ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 198

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
27 Iúil 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1308 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1309 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus domestica áirithe le haghaidh plandú de thionscnamh na hÚcráine agus na Seirbia

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1310 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2022 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 maidir le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise trí allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

8

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1311 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht na hIorua chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha

14

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1312 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 20 Iúil 2022 lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta

16

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/1313 ón gComhairle an 25 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

17

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/1314 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

18

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

19

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1316 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2008/911/CE lena mbunaítear liosta de shubstaintí luibhe, d’ullmhóidí agus de mheascáin díobh lena n-úsáid i dtáirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4341)

22

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1308 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) agus (6) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

De bhun Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil do dhuine amháin a d’éag a scriosadh, agus gur cheart na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine nádúrtha agus dlítheanacha eile, gach eintitis eile nó gach comhlacht eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an ráiteas ar na cúiseanna agus an fhaisnéis maidir le beirt a shainaithint a nuashonrú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)) a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 20 (a bhaineann le AL-WERFALLI, Mahmoud Mustafa Busayf);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 15 (a bhaineann AL QADHAFI, Quren Salih):

“15.

Al QADHAFI, Quren Salih Quren

ar a dtugtar freisin Akrin Akrin Saleh, Al Qadhafi Qurayn Salih Qurayn, Al Qadhafi Qu‘ren Salih Qu’ren, Salah Egreen

Inscne: fireann

Iar-Ambasadóir na Libia chuig Sead. D’fhág Sead le dul go Sabha. Bainteach go díreach le hamhais a earcú agus a chomhordú do réimeas Muammar Qadhafi nach maireann.

Dlúthbhaint aige le réimeas Muammar Qadhafi tráth.

Comhalta den Popular Front for the Liberation of Libya (PFLL), mílíste agus páirtí polaitiúil dílis do Muammar Qadhafi nach maireann. Baint a bheith aige leis an mbonn a bhaint d’aistriú polaitiúil na Libia a thabhairt chun críche go rathúil trí chur i gcoinne na Náisiún Aontaithe agus an bonn a bhaint den phróiseas polaitiúil arna éascú ag na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear Libyan Political Dialogue Forum (LPDF), agus ar an gcaoi sin baol leanúnach atá ann do shíocháin, do chobhsaíocht agus do shlándáil na Libia.

12.4.2011”

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 22 (a bhaineann le PRIGOZHIN, Yevgeniy Viktorovich):

“22.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович Пригожин)

Dáta breithe: 1 Meitheamh 1961

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is fear gnó Rúiseach é Yevgeniy Viktorovich Prigozhin a bhfuil dlúthnaisc aige, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de, leis an Wagner Group, eintiteas míleata príobháideach neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis.

Ar an gcaoi sin, tá Prigozhin páirteach i ngníomhaíochtaí Wagner Group sa Libia agus tugann sé tacaíocht dóibh, gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na tíre i mbaol.

Go háirithe, tá Wagner Group páirteach i sáruithe iomadúla agus leantacha ar an trádbhac arm sa Libia a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus a trasuíodh in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, lena n-áirítear airm a sheachadadh agus amhais a imscaradh sa Libia chun tacú leis an Libya National Army. Ghlac Wagner Group páirt in oibríochtaí míleata iomadúla i gcoinne an Government of National Accord a d’fhormhuinigh na Náisiúin Aontaithe agus chuidigh sé le dochar a dhéanamh do chobhsaíocht na Libia agus leis an mbonn a bhaint de phróiseas síochánta.

15.10.2020”


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1309 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2022

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus domestica áirithe le haghaidh plandú de thionscnamh na hÚcráine agus na Seirbia

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

(3)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú, de thionscnamh tríú tíortha, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear san Iarscríbhinn sin an géineas Malus Mill.

(4)

An 18 Deireadh Fómhair 2019, chuir an Úcráin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun fréamhstoic agus plandaí beangaithe Malus domestica 1 bhliain d’aois go 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin.

(5)

An 30 Meán Fómhair 2021, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica le haghaidh plandú ar de thionscnamh na hÚcráine iad (4). D’aithin an tÚdarás Lopholeucaspis japonica, Eotetranychus prunicola, víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus Erwinia amylovora mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí le haghaidh plandú sin.

