ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 181

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
7 Iúil 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1165 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

1

 

*

Comhaontú maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

4

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1166 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach

11

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1167 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach

14

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1168 ón gComhairle an 4 Iúil 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht Ioslamach na Máratáine

18

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1169 ón gComhairle an 4 Iúil 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seineagáile

20

 

 

III   Gníomhartha eile

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Cinneadh Údarás Faireacháin CSTE Uimh. 280/21/COL an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn [2022/1170]

22

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 ( IO L 435, 6.12.2021 )

35

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1104 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Hong Cong, i dtaca le hidirbhearta a dhéantar faoi mhaoirseacht an Hong Cong Monetary Authority, mar shocruithe atá coibhéiseach le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ( IO L 238, 6.7.2021 )

36

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/716 an 6 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún maidir le Téitheoir Breosla Díosail Cliste a fhormheas lena úsáid i ngnáthinneall dócháin agus i ngluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha áirithe agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 133, 10.5.2022 )

37

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/1


CINNEADH (AE) 2022/1165 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Meitheamh 2022

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Meitheamh 2022, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht le Poblacht na Moldóive i ndáil le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar (‘an Comhaontú’ anseo feasta).

(2)

Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil an 15 Meitheamh 2022.

(3)

I bhfianaise na míshocrachtaí tábhachtacha in earnáil iompair Phoblacht na Moldóive arb é an cogadh foghach a thug an Rúis faoin Úcráin is cúis leo, ní mór d’oibreoirí ó Phoblacht na Moldóive teacht ar bhealaí idirthurais malartacha tríd an Aontas Eorpach agus ar mhargaí nua chun a gcuid táirgí a onnmhairiú.

(4)

Ós rud é nach dtugtar, leis na ceadanna a dheonaítear faoi chuimsiú chóras cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair mar chuid den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta agus na gcomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana le Poblacht na Moldóive, an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar ó Phoblacht na Moldóive chun a n-oibríochtaí tríd an Aontas Eorpach agus leis an Aontas Eorpach a mhéadú agus a phleanáil roimh ré, tá sé ríthábhachtach iompar lasta de bhóthar a léirscaoileadh maidir le hoibríochtaí déthaobhacha agus maidir le hidirthurais chomh maith.

(5)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a thugann gur gá an Comhaontú a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach, agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht roinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht de chuid an Chinnidh seo ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart, dá bhrí sin, an inniúlacht arna feidhmiú ag an Aontas ar bhonn an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe a fheidhmiú ach amháin le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht roinnte a fheidhmítear ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh bhearta sin an Aontais, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ndiaidh an dáta sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 25 maidir le hinniúlacht roinnte, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Chinneadh seo ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Tá feidhmiú inniúlacht an Aontais leis an gCinneadh seo gan dochar d’inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a shíniú nó a thabhairt i gcrích le haon tríú tír eile sa réimse sin.

(6)

Dá bhrí sin, faoi réir cinneadh ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú ba cheart a eascairt as Cinneadh ón gComhairle a ghlacadh lena sainítear seasamh an Aontais i ndáil leis sin, ba cheart an Comhaontú, atá teoranta ó thaobh ama de agus a bhfuil deis ann é a athnuachan, a shíniú go práinneach thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(7)

Chun tús a chur le himscaradh éifeachtaí tairbhiúla an Chomhaontaithe maidir le hiompar lasta a luaithe agus is féidir, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 12 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le hiompar lasta de bhóthar a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an Comhaontú sin a thabhairt i gcrích. (1)

Airteagal 2

1.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe teoranta do thréimhse cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais agus faoi réir chomhlíonadh bhearta an Aontais sin, tar éis dheireadh na tréimhse cur i bhfeidhm sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE.

2.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Chinnidh seo agus an Chomhaontaithe gan dochar d’inniúlacht na mBallstát in aon chaibidlíocht, síniú nó tabhairt i gcrích atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le hiompar earraí de bhóthar le haon tríú tír eile, agus le Poblacht na Moldóive i leith na tréimhse ar dá héis a scoirfidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige.

3.   Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ach na heilimintí a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

4.   Tá an Cinneadh seo agus an Comhaontú gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an iompair earraí de bhóthar maidir leis na heilimintí seachas na heilimintí sin a rialaítear leis an gCinneadh seo agus leis an gComhaontú.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 4

Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de, amhail ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER


(1)  Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo.


7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/4


COMHAONTÚ maidir le hiompar lasta de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive

AN tAONTAS EORPACH,

dá ngairtear “an tAontas” anseo feasta,

de pháirt,

agus

POBLACHT NA MOLDÓIVE,

den pháirt eile,

dá ngairtear “Páirtí” orthu ar leithligh agus “Páirtithe” le chéile anseo feasta,

AG ADMHÁIL DÓIBH an suaitheadh nach beag atá le sárú ag earnáil an iompair i bPoblacht na Moldóive tar éis chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráin,

AG AITHINT DÓIBH nach bhfuil bealaí fíor-riachtanacha iompair ar fáil san Úcráin le haghaidh onnmhairí Moldóvacha agus go bhfuil géarghá le slabhraí soláthair agus slándáil bia a chosaint trí úsáid a bhaint as bealaí malartacha ó Phoblacht na Moldóive trí chríoch an Aontais Eorpaigh,

ÓS MIAN LEO tacú le sochaí agus le geilleagar na Moldóive, trí ligean d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus na Moldóive oibríochtaí iompair lasta a dhéanamh go dtí agus trí chríoch na Moldóive nuair is gá, agus trí é a chur ar a chumas do Phoblacht na Moldóive a patrúin eacnamaíocha agus iompair a choigeartú a thuilleadh chun freagairt ar thionchar chogadh foghach na Rúise ar mhargaí idirnáisiúnta,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach dtugann an córas atá ann faoi láthair atá bunaithe ar líon teoranta ceadanna de chuid na mBallstát an tsolúbthacht is gá d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar Moldóvacha chun a n-oibríochtaí a mhéadú tríd agus leis an Aontas,

AGUS RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú maidir leis na coinníollacha rochtana margaidh i dtaca le hearraí a iompar de bhóthar idir na Páirtithe atá ar fáil faoi láthair d’oibreoirí iompair de bhóthar atá bunaithe in aon cheann de na Páirtithe, nach mbeidh na coinníollacha sin in aon chás níos srianta amach anseo i gcomparáid leis an staid atá ann faoi láthair,

AGUS RÚN DAINGEAN ACU cuidiú le geilleagar na Moldóive trí oibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta déthaobhaigh a léirscaoileadh idir an tAontas agus Poblacht na Moldóive chun gur féidir an t-iompar earraí is gá a dhéanamh agus chun na cearta cómhalartacha céanna a thabhairt don dá Pháirtí oibríochtaí idirthurais agus oibríochtaí iompair idirnáisiúnta déthaobhaigh idir na críocha sin a dhéanamh,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE maidir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit agus Poblacht na Moldóive (dá ngairtear “an Comhaontú Comhlachais” anseo feasta), go ngeallann Poblacht na Moldóive inti go ndéanfaidh sí a reachtaíocht maidir le hiompar de bhóthar a chomhfhogasú de réir a chéile do reachtaíocht an Aontais agus do na hionstraimí idirnáisiúnta a áirítear san Iarscríbhinn sin,

ÓS MIAN LEO forálacha an Chomhaontaithe seo a chur faoi réir na caibidle maidir le díospóidí a réiteach den Chomhaontú Comhlachais,

AG AITHINT DÓIBH nach féidir fad an tionchair a bheidh ag cogadh foghachna Rúise ar earnáil an iompair agus ar bhonneagair na hÚcráine a réamh-mheas, rud a dhéanann difear freisin d’oibreoirí Moldóvacha, arb í sin an chúis go rachaidh na Páirtithe i gcomhairle leis an gComhchoiste 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe seo, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan,

AG AITHINT DÓIBH go n-áiritheofar leis an gComhaontú Eorpach maidir le hObair Foirne Feithiclí ag gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar go n-urramófar leis na hoibríochtaí iompair faoin gComhaontú seo dálaí oibre tiománaithe, iomaíocht chothrom agus nach gcuirfidh siad sábháilteacht ar bhóithre i mbaol,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Cuspóirí

1.   Is é is aidhm don Chomhaontú seo iompar lasta de bhóthar idir agus trí chríoch an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht na Moldóive a éascú ar bhonn sealadach trí chearta breise idirthurais agus iompair earraí idir na Páirtithe a dheonú d’oibreoirí atá bunaithe i gceann de na Páirtithe tar éis iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an suaitheadh nach beag a thagann leis sin ar earnáil an iompair de bhóthar i bPoblacht na Moldóive.

2.   Ní fhorléireofar go bhfuil sé d’éifeacht ag an gComhaontú seo na coinníollacha rochtana margaidh ar sheirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar a laghdú nó a dhéanamh níos sriantaí i gcomparáid leis an staid atá ann an lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir le hidirthuras earraí agus iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar idir na Páirtithe ar fruiliú nó ar luaíocht agus tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha arna mbunú ag córas cuótaí iltaobhach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair laistigh den Fhóram Iompair Idirnáisiúnta. Tá iompar earraí de bhóthar laistigh de Bhallstát den Aontas Eorpach nó idir Ballstáit den Aontas Eorpach lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe seo. Ní chumhdaítear leis an gComhaontú seo idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile chun earraí a iompar idir tríú tíortha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “páirtí bunaíochta” an Páirtí ina bhfuil an t-oibreoir tarlaithe de bhóthar bunaithe;

(2)

ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar lasta chun críoch tráchtála atá bunaithe i bPáirtí i gcomhréir le dlí an Pháirtí sin agus atá údaraithe ag an bPáirtí céanna chun iompar idirnáisiúnta earraí a dhéanamh ar fruiliú nó ar luaíocht trí bhíthin mótarfheithiclí nó cónaisc feithiclí;

(3)

ciallaíonn “feithicil” mótarfheithicil atá cláraithe i gceann de na Páirtithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte, a bhfuil an mhótarfheithicil is cuid de cláraithe i gceann de na Páirtithe, nach n-úsáidtear an mhótarfheithicil ná an cónasc sin ach chun earraí a iompar;

(4)

ciallaíonn “idirthuras” gluaiseacht feithiclí, gan earraí a luchtú nó a dhíluchtú, i gcríoch Páirtí ag oibreoir tarlaithe de bhóthar atá bunaithe sa Pháirtí eile;

(5)

ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta déthaobhach” turais ualaithe le feithicil, ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí eile, agus vice versa, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh.

Airteagal 4

Rochtain ar sheirbhísí iompair de bhóthar

Beidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar i dteideal na hoibríochtaí tarlaithe de bhóthar seo a leanas a dhéanamh:

(a)

turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil a bhfuil a bpointe imeachta agus a gceann scríbe i gcríoch dhá Pháirtí éagsúla, bíodh idirthuras trí chríoch tríú tír i gceist nó ná bíodh;

(b)

turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí críoch an Pháirtí chéanna, ar turais iad a bhfuil idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile i gceist leo;

(c)

turais ualaithe arna ndéanamh ag feithicil go dtí críoch an Pháirtí bunaíochta nó ó chríoch an Pháirtí bunaíochta go dtí tríú tír, ar turais iad a bhfuil idirthuras trí chríoch an Pháirtí eile i gceist leo;

(d)

turais neamhualaithe arna ndéanamh ag feithicil i gcomhar leis na turais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

Airteagal 5

Fad

1.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo go dtí an 31 Márta 2023.

2.   3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena athnuachan. Chuige sin, rachaidh na Páirtithe i gcomhairle le chéile laistigh den Chomhchoiste mar a leagtar amach in Airteagal 6(2).

Airteagal 6

Comhchoiste

1.   Bunaítear Comhchoiste leis seo. Déanfaidh sé maoirsiú agus faireachán ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo i bhfianaise a chuspóirí.

