|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/701 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/346/AE maidir le bearta cosanta i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin ( 1 ) |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
5.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/700 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 maidir le hallmhairiú leannlusanna ó thríú tíortha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 190(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 ón gCoimisiún (2) na gníomhaireachtaí i dtríú tíortha atá údaraithe chun na fianuithe a eisiúint a ghabhann le táirgí leannlusanna a allmhairítear ó na tíortha sin. Aithnítear go bhfuil na fianuithe sin coibhéiseach leis an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(2) |
Is iad na gníomhaireachtaí lena mbaineann sna tríú tíortha sin atá freagrach as an bhfaisnéis a sholáthraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 a choimeád cothrom le dáta agus as an bhfaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún de mheon an dlúthchomhair. |
|
(3) |
Sheol Ceanada iarraidh chuig an gCoimisiún leasú a dhéanamh ar ainm agus ar sheoladh na gníomhaireachta inniúla atá údaraithe chun fianuithe coibhéise a eisiúint. Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, is iomchuí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 a ionadú ina hiomláine. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun aistriú rianúil a ráthú i sreafaí trádála na hearnála lena mbaineann, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1295/2008 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 maidir le hallmhairiú leannlusanna ó thríú tíortha (IO L 340, 19.12.2008, lch. 45).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
GNÍOMHAIREACHTAÍ ATÁ ÚDARAITHE CHUN FIANUITHE A EISIÚINT I LEITH NA dTÁIRGÍ SEO A LEANAS:
Buaircíní leannlusanna, cód AC: ex 12 10
Púdair leannlusanna, cód AC: ex 12 10
Súnna leannlusanna agus úisc leannlusanna, cód AC: 1302 13 00
|
Tír thionscnaimh |
Gníomhaireachtaí údaraithe |
Seoladh |
Cód |
Teil. |
Facs |
R-phost (roghnach) |
||
|
(AR) an Airgintín |
Coordinación Regional Temática de Protección Vegetal (CRTPV). Servicio Nacional de Sanidad y Calidad Agroalimentaria (SENASA) Centro Regional Patagonia Norte |
Calle 9 de Julio 933. General Roca, Provincia de Río Negro, Cod 8334 |
(54-298) |
44 28 594 44 32 190 |
44 28 594 44 32 190 |
groca@senasa.gov.ar cpaulovich@senasa.gov.ar jesparza@senasa.gov.ar |
||
|
Servicio Nacional de Sanidad y Calidad Agroalimentaria (SENASA) |
Av. Pasco Colon 367 Ciudad Aut. de Buenos Aires, C1063ACD |
(54-11) |
41 21 50 00 |
41 21 50 00 |
webmaster@senasa.gob.ar cdei@senasa.gob.ar |
|||
|
(AU) an Astráil |
Biosecurity Tasmania -Department of Primary Industries, Parks, Water and Environment |
|
(61-3) |
62 33 33 52 |
03 6165 3777 |
Biosecurity.Tasmania@dpipwe.tas.gov.au nó Export.Enquiries.Tas@dpipwe.tas.gov.au |
||
|
(CA) Ceanada |
Pacific Agricultural Certification Society (PACS) |
3402 32nd Avenue, Vernon, British Columbia, Canada, V1T2N1 |
(1-613) |
1-250- 558-7927 |
1- 250-558-7947 |
admin@pacscertifiedorganic.ca |
||
|
(CH) an Eilvéis |
Labor Veritas |
Engimattstrasse 11, Postfach 353, CH-8027 Zürich |
(41-44) |
283 29 30 |
201 42 49 |
admin@laborveritas.ch |
||
|
(CN) an tSín |
Tianjin Airport Entry-Exit Inspection and Quarantine Bureau of the People’s Republic of China |
No 33 Youyi Road, Hexi District Tianjin 300201 |
(86-22) |
28 13 40 78 |
28 13 40 78 |
ciqtj2002@163.com |
||
|
Tianjin Economic and Technical Development Zone Entry-Exit Inspection and Quarantine Bureau of the People’s Republic of China |
No 8, Zhaofaxincun 2nd Avenue, TEDA Tianjin 300457 |
(86-22) |
662 98-343 |
662 98-245 |
zhujw@tjciq.gov.cn |
|||
|
Inner Mongolia Entry-Exit Inspection and Quarantine Bureau of the People’s Republic of China |
No 12 Erdos Street, Saihan District, Huhhot City Inner Mongolia 010020 |
(86-471) |
434-1943 |
434-2163 |
zhaoxb@nmciq.gov.cn |
|||
|
Xinjiang Entry-Exit Inspection and Quarantine Bureau of the People’s Republic of China |
No 116 North Nanhu Road Urumqi City Xinjiang 830063 |
(86-991) |
464-0057 |
464-0050 |
xjciq_jw@xjciq.gov.cn |
|||
|
(NZ) an Nua-Shéalainn |
Ministry for Primary Industries |
P.O. Box 2526, Wellington 6140 |
(64-4) |
830 1574 |
894 0300 |
|
||
|
(RS) an tSeirbia |
Institut za ratarstvo i povrtarstvo/ Institute of Field and Vegetable Crops |
21000 Novi Sad Maksima Gorkog 30. |
(381-21) |
780 365 Oibritheoir: 4898 100 |
780 198 |
institut@ifvcns.ns.ac.rs |
||
|
(UA) an Úcráin |
Productional-Technical Centre (PTZ) Ukrhmel |
Hlebnaja 27262028 Zhitomir |
(380) |
37 21 11 |
36 73 31 |
|
||
|
(UK) an Ríocht Aontaithe (*1) |
Rural Payments Agency (RPA) |
|
(44) |
3300 416 500 |
- |
hops.exports@rpa.gov.uk |
||
|
(US) na Stáit Aontaithe |
Washington Department of Agriculture State Chemical and Hop Lab |
21 N. 1st Ave. Suite 106 Yakima, WA 98902 |
(1-509) |
225 76 26 |
454 76 99 |
|
||
|
Idaho Department of Agriculture Division of Plant Industries Hop Inspection Lab |
2270 Old Penitentiary Road P.O. Box 790 Boise, ID 83701 |
(1-208) |
332 86 20 |
334 22 83 |
|
|||
|
Oregon Department of Agriculture Commodity Inspection Division |
635 Capital Street NE Salem, OR 97310-2532 |
(1-503) |
986 46 20 |
986 47 37 |
|
|||
|
California Department of Food and Agriculture (CDFA-CAC) Division of Inspection Services Analytical Chemistry Laboratory |
3292 Meadowview Road Sacramento, CA 95832 |
(1-916) |
445 00 29 nó 262 14 34 |
262 15 72 |
|
|||
|
USDA, GIPSA, FGIS |
1100 NW Naito Parkway Portland, OR 97209-2818 |
(1-503) |
326 78 87 |
326 78 96 |
|
|||
|
USDA, GIPSA, TSD, Tech Service Division, Technical Testing Laboratory |
10383 Nth Ambassador Drive Kansas City, MO 64153-1394 |
(1-816) |
891 04 01 |
891 04 78 |
|
|||
|
(ZA) an Afraic Theas |
CSIR Food Science and Technology |
PO Box 3950001 Pretoria |
(27-12) |
841 31 72 |
841 35 94 |
|
||
|
(ZW) an tSiombáib |
Standards Association of Zimbabwe (SAZ) |
Northend Close, Northridge Park Borrowdale, P.O. Box 2259 Harare |
