ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1107 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe d’aicme D i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) |
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
5.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1106 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Meitheamh 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Queso de Acehúche” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm “Queso de Acehúche” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Queso de Acehúche” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Queso de Acehúche” (STFC) cláraithe anois.
Leis an ainm dá dtagraítear atá sa chéad mhír, sainítear táirge d’aicme 1.3. Cáiseanna a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 108, 7.3.2022, lch. 2.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
5.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1107 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Iúil 2022
lena leagtar síos sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe d’aicme D i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe d’aicme D a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/746, níl ann do chaighdeáin chomhchuibhithe a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus is gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann leis an tsláinte phoiblí ós rud é go bhfuil an riosca a bhaineann le húsáid na bhfeistí sin suntasach don tsláinte phoiblí agus do shábháilteacht othar. Is iomchuí, dá bhrí sin, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh do na feistí sin i ndáil leis na ceanglais sin. |
(2) |
Cuirtear Rialachán (AE) 2017/746 in ionad Threoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Tá na sonraíochtaí teicniúla coiteanna a leagtar amach i gCinneadh 2002/364/CE ón gCoimisiún (3) i gcónaí ábhartha maidir le feistí áirithe a chumhdaítear le Treoir 98/79/CE. Dá bhrí sin, cuireadh na sonraíochtaí teicniúla coiteanna sin san áireamh agus tugadh cothrom le dáta iad nuair is gá chun staid na teicneolaíochta a léiriú. |
(3) |
Chun ligean do mhonaróirí, d’oibreoirí eacnamaíocha eile, do chomhlachtaí dá dtugtar fógra agus do ghníomhaithe eile dul in oiriúint don Rialachán seo, agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go cuí é, is iomchuí a chur i bhfeidhm a chur siar. Ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí agus le sábháilteacht othar, áfach, ba cheart cead a bheith ag monaróirí na sonraíochtaí coiteanna a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn deonach roimh dháta a chur i bhfeidhm. |
(4) |
Chun ardleibhéal leanúnach sábháilteachta agus feidhmíochta feistí a áirithiú, mar bheart idirthréimhseach, ba cheart a mheas go bhfuil feistí atá i gcomhréir le Cinneadh 2002/364/CE i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh saintréithe feidhmíochta áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746 go dtí dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(5) |
Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le Feistí Leighis, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sonraíochtaí coiteanna
Leagtar síos leis an Rialachán seo sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe d’aicme D i leith na gceanglas maidir leis na saintréithe feidhmíochta a leagtar amach i Roinn 9.1, pointí (a) agus (b), i Roinn 9.3 agus i Roinn 9.4, pointe (a), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746.
Leagtar síos in Iarscríbhinn I sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí a chumhdaítear le hIarscríbhinní II go XIII, mar atá sonraithe san Iarscríbhinn sin.
Leagtar síos in Iarscríbhinn II sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le hantaiginí grúpaí fola a bhrath i gcórais grúpa fola ABO, Rh, Kell, Duffy agus Kidd.
Leagtar síos in Iarscríbhinn III sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí víreas easpa imdhíonachta an duine (HIV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn IV sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú víreas liceatrópach T-cille daonna (HTLV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn V sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí víreas heipitíteas C (HCV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn VI sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí víreas heipitíteas B (HBV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn VII sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí víreas heipitíteas D (HDV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn VIII sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí d’athraitheach ar ghalar Creutzfeldt-Jakob (vCJD) a bhrath.
Leagtar síos in Iarscríbhinn IX sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí ionfhabhtú cytomegalovirus (CMV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn X sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí ionfhabhtú víreas Epstein-Barr (EBV) a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn XI sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí ionfhabhtú Treponema pallidum a bhrath.
Leagtar síos in Iarscríbhinn XII sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí ionfhabhtú Trypanosoma cruzi a bhrath nó a chainníochtú.
Leagtar síos in Iarscríbhinn XIII sonraíochtaí coiteanna le haghaidh feistí atá ceaptha le marcóirí ionfhabhtú choróinvíreas géarshiondróim throm riospráide 2 (SARS-CoV-2) a bhrath nó a chainníochtú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “fíordheimhneach” eiseamal arb eol go bhfuil sé deimhneach le haghaidh an mharcóra sprice agus é aicmithe i gceart ag an bhfeiste; |
(2) |
ciallaíonn “bréagdhiúltach” eiseamal arb eol go bhfuil sé deimhneach le haghaidh an mharcóra sprice agus é mí-aicmithe ag an bhfeiste; |
(3) |
ciallaíonn “bréagdheimhneach” eiseamal arb eol go bhfuil sé diúltach le haghaidh an mharcóra sprice agus é mí-aicmithe ag an bhfeiste; |
(4) |
ciallaíonn “an teorainn braite” an méid is lú den mharcóir sprice is féidir a bhrath; |
(5) |
ciallaíonn “teicníc aimpliúcháin aigéid núicléasaigh” modhanna chun aigéid núicléasacha a bhrath agus/nó a chainníochtú trí sheicheamh sprice a aimpliú, trí chomhartha a aimpliú nó trí hibridiú; |
(6) |
Ciallaíonn “córas NAT” an meascán d’fheistí a úsáidtear chun aigéid núicléacha a eastóscadh, a aimpliú agus a bhrath; |
(7) |
ciallaíonn “mearthástáil” feiste leighis dhiagnóiseach in vitro cháilíochtúil nó leathchainníochtúil, a úsáidtear ina aonar nó i sraitheanna beaga, tástáil a bhaineann le nósanna imeachta neamh-uathoibríocha (seachas na torthaí a léamh) agus a dearadh le go mbeidh toradh tapa air; |
(8) |
ciallaíonn “stóinseacht” cumas nós imeachta anailíse gan difear a bheith déanta dó ag athruithe beaga a dhéantar d’aon ghnó ar pharaiméadair modha agus lena dtugtar léiriú ar a iontaofacht le linn gnáthúsáide; |
(9) |
ciallaíonn “trasimoibríocht” cumas na n-anailítí nó na marcóirí nach spriocainilítí ná marcóirí sprice iad torthaí bréagdheimhneacha a chruthú i measúnacht mar gheall ar chosúlacht, e.g. cumas na n-antasubstaintí neamhshonracha atá ceangailteach ar antaigin tástála de mheasúnacht antasubstainte, nó cumas aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a bheith imoibríoch i measúnacht NAT; |
(10) |
ciallaíonn “trasnaíocht” cumas substaintí neamhghaolmhara tionchar a imirt ar na torthaí i measúnacht; |
(11) |
ciallaíonn “ráta teipe córais iomláin” minicíocht na dteipeanna nuair a dhéantar an próiseas iomlán de réir mar atá forordaithe ag an monaróir; |
(12) |
ciallaíonn “measúnacht scagthástála” feiste a úsáidtear chun marcóir nó anailít a bhrath, agus ar féidir measúnacht deimhniúcháin a úsáid tar éis í a úsáid; ní mheastar gur measúnachtaí scagthástála iad feistí atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar mharcóir nó ar anailít a cinneadh roimhe sin; |
(13) |
ciallaíonn “measúnacht deimhniúcháin” feiste a úsáidtear chun toradh imoibríoch a bhí ar mheasúnacht scagthástála a dhearbhú; |
(14) |
ciallaíonn “measúnacht fhorlíontach” feiste a úsáidtear chun tuilleadh faisnéise a sholáthar chun an toradh ar thástáil ar mheasúnacht eile a léirmhíniú; |
(15) |
ciallaíonn “feiste tíopála víreas” feiste a úsáidtear chun tíopáil a dhéanamh le samplaí arb eol cheana féin go bhfuil siad deimhneach, nach n-úsáidtear chun diagnóisiú príomhúil a dhéanamh ar ionfhabhtú ná nach n-úsáidtear chun críche scagthástála; |
(16) |
ciallaíonn “scoithluach 95 % deimhneach” an tiúchan anailíte i gcás ina mbíonn toradh deimhneach ar 95 % de líon na dtástálacha i ndiaidh caolú srathach ar ábhar tagartha idirnáisiúnta, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, e.g. Caighdeán Idirnáisiúnta de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) nó ábhar tagartha atá calabraithe de réir na gCaighdeán sin. |
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ón 25 Iúil 2022 go dtí an 25 Iúil 2024, feistí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna teicniúla a leagtar amach i gCinneadh 2002/364/CE, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis na saintréithe feidhmíochta a leagtar amach i Roinn 9.1, pointí (a) agus (b), Roinn 9.3 agus Roinn 9.4, pointe (a), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746.
Le linn na tréimhse sin, monaróirí feistí nach bhfuil i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna teicniúla a leagtar amach i gCinneadh 2002/364/CE, léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh lena n-áirithítear leibhéal sábháilteachta agus feidhmíochta atá coibhéiseach leo ar a laghad.
2. Ón 25 Iúil 2022 go dtí an 25 Iúil 2024, measfar go bhfuil feistí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a leagtar síos leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis na saintréithe feidhmíochta a leagtar amach i Roinn 9.1, pointí (a) agus (b), Roinn 9.3 agus Roinn 9.4, pointe (a), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 25 Iúil 2024.
Beidh feidhm ag Airteagal 3, áfach, ón 25 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 117, 5.5.2017, lch. 176.
(2) Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 7.12.1998, lch. 1).
(3) Cinneadh 2002/364/CE ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2002 maidir le sonraíochtaí teicniúla coiteanna d’fheistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 131, 16.5.2002, lch. 17).
IARSCRÍBHINN I
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA GINEARÁLTA
Cuid I – Ceanglais maidir le saintréithe feidhmíochta feistí a chumhdaítear le hIarscríbhinn II go hIarscríbhinn XIII
Saintréithe feidhmíochta |
Ceanglas |
||||||||||||||||
Na saintréithe feidhmíochta uile a leagtar amach i Roinn 9.1, pointí (a) agus (b), Roinn 9.3 agus Roinn 9.4, pointe (a), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/746 |
|
||||||||||||||||
Ráta teipe córais iomlán |
|
||||||||||||||||
Íogaireacht anailíseach agus sainiúlacht anailíseach, trasnaíocht |
|
||||||||||||||||
Sainiúlacht anailíseach agus dhiagnóiseach, trasnaíocht agus trasimoibríocht |
|
||||||||||||||||
Comhleanúnachas ó bhaisc go baisc |
|
Cuid II – Ceanglais maidir le saintréithe feidhmíochta feistí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III go hIarscríbhinn XIII
Saintréith feidhmíochta |
Ceanglas |
||||||||||||||
Íogaireacht anailíseach agus dhiagnóiseach |
|
||||||||||||||
Sainiúlacht anailíseach agus dhiagnóiseach |
|
||||||||||||||
Sainiúlacht anailíseach agus dhiagnóiseach, trasnaíocht agus trasimoibríocht |
|
||||||||||||||
Feidhmíochtaí ag an ngnáthdhuine |
|
(1) Ní bheidh feidhm ag an gceanglas seo maidir le feistí a chumhdaítear le Tábla 1 agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn XIII.
(2) Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le feistí dá dtagraítear i dTábla 4, i dTábla 5 agus i dTábla 6 d’Iarscríbhinn XIII.
IARSCRÍBHINN II
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE hANTAIGINÍ GRÚPA FOLA A BHRATH I gCÓRAIS GRÚPA FOLA ABO, RH, KELL, DUFFY AGUS KIDD
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí a beartaíodh chun antaiginí grúpa fola a bhrath i gcórais grúpa fola ABO, Rh, Kell, Duffy agus Kidd.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le meastóireacht feidhmíochta ar fheistí a bhraitheann antaiginí grúpa fola sna córais grúpa fola ABO, Rh, Kell, Duffy agus Kidd.
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le tástáil comhsheasmhachta ó bhaisc go baisc a dhéanann monaróir ar imoibreáin agus ar tháirgí imoibrithe chun antaiginí grúpa fola sna córais grúpa fola ABO, Rh, Kell, Duffy agus Kidd a chinneadh (imoibreáin tástála, ábhair rialaithe).
