|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/388 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí atá faoi réir Threoir 2003/87/CE agus, go háirithe, astaíochtaí ó bhithmhais. Leasaíodh an Rialachán sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2085 ón gCoimisiún (3) chun forálacha maidir le hastaíochtaí ó bhithmhais a ailíniú leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001 (4), go háirithe a mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe ábhartha agus na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise. I ndiaidh na leasuithe sin, beidh feidhm ag na forálacha maidir leis na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise ón 1 Eanáir 2022. |
|
(2) |
Is gá na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE chun inbhuanaitheacht bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear le haghaidh dócháin agus a rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a áirithiú. |
|
(3) |
Tá méadú ag teacht ar an aitheantas gur gá beartais bhithfhuinnimh a ailíniú le cuspóirí comhshaoil eile agus gur gá rochtain chothrom ar mhargadh na n-amhábhar bithmhaise a áirithiú chun réitigh bhithbhunaithe nuálacha ard-bhreisluacha agus bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an soláthar bithmhaise inbhuanaithe atá ar fáil le haghaidh úsáidí fuinnimh agus neamhfhuinnimh agus cothabháil linnte carbóin na bhforaoisí náisiúnta agus na n-éiceachóras a chur san áireamh chomh maith le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise, agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Tá sé d’aidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) rannchuidiú le cuspóirí an Aontais Eorpaigh i dtaca le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Agus an sprioc sin á saothrú, tá sé fíor-riachtanach rannchuidiú freisin le cuspóirí níos leithne comhshaoil, agus go háirithe le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, rud atá faoi thionchar diúltach mar gheall ar an athrú indíreach ar an talamhúsáid a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe. De bhrí go mbeidh feidhm ag ráta nialasach maidir leis an mbithmhais ar fad in CTA go dtí go gcuirfear na critéir inbhuanaitheachta chun feidhme ina n-iomláine, moltar do na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal an Chonartha “íoc mar a thruaillítear”, ionstraimí agus uirlisí atá bunaithe ar an margadh a úsáid, amhail cánachas, atá ar fáil dóibh chun úsáid bithmhaise neamh-inbhuanaithe in earnálacha CTA a dhíspreagadh chun tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol a sheachaint. |
|
(4) |
Bhí go dtí an 30 Meitheamh 2021 ag na Ballstáit chun Treoir (AE) 2018/2001 a thrasuí. Níl trasuí na Treorach tugtha chun críche fós i roinnt mhaith Ballstát. |
|
(5) |
Déantar foráil le Treoir (AE) 2018/2001 maidir le roinnt gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh chun na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le bithmhais a chur chun feidhme. Tá moill ar ghlacadh roinnt de na gníomhartha sin. |
|
(6) |
Tá sé d’aidhm ag Treoir (AE) 2018/2001 ról na scéimeanna deonacha um dheimhniúchán idirnáisiúnta agus náisiúnta chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú ar bhealach comhchuibhithe. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna deimhniúcháin náisiúnta a chur ar bun freisin. Is gá na modheolaíochtaí a úsáidtear sna scéimeanna deimhniúcháin sin a thabhairt cothrom le dáta nuair a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear faoi Threoir (AE) 2018/2001. Thairis sin, is gá oiliúint a chur ar fhíoraitheoirí. |
|
(7) |
Chun cur chun feidhme láidir éifeachtúil comhchuibhithe a áirithiú, meastar go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach cur i bhfeidhm na gcritéar inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithmhais atá in Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur ar athló. Tá tréimhse a mhaireann bliain féilire amháin iomchuí chun ailíniú le timthriall comhlíontachta bliantúil CTA. |
|
(8) |
Laghdaítear neamhchinnteacht eacnamaíoch leis an Rialachán seo freisin le haghaidh na n-oibreoirí a úsáideann bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise le haghaidh dócháin i ngníomhaíochtaí faoi Threoir 2003/87/CE, toisc go meastar go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin ag feidhmiú faoi lánseol le linn 2022. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Go dtí go nglacfar na rialacha is gá chun Treoir (AE) 2018/2001 a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 38 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas leis:
“6. De mhaolú ar mhír 5, an chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit, nó na húdaráis inniúla de réir mar is iomchuí, a mheas go gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa dá dtagraítear sa mhír sin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear le haghaidh dócháin ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.”
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2085 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 423, 15.12.2020, lch. 37).
(4) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(5) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/389 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Márta 2022
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formáid, struchtúr, liostaí ábhair agus dáta foilseacháin bliantúil na faisnéise atá le nochtadh ag údaráis inniúla
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2019/2034 ceanglaítear ar údaráis inniúla faisnéis áirithe a nochtadh chun go n-oibreoidh margadh na ngnólachtaí infheistíochta inmheánacha le héifeachtacht mhéadaitheach agus chun leibhéil leormhaithe trédhearcachta a áirithiú don phobal i gcoitinne. De bhun na Treorach sin, beidh an fhaisnéis a nochtar cuimsitheach agus cruinn go leor chun gur féidir comparáid fhóinteach a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát. |
|
(2) |
Chun an chomparáid sin a éascú a thuilleadh, foilseofar faisnéis ón údarás inniúil i bhformáid choiteann, a thabharfar cothrom le dáta go tráthrialta agus a chuirfear ar fáil ag aon láthair leictreonach amháin. Dá bhrí sin, is gá formáid, struchtúr, liostaí ábhair agus dáta foilseacháin bliantúil na faisnéise sin a chinneadh. Cé go síneann na ceanglais mhaoirseachta maidir le nochtadh a leagtar amach i dTeideal V de Threoir (AE) 2019/2034 thar réimse na rialála stuamachta, is gá díriú i dtosach ar na freagrachtaí maoirseachta a eascraíonn as an Treoir sin agus as Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(3) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dlíthe, rialacháin, rialacha riaracháin agus treoraíocht ghinearálta
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir le téacsanna dlíthe, rialachán, rialacha riaracháin agus treorach ginearálta arna nglacadh ina mBallstát i réimse na rialála stuamachta de bhun Airteagal 57(1), pointe (a) de Threoir (AE) 2019/2034, úsáidfidh siad na foirmeacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Roghanna agus lánroghanna
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis an gcaoi a bhfeidhmítear na roghanna agus na lánroghanna atá ar fáil de bhun Airteagal 57(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2019/2034, úsáidfidh siad na foirmeacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí a úsáideann siad san athbhreithniú agus meastóireacht mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034 de bhun Airteagal 57(1), pointe (c) den Treoir sin, úsáidfidh siad na foirmeacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Sonraí staidrimh comhiomlánaithe
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir le sonraí staidrimh comhiomlánaithe i ndáil le príomhghnéithe de chur chun feidhme an chreata stuamachta de bhun Airteagal 57(1), pointe (d) de Threoir (AE) 2019/2034, úsáidfidh siad na foirmeacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Dáta foilseacháin bliantúil
1. Foilseoidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/2034 ag aon láthair leictreonach amháin den chéad uair faoin 30 Meitheamh 2022.
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (d) de Threoir (AE) 2019/2034 a thabhairt cothrom le dáta faoin 30 Meitheamh gach bliain bunaithe ar an bhfaisnéis tuairiscithe maoirseachta amhail ar an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointí (a), (b) agus (c), de Threoir (AE) 2019/2034 a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, agus tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, seachas mura bhfuil aon athrú san fhaisnéis a foilsíodh.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.
(2) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRIBHINN I
RIALACHA AGUS TREORAÍOCHT
Liosta teimpléad
|
CUID 1 |
Trasuí Threoir (AE) 2019/2034 |
|
CUID 2 |
Formheas na samhla |
|
CUID 3 |
Ceanglais shonracha maidir le nochtadh a chuirtear i bhfeidhm ar ghnólachtaí infheistíochta |
|
CUID 4 – |
Tuairisciú rialála |
Barúlacha ginearálta ar na teimpléid in Iarscríbhinn I a líonadh isteach
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí, ní nochtfaidh siad aon bheart maoirseachta atá dírithe ar ghnólachtaí infheistíochta sonracha, cibé acu a glacadh na bearta i ndáil le haon ghnólacht infheistíochta amháin nó i ndáil le grúpa gnólachtaí infheistíochta.