(263-4) |
88 20 17, 88 20 21, 88 55 11 |
88 20 20 |
info@saz.org.zw saz.org.zw |
(*1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
CINNTÍ
|
5.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131/6 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/701 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2022
lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/346/AE maidir le bearta cosanta i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 141(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha sealadacha, trí bhíthin rialacha breise nó rialacha malartacha ar na rialacha a leagtar síos i gCuid IV, Teideal 1, Caibidil 3, de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe talún ar coimeád. Féadfar na rialacha sealadacha sin a ghlacadh i gcás gur dealraitheach go bhfuil galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429 ag leathadh d’ainneoin na gceanglas maidir le gluaiseacht a leagtar síos i gcomhréir le Cuid IV, Teideal 1, Caibidil 3, Ranna 1 go 6, de Rialachán (AE) 2016/429. |
|
(2) |
Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882, liostaítear ainéime ionfhabhtaíoch eachaí (EIA) san Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus déantar é a chatagóiriú mar ghalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2016/429. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh 2010/346/AE ón gCoimisiún (3) de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 90/425/CEE ón gComhairle (4), agus leagtar síos leis bearta cosanta maidir le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin. Is sa bhreis ar na coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear gluaiseachtaí eachainmhithe san Aontas atá na bearta cosanta sin, coinníollacha a leagadh síos i dTreoir 2009/156/CE ón gComhairle (5). Táthar tar éis Treoir 90/425/CEE a aisghairm anois le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus táthar tar éis Treoir 2009/156/CE a aisghairm anois le Rialachán (AE) 2016/429. |
|
(4) |
Glacadh Cinneadh 2010/346/AE in 2010, nuair a measadh go raibh ainéime ionfhabhtaíoch eachaí eindéimeach sa Rómáin agus nuair a bhí staid an ghalair sa Bhallstát sin ina riosca sláinte ainmhithe d’eachainmhithe san Aontas. |
|
(5) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (7), leagtar síos, inter alia, ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí eachainmhithe laistigh den Aontas. Le hAirteagal 22(1), pointe (c), den Rialachán Tarmligthe sin, leagtar síos ceanglais i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí nach mór a chomhlíonadh chun eachainmhithe a sheoladh chuig Ballstáit eile. |
|
(6) |
Ag an gcruinniú a bhí ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha i mí Feabhra 2022, chuir an Rómáin tuarascáil staide faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile ina léiríodh go raibh dul chun cinn déanta sa Bhallstát sin maidir le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí a dhíothú, agus go bhfuil codanna áirithe dá chríoch fós saor ón ngalar le níos mó ná 12 mhí nó go bhfuil leitheadúlacht an ghalair fós laistigh de theorainneacha a breathnaíodh go réigiúnach i mBallstáit eile. Léiríonn sin gurb éifeachtach é an clár díothaithe náisiúnta maidir le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí a cuireadh chun feidhme ar chríoch na Rómáine. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, tá na bearta a leagtar síos i gCinneadh 2010/346/AE imithe i léig, agus is leor anois na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 chun gluaiseacht shábháilte eachainmhithe idir na Ballstáit a áirithiú. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/346/AE a aisghairm. |
|
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Cinneadh 2010/346/AE.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialacha rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo ó thaobh leathadh na ngalar liostaithe sin de (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Cinneadh 2010/346/AE ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2010 maidir le bearta cosanta i ndáil le hainéime ionfhabhtaíoch eachaí sa Rómáin (IO L 155, 22.6.2010, lch. 48).
(4) Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le hainmhithe beo áirithe agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d’fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú (IO L 224, 18.8.1990, lch. 29).
(5) Treoir 2009/156/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe lena rialaítear gluaiseacht agus allmhairiú eachainmhithe ó thríú tíortha (IO L 192, 23.7.2010, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).
Ceartúcháin
|
5.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131/8 |
Ceartúchán ar an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, arna shíniú sa Bhruiséil agus i Londain an 24 Eanáir 2020
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 29 an 31 Eanáir 2020 )
|
1. |
An Bhrollach, an naoú mír, an chéad líne: |
in ionad:
“...go mbeidh dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe...”,
léitear:
“...go mbeidh dlí an Aontais infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe...”.
|
2. |
Cuid a haon, Airteagal 4(3), an chéad líne: |
in ionad:
“...a thagraíonn do dhlí an Aontais nó d’fhorálacha dá chuid,...”,
léitear:
“...a thagraíonn do dhlí an Aontais nó do choincheapa nó d’fhorálacha dá chuid,...”.
|
3. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 12: |
in ionad:
“...gan dochar d’aon fhorálacha speisialta atá inti, toirmiscfear aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta de réir bhrí na chéad fhomhíre....”,
léitear:
“...gan dochar d’aon fhorálacha speisialta atá inti, toirmeascfar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta de réir bhrí na chéad fhomhíre....”.
|
4. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 15(1) go (3): |
in ionad:
“1. [...] Áireofar tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nó tréimhsí oibre i gcomhréir le dlí an Aontais roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i ríomh na tréimhse cáilithí is gá chun an ceart chun buanchónaí a fháil.
