ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 84

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
11 Márta 2022

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

*

Faisnéis faoi theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhunaithe agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile

1

RIALACHÁIN

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408 ón gComhairle an 10 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

2

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/409 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear den 329ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

18

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/410 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí i ngrúpáil aonair ghnó aeriompróra ( 1 )

20

CINNTÍ

*

Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle an 10 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

28

MOLTAÍ

*

Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Iosrael an 8 Márta 2022 lena bhformheastar an síneadh arna chur le Plean Gníomhaíochta AE-Iosrael [2022/412]

43

RIALACHA NÓS IMEACHTA

*

Cinneadh Uimh. 4/2022 ó Bhiúró Choiste Na Réigiún an 25 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe ábhar sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag Coiste na Réigiún

44

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.

II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/1

Faisnéis faoi theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhunaithe agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile

Tar éis a shínithe an 22 Aibreán 2021, thug an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, fógra dá chéile an 19 Samhain 2021 agus an 18 Feabhra 2022, faoi seach, go raibh a nósanna imeachta inmheánacha tugtha chun críche acu chun an Comhaontú agus an Prótacal thuasluaite a thabhairt i gcrích.

Dá bhrí sin, tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus an Prótacal Cur Chun Feidhme i bhfeidhm an 18 Feabhra 2022 de bhun Airteagal 20 den Chomhaontú agus Airteagal 14 den Phrótacal.

RIALACHÁIN

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/2

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/408 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Márta 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) agus (3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann le 37 nduine aonair agus sé eintiteas in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN

(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:

Daoine

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

Denis Valentinovich BEREZOVSKIY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСКИЙ)

Denys Valentynovych BEREZOVSKYY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСЬКИЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.7.1974

Áit bhreithe: Kharkiv, Ukrainian SSR (‘Ukraine’ anois)

Ceapadh Berezovskiy ina cheannasaí ar an Ukrainian Navy an 1 Márta 2014 ach, ina dhiaidh sin, thug sé mionn do na Crimean armed forces, agus ar an gcaoi sin, chuaigh sé siar ar a mhionn don Ukrainian Navy.

Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar an Black Sea Fleet de chuid an Russian Federation go dtí Deireadh Fómhair 2015.

Leas-Cheannasaí an Pacific Fleet de chuid an Russian Federation agus Leas-Aimiréal.

17.3.2014

8.

Sergey Pavlovych TSEKOV

(Сергей Павлович ЦЕКОВ)

Serhiy Pavlovych TSEKOV

(Сергiй Павлович ЦЕКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 28.9.1953 nó 28.8.1953

Áit bhreithe: Simferopol, Ukraine

Mar Leas-Spéicéir ar Verkhovna Rada na Crimé, thionscain Tsekov, in éineacht le Sergey Aksyonov, briseadh neamhdhleathach rialtas ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach (ARC). Mheall sé Vladimir Konstantinov isteach san iarracht sin, agus bhagair go mbrisfí as a phost é. D’aithin sé go poiblí gurbh iad na Comhaltaí Parlaiminte ón gCrimé ba chúis le cuireadh a thabhairt do shaighdiúirí Rúiseacha seilbh a ghlacadh ar Verkhovna Rada na Crimé. Bhí sé ar dhuine de na chéad Cheannairí sa Chrimé a d’iarr go poiblí go ndéanfaí an Chrimé a ionghabháil isteach sa Rúis.

Comhalta den Federation Council of the Russian Federation ó ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di, ó 2014 i leith, a athcheapadh i mí Mheán Fómhair 2019. Comhalta den Council of the Federation Committee on Foreign Affairs.

17.3.2014

17.

Sergei Vladimirovich ZHELEZNYAK

(Сергей Владимирович ЖЕЛЕЗНЯК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.7.1970

Áit bhreithe: St Petersburg (dá ngairtí Leningrad tráth), Russian Federation

Iar-Leas-Spéicéir ar State Duma Russian Federation.

Thacaigh sé go gníomhach le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin agus le hionghabháil Crimea. Ba é a bhí i gceannas ar an léirsiú a thacaigh le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.

Iar-Leas-Chathaoirleach agus iar-chomhalta den State Duma Committee on International Affairs.

Comhalta den Presidium of the General Council of the United Russia party.

17.3.2014

19.

Aleksandr Viktorovich VITKO

(Александр Викторович ВИТКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 13.9.1961

Áit bhreithe: Vitebsk, Belarusian SSR (‘Belarus’ anois)

Iar-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe, Aimiréal.

Freagrach as ceannas na bhfórsaí Rúiseacha a bhfuil críoch cheannasach na hÚcráine forghafa acu.

Iar-Cheann Foirne agus Céad-Leas-Ardcheannasaí ar Chabhlach na Rúise.

17.3.2014

27.

Alexander Mihailovich NOSATOV

(Александр Михайлович НОСАТОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.3.1963

Áit bhreithe: Sevastopol, PSS na hÚcráine, (‘Ukraine anois)

Iar-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe, Aimiréal.

Freagrach as ceannas na bhfórsaí Rúiseacha a bhfuil críoch cheannasach na hÚcráine forghafa acu.

Aimiréal agus Ceann Phríomhfhoireann Chabhlach na Rúise faoi láthair.

21.3.2014

32.

Leifteanant-Ghinearál Igor Nikolaevich (Mykolayovich) TURCHENYUK

(Игорь Николаевич ТУРЧЕНЮК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 5.12.1959

Áit bhreithe: Osh, PSS na Kyrgyz, (an Chirgeastáin anois)

Iar-Cheannasaí de facto ar na trúpaí Rúiseacha a imscaradh sa Chrimé, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, (agus dá dtagraíonn an Rúis fós go hoifigiúil dóibh mar ‘mhílístí féinchosanta áitiúla’). Iar-Leas-Cheannasaí ar Cheantar Míleata an Deiscirt tráth.

Ceann Cheantar an Deiscirt den Russian National Guard.

21.3.2014

37.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 22.8.1960

Áit bhreithe: Alagir, North-Ossetian Autonomous SSR, RSFSR (Russian Federation anois)

Iar-Ghobharnóir ar chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil uirthi, san Úcráin.

Iar-Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation don Siberian Federal District. Comhalta de Security Council den Russian Federation.

Ceann Northern Ossetia ón 19 Meán Fómhair 2021.

29.4.2014

38.

Olga Fyodorovna KOVITIDI

(Ольга Фёдоровна КОВИТИДИ)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 7.5.1962

Áit bhreithe: Simferopol, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Comhalta den Russian Federation Council ón ‘Republic of Crimea’ Féinrialaitheach a ionghabhadh, ó 2014; é athcheaptha in 2019.

Comhalta faoi láthair ar an Federation Council Committee on Constitutional Legislation and State Building..

29.4.2014

50.

Vladimir Anatolievich SHAMANOV

(Владимир Анатольевич ШАМАНОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.2.1957

Áit bhreithe: Barnaul, Cónaidhm na Rúise

Iar-Cheannasaí ar Thrúpaí Aerbheirthe na Rúise, Coirnéal-Ginearál. Sa phost sinsearach sin dó, tá freagracht air as trúpaí aerbheirthe na Rúise a imscaradh sa Chrimé.

Iar-Chathaoirleach ar an Defence Committee of the State Duma of the Russian Federation. Comhalta den State Duma, Committee on Development of the Civil Society..

12.5.2014

60.

Natalia Vladimirovna POKLONSKAYA

(Наталья Владимировна ПОКЛОНСКАЯ)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 18.3.1980

Áit bhreithe: Mikhailovka, réigiún Voroshilovgrad, PSS na hÚcráine nó Yevpatoria, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Comhalta den State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Féinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iarionchúisitheoir, ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di. Chuir sé an ionghabháil a rinne an Rúis ar an gCrimé chun feidhme go gníomhach.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Idirnáisiúnta, comhalta den Choimisiún maidir leis an imscrúdú ar chur isteach eachtrach ar ghnóthaí inmheánacha Chónaidhm na Rúise, comhalta den Choiste um shlándáil agus um dhul i ngleic le héilliú State Duma of the Russian Federation. Tá post aige mar Ambasadóir i gcór taidhleoireachta Chónaidhm na Rúise.

12.5.2014

62.

Aleksandr Yurevich BORODAI

(Александр Юрьевич БОРОДАЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 25.7.1972

Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Iar-‘ Prime Minister of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, agus é freagrach as na gníomhaíochtaí ‘rialtais’ scarúnaíocha a dhéanann ‘government of the Donetsk People’s Republic’ mar a ghairtear de (e.g. an 8 Iúil 2014, dúirt sé go bhfuil ‘ár n-arm i mbun oibríochta speisialta i gcoinne ‘faisistithe’ de chuid na hÚcráine’), agus shínigh sé an Meabhrán Tuisceana maidir le ‘Novorossiya union’. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha; is é atá ina cheann feadhna ar ‘Union of Donbas volunteers’.

Cathaoirleach ar an Board of the Union of Volunteers of Donbass. Rannpháirteach go gníomhach in earcú agus in oiliúint ‘saorálaithe’ a cuireadh chun troda in Donbas.

Comhalta den State Duma ó mhí Meán Fómhair 2021. D’fhógair sé i mí Dheireadh Fómhair 2021 gur ‘fhórsaí Rúiseacha’ iad na fórsaí scarúnaíocha in Oirthear na hÚcráine.

12.7.2014

65.

Alexander KHRYAKOV

Aleksandr Vitalievich KHRYAKOV

(Александр Витальевич ХРЯКОВ)

Oleksandr Vitaliyovych KHRYAKOV

(Олександр Вiталiйович ХРЯКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 6.11.1958

Áit bhreithe: Donetsk, an Úcráin

Iar-‘Aire Faisnéise agus Ollchumarsáide’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Donetsk People’s Republic’. Comhalta faoi láthair de Choiste ‘People’s Council’ an ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, maidir leis an mBuiséad, an tAirgeadas agus an Beartas Eacnamaíoch. Fós ag tacú go gníomhach leis na gníomhaíochtaí scarúnaíocha in Oirthear na hÚcráine.

12.7.2014

66.

Marat Faatovich BASHIROV

(Марат Фаатович БАШИРОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 20.1.1964

Áit bhreithe: Izhevsk, Cónaidhm na Rúise

Iar-‘Prime Minister of the Council of Ministers of the Luhansk People’s Republic’ mar a ghairtear de, arna dhearbhú an 8 Iúil 2014.

Freagrach as gníomhaíochtaí scarúnaíochta ‘rialtasacha’‘government of the Luhansk People’s Republic ’ mar a ghairtear di.

Faoi láthair, tá sé ina eolaí polaitiúil san Institiúid um Bainistíocht Cumarsáide agus is é Stiúrthóir an Lárionaid um Staidéar ar Fhadhbanna Córas Smachtbhannaí Idirnáisiúnta.

Tá sé ag tacú le struchtúir scarúnaíochta an ‘Luhansk People’s Republic ’ mar a ghairtear di i gcónaí.

12.7.2014

77.

Boris Vyacheslavovich GRYZLOV

(Борис Вячеславович ГРЫЗЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.12.1950

Áit bhreithe: Vladivostok, Cónaidhm na Rúise

Iar-bhuanchomhalta den Security Council den Russian Federation. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé fós ina chathaoirleach ar Ardchomhairle na Rúise agus ina ionadaí lánchumhachtach ag Cónaidhm na Rúise sa Ghrúpa Teagmhála maidir leis an staid san Úcráin a réiteach.

Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Tactical Missiles Corporation JSC, fiontar ar leis an Stát é.

25.7.2014

79.

Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV

(Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.7.1981

Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Cónaidhm na Rúise

Iarchomhalta den State Duma.

Mar chomhalta den Duma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil ‘de facto embassy’ de ‘Donetsk People’s Republic’ (neamhaitheanta), mar a ghairtear de, i Moscó, agus cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cuidíonn sé leis an mbagairt orthu sin.

Iar-Chathaoirleach ar an Russian State Duma Committee on Physical Education, Sport and Youth Affairs.

Ó 19 Meán Fómhair 2021 i leith, tá sé ina Ghobharnóir ar Khabarovsk Krai.

Ó 6 Feabhra 2021 tá sé ina Chomhordaitheoir ar bhrainse réigiúnach Pháirtí Daonlathach Liobrálach na Rúise.

25.7.2014

84.

Fyodor Dmitrievich BEREZIN

(Фëдор Дмитриевич БЕРЕЗИН)

Fedir Dmytrovych BEREZIN

(Федiр Дмитрович БЕРЕЗIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 7.2.1960

Áit bhreithe: Donetsk, an Úcráin

Iar-‘leas-aire cosanta’ mar a ghairtear de, den ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Tá baint aige le Igor Strelkov/Girkin, atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, thug Berezin tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Comhalta den ‘People’s Council’ den ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear de. Cathaoirleach reatha ar Bhord Aontas Scríbhneoirí DNR.

25.7.2014

98.

Miroslav Vladimirovich RUDENKO

(Мирослав Владимирович РУДЕНКО)

Myroslav Volodymyrovych RUDENKO

(Мирослав Володимирович РУДЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 21.1.1983

Áit bhreithe: Debaltsevo, an Úcráin

Tá baint aige leis an ‘Donbass People’s Militia’. Tá sé ráite aige, inter alia, go leanfaidh siad ar aghaidh leis an troid sa chuid eile den tír. Dá bhrí sin, thacaigh Rudenko le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Comhalta den ‘People’s Council of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, maidir leis an Oideachas, an Eolaíocht agus an Cultúr.

12.9.2014

108.

Vladimir Abdualiyevich VASILYEV

(Владимир Абдуалиевич ВАСИЛЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 11.8.1949

Áit bhreithe: Klin, réigiún Mhoscó, Cónaidhm na Rúise

Iar-Leas-Spéicéir den State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘on the acceptance into the Russian Federation of the “Republic of Crimea” agus foirmiú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme — “Republic of Crimea” agus an City of Federal Status Sevastopol’.

Iarcheann ar an Republic of Dagestan. Iarchomhairleoir ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise.

Comhalta den State Duma agus ceannaire an United Russia faction ag an State Duma.

12.9.2014

114.

Igor Vladimirovich LEBEDEV

(Игорь Владимирович ЛЕБЕДЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.9.1972

Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Iarchomhalta den State Duma. Iar-Leas-Spéicéir, an State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme maidir le ‘on the acceptance into the Russian Federation of the “Republic of Crimea” and the formation within the Russian Federation of new federal subjects – the “Republic of Crimea” and the City of Federal Status Sevastopol’.

12.9.2014

119.

Alexander Mikhailovich BABAKOV

(Aлександр Михайлович БАБАКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 8.2.1963

Áit bhreithe: Chisinau, Moldavian SSR (Republic of Moldova anois)

Iar-Chomhalta den Federation Council of the Russian Federation. Comhalta den Committee on Foreign Affairs. Comhalta ar leith de ‘United Russia’ agus fear gnó a bhfuil infheistíocht mhór déanta aige in Ukraine agus in Crimea.

An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘on the acceptance into the Russian Federation of the “Republic of Crimea” and the formation within the Russian Federation of new federal subjects – the “Republic of Crimea” and the City of federal status of Sevastopol’.

Tar éis do na páirtithe polaitíochta – ‘A Just Russia’, ‘For Truth’ agus ‘Patriots of Russia’ a bheith cumasctha, ceapadh Babakov ina Rúnaí ar an Presidium ar Central Council an eintitis chumaiscthe.

Comhalta den State Duma, comhalta den Choimisiún um Fhuinneamh, tacaíocht do FBManna, Gnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách (CIS), comhtháthú Eoráiseach agus tacaíocht do chomhthírigh.

12.9.2014

121.