(6)

Rinne an tÚdarás measúnú ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad maidir le Lopholeucaspis japonica, Eotetranychus prunicola agus víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí saor ó na lotnaidí sin. A mhéid a bhaineann le Erwinia amylovora, rinne an tÚdarás meastóireacht féachaint an gcomhlíontar na ceanglais speisialta maidir le plandaí Malus Mill, seachas torthaí agus síolta, a thabhairt isteach sna criosanna cosanta sonraithe agus maidir lena ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin, criosanna a liostaítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5).

(7)

Ar bhonn na tuairime eolaíche sin ón Údarás, meastar gur inghlactha atá an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach san Aontas fréamhstoc agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na hÚcráine, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin speisialta ábhartha arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus na ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta arna leagan amach i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis.

(8)

Liostaítear Lopholeucapsis japonica agus víreas fáinnebhall an phlanda tobac mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Erwinia amylovora mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta agus mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 faoi seach, agus tá ceanglais speisialta i bhfeidhm i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin chun teacht isteach agus leathadh na lotnaide sin laistigh de na criosanna cosanta sonraithe a chosc.

(9)

Ní áirítear Eotetranychus prunicola fós sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. Mar sin féin, ar bhonn fianaise arna soláthar ag na Ballstáit, níl tionchar suntasach ag an lotnaid sin ar a plandaí óstacha san Aontas. Dá réir sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin.

(10)

Dá bhrí sin, is iomchuí nach measfar a thuilleadh gur plandaí ardriosca iad fréamhstoic agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na hÚcráine.

(11)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1361 ón gCoimisiún (6), leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 trína shonrú go bhfuil toirmeasc ar Malus Mill., seachas plandaí beangaithe Malus domestica 1 bhliain go 2 bhliain d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na Seirbia, a thabhairt isteach san Aontas. Trí easnamh, áfach, ní shonraítear sa Rialachán sin gur cheart na plandaí le haghaidh plandú sin a bheith gan duilleoga, i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ábhartha ó EFSA (7). Dá bhrí sin, ba cheart an t-easnamh sin a cheartú.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú agus a cheartú dá réir.

(13)

Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm (8) a chomhlíonadh, ba cheart allmhairiú fréamhstoc agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na hÚcráine a atosú a luaithe is féidir.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear agus ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).

(4)  EFSA PLH Panel [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2021. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Malus domestica plants from Ukraine [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica ón Úcráin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6909, 58 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6909.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1361 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus domestica áirithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na Seirbia agus plandaí Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi áirithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na Nua-Shéalainne (IO L 317, 1.10.2020, lch. 1).

(7)  EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2020. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Malus domestica plants from Serbia [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica ón tSeirbia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(5):6109, 53 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6109.

(8)  Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (Comhaontú SPS) (arna ghlacadh an 15 Aibreán 1994, arna theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995; UNTS imleabhar 1867 UNTS, lch. 493); An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, https://www.wto.org/english/tratop_e/sps_e/spsagr_e.htm.


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún “Tuairisc”, in ionad na hiontrála “ Malus Mill., seachas plandaí beangaithe Malus domestica aon bhliain go dhá bhliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na Seirbia” cuirtear an méid seo a leanas:

 

Malus Mill., seachas:

plandaí beangaithe Malus domestica 1 bhliain go 2 bhliain d’aois le haghaidh plandú atá suanach, fréamhlom agus gan duilleoga de thionscnamh na Seirbia;

fréamhstoic Malus domestica suas le 3 bliana d’aois atá suanach, fréamhlom agus gan duilleoga de thionscnamh na hÚcráine; agus

plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach, fréamhlom agus gan duilleoga de thionscnamh na hÚcráine”.


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1310 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Iúil 2022

lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 maidir le hallmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise trí allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagail 13(3) agus 14(5) de,

Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

A.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarraidh de bhun Airteagail 13(3) agus 14(5) den bhun-Rialachán, chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaonphoblacht na Síne, agus na Téaváine, agus chun allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear, a chur faoi réir a gcláraithe.

