ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 138

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
17 Bealtaine 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/748 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/735 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/749 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417 a mhéid a bhaineann leis an aistriú chuig tagarmharcanna nua dá dtagraítear i gconarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar ( 1 )

4

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/750 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 a mhéid a bhaineann leis an aistriú go tagarmharcanna nua a ndéantar tagairt dóibh i gconarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar ( 1 )

6

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/751 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 maidir le neamh-fhormheas na substainte gníomhaí clóraipicrin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh ( 1 )

11

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/752 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige

13

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/753 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/938 mar thaca le próiseas tógála muiníne lena mbunófaí limistéar sa Mheánoirthear a bheadh saor ó airm núicléacha agus ó na hairm ollscriosta eile ar fad

15

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/754 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

16

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/755 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/740 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas

17

 

*

Cinneadh (AE) 2022/756 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2021 maidir le bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021)6990)  ( 1 )

19

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/757 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le córais bainistithe cáilíochta, steiriliú agus bainistiú riosca ar fheistí leighis a chur i bhfeidhm

27

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail)

30

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

*

Cinneadh 28/2022 ón mBord Bainistíochta an 4 Aibreán 2022 maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta ábhar sonraí áirithe i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

45

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/748 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/735 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 748/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 22(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/735.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2015/735, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Tháinig an Chomhairle ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh duine amháin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735 a choinneáil ar bun agus gur cheart an iontráil don duine sin a nuashonrú agus a athuimhriú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2015/735 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 117, 8.5.2015, lch. 13.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

 

“Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

1.

Michael MAKUEI LUETH

Dáta breithe: 1947

Áit bhreithe: Bor, an tSúdáin (an tSúdáin Theas anois),

Inscne: fireann

Tá Michael Makuei Lueth sa phost mar Aire Faisnéise agus Craolacháin ó 2013 i leith agus tá sé fós sa phost sin i Rialtas Idirthréimhseach na hAontachta Náisiúnta. Bhí sé ina urlabhraí poiblí freisin do thoscaireacht an rialtais chuig cainteanna síochána an Údaráis Idir-rialtasaigh Forbartha ó 2014 go 2015 agus ó 2016 go 2018.

Tá bac curtha ag Makuei ar an bpróiseas polaitiúil sa tSúdáin Theas, go háirithe trí bhac a chur, le ráitis phoiblí ghríosaitheacha, ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Réiteach na Coinbhleachta sa tSúdáin Theas (ARCSS) i mí Lúnasa 2015 (ar cuireadh ina ionad i mí Mheán Fómhair 2018 an ‘ARCSS athbheoite’ (R-ARCSS)), trí bhac a chur ar obair Choimisiún Comhpháirteach Faireacháin agus Meastóireachta ARCSS (JMEC) a athainmníodh ‘JMEC athdhéanta’ faoin R-ARCSS, agus trí bhac a chur ar bhunú Institiúidí Ceartais Idirthréimhsigh ARCSS dá bhforáiltear in R-ARCSS. Chuir sé bac freisin ar oibríochtaí Fhórsa Cosanta Réigiúnach na Náisiún Aontaithe.

Tá Makuei freagrach freisin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear srianta ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh.

3.2.2018”


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/749 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417 a mhéid a bhaineann leis an aistriú chuig tagarmharcanna nua dá dtagraítear i gconarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417 ón gCoimisiún (2), i measc nithe eile, na cineálacha díorthach thar an gcuntar a ainmnítear in EURO (EUR), sa Phunt Steirling (GBP) agus i nDollar na Stát Aontaithe (USD) atá faoi réir na hoibleagáide díorthach trádála dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Na haicmí a ainmnítear in GBP agus USD, tagraíonn siad do thagarmharcanna Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR).

(2)

D’fhógair ICE Benchmark Administration (IBA), atá ina riarthóir do LIBOR, go scoirfear de shocruithe GCP agus JPY LIBOR a fhoilsiú ag deireadh 2021, de bhrí go scoirfear de shocruithe áirithe USD LIBOR a fhoilsiú i mí Meitheamh 2023. An 5 Márta 2021, dheimhnigh Údarás um Iompar Airgeadais na Ríochta Aontaithe go scoirfear de sholáthar aibíochtaí uile LIBOR ó aon riarthóir nó nach mbeidh na haibíochtaí ionadaíoch a thuilleadh. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ina cháil mhaoirseachta baincéireachta (Maoirseacht Baincéireachta BCE), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (UBÉ) agus an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ráiteas comhpháirteach a eisiúint chun contrapháirtithe a spreagadh go láidir chun scor de haon cheann de haibíochtaí LIBOR a úsáid, lena n-áirítear LIBOR USD, mar ráta tagartha sna conarthaí nua a luaithe is indéanta agus faoin 31 Nollaig 2021 in aon chás.

(3)

Tar éis an 31 Nollaig 2021, ní bheidh contrapháirtithe in ann conarthaí dhíorthaigh ráta úis thar an gcuntar a dhéanamh a thuilleadh lena ndéantar tagairt do LIBOR GBP toisc go mbeidh deireadh tagtha leis an tagarmharc sin agus meastar nach ndéanfaidh siad conarthaí ráta úis díorthach thar an gcuntar lena ndéantar tagairt do LIBOR USD. Mar thoradh air sin, meastar nach ann do na méideanna a thrádáiltear atá fágtha sna díorthaigh sin nó go bhfuil siad an-íseal, faoi mar atá leachtacht na ndíorthach. Is amhlaidh atá maidir le méid na dtrádálacha sna díorthaigh sin a n-imréiteofar le contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) nó a dtrádálfar ar ionaid trádála agus meastar go mbeidh méid agus leachtacht atá ag laghdú i gceist do dhíorthaigh ina dtagraítear do LIBOR USD. Is gá, de bharr na n-imeachtaí sin, go n-athrófar an oibleagáid imréitigh agus go ndéanfar leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún (3) ina dhiaidh sin. Faoin leasú sin, beidh díorthaigh ina dtagraítear do LIBOR GBP agus LIBOR USD le baint ó raon feidhme na hoibleagáide imréitigh. Dá bharr sin, na haicmí díorthach atá faoi raon feidhme na hoibleagáide trádála díorthach faoi láthair a thagraíonn do LIBOR GBP nó do LIBOR USD, ní chomhlíonfaidh siad an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le díorthaigh a chur faoi réir na hoibleagáide trádála díorthach ón 3 Eanáir 2022. Ní mór, dá bhrí sin, na haicmí díorthach sin a bhaint ó raon feidhme na hoibleagáide trádála.

(4)

Ós rud é go bhfuil sé beartaithe LIBOR GBP a scor ag deireadh 2021, agus go léirítear in ionchais rialála a chuir an Coimisiún, Maoirseacht Baincéireachta BCE, ESMA agus ÚBE in iúl go n-éireoidh contrapháirtithe as aibíochtaí LIBOR a úsáid mar ráta tagartha i gconarthaí nua a luaithe is indéanta agus faoin 31 Nollaig 2021 in aon chás, meastar go n-imeofar go pras ó dhíorthaigh ráta úis atá bunaithe ar LIBOR. Ina ionad sin, tar éis an 31 Nollaig 2021, meastar go dtrádálfaidh contrapháirtithe díorthaigh ráta úis thar an gcuntar eile nó iad a imréiteach, go háirithe díorthaigh ráta úis thar an gcuntar, lena dtagraítear do rátaí saor ó riosca do GBP nó USD. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm gan mhoill tar éis a fhoilsithe.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417, scriostar Táblaí 2 agus 3.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2417 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide trádála i gcás díorthaigh áirithe (IO L 343, 22.12.2017, lch. 48).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 314, 1.12.2015, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/750 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2022

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 a mhéid a bhaineann leis an aistriú go tagarmharcanna nua a ndéantar tagairt dóibh i gconarthaí díorthach áirithe thar an gcuntar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 ón gCoimisiún (2) na haicmí díorthach ráta úis thar an gcuntar (OTC) a ainmnítear in Euro (EUR), Punt Steirling (GBP), Yen na Seapáine (JPY) agus Dollar na Stát Aontaithe (USD) atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh, i measc aicmí eile. Ar na haicmí sin tá aicme amháin a ainmnítear in EUR lena ndéantar tagairt do ráta an Mheáninnéacs Euro Thar Oíche (EONIA) chomh maith le roinnt aicmí a ainmnítear in GBP, JPY nó USD lena ndéantar tagairt do Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR), ach is dhá thagarmharc iad EONIA agus LIBOR a bhfuil deireadh le teacht leo.

(2)

Chuir Institiúid Eorpach na Margaí Airgid (EMMI), riarthóir EONIA, in iúl go dtiocfaidh deireadh le EONIA ag deireadh 2021. Ar an gcaoi chéanna, chuir Riarthóir Tagarmharcanna ICE, riarthóir LIBOR, in iúl go dtiocfaidh deireadh le GBP LIBOR, JPY LIBOR agus socruithe áirithe USD LIBOR ag deireadh 2021 freisin, ach go dtiocfaidh deireadh le foilsiú na socruithe uile atá fágtha de USD LIBOR i mí an Mheithimh 2023. Ar an 5 Márta 2021, dheimhnigh Údarás um Iompar Airgeadais na Ríochta Aontaithe go scorfaidh aon riarthóir de shocruithe uile LIBOR a sholáthar nó nach mbeidh socruithe uile LIBOR ionadaíoch a thuilleadh. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ina cháil maidir le maoirseacht bhaincéireachta (Maoirseacht Bhaincéireachta BCE), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), ráiteas comhpháirteach chun a mholadh go láidir do chontrapháirtithe éirí as aon cheann de shocruithe LIBOR a úsáid, lena n-áirítear USD LIBOR, mar ráta tagartha i gconarthaí nua a luaithe is indéanta agus in aon chás faoin 31 Nollaig 2021.

(3)

Tar éis an 31 Nollaig 2021, ní bheidh contrapháirtithe ábalta díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do EONIA, GBP LIBOR nó JPY LIBOR a dhéanamh a thuilleadh mar beidh deireadh leis na tagarmharcanna sin nó tá coinne leis nach ndéanfaidh contrapháirtithe díorthaigh ráta úis thar an gcuntar a thuilleadh lena dtagraítear do USD LIBOR. Ar an dáta sin, mar sin, ní bheidh aon mhéid ná leachtacht i ndíorthaigh lena dtagraítear do EONIA, GBP LIBOR nó JPY LIBOR agus ní dhéanfaidh contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) na trádálacha sin a imréiteach ach oiread. Ar an dáta céanna sin, níor cheart aon leachtacht ábhartha a bheith i ndíorthaigh lena dtagraítear do USD LIBOR ach oiread. Dá bhrí sin, ní chomhlíonfaidh na haicmí díorthach atá i raon feidhme na hoibleagáide imréitigh faoi láthair agus lena dtagraítear do EONIA, GBP LIBOR nó JPY LIBOR dhá cheann de na coinníollacha a thuilleadh le bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i.e. leibhéal leordhóthanach leachtachta a bheith acu agus a bheith imréitithe ag contrapháirtí lárnach údaraithe nó aitheanta, agus ní chomhlíonfaidh na haicmí díorthach atá i raon feidhme na hoibleagáide imréitigh faoi láthair agus lena dtagraítear do USD LIBOR ceann amháin de na coinníollacha a thuilleadh le bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i.e. leibhéal leordhóthanach leachtachta a bheith acu. Dá bhrí sin, ba cheart na haicmí sin a bhaint as raon feidhme na hoibleagáide imréitigh.

(4)

Tá obair ar bun ag rialtóirí agus ag rannpháirtithe sa mhargadh ar rátaí ionadaithe le haghaidh na n-airgeadraí sin, agus go háirithe ar rátaí nua saor ó riosca a fhorbairt, ar rátaí iad atá in úsáid anois mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais. Go háirithe, cruthaíodh na rátaí saor ó riosca, ráta gearrthéarmach an euro (€STR), an Ráta Urraithe Maoinithe Thar Oíche (SOFR), an Meáninnéacs Steirling Thar Oíche (SONIA) agus Meáninnéacs Thóiceo Thar Oíche (TONA) le haghaidh EUR, USD, GBP agus JPY faoi seach. Maidir leis an margadh díorthach thar an gcuntar go sonrach, ciallaíonn sé anois go bhfuil conarthaí díorthach ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do €STR, SOFR, SONIA agus TONA á dtrádáil ag contrapháirtithe agus á n-imréiteach ag contrapháirtithe lárnacha áirithe.

(5)

Tugadh fógra do ESMA faoi na haicmí díorthach ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do €STR, SOFR, SONIA nó TONA a bhfuil údarú ag contrapháirtithe lárnacha áirithe iad a imréiteach. I gcás gach ceann de na haicmí sin, tá measúnú déanta ag ESMA ar na critéir atá fíor-riachtanach chun iad a chur faoi réir na hoibleagáide imréitigh, lena n-áirítear an leibhéal caighdeánaithe, an méid agus an leachtacht, agus infhaighteacht faisnéise praghsála. Agus laghdú an riosca shistéamaigh ina chuspóir uileghabhálach, tá cinneadh déanta ag ESMA maidir leis na haicmí díorthach ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do chuid de na rátaí saor ó riosca sin ar cheart dóibh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart, dá bhrí sin, na haicmí sin a áireamh i raon feidhme na hoibleagáide imréitigh.

(6)

Go ginearálta, tá tréimhsí difriúla ama de dhíth ar chontrapháirtithe difriúla chun na socruithe is gá a chur i bhfeidhm chun tosú ar a gcuid díorthach ráta úis thar an gcuntar a imréiteach faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Sa chás sin, áfach, bhí am ag na contrapháirtithe ullmhú don aistriú tagarmharcanna agus do scor pleanáilte EONIA, EUR LIBOR, GBP LIBOR nó JPY LIBOR ag deireadh 2021, lena n-áirítear i leith a socruithe imréitigh. I gcás contrapháirtithe atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh cheana féin agus atá ag imréiteach díorthach ráta úis thar an gcuntar a ainmnítear in EUR nó GBP, ní bheidh gá le hathruithe móra, nó ní bheidh gá le hathrú ar bith, ar a gconarthaí imréitigh ná ar a bpróisis imréitigh chun na haicmí lena dtagraítear do na rátaí nua saor ó riosca sna hairgeadraí sin a imréiteach. Go deimhin, nuair atá socruithe imréitigh i bhfeidhm ag contrapháirtithe chun díorthaigh ráta úis thar an gcuntar a ainmnítear in EUR nó GBP a imréiteach, ansin ní gá, chun díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do na rátaí saor ó riosca sna hairgeadraí sin a imréiteach, socruithe imréitigh úrnua a bhunú agus a chur chun feidhme, faoi mar ba ghá nuair a thosaigh siad ag imréiteach na ndíorthach ráta úis thar an gcuntar a ainmnítear sna hairgeadraí sin ar dtús. Ós rud é gur cuid d’ullmhúchán cur chun feidhme níos mó chun aistriú ó EONIA agus LIBOR go tagarmharcanna nua é díorthaigh lena dtagraítear do na rátaí nua saor ó riosca a imréiteach, ní gá céimniú isteach breise a thabhairt isteach chun cur chun feidhme ordúil, tráthúil na hoibleagáide sin a áirithiú. Na hathruithe a rinneadh chun na haicmí nua díorthach ráta úis thar an gcuntar a thabhairt isteach lena dtagraítear do na rátaí saor ó riosca agus a ainmnítear in EUR agus GBP, ba cheart go mbeadh feidhm acu ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)

Tar éis an ráitis chomhpháirtigh ón gCoimisiún, ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ó Mhaoirseacht Bhaincéireachta BCE agus ón Údarás Baincéireachta Eorpach inar moladh go láidir do chontrapháirtithe éirí as aon cheann de shocruithe LIBOR a úsáid mar ráta tagartha i gconarthaí nua a luaithe is indéanta agus in aon chás faoin 31 Nollaig 2021, b’éigean do na contrapháirtithe pleanáil don am nach mbeidís in ann an tagairt USD LIBOR a úsáid, lena n-áirítear i dtaca lena socruithe imréitigh. Na breithnithe céanna sin maidir le cumas contrapháirtithe a bhfuil socruithe imréitigh i bhfeidhm acu chun díorthaigh ráta úis thar an gcuntar a ainmnítear in airgeadra ar leith a imréiteach, na socruithe sin a oiriúnú in aga athluchtaithe sách gairid chun díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do na rátaí saor ó riosca san airgeadra céanna sin a imréiteach, tá feidhm acu sin maidir le USD freisin, ach fágann roinnt eilimintí breise nach bhfuil a gcuid ullmhúchán chomh forbartha céanna le haghaidh USD. Go háirithe, níor chuir na contrapháirtithe lárnacha in iúl go fóill cathain a dhéanfaidh siad na díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do USD LIBOR atá imréitithe faoi láthair a chomhshó go díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do SOFR agus ní léir go fóill ach oiread conas a dhéanfar imréiteach sainordaitheach a oiriúnú sa mhargadh intíre i gcás na ndíorthach sin. Fágann an chastacht bhreise sin go bhfuil níos mó ama ag teastáil ó chontrapháirtithe chun ullmhú le haghaidh oibleagáid imréitigh na ndíorthach ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear don ráta saor ó riosca USD agus dá bhrí sin gur gá céimniú isteach breise a thabhairt isteach chun cur chun feidhme ordúil, tráthúil na hoibleagáide sin a áirithiú. Na hathruithe a rinneadh chun an aicme nua díorthach ráta úis thar an gcuntar a thabhairt isteach lena dtagraítear don ráta saor ó riosca agus a ainmnítear in USD, ba cheart go mbeadh feidhm acu 3 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

Tá scor pleanáilte EONIA, GBP LIBOR agus JPY LIBOR beartaithe do dheireadh 2021 rud a fhágann nach mbeidh sé indéanta díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do na tagarmharcanna sin a thrádáil ná a imréiteach ón 3 Eanáir 2022 ar aghaidh. Ar an gcaoi chéanna, tar éis an ráitis chomhpháirtigh ón gCoimisiún, ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, ó Mhaoirseacht Bhaincéireachta BCE agus ón Údarás Baincéireachta Eorpach inar moladh go láidir do chontrapháirtithe éirí as aon cheann de shocruithe LIBOR a úsáid mar ráta tagartha i gconarthaí nua a luaithe is indéanta agus in aon chás faoin 31 Nollaig 2021, tá coinne leis nach ndéanfaidh contrapháirtithe díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do USD LIBOR a thrádáil ná a imréiteach ón 3 Eanáir 2022 ar aghaidh. Ina ionad sin, ón 3 Eanáir 2022 ar aghaidh, déanfaidh contrapháirtithe díorthaigh eile ráta úis thar an gcuntar a thrádáil nó a imréiteach, go háirithe díorthaigh ráta úis thar an gcuntar lena dtagraítear do rátaí saor ó riosca. Ba cheart, mar sin, don Rialachán seo teacht i bhfeidhm gan mhoill tar éis a fhoilsithe.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 a leasú dá réir sin.

(10)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe.

(11)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ESMA maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus chuaigh sé i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2205 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír 1a agus an mhír 1b seo a leanas:

“1a.   De mhaolú ar mhír 1, maidir le conarthaí a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn i rónna D.4.1, D.4.2 de Thábla 4, gabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh na gconarthaí sin ar an 18 Bealtaine 2022.

1b.   De mhaolú ar mhír 1, maidir le conarthaí a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn i rónna D.4.3 de Thábla 4, gabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh le haghaidh na gconarthaí sin ar an 18 Lúnasa 2022.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“De mhaolú ar mhír 1, mír 1a agus mír 1b, maidir le conarthaí a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn agus a thugtar i gcrích idir contrapháirtithe atá ina gcuid den ghrúpa céanna agus i gcás ina bhfuil contrapháirtí amháin bunaithe i dtríú tír agus ina bhfuil an contrapháirtí eile bunaithe san Aontas, gabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh ar an:

(a)

30 Meitheamh 2022 i gcás nár glacadh cinneadh coibhéise de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i leith an tríú tír ábhartha;

(b)

an dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas i gcás gur glacadh cinneadh coibhéise de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i leith an tríú tír ábhartha:

(i)

60 lá tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh coibhéise a glacadh de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun críocha Airteagal 4 den Rialachán sin lena gcumhdaítear na conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i leith an tríú tír ábhartha;

(ii)

an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh de bhun mhír 1.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 1a, 1b agus 2, maidir le conarthaí a bhaineann le haicme díorthach thar an gcuntar a leagtar amach san Iarscríbhinn, gabhfaidh éifeacht leis an oibleagáid imréitigh ón 18 Feabhra 2022 ar aghaidh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níor gníomhachtaíodh an oibleagáid imréitigh faoin 18 Feabhra 2021;

(b)

déantar na conarthaí a nuachan chun contrapháirtí atá bunaithe i mBallstát a chur in ionad an chontrapháirtí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus chun na críche sin amháin.”

