ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 20

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
31 Eanáir 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2022/124 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a leasú

38

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/125 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil ( 1 )

40

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

52

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro

95

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht

131

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/129 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT

197

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/130 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Bračko maslinovo ulje (STFC)

206

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/131 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Carne Ramo Grande (STFC)

207

 

*

Rialachán (AE) 2022/132 ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le nuashonraithe a chur chun feidhme ar an staidreamh fuinnimh bliantúil agus gearrthéarmach míosúil ( 1 )

208

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/133 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 lena n-údaraítear don Fhrainc beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

272

 

*

Cinneadh (AE) [2022/134] ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig údaráis agus chuig comhlachtaí chun na cúraimí arna dtabhairt dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle a chomhlíonadh (BCE/2022/2)

275

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide ( IO L 3, 6.1.2022 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 3, lch. 142)

282

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/1


RIALACHÁN (AE) 2022/123 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 168(4), pointe (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagail 9 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) agus Airteagal 35 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), tá an tAontas le hardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais.

(2)

Le paindéim COVID-19 tugadh chun suntais a idirnasctha atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte éiceachórais agus na rioscaí a bhaineann le cailliúint na bithéagsúlachta ar Domhan. Mar atá aitheanta ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, déanann mórán de na miocróib chéanna ainmhithe agus daoine a ionfhabhtú, agus dá bhrí sin, ní féidir le hiarrachtaí nach bhfuil dírithe ach ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe amháin fadhb an tarchuir galair a chosc ná deireadh a chur léi. Féadfar galair a tharchur ó dhaoine go hainmhithe nó a mhalairt agus ní mór, dá bhrí sin, dul i ngleic leo i ndaoine agus in ainmhithe araon trí leas a bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaighde agus i gcóireálacha. Is zónóisí iad thart ar 70 % de ghalair atá ag teacht chun cinn, agus beagnach na paindéimí ar fad atá ar eolas, eadhon an fliú, VEID/SEIF agus COVID-19. Tá méadú tagtha ar na galair sin ar fud an domhain le 60 bliain anuas. Fachtóirí a chuireann leis an méadú sin is ea athruithe ar úsáid na talún, ar an dífhoraoisiú, ar an uirbiú, ar an leathnú agus diansaothrú talmhaíochta, ar an ngáinneáil ar fhiadhúlra agus ar phatrúin tomhaltais. D’fhéadfadh pataiginí zónóiseacha a bheith baictéarach, víreasach nó seadánach, agus d’fhéadfadh oibreáin neamhghnácha a bheith san áireamh leo, oibreáin ar féidir leo leathadh go daoine trí theagmháil dhíreach nó trí bhia, trí uisce nó tríd an gcomhshaol. Is sampla soiléir í paindéim COVID-19 den ghá atá le cur i bhfeidhm chur chuige na hAon Sláinte Amháin san Aontas a atreisiú chun torthaí sláinte poiblí níos fearr a ghnóthú, ós rud é, mar a luaitear i Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), “go bhfuil sláinte an duine nasctha le sláinte ainmhithe agus leis an gcomhshaol agus … nach mór na trí ghné sin a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bagairtí ar an tsláinte”.

(3)

Le paindéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, tugadh chun suntais chomh maith na deacrachtaí atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar éigeandáil sláinte poiblí den sórt sin. I ndáil leis an méid sin, léiríodh go bhfuil gá le ról an Aontais a neartú chun a bheith níos éifeachtaí maidir le bainistíocht a dhéanamh ar infhaighteacht táirgí íocshláinte agus ar infhaighteacht feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus a ngabhálais faoi seach (ar a dtugtar “feistí leighis” i dteannta a chéile) agus maidir le frithbhearta leighis a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí ar an tsláinte phoiblí ag céim luath ar bhealach comhchuibhithe lena n-áirithítear comhar agus comhordú idir údaráis an Aontais, údaráis náisiúnta inniúla agus réigiúnacha, tionscal táirgí íocshláinte agus feistí leighis agus gníomhaithe eile sna slabhraí soláthair do tháirgí leighis agus feistí leighis lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte. Cé nach mór don Aontas tosaíocht níos mó a thabhairt don tsláinte, tá a chumas maidir le soláthar seirbhísí leanúnacha cúraim sláinte ar ardchaighdeán a áirithiú agus a bheith ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar phaindéimí agus ar bhagairtí sláinte eile srianta go mór de bharr uireasa creat dlíthiúil a sainíodh go soiléir chun a fhreagairt do phaindéimí a bhainistiú, agus de bharr na sainorduithe teoranta agus acmhainní teoranta a ghníomhaireachtaí sláinte, agus de bharr ullmhacht theoranta an Aontais agus na mBallstát i gcás éigeandálaí sláinte poiblí a mbíonn tionchar acu ar fhormhór na mBallstát.

(4)

Tá bunchúiseanna éagsúla agus casta le ganntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis nach mór iad a mhapáil, a thuiscint agus a anailísiú tuilleadh in éineacht leis na geallsealbhóirí difriúla chun aghaidh a thabhairt orthu go cuimsitheach. Ba cheart sainaithint ar na leochaileachtaí sin sa slabhra soláthair a bheith san áireamh i dtuiscint níos fearr ar na ganntanais. I gcás sonrach phaindéim COVID-19, bhí cúiseanna éagsúla leis an nganntanas cóireálacha don ghalar, ó dheacrachtaí táirgthe i dtríú tíortha go deacrachtaí lóistíochta nó táirgthe laistigh den Aontas, inar tharla an ganntanas vacsaíní mar gheall ar acmhainn déantúsaíochta neamhleor.

(5)

Bhí baic shuntasacha ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ar aghaidh a thabhairt ar na bagairtí tromchúiseacha don tsláinte phoiblí ar fud an Aontais, le hiarmhairtí tromchúiseacha do shaoránaigh an Aontais, mar thoradh ar shuaití sna slabhraí soláthair do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis, ar slabhraí casta iad go minic, ar shrianta agus toirmisc náisiúnta ar onnmhairiú, ar dhúnadh teorainneacha lenar cuireadh bac ar shaorghluaiseacht earraí sin den sórt sin, agus bhí éiginnteacht ann maidir le soláthar agus éileamh earraí den sórt sin i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, mar aon leis an easpa táirgthe san Aontas de tháirgí íocshláinte nó substaintí gníomhacha áirithe.

(6)

Is tosaíocht do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa é le fada aghaidh a thabhairt ar shaincheist na nganntanas táirgí íocshláinte mar is léir ó roinnt tuarascálacha ó Pharlaimint na hEorpa amhail rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 maidir leis an nganntanas cógas leighis – conas déileáil le fadhb atá ag teacht chun cinn (5), agus trí idirphléití a tharla i gComhairle an Aontais Eorpaigh le déanaí chomh maith leis sin. Níor tugadh aghaidh ar an tsaincheist sin go dtí seo, áfach.

(7)

Is bagairt mhéadaitheach ar an tsláinte phoiblí iad ganntanais táirgí íocshláinte, ag a bhfuil tionchar tromchúiseach ar chórais cúraim sláinte agus ar cheart na n-othar rochtain a fháil ar chóir leighis iomchuí. De dheasca an mhéadaithe ar an éileamh domhanda ar tháirgí íocshláinte, a géaraíodh le paindéim COVID-19, tá na ganntanais táirgí íocshláinte imithe in olcas, lena lagaítear na córais cúraim sláinte sna Ballstáit agus as a n-eascraíonn rioscaí suntasacha do shláinte othar agus do chúram othar, go háirithe maidir le dul chun cinn galar agus dul in olcas na siomptóm, moilleanna níos faide nó briseadh i gcúram nó i dteiripe, tréimhsí ospidéalaithe níos faide, riosca méadaithe an nochtaithe do tháirgí íocshláinte falsaithe, earráidí cógais, éifeachtaí díobhálacha a eascraíonn as táirgí íocshláinte malartacha a chur in ionad táirgí íocshláinte nach bhfuil ar fáil, anacair shíceolaíoch shuntasach, agus caiteachas níos airde do chóras cúraim sláinte.

(8)

De dheasca phaindéim COVID-19, géaraíodh ar fhadhb na nganntanas a bhaineann le táirgí íocshláinte áirithe a mheastar a bheith criticiúil chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim, agus tugadh chun suntais léi ar spleáchas seachtrach an Aontais i dtaobh táirgeadh inmheánach táirgí íocshláinte agus feistí leighis agus easpa an chomhordaithe araon agus na teorainneacha struchtúrtha atá le cumas an Aontais agus na mBallstát freagairt do na dúshláin sin go tapa agus go héifeachtach le linn éigeandálaí sláinte poiblí. Tugadh chun suntais léi freisin an gá atá le tacú leis na hacmhainneachtaí tionsclaíochta agus iad a neartú chun na táirgí íocshláinte agus na feistí leighis sin a tháirgeadh trí bheartais iomchuí, chomh maith leis an ngá atá le rannpháirtíocht níos gníomhaí agus níos leithne ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i ndáil le sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint.

(9)

De dheasca éabhlóid thapa COVID-19 agus leathadh an víris, bhí méadú géar ar an éileamh ar fheistí leighis amhail aerálaithe, maisc mháinliachta, agus fearais tástála COVID-19, fad a bhí deacrachtaí diana soláthair agus, ag tráthanna áirithe, ganntanais thromchúiseacha feistí leighis. De bharr na héabhlóide tapa sin freisin, cuireadh na Ballstáit i gcomórtas lena chéile agus iad ag freagairt do riachtanais dhlisteanacha a saoránach, ar an gcaoi sin cuirtear le gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe ar leibhéil náisiúnta amhail cnapaireacht agus stoc-charnadh de dheasca cur isteach ar tháirgeadh nó acmhainneacht theoranta a bheith ann chun an táirgeadh a mhéadú go tapa, agus castacht agus cineál domhanda an tslabhra soláthair d’fheistí leighis. De dheasca na bhfadhbanna sin sa bhreis, ghlac eintitis nua páirt i dtáirgeadh brostaithe feistí leighis den sórt sin, rud a bhí ina chúis ina dhiaidh sin le moilleanna sna measúnuithe comhréireachta agus leitheadúlacht feistí leighis ar tháirgí a raibh praghas ró-ard orthu nach raibh comhlíontach ná sábháilte agus, i gcásanna áirithe, leitheadúlacht táirgí góchumtha. Dá bhrí sin tá sé iomchuí agus is ábhar práinne é go ndéanfar struchtúir fhadtéarmacha a bhunú sa Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (“an Ghníomhaireacht”) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chun faireachán daingean agus éifeachtach a áirithiú ar ghanntanais feistí leighis a d’fhéadfadh tarlú le linn éigeandáil sláinte poiblí agus comhordú bhainistiú na nganntanas sin, chomh maith le hidirphlé méadaithe agus luath le tionscal na bhfeistí leighis agus gairmithe cúram sláinte chun na ganntanais sin a chosc agus a mhaolú.

(10)

Léiríodh le paindéim COVID-19 agus leis an éigeandáil sláinte poiblí ina dhiaidh sin gur gá cur chuige Aontais níos comhordaithe don bhainistiú géarchéime. Cé nach raibh measúnú tionchair in éineacht leis an togra ón gCoimisiún don Rialachán seo, mar gheall ar an gcuma éigeandála a bhí ar an staid, ba cheart leithdháileadh acmhainní leordhóthanach i dtéarmaí foirne agus cistithe a áirithiú, agus an tsainiúlacht a bhaineann leis an earnáil sláinte sna Ballstáit éagsúla á dtabhairt san áireamh.

(11)

Maidir le héiginnteacht soláthair agus éilimh agus an riosca go mbeadh ann do ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis le linn éigeandáil sláinte poiblí amhail paindéim COVID-19, is féidir na nithe sin a bheith ina spreagadh do shrianta ar onnmhairiú idir Ballstáit agus do bhearta cosanta náisiúnta eile, lena bhféidir tionchar tromchúiseach a bheith acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus dá bhrí sin, na hiarmhairtí do shláinte poiblí a ghéarú, chomh maith lena bheith ina gcúis leis an ngá le sásraí maidir le trédhearcacht onnmhairithe shealadaigh agus údaraithe onnmhairiúcháin. Thairis sin, féadfaidh ganntanais táirgí íocshláinte a bheith ina gcúis le rioscaí tromchúiseacha do shláinte othar san Aontas de dheasca thearc-infhaighteacht na dtáirgí sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hearráidí cógais, sealanna níos faide d’othar san ospidéal, frithghníomhartha díobhálacha agus riosca méadaithe básanna de dheasca riaradh táirgí íocshláinte neamhoiriúnacha mar tháirgí ionaid ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar fáil. I dtaca le feistí leighis, d’fhéadfadh easpa acmhainní diagnóiseacha ag a bhfuil iarmhairtí diúltacha do bhearta sláinte poiblí, nó do ghalar a mheathlú nó do choireáil a chur in aghaidh galair, a bheith mar thoradh ar ghanntanais, agus d’fhéadfadh na ganntanais sin cosc a chur freisin ar ghairmithe cúraim sláinte a gcuid cúraimí a dhéanamh go leormhaith nó a bheith cosanta agus a gcuid cúraimí ar siúl acu, mar a léiríodh le linn phaindéim COVID-19, agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann dá sláinte. D’fhéadfadh tionchar suntasach freisin a bheith ag ganntanais den sórt sin, mar shampla, soláthar easpach d’fhearas tástála COVID-19 a bheith ann, ar leathadh pataigine ar leith a rialú de dheasca. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach creat iomchuí a bheith ann ar leibhéal an Aontais chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis agus faireachán táirgí íocshláinte criticiúla agus feistí leighis criticiúla a atreisiú agus a chur ar bhonn foirmiúil ar an mbealach is éifeachtaí agus ar bhealach lena seachnaítear ualaí do gheallsealbhóirí nach gá, rud a d’fhéadfadh brú a chur ar acmhainní agus moilleanna breise a chruthú.

(12)

Maidir le galair atá ina gcúis le héigeandálaí sláinte poiblí, ba cheart táirgí íocshláinte a shainaithint, a fhorbairt, go háirithe trí iarrachtaí comhpháirteacha na n-údarás poiblí, na hearnála príobháidí agus an luchta acadúil, agus a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais a luaithe is féidir le linn na n-éigeandálaí sláinte poiblí sin, ar táirgí íocshláinte sábháilte agus éifeachtúla iad chun na galair sin a chóireáil, a chosc agus a dhiagnóisiú. Tugadh chun suntais freisin le paindéim COVID-19 ar an ngá le measúnuithe agus conclúidí ar thrialacha cliniciúla ilnáisiúnta a chomhordú, i gcomhréir lena ndéanadh saineolaithe cliniciúla na mBallstát ar bhonn deonach roimh an dáta a cuireadh an Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) i bhfeidhm, agus ar an ngá le comhairle ar leibhéal an Aontais maidir le húsáid táirgí íocshláinte i gcláir úsáide atruaiche náisiúnta nó úsáid táirgí íocshláinte nach bhfuil cumhdaithe faoi údarú margaíochta san Aontas, chun moilleanna maidir le cur i bhfeidhm torthaí taighde agus maidir le forbairt agus infhaighteacht táirgí íocshláinte nua nó táirgí íocshláinte ar athraíodh a gcuspóir a mhaolú.

(13)

Le linn phaindéim COVID-19, ba ghá réitigh ad hoc, amhail socruithe teagmhasacha idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, sealbhóirí údaruithe margaíochta, monaróirí, nó gníomhaithe eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, ar thaobh amháin, agus na Ballstáit, ar an taobh eile, a aimsiú chun táirgí íocshláinte sábháilte agus éifeachtúla a sholáthar chun COVID-19 a chóireáil nó chun leathadh COVID-19 a chosc, agus chun forbairt agus údarú margaíochta cóireálacha agus vacsaíní a éascú agus a bhrostú.

(14)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh margadh inmheánach do tháirgí íocshláinte sábháilte agus éifeachtúla maidir le cóir leighis ar COVID-19 nó a leathadh a chosc agus chun cur le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine, is iomchuí dá bhrí sin na rialacha a chomhfhogasú agus a neartú maidir le faireachán ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis, agus taighde agus forbairt do tháirgí íocshláinte a éascú, ar táirgí iad lena bhféadfar galair a bhfuil éigeandálaí sláinte poiblí mar thoradh orthu a chóireáil, a chosc nó a dhiagnóisiú, d’fhonn iarrachtaí an Choimisiúin, lena n-áirítear an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (“HERA”), a bunaíodh le Cinneadh ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2021 (8), agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, a chomhlánú go straitéiseach, chuige sin.

(15)

Chun tacú leis an measúnú ar an gcreat maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le ganntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann úsáid a bhaint as torthaí tástálacha struis spriocdhírithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht, ag na Ballstáit nó ag gníomhaithe ábhartha eile. Baineann ionsamhlúchán le tástálacha struis den sórt sin d’éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht trína ndéantar cuid de na codanna nó na codanna uile de na próisis agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo a thástáil.

(16)

Tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú trí fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh maidir le táirgí íocshláinte agus feistí leighis a áirithiú. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm leis an Rialachán seo cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht táirgí íocshláinte a áirithiú, a bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí. Tá an dá chuspóir dhoscartha sin á saothrú go comhuaineach, gan tosaíocht a thabhairt do cheachtar acu. A mhéid a bhaineann le hAirteagal 114 CFAE, bunaítear creat leis an Rialachán seo chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí. A mhéid a bhaineann le hAirteagal 168(4), pointe (c), CFAE, ba cheart, leis an Rialachán seo, foráil a dhéanamh maidir le creat neartaithe Aontais lena n-áiritheofar cáilíocht agus sábháilteacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis.

(17)

Leis an Rialachán seo, ba cheart creat a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na nganntanas táirgí íocshláinte agus feistí leighis le linn géarchéimeanna sláinte poiblí agus mórimeachtaí. Is fadhb leanúnach iad na ganntanais sin, áfach, a bhfuil éifeacht aici ar shláinte agus beatha shaoránaigh AE leis na blianta fada anuas. Ba cheart mar sin go mbeadh an Rialachán seo mar an chéad chéim i dtreo fhreagairt an Aontais ar an bhfadhb leanúnach seo a fheabhsú. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ina dhiaidh sin ar leathnú an chreata sin chun a áirithiú go rachfar i ngleic leis an tsaincheist maidir le ganntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis.

(18)

Chun ullmhacht agus bainistíocht géarchéimeanna i ndáil le táirgí íocshláinte agus feistí leighis a fheabhsú agus chun cumas teacht aniar agus dlúthpháirtíocht ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart na nósanna imeachta agus róil agus oibleagáidí na n-eintiteas difriúil lena mbaineann a shoiléiriú. Ba cheart, leis an gcreat arna bhunú leis an Rialachán seo tógáil ar na réitigh ad hoc a aithníodh go dtí seo sa fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a cruthaíodh go bhfuil siad éifeachtach cheana, agus tógáil ar an taithí, na dea-chleachtais agus na heiseamláirí ó thriú tíortha, agus san am céanna a bheith solúbtha go leor chun dul i ngleic le haon éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht sa todhchaí ar an mbealach is éifeachtaí chun leasa na sláinte poiblí agus na n-othar.

(19)

Ba cheart córas comhchuibhithe d’fhaireacháin ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus feistí leighis a bhunú. Éascófar leis seo rochtain iomchuí ar tháirgí íocshláinte criticiúla agus ar fheistí leighis criticiúla le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí a bhféadfadh tionchar tromchúiseach a bheith acu ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart an córas sin a chomhlánú le struchtúir fheabhsaithe chun bainistíocht iomchuí éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí a áirithiú agus chun comhairle a chomhordú agus a sholáthar maidir le taighde agus forbairt a bhaineann le táirgí íocshláinte a bhfuil sé d’acmhainn acu maolú a dhéanamh ar éigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí. Chun faireachán agus tuairisciú ar ghanntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte agus feistí leighis a éascú, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann faisnéis agus sonraí a iarraidh agus a fháil ó na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann, na monaróirí agus na Ballstáit trí phointí teagmhála aonair ainmnithe, agus aon dúbláil ar an bhfaisnéis a iarrtar agus a chuirtear isteach a sheachaint. Níor cheart dó sin cur isteach ar an oibleagáid ar shealbhóirí údaraithe margaíochta faoi Airteagal 23a de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) fógra a thabhairt do Bhallstát nuair a scoirfear de tháirge a chur ar mhargadh an Bhallstáit sin ná ar an oibleagáid faoi Airteagal 81 den Treoir sin ar shealbhóirí údaraithe margaíochta agus dáileoirí mórdhíola soláthairtí iomchuí agus leanúnacha a áirithiú den táirge íocshláinte sin do dhaoine agus d’eintitis dhlítheanacha atá údaraithe nó atá i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar, ionas go gcomhlíontar riachtanais na n-othar sa Bhallstát atá i gceist.

(20)

Chun cosc, faireachán agus tuairisciú ar ghanntanais táirgí íocshláinte a éascú, ba cheart don Ghníomhaireacht ardán Teicneolaíochta Faisnéise (TF) a bhunú, ardán ar a dtabharfar an tArdán Eorpach um Fhaireachán ar Ghanntanais (“ESMP”), atá in ann faisnéis a phróiseáil maidir le soláthar agus éileamh táirgí íocshláinte criticiúla le linn éigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí agus, lasmuigh de na staideanna sin, chun gur féidir tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte ar dócha go mbeadh éigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí mar thoradh orthu. Chun forbairt ESMP a éascú, ba cheart córais TF atá ann cheana a ghiaráil agus a úsáid i gcás inar féidir. Le ESMP, ba cheart ligean d’údaráis náisiúnta inniúla faisnéis a chur isteach, maidir le héilimh nach bhfuil comhlíonta, agus faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear ó shealbhóirí údaruithe margaíochta, ó dháileoirí mórdhíola agus ó dhaoine nó ó eintitis dhlítheanacha atá údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal, chun ganntanais táirgí íocshláinte a thuar. D’fhéadfadh ESMP próiseáil a dhéanamh freisin ar fhaisnéis bhreise arna fáil ó shealbhóirí údaruithe margaíochta, ó dháileoirí mórdhíola agus ó dhaoine nó eintitis dhlítheanacha atá údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal chun éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht a chosc. Ba cheart ESMP, nuair a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán é, a fheidhmiú mar an t-aon tairseach amháin do shealbhóirí údaraithe margaíochta chun an fhaisnéis a theastaíonn le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí a sholáthar, d’fhonn éifeachtúlacht agus intuarthacht le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí a mhéadú, agus d’fhonn dlús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta agus dúbláil iarrachtaí agus ualaí gan údar cuí a bheith ar gheallsealbhóirí á sheachaint ag an am céanna. Chun ról comhordúcháin na Gníomhaireachta a éascú, ba cheart idir-inoibritheacht sonraí le hardáin TF de chuid na mBallstát atá ann cheana faireacháin a dhéanamh ar ghanntanas agus le córais eile, de réir mar is iomchuí, a bheith riachtanach chun gur féidir faisnéis ábhartha a chomhroinnt le ESMP ar cheart don Ghníomhaireacht a bhainistiú.

(21)

I gcás nach eol an t-éileamh iarbhír sa todhchaí mar gheall ar éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht, tá sé tábhachtach tuar pragmatach a dhéanamh ar an éileamh ar tháirgí cógais leighis áirithe ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart faisnéis agus sonraí maidir leis na stoic atá ar fáil agus na stoic íosta atá beartaithe agus na stoic atá ar fáil a bhailiú ag Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht agus a chur san áireamh agus an t-éileamh á shainaithint a mhéid is féidir. Tá an fhaisnéis agus na sonraí sin ríthábhachtach chun coigeartuithe cearta a dhéanamh ar mhonarú táirgí íocshláinte chun tionchar aon ghanntanais táirgí íocshláinte a sheachaint nó ar a laghad chun an tionchar sin a mhaolú. Nuair nach bhfuil sonraí ar stoic ar fáil, áfach, nó nuair nach féidir iad a sholáthar mar gheall ar leasanna slándála náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit sonraí measta ar mhéideanna an éilimh a sholáthar don Ghníomhaireacht.

(22)

Maidir le táirgí íocshláinte, ba cheart grúpa stiúrtha feidhmiúcháin a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht chun freagairt láidir ar mhórimeachtaí a áirithiú agus chun gníomhaíochtaí práinneacha laistigh den Aontas a chomhordú maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le soláthar táirgí íocshláinte (an “Grúpa Stiúrtha maidir le Ganntanais Cógas – MSSG”) a bhainistiú. Le MSSG, ba cheart liostaí de tháirgí íocshláinte criticiúla a bhunú chun faireachán ar na táirgí sin a áirithiú agus ba cheart dó a bheith in ann comhairle agus moltaí a sholáthar maidir leis an ngníomhaíocht is gá a dhéanamh chun cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht táirgí íocshláinte, mar aon le soláthar táirgí íocshláinte a choimirciú agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú.

(23)

Chun cumarsáid iomchuí idir othair agus tomhaltóirí, ar thaobh amháin, agus MSSG, ar an taobh eile, d’fhéadfadh na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir le tionchar ganntanas táirgí íocshláinte ar othair agus ar thomhaltóirí, agus faisnéis ábhartha a roinnt le MSSG chun bealaí cur chuige maidir le bainistiú ganntanas táirgí íocshláinte a cheapadh.

(24)

Chun cuimsitheacht agus trédhearcacht obair MSSG a áirithiú, ba cheart rannpháirtíocht iomchuí a bheith ann idir MSSG agus tríú páirtithe ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe grúpaí sainleasa táirgí íocshláinte, sealbhóirí údaruithe margaíochta, dáileoirí mórdhíola, aon ghníomhaithe iomchuí eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, agus ionadaithe gairmithe cúraim sláinte, othair agus tomhaltóirí.

(25)

Ba cheart do MSSG tairbhiú de thaithí fhairsing eolaíochta na Gníomhaireachta maidir le meastóireacht agus maoirseacht ar tháirgí íocshláinte agus ba cheart dó ról ceannasach na Gníomhaireachta i ndáil le comhordú agus tacaíocht don fhreagairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte le linn phaindéim COVID-19 a fhorbairt a thuilleadh.

(26)

Chun a áirithiú gur féidir táirgí íocshláinte ardcháilíochta, sábháilte agus éifeachtúla a fhorbairt agus a sholáthar laistigh den Aontas a luaithe is féidir le linn éigeandálaí sláinte poiblí, ar táirgí íocshláinte iad lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí, ba cheart tascfhórsa éigeandála a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht chun comhairle a sholáthar maidir leis na táirgí íocshláinte sin (“an Tascfhórsa Éigeandála – ETF”). Maidir le ceisteanna eolaíochta a bhaineann le forbairt cóireálacha agus vacsaíní agus le prótacail trialacha cliniciúla saor in aisce, ba cheart do ETF comhairle a sholáthar saor in aisce faoi na ceisteanna sin do na heintitis sin atá rannpháirteach ina bhforbairt, amhail sealbhóirí údaruithe margaíochta, urraitheoirí trialacha cliniciúla, comhlachtaí sláinte poiblí, agus an lucht acadúil, gan beann ar an ról beacht atá acu i bhforbairt na gcógas leighis sin. Ba cheart cinntí maidir le hiarratais ar thrialacha cliniciúla a bheith laistigh d’inniúlacht na mBallstát, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014.

(27)

Ba cheart obair ETF a bheith ar leithligh ó obair choistí eolaíochta na Gníomhaireachta agus ba cheart an obair sin a dhéanamh gan dochar do mheasúnuithe eolaíochta na gcoistí sin. Le ETF, ba cheart comhairle agus moltaí a sholáthar maidir le húsáid táirgí íocshláinte sa chomhrac chun an ceann is fearr a fháil ar na héigeandalaí sláinte poiblí. Ba cheart an Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine (“CHMP”) a bunaíodh le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a bheith in ann na moltaí sin a úsáid agus tuairimí eolaíochta á n-ullmhú aige maidir le húsáid atruach táirge íocshláinte nó úsáid luath eile táirge íocshláinte roimh údarú margaíochta. D’fhéadfadh MSSG leas a bhaint freisin as obair ETF agus na liostaí de chógais leighis criticiúla á bhforbairt aige.

(28)

Ba cheart do bhunú ETF tógáil ar an tacaíocht arna cur ar fáil ag an nGníomhaireacht le linn phaindéim COVID-19, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhairle eolaíochta faoi dhearadh trialacha cliniciúla agus faoi fhorbairt táirgí chomh maith leis an athbhreithniú “rollach” ar fhianaise atá ag teacht chun cinn, i.e. ar bhonn leanúnach, chun gur féidir measúnú níos éifeachtúla a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte lena n-áirítear vacsaíní le linn éigeandálaí sláinte poiblí, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine á ráthú.

(29)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh margadh inmheánach do tháirgí íocshláinte níos fearr agus chun rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine, is iomchuí do ETF comhordú a dhéanamh agus comhairle a chur ar fhorbróirí atá rannpháirteach sa taighde agus forbairt táirgí íocshláinte, ar táirgí iad a lena bhféadfar í galair a bhfuil éigeandálaí sláinte poiblí mar thoradh orthu a chóireáil, a chosc nó a dhiagnóisiú.

(30)

Le ETF, ba cheart comhairle a thabhairt maidir le prótacail trialacha cliniciúla agus í a thabhairt d’fhorbróirí trialacha cliniciúla a dhéantar san Aontas, agus treoir a thabhairt maidir le críochphointí agus spriocanna atá ábhartha go cliniciúil le haghaidh vacsaíní agus cóireálacha chun dearadh trialach cliniciúla a éascú lena gcomhlíontar na critéir maidir le hidirghabhálacha éifeachtacha sláinte poiblí.

(31)

Léirigh taithí ar thrialacha cliniciúla le linn phaindéim COVID-19 go raibh cuid mhór dúblála in imscrúduithe ar na hidirghabhálacha céanna, líon ard trialacha beaga, tearcionadaíocht foghrúpaí tábhachtacha daonra, bunaithe ar inscne, aois, eitneachas nó comhghalrachtaí míochaine, agus easpa comhoibriú, as a dtiocfaidh an riosca go gcuirfear taighde amú. Chuir rialálaithe idirnáisiúnta in iúl go raibh gá leis an gclár oibre taighde cliniciúil a fheabhsú chun fianaise láidir ar cháilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht táirgí íocshláinte a ghiniúint. Is é an príomhbhealach chun fianaise iontaofa a fháil ná trí thrialacha rialaithe randamaithe móra comhordaithe, agus dea-dheartha, dea-chumhachtaithe. I ndiaidh údarú margaíochta ábhartha a dheonú, ba cheart torthaí na dtrialach cliniciúil agus sonraí cliniciúla arna dtáirgeadh a chur ar fáil go poiblí go tráthúil. Le foilsiú an phrótacail trialach ag tús na trialach cliniciúla, bheadh deis ag an bpobal grinnscrúdú a dhéanamh air.

(32)

Aon uair is gá, ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith ag táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar an earnáil tréidliachta, ba cheart dlúth-idirchaidreamh leis na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a bheartú.

(33)

Cé go bhféadfaidh eintitis taighde aonair comhaontú a dhéanamh lena chéile, nó le comhpháirtí eile, gníomhú mar urraitheoir chun prótacal trialacha cliniciúla comhchuibhithe aonair uile-Aontais a ullmhú, cé gur léir ón taithí a fuarthas le linn phaindéim COVID-19 gur deacair tionscnaimh a chur le chéile chun trialacha móra ilnáisiúnta a chur ar bun d’uireasa eintiteas aonair amháin ar féidir leis freagrachtaí agus gníomhartha uile urraitheora laistigh den Aontas a ghabháil de láimh, chomh maith le bheith ag idirghníomhú le Ballstáit iomadúla. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin, seoladh líonra nua trialach vacsaíní ar fud an Aontais agus arna chistiú ag an Aontas, ar a dtugtar VACCELERATE, i ndiaidh na teachtaireachta ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 dar teideal HERA Incubator: Anticipating together the threat of COVID-19 variants [Gorlann HERA: An bhagairt i ndáil le hathraithigh COVID-19 a thuar le chéile]. Ba cheart don Ghníomhaireacht na tionscnaimh sin a shainaithint agus a éascú trí chomhairle a sholáthar maidir leis na féidearthachtaí i leith gníomhú mar urraitheoir, nó i gcás inarb infheidhme, na freagrachtaí faoi seach a leithdháileadh mar chomhurraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 agus forbairt phrótacail na trialach cliniciúla a chomhordú. Le cur chuige den sórt sin, neartófaí an timpeallacht taighde san Aontas, chuirfí comhchuibhiú chun cinn agus sheachnófaí moilleanna ar thorthaí an taighde i gcomhaid um údarú margaíochta a bheith ar fáil. D’fhéadfadh urraitheoir de chuid an Aontais tairbhiú de chistiú taighde de chuid an Aontais a bheadh ar fáil le linn na héigeandála sláinte poiblí agus as líonraí trialacha cliniciúla atá ann cheana chun forbairt, cur i bhfeidhm, tíolacadh agus reáchtáil na trialach a éascú. D’fhéadfadh leas ar leith a bheith ag baint leis sin le haghaidh trialacha arna mbunú ag eagraíochtaí sláinte poiblí nó ag eagraíochtaí taighde arb eagraíochtaí de chuid an Aontais nó eagraíochtaí idirnáisiúnta iad.

(34)

Foilsíonn an Ghníomhaireacht Tuarascáil Mheasúnaithe Phoiblí Eorpach (EPARanna) le haghaidh táirgí íocshláinte arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, ina gcuirtear faisnéis ar fáil maidir leis an measúnú ar na táirgí íocshláinte sin trí thuairisc a thabhairt ar na sonraí ar a ndearnadh measúnú agus na cúiseanna le moladh a thabhairt cibé acu ar cheart nó nár cheart táirge íocshláinte a údarú. Áirítear in EPAR faisnéis mhionsonraithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí ábhartha réamhthíolactha uile faoin Rialachán sin, lena n-áirítear ainmneacha na gcomhordaitheoirí agus na saineolaithe lena mbaineann, agus, i gcás ina n-iarrann forbróir táirge íocshláinte comhairle eolaíoch le linn chéime an réamhthíolactha, forléargas ar na topaicí eolaíocha a pléadh i bhfianaise na comhairle sin.

(35)

Maidir le feistí leighis, ba cheart grúpa stiúrtha feidhmiúcháin um ghanntanais feistí leighis a bhunú chun gníomhaíochtaí práinneacha laistigh den Aontas a chomhordú i ndáil le fadhbanna soláthair agus éilimh i gcás feistí leighis a bhainistiú, agus chun liosta d’fheistí leighis criticiúla a bhunú i gcás éigeandáil sláinte poiblí (“an Grúpa Stiúrtha maidir le Ganntanais Feistí Leighis – MDSSG”). Chun an comhordú sin a áirithiú, ba cheart do MDSSG idirchaidreamh a dhéanamh leis an nGrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis (“MDCG”) a bunaíodh le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) freisin, i gcás inarb iomchuí. I ndáil leis sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na hionadaithe céanna a cheapadh chuig MDSSG agus chuig MDCG.

(36)

Ba cheart an chéim oibríochta d’obair MSSG agus MDSSG agus ETF a spreagadh i gcás ina n-aithnítear gurb ann d’éigeandáil sláinte poiblí i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus, a mhéid a bhaineann le MSSG, gurb ann do mhórimeacht freisin. Ba cheart a áirithiú freisin go ndéanfar faireachán leanúnach ar na rioscaí don tsláinte phoiblí de bharr mórimeachtaí, lena n-áirítear saincheisteanna monaraíochta, tubaistí nádúrtha agus an bhithsceimhlitheoireacht, ar mórimeachtaí a bhféadfaí tionchar a imirt ar cháilíocht, sábháilteacht, éifeachtúlacht nó soláthar táirgí íocshláinte. Ina theannta sin, ba cheart don fhaireachán sin cur chuige na hAon Sláinte Amháin a leanúint.

(37)

Tuigtear go bhfuil gach moladh, gach comhairle, gach treoir agus gach tuairim dá bhforáiltear sa Rialachán seo neamhcheangailteach ó nádúr. Is é is aidhm do gach ceann de na hionstraimí sin, a cheadú don Choimisiún, don Ghníomhaireacht, do MSSG, do MDSSG agus do ETF a dtuairimí a chur in iúl agus gníomh a mholadh gan aon oibleagáid dhlíthiúil a chur ar seolaithe na n-ionstraimí sin.

(38)

Tá sé ríthábhachtach bearta agus caighdeáin trédhearcachta láidre a bheith i bhfeidhm a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála na Gníomhaireachta maidir le táirgí íocshláinte agus feistí leighis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Leis na bearta sin, ba cheart a áireamh gach faisnéis ábhartha ar tháirgí íocshláinte agus feistí leighis ceadaithe agus sonraí cliniciúla a fhoilsiú go tráthúil, lena n-áirítear prótacail trialach cliniciúla. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith an-trédhearcach a mhéid a bhaineann le ballraíocht, moltaí, tuairimí agus cinntí MSSG agus MDSSG agus ETF. Níor cheart aon leasanna airgeadais ná leasanna eile a bheith ag baill comhaltaí MSSG agus MDSSG agus ETF i dtionscail táirgí íocshláinte ná feistí leighis a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a neamhchlaontacht.

(39)

Chun liosta na gcatagóirí feistí leighis criticiúla agus a bhunú agus chun an próiseas maidir le faireachán a dhéanamh ar ghantannais a éascú, ba cheart do mhonaróirí na bhfeistí leighis sin nó dá n-ionadaithe údaraithe agus, i gcás inar gá, do na comhlachtaí ábhartha faoina dtugtar fógra, an fhaisnéis arna iarradh ag an nGníomhaireacht a chur ar fáil. I gcásanna sonracha, eadhon i gcás ina measann Ballstát an gá foráil a dhéanamh do dhíolúintí sealadacha de bhun Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2017/745 nó Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) d’fhonn ganntanais iarbhír nó fhéideartha d’fheistí a mhaolú, ba cheart ról a bheith ag an allmhaireoir agus ag an dáileoir freisin maidir leis an bhfaisnéis arna hiarradh a chur ar fáil, mura bhfuil ionadaí údaraithe ainmnithe ag an monaróir neamh-AE.

