|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1343 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás na haicéacuinicile, an chlórantrainileapróil agus na heimimeictine, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
I gcás na haicéacuinicile, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2), chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana. Le haghaidh táirgí áirithe, mhol an tÚdarás na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le seadóga, oráistí, líomóidí, líomaí, mandairíní, cnónna coill, úlla, piorraí, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, fíonchaora boird agus fíniúnacha coiteanna, trátaí, ubhthorthaí, leannlusanna, muc-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), bó-ainmhithe (matán, saill, ae, duán, bainne), each-ainmhithe (matán, saill, ae, duán, bainne) tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
|
(3) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás clórantrainileapróil i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (3). Mhol sé go laghdófaí na MRLanna a bhaineann le halmóinní, cnónna Brasaíleacha, cnónna caisiú, castáin, cnónna cócó, cnónna coill, macadaimia, cnónna peacáin, eithní cnónna péine, cnónna pistéise, gallchnónna, úlla, piorraí, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, grán milis, cóilis, soilire, pónairí caife agus matán (muc-ainmhithe, bó-ainmhithe, caorach, gabhar agus each-ainmhithe). I gcás táirgí eile, mhol sé na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Le haghaidh cál, mhol an tÚdarás an MRL de 20 mg/kg atá ann cheana a choinneáil. Mar sin féin, d’iarr na Ballstáit go n-ardófaí an MRL a bhaineann le cáil go dtí 40 mg/kg, arb é an uasteorainn iarmhar Codex (CXL) le haghaidh duillí raidise, toisc go n-aicmítear duillí raidise i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 faoin bhfoghrúpa “Cáil”. In 2015 nuair a tugadh isteach CXL le haghaidh duillí raidise i reachtaíocht an Aontais, ní raibh duillí raidise luaite go sainráite i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, measadh gur bhain siad leis an bhfoghrúpa “Barra duilleog óga” (lena n-áirítear speicis phraisí) agus ní leis an bhfoghrúpa “Cáil”. D’iarr na Ballstáit go leanfaí an t-aicmiú reatha. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le piobair mhilse/piobair chloigíneacha, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla, piseanna talún, síolta lus na gréine agus síolta ráibe, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
|
(4) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás eimimeictine i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (4). Mhol sé go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh eimimeictin B1a agus a shalainn a shloinntear mar eimimeictin B1a (saorbhonn). Mhol sé go n-ísleofaí na MRLanna a bhaineann le plumaí, prátaí, cúcamair, gircíní, cúirséid, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, brocailí, cóilis, bachlóga Bruiséile, cabáistí cinn, ceathrúna uain, leitísí, biolair agus eascróga agus péacáin eile, biolair thalún, roicéad Rómánach/rucola, mustard dearg, barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí), costóg, síobhas, duilleoga soilire, peirsil, sáiste, marós, tím, basal agus bláthanna inite, duilleog labhrais, dragan, piseanna (gan faighneoga) agus bliosáin chruinne. I gcás táirgí eile, mhol an tÚdarás na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le horáistí, líomóidí, mandairíní, fíonchaora boird agus fíniúnacha coiteanna, puimcíní, searbháin muc, síolta cadáis, muc-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), bó-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), caoirigh (matán, saill, ae, duán), gabhair (matán, saill, ae, duán), each-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), ainmhithe talún feirme eile (matán, saill, ae, duán) agus bainne (ó eallach, caoirigh, gabhair eachaí) tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt eolais ar fáil maidir leis an MRL a bhaineann le haibreoga. Cuireadh isteach iarratas de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarradh na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú i measc táirgí eile le haghaidh aibreog freisin. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh (5) gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach, agus go raibh an modhnú ar na MRLanna a bhaineann le haibreoga a d’iarr an t-iarratasóir inghlactha. Tugadh aghaidh ar an modhnú sin i Rialachán (AE) 2022/476 ón gCoimisiún (6) agus dá bhrí sin níl gá leis an bhfaisnéis bhreise le haghaidh aibreog. |
|
(5) |
Cuireadh CXLanna a bhí ann cheana san áireamh i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. CXLanna, atá sábháilte do thomhaltóirí san Aontas, rinneadh iad a mheas chun MRL a shocrú. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí san Aontas, agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná CXLanna ann ina leith, ba cheart MRLanna a shocrú ag an teorainn shonrach cinnidh nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(7) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le teorannacha cinnidh áirithe a oiriúnú. A mhéid a bhaineann le roinnt substaintí, tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá teorannacha cinnidh sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
|
(8) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí atá á mbeartú ar na MRLanna. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí a táirgeadh sula modhnaíodh na MRLanna, táirgí a léiríonn an fhaisnéis ina leith go gcoinníonn siad leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
|
(12) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
|
(13) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 22 Feabhra 2023.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for acequinocyl according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás aicéacuinicile de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal 2020;[Iris EFSA 2020]; 18(1): 5983.