CUID 1
Trasuí Threoir (AE) 2019/2034
|
|
Trasuí fhorálacha Threoir (AE) 2019/2034 |
Forálacha Threoir (AE) 2019/2034 |
Naisc chuig téacs náisiúnta (1) |
Tagairt(í) d’fhorálacha náisiúnta (2) |
Ar fáil i mBéarla (Tá/Níl) |
||
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sna teimpléid seo |
|
(ll/mm/bbbb) |
||||
|
020 |
|
Airteagail 1 go 3 |
|
|
|
||
|
030 |
|
Airteagail 4 go 8 |
|
|
|
||
|
040 |
|
Airteagail 9 go 11 |
|
|
|
||
|
050 |
|
|
|
|
|
||
|
060 |
CAIBIDIL 1 - Prionsabail na maoirseachta stuamachta |
|
|
|
|
||
|
070 |
Roinn 1 - Inniúlachtaí agus dualgais na mballstát baile agus na mballstát óstach |
Airteagail 12 go 14 |
|
|
|
||
|
080 |
Roinn 2 - Rúndacht ghairmiúil agus an dualgas tuairisciú a dhéanamh |
Airteagail 15 go 17 |
|
|
|
||
|
090 |
Roinn 3 - Smachtbhannaí, cumhachtaí imscrúdúcháin agus an ceart chun achomhairc |
Airteagail 18 go 23 |
|
|
|
||
|
100 |
CAIBIDIL 2 - An próiseas athbhreithnithe |
|
|
|
|
||
|
110 |
Roinn 1 - An próiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil agus riosca inmheánach |
Airteagal 24 |
|
|
|
||
|
120 |
Roinn 2 - Rialachas inmheánach, trédhearcacht, láimhseáil rioscaí agus luach saothair |
Airteagail 25 go 35 |
|
|
|
||
|
130 |
Roinn 3 - An próiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta |
Airteagail 36 go 37 |
|
|
|
||
|
140 |
Roinn 4 - Bearta agus cumhachtaí maoirseachta |
Airteagail 38 go 45 |
|
|
|
||
|
150 |
CAIBIDIL 3 - Maoirseacht ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta |
|
|
|
|
||
|
160 |
Roinn 1 - Maoirseacht ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta ar bhonn comhdhlúite agus maoirseacht ar chomhlíonadh na tástála caipitil grúpa |
Airteagail 46 go 50 |
|
|
|
||
|
170 |
Roinn 2 - Cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha agus cuideachtaí sealbhaíochta gníomhaíochtaí measctha |
Airteagail 51 go 56 |
|
|
|
||
|
180 |
TEIDEAL V - FOILSIÚ AG NA hÚDARÁIS INNIÚLA |
Airteagal 57 |
|
|
|
||
|
190 |
TEIDEAL VI - GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE |
Airteagal 58 |
|
|
|
||
|
200 |
TEIDEAL VII - LEASUITHE AR THREORACHA EILE |
Airteagail 59 go 64 |
|
|
|
||
|
210 |
TEIDEAL VIII - FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA |
Airteagail 65 go 69 |
|
|
|
||
CUID 2
Formheas na samhla (3)
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
(ll/mm/bbbb) |
|
|
|
Tuairisc ar an gcur chuige |
|
020 |
Cur chuige maoirseachta maidir le húsáid chur chuige na samhla inmheánaí (IMA) malartaí a fhormheas chun íoscheanglais chaipitil le haghaidh riosca margaidh a ríomh |
|
|
030 |
Doiciméadacht íosta atá le soláthar ag an ngnólacht infheistíochta a dhéanfaidh iarratas ar IMA malartach a úsáid |
[téacs saor] |
|
040 |
Tuairisc ar an bpróiseas measúnaithe arna dhéanamh ag an údarás inniúil (úsáid féinmheasúnaithe, spleáchas ar iniúchóirí seachtracha agus ar chigireachtaí ar an láthair) agus ar phríomhchritéir an mheasúnaithe |
[téacs saor] |
|
050 |
Foirm na gcinntí arna ndéanamh ag an údarás inniúil agus cur in iúl na gcinntí do na hiarratasóirí |
[téacs saor] |
CUID 3
Ceanglais shonracha maidir le nochtadh a chuirtear i bhfeidhm ar ghnólachtaí infheistíochta
|
|
Treoir (AE) 2019/2034 |
Soláthar |
Faisnéis atá le soláthar ag an údarás inniúil |
|
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
|
(ll/mm/bbbb) |
|
|
020 |
Airteagal 44(a) |
Tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla a cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 agus mar ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/2033, a cheangal orthu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán sin a fhoilsiú níos minice ná uair in aghaidh na bliana agus sprioc-amanna a shocrú le haghaidh an fhoilsithe sin; |
Minicíocht agus sprioc-amanna maidir le foilsiú is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta |
[téacs saor] |
|
030 |
Airteagal 44(b) |
Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar na gnólachtaí infheistíochta sin nach gcomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 agus mar ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2019/2033, a cheangal orthu meáin shonracha agus áiteanna sonracha, go háirithe suíomhanna gréasáin na ngnólachtaí infheistíochta, a úsáid le haghaidh foilseachán seachas na ráitis airgeadais; |
Cineálacha meán sonrach atá le húsáid ag gnólachtaí infheistíochta |
[téacs saor] |
|
040 |
Airteagal 44(c) |
Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar na máthairghnóthais tuairisc ar a struchtúr dlíthiúil agus rialachais agus ar struchtúir eagrúcháin an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta a fhoilsiú go bliantúil, bíodh sé ina hiomláine nó le tagairtí d'fhaisnéis choibhéiseach, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir seo agus le hAirteagal 10 de Threoir 2014/65/AE. |
Struchtúr dlíthiúil agus struchtúr rialachais agus eagrúcháin an mháthairghrúpa gnólachtaí infheistíochta |
[téacs saor] |
CUID 4
Tuairisciú rialála
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
(ll/mm/bbbb) |
|
020 |
Cur chun feidhme an tuairiscithe ar fhaisnéis airgeadais i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme XXX/2021 ón gCoimisiún |
|
|
030 |
An úsáidtear caighdeáin XBRL le haghaidh chur isteach an tuairiscithe chuig an údarás inniúil? |
[Úsáidtear/Ní úsáidtear] |
(1) Hipearnasc/hipearnaisc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfuil an téacs náisiúnta lena dtrasuitear an fhoráil de dhlí an Aontais atá i gceist.
(2) Tagairtí mionsonraithe don fhoráil den dlí náisiúnta, amhail Teideal, Caibidil, alt ábhartha etc.
(3) Infheidhme ón 26 Meitheamh 2026 nó, i gcás institiúidí creidmheasa, ó dháta chur i bhfeidhm na gceanglas mar a luaitear in Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
IARSCRÍBHINN II
ROGHANNA AGUS LÁNROGHANNA
Liosta teimpléad
|
CUID 1 |
Roghanna agus lánroghanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/2034, in Rialachán (AE) 2019/2033 |
|
CUID 2 |
An líon gnólachtaí infheistíochta a úsáideann forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/2034 agus in Rialachán (AE) 2019/2033 |
|
CUID 3 |
Eilimintí inathraithe den luach saothair (Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034) |
Barúlacha ginearálta ar na teimpléid in Iarscríbhinn II a líonadh isteach
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí, ní nochtfaidh siad aon bheart maoirseachta atá dírithe ar ghnólachtaí infheistíochta sonracha, cibé acu a glacadh na bearta i ndáil le haon ghnólacht infheistíochta amháin nó i ndáil le grúpa gnólachtaí infheistíochta.
CUID 1
Roghanna agus lánroghanna a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/2034, in Rialachán (AE) 2019/2033
|
|
Treoir (AE) 2019/2034 |
Rialachán (AE) 2019/2033 |
Seolaí |
Ainmníocht |
Tuairisc ar an rogha nó ar an lánrogha |
Feidhmithe (Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar) (1) |
Téacs náisiúnta (2) |
Tagairt(í) (3) |
Ar fáil i mBéarla (Tá/Níl) |
Mionsonraí / Tuairimí |
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
(ll/mm/bbbb) |
|
|||||||
|
020 |
5(1) |
|
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm cheanglais CRD |
Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm maidir le gnólacht infheistíochta a dhéanann gníomhaíochtaí a shonraítear i bpointí 3 agus 6 i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i gcás inarb é EUR 5 000 000 000 luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta nó i gcás inar mó luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta ná EUR 5 000 000 000 , i gcás ina bhfuil feidhm ag coinníollacha Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/2034. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
030 |
24(2) |
|
Údarás inniúil |
Caipiteal inmheánach agus sócmhainní leachtacha |
Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha ceanglais a chur i bhfeidhm maidir le caipiteal inmheánach agus sócmhainní leachtacha dá bhforáiltear in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/2034. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
040 |
36(2) |
|
Údarás inniúil |
Athbhreithniú agus meastóireacht mhaoirseachta |
Cinnfidh na húdaráis inniúla, ar bhonn cás ar chás, cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht, agus i gcás ina ndéanfar sin cén leagan amach a bheidh orthu, i dtaca le gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
050 |
40(7) |
|
Údarás inniúil |
Ceanglas cistí dílse breise |
Féadfaidh na húdaráis inniúla, ar bhonn cás ar chás, ceanglais cistí dílse breise dá dtagraítear in Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 a fhorchur ar ghnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach ‘Tá’ |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
060 |
41(1) |
|
Údarás inniúil |
Ceanglas cistí dílse breise |
Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar ghnólachtaí infheistíochta, nach gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha iad, leibhéal cistí dílse a bheith acu a chumhdódh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag luaineacht eacnamaíochta thimthriallach. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
070 |
42(1) |
|
Údarás inniúil |
Ceanglais leachtachta |
Forchuirfidh na húdaráis inniúla ceanglais leachtachta shonracha dá dtagraítear i bpointe (k) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 i gcás gnólachtaí infheistíochta lena bhfuil feidhm ag ceanglais leachtacha dá dtagraítear in Airteagal 42(1) de Threoir (AE) 2019/2034. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
080 |
46(6) |
|
Údarás inniúil |
Díolúine ó chritéir maoirseora grúpa |
Féadfaidh na húdaráis inniúla maoirseoir a ainmniú ar bhonn comhdhlúite seachas an ceann siúd dá dtagraítear in Airteagal 46(6) de Threoir (AE) 2019/2034. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
090 |
|
1(2)(c) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm cheanglais an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil (Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) |
Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta a dhéanann gníomhaíochtaí a shonraítear i bpointí 3 agus 6 i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus i gcás inarb é EUR 15 000 000 000 luach shócmhainní comhdhlúite iomlána an ghnólachta infheistíochta nó an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta nó i gcás inar mó luach shócmhainní comhdhlúite iomlána an ghnólachta infheistíochta nó an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta ná EUR 15 000 000 000 , i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
100 |
|
1(5) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 |
Féadfaidh na húdaráis inniúla cead a thabhairt ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm maidir le gnólacht infheistíochta a dhéanann gníomhaíochtaí a shonraítear i bpointí 3 agus 6 i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus i gcás inar fochuideachta d’institiúid creidmheasa nó de chuideachta sealbhaíochta airgeadais nó de chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha é an gnólacht infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 1(5) de Rialachán (AE) 2019/2033. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
110 |
|
6(1) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm na gceanglas ar bhonn aonair |
Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le cuid 2, 3, 4, 6 agus 7, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha uile Airteagal 6(1). |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
120 |
|