(2)

Chuir Comhlachas Eorpach na Cruach — “EUROFER” (“an t-iarratasóir”) an iarraidh isteach an 17 Meitheamh 2022.

B.   TÁIRGE

(3)

Is éard atá i gceist leis an táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis, táirgí cothromrollta cruach dosmálta, bíodh siad ina gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, agus dá n-eisiatar táirgí nach bhfuil ina gcornaí agus is mó ná 10 mm ar tiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead, a bhí aicmithe ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún (2) faoi chóid CC 7219 11, 7219 12, 7219 13, 7219 14, 7219 22, 7219 23, 7219 24, 7220 11 agus 7220 12 agus de thionscnamh na hIndinéise (“an táirge lena mbaineann”). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ina leith.

(4)

Is ionann an táirge faoi imscrúdú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe seo, mar atá, táirge a luaitear faoi láthair faoi chóid CC 7219 11, 7219 12, 7219 13, 7219 14, 7219 22, 7219 23, 7219 24, 7220 11 agus 7220 12, ach a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (cóid TARIC 7219110010, 7219121010, 7219129010, 7219131010, 7219139010, 7219141010, 7219149010, 7219221010, 7219229010, 7219230010, 7219240010, 7220110010, agus 7220120010) (“an táirge faoi imscrúdú”).

C.   BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(5)

Is iad na bearta atá i bhfeidhm agus a d’fhéadfadh a bheith á n-imchéimniú faoi láthair, bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 (“na bearta atá ann cheana”).

D.   FORAIS

(6)

Is leor an fhianaise atá san iarraidh lena léiriú go bhfuil na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar allmhairí an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú mar gheall ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(7)

Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas.

(8)

Tháinig athrú ar phatrún trádála na n-allmhairí ón Indinéis agus ón Tuirc chuig an Aontas tar éis fhorchur na mbeart ar an táirge lena mbaineann. Léirigh na sonraí a soláthraíodh san iarraidh athrú mór sa phatrún trádála óir tháinig méadú mór ar onnmhairí leac cruach dosmálta, arb iad is príomh-amhábhar chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh, ón Indinéis chuig an Tuirc, agus méadú mór ar onnmhairí an táirge faoi imscrúdú ón Tuirc chuig an Aontas.

(9)

Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin ó choinsíniú an táirge lena mbaineann tríd an Tuirc go dtí an tAontas i ndiaidh oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe a rinneadh air sa Tuirc. D’fhéadfadh an fhianaise a sholáthar an t-iarratasóir a léiriú gur thosaigh na hoibríochtaí cóimeála nó críochnaithe sin tráth tionscanta an imscrúdaithe frithdhumpála ar eascair na bearta atá ann faoi láthair as, agus nach bhfuil cúis chuí ná údar eacnamaíoch leordhóthanach seachas forchur na dleachta leis an athrú a fheictear a bheith ann sa phatrún trádála.

(10)

Is mó luach na leac cruach dosmálta de thionscnamh na hIndinéise ná 60 % de luach iomlán an táirge agus é cóimeáilte, agus is lú an luach a chuirtear leis an táirge le linn na n-oibríochtaí cóimeála nó críochnaithe ná 25 % den chostas monaraithe. Thairis sin, tá fianaise curtha isteach ag an iarratasóir a d’fhéadfadh a léiriú nach dtáirgtear an táirge faoi imscrúdú sa Tuirc ach amháin trí phróiseáil bhreise a dhéanamh ar na leaca cruach dosmálta a allmhairítear ón Indinéis.

(11)

Ina theannta sin, tugann an fhianaise le fios go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann, ó thaobh cainníochta agus praghsanna de, mar gheall ar na cleachtais thuasluaite. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Sa bhreis air sin, tá fianaise leordhóthanach ann a d’fhéadfadh a léiriú go ndéantar an táirge faoi imscrúdú a allmhairiú ar phraghsanna atá faoi bhun an phraghais neamh-dhíobhálaigh a suíodh san imscrúdú ba chúis leis na bearta atá faoi ann faoi láthair.