(40)

Ba cheart leis an Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le ról a thabhairt don Ghníomhaireacht i ndáil le tacaíocht a thabhairt do na painéil saineolaithe maidir le feistí leighis arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 106(1) de Rialachán (AE) 2017/745 (“na painéil saineolaithe”) chun cúnamh neamhspleách eolaíochta agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún, do MDCG, do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus do mhonaróirí, agus an trédhearcacht is mó is féidir a urramú mar choinníoll chun iontaoibh agus muinín i gcóras rialála an Aontais a chothú.

(41)

Sa bhreis ar an ról ag na painéil i measúnuithe ar an meastóireacht chliniciúil agus i meastóireachtaí feidhmíochta a bhaineann le feistí leighis ardriosca áirithe i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746 faoi seach, chomh maith le tuairimí a thabhairt mar fhreagra ar chomhairliúchán ó mhonaróirí agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra, tabharfaidh na painéil saineolaithe cúnamh eolaíoch, teicniúil agus cliniciúil do na Ballstáit, an Coimisiún agus an MDCG. Go háirithe, rannchuideoidh na painéil saineolaithe chun treoir maidir le roinnt pointí a fhorbairt lena n-áirítear gnéithe cliniciúla agus gnéithe feidhmíochta maidir le feistí leighis sonracha, catagóirí sonracha nó grúpaí feistí leighis nó guaiseacha sonracha a bhaineann le catagóir feistí nó grúpa feistí leighis, forbróidh siad treoir maidir le meastóireacht chliniciúil agus meastóireacht feidhmíochta i gcomhréir leis an úrscothacht, agus rannchuideoidh siad le hábhair imní agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn maidir le sábháilteacht agus feidhmíocht a shainaithint. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh na painéil saineolaithe ról ábhartha a bheith acu san ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna sláinte poiblí agus i mbainistiú éigeandálaí sláinte poiblí a bhaineann le feistí leighis, go háirithe lena ngabhann ardriosca lena n-áirítear na feistí leighis sin lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí gan dochar do chúraimí agus oibleagáidí faoi Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746.

(42)

I bhfianaise shaineolas seanbhunaithe cruthaithe na Gníomhaireachta i réimse na dtáirgí íocshláinte agus ag cur san áireamh thaithí na Gníomhaireachta ar bheith ag oibriú leis an iliomad grúpaí saineolaithe, is iomchuí struchtúir oiriúnacha a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais fhéideartha feistí leighis i gcomhthéacs éigeandáil sláinte poiblí agus is iomchuí foráil a dhéanamh gurb í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an rúnaíocht a sholáthar do phainéil saineolaithe. D’áiritheofaí leis sin go bhfeidhmeodh na painéil saineolaithe ar bhealach inbhuainaithe san fhadtéarma agus sholáthrófaí leis sin sineirgí soiléire a bheith ann le hobair ullmhachta ghaolmhar i gcomhair géarchéimeanna i réimse na dtáirgí íocshláinte. Leis na struchtúir sin, ní athrófaí an córas rialála ná na nósanna imeachta cinnteoireachta i réimse na bhfeistí leighis atá ann cheana san Aontas ar bhealach ar bith, nósanna imeachta ba cheart fanacht ar leithligh go soiléir ó na táirgí íocshláinte sin. Chun aistriú rianúil chuig an nGníomhaireacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt do na painéil saineolaithe go dtí an 1 Márta 2022.

(43)

Chun an obair agus an malartú faisnéise faoin Rialachán seo a éascú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le bunú agus bainistíocht bonneagar TF agus chun sineirgí a chruthú le córais TF eile atá ann cheana agus le córais TF atá á bhforbairt, lena n-áirítear an bunachar sonraí Eorpach um fheistí leighis (Eudamed) dá bhforáiltear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2017/745, i dteannta cosaint feabhsaithe infreastruchtúir sonraí agus cibirionsaithe a d’fhéadfadh tarlú a dhíspreagadh. Laistigh de EUDAMED, ba cheart an córas Eorpach maidir le hAinmníocht Feistí Leighis dá bhforáiltear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2017/745 agus in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/746, a úsáid chun cabhrú le faisnéis ábhartha maidir le catagóiriú feistí leighis a bhailiú. D’fhéadfadh an obair sin a éascú freisin, i gcás inarb iomchuí, le teicneolaíochtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn amhail samhlacha ríomhaireachta agus ionsamhlacha ríomhaireachta do thrialacha cliniciúla, chomh maith le sonraí ó Chlár Spáis an Aontais a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle (13), amhail seirbhísí ó gheoshuímh Galileo agus sonraí breathnóireachta na Cruinne de chuid Copernicus.

(44)

Chun iomláine an eolais agus na sonraí a fuarthas tríd an nGníomhaireacht a áirithiú agus i bhfianaise thréithe sonracha na hearnála feistí leighis, go dtí go mbeidh Eudamed go hiomlán feidhmiúil, ba cheart é a bheith indéanta liosta na bpointí teagmhála aonair a chur le chéile chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, lena mbaintear úsáid as na bunachair sonraí ábhartha nó na comhlachais feistí leighis ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta mar fhoinse faisnéise.

(45)

An rochtain thapa ar shonraí maidir le sláinte agus malartuithe na sonraí sin, lena n-áirítear fíorshonraí i.e. sonraí maidir le sláinte a ghintear lasmuigh de staidéir chliniciúla, is nithe fíor-riachtanacha iad chun bainistíocht éifeachtach éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí eile a áirithiú. Leis an Rialachán seo, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann an malartú sin a úsáid agus a éascú agus páirt a ghlacadh i mbunú agus in oibriú bhonneagar idir-inoibritheach an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte, agus leas a bhaint as gach acmhainn a bhaineann le sár-ríomhaireacht, intleacht shaorga agus eolaíocht mhórshonraí chun samhlacha tuartha a fhorbairt agus a ghlacadh agus cinntí níos fearr agus níos éifeachtaí ó thaobh ama de a dhéanamh, gan baint de na cearta príobháideachta.

(46)

D’fhonn malartú iontaofa faisnéise faoi tháirgí íocshláinte a éascú ar bhealach láidir agus comhsheasmhach, ba cheart sainaithint táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bheith bunaithe ar na caighdeáin arna bhforbairt ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú chun táirgí íocshláinte d’úsáid ag an duine a shainaithint.

(47)

Chun sonraí íogaire a láimhseáil, ar sonraí iad atá ríthábhachtach chun déileáil le héigeandálaí sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann, éilítear ardleibhéal cosanta i gcoinne cibirionsaithe. Tá eagraíochtaí cúraim sláinte ag tabhairt aghaidh ar níos mó bagairtí cibearshlándála le linn phaindéim COVID-19 freisin. Sceitheadh roinnt de na doiciméid a bhain le táirgí íocshláinte COVID-19 agus le vacsaíní de chuid tríú páirtithe a bhfuarthas rochtain neamhdhleathach orthu agus cuireadh roinnt de na doiciméad sin ar an idirlíon mar thoradh ar chibirionsaí ar an nGníomhaireacht féin. Is gá ardleibhéal rialuithe agus próiseas slándála in aghaidh cibirionsaithe a bheith ag an nGníomhaireacht chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an Ghníomhaireacht mar is gnáth i gcónaí agus go háirithe le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí. Chuige sin, ba cheart don Ghníomhaireacht plean a bhunú chun cibirionsaithe a chosc, a bhrath, a mhaolú agus a fhreagairt ionas go mbeidh a hoibriú slán i gcónaí, agus cosc a chur ar aon rochtain neamhdhleathach ar dhoiciméadacht atá i seilbh na Gníomhaireachta ag an am céanna.

(48)

Mar gheall ar nádúr íogair na sonraí sláinte, ba cheart don Ghníomhaireacht a cuid oibríochtaí próiseála a choimirciú agus a áirithiú go ndéanfar, prionsabail na cosanta sonraí maidir le dlíthiúlacht, cothromas agus trédhearcacht, teorannú cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine agus rúndacht a urramú. I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart próiseáil den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo a dhéanamh de réir Rialacháin (AE) 2016/679 (14) agus (AE) 2018/1725 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(49)

Tá creidiúnacht na Gníomhaireachta agus muinín an phobail ina cinntí ag brath ar leibhéal ard trédhearcachta. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le huirlisí cumarsáide leordhóthanacha a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne ar bhealach réamhghníomhach. Ina theannta sin, tá caighdeáin agus neartú tapa na mbeart trédhearcachta maidir le comhlachtaí oibre na Gníomhaireachta agus sonraí cliniciúla a ndearnadh measúnú orthu chun táirgí íocshláinte agus feistí leighis a mheas agus a fhaire thar a bheith tábhachtach chun muinín an phobail a chothú agus a urramú. Leis an Rialachán seo, ba cheart creat do na caighdeáin agus bearta trédhearcachta neartaithe sin a bhunú, ar bhonn na gcaighdeán agus na mbeart trédhearcachta arna nglacadh ag an nGníomhaireacht le linn phaindéim COVID-19.

(50)

Le linn géarchéimeanna sláinte poiblí nó mórimeachtaí, ba cheart don Ghníomhaireacht comhar a áirithiú leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, de réir mar is iomchuí. Ba cheart malartú sonraí a bheith mar chuid den chomhar sin, lena n-áirítear sonraí ar réamhaisnéisiú eipidéimeolaíoch, cumarsáid thráthrialta ar an leibhéal feidhmiúcháin, agus cuirí a chur chuig ionadaithe ECDC agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais freastal ar chruinnithe ETF, MSSG, agus MDSSG, de réir mar is iomchuí. Ba cheart a bheith mar chuid den chomhar sin pléití straitéiseacha le heintitis ábhartha an Aontais ar féidir leo cúnamh a thabhairt chun taighde a dhéanamh maidir le réitigh agus teicneolaíochtaí iomchuí agus chun iad a fhorbairt ar mhaithe le héifeachtaí éigeandála sláinte poiblí nó mórimeachta a mhaolú, nó chun cosc a chur ar éigeandálaí nó mórimeachtaí sláinte poiblí a bheidh ann amach anseo.

(51)

I gcásanna éigeandálaí sláinte poiblí nó i ndáil le mórimeachtaí, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann malartú rialta faisnéise leis na Ballstáit, sealbhóirí údaruithe margaíochta, gníomhaithe ábhartha an tslabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, agus ionadaithe do ghairmithe cúraim sláinte, d’othair agus tomhaltóirí a chumasú chun pléití luatha a áirithiú faoi ghanntanas féideartha táirgí íocshláinte ar an margadh agus sna srianta soláthair, d’fhonn comhordú agus sineirgí níos fearr a cheadú chun an éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht a mhaolú agus freagairt dó.

(52)

Ós rud é nach bhfuil deireadh tagtha le paindéim COVID-19, agus go bhfuil fad agus éabhlóid éigeandálaí sláinte poiblí, amhail paindéimí, neamhchinnte, ba cheart foráil a dhéanamh d’athbhreithniú ar éifeachtacht fheidhmiú na struchtúr agus na sásraí a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo. I bhfianaise an athbhreithnithe sin, ba cheart na struchtúir agus na meicníochtaí a choigeartú, más iomchuí.

(53)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar mar gheall ar an ngné thrasteorann a bhaineann le héigeandálaí sláinte poiblí agus le mórimeachtaí, agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(54)

Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear leibhéal foirne iomchuí agus saineolas leordhóthanach, ar fáil chun na tascanna a dhéanamh dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, ba cheart caiteachas na Gníomhaireachta a chumhdach leis an ranníocaíocht ón Aontas le hioncam na Gníomhaireachta. Ba cheart a áireamh leis an gcaiteachas sin luach saothair do rapóirtéirí arna gceapadh chun seirbhísí eolaíocha a sholáthar i ndáil le ETF agus, i gcomhréir leis an ngnáthchleachtas, aisíocaíocht speansas taistil, cóiríochta agus cothaithe a bhaineann le cruinnithe MSSG, MDSSG, ETF agus a gcuid meithleacha.

(55)

Is cuid de na huirlisí iad Clár EU4Health a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/522 nó an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’údaráis náisiúnta inniúla a bhaineann le ganntanais táirgí íocshláinte, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme ganntanais táirgí íocshláinte a mhaolú agus chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht airgeadais a iarraidh ón Aontas go sonrach do chur chun feidhme na n-oibleagáidí atá orthu a leagtar amach sa Rialachán seo.

(56)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 4 Márta 2021.

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 168(7) CFAE, urramaítear go hiomlán leis an Rialachán seo freagrachtaí na mBallstát a mbeartais sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar mar aon leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a aithnítear sa Chairt lena n-áirítear sonraí pearsanta a chosaint.

(58)

Ceann d’aidhmeanna an Rialacháin seo is ea creat neartaithe a áirithiú chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí. Mar a fógraíodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal “Pharmaceutical Strategy for Europe” [Straitéis Chógaisíochta don Eoraip], molfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht chógaisíochta chun feabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais táirgí íocshláinte trí bhearta sonracha. Leis an reachtaíocht sin, d’fhéadfaí ról comhordúcháin breise don Ghníomhaireacht ó thaobh faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte a chumhdach. Más rud é, mar thoradh ar an athbhreithniú sin, go bhfuil gá le bearta neartaithe maidir le tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh táirgí íocshláinte ar leibhéal an Aontais, ba cheart ESMP a mheas mar chóras oiriúnach chun aon fhorálacha nua a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte a éascú. Mar chuid den tuairisciú maidir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún a mheas an gá raon feidhme an Rialacháin seo a shíneadh chun go mbeidh táirgí íocshláinte tréidliachta agus trealamh cosanta pearsanta san áireamh, chun sainmhínithe a leasú agus chun bearta a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a neartú. Ba cheart breithniú ar shainchúram agus ar fheidhmiú ESMP a áireamh san athbhreithniú sin. Más gá, ba cheart síneadh fheidhmiú ESMP agus an gá atá le córais náisiúnta faireacháin ar ghanntanais a mheas. Chun ullmhúchán á dhéanamh do ghanntanais táirgí íocshláinte le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí agus chun tacú le faireachán na dtáirgí sin, ba cheart fothú acmhainneachta, a fhaigheann tacaíocht ó shásraí cistithe an Aontais, a mheas chun an comhar idir na Ballstáit a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin iniúchadh a dhéanamh ar na dea-chleachtais agus comhordú a dhéanamh ar uirlisí TF a fhorbairt chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí leighis sna Ballstáit agus nascadh le ESMP. Chun a áirithiú go mbainfear leas iomlán as ESMP agus chun na fadhbanna a bhaineann le soláthar agus éileamh táirgí íocshláinte a shainaithint agus a thuar, ba cheart do ESMP, i gcás inarb iomchuí, úsáid teicnící mórshonraí agus na hintleachta saorga a éascú.

(59)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart é a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (“an Ghníomhaireacht”), foráiltear sa Rialachán seo do chreat agus do na modhanna, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

ullmhúchán a dhéanamh maidir leis an tionchar a bheidh ag éigeandálaí sláinte poiblí ar tháirgí íocshláinte agus ar fheistí leighis agus an tionchar a bheidh ag mórimeachtaí ar tháirgí íocshláinte agus ar fheistí leighis ar leibhéal an Aontais, a chosc, a chomhordú agus a bhainistiú;

(b)

faireachán, cosc agus tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte agus ar ghanntanais feistí leighis;

(c)

ardán idir-inoibritheach teicneolaíochta faisnéise (TF) a chur ar bun ar leibhéal an Aontais chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte;

(d)

comhairle a sholáthar maidir le táirgí íocshláinte lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí;

(e)

tacaíocht a sholáthar do na painéil saineolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 106(1) de Rialachán (AE) 2017/745.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “éigeandáil sláinte poiblí” staid éigeandála sláinte poiblí a aithníonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE;

(b)

ciallaíonn “mórimeacht” imeacht ar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach ag baint leis don tsláinte phoiblí maidir le táirgí íocshláinte i níos mó ná Ballstát amháin, ar imeacht é a bhaineann le bagairt mharfach nó le bagairt atá tromchúiseach ar shlí eile don tsláinte, ar bagairt í de bhunús bitheolaíoch, ceimiceach, comhshaoil, nó aon bhunús eile, nó le teagmhas a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar sholáthar, nó éileamh ar tháirgí íocshláinte, nó cáilíocht, sábháilteacht, agus éifeachtúlacht táirgí íocshláinte. D’fhéadfadh ganntanais táirgí íocshláinte i níos mó na Ballstát amháin a bheith mar thoradh ar an imeacht sin agus tá gá le comhordú práinneach ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú;

(c)

ciallaíonn “táirge íocshláinte” táirge íocshláinte mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Threoir 2001/83/CE;

(d)

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta” táirge íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

(e)

ciallaíonn “feiste leighis” feiste leighis mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/745 nó feiste leighis diagnóiseach in vitro mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/746, agus lena n-áirítear gabhálais d’fheistí den sórt sin laistigh de bhrí Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/745, agus Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2017/746, faoi seach;

(f)

ciallaíonn “soláthar” méid iomlán stoic de tháirge íocshláinte nó d’fheiste leighis ar leith a chuireann sealbhóir an údaraithe margaíochta nó monaróir ar an margadh;

(g)

ciallaíonn “éileamh” an iarraidh ar tháirge íocshláinte nó feiste leighis ó ghairmí cúraim sláinte nó othar mar fhreagairt ar riachtanas cliniciúil; chun an t-éileamh a shásamh ar bhealach sásúil, caitear an táirge íocshláinte nó an fheiste leighis a fháil in am trátha agus i gcainníocht leordhóthanach chun a lamháil go leanfaidh othair den chúram is fearr a fháil;

(h)

ciallaíonn “ganntanas” staid nuair nach leor soláthar táirge íocshláinte dár tugadh údarú agus a cuireadh ar an margadh i mBallstát, nó feiste leighis ag a bhfuil marcáil CE, chun an t-éileamh ar an táirge íocshláinte sin nó ar an bhfeiste leighis sin a chomhlíonadh ar an leibhéal náisiúnta, is cuma cén chúis atá leis sin;

(i)

ciallaíonn “forbróir” aon duine dlítheanach nó aon duine nádúrtha atá ag iarraidh sonraí eolaíochta a ghiniúint maidir le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht táirge leighis mar chuid d’fhorbairt an táirge sin.

CAIBIDIL II

FAIREACHÁN AGUS MAOLÚ AR GHANNTANAIS TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE CRITICIÚLA AGUS BAINISTÍOCHT MÓRIMEACHTAÍ

Airteagal 3

An Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais agus Sábháilteacht Táirgí Íocshláinte

1.   Leis seo bunaítear an Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais agus Sábháilteacht Táirgí Íocshláinte (“an Grúpa Stiúrtha maidir le Ganntanais Cógas - MSSG”) sa Ghníomhaireacht.

Beidh an MSSG freagrach as na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus (4) agus in Airteagail 5 go 8 a chomhlíonadh.

Tiocfaidh MSSG le chéile go rialta agus chomh maith leis sin, nuair a bheidh gá leis, i bpearsa nó go cianda, mar ullmhúchán d’éigeandáil sláinte poiblí nó i gcás ina gcuirtear ábhar imní in iúl do MSSG nó i gcás ina bhfuil mórimeacht aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4(3).

Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht MSSG.

2.   Beidh comhaltaí MSSG comhdhéanta d’ionadaí na Gníomhaireachta, ionadaí an Choimisiúin agus ionadaí amháin arna cheapadh ag gach Ballstáit.

Féadfaidh saineolaithe i sainréimsí sonracha eolaíocha nó teicniúla a bheith i dteannta chomhaltaí MSSG ag cruinnithe MSSG.

Beidh liosta chomhaltaí MSSG trédhearcach agus foilseofar é ar thairseach ghréasáin na Gníomhaireachta.

Féadfaidh ionadaí ó Mheitheal na nOthar agus na dTomhaltóirí (“PCWP”) de chuid na Gníomhaireachta agus ionadaí ó Mheitheal na nGairmithe Cúraim Sláinte (“HCPWP”) de chuid na Gníomhaireachta a bheith i láthair ag cruinnithe MSSG mar bhreathnadóirí.

3.   Déanfaidh ionadaí na Gníomhaireachta mar aon le hionadaí amháin de chuid na mBallstát, arna thoghadh ag na comhaltaí agus as ionadaithe na mBallstát, comhchathaoirleacht ar MSSG

Féadfaidh comhchathaoirligh MSSG, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta amháin de MSSG nó níos mó, cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta, ionadaithe ó údaráis inniúla ábhartha eile agus tríú páirtithe, lena n-áirítear ionadaithe ó ghrúpaí leasmhara táirgí íocshláinte, sealbhóirí údaraithe margaíochta, dáileoirí mórdhíola, aon ghníomhaí iomchuí eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, agus ionadaithe gairmithe cúraim sláinte, othar agus tomhaltóirí, freastal ar na cruinnithe mar bhreathnadóirí nó chun saineolas a thabhairt, de réir mar is gá.

4.   Déanfaidh MSSG, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla do tháirgí íocshláinte, cumarsáid iomchuí a éascú le sealbhóirí údaruithe margaíochta nó a n-ionadaithe, monaróirí, gníomhaithe ábhartha eile an tslabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, agus ionadaithe gairmithe cúraim sláinte agus othar agus tomhaltóirí d’fhonn faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte a mheastar a bheith criticiúil le linn éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeachta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 6.

5.   Bunóidh MSSG a rialacha nós imeachta lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann leis an meitheal dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, agus nósanna imeachta le haghaidh liostaí de chógais chriticiúla, tacair faisnéise agus moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) a ghlacadh.

Tiocfaidh na rialacha nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm tar éis do MSSG tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

6.   Tabharfaidh meitheal arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (d), tacaíocht d’obair MSSG.

Beidh an mheitheal dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhdhéanta d’ionadaithe na n-údaráis náisiúnta inniúla do tháirgí leighis, ar ionadaithe iad a bheidh mar phointí teagmhála aonair a bhaineann le ganntanais táirgí leighis.

7.   Féadfaidh MSSG dul i gcomhairle leis an gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta (“CVMP”) a bunaíodh le hAirteagal 56(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 aon uair a mheasann MSSG gur gá é sin a dhéanamh, go háirithe chun déileáil le héigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí a bhaineann le zónóisí nó galair nach ndéanann difear ach d’ainmhithe agus a bhfuil tionchar mór acu ar shláinte an duine nó a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar shláinte an duine nó i gcás ina bhféadfadh úsáid substaintí gníomhacha le haghaidh táirgí íocshláinte tréidliachta a bheith úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht.

Airteagal 4

Faireachán ar imeachtaí agus ullmhacht i gcomhair éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht, agus í ag comhoibriú leis na Ballstáit, faireachán leanúnach ar aon imeacht ar dócha go mbeidh éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht mar thoradh air. De réir mar is gá, comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“ECDC”) agus, i gcás inarb ábhartha, le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

2.   Chun an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a éascú, déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla do tháirgí leighis, a ghníomhaíonn trí na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 3(6), nó tríd an ardán dá dtagraítear in Airteagal 13 (“ESMP”), tráth a bheidh sé lánfheidhmiúil, tuairisciú don Ghníomhaireacht in am trátha maidir le haon imeacht, ar dócha go mbeidh éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht mar thoradh air, lena n-áirítear ganntanas iarbhír nó fhéideartha táirge íocshláinte i mBallstát ar leith. Beidh tuairisciú den sórt sin bunaithe ar na modhanna tuairiscithe agus critéir de bhun Airteagal 9(1), pointe (b).

I gcás ina gcuirfidh údarás náisiúnta inniúil an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le ganntanas táirge íocshláinte dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthróidh sé don Ghníomhaireacht aon fhaisnéis a fhaigheann sé ón sealbhóir údaraithe margaíochta de bhun Airteagal 23a de Threoir 2001/83/CE, mura bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil in ESMP.

I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht tuarascáil ó údarás náisiúnta inniúil do tháirgí leighis, féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta inniúla, tríd an meitheal dá dtagraítear in Airteagal 3(6), chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an imeachta i mBallstáit eile.

3.   I gcás ina measfaidh an Ghníomhaireacht gur gá aghaidh a thabhairt ar mhórimeacht iarbhír nó ar mhórimeacht atá ar tí tarlú, cuirfidh sí an t-ábhar imní in iúl do MSSG.

Tar éis tuairim dearfach a fháil ó MSSG, féadfaidh an Coimisiún an mórimeacht a aithint.

Féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát amháin ar a laghad an t-ábhar imní a chur in iúl do MSSG ar a thionscnamh féin.

4.   Cuirfidh MSSG an Coimisiún agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ar an eolas nuair a mheasfaidh MSSG gur tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an mórimeacht agus nuair nach bhfuil gá a thuilleadh lena chúnamh.

Ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó ar a thionscnamh féin, féadfaidh an Coimisiún nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhearbhú gur tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an mórimeacht agus nach bhfuil gá a thuilleadh leis an gcúnamh ó MSSG.

5.   I ndiaidh éigeandáil sláinte poiblí a aithint nó mórimeacht a aithint i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 go 12 mar a leanas:

(a)

i gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag an éigeandáil sláinte poiblí nó ag an mórimeacht ar cháilíocht, ar shábháilteacht agus ar éifeachtúlacht táirgí íocshláinte, beidh feidhm ag Airteagal 5;

(b)

i gcás ina bhféadfadh ganntanais táirgí íocshláinte i mBallstát amháin nó níos mó a bheith mar thoradh ar an éigeandáil sláinte poiblí nó ar an mórimeacht, beidh feidhm ag Airteagail 6 go 12.

Airteagal 5

Meastóireacht faisnéise agus soláthar moltaí maidir le gníomhaíocht i ndáil le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht táirgí íocshláinte a bhaineann le héigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí

1.   Tar éis éigeandáil sláinte poiblí a aithint nó mórimeacht a aithint i gcomhréir le hAirteagal 4(3), déanfaidh MSSG meastóireacht ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an éigeandáil sláinte poiblí nó leis an mórimeacht agus déanfaidh sé an gá le gníomhaíocht phráinneach chomhordaithe a mheas i ndáil le cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht na dtáirgí íocshláinte lena mbaineann.

2.   Cuirfidh MSSG moltaí ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le haon ghníomhaíocht iomchuí a chreideann sé gur gá í a dhéanamh ar leibhéal an Aontais i ndáil leis na táirgí íocshláinte lena mbaineann i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

3.   Féadfaidh MSSG dul i gcomhairle le CVMP aon uair a mheasann MSSG gur gá é a dhéanamh, go háirithe, chun déileáil le héigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí a bhaineann le zónóisí nó galair nach ndéanann difear ach d’ainmhithe agus a bhfuil tionchar mór acu ar shláinte an duine nó a bhféadfadh tionchar mór a bheith acu ar shláinte an duine, nó i gcás ina bhféadfadh úsáid substaintí gníomhacha do tháirgí íocshláinte tréidliachta a bheith úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí nó ar an mórimeacht.

Airteagal 6

Liostaí de tháirgí íocshláinte criticiúla agus faisnéis atá le soláthar

1.   Gan dochar do mhír 2, déanfaidh MSSG, liosta a chur ar bun de phríomhghrúpaí teiripeacha na dtáirgí íocshláinte a bhfuil gá leo maidir le cúram éigeandála, máinliachtaí agus dianchúram, chun eolas a chur ar fáil faoi ullmhú na liostaí de chógais leighis chriticiúla mar a fhoráiltear dóibh i míreanna 2 agus 3, a bheidh le húsáid chun freagairt ar éigeandáil sláinte poiblí nó ar mhórimeacht. Bunófar an liosta faoin 2 Lúnasa 2022 agus tabharfar cothrom le dáta é go bliantúil agus nuair is gá.

2.   Díreach tar éis mórimeacht a aithint i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán seo, rachaidh MSSG i gcomhairle leis an meitheal dá dtagraítear in Airteagal 3(6) den Rialachán seo. Díreach tar éis an chomhairliúcháin sin, glacfaidh MSSG liosta de tháirgí íocshláinte a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a mheasann sé a bheith criticiúil le linn an mhórimeachta (“liosta de chógais leighis chriticiúla an mhórimeachta”).

Tabharfaidh MSSG liosta de chógais leighis chriticiúla an mhórimeachta cothrom le dáta aon uair is gá go dtí go mbeifear tar éis aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an mórimeacht agus go dtí go mbeidh sé dearbhaithe nach bhfuil gá a thuilleadh le cúnamh MSSG de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo.

3.   Díreach tar éis dó éigeandáil sláinte poiblí a aithint, rachaidh MSSG i gcomhairle leis an meitheal dá dtagraítear in Airteagal 3(6) den Rialachán seo. Díreach tar éis an chomhairliúcháin sin, glacfaidh MSSG liosta de tháirgí íocshláinte a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a mheasann sé a bheith criticiúil le linn na héigeandála sláinte poiblí (“liosta de chógas leighis criticiúil na héigeandála sláinte poiblí”). Tabharfaidh an MSSG liosta de chógas leighis criticiúil do shláinte an phobail cothrom le dáta aon uair is gá go dtí go mbeidh an t-aitheantas a thugtar ar an éigeandáil sláinte poiblí foirceanta. Féadfar an liosta de chógas leighis criticiúil na héigeandála sláinte poiblí a thabhairt cothrom le dáta chun torthaí an phróisis athbhreithnithe faoi Airteagal 18 den Rialachán seo a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh MSSG idirchaidreamh le Tascfhórsa Éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo (“ETF”) ina leith.

4.   Chun críocha Airteagal 9(2), glacfaidh MSSG an tacar faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointí (c) agus (d), rud atá riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus éileamh táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo (na “liostaí de chógais leighis chriticiúla”) agus cuirfidh sé an mheitheal dá dtagraítear in Airteagal 3(6) den tacar faisnéise sin ar an eolas faoin méid sin, agus cuirfidh sé an tacar faisnéise sin ar fáil go poiblí.

5.   Tar éis liostaí de chógais leighis chriticiúla a ghlacadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, foilseoidh an Ghníomhaireacht na liostaí sin agus aon nuashonrú ar na liostaí sin láithreach ar a tairseach ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

6.   Bunóidh an Ghníomhaireacht laistigh dá tairseach gréasáin leathanach gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air agus ina gcuirtear faisnéis faoi ghanntanais iarbhír na dtáirgí íocshláinte a áirítear ar liostaí de chógais leighis chriticiúla i gcásanna ina mbeidh measúnú déanta ag an nGníomhaireacht ar an nganntanas agus ina mbeidh moltaí curtha ar fáil aici do ghairmithe cúraim sláinte agus d’othair. Ar an leathanach gréasáin, soláthrófar, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

ainm agus gnáthainm an táirge íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla;

(b)

léirithe teiripeacha do tháirge íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla;

(c)

an chúis atá le ganntanas na dtáirgí íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla;

(d)

dátaí tosaigh agus deiridh ghanntanas na dtáirgí íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla;

(e)

na Ballstáit a ndearna ganntanas na dtáirgí íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla difear dóibh;

(f)

faisnéis ábhartha eile do ghairmithe cúraim sláinte agus d’othair, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh táirgí íocshláinte malartacha atá ar fáil nó nach bhfuil ar fáil.

Soláthrófar, ar an leathanach gréasáin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tagairtí do chlárlanna náisiúnta maidir le ganntanais táirgí íocshláinte.

Airteagal 7

Faireachán ar ghanntanais táirgí íocshláinte atá ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla

Tar éis dó éigeandáil sláinte poiblí a aithint nó mórimeacht a aithint i gcomhréir le hAirteagal 4(3) a fháil, déanfaidh MSSG faireachán ar sholáthar agus éileamh táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla d’fhonn aon ghanntanais iarbhír nó fhéideartha i dtaca leis na táirgí íocshláinte sin a shainaithint. Déanfaidh MSSG faireachán den sórt sin trí úsáid a bhaint as liostaí de chógais leighis chriticiúla agus an fhaisnéis agus na sonraí arna soláthar i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11, agus trí ESMP, tráth a bheidh sé lánfheidhmiúil.

Chun críocha an fhaireacháin dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh MSSG idirchaidreamh leis an gCoiste Slándála Sláinte a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE (“HSC”) agus, i gcás éigeandáil sláinte poiblí, le haon choiste comhairleach ábhartha eile um éigeandálaí sláinte poiblí arna bhunú de bhun dhlí an Aontais agus le ECDC.

Airteagal 8

Tuairisciú agus moltaí maidir le ganntanais táirgí íocshláinte

1.   Ar feadh ré éigeandála sláinte poiblí, nó tar éis mórimeacht dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a aithint go dtí gur tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an mórimeacht de bhun Airteagal 4(4), tuairisceoidh MSSG torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 go tráthrialta don Choimisiún agus na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus, go háirithe, cuirfidh sé in iúl aon ghanntanais iarbhír nó fhéideartha de tháirgí íocshláinte, ar táirgí iad a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla nó aon imeacht ar dócha go mbeidh mórimeacht mar thoradh air.

Féadfar na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin a chur ar fáil freisin do ghníomhaithe eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta ábhartha.

2.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún nó pointe teagmhála amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 3(6) amhlaidh, déanfaidh MSSG sonraí comhiomlánaithe agus réamhaisnéisí éilimh a sholáthar chun tacaíocht a thabhairt dá thorthaí agus dá chonclúidí. Maidir leis sin, déanfaidh MSSG na nithe seo a leanas:

(a)

bainfidh sé úsáid as sonraí ó ESMP, tráth a bheidh sé lánfheidhmiúil;

(b)

déanfaidh sé idirchaidreamh le ECDC chun sonraí eipidéimeolaíocha, samhlacha agus cásanna forbraíochta a fháil chun cuidiú le réamhaisnéis a dhéanamh ar riachtanais táirgí íocshláinte; agus

(c)

déanfaidh sé idirchaidreamh leis an nGrúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le ganntanas Feistí Leighis dá dtagraítear in Airteagal 21 (“MDSSG”) i gcás ina n-úsáidtear táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla go comhpháirteach le feiste leighis.

Féadfar na sonraí comhiomlánaithe agus réamhaisnéisí éilimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil freisin do ghníomhaithe eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le dlí na hiomaíochta, d’fhonn ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte a chosc nó a mhaolú ar bhealach níos fearr.

3.   Mar chuid den tuairisciú dá dtagraítear i mír 1 agus 2, féadfaidh MSSG moltaí maidir le bearta a sholáthar, a d’fhéadfadh an Coimisiún, na Ballstáit, sealbhóirí údaruithe margaíochta agus eintitis eile, lena n-áirítear ionadaithe gairmithe cúraim sláinte agus othar, iad a dhéanamh chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte a chosc nó a mhaolú.

Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar MSSG moltaí a chur ar fáil maidir le bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Chun críocha na dara fomhíre, déanfaidh MSSG idirchaidreamh, de réir mar is ábhartha, leis an HSC agus, i gcás éigeandáil sláinte poiblí, le haon choiste comhairleach eile um éigeandálaí sláinte poiblí a bhunaítear de bhun dhlí an Aontais.

4.   Féadfaidh MSSG, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, moltaí a sholáthar maidir le bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún, na Ballstáit, sealbhóirí údaruithe margaíochta, ionadaithe gairmithe cúraim sláinte agus eintitis eile a dhéanamh chun ullmhacht a áirithiú déileáil le ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte ar éigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí is cúis leo.

5.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún, féadfaidh MSSG bearta arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, na sealbhóirí údaruithe margaíochta, agus eintitis eile, a chomhordú, lena n-áirítear ionadaithe gairmithe cúraim sláinte agus othair, de réir mar is iomchuí, chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha na dtáirgí leighis a chosc nó a mhaolú i gcomhthéacs éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeachta.

Airteagal 9

Modhanna oibre agus soláthar faisnéise maidir le táirgí íocshláinte

1.   Chun ullmhúchán a dhéanamh do chomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 4 go 8, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus na critéir a shonrú chun bunú agus athbhreithniú na liostaí de chógais leighis chriticiúla;

(b)

na modhanna agus na critéir don fhaireachán, don bhailiú sonraí agus don tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagail 4, 7 agus 8 a shonrú, le tacar sonraí íosta bunúsach;

(c)

córais TF chuíchóirithe faireacháin agus tuairiscithe a fhorbairt i gcomhordú leis na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha, lena n-éascaítear an idir-inoibritheacht le córais TF atá ann cheana agus córais TF atá á bhforbairt go dtí go mbeidh ESMP lánfheidhmiúil, ar bhonn réimsí sonraí atá comhchuibhithe ar fud na mBallstát;

(d)

ballraíocht na meithle dá dtagraítear in Airteagal 3(6) a bhunú, agus a áirithiú go bhfuil ionadaí thar ceann gach Ballstáit sa mheitheal sin;

(e)

liosta de phointí teagmhála aonair ó shealbhóirí údaruithe margaíochta a bhunú agus a chothabháil le haghaidh na dtáirgí íocshláinte uile arna n-údarú san Aontas, tríd an mbunachar sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 57(1), pointe (l), de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(f)

na modhanna a shonrú chun moltaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus Airteagal 8(3) agus (4) agus chun comhordú beart a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 8(5);

(g)

an fhaisnéis a chumhdaítear faoi phointí (a), (b) agus (f) a fhoilsiú ar leathanach gréasáin tiomnaithe ar a tairseach ghréasáin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfar dul i gcomhairle le Ballstáit, sealbhóirí údaruithe margaíochta agus gníomhaithe ábhartha eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte agus ionadaithe ó ghairmithe cúraim sláinte, othar agus, tomhaltóirí, de réir mar is gá;

2.   Tar éis di éigeandáil sláinte poiblí a aithint nó mórimeacht a aithint i gcomhréir le hAirteagal 4(3), déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

liosta de phointí teagmhála aonair do na sealbhóirí údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla a bhunú;

(b)

liosta de phointí teagmhála aonair dá dtagraítear i bpointe (a) a chothabháil ar feadh ré na héigeandála sláinte poiblí nó an mhórimeachta;

(c)

faisnéis ábhartha faoi tháirgí leighis ar an liosta de chógais leighis chriticiúla a iarraidh ar na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear i bpointe (a) agus sprioc-am a leagan síos le cur isteach na faisnéise sin, más rud é nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ar ESMP;

(d)

faisnéis faoi tháirgí leighis ar an liosta de chógais leighis chriticiúla a iarraidh ar na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 3(6) ar bhonn an tacair faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6(4), agus sprioc-am a leagan síos le cur isteach na faisnéise sin, más rud é nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ar ESMP.

