ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 109

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
8 Aibreán 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

6

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh víosaí gearrfhanachta

13

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/564 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais

14

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/565 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2022 maidir le hullmhóid 3-níotrocsaprópánóil a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh ba déiríochta agus ba lena n-atáirgeadh (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú san Aontas ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.) ( 1 )

32

 

*

Rialachán (AE) 2022/566 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh flúitiainile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe ( 1 )

35

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/567 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta a ghlacadh

48

 

*

Cinneadh (AE) 2022/568 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghlacadh

52

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/569 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA san Iodáil

58

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/570 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha san Iodáil

60

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/571 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle san Iodáil

62

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/572 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig

64

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/573 ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/538 mar thaca le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

66

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/574 ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

67

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/575 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 maidir le bearta éigeandála chun cosc a chur ar ghalar crúb agus béil a thabhairt isteach san Aontas trí choinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí ó thríú tíortha nó ó thríú críocha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2208 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)2078)  ( 1 )

69

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2) pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013 ( IO L 466, 29.12.2021 )

73

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh ( IO L 60, 28.2.2022 )

74

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine ( IO L 61, 28.2.2022 )

75

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/1


RIALACHÁN (AE) 2022/562 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá athrú ó bhonn tagtha ar staid slándála na hEorpa mar gheall ar an bhfogha míleata a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin le déanaí agus mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha atá ar siúl faoi láthair. Mar thoradh ar an bhfogha míleata sin, tá rabharta mór daoine ag teacht isteach san Aontas, agus go háirithe sna réigiúin in oirthear an Aontais. Is dúshlán breise é sin tráth a bhfuil geilleagair na mBallstát fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID-19.

(2)

Tá na Ballstáit in ann raon leathan infheistíochtaí a mhaoiniú cheana féin faoina gcláir beartais chomhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), lena n-áirítear faoi na hacmhainní breise a sholáthraítear mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar. Is féidir leis na gníomhaíochtaí infheistíochtaí a chumhdach i réimsí an chuimsithe shóisialta, na sláinte, an oideachais, na fostaíochta, na tithíochta agus an chúraim leanaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar, trí limistéir dhíothacha uirbeacha a athghiniúint, agus trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh chun leithlisiú spásúil agus oideachais imirceach a laghdú, agus gnólachtaí nuathionscanta. Féadfaidh na Ballstáit na hacmhainní atá fágtha a atreorú laistigh dá gcláir chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce den sórt sin. Ina theannta sin, is féidir an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (“FEAD”) a úsáid freisin chun bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar do dhaoine, lena n-áirítear náisiúnaigh tríú tír, a ndearna foghamíleata Chónaidhm na Rúise difear dóibh.

(3)

Cé go dtairbhíonn na hacmhainní breise a sholáthraítear faoi REACT-EU de roinnt solúbthachtaí ina socruithe cur chun feidhme cheana féin, is gá úsáid níos solúbtha a bhaint as acmhainní CFRE, CSE agus FEAD ó chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Agus a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar an bhfogha míleata a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin„ ba cheart caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin sin a bheith incháilithe ón dáta a tosaíodh an fogha míleata sin. Thairis sin, ba cheart solúbthacht maidir leis an gcaoi ar féidir CFRE agus CSE a úsáid a mhéadú le haghaidh oibríochtaí den sórt sin ionas gur féidir an cistiú atá ar fáil sna cláir a úsáid go tapa, ar choinníoll go bhfuil an oibríocht lena mbaineann i gcomhréir leis an gclár oibríochtúil arna leasú i gcás inar gá. Ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith sa bhreis ar na féidearthachtaí maidir le maoiniú comhlántach na n-oibríochtaí dá bhforáiltear cheana. Ba cheart socruithe tuairiscithe simplithe maidir leis na sonraí ar rannpháirtithe sna hoibríochtaí sin a thabhairt isteach freisin.

(4)

Chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine a ndéantar difear dóibh tairbhiú den chúnamh faoi FEAD gan mhoill, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit gnéithe áirithe de na cláir oibríochtúla a fhaigheann tacaíocht ó FEAD a leasú, gan a cheangal orthu cinneadh ón gCoimisiún a ghlacadh.

(5)

Ba cheart an tacaíocht a sholáthraítear faoin mbeartas comhtháthaithe a bheith comhlántach, go háirithe le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht chun tionchar an chistithe atá ar fáil a uasmhéadú.

(6)

Tá iarmhairtí phaindéim COVID-19tar éis dul i bhfeidhm ar na Ballstáit ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Chuir tionchar foriomlán na paindéime sin brú an-ard ar bhuiséid na mBallstát i ngeall ar an ardú tobann agus suntasach ar na hinfheistíochtaí poiblí a bhí de dhíth i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagair. Chuir sé an tacaíocht a sholáthraítear do na daoine is díothaí i mbaol freisin. Chruthaigh sé sin staid eisceachtúil nár mhór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha.

(7)

Chun freagairt a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19, rinneadh Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 (3) agus (AE) Uimh. 1303/2013 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú le Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun níos mó solúbthachta a thabhairt maidir le cur chun feidhme na gclár oibríochtúil a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE agus ón gCiste Comhtháthaithe (“na Cistí”) agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Mar sin féin, de réir mar a chuaighéifeachtaí tromchúiseacha diúltacha na géarchéime sin ar gheilleagair agus ar shochaithe an Aontais in olcas, leasaíodh an dá Rialachán sin arís, le Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Ina theannta sin, chun freagairt a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar na daoine is díothaí, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a leasú le Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) chun bearta sonracha le haghaidh FEAD a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19. Leis na leasuithe sin, soláthraíodh solúbthacht bhreise eisceachtúil chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit díriú ar an bhfreagairt is gá ar an ngéarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí fheabhas a chur ar an bhféidearthacht tacaíocht as na Cistí nach bhfuiltear á húsáid a shlógadh agus trí cheanglais nós imeachta a shimpliú, ar ceanglais iad atá nasctha le cur chun feidhme na gclár chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le freagairt thapa a thabhairt ar an ngéarchéim sin. Le leasú ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), soláthraíodh acmhainní breise suntasacha mar chuid de REACT-EU chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar.

Mar chuid den phacáiste céanna, rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú freisin le Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), chun go bhféadfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a shlógadh chuig na daoine is díothaí i gcomhthéacs chur chun feidhme FEAD.

(8)

Cé gur chuidigh na solúbthachtaí agus na hacmhainní breise dá bhforáiltear i leith na clárthréimhse 2014-2020 leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí freagairt ar an ngéarchéim agus téarnamh ón ngéarchéim, d’imir teacht chun cinn athraitheach nua den choróinvíreas, go háirithe athraitheach Omicron, agus an géarú forleathan ar shrianta sa ráithe dheiridh de 2021 éifeachtaí tromchúiseacha diúltacha ar gheilleagair agus ar shochaithe na mBallstát agus chuir siad isteach ar ghnáthchur chun feidhme na gclár beartais chomhtháthaithe agus na gclár a fhaigheann tacaíocht ó FEAD. Tá na héifeachtaí sin níos measa mar gheall ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise le déanaí agus mar gheall ar na sreabha imirce a d’eascair as an bhfogha, agus d’fhéadfaidís tuilleadh dochair a dhéanamh do théarnamh gheilleagar an Aontais. I gcomhréir leis an bhféidearthacht dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/558, is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le síneadh eisceachtúil a chur le ceann de na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán sin, eadhon an rogha i dtaca le cur i bhfeidhm ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2020-/2021 a shíneadh go dtí an bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin.

(9)

D’fhonn an t-ualach ar bhuiséid phoiblí atá ag eascairt ón ngá atá le freagairt ar an ngéarchéim a mhaolú, d’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme na gclár agus d’fhonn na hinfheistíochtaí is gá a chumasú le haghaidh théarnamh na réigiún, ba cheart an deis eisceachtúil a thabhairt do na Ballstáit ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó FEAD le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021/2022 freisin.

(10)

Chun uasteorainneacha íocaíochta an chreata airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2022 agus 2023 a chomhlíonadh, ba cheart uasteorainn a bhunú le haghaidh na mblianta sin i gcás íocaíochtaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % faoi CFRE, faoin gCiste Comhtháthaithe nó faoi CSE. Íocaíochtaí nach féidir a dhéanamh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na n-uasteorainneacha sin, ba cheart don Choimisiún iad a íoc a luaithe is féidir faoi réir infhaighteacht an chistithe, trí na cuntais a ghlacadh nó trí íocaíochtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin. Níor cheart d’íocaíochtaí iarchurtha den sórt sin difear a dhéanamh do ghlacadh na gcuntas ná níor cheart aon éifeacht eile a bheith acu.

(11)

Agus é á chur san áireamh nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % difear suntasach d’ábhar na gclár oibríochtúil féin, is iomchuí cur chun feidhme tapa an ráta a cheadú gan gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar leasú na mBallstát ar tháblaí airgeadais an chláir oibríochtúil. Mar sin féin, ba cheart don Bhallstát fógra a thabhairt maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta. Is féidir leasuithe iarmhartacha féideartha, lena n-áirítear luachanna na dtáscairí, a dhéanamh mar chuid de leasú ar chlár tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon bearta solúbthachta a thabhairt isteach sa réimse a bhaineann le tacaíocht ó na Cistí a sholáthar, agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir.

(14)

I bhfianaise a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise le déanaí agus mar thoradh ar an ngéarchéim leanúnach sláinte phoiblí a eascraíonn as paindéim COVID-19, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(15)

I bhfianaise an ghá cead a thabhairt do na Ballstáit a gcláir a leasú in am chun tairbhiú de chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 25a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar Airteagal 60(1) agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(3), féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir le caiteachas a dhearbhófar in iarratais ar íocaíocht le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 le haghaidh ais tosaíochta amháin nó níos mó i gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe.

De mhaolú ar Airteagal 30(1) agus Airteagal 30(2) agus Airteagal 96(10), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe tar éis don choiste faireacháin iad a fhormheas. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022 i gcomhréir le hAirteagal 135(2).

Ní rachaidh na híocaíochtaí breise iomlána a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % thar EUR 5 bhilliún in 2022 agus EUR 1 bhilliún in 2023.

Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha tríd an ráta cómhaoinithe is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir leis na haiseanna tosaíochta lena mbaineann roimh an bhfógra dá dtagraítear sa dara fomhír. De mhaolú ar Airteagal 135(5), íocfaidh an Coimisiún na méideanna breise a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe 100 % tar éis gach iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta 2021-2022 a fháil, i gcás inar gá ar bhonn pro-rata chun na huasteorainneacha a leagtar amach sa tríú fomhír a urramú.

De mhaolú ar Airteagal 139(7), chun na huasteorainneacha a leagtar amach sa tríú fomhír a urramú, na méideanna eile a eascraíonn as cur i bhfeidhm an ráta chómhaoinithe 100 %, nach féidir a íoc tar éis na cuntais a ghlacadh, déanfar iad a íoc in 2024 nó ina dhiaidh sin.”;

(2)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 65(10):

“De mhaolú ar mhír 9, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.”;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 98:

“4.   Féadfaidh CFRE nó CSE oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise a mhaoiniú ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir leis an gCiste eile.

I gcásanna den sórt sin, déanfar na hoibríochtaí sin a chlársceidealú faoi ais tosaíochta thiomnaithe den Chiste eile sin lena rannchuideofar leis na tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha.

I gcás ina bhfuil gá le sonraí maidir leis na rannpháirtithe a thuairisciú le haghaidh oibríochtaí faoin ais tosaíochta thiomnaithe dá dtagraítear sa dara fomhír, beidh na sonraí sin bunaithe ar mheastacháin fheasacha agus beidh siad teoranta do líon iomlán na ndaoine a fhaigheann tacaíocht agus do líon na leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 9(4):

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír freisin chun gnéithe de chlár oibríochtúil lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise a mhodhnú.”

(2)

in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1b.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht le linn na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022.

De mhaolú ar Airteagal 9(1), (2) agus (3), ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar leasú ar chlár chun an ráta cómhaoinithe 100 % a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe, dá dtagraítear i Roinn 5.1 de na teimpléid do chláir oibríochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe 100 % ach amháin má thugtar fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais sula gcuirfear isteach an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach le haghaidh na bliana cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2022, i gcomhréir le hAirteagal 45(2).”;

(3)

cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 22(4):

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Tuairim an 23 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Coiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíocha um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) (IO L 99, 31.3.2020, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le ráig COVID-19 (IO L 130, 24.4.2020, lch. 7).

(9)  Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagair (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).

(10)  Rialachán (AE) 2021/177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a bhaineann le ráig COVID-19 (IO L 53, 16.2.2021, lch. 1).