6(2) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm na gceanglas ar bhonn aonair |
Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le cuid 6, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha uile Airteagal 6(2). |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
130 |
|
6(3) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm na gceanglas ar bhonn aonair |
Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólacht infheistíochta a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le cuid 5, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha uile Airteagal 6(3). |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
140 |
|
7(4) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm na gceanglas ar bhonn comhdhlúite |
Féadfaidh na húdaráis inniúla an máthairghnóthas a dhíolmhú ó cheanglais maidir leis an oibleagáid a leagtar síos i gcuid 5 a chomhlíonadh ar bhonn a gcáis chomhdhlúite. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
150 |
|
8(1) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm na gceanglas ar bhonn comhdhlúite |
Féadfaidh na húdaráis inniúla cur i bhfeidhm Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/2033 a cheadú i gcás struchtúir ghrúpa atá simplí go leor, nach bhfuil rioscaí suntasacha ann do chliaint nó don mhargadh ón ngrúpa gnólachtaí infheistíochta ina iomláine a mbeadh maoirseacht ag teastáil uaidh ar bhonn comhdhlúite murach sin. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
160 |
|
8(4) |
Údarás inniúil |
Cur i bhfeidhm na gceanglas ar bhonn comhdhlúite |
Féadfaidh na húdaráis inniúla ligean don mháthairghnóthas méid cistí dílse is ísle ná an méid arna ríomh de réir Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith ina sheilbh, ar choinníoll nach ísle an méid sin ná suim na gceanglas cistí dílse a fhorchuirtear, ar bhonn aonair, ar a ghnólachtaí fochuideachta infheistíochta, institiúidí fochuideachta airgeadais, gnóthais fochuideachta seirbhísí coimhdeacha agus gníomhairí fochuideachta faoi cheangal, agus méid iomlán aon dliteanais theagmhasaigh i bhfabhar na n-eintiteas sin. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
170 |
|
9(4) |
Údarás inniúil |
Cistí dílse |
Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do ghnólachtaí infheistíochta, ar gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha iad nó nach daoine dlítheanacha ná cuideachtaí comhstoic iad, ionstraimí nó cistí breise atá coibhéiseach le hionstraimí cistí dílse a úsáid |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
180 |
|
10(2) |
Údarás inniúil |
Sealúchais cháilitheacha cistí dílse |
Féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc a chur ar ghnólacht infheistíochta sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith aige, i gcás inar mó méid na sealúchas sin ná na céatadáin cistí dílse a leagtar síos sa mhír sin. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
190 |
|
11(3) |
Údarás inniúil |
Cistí dílse |
Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar ghnólacht infheistíochta a bheith faoi réir ceanglais cistí dílse atá éagsúil ó na cinn siúd dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033 |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
200 |
|
13(2) |
Údarás inniúil |
Cistí dílse. Ceanglas maidir le forchostais sheasta |
Féadfaidh na húdaráis inniúla méid an cheanglais maidir le forchostais sheasta dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a choigeartú i gcás ina measfaidh siad go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
210 |
|
15(4) |
Údarás inniúil |
Cistí dílse |
Féadfaidh na húdaráis inniúla méid comhfhreagrach K-fhachtóra ábhartha a choigeartú i gcás ina measfaidh siad go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
220 |
|
17(2) |
Údarás inniúil |
K-fhachtóirí. K-AUM (sócmhainní faoi bhainistiú) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
230 |
|
18(2) |
Údarás inniúil |
K-fhachtóirí. K-CMH (airgead cliant atá ar seilbh) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
240 |
|
19(3) |
Údarás inniúil |
K-fhachtóirí. K-ASA (sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
250 |
|
20(3) |
Údarás inniúil |
K-fhachtóirí. K-COH (orduithe cliaint arna láimhseáil) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
260 |
|
30(1) |
Údarás inniúil |
K-fhachtóirí. K-TCD |
Féadfaidh na húdaráis inniúla an coigeartú luaineachta a athrú i gcomhair cineálacha áirithe tráchtearraí dá bhfuil leibhéil éagsúla luaineachta sna praghsanna. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
270 |
|
33(4) |
Údarás inniúil |
K-fhachtóirí. K-DTF (sreabhadh trádála laethúil) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil cinntí rialála atá bunaithe ar réamh-mheastacháin ghnó an ghnólachta infheistíochta arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE a chur in ionad na bpointí sonraí stairiúla atá ar iarraidh. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
280 |
|
38(2) |
Údarás inniúil |
Riosca comhchruinnithe |
Féadfaidh na húdaráis inniúla tréimhse theoranta a dheonú don ghnólacht infheistíochta chun cloí leis an teorainn i dtaca le riosca comhchruinnithe agus barrachas luach na neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2019/2033. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
290 |
|
41(2) |
Údarás inniúil |
Riosca comhchruinnithe |
Féadfaidh na húdaráis inniúla neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 a dhíolmhú ina n-iomláine nó i bpáirt ó chur i bhfeidhm Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2019/2033. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
|
300 |
|
43(1) |
Údarás inniúil |
Ceanglais maidir le leachtacht |
Féadfaidh na húdaráis inniúla gnólachtaí infheistíochta beaga neamh-idirnasctha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le leachtacht a leagtar amach in Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/2033. |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
CUID 2
An líon gnólachtaí infheistíochta a úsáideann forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/2034 agus in Rialachán (AE) 2019/2033
|
|
Treoir (AE) 2019/2034 |
Rialachán (AE) 2019/2033 |
Seolaí |
Raon feidhme |
Ainmníocht |
Tuairisc ar an rogha nó ar an lánrogha |
Bliain |
Feidhmithe (Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar) (4) |
An líon gnólachtaí infheistíochta atá ag cur na forála idirthréimhsí i bhfeidhm |
|
|
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
(ll/mm/bbbb) |
|
|
|||||
|
010 |
|
Airteagal 57(3) |
Gnólachtaí infheistíochta |
Cistí dílse |
Cur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse níos ísle |
Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 57(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 ceanglais cistí dílse níos ísle a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse 5 bliana ón 26 Meitheamh 2021. |
[Bliain] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
|
|
020 |
|
Airteagal 57(4) |
Gnólachtaí infheistíochta |
Cistí dílse |
Cur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse níos ísle |
Féadfaidh gnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 57(4) de Rialachán (AE) 2019/2033 ceanglais cistí dílse níos ísle a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse 5 bliana ón 26 Meitheamh 2021. |
[Bliain] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
|
|
030 |
|
Airteagal 57(6) |
Gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntais féin |
Cistí dílse |
Cur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse níos ísle |
Gnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin agus dá dtagraítear in Airteagal 57(6) de Rialachán (AE) 2019/2033, féadfaidh siad na ceanglais cistí dílse atá orthu a theorannú ar feadh tréimhse 5 bliana ón 26 Meitheamh 2021 chuig EUR 250 000 ar a laghad, faoi réir méadú bliantúil de EUR 100 000 ar a laghad i rith tréimhse 5 bliana. |
[Bliain] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
|
CUID 3
Eilimintí inathraithe den luach saothair (Airteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034)
|
|
Treoir (AE) 2019/2034 |
Seolaí |
Forálacha |
Faisnéis le nochtadh |
Feidhmithe (Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar) |
Tagairtí |
Ar fáil i mBéarla (Tá/Níl) |
Mionsonraí / Tuairimí |
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
(ll/mm/bbbb) |
|
|||||
|
020 |
Airteagal 30(2) |
Na Ballstáit |
Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ar an gcaoi a n-áiritheoidh siad go socróidh na gnólachtaí infheistíochta na cóimheasa iomchuí idir an chomhpháirt inathraithe agus an chomhpháirt sheasta den luach saothair iomlán. |
[Téacs/luach saor] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
030 |
Airteagal 32(3) |
Na Ballstáit nó na hÚdaráis Inniúla |
Tuairisc ar aon srian ar chineál agus ar cheapadh na n-ionstraimí nó ar thoirmisc na n-ionstraimí is féidir a úsáid chun críoch luacha saothair inathraithe a dhámhachtain. |
[Téacs saor/luach] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
040 |
Airteagal 32(5) |
Na Ballstáit |
Tairseacha seachas na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 32(4) ar mhéadaigh an t-údarás inniúil iad le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe. |
[Luach in EUR] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
050 |
Airteagal 32(6) |
Na Ballstáit |
Tairseacha seachas na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 32(4) ar laghdaigh an t-údarás inniúil iad le haghaidh gnólachtaí infheistíochta áirithe. |
[Luach in EUR] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
060 |
Airteagal 32(7) |
Na Ballstáit |
Tuairisc ar shonraíochtaí an mhargaidh nó ar chineál na bhfreagrachtaí agus próifíl poist na mball foirne atá i dteideal luach saothair inathraitheach bliantúil nach mó a luach saothair inathraithe bliantúil ná EUR 50 000 agus nach mó é ná aon cheathrú amháin de luach saothair bliantúil iomlán an duine aonair sin, ach nach bhfuil an duine aonair faoi réir na díolúine a leagtar amach in Airteagal 32(4). |
[Téacs/luach saor] |
[Tá/Níl/Ní bhaineann le hábhar] |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
Éigeantach má chuirtear isteach 'Tá' |
|
|
1) |
Le ‘Tá’, léirítear go bhfuil rogha nó lánrogha ábhartha feidhmithe ag an údarás inniúil nó ag an mBallstát a bhfuil sé de chumhacht aige í a fheidhmiú.
Le ‘Níl’, léirítear nach bhfuil rogha nó lánrogha ábhartha feidhmithe ag an údarás inniúil nó ag an mBallstát a bhfuil sé de chumhacht aige í a fheidhmiú. Le ‘Ní bhaineann le hábhar’, léirítear nach féidir an rogha a fheidhmiú nó nach ann don lánrogha. |
|
(2) |
Tagairt don reachtaíocht náisiúnta agus hipearnasc/hipearnaisc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfuil an téacs náisiúnta lena dtrasuitear foráil an Aontais atá i gceist. |
(1) Le ‘Tá’, léirítear go bhfuil rogha nó lánrogha ábhartha feidhmithe ag an údarás inniúil nó ag an mBallstát a bhfuil sé de chumhacht aige í a fheidhmiú.
Le 'Níl', léirítear nach bhfuil rogha nó lánrogha ábhartha feidhmithe ag an údarás inniúil nó ag an mBallstát a bhfuil sé de chumhacht aige í a fheidhmiú.
Le (Ní bhaineann le hábhar), léirítear nach féidir an rogha a fheidhmiú nó nach ann don lánrogha.
(2) Téacs na forála sa reachtaíocht náisiúnta.
(3) Tagairt don reachtaíocht náisiúnta agus hipearnasc/hipearnaisc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfuil an téacs náisiúnta lena dtrasuitear foráil an Aontais atá i gceist.
(4) Le ‘Tá’, léirítear go bhfuil rogha nó lánrogha ábhartha feidhmithe ag an údarás inniúil nó ag an mBallstát a bhfuil sé de chumhacht aige í a fheidhmiú.