3.   Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (c):

(a)

ainm shealbhóir an údaraithe margaíochta den táirge leighis;

(b)

ainm an táirge íocshláinte;

(c)

láithreáin mhonaraíochta ghníomhacha na dtáirgí críochnaithe agus na substaintí gníomhacha den táirge leighis a shainaithint;

(d)

an Ballstát ina bhfuil an t-údarú margaíochta bailí agus ina bhfuil stádas margaíochta an táirge leighis i ngach Ballstát;

(e)

mionsonraí ar an nganntanas iarbhír nó féideartha an táirge leighis amhail dátaí tosaigh agus deiridh iarbhír nó measta agus an chúis amhrasta nó aitheanta;

(f)

sonraí maidir le díolacháin agus sciar an mhargaidh den táirge leighis;

(g)

stoic an táirge leighis atá ar fáil;

(h)

réamhaisnéis soláthair maidir leis an táirge leighis, lena n-áirítear faisnéis faoi na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith sa slabhra soláthair, faoi na cainníochtaí a seachadadh cheana agus faoi na seachadtaí réamh-mheasta;

(i)

réamhaisnéisí éilimh maidir leis an táirge leighis;

(j)

sonraí ar na táirgí íocshláinte malartacha atá ar fáil;

(k)

pleananna maidir le ganntanais a chosc nó a mhaolú, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus soláthair, agus láithreáin táirgthe an táirge íocshláinte chríochnaithe atá faofa agus substaintí gníomhacha, láithreáin táirgthe mhalartacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus íosleibhéil stoic den táirge leighis.

4.   Chun an cosc ar ghanntanas agus pleananna maolaithe na dtáirgí íocshláinte criticiúla dá dtagraítear i mír 3, pointe (k), a fhorlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta fáisnéis bhreise a iarraidh ó dháileoirí mórdhíola agus ó ghníomhaithe ábhartha eile, ar faisnéis í a bhaineann le haon dhúshláin lóistíochta a bhí roimh an slabhra soláthair mórdhíola.

Airteagal 10

Oibleagáidí ar shealbhóirí údaruithe margaíochta

1.   Déanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta le haghaidh na dtáirgí íocshláinte atá údaraithe san Aontas, faoin 2 Meán Fómhair 2022, an fhaisnéis chun críocha Airteagal 9(1), pointe (e), den Rialachán seo, a sholáthar i bhfoirm tíolacadh leictreonach don bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (l), de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Déanfaidh na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin nuashonruithe a sholáthar nuair is gá.

2.   Chun an faireachán dá dtagraítear in Airteagal 7 a éascú féadfaidh an Gníomhaireacht iarraidh ar shealbhóirí údaruithe margaíochta le haghaidh na dtáirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (c), a chur isteach.

Déanfaidh na sealbhóirí údaraithe margaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an fhaisnéis arna iarraidh faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaíocht a chur isteach trí na pointí teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), ag úsáid na modhanna agus na gcóras faireacháin agus tuairiscithe arna mbunú de bhun Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), faoi seach. Má thugtar aon fhaisnéis cothrom le dáta, soláthróidh na sealbhóirí údaraithe margaíochta sin an fhaisnéis sin i gcás inar gá.

3.   Tabharfaidh na sealbhóirí údaraithe margaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 údar le haon mhainneachtain aon fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar agus le haon mhoill a bheith ann i ndáil le soláthar na faisnéise arna iarraidh faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaireacht.

4.   I gcás ina léireoidh sealbhóirí údaruithe margaíochta dá dtagraítear i mír 2 go bhfuil faisnéis rúnda ghnó san fhaisnéis a thíolac siad arna hiarraidh ag an nGníomhaireacht nó ag na húdaráis náisiúnta inniúla do tháirgí íocshláinte, sainaithneoidh siad na codanna ábhartha den fhaisnéis sin atá rúnda agus míneoidh siad an fáth gur faisnéis rúnda ghnó í an fhaisnéis sin.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar fhiúntais gach léiriú ar fhaisnéis ar faisnéis rúnda ghnó í agus cosnóidh sí an fhaisnéis rúnda ghnó sin agus cosnóidh sí faisnéis rúnda ghnó ar nochtadh gan údar den sórt sin.

5.   I gcás ina mbeidh aon fhaisnéis bhreise ag sealbhóirí údaruithe margaíochta dá dtagraítear i mír 2 nó ag gníomhaithe ábhartha eile sa slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, i dteannta leis an bhfaisnéis a éilítear faoi mhír 2, an dara fomhír, ar faisnéis í lena soláthraítear fianaise ar ghanntanas iarbhír nó féideartha táirgí leighis, soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Ghníomhaireacht láithreach.

6.   Tar éis tuairisciú ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar aon mholtaí faoi bhearta coisctheacha nó maolaitheacha a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus (4), déanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta dá dtagraítear i mír 2 an méid seo a leanas:

(a)

aon bharúlacha atá acu a sholáthar don Ghníomhaireacht;

(b)

aon mholtaí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4) agus aon treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (c), a chur san áireamh;

(c)

aon bhearta arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát de bhun Airteagail 11 agus 12 a chomhlíonadh;

(d)

MSSG a chur ar an eolas faoi aon bhearta arna ndéanamh agus tuairisciú ar fhaireachán agus ar thorthaí na mbeart sin, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an nganntanas iarbhír nó féideartha táirgí íocshláinte a sholáthar.

Airteagal 11

Ról na mBallstát maidir le faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais feistí leighis

1.   Chun an faireachán dá dtagraítear in Airteagal 7 a éascú, ach amháin má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil ar ESMP, féadfaidh Gníomhaireacht iarraidh ar Bhallstát na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an tacar faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 6(4) a chur isteach, lena n-áirítear na sonraí atá ar fáil agus na sonraí atá measta faoi mhéid éilimh agus faoi réamhaisnéisí éilimh, tríd an bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus ag úsáid na modhanna tuairiscithe agus na gcóras tuairiscithe a bhunaítear de bhun Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), faoi seach;

(b)

aon fhaisnéis rúnda ghnó a léiriú, agus míniú cén fáth gur faisnéis rúnda ghnó í an fhaisnéis sin, i gcomhréir le hAirteagal 10(4);

(c)

aon mhainneachtain a léiriú i ndáil le faisnéis arna hiarraidh a sholáthar, agus a léiriú cé acu an bhfuil nó bhfuil aon mhoill ann i ndáil leis an bhfaisnéis sin a sholáthar faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

Comhlíonfaidh na Ballstáit iarrtas na Gníomhaireachta faoin spriocam arna leagan síos ag an nGníomhaireacht.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh dáileoirí mórdhíola agus daoine eile nó eintitis dhlítheanacha atá údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla don phobal a sholáthar don Bhallstát sin faisnéis agus sonraí ábhartha a chur ar fáil, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí ar leibhéil stoic na dtáirgí íocshláinte sin, arna iarraidh sin ón mBallstát sin.

3.   I gcás ina mbeidh aon fhaisnéis ag na Ballstáit sa bhreis ar an bhfaisnéis sin atá le soláthair i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo maidir leis na méideanna díolachán agus le méideanna oideas na dtáirgí íocshláinte, lena soláthraítear fianaise ar ghanntanas iarbhír nó féideartha táirge íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla, lena n-áirítear sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23a, an triú fomhír, de Threoir 2001/83/CE, soláthróidh siad an fhaisnéis sin do MSSG láithreach trína bpointí teagmhála aonair faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 3(6) den Rialachán seo.

4.   Tar éis tuairisciú ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar aon mholtaí faoi bhearta coisctheacha nó maolaitheacha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus (4), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

aon mholtaí agus treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (c), a chur san áireamh agus comhordú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí a mhéid a bhaineann le haon ghníomhartha arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 12, pointe (a);

(b)

MSSG a chur ar an eolas faoi aon bhearta arna ndéanamh agus tuairisciú ar thorthaí na ngníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir leis an nganntanas iarbhír nó féideartha táirgí íocshláinte.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointí (a) agus (b), roinnfidh na Ballstáit a dhéanann plean gníomhaíochta malartach ar an leibhéal naisiúnta na cúiseanna atá acu ina leith le MSSG go tráthúil.

Na moltaí, na treoirlínte agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), agus tuarascáil achomair ar na ceachtanna a foghlaimíodh, cuirfear ar fáil go poiblí iad tríd an tairseach ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 14.

Airteagal 12

Ról an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis ó MSSG dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2) agus Airteagal 8(3) agus (4), faoi seach, chomh maith leis na moltaí uaidh, agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

gach gníomhaíocht is gá laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún, d’fhonn ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla, a mhaolú;

(b)

comhordú idir sealbhóirí údaraithe margaíochta agus eintitis ábhartha eile a éascú chun aghaidh a thabhairt ar bhorradh ar éileamh, i gcás inar gá;

(c)

breithniú ar an ngá atá le treoirlínte agus moltaí a bheith dírithe ar na Ballstáit, ar shealbhóirí údaruithe margaíochta, agus ar eintitis eile, lena n-áirítear eintitis ábhartha ón slabhra soláthair do tháirgí íocshláinte, i gcás inarb ábhartha;

(d)

MSSG a chur ar an eolas faoi aon bhearta arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus tuairisciú ar thorthaí na mbeart sin;

(e)

iarraidh ar MSSG moltaí a sholáthar nó bearta a chomhordú dá bhforáiltear in Airteagal 8(3), (4) agus (5);

(f)

breithniú ar an ngá atá le frithbhearta leighis i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE agus le gníomhartha dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais;

(g)

idirchaidreamh a dhéanamh le tríú tíortha agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta, de réir mar is iomchuí, chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla a mhaolú nó chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha a substaintí gníomhacha a mhaolú, i gcás ina ndéanfar na táirgí íocshláinte nó na substaintí gníomhacha sin a allmhairiú isteach san Aontas agus i gcás ina mbeidh impleachtaí idirnáisiúnta ag na ganntanais iarbhír nó fhéideartha sin, agus tuairisc a thabhairt, i gcás inarb ábhartha, do MSSG i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaineann chomh maith le torthaí na ngníomhartha sin.

Airteagal 13

An t-ardán Eorpach um fhaireachán ar ghanntanais

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht ardán TF ar a dtabharfar an t-ardán Eorpach um fhaireachán ar ghanntanais (“ESMP”), a bheidh nasctha leis an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 57(1), pointe (l), de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a bhunú, a chothabháil agus a bhainistiú.

Bainfear úsáid as ESMP chun bailiú faisnéise faoi ghanntanais soláthair táirgí íocshlainte agus faoi éileamh táirgí íocshláinte a éascú, lena n-áirítear faisnéis maidir le cé acu an gcuirtear an táirge íocshláinte ar an margadh nó an scoirtear de bheith á chur ar an margadh i mBallstát.

2.   Úsáidfear an fhaisnéis arna bailiú trí ESMP chun faireachán a dhéanamh ar na nithe seo a leanas agus chun iad a chosc agus a bhainistiú:

(a)

ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí; agus

(b)

ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí íocshláinte ar dócha go mbeidh éigeandáil sláinte phoiblí nó mórimeacht mar thoradh orthu i gcomhréir le hAirteagal 4(2).

3.   Chun críocha mhír 2, le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí:

(a)

úsáidfidh sealbhóirí údaraithe margaíochta, trí na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (a), ESMP chun faisnéis a bhaineann le táirgí íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla a thuairisciú, i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 10;

(b)

úsáidfidh na Ballstáit, trí na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d), ESMP chun faisnéis a bhaineann le táirgí íocshláinte ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla a thuarisiciú, i gcomhréir le hAirteagail 9 agus 11.

Áireofar sa tuairisciú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), faisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis sin dá dtagraítear sa phointe sin arna fáil ó shealbhóirí údaruithe margaíochta agus dáileoirí mórdhíola, nó daoine eile nó eintitis dhlítheanacha atá údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a áirítear ar na liostaí de chógais leighis chriticiúla a sholáthar don phobal, i gcás inarb ábhartha.

4.   Chun críocha mhír 2, agus a mhéid a bhaineann le hullmhacht le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí agus mórimeachtaí a áirithiú:

(a)

bainfidh sealbhóirí údaraithe margaíochta úsáid as ESMP, chun tuairisc a thabhairt don Ghníomhaireacht faoin méid seo a leanas:

(i)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le húdaruithe arna ndeonú i gcomhréir leis an Rialachán sin;

(ii)

faisnéis bunaithe ar na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 9(3), ar faisnéis í a bhaineann le ganntanais iarbhír nó fhéideartha na dtáirgí íocshláinte ar dócha go mbeidh éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht mar thoradh orthu, i gcás inarb iomchuí.

(b)

bainfidh na Ballstáit úsáid as ESMP chun ganntanais táirgí íocshláinte ar dócha go mbeidh éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeacht mar thoradh orthu i gcomhréir le hAirteagal 4(2) a thuairisciú don Ghníomhaireacht, trí na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (e).

5.   Áireofar na nithe seo a leanas sa tuairisciú dá dtagraítear i mír 4, pointe (b):

(a)

faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23a de Threoir 2001/83/CE a thuairiscítear d’údaráis náisiúnta inniúla le haghaidh údaruithe do tháirgí íocshláinte arna ndeonú i gcomhréir leis an Treoir sin;

(b)

d’fhéadfadh faisnéis bhreise a bheith ann arna fáil ó shealbhóirí údaraithe margaíochta, dáileoirí mórdhíola agus daoine eile nó eintitis dhlítheanacha atá údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal.

6.   Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as ESMP, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla ESMP a fhorbairt, lena n-áirítear an sásra malartaithe sonraí chun malartú leis na córais náisiúnta atá ann cheana agus an fhormáid le haghaidh tíolacadh leictreonach, i gcomhar le MSSG;

(b)

a éileamh go gcomhlíonfaidh sonraí a thíolactar do ESMP leis na caighdeáin arna bhforbairt ag Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú chun táirgí íocshláinte a shainaithint agus a bheith bunaithe ar na réimsí de mháistirshonraí i bpróisis rialála cógaisíochta, eadhon an tsubstaint, an táirge, an eagraíocht agus sonraí tagartha, i gcás inarb ábhartha;

(c)

téarmaíocht chaighdeánaithe tuairiscithe a fhorbairt, atá le húsáid ag sealbhóirí údaruithe margaíochta agus na Ballstáit agus iad ag tuairisciú do ESMP, i gcomhar le MSSG;

(d)

treoir ábhartha a bhunú le haghaidh tuairisciú trí ESMP, i gcomhar le MSSG;

(e)

a áirithiú go bhfuil na sonraí idir ESMP, córais TF na mBallstát agus córais agus bunachair ábhartha eile TF idir-inoibritheach, gan aon dúbailt tuairiscithe;

(f)

a áirithiú go bhfuil leibhéil iomchuí rochtana ar an bhfáisnéis atá in ESMP ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht, ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag MSSG;

(g)

a áirithiú go gcosnófar faisnéis rúnda ghnó a thíolactar don chóras ar nochtadh gan údar;

(h)

a áirithiú go mbeidh ESMP lánoibríochtúil faoin 2 Feabhra 2025 agus plean a tharraingt suas chun ESMP a chur chun feidhme.

Airteagal 14

Cumarsáid maidir le MSSG

1.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht, faisnéis ar fáil don phobal agus do ghrúpaí leasmhara ábhartha faoi obair MSSG ar bhealach tráthúil, agus freagróidh sí ar an mbréagaisnéis atá spriocdhírithe ar obair MSSG, de réir mar is iomchuí, trí leathanach gréasáin tiomnaithe ar a thairseach gréasáin agus modhanna iomchuí eile, i gcomhar le húdaráis náisiúnta inniúla.

2.   Beidh imeachtaí MSSG trédhearcach.

Déanfar achoimrí ar an gclár oibre agus ar mhiontuairiscí chruinnithe MSSG chomh maith leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) agus na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus (4), a dhoiciméadú agus a chur ar fáil go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe ar thairseach gréasáin na Gníomhaireachta.

I gcás ina gceadaítear leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(5) do chomhaltaí MSSG tuairimí éagsúla a chur ar taifead, cuirfidh MSSG na tuairimí éagsúla sin, mar aon leis na forais ar a bhfuil siad bunaithe, ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla do tháirgí íocshláinte arna iarraidh sin dóibh.

CAIBIDIL III

TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE LENA bhFÉADFAÍ AGHAIDH A THABHAIRT AR ÉIGEANDÁLAÍ SLÁINTE POIBLÍ

Airteagal 15

An Tascfhórsa Éigeandála

1.   Bunaítear leis seo an Tascfhórsa Éigeandála (“ETF”) laistigh den Ghníomhaireacht.

Tionólfar ETF chun ullmhú d’éigeandálaí sláinte poiblí agus lena linn, i bpearsa nó go cianda.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht ETF.

2.   Le linn éigeandálaí sláinte poiblí, déanfaidh ETF na cúraimí seo a leanas:

(a)

i gcuibhreann le coistí eolaíocha, meithleacha agus grúpaí comhairleacha eolaíocha na Gníomhaireachta, comhairle eolaíoch a sholáthar agus athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí eolaíocha atá ar fáil maidir le táirgí íocshláinte a bhfuil sé d’acmhainn acu aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí, lena n-áirítear sonraí a iarraidh ó fhorbróirí agus dul i mbun réamhphléití leo;

(b)

comhairle a sholáthar maidir le príomhghnéithe phrótacail na dtrialacha cliniciúla; agus comhairle a sholáthar do na forbróirí maidir le trialacha cliniciúla le haghaidh táirgí íocshláinte a bheartaítear chun an galar is cúis leis an éigeandáil sláinte poiblí a chóireáil, a chosc nó a dhiagnóisiú, i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo gan dochar do chúraimí na mBallstát maidir leis an measúnú ar iarratais ar thriail chliniciúil a thíolacfar agus atá le seoladh ar a gcríocha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 536/2014;

(c)

tacaíocht eolaíoch a sholáthar chun éascaíocht a dhéanamh ar thrialacha cliniciúla le haghaidh táirgí íocshláinte a bheartaítear chun an galar is cúis leis an éigeandáil sláinte poiblí a chóireáil, a chosc nó a dhiagnóisiú;

(d)

rannchuidiú le hobair choistí eolaíocha, mheithleacha agus ghrúpaí comhairleacha eolaíocha na Gníomhaireachta;

(e)

i gcuibhreann le coistí eolaíocha, meithleacha, agus grúpaí comhairleacha eolaíochta na Gníomhaireachta, moltaí eolaíocha a sholáthar maidir le húsáid aon táirge íocshláinte a bhfuil an acmhainneacht acu aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(f)

comhoibriú leis na húdaráis náisiúnta inniúla, le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, le tríú tíortha, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eolaíocha maidir le saincheisteanna eolaíocha agus teicniúla a bhaineann leis an éigeandáil sláinte poiblí agus le táirgí íocshláinte lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí, de réir mar is gá.

Sa tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c) áireofar comhairle d’urraitheoirí trialacha cliniciúla beartaithe atá comhchosúil nó nasctha maidir le bunú, ina n-áit, trialacha cliniciúla comhpháirteacha agus féadfar comhairle maidir le bunú comhaontuithe a áireamh inti chun gníomhú mar urraitheoir nó mar chomhurraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 2(2), pointe (14), agus Airteagal 72 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2014.

3.   Beidh comhdhéanamh chomhaltaí ETF mar seo a leanas:

(a)

cathaoirligh nó leas-chathaoirligh, nó an dá cheann, choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, agus ionadaithe eile na gcoistí sin;

(b)

ionadaithe meithleacha na Gníomhaireachta, lena n-áirítear ionadaithe PCWP agus ionadaithe;

(c)

baill foirne na Gníomhaireachta;

(d)

ionadaithe an ghrúpa comhordaithe a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2001/83/CE;

(e)

ionadaithe an Ghrúpa Chomhairligh agus Comhordaithe ar Thrialacha Cliniciúla a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2014; agus

(f)

saineolaithe eile ar thrialacha cliniciúla a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann údaráis náisiúnta inniúla do tháirgí náisiúnta.

Beidh comhaltaí ETF ainmnithe ag na heintitis ar a dhéanann siad ionadaíocht.

Féadfar saineolaithe seachtracha a cheapadh do ETF ar bhonn ad hoc, de réir mar is gá, go háirithe sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 (3).

Tabharfar cuireadh d’ionadaithe comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais ar bhonn ad hoc, de réir mar is gá, chun páirt a ghlacadh in obair ETF, go háirithe sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(3)

Déanfaidh ionadaí na Gníomhaireachta cathaoirleacht ar ETF agus déanfaidh cathaoirleach nó leaschathaoirleach CHMP comhchathaoirleacht air.

4.   Formheasfaidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta comhdhéanamh ETF agus an saineolas sonrach is ábhartha don fhreagairt theiripeach ar an éigeandáil sláinte poiblí á chur san áireamh.

Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta nó ionadaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, chomh maith le hionadaithe an Choimisiúin agus Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta i dteideal freastal ar gach cruinniú de chuid ETF.

Ba cheart comhdhéanamh ETF a bheith ar fáil go poiblí.

5.   Féadfaidh comhchathaoirligh ETF cuireadh chuig a chruinnithe a thabhairt d’ionadaithe eile na mBallstát, comhaltaí choistí eolaíocha agus meithleacha na Gníomhaireachta, agus tríú páirtithe, lena n-áirítear ionadaithe grúpaí leasmhara táirgí íocshláinte, sealbhóirí údaraithe margaíochta, forbróirí, urraitheoirí trialacha cliniciúla, ionadaithe líonraí trialacha cliniciúla, saineolaithe agus taighdeoirí neamhspleácha i réimse na dtrialacha cliniciúla, agus ionadaithe gairmithe cúraim sláinte agus othar.

6.   Bunóidh ETF a rialacha nós imeachta lena n-áirítear rialacha maidir le glacadh moltaí.

Tiocfaidh na rialacha nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm tar éis do ETF tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

7.   Déanfaidh ETF a chúraimí mar chomhlacht comhairle agus tacaíochta ar leithligh ó chúraimí choistí eolaíocha na Gníomhaireachta, agus gan dochar do na cúraimí sin, a mhéid a bhaineann le húdarú, maoirseacht agus faireachas cógas na dtáirgí íocshláinte lena mbaineann agus bearta rialála gaolmhara chun cáilíocht, sábháilteacht agus éifeachtúlacht na dtáirgí íocshláinte sin a áirithiú.

Déanfaidh CHMP agus coistí eolaíocha ábhartha eile de chuid ETF a chur san áireamh agus a dtuairimí á nglacadh acu.

Cuirfidh ETF aon tuairim eolaíoch arna heisiúint ag na coistí dá dtagraítear sa dara fhomhír den mhír seo san áireamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus le Treoir 2001/83/CE.

8.   Tá feidhm ag Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le ETF a mhéid a bhaineann le trédhearcacht agus neamhspleáchas a chomhaltaí.

9.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis i ndáil leis na táirgí íocshláinte lena measann ETF go bhfuil sé d’acmhainn acu aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí chomh maith le haon fhaisnéis a thugtar cothrom le dáta a fhoilsiú ar a tairseach ghréasáin. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na Ballstáit agus HSC ar an eolas, de réir mar is iomchuí, faoi aon fhoilseachán den sórt sin gan aon mhoill mhíchuí agus, in aon chás, sula ndéanfar an foilsiú sin.

Airteagal 16

Comhairle maidir le trialacha cliniciúla

1.   Le linn éigeandáil sláinte poiblí, cuirfidh ETF comhairle ar fáil maidir leis na príomhghnéithe a ghabhann le trialacha cliniciúla agus prótacail na dtrialacha cliniciúla a chuir forbróirí isteach, nó a bhfuil sé beartaithe acu a chur isteach, in iarratas ar thriail chliniciúil mar chuid de phróiseas comhairle eolaíche luathaithe, gan dochar d’fhreagracht an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann faoi Rialachán (AE) Uimh. 536/2014.

2.   I gcás ina rachaidh forbróir i mbun próiseas comhairle eolaíche luathaithe, soláthróidh ETF an chomhairle dá dtagraítear i mír 1 saor in aisce ar a dhéanaí 20 lá i ndiaidh don fhorbróir tacar iomlán faisnéise agus sonraí arna n-iarraidh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta. Déanfaidh CHMP an chomhairle a fhormhuiniú.

3.   Bunóidh ETF nósanna imeachta agus treoir chun an tacar faisnéise agus na sonraí is gá a iarraidh agus a chur isteach, lena n-áirítear faisnéis faoin mBallstát nó faoi na Ballstáit i gcás ina ndéantar iarratas ar údarú trialach cliniciúla a chur isteach nó ina mbeartaítear iarratas den sórt sin a chur isteach.

4.   Tabharfaidh ETF rannpháirt d’ionadaithe na mBallstát, ag a bhfuil saineolas ar thrialacha cliniciúla maidir le comhairle eolaíoch a ullmhú, go háirithe i gcásanna ina gcuirfear isteach iarratas ar údarú trialach cliniciúla nó ina mbeartaítear iarratas den sórt sin a chur isteach.

5.   Agus iarratas ar thriail chliniciúil ar thug ETF comhairle eolaíoch lena aghaidh á údarú, cuirfidh na Ballstáit an chomhairle sin san áireamh. Beidh an chomhairle eolaíoch dá bhforáiltear le ETF gan dochar don athbhreithniú eiticiúil dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 536/2014.

6.   I gcás ina bhfaighidh forbróir an comhairle eolaíoch dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an forbróir, ina dhiaidh sin, na sonraí a leanann as trialacha cliniciúla faoi bhráid na Gníomhaireachta má dhéanann an Ghníomhaireacht iarratas ar na sonraí sin de bhun Airteagal 18.

7.   Gan dochar do mhíreanna 1 go 6 den Airteagal seo, soláthrófar an chomhairle eolaíoch dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo ar shlí eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear de bhun Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

Airteagal 17

Faisnéis phoiblí i ndáil le trialacha cliniciúla agus cinntí údaraithe margaíochta

1.   Ar feadh ré éigeandála sláinte poiblí, déanfaidh urraitheoirí trialacha cliniciúla a dhéantar san Aontas, go háirithe, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil go poiblí trí thairseach AE agus bunachar sonraí AE a bunaíodh le hAirteagail 80 agus 81 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 faoi seach:

(a)

prótacal na dtrialacha cliniciúla, ag tús na trialach i gcás na dtrialacha ar fad a údaraítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ina scrúdaítear táirgí íocshláinte a bhfuil an acmhainneacht acu aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí;

(b)

an achoimre ar na torthaí, laistigh d’amlíne arna leagan amach ag an nGníomhaireacht, ar amlíne í atá níos giorra ná an amlíne a leagtar síos in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2014.

2.   I gcás ina bhfaighidh táirge íocshláinte atá ábhartha don éigeandáil sláinte poiblí údarú margaíochta, foilseoidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

faisnéis faoin táirge ina mbeidh sonraí maidir le coinníollacha úsáide tráth a dhéantar an t-údarú margaíochta;

(b)

na Tuarascálacha Measúnachta Poiblí Eorpacha a luaithe is féidir agus, i gcás inar féidir, laistigh de 7 lá tar éis an t-údarú margaíochta a fháil;

(c)

na sonraí cliniciúla arna dtíolacadh don Ghníomhaireacht mar thaca leis an iarratas i gcás inar féidir laistigh de 2 mhí tar éis údarú margaíochta a fháil ón gCoimisiún;

(d)

an plean bainistithe riosca iomlán dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe 28c, de Threoir 2001/83/CE, agus aon leaganacha nuashonraithe de.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta anaithnid agus folóidh sí faisnéis rúnda tráchtála.

Airteagal 18

Athbhreithniú ar tháirgí íocshláinte agus moltaí maidir lena n-úsáid

1.   I ndiaidh éigeandáil sláinte poiblí a aithint, déanfaidh ETF athbhreithniú ar na sonraí eolaíocha atá ar fáil faoi tháirgí íocshláinte a bhfuil sé d’acmhainn acu a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte poiblí. Déanfar an t-athbhreithniú sin a nuashonrú nuair is gá sin le linn na héigeandála sláinte poiblí, lena n-áirítear i gcás ina gcomhaontaíonn ETF agus CHMP é sin a dhéanamh mar ullmhúchán don mheasúnú a dhéanfar ar iarratas ar údarú margaíochta.

2.   Mar ullmhúchán don athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh ETF faisnéis agus sonraí a iarraidh ar shealbhóirí údaraithe margaíochta agus ó fhorbróirí agus dul i mbun réamhphléití leo. Féadfaidh ETF freisin, úsáid a bhaint as sonraí maidir le sláinte a ghintear lasmuigh de staidéir chliniciúla i gcás ina mbeidh siad ar fáil, agus iontaofacht na sonraí sin á cur san áireamh.

Féadfaidh ETF idirchaidreamh a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí tríú tíortha do tháirgí íocshláinte i ndáil le faisnéis bhreise agus malartuithe sonraí.

3.   I ndiaidh iarraidh ó cheann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó ón gCoimisiún, soláthróidh ETF moltaí do CHMP maidir le tuairim i gcomhréir le mír 4:

(a)

úsáid atruach táirgí íocshláinte a thagann faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; nó

(b)

úsáid agus dáileadh táirge íocshláinte neamhúdaraithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir 2001/83/CE.

4.   Tar éis do CHMP moladh arna soláthar de bhun mhír 3 a fháil, glacfaidh CHMP a thuairim agus na coinníollacha a bheidh le forchur maidir le húsáid, agus dáileadh an táirge íocshláinte lena mbaineann agus na hothair ar a ndírítear. Tabharfar an tuairim sin cothrom le dáta i gcás inar gá.

5.   Cuirfidh na Ballstáit na tuairimí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo san áireamh. Beidh feidhm ag Airteagal 5(3) agus (4) de Threoir 2001/83/CE maidir le húsáid tuairime den sórt sin.

6.   Mar ullmhúchán dá mholtaí dá bhforáiltear de bhun mhír 3, féadfaidh ETF dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus iarraidh air aon fhaisnéis nó sonraí atá ar fáil a sholáthar a d’úsáid an Ballstáit chun a chinneadh a dheanamh maidir leis an táirge íocshláinte a chur ar fáil le haghaidh úsáid atruach. I ndiaidh iarraidh den sórt sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis agus na sonraí uile arna n-iarraidh.

Airteagal 19

Cumarsáid i ndáil le ETF

Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a chur ar fail don phobal agus grúpaí leasmhara ábhartha faoi obair ETF go tráthúil, agus freagróidh siad ar bhréagaisnéis atá spriocdhírithe ar obair ETF, de réir mar is iomchuí, trí leathanach gréasáin tiomnaithe ar a tairseach ghréasáin agus trí mhodhanna iomchuí eile, i gcomhar le húdaráis náisiúnta inniúla.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an liosta de chomhaltaí ETF a fhoilsiú ar a tairseach ghréasáin, na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(6) agus an liosta de tháirgí íocshláinte atá faoi athbhreithniú, chomh maith leis na tuairimí arna nglacadh de bhun Airteagal 18(4).

Airteagal 20

Uirlisí TF agus sonraí

Chun ullmhú d’obair ETF le linn éigeandálaí sláinte poiblí agus chun tacú léi, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

uirlisí TF a fhorbairt agus a chothabháil, lena n-áirítear ardán idir-inoibritheach TF, chun faisnéis agus sonraí a chur isteach, lena n-áirítear sonraí leictreonacha maidir le sláinte a ghintear lasmuigh de staidéir chliniciúla lena n-éascófar idir-inoibritheacht le huirlisí TF eile atá ann cheana, agus le huirlisí TF atá á bhforbairt agus tacaíocht leordhóthanach a sholáthar d’údaráis náisiúnta inniúla;

(b)

comhordú a dhéanamh ar staidéir faireacháin neamhspleácha maidir le húsáid, éifeachtacht agus sábháilteacht táirgí íocshláinte a bheartaítear chun galair a bhaineann leis an éigeandáil sláinte poiblí a chóireáil, a chosc nó a dhiagnóisiú, ag baint úsáid as sonraí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, sonraí atá i seilbh na n-údarás poiblí;

(c)

mar chuid dá cúraimí rialála, úsáid a bhaint as bonneagair dhigiteacha nó uirlisí TF chun go n-éascófar mear-rochtain ar na sonraí leictreonacha maidir le sláinte atá ar fáil agus a ghintear lasmuigh de staidéir chliniciúla nó chun anailís a dhéanamh ar na sonraí sin, agus chun go n-éascófar malartú na sonraí sin idir na Ballstáit, an Ghníomhaireacht, agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

(d)

rochtain a sholáthar do ETF ar fhoinsí seachtracha sonraí leictreonacha maidir le sláinte a bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht orthu, lena n-áirítear sonraí maidir le sláinte a ghintear lasmuigh de staidéir chliniciúla.

Chun críocha na chéad mhíre, pointe (b), déanfar an comhordú a mhéid a bhaineann le vacsaíní go comhpháirteach le ECDC, go háirithe, trí ardán TF nua um fhaireachán vacsaíní.

CAIBIDIL IV

FAIREACHÁN AGUS MAOLÚ A DHÉANAMH AR GHANNTANAIS FEISTÍ LEIGHIS CRITICIÚLA AGUS TACAÍOCHT DO PHAINÉIL SAINEOLAITHE

Airteagal 21

An Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais Feistí Leighis

1.   Bunaítear leis seo an Grúpa Stiúrtha Feidhmiúcháin maidir le Ganntanais Feistí Leighis (“an Grúpa Stiúrtha maidir le Ganntanais Feistí Leighis - MDSSG”) sa Ghníomhaireacht.

Beidh MDSSG freagrach as na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 22, 23 agus 24 a chomhlíonadh.

Tiocfaidh MDSSG le chéile go rialta agus, chomh maith leis sin, i gcás ina mbeidh gá leis de réir an cháis, i bpearsa nó go cianda, mar ullmhúchán d’éigeandáil sláinte poiblí nó lena linn.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht MDSSG.

2.   Beidh comhaltaí MDSSG comhdhéanta d’ionadaí na Gníomhaireachta, ionadaí an Choimisiúin agus ionadaí sinsearach amháin a cheapfar ag gach Ballstáit.

Beidh saineolas i réimse na bhfeistí leighis nó saineolas i réimse na bhfeistí leighis ag ionadaithe na mBallstát, de réir mar is ábhartha. Féadfaidh na hionadaithe sin a bheith mar an gcéanna le hionadaithe a ceapadh do Ghrúpa Comhordaithe maidir le Feistí Leighis a bunaíodh le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2017/745 (“MDCG”), i gcás inarb iomchuí.

Féadfaidh saineolaithe i sainréimsí sonracha eolaíocha nó teicniúla a bheith i dteannta na gcomhaltaí MDSSG ag cruinnithe MDSSG.

Foilseofar liosta chomhaltaí MDSSG ar thairseach gréasáin na Gníomhaireachta.

Féadfaidh ionadaí PCWP agus ionadaí HCPWP freastal ar chruinnithe MDSSG mar bhreathnóirí.

3.   Déanfaidh ionadaí na Gníomhaireachta agus ceann amháin de na hionadaithe de chuid na mBallstát a thoghfar as ionadaithe na mBallstát i MDSSG comhchathaoirleacht ar MDSSG.

Feadfaidh comhchathaoirligh MDSSG, ar a dtionscnamh féin nó ar iarraidh a fháil ó chomhalta amháin nó níos mó ó MDSSG, cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, lena n-áirítear ionadaithe grúpaí leasmhara feistí leighis, amhail ionadaithe monaróirí agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra nó aon ghníomhaí ábhartha eile i slabhra soláthair d’fheistí leighis, agus ionadaithe gairmithe cúraim sláinte, othar agus tomhaltóirí, freastal ar a chruinnithe de réir mar is gá mar bhreathnóirí agus chun comhairle shaineolach a chur ar fáil.

4.   Bunóidh MDSSG a rialacha nós imeachta lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann leis an meitheal dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, agus nós imeachta maidir le glacadh na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 22, tacair faisnéise agus moltaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus (4).

Tiocfaidh na rialacha nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm tar éis do MDSSG tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus ó Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

5.   Tabharfaidh meitheal arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 25(1) tacaíocht d’obair MDSSG.

Beidh an mheitheal dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis náisiúnta inniúla freagrach as ganntanas feistí leighis a fhaireachán agus a bhainistiú, a bheidh mar phointí teagmhála aonair i ndáil le ganntanais feistí leighis.

Airteagal 22

Liosta d’fheistí leighis criticiúla agus faisnéis atá le soláthar

1.   Díreach tar éis éigeandáil sláinte poiblí a aithint, rachaidh MDSSG i gcomhairle leis an meitheal dá dtagraítear in Airteagal 21(5). Díreach tar éis an chomhairliúcháin sin, glacfaidh MDSSG liosta catagóirí feistí leighis criticiúla a mheasann sé a bheith criticiúil le linn na héigeandála sláinte poiblí (“liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí”).

A mhéid is féidir, baileofar faisnéis ábhartha maidir le feistí leighis criticiúla agus monaróirí gaolmhara ó Eudamed, a luaithe a bheidh sé lánfheidhmiúil. Baileofar an fhaisnéis freisin ó allmhaireoirí agus ó dháileoirí, de réir mar is iomchuí. Go dtí go mbeidh Eudamed lánfheidhmiúil, féadfar faisnéis dá bhfuil ar fáil a bhailiú ó bhunachair sonraí náisiúnta freisin nó ó fhoinsí eile dá bhfuil ar fáil.

Tabharfaidh MDSSG liosta feistí leighis criticiúla na héigeandála sláinte poiblí cothrom le dáta aon uair is gá go dtí go mbeidh an t-aitheantas a thugtar ar an éigeandáil sláinte poiblí foirceanta.

2.   Chun críocha Airteagal 25(2), déanfaidh MDSSG tacar faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointí (b) agus (c) a ghlacadh agus a chur ar fáil go poiblí, tacar faisnéise is gá chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus éileamh feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, agus cuirfidh sé an mheitheal dá dtagraítear in Airteagal 21(5) ar an eolas faoin tacar faisnéise sin.

3.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht ar leathanach gréasáin tiomnaithe ar a tairseach gréasáin na nithe seo a leanas:

(a)

liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, chomh maith le haon nuashonrú ar an liosta sin; agus

(b)

faisnéis ar ghanntanais iarbhír feistí leighis criticiúla a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí.

Airteagal 23

Faireachán a dhéanamh ar ghanntanais feistí leighis ar liosta d’fheistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí

1.   Le linn éigeandáil sláinte poiblí, déanfaidh MDSSG faireachán ar sholáthar agus éileamh feistí leighis a áirítear ar liosta feistí leighis criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, d’fhonn aon ghanntanais iarbhír nó fhéideartha i dtaca leis na feistí leighis sin a shainaithint. Déanfaidh MDSSG faireachán den sórt sin trí úsáid a bhaint as liosta feistí leighis criticiúla na héigeandála sláinte poiblí agus as an bhfaisnéis agus na sonraí dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagail 26 agus 27.