Oleg Konstantinovich AKIMOV (ar a dtugtar freisin Oleh AKIMOV)

(Олег Константинович АКИМОВ)

Oleh Kostiantynovych AKIMOV

(Олег Костянтинович АКIМОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.9.1981

Áit bhreithe: Luhansk, an Úcráin

Comhalta de chuid ‘Aontas Eacnamaíoch Luhansk’ i ‘National Council’ an ‘Luhansk People’s Republic’. Sheas sé mar iarrthóir sna ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, ar an 2 Samhain 2014, don phost mar ‘Head’, mar a ghairtear de, ar an ‘Luhansk People’s Republic’. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus, dá bhrí sin, bhí siad neamhdhleathach. Iar-‘Cheann’ ar an ‘Federation of Trade Unions’, mar a ghairtear di. Comhalta den ‘People’s Council’ de chuid an ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Cathaoirleach reatha Bhord na hEagraíochta Poiblí Idir-réigiúnaí ‘Union of Lugansk Communities’, a dhéanann ionadaíocht ar son an Choiste Lánpháirtíochta ‘Russia-Donbass’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, agus é ag glacadh páirte go foirmiúil mar iarrthóir sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Tacaíonn sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

29.11.2014

131.

Yevgeniy Vyacheslavovich ORLOV (ar a dtugtar freisin Yevhen Vyacheslavovych ORLOV)

(Евгений Вячеславович ОРЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.5.1980 nó 21.10.1983

Áit bhreithe: Snezhnoye, Donetsk oblast, an Úcráin

г. Снежное, Донецкой области, Украина

Iar-Chomhalta de ‘National Council’ an ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Iarchathaoirleach ar an ngluaiseacht phoiblí dar teideal ‘Free Donbass’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Iar-Leas-Chathaoirleach an DNR National Assembly Committee on Industry and Trade.

29.11.2014

137.

Eduard Aleksandrovich BASURIN

(Эдуард Александрович БАСУРИН)

Eduard Oleksandrovych BASURIN

(Едуард Олександрович БАСУРIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.6.1966

Áit bhreithe: Donetsk, an Úcráin

Urlabhraí agus Leas-Cheann de chuid ‘People’s Militia’‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Leas-Cheann agus ionadaí oifigiúil ‘People’s Militia Department of the DPR.’

16.2.2015

140.

Sergey Yurevich KUZOVLEV (ar a dtugtar freisin IGNATOV, TAMBOV)

(КУЗОВЛЕВ Сергей Юрьевич (ar a dtugtar freisin Сергей; ИГНАТОВ, ТAMБOB)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 7.1.1967

Áit bhreithe: Michurinsk, Tambov oblast, Cónaidhm na Rúise

Мичуринск, Тамбовская область, Российская Федерация

Iar-‘Ard-Cheannasaí’, mar a ghairtear de, ar ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Iar-Cheannasaí ar an ochtú hArm de chuid Fhórsa Armtha na Rúise. Ceann Foirne agus Céad-Leas-Cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Deiscirt de chuid na Rúise.

16.2.2015

149.

Andrei Valeryevich KARTAPOLOV

(Андрей Валерьевич КАРТAПOЛOВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 9.11.1963

Áit Bhreithe: Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine

Iar-Cheannasaí ar Limistéar Míleata an Iarthair. Iar-Stiúrthóir na Príomh-Roinne Oibríochtaí agus leas-cheann Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Rannpháirteach go gníomhach i bhfeachtas míleata fhórsaí na Rúise san Úcráin a mhúnlú agus a chur chun feidhme.

De réir ghníomhaíochtaí dearbhaithe na foirne ginearálta, trí rialú oibriúcháin a fheidhmiú ar na fórsaí armtha, bhí sé rannpháirteach go gníomhach i múnlú agus i gcur chun feidhme bheartas rialtas na Rúise lena gcuirtear iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine i mbaol.

An tIar-Leas-Aire Cosanta.

Comhalta State Duma ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith.

16.2.2015

152.

Ruslan Ismailovich BALBEK

(Руслан Исмаилович БАЛЬБЕК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 28.8.1977

Áit bhreithe: Bekabad, PSS na hÚisbéiceastáine (an Úisbéiceastáin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar Choiste an Duma um Ghnóthaí Eitneacha.

In 2014, ceapadh Balbek ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle na nAirí de chuid ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di, agus bhí sé ag obair sa cháil sin chun leithinis na Crimé, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, a chomhtháthú i gCónaidhm na Rúise, ar ina leith a bronnadh bonn air ‘I ngeall ar ‘Republic of Crimea’ a Chosaint’. Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé i ráitis phoiblí, lena n-áirítear ar a phróifíl ar shuíomh gréasáin na Rúise Aontaithe (brainse na Crimé) agus in alt preasa a foilsíodh ar shuíomh gréasáin NTV an 3 Iúil 2016.

9.11.2016

154.

Dmitry Anatolievich BELIK

(Дмитрий Анатольевич БЕЛИК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 17.10.1969

Áit bhreithe: Kula r. Ust-Yansky district, Yakut Autonomous SSR (Cónaidhm na Rúise anois)

Comhalta State Duma, tofa ó chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Comhalta de Choiste an Duma um Ghnóthaí Idirnáisiúnta.

Mar chomhalta d’údarás bardasach Sevastopol ó mhí Feabhra go mí an Mhárta 2014, thacaigh sé le gníomhaíochtaí ‘Méara na nDaoine’, mar a ghairtear de, Alexei Chaliy. D’admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin pearsanta agus in agallamh a foilsíodh an 21 Feabhra 2016 ar shuíomh gréasáin nation-news.ru.

Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála bronnadh ordú den dara céim de chuid Stáit na Rúise ‘For Merit to the Fatherland – second degree’ air.

9.11.2016

155.

Andrei Dmitrievich KOZENKO

(Андрей Дмитриевич КОЗЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 3.8.1981

Áit bhreithe: Simferopol, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Chomhalta de Choiste an Duma um Margaí Airgeadais.

I mí an Mhárta 2014, ceapadh an tUasal Kozenko ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di. D’admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin gazetacrimea.ru an 12 Márta 2016. Bhronn na ‘húdaráis’ áitiúla bonn air ‘I ngeall ar ‘Republic of Crimea’ a chosaint’ as ucht a bheith rannpháirteach i bpróiseas na hionghabhála.

9.11.2016

156.

Svetlana Borisovna SAVCHENKO

(Светлана Борисовна САВЧЕНКО)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 24.6.1965

Áit bhreithe: Belogorsk, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Chomhalta de Choiste an Duma um Chultúr.

Tá sí ina comhalta d’Ardchomhairle ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach ó 2012 i leith agus amhail ó mhí an Mhárta 2014 thacaigh sí le comhtháthú na Crimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise. I mí Mheán Fómhair 2014, toghadh Svetlana Borisovna Savchenko ar Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di. Chosain sí ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol go mion minic i ráitis phoiblí, lena n-áirítear in agallaimh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin c-pravda.ru an 2 Aibreán 2016 agus an 20 Lúnasa 2016. Bhronn ‘údaráis’‘Phoblacht na Crimé’ ordú Stáit na Rúise ‘For duties to the motherland’ – céim II uirthi in 2014 agus an t-ordú ‘I ngeall ar dhílseacht don dualgas’ uirthi in 2015.

9.11.2016

157.

Pavel Valentinovich SHPEROV

(Павел Валентинович ШПЕРОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 4.7.1971

Áit bhreithe: Simferopol, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Chomhalta de Choiste an Duma um Ghnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách, um lánpháirtiú Eoráiseach agus um chaidreamh le comhthírigh.

I mí Mheán Fómhair 2014, toghadh Shperov ar Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di.

D’admhaigh sé go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin ldpr-rk.ru an 3 Meán Fómhair 2016, go raibh ról aige in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol agus go háirithe go raibh ról aige i ndáil leis an reifreann neamhdhleathach ar ionghabháil neamhdhleathach na leithinse a eagrú.

9.11.2016

162.

Inna Nikolayevna GUZEYEVA

(Инна Николаевна ГУЗЕЕВА)

Inna Nikolayevna GUZEEVA

(Инна Николаевна ГУЗЕЕВА)

Inna Mykolayivna HUZIEIEVA

(Iнна Миколаївна ГУЗЄЄВА)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 20.5.1971

Áit bhreithe: An Chrimé, an Úcráin

Leas-Chathaoirleach Choimisiún Toghcháin na Crimé. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018, na dtoghchán réigiúnach agus áitiúil a tionóladh an 8 Meán Fómhair 2019 agus in eagrú thoghcháin an Duma i mí Mheán Fómhair 2021 sa Chrimé agus in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sí na beartais sin chun feidhme.

14.5.2018

163.

Natalya Ivanovna BEZRUCHENKO/Natalia Ivanovna BEZRUCHENKO

(Наталья Ивановна БЕЗРУЧЕНКО)

Nataliya Ivanivna BEZRUCHENKO

(Наталiя Iванiвна БЕЗРУЧЕНКО)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 22.8.1979

Áit bhreithe: Simferopol, an Chrimé, an Úcráin

Rúnaí Choimisiún Toghcháin na Crimé. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018, na dtoghchán réigiúnach agus áitiúil a tionóladh an 8 Meán Fómhair 2019 agus in eagrú thoghcháin an Duma i mí Mheán Fómhair 2021 sa Chrimé agus in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sí na beartais sin chun feidhme.

14.5.2018

167.

Olga Valerievna POZDNYAKOVA/Olga Valeryevna POZDNYAKOVA

(Ольга Валерьевна ПОЗДНЯКОВА)

Olga Valeriyivna POZDNYAKOVA

(Ольга Валерiївна ПОЗДНЯКОВА)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 30.3.1982

Áit bhreithe: Shakhty, Oblast Rostov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Iar-‘Cathaoirleach’ ar ‘Central Electoral Commission’‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

Iar-Cheann na Stiúrthóireachta um Beartas Intíre laistigh de riarachán ‘Head of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear de.

10.12.2018

183.

Aleksandr Vladimirovich DVORNIKOV

(Александр Владимирович ДВОРНИКОВ)

Inscne: fireann; Dáta breithe: 22.8.1961

Áit bhreithe: Ussuriysk, Primorskiy Krai, Cónaidhm na Rúise

Ceannasaí Cheantar Míleata an Deiscirt d’Fhórsaí Armtha na Rúise, Ginearál an Airm agus is é a bhí freagrach as fórsaí míleata sa réigiún, lena n-áirítear an Chrimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa cháil sin dó, is é a bhí freagrach as gníomhaíochtaí Chabhlach na Mara Duibhe agus fórsaí míleata eile ó Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 25 Samhain 2018, rud a d’fhág nár fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine.

Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise.

15.3.2019

184.

Sergei Andreevich DANILENKO

(Сергей Андреевич ДАНИЛЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 14.3.1960

Áit bhreithe: Krasnodar, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Iar-Cheann an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil seo, ghlac sé páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.1.2020

185.

Lidia Aleksandrovna BASOVA

(Лидия Александровна БАСОВА)

Lidiya Oleksandrivna BASOVA

(Лiдiя Олександрiвна БАСОВА)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 1972

Iar-Leas-Cheann an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.1.2020

192.

Leonid Kronidovich RYZHENKIN

(Леонид Кронидович РЫЖЕНЬКИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.11.1967

Áit bhreithe: ní fios

Pasuimhir: 722706177 (in 2015)

Iar-Leas-Ard-Stiúrthóir ar thionscadail bhonneagair ag Stroigazmontazh (SGM), cuideachta atá i mbun maoirseachta ó 2015 ar thógáil an droichid ar Chaolas Kerch (lena n-áirítear an chuid sin den droichead ar iarnród é) a nascann an Rúis agus leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020”

Eintitis

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

Fiontar Aonadach Stáit de chuid ‘Republic of Crimea’‘Chernomorneftegaz’

(ar a dtugtaí PJSC ‘Chernomorneftegaz’ tráth)

Prospekt Kirov 52, Simferopol, an Chrimé, an Úcráin 295000

пр. Кирова 52, г. Симферополь, Крым, Украина 295000

Teil:

+7 (3652) 66-70-00

+7 (3652) 66-78-00

http://gas.crimea.ru/

office@chernomorneftegaz.ru

Cláruimhir: 1149102099717

An 17 Márta 2014, ghlac ‘Parlaimint na Crimé’ rún á dhearbhú go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid Chernomorneftegaz a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán. An 29 Samhain 2014, athchláraíodh mar Institiúid Aonadach Stáit de chuid ‘Republic of Crimea’ é i.e. ‘Chernomorneftegaz’ (Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Черноморнефтегаз’). Bunaitheoir: Aireacht Breosla agus Fuinnimh ‘Republic of Crimea’ (Министерство топлива и энергетики ‘Республики Крым’).

12.5.2014

19.

An institiúid bhuiséadach stáit fheidearálach don eolaíocht agus taighde darb ainm ‘All- Russia national scientific research institute for wine growing and wine making ‘Magarach’ Russian Academy of Sciences’

Федеральное государственное бюджетное учреждение науки ‘Всероссийский национальный научно-исследовательский институт виноградарства и виноделия ‘Магарач’ РАН’

298600, Kirov Street 31, Yalta, an Chrimé, an Úcráin

298600, ул. Кирова, 31, г. Ялта, Крым, Украина

priemnaya@magarach-institut.ru

www.magarach-institut.ru

+7(3654) 32-05-91

Cláruimhir: 1159102130857

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Uachtarán Pharlaimint na Crimé’ cinneadh Uimhir 1991-6/14 ‘Maidir leis na leasuithe a rinneadh ar an Rún ó Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’ an 26 Márta 2014 Uimhir 1836-6/14 ‘Maidir le náisiúnú a dhéanamh ar mhaoin de chuid fiontar, institiúidí, agus comhlachtaí sa choimpléasc agra-thionsclaíoch, suite sa limistéar ‘Republic of Crimea’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an fhiontair stáit ‘Gosudarstvenoye predpriyatiye Agrofirma ‘Magarach’ nacionalnogo instituta vinograda i vina ‘Magarach’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán.

Athchláraíodh é an 15 Eanáir 2015 mar ‘State Unitary Institution of the ‘Republic of Crimea’ National Institute of Wine ‘Magarach’.

(Государственное бюджетное учреждение ‘Республики Крым’‘Национальный научно исследовательский институт винограда и вина “Магарач”’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta ‘Republic of Crimea’ (Министерство топлива и энергетики ‘Республики Крым’).

25.7.2014

(Ar a dtugtaí an ‘State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘National Institute of Wine ‘Magarach’ tráth’

Ar a dtugtaí an ‘State enterprise ‘Magarach’ of the national institute of wine’ tráth ‘Государственное предприятие

Агрофирма ‘Магарач’ Национального института винограда и вина ‘Магарач’

Gosudarstvenoye predpriyatiye Agrofirma ‘Magarach’ nacionalnogo instituta vinograda i vina ‘Magarach’)

An 9 Feabhra 2015, rinneadh Federal Budgetary scientific facility ‘All-Russia scientific-research institute of viticulture and winemaking ‘Magarach’, Russian Academy of Sciences, as an State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘National Institute of Wine “Magarach”’.

20.

Cuideachta chomhstoic ‘Sparkling wine plant ‘Novy Svet’

Aкционерное общество ‘Завод шампанских вин ‘Новый Свет’

Ar a dtugtaí State unitary enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘Sparkling wine plant ‘Novy Svet’ tráth’

298032, Crimea, Sudak, Novy Svet, str. Shalapina 1.