(2)

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/2205 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na hoibleagáide imréitigh (IO L 314, 1.12.2015, lch. 13).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Aicmí díorthach ráta úis thar an gcuntar faoi réir na hoibleagáide imréitigh

Tábla 1

Aicmí bonnbhabhtálacha

Aitheantas

Cineál

Innéacs Tagartha

Airgeadra Socraíochta

Aibíocht

Cineál Airgeadra Socraíochta

Roghnaíocht

Cineál Barúlach

A.1.1

Bonn

Euribor

EUR

28D-50Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach


Tábla 2

Aicmí babhtálacha ráta úis seasta-go-comhlúthach

Aitheantas

Cineál

Innéacs Tagartha

Airgeadra Socraíochta

Aibíocht

Cineál Airgeadra Socraíochta

Roghnaíocht

Cineál Barúlach

A.2.1

Seasta-go-comhlúthach

Euribor

EUR

28D-50Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach


Tábla 3

Aicmí comhaontuithe ar réamhráta (FRA)

Aitheantas

Cineál

Innéacs Tagartha

Airgeadra Socraíochta

Aibíocht

Cineál Airgeadra Socraíochta

Roghnaíocht

Cineál Barúlach

A.3.1

FRA

Euribor

EUR

3D-3Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach


Tábla 4

Aicmí babhtálacha innéacsanna thar oíche (OIS)

Aitheantas

Cineál

Innéacs Tagartha

Airgeadra Socraíochta

Aibíocht

Cineál Airgeadra Socraíochta

Roghnaíocht

Cineál Barúlach

A.4.2

OIS

FedFunds

USD

7D-3Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach

D.4.1

OIS

€STR

EUR

7D-3Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach

D.4.2

OIS

SONIA

GBP

7D-50Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach

D.4.3

OIS

SOFR

USD

7D-3Y

Airgeadra aonair

Gan roghnaíocht

Seasmhach nó athraitheach


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/751 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Bealtaine 2022

maidir le neamh-fhormheas na substainte gníomhaí clóraipicrin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Nollaig 2014, chuir an Grúpa Eorpach um Chlóraipicrin (ECG) iarratas faoi bhráid na Ríochta Aontaithe (‘an Ballstát is rapóirtéir’) ar fhormheas na substainte gníomhaí clóraipicrin de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

De bhun Airteagal 9(3) den Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 18 Meitheamh 2014 thug an Ballstát is rapóirtéir fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) faoi inghlacthacht an iarratais.

(3)

I gcás na substainte gníomhaí sin, rinneadh measúnú ar na tionchair ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol, de bhun Airteagal 11(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, maidir leis an úsáid atá beartaithe ag an iarratasóir. Chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis an 12 Nollaig 2017.

(4)

De bhun Airteagal 12(1) den Rialachán sin, rinne an tÚdarás an dréacht-tuarascáil mheasúnachta a fuarthas ón mBallstát is rapóirtéir a dháileadh ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile, agus d’eagraigh sé comhairliúchán poiblí uirthi.

(5)

De bhun Airteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr an tÚdarás ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás.

(6)

Le linn an phróisis athbhreithnithe piaraí, tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ghlac an Iodáil freagracht na substainte gníomhaí sin ar an mBallstát is rapóirtéir i mí an Mheithimh 2019.

(7)

An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát ba rapóirtéir, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é i bhformáid dréacht-tuarascáil mheasúnachta nuashonraithe.

(8)

D’athbhreithnigh na Ballstáit agus an tÚdarás an dréacht-tuarascáil mheasúnachta. Chuir an tÚdarás a chonclúid (2) maidir leis an measúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach clóraipicrin faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Eanáir 2020.

(9)

Is éard a chuir an tÚdarás in iúl de chonclúid, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil, nach bhféadfadh sé an measúnú riosca a thabhairt chun críche i gcás tomhaltóirí, oibreoirí, oibrithe, daoine a bhí ar an láthair, lucht cónaithe agus shainaithin sé ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann faoin screamhuisce, faoi mhacra-orgánaigh ithreach, miocrorgánaigh agus d’artrapóid ithreach nach spriocartrapóid atá iontu.

(10)

Ina theannta sin, ní fhéadfaí measúnú ar na rioscaí d’orgánaigh uisceacha, do bheacha, d’artrapóid a mhaireann faoin duilliúr nach spriocartrapóid iad, do phéisteanna talún agus do phlandaí talún nach spriocphlandaí talún iad a thabhairt chun críche.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i leith na dréacht-tuarascála athbhreithniúcháin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(12)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht-Rialachán maidir le neamh-fhormheas na substainte gníomhaí clóraipicrin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 22 Deireadh Fómhair 2021. Thug an Coimisiún faoi deara nach bhféadfaí ábhair imní a shainaithin an tÚdarás a dhíchur, agus dá bhrí sin nach bhféadfaí a bhaint de chonclúid as go bhfuil na critéir formheasa á gcomhlíonadh.

(13)

I litir dar dáta an 18 Eanáir 2022, tharraing an t-iarratasóir siar a iarratas ar fhormheas ar chlóraipicrin. Dá bhrí sin, níor cheart clóraipicrin a fhormheas.

(14)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach clóraipicrin a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-fhormheas na substainte gníomhaí

Níl formheas á dhéanamh ar an tsubstaint ghníomhach clóraipicrin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán, agus is Rialachán é a bheidh infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(3):6028, Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance chloropicrin [Conclúid faoin athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach clóraipicrin]. doi:10.2903/j.efsa.2020.6028.


CINNTÍ

17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/13


CINNEADH (AE) 2022/752 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE maidir le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27(1) de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Feabhra 2022 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis na hiniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige (ECB/2022/3) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe BCE agus arna formheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha ar Bhanc na Gréige, Deloitte Certified Public Accountants S.A., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2021. Tá sé riachtanach, mar sin, iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2022.

(3)

Tá Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. roghnaithe ag Banc na Gréige mar iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2022 go 2026, agus rogha ann síneadh a chur leis an sainordú do na blianta airgeadais 2027 agus 2028.

(4)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE go gceapfaí Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. mar iniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige do na blianta airgeadais 2022 go 2026, agus rogha ann síneadh a chur leis an sainordú do na blianta airgeadais 2027 agus 2028.

(5)

Tar éis an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE (2) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

‘12.   Leis seo, formheastar Ernst & Young (Hellas) Certified Auditors Accountants S.A. mar iniúchóirí seachtracha ar Bhanc na Gréige do na blianta airgeadais 2022 go 2026.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Is chuig an mBanc Ceannais Eorpach a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO C 102, 2.3.2002. lch. 1.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 maidir le hiniúchóirí seachtracha ar na bainc cheannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69).


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/15


CINNEADH (CBES) 2022/753 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/938 mar thaca le próiseas tógála muiníne lena mbunófaí limistéar sa Mheánoirthear a bheadh saor ó airm núicléacha agus ó na hairm ollscriosta eile ar fad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 6 Meitheamh 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/938 (1).

(2)

Le Cinneadh (CBES) 2019/938 rinneadh foráil maidir le tréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de, ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.

(3)

D’iarr an Comhpháirtí cur chun feidhme, Institiúid na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an Dí-armáil, go gcuirfí síneadh 12 mhí le tréimhse cur chun feidhme sin go dtí an 10 Iúil 2023, i bhfianaise na moille ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2019/938 i ngeall ar thionchar phaindéim COVID-19.

(4)

Maidir le leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/938 go dtí an 10 Iúil 2023, níl aon impleacht aici sin a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais go dtí an 10 Iúil 2023.

(5)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/938 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gCinneadh (CBES) 2019/938, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

“2.   Rachaidh sé in éag an 10 Iúil 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/938 ón gComhairle an 6 Meitheamh 2019 mar thaca le próiseas tógála muiníne lena mbunófaí limistéar sa Mheánoirthear a bheadh saor ó airm núicléacha agus ó na hairm ollscriosta eile ar fad (IO L 149, 7.6.2019, lch. 63).


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/16


CINNEADH (CBES) 2022/754 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/797 (1).

(2)

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2019/797 go dtí an 18 Bealtaine 2022. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur le bailíocht an Chinnidh sin go dtí an 18 Bealtaine 2025 agus ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 18 Bealtaine 2023.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/797 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2019/797:

“Airteagal 10

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 18 Bealtaine 2025 agus coinneofar faoi athbhreithniú leanúnach é. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 a mhéid a bhaineann leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, go dtí an 18 Bealtaine 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129I 17.5.2019, lch. 13).


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/17


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/755 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/740 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/740 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin Theas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/449/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/740.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh (CBES) 2015/740, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní II a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Tháinig an Chomhairle ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh duine amháin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740 a choinneáil ar bun agus gur cheart an iontráil don duine sin a nuashonrú agus a athuimhriú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/740 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 117, 8.5.2015, lch. 52.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/740, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“1.

Michael MAKUEI LUETH

Dáta breithe: 1947

Áit bhreithe: Bor, an tSúdáin (an tSúdáin Theas anois),

Inscne: fireann

Tá Michael Makuei Lueth sa phost mar Aire Faisnéise agus Craolacháin ó 2013 i leith agus tá sé fós sa phost sin i Rialtas Idirthréimhseach na hAontachta Náisiúnta. Bhí sé ina urlabhraí poiblí freisin do thoscaireacht an rialtais chuig cainteanna síochána an Údaráis Idir-rialtasaigh Forbartha ó 2014 go 2015 agus ó 2016 go 2018.

Tá bac curtha ag Makuei ar an bpróiseas polaitiúil sa tSúdáin Theas, go háirithe trí bhac a chur, le ráitis phoiblí ghríosaitheacha, ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Réiteach na Coinbhleachta sa tSúdáin Theas (ARCSS) i mí Lúnasa 2015 (ar cuireadh ina ionad i mí Mheán Fómhair 2018 an ‘ARCSS athbheoite’ (R-ARCSS)), trí bhac a chur ar obair Choimisiún Comhpháirteach Faireacháin agus Meastóireachta ARCSS (JMEC) a athainmníodh ‘JMEC athdhéanta’ faoin R-ARCSS, agus trí bhac a chur ar bhunú Institiúidí Ceartais Idirthréimhsigh ARCSS dá bhforáiltear in R-ARCSS. Chuir sé bac freisin ar oibríochtaí Fhórsa Cosanta Réigiúnach na Náisiún Aontaithe.

Tá Makuei freagrach freisin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear srianta ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh.

3.2.2018”


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/19


CINNEADH (AE) 2022/756 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meán Fómhair 2021

maidir le bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021)6990)

(Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na forála nó na bhforálacha atá luaite thuas (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 6 Lúnasa 1999, chinn an Coimisiún an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) a thionscnamh i leith na cabhrach arna híoc ar bhonn na gconarthaí seirbhíse poiblí tosaigh (“na Coinbhinsiúin tosaigh”) leis na sé chuideachta a bhí mar chuid de Ghrúpa Tirrenia ag an am (2).

(2)

Le linn chéim an imscrúdaithe, d’iarr údaráis na hIodáile go roinnfí cás Ghrúpa Tirrenia, ionas go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do theacht ar chinneadh críochnaitheach maidir le Tirrenia di Navigazione (“Tirrenia”) amháin. Rinneadh an iarraidh sin de bharr an phlean a bhí ag údaráis na hIodáile an Grúpa a phríobháidiú, ag tosú le Tirrenia, agus mar gheall ar an rún a bhí acu luas a chur faoin bpróiseas i ndáil leis an gcuideachta sin.

(3)

D’aontaigh an Coimisiún leis an iarraidh a rinne údaráis na hIodáile, agus le Cinneadh 2001/851/CE ón gCoimisiún (3) chuir sé clabhsúr leis an nós imeachta a tionscnaíodh i leith na cabhrach arna deonú do Tirrenia (“Cinneadh 2001”). Dearbhaíodh go raibh an chabhair comhoiriúnach faoi réir gealltanas áirithe a thug údaráis na hIodáile.

(4)

Le Cinneadh 2005/163/CE ón gCoimisiún (4) (“Cinneadh 2004”), dhearbhaigh an Coimisiún go raibh cuid den chúiteamh a deonaíodh do chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia seachas Tirrenia (5) comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, go raibh cuid de comhoiriúnach ar choinníoll gur tugadh urraim do ghealltanais áirithe a thug údaráis na hIodáile, agus go raibh cuid de comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Bhí an cinneadh bunaithe ar shonraí cuntasaíochta ó na blianta 1992 go 2001 agus áiríodh leis coinníollacha chun comhoiriúnacht an chúitimh a áirithiú ar feadh achar iomlán na gCoinbhinsiún tosaigh (i.e., go dtí 2008).

(5)

Le breithiúnas an 4 Márta 2009 sna cásanna T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 (6) (“Cinneadh 2009”) chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh 2004 ar neamhní.

(6)

Le Cinneadh C(2011)6961 uaidh (“Cinneadh 2011”) (7), chuir an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil i leith bearta éagsúla arna nglacadh ag an Iodáil i bhfabhar chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia ar bun an 5 Deireadh Fómhair 2011. Bhain an t-imscrúdú inter alia leis na gcúiteamh a deonaíodh do Saremar – Sardegna Regionale Marittima (“Saremar”) chun roinnt bealaí muirí a oibriú ón 1 Eanáir 2009 agus le roinnt beart eile a deonaíodh don chuideachta sin.

(7)

Foilsíodh Cinneadh 2011 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt faoi na bearta faoi imscrúdú.

(8)

Chuir an Coimisiún síneadh leis an nós imeachta imscrúdaithe an 7 Samhain 2012inter alia i leith bearta breise tacaíochta áirithe arna ndeonú ag Réigiún na Sairdíne do Saremar. Ghlac an Coimisiún leagan leasaithe (8) den Chinneadh sin an 19 Nollaig 2012 (Cinneadh C(2012) 9452 ón gCoimisiún, “Cinneadh 2012”).

(9)

Foilsíodh Cinneadh 2012 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (9). D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt faoi na bearta faoi imscrúdú.

(10)

I litir an 14 Bealtaine 2013, d’iarr Réigiún na Sairdíne ar an gCoimisiún na bearta maidir le Saremar a dheighilt ón nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a cuireadh ar bun le Cinneadh 2011 agus Cinneadh 2012 agus tosaíocht a thabhairt do na bearta sin, go háirithe i bhfianaise phríobháidiú na cuideachta a bhí ar tí tarlú.

(11)

D’aontaigh an Coimisiún leis an iarraidh a rinne údaráis na Sairdíne agus, trí Chinneadh (AE) 2018/261 ón gCoimisiún (10) (“Cinneadh 2014”), chuir sé clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil i dtaca le bearta áirithe arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar. As na cúig bheart a ghlac Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar, rinneadh measúnú ar cheithre cinn acu i gCinneadh 2014, agus ba é tionscadal “Bonus Sardo – Vacanza” an eisceacht sa chás sin (féach aithris (29) den Chinneadh seo).

(12)

Thionscain Saremar agus Réigiún na Sairdíne gníomhaíochtaí chun Cinneadh 2014 a neamhniú sa Chúirt Ghinearálta. Dhíbh an Chúirt Ghinearálta na gníomhaíochtaí sin lena Breithiúnais an 6 Aibreán 2017 i gCás T-219/14 (11) agus i gCás T-220/14 (12). Ní dhearna Saremar ná Réigiún na Sairdíne achomharc a thaisceadh i leith na mbreithiúnas sin, ar breithiúnais chríochnaitheacha anois iad.

(13)

Le Cinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún (13), thug an Coimisiún an t-imscrúdú ar chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia seachas Tirrenia i gcrích le haghaidh na tréimhse 1992-2008. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chabhair a bhí ann cheana a bhí sa chabhair a deonaíodh chun seirbhísí iompair cabatáiste muirí a sholáthar, fad agus a bhí an chabhair a deonaíodh chun seirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta a sholáthar comhoiriúnach le Creat 2011 um sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEI”) (“Creat SGEI 2011”) (14).

(14)

Le Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún (15), chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis na bearta a deonaíodh do Tirrenia agus dá fhaighteoir CIN, don tréimhse 2009-2020.

(15)

Le Cinneadh (AE) 2021/4268 ón gCoimisiún (16) agus Cinneadh (AE) 2021/4271 ón gCoimisiún (17), chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis na bearta a deonaíodh do Siremar agus do Toremar agus dá bhfaighteoirí, le haghaidh na tréimhse ó 2009 ar aghaidh.

(16)

Ní bhaineann an Cinneadh seo ach le bearta i bhfabhar Saremar a sainaithníodh i gCinneadh 2011 agus i gCinneadh 2012 ar bearta iad nár cumhdaíodh le Cinneadh 2014, mar a mhínítear in aithrisí (28) agus (29). Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar na bearta uile atá faoi réir Chinneadh 2011 agus Chinneadh 2012, faoi chás-uimhreacha SA.32014, SA.32015 agus SA.32016, agus déanfaidh sé amhlaidh i gcinntí ar leithligh. Go háirithe, baineann na bearta sin uile atá fágtha le cuideachtaí eile iar-Ghrúpa Tirrenia (i.e. Caremar, Laziomar, Saremar agus Toremar).

2.   Cúlra agus tuairisc ar na bearta atá faoi réir imscrúdaithe

2.1.   Cúlra

2.1.1.   Na Coinbhinsiúin tosaigh

(17)

Ba le Stát na hIodáile tríd an gcuideachta Finanziaria per i Settori Industriale e dei Servizi S.p.A (“Fintecna”) (18) Grúpa Tirrenia ar dtús agus bhí sé chuideachta i gceist leis, is iad sin Tirrenia, Adriatica, Caremar, Saremar, Siremar agus Toremar. Sholáthair na cuideachtaí sin seirbhísí iompair mhuirí faoi chonarthaí seirbhíse poiblí ar leithligh a tugadh i gcrích in 1991 le Stát na hIodáile, agus a bhí i bhfeidhm ar feadh scór bliain idir mí Eanáir 1989 agus mí na Nollag 2008 (na Coinbhinsiúin tosaigh). Bhí 100 % de scairchaipiteal Tirrenia ag Fintecna. Bhí úinéireacht iomlán ag Tirrenia ar Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (le chéile, “na cuideachtaí réigiúnacha”). Rinne Adriatica, a bhíodh ag feidhmiú roinnt bealaí idir an Iodáil agus an Albáin, an Chróit, an Ghréig agus Montainéagró, cónascadh le Tirrenia in 2004.

(18)

Ba é cuspóir na gCoinbhinsiún tosaigh tráthrialtacht agus iontaofacht líon mór seirbhísí iompair mhuirí a ráthú, seirbhísí a nascfadh mórthír na hIodáile leis an tSicil, leis an tSairdín agus le hoileáin eile de chuid na hIodáile atá níos lú, go príomha. Chuige sin, dheonaigh Stát na hIodáile tacaíocht airgeadais i bhfoirm fóirdheontas a íocadh go díreach le gach ceann de chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia.

(19)

D’oibrigh Saremar naisc chabatáiste áirithe, de chineál áitiúil amháin, idir an tSairdín agus na hoileáin soir ó thuaidh agus siar ó dheas uaithi, agus nasc idirnáisiúnta leis an gCorsaic, faoin gCoinbhinsiún tosaigh leis an Stát.

2.1.2.   Fadú na gCoinbhinsiún tosaigh

(20)

Fadaíodh na Coinbhinsiúin tosaigh, lena n-áirítear an ceann ab infheidhme maidir le Siremar, 3 huaire.

(21)

Ar dtús, le hAirteagal 26 de Dhlí Foraithne Uimh. 207 an 30 Nollaig 2008 (“Dlí Foraithne 207/2008”), a tiontaíodh i nDlí Uimh. 14 an 27 Feabhra 2009, lenar leagadh síos fadú na gCoinbhinsiún tosaigh, a bhí ar tí dul in éag ar dtús an 31 Nollaig 2008, go dtí an 31 Nollaig 2009.