(12)

Ar deireadh, d’fhéadfadh an fhianaise a léiriú gur praghsanna dumpáilte iad praghsanna an táirge faoi imscrúdú i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo don táirge lena mbaineann.

(13)

Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, seachas na cinn thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin.

E.   NÓS IMEACHTA

(14)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leor an fhianaise atá ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(15)

Chun an fhaisnéis is gá a fháil don imscrúdú sin, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí.

(16)

Cuirfear údaráis na Tuirce agus na hIndinéise ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe.

(a)   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlíonta agus comhfhreagras a sheoladh

(17)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear (a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche an nós imeachta cosanta trádála seo agus (b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(18)

Cuirfear an lipéad “Íogair” (3) ar gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras atá curtha ar fáil ag na páirtithe leasmhara agus ar iarradh go gcóireálfaí faoi rún iad. Páirtithe a thíolacann faisnéis le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcóireálfaí faoi rún í.

(19)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2016/1036, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(20)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint le hiarraidh go gcóireálfaí faoi rún í nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a léiriú go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(21)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin.

(22)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

(23)

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf.

(24)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil agus go seiceáiltear é ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go soiléir na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do na páirtithe leasmhara na treoracha cumarsáide a cheadú leis na páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

R-phost: TRADE-R778-SSHR-AC@ec.europa.eu

(b)   Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól

(25)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2). Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

(c)   Iarrataí ar dhíolúintí

(26)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist leis an allmhairiú.

(27)

Ós rud é gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, do tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sa Tuirc más féidir leo a léiriú nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) agus (2) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dá leithéid, ba cheart dóibh teacht chun cinn laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Cóipeanna den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis, den fhoirm cheistneora éilimh ar dhíolúine le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc agus de na ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas, tá siad ar fáil sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2621. Ní mór na ceistneoirí a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

F.   CLÁRÚCHÁN

(28)

De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, cuirfear allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe d’fhonn a áirithiú, i gcás ina léiríonn toradh an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, gur féidir dleachtanna frithdhumpála de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná an dleacht “le haghaidh gach cuideachta eile” san Indinéis arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 (17,3 %), ón dáta a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin.

G.   TEORAINNEACHA AMA

(29)

Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú:

gur féidir leis na páirtithe leasmhara iad féin a chur i láthair don Choimisiún lena linn, ceistneoirí a thíolacadh, a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn nó aon fhaisnéis eile a bheidh le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe,

ar féidir le táirgeoirí sa Tuirc díolúintí ó chlárú na n-allmhairí nó ó na bearta a iarraidh lena linn,

gur féidir le páirtithe leasmhara iarraidh i scríbhinn a dhéanamh lena linn chun éisteacht a fháil ón gCoimisiún.

(30)

Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a dtiocfaidh scéala uathu laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo.

H.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(31)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí dearfacha nó diúltacha a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(32)

I gcás inar léir gur chuir páirtí leasmhar faisnéis ar fáil a bhí bréagach nó míthreorach, déanfar neamhaird den fhaisnéis sin agus féadfar na fíorais atá ar fáil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(33)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil a bhunófar na torthaí i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá gcomhoibreodh sé.

I.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(34)

Tabharfar an t-imscrúdú i gcrích, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

J.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(35)

Tugtar faoi deara gur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chaithfear le sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo.

(36)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/.

K.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(37)

Féadfaidh na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(38)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(39)

Ní mór aon iarraidh a thíolacadh in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina dtíolactar iarrataí éisteachta lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

(40)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 chun a chinneadh an imchéimnítear na bearta arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 le hallmhairí táirgí cothromrollta cruach dosmálta, bíodh siad ina gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, agus dá n-eisiatar táirgí nach bhfuil ina gcornaí agus is mó ná 10 mm ar tiús agus atá 600 mm nó níos mó ar leithead, a aicmítear faoi láthair faoi chóid CC 7219 11, 7219 12, 7219 13, 7219 14, 7219 22, 7219 23, 7219 24, 7220 11 agus 7220 12 a choinsínítear ón Tuirc, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (cóid TARIC 7219110010, 7219121010, 7219129010, 7219131010, 7219139010, 7219141010, 7219149010, 7219221010, 7219229010, 7219230010, 7219240010, 7220110010, agus 7220120010).