Tábla 1. Meastóireacht feidhmíochta ar fheistí a bhraitheann antaiginí grúpa fola sna córais grúpa fola ABO, Rh, Kell, Duffy agus Kidd
Sainiúlacht imoibreáin |
Líon na dtástálacha in aghaidh an mhodha a mhaíonn an monaróir |
Líon iomlán na n-eiseamal a bheidh le tástáil le haghaidh feiste lainseála |
Líon iomlán na n-eiseamal a bheidh le tástáil le haghaidh foirmliú nua, nó le haghaidh imoibreáin atá sainithe go maith a úsáid |
Critéir ghinearálta cháilithe |
Sainchritéir cháilithe |
Critéir inghlacthachta |
Anta-ABO1 (Anta-A), Anta-ABO2 (Anta-B), Anta-ABO3 (Anta-A,B) |
>500 |
≥3 000 |
≥1 000 |
Eiseamail chliniciúla: 10 % den daonra tástála Eiseamail nuabhreithe: > 2 % den daonra tástála |
Áireoidh eiseamail Abo > 40 % A agus B eiseamail antaiginí a d’fhéadfadh eiseamail ó ghrúpa A, grúpa B agus grúpa AB a áireamh |
Léireoidh gach ceann de na himoibrithe feidhmíocht atá inchomparáide le feistí úrscothacha a bhfuil comhartha CE orthu maidir le himoibríocht mhaíte na feiste. I gcás feistí ar a bhfuil an comhartha CE agus ar athraíodh an t-iarratas nó ar cuireadh síneadh leo, déanfar tuilleadh tástála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gcolún 2 thuas (“líon na dtástálacha in aghaidh an mhodha a mhaítear ag an monaróir”). |
Anta-RH1 (Anta-D) |
≥500 |
≥3 000 |
≥1 000 |
Áireofar sa mheastóireacht feidhmíochta ar imoibrithe Anta-D tástálacha de réir raon eiseamail laga RH1 (D) agus eiseamail pháirteacha RH1 (D), ag brath ar an úsáid atá beartaithe don táirge. Is cealla laga agus/nó páirteacha D a bheidh in > 2 % d’eiseamail dheimhneacha RH1 (D). |
||
Anta-RH2 (Anta-C), Anta-RH4 (Anta-c), Anta-RH3 (Anta-E) |
≥100 |
≥1 000 |
≥200 |
|
||
Anta-RH5 (Anta-e) |
≥100 |
≥500 |
≥200 |
|
||
Anta-KEL1 (Anta-K) |
≥100 |
≥500 |
≥200 |
|
||
Anta-JK1 (Jka), Anta-JK2 (Jkb) |
≥100 |
≥500 |
≥200 |
|
||
Anta-FY1 (Jka), Anta-FY2 (Jkb) |
≥100 |
≥500 |
≥200 |
|
||
Nóta: Roghnófar eiseamail dheimhneacha a úsáidtear sa mheastóireacht feidhmíochta chun léiriú malartach agus lag antaiginí a áireamh. |
Tábla 2. Tástáil comhsheasmhachta ó bhaisc go baisc a dhéanann monaróir ar imoibreáin agus ar tháirgí imoibrithe chun antaiginí grúpa fola sna córais grúpa fola ABO, Rh, Kell, Duffy agus Kidd a chinneadh
1. Imoibreáin tástála
Imoibreáin grúpa fola |
Líon íosta na gcealla rialaithe atá le tástáil mar chuid de thástáil sainiúlachta |
Critéir inghlacthachta |
|||||||
|
Imoibrithe deimhneacha |
|
Imoibrithe diúltacha |
Léireoidh gach baisc imoibrí torthaí dhobhréagnaithe deimhneacha nó diúltacha de réir na dteicnící uile a mhaíonn an monaróir i gcomhréir leis na torthaí a fuarthas ó shonraí na meastóireachta feidhmíochta. |
|||||
|
A1 |
A2B |
AX |
|
B |
O |
|
||
Anta-ABO1(Anta-A) |
2 |
2 |
2 (1) |
|
2 |
2 |
|
||
|
B |
A1B |
|
|
A1 |
O |
|
||
Anta-ABO2(Anta-B) |
2 |
2 |
|
|
2 |
2 |
|
||
|
A1 |
A2 |
AX |
B |
O |
|
|
||
Anta-ABO3(Anta-A,B) |
2 |
2 |
2 (1) |
2 |
4 |
|
|
||
|
R1r |
R2r |
WeakD |
|
R”r |
R"r |
RR |
||
Anta-RH1 (Anta-D) |
2 |
2 |
2 (1) |
|
1 |
1 |
1 |
||
|
R1R2 |
R1r |
R”r |
|
R2R2 |
R"r |
RR |
||
Anta-RH2 (Anta-C) |
2 |
1 |
1 |
|
1 |
1 |
1 |
||
|
R1R2 |
R1r |
R”r |
|
R1R1 |
|
|
||
Anta-RH4 (Anta-c) |
1 |
2 |
1 |
|
3 |
|
|
||
|
R1R2 |
R2r |
R"r |
|
R1R1 |
R”r |
RR |
||
Anta-RH3 (Anta-E) |
2 |
1 |
1 |
|
1 |
1 |
1 |
||
|
R1R2 |
R2r |
R"r |
|
R2R2 |
|
|
||
Anta-RH5 (Anta-e) |
2 |
1 |
1 |
|
3 |
|
|
||
|
KK KK |
|
|
|
KK KK |
|
|
||
Anta-KEL1 (Anta-K) |
4 |
|
|
|
3 |
|
|
||
|
Jk(a+b+) |
|
|
|
|
Jk(a–b+) |
|
|
|
Anta-JK1(Anta-Jka) |
4 |
|
|
|
|
3 |
|
|
|
|
Jk(a+b+) |
|
|
|
|
Jk(a+b–) |
|
|
|
Anta-Jk2(Anta-Jkb) |
4 |
|
|
|
|
3 |
|
|
|
|
Fy(a+b+) |
|
|
|
|
Fy(a–b+) |
|
|
|
Anta-FY1(Anta-Fya) |
4 |
|
|
|
|
3 |
|
|
|
|
FY(a+b+) |
|
|
|
|
FY(a+b–) |
|
|
|
Anta-FY2(Anta-Fyb) |
4 |
|
|
|
|
3 |
|
|
|
Nóta: Déanfar imoibrithe ilchlónacha a thástáil i gcoinne painéal cealla níos leithne chun an tsainiúlacht a dheimhniú agus chun láithreacht antasubstaintí truaillithe nach bhfuil ag teastáil a eisiamh. |
2. Ábhair rialaithe (cealla dearga)
Trí úsáid a bhaint as feiste nó feistí seanbhunaithe, deimhneofar an feinitíopa na gceall dearg a úsáidtear chun imoibrithe tíopála fola atá liostaithe thuas a rialú.
(1) Ach amháin i gcás ina maítear imoibríocht i gcoinne na n-antaiginí sin.
IARSCRÍBHINN III
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ VÍREAS EASPA IMDHÍONACHTA AN DUINE (VEID) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
1. |
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú víreas easpa imdhíonachta an duine (VEID) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair antasubstaintí VEID-1/2 (anta-VEID-1/2) agus maidir le measúnachtaí scagthástála comhcheangailte ar antaiginí/antasubstaintí i gcomhair VEID-1/2 (VEID-1/2 Ag/Ab) nach mearthástálacha iad. Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair anta-VEID-1/2 agus VEID-1/2 Ag/Ab ar mearthástálacha iad. Tá feidhm ag Tábla 3 maidir le measúnachtaí deimhniúcháin anta-VEID-1/2. Tá feidhm ag Tábla 4 maidir le tástálacha antaiginí le haghaidh measúnachtaí VEID-1 agus VEID Ag/Ab. Tá feidhm ag Tábla 5 maidir le feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh aigéad ribeanúicléasach (RNA) VEID. Tá feidhm ag Tábla 6 maidir le féintástálacha VEID-1/2. |
Sainmhínithe
2. |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: anta-VEID-1/2, VEID-1/2 Ag/Ab (ceanglais maidir le hantasubstaintí a bhrath)
Tábla 2. Mearthástálacha: anta-VEID-1/2, VEID-1/2 Ag/Ab (ceanglais maidir le hantasubstaintí a bhrath)
Tábla 3. Measúnachtaí deimhniúcháin: anta-VEID-1/2
Tábla 4. Tástálacha antaiginí: VEID-1, VEID, Ag/Ab (ceanglais maidir le hantaiginí a bhrath)
|
Tábla 5. Feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh RNA VEID
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm. |
5. |
Feistí cáilíochtúla NAT VEID a beartaíodh lena n-úsáid chun a bhrath an bhfuil VEID i láthair san fhuil, i gcomhábhair fola, i gcealla, i bhfíocháin nó in orgáin, nó in aon cheann dá ndíorthaigh, chun a n-oiriúnacht maidir le haistrithe, trasphlandú nó riar ceall a mheas, déanfar iad a dhearadh chun VEID-1 agus VEID-2 araon a bhrath. |
6. |
Feistí cáilíochtúla NAT VEID, seachas feistí tíopála víreas, dearfar iad sa chaoi is go gcúiteofar an cliseadh a d’fhéadfadh a bheith i spriocréigiún NAT VEID-1 trí úsáid a bhaint as dhá spriocréigiún neamhspleácha.
Tábla 6. Ceanglais bhreise maidir le féintástálacha VEID-1/2
|
(1) Déanfar imscrúdú ar dhaonraí deontóirí fola ó dhá ionad deonacháin fola ar a laghad agus beidh siad comhdhéanta de dheonuithe fola a dhéantar i ndiaidh a chéile, nár roghnaíodh chun deontóir céaduaire a eisiamh.
(2) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
(3) Maidir le gach sreabhán coirp a n-éilítear a úsáid leis an bhfeiste, e.g. an fhuil, an fhual, an seile, etc. déanfar íogaireacht agus sainiúlacht na feiste le haghaidh féintástála i lámha gnáthdhaoine a shainmhíniú i gcoinne stádas tógálach an othair dheimhnithe.
(4) Áireofar sa staidéar ar léirmhíniú torthaí léamh agus léirmhíniú na dtorthaí tástála ag 100 gnáthdhuine ar a laghad, agus mar chuid de sin léifidh gach gnáthdhuine torthaí a chlúdaíonn raon sonraithe na leibhéal imoibríochta torthaí. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(5) Déanfar tástálacha roimh léirmhíniú an staidéir ar thorthaí agus úsáid á baint, nuair is féidir, as an gcineál eiseamail atá beartaithe ag an monaróir. Féadfar na tástálacha a dhéanamh ar eiseamail a táirgeadh d’aon ghnó bunaithe ar an maitrís nádúrtha den chineál eiseamail faoi seach.
(6) Beidh cion níos airde de na heiseamail sa raon ísealdeimhneach atá gar do scoithluach nó do theorainn braite na tástála.
IARSCRÍBHINN IV
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ VÍREAS LIMICEATRÓPACH T-CILLE DAONNA (HTLV) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha LE marcóirí d’ionfhabhtú víreas limiceatrópach T-cille daonna (HTLV) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair antasubstaintí i gcoinne HTLV I nó II (anta-HTLV I/II) nach mearthástálacha iad.
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair anta-HTLV I/II ar mearthástálacha iad.
Tá feidhm ag Tábla 3 maidir le measúnachtaí deimhniúcháin i gcomhair anta-HTLV I/II.
Tá feidhm ag Tábla 4 maidir le feistí NAT le haghaidh HTLV I/II.
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: anta-HTLV I/II
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
|
|||
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥300 HTLV-I ≥100 HTLV-II lena n-áirítear 25 eiseamal séirim úra dheimhneacha “ar an lá céanna” (≤ 1 lá tar éis an t-eiseamal a thógáil) |
déanfar gach fíor-eiseamal deimhneach a aithint mar fhíor-eiseamal deimhneacha |
Painéil séireachomhshó |
Le sainiú nuair a bheidh sé ar fáil |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht, más infheidhme |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) (1) |
≥5 000 |
99,5 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán (e.g. RF+, ó ionfhabhtuithe víris gaolmhara, ó mhná torracha) |
Tábla 2. Mearthástálacha: anta-HTLV I/II
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥300 HTLV-I ≥100 HTLV-II |
déanfar gach fíor-eiseamal deimhneach a aithint mar eiseamal deimhneach |
Painéil séireachomhshó |
Le sainiú nuair a bheidh sé ar fáil |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht, más infheidhme |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) |
≥1 000 |
≥ 99 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥200 eiseamal ó mhná torracha ≥100 eiseamail eile a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibritheach san iomlán (e.g. RF+, ó ionfhabhtuithe gaolmhara) |
Tábla 3. Measúnachtaí deimhniúcháin: anta-HTLV I/II
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥200 HTLV I ≥100 HTLV II |
Aitheanta mar “deimhneach” nó “neamhchinntithe”, seachas “diúltach” |
Painéil séireachomhshó |
Le sainiú nuair a bheidh sé ar fáil |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht, más infheidhme |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola |
≥200 |
Gan torthaí bréagdheimhneacha |
Othair san ospidéal |
≥200 |
||
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥50 san iomlán (eiseamail ó mhná torracha san áireamh, eiseamail a bhfuil torthaí neamhchinntithe orthu i measúnachtaí deimhniúcháin eile) |
Tábla 4. Feistí NAT le haghaidh HTLV I/II
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
(1) Déanfar imscrúdú ar dhaonraí deontóirí fola ó dhá ionad deonacháin fola ar a laghad agus beidh siad comhdhéanta de dheonuithe fola a dhéantar i ndiaidh a chéile, nár roghnaíodh chun deontóir céaduaire a eisiamh.
