ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 122

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
25 Aibreán 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-AE a sholáthar ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/671 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ar ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha, maidir le gníomhaíocht leantach atá le déanamh ag an údarás inniúil i gcás neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú nó i gcás neamhchomhlíontachta le linn idirthuras bó-ainmhithe áirithe tríd an Aontas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 494/98 ón gCoimisiún ( 1 )

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/672 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh tras-reasvaratról (ó fhoinse mhiocróbach) ( 1 )

24

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/673 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2022 lena n-údaraítear próitéin pónairí mung (Vigna radiata) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

27

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/674 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

31

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/675 ón gComhairle an 11 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród i ndáil le leasuithe áirithe ar Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

33

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 122/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/670 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2022

lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-AE a sholáthar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach in Airteagal 3(b) de Threoir 2010/40/AE mar ghníomhaíocht tosaíochta soláthar seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud an Aontais chun sonraíochtaí agus caighdeáin a fhorbairt agus a úsáid.

(2)

Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2010/40/AE ar an gCoimisiún na sonraíochtaí is gá a ghlacadh chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht agus leanúnachas a áirithiú maidir le Córais Chliste Iompair (CCI) a imlonnú agus a úsáid go hoibríochtúil chun seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-Aontais a sholáthar. Bunaíonn an Coimisiún na sonraíochtaí sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún (2), d'fhonn feabhas a chur ar inrochtaineacht, malartú, athúsáid agus nuashonrú na sonraí is gá chun seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar ardchaighdeán agus leanúnach a sholáthar ar fud an Aontais.

(3)

Leanann na sonraí ar aghaidh ag soláthar an bhonn comhthéacsúil chun faisnéis tráchta fíor-ama a ghiniúint. De réir mar a luathaíonn imscaradh CCI ar fud an Aontais, tá gá le tacaíocht leanúnach i bhfoirm rochtain mhéadaithe gan uaim ar chineálacha sonraí atá ann cheana agus cineálacha nua sonraí atá ábhartha maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a sholáthar, a bhfuil cumhdach geografach níos airde acu. Dá bhrí sin, tá gá le nuashonrú ar na ceanglais maidir le soláthar sonraí chun leanúint d'athúsáid éifeachtach i seirbhísí faisnéise a áirithiú d'úsáideoirí deiridh. D'fhéadfadh na ceanglais nuashonraithe seo difear a dhéanamh don slabhra sonraí ar fad, ó fhoinsiú sonraí, formáidiú agus comhiomlánú go dáileadh agus cuimsiú i seirbhísí faisnéise tráchta.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 5 de Threoir 2010/40/AE gur cheart feidhm a bheith ag sonraíochtaí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir seo maidir le feidhmchláir agus seirbhísí CCI nuair a imscartar iad gan dochar do cheart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le himlonnú na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí sin ar a chríoch.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag na sonraíochtaí sin maidir le gach seirbhís faisnéise tráchta fíor-ama a sholáthar gan dochar do shonraíochtaí ar leith a glacadh i ngníomhartha eile faoi Threoir 2010/40/AE, go háirithe Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 885/2013 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 886/2013 ón gCoimisiún (4).

(6)

Tá margadh ann cheana féin chun seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a sholáthar san Aontas agus is chun leasa na n-úsáideoirí agus na gcustaiméirí araon é chomh maith le soláthraithe na seirbhísí sin go gcruthófar na coinníollacha cearta don mhargadh sin chun iad a chaomhnú agus a fhorbairt tuilleadh ar bhealaí nuálacha. Maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a sholáthar, leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) rialacha íosta maidir le hathúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí ar fud an Aontais. Maidir le hathúsáid sonraí atá i seilbh na n-údarás bóithre agus na n-oibreoirí bóithre poiblí, tá na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo, go háirithe na rialacha a bhaineann le nuashonruithe sonraí, infheidhme gan dochar do na rialacha arna mbunú le Treoir (AE) 2019/1024. Maidir le hathúsáid sonraí atá i seilbh sealbhóirí sonraí príobháideacha, ní fhorchuireann na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo sonraí comhroinnte saor in aisce. Féadfaidh sonraí atá i seilbh sealbhóirí sonraí príobháideacha a bheith faoi réir comhaontuithe ceadúnais chun a n-athúsáid a rialáil.

(7)

Le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cruthaítear bonneagar sonraí spásúla de chuid an Aontais Eorpaigh chun comhroinnt faisnéise spásúla agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis spásúil (lena n-áirítear an téama sonraí spásúla “líonraí iompair” a chomhroinnt ar fud an Aontais d'fhonn tacú le beartais chomhshaoil an Aontais, agus beartais nó gníomhaíochtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol. Ba cheart na sonraíochtaí a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith comhoiriúnach leis na sonraíochtaí a bhunaítear le Treoir 2007/2/CE agus lena ghníomhartha cur chun feidhme, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1089/2010 ón gCoimisiún (7). Dá leathnófaí cur i bhfeidhm na sonraíochtaí sin i leith gach cineál sonraí bonneagair, d'fhéadfaí comhchuibhiú breise a chur chun cinn sa réimse sin freisin.

(8)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), sainítear an bonneagar iompair de bhóthar atá mar chuid den chroíghréasán agus den ghréasán cuimsitheach tras-Eorpach iompair. Níl seachtrachtaí tráchta athfhillteacha agus deacrachtaí eile bainistíochta tráchta, amhail brú tráchta, truailliú aeir nó torann, teoranta don ghréasán bóithre tras-Eorpach ná do mhótarbhealaí. Go deimhin, tarlaíonn sciar suntasach de phlódú tráchta athfhillteach i gceantair uirbeacha. Ina theannta sin, ba cheart go gceadófaí le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud an Aontais taisteal ó dhoras go doras agus níor cheart iad a theorannú don ghréasán cuimsitheach tras-Eorpach bóithre agus do mhótarbhealaí eile. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na sonraíochtaí sin a chur i bhfeidhm ar an ngréasán bóithre ina iomláine, cé is moite de bhóithre nach bhfuil faoi úinéireacht údaráis phoiblí bóthair nó iompair. Níor cheart bóithre atá faoi úinéireacht údaráis phoiblí bóthair nó iompair ach a shanntar d'eintiteas príobháideach i bhfoirm lamháltais bhainistíochta a bheith mar chuid den eisceacht seo.

(9)

Ba cheart d'údaráis bhóithre nó d'oibreoirí bóithre cineálacha sonracha sonraí a mheastar a bheith ríthábhachtach chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar sheirbhísí faisnéise tráchta iontaofa agus chun sábháilteacht tráchta a fheabhsú, amhail rialacháin tráchta, srianta agus dúnadh bóithre nó lána. I ngeall ar a thábhachtaí, ní mór na cineálacha sonraí sin a chur ar fáil mar chloch mhíle níos luaithe i gcomparáid le cineálacha eile sonraí.

(10)

Chun go bhféadfar na forbairtí is gá a dhéanamh i réimse na hinrochtaineachta agus an chaighdeánaithe sonraí, ba cheart cur chun feidhme céimnithe a chur san áireamh. Leis an gcéimniú sin, ba cheart go soláthrófaí méadú indéanta agus de réir a chéile ar chumhdach geografach agus inrochtaineacht ar shonraí. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit príomhlíonra bóithre a shainiú laistigh dá gcríoch. Chun an gréasán bóithre príomha sin a shainiú, féadfaidh na Ballstáit an sainmhíniú ar an ngréasán a athúsáid mar a cheanglaítear le hAirteagal 1 de Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(11)

I bhfianaise éagsúlacht na bhfoinsí sonraí, idir bhraiteoirí bunaithe ar bhonneagar agus fheithiclí atá ag gníomhú mar bhraiteoirí, tá sé tábhachtach go mbeadh na sonraíochtaí ailínithe leis na catagóirí sonraí agus na cineálacha sonraí ábhartha, lena gcumhdaítear foinsí éagsúla féideartha de na sonraí agus den teicneolaíocht a úsáidtear chun na sonraí a chruthú nó a nuashonrú.

(12)

I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais i dtaca le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Tá feidhm ag codanna de Threoir 2002/58/CE freisin maidir le próiseáil sonraí neamhphearsanta.

(13)

Chun soláthar comhchuibhithe gan uaim de sheirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a fhorbairt, ba cheart do na Ballstáit brath ar réitigh agus caighdeáin theicniúla atá ann cheana, arna soláthar ag na heagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, amhail DATEX II (CEN/TS 16157 agus leaganacha arna n-uasghrádú ina dhiaidh sin) agus ar chaighdeáin ISO. Maidir le cineálacha sonraí nach bhfuil aon fhormáid chaighdeánaithe ar fáil ina leith, ba cheart na Ballstáit agus páirtithe leasmhara a spreagadh chun comhoibriú chun teacht ar chomhaontú maidir le sainmhíniú sonraí, formáid sonraí agus meiteashonraí.

(14)

Tá roinnt modhanna tagartha suímh dinimiciúla ann cheana féin san Aontas agus tá siad á gcur i bhfeidhm sna Ballstáit. Ba cheart leanúint de mhodhanna tagartha suímh éagsúla a úsáid. Ba cheart na Ballstáit agus na pháirtithe leasmhara, áfach, a spreagadh chun comhoibriú d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir le modhanna ceadaithe chun tagairt suímh a dhéanamh, más gá trí chomhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú.

(15)

Tá inrochtaineacht agus nuashonrú rialta sonraí ag údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre riachtanach chun gur féidir léarscáileanna digiteacha cothrom le dáta agus cruinn a tháirgeadh ar sócmhainn lárnach iad d'fheidhmchláir iontaofa CCI. Ba cheart táirgeoirí na léarscáile digití a spreagadh chun nuashonruithe ábhartha sonraí a chomhtháthú ina seirbhísí léarscáile agus nuashonraithe léarscáile atá acu cheana féin go tráthúil. Chun beartais phoiblí amhail sábháilteacht ar bhóithre a chomhlíonadh, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse agus do tháirgeoirí léarscáileanna digiteacha comhoibriú le húdaráis phoiblí chun míchruinnis ina gcuid sonraí a cheartú.

(16)

Tá inrochtaineacht sonraí cruinne agus cothrom le dáta riachtanach chun seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a sholáthar ar fud an Aontais. Déanann údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, sealbhóirí sonraí a ghintear san fheithicil, páirtithe leasmhara a bhaineann le hathluchtú agus athbhreoslú, oibreoirí dolaí agus soláthraithe seirbhíse faisnéise tráchta fíor-ama na sonraí ábhartha a bhailiú agus a stóráil. Chun malartú éasca agus athúsáid na sonraí sin a éascú chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar, ba cheart d'údaráis bhóithre, d'oibreoirí bóithre, do shealbhóirí sonraí a ghintear san fheithicil, athluchtú agus athbhreoslú páirtithe leasmhara, ba cheart d'oibreoirí dolaí agus do sholáthraithe seirbhíse faisnéise tráchta fíor-ama na sonraí, na meiteashonraí comhfhreagracha agus an fhaisnéis maidir le cáilíocht na sonraí a dhéanamh inaimsithe agus inrochtana d'údaráis bhóithre eile, d'oibreoirí bóithre, d'athluchtú agus d'athbhreoslú geallsealbhóirí a bhaineann le hábhar, oibreoirí dolaí, soláthraithe seirbhíse faisnéise tráchta fíor-ama, táirgeoirí léarscáileanna digiteacha tríd an bpointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann. Is féidir leis an bpointe rochtana a bheith i bhfoirm taisclainne, clárlann, tairsí gréasáin nó a leithéid ag brath ar an gcineál sonraí. Féadfaidh pointí rochtana náisiúnta nó comhchoiteanna aird a thabhairt freisin ar áiteanna eile inar féidir rochtain a fháil ar na sonraí, gan na sonraí féin a óstáil. Ba cheart do na Ballstáit na pointí rochtana poiblí agus príobháideacha atá ann cheana a athghrúpáil in aon phointe amháin lena gcumasaítear rochtain ar na cineálacha sonraí ábhartha uile atá ar fáil a thagann faoi raon feidhme na sonraíochtaí sin. Féadfaidh na Ballstáit leanúint de na pointí rochtana a bunaíodh faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 a úsáid agus ba cheart an cead a bheith acu cinneadh a dhéanamh na pointí rochtana arna mbunú faoi ghníomhartha tarmligthe eile arna nglacadh faoi Threoir 2010/40/AE a úsáid mar na pointí rochtana náisiúnta do na sonraí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(17)

Chun go mbeidh údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, páirtithe leasmhara a bhaineann le hathluchtú agus athbhreoslú, oibreoirí dolaí, soláthraithe seirbhíse agus táirgeoirí léarscáileanna digiteacha in ann na sonraí ábhartha a aimsiú agus a úsáid go rathúil agus go costéifeachtach, is gá cur síos ceart a dhéanamh ar ábhar agus struchtúr na sonraí sin trí mheiteashonraí iomchuí a úsáid.

