ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 189

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
18 Iúil 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1225 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí arna eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1226 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair Bioquell HPV-AQ ( 1 )

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1227 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 agus (AE) Uimh. 809/2014 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

12

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1228 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 de mhaolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 don bhliain 2022 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chabhair chomh maith le hiarratais ar réamhíocaíochtaí agus iarratais ar íocaíochtaí páirteacha de dheasca na géarchéime ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin

18

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1229 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 lena leasaítear Cinntí 2014/312/AE, 2014/391/AE, 2014/763/AE, (AE) 2016/1332 agus (AE) 2017/176 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú lena mbaineann (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4739)  ( 1 )

20

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis ( IO L 67, 2.3.2022 )

24

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/913 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe teacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 158, 13.6.2022 )

25

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1225 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

maidir le bearta eisceachtúla sealadacha de mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí arna eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007, ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 219(1) agus i gcomhar le hAirteagal 228 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, géarchéim a thosaigh go gairid tar éis ghéarchéim COVID-19, tá deacrachtaí eisceachtúla le sárú ag feirmeoirí i ngach Ballstát. De dheasca fadhbanna lóistíochta, tá feirmeoirí san Aontas leochaileach do shuaitheadh eacnamaíoch na slabhraí soláthair ag eascairt as an ngéarchéim sin, agus tá aghaidh á tabhairt acu faoi láthair ar dheacrachtaí airgeadais agus fadhbanna sreafa airgead. I bhfianaise na suaití atá ann faoi láthair sa mhargadh agus an meascán imthosca nach bhfacthas a leithéid riamh, bhí deacrachtaí eisceachtúla ag feirmeoirí i ngach Ballstát maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus cur i gcrích scéimeanna cúnaimh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Is gá na deacrachtaí sin a laghdú, dá bhrí sin, trí mhaolú ó fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, mar chuid dá gcláir oibriúcháin fhormheasta, bearta coiscthe géarchéime agus bearta bainistithe géarchéime a chur chun feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 33(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, atá beartaithe a n-athléimneacht a mhéadú in éadan suaití sa mhargadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 33(3), an ceathrú fomhír, den Rialachán sin, ní chuimseoidh na bearta coiscthe géarchéime agus na bearta bainistithe géarchéime sin níos mó ná aon trian den chaiteachas faoin gclár oibriúcháin. Chun solúbthacht níos fearr a sholáthar do na heagraíochtaí táirgeoirí agus do na comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí sin agus chun a chumasú dóibh na hacmhainní atá ar fáil dóibh faoina gcláir oibriúcháin a threorú chun aghaidh a thabhairt ar na suaití sa mhargadh, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin sa bhliain 2022.

(3)

Tá gá le bearta sonracha chun a chumasú d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a gcistí oibríochtúla a bhainistiú trí chead a thabhairt dóibh cistí, lena n-áirítear cúnamh airgeadais ón Aontas laistigh den chiste oibríochtúil, a atreorú ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin. Chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in ann déanamh amhlaidh, is gá an teorainn ar chúnamh airgeadais ón Aontas a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa bhliain 2022 a mhéadú ó 50 % go 70 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú.

(4)

Ar mhórchúiseanna práinne, go háirithe i bhfianaise na suaití leanúnacha sa mhargadh, na hiarmhairtí tromchúiseacha atá acu ar earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus an dóchúlacht go leanfaidh siad ar aghaidh agus go rachaidh siad in olcas, is gá gníomhú láithreach agus bearta a ghlacadh go práinneach chun a n-éifeachtaí diúltacha a mhaolú. Dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na suaití sa mhargadh sin, bheadh baol ann go gcuirfí leis na suaití sin, rud a dhéanfadh dochar do na dálaí táirgthe agus margaidh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(5)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe sealadacha ó Airteagal 33(3) agus ó Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

De mhaolú ar Airteagal 33(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní bheidh feidhm ag an teorainn d’aon trian den chaiteachas faoin gclár oibríochtúil maidir le bearta coiscthe géarchéime agus bearta bainistithe géarchéime in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear san fhoráil sin sa bhliain 2022.

De mhaolú ar Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní bheidh an cúnamh airgeadais ón Aontas leis an gciste oibríochtúil sa bhliain 2022 níos mó ná méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas leis na cistí oibríochtúla a d’fhormheas na Ballstáit don bhliain 2022 agus beidh sé teoranta do 70 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1226 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Bioquell HPV-AQ”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Eanáir 2017, chuir Ecolab Deutschland GmbH iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir le táirge bithicídeach aonair ar a dtugtar “Bioquell HPV-AQ” de chineálacha táirgí 2, 3, agus 4, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, agus sholáthair sé daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na hÍsiltíre meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-ML029042-45 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is í sárocsaíd hidrigine substaint ghníomhach “Bioquell HPV-AQ”, ar substaint í a airítear sa liosta Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás chineálacha táirgí 2, 3 agus 4.

(3)

An 29 Márta 2021, chuir an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”).