Airteagal 2

1.   De bhun Airteagail 13(3) agus 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, glacfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

1.   Ní mór do na páirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur i láthair laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   Chun a n-aighneachtaí a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a dtuairim a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ceistneora, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a thíolacadh laistigh de 37 lá ón dáta a fhoilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a thíolacadh laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Maidir le hiarraidh ar éisteacht a fháil, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26)

(3)  Is éard is doiciméad “Íogair” ann doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


CINNTÍ

27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/14


CINNEADH (AE) 2022/1311 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2022

lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht na hIorua chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113, i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá torthaí an-dearfach léirithe sa chreat comhair faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (1) (“an Comhaontú”), mar a léiríodh ag an dara cruinniú den Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú, a tionóladh in Osló an 25 Samhain 2021.

(2)

Bhainfeadh na Ballstáit tairbhe as comhar riaracháin níos éifeachtaí a bheith acu leis an Iorua dá neartófaí an comhar sin trí uirlisí nua a chur leis, go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí leantacha Eurofisc.

(3)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht idir an Aontas agus Ríocht na hIorua d’fhonn an Comhaontú a leasú.

(4)

Tá an Cinneadh ina bhonn do na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú chun críocha an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 41(5) de agus i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, le Ríocht na hIorua chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha.

Airteagal 2

Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le Meitheal na Comhairle um Cheisteanna Cánach.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO L 195, 1.8.2018, lch. 3.


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/16


CINNEADH (AE) 2022/1312 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT

an 20 Iúil 2022

lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta

TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 254 agus 255 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá téarma oifige 26 Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta le dul in éag an 31 Lúnasa 2022. Ba cheart, dá bhrí sin, ceapacháin a dhéanamh do na poist sin don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028.

(2)

Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarmaí oifige Ioannis DIMITRAKOPOULOS, Gerhard HESSE agus Tihamér TÓTH mar Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta.

(3)

Moladh go gceapfaí Elisabeth TICHY-FISSLBERGER don chéad téarma oifige mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta.

(4)

Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028:

Ioannis DIMITRAKOPOULOS,

Gerhard HESSE,

Elisabeth TICHY-FISSLBERGER,

Tihamér TÓTH.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2022.

An tUachtarán

E. HRDÁ


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/17


CINNEADH (CBES) 2022/1313 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Iúil 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí leanúnacha na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, measann an Chomhairle gur cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):

“1.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/18


CINNEADH (CBES) 2022/1314 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1277 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin.

(2)

Beidh feidhm ag Cinneadh (CBES) 2021/1277 go dtí an 31 Iúil 2022. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Iúil 2023.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/1277 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre d’Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2021/1277:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí 31 Iúil 2023 agus coinneofar faoi shíor-athbhreithniú é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (IO L 277I, 2.8.2021, lch. 16).


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1315 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

De bhun Airteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil do dhuine amháin a d’éag a scriosadh, agus gur cheart na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine eile agus ar gach eintitis eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an ráiteas ar na cúiseanna agus an fhaisnéis maidir le beirt a shainaithint a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 206, 1.8.2015, lch. 34


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 17 (a bhaineann le AL-WERFALLI, Mahmoud Mustafa Busayf);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 19 (a bhaineann le PRIGOZHIN, Yevgeniy Viktorovich):

“19.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович Пригожин)

Dáta breithe: 1 Meitheamh 1961

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is fear gnó Rúiseach é Yevgeniy Viktorovich Prigozhin a bhfuil dlúthnaisc aige, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de, leis an Wagner Group, eintiteas míleata príobháideach neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis.

Ar an gcaoi sin, tá Prigozhin páirteach i ngníomhaíochtaí Wagner Group sa Libia agus tugann sé tacaíocht dóibh, gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na tíre i mbaol.

