ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 083I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
10 Márta 2022


Clár

 

Ceartúcháin

Leathanach

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/267 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin ( IO L 42 I, 23.2.2022 )

1

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/398 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin ( IO L 82, 9.3.2022 )

2

GA


Ceartúcháin

10.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 83/1


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2022/267 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 42 I an 23 Feabhra 2022 )

Ar leathanach 130, in iontráil uimhir 321:

in ionad:

“Yuri Grigoryevich”,

léitear:

“Yuri Grigoryev”.


10.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 83/2


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/398 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 82 an 9 Márta 2022 )

Ar leathanach 2, in Airteagal 1, pointe 1:

in ionad:

“(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9:

‘9.

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” na haicmí urrús seo a leanas, lena n-áirítear i bhfoirm criptea-shócmhainní, atá soshannta ar an margadh caipitil, cé is moite d’ionstraimí íocaíochta:

(i)

scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna;

(ii)

bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrús den sórt sin;

(iii)

aon urrús eile lena dtugtar an ceart aon urrús inaistrithe den sórt sin a fháil nó a dhíol nó as a dtagann socraíocht airgid arna cinneadh trí thagairt d’urrúis inaistrithe.’;”,

léitear:

“(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

‘10.

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” na haicmí urrús seo a leanas, lena n-áirítear i bhfoirm criptea-shócmhainní, atá soshannta ar an margadh caipitil, cé is moite d’ionstraimí íocaíochta:

(i)

scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá coibhéiseach le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna;

(ii)

bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrús den sórt sin;

(iii)

aon urrús eile lena dtugtar an ceart aon urrús inaistrithe den sórt sin a fháil nó a dhíol nó as a dtagann socraíocht airgid arna cinneadh trí thagairt d’urrúis inaistrithe.’;”.