(4)

An 4 Samhain 2021, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (“SPC”) atá ag “Bioquell HPV-AQ” agus an tuarascáil mheasúnaithe deiridh ar an táirge bithicídeach aonair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

Is é conclúid na tuairime go bhfuil an táirge bithicídeach “Bioquell HPV-AQ” incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-SPC, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

(6)

An 25 Samhain 2021, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-SPC i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí, dá bhrí sin, údarú Aontais le haghaidh “Bioquell HPV-AQ” a dheonú.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0027469-0000 aige do Ecolab Deutschland GmbH chun an táirge bithicídeach aonair “Bioquell HPV-AQ” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 7 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2032.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  ECHA opinion of 13 October 2021 on the Union authorisation of “Bioquell HPV-AQ” [Tuairim ó ECHA an 13 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an údarú Aontais le haghaidh “Bioquell HPV-AQ”] (ECHA/BPC/296/2021), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation


IARSCRÍBHINN

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

Bioquell HPV-AQ

Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

Cineál táirge 3 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Cineál táirge 4 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)

Cineál táirge 2 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

Cineál táirge 3 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

Cineál táirge 4 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)

Uimhir an údaraithe: EU-0027469-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0027469-0000

1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

Bioquell HPV-AQ

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Ecolab Deutschland GmbH

Seoladh

Ecolab Allee 1, 40789 Monheim am Rhein An Ghearmáin

Uimhir an údaraithe

EU-0027469-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0027469-0000

Dáta an údaraithe

7.8.2022

Dáta éaga an údaraithe

31.7.2032

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

Ecolab SNC

Seoladh an déantóra

153 Quai de Rancy, Bonneuil-sur-Marne, 94380 Páras An Fhrainc

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

153 Quai de Rancy, Bonneuil-sur-Marne, 94380 Páras An Fhrainc

53 Royce Close, SP10 3TS Andover An Ríocht Aontaithe Unit E4, Eastway Business Park, Ballysimon Road, V94 K267 Luimneach Éire

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

Hydrogen peroxide

Ainm an déantóra

Evonik Peroxide Spain

Seoladh an déantóra

Beethoven 15, Sobreatico, 08021 Barcelona An Spáinn

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

C/ Afueras s/n La Zaida, 50784 Zaragoza An Spáinn

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

Hydrogen peroxide

 

Substaint Ghníomhach

7722-84-1

231-765-0

35,0

2.2.   Cineál foirmlithe

HN - Tiúchán ceo-chóireála te

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

D’fhéadfadh dóiteán a threisiú; ocsaídeoir

Díobhálach má shlogtar.

Ina chúis le greannú craicinn.

Ina chúis le damáiste tromchúiseach don tsúil.

D’fhéadfadh a bheith ina chúis le greannú riospráide.

Díobhálach don saol uisceach le héifeachtaí buana.

Ráitis réamhchúraim

Coimeád amach ó éadaí agus ábhair indóite eile.

Seachain análú gala.

Ná hith, ná hól nó ná caith tobac nuair atá an táirge seo in úsáid agat.

Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol.

Caith lámhainní cosanta/éadaí cosanta/cosaint súile.

MÁ SHLOGTAR:Glaoigh ar ionad nimhe nó ar dhoctúir/lia má airíonn tú tinn.

Sruthlaigh do bhéal.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN:Nigh le neart uisce.

Má tharlaíonn greannú craicinn:Faigh cóir leighis.

Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid.

MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

Glaoigh láithreach ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Glaoigh ar IONAD NIMHE nó ar dhoctúir má airíonn tú tinn.

I gcás dóiteáin:Úsáid uisce chun é a mhúchadh.

Stóráil in áit atá aeráilte go maith.Coinnigh an coimeádán dúnta go docht.

Stóráil faoi ghlas.

Diúscair ábhar chuig de réir na rialachán áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta is infheidhme.

4.   ÚSÁID (NÓ ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1.

Úsáid # 1 – Díghalrú dromchla i bhfálta bheaga (0.25m3 - 4m3)

An cineál táirge

PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: spóir baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Míceabhaictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Fungais

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Víris

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: baictéarafagach

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Dromchlaí crua, neamh-scagach i bhfálta bheaga séalaithe (0.25m3 go 4m3) le galúchán, le réamhghlanadh.

PT2 – dálaí glana in, mar shampla, aonraitheoirí, seomraí pasáiste, caibinéid, aerbhaic ábhartha, cófraí, línte líonta, feithiclí éigeandála.

PT3 – cásanna / racaí ainmhithe réamh-ghlanta laistigh d’áiseanna saotharlainne bithleighis agus ainmhithe

PT4 – dálaí glana, mar shampla, i línte líonta aiseiptigh, coimeádáin stórála.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: galúchán

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Galúchán le córas Gaile Sárocsaíd Hidrigin Bioquell agus micrea-chomhdhlúthú díreach ina dhiaidh - chun an dífhabhtán a sheachadadh ar dhromchlaí i gcórais iata.

Raon teochta: Teocht an tseomra

Raon taise: 10% - 80%

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 100g/m3, táirge neamhchaolaithe, am teagmhála 35 nóiméad (i ndiaidh scaipthe).

Airí caolaithe: 0

Airí uainithe:

Ba cheart d’úsáideoirí dí-éilliú a dhéanamh de réir a gcuid riachtanas agus nósanna imeachta oibríochta

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

75ml, 150ml, 500ml, 950ml, 1 000 ml, 2 000 ml, 5 000 ml agus 25L. Tógtar buidéil de HDPE

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná déan ach pacáistiú atá folamh go hiomlán a athchúrsáil. Aon táirge iarmharach a dhiúscairt de réir EWC 160903

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Cosnaítear ón tsioc é. Ná stóráil ag teocht os cionn 35 °C

Seilfré 18 mí.

4.2.   Tuairisc úsáide

Tábla 2.