Le ‘Níl’, léirítear nach bhfuil rogha nó lánrogha ábhartha feidhmithe ag an údarás inniúil nó ag an mBallstát a bhfuil sé de chumhacht aige í a fheidhmiú.
Le ‘Ní bhaineann le hábhar’, léirítear nach féidir an rogha a fheidhmiú nó nach ann don lánrogha.
IARSCRÍBHINN III
AN PRÓISEAS ATHBHREITHNITHE AGUS MEASTÓIREACHTA MAOIRSEACHTA (SREP)
Liosta teimpléad
Barúlacha ginearálta ar na teimpléid in Iarscríbhinn III a líonadh isteach
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí, ní nochtfaidh siad aon bheart maoirseachta atá dírithe ar ghnólachtaí infheistíochta sonracha, cibé acu a glacadh na bearta i ndáil le haon ghnólacht infheistíochta amháin nó i ndáil le grúpa gnólachtaí infheistíochta.
AN PRÓISEAS ATHBHREITHNITHE AGUS MEASTÓIREACHTA MAOIRSEACHTA (SREP) (1)
|
010 |
Dáta an nuashonraithe is déanaí ar fhaisnéis sa teimpléad seo |
(ll/mm/bbbb) |
|||||||
|
020 |
Raon feidhme chur i bhfeidhm SREP (Airteagal 36 de IFD) |
Tuairisc ar chur chuige an údaráis inniúil maidir le raon feidhme chur i bhfeidhm SREP lena n-áirítear:
|
[téacs saor nó tagairt nó hipearnasc chuig treoir den sórt sin] |
||||||
|
030 |
Measúnú ar eilimintí SREP (Airteagail 36 de IFD) |
Tuairisc ar chur chuige an údaráis inniúil maidir le measúnú ar eilimintí aonair SREP lena n-áirítear:
|
[téacs saor nó tagairt nó hipearnasc chuig treoir den sórt sin] |
||||||
|
040 |
Athbhreithniú agus meastóireacht ar ICAAP agus ar ILAAP (Airteagail 24 agus 36 de IFD) |
Tuairisc ar chur chuige an údarás inniúil maidir leis an athbhreithniú agus an meastóireacht ar an gceanglas cistí dílse breise agus ar an gceanglas leachtachta sonrach mar chuid de SREP, agus, go háirithe, chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na gcistí dílse breise agus na ríomhanna leachtachta chun críocha cistí dílse breise agus ceanglais leachtachta a chinneadh lena n-áirítear (4):
|
[téacs saor nó tagairt nó hipearnasc chuig treoir den sórt sin] |
||||||
|
050 |
Measúnú foriomlán ar SREP agus bearta maoirseachta (Airteagail 38 agus 39 de IFD) |
Tuairisc ar chur chuige an údaráis inniúil maidir leis an measúnú foriomlán ar SREP (achoimre) agus cur i bhfeidhm na mbeart maoirseachta ar bhonn an mheasúnaithe fhoriomláin ar SREP (5). Tuairisc ar conas atá torthaí SREP nasctha le cur i bhfeidhm beart luath-idirghabhála de réir Airteagal 27 de Threoir 2014/59/AE agus coinníollacha a chinneadh maidir le cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas go bhfuil ag cliseadh ar an ngnólacht infheistíochta nó gur dócha go gclisfidh air de réir Airteagal 32 den Treoir sin (6). |
[téacs saor nó tagairt nó hipearnasc chuig treoir den sórt sin] |
||||||
(1) Is i bhfoirm nóta míniúcháin de réir an dara colún a nochtfaidh na húdaráis inniúla na critéir agus na modheolaíochtaí a úsáidtear i ró 020 go ró 040 agus i ró 050 le haghaidh an mheasúnaithe fhoriomláin.
(2) Déanfar raon feidhme SREP a mheas ar leibhéal gnólachta infheistíochta agus i leith a acmhainní dílse araon. Míneoidh údarás inniúil an cur chuige a úsáidfear chun gnólacht infheistíochta a aicmiú i gcatagóirí éagsúla chun críocha SREP, lena dtugtar tuairisc ar úsáid critéar cainníochtúil agus cáilíochtúil, agus ar an gcaoi a ndéantar difear do chobhsaíocht airgeadais nó do chuspóirí maoirseachta foriomlána eile le haicmiú den sórt sin. Míneoidh údarás inniúil freisin cén chaoi a gcuirtear aicmiú i bhfeidhm chun a áirithiú rannpháirtíocht íosta ar a laghad i measúnuithe SREP, lena n-áirítear an tuairisc ar na minicíochtaí maidir leis an measúnú ar eilimintí uile SREP le haghaidh catagóirí éagsúla gnólachtaí infheistíochta.
(3) Lena n-áirítear uirlisí oibre e.g. cigireachtaí ar an láthair agus scrúduithe lasmuigh den láthair, critéir cháilíochtúla nó chainníochtúla, na sonraí staidrimh a úsáidtear sna measúnuithe. Hipearnaisc chuig aon treoir ar an suíomh gréasáin atá le cur isteach.
(4) Míneoidh na húdaráis inniúla freisin conas a chumhdaítear an measúnú ar phróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP) agus ar phróiseas measúnaithe inmheánach ar leordhóthanacht leachtachta (ILAAP) leis na samhlacha rannpháirtíochta íosta a chuirtear i bhfeidhm chun críoch comhréireachta bunaithe ar chatagóirí SREP mar aon le conas a chuirtear comhréireacht i bhfeidhm chun ionchais mhaoirseachta i leith ICAAP agus ILAAP a shonrú, agus go háirithe, aon treoirlíne nó aon íoscheanglas le haghaidh ICAAP agus ILAAP a d’eisigh na húdaráis inniúla.
(5) An cur chuige a chuireann na húdaráis inniúla i bhfeidhm chun teacht ar an measúnú foriomlán ar SREP agus a theachtaireacht chuig na gnólachtaí infheistíochta. Tá an measúnú foriomlán ó na húdaráis inniúla bunaithe ar athbhreithniú ar na heilimintí uile dá dtagraítear i ró 020 go ró 040, mar aon le haon fhaisnéis ábhartha eile faoin ngnólacht infheistíochta a fhéadfaidh an t-údarás inniúil a fháil.
(6) Féadfaidh na húdaráis inniúla na beartais lena dtreoraítear a gcinntí maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh (de réir bhrí Airteagal 18 de IFD) agus bearta luath-idirghabhála a dhéanamh (de réir bhrí Airteagal 27 den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD)) a nochtadh freisin aon uair a shainaithneofar laigí nó easnaimh ina measúnú ar ghnólacht infheistíochta ina mbeidh gá le hidirghabháil mhaoirseachta. D’fhéadfadh a bheith san áireamh sna nochtaí sin foilsiú treoirlínte inmheánacha nó doiciméad eile lena dtugtar tuairisc ar chleachtais ghinearálta mhaoirseachta. Ní gá aon nochtadh, áfach, maidir le cinntí ar ghnólachtaí infheistíochta aonair, chun prionsabal na rúndachta a urramú.
Ina theannta sin, féadfaidh údaráis inniúla faisnéis a sholáthar maidir leis na himpleachtaí sa chás go sáródh gnólacht infheistíochta forálacha dlíthiúla ábhartha nó nach gcomhlíonfadh sé na bearta maoirseachta nó luath-idirghabhála a fhorchuirtear bunaithe ar thorthaí SREP, e.g. liostóidh sé nósanna imeachta forfheidhmiúcháin a bheidh i bhfeidhm ( i gcás inarb infheidhme).