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for chlorantraniliprole according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás clórantrainileapróil de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal 2020;[Iris EFSA 2020]; 18(9): 6235.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for emamectin according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás eimimeictine de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(8):5803.
(5) Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for emamectin in various crops [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh eimimeictine i mbarra éagsúla a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6824.
(6) Rialachán (AE) 2022/476 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair le haghaidh aigéad aicéiteach, asocsastróibine, beinsivindéfhluipire, ciantrainileapróil, ciofluifeanaimíde, eimimeictine, flutolainile, sulfar aoil, maltaideistrine agus prócuineaisíde i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 98, 25.3.2022, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na colúin seo a leanas le haghaidh aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III, scriostar na colúin le haghaidh aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine. |
(*1) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/18 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1344 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Lúnasa 2022
lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2023, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagail 7(1) agus 17(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ionas go bhféadfar sonraí de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 maidir le húsáid TFC agus ríomhthráchtáil a chur ar fáil, sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, bunaithe ar shonraí inchomparáide agus comhchuibhithe, agus chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit úsáid agus ríomhthráchtáil an ábhair TFC chun feidhme i gceart, sonróidh an Coimisiún na hathróga, na haonaid tomhais, an daonra staidrimh, na haicmithe agus na miondealuithe, chomh maith le spriocdhátaí do tharchur sonraí na sonraí sin. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 17(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2152, ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta agus meiteashonraí a sholáthar le haghaidh na sonraí a tharchuirtear faoin Rialachán sin. Dá bhrí sin, is gá spriocdhátaí a leagan síos maidir leis na tuarascálacha sin a chur isteach. |
|
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an topaic Úsáid TCF agus an ríomhthráchtáil dá dtagraítear i in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na sonraí le haghaidh na bliana tagartha 2023 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
1. Déanfar tuarascáil bhliantúil mheiteashonraí na bliana tagartha 2023 le haghaidh úsáid na topaice TFC agus ríomhthráchtáil a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 31 Bealtaine 2023.
2. An tuarascáil cháilíochta bhliantúil ar an topaic úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh bhliain tagartha 2023, déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) faoin 5 Samhain 2023.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Sonraíochtaí teicniúla le haghaidh ceanglas i ndáil le sonraí maidir leis an topaic úsáid TCF agus ríomhthráchtáil
|
Sainordaitheach/roghnach |
Raon feidhme (scagaire) |
Athróg |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Athróga sainordaitheacha |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Athróga roghnacha |
|
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
|
Aonad tomhais |
Dearbhfhigiúirí, seachas gnéithe a bhaineann le láimhdeachas san airgeadra náisiúnta (mílte) nó an céatadán den láimhdeachas (iomlán) |
||||||||||||||||||
|
An pobal staidrimh |
Cumhdach na ngníomhaíochtaí: Ranna NACE C go J, L go N agus grúpa 95.1 Cumhdach na haicme méide: Fiontair a bhfuil deichniúr d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe nó níos mó iontu. Maidir le fiontair a bhfuil níos lú ná deichniúr d’fhostaithe agus daoine féinfhostaithe iontu, féadfar iad a chuimsiú go roghnach |
||||||||||||||||||
|
Miondealuithe |
Miondealú ar ghníomhaíochtaí chun comhiomláin náisiúnta a ríomh:
le bheith mar chuid de na hiomláin Eorpacha amháin