2.   Tionólfar an Comhchoiste arna iarraidh sin do cheachtar dá chomhchathaoirligh. Tionólfar é freisin 3 mhí ar a dhéanaí roimh dhul in éag an Chomhaontaithe, chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis an gComhaontú seo, agus cinneadh a dhéanamh ina leith sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(2). Déanfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir leis an leanúint sin, lena n-áirítear fad na leanúna, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le mír 5 den Airteagal sin.

3.   Ionadaithe ó na Páirtithe a bheidh ar an gComhchoiste. Féadfaidh na hionadaithe ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste mar bhreathnóirí.

4.   Beidh ionadaí ón Aontas Eorpach agus ionadaí ó Phoblacht na Moldóive ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach.

5.   Is de chomhthoil a ghlacfaidh an Comhchoiste a chuid cinntí. Beidh na cinntí sin ina gceangal ar na Páirtithe, agus déanfaidh na Páirtithe sin na bearta uile is gá chun iad a chur chun feidhme.

6.   Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta.

Airteagal 7

Díospóidí a réiteach (1)

I gcás ina dtiocfaidh díospóid chun cinn idir na Páirtithe maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Chaibidil 14 de Theideal V den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 8

Oibleagáidí a chomhlíonadh

1.   Beidh gach Páirtí freagrach go hiomlán as cloí le forálacha uile an Chomhaontaithe seo.

2.   Áiritheoidh gach Páirtí go ndéanfar na bearta uile is gá chun éifeacht a thabhairt d’fhorálacha an Chomhaontaithe seo, lena n-áirítear go gcloífear leo ar gach leibhéal rialtais agus go cloífidh daoine a fheidhmíonn údarás tarmligthe rialtais leo. Gníomhóidh gach Páirtí de mheon macánta chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú seo.

3.   Is comhaontú sonrach é an Comhaontú seo de réir bhrí Airteagal 458(1) den Chomhaontú Comhlachais. Féadfaidh Páirtí bearta iomchuí a bhaineann leis an gComhaontú seo a dhéanamh i gcás sárú an-tromchúiseach substaintiúil ar aon cheann de na hoibleagáidí a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 2(1) den Chomhaontú Comhlachais mar ghnéithe fíor-riachtanacha, ar sárú é a chuireann an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta i mbaol ar bhealach go mbeidh gá le freagairt láithreach. Déanfar bearta iomchuí den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 455 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 9

Bearta coimirce

1.   Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe bearta coimirce iomchuí a dhéanamh má mheasann sé gur baol do shábháilteacht ar bhóithre iad oibríochtaí iompair arna ndéanamh ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar de chuid an Pháirtí eile. Déanfar bearta coimirce agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta, beidh siad comhréireach agus teoranta maidir lena raon feidhme agus lena bhfad don mhéid is fíorghá chun an cás a leigheas nó chun cothromaíocht an Chomhaontaithe seo a choinneáil ar bun. Tabharfar tús áite do bhearta den sórt sin is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo.

2.   Sula rachaidh an Páirtí lena mbaineann i mbun comhairliúchán, tabharfaidh sé fógra faoi na bearta arna nglacadh don Pháirtí eile agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile.

3.   Rachaidh na Páirtithe i mbun comhairliúcháin láithreach sa Chomhchoiste d’fhonn réiteach atá inghlactha go frithpháirteach a aimsiú.

4.   Cuirfear aon ghníomhaíocht arna déanamh faoi théarmaí an Airteagail seo ar fionraí, a luaithe a chomhlíonfaidh an Páirtí ar a bhfuil an locht forálacha an Chomhaontaithe seo nó nuair a bheidh deireadh leis an mbaol do shábháilteacht ar bhóithre.

Airteagal 10

Cur i bhfeidhm críochach

1.   Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, de pháirt, maidir leis an gCríoch ina bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus den pháirt eile, maidir le críoch Phoblacht na Moldóive.

2.   Cuirtear cur i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo ar fionraí go sealadach sna réimsí sin nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Moldóive rialú éifeachtach. Féadfar leanúint ar aghaidh lena chur i bhfeidhm tar éis Cinneadh ón gComhairle Comhlachais, nó cinneadh ón gComhchoiste Comhlachais lena ndeimhnítear gur féidir le Poblacht na Moldóive a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an Comhaontú seo.

Airteagal 11

Foirceannadh

1.   Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn, trí bhealaí taidhleoireachta, don Pháirtí eile gur chinn sé an Comhaontú seo a fhoirceannadh. Foirceannfar an Comhaontú 2 sheachtain tar éis an fhógra sin, mura gcuirfidh an páirtí a thugann fógra dáta is déanaí in iúl chun éifeacht a bheith leis an bhfógra sin. Sa chás deireanach sin, ní bheidh an dáta níos déanaí ná 2 mhí tar éis dháta an fhógra.

2.   Oibreoirí tarlaithe de bhóthar a bhfuil a bhfeithicil i gcríoch an Pháirtí eile ar dhul in éag an Chomhaontaithe seo, ceadófar dóibh idirthuras a dhéanamh trí chríoch an Pháirtí sin chun filleadh ar chríoch an Pháirtí ina bhfuil siad bunaithe.

3.   Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ciallaíonn an dáta fógra dá dtagraítear i mír 1 an dáta a sheachadtar an fógra ar an bPáirtí eile.

4.   Ní bheidh d’éifeacht leis an dul in éag de bhun Airteagal 5 ná foirceannadh an Chomhaontaithe seo de bhun mhír 1 den Airteagal sin, go srianfar na coinníollacha rochtana margaidh maidir le seirbhísí iompair de bhóthar idir na Páirtithe i gcomparáid leis an staid a bhí ann an lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Chuige sin, mura mbeidh comhaontú ann ina dhiaidh sin idir na Páirtithe, beidh feidhm arís an lá sin ag na teidlíochtaí rochtana margaidh arna socrú faoi na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Moldóive ó dháta éaga nó foirceanta an Chomhaontaithe seo ar aghaidh.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach

1.   Daingneoidh nó formheasfaidh na Páirtithe an Comhaontú seo i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an lá a thabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile maidir le cur i gcrích a nósanna imeachta dlíthiúla faoi seach is gá chun na críche sin.

2.   D’ainneoin mhír 1, comhaontaíonn an tAontas agus Poblacht na Moldóive an Comhaontú seo i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ó dháta a shínithe.

3.   Chun críocha fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe seo, tuigfear go gciallaíonn aon tagairt sna forálacha sin do “dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo”“dáta óna gcuirfear an Comhaontú seo i bhfeidhm go sealadach” i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Arna dhéanamh [i ndúblach] sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

Съставено в Лион на двадесет и девети юни две хиляди двадесет и втора година.

Hecho en Lyon, el veintinueve de junio de dos mil veintidós.

V Lyonu dne dvacátého devátého června dva tisíce dvacet dva.

Udfærdiget i Lyon, den niogtyvende juni to tusind og toogtyve.

Geschehen zu Lyon am neunundzwanzigsten Juni zweitausendzweiundzwanzig.

Kahe tuhande kahekümne teise aasta juunikuu kahekümne üheksandal päeval Lyonis.

Έγινε στη Λυών, στις είκοσι εννέα Ιουνίου δύο χιλιάδες είκοσι δύο.

Done at Lyon on the twenty-ninth day of June in the year two thousand and twenty two.

Fait à Lyon, le vingt-neuf juin deux mille vingt-deux.

Arna dhéanamh i Lyon, an naoú lá is fiche de Mheitheamh sa bhliain dhá mhíle fiche a dó.

Sastavljeno u Lyonu dvadeset i devetog lipnja godine dvije tisuće dvadeset i druge.

Fatto a Lione, addi ventinove giugno duemilaventidue.

Lionā, divi tūkstoši divdesmit otrā gada divdesmit devītajā jūnijā.

Priimta du tūkstančiai dvidešimt antrų metų birželio dvidešimt devintą dieną Lione.

Kelt Lyonban, a kétezerhuszonkettedik év június havának huszonkilencedik napján.

Magħmul f’Lyon, fid-disgħa u għoxrin jum ta’ Ġunju fis-sena elfejn u tnejn u għoxrin.

Gedaan te Lyon, negenentwintig juni tweeduizend tweeëntwintig.

Sporządzono w Lyonie dnia dwudziestego dziewiątego czerwca roku dwa tysiące dwudziestego drugiego.

Feito em Lião, em vinte e nove de junho de dois mil e vinte e dois.

Întocmit la Lyon, la douăzeci și nouă iunie două mii douăzeci și doi.

V Lyone dvadsiateho deviateho júna dvetisícdvadsaťdva

V Lyonu, devetindvajsetega junija dva tisoč dvaindvajset.

Tehty Lyonissa kahdentenakymmenentenäyhdeksäntenä päivänä kesäkuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentäkaksi.

Som skedde i Lyon den tjugonionde juni tjugohundratjugotvå.

Image 1


(1)  Chun amhras a sheachaint, ní fhorléireofar go dtugann an tAirteagal seo ná an Comhaontú seo cearta ná go bhfhorchuireann ceann acu oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna intíre na bPáirtithe.


RIALACHÁIN

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1166 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 den Ionstraim Aontachais (1), agus go háirithe Airteagal 4(12) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialáil Líne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 ón gCoimisiún (2) do rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach, lena n-áirítear maidir le cigireachtaí fíteashláintíochta ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a liostaítear in Iarscríbhinn V, Cuid B, a ghabhann le Treoir 2000/29/CE ón gComhairle (3). Chun na críche sin, tá tagairtí in Airteagal 3 den Rialachán sin don Treoir sin.

(2)

Rinneadh Treoir 2000/29/CE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena bhforáiltear do rialacha an Aontais maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí. Tugann an Rialachán sin cumhacht don Choimisiún liosta a bhunú de na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil deimhniú fíteashláintíochta riachtanach ina leith chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais.

(3)

Liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5) plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhfuil deimhniú fíteashláintíochta riachtanach ina leith chun iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, agus áirítear na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a bhí liostaithe roimhe sin i gCuid B d’Iarscríbhinn V de Threoir 2000/29/CE.

(4)

Dá bhrí sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 a leasú chun tagairtí do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a chur in ionad na dtagairtí do Threoir 2000/29/CE.

(5)

Is gá freisin na tagairtí go léir do na forálacha a bhaineann leis na pasanna plandaí a thabhairt cothrom le dáta.

(6)

Ós rud é, de réir Airteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 866/2004, go bhfuil na hearraí a thrasnaíonn an líne faoi réir na gceanglas agus go ndéantar na seiceálacha orthu de réir mar a cheanglaítear le reachtaíocht fíteashláintíochta an Aontais mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den Rialachán sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na cigireachtaí a áirithiú go bhfuil na hearraí faoi seach saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072, go gcomhlíonann siad na tairseacha maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín de chuid an Aontais atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le tabhairt isteach san Aontas atá leagtha amach i Rialachán VII.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

Cigireacht agus tuairisciú fíteashláintíochta

1.   Saineolaithe fíteashláintíochta neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún, arna n-imscaradh faoin Ionstraim um Malartú Faisnéise agus Cúnamh Teicniúil (TAIEX), agus atá ag feidhmiú i gcomhar le Comhlachas Tionscail Turcach Cipireach chun Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 (‘na saineolaithe’) a chur chun feidhme, déanfaidh siad cigireacht ar na plandaí, ar na táirgí plandaí agus ar na réada eile go léir atá liostaithe i gCuid A agus i gCuid B d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (*1) ag céimeanna an táirgthe, na buainte agus na margaíochta, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072,

(b)

go gcomhlíonann siad na tairseacha maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialaithe de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072,

(c)

go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le tabhairt isteach san Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, agus

(d)

go gcomhlíonann siad na bearta chun cosc a chur le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín ar phlandaí sonracha atá le cur a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072.