IARSCRÍBHINN IV
SONRAÍ STAIDRIMH COMHIOMLÁNA
Liosta teimpléad
|
CUID 1 |
Sonraí aonair in aghaidh an údaráis inniúil |
|
CUID 2 |
Sonraí maidir le riosca margaidh |
|
CUID 3 |
Sonraí maidir le bearta maoirseachta agus pionóis riaracháin |
|
CUID 4 |
Sonraí maidir le díolúintí |
Barúlacha ginearálta ar na teimpléid in Iarscríbhinn IV a líonadh isteach
|
1) |
Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí, ní nochtfaidh siad aon bheart maoirseachta atá dírithe ar ghnólachtaí infheistíochta sonracha, cibé acu a glacadh na bearta i ndáil le haon ghnólacht infheistíochta amháin nó i ndáil le grúpa gnólachtaí infheistíochta. |
|
2) |
Ní bheidh ach uimhreacha i gcealla uimhriúla. Ní bheidh aon tagairt d’airgeadraí náisiúnta. Is é an euro an t-airgeadra a úsáidtear; agus comhshófaidh Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro a n-airgeadra náisiúnta in euro trí na rátaí malairte BCE a úsáid (ar an dáta tagartha coiteann, i.e. an lá deireanach den bhliain atá faoi athbhreithniú), le hionad deachúil amháin agus méideanna sna milliúin á nochtadh acu. |
|
3) |
Is i milliúin euro a bheidh aonad an nochta le haghaidh na méideanna airgeadaíochta tuairiscithe (dá ngairtear EUR milliún anseo feasta). |
|
4) |
Nochtfar céatadáin le dhá dheachúil leo. |
|
5) |
Mura bhfuil sonraí á nochtadh, soláthrófar an chúis nach bhfuil siad á nochtadh trí úsáid a bhaint as ainmníocht ÚBE, i.e. N/A (gan a bheith ar fáil) nó R (faoi rún). |
|
6) |
Nochtfar na sonraí ar bhonn comhiomlánaithe gan gnólachtaí infheistíochta aonair a shainaithint. |
|
7) |
Déanfar sonraí a thiomsú do ghnólachtaí infheistíochta faoi réir Threoir (AE) 2019/2034 agus dóibh sin amháin. Gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil faoi réir chóras Threoir (AE) 2019/2034, déantar iad a eisiamh ón gcleachtadh maidir le bailiú sonraí. |
CUID 1
Sonraí aonair in aghaidh an Údaráis Inniúil (bliain 20XX)
|
|
Tagairt don teimpléad tuairiscithe |
Sonraí |
|
||
|
|
Líon agus méid na ngnólachtaí infheistíochta |
|
|
|
|
|
010 |
An líon gnólachtaí infheistíochta |
|
[Luach] |
||
|
020 |
Sócmhainní iomlána na ngnólachtaí infheistíochta uile sa Bhallstát (i MEUR) (1) |
|
[Luach] |
||
|
|
Líon agus méid na ngnólachtaí infheistíochta tríú tír (2) |
|
|
||
|
030 |
Ó thríú tíortha |
An líon brainsí (3) |
|
[Luach] |
|
|
040 |
An líon fochuideachtaí (4) |
|
[Luach] |
||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Comhdhéanamh na gcistí dílse i ndáil le ceanglais cistí dílse |
|
Sonraí, i milliúin euro |
Sonraí, mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse (6) % |
|
|
050 |
Iomlán Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (5) |
I 01.00 ró 0030 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
060 |
Iomlán Leibhéal 1 breise (5) |
I 01.00 ró 0300 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
070 |
Iomlán Chaipiteal Leibhéal 2 (5) |
I 01.00 ró 0420 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
080 |
Iomlán na gcistí dílse (6) |
I 01.00 ró 0010 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
|
Iomlán na gceanglas cistí dílse de réir cineáil |
|
Sonraí, i milliúin euro |
Sonraí, mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse (6) % |
|
|
090 |
Sonraí maidir le ceanglais cistí dílse |
Ceanglas maidir le forchostais sheasta (7) |
I 02.00 ró 0030 |
[Luach] |
[Luach] |
|
100 |
Ceanglas maidir le híosmhéid buan caipitil (8) |
I 02.00 ró 0020 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
110 |
Ceanglas de réir K-fhachtóirí (9) |
I 02.00 ró 0040 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
120 |
ar Riosca don Chliant (RtC) é (10) |
I 04.00 ró 0020 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
130 |
ar Riosca don Mhargadh (RtM) é (11) |
I 04.00 ró 0090 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
140 |
ar Riosca don Ghnólacht (RtF) é (12) |
I 04.00 ró 0120 |
[Luach] |
[Luach] |
|
CUID 2
Sonraí maidir le riosca margaidh (13) (bliain 20XX)
|
Sonraí maidir le riosca don mhargadh |
Cur chuige |
Tagairt don teimpléad tuairiscithe |
Sonraí |
|
||
|
010 |
Ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca don mhargadh |
|
|
|
|
|
|
020 |
Miondealú de réir cur chuige |
An líon gnólachtaí infheistíochta a úsáideann gach cur chuige i ndáil leis an líon iomlán gnólachtaí infheistíochta (14) |
Cur chuige maidir leis an K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ |
IF 04.00 ró 0100 |
[Luach] |
|
|
030 |
ar cur chuige caighdeánaithe é |
|
[Luach] |
|||
|
040 |
ar cur chuige caighdeánaithe malartach é |
|
[Luach] |
|||
|
050 |
ar cur chuige na samhla inmheánaí malartaí é |
|
[Luach] |
|||
|
060 |
a bhfuil gach cur chuige maidir leis an K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ á n-úsáid ann (15) |
|
[Luach] |
|||
|
070 |
Cur chuige maidir leis an K-fhachtóir ‘corrlach imréitigh ar leith’ |
I 04.00 ró 0110 |
[Luach] |
|||
|
080 |
Idir K-fhachtóir ‘corrlach imréitigh ar leith’ agus K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ |
|
[Luach] |
|||
|
090 |
|
|
|
Sonraí i milliúin euro |
Sonraí mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse (16) % |
|
|
100 |
Iomlán na gceanglas cistí dílse faoi gach cur chuige (14) |
Cur chuige maidir leis an K-fachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ |
IF 04.00 ró 0100 |
[Luach] |
[Luach] |
|
|
110 |
ar cur chuige caighdeánaithe é |
|
[Luach] |
[Luach] |
||
|
120 |
ar cur chuige caighdeánaithe malartach é |
|
[Luach] |
[Luach] |
||
|
130 |
ar cur chuige na samhla inmheánaí malartaí é (15) |
|
[Luach] |
[Luach] |
||
|
140 |
a bhfuil gach cur chuige maidir leis an K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ á n-úsáid ann (15) |
|
[Luach] |
[Luach] |
||
|
150 |
Cur chuige maidir leis an K-fhachtóir ‘corrlach imréitigh ar leith’ |
I 04.00 ró 0110 |
[Luach] |
[Luach] |
||
|
160 |
Idir K-fhachtóir ‘corrlach imréitigh ar leith’ agus K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ |
|
[Luach] |
[Luach] |
||
CUID 3
Sonraí maidir le bearta maoirseachta agus pionóis riaracháin (17) (bliain 20XX)
|
|
Bearta maoirseachta |
Sonraí |
|
|
010 |
Bearta maoirseachta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 (a) |
An líon iomlán beart maoirseachta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 |
[Luach] |
|
020 |
cistí dílse a shealbhú ar mó iad ná na híoscheanglais chaipitil [Airteagal 39(2)(a)] |
[Luach] |
|
|
030 |
socruithe rialachais agus bainistiú caipitil inmheánaigh agus sócmhainní leachtacha a atreisiú [Airteagal 39(2)(b)] |
[Luach] |
|
|
040 |
plean a chur i láthair chun comhlíontacht a athbhunú le ceanglais mhaoirseachta [Airteagal 39(2)(c)] |
[Luach] |
|
|
050 |
beartas soláthair sonrach nó láimhseáil sócmhainní a chur i bhfeidhm [Airteagal 39(2)(d)] |
[Luach] |
|
|
060 |
gnó nó gníomhaíochtaí a shrianadh nó a theorannú [Airteagal 39(2)(e)] |
[Luach] |
|
|
070 |
an riosca a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais a laghdú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe [Airteagal 39(2)(f)] |
[Luach] |
|
|
080 |
luach saothair inathraithe a theorannú [Airteagal 39(2)(g)] |
[Luach] |
|
|
090 |
cistí dílse a threisiú trí ghlanbhrabúis a úsáid [Airteagal 39(2)(h)] |
[Luach] |
|
|
100 |
dáileacháin nó íocaíochtaí úis a shrianadh nó a thoirmeasc [Airteagal 39(2)(i)] |
[Luach] |
|
|
110 |
ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur [Airteagal 39(2)(j)] |
[Luach] |
|
|
120 |
ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur [Airteagal 39(2)(k)] |
[Luach] |
|
|
130 |
ceanglais bhreise maidir le nochtadh a fhorchur [Airteagal 39(2)(l)] |
[Luach] |
|
|
140 |
na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córais faisnéise gnólachtaí infheistíochta a laghdú [Airteagal 39(2)(m)] |
[Luach] |
|
|
150 |
Líon agus cineál na mbeart maoirseachta eile a glacadh (nach liostaítear in Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034) |
[Luach] |
|
|
160 |
Bearta maoirseachta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 38(b) agus le forálacha eile Threoir (AE) 2019/2034 nó Rialachán (AE) 2019/2033 |
An líon iomlán beart maoirseachta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034 |
[Luach] |
|
170 |
cistí dílse a shealbhú ar mó iad ná na híoscheanglais chaipitil [Airteagal 39(2)(a)] |
[Luach] |
|
|
180 |
socruithe rialachais agus bainistiú caipitil inmheánaigh agus sócmhainní leachtacha a atreisiú [Airteagal 39(2)(b)] |
[Luach] |
|
|
190 |
plean a chur i láthair chun comhlíontacht a athbhunú le ceanglais mhaoirseachta [Airteagal 39(2)(c)] |
[Luach] |
|
|
200 |
beartas soláthair sonrach nó láimhseáil sócmhainní a chur i bhfeidhm [Airteagal 39(2)(d)] |
[Luach] |
|
|
210 |
gnó nó gníomhaíochtaí a shrianadh nó a theorannú [Airteagal 39(2)(e)] |
[Luach] |
|
|
220 |
an riosca a bhaineann go dlúth le gníomhaíochtaí, táirgí agus córais a laghdú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe [Airteagal 39(2)(f)] |
[Luach] |
|
|
230 |
luach saothair inathraithe a theorannú [Airteagal 39(2)(g)] |
[Luach] |
|
|
240 |
cistí dílse a threisiú trí ghlanbhrabúis a úsáid [Airteagal 39(2)(h)] |
[Luach] |
|
|
250 |
dáileacháin nó íocaíochtaí úis a shrianadh nó a thoirmeasc [Airteagal 39(2)(i)] |
[Luach] |
|
|
260 |
ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur [Airteagal 39(2)(j)] |
[Luach] |
|
|
270 |
ceanglais leachtachta shonracha a fhorchur [Airteagal 39(2)(k)] |
[Luach] |
|
|
280 |
ceanglais bhreise maidir le nochtadh a fhorchur [Airteagal 39(2)(l)] |
[Luach] |
|
|
290 |
na rioscaí a bhaineann le slándáil líonraí agus córais faisnéise gnólachtaí infheistíochta a laghdú [Airteagal 39(2)(m)] |
[Luach] |
|
|
300 |
Líon agus cineál na mbeart maoirseachta eile a glacadh (nach liostaítear in Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034) |
[Luach] |
|
|
|
Pionóis riaracháin (18) |
Sonraí |
|
|
010 |
Pionóis riaracháin (i gcás sáruithe eile ar cheanglais a fhorchuirtear le Treoir (AE) 2019/2034 nó le Rialachán (AE) 2019/2033) |
An líon iomlán pionós riaracháin ó Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2034 a cuireadh i bhfeidhm: |
[Luach] |
|
020 |
ráitis phoiblí ina saineofar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe [Airteagal 18(2)(a)] |
[Luach] |
|
|
030 |
orduithe ina gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin an athuair [Airteagal 18(2)(b)] |
[Luach] |
|
|
040 |
cosc sealadach ar dhuine nádúrtha feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta [Airteagal 18(2)(c)] |
[Luach] |
|
|
050 |
pionóis riaracháin airgid a fhorchuirtear ar dhuine dlítheanach nó nádúrtha [pointí (d) go (f) d’Airteagal 18(2)] |
[Luach] |
|
|
060 |
Líon agus cineál na bpionós riaracháin eile a cuireadh i bhfeidhm (nach sonraítear in Airteagal 18(2) de Threoir (AE) 2019/2034) |
[téacs saor] |
|
Na pionóis riaracháin arna bhforchur ag na húdaráis inniúla. Tuairisceoidh na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin uile nach bhfuil aon achomharc ina gcoinne ar fáil ina ndlínse faoi dháta tagartha an nochta. I gcás údaráis inniúla na mBallstát ina gceadaítear dóibh pionóis riaracháin a fhoilsiú faoi réir achomhairc, tuairisceoidh siad na pionóis riaracháin sin freisin ach amháin má eisítear an t-achomharc lena neamhnítear an pionós riaracháin.