Úsáid # 2 – Díghalrú dromchla laistigh de fhálta móra (> 4m3)

An cineál táirge

PT02 - Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe (Dífhabhtáin)

PT03 - Sláinteachas tréidliachta (Dífhabhtáin)

PT04 - An réimse bia agus beatha (Dífhabhtáin)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

-

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Míceabhaictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: spóir baictéir

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Fungais

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Giostaí

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: Víris

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Gnáthainm: baictéarafagach

Céim na forbartha: Níl aon sonraí ar fáil

Réimse (nó réimsí) úsáide

Faoi dhíon

Dromchlaí crua, neamh-phóiriúil i bhfálta mhóra séalaithe (> 4m3) ag galúchán, le réamhghlanadh.

PT2 – dálaí glana, mar shampla, in ospidéil, seomraí glana, saoráidí próiseála aiseiptigh, saotharlanna, tithe altranais, saoráidí taighde, scoileanna, long chrúsála, feithiclí éigeandála, ospidéil tréidliachta (seachas tithíocht ainmhithe), saotharlanna in institiúidí tréidliachta

PT3 – cásanna / racaí ainmhithe réamh-ghlanta laistigh d’áiseanna saotharlainne bithleighis agus ainmhithe.

PT4 – dálaí glana, mar shampla, i línte líonta aiseiptigh, áiseanna táirgeachta bia, coimeádáin stórála

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: galúchán

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Galúchán le córas Gaile Sárocsaíd Hidrigin Bioquell agus micrea-chomhdhlúthú díreach ina dhiaidh - chun an dífhabhtán a sheachadadh ar dhromchlaí i gcórais iata.

Raon teochta: teocht an tseomra

Raon taise: 10% - 80%

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Airí úsáide: 10 g/m3, táirge neamhchaolaithe, am teagmhála 35 nóiméad (i ndiaidh scaipthe

Airí caolaithe: 0

Airí uainithe:

Ba cheart d’úsáideoirí dí-éilliú a dhéanamh de réir a gcuid riachtanas agus nósanna imeachta oibríochta.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

75ml, 150ml, 500ml, 950ml, 1 000 ml, 2 000 ml, 5 000 ml agus 25L. Tógtar buidéil de HDPE.

4.2.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.2.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.2.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach na treoracha ginearálta le haghaidh úsáide

4.2.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná déan ach pacáistiú atá folamh go hiomlán a athchúrsáil. Aon táirge iarmharach a dhiúscairt de réir EWC 160903

4.2.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Cosnaítear ón tsioc é. Ná stóráil ag teocht os cionn 35 °C. Seilfré 18 mí.

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Caithfear dromchlaí a ghlanadh agus a thriomú roimh dhíghalrú, ba cheart doirse cófra agus tarraiceáin a oscailt chun go mbeidh an próiseas éifeachtach.

Ba cheart d’úsáideoirí dí-éilliú a dhéanamh de réir a gcuid riachtanas agus nósanna imeachta oibríochta.

I gcomhair díghalraithe cásanna/racaí ainmhithe réamhghlanta laistigh gléasraí saotharlainne bithleighis agus ainmhithe, ní féidir díghalrú a dhéanamh ach ar dhromchlaí neamhphóiriúil glanta go hiomlán (PT3), nuair is féidir úsáidtear innill níocháin uathoibrithe.

Ná measc le glantaigh nó le ceimiceáin eile. Neamhchaolaithe.

Tá Bioquell HPV-AQ le húsáid le modúl galúchán Bioquell mar dhífhabhtán do dhromchlaí agus do rudaí neamhbheo eile in fálta.

Séalaigh an fál (m.s. le téip) le cinntiú nach ligtear substaint ghníomhach galaithe amach ón iatán sula dtosaíonn tú timthriall.

Déan tagairt do chur isteach Lipéadaithe Bioquell HPV-AQ sula ndéantar timthriall a reáchtáil.

Ag deireadh na tréimhse teaghaise, cuirtear an chéim aeraithe i ngníomh a bhaineann an sárocsaíd hidrigine as. Díghníomhachtaíonn an t-úsáideoir an chéim aeraithe nuair a dheimhnítear go bhfuil an fál níos lú ná nó cothrom le 1,25 mg/m3 (0,9 ppm) ag baint úsáide as braiteoir sárocsaíd hidrigine leibhéal íseal calabraithe neamhspleách.

Ba cheart bailíochtú bitheolaíoch a dhéanamh chun fálta a dhíghalrú. Sa chás go ndéantar rialú maith ar dhálaí comhshaoil laistigh de fálta, ba cheart prótacal chun an fál a dhíghalrú agus a úsáid ina dhiaidh sin. Is féidir táscairí cainníochtúla ceimiceacha deimhnithe a úsáid in ionad táscairí bitheolaíocha le haghaidh gnáthamh dhíghalrúcháin.

Cuirfear táscairí bitheolaíocha nó ceimiceacha san fhál chun an timthriall a bhailíochtú.

Níor cheart d’úsáideoirí oibríochtaí glantacháin láimhe a dhéanamh (mar shampla, scuabadh) díreach tar éis an dí-éillithe.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Ní cheadaítear d’aon duine ná d’ainmhithe a bheith i láthair i seomra le linn na cóireála.

Ní fhéadfar limistéir chóireáilte a iontráil go dtí go mbeidh tiúchan sárocsaíd hidrigine ≤ 0,9 ppm (1,25 mg/m3).

Ní fhéadfaidh an t-úsáideoir gairmiúil dul isteach sa seomra ach amháin i gcásanna éigeandála nuair a bheidh an leibhéal sárocsaíde hidrigine tite faoi bhun 36 ppm (50 mg/m3) de réir RPE le APF 40 (Cineál RPE atá le sonrú ag an sealbhóir údaraithe laistigh den fhaisnéis táirge) agus caithfear trealamh cosanta oiriúnach (lámhainní, cosaint súl, rabhlaer) a chaitheamh.