(2) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
IARSCRÍBHINN V
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ VÍREAS HEIPITÍTEAS C (HCV) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú víreas heipitíteas C (HCV) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair antasubstaintí anta-HCV (anta-HCV) agus tástálacha comhcheangailte antaiginí/antasubstaintí i gcomhair HCV (HCV Ag/Ab) nach mearthástálacha iad.
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair anta-HCV agus HCV Ag/Ab ar mearthástálacha iad.
Tá feidhm ag Tábla 3 maidir le measúnachtaí deimhniúcháin agus measúnachtaí forlíontacha ar anta-HCV.
Tá feidhm ag Tábla 4 maidir le tástálacha antaiginí HCV agus HCV Ag/Ab.
Tá feidhm ag Tábla 5 maidir le feistí cáilíochtúil agus cainníochtúil NAT le haghaidh RNA HCV.
Tá feidhm ag Tábla 6 maidir le féintástálacha HCV.
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: anta-HCV, HCV Ag/Ab (ceanglais maidir le hantasubstaintí a bhrath)
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 Lena n-áirítear eiseamail ó chéimeanna éagsúla den ionfhabhtú agus lena léirítear patrúin antasubstainte éagsúla. Géinitíopa HCV 1-4: > 20 eiseamal in aghaidh na géinitíopa (lena n-áirítear fochineálacha neamh-A de ghéinitíopa 4); Géinitíopaí HCV 5 agus 6: > 5 eiseamal an ceann; lena n-áirítear 25 eiseamal séirim úra dheimhneacha “ar an lá céanna” (≤ 1 lá tar éis an t-eiseamal a thógáil) |
déanfar gach fíor-eiseamal deimhneach a aithint mar eiseamal deimhneach |
|
Painéil séireachomhshó |
≥30 painéal Is le fuiliú diúltach amháin nó níos mó a thosóidh painéil séireachomhshó HCV chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhthástálacha antaiginí agus antasubstaintí HCV (HCV Ag/Ab) agus beidh baill phainéil ann ó ionfhabhtú luath HCV (deimhneach le haghaidh antaigin chroíleacán HCV agus/nó RNA HCV ach diúltach le haghaidh anta-HCV). |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht Léireoidh tástálacha HCV Ag/Ab íogaireacht fheabhsaithe maidir le hionfhabhtú luath HCV i gcomparáid le tástálacha antasubstainte HCV amháin. |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) (1) |
≥5 000 |
≥99,5 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán (e.g. RF+, ó ionfhabhtuithe víris gaolmhara, ó mhná torracha) |
Tábla 2. Mearthástálacha: anta-HCV, HCV Ag/Ab (ceanglais maidir le hantasubstaintí a bhrath)
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 lena n-áirítear eiseamail ó chéimeanna éagsúla den ionfhabhtú agus lena léirítear patrúin antasubstainte éagsúla. Géinitíopa HCV 1-4: > 20 eiseamal in aghaidh na géinitíopa (lena n-áirítear fochineálacha neamh-A de ghéinitíopa 4); Géinitíopaí HCV 5 agus 6: > 5 eiseamal an ceann; |
déanfar gach fíor-eiseamal deimhneach a aithint mar eiseamal deimhneach |
Painéil séireachomhshó |
≥30 painéal Is le fuiliú diúltach amháin nó níos mó a thosóidh painéil séireachomhshó HCV chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhthástálacha antaiginí agus antasubstaintí HCV (HCV Ag/Ab) agus beidh baill phainéil ann ó ionfhabhtú luath HCV (deimhneach le haghaidh antaigin chroíleacán HCV agus/nó RNA HCV ach diúltach le haghaidh anta-HCV). |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht Léireoidh tástálacha HCV Ag/Ab íogaireacht fheabhsaithe maidir le hionfhabhtú luath HCV i gcomparáid le tástálacha antasubstainte HCV amháin. |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire)1 |
≥1 000 |
99 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥200 eiseamal ó mhná torracha ≥100 eiseamail eile a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibritheach san iomlán (e.g. RF+, ó ionfhabhtuithe gaolmhara) |
Tábla 3. Measúnachtaí deimhniúcháin agus measúnachtaí forlíontacha: anta-HCV
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥300 Lena n-áirítear eiseamail ó chéimeanna éagsúla den ionfhabhtú agus lena léirítear patrúin antasubstainte éagsúla. Géinitíopaí HCV 1-4: > 20 eiseamal (lena n-áirítear fochineálacha neamh-a de ghéinitíopa 4; Géinitíopa HCV 5: > 5 eiseamal; Géinitíopa HCV 6: a mhéid is féidir |
Aitheanta mar “deimhneach” nó “neamhchinntithe”, seachas “diúltach” |
Painéil séireachomhshó |
≥15 phainéal séireachomhshó/phainéal ísealtítir |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola |
≥200 |
Gan torthaí bréagdheimhneacha/gan neodrú |
Othair san ospidéal |
≥200 |
||
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥50 san iomlán (eiseamail ó mhná torracha san áireamh, eiseamail a bhfuil torthaí neamhchinntithe orthu i measúnachtaí deimhniúcháin eile) |
Tábla 4. Tástálacha antaiginí: Antaigin HCV, HCV Ag/Ab (ceanglais maidir le hantaiginí a bhrath)
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥25 eiseamal atá deimhneach le haghaidh antaigin chroíleacán HCV agus/nó RNA HCV ach atá diúltach le haghaidh anta-HCV, eiseamail lena gcumhdaítear géinitíopaí HCV 1-6 (mura bhfuil géinitíopa ar fáil, tabharfar údar leis sin) |
déanfar gach fíor-eiseamal deimhneach a aithint mar eiseamal deimhneach |
Painéil séireachomhshó |
≥20 painéal séireachomhshó/painéal ísealtítir Is le fuiliú diúltach amháin nó níos mó a thosóidh painéil séireachomhshó HCV chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhthástálacha ar antaiginí agus antasubstaintí HCV, agus beidh baill phainéil ann ó ionfhabhtú luath HCV (deimhneach le haghaidh antaigin chroíleacán HCV agus/nó RNA HCV ach diúltach le haghaidh anta-HCV). |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht Comhthástálacha antaiginí agus antasubstaintí HCV, léireoidh siad íogaireacht fheabhsaithe maidir le hionfhabhtú luath HCV i gcomparáid le tástálacha antasubstainte HCV amháin. |
|
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le croíleacán HCV (PEI 129096/12) |
Sraith chaolúcháin |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola |
≥200 |
≥ 99,5 % tar éis an neodraithe nó, mura bhfuil aon tástáil neodrúcháin ar fáil, tar éis stádas an eiseamail a réiteach |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
50 |
Tábla 5. Feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh RNA HCV
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
Tábla 6. Ceanglais bhreise maidir le féintástálacha HCV
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail (3) |
Líon gnáthdhaoine |
||||||||
Léirmhíniú ar thorthaí (4) |
Léirmhíniú na dtorthaí (5) ag gnáthdhaoine a léiríonn an raon seo a leanas de leibhéil imoibríochta:
|
≥ 100 |
||||||||
Íogaireacht dhiagnóiseach |
gnáthdhaoine arb eol go bhfuil siad deimhneach |
≥ 200 |
||||||||
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
gnáthdhaoine nach bhfuil a stádas ar eolas acu |
≥ 400 |
||||||||
gnáthdhaoine atá go mór i mbaol an t-ionfhabhtú a fháil |
≥ 200 |
(1) Déanfar imscrúdú ar dhaonraí deontóirí fola ó dhá ionad deonacháin fola ar a laghad agus beidh siad comhdhéanta de dheonuithe fola a dhéantar i ndiaidh a chéile, nár roghnaíodh chun deontóir céaduaire a eisiamh.
(2) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
(3) Maidir le gach sreabhán coirp a n-éilítear a úsáid leis an bhfeiste, e.g. an fhuil, an fhual, an seile, etc. déanfar íogaireacht agus sainiúlacht na feiste le haghaidh féintástála i lámha gnáthdhaoine a shainmhíniú i gcoinne stádas tógálach an othair dheimhnithe.
(4) Áireofar sa staidéar ar léirmhíniú torthaí léamh agus léirmhíniú na dtorthaí tástála ag 100 gnáthdhuine ar a laghad, agus mar chuid de sin léifidh gach gnáthdhuine torthaí a chlúdaíonn raon sonraithe na leibhéal imoibríochta torthaí. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(5) Déanfar tástálacha roimh léirmhíniú an staidéir ar thorthaí agus úsáid á baint, nuair is féidir, as an gcineál eiseamail atá beartaithe ag an monaróir. Féadfar na tástálacha a dhéanamh ar eiseamail a táirgeadh d’aon ghnó bunaithe ar an maitrís nádúrtha den chineál eiseamail faoi seach.
(6) Beidh cion níos airde de na heiseamail sa raon lagdheimhneach atá gar do scoithluach nó do theorainn braite na tástála.
IARSCRÍBHINN VI
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ VÍREAS HEIPITÍTEAS B (HBV) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú víreas heipitíteas B (HBV) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála i gcomhair antaigin dromchla heipitíteas B (HBsAg), agus i gcomhair antasubstaintí i gcoinne antaigin chroíleacán Heipitíteas B (anta-HBc) nach mearthástálacha iad.
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí scagthástála le i gcomhair HBsAg agus anta-HBc ar mearthástálacha iad.
Tá feidhm ag Tábla 3 maidir le measúnachtaí deimhniúcháin le haghaidh HBsAg.
Tá feidhm ag Tábla 4 maidir le measúnachtaí le haghaidh mharcóirí víreas heipitíteas B: antasubstaintí dromchla heipitíteas B (anta-HBanna), antasubstaint IgM i gcoinne antaigin chroíleacán heipitíteas B (anta-HBc IgM), antasubstaintí i gcoinne antaigin heipitíteas Be (anta-HBe) agus antaigin heipitíteas Be (HBeAg).
Tá feidhm ag Tábla 5 maidir le feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (DNA) HBV.
Tá feidhm ag Tábla 6 maidir le féintástálacha HBV.