CUID 4
Sonraí maidir le díolúintí (19) (bliain 20XX)
|
|
Díolúine arna deonú do ghnólachtaí infheistíochta |
An líon iomlán díolúintí arna ndeonú |
Airteagal 9 |
|
010 |
Díolúine ó chur i bhfeidhm na gceanglas stuamachta, ar bhonn aonair, a leagtar amach in Airteagal 5 maidir le cuid 2, 3, 4, 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2019/2033 (Airteagal 6(1) (tarscaoiltí le haghaidh fochuideachtaí) (20)) |
[Luach] |
|
|
020 |
Díolúine ó chur i bhfeidhm na gceanglas stuamachta, ar bhonn aonair, a leagtar amach in Airteagal 5 maidir le cuid 6 de Rialachán (AE) 2019/2033 (Airteagal 6(2) (tarscaoiltí le haghaidh fochuideachtaí) (20)) |
[Luach] |
|
|
030 |
Díolúine ó chur i bhfeidhm na gceanglas stuamachta, ar bhonn aonair, a leagtar amach in Airteagal 5 maidir le cuid 5 de Rialachán (AE) 2019/2033 (Airteagal 6(3) (tarscaoiltí le haghaidh fochuideachtaí)) |
[Luach] |
|
|
040 |
Díolúine ó chur i bhfeidhm na gceanglas stuamachta, ar bhonn comhdhlúite, maidir le cuid 5 de Rialachán (AE) 2019/2033 (Airteagal 7(4) (comhdhlúthú stuamachta)) |
|
|
|
050 |
An líon iomlán ceadanna arna ndeonú |
[Luach] |
|
|
060 |
Méid iomlán na gcistí dílse comhdhlúite atá ar seilbh sna fochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha (i milliúin EUR) |
[Luach] |
|
|
070 |
An céatadán d’iomlán na gcistí dílse comhdhlúite atá ar seilbh sna fochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha (%) |
[Luach] |
|
|
080 |
An céatadán de na ceanglais cistí dílse comhdhlúite a leithdháiltear ar fhochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha (%) |
[Luach] |
|
(1) Is éard a bheidh i méid iomlán na sócmhainní suim luachanna sócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta uile sa Bhallstát, arna ríomh bunaithe ar na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, seachas aon sócmhainn faoi bhainistíocht.
(2) Ní bheidh tíortha LEE san áireamh.
(3) An líon brainsí mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034. Aon líon áiteanna gnó atá bunaithe sa tír chéanna ag gnólacht infheistíochta a bhfuil a cheanncheathrú aige i dtríú tír, ba cheart iad a áireamh mar aon bhrainse amháin.
(4) An líon fochuideachtaí mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2019/2034. Measfar gur fochuideachta den mháthairghnóthas é aon fhochuideachta de ghnóthas fochuideachta, atá i gceannas ar na gnóthais sin.
(5) Caipiteal mar a shainmhínítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(6) Iomlán na gceanglas cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033.
(7) Ceanglas maidir le forchostais sheasta mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(8) Ceanglas maidir le híosmhéid buan caipitil mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(9) Ceanglas de réir K-fhachtóirí mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(10) Ceanglais cistí dílse a bhaineann le Riosca don Chliant mar a shainmhínítear in Airteagal 15(1)(a) de Rialachán (AE) 2019/2033. Luaigh cóimheas caipitil iomlán sa cholún ‘Sonraí, mar chéatadán d’iomlán na gceanglas cistí dílse %’.
(11) Ceanglais cistí dílse a bhaineann le Riosca don Mhargadh mar a shainmhínítear in Airteagal 15(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(12) Ceanglais cistí dílse a bhaineann le Riosca don Ghnólacht mar a shainmhínítear in Airteagal 15(1)(c) de Rialachán (AE) 2019/2033.
(13) Áireofar sa teimpléad seo faisnéis maidir leis na gnólachtaí infheistíochta uile agus ní hamháin maidir leis na cinn siúd a bhfuil suíomhanna acu a bhaineann leis an K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’.
(14) Is féidir le roinnt gnólachtaí infheistíochta níos mó ná cur chuige amháin a úsáid, dá bhrí sin féadfaidh suim na n-ítimí 020 go 060 a bheith éagsúil ón líon iomlán gnólachtaí infheistíochta a bhfuil an K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’ á ríomh acu.
(15) Nuair a úsáideann gnólachtaí infheistíochta níos mó ná cur chuige amháin maidir leis an K-fhachtóir ‘riosca an ghlansuímh’: cur chuige caighdeánaithe, an cur chuige caighdeánaithe malartach, cur chuige na samhla inmheánaí malartaí.
(16) Ceanglais cistí dílse mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/2033.
(17) Tuairisceofar faisnéis bunaithe ar dháta an chinnidh. Mar gheall ar dhifríochtaí sna rialacháin náisiúnta, agus sna cleachtaí agus sna cineálacha cur chuige maoirseachta idir na húdaráis inniúla, d’fhéadfadh sé nach lamhálfaí leis na figiúirí a chuirtear ar fáil sa tábla seo comparáid fhóinteach a dhéanamh idir dlínsí. Féadfaidh aon chonclúid nach gcuirtear na difríochtaí sin san áireamh ann a bheith míthreorach.
(18) Ní nochtfaidh na húdaráis inniúla bearta maoirseachta nó cinntí atá dírithe ar ghnólachtaí infheistíochta sonracha. Agus faisnéis á foilsiú ag na húdaráis inniúla maidir leis na critéir ghinearálta agus na modheolaíochtaí, ní nochtfaidh siad aon bheart maoirseachta atá dírithe ar ghnólacht infheistíochta sonrach, cibé acu a glacadh na bearta i ndáil le haon ghnólacht infheistíochta amháin nó i ndáil le grúpa gnólachtaí infheistíochta.
(19) Tuairisceoidh na húdaráis inniúla faisnéis maidir le cleachtais díolúine bunaithe ar an líon iomlán díolúintí ón údarás inniúil, atá fós éifeachtach nó i bhfeidhm. Tá an fhaisnéis atá le tuairisciú teoranta do na heintitis sin a ndeonaítear díolúine dóibh. I gcás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis sin, i.e. nach cuid den tuairisciú tráthrialta í, déanfar é a thuairisciú mar ‘N/A’.
(20) Úsáidfear an líon gnólachtaí infheistíochta a ndeonaíodh an díolúine dóibh mar bhonn chun na díolúintí a chomhaireamh.
CINNTÍ
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/26 |
CINNEADH (AE) 2022/390 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Márta 2022
lena gceaptar ceathrar comhaltaí den Chúirt Iniúchóirí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 286(2) de,
Ag féachaint do na tograí ó Phoblacht na Seice, ó Phoblacht na Laitvia, ó Phoblacht na Polainne agus ó Phoblacht na Slóivéine,
Ag féachaint do na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rachaidh téarmaí oifige Jan GREGOR, Samo JEREB, Mihails KOZLOVS agus Marek OPIOŁA in éag an 6 Bealtaine 2022. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, ceathrar comhaltaí a cheapadh ar an gCúirt Iniúchóirí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí den Chúirt Iniúchóirí don tréimhse ón 7 Bealtaine 2022 go dtí an 6 Bealtaine 2028:
|
— |
Jan GREGOR, |
|
— |
Mihails KOZLOVS, |
|
— |
Marek OPIOŁA, |
|
— |
Jorg Kristijan PETROVIČ. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DARMANIN
(1) Tuairimí an 19 Eanáir 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/27 |
CINNEADH (AE) 2022/391 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Márta 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha maidir le sceidealú substaintí faoin gCoinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú ag Prótacal 1972, agus faoin gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972 (“an Coinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha”) i bhfeidhm an 8 Lúnasa 1975. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 3 den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha, féadfaidh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a chinneadh substaintí a chur le Sceidil an Choinbhinsiúin. Ní féidir leis athruithe a dhéanamh ar na Sceidil ach amháin i gcomhréir le moltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), ach is féidir leis cinneadh a dhéanamh freisin gan na hathruithe atá molta ag EDS a dhéanamh. |
|
(3) |
Tháinig Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 (“an Coinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha”) i bhfeidhm an 16 Lúnasa 1976. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 2 den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha, féadfaidh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a chinneadh substaintí a chur le Sceidil an Choinbhinsiúin nó iad a bhaint, ar bhonn moltaí EDS. Tá cumhachtaí lánroghnacha leathana aige tosca eacnamaíocha, sóisialta, dlíthiúla, riaracháin agus eile a chur san áireamh, ach ní féidir leis gníomhú go treallach. |
|
(5) |
Bíonn iarmhairtí díreacha ag athruithe ar Sceidil an Choinbhinsiúin um Dhrugaí Támhshuanacha agus an Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha ar raon feidhme dhlí an Aontais i réimse an rialaithe drugaí. Tá feidhm ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle (1) maidir le substaintí a liostaítear i Sceidil na gCoinbhinsiún sin. Dá bhrí sin, déantar aon athrú ar na Sceidil a ghabhann leis na Coinbhinsiúin sin a ionchorprú go díreach i gcomhrialacha an Aontais. |
|
(6) |
Le linn an 65ú seisiún dá chuid atá sceidealaithe don 14 go dtí an 18 Márta 2022 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a dhéanamh maidir le trí shubstaint nua a chur le Sceidil an Choinbhinsiúin um Dhrugaí Támhshuanacha agus an Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. |
|
(7) |
Níl an tAontas ina pháirtí sa Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha ná sa Choinbhinsiún um Shubstaintí Síceatrópacha. Tá stádas breathnóra nach bhfuil cearta vótála aige sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ach tá 12 Bhallstát ina gcomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu sa 65ú seisiún (2). Is gá don Chomhairle údarú a thabhairt do na Ballstáit sin seasamh an Aontais a chur in iúl maidir le sceidealú substaintí faoi na Coinbhinsiúin sin ós rud é gur faoi inniúlacht an Aontais a thagann cinntí den sórt sin maidir le substaintí nua a chur lena Sceidil. |
|
(8) |
Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte dhá shubstaint nua a chur le Sceideal I den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha agus substaint nua amháin a chur le Sceideal II den Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. |
|
(9) |