Úsáid braiteoir calabraithe chun a dhearbhú go bhfuil ≤ 0,9 ppm (1,25 mg/m3) sula ndéantar athointráil.

Nuair a osclaíonn tú an coimeádán agus an t-ábhar á ullmhú agat, caith trealamh cosanta pearsanta oiriúnach (lámhainní, cosaint súl, rabhlaer).

Nigh do lámha tar éis a láimhsithe.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Éifeachtaí nochta féideartha:

An Craiceann – dó ceimiceach – gealú neamhbhuan, sealdach an chraiceann

Na Súile – acmhainneacht le haghaidh damáiste buan

Ionanálú – greannú na scornach agus na srón

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú.

Má tá comhartha sóirt ann: Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

Mura bhfuil comharthaí sóirt ann: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.

Faisnéis do phearsanra Sláinte/dochtúir:

Cuir tús le bearta tacaithe beatha más gá, tar éis sin glao ar IONAD NIMH.

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh béal láithreach. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN GCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid. Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.

I GCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh láithreach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Cuir glao ar 112/otharcharr chun cúnamh leighis a fháil.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná sceith táirge nach n-úsáidtear ar an talamh, isteach i sruthchúrsaí, isteach i bpíopaí (doirteal, leithris...) ná síos sna draein. Faigh réidh le táirge nach n-úsáidtear, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Cosnaítear ón tsioc é. Ná stóráil ag teocht os cionn 35 °C.

Seilfré 18 mí.

6.   FAISNÉIS EILE

Níl Bioquell HPV-AQ beartaithe mar steirileán / díghalrán deiridh do ghléasraí liachta.


(1)  Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe.


18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1227 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 agus (AE) Uimh. 809/2014 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8(3), Airteagal 12, Airteagal 67 agus Airteagal 75(5) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 62(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 4(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún (3), leagtar síos an líon uasta leasuithe ar chláir forbartha tuaithe a fhéadfaidh na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun an tsolúbthacht a mhéadú le haghaidh na mBallstát chun cláir forbartha tuaithe a úsáid mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, níor cheart feidhm a bheith ag an líon uasta leasuithe dá dtagraítear san Airteagal sin maidir le tograí chun cláir forbartha tuaithe a rinneadh mar fhreagairt ar iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin ina n-áirítear leasuithe nach mbaineann leis an teagmhas sin freisin, ar choinníoll go gcuirfear na tograí sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2023.

(2)

Agus tacaíocht CETFT á húsáid le haghaidh oibríochtaí lena maolaítear tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus le haghaidh gníomhaíochtaí téarnaimh, d’fhéadfadh sé nach mbainfí cuspóirí agus spriocanna eile de chuid cláir forbartha tuaithe amach mar a bhí beartaithe. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar thacaíocht den sórt sin ar leibhéal an Aontais, dá bhrí sin, chun a bheith in ann úsáid chistiú CETFT chun na gcríoch sin a mhíniú agus bonn cirt a thabhairt ina leith.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014, leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Le Rialachán (AE) 2022/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 trí bheart shonrach a thabhairt isteach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoi CETFT mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin in Airteagal 39c nua. Ba cheart na rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú, dá bhrí sin, chun foráil a dhéanamh maidir le cód tomhais agus leis an táscaire aschuir iomchuí le haghaidh an bhirt nua.

(4)

Maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (5) lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, le bearta forbartha tuaithe agus le traschomhlíonadh, ba cheart é a leasú freisin chun an beart nua a áireamh maidir le tacaíocht eisceachtúil shealadach mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin faoi fhorálacha ábhartha Theideal IV a bhfuil feidhm acu maidir leis na bearta forbartha tuaithe nach mbaineann le limistéar agus nach mbaineann le hainmhithe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 agus (AE) Uimh. 809/2014 a leasú dá réir.

(6)

I bhfianaise na práinne a bhaineann le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Forbartha Tuaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 4(2), an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

i gcás ina bhfuil gá le bearta éigeandála de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó theagmhais dhíobhálacha aeráide arna n-aithint go foirmiúil ag an údarás poiblí náisiúnta inniúil, nó de dheasca athrú mór agus tobann i ndálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, lena n-áirítear athruithe déimeagrafacha móra tobanna mar thoradh ar imirce nó glacadh teifeach. I gcás ina ndéanfar leasú ar an gclár forbartha tuaithe mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 a chomhcheangal le leasuithe nach mbaineann leis an ngéarchéim, beidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na leasuithe comhcheangailte uile, ar choinníoll go ndéanfar an togra chun an clár forbartha tuaithe a leasú a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2021. I gcás ina ndéanfar leasú ar an gclár forbartha tuaithe mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin a chomhcheangal le leasuithe nach mbaineann leis an teagmhas sin, beidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na leasuithe comhcheangailte uile, ar choinníoll go ndéanfar an togra chun an clár forbartha tuaithe a leasú a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2023;”;