Chun críocha an fhaireacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh MDSSG idirchaidreamh le MDCG, le HSC agus le haon choiste comhairleach ábhartha eile um éigeandálaí sláinte poiblí arna mbunú de bhun dhlí an Aontais.

2.   Chun críocha an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh MDSSG úsáid a bhaint freisin as sonraí ó chlárlanna feistí agus ó bhunachair shonraí feistí i gcás ina bhfuil na sonraí sin ar fáil don Ghníomhaireacht. Lena linn sin, féadfaidh MDSSG na sonraí a ghintear de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2017/745 agus Airteagal 101 de Rialachán (AE) 2017/746 a chur san áireamh.

Airteagal 24

Tuairisciú agus moltaí maidir le ganntanais feistí leighis

1.   Ar feadh ré na héigeandála sláinte poiblí, tuairisceoidh MDSSG go tráthrialta don Choimisiún agus do na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (a), faoi thorthaí an fhaireacháin, agus, go háirithe, cuirfidh sé in iúl aon ghanntanais iarbhír nó fhéideartha feistí leighis a áirítear ar liosta d’fheistí criticiúla na héigeandála poiblí sláinte.

2.   I gcás ina n-iarrann an Coimisiún, na Ballstáit nó pointe teagmhála aonair nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (a), déanfaidh MDSSG sonraí comhiomlánaithe agus réamhaisnéisí éilimh a sholáthar chun tacú lena dtorthaí agus lena gconclúidí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh MDSSG idirchaidreamh le ECDC chun sonraí eipidéimeolaíocha a fháil le cuidiú le réamhaisnéis a dhéanamh ar riachtanais feistí leighis, agus déanfaidh sé idirchaidreamh le MSSG i gcás ina n-úsáidtear feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí go comhpháirteach le táirge íocshláinte.

Féadfar torthaí agus conclúidí MDSSG dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil freisin do ghníomhaithe eile in earnáil na bhfeistí leighis, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir an dlí iomaíochta ábhartha, d’fhonn ganntanais iarbhír nó fhéideartha a chosc nó a mhaolú níos fearr.

3.   Mar chuid den tuairisciú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh MDSSG moltaí maidir le bearta a sholáthar a bhféadfadh an Coimisiún, na Ballstáit, monaróirí feistí leighis, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eintitis eile a dhéanamh chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha táirgí leighis a chosc nó a mhaolú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh MDSSG, i gcás inarb ábhartha, idirchaidreamh le MDCG, le HSC agus le haon choiste comhairleach eile um éigeandálaí sláinte poiblí a bhunaítear de bhun dhlí an Aontais.

4.   Féadfaidh MDSSG, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh don Choimisiún, moltaí a sholáthar maidir le bearta a bhféadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, monaróirí feistí leighis, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eintitis eile iad a dhéanamh chun an ullmhacht a áirithiú chun dul i ngleic le ganntanais iarbhír nó fhéideartha feistí leighis arb iad éigeandálaí sláinte poiblí is cúis leo.

5.   I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún, féadfaidh MDSSG, bearta arna nglacadh ag na húdaráis náisiúnta inniúla do tháirgí leighis, monaróirí feistí leighis, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, agus eintitis eile a chomhordú, i gcás inarb ábhartha, chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha feistí leighis i gcomhthéacs éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeachta a chosc nó a mhaolú.

Airteagal 25

Modhanna oibre agus soláthar faisnéise maidir le feistí leighis

1.   Chun ullmhúchán a dhéanamh do chomhlíonadh na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagail 22, 23 agus 24, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus na critéir a bhaineann le bunú agus athbhreithniú a dhéanamh ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí;

(b)

córais chuíchóirithe faireacháin agus tuairiscithe TF a fhorbairt, i gcomhordú leis na húdaráis náisiúnta inniúla ábhartha, lena n-éascaítear idir-inoibritheacht le huirlisí TF atá ann cheana agus Eudamed, tráth a bheidh sé lánfheidhmiúil, a éascú, agus an tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d’údaráis inniúla náisiúnta le haghaidh faireachán agus tuairisciú;

(c)

an mheitheal dá dtagraítear in Airteagal 21(5) a bhunú agus a áirithiú go bhfuil ionadaíocht ag gach Ballstát ar an meitheal sin;

(d)

na modhanna chun moltaí a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus (4) agus chun bearta a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 24 a shonrú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfar dul i gcomhairle, de réir mar is gá, le MDCG, le hionadaithe monaróirí, le hionadaithe gníomhaithe ábhartha eile i slabhra soláthair earnálacha d’fheistí leighis agus le hionadaithe gairmithe cúraim sláinte, othar agus tomhaltóirí.

2.   I ndiaidh éigeandáil sláinte poiblí a aithint, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)

liosta de phointí teagmhála aonair do mhonaróirí feistí leighis nó dá n-ionadaithe, allmhaireoirí agus comhlachtaí údaraithe faoina dtugtar fógra, do na feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, a bhunú agus a choimeád ar bun ar feadh ré na héigeandála sláinte poiblí;

(b)

liosta de phointí teagmhála aonair dá dtagraítear i bpointe (a) ar feadh ré na héigeandála sláinte poiblí a chothabháil

(c)

faisnéis ábhartha a iarraidh maidir le feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí ó na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear i bpointe (a) ar bhonn an tacair faisnéise arna nglacadh ag MDSSG agus sprioc-am a leagan síos le cur isteach na faisnéise sin;

(d)

faisnéis ábhartha a iarraidh ar fheistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí ó na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 21(5), an dara fomhír, ar bhonn an tacair faisnéise arna nglacadh ag MDSSG i gcomhréir le hAirteagal 22(2) agus sprioc-am a leagan síos le cur isteach na faisnéise sin.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht foinsí eile ná iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear bunachair sonraí atá ann cheana agus bunachair sonraí atá á bhforbairt, a úsáid freisin chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3 a bhailiú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), i gcás ina meastar go bhfuil sé ábhartha, féadfar bunachar sonraí náisiúnta nó de chuid an Aontais, lena n-áirítear Eudamed, tráth a bheidh sé lánfheidhmiúil, nó comhlachais feistí leighis a úsáid mar fhoinsí faisnéise.

3.   Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (c):

(a)

ainm mhonaróirí feistí leighis agus, más infheidhme, ainm a ionadaí nó a hionadaí údaraithe;

(b)

faisnéis lena sainaithnítear na feiste leighis agus an chríoch atá beartaithe di agus i gcás inar gá, saintréithe sonracha na feiste leighis;

(c)

más infheidhme, ainm agus uimhir an údaráis faoina dtugtar fógra agus faisnéis faoin deimhniú ábhartha nó a bhaineann leis na deimhnithe ábhartha;

(d)

mionsonraí ar an nganntanas iarbhír nó féideartha feistí leighis, amhail dátaí tosaigh agus deiridh iarbhír nó measta, agus an chúis amhrasta nó aitheanta;

(e)

sonraí maidir le díolacháin agus an sciar den mhargadh an táirge leighis;

(f)

stoic an táirge leighis atá ar fáil;

(g)

réamhaisnéis soláthair maidir le feistí leighis, lena n-áirítear faisnéis faoi na leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith sa slabhra soláthair;

(h)

cainníochtaí a seachadadh cheana agus seachadtaí réamh-mheasta na feiste leighis;

(i)

réamhaisnéisí éilimh maidir leis an bhfeiste leighis;

(j)

pleananna cosc ar ghanntanas agus maolaithe lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus soláthair;

(k)

faisnéis ó chomhlachtaí ábhartha faoina dtugtar fógra maidir lena n-inniúlacht acmhainní chun iarratais a phróiseáil agus measúnuithe comhréireachta iomlána a dhéanamh, i ndáil le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, taobh istigh de thréimhse ama iomchuí i bhfianaise na héigeandála;

(l)

faisnéis maidir leis an líon iarratas arna fháil ag na comhlachtaí ábhartha faoina dtugtar fógra i ndáil le feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí agus i nósanna imeachta um measúnú comhréireachta ábhartha;

(m)

i gcás ina bhfuil measúnuithe comhréireachta ar bun go leanúnach, stádas an mheasúnaithe comhréireachta arna dhéanamh ag na comhlachtaí ábhartha faoina dtugtar fógra lena mbaineann i ndáil le feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí agus saincheisteanna criticiúla a d’fhéadfadh a bheith ann ar thoradh deiridh an mheasúnaithe agus is gá a bhreithniú chun an próiseas um measúnú comhréireachta a chur i gcrích.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (k), cuirfidh na comhlachtaí ábhartha faoina dtugtar fógra an dáta in iúl faoina meastar go dtabharfar an measúnú chun críche. I ndáil leis sin, tabharfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra tosaíocht do mheasúnuithe comhréireachta feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro a áirítear i liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí.

Airteagal 26

Oibleagáidí ar mhonaróirí feistí leighis, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí, dáileoirí agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra

1.   Chun an faireachán dá dtagraítear in Airteagal 23 a éascú, féadfaidh an Ghníomhaireacht, a iarraidh ar mhonaróirí feistí leighis, nó a n-ionadaithe údaraithe, de réir mar is infheidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí agus dáileoirí, a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí agus, i gcás inar gá, comhlachtaí ábhartha faoina dtugtar fógra, an fhaisnéis arna iarraidh a chur isteach faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaireacht.

Déanfaidh monaróirí na bhfeistí leighis, nó a n-ionadaithe údaraithe, de réir mar is infheidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí agus dáileoirí, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, an fhaisnéis arna hiarraidh a chur isteach trí na pointí teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (a), ag úsáid na gcóras faireacháin agus tuairiscithe arna mbunú de bhun Airteagal 25(1), pointe (b). Má thugtar aon fhaisnéis cothrom le dáta, soláthróidh siad an fhaisnéis sin i gcás inar gá.

2.   Tabharfaidh monaróirí feistí leighis, nó a n-ionadaithe údaraithe, de réir mar is infheidhme, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí nó dáileoirí údar le haon mhainneachtain faisnéis arna hiarraidh a chur ar fáil agus le haon mhoill a bheith ann i ndáil le soláthar na faisnéise arna hiarraidh faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaireacht.

3.   I gcás ina léireoidh monaróirí feistí leighis, nó a n-ionadaithe údaraithe, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, nó, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí nó dáileoirí go bhfuil faisnéis rúnda ghnó san fhaisnéis a chuir siad isteach, sainaithneoidh siad na codanna ábhartha den fhaisnéis atá rúnda agus míneoidh siad an fáth gur faisnéis rúnda ghnó í an fhaisnéis sin.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú ar fhiúntais gach léiriú ar fhaisnéis ar faisnéis rúnda ghnó í agus cosnóidh sí an fhaisnéis rúnda ghnó sin ar nochtadh gan údar.

4.   I gcás ina bhfuil aon fhaisnéis atá sa bhreis ar an bhfaisnéis sin a cheanglaítear faoi mhír 1 ag monaróirí feistí leighis, nó a n-ionadaithe údaraithe, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, nó, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí nó dáileoirí, faisnéis lena soláthraítear fianaise ar ghanntanas feistí leighis, soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Ghníomhaireacht láithreach.

5.   I ndiaidh tuairisciú ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 23 agus aon mholtaí maidir le bearta coisctheacha nó maolaitheacha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 24, déanfaidh monaróirí feistí leighis, nó a n-ionadaithe údaraithe, agus, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí agus dáileoirí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a)

aon bharúlacha atá acu a sholáthar don Ghníomhaireacht;

(b)

aon mholtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus (4) agus aon treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b) a chur san áireamh;

(c)

aon bhearta arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát de bhun Airteagal 27 nó 28 a chomhlíonadh;

(d)

MDSSG a chur ar an eolas faoi aon bhearta arna ndéanamh agus tuairisciú ar thorthaí na mbeart sin, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir leis an nganntanas iarbhír nó féideartha feistí leighis a shocrú.

6.   I gcás ina bhfuil monaróirí feistí leighis dá dtagraítear i mír 1 bunaithe lasmuigh den Aontas, is iad na hionadaithe údaraithe, nó, i gcás inarb iomchuí, allmhaireoirí nó dáileoirí a sholáthróidh an fhaisnéis arna hiarraidh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 27

Ról na mBallstát maidir le faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais feistí leighis

1.   Chun an faireachán dá dtagraítear in Airteagal 23 a éascú, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarradh ar Bhallstát an méid seo a leanas:

(a)

an tacar faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 22(2) a chur isteach, lena n-áirítear faisnéis atá ar fáil faoi riachtanais a bhaineann le feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, chomh maith leis na sonraí atá ar fáil nó atá measta faoin méid éilimh ar na táirgí leighis agus réamhaisnéisí éilimh maidir leis na táirgí leighis sin, tríd an bpointe teagmhála aonair faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (a), agus ag úsáid na modhanna agus na gcóras faireacháin agus tuairiscithe arna mbunú de bhun Airteagal 25(1), pointe (b);

(b)

aon fhaisnéis rúnda ghnó a léiriú, más ann di, agus, míniú cén fáth gur faisnéis rúnda ghnó í an fhaisnéis sin, i gcomhréir le hAirteagal 26(3);

(c)

má tá aon mhainneachtain faisnéis arna hiarraidh a chur ar fáil, an méid sin a léiriú agus má tá aon mhoill i ndáil leis an bhfaisnéis sin a sholáthar faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 26(2).

Comhlíonfaidh na Ballstáit iarraidh na Gníomhaireachta faoin sprioc-am arna leagan síos ag an nGníomhaireacht.

2.   Chun críocha mhír 1, baileoidh na Ballstáit faisnéis ó mhonaróirí feistí leighis agus óna n-ionadaithe údaraithe, soláthraithe cúraim sláinte, allmhaireoirí agus dáileoirí, de réir mar is iomchuí, agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra maidir leis na feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí.

3.   I gcás ina bhfuil aon fhaisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis atá le soláthair i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ag na Ballstáit, faisnéis lena soláthraítear fianaise ar ghanntanas iarbhír nó féideartha feistí leighis, soláthróidh siad an fhaisnéis sin láithreach do MDSSG trí phointe teagmhála aonair faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 25(2), pointe (a).

4.   I ndiaidh tuairisciú ar thorthaí an fhaireacháin dá dtagraítear in Airteagal 23 agus ar aon mholtaí faoi bhearta coisctheacha nó maolaitheacha arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 24, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

an gá atá le foráil a dhéanamh maidir le díolúintí sealadacha ar leibhéal na mBallstát de bhun Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2017/745 nó Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2017/746 a bhreithniú, d’fhonn maolú a dhéanamh ar ghanntanais iarbhír nó fhéideartha feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí agus ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú d’othair agus do tháirgí ag an am céanna;

(b)

aon mholtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus aon treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 28, pointe (b), a chur san áireamh agus comhordú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí a bhaineann le haon ghníomhartha arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 12, pointe (a), a chomhlíonadh;

(c)

MDSSG a chur ar an eolas faoi aon bhearta arna ndéanamh agus tuairisciú ar thorthaí na ngníomhartha dá dtagraítear i bpointe (b), lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir leis an nganntanas iarbhír nó féideartha feistí leighis lena mbaineann a shocrú.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointí (b) agus (c), roinnfidh na Ballstáit a dhéanann plean gníomhaíochta malartach ar an leibhéal náisiúnta na cúiseanna atá acu i leith sin le MDSSG.

Cuirfear ar fail go poiblí tríd a dtairseach gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 29 na moltaí, treoirlínte agus gníomhartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, chomh maith le tuarascáil achomair ar na ceachtanna a foghlaimíodh.

Airteagal 28

Ról an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais feistí leighis

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus na moltaí ó MDSSG san áireamh agus déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

gach gníomhaíocht is gá laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún, d’fhonn maolú a dhéanamh ar ghanntanais iarbhír nó fhéideartha feistí leighis a áirítear ar liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí, lena n-áirítear, i gcás inar gá, díolúintí sealadacha a dheonú ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) 2017/745 nó Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2017/746, agus na coinníollacha a leagtar amach sna hAirteagail sin á n-urramú agus á bhféachaint le sábháilteacht na n-othar agus na dtáirgí a áirithiú;

(b)

an gá atá le treoirlínte agus moltaí atá le díriú chuig na Ballstáit, monaróirí feistí leighis agus, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eintitis eile a bhreithniú, i gcás inarb ábhartha;

(c)

iarraidh ar MDSSG moltaí a sholáthar nó bearta a chomhordú dá bhforáiltear in Airteagal 24(3), (4) agus (5);

(d)

an gá frithbhearta leighis a bhreithniú i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE agus le dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais;

(e)

idirchaidreamh a dhéanamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, de réir mar is iomchuí, chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha feistí leighis a áirítear ar an liosta feistí criticiúla na héigeandála sláinte poiblí a mhaolú nó chun ganntanais iarbhír nó fhéideartha a gcomhpháirteanna a mhaolú, i gcás ina ndéantar feistí nó comhpháirteanna na bhfeistí den sórt sin a allmhairiú isteach san Aontas, agus i gcás ina bhfuil impleachtaí idirnáisiúnta ag na ganntanais iarbhír nó fhéideartha sin, agus tuairisc a thabhairt do MDSSG i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin chomh maith le torthaí na ngníomhaíochtaí, i gcás inarb ábhartha.

Airteagal 29

Cumarsáid i leith MDSSG

1.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a chur ar fáil don phobal agus do ghrúpaí leasmhara ábhartha a chur faoi obair MDSSG ar bhealach tráthúil agus tabharfaidh siad freagra ar bhréagaisnéis atá spriocdhírithe ar obair MDSSG, de réir mar is iomchuí, trí leathanach gréasáin tiomnaithe ar a tairseach ghréasáin agus trí mhodhanna iomchuí eile, i gcomhar le húdaráis náisiúnta inniúla.

2.   Beidh imeachtaí MDSSG trédhearcach.

Na hachoimrí ar an gclár oibre agus ar mhiontuairiscí chruinnithe MDSSG, chomh maith lena rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4) agus na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) agus (4), déanfar iad a dhoiciméadú agus a chur ar fáil go poiblí ar an leathanach gréasáin tiomnaithe ar thairseach gréasáin na Gníomhaireachta.

I gcás ina gceadaítear leis na rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 21(4) do chomhaltaí MDSSG tuairimí éagsúla a chur ar taifead, cuirfidh MDSSG na tuairimí éagsúla sin, mar aon leis na forais ar a bhfuil siad bunaithe, ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 30

Tacaíocht do na painéil saineolaithe maidir le feistí leighis

Ón 1 Márta 2022 ar aghaidh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, rúnaíocht na bpainéal saineolaithe a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 106(1) de Rialachán (AE) 2017/745 (“na painéil saineolaithe”) a sholáthar agus déanfaidh sí an tacaíocht is gá a sholáthar freisin chun a áirithiú gur féidir leis na painéil saineolaithe sin na cúraimí a dhéanamh go héifeachtúil mar a leagtar amach in Airteagal 106(9) agus (10) den Rialachán sin.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

tacaíocht riaracháin, agus theicniúil a sholáthar do na painéil saineolaithe chun tuairimí, barúlacha agus comhairle eolaíoch a sholáthar;

(b)

éascaíocht agus bainistíocht ar chruinnithe cianda agus fisiceacha de chuid na bpainéal saineolaithe;

(c)

a áirithiú go ndéantar obair na bpainéal saineolaithe ar bhealach neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 106(3), an dara fomhír, agus le hAirteagal 107 de Rialachán (AE) 2017/745, agus leis na córais agus na nósanna imeachta arna mbunú ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin sin chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú agus a chosc go gníomhach i gcomhréir le hAirteagal 106(3), an triú fomhír, den Rialachán sin;

(d)

leathanach gréasáin do na painéil saineolaithe a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus gach faisnéis is gá nach bhfuil ar fáil cheana in Eudamed a chur ar fáil go poiblí chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí na bpainéal saineolaithe a áirithiú, lena n-áirítear réasúnaithe comhlachtaí faoina dtugtar fógra a sholáthair i gcás nár lean siad comhairle na bpainéal saineolaithe dá bhforáiltear de bhun Airteagal 106(9) de Rialachán (AE) 2017/745;

(e)

tuairimí, barúlacha agus comhairle na bpainéal saineolaithe a fhoilsiú agus an rúndacht á háirithiú i gcomhréir le hAirteagal 106(12), an dara fomhír, agus le hAirteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/745;

(f)

a áirithiú go ndéanfar luach saothair agus speansais a sholáthair do na saineolaithe i gcomhréir le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 106(1) de Rialachán (AE) 2017/745;

(g)

faireachán ar chomhlíonadh rialacha nós imeachta coiteanna na bpainéal saineolaithe agus na dtreoirlínte agus na modheolaíochtaí atá ar fáil agus ábhartha maidir le feidhmiú na bpainéal saineolaithe;

(h)

tuarascálacha bliantúla a sholáthar don Choimisiún agus do MDCG maidir le hobair na bpainéal saineolaithe, lena n-áirítear faisnéis ar an méid tuairimí a nochtadh agus na barúlacha agus an chomhairle arna soláthar ag na painéil saineolathe.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Comhar idir MSSG, MDSSG, ETF agus na painéil saineolaithe

1.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhoibreoidh MSSG agus MDSSG i ndáil le bearta chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí sláinte poiblí agus ar mhórimeachtaí.

2.   Féadfaidh comhaltaí MSSG agus MDSSG, agus comhaltaí a meithleacha dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus in Airteagal 25(2), pointe (a), faoi seach, freastal ar chruinnithe agus meithleacha a chéile agus, i gcás inarb iomchuí, comhoibriú le chéile maidir le cleachtaí faireacháin, tuairisciú agus tuairimí a ullmhú.

3.   Bunaithe ar chomhaontú ó na cathaoirligh nó na comhcathaoirligh faoi seach, féadfar cruinnithe comhpháirteacha MSSG agus MDSSG a reáchtáil.

4.   I gcás inarb ábhartha, áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhoibreoidh ETF agus na painéil saineolaithe maidir le hullmhacht agus bainistiú éigeandálaí sláinte poiblí.

Airteagal 32

Trédhearcacht agus coinbhleachtaí leasa

1.   Déanfaidh MSSG agus MDSSG a ngníomhaíochtaí ar bhealach neamhspleách, neamhchlaonta agus trédhearcach.

2.   Ní bheidh aon leasanna airgeadais ná aon leasanna eile i dtionscal na dtáirgí íocshláinte nó na bhfeistí leighis a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht ag comhaltaí MSSG agus chuig MDSSG ná, i gcás inarb ábhartha, ag breathnóirí.

3.   Déanfaidh comhaltaí MSSG agus chuig MDSSG agus, i gcás inarb ábhartha, breathnóirí, dearbhú maidir lena leasanna airgeadais agus eile agus tabharfaidh siad na dearbhuithe leasa cothrom le dáta go bliantúil agus aon uair is gá.

Déanfar na dearbhuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil don phobal ar thairseach ghréasáin na Gníomhaireachta.

4.   Nochtfaidh comhaltaí MSSG agus MDSSG agus i gcás inar ábhartha, breathnóirí, aon fhíorais eile a dtagann siad ar eolas fúthu, ar fíorais iad a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis, go mbeadh coinbhleacht leasa i gceist leo, nó go mbeidís ina gcúis le coinbhleacht leasa de mheon macánta.

5.   Roimh gach cruinniú, dearbhóidh comhaltaí MSSG agus MDSSG agus, i gcás inarb ábhartha, breathnóirí a ghlacann páirt i gcruinnithe MSSG agus MDSSG, aon leasanna a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas nó dá neamhchlaontacht i ndáil leis na míreanna ar an gclár oibre.

6.   I gcás ina gcinnfidh an Ghníomhaireacht gurb ionann leas arna dhearbhú i gcomhréir le mír 5 agus coinbhleacht leasa, ní ghlacfaidh an comhalta ná an breathnóir lena mbaineann páirt in aon phlé ná in aon chinnteoireacht, ná ní bhfaighidh sé aon fhaisnéis, lena mbaineann an mír imní sin ar an gclár oibre.

7.   Déanfar dearbhuithe agus cinntí na Gníomhaireachta dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, faoi seach, a thaifeadadh i miontuairiscí achoimre an chruinnithe.

8.   Beidh comhaltaí MSSG agus MDSSG agus, i gcás inarb ábhartha, breathnóirí faoi réir ceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

9.   Déanfaidh comhaltaí ETF an dearbhú bliantúil maidir lena leasanna airgeadais nó leasanna eile dá bhforáiltear in Airteagal 63 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a thabhairt cothrom le dáta aon uair a tharlaíonn athrú ar a ndearbhú ábhartha.

Airteagal 33

Cosaint i gcoinne cibirionsaithe

Beidh ardleibhéal rialuithe slándála agus próiseas i gcoinne cibirionsaithe, cibir-spiaireachta agus sáruithe ar shonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht chun cosaint sonraí sláinte agus gnáthfheidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú i gcónaí, go háirithe le linn éigeandálaí sláinte poiblí nó mórimeachtaí ar leibhéal an Aontais.

Chun críocha na chéad mhíre, déanfaidh an Ghníomhaireacht a shainaithint agus a chur i bhfeidhm go gníomhach na dea-chleachtais chibearshlándála arna nglacadh laistigh d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais chun cibirionsaithe a chosc, a bhraith, a mhaolú agus a fhreagairt.

Airteagal 34

Rúndacht

1.   Mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo agus gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) agus Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), agus d’fhorálacha agus cleachtaí náisiúnta atá ann cheana sna Ballstáit maidir leis an rúndacht, urramóidh gach páirtí ag a bhfuil baint le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a chúraimí á ndéanamh aige chun faisnéis rúnda ghnó agus rúin cheirde de chuid daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chosaint, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla.

2.   Gan dochar do mhír 1, áiritheoidh gach páirtí ag a bhfuil baint le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo nach ndéanfar aon fhaisnéis rúnda ghnó a chomhroinnt ar bhealach lena bhféadfaí a chumasú do ghnóthais an iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh de réir bhrí Airteagal 101 CFAE.

3.   Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfar faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir údaráis náisiúnta inniúla agus idir údaráis náisiúnta inniúla agus an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht a nochtadh gan réamhthoiliú an údaráis as a dtagann an fhaisnéis sin.

4.   Le míreanna 1, 2, agus 3 ní dhéantar difríocht do chearta agus oibleagáidí an Choimisiúin, na Gníomhaireachta, na mBallstát ná gníomhaithe eile a shainaithnítear sa Rialachán seo maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, ná ní dhéantar, leis an míreanna sin, difríocht d’oibleagáidí na ndaoine lena mbaineann faisnéis a sholáthar faoin dlí coiriúil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, agus na Ballstáit faisnéis rúnda ghnó a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo.

Airteagal 35

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Beidh aistrithe sonraí pearsanta faoin Rialachán seo faoi réir Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme.

2.   A mhéid a bhaineann le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, nó coimircí iomchuí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725 faoi seach, féadfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, agus na Ballstáit sonraí pearsanta áirithe a aistriú chuig údaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha curtha i bhfeidhm acu leo, i gcás inar gá na malartuithe sin ar chúiseanna tábhachtacha leasa phoiblí, amhail chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Déanfar na malartuithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 36

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Go háirithe, déanfar sa tuarascáil an méid seo a leanas a athbhreithniú:

(a)

an creat ullmhachta agus bainistithe géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis, lena n-áirítear na torthaí a bhíonn ar thástálacha struis tréimhsiúla;

(b)

cásanna neamhchomhlíontacht na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 10 agus 26 déanta ag sealbhóirí údaraithe margaíochta, monaróirí feistí íocshláinte, ionadaithe údaraithe, allmhaireoirí, dáileoirí agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra;

(c)

sainchúram agus feidhmiú ESMP.

2.   D’ainneoin mhír 1, tar éis éigeandáil sláinte poiblí nó mórimeachta, cuirfidh an Coimisiún, ar bhealach tráthúil, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

3.   Bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú. Go háirithe, measfaidh an Coimisiún an gá na nithe seo a leanas:

(a)

raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig táirgí íocshláinte tréidliachta agus chuig trealamh cosanta pearsanta d’úsáid leighis;

(b)

Airteagal 2 a leasú;

(c)

bearta a thabhairt isteach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhunaítear in Airteagail 10 agus 26 a neartú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta; agus

(d)

sainchúram ESMP a leathnú, an gá idir-inoibritheacht an ardáin sin le córais náisiúnta agus córais TF an Aontais a éascú a thuilleadh, an gá atá le hardáin náisiúnta um fhaireachán ar ghanntanais, agus an gá aon cheanglais bhreise a chomhlíonadh chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais struchtúracha táirgí íocshláinte, a fhéadfar a thabhairt isteach i gcomhthéacs athbhreithniú ar Threoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

Airteagal 37

Maoiniú ón Aontas

1.   Soláthróidh an tAontas go maoineofar gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta chun tacú le hobair MSSG agus MDSSG, ETF, na meithleacha dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus in Airteagal 25(1), pointe (c), agus na painéil saineolaithe, a bhaineann lena comhar leis an gCoimisiún agus le ECDC.

Déanfar cúnamh airgeadais an Aontais do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht luach saothair i gcomhair gníomhaíochtaí measúnúcháin na rapóirtéirí i ndáil le ETF faoin Rialachán seo agus aisíocfaidh sí speansais arna dtabhú ag ionadaithe agus saineolaithe na mBallstát i ndáil le cruinnithe MSSG,MDSSG, ETF agus na meithleacha dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus in Airteagal 21(5), i gcomhréir le socruithe airgeadais arna mbunú ag Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Íocfar an luach saothair sin leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha.

3.   Leis an ranníocaíocht ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, cumhdófar cúraimí na Gníomhaireachta dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, agus cumhdófar méid iomlán saothair iomlán a íocfar leis na húdaráis náisiúnta inniúla do tháirgí íocshláinte i gcás ina mbeidh feidhm ag díolúintí táillí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle (23).

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Márta 2022.

Mar sin féin, cé is moite d’Airteagal 30, beidh feidhm ag Caibidil IV ón 2 Feabhra 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)   IO C 286, 16.7.2021, lch. 109.

(2)   IO C 300, 27.7.2021, lch. 87.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Eanáir 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(5)   IO C 385, 22.9.2021, lch. 83.

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1).

(8)   IO C 393 I, 29.9.2021, lch. 3.

(9)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(10)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(11)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).

(13)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1)

(17)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IOJ L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(18)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(20)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

(21)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle an 10 Feabhra 1995 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (IO L 35, 15.2.1995, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/38


CINNEADH (AE) 2022/124 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle (2), síníodh an Prótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, a síníodh an 25 agus 30 Aibreán 2007, a leasú (“an Prótacal”), an 24 Meitheamh 2010, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(2)

Dhaingnigh gach Ballstát an Prótacal, seachas Poblacht na Cróite. Tá Poblacht na Cróite le haontú don Phrótacal i gcomhréir le hAirteagal 6(2) d’Ionstraim Aontachais 2012.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas.

(4)

Ós rud é nach bhfuil Airteagal 5 de Chinneadh 2010/465/AE, maidir le soláthar faisnéise ag na Ballstáit, riachtanach a thuilleadh, ba cheart go scoirfeadh an tAirteagal sin d’fheidhm a bheith aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Prótacal chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, a síníodh an 25 agus 30 Aibreán 2007 (“an Prótacal”), a leasú (3).

Airteagal 2

Rachaidh Uachtarán na Comhairle ar aghaidh, thar ceann an Aontais, le nótaí taidhleoireachta a mhalartú dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Phrótacal.

Airteagal 3

Scoirfidh Airteagal 5 de Chinneadh 2010/465/AE d’fheidhm a bheith aige ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Toiliú an 14 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2010/465/AE ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 24 Meitheamh 2010 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail chun an Comhaontú maidir le hAeriompar idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a leasú (IO L 223, 25.8.2010, lch. 1).

(3)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 223, 25.8.2010, lch. 3 in éineacht leis an gcinneadh tráth a shínithe.


RIALACHÁIN

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/40


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/125 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Teastaíonn rochtain ón gCoimisiún ar fhaisnéis iomlán cothrom le dáta iontaofa chun a chúraimí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 bunaítear creat coiteann le haghaidh Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil, lena n-áirítear liostaí na saintréithe a mbeidh sonraí le tiomsú agus le tarchur ina leith, agus rialacha maidir le spriocdhátaí minicíochta agus tarchurtha le haghaidh thiomsú na gcuntas.

(2)

Tá liostaí saintréithe na gcuntas comhshaoil ríthábhachtach chun inchomparáideacht sonraí staidrimh ar fud na mBallstát a áirithiú. Ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta anois chun iad a ailíniú le nuashonruithe sna foinsí sonraí i dtaca leis na cuntais agus chun a n-ábharthacht a choimeád i gcás úsáideoirí.

(3)

Tá gá le sonraí breise atá cothrom le dáta maidir leis na naisc idir an comhshaol agus an geilleagar chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach glas atá iomaíoch athléimneach (2) agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe is ábhartha don Aontas.

(4)

Tá liostaí saintréithe na gcuntas comhshaoil ríthábhachtach chun inchomparáideacht sonraí staidrimh ar fud na mBallstát a áirithiú.

(5)

Ba cheart liosta na dtruailleán aeir in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun é a ailíniú le liosta na ngás ceaptha teasa arna dtuairisciú faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), liosta a ndearnadh athbhreithniú air tar éis an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, agus chun é a ailíniú freisin leis na treoirlínte le haghaidh fardail astaíochtaí faoin gCoinbhinsiún maidir le truailliú aeir trasteorann fadraoin (CLRTAP) agus sainmhínithe ar Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe atmaisféaracha a laghdú (an Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta) (3).

(6)

Chun freastal níos fearr ar bheartais aeráide, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit miondealú a sholáthar ar na cánacha arna dtaifeadadh i gcomhair ioncam rialtas, cánacha a eascraíonn as Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU ETS) agus as cánacha eile CO2. Dá bhrí sin, ba cheart na cánacha sin a áireamh ar liosta na saintréithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011.

(7)

Maidir leis an bhfaisnéis i dTábla C agus Tábla E in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011, níl gá léi a thuilleadh chun comhiomláin an Aontais a sholáthar ós rud é go bhfuil modh nua forbartha ag Eurostat atá bunaithe ar shonraí eile atá ar fáil go héasca. Dá bhrí sin, ba cheart na táblaí sin a scriosadh.

(8)

Chun freastal níos fearr ar bheartais chomhshaoil théamacha don Chomhaontú Glas don Eoraip, ní mór do na cuntais caiteachais ar an gcosaint de na cuntais maidir leis an gcomhshaoil idirdhealú a dhéanamh i gcás gach earnála maidir leis na cuspóirí comhshaoil a bhaineann le Cosaint an aeir thimpeallaigh agus na haeráide (Aicmiú na ngníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil (CEPA) 1), Bainistiú fuíolluisce (CEPA 2), Bainistiú dramhaíola (CEPA 3), Cosaint agus feabhsú ithreach, screamhuisce agus uisce dromchla (CEPA 4), Laghdú torainn agus creathaidh (CEPA 5), Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach (CEPA 6), Cosaint i gcoinne radaíochta, Taighde agus forbairt agus gníomhaíochtaí eile caomhnaithe comhshaoil (CEPA 7-9). Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun na hathraithe sin a léiriú.

(9)

Faisnéis maidir le sciar tháirgí an éicithionscail arna mhargú, ní leor é chun freastal ar bheartais chomhshaoil. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun ceangal a chur ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir le méid iomlán na hearnála.

(10)

Chun go mbeidh sé níos éasca ar úsáideoirí ciall a bhaint as sonraí agus chun a chur ar chumas na mBallstát cáilíocht a áirithiú le linn tiomsú sonraí, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir le comhpháirteanna uile an chaiteachais náisiúnta ar chosaint an chomhshaoil. Áirítear leis sin meastacháin agus faisnéis maidir le tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Léirítear leis an taithí atá ag Eurostat i ndáil le sonraí na mBallstát a bhailíochtú, agus an taithí sin bunaithe ar na caidrimh chuntasaíochta idir catagóirí tuairiscithe éigeantacha eile, nach bhféadfaidh Eurostat na sonraí a dhíorthú ar thomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, amhail costais ar dhiúscairt dramhaíola nó ar sheirbhísí cóireála fuíolluisce arna dtabhú ag corparáidí, agus cáilíocht sách ard a bheith ag baint leis an díorthú sin i gcás gach Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta ionas go ndéanfaidh na Ballstáit sonraí a thiomsú agus a thuairisciú le haghaidh na hiontrála sin, agus go ndéanfaidh siad gach beart iomchuí maidir le dearbhú cáilíochta.

(11)

Chun an caiteachas iomlán náisiúnta ar chosaint an chomhshaoil a thomhas go cruinn, is gá an caiteachas ar fad maidir le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a aithint a tabhaíodh chun seirbhísí eile i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh, agus dá bhrí sin, is caiteachas é a cumhdaíodh cheana féin i luach na dtáirgí deiridh ábhartha. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go dtuairisceoidh na Ballstáit tomhaltas idirmheánach uile na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil maidir le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a sholáthar, bíodh siad á soláthar ag saintáirgeoirí nó ná bíodh.

(12)

Ní mór spriocdhátaí tuairiscithe maidir leis na cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil a laghdú, chun feabhas a chur ar thairbhe na gcuntas chun críoch ceapadh beartas.

(13)

Chun an t-ualach tuairiscithe ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart an leibhéal sonraí is gá maidir le haicmiú NACE a laghdú le haghaidh chuntais an éicithionscail agus le haghaidh na gcuntas caiteachais i leith chosaint an chomhshaoil maidir le catagóir NACE “Monarú”. Is beart costéifeachtach é sin a fheabhsóidh infhaighteacht sonraí le haghaidh úsáideoirí freisin, trí líon na mbratach rúndachta agus na srianta ar nochtadh sonraí a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta.

(14)

Chun an t-ualach breise a fhorchuirtear le spriocdhátaí tuairiscithe níos giorra agus le liostaí nuashonraithe de shaintréithe a fhritháireamh, ba cheart laghdú ualaigh a thabhairt isteach i bhfoirm tairsí 1 % le haghaidh miondealuithe de réir gníomhaíocht eacnamaíoch sa chuntas caiteachais i leith chosaint an chomhshaoil.