298032, Крым, г. Судак, пгт. Новый Свет, ул. Шаляпина, д. 1

+7-(365) 663-35-00

+7-(365) 663-35-22

+7-978-914- 00-10

http://nsvet-crimea.ru/

Cláruimhir: 1179102021460

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Uachtarán Pharlaimint na Crimé’ cinneadh Uimhir 1991-6/14 ‘Maidir leis na leasuithe a rinneadh ar an Rún ó Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’ an 26 Márta 2014 Uimhir 1836-6/14 ‘Maidir le náisiúnú a dhéanamh ar mhaoin de chuid fiontar, institiúidí, agus comhlachtaí sa choimpléasc agra thionsclaíoch, suite sa limistéar ‘Republic of Crimea’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid ‘Zavod shampanskykh vin Novy Svet’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’.

25.7.2014

Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Завод шампанских вин ‘Новый Свет’

Gosudarstvennoye unitarnoye predpriyatiye Respubliki Krym ‘Zavod shampanskykh vin ‘Novy Svet’ agus mar ‘State enterprise sparkling wine plant ‘Novy Svet’

Государственное предприятие Завод шампанских вин ‘Новый свет’ (Gosudarstvenoye predpriyatiye Zavod shampanskykh vin ‘Novy Svet’)

Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán. An 4 Eanáir 2015, athchláraíodh mar State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘sparkling wine plant 'Novy Svet’ (Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Завод шампанских вин ‘Новый Свет”’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta ‘Republic of Crimea’ (Министерство топлива и энергетики Республики Крым)

Athchláraíodh tar éis í a atheagrú an 29 Lúnasa 2017 mar chuideachta chomhstoic ‘Sparkling wine plant ‘Novy Svet’ (Aкционерное общество ‘Завод шампанских вин “Новый Свет”’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta agus Maoine Rialacháin ‘Republic of Crimea’ (Министерство земельных и имущественных отношений Республики Крым).

25.

Gluaiseacht phoblí ‘Peace to Luhansk Region’ (Mir Luganschine) Общественное движение ‘Мир Луганщине’

https://mir-lug.info/

Seoladh: Sráid Karl Marx 7, Luhansk, an Úcráin

улица Карла Маркса, 7, г. Луганск, Украина

info@mir-lug.info

‘Gluaiseacht’ phoiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, i ‘Luhansk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is sárú iad na ‘toghcháin’ sin ar dhlí na hÚcráine agus iad neamhdhleathach dá réir. Ón 17 Feabhra 2018 i leith, is é Leonid PASECHNIK cathaoirleach na heagraíochta sin agus dá bhrí sin, tá baint aige le duine atá ainmnithe ag an gComhairle.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

29.11.2014

26.

Gluaiseacht Phoiblí ‘Free Donbass’ (ar a dtugtar freisin ‘Free Donbass’,‘Svobodny Donbass’) Общественное движение ‘Свободньιй Донбасс’

http://www.odsd.ru/

https://xn--d1aa2an.xn--p1ai/

Seoladh:

102, Khmelnitsky Ave., Donetsk (office 512)

Донецк, пр. Б.Хмельницкого, 102, офис 512

press-odsd@yandex.ru

‘Eagraíocht’ phoiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, i ‘Donetsk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is sárú iad na ‘toghcháin’ sin ar dhlí na hÚcráine agus iad neamhdhleathach dá réir.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

29.11.2014

33.

Prizrak brigade

Бригада “Призрак”

Seoladh: District 50 Year of the USSR, 18; c. of Kirovsk

https://vk.com/battalionprizrak

mail@prizrak.info

+38 (072) 199-86-39

Grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

Cuid den ‘2nd Army Corps’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Lugansk People’s Republic’.

Dá ngairtear ‘14th Motorized Rifle Battalion’ freisin.

Mar chuid de Daon-Mhílíste de ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear de.

16.2.2015’

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/18

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/409 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Márta 2022

lena leasaítear den 329ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 3 Márta 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe dhá iontráil a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Is gá freisin a léiriú, i gcás aon ainmniú amháin, cuíchóiriú teicniúil ar liosta NA trí chomhdhlúthú na n-ailiasanna a dhéanann Coiste Smachtbhannaí NA.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil

(1)   IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.

IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:

1.

“'Abd Al-Malik Muhammad Yusuf 'Uthman 'Abd Al-Salam (script bhunaidh: عبدالملك محمد يوحف عحمان عبد الحلام) (ailias dea-cháilíochta: (a) 'Abd al-Malik Muhammad Yusif 'Abd-al-Salam; ailias ísealcháilíochta: (a) 'Umar al-Qatari; (b) 'Umar al-Tayyar). Dáta breithe: 13.7.1989. Náisiúntacht: Iordánach. Uimhir phas: K475336 (Pas Iordánach, eisíodh an 31.8.2009, chuaigh as feidhm an 30.8.2014). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.1.2015.”

2.

“Nayif Salih Salim Al-Qaysi (ailias: a) Naif Saleh Salem al Qaisi b) Nayif al-Ghaysi). Dáta breithe: 1983. Áit bhreithe: Gobharnóireacht Al-Baydah, Éimin. Náisiúntacht: Éimineach. Uimhir phas: 04796738 Éimin. Seoladh: a) Gobharnóireacht Al-Baydah, Éimin b) Sana'a, Éimin (seoladh roimhe sin). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 22.2.2017.”

3.

“Sadruddin, Alhaj, Mullah (Méara ar Chathair Chabúl)”

4.

“Sayed, Alhaj Mullah Sadudin (Méara ar Chathair Chabúl)”

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/20

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/410 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le bainistiú aeracmhainneachta leanúnaí i ngrúpáil aonair ghnó aeriompróra

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) agus Airteagal 62(14) agus Airteagal 15 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach, lena n-áirítear na ceanglais maidir lena bainistiú.

(2)

De bhun Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, i gcás aerárthaí a úsáideann aeriompróirí arna gceadúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), is é an t-oibreoir a bheidh freagrach as aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí a oibríonn sé agus formheasfar é, mar chuid dá theastas aeroibreora, mar eagraíocht um bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí (“CAMO”) de bhun Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO).

(3)

Nuair is cuid de ghrúpáil aonair ghnó iad aeriompróirí, cruthaítear leis an gceanglas sin bacainní áirithe maidir le comhchórais um bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí (“CAW”) do na haerárthaí uile atá á n-oibriú ag an ngrúpáil sin a bhunú agus a chur chun feidhme. Mar thoradh ar easpa comhchórais bhainistithe CAW, tá dúbailt cúraimí ann toisc nach mbaineann na heagraíochtaí tairbhe as cuspóirí agus nósanna imeachta comhchosúla a bheith acu, agus déantar idir-inoibritheacht gearr-ama aerárthaí idir sealbhóirí éagsúla teastas aeroibreora (“AOC”) a chosc.

(4)

Ina theannta sin, measann an earnáil tionsclaíochta go gcruthaíonn an staid reatha míbhuntáiste san iomaíocht i gcomparáid le haeroibreoirí eile lasmuigh den Aontas Eorpach nach bhfuil faoi réir srianta dlíthiúla den sórt sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 a leasú chun a cheadú d’aeriompróirí arna gceadúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus atá mar chuid de ghrúpáil aonair ghnó aeriompróra chun CAMO laistigh den ghrúpáil sin a fháil ar chonradh chun aeracmhainneacht leanúnach aerárthaí a oibríonn siad a bhainistiú.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 04/2021 (4) ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointe (b), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 2, cuirtear an pointe (t) seo a leanas leis:

“(t)

Ciallaíonn ‘comhchuibhiú córas bainistíochta’ an próiseas comhordaithe trína n-idirghníomhaíonn córais bhainistíochta dhá eagraíocht nó níos mó agus trína roinneann siad faisnéis agus modhanna chun cuspóirí coiteanna nó comhsheasmhacha faireacháin maidir le sábháilteacht agus comhlíonadh a bhaint amach.”;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(4)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions

IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

i bpointe M.A.201, cuirtear isteach na pointí (ea) agus (eb) seo a leanas:

“(ea)

De mhaolú ar phointe (e)(2), féadfaidh dhá oibreoir ar a laghad ar cuid de ghrúpáil aonair ghnó aeriompróra iad CAMO céanna a úsáid chun freagracht a ghlacadh as bainistiú leanúnach aeracmhainneachta na n-aerárthaí uile a oibríonn siad, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(1)

go bhformheasfar CAMO i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) maidir leis na haerárthaí atá le bainistiú;

(2)

gur cuid den ghrúpáil chéanna ghnó aeriompróra leis na hoibreoirí lena mbaineann é CAMO;

(3)

go mbunaítear conradh i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo idir CAMO agus an sealbhóir AOC nach bhfuil formheasta mar CAMO é féin;

(4)

gur sa chríoch a bhfuil feidhm ag na Conarthaí atá an príomháit ghnó ag CAMO;

(5)

go bhfuil córais bhainistíochta aonair na n-eagraíochtaí a thugann conradh i gcrích comhchuibhithe le chéile.

(eb)

De mhaolú ar phointe (e)(2), maidir le haeriompróir atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus atá ina chuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra nach gcomhlíonann pointe M.A.201(ea) a thuilleadh mar thoradh ar fhoirceannadh nó cúlghairm deimhnithe aeroibreora, déanfaidh an t-aeriompróir sin plean gníomhaíochta a shainiú agus a chur chun feidhme chun sástacht an údaráis inniúil chun pointe M.A.201(e)(2) a chomhlíonadh a luaithe is indéanta”;

(2)

Leasaítear Foscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.

Luafar ann an méid seo a leanas:

‘Cuirfidh an t-úinéir nó an t-oibreoir cúram bhainistithe leanúnaí aeracmhainneachta na n-aerárthaí ar CAMO nó ar CAO, lena n-áirítear forbairt AMP, ach gan a bheith teoranta de sin, AMP a bheidh formheasta ag an údarás inniúil mar a shonraítear i bpointe M.1 agus eagrú chothabháil na n-aerárthach i gcomhréir le AMP sin.

De réir an chonartha reatha, geallann an dá shínitheoir go gcloífidh siad le hoibleagáidí an chonartha sin faoi seach.

Dearbhaíonn an t-úinéir nó an t-oibreoir, chomh fada agus is eol dóibh, maidir leis an fhaisnéis uile a thugtar do CAMO nó do CAO maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí, go bhfuil sí beacht agus go leanfaidh sí de bheith beacht, agus nach ndéanfar na haerárthaí a dheisiú ná a mhodhnú gan réamhthoiliú CAMO nó CAO.

I gcás aon neamh-chomhréireacht leis an gconradh seo ag ceachtar de na sínitheoirí, déanfaidh CAMO nó CAO agus an t-úinéir nó an t-oibreoir measúnú an bhfuil tionchar aige sin ar leanúint den chonradh agus cuirfidh siad údarás inniúil/údaráis inniúla na n-eagraíochtaí sin ar an eolas. Leis an measúnú a dhéanfaidh na heagraíochtaí breithneofar tábhacht na neamh-chomhréireachta ó thaobh na sábháilteachta de agus breithneofar an de chineál atriallach é. Tar éis an mheasúnaithe sin más é conclúid ceachtar de na sínitheoirí nach féidir leo a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh de bharr a laincisí féin nó de bharr mhainneachtain an tsínitheora, cuirfear an conradh ar ceal agus cuirfear údarás inniúil/údaráis inniúla na n-eagraíochtaí ar an eolas láithreach. I gcás den chineál sin, glacfaidh an t-úinéir nó an t-oibreoir freagracht iomlán as gach cúram atá nasctha le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí, agus cuirfidh an t-úinéir nó an t-oibreoir údaráis inniúla Bhallstát an chláraithe ar an eolas laistigh de 2 sheachtain faoin neamhchomhréireacht sin leis an gconradh. I gcás ina dtabharfar conradh i gcrích i gcomhréir le M.A.201(ea), cuirfear údarás inniúil Bhallstát an chláraithe ar an eolas láithreach.’ ’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda tosaigh de mhír 5:

“I gcás ina ndéanann úinéir nó oibreoir CAMO nó CAO a thabhairt ar conradh i gcomhréir le pointe M.A.201, sonrófar sa chonradh oibleagáidí gach páirtí mar seo a leanas:”;

(c)

i bpointe 5.1(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

an chothabháil is gá a bhunú agus a ordú chun nasc iomchuí a áirithiú le hiarchlár cothabhála na n-aerárthaí;”;

(d)

i bpointe 5.1(2) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

comhordú a dhéanamh ar chothabháil sceidealta a chur i gcrích, lena n-áirítear cigireacht a dhéanamh ar chomhpháirteanna, codanna atá teoranta ó thaobh an tsaoil de a athsholáthar agus ar aon AD is infheidhme a bhaint amach, agus comhlíonadh a áirithiú leis na ceanglais oibríochtúla a bhfuil tionchar acu ar aeracmhainneacht leanúnach, le ceanglais maidir le haeracmhainneacht leanúnach arna mbunú ag an nGníomhaireacht agus le bearta arna n-éileamh ag an údarás inniúil mar fhreagairt láithreach ar fhadhb sábháilteachta;”;

(e)

i bpointe 5.1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (j), (k) agus (l):

“(j)

an t-úinéir nó an t-oibreoir a chur ar an eolas gach uair atá an t-aerárthach le tabhairt chuig eagraíocht chothabhála cheadaithe;

(k)

taifid aeracmhainneachta leanúnaí na n-aerárthaí a bhainistiú agus a chartlannú;

(l)

comhordú a dhéanamh leis an oibreoir nó leis an úinéir maidir le haon iarraidh ar an údarás inniúil ábhartha ar aon imeacht ó chlár cothabhála na n-aerárthaí;”

(f)

i bpointe 5.1(2) cuirtear isteach an pointe (m) seo a leanas:

“(m)

tacaíocht a thabhairt don oibreoir nó don phíolóta-úinéir maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí nuair a dhéanann siad eitiltí trialacha cothabhála.”;

(g)

i bpointe 5.2, cuirtear na pointí seo a leanas 13, 14 agus 15 leis:

“13.

comhlíontacht a áirithiú leis an gclár cothabhála formheasta agus comhordú a dhéanamh le CAMO nó le CAO maidir le haon iarraidh ar an údarás inniúil ábhartha ar aon síneadh ama aonuaire a chur le heatramh an chláir chothabhála;

14.

CAMO nó CAO a chur ar an eolas faoi aon neamhchomhlíonadh i ndáil le ceanglais oibríochtúla a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí;

15.

CAMO nó CAO a chur ar an eolas faoi aon cheanglas oibríochta (e.g. saincheaduithe) is gá a chomhlíonadh chun an t-aerárthach a chothabháil sa chumraíocht is gá.”;

(h)

cuirtear an pointe 7 seo a leanas leis:

“7.

Ceanglais bhreise i gcás pointe M.A.201(ea) a chur i bhfeidhm

De bhreis ar na ceanglais agus na n-oibleagáidí thuasluaite i bpointe 5.1 agus pointe 5.2, i gcás ina dtabharfar conradh i gcrích idir CAMO agus an t-oibreoir i gcomhréir le pointe M.A.201(ea), comhlíonfaidh an conradh bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí ceanglais phointí 7.1 go 7.3 freisin.

Sula síneofar an conradh, déanfaidh an t-oibreoir measúnú ar CAMO chun a áirithiú go mbeidh an cumas agus an acmhainneacht ag CAMO an conradh a chomhlíonadh.

7.1.

Incháilitheacht

Ní thabharfar an conradh aeracmhainneachta leanúnaí i gcomhréir le M.A.201(ea) i gcrích ach amháin i gcás ina bhfuil an t-aeriompróir lena mbaineann ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 agus i gcás gur cuid den ghrúpáil chéanna ghnó aeriompróra é CAMO. Beidh tuairisc shoiléir sa chonradh bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí ar an gcaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a bhfuil tuairisc orthu in M.A.201(ea). Tabharfar tuairisc ann go háirithe ar an gcaoi a gcomhchuibhítear córais bhainistíochta aonair na n-eagraíochtaí eatarthu féin.