(18)

Ní mór do sheirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a bheith cruinn chun an fhaisnéis is fearr is féidir a sholáthar d'úsáideoirí deiridh i dtéarmaí iontaofachta agus tráthúlachta. Chun feabhas a chur ar na tairbhí d'úsáideoirí bóithre ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre méadaithe agus níos lú brú tráchta, ba cheart go léireodh na seirbhísí sin tosaíochtaí na n-údarás bóithre freisin, mar a chuirtear in iúl mar shampla trí phleananna cúrsaíochta tráchta a bhfuil rochtain dhigiteach orthu.

(19)

Níor cheart go gcuirfeadh na sonraíochtaí sin d'oibleagáid ar aon gheallsealbhóir tús a chur le haon sonraí nach bhfuil á mbailiú acu cheana féin nó aon sonraí nach bhfuil ar fáil cheana féin i bhformáid mheaisín-inléite a dhigitiú. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais shonracha maidir le nuashonruithe sonraí ach amháin maidir leis na sonraí a bhailítear go hiarbhír agus atá ar fáil i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite. Ag an am céanna, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun bealaí costéifeachtacha a lorg atá oiriúnach dá riachtanais chun na sonraí atá ann cheana maidir le bonneagar agus sonraí maidir le rialacháin agus srianta a dhigitiú.

(20)

Níor cheart go gcuirfeadh na sonraíochtaí sin d'oibleagáid ar údaráis bhóithre ná ar oibreoirí bóithre pleananna cúrsaíochta tráchta agus bearta bainistithe tráchta sealadacha a shainiú nó a chur chun feidhme. Níor cheart dóibh iallach a chur ar sholáthraithe seirbhíse aon cheann dá gcuid sonraí a roinnt le soláthraithe seirbhíse eile. Ba cheart an t-iarratas a bheith ag soláthraithe seirbhíse comhaontuithe tráchtála a thabhairt i gcrích eatarthu féin chun sonraí ábhartha a athúsáid.

(21)

Ba cheart na Ballstáit agus páirtithe leasmhara CCI a spreagadh chun comhoibriú chun teacht ar chomhaontú maidir le sainmhínithe comhchoiteanna ar cháilíocht sonraí d'fhonn táscairí coiteanna maidir le cáilíocht sonraí a úsáid ar fud an tslabhra luacha sonraí tráchta, amhail iomláine, cruinneas agus cothrom le dáta na sonraí, an modh fála agus an modh tagartha suímh a úsáidtear, chomh maith le seiceálacha cáilíochta a chuirtear i bhfeidhm. Ba cheart iad a spreagadh freisin chun oibriú tuilleadh chun modhanna gaolmhara a bhunú chun cáilíocht a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla sonraí. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a gcuid eolais, taithí agus dea-chleachtas sa réimse sin a roinnt lena chéile sna tionscadail chomhordúcháin leanúnacha agus a bheidh ann amach anseo.

(22)

Aithnítear gur féidir le húsáid sonraí agus seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a ghineann soláthraithe seirbhíse príobháideacha agus sealbhóirí sonraí a ghintear san fheithicil a bheith ina mbealach costéifeachtach d'údaráis bhóithre agus d'oibreoirí bóithre chun bainistiú tráchta, sábháilteacht ar bhóithre agus bainistiú agus cothabháil bonneagair a fheabhsú. Ba cheart d'údaráis phoiblí téarmaí coiteanna FRAND a úsáid agus na sonraí nó na seirbhísí sin á bhfáil acu le haghaidh na gcúraimí thuasluaite, chun na bacainní ar rochtain a laghdú agus chun trédhearcacht a chruthú maidir leis na coinníollacha athúsáide. Moltar do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara ábhartha na téarmaí coiteanna FRAND is infheidhme maidir le hathúsáid na gcineálacha sonraí ábhartha a shainiú chun na cúraimí poiblí sin a chur i gcrích.

(23)

Féadfaidh soláthraithe seirbhíse príobháideacha úsáid a bhaint as sonraí a bhailíonn údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre mar shonraí ionchuir dá seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama féin. Ba cheart na téarmaí agus na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le hathúsáid na sonraí sin a fhágáil faoi na páirtithe lena mbaineann gan dochar d'fhorálacha Threoir (AE) 2019/1024 (12). Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí príobháideacha cineálacha áirithe sonraí a sholáthraíonn údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre, amhail pleananna cúrsaíochta tráchta, rialacháin tráchta agus srianta tráchta agus bearta bainistithe tráchta sealadacha, a athúsáid chun inrochtaineacht úsáideoirí bóthair ar an bhfaisnéis ábhartha a áirithiú trí sheirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama.

(24)

Chun a áirithiú go gcuirfear na sonraíochtaí sin chun feidhme i gceart, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le hinrochtaineacht, malartú, athúsáid agus nuashonrú na sonraí ag na húdaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, táirgeoirí léarscáileanna digiteacha, oibreoirí dolaí, páirtithe leasmhara a bhaineann le hathluchtú agus athbhreoslú, sealbhóirí soláthraithe sonraí agus soláthraithe seirbhíse a ghintear san fheithicil. Chuige sin, ba cheart an saorchead a bheith ag na húdaráis inniúla brath ar dhearbhuithe comhlíontachta fianaise-bhunaithe arna dtíolacadh ag údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, táirgeoirí léarscáileanna digiteacha, oibreoirí dolaí, páirtithe leasmhara a bhaineann le hathluchtú agus athbhreoslú, sealbhóirí soláthraithe sonraí agus soláthraithe seirbhíse a ghintear san fheithicil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú le chéile chun a gcur chuige i leith measúnú ar chomhlíonadh sna tionscadail chomhordúcháin leanúnacha agus a bheidh ann amach anseo a chomhchuibhiú, tionscadail a chuidíonn le sonraíochtaí an Rialacháin seo a chur chun feidhme.

(25)

Ní chuireann na sonraíochtaí sin teorainn leis an tsaoirse chun craoltóirí raidió a chur in iúl a mhéid nach gcuireann siad d'oibleagáid orthu aon seasamh sonrach a ghlacadh maidir leis an bhfaisnéis atá le scaipeadh, agus go bhfágann siad dóthain spáis do na Ballstáit a dtraidisiúin bhunreachtúla náisiúnta a chur san áireamh maidir le saoirse chun craoltóirí raidió a chur in iúl.

(26)

Agus méid na n-athruithe riachtanacha á gcur san áireamh, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo na sonraíochtaí is gá chun a áirithiú go mbeidh rochtain, malartú, athúsáid agus nuashonrú sonraí ag sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí chun seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-Aontais a sholáthar, agus chun a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin cruinn agus ar fáil thar theorainneacha d'úsáideoirí deiridh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an ngréasán bóithre ar fad atá inrochtana go poiblí do thrácht mótair. Mar eisceacht, ní bheidh feidhm aige maidir le bóithre príobháideacha, mura cuid den ghréasán cuimsitheach TEN-T iad nó má ainmnítear iad mar mhótarbhealach nó mar phríomhbhóthar.

3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2010/40/AE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2010/40/AE.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “croíghréasán bóithre tras-Eorpach” an bonneagar iompair de bhóthar atá mar chuid den chroíghréasán mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(2)

ciallaíonn “gréasán bóithre tras-Eorpach cuimsitheach” an bonneagar iompair de bhóthar atá mar chuid den ghréasán cuimsitheach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(3)

ciallaíonn “mótarbhealach” bóthar a ainmneoidh an Ballstát ina bhfuil sé suite amhlaidh;

(4)

ciallaíonn “inrochtaineacht na sonraí” an fhéidearthacht na sonraí a iarraidh agus a fháil tráth ar bith i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite;

(5)

ciallaíonn “sonraí statacha” sonraí nach n-athraíonn go minic ná go tráthrialta;

(6)

ciallaíonn “sonraí dinimiciúla” sonraí a athraíonn go minic nó go tráthrialta;

(7)

ciallaíonn “nuashonrú sonraí” aon mhodhnú ar na sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear eilimintí nua nó breise a scriosadh nó a chur isteach;

(8)

ciallaíonn “faisnéis tráchta fíor-ama” faisnéis a dhíorthaítear ó aon sonraí maidir leis an mbonneagar, sonraí maidir le rialacháin agus srianta, sonraí faoi staid an líonra agus sonraí maidir le húsáid fíor-ama an líonra, nó an teaglaim díobh sin;

(9)

ciallaíonn “seirbhís faisnéise tráchta fíor-ama” seirbhís CCI a sholáthraíonn faisnéis tráchta fíor-ama d'úsáideoirí deiridh láithreach;

(10)

ciallaíonn “údarás bóithre” aon údarás poiblí atá freagrach as pleanáil, rialú nó bainistiú bóithre a thagann faoina inniúlacht chríochach;

(11)

ciallaíonn “oibreoir bóithre” aon eintiteas poiblí nó príobháideach atá freagrach as cothabháil agus bainistiú na sreafaí tráchta ar bhóithre agus a bhainistiú;

(12)

ciallaíonn “soláthraí seirbhíse” aon soláthraí poiblí nó príobháideach de sheirbhís faisnéise tráchta fíor-ama, seachas aon soláthraí sonraí a iompar chuig úsáideoirí sonraí amháin;

(13)

ciallaíonn “oibreoir dolaí” aon eintiteas poiblí nó príobháideach a ghlacann ról an tsoláthraí seirbhíse dolaí nó an mhuirearóra dolaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(14)

ciallaíonn “sealbhóir sonraí” aon duine dlítheanach, ábhar sonraí nó eintiteas poiblí nó príobháideach a bhfuil sé de cheart aige rochtain a thabhairt ar na cineálacha sonraí a liostaítear san Iarscríbhinn atá faoina rialú nó chun na cineálacha sonraí sin a chomhroinnt, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;

(15)

ciallaíonn “úsáideoir sonraí” aon údarás bóithre, oibreoir bóthair, oibreoir dolaí, soláthraí seirbhíse agus táirgeoir léarscáile digití nó aon eintiteas eile a úsáideann sonraí chun faisnéis tráchta fíor-ama a chruthú nó, i gcás ina gceadaítear é leis na téarmaí agus na coinníollacha arna gcinneadh ag an sealbhóir sonraí, agus na sonraí á n-úsáid chun críocha eile a bhaineann le soghluaisteacht;

(16)

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” aon úsáideoir bóthair, duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil rochtain aige ar sheirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama;

(17)

ciallaíonn “pointe rochtana” comhéadan digiteach ina bhfuil rochtain ar shonraí a liostaítear san Iarscríbhinn, mar aon leis na meiteashonraí comhfhreagracha, lena n-athúsáid d'úsáideoirí sonraí, nó i gcás ina gcuirtear foinsí agus meiteashonraí na sonraí sin ar fáil lena n-athúsáid d'úsáideoirí sonraí;

(18)

ciallaíonn “meiteashonraí” tuairisc struchtúrtha ar inneachar na sonraí lena n-éascaítear aimsiú agus úsáid na sonraí sin;

(19)

ciallaíonn “seirbhísí fionnachtana” seirbhísí lena gceadaítear cuardach a dhéanamh ar na sonraí iarrtha trí úsáid a bhaint as inneachar na meiteashonraí comhfhreagracha agus inneachar den sórt sin a thaispeáint;

(20)

ciallaíonn “bearta bainistithe tráchta sealadacha” bearta sealadacha atá ceaptha suaitheadh tráchta ar leith a réiteach agus atá ceaptha, mar shampla, chun sreafaí tráchta a rialú agus a threorú;