Nuair is ábhartha, déanfaidh siad cigireacht freisin ar gach planda, táirge plandaí agus réad eile atá liostaithe in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, chun a áirithiú go bhfuil siad saor ó na lotnaidí a bhaineann le criosanna cosanta coraintín faoi seach atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

2.   I gcás prátaí, fíoróidh na saineolaithe thuas gur fásadh na prátaí sa choinsíneacht go díreach ó phrátaí síl a deimhníodh i gceann de na Ballstáit nó ó phrátaí síl a deimhníodh in aon tír eile nach bhfuil toirmeasc ar phrátaí atá le cur a theacht isteach san Aontas de bhun Iarscríbhinn VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

3.   Má shuíonn na saineolaithe, chomh fada agus is eol dóibh agus a mhéid is féidir iad a chinneadh, go gcomhlíonann na plandaí, táirgí plandaí nó réada eile ábhartha sa choinsíneacht ceanglais mhír 1 agus 2 agus na ceanglais agus seiceálacha ábhartha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 iad, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

tuarascáil a bhunú ar a dtorthaí, é líonta isteach ina hiomláine agus sínithe go cuí ag duine amháin ar a laghad de na saineolaithe, agus úsáid á baint as an bhfoirm dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, agus

(b)

an tuarascáil sin a chur isteach, mar fhorlíonadh, leis an doiciméad tionlacain dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo.

Ní eiseoidh na saineolaithe ‘Tuairiscí ar chigireacht fhíteashláintíochta’ i ndáil le plandaí atá le cur, lena n-áirítear tiúbair Solanum tuberosum L atá le cur.

4.   Dá bhrí sin, séalóidh na saineolaithe na leoraithe nó modhanna eile iompair ar shlí a choiscfear an choinsíneacht sin a oscailt go dtí go dtrasnóidh sí an líne.

Ní fhéadfar tráchtearraí a chumhdaítear leis an Airteagal seo a bhogadh trasna na líne ach amháin má chomhlíontar pointí (a) agus (b) de mhír 3

5.   Ar theacht dóibh do na limistéir ina bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú éifeachtach, scrúdóidh na húdaráis inniúla an choinsíneacht. Nuair is infheidhme, cuirfear pas plandaí dá bhforáiltear in Airteagal 79(1) nó in Airteagal 80(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) in ionad an ‘Tuarascáil ar chigireacht fíteashláintíochta’.

(*1)   OJ L 319, 10.12.2019, p. 1 "

(*2)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).’ "

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc, an chúigiú fleasc agus an tséú fleasc faoi phointe 10 den mhúnla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III:

“—

meastar go bhfuil siad saor ó lotnaidí coraintín de chuid an Aontais atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus, nuair is iomchuí, ó lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta atá liostaithe in Iarscríbhinn III, agus go gcomhlíonann siad na tairseacha maidir le láithreacht lotnaidí neamhchoraintín de chuid an Aontais atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2072.

I gcás prátaí, gur fásadh na prátaí sa choinsíneacht go díreach ó phrátaí síl a deimhníodh i gceann de na Ballstáit nó ó phrátaí síl a deimhníodh in aon tír eile nach bhfuil toirmeasc ar phrátaí atá le cur a theacht isteach san Aontas de bhun Iarscríbhinn VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 161, 30.4.2004, lch. 128.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1480/2004 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le hearraí a thagann ó na limistéir nach bhfuil faoi rialú éifeachtach Rialtas na Cipire sna limistéir ina bhfeidhmíonn an Rialtas rialú éifeachtach (IO L 272, 20.8.2004, lch. 3).

(3)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 69/464/CEE ón gComhairle, Treoir 74/647/CEE ón gComhairle, Treoir 93/85/CEE ón gComhairle, Treoir 98/57/CE ón gComhairle, Treoir 2000/29/CE ón gComhairle, Treoir 2006/91/CE ón gComhairle agus Treoir 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).


7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1167 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Athbhreithnithe a rinneadh cheana agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1187/2008 ón gComhairle (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí glútamáite monasóidiam (“MSG”), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“an tSín” nó “an tír lena mbaineann”) (“an t-imscrúdú bunaidh”).

(2)

An 21 Eanáir 2015, tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83 ón gCoimisiún (3), chinn an Coimisiún na bearta a bunaíodh san imscrúdú bunaidh a choinneáil ar bun.

(3)

An 14 Aibreán 2021, tar éis an dara hathbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún (4), bheartaigh an Coimisiún leibhéal na ndleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun, mar a bunaíodh san imscrúdú bunaidh agus mar a deimhníodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/83.

(4)

Is idir 33,8 % agus 39,7 % atá na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha atá i bhfeidhm faoi láthair.

1.2.   Iarraidh ar athrú ainm

(5)

Líomhnaítear gur athraigh Tongliao Meihua Bio-Tech Co., Ltd, táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, a ainm go Tongliao Meihua Biological Sci-Tech Co., Ltd. i mí Eanáir 2019.

(6)

Tá an chuideachta ar cheann den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin ghaolmhara a bhaineann le Meihua Group, in éineacht le Hebei Meihua MSG Group Co., Ltd, a thairbhíonn faoi láthair de ráta dleachta aonair 33,8 % faoi chód breise TARIC A883. Dá bhrí sin, d’iarr Tongliao Meihua Biological Sci-Tech Co., Ltd go léireofaí an t-athrú ar a ainm le haghaidh chur i bhfeidhm an dleachtráta aonair 33,8 % atá ann cheana.

(7)

Mar sin féin, an doiciméadacht tacaíochta a sholáthair Tongliao Meihua Biological Sci-Tech Co., Ltd chun údar a thabhairt leis an iarratas, léirigh sí go ndearnadh atheagrú struchtúrach tábhachtach ar Meihua Group, agus bhí i bhfad níos mó ná athrú ainm simplí i gceist leis. Dá bhrí sin, an corrlach dumpála aonair a leagadh síos le haghaidh na n-eintiteas bunaidh (Hebei Meihua MSG Group Co., Ltd agus Tongliao Meihua Bio-Tech Co., Ltd nó “Meihua Group”) faoi chód breise TARIC A883, measadh go bhféadfadh sé nach mbeadh an corrlach dumpála aonair sin iomchuí a tuilleadh.

(8)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach ann go raibh athrú tagtha ar na cúinsí ba chúis leis na bearta atá ann faoi láthair a fhorchuir ar an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin ghaolmhara de chuid Meihua Group le linn an imscrúdaithe bhunaidh. Ba é a chonclúid thairis sin gur athruithe de chineál marthanach a bhí sna hathruithe sin.

1.3.   Páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh

(9)

Ar bhonn na faisnéise a luaitear in aithris (8), an 24 Eanáir 2022, chinn an Coimisiún ar a thionscnamh féin páirt-athbhreithniú eatramhach a thionscnamh ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí glútamáite monasóidiam de thionscnamh na Síne de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán agus d’fhoilsigh sé Fógra lena dtionscnaítear páirt-athbhreithniú eatramhach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (“an Fógra Tionscnaimh”) (5). An 22 Márta 2022, foilsíodh Ceartúchán ar Fhógra Tionscnaimh an 24 Eanáir 2022 (6).

(10)

Bhí an páirt-athbhreithniú eatramhach teoranta ó thaobh raon feidhme de ionas gurb éard atá i gceist imscrúdú ar dhumpáil a mhéid a bhaineann leis an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin Shíneacha de chuid Meihua Group, eadhon Tongliao Meihua Bio-Tech Co., Ltd agus Hebei Meihua MSG Group Co, Ltd (cód breise TARIC A883).

1.4.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

(11)

Cumhdóidh an t-imscrúdú ar dhumpáil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(12)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san athbhreithniú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an dá tháirgeoir onnmhairithe de chuid Meihua Group, táirgeoir aonair an Aontais, agus Rialtas na Síne ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(13)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an athbhreithnithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála.

1.5.1.   Freagraí ceistneora

(14)

Chuir an Coimisiún ceistneoirí chuig an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid Meihua Group agus chuig údaráis na tíre lena mbaineann. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ar an gceistneoir, ní ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid Meihua Group ná ó údaráis na tíre lena mbaineann.

2.   AN TÁIRGE FAOI RÉIR AN ATHBHREITHNITHE SEO AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

(15)

Is ionann an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus sna hathbhreithnithe seo a leanas a luaitear in aithrisí (2) agus (3), i.e. glútamáit mhonasóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus atá faoi láthair faoi cód AC ex 2922 42 00 (cód TARIC 2922420010).

(16)

Mar a tharla san imscrúdú bunaidh, agus sna hathbhreithnithe seo a leanas a luaitear in aithrisí (2) agus (3), chinn an Coimisiún go bhfuil na buntréithe fisiciúla, teicniúla agus ceimiceacha céanna agus na bun-úsáidí deiridh céanna ag an táirge a táirgeadh sa tSín agus a onnmhairíodh chuig an Aontais, agus an táirge a táirgeadh agus a díoladh i margadh intíre na Síne. Dá bhrí sin, measadh gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(17)

Mar a luadh in aithris (14), an 24 Eanáir 2022, chuir an Coimisiún an ceistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin chuig an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin Shíneacha aitheanta de chuid Meihua Group agus chuir sé an ceistneoir maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán chuig Rialtas na Síne. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ná aon fhreagairt eile ó cheachtar de na táirgeoirí onnmhairiúcháin ná ó údaráis na tíre lena mbaineann.

(18)

I litir dar dáta an 7 Aibreán 2022, chuir an Coimisiún in iúl don dá tháirgeoir onnmhairiúcháin Shíneacha aitheanta de chuid Meihua Group gur in éagmais comhair, agus i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, gur ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a dhéanfaí na torthaí, agus d’iarr sé orthu barúil a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúil ó cheachtar den dá tháirgeoir onnmhairithe de chuid Meihua Group. Níor tugadh aon mhíniú ar an easpa comhair sin.

(19)

Mar an gcéanna, chuir an Coimisiún in iúl do Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach go raibh sé i gceist aige Airteagal 18(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus a thorthaí a bhunú ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil sa chomhad, na torthaí maidir le dumpáil an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid Meihua Group, agus maidir le saobhadh suntasach a bheith ann. D’iarr sé ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach barúil a thabhairt. Níor cuireadh aon bharúil in iúl don Choimisiún.

(20)

In éagmais an chomhair, mheas an Coimisiún gur cheart imeachtaí an pháirt-athbhreithnithe eatramhaigh a chinneadh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil san imscrúdú seo. Maidir le staid shonrach Meihua Group, bhí an Coimisiún ag brath ar an bhfianaise ábhartha a cuireadh isteach i gcomhthéacs na hiarrata ar athrú ainm, rud ba chúis leis an athbhreithniú eatramhach a thionscnamh.

(21)

Ina a iarraidh ar athrú ainm, is cosúil gur athraigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin laistigh de Meihua Group, eadhon Tongliao Meihua Bio-Tech Co., Ltd, a ainm go dtí Tongliao Meihua Biological Sci-Tech Co., Ltd. Mar sin féin, de réir na doiciméadachta a soláthraíodh chun tacú leis an iarratas ar athrú ainm, mheas an Coimisiún thairis sin go raibh i bhfad níos mó i gceist leis na hathruithe laistigh de Meihua Group ná athrú ainm amháin.

(22)

Ar an gcéad dul síos, chuir an t-iarratasóir in iúl don Choimisiún gur in 2008, d’athraigh an t-onnmhaireoir eile de chuid Meihua Group, i.e. Hebei Meihua MSG Group Co., Ltd, a ainm freisin. Meihua Holdings Group Co., Ltd. is ea an t-ainm atá ar an gcuideachta sin faoi láthair. Mhínigh an t-iarratasóir nár thug Meihua Holdings Group Co., Ltd fógra don Choimisiún faoin athrú sin toisc go raibh Meihua Group i mbun atheagrú ar a ghnó an tráth sin chun grúpa cuideachtaí a chruthú agus ní raibh toradh an atheagraithe sin an-soiléir, go háirithe maidir leis an gníomhaíocht díola. Sa doiciméadacht a cuireadh isteach chun tacú leis an iarratas ar athrú ainm, luaigh an t-iarratasóir gur thosaigh Meihua Holdings Group Co., Ltd an táirge lena mbaineann ar an margadh intíre amháin.