2. Cinnfear leanúnachas cónaithe chun críocha an ceart chun buanchónaí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus Airteagal 21 de Threoir 2004/38/CE.
3. Nuair a gheofar é, ní chaillfear an ceart chun buanchónaí ach amháin trí neamhláithreacht as an Stát óstach ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana as a chéile.”,
léitear:
“1. [...] Áireofar tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nó tréimhsí oibre i gcomhréir le dlí an Aontais roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i ríomh na tréimhse cáilithí is gá chun an ceart buanchónaithe a fháil.
2. Cinnfear leanúnachas cónaithe chun críocha an ceart buanchónaithe a fháil i gcomhréir le hAirteagal 16(3) agus Airteagal 21 de Threoir 2004/38/CE.
3. Nuair a gheofar é, ní chaillfear an ceart buanchónaithe ach amháin trí neamhláithreacht ón Stát óstach ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana as a chéile.”.
|
5. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 16: |
in ionad:
“Áireofar tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nó tréimhsí oibre i gcomhréir le dlí an Aontais roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i ríomh na tréimhse cáilithí is gá chun an ceart chun buanchónaí a fháil.”,
léitear:
“Áireofar tréimhsí cónaithe dhlíthiúil nó tréimhsí oibre i gcomhréir le dlí an Aontais roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i ríomh na tréimhse cáilithí is gá chun an ceart buanchónaithe a fháil.”.
|
6. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 18(1)(c): |
in ionad:
“...chun iarratas a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b) a fhadú faoi aon bhliain go huathoibríoch...”,
léitear:
“...chun iarratas a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b) a fhadú faoi aon bhliain amháin go huathoibríoch...”.
|
7. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 18(1)(k)(ii), an ceathrú líne: |
in ionad:
“...agus dá mbaill teaghlaigh chun nach mbeidh siad ina n-ualach ar chóras cúnaimh shóisialta an Stáit óstaigh le linn a dtréimhse cónaithe agus go bhfuil clúdach cuimsitheach árachais breoiteachta acu sa Stát óstach; nó...”,
léitear:
“...agus dá mbaill teaghlaigh chun nach mbeidh siad ina n-ualach ar chóras cúnaimh shóisialta an Stáit óstaigh le linn a dtréimhse cónaithe agus go bhfuil cumhdach cuimsitheach árachais breoiteachta acu sa Stát óstach; nó...”.
|
8. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 18(1)(k)(iii), an tríú líne: |
in ionad:
“..., cruthúnas ar chlúdach cuimsitheach árachais breoiteachta, ...”,
léitear:
“..., cruthúnas ar chumhdach cuimsitheach árachais breoiteachta, ...”.
|
9. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 18(1)(n): |
in ionad:
|
“(n) |
i gcásanna seachas iad siúd a leagtar amach i bpointe (k), pointe (l) agus pointe (m), ní cheanglóidh an Stát óstach ar iarrthóirí doiciméid tacaíochta a thíolacadh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun fianaise a sholáthar go bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an gceart chun cónaí faoin Teideal seo comhlíonta;”, |
léitear:
|
“(n) |
i gcásanna seachas iad siúd a leagtar amach i bpointe (k), pointe (l) agus pointe (m), ní cheanglóidh an Stát óstach ar iarratasóirí doiciméid tacaíochta a thíolacadh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun fianaise a sholáthar go bhfuil na coinníollacha a bhaineann leis an gceart chun cónaí faoin Teideal seo comhlíonta;” |
|
10. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 18(1)(p): |
in ionad:
|
“(p) |
féadfar seiceálacha coiriúlachta agus slándála a dhéanamh go córasach ar iarratasóirí, agus é mar aidhm eisiach leo a fhíorú an bhféadfaidh na srianta a leagtar amach in Airteagal 20 den Chomhaontú seo a bheith infheidhme. Chun na críche sin, féadfar go gceanglófar ar iarrthóirí ciontuithe coiriúla roimhe sin…”, |
léitear:
|
“(p) |
féadfar seiceálacha coiriúlachta agus slándála a dhéanamh go córasach ar iarratasóirí, agus é mar aidhm eisiach leo a fhíorú an bhféadfaidh na srianta a leagtar amach in Airteagal 20 den Chomhaontú seo a bheith infheidhme. Chun na críche sin, féadfar go gceanglófar ar iarratasóirí ciontuithe coiriúla roimhe sin…”. |
|
11. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 18(1)(r): |
in ionad:
“...lenar diúltaíodh an stádas cónaithe a dheonú. Ceadóidh na nósanna imeachta sásaimh scrúdú ar dhlíthiúlacht an chinnidh, agus ar na fíricí agus na himthosca ar a bhfuil an cinneadh atá beartaithe bunaithe. Áiritheofar leis na nósanna imeachta sásaimh sin nach rud neamhréireach atá sa chinneadh.”,
léitear:
“...lenar diúltaíodh an stádas cónaithe a dheonú. Ceadóidh na nósanna imeachta um shásamh scrúdú ar dhlíthiúlacht an chinnidh, agus ar na fíricí agus na himthosca ar a bhfuil an cinneadh atá beartaithe bunaithe. Áiritheofar leis na nósanna imeachta um shásamh sin nach rud neamhréireach atá sa chinneadh.”.
|
12. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 19(5): |
in ionad:
“Gan dochar do mhír 4, beidh na nósanna imeachta sásaimh faoi phointe (r) d’Airteagal 18(1) ar fáil ó dháta diúltaithe iarratais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.”,
léitear:
“Gan dochar do mhír 4, beidh na nósanna imeachta um shásamh faoi phointe (r) d’Airteagal 18(1) ar fáil ó dháta diúltaithe iarratais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.”.
