainaithint. |
|
(54) |
I bhfianaise na dtosca a scrúdaíodh thuas, is féidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go bhfuil an ghníomhaíocht giniúna agus mórdhíola leictreachais ó fhoinsí traidisiúnta agus ó fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá faoi réir nós imeachta tairisceana sa Danmhairg ris go díreach ar iomaíocht ar mhargadh nach bhfuil rochtain air teoranta, de réir bhrí Airteagal 34(1) de Threoir 2014/25/AE. |
4. CONCLÚID
|
(55) |
Chun críocha an Chinnidh seo agus gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta, eascraíonn sé as aithrisí 11 go 53 go bhfuil giniúint agus mórdhíol leictreachas ó fhoinsí traidisiúnta agus ó fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta atá faoi réir nós imeachta tairisceana sa Danmhairg ris ar iomaíocht ar mhargadh nach bhfuil rochtain air teoranta, de réir bhrí Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE. Dá bhrí sin, níor cheart do Threoir 2014/25/AE leanúint d’fheidhm a bheith aici maidir le conarthaí atá beartaithe chun saothrú na gníomhaíochta sin sa Danmhairg a chumasú. |
|
(56) |
Ba cheart do Threoir 2014/25/AE leanúint d’fheidhm a bheith aici maidir le conarthaí lena mbeartaítear saothrú gníomhaíochtaí atá eisiata go sonrach ón iarraidh a chumasú. |
|
(57) |
Tá an Cinneadh seo bunaithe ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí an Mhárta 2022 mar is léir ón bhfaisnéis a chuir na hiarratasóirí isteach. Féadfar athbhreithniú a dhéanamh air, mura gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE a thuilleadh, tar éis athruithe móra ar an staid dhlíthiúil nó fhíorasach. |
|
(58) |
Meabhraítear go bhforáiltear le hAirteagal 16 de Threoir 2014/23/AE (26) maidir le díolúine ó chur i bhfeidhm na Treorach sin maidir le lamháltais arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha i gcás inar suíodh, i gcás an Bhallstáit ina bhfuil na lamháltais le déanamh, de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE go bhfuil an ghníomhaíocht ris go díreach ar an iomaíocht i gcomhréir le hAirteagal 34 den Treoir sin. Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil an ghníomhaíocht táirgthe agus mórdhíola leictreachais atá faoi réir na hiarrata ris ar iomaíocht ar mhargadh nach bhfuil rochtain air teoranta, déanfar conarthaí lamháltais arb é is aidhm dóibh feidhmíocht na ngníomhaíochtaí sin sa Danmhairg a chumasú a eisiamh ó réimse chur i bhfeidhm Threoir 2014/23/AE. |
|
(59) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal aonair
Ní bheidh feidhm ag Treoir 2014/25/AE maidir le conarthaí arna ndámhachtain ag eintitis chonarthacha agus lena mbeartaítear giniúint agus mórdhíol leictreachais ó fhoinsí traidisiúnta agus foinsí in-athnuaite sa Danmhairg a chumasú, arna gcumhdach leis an iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 35(1) de Threoir 2014/25/AE.
Is chuig Ríocht na Danmhairge a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Thierry BRETON
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1804 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca le cur i bhfeidhm Airteagail 34 agus 35 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 275, 12.10.2016, lch. 39).
(3) Treoir 2014/25/AE, aithris 44.
(4) Ibid.
(5) Breithiúnas an 27 Aibreán 2016 i gCás T-463/14, Österreichische Post AG v. Commission, EU:T:2016:243, mír 28 agus aithris 44 de Threoir 2014/25/AE.
(6) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach leictreachais agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(7) Tá an méid sin gan dochar do mheasúnú an Choimisiúin ar thrasuí na Treorach seo sa Danmhairg.
(8) Féach lch. 28 den iarratas.
(9) Cás COMP/M.4110 — E.ON/ENDESA, 25.4.2006, mír 10, lch. 3.
(10) Cás COMP/M.3696 — E.ON/MOL, 21.1.2005, mír 223, Cás COMP/M.5467 — RWE/ESSENT, 23.6.2009, mír 23.