7.2.

Oibleagáidí breise CAMO:

1.

a bheith eolach ar nós imeachta an oibreora a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an gconradh;

2.

comhaontú an oibreora a fháil sula ndéanfaidh sé cúraimí maidir le haeracmhainneacht leanúnach a chur amach ar fochonradh;

3.

údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a chur ar an eolas láithreach aon uair nach gcuirfidh an t-oibreoir an t-aerárthach faoi bhráid na heagraíochta cothabhála formheasta faoi mar a d’iarr CAMO, i gcás nach n-urramaítear an conradh reatha nó i gcás ina gcuireann ceachtar páirtí deireadh leis an gconradh;

4.

oiliúint a chur ar fáil d’fhoireann an oibreora chun a áirithiú go bhfuil tuiscint acu ar na nithe seo a leanas a bhaineann le CAMO:

(a)

beartais agus nósanna imeachta, freagrachtaí, oibleagáidí, dualgais agus réimsí an chomhéadain;

(b)

línte cumarsáide (mar shampla taifid aerárthaí, faisnéis bheacht faoi aeracmhainneacht a mhalartú go tráthúil lena n-áirítear lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre);

(c)

nósanna imeachta a bhaineann go sonrach le CAMO amhail úsáid bogearraí saincheaptha, faireachán ar an iontaofacht, úsáid an chórais loga theicniúil aerárthaí, agus forálacha idir-inoibritheachta.

7.3.

Oibleagáidí breise an oibritheora:

1.

forbairt a dhéanamh ar nósanna imeachta comhéadain le CAMO chun aghaidh a thabhairt ar an deimhnithe athbhreithnithe aeracmhainneachta a eisiúint agus a athnuachan;

2.

i gcás riachtanas cothabhála gan choinne i suíomhanna nach bhfuil eagraíocht chothabhála ann a bhfuil conradh déanta léi, ar eagraíocht í a formheasadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) a ghabhann leis an Rialachán seo, CAMO a chur ar an eolas láithreach;

3.

údarás inniúil Bhallstát an chláraithe a chur ar an eolas láithreach aon uair a chuireann ceachtar páirtí deireadh leis an gconradh;

4.

oiliúint a chur ar fáil d’fhoireann CAMO chun a áirithiú go bhfuil tuiscint acu ar na nithe seo a leanas a bhaineann leis an oibreoir:

(a)

beartais agus nósanna imeachta, freagrachtaí, oibleagáidí, dualgais agus réimsí an chomhéadain;

(b)

línte cumarsáide;

(c)

nósanna imeachta a bhaineann go sonrach leis an oibreoir amhail nósanna imeachta oibríochtúla, úsáid bogearraí saincheaptha, faireachán ar an iontaofacht, úsáid an chórais loga theicniúil aerárthaí, agus forálacha idir-inoibritheachta.”.

IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAMO.A.105:

“CAMO.A.105 Údarás inniúil

Chun críoch na hIarscríbhinne seo is é an t-údarás inniúil a bheidh ann:

(a)

i gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó i gcríoch atá faoi fhreagracht Bhallstát de réir Choinbhinsiún Chicago, ceann amháin de na húdaráis seo a leanas:

(i)

an t-údarás arna ainmniú ag an mBallstát sin ina bhfuil príomháit ghnó na heagraíochta sin lonnaithe, i gcás nach n-áirítear an formheas ar dheimhniú aeroibreora nó i gcás ina ndéantar conradh le CAMO i gcomhréir le M.A.201(ea);

(ii)

an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát an oibreora, i gcás ina n-áirítear an formheas ar dheimhniú aeroibreora;

(iii)

an t-údarás arna ainmniú ag Ballstát cé is moite de (i) nó (ii), i gcás inar ath-leithdháileadh an fhreagracht ar an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2018/1139;

(iv)

an Ghníomhaireacht i gcás inar ath-leithdháileadh an fhreagracht ar an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagail 64 nó 65 de Rialachán (AE) 2018/1139;

(b)

an Ghníomhaireachti gcás ina bhfuil príomháit ghnó na heagraíochta lonnaithe lasmuigh de chríoch atá faoi fhreagracht Bhallstát de réir Choinbhinsiún Chicago.”;

(2)

i bpointe CAMO.A.125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

D’ainneoin phointe (a), maidir le haeriompróirí atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, beidh an formheas mar chuid den deimhniú aeroibreora arna eisiúint ag an údarás inniúil i ndáil leis na haerárthaí a oibrítear ach amháin, i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), i gcás ina ndéanann oibreoirí ar cuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair iad conradh le CAMO.”;

(3)

i bpointe (d) de CAMO.A.125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2)

bainistíocht a dhéanamh ar aeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthaí a mbaineann aeriompróirí atá ceadúnaithe úsáid astu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, i gcás ina liostaítear ar a dheimhniú féin agus ar dheimhniú an aeroibreora araon nó i gcás ina mbeidh feidhm ag M.A.201(ea);”;

(4)

i bpointe CAMO.A.135, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

D’ainneoin phointe (b), i gcás ina ndéanann oibreoirí ar cuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair iad i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) conradh le CAMO, ní chuireann foirceannadh, fionraí nó cúlghairm an deimhnithe aeroibreora deimhniú CAMO ó bhail go huathoibríoch. Sa chás sin, an conradh a rinneadh i gcomhréir le Foscríbhinn I a ghabhann le hIarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann leis an Rialachán seo, rachaidh sé ar neamhní.”;

(5)

i bpointe CAMO.A.135, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

“(d)

I gcás tabhairt suas nó chúlghairm, tabharfar deimhniú na heagraíochta ar ais don údarás inniúil gan mhoill.”;

(6)

i bpointe CAMO.A.200, cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:

“(e)

I gcás ina ndéanfar conradh a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), idir CAMO agus oibreoirí ar cuid de ghrúpáil ghnó aeriompróra aonair iad, áiritheoidh CAMO go ndéanfar a chóras bainistíochta a chomhchuibhiú le córais bhainistíochta na n-oibreoirí ar cuid den ghrúpáil ghnó sin iad.”;

(7)

i bpointe CAMO.A.305, cuirtear an pointe (ba) seo a leanas isteach:

“(ba)

Maidir leis an duine nó na daoine a ainmneofar i gcomhréir le pointe (a)(3) de phointe CAMO.A.305, má tá sé nó má tá siad bainteach le gníomhaíochtaí bainistithe aeracmhainneachta leanúnaí a bhaineann le conradh arna bhunú i gcomhréir le pointe M.A.201(ea), ní fhostóidh eagraíocht a formheasadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Cuid-145) faoi chonradh le CAMO an duine nó na daoine sin, gan comhaontú sonrach an údaráis inniúil.”;

(8)

i bpointe CAMO.B.300, cuirtear an pointe (g) seo a leanas isteach:

“(g)

I gcás ina dtugtar conradh i gcrích i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid-M), an t-údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar CAMO agus na húdaráis inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na hoibreoirí lena mbaineann, comhoibreoidh siad chun malartú faisnéise atá ábhartha le haghaidh chomhlíonadh a gcúraimí a áirithiú. Áireofar sa chomhoibriú sin malartú faisnéise maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanann na húdaráis inniúla sin agus féadfar a áireamh air sin cúraimí formhaoirseachta ar CAMO arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as na hoibreoirí.”;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn I:

“Aguisín I

Deimhniú Eagraíochta um Bainistiú Leanúnach Aeracmhainneachta – Foirm 14 EASA

[BALLSTÁT (*)]

Ballstát den Aontas Eorpach (**)

EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ LEANÚNACH AERACMHAINNEACHTA

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT *].CAMO.XXXX

(Tagairt/Tagairtí: cuir san áireamh anseo formheas AOC/formheasanna AOC XX.XXXX)

De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT*] leis seo go bhfuil:

[AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

ina eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

COINNÍOLLACHA:

1.

Tá an deimhniú seo teoranta don raon feidhme a shonraítear i roinn raon feidhme na hoibre den lámhleabhar um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta formheasta (CAME) dá dtagraítear i gCuid A, d’Iarscríbhinn I (Cuid-M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

2.

Leis an deimhniú seo ceanglaítear go gcomhlíontar na nósanna imeachta dá sonraítear i CAME arna fhormheas i gcomhréir le hIarscríbhinn Vc (Cuid- CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

3.

Is bailí an deimhniú seo fad a leanann an eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta formheasta de bheith i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-M), Iarscríbhinn Vb (Cuid-ML) agus Iarscríbhinn I (Cuid-CAMO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún.

4.

I gcás ina ndéanann eagraíocht um bainistiú leanúnach aeracmhainneachta seirbhís eagraíochta nó seirbhís roinnt eagraíochtaí a chur ar fochonradh, leanfaidh an deimhniú sin de bheith bailí faoi réir oibleagáidí conarthacha is infheidhme de bheith á gcomhlíonadh ag an eagraíocht sin nó na heagraíochtaí sin.

5.

Faoi réir chomhlíonadh choinníollacha 1 go 4 thuas, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, ach amháin i gcás inar géilleadh é, inar cuireadh deimhniú eile ina ionad, inar cuireadh ar fionraí é nó inar cúlghaireadh é roimhe seo.

Má úsáidtear an fhoirm seo freisin do shealbhóirí deimhnithe aeroibreora (AOC) (iompróirí aeir atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008), cuirfear an uimhir AOC, nó más i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid – M) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún atá sé, cuirfear na huimhreacha AOC leis an tagairt, i dteannta na huimhreach caighdeánaí, agus cuirfear na coinníollacha breise seo a leanas in ionad choinníoll 5:

6.

Ní hionann an deimhniú seo agus údarú chun na cineálacha aerárthaí dá dtagraítear i gcoinníoll 1 a oibriú. Is é AOC an t-údarú chun na haerárthaí a oibriú.

7.

I gcás ina ndéantar AOC aeriompróra atá ceadúnaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a fhoirceannadh, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, neamhbhailítear go huathoibríoch an deimhniú seo maidir leis na clárúcháin aerárthaí a shonraítear san AOC ach amháin i gcás ina ndéantar conradh le CAMO i gcomhréir le pointe M.A.201(ea) d’Iarscríbhinn I (Cuid – M) de Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún, ach amháin má shonraíonn an t-údarás inniúil a mhalairt go sainráite.

8.

Faoi réir chomhlíonadh choinníollacha 1 go 4 thuas, leanfaidh an deimhniú seo de bheith bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, ach amháin i gcás inar géilleadh é, inar cuireadh deimhniú eile ina ionad, inar cuireadh ar fionraí é nó inar cúlghaireadh é roimhe seo.

Dáta na heisiúna bunaidh: …

Sínithe: …

Dáta an athbhreithnithe seo: … Uimhir an athbhreithnithe: …

Le haghaidh an údaráis inniúil: [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT (*)]

Leathanach… de …

Leathanach 2 de 2

EAGRAÍOCHT UM BAINISTIÚ LEANÚNACH AERACMHAINNEACHTA

TÉARMAÍ AN CHEADAITHE

Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT *].CAMO.XXXX

(Tagairt(í) AOC XX.XXXX)

Eagraíocht: [AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

Cineál/sraith/grúpa na n-aerárthaí

Athbhreithniú aeracmhainneachta údaraithe

Ceadúnais eitilte údaraithe

Eagraíochtaí ar fochonradh

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

[ÚDARAÍTEAR/NÍ ÚDARAÍTEAR]

***

Tá téarmaí an fhormheasa teoranta do raon na hoibre atá sa roinn CAME formheasta…

Tagairt CAME: …

Dáta na heisiúna bunaidh: …

Sínithe: …

Dáta an athbhreithnithe seo: … Uimhir an athbhreithnithe: …

Le haghaidh an Údaráis Inniúil: [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT *]

Foirm 14 EASA, Eagrán 6

(*)

nó ‘EASA’, más é EASA an t-údarás inniúil

(**)

scriostar i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é nó EASA

(***)

scriostar de réir mar is iomchuí mura bhfuil an eagraíocht formheasta.

CINNTÍ

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/28

CINNEADH (CBES) 2022/411 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

An 10 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1470 (2), agus ar an gcaoi sin rinne sí na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(3)

I bhfianaise go bhfuiltear go leanúnach ag baint an bhoinn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó gur bagairt ar an méid sin na gníomhaíochtaí atáthar a dhéanamh, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na hainmniúcháin aonair a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann le 37 nduine aonair agus sé eintiteas.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Meán Fómhair 2022.”;

(2)

Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN

(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1470 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L321, 13.9.2021, lch. 32).

IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:

Daoine

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

Denis Valentinovich BEREZOVSKIY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСКИЙ)

Denys Valentynovych BEREZOVSKYY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСЬКИЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.7.1974

Áit bhreithe: Kharkiv, Ukrainian SSR (an Úcráin anois)

Ceapadh Berezovskiy ina cheannasaí ar an Ukrainian Navy an 1 Márta 2014 ach, ina dhiaidh sin, thug sé mionn do na Crimean armed forces, agus ar an gcaoi sin, chuaigh sé siar ar a mhionn don Ukrainian Navy.

Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar an Black Sea Fleet de chuid an Russian Federation go dtí Deireadh Fómhair 2015.

Leas-Cheannasaí an Pacific Fleet de chuid an Russian Federation agus Leas-Aimiréal.

17.3.2014

8.

Sergey Pavlovych TSEKOV

(Сергей Павлович ЦЕКОВ)

Serhiy Pavlovych TSEKOV

(Сергiй Павлович ЦЕКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 28.9.1953 nó 28.8.1953

Áit bhreithe: Simferopol, an Úcráin

Mar Leas-Spéicéir ar Verkhovna Rada na Crimé, thionscain Tsekov, in éineacht le Sergey Aksyonov, briseadh neamhdhleathach rialtas ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach (ARC). Mheall sé Vladimir Konstantinov isteach san iarracht sin, agus bhagair go mbrisfí as a phost é. D’aithin sé go poiblí gurbh iad na Comhaltaí Parlaiminte ón gCrimé ba chúis le cuireadh a thabhairt do shaighdiúirí Rúiseacha seilbh a ghlacadh ar Verkhovna Rada na Crimé. Bhí sé ar dhuine de na chéad Cheannairí sa Chrimé a d’iarr go poiblí go ndéanfaí an Chrimé a ionghabháil isteach sa Rúis.

Comhalta den Federation Council of the Russian Federation ó ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di, ó 2014 i leith, a athcheapadh i mí Mheán Fómhair 2019. Comhalta den Council of the Federation Committee on Foreign Affairs.

17.3.2014

17.

Sergei Vladimirovich ZHELEZNYAK

(Сергей Владимирович ЖЕЛЕЗНЯК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.7.1970

Áit bhreithe: St Petersburg (dá ngairtí Leningrad tráth), Russian Federation

Iar-Leas-Spéicéir ar State Duma Russian Federation.

Thacaigh sé go gníomhach le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin agus le hionghabháil Crimea. Ba é a bhí i gceannas ar an léirsiú a thacaigh le himscaradh fhórsaí na Rúise san Úcráin.

Iar-Leas-Chathaoirleach agus iar-chomhalta den State Duma Committee on International Affairs.

Comhalta den Presidium of the General Council of the United Russia party.

17.3.2014

19.

Aleksandr Viktorovich VITKO

(Александр Викторович ВИТКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 13.9.1961

Áit bhreithe: Vitebsk, Belarusian SSR (‘Belarus’ anois)

Iar-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe, Aimiréal.

Freagrach as ceannas na bhfórsaí Rúiseacha a bhfuil críoch cheannasach na hÚcráine forghafa acu.