(21)

ciallaíonn “pleananna cúrsaíochta tráchta” bearta buana bainistithe tráchta atá deartha ag bainisteoirí tráchta chun sreafaí tráchta a rialú agus a threorú mar fhreagairt ar shuaitheadh tráchta buan nó athfhillteach;

(22)

ciallaíonn “comharthaí tráchta” aon chomhartha bóthair, comhartha, feiste, fógra nó marcáil bóthair a shainaithníonn contúirt, a thugann comhairle do dhaoine faoi na réamhchúraimí atá le glacadh i gcoinne contúirte den sórt sin, a léiríonn go bhfuil rialachán bóthair ann nó go gcuireann sé rialachán den sórt sin chun feidhme, tar éis Choinbhinsiún Vín ar Chomharthaí agus Comharthaí Bóthair;

(23)

ciallaíonn “príomhbhóithre” bóthar lasmuigh de limistéir uirbeacha a nascann cathracha nó réigiúin mhóra, nó iad araon, nach n-aicmítear mar chuid den ghréasán bóithre cuimsitheach tras-Eorpach nó mar mhótarbhealach;

(24)

ciallaíonn “bóithre príobháideacha” bóthar nach le húdarás poiblí bóthair nó iompair é, seachas bóithre ar le húdarás poiblí bóthair nó iompair iad ach a shanntar d'eintiteas príobháideach i bhfoirm lamháltais bhainistíochta;

(25)

ciallaíonn “sonraí maidir le bonneagar” sonraí a chuireann síos ar an ngréasán bóithre nó ar shaoráidí ar an ngréasán bóithre nó ar feadh an ghréasáin bóithre;

(26)

ciallaíonn “sonraí maidir le rialacháin agus srianta” sonraí a bhaineann le rialachán tráchta nó le srian is infheidhme maidir le feithiclí ar an ngréasán bóithre;

(27)

ciallaíonn “sonraí faoi staid an líonra” sonraí lena ndéantar cur síos ar chásanna sealadacha a d'fhéadfadh taisteal a chosc nó a mhoilliú nó a d'fhéadfadh an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas i gcásanna contúirteacha;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le húsáid fíor-ama an ghréasáin” sonraí ina ndéantar cur síos ar úsáid reatha an ghréasáin bóithre agus roghanna úsáide ar an ngréasán bóithre;

(29)

ciallaíonn “cineálacha sonraí ríthábhachtacha” cineálacha sonraí a mheastar a bheith ríthábhachtach ar mhaithe le hiontaofacht mhéadaithe seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama, lena dtacaítear le taisteal sábháilte agus éifeachtúil ó dhoras go doras agus le seirbhísí soghluaisteachta amach anseo;

(30)

ciallaíonn “sonraí a ghintear san fheithicil” aon sonraí a chruthaíonn an fheithicil nó aon fheiste ar bord atá leabaithe san fheithicil nó i bhfeistí pearsanta a thairgeann feidhmchláir CCI le linn don fheithicil a bheith in úsáid;

(31)

ciallaíonn “sealbhóir sonraí a ghintear san fheithicil” aon eintiteas a bhíonn ag gabháil do bhailiú sonraí, comhiomlánú nó cineálacha eile próiseála a ghintear i bhfeithicil chun ceanglais phríobháideachais a chomhlíonadh;

(32)

ciallaíonn “coinníollacha FRAND (Cothroma, Réasúnacha agus Neamh-Idirdhealaitheacha)” téarmaí ceadúnais arna gcaibidliú de mheon macánta, lena gceadaítear rochtain ar sheirbhísí nó ar shonraí mar mhalairt ar luach saothair cóir, faoi na téarmaí céanna nó comhchosúla a chinntear le húsáideoirí eile.

Airteagal 3

Pointí rochtana roghnacha

1.   Bunóidh gach Ballstát pointe rochtana náisiúnta. Beidh an pointe rochtana náisiúnta ina phointe rochtana aonair d'úsáideoirí sonraí ar na sonraí a liostaítear san Iarscríbhinn, lena n-áirítear nuashonruithe sonraí, arna soláthar ag na sealbhóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 11 agus a bhaineann le críoch Ballstáit ar leith.

2.   Féadfar pointí rochtana náisiúnta nó comhchoiteanna atá ann cheana agus a bunaíodh chun Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 nó na ceanglais a eascraíonn as gníomhartha tarmligthe eile arna nglacadh faoi Threoir 2010/40/AE a úsáid mar phointí rochtana náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo má mheasann na Ballstáit gurb iomchuí sin.

3.   Cuirfidh pointí rochtana náisiúnta seirbhísí fionnachtana ar fáil d'úsáideoirí sonraí, mar shampla seirbhísí lena gceadaítear cuardach a dhéanamh ar na sonraí iarrtha trí úsáid a bhaint as inneachar na meiteashonraí comhfhreagracha agus inneachar den sórt sin a thaispeáint.

4.   Áiritheoidh sealbhóirí sonraí poiblí agus príobháideacha go soláthróidh siad na meiteashonraí chun go mbeidh úsáideoirí sonraí in ann tacair sonraí a aimsiú agus a úsáid trí phointí rochtana náisiúnta.

5.   Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó pointe rochtana comhchoiteann a chur ar bun.

6.   Is féidir le haon eintiteas a sholáthraíonn sonraí tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta é sin a dhéanamh trí sheachvótálaí i gcomhréir leis na comhaontuithe is infheidhme, mar shampla trí bhunachar sonraí nó comhbhailitheoir tríú páirtí. Ní mhaolaíonn sé seo sealbhóir bunaidh na sonraí ar fhreagrachtaí maidir le cáilíocht na mbunsonraí atá á soláthar.

Airteagal 4

Inrochtaineacht, malartú agus athúsáid sonraí maidir le bonneagar

1.   Chun soláthar seirbhísí faisnéise tráchta comhoiriúnacha, idir-inoibritheacha agus leanúnacha a éascú ar fud an Aontais, soláthróidh údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, oibreoirí dolaí agus páirtithe leasmhara a bhaineann le hathluchtú agus athbhreoslú na sonraí maidir le bonneagar a liostaítear san Iarscríbhinn a bhailíonn siad i bhformáid chaighdeánaithe amhail an tsonraíocht sonraí INSPIRE maidir le gréasáin iompair, TN-ITS (CEN/TS17268 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin) nó DATEX II (EN 16157, CEN/TS 16157 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin). Déanfar aon nuashonrú ar na sonraí sin de bhun Airteagal 8.

Má tá caighdeáin bhreise nó caighdeáin mhalartacha le sainiú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

comhoibreoidh na Ballstáit chun na caighdeáin bhreise nó na caighdeáin mhalartacha sin a shainiú;

beidh formáidí digiteacha meaisín-inléite comhoiriúnach leis na caighdeáin atá ann cheana dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo.

2.   Beidh rochtain ag aon úsáideoir sonraí laistigh den Aontas ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus ar na meiteashonraí comhfhreagracha lena n-áirítear faisnéis maidir lena gcáilíocht:

(a)

ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

(b)

ceanglais cháilíochta íosta seo a leanas a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha;

(c)

laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí chun faisnéis tráchta fíor-ama a chruthú;

(d)

pointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Comhoibreoidh úsáideoirí sonraí a úsáideann na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus sealbhóirí sonraí chun a áirithiú go gcuirfear aon mhíchruinneas a bhaineann leis na sonraí in iúl gan mhoill don sealbhóir sonraí as a dtagann na sonraí.

Airteagal 5

Inrochtaineacht, malartú agus athúsáid sonraí maidir le rialacháin agus srianta

1.   Chun soláthar seirbhísí faisnéise tráchta comhoiriúnacha, idir-inoibritheacha agus leanúnacha a éascú ar fud an Aontais, soláthróidh údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre agus oibreoirí dolaí na sonraí maidir le rialacháin agus srianta a liostaítear san Iarscríbhinn a bhailíonn siad i bhformáid DATEX II (EN 16157, CEN/TS 16157 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin) nó TN-ITS (CEN/TS 17268 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin). Déanfar aon nuashonrú ar na sonraí sin de bhun Airteagal 9.

Má tá caighdeáin bhreise nó caighdeáin mhalartacha le sainiú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

comhoibreoidh na Ballstáit chun na caighdeáin bhreise nó na caighdeáin mhalartacha sin a shainiú;

beidh formáidí digiteacha meaisín-inléite comhoiriúnach leis na caighdeáin atá ann cheana dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo.

2.   Beidh rochtain ag aon úsáideoir sonraí laistigh den Aontas ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus ar na meiteashonraí comhfhreagracha lena n-áirítear faisnéis maidir lena gcáilíocht:

(a)

ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

(b)

ceanglais cháilíochta íosta seo a leanas a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha;

(c)

laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí chun faisnéis tráchta fíor-ama a chruthú;

(d)

pointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   Comhoibreoidh úsáideoirí sonraí a úsáideann na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus sealbhóirí sonraí chun a áirithiú go gcuirfear aon mhíchruinneas a bhaineann leis na sonraí in iúl gan mhoill don sealbhóir sonraí as a dtagann na sonraí.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhíse sonraí maidir le haon phleananna cúrsaíochta tráchta agus rialacháin tráchta agus srianta arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla a phróiseáil agus a áireamh sna seirbhísí ábhartha a sholáthraíonn siad, gan costais bhreise don úsáideoir deiridh.

Airteagal 6

Inrochtaineacht, malartú agus athúsáid sonraí maidir le staid an líonra

1.   Chun soláthar seirbhísí faisnéise tráchta comhoiriúnacha, idir-inoibritheacha agus leanúnacha a éascú ar fud an Aontais, soláthróidh údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, sealbhóirí sonraí agus soláthraithe seirbhíse a ghintear san fheithicil na sonraí maidir le staid an ghréasáin a liostaítear san Iarscríbhinn a bhailíonn siad i bhformáid DATEX II (EN 16157, CEN/TS 16157 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin). Déanfar aon nuashonrú ar na sonraí sin de bhun Airteagal 10.

Má tá caighdeáin bhreise nó caighdeáin mhalartacha le sainiú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

comhoibreoidh na Ballstáit chun na caighdeáin bhreise nó na caighdeáin mhalartacha sin a shainiú;

beidh formáidí digiteacha meaisín-inléite comhoiriúnach leis na caighdeáin atá ann cheana dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo.

2.   Beidh rochtain ag aon úsáideoir sonraí laistigh den Aontas ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus ar na meiteashonraí comhfhreagracha lena n-áirítear faisnéis maidir lena gcáilíocht:

(a)

ar bhonn neamh-idirdhealaitheach nuair a sholáthraíonn údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre iad;

(b)

ceanglais cháilíochta íosta seo a leanas a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha;

(c)

laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí chun faisnéis tráchta fíor-ama a chruthú;

(d)

pointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3;

(e)

gan aon oibleagáid ar shealbhóirí soláthraithe sonraí a ghintear san fheithicil agus soláthraithe seirbhíse príobháideacha rochtain a thabhairt ar a gcuid sonraí nó aon cheann dá gcuid sonraí a roinnt le húsáideoirí sonraí príobháideacha. Féadfaidh malartú agus athúsáid a gcuid sonraí a bheith faoi réir téarmaí agus coinníollacha arna gcinneadh ag an sealbhóir sonraí príobháideacha.

3.   Comhoibreoidh úsáideoirí sonraí a úsáideann na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus sealbhóirí sonraí chun a áirithiú go gcuirfear aon mhíchruinneas a bhaineann leis na sonraí in iúl gan mhoill don sealbhóir sonraí as a dtagann na sonraí.

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhíse aon bhearta bainistithe tráchta sealadacha arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla a phróiseáil agus a áireamh, gan costais bhreise don úsáideoir deiridh, sna seirbhísí ábhartha a sholáthraíonn siad agus a bheidh inrochtana tríd an bpointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann i bhformáid dhigiteach mheaisín-inléite.

