ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 151

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
2 Meitheamh 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 agus Treoir 2014/65/AE ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/859 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

34

 

*

Rialachán (AE) 2022/860 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le monachoilíní ó rís giosta dheirg ( 1 )

37

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/861 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leagtar síos rialacha eisceachtúla maidir le dara hiarrataí ó Bhallstáit le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna agus ag maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 maidir leis an ath-leithdháileadh, don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023

42

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/862 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas ( 1 )

45

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/863 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste AE-CTC arna bhunú le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin

62

 

*

Cinneadh (AE) 2022/864 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas

64

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/865 ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear do Phoblacht na Seice beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

66

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/866 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Primer PIP i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3318)  ( 1 )

68

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2022/867 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 maidir le stoic ola éigeandála a scaoileadh ag Ballstáit tar éis ionradh na hÚcráine

72

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/1


RIALACHÁN (AE) 2022/858 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

maidir le córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014 agus Treoir 2014/65/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is den tábhacht a áirithiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais oiriúnach don ré dhigiteach agus go rannchuideofar léi le geilleagar a sheasfaidh an aimsir agus a oibreoidh do shaoránaigh, lena n-áirítear trí úsáid teicneolaíochtaí nuálacha a chumasú. Tá leas beartais ag an Aontas glacadh teicneolaíochtaí claochlaitheacha san earnáil airgeadais, lena n-áirítear glacadh teicneolaíochta mórleabhar dáilte (DLT) a scrúdú, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá criptea-shócmhainní ar cheann de phríomhfheidhmeanna na teicneolaíochta mórleabhar dáilte in earnáil an airgeadais.

(2)

Ní thagann formhór na gcriptea-shócmhainní faoi raon feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais agus is cúis iad le dúshláin, i measc nithe eile, i dtaca le cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, tomhaltas fuinnimh agus cobhsaíocht airgeadais. Dá bhrí sin, tá gá le creat rialála tiomnaithe ar leibhéal an Aontais i leith na gcriptea-shócmhainní sin. Os a choinne sin, tá criptea-shócmhainní eile incháilithe mar ionstraimí airgeadais de réir bhrí Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). A mhéid atá criptea-shócmhainní incháilithe mar ionstraimí airgeadais faoin Treoir sin, d’fhéadfadh tacar iomlán de reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, lena n-áirítear Rialacháin (AE) Uimh. 236/2012 (5), (AE) Uimh. 596/2014 (6), (AE) Uimh. 909/2014 (7) agus (AE) 2017/1129 (8) agus Treoracha 98/26/CE (9) agus 2013/50/AE (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith infheidhme maidir le heisitheoirí na gcriptea-sócmhainní sin agus maidir le gnólachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí a bhaineann le criptea-shócmhainní den sórt sin.

(3)

“Ceadchomharthú” ionstraimí airgeadais, mar a thugtar air, is é sin an léiriú digiteach ar ionstraimí airgeadais maidir le mórleabhair dháilte nó eisiúint aicmí sócmhainní traidisiúnta i bhfoirm ceadchomharthaithe chun gur féidir iad a eisiúint, a stóráil agus a aistriú ar mhórleabhar dáilte, meastar go gcruthófar leis sin deiseanna chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht sa phróiseas trádála agus iarthrádála. Ós rud é, áfach, go bhfuil comhbhabhtálacha bunúsacha lena mbaineann riosca creidmheasa agus leachtacht fós ann i ndomhan ceadchomharthaithe, beidh rath na gcóras ceadchomharthaithe ag brath ar a fheabhas a bhíonn siad ag idirghníomhú le córais chuntasbhunaithe thraidisiúnta, ar a laghad san idirthréimhse.

(4)

Níor ceapadh reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais le haghaidh teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus criptea-shócmhainní, agus tá forálacha inti a d’fhéadfadh cosc a chur ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó srian a chur léi i ndáil le criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais a eisiúint, a thrádáil agus a shocrú. Faoi láthair, níl bonneagar margaidh airgeadais údaraithe ann ach oiread a bhaineann úsáid as teicneolaíocht mórleabhar dáilte chun seirbhísí trádála nó socraíochta, nó teaglaim de sheirbhísí den sórt sin, a sholáthar le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. D’fhéadfadh forbairt margaidh thánaistigh le haghaidh na gcriptea-shócmhainní sin a fhágáil go mbeadh tairbhí iomadúla ann, amhail éifeachtúlacht, trédhearcacht agus iomaíocht níos fearr i ndáil le gníomhaíochtaí trádála agus socraíochta.

(5)

An tráth céanna, is ann do bhearnaí rialála i ngeall ar shainiúlachtaí dlíthiúla, teicniúla agus oibríochtúla a bhaineann le húsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus le criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Mar shampla, níl aon cheanglais trédhearcachta, iontaofachta ná sábháilteachta forchurtha ar na prótacail agus ar na “conarthaí cliste” a chuireann taca faoi chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. D’fhéadfadh cineálacha nua riosca nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach leis na rialacha atá ann faoi láthair a bheith ag baint leis an mbunteicneolaíocht. Forbraíodh roinnt tionscadal maidir le trádáil criptea-sócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí iarthrádála gaolmhara san Aontas, ach is beag tionscadal atá i bhfeidhm cheana féin, agus is scála teoranta atá ag baint leo siúd atá i bhfeidhm. Thairis sin, mar a léirigh Grúpa Comhairleach an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) maidir le Bonneagair Mhargaidh le haghaidh Urrús agus Comhthaobhachta agus a Ghrúpa Comhairleach maidir le Bonneagair Mhargaidh le haghaidh Íocaíochtaí, d’fhágfadh úsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte go mbeadh dúshláin ann a bheadh comhchosúil leis na dúshláin sin a bhíonn roimh ghnáth-theicneolaíocht, amhail deacrachtaí maidir le hilroinnt agus idir-inoibritheacht, agus go bhféadfadh saincheisteanna nua a bheith ann freisin, mar shampla maidir le bailíocht dhlíthiúil ceadchomharthaí. I bhfianaise na taithí teoranta maidir le trádáil criptea-sócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí iarthrádála gaolmhara, tá sé róluath faoi láthair reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a mhodhnú go suntasach chun go mbeifear in ann na criptea-shócmhainní sin agus a mbunteicneolaíocht a úsáid ina n-iomláine. An tráth céanna, tá ceanglais leabaithe i reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nach n-oireann go hiomlán do chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais nó le haghaidh úsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte, ceanglais atá ag cur srian faoi láthair ar bhonneagar margaidh airgeadais le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Mar shampla, de ghnáth le hardáin chun criptea-shócmhainní a thrádáil, tugtar rochtain dhíreach d’infheisteoirí miondíola, ach de ghnáth le hionaid trádála traidisiúnta, ní thugtar rochtain d’infheisteoirí miondíola ach amháin trí idirghabhálaithe airgeadais.

(6)

Chun go mbeifear in ann criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais a fhorbairt, agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí, sláine an mhargaidh, cobhsaíochta airgeadais agus trédhearcachta á gcaomhnú, agus arbatráiste rialála agus lúba ar lár á seachaint, bheadh sé úsáideach córas píolótach a chruthú maidir le bonneagair mhargaidh bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte chun bonneagair margaidh DLT den sórt sin a thástáil (“an córas píolótach”). Leis an gcóras píolótach, ba cheart go bhféadfaí bonneagar áirithe margaidh DLT a dhíolmhú go sealadach ó roinnt de na ceanglais shonracha de chuid reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais lena bhféadfaí, ar shlí eile, cosc a chur ar oibreoirí réitigh a fhorbairt le haghaidh trádáil agus socrú idirbheart i gcriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, gan aon cheanglais nó coimircí atá ann cheana arna gcur i bhfeidhm maidir le bonneagair mhargaidh thraidisiúnta a lagú. Ba cheart coimircí leormhaithe a bheith i bhfeidhm ag bonneagair margaidh DLT agus a n-oibreoirí maidir le húsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte chun cosaint éifeachtach infheisteoirí a áirithiú, lena n-áirítear slabhraí dliteanais i leith na gcliant, ar slabhraí iad atá sainithe go soiléir, as aon chaillteanais de dheasca teipeanna oibríochtúla. Ba cheart go gcuirfeadh an córas píolótach ar chumas an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (ESMA) agus ar chumas na n-údarás inniúil ceachtanna a fhoghlaim ón gcóras píolótach agus taithí a fháil ar na deiseanna agus rioscaí sonracha a bhaineann le criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, agus lena mbunteicneolaíochtaí. Leis an taithí arna fáil ón gcóras píolótach, ba cheart cabhrú le tograí praiticiúla a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le creat rialála oiriúnach chun coigeartuithe spriocdhírithe a dhéanamh ar dhlí an Aontais a mhéid a bhaineann le heisiúint, slánchoinneáil agus seirbhísiú sócmhainní, trádáil agus socrú ionstraimí airgeadais DLT.

(7)

Chun cuspóirí an chórais phíolótaigh a bhaint amach, ba cheart stádas nua de chuid an Aontais a chruthú i ndáil le bonneagar margaidh DLT chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann ról lárnach a bheith aige maidir le hionstraimí airgeadais i bhfoirm ceadchomharthaithe agus rannchuidiú le forbairt margaidh thánaistigh i gcomhair na sócmhainní sin. Ba cheart an stádas maidir le bonneagar margaidh DLT a bheith roghnach agus níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar bhonneagair an mhargaidh airgeadais, amhail ionaid trádála, taisclanna lárnacha urrús (CSDanna), agus contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), seirbhísí agus gníomhaíochtaí trádála agus iarthrádála a fhorbairt le haghaidh criptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais, nó atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte, faoi reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais atá ann faoi láthair.

(8)

Níor cheart do bhonneagair margaidh DLT ach ionstraimí airgeadais DLT a ligean isteach chun a dtrádála nó chun a dtaifeadta ar mhórleabhar dáilte. Ba cheart ionstraimí airgeadais DLT a bheith ina gcriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais agus a eisítear, a aistrítear agus a stóráiltear ar mhórleabhar dáilte.

(9)

Tá sé beartaithe go mbeidh reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais neodrach a mhéid a bhaineann le húsáid aon teicneolaíocht ar leith thar theicneolaíocht eile. Dá bhrí sin, tá tagairtí do chineál sonrach teicneolaíochta mórleabhar dáilte le seachaint. Ba cheart d’oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT a áirithiú go bhfuil siad in ann na ceanglais uile is infheidhme a chomhlíonadh, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear.

(10)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm ba cheart prionsabail na neodrachta teicneolaíochta, na comhréireachta, chothrom na Féinne, agus “gníomhaíocht chéanna, rioscaí céanna, rialacha céanna” a chur san áireamh chun a áirithiú go mbeidh an spás rialála ag rannpháirtithe margaidh chun nuála agus chun seasamh le luachanna na trédhearcachta, na cothroime, na cobhsaíochta, na cosanta infheisteoirí, na cuntasachta agus na sláine margaidh, agus chun cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta a áirithiú mar a ráthaítear le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(11)

Níor cheart rochtain ar an gcóras píolótach a bheith teoranta do chomhpháirtithe atá ann faoi láthair, ba cheart rochtain a bheith ag iontrálaithe nua air freisin. D’fhéadfadh eintiteas nach bhfuil údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ná faoi Threoir 2014/65/AE iarratas ar údarú a dhéanamh faoin Rialachán sin nó faoin Treoir sin, faoi seach, agus, ag an am céanna, ar chead sonrach faoin Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, níor cheart don údarás inniúil a mheas cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann eintiteas den sórt sin ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Threoir 2014/65/AE ar ina leith a iarradh díolúine faoin Rialachán seo. Níor cheart na heintitis sin a bheith in ann bonneagair margaidh DLT a oibriú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ba cheart a n-údarú a chúlghairm a luaithe a bheidh a gcead sonrach imithe in éag, ach amháin má chuireann na heintitis isteach iarraidh iomlán ar údarú faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó faoi Threoir 2014/65/AE.

(12)

Le coincheap bhonneagair mhargaidh DLT, cuimsítear saoráidí trádála iltaobhacha DLT (MTF DLT), córais socraíochta DLT (SS DLT) agus córais trádála agus socraíochta DLT (TSS DLT). Ba cheart bonneagair margaidh DLT a bheith in ann comhoibriú le rannpháirtithe eile sa mhargadh chun tástáil a dhéanamh ar réitigh nuálacha atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte i gcodanna éagsúla de shlabhra luacha na seirbhísí airgeadais.

(13)

Ba cheart saoráid trádála iltaobhach a bheith mar MTF DLT arna hoibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE agus a bhfuil cead sonrach faighte aige faoin Rialachán seo. Níor cheart institiúid creidmheasa arna húdarú faoi Threoir 2013/36/AE lena soláthraítear seirbhísí infheistíochta nó lena ndéantar gníomhaíochtaí infheistíochta a bheith ceadaithe MTF DLT a oibriú ach amháin nuair atá an institiúid creidmheasa sin údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó mar oibreoir margaidh faoi Threoir 2014/65/AE. Ba cheart MTFanna DLT agus a n-oibreoirí a bheith faoi réir na gceanglas uile is infheidhme maidir le saoráidí trádála iltaobhacha agus a n-oibreoirí faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), faoi Threoir 2014/65/AE nó faoi aon reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, seachas ceanglais ar ina leith a bheidh díolúine deonaithe ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(14)

Féadann úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte, lena dtaifeadtar na hidirbhearta uile ar mhórleabhar dáilte, trádáil agus socraíocht a bhrostú agus a chomhcheangail gar d’fhíor-am agus d’fhéadfadh sé a fhágáil go bhféadfaí seirbhísí agus gníomhaíochtaí trádála agus iarthrádála a chomhcheangail. Mar sin féin, ní bheartaítear sna rialacha atá ann faoi láthair teaglaim de ghníomhaíochtaí trádála agus iarthrádála laistigh d’aon eintiteas amháin, gan beann ar an teicneolaíocht arna húsáid, mar thoradh ar roghanna beartais a bhaineann le speisialtóireacht riosca agus díchuachadh chun críche iomaíocht a spreagadh. Níor cheart an córas píolótach a bheith ina fhasach chun údar a thabhairt le hathrú ó bhonn a dhéanamh ar scaradh gníomhaíochtaí trádála agus iarthrádála ná ar bhonneagair an mhargaidh airgeadais. Mar sin féin, i bhfianaise na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teicneolaíocht mórleabhar dáilte ó thaobh trádáil agus socraíocht a chomhcheangail, tá bonn cirt le foráil a dhéanamh do bhonneagar tiomnaithe margaidh DLT sa chóras píolótach, eadhon, TSS DLT, ina dteaglamaítear na gníomhaíochtaí a dhéanann saoráidí trádála iltaobhacha agus córais socraíochta de ghnáth.

(15)

Ba cheart gurb éard a bheadh in TSS DLT ná MTF DLT ina gcomhcheanglaítear na seirbhísí arna ndéanamh ag MTF DLT agus arna ndéanamh ag SS DLT, agus ba cheart é a bheith á oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a bhfuil cead sonrach faighte aige TSS DLT a oibriú faoin Rialachán seo, nó ar cheart dó a bheith ina SS DLT ina gcomhcheanglaítear na seirbhísí arna ndéanamh ag MTF DLT agus arna ndéanamh ag SS DLT, agus ba cheart é a bheith á oibriú ag CSD a bhfuil cead sonrach faighte aige TSS DLT a oibriú faoin Rialachán seo. Níor cheart institiúid creidmheasa arna húdarú faoi Threoir 2013/36/AE lena soláthraítear seirbhísí infheistíochta nó lena ndéantar gníomhaíochtaí infheistíochta a bheith ceadaithe TSS DLT a oibriú ach amháin nuair atá an institiúid creidmheasa sin údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó mar oibreoir margaidh faoi Threoir 2014/65/AE. Ba cheart gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil TSS DLT á oibriú aige a bheith faoi réir na gceanglas uile a bhfuil feidhm acu maidir le MTF DLT, agus ba cheart CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aige a bheith faoi réir na gceanglas uile a bhfuil feidhm acu maidir le SS DLT. Ós rud é go gcuirfeadh TSS DLT ar chumas gnólachta infheistíochta nó oibreora margaidh seirbhísí socraíochta a sholáthar freisin, agus go gcuirfeadh sé ar chumas CSD seirbhísí trádála a sholáthar freisin, tá sé riachtanach go gcomhlíonfaidh na gnólachtaí infheistíochta nó na hoibreoirí margaidh na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le SS DLT, agus go gcomhlíonfadh CSDanna na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le MTF DLT. Ós rud é nach bhfuil CSDanna faoi réir ceanglais áirithe údarúcháin agus eagraíochtúla faoi Threoir 2014/65/AE agus seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta á soláthar acu i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, is iomchuí cur chuige comhchosúil a ghlacadh sa chóras píolótach i dtaobh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh agus i dtaobh CSDanna a bhfuil TSS DLT á oibriú acu. Dá bhrí sin, ba cheart gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a bhfuil TSS DLT á oibriú aige a dhíolmhú ó thacar teoranta ceanglas údarúcháin agus eagraíochtúil faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ós rud é go gceanglófar ar an ngnólacht infheistíochta nó ar an oibreoir margaidh na ceanglais údarúcháin agus eagraíochtúla faoi Threoir 2014/65/AE a chomhlíonadh. Os a choinne sin, ba cheart CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aige a dhíolmhú ó thacar teoranta ceanglas údarúcháin agus eagraíochtúil faoi Threoir 2014/65/AE, ós rud é go gceanglófar ar CSD na ceanglais údarúcháin agus eagraíochtúil faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a chomhlíonadh. Ba cheart gur díolúintí sealadacha a bheadh sna díolúintí sin agus níor cheart feidhm a bheith acu maidir le bonneagar margaidh DLT atá á oibriú lasmuigh den chóras píolótach. Ba cheart ESMA a bheith in ann measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin theicniúla maidir le rioscaí a bhaineann le coimeád taifead agus rioscaí oibriúcháin arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go comhréireach ar ghnólachtaí infheistíochta nó ar oibreoirí margaidh a bhfuil TSS DLT á oibriú acu.

(16)

Ba cheart oibreoirí TSSanna DLT a bheith in ann na díolúintí céanna atá ar fáil d’oibreoirí MTFanna DLT agus SSanna DLT a iarraidh ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí agus le haon bhearta cúiteacha arna gceangal ag na húdaráis inniúla. Maidir le breithnithe a bhfuil feidhm acu maidir le MTFanna DLT agus SSanna DLT, ba cheart go mbeadh feidhm ag breithnithe cosúil leis na cinn sin maidir le díolúintí atá ar fáil do TSSanna DLT, maidir le haon choinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin, agus maidir le haon bhearta cúiteacha.

(17)

Chun foráil a dhéanamh do sholúbthacht bhreise i gcur i bhfeidhm ceanglas áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil TSS DLT á oibriú acu agus ag an am céanna cothrom na Féinne a áirithiú ina soláthraíonn CSDanna seirbhísí socraíochta faoin gcóras píolótach, ba cheart díolúintí áirithe ó cheanglais an Rialacháin a mhéid a bhaineann le bearta chun teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, ceanglais maidir le rannpháirtíocht, trédhearcacht, agus ó cheanglais maidir le nósanna imeachta cumarsáide áirithe a úsáid le rannpháirtithe agus bonneagair eile mhargaidh a bheith ar fáil do CSDanna a bhfuil SS DLT nó TSS DLT á oibriú acu, agus do ghnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí ag a bhfuil TSS DLT á oibriú acu. Ba cheart na díolúintí sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha a ghabhann leo, lena n-áirítear íoscheanglais áirithe, agus aon bhearta cúiteacha arna gceangal an údarás inniúil, chun cuspóirí fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a chomhlíonadh ar ina leith a iarrtar díolúine chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais a choimirciú. Ba cheart d’oibreoir TSS DLT a léiriú go bhfuil an díolúine a iarradh comhréireach agus go bhfuil bonn cirt léi trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid.

(18)

Ba cheart SS DLT a bheith ina chóras socraíochta arna oibriú ag CSD a údaraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bhfuil cead sonrach faighte aige faoin Rialachán seo SS DLT a oibriú. Ba cheart SS DLT, agus an CSD a oibríonn é, a bheith faoi réir gach ceanglas ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus aon reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, seachas na ceanglais ar ina leith a tugadh díolúine i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(19)

I gcás ina ndéanfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta, nó institiúidí eile arna reáchtáil ag Ballstáit a bhfuil feidhmeanna comhchosúla á ndéanamh acu, nó comhlachtaí poiblí eile a bhfuil sé de chúram orthu bainistiú a dhéanamh ar an bhfiachas poiblí san Aontas, nó ról a bheith acu sa bhainistiú sin, SS DLT a oibriú, níor cheart a cheangal orthu cead sonrach a lorg ó údarás inniúil chun tairbhe a bhaint as díolúine faoin Rialachán seo, ós rud é nach gceanglaítear ar na heintitis sin tuairisciú do na húdaráis inniúla ná a gcuid treoracha a chomhlíonadh, agus go bhfuil siad faoi réir tacar teoranta ceanglas faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(20)

Ba cheart cruthú an chórais phíolótaigh a bheith gan dochar do chúraimí agus freagrachtaí BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta sa Chóras Eorpach Banc Ceannais, a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bPrótacal Uimh. 4 a ghabhann le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, chun oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn agus chun córais imréitigh agus íocaíochta éifeachtúla agus fhónta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tríú tíortha.

(21)

Tá bonn cirt le sannadh na bhfreagrachtaí maoirseachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ngeall ar shaintréithe agus rioscaí sonracha an chórais phíolótaigh. Dá bhrí sin, níor cheart an tuiscint a bhaint as go bhfuil fasach d’aon reachtaíocht de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo á bhunú le hollstruchtúr maoirseachta an chórais phíolótaigh.

(22)

Ba cheart oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT a bheith faoi dhliteanas i gcás caillteanas cistí, comhthaobhachta nó ionstraim airgeadais DLT. Ba cheart dliteanas oibreoir bhonneagar margaidh DLT a theorannú do mhargadhluach na sócmhainne a chaillfear amhail ón tráth a tabhaíodh an caillteanas. Níor cheart oibreoir bhonneagar margaidh DLT a bheith faoi dhliteanas as teagmhais nach bhfuil inchurtha i leith an oibreora, go háirithe aon teagmhas a léiríonn an t-oibreoir gur tharla sé go neamhspleách ar a oibríochtaí, lena n-áirítear fadhbanna a eascraíonn as teagmhas seachtrach nach raibh faoina smacht réasúnach.

(23)

Chun nuálaíocht agus tástáil a éascú i dtimpeallacht fhónta rialála agus cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais á gcaomhnú ag an am céanna, ba cheart cineálacha na hionstraime airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT a bheith teoranta do scaireanna, bannaí agus aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a thairbhíonn den díolúine forghníomhaithe amháin faoi Threoir 2014/65/AE. Leis an Rialachán seo, ba cheart tairseacha a shocrú a d’fhéadfaí a laghdú i gcásanna áirithe. Go háirithe, chun aon riosca don chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, ba cheart margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT a bheith teoranta.

(24)

Chun go mbeifear níos gaire do chothroime iomaíochta a bhaint amach i gcás ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionaid trádála traidisiúnta de réir bhrí Threoir 2014/65/AE agus chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéil cosanta infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíochta airgeadais ann, ba cheart ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT nó ar TSS DLT a bheith faoi réir na bhforálacha lena dtoirmisctear drochúsáid margaidh i Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

(25)

Arna iarraidh sin d’oibreoir MTF DLT, ba cheart a cheadú don údarás inniúil díolúine amháin nó roinnt díolúintí a dheonú ar bhonn sealadach, má chomhlíonann an t-oibreoir na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin agus aon cheanglais bhreise a leagtar síos leis an Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua rioscaí a thagann chun cinn trí theicneolaíocht mórleabhair dáilte a úsáid. Ba cheart d’oibreoir MTF DLT aon bheart cúiteach arna gceangal ag an údarás inniúil a chomhlíonadh chun cuspóirí na forála ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh, nó chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais a choimirciú.

(26)

Arna iarraidh sin d’oibreoir MTF DLT, ba cheart a cheadú don údarás inniúil díolúine a dheonú ó oibleagáid na hidirghabhála faoi Threoir 2014/65/AE. Faoi láthair, ní cheadaítear do shaoráidí trádála iltaobhacha traidisiúnta ach gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus daoine eile a bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais trádála agus inniúlachta acu, agus a choinníonn socruithe agus acmhainní eagraíochtúla leormhaithe a ligean isteach mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe. Os a choinne sin, ar go leor ardáin chun criptea-shócmhainní a thrádáil, tá rochtain dí-idirghabhála ar fáil, agus cuireann siad rochtain dhíreach ar fáil d’infheisteoirí miondíola. Dá réir sin, d’fhéadfadh an oibleagáid idirghabhála faoi Threoir 2014/65/AE a bheith ina constaic rialála ar fhorbairt saoráidí trádála iltaobhacha le haghaidh ionstraimí airgeadais DLT. Arna iarraidh sin d’oibreoir MTF DLT, ba cheart, dá bhrí sin, a cheadú don údarás inniúil díolúine shealadach a dheonú ón oibleagáid idirghabhála sin, chun rochtain dhíreach a thabhairt d’infheisteoirí miondíola agus chun go mbeidh siad in ann déileáil ar a gcuntas féin, ar choinníoll go mbeadh coimircí leordhóthanacha maidir le cosaint infheisteoirí i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíonfadh na hinfheisteoirí miondíola den sórt sin coinníollacha áirithe agus go gcomhlíonfadh an t-oibreoir sin aon bhearta cosanta breise d’infheisteoirí a cheanglóidh an t-údaras inniúil. Maidir le hinfheisteoirí miondíola a bhfuil rochtain dhíreach acu ar MTF DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe faoi dhíolúine ón oibleagáid idirghabhála, níor cheart iad a mheas mar ghnólachtaí infheistíochta de réir bhrí Threoir 2014/65/AE de bhua a bheith ina gcomhaltaí de MTF DLT nó ina rannpháirtithe, agus dá bhua sin amháin.

(27)

Arna iarraidh sin d’oibreoirí MTF DLT, ba cheart a cheadú don údarás inniúla freisin díolúine a dheonú ó na ceanglais maidir le idirbheart a thuairisciú faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ar choinníoll, le MTF DLT, go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe.

(28)

Chun bheith incháilithe do dhíolúine faoin Rialachán seo, ba cheart d’oibreoir MTF DLT a léiriú go bhfuil an díolúine iarrtha comhréireach agus teoranta d’úsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte faoi mar a thuairiscítear ina phlean gnó agus go bhfuil an díolúine iarrtha teoranta do MTF DLT agus nach bhfuil sí leathnaithe chuig aon saoráid trádála iltaobhach eile arna hoibriú ag an ngnólacht infheistíochta céanna nó ag an oibreoir margaidh céanna.

(29)

Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann díolúine amháin nó níos mó a dheonú ar bhonn sealadach, má chomhlíonann sé na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin agus aon cheanglais bhreise a shocraítear leis an Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha nua rioscaí a thagann chun cinn trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid. Ba cheart do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige aon bheart cúiteach arna gceangal ag an údarás inniúil a chomhlíonadh chun cuspóirí na forála ar ina leith a iarradh an díolúine a chomhlíonadh, nó chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais a choimirciú.

(30)

Ba cheart é a bheith ceadaithe CSDanna a bhfuil SS DLT á oibriú acu a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar dócha go gcruthófar leo constaicí rialála maidir le SSanna DLT a fhorbairt. Mar shampla, ba cheart díolúintí a bheith féideartha a mhéid nach mbeidh feidhm ag rialacha an Rialacháin sin is infheidhme maidir le CSDanna agus lena dtagraítear do na téarmaí “foirm dhí-ábharaithe”, “cuntas urrús”, nó “orduithe aistrithe”, nach mbeidh feidhm ag na rialacha sin maidir le CSDanna a bhfuil SS DLT á oibriú acu, cé is moite de na ceanglais le haghaidh naisc CSD, ar cheart feidhm a bheith acu mutatis mutandis. I ndáil leis an téarma “cuntas urrús”, chumhdófaí leis an ndíolúine na rialacha maidir le hurrúis a thaifeadadh, sláine eisiúna agus leithscaradh cuntas. Cé go n-oibríonn CSDanna córais socraíochta urrús trí chuntais urrús a rannpháirtithe a chreidiúnú agus a chur chun dochair, d’fhéadfadh sé nach mbeadh cuntais urrús indéanta i gcónaí maidir le leabharchoimeád iontrála dúbailte nó il-iontrála. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine a bheith féideartha maidir le CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige ó na rialacha i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 lena dtagraítear don téarma “foirm cuntais reatha” i gcás ina mbíonn gá le díolúine den sórt sin chun go bhféadfar ionstraimí airgeadais DLT a thaifeadadh ar mhórleabhar dáilte. Fós féin, áfach, ba cheart CSD a bhfuil SS DTL á oibriú aige sláine eisiúint ionstraimí airgeadais DLT ar an mórleabhar dáilte agus leithscaradh ionstraimí airgeadais DLT ar de na rannpháirtithe éagsúla iad a áirithiú.