CINNTÍ

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/6


CINNEADH (AE) 2022/563 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leantar den chaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus Poblacht na Moldóive (“an Mholdóiv”) a fhorbairt faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tháinig an Mholdóiv isteach i gComhpháirtíocht an Oirthir in 2009, agus ina dhiaidh tháinig caibidlíocht i ndáil leisan gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Comhlachais”). Síníodh an Comhaontú Comhlachais, lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a thabhairt isteach de réir a chéile (DCFTA), an 27 Meitheamh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

Tá geilleagar na Moldóive buailte go mór ag an gcúlú eacnamaíochta in 2020, arbh é paindéim COVID-19 ba chúis leis, ag an tsáinn fhada pholaitiúil sa tír tar éis na dtoghchán uachtaránachta i mí na Samhna 2020, agus ag an ngéarchéim fuinnimh a tharla le déanaí. Chuir na himthosca sin leis an mbearna maoiniúcháin réasúnta mór sa Mholdóiv, lena seasamh seachtrach atá ag dul in olcas, agus leis na riachtanais fhioscacha atá ag dul i méid.

(3)

Tar éis na dtoghchán páirliminteach i mí Iúil 2021, tá tiomantas láidir d’athchóirithe breise a chur i bhfeidhm léirithe ag rialtas nua na Moldóive, le clár uaillmhianach dar teideal “Moldova in good times 2021-2025” [“An Mholdóiv in aimsir an ratha 2021-2025”]. Sa chlár sin, dírítear ar phríomhréimsí beartais lena n-áirítear athchóirithe ar earnáil an cheartais, an comhrac i gcoinne an éillithe, dea-rialachas agus an smacht reachta.

(4)

Mar thoradh ar thiomantas athnuaite chun athchóirithe den sórt sin a dhéanamh agus ar thoil láidir pholaitiúil, chuir údaráis na Moldóive dlús suntasach le cur chun feidhme na n-athchóirithe. Leis sin, cuireadh ar chumas na Moldóive an oibríocht maidir le cúnamh macrairgeadais i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 a thabhairt chun críche go rathúil freisin de bhun Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ós rud é gur comhlíonadh na gníomhaíochtaí uile um athchóiriú a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana, cé is moite de ghníomhaíocht amháin, maidir le haisghabháil sócmhainní, ar deonaíodh tarscaoileadh ina leith. Chuige sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le coiste ionadaithe na mBallstát, agus ní dhearnadh aon agóid.

(5)

Tar éis don teip ar ghlacadh chlár nua an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), a caibidlíodh in 2020, tá aghaidh as an nua tugtha ag CAI ar an Moldóiv tar éis na dtoghchán páirliminteach i mí Iúil 2021 agus tháinig sé ar chomhaontú ar leibhéal na foirne maidir le clár faoin Saoráid Chreidmheasa Shínte agus faoin Saoráid Chiste Shínte do mhéid USD 564 mhilliún. Glacadh an clár nua le cinneadh ó Bhord Feidhmiúcháin CAI an 20 Nollaig 2021. Is é is aidhm don chlár sin téarnamh eacnamaíoch na Moldóive a chothú, clár oibre uaillmhianach maidir le rialachas agus athchóiriú institiúideach a sheoladh, trédhearcacht agus cuntasacht a neartú, intuarthacht beartais phoiblí a fheabhsú, institiúidí airgeadais a neartú agus dírialáil a chothú.

(6)

I bhfianaise na staide eacnamaíche agus an ionchais eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas, d’iarr an Mholdóiv cúnamh macrairgeadais comhlántach ar an Aontas i mí na Samhna 2021.

(7)

Ba é EUR 518,15 milliún leithdháileadh táscach an Aontais don Mholdóiv faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht do thréimhse 2014-2020, lena n-áirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sainaithníodh i gcreataí tacaíochta aonair le do thréimhsí 2014-2017 agus 2017-2020 an earnáil tosaíochta le haghaidh comhair leis an Moldóiv arna maoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse bhuiséadach roimhe sin. Leagfar amach sa Chlár Táscach Ilbhliantúil nua tosaíochtaí don tréimhse 2021-2027, clár a ullmhaíodh i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir.

(8)

Ós rud é gur tír í an Mholdóiv a chumhdaítear faoi BCE, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(9)

Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú íocaíochtaí an tairbhí a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(10)

I bhfianaise go bhfuil bearna iarmharach shuntasach fós sa mhaoiniú seachtrach a mhéid a bhaineann le comhordú íocaíochtaí na Moldóive, ar bearna í atá go mór os cionn na n-acmhainní a sholáthraítear le CAI agus le hinstitiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Moldóive ar thacaíocht dá cobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá i gcúnamh macrairgeadais an Aontais don Mholdóiv. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na Moldóive, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(11)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Mholdóiv, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(12)

Táthar ag súil go mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda, arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(13)

Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Moldóiv, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánófar le cúnamh macrairgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile sa Mholdóiv agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(14)

Agus riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh na Moldóive á gcur san áireamh, mar aon le leibhéal forbartha eacnamaíche na Moldóive arna thomhas de réir cóimheasa ioncaim per capita agus bochtaineachta, a cumas í féin a mhaoiniú lena hacmhainní dílse agus go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, agus an measúnú ar a hanailís ar inbhuanaitheacht fiachais a aisíoc maidir lena cumas fiachas a aisíoc, ba cheart cuid den chúnamh a chur ar fáil i bhfoirm deontas.

(15)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cúnamh macrairgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus leis na príomhbhearta a glacadh i leith na réimsí sin, agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(16)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Moldóiv. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile le linn oibríocht an chúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(17)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a thacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Moldóiv luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urraim do chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(18)

Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a dheonú don Mholdóiv, nach mór don Mholdóiv sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Ina theannta sin, le cuspóirí sonracha chúnamh macrairgeadais an Aontais ba cheart éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a neartú mar aon le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht rialachas agus mhaoirseacht a na hearnála airgeadais sa Mholdóiv a neartú, agus leis na cuspóirí sin ba cheart athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú cuibhiúil post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún agus do SEGS faireachán a dhéanamh go rialta ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin araon.

(19)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha lena chúnamh mhacrairgeadais, ba cheart don Mholdóiv bearta iomchuí a ghlacadh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh sin a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh don Choimisiún seiceálacha a dhéanamh, don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chuid inniúlachta a fheidhmiú.

(20)

Ní dochar eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(21)

Maidir le méideanna an chúnaimh macrairgeadais de chuid an Aontais a sholáthraítear i bhfoirm deontas agus leis na méideanna den soláthar a éilítear le haghaidh cúnamh macrairgeadais i bhfoirm iasachtaí, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(22)

Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macrairgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gcúnamh sin, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(24)

Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan amach i meabhrán tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Moldóive faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais atá an tAontas a thabhairt don Mholdóiv, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an mheabhráin tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh sin a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais de EUR 150 milliún ar a mhéid a chur ar fáil don Mholdóiv (“cúnamh macrairgeadais an Aontais”), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár substainteach um athchóiriú na Moldóive. Den uasmhéid sin, déanfar suas le EUR 120 milliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 30 milliún i bhfoirm deontas. Beidh fuascailt chúnamh macrairgeadais an Aontais faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Beidh an cúnamh sin ina chabhair chun riachtanais chomhordú íocaíochtaí na Moldóive a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.

2.   Chun an chomhchuid iasachta de chúnamh macrairgeadais an Aontais a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún thar ceann an Aontais na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar iasacht don Mholdóiv. Is é 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

3.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a n-eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí arna dtabhairt i gcrích idir CAI agus an Mholdóiv, agus de réir phríomhphrionsabail agus phríomhchuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha arna leagan síos sa Chomhaontú Comhlachais, lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, arna chomhaontú faoi BCE.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.   Déanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an mheabhráin tuisceanna dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na Moldóive i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.   Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thabhairt don Mholdóiv nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais a thabharfaidh an tAontas.

3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (6).

Airteagal 3

1.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na Moldóive, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus an bheartais eacnamaíoch, a mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais faoina réir. Leagfar na coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch sin amach i meabhrán tuisceana ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch sin comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Moldóiv le tacaíocht ó CAI.

2.   Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.   Déanfar téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macrairgeadais an Aontais a leagan síos i gcomhaontú iasachta agus i gcomhaontú deontais a bheidh le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na Moldóive.

4.   Fíoróidh an Coimisiún go rialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na Moldóive i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais. Chun críocha an fhíoraithe sin, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil i dtrí thráthchuid, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa mheabhrán tuisceana.

2.   I gcás inar gá, soláthrófar méideanna chúnamh macrairgeadais an Aontais arna gcur ar fáil i bhfoirm iasachtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

(b)

teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é;

(c)

na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa mheabhrán tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

4.   Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc. Ní dhéanfar an tríú tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an dara tráthchuid a eisíoc.

5.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

6.   Is le Banc Náisiúnta na Moldóive a eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a chomhaontófar agus a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Moldóive ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.   Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhaineann leis an gcomhchuid iasachta de chúnamh macrairgeadais an Aontais, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu, agus ní bheidh aon bhaint ag an Aontas leis an gclaochlú aibíochta, ná ní chuirfidh siad an tAontas i mbaol aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, ná aon riosca tráchtála eile.

2.   I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an Mholdóiv amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áireofar clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.

3.   I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Mholdóiv amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.   Gach costas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo, is í an Mholdóiv a sheasfaidh iad.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

Airteagal 6

1.   Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

2.   Is faoi bhainistiú díreach a dhéanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme.

3.   Beidh na forálacha uile a leanas sa chomhaontú iasachta agus sa chomhaontú deontais a chomhaontófar le húdaráis na Moldóive:

(a)

forálacha lena n-áirithítear go ndearbhóidh an Mholdóiv go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)

forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (8) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (9) ón gComhairle, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11) freisin;

(c)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití;

(d)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(e)

forálacha lena n-údaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(f)

forálacha lena n-údarófar go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht a dhéanamh ar an iasacht nó lán-aisíocaíocht a dhéanamh ar an deontas sa chás go mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú chúnamh macrairgeadais an Aontais, go raibh an Mholdóiv ag gabháil d’aon ghníomh calaoise nó éillithe nó d’aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

(g)

forálacha lena n-áirithítear gurb í an Mholdóiv a sheasfaidh aon chostas a thabhóidh an tAontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

4.   Sula gcuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na Moldóive, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

déanfar staid agus ionchais eacnamaíocha na Moldóive a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn a bheidh déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

(c)

sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar amach sa mheabhrán tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na Moldóive agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc thráthchodanna chúnamh macrairgeadais an Aontais.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.

(2)  IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31).

(4)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/13


Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh víosaí gearrfhanachta

Tiocfaidh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Barbadós lena leasaítear an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Barbadós maidir leis an tarscaoileadh víosaí i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2022, tar éis don nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chomhaontú a bheith curtha i gcrích an 29 Márta 2022.


RIALACHÁIN

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/14


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/564 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (1), agus go háirithe Airteagal 3(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 bunaítear creat chun tionscadail leasa choitinn a shainaithint, a phleanáil agus a chur chun feidhme, ar tionscadail iad atá de dhíth chun na naoi gconair thosaíochta straitéiseacha maidir le bonneagar geografach fuinnimh a shainaithnítear i réimsí an leictreachais, an gháis agus na hola a chur chun feidhme, agus chun na trí réimse tosaíochta bonneagair fuinnimh uile-Aontais le haghaidh eangacha cliste, mórbhealaí leictreachais agus gréasáin iompartha dé-ocsaíde carbóin a chur chun feidhme.

(2)

Bunaítear liosta na dtionscadal leasa choitinn gach 2 bhliain. In 2019 a bunaíodh an liosta is déanaí agus tháinig sé i bhfeidhm in 2020. Dá bhrí sin, is gá é a ionadú.

(3)

Rinne na grúpaí réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 measúnú ar thionscadail atá beartaithe lena gcur ar liosta an Aontais agus dheimhnigh siad go gcomhlíontar leo na critéir a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin.

(4)

Chomhaontaigh na grúpaí réigiúnacha na dréachtliostaí réigiúnacha de thionscadail leasa choitinn ag cruinnithe ar an leibhéal teicniúil. Chomhaontaigh an Grúpa Réigiúnach um ola gan dréachtliosta de thionscadail ola a chur ar aghaidh lena gcuimsiú i liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais i bhfianaise spriocanna aeráide an Aontais agus i bhfianaise an chuspóra maidir le neodracht ó thaobh carbóin de. Tar éis na dtuairimí ón nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (“ACER”) an 27 Deireadh Fómhair maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar measúnaithe agus an mheasúnaithe costais is tairbhe ar fud na réigiún, ghlac comhlachtaí cinnteoireachta na ngrúpaí réigiúnacha na liostaí réigiúnacha an 9 Samhain. De bhun Airteagal 3(3) pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, sular glacadh na liostaí réigiúnacha, d’fhormheas na Ballstáit na tionscadail uile a bhí beartaithe agus a bhain lena gcríoch.

(5)

Chuathas i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear táirgeoirí, oibreoirí córas dáileacháin, soláthróirí, agus eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí agus comhshaoil maidir leis na tionscadail atá beartaithe a chur ar liosta an Aontais.

(6)

Ba cheart tionscadail leasa choitinn a liostú de réir tosaíochtaí bonneagair fuinnimh straitéiseacha tras-Eorpacha san ord a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

(7)

Ba cheart tionscadail leasa choitinn a liostú mar thionscadail neamhspleácha leasa choitinn nó mar chuid de bhraisle de roinnt tionscadail leasa choitinn toisc iad a bheith idirspleách nó toisc (go mb’fhéidir) go mbeadh siad in iomaíocht le chéile.