(2)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Maidir le cineálacha oibríochtaí ina sainaithnítear rannchuidiú féideartha le réimsí fócais dá dtagraítear in Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (2)(a), Airteagal 5, an chéad mhír, pointí (5)(a) go (d), agus Airteagal 5, an chéad mhír, pointe (6)(a), de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, maidir le cineálacha oibríochtaí ina sainaithnítear rannchuidiú féideartha le lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha, maidir le cineálacha oibríochtaí lena dtacaítear le maolú ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus le gníomhaíochtaí téarnaimh, nó maidir le cineálacha oibríochtaí lena dtacaítear le maolú ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus le gníomhaíochtaí téarnaimh, áireofar i dtaifead leictreonach na n-oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 brat/bratacha chun na cásanna sin a shainaithint ina bhfuil gné ag an oibríocht lena rannchuidítear le ceann amháin de na réimsí fócais nó de na spriocanna sin nó níos mó.”;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 46 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014:

“Airteagal 46

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir le caiteachas arna thabhú faoi na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20, Airteagal 21(1) ach amháin an phréimh bhliantúil faoi phointí (a) agus (b), Airteagal 27, Airteagal 28(9), Airteagail 35, 36, 39b agus 39c agus Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus in Airteagal 20, Airteagal 36, pointí (a)(vi),(b)(ii), (vi) agus (vii), Airteagal 36, pointí (b)(i) agus (iii) agus fad a bheidh costas an bhunaithe i gceist, agus Airteagal 52 agus 63 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 487.

(2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 227, 31.7.2014, lch. 18).

(4)  Rialachán (AE) 2022/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin (IO L 173, 30.6.2022, lch. 34).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).


IARSCRÍBHINN I

Sa tábla i gCuid 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 808/2014, cuirtear an tsraith seo a leanas isteach:

“Airteagal 39c de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna a ndearnadh difear suntasach dóibh le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

22

tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna a ndearnadh difear suntasach dóibh le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

22”


IARSCRÍBHINN II

Sa tábla i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na sraithe a bhaineann le táscaire aschuir O.4:

“O.4

An líon gabháltas/tairbhithe a dtugtar tacaíocht dóibh

3 (Airteagal 16), 4.1 (Airteagal 17), 5 (Airteagal 18), 6 (Airteagal 19), 8.1 go 8.4 (Airteagal 21), 11 (Airteagal 29), 12 (Airteagal 30), 13 (Airteagal 31), 14 (Airteagal 33), 17.1 (Airteagal 36), 21 (Airteagal 39b), 22 (Airteagal 39c) (Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013)”


IARSCRÍBHINN III

Sa tábla i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Tábla C’:

“—

Tábla C: Miondealú maidir leis na haschuir agus bearta ábhartha de réir chineál an limistéir, inscne agus/nó aoise, de réir oibríochta maidir le hoibríochtaí lena rannchuidítear le lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha, de réir oibríochta agus cineál na tacaíochta d’oibríochtaí lena dtacaítear le maolú ar thionchar ghéarchéim COVID-19 agus le gníomhaíochtaí téarnaimh agus de réir oibríochta agus cineál na tacaíochta d’oibríochtaí lena dtacaítear le maolú ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus le gníomhaíochtaí téarnaimh”


18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1228 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

de mhaolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 don bhliain 2022 a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chabhair chomh maith le hiarratais ar réamhíocaíochtaí agus iarratais ar íocaíochtaí páirteacha de dheasca na géarchéime ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(c), (e) agus (l) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair ag eascairt as ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, a thosaigh go gairid tar éis ghéarchéim COVID-19, tá aghaidh á tabhairt ag feirmeoirí i ngach Ballstát ar dheacrachtaí eisceachtúla. De dheasca fadhbanna lóistíochta, tá feirmeoirí san Aontas leochaileach don suaitheadh eacnamaíoch a d’eascair as an ngéarchéim sin, agus tá aghaidh á tabhairt acu ar dheacrachtaí airgeadais agus deacrachtaí sreafa airgid faoi láthair. I bhfianaise na suaití leanúnacha sa mhargadh atá ann faoi láthair agus an meascán imthosca nach bhfacthas a leithéid cheana, tá deacrachtaí eisceachtúla ag feirmeoirí i ngach Ballstát maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus cur i gcrích scéimeanna cúnaimh a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Is gá, dá bhrí sin, na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú ar fhorálacha áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (2).

(2)

De bhun Airteagal 9(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, tá eagraíochtaí táirgeoirí le hiarratas ar chabhair, nó iarmhéid an iarratais sin, a chur isteach chuig údarás inniúil an Bhallstáit le haghaidh gach cláir oibriúcháin a n-iarrtar an chabhair ina leith faoin 15 Feabhra an bhliain tar éis na bliana a n-iarrtar an chabhair ina leith. De bhun Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, féadfaidh na hiarratais ar chabhair caiteachas a chumhdach a chláraítear ach nach dtabhaítear má chruthaítear gnéithe áirithe. Áirítear ar na gnéithe sin nach bhféadfaí na hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh faoin 31 Nollaig bliain chur chun feidhme an chláir oibriúcháin, ar chúiseanna nach raibh neart ag an eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann orthu agus go bhféadfaí na hoibríochtaí sin a dhéanamh faoin 30 Aibreán an bhliain tar éis na bliana a bhfuil an chabhair á hiarraidh ina leith. I bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, is iomchuí maolú ar Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus foráil a dhéanamh go bhféadfar leis na hiarratais ar chabhair atá le cur isteach faoin 15 Feabhra 2023 caiteachas a chumhdach le haghaidh oibríochtaí a chláraítear le haghaidh na bliana 2022 ach nach ndéanfar faoin 31 Nollaig 2022, más féidir na hoibríochtaí sin a dhéanamh faoin 15 Lúnasa 2023.