5.   Chun faisnéis iomchuí a sholáthar go díreach do na húsáideoirí deiridh agus chun barrfheabhsú a dhéanamh ar chothabháil bóithre agus ar shábháilteacht ar bhóithre, féadfaidh údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre a iarraidh ar shealbhóirí sonraí agus soláthraithe seirbhíse a ghintear san fheithicil na cineálacha sonraí a sholáthar ar staid an ghréasáin a bhailíonn siad agus a nuashonraíonn siad de bhun Airteagal 10. Más rud é, mar fhreagra ar iarraidh ó údarás bóithre nó ó oibreoir bóthair, go ndéanann sealbhóir na sonraí na sonraí inrochtana, beidh feidhm ag coinníollacha FRAND (Cothrom, Réasúnach agus Neamh-Idirdhealaitheach). Soláthrófar na sonraí i bhformáid DATEX II (EN 16157, CEN/TS 16157 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin) nó in aon fhormáid mheaisín-inléite digiteach arna comhaontú ag na Ballstáit, agus na meiteashonraí comhfhreagracha ag gabháil léi, lena n-áirítear faisnéis maidir le cáilíocht na faisnéise sin.

6.   Féadfar sonraí maidir le staid an ghréasáin atá curtha i gcartlann ag údaráis bhóithre nó oibreoirí bóithre a úsáid chun críocha bainistiú sábháilteachta bonneagair bóithre agus measúnuithe sábháilteachta ar bhóithre ar fud an ghréasáin. Mura dtoirmisctear iad le comhaontuithe ceadúnais, cuirfear na sonraí sin ar fáil lena malartú agus lena n-athúsáid, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, tríd an bpointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3.

7.   Laistigh de theorainneacha na gcomhaontuithe ceadúnais is infheidhme, déanfar sonraí tuartha maidir le staid an ghréasáin atá ríofa ag údaráis bhóithre nó oibreoirí bóithre, a chur ar fáil lena malartú agus lena n-athúsáid, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, tríd an bpointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3.

8.   Comhoibreoidh na Ballstáit chun comhchaighdeáin a shainiú maidir le malartú agus athúsáid sonraí dá dtagraítear i mír 6 agus i mír 7.

Airteagal 7

Inrochtaineacht, malartú agus athúsáid sonraí maidir le húsáid fíor-ama an líonra

1.   Chun soláthar seirbhísí faisnéise tráchta comhoiriúnacha, idir-inoibritheacha agus leanúnacha a éascú ar fud an Aontais, soláthróidh údaráis bhóithre, oibreoirí bóithre, soláthraithe seirbhíse, sealbhóirí sonraí a ghintear san fheithicil agus athluchtú agus athbhreoslú geallsealbhóirí a bhaineann le hathbhreoslú, soláthróidh siad na sonraí maidir le húsáid fíor-ama an líonra a liostaítear san Iarscríbhinn a bhailíonn siad i bhformáid DATEX II (EN 16157, CEN/TS 16157 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin). Déanfar aon nuashonrú ar na sonraí sin de bhun Airteagal 11.

Má tá caighdeáin bhreise nó caighdeáin mhalartacha le sainiú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

comhoibreoidh na Ballstáit chun na caighdeáin bhreise nó na caighdeáin mhalartacha sin a shainiú;

beidh formáidí digiteacha meaisín-inléite comhoiriúnach leis na caighdeáin atá ann cheana dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo.

2.   Beidh rochtain ag aon úsáideoirí sonraí laistigh den Aontas ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus ar na meiteashonraí comhfhreagracha lena n-áirítear faisnéis maidir lena gcáilíocht:

(a)

ar bhonn neamh-idirdhealaitheach nuair a sholáthraíonn údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre iad;

(b)

ceanglais cháilíochta íosta seo a leanas a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha;

(c)

laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí chun faisnéis tráchta fíor-ama a chruthú;

(d)

pointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3;

(e)

gan aon oibleagáid ar shealbhóirí soláthraithe sonraí a ghintear san fheithicil agus soláthraithe seirbhíse príobháideacha rochtain a thabhairt ar a gcuid sonraí nó aon cheann dá gcuid sonraí a roinnt le húsáideoirí sonraí príobháideacha. Féadfaidh malartú agus athúsáid a gcuid sonraí a bheith faoi réir téarmaí agus coinníollacha arna gcinneadh ag an sealbhóir sonraí príobháideacha.

3.   Chun faisnéis iomchuí a sholáthar go díreach do na húsáideoirí deiridh agus chun barrfheabhsú a dhéanamh ar chothabháil bóithre agus ar shábháilteacht ar bhóithre, féadfaidh údaráis bhóithre agus oibreoirí bóithre a iarraidh ar shealbhóirí sonraí agus soláthraithe seirbhíse a ghintear san fheithicil na cineálacha sonraí a sholáthar ar staid an ghréasáin a bhailíonn siad agus a nuashonraíonn siad de bhun Airteagal 11. Más rud é, mar fhreagra ar iarraidh ó údarás bóithre nó ó oibreoir bóthair, go ndéanann sealbhóir na sonraí na sonraí inrochtana, beidh feidhm ag coinníollacha FRAND (Cothrom, Réasúnach agus Neamh-Idirdhealaitheach). Soláthrófar na sonraí i bhformáid DATEX II (EN 16157, CEN/TS 16157 agus leaganacha uasghrádaithe ina dhiaidh sin) nó in aon fhormáid mheaisín-inléite digiteach arna comhaontú ag na Ballstáit, agus na meiteashonraí comhfhreagracha ag gabháil léi, lena n-áirítear faisnéis maidir le cáilíocht na faisnéise sin.

4.   Féadfar sonraí maidir le húsáid fíor-ama an ghréasáin atá curtha i gcartlann ag údaráis bhóithre nó oibreoirí bóithre a úsáid chun críocha bainistiú sábháilteachta bonneagair bóithre agus measúnuithe sábháilteachta ar bhóithre ar fud an ghréasáin. Mura dtoirmisctear iad le comhaontuithe ceadúnais, cuirfear na sonraí sin ar fáil lena malartú agus lena n-athúsáid, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, tríd an bpointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3.

5.   Laistigh de theorainneacha na gcomhaontuithe ceadúnais is infheidhme, ba cheart sonraí tuartha maidir le húsáid fíor-ama an ghréasáin atá ríofa ag údaráis bhóithre nó oibreoirí bóithre, a chur ar fáil lena malartú agus lena n-athúsáid, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, tríd an bpointe rochtana náisiúnta nó comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3.

6.   Comhoibreoidh na Ballstáit chun comhchaighdeáin a shainiú maidir le malartú agus athúsáid sonraí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5.

Airteagal 8

Sonraí maidir le bonneagar a nuashonrú

1.   Beidh na paraiméadair seo a leanas i nuashonruithe na sonraí maidir le bonneagar:

(a)

an cineál sonraí a leagtar amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn lena mbaineann an nuashonrú;

(b)

suíomh an choinníll lena mbaineann an nuashonrú;

(c)

an cineál nuashonraithe (modhnú, cur isteach nó scriosadh);

(d)

an tuairisc ar an nuashonrú, ina bhfuil an luach/na luacha nuashonraithe agus an réimse/na réimsí nuashonraithe agus an fhaisnéis nuashonraithe, agus i gcás inarb ábhartha, na cúiseanna leis an luach/na luach nó na réimsí atá as dáta agus réimse/réimsí a athsholáthar;

(e)

an dáta ar tugadh na sonraí cothrom le dáta;

(f)

an dáta agus an t-am a tharla an t-athrú ar choinníoll ar leith nó nuair atá sé beartaithe go dtarlóidh sé;

(g)

cáilíocht an nuashonraithe sonraí mar a shainmhínítear i gceanglais cháilíochta a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Cinnfear suíomh an choinníll lena mbaineann an nuashonrú trí úsáid a bhaint as modh tagartha suímh dhinimiciúil caighdeánaithe nó aon mhodh tagartha suímh dhinimiciúil eile a nglactar leis go ginearálta lena gcumasaítear díchódú agus léirmhíniú gan débhrí ar an suíomh sin.

2.   Áiritheoidh na sealbhóirí sonraí ábhartha go ndéanfar sonraí maidir le bonneagar a nuashonrú laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama agus, i gcás inarb eol agus inar féidir, soláthróidh siad na nuashonruithe sin d'úsáideoirí sonraí roimh ré.

3.   Déanfaidh na sealbhóirí sonraí ábhartha aon mhíchruinneas a bhraith siad ina gcuid sonraí a cheartú go tráthúil nó cuirfidh aon úsáideoirí sonraí agus úsáideoirí deiridh in iúl dóibh iad.

4.   Nuair a chuireann táirgeoirí léarscáileanna digiteacha agus soláthraithe seirbhíse faisnéis i láthair d’úsáideoirí deiridh, áiritheoidh siad go ndéanfar nuashonruithe sonraí ábhartha ar bhonneagar a phróiseáil laistigh de thréimhse ama a bheidh oiriúnach d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama.

Airteagal 9

Sonraí a nuashonrú maidir le rialacháin agus srianta

1.   Beidh na paraiméadair seo a leanas ar a laghad i gceist leis na nuashonruithe ar na sonraí maidir le rialacháin agus srianta:

(a)

na cineálacha sonraí a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn lena mbaineann an nuashonrú;

(b)

suíomh an choinníll lena mbaineann an nuashonrú;

(c)

an cineál nuashonraithe (modhnú, cur isteach nó scriosadh);

(d)

tuairisc ar an nuashonrú, lena n-áirítear tréimhse an teagmhais agus an choinníll/na gcoinníollacha a forchuireadh, mar shampla ar chineálacha áirithe feithiclí, lena mbaineann an nuashonrú;

(e)

an dáta ar tugadh na sonraí cothrom le dáta;

(f)

an dáta agus an t-am a tharla an t-athrú ar choinníoll ar leith nó nuair atá sé beartaithe go dtarlóidh sé;

(g)

cáilíocht an nuashonraithe sonraí mar a shainmhínítear i gceanglais cháilíochta a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Cinnfear suíomh an choinníll lena mbaineann an nuashonrú trí úsáid a bhaint as modh tagartha suímh dhinimiciúil caighdeánaithe nó aon mhodh tagartha suímh dhinimiciúil eile a nglactar leis go ginearálta lena gcumasaítear díchódú agus léirmhíniú gan débhrí ar an suíomh sin.

2.   Áiritheoidh na sealbhóirí sonraí ábhartha go ndéanfar sonraí maidir le rialacháin agus srianta a nuashonrú laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama agus, i gcás inarb eol agus inar féidir, soláthróidh siad na nuashonruithe sin d'úsáideoirí sonraí roimh ré.

3.   Déanfaidh na sealbhóirí sonraí ábhartha aon mhíchruinneas a bhraith siad ina gcuid sonraí a cheartú go tráthúil nó cuirfidh aon úsáideoirí sonraí agus úsáideoirí deiridh in iúl dóibh iad.

4.   Nuair a chuireann táirgeoirí léarscáileanna digiteacha agus soláthraithe seirbhíse faisnéis i láthair d’úsáideoirí deiridh, áiritheoidh siad go ndéanfar nuashonruithe sonraí ábhartha maidir le rialacháin agus srianta a phróiseáil laistigh de thréimhse ama a bheidh oiriúnach d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama.

5.   Déanfar an fhaisnéis tráchta fíor-ama a mhodhnú dá réir sin nó a tharraingt siar a luaithe is féidir tar éis do stádas na sonraí lena mbaineann athrú.

Airteagal 10

Sonraí maidir le staid an líonra a nuashonrú

1.   Beidh na paraiméadair seo a leanas ar a laghad i nuashonruithe na sonraí ar staid an líonra:

(a)

na cineálacha sonraí a leagtar amach i bpointe 4 agus i bpointe 5 den Iarscríbhinn lena mbaineann an nuashonrú agus, i gcás inarb iomchuí, tuairisc ghearr air;

(b)

suíomh an imeachta nó an choinníll lena mbaineann an nuashonrú;

(c)

tréimhse an teagmhais nó an choinníll lena mbaineann an nuashonrú;

(d)

cáilíocht an nuashonraithe sonraí mar a shainmhínítear i gceanglais cháilíochta a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Suíomh an teagmhais nó an choinníll lena mbaineann an nuashonrú trí úsáid a bhaint as modh tagartha suímh dhinimiciúil caighdeánaithe nó aon mhodh tagartha suímh dhinimiciúil eile a nglactar leis go ginearálta lena gcumasaítear díchódú agus léirmhíniú gan débhrí ar an suíomh sin.