(11) Féach cás M.8660 Fortum/Uniper an 15 Meitheamh 2018, mír 18. Féach freisin COMP/M.7927 – EPH/ENEL/SE, míreanna 9-12; COMP/M.6984 – EPH/Stredoslovenska Energetika, mír 15; M.3268 – Sydkraft/Graninge, míreanna 19-20.
(12) Féach cás M.8660 Fortum/Uniper an 15 Meitheamh 2018, mír 18. Féach freisin COMP/M.7927 – EPH/ENEL/SE, míreanna 9-12; COMP/M.6984 – EPH/Stredoslovenska Energetika, mír 15; M.3268 – Sydkraft/Graninge, míreanna 19-20.
(13) (IO L 114, 26.4.2012, lch. 21), míreanna 36-40.
(14) (IO L 271, 5.10.2012, lch. 4), míreanna. 46-50.
(15) (IO L 12, 17.1.2018, lch. 53), míreanna 19-23.
(16) Féach cás M.8660 Fortum/Uniper an 15 Meitheamh 2018, mír 18.
(17) Féach cás M.8660 Fortum/Uniper an 15 Meitheamh 2018, mír 18, chomh maith le cásanna COMP/M.7927 — EPH/ENEL/SE, míreanna 9-12; COMP/M.6984 — EPH/Stredoslovenska Energetika, mír 15; M.3268 — Sydkraft/Graninge, míreanna 19-20.
(18) Cásanna SA.40305, SA.43751, SA.45974 agus SA.57858.
(19) (IO L 12, 17.1.2018, lch. 55).
(20) (IO L 133, 25.5.2007, lch.24).
(21) (IO C 58, 14.2.2019, lch. 7).
(22) Comhairle Iomaíochta na Danmhairge, DONG Energys anmodning om ophævelse af VPP tilsagn, 2014:
https://www.kfst.dk/media/13295/20140528-ikkefortrolig-afgoerelse-dong.pdf
(23) Cinneadh ó Chomhairle Iomaíochta na Danmhairge an 25 Meitheamh 2019: https://www.kfst.dk/media/54483/20190625-fusion-se-eniig.pdf
(24) Féach an t-iarratas, míreanna 94 go 97.
(25) Féach an t-iarratas, mír 95.
(26) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/51 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1377 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Lúnasa 2022
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a mhéid a bhaineann le stádas ESB na Fraince
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5507)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe Airteagal 5(2), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard a fhoráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 go bhfuil na Ballstáit nó tríú tíortha nó réigiúin díobh (tíortha nó réigiúin) le haicmiú de réir a stádais einceifileapaite spúinsí bólachta (ESB) i gceann de thrí chatagóir: riosca diomaibhseach ESB, riosca rialaithe ESB agus riosca neamhchinntithe ESB. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 go bhféadfar athmheasúnú a dhéanamh ar an aicmiú ESB ar leibhéal an Aontais más rud é gur chuir an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) Stát iarrthach i gceann de na trí chatagóir ESB. |
|
(3) |
I gCinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún (2), liostaítear stádas ESB na dtíortha nó na réigiún de réir a riosca ESB i gCodanna A, B nó C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an ngníomh sin. Meastar go mbaineann riosca diomaibhseach ESB leis na tíortha nó na réigiúin a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn sin, meastar go mbaineann riosca rialaithe ESB leo siúd a liostaítear i gCuid B, agus foráiltear le Cuid C den Iarscríbhinn sin go measfar gur riosca neamhchinntithe ESB a bhaineann leis na tíortha nó na réigiúin nach liostaítear i gCodanna A nó B. |
|
(4) |
Faoi láthair is laistigh de Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a thagann an Fhrainc, faoi thíortha nó réigiúin lena mbaineann riosca rialaithe ESB. |
|
(5) |
An 24 Bealtaine 2022, ghlac Comhthionól Domhanda Thoscaireachtaí OIE Rún Uimh. 15, dar teideal ‘Recognition of the Bovine Spongiform Encephalopathy Risk Status of Members’ [Aitheantas do Stádas Riosca na mBall maidir le hEinceifileapaite Spúinseach Bhólachta] (3), i bhfianaise a theacht i bhfeidhm an 27 Bealtaine 2022. Sa Rún sin, is éard a glacadh leis gur riosca diomaibhseach ESB atá sa Fhrainc, i gcomhréir le Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE. Tar éis athmheasúnú an scéil ar leibhéal an Aontais, agus i ngeall ar Rún Uimh. 15 ó OIE, mheas an Coimisiún gur cheart stádas ESB OIE nua na Fraince a léiriú san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart liosta na dtíortha nó na réigiún san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a leasú ionas gur i gCuid A den Iarscríbhinn sin a liostófar an Fhrainc, is é sin faoi thíortha nó réigiúin a mbaineann riosca diomaibhseach ESB leo. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE a leasú dá réir. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.