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: HBsAg, anta-HBc
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 anta-HBc: lena n-áirítear meastóireacht ar mharcóirí HBV éagsúla HBsAg: lena n-áirítear géinitíopaí/fo-chineálacha/sóiteáin HBV éagsúla anta-HBc nó HBsAg: lena n-áirítear 25 shéiream úra dheimhneacha “ar an lá céanna” (≤ 1 lá tar éis an t-eiseamal a thógáil) |
Beidh an fheidhmíocht fhoriomlán comhionann ar a laghad leis an bhfeiste chomparáide |
Painéil séireachomhshó |
Measúnachtaí HBsAg: ≥30 painéal measúnachtaí anta-HBc: le sainiú nuair a bheidh sé ar fáil |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht (i gcás anta-HBc, is mar sin a bheidh sé más infheidhme) |
|
Íogaireacht anailíseach |
Tríú Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le HBsAg (fochineálacha ayw1/adw2, HBV géinitíopa B4, cód NIBSC: 12/226) |
|
I gcás measúnachtaí HBsAg: <0,130 IU/ml |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) (1) |
≥5 000 |
≥99,5 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán (e.g. RF+, ó ionfhabhtuithe gaolmhara víris, ó mhná torracha,) |
Tábla 2. Mearthástálacha: HBsAg, anta-HBc
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 lena n-áirítear meastóireacht ar mharcóirí HBV éagsúla lena n-áirítear géinitíopaí/fo-chineálacha/sóiteáin HBV éagsúla |
Beidh an fheidhmíocht fhoriomlán comhionann ar a laghad le feidhmíocht fhoriomlán na feiste comparáide |
Painéil séireachomhshó |
Measúnachtaí HBsAg: ≥30 painéal measúnachtaí anta-HBc: le sainiú nuair a bheidh sé ar fáil |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht (i gcás anta-HBc, is mar sin a bheidh sé más infheidhme) |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) |
≥1 000 |
Measúnachtaí HBsAg: 99 % measúnachtaí anta-HBc: 99 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥200 eiseamal ó mhná torracha ≥100 eiseamal eile a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibritheach san iomlán (e.g. RF+, ó ionfhabhtuithe gaolmhara) |
Tábla 3. Measúnachtaí deimhniúcháin: HBsAg
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhreacha, gnéithe, úsáid eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥300 Eiseamail ó chéimeanna éagsúla den ionfhabhtú san áireamh Lena n-áirítear 20 eiseamal “ard-deimhneacha” (>26 IU/ml); 20 eiseamal sa raon scoite |
Aitheanta i gceart mar deimhneach (nó neamhchinnte), gan a bheith diúltach |
Painéil séireachomhshó |
≥15 phainéal séireachomhshó/phainéal ísealtítir |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothach |
|
Íogaireacht anailíseach |
Tríú Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le HBsAg, fochineálacha ayw1/adw2, HBV géinitíopa B4, cód NIBSC: 12/226 |
|
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha |
≥10 n-eiseamal bhréagdheimhneacha de réir mar atá ar fáil ón meastóireacht feidhmíochta ar an measúnacht scagthástála |
Gan torthaí bréagdheimhneacha/gan neodrú |
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
50 |
Tábla 4. Measúnachtaí le haghaidh mharcóirí HBV: anta-HBanna, anta-HBc IgM, anta-HBe, HBeAg
Saintréith feidhmíochta |
|
anta-HBanna |
anta-HBc IgM |
anta-HBe |
HBeAg |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥100 vacsaíní ≥100 duine atá ionfhabhtaithe go nádúrtha |
≥200 Lena n-áirítear eiseamail ó chéimeanna éagsúla d’ionfhabhtú (ionfhabhtú géar/ainsealach, etc.) |

≥ 98 % (i gcás anta-HBc IgM: níl sé infheidhme maidir le heiseamail ó chéim an ghéarionfhabhtaithe) |
Painéil séireachomhshó |
10 bpainéal séireachomhshó anta-HB nó sraith leantach |
I gcás ina bhfuil sé ar fáil |
I gcás ina bhfuil sé ar fáil |
I gcás ina bhfuil sé ar fáil |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht (i gcás anta-HBc IgM, anta-HBe, HBeAg, is mar sin a bheidh sé más infheidhme) |
|
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeáin |
Dara Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le glóbailin imdhíonachta daonna antaigin dromchla anta-heipitíteas B (anta-HBanna) imdhíonlobulin, cód NIBSC: 07/164 |
|
Céad Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le hantaigin víreas e anta-heipitíteas B (anta-HBe), cód PEI 129095/12 |
Céad Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le hAntaigin Víreas e Heipitíteas B (HBeAg), cód PEI 129097/12 HBe |
anta-HBanna: < 10 mIU/ml |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha |
≥500 Lena n-áirítear eiseamail chliniciúla ≥50 eiseamal a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamail trasnaíochta |
≥200 deonú fola ≥200 eiseamal cliniciúil ≥50 eiseamal a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamail trasnaíochta |

≥ 98 % |
Tábla 5. Feistí cáilíochtúil agus cainníochtúla NAT le haghaidh DNA HBV
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
Tábla 6. Ceanglais bhreise maidir le féintástálacha HBV
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail (3) |
Líon gnáthdhaoine |
||||||||
Léirmhíniú ar thorthaí (4) |
Léirmhíniú na dtorthaí (5) ag gnáthdhaoine a léiríonn an raon seo a leanas de leibhéil imoibríochta:
|
≥100 |
||||||||
Íogaireacht dhiagnóiseach |
gnáthdhaoine arb eol go bhfuil siad deimhneach |
≥200 |
||||||||
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
gnáthdhaoine nach bhfuil a stádas ar eolas acu |
≥400 |
||||||||
gnáthdhaoine atá go mór i mbaol an t-ionfhabhtú a fháil |
≥200 |
(1) Déanfar imscrúdú ar dhaonraí deontóirí fola ó dhá ionad deonacháin fola ar a laghad agus beidh siad comhdhéanta de shíntiúis fola as a chéile, nár roghnaíodh chun deontóir céaduaire a eisiamh.
(2) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
(3) Maidir le gach sreabhán coirp a n-éilítear a úsáid leis an bhfeiste, e.g. an fhuil, an fhual, an seile, etc. déanfar íogaireacht agus sainiúlacht na feiste le haghaidh féintástála i lámha gnáthdhaoine a shainmhíniú i gcoinne stádas tógálach an othair dheimhnithe.
(4) Áireofar sa staidéar ar léirmhíniú torthaí léamh agus léirmhíniú na dtorthaí tástála ag 100 gnáthdhuine ar a laghad, agus mar chuid de sin léifidh gach gnáthdhuine torthaí a chlúdaíonn raon sonraithe na leibhéal imoibríochta torthaí. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(5) Déanfar tástálacha roimh léirmhíniú an staidéir ar thorthaí agus úsáid á baint, nuair is féidir, as an gcineál eiseamail atá beartaithe ag an monaróir. Féadfar na tástálacha a dhéanamh ar eiseamail a táirgeadh d’aon ghnó bunaithe ar an maitrís nádúrtha den chineál eiseamail faoi seach.
(6) Beidh cion níos airde de na heiseamail sa raon ísealdeimhneach atá gar do scoithluach nó do theorainn braite na tástála.
IARSCRÍBHINN VII
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ VÍREAS HEIPITÍTEAS D (HDV) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú víreas heipitíteas D (HDV) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le feistí atá ceaptha leis na marcóirí víreas heipitíteas D seo a leanas a bhrath (agus a dhearbhú) agus a chainníochtú: antasubstaintí i gcoinne víreas heipitíteas D (anta-HDV), antasubstaintí IgM i gcoinne víreas heipitíteas D (IgM anta-HDV), an antaigin deilte.
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le feistí cáilíochtúil agus cainníochtúil NAT le haghaidh RNA HDV.
Tábla 1. Measúnachtaí le haghaidh marcóirí HDV: anta-HDV, IgM anta-HDV, antaigin deilte
Saintréith feidhmíochta |
|
anta-HDV |
IgM anta-HDV |
Antaigin deilte |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥100 Marcóirí de chomh-ionfhabhtú HBV a shonrú |
≥50 Marcóirí de chomh-ionfhabhtú HBV a shonrú |
≥10 Marcóirí de chomh-ionfhabhtú HBV a shonrú |
≥ 98 % |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha |
≥200 Lena n-áirítear eiseamail chliniciúla ≥50 eiseamal a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamail trasnaíochta |

98 % |
Tábla 2. Feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh RNA HDV
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
(1) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
IARSCRÍBHINN VIII
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ AN ATHRAITHIGH DE GHALAR CREUTZFELDT-JACOB (vCJD) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí an athraithigh de ghalar Creutzfeldt-Jakob (vCJD) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí vCJD a bhrath.
Tábla 1. Feistí chun marcóirí vCJD a bhrath
Saintréith feidhmíochta |
Ábhar |
Líon na n-eiseamal |
Critéir inghlacthachta |
||
Íogaireacht anailíseach |
spící inchinne vCJD i bplasma daonna (uimhir thagartha EDS NHBY0/0003) |
≥24 mhacasamhail de gach ceann de thrí chaolú an ábhair ag a bhfuil uimhir EDS NHBY0/0003 (1×104, 1×105, 1×106) |
Braitear 23 as 24 mhacasamhail ag 1×104 |
||
spící inchinne vCJD i bplasma daonna (10 % ábhar homaiginithe liatháin – uimhir thagartha NIBSC NHSY0/0009) |
≥24 mhacasamhail de gach ceann de thrí chaolú an ábhair uimhir NIBSC NHSY0/0009 (1×10, 1×102, 1×103) |
Braitear 23 as 24 mhacasamhail ag 1×10 |
|||
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail ó mhúnlaí iomchuí ainmhithe |
Oiread eiseamal agus is féidir agus atá ar fáil go réasúnta, agus≥10 n-eiseamal |
90 % |
||
Eiseamail ó dhaoine a bhfuil vCJD cliniciúil orthu |
Oiread eiseamal agus is féidir agus atá ar fáil go réasúnta, agus≥10 n-eiseamal |
90 % |
|||
I gcásanna nach bhfuil 10 n-eiseamal ar fáil, agus sna cásanna sin amháin:
|
toradh bréagdheimhneach amháin ar a mhéad |
||||
Sainiúlacht anailíseach |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 |
|
||
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Gnáth-eiseamail phlasma dhaonna a thagann ó limistéir ina nochtar daoine do mhéid íseal d’einceifileapaite spúinseach bhólachta (ESB) |
≥5 000 |
99,5 % |
IARSCRÍBHINN IX
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ CÍTIMEIGILIVÍRIS (CMV)A BHRATH
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú cítimeigilivírs (CMV) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála le haghaidh iomlán na n-antasubstaintí i gcoinne CMV (anta-CMV iomlán) agus le haghaidh antasubstaintí IgG i gcoinne CMV (anta-CMV IgG).
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le feistí cáilíochtúil agus cainníochtúil NAT le haghaidh DNA CMV.
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: iomlán anta-CMV agus anta-CMV IgG
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 lena n-áirítear eiseamail ó ionfhabhtú CMV le déanaí agus roimhe seo, eiseamail ag a bhfuil títir ard-deimhneacha agus ísealdeimhneacha |
≥ 99 % íogaireacht maidir le hionfhabhtú indeimhnithe roimhe seo (1); beidh an íogaireacht fhoriomlán, lena n-áirítear an t-ionfhabhtú le déanaí (2), comhionann ar a laghad leis an bhfeiste chomparáide |
Painéil séireachomhshó |
Le tástáil i gcás ina bhfuil sé ar fáil |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothach |
|
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeáin |
Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le anta-CMV IgG (cód PEI 136616/17) I gcás cinntí títear agus ráiteas cainníochtúil |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha |
≥400 (3) eiseamal diúltacha CMV ó dheontóirí nár roghnaíodh, i gcomparáid le tástáil eile CMV. |
≥ 99 % |
Othair san ospidéal (4) |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch (5) |
≥100 san iomlán (e.g. RF+, víris ghaolmhara nó oibreáin thógálacha eile, mná torracha, etc.) |
Tábla 2. Feistí cáilíochtúil agus cainníochtúla NAT le haghaidh DNA CMV
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
(1) Lena n-áirítear tástáil a dhéanamh ar pharaiméadair CMV eile (e.g. CMV-IgM, díocas, imdhíonbhlab), nó eiseamail roimhe sin / eiseamail leantacha chun fíorstádas an eiseamail a mheas.
(2) Tástáil fhorlíontach chun ionfhabhtú CMV le déanaí a dheimhniú (príomhionfhabhtú nó ath-ionfhabhtú): e.g. CMV-IgM, díocas IgG, anailís imdhíonbhlaba.
(3) Freagraíonn sé do 1 000 deontóir ar dtús ag leitheadúlacht CMV a nglactar leis gurb ionann é agus 60 %.
(4) Lena n-áirítear faighteoirí trasphlandaithe roimh thrasphlandú.
(5) Lena n-áirítear víris ghaolmhara heirpéis ß (HHV-6, HHV-7).
(6) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
IARSCRÍBHINN X
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE HAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ VÍREAS EPSTEIN-BARR (EBV) A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú víreas Epstein-Barr (HBV) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála le haghaidh antasubstaintí IgG i gcoinne antaigin víreasach chaipside EBV (anta-EBV VCA IgG).
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh DNA EBV.