Aicme mhéide an líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe: 10 +, 10-49, 50-249, 250 +; roghnach: 0-9, 0-1, 2-9 |
||||||||||||||||||
|
An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur |
5 Deireadh Fómhair 2023 |
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/27 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1345 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Lúnasa 2022
lena leagtar síos rialacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 86(1) agus (2) agus Airteagal 96(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le clárú bhunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha agus formheas ón údarás inniúil maidir leis na bunaíochtaí sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2) forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na cláir atá le coimeád ag údarás inniúil na mbunaíochtaí cláraithe agus formheasta, bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha atá cláraithe leis nó atá formheasta aige. |
|
(3) |
Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 18, pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áireoidh an t-údarás inniúil ina chlár de bhunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus de ghorlanna atá cláraithe leis, seoladh agus comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad) shuíomh na bunaíochta. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 18, pointe (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áireoidh an t-údarás inniúil sa chlár sin faisnéis faoin tréimhse ar lena linn a choimeádtar ainmhithe nó uibheacha goir sa bhunaíocht mura bhfuil sí á háitiú go leanúnach, lena n-áirítear áitíocht shéasúrach nó áitíocht le linn imeachtaí ar leith. Foráiltear le hAirteagal 84(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/429 maidir le hoibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún nó ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha go gcuirfidh siad faisnéis áirithe ar fáil don údarás inniúil chun go mbeidh a mbunaíochtaí cláraithe, ach ní áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis mhionsonraithe uile a cheanglaítear faoi Airteagal 18, pointí (d) agus (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglas a leagan síos ar oibreoirí bunaíochtaí le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann an fhaisnéis mhionsonraithe sin a chur ar fáil don údarás inniúil chun críche clárúcháin. |
|
(4) |
Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le hAirteagal 21, pointí (d) agus (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áireoidh an t-údarás inniúil ina chlár de bhunaíochtaí atá formheasta aige an fhaisnéis mhionsonraithe chéanna a cheanglaítear le hAirteagal 18, pointí (d) agus (h), den Rialachán Tarmligthe sin. Le hAirteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ceanglaítear ar oibreoirí faisnéis áirithe a chur ar fáil don údarás inniúil chun críocha a n-iarratas ar fhormheas maidir lena mbunaíocht, ach ní áireofar san fhaisnéis sin an fhaisnéis mhionsonraithe uile a cheanglaítear faoi Airteagal 21, pointí (d) agus (h), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Is iomchuí, dá bhrí sin, ceanglas a leagan síos ar oibreoirí bunaíochtaí le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann an fhaisnéis mhionsonraithe sin a chur ar fáil don údarás inniúil chun críche formheasta. |
|
(5) |
Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429 go bhféadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar Airteagal 84(1) den Rialachán sin, catagóirí áirithe bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin. Ní fhéadfar díolúintí den sórt sin a dheonú ach amháin má tá na catagóirí bunaíochtaí sin de chineál a thagann faoi na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 86(2) den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas maidir le clárú i gcomhréir le hAirteagal 85. |
|
(6) |
Maidir le bunaíochtaí áirithe, go háirithe iad sin ina gcoimeádtar crúbaigh, ní féidir a mheas go mbaineann riosca neamhshuntasach leo, dá dtagraítear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429, de bharr roinnt galar liostaithe a d’fhéadfadh crúbaigh a tharchur, galair a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stádas sláinte ainmhithe bunaíochtaí nó criosanna i ndáil leis sin. Ar an gcaoi chéanna, maidir le madraí, cait agus firéid a choimeádtar i mbunaíocht chun críocha pórúcháin, ní féidir a mheas go bhfuil riosca neamhshuntasach ag baint leo, go háirithe ó thaobh shláinte an duine de. |