2.   Áiritheoidh na sealbhóirí sonraí ábhartha go ndéanfar sonraí maidir le staid an líonra a nuashonrú laistigh de thréimhse ama a fheistiú d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama agus, i gcás inarb eol agus inar féidir, soláthróidh siad na nuashonruithe sin roimh ré.

3.   Déanfaidh na sealbhóirí sonraí ábhartha aon mhíchruinneas a bhraith siad ina gcuid sonraí a cheartú go tráthúil nó cuirfidh aon úsáideoirí sonraí agus úsáideoirí deiridh in iúl dóibh iad.

4.   Déanfar an fhaisnéis tráchta fíor-ama a mhodhnú dá réir sin nó a tharraingt siar a luaithe is féidir tar éis do stádas sonraí lena mbaineann athrú.

5.   Nuair a chuireann soláthraithe seirbhíse faisnéis i láthair d’úsáideoirí deiridh, áiritheoidh siad go ndéanfar nuashonruithe sonraí ábhartha maidir le staid an líonra a phróiseáil laistigh de thréimhse ama a bheidh oiriúnach d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama.

Airteagal 11

Sonraí a nuashonrú maidir le húsáid fíor-ama an líonra

1.   Áireofar na paraiméadair seo a leanas ar a laghad sna nuashonruithe ar na sonraí maidir le húsáid fíor-ama an líonra:

(a)

na cineálacha sonraí mar a leagtar amach i bpointe 6 den Iarscríbhinn lena mbaineann an nuashonrú agus, i gcás inarb iomchuí, tuairisc ghearr air;

(b)

suíomh an imeachta nó an choinníll lena mbaineann an nuashonrú;

(c)

cáilíocht an nuashonraithe sonraí mar a shainmhínítear i gceanglais cháilíochta a n-aontóidh na Ballstáit leo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

Suíomh an teagmhais nó an choinníll lena mbaineann an nuashonrú trí úsáid a bhaint as modh tagartha suímh dhinimiciúil caighdeánaithe nó aon mhodh tagartha suímh dhinimiciúil eile a nglactar leis go ginearálta lena gcumasaítear díchódú agus léirmhíniú gan débhrí ar an suíomh sin.

2.   Déanfar an fhaisnéis tráchta fíor-ama nó na sonraí gaolmhara a mhodhnú dá réir sin nó a tharraingt siar a luaithe is féidir tar éis do stádas na sonraí lena mbaineann athrú.

3.   Nuair a chuireann soláthraithe seirbhíse faisnéis i láthair d’úsáideoirí deiridh, áiritheoidh siad go ndéanfar nuashonruithe maidir le húsáid fíor-ama an líonra a phróiseáil laistigh de thréimhse ama a bheidh oiriúnach d'úsáid iontaofa agus éifeachtach na sonraí i seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama.

Airteagal 12

Measúnú ar chomhlíonadh

1.   Déanfaidh na Ballstáit measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na sealbhóirí sonraí agus na húsáideoirí sonraí a bhfuil feidhm ag na hairteagail sin maidir leo na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 11 i gcomhréir le mír 2 agus mír 3.

2.   Chun dul ar aghaidh leis an measúnú, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát na doiciméid seo a leanas a iarraidh ar aon sealbhóirí sonraí agus ar úsáideoirí sonraí:

(a)

tuairisc ar na sonraí, ar an léarscáil dhigiteach nó ar na seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama a sholáthraíonn siad chomh maith leis an bhfaisnéis maidir lena gcáilíocht agus coinníollacha athúsáide na sonraí sin;

(b)

dearbhú fianaisebhunaithe maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 11.

3.   Déanfaidh na Ballstáit cruinneas na ndearbhuithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a sheiceáil go randamach.

Airteagal 13

Tuairisciú

1.   Faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit liosta agus léirshamhlú léarscáile na mbóithre a áirítear sa ghréasán bóithre príomha ar fáil don Choimisiún.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún mar chuid de na tuarascálacha ar dhul chun cinn dá bhforáiltear in Airteagal 17(3) de Threoir 2010/40/AE:

(a)

an dul chun cinn a rinneadh maidir le hinrochtaineacht, malartú agus athúsáid na gcineálacha sonraí a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(b)

raon feidhme geografach na sonraí atá inrochtana tríd an bPointe Rochtana Náisiúnta, athruithe ar an bpríomhlíonra bóithre agus inneachar sonraí na seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama agus a gcáilíocht, lena n-áirítear na critéir a úsáidtear chun an cháilíocht sin a shainiú agus na modhanna a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh air;

(c)

torthaí an mheasúnaithe ar chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 12 leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 11;

(d)

i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar athruithe ar an bpointe rochtana náisiúnta nó ar an bpointe rochtana comhchoiteann.

Airteagal 14

Forálacha idirthréimhseacha

I gcás idirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2027, ní bheidh feidhm ag oibleagáidí a bhaineann le cineálacha sonraí faoi phointí 1, 3, 5 agus 6 den Iarscríbhinn maidir le bóithre seachas na nithe seo a leanas:

(a)

gréasán bóithre cuimsitheach tras-Eorpach;

(b)

mótarbhealaí eile nach n-áirítear i ngréasán bóithre cuimsitheach tras-Eorpach;

(c)

príomhbhóithre.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón 1 Eanáir 2025.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh feidhm ag Airteagal 13, áfach, ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 207, 6.8.2010, lch. 1.

(2)   IO L 157, 23.6.2015, lch. 21.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 885/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise a sholáthar d'áiteanna páirceála sábháilte agus slána do thrucailí agus d'fheithiclí tráchtála (IO L 247, 18.9.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 886/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí agus nósanna imeachta chun faisnéis íosta tráchta uilíoch a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a sholáthar, i gcás inar féidir, saor in aisce d'úsáideoirí (IO L 247, 18.9.2013, lch. 6).

(5)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(6)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d'Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1089/2010 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hidir-inoibritheacht tacair agus seirbhísí sonraí spásúla (IO L 323, 8.12.2010, lch. 11).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(9)   IO L 319, 29.11.2008, lch. 59.

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)   IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

(12)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(13)  Treoir (AE) 2019/520 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas, (IO L 91, 29.3.2019, lch. 45).


IARSCRÍBHINN

(dá dtagraítear in Airteagail 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 13 agus 14)

(1)   

Na cineálacha sonraí maidir le bonneagar:

(a)

Naisc idir gréasáin bhóithre agus a saintréithe fisiceacha:

(i)

geoiméadracht;

(ii)

leithead na mbóithre;

(iii)

líon lánaí;

(iv)

grádáin;

(v)

acomhail;

(b)

aicmiú bóthair;

(c)

suíomh stáisiúin dolaí;

(d)

suíomh limistéir seirbhíse agus limistéir scíthe;

(e)

suíomh pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha agus na coinníollacha maidir lena n-úsáid;

(f)

suíomh gás nádúrtha comhbhrúite, gás nádúrtha leachtaithe, stáisiúin gáis pheitriliam leachtaithe;

(g)

suíomh pointí athbhreoslaithe agus stáisiúin le haghaidh gach cineáil eile breosla;

(h)

suíomh limistéir seachadta.

(2)   

Na cineálacha ríthábhachtacha sonraí maidir le rialacháin agus srianta:

(a)

rialacháin tráchta statacha agus dinimiciúla, i gcás inarb infheidhme:

(i)

coinníollacha rochtana le haghaidh tolláin;

(ii)

coinníollacha rochtana le haghaidh droichid;

(iii)

srianta buana ar rochtain;

(iv)

teorainneacha luais;

(v)

rialacháin maidir le seachadadh lasta;

(vi)

coisc scoite ar fheithiclí earraí troma;

(vii)

srianta ar mheáchan/fad/leithead/ard;

(viii)

sráideanna aontreo;

(ix)

teorannacha srianta, toirmisc nó oibleagáidí a bhfuil bailíocht limistéir acu, stádas reatha rochtana agus coinníollacha le haghaidh cúrsaíochta i limistéir tráchta rialáilte;

(x)

treo taistil ar lánaí inchúlaithe;

(b)

pleananna cúrsaíochta tráchta.

(3)   

Cineálacha eile sonraí maidir le rialacháin agus srianta:

(a)

suíomh agus sainaithint comharthaí tráchta lena léirítear rialacháin tráchta agus lena sainaithnítear contúirtí:

(i)

coinníollacha rochtana le haghaidh tolláin;

(ii)

coinníollacha rochtana le haghaidh droichid;

(iii)

srianta buana ar rochtain;

(iv)

comharthaí tráchta eile a léiríonn rialacháin tráchta;

(b)

rialacháin tráchta statacha agus dinimiciúla, i gcás inarb infheidhme, seachas na rialacháin tráchta dá dtagraítear i bpointe (2);

(c)

bóithre dola, táillí úsáideora seasta is infheidhme agus modhanna íocaíochta atá ar fáil (lena n-áirítear bealaí miondíola agus modhanna próiseála orduithe) a shainaithint;

(d)

táillí úsáideora bóthair athraitheacha agus modhanna íocaíochta atá ar fáil, lena n-áirítear bealaí miondíola agus modhanna próiseála orduithe.

(4)   

Na cineálacha ríthábhachtacha sonraí maidir le staid an ghréasáin:

(a)

dúnadh bóithre;

(b)

dúnadh lánaí;

(c)

oibreacha bóthair;

(d)

bearta sealadacha bainistíochta tráchta.

(5)   

Cineálacha eile sonraí maidir le staid an ghréasáin:

(a)

dúnadh droichead;

(b)

timpistí agus teagmhais;

(c)

drochdhálaí bóthair;

(d)

dálaí aimsire a dhéanann difear do dhromchla an bhóthair agus don infheictheacht.

(6)   

Na cineálacha sonraí maidir le húsáid fíor-ama an ghréasáin:

(a)

méid na tráchta;

(b)

luas na tráchta;

(c)

suíomh agus fad scuainí tráchta;

(d)

amanna taistil;

(e)

am feithimh ag trasnuithe teorainneacha;

(f)

inrochtaineacht limistéir seachadta;

(g)

inrochtaineacht pointí agus stáisiúin athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha;

(h)

infhaighteacht pointí agus stáisiúin athbhreoslaithe le haghaidh cineálacha ionadúla breosla;

(i)

praghas an athluchtaithe/athbhreoslaithe ad hoc.


25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 122/17


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/671 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla ar ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha, maidir le gníomhaíocht leantach atá le déanamh ag an údarás inniúil i gcás neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú nó i gcás neamhchomhlíontachta le linn idirthuras bó-ainmhithe áirithe tríd an Aontas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 494/98 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), go háirithe Airteagal 20, mír (2), pointí (a) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha ginearálta maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla chun comhlíonadh rialacha i roinnt réimsí a fhíorú, lena n-áirítear ceanglais sláinte ainmhithe. Leagtar síos leis an Rialachán sin freisin modhanna agus teicnící maidir le rialuithe oifigiúla, lena n-áirítear cigireachtaí ar áitribh, ar ainmhithe agus ar earraí atá faoi rialú oibreoirí. Ina theannta sin, leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a dhéanamh i gcás ina suitear nach gcomhlíontar, i measc nithe eile, na ceanglais sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 1, mír (2), pointe (d) den Rialachán sin.

(2)

Ba le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a aisghaireadh agus a ionadaíodh 39 ngníomh áirithe i réimse na sláinte ainmhithe amhail ón 21 Aibreán 2021. Mar sin féin, cuid de na ceanglais sna gníomhartha a aisghairtear le Rialachán (AE) 2016/429 nó dá bhun, baineann siad le sainiúlachtaí áirithe sláinte ainmhithe agus le gníomhaíocht leantach atá le déanamh i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2017/625 mar a leagtar amach in Airteagal 138 de. Dá bhrí sin, rialacha sonracha den sórt sin maidir le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí leantacha atá le déanamh ag an údarás inniúil i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh, ba cheart iad sin a leagan síos sa Rialachán seo.