(3)

De bhun Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, féadfar iarratais ar réamhíocaíochtaí a chur isteach mar a chinnfidh an Ballstát, ar bhonn 3 mhí i mí Eanáir, mí Aibreáin, mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair nó ar bhonn 4 mhí i mí Eanáir, mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair. De bhun Airteagal 12(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, féadfar iarratais ar íocaíochtaí páirteacha a chur isteach tráth ar bith, ach ní fhéadfar iad a chur isteach níos mó ná 3 huaire in aghaidh na bliana. Chun solúbthacht a cheadú maidir le bainistíocht clár oibriúcháin ag eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, lena n-áirítear a maoiniú, is iomchuí maolú ar na forálacha sin agus foráil a dhéanamh go bhféadfar iarratais ar réamhíocaíochtaí a chur isteach tráth ar bith sa bhliain 2022 agus go bhféadfar iarratais ar íocaíochtaí páirteacha a chur isteach níos mó ná 3 huaire sa bhliain 2022.

(4)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go gcuirtear na cláir oibriúcháin chun feidhme ar bhonn bliain féilire, ba cheart feidhm chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2022 a bheith ag na maoluithe a bhaineann le hiarratais ar réamhíocaíochtaí agus ar íocaíochtaí páirteacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892

1.   De mhaolú ar Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, féadfar caiteachas le haghaidh oibríochtaí a chláraítear le haghaidh na bliana 2022 ach nach ndéanfar faoin 31 Nollaig 2022 a chumhdach leis na hiarratais ar chabhair atá le cur isteach faoin 15 Feabhra 2023, más féidir na hoibríochtaí sin a dhéanamh faoin 15 Lúnasa 2023.

2.   De mhaolú ar Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, féadfar iarratais ar réamhíocaíochtaí a chur isteach tráth ar bith sa bhliain 2022.

3.   De mhaolú ar Airteagal 12(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, féadfar iarratais ar íocaíochtaí páirteacha a chur isteach níos mó ná trí huaire sa bhliain 2022.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(2) agus (3) ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).


CINNTÍ

18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/20


CINNEADH (AE) 2022/1229 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Iúil 2022

lena leasaítear Cinntí 2014/312/AE, 2014/391/AE, 2014/763/AE, (AE) 2016/1332 agus (AE) 2017/176 a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta chritéir Éicilipéad an AE agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú lena mbaineann

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4739)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 go bhféadfaí Éicilipéad an AE a dhámhachtain ar tháirgí ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol le linn a saolré. Tá critéir shonracha Éicilipéad an AE le bunú do gach grúpa táirgí.

(2)

Is le Cinneadh 2014/312/AE (2) a bhunaigh an Coimisiún critéir Éicilipéad an AE don ghrúpa táirgí “péinteanna laistigh agus lasmuigh agus do vearnaisí”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 31 Nollaig 2022.

(3)

Le Cinneadh 2014/391/AE (3) bhunaigh an Coimisiún Éicilipéad an AE do ghrúpa táirgí “tochta leaba”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar seo agus na gceanglas maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 28 Iúil 2022.

(4)

Le Cinneadh 2014/763/AE (4) bhunaigh an Coimisiún Éicilipéad an AE do ghrúpa táirgí “táirgí sláinteachais ionsúiteacha”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar sin agus na ceanglais ghaolmhara maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 31 Nollaig 2022.

(5)

Le Cinneadh (AE) 2016/1332 (5), bhunaigh an Coimisiún critéir Éicilipéad an AE maidir leis an ngrúpa táirgí “troscán”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar seo agus na gceanglas maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 28 Iúil 2022.

(6)

Le Cinneadh (AE) 2017/176 (6) bhunaigh an Coimisiún critéir Éicilipéad an AE maidir leis an ngrúpa táirgí “clúdaigh urláir de bhunús adhmaid, bhunús coirc agus de bhunús bambú”. Tá tréimhse bhailíochta na gcritéar seo agus na gceanglas maidir le measúnú agus fíorú le dul in éag an 26 Eanáir 2023.

(7)

I gcomhréir leis na conclúidí ar thángthas orthu sa tseiceáil oiriúnachta ar Éicilipéad an AE an 30 Meitheamh 2017 (7), rinne an Coimisiún, mar aon le Bord AE um Éicilipéadú, measúnú agus dearbhú ar ábharthacht na ngrúpaí táirgí thuasluaite do scéim Éicilipéad an AE.

(8)

Ina theannta sin, i gcomhréir leis na conclúidí ar thángthas orthu sa tseiceáil oiriúnachta ar Éicilipéad an AE an 30 Meitheamh 2017, cuireann an Coimisiún, mar aon le Bord AE um Éicilipéadú, réitigh chun feidhme chun feabhas a chur ar shineirgí do gach grúpa táirgí agus ionas go méadófar ar úsáid Éicilipéad an AE, lena n-áirítear grúpaí táirgí gaolmhara a chuachadh le chéile i gcás inarb iomchuí, agus é á áirithiú, le linn an phróisis athbhreithnithe, go dtugtar aird iomchuí ar chomhleanúnachas idir beartais ábhartha agus reachtaíocht an Aontais agus an fhianaise eolaíoch.