(22)

Ansin, le hAirteagal 19 de Dhlí Foraithne Uimh. 135 an 25 Meán Fómhair 2009 (“Dlí Foraithne 135/2009”), a tiontaíodh i nDlí Uimh. 166 an 20 Samhain 2009 (“Dlí 2009”), inar leagadh síos, i bhfianaise phríobháidiú chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia, go ndéanfaí scairsheilbhe na gcuideachtaí réigiúnacha, gan Siremar san áireamh, a aistriú ón máthairchuideachta Tirrenia, mar a leanas:

(a)

Caremar chuig Réigiún Campania. Ina dhiaidh sin, d’aistrigh Réigiún Campania an gnóthas leantach lenar feidhmíodh na naisc iompair le hoileánra Pontino le Réigiún Lazio (agus ag bunú Laziomar dá réir sin) (19);

(b)

Saremar chuig Réigiún na Sairdíne;

(c)

Toremar chuig Réigiún na Tuscáine.

(23)

Sonraíodh i nDlí 2009 freisin go ndéanaí na “Coinbhinsiúin” nua a chomhaontú idir Stát na hIodáile agus Tirrenia agus Siremar faoin 31 Nollaig 2009. Mar an gcéanna, dhéanfaí na seirbhísí réigiúnacha a chumhdach i gconarthaí nua seirbhíse poiblí, a bheadh le comhaontú idir Saremar, Toremar, agus Caremar agus na húdaráis réigiúnacha faoi seach faoin 31 Nollaig 2009 (an tSairdín agus an Tuscáin) agus an 28 Feabhra 2010 (Campania agus Lazio). Dhéanfaí na Coinbhinsiúin nó na Conarthaí Seirbhíse Poiblí nua a chur chun tairisceana in éineacht leis na cuideachtaí iad féin. Shíneodh úinéirí nua gach ceann de na cuideachtaí sin an Coinbhinsiún nó an Conradh Seirbhíse Poiblí faoi seach. (20)

(24)

Chuige sin, le Dlí 2009, cuireadh fadú breise leis na Coinbhinsiúin tosaigh (lena n-áirítear an ceann is infheidhme maidir le Toremar) ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2010.

(25)

Ar deireadh, i nDlí Uimh. 163 an 1 Deireadh Fómhair 2010 lenar tiontaíodh Dlí Foraithne Uimh. 125 an 5 Lúnasa 2010 (“Dlí 2010”), leagadh síos fadú breise na gCoinbhinsiún tosaigh, lena n-áirítear an ceann ab infheidhme maidir le Siremar, ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí gur tugadh próisis phríobháidithe Tirrenia agus Siremar chun críche.

2.1.3.   Cur chun feidhme Chinneadh 2014

(26)

Le Cinneadh 2014 uaidh, dhearbhaigh an Coimisiún go raibh dhá bheart cabhrach a deonaíodh do Saremar neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, agus suíodh nach Státchabhair a bhí in dhá bheart eile de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Sa chomhthéacs sin, d’ordaigh an Coimisiún go n-aisghabhfaí:

(a)

EUR 10 milliún de chúiteamh a íocadh le Saremar as dhá bhealach bhreise a oibriú a nasc an tSairdín leis an mórthír;

(b)

athchaipitliú beartaithe dar luach EUR 6 099 961 (ar íocadh EUR 824 309,69 de le Saremar cheana).

(27)

Tá Cinneadh 2014 curtha chun feidhme ag an Iodáil, fiú má tá nósanna imeachta áirithe fós ar feitheamh tráth a ghlactar an cinneadh seo. Go háirithe:

(a)

I litir dar dáta an 10 Aibreán 2015, thuairiscigh údaráis na hIodáile gur rialaigh Tribunale di Cagliari an 15 Eanáir 2015 go ligfí Saremar isteach i nós imeachta concordato preventivo. Ba é ab aidhm don nós imeachta sócmhainní uile Saremar a dhíol agus éilimh na gcreidiúnaithe a shásamh, gan aon leanúnachas gníomhaíochtaí gnó a bheith ag Saremar tar éis dáta ar leith (an 31 Nollaig 2015 a socraíodh i dtosach). Bhí na héilimh Státchabhrach cláraithe ag an rangú iomchuí agus bhí ús aisghabhála fabhraithe curtha san áireamh go dtí 1 Iúil 2014 ar EUR 11 131 231,60. Is é an dáta deireanach sin an dáta a d’iarr Saremar go ligfí isteach i nós imeachta concordato preventivo é, ar nós imeachta é, de réir dhlí na hIodáile, a chuireann stad le fabhrú úis (21);

(b)

I litir dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2015, chuir údaráis na hIodáile an Coimisiún ar an eolas go raibh díolachán shoithí Saremar agus sannadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí arna n-oibriú ag Saremar le cur amach ar tairiscintí ar leithligh. Sheol siad an foraithne freisin a d’eisigh Tribunale di Cagliari an 22 Iúil 2015 inar bailíochtaíodh an concordato preventivo (dá ngairtear ‘omologazione’) agus chuir siad an Coimisiún ar an eolas go raibh ocht léiriú spéise faighte i leith longa Saremar. I litir dar dáta an 21 Eanáir 2016, dheimhnigh údaráis na hIodáile go leanfadh Saremar air ag oibriú go dtí an 31 Márta 2016 agus go dtí an dáta sin amháin. Thuairiscigh siad freisin gur díoladh longa Saremar leis an gcuideachta Delcoservizi Srl (“Delcoservizi”), agus go raibh an t-aistriú iarbhír le tarlú faoin 30 Aibreán 2016 agus go raibh an nós imeachta chun an conradh seirbhíse poiblí a dheonú fós ar siúl agus go bhfuarthas dhá léiriú spéise ina leith;

(c)

I litir dar dáta an 19 Bealtaine 2016, thuairiscigh údaráis na hIodáile gur deonaíodh an conradh seirbhíse poiblí don chuideachta Delcomar Srl (“Delcomar”). Dá réir sin, stad Saremar de naisc iompair mhuirí ar bith a oibriú an 31 Márta 2016 agus, ón 1 Aibreán 2016, tá Delcomar ag oibriú na seirbhíse poiblí. Chuir údaráis na hIodáile an Coimisiún ar an eolas freisin gur i ndiaidh aistriú shócmhainní Saremar, a tharla freisin an 31 Márta 2016, d’ordaigh Comhairle Réigiúnach na Sairdíne leachtú Saremar le Cinneadh Uimh. 24/23 an 22 Aibreán 2016 uaithi. Sa chinneadh sin, thug an Chomhairle Réigiúnach dá aire nach raibh aon chuspóir ag an gcuideachta a thuilleadh toisc gur scoir sí dá gníomhaíochtaí uile an 31 Márta 2016 agus gur gá í a leachtú, agus go raibh leachtaitheoir nua ceaptha ag an Réigiún;

(d)

I litir dar dáta an 20 Iúil 2016, chuir údaráis na hIodáile an Coimisiún ar an eolas nach bhféadfaí ach EUR 4 452 226,42 a shannadh do na héilimh Státchabhrach (thart ar 40 % de na méideanna dlite), bunaithe ar na cistí a fuarthas ó leachtú shócmhainní Saremar agus ar sceideal na ndliteanas. Thairis sin, dheimhnigh siad go raibh Saremar ag scaoileadh lena fhoireann ar fad agus go mbainfí de chlár na gcuideachtaí é tráth a bheadh a leachtú críochnaithe, agus nach raibh aon nasc de chineál ar bith ann idir díoltóir (Saremar) agus ceannaitheoir (Delcoservizi) na sócmhainní. Ar deireadh, chuir údaráis na hIodáile fianaise ar fáil i litir dar dáta an 17 Iúil 2017 d’íocaíocht EUR 4 452 226,42 ó leachtaitheoirí Saremar leis an Réigiún.

2.2.   Bearta i raon feidhme Chinntí 2011 agus 2012

(28)

Bhí na bearta seo a leanas faoi réir measúnúcháin sa nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a cuireadh ar bun le Cinntí 2011 agus 2012:

(1)

Cúiteamh chun SGEI a sholáthar faoi fhadú na gCoinbhinsiún tosaigh (beart 1);

(2)

Fadú neamhdhleathach an chúnaimh tarrthála do Tirrenia agus Siremar (beart 2);

(3)

Príobháidiú chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia (22) (beart 3);

(4)

Cúiteamh a íocadh chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a fheidhmiú faoi na Coinbhinsiúin/Conarthaí Seirbhíse Poiblí amach anseo (beart 4);

(5)

An tosaíocht feistithe (beart 5);

(6)

Na bearta arna leagan síos le Dlí 2010 (beart 6);

(7)

Cúig bheart bhreise arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (beart 7).

(29)

Le Cinneadh 2014 uaidh, chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir le ceithre cinn de na cúig bheart a ghlac Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar, dá dtagraítear thuas mar Bheart 7. Níor chuir sé clabhsúr, áfach, leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis an gcúigiú beart: tionscadal Bonus Sardo – Vacanza (23). Dá bhrí sin, maidir le Saremar, níl seasamh glactha ag an gCoimisiún go fóill i leith chomhoiriúnacht bhearta 1, 3, 4, 5, 6 agus thionscadal Bonus Sardo – Vacanza leis an margadh inmheánach.

3.   Leachtú an tairbhí agus easpa leanúnachais eacnamaíoch

(30)

Meabhraíonn an Coimisiún gur ceapadh an córas grinnscrúdaithe ex ante a dhéanann an Coimisiún ar bhearta cabhrach nua dá bhforáiltear in Airteagal 108(3) CFAE chun go seachnófaí deonú cabhrach nach bhfuil comhoiriúnach leis an margadh inmheánach (24). A mhéid a bhaineann sé le cabhair neamh-chomhoiriúnach, tá an Chúirt tar éis a chinneadh go comhsheasmhach gurb é is aidhm do chumhacht an Choimisiúin a iarraidh ar na Ballstáit cabhair a aisghabháil a mheasann an Coimisiún a bheith neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach ná an saobhadh iomaíochta dár thairbhigh an tairbhí de dheasca buntáiste iomaíoch a bhaint, ionas go n-athbhunófar dá réir an staid a bhí ann sular íocadh an chabhair sin (25). Mura bhfuil cuideachta in ann an chabhair a aisíoc, ceanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann, de bharr chur chun feidhme na haisghabhála, leachtú na cuideachta (26) a chur faoi deara, i.e. scor a gníomhaíochtaí agus díol a sócmhainní faoi dhálaí an mhargaidh.

(31)

I bhfocail eile, is é príomhsprioc an chórais rialaithe Státchabhrach deonú cabhrach neamh-chomhoiriúnaí a chosc. Mar thoradh air sin, má shaobhtar iomaíocht sa mhargadh inmheánach de dheasca eisíocaíocht cabhrach Stáit neamhdhleathaí agus neamh-chomhlíontaí, ní mór a áirithiú go n-athbhunaítear an staid a bhí ann sular tharla an saobhadh iomaíochta sin, trí leachtú an tairbhí, más gá.

(32)

Ina fhianaise sin, tugann an Coimisiún dá aire go dtagraítear sna bearta atá ar feitheamh fós a shainaithnítear in aithrisí (28) agus (29) do Saremar, atá faoi leachtú anois, (beart 1 agus beart Bonus Sardo Vacanza), nó do chomharbaí Saremar i ndiaidh a phríobháidithe (bearta 3 agus 4), nó don dá cheann acu (bearta 5 agus 6). Níor tharla príobháidiú Saremar mar a tugadh tuairisc air ná mar a rinneadh measúnú air in aithrisí (149) agus (150), in aithrisí (238)-(246) agus in aithrisí (305) agus (306) de Chinneadh 2012, áfach. Ina ionad sin, rinneadh Saremar a leachtú agus cuireadh a shócmhainní agus an conradh seirbhíse poiblí amach chun tairisceana faoi thairiscintí ar leithligh.

(33)

Faoi dhlí na hIodáile (27), a luaithe a théann cuideachta faoi leachtú, díoltar a sócmhainní agus aistrítear fáltais an díolacháin chuig a creidiúnaithe de réir rangú a n-éileamh i sceideal na ndliteanas. Ina fhianaise sin, ní mór don Choimisiún a shuí i dtosach cibé acu atá nó nach bhfuil cuspóir fós ag gabháil le leanúint leis an imscrúdú i leith Saremar. Mura bhfuil cuspóir ag gabháil leis, is gá don Choimisiún a shuí cibé a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh leanúnachas eacnamaíoch a bheith ann idir Saremar agus cuideachtaí ar bith eile, bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

(34)

Maidir le Saremar, tugann an Coimisiún faoi deara go ndeachaigh Saremar i mbun concordato preventivo an 15 Eanáir 2015, i ndiaidh Chinneadh 2014, agus gur ceapadh leachtaitheoir. Is nós imeachta é an concordato preventivo faoi dhlí na hIodáile arb é is aidhm dó leanúnachas gníomhaíochtaí gnó a áirithiú. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur cuireadh an chuideachta faoi concordato preventivo con cessione dei beni, i.e. nós imeachta leachtaithe a chomhaontaítear leis na creidiúnaithe chun sócmhainní na cuideachtaí a dhíol agus críoch a chur lena gnó, agus gan ach leanúnachas sealadach gníomhaíochta ag baint leis. Is breitheamh a dhéanann maoirseacht ar an nós imeachta sin ar gá dó nó di an comhaontú idir na creidiúnaithe a bhailíochtú. Sa chás seo, tugann an Coimisiún dá aire gur bhailíochtaigh Tribunale di Cagliari an comhaontú idir creidiúnaithe Saremar an 22 Iúil 2015, ina raibh leanúnachas gníomhaíochtaí ann go dtí an 31 Nollaig 2015 (féach aithris (27)). Dá bhrí sin, breithníonn an Coimisiún gur tugadh le fios sa nós imeachta a roghnaíodh go n-imeodh Saremar ón margadh ag deireadh an nós imeachta.

(35)

Go deimhin, tugann an Coimisiún dá aire gur scoir Saremar dá chuid gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile an 31 Márta 2016 (féach aithris (27)), lena n-áirítear a sheirbhísí farantóireachta ar bhealaí a oibríodh ar bhonn conradh seirbhíse poiblí. Cuireadh an conradh seirbhíse poiblí ar iontaoibh Delcomar an t-am sin. An tráth céanna, díoladh a shoithí leis an gcuideachta Delcoservizi. I ndiaidh dhíolachán shócmhainní Saremar, d’ordaigh Comhairle Réigiúnach na Sairdíne an 22 Aibreán 2016 leachtú Saremar le Cinneadh Uimh. 24/23 uaithi.

(36)

Ina theannta sin, chuir an Iodáil Cinneadh 2014 chun feidhme mar is ceart, cé go raibh moill ar an gcur chun feidhme sin. Cláraíodh an t-éileamh Státchabhrach dar luach EUR 10 824 309,69, móide ús aisghabhála, go hiomchuí ar sceideal dliteanas na cuideachta. As an méid sin, níorbh fhéidir ach thart ar EUR 4.4 mhilliún a íoc leis an Iodáil i ndiaidh dhíolachán shócmhainní Saremar. Mar sin féin, toisc gur tharla leachtú Saremar mar thoradh ar imeachtaí dócmhainneachta Saremar agus toisc nach bhfuil gníomhaíochtaí ar bith á n-oibriú ag an gcuideachta níos mó (28), chuir an Coimisiún clabhsúr go sealadach leis an nós imeachta aisghabhála i litir dar dáta an 13 Meán Fómhair 2017 a seoladh chuig an Iodáil.

(37)

Bunaithe ar an méid a luaitear thuas, tugann an Coimisiún dá aire nár oibrigh Saremar aon ghníomhaíocht eacnamaíoch le breis aguss 5 bliana anuas anois, gur díoladh a chuid sócmhainní, gur scaoil sé lena chuid fostaithe, agus go mbainfear de chlár na gcuideachtaí é nuair a chríochnófar an nós imeachta leachtaithe. Tráth a scoir Saremar dá chuid gníomhaíochtaí, tháinig deireadh le haon saobhadh iomaíochta féideartha nó le haon éifeacht fhéideartha ar thrádáil a tharla de dheasca na mbeart dá dtagraítear in aithrisí (28) agus (29). Thairis sin, níor sásaíodh an t-éileamh aisghabhála ó Chinneadh 2014 ach go páirteach fós (thart ar 40 % den mhéid a bhí dlite, féach aithrisí (27) agus (36)).

(38)

Ina fhianaise sin, tugann an Coimisiún dá aire gur baineadh amach cheana an dá chuspóir dá dtagraítear thuas maidir le rialú Státchabhrach agus aisghabháil, i.e. deonú Státchabhrach neamh-chomhlíontaí a chosc agus a áirithiú go n-athbhunófaí an staid a bhí ann sular tharla an saobhadh iomaíochta de thoradh na Státchabhrach a bhí neamh-chomhlíontach leis an margadh inmheánach. Go deimhin, ní oibreoir eacnamaíoch atá gníomhach ar an margadh é Saremar a thuilleadh, tá sé faoi leachtú cheana féin, agus níorbh fhéidir éilimh Státchabhrach a shásamh ach go páirteach i ndiaidh dhíolachán shócmhainní Saremar de dheasca cistí neamh-leordhóthanacha. Dá bhrí sin, níl aon chuspóir ag gabháil le leanúint leis an imscrúdú i leith Saremar.

(39)

Maidir leis an gceist a bhaineann le leanúnachas eacnamaíoch féideartha idir Saremar agus a chomharbaí, de réir an chásdlí, féadfar na tosca seo a leanas a chur san áireamh: raon feidhme an aistrithe (sócmhainní agus dliteanais, leanúnachas an lucht saothair, sócmhainní cuachta), an praghas aistrithe, aitheantas úinéirí an ghnóthais fála agus an ghnóthais bhunaidh, tráth a rinneadh an t-aistriú (tar éis thús an imscrúdaithe, tionscnamh an nós imeachta nó an cinneadh críochnaitheach) agus loighic eacnamaíoch an idirbhirt (29).

(40)

Ina fhianaise sin, tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna sé measúnú cheana, mar chuid den nós imeachta aisghabhála le haghaidh chur chun feidhme Chinneadh 2014, maidir lenar cheart an oibleagáid chun an chabhair a deonaíodh do Saremar a aisíoc a leathnú go dtí gnóthais eile ar féidir go n-aistríodh sócmhainní nó gnó an tairbhí chucu. Go deimhin, ghlac an Coimisiún leis sa nós imeachta aisghabhála sin go ndíreofar an oibleagáid aisghabhála ar Saremar amháin, agus cuireadh leanúnachas eacnamaíoch le Delcomar nó le Delcoservizi (“na comharbaí”, le chéile) as an áireamh, ar na cúiseanna seo a leanas:

(a)

oibriú seirbhísí farantóireachta ar bhealaí ar bhonn conradh seirbhíse poiblí agus sannadh na long trí bhíthin dhá thairiscint thrédhearcacha, phoiblí, neamh-idirdhealaitheacha ar leithligh;

(b)

Scaoileadh le lucht saothair Saremar agus níor athfhostaigh na comharbaí iad ach go páirteach (30);

(c)

is oibreoirí príobháideacha iad na comharbaí, fad is gur le Réigiún na Sairdíne 100 % de Saremar, agus dá bhrí sin níorbh fhéidir aon ghaol a shuí idir díoltóir agus ceannaitheoir na sócmhainní.

(d)

is cinntí margaidh iad na cinntí infheistíochta nó na cinntí tairisceana a dhéanann na comharbaí.

(41)

Ón tráth a cuireadh clabhsúr go sealadach leis an gcás aisghabhála, níor tháinig aon fhaisnéis eile chun solais don Choimisiún lena bhféadfaí a chur ina luí air a bharúil faoin gceist seo a athrú. Dá bhrí sin, is féidir leanúnachas eacnamaíoch idir Saremar agus Delcomar nó idir Saremar agus Delcoservizia a chur as an áireamh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún bearta leantacha maidir le leachtú Saremar fós, go dtí go mbainfear den chlár trádála é. Is é sin amháin a thabharfaidh caoi don Choimisiún clabhsúr cinnte a chur le nós imeachta aisghabhála Chinneadh 2014 (31).

(42)

Sa chomhthéacs sin, i bhfianaise leachtú Saremar agus na heaspa leanúnachais eacnamaíoch lena chomharbaí, níl aon chuspóir ag gabháil a thuilleadh leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis na bearta atá fós amuigh a deonaíodh i bhfabhar Saremar nó a chomharbaí, a tionscnaíodh faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 108(2) CFAE.

