ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 147I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
30 Bealtaine 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/836 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/837 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

3

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 147/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/836 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo, ba cheart beirt agus grúpa amháin a chur le liostaí na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)   IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“10.

Faruq AL-SURI (dá ngairtear freisin, Samir Hijazi, Samir ‘Abd al-Latif Hijazi, Abu Hammam Al-Shami, Abu Humam Al-Shami, Abu Hammam Al-’Askari); dáta breithe: 1977; áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria; inscne: fireann; náisiúntacht: Siriach (meastar).

11.

Sami AL-ARIDI (dá ngairtear fresin Abu Mohammad Al-Shami, Abu Mahmud Al-Sham, Abu Mahmud Al-Shami, Sami Al-oride, Sami Al-Oraidi, Sami Al-Oraydi, Sheikh Dr Sami Al-Uraydi); dáta breithe: 1973; inscne: fireann; náisiúntacht: Iordánach (meastar).”;

(2)

cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“3.

Hurras AL-DIN (HaD) (dá ngairtear freisin. Hurras al-Deen, Huras-al-Din, Guardians of Religion, Tanzim Hurras Al-Din, Tandhim Hurras Al-Deen, Sham Al-Ribat, Al-Qaida in Syria, AQ-S).”.


CINNTÍ

30.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 147/3


CINNEADH (CBES) 2022/837 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1).

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus ó dhaoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo, ba cheart beirt áirithe agus grúpa amháin a chur le liostaí na ndaoine, na ngrúpaí, na ngnóthas agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/1693 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal “A. Daoine dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3”:

“10.

Faruq AL-SURI (dá ngairtear freisin Samir Hijazi, Samir ‘Abd al-Latif Hijazi, Abu Hammam Al-Shami, Abu Humam Al-Shami, Abu Hammam Al-’Askari); dáta breithe: 1977; áit bhreithe: an Damaisc, an tSiria; inscne: fireann; náisiúntacht: Siriach (meastar).

11.

Sami AL-ARIDI (dá ngairtear freisin Abu Mohammad Al-Shami, Abu Mahmud Al-Sham, Abu Mahmud Al-Shami, Sami Al-Oride, Sami Al-Oraidi, Sami Al-Oraydi, Sheikh Dr Sami Al-Uraydi); dáta breithe: 1973; inscne: fireann; náisiúntacht: Iordánach (meastar).”;

(2)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach faoin gceannteideal “B. Grúpaí, gnóthais agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 3”:

“3.

Hurras AL-DIN (HaD) (dá ngairtear freisin Hurras al-Deen, Huras-al-Din, Guardians of Religion, Tanzim Hurras Al-Din, Tandhim Hurras Al-Deen, Sham Al-Ribat, Al-Qaida in Syria, AQ-S).”.