(23)

Ar an dara dul síos, dúirt an t-iarratasóir freisin go ndearnadh Meihua Group International Trading (Hong Kong) Limited (“Meihua Hong Kong”) a ionchorprú sa ghrúpa in 2012 agus go stiúrann sé an gnó onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, onnmhaireoir reatha an táirge lena mbaineann, sin Meihua Hong Kong. Dar leis an iarratasóir, tá Meihua Hong Kong ag onnmhairiú MSG chuig an Aontas faoi chód breise TARIC A883.

(24)

Mar achoimre, in 2011 ionchorpraigh Tongliao Meihua Biological Sci-Tech Co., Ltd le táirgeoir eile an táirge lena mbaineann, Xinjiang Meihua Amino Acid Co., Ltd. Dhearbhaigh an t-iarratasóir gur in 2016 dhíol Xinjiang Meihua Amino Acid Co., Ltd an táirge lena mbaineann leis an Aontas freisin trí Meihua Hong Kong.

4.   CONCLÚID AGUS NOCHTADH

(25)

Ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (21) go (24), ba chosúil go ndearnadh atheagrú struchtúrach ar Meihua Group, a bhfuil feidhm ag an dleacht maidir leis. Cruthaíodh eintiteas nua de bharr an atheagraithe sin, a raibh grúpa cuideachtaí i gceist leis, lena n-áirítear táirgeoir onnmhairiúcháin Xinjiang Meihua Amino Acid Co., Ltd) agus trádálaí gaolmhar (Meihua Hong Kong) nár tugadh fógra fúthu don Aontas agus nach ndearnadh an tAontas scrúdú orthu riamh. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún glacadh leis go simplí go raibh an corrlach dumpála reatha is infheidhme maidir le Hebei Meihua MSG Group Co, Ltd agus Tongliao Meihua Bio-Tech Co., Ltd fós bailí.

(26)

I bhfianaise easpa iomlán comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, ní raibh an Coimisiún in ann scrúdú a dhéanamh ar chomhdhéanamh iarbhír na n-eintiteas a raibh feidhm ag an dleacht bhunaidh maidir leo, nó cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh an dleachtráta fós ábhartha maidir le struchtúr eagrúcháin nua Meihua Group, nó an mbeadh údar le ríomh nua dumpála, agus más amhlaidh a bhí, an leibhéal a bheadh i gceist leis.

(27)

Sna himthosca sin, agus ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún ach teacht ar an gconclúid nárbh ann a thuilleadh do Meihua Group (a bhí comhdhéanta de Tongliao Meihua Bio-Tech Co., Ltd agus Hebei Meihua MSG Group Co, Ltd), ar sannadh dleachtráta aonair faoi chód breise TARIC A883 dó. Is cosúil go bhfuil an grúpa comhdhéanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin eile. Dá bhrí sin, ba cheart an dleachtráta thuasluaite agus cód breise TARIC thuasluaite a bhaint.

(28)

Ar an gcúiseanna a mheabhraítear thuas, níl sé d’acmhainn ag an gCoimisiún dleachtráta aonair agus cód breise TARIC sonrach a leagan síos don eintiteas nuachruthaithe. Onnmhairí a dhéanann an eintiteas nuachruthaithe, más ann dóibh, bheidís faoi réir an ráta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” faoi chód breise TARIC A999.

(29)

Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir sin agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur in iúl.

(30)

Níor cuireadh aon bharúil in iúl don Choimisiún.

(31)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún a leasú dá réir.

(32)

Tá an Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 mar a leanas:

“2.   Na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Fujian Province Jianyang Wuyi MSG Co. Ltd

36,5

A884

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

39,7

A999”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 322, 2.12.2008, lch. 1.

(3)   IO L 15, 22.1.2015, lch. 31.

(4)   IO L 132, 19.4.2021, lch. 63.

(5)   IO C 35, 24.1.2022, lch. 12.

(6)   IO C 129, 22.3.2022, lch. 18.


CINNTÍ

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/18


CINNEADH (AE) 2022/1168 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht Ioslamach na Máratáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2), pointe (c) d’Airteagal 79(2), agus míreanna (3) agus (4) d’Airteagal 218 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

In imthosca ina gceanglaítear foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, iarrtar, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, comhaontú stádais a thabhairt i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le Poblacht Ioslamach na Maratáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht Ioslamach na Máratáine.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar chomhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht Ioslamach na Máratáine.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/20


CINNEADH (AE) 2022/1169 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Iúil 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seineagáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2), pointe (c) d’Airteagal 79(2), agus míreanna (3) agus (4) d’Airteagal 218 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In imthosca ina gceanglaítear foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, iarrtar, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, comhaontú stádais a thabhairt i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht d’fhonn comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le Poblacht na Seineagáile maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na Seineagáile.

(3)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar chomhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na Seineagáile.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus i gcomhairle le Meitheal iomchuí na Comhairle.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséíl, 4 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 an 13 Samhain 2019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/22


CINNEADH ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 280/21/COL

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn [2022/1170]

Tá Údarás Faireacháin CSTE (“ESA”),

Ag féachaint don mhéid seo a leanas an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), go háirithe Airteagail 61 go 63 agus Prótacal 26,

an Comhaontú idir na Stáit EFTA maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú (“an Comhaontú Faireacháin agus Cúirte”), go háirithe Airteagal 24 agus Airteagal 5(2)(b),

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

Faoi Airteagal 24 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, tabharfaidh ESA éifeacht d’fhorálacha Chomhaontú LEE maidir le Státchabhair.

Faoi Airteagal 5(2)(b) den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte, eiseoidh ESA fógraí nó treoirlínte maidir le hábhair a ndéileáiltear leo i gComhaontú LEE, má dhéantar foráil shainráite maidir leis sin sa Chomhaontú sin nó sa Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte nó má mheasann ESA gur gá sin.

An 25 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht athbhreithnithe maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn (“na Treoirlínte”) (1).

Tá na Treoirlínte ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”) freisin.

Tá cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha LEE maidir le Státchabhair le háirithiú ar fud LEE i gcomhréir le cuspóir na haonchineálachta a bhunaítear in Airteagal 1 de Chomhaontú LEE.

De réir Mhír II den Roinn Ghinearálta d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Comhaontú LEE, tá ESA, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach, le gníomhartha a ghlacadh, ar gníomhartha iad a chomhfhreagraíonn do na gníomhartha sin arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach.

Leis na Treoirlínte féadfar tagairt a dhéanamh d’ionstraimí beartais áirithe de chuid an Aontais agus do ghníomhartha dlí áirithe de chuid an Aontais nár ionchorpraíodh i gComhaontú LEE. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach forálacha Státchabhrach mar aon le dálaí iomaíochta comhionanna a áirithiú ar fud LEE, déanfaidh ESA, go ginearálta, na pointí tagartha céanna a chur i bhfeidhm leis an gCoimisiún Eorpach agus measúnú á dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá cabhair.

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dó dul i gcomhairle le Stáit CSTE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Déantar na rialacha substainteacha i réimse na Státchabhrach a leasú trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach maidir le critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn. Tá na Treoirlínte i gceangal leis an gCinneadh seo agus is cuid dhílis de iad.

(2)   Cuirfear na Treoirlínte in ionad na dtreoirlínte atá ann cheana chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn (2) le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.

Airteagal 2

Cuirfidh ESA na Treoirlínte i bhfeidhm, leis na hoiriúnuithe seo a leanas i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan bheith teoranta dó sin:

(a)

Más ann do thagairt do “Ballstát” nó “Ballstáit”, léann ESA í mar thagairt do “Stát CSTE” nó “Stáit CSTE” (3), nó i gcás inarb iomchuí “Stát LEE” nó “Stáit LEE”.

(b)

Más ann do thagairt don “Coimisiún Eorpach”, léann ESA í mar thagairt do “Údarás Faireacháin CSTE”.

(c)

Más ann do thagairt do “an Conradh” nó “CFAE”, léann ESA í mar thagairt do “Comhaontú LEE”.

(d)

Más ann do thagairt d’Airteagal 107 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 61 de Chomhaontú LEE agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin.

(e)

Más ann do thagairt d’Airteagal 108 CFAE nó ranna den Airteagal sin, léann ESA í mar thagairt d’Airteagal 1 de Chuid 1 de Phrótacal 3 den Chomhaontú Faireacháin agus Cúirte agus na ranna comhfhreagracha den Airteagal sin.

(f)

Más ann do thagairt don fhoclaíocht “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach”, léann ESA í mar “comhoiriúnach nó neamh-chomhoiriúnach le feidhmiú Chomhaontú LEE”.

(g)

Más ann do thagairt don fhoclaíocht “laistigh (nó lasmuigh) den Aontas”, léann ESA í mar “laistigh (nó lasmuigh) de LEE”.

(h)

Más ann do thagairt do “trádáil laistigh den Aontas”, léann ESA í mar thagairt do “trádáil laistigh de LEE”.

(i)

Má leagtar amach leis na Treoirlínte go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch”, cuireann ESA i bhfeidhm iad maidir le “gach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch nó cuid d’earnálacha de ghníomhaíocht eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme Chomhaontú LEE”.

(j)

Más ann do thagairt d’Fhógraí nó Treoirlínte ón gCoimisiún, léann ESA í mar thagairt do Threoirlínte ESA comhfhreagracha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE

Bente ANGELL-HANSEN

Uachtarán

Comhalta Coláiste Freagrach

Högni S. KRISTJÁNSSON

Comhalta Coláiste

Stefan BARRIGA

Comhalta Coláiste

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  C(2021) 8481 final (OJ C 528, 30.12.2021, p. 10), níor foilsíodh na Treoirlínte in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh fós.

(2)  Cinneadh Uimh. 84/16/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 27 Aibreán 2016 lena leasaítear, den chéad agus aonú huair, na rialacha nós imeachta agus substainteacha i réimse na Státchabhrach trí Threoirlínte nua a thabhairt isteach chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí le feidhmiú Chomhaontú LEE atá Státchabhair chun forghníomhú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn [2017/267], IO L 39, 16.2.2017, lch. 49, agus Forlíonadh LEE Uimh. 11, 16.2.2017, lch. 1.

(3)  Le “Stáit CSTE” tagraítear don Íoslainn, do Lichtinstéin agus don Iorua.


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Critéir chun anailís a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí leis an margadh inmheánach atá Státchabhair chun tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn

1.   RÉAMHRÁ

1.

Sa Teachtaireacht seo tugtar treoraíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar mhaoiniú poiblí tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna) faoi rialacha Státchabhrach an Aontais.

2.

Is féidir le IPCEInna cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, poist, iomaíochas agus athléimneacht don tionscal agus don gheilleagar san Aontas agus a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú, trí nuálaíocht cheannródaíoch agus tionscadail bhonneagair a chumasú trí chomhar trasteorann agus bheadh éifeachtaí iarmharta dearfacha aige sin ar an margadh inmheánach agus ar an tsochaí ina hiomláine.

3.

Le IPCEInna, is féidir eolas, saineolas, acmhainní airgeadais agus gníomhaithe eacnamaíocha ó gach cearn den Aontas a thabhairt le chéile, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar theipeanna tábhachtacha margaidh nó sistéamacha nó ar dhúshláin shochaíocha nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu murach sin. Dearadh iad chun na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a thabhairt le chéile chun tabhairt faoi thionscadail ar an scála mór lena mbaineann tairbhe suntasach don Aontas agus dá shaoránaigh.

4.