|
(7) |
Is toisc riosca tábhachtach do shláinte ainmhithe agus do shláinte an duine é gluaiseacht ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil riosca neamhshuntasach ag baint le bunaíochtaí ina ndéanfar gluaiseachtaí, go háirithe gluaiseachtaí isteach i mBallstáit eile nó amach astu nó chuig tríú tíortha nó amach astu. Mar sin féin, i gcás bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch le leanúnachas ar leith agus nach é an príomhchuspóir atá ann gluaiseachtaí na hainmhithe sin, na táirgí geirmeacha sin nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin isteach sa bhunaíocht nó amach aisti, is féidir a mheas go bhfuil riosca neamhshuntasach ag baint leis na bunaíochtaí sin, fiú dá ndéanfaí gluaiseachtaí den sórt sin ó am go ham. |
|
(8) |
Is minic a choimeádann oibreoirí ainmhithe talún de roinnt speiceas éagsúla sa bhunaíocht chéanna. I gcás ina ndéanann Ballstát catagóirí áirithe bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin, dá bhforáiltear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429, ní bheadh sé comhréireach leis an riosca a bhaineann leo ceangal a chur ar oibreoirí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 84(1), pointe (b)(iii), a chur ar fáil maidir le hainmhithe talún ar coimeád a bhféadfaí an bhunaíocht a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo amhail is nach raibh aon ainmhí eile á choimeád sa bhunaíocht sin ach amháin na hainmhithe sin. |
|
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann chun críche a mbunaíochtaí a chlárú, dá bhforáiltear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429; |
|
(b) |
na cineálacha bunaíochta a choimeádann ainmhithe talún a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429; |
|
(c) |
an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann agus iarratas á dhéanamh acu ar fhormheas maidir lena mbunaíocht, i gcomhréir le hAirteagal 96(1) de Rialachán (AE) 2016/429. |
Airteagal 2
Faisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí chun chríche a mbunaíocht a chlárú
1. Oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 84(1), pointe (b), den Rialachán sin, cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don údarás inniúil sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:
|
(a) |
seoladh agus comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad) shuíomh na bunaíochta atá le clárú; |
|
(b) |
huibheacha goir sa bhunaíocht chláraithe mura bhfuil sí á áitiú go leanúnach, lena n-áirítear áitíocht shéasúrach nó áitíocht le linn imeachtaí áirithe. an tréimhse ar lena linn a choimeádtar na hainmhithe talún ar coimeád nó na |
2. Oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ní bheidh sé d’oibleagáid orthu an fhaisnéis a chur ar fáil don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 84(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin, faisnéis maidir le hainmhithe talún ar coimeád a thagann faoin maolú a úsáideann an Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.
Airteagal 3
Cineálacha bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin
1. Féadfaidh na Ballstáit bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún a mbaineann riosca neamhshuntasach leo a dhíolmhú ón gceanglas clárúcháin, dá bhforáiltear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) 2016/429, más rud é go gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
|
(a) |
ní choimeádtar aon chrúbach sa bhunaíocht; |
|
(b) |
ní choimeádtar aon mhadra, cat ná firéad chun críche pórúcháin sa bhunaíocht; |
|
(c) |
geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstát eile nó amach as nó go tríú tír eile nó amach aisti; níl baint ag an mbunaíocht le haon gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád, táirgí |
|
(d) |
níl sé beartaithe na hainmhithe talún ar coimeád, na táirgí geirmeacha nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa bhunaíocht a aistriú amach aisti. |
2. Na Ballstáit a dhéanann bunaíochtaí a dhíolmhú i gcomhréir le mír 1, féadfaidh siad critéir bhreise a leagan síos maidir le teorainneacha ar líon na n-ainmhithe talún ar coimeád a fhéadfar a choimeád sna bunaíochtaí sin agus srian a chur ar shuíomh geografach na mbunaíochtaí sin, go háirithe i ndáil lena ngaireacht do bhunaíochtaí atá cláraithe nó formheasta ag an údarás inniúil.