Déanann an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí faireachán ar gach substaint a d’athbhreithnigh Coiste Saineolaithe na hEagraíochta Domhanda Sláinte ar Spleáchas ar Dhrugaí (“an Coiste Saineolaithe”) agus a mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a sceidealú mar shubstaintí sícighníomhacha nua faoi théarmaí Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(10) |
De réir mheasúnú an Choiste Saineolaithe, is ópóideach sintéiseach é broirfín (ainm ceimiceach: 1-{1-[1-(4-brómaifeinil)eitil]pipiridín-4-il}-1,3-déhidri-2H-beinsimíodasóil-2-ón) cosúil le hópóidigh shintéiseacha eile é amhail moirfín agus feintinil. Féadfaidh broirfín a bheith intiontaithe ina bheasiotraimíd, ar ópóideach é atá liostaithe i Sceideal I den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. Níl aon úsáidí teiripeacha ag broirfín agus níl údarú margaíochta faighte aige mar tháirge míochaine. Tá dóthain fianaise ann go bhfuil mí-úsáid á baint as broirfín nó gur dócha go mbainfear mí-úsáid as agus go bhféadfadh sé a bheith ina fhadhb sláinte phoiblí agus shóisialta a fhágann gur gá í a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, molann EDS go gcuirfí broirfín i Sceideal I den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. |
|
(11) |
Braitheadh broirfín i gceithre Bhallstát agus rialaítear é i dtrí Bhallstát ar a laghad. Tá baint aige le meisce neamh-mharfach amháin agus tá dian-fhaireachán á dhéanamh air faoi láthair ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar sheasamh ag an Aontas broirfín a chur le Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. |
|
(13) |
De réir mheasúnú an Choiste Saineolaithe, is ópóideach sintéiseach í meitóineataiséin (ainm ceimiceach: N,N-dé-eitil-2-(2-(4-meatocsaibeinsil)-5-nítri-1H-beansó[d]imideasól-1-il)eatán-1-amíni) atá cosúil ó thaobh struchtúir de le iseatóineataiséin agus eitóineataiséin a bhfuil an dá cheann acu liostaithe i Sceideal I den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. Rinneadh staidéar ar mheitóineataiséin i samhlacha réamhchliniciúla maidir lena éifeachtaí anailgéiseacha ach ní fios go bhfuil aon úsáid theiripeach ag baint léi. Tá dóthain fianaise ann go bhfuil mí-úsáid á baint as meitóineataiséin nó gur dócha go mbainfear mí-úsáid aisti agus go bhféadfadh sí a bheith ina fadhb sláinte phoiblí agus shóisialta a fhágann gur gá í a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, molann EDS go gcuirfí meitóineataiséin i Sceideal I den Choinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. |
|
(14) |
Braitheadh meitóineataiséin i dtrí Bhallstát agus rialaítear í i dtrí Bhallstát ar a laghad. Tá baint aici le bás amháin agus tá dian-fhaireachán á dhéanamh uirthi faoi láthair ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar sheasamh ag an Aontas meitóineataiséin a chur le Sceideal I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Dhrugaí Támhshuanacha. |
|
(16) |
De réir mheasúnú an Choiste Saineolaithe, is cáitíonón sintéiseach é eotalón (ainm ceimiceach: 1-(1,3-beinsidé-ocsal-5-il)-2-(eitiolaimíni)bútán-1-ón) atá cosúil ó thaobh struchtúir ceimiceach de agus a bhfuil cosúlachtaí cógaseolaíochta aige, le hamfataimíní agus cáitíonóiní atá faoi rialú idirnáisiúnta cheana féin. Tá cáitíonóiní gaolmhara, amhail meitiolón agus N-eitilenópeintiolón, liostaithe faoi Sceideal II den Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. Ní fios aon úsáidí teiripeacha ag eotalón agus níl údarú margaíochta faighte aige mar tháirge míochaine. Tá dóthain fianaise ann go bhfuil mí-úsáid á baint as eotalón nó gur dócha go mbainfear mí-úsáid as agus go bhféadfadh sé a bheith ina fhadhb sláinte phoiblí agus shóisialta a fhágann gur gá í a chur faoi rialú idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, molann EDS go gcuirfí eotalón i Sceideal II den Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. |
|
(17) |
Braitheadh eotalón i 20 Ballstát agus rialaítear é in dhá Bhallstát ar a laghad. Tá baint aige le meisce neamh-mharfach amháin agus braitheadh i dtrí shampla bhitheolaíocha é a bhaineann le teagmhais dhíobhálacha thromchúiseacha. Tá dian-fhaireachán á dhéanamh ar eotalón faoi láthair ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar sheasamh ag an Aontas eotalón a chur le Sceideal II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha. |
|
(19) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhunú, mar beidh tionchar díreach ag na cinntí maidir le sceidealú i ndáil leis na trí shubstaint ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Cinneadh Réime 2004/757/CGB. |
|
(20) |
Tá na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais. |
|
(21) |
Tá an Danmhairg faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
|
(22) |
Tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit, thar ceann an Aontais, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 14 go dtí an 18 Márta 2022, nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh maidir le substaintí a chur leis na Sceidil a ghabhann le Coinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972, agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971, beidh sé i gcomhréir leis an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Na Ballstáit sin den Aontas atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, cuirfidh siad in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DARMANIN
(1) Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (IO L 335, 11.11.2004, lch. 8).
(2) An Ostair, an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Iodáil, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Maidir leis an seasamh atá le glacadh ag na Ballstáit is comhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha iad, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais, le linn an 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 14 go dtí an 18 Márta 2022 maidir le sceidealú substaintí:
|
(1) |
Áireofar broirfín i Sceideal I den Choinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972. |
|
(2) |
Áireofar meitóineataiséin i Sceideal I den Choinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha 1961 arna leasú le Prótacal 1972. |
|
(3) |
Áireofar eotalón i Sceideal II den Choinbhinsiún maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971. |
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/31 |
CINNEADH (AE) 2022/392 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Márta 2022
a bhaineann leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2022/314 ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas leis an gCoinbhinsiún um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh (“an Coinbhinsiún”), lenar bunaíodh Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC). |
|
(2) |
Tá NPFC freagrach as bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacadh chun cuspóirí an Choinbhinsiúin a bhaint amach. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin ina gceangal ar an Aontas. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear go bhfuil an tAontas lena áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéantar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirtear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis freisin go bhfuil an tAontas le cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus go mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil ag leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ina theannta sin, foráiltear leis go bhfuil an tAontas le bearta caomhnaithe agus bainistíochta a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, le tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, le hábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile, agus le modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí a dhéanamh agus le gabhálacha de thaisme a sheachaint, a laghdú a mhéid is féidir, le hiascaireacht a bhfuil tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh. Foráiltear go sonrach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas leis na cuspóirí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm le linn a chaidreamh seachtrach iascaigh a sheoladh. |
|
(4) |
Mar a luaitear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 10 Samhain 2016 dar teideal “International ocean governance: an agenda for the future of oceans” [Rialachas idirnáisiúnta aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí na n-aigéan], agus na conclúidí ón gComhairle an 24 Márta 2017 faoin teideal céanna, is cuid lárnach de ghníomhaíocht an Aontais bearta a chur chun cinn chun tacú agus cur le héifeachtacht na n-eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh agus, i gcás inarb ábhartha, rialachas na bhfóram sin a fheabhsú. |
|
(5) |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 16 Eanáir 2018 dar teideal “A European Strategy for Plastics in a Circular Economy” [Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach] déantar tagairt do bhearta sonracha chun plaistigh agus truailliú muirí chomh maith le trealamh iascaireachta a chailleadh nó a thréigean ar muir a laghdú. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in NPFC don tréimhse 2022-2027 a bhunú, ós rud é go mbeidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NPFC ina gceangal ar an Aontas agus go mbeidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 1005/2008 (3) agus (CE) Uimh. 1224/2009 (4) ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(7) |
I bhfianaise nádúr athraitheach na n-acmhainní iascaigh i réimse a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) den Choinbhinsiún. (“Limistéar an Choinbhinsiúin”) agus an gá atá ann dá bharr go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe de NPFC nó lena linn, ba cheart nósanna imeachta a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le sonraíocht sheasamh an Aontais ó bhliain go bliain don tréimhse 2022-2027, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe Choimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC).
Airteagal 2
I gcomhréir le hIarscríbhinn II, seolfar sonraíocht ó bhliain go bliain ar sheasamh an Aontais atá le glacadh sna cruinnithe de NPFC.
