ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 167I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
24 Meitheamh 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/994 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/995 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

3

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 167/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/994 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1(21) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/879, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh 833/2014 ón gComhairle (2) agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí - gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/879. De bhun Airteagal 1(21) de Rialachán (AE) 2022/879, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle.

(2)

Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 25 Meitheamh 2022 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/879,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 25 Meitheamh 2022 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/879.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 153, 3.6.2022, lch. 53.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).


CINNTÍ

24.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 167/3


CINNEADH (CBES) 2022/995 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2022

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(2)

An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/884 (2), lenar leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí - gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/884. De bhun Airteagal 1(14) de Chinneadh (CBES) 2022/884, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir cinneadh eile ón gComhairle.

(3)

Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 25 Meitheamh 2022 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/884,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4g de Chinneadh 2014/512/CBES ón 25 Meitheamh 2022 i leith na n-eintiteas go léir dá dtagraítear i bpointe (4) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/884.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/884 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 128).