(15)

Ní mór an chéad bhliain tagartha le haghaidh na sonraí nuashonraithe a shuí.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 192, 22.7.2011, lch. 1.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche, COM(2020)98 final.

(3)   IO L 344, 17.12.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 3:

“Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le hastaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:

Ainm

Siombail

Aonad tuairiscithe

Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais

CO2

1 000 tona (Gg)

Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais

Bithmhais CO2

1 000 tona (Gg)

Ocsaíd nítriúil

N2O

tonaí (Mg)

Meatán

CH4

tonaí (Mg)

Sárfhluaracarbóin

PFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Hidreafluaracarbóin

HFCanna

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Heicseafluairíd sulfair agus trífhluairíd nítrigine

SF6 NF3

tonaí (Mg) coibhéisí CO2

Ocsaídí nítrigine

NOX

tonaí (Mg) coibhéisí NO2

Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin

NMVOCanna

tonaí (Mg)

Aonocsaíd charbóin

CO

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 10 μm

PM10

tonaí (Mg)

Ábhar cáithníneach < 2,5 μm

PM2,5

tonaí (Mg)

Ocsaídí sulfair

SOX

tonaí (Mg) coibhéisí SO2

Amóinia

NH3

tonaí (Mg)

Tuairisceofar na sonraí uile go dtí an chéad ionad deachúlach.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 5:

“Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1.

I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí trí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú de réir ordlathais, is é sin le rá NACE Rev. 2 (leibhéal comhiomlán A*64), a bheidh comhoiriúnach go hiomlán le CEC 95. Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an mhéid seo a leanas:

Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh,

Ítimí nasctha. is é sin le rá ítimí tuairiscithe lena réitítear go soiléir na difríochtaí idir na cuntais ar astaíochtaí aeir arna dtuairisciú faoin Rialachán seo agus na sonraí sin arna dtuairisciú sna fardail oifigiúla náisiúnta maidir le hastaíochtaí aeir.

2.

Is mar seo a leanas atá an t-aicmiú de réir ordlathais dá dtagraítear i mír 1:

Astaíochtaí aeir de réir tionscail — NACE Rev. 2 (A*64)

Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh

Iompar

Téamh/Fuarú

Eile

Ítimí nasctha

Iomlán na gcuntas ar astaíochtaí aeir (gníomhaíochtaí táirgeachta + teaghlaigh) i gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3

Lúide na cónaitheoirí náisiúnta atá thar lear

Soithigh iascaireachta náisiúnta a oibríonn thar lear

Iompar de thalamh

Iompar ar uisce

Aeriompar

Móide neamhchónaitheoirí ar an gcríoch

+

Iompar de thalamh

+

Iompar d’uisce

+

Iompar d’aer

(+ nó –)

Coigeartuithe eile agus neamhréireachtaí staidrimh

=

Iomlán na n-astaíochtaí de thruailleán X mar a thuairiscítear do UNFCCC (1)/CLRTAP (2)”;

(2)

In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 3 agus Roinn 4:

“Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na saintréithe seo a leanas:

cánacha fuinnimh,

cánacha iompair,

cánacha truaillithe,

cánacha acmhainne,

Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le hioncam cánach an rialtais arna thaifeadadh sa Chóras Cuntas Eorpach a mhéid a bhaineann lena rannpháirtíocht i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.

Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le cánacha eile a bhaineann leis an gcomhshaol ar áiríodh iad sna cánacha iomlána ar fhuinneamh, ar iompar, ar thruailliú nó ar acmhainní agus a ghearrtar ar chion carbóin breoslaí (cánacha eile CO2).

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3.

Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4.

Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5.

Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2016 a sholáthar.”;

(3)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 4 agus Roinn 5:

“Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2021.

3.

Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4.

Is é 2021 an chéad bhliain tagartha.

5.

Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2017 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

Déanfar sonraí, arna sloinneadh in aonaid mhaise, a sholáthar le haghaidh na saintréithe atá liostaithe sna táblaí seo a leanas.

Tábla A — Eastóscadh intíre

MF.1

Bithmhais

MF.1.1

Barra (gan barra farae a áireamh)

MF.1.1.1

Gránaigh

MF.1.1.2

Fréamhacha, tiúbair

MF.1.1.3

Barra siúcra

MF.1.1.4

Barra piseánacha

MF.1.1.5

Cnónna

MF.1.1.6

Barra olúla

MF.1.1.7

Glasraí

MF.1.1.8

Torthaí

MF.1.1.9

Snáithíní

MF.1.1.A

Barra eile (gan barra farae a áireamh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.1.2

Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.1

Iarmhair barr (úsáidte)

MF.1.2.1.1

Tuí

MF.1.2.1.2

Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, etc.)

MF.1.2.2

Barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.2.1

Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)

MF.1.2.2.2

Bithmhais innilte

MF.1.3

Adhmad

MF.1.3.1

Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)

MF.1.3.2

Adhmad tine agus eastóscadh eile

MF.1.4

Gabháil éisc fhiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach

MF.1.4.1

Gabháil éisc fhiáin

MF.1.4.2

Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha uile eile

MF.1.4.3

Fiach agus cnuasach

MF.2

Mianta miotail (ollmhianta)

MF.2.1

Iarann

MF.2.2

Miotal neamhfheiriúil

MF.2.2.1

Copar

MF.2.2.2

Nicil

MF.2.2.3

Luaidhe

MF.2.2.4

Sinc

MF.2.2.5

Stán

MF.2.2.6

Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile

MF.2.2.7

Báicsít agus alúmanam eile

MF.2.2.8

Úráiniam agus tóiriam

MF.2.2.9

Miotail neamhfheiriúla eile

MF.3

Mianraí neamh-mhiotalacha

MF.3.1

Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)

MF.3.2

Cailc agus dolaimít

MF.3.3

Slinn

MF.3.4

Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin

MF.3.5

Salann

MF.3.6

Aolchloch agus gipseam

MF.3.7

Créanna agus caoilín

MF.3.8

Gaineamh agus gairbhéal

MF.3.9

Mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.3.A

Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach)

MF.4

Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise

MF.4.1

Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile

MF.4.1.1

Lignít (gual donn)

MF.4.1.2

Gual crua

MF.4.1.3

Sceall ola agus gainimh tharra

MF.4.1.4

Móin

MF.4.2

Ábhair/iompróirí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh

MF.4.2.1

Amhola, comhdhlútháin agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)

MF.4.2.2

Gás nádúrtha

Táblaí B (Allmhairí — Trádáil iomlán), agus D (Onnmhairí — Trádáil iomlán)

MF.1

Bithmhais

MF.1.1

Barra (gan barra farae a áireamh)

MF.1.1.1

Gránaigh

MF.1.1.2

Fréamhacha, tiúbair

MF.1.1.3

Barra siúcra

MF.1.1.4

Barra piseánacha

MF.1.1.5

Cnónna

MF.1.1.6

Barra olúla

MF.1.1.7

Glasraí

MF.1.1.8

Torthaí

MF.1.1.9

Snáithíní

MF.1.1.A

Barra eile (gan barra farae a áireamh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.1.2

Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.1

Iarmhair barr (úsáidte)

MF.1.2.1.1

Tuí

MF.1.2.1.2

Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, etc.)

MF.1.2.2

Barra farae agus bithmhais innilte

MF.1.2.2.1

Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)

MF.1.3

Adhmad

MF.1.3.1

Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)

MF.1.3.2

Adhmad tine agus eastóscadh eile

MF.1.4

Gabháil éisc fhiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach

MF.1.4.1

Gabháil éisc fiáin

MF.1.4.2

Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha uile eile

MF.1.5

Ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe (seachas iasc fiáin, plandaí agus ainmhithe uisceacha, ainmhithe a fhiachtar agus a chnuasaítear)

MF.1.5.1

Ainmhithe beo (seachas iasc fiáin, plandaí agus ainmhithe uisceacha, ainmhithe a fhiachtar agus a chnuasaítear)

MF.1.5.2

Feoil agus ullmhóidí feola

MF.1.5.3

Táirgí déiríochta, éin, uibheacha agus mil

MF.1.5.4

Táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe (snáithíní ainmhithe, seithí ainmhithe, fionnadh ainmhithe, leathar ainmhithe, etc.)

MF.1.6

Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais

MF.2

Mianta miotail (ollmhianta)

MF.2.1

Iarann

MF.2.2

Miotal neamhfheiriúil

MF.2.2.1

Copar

MF.2.2.2

Nicil

MF.2.2.3

Luaidhe

MF.2.2.4

Sinc

MF.2.2.5

Stán

MF.2.2.6

Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile

MF.2.2.7

Báicsít agus alúmanam eile

MF.2.2.8

Úráiniam agus tóiriam

MF.2.2.9

Miotail neamhfheiriúla eile

MF.2.3

Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais

MF.3

Mianraí neamh-mhiotalacha

MF.3.1

Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)

MF.3.2

Cailc agus dolaimít

MF.3.3

Slinn

MF.3.4

Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin

MF.3.5

Salann

MF.3.6

Aolchloch agus gipseam

MF.3.7

Créanna agus caoilín

MF.3.8

Gaineamh agus gairbhéal

MF.3.9

Mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

MF.3.B

Táirgí a fhaightear go príomha ó mhianraí neamh-mhiotalacha

MF.4

Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise

MF.4.1

Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile

MF.4.1.1

Lignít (gual donn)

MF.4.1.2

Gual crua

MF.4.1.3

Sceall ola agus gainimh tharra

MF.4.1.4

Móin

MF.4.2

Ábhair/iompróirí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh

MF.4.2.1

Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha (GNL)

MF.4.2.2

Gás nádúrtha

MF.4.2.3

Breosla arna chur in umar (Allmhairí: ag aonaid chónaitheacha thar lear; Onnmhairí: ag aonaid neamhchónaitheacha ar bhonn intíre)

MF.4.2.3.1

Breosla le haghaidh iompair de thalamh

MF.4.2.3.2

Breosla le haghaidh iompair d’uisce

MF.4.2.3.3

Breosla le haghaidh iompair d’aer

MF.4.3

Táirgí a fhaightear go príomha ó tháirgí fuinnimh iontaise

MF.5

Táirgí eile

MF.6

Dramhaíl le haghaidh cóireáil deiridh agus diúscairte”;

(4)

In Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad R 3, Roinn 4 agus Roinn 5:

“Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil a sholáthar de réir na saintréithe seo a leanas atá sainmhínithe i gcomhréir le CEC:

aschur na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Déantar aschur margaidh, aschur neamh-mhargaidh agus aschur gníomhaíochtaí coimhdeacha a idirdhealú,

tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil

tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,

allmhairí agus onnmhairí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,

cáin bhreisluacha (CBL) móide cánacha eile, lúide fóirdheontais ar tháirgí a bhaineann le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,

ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamh-tháirgthe neamhairgeadais ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,

tomhaltas deiridh na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,

aistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha).

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3.

Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin AE-28 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4.

Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5.

I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1.

I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad miondealaithe de réir:

cineálacha táirgeoirí/tomhaltóirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar atá sainmhínithe i Roinn 2,

aicmí d’aicmiú na ngníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil (CEPA) agus iad grúpáilte mar a leanas:

CEPA 1

CEPA 2

CEPA 3

CEPA 4

CEPA 5

CEPA 6

Suim CEPA 7, CEPA 8 agus CEPA 9

Na miondealuithe NACE seo a leanas maidir le táirgeadh coimhdeach seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil: NACE Rev. 2 B, C, D, Rannán 36. Déanfar sonraí ó roinn C a thíolacadh mar seo a leanas:

NACE C10-C12 - Monarú táirgí bia; deochanna agus táirgí tobac

NACE C17 - Monarú páipéir agus táirgí páipéir

NACE C19-20 - Monarú cóic, ceimiceáin agus peitriliam scagtha agus táirgí ceimiceáin

NACE C 21-23 - Monarú earraí cógaisíochta, rubair, plaistigh agus táirgí eile neamh-mhiotalacha

NACE C 24 - Monarú miotal bunúsach

NACE C 25-30 – Monarú táirgí déanta as miotal, lena n-áirítear innealra agus trealamh

NACE C13-16, 18, 31-33 – gníomhaíochtaí monaraíochta eile

I gcás na mBallstát inar lú ná 1 % d’iomlán an Aontais méid iomlán an láimhdeachais nó an líon daoine atá fostaithe i gceann amháin nó níos mó de na miondealuithe NACE seo, ní gá dóibh sonraí a sholáthar maidir leis na miondealuithe NACE sin.

2.

Is mar a leanas atá aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1:

 

CEPA 1 — Cosaint an aeir thimpeallaigh agus na haeráide

 

CEPA 2 — Bainistiú fuíolluisce

 

CEPA 3 — Bainistiú dramhaíola

 

CEPA 4 — Cosaint agus feabhsú ithreach, screamhuisce agus uisce dromchla

 

CEPA 5 — Laghdú torainn agus creatha

 

CEPA 6 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach

 

CEPA 7 — Cosaint i gcoinne radaíochta

 

CEPA 8 — Taighde agus forbairt i réimse an chomhshaoil

 

CEPA 9 — Gníomhaíochtaí eile ar mhaithe leis an gcomhshaol a chosaint.”;

(5)

In Iarscríbhinn V, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 3, Roinn 4 agus 5:

“Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an éicithionscal de réir na saintréithe seo a leanas:

aschur an éicithionscail ina iomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,

onnmhairí an éicithionscail ina iomláine,

breisluach an éicithionscail ina iomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,

fostaíocht san éicithionscal ina iomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh.

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin, seachas an tsaintréith ‘fostaíocht’, a mbeidh an t-aonad tuairiscithe ‘coibhéis lánaimseartha’ ann ina leith.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1.

Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2.

Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 22 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3.

Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin AE-28 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4.

Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5.

I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1.

I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad tras-aicmithe de réir an méid seo a leanas:

aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, NACE Rev. 2 grúpáilte mar a leanas:

NACE A

NACE B

NACE C

NACE D

NACE E

NACE F

NACE J

NACE M

NACE O

NACE P

Suim NACE G + NACE H + NACE I + NACE K + NACE L + NACE N + NACE Q + NACE R + NACE S + NACE T + NACE U

aicmí d’aicmiú na ngníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil (CEPA) agus aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistithe acmhainní (CReMA) grúpáilte mar a leanas:

CEPA 1

CEPA 2

CEPA 3

CEPA 4

CEPA 5

CEPA 6

Suim CEPA 7, CEPA 8 agus CEPA 9

CReMA 10

CReMA 11

CReMA 13

CReMA 13A

CReMA 13B

CReMA 13C

CReMA 14

Suim CReMA 12, CReMA 15 agus CReMA 16

2.

Is in Iarscríbhinn IV a leagtar amach aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1. Is mar a leanas atá aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointe 1:

 

CReMA 10 — Bainistiú uisce

 

CReMA 11 — Bainistiú acmhainní foraoise

 

CReMA 12 — Bainistiú flóra agus fána fhiáin

 

CReMA 13 — Bainistiú acmhainní fuinnimh:

 

CReMA 13A — Táirgeadh fuinnimh ó acmhainní in-athnuaite

 

CReMA 13B — Coigilt agus bainistiú teasa/fuinnimh

 

CReMA 13C — Íoslaghdú ar úsáid fuinnimh iontaise mar amhábhair

 

CReMA 14 — Bainistiú mianraí

 

CReMA 15 — Gníomhaíochtaí taighde agus forbartha maidir le bainistiú acmhainní

 

CReMA 16 — Gníomhaíochtaí bainistithe acmhainní eile.”.


(1)  Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide.

(2)  An Coinbhinsiún maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin.


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/52


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/126 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin mar aon le rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(8), Airteagal 13(3), Airteagal 37(5), Airteagal 38(5) agus Airteagal 39(3) agus Airteagal 45, pointí (a) go (i), Airteagal 56, pointí (a), (b) agus (c), agus Airteagal 84, pointí (a) agus (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos creat dlíthiúil nua maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chun cur leis an gcaoi a seachadtar comhlíonadh chuspóirí an Aontais a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa Rialachán sin sonraítear a thuilleadh cuspóirí sin an Aontais lena mbaint amach ag an gcomhbheartas talmhaíochta agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus solúbthacht á fágáil faoi na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le soláthar ina bPlean Straitéiseacha CBT.

(2)

Chun cineál coiteann CBT agus an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, le Rialachán (AE) 2021/2115 tugtar de chumhacht don Choimisiún ceanglais bhreise áirithe a ghlacadh maidir le ceapadh na n-idirghabhálacha atá le sonrú i bPleananna Straitéiseacha CAP, i réimse na n-íocaíochtaí díreacha, earnálacha talmhaíocha áirithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus i réimse na forbartha tuaithe chomh maith le rialacha coiteanna maidir leis na réimsí sin a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC). Ní mór do na Ballstáit na ceanglais bhreise sin go léir a mheas agus iad ag ceapadh a bPleananna Straitéiseacha CBT lena gcumhdaítear gach réimse lena mbaineann agus ba cheart, dá bhrí sin, iad go léir a leagan síos sa Rialachán seo.

(3)

A mhéid a bhaineann leis na hidirghabhálacha atá le sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, i réimse na n-íocaíochtaí díreacha, ba cheart ceanglais bhreise a leagan síos maidir leis na hidirghabhálacha a bhaineann le cnáib agus cadáis. Ba cheart deonú íocaíochtaí a bheith coinníollach ar shíolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe a úsáid.

(4)

Ina theannta sin, ba cheart an nós imeachta a leagan síos chun cineálacha cnáibe a chinneadh agus fíorú a dhéanamh ar an gcion teitrihidreacannaibionóil (cion THC) dá dtagraítear in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115. Is gá an cion THC a fhíorú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ach tá sé straitéiseach freisin chun an tsláinte phoiblí a chaomhnú, agus chun comhleanúnachas a áirithiú le creataí reachtacha eile, eadhon an dlí coiriúil i réimse na gáinneála aindleathaí drugaí agus na ngealltanas faoi oibleagáidí idirnáisiúnta amhail an Coinbhinsiún Aonair um Dhrugaí Támhshuanacha (3). Is iomchuí dá bhrí sin rialacha a leagan síos lena gcomhchuibheofar na modhanna agus na nósanna imeachta a úsáideann na Ballstáit chun cineálacha cnáibe a fhíorú agus chun an cion THC sa chnáib a chinneadh go cainníochtúil, d’fhonn torthaí inchomparáide a áirithiú.

(5)

Maidir le cnáib a fhástar le haghaidh snáithín, is gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama tar éis bláthú di nach bhféadfar í a bhuaint lena linn, ionas go bhféadfar an cion THC atá sa chnáib a chinneadh go héifeachtach agus go hiontaofa.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, i gcás ina sáraíonn cineál an cion THC dá dtagraítear in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115 ar feadh 2 bhliain as a chéile, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a chur in iúl go tráthúil do na hoibreoirí nach dtabharfaí de cheart dóibh íocaíochtaí díreacha a fháil dá ndéanfaí an cineál sin a shaothrú.

(7)

Sna rialacha a bhaineann le cineálacha cnáibe a fhíorú agus leis an gcion THC a chinneadh go cainníochtúil, ba cheart a thabhairt san áireamh gur féidir cnáib a shaothrú mar phríomhbharr nó mar bharr breise. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí sainmhíniú a thabhairt ar chnáib a shaothraítear mar bharr breise.

(8)

Déantar foráil i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le híocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis. Is iomchuí na rialacha agus na coinníollacha a leagan síos maidir le talamh talmhaíochta agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta sin. Ina theannta sin, ba cheart coinníollacha breise a leagan síos chun gníomhaíocht íosta a áirithiú i gcomhréir le cuspóir na tacaíochta.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2021/2115 eagraíochtaí idirchraoibhe táirgeoirí cadáis a fhormheas ar bhonn critéar oibiachtúil a bhaineann lena scála agus lena n-eagrúchán inmheánach. Ba cheart scála eagraíochta idirchraoibhe a shocrú, agus an ceanglas á chur san áireamh atá ar an scilligeoir cadáis a bhaineann leis an eagraíocht maidir lena bheith in ann cainníochtaí leordhóthanacha cadáis neamhscilligthe a sheachadadh.

(10)

Mar chomhaltaí d’eagraíochtaí idirchraoibhe, ba cheart oibleagáidí sonracha i dtaca le feirmeoirí a leagan síos. Is é is aidhm do na hoibleagáidí sin riarachán agus rialú bhallraíocht feirmeoirí a éascú, chomh maith leis an méadú ar éifeachtúlacht na n-eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh líon agus thiomantas a gcomhaltaí a fheabhsú.

(11)

A mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí, idirghabhálacha agra-chomhshaoil-aeráide, cóitseáil, cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht, cistí frithpháirteacha, úlloird, garráin ológ nó fíonghoirt a athphlandú tar éis grafa éigeantaigh, glasbhuaint agus neamhbhuaint, árachas buainte agus táirgthe, aistarraingtí ón margadh i gcás cinn scríbe seachas dáileadh saor in aisce agus comhstóráil, ba cheart ceanglais bhreise a leagan amach le haghaidh na n-idirghabhálacha atá le sonrú ag na Ballstáit, ina bPleananna Straitéiseacha CBT, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na beachaireachta, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, sna hearnálacha ola olóige agus ológ boird chomh maith le hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115. Ina theannta sin, ba cheart forálacha a bhaineann le cineálacha tacaíochta agus cineálacha caiteachais, lena n-áirítear úsáid rátaí comhréidhe agus scálaí na gcostas aonaid nó cnapshuimeanna, mar aon le costais riaracháin agus phearsanra a leagan síos. Ar chúiseanna na bainistíochta fónta airgeadais agus na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart liosta caiteachais a tharraingt suas nach bhféadfar a chumhdach leis na Pleananna Straitéiseacha CAP agus liosta neamh-uileghabhálach caiteachais a tharraingt suas a fhéadfar a chumhdach in earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí, na beachaireachta, an fhíona, na leannlusanna, na hola olóige agus na n-ológ boird mar aon le hearnálacha eile.

(12)

Thairis sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le cineálacha áirithe idirghabhála de réir earnála, eadhon, in earnálacha na dtorthaí agus na nglasraí, na beachaireachta, an fhíona, na leannlusanna agus na mbeostoc, chun sainiúlachtaí áirithe na n-earnálacha sin a chur san áireamh.

(13)

Maidir le cineálacha idirghabhála de réir earnála arna mbainistiú ag eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais trasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí, nó grúpaí táirgeoirí trí chláir oibríochtúla, in earnálacha na dtorthaí agus nglasraí, na hola olóige agus na n-ológ boird agus in earnálacha eile, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le cumhdach táirgí agus aistarraingtí ón margadh chun táirgí a dháileadh saor in aisce, eadhon costais iompair agus cóiriúcháin, agus tábhacht fhéideartha na hidirghabhála sin á cur san áireamh. Ba cheart uasleibhéil tacaíochta a shocrú go háirithe le haghaidh aistarraingt ón margadh chun a áirithiú nach asraon buan malartach do tháirgí a bheidh sna haistarraingtí seachas iad a chur ar an margadh. I ngach cás, ar chúiseanna comhchosúla, is iomchuí teorainn chainníochtúil a leagan síos i dtaca le haistarraingtí in aghaidh an táirge in aghaidh na heagraíochta táirgeoirí. Ina theannta sin, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir leis na cinn scríbe do na táirgí a tarraingíodh siar, na coinníollacha le haghaidh fhaighteoirí na dtáirgí a tarraingíodh siar agus na caighdeáin ábhartha a bheidh le comhlíonadh i dtaca le táirgí a tarraingíodh siar.

(14)

Chun úsáid idirghabhálacha earnála a éascú trí chláir oibrióchtúla, ba cheart an modh a bhunú chun luach tháirgeadh na n-eagraíochtaí táirgeoirí a ríomh, lena n-áirítear ráta comhréidh a úsáid chun críche luach na dtorthaí agus na nglasraí atá beartaithe lena bpróiseáil a ríomh. I modh ríofa luach an táirgthe arna mhargú, ba cheart luaineachtaí bliantúla nó sonraí neamhleora a mhaolú le haghaidh eagraíochtaí nó grúpaí nua-aitheanta. Chun cosc a chur ar mhí-úsáid na scéime, níor cheart cead a bheith ag eagraíochtaí táirgeoirí athrú a dhéanamh, i gcoitinne, ar an modheolaíocht lena socraítear an tréimhse thagartha laistigh de thréimhse an chláir.

(15)

D’fhonn dea-fheidhmiú na gcineálacha idirghabhála a áirithiú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, b’iomchuí cuspóirí sonracha a leagan síos i ndáil le hidirghabhálacha agra-chomhshaoil-aeráide.

(16)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis an gcúnamh airgeadais náisiúnta a fhéadfaidh na Ballstáit a dheonú i réigiúin ina bhfuil leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí torthaí agus glasraí thar a bheith íseal, lena n-áirítear rialacha maidir leis an gcaoi a ríomhtar an leibhéal eagrúcháin agus ina ndearbhaítear leibhéal íseal eagrúcháin.

(17)

Chun dea-fheidhmiú na gcineálacha idirghabhála a áirithiú in earnáil na beachaireachta, ba cheart rialacha maidir le coirceoga beach a leagan síos.

(18)

Chun dea-fheidhmiú na gcineálacha idirghabhála a áirithiú in earnáil an fhíona, is iomchuí liosta neamh-uileghabhálach a tharraingt suas d’oibreoirí, ar oibreoirí iad a fhéadfaidh a bheith ina dtairbhithe den tacaíocht le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirghabhála. Is gá freisin foráil a dhéanamh maidir le roinnt ceanglas incháilitheachta sonrach a mhéid a bhaineann le tairbhithe de na cineálacha idirghabhála “fíonghort a athstruchtúrú agus a athchóiriú”, “glasbhuaint” agus “árachas buainte”, comhlachtaí arna rialú ag an dlí poiblí agus cuideachtaí príobháideacha. Thairis sin, is iomchuí táirgeoirí a bhfuil planduithe neamhdhleathacha nó limistéir neamhúdaraithe plandaithe á saothrú acu a eisiamh ó thacaíocht an Aontais.

(19)

Chun a áirithiú go gcaitear cistí an Aontais i gceart, is gá rialacha a leagan síos maidir le caiteachas a bhaineann le “fíonghoirt a athphlandú ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta” in earnáil an fhíona. Is iomchuí foráil a dhéanamh go háirithe maidir le caiteachas den sórt sin nach sárófar méid áirithe den chaiteachas bliantúil iomlán a d’íoc an Ballstát lena mbaineann in aon bhliain airgeadais ar leith as fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú. Ba cheart a shoiléiriú freisin nár cheart na costais a bhaineann le grafadh agus le cúiteamh an ioncaim a ligtear thar ceal a bheith ina gcaiteachas incháilithe faoin idirghabháil seo, ar idirghabháil í nach bhfuil d’aidhm aici ach tacú leis na costais a bhaineann le hathphlandú tar éis bearta fíteashláintíochta éigeantacha.

(20)

Chun críoch idirghabhálacha a bhaineann le “fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú” agus le “glasbhuaint”, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le limistéir a thomhas, go háirithe an méid a chomhfhreagraíonn don limistéar ina bhfuil fíniúnacha curtha, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis i gcás ina n-íoctar tacaíocht ar bhonn scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid bunaithe ar limistéar.

(21)

Chun dea-fheidhmiú na gcineálacha idirghabhála a áirithiú in earnáil na leannlusanna, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le cúnamh airgeadais an Aontais a ríomh.

(22)

Chun dea-fheidhmiú na gcineálacha idirghabhála a áirithiú in earnáil an bheostoic, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le hathstocáil le beostoc tar éis iad a mharú go héigeantach nó i ngeall ar chaillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha.

(23)

Na coinníollacha is infheidhme maidir le gealltanais i leith pórtha agus cineálacha plandaí feirme atá i mbaol ó chreimeadh géiniteach a chaomhnú, agus gníomhaíochtaí maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe, agus forbairt acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, ba cheart iad a bheith ina gcuidiú le cuspóirí sonracha CBT a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Sna cuspóirí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le cosaint, caomhnú agus cur chun cinn na héagsúlachta géinití a áirithiú go háirithe.

(24)

Ba cheart leibhéil leasa ainmhithe a fheabhsú trí thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí a ghabhann orthu féin caighdeáin níos airde a ghlacadh maidir le feirmeoireacht ainmhithe, caighdeáin a théann níos faide ná na ceanglais shainordaitheacha ábhartha. I gcás ina ndéantar gealltanais maidir le leas ainmhithe chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin uasghrádaithe ó thaobh modhanna táirgthe de, ba cheart na réimsí a shainiú. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart forluí a sheachaint idir na gealltanais sin maidir le leas ainmhithe agus cleachtais chaighdeánacha feirmeoireachta, go háirithe vacsaíniú chun paiteolaíochtaí a chosc.

(25)

Le scéimeanna cáilíochta aitheanta náisiúnta is féidir dearbhuithe a thabhairt do thomhaltóirí maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge nó maidir leis an bpróiseas táirgthe. Critéir maidir le sainiúlacht an táirge deiridh, rochtain ar an scéim, fíorú sonraíochtaí ceangailteacha táirgí, trédhearcacht na scéime agus inrianaitheacht na dtáirgí, ba cheart iad a leagan síos d’fhonn a dtacaíocht a bharrfheabhsú faoi idirghabhálacha forbartha tuaithe. Ós rud é go bhfuil saintréithe speisialta ag cadás mar tháirge feirme, ba cheart scéimeanna cáilíochta náisiúnta don chadás a chumhdach freisin.

(26)

D’fhonn tacú le scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta atá aitheanta ag na Ballstáit faoi idirghabhálacha forbartha tuaithe agus atá ailínithe le hidirghabhálacha earnála, ba cheart critéir oibiachtúla áirithe a leagan síos.

(27)

D’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC) dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart rialacha a chur ar fáil le haghaidh an mhodha lena gcinnfear an cóimheas tagartha agus cóimheas bliantúil an fhéaraigh bhuain araon, mar aon leis an leibhéal ar ar féidir iad sin a bhunú.

(28)

D’fhonn a áirithiú go gcosnófar an sciar den fhéarthalamh buan, is iomchuí freisin a leagan síos gur cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar limistéir a thiontú an athuair i gcás ina bhfuil an sciar den fhéarthalamh buan laghdaithe faoi bhun na teorann 5 %. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maoluithe, áfach, le haghaidh na gcásanna ina bhfanann limistéar iomlán an fhéarthalaimh bhuain réasúnta cobhsaí nó ina laghdaítear ar an sciar faoi bhun na tairsí de thoradh aistrithe limistéir ar chúiseanna cuspóirí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, foraoisiú agus athfhliuchadh limistéar go háirithe.

(29)

Ós rud é gur gá do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur san áireamh agus a bPleananna Straitéiseacha CBT á bhforbairt acu, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo forlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála, arna sonrú ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027:

(i)

i bhfoirm íocaíochtaí díreacha chun cnáib agus cadás a shaothrú;

(ii)

sna hearnálacha talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115;

(iii)

le haghaidh acmhainní géiniteacha agus leas ainmhithe faoi chuimsiú gealltanais chomhshaoil agus aeráide agus gealltanais bainistíochta eile agus le haghaidh scéimeanna cáilíochta i réimse na forbartha tuaithe;

(b)

rialacha maidir leis an gcóimheas i dtaca le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (DRTC).

TEIDEAL II

CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE CINEÁLACHA ÁIRITHE IDIRGHABHÁLA I bhFOIRM ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA

CAIBIDIL I

Cnáib

Airteagal 2

Ceanglais incháilitheachta bhreise

Agus na sainmhínithe dá bhforáiltear in hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 á gcur fáil ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, déanfaidh siad deonú na n-íocaíochtaí as táirgeadh na cnáibe coinníollach ar úsáid síolta de chineálacha cnáibe a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá siad liostaithe sa Chatalóg Choiteann de Chineálacha de Speicis Plandaí Talmhaíochta an 15 Márta na bliana a ndéantar an íocaíocht a dheonú agus a fhoilsiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle (4);

(b)

níor sháraigh a gcion Δ9-teitrihidreacannaibionóil (dá ngairtear “cion THC” anseo feasta) ar feadh 2 bhliain as a chéile an teorainn mar a leagtar síos in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115;

(c)

tá siad deimhnithe i gcomhréir le Treoir 2002/57/CE (5) ón gComhairle nó i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2008/62/CE (6) ón gCoimisiún i gcás cineálacha caomhnaithe.

Airteagal 3

Cineálacha cnáibe a fhíorú agus cion THC a chinneadh go cainníochtúil

1.   Bunóidh na Ballstáit córas fíorúcháin chun an cion THC i gcineálacha cnáibe a chinneadh, rud a fhágfaidh gur féidir leo an modh a chur i bhfeidhm chun cineálacha cnáibe a fhíorú agus chun an cion THC i gcineálacha cnáibe a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chinneadh go cainníochtúil.

2.   Coinneoidh údarás inniúil an Bhallstáit na taifid a bhaineann le torthaí an chion THC. Áireofar sna taifid sin, i gcás gach cineáil, na torthaí i dtéarmaí cion THC ó gach sampla ar a laghad arna shloinneadh mar chéatadán go dtí dhá ionad dheachúla, an nós imeachta a úsáideadh, líon na dtástálacha a rinneadh, léiriú ar an bpointe ar tógadh an sampla agus bearta a glacadh ar an leibhéal náisiúnta.

3.   Má tá meán na samplaí uile de chineál ar leith níos mó ná an cion THC a leagtar síos in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, úsáidfidh na Ballstáit nós imeachta B a thuairiscítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh an chineáil lena mbaineann le linn na bliana éilimh dár gcionn. Úsáidfear an nós imeachta sin le linn na gcéad bhlianta éilimh eile mura bhfuil na torthaí anailíseacha ar fad don chineál atá i gceist faoi bhun an chion THC a leagtar síos in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115.

4.   Más rud é, don dara bliain, gur mó meán na samplaí uile de chineál ar leith ná an cion THC a leagtar síos in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le hainm an chineáil lena mbaineann faoin 15 Eanáir na bliana éilimh ina dhiaidh sin ar a dhéanaí. Ag tosú ón mbliain éilimh sin, ní eascróidh an ceart chun íocaíochtaí díreacha a fháil sa Bhallstát lena mbaineann as saothrú an chineáil ar leith.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear in iúl go tráthúil do tháirgeoirí cnáibe ainmneacha na gcineálacha cnáibe atá neamh-incháilithe le haghaidh íocaíocht dhíreach i gcomhréir le hAirteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115 tar éis fógra a fháil de bhun mhír 4 den Airteagal seo tríd an bhfaisnéis sin a chur in iúl don phobal tráth nach déanaí ná an dáta chun an t-iarratas aonair a chur isteach.

Airteagal 4

Barr breise

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn “cnáib a shaothraítear mar bharr breise” barr cnáibe a cuireadh tar éis an 30 Meitheamh i mbliain ar leith.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le saothrú

Leanfar de bharra cnáibe a shaothrú faoi ghnáthchoinníollacha fáis i gcomhréir le cleachtas áitiúil ar feadh 10 lá ar a laghad ón dáta a dtagann deireadh leis an mbláthú ionas gur féidir na seiceálacha is gá a dhéanamh chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Cnáib a shaothraítear mar bharr breise, leanfar dá saothrú faoi ghnáthchoinníollacha fáis i gcomhréir le cleachtas áitiúil go dtí deireadh na tréimhse fáis ar a luaithe.

Féadfaidh na Ballstáit buain na cnáibe a údarú roimh dheireadh na tréimhse 10 lá tar éis an bhláthaithe, ar choinníoll gur i ndiaidh tús an bhláthaithe a rinneadh an bhuain agus go léiríonn na cigirí cé na codanna ionadaíocha de gach plásóg lena mbaineann a leanfar dá saothrú go ceann 10 lá ar a laghad tar éis dheireadh an bhláthaithe chun críoch cigireachta, i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL II

Cadás

Airteagal 6

Údarú talamh talmhaíochta le haghaidh táirgeadh cadáis

I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfar critéir oibiachtúla a bhunú ar bhonn na talún talmhaíochta a údaraítear de bhun Airteagal 37(3) den Rialachán sin.

Déanfar na critéir sin a bhunú ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)

geilleagar talmhaíochta na réigiún sin inar príomhbharr é an cadás;

(b)

an ithir agus an aeráid sna réimsí atá i gceist;

(c)

bainistíocht uisce an uiscithe;

(d)

córais uainíochta agus modhanna saothraithe lenar dócha go n-urramófar an comhshaol.

Airteagal 7

Údarú cineálacha lena gcur

I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2021/2115, leagfaidh siad amach cé na cineálacha, iad cláraithe sa Chatalóg Choiteann de Chineálacha de Speicis Plandaí Talmhaíochta dá bhforáiltear i dTreoir 2002/53/CE agus iad curtha in oiriúint dá riachtanais mhargaidh, a údaraítear lena gcur.

Airteagal 8

Coinníollacha breise maidir leis an íocaíocht i leith barr sonrach as cadáis a fháil

Maidir leis na híocaíochtaí i leith barr sonrach dá dtagraítear in Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin, leagfaidh siad amach íosdlús plandaí ar an limistéar ar a bhfuil curtha arna shocrú ar bhonn dhálaí na hithreach agus na haimsire agus, i gcás inarb iomchuí, saintréithe sonracha réigiúnacha.

Airteagal 9

Eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas

1.   Is é an Ballstát ina bhfuil na scilligeoirí cadáis bunaithe a dhéanfaidh formheas na heagraíocht idirchraoibhe de réir bhrí Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a dheonú agus ar feadh tréimhse bliana, ag tosú in am trátha roimh shéasúr curtha na bliana sin, ar choinníoll go gcomhlíonann an eagraíocht na critéir seo a leanas:

(a)

cumhdaíonn sé limistéar iomlán 4 000 ha ar a laghad, ar limistéar é a chomhlíonann na critéir údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo;

(b)

tá rialacha inmheánacha oibríochta glactha aici, maidir le coinníollacha agus táillí ballraíochta go háirithe, i gcomhréir le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta.

2.   I gcás ina bhfaighfear amach nach gcomhlíonann eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta na critéir formheasa dá bhforáiltear i mír 1 a thuilleadh, an Ballstát a dheonaigh an formheas, déanfaidh sé an formheas a tharraingt siar, ach amháin má dhéantar an neamhchomhlíontacht a leigheas laistigh de sprioc-am f ag an mBallstát sa chinneadh um tharraingt siar. Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fhreagraigh fógra don eagraíocht idirchraoibhe faoina rún formheas a tharraingt siar, mar aon leis na cúiseanna leis an tarraingt siar, roimh ré. Tabharfaidh sé an deis don eagraíocht idirchraoibhe a barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra maidir leis an tarraingt siar atá beartaithe.