(3)

Tá baint idir sainiúlachtaí na rialuithe oifigiúla agus na ngníomhaíochtaí leantacha i gcás ina suitear neamhchomhlíonadh a bhaineann le sláinte ainmhithe. Tá feidhm acu maidir le hiar-chéimeanna cásanna ar leith agus go han-mhinic, leis na cineálacha céanna oibreoirí agus bunaíochtaí. I gcás ina bhfuil gá le gníomhaíochtaí sonracha leantacha, ba cheart iad a leagan síos in éineacht leis na ceanglais maidir le sainiúlachtaí rialuithe oifigiúla a bhaineann le sláinte ainmhithe. Déantar foráil leis sin maidir le sraith chuimsitheach beart lenar féidir cur chun feidhme níos éasca a dhéanamh agus cuirfear le simpliú foriomlán an chreata dhlíthiúil sa réimse sin.

(4)

Tá cáilíochtaí agus inniúlachtaí sonracha i réimse na tréidliachta ag teastáil chun rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh i mbunaíochtaí arna bhformheas i gcomhréir le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2035 (3), (AE) 2020/686 (4), (AE) 2020/688 (5) nó (AE) 2020/990 ón gCoimisiún (6). Ar na rialuithe oifigiúla sna bunaíochtaí formheasta sin tá measúnú agus fíorú ar raon leathan sonraí agus faisnéise shonrach a bhaineann le hainmhithe a choimeádtar iontu. Is éard atá i roinnt de na sonraí agus an fhaisnéis sin torthaí na mbreathnuithe a rinneadh maidir le hainmhithe, agus déanann oibreoirí, gairmithe sláinte ainmhithe, tréidlianna nó gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha eile iad a bhailiú agus a thaifeadadh. D’fhéadfadh sonraí agus faisnéis den sórt sin a bheith bainteach, i measc nithe eile, le staid fhiseolaíoch nó phaiteolaíoch na n-ainmhithe, le tosca eipidéimeolaíocha, le torthaí scrúduithe fisiciúla, cliniciúla nó iarbháis agus le torthaí tástálacha saotharlainne, agus le sonraí agus faisnéis arna mbailiú i ndáil le bearta bithshlándála i mbunaíochtaí agus le húsáid agus cothabháil iomchuí trealaimh agus saoráidí.

(5)

Ina theannta sin, i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha, éilíonn castacht agus teicniúlacht na hearnála áirithe seo eolas speisialaithe ón údarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla chun a áirithiú go gcuirfear a chuid dualgas i gcrích ar bhealach éifeachtúil éifeachtach.

(6)

Dá bhrí sin, is iomchuí gur cheart do thréidlianna oifigiúla na rialuithe oifigiúla a dhéanamh i mbunaíochtaí formheasta a choinníonn ainmhithe nó a láimhseálann táirgí geirmeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429. Ba cheart rialacha maidir le déanamh na rialuithe oifigiúla sna bunaíochtaí sin a leagan amach sa Rialachán seo.

(7)

Sa bhreis air sin, i mBallstáit áirithe, ar chúiseanna stairiúla nó de dheasca easnaimh tréidlianna a dhéileálann le galair uisceacha, tá gairm speisialaithe ann dá ngairtear “gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha”. Ní tréidlianna iad na gairmithe seo go traidisiúnta ach cleachtann siad leigheas ainmhithe uisceacha. Dá bhrí sin, ba cheart cinneadh na mBallstát sin a aithníonn an ghairm sin a urramú leis an Rialachán seo. Sna cásanna sin, ba cheart gairmithe oifigiúla sláinte ainmhithe uisceacha a bheith in ann gníomhaíochtaí a shanntar do thréidlianna oifigiúla a dhéanamh agus rialuithe oifigiúla á ndéanamh acu i mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta. I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2016/429, féadfaidh gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá sannta do thréidlianna i réimse na sláinte ainmhithe, ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal sin sa Rialachán seo freisin.

(8)

I measc na mbunaíochtaí arna bhformheas de bhun Rialachán (AE) 2016/429, tá bunaíochtaí teoranta ar leith ós rud é gur minic go gcoimeádtar iontu raon leathan speiceas ainmhithe ar bhonn buan agus go ndéantar iad a mhalartú le bunaíochtaí teoranta eile. Ceanglais maidir le bunaíochtaí teoranta a fhormheas agus a oibriú go sábháilte i ndáil le coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile, bearta faireachais agus rialaithe galar atá faoi chúram thréidlianna na bunaíochta, tá ról tábhachtach acu chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag gabháil le malartú ainmhithe maidir le galair liostaithe ainmhithe nó galair atá ag teacht chun cinn a leathadh idir na Ballstáit nó laistigh díobh. Dá bhrí sin, is iomchuí na rialuithe oifigiúla ba cheart a dhéanamh i mbunaíochtaí teoranta a shonrú.

(9)

A mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha maidir le sainaithint agus clárú bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair a fhíorú, ba cheart critéir shonracha a leagan síos chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla leis an anailís riosca le haghaidh roghnú na n-ainmhithe agus na mbunaíochtaí a ndéanfar cigireacht orthu. I gcás ina ndéantar na rialuithe oifigiúla sin ar shampla ionadaíoch ainmhithe agus ina sainaithnítear leis na rialuithe oifigiúla sin neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le sainaithint agus clárú, ba cheart do na húdaráis inniúla cigireacht a dhéanamh ar na hainmhithe uile sa bhunaíocht sin mar ghníomhaíocht leantach.

(10)

Údaraítear le rialacha an Aontais idirthuras bó-ainmhithe le haghaidh pórúcháin agus táirgthe tríd an Aontas, ar ainmhithe iad nach gcomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht san Aontas, faoi mhaoluithe agus coinníollacha sonracha a leagtar síos i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2124 (7) agus (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (8). Níor cheart idirthuras den sórt sin dochar a dhéanamh do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí san Aontas. I gcás neamhchomhlíontachta, neamhrialtachta nó éigeandála le linn an idirthurais, ba cheart don údarás inniúil a ordú go marófar na hainmhithe sin, mar gurb é sin an beart is iomchuí chun sláinte ainmhithe agus an tsláinte phoiblí agus leas na n-ainmhithe a chosaint. Sna cásanna sin, ba cheart don údarás inniúil a ordú go ndiúscrófar go sábháilte na seachtháirgí ainmhithe a eascraíonn astu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(11)

Le Rialachán (CE) Uimh. 494/98 ón gCoimisiún (10), leagtar síos smachtbhannaí riaracháin atá le cur i bhfeidhm nuair a shuitear neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha nó na gceanglas maidir le sainaithint agus clárú bó-ainmhithe. Ní dhearnadh an Rialachán sin a aisghairm go sainráite le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Ina theannta sin, tá na smachtbhannaí riaracháin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 494/98 iomarcach anois i bhfianaise na mbeart a leagtar amach in Airteagal 138(2) de Rialachán (AE) 2017/625. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 494/98 a aisghairm leis an Rialachán seo.

(12)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, forlíontar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialacha sonracha áirithe maidir le rialuithe oifigiúla de dhéanamh údaráis inniúla na mBallstát (11) i ndáil le hainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha chun comhlíonadh a gceanglas sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 1, mír (2), pointe (d), den Rialachán sin a fhíorú agus, más gá, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí áirithe arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla:

(a)

i mbunaíochtaí áirithe ina gcoimeádtar ainmhithe;

(b)

i mbunaíochtaí áirithe ina mbailítear, ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear nó ina stóráiltear táirgí geirmeacha.

2.   Leis an Rialachán seo, forlíontar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le beart sonrach arna dhéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát tar éis rialuithe oifigiúla i ndáil le bó-ainmhithe áirithe atá faoi bhealach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990:

(a)

“bunaíocht” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (27), de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

“gorlann” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (47), de Rialachán (AE) 2016/429;

(c)

“oibríocht tionóla” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (49), de Rialachán (AE) 2016/429;

(d)

“ionad tionóla madraí, cat agus firéad” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(e)

“ionad dídine ainmhithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(f)

“post rialaithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(g)

“bunaíocht táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(h)

“bunaíocht choraintín fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688;

(i)

“bunaíocht theoranta” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (48), de Rialachán (AE) 2016/429;

(j)

“bunaíocht táirgí geirmeacha atá formheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2), pointe (2) de Rialachán (AE) 2020/686;

(k)

“bunaíocht dobharshaothraithe fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990;

(l)

“grúpa formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990.

(m)

“tréidlia bunaíochta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(n)

“bó-ainmhithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

Airteagal 3

Rialuithe oifigiúla i mbunaíochtaí formheasta áirithe

1.   Tréidlianna oifigiúla, nó i gcás bunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus grúpaí formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe, tréidlianna oifigiúla nó gairmithe oifigiúla sláinte ainmhithe uisceacha, déanfaidh siad rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na gceanglas sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 1, mír (2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/625 agus a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus dá bhun a fhíorú, sna cineálacha bunaíochtaí seo a leanas a bhfuil formheas faighte acu ón údarás inniúil:

(a)

gorlanna agus bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis;

(b)

bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí tionóla ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis;

(c)

ionad tionóla madraí, cat agus firéad;

(d)

ionad dídine madraí, cat agus firéad;

(e)

poist rialaithe;

(f)

bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach le haghaidh bumbóg;

(g)

bunaíochtaí coraintín formheasta;

(h)

bunaíochtaí teoranta:

(i)

bunaíocht táirgí geirmeacha atá formheasta;

(j)

bunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta

(k)

grúpaí formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe.

Leis na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír, fíorófar go háirithe go leanfaidh na hoibreoirí atá freagrach as na bunaíochtaí formheasta de na ceanglais formheasa a chomhlíonadh le haghaidh na mbunaíochtaí sin.

2.   Cuimseofar sna rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14, pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/625 a dhéanfar i gcomhréir leis na híosmhinicíochtaí, ar a laghad, i gcás ina leagtar amach minicíochtaí den sórt sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/160 ón gCoimisiún (12).

3.   Féadfaidh na cigireachtaí dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt le chéile leis an méid seo a leanas:

(a)

rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 9, mír 3 de Rialachán (AE) 2017/625;

(b)

rialuithe oifigiúla eile chun comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 1, mír 2 de Rialachán (AE) 2017/625 a fhíorú; nó

(c)

rialuithe oifigiúla eile, cigireachtaí eile nó cuairteanna eile dá bhforáiltear i rialacha de chuid an Aontais.

Airteagal 4

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla i mbunaíochtaí teoranta ainmhithe talún

Agus rialuithe oifigiúla á ndéanamh aige i mbunaíochtaí teoranta ainmhithe talún, déanfaidh an tréidlia oifigiúil an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

é a fhíorú, trí scrúdú a dhéanamh ar na taifid ghluaiseachta, nach dtagann na hainmhithe atá ag teacht isteach sa bhunaíocht theoranta áirithe ach ó bhunaíocht theoranta eile nó go gcuirtear i gcoraintín iad i gcomhréir le Cuid 9, pointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(b)

é a fhíorú go gcuireann torthaí na scrúduithe cliniciúla, saotharlainne agus iarbháis arna ndéanamh ag tréidlia na bunaíochta teoranta aon amhras maidir le galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn as an áireamh;

(c)

é a fhíorú, má mheastar go bhfuil galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn ann, go dtabharfaidh an t-oibreoir atá freagrach as an mbunaíocht theoranta fógra don údarás inniúil faoin amhras sin agus go maolóidh sé na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann na galair sin a leathadh laistigh agus lasmuigh den bhunaíocht theoranta; agus

(d)

iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíocht thréidlia na bunaíochta teoranta agus ar chur chun feidhme agus torthaí an phlean faireachais galar dá dtagraítear i gCuid 9, pointe 2(a), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 agus é a fhíorú go háirithe go ndearnadh athbhreithniú ar an bplean faireachais galar agus gur tugadh cothrom le dáta é uair sa bhliain ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais sin.