Iar-Cheann Foirne agus Céad-Leas-Ardcheannasaí ar Chabhlach na Rúise.

17.3.2014

27.

Alexander Mihailovich NOSATOV

(Александр Михайлович НОСАТОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.3.1963

Áit bhreithe: Sevastopol, PSS na hÚcráine, (an Úcráin anois)

Iar-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe, Aimiréal.

Freagrach as ceannas na bhfórsaí Rúiseacha a bhfuil críoch cheannasach na hÚcráine forghafa acu.

Aimiréal agus Ceann Phríomhfhoireann Chabhlach na Rúise faoi láthair.

21.3.2014

32.

Leifteanant-Ghinearál Igor Nikolaevich (Mykolayovich) TURCHENYUK

(Игорь Николаевич ТУРЧЕНЮК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 5.12.1959

Áit bhreithe: Osh, PSS na Kyrgyz, (an Chirgeastáin anois)

Iar-Cheannasaí de facto ar na trúpaí Rúiseacha a imscaradh sa Chrimé, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, (agus dá dtagraíonn an Rúis fós go hoifigiúil dóibh mar ‘mhílístí féinchosanta áitiúla’). Iar-Leas-Cheannasaí ar Cheantar Míleata an Deiscirt tráth.

Ceann Cheantar an Deiscirt den Russian National Guard.

21.3.2014

37.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 22.8.1960

Áit bhreithe: Alagir, North-Ossetian Autonomous SSR, RSFSR (Russian Federation anois)

Iar-Ghobharnóir ar chathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil uirthi, san Úcráin.

Iar-Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation don Siberian Federal District. Comhalta de Security Council den Russian Federation.

Ceann Northern Ossetia ón 19 Meán Fómhair 2021.

29.4.2014

38.

Olga Fyodorovna KOVITIDI

(Ольга Фёдоровна КОВИТИДИ)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 7.5.1962

Áit bhreithe: Simferopol, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Comhalta den Russian Federation Council ón ‘Republic of Crimea’ Féinrialaitheach a ionghabhadh, ó 2014; é athcheaptha in 2019.

Comhalta faoi láthair ar an Federation Council Committee on Constitutional Legislation and State Building.

29.4.2014

50.

Vladimir Anatolievich SHAMANOV

(Владимир Анатольевич ШАМАНОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.2.1957

Áit bhreithe: Barnaul, Cónaidhm na Rúise

Iar-Cheannasaí ar Thrúpaí Aerbheirthe na Rúise, Coirnéal-Ginearál. Sa phost sinsearach sin dó, tá freagracht air as trúpaí aerbheirthe na Rúise a imscaradh sa Chrimé.

Iar-Chathaoirleach ar an Defence Committee of the State Duma of the Russian Federation. Comhalta den State Duma, Committee on Development of the Civil Society.

12.5.2014

60.

Natalia Vladimirovna POKLONSKAYA

(Наталья Владимировна ПОКЛОНСКАЯ)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 18.3.1980

Áit bhreithe: Mikhailovka, réigiún Voroshilovgrad, PSS na hÚcráine nó Yevpatoria, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Comhalta den State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Féinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iarionchúisitheoir, ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di. Chuir sé an ionghabháil a rinne an Rúis ar an gCrimé chun feidhme go gníomhach.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Idirnáisiúnta, comhalta den Choimisiún maidir leis an imscrúdú ar chur isteach eachtrach ar ghnóthaí inmheánacha Chónaidhm na Rúise, comhalta den Choiste um shlándáil agus um dhul i ngleic le héilliú State Duma of the Russian Federation. Tá post aige mar Ambasadóir i gcór taidhleoireachta Chónaidhm na Rúise.

12.5.2014

62.

Aleksandr Yurevich BORODAI

(Александр Юрьевич БОРОДАЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 25.7.1972

Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Iar-‘Prime Minister of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, agus é freagrach as na gníomhaíochtaí ‘rialtais’ scarúnaíocha a dhéanann ‘government of the Donetsk People’s Republic’ mar a ghairtear de (e.g. an 8 Iúil 2014, dúirt sé go bhfuil ‘ár n-arm i mbun oibríochta speisialta i gcoinne “faisistithe” de chuid na hÚcráine’), agus shínigh sé an Meabhrán Tuisceana maidir le ‘Novorossiya union’. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha; is é atá ina cheann feadhna ar ‘Union of Donbas volunteers’.

Cathaoirleach ar an Board of the Union of Volunteers of Donbass. Rannpháirteach go gníomhach in earcú agus in oiliúint ‘saorálaithe’ a cuireadh chun troda in Donbas.

Comhalta den State Duma ó mhí Meán Fómhair 2021. D’fhógair sé i mí Dheireadh Fómhair 2021 gur ‘fhórsaí Rúiseacha’ iad na fórsaí scarúnaíocha in Oirthear na hÚcráine.

12.7.2014

65.

Alexander KHRYAKOV

Aleksandr Vitalievich KHRYAKOV

(Александр Витальевич ХРЯКОВ)

Oleksandr Vitaliyovych KHRYAKOV

(Олександр Вiталiйович ХРЯКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 6.11.1958

Áit bhreithe: Donetsk, an Úcráin

Iar-‘Aire Faisnéise agus Ollchumarsáide’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Donetsk People’s Republic’. Comhalta faoi láthair de Choiste ‘People’s Council’ an ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, maidir leis an mBuiséad, an tAirgeadas agus an Beartas Eacnamaíoch. Fós ag tacú go gníomhach leis na gníomhaíochtaí scarúnaíocha in Oirthear na hÚcráine.

12.7.2014

66.

Marat Faatovich BASHIROV

(Марат Фаатович БАШИРОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 20.1.1964

Áit bhreithe: Izhevsk, Cónaidhm na Rúise

Iar-‘Prime Minister of the Council of Ministers of the Luhansk People’s Republic’ mar a ghairtear de, arna dhearbhú an 8 Iúil 2014.

Freagrach as gníomhaíochtaí scarúnaíochta ‘rialtasacha’‘government of the Luhansk People’s Republic ’ mar a ghairtear di.

Faoi láthair, tá sé ina eolaí polaitiúil san Institiúid um Bainistíocht Cumarsáide agus is é Stiúrthóir an Lárionaid um Staidéar ar Fhadhbanna Córas Smachtbhannaí Idirnáisiúnta.

Tá sé ag tacú le struchtúir scarúnaíochta an ‘Luhansk People’s Republic ’ mar a ghairtear di i gcónaí.

12.7.2014

77.

Boris Vyacheslavovich GRYZLOV

(Борис Вячеславович ГРЫЗЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.12.1950

Áit bhreithe: Vladivostok, Cónaidhm na Rúise

Iar-bhuanchomhalta den Security Council den Russian Federation. Mar chomhalta den Chomhairle Slándála, a chuireann comhairle ar fáil maidir le gnóthaí slándála náisiúnta agus a chomhordaíonn na gnóthaí sin, bhí baint aige le beartas Rialtas na Rúise a mhúnlú, ar bagairt é ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé fós ina chathaoirleach ar Ardchomhairle na Rúise agus ina ionadaí lánchumhachtach ag Cónaidhm na Rúise sa Ghrúpa Teagmhála maidir leis an staid san Úcráin a réiteach.

Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí Tactical Missiles Corporation JSC, fiontar ar leis an Stát é.

25.7.2014

79.

Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV

(Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.7.1981

Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Cónaidhm na Rúise

Iarchomhalta den State Duma.

Mar chomhalta den Duma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil ‘de facto embassy’ de ‘Donetsk People’s Republic’ (neamhaitheanta), mar a ghairtear de, i Moscó, agus cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cuidíonn sé leis an mbagairt orthu sin.

Iar-Chathaoirleach ar an Russian State Duma Committee on Physical Education, Sport and Youth Affairs.

Ó 19 Meán Fómhair 2021 i leith, tá sé ina Ghobharnóir ar Khabarovsk Krai.

Ó 6 Feabhra 2021 tá sé ina Chomhordaitheoir ar bhrainse réigiúnach Pháirtí Daonlathach Liobrálach na Rúise.

25.7.2014

84.

Fyodor Dmitrievich BEREZIN

(Фëдор Дмитриевич БЕРЕЗИН)

Fedir Dmytrovych BEREZIN

(Федiр Дмитрович БЕРЕЗIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 7.2.1960

Áit bhreithe: Donetsk, an Úcráin

Iar-‘leas-aire cosanta’ mar a ghairtear de, den ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Tá baint aige le Igor Strelkov/Girkin, atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, thug Berezin tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé fós ag tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Comhalta den ‘People’s Council’ den ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear de. Cathaoirleach reatha ar Bhord Aontas Scríbhneoirí DNR.

25.7.2014

98.

Miroslav Vladimirovich RUDENKO

(Мирослав Владимирович РУДЕНКО)

Myroslav Volodymyrovych RUDENKO

(Мирослав Володимирович РУДЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 21.1.1983

Áit bhreithe: Debaltsevo, an Úcráin

Tá baint aige leis an ‘Donbass People’s Militia’. Tá sé ráite aige, inter alia, go leanfaidh siad ar aghaidh leis an troid sa chuid eile den tír. Dá bhrí sin, thacaigh Rudenko le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Comhalta den ‘People’s Council of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, maidir leis an Oideachas, an Eolaíocht agus an Cultúr.

12.9.2014

108.

Vladimir Abdualiyevich VASILYEV

(Владимир Абдуалиевич ВАСИЛЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 11.8.1949

Áit bhreithe: Klin, réigiún Mhoscó, Cónaidhm na Rúise

Iar-Leas-Spéicéir den State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘on the acceptance into the Russian Federation of the “Republic of Crimea” agus foirmiú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme — “Republic of Crimea” agus an “City of Federal Status Sevastopol”’.

Iarcheann ar an Republic of Dagestan. Iarchomhairleoir ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise.

Comhalta den State Duma agus ceannaire an United Russia faction ag an State Duma.

12.9.2014

114.

Igor Vladimirovich LEBEDEV

(Игорь Владимирович ЛЕБЕДЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.9.1972

Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Iarchomhalta den State Duma. Iar-Leas-Spéicéir, an State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme maidir le ‘on the acceptance into the Russian Federation of the “Republic of Crimea” and the formation within the Russian Federation of new federal subjects – the ‘Republic of Crimea’ and the City of Federal Status Sevastopol’.

12.9.2014

119.

Alexander Mikhailovich BABAKOV

(Aлександр Михайлович БАБАКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 8.2.1963

Áit bhreithe: Chisinau, Moldavian SSR (Republic of Moldova anois)

Iar-Chomhalta den Federation Council of the Russian Federation. Comhalta den Committee on Foreign Affairs. Comhalta ar leith de ‘United Russia’ agus fear gnó a bhfuil infheistíocht mhór déanta aige san Ucráin agus i gCrimé.

An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘on the acceptance into the Russian Federation of the “Republic of Crimea” and the formation within the Russian Federation of new federal subjects – the “Republic of Crimea” and the City of federal status of Sevastopol’.

Tar éis do na páirtithe polaitíochta – ‘A Just Russia’, ‘For Truth’ agus ‘Patriots of Russia’ a bheith cumasctha, ceapadh Babakov ina Rúnaí ar an Presidium ar Central Council an eintitis chumaiscthe.

Comhalta den State Duma, comhalta den Choimisiún um Fhuinneamh, tacaíocht do FBManna, Gnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách (CIS), comhtháthú Eoráiseach agus tacaíocht do chomhthírigh.

12.9.2014

121.

Oleg Konstantinovich AKIMOV (ar a dtugtar freisin Oleh AKIMOV)

(Олег Константинович АКИМОВ)

Oleh Kostiantynovych AKIMOV

(Олег Костянтинович АКIМОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.9.1981

Áit bhreithe: Luhansk, an Úcráin

Comhalta de chuid ‘Aontas Eacnamaíoch Luhansk’ i ‘National Council’ an ‘Luhansk People’s Republic’. Sheas sé mar iarrthóir sna ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, ar an 2 Samhain 2014, don phost mar ‘Head’, mar a ghairtear de, ar an ‘Luhansk People’s Republic’. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus, dá bhrí sin, bhí siad neamhdhleathach. Iar-‘Cheann’ ar an ‘Federation of Trade Unions’, mar a ghairtear di. Comhalta den ‘People’s Council’ de chuid an ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Cathaoirleach reatha Bhord na hEagraíochta Poiblí Idir-réigiúnaí ‘Union of Lugansk Communities’, a dhéanann ionadaíocht ar son an Choiste Lánpháirtíochta ‘Russia-Donbass’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, agus é ag glacadh páirte go foirmiúil mar iarrthóir sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Tacaíonn sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

29.11.2014

131.

Yevgeniy Vyacheslavovich ORLOV (ar a dtugtar freisin Yevhen Vyacheslavovych ORLOV)

(Евгений Вячеславович ОРЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.5.1980 nó 21.10.1983

Áit bhreithe: Snezhnoye, Donetsk oblast, an Úcráin

г. Снежное, Донецкой области, Украина

Iar-Chomhalta de ‘National Council’ an ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Iarchathaoirleach ar an ngluaiseacht phoiblí dar teideal ‘Free Donbass’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Iar-Leas-Chathaoirleach an DNR National Assembly Committee on Industry and Trade.

29.11.2014

137.

Eduard Aleksandrovich BASURIN

(Эдуард Александрович БАСУРИН)

Eduard Oleksandrovych BASURIN

(Едуард Олександрович БАСУРIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.6.1966

Áit bhreithe: Donetsk, an Úcráin

Urlabhraí agus Leas-Cheann de chuid ‘People’s Militia’‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Leas-Cheann agus ionadaí oifigiúil ‘People’s Militia Department of the DPR.’

16.2.2015

140.

Sergey Yurevich KUZOVLEV (ar a dtugtar freisin IGNATOV, TAMBOV)

(КУЗОВЛЕВ Сергей Юрьевич (ar a dtugtar freisin Сергей; ИГНАТОВ, ТAMБOB)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 7.1.1967

Áit bhreithe: Michurinsk, Tambov oblast, Cónaidhm na Rúise

Мичуринск, Тамбовская область, Российская Федерация

Iar-‘Ard-Cheannasaí’, mar a ghairtear de, ar ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Iar-Cheannasaí ar an 8ú hArm de chuid Fhórsa Armtha na Rúise. Ceann Foirne agus Céad-Leas-Cheannasaí ar Dhúiche Mhíleata an Deiscirt de chuid na Rúise.

16.2.2015

149.

Andrei Valeryevich KARTAPOLOV

(Андрей Валерьевич КАРТAПOЛOВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 9.11.1963

Áit Bhreithe: Iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine

Iar-Cheannasaí ar Limistéar Míleata an Iarthair. Iar-Stiúrthóir na Príomh-Roinne Oibríochtaí agus leas-cheann Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Rannpháirteach go gníomhach i bhfeachtas míleata fhórsaí na Rúise san Úcráin a mhúnlú agus a chur chun feidhme.

De réir ghníomhaíochtaí dearbhaithe na foirne ginearálta, trí rialú oibriúcháin a fheidhmiú ar na fórsaí armtha, bhí sé rannpháirteach go gníomhach i múnlú agus i gcur chun feidhme bheartas rialtas na Rúise lena gcuirtear iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine i mbaol.

An tIar-Leas-Aire Cosanta.

Comhalta State Duma ón 19 Meán Fómhair 2021 i leith.

16.2.2015

152.

Ruslan Ismailovich BALBEK

(Руслан Исмаилович БАЛЬБЕК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 28.8.1977

Áit bhreithe: Bekabad, PSS na hÚisbéiceastáine (an Úisbéiceastáin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar Choiste an Dúma um Ghnóthaí Eitneacha.