(2) Cinneadh 2007/453/CE ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2007 lena mbunaítear stádas ESB na mBallstát agus tríú tíortha nó réigiún díobh de réir an riosca ESB a bhaineann leo (IO L 172, 30.6.2007, lch. 84).
(3) https://www.woah.org/app/uploads/2022/05/a-r15-2022-bse-final-1.pdf
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2007/453/CE:
“IARSCRÍBHINN
LIOSTA DE THÍORTHA NÓ DE RÉIGIÚIN
A. Tíortha nó réigiúin lena mbaineann riosca diomaibhseach ESB
Ballstáit
|
— |
An Bheilg |
|
— |
An Bhulgáir |
|
— |
An tSeicia |
|
— |
An Danmhairg |
|
— |
An Ghearmáin |
|
— |
An Eastóin |
|
— |
Éire |
|
— |
An Spáinn |
|
— |
An Fhrainc |
|
— |
An Chróit |
|
— |
An Iodáil |
|
— |
An Chipir |
|
— |
An Laitvia |
|
— |
An Liotuáin |
|
— |
Lucsamburg |
|
— |
An Ungáir |
|
— |
Málta |
|
— |
An Ísiltír |
|
— |
An Ostair |
|
— |
An Pholainn |
|
— |
An Phortaingéil |
|
— |
An Rómáin |
|
— |
An tSlóivéin |
|
— |
An tSlóvaic |
|
— |
An Fhionlainn |
|
— |
An tSualainn |
Réigiúin na mBallstát (*1)
|
— |
Tuaisceart Éireann |
Tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa
|
— |
An Íoslainn |
|
— |
Lichtinstéin |
|
— |
An Iorua |
|
— |
An Eilvéis |
Tríú tíortha
|
— |
An Airgintín |
|
— |
An Astráil |
|
— |
An Bhrasaíl |
|
— |
Ceanada |
|
— |
An tSile |
|
— |
An Cholóim |
|
— |
Cósta Ríce |
|
— |
An India |
|
— |
Iosrael |
|
— |
An tSeapáin |
|
— |
Geirsí |
|
— |
An Namaib |
|
— |
An Nua-Shéalainn |
|
— |
Panama |
|
— |
Paragua |
|
— |
Peiriú |
|
— |
An tSeirbia (*2) |
|
— |
Singeapór |
|
— |
Na Stáit Aontaithe |
|
— |
Uragua |
B. Tíortha nó réigiúin lena mbaineann riosca rialaithe ESB
Ballstáit
|
— |
An Ghréig |
Tríú tíortha
|
— |
Meicsiceo |
|
— |
Nicearagua |
|
— |
An Chóiré Theas |
|
— |
An Téaváin |
|
— |
An Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann |
C. Tíortha nó réigiún lena mbaineann riosca neamhchinnte ESB
|
— |
Tíortha nó réigiúin nach liostaítear i gCodanna A ná B. |
(*1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuimsíonn tagairtí do na Ballstáit an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann.
(*2) Faoi mar a thagraítear di in Airteagal 135 den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (IO L 278, 18.10.2013, lch. 16).”