(8)

Tá tionscadail ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt ar liosta an Aontais, lena n-áirítear réamh-indéantacht, indéantacht, deonú ceadanna agus tógáil. I gcás tionscadail leasa choitinn ag céim luathfhorbartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le staidéir chun inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch agus comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a léiriú, lena n-áirítear reachtaíocht chomhshaoil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tionchair dhiúltacha fhéideartha ar an gcomhshaol a shainaithint, a mheasúnú agus a sheachaint nó a mhaolú go leormhaith.

(9)

Tá cuimsiú tionscadal ar liosta an Aontais gan dochar do thoradh an mheasúnaithe ábhartha comhshaoil agus an nós imeachta um chead.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 115, 25.4.2013, lch. 39.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013:

“IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA TIONSCADAL LEASA CHOITINN AN AONTAIS (“LIOSTA AN AONTAIS”),

dá dtagraítear in Airteagal 3(4)

A.   PRIONSABAIL A CHUIRTEAR I BHFEIDHM AGUS LIOSTA AN AONTAIS Á BHUNÚ

(1)   Braislí tionscadal leasa choitinn

Tá roinnt tionscadail leasa choitinn mar chuid de bhraisle toisc go bhfuil siad idirspleách, go bhféadfadh siad a bheith in iomaíocht le chéile nó go bhfuil siad in iomaíocht le chéile. Leagtar síos na cineálacha braislí tionscadal leasa choitinn seo a leanas:

a)

mar seo a shainítear braisle tionscadal leasa choitinn idirspleách“Braisle X, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:”. Bunaíodh braisle den sórt sin chun tionscadail leasa choitinn a shainaithint ar tionscadail iad a bhfuil gá leo go léir chun aghaidh a thabhairt ar an scrogall céanna thar theorainneacha tíre agus chun sineirgí a sholáthar ach iad a chur chun feidhme le chéile. Sa chás sin, ní mór na tionscadail leasa choitinn uile a chur chun feidhme chun na tairbhí uile-Aontais a bhaint amach;

b)

mar seo a shainítear braisle tionscadal leasa choitinn a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le chéile“Braisle X, lena n-áirítear tionscadal amháin nó níos mó de na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:”. Le braisle den sórt sin léirítear éiginnteacht maidir le méid an scrogaill thar theorainneacha tíre. Sa chás sin, ní gá na tionscadail leasa choitinn uile a áirítear sa bhraisle a chur chun feidhme. Fágtar faoin margadh cinneadh a dhéanamh an bhfuil tionscadal amháin, roinnt tionscadal nó gach tionscadal leasa choitinn le cur chun feidhme, faoi réir formheas pleanála, ceada agus rialála is gá. Déanfar athmheasúnú ar an ngá atá le tionscadail leasa choitinn, lena n-áirítear maidir leis na riachtanais acmhainne, i bpróiseas sainaitheanta tionscadal leasa choitinn ina dhiaidh sin; agus

c)

mar seo a shainítear braisle tionscadal leasa choitinn atá in iomaíocht le chéile“Braisle X, lena n-áirítear tionscadal amháin nó níos mó de na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:”. Tugtar aghaidh ar an scrogall céanna le braisle den sórt sin. Mar sin féin, is cinnte méid an scrogaill ná i gcás braisle tionscadal leasa choitinn a d’fhéadfadh a bheith in iomaíocht le chéile, agus dá bhrí sin ní gá ach an t-aon tionscadal leasa choitinn amháin a chur chun feidhme. Fágtar faoin margadh cinneadh a dhéanamh cén tionscadal leasa choitinn atá le cur chun feidhme, faoi réir formheas pleanála, ceada agus rialála is gá. I gcás inar gá, déanfar athmheasúnú ar an ngá atá le tionscadail leasa choitinn i bpróiseas sainaitheanta tionscadal leasa choitinn ina dhiaidh sin.

Tá gach tionscadal leasa choitinn faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí céanna arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

(2)   I gcás fostáisiún agus stáisiúin chomhbhrú

Meastar fostáisiúin agus stáisiúin tiontaithe leictreachais agus stáisiúin comhbhrúite gáis a bheith ina gcodanna de thionscadail leasa choitinn má tá suíomh geografach acu ar línte tarchuir. Meastar gur tionscadail leasa choitinn neamhspleácha iad fostáisiúin, stáisiúin tiontaithe leictreachais agus stáisiúin chomhbhrú agus liostaítear go sainráite ar liosta an Aontais iad más difriúil a suíomh geografach le línte tarchuir. Tá siad faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.

(3)   Tionscadail a meastar nach tionscadail leasa choitinn a thuilleadh iad agus tionscadail dá ndearnadh cuid de thionscadail leasa choitinn eile

a)

Meastar nach tionscadail leasa choitinn a thuilleadh iad roinnt tionscadal atá ar liosta an Aontais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1391/2013, Rialachán (AE) 2016/89, Rialachán (AE) 2018/540 agus Rialachán (AE) 2020/389 ar cheann amháin nó ar bhreis agus ceann amháin de na cúiseanna seo a leanas:

gur coimisiúnaíodh an tionscadal cheana féin nó go gcoimisiúnófar é faoi mhí an Mhárta 2022 agus mar sin de nach rachadh forálacha Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 chun tairbhe dó;

nach gcomhlíontar na critéir ghinearálta leis an tionscadal de réir sonraí nua;

nach ndearna tionscnóir an tionscadal a chur isteach arís sa phróiseas roghnúcháin le haghaidh liosta seo an Aontais;

nár thug Ballstát, a mbaineann an tionscadal lena críoch, a fhormheas; nó

gurb ísle a rangaíodh an tionscadal ná tionscadail leasa choitinn eile is iarrthóirí sa phróiseas roghnúcháin.

Féadfar na tionscadail sin (ach amháin na tionscadail a coimisiúnaíodh nó atá le coimisiúnú faoi mhí an Mhárta 2022) a mheas lena gcuimsiú sa chéad liosta eile de chuid an Aontais más rud é nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna gan iad a chuimsiú i liosta reatha an Aontais.

Ní tionscadail leasa choitinn iad tionscadail den sórt sin, ach liostaítear iad ar chúiseanna trédhearcachta agus soiléireachta maille lena mbunuimhreacha tionscadail leasa choitinn in Iarscríbhinn VII(C) mar “Tionscadail a meastar nach tionscadail leasa choitinn a thuilleadh iad”.

b)

Ina theannta sin, le linn a bpróiseas cur chun feidhme, rinneadh codanna lárnacha de thionscadail/de bhraislí tionscadal leasa choitinn eile de roinnt tionscadal a áirítear i liostaí an Aontais a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1391/2013 agus Rialachán (AE) 2016/89.

Meastar nach tionscadail leasa choitinn neamhspleácha a thuilleadh iad tionscadail den sórt sin, ach liostaítear iad ar chúiseanna trédhearcachta agus soiléireachta maille lena mbunuimhreacha tionscadail leasa choitinn in Iarscríbhinn VII(C) mar “Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn”.

B.   LIOSTA TIONSCADAL LEASA CHOITINN AN AONTAIS

(1)   Conaire Tosaíochta - Eangach Amach ón gCósta sna Mara Thuaidh (“NSOG”)

Uimh.

Sainmhíniú

1.6

Idirnasc idir an Fhrainc agus Éire idir La Martyre (FR) agus an tOileán Mór nó Cnoc Rátha (IE) [ar a dtugtar “Celtic Interconnector” faoi láthair]

1.19

Mol amháin nó níos mó sa Mhuir Thuaidh ag a bhfuil idirnascairí le tíortha i dteorainn leis an Muir Thuaidh (an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ísiltír) [ar a dtugtar “North Sea Wind Power Hub” faoi láthair]

1.21

Stóráil le haer comhbhrúite Green Hydrogen Hub (DK)

(2)   Conaire Tosaíochta - Idirnaisc Leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“ITT Leictreachas an Iarthair”)

Uimh.

Sainmhíniú

2.4

Idirnasc idir Codrongianos (IT), Lucciana (an Chorsaic, FR) agus Suvereto (IT) [ar a dtugtar “SACOI 3” faoi láthair]

2.7

Idirnasc idir an Acatáin (FR) agus Tír na mBascach (ES) [ar a dtugtar “Biscay Gulf” faoi láthair]

2.9

Líne inmheánach idir Osterath agus Philippsburg (DE) chun an acmhainneacht ag na teorannacha thiar a mhéadú [ar a dtugtar “Ultranet” faoi láthair]

2.10

Líne inmheánach idir Brunsbüttel/Wilster agus Grοβgartach/Bergrheinfeld-West (DE) chun an acmhainneacht ag na teorannacha thuaidh agus theas a mhéadú [ar a dtugtar “Suedlink” faoi láthair]

2.14

Idirnasc idir Thusis/Sils (CH) agus Verderio Inferiore (IT) [ar a dtugtar “Greenconnector” faoi láthair]

2.16

Braisle línte inmheánacha sa Phortaingéil, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

2.16.1

Líne inmheánach idir Pedralva agus Sobrado (PT), a bhí ainmnithe tráth Pedralva agus Alfena (PT)

2.16.3

Líne inmheánach idir Vieira do Minho, Ribeira de Pena agus Feira (PT), a bhí ainmnithe tráth Frades B, Ribeira de Pena agus Feira (PT)

2.17

Idirnasc idir an Phortaingéil agus an Spáinn idir Beariz — Fontefría (ES), Fontefria (ES) — Ponte de Lima (PT) (Vila Fria/Viana do Castelo roimhe sin) agus Ponte de Lima — Vila Nova de Famalicão (PT) (Vila do Conde roimhe sin) (PT), lena n-áirítear fostáisiúin in Beariz (ES), Fontefría (ES) agus Ponte de Lima (PT)

2.18

Méadú ar acmhainn stórála leictreachais hidreaphumpála in Kaunertal, an Tioróil (AT)

2.23

Línte inmheánacha ag teorainn thuaidh na Beilge idir Zandvliet agus Lillo-Liefkenshoek (BE), agus idir Liefkenshoek agus Mercator, lena n-áirítear fostáisiún in Lillo (BE) [ar a dtugtar “BRABO II + III” faoi láthair]

2.27

2.27.1

Idirnasc idir Aragón (ES) agus Atlantic Pyrenees (FR) [ar a dtugtar “Pyrenean crossing 2” faoi láthair]

2.27.2

Idirnasc idir Navarra (ES) agus Landes (FR) [ar a dtugtar “Pyrenean crossing 1” faoi láthair]

2.28

2.28.2

Stóráil leictreachais hidreaphumpála Navaleo (ES)

2.28.5

Íonúchán – Stóráil Fuinnimh Hidrileictrigh Pumpála Velilla del Río Carrión (ES)

2.29

Stáisiún cumhachta hidrileictrí Béal Átha Gabhann (IE)

2.30

Stóráil leictreachais hidreaphumpála Riedl (DE)

2.31

Braisle línte inmheánacha sa Ghearmáin, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

2.31.1

Líne inmheánach idir Emden-Thoir agus Osterath chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin thuaidh go Dúiche na Réine

2.31.2

Línte inmheánacha ó Heide/West go Polsum chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin Thuaidh go Ceantar Ruhr

2.31.3

Línte inmheánacha idir Wilhelmshaven agus Uentrop chun an acmhainneacht a mhéadú ón nGearmáin thuaidh go Ceantar Ruhr

2.32

Idirnasc idir Lonny (FR) agus Gramme (BE)

2.33

Idirnasc idir an tSicil (IT) agus nód na Túinéise (TU) [ar a dtugtar “ELMED” faoi láthair] (Uimh. 3.27 ar an gceathrú liosta tionscadal leasa choitinn)

(3)   Conair Tosaíochta - Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (“ITT leictreachas an Oirthir”)

Uimh.

Sainmhíniú

3.1

Braisle idir an Ostair agus an Ghearmáin, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

3.1.1

Idirnasc idir St. Peter (AT) agus Isar (DE)

3.1.2

Líne inmheánach idir St. Peter agus Tauern (AT)

3.1.4

Líne inmheánach idir Westtirol agus Zell-Ziller (AT)

3.10

Braisle idir Iosrael an Chipir agus an Ghréig [ar a dtugtar “EUROASIA Interconnector” faoi láthair], lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

3.10.1

Idirnasc idir Hadera (IL) agus Kofinou (CY)

3.10.2

Idirnasc idir Kofinou (CY) agus Korakia na Créite (EL)

3.11

Braisle línte inmheánacha sa tSeicia, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

3.11.1

Líne inmheánach idir Vernerov agus Vitkov (CZ)

3.11.2

Líne inmheánach idir Vitkov agus Prestice (CZ)

3.11.3

Líne inmheánach idir Prestice agus Kocin (CZ)

3.11.4

Líne inmheánach idir Kocin agus Mirovka (CZ)

3.12

Líne inmheánach sa Ghearmáin idir Wolmirstedt agus Isarto chun acmhainn tarchurtha inmheánaigh Thuaidh-Theas a mhéadú [ar a dtugtar SuedOstLink faoi láthair]

3.14

Treisiú inmheánach sa Pholainn [cuid den bhraisle ar a dtugtar “GerPol Power Bridge” faoi láthair], lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

3.14.2

Líne inmheánach idir Krajnik agus Baczyna (PL)

3.14.3

Líne inmheánach idir Mikułowa agus Świebodzice (PL)

3.14.4

Líne inmheánach idir Baczyna agus Plewiska (PL)

3.22

Braisle idir an Rómáin agus an tSeirbia [ar a dtugtar “Mid Continental East Corridor” faoi láthair] lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

3.22.1

Idirnasc idir Resita (RO) agus Pancevo (RS)

3.22.2

Líne inmheánach idir Portile de Fier agus Resita (RO)

3.22.3

Líne inmheánach idir Resita agus Timisoara/Sacalaz (RO)

3.22.4

Líne inmheánach idir Arad agus Timisoara/Sacalaz (RO)

 

 

3.24

Stóráil leictreachais hidreaphumpála in Amfilochia (EL)

3.28

Líne inmheánach laistigh den Ostair idir Lienz agus Obersielach

(4)   Conair Thosaíochta - Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh (“Leictreachas PLMBF”)

Uimh.