|
13. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 20(4): |
in ionad:
“4. Féadfaidh an Stát óstach nó an Stát oibre iarrthóirí a rinne iarratais chalaoiseacha nó mhí-úsáideacha a chur as a chríoch faoi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE, go háirithe Airteagal 31 agus Airteagal 35 de, fiú sula dtabharfar breithiúnas críochnaitheach i gcás sásamh breithiúnach a lorgófar i gcoinne diúltú aon iarratais den sórt sin.”,
léitear:
“4. Féadfaidh an Stát óstach nó an Stát oibre iarratasóirí a rinne iarratais chalaoiseacha nó mhí-úsáideacha a chur as a chríoch faoi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE, go háirithe Airteagal 31 agus Airteagal 35 de, fiú sula dtabharfar breithiúnas críochnaitheach i gcás sásamh breithiúnach a lorgófar i gcoinne diúltú aon iarratais den sórt sin.”.
|
14. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 22: |
in ionad:
“I gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2004/38/CE, gan beann ar náisiúntacht, beidh sé de cheart ag baill teaghlaigh saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil ceart chun cónaí nó ceart chun buanchónaí aige sa Stát óstach nó sa Stát oibre a bheith i dteideal gabháil le fostaíocht nó féinfhostaíocht ann”,
léitear:
“I gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2004/38/CE, gan beann ar náisiúntacht, beidh sé de cheart ag baill teaghlaigh saoránach den Aontas nó náisiúnach den Ríocht Aontaithe a bhfuil ceart chun cónaí nó an ceart buanchónaithe aige sa Stát óstach nó sa Stát oibre a bheith i dteideal gabháil le fostaíocht nó féinfhostaíocht ann.”.
|
15. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 1, Airteagal 23(2): |
in ionad:
“2. [...] duine an ceart chun buanchónaí i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú seo, cúnamh cothabhála a dheonú le haghaidh staidéir, lena n-áirítear gairmoiliúint, i bhfoirm deontas do mhic léinn nó iasachtaí do mhic léinn do dhaoine seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a bhfuil an stádas sin coimeádta acu nó á mbaill dteaghlaigh.”,
Léitear:
“2. [...] duine an ceart buanchónaithe i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chomhaontú seo, cúnamh cothabhála a dheonú le haghaidh staidéar, lena n-áirítear gairmoiliúint, i bhfoirm deontas do mhic léinn nó iasachtaí do mhic léinn do dhaoine seachas oibrithe, daoine féinfhostaithe, daoine a bhfuil an stádas sin coimeádta acu nó dá mbaill dteaghlaigh.”.
|
16. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 3, Airteagal 27(1)(c), fonóta (11): |
in ionad:
|
"(11) |
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtacha ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite a cheadú, lean leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE, agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 09.06.2006, lch. 87).", |
léitear:
|
"(11) |
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtacha ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite a cheadú, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE, agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 09.06.2006, lch. 87).". |
|
17. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 3, Airteagal 27(2)(a) go (c): |
in ionad:
“2. Áireofar ar aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo:
|
(a) |
aitheantas ar cháilíochtaí gairmiúla a bhain tairbhe as Airteagal 3(3) de Threoir 2005/36/CE; |
|
(b) |
cinntí a thugann rochtain pháirteach ar ghníomhaíocht ghairmiúil i gcomhréir le hAirteagal 4f de Threoir 2005/36/CE; |
|
(c) |
aitheantais ar cháilíochtaí gairmiúla chun críocha bunaíochta arna ndéanamh faoi Airteagal 4d de Threoir 2005/36/CE.", |
léitear:
"2. Áireofar ar aitheantais cáilíochtaí gairmiúla chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo:
|
(a) |
aitheantais cáilíochtaí gairmiúla a bhain tairbhe as Airteagal 3(3) de Threoir 2005/36/CE; |
|
(b) |
cinntí a thugann rochtain pháirteach ar ghníomhaíocht ghairmiúil i gcomhréir le hAirteagal 4f de Threoir 2005/36/CE; |
|
(c) |
aitheantais cáilíochtaí gairmiúla chun críocha bunaíochta arna ndéanamh faoi Airteagal 4d de Threoir 2005/36/CE.". |
|
18. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 3, Airteagal 28, an chéad mhír: |
in ionad:
“Airteagal 4, Airteagal 4d i leith aitheantas ar cháilíochtaí gairmiúla chun críocha bunaíochta...”,
léitear:
“Airteagal 4, Airteagal 4d i ndáil le haitheantais cáilíochtaí gairmiúla chun críocha bunaíochta”.
|
19. |
Cuid a dó, Teideal II, Caibidil 3, Airteagal 28, an dara mír: |
in ionad:
“...maidir le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla...”,
léitear:
“... maidir le haitheantais cáilíochtaí gairmiúla ...”.
|
20. |
Cuid a dó, Teideal III: |
in ionad:
“CÓRAS SLÁNDÁLA SÓISIALTA A CHOMHORDÚ”,
léitear:
“CÓRAIS SLÁNDÁLA SÓISIALTA A CHOMHORDÚ”.
|
21. |
Cuid a dó, Teideal III, Airteagal 32(1)(a): |
in ionad:
“...chun críocha comhiomlánaithe tréimhsí, cuirfear san áireamh tréimhsí ar tháinig deireadh leo roimh nó tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004:”,
léitear:
“...chun críocha comhiomlánaithe tréimhsí, cuirfear san áireamh tréimhsí ar tháinig deireadh leo roimh agus tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004:”.