Airteagal 4
Faisnéis atá le cur ar fáil ag oibreoirí agus iarratas á dhéanamh acu ar fhormheas dá mbunaíocht
Oibreoirí bunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus oibreoirí gorlann, chun críocha a n-iarratas ar fhormheas maidir lena mbunaíocht dá bhforáiltear in Airteagal 94(1) agus Airteagal 95, pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/429, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 96(1) den Rialachán sin, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don údarás inniúil:
|
(a) |
seoladh agus comhordanáidí geografacha (domhanleithead agus domhanfhad) shuíomh na bunaíochta atá le formheas; |
|
(b) |
bhunaíocht fhormheasta mura bhfuil sí á áitiú go leanúnach, lena n-áirítear áitíocht shéasúrach nó áitíocht le linn imeachtaí áirithe. an tréimhse ar lena linn a choimeádtar na hainmhithe nó na huibheacha goir sa |
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus le gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/31 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1346 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Lúnasa 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh 1,4-dé-mheitiolnaftailéine, 8-hiodrocsacuineoilín, pionocsaideine agus vailifeanaláite i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás 1,4-dé-mheitiolnaftailéine, 8-hiodrocsacuineoilín, pionocsaideine agus vailifeanaláite, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
I gcás 1,4-dé-mheitiolnaftailéine chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit maidir leis na MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2). Mhol an tÚdarás go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch. Mheas an tÚdarás, toisc go bhféadfadh 1,4 dé-mheitiolnaftailéin a bheith ann go nádúrtha i dtáirgí plandaí, go bhféadfadh sé nárbh iomchuí MRLanna a leagan síos le haghaidh táirgí de bhunadh plandaí ag Teorainn an Chinntithe (LOD). Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh sonraí faireacháin leordhóthanacha ar fáil le haghaidh táirgí plandaí (seachas prátaí) agus go raibh roinnt faisnéise ar phrátaí agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch nach raibh ar fáil, agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart gach MRL a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Ba cheart MRLanna le haghaidh táirgí de bhunadh plandaí (seachas prátaí) a leagan síos ar bhonn sonraí monatóireachta atá ar fáil faoi láthair. Ba cheart MRLanna le haghaidh prátaí agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a leagan síos ag na leibhéil a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar gach MRL thuasluaite a athbhreithniú; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. |
|
(3) |
I gcás 8-hiodrocsacuineoilín chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit maidir leis na MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, mar gheall ar shonraí atá ar iarraidh, go bhfuil an measúnú riosca do thomhaltóirí táscach agus, dá bhrí sin, mhol sé gach MRL a leagan síos nó a choinneáil ag an LOD. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(4) |
I gcás pionocsaideine chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit maidir leis na MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (4). Tá sé beartaithe an sainmhíniú ar iarmhar a athrú. Mhol sé go laghdófaí na MRLanna le haghaidh eorna, seagail agus cruithneachta. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt faisnéise ar fáil le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
|
(5) |
I gcás vailifeanaláite chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit maidir leis na MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (5). Mhol sé go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch. Mhol sé go n-ísleofaí MRLanna i gcás oinniún, seallóidí agus ubhthorthaí. I gcás táirgí eile, mhol sé na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Maidir leis an MRL le haghaidh trátaí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Déanfar an MRL le haghaidh trátaí a athbhreithniú. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart an MRL sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
|
(6) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná uasteorainneacha iarmhar maidir le Codex Alimentarius (CXLanna) ann ina leith, ba cheart MRLanna a leagan síos ag an LOD sonrach nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(7) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le LODanna áirithe a oiriúnú. Maidir leis na substaintí go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mhol na saotharlanna sin LODanna a bhaineann go sonrach leis an táirge agus ar féidir iad a bhaint amach go hanailíseach. |
|
(8) |
Tá na modhnuithe ar MRLanna atá beartaithe leis an Rialachán seo bunaithe ar thuairimí réasúnaithe an Údaráis agus cuirtear san áireamh iontu na tosca a liostaítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 atá ábhartha do gach substaint a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
|
(9) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le forálacha idirthréimhseacha i gcás táirgí a táirgeadh sula modhnaíodh na MRLanna, táirgí a léiríonn an fhaisnéis ina leith go gcoinníonn siad leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
|
(12) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
|
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 22 Feabhra 2023.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned Opinion on the review of the existing maximum residue levels for 1,4-dimethylnaphthalene according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás 1,4-dé-mheitiolnaftailéine de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(5):6597.