Feirmeoirí ar baill iad d’eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta a ndéantar a formheas a tharraingt siar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh siad incháilithe an méadú íocaíochta i leith barr sonrach a fháil le haghaidh cadáis de bhun Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 10

Oibleagáidí ar fheirmeoirí a tháirgeann cadás

1.   Ní bheidh feirmeoir ina chomhalta de níos mó ná eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta amháin dá dtagraítear in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Aon fheirmeoir atá ina chomhalta d’eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta, ní thabharfaidh sé cadás ach do scilligeoir cadáis de chuid na heagraíochta céanna sin amháin.

3.   Is de thoradh ballraíocht dheonach in eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta a bheidh rannpháirtíocht feirmeoirí.

TEIDEAL III

CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA ÁIRITHE SNA hEARNÁLACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 42 DE RIALACHÁN (AE) 2021/2115

CAIBIDIL I

Rialacha coiteanna is infheidhme maidir le hidirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na beachaireachta, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus sna hearnálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115

Roinn 1

Rialacha coiteanna maidir le hinfheistíochtaí, cineálacha idirghabhála agra-chomhshaoil-aeráide, cóitseáil, cur chun cinn agus cumarsáid, cistí frithpháirteacha, athphlandú, glasbhuaint agus neamhbhuaint, árachas buainte, aistarraingtí ón margadh agus stóráil le chéile

Airteagal 11

Infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe

1.   I gcás ina gcuireann na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe mar a fhoráiltear in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na beachaireachta, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

úsáidfear na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe de réir an chineáil, na gcuspóirí agus na húsáide atá beartaithe ag an tairbhí, mar a thuairiscítear in idirghabhálacha gaolmhara an Phlean Straitéisigh CBT agus i gcás inarb ábhartha sa chlár oibríochtúil formheasta;

(b)

gan dochar do mhír 10, fanfaidh na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a fuarthas faoi úinéireacht agus i seilbh an tairbhí go dtí deireadh na tréimhse dímheasa airgeadais nó le linn tréimhse 5 bliana ar a laghad, tréimhse a bheidh le socrú ag na Ballstáit agus cineál na sócmhainní á chur san áireamh. Ríomhfar na tréimhsí sin amhail ón dáta a fuarthas an tsócmhainn nó amhail ón dáta a cuireadh an tsócmhainn ar fáil don tairbhí.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse níos giorra ar lena linn a fhanfaidh an tsócmhainn faoi úinéireacht agus i seilbh an tairbhí, ach tréimhse nach lú ná 3 bliana a bheidh sa tréimhse sin chun infheistíochtaí agus poist a chothabháil, ar infheistíochtaí agus poist iad a chruthaítear le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (7).

Maidir leis na hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar iad ag áitreabh an tairbhí nó, i gcás inarb ábhartha, ag áitreabh a chomhaltaí ar táirgeoirí iad nó ag áitreabh a fhochuideachtaí agus an ceanglas 90 % dá dtagraítear in Airteagal 31(7) den Rialachán seo á chomhlíonadh. Mar sin féin, in earnáil na beachaireachta, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe a dhéantar lasmuigh d’áitreabh an tairbhí.

I gcás ina ndéantar an infheistíocht ar thalamh atá ar cíos faoi rialacha maoine sonracha náisiúnta, féadfaidh gan feidhm a bheith ag an gceanglas de bheith faoi úinéireacht an tairbhí ar choinníoll go raibh an tsócmhainn i seilbh an tairbhí ar feadh na tréimhse a cheanglaítear i mír (b) den chéad fhomhír ar a laghad.

2.   I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, féadfaidh siad foráil a dhéanamh go bhféadfar tacaíocht d’infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a mhaoiniú, lena n-áirítear na sócmhainní sin faoi chonarthaí léasúcháin, in aon mhéid amháin nó ina dtráthchodanna a formheasadh, i gcás inarb ábhartha, sa chlár oibríochtúil nó mar a shonraíonn na Ballstáit amhlaidh sna hidirghabhálacha ábhartha.

Maidir leis an tréimhse le haghaidh infheistíocht ar leith dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina mairfidh an tréimhse sin níos faide ná tréimhse an chláir oibríochtúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar í a thabhairt anonn chuig clár oibríochtúil ina dhiaidh sin.

I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, i gcás ina ndéanann siad foráil maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, lena saothraítear na cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide dá dtagraítear in Airteagail 46, pointí (e) agus (f), agus 57, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115, saothrófar ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 12(1) den Rialachán seo leis na hinfheistíochtaí sin.

3.   I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe ina bhfuil córais lena ngintear fuinneamh ar choinníoll nach mó an méid fuinnimh a ghintear ná an méid fuinnimh is féidir a úsáid ar bhonn bliantúil le haghaidh ghnáthghníomhaíochtaí an tairbhí.

4.   I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le hinfheistíochtaí in uisciú ar choinníoll an mhéid seo a leanas:

(a)

socrófar céatadáin le haghaidh spriocanna íosta maidir le coigilteas uisce, i dtéarmaí laghdú ar úsáid uisce a d’fhéadfadh a bheith ann agus i dtéarmaí laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, céatadáin a bheidh le baint amach ag tairbhí na tacaíochta, agus a bheidh faoi réir é a bheith léirithe i bPlean Straitéiseach CBT gur cinneadh na spriocanna sin maidir le coigilteas uisce agus na riachtanais a leagtar amach sna pleananna bainistíochta abhantraí dá dtagraítear i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) á gcur san áireamh;

(b)

beidh córas méadraithe uisce i bhfeidhm lena gcumasófar úsáid uisce a thomhas ar leibhéal an ghabháltais nó ar leibhéal an aonaid táirgthe ábhartha nó go gcuirfear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht;

(c)

i gcás infheistíochtaí sonracha in uisciú dá dtagraítear i míreanna 5 go dtí 8, go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sna míreanna sin.

5.   Féadfar foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí chun suiteáil uisciúcháin atá ann cheana nó cuid de bhonneagar uisciúcháin a fheabhsú faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfaidh an tairbhí measúnú ex-ante orthu mar infheistíochtaí lena léirítear go bhféadfaí coigilteas a dhéanamh ar uisce dá mbarr, rud a léiríonn paraiméadair theicniúla na suiteálacha nó na mbonneagar atá ann cheana;

(b)

déanfaidh na hinfheistíochtaí difear do dhobharlaigh screamhuisce nó uisce dromchla ar sainaithníodh sa phlean bainistíochta abhantraí ábhartha dá bhforáiltear i dTreoir 2000/60/CE gur lú ná maith a stádas ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce, agus bainfear laghdú éifeachtach ar úsáid uisce amach lena rannchuideofar le dea-stádas na ndobharlach sin a bhaint amach, mar a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Treoir sin.

Maidir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), ní bheidh feidhm acu maidir le hinfheistíochtaí a dhéantar chun tacú le suiteáil uisciúcháin nó cuid de bhonneagar uisciúcháin atá ann cheana a fheabhsú, infheistíochtaí a bhaineann le taiscumar a chruthú nó infheistíochtaí a bhaineann le huisce athshlánaithe a úsáid nach ndéanann difear do dhobharlach screamhuisce nó uisce dromchla.

6.   Féadfar foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí in uisciú as a dtiocfaidh méadú glan ar an limistéar uiscithe a dhéanann difear do dhobharlach áirithe screamhuisce nó uisce dhromchla faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní shainaithneofar sa phlean bainistíochta abhantraí ábhartha gur lú ná maith stádas an dobharlaigh ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce;

(b)

léireofar le hanailís ar an tionchar comhshaoil nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an infheistíocht ar an gcomhshaol; déanfaidh an t-údarás inniúil an anailís sin ar an tionchar comhshaoil nó déanfaidh sé í a fhormheas.

7.   Féadfar foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí in úsáid uisce athshlánaithe mar sholáthar uisce malartach ar choinníoll go mbeidh úsáid an uisce sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

8.   Féadfar foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí i gcruthú nó i leathnú taiscumair chun críoch an uisciúcháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol mar thoradh air.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a aisghabháil ón tairbhí, i gcás ina dtarlóidh aon cheann de na cásanna seo a leanas laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b):

(a)

gníomhaíochtaí an tairbhí a scor nó aistriú chuig eintiteas eile;

(b)

gníomhaíocht tháirgiúil a athlonnú taobh amuigh den limistéar geografach saothraithe ag an tairbhí nó, i gcás inarb ábhartha, ag a chomhaltaí;

(c)

athrú úinéireachta, go háirithe i gcás ina dtugtar buntáiste míchuí do ghnólacht nó do chomhlacht poiblí dá bharr; nó

(d)

aon athrú mór eile a dhéanann difear do chineál, do chuspóirí nó do choinníollacha cur chun feidhme na hidirghabhála lena mbaineann, athrú lena mbainfí an bonn dá bunchuspóirí dá thoradh.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an tairbhí na coinníollacha dá bhforáileann na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT ar bhonn mhíreanna 1 go dtí 8 agus ar bhonn na chéad fhomhíre den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a aisghabháil i gcomhréir le fad na neamh-chomhlíontachta.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan an cúnamh airgeadais ón Aontas a aisghabháil i gcás ina scoirfidh an tairbhí de ghníomhaíocht tháirgiúil de dheasca féimheachta neamhchalaoisí.

Má fhágann comhalta ar táirgeoir é a eagraíocht nó a ghrúpa táirgeoirí, áiritheoidh na Ballstáit go n-aisghabhfaidh an tairbhí an infheistíocht nó a luach iarmharach agus go gcuirfear a luach iarmharach leis an gciste oibríochtúil.

In imthosca a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach gceanglófar ar an tairbhí an infheistíocht nó a luach iarmharach a aisghabháil.

10.   Maidir le sócmhainní ar tugadh tacaíocht d’infheistíochtaí ina leith, i gcás ina ndéanfar iad a athsholáthar, déanfar an méid seo a leanas le luach iarmharach na n-infheistíochtaí arna n-athsholáthar:

(a)

cuirfear le ciste oibriúcháin na heagraíochta táirgeoirí é; nó

(b)

déanfar é a dhealú ó chostas an athsholáthair.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, ní féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le sócmhainní comhionanna a chur in ionad infheistíochtaí.

11.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí a shonraítear mar idirghabhálacha ina bPleananna Straitéiseacha CBT, má fhaigheann na hidirghabhálacha sin tacaíocht de bhun Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (h) go (k), den Rialachán sin.

Airteagal 12

Idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha lena saothrófar cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na beachaireachta, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ agus in hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT go saothrófar ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear:

(a)

laghdú a bhaint amach ar úsáid reatha ionchur táirgthe, ar astú truailleán nó ar dhramhaíl ón bpróiseas táirgthe;

(b)

úsáid foinsí fuinnimh iontaise a athsholáthar le foinsí fuinnimh in-athnuaite;

(c)

laghdú a bhaint amach ar na rioscaí comhshaoil a bhaineann le húsáid ionchur táirgthe áirithe nó le táirgeadh iarmhar áirithe, lena n-áirítear táirgí cosanta plandaí, leasacháin, aoileach nó faecas ainmhithe eile;

(d)

laghdú ar úsáid uisce;

(e)

nasc a bheith acu le hinfheistíochtaí neamhtháirgiúla a theastaíonn chun na cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide a bhaint amach, go háirithe i gcás ina mbaineann na cuspóirí sin le gnáthóga agus an bhithéagsúlacht a chosaint;

(f)

laghdú éifeachtach agus intomhaiste ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ceapadh carbóin marthanach a bheith ann;

(g)

athléimneacht an táirgthe a mhéadú i leith rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, amhail creimeadh ithreach;

(h)

caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha a bhaint amach; nó

(i)

cosaint an chomhshaoil nó feabhas ar an gcomhshaol a bheith mar thoradh orthu.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh tairbhithe fianaise ar fáil ar a mhéid a mheastar go ndéanfar rannchuidiú dearfach le cuspóir comhshaoil amháin nó níos mó tráth a dhéanfar an clár oibríochtúil a mholtar, an idirghabháil nó an leasú ar chlár nó ar idirghabháil den sórt sin a chur isteach lena bhformheas.

2.   Maidir leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear i mír 1, déanfar iad ag áitreabh an tairbhí nó, i gcás inarb ábhartha, ag áitreabh a chomhaltaí ar táirgeoirí iad nó ag áitreabh a fhochuideachtaí agus an ceanglas 90 % dá dtagraítear in Airteagal 31(7) den Rialachán seo á chomhlíonadh. Mar sin féin, in earnáil na beachaireachta, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir leis na hidirghabhálacha sin a dhéantar lasmuigh d’áitreabh an tairbhí. Maidir le tairbhe agus tionchar breise na hidirghabhála a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide a bhfuil coinne leo, ní mór iad sin a léiriú ex-ante trí shonraíochtaí tionscadail nó trí dhoiciméid theicniúla eile a bheidh le cur ar fáil ag an tairbhí tráth a dhéanfar an oibríocht, an clár oibríochtúil nó leasú ar an gclár sin nó ar an oibríocht sin a chur isteach lena bhformheas, lena léireofar na torthaí a d’fhéadfaí a bhaint amach trí chur chun feidhme na hidirghabhála.

3.   Agus an caiteachas a bheidh le cumhdach á chinneadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na costais bhreise a thabhaítear agus ioncam a tharscaoiltear de thoradh na n-idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide a cuireadh chun feidhme, agus na spriocanna a socraíodh.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le tairbhithe a chuireann idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide chun feidhme go mbeidh rochtain acu ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hidirghabhálacha sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn sí uathu, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cabhrú le feirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil sna cláir oibríochtúla maidir le clásal athbhreithnithe le haghaidh oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi idirghabhálacha a bhaineann le cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar aon chaighdeáin, ar aon cheanglais nó ar aon oibleagáidí sainordaitheacha ábhartha.

Airteagal 13

An Chóitseáil

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha cóitseála in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ, nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT go saothrófar ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear:

(a)

dea-chleachtais a bhaineann le hidirghabhálacha coiscthe géarchéime agus idirghabhálacha bainistithe géarchéime a mhalartú lena gcuideofar leis an tairbhí leas a bhaint as an taithí ar idirghabhálacha coiscthe géarchéime agus ar idirghabhálacha bainistithe riosca a chur chun feidhme;

(b)

bunú eagraíochtaí táirgeoirí nua a chur chun cinn, eagraíochtaí táirgeoirí atá ann cheana a chumasc nó é a chur ar a gcumas do tháirgeoirí aonair páirt a ghlacadh in eagraíocht táirgeoirí atá ann cheana mar aon le comhairle a chur ar eagraíochtaí táirgeoirí maidir leis an mbealach a bhféadfaidh siad an t-aitheantas a fháil mar eagraíocht táirgeoirí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c)

deiseanna líonraithe a chruthú do sholáthraithe agus d’fhaighteoirí cóitseála, go háirithe bealaí margaíochta mar mhodh coiscthe géarchéime agus mar mhodh bainistithe géarchéime.

2.   Eagraíocht táirgeoirí, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó grúpa táirgeoirí a bheidh sa soláthraí cóitseála. Tairbheoidh soláthraí na cóitseála den tacaíocht don idirghabháil chóitseála.

3.   Eagraíocht táirgeoirí, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó grúpa táirgeoirí, na comhaltaí aonair nó neamh-chomhaltaí aonair, ar táirgeoirí iad, d’eagraíocht táirgeoirí, dá comhlachais nó dá grúpa táirgeoirí a bheidh i bhfaighteoir na cóitseála.

4.   Íocfar na costais incháilithe uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht cóitseála leis an soláthraí cóitseála a chuireann an idirghabháil sin san áireamh ina chlár oibríochtúil.

5.   Ní dhéanfar idirghabhálacha cóitseála a sheachfhoinsiú.

Airteagal 14

Cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht

I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha cur chun cinn, cumarsáide agus margaíochta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT go saothrófar ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear:

(a)

feasacht a mhéadú maidir le fiúntais tháirgí talmhaíochta an Aontais agus leis na caighdeáin arda is infheidhme maidir lena modhanna táirgthe san Aontas;

(b)

iomaíochas agus tomhaltas tháirgí talmhaíochta an Aontais agus táirgí próiseáilte áirithe a tháirgtear san Aontas a mhéadú agus a bpróifíl laistigh agus lasmuigh den Aontas a ardú le haghaidh earnálacha seachas earnáil an fhíona;

(c)

feasacht a mhéadú faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais laistigh agus lasmuigh den Aontas;

(d)

sciar mhargadh an Aontais de tháirgí talmhaíochta agus de tháirgí próiseáilte áirithe a tháirgtear san Aontas a mhéadú, ag díriú go sonrach ar na margaí i dtríú tíortha a bhfuil an acmhainneacht fáis is airde acu;

(e)

rannchuidiú, i gcás inarb ábhartha, le gnáth-dhálaí an mhargaidh a athbhunú i margadh an Aontais i gcás ina mbeadh suaitheadh tromchúiseach sa mhargadh, laghdú ar mhuinín na dtomhaltóirí nó fadhbanna sonracha eile;

(f)

feasacht a mhéadú maidir le táirgeadh inbhuanaithe;

(g)

feasacht tomhaltóirí a mhéadú maidir le brandaí agus trádmharcanna eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí;

(h)

na margaí a éagsúlú, a oscailt agus a chomhdhlúthú le haghaidh fhíonta an Aontais i dtríú tíortha agus feasacht a mhéadú maidir le cáilíochtaí intreacha fhíonta an Aontais ar na margaí sin. Ní fhéadfar tagairt do thionscnamh fíona nó do bhrandaí fíona a úsáid ach amháin i gcás ina gcomhlánófar cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht fhíonta an Aontais i dtríú tíortha leis an tagairt sin;

(i)

tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le fíon a thomhailt ar bhealach freagrach. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh suaitheantas an Aontais ar ábhar fógraíochta le haghaidh cur chun cinn cineálach agus cur chun cinn lipéad cáilíochta agus go mbeidh an ráiteas seo a leanas air: “Arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach”. Taispeánfar an suaitheantas agus an ráiteas cistiúcháin i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 ón gCoimisiún (10).

Airteagal 15

Cistí frithpháirteacha

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha cistí frithpháirteacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ, nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil maidir leis na coinníollacha cur chun feidhme le haghaidh an chostais riaracháin a bhaineann le cistí frithpháirteacha a bhunú, a líonadh agus, i gcás inarb iomchuí, a athlíonadh.

2.   Is é an cúnamh airgeadais ón Aontas agus an ranníocaíocht ón tairbhí a bheidh sa chaiteachas incháilithe ar an gcostas riaracháin a bhaineann le cistí frithpháirteacha a bhunú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ, nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115. Ní rachaidh méid an chaiteachais incháilithe thar 20 %, 16 % nó 8 % de ranníocaíocht an tairbhí le caipiteal an chiste fhrithpháirtigh sa chéad bhliain, sa dara bliain nó sa tríú bliain a bheidh sé i bhfeidhm, faoi seach.

3.   Maidir leis an gcostas riaracháin a bhaineann le cistí frithpháirteacha a bhunú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ, nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, ní fhéadfaidh tairbhí tacaíocht a fháil le haghaidh an chostais sin ach uair amháin agus laistigh de na chéad 3 bliana d’fheidhmiú an chiste fhrithpháirtigh amháin.

I gcás nach ndéanann tairbhí iarratas ar an tacaíocht sin ach sa dara bliain nó sa tríú bliain d’fheidhmiú na gcistí frithpháirteacha, 16 % nó 8 % de ranníocaíocht an tairbhí le caipiteal an chiste fhrithpháirtigh sa dara nó sa tríú bliain dá fheidhmiú, faoi seach, a bheidh sa tacaíocht sin.

4.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha cistí frithpháirteacha in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (l), de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfidh siad teorainn leis an tacaíocht ón Aontas le haghaidh an chostais riaracháin a bhaineann le cistí frithpháirteacha a bhunú in earnáil an fhíona le haghaidh na méideanna seo a leanas:

(a)

20 % de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa chéad bhliain;

(b)

16 % de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa dara bliain;

(c)

8 % de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa tríú bliain.

Ní rachaidh an tréimhse tacaíochta thar 3 bliana.

Airteagal 16

Úlloird, garráin ológ nó fíonghoirt a athphlandú tar éis grafadh éigeantach

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, in earnáil an fhíona nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, i bhfoirm úlloird, garráin ológ nó fíonghoirt a athphlandú tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta nó, i gcás úllord agus garrán ológ, chun oiriúnú don athrú aeráide, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na tairbhithe Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na hidirghabhálacha seo á gcur chun feidhme acu.

2.   Maidir leis an gcaiteachas le haghaidh úlloird nó garráin ológ a athphlandú, ní rachaidh sé thar 20 % den chaiteachas iomlán faoi gach clár oibríochtúil nó idirghabháil ábhartha.

Airteagal 17

Glasbhuaint agus neamhbhuaint

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil an fhíona, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, i bhfoirm “glasbhuainte” i gcás na n-earnálacha sin agus i bhfoirm “neamhbhuainte” i gcás na n-earnálacha sin seachas earnáil an fhíona, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hidirghabhálacha sin sa bhreis ar ghnáthchleachtais saothraithe, agus go mbeidh siad éagsúil ó ghnáthchleachtais saothraithe, agus go mbainfidh siad le 100 % de tháirgeadh ionchasach an táirge lena mbaineann i ndáileacht ar leith.

Is é a bheidh sa “ghlasbhuaint” buaint na dtáirgí réamhaibí neamh-indíolta go léir i limistéar áirithe nach ndearnadh damáiste dóibh roimh an nglasbhuaint. Is é a bheidh sa “neamhbhuaint” deireadh a chur leis an timthriall reatha táirgthe sa limistéar lena mbaineann i gcás ina bhfuil an táirge forbartha go maith agus de cháilíocht shlán, chóir agus indíolta.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na hidirghabhálacha glasbhuainte chun feidhme le linn na séasúr fáis sula mbainfidh an táirge an chéim indíolta amach agus nach ndéanfar na hidirghabhálacha sin i leith na dtáirgí atá á mbuaint ar an ngnáthbhealach cheana.

3.   I bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát, socróidh siad uasteorainneacha ama le linn an tséasúir táirgthe i ndáil le cur i bhfeidhm na n-idirghabhálacha glasbhuainte maidir le gach táirge atá faoi réir na n-idirghabhálacha sin mar aon le coinníollacha incháilitheachta eile i ndáil leis an nglasbhuaint agus leis an neamhbhuaint, lena n-áirítear cineálacha agus catagóirí táirgí i gcás inarb ábhartha.

4.   Déanfaidh na Ballstáit cúiteamh airgeadais a eisiamh le haghaidh idirghabhálacha neamhbhuainte a dhéanfar i gcás ina mbainfear táirgeadh tráchtála as an limistéar lena mbaineann le linn an ghnáth-thimthrialla táirgthe.

5.   Leis an tacaíocht don glasbhuaint, ní chumhdófar ach na táirgí atá ar na goirt go fisiceach agus a ndéantar iad a ghlasbhuaint go hiarbhír. Maidir le hearnálacha eile seachas earnáil an fhíona, socróidh na Ballstáit na méideanna cúitimh le haghaidh na glasbhuainte agus na neamhbhuainte, lena gcuimseofar cúnamh airgeadais ón Aontas agus an ranníocaíocht ón eagraíocht táirgeoirí, ón gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, ón eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, ón gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó ón ngrúpa táirgeoirí, in aghaidh íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir, ar leibhéal a chomhfhreagraíonn do leibhéal nach mó ná 90 % den uasleibhéal tacaíochta le haghaidh aistarraingtí ón margadh, seachas dáileadh saor, is infheidhme maidir leis an táirge céanna.

6.   Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mór don tairbhí réamhfhógra a thabhairt d’údaráis inniúla an Bhallstáit i scríbhinn nó le modhanna leictreonacha sula mbeartóidh sé glasbhuaint nó neamhbhuaint a dhéanamh.

7.   Ina bPleananna Straitéiseacha CBT, socróidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

forálacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na n-idirghabhálacha sin, lena n-áirítear ábhar agus sprioc-amanna na n-idirghabhálacha, an méid cúitimh a bheidh le híoc agus cur i bhfeidhm na n-idirghabhálacha, mar aon le liosta na dtáirgí a bheidh incháilithe faoi na hidirghabhálacha;

(b)

forálacha chun a áirithiú nach mbeidh aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol ná aon iarmhairt fhíteashláintíochta dhiúltach ann de thoradh chur chun feidhme na n-idirghabhálacha;

(c)

toirmeasc ar thacaíocht a dheonú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí i gcás na glasbhuainte, má dhéantar cuid nach beag den ghnáthbhuaint agus, i gcás na neamhbhuainte, má bhaintear cuid nach beag den táirgeadh tráchtála cheana.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go gcoinneofar an limistéar lena mbaineann go maith, nach mbeidh aon bhuaint déanta cheana, go bhforbrófar an táirge go maith, nach ndéanfar dochar don táirge agus go mbeadh sé de cháilíocht fhónta, chóir agus indíolta i gcoitinne;

(b)

nach ndéanfar na táirgí buainte a dhínádúrú;

(c)

nach mbeidh aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol ná aon iarmhairt fhíteashláintíochta dhiúltach de thoradh na hidirghabhála as a mbeidh an eagraíocht táirgeoirí freagrach;

(d)

nach gcuirfear achar aon dáileachta fíniúna a ndéantar glasbhuaint uirthi san áireamh agus na teorainneacha táirgeachta á ríomh, ar teorainneacha iad a leagtar síos i sonraíochtaí teicniúla fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu;

(e)

de mhaolú ar mhíreanna 2 agus 4, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, i gcás ina mbíonn tréimhse buainte is faide ná mí amháin ag plandaí torthaí agus glasraí, go bhféadfar an ghlasbhuaint a dhéanamh tar éis tús a bheith curtha leis an ngnáthbhuaint agus go bhféadfar an neamhbhuaint a dhéanamh fiú má bhaintear táirgeadh tráchtála as an limistéar lena mbaineann le linn an ghnáth-thimthrialla táirgthe. Sna cásanna sin, leis an gcúiteamh airgeadais, ní dhéanfar cúiteamh ach amháin i leith an táirgthe a dhéanfaí a bhuaint sna 6 seachtaine tar éis na hoibríochta glasbhuainte agus neamhbhuainte agus nach margaítear de bharr na n-oibríochtaí sin. Ní bhainfear úsáid as na plandaí torthaí agus glasraí sin chun críoch táirgthe bhreise laistigh den séasúr fáis céanna;

(f)

in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, seachas sa chás dá dtagraítear i bpointe (e), ní féidir feidhm a bheith ag idirghabhálacha glasbhuainte agus neamhbhuainte go comhuaineach maidir leis an táirge céanna sa limistéar céanna in aon bhliain ar leith.

Airteagal 18

Árachas buainte agus táirgthe

I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT árachas buainte agus táirgthe mar idirghabháil in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na leannlusanna, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ, nó in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh siad maoiniú náisiúnta breise a dheonú chun tacú le gníomhaíochtaí árachais buainte agus táirgthe a thairbhíonn den chiste oibríochtúil. Ní rachaidh an tacaíocht phoiblí iomlán thar 80 % de chostas na bpréimheanna árachais a n-íocann táirgeoirí astu le haghaidh árachas in aghaidh caillteanas.

Le hidirghabhálacha árachais buainte agus táirgthe, ní chumhdófar íocaíochtaí árachais lena dtugtar cúiteamh do tháirgeoirí le haghaidh breis agus 100 % den chaillteanas ioncaim a thabhaítear, agus aon chúiteamh a fhaigheann táirgeoirí ó scéimeanna tacaíochta eile nó ó scéimeanna árachais eile a bhaineann leis an riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh á chur san áireamh.

Airteagal 19

Aistarraingtí ón margadh le haghaidh cinn scríbe seachas dáileadh saor in aisce

I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha i bhfoirm “aistarraingtí ón margadh le haghaidh cinn scríbe seachas dáileadh saor in aisce”, áiritheoidh siad go ndéanfar táirge áirithe a aistarraingt go cinntitheach ón margadh ar bhealach nach féidir é a chur ar ais ar an margadh chun críoch bia.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le hidirghabhálacha i bhfoirm “aistarraingtí ón margadh le haghaidh cinn scríbe seachas dáileadh saor in aisce” ach amháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, faoi seach, agus i leith táirgí meatacha nach féidir a stóráil go marthanach ag a gcéim tráchtála gan chuisniúchán.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le hidirghabhálacha i bhfoirm “aistarraingtí ón margadh le haghaidh cinn scríbe seachas dáileadh saor in aisce” i leith táirgí ainmhithe agus táirgí earnáil an tsiúcra dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 20

Stóráil le chéile

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha maidir le stóráil le chéile dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad foráil maidir le táirge a aistarraingt ón margadh go sealadach le linn tréimhse ina mbíonn brú áirithe ón margadh ann, agus glacfaidh siad rialacha chun a áirithiú go stórálfar an táirge faoi fhreagracht an tairbhí i ndálaí lena gcaomhnófar a ghnáthluach tráchtála agus i leith na rialacha sláintíochta is infheidhme. Maidir le táirgí a mbíonn seilfré gairid acu agus iad úr, déanfaidh na Ballstáit foráil go stórálfar an táirge i bhfoirm reoite nó i bhfoirm phróiseáilte. Maidir le táirgí a dteastaíonn tréimhse aibithe áirithe lena n-aghaidh le linn a ngnáthphróisis táirgthe, nó i gcás ina méadaítear luach an táirge de bharr an phróisis aibithe sin, ní bheidh na táirgí sin incháilithe le haghaidh stóráil le chéile ach amháin nuair a thabharfar an tréimhse aibithe chun críche ina hiomláine.

2.   Socróidh na Ballstáit an t-íosfhad stórála agus an t-uasmhéid cúitimh in aghaidh an aonaid táirge agus in aghaidh an lae stórála, mar aon leis na dálaí stórála ábhartha i gcás gach táirge a ndéantar foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir leis an idirghabháil seo ina leith. An t-uasmhéid a fhéadfar a mhaoiniú leis an gciste oibríochtúil, ní bheidh sé sin níos airde ná suim chostas na stórála fisicí, san fhoirm reoite nó phróiseáilte i gcás inarb ábhartha, agus an costas airgeadais de bharr luach an táirge a dhíluailiú ar phraghsanna margaidh reatha. Maidir leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le táirgí a reo nó a phróiseáil nó díluacháil an táirge a d’fhéadfadh a bheith ann, ní chuirfear iad san áireamh san uasmhéid. Socróidh na Ballstáit freisin na nósanna imeachta rialaithe, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair, chun a áirithiú nach gcuirfear táirgí eile in ionad na dtáirgí sin agus go ndéanfar na dálaí stórála agus an tréimhse stórála a urramú.

Roinn 2

Cineálacha tacaíochta agus caiteachais

Airteagal 21

Cineálacha tacaíochta

1.   Sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le híocaíochtaí tacaíochta ar bhonn na gcostas iarbhír a thabhaíonn an tairbhí, costais a léirítear le doiciméid, amhail sonraisc, a chuirfidh na tairbhithe isteach chun idirghabháil a shonraítear ina bPlean Straitéiseach CBT a chur chun feidhme.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a roghnú foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht a íoc ar bhonn rátaí comhréidhe caighdeánacha, scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid nó cnapshuimeanna. Agus na rátaí comhréidhe sin, na scálaí sin, agus na cnapshuimeanna sin á mbunú, cuirfidh na Ballstáit sainiúlachtaí réigiúnacha nó áitiúla san áireamh agus bunóidh siad a ríomh ar fhianaise dhoiciméadach lena léireofar gur léiriú é an ríomh sin ar phraghas margaidh na n-oibríochtaí nó na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an idirghabháil lena mbaineann.

2.   In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, urramóidh na Ballstáit na huasmhéideanna caiteachais agus na costais chóiriúcháin a fhéadfar a íoc i ndáil leis na hidirghabhálacha ábhartha a shonraítear ina bPleananna Straitéiseacha CBT a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VII.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir le tacaíocht a íoc i bhfoirm rátaí comhréidhe caighdeánacha, scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid nó cnapshuimeanna, déanfar athbhreithniú orthu sin go tréimhsiúil chun innéacsú nó athrú eacnamaíoch a chur san áireamh.

4.   I gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an modh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe arna bhunú de bhun Airteagal 44(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115, coimeádfaidh siad an fhianaise dhoiciméadach uile a bhaineann le rátaí comhréidhe caighdeánacha, scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid nó cnapshuimeanna caighdeánacha a bhunú agus lena n-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha in earnáil an fhíona a bhaineann le fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú agus le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

má chinneann na Ballstáit méid na tacaíochta a ríomh ar bhonn scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid bunaithe ar aonad tomhais dromchla, comhfhreagróidh an méid don dromchla iarbhír a ríomhadh i gcomhréir le hAirteagal 42 den Rialachán seo;

(b)

má chinneann na Ballstáit méid na tacaíochta a ríomh ar bhonn scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid bunaithe ar aonaid tomhais eile nó ar bhonn na gcostas iarbhír a eascraíonn ó dhoiciméid tacaíochta lena gcur isteach ag na tairbhithe, leagfaidh siad síos rialacha maidir le modhanna rialaithe iomchuí chun méid iarbhír chur chun feidhme na hoibríochta a shuí.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh a dhéantar i gcomhréir leis na srianta a leagtar síos i gCuid II, Roinn D, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 22

Cineálacha caiteachais

1.   Le cineálacha caiteachais a chumhdaítear leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115, ní dhéanfar cáin bhreisluacha ar an gcaiteachas incháilithe arna thabhú ag an tairbhí a chúiteamh, ach amháin i gcás nach bhfuil sí inghnóthaithe faoin reachtaíocht náisiúnta CBL.

2.   Ní chuirfear na cineálacha caiteachais a liostaítear in Iarscríbhinn II san áireamh sna cineálacha caiteachais dá dtagraítear i mír 1.

3.   Maidir leis na cineálacha caiteachais a liostaítear in Iarscríbhinn III, measfaidh na Ballstáit go bhfuil siad incháilithe agus na hidirghabhálacha ábhartha á sainiú acu agus féadfar iad a chumhdach leis na cláir oibríochtúla nó mar a shonraíonn na Ballstáit sna hidirghabhálacha ábhartha. Féadfaidh na Ballstáit a mheas ina bPleananna Straitéiseacha CBT go bhfuil cineálacha caiteachais eile incháilithe, ar choinníoll nach liostaítear iad in Iarscríbhinn II.

4.   Bunóidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT na coinníollacha faoina bhféadfar an caiteachas a bhaineann leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 a áireamh mar chaiteachas lena rannchuidítear leis na cuspóirí 15 % agus 2 % de chaiteachas faoi chláir oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 50(7), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, faoi seach, agus leis an gcuspóir 5 % de chaiteachas faoi idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 60(4) den Rialachán sin. Maidir leis na cuspóirí ábhartha a leagtar amach in Airteagail 46 agus 57 den Rialachán sin, faoi seach, le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le haghaidh earnáil an fhíona, leis na coinníollacha sin, áiritheofar go saothrófar na cuspóirí sin go héifeachtach leis na hidirghabhálacha sin.

Airteagal 23

Costais riaracháin agus pearsanra

1.   Costais pearsanra a thabhaíonn an tairbhí, fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 31(7) nó, faoi réir fhormheas na mBallstát, comharchumann atá ina chomhalta d’eagraíocht táirgeoirí, measfar go bhfuil siad incháilithe le haghaidh tacaíochta má thabhaítear iad i ndáil le hidirghabháil ar leith dár tugadh tacaíocht a ullmhú, a chur chun feidhme nó i ndáil le hobair leantach a ghabhann léi.

Is é a bheidh sna costais phearsanra sin, inter alia, costais a bhaineann le pearsanra a fhostaíonn an tairbhí agus na costais a chomhfhreagraíonn don sciar uaireanta oibre a chuireann a bhaill foirne isteach agus idirghabháil á cur chun feidhme acu.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an tairbhí doiciméid tacaíochta isteach lena leagfar amach mionsonraí maidir leis an obair iarbhír a rinneadh i ndáil leis an idirghabháil áirithe agus gur féidir luach chostas ábhartha an phearsanra a mheasúnú agus a fhíorú go neamhspleách. Ní rachaidh luach chostas an phearsanra a bhaineann le hidirghabháil ar leith thar na costais a bhfuil glacadh coitianta leo ar an margadh atá i gceist le haghaidh an chineáil chéanna seirbhíse.

Chun na costais phearsanra a bhaineann le hidirghabháil a chur chun feidhme ag pearsanra buan an tairbhí a chinneadh, is tríd na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí maidir leis na fostaithe sonracha a d’oibrigh i gcur chun feidhme na hoibríochta a roinnt ar 1 720 uair an chloig a fhéadfar an ráta de réir na huaire is infheidhme a ríomh, nó ar bhonn pro rata i gcás fostaithe páirt-aimseartha.

Maidir leis na hidirghabhálacha “cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht” agus “gníomhaíochtaí cumarsáide” dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), agus (2), pointe (l), de Rialachán (AE) 2021/2115 agus maidir le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirchraoibhe agus an cur chun cinn agus an chumarsáid a dhéantar i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (i), (j) agus (k), den Rialachán sin, ní rachaidh an caiteachas a íoctar as na costais riaracháin agus pearsanra a thabhaíonn na tairbhithe go díreach thar 50 % de chostas foriomlán na hidirghabhála.

2.   Costais riaracháin a thabhaíonn an tairbhí, fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 31(7) nó, faoi réir fhormheas na mBallstát, comharchumann atá ina chomhalta d’eagraíocht táirgeoirí, measfar go bhfuil siad incháilithe le haghaidh tacaíochta má thabhaítear iad i ndáil le hidirghabháil ar leith dár tugadh tacaíocht a ullmhú, a chur chun feidhme nó i ndáil le hobair leantach a ghabhann léi.

Measfar go bhfuil na costais riaracháin incháilithe mura dtéann siad thar 4 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an idirghabháil a cuireadh chun feidhme.