Féadfaidh IPCEInna a bheith mar bhonn taca faoi gach beartas agus gníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí Eorpacha comhchoiteanna a bhaint amach, go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip (1), an Straitéis Dhigiteach (2) agus an Deacáid Dhigiteach (3), an Straitéis Eorpach Nua maidir le Tionsclaíocht (4) agus an leagan nuashonraithe di (5), an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí (6) agus Next Generation EU (7). Féadfaidh IPCEInna cur le téarnamh inbhuanaithe i ndiaidh suaití tromchúiseacha ar an ngeilleagar amhail iad sin a cruthaíodh mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus féadfaidh siad tacú leis na hiarrachtaí chun athléimneacht shochaíoch agus eacnamaíoch an Aontais a neartú.

5.

Ag cur na Straitéise Nua maidir le Tionsclaíocht don Eoraip agus na Straitéise um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) (8) san áireamh, tá sé tábhachtach go mbeidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in ann tairbhiú díobh. Agus measúnú á dhéanamh aige cuirfidh an Coimisiún san áireamh tosca ar bith lena léirítear gur lú an dóchúlacht go ndéanfadh an chabhair a dtugtar fógra ina leith iomaíocht a shaobhadh go míchuí, mar shampla mar gheall ar mhéid na cabhrach.

6.

Is minic a éilítear le húsáid IPCEInna go mbeadh rannpháirtíocht shuntasach ann ó údaráis phoiblí uair ar bith nach ndéanfadh an margadh tionscadail den sórt sin a mhaoiniú murach sin. Sa Teachtaireacht sin leagtar amach na rialacha a bhfuil feidhm leo i gcásanna ina bhfuil Státchabhair i gceist le maoiniú poiblí tionscadal den sórt sin, chun Státchabhair le haghaidh IPCEInna a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Go háirithe, is é is aidhm do na rialacha a áirithiú nach ndéanann cabhair den sórt sin difear tromchúiseach a oiread is míchuí do choinníollacha trádála idir na Ballstáit, agus na héifeachtaí atá ag cabhair den sórt sin ar thrádáil agus ar iomaíochas a theorannú a laghad is gá.

7.

Le hAirteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear i ndáil le cabhair chun feidhmiú tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn, go bhféadfaí an chabhair sin a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Dá réir sin, leagtar amach sa Teachtaireacht sin treoraíocht maidir leis na critéir a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar Státchabhair a dheonaítear chun feidhmiú IPCEInna a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, leagtar amach inti a raon feidhme agus ansin soláthraítear liosta de na critéir a úsáidfidh an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chineál agus ar thábhacht IPCEInna chun Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh a chur i bhfeidhm. Ansin, mínítear an bealach a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht mhaoiniú poiblí IPCEInna le rialacha Státchabhrach.

8.

Ní eisiatar leis an Teachtaireacht sin an fhéidearthacht go bhféadfaí a chinneadh freisin go bhfuil cabhair chun feidhmiú IPCEInna a chur chun cinn comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn forálacha eile den Chonradh, go háirithe Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh. D’fhéadfadh sé nach dtabharfaí aghaidh go hiomlán áfach ar ábharthacht, sainiúlachtaí agus gnéithe IPCEInna sna forálacha sin den Chonradh. D’fhéadfadh sé go n-éileofaí leo sin rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht, comhoiriúnacht agus nósanna imeachta, mar a leagtar amach sa Teachtaireacht seo.

2.   RAON FEIDHME

9.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm maidir le IPCEInna i ngach earnáil de ghníomhaíocht eacnamaíoch.

10.

Níl feidhm ag na prionsabail sin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bearta arb é atá iontu cabhair le haghaidh gnóthas i gcruachás, mar a shainítear sna treoirlínte maidir le teacht i gcabhair agus athstruchtúrú (9) nó aon treoirlíne a thagann i ndiaidh na dtreoirlínte sin, cé is moite de ghnóthais nach raibh i gcruachás an 31 Nollaig 2019 ach a tháinig chun bheith ina ngnóthais i gcruachás an 1 Eanáir 2020 nó dá éis fad is a chuirtear an Creat Sealadach (10) i bhfeidhm;

(b)

bearta arb é atá iontu cabhair le haghaidh gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach;

(c)

bearta cabhrach arb é atá iontu féin, de bhua na gcoinníollacha a ghabhann leo nó de bhua a modh maoinithe, sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais (11), go háirithe:

(i)

bearta cabhrach ar i gcomhréir leo atá deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go mbeadh ceanncheathrú ag an tairbhí sa Bhallstát lena mbaineann nó a bheith bunaithe go príomha sa Bhallstát sin,

(ii)

hoibleagáide go n-úsáidfidh an tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta, bearta cabhrach ar i gcomhréir leo atá deonú na cabhrach faoi réir na

(iii)

ndéanfaidh an tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a fuarthas a úsáid i mBallstáit eile. bearta cabhrach lena gcuirtear srian ar an bhféidearthacht go

3.   CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA

11.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cibé atá nó nach bhfuil tionscadal laistigh de raon feidhme Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i roinn 3.1, roinn 3.2 agus i roinn 3.3 den Teachtaireacht seo i bhfeidhm.

3.1.   Sainmhíniú ar thionscadal

12.

Ní mór an togra cabhrach a bheith bainteach le haon tionscadal amháin, atá sainithe go soiléir i leith na gcuspóirí atá leis chomh maith le téarmaí a chur chun feidhme, lena n-áirítear rannpháirtithe an togra agus maoiniú an togra (12).

13.

Féadfaidh an Coimisiún “tionscadal comhtháite” a mheas mar thionscadal incháilithe freisin, is é sin, grúpa tionscadal aonair arna gcur isteach i struchtúr, treochlár nó i gclár comhchoiteann a dhíríonn ar an gcuspóir céanna agus atá bunaithe ar chur chuige córasach comhleanúnach. Féadfaidh baint a bheith ag comhpháirteanna aonair den tionscadal comhtháite le leibhéil ar leithligh den slabhra soláthair ach ní mór dóibh a bheith comhlántach agus luach suntasach a chur leis ina rannchuidiú chun an cuspóir Eorpach a bhaint amach (13).

3.2.   Leas na hEorpa i gcoitinne

3.2.1.   Critéir charnacha ghinearálta

14.

Ní mór rannchuidiú tábhachtach coincréiteach, soiléir agus inaitheanta i dtreo chuspóirí nó straitéisí an Aontais a léiriú leis an tionscadal agus ní mór tionchar suntasach a bheith aige ar fhás inbhuanaithe, mar shampla trí bheith an-tábhachtach don Chomhaontú Glas don Eoraip, don Straitéis Dhigiteach, don Deacáid Dhigiteach agus don Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, don Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip agus an nuashonrú a rinneadh air, do NextGenerationEU, d’Aontas Sláinte na hEorpa (14), don Limistéar Taighde nua Eorpach le haghaidh taighde agus nuálaíochta (15), don Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach (16), nó do chuspóir an Aontais chun bheith aeráidneodrach faoi 2050, i measc cuspóirí eile.

15.

Ní mór a léiriú leis an tionscadal gur dearadh é chun teipeanna tábhachtacha margaidh nó teipeanna sistéamacha a shárú, agus nach bhféadfaí an tionscadal a dhéanamh a mhéid céanna nó ar an mbealach céanna in éagmais na cabhrach, nó go bhfuil sé deartha chun dúshláin shochaíocha a shárú, rudaí nach dtabharfaí aghaidh orthu nó nach réiteofaí ar bhealach leordhóthanach murach é.

16.

Ní mór de ghnáth do cheithre Bhallstát ar a laghad a bheith rannpháirteach sa tionscadal mura bhfuil údar maith le líon níos lú de bharr chineál an tionscadail (17), agus ní mór gan a thairbhí a bheith teoranta do mhaoiniú Ballstát amháin, ach a bheith leathnaithe amach chuig cuid níos leithne den Aontas. Ní mór tairbhí an tionscadail a bheith sainithe go soiléir ar bhealach coincréiteach agus inaitheanta (18).

17.

Ní mór fíordheis a thabhairt do gach Ballstát a bheith rannpháirteach i dtionscadal atá ag teacht chun cinn. Ní mór do Bhallstáit a thugann fógra a léiriú gur cuireadh na Ballstáit uile ar an eolas faoi theacht chun cinn féideartha tionscadail, mar shampla trí bhíthin teagmhálaithe, comhghuaillíochtaí, cruinnithe nó imeachtaí meaitseála a bhfuil FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta rannpháirteach iontu freisin agus ar tugadh deis dóibh a bheith rannpháirteach.

18.

Níor cheart tairbhí an tionscadail a bheith teoranta do na gnóthais ná don earnáil lena mbaineann ach a bheith ábhartha agus i bhfeidhm ar bhealach níos leithne maidir leis an ngeilleagar nó leis an tsochaí san Aontas trí éifeachtaí iarmhartacha dearfacha (amhail éifeachtaí sistéamacha a bheith acu ar leibhéil iomadúla den slabhra luacha, nó ar mhargaí uas-srutha nó íos-srutha, nó úsáidí malartacha a bheith acu in earnálacha eile nó aistriú módúil a bheith ag baint leo) atá sainithe go soiléir ar bhealach coincréiteach agus inaitheanta.

19.

Ní mór cómhaoiniú tábhachtach ón tairbhí a bheith mar chuid den tionscadal freisin (19).

20.

Ní mór do Bhallstáit fianaise a sholáthar cibé an gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an tionscadal an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile (20). Agus éifeachtaí dearfacha na cabhrach á gcothromú ar an iomlán in aghaidh éifeachtaí diúltacha na cabhrach ar iomaíocht agus trádáil, measfaidh an Coimisiún gur toisc thábhachtach ina mheasúnú go bhfuiltear ag comhlíonadh an phrionsabail sin. Go ginearálta, ní dócha go mbeadh dóthain éifeachtaí leordhóthanacha ag infheistíochtaí a dhéanann dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a d’fhágfadh go mbeidís níos mó ná na héifeachtaí diúltacha a bheadh acu ar iomaíochas agus trádáil. Tá éifeachtaí dearfacha tionscadail chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna tábhachtacha sistéamacha nó margaidh nó ar dhúshláin shochaíocha nach bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu murach sin faoi réir measúnú indibhidiúlaithe i ngach cás.

3.2.2.   Táscairí dearfacha ginearálta

21.

Anuas ar na critéir charnacha i Roinn 3.2.1, tabharfaidh an Coimisiún dá aire go dearfach na gnéithe a leanas arna moladh ag na Ballstáit:

(a)

tá baint ag an gCoimisiún nó ag aon chomhlacht dlíthiúil ar tharmlig an Coimisiún a chumhachtaí chuige le dearadh an tionscadail, amhail an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(b)

tá baint ag an gCoimisiún nó ag aon chomhlacht dlíthiúil ar tharmlig an Coimisiún a chumhachtaí chuige le roghnú an tionscadail, ar choinníoll go ngníomhaíonn an comhlacht sin chun na críche sin mar struchtúr cur chun feidhme;

(c)

tá baint ag an gCoimisiún nó ag aon chomhlacht dlíthiúil ar tharmlig an Coimisiún a chumhachtaí chuige, agus ag na Ballstáit rannpháirteacha le struchtúr rialachais an tionscadail;

(d)

tá idirghníomhaíochtaí comhoibríocha tábhachtacha i dtéarmaí an líon comhpháirtithe, rannpháirtíocht eagraíochtaí ó earnálacha éagsúla, nó rannpháirtíocht ghnóthais de mhéideanna éagsúla agus, go háirithe, comhar idir fiontair mhóra agus FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, i mBallstáit éagsúla i gceist leis an tionscadal agus tacaíonn sé le forbairt na réigiún atá níos mó faoi mhíbhuntáiste;

(e)

tá comhchistiú nó cómhaoiniú ó chiste de chuid an Aontais (21) i mbainistíocht dhíreach, indíreach nó chomhroinnte, i gceist leis an tionscadal;

(f)

tá ranníocaíocht shuntasach ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha i gceist leis an tionscadal (22);

(g)

tugtar aghaidh sa tionscadal ar spleáchas straitéiseach suntasach atá sainaitheanta go soiléir.