In 2014, ceapadh Balbek ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle na nAirí de chuid ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di, agus bhí sé ag obair sa cháil sin chun leithinis na Crimé, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, a chomhtháthú i gCónaidhm na Rúise, ar ina leith a bronnadh bonn air ‘I ngeall ar “Republic of Crimea” a Chosaint’. Thacaigh sé le hionghabháil na Crimé i ráitis phoiblí, lena n-áirítear ar a phróifíl ar shuíomh gréasáin na Rúise Aontaithe (brainse na Crimé) agus in alt preasa a foilsíodh ar shuíomh gréasáin NTV an 3 Iúil 2016.

9.11.2016

154.

Dmitry Anatolievich BELIK

(Дмитрий Анатольевич БЕЛИК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 17.10.1969

Áit bhreithe: Kula r. Ust-Yansky district, Yakut Autonomous SSR (Cónaidhm na Rúise anois)

Comhalta State Duma, tofa ó chathair Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Comhalta de Choiste an Dúma um Ghnóthaí Idirnáisiúnta.

Mar chomhalta d’údarás bardasach Sevastopol ó mhí Feabhra go mí an Mhárta 2014, thacaigh sé le gníomhaíochtaí ‘Méara na nDaoine’, mar a ghairtear de, Alexei Chaliy. D’admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n-áirítear ar a shuíomh gréasáin pearsanta agus in agallamh a foilsíodh an 21 Feabhra 2016 ar shuíomh gréasáin nation-news.ru.

Mar thoradh ar a rannpháirtíocht i bpróiseas na hionghabhála bronnadh ordú den dara céim de chuid Stáit na Rúise “For Merit to the Fatherland – second degree’ air.

9.11.2016

155.

Andrei Dmitrievich KOZENKO

(Андрей Дмитриевич КОЗЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 3.8.1981

Áit bhreithe: Simferopol, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Chomhalta de Choiste an Dúma um Margaí Airgeadais.

I mí an Mhárta 2014, ceapadh an tUasal Kozenko ina Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di. D’admhaigh sé go poiblí go raibh sé rannpháirteach in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, rud ar chosain sé go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin gazetacrimea.ru an 12 Márta 2016. Bhronn na ‘húdaráis’ áitiúla bonn air ‘I ngeall ar “Republic of Crimea” a chosaint’ as ucht a bheith rannpháirteach i bpróiseas na hionghabhála.

9.11.2016

156.

Svetlana Borisovna SAVCHENKO

(Светлана Борисовна САВЧЕНКО)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 24.6.1965

Áit bhreithe: Belogorsk, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Chomhalta de Choiste an Dúma um Chultúr.

Tá sí ina comhalta d’Ardchomhairle ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach ó 2012 i leith agus amhail ó mhí an Mhárta 2014 thacaigh sí le comhtháthú na Crimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise. I mí Mheán Fómhair 2014, toghadh Svetlana Borisovna Savchenko ar Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di. Chosain sí ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol go mion minic i ráitis phoiblí, lena n-áirítear in agallaimh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin c-pravda.ru an 2 Aibreán 2016 agus an 20 Lúnasa 2016. Bhronn ‘údaráis’‘Phoblacht na Crimé’ ordú Stáit na Rúise ‘For duties to the motherland’ – céim II uirthi in 2014 agus an t-ordú ‘I ngeall ar dhílseacht don dualgas’ uirthi in 2015.

9.11.2016

157.

Pavel Valentinovich SHPEROV

(Павел Валентинович ШПЕРОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 4.7.1971

Áit bhreithe: Simferopol, PSS na hÚcráine (an Úcráin anois)

Iar-Chomhalta State Duma, tofa ó ‘Republic of Crimea’ Fhéinrialaitheach, a ionghabhadh go neamhdhleathach.

Iar-Chomhalta de Choiste an Dúma um Ghnóthaí Chomhlathas na Stát Neamhspleách, um lánpháirtiú Eoráiseach agus um chaidreamh le comhthírigh.

I mí Mheán Fómhair 2014, toghadh Shperov ar Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’, mar a ghairtear di.

D’admhaigh sé go poiblí, lena n-áirítear in agallamh a foilsíodh ar shuíomh gréasáin ldpr-rk.ru an 3 Meán Fómhair 2016, go raibh ról aige in imeachtaí 2014 as ar eascair ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol agus go háirithe go raibh ról aige i ndáil leis an reifreann neamhdhleathach ar ionghabháil neamhdhleathach na leithinse a eagrú.

9.11.2016

162.

Inna Nikolayevna GUZEYEVA

(Инна Николаевна ГУЗЕЕВА)

Inna Nikolayevna GUZEEVA

(Инна Николаевна ГУЗЕЕВА)

Inna Mykolayivna HUZIEIEVA

(Iнна Миколаївна ГУЗЄЄВА)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 20.5.1971

Áit bhreithe: An Chrimé, an Úcráin

Leas-Chathaoirleach Choimisiún Toghcháin na Crimé. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018, na dtoghchán réigiúnach agus áitiúil a tionóladh an 8 Meán Fómhair 2019 agus in eagrú thoghcháin an Duma i mí Mheán Fómhair 2021 sa Chrimé agus in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sí na beartais sin chun feidhme.

14.5.2018

163.

Natalya Ivanovna BEZRUCHENKO/Natalia Ivanovna BEZRUCHENKO

(Наталья Ивановна БЕЗРУЧЕНКО)

Nataliya Ivanivna BEZRUCHENKO

(Наталiя Iванiвна БЕЗРУЧЕНКО)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 22.8.1979

Áit bhreithe: Simferopol, an Chrimé, an Úcráin

Rúnaí Choimisiún Toghcháin na Crimé. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018, na dtoghchán réigiúnach agus áitiúil a tionóladh an 8 Meán Fómhair 2019 agus in eagrú thoghcháin an Duma i mí Mheán Fómhair 2021 sa Chrimé agus in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sí na beartais sin chun feidhme.

14.5.2018

167.

Olga Valerievna POZDNYAKOVA/Olga Valeryevna POZDNYAKOVA

(Ольга Валерьевна ПОЗДНЯКОВА)

Olga Valeriyivna POZDNYAKOVA

(Ольга Валерiївна ПОЗДНЯКОВА)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 30.3.1982

Áit bhreithe: Shakhty, Oblast Rostov, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Iar-‘Cathaoirleach’ ar ‘Central Electoral Commission’‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Sa cháil sin, ghlac sí páirt in eagrú ‘toghcháin’, mar a ghairtear díobh, an 11 Samhain 2018 i ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di, agus, ar an gcaoi sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh agus chuir sí na gníomhaíochtaí agus na beartais sin chun feidhme.

Iar-Cheann na Stiúrthóireachta um Beartas Intíre laistigh de riarachán ‘Head of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear de.

10.12.2018

183.

Aleksandr Vladimirovich DVORNIKOV

(Александр Владимирович ДВОРНИКОВ)

Inscne: fireann; Dáta breithe: 22.8.1961

Áit bhreithe: Ussuriysk, Primorskiy Krai, Cónaidhm na Rúise

Ceannasaí Cheantar Míleata an Deiscirt d’Fhórsaí Armtha na Rúise, Ginearál an Airm agus is é a bhí freagrach as fórsaí míleata sa réigiún, lena n-áirítear an Chrimé agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Sa cháil sin dó, is é a bhí freagrach as gníomhaíochtaí Chabhlach na Mara Duibhe agus fórsaí míleata eile ó Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 25 Samhain 2018, rud a d’fhág nár fhéad soithí na hÚcráine dul a fhad lena gcósta féin ar Mhuir Mheoid, rud a bhain an bonn d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine agus a bhain an bonn de shlándáil na hÚcráine trí chur as do ghluaiseachtaí agus inoibritheacht shoithí cabhlaigh na hÚcráine.

Ina theannta sin, thacaigh na gníomhartha sin le hionghabháil neamhdhleathach a dhéanamh ar leithinis na Crimé isteach i gCónaidhm na Rúise.

15.3.2019

184.

Sergei Andreevich DANILENKO

(Сергей Андреевич ДАНИЛЕНКО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 14.3.1960

Áit bhreithe: Krasnodar, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)

Iar-Cheann an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil seo, ghlac sé páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sé beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.1.2020

185.

Lidia Aleksandrovna BASOVA

(Лидия Александровна БАСОВА)

Lidiya Oleksandrivna BASOVA

(Лiдiя Олександрiвна БАСОВА)

Inscne: baineann

Dáta breithe: 1972

Iar-Leas-Cheann an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil sin, ghlac sí páirt i reáchtáil na dtoghchán áitiúil an 8 Meán Fómhair 2019 i gcathair Sevastopol, a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach uirthi, agus ar an gcaoi sin thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus chuir sí beartais chun feidhme a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.1.2020

192.

Leonid Kronidovich RYZHENKIN

(Леонид Кронидович РЫЖЕНЬКИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.11.1967

Áit bhreithe: ní fios

Pasuimhir: 722706177 (in 2015)

Iar-Leas-Ard-Stiúrthóir ar thionscadail bhonneagair ag Stroigazmontazh (SGM), cuideachta atá i mbun maoirseachta ó 2015 ar thógáil an droichid ar Chaolas Kerch (lena n-áirítear an chuid sin den droichead ar iarnród é) a nascann an Rúis agus leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le comhdhlúthú leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

1.10.2020”

Eintitis

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1.

Fiontar Aonadach Stáit de chuid ‘Republic of Crimea’‘Chernomorneftegaz’

(ar a dtugtaí PJSC ‘Chernomorneftegaz’ tráth)

Prospekt Kirov 52, Simferopol, an Chrimé, an Úcráin 295000

пр. Кирова 52, г. Симферополь, Крым, Украина 295000

Uimhir theileafóin:

+7 (3652) 66-70-00

+7 (3652) 66-78-00

http://gas.crimea.ru/

office@chernomorneftegaz.ru

Cláruimhir: 1149102099717

An 17 Márta 2014, ghlac ‘Parlaimint na Crimé’ rún á dhearbhú go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid Chernomorneftegaz a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán. An 29 Samhain 2014, athchláraíodh mar Institiúid Aonadach Stáit de chuid ‘Republic of Crimea’ é i.e. ‘Chernomorneftegaz’ (Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Черноморнефтегаз’). Bunaitheoir: Aireacht Breosla agus Fuinnimh ‘Republic of Crimea’ (Министерство топлива и энергетики ‘Республики Крым’).

12.5.2014

19.

An institiúid bhuiséadach stáit fheidearálach don eolaíocht agus taighde darb ainm ‘All- Russia national scientific research institute for wine growing and wine making “Magarach” Russian Academy of Sciences’

Федеральное государственное бюджетное учреждение науки ‘Всероссийский национальный научно-исследовательский институт виноградарства и виноделия “Магарач” РАН’

(Ar a dtugtaí an ‘State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘National Institute of Wine “Magarach” tráth’

Ar a dtugtaí an ‘State enterprise “Magarach” of the national institute of wine’ tráth

‘Государственное предприятие Агрофирма “Магарач” Национального института винограда и вина “Магарач”’

Gosudarstvenoye predpriyatiye Agrofirma ‘Magarach’ nacionalnogo instituta vinograda i vina ‘Magarach’)

298600, Kirov Street 31, Yalta, an Chrimé, an Úcráin

298600, ул. Кирова, 31, г. Ялта, Крым, Украина

priemnaya@magarach-institut.ru

www.magarach-institut.ru

+7(3654) 32-05-91

Cláruimhir: 1159102130857

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Uachtarán Pharlaimint na Crimé’ cinneadh Uimhir 1991-6/14 ‘Maidir leis na leasuithe a rinneadh ar an Rún ó Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’ an 26 Márta 2014 Uimhir 1836-6/14 ‘Maidir le náisiúnú a dhéanamh ar mhaoin de chuid fiontar, institiúidí, agus comhlachtaí sa choimpléasc agra-thionsclaíoch, suite sa limistéar ‘Republic of Crimea’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an fhiontair stáit ‘Gosudarstvenoye predpriyatiye Agrofirma “Magarach” nacionalnogo instituta vinograda i vina “Magarach”’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán.

Athchláraíodh é an 15 Eanáir 2015 mar ‘State Unitary Institution of the “Republic of Crimea” National Institute of Wine “Magarach”’.

(Государственное бюджетное учреждение ‘Республики Крым’‘Национальный научно исследовательский институт винограда и вина “Магарач”’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta ‘Republic of Crimea’ (Министерство топлива и энергетики ‘Республики Крым’).

An 9 Feabhra 2015, rinneadh Federal Budgetary scientific facility ‘All-Russia scientific-research institute of viticulture and winemaking ‘Magarach’”, Russian Academy of Sciences, as an State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘National Institute of Wine “Magarach”’.

25.7.2014

20.

Cuideachta chomhstoic ‘Sparkling wine plant “Novy Svet”’

Aкционерное общество ‘Завод шампанских вин “Новый Свет”’

Ar a dtugtaí State unitary enterprise of the “Republic of Crimea”“Sparkling wine plant ‘Novy Svet’ tráth’

Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Завод шампанских вин ‘Новый Свет’

Gosudarstvennoye unitarnoye predpriyatiye Respubliki Krym ‘Zavod shampanskykh vin ‘Novy Svet’ agus mar ‘State enterprise sparkling wine plant ‘Novy Svet’

Государственное предприятие Завод шампанских вин ‘Новый свет’ (Gosudarstvenoye predpriyatiye Zavod shampanskykh vin ‘Novy Svet’)

298032, Crimea, Sudak, Novy Svet, str. Shalapina 1.

298032, Крым, г. Судак, пгт. Новый Свет, ул. Шаляпина, д. 1

+7-(365) 663-35-00

+7-(365) 663-35-22

+7-978-914- 00-10

http://nsvet-crimea.ru/

Cláruimhir: 1179102021460

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Uachtarán Pharlaimint na Crimé’ cinneadh Uimhir 1991-6/14 ‘Maidir leis na leasuithe a rinneadh ar an Rún ó Chomhairle Stáit ‘Republic of Crimea’ an 26 Márta 2014 Uimhir 1836-6/14 ‘Maidir le náisiúnú a dhéanamh ar mhaoin de chuid fiontar, institiúidí, agus comhlachtaí sa choimpléasc agra thionsclaíoch, suite sa limistéar ‘Republic of Crimea’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid ‘Zavod shampanskykh vin Novy Svet’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’.

Tá ‘údaráis’ na Crimé, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán. An 4 Eanáir 2015, athchláraíodh mar State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’ ‘sparkling wine plant ‘Novy Svet’ (Государственное унитарное предприятие Республики Крым ‘Завод шампанских вин ‘Новый Свет’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta ‘Republic of Crimea’ (Министерство топлива и энергетики Республики Крым)

Athchláraíodh tar éis í a atheagrú an 29 Lúnasa 2017 mar chuideachta chomhstoic ‘Sparkling wine plant ‘Novy Svet’ (Aкционерное общество ‘Завод шампанских вин “Новый Свет’). Bunaitheoir: Aireacht Talmhaíochta agus Maoine Rialacháin ‘Republic of Crimea’ (Министерство земельных и имущественных отношений Республики Крым).

25.7.2014

25.

Gluaiseacht phoblí ‘Peace to Luhansk Region’ (Mir Luganschine) Общественное движение ‘Мир Луганщине’

https://mir-lug.info/

Seoladh: Sráid Karl Marx 7, Luhansk, an Úcráin

улица Карла Маркса, 7, г. Луганск, Украина

info@mir-lug.info

‘Gluaiseacht’ phoiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, i ‘Luhansk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is sárú iad na ‘toghcháin’ sin ar dhlí na hÚcráine agus iad neamhdhleathach dá réir. Ón 17 Feabhra 2018 i leith, is é Leonid PASECHNIK cathaoirleach na heagraíochta sin agus dá bhrí sin, tá baint aige le duine atá ainmnithe ag an gComhairle.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

29.11.2014

26.