(31)

Ba cheart go leanfadh CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige de bheith faoi réir fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i gcónaí, ar dá bhun a leanann CSD a sheachfhoinsíonn seirbhísí nó gníomhaíochtaí chuig tríú páirtí de bheith freagrach go hiomlán as a oibleagáidí uile faoin Rialachán sin a chomhlíonadh agus a cheanglaítear air a áirithiú nach mbeidh aon seachfhoinsiú ina chúis leis an bhfreagracht atá air a tharmligean. Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ní cheadófar do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige seirbhís lárnach nó gníomhaíocht lárnach a sheachfhoinsiú ach tar éis dó údarú a fháil ón údarás inniúil. Dá bhrí sin, ba cheart CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige a bheith in ann díolúine ón gceanglas údarúcháin sin a iarraidh i gcás ina léiríonn an CSD go bhfuil an ceanglas ar neamhréir le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte mar a bheartaítear ina phlean gnó. Maidir le tarmligean cúraimí a bhaineann le feidhmiú SS DLT, nó le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid, chun socraíocht a dhéanamh, níor cheart a mheas gur seachfhoinsiú é de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(32)

An oibleagáid maidir le hidirghabháil trí institiúid creidmheasa nó gnólacht infheistíochta d’fhonn cosc a chur ar infheisteoirí miondíola rochtain dhíreach a fháil ar na córais socraíochta agus seachadta arna n-oibriú ag CSD, d’fhéadfadh sé constaic rialála a chruthú maidir le samhlacha malartacha socraíochta a fhorbairt bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte lena gcumasaítear rochtain dhíreach d’infheisteoirí mhiondíola. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine a cheadú do CSDanna a bhfuil SS DLT á oibriú acu sa mhéid lena meastar go n-áirítear leis an téarma “rannpháirtí” i dTreoir 98/26/CE, faoi choinníollacha áirithe, daoine seachas iad siúd dá dtagraítear sa Treoir sin. Agus díolúine ón oibleagáid idirghabhála faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 á hiarraidh ag CSD, ba cheart don CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige a áirithiú go gcomhlíonann na daoine a ligfear isteach mar rannpháirtithe coinníollacha áirithe. Ba cheart do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige a áirithiú go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais, inniúlachta, taithí agus eolais ag a rannpháirtithe maidir le gníomhaíochtaí iarthrádála agus le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte.

(33)

Eintitis atá incháilithe chun bheith rannpháirteach in CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, comhfhreagraíonn siad do na heintitis atá incháilithe chun bheith rannpháirteach i gcóras socraíochta urrús a ainmnítear agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le Treoir 98/26/CE, toisc go gceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag CSDanna a ainmneofar agus a thabharfar fógra ina leith faoi Threoir 98/26/CE. Dá réir sin, oibreoir córais socraíochta urrús atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte a iarrann díolúine a fháil ó na ceanglais rannpháirtíochta i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ní bheadh ceanglais rannpháirtíochta Threoir 98/26/CE á gcomhlíonadh aige mar thoradh air sin. Dá réir sin, ní fhéadfar an córas socraíochta urrús sin a ainmniú nó fógra a thabhairt ina leith faoin Treoir sin agus ar an gcúis sin ní “córas socraíochta urrús DLT” a ghairtear de sa Rialachán ach is SS DLT a ghairtear de. Sa Rialachán seo ba cheart CSD a cheadú SS DLT a oibriú nach bhfuil incháilithe mar chóras socraíochta urrús arna ainmniú faoi Threoir 98/26/CE, agus ba cheart díolúine ó rialacha maidir le críochnaitheacht socraíochta i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a bheith ar fáil, faoi réir bearta cúiteacha áirithe, lena n-áirítear bearta sonracha cúiteacha chun na rioscaí a eascraíonn as dócmhainneacht a mhaolú, toisc nach bhfuil feidhm ag bearta cosanta dócmhainneachta faoi Threoir 98/26/CE. Le díolúine den sórt sin, áfach, ní chuirfí cosc ar ainmniú SS DLT a chomhlíonann ceanglais uile Threoir 98/26/CE mar chóras socraíochta urrús i gcomhréir leis an Treoir sin, ná ar fhógra a thabhairt ina leith.

(34)

I Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 spreagtar socrú idirbheart in airgead bainc ceannais. I gcás nach bhfuil socraíocht íocaíochtaí in airgead tirim le hairgead bainc ceannais praiticiúil nó nach bhfuil sé ar fáil, ba cheart go bhféadfaí socraíocht a dhéanamh trí chuntais an CSD féin i gcomhréir leis an Rialachán sin nó trí chuntais a osclófar le hinstitiúid creidmheasa (“airgead bainc tráchtála”). D’fhéadfadh an fhoráil sin a bheith deacair a chur i bhfeidhm i gcás CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige, toisc go mbeadh ar an CSD gluaiseachtaí i gcuntais airgid a chur i gcrích i gcuntais airgid thirim an tráth céanna a dhéantar urrúis a sheachadadh a thaifeadtar ar an mórleabhar dáilte. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag CSDanna a bhfuil SS DLT á oibriú acu díolúine a fháil ó fhoráil an Rialacháin sin maidir le socraíochtaí airgid thirim chun réitigh nuálacha a fhorbairt faoin gcóras píolótach trí rochtain ar airgead bainc tráchtála a éascú, nó trí “ceadchomharthaí ríomhairgid’ a úsáid. D’fhéadfaí a mheas nach bhfuil socraíocht in airgead bainc ceannais praiticiúil nó nach bhfuil sé ar fáil mura bhfuil socraíocht in airgead bainc ceannais ar mhórleabhar dáilte ar fáil.

(35)

Seachas na ceanglais a cruthaíodh a bheith neamhphraiticiúil i dtimpeallacht teicneolaíochta mórleabhar dáilte, leanfaidh na ceanglais a bhaineann le socraíocht airgid faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 d’fheidhm a bheith acu lasmuigh den chóras píolótach. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí an bhonneagair margaidh DLT cur síos ina bpleananna gnó ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a chomhlíonadh i gcás ina bhfágfaidh siad an córas píolóta.

(36)

Le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ceanglaítear go dtabharfaidh CSD rochtain do CSD eile, nó do bhonneagair mhargaidh eile, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. D’fhéadfadh rochtain a thabhairt do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige a bheith níos dúshlánaí go teicniúil, d’fhéadfadh ualach trom a bheith ag baint léi, nó d’fhéadfadh sé a bheith deacair í a bhaint amach, toisc nach bhfuil tástáil déanta go fóill ar idir-inoibritheacht na gcóras leagáide le teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Ba cheart é a bheith indéanta, dá bhrí sin, díolúine ón gceanglas sin a dheonú do SS DLT má léirítear leis go bhfuil cur i bhfeidhm an cheanglais neamhréireach le scála ghníomhaíochtaí SS DLT.

(37)

Gan beann ar an gceanglas ar ina leith a iarradh díolúine, ba cheart do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aige a léiriú go bhfuil an díolúine a iarradh comhréireach agus go bhfuil bonn cirt léi trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Ba cheart an díolúine a bheith teoranta do SS DLT agus níor cheart córais socraíochta eile arna n-oibriú ag an CSD céanna a chumhdach léi.

(38)

Ba cheart bonneagair margaidh DLT agus a n-oibreoirí a bheith faoi réir níos mó ceanglais bhreise i gcomparáid le bonneagair thraidisiúnta mhargaidh. Tá gá leis na ceanglais bhreise chun rioscaí a bhaineann le húsáid teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó leis an mbealach a n-oibreodh bonneagar margaidh DLT a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoir bhonneagar margaidh DLT plean gnó soiléir a bhunú ina mbeadh sonraí faoin gcaoi a n-úsáidfí teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus faoi na téarmaí dlíthiúla is infheidhme.

(39)

Oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT, ba cheart dóibh, de réir mar is iomchuí, rialacha maidir le feidhmiú teicneolaíochta mórleabhar dáilte a bhfuil á oibriú acu a bhunú nó a dhoiciméadú, lena n-áirítear rialacha maidir le rochtain ar an mórleabhar dáilte agus maidir le ligean isteach chun trádála air, rialacha maidir le rannpháirtíocht na nód bailíochtaithe agus rialacha chun aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, mar aon le bearta bainistithe riosca.

(40)

Ba cheart ceangal a bheith ar oibreoir bhonneagair margaidh DLT faisnéis a thabhairt do chomhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí agus cliaint faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus faoin gcaoi a ndialltar, trí leas a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte, ón mbealach a gcuireann saoráid trádála iltaobhach thraidisiúnta nó CSD a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige seirbhísí ar fáil de ghnáth.

(41)

Ba cheart socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe sonracha agus láidre a bheith ag bonneagair mhargaidh DLT a bhaineann le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid. Ba cheart na socruithe sin a bheith i gcomhréir le cineál, scála agus castacht phlean gnó oibreoir an bhonneagair margaidh DLT. Leis na socruithe sin ba cheart go n-áiritheofaí leanúnachas agus trédhearcacht, infhaighteacht, iontaofacht agus slándáil leanúnach na seirbhísí a sholáthraítear, lena n-áirítear iontaofacht aon chonarthaí cliste a úsáidtear, is cuma cibé acu a chruthaíonn an bonneagar margaidh DLT féin nó tríú páirtí na conarthaí cliste sin tar éis nósanna imeachta seachfhoinsiúcháin. Le bonneagair margaidh DLT ba cheart sláine, slándáil, rúndacht, infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí a stóráiltear ar mhórleabhar dáilte a áirithiú freisin. Ba cheart cead a bheith ag údarás inniúil maidir le bonneagar margaidh DLT iniúchadh a cheangal chun a áirithiú go bhfuil socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an bhonneagair margaidh DLT oiriúnach dá bhfeidhm. Ba cheart d’oibreoir an bhonneagair margaidh DLT íoc as na costais a bhaineann leis an iniúchadh.

(42)

I gcás ina mbíonn slánchoinneáil cistí cliant, mar atá airgead tirim nó coibhéisí airgid, nó ionstraimí airgeadais DLT, nó modhanna rochtana ar na hionstraimí airgeadais DLT sin, lena n-áirítear i bhfoirm eochracha cripteagrafacha, mar chuid de phlean gnó oibreoir bhonneagar margaidh DLT, ba cheart socruithe leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm ag bonneagar margaidh DLT chun na sócmhainní sin a chosaint. Níor cheart d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT sócmhainní cliant a úsáid ar chuntais na n-oibreoirí féin, ach amháin le toiliú sainráite i scríbhinn roimh ré óna gcliaint. Ba cheart do bhonneagair margaidh DLT cistí cliant agus ionstraimí airgeadais DLT, agus na modhanna rochtana ar na sócmhainní sin, a leithscaradh óna sócmhainní féin nó ó shócmhainní cliant eile. Ba cheart go n-áiritheofaí le socruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an bhonneagair margaidh DLT go gcosnaítear sócmhainní cliant ar chalaois, ar chibirionsaithe agus ar mhífheidhmeanna tromchúiseacha eile.

(43)

Tráth a thugtar cead sonrach, ba cheart straitéis scoir inchreidte a bheith i bhfeidhm ag bonneagair margaidh DLT i gcás ina gcuirfear deireadh leis an gcóras píolótach, nó ina dtarraingeofar siar an cead sonrach nó cuid de na díolúintí a tugadh, nó ina sárófar na tairseacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart a áirithiú sa straitéis sin aistriú a n-oibríochtaí teicneolaíochta mórleabhar dáilte chuig bonneagair thraidisiúnta mhargaidh nó filleadh a n-oibríochtaí teicneolaíochta mórleabhar dáilte ar bhonneagair thraidisiúnta mhargaidh. Chun na críche sin, ba cheart d’iontrálaithe nua nó d’oibreoirí de chuid TSS DLT nach bhfuil bonneagar margaidh traidisiúnta á oibriú acu a bhféadfaidís ionstraimí airgeadais DLT a aistriú chuige socruithe a chur i gcrích le hoibreoirí na mbonneagar margaidh traidisiúnta. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin maidir le hionstraimí airgeadais DLT a thaifeadadh. Dá bhrí sin, ba cheart CSDanna a bheith faoi réir ceanglais áirithe chun socruithe den sórt sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart do CSDanna na socruithe sin a chur i gcrích ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart dóibh a bheith in ann táille tráchtála réasúnta a ghearradh bunaithe ar chostais iarbhír.

(44)

Ba cheart an cead sonrach a dheonaítear d’oibreoir bhonneagar margaidh DLT na nósanna imeachta céanna a leanúint, a bheag nó a mhór, agus a leantar sna nósanna imeachta maidir le húdarú faoin Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó Treoir 2014/65/AE. Mar sin féin, nuair a bheidh iarratas á dhéanamh ar chead sonrach faoin Rialachán seo, ba cheart don iarratasóir na díolúintí atá á iarraidh aige a shonrú. Sula dtabharfaidh sé cead sonrach do bhonneagar margaidh DLT, ba cheart don údarás inniúil an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil do ESMA. I gcás inar gá, ba cheart do ESMA tuairim neamhcheangailteach a eisiúint maidir leis na díolúintí a iarradh nó maidir le leordhóthanacht na teicneolaíochta mórleabhar dáilte chun críocha an Rialacháin seo. Níor cheart tuairim neamhcheangailteach den sórt sin a mheas mar thuairim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Ba cheart do ESMA dul i gcomhairle le húdaráis inniúla Ballstát eile nuair a bheidh a thuairim á hullmhú aige. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag tuairim ESMA, tuairim neamhcheangailteach, cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Chun cothrom na Féinne agus iomaíocht chóir a áirithiú ar fud an mhargaidh aonair, ba cheart é a bheith mar aidhm ag tuairim neamhcheangailteach agus treoirlínte ESMA comhsheasmhacht agus comhréireacht na ndíolúintí arna ndeonú ag údaráis inniúla éagsúla san Aontas a áirithiú, lena n-áirítear nuair a dhéanfar meastóireacht ar leordhóthanacht na gcineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáideann oibreoirí chun críocha an Rialacháin seo.

(45)

Is gníomhaíochtaí iad taifeadadh urrús, cothabháil cuntas urrús agus bainistiú córas socraíochta atá cumhdaithe ag forálacha neamh-chomhchuibhithe den dlí náisiúnta, amhail an dlí corparáideach agus dlí na n-urrús. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcomhlíonfaidh oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT na rialacha uile is infheidhme agus go gcuirfidh siad ar chumas a n-úsáideoirí déanamh amhlaidh.

(46)

An t-údarás inniúil a dhéanann scrúdú ar iarratas arna chur isteach ag oibreoir bhonneagar margaidh DLT ba cheart an fhéidearthacht a bheith aige diúltú cead sonrach a dheonú más rud é go bhfuil cúiseanna ann lena chreidiúint nach mbeadh bonneagar margaidh DLT in ann na forálacha is infheidhme a leagtar síos le dlí an Aontais nó le forálacha an dlí náisiúnta atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais a chomhlíonadh, má tá cúiseanna ann lena chreidiúint gur baol é an bonneagar margaidh DLT do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais, nó más iarracht é an t-iarratas teacht timpeall ar cheanglais atá ann cheana.

(47)

Ba cheart a chur in iúl sa chead sonrach arna thabhairt ag údarás inniúil d’oibreoir bhonneagar margaidh DLT na díolúintí a deonaíodh don bhonneagar margaidh DLT sin. Ba cheart dó a bheith bailí ar fud an Aontais, agus níor cheart dó a bheith bailí ach ar feadh thréimhse an chórais phíolótaigh amháin. Ba cheart do ESMA liosta de bhonneagair margaidh DLT agus liosta de na díolúintí a deonaíodh do gach ceann acu a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

(48)

Ba cheart na ceadanna sonracha agus na díolúintí a thabhairt ar bhonn sealadach, ar feadh tréimhse suas le 6 bliana ón dáta a tugadh an cead sonrach agus níor cheart dóibh a bheith bailí ach ar feadh thréimhse an chórais phíolótaigh amháin. Leis an tréimhse 6 bliana sin thuasluaite, cuirtear a dhóthain ama ar fáil d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT chun a samhlacha gnó a chur in oiriúint d’aon mhodhnuithe ar an gcóras píolótach agus chun bheith ag feidhmiú faoin gcóras píolótach ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de. D’fhágfadh sin freisin go mbeadh ESMA agus an Coimisiún in ann tacar sonraí úsáideach a bhailiú maidir le feidhmiú an chórais phíolótaigh tar éis mais chriticiúil de cheadanna sonracha agus díolúintí lena mbaineann a dheonú agus go mbeidís in ann tuarascáil a thabhairt ina leith. Agus ar deireadh, thabharfadh sé am d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT na bearta riachtanacha a dhéanamh chun scor dá n-oibríochtaí nó chun aistriú go creat rialála nua de réir thuarascálacha atá le heisiúint ag ESMA agus ag an gCoimisiún.

(49)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus do Threoir 2014/65/AE, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla cead sonrach nó aon díolúintí a deonaíodh do bhonneagar margaidh DLT a tharraingt siar i gcás inar aimsíodh locht sa bhunteicneolaíocht nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag oibreoir an bhonneagair margaidh DLT, i gcás inar mó an locht sin ná na buntáistí agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonn an tseirbhís atá i gceist, nó i gcás inar sháraigh oibreoir an bhonneagair margaidh DLT aon oibleagáidí a ghabhann leis na ceadanna nó leis na díolúintí arna dtabhairt ag an údarás inniúil, nó i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais taifeadta ag oibreoir an bhonneagair margaidh DLT ar ionstraimí iad a sháraíonn na tairseacha a leagtar amach sa Rialachán seo nó nach gcomhlíonann siad coinníollacha eile is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais DLT faoin Rialachán seo. Le linn a ghníomhaíochta, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag oibreoir bhonneagar margaidh DLT díolúintí breise a iarraidh de bhreis ar na díolúintí sin a iarradh tráth an iarratais tosaigh. Sa chás sin, ba cheart go n-iarrfaí na díolúintí breise ar an údarás inniúil, ar an mbealach céanna leis na díolúintí sin a iarradh an tráth a rinneadh an iarraidh tosaigh ar chead do bhonneagar margaidh DLT.

(50)

Ós rud é, faoin gcóras píolótach, go bhféadfadh oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT díolúintí sealadacha a fháil ó fhorálacha áirithe de reachtaíocht an Aontais atá ann cheana, ba cheart dóibh comhoibriú go dlúth leis na húdaráis inniúla agus le ESMA le linn na tréimhse sin ina bhfuil a gceada shonraigh bailí. Ba cheart d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi aon athruithe ábhartha ar a bpleananna gnó nó ar a bhfoireann chriticiúil, faoi aon fhianaise ar chibirionsaithe nó cibearbhagairtí, calaois nó míchleachtas tromchúiseach, aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar tráth a rinneadh an chéad iarratas ar chead le haghaidh cead sonrach, faoi aon deacrachtaí teicniúla nó oibríochtúla, go háirithe na deacrachtaí teicniúla sin a bhfuil baint acu le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte, agus aon riosca do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais nach raibh beartaithe tráth a tugadh an cead sonrach. Chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, nuair a bheidh fógra faoi athrú ábhartha den sórt sin tugtha dó, ba cheart don údarás inniúil a dheonaigh an cead sonrach a bheith in ann a cheangal ar bhonneagar margaidh DLT iarratas a dhéanamh ar chead nó díolúine shonrach nua, nó aon bheart ceartaitheach a dhéanamh a mheasann an t-údarás inniúil a bheith iomchuí. Ba cheart d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT aon fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don údarás inniúil nuair a iarrtar sin orthu. Ba cheart do na húdaráis inniúil an fhaisnéis a fhaightear ó oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT agus an fhaisnéis maidir le bearta ceartaitheacha a chur ar aghaidh chuig ESMA.

(51)

Ba cheart d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT tuarascálacha rialta a thabhairt dá n-údaráis inniúla. Ba cheart do ESMA plé a eagrú ar na tuarascálacha lena chur ar chumas gach údaráis inniúil ar fud an Aontais taithí a fháil maidir leis an tionchar a bhaineann leis an teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus tuiscint a fháil an bhfuil aon leasuithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a d’fhéadfadh a bheith riachtanach le go mbeifear in ann leas a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte ar scála níos mó.

(52)

Le linn an chórais phíolótaigh, tá sé tábhachtach go ndéanfaí faireachán agus meastóireacht go minic ar an gcreat agus ar a fheidhmiú, chun an fhaisnéis d’oibreoirí na mbonneagar margaidh DLT a uasmhéadú. Ba cheart do ESMA tuarascálacha a fhoilsiú chun tuiscint níos fearr maidir le feidhmiú agus forbairt na margaí a chur ar fáil do rannpháirtithe an mhargaidh agus chun soiléiriú a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm an chórais phíolótaigh. Ba cheart go n-áireofaí sna tuarascálacha bliantúla sin nuashonruithe ar na treochtaí agus na rioscaí is tábhachtaí. Ba cheart na tuarascálacha bliantúla sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

(53)

3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do ESMA tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh a mheasúnú ar an gcóras píolótach. Ar bhonn na tuarascála ó ESMA, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Sa tuarascáil sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na costais agus na sochair a bhaineann le síneadh a chur leis an gcóras píolótach ar feadh tréimhse breise, le síneadh a chur leis an gcóras chun cineálacha eile ionstraimí airgeadais a chuimsiú, an córas píolótach a leasú ar shlí eile, an córas a dhéanamh buan trí leasuithe iomchuí ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais a mholadh, nó tríd an gcóras píolótach a fhoirceannadh. Bheadh sé neamh-inmhianaithe dá mbeadh dhá chóras chomhthreomhara ann maidir le bonneagair mhargaidh bunaithe ar DLT agus bonneagair mhargaidh nach bhfuil bunaithe ar DLT. Má tá rath ar an gcóras píolótach, d’fhéadfaí é a dhéanamh buan trí reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhisí airgeadais a leasú chun creat aonair comhleanúnach a bhunú.

(54)

Aithníodh bearnaí féideartha i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le seirbhísí airgeadais a mhéid a bhaineann lena chur i bhfeidhm ar chriptea-shócmhainní atá incháilithe mar ionstraimí airgeadais. Go háirithe, na caighdeáin theicniúla rialála faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bhaineann le ceanglais áirithe i leith tuairisciú sonraí agus ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, níl na caighdeáin sin in oiriúint rómhaith d’ionstraimí airgeadais a eisítear trí bhíthin teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Is margaí nuaghinte iad margaí tánaisteacha in ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint trí bhíthin teicneolaíocht mórleabhar dáilte nó trí bhíthin teicneolaíocht chomhchosúil agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh a ngnéithe a bheith éagsúil le margaí in ionstraimí airgeadais a bhaineann úsáid as teicneolaíocht thraidisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála sin ar na hionstraimí airgeadais uile, gan beann ar an teicneolaíocht a úsáidtear. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis na sainorduithe atá ann cheana i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt, ba cheart do ESMA measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na caighdeáin theicniúla rialála sin agus aon leasú is gá a mholadh chun a áirithiú go bhféadfaí na rialacha a leagtar amach ann a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar ionstraimí airgeadais DLT. Agus an measúnú sin á dhéanamh, ba cheart do ESMA sainiúlachtaí ionstraimí airgeadais DLT a chur san áireamh agus pé acu an bhfuil gá le caighdeáin a oiriúnú chun go mbeifear in ann na hionstraimí airgeadais sin a fhorbairt gan an bonn a bhaint de chuspóirí na rialacha a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(55)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr constaicí rialála ar an bhforbairt ar bhonneagair margaidh DLT le haghaidh criptea-shócmhainní a cháilíonn mar ionstraimí airgeadais a bheith leabaithe i reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(56)

Ní dochar an Rialachán seo do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ag an am céanna, i leith eintitis atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE, ba cheart úsáid a bhaint as na sásraí le haghaidh sáruithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó ar Threoir 2014/65/AE a thuairisciú mar a bhunaítear faoin Treoir sin. I leith eintitis atá údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ba cheart úsáid a bhaint as na sásraí chun sáruithe ar an Rialachán sin a thuairisciú mar a bhunaítear faoin Rialachán sin.

(57)

D’fhéadfadh sé go mbeadh próiseáil sonraí pearsanta i gceist le hoibriú bhonneagair margaidh DLT. I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679 (14) ná (AE) 2018/1725 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 23 Aibreán 2021.

(58)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 d’idirthréimhse ar lena linn nach mbeidh feidhm ag rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP nó ar ionad trádála faoin Rialachán sin i leith CCPanna nó ionaid trádála a rinne iarratas chuig a n-údarás inniúil chun tairbhiú de na socruithe idirthréimhseacha i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. An 3 Iúil 2020, chuaigh an tréimhse in éag ar lena linn a d’fhéadfadh údarás inniúil CCP nó ionad trádála a dhíolmhú ó na rialacha maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán. Bhí tionchar diúltach ag neamhchinnteacht agus luaineacht na margaí ar rioscaí oibríochtúla CCPanna agus na n-ionad trádála agus rinneadh, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm an chórais rochtana oscailte nua do CCPanna agus d’ionaid trádála a thairgeann seirbhísí trádála agus imréitigh i leith díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a chur siar le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) ar feadh bliana, go dtí an 3 Iúil 2021. Is ann fós do na cúiseanna a bhí le dáta chur i bhfeidhm an chórais rochtana oscailte nua a chur siar. Thairis sin, d’fhéadfadh an córas rochtana oscailte a bheith i gcontrárthacht le cuspóirí comhthreomhara beartais chun an trádáil agus an nuálaíocht a chothú laistigh den Aontas, ós rud é go bhféadfaí dídhreasú a dhéanamh leis ar an nuálaíocht i ndíorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán trí lamháil d’iomaitheoirí, ar tairbhithe de rochtain oscailte iad, brath ar bhonneagar agus ar infheistíochtaí na gcomhpháirtithe atá ann faoi láthair chun táirgí iomaíocha a bhfuil costais tosaigh ísle ag gabháil leo a thairiscint. Tá cothabháil córas trína ndéantar díorthaigh a imréiteach agus a thrádáil in eintiteas atá comhtháite go hingearach comhsheasmhach freisin le treochtaí seanbhunaithe idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm an chórais rochtana oscailte nua a chur siar 2 bhliain eile, go dtí an 3 Iúil 2023.

(59)

Faoi láthair, ní áirítear go sainráite sa sainmhíniú ar ionstraim airgeadais i dTreoir 2014/65/AE ionstraimí airgeadais a eisítear trí bhíthin aicme teicneolaíochtaí a thacaíonn le taifeadadh dáilte sonraí criptithe, eadhon, teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Chun a áirithiú gur féidir na hionstraimí airgeadais sin a thrádáil ar an margadh faoin gcreat dlíthiúil reatha, ba cheart an sainmhíniú i dTreoir 2014/65/AE a leasú chun iad a chur san áireamh.