3.2.3.   Critéir shonracha

22.

Ní mór do thionscadail Taighde agus Forbartha agus Nuálaíochta (“T&F&N”) a bheith de chineál mór-nuálaíochta nó breisluach tábhachtach i dtéarmaí T&F&N a chuimsiú i bhfianaise na scotha san earnáil lena mbaineann (23).

23.

Tionscadail a bhfuil an chéad chur in úsáid tionsclaíoch mar chuid díobh, ní mór dóibh ceadú do tháirge nó seirbhís nua ag a bhfuil ard-inneachar taighde agus nuálaíochta a fhorbairt nó do phróiseas táirgthe atá nuálach go bunúsach a chur in úsáid. Ní cháilíonn uasghráduithe tráthrialta gan gné nuálach maidir le saoráidí atá ann cheana féin ná forbairt leaganacha níos nuaí de tháirgí atá ann cheana mar chéad chur in úsáid tionsclaíoch.

24.

Chun críche na Teachtaireachta seo, ciallaíonn an chéad chur in úsáid tionsclaíoch uas-scálú saoráidí píolótacha, monarchana taispeántais nó trealamh agus saoráidí ceannródaíocha a chumhdaíonn na céimeanna a thagann i ndiaidh na líne píolótaí, lena n-áirítear céim na tástála agus táirgeadh baisce a thabhairt chun scála, ach ní chumhdaítear olltáirgeadh ná gníomhaíochtaí tráchtála leis (24). Cinntear deireadh an chéad chur in úsáid tionsclaíoch ag cur, inter alia, na dtáscairí ábhartha a bhaineann le T&F&N lena léirítear acmhainneacht chun tús a chur le holltáirgeadh, san áireamh. Féadfar na chéad ghníomhaíochtaí cur in úsáid tionsclaíoch a mhaoiniú le Státchabhair a fhad agus a leanann an chéad chur in úsáid thionsclaíoch as gníomhaíocht T&F&N arb é atá ann comhpháirt thábhachtach T&F&N ann féin ar eilimint dhílis agus riachtanach é le haghaidh chur chun feidhme rathúil an tionscadail. Ní gá go dtabharfadh an t-eintiteas céanna a rinne an ghníomhaíocht T&F&N faoin gcéad chur in úsáid tionsclaíoch, a fhad agus a fhaigheann an t-eintiteas sin na cearta chun na torthaí ón ngníomhaíocht T&F&N a úsáid, agus go dtugtar tuairisc ar an ngníomhaíocht T&F&N agus ar an gcéad chur in úsáid tionsclaíoch araon sa tionscadal.

25.

Tionscadail bhonneagair sna hearnálacha comhshaoil, fuinnimh, iompair, sláinte nó digiteacha, a mhéid nach gcumhdaítear iad le pointí 22 agus 23, ní mór tábhacht mhór a bheith iontu do straitéisí comhshaoil, aeráide, fuinnimh (lena n-áirítear slándáil agus soláthar fuinnimh), iompair, sláinte, tionsclaíocha nó digiteacha an Aontais nó ní mór dóibh cur leis an margadh inmheánach ar bhealach suntasach, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do na hearnálacha sonracha sin, agus d’fhéadfaí tacú leo ar feadh na tréimhse go dtí go mbeidh siad feidhmiúil go hiomlán i ndiaidh a dtógála.

3.3.   Tábhacht an tionscadail

26.

Chun cáiliú mar IPCEI, ní mór do thionscadal a bheith tábhachtach go cainníochtúil nó go cáilíochtúil. Ba cheart don tionscadal a bheith tábhachtach go háirithe ó thaobh méide nó raoin feidhme de nó riosca an-suntasach teicneolaíochta nó airgeadais, nó an dá cheann a bheith ag baint leis. Chun tábhacht tionscadail a chinneadh, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i roinn 3.2 san áireamh.

4.   CRITÉIR CHOMHOIRIÚNACHTA

27.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht státchabhrach leis an margadh inmheánach chun feidhmiú IPCEI a chur chun cinn ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh, cuirfidh an Coimisiún na critéir (25) a leagtar amach i ranna 4.1, 4.2 agus 4.3 den Teachtaireacht seo san áireamh.

28.

Déanfaidh an Coimisiún, de réir bhrí roinn 4.2, tástáil cothromúcháin chun a mheas cibé an mó, nó nach mó, éifeachtaí dearfacha beartaithe na cabhrach ná na héifeachtaí diúltacha féideartha.

29.

Ag cur cineál an tionscadail san áireamh, féadfaidh an Coimisiún glacadh leis go bhfuil teipeanna tábhachtacha margaidh nó sistéamacha nó dúshláin shochaíocha atá ann, chomh maith leis an rannchuidiú le leas na hEorpa i gcoitinne, le haghaidh comhpháirteanna aonair de thionscadal comhtháite ina gcomhlíonann an tionscadal na critéir incháilitheachta a leagtar amach i Roinn 3.

4.1.   Gá agus comhréireacht na cabhrach

30.

Ní mór gan fóirdheonú a dhéanamh leis an gcabhair ar chostais tionscadail a thabhódh gnóthas ar aon chaoi agus ní mór di gan an gnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a chúiteamh. Ba cheart é a bheith dodhéanta an tionscadal a bhaint amach d’uireasa na cabhrach, nó níor cheart go mbeadh sé indéanta ach ar scála níos lú, le raon feidhme níos cúinge, nó gan dóthain luais, nó ar bhealach éagsúil a chuirfeadh srian suntasach leis na tairbhí a mbeadh coinne leo (26). Ní mheasfar cabhair a bheith comhréireach ach amháin murar féidir an toradh céanna a bhaint amach le níos lú cabhrach.

31.

Ní mór do na Ballstáit faisnéis leordhóthanach a sholáthar don Choimisiún maidir leis an tionscadal ar tugadh an chabhair dó chomh maith le tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, a chomhfhreagraíonn do chás nach ndeonaíonn aon Bhallstát aon chabhair (27). D’fhéadfadh an cás frithfhíorasach a bheith ann in éagmais tionscadail mhalartaigh, i gcás ina dtacaíonn fianaise gurb é sin an cás frithfhíorasach is dóichí, nó i dtionscadal malartach a mheasann ceann de na tairbhithe ina gcinnteoireacht inmheánach, agus d’fhéadfadh sé go mbainfeadh sé le tionscadal malartach a dhéantar ina iomláine nó i bpáirt lasmuigh den Aontas. Chun creidiúnacht an cháis fhrithfhíorasaigh a chuireann na tairbhithe i láthair a thaispeáint, iarrtar ar na Ballstáit a thugann fógra doiciméid inmheánacha ábhartha a sholáthar de na tairbhithe, amhail cuir i láthair, anailísí, tuarascálacha agus staidéir de chuid an bhoird (28).

32.

In éagmais tionscadail mhalartaigh, fíoróidh an Coimisiún nach mó méid na cabhrach ná an t-íosmhéid is gá don tionscadal a fhaigheann cabhair le bheith sách brabúsach, mar shampla trí chur ar a chumas dó ráta toraidh inmheánach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn don tagarmharc nó don íosráta toraidh a bhaineann go sonrach leis an earnáil nó leis an ngnólacht. Féadfar gnáthrátaí toraidh a éilíonn na tairbhithe i dtionscadail infheistíochta eile den chineál céanna, a gcostais chaipitil ina n-iomláine nó torthaí a fheictear go coitianta sa tionscal lena mbaineann a úsáid chun na críche sin freisin. Ní mór gach costas agus tairbhe ábhartha a bhfuil coinne leo thar shaolré an tionscadail a mheas.

33.

Déanfar an leibhéal uasta cabhrach a cheadófar a chinneadh maidir leis an mbearna cistithe sainaitheanta i ndáil leis na costais incháilithe. Má thugann an anailís ar an mbearna cistithe údar leis, d’fhéadfadh an déine cabhrach na costais incháilithe uile a chumhdach. Tagraíonn an bhearna cistithe don difríocht idir na sreafaí airgid dearfacha agus na sreafaí airgid diúltacha le linn shaolré na hinfheistíochta, agus iad lascainithe chuig a luach reatha ar bhonn fachtóra lascainithe iomchuí a léiríonn an ráta toraidh is gá don tairbhí chun an tionscadal a dhéanamh, go háirithe i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leis. Leagtar amach na costais incháilithe san Iarscríbhinn (29).

34.

I gcás ina léirítear, mar shampla trí bhíthin doiciméid inmheánacha cuideachta, go bhfuil rogha shoiléir roimh thairbhí na cabhrach idir an tionscadal a fhaigheann cabhair nó tionscadal malartach gan chabhair, déanfaidh an Coimisiún comparáid idir glanluachanna na hinfheistíochta a bhfuil coinne leo sa tionscadal a fhaigheann cabhair agus an tionscadal frithfhíorasach, agus na féidearthachtaí go dtarlódh na cásanna gnó éagsúla á gcur san áireamh.

35.

Féadfar státchabhair chun feidhmiú IPCEInna a chur chun cinn a charnadh in éineacht le cistiú ón Aontas nó le Státchabhair eile, ar choinníoll nach mó méid iomlán an chistithe poiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe céanna ná an ráta cistithe is fabhraí a leagtar síos sna rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais.

36.

Mar chosaint bhreise chun a áirithiú go mbíonn an Státchabhair fós comhréireach agus teoranta don mhéid is gá, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát a thugann fógra sásra aisghlámtha a chur chun feidhme (30). Ba cheart don mheicníocht aisghlámtha dáileadh cothrom de ghnóthachain bhreise a áirithiú i gcás ina bhfuil an tionscadal níos brabúsaí ná mar a bhí coinne leis san anailís ar an mbearna cistithe dá tugadh fógra agus níor cheart feidhm a bheith leis ach amháin ar na hinfheistíochtaí sin, bunaithe ar na torthaí sreafa airgid ex post agus ar eisíocaíochtaí Státchabhrach, a bhaineann ráta toraidh amach ar mó é ná costas caipitil na dtairbhithe. Ba cheart go saineofaí roimh ré in aon mheicníocht aisghlámtha den sórt sin chun intuarthacht airgeadais a sholáthar le haghaidh tairbhithe tráth a dhéantar cinneadh maidir le rannpháirtíocht sa tionscadal. Ba cheart meicníocht den sórt sin a dhearadh ar bhealach chun dreasachtaí láidre a choinneáil le haghaidh tairbhithe chun a n-infheistíocht agus a bhfeidhmíocht tionscadail a uasmhéadú.

37.

Cuirfidh an Coimisiún na gnéithe a leanas san áireamh ina anailís:

(a)

sonraíocht an athraithe atá beartaithe: ní mór don Bhallstát an t-athrú in iompraíocht a bhfuil coinne leis mar gheall ar an Státchabhair a shonrú, is é sin, cibé a chuirfear, nó nach gcuirfear, tús le tionscadal nua, nó cibé a dhéanfar nó nach ndéanfar méid, raon feidhme, luas nó gné thrasteorann de thionscadal a fheabhsú. Ní mór don athrú in iompraíocht a shainaithint trí chomparáid a dhéanamh idir an toradh a bhfuil coinne leis agus an leibhéal gníomhaíochta beartaithe leis an gcabhair agus gan an chabhair. Léirítear sa difríocht idir an dá chás tionchar an bhirt cabhrach agus an éifeacht dreasachta atá aige;

(b)

an leibhéal brabúsachta: i gcás nach mbeadh tionscadal brabúsach leis féin ar bhealach leordhóthanach go dtabharfadh gnóthas príobháideach faoi, ach go nginfeadh sé tairbhí tábhachtacha don tsochaí, is mó is dóichí go mbeadh éifeacht dreasachta ag an gcabhair.