TREOIRLÍNTE
|
8.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 206/55 |
TREOIRLÍNE (AE) 2022/1378 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 28 Iúil 2022
lena leasaítear Treoirlíne 2008/596/CE maidir le bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na bainc cheannais náisiúnta agus na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin BCE/2008/5 (BCE/2022/28)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don tríú fleasc d’Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú fleasc d’Airteagal 3.1, Airteagal 12.1 agus Airteagal 30.6 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is le Treoirlíne 2008/596/CE ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2008/5) (1) a rialaítear bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, chomh maith leis na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin. Mar thoradh ar an athbhreithniú rialta ar an Treoirlíne sin, tá gá le roinnt leasuithe uirthi. |
|
(2) |
Ar an gcéad dul síos, i gcás nach gcomhlíonfaidh contrapháirtithe na dlíthe is infheidhme maidir le sciúradh airgid agus/nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus/nó i gcás ina bhfuil baint acu le sciúradh airgid agus/nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, ba cheart é a bheith i gcumas BCE máistir-chomhaontuithe glanluachála a rinne sé le contrapháirtithe den sórt sin ón 1 Lúnasa 2022 amach nó a rinne BCE roimh an dáta sin agus a leasaíodh ina dhiaidh a fhoirceannadh. Léireofaí sa mhéid sin cleachtas reatha BCE maidir leis na máistir-chomhaontuithe eile a mbaineann BCE feidhm astu. Ar an dara dul síos, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar chontrapháirtithe in idirbhearta a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE cloí ar bhonn leanúnach le haon smachtbhannaí is infheidhme a fhorchuirtear ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus/nó ar leibhéal na Náisiún Aontaithe, nó a fhorchuireann aon údarás inniúil eile. |
|
(3) |
Ina theannta sin, is gá roinnt coigeartuithe eile de chineál oibríochtúil nó teicniúil a dhéanamh. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne 2008/596/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear treoirlíne BCE/2008/5 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc: “ciallaíonn ‘dlínsí Eorpacha’ dlínsí na mBallstát uile a bhfuil an euro glactha acu i gcomhréir leis an gConradh, maille leis an Danmhairg, an tSualainn, an Eilvéis, agus Sasana agus an Bhreatain Bheag.”; |
|
2. |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfar oibríochtaí athcheannaigh, athcheannaigh droim ar ais, ceannaigh/aisdíola agus díola/athcheannaigh a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as na comhaontuithe caighdeánacha seo a leanas san eagrán nó sa leagan a léirítear, nó in aon eagrán nó leagan is déanaí a fhormheasfaidh BCE:
|
|
3. |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Déanfar oibríochtaí díorthach thar an gcuntar a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as na comhaontuithe caighdeánacha seo a leanas san eagrán nó sa leagan a luaitear, nó in aon eagrán nó leagan is déanaí a fhormheasfaidh BCE:
|
|
4. |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Taiscí ina bhfuil baint ag sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE le contrapháirtithe: (i) atá incháilithe do na hoibríochtaí a luaitear i míreanna 2 agus/nó 3 thuas; agus (ii) a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon cheann de na dlínsí Eorpacha seachas Éire, déanfar iad a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as Máistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais (Eagrán 2004, nó aon eagrán is déanaí a fhormheasfaidh BCE). I gcásanna nach dtagann faoi phointí (i) agus (ii) thuas, déanfar taiscí a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE a dhoiciméadú trí úsáid a bhaint as an máistir-chomhaontú glanluachála mar a shonraítear i mír 7 thíos.”; |
|
5. |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. Déanfar doiciméad i mBéarla san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I (dá ngairtear “ECB Annex” anseo feasta) a chur i gceangal le gach comhaontú caighdeánach agus beidh sé ina chuid lárnach de gach comhaontú caighdeánach faoina ndéanfar oibríochtaí athcheannaigh, athcheannaigh droim ar ais, ceannaigh/aisdíola, díola/athcheannaigh, iasachta urrús, athcheannaigh trípháirtí nó díorthach thar an gcuntar a bhaineann le sócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, ach amháin má dhéantar na hoibríochtaí sin faoi Mháistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais.”; |
|
6. |