(60)

Cé go leagtar amach leis an Rialachán seo an creat rialála do bhonneagair margaidh DLT, lena n-áirítear iad siúd lena soláthraítear seirbhísí socraíochta, is i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leagtar síos an creat rialála ginearálta le haghaidh córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag CSDanna, ina n-áirítear forálacha maidir le haraíonacht socraíochta. Cuimsítear sa chóras araíonachta socraíochta na rialacha maidir le mainneachtana socraíochta a thuairisciú, pionóis airgid a bhailiú agus a dháileadh agus ceannach isteach éigeantach. De bhun na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, beidh feidhm ag na forálacha maidir le haraíonacht socraíochta ón 1 Feabhra 2022. Mar sin féin, tá fianaise curtha ar fáil ag geallsealbhóirí go bhféadfadh ceannach isteach éigeantach méadú a dhéanamh ar bhrú leachtachta agus ar chostais na n-urrús atá i mbaol ó bheith ceannaithe isteach. D’fhéadfadh na tionchair sin a bheith níos measa fós i gcás ina mbeadh luaineacht sa mhargadh. I bhfianaise an mhéid sin, d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cur i bhfeidhm na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar éifeachtúlacht agus ar iomaíochas na margaí caipitil san Aontas. D’fhéadfadh an tionchar sin, dá réir sin, a bheith ina shiocair le raon difríochta níos leithne idir tairiscint agus iarraidh, le héifeachtúlacht mhargaidh laghdaithe agus le níos lú dreasachtaí i leith urrúis a thabhairt ar iasacht sna margaí iasachtaithe agus athcheannaigh urrús agus idirbhearta le CSDanna atá bunaithe san Aontas a shocrú. Táthar ag dréim leis, dá bhrí sin, gur mó iad na costais a bhaineann leis na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach a chur i bhfeidhm ná na sochair ionchasacha. Agus an tionchar diúltach ionchasach sin á chur san áireamh, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a leasú chun lamháil do dháta difriúil cur i bhfeidhm i gcás gach birt araíonachta socraíochta, ionas gur féidir dáta chur i bhfeidhm na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach a chur siar tuilleadh. Leis an gcur siar sin, lamhálfaí don Choimisiún measúnú a dhéanamh, i gcomhthéacs an togra reachtaigh atá le teacht go luath lena ndéanfar athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar conas ba cheart an creat araíonachta socraíochta, agus go háirithe na rialacha maidir le ceannach isteach éigeantach, a leasú chun na saincheisteanna thuasluaite a chur i gcuntas agus chun aghaidh a thabhairt orthu. Thairis sin, d’áiritheofaí leis an gcur siar sin nach dtabhódh rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear na bonneagair margaidh DLT sin a bheadh faoi réir an chórais araíonachta socraíochta, costais chur chun feidhme faoi dhó i gcás ina leasófaí na rialacha sin mar thoradh ar an athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

(61)

Níor cheart go ndéanfadh oibriú bhonneagar margaidh DLT an bonn a bhaint ó bheartais aeráide na mBallstát. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an fhorbairt agus an infheistíocht i dteicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, astaíochtaí ísle nó astaíochtaí nialasacha a spreagadh tuilleadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais i ndáil le bonneagair margaidh DLT agus a n-oibreoirí i leith an mhéid seo a leanas:

(a)

ceadanna sonracha a dheonú agus a tharraingt siar maidir le bonneagair margaidh DLT a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

díolúintí a bhaineann le ceadanna sonracha a dheonú, a mhodhnú agus a tharraingt siar;

(c)

na coinníollacha a ghabhann le díolúintí a shainordú, a mhodhnú agus a tharraingt siar agus i leith bearta cúiteacha nó ceartaitheacha a ghabhann leis na díolúintí sonracha sin a shainordú, a mhodhnú agus a tharraingt siar;

(d)

bonneagair mhargaidh DLT a oibriú;

(e)

maoirseacht a dhéanamh ar bhonneagair margaidh DLT; agus

(f)

an comhar idir oibreoirí bhonneagair margaidh DLT, na húdaráis inniúla agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (ESMA).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “teicneolaíocht mórleabhar dáilte” nó “DLT” teicneolaíocht lena gcumasaítear oibriú agus úsáid mórleabhar dáilte;

(2)

ciallaíonn “mórleabhar dáilte” taisclann faisnéise ina gcoimeádtar taifid ar idirbhearta agus a chomhroinntear ar fud tacar de nóid líonra DLT agus a shioncrónaítear idir nóid líonra DLT, agus úsáid á baint as sásra comhthola;

(3)

ciallaíonn “sásra comhthola” rialacha agus nósanna imeachta trína mbaintear amach comhaontú, i measc nóid líonra DLT, go ndéantar idirbheart a bhailíochtú;

(4)

ciallaíonn “nód líonra DLT” ann gaireas nó próiseas ar cuid de líonra é ina bhfuil macasamhail iomlán nó pháirteach de thaifid de na hidirbhearta uile i dtaca le teicneolaíocht mórleabhair dáilte;

(5)

ciallaíonn “bonneagar margaidh DLT” saoráid trádála iltaobhach DLT, córas socraíochta DLT nó córas trádála agus socraíochta DLT;

(6)

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach DLT” nó “MTF DLT” saoráid trádála iltaobhach nach mbíonn rannpháirteach ach i dtrádáil ionstraimí airgeadais DLT;

(7)

ciallaíonn “córas socraíochta DLT” nó “SS DLT” córas socraíochta lena socraítear idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT i gcoinne íocaíochta nó i gcoinne seachadta, gan beann ar an gcóras socraíochta sin a bheith ainmnithe agus fógartha i gcomhréir le Treoir 98/26/CE, agus lena lamháiltear d’ionstraimí airgeadais DLT a thaifeadadh den chéad uair nó lena lamháiltear do sheirbhísí slánchoinneála a sholáthar i ndáil le hionstraimí airgeadais DLT;

(8)

ciallaíonn “socraíocht” socraíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(9)

ciallaíonn “mainneachtain socraíochta” mainneachtain socraíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) pointe(15), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(10)

ciallaíonn “córas trádála agus socraíochta DLT” nó “TSS DLT” MTF DLT nó SS DLT lena gcomhcheanglaítear na seirbhísí a dhéanann MTF DLT agus SS DLT araon;

(11)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais DLT” ionstraim airgeadais a eisítear, a thaifeadtar, a aistrítear agus a stóráiltear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte;

(12)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE;

(13)

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22), de Threoir 2014/65/AE;

(14)

ciallaíonn “taisclann lárnach urrús” nó “CSD’ taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(15)

ciallaíonn “córas socraíochta urrús” córas socraíochta urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (10), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(16)

ciallaíonn “lá gnó” lá gnó mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (14), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(17)

ciallaíonn “soláthar in áit íocaíochta” soláthar in áit íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

(18)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17);

(19)

ciallaíonn “gnólacht infheistíochta”gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe(1), de Threoir 2014/65/AE;

(20)

ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (18), de Threoir 2014/65/AE;

(21)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil amháin nó níos mó:

(a)

a ainmnítear gcomhréir le hAirteagal 67 de Threoir 2014/65/AE;

(b)

a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014; nó

(c)

a ainmnítear ag Ballstát ar shlí eile chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Teorainneacha le hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT

1.   Ní ligfear ionstraimí airgeadais DLT isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT, nó ní dhéanfar iad a thaifeadadh ar bhonneagar margaidh DLT, ach amháin, más rud é, tráth a ligin isteach chun trádála nó tráth an taifeadta ar mhórleabhar dáilte, gurb iad seo a leanas ionstraimí airgeadais DLT:

(a)

scaireanna, a bhfuil caipitliú margaidh nó caipitliú margaidh trialach ar lú é ná EUR 500 milliún ag an eisitheoir atá acu;

(b)

bannaí, cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrúis den sórt sin, nó ionstraimí margaidh airgid, ar lú méid a n-eisiúna ná EUR 1 bhilliún, cé is moite d’ionstraimí airgeadais lena ndéantar díorthach a leabú nó struchtúr a ionchorprú lena bhfágtar gur deacair don chliant an riosca atá i gceist a thuiscint; nó

(c)

aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a chumhdaítear le hAirteagal 25(4), pointe (a)(iv), de Threoir 2014/65/AE, ar lú ná EUR 500 milliún margadhluach na sócmhainní atá faoi bhainistíocht.

Bannaí corparáide arna n-eisiúint ag eisitheoirí nár sháraigh a gcaipitliú margaidh EUR 200 milliún tráth a n-eisiúna, eisiafar iad ó ríomh na teorann dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

2.   Maidir le margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT, ní rachaidh siad thar EUR 6 bhilliún tráth a ligin isteach chun trádála, nó tráth chéad taifeadta ionstraim airgeadais nua DLT.

I gcás ina shroichfeadh an margadhluach comhiomlán dá dtagraítear sa chéad fhomhír EUR 6 bhilliún mar thoradh ar ionstraim airgeadais DLT a ligean isteach chun trádála nó mar thoradh ar thaifeadadh ionstraim airgeadais nua DLT, le bonneagar margaidh DLT, ní dhéanfar an ionstraim airgeadais DLT sin a ligean isteach chun trádála nó í a thaifeadadh.

3.   I gcás ina shroichfeadh margadhluach comhiomlán ionstraimí airgeadais DLT uile a ligtear isteach chun a dtrádála ar bhonneagar margaidh DLT nó a thaifeadtar ar bhonneagar margaidh DLT EUR 9 mbilliún, gníomhachtóidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 7(7). Tabharfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT fógra don údarás inniúil faoi ghníomhachtú a straitéise aistrithe agus faoin amscála le haghaidh an aistrithe sa tuarascáil mhíosúil dá bhforáiltear i mír 5.

4.   Ríomhfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT meán-mhargadhluach comhiomlán míosúil ionstraimí airgeadais DLT a thrádálfar nó a thaifeadfar ar an mbonneagar margaidh DLT sin. Ríomhfar an meán míosúil sin mar mheán phraghsanna scoir laethúla gach ionstraime airgeadais DLT, iolraithe faoi líon ionstraimí airgeadais DLT a thrádálfar nó a thaifeadfar ar bhonneagar margaidh DLT den sórt sin leis an Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN) céanna.

Bainfidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT úsáid as an meán míosúil sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an mbeadh ligean isteach chun trádála d’ionstraim airgeadais nua DLT nó taifeadadh d’ionstraim airgeadais nua DLT an mhí dár gcionn ina shiocair le margadhluach comhiomlán na n-ionstraimí airgeadais DLT an tairseach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a shroicheadh; agus

(b)

nuair a dhéanfar cinneadh i dtaobh an straitéis aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 7(7) a ghníomhachtú.

5.   Déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT tuarascálacha míosúla a chur faoi bhráid a údaráis inniúil lena léireofar nach sáraíonn hionstraimí airgeadais DLT a ligfear isteach chun trádála nó a thaifeadtar ar bhonneagar mhargadh DLT na tairseacha a leagtar amach i mír 2 agus mír 3.

6.   Féadfaidh údarás inniúil tairseacha níos ísle a shocrú ná na luachanna a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2. Má dhéanann údarás inniúil an tairseach dá dtagraítear i mír 2 a laghdú, measfar go mbeidh an luach a leagtar amach i mír 3 íslithe go comhréireach.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfaidh an t-údarás inniúil breithniú i dtaobh mhéid an mhargaidh agus mheánchaipitliú ionstraimí airgeadais DLT de chineál ar leith a ligeadh isteach ar ardáin trádála sna Ballstáit ina ndéanfar na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé breithniú i dtaobh na rioscaí a bhaineann leis na heisitheoirí, leis an gcineál teicneolaíochta mórleabhar dáilte a mbainfear úsáid as agus le seirbhísí agus gníomhaíochtaí bhonneagar margaidh DLT.

7.   Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le hionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT nó ar TSS DLT.

Airteagal 4

Ceanglais agus díolúintí maidir le MTFanna DLT

1.   Beidh MTF DLT faoi réir na gceanglas a bhfuil feidhm acu maidir le saoráid trádála iltaobhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh a oibríonn an MTF DLT díolmhaithe mar a fhoráiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo; agus atá i gcomhréir le:

(a)

hAirteagal 7;

(b)

míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo; agus

(c)

aon bhearta cúiteacha a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iomchuí chun na cuspóirí na bhforálacha a n-iarradh díolúine ina leith a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

2.   Sa bhreis ar na daoine a shonraítear in Airteagal 53(3) de Threoir 2014/65/AE má iarrann oibreoir MTF DLT sin, féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt don oibreoir sin daoine nádúrtha agus dlítheanacha a ligean isteach chun déileáil ar a gcuntas féin mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na daoine sin na ceanglais seo a leanas:

(a)

go bhfuil dea-chlú orthu;

(b)

go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais trádála, inniúlachta agus taithí acu, lena n-áirítear eolas faoi fheidhmiú teicneolaíochta mórleabhar dáilte;

(c)

nach cruthaitheoirí margaidh iad ar MTF DLT;

(d)

nach mbaineann siad úsáid as teicníc trádála algartamaí ar MTF DLT;

(e)

nach ndéanann siad rochtain dhíreach leictreonach ar MTF DLT a chur ar fáil do dhaoine eile;

(f)

nach ndéileálann siad ar a gcuntas féin agus orduithe cliant á gcur i gcrích acu ar bhonneagar margaidh DLT; agus

(g)

go bhfuil toiliú feasach tugtha acu i leith trádáil a dhéanamh ar MTF DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe agus go ndearna MTF DLT iad a chur ar an eolas faoi na rioscaí ionchasacha a bhaineann lena córais a úsáid chun ionstraimí airgeadais DLT a thrádáil.

I gcás ina ndeonaíonn an t-údarás inniúil an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé bearta cosanta breise a cheangal chun cosaint a thabhairt do dhaoine nádúrtha a ligtear isteach chuig MTF DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe. Beidh na bearta sin i gcomhréir le próifíl riosca na gcomhaltaí nó na rannpháirtithe sin.

3.   Arna iarraidh sin d’oibreoir MTF DLT, féadfaidh an t-údarás inniúil an t-oibreoir sin nó a chomhaltaí nó a rannpháirtithe a dhíolmhú ó Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

I gcás ina ndeonaíonn an t-údarás inniúil díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh MTF DLT taifid de na hidirbhearta uile a chuirfear i gcrích trína córais a choimeád. Beidh na sonraí uile a shonraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 sna taifid sin, ar sonraí iad atá ábhartha maidir leis an gcóras arna úsáid ag MTF DLT agus an comhalta nó an rannpháirtí a bhfuil an t-idirbheart á dhéanamh aige. Áiritheoidh MTF DLT freisin go mbeidh rochtain dhíreach, láithreach ar na sonraí sin ag na húdaráis inniúla atá i dteideal na sonraí a fháil go díreach ón tsaoráid trádála iltaobhach i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin. Chun rochtain a fháil ar na taifid sin, déanfar údarás inniúil den sórt sin a ligean isteach chuig MTF DLT mar bhreathnóir rialála rannpháirteach.

Déanfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis a raibh rochtain aige air i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil do ESMA gan moill mhíchuí.

4.   I gcás ina n-iarrann oibreoir de chuid MTF DLT díolúine faoi mhír 2 nó faoi mhír 3, léireoidh sé go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis an díolúine a iarradh:

(a)

go bhfuil sé comhréireach leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus go bhfuil údar cuí leis an úsáid sin; agus

(b)

go bhfuil sé teoranta don MTF DLT agus nach ndearnadh é a leathnú chuig aon saoráid trádála iltaobhach eile atá á hoibriú ag an oibreoir sin.

5.   Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo maidir le CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aici i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

6.   Ullmhóidh ESMA treoirlínte maidir leis na bearta cúiteacha dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (c).

Airteagal 5

Ceanglais agus díolúintí maidir le SSanna DLT

1.   Beidh CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici faoi réir na gceanglas a bhfuil feidhm acu maidir le CSD a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aici faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír maidir leis na ceanglais sin óna bhfuil CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici díolmhaithe faoi mhíreanna 2 go 9 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll go bhfuil CSD i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

Airteagal 7;

(b)

míreanna 2 go 10 den Airteagal seo; agus

(c)

aon bhearta cúiteacha a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

2.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil CSD den sórt sin a dhíolmhú ó Airteagal 2(1), pointí (4), (9) nó (28), nó ó Airteagal 3, 37 nó 38 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh CSD den sórt sin an méid seo a leanas:

(a)

léiriú a thabhairt go mbeidh an úsáid a bhainfear as”cuntas urrús”, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe(28) den Rialachán sin, é sin nó an úsáid a bhainfear as foirm cuntais reatha mar a fhoráiltear in Airteagal 3 den Rialachán sin ar neamhréir leis an úsáid a bhainfear as an teicneolaíocht mórleabhar dáilte sonrach;

(b)

bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarrtar díolúine a chomhlíonadh, agus lena n-áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)

go mbeidh ionstraimí airgeadais DLT taifeadta ar an mórleabhar dáilte;

(ii)

go mbeidh líon ionstraimí airgeadais DLT in eisiúint nó i gcuid d’eisiúint arna dtaifeadadh ag CSD a mbeidh SS DLT á oibriú aici, cothrom le suim ionstraimí airgeadais DLT a chuimseofar in eisiúint den sórt sin nó i gcuid d’eisiúint, a thaifeadtar ar an mórleabhar dáilte tráth ar bith;

(iii)

go gcoinneofar taifid lena gcuirfear ar chumas CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, tráth ar bith, ionstraimí airgeadais DLT de chuid comhalta, rannpháirtithe, eisitheora nó cliaint a leithscaradh ó ionstraimí airgeadais DLT aon chomhalta, rannpháirtithe, eisitheora, nó cliaint eile gan mhoill; agus

(iv)

nach gceadófar rótharraingtí urrús, iarmhéideanna dochair, nó urrúis a chruthú nó a scriosadh go míchuí.

3.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil an CSD sin a dhíolmhú ó Airteagal 6 nó 7 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ar choinníoll go n-áiritheofar leis an CSD sin, ar a laghad, trí bhíthin nósanna imeachta agus socruithe stóinsithe go ndéanfar an méid seo a leanas le SS DLT den sórt sin:

(a)

deimhniú soiléir, cruinn agus tráthúil ar shonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais DLT a chumasú, lena n-áirítear aon íocaíochtaí a dhéanfar i leith ionstraimí airgeadais DLT, mar aon le hurscaoileadh aon comhthaobhachta i leith na n-ionstraimí sin nó iarrataí ar chomhthaobhacht i leith ionstraimí airgeadais DLT; agus

(b)

mainneachtana socraíochta a chosc, nó go ndíreofar ar mhainneachtana socraíochta murar féidir iad a chosc.

4.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil CSD den sórt sin a dhíolmhú ó Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 i ndáil le heisfhoinsiú seirbhíse lárnaí chuig tríú páirtí agus ina leith sin amháin, ar choinníoll nach mbeidh cur i bhfeidhm an Airteagail sin ar neamhréir leis an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte amhail atá beartaithe ag an SS DLT arna oibriú ag an CSD sin.

5.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt do CSD den sórt sin daoine nádúrtha agus dlítheanacha i dteannta iad siúd a liostaítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 98/26/CE a ligean isteach mar rannpháirtithe in SS DLT, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith daoine den sórt sin:

(a)

tá dea-cháil orthu;

(b)

tá leibhéal leordhóthanach cumais, inniúlachta, taithí agus eolais acu i ndáil le socraíocht, feidhmiú teicneolaíochta mórleabhar dáilte, agus measúnú riosca; agus

(c)

tá toiliú feasach tugtha acu i leith bheith curtha san áireamh sa chóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus tá siad curtha ar an eolas ar bhealach leormhaith maidir lena chineál turgnamhach agus na rioscaí a d’fheadfadh a bheith ag baint leis.

6.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil an CSD sin a dhíolmhú ó Airteagail 33, 34 nó 35 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh an CSD sin bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí na nAirteagal sin a ghnóthú agus, ar a laghad, go n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go nochtfaidh SS DLT go poiblí critéir maidir le rannpháirtíocht lena lamhálfar do rochtain chothrom agus oscailte do gach duine a bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina rannpháirtithe, agus go mbeidh na critéir sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach; agus

(b)

go nochtfaidh SS DLT go poiblí praghsanna agus táillí a bhaineann leis na seirbhísí socraíochta a chuirtear ar fáil leo.

7.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil CSD den sórt sin a dhíolmhú ó Airteagail 39 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh CSD den sórt sin bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí an Airteagail sin a ghnóthú agus, go n-áiritheofar ar a laghad, trí bhíthin nósanna imeachta agus socruithe stóinsithe, go ndéanfar an méid seo a leanas:

(a)

idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT a shocrú ag SS DLT gar d’fhíor am nó in aon lá amháin agus in aon chás, tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích;

(b)

go ndéanfaidh SS DLT na rialacha lena rialófar an córas socraíochta a nochtadh go poiblí; agus

(c)

go ndéanfaidh SS DLT maolú ar aon riosca a eascróidh as neamhainmniú SS DLT mar chóras chun críocha Threoir 98/26/CE, go háirithe maidir le himeachtaí dócmhainneachta.

Chun críocha SS DLT a oibriú, ní bheidh mar thoradh ar an sainmhíniú ar CSD i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, arb é sin duine dlítheanach a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige, go gceanglófar ar na Ballstáit SS DLT a ainmniú mar chóras socraíochta urrús agus fógra a thabhairt ina leith faoi Threoir 98/26/CE. Mar sin féin, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit ó SS DLT a ainmniú mar chóras socraíochta urrús agus fógra a thabhairt ina leith faoi Threoir 98/26/CE i gcás ina gcomhlíonfar ceanglais na Treorach sin le SS DLT.

I gcás nach n-ainmneofar SS DLT agus nach dtabharfar fógra ina leith mar chóras socraíochta urrús faoi Threoir 98/26/CE, déanfaidh CSD a bhfuil SS DLTS den sórt sin á oibriú aici bearta cúiteach a mholadh chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn ón dócmhainneacht.

8.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh údarás inniúil CSD den sórt sin a dhíolmhú ó Airteagail 40 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh CSD den sórt sin socrú ar bhonn soláthair in áit íocaíochta.

Déanfar an tsocraíocht ar íocaíochtaí trí airgead bainc ceannais, lena n-áirítear i bhfoirm chomharthaithe, i gcás ina mbeidh sé ar fáil agus praiticiúil nó, i gcás nach mbeidh sé ar fáil agus praiticiúil, trí chuntas CSD i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 nó trí airgead bainc tráchtála, lena n-áirítear i bhfoirm chomharthaithe, i gcomhréir leis an Teideal sin, nó trí úsáid a bhaint as “comharthaí ríomh-airgid’.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, ní bheidh feidhm ag Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le hinstitiúid creidmheasa nuair a dhéanfar léi socraíocht íocaíochtaí, ina mbainfear úsáid as airgead bainc tráchtála, a sholáthar do bhonneagar margaidh DLT lena ndéantar taifeadadh ar ionstraimí airgeadais DLT nach mó ná EUR 6 bhilliún a margadhluacha comhiomlán, tráth chéad taifeadta ionstraime airgeadais nua DLT, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Rialachán seo.

I gcás ina ndéanfar socraíocht trí úsáid a bhaint as airgead bainc tráchtála arna sholáthar ag institiúid creidmheasa nach bhfuil feidhm ag Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ina leith de bhua an tríú fomhír den mhír seo, nó i gcás ina ndéanfar socraíocht íocaíochtaí trí úsáid a bhaint as “comharthaí ríomh-airgid’, déanfaidh an CSD a bhfuil an SS DLT á oibriú aici aon rioscaí a thiocfaidh as úsáid na modhanna sin a shainaithint, a thomhas, a fhaire, a bhainistiú, agus a íoslaghdú.

Déanfaidh an CSD nó institiúid creidmheasa a bhfuil SS DLT á oibriú aici i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, seirbhísí a bhaineann le “comharthaí ríomh-airgid’ atá coibhéiseach leis na seirbhísí a liostaítear i Roinn C, pointe (b) agus pointe (c) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a sholáthar.

9.   Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil CSD den sórt sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 50, 51 nó 53 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go léireoidh CSD den sórt sin go bhfuil an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte ar neamhréir le córais leagáide CSDanna eile nó le bonneagar margaidh eile nó gur costais dhíréireacha a bheadh mar thoradh ar rochtain ar bhonneagair margaidh eile a thabhairt do CSD eile agus úsáid á baint as córais leagáide, i bhfianaise scála gníomhaíochtaí SS DLT.

I gcás ina ndearnadh CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici a dhíolmhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh sí rochtain ar a SSanna DLT d’oibreoirí eile SSanna DLT nó d’oibreoirí eile TSSanna DLT. Déanfaidh CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoin rún atá aici rochtain den sórt sin a thabhairt. Féadfaidh an t-údarás inniúil an rochtain sin a thoirmeasc a mhéid go ndéanfadh an rochtain sin díobháil do chobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais nó do chóras airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

10.   I gcás ina n-iarrann CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici díolúine faoi mhíreanna 2 go 9, léireoidh sé go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist leis an díolúine a iarradh:

(a)

go bhfuil sé comhréireach leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus go bhfuil údar cuí leis an úsáid sin; agus

(b)

go bhfuil sé teoranta do SS DLT agus nach ndearnadh é a leathnú chuig córas socraíochta urrús atá á oibriú ag an CSD céanna.

11.   Beidh feidhm, mutatis mutandis, ag míreanna 2 go 10 den Airteagal i leith gnólacht infheistíochta nó rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil TSS DLT á oibriú acu i gcomhréir le hAirteagal 6(1).

12.   Ullmhóidh ESMA treoirlínte maidir leis na bearta cúiteacha dá dtagraítear i mír 1,an dara fomhír, pointe (c), den Airteagal seo.

Airteagal 6

Ceanglais agus díolúintí maidir le TSS DLT

1.   Beidh gnólacht infheistíochta nó rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil TSS DLT á oibriú acu faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála iltaobhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE; agus

(b)

mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm i leith CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cé is moite d’Airteagail 9, 16, 17, 18, 20, 26, 27, 28, 31, 42, 43, 44, 46 agus 47 den Rialachán sin.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh a oibríonn TSS DLT díolmhaithe faoi Airteagal 4(2) agus (3) agus in Airteagal 5(2) go (9), agus ar choinníoll go mbeidh an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh sin i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

Airteagal 7;

(b)

Airteagail 4(2), (3) agus (4) agus Airteagal 5(2) go (10); agus

(c)

aon bhearta cúiteacha a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iomchuí chun cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh, nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

2.   Beidh CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aici faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014; agus

(b)

mutatis mutandis, na ceanglais a bhfuil feidhm acu i leith saoráid trádála iltaobhach faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Treoir 2014/65/AE, cé is moite d’Airteagail 5 go 13 den Treoir sin.

Níl feidhm ag an gcéad fhomhír i leith na gceanglas sin óna bhfuil CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aici díolmhaithe faoi Airteagal 4(2) agus (3) agus in Airteagal 5(2) go (9); agus ar choinníoll go gcomhlíonann CSD:

(a)

Airteagal 7;

(b)

Airteagal 4(2), (3) agus (4) agus Airteagal 5(2) go (10); agus

(c)

aon bhearta cúiteacha a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iomchuí chun na cuspóirí na bhforálacha ar ina leith a iarradh díolúine a chomhlíonadh nó chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh nó cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

Airteagal 7

Ceanglais bhreise le haghaidh bhonneagair mhargaidh DLT

1.   Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT pleananna gnó soiléire agus mionsonraithe a chur ar bun lena ndéanfar cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn acu a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, lena n-áireofar iontu cur síos ar a bhfoireann chriticiúil, na gnéithe teicniúla agus an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus an fhaisnéis a cheanglaítear i mír 3.

Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT doiciméadacht scríofa atá cothrom le dáta, soiléir agus mionsonraithe a chur ar fáil go poiblí freisin, doiciméadacht a fhéadfaidh siad a chur ar fáil go leictreonach, ina sainmhíneofar na rialacha faoina n-oibreoidh bonneagair mhargaidh DLT agus a n-oibreoirí, lena n-áirítear na téarmaí dlíthiúla lena sainmhíneofar cearta, oibleagáidí, freagrachtaí agus dliteanais oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT, mar aon le cearta, oibleagáidí, freagrachtaí agus dliteanais na gcomhaltaí, na rannpháirtithe, na n-eisitheoirí agus na gcliant a bhaineann úsáid as a mbonneagar margaidh DLT. Sonrófar sna téarmaí dlíthiúla sin an dlí rialaithe, aon sásra réamhdhlíthíochta um réiteach díospóidí, aon bhearta cosanta maidir le dócmhainneacht faoi Threoir 98/26/CE agus na dlínsí ina bhféadfar caingean dlí a thionscnamh. Féadfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT a ndoiciméadacht scríofa a chur ar fáil trí mhodhanna leictreonacha.

2.   Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT rialacha maidir le feidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a baineadh úsáid as a leagan síos nó a dhoiciméadú, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear na rialacha maidir le rochtain ar an mórleabhar dáilte, maidir le rannpháirtíocht na nód bailíochtaithe, maidir le haghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, agus maidir le bainistiú riosca lena n-áirítear aon bhearta maolaithe chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

3.   Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT faisnéis shoiléir gan débhrí a sholáthar ar a suíomh gréasáin dá mbaill, dá rannpháirtithe, dá n-eisitheoirí agus dá gcliaint maidir le conas a dhéanann na hoibreoirí a bhfeidhmeanna, a seirbhísí agus a ngníomhaíochta a chur i gcrích agus i dtaobh conas nach bhfuil a bhfeidhmiú i leith na bhfeidhmeanna, na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí sin ar aon dul leis na feidhmeanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí arna bhfeidhmiú ag saoráid trádála iltaobhach nó ag córas socraíochta urrús nach bhfuil bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte. Beidh an cineál teicneolaíochta mórleabhar dáilte a mbainfear úsáid as san áireamh leis an bhfaisnéis sin.

4.   Áiritheoidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT go mbeidh socruithe TF agus na cibearshocruithe foriomlána a bhaineann leis an úsáid a bhainfear as a dteicneolaíocht mórleabhar dáilte comhréireach le cineál, scála agus castacht a ngnólachtaí. Áiritheofar leis na socruithe sin leanúnachas agus trédhearcacht, infhaighteacht, iontaofacht agus slándáil leanúnach a seirbhísí agus a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear iontaofacht na gconarthaí cliste a mbainfear úsáid astu ar an mbonneagar margaidh DLT. Áiritheofar leis na socruithe sin sláine, slándáil agus rúndacht aon sonraí a dhéanfaidh na hoibreoirí sin a stóráil, agus áiritheofar go mbeidh na sonraí sin ar fáil agus inrochtana.