(9)

Chun an t-aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí a éascú a thuilleadh, tá an Coimisiún ag déanamh tástáil ar ionchorprú mhodh an Loirg Chomhshaoil Táirge (PEF) (8) in athbhreithniú ar chritéir Éicilipéad an AE maidir le táirgí sláinteachais ionsúiteacha agus maidir le péinteanna laistigh agus lasmuigh agus do vearnais i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach chun geilleagar an Aontais i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (9). Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur le bailíocht chritéir Éicilipéad an AE a leagtar amach sna Cinntí 2014/312/AE agus 2014/763/AE ionas go mbeidh an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir maidir le péinteanna laistigh agus lasmuigh agus vearnaisí a luaithe a bheidh an próiseas athbhreithnithe ar Rialacha Catagóire Maidir leis an Lorg Comhshaoil Táirge i dtaca le péinteanna maisiúla (10) curtha i gcrích ag an tionscal, agus chun an t-athbhreithniú leanúnach ar na critéir maidir le táirgí sláinteachais ionsúiteacha a chur i gcrích, próiseas atá ag glacadh níos mó ama ná mar a bhí beartaithe, trí na torthaí ó na staidéir maidir lorg comhshaoil táirge a chomhtháthú.

(10)

Ar an gcúis chéanna, tá athbhreithniú le déanamh ar Éicilipéad an AE do thochta leaba, do throscán agus do chlúdaigh urláir de bhunús adhmaid, de bhunús coirc agus de bhunús bambú, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche agus le tionscnaimh reachtacha ghaolmhara a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur le bailíocht chritéir Éicilipéad an AE a leagtar amach sna Cinntí 2014/391/AE, 2016/1332 (AE) agus 2017/176 (AE) go dtí an dáta deiridh céanna ionas go mbeidh an Coimisiún in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir do na trí ghrúpa táirgí le chéile, i gcomhréir le tionscnaimh reachtacha a bheidh ann amach anseo, agus iad a chuachadh le chéile más féidir.

(11)

Ionas go mbeidh go leor ama ann chun na próisis athbhreithnithe maidir leis na grúpaí táirgí ar fad a chur i gcrích, agus chun leanúnachas an mhargaidh do cheadúnaithe a áirithiú, ba ceart tréimhse bhailíochta na gcritéar atá ann faoi láthair agus na gceanglas maidir le measúnú agus fíorú a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2025 i dtaca le péinteanna laistigh agus lasmuigh agus vearnaisí, go dtí 31 Nollaig 2026 maidir le tochta leaba, go dtí an 31 Nollaig 2023 maidir le táirgí sláinteachais ionsúiteacha agus go dtí an 31 Nollaig 2026 maidir le troscán agus clúdaigh urláir de bhunús adhmaid, de bhunús coirc agus de bhunús bambú.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2014/312/AE, 2014/391/AE, 2014/763/AE, (AE) 2016/1332 agus (AE) 2017/176 a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Chinneadh 2014/312/AE

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh 2014/312/AE:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí ‘péinteanna laistigh agus lasmuigh agus vearnaisí’ agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2025.”

Airteagal 2

Leasú ar Chinneadh 2014/391/AE

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh 2014/391/AE:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí ‘tochta leaba’ agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”

Airteagal 3

Leasú ar Chinneadh 2014/763/AE

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh 2014/763/AE:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí ‘táirgí sláinteachais ionsúiteacha’ agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2023.”

Airteagal 4

Leasú ar Chinneadh (AE) 2016/1332

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2016/1332:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí ‘troscán’ agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”

Airteagal 5

Leasú ar Chinneadh (AE) 2017/176

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2017/176:

“Airteagal 4

Beidh critéir Éicilipéad an AE i gcomhair an ghrúpa táirgí ‘clúdaigh urláir de bhunús adhmaid, de bhunús coirc agus de bhunús bambú’ agus na ceanglais maidir le measúnú agus fíorú bailí go dtí an 31 Nollaig 2026.”

Airteagal 6

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2014/312/AE ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad AE a dhámhachtain do phéinteanna laistigh agus lasmuigh agus do vearnaisí (IO L 164, 3.6.2014, lch. 45).

(3)  Cinneadh 2014/391/AE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad AE a dhámhachtain do thochta leaba (IO L 184, 25.6.2014, lch. 18).

(4)  Cinneadh 2014/763/AE ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirgí sláinteachais ionsúiteacha (IO L 320, 6.11.2014, lch. 46).

(5)  Cinneadh (AE) 2016/1332 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad an AE a dhámhachtain do throscán (IO L 210, 4.8.2016, lch. 100).

(6)  Cinneadh (AE) 2017/176 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2017 lena mbunaítear critéir éiceolaíocha Éicilipéad an AE maidir le clúdaigh urláir de bhunús adhmaid, de bhunús coirc agus de bhunús bambú (IO L 28, 2.2.2017, lch. 44).

(7)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht dheonach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (COM(2017) 355 final).

(8)  https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/policy_footprint.htm

(9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche, (COM(2020)98 final).

(10)  https://ec.europa.eu/environment/eussd/smgp/documents/PEFCR_Decorative%20Paints_Feb%202020.pdf


Ceartúcháin

18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/24


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 67 an 2 Márta 2022 )

Ar leathanach 6, in Airteagal 1(6), in Airteagal 1fb nua:

in ionad:

“Airteagal 1fb

1.   Cuirfear an fógra faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagail 1e(3) agus 2f(3), nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vc.

2.   Eiseofar na húdaruithe uile dá dtagraítear in Airteagail 1e agus 1f, nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vc.”,

léitear:

“Airteagal 1fb

1.   Cuirfear an fógra faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagail 1e(3) agus 1f(3), nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vc.

2.   Eiseofar na húdaruithe uile dá dtagraítear in Airteagail 1e agus 1f, nuair is féidir, trí mhodhanna leictreonacha ar fhoirmeacha ar a mbeidh ar a laghad gach ceann de na heilimintí, agus san ord, dá bhforáiltear sna samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Vc.”.