38.

Ionas go dtabharfaí aghaidh ar shaobhadh díreach nó indíreach iarbhír nó féideartha ar an trádáil idirnáisiúnta, d’fhéadfadh an Coimisiún a chur san áireamh go bhfuair iomaitheoirí atá suite lasmuigh den Aontas, go díreach nó go hindíreach, cabhair le 3 bliana anuas, nó go bhfaighidh siad cabhair de dhéine coibhéiseach le haghaidh tionscadal comhchosúil. I gcás inar dóichí go dtarlóidh saobhadh ar thrádáil idirnáisiúnta tar éis níos mó ná 3 bliana, áfach, i bhfianaise cineál áirithe na hearnála i gceist, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse tagartha dá réir sin. Más féidir ar chor ar bith, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann fianaise leordhóthanach don Choimisiún chun é a chur ar a chumas dó measúnú a dhéanamh ar an gcás, go háirithe ar an ngá atá leis an mbuntáiste iomaíoch a bhíonn ag iomaitheoir tríú tír a chur san áireamh. Mura bhfuil fianaise ag an gCoimisiún maidir leis an gcabhair arna dámhadh nó atá beartaithe, d’fhéadfadh sé a chinneadh a bhunú ar fhianaise imthoisceach freisin. Féadfaidh an Coimisiún gníomh iomchuí a ghlacadh freisin chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh ar iomaíocht a eascraíonn as fóirdheontais a fhaightear ó lasmuigh den Aontas.

39.

Le linn don Choimisiún fianaise a bhailiú, féadfaidh sé a chumhachtaí imscrúdaithe a úsáid (31).

40.

Ní mór an rogha maidir le hionstraim chabhrach a dhéanamh ag féachaint ar an teip mhargaidh nó ar theipeanna tábhachtacha sistéamacha eile a fhéachann sí le haghaidh a thabhairt orthu. Mar shampla, i gcás inarb é easpa rochtana ar mhaoiniú an bhunfhadhb, ba cheart do Bhallstáit cabhair i bhfoirm tacaíochta leachtachta, amhail iasacht nó ráthaíocht, a roghnú de ghnáth (32). I gcás ina bhfuil gá leis freisin chun méid áirithe comhroinnte riosca a sholáthar don ghnóthas, ba cheart airleacan inaisíoctha a bheith ar an rogha ionstraime cabhrach de ghnáth. Measfar gur táscaire dearfach iad ionstraimí cabhrach inaisíoctha go ginearálta.

41.

Measfar gur táscaire dearfach é roghnú tairbhithe trí nós imeachta iomaíoch, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

4.2.   Saobhadh míchuí ar iomaíocht a sheachaint agus tástáil cothromúcháin

42.

Ní mór do na Ballstáit fianaise a sholáthar gurb éard atá sa bheart cabhrach beartaithe an ionstraim beartais iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar chuspóir an tionscadail. Ní bhreithneofar go mbeidh beart cabhrach iomchuí más rud é gur féidir an toradh céanna a bhaint amach le hionstraimí beartais eile nach bhfuil chomh saobhach céanna nó le cineálacha ionstraimí cabhrach eile nach bhfuil chomh saobhach céanna.

43.

Chun go mbeidh an chabhair comhoiriúnach, ní mór éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach i dtéarmaí saobhadh ar an iomaíocht agus tionchar ar an trádáil idir na Ballstáit a bheith teoranta agus gur mó na héifeachtaí dearfacha a bhaineann léi i dtéarmaí rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le leas na hEorpa i gcoitinne.

44.

Agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach, díreoidh an Coimisiún a anailís ar an tionchar intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcabhair ar an iomaíocht idir gnóthais sna margaí táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear margaí uas-srutha nó íos-srutha, agus an riosca a bhaineann le ró-acmhainneacht.

45.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca a bhaineann le foriamh agus ceannasacht margaidh. Tionscadail a bhfuil tógáil bonneagair i gceist leo (33), ní mór dóibh na prionsabail a bhaineann le rochtain oscailte agus neamh-idirdhealaitheach ar an mbonneagar agus praghsáil agus feidhmiú líonra neamh-idirdhealaitheach a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad siúd a leagtar síos i ndlí an Aontais (34).

46.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar thrádáil, lena n-áirítear an riosca maidir le rás fóirdheontais idir Ballstáit, rud a d’fhéadfadh tarlú go háirithe maidir leis an rogha suímh.

47.

Sa mheasúnú a dhéanfaidh sé ar na héifeachtaí diúltacha féideartha ar thrádáil, measfaidh an Coimisiún cibé atá, nó nach bhfuil, an chabhair ag brath ar athshocrú gníomhaíocht táirgthe nó aon ghníomhaíocht eile de chuid an tairbhí ó Pháirtí Conarthach eile sa Chomhaontú LEE chuig críoch an Bhallstáit a bhfuil an chabhair á deonú aige. Dhealródh sé go mbeadh coinníoll den sórt sin díobhálach don mhargadh inmheánach, gan beann ar an líon post a cailleadh iarbhír le bunú tosaigh an tairbhí in LEE, agus ní dócha go ndéanfaidh aon éifeacht dhearfach é sin a chúiteamh.

4.3.   Trédhearcacht

48.

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana nó ar shuíomh gréasáin Státchabhrach cuimsitheach, ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

(a)

téacs iomlán an chinnidh deonúcháin cabhrach aonair agus a fhorálacha cur chun feidhme, nó nasc chuige;

(b)

aitheantas an údaráis nó na n-údarás deonúcháin;

(c)

ainm agus aitheantóir gach tairbhí, cé is moite de rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile i gcásanna a dtabharfar údar cuí leo agus faoi réir chomhaontú an Choimisiúin i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rúndacht ghairmiúil i gcinntí Státchabhrach (35);

(d)

an ionstraim chabhrach (36), an ghné chabhrach agus, i gcás ina mbeidh sé éagsúil leis, méid ainmniúil na cabhrach, arna shloinneadh mar an méid iomlán san airgeadra náisiúnta a deonaíodh do gach tairbhí;

(e)

an dáta deonaithe agus an dáta foilsithe;

(f)

an cineál tairbhí (FBM/cuideachta mhór/gnólacht nuathionscanta);

(g)

an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe (ar leibhéal NUTS II nó faoina bhun);

(h)

an phríomhearnáil eacnamaíoch ina bhfuil a chuid gníomhaíochtaí ag an tairbhí (ar leibhéal ghrúpa NACE);

(i)

cuspóir na cabhrach.

49.

Tá feidhm ag an gceanglas i ndáil le faisnéis a fhoilsiú maidir le dámhachtainí cabhrach aonair níos mó ná EUR 100 000. Ní mór faisnéis den sórt sin a fhoilsiú tar éis an cinneadh chun an chabhair a dheonú a bheith déanta, ní mór í a choimeád ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta (37).

5.   FÓGRA A THABHAIRT, TUAIRISCIÚ AGUS CUR I bhFEIDHM

5.1.   Oibleagáid maidir le fógra a thabhairt

50.

De réir Airteagal 108(3) den Chonradh, ní mór do Bhallstáit fógra a thabhairt don Choimisiún roimh ré maidir le haon phlean atá acu Státchabhair a dheonú nó a athrú, lena n-áirítear cabhair le haghaidh IPCEI.

51.

Iarrtar ar Bhallstáit atá ag gabháil don IPCEI céanna, aon uair is féidir, fógra comhpháirteach a thabhairt don Choimisiún, lena n-áirítear téacs chomhpháirteach ina dtugtar tuairisc ar an IPCEI agus ina léirítear a incháilitheacht.

5.2.   Meastóireacht agus tuairisciú ex post

52.

Ní mór d’fheidhmiú an tionscadail a bheith faoi réir tuairiscithe rialta. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ex post.

5.3.   Iarratas

53.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.

54.

Cuirfidh an Coimisiún na prionsabail sin i bhfeidhm maidir leis na tionscadail chabhrach uile dá dtugtar fógra ina leith agus a n-iarrtar air cinneadh a dhéanamh ina leith an 1 Eanáir 2022 nó dá éis, fiú i gcás inar tugadh fógra maidir leis an tionscadal roimh an dáta sin.

55.

I gcomhréir leis an bhFógra i dtaca leis na rialacha is infheidhme a chinneadh, ar rialacha iad maidir le measúnú a dhéanamh ar Státchabhair neamhdhleathach (38), cuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Teachtaireacht seo i bhfeidhm má deonaíodh an chabhair an 1 Eanáir 2022 nó dá éis, agus na rialacha a bhí i bhfeidhm tráth ar deonaíodh an chabhair i ngach cás eile.

(1)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “The European Green Deal”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “An Comhaontú Glas don Eoraip”], COM(2019) 640 final, 11 Nollaig 2019.

(2)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “Shaping Europe’s digital future”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – “Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú”], COM(2020) 67 final, 19 Feabhra 2020.

(3)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:the European way for the Digital Decade”, (“Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach”], COM(2021), 118 final, 9 Márta 2021.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip”, COM(2020) 102 final, 10 Márta 2020.

(5)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “Updating the 2020 New Industrial Strategy: [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Ag Nuashonrú Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], COM(2021) 350 final, 5 Bealtaine 2021.

(6)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “A European strategy for data”, [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Straitéis Eorpach maidir le sonraí”], COM(2020) 66 final, 19 Feabhra 2020.

(7)  Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – “Europe’s moment: [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:] Repair and Prepare for the Next Generation”, [Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile]”, COM(2020) 456 final, 27 Bealtaine 2020.

(8)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions “An SME Strategy for a sustainable and digital Europe” [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún “Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach”], COM(2020)103 final, 10 Márta 2020.

(9)  Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1). Mar a mhínítear i mír 23 de na treoirlínte sin, toisc go bhfuil baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an ngnóthas ar fad, ní féidir a mheas gur meán cuí é gnóthas i gcruachás chun cuspóirí eile a bhaineann le beartas poiblí a chur chun cinn ach amháin go dtí go ndearbhófar inmharthanacht an ghnóthais sin.

(10)  Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair (IO C 91I, 20.3.2020, lch. 1) agus na leasuithe air.

(11)  Féach, mar shampla, Cás C-156/98, An Ghearmáin v. An Coimisiún, [2000] ECLI:EU:C:2000:467, mír 78 agus Cás C-333/07 Régie Networks v. Rhone Alpes Bourgogne [2008] ECLI:EU:C:2008:764, míreanna 94 go 116.

(12)  I gcás taighde agus forbartha, nuair nach féidir dhá thionscadal nó níos mó a scaradh go soiléir óna chéile agus, go háirithe nuair nach bhfuil dóchúlachtaí neamhspleácha maidir le rath teicneolaíochta acu, ní mór iad a mheas mar thionscadal aonair.

(13)  Tagraítear do thionscadal aonair agus do thionscadal comhtháite mar “tionscadal” anseo feasta.

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, – “Aontas Sláinte na hEorpa a thógáil - ullmhacht agus athléimneacht”, COM/2020/724 final, 11 Samhain 2020.

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “Limistéar Eorpach Taighde le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta”, COM(2020) 628 final, 30 Meán Fómhair 2020.

(16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche”, COM(2020)98 final, 11 Márta 2020.

(17)  Féadfar údar a thabhairt le líon níos lú Ballstát, ach nach lú ná dhá bhallstát, ar bhonn eisceachtúil i ndálaí atá réasúnaithe mar is cuí, mar shampla, má bhaineann an tionscadal le bonneagair thaighde idirnasctha, tionscadail GTE-F agus TEN-T a mbaineann tábhacht thrasnáisiúnta bhunúsach leo toisc go bhfuil siad mar chuid de líonra trasteorann atá nasctha go fisiciúil nó toisc go bhfuil siad fíor-riachtanach chun bainistíocht tráchta nó idir-inoibritheacht thrasteorann a fheabhsú; nó toisc go bhfuil an tionscadal maoinithe le cistí an Aontais, a dteastaíonn forálacha dlíthiúla i leith comhoibriú ó líon níos ísle de Bhallstáit rannpháirteacha. I ngach cás, ní mór tionscadail a dhearadh ar bhealach trédhearcach i gcomhréir le pointe 17.