Tábla 1: Measúnachtaí scagthástála: VCA IgG anta-EBV
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 lena n-áirítear eiseamail ó ionfhabhtú EBV le déanaí agus roimhe seo, eiseamail ag a bhfuil títir ard-deimhneacha agus ísealdeimhneacha |
≥ 99 % le haghaidh ionfhabhtú indeimhnithe roimhe seo (1); beidh an íogaireacht fhoriomlán, lena n-áirítear an t-ionfhabhtú le déanaí (2), comhionann ar a laghad leis an bhfeiste chomparáide |
Painéil séireachomhshó |
Le tástáil i gcás ina bhfuil sé ar fáil |
an íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht |
|
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeáin |
Imoibreáin tagartha idirnáisiúnta, nuair is ann dóibh |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha |
≥ 200 (3) eiseamail EBV dhiúltacha ó dheontóirí nár roghnaíodh, i gcomparáid le feiste EBV eile |
≥ 99 % |
Othair san ospidéal (4) |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán (e.g. RF+, víris ghaolmhara nó oibreáin thógálacha eile, mná torracha, etc.) |
Tábla 2. Feistí NAT cáilíochtúla agus cainníochtúla le haghaidh DNA EBV
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
(1) Lena n-áirítear tástáil ar mharcóirí agus paraiméadair eile EBV (e.g. VCA-IgM, EBNA-1 IgG, imdhíonbhlab) nó eiseamail roimhe sin / eiseamail leantacha chun fíorstádas an eiseamail a mheas.
(2) Tástáil fhorlíontach chun ionfhabhtú EBV le déanaí a dheimhniú: E.g. VCA-IgM, IgG-fianaise, anailís imdhíonoblota.
(3) Glacadh leis go bhfuil leitheadúlacht 80 % ag EBV a fhreagraíonn do 1000 deontóir ar dtús.
(4) Lena n-áirítear faighteoirí trasphlandaithe roimh thrasphlandú.
(5) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
IARSCRÍBHINN XI
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE HAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ TREPONEMA PALLIDUM A BHRATH
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú Treponema pallidum (T. pallidum) a bhrath.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála le haghaidh antasubstaintí i gcoinne T. pallidum (anta-T. pallidum).
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí daingiúcháin agus forlíontacha anta-T. pallidum.
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: anta-T. pallidum
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Diagnóiseach íogaireacht |
Eiseamail dheimhneacha |
≥200 eiseamal deimhneach san iomlán, ag céimeanna éagsúla den ionfhabhtú, má tá sé ar fáil, lena n-áirítear eiseamail ard-deimhneacha agus ísealdeimhneacha, aitheanta mar eiseamal deimhneach le dhá thástáil sheireolaíocha éagsúla ar a laghad (ar imdhíon-mheasúnacht ceann amháin acu) le haghaidh antasubstaintí atá éagsúil le T.pallidum |
≥99.5 % íogaireacht fhoriomlán |
Painéil séireachomhshó |
Painéal séireachomhshó amháin ar a laghad, ≥1 más féidir, lena n-áirítear eiseamail aonair ó chéim an ionfhabhtaithe luaith |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht. |
|
Anailíseach íogaireacht |
Caighdeáin |
Caighdeáin idirnáisiúnta EDS Cód 05/132 NIBSC, i gcás ina mbeidh sé ar fáil |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí fola nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) (1) |
≥5 000 |
≥99,5 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán lena n-áirítear na heiseamail seo a leanas: deimhneach le haghaidh Borrelia burgdorferi sensu lato arna dhaingniú ag imdhíonbhlab IgG; anta-HIV deimhneach; RF+; oibreáin mhiocróbacha/ionfhabhtaíocha eile lena mbaineann; othair lupus erythematosus (SLE) sistéamach; deimhneach le haghaidh antasubstaint antafhosfailipide; mná torracha etc. |
Tábla 2. Measúnachtaí deimhniúcháin agus measúnachtaí forlíontacha: anta-T. pallidum
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Diagnóiseach íogaireacht |
Eiseamail dheimhneacha |
≥300 eiseamal deimhneach ag céimeanna éagsúla den ionfhabhtú (sifilis phríomha luath, sifilis thánaisteach, agus le linn sifilis dhéanach) lena n-áirítear eiseamail ard-deimhneacha, 50 eiseamal ísealdeimhneach, le dhá thástáil sheireolaíocha éagsúla ar a laghad (ar imdhíon-mheasúnacht ceann amháin acu) le haghaidh antasubstaintí atá éagsúil le T.pallidum |
Aithint 99 % mar “deimhneach” nó “neamhchinnte” |
Painéil séireachomhshó |
Painéal séireachomhshó amháin ar a laghad, ≥1 más féidir, lena n-áirítear eiseamail aonair ó chéim an ionfhabhtaithe luaith |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothach |
|
Anailíseach íogaireacht |
Caighdeáin |
Caighdeáin idirnáisiúnta EDS Cód NIBSC 05/132 |
|
Diagnóiseach sainiúlacht |
Deontóirí fola |
≥200 |
99 % |
Eiseamail chliniciúla |
≥200 |
Déanfar teorainneacha féideartha maidir le sainiúlacht, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥50 san iomlán, lena n-áirítear eiseamail ó mhná torracha agus eiseamail a bhfuil torthaí neamhchinntithe orthu i measúnachtaí deimhniúcháin eile. |
(1) Déanfar imscrúdú ar dhaonraí deontóirí fola ó dhá ionad deonacháin fola ar a laghad agus beidh siad comhdhéanta de dheonuithe fola a dhéantar i ndiaidh a chéile, nár roghnaíodh chun deontóir céaduaire a eisiamh.
IARSCRÍBHINN XII
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE HAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ TRYPANOSOMA CRUZI A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le marcóirí d’ionfhabhtú Trypanosoma cruzi (T. cruzi) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir le measúnachtaí scagthástála le haghaidh antasubstaintí T. cruzi (anta-T cruzi).
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí deimhniúcháin agus forlíontacha le haghaidh T.cruzi.
Tá feidhm ag Tábla 3 maidir le feistí cáilíochtúla agus cainníochtúla NAT le haghaidh DNA T. cruzi.
Tábla 1. Measúnachtaí scagthástála: anta-T. cruzi
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Diagnóiseach íogaireacht |
Eiseamail dheimhneacha |
≥400 eiseamal deimhneach, lena n-áirítear eiseamail ard-deimhneacha atá deimhnithe le dhá thástáil shéireolaíocha éagsúla ar a laghad le haghaidh antasubstaintí atá éagsúil le T.cruzi. As na 400 eiseamal sin, ≥25 eiseamal atá deimhneach le haghaidh seadán agus é deimhnithe trí bhrath díreach. |
99.5 % íogaireacht fhoriomlán |
Painéil séireachomhshó |
Le sainiú nuair a bheidh sé ar fáil |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothach |
|
Anailíseach íogaireacht |
Caighdeáin |
Caighdeáin idirnáisiúnta EDS Cód NIBSC: 09/186 Cód NIBSC: 09/188 |
|
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Deontóirí nár roghnaíodh (lena n-áirítear deontóirí céaduaire) (1) |
≥5 000 |
≥99,5 % |
Othair san ospidéal |
≥200 |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán lena n-áirítear na heiseamail seo a leanas: Deimhneach le haghaidh anta-Toxoplasma gondii; ar a laghad 5 eiseamal atá deimhneach le haghaidh anta-Leishmania; RF+; oibreáin mhiocróbacha ghaolmhara nó oibreáin thógálacha eile; Othair SLE; othair atá dearfach le haghaidh antasubstainte antafhosfailipide; mná torracha, etc. |
Tábla 2. Measúnachtaí deimhniúcháin agus measúnachtaí forlíontacha: anta-T. cruzi
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Diagnóiseach íogaireacht |
Eiseamail dheimhneacha |
≥300 eiseamal deimhneach, lena n-áirítear eiseamail ard-deimhneacha atá deimhnithe le dhá thástáil shéireolaíocha éagsúla ar a laghad le haghaidh antasubstaintí atá éagsúil le T.cruzi. As na 300 eiseamal sin, ≥25 eiseamal atá deimhneach le haghaidh seadán agus é deimhnithe trí bhrath díreach. |
Aithint 99 % mar “deimhneach” nó “neamhchinnte” |
Painéil séireachomhshó |
De réir mar atá ar fáil |
An íogaireacht dhiagnóiseach le linn séireachomhshó, léireoidh sí an úrscothacht, más infheidhme |
|
Anailíseach íogaireacht |
Caighdeáin |
Caighdeáin idirnáisiúnta EDS Cód NIBSC: 09/186 Cód NIBSC: 09/188 |
|
Diagnóiseach sainiúlacht |
Eiseamail dhiúltacha |
≥200 |
99 % |
Eiseamail chliniciúla |
≥200 |
Déanfar teorainneacha féideartha maidir le sainiúlacht, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥50 san iomlán, lena n-áirítear eiseamail ó mhná torracha agus eiseamail a bhfuil torthaí neamhchinntithe orthu i measúnachtaí deimhniúcháin eile |
Tábla 3: Feistí NAT le haghaidh DNA T. cruzi
1. |
I gcás feistí chun seicheamh sprice a aimpliú, is léiriú ar an úrscothacht a bheidh i rialú feidhmiúlachta do gach eiseamal (rialú inmheánach). Úsáidfear an rialú sin, a mhéid is féidir, le linn an phróisis ar fad, i.e. eastóscadh, aimpliú/hibridiú, brath. |
2. |
Léireofar brath géinitíopa agus/nó fochineáil trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
3. |
Déanfar trasimoibríocht a d’fhéadfadh a bheith ag seichimh d’aigéid núicléasacha nach spriocaigéid iad a anailísiú trí bhailíochtú iomchuí a dhéanamh ar dhearadh prímeálach nó tóireadóirí, agus déanfar í a bhailíochtú freisin trí eiseamail roghnaithe a thástáil. |
4. |
Beidh torthaí feistí cainníochtúla NAT inrianaithe de réir caighdeáin idirnáisiúnta nó ábhair thagartha chalabraithe, má tá siad ar fáil, agus sloinnfear iad in aonaid idirnáisiúnta arna n-úsáid sa réimse sonrach cur i bhfeidhm.
|
(1) Déanfar imscrúdú ar dhaonraí deontóirí fola ó dhá ionad deonacháin fola ar a laghad agus beidh siad comhdhéanta de dheonuithe fola a dhéantar i ndiaidh a chéile, nár roghnaíodh chun deontóir céaduaire a eisiamh.
(2) Tagairt: Pharmacopeia Eorpach 9.0, 2.6.21 Teicnící aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, Bailíochtú.
IARSCRÍBHINN XIII
SONRAÍOCHTAÍ COITEANNA LE hAGHAIDH FEISTÍ ATÁ CEAPTHA LE MARCÓIRÍ D’IONFHABHTÚ GHÉARSHIONDRÓM TROM RIOSPRÁIDE CORÓINVÍREAS 2 A BHRATH NÓ A CHAINNÍOCHTÚ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le feistí atá ceaptha le d’ionfhabhtú ghéarshiondróm trom riospráide coróinvíreas 2 (SARS-CoV-2) a bhrath nó a chainníochtú.
Tá feidhm ag Tábla 1 maidir leis na measúnachtaí scagthástála seo a leanas (lena n-áirítear mearthástálacha) i gcomhair antasubstaintí i gcoinne SARS-CoV-2 (anta-SARS-CoV-2): iomlán antasubstaintí, IgG amháin, IgG in éineacht le IgM agus/nó IgA.
Tá feidhm ag Tábla 2 maidir le measúnachtaí scagthástála (lena n-áirítear mearthástálacha) chun anta-SARS-CoV-2 IgM agus/nó IgA a bhrath.
Tá feidhm ag Tábla 3 maidir le measúnachtaí deimhniúcháin nó forlíontacha le haghaidh anta-SARS-CoV-2.
Tá feidhm ag Tábla 4 maidir le tástálacha antaiginí SARS-CoV-2, lena n-áirítear mearthástálacha antaiginí.
Tá feidhm ag Tábla 5 maidir le measúnachtaí NAT le haghaidh SARS-CoV-2 RNA.
Tá feidhm ag Tábla 6 maidir le féintástálacha antaiginí SARS-CoV-2 a ndearnadh meastóireacht feidhmíochta orthu cheana féin i dtaca le húsáid ghairmiúil.