(43)

Ní bhaineann an Cinneadh seo le saincheisteanna ar bith eile a chumhdaítear faoi Chinntí 2011 agus 2012 (32) ná le saincheisteanna ar bith eile a chuir páirtithe leasmhara faoi bhráid an Choimisiúin le linn an imscrúdaithe arna thionscnamh faoi na Cinntí sin, ná ní dhéantar réamhbhreithiúnas sa Chinneadh seo ar na saincheisteanna sin.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear deireadh leis an nós imeachta a tionscnaíodh faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 108(2) CFAE an 5 Deireadh Fómhair 2011 agus a fadaíodh an 19 Nollaig 2012 i leith Saremar agus a chomharbaí.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO C 28 an 1.2.2012, lch. 18 agus IO C 84 an 22.3.2013, lch. 58.

(2)  IO C 306 de 23.10.1999, lch. 2. Is iad na cuideachtaí Tirrenia di Navigazione S.p.A., Adriatica S.p.A., Caremar – Campania Regionale Maritima S.p.A., Saremar – Sardegna Regionale Marittima S.p.A., Siremar – Sicilia Regionale Marittima S.p.A., agus Toremar – Toscana Regionale Marittima S.p.A a bhí in iar-Ghrúpa Tirrenia.

(3)  Cinneadh 2001/851/CE ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2001 maidir leis an Státchabhair arna deonú ag an Iodáil don chuideachta loingseoireachta Tirrenia di Navigazione (IO L 318, 4.12.2001, lch. 9).

(4)  Cinneadh 2005/163/CE ón gCoimisiún an 16 Márta 2004 maidir leis an Státchabhair a d’íoc an Iodáil le cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (Grúpa Tirrenia) (IO L 053, 26.02.2005, lch. 29).

(5)  Go háirithe: Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar.

(6)  Cásanna Uamtha T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 Tirrenia di Navigazione v An Coimisiún, ECLI:AE:T:2009:48.

(7)  IO C 28, 1.02.2012, lch. 18.

(8)  Bhain na leasuithe uile le bearta i bhfabhar Saremar.

(9)  IO C 84, 22.03.2013, lch. 58.

(10)  Cinneadh (AE) 2018/261 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 maidir leis na bearta SA.32014 (2011/C), SA.32015 (2011/C), SA.32016 (2011/C) arna gcur chun feidhme ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (ar tugadh fógra fúthu faoin doiciméad C(2013) 9101) (IO L 49 an 22.2.2018, lch. 22).

(11)  Cás T-219/14 Regione autonoma della Sardegna v. An Coimisiún, ECLI:AE:T:2017:266.

(12)  Cás T-220/14 Saremar v. An Coimisiún ECLI:AE:T:2017:267.

(13)  Cinneadh (AE) 2020/1411 an 2 Márta 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Státchabhair Uimh. C 64/99 (ex NN 68/99) arna cur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (Grúpa Tirrenia) (IO L 332, 12.10.2020, lch. 1–44).

(14)  Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal: An Creat Eorpach um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.01.2012, lch. 15-22).

(15)  Cinneadh (AE) 2020/141 an 2 Márta 2020 ón gCoimisiún maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (11/C) (ex 11/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh Tirrenia di Navigazione agus a fhaighteoir Compagnia Italiana di Navigazione (IO L 332, 12.10.2020, lch. 45–139).

(16)  Nach bhfuil foilsithe fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(17)  Nach bhfuil foilsithe fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(18)  Tá Fintecna faoi úinéireacht iomlán Aireacht Geilleagair agus Airgeadais (“Aireacht Geilleagair”) agus tá saineolas speisialta aige maidir le próisis scairsheilbhe agus príobháidithe, chomh maith le bheith ag láimhseáil tionscadal chun cuideachtaí a bhfuil deacrachtaí tionsclaíocha, airgeadais nó eagraíochtúla acu a chuíchóiriú agus a athstruchtúrú.

(19)  Cuireadh an t-aistriú sin ar bhonn foirmiúil an 1 Meitheamh 2011.

(20)  Airteagal 19-ter, mír 10 de Dhlí Foraithne 135/2009.

(21)  Féach pointí 130 agus 133 maidir leis an bhFógra ón gCoimisiún maidir le gnóthú Státchabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil, C 247/1, 23 Iúil 2019.

(22)  Orthu sin tá an íocaíocht iarchurtha a rinne CIN ar chuid de phraghas ceannaigh chun brainse gnó Tirrenia a fháil agus roinnt beart cabhrach breise i gcomhthéacs phríobháidiú bhrainse gnó Siremar (e.g. frithráthaíocht agus méadú ar chaipiteal ag an Stát do CdI).

(23)  Sonraíodh i gCinneadh 2014 go ndéanfaí measúnú ar an tionscadal sin i gcinneadh ar leithligh.

(24)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 3 Márta 2020, Vodafone Magyarország, C-75/18, ECLI:AE:C:2020:139, mír 19.

(25)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Nollaig 2012, An Coimisiún v An Spáinn (‘Magefesa II’), C-610/10, ECLI:AE:C:2012:781, mír 105.

(26)  Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Eanáir 2018An Coimisiún v An Ghréig (‘United Textiles’), C-363/16, ECLI:AE:C:2018:12, mír 36.

(27)  Regio Decreto 16 marzo 1942, n. 267, arna leasú (dá ngairtear ‘Legge Fallimentare’).

(28)  Féach pointe 129 maidir leis an bhFógra ón gCoimisiún maidir le gnóthú Státchabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil, C 247/1, 23 Iúil 2019.

(29)  Cás T-121/15 Fortischem a.s. v. An Coimisiún, ECLI:AE:T:2019:684, mír 208.

(30)  Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún, bheadh níos lú ná 20 % de lucht saothair Saremar fostaithe ag Delcomar.

(31)  Féach pointí 136 go 140 maidir leis an bhFógra ón gCoimisiún maidir le gnóthú Státchabhrach atá neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach a aisghabháil, C 247/1, 23 Iúil 2019.

(32)  Féach aithrisí (6) agus (8) den Chinneadh seo;


17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/27


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/757 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le córais bainistithe cáilíochta, steiriliú agus bainistiú riosca ar fheistí leighis a chur i bhfeidhm

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), feistí atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó leis na codanna ábhartha de na caighdeáin sin, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin sin, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Cuireadh Rialachán (AE) 2017/745 in ionad Threoracha 90/385/CEE (3) agus 93/42/CEE (4) ón gComhairle ón 26 Bealtaine 2021.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 (5), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndéanfaí athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana maidir le feistí leighis, caighdeáin a forbraíodh chun tacú le Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE agus go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithe nua chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745.

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 285:2015 agus EN ISO 14971:2019, nach bhfoilsítear na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí a chur san áireamh agus chun na caighdeáin sin a oiriúnú do cheanglais Rialachán (AE) 2017/745. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe athbhreithnithe EN 285:2015+A1:2021 maidir le steiriliú agus glacadh leasú EN ISO 14971:2019/A11:2021 ar chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 14971:2019 maidir le bainistiú riosca i ndáil le feistí leighis a chur i bhfeidhm.

(5)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 285:2015+A1:2021 agus EN ISO 14971:2019, arna leasú le EN ISO 14971:2019/A11:2021, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406.

(6)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 285:2015+A1:2021 agus EN ISO 14971:2019, arna leasú le EN ISO 14971:2019/A11:2021, comhlíonann siad na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm acu a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/745. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 285:2015+A1:2021 agus EN ISO 14971:2019 agus dá leasú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 ón gCoimisiún (6), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745.

(8)

Chun a áirithiú go liostaítear in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 285:2015+A1:2021 agus EN ISO 14971:2019 agus dá leasú a áireamh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182.

(9)

Na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 13485:2016 maidir le córais bhainistithe cáilíochta agus dá leasú EN ISO 13485:2016/A11:2021, déantar iad a fhoilsiú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182. Mar sin féin, ní áirítear san fhoilseachán sin tagairt an cheartúcháin ar an gcaighdeán sin — EN ISO 13485:2016/AC:2018. Leis an gceartúchán, ní cheartaítear ach gnéithe foirmiúla den réamhrá Eorpach agus de na hiarscríbhinní faisnéiseacha, gan difear a dhéanamh do shubstaint an chaighdeáin chomhchuibhithe. Caighdeán comhchuibhithe EN ISO 13485:2016 arna leasú le EN ISO 13485:2016/A11:2021 agus arna cheartú le EN ISO 13485:2016/AC:2018, comhlíonann sé na ceanglais a bhfuil sé d’aidhm aige a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/745. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag ceartúcháin arna ndéanamh le EN ISO 13485:2016/AC:2018 chun críocha na toimhde comhréireachta le ceanglais ábhartha Rialachán (AE) 2017/745, is gá tagairt an cheartúcháin sin a áireamh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart an tagairt don cheartúchán EN ISO 13485:2016/AC:2018 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le héifeacht chúlghabhálach.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 a leasú dá réir.

(11)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe 1 den Iarscríbhinn ón 5 Eanáir 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(3)  Treoir 90/385/CEE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le feistí leighis so-ionchlannaithe gníomhacha (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17).

(4)  Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí leighis (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2406 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil, i ndáil le feistí leighis chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i ndáil le feistí leighis diagnóiseacha in vitro chun tacú le Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le feistí leighis a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 256, 19.7.2021, lch. 100).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1182 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil Uimh. 10:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“10.

EN ISO 13485:2016

Feistí leighis — Córais bainistíochta cáilíochta — Ceanglais chun críoch rialála (ISO 13485:2016)

EN ISO 13485:2016/AC:2018

EN ISO 13485:2016/A11:2021”;

(2)

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“15.

EN 285:2015+A1:2021

Steiriliú — Steirileoirí gaile — Steirileoirí móra

16.

EN ISO 14971:2019

Feistí leighis — Bainistiú riosca i ndáil le feistí leighis a chur i bhfeidhm (ISO 14971:2019)

EN ISO 14971:2019/A11:2021”.


MOLTAÍ

17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/30


MOLADH (AE) 2022/758 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Aibreán 2022

maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(2)

Luaitear in Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach den Aontas a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Déantar foráil i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), inter alia, maidir leis an gceart chun meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear urraim do shaoirse agus d’iolrachas na meán (Airteagal 11), agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa (Airteagal 47).

(3)

Áirítear leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar atá leagtha amach in Airteagal 11 den Chairt an ceart tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha. Cé nach ceart daingean é, aon teorainn a bhaineann leis an gceart sin, ní mór foráil a dhéanamh le dlí maidir léi, ní mór di bunbhrí an chirt a urramú, agus ní mór gan í a chur i bhfeidhm ach amháin má tá gá léi agus má fhreagraíonn sí go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (Airteagal 52(1) den Chairt).

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt agus leis na Mínithe a bhaineann leis an gCairt, ba cheart brí agus raon feidhme Airteagal 10 maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine arna léiriú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a thabhairt d’Airteagal 11 den Chairt. Cosnaíonn Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ní mór aon srian a bheith leagtha síos sa dlí, ní mór aon srian a bheith riachtanach i sochaí dhaonlathach, agus ní mór é a dhéanamh chun na haidhmeanna dlisteanacha atá leagtha amach in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a bhaint amach.

(5)

Leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine forchuirtear freisin oibleagáid dhearfach ar stáit chonarthacha saoirse agus iolrachas na meán a chosaint agus timpeallacht fhabhrach a chruthú do rannpháirtíocht sa díospóireacht phoiblí (1). Sonraítear freisin i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar cheann de na bunchlocha riachtanacha de shochaí dhaonlathach agus go bhfuil sí infheidhme ní hamháin maidir le faisnéis nó smaointe a fhaightear go fabhrach nó a mheastar a bheith mídhíobhálach nó mar ábhar neamhdhifreálach, ach freisin maidir leo siúd a dhéanann an stát nó aon ghrúpa eile sa daonra a chosc, a shuaitheadh nó cur isteach air (2). Déantar a shoiléiriú ann freisin: “i sochaí dhaonlathach, ní mór do ghrúpaí feachtais, idir bheag agus neamhfhoirmiúil, […] a bheith in ann dul i mbun a ngníomhaíochtaí go héifeachtach” agus “go bhfuil leas láidir an phobail ag baint lena chur ar a gcumas do ghrúpaí agus do dhaoine aonair den sórt sin nach mbaineann leis an bpríomhshruth, cur leis an díospóireacht phoiblí trí fhaisnéis agus smaointe a scaipeadh maidir le hábhair a bhaineann le leas ginearálta an phobail” (3).

(6)

Bíonn ról tábhachtach ag iriseoirí maidir le díospóireacht phoiblí a éascú agus maidir le faisnéis, tuairimí agus smaointe a thabhairt agus a fháil (4). Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an deis riachtanach acu chun cur le díospóireacht oscailte, shaor agus chothrom agus chun cur i gcoinne bréagaisnéise agus trasnaíocht ionramhálach eile, lena n-áirítear ó ghníomhaithe ó thríú tíortha. Ba cheart go mbeadh iriseoirí in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar iolrachas tuairimí i ndaonlathais Eorpacha.

(7)

Tá ról tábhachtach freisin ag cosantóirí chearta an duine sna daonlathais Eorpacha, go háirithe maidir le cearta bunúsacha, luachanna daonlathacha, cuimsiú sóisialta, cosaint an chomhshaoil agus an smacht reachta a chaomhnú. Ba cheart dóibh a bheith in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le cúrsaí beartais agus le próisis chinnteoireachta gan faitíos roimh imeaglú. Tagraíonn cosantóirí chearta an duine do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí atá ag gabháil do chearta bunúsacha agus cearta éagsúla eile a chosaint, lena n-áirítear cearta comhshaoil agus aeráide, cearta na mban, cearta LADTIA, cearta daoine a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, cearta saothair nó saoirsí reiligiúnacha.

(8)

Éilíonn daonlathas sláintiúil rathúil go mbeidh daoine in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí. D’fhonn rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú, ba cheart daoine a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa, rud a chuireann ar a gcumas a dtuairimí féin a chur le chéile agus a mbreithiúnas féin a fheidhmiú i spás poiblí inar féidir tuairimí éagsúla a chur in iúl gan bhac.

(9)

Chun an comhshaol seo a chothú, tá sé tábhachtach iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús agus mí-úsáideach i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (ar a dtugtar “cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail”, nó “SLAPPanna”, de ghnáth). Na himeachtaí cúirte sin, is follasach gur imeachtaí gan bhunús iad nó imeachtaí atá go hiomlán nó go páirteach gan bhunús, ar imeachtaí iad ina bhfuil gnéithe de mhí-úsáid ag baint leo lena dtugtar bonn cirt leis an toimhde gurb é príomhchuspóir na n-imeachtaí cúirte rannpháirtíocht an phobail a chosc, a shrianadh nó a phionósú. Má léirítear mí-úsáid den sórt sin, is de chineál díréireach, iomarcach nó míréasúnach é an t-éileamh, nó cuid de, go bhfuil éilimh éagsúla ann ón éilitheoir i ndáil le hábhair chomhchosúla, nó imeaglú, ciapadh nó bagairtí ar thaobh an éilitheora nó a n-ionadaithe, sular tionscnaíodh imeacht cúirte ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó mí-úsáideach. Mí-úsáid imeachtaí cúirte atá sna himeachtaí sin agus cuireann siad ualaí neamhriachtanacha ar na cúirteanna toisc nach aidhm leo rochtain a fháil ar cheartas, ach ar chosantóirí a chiapadh agus a chur ina dtost. Cruthaíonn imeachtaí fada ualaí ar chórais náisiúnta cúirteanna.

(10)

Is féidir imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús agus mí-úsáideach a bheith i bhfoirm réimse leathan mí-úsáidí dlíthiúla, go príomha in ábhair shibhialta nó choiriúla, ach i gcúrsaí dlí riaracháin freisin agus féadfar iad a bhunú ar fhorais éagsúla.

(11)

Is minic a thionscnaíonn daoine aonair cumhachtacha nó eintitis chumhachtacha (mar shampla grúpaí brústocaireachta, corparáidí agus comhlachtaí stáit) imeachtaí cúirte den sórt sin chun iarracht a dhéanamh díospóireacht phoiblí a chur ina tost. Is minic a bhaineann éagothroime cumhachta idir na páirtithe agus seasamh níos cumhachtaí ag an éilitheoir ná mar atá ag an gcosantóir, mar shampla ó thaobh airgeadais nó polaitíochta de. Cé nach cuid fhíor-riachtanach d’imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó mí-úsáideach, i gcás ina bhfuil éagothroime cumhachta ann, méadaítear go mór na héifeachtaí díobhálacha chomh maith le héifeachtaí géaraithe imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail.

(12)

D’fhéadfadh imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach drochthionchar a imirt ar chreidiúnacht agus ar chlú iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine go háirithe, mar aon lena n-acmhainní airgeadais agus eile a ídiú. D’fhéadfadh droch-iarmhairtí síceolaíocha a bheith ag na himeachtaí sin ar na spriocanna a dhíríonn siad orthu agus ar a mbaill teaghlaigh. Imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, cuireann siad cumas iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh i mbaol. Mar thoradh ar imeachtaí den sórt sin, d’fhéadfaí moill a chur ar fhaisnéis faoi ábhar a bhaineann le leas an phobail a fhoilsiú nó é a chosc go hiomlán. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeacht dhíspreagthach níos leithne ag imeachtaí den sórt sin ar obair iriseoirí agus chosantóirí chearta an duine, go háirithe, trí rannchuidiú leis an bhféinchinsireacht in oirchill imeachtaí cúirte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bochtadh na díospóireachta poiblí chun aimhleasa na sochaí ina hiomláine. Is uirlisí cumhachtacha iad fad na nósanna imeachta, an brú airgeadais agus bagairt na smachtbhannaí coiriúla chun guthanna criticiúla a imeaglú agus a chur ina dtost.

(13)

Na daoine sin ar a ndíríonn imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, is minic a bhíonn an iliomad imeachtaí cúirte ina gcoinne ag an am céanna agus i roinnt dlínsí éagsúla. De ghnáth bíonn imeachtaí cúirte arna dtionscnamh i ndlínse Ballstáit amháin i gcoinne duine a bhfuil cónaí air i mBallstát eile níos casta agus níos costasaí don chosantóir. Éilitheoirí in imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, féadfaidh siad úsáid a bhaint freisin as uirlisí nós imeachta chun fad agus costas na dlíthíochta a mhéadú, agus cásanna a thabhairt i ndlínse a mheasann siad a bheith fabhrach dá gcás, seachas don chúirt is fearr a bheadh in ann an t-éileamh a éisteacht.

(14)

Tá úsáid imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach ag dul i méid san Aontas Eorpach. De réir staidéir a rinneadh le déanaí (5), is minice a úsáidtear imeachtaí den sórt sin ar fud na mBallstát anois.

(15)

Sa Rún uaithi an 25 Samhain 2020 (6), cháin Parlaimint na hEorpa an úsáid a bhaintear as SLAPPanna chun iriseoirí imscrúdaitheacha agus eagraíochtaí meán a chur ina dtost nó a imeaglú agus chun eagla a chruthú maidir leis an tuairisciú a dhéanann siad ar ábhair áirithe, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún togra a chur i láthair chun iad a chosc. Ina Rún (7) an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas: an úsáid mhíchuí atá á baint as caingne faoin dlí sibhialta agus coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost, léirigh Parlaimint na hEorpa arís leitheadúlacht an fheiniméin agus an gá atá le coimircí éifeachtacha dá íospartaigh ar fud an Aontais.

(16)

Ar Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht na n-Iriseoirí a chur chun cinn (8), tuairiscítear freisin líon méadaitheach foláireamh maidir le bagairtí tromchúiseacha ar shábháilteacht iriseoirí agus ar shaoirse na meán san Eoraip, lena n-áirítear an iliomad cásanna den imeaglú breithiúnach. I dTuarascáil Bhliantúil 2021 ó na comhlachais chomhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht na nIriseoirí a chur chun cinn, leagtar béim ar an méadú suntasach a tháinig ar fholáirimh a bhaineann le SLAPPanna a tuairiscíodh in 2020 le linn na bliana roimhe sin, maidir le líon na bhfoláireamh agus líon dlínsí na mBallstát lena mbaineann de chuid Chomhairle na hEorpa (9). Sa Mholadh uaithi an 13 Aibreán 2016 maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe eile sna meáin a chosaint (10), mhol an Chomhairle Eorpach dá Ballstáit na bearta reachtacha agus/nó na bearta eile is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar úsáid shuaibhreosach, chráiteach nó mhailíseach an dlí agus an phróisis dhlíthiúil chun iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a imeaglú agus a chur ina dtost.