in Airteagal 3, mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an abairtín tosaigh: “7. Tabharfar máistir-chomhaontú glanluachála i gcrích leis na contrapháirtithe uile, diomaite de chontrapháirtithe: (i) lenar shínigh BCE Máistir-Chomhaontú na Cónaidhme Baincéireachta Eorpaí le haghaidh Idirbhearta Airgeadais; agus (ii) a eagraítear nó a chorpraítear faoi dhlíthe aon cheann de na dlínsí Eorpacha, seachas Éire, mar a leanas:”; |
|
7. |
in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír seo 9 a leanas: “9. Gach máistir-chomhaontú a dhéanfaidh BCE ón 1 Lúnasa 2022 amach nó a dhéanfaidh BCE roimh an dáta sin agus a leasófar tar a éis sin, beidh uiríoll ann ar bhonn leanúnach ó gach contrapháirtí á rá: (a) go bhfuil an contrapháirtí i gcomhréir, i ngach slí ábhartha, leis na dlíthe go léir is infheidhme (lena n-áirítear treoracha a thabharfaidh údaráis inniúla) a bhaineann le cosc ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta; (b) nach bhfuil baint aige le sciúradh airgid agus/nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta; agus (c) go gcomhlíonann an contrapháirtí gach beart sriantach is infheidhme (dá ngairtear ‘smachtbhannaí’ de ghnáth) arna nglacadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus/nó na Náisiún Aontaithe, nó arna bhforchur ag aon údarás inniúil eile.”; |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra do bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra atá acu.
2. Comhlíonfaidh bainc cheannais Eurochórais an Treoirlíne seo ón 1 Lúnasa 2022.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo ar gach banc ceannais Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 28 Iúil 2022.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne 2008/596/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Meitheamh 2008 maidir le bainistiú shócmhainní cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na bainc cheannais náisiúnta agus maidir leis na doiciméid dlí le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le sócmhainní den sórt sin (IO L 192, 19.7.2008, lch. 63).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoirlíne 2008/596/CE:
“ ECB ANNEX
|
1. |
The provisions of this Annex shall be supplemental terms and conditions applying to [name the standard agreement to which this Annex applies] dated [date of agreement] (the “Agreement”) between the European Central Bank (the “ECB”) and [name of counterparty] (the “Counterparty”). The provisions of this Annex shall be annexed to, incorporated in and form an integral part of the Agreement. If and to the extent that any provisions of the Agreement (other than the provisions of this Annex) or the ECB Master Netting Agreement dated as of [date] (the “Master Netting Agreement”) between the ECB and the Counterparty, including any other supplemental terms and conditions, annex or schedule to the Agreement, contain provisions inconsistent with or to the same or similar effect as the provisions of this Annex, the provisions of this Annex shall prevail and apply in place of those provisions. |
|
2. |
Except as required by law or regulation, the Counterparty agrees that it shall keep confidential, and under no circumstances disclose to a third party, any information or advice furnished by the ECB or any information concerning the ECB obtained by the Counterparty as a result of it being a party to the Agreement, including without limitation information regarding the existence or terms of the Agreement (including this Annex) or the relationship between the Counterparty and the ECB created thereby, nor shall the Counterparty use the name of the ECB in any advertising or promotional material. |
|
3. |
The Counterparty agrees to notify the ECB in writing as soon as reasonably practicable of: (i) any consolidation or amalgamation with, or merger with or into, or transfer of all or substantially all of its assets to, another entity; (ii) the appointment of any liquidator, receiver, administrator or analogous officer or the commencement of any procedure for the winding-up or reorganisation of the Counterparty or any other analogous procedure; or (iii) a change in the Counterparty’s name. |
|
4. |
There shall be no waiver by the ECB of immunity from suit or the jurisdiction of any court, or any relief against the ECB by way of injunction, order for specific performance or for recovery of any property of the ECB or attachment of its assets (whether before or after judgment), in every case to the fullest extent permitted by applicable law. |
|
5. |
There shall not apply in relation to the ECB any event of default or other provision of any kind in which reference is made to the bankruptcy, insolvency or other analogous event of the ECB. |
|
6. |
The Counterparty agrees that it has entered into the Agreement (including this Annex) as principal and not as agent for any other entity and that it shall enter into all transactions as principal.”. |