I gcás ina ndéanann comhlacht seachtrach atá neamhspleách agus cáilithe na hiniúchtaí sin, measfar go bhfuil na costais ar iniúchtaí seachtracha incháilithe le haghaidh tacaíochta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna Straitéiseacha CBT, i gcás earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na leannlusanna, earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird nó i gcás earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, maidir le ráta comhréidh caighdeánach le haghaidh na gcostas pearsanra agus riaracháin a bhaineann leis an gclár oibríochtúil a bhainistiú nó an clár oibríochtúil a ullmhú, a chur chun feidhme agus leis an obair leantach a ghabhann leis suas le huasmhéid 2 % den chlár oibríochtúil formheasta, lena gcuimsítear an cúnamh airgeadais ón Aontas agus ranníocaíocht na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí.

CAIBIDIL II

Rialacha sonracha is infheidhme maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, le hearnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus le hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115

Roinn 1

Táirgí a chumhdaítear agus costais iompair

Airteagal 24

Táirgí a chumhdaítear

Leis an gcineál idirghabhála, ní chumhdófar ach na táirgí sin a n-aithnítear an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí ar choinníoll gur mó ná 50 % de luach na dtáirgí uile a mhargaíonn an eagraíocht sin san earnáil a chumhdaítear leis an gclár oibríochtúil a bheidh i luach na dtáirgí a chumhdaítear leis an gclár oibríochtúil sin. Thairis sin, is ó chomhaltaí den eagraíocht táirgeoirí nó ó chomhaltaí ar táirgeoirí iad d’eagraíocht táirgeoirí eile nó de chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a thiocfaidh na táirgí lena mbaineann.

Airteagal 25

Ceanglas maidir le costais iompair agus chóiriúcháin le haghaidh dáileadh saor in aisce

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit san áireamh ina bPlean Straitéiseach CBT idirghabhálacha i bhfoirm “aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile” dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, is ar bhonn scálaí na gcostas aonaid, costais a shocraítear de réir an achair idir an áit aistarraingthe agus áit seachadta le haghaidh dáileadh saor in aisce, a shocróidh siad na costais iompair a bhaineann le dáileadh saor in aisce na dtáirgí uile a aistarraingítear ón margadh faoi cháir oibríochtúla. Ní féidir ach costais iompair suas le hachar 750 km a chúiteamh.

2.   Íocfar na costais iompair leis an bpáirtí iarbhír a iompraíonn costas airgeadais na hoibríochta iompair i gceist. Beidh an íocaíocht faoi réir doiciméid tacaíochta a thíolacadh lena ndeimhneofar, go háirithe:

(a)

ainmneacha na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí;

(b)

cainníocht na dtáirgí lena mbaineann;

(c)

glacadh ag na faighteoirí dá dtagraítear in Airteagal 52(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 leis an íocaíocht agus an modh iompair a úsáidfear;

(d)

an t-achar idir an áit aistarraingthe agus an áit seachadta.

3.   Beidh cóireáil na dtáirgí a aistarraingítear ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce faoi chláir oibríochtúla faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

taispeántar suaitheantas an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15(2) ar phacáistí na dtáirgí le haghaidh dáileadh saor in aisce, i dteannta le ceann amháin nó níos mó de na ráitis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV; tá an íocaíocht faoi réir doiciméid tacaíochta a thíolacadh lena ndeimhnítear go háirithe:

(i)

ainmneacha na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta;

(ii)

cainníocht na dtáirgí lena mbaineann;

(b)

glacadh ag an bhfaighteoir dá dtagraítear in Airteagal 52(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 leis an íocaíocht, lena sonraítear an cur i láthair.

Roinn 2

An t-uasleibhéal cúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh aistarraingtí ón margadh

Airteagal 26

Tacaíocht

1.   Maidir leis an gcineál idirghabhála “aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile” dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, i ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn V, suim na gcostas iompair, suim chostais chóiriúcháin na dtáirgí le haghaidh dáileadh saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo, agus iad á gcur leis an méid tacaíochta d’aistarraingtí ón margadh, ní rachaidh siad thar mheánphraghas margaidh “iar-eagraíocht táirgeoirí” an táirge lena mbaineann sna 3 bliana roimhe sin, lena n-áirítear tar éis próiseála i gcás inarb ábhartha.

2.   Maidir leis an gcineál idirghabhála “aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile” dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, ar cineál idirghabhála é is infheidhme maidir le táirgí seachas na táirgí sin a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, socróidh na Ballstáit uasmhéideanna tacaíochta ina gcuimseofar an cúnamh airgeadais ón Aontas, an ranníocaíocht náisiúnta i gcás inarb ábhartha agus an ranníocaíocht ón eagraíocht táirgeoirí, ón gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, ón eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, ón gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó ón ngrúpa táirgeoirí, ar leibhéal nach rachaidh thar 40 % de na meánphraghsanna margaidh “iar-eagraíocht táirgeoirí” sna 5 bliana roimhe sin i gcás dáileadh saor in aisce agus ar leibhéal nach rachaidh thar 30 % de na meánphraghsanna margaidh “iar-eagraíocht táirgeoirí” sna 5 bliana roimhe sin le haghaidh cinn scríbe eile seachas dáileadh saor in aisce.

3.   Maidir le heagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí, i gcás ina bhfaigheann sé nó sí cúiteamh ó thríú páirtithe le haghaidh táirgí aistarraingthe, laghdófar an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi mhéid atá coibhéiseach leis an gcúiteamh a fuarthas. Chun a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta, ní chuirfear na táirgí lena mbaineann ar an margadh tráchtála arís.

4.   Is mar seo a leanas a bheidh sciar na n-aistarraingtí ón margadh a dhéantar laistigh d’aon bhliain ar leith, seachas le haghaidh dáileadh saor in aisce, maidir le haon táirge ar leith de chuid aon eagraíochta táirgeoirí ar leith, aon chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí ar leith, aon eagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta ar leith, aon chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta ar leith nó aon ghrúpa táirgeoirí ar leith:

(a)

ní rachaidh sé thar 10 % de mheánmhéid an táirgthe arna mhargú ag an eagraíocht táirgeoirí sin, ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí sin, ag an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta sin, ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta sin nó ag an ngrúpa táirgeoirí sin le linn na 3 bliana roimhe sin;

(b)

agus, maidir le torthaí agus glasraí, ar an iomlán, ní rachaidh suim na gcéatadán i gcaitheamh 3 bliana as a chéile thar 15 agus an sciar a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) le haghaidh na bliana reatha á chur le sciartha na n-aistarraingtí ón margadh sa 2 bhliain roimhe a ríomhtar ar bhonn mhéid an táirgthe shonraigh arna mhargú ag an eagraíocht táirgeoirí sin le linn an 2 bhliain roimhe sin.

Más rud é nach bhfuil faisnéis ar fáil faoi mhéid an táirgthe mhargaithe a bhaineann le haon cheann nó gach ceann de na blianta roimhe sin, úsáidfear méid an táirgthe mhargaithe ar aithníodh an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí lena aghaidh.

Mar sin féin, ní chuirfear san áireamh i sciar na n-aistarraingtí ón margadh méideanna na n-aistarraingtí le haghaidh dáileadh saor in aisce a dhiúscraítear ar cheann amháin de na bealaí dá dtagraítear in Airteagal 52(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 nó aon cheann scríbe coibhéiseach eile a fhormheasfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 27(2) den Rialachán seo.

5.   I ndáil leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn V, an tacaíocht d’aistarraingtí ón margadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ina gcuimseofar an cúnamh airgeadais ón Aontas agus ranníocaíocht na heagraíochta táirgeoirí, ní bheidh sí níos mó ná na méideanna a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas i gcás ina ndéantar torthaí agus glasraí a aistarraingt ón margadh, ar torthaí agus glasraí iad a dhiúscraítear trí dháileadh saor in aisce ar eagraíochtaí, ar fhondúireachtaí agus ar hinstitiúidí carthanachta dá dtagraítear in Airteagal 52(6) de Rialachán (AE) 2021/2115, ní chumhdófar leis sin ach an íocaíocht le haghaidh na dtáirgí a dhiúscraítear i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcás inarb iad na costais dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo a bheidh sna costais chóiriúcháin.

Airteagal 27

Cinn scríbe le haghaidh táirgí aistarraingthe

1.   I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha i bhfoirm “aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce nó le haghaidh cinn scríbe eile” in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, cinnfidh siad na cinn scríbe is incheadaithe le haghaidh táirgí a aistarraingítear ón margadh agus áiritheoidh siad nach mbeidh aon tionchar diúltach ar an gcomhshaol ná aon iarmhairt fhíteashláintíochta dhiúltach de thoradh na haistarraingthe nó de thoradh a gcinn scríbe.

2.   Arna iarraidh sin d’eagraíochtaí, d’fhondúireachtaí nó d’institiúidí carthanachta dá dtagraítear in Airteagal 52(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt do na heagraíochtaí, na fondúireachtaí nó na hinstitiúidí carthanachta ranníocaíocht a iarraidh ó fhaighteoirí deiridh na dtáirgí arna n-aistarraingt ón margadh.

Maidir leis na heagraíochtaí, na fondúireachtaí nó na hinstitiúidí carthanachta dá dtagraítear in Airteagal 52(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 lena mbaineann, i gcás ina bhfaighidh siad an t-údarú sin, coimeádfaidh siad cuntais airgeadais le haghaidh na hoibríochta i gceist.

Féadfaidh na Ballstáit íocaíocht chomhchineáil a cheadú ó thairbhithe dáilte saor in aisce le próiseálaithe táirgí, i gcás nach ndéanfar ach costais phróiseála a chúiteamh leis an íocaíocht sin agus i gcás ina nglacfaidh an Ballstát ina ndéanfar an íocaíocht rialacha lena n-áiritheofar go mbeidh na táirgí próiseáilte beartaithe lena gcaitheamh ag na faighteoirí deiridh dá dtagraítear sa dara fomhír.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun teagmhálacha agus comhar a éascú idir eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí, fondúireachtaí agus institiúidí carthanachta dá dtagraítear in Airteagal 52(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115.

3.   Féadfar táirgí a aistarraingítear chuig an tionscal lena bpróiseáil ina dtáirgí neamhbhia a dhiúscairt. Glacfaidh na Ballstáit forálacha mionsonraithe chun a áirithiú nach dtarlóidh aon saobhadh iomaíochta le haghaidh na dtionscal lena mbaineann laistigh den Aontas nó le haghaidh táirgí allmhairithe agus chun a áirithiú nach gcuirfear táirgí aistarraingthe ar an margadh tráchtála bia arís. Úsáidfear an t-alcól a bheidh mar thoradh ar dhriogadh chun críoch tionsclaíoch nó fuinnimh agus chun na gcríoch sin amháin.

Airteagal 28

Coinníollacha le haghaidh faighteoirí táirgí aistarraingthe

1.   Maidir le faighteoirí na dtáirgí a aistarraingítear le haghaidh dáileadh saor in aisce sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chomhlíonadh;

(b)

taifid stoic ar leithligh a choimeád le haghaidh na n-oibríochtaí aistarraingthe i gceist;

(c)

glacadh leis na seiceálacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(d)

na doiciméid tacaíochta maidir le ceann scríbe deiridh na dtáirgí uile lena mbaineann a sholáthar, i bhfoirm deimhnithe táthcheangail nó doiciméad coibhéiseach lena ndeimhnítear gur ghlac tríú páirtí ar láimh na táirgí aistarraingthe d’fhonn iad a dháileadh saor in aisce.

Mar a thagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach gá d’fhaighteoirí taifid a choimeád má fhaigheann siad cainníochtaí is lú ná uasmhéid a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit bunaithe ar anailísiú riosca doiciméadaithe.

2.   Faighteoirí na dtáirgí a aistarraingítear le haghaidh cinn scríbe eile seachas dáileadh saor in aisce, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

na rialacha maidir le caighdeáin mhargaíochta mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chomhlíonadh;

(b)

taifid stoic ar leithligh agus cuntais airgeadais a choimeád le haghaidh na n-oibríochtaí i gceist má mheasann an Ballstát gur gá é sin a dhéanamh in ainneoin go ndearnadh an táirge a dhínádúrú sular seachadadh é;

(c)

glacadh leis na seiceálacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(d)

gan cabhair bhreise a iarraidh le haghaidh an alcóil a tháirgtear ó na táirgí lena mbaineann i gcás na dtáirgí aistarraingthe atá beartaithe lena ndriogadh.

Airteagal 29

Caighdeáin mhargaíochta táirgí aistarraingthe

1.   Táirge a aistarraingítear ón margadh le haghaidh cinn scríbe eile seachas dáileadh saor in aisce, sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, comhlíonfaidh sé an caighdeán agus na rialacha ábhartha maidir le margú an táirge sin dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, seachas na rialacha maidir le táirgí a chur i láthair agus a mharcáil.

I gcás ina n-aistarraingeofar torthaí agus glasraí ar an mórchóir, comhlíonfar na híoscheanglais Aicme II mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (12).

Mar sin féin, maidir le miontáirgí ó earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, mar a shainmhínítear sa chaighdeán ábhartha, comhlíonfaidh siad an caighdeán margaíochta is infheidhme, na forálacha i ndáil le táirgí a chur i láthair agus a mharcáil san áireamh.

2.   I gcás nach leagtar síos caighdeán margaíochta sonrach maidir le toradh nó glasra ar leith, comhlíonfar na híoscheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Féadfaidh na Ballstáit rialacha breise a leagan amach lena bhforlíonfar na híoscheanglais sin.

Roinn 3

An bonn chun an cúnamh airgeadais ón Aontas a ríomh

Airteagal 30

Luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh eagraíochtaí nó grúpaí nua-aitheanta

I gcás nach mbeidh sonraí stairiúla ar fáil maidir le táirgeadh margaithe eagraíochta táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, nó grúpa táirgeoirí sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115 le linn na 3 bliana tar éis a aitheanta nó haitheanta le haghaidh na 3 bliana roimhe sin, glacfaidh na Ballstáit le luach an táirgthe mhargaithe nó le luach an táirgthe indíolta le linn tréimhse 12 mhí as a chéile ar luach é arna gcur in iúl ag an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, nó an grúpa táirgeoirí in iúl, ar táirgeadh é ar féidir leis an eagraíocht lena mbaineann nó leis an ngrúpa táirgeoirí a chruthú chun sástacht an Bhallstáit go mbeidh an acmhainn iarbhír aige nó aici lena mhargú ar son a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad.

Mar sin féin, más rud é go mbeidh luach an táirgthe mhargaithe curtha in iúl cheana ag an eagraíocht táirgeoirí, ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, ag an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó ag an ngrúpa táirgeoirí chun críoch a aitheanta nó a haitheanta, glacfaidh na Ballstáit leis an luach sin, agus leis an luach sin amháin.

Airteagal 31

An bonn chun luach an táirgthe mhargaithe a ríomh

1.   Maidir le luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh eagraíocht táirgeoirí, eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, nó grúpa táirgeoirí sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, ríomhfar é sin ar bhonn tháirgeadh na heagraíochta táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, nó an ghrúpa táirgeoirí féin agus a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad a chuireann an eagraíocht sin nó an grúpa sin ar an margadh, agus ní áireofar leis sin ach táirgeadh na dtáirgí sin a n-aithnítear an eagraíocht táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, nó an grúpa táirgeoirí lena n-aghaidh. Féadfar táirgí nach gá a bheith i gcomhréir leis na caighdeáin mhargaíochta a áireamh i luach an táirgthe mhargaithe, i gcás nach bhfuil feidhm ag na caighdeáin sin.

Maidir le luach an táirgthe mhargaithe i gcás comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, ríomhfar é sin ar bhonn an táirgthe a mhargaíonn an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta féin agus a chomhaltaí ar táirgeoirí iad, agus ní áireofar leis sin ach táirgeadh na dtáirgí sin a n-aithnítear an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta lena n-aghaidh. Mar sin féin, i gcás ina bhformheasfar cláir oibríochtúla le haghaidh comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus ar leithligh le haghaidh a eagraíochtaí táirgeoirí ar comhaltaí iad, ní chuirfear luach an táirgthe mhargaithe a áiríodh le haghaidh chláir oibríochtúla na gcomhaltaí san áireamh maidir le luach tháirgeadh margaithe an chomhlachais a ríomh.

Thairis sin, maidir le hearnálacha a liostaítear in Airteagal 42, pointí (e) agus (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh sé go n-áireofar le luach an táirgthe mhargaithe luach an táirgthe a chumhdaítear le conarthaí a chaibidlíonn an eagraíocht táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí ar son a chomhaltaí nó a comhaltaí.

2.   Déanfar luach an táirgthe mhargaithe a ríomh nuair a bheidh na táirgí úr nó ag an gcéad chéim phróiseála ar a margaítear an táirge de ghnáth, ar an mórchóir i gcás inar féidir táirgí a mhargú ar an mórchóir, agus ní áireofar leis sin an costas ar thuilleadh próiseála ná an costas ar thuilleadh cóiriúcháin ná luach na dtáirgí próiseáilte deiridh. Ina bPleananna Straitéiseacha CBT, cuirfidh na Ballstáit in iúl an bealach a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh gach earnála.

Luach an táirgthe mhargaithe maidir le torthaí agus glasraí atá beartaithe lena bpróiseáil, arna gclaochlú i gceann amháin de na táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid X, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó in aon táirge próiseáilte dá dtagraítear sa mhír seo, ag eagraíocht táirgeoirí, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad nó a bhfochuideachtaí i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, as a stuaim féin nó trí sheachfhoinsiú, ríomhfar an luach sin mar ráta comhréidh sa chéatadán a chuirtear i bhfeidhm maidir le luach sonraisc na dtáirgí próiseáilte sin. Is iad seo a leanas na rátaí comhréidhe a bheidh ann:

(a)

53 % le haghaidh súnna torthaí;

(b)

73 % le haghaidh súnna comhdhlúite;

(c)

77 % le haghaidh dlúthán trátaí;

(d)

62 % le haghaidh torthaí agus glasraí reoite;

(e)

48 % le haghaidh torthaí agus glasraí stánaithe;

(f)

70 % le haghaidh beacáin stánaithe Agaricus bisporus agus beacáin shaothraithe eile atá leasaithe faoi sháile;

(g)

81 % le haghaidh torthaí atá leasaithe go sealadach faoi sháile;

(h)

81 % le haghaidh torthaí triomaithe;

(i)

27 % le haghaidh torthaí agus glasraí próiseáilte seachas iad sin dá dtagraítear i bpointí (a) go dtí (h);

(j)

12 % le haghaidh luibheanna aramatacha próiseáilte;

(k)

41 % le haghaidh púdar paiprice.

3.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don tairbhí luach na bhfotháirgí a áireamh i luach an táirgthe mhargaithe.

4.   Áireofar luach na n-aistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce i luach an táirgthe mhargaithe. Maidir leis na táirgí a mhargaíonn an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí le linn na tréimhse lena mbaineann, is ar bhonn mheánphraghas na dtáirgí sin a ríomhfar luach na n-aistarraingtí le haghaidh dáileadh saor in aisce.

5.   Ní áireofar i luach an táirgthe mhargaithe ach táirgeadh na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, an ghrúpa táirgeoirí, a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad a mhargaíonn an eagraíocht táirgeoirí sin, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí sin, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta sin, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta sin nó an grúpa táirgeoirí sin.

Maidir le táirgeadh na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad de chuid na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí a mhargaíonn eagraíocht táirgeoirí eile, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí eile, eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta eile, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta eile nó grúpa táirgeoirí eile a ainmníonn a n-eagraíocht féin, áireofar sin i luach tháirgeadh margaithe na heagraíochta, an chomhlachais nó an ghrúpa a mhargaíonn an táirgeadh. Cuirfear toirmeasc ar an áireamh dúbailte.

6.   Seachas i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 7, táirgeadh margaithe na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, déanfar é a shonrasc ag an gcéim dar teideal “iar-eagraíocht táirgeoirí, iarchomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, iar-eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, iarchomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó iarghrúpa táirgeoirí” nuair a bheidh an táirgeadh margaithe réidh lena margú, gan na nithe seo a leanas a áireamh:

(a)

CBL;

(b)

costais iompair laistigh den eagraíocht táirgeoirí, den chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, den eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, den chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó den ghrúpa táirgeoirí.

7.   Mar sin féin, féadfar luach an táirgthe mhargaithe a ríomh ag an gcéim dar teideal “iar-fhochuideachta” ar an mbonn a leagtar amach i mír 6, ar choinníoll go mbeidh ar a laghad 90 % de scaireanna nó de chaipiteal na fochuideachta:

(a)

i seilbh aon eagraíochta táirgeoirí, aon chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, aon eagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, aon chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó aon ghrúpa táirgeoirí; nó

(b)

faoi réir a fhormheasta ag an mBallstát, i seilbh comhaltaí na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, ar táirgeoirí iad na comhaltaí sin, más rud é go rannchuideofar leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 152(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tríd sin a dhéanamh.

8.   I gcás seachfhoinsithe, déanfar luach an táirgthe mhargaithe a ríomh ag an gcéim dar teideal “iar-eagraíocht táirgeoirí, iarchomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, iar-eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, iarchomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó iarghrúpa táirgeoirí” agus áireofar leis sin luach eacnamaíoch breise na gníomhaíochta a sheachfhoinsíonn an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí chuig a chomhaltaí nó a comhaltaí, tríú páirtithe nó chuig fochuideachta eile seachas an fhochuideachta sin dá dtagraítear i mír 7.

9.   I gcás laghdú ar tháirgeadh de bharr tubaiste nádúrtha, teagmhas aeráide, galair plandaí nó ainmhithe nó inmhíoluithe lotnaidí, aon slánaíocht árachais a fuarthas i leith gníomhaíochtaí árachais buainte nó táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 18, nó gníomhaíochtaí coibhéiseacha a bhainistíonn an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí, a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad, de bharr na gcúiseanna sin, féadfar iad a chur san áireamh i luach an táirgthe mhargaithe le haghaidh na tréimhse tagartha 12 mhí ina ndéanfar an íocaíocht iarbhír.

Airteagal 32

An tréimhse thagartha agus an uasteorainn maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas

1.   Cinnfidh na Ballstáit tréimhse thagartha 12 mhí le haghaidh gach eagraíocht táirgeoirí, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó grúpa táirgeoirí, tréimhse nach gcuirfear tús léi roimh an 1 Eanáir den bhliain ar 3 bliana a bheidh ann roimh an mbliain a n-iarrtar an chabhair lena haghaidh agus a chríochnóidh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain a n-iarrtar an chabhair lena haghaidh.

Tréimhse chuntasaíochta na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí a bheidh sa tréimhse thagartha 12 mhí.

Ní athrófar an mhodheolaíocht maidir leis an tréimhse thagartha a shocrú le linn cláir ach amháin i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin a dhéanamh.

2.   Cinnfidh na Ballstáit cé acu de na bealaí seo a leanas a ríomhfar an uasteorainn maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas chuig an gciste oibríochtúil gach bliain:

(a)

ar bhonn luach an táirgthe mhargaithe le linn thréimhse thagartha na dtáirgeoirí ar comhaltaí iad den eagraíocht táirgeoirí, den chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, den eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, den chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó den ghrúpa táirgeoirí ar an 1 Eanáir den bhliain a n-iarrtar an chabhair lena haghaidh; nó

(b)

ar bhonn luach iarbhír an táirgthe mhargaithe le linn thréimhse thagartha na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí lena mbaineann. Sa chás sin, beidh feidhm ag an riail maidir le gach tairbhí neamh-trasnáisiúnta sa Bhallstát sin.

3.   I gcás laghdú 35 % ar a laghad ar luach táirgthe mhargaithe táirge le haghaidh bliain áirithe i ndáil le meánluach na 3 thréimhse thagartha 12 mhí roimhe sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

má tharlaíonn an laghdú de bharr cúiseanna nach bhfuil faoi fhreagracht ná faoi rialú na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, measfar gur 65 % den mheánluach sna 3 thréimhse thagartha 12 mhí roimhe sin a bheidh i luach táirgthe mhargaithe an táirge sin;

(b)

má tharlaíonn an laghdú de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhais aeráide, galair plandaí nó inmhíolú lotnaidí nach bhfuil faoi fhreagracht ná faoi rialú na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, na heagraíochta táirgeoirí trasnáisiúnta, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an ghrúpa táirgeoirí, measfar gur 85 % den mheánluach sna 3 thréimhse thagartha 12 mhí roimhe sin a bheidh i luach táirgthe mhargaithe an táirge sin.

Sa dá chás, an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí, cruthóidh siad d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nach raibh na cúiseanna sin faoina fhreagracht nó faoina freagracht ná faoina rialú.

I gcás ina gcruthóidh an eagraíocht táirgeoirí, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta nó an grúpa táirgeoirí don Bhallstát lena mbaineann nach raibh na cúiseanna sin faoina fhreagracht nó faoina freagracht ná faoina rialú agus go ndearna siad na bearta coisctheacha is gá, measfar gur 100 % den mheánluach sna 3 thréimhse thagartha 12 mhí roimhe sin a bheidh i luach táirgthe mhargaithe an táirge sin.

CAIBIDIL III

Earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Airteagal 33

Costais chóiriúcháin le haghaidh dáileadh saor in aisce

Maidir le íocaíochtaí caiteachais leis an eagraíocht táirgeoirí, leis an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, leis an eagraíocht táirgeoirí trasnáisiúnta, nó leis an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta i ndáil leis na costais chóiriúcháin a bhaineann le torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce faoi chláir oibríochtúla, leagtar amach iad in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 34

Leibhéal eagrúcháin táirgeoirí a ríomh chun críoch an chúnaimh airgeadais náisiúnta

1.   Agus an leibhéal cúnaimh airgeadais náisiúnta á chinneadh in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2115, ríomhfar an leibhéal eagrúcháin i réigiún Ballstáit ar bhonn luach na dtorthaí agus na nglasraí a tháirgtear sa réigiún lena mbaineann agus a mhargaíonn na heagraíochtaí agus ní áireofar leis sin ach na táirgí sin a n-aithnítear na heagraíochtaí sin lena n-aghaidh. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 31 den Rialachán seo.

2.   Ní mheasfar ach torthaí agus glasraí a tháirgtear sa réigiún dá dtagraítear i mír 3 chun críocha an Airteagail seo.

3.   Saineoidh na Ballstáit na réigiúin mar chuid leithleach dá gcríoch náisiúnta i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, amhail a saintréithe agranamaíocha agus eacnamaíocha agus a n-acmhainneacht talmhaíochta réigiúnaí nó a n-acmhainneacht maidir le torthaí agus glasraí, nó a struchtúr institiúideach nó riaracháin agus a bhfuil sonraí ar fáil lena n-aghaidh chun an leibhéal eagrúcháin dá dtagraítear i mír 1 a ríomh.

Ní dhéanfar an liosta réigiún a bhunaíonn Ballstát a leasú go ceann 5 bliana ar a laghad ach amháin i gcás ina mbeidh údar oibiachtúil leis, go háirithe ar chúiseanna nach mbaineann le leibhéal eagrúcháin táirgeoirí sa réigiún nó sna réigiúin lena mbaineann a ríomh.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gach bliain faoin 31 Eanáir maidir le liosta na réigiún a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115, agus maidir leis an méid cúnaimh airgeadais náisiúnta a deonaíodh d’eagraíochtaí táirgeoirí sna réigiúin sin.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le haon athrú ar liosta na réigiún.

5.   Déanfaidh eagraíocht táirgeoirí ar mian léi iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais náisiúnta a clár oibríochtúil a leasú, más gá.

Airteagal 35

An meánmhéid 3 bliana maidir le haistarraingtí ón margadh le haghaidh dáileadh saor in aisce

1.   Maidir leis an teorainn 5 % de mhéid an táirgthe mhargaithe dá dtagraítear in Airteagal 52(6), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115, ríomhfar í ar bhonn mheánmhéid na méideanna foriomlána táirgí a n-aithnítear an eagraíocht táirgeoirí lena n-aghaidh agus a mhargaítear tríd an eagraíocht táirgeoirí le linn na 3 bliana roimhe sin.

2.   Is éard a bheidh sna sonraí maidir le blianta margaithe roimh aitheantas le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí nua-aitheanta:

(a)

i gcás ina mbíodh an eagraíocht ina grúpa táirgeoirí, na sonraí coibhéiseacha maidir leis an ngrúpa sin; nó

(b)

an méid is infheidhme maidir leis an iarratas ar aitheantas.

CAIBIDIL IV

Earnáil na beachaireachta

Airteagal 36

An sainmhíniú ar choirceog beach

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn an téarma “coirceog beach” an t-aonad ina mbíonn coilíneacht beach meala a úsáidtear chun mil, táirgí beachaireachta eile nó ábhar pórúcháin beach meala a tháirgeadh agus ina mbíonn na heilimintí uile is gá chun go mairfidh sí.

Airteagal 37

An modh chun líon na gcoirceog beach a ríomh

Ríomhfar líon na gcoirceog beach atá réidh le geimhriú i gcríoch na mBallstát idir an 1 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig gach bliain i gcomhréir le modh iontaofa bunaithe a leagtar síos sna Pleananna Straitéiseacha CBT.

Airteagal 38

An fógra maidir le líon na gcoirceog beach

An fógra bliantúil maidir le líon na gcoirceog beach dá dtagraítear in Airteagal 55(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo, déanfar é faoin 15 Meitheamh gach bliain, ó 2023 ar aghaidh.

Airteagal 39

An ranníocaíocht íosta ón Aontas

30 % a bheidh sa ranníocaíocht íosta ón Aontas leis an gcaiteachas a bhaineann le cur chun feidhme na gcineálacha idirghabhála in earnáil na beachaireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus a shonraíonn na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.

CAIBIDIL V

Earnáil an fhíona

Airteagal 40

Tairbhithe

1.   Cinnfidh na Ballstáit cé acu de na hoibreoirí a fhéadfaidh tairbhiú d’idirghabhálacha in earnáil an fhíona a shonraítear ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Áireofar leis na hoibreoirí sin tairbhithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 mar aon le heagraíochtaí gairmiúla, eagraíochtaí táirgeoirí fíona, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí fíona, comhlachais shealadacha nó bhuana ina bhfuil dhá tháirgeoir fíona nó níos mó agus eagraíochtaí idirchraoibhe.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil gur saothróirí fíona amháin a thairbheoidh de na cineálacha idirghabhála “fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú”, “glasbhuaint” agus “árachas buainte” dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (c) agus (d), de Rialachán (AE) 2021/2115, faoi seach.

3.   Ní fhéadfaidh comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí tairbhiú de thacaíocht faoi na cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chomhlacht faoi rialú an dlí phoiblí tairbhiú den tacaíocht sna cásanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh gníomhaíochtaí a chuireann eagraíochtaí idirchraoibhe dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (i) agus (j), de Rialachán (AE) 2021/2115 chun feidhme;

(b)

le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn agus cumarsáid a dhéantar i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (h) agus (k), de Rialachán (AE) 2021/2115, ar choinníoll nach é an t-aon tairbhí den tacaíocht a deonaíodh i leith na n-idirghabhálacha sin.

4.   Féadfaidh cuideachtaí príobháideacha a bheith ina dtairbhithe le haghaidh cur chun cinn agus cumarsáid a dhéantar i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115.

5.   Ní dheonófar aon tacaíocht do tháirgeoirí a shaothraíonn planduithe neamhdhleathacha agus limistéir faoi fhíniúnacha gan údarú de bhun Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 41

Fíonghoirt a athphlandú ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta

Maidir leis an gcaiteachas bliantúil a íocann na Ballstáit as tacaíocht d’idirghabhálacha a shonraítear ina bPleananna Straitéiseacha CBT i ndáil le fíonghoirt a athphlandú tar éis grafa éigeantaigh, ní rachaidh sé sin thar 15 % den chaiteachas bliantúil iomlán ar fhíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú faoi Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 a íocann an Ballstát lena mbaineann le linn aon bhliana airgeadais ar leith.

Ní bheidh na costais grafa éigeantaigh agus an cúiteamh as an ioncam a tarscaoileadh ina gcaiteachas incháilithe faoin gcineál idirghabhála seo.

Airteagal 42

Limistéar faoi fhíniúnacha

1.   Chun críocha Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, sainítear limistéar faoi fhíniúnacha le himlíne sheachtrach na gcrann fíniúna a gcuirtear maolán leis, maolán a gcomhfhreagraíonn a leithead do leath an achair idir na sraitheanna.

2.   Maidir le costais incháilithe oibríochtaí le haghaidh fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú agus oibríochtaí le haghaidh na glasbhuainte, i gcás ina gcinnfidh Ballstát na costais sin a dheimhniú go heisiach ar bhonn scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid bunaithe ar aonaid tomhais atá difriúil leis an dromchla nó ar bhonn doiciméid thacaíochta a bheidh le cur isteach ag na tairbhithe, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh gan an limistéar faoi fhíniúnacha a thomhas mar a leagtar amach i mír 1.

CAIBIDIL VI

Earnáil na leannlusanna

Airteagal 43

Cúnamh airgeadais ón Aontas

Maidir leis an uasmhéid cúnaimh airgeadais ón Aontas a bheidh le leithdháileadh ar gach eagraíocht táirgeoirí nó ar gach comhlachas, dá dtagraítear in Airteagal 62(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, ríomhfar é sin ar bhonn pro rata bunaithe ar limistéir incháilithe leannlusanna a chomhaltaí nó a comhaltaí ar táirgeoirí iad. Chun a bheith incháilithe, cuirfear na limistéir leannlusanna ag dlús aonfhoirmeach 1 500 planda ar a laghad in aghaidh an heicteáir i gcás sreangú dúbailte, nó ag dlús aonfhoirmeach 2 000 planda ar a laghad in aghaidh an heicteáir i gcás sreangú aonair.

Ní áireofar sna limistéir ach limistéir a theorannaítear le líne lena gceanglaítear teanntáin sheachtracha na gcuaillí le chéile. I gcás ina mbeidh plandaí leannlusanna ar an líne sin, cuirfear sraith bhreise ag a bhfuil leithead a chomhfhreagraíonn do mheánleithead sraithe laistigh den dáileacht sin leis an dá thaobh den limistéar sin. Ní bheidh an tsraith bhreise ina cuid de cheart slí poiblí. Maidir leis an dá chinnfhearann ag dhá cheann na sraitheanna leannlusanna a bhfuil gá leo chun innealra talmhaíochta a ainliú, féadfar iad a áireamh sa limistéar, ar choinníoll nach faide ná 8 méadar ceachtar cinnfhearann ó thaobh an fhaid de agus nach n-áireofar iad ach uair amháin, agus nach mbeidh siad ina gcuid de cheart slí poiblí.

Limistéir ina gcuirtear plandaí óga leannlusanna a fhástar go príomha mar tháirgí plandlainne, ní áireofar iad sin sna limistéir.

CAIBIDIL VII

Earnáil an bheostoic

Airteagal 44

Athstocáil le beostoc tar éis a mharaithe go héigeantach ar chúiseanna sláinte nó mar gheall ar chaillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear chun feidhme an cineál idirghabhála “athstocáil le beostoc tar éis a mharaithe go héigeantach ar chúiseanna sláinte nó mar gheall ar chaillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha” dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/2115, ach amháin i gcás ina ndéantar bearta rialaithe galar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

2.   Ní rachaidh caiteachas le haghaidh athstocála le beostoc thar 20 % den chaiteachas iomlán faoi chláir oibríochtúla.

TEIDEAL IV

CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE CINEÁLACHA ÁIRITHE IDIRGHABHÁLA SAN FHORBAIRT TUAITHE

Airteagal 45

Caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht

1.   Na Ballstáit a chuirfidh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha a bhaineann le caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh siad tacaíocht a sholáthar mar seo a leanas:

(a)

i bhfoirm gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide i leith pórtha agus cineálacha plandaí feirme atá i mbaol ó chreimeadh géiniteach a chaomhnú; nó

(b)

i bhfoirm tacaíochta do ghníomhaíochtaí maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht.

Maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gcineál gealltanas agra-chomhshaoil-aeráide dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ní bheidh siadsan incháilithe le haghaidh tacaíochta de bhun na fomhíre sin, pointe (b).

2.   Leis na gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide i leith pórtha agus cineálacha plandaí feirme atá i mbaol ó chreimeadh géiniteach a chaomhnú, dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), áiritheoidh na Ballstáit go gceanglófar an méid seo a leanas:

(a)

ainmhithe feirme a thógáil ar pórtha áitiúla iad atá aitheanta ag an mBallstát mar phórtha atá i mbaol, agus atá oiriúnaithe go géiniteach do cheann amháin nó níos mó de chórais táirgthe traidisiúnta nó do thimpeallachtaí sa Bhallstát sin, i gcás ina ndéanann comhlacht ag a bhfuil na scileanna agus an t-eolas is gá i réimse na bpórtha atá i mbaol an stádas de bheith i mbaol a bhunú go heolaíochtúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24), de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14); nó

(b)

acmhainní géiniteacha plandaí atá oiriúnaithe go nádúrtha do na dálaí áitiúla agus réigiúnacha agus atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú.

3.   Na speicis ainmhithe feirme seo a leanas, ar pórtha áitiúla iad, dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), féadfaidh siad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta:

(a)

eallach;

(b)

caoirigh;

(c)

gabhair;

(d)

eachainmhithe (Equus caballus agus Equus asinus);

(e)

muca;

(f)

éin;

(g)

coiníní;

(h)

beacha.

4.   Ní mheasfaidh na Ballstáit go bhfuil na pórtha áitiúla dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) incháilithe le haghaidh tacaíochta, ach amháin má chomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)

luafar líon na mbaineannach pórúcháin ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

cláróidh cumann póir ábhartha a aithnítear go cuí an tréadleabhar nó an leabhar pórúcháin ealta a choinnítear cothrom le dáta.

5.   Measfaidh na Ballstáit go bhfuil acmhainní géiniteacha plandaí dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), i mbaol ó chreimeadh géiniteach, ar choinníoll go gcuirfear fianaise leordhóthanach ar fáil faoi chreimeadh géiniteach, bunaithe ar thorthaí eolaíocha nó ar tháscairí lena léirítear laghdú ar phórtha dúchasacha nó ar chineálacha pórtha céadrata áitiúla, ar a n-éagsúlacht daonra agus, i gcás inarb ábhartha, lena léirítear athruithe ar na cleachtais talmhaíochta atá i réim go háitiúil.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar sna hoibríochtaí maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí spriocdhírithe lena gcuirtear chun cinn caomhnú in situ agus caomhnú ex situ, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, lena n-áirítear caomhnú ar an bhfeirm nó ar an ngabháltais foraoiseachta, agus fardail ghréasánbhunaithe de bhailiúcháin ex situ agus de bhunachair sonraí ex situ;

(b)

gníomhaíochtaí comhbheartaithe lena gcuirtear chun cinn malartú faisnéise le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i dtalmhaíocht nó i bhforaoiseacht an Aontais i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;

(c)

beart tionlacain: faisnéis, scaipeadh, comhairle, oiliúint agus ullmhú tuarascála teicniúla, ina gcuirtear san áireamh eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe leasmhara eile.