Sainmhíniú

4.4

4.4.2

Líne inmheánach idir Ekhyddan agus Nybro/Hemsjö (SE)

4.5

4.5.2

Líne inmheánach idir Stanisławów agus Ostrołęka (PL)

4.6

Stóráil leictreachais hidreaphumpála san Eastóin

4.8

Comhtháthú agus sioncronú chóras leictreachais na Stát Baltach leis na gréasáin Eorpacha, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

4.8.1

Idirnasc idir Tartu (EE) agus Valmiera (LV)

4.8.2

Líne inmheánach idir Balti agus Tartu (EE)

4.8.3

Idirnasc idir Tsirguliina (EE) agus Valmiera (LV)

4.8.4

Líne inmheánach idir Viru agus Tsirguliina (EE)

4.8.7

Líne inmheánach idir Paide agus Sindi (EE)

4.8.8

Líne inmheánach idir Vilnias agus an Neris (LT)

4.8.9

Gnéithe breise bonneagair a bhaineann le cur chun feidhme shioncronú chóras na Stát Baltach le líonra mhór-roinn na hEorpa

4.8.10

Idirnasc idir an Liotuáin agus an Pholainn [ar a dtugtar “Harmony Link” faoi láthair]

4.8.13

Fostáisiún nua 330kV Mūša (LT)

4.8.14

Líne inmheánach idir Bitenai agus KHAE (LT)

4.8.15

Fostáisiún nua 330kV Darbėnai (LT)

4.8.16

Líne inmheánach idir Darbenai agus Bitenai (LT)

4.8.18

Líne inmheánach idir Dunowo agus Żydowo Kierzkowo (PL)

4.8.19

Líne inmheánach idir Piła Krzewina agus Żydowo Kierzkowo (PL)

4.8.20

Líne inmheánach idir Krajnik agus Morzyczyn (PL)

4.8.21

Líne inmheánach idir Morzyczyn-Dunowo-Słupsk-Żarnowiec (PL)

4.8.22

Líne inmheánach idir Żarnowiec-Gdańsk/Gdańsk Przyjaźń-Gdańsk Błonia (PL)

4.8.23

Comhdhlúthadáin shioncronacha lena soláthraítear an táimhe, cobhsaíocht voltais, cobhsaíocht minicíochta agus cumhacht ghearrchiorcaid sa Liotuáin, sa Laitvia agus san Eastóin

4.10

Braisle idir an Fhionlainn agus an tSualainn [ar a dtugtar “Third interconnection Finland – Sweden” faoi láthair], lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

4.10.1

Idirnasc idir an Fhionlainn thuaidh agus an tSualainn thuaidh

4.10.2

Líne inmheánach idir Keminmaa agus an Pyhänselkä (FI)

4.11

Idirnasc idir an Laitvia agus an tSualainn bealach Ghotland [ar a dtugtar “LaSGo Link” faoi láthair]

(5)   Conair Thosaíochta - Idirnaisc Gháis Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“ITT Gáis an Iarthair”)

Uimh.

Sainmhíniú

5.19

Málta a nascadh le líonra gáis na hEorpa — idirnasc píblíne leis an Iodáil ag Gela

(6)   Conair Thosaíochta - Idirnaisc Gháis Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (“ITT Gáis an Oirthir”)

Uimh.

Sainmhíniú

6.2

6.2.13

Acmhainn tarchurtha an idirnascaire idir an tSlóvaic agus an Ungáir a fhorbairt agus a fheabhsú

6.8

Braisle forbartha agus feabhsaithe bonneagair lena gcumasaítear Mol Gáis na mBalcán, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

6.8.1

Idirnasc idir an Ghréig agus an Bhulgáir [ar a dtugtar “IGB” faoi láthair] idir Komotini (EL) agus Stara Zagora (BG) agus stáisiún chomhbhrú ag Kipi (EL)

6.8.2

Athshlánú, nuachóiriú agus leathnú chóras tarchurtha na Bulgáire

6.8.3

Idirnasc gáis idir an Bhulgáir agus an tSeirbia [ar a dtugtar “IBS” faoi láthair]

6.20

Braisle méadaithe acmhainne stórála in Oirdheisceart na hEorpa, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

6.20.2

Méadú ar stóráil gáis faoi thalamh Chiren (BG)

6.20.3

Saoráid stórála gáis faoi thalamh agus stáisiún méadraithe agus rialaithe Kavala Theas (EL)

agus ceann amháin de na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

6.20.4

Stóras Depomures sa Rómáin

6.20.7

córas stórála gáis faoi thalamh Bilciuresti

6.24

Méadú ar an acmhainneacht idir an Rómáin agus an Ungáir (ar a dtugtar “ROHU/BRUA” faoi láthair) chun acmhainneacht dhéthreoch 4.4 bcm/a a chumasú, agus lena n-áirítear acmhainní nua ón Muir Dhubh:

6.24.4

ROHU/BRUA – an dara céim, lena n-áirítear:

Leathnú suas le 4.4 bcm/a ar acmhainn tarchurtha sa Rómáin ó Recas go Horia i dtreo na hUngáire agus leathnú ar na stáisiúin chomhbhrú in Podisor, Bibesti agus Jupa

Píblíne idir cladach na Mara Duibhe agus Podișor (RO) chun gás na Mara Duibhe a thabhairt siar

Sreabh chúltreo idir an Rómáin agus an Ungáir: Cuid na hUngáire, stáisiún comhbhrú dara céim ag Csanádpalota (HU)

6.26

6.26.1

Braisle idir an Chróit agus an tSlóivéin ag Rogatec, lena n-áirítear:

Idirnasc idir an Chróit agus an tSlóivéin (Lučko — Zabok - Rogatec)

Stáisiún comhbhrú Kidričevo, an dara céim den uasghrádú (SI)

Uasghrádú idirnasc Rogatec

6.27

GNL Gdansk (PL)

(7)   Conair Thosaíochta - Conair Gháis an Deiscirt (“CGD”)

Uimh.

Sainmhíniú

7.3

Bonneagar braisle tionscadal leasa choitinn chun gás nua a thabhairt ó thaiscí gáis na Meánmhara Thoir, lena n-áirítear:

7.3.1

Píblíne ó thaiscí gáis na Meánmhara Thoir go tír mór na Gréige bealach na Cipire agus na Créite [ar a dtugtar “EastMed Pipeline” faoi láthair], agus stáisiún méadraithe agus rialaithe ag Megalopoli

agus na tionscadail leasa choitinn seo a leanas ag brath air:

7.3.3

Píblíne gháis amach ón gcósta lena nasctar an Ghréig agus an Iodáil [ar a dtugtar “Poseidon Pipeline” faoi láthair]

7.3.4

Acmhainní tarchurtha inmheánacha san Iodáil a threisiú, lena n-áirítear acmhainní tarchurtha inmheánacha Theas-Thuaidh [ar a dtugtar “Adriatica Line” faoi láthair] a threisiú agus acmhainní tarchurtha inmheánacha i réigiún Apulia [píblíne Matagiola - Massafra] a threisiú

7.5

Bonneagar gáis a fhorbairt sa Chipir [ar a dtugtar “Cyprus Gas2EU” faoi láthair]

(8)   Conair Thosaíochta - Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa Ghás (“Gás PIMBF”)

Uimh.

Sainmhíniú

8.2

Uasghrádú ar bhonneagar braisle i réigiún Mhuir Bhailt Thoir, lena n-airítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas:

8.2.1

An t-idirnasc idir an Laitvia agus an Liotuáin a fheabhsú

8.2.4

Stóráil Gáis Faoi ThalamhInčukalns (LV) a fheabhsú

8.3

Bonneagar braisle, lena n-áirítear na tionscadail leasa choitinn seo a leanas [ar a dtugtar “Baltic Pipe” faoi láthair]:

8.3.1

Idirnasc idir Nybro agus an Pholainn/an Danmhairg a threisiú

8.3.2

Idirnasc idir an Pholainn agus an Danmhairg

(9)   Conair Thosaíochta - Naisc Soláthair Ola i Lár na hEorpa Thoir (“OSC”)

Níor cuireadh isteach aon tionscadal ola le haghaidh liosta na dTionscadal Leasa Choitinn.

(10)   Réimse Téamach Tosaíochta - Imscaradh Eangach Cliste

Uimh.

Sainmhíniú

10.4

Déanann ACON (CZ, SK) (Again COnnected Networks) comhtháthú mhargaí leictreachais Phoblacht na Seice agus na Slóvaice a chothú trí éifeachtúlacht na ngréasán dáileacháin a fheabhsú de réir mar a mhéadaíonn sé acmhainneacht trasteorann ar leibhéal OCD.

10.7

Déanann Danube InGrid (HU, SK) comhordú trasteorann bhainistiú an ghréasáin leictreachais a fheabhsú trí bhéim a leagan ar bhailiú agus ar mhalartú sonraí a chur chun clisteachta

10.10

Déanann CARMEN (HU, RO) feabhas a chur ar éifeachtúlacht oibriúcháin an ghréasáin dáileacháin agus ar cháilíocht seirbhíse agus déanann sé sreafaí leictreachais slána ó ghiniúint nua in-athnuaite a chumasú.

10.11

Cuireann Gabreta (CZ, DE) le barrfheabhsú an chórais trí fhaisnéis a aisghabháil agus a mhalartú i bhfíor-am, trí fheabhas a chur ar mhéadrú agus monatóireacht a dhéantar ar an eangach agus tríd an tsolúbthacht agus an acmhainn óstála breise le haghaidh giniúint in-athnuaite.

10.12

Baintear an leas is fearr is féidir as an mbonneagar atá ann cheana de thairbhe Green Switch (AT, HR, SI) agus déanann sé teicneolaíochtaí nua a chomhtháthú go héifeachtúil chun acmhainn óstála a mhéadú, chun ualaí nua a chomhtháthú go héifeachtúil agus chun cáilíocht agus slándáil an tsoláthair a fheabhsú.

(11)   Réimse Téamach Tosaíochta - Mórbhealaí Leictreachais

Ní dhearnadh aon tionscadal a dhélipéadú mar mhórbhealaí leictreachais ar Tionscadail Leasa Choitinn iad.

(12)   Réimse Téamach Tosaíochta - Gréasán dé-ocsaíde carbóin trasteorann

Uimh.

Sainmhíniú

12.3

Is é is aidhm do CO2 TransPorts bonneagar a bhunú lena n-éascófar CO2 a ghabháil, a iompar agus a stóráil ar mhórscála ó Rotterdam, Antuairp agus Calafort na Mara Thuaidh

12.4

Northern lights project – tionscadal tráchtála nasctha iompair trasteorann CO2 idir roinnt tionscnaimh gabhála Eorpacha (an Ríocht Aontaithe, Éire, an Bheilg, an Ísiltír, an Fhrainc, an tSualainn) agus an CO2 gafa a iompar i long go suíomh stórála ar scairbh ilchríochach na hIorua

12.5

Is é atá á thairiscint i dtionscadal Athos, bonneagar chun CO2 a iompar ó limistéir thionsclaíocha san Ísiltír agus tá sé toilteanach ar CO2 breise a fháil ó thíortha eile amhail Éire agus an Ghearmáin, chun struchtúr iompair ardleibhéil idir-inoibritheach atá inrochtana go hoscailte ar bhonn trasteorann a fhorbairt.