Go háirithe, tá Wagner Group páirteach i sáruithe iomadúla agus leantacha ar an trádbhac arm sa Libia a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus a trasuíodh in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, lena n-áirítear airm a sheachadadh agus amhais a imscaradh sa Libia chun tacú leis an Libya National Army. Ghlac Wagner Group páirt in oibríochtaí míleata iomadúla i gcoinne an Government of National Accord a d’fhormhuinigh na Náisiúin Aontaithe agus chuidigh sé le dochar a dhéanamh do chobhsaíocht na Libia agus leis an mbonn a bhaint de phróiseas síochánta.

15.10.2020”

(2)

in Iarscríbhinn IV, (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 22 (a bhaineann le AL-WERFALLI, Mahmoud Mustafa Busayf);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 17 (a bhaineann AL QADHAFI, Quren Salih):

“17.

Al QADHAFI, Quren Salih Quren

ar a dtugtar freisin: Akrin Akrin Saleh, Al Qadhafi Qurayn Salih Qurayn, Al Qadhafi Qu’ren Salih Qu’ren, Salah Egreen

Inscne: fireann

Iar-Ambasadóir na Libia chuig Sead. D’fhág Sead le dul go Sabha. Bainteach go díreach le hamhais a earcú agus a chomhordú do réimeas Muammar Qadhafi nach maireann.

Dlúthbhaint aige le réimeas Muammar Qadhafi tráth.

Comhalta den Popular Front for the Liberation of Libya (PFLL), mílíste agus páirtí polaitiúil dílis do Muammar Qadhafi nach maireann. Baint a bheith aige leis an mbonn a bhaint d’aistriú polaitiúil na Libia a thabhairt chun críche go rathúil trí chur i gcoinne na Náisiún Aontaithe agus an bonn a bhaint den phróiseas polaitiúil arna éascú ag na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear Libyan Political Dialogue Forum (LPDF), agus ar an gcaoi sin baol leanúnach a bhí ann do shíocháin, do chobhsaíocht agus do shlándáil na Libia.

12.4.2011”

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 24 (a bhaineann le PRIGOZHIN, Yevgeniy Viktorovich):

“24.

Yevgeniy Viktorovich PRIGOZHIN

(Евгений Викторович Пригожин)

Dáta breithe: 1 Meitheamh 1961

Áit bhreithe: Leningrad, iarUSSR (St. Petersburg, Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is fear gnó Rúiseach é Yevgeniy Viktorovich Prigozhin a bhfuil dlúthnaisc aige, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de, leis an Wagner Group, eintiteas míleata príobháideach neamhchorpraithe atá bunaithe sa Rúis.

Ar an gcaoi sin, tá Prigozhin páirteach i ngníomhaíochtaí Wagner Group sa Libia agus tugann sé tacaíocht dóibh — gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, cobhsaíocht agus slándáil na tíre i mbaol.

Go háirithe, tá Wagner Group páirteach i sáruithe iomadúla agus leantacha ar an trádbhac arm sa Libia a bunaíodh le Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus a trasuíodh in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2015/1333, lena n-áirítear airm a sheachadadh agus amhais a imscaradh sa Libia chun tacú leis an Libya National Army. Ghlac Wagner Group páirt in oibríochtaí míleata iomadúla i gcoinne an Government of National Accord a d’fhormhuinigh na Náisiúin Aontaithe agus chuidigh sé le dochar a dhéanamh do chobhsaíocht na Libia agus leis an mbonn a bhaint de phróiseas síochánta.

15.10.2020”


27.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 198/22


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1316 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Iúil 2022

lena leasaítear Cinneadh 2008/911/CE lena mbunaítear liosta de shubstaintí luibhe, d’ullmhóidí agus de mheascáin díobh lena n-úsáid i dtáirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4341)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 16f de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is féidir Achillea milleifolium L., herba a mheas mar shubstaint luibhe, mar ullmhóid luibhe nó mar mheascán díobh de réir bhrí Threoir 2001/83/CE agus comhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Treoir sin.

(2)

Dá bhrí sin, is iomchuí Achillea millefolium L., herba a áireamh sa liosta de shubstaintí luibhe, d’ullmhóidí agus de mheascáin díobh lena n-úsáid i dtáirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta, liosta a bunaíodh le Cinneadh 2008/911/CE ón gCoimisiún (2).

(3)

Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh 2008/911/CE a leasú dá réir sin.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh 2008/911/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.