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned Opinion on the review of the existing maximum residue levels for 8-hydroxyquinoline according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás 8-hiodrocsacuineoilín de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(4):6566.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned Opinion on the review of the existing maximum residue levels for pinoxaden according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás pionocsaideine de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(3):6503.
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned Opinion on the review of the existing maximum residue levels for valifenalate according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás vailifeanaláite de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(5):6591.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na colúin seo a leanas le haghaidh 1,4-dé-mheitiolnaftailéine, 8-hiodrocsacuineoilín, pionocsaideine agus vailifeanaláite: " Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i gCuid A d’Iarscríbhinn III, scriostar na colúin seo a leanas le haghaidh 1,4-dé-mheitiolnaftailéine, 8-hiodrocsacuineoilín, pionocsaideine agus vailifeanaláite: |
(*1) Léiríonn an íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
CINNTÍ
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/53 |
CINNEADH (AE) 2022/1347 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na Gearmáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Karin HALSCH a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol rialtas Gearmáine Melanie KÜHNEMANN-GRUNOW, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus a bhfuil sainordú toghchánach aici in údarás réigiúnach, Mitglied des Abgeordnetenhauses von Berlin (Comhalta de Theach Ionadaithe Bheirlín), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Melanie KÜHNEMANN-GRUNOW, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus a bhfuil sainordú toghchánach aici, Mitglied des Abgeordnetenhauses von Berlin (Comhalta de Theach Ionadaithe Bheirlín), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/54 |
CINNEADH (AE) 2022/1348 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena gceaptar beirt chomhaltaí agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus a bhfuil acu sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Helma KUHN-THEIS agus Isolde RIES a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Roland THEIS agus Reiner ZIMMER a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol Rialtas na Gearmáine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Helma KUHN-THEIS, Mitglied des Gemeinderates von Weiskirchen (Comhalta de Chomhairle Bhardasach Weiskirchen), agus Isolde RIES, Bürgermeisterin des Saarbrücker Bezirks West (Méara Cheantar Saarbrücken Thiar). |
|
(6) |
Mhol Rialtas na Gearmáine na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha iad agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Damhat SISAMCI, Mitglied des Landtages des Saarlandes (Feisire de Pharlaimint Réigiúnach Saarland), agus Roland THEIS, Mitglied des Landtages des Saarlandes (Feisire de Pharlaimint Réigiúnach Saarland), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhaltaí:
agus |
|
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/56 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1349 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2022
lena nglactar le hiarraidh arna cur isteach ag an Rómáin de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 maidir le 20 feithicil LEMA
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5152)
(Is é an téacs sa Rómáinis amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 7(4) de go háirithe,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 6 Eanáir 2022, chuir an Rómáin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún (2) (an “iarraidh”), lena ndéantar foráil maidir le feithiclí nua áirithe a fheistiú le Bonnlíne 3 an Chórais Eorpaigh um Rialú Traenacha (“ETCS”), maidir le 20 inneall féinghluaiste nua arna monarú ag LEMA 6 000 kW. Cuireadh an iarraidh sin isteach ar bhonn Airteagal 7(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2016/797. |
|
(2) |
An 25 Feabhra 2022, arna iarraidh sin don Choimisiún, thug údaráis na Rómáine mínithe breise chun an iarraidh a chur i gcrích. |