Airteagal 3
Déanfaidh an Chomhairle seasamh an Aontais, mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn I, a mheasúnú agus, i gcás inarb iomchuí, a athbhreithniú ar thogra a fháil ón gCoimisiún, faoi chruinniú bliantúil NPFC in 2028 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DARMANIN
(1) Cinneadh (AE) 2022/314 ón gComhairle an 15 Feabhra 2022 a bhaineann le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiúin um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh (IO L 55, 28.2.2022, lch. 12).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
IARSCRÍBHINN I
AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS I GCOIMISIÚN IASCAIGH AN AIGÉIN CHIÚIN THUAIDH
1. PRIONSABAIL
Faoi chuimsiú Choimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC), déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
|
(a) |
gníomhú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas laistigh den chomhbheartas iascaigh, go háirithe trí chur chuige an réamhchúraim agus na haidhmeanna a bhaineann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, chun cur chun feidhme cur chuige i leith bainistiú iascaigh atá bunaithe ar an éiceachóras a chur chun cinn, chun gabhálacha dosheachanta a sheachaint agus a íoslaghdú, a mhéid is féidir, agus chun deireadh a chur le hábhar muirí aischurtha diaidh ar ndiaidh, agus chun tionchar diúltach na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú agus, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, chun caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil do na daoine a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí á gcur san áireamh; |
|
(b) |
oibriú ar son rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara le linn ullmhú bhearta NPFC agus a áirithiú go mbeidh na bearta a ghlacfar in NPFC i gcomhréir le cuspóirí an Choinbhinsiúin um Chaomhnú agus Bainistiú Acmhainní Iascaigh na Mórmhara san Aigéan Ciúin Thuaidh (“an Coinbhinsiún”); |
|
(c) |
a áirithiú go bhfuil na bearta a ghlacfar in NPFC comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe le forálacha Choinbhinsiún de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982, le Comhaontú de chuid na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach an 4 Nollaig 1995, le Comhaontú de chuid na hEagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) chun comhlíontacht bád iascaireachta ar an mórmhuir i dtaca le bearta idirnáisiúnta caomhantais agus bainistíochta a chur chun cinn an 24 Samhain 1993 agus le Comhaontú de chuid EBT faoi Bhearta Stát an Chalafoirt an 22 Samhain 2009; |
|
(d) |
seasaimh atá comhsheasmhach le dea-chleachtais eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) a bhfuil baint acu le bainistiú iascach sa limistéar céanna a chur chun cinn; |
|
(e) |
féachaint le comhsheasmhacht agus sineirge le beartas an Aontais maidir lena chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha, agus comhleanúnachas lena bheartais eile a áirithiú, go háirithe i réimse an chaidrimh sheachtraigh, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, an taighde agus na nuálaíochta; |
|
(f) |
a áirithiú go ndéantar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a urramú; |
|
(g) |
na conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh a urramú; |
|
(h) |
díriú ar chothrom iomaíochta a chruthú do chabhlach an Aontais laistigh de limistéar a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) den Choinbhinsiún. (“Limistéar an Choinbhinsiúin”), bunaithe ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna is infheidhme faoi dhlí an Aontais, agus cur chun feidhme aonfhoirmeach na bprionsabal agus na gcaighdeán sin a chur chun cinn; |
|
(i) |
na conclúidí ón gComhairle an 3 Aibreán 2017 maidir leis an teachtaireacht Chomhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún an 10 Samhain 2016 dar teideal “International ocean governance: an agenda for the future of oceans” [Rialachas idirnáisiúnta aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí na n-aigéan] a urramú, agus bearta a chur chun cinn chun tacú le héifeachtacht NPFC agus, i gcás inarb ábhartha, chun feabhas a chur ar a rialachas agus a fheidhmíocht, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an eolaíocht, comhlíonadh, trédhearcacht agus cinnteoireacht; |
|
(j) |
comhordú idir ERBInna agus coinbhinsiúin réigiúnacha farraige agus comhar le heagraíochtaí domhanda laistigh dá sainorduithe a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí; |
|
(k) |
sásraí comhair a chur chun cinn i measc ERBInna neamhthuinnín ar nós phróiseas Kobe le haghaidh ERBInna tuinnín. |
2. TREOIRLÍNTE
I gcás inarb iomchuí, féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh na mbeart seo a leanas ag NPFC:
|
(a) |
bearta caomhnaithe agus bainistithe le haghaidh acmhainní iascaigh i limistéar an Choinbhinsiúin bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí nó rialáil ar an iarracht maidir le hacmhainní bitheolaíocha muirí beo arna rialú ag NPFC, lena mbainfí amach ráta dúshaothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe. I gcás inar gá, áireofar sna bearta caomhnaithe agus bainistíochta sin bearta sonracha le haghaidh stoic atá thíos leis an ró-iascaireacht chun an iarracht iascaireachta a choinneáil i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil; |
|
(b) |
bearta chun gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) i limistéar an Choinbhinsiúin a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena n-áirítear soithí iascaireachta NNN a liostú; |
|
(c) |
bearta faireacháin, rialaithe agus faireachais i limistéar an Choinbhinsiúin chun éifeachtúlacht rialaithe agus comhlíonadh na mbeart arna nglacadh in NPFC a áirithiú; |
|
(d) |
bearta chun an tionchar diúltach a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar bhithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí agus ar a ngnáthóga a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta chun truailliú muirí a laghdú agus chun sceitheadh plaisteach ar muir a chosc agus chun tionchar na bplaisteach atá ar muir a laghdú ar bhithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais, bearta cosanta le haghaidh éiceachórais leochaileacha mhuirí i limistéar an Choinbhinsiún, i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus le Treoirlínte Idirnáisiúnta EBT maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir an 29 Lúnasa 2008, agus bearta chun gabhálacha dosheachanta a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, go háirithe speicis mhuirí leochaileacha, agus chun deireadh a chur le hábhar muirí aischurtha de réir a chéile; |
|
(e) |
bearta chun tionchar trealaimh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile san aigéan a laghdú agus chun cuidiú leis an trealamh sin a shainaithint agus a aisghabháil; |
|
(f) |
i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a cheadaítear faoi na comhdhoiciméid ábhartha, moltaí lena spreagtar cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht an 14 Meitheamh 2007; |
|
(g) |
bearta arb é is aidhm dóibh toirmeasc a chur ar iascaigh a dhéantar chun eití siorca a bhaint agus lena gceanglaítear go mbeidh na heití ó nádúr ar fad ar gach siorc atá tugtha i dtír; |
|
(h) |
cuir chuige chomhpháirteacha le ERBInna eile, i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe leis na ERBInna sin a bhfuil baint acu le bainistiú iascaigh sa réigiún céanna; |
|
(i) |
bearta teicniúla breise bunaithe ar chomhairle ó fhochuideachtaí agus ó mheithleacha de chuid NPFC. |
IARSCRÍBHINN II
SONRAÍOCHT Ó BHLIAIN GO BLIAIN AR AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH AG AN AONTAS AG CRUINNITHE DE CHOIMISIÚN IASCAIGH AN AIGÉIN CHIÚIN THUAIDH (NPFC)
Roimh gach cruinniú de Choimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC), nuair a iarrfar ar an gcomhlacht sin cinntí a ghlacadh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo ar an Aontas, glacfar na céimeanna is gá ionas go mbeidh an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún, á gcur san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, in am trátha roimh gach cruinniú de NPFC, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach an tsonraíocht atá beartaithe maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le haghaidh plé agus formhuiniú.
Más rud é, le linn cruinniú de NPFC, go bhfuil sé indéanta teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, chun go gcuirfear gnéithe nua san áireamh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle nó faoi bhráid a comhlachtaí ullmhúcháin.
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/36 |
CINNEADH (AE) 2022/393 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Márta 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a mhéid a bhaineann le trí shubstaint a chur le liosta na substaintí i dTábla I de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha 1988 (“an Coinbhinsiún”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 90/611/CEE (1) ón gComhairle agus tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 11 Samhain 1990. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 12(2) go (7) den Choinbhinsiún, féadfar substaintí a chur le Táblaí an Choinbhinsiúin ina liostaítear réamhtheachtaithe drugaí. |
|
(3) |
Le linn an 65ú seisiún dá chuid atá le bheith ar siúl ón 14 go dtí an 18 Márta 2022 i Vín, tá an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha chun cinneadh a ghlacadh maidir le trí shubstaint a chur le Tábla I den Choinbhinsiún. |
|
(4) |
De réir mheasúnú an Bhoird Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach, úsáidtear trí shubstaint, eadhon 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil, go minic i monarú aindleathach feantainile agus tá siad an-oiriúnach don mhonarú aindleathach feantainile agus roinnt analóg feantainile, atá ina n-ópóidigh shintéiseacha an-láidir. Tá fianaise ann go mbaineann fadhbanna tromchúiseacha sláinte poiblí agus fadhbanna sóisialta le méid agus fairsinge monarú aindleathach feantainile agus analóg feantainile. Dá bhrí sin, tá údar maith le 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur faoi rialú idirnáisiúnta. |
|
(5) |
An 2 Feabhra 2022, mhol an Bord Idirnáisiúnta um Rialú Támhshuanach go ndéanfadh an Coimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur le Tábla I den Choinbhinsiún. |
|
(6) |
Cruthaíodh fadhbanna móra sláinte poiblí agus fadhbanna móra sóisialta i mBallstáit áirithe de bharr feantainile agus analóg feantainile a monaraíodh go haindleathach. |
|
(7) |
Tagann an cinneadh maidir le substaintí a chur le Tábla I den Choinbhinsiún faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tá stádas breathnóra ag an Aontas sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhfuil 12 Bhallstát an Aontais ina gcomhaltaí de, ar Ballstáit iad a bhfuil ceart vótála acu. |
|
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh a ghlacfaidh an Choimisiún sin ina cheangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh sé tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle (3). |
|
(9) |
Ba cheart do Bhallstáit an Aontais atá ina bPáirtithe Conarthacha sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais. |
|
(10) |
Ba cheart gurb é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha, 4-AP, 1-boc-4-AP agus noirfeantainil a chur le Tábla I den Choinbhinsiún, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, sa 65ú seisiún den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanacha ón 14 go dtí an 18 Márta 2022, na substaintí seo a leanas a chur le Tábla I den Choinbhinsiún:
|
(a) |
4-AP; |
|
(b) |
1-boc-4-AP; agus |
|
(c) |
noirfeantainil. |
Airteagal 2
Is iad na Ballstáit de chuid an Aontais atá ina gcomhaltaí den Choimisiún um Dhrugaí Támhshuanach a chuirfidh in iúl an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DARMANIN
(1) Cinneadh 90/611/CEE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1990 maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne Gáinneáil Aindleathach Drugaí Támhshuanacha agus Substaintí Síceatrópacha a thabhairt i gcrích thar ceann Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 326, 24.11.1990, lch. 56).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le réamhtheachtaithe drugaí (IO L 47, 18.2.2004, lchp. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an tAontas agus tríú tíortha (IO L 22, 26.1.2005 lch. 1).
Ceartúcháin
|
9.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 79/38 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 224 I an 24 Meitheamh 2021 )
Ar leathanach 2, in Airteagal 1(1):
in ionad:
|
“(1) |
in Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).’;”," |
léitear:
|
“(1) |
in Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
(*2) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).’;”." |
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).’;”,
(*2) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).’;”.