Gluaiseacht Phoiblí ‘Free Donbass’ (ar a dtugtar freisin ‘Free Donbass’,‘Svobodny Donbass’) Общественное движение ‘Свободньιй Донбасс’

http://www.odsd.ru/

https://xn--d1aa2an.xn--p1ai/

Seoladh:

102, Khmelnitsky Ave., Donetsk (office 512)

Донецк, пр. Б.Хмельницкого, 102, офис 512

press-odsd@yandex.ru

‘Eagraíocht’ phoiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, i ‘Donetsk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is sárú iad na ‘toghcháin’ sin ar dhlí na hÚcráine agus iad neamhdhleathach dá réir.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

29.11.2014

33.

Prizrak brigade

Бригада ‘Призрак’

Seoladh: District 50 Year of the USSR, 18; c. of Kirovsk

https://vk.com/battalionprizrak

mail@prizrak.info

+38 (072) 199-86-39

Grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

Cuid den ‘2nd Army Corps’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Lugansk People’s Republic’.

Dá ngairtear ‘14th Motorized Rifle Battalion’ freisin.

Mar chuid de Daon-Mhílíste de ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear de.

16.2.2015”

MOLTAÍ

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/43

MOLADH Uimh. 1/2022 Ó CHOMHAIRLE COMHLACHAIS AE-IOSRAEL

an 8 Márta 2022

lena bhformheastar an síneadh arna chur le Plean Gníomhaíochta AE-Iosrael [2022/412]

TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-IOSRAEL,

Ag féachaint don Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Stát Iosrael, den pháirt eile (“an Comhaontú Eora-Mheánmhara”) sa Bhruiséil an 20 Samhain 1995 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2000.

(2)

Le hAirteagal 69 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara, tugtar an chumhacht don Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh agus moltaí iomchuí a dhéanamh.

(3)

Déantar foráil le hAirteagal 10 de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Comhlachais maidir leis an bhféidearthacht cinntí nó moltaí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn idir na seisiúin, má chomhaontaíonn na Páirtithe go ndéanfar amhlaidh;

(4)

Leis an síneadh 3 bliana a chuirtear ar Phlean Gníomhaíochta AE-Iosrael, beidh an deis ag na Páirtithe an comhar eatarthu a fhorbairt sna blianta amach rompu, lena n-áirítear trí chaibidlíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh ar thosaíochtaí comhpháirtíochta,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A LEANAS A GHLACADH:

Airteagal 1

Molann an Chomhairle Comhlachais, ag gníomhú di trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn, síneadh 3 bliana a chur le Plean Gníomhaíochta AE-Iosrael amhail ó lá glactha an Mholta seo.

Airteagal 2

Gabhfaidh an Moladh seo éifeacht ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES

(1)   IO L 147, 21.6.2000, lch. 3.

RIALACHA NÓS IMEACHTA

11.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 84/44

CINNEADH Uimh. 4/2022 Ó BHIÚRÓ CHOISTE NA RÉIGIÚN

an 25 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe ábhar sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag Coiste na Réigiún

TÁ BIÚRÓ CHOISTE NA RÉIGIÚN,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 306 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (2) (dá ngairtear “an Rialachán” nó “EUDPR” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 25 de,

Ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Choiste Eorpach na Réigiún (3), agus go háirithe Riail 37(d) díobh,

Ag féachaint do thuairim D(2021) 0894 (cás 2021-0345) ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (dá ngairtear “MECS” anseo feasta) an 20 Aibreán 2021, a ndeachthas i gcomhairle leis i gcomhréir le hAirteagal 41(2) EUDPR,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3(1) EUDPR, ba cheart aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (dá ngairtear “ábhar sonraí” anseo feasta) a mheas mar shonraí pearsanta.

(2)

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le Coiste na Réigiún (dá ngairtear “an Coiste” anseo feasta), ar an gcaoi chéanna le haon institiúid de chuid an Aontais, a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta a dhéanann sé.

(3)

Is é an rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 3(8) EUDPR, an Coiste agus féadfaidh sé an fhreagracht maidir le cuspóirí agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta a chinneadh a tharmligean.

(4)

De bhun Airteagal 45(3) EUDPR, ghlac Biúró Choiste na Réigiún (dá ngairtear “an Biúró” anseo feasta) rialacha cur chun feidhme (4) a bhaineann leis an Rialachán agus le hoifigeach cosanta sonraí an Choiste (dá ngairtear “OCS” anseo feasta). I gcomhréir leis na rialacha sin, ba cheart do roinn (stiúrthóireacht, aonad nó earnáil) Ardrúnaíocht an Choiste nó do rúnaíocht ceann de na grúpaí polaitiúla sa Choiste arb é/í féin ina (h)aonar nó i gcomhpháirt le grúpaí eile, a chinneann críocha agus modhanna na próiseála ar shonraí pearsanta, i ndáil leis na sonraí sin, gníomhú thar ceann an Choiste mar rialaitheoir tarmligthe.

(5)

Roinneann an Coiste agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (dá ngairtear “CESE” anseo feasta) ranna agus acmhainní áirithe (dá ngairtear “na Comhsheirbhísí” anseo feasta) i gcomhthéacs an chomhair idirinstitiúidigh. Ar an ábhar sin, ba cheart na rialacha inmheánacha is infheidhme maidir le srianta ar chearta na n-ábhar sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag na Comhsheirbhísí a chinneadh i gcomhréir leis na socruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Coiste agus CESE chun na críche sin.

(6)

Chun cúraimí an Choiste a chomhlíonadh, bailíonn agus próiseálann rialaitheoirí sonraí faisnéis agus catagóirí éagsúla sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí maidir le daoine nádúrtha a shainaithint, faisnéis teagmhála, róil agus cúraimí gairmiúla, faisnéis faoi iompar agus feidhmíocht phríobháideach agus faoi iompar agus feidhmíocht ghairmiúil, agus sonraí airgeadais. Dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar rialaitheoirí sonraí, faoin Rialachán, faisnéis a chur ar fáil d’ábhair sonraí faoi na gníomhaíochtaí próiseála a dhéanann siad agus cearta na n-ábhar sonraí a urramú.

(7)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar rialaitheoirí sonraí na cearta sin a réiteach le cuspóirí na bhfiosrúchán, na n-imscrúduithe, na bhfíoruithe, na ngníomhaíochtaí, na n-iniúchtaí agus na nósanna imeachta a dhéantar laistigh den Choiste. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu freisin cothromaíocht a bhaint amach idir cearta ábhair sonraí amháin agus cearta agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile. Chuige sin, le hAirteagal 25(1) EUDPR, tugtar deis do rialaitheoirí sonraí srian a chur le feidhmiú Airteagail 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 35 agus 36 EUDPR, maille le hAirteagal 4 EUDPR a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha ann do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go hAirteagal 22 EUDPR.

(8)

Níor cheart do rialaitheoirí sonraí srianta a chur i bhfeidhm ach amháin má urramaítear, a bhuí leis na srianta sin, éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, más srianta iad a bhfuil géarghá leo agus más srianta comhréireacha i sochaí dhaonlathach atá iontu.

(9)

Ba cheart do rialaitheoirí sonraí cúiseanna a thabhairt lena mínítear an bonn cirt leis na srianta sin agus ba cheart dóibh taifead a choinneáil maidir le cur i bhfeidhm na srianta maidir le cearta na n-ábhar sonraí.

(10)

Ba cheart do rialaitheoirí sonraí deireadh a chur le srian a luaithe nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha a thug bonn cirt leis an srian. Ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha sin ar bhonn rialta.

(11)

D’fhonn an chosaint is fearr is féidir a thabhairt do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, ba cheart dul i gcomhairle le OCS in am trátha maidir le haon srianta a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus ba cheart dó a fhíorú go bhfuil siad i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

(12)

Mura bhforáiltear do shrianta i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí (5), is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhfuil rialaitheoirí sonraí i dteideal srian a chur le cearta na n-ábhar sonraí.

(13)

Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh sin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin de na heisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 15(4) agus in Airteagal 16(5) EUDPR i ndáil leis an bhfaisnéis atá le soláthar d’ábhar sonraí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

1.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha ginearálta a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh rialaitheoirí sonraí, de bhun Airteagal 25(1) EUDPR, srian a chur, de réir mar a bheidh, le feidhmiú Airteagail 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 35 agus 36 EUDPR, maille le hAirteagal 4 EUDPR a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha ann do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go hAirteagal 22 EUDPR.

2.   Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

Ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le hábhar sonraí a phróiseáiltear agus gníomhaíochtaí nó nósanna imeachta nach dtagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Caibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcur i gcrích, seachas sonraí pearsanta oibríochtúla de réir bhrí Airteagal 3(2) EUDPR,

(b)

Ciallaíonn “rialaitheoir sonraí” an t-eintiteas, arb é féin, ina aonar nó i bpáirt le heintitis eile, a chinneann críocha agus modhanna na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste, gan beann ar cibé acu a tarmligeadh an fhreagracht as cinneadh den chineál sin nó nár tarmligeadh.

3.   Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na ngníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste. Ní bheidh feidhm aige i gcás ina bhforáiltear i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí do shrian ar chearta na n-ábhar sonraí.

4.   Is é an rialaitheoir, de réir bhrí Airteagal 3(8) EUDPR, an Coiste agus féadfaidh sé an fhreagracht maidir le cuspóirí agus modhanna na próiseála sonraí pearsanta a chinneadh a tharmligean.

5.   Chun críoch gach cás ina ndéantar faisnéis a phróiseáil, srian a chur léi, a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú, déanfar an rialaitheoir sonraí atá freagrach a chinneadh i gcomhréir le cinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha cur chun feidhme ábhartha an Choiste.

Airteagal 2

Díolúintí agus maoluithe

1.   Sula gcuirfidh siad aon srianta i bhfeidhm de bhun Airteagal 3(1), déanfaidh rialaitheoirí sonraí breithniú i dtaobh an bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí nó na maoluithe a leagtar síos sa Rialachán, go háirithe na heisceachtaí sin de bhun Airteagail 15(4), 16(5), 19(3), 25(3) agus (4), agus 35(3) EUDPR.

2.   Beidh cur i bhfeidhm na maoluithe faoi réir coimircí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 13 EUDPR agus Airteagal 6 den Chinneadh seo.

Airteagal 3

Srianta

1.   Féadfaidh rialaitheoirí sonraí srian a chur, de réir mar a bheidh, le feidhmiú Airteagai14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 35 agus 36 EUDPR, maille le hAirteagal 4 EUDPR a mhéid a chomhfhreagraíonn na forálacha ann do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 14 go hAirteagal 22 EUDPR, i gcás ina ndéanfadh feidhmiú a gceart ag na hábhair sonraí dochar do chuspóir nó do thoradh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó de na nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste, agus go háirithe:

(a)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina riarann an t-údarás ceapacháin agus an t-údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta an Choiste a thabhairt i gcrích (dá ngairtear “an tÚdarás Ceapacháin” anseo feasta) nósanna imeachta araíonachta, fiosrúcháin riaracháin agus imscrúduithe a bhaineann le cúrsaí foirne i gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear “na Rialacháin Foirne” anseo feasta), le hIarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, le hAirteagail 50a agus 119 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (6) (dá ngairtear “na Coinníollacha Fostaíochta” anseo feasta) agus i gcás ina riarann sé fiosrúcháin i gcomhthéacs iarrataí ar chúnamh a chuirtear isteach de bhun Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 11 agus 81 de na Coinníollacha Fostaíochta agus fiosrúcháin maidir le cásanna líomhnaithe ciaptha de réir bhrí Airteagal 12b de na Rialacháin Foirne,

(b)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an tÚdarás Ceapacháin athbhreithniú ar iarrataí agus gearáin arna gcur isteach ag oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Choiste (“baill foirne”) i gcomhréir le hAirteagal 90 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 46 agus 117 de na Coinníollacha Fostaíochta,

(c)

de bhun Airteagal 25(1)(c) agus (h) EUDPR, i gcás ina gcuireann an tÚdarás Ceapacháin beartas foirne an Choiste chun feidhme trí nósanna imeachta roghnúcháin (earcaíochta), meastóireachta (breithmheasa) agus ardaithe céime a chur i gcrích,

(d)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann oifigeach údarúcháin an Choiste (“an tOifigeach Údarúcháin”) roinn an Choiste de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme trí nósanna imeachta dámhachtana a chur i gcrích i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (7) (“an Rialachán Airgeadais”),

(e)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an tOifigeach Údarúcháin faireachán agus imscrúduithe maidir le dlíthiúlacht na n-idirbheart airgeadais arna ndéanamh ag an gCoiste agus laistigh de, maidir le teidlíochtaí airgeadais (8) chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha an Choiste (dá ngairtear “comhaltaí an Choiste” anseo feasta), agus maidir le maoiniú na ngníomhaíochtaí agus na n-imeachtaí arna n-eagrú nó arna gcomheagrú ag an gCoiste, agus i gcás ina ndéileálann sé le neamhrialtachtaí airgeadais ar thaobh comhalta foirne i gcomhréir le hAirteagal 93 den Rialachán Airgeadais,

(f)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (f), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina soláthraíonn an Coiste faisnéis agus doiciméid don Oifig Frith-Chalaoise (dá ngairtear “OLAF” anseo feasta), arna iarraidh sin do OLAF nó ar a thionscnamh féin, tugann sé fógra faoi chásanna d’OLAF nó próiseálann sé faisnéis agus doiciméid a fhaightear ó OLAF (9),

(g)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an Coiste iniúchtaí inmheánacha chun críoch Airteagail 118 agus 119 den Rialachán Airgeadais agus maidir le gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta a chuid ranna,

(h)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (d) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann an Coiste measúnuithe riosca inmheánacha, rialuithe rochtana, lena n-áirítear seiceálacha cúlra, bearta coisctheacha agus imscrúduithe sábháilteachta agus slándála, lena n-áirítear teagmhais lena mbaineann comhaltaí den Choiste nó baill foirne den Choiste, maille le teagmhais a bhaineann le bonneagar agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide an Choiste, fiosrúcháin slándála agus imscrúduithe cúnta, lena n-áirítear imscrúduithe ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do thríú páirtithe,

(i)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (d) agus (h) EUDPR, i gcás ina ndéanann OCS, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do thríú páirtithe, imscrúduithe ar ábhar agus ar tharluithe a bhaineann go díreach lena chúraimí agus a thagann chun a aire, i gcomhréir le hAirteagal 45(2) EUDPR,

(j)

de bhun Airteagal 25(1)(h) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a fhaightear ó bhall foirne agus é nó í ag tuairisciú, de mheon macánta, gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh gurb ann do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, lena n-áirítear calaois agus éilliú, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann dochar do leasanna an Aontais (“neamhrialtachtaí tromchúiseacha”) nó iompar a bhaineann le dualgais ghairmiúla a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí ball foirne a chomhlíonadh (“mí-iompar tromchúiseach”),

(k)

de bhun Airteagal 25(1)(h) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a fhaigheann comhairleoirí rúnda i gcomhthéacs an nós imeachta neamhfhoirmiúil maidir le cásanna líomhnaithe ciaptha,

(l)

de bhun Airteagal 25(1)(h) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte (dá ngairtear “sonraí leighis’ anseo feasta) comhalta den Choiste nó ball foirne den Choiste, lena n-áirítear sonraí de chineál síceolaíoch nó síciatrach, atá sa chomhad leighis atá i seilbh an Choiste maidir leis an ábhar sonraí lena mbaineann,

(m)

de bhun Airteagal 25(1)(e) EUDPR, i gcás ina bpróiseálann rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta i ndoiciméid arna dtáirgeadh nó arna bhfáil ag na páirtithe nó ag na hagraithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chúirt Bhreithiúnais’ anseo feasta),

(n)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (d), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina soláthraíonn an Coiste cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó i gcás ina bhfaigheann sé cúnamh uathu, agus i gcás ina gcomhoibríonn sé leo i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí nó na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go dtí (m), agus i gcomhréir leis na comhaontuithe ar leibhéal na seirbhísí, na meabhráin tuisceana agus na comhaontuithe comhair is infheidhme,

(o)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (g) agus (h) EUDPR, i gcás ina soláthraíonn an Coiste cúnamh d’údaráis na mBallstát, d’ údaráis tríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó i gcás ina bhfaigheann sé cúnamh uathu, nó i gcás ina gcomhoibríonn sé leis na húdaráis agus na heagraíochtaí sin, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin,

(p)

de bhun Airteagal 25(1)(a), (b), (e) agus (f) EUDPR, i gcás ina gcuireann an Coiste faisnéis agus doiciméid d’údaráis na mBallstát nó d’údaráis tríú tíortha nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, arna iarraidh sin dóibh i gcomhthéacs imscrúduithe.