|
(3) |
Leis an bhfaisnéis a sholáthair údaráis na Rómáine, cuireadh ar a chumas don Choimisiún a anailís a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(4) |
Is é is aidhm do phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 idir-inoibritheacht an rothstoic sa líonra Eorpach a éascú trí ETCS a shuiteáil ar bord. Mar sin féin, tá moill ar roinnt réimsí den Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid ó thaobh an sceidil de maidir le ETCS a chur i bhfeidhm ina líonra. |
|
(5) |
Tá flít an 20 inneall féinghluaiste dá dtagraítear san iarraidh beartaithe chun oibriú i líonra na Rómáine, ar líonra é nach bhfuil ach 10 % de feistithe le ETCS taobh riain faoi láthair, agus tá gá fós le PZB de chóras aicme B a bheith ag oibriú i líonra na Rómáine. |
|
(6) |
Mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19, tá moill ar phróiseas monaraíochta na gcóras comharthaíochta agus ní mheasann an soláthróir comharthaíochta go mbeidh tionscadal fréamhshamhla bhonnlíne 3 ETCS réidh faoi dheireadh 2022. Níor mhór an 20 feithicil a iarfheistiú le linn 2023, go dtí deireadh na bliana sin. |
|
(7) |
Bhí tionchar ag paindéim COVID-19 ar phróiseas forbartha agus deimhniúcháin an 20 feithicil nua dá dtagraítear san iarraidh. Dá ndéanfaí Bonnlíne 3 ETCS a shuiteáil sa 20 inneall féinghluaiste dá dtagraítear san iarraidh, chuirfí moill bhreise 12 mhí ar infhaighteacht agus ar sheachadadh na n-inneall sin. Bheadh tionchar suntasach eacnamaíoch ann mar thoradh ar easpa infhaighteachta ar na traenacha agus an gá a bheadh ann amach anseo an flít a iarfheistiú ó Bhunlíne 2 ETCS go Bunlíne 3 ETCS. |
|
(8) |
Sainaithnítear naoi gcinn de na hinnill féinghluaiste dá dtagraítear san iarraidh le huimhreacha 91530480060-9, 91530480061-7, 91530480062-5, 91530480063-3, 91530480064-1, 91530480065-8, 91530480066-6, 91530480069-0 agus 91530480070-8. Ba cheart d’údaráis na Rómáine uimhreacha aitheantais an 11 inneall féinghluaiste eile a sholáthar ag céim níos déanaí, nuair a chlárófar iad. |
|
(9) |
Tá gealltanas tugtha ag monaróir na bhfeithiclí do phlean innealtóireachta agus suiteála chun na feithiclí is ábhar don iarraidh a uasghrádú le trealamh infheithicle de chuid Bhonnlíne 3 nua ETCS. De réir na sceideal ama is déanaí a cuireadh ar fáil, meastar go gcuirfear i gcrích an t-uasghrádú go Bonnlíne 3 ETCS faoin 31 Nollaig 2023. |
|
(10) |
Údarú na n-inneall féinghluaiste is ábhar don iarraidh, sula suiteálfar Bonnlíne 3 ETCS, ní bheidh sé bailí ach amháin le linn thréimhse bhailíochta an chinnidh seo maidir le neamhchur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(1), pointe (c), agus in Airteagal 7(4) de Threoir (AE) 2016/797 a mhéid a bhaineann leis an 20 feithicil is ábhar don iarraidh. Ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarraidh a chuir an Rómáin isteach ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 maidir leis na feithiclí sin go dtí an 31 Nollaig 2023. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar leis an iarraidh a chuir an Rómáin faoi bhráid an Choimisiúin an 25 Márta 2021 ar neamhchur i bhfeidhm phointe 7.4.2.1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/919 maidir le 20 inneall féinghluaiste LEMA 6 000 kW nua go dtí an 31 Nollaig 2023. Cuirfidh údaráis na Rómáine an Coimisiún ar an eolas faoi uimhreacha aitheantais na n-inneall féinghluaiste nua, a luaithe a bheidh na hinnill féinghluaiste sin cláraithe i líonra na Rómáine.
Airteagal 2
I gcás ina gcuirfear forálacha an Chinnidh seo i bhfeidhm maidir le húdarú feithicle d’aon cheann den 20 inneall féinghluaiste dá dtagraítear in Airteagal 1, beidh an t-údarú feithicle sin bailí go dtí an 31 Nollaig 2023.
Airteagal 3
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.
(2) Rialachán (AE) 2016/919 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2016 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochórais “um rialú agus ceannas agus um chomharthaíocht” an chórais iarnróid san Aontas Eorpach (IO L 158, 15.6.2016, lch. 1).
Ceartúcháin
|
2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/58 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 111 an 8 Aibreán 2022 )
Ar leathanach 42, san Iarscríbhinn XXIII, faoin gcolún Cód AC:
in ionad:
“ 3920 20 ”,
léitear:
“ 3920 10 ”.