(17)

I dTuarascálacha 2020 (11) agus 2021 (12) ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, cuirtear i bhfios go láidir go mbíonn bagairtí agus ionsaithe maidir lena bhfoilseacháin agus lena gcuid oibre i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear úsáid SLAPPanna, os comhair roinnt Ballstát, iriseoirí agus daoine eile a bhfuil baint acu le leas an phobail a chosaint.

(18)

Sampla lom d’úsáid imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail san Aontas is ea an t-iriseoir Daphne Caruana Galizia a raibh, tráth a feallmharaithe, os cionn 40 imeacht cúirte leabhail agus clúmhillte sibhialta agus coiriúil ina coinne a bhain lena cuid oibre imscrúdaithí.

(19)

Sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Dhaonlathas (13) a thíolaic an Coimisiún an 3 Nollaig 2020, leagtar béim ar an ról bunúsach atá ag meáin shaora iolraíocha i ndaonlathas chomh maith le tábhacht na sochaí sibhialta. Leagtar béim ann, i measc nithe eile, ar an ról tábhachtach atá ag meáin neamhspleácha iolraíocha chun é a chur ar a gcumas do na saoránaigh cinntí feasacha a dhéanamh, agus sa chomhrac i gcoinne ionramháil faisnéise agus cur isteach ar an spás faisnéise, lena n-áirítear bréagaisnéis. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún cheana féin Moladh (AE) 2021/1534 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (14). Is é is aidhm don Mholadh sin dálaí oibre níos sábháilte a áirithiú do ghairmithe uile na meán, saor ó eagla agus ó imeaglú, bíodh sin ar líne nó as líne. I bhfianaise na bagartha atá ag dul i méid ó imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, ar bagairt í ar shaoirse na meán agus ar rannpháirtíocht an phobail, ba cheart don Aontas cur chuige comhleanúnach agus éifeachtach a fhorbairt chun cur i gcoinne imeachtaí den sórt sin. Comhlánaíonn an Moladh seo Moladh (AE) 2021/1534 trí mholtaí sonracha a sholáthar maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Tá níos mó i gceist leis ná cosaint iriseoirí agus gairmithe meán eile agus cuimsíonn a raon feidhme cosantóirí chearta an duine. Leis an Moladh seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an mbagairt shonrach a bhaineann le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus tríd an méid sin a dhéanamh, ba cheart dó tacú le feidhmiú cuí an chórais srianta agus ceartúchán i ndaonlathas sláintiúil. Ba cheart dó treoir a thabhairt do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí den sórt sin agus chun a áirithiú sa chomhthéacs sin go gcosnófar iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine go háirithe. Ba cheart a áireamh ar na bearta a mholtar feasacht a mhúscailt agus saineolas a fhorbairt, go háirithe i measc gairmithe dlí agus spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, chun a áirithiú go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh siúd a ndíríonn na himeachtaí sin orthu agus chun tacú le faireachán feabhsaithe.

(20)

Chun foráil a dhéanamh maidir le cosaint éifeachtúil in aghaidh imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus chun cosc a chur ar an bhfeiniméan teacht isteach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann a gcreataí dlíthiúla lena rialaítear imeachtaí sibhialta, coiriúla, tráchtála agus riaracháin faoi seach foráil a dhéanamh maidir leis na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte den sórt sin, agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun tuairimí a nochtadh. Chun cosaint chomhsheasmhach agus éifeachtúil a chur ar fáil i gcoinne imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, ba cheart a bheith d’aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh díbhe luath ar fáil. Ba cheart é a bheith mar aidhm acu freisin leigheasanna eile a chur ar fáil i gcoinne imeachtaí cúirte mí-úsáideacha, eadhon costais a dhámhachtain, chun gur féidir a ordú d’éilitheoir a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail costais uile na n-imeachtaí a sheasamh, cúiteamh a íoc i leith damáistí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, agus an fhéidearthacht pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an bpáirtí a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail. Is é an príomhchuspóir atá le deis a thabhairt do na cúirteanna pionóis a ghearradh, éilitheoirí féideartha a dhíspreagadh ó imeachtaí cúirte mí-úsaideacha a thionscnamh in aghaidh rannpháirtíocht an phobail. Ba cheart pionóis den sórt sin a bheith i gcomhréir le gnéithe na mí-úsáide a shainaithnítear. Agus méideanna le haghaidh pionós á socrú, d’fhéadfadh na cúirteanna a chur san áireamh go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach nó fhuaraitheach a bheith ag na himeachtaí ar rannpháirtíocht an phobail, lena n-áirítear imeachtaí a bhaineann le cineál an éilimh, má rinne an t-éilitheoir an iliomad imeachtaí nó imeachtaí comhbheartaithe a thionscnamh in ábhair chomhchosúla, agus iarrachtaí a bheith ann an cosantóir a imeaglú, a chiapadh nó a bhagairt.

(21)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit coimircí comhchosúla do chásanna intíre a áireamh ina ndlíthe náisiúnta agus a áirítear in ionstraimí de chuid an Aontais a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús agus mí-úsáideach, ar imeachtaí iad in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Sholáthródh sé sin cosaint chomhsheasmhach agus éifeachtúil in aghaidh imeachtaí cúirte den sórt sin agus rannchuideodh sé le cosc a chur ar an bhfeiniméan dul i méid san Aontas.

(22)

Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú sonrach a dhéanamh ar a gcreataí dlíthiúla is infheidhme maidir le clúmhilleadh chun a áirithiú nach féidir le gearánaithe na coincheapa agus na sainmhínithe atá ann cheana a úsáid i gcoinne iriseoirí nó cosantóirí chearta an duine i gcomhthéacs imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

(23)

Chun éifeacht fhuarálach ar an díospóireacht phoiblí a chosc, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh pionóis in aghaidh clúmhillte iomarcach ná díréireach. Ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar threoirlínte agus ar mholtaí Chomhairle na hEorpa (15) lena dtugtar aghaidh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh clúmhillte, go háirithe an dlí coiriúil. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit pianbhreitheanna príosúin mar gheall ar chlúmhilleadh a bhaint as a gcreat dlíthiúil. Ina Rún 1577 (2007) (16) d’iarr Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa ar a Bhallstáit ina ndéantar foráil fós maidir le pianbhreitheanna príosúin i leith clúmhillte, fiú mura bhforchuirtear iad go hiarbhír, deireadh a chur leis na pianbhreitheanna sin gan mhoill. Moltar do na Ballstáit freisin tús áite a thabhairt d’úsáid an dlí riaracháin nó shibhialta chun déileáil le cásanna clúmhillte, ar choinníoll nach bhfuil éifeacht chomh pionósach ag na forálacha sin ná na forálacha sa dlí coiriúil (17).

(24)

Níor cheart déileáil le cásanna clúmhillte ó thaobh an dlí choiriúil de a úsáid ach amháin mar rogha dheireanach agus ba cheart, ina ionad sin, tús áite a thabhairt do fhreagairtí trí dhlí riaracháin nó sibhialta, i gcomhréir le treoir ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (18) agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (19) go mbainfí clúmhilleadh ó reachtanna an dlí choiriúil. Ar an gcaoi chéanna, tá amhras curtha in iúl ag Comhairle na hEorpa sa chomhthéacs sin (20).

(25)

An ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, déantar an ceart sin a chomhdhlúthú a thuilleadh i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Ní ceart daingean é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. In Airteagal 85 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, déantar foráil go ndéanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críoch iriseoireachta agus chun críoch léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha.

(26)

Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí féinrialála agus comhlachais de ghairmithe dlíthiúla a spreagadh chun a gcaighdeáin dualeolaíochta a ailíniú leis an Moladh seo, lena n-áirítear cóid iompair. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, mar is ábhartha, go ndéanann na caighdeáin dualeolaíocha lena bhféachtar le gairmithe dlí a dhíspreagadh nó a thoirmeasc ó pháirt a ghlacadh in iompar a d’fhéadfadh a bheith ina mí-úsáid próisis nó ina mí-úsáid ar a bhfreagrachtaí gairmiúla eile i leith shláine an phróisis dhlíthiúil, agus i leith a smachtbhannaí araíonachta comhfhreagracha, go ndéanann siad imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí iomchuí múscailte feasachta agus oiliúna a bheith ag gabháil leis sin chun cur leis an eolas agus le héifeachtúlacht na gcaighdeán dualeolaíochta atá ann cheana agus atá ábhartha maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

(27)

Is príomhghníomhaithe iad gairmithe dlíthiúla in imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, trí ionadaíocht a dhéanamh ar dhlíthithe, daoine aonair a ionchúiseamh nó díospóidí a bhreithniú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an t-eolas agus na scileanna riachtanacha acu chun é sin a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do na gairmithe dlí sin agus deiseanna oiliúna a thairiscint dóibh. D’fhéadfadh oiliúint rannchuidiú go substaintiúil lena n-eolas agus lena n-acmhainn a fhorbairt chun imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a bhrath, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil gné tríú tír acu, agus chun freagairt go hiomchuí do na himeachtaí sin. Ba cheart don oiliúint sin aghaidh a thabhairt ar na breithiúna agus ar an bhfoireann bhreithiúnach ar gach leibhéal cúirte, lena n-áirítear breithiúna, ionchúisitheoirí, an chúirt agus foireann oifige na n-ionchúisitheoirí, chomh maith le haon ghairmí ceartais eile a bhfuil baint aige leis na breithiúna nó atá rannpháirteach ar bhealach eile i riaradh an cheartais, gan beann ar an sainmhíniú sa dlí náisiúnta, stádas dlíthiúil nó eagraíocht inmheánach, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, i gcás ina bhféadfadh imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a bheith ann ar an gcéad dul síos. Ba cheart don oiliúint sin dul i ngleic freisin le gairmithe dlí eile amhail dlíodóirí cáilithe. Is féidir cur le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na hoiliúna trí acmhainneacht oiliúna áitiúla a fhorbairt.

(28)

Dá leathnófaí an oiliúint sin d’iriseoirí, do chomhaltaí na bpreaschomhairle, do ghairmithe na meán agus do chosantóirí chearta an duine, chabhrófaí leo a shainaithint nuair a bheadh orthu dul i ngleic le himeachtaí cúirte den sórt sin agus scileanna dlí ríthábhachtacha a sholáthar dóibh chun an baol go mbeidís neamhchosanta ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a laghdú nó chun eolas níos fearr a thabhairt dóibh chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr. D’fhéadfadh sé a chur ar a gcumas freisin tabhairt faoi thuairisciú láidir ar SLAPPanna. Ba cheart go ndéanfaí tagairt freisin san oiliúint d’iriseoirí do na caighdeáin eiticiúla agus do na treoirlínte eiticiúla atá leagtha amach ag comhairlí náisiúnta preasa nó meán. Ar mhaithe le cur leis an bhfothú foriomlán acmhainní agus an fhreagairt institiúideach a neartú ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, d’fhéadfadh údaráis cosanta sonraí, Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, institiúidí ombudóra agus comhlachtaí rialála stáit sna meáin a bheith páirteach san oiliúint sin.

(29)

Is maith is féidir le soláthraithe oiliúna dlíthiúla agus comhlachais de ghairmithe dlíthiúla oiliúint a thabhairt maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, chomh maith le cuspóirí na hoiliúna sin a chinneadh agus measúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht oiliúna is oiriúnaí. Le hoiliúint a chuireann gairmithe dlí ar fáil do ghairmithe dlí eile, is féidir le gach duine foghlaim mar ghrúpa, taithí a roinnt níos fearr agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Ba cheart malartú na gcleachtas ábhartha ar an leibhéal Eorpach a spreagadh, lena n-áirítear le tacaíocht ón gCoimisiún, le rannpháirtíocht an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach (EJTN). Tá rannpháirtíocht na gcleachtóirí dlí agus a gcomhlachas gairmiúil, idir anailísí riachtanas a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí, fíorthábhachtach chun éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí oiliúna a áirithiú.

(30)

Ba cheart don oiliúint aghaidh a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus ar chearta bunúsacha eile, faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus faoin dlí náisiúnta agus ba cheart treoir phraiticiúil a bheith ar áireamh inti maidir le conas cásdlí ábhartha a chur i bhfeidhm, srianta ar chearta bunúsacha agus naisc eatarthu, lena n-áirítear saoirse chun tuairimí a nochtadh, coimircí nós imeachta chomh maith le forálacha ábhartha eile faoin dlí náisiúnta. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar lámhleabhar Chomhairle na hEorpa do chleachtóirí dlí maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh faoi CECD a chosaint (22).

(31)

Ba cheart aghaidh a thabhairt le hoiliúint, i measc nithe eile, ar chosaint sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a úsáid chun imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail a thionscnamh ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar ionramháil faisnéise agus ar chur isteach ar fhaisnéis, lena n-áirítear bréagaisnéis.

(32)

Ba cheart an creat náisiúnta dlí agus an comhthéacs náisiúnta a chur san áireamh san oiliúint. Ach iad sin a chomhcheangal leis an treoir a d’fhorbair Comhairle na hEorpa, d’fhéadfaí cur leis na cuspóirí foghlama rathúla a bhaineann le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail a thionscnamh ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus dea-chleachtais ó Bhallstáit eile ar bhealach struchtúrtha comhleanúnach. Féadfar oiliúint a úsáid freisin chun malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a chothú.

(33)

Chun dul i bhfeidhm ar phobal níos leithne agus chun tacaíocht a chothú, ba cheart an leas is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear oiliúint ar líne, san oiliúint ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Bheadh rochtain ar ríomhacmhainní, ar ábhar atá cothrom le dáta, agus ar uirlisí foghlama neamhspleácha maidir le reachtaíocht agus treoir ábhartha ina gcomhlánú ar na sochair a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin.

(34)

Chun sineirgí le tionscnaimh chomhchosúla maidir le hoiliúint a chur ar ghairmithe dlí a chothú, d’fhéadfaí modúil oiliúna ar imeachtaí cúirte maidir le rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chur san áireamh in oiliúint ar ábhair ghaolmhara, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh agus eitic dhlíthiúil. Ba cheart úsáid na n-ábhar agus na gcleachtas oiliúna atá ann cheana a spreagadh, amhail na hábhair agus na cleachtais sin a chuirtear chun cinn ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas, Sraith Straitéisí Uilíoch Unesco le haghaidh Gníomhaithe Breithiúnacha (23), agus na cúrsaí ar líne ón gclár HELP (Oideachas ar Chearta Daonna do Ghairmithe Dlí) (24), ar clár de chuid Chomhairle na hEorpa é.

(35)

Dá n-áireofaí imeachtaí cúirte ain aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach sna curaclaim dlí agus iriseoireachta, chuideodh sin le heolas níos fearr a thabhairt do ghairmithe dlí agus d’iriseoirí chun na himeachtaí sin a shainaithint agus eolas sonrach a thabhairt dóibh chun freagairt dá réir, agus tacú le saineolas agus inniúlachtaí gairmiúla a fhorbairt i measc léachtóirí. D’fhéadfadh institiúidí ardoideachais an t-eolas sin a chur ar fáil i gcúrsaí comhlántacha nó i seimineáir chomhlántacha le linn na mblianta deireanacha de chlár céime, mar shampla do mhic léinn dlí agus iriseoireachta.

(36)

Ba cheart do na Ballstáit tacú le feachtais ardaithe feasachta maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach arna n-eagrú ag eintitis náisiúnta i measc eintitis eile, lena n-áirítear Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

(37)

Gníomhaíochtaí cumarsáide ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, d’fhéadfadh siad a bheith i bhfoirm foilseachán, teachtaireachtaí, cruinnithe poiblí, comhdhálacha, ceardlann agus seimineáir ghréasáin.

(38)

Is minic a bhíonn deacrachtaí ag spriocanna na n-imeachtaí in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach teacht ar fhaisnéis faoi na hacmhainní tacaíochta atá ar fáil. Chun gur fusa eintitis nó comhlachtaí a shainaithint atá in ann cúnamh a thabhairt maidir le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus chun éifeachtacht na tacaíochta i gcoinne imeachtaí den sórt sin a áirithiú, ba cheart faisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil ag pointe aonair, saor in aisce agus rochtain éasca a bheith uirthi. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát pointe fócasach náisiúnta amháin a bhunú a bhailíonn agus a roinneann faisnéis maidir leis na hacmhainní atá ar fáil.

(39)

Ba cheart é a bheith mar bhunsprioc ag gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach feasacht a chur chun cinn maidir leis an tábhacht a bhaineann le spás poiblí lena gcumasaítear rannpháirtíocht dhaonlathach agus lena dtugtar rochtain do shaoránaigh ar iolrachas tuairimí agus ar fhaisnéis iontaofa, saor ó chlaontacht.

(40)

Ba cheart feachtais ardaithe feasachta a chomhordú le lárionaid náisiúnta agus le húdaráis inniúla eile chun a n-éifeachtacht a áirithiú. Ba cheart dóibh sineirgí a lorg freisin le feachtais ardaithe feasachta maidir le hábhair chomhoiriúnacha amhail iad siúd a dhíríonn ar dhíospóireacht oscailte, shaor agus chothrom a chothú agus ar chosaint an chirt chun tuairimí a nochtadh, agus ba cheart iad a chomhtháthú le gníomhaíochtaí múscailte feasachta lena gcuirtear rannpháirtíocht ghníomhach shibhialta, iolrachas tuairimí agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa chun cinn. Ba cheart dóibh sineirgí a lorg freisin, de réir mar is ábhartha, le forbairt athléimneachta maidir leis na meáin, litearthacht faisnéise, caighdeáin iriseoireachta agus seiceáil fíricí i gcomhthéacs bearta lena dtugtar aghaidh ar bhréagaisnéis, ar ionramháil faisnéise, agus ar chur isteach ón gcoigríoch. D’fhéadfaí a áireamh ar an spriocghrúpa, inter alia, grúpaí sonracha, amhail gairmithe meán, gairmithe dlí agus baill d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gairmithe cumarsáide, lucht acadúil, meithleacha machnaimh, polaiteoirí, státseirbhísigh, údaráis phoiblí agus corparáidí príobháideacha.

(41)

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, trí mhodh ar bith a mheasann siad a bheith iomchuí, go mbeidh faisnéis ar fáil maidir leis na coimircí nós imeachta agus na coimircí eile faoina gcreataí dlíthiúla náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis faoi na heintitis nó na comhlachtaí ar féidir teagmháil a dhéanamh leo chun cúnamh a thabhairt i gcoinne imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

(42)

Féadfar a áireamh ar na hacmhainní tacaíochta sin gnólachtaí dlí a dhéanann spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chosaint ar bhonn pro bono, mar aon le clinicí dlíthiúla ollscoileanna a sholáthraíonn an tacaíocht sin, eagraíochtaí a chláraíonn SLAPPanna agus a dhéanann tuairisciú orthu, agus eagraíochtaí a sholáthraíonn cúnamh airgeadais agus cúnamh eile do spriocanna na n-imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

(43)

Spriocanna na n-himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, ní mór na hacmhainní cuí a bheith acu chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí den sórt sin. Is gá, dá bhrí sin, cumais a fhorbairt sna Ballstáit chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a ndírítear orthu leis na himeachtaí sin. Ba cheart do na Ballstáit cistiú a thairiscint agus cistiú atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn d’eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

(44)

Is gá faireachán níos córasaí a dhéanamh ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan ar bhealach níos fearr. Ba cheart go n-áireofaí ar na sonraí a bhailítear faisnéis leordhóthanach d’údaráis agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile chun é a chainníochtú agus a thuiscint níos fearr, lena n-áirítear d’fhonn an tacaíocht is gá a sholáthar do spriocanna. Ba cheart do na Ballstáit, agus a socruithe institiúideacha maidir le staitisticí breithiúnach á gcur san áireamh (25), a chur de chúram ar údarás amháin nó níos mó sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a thionscnaítear i gcúirteanna náisiúnta. Féadfaidh na húdaráis sin na sonraí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara éagsúla. Chun bailiú sonraí a éascú, féadfaidh na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú pointí teagmhála a bhunú ionas gur féidir le húdaráis bhreithiúnacha, eagraíochtaí gairmiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, cosantóirí chearta an duine, iriseoirí agus páirtithe leasmhara eile sonraí a roinnt maidir le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart do na Ballstáit a chur de chúram ar cheann de na húdaráis sin comhordú na faisnéise agus tuairisciú na sonraí comhiomlánaithe arna mbailiú ar an leibhéal náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, ag tosú ag deireadh 2023. Ba cheart do na Ballstáit cuntasacht na sonraí arna mbailiú a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart dóibh a áirithiú go gcloíonn an próiseas bailithe sonraí le caighdeáin ghairmiúla agus go mbeidh neamhspleáchas leordhóthanach ag na húdaráis a bhfuil bailiú sonraí agus staidreamh de chúram orthu. Ba cheart na ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh.