|
22. |
Cuid a dó, Teideal III, Airteagal 36(2)(b): |
in ionad:
|
“(b) |
sochar airgid in-onnmhairithe i gcás ina raibh an sochar airgid sin neamh-in-onnmhairithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ag deireadh na hidirthréimhse, nó sochair airgid neamh-in-onnmhairithe, i gcás ina raibh an sochar airgid sin in-onnmhairithe ag deireadh na hidirthréimhse; nó...”, |
léitear:
|
“(b) |
sochar airgid in-onnmhairithe i gcás ina raibh an sochar airgid sin do-onnmhairithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ag deireadh na hidirthréimhse, nó sochair airgid do-onnmhairithe, i gcás ina raibh an sochar airgid sin in-onnmhairithe ag deireadh na hidirthréimhse; nó...”. |
|
23. |
Cuid a dó, Teideal III, Airteagal 36(2)(c)(a): |
in ionad:
|
“(a) |
ciallaíonn “in-onnmhairithe” iníoctha faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 le duine nó maidir le duine atá ina chónaí i mBallstát seachas an ceann ina bhfuil an institiúid atá freagrach as an sochar a sholáthar suite; ...”, |
léitear:
|
“(a) |
ciallaíonn “in-onnmhairithe” iníoctha faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 le duine nó maidir le duine atá ina chónaí i mBallstát nó sa Ríocht Aontaithe más rud é nach bhfuil an institiúid atá freagrach as an sochar a sholáthar suite ansin; ...”. |
|
24. |
Cuid a dó, Teideal III, Airteagal 36(4): |
in ionad:
“...cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi sin laistigh den Chomhchoiste. Déanfaidh an Comhchoiste leasuithe na leasuithe sin....”,
Léitear
“...cuirfidh an tAontas an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoi sin laistigh den Chomhchoiste. Déanfaidh an Comhchoiste na leasuithe sin....”.
|
25. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 40(c): |
in ionad:
“...le haghaidh aistriú úinéireachta, aon cheart maoine eile, nó seilbh a bhaineann leis an earra...”,
léitear:
“...le haghaidh aistriú úinéireachta, aon cheart maoine eile, nó seilbhe a bhaineann leis an earra...”.
|
26. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 40(i): |
in ionad:
“ciallaíonn “comhlacht dá dtugtar fógra” comhlacht um measúnú comhréireachta a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht;”,
léitear:
“ciallaíonn “comhlacht faoina dtugtar fógra” comhlacht um measúnú comhréireachta atá údaraithe chun cúraimí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí a chur i gcrích faoi dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear na coinníollacha maidir le táirgí a mhargú;”.
|
27. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 41, teideal an Airteagail: |
in ionad:
“Saorchúrsaíocht leanúnach earraí a chuirtear ar an margadh”,
léitear:
“Cúrsaíocht leanúnach earraí a chuirtear ar an margadh”.
|
28. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 41(1)(a): |
in ionad:
“....mhargadh na Ríochta Aontaithe agus a chur i saorchúrsaíocht idir an dá mhargadh sin go dtí go sroichfidh sé...”,
léitear:
“....mhargadh na Ríochta Aontaithe agus a chur i gcúrsaíocht idir an dá mhargadh sin go dtí go sroichfidh sé...”.
|
29. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 41(3): |
in ionad:
“...ach amháin i gcás shaorchúrsaíocht na n-earraí seo a leanas idir margadh an Aontais agus margadh na Ríochta Aontaithe...”,
léitear:
“...ach amháin i gcás chúrsaíocht na n-earraí seo a leanas idir margadh an Aontais agus margadh na Ríochta Aontaithe...”.
|
30. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 41(5): |
in ionad:
“...a bheith curtha ar fáil ar a mhargadh, i gcás inar ceadmhach sin agus a mhéid is ceadmhach de réir dhlí an Aontais.”,
léitear:
“...a bheidh curtha ar fáil ar a mhargadh, i gcás inar ceadmhach sin agus a mhéid is ceadmhach de réir dhlí an Aontais.”.
|
31. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 43(1): |
in ionad:
“[...] Déanfaidh siad, go háirithe, aon fhaisnéis a bhainfidh leis na hearraí sin a bhfuil riosca tromchúiseach ag gabháil leo, chomh maith le haon bheart a dhéanfar maidir le hearraí neamhchomhlíontacha, a chur in iúl dá chéile, lena n-áirítear faisnéis ábhartha...”,
léitear:
“[...] Déanfaidh siad, go háirithe, aon fhaisnéis a bhainfidh leis na hearraí sin a bhfuil riosca tromchúiseach ag gabháil leo, chomh maith le haon bheart a dhéanfar maidir le hearraí neamhchomhlíontacha, a chur in iúl dá chéile agus don Choimisiún Eorpach, lena n-áirítear faisnéis ábhartha...”.
|
32. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 43(2): |
in ionad:
“2. Tarchuirfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe aon iarraidh ó údaráis um fhaireachas margaidh de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit, faoi seach, chuig comhlacht um measúnú comhréireachta atá bunaithe ina gcríoch, i gcás ina mbaineann an iarraidh sin le measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag an gcomhlacht sin ina cháil mar chomhlacht dá dtugtar fógra roimh dheireadh na hidirthréimhse.”,
léitear:
"2. Tarchuirfidh na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe aon iarraidh ó údaráis um fhaireachas margaidh de chuid na Ríochta Aontaithe nó de chuid Ballstáit, faoi seach, chuig comhlacht um measúnú comhréireachta atá bunaithe ina gcríoch, gan mhoill, i gcás ina mbaineann an iarraidh sin le measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag an gcomhlacht sin ina cháil mar chomhlacht faoina dtugtar fógra roimh dheireadh na hidirthréimhse.”.
|
33. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 45(1): |
in ionad:
“...a bheidh údaraithe ag údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe roimh SWdheireadh na hidirthréimhse...”,
léitear:
“...a bheidh údaraithe ag údarás inniúil de chuid na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse...”.
|
34. |
Cuid a trí, Teideal II, Airteagal 46, teideal an Airteagail: |
in ionad:
“Faisnéis a chur ar fáil atá i seilbh comhlachtaí dá dtugtar fógra agus atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe nó i mBallstát”,
léitear:
“Faisnéis a chur ar fáil atá i seilbh comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe nó i mBallstát”.