Airteagal 5

Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla chun a fhíorú comhlíonadh na gceanglas um bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach nó ainmhithe den chineál gabhair a shainaithint nó a chlárú agus um ghníomhaíocht leantach i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas sin

1.   Rialuithe oifigiúla chun a fhíorú comhlíonadh na gceanglas um bó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach nó ainmhithe den chineál gabhair a shainaithint nó a chlárú, cuimseoidh siad cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14, pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625 ar bhó-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach nó ainmhithe den chineál gabhair i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar na hainmhithe sin, ar cigireachtaí iad arna ndéanamh i gcomhréir leis an íosmhinicíocht a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/160.

2.   Féadfaidh na cigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt le chéile leis an méid seo a leanas:

(a)

rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 9, mír (3) de Rialachán (AE) 2017/625;

(b)

rialuithe oifigiúla eile chun comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 1, mír 2 de Rialachán (AE) 2017/625 a fhíorú; nó

(c)

rialuithe oifigiúla eile, cigireachtaí eile nó cuairteanna eile dá bhforáiltear i rialacha de chuid an Aontais.

3.   Agus na bunaíochtaí a bhfuil cigireacht le déanamh orthu á roghnú aige, cuirfidh an t-údarás inniúil na critéir seo a leanas san áireamh ina anailís riosca i dteannta na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 9, mír (1) de Rialachán (AE) 2017/625:

(a)

an líon ainmhithe sa bhunaíocht;

(b)

speicis na n-ainmhithe atá i láthair agus a shainaithnítear i mbunaíocht;

(c)

athruithe móra i gcomparáid leis an líon ainmhithe nó na speicis ainmhithe sa bhunaíocht le 5 bliana anuas; agus

(d)

aon chritéar ábhartha eile arna sainiú ag a Bhallstát.

4.   I gcás ina ndéanfar cigireacht dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht ar gach bó-ainmhí, gach ainmhí den chineál caorach agus gach ainmhí den chineál gabhair sa bhunaíocht sin.

5.   De mhaolú ar mhír 4, i gcás inar mó ná 20 an líon ainmhithe a mbeidh cigireacht le déanamh orthu sa bhunaíocht, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh iniúchadh a dhéanamh ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe sin más leor an líon ainmhithe a ndearnadh cigireacht orthu chun 5 % de chásanna neamhchomhlíontachta a bhrath ar leibhéal muiníne 95 %.

6.   I gcás ina ndéanfar cigireacht dá dtagraítear i mír 1 ar shampla ionadaíoch ainmhithe i mbunaíocht i gcomhréir le mír 5 agus ina ndeimhnítear leis an gcigireacht sin neamhchomhlíonadh na gceanglas um shainaithint agus clárú, déanfaidh an t-údarás inniúil iniúchadh ar na bó-ainmhithe, na hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair eile uile sa bhunaíocht.

7.   De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh iniúchadh a dhéanamh ar shampla ionadaíoch ainmhithe sa bhunaíocht sin lena n-áiritheofar gur leor an líon ainmhithe a ndearnadh cigireacht orthu chun meastachán a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh os cionn 5 % le beachtas de bhreis agus 2 % nó lúide 2 % i gcás leibhéal muiníne 95 %.

Airteagal 6

Gníomhaíocht leantach i gcás neamhchomhlíontachta le linn idirthuras bó-ainmhithe áirithe tríd an Aontas

Nuair atá coinsíneachtaí bó-ainmhithe a chomhlíonann coinníollacha sonracha sláinte ainmhithe maidir lena dteacht isteach san Aontas ar idirthuras tríd an Aontas de bhun Airteagal 176, mír (1), pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 i gcomhar le hAirteagal 34, mír (1), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124, ordóidh an t-údarás inniúil na hainmhithe a mharú agus a dhiúscairt mar ábhar Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (f)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, i gcás aon neamhchomhlíontachta le linn a ngluaiseachta idir an post rialaithe teorann ag an mbealach isteach san Aontas agus an post rialaithe teorann óna bhfágann na coinsíneachtaí críoch an Aontais.

Airteagal 7

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 494/98.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí a choimeádann ainmhithe talún agus le gorlanna, agus inrianaitheacht ainmhithe talún áirithe agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte agus deimhniúcháin ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha laistigh den Aontas (IO L 221, 10.7.2020, lch. 42).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1)

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 494/98 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 1998 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm smachtbhannaí íosta riaracháin faoi chuimsiú an chórais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú (IO L 060, 28.2.1998, lch. 78).

(11)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do ‘na Ballstáit’ leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/160 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena leagtar síos íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha rialuithe oifigiúla áirithe chun comhlíonadh cheanglais sláinte ainmhithe an Aontais a fhíorú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1082/2003 agus (CE) Uimh. 1505/2006 (IO L 26, 7.2.2022, lch. 11).


25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 122/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/672 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh tras-reasvaratról (ó fhoinse mhiocróbach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear tras-reasvaratról ó fhoinsí sintéiseacha agus ó fhoinsí miocróbacha mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Údaraíodh an bia núíosach tras-reasvaratról ó fhoinse mhiocróbach mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena úsáid i bhforbhianna faoi mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i bhfoirm capsúil nó i bhfoirm táibléid, don daonra fásta ar bhonn a choibhéise ó thaobh substainte de le reasvaratról, rud a tomhlaíodh roimh an 15 Bealtaine 1997 agus a eastóscadh ó ghlúineach bhiorach (Fallopia japonica).

(5)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1190 ón gCoimisiún (5) údaraíodh tras-reasvaratról sintéiseach a chur ar mhargadh an Aontais mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena úsáid i bhforbhianna freisin mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i bhfoirm capsúil nó i bhfoirm táibléid, don daonra fásta.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/51 ón gCoimisiún (6) leasaíodh coinníollacha úsáide tras-reasvaratróil. Go háirithe, cuireadh deireadh leis na srianta ar fhormáidí seachadta na bhforbhianna ina bhfuil an bia núíosach.

(7)

An 29 Iúil 2021, chuir an chuideachta Evolva AG (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar shonraíochtaí tras-reasvaratróil ó fhoinse mhiocróbach. D’iarr an t-iarratasóir go mbainfí an ceanglas gur cheart 100 % de na cáithníní den bhia núíosach arna tháirgeadh le S. cerevisiae a bheith ar mhéid is lú ná 62,23 micriméadar (< 62,23 μm).

(8)

Luann an t-iarratasóir mar bhonn cirt leis an iarraidh go bhfuil gá leis an athrú chun an éagsúlacht i méid na gcáithníní tras-reasvaratróil ó fhoinse mhiocróbach a chur san áireamh le linn a phróisis táirgthe agus le linn a phróiseála lena úsáid i bhforbhianna. Chun tacú lena iarraidh, chuir an t-iarratasóir sonraí anailíseacha ar fáil a léirigh go bhfuil próifíl mhéid na gcáithníní tras-reasvaratróil ó fhoinse mhiocróbach inchomparáide le próifíl mhéid na gcáithníní tras-reasvaratróil arna shintéisiú go ceimiceach agus a ndearna an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht air (7), agus nach luaitear aon cheanglas maidir le méid na gcáithníní ina leith ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(9)

Measann an Coimisiún nach baol go ndéanfaidh an nuashonrú a iarradh ar liosta an Aontais difear do shláinte an duine agus nach bhfuil gá le meastóireacht sábháilteachta ón Údarás i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 toisc nach n-athraítear próifíl sábháilteachta tras-reasvaratróil cé go n-iarrtar an ceanglas i leith mhéid na gcáithníní le haghaidh tras-reasvaratróil ó fhoinse mhiocróbach a bhaint, ós rud é go léiríonn an fhianaise anailíseach a chuir an t-iarratasóir isteach go bhfuil a phróifíl maidir le dáileadh mhéid na gcáithníní inchomparáide leis an bpróifíl le haghaidh tras-reasvaratról arna shintéisiú go ceimiceach agus a ndearna an tÚdarás meastóireacht air.

(10)

Is leor na forais atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas chun a shuí go bhfuil na hathruithe a iarrtar ar shonraíochtaí tras-reasvaratróil i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosaigh (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1190 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2016 lena n-údaraítear tras-reasvaratról a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 196, 21.7.2016, lch. 53).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/51 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 lena n-údaraítear athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh ‘ tras-reasvaratról’ faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 23, 25.1.2021, lch. 10).

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2016;14(1):4368.


IARSCRÍBHINN

I dTábla 2 (Sonraíochtaí) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le tras-reasvaratról:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

“Tras-reasvaratról

Tuairisc/Sainmhíniú:

Sintéiseach: Criostail atá idir neasbhán agus béas is ea tras-reasvaratról.

Ainm ceimiceach: 5-[(E)-2-(4-hiodrocsaifeinil)eitéinil]beinséin-1,3-dé-ól

Foirmle cheimiceach: C14H12O3

An meáchan móilíneach: 228,25 Da

Uimh. CAS: 501-36-0

Íonacht:

Tras-reasvaratról: ≥ 98 %-99 %

Cion iomlán na bhfotháirgí (substaintí gaolmhara): ≤ 0,5 %

Aon táirge gaolmhar aonair: ≤ 0,1 %

Luaith shulfáitithe: ≤ 0,1 %

Caillteanas de bharr a thriomaithe: ≤ 0,5 %

Miotail throma:

Luaidhe: ≤ 1,0 ppm

Mearcair: ≤ 0,1 ppm

Arsanaic: ≤ 1,0 ppm

Eisíontais:

Dé-iseapróipiolaimín: ≤ 50 mg/kg

Foinse mhiocróbach: Tréithchineál géinmhodhnaithe Saccharomyces cerevisiae

Cuma: Púdar atá idir neasbhán agus beagán buí

Cion tras-reasvaratróil: Íoschion 98 % w/w (de réir an mheáchain thirim)

Luaith: Uaschion 0,5 % w/w

Taisleach: Uaschion 3 % w/w: ”


25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 122/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/673 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2022

lena n-údaraítear próitéin pónairí mung (Vigna radiata) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2015/2283 nach féidir ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 10 Márta 2020, chuir an chuideachta Eat Just, Inc. (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun próitéin pónairí mung a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfear próitéin pónairí mung, ar próitéin í a bhaintear as síolta an phlanda Vigna radiata, i dtáirgí próitéine atá beartaithe don phobal ginearálta, seachas analóga déiríochta agus gealáin deochanna. An chatagóir táirgí próitéine, tagraíonn sí d’analóga próitéine nó d’ionadaigh do tháirgí caighdeánacha, amhail feoil, iasc nó uibheacha.

(4)

An 10 Márta 2020, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún freisin sonraí dílseánaigh le haghaidh roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca lena iarratas a chosaint, eadhon sonraí anailíseacha maidir le haigéad fíteach, leictiní, coscairí tripsine, gliocóisídí cianigineacha agus tainniní (3).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 5 Lúnasa 2020, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht próitéine pónairí mung mar bhia núíosach.

(6)

An 14 Meán Fómhair 2021, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch Safety of mung bean protein as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht próitéine pónairí mung mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] (4), i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim a thug an tÚdarás, chinn sé go bhfuil próitéin pónairí mung sábháilte faoina bhfuil beartaithe i gcoinníollacha úsaide an iarratais. Dá bhrí sin, le tuairim an Údaráis tugtar forais leordhóthanacha chun a shuí go gcomhlíonann próitéin pónairí mung na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, nuair a úsáidtear í mar chomhábhar bia a chuirtear le táirgí próitéine atá beartaithe don phobal ginearálta, seachas analóga déiríochta agus gealáin deochanna.

(8)

Sa tuairim a thug an tÚdarás, ar bhonn na fianaise teoranta atá foilsithe maidir le hailléirgí bia a bhaineann le caitheamh próitéiní pónairí mung agus ar bhonn na fianaise a léiríonn go bhfuil roinnt próitéiní a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach i bpróitéiní pónaire mung, chinn sé go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh seo íogrú a spreagadh. Ós rud é, go dtí seo, gur éideimhin í an fhianaise a nascann caitheamh próitéine pónairí mung go díreach le cásanna d’íogrú príomha, measann an Coimisiún nár cheart a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an acmhainn atá i bpróitéiní pónairí mung íogrú príomha a spreagadh.