(2)  Cinneadh 2008/911/CE ón gCoimisiún an 21 Samhain 2008 lena mbunaítear liosta de shubstaintí luibhe, d’ullmhóidí agus de mheascáin díobh lena n-úsáid i dtáirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta (IO L 328, 6.12.2008, lch. 42).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh 2008/911/CE mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear isteach an tsubstaint seo a leanas roimh Calendula officinalis L:

Achillea millefolium L., herba (Yarrow)”

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas isteach roimh “IONTRÁIL LIOSTA AN CHOMHPHOBAIL MAIDIR LE CALENDULA OFFICINALIS L”:

IONTRÁIL LIOSTA AN AONTAIS MAIDIR LE ACHILLEA MILLEFOLIUM L., HERBA

Ainm eolaíoch an phlanda

Achillea millefolium L.

Fine luibheolaíoch

Asteraceae

Substaint luibhe

Millefolii herba

Gnáthainm na substainte luibhe i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh

BG (bulgarski): Бял равнец, стрък

CS (čeština): Řebříčková nať

DA (dansk): Røllike

DE (deutsch): Schafgarbenkraut

EL (elliniká): Πόα αχιλλείας

EN (English): yarrow

ES (español): Milenrama, sumidades floridas de

ET (eesti keel): Raudrohuürt

FI (suomi): siankärsämö, verso

FR (français): Achillée millefeuille (parties aériennes d’)

GA (Gaeilge): Athair thalún

HR (hrvatski): Stolisnikova zelen

HU (magyar): Közönséges cickafark virágos hajtás

IT (italiano): Achillea millefoglie parti aeree

LT (lietuvių kalba): Kraujažolių žolė

LV (latviešu valoda): Pelašķu laksti

MT (Malti): Ħaxixa tal-morliti

NL (Nederlands): Duizendblad

PL (polski): Ziele krwawnika

PT (português): Milefólio

RO (română): Iarbă de coada şoricelului

SK (slovenčina): Vňať rebríčka

SL (slovenščina): Zel navadnega rmana

SV (svenska): Rölleka, ört

IS (íslenska):

NO (norsk): Ryllik

Ullmhóid/ullmhóidí luibhe

Substaint luibhe mhionaithe

Eastóscán tirim (DER 6-9:1), tuaslagóir eastósctha: uisce

Eastóscán tirim (DER 5-10:1), tuaslagóir eastósctha: uisce

Tagairt do mhonagraf in Pharmacopoeia Eorpach

Athair thalún — millefolii herba (07/2014:1382)

Tásca

Tásc (1)

Táirge íocshláinte luibhe traidisiúnta a úsáidtear le haghaidh easpa goile shealadach.

Tásc (2)

Táirge íocshláinte luibhe traidisiúnta chun cóireáil shiomptómach a dhéanamh ar thinnis éadroma fhreangacha ghastraistéigeacha lena n-áirítear at agus gaofaireacht.

Tásc (3)

Táirge íocshláinte luibhe traidisiúnta chun cóireáil shiomptómach a dhéanamh ar mhionfhreanga a bhaineann leis an bhfuil mhíosta.

Tásc (4)

Táirge íocshláinte luibhe traidisiúnta chun cóireáil a dhéanamh ar chréachtaí beaga dromchlacha.

Is táirge íocshláinte luibhe traidisiúnta é an táirge lena úsáid i dtásca sonraithe bunaithe go heisiach ar úsáid sheanbhunaithe.

Cineál traidisiúin

Eorpach

Neart sonraithe

Féach ‘Poseolaíocht shonraithe’.

Poseolaíocht shonraithe

Ógánaigh, daoine fásta agus daoine scothaosta

Dáileog aonair

Tásca (1) agus (2)

Tae luibhe: 1,5-4 g den tsubstaint luibhe mhionaithe in 150-250 ml d’uisce beirithe mar insileadh luibhe 3-4 huaire in aghaidh an lae idir béilí.

Dáileog laethúil: 4,5 go 16 g

Le haghaidh thásc (1), tá na hullmhóidí leachtacha le tógáil 30 nóiméad roimh bhéilí.