Tá feidhm ag Tábla 7 maidir le féintástálacha antasubstaintí SARS-CoV-2 a ndearnadh meastóireacht feidhmíochta orthu cheana féin i dtaca le húsáid ghairmiúil.
Tábla 1: Measúnachtaí scagthástála (lena n-áirítear mearthástálacha) i gcomhair anta-SARS-CoV-2: iomlán antasubstaintí, IgG amháin, IgG in éineacht le (1) IgM agus/nó IgA
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
400 lena n-áirítear eiseamail ó ionfhabhtú luath agus tar éis séireachomhshó (2) (laistigh de na chéad 21 lá agus tar éis 21 lá tar éis thús na siomptóm); lena n-áirítear eiseamail ó dhaoine aonair atá aisiomptómach nó fochliniciúil agus atá go héadrom siomptómach (a bhfuil cóireáil othair sheachtraigh á cur orthu); lena n-áirítear eiseamail a bhfuil títir ísle agus arda acu; lena n-áirítear eiseamail ó dhaoine aonair vacsaínithe i gcás inarb iomchuí (3); athraithigh géiniteacha á gcur san áireamh |
≥90 % íogaireacht (4)le haghaidh eiseamal a tógadh >21 lá tar éis thús na siomptóm (5); beidh an íogaireacht fhoriomlán, lena n-áirítear céim an ionfhabhtaithe luaith, comhionann ar a laghad leis an bhfeiste chomparáide (6) |
Painéil séireachomhshó |
A mhéid is féidir |
Íogaireacht séireachomhshó inchomparáide le feistí eile a bhfuil comhartha CE orthu |
|
Íogaireacht anailíseach |
Ullmhóidí tagartha |
Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le anta-SARS-CoV-2 (cód NIBSC 20/136); An Painéal Tagartha EDS (RP) le haghaidh antasubstaintí anta-SARS-CoV-2 (cóid 20/140, 20/142, 20/144, 20/148, 20/150) |
IS: i gcás cinntí títear/aschur torthaí cainníochtúla (7); RP: measúnachtaí uile antasubstainte |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha (8) |
≥400 eiseamail ó dhaoine aonair neamh-ionfhabhtaithe agus neamh-vacsaínithe (9) |
>99 % sainiúlacht (10) |
|
≥200 othair ospidéalaithe (gan ionfhabhtú SARS-CoV-2) |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán lena n-áirítear RF+, mná torracha, eiseamail le hantasubstaintí i gcoinne coróinvíris dhaonna eindéimeacha 229E, OC43, NL63, HKU1 agus pataiginí eile de ghalair riospráide amhail fliú A, B, RSV etc. |
Tábla 2: Measúnachtaí scagthástála (lena n-áirítear mearthástálacha) i gcomhair anta-SARS-CoV-2: Brath IgM agus/nó IgA
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥200 (11) eiseamail (12) le cion suntasach ó chéim luath an ionfhabhtaithe (laistigh de 21 lá tar éis thús na siomptóm) i gcomparáid le heiseamail tar éis séireachomhshó (>21 lá tar éis thús na siomptóm); lena n-áirítear eiseamail ó dhaoine aonair atá aisiomptómach, fochliniciúil, go héadrom siomptómach (a bhfuil cóireáil othair sheachtraigh á cur orthu); lena n-áirítear daoine aonair atá vacsaínithe go úr (13) más iomchuí; athraithigh géiniteacha á gcur san áireamh |
≥80 % íogaireacht (14)maidir le heiseamail a tógadh le linn an chéad 21 lá tar éis thús na siomptóm (15); beidh an íogaireacht fhoriomlán comhionann ar a laghad leis an bhfeiste chomparáide (16) den chineál céanna (i.e. IgM agus/nó IgA) |
Painéil séireachomhshó |
A mhéid is féidir |
Íogaireacht séireachomhshó inchomparáide le feistí eile a bhfuil comhartha CE orthu |
|
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeáin |
N/B |
N/B |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Samplaí diúltacha (17) |
≥200 eiseamail ó dhaoine aonair neamh-ionfhabhtaithe agus neamh-vacsaínithe (18) |
≥98 % sainiúlacht (19) |
|
≥100 ó othair ospidéalaithe (gan ionfhabhtú SARS-CoV-2) |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
|
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥100 san iomlán lena n-áirítear RF+, mná torracha, eiseamail le hantasubstaintí i gcoinne coróinvíris dhaonna eindéimeacha 229E, OC43, NL63, HKU1 agus pataiginí eile de ghalair riospráide amhail fliú A, B, RSV etc. |
Tábla 3: Measúnachtaí deimhniúcháin nó forlíontacha (20) le haghaidh anta-SARS-CoV-2
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥200 lena n-áirítear eiseamail réamh-shéireachomhshó agus iar-shéireachomhshó (laistigh den chéad 21 lá agus tar éis 21 lá tar éis thús na siomptóm) |
Cinneadh ceart mar “deimhneach” (nó “neamhchinntithe”) |
Painéil séireachomhshó/painéil ísealtítir |
a mhéid is féidir |
||
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeáin |
N/B |
N/B |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha (21) |
≥200 ó dhaonra neamh-ionfhabhtaithe/neamh-vacsaínithe |
Gan torthaí bréagdheimhneacha; cinneadh ceart mar “diúltach” (nó “neamhchinntithe”) |
|
≥200 ó othair ospidéalaithe (gan ionfhabhtú SARS-CoV-2) |
||
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥50 san iomlán lena n-áirítear eiseamail ina bhfuil antasubstaintí in aghaidh coróinvíris dhaonna eindéimeacha 229E, OC43, NL63, HKU1 agus pataiginí eile de ghalair riospráide amhail fliú A, B, RSV etc.; lena n-áirítear eiseamail a bhfuil torthaí deimhneacha neamhchinnte nó bréagacha orthu i measúnachtaí anta-SARS-CoV-2 |
Tábla 4: Measúnachtaí antaiginí (lena n- áirítear mearthástálacha): SARS-CoV-2
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
Uimhir, gnéithe, úsáid eiseamail |
Critéir inghlacthachta |
Íogaireacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dheimhneacha |
≥100 (22) Eiseamail (23)dhearfacha NAT ó ionfhabhtú luath laistigh den chéad 7 lá tar éis thús na siomptóm (24); léireoidh eiseamail ualaí víreasacha a fhaightear go nádúrtha (25); athraithigh géiniteacha á gcur san áireamh (26) breithniú ar éagsúlachtaí i mbailiú eiseamal agus/nó láimhseáil eiseamal (27) |
Brath > 80 % (mearthástálacha); brath >85 % (measúnachtaí atá bunaithe ar an tsaotharlann (28)); |
Íogaireacht anailíseach |
Caighdeáin |
A luaithe a bheidh sé ar fáil |
Teorainn braite a bhunú (31) |
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhiúltacha |
≥300 ó dhaoine aonair neamh-ionfhabhtaithe |
Sainiúlacht > 98 % (mearthástálacha) Sainiúlacht > 99 % (measúnachtaí atá bunaithe ar an tsaotharlann (28)) |
≥100 ó othair san ospidéal |
Déanfar aon srian maidir le sainiúlacht a d’fhéadfadh a bheith ann, más ann dóibh, a shainaithint |
||
Trasimoibríocht |
Eiseamail a d’fhéadfadh a bheith tras-imoibríoch |
≥50 san iomlán lena n-áirítear eiseamail atá deimhneach le haghaidh coróinvíris dhaonna eindéimeacha 229E, OC43, NL63, HKU1; fliú A, B, RSV, agus pataiginí eile de ghalair riospráide, atá incháilithe do dhiagnóis dhifreálach; lena n-áirítear baictéir (32) atá sa limistéar ina ndéantar an t-eiseamal |
Tábla 5: Feistí NAT le haghaidh SARS-CoV-2 RNA
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamal |
RNA SARS-CoV-2 cáilíochtúil |
RNA SARS-CoV-2 cainníochtúil |
Íogaireacht |
|||
Íogaireacht anailíseach: Teorainn braite |
Céad Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le SARS-CoV-2 RNA (cód NIBSC 20/146; 7.70 Log10 IU/mL) Caighdeáin thánaisteacha calabraithe de réir caighdeán idirnáisiúnta EDS |
De réir Ph. Treoirlíne Eorpach bhailíochtaithe NAT: roinnt sraitheanna caolúcháin ina dtiúchan teorannach; anailís staidrimh (e.g. anailís próibit) ar bhonn 24 mhacashamhail ar a laghad; Scoithluach 95 % a ríomh |
De réir Ph. Treoirlíne Eorpach bhailíochtaithe NAT: roinnt sraitheanna caolúcháin d’ullmhóidí tagartha calabraithe, a rinneadh tiúchan teorannach díobh; anailís staidrimh (e.g. anailís próibit) ar bhonn 24 mhacashamhail ar a laghad; scoithluach 95 % a ríomh mar an teorainn braite |
Teorainn cainníochtaithe; gnéithe cainníochtaithe |
Céad Caighdeán Idirnáisiúnta EDS maidir le SARS-CoV-2 RNA (cód NIBSC 20/146; 7.70 Log10 IU/mL) Caighdeáin thánaisteacha calabraithe de réir caighdeán idirnáisiúnta EDS |
|
Caoluithe (leath-log10 nó níos lú) d’ullmhóidí tagartha calabraithe; cinneadh na teorann cainníochtaithe íochtair, uachtair, na teorann braite, beachtais, cruinnis, an raoin tomhais “línigh”, an “raoin dhinimiciúil”. Féadfar spriocaigéad núicléasach sintéiseach a úsáid mar chaighdeán tánaisteach chun leibhéil tiúchana níos airde a bhaint amach. Tá in-atáirgtheacht ag leibhéil éagsúla tiúchana le léiriú |
Íogaireacht dhiagnóiseach: Tréithchineálacha éagsúla RNA SARS-CoV-2 |
Eiseamail othar a gcinntear go bhfuil sé deimhneach le haghaidh SARS-CoV-2 RNA trí fheiste chomparáide ó réigiúin éagsúla agus ó bhraislí ráige éagsúla; athraithigh seichimh D’fhéadfadh sraith caolúcháin de shaothráin ceall (aonraígh) atá deimhneach le haghaidh SARS-CoV-2 a bheith ina n-ionadaigh |
≥100 (33) |
|
Éifeachtúlacht cainníochtaithe |
Eiseamail othar atá deimhneach le haghaidh SARS-CoV-2 RNA ó réigiúin agus ó bhraislí ráige éagsúla; athraithigh seichimh le luachanna cainníochtúla arna bhfáil ó fheiste chomparáide D’fhéadfadh sraith caolúcháin de shaothráin ceall atá deimhneach le haghaidh SARS-CoV-2-RNA a bheith ina n-ionadaigh |
|
≥100 |
Cuimsitheacht |
Anailís in silico (34); dhá sprioc-ghéin neamhspleách ar a laghad i sraith tástála amháin (dearadh désprioc) |
Fianaise ar dhearadh oiriúnach feistí: ailíniú prímeálach/tóireadóirí le seichimh SARS-CoV-2 foilsithe |
Fianaise ar dhearadh oiriúnach feistí: ailíniú prímeálach/tóireadóirí le seichimh SARS-CoV-2 foilsithe |
Sainiúlacht |
|||
Sainiúlacht dhiagnóiseach |
Eiseamail dhaonna atá diúltach le haghaidh RNA SARS-CoV-2 RNA |
≥500 |
≥100 |
Anailís in silico (34) |
|
Fianaise ar dhearadh oiriúnach feistí (ailíniú seicheamh); Seiceáil rialta ar sheichimh prímeálach/tóireadóirí de réir iontrálacha i mbainc sonraí seicheamh |
Fianaise ar dhearadh oiriúnach feistí (ailíniú seicheamh); Seiceáil rialta ar sheichimh prímeálach/tóireadóirí de réir iontrálacha i mbainc sonraí seicheamh |
Trasimoibríocht |
eiseamail dheimhneacha (tiúchain éagsúla) le haghaidh coróinvíris dhaonna 229E, HKU1, OC43, NL63, MERS; SARS CoV-1, má tá sé ar fáil; Víreas fliú A, B; RSV; Legionella pneumophila; D’fhéadfadh saothráin ceall dheimhneacha a bheith ina n-ionadaigh |
≥20 san iomlán |
≥20 san iomlán |
Stóinseacht |
|||
Tabhairt anonn |
|
Ar a laghad 5 rith trí úsáid a bhaint as eiseamail ard-deimhneacha agus dhiúltacha, ar bhonn malartach. Beidh títir víris na n-eiseamlar ard-deimhneach ionadaíoch do thítir ardvíris a tharlaíonn go nádúrtha. |
Ar a laghad 5 rith trí úsáid a bhaint as eiseamail ard-deimhneacha (arb eol go dtarlaíonn siad go nádúrtha) agus dhiúltacha, ar bhonn malartach |
Cosc |
|
Rialú inmheánach, más féidir, chun scrúdú a dhéanamh ar an nós imeachta NAT iomlán |
Rialú inmheánach, más féidir, chun scrúdú a dhéanamh ar an nós imeachta NAT iomlán |
Ráta teipe córais iomláin as a dtagann torthaí diúltacha bréagacha: 99/100 measúnacht atá deimhneach |
|
≥100 eiseamal atá spíceáilte le víreas ina bhfuil 3 × an tiúchan den scoithluach 95 % deimhneach (3 x an teorainn braite) |
≥100 eiseamal atá spíceáilte le víreas ina bhfuil 3 × an tiúchan den scoithluach 95 % deimhneach (3 x an teorainn braite) |
Tábla 6: Ceanglais bhreise maidir le féintástálacha antaiginí SARS-CoV-2 (35)
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail (36) |
Líon gnáthdhaoine |
||||||||
Léirmhíniú ar thorthaí (37) |
Léirmhíniú na dtorthaí (38) ag gnáthdhaoine a léiríonn an raon seo a leanas de leibhéil imoibríochta:
|
≥100 |
||||||||
Íogaireacht dhiagnóiseach (40) |
Gnáthdhaoine arb eol go bhfuair siad toradh deimhneach ar thástáil antaigine (41) , (42) |
≥30 |
||||||||
Sainiúlacht dhiagnóiseach (43) |
Gnáthdhaoine nach bhfuil a stádas ar eolas acu (39) |
≥60 |
Tábla 7: Ceanglais bhreise maidir le féintástálacha antasubstainte SARS-CoV-2 (44)
Saintréith feidhmíochta |
Eiseamail (45) |
Líon gnáthdhaoine |
||||||||
Léirmhíniú ar thorthaí (46) |
Léirmhíniú na dtorthaí (47) ag gnáthdhaoine a léiríonn an raon seo a leanas de leibhéil imoibríochta:
|
≥100 |
||||||||
Íogaireacht dhiagnóiseach (49) |
Gnáthdhaoine arb eol go bhfuil diad deimhneach le haghaidh antasubstainte (50) |
≥100 |
||||||||
Sainiúlacht dhiagnóiseach (51) |
Gnáthdhaoine nach bhfuil a stádas ar eolas acu (48) |
≥100 |
(1) Maíomh feidhmíochta maidir le comhthoradh foriomlán; maidir le feistí a bhfuil maíomh ar leith ann ina leith maidir le IgM agus/nó IgA, féach tábla 2.