Beidh nósanna imeachta bainistíochta sonracha maidir le riosca oibríochtúil i bhfeidhm ag oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT i gcomhair na rioscaí a bhaineann leis an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht mór leabhar dáilte agus criptea-shócmhainní agus i dtaobh conas aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin dá mba rud é gur ann dóibh.

Chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht shocruithe TF agus chibearshocruithe foriomlána bhonneagar margaidh DLT, féadfaidh an t-údarás inniúil iniúchadh i leith na socruithe sin a éileamh. Más rud é go ndéanfaidh údarás inniúil iniúchadh a éileamh ceapfaidh sé iniúchóir neamhspleách chun an t-iniúchadh a dhéanamh. Is é an bonneagar margaidh DLT a íocfaidh as na costais a bhainfidh leis an iniúchadh sin.

5.   I gcás ina n-áiritheoidh oibreoir bhonneagair mhargaidh DLT slánchoinneáil chistí, chomhthaobhacht nó ionstraimí airgeadais DLT de chuid na gcomhaltaí, na rannpháirtithe na n-eisitheoirí agus na gcliant, agus ina n-áiritheoidh sé na modhanna rochtana ar shócmhainní den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm eochracha cripteagrafacha, beidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag an oibreoirí sin chun cosc a chur ar an úsáid a bhainfear as na sócmhainní sin ar chuntas an oibreora fhéin gan toiliú sainráite roimh ré i scríbhinn a fháil ón gcomhalta, ón rannpháirtí, ón eisitheoir nó ón gcliant lena mbaineann, a fhéadfar a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha.

Coinneoidh oibreoirí bhonneagar margaidh DLT taifid shábháilte, chruinne, iontaofa agus in-aisghafa de na cistí, den chomhthaobhacht agus d’ionstraimí airgeadais DLT atá i seilbh a mbonneagar margaidh DLT le haghaidh a gcomhaltaí, a rannpháirtithe, a n-eisitheoirí nó a gcliant mar aon leis na modhanna rochtana ar na cistí, ar an gcomhthaobhacht agus ar ionstraimí airgeadais DLT sin.

Déanfaidh oibreoirí bhonneagar margaidh DLT cistí, comhthaobhacht agus ionstraimí airgeadais DLT de chuid na gcomhaltaí, na rannpháirtithe, na n-eisitheoirí nó na gcliant a bhfuil úsáid á baint acu as bonneagar margaidh DLT, agus na modhanna rochtana ar shócmhainní den sórt sin, a leithscaradh ó shócmhainní de chuid an oibreora agus ó shócmhainní de chuid comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí agus cliant eile.

Áiritheofar le socruithe TF agus na cibearshocruithe foriomlána, dá dtagraítear i mír 4 go ndéanfar cistí, comhthaobhacht agus ionstraimí airgeadais DLT den sórt sin atá i seilbh bhonneagar margaidh DLT i gcomhair a chomhaltaí, a rannpháirtithe, a eisitheoirí nó a chliant, mar aon leis na modhanna rochtana atá orthu, a chosaint ar rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe, haiceáil, díghrádú, caillteanas, cibirionsaí, goid, calaois, faillí, nó mífheidhmeanna oibríochtúla tromchúiseacha eile.

6.   I gcás caillteanas cistí, caillteanas comhthaobhachta nó caillteanas ionstraim airgeadais DLT, beidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT a chaill na cistí, an chomhthaobhacht nó ionstraim airgeadais DLT faoi dhliteanas i leith an chaillteanais suas go méid arb ionann é agus margadhluach na sócmhainne a chaillfear. Ni bheidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT faoi dhliteanas i leith an chaillteanais i gcás ina gcruthódh sé gur tharla an caillteanas mar thoradh ar theagmhas seachtrach nach raibh neart réasúnach aige air agus nárbh fhéidir iarmhairtí an teagmhais sin a sheachaint in ainneoin gach iarrachta réasúnta a rinneadh ina leith.

Déanfaidh oibreoirí bhonneagar margaidh DLT socruithe trédhearcacha agus leormhaithe a chur ar bun chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, agus chun sásraí chun gearáin ó chliaint a láimhseáil agus nósanna imeachta i gcomhair cúiteamh nó sásamh a bhunú i gcásanna inar ann do chaillteanas infheisteora mar thoradh ar na hiarmhairtí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo nó mar thoradh ar stad a bheith á chur leis an ngnó i ngeall ar aon cheann de na hiarmhairtí dá dtagraítear in Airteagail 8(13), 9(11) agus 10(10).

Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh, de réir an cháis, coimircí stuamachta breise a chur de cheangal ar oibreoir bhonneagar margaidh DLT i bhfoirm cistí dílse nó polasaí árachais, má chinneann an t-údarás inniúil nach ndéantar dliteanais fhéideartha i leith damáistí a dhéantar do chliaint de chuid oibreoir bhonneagar margaidh DLT i ngeall ar aon cheann de na hiarmhairtí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chumhdach go leordhóthanach leis na ceanglais stuamachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), i dTreoir 2014/65/AE nó i dTreoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), chun cosaint infheisteoirí a áirithiú.

7.   Déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT straitéis shoiléir agus mhionsonraithe a chur ar bun agus a chur ar fáil go poiblí chun gníomhaíocht bhonneagar margaidh DLT ar leith a laghdú nó chun bonneagar margaidh DLT ar leith (“straitéis idirthréimhseach”) a aistriú as de bheith ag oibriú nó a scor de bheith ag oibriú, lena n-áirítear aistriú nó aisiompú a oibríochtaí teicneolaíochta mórleabhar dáilte chuig bonneagair thraidisiúnta mhargaidh, sna cásanna seo a leanas:

(a)

rinneadh an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a shárú;

(b)

tá cead sonrach nó díolúine a dheonaítear faoin Rialachán seo le tarraingt siar nó le scor ar shlí eile, lena n-áirítear i gcás ina scoirtear den chead sonrach nó den díolúine mar thoradh ar na teagmhais a bheartaítear faoi Airteagal 14(2); nó

(c)

aon scor deonach nó ainneonach de ghnó an bhonneagair margaidh DLT.

Beidh an straitéis aistrithe réidh lena himscaradh in am trátha.

Leagfar amach sa straitéis aistrithe conas a chaithfear le comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí agus cliaint i gcás tarraingt siar nó neamhleanúnachais de chead sonrach nó scor an ghnó dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Leagfar amach sa straitéis aistrithe conas a dhéanfar cliaint, go háirithe infheisteoirí miondíola, a chosaint ar aon tionchar díréireach a d’fhéadfadh teacht ón tarraingt siar nó neamhleanúnachas de chead sonrach nó ó scor an ghnó. Déanfar an straitéis aistrithe a nuashonrú ar bhonn leanúnach faoi réir formheas a fháil roimh ré ón údarás inniúil.

Sonrófar sa straitéis aistrithe an méid a bheidh le déanamh i gcás ina sárófar an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

8.   Maidir le gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh nach gceadaítear dóibh ach amháin MTF DLT a oibriú faoi Airteagal 8(2) den Rialachán seo agus nach léirítear ina straitéisí aistrithe go bhfuil sé ar intinn acu údarú a fháil chun saoráid trádála iltaobhach a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, mar aon le CSD a bhfuil TSS DLT á oibriú aici, déanfaidh siad a ndícheall socruithe a thabhairt i gcrích le gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil saoráid trádála iltaobhach á hoibriú acu faoi Threoir 2014/65/AE chun sealbhú a ghlacadh ar a n-oibríochtaí, agus sonróidh siad na socruithe sin ina straitéisí aistrithe.

9.   Maidir le CSDanna a bhfuil SS DLT á oibriú acu agus nach gceadaítear dóibh ach SS DLT a oibriú faoi Airteagal 9(2) den Rialachán seo agus nach léirítear ina straitéisí aistrithe go bhfuil sé ar intinn acu údarú a fháil chun córas socraíochta urrús a oibriú faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil TSS DLT á oibriú acu, déanfaidh siad a ndícheall socruithe a thabhairt i gcrích le CSDanna a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú acu chun ceannas a ghlacadh ar a n-oibríochtaí, agus sonróidh siad na socruithe sin ina straitéisí aistrithe.

Maidir le CSDanna a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú acu agus a gheobhaidh iarraidh chun na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a thabhairt i gcrích, tabharfaidh siad freagra laistigh de 3 mhí ón dáta a bhfaighfear an t-iarratas. Déanfaidh CSD a bhfuil an córas socraíochta urrús á oibriú aici na socruithe a thabhairt i gcrích ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus féadfaidh sí táille tráchtála réasúnta a ghearradh bunaithe ar chostais iarbhír. Ní dhiúltóidh CSD don iarraidh sin ach amháin i gcás ina measfaidh sí go ndéanfadh na socruithe difear d’fheidhmiú réidh agus rianúil na margaí airgeadais nó go mbeidís ina siocair le riosca sistéamach. Ní fhéadfaidh sí diúltú d’iarraidh ar na forais go gcaillfear sciar den mhargadh. Má dhiúltaíonn sí d’iarraidh, déanfaidh sí na cúiseanna atá aici a chur in iúl i scríbhinn d’oibreoir bhonneagar margaidh DLT a rinne an iarraidh.

10.   Beidh na socruithe dá dtagraítear i míreanna 8 agus 9 i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 5 bliana ón dáta a dheonófar an cead sonrach, nó beidh na socruithe sin i bhfeidhm ar dháta níos luaithe má éilíonn an t-údarás inniúil é chun aghaidh a thabhairt ar aon riosca a bhaineann le foirceannadh luath an cheada shonraigh.

Airteagal 8

Cead sonrach chun MTF DLT a oibriú

1.   Féadfaidh duine dlítheanach atá údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, cead sonrach a iarraidh chun MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo.

2.   I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun MTF DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE ar ina leith a rinne an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.

3.   I gcás, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú agus iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo a léiriú.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo:

(a)

plean gnó an iarratasóra, rialacha MTF DLT agus aon téarmaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1), chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí MTF DLT dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(c)

cur síos ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);

(d)

fianaise go bhfuil go leor coimircí stuamachta curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun freastal ar a chuid dliteanas agus chun cúiteamh a thabhairt dá chliaint, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an tríú fomhír;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na socruithe slánchoinneála maidir le hionstraimí airgeadais DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 7(5);

(f)

tuairisc ar na socruithe chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus tuairisc ar na sásraí chun gearáin agus sásamh ó chliaint a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an dara fomhír;

(g)

straitéis aistrithe an iarratasóra; agus

(h)

na díolúintí atá á n-iarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 4, an t-údar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.

5.   Faoin 23 Márta 2023, forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 4.

6.   Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun MTF DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith comhlánaithe.

A luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, cuirfidh sé cóip den iarratas sin chuig ESMA.

7.   I gcás inar gá sin chun comhsheasmhacht agus comhréireacht díolúintí a chur chun cinn, nó i gcás inar gá sin chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na díolúintí a iarradh nó maidir le leormhaitheas chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, laistigh de 30 lá féilire ón uair a gheobhaidh sé an chóip den iarratas sin.

Sula n-eiseoidh sé tuairim neamhcheangailteach, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh agus a thuairim á heisiúint aige.

I gcás ina n-eiseoidh ESMA tuairim neamhcheangailteach, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.

8.   Faoin 24 Márta 2025, forbróidh ESMA treoirlínte chun comhsheasmhacht agus comhréireacht na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

(a)

díolúintí a dheonaítear d’oibreoirí MTFanna DLT ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gcomhthéacs meastóireacht a dhéanamh ar leormhaitheas na gcineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáideann oibreoirí MTFanna DLT chun críocha an Rialacháin seo; agus

(b)

feidhmiú na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 3(6).

Áiritheofar leis na treoirlínte sin cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais.

Déanfaidh ESMA na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.

9.   Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead sonrach chun MTF DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas ar údarú faoi Threoir 2014/65/AE agus cead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar síneadh breise a chur leis an tréimhse mheasúnaithe suas go dtí an tréimhse a shonraítear in Airteagal 7(3) de Threoir 2014/65/AE.

10.   Gan dochar d’Airteagail 7 agus 44 de Threoir 2014/65/AE, diúltóidh an t-údarás inniúil cead sonrach a thabhairt maidir le MTF DLT a oibriú faoin Rialachán seo, má tá forais ann chun é sin a chreidiúint:

(a)

gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;

(b)

go bhfuil an cead sonrach chun MTF DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó

(c)

nach mbeidh oibreoir MTF DLT in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó le forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.

11.   Beidh cead sonrach bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta na heisiúna. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 4, aon bhearta cúitimh agus aon tairseacha níos ísle arna socrú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).

Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo.

Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:

(a)

liosta de MTFanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh agus aon tairseacha níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus

(b)

líon iomlán na n-iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 4, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltuithe.

Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), ar bhonn anaithnid.

12.   Gan dochar d’Airteagail 8 agus 44 de Threoir 2014/65/AE, tarraingeoidh an t-údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúintí gaolmhara sna cásanna seo a leanas:

(a)

gur aimsíodh locht i bhfeidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag an oibreoir MTF DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó cobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;

(b)

gur sháraigh oibreoir an MTF DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;

(c)

gur admhaigh oibreoir an MTF DLT go raibh ionstraimí airgeadais á dtrádáil aige nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1);

(d)

gur sháraigh oibreoir an MTF DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(e)

gur sháraigh oibreoir MTF DLT na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(3) agus nach ndearna an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó

(f)

go bhfuair oibreoir MTF DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.

13.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag oibreoir MTF DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí an oibreora sin, agus ina n-éilítear cead sonrach nua leis an athrú ábhartha sin, iarrfaidh oibreoir MTF DLT cead sonrach nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí an oibreora atá ann cheana nó ar aon choinníollacha a ghabhann le díolúine, iarrfaidh oibreoir MTF DLT cead, díolúine nó modhnú sonrach nua.

I gcás ina n-iarrann oibreoir MTF DLT, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 9

Cead sonrach chun SS DLT a oibriú

1.   Féadfaidh duine dlítheanach a údaraítear mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 iarratas a chur isteach ar chead sonrach SS DLT a oibriú faoin Rialachán seo.

2.   I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus go comhuaineach ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun SS DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ndearnadh an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo.

3.   Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar CSD agus ar iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo a léiriú.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú faoin Rialachán seo:

(a)

plean gnó an iarratasóra, rialacha SS DLT agus aon téarmaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1), chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí SS DLT dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(c)

tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);

(d)

fianaise go bhfuil coimircí stuamachta curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun freastal ar a chuid dliteanas agus chun cúiteamh a thabhairt dá chliaint, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an tríú fomhír;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na socruithe slánchoinneála maidir le hionstraimí airgeadais DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 7(5);

(f)

tuairisc ar na socruithe chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus tuairisc ar na sásraí chun gearáin agus sásamh ó chliaint a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an dara fomhír;

(g)

straitéis aistrithe an iarratasóra; agus

(h)

an díolúine atá á hiarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 5, an t-údar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.

5.   Faoin 23 Márta 2023, forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha, formáidí agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 4.

6.   Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith comhlánaithe.

A luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, cuirfidh sé cóip den iarratas sin chuig:

(a)

ESMA; agus

(b)

na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

7.   I gcás inar gá sin chun comhsheasmhacht agus comhréireacht díolúintí a chur chun cinn, nó i gcás inar gá sin chun cosaint infheisteoirí, sláine margaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na díolúintí arna n-iarraidh nó maidir le leormhaitheas chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, laistigh de 30 lá féilire ón uair a gheobhaidh sé an chóip den iarratas sin.

Sula n-eiseoidh sé tuairim neamhcheangailteach, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh agus a thuairim á heisiúint aige.

I gcás ina n-eiseoidh ESMA tuairim neamhcheangailteach, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.

Tabharfaidh na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na gnéithe de SS DLT a oibríonn an t-iarratasóir laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh cóip den iarratas sin a fháil.

8.   Faoin 24 Márta 2025, forbróidh ESMA treoirlínte chun comhsheasmhacht agus comhréireacht na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

(a)

díolúintí a dheonaítear do CSDanna a oibríonn SSanna DLT ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gcomhthéacs meastóireacht a dhéanamh ar leormhaitheas na gcineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáideann oibreoirí chun críocha an Rialacháin seo; agus

(b)

feidhmiú na rogha dá bhforáiltear in Airteagal 3(6).

Áiritheofar leis na treoirlínte sin cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais.

Déanfaidh ESMA na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil.

9.   Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú mar CSD de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ar chead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar ré an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse bhreise suas go dtí an ré dá bhforáiltear in Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

10.   Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, diúltóidh an t-údarás inniúil cead sonrach chun SS DLT a oibriú faoin Rialachán sin má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:

(a)

gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;

(b)

go bhfuil cead sonrach chun SS DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó

(c)

nach mbeidh an CSD in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó le forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.

11.   Beidh cead sonrach bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta na heisiúna. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 5, aon bhearta cúitimh agus aon tairseacha níos ísle arna socrú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).

Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA agus na húdaráis ábhartha a shonraítear i mír 7 den Airteagal sin ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír sin.

Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:

(a)

liosta de SSanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseacha níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus

(b)

líon iomlán na n-iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 5, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltuithe.

Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír, ar bhonn anaithnid.

12.   Gan dochar d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, tarraingeoidh an t-údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúintí gaolmhara siar i gcás:

(a)

inar aimsíodh locht i bhfeidhmiú chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag CSD a oibríonn SS DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó cobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;

(b)

inar sháraigh CSD a oibríonn SS DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;

(c)

inar admhaigh oibreoir CSD a oibríonn SS DLT go raibh ionstraimí airgeadais á dtaifead aige nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1);

(d)

inar sháraigh CSD a oibríonn SS DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(e)

inar sháraigh CSD a oibríonn SS DLT na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus nach ndearna an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó

(f)

ina bhfuair CSD a oibríonn SS DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.

13.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag CSD a oibríonn SS DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí CSD sin, agus ina n-éilítear cead sonrach nua leis an athrú ábhartha sin, iarrfaidh oibreoir SS DLT cead sonrach nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí CSD den sórt sin atá ann cheana nó ar aon choinníollacha a ghabhann le díolúine, iarrfaidh CSD a oibríonn SS DLT cead, díolúine nó modhnú sonrach nua.

I gcás ina n-iarrann CSD a oibríonn SS DLT, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil, i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Airteagal 10

Cead sonrach chun TSS DLT a oibriú

1.   Féadfaidh duine dlítheanach atá údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó atá údaraithe chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó atá údaraithe mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 cead sonrach a iarraidh chun TSS DLT a oibriú faoin Rialachán seo.

2.   I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó ar údarú mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun TSS DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE nó na ceanglais de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ndearnadh an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.

3.   Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú, nó ar údarú mar CSD, agus ar iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE nó d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi seach, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo a léiriú.

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas in iarratas ar chead sonrach chun SS DLT a oibriú faoin Rialachán seo:

(a)

plean gnó an iarratasóra, rialacha TSS DLT agus aon téarmaí dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) chomh maith leis an bhfaisnéis maidir le feidhmiú, seirbhísí agus gníomhaíochtaí TSS DLT dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

(b)

tuairisc ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear, dá dtagraítear in Airteagal 7(2);

(c)

tuairisc ar shocruithe teicneolaíochta faisnéise agus cibearshocruithe foriomlána an iarratasóra dá dtagraítear in Airteagal 7(4);

(d)

fianaise go bhfuil coimircí stuamachta curtha i bhfeidhm ag an iarratasóir chun freastal ar a chuid dliteanas agus chun cúiteamh a thabhairt dá chliaint, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an tríú fomhír;

(e)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na socruithe slánchoinneála maidir le hionstraimí airgeadais DLT de chuid cliant dá dtagraítear in Airteagal 7(5);

(f)

tuairisc ar na socruithe chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus tuairisc ar na sásraí chun gearáin agus sásamh ó chliaint a láimhseáil, dá dtagraítear in Airteagal 7(6), an dara fomhír;

(g)

straitéis aistrithe an iarratasóra; agus

(h)

na díolúintí atá á n-iarraidh ag an iarratasóir faoi Airteagal 6, an t-údar cuí a bhaineann le gach díolúine atá á hiarraidh agus aon bheart cúiteach a mholtar agus na modhanna atá beartaithe ag an iarratasóir chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin a chomhlíonadh.

5.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a bhfuil sé beartaithe aige TSS DLT a oibriú mar ghnólacht infheistíochta nó mar oibreoir margaidh, an fhaisnéis a thíolacadh faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.

De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh iarratasóir a mbeidh sé beartaithe aige TSS DLT a oibriú mar CSD an fhaisnéis a thíolacadh maidir leis an gcaoi a mbeidh sé beartaithe aige ceanglais infheidhme Threoir 2014/65/AE dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo a chomhlíonadh, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir leis an Airteagal sin a léiriú.

6.   Faoin 23 Márta 2023, forbróidh ESMA treoirlínte chun foirmeacha caighdeánacha, formáidí caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha a bhunú chun críocha mhír 4.

7.   Laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas ar chead sonrach chun TSS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú i dtaobh an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh an t-iarratasóir an fhaisnéis atá ar iarraidh nó aon fhaisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith comhlánaithe.

A luaithe a mheasfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, cuirfidh sé cóip den iarratas sin chuig:

(a)

ESMA; agus

(b)

na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.

8.   I gcás inar gá sin chun comhsheasmhacht agus comhréireacht díolúintí a chur chun cinn, nó i gcás inar gá sin chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, soláthróidh ESMA tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na díolúintí arna n-iarraidh nó maidir le leormhaitheas chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, laistigh de 30 lá féilire ón uair a gheobhaidh sé an chóip den iarratas sin.

Sula n-eiseoidh sé tuairim neamhcheangailteach, rachaidh ESMA i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus cuirfidh sé a dtuairimí go mór san áireamh agus a thuairim á heisiúint aige.

I gcás ina n-eiseoidh ESMA tuairim neamhcheangailteach, tabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar an tuairim sin agus tabharfaidh sé ráiteas do ESMA maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin má iarrann ESMA amhlaidh. Ní dhéanfar tuairim ESMA ná ráiteas an údaráis inniúil a phoibliú.

Tabharfaidh na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 tuairim neamhcheangailteach don údarás inniúil maidir leis na gnéithe den TSS DLT a oibríonn an t-iarratasóir laistigh de 30 lá féilire tar éis dóibh cóip den iarratas sin a fháil.

9.   Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead sonrach chun TSS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú faoi Threoir 2014/65/AE nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ar chead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar ré an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí an ré dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) de Threoir 2014/65/EU nó d’Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi seach.

10.   Gan dochar d’Airteagail 7 agus 44 de Threoir 2014/65/EU agus d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, diúltóidh an t-údarás inniúil cead sonrach chun TSS DLT a oibriú a dheonú má tá forais ann chun an méid seo a leanas a chreidiúint:

(a)

gur ann do rioscaí suntasacha do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais nach bhfuil aghaidh tugtha ag an iarratasóir orthu ná maolaithe mar is ceart aige;

(b)

go bhfuil cead sonrach chun TSS DLT a oibriú agus na díolúintí iarrtha á lorg chun dul timpeall ar cheanglais dhlíthiúla nó rialála; nó

(c)

nach mbeidh oibreoir TSS DLT in ann na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nó le forálacha den dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme Dhlí an Aontais a chomhlíonadh nó nach lamhálfaidh sé dá úsáideoirí na forálacha sin a chomhlíonadh.

11.   Beidh cead sonrach bailí ar fud an Aontais ar feadh tréimhse suas le sé bliana ó dháta na heisiúna. Sonrófar sa chead sonrach na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 6, aon bhearta cúitimh agus aon tairseacha níos ísle arna socrú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 3(6).

Cuirfidh an t-údarás inniúil ESMA agus na húdaráis ábhartha a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 sin ar an eolas gan mhoill maidir le cead sonrach a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear aon fhaisnéis a shonraítear faoin gcéad fhomhír den mhír sin.

Foilseoidh ESMA ar a shuíomh gréasáin:

(a)

liosta de TSSanna DLT, dátaí tosaithe agus críochnaithe na gceadanna sonracha, liosta na ndíolúintí a dheonaítear do gach ceann díobh, agus aon tairseacha níos ísle a leagann na húdaráis inniúla síos do gach ceann díobh; agus

(b)

líon iomlán na n-iarratas ar dhíolúintí a rinneadh faoi Airteagal 6, ina sonraítear líon agus cineálacha na ndíolúintí a ghlactar nó a dhiúltaítear, in éineacht leis na boinn chirt d’aon diúltuithe.

Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa tríú fomhír, pointe (b), ar bhonn anaithnid.

12.   Gan dochar d’Airteagail 8 agus 44 de Threoir 2014/65/AE agus d’Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh 909/2014, tarraingeoidh an t-údarás inniúil siar cead sonrach nó aon díolúintí gaolmhara más rud é:

(a)

gur aimsíodh locht i bhfeidhmiú chineál na teicneolaíochta mórleabhar dáilte nó sna seirbhísí agus sna gníomhaíochtaí arna soláthar ag CSD a oibríonn SS DLT ar baol é do chosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh, nó cobhsaíocht airgeadais, agus gur mó é an baol ná sochair na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí faoi thástáil;

(b)

gur sháraigh oibreoir TSS DLT na coinníollacha a bhaineann leis na díolúintí;

(c)

gur admhaigh oibreoir TSS DLT go raibh ionstraimí airgeadais á dtrádáil nó á dtaifeadadh aige nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1);

(d)

gur sháraigh oibreoir TSS DLT an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 3(2);

(e)

gur sháraigh oibreoir TSS DLT na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus nach ndearna an straitéis aistrithe a ghníomhachtú; nó

(f)

go bhfuair oibreoir TSS DLT an cead sonrach nó díolúintí gaolmhara ar bhonn faisnéis mhíthreorach nó easnamh ábhartha.

13.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag oibreoir TSS DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí an oibreora sin, agus ina n-éilítear cead sonrach nua leis an athrú ábhartha sin, iarrfaidh oibreoir TSS DLT cead sonrach nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí an oibreora atá ann cheana nó ar aon choinníollacha a ghabhann le díolúine, iarrfaidh oibreoir MTF DLT cead, díolúine nó modhnú sonrach nua.

I gcás ina n-iarrann oibreoir TSS DLT, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil, i gcomhréir leis an Airteagal sin.

Airteagal 11

Comhoibriú idir oibreoirí bonneagair mhargaidh DLT, údaráis inniúla agus ESMA

1.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus do Threoir 2014/65/AE, oibreoidh oibreoirí bonneagair mhargaidh DLT i gcomhar leis na húdaráis inniúla.

Go háirithe, tabharfaidh oibreoirí bhonneagair margaidh DLT fógra dá n-údaráis inniúla gan mhoill a luaithe a bheidh siad ar an eolas faoi aon cheann de na hábhair seo a leanas:

(a)

aon athrú ábhartha beartaithe ar a bplean gnó, lena n-áirítear athruithe i ndáil leis an bhfoireann chriticiúil, rialacha bhonneagair mhargaidh DLT agus na téarmaí dlíthiúla;

(b)

aon fhianaise ar rochtain neamhúdaraithe, mífheidhmiú ábhartha, caillteanas, cibear-ionsaithe nó cibearbhagairtí eile, calaois, goid nó faillí thromchúiseach a bhain d’oibreoir an bhonneagair margaidh DLT;

(c)

aon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis a soláthraíodh don údarás inniúil;

(d)

aon deacrachtaí teicniúla nó oibríochtúla maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanamh nó na seirbhísí a sholáthar atá faoi réir an cheada shonraigh, lena n-áirítear deacrachtaí a bhaineann le forbairt nó le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus ionstraimí airgeadais DLT; nó

(e)

aon riosca a dhéanann difear do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais atá tagtha chun cinn agus nach raibh súil leo san iarratas ina n-iarrtar cead sonrach nó nach raibh súil leo an tráth a tugadh an cead sonrach.

Tabharfar fógra faoi na hathruithe dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a) ceithre mhí ar a laghad sula mbeidh an t-athrú beartaithe, gan beann ar cé acu an éilítear leis an athrú ábhartha atá beartaithe athrú ar an gcead sonrach nó ar na díolúintí nó na coinníollacha gaolmhara a bhaineann leis na díolúintí sin i gcomhréir le hAirteagal 8, 9 nó 10.