(45)

Agus bailiú agus tuairisciú sonraí á gcur de chúram ar na húdaráis, d’fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar shineirgí a bhunú le hionstraimí ábhartha i réimse an smachta reachta agus cearta bunúsacha a chosaint. Féadfaidh Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, i gcás ina bhfuil siad bunaithe, ról tábhachtach a bheith acu chomh maith le heintitis eile amhail oifigí ombudóra, comhlachtaí comhionannais, nó údaráis inniúla amhail na húdaráis arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), féadfaidh siad a bheith ábhartha freisin. Na pointí fócasacha náisiúnta a thugann forbhreathnú ar acmhainní tacaíochta agus na heintitis nó na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú agus a thuairisciú, d’fhéadfadh siad a bheith lonnaithe san eagraíocht chéanna, agus na ceanglais agus na critéir a gcuirtear síos orthu sa Mholadh seo á gcur san áireamh.

(46)

Na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú, ba cheart dóibh faisnéis maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideacha fhoilsiú i bhformáidí inrochtana ar a suíomhanna gréasáin, agus, de réir mar is ábhartha, trí uirlisí iomchuí eile. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh a áirithiú go n-urramaítear ina n-iomláine cearta bunúsacha na ndaoine aonair sin a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta.

(47)

Chun fad na n-imeachtaí a bhaineann le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a shonrú, ba cheart faisnéis chruinn a bhailiú maidir leis na himeachtaí, na gníomhartha nó na caingne a thosaigh agus a tugadh chun críche iad agus na dátaí ar ar tharla siad aon uair is féidir. Ba cheart a áireamh freisin sna sonraí a bhailítear, de réir mar is ábhartha, faisnéis faoi chúlra cáis, mar shampla, i gcás ina ndearnadh imeachtaí atriallacha cúirte roimhe sin i gcoinne an chosantóra chéanna nó an ghearánaí céanna.

(48)

De réir mar is gá, d’fhéadfadh sainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna a bhunaigh an Coimisiún (27) tacú le critéir inchomparáide a fhorbairt ar fud na mBallstát ar féidir leis na húdaráis a bhfuil de chúram orthu sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

(49)

Tacaíonn sainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna le malartú agus scaipeadh cleachtas agus eolais i measc cleachtóirí maidir le saincheisteanna a bhaineann le SLAPPanna. D’fhéadfadh sé, i measc nithe eile, cúnamh teicniúil a thabhairt d’údaráis chun pointí fócasacha a bhunú, ábhar oiliúna a fhorbairt agus cúnamh dlí a eagrú.

(50)

Is é is aidhm don Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), na cearta agus na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt a chosaint agus a chur chun cinn. D’fhonn sochaithe daonlathacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt tuilleadh, foráiltear leis an gclár CERV inter alia go bhféadfaí maoiniú a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá nasctha le fothú acmhainní agus le feasacht maidir leis an gCairt, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Foráiltear leis an gClár um Cheartas, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/692 (29), inter alia go bhféadfaí gníomhaíochtaí atá nasctha le hoiliúint bhreithiúnach a chistiú, d’fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach bunaithe ar an smacht reachta a chothú, agus tacú le cur chun feidhme comhsheasmhach éifeachtach ionstraimí dlí an Aontais atá ábhartha i gcomhthéacs an Chláir agus an cur chun feidhme sin a chur chun cinn.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

ÁBHAR

1.

Leagtar amach sa Mholadh seo treoir do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach i gcoinne rannpháirtíocht an phobail agus chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint in aghaidh imeachtaí den sórt sin, agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha.

NA CREATAÍ IS INFHEIDHME

2.

Mar riail ghinearálta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil lena gcreataí dlíthiúla is infheidhme maidir leis na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun tuairimí a nochtadh.

3.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cosaintí nós imeachta ar fáil chun dífhostú luath a dheonú i leith imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús. Ba cheart é a bheith mar aidhm acu freisin leigheasanna eile a chur ar fáil i gcoinne imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, eadhon costais a dhámhachtain, rud a chiallaíonn gur féidir a ordú d’éilitheoir a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail costais uile na n-imeachtaí a sheasamh, cúiteamh a íoc i leith damáistí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, agus an fhéidearthacht pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an bpáirtí a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail.

4.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit coimircí comhchosúla le haghaidh cásanna intíre a áireamh ina ndlíthe náisiúnta agus na coimircí sin a áirítear in ionstraimí de chuid an Aontais, ionstraimí a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar chásanna in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús agus mí-úsáideach, ar cásanna iad in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu.

5.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh tionchar gan údar ag a rialacha is infheidhme maidir le clúmhilleadh ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar thimpeallacht meán atá oscailte, saor agus iolraíoch, agus ar rannpháirtíocht an phobail.

6.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a rialacha is infheidhme maidir le clúmhilleadh sách soiléir, lena n-áirítear a gcoincheapa, chun an riosca go mbainfí drochúsáid nó mí-úsáid astu a laghdú.

7.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach bhfuil pionóis i gcoinne clúmhillte iomarcach ná díréireach. Ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar threoirlínte agus ar mholtaí Chomhairle na hEorpa (30) lena dtugtar aghaidh ar an gcreat dlíthiúil don chlúmhilleadh, agus go háirithe ar an dlí coiriúil. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit pianbhreitheanna príosúin mar gheall ar chlúmhilleadh a bhaint as a gcreat dlíthiúil. Moltar do na Ballstáit leas a bhaint as an dlí riaracháin nó sibhialta chun déileáil le cásanna clúmhillte (31), ar choinníoll nach bhfuil éifeacht ag na forálacha sin atá chomh pionósach céanna leis na forálacha sa dlí coiriúil.

8.

Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh nasc leordhóthanach a dhéanamh ina reachtaíocht idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil chun an dá cheart sin a réiteach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2016/679.

9.

Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbreithníonn na rialacha dualeolaíochta lena rialaítear iompar na ngairmithe dlíthiúla agus na smachtbhannaí araíonachta i leith shárú na rialacha sin bearta iomchuí chun imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail a dhíspreagadh ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí féinrialála agus comhlachais de ghairmithe dlíthiúla a spreagadh chun a gcaighdeáin dualeolaíochta, lena n-áirítear a gcóid iompair, a ailíniú leis an moladh sin. Moltar freisin feasacht a ardú agus oiliúint iomchuí a chur ar fáil.

OILIÚINT

10.

Ba cheart do na Ballstáit tacú le deiseanna oiliúna do ghairmithe dlí maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, amhail na breithiúna agus an fhoireann bhreithiúnach ar gach leibhéal cúirte, dlíodóirí cáilithe agus spriocanna féideartha na n-imeachtaí cúirte sin. Ba cheart an oiliúint a bheith dírithe ar shaineolas a fhorbairt chun imeachtaí den sórt sin a bhrath agus chun freagairt mar is iomchuí.

11.

Ba cheart do na Ballstáit comhlachais de ghairmithe dlíthiúla agus soláthraithe oiliúna dlíthiúla a spreagadh chun oiliúint a thairiscint maidir le conas déileáil le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe oiliúna ar an leibhéal Eorpach amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun an oiliúint sin a chur ar fáil. Ba cheart baint a bheith ag cleachtóirí dlí agus ag a gcomhlachais ghairmiúla le forbairt, eagrú, stiúradh agus meastóireacht na hoiliúna.

12.

Ba cheart an oiliúint na gnéithe ábhartha de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a chuimsiú. Ba cheart a áireamh ann treoir phraiticiúil maidir le conas dlí an Aontais, cásdlí náisiúnta, cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm, maidir lena fháil amach go gcomhlíonann srianta ar fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh na ceanglais dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagal 52 den Chairt agus in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine chomh maith leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus le cearta bunúsacha eile.

13.

Ba cheart an oiliúint na coimircí nós imeachta i gcoinne imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chuimsiú freisin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, chomh maith le dlínse agus an dlí ábhartha is infheidhme maidir le cearta bunúsacha, ábhair choiriúla, riaracháin, shibhialta agus tráchtála.

14.

Ba cheart gníomhaíochtaí oiliúna aghaidh a thabhairt freisin ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit, faoi Rialachán (AE) 2016/679, réiteach a dhéanamh, de réir dlí, idir cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ba cheart a chumhdach leo rialacha arna nglacadh ag na Ballstáit chuige sin agus na díolúintí nó na maoluithe sonracha ar Rialachán (AE) 2016/679 is infheidhme maidir le próiseáil sonraí a dhéantar chun críche iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha (32). Ba cheart aird chuí a thabhairt ar na heilimintí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo.

15.

Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar oiliúint den sórt sin a neadú san oiliúint maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus maidir le heitic dhlíthiúil.

16.

Le hoiliúint d’iriseoirí, do ghairmithe meán eile agus do chosantóirí chearta an duine, ba cheart a gcumas a neartú déileáil le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. San oiliúint sin, ba cheart díriú ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a shainaithint, ar an mbealach ina ndéileálfaí leis sa chás go ndíreodh na himeachtaí cúirte sin orthu mar spriocanna, agus na daoine sin a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí ionas go mbeidh siad in ann na bearta is gá a dhéanamh chun iad féin a chosaint i gcoinne imeachtaí den sórt sin. Ba cheart go n-áireofaí san oiliúint d’iriseoirí na caighdeáin eiticiúla agus na treoirlínte atá leagtha amach ag comhairlí náisiúnta preasa nó meán.

17.

D’fhéadfadh na Ballstáit institiúidí ardoideachais a spreagadh chun eolas a chur san áireamh maidir le conas imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a shainaithint ina gcuraclaim, go háirithe i gcás céimeanna dlí agus iriseoireachta.

18.

D’fhéadfaí a áireamh san oiliúint teistiméireachtaí ó spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an oiliúint malartú taithí a chothú i measc na mBallstát, agus an leas is fearr a bhaint as an eolas a forbraíodh faoi chuimsiú shainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna.

MÚSCAILT FEASACHTA

19.

Moltar do na Ballstáit tacú le tionscnaimh, lena n-áirítear tionscnaimh de chuid Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, arb é is aidhm dóibh feasacht a mhúscailt agus feachtais faisnéise a eagrú maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart béim ar leith a leagan ar aghaidh a thabhairt ar spriocanna féideartha na n-imeachtaí sin.

20.

Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí múscailte feasachta míniú a thabhairt ar an tsaincheist maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach ar bhealach simplí agus inrochtana ionas go sainaithneofaí na himeachtaí sin go héasca.

21.

Le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, ba cheart faisnéis a chur ar fáil maidir le struchtúir tacaíochta atá ann cheana, lena n-áirítear tagairt do phointí comhtheagmhála náisiúnta a bhailíonn agus a roinneann faisnéis faoi na hacmhainní atá ar fáil. Leis na hiarrachtaí chun feasacht a ardú, ba cheart forléargas soiléir a thabhairt freisin ar línte dlíthiúla cosanta atá ar fáil faoi na creataí náisiúnta i gcás imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus ar an gcaoi a bhféadfaí iad a úsáid go héifeachtach.

22.

D’fhéadfadh feachtais ardaithe feasachta, lena ndéantar meon diúltach, steiréitíopaí agus réamhchlaonadh a chomhrac, aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

23.

Ba cheart tuiscint níos fearr ar chineál agus ar mhéid an tionchair a bhíonn ag imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a áireamh i ngníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh atá dírithe ar ghrúpaí sonracha, amhail gairmithe meán, gairmithe dlíthiúla, comhaltaí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht acadúil, meithleacha machnaimh, gairmithe cumarsáide, státseirbhísigh, polaiteoirí, údaráis phoiblí agus corparáidí príobháideacha.

SÁSRAÍ TACAÍOCHTA

24.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ar thacaíocht aonair neamhspleách ag spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do na spriocanna sin a shainaithint agus a neartú. Féadfar a áireamh ar na heagraíochtaí sin comhlachais de ghairmithe dlí, comhairlí meán agus preasagallaimh, bratchomhlachais do chosantóirí chearta an duine, comhlachais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, gnólachtaí dlí a dhéanann spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chosaint ar bhonn pro bono, clinicí dlíthiúla ollscoileanna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile.

25.

Ba cheart do gach Ballstát pointe fócasach a bhunú a bhailíonn agus a roinneann faisnéis maidir le gach eagraíocht a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

26.

Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as cistiú náisiúnta agus cistiú an Aontais chun tacaíocht airgeadais a sholáthar agus cistiú atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn le haghaidh eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun freagairt go tapa ar imeachtaí den sórt sin.

27.

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cúnamh dlí ar fáil do chosantóirí imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, agus go bhfuil an cúnamh sin ar fáil ar bhealach inacmhainne agus inrochtana.

28.

Ba cheart do na Ballstáit malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú idir eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

SONRAÍ A BHAILIÚ AGUS A THUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN A DHÉANAMH

29.

Ba cheart do na Ballstáit, agus a socruithe institiúideacha maidir le staitisticí breithiúnacha á gcur san áireamh, a chur de chúram ar údarás amháin nó níos mó a bheith freagrach, agus lánurraim á tabhairt do cheanglais cosanta sonraí, sonraí ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a thionscnaítear ina ndlínse a bhailiú agus a chomhiomlánú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur údarás amháin atá freagrach as an bhfaisnéis a chomhordú agus na sonraí comhiomlánaithe a bailíodh ar an leibhéal náisiúnta a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil ag tosú ag deireadh 2023, agus na ceanglais cosanta sonraí á n-urramú ina n-iomláine. Foilseoidh an Coimisiún achoimre bhliantúil ar an ionchur a fuarthas.

30.

I gcás inar gá, d’fhéadfadh sainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna tacú le forbairt agus le húsáid na gcaighdeán agus na dteimpléad maidir le bailiú sonraí.

31.

Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe 29:

(a)

líon na n-imeachtaí cúirte a tionscnaíodh sa bhliain ábhartha in aghaidh cásanna rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil na himeachtaí sin gan bhunús nó mí-úsáideach;

(b)

líon na n-imeachtaí cúirte in aghaidh cásanna rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil na himeachtaí sin gan bhunús nó mí-úsáideach a díbheadh go luath sa bhliain ábhartha ó 2022 ar aghaidh, ar imeachtaí iad a díbheadh ar bhonn tuillteanas agus ar chúiseanna nós imeachta araon;

(c)

líon na n-imeachtaí cúirte, aicmithe de réir an chineáil cosantóra (e.g. iriseoir, cosantóir chearta an duine, eagraíocht phreasa);

(d)

líon na n-imeachtaí cúirte, arna n-aicmiú de réir an chineáil gearánaí (e.g. polaiteoir, duine príobháideach, cuideachta, más eintiteas eachtrach é an gearánaí);

(e)

figiúirí faoi ghníomhaíochtaí rannpháirtíocht an phobail ar seoladh imeachtaí cúirte ina leith;

(f)

figiúirí maidir le méid measta na ndamáistí tosaigh a d’iarr na gearánaithe;

(g)

tuairisc ar na bunúis dlí éagsúla atá in úsáid ag gearánaithe agus ar fhigiúirí gaolmhara;

(h)

figiúirí maidir le fad na n-imeachtaí, lena n-áirítear gach cás;

(i)

figiúirí maidir le gnéithe trasteorann; agus

(j)

de réir mar atá ar fáil, sonraí eile lena n-áirítear costais bhreithiúnacha na n-imeachtaí agus, de réir mar is ábhartha agus is iomchuí, figiúirí ábhartha maidir le cúlraí stairiúla cásanna.

32.

Ba cheart don údarás a áirithíonn comhordú, dá dtagraítear i bpointe 29, na sonraí a fhoilsiú i bhformáidí inrochtana ar a shuíomh gréasáin, agus de réir mar is ábhartha trí uirlisí iomchuí eile, agus na socruithe is gá á nglacadh aige chun a áirithiú go gcosnófar cearta na ndaoine sin a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach.

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

33.

Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an tacaíocht chistiúcháin atá ar fáil ar leibhéal an Aontais chun forálacha sonracha an Mholta seo a chur chun feidhme, agus chun na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe faoin gClár CERV agus faoin gClár um Cheartas.

34.

Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a tharchur chuig an gCoimisiún, faoi dheireadh 2023 agus ina dhiaidh sin arna iarraidh sin dóibh, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Mholta seo ina mbeidh na sonraí comhiomlánaithe arna gcomhdhlúthú ar leibhéal na mBallstát. De réir mar is gá, tionólfaidh an Coimisiún plé leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, i bhfóraim ábhartha, maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a dhéantar chun an Moladh a chur i bhfeidhm.

35.

Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta a ghlacfar é, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar an Mholta seo ar éabhlóid imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail Aontas Eorpach ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ar an mbonn sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil gá le bearta breise chun cosaint leordhóthanach spriocanna na n-imeachtaí sin a áirithiú, agus torthaí Thuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta agus faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear sonraí seachtracha, á gcur san áireamh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Didier REYNDERS

Comhalta den Chomisiún


(1)  Féach mar shampla breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 14 Meán Fómhair 2010, Dink v. an Tuirc (iarratais Uimh. 2668/07, 6102/08, 30079/08, 7072/09 agus 7124/09), mír 137. Féach freisin maidir leis na hoibleagáidí dearfacha faoi Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, an Tuarascáil ón Rannán Taighde den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, https://www.echr.coe.int/documents/research_report_article_10_eng.pdfI

(2)  Féach breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 7 Nollaig 1976, Handyside v. An Ríocht Aontaithe (iarratas uimh. 5493/72), mír 49.

(3)  Féach breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 15 Feabhra 2005, Steel and Morris v. An Ríocht Aontaithe (iarratas uimh. 68416/01), mír 89.

(4)  Le Moladh CM/Rec(2022)4 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le timpeallacht fhabhrach d’iriseoireacht ar ardchaighdeán a chur chun cinn sa ré dhigiteach, foráiltear go ndéanann “[...] iriseoireacht ardchaighdeáin, a bhíonn ag brath ar chaighdeáin na heitice gairmiúla ach a mbíonn foirmeacha éagsúla i gceist léi de réir comhthéacsanna geografacha, dlíthiúla agus sochaíocha, an dá sprioc a shaothrú maidir le gníomhú mar fhoras faire poiblí i sochaithe daonlathacha agus cur le feasacht agus eagnaíocht an phobail”, https://search.coe.int/cm/pages/result_details.aspx?objectid=0900001680a5ddd0. I Rún 2213 (2018) maidir le stádas iriseoirí san Eoraip arna ghlacadh ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, i ndáil le hiriseoirí gairmiúla tagraítear do “mhisean chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le faisnéis ar ábhair spéise ghinearálta nó speisialaithe ar bhealach chomh freagrach agus chomh hoibiachtúil agus is féidir.” https://search.coe.int/cm/pages/result_details.aspx?objectid=0900001680a5ddd0.

(5)  Academic network on European citizenship rights, Ad hoc request – SLAPP in the EU context, an 29 Bealtaine 2020, https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/ad-hoc-literature-review-analysis-key-elements-slapp_en.pdf, lch. 4 agus Academic network on European citizenship rights, Strategic Lawsuits Against Public Participation (SLAPP) in the European Union: A comparative study, an 30 Meitheamh 2021, https://ec.europa.eu/info/files/strategic-lawsuits-against-public-participation-slapp-european-union-comparative-study_en.

(6)  P9_TA(2020)0320. Sa Rún sin, d’athdhearbhaigh an Pharlaimint téarmaí a Rúin an 28 Márta 2019 (P8_TA(2019)0328).

(7)  P9_TA(2021)0451.

(8)  Ó bhí 2015 ann, d’éascaigh Ardán Chomhairle na hEorpa faisnéis a thiomsú agus a scaipeadh maidir le himní thromchúiseacha faoi shaoirse agus sábháilteacht iriseoirí i mBallstáit Chomhairle na hEorpa. Déanann eagraíochtaí Rannpháirteacha — eagraíochtaí idirnáisiúnta neamhrialtasacha agus comhlachais iriseoirí a tugadh cuireadh dóibh — foláirimh a eisiúint maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú faoi staid shaoirse na meán agus sábháilteacht iriseoirí san Eoraip. Meastar go ngníomhóidh Ballstáit Chomhairle na hEorpa agus go dtabharfaidh siad aghaidh ar na saincheisteanna agus go gcuirfidh siad bonn eolais faoin Ardán maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar na foláirimh. Léiríonn an ráta íseal freagartha i mBallstáit Chomhairle na hEorpa, ar Ballstáit den Aontas iad freisin, go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta. https://www.coe.int/en/web/media-freedom.