|
35. |
Cuid a trí, Teideal II, Airteagal 46(1): |
in ionad:
“...lena ghníomhaíochtaí mar chomhlacht dá dtugtar fógra faoi dhlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse a chur ar fáil, gan mhoill, ar iarraidh sin...”,
léitear:
“...lena ghníomhaíochtaí mar chomhlacht faoina dtugtar fógra faoi dhlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse a chur ar fáil, gan mhoill, ar iarraidh sin...”.
|
36. |
Cuid a trí, Teideal I, Airteagal 46(2): |
in ionad:
“Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar faisnéis a shealbhaíonn comhlacht dá dtugtar fógra, atá bunaithe sa Bhallstát...”,
léitear:
“Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar faisnéis a shealbhaíonn comhlacht faoina dtugtar fógra, atá bunaithe sa Bhallstát...”.
|
37. |
Cuid a trí, Teideal II, Airteagal 47(1): |
in ionad:
“[...] Déileálfar le gluaiseacht earraí a thosaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ar tháinig deireadh léi dá éis sin mar ghluaiseacht laistigh den Aontas ó thaobh ceanglais cheadúnúcháin maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú i ndlí an Aontais.”,
léitear:
“[...] Déileálfar le gluaiseacht earraí a thosaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ar tháinig deireadh léi dá éis sin mar ghluaiseacht laistigh den Aontas ó thaobh ceanglais ceadúnúcháin maidir le hallmhairiú agus onnmhairiú i ndlí an Aontais.”.
|
38. |
Cuid a trí, Teideal II, Airteagal 49(2): |
in ionad:
“...nó an scaoilte chun saorchúrsaíochta dá dtagraítear i mír 1.”,
léitear:
“...nó an scaoilte dá dtagraítear i mír 1.”.
|
39. |
Cuid a trí, Teideal II, Airteagal 50, teideal an Airteagail: |
in ionad:
“Rochtain ar líonraí ábhartha, córais faisnéise agus bunachair sonraí ábhartha”,
léitear:
“Rochtain ar líonraí, córais faisnéise agus bunachair sonraí ábhartha”.
|
40. |
Cuid a trí, Teideal III, Airteagal 51(3): |
in ionad:
“De mhaolú ar mhír 2 agus ar Airteagal 15 de Threoir 2008/9/CE ón gComhairle(30), déanfar iarratais aisíocaíochta a bhaineann le CBL a rinne duine inchánach bunaithe sa Ríocht Aontaithe a íoc i mBallstát nó a rinne duine inchánach bunaithe i mBallstát a íoc sa Ríocht Aontaithe, faoi choinníollacha na Treorach sin an 31 Márta 2021 ar a dhéanaí.”,
léitear:
“De mhaolú ar mhír 2 agus ar Airteagal 15 de Threoir 2008/9/CE ón gComhairle(30), déanfar iarratais aisíocaíochta a bhaineann le CBL a rinne duine inchánach bunaithe sa Ríocht Aontaithe a íoc i mBallstát nó a rinne duine inchánach bunaithe i mBallstát a íoc sa Ríocht Aontaithe, a chur isteach, faoi choinníollacha na Treorach sin an 31 Márta 2021 ar a dhéanaí.”.
|
41. |
Cuid a trí, Teideal III, Airteagal 52, teideal an Airteagail: |
in ionad:
“Earraí faoi réir dleacht mháil”,
léitear:
“Táirgí faoi réir dleacht mháil”.
|
42. |
Cuid a trí, Teideal III, Airteagal 52: |
in ionad:
“...maidir le gluaiseachtaí earraí faoi réir dleacht mháil faoi shocrú cur ar fionraí dleachtanna agus maidir le gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch Bhallstáit, ...”,
léitear:
“...maidir le gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil faoi shocrú cur ar fionraí dleachtanna agus maidir le gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil tar éis iad a scaoileadh lena dtomhailt ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch Bhallstáit, ...”.
|
43. |
Cuid a trí, Teideal III, Airteagal 53, teideal an Airteagail: |
in ionad:
“Rochtain ar líonraí ábhartha, córais faisnéise agus bunachair sonraí ábhartha”,
léitear:
“Rochtain ar líonraí, córais faisnéise agus bunachair sonraí ábhartha”.
|
44. |
Cuid a trí, Teideal IV, Airteagal 55(3): |
in ionad:
“An t-eolas atá ag teastáil i gcomhair an chláraithe, an deonaithe nó na cosanta sa Ríocht Aontaithe, is eolas é a chuirfidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí, agus an Coimisiún Eorpach ar fáil do na heintitis ábhartha sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 54(1) nó (2).”,
léitear:
“An fhaisnéis atá ag teastáil i gcomhair an chláraithe, an deonaithe nó na cosanta sa Ríocht Aontaithe, is faisnéis í a chuirfidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí, agus an Coimisiún Eorpach ar fáil do na heintitis ábhartha sa Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 54(1) nó (2).”.
|
45. |
Cuid a trí, Teideal IV, Airteagal 58(2)(c): |
in ionad:
|
“(c) |
gnóthais atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, ar choinníoll, i gcás nach gurb í a oifig chláraithe amháin atá ag an ngnóthas sa Ríocht Aontaithe, a bhfuil fíornasc ag a oibríochtaí ar bhonn leanúnach le geilleagar na Ríochta Aontaithe nó le geilleagar Ballstáit.”, |
léitear:
|
“(c) |
gnóthais atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe, ar choinníoll, i gcás gurb í a oifig chláraithe amháin atá ag an ngnóthas sa Ríocht Aontaithe, a bhfuil fíornasc ag a oibríochtaí ar bhonn leanúnach le geilleagar na Ríochta Aontaithe nó le geilleagar Ballstáit.”. |
|
46. |
Cuid a trí, Teideal VI, Airteagal 67, teideal an Airteagail: |
in ionad:
“Dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí breithiúnacha, agus comhar ábhartha idir údaráis lárnacha”,
léitear:
“Dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí breithiúnacha, agus comhar gaolmhar idir údaráis lárnacha”.