I gcás ina dtabharfar fógra faoi na hábhair a liostaítear i bpointí (a) go (e) den dara fomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar oibreoir bhonneagar margaidh DLT iarratas a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(13), le hAirteagal 9(13) nó le hAirteagal 10(13), nó féadfaidh sé a cheangal ar oibreoir bhonneagar margaidh DLT bearta ceartaitheacha a dhéanamh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

2.   Maidir leis an údarás inniúil, déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT aon fhaisnéis ábhartha a theastaíonn uaidh a sholáthar dó.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil aon bheart ceartaitheach a cheangal i leith phlean gnó de chuid oibreoir bhonneagar margaidh DLT, ar rialacha an bhonneagair margaidh DLT agus ar théarmaí dlíthiúla chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT tuairisciú maidir le cur chun feidhme aon bhearta ceartaitheacha arna n-éileamh ag an údarás inniúil ina thuarascálacha dá dtagraítear i mír 4.

4.   Gach sé mhí tar éis dháta an cheada shonraigh, cuirfidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT tuarascáil faoi bhráid an údaráis inniúil. Áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:

(a)

achoimre ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1, an dara fomhír;

(b)

líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT nó TSS DLT agus líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT arna dtaifeadadh ag oibreoir SS DLT nó TSS DLT;

(c)

líon agus luach na n-idirbheart arna dtrádáil ar MTF DLT nó TSS DLT agus arna socrú ag oibreoir SS DLT nó TSS DLT;

(d)

measúnú réasúnaithe ar aon deacracht maidir le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nó le dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm; agus

(e)

aon ghníomhaíochtaí a glacadh chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí a chur chun feidhme nó chun aon bheart cúiteach nó ceartaitheach arna éileamh ag an údarás inniúil a chur chun feidhme.

5.   Beidh ról comhordúcháin i leith údaráis inniúla ag ESMA d’fhonn comhthuiscint a fhorbairt maidir le teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus bonneagar margaidh DLT, d’fhonn cultúr coiteann maoirseachta agus cóineasú cleachtas maoirseachta a bhunú, agus d’fhonn cineálacha cur chuige comhsheasmhach agus cóineasú a áirithiú i dtorthaí maoirseachta.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus na tuarascálacha a fhaightear ó oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 4 den Airteagal seo a chur ar aghaidh go tráthúil chuig ESMA agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas maidir le haon bhearta a rinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.

Cuirfidh ESMA na húdaráis inniúla ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aon tuarascálacha a thíolacfar de bhun mhír 4 den Airteagal seo;

(b)

na ceadanna sonracha agus na díolúintí arna ndeonú faoin Rialachán seo chomh maith leis na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin;

(c)

aon diúltú ag údarás inniúil cead sonrach nó díolúine a thabhairt, aon tarraingt siar ar chead sonrach nó díolúine agus aon scor de ghnó bonneagair margaidh DLT.

6.   Déanfaidh ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm ceadanna sonracha, agus aon díolúintí agus coinníollacha gaolmhara a ghabhann leis na díolúintí sin, chomh maith le haon bhearta cúiteacha nó ceartaitheacha a éilíonn na húdaráis inniúla. Cuirfidh ESMA tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcuirtear na ceadanna sonracha, na díolúintí, na coinníollacha agus na bearta cúiteacha nó ceartaitheacha sin i bhfeidhm sa chleachtas.

Airteagal 12

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Is é an t-údarás inniúil do ghnólacht infheistíochta a bhfuil MTF DLT nó TSS DLT á oibriú aige a bheidh san údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (55)(a)(ii) agus (iii), de Threoir 2014/65/AE.

2.   Is é an t-údarás inniúil do oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT nó TSS DLT á oibriú aige a bheidh san údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát ina bhfuil oifig chláraithe de chuid oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT nó TSS DLT á oibriú aige suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe ag an oibreoir margaidh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil ceannoifig oibreoir margaidh a bhfuil MTF DLT nó TSS DLT á oibriú aige suite.

3.   Is é an t-údarás inniúil do CSD a bhfuil SS DLT nó TSS DLT á oibriú aici a bheidh san údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 2(1), pointe (23), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014/AE.

Airteagal 13

Fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla

Tabharfaidh na Ballstáit fógra d’aon údaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 2, pointe (21)(c), do ESMA agus don Choimisiún. Foilseoidh ESMA liosta de na húdaráis inniúla sin ar a shuíomh gréasáin.

Airteagal 14

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 24 Márta 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

feidhmiú bhonneagair margaidh DLT ar fud an Aontais;

(b)

líon bhonneagair mhargaidh DLT;

(c)

cineálacha na ndíolúintí arna n-iarraidh ag bonneagair mhargaidh DLT agus cineálacha na ndíolúintí a dheonaítear;

(d)

líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála agus a thaifeadtar ar bhonneagair mhargaidh DLT;

(e)

líon agus luach na n-idirbheart arna dtrádáil nó arna socrú ar bhonneagair mhargaidh DLT;

(f)

cineálacha na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a úsáidtear agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le teicneolaíocht mórleabhar dáilte a úsáid, lena n-áirítear na hábhair a liostaítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, pointe (b), agus maidir leis an tionchar a bhíonn ag úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte ar chuspóirí bheartas aeráide an Aontais;

(g)

na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag oibreoirí SSanna DLT nó TSSanna DLT i gcomhréir le hAirteagal 5(3), pointe (b);

(h)

aon rioscaí, leochaileachtaí nó neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte maidir le cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais, lena n-áirítear aon chineálacha nua rioscaí dlíthiúla, córasacha agus oibríochtúla, nach dtugtar aghaidh leordhóthanach orthu ag reachtaíocht sheirbhísí airgeadais an Aontais, agus aon éifeachtaí neamhbheartaithe ar leachtacht, luaineacht, cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh nó cobhsaíocht airgeadais;

(i)

aon rioscaí maidir le harbatráiste rialála nó saincheisteanna maidir le cothroime iomaíochta idir bonneagair mhargaidh DLT faoin gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus idir bonneagair mhargaidh DLT agus bonneagair eile mhargaidh ina n-úsáidtear córais leagáide;

(j)

aon saincheisteanna a bhaineann le hidir-inoibritheacht idir bonneagair mhargaidh DLT agus bonneagair eile a bhfuil córais leagáide á n-úsáid acu;

(k)

aon tairbhí agus costais a thagann as úsáid a bhaint as teicneolaíocht mórleabhar dáilte i dtéarmaí leachtacht agus maoiniú breise do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, feabhsú sábháilteachta agus éifeachtúlachta, ídiú leictreachais agus maolú riosca tríd an tslabhra trádála agus iarthrádála, lena n-áirítear riosca maidir le hionstraimí airgeadais DLT a thaifeadadh agus a choinneáil slán, inrianaitheacht idirbheart agus feabhas ar chomhlíontacht le próisis “bíodh aithne agat ar do chustaiméirí” agus próisis frithsciúrtha airgid, gníomhaíochtaí corparáideacha agus feidhmiú díreach cearta infheisteoirí trí bhíthin conarthaí cliste, feidhmeanna tuairiscithe agus maoirseachta ar leibhéal an bhonneagair margaidh DLT;

(l)

aon diúltú do cheadanna sonracha nó díolúintí a thabhairt, aon mhodhnú nó tarraingt siar ar cheadanna sonracha nó díolúintí den sórt sin chomh maith le modhnú nó tarraingt siar ar bhearta cúiteacha nó ceartaitheacha;

(m)

aon scor gnó ag bonneagar margaidh DLT agus na cúiseanna a bhaineann leis an scor gnó sin;

(n)

oiriúnacht na dtairseach dá dtagraítear amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 5(8), lena n-áirítear na himpleachtaí a d’fhéadfadh teacht as méadú ar na tairseacha sin, ag cur san áireamh, go háirithe, breithnithe sistéamacha agus cineálacha éagsúla teicneolaíochta mórleabhar dáilte; agus

(o)

measúnú foriomlán ar na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus moladh maidir le cibé ar cheart leanúint ar aghaidh leis an gcóras píolótach seo agus cé na coinníollacha ba cheart a bheith ann.

2.   Ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, laistigh de thrí mhí ón tuarascáil sin a fháil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh sa tuarascáil ón gCoimisiún anailís costais is tairbhe ar cheart maidir leis an gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo:

(a)

fad a chur léi ar feadh tréimhse breise suas go dtí trí bliana;

(b)

cineálacha eile ionstraim airgeadais a chumhdach leis, arb ionstraimí iad is féidir a eisiúint, a thaifeadadh, a aistriú nó a stóráil agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte á húsáid;

(c)

é a leasú;

(d)

é a dhéanamh buan trí leasuithe iomchuí ar reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais; nó

(e)

é a fhoirceannadh, lena n-áirítear na ceadanna sonracha go léir arna ndeonú faoin Rialachán seo;

Ina thuarascáil, féadfaidh an Coimisiún aon leasú iomchuí ar reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nó ar chomhchuibhiú dlíthe náisiúnta a mholadh lena n-éascófaí úsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte san earnáil airgeadais chomh maith le húsáid aon bheart a bhfuil gá leis chun bonneagair mhargaidh DLT a aistriú ón gcóras píolótach dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

I gcás ina gcuirfear síneadh leis an gcóras píolótach seo ar feadh tréimhse breise dá bhforáiltearsa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo, iarrfaidh an Coimisiún ar ESMA tuarascáil bhreise a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse fadaithe. Tar éis dó an tuarascáil sin a fháil ó ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhreise faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir leis an mír seo.

Airteagal 15

Tuarascálacha eatramhacha

Foilseoidh ESMA tuarascálacha eatramhacha bliantúla chun faisnéis a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh maidir le feidhmiú na margaí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar iompar mícheart oibreoirí bhonneagair margaidh DLT chun soiléirithe a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus chun táscairí a tugadh roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar fhorbairt teicneolaíochta mórleabhar dáilte. Cuirfear tuairisc fhoriomlán ar fáil sna tuarascálacha sin ar chur i bhfeidhm an chórais phíolótaigh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ina ndíreofar ar threochtaí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn agus cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin iad. Foilseofar an chéad tuarascáil den sórt sin faoin 24 Márta 2024.

Airteagal 16

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

In Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Má chinneann an Coimisiún nach gá díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme Airteagail 35 agus 36 i gcomhréir le hAirteagal 52(12), féadfaidh CCP nó ionad trádála, roimh an 22 Meitheamh 2022, iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil ar chead leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus na rioscaí d’fheidhmiú ordúil CCP ábhartha nó an ionaid trádála a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceart rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán á gcur san áireamh, a chinneadh nach bhfuil feidhm ag Airteagal 35 nó Airteagal 36 maidir le CCP ábhartha nó leis an ionad trádála, faoi seach, maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2023. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní bhainfidh CCP ná an t-ionad trádála leas as na cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhalartán ar feadh thréimhse na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA agus, i gcás CCP, do choláiste na n-údarás inniúil do CCP den sórt sin, ón uair a fhormheasann sé idirthréimhse.”.

Airteagal 17

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2014

In Airteagal 76(5) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Beidh feidhm ag gach ceann de na bearta maidir le haraíonacht socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) go (13) ón dáta chur i bhfeidhm a shonraítear do gach beart araíonachta socraíochta sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(15).”.

Airteagal 18

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):

“(15)

ciallaíonn “ionstraim airgeadais” na hionstraimí a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear ionstraimí den sórt sin a eisítear trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte;”;

(2)

in Airteagal 93, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   Faoin Faoin 23 Márta 2023, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun pointe (15) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 23 Márta 2023.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir leis na Ballstáit nach féidir leo na forálacha is gá a ghlacadh chun pointe (15) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh faoin 23 Márta 2023, de bhrí go mairfidh a nósanna imeachta reachtacha níos mó ná naoi mí, bainfidh siad tairbhe as síneadh sé mhí ar a mhéad ó faoin 23 Márta 2023, ar choinníoll go dtabharfaidh siad fógra don Choimisiún gur gá dóibh úsáid a bhaint as an síneadh sin faoin 23 Márta 2023.”.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 23 Márta 2023, cé is moite den mhéid seo a leanas:

(a)

Airteagail 8(5), 9(5), 10(6) agus 17, a mbeidh feidhm acu ón 22 Meitheamh 2022; agus

(b)

Airteagal 16, a mbeidh feidhm aige ón 4 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO C 244, 22.6.2021, lch. 4.

(2)   IO C 155, 30.4.2021, lch. 31.

(3)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Aibreán 2022.

(4)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).

(9)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(10)  Treoir 2013/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe, Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a bheidh urrúis á dtairscint don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus Treoir 2007/14/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe ó Threoir 2004/109/CE (IO L 294, 6.11.2013, lch. 13).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(13)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(16)  Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(18)  Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/34


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/859 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Bealtaine 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) agus Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 bunaíodh ainmníocht chomhcheangailte earraí (“AC”) chun ceanglais na Comhtharaife Custaim, staidreamh trádála eachtraí an Aontais, agus bheartais eile de chuid an Aontais a bhaineann le hallmhairiú nó onnmhairiú earraí a chomhlíonadh an tráth céanna.

(2)

Tá AC bunaithe ar ainmníocht Chóras Comhchuibhithe na hEagraíochta Domhanda Custaim (“CC”), a leasaíodh de bhun Mholadh na Comhairle um Chomhar Custaim an 28 Meitheamh 2019 (“CC 2022”). Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 (2) ón gCoimisiún, a cuireadh in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón 1 Eanáir 2022, cuireadh na leasuithe sin chun feidhme i leagan 2022 de AC (“AC 2022”).

(3)

In CC 2022, cruthaíodh fo-cheannteideal ar leith 4421 20 00 le haghaidh “cónraí”. In AC 2021, aicmíodh “cónraí as clár snáithíneach” faoi chód AC 4421 99 10 le ráta dleachta custaim de 4 %, agus aicmíodh “cónraí as ábhair eile” faoi chód AC 4421 99 91 leis an ráta dleachta custaim “Díolúine”. Leis na leasuithe ar CC 2022, in AC 2022, aistríodh “cónraí as clár snáithíneach” chuig an gcód AC nua 4421 20 00 leis an ráta dleachta custaim “Díolúine”.

(4)

Chun an chóireáil taraife chéanna agus atá in AC 2021 a fhorchur in 2022, is gá AC 2022 a leasú chun na leasuithe ar CC 2022 a chur san áireamh agus chun foráil a dhéanamh maidir le foroinn ar leith le haghaidh “cónraí as clár snáithíneach”.

(5)

In CC 2022, cruthaíodh ceannteideal ar leith 8485 maidir le “Meaisíní chun breiseáin a mhonarú”, a dtugtar “printéirí 3T” orthu freisin, agus rinneadh é a fhoroinnt a thuilleadh i gcatagóirí éagsúla de réir leagan síos na n-ábhar éagsúil (mar shampla, “trí mhiotal a leagan síos”, “trí phlástar, stroighin, ceirmigh nó gloine a leagan síos”, etc.). Chun ceannteideal 8485 a chruthú, ba ghá na meaisíní sin a aistriú ó fho-cheannteidil éagsúla de chuid AC 2021 (3) agus cóid shonracha AC a chruthú chun an chóireáil taraife chéanna a dheonú agus a deonaíodh in AC 2021.

(6)

In AC 2021, aicmíodh “meaisíní chun breiseáin a mhonarú trí ghaineamh, coincréit nó mianra eile a leagan síos” faoi fho-cheannteideal 8474 80 90“Eile”, leis an ráta dleachta custaim “Díolúine”. Tar éis leasuithe a dhéanamh ar CC 2022, aicmítear na táirgí sin, in AC 2022, faoin bhfo-cheannteideal nua 8485 80 00, le ráta dleachta custaim de 1,7 %.

(7)

Chun leanúint den chóireáil taraife chéanna a dheonú agus a deonaíodh in 2021 do na “meaisíní chun breiseáin a mhonarú le breiseán gainimh, coincréite nó táirgí mianracha eile”, is gá AC 2022 a leasú trí fhoráil a dhéanamh maidir le foroinn ar leith atá saor ó dhleacht.

(8)

Ina theannta sin, in AC 2022, ba cheart páirteanna de na meaisíní sin an chóireáil taraife chéanna a fháil agus atá in AC 2021. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tuairisc ar chód AC 8485 90 10 a leasú chun páirteanna a chur san áireamh inti a bhaineann le “meaisíní chun breiseáin a mhonarú trí ghaineamh, coincréit nó táirgí mianracha eile a leagan síos”.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú dá réir.

(10)

Chun a áirithiú gurb ionann an chóireáil taraife in 2022 le haghaidh phrintéirí 3T agus a bpáirteanna agus an chóireáil taraife a bhí ann in 2021, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe comhfhreagracha ón 1 Eanáir 2022.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Is ón 1 Eanáir 2022 a bheidh feidhm ag pointe 2 den Iarscríbhinn.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim


(1)   IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1577 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 361, 30.10.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

1.

In Iarscríbhinn I, Cuid a Dó, de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh chód 4421 20 00:

Cód AC

Tuairisc

Ráta caighdeánach dleachta (%)

Aonad forlíontach

4421 20 00

– Cónraí

Díolúine (1)

p/st

2.

In Iarscríbhinn I, Cuid a Dó, de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha le haghaidh chóid 8485 80 00 go 8485 90 90:

Cód AC

Tuairisc

Ráta caighdeánach dleachta (%)

Aonad forlíontach

1

2

3

4

8485 80 00

Eile

1,7  (2)

p/st

8485 90

Páirteanna:

 

 

8485 90 10

– –

Páirteanna de mheaisíní atá faoi cheannteideal 8485 30 10 ; Páirteanna de mheaisíní chun breiseáin a mhonarú trí ghaineamh, coincréit nó táirgí mianracha eile a leagan síos

Díolúine

p/st

8485 90 90

– –

Eile

1,7

p/st


(1)  as clár snáithíneach: 4.”.

(2)  Meaisíní chun breiseáin a mhonarú trí ghaineamh, coincréit nó táirgí mianracha eile a leagan síos: Díolúine.”.


2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/37


RIALACHÁN (AE) 2022/860 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le monachoilíní ó rís giosta dheirg

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chuirtear le bia (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) (a)(ii) agus (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, más ar a thionscnamh féin é nó ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, féadfaidh an Coimisiún nós imeachta a thionscnamh chun substaint nó comhábhar ina bhfuil substaint nach vitimín ná mianra í a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin ina liostaítear na substaintí a bhfuil toirmeasc nó srian ar a n-úsáid i mbia, nó a bhfuil a n-úsáid i mbia á grinnscrúdú ag an Aontas, má tá baint idir an tsubstaint sin agus riosca a d’fhéadfadh a bheith ann don tomhaltóir faoi mar a shainítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006.

(2)

In 2010, iarradh ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a thabhairt uaidh faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte maidir le monachoilín K a tíolacadh de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). An 30 Meitheamh 2011 (3), d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch faoin mbunús atá le maíomh sláinte maidir le monachoilín K ó rís ghiosta dheirg agus na gnáth-thiúchain colaistéaróil LDL san fhuil a choinneáil ar bun. Ba é conclúid an Údaráis go bhfuil ceangal cúise agus éifeachta bunaithe idir tomhailt monachoilín K ó rís giosta dheirg agus gnáth-thiúchain colaistéaróil LDL san fhuil a choinneáil ag leibhéal 10mg de dháileog laethúil.

(3)

In 2012, iarradh ar an Údarás tuairim a thabhairt faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a tíolacadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a bhaineann le teaglaim comhábhar a bhfuil monachoilín K ó rís giosta dheirg ina measc. An 12 Iúil 2013 (4), d’eisigh an tÚdarás tuairim eolaíoch lena mbunaítear ceangal cúise agus éifeachta idir tomhailt táirge ina bhfuil 2mg de mhonachoilín K ó rís giosta dheirg i gcumasc le comhábhair eile agus an laghdú ar thiúchain an cholaistéaróil LDL san fhuil.

(4)

Sna tuairimí eolaíocha thuasluaite maidir le srianta ar úsáid, rinne an tÚdarás tagairt don Achoimre ar Thréithe an Táirge (SmPC) i gcás na dtáirgí míochaine a bhfuil lovastatinum iontu, táirgí atá ar fáil ar mhargadh an Aontais, arae mheas an tÚdarás gurb ionann monachoilín K i bhfoirm lachtóin agus i bhfoirm lovastatinum. Tá faisnéis san Achoimre (SmPC) do ghairmithe cúraim sláinte maidir leis na táirgí míochaine sin a úsáid go héifeachtach sábháilte. Achoimre (SmPC) ar na táirgí míochaine a bhfuil lovastatinum iontu, is achoimre é ar na hairíonna agus ar na coinníollacha a formheasadh go hoifigiúil le haghaidh úsáid na dtáirgí, achoimre a bhfuil foláirimh speisialta agus réamhchúraimí ann i leith na húsáide sin, agus tagairt don riosca miópaite/rhabdomyolysis, riosca a théann in olcas má úsáidtear lovastatinum in éineacht le táirgí míochaine áirithe eile, rud a fhágann go moltar do mhná atá ag súil le leanbh, nó do mhná atá ag lachtadh, gan lovastatinum a chaitheamh.

(5)

Le linn an phlé a rinne an mheitheal ar mhaímh faoi chúrsaí cothabhála agus sláinte i leith na dtuairimí eolaíocha thuasluaite, thug na Ballstáit chun suntais go bhféadfadh cúiseanna imní a bheith ann má bhítear ag caitheamh bia a bhfuil monachoilíní ó rís giosta dheirg ann.

(6)

Seo mar a dhéantar rís giosta dheirg: cuirtear rís agus giostaí ag coipeadh le chéile, go mór mór Monascus pupureus. Is é táirgeadh na monachoilíní an toradh a bhíonn air sin, agus is é an monachoilín K is flúirsí díobh, rud a úsáidtear i dtraidisiún na Síne ina dhathú bia agus ina leigheas le feabhas a chur ar an díleá agus ar imshruthú na fola. San Aontas Eorpach, toisc nach bhfuil sé san áireamh i liosta an Aontais de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le breiseáin bhia, ní rud é atá údaraithe le húsáid ina dhathú bia. Forlíontaí bia ina bhfuil ullmhóidí de chuid na ríse deirge, is forlíontaí iad a bhí ar an margadh roimh an 15 Bealtaine 1997, agus cuid mhór díobh dá gcaitheamh roimh an dáta sin, agus dá bhrí sin ní forlíontaí iad atá faoi réir Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le bianna núíosacha. Úsáid ullmhóidí na ríse giosta dheirg i gcatagóirí eile bia, is úsáid é atá faoi réir údaraithe faoi Rialachán (AE) 2015/2283 maidir le bianna núíosacha. Cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo, is rud é atá gan dochar do Rialachán (AE) 2015/2283 agus Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(7)

Ar a thionscnamh féin, chuir an Coimisiún tús leis an nós imeachta faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le monachoilíní i rís giosta dheirg, toisc gur mheas sé, ar bhonn na faisnéise a chuir na Ballstáit ar fáil le linn comhairliúcháin maidir le sábháilteacht monachoilíní ó rís giosta dheirg, gur comhlíonadh na coinníollacha agus na ceanglais riachtanacha a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán sin agus in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 (7) ón gCoimisiún. Áiríodh tuairim san fhaisnéis sin, tuairim ó Ghníomhaireacht na Fraince um Bia, Comhshaoil agus Sláinte Ceirde agus um Shábháilteacht (ANSES) maidir leis an riosca a bhaineann le “rís giosta dheirg” a bheith i bhforlíontaí bia (8). Is é ba chonclúid don tuairim sin “mar gheall ar chomhdhéanamh na ríse giosta dheirg agus go háirithe: más ann do mhonachoilín K (rud ar a dtugtar lovastatinum freisin nuair is ina dhruga a mhargaítear é) leathann éifeachtaí díobhálacha na staitiní; más ann do na monachoilíní eile ar leibhéil éagsúla, is é sin comhdhúile nár bunaíodh fós iad a bheith sábháilte, beidh sláinte roinnt de na tomhaltóirí i mbaol mar gheall ar thomhailt ríse giosta dheirg”. Rud eile a bhí san fhaisnéis tuarascáil chomhairleach eolaíoch a ghlac Ard-Chomhairle Sláinte na Beilge an 13 Feabhra 2016 (9), tuarascáil ina ndearnadh meastóireacht ar na héifeachtaí tairbheacha ionchais agus ar thocsaineacht fhorlíontaí cothaithe a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar rís giosta dheirg ar phobal na Beilge. Bhí tagairt sa tuarascáil sin don riosca a bhaineann le monachoilíní a bheith i rís giosta dheirg, go háirithe monachoilíní K, lena n-áirítear éifeachtaí díobhálacha arb ionann éifeachtaí dóibh agus na héifeachtaí ar othair a ghlacann drugaí staitin, agus bhí tagairt ann do bhaol is mó ná sin mar atá forbairt ar éifeachtaí tocsaineacha do ghrúpaí leochaileacha áirithe, mná atá ag súil le leanbh mar shampla, daoine a bhfuil tinneas ae, tinneas sna duáin nó tinneas sna matáin orthu, agus daoine os cionn 70 bliain d’aois, mar aon le leanaí agus déagóirí. In 2013 (10), rinne an eagraíocht maoinithe taighde DFG na Gearmáine measúnú eolaíoch ábhartha eile, measúnú dár conclúid "nach forlíonadh bia/bia sábháilte’ í rís giosta dheirg’.

(8)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, d’iarr an Coimisiún tuairim eolaíoch ar an Údarás in 2017 maidir leis an meastóireacht ar shábháilteacht monachoilíní i rís giosta dheirg.

(9)

An 25 Meitheamh 2018 (11), ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht monachoilíní i rís giosta dheirg. Is éard a mheas an tÚdarás gurbh ionann an dá rud seo, mar atá monachoilín K i bhfoirm lachtóin agus lovastatinum, is é sin an comhábhar gníomhach i roinnt táirgí míochaine a údaraíodh chun hypercholesterolaemia san Aontas a leigheas. Is rud é monachoilín K ó rís giosta dheirg atá ar fáil i bhforbhianna, rud a mholtar a chaitheamh de réir rátaí iontógála laethúla éagsúla leis na gnáth-leibhéil colaistéaról LDL san fhuil a chaomhnú. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, ba é conclúid an Údaráis, má chaitheann duine monachoilíní ríse giosta dheirg atá i bhforbhianna, go bhféadfadh nochtadh measta don mhonachoilín K tarlú dó laistigh de raon na ndáileog teiripeach atá i lovastatinum. Is rud é a thug an tÚdarás dá aire go raibh cosúlacht idir próifíl na n-éifeachtaí díobhálacha atá ag rís giosta dheirg agus an phróifíl atá ag lovastatinum. Tar éis dó dul i gcomhairle le ceithre fhoinse (12) cás-tuairisce, is éard a thuairisc sé gurbh iad seo a leanas na háiteanna is mó a bhí i mbaol ó theagmhais dhíobhálacha, in ord íslitheach ó thaobh líon na gcás de: fíochán matánchnámharlaigh agus fíochán tacaíochta (lena n-áirítear rhabdomyolysis), an t-ae, an néarchóras, an feadán gastraistéigeach, an craiceann, agus an fíochán atá faoin gcraiceann féin. An fhaisnéis a bhí ar fáil ar na héifeachtaí díobhálacha a tuairiscíodh sa duine, is éard a mheas an tÚdarás ina taobh gur leor í le haghaidh na conclúide gur mór an t-ábhar imní na monachoilíní ó rís giosta dheirg nuair a úsáidtear iad mar fhorbhianna ar leibhéal úsáide 10mg/lá. Chuir an tÚdarás san áireamh chomh maith gur tuairiscíodh cásanna aonair de fhrithghníomhartha díobhálacha tromchúiseacha de dheasca monachoilíní ó rís giosta dheirg ag leibhéil iontógála a bhí chomh híseal le 3mg/lá agus iad á gcaitheamh ar feadh tréimhse idir 2 sheachtain agus 1 bhliain, agus gur tharla cásanna rhabdomyolysis, heipitítis agus tinneas craicinn agus go mb’éigean na daoine a thabhairt chuig an ospidéal.

(10)

Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil, mar aon le roinnt neamhchinnteachtaí a léiríodh ina thuairim, níor fhéad an tÚdarás comhairle a chur ar fáil faoi iontógáil laethúil monachoilíní ó rís giosta dheirg nach cúis imní atá ann maidir le héifeachtaí díobhálacha don tsláinte, don phobal i gcoitinne, agus de réir mar a thagann i gceist, d’fhoghrúpaí leochaileacha sa phobal, faoi mar a d’iarr an Coimisiún. Mhínigh an tÚdarás go bhfuil éiginnteachtaí ann maidir le comhdhéanamh agus ábhar na monachoilíní atá i bhforbhianna ina bhfuil rís giosta dheirg, agus mhínigh sé go n-úsáidtear monachoilíní i rís giosta dheirg i dtáirgí il-chomhábharacha, nach ndearnadh meastóireacht iomlán ar na comhpháirteanna ina n-aonar nó i gcumasc le chéile. Chomh maith leis sin, de cheal sonraí, ní féidir úsáid shábháilte monachoilíní i measc grúpaí tomhaltóirí leochaileacha áirithe a mheas, agus tá éiginnteacht ann maidir leis na héifeachtaí a bhíonn ag tomhailt forlíontaí eile den chineál bia atá bunaithe ar rís giosta dheirg mar bhreis ar bhianna nó drugaí, forlíontaí a chuireann cosc ar an einsím (CYP3A4) a bhaineann le meitibileacht monachoilíní.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 4(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012, agus tar éis don Údarás a thuairim maidir le monachoilíní ó rís giosta dheirg a fhoilsiú, fuair an Coimisiún barúlacha ó pháirtithe leasmhara maidir leis an measúnú eolaíoch riosca a rinne an tÚdarás. Chuir páirtithe leasmhara ráitis ar fáil freisin chun tacú le húsáid shábháilte monachoilíní ó rís ghiosta dheirg in éineacht le faisnéis leordhóthanach do na tomhaltóirí maidir le húsáid shábháilte na substainte.