2.   D’fhéadfadh baint a bheith ag na srianta dá dtagraítear i mír 1 le sonraí pearsanta oibiachtúla (‘sonraí crua’) agus sonraí pearsanta suibiachtúla (‘sonraí boga’) araon, go háirithe, ach ní go heisiach, le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

(a)

Sonraí aitheantais;

(b)

Sonraí teagmhála;

(c)

Sonraí gairmiúla (10);

(d)

Sonraí airgeadais;

(e)

Sonraí faireachais (11);

(f)

Sonraí tráchta (12);

(g)

Sonraí leighis (13);

(h)

Sonraí géiniteacha (13);

(i)

Sonraí bithmhéadracha (13);

(j)

Sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha (13);

(k)

Sonraí lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, tuairimí polaitiúla nó cleamhnacht pholaitiúil, nó ballraíocht i gceardchumann (13);

(l)

Sonraí lena nochtar feidhmíocht nó iompar daoine nádúrtha atá rannpháirteach i nósanna imeachta roghnúcháin (earcaíochta), meastóireachta (breithmheasa) nó ardaithe céime (14);

(m)

Sonraí maidir le daoine nádúrtha a bheith i láthair;

(n)

Sonraí maidir le gníomhaíochtaí seachtracha daoine nádúrtha;

(o)

Sonraí a bhaineann le cionta amhrasta, cionta, ciontuithe coiriúla nó bearta slándála;

(p)

Cumarsáid leictreonach;

(q)

Na sonraí eile go léir a bhaineann le hábhar na gníomhaíochta nó an nós imeachta ábhartha lena n-éilítear próiseáil na sonraí sin.

3.   Urramófar, le haon srian, éirim na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, agus beidh an srian sin riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus beidh sé teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun an cuspóir atá aige a bhaint amach.

4.   Aon srian ar chur i bhfeidhm Airteagal 36 EUDPR (Rúndacht na cumarsáide leictreonaí), bíodh sé ina shrian iomlán nó ina shrian páirteach, i gcomhréir le mír 1, comhlíonfaidh sé dlí an Aontais is infheidhme maidir le príobháideachas cumarsáide leictreonaí (15).

5.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí athbhreithniú go tráthrialta ar chur i bhfeidhm na srianta dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad gach sé mhí tar éis a nglactha ach, ina theannta sin, nuair a thagann athrú ar ghnéithe bunriachtanacha agus cinntitheacha den chás agus nuair a bheidh deireadh leis an ngníomhaíocht nó leis an nós imeachta as ar tháinig na srianta nó nuair a thabharfar chun críche é. Ina dhiaidh sin, déanfaidh siad faireachán ar an ngá atá le haon srian a choimeád ar bhonn bliantúil.

6.   Leanfaidh na srianta dá dtagraítear i mír 1 d’fheidhm a bheith acu fad a bheidh na cúiseanna a thug bonn cirt leo fós infheidhme. I gcás nach ann a thuilleadh do na cúiseanna atá le srian dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh rialaitheoirí sonraí deireadh leis an srian sin.

7.   Agus sonraí pearsanta a fhaightear ó thríú páirtithe á bpróiseáil i gcomhthéacs chúraimí an Choiste, rachaidh rialaitheoirí sonraí i gcomhairle leis na tríú páirtithe sin maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus maidir le riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, ach amháin i gcás ina ndéanfadh an méid sin dochar do ghníomhaíochtaí nó do nósanna imeachta an Choiste.

Airteagal 4

Measúnú ar riachtanas agus comhréireacht

1.   Sula gcuirfidh siad aon srianta i bhfeidhm, déanfaidh rialaitheoirí sonraí a mheas, de réir an cháis, an bhfuil na srianta atá á mbreithniú riachtanach agus comhréireach.

2.   Aon uair a dhéanann rialaitheoirí sonraí measúnú ar riachtanas agus comhréireacht srianta, breithneoidh siad na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí.

3.   Measúnuithe ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a eascraíonn as forchur srianta, go háirithe an riosca go bhféadfaí próiseáil bhreise a dhéanamh ar a sonraí pearsanta i ngan fhios dóibh agus go bhféadfaí cosc a chur orthu a gcearta a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán, mar aon le sonraí maidir le tréimhse cur i bhfeidhm na srianta sin, déanfar iad a chlárú i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála a choimeádann rialaitheoirí sonraí de bhun Airteagal 31(1) EUDPR. Déanfar iad a thaifeadadh freisin in aon mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí a bhaineann leis na srianta sin a chuirtear i bhfeidhm faoi Airteagal 39 EUDPR.

Airteagal 5

Srianta a thaifeadadh agus a chlárú

1.   Aon uair a chuireann rialaitheoirí sonraí srianta i bhfeidhm, taifeadfaidh siad na nithe seo a leanas:

(a)

Na cúiseanna leis na srianta a chur i bhfeidhm;

(b)

Na forais ar a bhfuil na srianta i bhfeidhm;

(c)

An chaoi a ndéanfadh feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí dochar do chuspóir nó do thoradh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí nó na nósanna imeachta arna ndéanamh ag an gCoiste;

(d)

Toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1).

2.   Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 1 ina gcuid den chlár lárnach dá bhforáiltear in Airteagal 31(5) EUDPR agus cuirfear ar fáil iad do MECS arna iarraidh sin dó.

3.   I gcás ina gcuireann rialaitheoirí sonraí srian ar chur i bhfeidhm Airteagal 35 EUDPR (Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí), cuirfear an taifead dá dtagraítear i mír 1 san áireamh san fhógra chuig MECS dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) EUDPR.

Airteagal 6

Coimircí agus tréimhse choinneála

1.   Cuirfidh rialaitheoirí sonraí coimircí chun feidhme chun cosc a chur ar mhí-úsáid sonraí pearsanta agus ar rochtain neamhdhleathach ar shonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srianta de bhun Airteagal 3(1) nó aistriú neamhdhleathach na sonraí sin. Áireofar ar na coimircí sin bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla agus déanfar iad a mhionsonrú, de réir mar is gá, i gcinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha cur chun feidhme ábhartha an Choiste.

2.   Ar na coimircí dá dtagraítear i mír 1, aireofar:

(a)

Róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta atá sainithe go soiléir;

(b)

I gcás inarb iomchuí, timpeallacht leictreonach shlán ina gcuirfear cosc ar dhaoine neamhúdaraithe rochtain a fháil ar shonraí leictreonacha go neamhdhleathach nó de thaisme agus ar na sonraí sin a aistriú chuig daoine neamhúdaraithe;

(c)

I gcás inarb iomchuí, stóráil agus próiseáil shlán doiciméad páipéir;

(d)

Faireachán cuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na srianta.

3.   Coinneofar na sonraí pearsanta i gcomhréir le rialacha coinneála is infheidhme an Choiste (16), a leagfar síos sna taifid a choimeádann rialaitheoirí sonraí de bhun Airteagal 31(1) EUDPR. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, de réir mar a bheidh, déanfar sonraí anaithnide díobh ar bhealach nach mbeidh an t-ábhar sonraí lena mbaineann in-sainaitheanta nó nach mbeidh sé nó sí in-sainaitheanta a thuilleadh, nó aistreofar iad chuig cartlann an Choiste i gcomhréir le hAirteagal 13 EUDPR.

Airteagal 7

Faisnéis d’ábhair sonraí maidir le srianta ar a gcuid ceart

1.   Áireofar sna fógraí maidir le cosaint sonraí a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin poiblí an Choiste agus ar a inlíon roinn ina gcuirfear faisnéis ghinearálta ar fáil d’ábhair sonraí maidir leis an srian a d’fhéadfadh a bheith ar a gcearta i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta an Choiste a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta. Sonrófar sa roinn sin na cearta a bhféadfar srian a chur orthu, na forais ar a bhféadfar srianta a chur i bhfeidhm, fad féideartha na srianta sin agus na leigheasanna riaracháin agus dlíthiúla atá ar fáil d’ábhair sonraí.

2.   Aon uair a chuireann rialaitheoirí sonraí srianta i bhfeidhm, déanfaidh siad, gan aon mhoill mhíchuí agus san fhormáid is iomchuí, gach ábhar sonraí lena mbaineann a chur ar an eolas go díreach maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

Aon srianta atá ar a gcearta cheana nó a chuirfear ar a gcearta;

(b)

Na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe;

(c)

An ceart atá acu dul i gcomhairle le OCS d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne an tsriain;

(d)

An ceart atá acu gearán a chur faoi bhráid MECS;

(e)

An ceart atá acu leigheas breithiúnach a lorg os comhair na Cúirte Breithiúnais.

3.   D’ainneoin mhír 2, i gcás ina gcuireann rialaitheoirí sonraí srian, i gcásanna eisceachtúla, ar chur i bhfeidhm Airteagal 35 EUDPR (Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí), cuirfidh siad an sárú i ndáil le sonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus soláthróidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (b), (d) agus (e), a luaithe nach ann a thuilleadh do na cúiseanna le srian a chur leis an gcumarsáid sin.

4.   D’ainneoin mhír 2, i gcás ina gcuireann rialaitheoirí sonraí srian, i gcásanna eisceachtúla, ar chur i bhfeidhm Airteagal36 EUDPR (Rúndacht na cumarsáide leictreonaí), cuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ina bhfreagra ar aon iarraidh ón ábhar sonraí lena mbaineann.

5.   Féadfaidh rialaitheoirí sonraí soláthar na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 (‘faisnéis [...] a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú’) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú dá gcuirfeadh soláthar na faisnéise sin éifeacht an tsriain ar ceal. Cuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don ábhar sonraí a luaithe nach bhfágfadh soláthar na faisnéise sin go mbeadh an srian neamh-éifeachtach.

6.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 4 agus 5 maidir le haon chás chun faisnéis a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú.

Airteagal 8

Ról oifigeach cosanta sonraí an Choiste

1.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí, gan aon mhoill mhíchuí, OCS a chur ar an eolas i scríbhinn aon uair a chuireann siad srian le cearta ábhair sonraí de bhun Airteagal 3(1), a dhéanann siad na hathbhreithnithe tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 3(5), a chuireann siad deireadh le srianta dá bhforáiltear in Airteagal 3(6), nó a dhéanann siad soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de bhun Airteagal 7(5) a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú. Arna iarraidh sin, tabharfar rochtain do OCS ar na taifid lena mbaineann agus ar aon doiciméid ina bhfuil gnéithe fíorasacha dlíthiúla.

2.   Féadfaidh OCS a iarraidh ar rialaitheoirí sonraí athbhreithniú a dhéanamh ar aon srianta atá ann cheana, mar aon le hiarchur, easnaimh nó diúltú faisnéise, agus ar chur i bhfeidhm na srianta sin. Cuirfear OCS ar an eolas i scríbhinn faoi thoradh an athbhreithnithe iarrtha.

3.   Déanfaidh rialaitheoirí sonraí ról OCS dá bhforáiltear i mír 1 agus 2 i ndáil le srianta a chur i bhfeidhm agus le faisnéis a chur ar atráth, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú a dhoiciméadú go cuí, lena n-áirítear an fhaisnéis a chomhroinntear le OCS.

4.   Tabharfaidh OCS a bharúil do rialaitheoirí sonraí, arna iarraidh sin air, maidir le cinneadh a bhfreagrachtaí i gcomhthéacs comhshocrú rialaithe de bhun Airteagal 28(1) EUDPR.

Airteagal 9

Comhsheirbhísí

Comhoibreoidh OCS i gcomhar le hoifigeach cosanta sonraí CESE maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag na Comhsheirbhísí d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach an Chinnidh seo a áirithiú.

Airteagal 10

Forálacha críochnaitheacha

1.   Féadfaidh an tArdrúnaí, de réir mar is iomchuí, treoracha a eisiúint nó bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun, i gcás inar gá, tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar aon fhoráil den Chinneadh seo agus éifeacht a tabhairt dóibh, i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

2.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann an Bhiúró Choiste na Réigiún

Apostolos TZITZIKOSTAS

An tUachtarán

(1)   IO C 202, 7.6.2016, lch. 47.

(2)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(3)   IO L 472, 30.12.2021, lch. 1.

(4)  Cinneadh Uimh. 19/2020 ó Bhiúró Choiste na Réigiún an 9 Deireadh Fómhair 2020 lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (“Cinneadh Uimh. 19/2020”).

(5)  An Conradh ar an Aontas Eorpach (‘CAE’) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 13) agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) (‘CFAE’)

(6)  Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 31 (CEE) ón gComhairle, 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO P 45, 14.6.1962, lch. 1385), arna mhodhnú le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), agus faoi mar a leasaíodh, a athdhearbhaíodh, a forlíonadh nó arna modhnú ar dhóigh eile thairis sin.

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Lena n-áirítear liúntais caiteachais ghinearálta, liúntais foirne, liúntais trealaimh agus saoráidí, liúntais taistil, chothaithe agus chruinnithe/chianchruinnithe, mar aon le slánaíochtaí eile arna n-íoc de bhun Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais, ach gan bheith teoranta do na liúntais sin amháin.

(9)  Níl feidhm ag an bpointe seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhfuil OLAF ina rialaitheoir aonair orthu, go háirithe i gcásanna ina bpróiseálann OLAF sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ar áitreabh an Choiste.

(10)  Lena n-áirítear conarthaí fostaíochta, conarthaí soláthraí seirbhíse agus sonraí a bhaineann le misin, ach gan bheith teoranta do na conarthaí sin.

(11)  Lena n-áirítear taifeadtaí fuaime agus fístaifeadtaí agus taifeadtaí maidir le síniú isteach agus síniú amach, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

(12)  Lena n-áirítear amanna logála isteach agus logála amach, rochtain ar fheidhmchláir inmheánacha agus acmhainní líonra-bhunaithe agus úsáid an idirlín, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

(13)  A mhéid a phróiseáiltear sonraí den chineál sin de bhun Airteagal 10(2) EUDPR.

(14)  Lena n-áirítear trialacha scríofa, óráidí taifeadta, bileoga meastóireachta, agus measúnuithe meastóirí, barúlacha nó tuairimí, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

(15)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(16)  Cinneadh Uimh. 129/2003 ó Ardrúnaí Choiste na Réigiún an 17 Meitheamh 2003 maidir le bainistiú doiciméad ag Coiste na Réigiún.