(9)  In 2021, foilsíodh 282 rabhadh ar an Ardán chun cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht na n-iriseoirí a chur chun cinn (coe.int), agus i measc na rabhadh sin, bhain roinnt cásanna díobh le himeaglú breithiúnach, i.e. úsáid mheabhlach, threallach nó chráiteach na reachtaíochta, lena n-áirítear dlíthe maidir le clúmhilleadh, frithsceimhlitheoireacht, slándáil náisiúnta, amhsóireacht nó frith-toisceachais. I dTuarascáil Bhliantúil 2021 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteachta na nIriseoirí a chur chun cinn, tugadh faoi deara gur tháinig méadú in 2020 ar an líon foláireamh agus ar líon dlínsí na mBallstát de chuid Chomhairle na hEorpa lena mbaineann araon — 1680a2440e (coe.int).

(10)  Moladh CM/Rec(2016)4 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a chosaint, https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=09000016806415d9#_ftn1.

(11)  COM(2020) 580 final an 30 Meán Fómhair 2020.

(12)  COM(2021) 700 final an 20 Iúil 2021.

(13)  COM(2020) 790 final an 3 Nollaig 2020.

(14)  Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (IO L 331, 20.9.2021, lch. 8).

(15)  Féach, inter alia Rún 1577 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17588&lang=en, Moladh 1814 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17587&lang=en, an staidéar ó Ardrúnaíocht Chomhairle na hEorpa maidir le Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus clúmhilleadh. Staidéar ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2012) https://rm.coe.int/study-on-the-alignment-of-laws-and-practices-concerning-alignment-of-l/16804915c5, agus an ceann is déanaí, staidéar Chomhairle na hEorpa ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2016) https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806ac95b.

(16)  Rún 1577 (2007) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2007“Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte], https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17588&lang=en.

(17)  Féach freisin nóta ginearálta Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine Uimh. 34 Airteagal 19: “Freedoms of opinion and expression”, an 12 Meán Fómhair 2011, https://www2.ohchr.org/english/bodies/hrc/docs/gc34.pdf agus an Tuarascáil Speisialta ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig Ionadaí na hEorpa um Shaoirse na Meán, “Legal harassment and abuse of the judicial system against the media”, an 23 Samhain 2021, https://www.osce.org/files/f/documents/c/f/505075_0.pdf

(18)  Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Barúil Ghinearálta Uimh. 34 Airteagal 19: “Freedoms of opinion and expression”, an 12 Meán Fómhair 2011, https://www2.ohchr.org/english/bodies/hrc/docs/gc34.pdf.

(19)  An Tuarascáil Speisialta ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig Ionadaí na hEorpa um Shaoirse na Meán, “Legal harassment and abuse of the judicial system against the media”, an 23 Samhain 2021, https://www.osce.org/files/f/documents/c/f/505075_0.pdf

(20)  Moladh CM/Rec(2016)4 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a chosaint, féach mír 6.

(21)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(22)  Lámhleabhar Chomhairle na hEorpa do chleachtóirí dlí maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh a chosaint faoi CECD (2017), https://rm.coe.int/handbook-freedom-of-expression-eng/1680732814.

(23)  Sraith straitéisí uilíoch le haghaidh ghníomhaithe breithiúnacha: caighdeáin dlí idirnáisiúnta maidir le saoirse cainte, rochtain ar fhaisnéis agus sábháilteacht iriseoirí (2021) https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000378755.

(24)  https://www.coe.int/en/web/help/home.

(25)  Féach na Treoirlínte maidir le staidreamh breithiúnach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh um éifeachtúlacht ceartais (CEPEJ) ag a 12ú cruinniú iomlánach (Strasbourg, 10-11 Nollaig 2008) — CEPEJ-GT-EVAL (coe.int).

(26)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(27)  Clár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (europa.eu)

(28)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lch. 1).

(29)  Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2021/692 rannchuidiú le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt agus an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint ceart bunúsach a neartú.

(30)  Féach, inter alia Rún 1577 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17588&lang=en, Moladh 1814 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17587&lang=en, an staidéar ó Ardrúnaíocht Chomhairle na hEorpa maidir le Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus clúmhilleadh. Staidéar ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2012) https://rm.coe.int/study-on-the-alignment-of-laws-and-practices-concerning-alignment-of-l/16804915c5, agus an ceann is déanaí, staidéar Chomhairle na hEorpa ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2016) https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806ac95b.

(31)  Lasmuigh de Chomhairle na hEorpa (féach an fonóta roimhe seo), tá méadú ag teacht ar an éileamh idirnáisiúnta chun clúmhilleadh a dhíchoiriú. Féach nóta ginearálta Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine Uimh. 34 Airteagal 19: “Freedoms of opinion and expression”, an 12 Meán Fómhair 2011, https://www2.ohchr.org/english/bodies/hrc/docs/gc34.pdf agus an Tuarascáil Speisialta ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig Ionadaí na hEorpa um Shaoirse na Meán, “Legal harassment and abuse of the judicial system against the media”, an 23 Samhain 2021, https://www.osce.org/files/f/documents/c/f/505075_0.pdf

(32)  Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thrasuí Airteagal 85 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí sa dlí náisiúnta, féach an doiciméad inmheánach oibre, lch. 26.


IARSCRÍBHINN

Gnéithe a d’fhéadfaí a áireamh san oiliúint maidir le héilimh faoi chosaint sonraí i gcomhthéacs imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (ar a dtugtar “cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”, nó “SLAPPanna”, de ghnáth):

An reachtaíocht arna glacadh ag na Ballstáit chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena ndéanfar foráil maidir le díolúintí nó maoluithe ó na forálacha atá liostaithe in Airteagal 85(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) i dtaca leis an bpróiseáil a dhéantar chun críoch iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, más gá sin chun an dá cheart sin a réiteach.

Chun cearta an duine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú faoi RGCS, leagtar síos in Airteagal 12(5) RGCS go bhféadfar iarrataí a dhiúltú (nó a ghearradh le táille réasúnta) inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach.

Maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin atá in Airteagal 16 RGCS, ní bhaineann sé ach le cásanna ina bhfuil sonraí pearsanta míchruinn. Ina theannta sin, ní ceart uathoibríoch é go ndéanfaí sonraí neamhiomlána pearsanta a chomhlánú agus braitheann sé ar an gcuspóir atá ag an bpróiseáil.

Chun an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad a fheidhmiú, déantar foráil in RGCS nach mbeidh feidhm ag an gceart sin sa mhéid go bhfuil gá leis an bpróiseáil don cheart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 17(3)(a) RGCS).

Mar bhac ar shiopadóireacht fóraim, déantar foráil in Airteagal 79(2) RGCS gur féidir imeachtaí i gcoinne rialaitheora sonraí nó próiseálaí — e.g. iriseoir, cosantóir ceart, gníomhaí na sochaí sibhialta, cuideachta meán, etc. — a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí nó, mura rud é gur údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí a fheidhmíonn a chumhachtaí poiblí, sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine is ábhar do na sonraí. Ní fhágann an fhoráil sin aon raon feidhme maidir le caingne ina n-éilítear sárú ar rialacha cosanta sonraí os comhair cúirteanna eile gan aon bhaint a bheith acu le próiseáil na sonraí pearsanta, le bunaíocht an iriseora nó na heagraíochta meán, ná le gnáthchónaí an ghearánaí, lena n-áirítear damáistí.


RIALACHA NÓS IMEACHTA

17.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 138/45


CINNEADH 28/2022 ÓN mBORD BAINISTÍOCHTA

an 4 Aibreán 2022

maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta ábhar sonraí áirithe i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta

TÁ AN BORD BAINISTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1) (dá ngairtear “an Rialachán” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 25 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (2) (‘Rialachán EBCG’ anseo feasta), go háirithe Airteagal 86(2) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 16 Samhain 2021,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé de chumhacht ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, imeachtaí araíonachta agus imeachtaí fionraí a dhéanamh, i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (3) (‘Rialacháin Foirne’) , agus le Cinneadh 26/2018 ón mBord Bainistíochta an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena nglactar forálacha cur chun feidhme maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh. Más riachtanach, tugann sí fógra faoi chásanna do OLAF freisin.

(2)

Tá sé d’oibleagáid ar bhaill foirne na Gníomhaireachta gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a thuairisciú, lena n-áirítear calaois agus éilliú, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann dochar do leasanna an Aontais. Tá sé d’oibleagáid ar bhaill foirne freisin iompar a thuairisciú a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh ar iompar é a d’fhéadfadh a bheith ina mhainneachtain thromchúiseach oibleagáidí oifigigh an Aontais a chomhlíonadh. Rialaítear é sin le Cinneadh 17/2019 ón mBord Bainistíochta an 18 Iúil 2019 lena nglactar Treoirlínte Frontex maidir le Sceithireacht.

(3)

Tá beartas curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun cásanna iarbhír nó féideartha ciaptha shíceolaíoch nó gnéaschiaptha san ionad oibre a chosc agus chun déileáil leo go héifeachtach, mar a fhoráiltear le Cinneadh 16/2019 óna Bord Bainistíochta an 18 Iúil 2019 lena nglactar bearta cur chun feidhme de bhun na Rialachán Foirne. Bunaítear leis an gCinneadh nós imeachta neamhfhoirmiúil trínar féidir le híospartach líomhnaithe an chiaptha teagmháil a dhéanamh le comhairleoirí ‘rúnda’ na Gníomhaireachta.

(4)

Is féidir leis an nGníomhaireacht imscrúduithe a dhéanamh freisin ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (‘FRAE’), bunaithe ar a rialacha slándála i dtaobh FRAE a chosaint.

(5)

Tá an Ghníomhaireacht faoi réir iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha araon maidir lena gníomhaíochtaí, lena n-áirítear iniúchtaí ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Bíonn na hiniúchtaí inmheánacha á ndéanamh trí Chumas Iniúchóireachta Inmheánaí na Gníomhaireachta a cuireadh ar bun le Cinneadh 43/2020 ón mBord Bainistíochta an 9 Nollaig 2020 lena nglactar struchtúr leasaithe eagrúcháin na Gníomhaireachta agus leis an gCinneadh ábhartha ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 80 de Chinneadh 19/2019 ón mBord Bainistíochta an 23 Iúil 2019 lena nglactar Rialachán Airgeadais Frontex.

(6)

Láimhseálann an Ghníomhaireacht gearáin sheachtracha, go háirithe na gearáin sin a fhaightear i gcomhthéacs an tsásra gearán arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 111 de Rialachán EBCG chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta agus lena áirithiú go ndéanfar cearta bunúsacha a urramú.

(7)

Tá rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí Frontex faoi oibleagáid teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 38(3)(h) de Rialachán EBCG agus leis an gCinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin an 19 Aibreán 2021 maidir le Buan-Nós Imeachta Oibríochta – Tuairisciú i leith Teagmhas Tromchúiseach (4). Ina theannta sin, bhunaigh an Ghníomhaireacht sásra maoirseachta chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán EBCG maidir le húsáid fornirt ag baill foirne reachtúla, lena n-áirítear rialacha maidir le tuairisciú agus bearta sonracha, amhail bearta de chineál araíonachta, maidir le húsáid fornirt le linn an imscartha. Tá an méid sin á rialú ag Cinneadh 7/2021 ón mBord Bainistíochta an 20 Eanáir 2021 lena mbunaítear sásra maoirseachta chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le húsáid fornirt ag foireann reachtúil Bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Déanann an Ghníomhaireacht faireachán freisin ar úsáid fornirt ag baill foirne arna dtabhairt ar iasacht fhadtéarmach don Ghníomhaireacht ó na Ballstáit, ag baill foirne arna soláthar ag na Ballstáit le haghaidh imscaradh gearrthéarmach agus ag baill foirne ar cuid iad den chúltaca mearfhreagartha le haghaidh mear-idirghabhálacha teorann agus forneart á chur i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí oibríochtúla Frontex i gcomhréir leis an gCinneadh ábhartha ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(8)

I gcomhthéacs fiosrúcháin riaracháin, iniúchtaí, scrúdú ar ghearáin agus imscrúduithe, tuairisciú teagmhas tromchúiseach agus gníomhaíochtaí faireacháin, comhoibríonn an Ghníomhaireacht le húdaráis inniúla na mBallstát (5) agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí.

(9)

Is féidir leis an nGníomhaireacht comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, arna iarraidh sin dóibh nó ar a tionscnamh féin.

(10)

Bíonn an Ghníomhaireacht bainteach le cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus cuairteanna náisiúnta nuair a tharchuireann sí ábhar chuig an gCúirt, nuair a chosnaíonn sí cinneadh a rinne sí agus a ndearnadh agóid ina choinne os comhair na Cúirte, nó nuair a dhéanann sí idirghabháil i gcásanna a bhaineann lena cúraimí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an nGníomhaireacht rúndacht sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a fhaigheann na páirtithe nó na hidirghabhálaithe a chaomhnú.

(11)

Chun a cúraimí a chomhlíonadh, bailíonn agus próiseálann an Ghníomhaireacht faisnéis agus roinnt catagóirí sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí aitheantais daoine nádúrtha, faisnéis teagmhála, róil ghairmiúla agus cúraimí, faisnéis maidir le hiompar príobháideach agus gairmiúil agus feidhmíocht, agus sonraí airgeadais. Dá bhrí sin, gníomhaíonn an Ghníomhaireacht mar rialaitheoir sonraí.

(12)

Faoin Rialachán, tá sé d’oibleagáid ar an nGníomhaireacht, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin agus a gcearta mar ábhair sonraí a urramú.

(13)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an nGníomhaireacht réiteach a dhéanamh idir na cearta sin agus cuspóirí a bhíonn le fiosrúchán riaracháin, iniúchtaí, imscrúduithe, tuairisciú teagmhas tromchúiseach agus faireachán ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán EBCG maidir le húsáid fornirt, agus imeachtaí cúirte. D’fhéadfadh sé go mbeadh uirthi freisin cothromaíocht a bhaint amach idir cearta ábhair sonraí agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile. Chuige sin, le hAirteagal 25 den Rialachán agus Airteagal 86(2) de Rialachán EBCG, tugtar an deis don Ghníomhaireacht srian a chur, faoi choinníollacha dochta, le feidhmiú Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán, chomh maith le hAirteagal 4 de sa mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20. Mura ndéantar foráil maidir le srianta i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí, is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina mbeidh an Ghníomhaireacht i dteideal srian a chur leis na cearta sin.

(14)

Mar shampla, d’fhéadfadh sé nár mhór don Ghníomhaireacht srian a chur leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sí d’ábhar sonraí faoi phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta le linn na réamhchéime measúnaithe d’fhiosrúchán riaracháin nó le linn an fhiosrúcháin féin, sula bhféadfaí cás a dhíbhe nó ag an gcéim réamh-araíonachta nó sa chás ina bhféadfadh an t-ábhar sonraí a bheith faoi réir bearta sonracha, amhail bearta de chineál araíonachta, maidir le húsáid fornirt le linn an imscartha. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh soláthar faisnéise den sórt sin difear tromchúiseach do chumas na Gníomhaireachta an fiosrúchán a dhéanamh nó a feidhm um fhaireachán ar úsáid fornirt a chomhlíonadh ar bhealach éifeachtach, aon uair, mar shampla, a bhfuil an baol ann go bhféadfadh an duine lena mbaineann fianaise a scriosadh nó cur isteach ar fhinnéithe ionchasacha sula gcuirtear faoi agallamh iad.

(15)

D’fhéadfadh sé freisin gur ghá don Ghníomhaireacht cearta agus saoirsí finnéithe a chosaint chomh maith le cearta agus saoirsí daoine eile atá bainteach. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé gur ghá don Ghníomhaireacht srian a chur leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sí d’ábhar sonraí maidir le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i gcás ina bhféadfadh soláthar na faisnéise sin difear tromchúiseach a dhéanamh do na céimeanna measúnaithe agus bailíochtaithe den phróiseas um theagmhais thromchúiseacha a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 38(3)(h) de Rialachán EBCG.

(16)

B’fhéidir gur ghá a anaithnideacht a chosaint i gcás finné nó sceithire a d’iarr nach ndéanfaí é a aithint. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile an duine sin, chun cearta agus saoirsí an duine sin a chosaint. Go háirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá don Ghníomhaireacht an anaithnideacht a chosaint i gcás finnéithe nó daoine eile a thuairiscíonn teagmhais a bhaineann le húsáid fornirt i gcomhréir le sásra maoirseachta chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán EBCG maidir le húsáid fornirt. Ar an gcaoi chéanna, i gcomhthéacs teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 38(3)(h) de Rialachán EBCG, d’fhéadfadh sé nár mhór don Ghníomhaireacht an anaithnideacht a chosaint i gcás rannpháirtithe i ngníomhaíocht Frontex a thuairiscigh teagmhas den sórt sin.

(17)

D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach faisnéis rúnda a chosaint maidir le ball foirne a chuaigh i dteagmháil le comhairleoirí rúnda na Gníomhaireachta. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don Ghníomhaireacht srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile an íospartaigh líomhnaithe, an té a ndearnadh líomhain an chiaptha ina éadan nó ina héadan agus daoine eile atá bainteach, chun cearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann a chosaint.

(18)

Próiseálann an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a ball foirne reachtúil maidir le dea-shláinte agus folláine shíceolaíoch, lena n-áirítear, i gcás inar gá, chun údarú a thabhairt i dtaobh armáin a iompar agus a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 82(7) de Rialachán EBCG agus Cinneadh 3/2021 ón mBord Bainistíochta an 15 Eanáir 2021 (6). I bhfianaise a íogaire atá na sonraí leighis agus chun an t-ábhar sonraí a chosaint ar rochtain dhíreach ar chomhaid a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte agus do stádas meabhrach an ábhair sonraí lena mbaineann, soláthróidh an Ghníomhaireacht rochtain indíreach ar an bhfaisnéis leighis ábhartha trí chomhairleoir leighis na Gníomhaireachta nó trí sholáthraí leighis seachtrach i gcomhair na faisnéise agus na comhairle leighis ábhartha.

(19)

Níor cheart don Ghníomhaireacht srianta a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaítear leo bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, nuair atá siad fíor-riachtanach agus nuair atá siad ina mbeart comhréireach i sochaí dhaonlathach. Ba cheart don Ghníomhaireacht cúiseanna a thabhairt ina mínítear an bonn cirt atá leis na srianta sin.

(20)

Agus prionsabal na cuntasachta á chur i bhfeidhm, ba cheart don Ghníomhaireacht taifead a choimeád ar an gcur i bhfeidhm a dhéanann sí ar shrianta.

(21)

Agus sonraí pearsanta arna malartú le heagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a cúraimí, ba cheart don Ghníomhaireacht agus do na heagraíochtaí sin dul i gcomhairle lena chéile faoi fhorais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus faoi riachtanas agus comhréireacht na srianta sin, mura gcuirfí gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i mbaol dá bharr sin.

(22)

Faoi Airteagal 25(6) den Rialachán, cuirtear d’oibleagáid ar an rialaitheoir ábhair sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna le cur i bhfeidhm an tsriain agus faoin gceart atá acu gearán a thaisceadh le MECS.

(23)

De bhun Airteagal 25(8) den Rialachán, tá an Ghníomhaireacht i dteideal soláthar faisnéis a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá le srian a chur i bhfeidhm i leith an ábhair sonraí dá gcuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal ar aon bhealach. Ba cheart don Ghníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an gcuirfeadh cumarsáid an tsriain a éifeacht ar ceal.

(24)

Ba cheart don Ghníomhaireacht srian a chur i leataobh a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha lena dtugtar bonn cirt leis an srian, agus na coinníollacha sin a mheas ar bhonn tráthrialta.

(25)

Chun an chosaint is fearr a thabhairt do chearta agus do shaoirsí ábhar sonraí agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán, ba cheart dul i gcomhairle le hOifigeach Cosanta Sonraí (‘OCS’) na Gníomhaireachta in am trátha maidir le haon srianta a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus ba cheart don Oifigeach sin a fhíorú go gcomhlíonann siad an Cinneadh seo.