(12)

Tuairimí de chineál eolaíoch ab ea iad sin, agus rinne an tÚdarás a soiléiriú le linn físchomhdhálacha iarghlactha a tionóladh leis na páirtithe leasmhara. Thug an tÚdarás soiléiriú ar fhoinsí na fianaise a bhí lena thuairim eolaíoch, agus mhínigh sé cén fáth nár measadh staidéir áirithe a chuir páirtithe leasmhara isteach le linn glao poiblí ar shonraí a bheith iontaofa agus láidir a ndóthain ó thaobh na heolaíochta de chun go n-áireofaí iad sa mheasúnú sábháilteachta. Is é míniú a thug an tÚdarás ar an réasúnaíocht eolaíoch a ghabhann le sonraí sábháilteachta i gcás lovastatinum gur rud é atá ábhartha don mheasúnú sábháilteachta ar mhonachoilíní, agus thug an tÚdarás soiléiriú faoin mbealach ar úsáideadh sonraí iar-mhargaithe faoi theagmhais dhíobhálacha a chuir páirtithe leasmhara ar fáil mar fhianaise thacaíochta leis an measúnú.

(13)

D’iarr an Coimisiún cúnamh teicniúil ar an Údarás i gcomhair dhá staidéar eolaíocha, athbhreithniú córasach agus meitea-anailísiú ar shábháilteacht fhorlíonadh ríse giosta dheirg (13), mar aon le hathbhreithniú agus tuairim shaineolach maidir leis an ról atá ag forlíonadh ríse giosta dheirg i rialú colaistéaról plasma (14), dhá rud a chuir páirtí leasmhar faoi bhráid an Choimisiúin tar éis don Údarás an tuairim eolaíoch a ghlacadh. Beag beann ar thorthaí aon staidéir idirghabhála nó meitea-anailíse ar shábháilteacht fhorlíonadh ríse giosta dheirg, thug an tÚdarás dá aire gurb ann do thuairiscí maidir le héifeachtaí díobhálacha thomhailt na ríse giosta dheirg ar an duine, agus gurb ionann monachoilíní K i bhfoirm lachtóin agus lovastatinum a bhfuil a chuid éifeachtaí díobhálacha doiciméadaithe go maith, agus dá bhrí sin, chun teacht ar chonclúid, ní mór na staidéir a cuireadh isteach a mheas maille le corpas na fianaise ina iomláine. Na torthaí atá ar thrialacha beag go leor, trialacha nach chun na héifeachtaí sin a bhrath a ceapadh iad, is é míniú a thug an tÚdarás ina leith nach féidir leo tuairiscí ar éifeachtaí díobhálacha a bhréagnú, ná iad a chur ó rath, agus maidir le staidéir éagsúla, an t-athbhreithniú agus an staidéar ar thuairimí saineolaithe a cuireadh isteach cuir i gcás, is é sin staidéir a thugann léargas ar an gcóimheas comparáide idir tairbhe agus riosca na dtáirgí ina bhfuil rís giosta dheirg, mhínigh an tÚdarás ina leith sin fós nach ábhartha an rud iad féin sa mheastóireacht ar shábháilteacht na substaintí a chuirtear le bia d’aon ghnó.

(14)

Iontógáil laethúil monachoilíní ríse giosta dheirg nach cúis imní do shláinte an duine í, ós rud é sin nárbh fhéidir a shocrú, agus i bhfianaise na héifeachta díobhálaí suntasaí ar an tsláinte má chaitheann duine monachoilíní ríse giosta dheirg ag leibhéil 10mg/lá, mar aon le cásanna aonair d’imoibrithe tromchúiseacha díobhálacha sláinte ar leibhéil chomh híseal le 3mg/lá, is éard ba cheart toirmeasc a chur ar mhonachoilíní ríse giosta dheirg ag leibhéil 3mg agus níos mó in aghaidh na míre den táirge a mholtar mar thomhailt laethúil. Dá bhrí sin, ba cheart an tsubstaint sin a chur i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus is substaint í nár cheart a cheadú i mbianna ná a úsáid i monarú bianna ach amháin faoi na coinníollacha a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

(15)

Is éard a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) go ndéanfar forbhia a lipéadú leis an gcuid den táirge a mholtar a thomhailt go laethúil, mar aon le foláireamh gan dul thar an dáileog laethúil a mholtar. Ós féidir bianna nó forbhianna éagsúla ina bhfuil monachoilíní rís giosta dheirg a thomhailt in aon am amháin, tá an baol ann go rachfaí thar an teorainn atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus dá bhrí sin, is gá foráil maidir le ceanglais iomchuí lipéadaithe i gcás gach bia ina bhfuil monachoilíní ó rís ghiosta dheirg.

(16)

D’fhonn faisnéis iomlán faoi chéatadán na monachoilíní a chur ar lipéid bianna ina bhfuil monachoilíní ó rís giosta dheirg, ní mór foráil maidir leis na ceanglais iomchuí lipéadaithe i gcás gach cineál bia ina bhfuil monachoilíní ríse giosta dheirg.

(17)

Ós rud é gur aithin an tÚdarás riosca éifeachtaí díobhálacha na n-idirghníomhaíochtaí le táirgí míochaine, ní mór foláireamh do dhaoine a úsáideann cógais le colaistéaról a ísliú comhúsáid bianna ina bhfuil monachoilíní ríse giosta dheirg a sheachaint. Thug an tÚdarás dá aire maidir le próifíl éifeachtaí díobhálacha na ríse giosta dheirg ar an duine go bhfuil siad cosúil le próifíl lovastatinum, agus dá bhrí sin is iomchuí foláireamh do dhaoine comhairle leighis a lorg má bhíonn aon fhadhbanna sláinte acu. Ós rud é freisin nár éirigh leis an Údarás meastóireacht a dhéanamh ar úsáid shábháilte monachoilíní i measc grúpaí áirithe leochaileacha tomhaltóirí de cheal sonraí, b’fhéidir fós go mbeadh éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte ag úsáid monachoilíní ríse giosta dheirg, agus is iomchuí dá bhrí sin moladh do na daoine seo a leanas bianna ina bhfuil monachoilíní ó rís giosta dheirg a sheachaint: mná atá ag súil le leanbh nó mná atá ag lachtadh, daoine os cionn 70 bliana d’aois, leanaí agus déagóirí. Ina fhianaise sin, ní mór foráil maidir leis na ceanglais iomchuí lipéadaithe i gcás gach bia ina bhfuil monachoilíní ríse giosta dheirg.

(18)

Níor léir don Údarás gan cúis imní a bheith in iontógáil bia monachoilíní ríse giosta dheirg d’aon chineál, is é sin cúis imní faoi na héifeachtaí díobhálacha atá aige ar an tsláinte, ar an bpobal i gcoitinne, agus ar fhoghrúpaí leochaileacha sa daonra de réir mar a thagann i gceist. Ós féidir fós go bhfuil éifeachtaí díobhálacha ar an tsláinte ag monachoilíní ríse giosta dheirg, ach ó tharla go bhfuil éiginnteacht eolaíoch ann fós ann i ndáil leis sin, agus nuair nach féidir monachoilíní ríse giosta dheirg a chaitheamh ach amháin i bhforbhianna, agus de bhrí nár éirigh leis an Údarás raon úsáide na bhforbhianna sin a chinneadh, ba cheart úsáid monachoilíní ríse giosta dheirg i bhforlíontaí bia a chur faoi ghrinnscrúdú an Aontais, agus dá bhrí sin ba cheart í a áireamh i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006. I bhfianaise na héiginnteachta a chuir tÚdarás ina iúl ina thuairim eolaíoch, agus i bhfianaise na ráiteas a thug páirtithe leasmhara maidir le próifíl sábháilteachta monachoilíní ríse giosta dheirg, tá deis ag na páirtithe leasmhara sin, faoi Airteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, sonraí a chur faoi bhráid an Údaráis a léiríonn sábháilteacht monachoilíní ríse giosta dheirg i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 ón gCoimisiún. I gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, laistigh de cheithre bliana ó theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an liostófar monachoilíní ríse giosta dheirg in Iarscríbhinn III, Cuid A nó Cuid B nó nach liostófar, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart dó tuairim an Údaráis maidir le haon sonraí a cuireadh isteach a chur san áireamh.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a leasú dá réir sin.

(20)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 mar a leanas:

1.

Cuirtear an iontráil seo a leanas sa tábla i gCuid B — Substaintí srianta in ord aibítre:

Substaint srianta

Coinníollacha úsáide

Ceanglais bhreise

“Monacóil ó rís giosta dheirg

Mír amháin bhia nó mír amháin forbhia le caitheamh go laethúil, mír a mbeidh níos lú ná 3mg de mhonachoilíní ón rís giosta dheirg inti.

Míneoidh an lipéad cé mhéid mír den táirge atá cothrom leis an uastomhailt laethúil, agus beidh foláireamh ar an lipéad gan dul thar an dáileog laethúil, is é sin 3mg ar a mhéid.

Beidh eolas ar an lipéad faoin gcéatadán monachoilíní in aghaidh gach coda den táirge.

Beidh na foláirimh seo a leanas ar an bhfógra:

‘Ní ceart do mhná atá ag súil le leanbh ná do mhná atá ag lachtadh, do leanaí faoi 18 mbliana d’aois ná do dhaoine fásta os cionn 70 bliain d’aois an táirge seo a chaitheamh’.

‘Má tá fadhbanna sláinte agat, iarr comhairle ar dhochtúir maidir leis an táirge seo’;

‘Ní ceart duit an táirge seo a chaitheamh má tá cógas eile á chaitheamh agat le colaistéaról a ísliú’;

‘Ní ceart duit an táirge seo a chaitheamh má tá táirgí eile a bhfuil rís giosta dheirg iontu á gcaitheamh agat’.”

2.

Cuirtear an iontráil seo a leanas sa tábla i gCuid C — Substaintí atá faoi ghrinnscrúdú an Chomhphobail in ord aibítre:

“Monacóil ó rís giosta dheirg”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh a dhéantar faoi bhia i leith na cothabhála agus na sláinte (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).

(3)  EFSA Journal 2011;9(7):2304.

(4)  Iris EFSA 2013;11(7):3327.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) Uimh 307/2012 an 11 Aibreán 2012 lena mbunaítear rialacha le haghaidh cur i bhfeidhm Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (IO L 102, 12.4.2012, lch. 2).

(8)  Tuairim ANSES Uimh. 2012-SA-0228: Tuairim ó Ghníomhaireacht na Fraince um Shláinte Bia, Comhshaoil agus Ceirde & Sábháilteacht ar na rioscaí atá ann de dheasca ‘rís giosta dheirg’ a bheith i bhforbhianna, 14 Feabhra 2014.

(9)  Avis du Conseil Supérieur de la Santé N° 9312 [Tuairim na hArd-Chomhairle Sláinte Uimh. 9312]: Compléments alimentaires à base de ‘levure de riz rouge’, [Forlíontaí bia atá bunaithe ‘ar rís giosta dheirg’] 3 Feabhra 2016.

(10)  Stellungnahme der Gemeinsamen Experten kommission BVL/BfArM: Einstufung von Rotschimmelreisprodukten, 8.2.2016.

(11)  EFSA Journal, 2019;16(8):5368.

(12)  An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; Gníomhaireacht na Fraince um Shláinte agus Sábháilteacht Bia, Comhshaoil agus Ceirde; Córas Faireachais na hIodáile ar Tháirgí Sláinte Nádúrtha; Bia agus Riarachán Drugaí.

(13)  Fogacci F, Banach M, Mikhailidis DP et al. Sábháilteacht fhorlíonadh ríse giosta dheirg: Athbhreithniú córasach agus meitea-anailísiú ar thrialacha rialaithe randamaithe. Taighde Cógaseolaíochta 143 (2019) 1–16.

(14)  Banach M, Bruckert E, Descamps OS et al. Ról fhorlíonadh ríse giosta dheirg (RYR) i rialú colaistéaróil phlasma: Athbhreithniú agus tuairim shaineolach. Forlíonadh Atheroscler an 17 Lúnasa 2019.

(15)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).


2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/42


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/861 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2022

lena leagtar síos rialacha eisceachtúla maidir le dara hiarrataí ó Bhallstáit le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna agus ag maolú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 maidir leis an ath-leithdháileadh, don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 25, an chéad mhír, pointe (d), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (2), agus go háirithe Airteagal 5(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar an bhfogha míleata a rinne an Rúis ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022 tá insreabhadh daoine easáitithe ón Úcráin go dtí an tAontas, ar mná agus leanaí iad a bhformhór. Tá dúshláin nach bhfacthas a leithéidí riamh ag roinnt Ballstát leanaí easáitithe ón Úcráin a imeascadh go tapa lena a gcóras oideachais.

(2)

Tá an scéim cúnaimh chun torthaí agus glasraí agus bainne agus táirgí bainne a sholáthar sna bunaíochtaí oideachasúla (“an scéim scoile”) arna leagan amach le Rialachán(AE) Uimh. 1308/2013 dírithe ar pháistí a fhreastalaíonn go rialta ar naíonraí, réamhscoileanna nó ar fhorais oideachais bunscoile nó dara leibhéil sna Ballstáit. Mar sin, tá leanaí easáitithe ón Úcráin a imeascadh le córas oideachais na mBallstát incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta sa scéim scoile. Mar gheall ar mhéadú ar líon na leanaí incháilithe, i ndearbhthéarmaí nó mar chéatadán den daonra, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag roinnt Ballstáit atá i dtúslíne na gníomhaíochta a dhéantar mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin chun scéim scoile a chur chun feidhme de réir mar atá beartaithe mura dtagann méadú ar chabhair Aontais.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 3, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 (3), chuir na Ballstáit a n-iarrataí isteach le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna a sholáthar maidir leis an scoilbhliain 2022/2023, a mhaireann ón 1 Lúnasa 2022 go dtí 31 Iúil 2023, chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir 2022. Bunaithe ar na hiarrataí sin, a cuireadh isteach sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin, shocraigh an Coimisiún na leithdháiltí críochnaitheacha maidir le cabhair ón Aontas de réir an Bhallstáit i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún (4). Léirítear san fhaisnéis atá le fáil faoin úsáid a bhain roinnt Ballstát as leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas sna scoilbhlianta roimhe sin go bhfuil baol ann nach mbeidh roinnt Ballstát in ann a leithdháileadh críochnaitheach a úsáid san iomlán.

(4)

I bhfianaise na riachtanas nua atá tagtha chun cinn agus mar shiombail de dhlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát leis an Úcráin, is iomchuí rialacha eisceachtúla a leagan amach lena gceadaítear do na Ballstáit dara hiarraidh a chur isteach maidir le cabhair ón Aontas i dtaca le torthaí agus glasraí do scoileanna agus i dtaca le bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 faoin 15 Meitheamh 2022. Ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith nasctha leis an ngá le soláthar a dhéanamh le haghaidh na leanaí easáitithe ón Úcráin atá cláraithe i bhforais oideachasúla na mBallstát sa tréimhse sin. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a dtoilteanais a léiriú níos mó ná a leithdháileadh críochnaitheach cabhrach ón Aontas a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a úsáid nó an méid den leithdháileadh críochnaitheach nár n-iarrtar, i gcás nach bhfuil toilteanas ann an méid iomlán den leithdháileadh a úsáid. Ba cheart an chéad féidearthacht a bheith teoranta go príomha do Bhallstáit a bhfuil siad in ann leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas a ionsú go cuí a léiriú, agus é sin bunaithe ar chur chun feidhme airgeadais sa scoilbhliain 2018/2019, an scoilbhliain dheiridh roimh phaindéim COVID-19. Ba cheart go mbeadh na hiarrataí sin bunaithe ar líon na leanaí easáitithe ón Úcráin amháin a thagann faoin spriocghrúpa a leagtar síos i straitéis na mBallstát de réir Airteagal 2(1), pointe (f), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, a bhfuil údar cuí leo de réir na sonraí atá ar fáil. Ba cheart a mheas gur dheimhnigh na Ballstáit nach bhfuil ag cur dara hiarraidh isteach na leithdháiltí críochnaitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493.

(5)

Leagtar síos in Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 na rialacha maidir le cabhair ón Aontas a ath-leithdháileadh. Tá an Coimisiún le méid cinntitheach na cabhrach a shocrú trí leithdháiltí táscacha a fhágtar gan iarraidh, nó codanna díobh a fhágtar gan iarraidh, a ath-leithdháileadh. Is iomchuí maolú ar na rialacha sin ionas go mbeidh an Coimisiún in ann iarrataí nua atá nasctha le hionradh na Rúise ar an Úcráin a chur san áireamh chun leithdháileadh críochnaitheach athbhreithnithe cabhrach ón Aontas a shocrú don tréimhse 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023. Tá an t-ath-leithdháileadh d’aon chuid de leithdháiltí críochnaitheacha na cabhrach ón Aontas a fhágtar gan iarraidh le bheith bunaithe ar líon na leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois atá sa Bhallstát, i gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013.

(6)

Os rud é go mbeadh gá le leithdháiltí críochnaitheacha na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 a chur san áireamh chomh luath agus is féidir ionas go mbeadh na Ballstáit in ann na gníomhaíochtaí ullmhúcháin uile is gá a phleanáil agus a chur i bhfeidhm i dtráth cuí le haghaidh chur i bhfeidhm na scéime scoile, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Don tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí 31 Iúil 2023, d’fhéadfadh Ballstáit dara hiarraidh a chur isteach le haghaidh cabhair ón Aontas faoin 15 Meitheamh 2022, lena léireofar:

(a)

a dtoilteanas méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach atá acu le haghaidh cabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus/nó le haghaidh bainne do scoileanna a sholáthar a úsáid mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 agus an méid breise a iarrtar, i gcás ina mbeadh leithdháileadh breise le fáil; nó

(b)

an méid a fhágtar gan iarraidh maidir leis an leithdháileadh críochnaitheacha atá ann maidir le scéim scoile chun torthaí, glasraí agus/nó bainne a sholáthar mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493, i gcás nach bhfuil an toilteanas ann an méid iomlán den leithdháileadh sin a úsáid.

Ní fhéadfadh na Ballstáit méid breise cabhrach ón Aontas a iarraidh de bhun an chéad fomhír, pointe (a), ach amháin i gcás ina bhfuil an úsáid a bhain an Ballstát sin as leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas don scoilbhliain 2018/2019, is é sin le linn na tréimhse ón 1 Lúnasa 2018 go dtí an 31 Iúil 2019, cothrom le 75 % nó os a chionn, ag cur san áireamh na dearbhuithe caiteachais arna seoladh chuig an gCoimisiún maidir le caiteachas a rinneadh faoin 31 Nollaig 2021 i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (5). Beidh a n-iarraidh bunaithe ar líon na leanaí easáitithe ón Úcráin amháin a thagann faoin spriocghrúpa a leagtar síos i straitéis na mBallstát de réir Airteagal 2(1), pointe (f), den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, tráth a cuireadh an iarraidh sin isteach agus tabharfar údar cuí leis bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

I gcás nach gcuireann Ballstát iarraidh isteach chun cabhair ón Aontas a fháil de bhun na chéad mhíre, measfar gur deimhnigh an Ballstát na leithdháiltí críochnaitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, faoin 15 Iúil 2022, na dara hiarrataí maidir le cabhair ón Aontas a cuireadh isteach a chur san áireamh freisin de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo chun na leithdháiltí críochnaitheacha a shocrú maidir le cabhair ón Aontas don tréimhse 1 Lúnasa 2022 do dtí an 31 Iúil 2023.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 346, 20.12.2013, lch. 12.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 (IO L 100, 28.3.2022, lch. 55).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).


2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/45


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/862 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le haerphaisinéirí a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) faisnéis in iúl don Choimisiún atá ábhartha maidir leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Chuir an Coimisiún na haeriompróirí uile lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó trí na húdaráis atá freagrach as a maoirseacht rialála, faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a bheadh mar bhunús le cinneadh toirmeasc a chur ar a n-oibriú laistigh den Aontas nó leis na coinníollacha maidir le toirmeasc ar a n-oibriú arna fhorchur ar aeriompróir atá curtha isteach sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhodhnú.

(4)

Thug an Coimisiún an deis do na haeriompróirí lena mbaineann an doiciméadacht ábhartha uile a cheadú, barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh os comhair an Choimisiúin agus an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (“Coiste Aershábháilteachta an Aontais”).

(5)

Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin chomhpháirteacha leanúnacha, laistigh de chreat Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún (3), le húdaráis inniúla agus aeriompróirí na hAirméine, na hIaráice, na Casacstáine, na Moldóive, na Pacastáine agus na Súdáine Theas. Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi chúrsaí sábháilteachta eitlíochta sa Chongó Brazzaville, sa Ghuine Mheánchiorclach, i Madagascar agus i Suranam.

(6)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na measúnuithe teicniúla a rinneadh le haghaidh na meastóireachta tosaigh agus an fhaireacháin leanúnaigh ar údaruithe oibreoirí tríú tíortha (“TCO”), arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (4).

(7)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi thorthaí na hanailíse ar chigireachtaí rampa a rinneadh faoin gclár um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha (“SAFA”), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5).

(8)

Chomh maith leis sin, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na tionscadail chúnaimh theicniúil a rinneadh i dtríú tíortha a ndearna toirmeasc ar n-oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 difear dóibh. Thairis sin, sholáthair an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na pleananna agus na hiarrataí ar thuilleadh cúnaimh theicniúil agus comhair chun feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus teicniúil na n-údarás um eitlíocht shibhialta i dtríú tíortha d’fhonn cuidiú leo dul i ngleic le neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme don eitlíocht shibhialta. Iarradh ar na Ballstáit freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht ar bhonn déthaobhach. I ndáil leis sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a úsáidí atá sé faisnéis a sholáthar don chomhphobal idirnáisiúnta eitlíochta, go háirithe tríd an uirlis Chomhpháirtíochta um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme, ar uirlis de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) í, faoin gcúnamh teicniúil a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit do thríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta ar fud an domhain.

(9)

Sholáthair Eurocontrol tuairisc cothrom le dáta don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le stádas fheidhmeanna aláraim SAFA agus TCO, lena n-áirítear staitisticí faoi theachtaireachtaí foláirimh le haghaidh aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu.

Aeriompróirí an Aontais

(10)

Tar éis don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a d’eascair as cigireachtaí rampa a rinneadh ar aerárthaí aeriompróirí an Aontais, maille le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí caighdeánaithe a rinne an Ghníomhaireacht, arna comhlánú freisin le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí agus iniúchtaí sonracha a rinne údaráis náisiúnta eitlíochta, tá bearta áirithe ceartaitheacha agus forfheidhmithe déanta ag roinnt Ballstát agus ag an nGníomhaireacht, agus iad ag feidhmiú mar údaráis inniúla, agus tá an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais curtha ar an eolas faoi na bearta sin.

(11)

D’athdhearbhaigh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht, agus iad ag feidhmiú mar údaráis inniúla, go bhfuil siad réidh le gníomhú de réir mar is gá i gcás ina léireoidh an fhaisnéis ábhartha sábháilteachta go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha sábháilteachta ag aeriompróirí an Aontais.

Aeriompróirí ón Airméin

(12)

I mí an Mheithimh 2020, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún (6) cuireadh aeriompróirí ón Airméin isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(13)

An 29 Aibreán 2022, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine (“CAC”) cruinniú teicniúil, ar lena linn a thug CAC nuashonrú maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ó tionóladh cruinniú teicniúil an 3 Samhain 2021 chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Is iad na príomhbhearta atá ann a reachtaíocht maidir le heitlíocht shibhialta agus rialacháin tacaíochta a leasú, feabhsuithe maidir le struchtúr agus foireann CAC, agus córas CAC a nuashonrú chun cáilíocht agus oiliúint a chigirí a bhainistiú, lena n-áirítear oiliúint tosaigh bhreise, oiliúint thréimhsiúil agus oiliúint ar an láthair oibre. Ina theannta sin, mhínigh CAC gur fhorbair sé nósanna imeachta maoirseachta breise agus seicliostaí breise i réimsí éagsúla, agus gur dhréachtaigh sé an plean náisiúnta sábháilteachta eitlíochta agus an rialachán maidir le tuairisciú ar tharluithe slándála, a nglacfar an dá cheann acu in 2022. Déanfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht grinnscrúdú cúramach ar an ábhar seo uile.

(14)

Thug CAC nuashonrú ar na bearta a rinneadh i dtaca lena phlean gníomhaíochta ceartaithí (“CAP”) maidir leis na barúlacha a tugadh le linn chuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair in 2020. I measc na mbeart sin bhí próisis phleanála agus oiliúna acmhainní daonna a thabhairt cothrom le dáta, roinnt nósanna imeachta agus seicliostaí a thabhairt cothrom le dáta chun feabhas a chur ar a ghníomhaíochtaí maoirseachta aershábháilteachta, bunachar leictreonach a chur chun feidhme chun tacú lena ghníomhaíochtaí maoirseachta, agus a chóras tuairiscithe ar tharluithe sábháilteachta a fhorbairt.

(15)

Ina theannta sin, mar chuid d’iarrachtaí an Aontais chun cabhrú le CAC aghaidh a thabhairt ar a riachtanais maidir le sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú, i mí an Mhárta 2022 sheol an Ghníomhaireacht tionscadal teicniúil tiomnaithe a raibh d’aidhm aige maoirseacht aershábháilteachta CAC a neartú i réimsí na nAeroibríochtaí agus na hAeracmhainneacht.

(16)

Ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil, meastar go bhfuil roinnt feabhsuithe suntasacha curtha ag CAC ar a acmhainneacht maoirseachta aershábháilteachta. Aithnítear freisin go ndealraíonn sé go bhfuil CAC tiomanta leanúint dá chuid iarrachtaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a chuid acmhainneachtaí maoirseachta agus réiteach a fháil ar na hábhair imní sábháilteachta a shainaithníodh. D’ainneoin na bhforbairtí dearfacha sin, níl dóthain fianaise cuí-réasúnaithe ann faoi láthair gur thug CAC aghaidh go héifeachtach ar na heasnaimh uile a sainaithníodh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair i mí Feabhra 2020, measúnú as ar tháinig an cinneadh toirmeasc ar a n-oibriú a fhorchur de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736. Maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir leis na feabhsuithe féideartha, ní mór tuilleadh fíoraithe a dhéanamh ina leith trí chruinnithe teicniúla breise, agus b’fhéidir trí dheimhniú ar an láthair.

(17)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Airméin.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Airméin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ón Iaráic

(19)

I mí na Nollag 2015, le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 2015/2322 ón gCoimisiún (7). cuireadh an t-aeriompróir Iraqi Airways isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 474/2006.

(20)

I mí Feabhra 2022 rinne Údarás Eitlíochta Sibhialta na hIaráice (“ICAA”) agus Iraqi Airways faisnéis faoi na gníomhaíochtaí agus na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar a n-acmhainneachtaí maidir le maoirseacht aershábháilteachta agus le bainistíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le sábháilteacht a sainaithníodh. Sainaithníodh easnaimh áirithe, áfach, lena n-áirítear cáilíocht na seicliostaí arna n-úsáid ag cigirí ICAA le haghaidh na bpróiseas deimhniúchán agus maoirseacht araon, chomh maith leis an bplean oiliúna ICAA agus a chur chun feidhme. Léiríodh roinnt easnamh sa mheasúnú ar thorthaí mhaoirseachta ICAA, go háirithe maidir leis an mbealach ina ndréachtaítear na torthaí maoirseachta, agus an bealach ina raibh an obair leantach ina leith sin deimhnithe. I ndáil leis an méid sin, tugadh faoi deara freisin nach ndearna cigirí ICAA bearta iomchuí forfheidhmiúcháin nuair ba ghá.

(21)

Léiríodh sa mheasúnú ar an bhfaisnéis a sholáthair Iraqi Airways go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an aeriompróir i réimsí éagsúla. Tugadh faoi deara gur fhostaigh an aeriompróir seirbhísí sainchomhairleora sheachtraigh chun iniúchadh a dhéanamh ar an aeriompróir agus chun CAP a fhorbairt, rud atá á chur chun feidhme faoi láthair.