12.7

Aramis – tionscadal iompartha agus stóráilte CO2 trasteorann (iontógáil ó astaírí i gcúlchríoch cheantar chuan Rotterdam agus stóráil go sroichtear suíomh ar scairbh ilchríochach na hÍsiltíre)

12.8

Dartagnan - MOL Ilmhódach onnmhairithe CO2 ó Dunkirk agus a chúlchríoch (astaírí ón mbraisle thionsclaíoch i gceantar Dunkirk na Fraince agus stóráil i gcás inar féidir i gcríocha thíortha na Mara Thuaidh)

12.9

Idirnascaire CCS idir an Pholainn agus an tAontas (astaírí ón mbraisle thionsclaíoch sa cheantar thart ar Gdansk na Polainne agus stóráil i gcás inar féidir i gcríocha thíortha na Mara Thuaidh)

C.   LIOSTAÍ DE NA “TIONSCADAIL A MEASTAR NACH TIONSCADAIL LEASA CHOITINN A THUILLEADH IAD” AGUS DE NA “TIONSCADAIL ATÁ ANOIS INA gCODANNA LÁRNACHA DE THIONSCADAIL EILE LEASA CHOITINN”

(1)   Conair Thosaíochta - Eangach Amach ón gCósta sna Mara Thuaidh (“NSOG”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

1.1.1

1.1.2

1.1.3

1.2

1.3.1

1.3.2

1.4.1

1.4.2

1.4.3

1.5

1.7.1

1.7.2

1.7.3

1.7.4

1.7.5

1.8

1.9.1

1.9.2

1.9.3

1.9.4

1.9.5

1.9.6

1.10.1

1.10.2

1.11.1

1.11.2

1.11.3

1.11.4

1.12.1

1.12.2

1.12.3

1.12.4

1.12.5

1.13

1.14

1.15

1.16

1.17

1.18

1.20

(2)   Conaire Thosaíochta - Idirnaisc Leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“ITT Leictreachais an Iarthair”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

2.1

2.2.1

2.2.2

2.2.3

2.3.1

2.3.2

2.5.1

2.5.2

2.6

2.8

2.11.1

2.11.2

2.11.3

2.12

2.13.1

2.13.2

2.14

2.15.1

2.15.2

2.15.3

2.15.4

2.16.2

2.19

2.20

2.21

2.22

2.24

2.25.1

2.25.2

2.26

2.28.3

2.28.4


Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn

Bunuimhir tionscadail leasa choitinn an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

2.1

3.1.4

(3)   Conair Tosaíochta - Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (“ITT leictreachais an Oirthir”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

3.1.3

3.2.1

3.2.3

3.3

3.4

3.5.1

3.5.2

3.6.1

3.6.2

3.7

3.8

3.9

3.11.5

3.13

3.14.1

3.15.1

3.15.2

3.16

3.17

3.18.1

3.18.2

3.19.2

3.19.3

3.20.1

3.20.2

3.21

3.23

3.25

3.26


Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn

Bunuimhir tionscadail leasa choitinn an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

3.27

2.33

(4)   Conair thosaíochta - Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh (“Leictreachas PIMBF”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

4.1

4.2

4.4.1

4.5.1

4.5.3

4.5.4

4.5.5

4.7

4.8.6

4.8.11

4.8.12

4.8.17


Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn

Bunuimhir tionscadail leasa choitinn an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

4.3

4.8.9

4.9

4.8.9

(5)   Conaire Tosaíochta - Idirnaisc Gháis Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (“ITT Gáis an Iarthair”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

5.1.1

5.1.2

5.1.3

5.2

5.3

5.4.1

5.4.2

5.5.1

5.5.2

5.6

5.7.1

5.7.2

5.9

5.12

5.13

5.14

5.15.1

5.15.2

5.15.3

5.15.4

5.15.5

5.16

5.17.1

5.17.2

5.18

5.20

5.21


Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn

Bunuimhir tionscadail leasa choitinn an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

5.8.1

5.5.2

5.8.2

5.5.2

(6)   Conair Thosaíochta - Idirnaisc gháis Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (“ITT Gáis an Oirthir”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

6.2.1

6.2.2

6.3

6.5.1

6.5.3

6.5.4

6.5.5

6.7

6.8.3

6.9.1

6.9.2

6.9.3

6.11

6.12

6.16

6.17

6.19

6.20.1

6.20.5

6.20.6

6.21

6.22.1

6.22.2

6.23

6.24.1

6.25.2


Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn

Bunuimhir tionscadail leasa choitinn an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

6.1.1

6.2.10

6.1.2

6.2.11

6.1.3

6.2.11

6.1.4

6.2.11

6.1.5

6.2.11

6.1.6

6.2.11

6.1.7

6.2.11

6.1.8

6.2.2

6.1.9

6.2.11

6.1.10

6.2.2

6.1.11

6.2.2

6.1.12

6.2.12

6.2.3

6.2.2

6.2.4

6.2.2

6.2.5

6.2.2

6.2.6

6.2.2

6.2.7

6.2.2

6.2.8

6.2.2

6.2.9

6.2.2

6.5.2

6.5.6

6.6

6.26.1

6.8.4

6.25.4

6.13.1

6.24.4

6.13.2

6.24.4

6.13.3

6.24.4

6.14

6.24.1

6.15.1

6.24.10

6.15.2

6.24.10

6.18

7.3.4

6.24.2

6.24.1

6.24.3

6.24.1

6.24.5

6.24.4

6.24.6

6.24.4

6.24.7

6.24.4

6.24.8

6.24.4

6.24.9

6.24.4

6.25.3

6.24.10

6.26.2

6.26.1

6.26.3

6.26.1

6.26.4

6.26.1

6.26.5

6.26.1

6.26.6

6.26.1

(7)   Conair thosaíochta - Conair Gháis an Deiscirt (“CGD”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

7.1.1

7.1.2

7.1.3

7.1.5

7.1.7

7.2.1

7.2.2

7.2.3

7.4.1

7.4.2


Tionscadail atá anois ina gcodanna lárnacha de thionscadail eile leasa choitinn

Bunuimhir tionscadail leasa choitinn an tionscadail

Uimhir tionscadail leasa choitinn ina bhfuil an tionscadal comhtháite anois

7.1.6

7.1.3

7.1.4

7.3.3

7.3.2

7.5

(8)   Conair Thosaíochta - Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa ghás (“Gás PIMBF”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

8.1.2.1

8.1.2.2

8.1.2.3

8.1.2.4

8.2.3

8.4

8.5

8.6

8.8

(9)   Conair Thosaíochta - Naisc Soláthair Ola i Lár na hEorpa Thoir (“OSC”)

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

9.1

9.2

9.3

9.4

9.5

9.6

(10)   Réimse Téamach Tosaíochta - Imscaradh Eangach Cliste

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

10.1

10.2

10.3

10.5

10.6

10.8

10.9

(11)   Réimse Téamach Tosaíochta - Mórbhealaí Leictreachais

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

1.3

1.5

1.6

1.7

1.8

1.10

1.14

1.15

1.16

1.20

2.13

(12)   Réimse Téamach Tosaíochta - Gréasán dé-ocsaíde carbóin trasteorann

Uimhreacha Tionscadail Leasa Choitinn na dtionscadal a meastar nach Tionscadail Leasa Choitinn a thuilleadh iad

12.1

12.2

12.6


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/32


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/565 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2022

maidir le hullmhóid 3-níotrocsaprópánóil a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh ba déiríochta agus ba lena n-atáirgeadh (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú san Aontas ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhí agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú 3-níotrocsaprópánóil. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóid 3-níotraoscaprópánóil mar bhreiseán beathaithe le haghaidh ba déiríochta agus ba lena n-atáirgeadh, ullmhóid a aicmeofar sa chatagóir breiseán dar teideal “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa dar teideal “substaintí a bhfuil éifeacht dhearfach acu ar an gcomhshaol”.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 30 Meán Fómhair 2021 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag 3-níotrocsaprópánól ar shláinte na mbó déiríochta ná na mbó lena n-atáirgeadh, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn an tÚdarás go mba cheart an breiseán a mheas mar ghreannaitheoir súl agus craicinn, agus go bhféadfadh 3-NOP a bheith díobhálach má ionanálaítear é agus riosca féideartha ann i ngeall ar nochtadh don bhreiseán trí ionanálú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Thairis sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an riosca trí ionanálú tríd an mbreiseán a chur ar an margadh i bhfoirm ghránaithe le céatadán diomaibhseach de cháithníní in-ionanálaithe. Chinn an tÚdarás go bhféadfadh an breiseán táirgeadh meatáin i mba déiríochta agus i mba lena n-atáirgeadh a laghdú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil maidir leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha ainmhithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léiríonn an measúnú ar 3-níotrocsaprópánól go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “substaintí a bhfuil éifeacht dhearfach acu ar an gcomhshaol”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6905.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: substaintí a bhfuil éifeacht dhearfach acu ar an gcomhshaol. (tairgeadh meatáin eintrigh a laghdú)

4c1

DSM Nutritional Products Ltd arna ionadú san Aontas ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.

3-níotrocsaprópánól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid ina bhfuil íoschion 10 % de 3-níotrocsaprópánól

Cáithníní < 50 μm: faoi bhun 0,5 %

Cáithníní < 10 μm: 0 %

Púdar gráinneach

Ba déiríochta agus ba chun críoch atáirgthe

-

53

80

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile. I gcás nach féidir na rioscaí a laghdú go leibhéal inghlactha leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint do na súile, don chraiceann agus don análú.

28 Aibreán 2032

Tréithriú na substainte gníomhaí

3-níotrocsaprópánól

Própán-1,3-dé-ól-monainíotráit

Foirmle cheimiceach: C3H7NO4

Uimhir CAS: 100502-66-7

Modh anailíse  (1)

Chun 3-níotrocsaprópánól a chainníochtú sa bhreiseán beathaithe, i réamh-mheascáin agus i mbeatha cumaisc:

leachtchrómatagrafaíocht ardfheidhmíochta phas-aisiompaithe maille le brath speictreafótaiméadrach (HPLC-UV)


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/35


RIALACHÁN (AE) 2022/566 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Aibreán 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh flúitiainile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás flúitiainile, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

Cuireadh isteach iarratas ar lamháltais iompórtála de bhun Airteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 le haghaidh flúitiainile a úsáideadh sna Stáit Aontaithe maidir le húlla, silíní (iad milis), sútha talún, cúcamair, cúirséid agus mealbhacáin. Sholáthair an t-iarratasóir sonraí a léiríonn go sáraíonn na hiarmhair na MRLanna atá luaite i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 nuair a úsáidtear an tsubstaint sin sa dóigh a n-údaraítear í a úsáid ar na barra sin sna Stáit Aontaithe, agus maíonn sé gur gá MRLanna níos airde chun bacainní trádála ar allmhairiú na mbarr sin isteach san Aontas a sheachaint.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát ar cuireadh é faoina bhráid meastóireacht ar an iarratas agus cuireadh an tuarascáil mheastóireachta ón mBallstát sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar an iarratas agus ar an tuarascáil mheastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí áirithe atá ann do na tomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe agus thug sé tuairim eolaíoch maidir leis na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í.

(5)

A mhéid a bhaineann le flúitiainil i mealbhacáin, chinn an tÚdarás nár leor na sonraí a cuireadh isteach chun MRL nua a shocrú. Maidir le gach modhnú eile ar MRLanna a d’iarr an t-iarratasóir, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur leor na sonraí a cuireadh isteach chun measúnú riosca a dhéanamh. Ina theannta sin, dar leis an Údarás go raibh na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Leis an gconclúid sin, chuir an tÚdarás na sonraí is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substainte san áireamh. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh, léiríodh nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha.

(6)

Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe atá á mbeartú ar na MRLanna ag an Rialachán seo.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Tuarascálacha eolaíocha ó EFSA atá ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu.

Tuairim réasúnaithe maidir le lamháltas allmhairiúcháin a shocrú le haghaidh flúitiainile i mbarra éagsúla. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(9):6840.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh flúitiainile:

" Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Cód uimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Flúitiainil

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,01  (*1)

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,01  (*1)

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

 

0130010

Úlla

0,15

0130020

Piorraí

0,01  (*1)

0130030

Cainchí

0,01  (*1)

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

0,01  (*1)

0130050

Locuatanna

0,01  (*1)

0130990

Eile (2)

0,01  (*1)

0140000

Torthaí cloiche

 

0140010

Aibreoga

0,01  (*1)

0140020

Silíní (iad milis)

0,4

0140030

Péitseoga

0,01  (*1)

0140040

Plumaí

0,01  (*1)

0140990

Eile (2)

0,01  (*1)

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

0,15

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

0,3

0153000

(c)

torthaí cána

0,01  (*1)

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

0,01  (*1)

0154010

Fraocháin

 

0154020

Mónóga

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

 

0154050

Mogóirí róis

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

 

0154080

Caora troim

 

0154990

Eile (2)

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

0,01  (*1)

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

 

0161020

Figí

 

0161030

Ológa boird

 

0161040

Cumcuait

 

0161050

Torthaí réaltúla

 

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

 

0161070

Plumaí láva

 

0161990

Eile (2)

 

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

 

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

 

0163020

Bananaí

 

0163030

Mangónna

 

0163040

Papánna

 

0163050

Pomagránaití

 

0163060

Céiriomoighe

 

0163070

Guábhaí

 

0163080

Anainn

 

0163090

Torthaí aráin

 

0163100

Duraígh

 

0163110

Úlla deilgneacha

 

0163990

Eile (2)

 

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

0,01  (*1)

0211000

(a)

prátaí

 

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair thrópaiceacha

 

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

0,01  (*1)

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

0,01  (*1)

0231010

Trátaí

 

0231020

Piobair

 

0231030

Ubhthorthaí

 

0231040

Ocra

 

0231990

Eile (2)

 

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

 

0232010

Cúcamair

0,03

0232020

Gircíní

0,01  (*1)

0232030

Cúirséid

0,03

0232990

Eile (2)

0,01  (*1)

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

0,01  (*1)

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

0,01  (*1)

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,01  (*1)