|
47. |
Cuid a trí, Teideal VI, Airteagal 67(3)(b): |
in ionad:
|
“(b) |
Caibidil VII de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009, beidh feidhm aici maidir le hiarratais ar aithint nó ar fhorfheidhmiú dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo agus maidir le hiarrataí a bheidh faighte ag an údarás lárnach an Stáit iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;”, |
léitear:
|
“(b) |
Caibidil VII de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009, beidh feidhm aici maidir le hiarratais ar aithint nó ar fhorfheidhmiú dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo agus maidir le hiarrataí a bheidh faighte ag údarás lárnach de chuid an Stáit iarrtha roimh dheireadh na hidirthréimhse;”. |
|
48. |
Caibidil 2, Teideal XI, Airteagal 99(2): |
in ionad:
“...go dtí ceithre bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le dleachtanna máil sna Ballstáit agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le gluaiseachtaí earraí máil a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus i ndáil le gluaiseachtaí earraí máil a chumhdaítear le hAirteagal 52 den Chomhaontú seo.”,
léitear:
“...go dtí ceithre bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse maidir leis an gcomhar idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le dleachtanna máil sna Ballstáit agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse agus i ndáil le gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil a chumhdaítear le hAirteagal 52 den Chomhaontú seo.”.
|
49. |
Caibidil 2, Teideal XI, Airteagal 100(1): |
in ionad:
“...le hidirbhearta a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse ach a bhí dlite tar éis na tréimhse sin, agus éilimh maidir le hidirbhearta a chumhdaítear le hAirteagal 51(1) den Chomhaontú seo nó gluaiseachtaí earraí máil a chumhdaítear le hAirteagal 52 den Chomhaontú seo...”,
léitear:
“...le hidirbhearta a rinneadh roimh dheireadh na hidirthréimhse ach a bhí dlite tar éis na tréimhse sin, agus éilimh maidir le hidirbhearta a chumhdaítear le hAirteagal 51(1) den Chomhaontú seo nó gluaiseachtaí táirgí faoi réir dleacht mháil a chumhdaítear le hAirteagal 52 den Chomhaontú seo...”.
|
50. |
Cuid a cúig, Caibidil 2, Airteagal 142(4)(d): |
in ionad:
|
“(d) |
dliteanais gan íoc na Ríochta Aontaithe arna ríomh le luachálacha achtúireacha arna ndéanamh i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí...”, |
léitear:
|
“(d) |
dliteanais gan íoc na Ríochta Aontaithe arna ríomh le luachálacha achtúireacha arna ndéanamh i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta ábhartha na hEarnála Poiblí...”. |
|
51. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, an Brollach, an tríú mír déag: |
in ionad:
“Á MHEABHRÚ DÓIBH gealltanais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a léirítear sa Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim 1 den chaibidlíocht faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ón 8 Nollaig 2017.”,
léitear:
“Á MHEABHRÚ DÓIBH gealltanais an Aontais agus na Ríochta Aontaithe a léirítear sa Tuarascáil Chomhpháirteach ó idirbheartaithe an Aontais Eorpaigh agus ó Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim 1 den chaibidlíocht faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach an 8 Nollaig 2017.”.
|
52. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, an Brollach, an chéad mhír is fiche: |
in ionad:
“Á CHUR I dTREIS DÓIBH tiomantas láidir gan seiceálacha ná rialuithe custaim agus rialála agus bonneagar fisiciúil lena mbaineann a bheith ag an teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann,”,
léitear:
“Á CHUR I dTREIS DÓIBH gealltanas láidir gan seiceálacha ná rialuithe custaim agus rialála agus bonneagar fisiciúil lena mbaineann a bheith ag an teorainn idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann,”.
|
53. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, an Brollach, an dara mír is fiche: |
in ionad:
“...Á MHEABHRÚ DÓIBH gur cuid de críoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann...”,
léitear:
“...Á MHEABHRÚ DÓIBH gur cuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann...”.
|
54. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 1(1): |
in ionad:
“1. Ní dochar an Prótacal seo d'fhorálacha Chomhaontú 1998 maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann agus prionsabal an toilithe, ar prionsabal é lena bhforáiltear nach féidir aon athrú a dhéanamh ar an stádas sin ach amháin le toiliú móraimh dá phobal.”,
léitear:
“1. Ní dochar an Prótacal seo d'fhorálacha Chomhaontú 1998 maidir le stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann agus prionsabal an toilithe, ar prionsabal é lena bhforáiltear nach féidir aon athrú a dhéanamh ar an stádas sin ach amháin le toiliú thromlach dá phobal.”.
|
55. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 4, an ceathrú mír: |
in ionad:
“Ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a chur sa áireamh i raon críochach a Sceideal Lamháltas atá i gceangal leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994.”,
léitear:
“Ní chuirfidh aon ní sa Phrótacal seo cosc ar an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a chur san áireamh i raon críochach a Sceideal Lamháltas atá i gceangal leis an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil, 1994.”.
|
56. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 5(1): |
in ionad:
“1. Ní bheidh aon dleacht chustaim iníoctha ar earra a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann as cuid eile den Ríocht Aontaithe le hiompar díreach, d’ainneoin mhír 3, ach amháin má tá aon baol ann go n-aistreofar an t-earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin leis féin nó mar chuid d'earra eile i ndiaidh próiseála.”,
léitear:
“1. Ní bheidh aon dleacht chustaim iníoctha ar earra a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann as cuid eile den Ríocht Aontaithe le hiompar díreach, d’ainneoin mhír 3, ach amháin má tá baol ann go n-aistreofar an t-earra sin isteach san Aontas ina dhiaidh sin, bíodh sin leis féin nó mar chuid d'earra eile i ndiaidh próiseála.”.
|
57. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 5(1), an tríú mír, an chéad fhonóta: |
in ionad:
|
“(1) |
Council Regulation (EC) No 1186/2009 of 16 November 2009 setting up a Community system of reliefs from customs duty (OJ L324, 10.12.2009, p. 23).”, |
léitear:
|
“(1) |
Rialachán (AE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d'fhaoisimh ó dhleacht chustaim (IO L 324, 10.12.2009, lch. 23).”. |
|
58. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 5(2)(b): |
in ionad:
“Roimh dheireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchiste, trí bhíthin cinnidh, na dálaí faoina measfar nach dtagann próiseáil faoi réim phointe (a) den chéad fhomhír, agus cineál, scála agus toradh na próiseála, go háirithe, á gcur san áireamh.