(22)

Cuireadh tús leis an gClár um Fhaireachán ar Shonraí Eitilte chun tuilleadh feabhais a chur ar an méid sonraí atá le hanailísiú agus le húsáid chun bearta feabhsaithe sábháilteachta a fhorbairt. Thairis sin, cuireadh córas tuairiscithe inmheánach ar bun, tionóladh cruinnithe sábháilteachta ar leibhéil éagsúla straitéiseacha, agus rinneadh athbhreithniú ar chuid de lámhleabhair na heagraíochta.

(23)

D’ainneoin an dul chun cinn thuasluaite, is ann do roinnt dúshlán fós, lena n-áirítear an gá atá ann fós le roinnt feidhmchlár bogearraí i réimse na cothabhála, na n-oibríochtaí eitilte agus na bainistíochta doiciméid a shuiteáil. Ní mór don aeriompróir feabhas a chur, freisin, ar a fheidhmeanna agus ar a nósanna imeachta a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na torthaí maoirseachta a chuir ICAA in iúl. Thairis sin, cé go bhfuil Córas Bainistíochta Cáilíochta (“QMS”) forbartha ag Iraqi Airways, dealraíonn sé nach bhfuil sé in ann obair leantach iomchuí a dhéanamh ar na torthaí uile a ardaíodh faoin gcóras sin.

(24)

An 14 Nollaig 2021 agus an 4 Bealtaine 2022, arna iarraidh sin don Iaráic agus mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnaigh, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit, ICAA agus Iraqi Airways dhá cruinniú teicniúla. Ag an dá ócáid, chuir ICAA i láthair an dul chun cinn a bhí déanta aige i ndáil le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sábháilteachta maidir lena acmhainneacht maoirseachta aershábháilteachta éifeachtach a áirithiú sa tír, agus go háirithe maidir le maoirseacht ar Iraqi Airways. Chuir Iraqi Airways i láthair an dul chun cinn a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shábháilteachta a sainaithníodh roimhe sin, easnaimh as ar eascair cinneadh diúltach maidir le TCO a bheith glactha ag an Ghníomhaireacht, agus cuireadh i láthair freisin feabhsuithe sábháilteachta gaolmhara eile.

(25)

Tá fís shoiléir agus uaillmhian shoiléir léirithe ag ICAA agus Iraqi Airways chun a gcomhlíonadh rialála agus a bhfeidhmíocht sábháilteachta a fheabhsú. Tá gá fós, áfach, le feabhsuithe breise. Leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil le ICAA agus le Iraqi Airways chun faireachán a dhéanamh ar a n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí maidir le maoirseacht aershábháilteachta agus le bainistíocht agus chun cur leis na hiarrachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, tugadh faoi deara go seolfaidh an Ghníomhaireacht tionscadal cúnaimh theicniúil le linn 2022 chun tacú le ICAA lena chuid iarrachtaí maoirseacht aershábháilteachta a fheabhsú san Iaráic.

(26)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Iaráic.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Iaráic trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(28)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteacht idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón gCasacstáin

(29)

I mí na Nollag 2016, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún (8) baineadh aeriompróirí ón gCasacstáin d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Astana a baineadh ó Iarscríbhinn B in 2015 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún.

(30)

I mí Dheireadh Fómhair, mar chuid d’fhaireachán leanúnach an Choimisiúin ar an gcóras maoirseachta sábháilteachta sa Chasacstáine, rinne saineolaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit (“an fhoireann measúnaithe” cuairt mheasúnaithe de chuid an Aontais sa Chasacstáin ar an láthair ag oifigí Údarás Eitlíochta Sibhialta na Casacstáine (“CAC KZ”) agus ag an Riarachán Eitlíochta de chuid Kazakhstan Joint Stock Company (“AAK”) agus ag oifigí trí aeriompróir atá deimhnithe sa Chasacstáin, eadhon Air Astana, Jupiter Jet agus Qazaq Air.

(31)

An 2 Feabhra 2022, chuir AAK plean gníomhaíochta ceartaithí faoi bhráid an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a chonacthas agus a thuairiscigh an fhoireann measúnaithe. I gcomhar leis an nGníomhaireacht, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí, agus chuir siad barúlacha agus moltaí maidir le coigeartú ar fáil do CAC KZ agus AAK.

(32)

An 27 agus an 28 Aibreán 2022, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe CAC KZ agus AAK cruinniú teicniúil. Ba é cuspóir an chruinnithe sin athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme an CAP ag CAC KZ agus AAK, chomh maith leis na gníomhaíochtaí gaolmhara a rinne siad chun comhlíonadh éifeachtach a gcóras maoirseachta sábháilteachta a áirithiú leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha.

(33)

Ar bhonn an CAP a cuireadh isteach agus phlé agus ar an bhfianaise a cuireadh ar fáil le linn an chruinnithe theicniúil, tugadh ar aird go ndearnadh dul chun cinn i dtéarmaí aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a rinneadh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair. Is léir gur cuireadh aghaidh ar na barúlacha uile go pointe áirithe, agus gur féidir a mheas go bhfuil roinnt acu réitithe.

(34)

Léiríodh sa chruinniú nach mór do CAC KZ agus AAK tuilleadh soiléirithe agus fianaise a thabhairt don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí agus bearta áirithe a glacadh. D’iarr an Coimisiún ar CAC KZ agus AAK athbhreithniú a dhéanamh ar an CAP trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an anailís ar bhunchúiseanna na n-easnamh sábháilteachta a sainaithníodh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas, d’fhonn é a phlé ag an gcéad chruinniú teicniúil eile.

(35)

Mar thoradh ar an bplé a rinne Coiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh i mí na Samhna 2021, agus a dearbhaíodh le linn chruinniú teicniúil mhí Aibreáin 2022, thug an Coimisiún cuireadh do CAC KZ, AAK, agus don aeriompróir Air Astana teacht chuig éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 17 Bealtaine 2022.

(36)

An córas a cuireadh ar bun chun maoirseacht sábháilteachta a áirithiú ar na haeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin, chuir CAC KZ agus AAK an córas sin i láthair don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais le linn na héisteachta. Mhínigh siad plean forbartha sábháilteachta náisiúnta na Casacstáine, lena n-áirítear bearta chun éifeachtacht aeriompar na Casacstáine a fheabhsú, lena n-áirítear cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán idirnáisiúnta sábháilteachta ábhartha. Thairis sin, thug AAK tuairisc ar na forbairtí is déanaí maidir lena struchtúr eagraíochtúil, méid an tionscail eitlíochta sa Chasacstáin, chomh maith leis na torthaí ó Mhisean Bailíochtaithe Comhordaithe ICAO a rinneadh i mí Lúnasa 2021.

(37)

Agus a ngealltanas maidir leis an bhfeabhsú leanúnach á gcur i dtábhacht, thug CAC KZ agus AAK forléargas cuimsitheach mionsonraithe don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ceartaithí a forbraíodh ar bhonn thorthaí na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas i mí Dheireadh Fómhair 2021. Áiríodh leis sin na cuspóirí straitéiseacha a sainíodh i leith an am amach anseo, amhail leasuithe ar chreat dlíthiúil na Casacstáine, agus ar lámhleabhair agus nósanna imeachta AAK, leanúint d’fheabhsuithe ar an QMS, agus cur chun feidhme éifeachtach breise na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha.

(38)

Le linn na héisteachta, gheall , CAC KZ agus AAK go gcoimeádfadh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí amach anseo a bheidh le déanamh i ndáil leis na barúlacha eile a tugadh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas in 2021. Ina theannta sin, gheall siad go rachadh sé i mbun dialóg sábháilteachta leanúnach, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha sábháilteachta a chur ar fáil agus trí chruinnithe breise, ar a laghad dhá uair sa bhliain, nó nuair a mheasann an Coimisiún gur gá sin.

(39)

De réir na fianaise, tá na bearta a rinne CAC KZ agus AAK ag cur lena gcumas maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eitlíochta sa Chasacstáin cheana féin. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh feabhsuithe a mhéid a bhaineann lena gcumas maoirseacht a dhéanamh go bhfuil oibríochtaí aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin á gcur i gcrích i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear trína áirithiú go n-áiritheofar acmhainní iomchuí le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta sábháilteachta den sórt sin.

(40)

Ar bhonn na faisnéise arna cur i láthair, is cosúil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 ag CAC KZ agus AAK maidir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme. Thug an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht dá n-aire go bhfuil sé ar intinn acu tuilleadh tacaíochta a thabhairt do CAC KZ agus do AAK lena n-iarrachtaí an córas sábháilteachta eitlíochta sa Chasacstáin a neartú tuilleadh.

(41)

Le linn na héisteachta, thug an t-aeriompróir Air Astana forléargas ar a chabhlach atá ann faoi láthair, agus ar na hacmhainní agus na háiseanna a bhí ar fáil. Thug sé tuairisc ar a Chóras Bainistithe Sábháilteachta atá láidir agus dea-fhorbartha agus a QMS. Thug an t-aeriompróir dá aire go n-úsáideann sé tacar uirlisí bogearraí chun na sonraí sábháilteachta, cáilíochta agus bainistithe riosca a chomhtháthú, lena n-áirítear an córas bainistithe riosca tuirse.

(42)

Chuir an t-aeriompróir faisnéis ar fáil freisin faoi na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinne AAK ar Air Astana in 2021-2022, agus dheimhnigh sé feabhsuithe ar a idirghníomhú le CAC KZ agus AAK, arna iarraidh sin do Choiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh,

(43)

Ar bhonn an phlé a rinne sé, tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid gur cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaireachán leantach ar staid na sábháilteachta agus ar na forbairtí sa Chasacstáin, lena n-áirítear trí thuairisciú rialta ar an bhforbairt ó CAC KZ agus AAK, agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhféidearthacht cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar éisteacht ar cruinniú de chuid Choiste Aershábháilteachta an Aontais amach anseo.

(44)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón gCasacstáin.

(45)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí uile sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(46)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Moldóiv

(47)

I mí na Samhna 2021, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún (9) baineadh aeriompróirí ón Moldóiv d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Moldova, Aerotranscargo agus Fly One, ar aeriompróirí iad nár cuireadh riamh le hIarscríbhinn A nó B.

(48)

I litir dar dáta an 31 Márta 2022, chuir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive (“CAAM”) faisnéis agus nuashonrú ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta sábháilteachta don tréimhse ó mhí na Samhna 2021 go mí an Mhárta 2022. Anuas ar an nuashonrú ar an CAP a forbraíodh ar bhonn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas i mí Mheán Fómhair 2021, áiríodh leis an bhfaisnéis a chuir CAAM ar fáil nuashonruithe a mhéid a bhaineann leis na leasuithe is déanaí ar chreat reachtach náisiúnta eitlíochta na Moldóive.

(49)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus an doiciméadacht a fuarthas, measann an Coimisiún gur tugadh aghaidh go rathúil ar na barúlacha oscailte a bhí fágtha, barúlacha a d’eascair as an gcuairt mheasúnaithe ar an láthair i mí Mheán Fómhair 2021, agus gur féidir iad a dhúnadh. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta, measann an Coimisiún gur leor go seolfaidh CAAM nuashonrú bliantúil go dtí go bhféadfar cinneadh a dhéanamh gan sin a dhéanamh.

(50)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Moldóiv.

(51)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Mholdáiv trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(52)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón bPacastáin

(53)

I mí an Mhárta 2007, le Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún (10) luadh Pakistan International Airlines in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 agus baineadh é ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún (11).

(54)

An 24 Meitheamh 2020, léirigh ráiteas ó Aire Cónaidhme Eitlíochta na Pacastáine gur trí mhodhanna calaoiseacha a fuarthas líon ard de na ceadúnais phíolóta a d’eisigh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine (“PCAA”).

(55)

Mar thoradh ar an méid sin agus ar an easpa maoirseachta éifeachtaí sábháilteachta a dhealraíonn sé a rinne Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine, chuir an Ghníomhaireacht údaruithe TCO de chuid Pakistan International Airlines agus Vision Air ar fionraí le héifeacht ón 1 Iúil 2020.

(56)

An 1 Iúil 2020, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin le PCAA, de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006. Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit, roinnt cruinnithe teicniúla le PCAA an 9 Iúil agus an 25 Meán Fómhair 2020 faoi seach, an 15 agus an 16 Márta 2021, an 15 Deireadh Fómhair 2021 agus an 16 Márta 2022.

(57)

Le linn na gcruinnithe sin, pléadh saincheisteanna éagsúla, go háirithe maoirseacht a dhéanamh ar aeriompróirí atá deimhnithe ag an bPacastáin, lena n-áirítear ar a SMS. D’iarr an Coimisiún faisnéis faoin maoirseacht a dhéantar ar aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin, lena n-áirítear a gCórais Bainistithe Sábháilteachta, mar aon le fianaise nach bhfuil staid den chineál céanna forleathan i réimsí eile, amhail ceadúnú foirne cábáin, ceadúnú innealtóirí cothabhála, nó deimhniú aeriompróirí.

(58)

Dhírigh an fhaisnéis a malartaíodh le PCAA an 16 Márta 2022 ar an toradh a bhí ar an gcuairt de chuid Chlár Iniúchta ICAO um Maoirseacht Uilíoch Sábháilteachta (“USOAP”) a tugadh le déanaí. Chuir an Coimisiún i dtábhacht go dtabharfar aird chuí ar ábhar na tuarascála iniúchóireachta chun na chéad chéimeanna eile dá phróiseas comhairliúcháin féin maidir leis an Liosta Aershábháilteachta Aeir a chinneadh. Le linn an chruinnithe thug PCAA forléargas ar phríomhghnéithe na tuarascála, agus gheall sé go gcomhroinnfeadh sé an tuarascáil leis an gCoimisiún nuair a bheidh sí tugtha chun críche.

(59)

Tar éis dó an tuarascáil a fháil, bhí an Coimisiún in ann a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon faisnéis ann faoi réimsí ina n-éilítear gníomhaíocht feabhais láithreach. Mar sin féin, cé go léirítear sa tuarascáil go bhfuil formhór na n-eilimintí chun freagrachtaí PCAA a chomhlíonadh ann, tugtar faoi deara inti gur gá do PCAA treoraíocht agus nósanna imeachta a leasú, a fhorlíonadh nó a fheabhsú, go háirithe i réimsí cheadúnú na bpíolótaí. Thairis sin, tugtar faoi deara inti gur gá reachtaíocht náisiúnta na Pacastáine a fheabhsú trí fhorálacha maidir le beartas forfheidhmithe agus maidir le rochtain neamhshrianta ar phearsanra cigireachta a ionchorprú chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú.

(60)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus an phlé le PCAA, aithníonn an Coimisiún iarrachtaí PCAA plean gníomhaíochta ceartaithí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Le cúnamh ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit, tugann an Coimisiún dá aire, tar éis chuairt USOAP ICAO, go bhfuil an Phacastáin i mbun mórphróiseas forbartha, lena n-áirítear athruithe ar a reachtaíocht phríomhúil maidir le heitlíocht.

(61)

Ar an mbonn sin, d’fhonn a chinneadh an gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil le PCAA agus déanfaidh sé faireachán ar an dul chun cinn a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar staid na maoirseachta sábháilteachta sa Phacastáin. Leis na gníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha sin cinnfear cathain a dhéanfar cuairt mheasúnaithe ar an láthair de chuid an Aontais.

(62)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón bPacastáin.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(64)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Rúis

(65)

Aeriompróirí ón Rúis a raibh aerárthach nó aerárthaigh de na haerárthaigh a luaitear in aithris 4 nó 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 (12) oibrithe acu, cuireadh isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 iad an 8 Aibreán 2022 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún.

(66)

An 28 Aibreán 2022 chuir Gníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise (“FATA”) an Coimisiún ar an eolas go measann sí nach bhfuil bunús le haon líomhain gur sáraíodh caighdeáin idirnáisiúnta na heitlíochta sibhialta, ná le haon ábhar imní maidir leis an tsábháilteacht dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún. Níor sholáthair FATA aon fhaisnéis i dtacaíocht ar an ráiteas sin uaithi, áfach.

(67)

I gcreat a ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha, tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil fianaise ann go bhfuil aerárthaigh a luaitear in aithris 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún curtha ar chlár aerárthaigh na Rúise ag an aeriompróir I Fly, agus gur oibrigh siad na haerárthaigh chéanna go feasach de shárú ar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha. Cuireadh na haerárthaigh ar chlár na Rúise gan toiliú na n-úinéirí agus gan comhar Údarás Eitlíochta na hÉireann, arb í Stát Cláraithe aitheanta na n-aerárthaí sin, ina dhiaidh sin maidir leis an tsábháilteacht.

(68)

I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún agus leis na critéir choiteanna san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún, i dtaobh aeriompróirí ón Rúis, gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú chun I Fly a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(69)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, trí thosaíocht a thabhairt do chigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún.

Aeriompróirí ón tSúdáin Theas

(70)

Níor cuireadh aeriompróirí arna ndeimhniú sa tSúdáin Theas riamh isteach in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(71)

Tharla ceithre thionóisc mharfacha agus roinnt tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha eile sa tSúdáin Theas le ceithre bliana anuas, cuid mhór acu ag baint le haerárthaigh arbh ábhar amhrais a marcanna clárúcháin.

(72)

An 26 Márta 2021, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin fhoirmiúla le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Súdáine Theas (“SSCAA”), de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006.

(73)

Sa mhalartú comhfhreagrais a lean sin, chuir SSCAA in iúl go raibh Teastas Aeroibreora (“TAO”) South Sudan Supreme Airlines, a raibh a aerárthach i dtionóisc mharfach, curtha ar fionraí, agus go raibh SSCAA i mbun athbhreithniú ar na hoibreoirí uile aerárthaí agus na TAOnna uile sa tír mar gheall ar amhrais maidir le clárú an aerárthaigh a bhí sa tionóisc sin. Chomh maith leis sin, chuir SSCAA in iúl go raibh gníomhaíochtaí feabhsúcháin ar siúl maidir le forbairt agus athbhreithniú na rialachán, na lámhleabhar agus na hoiliúna. Soláthraíodh doiciméid ina raibh faisnéis maidir le Clár Cigireachta, Maoirseachta agus Iniúchóireachta SSCAA, chomh maith le tuarascálacha ar athbhreithnithe ar aeriompróirí áirithe agus ar aerárthaí atá cláraithe thar lear agus atá á n-oibriú sa tSúdáin Theas, an 5 Samhain 2021.

(74)

An 28 Márta 2022 chuir SSCAA a fhreagraí ar an gceistneoir a sheol an Coimisiún an 26 Márta 2021 in iúl. De réir na bhfreagraí sin, níl córas maoirseachta éifeachtach forbartha ná curtha chun feidhme ag SSCAA go fóill. Chomh maith leis sin, tugann SSCAA dá aire, cé nár eisigh sé aon cheadúnas ná TAO, agus nach bhfuil aon aerárthach cláraithe sa tír, go bhfuil ceadanna aeroibrithe eisithe ag SSCAA d’aerárthaí atá cláraithe ar an gcoigríoch chun oibriú sa tSúdáin Theas. Níl aon fhianaise ann go ndearnadh aon ghníomhaíocht maoirseachta roimh eisiúint na gceadanna sin ná go ndearnadh an faireachán leanúnach ábhartha.

(75)

An 22 Feabhra 2022 chuir an Coimisiún SSCAA ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aige athbhreithniú ar staid na maoirseachta ar an eitlíocht shibhialta sa tSúdáin Theas a chur ar chlár oibre an chéad chruinnithe eile de Choiste Aershábháilteachta an Aontais, agus thug sé cuireadh do SSCAA freastal ar éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 18 Bealtaine 2022.

(76)

Ag an gcruinniú sin thug SSCAA forbhreathnú don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais ar a struchtúr eagrúcháin chomh maith le faisnéis maidir le méid thionscal na heitlíochta sa tSúdáin Theas. Rinne sé cur síos ar fheidhmeanna na Stiúrthóireachtaí éagsúla in SSCAA agus ar na freagrachtaí atá orthu, agus chuir sé faisnéis ghinearálta ar fáil maidir le soláthar foirne an údaráis. Mhínigh sé go mbraitheann SSCAA go mór fós ar thacaíocht ó Ghníomhaireacht Formhaoirseachta Chomhphobal na hAfraice Thoir um Shábháilteacht agus Slándáil na hEitlíochta (EAC-CASSOA) chun rialacháin eitlíochta sibhialta a leagan síos agus chun próiseas éifeachtach maoirseachta a fhorbairt. I ndáil leis an méid sin, chuir SSCAA in iúl go gcuirfí fáilte roimh aon chúnamh nó tacaíocht lena chuid iarrachtaí.

(77)

Dheimhnigh SSCAA nach bhfuil aon TAO eisithe aige, agus nach bhfuil clár aerárthaí bunaithe aige go fóill. Chuir SSCAA in iúl, áfach, go bhfuil sé ag súil leis, tar éis oiliúint a sholáthróidh EAC-CASSOA ón 23 Bealtaine 2022, cuspóir bhunú an chláir aerárthaí a bhaint amach chomh maith leis an gcumas aeriompróirí a dheimhniú trí bhíthin an phróisis cúig chéim i gcomhréir le treoraíocht ICAO.

(78)

Chuir SSCAA an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas go bhfuil 24 chead aeroibrithe eisithe aige d’aeriompróirí eachtracha agus go n-oibríonn roinnt de na haeriompróirí údaraithe sin eitiltí intíre sa tír. Samhlaíonn sé gurb é sin an t-aon ghníomhaíocht deimhniúcháin a dhéanann SSCAA. Thug SSCAA tuairisc ar an bpróiseas lena n-eisítear na ceadanna sin, eadhon trí bhíthin bhailíochtú na TAOnna, bailíochtú a chuimsíonn iniúchadh ar an doiciméadacht agus seiceáil fhisiciúil ar aerárthaí. Ba le linn na héisteachta amháin a soláthraíodh an fhaisnéis sin, áfach, agus ní rabhthas in ann a fhíorú conas a chuirtear an próiseas bailíochtaithe i gcrích.

(79)

Le linn na héisteachta, sholáthair SSCAA sampla freisin de ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a rinneadh i gcoinne aeriompróir eachtrach ar chúlghair SSCAA a chead oibríochta nuair a fuair sé amach go raibh TAO an aeriompróra cúlghairthe ag an údarás a bhí inniúil ina leith.

(80)

Thug an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais dá n-aire nach bhfuil freagrachtaí maoirseachta rialála ag SSCAA i leith aon aeriompróra, ós rud é nach bhfuil aon TAO eisithe aige, agus gur aeriompróirí ar eisigh údaráis eachtracha a TAOnna a dhéanann na haeroibríochtaí uile sa tír. Dá thoradh sin, agus na critéir choiteanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 á gcur san áireamh, níl aon aeriompróir deimhnithe ag SSCAA a d’fhéadfadh teacht faoi réir gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

(81)

Thairis sin, thug an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais dá n-aire gur chuir SSCAA in iúl nach bhfuil sé ar intinn aige aon TAO a eisiúint go dtí go mbeidh cumais deimhniúcháin agus mhaoirseachta bainte amach aige a chuirfidh ar a chumas dó an caighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.

(82)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón tSúdáin Theas nach bhfuil aon fhoras ann le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

(83)

Mar chuid dá ghníomhaíochtaí leanúnacha faireacháin, leanfaidh an Coimisiún de shúil ghéar a choinneáil ar staid na sábháilteachta sa tSúdáin Theas. Tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid gur cheart aird faoi leith a thabhairt ar staid na sábháilteachta sa tSúdáin Theas agus ar fhorbairtí ansiúd, agus gur cheart a iarraidh ar SSCAA tuarascálacha tráthrialta a sholáthar faoin gcur chun cinn a dhéanfar maidir le rialacháin eitlíochta sibhialta a leagan síos agus próiseas éifeachtach maoirseachta sábháilteachta a fhorbairt, agus maidir lena chumas TAOnna a eisiúint. Má fhaigheann an Coimisiún eolas maidir le gar-riosca sábháilteachta a eascraíonn as neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, amhail TAO a bheith eisithe in éagmais cumas deimhniúcháin agus maoirseachta leormhaith a bheith ag SSCAA, feadfaidh sé go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, amhail toirmeasc oibríochta a fhorchur ar na haeriompróirí lena mbaineann agus iad a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(84)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir sin.

(85)

Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Dá bharr sin, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go bhfoilseofaí aon chinneadh i gcomhthéacs uasdátú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas, agus go dtiocfadh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha.

(86)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A;

(2)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 8).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 172, 3.6.2020, lch. 7).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 328, 12.12.2015, lch. 67).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 334, 9.12.2016, lch. 6).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 421, 26.11.2021, lch. 31).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún an 5 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 66, 6.3.2007, lch. 3).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 311, 29.11.2007, lch. 12)

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 114, 12.4.2022, lch. 49).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRIBHINN A

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ  (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (AOC) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta

Sainitheoir trí litir ICAO

Stát an Oibreora

AVIOR AIRLINES

ROI-RNR-011

ROI

Veiniséala

BLUE WING AIRLINES

SRBWA-01/2002

BWI

Suranam

IRAN ASEMAN AIRLINES

FS-102

IRC

An Iaráin

IRAQI AIRWAYS

001

IAW

An Iaráic

MED-VIEW AIRLINE

MVA/AOC/10-12/05

MEV

An Nigéir

AIR ZIMBABWE (PVT)

177/04

AZW

An tSiombáib

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Afganastáin, lena n-áirítear

 

 

An Afganastáin

ARIANA AFGHAN AIRLINES

AOC 009

AFG

An Afganastáin

KAM AIR

AOC 001

KMF

An Afganastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear

 

 

Angóla

AEROJET

AO-008/11-07/17 TEJ

TEJ

Angóla

GUICANGO

AO-009/11-06/17 YYY

Ní fios

Angóla

AIR JET

AO-006/11-08/18 MBC

MBC

Angóla

BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT

AO-015/15-06/17YYY

Ní fios

Angóla

HELIANG

AO 007/11-08/18 YYY

Ní fios

Angóla

SJL

AO-014/13-08/18YYY

Ní fios

Angóla

SONAIR

AO-002/11-08/17 SOR

SOR

Angóla

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Airméin, lena n-áirítear

 

 

An Airméin

AIRCOMPANY ARMENIA

AM AOC 065

NGT

An Airméin

ARMENIA AIRWAYS

AM AOC 063

AMW

An Airméin

ARMENIAN HELICOPTERS

AM AOC 067

KAV

An Airméin

FLYONE ARMENIA

AM AOC 074

 

An Airméin

NOVAIR

AM AOC 071

NAI

An Airméin

SHIRAK AVIA

AM AOC 072

SHS

An Airméin

SKYBALL

AM AOC 073

N/A

An Airméin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCongó (Brazzaville), lena n-áirítear

 

 

An Congó (Brazzaville)

CANADIAN AIRWAYS CONGO

CG-CTA 006

TWC

An Congó (Brazzaville)

EQUAFLIGHT SERVICES

CG-CTA 002

EKA

An Congó (Brazzaville)

EQUAJET

RAC06-007

EKJ

An Congó (Brazzaville)

TRANS AIR CONGO

CG-CTA 001

TSG

An Congó (Brazzaville)

SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO

CG-CTA 004

Ní fios

An Congó (Brazzaville)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear

 

 

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR FAST CONGO

AAC/DG/OPS-09/03

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR KATANGA

AAC/DG/OPS-09/08

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

BUSY BEE CONGO

AAC/DG/OPS-09/04

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA)

AAC/DG/OPS-09/02

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

CONGO AIRWAYS

AAC/DG/OPS-09/01

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

KIN AVIA

AAC/DG/OPS-09/10

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MALU AVIATION

AAC/DG/OPS-09/05

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SERVE AIR CARGO

AAC/DG/OPS-09/07

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SWALA AVIATION

AAC/DG/OPS-09/06

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MWANT JET

AAC/DG/OPS-09/09

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Djibouti, lena n-áirítear

 

 

Djibouti

DAALLO AIRLINES

Ní fios

DAO

Djibouti

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an nGuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear

 

 

An Ghuine Mheánchiorclach

CEIBA INTERCONTINENTAL

2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS

CEL

An Ghuine Mheánchiorclach

CRONOS AIRLINES

2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS

Ní fios

An Ghuine Mheánchiorclach

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Eiritré, lena n-áirítear

 

 

An Eiritré

ERITREAN AIRLINES

AOC No 004

ERT

An Eiritré

NASAIR ERITREA

AOC No 005

NAS

An Eiritré

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCirgeastáin, lena n-áirítear

 

 

An Chirgeastáin

AEROSTAN

08

BSC

An Chirgeastáin

AIR COMPANY AIR KG

50

Ní fios

An Chirgeastáin

AIR MANAS

17

MBB

An Chirgeastáin

AVIA TRAFFIC COMPANY

23

AVJ

An Chirgeastáin

FLYSKY AIRLINES

53

FSQ

An Chirgeastáin

HELI SKY

47

HAC

An Chirgeastáin

KAP.KG AIRCOMPANY

52

KGS

An Chirgeastáin

SKY KG AIRLINES

41

KGK

An Chirgeastáin

TEZ JET

46

TEZ

An Chirgeastáin

VALOR AIR

07

VAC

An Chirgeastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libéir.