18.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 189/25


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/913 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe teacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 158 an 13 Meitheamh 2022 )

Ar leathanach 13, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 18:

“18

An Nigéir (NG)

Síolta Sesamum

(Bia)

1207 40 90

 

Salmonella (2)

50”

ex 2008 19 19 ;

40

ex 2008 19 99 ;

40

Ar leathanach 18, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:

“6

An Aetóip (ET)

Piobar den ghéineas Piper; torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta atá triomaithe nó brúite nó meilte

0904

 

Aflatocsainí

50

Sinséar, cróch, tuirmiric (curcuma), tím, duilleoga labhrais, curaí agus spíosraí eile

(Bia — spíosraí triomaithe)

0910

 

Síolta Sesamum

(Bia)

1207 40 90

 

Salmonella (6)

50”

ex 2008 19 19 ;

40

ex 2008 19 99 ;

40

Ar leathanach 19, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 10:

“10

An India (IN)

Duilleoga beitil (Piper betle L.)

(Bia)

1404 90 00 ;

10

Salmonella (2)

10

Piobair den ghéineas Capsicum (piobair mhilse nó seachas a bheith milis)

(Bia — triomaithe, rósta, brúite nó meilte)

0904 21 10 ;

 

Aflatocsainí

20

0904 22 00 ;

11; 19

0904 21 90 ;

20

ex 2005 99 10 ;

10; 90

ex 2005 99 80 ;

94

Piseanna talún,

sa bhlaosc

1202 41 00

 

 

 

Piseanna talún, iad scilligthe

1202 42 00

 

 

 

Im piseanna talún

ex 2008 11 10

 

 

 

Piseanna talún, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, lena n-áirítear meascáin

ex 2008 11 91 ;

 

 

 

ex 2008 11 96 ;

 

Aflatocsainí

50

ex 2008 11 98 ;

 

 

 

ex 2008 19 12 ;

40

 

 

ex 2008 19 19 ;

50

 

 

ex 2008 19 92 ;

40

 

 

ex 2008 19 95 ;

40

 

 

ex 2008 19 99 ;

50

 

 

Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh ola na pise talún a úscadh

2305 00 00

 

 

 

Plúir piseanna talún agus min piseanna talún

1208 90 00 ;

20

 

 

Taos piseanna talún

(Bia agus beatha)

ex 2007 10 10 ;

80

 

 

ex 2007 10 99 ;

50

ex 2007 99 39 ;

07; 08

Piobair den ghéineas Capsicum (seachas milis)

(Bia - úr, fuaraithe nó reoite)

0709 60 99 ;

20

 

 

0710 80 59 ;

20

Iarmhair Lotnaidicídí (4) (5)

20

Síolta Sesamum

(Bia agus beatha)

1207 40 90

 

Salmonella (6)

20

ex 2008 19 19 ;

40

-

 

ex 2008 19 99 ;

40

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

50

Pónairí lócaiste (carúb)

1212 92 00

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20

Síolta pónairí lócaiste, nach bhfuil díchaite, brúite ná meilte

1212 99 41

 

 

 

Gumalachtaí agus tiúsóirí eile, modhnaithe nó gan a bheith, arna ndíorthú ó phónairí lócaiste nó ó shíolta pónaire lócaiste

(Bia agus beatha)

1302 32 10

 

 

 

Guma guair

(Bia agus beatha)

1302 32 90 ;

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20

Peinteaclóraifeanól agus dé-ocsainí (3)

5

Meascáin de bhreiseáin bia ina bhfuil guma pónaire lócaiste nó guma guair

(Bia)

2106 90 92 ;

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20

2106 90 98 ;

3824 99 93 ;

3824 99 96 ;

Piobar den ghéineas Piper; torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta atá triomaithe nó brúite nó meilte

0904

 

 

 

Fanaile

0905

 

 

 

Cainéal agus bláthanna an chrainn cainéil

0906

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20

Clóibh (an toradh iomlán, na péacáin agus na gais)

0907

 

 

 

Noitmig, maicis agus cardamaim

0908

 

 

 

Síolta ainíse, réalt-ainíse, finéil, lus an choire, cuimín nó cearbhais; sméara aitil

0909

 

 

 

Sinséar, cróch, tuirmiric (curcuma), tím, duilleoga labhrais, curaí agus spíosraí eile

(Bia — spíosraí triomaithe)

0910

 

 

 

Anlainn agus ullmhóidí díobh; tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha; plúir mhustaird agus mineanna mustaird agus mustard ullmhaithe

(Bia)

2103

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20

Carbónáit chailciam

(Bia agus beatha)

2106 90 92/98

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20

2530 90 00 ;

2836 50 00 ;

Forbhianna ina bhfuil luibheolaíochtaí

(Bia)

ex 1302

 

Iarmhair Lotnaidicídí (11)

20”

ex 2106

Ar leathanach 22, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 13:

“13

Srí Lanca (LK)

Piobair den ghéineas Capsicum

(piobair mhilse nó seachas a bheith milis)

(Bia - triomaithe, rósta, brúite nó meilte)

0904 21 10 ;

 

Aflatocsainí

50”

0904 21 90 ;

20

0904 22 00 ;

11; 19

ex 2005 99 10 ;

10; 90

ex 2005 99 80 ;

94

Ar leathanach 25, Iarscríbhinn, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 19:

“19

Uganda (UG)

Síolta Sesamum

(Bia)

1207 40 90

 

Salmonella (6)

20”

ex 2008 19 19 ;

40

ex 2008 19 99 ;

40