Roimh dheireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchiste, trí bhíthin cinnidh, na critéir lena measfar nach bhfuil an baol ann go n-aistreofar earra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann as tír lasmuigh den Aontas isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Comhchiste na nithe seo a leanas....”,
léitear:
“Roimh dheireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, na dálaí faoina measfar nach dtagann próiseáil faoi réim phointe (a) den chéad fhomhír, agus cineál, scála agus toradh na próiseála, go háirithe, á gcur san áireamh.
Roimh dheireadh na hidirthréimhse, bunóidh an Comhchoiste, trí bhíthin cinnidh, na critéir lena measfar nach bhfuil an baol ann go n-aistreofar earra arna thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann as tír lasmuigh den Aontas isteach san Aontas ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Comhchoiste na nithe seo a leanas...".
|
59. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 5(2): |
in ionad:
“Féadfaidh an Comhchiste na cinntí arna nglacadh aige de bhun na míre seo a leasú tráth ar bith.”,
léitear:
“Féadfaidh an Comhchoiste na cinntí arna nglacadh aige de bhun na míre seo a leasú tráth ar bith.”.
|
60. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 5(3): |
in ionad:
“...a ghabhann le Rialacháin (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle...”,
léitear:
“ ...a ghabhann le Rialachán (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle...”.
|
61. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 7(2): |
in ionad:
“... léireofar an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann mar "UK(NI) nó "United Kingdom (Northern Ireland)".”,
léitear:
“... léireofar an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann mar "UK(NI)" nó "United Kingdom (Northern Ireland)".”.
|
62. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 7(3), an chéad mhír: |
in ionad:
“...maidir le rialacháin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe arna n-eisiúint nó arna ndéanamh...”,
léitear:
“...maidir le rialacháin, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe teicniúla arna n-eisiúint nó arna ndéanamh...”.
|
63. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 8, an dara mír: |
in ionad:
“[...] Faoi na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin, ioncaim a eascraíonn ó idirbhearta inchánach i dTuaisceart Éireann, ní íocfar leis an Aontas iad.”,
léitear:
“[...] Faoi na coinníollacha a leagtar amach sna forálacha sin, ioncaim a eascraíonn ó idirbhearta atá inchánach i dTuaisceart Éireann, ní íocfar leis an Aontas iad.”.
|
64. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 18(5): |
in ionad:
“5. Chun críocha an Airteagail seo, is é an tréimhse tosaigh an tréimhse a dtiocfaidh deireadh leis 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse. I gcás ina ndéanfar an cinneadh a dhéanfar i dtréimhse ar leith ar bhonn tromlach Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann...”,
léitear:
“5. Chun críocha an Airteagail seo, is í an tréimhse tosaigh an tréimhse a dtiocfaidh deireadh léi 4 bliana tar éis dheireadh na hidirthréimhse. I gcás ina ndéanfar an cinneadh a dhéanfar i dtréimhse ar leith ar bhonn tromlach Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann...”.
|
65. |
An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, Airteagal 18(6): |
in ionad:
“6. Chun críocha mhír 5, ciallaíonn tacaíocht trasphobail:
|
(a) |
tromlach Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann, atá i láthair agus ag vótáil, lena n-áirítear tromlach den ainmniú aontachtach agus den ainmniú náisiúnach atá i láthair agus ag vótáil; nó |
|
(b) |
tromlach ualaithe (60 %) de Chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann, atá i láthair agus ag vótáil, lena n-áirítear 40 % ar a laghad de gach ceann den ainmniú aontachtach agus den ainmniú náisiúnach atá i láthair agus ag vótáil.”, |
léitear:
“6. Chun críocha mhír 5, ciallaíonn tacaíocht trasphobail:
|
(a) |
tromlach de na Comhaltaí den Tionól Reachtach, atá i láthair agus ag vótáil, lena n-áirítear tromlach den ainmniú aontachtach agus den ainmniú náisiúnach atá i láthair agus ag vótáil; nó |
|
(b) |
tromlach ualaithe (60 %) de na Comhaltaí den Tionól Reachtach, atá i láthair agus ag vótáil, lena n-áirítear 40 % ar a laghad de gach ceann den ainmniú aontachtach agus den ainmniú náisiúnach atá i láthair agus ag vótáil.”. |
|
66. |
Prótacal maidir le Giobráltar, an Brollach, an seachtú mír: |
in ionad:
“Á THABHAIRT DÁ nAIRE tiomantas na Ríochta Aontaithe, i leith Ghiobráltar, aghaidh a thabhairt ar íocaíocht sochar ar dhóigh shásúil faoin 31 Nollaig 2020,”,
léitear:
“Á THABHAIRT DÁ nAIRE gealltanas na Ríochta Aontaithe, i leith Ghiobráltar, aghaidh a thabhairt ar íocaíocht sochar ar dhóigh shásúil faoin 31 Nollaig 2020,”.
|
5.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 131/21 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 334 an 27 Nollaig 2019 )
|
(1) |
Ar leathanach 128, Airteagal 4, pointe 11, maidir le mír 13 a chur le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 |
in ionad:
“13. Déanfaidh an Coimisiún ...”,
léitear:
“14. Déanfaidh an Coimisiún ...”.
|
(2) |
Ar leathanach 129, Airteagal 4, pointe 11, maidir le mír 14 a chur le hAirteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 |
in ionad:
“14. I gcás gur tionscnaíodh an nós imeachta a leagtar amach i mír 13...”,
léitear:
“15. I gcás gur tionscnaíodh an nós imeachta a leagtar amach i mír 14...”.