Tásc (2)

Eastóscán tirim (DER 6-9:1), tuaslagóir eastósctha: uisce: 334 mg d’eastóscán tirim 3-4 huaire in aghaidh an lae.

Dáileog laethúil: 1,002-1,336 g

Tásc (3)

Tae luibhe: 1-2 g den tsubstaint luibhe mhionaithe in 250 ml d’uisce beirithe mar insileadh luibhe 2-3 huaire in aghaidh an lae.

Dáileog laethúil: 2-6 g

Eastóscán tirim (DER 5-10:1), tuaslagóir eastósctha: uisce: 250 mg d’eastóscán tirim 2-3 huaire in aghaidh an lae.

Dáileog laethúil: 0,50-0,75 g

Tásc (4)

Substaint luibhe mhionaithe le haghaidh ullmhóid insilte lena húsáid go craicneach: 3-4 g den tsubstaint luibhe mhionaithe in 250 ml d’uisce beirithe 2-3 huaire in aghaidh an lae.

Dáileog laethúil: 6-12 g

Ní mholtar a húsáid le haghaidh páistí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois (féach an roinn ‘Rabhaidh speisialta agus réamhchúraimí úsáide’).

Bealach tabhartha

Tásca (1), (2) agus (3)

Úsáid béil.

Tásc (4)

Úsáid chraicneach: le cur ar an limistéar atá buailte mar chóiriú tuilte.

Fad úsáide nó aon srianta ar an bhfad úsáide

Tásca (1) agus (2)

Má leanann airíonna ar aghaidh níos faide ná coicís i rith úsáid an táirge íocshláinte, ba cheart dul i gcomhairle le dochtúir nó le cleachtóir cúraim sláinte.

Tásca (3) agus (4)

Má leanann airíonna ar aghaidh níos faide ná seachtain i rith úsáid an táirge íocshláinte, ba cheart dul i gcomhairle le dochtúir nó le cleachtóir cúraim sláinte.

Aon fhaisnéis eile is gá maidir le húsáid shábháilte

Fritásca

Hipiríogaireacht do na substaintí gníomhacha agus do phlandaí eile den fhine Asteraceae (Compositae).

Rabhaidh speisialta agus réamhchúraimí úsáide

Níor suíodh an úsáid le haghaidh páistí atá faoi 12 bhliain d’aois de cheal sonraí leordhóthanacha.

Tásca (1), (2) agus (3)

Má théann na hairíonna in olcas i rith úsáid an táirge íocshláinte, ba cheart dul i gcomhairle le dochtúir nó le cleachtóir cúraim sláinte.

Tásc (4)

Má bhreathnaítear comharthaí ionfhabhtaithe craicinn, ba cheart comhairle leighis a lorg.

Idirghníomhaíocht le táirgí íocshláinte eile agus cineálacha eile idirghníomhaíochta

Níor tuairiscíodh aon idirghníomhaíocht.

Torthúlacht, toircheas agus lachtadh

Níor suíodh an tsábháilteacht le linn toirchis agus lachta. In éagmais sonraí leordhóthanacha, ní mholtar an úsáid le linn toirchis agus lachta.

Níl aon sonraí torthúlachta ar fáil.

Éifeachtaí ar an gcumas tiomána agus ar an gcumas innill a úsáid

Ní dhearnadh aon staidéir maidir leis an éifeacht ar an gcumas tiomána ná ar an gcumas innill a úsáid.

Éifeachtaí neamh-inmhianaithe

Tuairiscíodh frithghníomhartha hipiríogaireachta craicinn. Ní fios an mhinicíocht.

Má tharlaíonn frithghníomhartha díobhálacha eile nach luaitear thuas, ba cheart dul i gcomhairle le dochtúir nó le cleachtóir cúraim sláinte cáilithe.

Ródháileog

Níor tuairiscíodh aon chás ródháileoige.

Sonraí cógaisíochta

Ní bhaineann le hábhar

Éifeachtaí cógaseolaíochta nó éifeachtúlacht cógaseolaíochta inchreidte bunaithe ar úsáid agus ar thaithí sheanbhunaithe.

Ní bhaineann le hábhar.”