(18)  Díreach toisc go bhfuil an tionscadal á dhéanamh ag gnóthais i dtíortha éagsúla, nó go n-úsáideann gnóthais atá bunaithe i mBallstáit éagsúla bonneagar taighde ina dhiaidh sin, ní leor na rudaí sin chun tionscadal a cháiliú mar IPCEI. Sheas an Chúirt le beartas an Choimisiúin faoina meastar go bhféadfaí tuairisc a thabhairt ar thionscadal mar thionscadal atá ar son leas na hEorpa i gcoitinne chun críocha Airteagal 107(3), pointe (b) nuair is cuid é de chlár trasnáisiúnta Eorpach a gcomhthacaíonn roinnt rialtas de chuid na mBallstát leis, nó a eascraíonn as gníomhaíocht chomhbheartaithe ag roinnt Ballstát chun bagairt chomhchoiteann a chomhrac. Cásanna Uamtha C-62/87 agus 72/87 Exécutif regional wallon and SA Glaverbel v.an Coimisiún [1988] ECLI:EU:C:1988:132, mír 22.

(19)  Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar mhéid an chómhaoinithe, cuirfidh an Coimisiún saintréithe earnálacha agus FBManna áirithe san áireamh. I gcásanna eisceachtúla, agus in imthosca atá réasúnaithe mar is cuí, féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil údar le cabhair fiú in éagmais cómhaoinithe thábhachtaigh ón tairbhí.

(20)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13). Le haghaidh bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhformheas ag an gComhairle, meastar go gcomhlíontar an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar fíoraíodh é sin cheana.

(21)  Ní Státchabhair é cistiú ón Aontas arna bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais nach bhfuil faoi smacht go díreach nó go hindíreach ag na Ballstáit. Féadfar Státchabhair a charnadh le maoiniú ó chiste de chuid an Aontais ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe 35.

(22)  Ní mór cuntas a thabhairt ar an rannchuidiú de shócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, chomh maith le talamh, ag praghas an mhargaidh.

(23)  D’fhéadfadh, i gcás inarb ábhartha, dul chun cinn céimneach i dtreo na scotha a bheith i gceist leis sin, a mhéid a dhíríonn agus a thugtar tuairisc inchreidte i dtionscadal rannpháirteach ar an mbealach a rachaidh sé thar scoth den sórt sin.

(24)  Déantar díolacháin theoranta, i gcás inar gá san earnáil shonrach, a bhaineann leis an gcéim thástála, lena n-áirítear díolacháin samplaí, díolacháin chun aiseolas a fháil nó díolacháin deimhnithe, a eisiamh ón nóisean a bhaineann le “gníomhaíochtaí tráchtála”.

(25)  De réir na Cúirte Breithiúnais, tairbhíonn an Coimisiún de dhiscréid a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar chomhoiriúnacht IPCEInna. Cásanna Uamtha C-62/87 agus 72/87 Exécutif regional wallon and SA Glaverbel v.an Coimisiún [1988] ECLI:EU:C:1988:132, mír 21.

(26)  Ní mór cur i bhfeidhm na cabhrach tarlú sula dtosaíonn na hoibreacha, is é sin ag tús na hoibreacha ullmhúcháin ar an infheistíocht nó an chéad ghealltanas daingean chun trealamh a ordú nó gealltanas eile a chiallaíonn go bhfuil an infheistíocht do-aisiompaithe, cibé acu a tharlaíonn i dtosach. Ní mheastar gur tosach oibreacha é talamh a cheannach ná obair ullmhúcháin a dhéanamh amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir fhéidearthachta a dhéanamh.

(27)  Maidir le tionscadail a dhéanann FBManna, d’fhéadfadhéagmais tionscadail mhalartaigh dá dtagraítear i bpointe 32 a bheith mar chás frithfhíorasach.

(28)  I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla, déanfar í a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(29)  I gcás tionscadail chomhtháite, ní mór do na costais incháilithe a mhionsonrú ar leibhéal gach tionscadail aonair.

(30)  Maidir le tionscadail FBManna, ní gá aon mheicníocht aisghlámtha a chur chun feidhme ach i gcásanna eisceachtúla, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na méideanna cabhrach dá dtugtar fógra le haghaidh tionscadail den sórt sin.

(31)  Féach Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(32)  Ní mór do chabhair i bhfoirm ráthaíochtaí a bheith teoranta ó thaobh ama de, agus ní mór do chabhair i bhfoirm iasachtaí a bheith faoi réir tréimhsí aisíocaíochta.

(33)  D’fhonn amhras a sheachaint, ní mheastar gur bonneagair iad línte píolótacha.

(34)  I gcás ina bhfuil bonneagar fuinnimh i gceist le tionscadal, beidh sé faoi réir an rialacháin taraife agus rochtana agus na gceanglas díchuachtai gcás ina gceanglaítear sin le reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh.

(35)  C(2003) 4582 (IO C 297, 9.12.2003, lch. 6).

(36)  Deontas/Fóirdheontais ráta úis Iasacht/Airleacain inaisíoctha/Deontas in-aisíoctha; Ráthaíocht; Buntáiste cánach nó díolúine chánach; Maoiniú riosca; Eile. I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim chabhrach amháin, ní mór an méid cabhrach a sholáthar le hionstraim.

(37)  Ní mór an fhaisnéis sin a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón dáta deonúcháin. I gcás cabhair neamhdhleathach, ceanglófar ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear an fhaisnéis ex post, laistigh de 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún. Ní mór an fhaisnéis a bheith ar fáil i bhformáid lena gceadaítear sonraí a chuardach, a bhaint, agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML.

(38)  Fógra ón gCoimisiún maidir le cinneadh na rialacha is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar Státchabhair neamhdhleathach (IO C 119, 22.5.2002, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

COSTAIS INCHÁILITHE

a)

Staidéir féidearthachta, lena n-áirítear staidéir ullmhúcháin theicniúla, agus na costais a bhaineann leis na ceadanna is gá a fháil chun an tionscadal a réadú.

b)

Costais na n-ionstraimí agus an trealaimh (lena n-áirítear suiteálacha agus feithiclí iompair) a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus ar feadh na tréimhse a úsáidtear lena haghaidh iad. Mura n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin ar feadh a saolré iomláine le haghaidh an tionscadail, ní mheastar ach na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, arna ríomh ar bhonn dea-chleachtas cuntasaíochta, agus na costais sin amháin, a bheith incháilithe.

c)

Costais éadála (nó tógála) foirgneamh, bonneagair agus talún, a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus ar feadh na tréimhse a úsáidtear lena haghaidh iad. I gcás ina gcinnfear na costais sin maidir leis an luach aistrithe tráchtála nó na costais chaipitil a tabhaíodh iarbhír, seachas na costais dímheasa, ba cheart luach iarmharach na talún, an fhoirgnimh nó an bhonneagair a asbhaint den bhearna chistithe, ex ante nó ex post.

d)

Costais ábhar, soláthairtí agus táirgí comhchosúla eile is gá le haghaidh an tionscadail.

e)

Costais a bhaineann le paitinní agus sócmhainní doláimhsithe eile a fháil, a bhailíochtú agus a chosaint. Costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon leis na costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal;

f)

Costais phearsanra agus riaracháin (lena n-áirítear forchostais) a thabhaítear go díreach le haghaidh na ngníomhaíochtaí TFN, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí TFN sin a bhaineann leis an gcéad chur in úsáid tionsclaíoch, nó i gcás tionscadal bonneagair, a thabhaítear le linn thógáil an bhonneagair.

g)

I gcás cabhair chuig tionscadal lena mbaineann an chéad chur in úsáid tionsclaíoch, na caiteachais chaipitil agus oibriúcháin a mhéid a úsáidtear le haghaidh an tionscadail iad agus ar feadh na tréimhse a úsáidtear lena haghaidh iad, fad a leanann an cur in úsáid tionsclaíoch as gníomhaíocht TFN agus atá comhchuid thábhachtach TFN ann féin ar eilimint dhílis agus riachtanach í le haghaidh chur chun feidhme rathúil an tionscadail ina chuid de. Ní mór baint a bheith ag na caiteachais oibriúcháin leis an gcomhchuid sin den tionscadal.

h)

Féadfar glacadh le costais eile má tá údar leis sin, agus i gcás ina mbeidh siad nasctha go dlúth le réadú an tionscadail, agus costais oibriúcháin nach gcumhdaítear le pointe (g) á n-eisiamh.


Ceartúcháin

7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/35


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 435 an 6 Nollaig 2021 )

Ar leathanaigh 150 go 152, Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na líne a bhaineann le GAEC 8:

 

 

“GAEC 8

An sciar íosta den limistéar talmhaíochta atá dírithe ar réimsí nó gnéithe neamhtháirgiúla1

Sciar íosta de 4 % ar a laghad de thalamh arúil ar leibhéal na feirme atá dírithe ar réimsí agus gnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh atá gan chur.

I gcás ina ngeallfaidh feirmeoir 7 % ar a laghad dá thalamh arúil a dhíriú ar limistéir nó gnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh atá gan chur, faoi éiciscéim fheabhsaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(6), beidh an sciar a shannfar do chomhlíonadh an chaighdeáin GAEC sin teoranta do 3 %.

Sciar íosta de 7 % ar a laghad de thalamh arúil ar leibhéal na feirme má áirítear leis sin barra breise nó barra fosaithe nítrigine, arna saothrú gan úsáid a bhaint as táirgí cosanta plandaí, ar talamh atá gan chur nó le gnéithe neamhtháirgiúla é 3 % de. Ba cheart do na Ballstáit fachtóir ualaithe 0,3 a úsáid maidir le haghaidh barra breise.

Gnéithe den tírdhreach a choinneáil

Cosc ar fhálta agus crainn a ghearradh le linn shéasúr goir agus tógála na n-éan

Mar rogha, bearta chun speicis ionracha phlandaí a chosc

Gnéithe neamhtháirgiúla a chothabháil agus limistéar ina ndéanfar an bhithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú”


7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/36


Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1104 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Hong Cong, i dtaca le hidirbhearta a dhéantar faoi mhaoirseacht an Hong Cong Monetary Authority, mar shocruithe atá coibhéiseach le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 238 an 6 Iúil 2021 )

Ar leathanach 89, sa teideal:

in ionad:

“Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1104 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Hong Cong, i dtaca le hidirbhearta a dhéantar faoi mhaoirseacht an Hong Cong Monetary Authority, mar shocruithe atá coibhéiseach le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála“,

léitear:

“Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1104 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe dlí, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin Cheanada, i dtaca le hidirbhearta díorthach a dhéantar faoi mhaoirseacht Oifig Cheannfort na nInstitiúidí Airgeadais mar shocruithe atá coibhéiseach le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála”.


7.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 181/37


Ceartúchán ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/716 an 6 Bealtaine 2022 ón gCoimisiún maidir le Téitheoir Breosla Díosail Cliste a fhormheas lena úsáid i ngnáthinneall dócháin agus i ngluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha áirithe agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 133 an 10 Bealtaine 2022 )

Leathanach 35, Airteagal 4:

in ionad:

“cód éiceanuálaíochta 37”,

léitear:

“cód éiceanuálaíochta 38”.

Leathanach 39, an Iarscríbhinn, pointe 3, Foirmle 5:

in ionad:

Image 2

léitear:

Image 3

Leathanach 40, an Iarscríbhinn, pointe 4, Foirmle 6:

in ionad:

Image 4

léitear:

Image 5

Leathanach 40, an Iarscríbhinn, pointe 4, Foirmle 7:

in ionad:

Image 6

léitear:

Image 7