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

0,01  (*1)

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóilis

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

0,01  (*1)

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus péacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

0,01  (*1)

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

0,01  (*1)

0254000

(d)

biolair uisce

0,01  (*1)

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

0,01  (*1)

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

0,02  (*1)

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

0,01  (*1)

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

0,01  (*1)

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01  (*1)

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01  (*1)

0300000

PISEÁNAIGH

0,01  (*1)

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

0,01  (*1)

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

 

0401020

Piseanna talún

 

0401030

Síolta poipín

 

0401040

Síolta seasamain

 

0401050

Síolta lus na gréine

 

0401060

Síolta ráibe

 

0401070

Pónairí soighe

 

0401080

Síolta mustaird

 

0401090

Síolta cadáis

 

0401100

Síolta puimcín

 

0401110

Síolta cróch bréige

 

0401120

Síolta borráiste

 

0401130

Caimilín

 

0401140

Síolta cnáibe

 

0401150

Pónairí ricne

 

0401990

Eile (2)

 

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme oila

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

0,01  (*1)

0500010

Eorna

 

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

 

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

 

0500040

Muiléad coiteann

 

0500050

Coirce

 

0500060

Rís

 

0500070

Seagal

 

0500080

Sorgam

 

0500090

Cruithneacht

 

0500990

Eile (2)

 

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

0,05  (*1)

0610000

Taenna

 

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a)

bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

 

0650000

Carúib

 

0700000

LEANNLUSANNA

0,05  (*1)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05  (*1)

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05  (*1)

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05  (*1)

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,05  (*1)

0840020

Sinséar (10)

0,05  (*1)

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05  (*1)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,05  (*1)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05  (*1)

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05  (*1)

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05  (*1)

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,01  (*1)

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

0,01  (*1)

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

 

1011020

Saill

 

1011030

An t-ae

 

1011040

An duán

 

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1011990

Eile (2)

 

1012000

(b)

bó-ainmhithe

 

1012010

Matán

 

1012020

Saill

 

1012030

An t-ae

 

1012040

An duán

 

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1012990

Eile (2)

 

1013000

(c)

caoirigh

 

1013010

Matán

 

1013020

Saill

 

1013030

An t-ae

 

1013040

An duán

 

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1013990

Eile (2)

 

1014000

d)

gabhair

 

1014010

Matán

 

1014020

Saill

 

1014030

An t-ae

 

1014040

An duán

 

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1014990

Eile (2)

 

1015000

(e)

each-ainmhithe

 

1015010

Matán

 

1015020

Saill

 

1015030

An t-ae

 

1015040

An duán

 

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1015990

Eile (2)

 

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

 

1016020

Saill

 

1016030

An t-ae

 

1016040

An duán

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1016990

Eile (2)

 

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

 

1017020

Saill

 

1017030

An t-ae

 

1017040

An duán

 

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1017990

Eile (2)

 

1020000

Bainne

0,01  (*1)

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,01  (*1)

1030010

Sicín

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireachta eile (7)

0,05  (*1)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01  (*1)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01  (*1)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01  (*1)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 


(*1)  Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I"


CINNTÍ

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/48


CINNEADH (AE) 2022/567 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, Airteagal 91, Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tar éis é a bheith á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann.

(2)

Le hAirteagal 14 den Chomhaontú Trádála agus Comhair ceanglaítear ar an gComhairle Comhpháirtíochta, arna bunú leis an gcomhaontú sin, na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta (“na treoirlínte”) a ghlacadh.

(3)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta maidir leis na treoirlínte a ghlacadh a bhunú.

(4)

Ionas go bhféadfar na treoirlínte a ghlacadh go tráthúil, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, maidir le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 de, beidh sé bunaithe ar na dréacht-treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

TREOIRLÍNTE LE hAGHAIDH FHÓRAM NA SOCHAÍ SIBHIALTA

faoin gComhaontú Trádála agus Comhair

Le hAirteagal 14(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), foráiltear go n-éascóidh na Páirtithe eagrú Fhóram na Sochaí Sibhialta, ar fóram é a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ar an tsochaí shibhialta ón Aontas Eorpach agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) agus a thiocfaidh le chéile uair sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Ina theannta sin, foráiltear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go nglacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar an Fhóraim.

1.   RANNPHÁIRTITHE

De réir Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (1), tarraingeoidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile ionadaithe ar an tsochaí shibhialta ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe, eadhon ionadaithe ar eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí (ach ní ar chuideachtaí príobháideacha aonair), ar cheardchumainn, ar an lucht léinn agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha i mbrainsí éagsúla den tsochaí atá ábhartha do na réimsí a chumhdaítear faoi Chuid II den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Cuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm a rialacha agus a gcleachtais féin maidir le hionadaithe ar an tsochaí shibhialta a chlárú chun ionadaíocht chothrom ar eagraíochtaí sochaí sibhialta a chur chun cinn.

Ar chúiseanna praiticiúla, beidh líon na rannpháirtithe i gcruinnithe fisiciúla i bhFóram na Sochaí Sibhialta teoranta do 60 ionadaí ón tSochaí Shibhialta ar gach taobh, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Beidh na hionadaithe sin in ann freastal ar chruinnithe d’Fhóram na Sochaí Sibhialta go pearsanta nó ag úsáid modhanna leictreonacha. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú an cruinniú a reáchtáil go hiomlán i bhformáid fhíorúil i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta ar oscailt do chomhaltaí eile d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, a chláraíonn roimh ré, mar bhreathnóirí.

2.   RAON FEIDHME

Cumhdófar le plé Fhóram na Sochaí Sibhialta na réimsí i gCuid II den Chomhaontú Trádála agus Comhair: trádáil, eitlíocht, iompar de bhóthar, comhordú na slándála sóisialta agus víosaí le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha, iascach agus forálacha eile.

3.   UAINIÚ, EAGRÚ AGUS CLÁIR OIBRE

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos go dtiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile uair sa bhliain, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Tiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile thart ar an am céanna le cruinniú an Choiste Comhpháirtíochta Trádála, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Comhchathaoirligh an Choiste Comhpháirtíochta Trádála agus na gCoistí Speisialaithe Trádála agus comhchathaoirligh na gCoistí Speisialaithe um Fhuinneamh, um Aeriompar, um Shábháilteacht Eitlíochta, um Iompar de Bhóthar, um Chomhordú Slándála Sóisialta agus um Iascach, beidh siad in ann a bheith rannpháirteach san Fhóram nuair a phléifear ábhair atá laistigh dá sainchúram ag an bhFóram.

Is é an Páirtí atá freagrach as an gcruinniú den Choiste Comhpháirtíochta Trádála a óstáil a eagróidh Fóram na Sochaí Sibhialta, rud a fhágfaidh go ndéanfar suíomh an Fhóraim a mhalartú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Is é an Páirtí a bhfuil an Fóram á óstáil aige a sholáthróidh an t-ionad agus a éascóidh an cruinniú (e.g. soláthróidh sé naisc le haghaidh clárú agus rannpháirtíocht fhíorúil).

Maidir le míreanna a d’fhéadfaí a chur ar an gclár oibre, sula dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le dréachtchlár oibre leis an bpáirtí eile, féachfaidh siad le dul i gcomhairle lena nGrúpaí Comhairleacha Baile féin. Féachfaidh na Páirtithe leis na dréachtchláir oibre a fhoilsiú 15 lá roimh dháta an chruinnithe d’Fhóram na Sochaí Sibhialta.

Is é an Páirtí is óstach a dhréachtóidh torthaí agus conclúidí ó Fhóram na Sochaí Sibhialta i gcomhaontú leis an bPáirtí eile, laistigh de 30 lá ón gcruinniú. Roinnfear torthaí agus conclúidí ó gach ceann de na cruinnithe leis an gComhairle Comhpháirtíochta, leis an gCoiste Comhpháirtíochta Trádála agus leis na Coistí Speisialaithe um Fhuinneamh, um Aeriompar, um Shábháilteacht Eitlíochta, um Iompar de Bhóthar, um Chomhordú Slándála Sóisialta agus um Iascach, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

I gcomhréir le hAirteagal 14(1), an dara habairt, den Chomhaontú Trádála agus Comhair, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte seo a leasú, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn agus iad á gcur chun feidhme.


(1)  Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta oscailte do rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta atá bunaithe i gcríocha na bPáirtithe, lena n-áirítear comhaltaí de na grúpaí comhairleacha baile dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Déanfaidh gach Páirtí ionadaíocht chothrom a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn atá gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha, san fhorbairt inbhuanaithe, i gcúrsaí sóisialta, i gcearta an duine, sa chomhshaol agus in ábhair eile.


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/52


CINNEADH (AE) 2022/568 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) an 10 Meitheamh 2016. Cuirtear i bhfeidhm é go sealadach idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Bhotsuáin, Leosóta, an Namaib, Eswatini agus an Afraic Theas, den pháirt eile, ón 10 Deireadh Fómhair 2016, agus idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Mósaimbíc, den pháirt eile, ón 4 Feabhra 2018.

(2)

Bunaíodh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála le hAirteagal 50(1) den Chomhaontú.

(3)

De bhun Airteagal 50(2), pointe (f), den Chomhaontú, déanfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a rialacha nós imeachta féin a chinneadh.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar an Aontas ag an gcinneadh maidir lena rialacha nós imeachta féin a ghlacadh.

(5)

Ba cheart seasamh an Aontais sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a mhéid a bhaineann le glacadh a cuid rialacha nós imeachta a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, a bunaíodh le hAirteagal 50 den Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinneadh ón gcoiste sin a mhéid a bhaineann le glacadh a rialacha nós imeachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 250, 16.9.2016, lch. 3.


Dréacht

CINNEADH Uimh [...] ÓN gCOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA

an …

maidir lena Rialacha Nós Imeachta

TÁ AN COISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a síníodh in Kasane an 10 Meitheamh 2016, agus go háirithe Airteagal 50(2)(f) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Bunaítear Rialacha Nós Imeachta an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an ...

Arna dhéanamh in/sa ...,

 


IARSCRÍBHINN

RIALACHA NÓS IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA UM CHUSTAM AGUS ÉASCÚ NA TRÁDÁLA

CAIBIDIL I

Eagrúchán

Airteagal 1

Comhdhéanamh agus Cathaoirleach

1.   An Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus na Stáit SADC EPA, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) comhlíonfaidh sé a dhualgais de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 50 den Chomhaontú.

2.   Déanfar tagairt do ‘na Páirtithe’ sna Rialacha Nós Imeachta seo i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 104 den Chomhaontú.

3.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(1) den Chomhaontú, is iad ionadaithe na bPáirtithe a bheidh ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

4.   Mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) den Chomhaontú, déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála gach ré seal. Déanfaidh oifigeach ón gCoimisiún Eorpach mar aon le hoifigeach ó na Stáit SADC EPA comhchathaoirleacht ar an gcéad chruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

5.   An sainordú a fhreagraíonn don chéad tréimhse, tosóidh sé ar dháta chéad chruinniú an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála agus críochnóidh sé an 31 Nollaig den bhliain chéanna.

Airteagal 2

Cruinnithe

1.   Tiocfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála le chéile uair sa bhliain nó ar iarratas ó cheachtar den dá Pháirtí. Tionólfar na cruinnithe sa Bhruiséil nó ar chríoch ceann de na stáit SADC EPA gach re seach, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

2.   Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, is é an Páirtí a bhfuil an Cathaoirleach aige a dhéanfaidh an cruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a thionól, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile.

Airteagal 3

Breathnóirí

Féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a chinneadh cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí ar bhonn ad hoc agus a chinneadh cad iad na míreanna ar an gclár oibre a bheidh ar fáil do na breathnóirí sin.

Airteagal 4

An Rúnaíocht

1.   Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú den Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a ghníomhóidh mar Rúnaíocht.

2.   Nuair a thionólfar an cruinniú trí mhodhanna leictreonacha, is é an Páirtí a mbeidh an Cathaoirleach aige a gníomhóidh mar Rúnaíocht.

CAIBIDIL II

Feidhmiú

Airteagal 5

Doiciméid

I gcás ina mbeidh plé an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta i scríbhinn, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála na doiciméid sin a uimhriú agus a scaipeadh mar dhoiciméid de chuid an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála.

Airteagal 6

Fógra agus clár oibre le haghaidh na gcruinnithe

1.   Tabharfaidh an Rúnaíocht fógra do na Páirtithe maidir le tionól cruinnithe agus iarrfaidh sí ionchuir le haghaidh an chláir tráth nach déanaí ná 30 lá roimh an gcruinniú féin. I gcás ábhar práinne agus/nó imthosca gan choinne a bheidh le breithniú, féadfar an cruinniú a thionól ar ghearrfhógra.

2.   Déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála clár oibre sealadach a dhréachtú le haghaidh gach cruinnithe. Cuirfidh an Rúnaíocht é ar aghaidh chuig Cathaoirleach agus comhaltaí an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tráth nach déanaí ná 14 lá roimh thús an chruinnithe.

3.   Áireofar ar an gclár oibre sealadach na míreanna sin a bhfuair Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála iarratas ó Pháirtí ina leith chun iad a chur san áireamh ar an gclár oibre.