(9)

Trí úsáid a bhaint as cur chuige bunaithe ar thromachar na fianaise ar bhonn staidéir theoranta agus aon anailís homalógach amháin ar sheichimh próitéine a rinne an t-iarratasóir idir próitéin pónairí mung agus na próitéiní sin ó phónairí soighe, ó phiseanna talún agus ó lúipíní, ina thuairim mheas an tÚdarás go bhféadfadh caitheamh próitéine pónairí mung frithghníomhuithe ailléirgeacha a spreagadh i ndaoine atá ailléirgeach le pónairí soighe, piseanna talún, lúipíní agus pailin beithe. Mar sin féin, an fhianaise bhreise thurgnamhach nó eipidéimeolaíoch in vivo a mbeadh gá léi de ghnáth chun an dóchúlacht go dtarlódh an tras-imoibríocht fhéideartha shainaitheanta san fhíorshaol a dheimhniú nó a eisiamh, tá easpa fianaise den sórt sin ann. Ós rud é go bhfuil an easpa fianaise sin i gceist, an acmhainn atá i bpróitéiní pónairí mung tras-imoibríocht a spreagadh i bpónairí soighe, piseanna talún, lúipíní agus pailin beithe, measann an Coimisiún faoi láthair nach dócha go mbeidh toradh ar an acmhainn sin i gceist san fhíorshaol agus, dá bhrí sin, nár cheart aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú i ndáil leis sin a áireamh i liosta an Aontais maidir le bianna núíosacha údaraithe.

(10)

Ina thuairim, mheas an tÚdarás nach mbeadh sé in ann teacht ar a chuid conclúidí maidir le sábháilteacht próitéine pónairí mung murach na sonraí anailíseacha dílseánaigh maidir le haigéad fíteach, leictiní, coscairí tripsine, gliocóisídí cianigineacha agus tainniní a chuir an t-iarratasóir isteach.

(11)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar an bhfianaise eolaíoch a soláthraíodh an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach ina sheilbh aige tráth déanta an iarratais. Dá bhrí sin, ní féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh ach oiread.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, maidir leis na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra, sonraí arb ar a mbonn a rinne an tÚdarás sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí agus a tháinig sé ar a chuid conclúidí maidir le sábháilteacht próitéine pónairí mung, agus nárbh fhéidir leis an Údarás measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart don Údarás na sonraí sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, ba cheart cur ar an margadh próitéine pónairí mung laistigh den Aontas a bheith srianta don iarratasóir ar feadh na tréimhse sin.

(13)

Mar sin féin, i dtaca le srianadh údarú próitéine pónairí mung agus na tagartha do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfear cosc leis sin ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Áireofar próitéin pónairí mung, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:

Cuideachta: Eat Just, Inc.;

Seoladh: 2000 Sráid Folsom, San Francisco, CA 94110 SAM,

atá údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí arna gcosaint de bhun Airteagal 2 nó le comhaontú ón iarratasóir tosaigh.

3.   Áireofar leis an iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Na sonraí atá sa chomhad iarratais, sonraí arb ar a mbonn a rinne an tÚdarás próitéin pónairí mung a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, dá bhrí sin comhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283 agus ní úsáidfear iad chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú an iarratasóra.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)   Analytical results Cyanogenic Glycosides (nár foilsíodh)

Sayre_2021 cyanogenic glycosde exec sum (nár foilsíodh)

Analytical results lectins (nár foilsíodh)

CoAs Phytic acid MB flour 5 batches (nár foilsíodh)

CoAs Phytic acid MBP 5 batches (nár foilsíodh)

Analytical results tannins (nár foilsíodh)

CoAs Trypsin Inhibitors MB flour 5 batches (nár foilsíodh)

CoAs Trypsin Inhibitors MBP 5 batches (nár foilsíodh)

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(10):6846


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Próitéin pónairí mung (Vigna radiata)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

Is é ‘próitéin pónairí mung ó Vigna radiata’ ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

 

Údaraithe an 15 Bealtaine 2022. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

Iarratasóir: Eat Just, Inc., 2000 Sráid Folsom, San Francisco, CA 94110 SAM. Is é Eat Just, Inc. amháin atá údaraithe chun próitéin pónairí mung núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Eat Just, Inc..

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 15 Bealtaine 2027.”

Táirgí próitéine

20 g/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

Próitéin pónairí mung (Vigna radiata)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é an bia núíosach púdar próitéine pónairí mung a bhaintear as síolta an phlanda Vigna radiata trí dul trí roinnt céimeanna próiseála agus paistéaradh agus spraethriomú ina dhiaidh sin.

Saintréithe/comhdhéanamh:

Taisleach: ≤ 6 %

Próitéin (meáchan/meáchan)(a): ≥ 84 %

Luaith (meáchan/meáchan): ≤ 6,0 %

Saill (meáchan/meáchan): ≤ 5,5 %

Carbaihiodráit (meáchan/meáchan): ≤ 5,0 trí ríomh

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: < 5 000 CFU/g (b)

Giostaí agus múscáin: < 100 CFU/g

Baictéir dhrólannacha: < 100 CFU/g

Escherichia coli: < 10 CFU/g

Listeria monocytogenes: Nár aimsíodh in 25 g

Salmonella spp.: Nár aimsíodh in 25 g

(a)

meáchan/meáchan: meáchan de réir meáchain.

(b)

CFU: aonaid déanta coilíneachta.”


25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 122/31


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/674 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún (2) d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach a choinsínítear ón Téaváin, ón Indinéis, ó Shrí Lanca agus ó na hOileáin Fhilipíneacha, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, a chumhdach.

(2)

Trí Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 763/2000 (3), díolmhaíodh trí tháirgeoir de chuid na Téaváine, Chup Hsin Enterprise Co. Ltd, Niang Hong Pipe Fittings Co. Ltd, agus Rigid Industries Co. Ltd. ó leathnú na dleachta, mar fuarthas amach nach ndeachaigh na cuideachtaí sin timpeall ar na bearta.

(3)

Mar sin féin, an díolúine ó leathnú na dleachta chun go gcumhdófaí allmhairí d’fheistithe a thairg Chup Hsin Enterprise Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A098) agus Niang Hong Pipe Fittings Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A100), rinneadh í a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 803/2009 ón gComhairle (4).

(4)

Maítear go hearráideach in Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 go bhfuil allmhairí d’fheistithe a thairg Chup Hsin Enterprise Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A098) agus Niang Hong Pipe Fittings Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A100) fós díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála.

(5)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Cur Chun Feidhme 2022/95 a cheartú chun an earráid a luaitear in aithris (4) a cheartú. Ba cheart éifeacht a bheith leis an gceartú sin ó theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Cur Chun Feidhme 2022/95, is é sin 26 Eanáir 2022.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95:

“1.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, leathnaítear í leis seo chun allmhairí de na feistithe céanna a chumhdach (nithe a aicmítear faoi láthair faoi chóid TARIC: 7307931191; 7307931991; 7307998092) a choinsínítear ón Téaváin (cód breise TARIC A999), bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine iad nó ná bíodh, cé is moite de na cinn sin a tháirg Rigid Industries Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A099).”.

Airteagal 2

Ceartóidh údaráis chustaim na mBallstát na dearbhuithe custaim ar glacadh leo ón 26 Eanáir 2022 a raibh tionchar ag Airteagal 1 den Rialachán sin orthu agus baileoidh siad go cúlghabhálach na dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí na bhfeistithe a tháirg Chup Hsin Enterprise Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A098) agus Niang Hong Pipe Fittings Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A100).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach ón 26 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 16, 25.1.2022, lch. 36).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 763/2000 ón gComhairle an 10 Aibreán 2000 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach, dleacht a forchuireadh le Rialachán (CE) Uimh. 584/96 ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, a choinsínítear ón Téaváin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine nó ná bíodh, a chumhdach agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí ó thrí onnmhaireoir de chuid na Téaváine (IO L 94, 14.4.2000, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 803/2009 ón gComhairle an 27 Lúnasa 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téalainne iad, agus na cinn sin a choinsínítear ón Téaváin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine iad nó ná bíodh, agus lena n-aisghairtear an díolúine a deonaíodh do Chup Hsin Enterprise Co. Ltd. agus Nian Hong Pipe Fittings Co. Ltd. (IO L 233, 4.9.2009, lch. 36)


CINNTÍ

25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 122/33


CINNEADH (AE) 2022/675 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród i ndáil le leasuithe áirithe ar Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1) a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“COTIF”) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999.

(2)

De réir Airteagal 6 de COTIF, tá trácht iarnróid idirnáisiúnta agus cead d’ábhar iarnróid sa trácht idirnáisiúnta le rialú le rialacha a liostaítear san Airteagal sin, go háirithe an “Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)”, is é sin Aguisín C a ghabhann le COTIF.

(3)

Le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagtar síos riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, trí thagairt a dhéanamh do RID.

(4)

De bhun Airteagal 13, mír 1, litir d), agus Airteagal 33, mír 5, de COTIF, is léidir leis an gCoiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (“Coiste Saineolaithe RID”) de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“OTIF”) leasuithe a ghlacadh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID.

(5)

Le linn an 57ú seisiún de Choiste Saineolaithe RID an 24 Bealtaine 2022, tá sé chun leasuithe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a chur in oiriúint d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(6)

Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID a leagan síos, ós rud é go mbeidh na leasuithe ar RID ina gceangal ar an Aontas.

(7)

Na leasuithe atá beartaithe, is é is aidhm dóibh a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n-iompartha, á gcur san áireamh.

(8)

Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.

(9)

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chomhaontú ar an leibhéal teicniúil ag an 14ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID an 23 Bealtaine 2022, lena n-áirítear ar bhonn na moltaí ó Chruinniú Comhpháirteach de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, de Choiste Saineolaithe RID agus den Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (“Coiste Saineolaithe RID”) de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“OTIF”) faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999, leagfar amach é mar atá sé san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID comhaontú le mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

A luaithe a ghlacfar na cinntí ó Choiste Saineolaithe RID, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).

(2)  Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

Togra

Doiciméad tagartha

Saincheist

Nótaí

Seasamh an Aontais

1.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/2

Cumhdófar modhanna nua imshrianta le hailíniú idir an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar, a cuireadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957 (ADR) agus RID sa tsamhail tuairisce ar thionóisc

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

2.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/3 agus OTIF/RID/CE/GTP/2021/INF.3

Ailíniú idir ADR agus RID de na ceanglais a bhaineann leis an bhfaisnéis a thaispeántar

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

3.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/4

Comhlaí sábháilteachta a fheistiú le haghaidh gáis leachtaithe inlasta

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

4.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/5

Téacsanna comhdhlúite a ghlac an Cruinniú Comhpháirteach in 2020 agus in 2021 agus a ghlac Buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2020

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal OTIF chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

5.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/6

Ailíniú idir ADR agus RID, i measc nithe eile maidir le dearadh, tógáil agus cigireacht tosaigh agus tástáil a dhéanamh ar bhrúghabhdáin nach brúghabhdáin de chuid na Náisiún Aontaithe iad a dhéantar a dhearadh, a thógtar agus ar a ndéantar tástáil i gcomhréir leis na caighdeáin dá dtagraítear

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

6.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/INF.4

Beart idirthréimhseach i ndáil le 6.8.2.4.6 (nósanna imeachta a úsáideann an t-údarás inniúil le haghaidh formheas saineolaithe, cigireachtaí a dhéanamh a bhaineann le vaigíní umair agus le haghaidh aitheantas frithpháirteach na gcigireachtaí sin)

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

7.

OTIF/RID/CE/GTP/2021/INF.11

Tograí maidir leis an mbealach Caibidil 6.8 RID a choigeartú chun umar-choimeádáin rímhóra a mheas

Comhthoil theicniúil ag buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID chun an téacs leasaithe a ghlacadh

Glactar leis

Tá gach doiciméad thuas le fáil ar shuíomh gréasáin OTIF (http://otif.org/en/?page_id=1119) agus tuigfear gurb é a bheidh iontu na leasuithe a pléadh i mbuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID i mí na Samhna 2021 agus léirítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le doiciméad OTIF/RID/CE/GTP/2021-A (Tuarascáil Chríochnaitheach an 13ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID — An Ghinéiv/hibrideach, an 15 Samhain go dtí an 18 Samhain 2021), atá le fáil freisin ar shuíomh gréasáin OTIF (http://otif.org/en/?page_id=254).