 

 

An Libéir

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libia, lena n-áirítear

 

 

An Libia

AFRIQIYAH AIRWAYS

007/01

AAW

An Libia

AIR LIBYA

004/01

TLR

An Libia

AL MAHA AVIATION

030/18

Ní fios

An Libia

BERNIQ AIRWAYS

032/21

BNL

An Libia

BURAQ AIR

002/01

BRQ

An Libia

GLOBAL AIR TRANSPORT

008/05

GAK

An Libia

HALA AIRLINES

033/21

HTP

An Libia

LIBYAN AIRLINES

001/01

LAA

An Libia

LIBYAN WINGS AIRLINES

029/15

LWA

An Libia

PETRO AIR

025/08

PEO

An Libia

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Neipeal, lena n-áirítear

 

 

Neipeal

AIR DYNASTY HELI. S.

035/2001

Ní fios

Neipeal

ALTITUDE AIR

085/2016

Ní fios

Neipeal

BUDDHA AIR

014/1996

BHA

Neipeal

FISHTAIL AIR

017/2001

Ní fios

Neipeal

SUMMIT AIR

064/2010

Ní fios

Neipeal

HELI EVEREST

086/2016

Ní fios

Neipeal

HIMALAYA AIRLINES

084/2015

HIM

Neipeal

KAILASH HELICOPTER SERVICES

087/2018

Ní fios

Neipeal

MAKALU AIR

057A/2009

Ní fios

Neipeal

MANANG AIR PVT

082/2014

Ní fios

Neipeal

MOUNTAIN HELICOPTERS

055/2009

Ní fios

Neipeal

PRABHU HELICOPTERS

081/2013

Ní fios

Neipeal

NEPAL AIRLINES CORPORATION

003/2000

RNA

Neipeal

SAURYA AIRLINES

083/2014

Ní fios

Neipeal

SHREE AIRLINES

030/2002

SHA

Neipeal

SIMRIK AIR

034/2000

Ní fios

Neipeal

SIMRIK AIRLINES

052/2009

RMK

Neipeal

SITA AIR

033/2000

Ní fios

Neipeal

TARA AIR

053/2009

Ní fios

Neipeal

YETI AIRLINES

037/2004

NYT

Neipeal

Na haeriompróirí seo a leanas atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Rúis

 

 

An Rúis

AURORA AIRLINES

486

SHU

An Rúis

AVIACOMPANY "AVIASTAR-TU" CO. LTD

458

TUP

An Rúis

IZHAVIA

479

IZA

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY "AIR COMPANY "YAKUTIA"

464

SYL

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY "RUSJET"

498

RSJ

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY "UVT AERO"

567

UVT

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY SIBERIA AIRLINES

31

SBI

An Rúis

JOINT STOCK COMPANY SMARTAVIA AIRLINES

466

AUL

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY "IRAERO" AIRLINES

480

IAE

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY "URAL AIRLINES"

18

SVR

An Rúis

JOINT–STOCK COMPANY ALROSA AIR COMPANY

230

DRU

An Rúis

JOINT-STOCK COMPANY NORDSTAR AIRLINES

452

TYA

An Rúis

JS AVIATION COMPANY "RUSLINE"

225

RLU

An Rúis

JSC YAMAL AIRLINES

142

LLM

An Rúis

LLC "NORD WIND"

516

NWS

An Rúis

LLC “AIRCOMPANY IKAR”

36

KAR

An Rúis

LTD. I FLY

533

RSY

An Rúis

POBEDA AIRLINES LIMITED LIABILITY COMPANY

562

PBD

An Rúis

PUBLIC JOINT STOCK COMPANY "AEROFLOT - RUSSIAN AIRLINES"

1

AFL

An Rúis

ROSSIYA AIRLINES, JOINT STOCK COMPANY

2

SDM

An Rúis

SKOL AIRLINE LLC

228

CDV

An Rúis

UTAIR AVIATION, JOINT-STOCK COMPANY

6

UTA

An Rúis

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear

 

 

São Tomé agus Príncipe

AFRICA'S CONNECTION

10/AOC/2008

ACH

São Tomé agus Príncipe

STP AIRWAYS

03/AOC/2006

STP

São Tomé agus Príncipe

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Shiarra Leon

 

 

Siarra Leon

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an tSúdáin, lena n-áirítear

 

 

An tSúdáin

ALFA AIRLINES SD

54

AAJ

An tSúdáin

BADR AIRLINES

35

BDR

An tSúdáin

BLUE BIRD AVIATION

11

BLB

An tSúdáin

ELDINDER AVIATION

8

DND

An tSúdáin

GREEN FLAG AVIATION

17

GNF

An tSúdáin

HELEJETIC AIR

57

HJT

An tSúdáin

KATA AIR TRANSPORT

9

KTV

An tSúdáin

KUSH AVIATION CO.

60

KUH

An tSúdáin

NOVA AIRWAYS

46

NOV

An tSúdáin

SUDAN AIRWAYS CO.

1

SUD

An tSúdáin

SUN AIR

51

SNR

An tSúdáin

TARCO AIR

56

TRQ

An tSúdáin


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn A cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN B

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA LAISTIGH DEN AONTAS  (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’)

Sainitheoir trí litir ICAO

Stádas an Oibreora

Cineál aerárthaigh a bhfuil srian air

Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, má tá a leithéid ann, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis aerárthaí a bhfuil srian orthu

Stát an chláraithe

IRAN AIR

FS100

IRA

An Iaráin

Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747.

Aerárthaí den chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; Aerárthaí den chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC.

An Iaráin

AIR KORYO

GAC-AOC/KOR-01

KOR

An Chóiré Thuaidh

An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU-204.

An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633.

An Chóiré Thuaidh


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn B cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


CINNTÍ

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/62


CINNEADH (AE) 2022/863 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Bealtaine 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste AE-CTC arna bhunú le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (“an Coinbhinsiún”) (1) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 87/415/CEE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1988.

(2)

De bhun Airteagal 15(3), pointe (a), den Choinbhinsiún, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) den Choinbhinsiún (“an Comhchoiste AE-CTC”), trí bhíthin cinntí, leasuithe ar na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh.

(3)

Go luath in 2022, tá an Comhchoiste AE-CTC le Cinneadh a ghlacadh maidir leis an leasú ar Fhoscríbhinní I, IIIa agus IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gCinneadh san Aontas. Ós rud é nach dtagann Comhchoiste AE-CTC le chéile ach uair sa bhliain de ghnáth, is iomchuí go gceadófaí seasamh an Aontais a chur in iúl ag cruinniú atá le teacht nó trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn.

(5)

Rinneadh Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3) agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4) a leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/234 ón gCoimisiún (5), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/235 ón gCoimisiún, (6)faoi seach. Leis na hIarscríbhinní sin, leagtar síos na comhcheanglais sonraí, na formáidí agus na cóid le haghaidh an dearbhaithe maidir le hidirthuras, chun na heilimintí coiteanna sonraí a comhchuibhiú níos fearr chun faisnéis a stóráil agus chun í a mhalartú idir údaráis chustaim, agus idir údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha. Bhí gá leis na leasuithe sin chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais leictreonacha chustaim a úsáidtear le haghaidh na gcineálacha éagsúla dearbhuithe agus fógraí. Dá bhrí sin, maidir le Foscríbhinn IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, foscríbhinn is macasamhail d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, ba cheart an Fhoscríbhinn sin a leasú dá réir.

(6)

Is gá míreanna agus ranna a athuimhriú chun na leasuithe ar Aguisín IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí d‘Fhoscríbhinn IIIa atá i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ailíniú leis an uimhriú nua.

(7)

Le Foscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún leagtar amach na rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach le haghaidh éilimh a aisghabháil. Tá na rialacha sin tábhachtach toisc go dtugann siad coimirce do leasanna airgeadais na dtíortha comhchoiteanna idirthurais, do leasanna airgeadais an Aontais, agus do leasanna airgeadais na mBallstát. Ba cheart na rialacha sin a athbhreithniú chun iad a ailíniú le rialacha an Aontais faoi seach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú den Chomhchoiste AE-CTC a thionólfar amach anseo nó trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn sa Chomhchoiste AE-CTC, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste AE-CTC atá i gceangal leis an gCinneadh seo (7).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO L 226, 13.8.1987, lch. 2.

(2)  Cinneadh 87/415/CEE ón gComhairle an 15 Meitheamh 1987 a bhaineann le tabhairt i gcrích Coinbhinsiúin idir an Comhphobal Eorpach, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (IO L 226, 13.8.1987, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/234 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le comhcheanglais sonraí, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 a mhéid a bhaineann leis na cóid atá le húsáid i bhfoirmeacha áirithe (IO L 63, 23.2.2021, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/235 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 maidir le formáidí agus cóid na gcomhcheanglas sonraí, rialacha áirithe maidir le faireachas agus leis an oifig inniúil custaim lena gcuirtear earraí faoi nós imeachta custaim (IO L 63, 23.2.2021, lch. 386).

(7)  Féach doiciméad ST 7680/22 ADD 1 ar http://register.consilium.europa.eu.


2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/64


CINNEADH (AE) 2022/864 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Márta 2022 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas (BCE/2022/15) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) agus arna formheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tháinig deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Lietuvos bankas, Ernst & Young Baltic UAB, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Tá sé riachtanach, mar sin, iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2022.

(3)

Tá UAB ROSK Consulting roghnaithe ag Lietuvos bankas mar iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2022 go 2024.

(4)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE UAB ROSK Consulting a cheapadh mar iniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas do na blianta airgeadais 2022 go 2024.

(5)

Tar éis an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 19:

“19.   Leis seo, ceaptar UAB ROSK Consulting mar iniúchóirí seachtracha Lietuvos bankas do na blianta airgeadais 2022 go 2024.”.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Is chuig an mBanc Ceannais Eorpach a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO C 153, 7.4.2022, lch. 7.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).


2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/66


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/865 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Bealtaine 2022

lena n-údaraítear do Phoblacht na Seice beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 287, pointe (7), de Threoir 2006/112/CE, ceadaítear do Phoblacht na Seice (an tSeicia) daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 35 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL).

(2)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 23 Samhain 2021, d’iarr an tSeicia údarú beart a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287, pointe (7), de Threoir 2006/112/CE agus, dá bhrí sin, daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 85 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó CBL (“an beart speisialta”). Bheadh feidhm ag an mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina gcaithfidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle (2) a thrasuí. Maidir leis an soláthar earraí agus seirbhísí a dhéanann daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 85 000 nó choibhéis san airgeadra náisiúnta, de thoradh na Treorach sin, ón 1 Eanáir 2025, ceadófar do na Ballstáit an soláthar sin a dhíolmhú ó CBL.

(3)

De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an tSeicia do na Ballstáit eile le litir dar dáta an 16 Nollaig 2021. Le litir dar dáta an 20 Nollaig 2021, thug an Coimisiún fógra don tSeicia go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(4)

Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar leis an ualach comhlíontachta ar fhiontair bheaga a laghdú agus saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

(5)

Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach toisc go bhféadfaidh siad na gnáthshocruithe CBL a roghnú de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.

(6)

De réir na faisnéise a chuir an tSeicia ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailíonn an tSeicia ag céim an tomhaltais deiridh.

(7)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle (3), ní dhéanfaidh an tSeicia aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh bhliain airgeadais 2022 agus ina dhiaidh sin.

(8)

Ós rud é go measann an tSeicia go mbeidh laghdú ar oibleagáidí CBL mar thoradh ar an mbeart speisialta agus, dá bhrí sin, go mbeidh laghdú ar an ualach riaracháin agus ar chostais chomhlíontachta d’fhiontair bheaga agus do na húdaráis chánach araon, agus ós rud é nach mbeidh aon tionchar mór ar an ioncam CBL iomlán a ghinfear, ba cheart údarú a thabhairt don tSeicia an beart speisialta a thabhairt isteach.

(9)

Ba cheart teorainn ama a bheith le cur i bhfeidhm an birt speisialta. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir leis an gCoimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh, lena leasaítear Treoir 2006/112/CE, agus lena leagtar síos rialacha CBT níos simplí le haghaidh fiontair bheaga, agus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don tSeicia an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 287, pointe (7), de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don tSeicia daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 85 000 nó a choibhéis le EUR 85 000 san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais a dhíolmhú ó CBL.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 3

Is chuig Poblacht na Seice a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 165, 11.5.2021, lch. 9).


2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/68


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/866 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Bealtaine 2022

maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Primer PIP i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3318)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Márta 2016, chuir an chuideachta Lanxess Deutschland GmbH (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid na Fraince ar aitheantas frithpháirteach comhthreomhar le haghaidh an táirge bhithicídigh Primer PIP (“an táirge bithicídeach”) i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Is éard atá sa táirge bithicídeach ná leasaitheach adhmaid de chineál táirge 8 a úsáidfear chun cóireáil choisctheach a dhéanamh in aghaidh fungas a chuireann drochdhath ar adhmad, in aghaidh baisidimícéití a scriosann adhmad agus in aghaidh ciaróg a thollann trí adhmad (larbhaí). Úsáidtear an táirge bithicídeach trí thumadh láimhe, trí thumadh uathoibrithe nó trí spraeáil uathoibrithe, agus tá próipeacónasóil, IPBC agus sármheitrin ann mar shubstaintí gníomhacha. Is í an Ghearmáin an Ballstát tagartha atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(2)

An 9 Márta 2020, de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, rinne an Fhrainc agóidí a tharchur chuig an ngrúpa comhordúcháin, inar léiríodh nach n-áirithíonn coinníollacha an údaraithe a leag an Ghearmáin síos go gcomhlíonann an táirge bithicídeach an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin. Chun a áirithiú go láimhseálfar an táirge bithicídeach go sábháilte, measann an Fhrainc gur gá, i gcás tumadh láimhe agus spraeáil uathoibrithe, trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, arb é atá ann lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus culaith de chineál 6 ar a laghad a chaitheamh mar a shonraítear i gCaighdeán Eorpach EN 13034, gur gá, i gcás tumadh uathoibrithe, trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, arb é atá ann lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus gur gá, i gcás phróiseáil láimhe an adhmaid nuachóireáilte ina dhiaidh sin, lámhainní cosanta a chaitheamh atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374. Dar leis an bhFrainc, na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 98/24/CE ón gComhairle (2), ar bearta iad a d’fhéadfaí a dhéanamh in ionad trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, ní áirithítear cosaint leormhaith leis na bearta sin, mura sonraítear iad agus mura ndéantar meastóireacht orthu le linn mheasúnú an táirge bhithicídigh.

(3)

Measann an Ghearmáin go mbunaítear le Treoir 98/24/CE ord tosaíochta na mbeart maolaithe riosca chun oibrithe a chosaint, agus gur thábhachtaí dar léi go gcuirfí bearta teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm ná go mbeadh trealamh cosanta pearsanta á chaitheamh le linn don táirge bithicídeach a bheith á úsáid. Dar leis an nGearmáin, de bhun na Treorach sin, is faoin bhfostóir atá an cinneadh maidir leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le cur i bhfeidhm, agus ós rud é go bhfuil réimse leathan de bhearta dá leithéid ann, níl sé indéanta cur síos ná meastóireacht a dhéanamh ar na bearta atá in údarú an táirge bhithicídigh.

(4)

Ós rud é nár tháinig an grúpa comhordúcháin ar aon chomhaontú, an 28 Deireadh Fómhair 2020 tharchuir an Ghearmáin an agóid nach raibh réitithe chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ar an gcaoi sin chuir sí ráiteas mionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an tsaincheist faoinar theip ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú agus na cúiseanna a bhí lena n-easaontas. Cuireadh an ráiteas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 2(3), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go mbeidh an Rialachán sin gan dochar do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle (3) ná do Threoir 98/24/CE.

(6)

Léirítear le hAirteagal 19(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 mar cheann de na critéir maidir le húdarú a dheonú nach bhfuil éifeachtaí do-ghlactha ag an táirge bithicídeach féin, agus nach bhfuil éifeachtaí do-ghlactha de thoradh a iarmhar, ar shláinte an duine.

(7)

Luaitear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go mbeidh de thoradh chur i bhfeidhm na gcomhphrionsabal a leagtar síos san Iarscríbhinn sin maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shainchomhaid le haghaidh táirgí bithicídeacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (b), den Rialachán sin, nuair a chuirfear le chéile iad leis na coinníollacha eile a leagtar síos in Airteagal 19 de, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla nó an Coimisiún cinneadh cé acu is féidir nó nach féidir táirge bithicídeach a údarú. D’fhéadfadh srianta ar úsáid an táirge bhithicídigh nó ar choinníollacha eile a bheith ag gabháil le húdarú den sórt sin.

(8)

Luaitear i bpointe 18(d) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go gcinnfear leis an measúnú riosca a dhéantar ar an táirge na bearta is gá chun daoine, ainmhithe agus an comhshaol a chosaint le linn ghnáthúsáid bheartaithe an táirge bhithicídigh agus i gcás is measa atá réalaíoch araon.

(9)

Léirítear le pointe 56(2) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gurb é ceann de na conclúidí ar a dtiocfaidh an comhlacht meastóireachta nuair atá sé ag fíorú an gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 19(1) den Rialachán sin, gur féidir leis an táirge bithicídeach, faoi réir coinníollacha nó srianta sonracha, na critéir a chomhlíonadh.

(10)

Luaitear i bpointe 62 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go gcinnfidh an comhlacht meastóireachta, i gcás inarb iomchuí, nach mbeifear in ann an critéar faoi Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin a chomhlíonadh ach amháin má chuirtear bearta coisc agus cosanta i bhfeidhm lena n-áirítear dearadh próiseas oibre agus dearadh rialuithe innealtóireachta, úsáid trealaimh agus ábhar leordhóthanach, cur i bhfeidhm beart comhchoiteann cosanta agus, i gcás nach féidir risíocht a chosc trí mheáin eile, cur i bhfeidhm beart aonair cosanta lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta amhail análaitheoirí, maisc le haghaidh análaithe, rabhlaeir, lámhainní agus spéaclaí cosanta a chaitheamh, d’fhonn risíocht a laghdú i gcás oibreoirí gairmiúla.

(11)

Mar sin féin, ní fhoráiltear le pointe 62 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 go ndéanfar an measúnú as a dtagann an chonclúid nach féidir an critéar faoi Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), den Rialachán sin a chomhlíonadh ach amháin má chuirtear bearta coisc agus cosanta i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 98/24/CE. Ní fhoráiltear leis go sainráite ach oiread nach mbeadh feidhm ag an Treoir sin. Dá bhrí sin, níor cheart tátal a bhaint as na forálacha sin nach bhfuil feidhm ag Treoir 98/24/CE. Ina theannta sin, is ar fhostóirí a fhorchuirtear na hoibleagáidí ábhartha faoi Threoir 98/24/CE agus ní ar údaráis na mBallstát.

(12)

Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 98/24/CE i gcás ina ndéantar measúnú ar aon riosca maidir le sábháilteacht agus sláinte oibrithe de thoradh oibreáin cheimiceacha a bheith i láthair, go bhfuil ar fhostóirí faisnéis bhreise a fháil ón soláthróir nó ó fhoinsí eile atá ar fáil go héasca agus i gcás inarb iomchuí, go mbeidh an measúnú sonrach maidir leis an riosca d’úsáideoirí arna bhunú ar bhonn reachtaíocht Aontais maidir le hoibreáin cheimiceacha mar chuid den fhaisnéis sin.

(13)

Leagtar síos le hAirteagal 6 de Threoir 98/24/CE ord tosaíochta na mbeart atá le déanamh ag an bhfostóir chun oibrithe a chosaint ó na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair. Tabharfar tús áite do shubstaint eile a chur in ionad na substainte guaisí, agus mura féidir é sin a dhéanamh, is gá an riosca ó shubstaint ghuaiseach do shábháilteacht agus sláinte oibrithe a laghdú a oiread agus is féidir trí bhearta cosanta agus coisc a chur i bhfeidhm. Mura féidir risíocht leis an tsubstaint ghuaiseach a chosc ar mhodh eile, ní mór a áirithiú go bhfuil na hoibrithe cosanta trí bhearta eile a chur i bhfeidhm lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta.

(14)

Agus modhanna úsáide an táirge bhithicídigh agus an fhaisnéis atá ar fáil ón gcomhlacht meastóireachta á gcúr san áireamh, níor sainaithníodh aon bheart teicniúil ná eagraíochtúil dá leithéid san iarratas ar an táirge bithicídeach a údarú, ná le linn mheastóireacht an iarratais sin.

(15)

Dá bhrí sin measann an Coimisiún go gcomhlíonann an táirge bithicídeach an critéar a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar choinníoll go mbeidh an coinníoll seo a leanas maidir lena úsáid mar chuid den údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh: “Is gá, i gcás tumadh láimhe agus spraeáil uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus culaith de chineál 6 ar a laghad a chaitheamh mar a shonraítear i gCaighdeán Eorpach EN 13034, is gá, i gcás tumadh uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus is gá, i gcás phróiseáil láimhe an adhmaid nuachóireáilte ina dhiaidh sin, lámhainní cosanta a chaitheamh atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374. Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair”.

(16)

Mar sin féin, má shainaithníonn an t-iarratasóir ar údarú bearta éifeachtacha teicniúla nó eagraíochtúla agus comhaontaíonn an t-údarás údaraithe go n-eascraíonn laghdú risíochta de leibhéal coibhéiseach nó níos airde as bearta den sórt sin, nó má shainaithníonn an t-údarás údaraithe féin bearta as a n-eascraíonn laghdú risíochta de leibhéal coibhéiseach nó níos airde, ba cheart na bearta sin a chur in ionad trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, agus ba cheart iad a shonrú san údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh.

(17)

An 15 Feabhra 2021, thug an Coimisiún an deis don iarratasóir barúlacha i scríbhinn a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Níor chuir an t-iarratasóir barúlacha ar fáil.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An táirge bithicídeach a shainaithnítear le cás-uimhir BC-XP022475-16 sa Chlár um Tháirgí Bithicídeacha, comhlíonann sé an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar choinníoll go mbeidh an coinníoll seo a leanas maidir lena úsáid mar chuid den údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh: “Is gá, i gcás tumadh láimhe agus spraeáil uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus culaith de chineál 6 ar a laghad a chaitheamh mar a shonraítear i gCaighdeán Eorpach EN 13034, is gá, i gcás tumadh uathoibrithe, lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ábhar na lámhainní le sonrú ag sealbhóir an údaraithe i bhfaisnéis an táirge), agus is gá, i gcás phróiseáil láimhe an adhmaid nuachóireáilte ina dhiaidh sin, lámhainní cosanta a chaitheamh atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374. Tá sé sin gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíocht eile an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag an obair.”

Mar sin féin, má shainaithníonn an t-iarratasóir ar údarú bearta teicniúla nó eagraíochtúla agus comhaontaíonn an t-údarás údaraithe go n-eascraíonn as bearta den sórt sin laghdú risíochta de leibhéal atá coibhéiseach leis an laghdú a bhaintear amach tríd an trealamh cosanta pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a chaitheamh, nó níos airde ná sin, nó má shainaithníonn an t-údarás údaraithe féin bearta den sórt sin as a n-eascraíonn laghdú risíochta de leibhéal atá coibhéiseach leis an laghdú a bhaintear amach tríd an trealamh cosanta pearsanta dá dtagraítear sa chéad mhír a chaitheamh, nó níos airde ná sin, ba cheart na bearta sin a chur in ionad trealamh cosanta pearsanta a chaitheamh, agus ba cheart iad a shonrú san údarú agus ar lipéad an táirge bhithicídigh. Sa chás sin ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun an coinníoll maidir le húsáid an táirge bhithicídigh faoi mar a leagtar síos sa chéad mhír a chuimsiú.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ag an obair (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

(3)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).


MOLTAÍ

2.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 151/72


MOLADH (AE) 2022/867 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2022

maidir le stoic ola éigeandála a scaoileadh ag Ballstáit tar éis ionradh na hÚcráine

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Threoir 2009/119/CE ón gComhairle (1) leibhéal ard slándála soláthair ola a áirithiú san Aontas trí shásraí iontaofa trédhearcacha atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Go háirithe, leagtar síos leis na rialacha agus na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm i gcás éigeandála. An 1 Márta agus an 1 Aibreán 2022, rinne Bord Rialaithe IEA cinneadh maidir le pleananna chun stoc éigeandála ola de 60 milliún agus 120 milliún bairille ola a scaoileadh faoi seach (2).

(2)

Phléigh an Coimisiún agus na Ballstáit an deis, na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo agus an tionchar a bheidh ag gníomhaíocht chomhchoiteann IEA ag ceithre chruinniú den Ghrúpa Comhordaithe Ola (an 22 agus an 25 Feabhra, agus an 2 agus 31 Márta). Trí litreacha a seoladh ar an 4 Márta agus an 5 Aibreán 2022 chuig an nGrúpa Comhordaithe Ola, mheabhraigh seirbhísí an Choimisiúin do na Ballstáit na forálacha agus na hoibleagáidí ábhartha is infheidhme faoi dhlí an Aontais.

(3)

Ghlac 18 mBallstát (lena n-áirítear dhá Bhallstát nach baill de IEA iad) páirt i gcomhghníomhaíocht IEA agus gheall siad ranníocaíochtaí deonacha i gcás tuairim is 40 milliún bairille de choibhéis amhola.

(4)

Tá stoic ola éigeandála atá á sealbhú faoi láthair san Aontas ag an leibhéal is ísle ó 2013 i leith. De bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/119/CE, is léiriú iad ar ghlanallmhairí amhola agus táirgí peitriliam i rith 2020, rud a bhí thar a bheith íseal de bharr laghdú ar thomhaltas mar thoradh ar bhearta sláintíochta chun paindéim COVID-19 a chomhrac (srianta ar ghluaiseacht agus gluaiseacht laghdaithe). Tá coinne le go dtiocfaidh méadú suas le 30 % ar an méid amhola agus táirgí peitriliam is gá chun freastal ar an oibleagáid bhliantúil nua maidir le stocshealbhaíocht is infheidhme amhail ón 1 Iúil 2022 ar feadh tréimhse 12 mhí.

(5)

I bhfianaise na héiginnteachta atá ann faoi láthair maidir le héabhlóid an chogaidh san Úcráin, tá sé ríthábhachtach srian a chur, a mhéid is féidir, leis an éileamh ar amhola agus ar tháirgí peitriliam agus gan tuilleadh struis a chur ar mhargadh na hola. Dá bhrí sin, níl sé inmhianaithe go ndéanfaidh na Ballstáit na stoic ola éigeandála sin atá á scaoileadh nó a scaoilfear de bhun Airteagal 20 de Threoir 2009/119/CE a athshlánú sa ghearrthéarma, ach amháin má tá riosca ann dá n-ullmhacht i dtaca le cinnteacht an tsoláthair. Tá sé róluath, áfach, fráma ama cinnte a leagan síos chun na stoic a scaoiltear a athlíonadh.

(6)

Ba cheart go seachnódh na Ballstáit amhola agus táirgí peitriliam breise a cheannach mar ullmhúchán don oibleagáid bhliantúil nua maidir le sealbhú stoic atá chugainn gan mhoill ó mhí Iúil 2022 ar aghaidh, rud a chuirfeadh leis an éileamh atá ann faoi láthair ar na tráchtearraí sin. Maidir le hAirteagal 20(6) de Threoir 2009/119/CE, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an tréimhse ama nach mór do na Ballstáit a gcuid stoc a thabhairt ar ais go dtí na híosleibhéil is gá, i bhfianaise fhorbairt na géarchéime atá ann faoi láthair.

(7)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Ola maidir leis an Moladh seo ag an gcruinniú a tionóladh an 14 Márta 2021, áit a raibh ionadaithe Rúnaíocht IEA rannpháirteach,

AG MOLADH:

(1)

Níor cheart do na Ballstáit a stoic ola éigeandála a thabhairt ar ais go dtí na híosleibhéil a cheanglaítear le Treoir 2009/119/CE roimh an 1 Samhain 2022, sa mhéid nach gcuirfeadh sé sin a n-ullmhacht i leith chinnteacht an tsoláthair i mbaol.

(2)

I gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Ola agus i gcomhar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Moladh seo chun dáta a shocrú chun an oibleagáid stocshealbhaíochta a chur i bhfeidhm, agus éabhlóid na géarchéime atá ann faoi láthair á cur san áireamh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).

(2)  An 277ú agus an 279ú Cruinniú Urghnách den Bhord Rialaithe.