(2) Cuirfear sonraí ar fáil maidir leis an eatramh ama idir tógáil an eiseamail agus tús na siomptóm (nó am an ionfhabhtaithe, má tá siad ar fáil).
(3) Tabharfaidh an monaróir údar le hoiriúnacht agus uainiú maidir le meastóireacht íogaireachta a dhéanamh ar na hantasubstaintí ábhartha i ndaoine aonair vacsaínithe.
(4) Bunaithe ar thoradh deimhnithe deimhneach SARS-CoV-2 NAT.
(5) Maíomh maidir le híogaireacht, sonrófar iad i ndáil leis an am idir eiseamal a thógáil tar éis thús na siomptóm nó diagnóis PCR tosaigh agus an tástáil.
(6) Tá marc CE air faoi Rialachán (AE) 2017/746 mar aicme D, má tá sé ar fáil.
(7) Baineann sé seo le measúnachtaí cainníochtúla más measúnachtaí scagthástála iad freisin.
(8) Tiocfaidh eiseamail dhiúltacha ó dhaoine aonair nach raibh aon ionfhabhtú SARS-CoV-2 orthu riamh (roimh an bpaindéim má tá siad ar fáil).
(9) Féadfar daoine aonair atá vacsaínithe in aghaidh antaiginí atá éagsúil leis an antaigin atá in úsáid san fheiste a chur san áireamh, más iomchuí.
(10) Déanfar torthaí bréagdheimhneacha a réiteach trí aththástáil a dhéanamh i measúnachtaí séireolaíocha SARS-CoV-2 eile, más gá, agus úsáid á baint as dearadh tástála difriúil agus bratú antaiginí i gcomparáid leis an tástáil tosaigh, agus/nó as tástáil deimhniúcháin.
(11) I gcás feistí a bhraitheann IgM agus IgA araon, 200 in aghaidh mharcóir IgM agus IgA.
(12) Cuirfear sonraí ar fáil maidir leis an eatramh ama idir tógáil an eiseamail agus tús na siomptóm (nó am an ionfhabhtaithe, má tá siad ar fáil).
(13) Soláthróidh an monaróir bonn cirt maidir le hoiriúnacht agus uainiú do mheastóireacht íogaireachta IgM agus IgA i ndaoine aonair vacsaínithe.
(14) Diagnóis bunaithe ar thorthaí deimhnithe deimhneach SARS-CoV-2 NAT.
(15) Maíomh maidir le híogaireacht, sonrófar iad i ndáil leis an am idir eiseamal a thógáil tar éis thús na siomptóm nó diagnóis PCR tosaigh agus an tástáil.
(16) Tá marc CE air faoi Rialachán (AE) 2017/746 mar aicme D, má tá sé ar fáil.
(17) Tiocfaidh eiseamail dhiúltacha ó dhaoine aonair nach raibh aon ionfhabhtú SARS-CoV-2 orthu riamh (roimh an bpaindéim má tá siad ar fáil).
(18) Féadfar daoine aonair atá vacsaínithe in aghaidh antaiginí atá éagsúil leis an antaigin atá in úsáid san fheiste a chur san áireamh, más iomchuí.
(19) Déanfar torthaí bréagdheimhneacha a réiteach trí aththástáil a dhéanamh i measúnachtaí séireolaíocha SARS-CoV-2 eile, más gá, agus úsáid á baint as dearadh tástála difriúil agus bratú antaiginí i gcomparáid leis an tástáil tosaigh, agus/nó as tástáil deimhniúcháin. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí sa soiléiriú ar thorthaí bréagdheimhneacha tástáil maidir le cineálacha antasubstainte anta-SARS-CoV-2 eile a bheith ann (IgA, IgG, antasubstaintí iomlána).
(20) E.g. imdhíonbhlab lena gcuirtear antaiginí ar fáil atá difriúil ó na cinn a úsáidtear sa chéad tástáil antasubstainte.
(21) Tiocfaidh eiseamail dhiúltacha ó dhaoine aonair nach raibh aon ionfhabhtú SARS-CoV-2 orthu riamh (roimh an bpaindéim má tá siad ar fáil).
(22) Má tá sé beartaithe an fheiste a úsáid le haghaidh níos mó ná cineál eiseamail amháin, beidh gá le 100 eiseamal le haghaidh gach cineál eiseamail. Murar féidir sin a dhéanamh in imthosca eisceachtúla (e.g. má bhíonn bailiú eiseamal an-ionrach), soláthróidh an monaróir údar leis sin agus fianaise ar choibhéis maitríse.
(23) Déanfar tógáil eiseamal a mheaitseáil le haghaidh tástáil antaiginí agus NAT, e.g. dhá eiseamal chomhuaineacha ó gach tástáil aonair nó tástáil optamach NAT agus antaiginí ón eiseamal céanna (e.g. ó ionnláit aon mhaipíneachta amháin); beidh an meán maolánach/iompair comhoiriúnach le tástáil antaiginí; aidir le haon athrú ar mhéid an mhaoláin/an mheáin a úsáidtear idir an fheiste antaiginí agus feiste NAT, cuirfear in iúl go soiléir é.
(24) Nó am an ionfhabhtaithe, más eol, agus an t-am goir á chur san áireamh.
(25) i.e., gan roghnú roimh ré; taispeánfar na hualaí víreasacha agus a ndáileadh, e.g. arb iad luachanna Ct-RT-PCR is saintréith dóibh; nó arna chlaochlú go hualach víreasach in aghaidh ml eiseamail, más infheidhme.
(26) Ag brath ar dhearadh na feiste agus ar chineál an athraithigh ghéiniteach. Chun críche meastóireachta, déanfar 3 eiseamal ar a laghad a léiriú do gach athraitheach géiniteach ábhartha.
(27) Beidh bailiú eiseamal agus ítimí eastósctha amhail maipíní, maoláin eastósctha, etc., curtha san áireamh sa mheastóireacht. Mura n-áirítear tógáil/ullmhú dílsithe san fheiste, déanfar feidhmíocht na feiste a imscrúdú i dtaca le réimse is infheidhme d’fheistí tógála eiseamail. Mura dtástáiltear an t-eiseamal láithreach, e.g. tar éis tréimhse áirithe iompair, déanfar cobhsaíocht antaigine a imscrúdú.
(28) Seachas mearthástálacha, i.e. feistí foirmiúla atá bunaithe ar an tsaotharlann e.g. imdhíonmheas einsímeach, tástálacha uathoibrithe, etc.
(29) Bainfidh íogaireacht ≥80 % ≥85 % faoi seach le gach cineál eiseamail a mhaítear. Déanfar gach cineál eiseamail a mhaítear a chur i gcomparáid le torthaí péireáilte NAT ó eiseamail shrónfharaingeacha.
(30) Léireofar an gaol idir íogaireacht na tástála antaiginí agus íogaireacht NAT; Féadfar íogaireacht a thaispeáint maidir le raonta ualaí víreasacha éagsúla agus leis an tairseach ionfhabhtaíochta. Tabharfar tuairisc ar an NAT agus ar an modh eastósctha a úsáidtear.
(31) Mura bhfuil caighdeán idirnáisiúnta ar fáil ann, féadfar íogaireacht anailíseach a thástáil le sraith caolúcháin d’ullmhóidí víreas a ullmhaítear go hinmheánach, i gcomparáid le tástálacha antaiginí eile agus le NAT; má úsáidtear víreas díghníomhaithe, déanfar imscrúdú ar éifeacht dhíghníomhachtaithe antaigine agus ar an éifeacht reo/thorrtha ar an antaigin.
(32) E.g. stafalacocas agus streipteacocas ina léirítear próitéin A nó G.
(33) Má tá sé beartaithe an fheiste a úsáid le haghaidh níos mó ná cineál eiseamail amháin, beidh gá le 100 eiseamal le haghaidh gach cineál eiseamail. Murar féidir sin a dhéanamh in imthosca eisceachtúla (e.g. má bhíonn bailiú eiseamal an-ionrach), soláthróidh an monaróir údar leis sin agus fianaise ar choibhéis maitríse.
(34) Déanfaidh an monaróir fianaise ar sheiceálacha faireachais tráthrialta réamhghníomhacha a thaifeadadh de réir iontrálacha nuashonraithe i mbainc sonraí sa tuarascáil leantach ar fheidhmíocht iarmhargaidh.
(35) Glactar leis gur léiríodh cheana féin feidhmíocht bhunúsach na féintástála le meastóireacht/measúnú ar thástáil ghairmiúil den dearadh céanna leis an bhféintástáil faoi seach a bhfuil meastóireacht a déanamh uirthi. I gcás na n-eiseamal féinúsáide atá i gceist, murab ann do leagan comhfhreagrach de thástáil ghairmiúil, déanfar comparáid leis an ngnáthchineál eiseamail (e.g. maipíneachtaí srónfharaingeacha le haghaidh tástáil antaiginí, séirim nó plasma le haghaidh tástáil antasubstaintí) den tástáil ghairmiúil chomhfhreagrach.
(36) Maidir le gach cineál eiseamail féinúsáide a mhaítear i ndáil leis an bhfeiste (e.g. eiseamal sróine, spútam, seile, fuil iomlán, etc.).