(26)

Tá rialacha ar leithligh leagtha síos ag an nGníomhaireacht maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil, i gcomhréir le hAirteagal 90 de Rialachán EBCG, lena n-áirítear rialacha inmheánacha sonracha maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla a choinneáil agus rialacha maidir le srianta a chuirtear i bhfeidhm maidir le cearta ábhartha an ábhair sonraí (7).

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus rialaitheoireacht

1.   Leagtar síos sa Chinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 4, 14 go 22, 35 agus 36, de bhun Airteagal 25 den Rialachán agus Airteagal 86(2) de Rialachán EBCG.

Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht chun críche cúraimí riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 87(1)(h) de Rialachán EBCG.

2.   I gcomhréir le mír 1 agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo, féadfar na srianta a chur i bhfeidhm maidir leis na cearta seo a leanas: an ceart chun faisnéis a sholáthar don ábhar sonraí, ceart rochtana an ábhair sonraí, ceart an ábhair sonraí i leith ceartú, scriosadh agus srianadh próiseála agus cearta i leith sárú ar shonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí agus rúndacht cumarsáide leictreonaí.

3.   Is iad na catagóirí sonraí pearsanta a bhaineann an Cinneadh seo leo sonraí oibiachtúla/crua (e.g. sonraí aitheantais, sonraí teagmhála, sonraí gairmiúla, sonraí riaracháin, sonraí a fhaightear ó fhoinsí sonracha, sonraí cumarsáide leictreonaí agus sonraí tráchta) agus sonraí suibiachtúla/boga (e.g. réasúnaíocht, sonraí iompair, breithmheasanna, sonraí a bhaineann le feidhmíocht agus iompar, agus sonraí a bhaineann le hábhar an nós imeachta nó na gníomhaíochta atá i gceist nó arna dtabhairt chun cinn maidir leis an ábhar sin).

4.   Déanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht don Ghníomhaireacht ina cáil mar rialaitheoir. Beidh feidhm ag rialacha na Gníomhaireachta lena gcuirtear an Rialachán chun feidhme i leith rialaitheoireacht sonraí (8).

5.   Cuirfear ábhair sonraí ar an eolas faoi na rialaitheoirí ainmnithe trí fhaisnéis nó taifid arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin agus/nó inlíon na Gníomhaireachta.

Airteagal 2

Srianta

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán, agus le hAirteagal 4 de a mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 22 i gcomhthéacs an chuspóra i leith sonraí pearsanta a phróiseáil a shonraítear in Airteagal 1(1) den Chinneadh:

(a)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) den Rialachán, agus fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, imeachtaí araíonachta nó imeachtaí fionraí á ndéanamh aici faoi Airteagal 86 agus Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne agus faoi Chinneadh 26/2018 ón mBord Bainistíochta an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena nglactar forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le seoladh fiosrúchán riaracháin agus nósanna imeachta araíonachta, nuair a thugtar fógra do OLAF faoi chásanna agus de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, nuair a dhéanann an OCS imscrúdú ar ábhair a bhaineann go díreach lena chúraimí nó a cúraimí féin, go háirithe agus fiosrúcháin á ndéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 5(11) de Chinneadh 56/2021 ón mBord Bainistíochta an 15 Deireadh Fómhair 2021. (9) Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh ar cearta iad atá ag ball foirne, ag duine lena mbaineann nó ag tríú páirtí i ndáil le haon fhaisnéis a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh d’fhiosrúcháin, imeachtaí réamh-araíonachta, imeachtaí araíonachta nó imeachtaí fionraí, idir chinn amach anseo agus chinn atá ar siúl, lena n-áirítear ráitis ó fhinnéithe agus doiciméid eile,

(b)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus é á áirithiú aici go bhféadfaidh baill foirne na Gníomhaireachta fíorais a thuairisciú faoi rún i gcás ina gcreidfidh siad go bhfuil neamhrialtachtaí tromchúiseacha ann, mar a leagtar amach i gCinneadh 17/2019 ón mBord Bainistíochta an 18 Iúil 2019 lena nglactar Treoirlínte Frontex maidir le Sceithireacht, féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh ar cearta iad atá ag ábhair sonraí a d’fhéadfadh a bheith luaite leis na drochghníomhartha a líomhnaítear i ndáil le haon fhaisnéis a d’fhéadfadh baint d’anaithnideacht duine a thuairiscíonn neamhrialtacht thromchúiseach;

(c)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus é á áirithiú aici go bhféadfaidh baill foirne na Gníomhaireachta leas a bhaint as tacaíocht na gcomhairleoirí rúnda, arna sainiú le Cinneadh 16/2019 ón mBord Bainistíochta an 18 Iúil 2019 maidir le beartas Frontex chun dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a chosc. Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh a cearta iad atá ag lucht ciaptha líomhnaithe, i gcás inar gá, chun anaithnideacht an íospartaigh fhéideartha ciaptha agus anaithnideacht finnéithe a chosaint;

(d)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha á ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí nó ranna de chuid na Gníomhaireachta, go háirithe nuair a dhéanann Cumas Iniúchóireachta Inmheánaí na Gníomhaireachta iniúchtaí inmheánacha. Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ar cearta iad atá ag ábhair sonraí i ndáil le faisnéis a d’fhéadfadh baint de rúndacht faisnéise arna bailiú ón iniúchadh nó cur isteach ar dhéanamh iniúchta atá ar siúl;

(e)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (e), (g) agus (h) den Rialachán, i gcomhthéacs imscrúduithe ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE). Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo ar cearta iad atá ag ábhair sonraí i ndáil le faisnéis is gá chun seoladh cuí agus rúndacht a áirithiú i gcás imscrúduithe a dhéanfaidh OIPE;

(f)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (e), (g) agus (h) den Rialachán, agus gearáin á láimhseáil aici lena n-áirítear na gearáin sin a fhaigheann an Ghníomhaireacht i gcomhthéacs an tsásra gearán arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 111 de Rialachán EBCG chun faireachán a dhéanamh ar chearta bunúsacha agus urramú na gceart sin a áirithiú i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta agus leis an gCinneadh ábhartha ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo ar cearta iad atá ag ball foirne a bhfuil baint aige le gníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta (10), atá faoi réir gearáin, i ndáil le haon fhaisnéis a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh d’athbhreithniú agus láimhseáil an ghearáin;

(g)

de bhun Airteagal 25(1) (c), (e), (g) agus (h) den Rialachán, agus tuairiscí ar theagmhais á láimhseáil aici faoi Airteagal 38(3)(h) de Rialachán EBCG agus faoin gCinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin an 19 Aibreán 2021 maidir le Buan-Nós Imeachta Oibríochta – Tuairisciú i leith Teagmhas Tromchúiseach. Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo ar cearta iad atá ag ábhair sonraí atá sa Tuarascáil i leith Teagmhas Tromchúiseach i ndáil le faisnéis a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh do bhailíochtú agus do mheasúnú na Tuarascála i leith Teagmhas Tromchúiseach agus do ghníomhaíochtaí leantacha agus d’aithnideacht finnéithe nó daoine eile a thuairiscíonn teagmhais lena n-áirítear imircigh agus fillithe;

(h)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) den Rialachán, agus faireachán á dhéanamh aici ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le húsáid fornirt ag baill foirne reachtúla de chuid Bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh faoi Airteagal 55(5)(a) de Rialachán EBCG agus faoi Chinneadh 7/2021 ón mBord Bainistíochta an 20 Eanáir 2021 agus nuair atá faireachán á dhéanamh aici ar úsáid fornirt ag baill foirne arna dtabhairt ag na Ballstáit ar iasacht fhadtéarmach don Ghníomhaireacht, baill foirne arna soláthar ag na Ballstáit le haghaidh imscaradh gearrthéarmach agus baill foirne ar cuid iad den chúltaca mearfhreagartha le haghaidh mear-idirghabhálacha teorann agus forneart á chur i bhfeidhm acu i ngníomhaíochtaí oibríochtúla Frontex i gcomhréir leis an gCinneadh ábhartha ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo ar cearta iad atá ag ábhair sonraí atá i dtuarascáil ar úsáid fornirt i ndáil le faisnéis (lena n-áirítear ráitis ó fhinnéithe agus doiciméid eile) a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh d’fhíorú na tuarascála agus d’aon ghníomhaíochtaí leantacha a dhéanfar amach anseo nó atá ar siúl lena n-áirítear fiosrúcháin, imeachtaí réamh-araíonachta, imeachtaí araíonachta nó imeachtaí fionraí;

(i)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (d), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aici d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó á fháil aici uathu nó agus í ag comhoibriú leo i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faoi phointe (a) go (d) den mhír seo agus de bhun comhaontuithe seirbhíse, meabhráin tuisceana agus socruithe oibre ábhartha;

(j)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh agus comhar á soláthar aici d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát nó á bhfáil aici uathu, arna iarraidh sin dóibh nó ar a tionscnamh féin, go háirithe i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faoi phointí (f) go (h) den mhír seo agus de bhun fhorálacha Rialachán EBCG agus Cinntí ón mBord Bainistíochta;

(k)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aici d’údaráis inniúla náisiúnta na dtríú tíortha agus na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta nó á fháil aici uathu nó agus í ag comhoibriú leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí sin, go háirithe de bhun meabhráin tuisceana agus socruithe oibre ábhartha;

(l)

de bhun Airteagal 25(1)(e) den Rialachán, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó cúirteanna agus binsí náisiúnta;

(m)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus láimhseáil á déanamh aici ar iarrataí ar rochtain a bheith ag baill foirne ar a gcomhaid leighis a bhaineann lena ndea-shláinte agus lena bhfolláine shíceolaíoch, i gcás ina bhféadfadh rochtain dhíreach ar na comhaid sin dochar a dhéanamh don ábhar sonraí lena mbaineann agus sláinte nó stádas meabhrach an ábhair sonraí á gcur san áireamh. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an Ghníomhaireacht rochtain indíreach ar an bhfaisnéis leighis ábhartha trí chomhairleoir leighis na Gníomhaireachta nó trí sholáthraí leighis seachtrach;

(n)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (d), (g) agus (h) den Rialachán, agus anailísí slándála á ndéanamh aici, ar anailísí iad a bhféadfadh imscrúduithe inmheánacha a bhaineann le teagmhais chibearshlándála nó mí-úsáid córas TF a bheith ina dtoradh orthu, lena n-áirítear rannpháirtíocht sheachtrach CERT-EU, slándáil inmheánach a áirithiú trí fhísfhaireachas, críocha rialaithe rochtana agus imscrúdaithe, córais chumarsáide agus faisnéise a áirithiú agus frithbhearta teicniúla slándála a dhéanamh. Féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur le cuid de na cearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo, ar cearta iad atá ag ábhair sonraí, i ndáil le faisnéis a d’fhéadfadh difear mór a dhéanamh do na hanailísí slándála sin, do na modhanna sin chun slándáil inmheánach a áirithiú lena n-áirítear rialú rochtana, do na himscrúduithe slándála sin agus do na frithbhearta slándála teicniúla sin.

2.   Urramófar le haon srian bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha agus beidh sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach.

3.   Déanfar tástáil ar riachtanas agus ar chomhréireacht ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear srianta i bhfeidhm. Ní rachaidh na srianta thar an méid atá fíor-riachtanach chun a gcuspóir a bhaint amach.

4.   Chun críocha cuntasachta, dréachtóidh an Ghníomhaireacht taifead ina ndéanfar cur síos ar na cúiseanna atá le srianta arna gcur i bhfeidhm, ar cé na forais a bhfuil feidhm leo i measc na bhforas a liostaítear i mír 1 agus ar thoradh na tástála ar riachtanas agus ar chomhréireacht. Beidh na taifid sin ina gcuid de chlár a chuirfear ar fáil do MECS arna iarraidh sin. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 25 den Rialachán agus cuirfidh sí ar fáil go poiblí iad.

5.   Agus sonraí pearsanta a fhaightear ó eagraíochtaí eile á bpróiseáil aici i gcomhthéacs a cúraimí, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus maidir le riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, mura gcuirfí gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i mbaol dá bharr sin.

Airteagal 3

Rioscaí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí

1.   Déanfar measúnuithe ar na rioscaí do chearta agus saoirsí ábhar sonraí a bhaineann le srianta a fhorchur agus mionsonraí i dtaobh thréimhse chur i bhfeidhm na srianta sin a chlárú i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála arna choinneáil ar bun ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 31 den Rialachán. Déanfar iad a thaifeadadh freisin in aon mheasúnuithe tionchair ar chosaint sonraí maidir leis na srianta sin arna ndéanamh faoi Airteagal 39 den Rialachán.

2.   Aon uair a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht sriain, breithneoidh sí na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí.

3.   Ní bheidh feidhm ag srianta i gcás ina bhfágfadh feidhmiú an chirt shrianta go mbainfí de chuspóir an tsriain nó go ndéanfaí dochar do chearta nó saoirsí ábhar sonraí eile.

Airteagal 4

Coimircí agus tréimhsí stórála

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht coimircí chun feidhme chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach na sonraí pearsanta a chosc arb iad na sonraí pearsanta a bhfuil feidhm ag srianta ina leith nó a bhféadfaí srianta a chur i bhfeidhm ina leith. Áireofar ar na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus déanfar iad a mhionsonrú de réir mar is gá i gCinntí ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, i gCinntí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i bpleananna oibríochtúla arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán EBCG, i gcinntí inmheánacha, i nósanna imeachta agus i bhFógraí Riaracháin. Áireofar an méid seo a leanas sna coimircí:

(a)

sainiú soiléir ar róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta;

(b)

más iomchuí, timpeallacht leictreonach shlán lena gcoisctear rochtain neamhdhleathach agus thimpisteach ar shonraí leictreonacha nó aistriú neamhdhleathach agus thimpisteach sonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe;

(c)

más iomchuí, stóráil agus próiseáil shlán ar dhoiciméid pháipéarbhunaithe;

(d)

faireachán cuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm.

Déanfar na hathbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (d) gach 6 mhí ar a laghad agus d’fhéadfaí, mar thoradh orthu, srianta a chur i leataobh i gcomhréir le mír 2. Déanfaidh an rialaitheoir ainmnithe na hathbhreithnithe a dhoiciméadú chun críocha cuntasachta.

2.   Cuirfear srianta i leataobh a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúinsí lena dtugtar bonn cirt ina leith.

3.   Déanfar na sonraí pearsanta a choinneáil i gcomhréir le rialacha coinneála is infheidhme na Gníomhaireachta, atá le sainiú sna taifid cosanta sonraí arna gcoinneáil ar bun faoi Airteagal 31 den Rialachán. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, é sin nó déanfar iad anaithnid nó déanfar iad a aistriú chuig cartlanna i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán.

Airteagal 5

Rannpháirtíocht an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Cuirfear an OCS ar an eolas gan moill mhíchuí aon uair a chuirtear srian le cearta ábhair sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Tabharfar rochtain dó ar na taifid ghaolmhara agus ar aon doiciméid a bhaineann leis an gcomhthéacs fíorasach nó dlíthiúil.

2.   Féadfaidh an OCS athbhreithniú a iarraidh ar chur i bhfeidhm sriain. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an OCS ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe.

3.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht rannpháirtíocht an OCS i gcur i bhfeidhm srianta a dhoiciméadú, rud lena n-áirítear an fhaisnéis a chomhroinntear leis.

4.   Cuirfidh na rialaitheoirí ainmnithe an OCS ar an eolas nuair a chuirfear srian i leataobh.

Airteagal 6

Faisnéis d’ábhair sonraí maidir le srianadh a gceart

1.   Áireoidh an Ghníomhaireacht mír sna fógraí um chosaint sonraí a fhoilseofar ar a suíomh gréasáin agus a hinlíon ina soláthrófar faisnéis ghinearálta d’ábhair sonraí maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí cearta ábhar sonraí a shrianadh de bhun Airteagal 2(1). Cumhdóidh an fhaisnéis cad iad na cearta a fhéadfar a shrianadh, na forais ar a bhféadfar srianta a chur i bhfeidhm agus an tréimhse fhéideartha a mbeidh feidhm acu.

2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht ábhair sonraí ar an eolas ar bhonn indibhidiúil, i scríbhinn agus gan moill mhíchuí, faoi shrianta leanúnacha ar a gcearta nó faoi shrianta ar a gcearta amach anseo. Cuirfidh an Ghníomhaireachta an t-ábhar sonraí ar an eolas faoi na príomhchúiseanna le cur i bhfeidhm an tsriain, faoin gceart atá aige chun dul i gcomhairle leis an OCS d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne an tsriain agus faoin gceart atá aige gearán a thaisceadh le MECS.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh le MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar bhonn cirt a bheith leis sin ar bhonn cás ar chás. A luaithe nach gcuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal a thuilleadh, soláthróidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis don ábhar sonraí.

Airteagal 7

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.   I gcás ina mbeidh an Ghníomhaireacht faoi oibleagáid sárú sonraí a chur in iúl faoi Airteagal 35(1) den Rialachán, féadfaidh sí, in imthosca eisceachtúla, srian iomlán nó srian páirteach a chur leis an gcur in iúl sin. Déanfaidh sí doiciméadú i nóta ar na cúiseanna atá leis an srian, ar an bhforas dlíthiúil atá leis faoi Airteagal 2 agus ar mheasúnú ar a riachtanas agus a chomhréireacht. Cuirfear an nóta in iúl do MECS tráth a dtabharfar fógra faoin sárú ar shonraí pearsanta.

2.   I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srian, cuirfidh an Ghníomhaireacht an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus cuirfidh sí é ar an eolas faoi na príomhchúiseanna leis an srian agus faoin gceart atá aige gearán a thaisceadh le MECS.

Airteagal 8

Rúndacht na cumarsáide leictreonaí

1.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Ghníomhaireacht srian a chur leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí faoi Airteagal 36 den Rialachán. Comhlíonfaidh na srianta sin Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

2.   I gcás ina gcuirfidh an Ghníomhaireacht srian leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí, cuirfidh sí an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas, ina fhreagra ar aon iarraidh ón ábhar sonraí, faoi na príomhchúiseanna le cur i bhfeidhm an tsriain agus faoin gceart atá aige gearán a thaisceadh le MECS.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh le MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar bhonn cirt a bheith leis sin ar bhonn cás ar chás.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh trí nós imeachta i scríbhinn an 4 Aibreán 2022.

Thar ceann an Bhoird Bainistíochta

Marko GAŠPERLIN

An Cathaoirleach


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.

(3)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. R-ED-2021-51 ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin an 19.4.2021 maidir le Buan-Nós Imeachta Oibríochta – Tuairisciú i leith Teagmhas Tromchúiseach.

(5)  Chun críche an Chinnidh seo, áirítear leis an téarma ‘Ballstáit’ freisin na Stáit atá rannpháirteach i bhforbairt ábhartha acquis Schengen de réir bhrí an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a Phrótacal (Uimh. 19) ar acquis Schengen arna chomhtháthú i gcreat an Aontais Eorpaigh.

(6)  Cinneadh 3/2021 ón mBord Bainistíochta an 15 Eanáir 2021 lena nglactar rialacha ionas go mbeidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin in ann baill foirne reachtúla a údarú i dtaobh armáin a iompar agus a úsáid, lena n-áirítear maidir le comhar éigeantach leis na húdaráis náisiúnta inniúla, agus lena n-áirithítear go leanfaidh na baill foirne reachtúla de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha maidir le húdaruithe den sórt sin a eisiúint.

(7)  Cinneadh 69/2021 ón mBord Bainistíochta an 21 Nollaig 2021 lena nglactar rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla ag an nGníomhaireacht.

(8)  Cinneadh 56/2021 ón mBord Bainistíochta an 15 Deireadh Fómhair 2021 lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le cúraimí, dualgais agus cumhachtaí an Oifigigh Cosanta Sonraí chomh maith le rialacha maidir le Rialaitheoirí Ainmnithe in Frontex.

(9)  Cinneadh 56/2021 ón mBord Bainistíochta an 15 Deireadh Fómhair 2021 lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le cúraimí, dualgais agus cumhachtaí an Oifigigh Cosanta Sonraí chomh maith le rialacha maidir le Rialaitheoirí Ainmnithe in Frontex.

(10)  Áirítear le ‘baill foirne a bhfuil baint acu le gníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta’ baill de na foirne amhail foireann na Gníomhaireachta féin nó baill foirne de chuid chatagóirí 2, 3 agus 4 den Bhuanchór

(11)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002 lch. 37)