4.   Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála an clár oibre ag tús gach cruinnithe. Féadfar míreanna eile seachas iad siúd atá ar an gclár oibre sealadach a chur leis an gclár oibre, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

5.   Féadfaidh Cathaoirleach an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, ar chomhaontú ó na Páirtithe uile, cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bheith i láthair ag a chruinnithe chun faisnéis ar ábhair sonracha a chur ar fáil.

Airteagal 7

Tuarascáil ar gchruinniú

Mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, déanfaidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála tuarascáil gach cruinnithe a tharraingt suas agus glacfar í ag deireadh gach cruinnithe.

Airteagal 8

Cinntí agus moltaí

1.   Glacfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí nó moltaí de chomhthoil sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú nó i gcásanna ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige.

2.   I gcás ina dtabharfar an chumhacht don Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála faoin gComhaontú cinntí nó moltaí a ghlacadh, nó i gcás ina mbeidh an Chomhairle Chomhpháirteach nó an Coiste um Thrádáil agus Fhorbairt tar éis an chumhacht sin a tharmligean chuige, tabharfar ‘Cinneadh’ nó ‘Moladh’ ar na gníomhartha sin faoi seach i dtuarascáil na gcruinnithe. Cuirfidh Rúnaíocht an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála sraithuimhir, dáta glactha mar aon le tuairisc faoin ábhar le haon chinneadh nó moladh formheasta. Déanfar foráil i ngach cinneadh nó moladh maidir le dáta a theacht i bhfeidhm.

3.   I gcás nach mbeidh Stát SADC EPA i láthair, déanfaidh an Rúnaíocht cinntí agus/nó moltaí an chruinnithe a chur in iúl don chomhalta nach raibh in ann freastal ar an gcruinniú. Cuirfidh an Stát SADC EPA sin freagra i scríbhinn ar fáil laistigh de 10 lá féilire ó sheoladh na gcinntí agus/nó na moltaí, freagra ina léireofar na cinntí agus/nó na moltaí sin nach n-aontaíonn sé leo, lena n-áirítear na cúiseanna ina leith sin. Mura bhfaighfear an freagra i scríbhinn thuasluaite laistigh de 10 lá féilire, measfar na cinntí agus/nó na moltaí a bheith glactha. An Stát SADC EPA nár fhreastail ar an gcruinniú, sa chás nach n-aontaíonn sé le cinntí agus/nó le moltaí, beidh feidhm ag an nós imeachta i mír 4.

4.   Sa tréimhse idir cruinnithe, féadfaidh an Coiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála cinntí agus moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn má chomhaontaíonn an dá Pháirtí amhlaidh. Is é a bheidh sa nós imeachta i scríbhinn malartú nótaí idir ionadaithe na bPáirtithe.

5.   Na cinntí agus moltaí arna nglacadh ag an gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, déanfar iad a fhíordheimhniú le cóip bharántúil arna síniú ag ionadaí ón Aontas Eorpach agus ag ionadaí ó na Stáit SADC EPA.

Airteagal 9

Rochtain phoiblí

1.   Ní cruinnithe poiblí a bheidh i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, mura gcinnfear a mhalairt.

2.   Féadfaidh gach Páirtí a chinneadh cinntí agus moltaí ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála a fhoilsiú.

CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 10

Caiteachas

1.   Íocfaidh gach Páirtí as aon chaiteachas a thabhóidh sé de thoradh a bheith rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide.

2.   Is é an Páirtí atá ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh as caiteachas a bhaineann le heagrú cruinnithe, soláthar seirbhísí ateangaireachta agus atáirgeadh doiciméad.

Airteagal 11

Na Rialacha Nós Imeachta a Leasú

Féadfar na Rialacha Nós Imeachta sin a leasú i scríbhinn le cinneadh ón gCoiste Speisialta um Chustam agus Éascú na Trádála i gcomhréir le hAirteagal 8.


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/58


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/569 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA san Iodáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Chinneadh 2008/615/CGB, ní fhéadfar na sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin a sholáthar go dtí go mbeidh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i gCaibidil 6 den Chinneadh sin curtha chun feidhme sa dlí náisiúnta ar chríoch na mBallstát sin a bheidh bainteach leis an soláthar sin.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 20 de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (3) gur ar bhonn tuarascáil mheastóireachta arna bunú ar cheistneoir, cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach atá comhlíonadh an choinníll dá dtagraítear in aithris 1 maidir le malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Caibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB le fíorú.

(3)

Chuir an Iodáil Ardrúnaíocht na Comhairle ar an eolas maidir leis na comhaid anailíse náisiúnta DNA a bhfuil feidhm ag Airteagail 2 go 6 de Chinneadh 2008/615/CGB maidir leo agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh cuardach uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Chinneadh sin i gcomhréir le hAirteagal 36(2) den Chinneadh sin.

(4)

I gcomhréir le Chaibidil 4, pointe 1.1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB, baineann an ceistneoir arna tharraingt suas ag meitheal ábhartha na Comhairle le gach ceann de na malartuithe uathoibrithe sonraí agus tá sé le freagairt ag an mBallstát a luaithe is dóigh leis go bhfuil na réamhriachtanais le haghaidh sonraí a chomhroinnt sa chatagóir ábhartha sonraí á gcomhlíonadh aige.

(5)

Tá an ceistneoir maidir le cosaint sonraí agus an ceistneoir maidir le malartú sonraí DNA comhlánaithe ag an Iodáil.

(6)

Chuir an Iodáil triail phíolótach rathúil i gcrích in éineacht leis an nGearmáin agus an Ostair.

(7)

Tugadh cuairt mheastóireachta ar an Iodáil, agus sholáthair foireann meastóireachta na Gearmáine agus na hOstaire tuarascáil ar an gcuairt sin agus chuir sí ar aghaidh chuig meitheal ábhartha na Comhairle í.

(8)

Tíolacadh tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina ndéantar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus na trialach píolótaí maidir le malartú sonraí DNA, don Chomhairle.

(9)

An 9 Nollaig 2021, ba é conclúid na Comhairle, tar éis di comhaontú na mBallstát uile atá faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB a thabhairt dá haire, go raibh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí, a leagtar amach i gCaibidil 6 de Chinneadh 2008/615/CGB, curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an Iodáil.

(10)

Dá bhrí sin, chun críoch cuardaigh uathoibrithe sonraí DNA, ba cheart an Iodáil a bheith i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(11)

Le hAirteagal 33 de Chinneadh 2008/615/CGB, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle d’fhonn na bearta is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme a ghlacadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le fáil agus soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin.

(12)

Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le gníomhachtú cumhachtaí cur chun feidhme den sórt sin agus gur leanadh an nós imeachta a ghabhann leis, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí DNA san Iodáil a ghlacadh chun ligean don Bhallstát sin sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(13)

Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha chuardach uathoibrithe sonraí DNA agus chun críoch comparáide idir na sonraí sin, tá an Iodáil i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chinneadh 2008/615/CGB amhail ón 9 Aibreán 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/60


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/570 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha san Iodáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Chinneadh 2008/615/CGB, ní fhéadfar na sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin a sholáthar go dtí go mbeidh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i gCaibidil 6 den Chinneadh sin curtha chun feidhme sa dlí náisiúnta ar chríoch na mBallstát sin a bheidh bainteach leis an soláthar sin.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 20 de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (3) gur ar bhonn tuarascáil mheastóireachta arna bunú ar cheistneoir, cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach atá comhlíonadh an choinníll dá dtagraítear in aithris 1 maidir le malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Caibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB le fíorú.

(3)

I gcomhréir le Caibidil 4, pointe 1.1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB, baineann an ceistneoir arna tharraingt suas ag meitheal ábhartha na Comhairle le gach ceann de na malartuithe uathoibrithe sonraí agus tá sé le freagairt ag an mBallstát a luaithe is dóigh leis go bhfuil na réamhriachtanais le haghaidh sonraí a chomhroinnt sa chatagóir ábhartha sonraí á gcomhlíonadh aige.

(4)

Tá an ceistneoir maidir le cosaint sonraí agus an ceistneoir maidir le malartú sonraí dachtalascópacha comhlánaithe ag an Iodáil.

(5)

Chuir an Iodáil triail phíolótach rathúil i gcrích in éineacht leis an nGearmáin agus an Ostair.

(6)

Tugadh cuairt mheastóireachta ar an Iodáil, agus sholáthair foireann meastóireachta na Gearmáine agus na hOstaire tuarascáil ar an gcuairt sin agus chuir sí ar aghaidh chuig meitheal ábhartha na Comhairle í.

(7)

Tíolacadh tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina ndéantar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus na trialach píolótaí maidir le malartú sonraí dachtalascópacha, don Chomhairle.

(8)

An 9 Nollaig 2021, ba é conclúid na Comhairle, tar éis di comhaontú na mBallstát uile atá faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB a thabhairt dá haire, go raibh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí, a leagtar amach i gCaibidil 6 de Chinneadh 2008/615/CGB, curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an Iodáil.

(9)

Dá bhrí sin, chun críoch cuardaigh uathoibrithe sonraí dachtalascópacha, ba cheart an Iodáil a bheith i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(10)

Le hAirteagal 33 de Chinneadh 2008/615/CGB, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle d’fhonn na bearta is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme a ghlacadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le fáil agus soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin.

(11)

Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le gníomhachtú cumhachtaí cur chun feidhme den sórt sin agus gur leanadh an nós imeachta a ghabhann leis, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí dachtalascópacha san Iodáil a ghlacadh chun ligean don Bhallstát sin sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(12)

Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críoch cuardaigh uathoibrithe sonraí dachtalascópacha, tá an Iodáil i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 9 de Chinneadh 2008/615/CGB amhail ón 9 Aibreán 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/62


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/571 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle san Iodáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Chinneadh 2008/615/CGB, ní fhéadfar na sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin a sholáthar go dtí go mbeidh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i gCaibidil 6 den Chinneadh sin curtha chun feidhme sa dlí náisiúnta ar chríoch na mBallstát a mbeidh baint acu leis an soláthar sin.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 20 de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (3) gur ar bhonn tuarascáil mheastóireachta arna bunú ar cheistneoir, cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach atá comhlíonadh an choinníll dá dtagraítear in aithris 1 maidir le malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Caibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB le fíorú.

(3)

I gcomhréir le Caibidil 4, pointe 1.1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB, baineann an ceistneoir arna tharraingt suas ag an Meitheal ábhartha de chuid na Comhairle le gach ceann de na malartuithe uathoibrithe sonraí agus tá sé le freagairt ag an mBallstát a luaithe is dóigh leis go bhfuil na réamhriachtanais le haghaidh sonraí a chomhroinnt sa chatagóir sonraí ábhartha á gcomhlíonadh aige.

(4)

Tá an ceistneoir maidir le cosaint sonraí agus an ceistneoir maidir le sonraí clárúcháin feithicle (SCF) comhlánaithe ag an Iodáil.

(5)

Chuir an Iodáil triail phíolótach rathúil i gcrích in éineacht leis an Ísiltír.

(6)

Tugadh cuairt mheastóireachta ar an Iodáil, agus rinne foireann meastóireachta na hÍsiltíre agus na Portaingéile tuarascáil ar an gcuairt mheastóireachta agus chuir sí ar aghaidh í chuig an Meitheal ábhartha de chuid na Comhairle.

(7)

Cuireadh tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina ndéantar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus na trialach píolótaí maidir le malartú sonraí clárúcháin feithicle, faoi bhráid na Comhairle.

(8)

An 9 Nollaig 2021, ba é conclúid na Comhairle, tar éis di comhaontú na mBallstát uile atá faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB a thabhairt dá haire, go bhfuil na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí, a leagtar amach i gCaibidil 6 de Chinneadh 2008/615/CGB, curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an Iodáil.

(9)

Dá bhrí sin, chun críoch cuardaigh uathoibrithe SCF, ba cheart an Iodáil a bheith i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(10)

Le hAirteagal 33 de Chinneadh 2008/615/CGB, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle d’fhonn go ndéanfar na bearta a ghlacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le fáil agus soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin.

(11)

Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le gníomhachtú cumhachtaí cur chun feidhme den sórt sin agus gur leanadh an nós imeachta a ghabhann leis, ba cheart cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle san Iodáil a ghlacadh chun ligean don Bhallstát sin sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(12)

Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críoch cuardaigh uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle, tá an Iodáil i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB amhail ón 9 Aibreán 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/64


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/572 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Chinneadh 2008/615/CGB, ní fhéadfar na sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin a sholáthar go dtí go mbeidh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i gCaibidil 6 den Chinneadh sin curtha chun feidhme sa dlí náisiúnta ar chríoch na mBallstát a mbeidh baint acu leis an soláthar sin.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 20 de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (3) gur ar bhonn tuarascáil mheastóireachta arna bunú ar cheistneoir, cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach atá comhlíonadh an choinníll dá dtagraítear in aithris 1 maidir le malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Caibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB le fíorú.

(3)

I gcomhréir le Caibidil 4, pointe 1.1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB, baineann an ceistneoir arna tharraingt suas ag an Meitheal ábhartha de chuid na Comhairle le gach ceann de na malartuithe uathoibrithe sonraí agus tá sé le freagairt ag an mBallstát a luaithe is dóigh leis go bhfuil na réamhriachtanais le haghaidh sonraí a chomhroinnt sa chatagóir sonraí ábhartha á gcomhlíonadh aige.