(37) Áireofar sa staidéar ar léirmhíniú torthaí léamh agus léirmhíniú na dtorthaí tástála ag 100 gnáthdhuine ar a laghad, agus mar chuid de sin léifidh gach gnáthdhuine torthaí a chlúdaíonn raon sonraithe na leibhéal imoibríochta torthaí. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(38) Déanfar tástálacha roimh léirmhíniú an staidéir ar thorthaí agus úsáid á baint, nuair is féidir, as an gcineál eiseamail atá beartaithe ag an monaróir. Féadfar na tástálacha a dhéanamh ar eiseamail a táirgeadh d’aon ghnó bunaithe ar an maitrís nádúrtha den chineál eiseamail faoi seach.
(39) Beidh cion níos airde de na heiseamail sa raon ísealdeimhneach atá gar do scoithluach nó do theorainn braite na tástála.
(40) I gcomparáid le RT-PCR. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(41) Níl daoine aonair ar an eolas faoin toradh diagnóiseach gairmiúil roimh an bhféintástáil, agus déanann siad an nós imeachta tástála ina iomláine ó eiseamail a bhailiú agus ó réamhchóireáil eiseamail (maipíneacht, eastóscadh maolánach, etc.) go dtí an léamh.
(42) Ábhair suas go dtí thart ar 7 lá tar éis thús na siomptóm.
(43) Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léámh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(44) Glactar leis gur léiríodh cheana féin feidhmíocht bhunúsach na féintástála le meastóireacht/measúnú ar thástáil ghairmiúil den dearadh céanna leis an bhféintástáil faoi seach a bhfuil meastóireacht a déanamh uirthi. I gcás na n-eiseamal féinúsáide atá i gceist, murab ann do leagan comhfhreagrach de thástáil ghairmiúil, déanfar comparáid leis an ngnáthchineál eiseamail (e.g. maipíneachtaí srónfharaingeacha le haghaidh tástáil antaiginí, séirim nó plasma le haghaidh tástáil antasubstaintí) den tástáil ghairmiúil chomhfhreagrach.
(45) Maidir le gach cineál eiseamail féinúsáide a mhaítear i ndáil leis an bhfeiste (e.g. eiseamal sróine, spútam, seile, fuil iomlán, etc.).
(46) Áireofar sa staidéar ar léirmhíniú torthaí léamh agus léirmhíniú na dtorthaí tástála ag 100 gnáthdhuine ar a laghad, agus mar chuid de sin léifidh gach gnáthdhuine torthaí a chlúdaíonn raon sonraithe na leibhéal imoibríochta torthaí. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(47) Déanfar tástálacha roimh léirmhíniú an staidéir ar thorthaí agus úsáid á baint, nuair is féidir, as an gcineál eiseamail atá beartaithe ag an monaróir. Féadfar na tástálacha a dhéanamh ar eiseamail a táirgeadh d’aon ghnó bunaithe ar an maitrís nádúrtha den chineál eiseamail faoi seach.
(48) Beidh cion níos airde de na heiseamail sa raon ísealdeimhneach atá gar do scoithluach nó do theorainn braite na tástála.
(49) Le hionfhabhtú SARS-CoV-2 roimhe seo a deimhníodh le RT PCR; i gcomparáid le toradh deimhnithe antasubstainte roimhe seo. Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léamh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
(50) Níl daoine aonair ar an eolas faoin toradh diagnóiseach gairmiúil roimh an bhféintástáil, agus déanann siad an nós imeachta tástála ina iomláine ó eiseamail a bhailiú agus ó réamhchóireáil eiseamail (maipíneacht, eastóscadh maolánach, etc.) go dtí an léamh.
(51) Cinnfidh an monaróir an chomhréireacht idir léámh an ghnáthdhuine agus léamh an úsáideora ghairmiúil.
CINNTÍ
5.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/57 |
CINNEADH (AE) 2022/1108 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Iúil 2022
maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine CBL ar allmhairiú arna dheonú le haghaidh earraí atá le dáileadh nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)4469)
(Is téacsanna barántúla iad na téacsanna sa Chróitis, sa tSeicis, san Ollainnis, sa Bhéarla, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Ungáiris, sa Ghaeilge, san Iodáilis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis agus sa tSualainnis amháin)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143(b) agus (c) de Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 53 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (2), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 76 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 24 Feabhra 2022, thug an Rúis fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, go dtí an 24 Bealtaine 2022 tá tuairim is 6.2 milliún duine tar éis teacht chuig an Aontas. An sreabhadh daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, is dúshlán do na Ballstáit lena mbaineann é an sreabhadh sin ó thaobh cúnamh daonnúil leordhóthanach a áirithiú agus freastal ar phríomhriachtanais na ndaoine sin. D’iarr an tSlóvaic an 27 Feabhra 2022, an Pholainn an 28 Feabhra 2022 agus an tSeicia an 11 Márta 2022 cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le dídean sealadach éigeandála, earraí cóiríochta, cógais leighis agus earraí leighis, trealamh le húsáid chun bia a bhainistiú agus a sholáthar do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. |
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’iarr an Úcráin cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le soláthairtí cosanta sibhialta. |
(3) |
Mar léiriú dlúthpháirtíochta agus tacaíochta, thug na Ballstáit agus an comhphobal idirnáisiúnta freagra trí earraí cabhrach daonnúla a chur ar fáil lena ndáileadh do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh agus ag teacht isteach san Aontas agus do dhaoine atá thíos leis an gcogadh san Úcráin. |
(4) |
An 14 Márta 2022, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir leis an ngá atá le Cinneadh ón gCoimisiún lena bhforáiltear d’fhaoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus do dhíolúine ó cháin bhreisluacha (“CBL”) maidir le hearraí a allmhairítear lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta lena ndáileadh nó lena gcur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Tar éis an fhiosrúcháin sin, rinne an Ostair, an Chróit, an tSeicia, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin iarrataí an 18 Márta 2022, rinne Éire agus an Liotuáin iarrataí an 21 Márta 2022, agus rinne an Fhionlainn agus an Iodáil iarrataí an 23 Márta 2022 (“na Ballstáit iarrthacha”). |
(5) |
Ós rud é go bhfuil iarmhairtí móra ag an ngéarchéim dhaonnúil atá mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ní hamháin san Úcráin, ach i roinnt Ballstát eile freisin, tubaiste atá ann a chuireann isteach ar chríoch roinnt Ballstát de réir bhrí Chaibidil XVII, Roinn C de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Theideal VIII, Caibidil 4, de Threoir 2009/132/CE. |
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus ar dhíolúine CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE ag eagraíochtaí Stáit, eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla arna bhformheas ag údaráis inniúla na mBallstát iarrthach, nó thar a gceann sin. I bhfianaise na staide seo nach bhfacthas a leithéid riamh agus an gá atá le freagairt go tapa di, is iomchuí a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh ó dhleacht agus díolúine CBL a dheonú le haghaidh earraí le haghaidh cúnaimh dhaonnúil arna n-allmhairiú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht freisin ag eagraíochtaí Stáit nó ag eagraíochtaí carthanacha nó daonchairdiúla arna bhformheas agus ar eagraíochtaí iad a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla i mBallstát iarrthach eile ina bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid. Chun freagairt d’iarrataí ó na Ballstáit cúnamh a thabhairt do dhaoine a d’fhan san Úcráin agus a bhfuil tionchar tromchúiseach ag an gcogadh orthu, is gá freisin aistriú na n-earraí sin chuig eagraíochtaí Stát na hÚcráine nó eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla arna bhformheas ag údaráis inniúla na hÚcráine chun na hearraí a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin. Is iomchuí, ina theannta sin, a údarú do na Ballstáit iarrthacha faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus ar dhíolúine CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí nó thar a gceann chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a sholáthraíonn siad faoiseamh tubaiste do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. |
(7) |
Chun faireachán a dhéanamh ar allmhairithe dá ndeonaítear an sochar a bhaineann le faoiseamh dleachtanna nó díolúine CBL, ba cheart do na Ballstáit iarrthacha an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál agus cainníochtaí na n-earraí éagsúla a ligtear isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus faoi CBL lena ndáileadh nó lena gcur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, faoi na heagraíochtaí a d’fhormheas siad chun na hearraí sin a dháileadh nó a chur ar fáil agus faoi na bearta a rinneadh chun cosc a chur ar úsáid na n-earraí chun críocha seachas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. |
(8) |
D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, go gcoscfar neamhrialtachtaí agus go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, ba cheart do na Ballstáit iarrthacha a áirithiú go gcuirfear bainistiú riosca agus bearta rialaithe ábhartha custaim i bhfeidhm maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus maidir le húsáid agus aistriú earraí chuig an Úcráin ina dhiaidh sin, ar earraí iad dá ndeonaítear an sochar a bhaineann le faoiseamh dleachtanna nó díolúine CBL Ba cheart bearta a ghlactar a thuairisciú don Choimisiún laistigh den spriocdháta arna bhunú leis an gCinneadh seo. |
(9) |
Agus na mórdhúshláin atá roimh na Ballstáit iarrthacha á gcur san áireamh, ba cheart faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i leith allmhairí a dhéantar ón 24 Feabhra 2022. Ba cheart an faoiseamh agus an díolúine a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022. |
(10) |
An 19 Aibreán 2022, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 76 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 53 de Threoir 2009/132/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus beidh siad díolmhaithe ó cháin bhreisluacha (CBL) ar na hallmhairí de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
beartaítear ceann de na húsáidí seo a leanas do na hearraí:
|
(b) |
comhlíonann na hearraí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 75, 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 52, 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE; |
(c) |
na hearraí a allmhairítear lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta, is iad eagraíochtaí Stáit, lena n-áirítear comhlachtaí Stáit, comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí nó ag eagraíochtaí carthanacha nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na mBallstát iarrthach ina bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid, nó thar a gceann sin, a dhéanann na hearraí sin a allmhairiú. |
2. Féadfar earraí dá dtagraítear i mír 1 a ligean isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus iad a dhíolmhú ó CBL tráth a n-allmhairithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE i mBallstát iarrthach seachas an Ballstát iarrthach ina bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid, ar choinníoll go ndéanann eagraíocht Stáit nó ag eagraíochtaí carthanacha nó daonchairdiúla eile arna bhformheas ag na húdaráis inniúla agus ar eagraíocht í a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla i mBallstát iarrthach eile ina bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid, na hearraí sin a allmhairiú lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta.
3. Beidh aistriú na n-earraí idir an dá Bhallstát faoi réir fógra a fháil roimh ré ó eagraíocht charthanach nó dhaonchairdiúil formheasta chuig údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleacht agus an díolúine CBL.
4. Faoi réir réamhfhógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit iarrthaigh a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleacht, féadfaidh eagraíochtaí a thairbhíonn den fhaoiseamh ó dhleacht agus den díolúine CBL i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 na hearraí dá dtagraítear i mír 1, ar earraí iad ar deonaíodh faoiseamh ó dhleacht agus díolúine CBL ina leith, a aistriú chuig eagraíochtaí Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanacha nó daonchairdiúla eile arna bhformheas ag údaráis inniúla na hÚcráine chun earraí a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin.
5. Faoi réir Airteagail 75 go 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 52 go 57 de Threoir 2009/132/CE, ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus déanfar iad a dhíolmhú ó CBL iad tráth a n-allmhairithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí nó thar a gceann chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a sholáthraíonn siad faoiseamh tubaiste do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.
Airteagal 2
Cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don Choimisiún maidir le cineál agus cainníochtaí na n-earraí a lig siad isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus CBL de bhun Airteagal 1 ar bhonn míosúil, ar an 15ú lá den mhí i ndiaidh na míosa tuairiscithe.
Faoin 31 Márta 2023 ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:
(a) |
liosta de na heagraíochtaí a d’fhormheas na húdaráis inniúla sna Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(1); |
(b) |
an fhaisnéis chomhdhlúite maidir le cineál agus cainníochtaí na n-earraí a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus CBL de bhun Airteagal 1; |
(c) |
na bearta a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE agus, de réir mar is iomchuí, bearta bainistíochta riosca agus rialaithe custaim arna nglacadh de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), maidir leis na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo. |
Airteagal 3
Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le hallmhairí arna ndéanamh chuig an Ostair, an Chróit, an tSeicia, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin ón 24 Feabhra 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Poblacht na Fionlainne.
Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Paolo GENTILONI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 292, 10.11.2009, lch. 5.
(2) IO L 324, 10.12.2009, lch. 23.
(3) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).