ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 54

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
25 Feabhra 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go páirteach

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 54/1


CINNEADH (AE) 2022/333 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Feabhra 2022

maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go páirteach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú (1), (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2007, i gcomhthráth leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le hathligean isteach (2).

(2)

Is é cuspóir an Chomhaontaithe éascú a dhéanamh, ar bhonn na cómhalartachta, ar eisiúint víosaí chuig saoránaigh an Aontais agus Chónaidhm na Rúise, do chuairt bheartaithe do thréimhse nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Leagtar béim sa bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú ar an mian teagmháil duine le duine a éascú mar choinníoll tábhachtach chun naisc eacnamaíocha, dhaonnúla, chultúrtha, eolaíochta agus eile a fhorbairt go seasta.

(3)

Faoi Airteagal 15(5) den Chomhaontú, féadfaidh gach Páirtí an Comhaontúa chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach ar chúiseanna a bhaineann leis an ord poiblí, le cosaint na slándála náisiúnta nó le cosaint na sláinte poiblí. 48 n-uair ar a dhéanaí tar éis a theacht i bhfeidhm is ea a thabharfar fógra don Pháirtí eile maidir leis an bhfionraí.

(4)

Mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise in 2014 agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí díchobhsaithe leanúnacha na Rúise in oirthear na hÚcráine, tá smachtbhannaí eacnamaíocha tugtha isteach ag an Aontas Eorpach i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, a bhaineann le cur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc ina n-iomláine, smachtbhannaí i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iadar an méid sin; agus smachtbhannaí mar fhreagairt ar ionghabháil mhídhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol a rinne Cónaidhm na Rúise.

(5)

Le cinneadh Chónaidhm na Rúise aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais agus an cinneadh a rinneadh dá bharr trúpaí Rúiseacha a chur chuig na limistéir sin, baintear an bonn de cheannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine, agus is sárú tromchúiseach é ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist.

(6)

Mar shínitheoir ar chomhaontuithe Mhionsc, tá freagracht shoiléir dhíreach ar Chónaidhm na Rúise oibriú chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht i gcomhréir leis na prionsabail sin. Leis an gcinneadh aitheantas mar eintitis neamhspleácha a thabhairt do na réigiúin nach bhfuil faoi rialú rialtais in oirthear na hÚcráine, sháraigh Cónaidhm na Rúise chomhaontuithe Mhionsc, ina sonraítear filleadh iomlán na limistéar sin ar rialú rialtas na hÚcráine.

(7)

Imeachtaí a tharlaíonn i dtír a bhfuil teorainn aici leis an Aontas, amhail an méid atá tar éis titim amach san Úcráin agus ar tháinig na bearta sriantacha astu, is imeachtaí iad lenar féidir bonn cirt a thabhairt le bearta atá ceaptha chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus na mBallstát a chosaint. Sáraíonn na gníomhartha thuasluaite a rinne Cónaidhm na Rúise bunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Is dócha go spreagfaidh gníomhartha Chónaidhm na Rúise gluaiseachtaí imirce a eascróidh as gníomhartha atá neamhdhleathacha faoin dlí idirnáisiúnta.

(8)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Chomhaontú lena bhforáiltear d’éascuithe le haghaidh catagóirí áirithe náisiúnach de Chónaidhm na Rúise a dhéanann iarratas ar víosa ghearrfhanachta, eadhon comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla Chónaidhm na Rúise, comhaltaí Rialtais agus Pharlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha Chónaidhm na Rúise, Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Rúise agus Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise, agus iad i mbun a gcuid dualgas, saoránaigh de Chónaidhm na Rúise a bhfuil pasanna taidhleoireachta bailí acu, agus lucht gnó agus ionadaithe d’eagraíochtaí gnó, a chur ar fionraí.

(9)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh den Aontas Eorpach agus de Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí ón 28 Feabhra 2022:

(a)

Airteagal 4(1), pointe (a), maidir le comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla Chónaidhm na Rúise a ghlacfaidh páirt, tar éis cuireadh oifigiúil a seoladh chuig Cónaidhm na Rúise, i gcruinnithe oifigiúla, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir mhalartaithe, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

(b)

Airteagal 4(1), pointe (b), maidir le lucht gnó agus ionadaithe d’eagraíochtaí gnó;

(c)

Airteagal 5(1), pointe (a), maidir le comhaltaí Rialtais agus Pharlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha Chónaidhm na Rúise, Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Rúise agus Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise;

(d)

Airteagal 5(2), pointe (a), maidir le comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla Chónaidhm na Rúise a ghlacfaidh páirt, tar éis cuireadh oifigiúil a seoladh chuig Cónaidhm na Rúise, i gcruinnithe oifigiúla, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir mhalartaithe, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit;

(e)

Airteagal 5(2), pointe (b), maidir le lucht gnó agus ionadaithe d’eagraíochtaí gnó;

(f)

Airteagal 5(3), maidir le catagóirí na saoránach dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (a) agus pointe (b);

(g)

Airteagal 6(3), pointe (b) agus pointe (c), maidir le comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla Chónaidhm na Rúise a ghlacfaidh páirt, tar éis cuireadh oifigiúil a seoladh chuig Cónaidhm na Rúise, i gcruinnithe oifigiúla, i gcomhairliúcháin, i gcaibidlíocht nó i gcláir mhalartaithe, agus in imeachtaí a reáchtálfaidh eagraíochtaí idir-rialtasacha ar chríoch ceann de na Ballstáit, agus maidir le comhaltaí Rialtais agus Pharlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha Chónaidhm na Rúise, Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Rúise agus Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise;

(h)

Airteagal 11(1), maidir le saoránaigh de Chónaidhm na Rúise a bhfuil pasanna taidhleoireachta bailí acu arna n-eisiúint ag Cónaidhm na Rúise.

(i)

Airteagal 6(1), maidir le táillí ar iarratais ar víosaí a phróiseáil le haghaidh catagóirí na saoránach agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b), Airteagal 6(3), pointe (b) agus (c) agus Airteagal 11(1). Beidh feidhm, trí réamhshocrú, ag an táille chaighdeánach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí).

(j)

Airteagal 7, maidir le catagóirí na saoránach agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) agus pointe (b), Airteagal 6(3), pointe (b) agus (c) agus Airteagal 11(1).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 15(5) den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 129, 17.5.2007, lch 27.

(2)  IO L 129, 17.5.2007, lch. 40).