(4)

Tá an ceistneoir maidir le cosaint sonraí agus an ceistneoir maidir le sonraí clárúcháin feithicle (SCF) comhlánaithe ag an nGréig.

(5)

Chuir an Ghréig triail phíolótach rathúil i gcrích in éineacht leis an Ísiltír.

(6)

Tugadh cuairt mheastóireachta ar an nGréig agus rinne fhoireann meastóireachta na hÍsiltíre agus na Cipire tuarascáil ar an gcuairt mheastóireachta agus chuir siad ar aghaidh chuig Meitheal ábhartha na Comhairle í.

(7)

Cuireadh tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina ndéantar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus na trialach píolótaí maidir le malartú sonraí clárúcháin feithicle, faoi bhráid na Comhairle.

(8)

An 9 Nollaig 2021, ba é conclúid na Comhairle, tar éis di comhaontú na mBallstát uile atá faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB a thabhairt dá haire, go bhfuil na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí, a leagtar amach i gCaibidil 6 de Chinneadh 2008/615/CGB, curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an nGréig.

(9)

Dá bhrí sin, chun críoch cuardaigh uathoibrithe i ndáil le SCF, ba cheart an Ghréig a bheith i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(10)

Le hAirteagal 33 de Chinneadh 2008/615/CGB, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle d’fhonn go ndéanfar na bearta a ghlacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le fáil agus soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin.

(11)

Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le gníomhachtú na gcumhachtaí cur chun feidhme sin agus gur leanadh an nós imeachta a ghabhann leis, ba cheart cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig a ghlacadh chun ligean don Bhallstát sin sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB.

(12)

Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críoch cuardach uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle, tá an Ghréig i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB amhail ón 9 Aibreán 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/66


CINNEADH (CBES) 2022/573 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/538 mar thaca le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Aibreán 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/538 (1) mar thaca le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta.

(2)

An 9 Feabhra 2022, d’iarr OPCW, atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/538, go gcuirfí síneadh 12 mhí, go dtí an 30 Aibreán 2023, le tréimhse chur chun feidhme an Chinnidh sin. Leis an síneadh a iarradh, cuirfear ar chumas OPCW tionchar phaindéim COVID-19 ar chur chun feidhme tionscadal sonrach a mhaolú.

(3)

Ní bheidh aon impleacht, a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais de, le leanúint de chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/538 go dtí an 30 Aibreán 2023.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/538 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2019/538, cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad mhír 2:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 30 Aibreán 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/538 ón gComhairle an 1 Aibreán 2019 mar thaca le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 93, 2.4.2019, lch. 3).


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/67


CINNEADH (CBES) 2022/574 ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Aibreán 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/809 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

An 16 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/795 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta, trí shíneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme an Chinnidh go dtí an 10 Lúnasa 2021.

(3)

An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1025 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta, trí shíneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 25 Aibreán 2022.

(4)

An 15 Feabhra 2022, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809, síneadh 10 mí eile ar thréimhse cur chun feidhme an Chinnidh sin. Chuirfeadh an síneadh atá iarrtha ar chumas UNODA leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bhfuil Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR 1540”) á chur chun feidhme acu, rannchuidiú a thuilleadh le hathbhreithniú cuimsitheach leanúnach, leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú le UNSCR 1540 go dtí deireadh a shainordaithe a bhfuil síneadh curtha leis go dtí an 30 Samhain 2022, agus na caillteanais a eascraíonn as tionscadail atá fós gan seachadadh de bharr phaindéim COVID-19 a mhaolú.

(5)

Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de le leanúint de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809 go dtí an 25 Feabhra 2023.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/809 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/809, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 25 Feabhra 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. DENORMANDIE


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 mar thaca le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/795 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 193, 17.6.2020, lch. 14).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1025 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 224, 24.6.2021, lch. 22).


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/69


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/575 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Aibreán 2022

maidir le bearta éigeandála chun cosc a chur ar ghalar crúb agus béil a thabhairt isteach san Aontas trí choinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí ó thríú tíortha nó ó thríú críocha agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2208

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)2078)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 261(1), pointe (b), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 128(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tromchúiseach, an-tógálach é an galar crúb agus béil a d’fhéadfadh tionchar suntasach eacnamaíoch a imirt ar an earnáil talmhaíochta, agus a d’fhéadfadh leathadh go tapa trí ábhair plandaí éillithe, lena n-áirítear féar tirim agus tuí.

(2)

Is iad féar tirim agus tuí amháin na hábhair plandaí ar ina leith a leagadh síos srianta maidir le coinsíneachtaí díobh a theacht isteach san Aontas i Rialachán (CE) Uimh. 136/2004 ón gCoimisiún (3), a raibh feidhm aige go dtí an 20 Aibreán 2021. Go háirithe, níor ceadaíodh ach coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí ó thríú tíortha nó ó thríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 136/2004 a theacht isteach san Aontas. Ós rud é go bhfuil an baol ann go scaipfí an galar crúb agus béil trí na hábhair sin, is iomchuí leanúint de shrianta den sórt sin a leagan síos i ndlí an Aontais.

(3)

Leis an gcreat reachtach nua le haghaidh sláinte ainmhithe, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/429, agus a mbeidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021, ba cheart go n-áiritheofaí aistriú rianúil ó na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear gníomhartha a bhaineann le hábhair plandaí a theacht isteach san Aontas, mar is léir go raibh siad éifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart aidhm agus substaint na rialacha sin a bhí ann cheana a choinneáil sna rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, go dtí go bhfaighfear tuairim eolaíoch ón Údarás Eorpach Bia (EFSA) lena ndéantar meastóireacht ar na rioscaí do shláinte ainmhithe maidir le galar crúb agus béil agus galair eile de chatagóir A a thabhairt (4) isteach san Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún trí choinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí ó thríú tíortha nó ó thríú críocha.

(4)

Dá bhrí sin, is gá liosta a leagan síos sa Chinneadh seo de thríú tíortha nó de thríú críocha óna n-údaraítear do choinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí a theacht isteach san Aontas. Ba cheart a chur san áireamh i liosta den sórt sin an liosta in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 136/2004, agus an liosta, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (5), de thríú tíortha nó de thríú críocha, nó de chriosanna díobh, óna n-údaraítear coinsíneachtaí crúbach a theacht isteach san Aontas mar gheall ar a staid fhabhrach sláinte ainmhithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le galar crúb agus béil. Ionas nach gcuirfear isteach ar thrádáil agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart freisin liosta ar leith a bheith ann de thríú tíortha nó de thríú críocha óna n-údaraítear coinsíneachtaí de thuí i bhfoirm millíní le haghaidh a ndó i ngléasra a theacht isteach san Aontas.

(5)

Chun nach mbeidh teagmháil ann idir coinsíneachtaí de thuí i bhfoirm millíní le haghaidh a ndó agus ainmhithe atá soghabhálach i leith galar crúb agus béil, ba cheart dianbhearta maolaithe riosca a leagan síos leis an gCinneadh seo freisin maidir le seachadadh coinsíneachtaí den sórt sin chuig an ngléasra cinn scríbe san Aontas. Ba cheart iad a chur faoin nós imeachta custaim speisialta dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 210 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart faireachán a dhéanamh ar a n-iompar (6), i gcomhréir le Rialachán (7) Tarmligthe (AE) 2019/1666 ón gCoimisiún, tríd an gcóras bainistithe faisnéise ríomhairithe le haghaidh rialuithe oifigiúla (IMSOC) dá bhforáiltear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625, agus ba cheart iad a sheachadadh go díreach ón bpost rialaithe teorann iontrála isteach san Aontas chuig an ngléasra cinn scríbe san Aontas, áit a ndófar iad.

(6)

Tá na cóid AC le haghaidh féar tirim agus tuí leagtha síos i gCaibidil 12 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún, agus ba cheart, (8) dá bhrí sin, iad a chur san áireamh sa Chinneadh seo.

(7)

Ar mhaithe le simpliú agus le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2208 ón (9) gCoimisiún lena n-údaraítear faoi láthair coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí ón mBreatain Mhór agus ó Spleá na Corónach a allmhairiú isteach san Aontas a aisghairm, agus ba cheart iad a liostú i gCuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an gCinneadh seo bearta éigeandála maidir le coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha.

Airteagal 2

Ceanglais maidir le coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus tuí a theacht isteach san Aontas

1.   Maidir le coinsíneachtaí tuí (cód AC Ex12130000) dá dtagraítear i gCaibidil 12 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632, nó coinsíneachtaí d’fhéar tirim (cód AC: Ex12 14 90) dá dtagraítear i gCaibidil 12 den Iarscríbhinn sin, ní cheadófar dóibh teacht isteach san Aontas ach amháin más de thionscnamh na dtríú tíortha nó na dtríú críocha a liostaítear i gCuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na coinsíneachtaí sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ceadófar do choinsíneachtaí de thuí i bhfoirm millíní le haghaidh a ndó i ngléasra teacht isteach san Aontas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur de thionscnamh na dtríú tíortha nó na dtríú críocha atá liostaithe i gCuid 2 den Iarscríbhinn iad;

(b)

go gcuirtear iad, ar theacht isteach san Aontas dóibh, faoin nós imeachta speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 210, pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013; go ndéantar faireachán ar a n-iompar, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1666, tríd an gcóras ríomhairithe bainistithe faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla (CBFRO) dá bhforáiltear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625; agus go ndéantar iad a sheachadadh go díreach ón bpost rialaithe teorann iontrála isteach san Aontas chuig an ngléasra cinn scríbe san Aontas, áit a ndófar iad.

Airteagal 3

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2208.

Airteagal 4

Seolaithe

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 136/2044 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta le haghaidh seiceálacha tréidliachta ag pointí cigireachta teorann Comhphobail ar tháirgí ó thríú tíortha (IO L 21, 28.1.2004, lch. 11).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1666 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coinníollacha chun faireachán a dhéanamh ar iompar agus ar theacht isteach coinsíneachtaí d’earraí áirithe, idir an post rialaithe teorann agus bhunaíocht an chinn scríbe san Aontas (IO L 255, 4.10.2019, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liostaí na n-ainmhithe, na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, na dtáirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na dtáirgí díorthaithe, na dtáirgí ilchodacha, mar aon le féar tirim agus tuí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2007 agus Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 24).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2208 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe mar thríú tír atá údaraithe chun coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 438, 28.12.2020, lch. 21).


IARSCRÍBHINN

Cuid 1 - Liosta de thríú tíortha nó de chríocha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí a theacht isteach san Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 2(1)

Cód ISO an tríú tír nó na críche

Ainm an tríú tír nó na críche

AU

an Astráil

CA

Ceanada

CH

an Eilvéis

CL

an tSile

GB

an Ríocht Aontaithe  (1)

GG

Geansaí

GL

An Ghraonlainn

IM

Oileán Mhanann

IS

an Íoslainn

JE

Geirsí

NZ

an Nua-Shéalainn

RS

an tSeirbia (2)

US

Stáit Aontaithe Mheiriceá

*

Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Cuid 2 - Liosta de thríú tíortha nó de chríocha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’fhéar tirim agus coinsíneachtaí tuí i bhfoirm millíní a theacht isteach san Aontas, dá dtagraítear in Airteagal 2(2)

Cód ISO an tríú tír nó na críche

Ainm an tríú tír nó na críche

UA

An Úcráin


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha Chuid 1 den Iarscríbhinn seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(2)  Chun críocha na mbeart éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 1, nuair a thagraítear don tSeirbia san Iarscríbhinn seo, ní áirítear críoch na Cosaive*.


Ceartúcháin

8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/73


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/2278 ón gComhairle an 20 Nollaig 2021 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2) pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 maidir le táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1387/2013

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 466 an 29 Nollaig 2021 )

(1)

Ar leathanach 159, san Iarscríbhinn, san iontráil don sraithuimhir 0.8148, sa cholún “An dáta a bheartaítear le haghaidh athbhreithniú sainordaitheach”:

in ionad:

“01.12.2022”,

léitear:

“31.12.2022”.

(2)

Ar leathanach 215, san Iarscríbhinn, san iontráil don sraithuimhir 0.7103, sa cholún “Tuairisc”:

in ionad:

“... de chineál a úsáidtear le haghaidh ceamaraí teirmeacha nó ceamaraí líonra Prótacail Idirlín (IP) (1)”,

léitear:

“de chineál a úsáidtear le haghaidh ceamaraí teirmeacha nó ceamaraí líonra Prótacail Idirlín (IP)”.


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/74


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 60 an 28 Feabhra 2022 )

Ar leathanach 3, in Airteagal 4(4), pointe (n):

in ionad:

“(n)

an Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;”,

léitear:

“(n)

Aireacht Chosanta na Laitvia agus Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;”.


8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/75


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 61 an 28 Feabhra 2022 )

Ar leathanach 3, in Airteagal 4(4), pointe (p):

in ionad:

“(p)

Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;”,

léitear:

“(p)

Aireacht Chosanta na Laitvia agus Lárionad Lóistíochta agus Soláthair Cosanta Stáit na Laitvia;”.