7.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

sa talmhaíocht ciallaíonn “caomhnú in situ” ábhair ghéiniteacha a chaomhnú in éiceachórais agus i ngnáthóga nádúrtha, agus daonraí speiceas inmharthana nó daonraí fiaphórtha inmharthana a chothabháil agus a athshlánú ina dtimpeallachtaí nádúrtha féin agus, i gcás pórtha ainmhithe clóis nó i gcás speiceas plandaí saothraithe, sa timpeallacht feirme inar fhorbair siad a gcuid saintréithe féin;

(b)

san fhoraoiseacht ciallaíonn “caomhnú in situ” ábhar géiniteach a chaomhnú in éiceachórais agus i ngnáthóga nádúrtha agus daonraí speiceas inmharthana ina dtimpeallacht nádúrtha a chothabháil agus a ghnóthú;

(c)

ciallaíonn “caomhnú ar an ngabháltas feirmeoireachta nó ar an ngabháltas foraoise” caomhnú agus forbairt in situ ar leibhéal an ghabháltais feirmeoireachta nó an ghabháltais foraoise;

(d)

ciallaíonn “caomhnú ex situ” ábhar géiniteach a chaomhnú le haghaidh talmhaíocht nó foraoiseacht lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha;

(e)

ciallaíonn “bailiú ex situ” ábhar géiniteach a bhailiú le haghaidh talmhaíocht nó foraoiseacht a chothaítear lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha.

Airteagal 46

Leas ainmhithe

Maidir leis na Ballstáit a chuirfidh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha a bhaineann le gealltanais maidir le leas ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh siad go soláthrófar caighdeáin uasghrádaithe modhanna táirgthe le gealltanais maidir le leas ainmhithe i gceann amháin de na réimsí seo a leanas ar a laghad:

(a)

uisce, beatha, cúram sláinte ainmhithe i gcomhréir leis na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;

(b)

dálaí tithíochta lena gcuirtear le compord agus saoirse gluaiseachta na n-ainmhithe, amhail lamháltais maidir le spás breise, dromchlaí urláir, solas nádúrtha, rialáil mhiocraeráide, mar aon le dálaí tithíochta amhail tithíocht saorbhreithe nó tithíocht grúpa, ag brath ar na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;

(c)

dálaí lenar féidir le hainmhithe iompraíocht nádúrtha a chleachtadh, amhail an timpeallacht mhaireachtála a shaibhriú nó scoitheadh mall;

(d)

rochtain ar an taobh amuigh agus féarach;

(e)

cleachtais lena gcuirtear le stóinseacht agus fad saoil ainmhithe, lena n-áirítear pórtha a fhásann níos moille;

(f)

cleachtais chun ciorrú nó coilleadh ainmhithe a sheachaint. I gcásanna sonracha ina meastar go bhfuil gá le hainmhithe a chiorrú nó a choilleadh, bainfear úsáid as ainéistéisigh, anailgéise agus cógas fríth-athlastach nó imdhíonchoilleadh;

(g)

bearta sláintíochta, lena gcuirtear cosc ar ghalair neamh-tharchurtha, nach gá substaintí leighis a úsáid ina leith amhail vacsaíní, feithidicídí nó drugaí frithsheadánacha.

Airteagal 47

Scéimeanna cáilíochta

Maidir leis na Ballstáit a chuirfidh ina bPleananna Straitéiseacha CBT idirghabhálacha a bhaineann le scéimeanna cáilíochta, dá dtagraítear in Airteagal 77(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh siad go gcumhdófar an méid seo a leanas leis na scéimeanna cáilíochta náisiúnta aitheanta:

(a)

scéimeanna cáilíochta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin feirmeacha, le haghaidh táirgí talmhaíochta, cadáis nó bia-earraí, a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas:

(i)

díorthaítear sainiúlacht an táirge deiridh faoi scéimeanna den sórt sin ó oibleagáidí soiléire chun aon cheann díobh seo a leanas a ráthú:

saintréithe sonracha táirgí,

modhanna feirmeoireachta nó táirgthe sonracha, nó

táirge deiridh a áirithiú a dtéann a cháilíocht go suntasach thar na caighdeáin tráchtearra tráchtála a mhéid a bhaineann le sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe nó sláinte plandaí, le leas ainmhithe nó le cosaint an chomhshaoil;

(ii)

tá an scéim ar fáil don uile tháirgeoir;

(iii)

baineann an scéim le sonraíochtaí táirge atá ina gceangal agus fíoraíonn údaráis phoiblí nó comhlacht neamhspleách iniúchta comhlíonadh na sonraíochtaí sin;

(iv)

tá an scéim trédhearcach agus ráthaíonn sé inrianaitheacht táirgí;

(b)

scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad treoirlínte dea-chleachtais an Aontais maidir le scéimeanna deonacha deimhniúcháin a fheidhmiú dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2010 dar teideal “Treoirlínte dea-chleachtais an Aontais maidir le scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí” (15) a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus le bia-earraí.

TEIDEAL V

RIALACHA MAIDIR LEIS AN gCÓIMHEAS LE HAGHAIDH CHAIGHDEÁN 1 MAIDIR LEIS AN DEA-RIOCHT TALMHAÍOCHTA AGUS COMHSHAOIL

Airteagal 48

Rialacha maidir leis an gcóimheas le haghaidh chaighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil

1.   Maidir le féarthalamh buan a chothabháil i ndáil le caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh na Ballstáit nach dtiocfaidh laghdú is mó ná 5 % ar chóimheas an fhéarthalaimh bhuain i ndáil le limistéar talmhaíochta i gcomparáid le cóimheas tagartha a bheidh le bunú ag gach Ballstát ina bPlean Straitéiseach CBT trí limistéir féarthalaimh bhuain a roinnt ar an limistéar talmhaíochta iomlán.

Chun an cóimheas tagartha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú:

(a)

ciallaíonn “limistéir féarthalaimh bhuain” féarthalamh buan a dhearbhaigh feirmeoirí a bhí ag fáil íocaíochtaí díreacha in 2018, i gcomhréir le hAirteagal 72(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), agus féarthalamh arna chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), an dara fomhír, pointe (23), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún (17), ar féarthalamh é a choigeartaigh na Ballstáit i ngás inar gá chun an tionchar a bheadh ag athrú a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh, go háirithe athrú ar an sainmhíniú ar fhéarthalamh buan a bheidh le bunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

ciallaíonn “limistéar talmhaíochta iomlán” an limistéar talmhaíochta a dhearbhaigh feirmeoirí a bhí ag fáil íocaíochtaí díreacha in 2018 i gcomhréir le hAirteagal 72(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, agus an limistéar talmhaíochta arna chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), an dara fomhír, pointe (23), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014, ar fhéarthalamh é a choigeartaigh na Ballstáit i gcás inar gá, go háirithe chun an tionchar a bheadh ag athrú a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh, athrú ar an sainmhíniú ar limistéir thalmhaíochta a bheidh le bunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Bunófar cóimheas an fhéarthalaimh bhuain gach bliain ar bhonn na limistéar a dhearbhaíonn na tairbhithe a bheidh ag fáil íocaíochtaí díreacha de bhun Theideal III, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na bliana sin nó a bheidh ag fáil na n-íocaíochtaí bliantúla de bhun Airteagail 70, 71 agus 72 den Rialachán sin agus i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

Féadfaidh na Ballstáit cóimheas an fhéarthalaimh bhuain agus an cóimheas tagartha a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, foréigiúnach, ar leibhéal an ghrúpa gabháltas nó ar leibhéal an ghabháltais.

3.   I gcás ina mbunófar gur tháinig laghdú ar mó ná 5 % é ar an gcóimheas dá dtagraítear i mír 2 ar an leibhéal ar a gcuirtear caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil chun feidhme, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann oibleagáidí a fhorchur ar leibhéal an ghabháltais chun talamh a athrú ina fhéarthalamh buan nó chun limistéar féarthalaimh bhuain a bhunú le haghaidh roinnt feirmeoirí nó le haghaidh na bhfeirmeoirí uile a bhfuil talamh ar fáil dóibh a athraíodh ó fhéarthalamh buan ina thalamh le haghaidh úsáidí le linn tréimhse san aimsir a caitheadh.

Mar sin féin, i gcás ina gcoimeádtar an limistéar féarthalaimh bhuain in aon bhliain ar leith i ndearbhthéarmaí laistigh de 0,5 % de na limistéir féarthalaimh bhuain a bunaíodh i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, pointe (a), measfar gur comhlíonadh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír.

4.   Maidir le gealltanais a dhéantar nó oibleagáidí, dá dtagraítear in Airteagal 4(4), pointí (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, nach ndéantar gníomhaíocht talmhaíochta a thuilleadh ar an limistéar i gceist mar gheall orthu sin, agus nach n-áirítear fáschoillte crann Nollag nó saothrú barr nó crann le haghaidh táirgeadh fuinnimh leo, i gcás gurb iad na gealltanais sin nó na hoibleagáidí sin is cúis leis an laghdú faoi bhun na tairsí 5 %, ní bheidh feidhm ag mír 3, an chéad fhomhír.

5.   Chun an cóimheas dá dtagraítear i mír 2 a ríomh, limistéir a athraíodh ina bhféarthalamh buan nó a bunaíodh mar fhéarthalamh buan i gcomhréir le mír 3, nó a bunaíodh mar fhéarthalamh buan agus caighdeán 1 maidir leis an dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil á chur chun feidhme ag an mBallstát, measfar iad mar fhéarthalamh buan amhail ó chéad lá an athraithe nó ó chéad lá an bhunaithe. Bainfear úsáid as na limistéir sin chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 4(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, ar feadh 5 bliana as a chéile ar a laghad tar éis an athraithe nó tar éis an bhunaithe, nó i gcás limistéir a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás cheana, ar feadh líon na mblianta atá fágtha chun 5 bliana as a chéile a bhaint amach.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(3)  https://www.unodc.org/unodc/en/treaties/single-convention.html

(4)  Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).

(5)  Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).

(6)  Treoir 2008/62/CE ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2008 lena ndéantar foráil maidir le maoluithe áirithe chun glacadh le pórtha dúchasacha agus cineálacha talmhaíochta atá curtha in oiriúint do na coinníollacha áitiúla agus réigiúnacha atá faoi bhagairt ag an gcreimeadh géiniteach agus chun síolta agus prátaí síl ó na pórtha dúchasacha agus na cineálacha sin a mhargú (IO L 162, 21.6.2008, lch. 13).

(7)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(8)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 821/2014 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe i leith aistriú agus bhainistiú na ranníocaíochtaí cláir, an tuairisciú ar ionstraimí airgeadais, saintréithe teicniúla na mbeart faisnéise agus cumarsáide le haghaidh oibríochtaí agus an córas chun sonraí a thaifeadadh agus a stóráil (IO L 223, 29.7.2014, lch. 7).

(11)  Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4) ón gComhairle.

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).

(15)   IO C 341, 16.12.2010, lch. 5.

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).

(18)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).


IARSCRÍBHINN I

Modh an Aontais chun cineálacha cnáibe a fhíorú agus an cion Δ9-teitrihidreacannaibionóil i gcineálacha cnáibe dá dtagraítear in Airteagal 3 a chinneadh

1.   Raon Feidhme

Féachtar leis an modh a leagtar amach san Iarscríbhinn seo le cion Δ9-teitrihidreacannaibionóil (dá ngairfear amach anseo ‘cion THC’) cineálacha cnáibe (Cannabis sativa L.) a chinneadh. Mar is iomchuí is é atá i gceist leis an modh nós imeachta A nó B a bhfuil cur síos orthu san Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm.

Tá an modh bunaithe ar chinneadh cainníochtúil THC le crómatagrafaíocht gháis (CG) tar éis eastósctha le tuaslagán oiriúnach.

1.1.   Nós Imeachta A

Úsáidfear nós imeachta A le haghaidh seiceálacha ar tháirgeadh cnáibe i gcás ina gcumhdófar leis an sampla rialaithe le haghaidh seiceálacha ar an láthair a dhéanfar gach bliain 30 % ar a laghad de na limistéir ar dearbhaíodh ina leith táirgeadh cnáibe i gcomhréir le hAirteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115.

1.2.   Nós Imeachta B

Úsáidfear nós imeachta B i gcás ina dtabharfaidh Ballstát córas isteach chun cnáib a shaothrú roimh ré, agus ina gcumhdófar le híosleibhéal na seiceálacha ar an láthair ar a laghad 20 % de na limistéir arna ndearbhú um tháirgeadh cnáibe i gcomhréir le hAirteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Sampláil

2.1.   Coinníollacha maidir leis na samplaí a thógáil

Tógfar na samplaí i rith an lae tar éis patrún córasach lena áirithiú go bhfuil an sampla ionadaíoch don réimse, ach gan imill an bharr a chur san áireamh.

2.1.1.   Nós Imeachta A:

i mbarr ar a chois de chineál áirithe cnáibe, ní mór cuid 30 cm ina bhfuil ar a laghad aon bhláthra baineann de gach planda arna roghnú a thógáil. Déanfar an tsampláil le linn na tréimhse ó 20 lá tar éis thús an bhláthaithe go dtí 10 lá tar éis dheireadh an bhláthaithe.

Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun sampláil a dhéanamh le linn na tréimhse ó thús an bhláthaithe go 20 lá tar éis thús an bhláthaithe ar choinníoll, i gcás gach cineáil a fhástar, go dtógtar samplaí ionadaíocha eile i gcomhréir leis an gcéad mhír le linn na tréimhse ó 20 lá tar éis thús an bhláthaithe go 10 lá tar éis dheireadh an bhláthaithe.

I gcás cnáibe a shaothraítear mar bharr breise, in éagmais bláthraí baineanna, tógfar an 30 cm is airde den ghas planda. Sa chás sin, déanfar an tsampláil díreach roimh dheireadh na tréimhse fáis, nuair a thosóidh na duilleoga ag léiriú na gcéad chomharthaí buí, ach tráth nach déanaí ná tús na tréimhse réamhfhaisnéise seaca.

2.1.2.   Nós Imeachta B:

i mbarr ar a chois de chineál áirithe cnáibe, ní mór an trian uachtarach de gach planda arna roghnú a thógáil. Déanfar an tsampláil le linn na 10 lá tar éis dheireadh an bhláthaithe nó, i gcás cnáibe a shaothraítear mar bharr breise, in éagmais bláthraí baineanna, díreach roimh dheireadh na tréimhse fáis, nuair a thosóidh na duilleoga ag cur an chéad chomhartha buí i láthair, ach tráth nach déanaí ná tús na tréimhse réamhaisnéise seaca. I gcás cineálacha dé-éiciacha, ní mór gan ach plandaí baineanna a thógáil.

2.2.   Méid sampla

Nós Imeachta A: ní mór go gcuimseodh an sampla codanna de 50 planda in aghaidh an ghoirt.

Nós Imeachta B: ní mór go gcuimseodh an sampla codanna de 200 planda in aghaidh an ghoirt.

Ní mór gach sampla a chur i mála fabraice nó páipéir gan é a bhrú, agus a sheoladh chuig an tsaotharlann le haghaidh anailíse.

Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an dara sampla a bhailiú lena fhrithanailís, más gá, a bheidh le coimeád ag an táirgeoir nó ag an gcomhlacht atá freagrach as an anailís.

2.3.   Triomú agus stóráil an tsampla

Ní mór go dtosódh triomú na samplaí chomh luath agus is féidir agus, i gcás ar bith, laistigh de 48 n-uaire an chloig agus aon mhodh faoi bhun 70 °C á úsáid.

Ní mór samplaí a thriomú go meáchan tairiseach agus go cion taise idir 8 % agus 13 %.

Tar éis triomaithe, ní mór na samplaí a stóráil gan iad a bhrú ag faoi bhun 25 °C in áit dhorcha.

3.   An t-ábhar THC a shainiú

3.1.   An sampla tástála a ullmhú

Ní mór na gais agus na síolta atá níos mó ná 2 mm a bhaint ó na samplaí triomaithe.

Ní mór na samplaí triomaithe a mheilt chun púdar leathmhín (ar féidir a chur trí chriathar mogaill 1 mm) a fháil.

Féadfar an púdar a stóráil ar feadh 10 seachtaine ag faoi bhun 25 °C in áit dhorcha, thirim.

3.2.   Imoibrithe agus an tuaslagán eastósctha

Imoibrithe

Δ9-teitrihidreacannaibionóil, íon chun críoch crómatagrafach,

squalane, íon le haghaidh cuspóirí crómatagrafacha, mar chaighdeán inmheánach.

Tuaslagán eastósctha

35 mg de squalane in aghaidh 100 ml de heacsán.

3.3.   Eastóscadh THC

Ní mór 100 mg den sampla tástála púdraithe a mheá, a chur i bhfeadán lártheifeach agus ní mór 5 ml de thuaslagán eastósctha ina bhfuil an caighdeán inmheánach, a chur leis.

Ní mór an sampla a chur i ndabhach ultrafhuaime agus a fhágáil ar feadh 20 nóiméid. Ní mór é a lártheifneoiriú ar feadh cúig nóiméid ag 3 000 r.p.m. agus ansin ní mór an THC forleachta a bhaint de. Ní mór an tuaslagán a instealladh sa chrómatagraf agus ní mór anailís chainníochtúil a dhéanamh.

3.4.   Crómatagrafaíocht gáis

(a)

Fearas

crómatagraf gáis le brathadóir ianúcháin lasrach agus insteallaire scoilte/nach bhfuil scoilte

colún lena gceadaítear deighilt mhaith cannaibionóideach mar shampla colún ribeach gloine atá 25 m ar fad agus 0,22 mm ar trastomhas agus é maothaithe le pas 5 % neamhpholach le feinil-mheitil-siloxane.

(b)

Raonta calabraithe

Ar a laghad trí phointe do nós imeachta A agus cúig phointe do nós imeachta B, lena n-áirítear pointe 0,04 agus 0,50 mg/ml THC sa tuaslagán eastósctha.

(c)

Coinníollacha turgnamhacha

Tugtar na coinníollacha seo a leanas mar shampla don cholún dá dtagraítear i bpointe (a):

teocht oighinn 260 °C,

teocht insteallaire 300 °C,

teocht brathadóra 300 °C.

(d)

Toirt insteallta: 1 μl.

4.   Torthaí

Ní mór na fionnachtana a léiriú go dhá phointe deachúlach i ngraim de THC in aghaidh 100 gram de shampla anailíseach arna thriomú go meáchan tairiseach. Ní mór go mbeadh lamháltas de 0,03 g in aghaidh 100 g i bhfeidhm.

Nós Imeachta A: aon sainiú amháin in aghaidh shampla tástála.

Áit a bhfuil an toradh a fhaightear os cionn na teorann arna leagan síos in Airteagal 4(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115, áfach, déanfar an dara sainiú in aghaidh an tsampla anailíse agus ní mór meánluach an dá shainiú a thógáil mar an toradh.

Nós Imeachta B: ní mór go gcomhfhreagródh an toradh do mheánluach dhá shainithe in aghaidh shampla tástála.


IARSCRÍBHINN II

Liosta de chineálacha caiteachais neamh-incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2)

CUID I

In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na beachaireachta, earnáil na leannlusanna, earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus sna hearnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115

1.

Costais ghinearálta táirgthe agus, go háirithe, costais mícéiliam, síolta agus plandaí neamh-ilbhliantúla (fiú agus iad deimhnithe); táirgí cosanta plandaí (lena n-áirítear ábhair chomhtháite rialaithe); leasacháin agus ionchuir eile; costais bhailithe nó iompair (inmheánach nó seachtrach); costais stórála; costais phacáistíochta (lena n-áirítear úsáid agus bainistiú pacáistithe), fiú mar chuid de phróisis nua; costais oibriúcháin (go háirithe leictreachas, breosla agus cothabháil).

2.

Aisíoc iasachtaí a thógfar amach le haghaidh idirghabhála.

3.

Ceannach talún nár tógadh air a chosnaíonn níos mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe ar an oibríocht lena mbaineann.

4.

Infheistíochtaí i modhanna iompair lena n-úsáid ag an tairbhí in earnáil na beachaireachta nó le haghaidh margú nó dáileadh ag an eagraíocht táirgeoirí.

5.

Costais oibriúcháin na n-earraí arna bhfruiliú.

6.

Caiteachas atá nasctha le conarthaí léasaithe (cánacha, ús, costais árachais, etc.) agus le costais oibriúcháin.

7.

Conarthaí fochonraitheoireachta nó seachfhoinsithe a bhaineann leis na hoibríochtaí nó leis an gcaiteachas a luaitear fúthu nach bhfuil siad incháilithe ar an liosta sin.

8.

Aon cháin náisiúnta nó réigiúnach nó aon tobhach fioscach.

9.

Ús ar fhiachas ach amháin i gcás ina ndéantar an ranníocaíocht i bhfoirm eile seachas cúnamh díreach neamh-inaisíoctha.

10.

Infheistíochtaí i scaireanna nó i gcaipiteal cuideachtaí más infheistíocht airgeadais í an infheistíocht.

11.

Na costais a thabhaíonn páirtithe eile seachas an tairbhí, an eagraíocht táirgeoirí nó a gcomhaltaí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó a gcomhaltaí ar táirgeoirí iad nó fochuideachta nó eintiteas laistigh de shlabhra fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 31(7), nó faoi réir formheas Ballstáit, ag comharchumann atá ina chomhalta d’eagraíocht táirgeoirí.

12.

Idirghabhálacha nach ndéantar ar ghabháltais agus/nó ar áitribh na heagraíochta táirgeoirí, an chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, nó a gcomhaltaí ar táirgeoirí iad, nó fochuideachta, nó eintitis laistigh de shlabhra fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 31(7), nó atá faoi réir formheas Ballstáit, ag comharchumann atá ina chomhalta d’eagraíocht táirgeoirí.

13.

Idirghabhálacha arna seachfhoinsiú nó arna gcur chun feidhme ag an tairbhí, an eagraíocht táirgeoirí lasmuigh den Aontas, seachas cineál idirghabhála a bhaineann le cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht amhail dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115.

CUID II

In earnáil an fhíona

1.

Bainistiú laethúil ar fhíonghoirt

2.

Cosaint ar dhamáiste ó ghéim, ó éin nó ó chlocha sneachta.

3.

Fálta fothana agus ballaí cosanta gaoithe a thógáil.

4.

Cabhsáin agus ardaitheoirí.

5.

Tarracóirí nó aon chineál feithiclí iompair a cheannach.

6.

Fíonghoirt ionfhabhtaithe a ghrafadh agus caillteanais ioncaim tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta.

IARSCRÍBHINN III

Liosta de chineálacha caiteachais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 22(3)

1.

Costais shonracha do na nithe seo a leanas:

bearta feabhsaithe cáilíochta;

ábhair bhitheolaíocha cosanta plandaí (amhail fearamóin agus creachadóirí) bídís á n-úsáid i dtáirgeadh orgánach, comhtháite nó traidisiúnta;

idirghabhálacha agra-chomhshaoil-aeráide dá dtagraítear in Airteagal 12;

táirgeadh orgánach, comhtháite nó turgnamhach, lena n-áirítear costais shonracha na síolta agus na síológ orgánach;

faireachán ar chomhlíontacht leis na caighdeáin dá dtagraítear i dTeideal II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011, leis na rialacha maidir le sláinte plandaí agus leis an uasleibhéal iarmhar.

Ciallóidh costais shonracha na costais bhreise, arna ríomh mar an difríocht idir na costais táirgthe thraidisiúnta agus na costais iarbhír a tabhaíodh, agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh gníomhaíocht lena ndéantar ioncam breise agus coigilteas costais a eisiamh.

2.

Táirgí íocshláinte tréidliachta chun ionróirí coirceog beach agus galair ar bheacha a chóireáil.

3.

Costais a bhaineann le hathstocáil coirceog beach agus pórú beach.

4.

Innealra agus trealamh a cheannach chun táirgeadh agus bailiú meala a fheabhsú.

5.

Costais riaracháin agus phearsanra a bhaineann le cur chun feidhme clár oibríochtúil nó leis na hidirghabhálacha ábhartha, lena n-áirítear tuarascálacha, staidéir, costais maidir le cuntais a choimeád agus a bhainistiú, muirir éigeantacha atá nasctha le pá agus le tuarastail i gcás inarb é an tairbhí, fochuideachtaí nó eintiteas laistigh de shlabhra fochuideachtaí a íocann iad go díreach de réir bhrí Airteagal 31(7), nó, faoi réir formheas Ballstáit, i gcás ina n-íocann comharchumann atá ina chomhalta d’eagraíocht táirgeoirí iad.

6.

Ceannach talaimh nár tógadh air i gcás ina bhfuil gá lena cheannach chun infheistíocht a dhéanamh atá ar áireamh sa chlár oibríochtúil ar choinníoll go gcosnaíonn sé níos lú ná 10 % den chaiteachas incháilithe ar fad ar an oibríocht lena mbaineann. I gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo, féadfar céatadán níos airde a shocrú le haghaidh oibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.

7.

Sócmhainní inláimhsithe a cheannach nó a léasú, lena n-áirítear sócmhainní inláimhsithe athláimhe, ar choinníoll nár ceannaíodh iad le tacaíocht ón Aontas nó le tacaíocht náisiúnta i dtréimhse 5 bliana roimh í a cheannach nó a léasú laistigh de theorainn mhargadhluach glan na sócmhainne inláimhsithe.

8.

Sócmhainní fisiciúla a fhruiliú i gcás ina bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis sin mar rogha mhalartach ar cheannach, ar fhormheas an Bhallstáit.

9.

I gcás na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2021/2115, infheistíochtaí i bhfeithiclí iompair i gcás ina dtugann an eagraíocht táirgeoirí údar cuí don Bhallstát lena mbaineann gur chun críoch iompair inmheánaigh chuig áitreabh na heagraíochta táirgeoirí a úsáidtear an fheithicil iompair; agus infheistíochtaí i saoráidí breise atá feistithe ar an bhfeithicil le haghaidh fuarstórála nó iompair atmaisféir rialaithe.

10.

Infheistíochtaí i scaireanna nó i gcaipiteal cuideachtaí lena rannchuidítear go díreach le spriocanna an chláir oibríochtúil a bhaint amach.


IARSCRÍBHINN IV

Ráiteas maidir le pacáistiú táirgí dá dtagraítear in Airteagal 25(3), pointe (a)

Продукт, предназначен за безвъзмездно разпределяне (Делегиран регламент (ЕС) 2022/126)

Producto destinado a su distribución gratuita [Reglamento Delegado (UE) 2022/126]

Produkt určený k bezplatné distribuci (nařízení v přenesené pravomoci (EU) 2022/126)

Produkt til gratis uddeling (delegeret forordning (EU) 2022/126)

Zur kostenlosen Verteilung bestimmtes Erzeugnis (delegierte Verordnung (EU) 2022/126)

Tasuta jagamiseks mõeldud tooted [delegeeritud määrus (EL) 2022/126]

Προϊόν προοριζόμενο για δωρεάν διανομή [κατ’εξουσιοδότηση κανονισμός (ΕΕ) 2022/126]

Product for free distribution (Delegated Regulation (EU) 2022/126)

Produit destiné à la distribution gratuite [règlement délégué (UE) 2022/126]

Proizvod za besplatnu distribuciju (Delegirana uredba (EU) 2022/126)

Prodotto destinato alla distribuzione gratuita [regolamento delegato (UE) 2022/126]

Produkts paredzēts bezmaksas izplatīšanai [Deleģētā regula (ES) 2022/126]

Nemokamai platinamas produktas (Deleguotasis reglamentas (ES) 2022/126)

Ingyenes szétosztásra szánt termék ((EU) 2022/126 felhatalmazáson alapuló rendelet)

Prodott għad-distribuzzjoni bla ħlas (Ir-Regolament Delegat (UE) 2022/126)

Voor gratis uitreiking bestemd product (Gedelegeerde Verordening (EU) 2022/126)

Produkt przeznaczony do bezpłatnej dystrybucji [Rozporządzenie delegowane (UE) 2022/126]

Produto destinado a distribuição gratuita [Regulamento Delegado (UE) 2022/126]

Produs destinat distribuirii gratuite [Regulamentul delegat (UE) 2022/126]

Výrobok určený na bezplatnú distribúciu [delegované nariadenie (EÚ) 2022/126]

Proizvod, namenjen za prosto razdelitev (Delegirana uredba (EU) 2022/126)

Ilmaisjakeluun tarkoitettu tuote (delegoitu asetus (EU) 2022/126)

Produkt för gratisutdelning (delegerad förordning (EU) 2022/126)

Táirge lena dháileadh saor in aisce (Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126)


IARSCRÍBHINN V

Uasmhéideanna tacaíochta do tharraingt siar ón margadh dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus (4), an chéad fhomhír

Táirgí

Uastacaíocht (EUR/100 kg)

Dáileadh saor in aisce

Cinn scríbe eile

Cóilis

21,05

15,79

Trátaí (arna dtarraingt siar ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Deireadh Fómhair)

7,25

7,25

Trátaí (arna n-aistarraingt ón 1 Samhain go dtí an 31 Bealtaine)

33,96

25,48

Úlla

24,16

18,11

Fíonchaora

53,52

40,14

Aibreoga

64,18

48,14

Neachtairíní

37,82

28,37

Péitseoga

37,32

27,99

Piorraí

33,96

25,47

Ubhthorthaí

31,2

23,41

Mealbhacáin

48,1

36,07

Mealbhacáin uisce

9,76

7,31

Oráistí

21,00

21,00

Mandairíní

25,82

19,50

Cleimintíní

32,38

24,28

Satsúmaí

25,56

19,50

Líomóidí

29,98

22,48


IARSCRÍBHINN VI

Ceanglais íosta maidir le haistarraingtí táirgí dá dtagraítear in Airteagal 29(2)

1.   

Is éard a bheidh sna táirgí:

táirgí iomlána, nuair is amhábhair úra atá i gceist,

táirgí slána; i gcás táirgí a bhfuil lobhadh nó meath orthu a fhágann go bhfuil siad mí-oiriúnach lena gcaitheamh, déanfar iad a eisiamh,

táirgí glana, atá saor geall leis ó aon ábhar coimhthíoch infheicthe,

táirgí atá saor ó lotnaidí a bheag nó a mhór agus ó dhamáiste a rinne lotnaidí nuair is infheidhme,

táirgí atá saor ó thaise mínormálta,

táirgí atá saor ó aon bhlas coimhthíoch nó ó bholadh.

2.   

Ní mór na tháirgí a bheith oiriúnach lena margú agus lena dtomhailt, iad forbartha go leordhóthanach agus aibí i gcás inarb infheidhme, agus a ngnáth-shaintréithe á gcur san áireamh.

3.   

Ní mór saintréithe an chineáil nó an chineáil tráchtála nó na cáilíochta a bheith iontu i gcás inarb infheidhme.


IARSCRÍBHINN VII

Na costais chóirúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33

Táirge

Costais sórtála agus pacála (EUR/t)

Úlla

187,70

Piorraí

159,60

Oráistí

240,80

Cleimintíní

296,60

Péitseoga

175,10

Neachtairíní

205,80

Mealbhacáin uisce

167,00

Cóilis

169,10

Táirgí eile

201,10


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/95


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/127 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagail 11(1), 23(2), 38(2), 40(3), 41(3), 47(1), 52(1), 54(4), 55(6), 64(3), 76(2) agus Airteagal 94(5) agus (6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2116, leagtar síos na forálacha bunúsacha a bhaineann le, inter alia, creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe, oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta a mhéid a mhéid a bhaineann le hidirghabháil phoiblí, bainistíocht airgeadais agus nósanna imeachta imréitigh, urrúis agus úsáid an euro. Chun feidhmiú rianúil an chreata dhlíthiúil nua a áirithiú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh chun na forálacha a leagtar síos leis an Rialachán sin a fhorlíonadh sna réimsí lena mbaineann. Ba cheart na rialacha nua a chur in ionad fhorálacha ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún (2).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, ní fhéadfaidh na Ballstáit na gníomhaireachtaí íocaíochta a chreidiúnú ach i gcás ina gcomhlíonann siad critéir íosta áirithe arna suí ar leibhéal an Aontais. Tá ceithre réimse bhunúsacha le cumhdach sna critéir sin: an timpeallacht inmheánach, gníomhaíochtaí rialaithe, faisnéis agus cumarsáid, agus faireachán. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit critéir chreidiúnaithe bhreise a leagan síos chun aon ghné shonrach de ghníomhaireacht íocaíochta a chur san áireamh.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116, tá údarás inniúil ar leibhéal na n-airí le bheith freagrach as creidiúnú an chomhlachta comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin a eisiúint, a athbhreithniú agus a tharraingt siar. Níor cheart do na Ballstáit comhlachtaí comhordaithe a chreidiúnú ach i gcás ina gcomhlíonann siad critéir íosta áirithe arna suí ar leibhéal an Aontais agus ag an údarás inniúil. Leis na critéir sin ba cheart cúraimí sonracha an chomhlachta comhordúcháin a chumhdach a mhéid a bhaineann le próiseáil na faisnéise de chineál airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), pointe (a), agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

(4)

Ní fhéadfar bearta idirghabhála poiblí a mhaoiniú, ach amháin más iad na gníomhaireachtaí íocaíochta arna n-ainmniú ag na Ballstáit mar ghníomhaireachtaí atá freagrach as oibleagáidí áirithe maidir le hidirghabháil phoiblí a thabhaíonn an caiteachas sin. Mar sin féin, féadfar feidhmiú na gcúraimí a bhaineann go háirithe le bearta idirghabhála a riar agus a sheiceáil, cé is moite de chabhair a íoc, a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 9(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116. Ba cheart do roinnt gníomhaireachtaí íocaíochta a bheith in ann na cúraimí sin a dhéanamh freisin. Ba cheart a leagan síos freisin go bhféadfar bainistíocht bearta áirithe stórála poiblí a thiomnú do thríú páirtithe, cibé acu comhlachtaí poiblí nó príobháideacha iad, faoi fhreagracht na gníomhaireachta íocaíochta. Dá bhrí sin, is iomchuí raon feidhme na freagrachta atá ar na gníomhaireachtaí íocaíochta a shonrú sa chomhthéacs sin, a n-oibleagáidí a shonrú agus a chinneadh cad iad na coinníollacha agus na rialacha faoina bhféadfar bainistíocht bearta áirithe stórála poiblí a thiomnú do thríú páirtithe, cibé acu comhlachtaí poiblí nó príobháideacha iad. Sa chás sin, ba cheart foráil a dhéanamh nach mór do na comhlachtaí lena mbaineann gníomhú faoi chonradh ar bhonn na n-oibleagáidí agus na bprionsabal ginearálta ba cheart a leagan síos.

(5)

Cuimsítear i reachtaíocht talmhaíochta an Aontais, i ndáil leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus le hidirghabhálacha arna maoiniú ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus arna rialú faoin gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (CCRR), tréimhsí chun cabhair a íoc le tairbhithe, ar tréimhsí iad nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh. Tá íocaíochtaí a dhéantar lasmuigh de na tréimhsí sin lena meas mar íocaíochtaí nach bhfuil incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas. Mar sin féin, le hanailís léiríodh go ndéanann na Ballstáit íocaíochtaí déanacha cabhrach i roinnt cásanna de bharr seiceálacha breise a dhéanann na Ballstáit i ndáil le héilimh chonspóideacha, achomhairc agus díospóidí dlíthiúla náisiúnta eile. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart corrlach seasta a bhaineann le caiteachas a leagan síos, ar corrlach é nach ndéanfar aon laghdú laistigh de ar íocaíochtaí sna cásanna sin. Ina theannta sin, nuair a sháraítear an corrlach sin, chun an teorainn airgeadais a mhodhnú i gcomhréir leis an moill a tabhaíodh agus an íocaíocht á déanamh, ba cheart foráil a dhéanamh le go laghdóidh an Coimisiún íocaíochtaí an Aontais go comhréireach de réir fhad na moille ar an íocaíocht a taifeadadh.

(6)

Íocaíochtaí cabhrach roimh an dáta is luaithe is féidir íocaíocht a dhéanamh mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, ní féidir údar cuí a thabhairt leo ar na cúiseanna céanna le híocaíochtaí a dhéantar tar éis an dáta is déanaí is féidir íocaíocht a dhéanamh. Dá bhrí sin, níor cheart foráil a dhéanamh maidir le haon laghdú comhréireach le haghaidh na n-íocaíochtaí luatha sin. Mar sin féin, ba cheart eisceacht a dhéanamh i gcásanna ina bhforáiltear i reachtaíocht talmhaíochta an Aontais maidir le réamhíocaíocht suas le huasmhéid áirithe.

(7)

Tá an Coimisiún le híocaíochtaí a dhéanamh leis na Ballstáit ar bhonn dearbhuithe caiteachais arna seoladh ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 21 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/2116. Ba cheart don Choimisiún, áfach, an t-ioncam a fuair na gníomhaireachtaí íocaíochta thar ceann bhuiséad an Aontais a chur san áireamh. Na coinníollacha faoina bhfuil cineálacha áirithe caiteachais agus ioncaim a dhéantar faoi CERT agus CETFT lena bhfritháireamh, ba cheart iad a leagan síos dá bhrí sin.

(8)

De bhun Airteagal 16(2), an tríú fomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), mura nglacfar buiséad an Aontais faoi thús na bliana airgeadais, féadfar íocaíochtaí in aghaidh na caibidle a dhéanamh go míosúil suas leis an 12ú cuid ar a mhéad de na leithreasuithe arna leithdháileadh sa chaibidil ábhartha de bhuiséad na bliana airgeadais roimhe sin. Chun na leithreasuithe atá ar fáil a leithdháileadh go cothrom i measc na mBallstát, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na híocaíochtaí míosúla faoi CERT agus na híocaíochtaí eatramhacha faoi CETFT atá le déanamh sa chás seo mar chéatadán de na dearbhuithe caiteachais a chuireann gach Ballstát isteach agus maidir le hathdháileadh an iarmhéid nach n-úsáidtear i mí áirithe sna híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha ina dhiaidh sin.

(9)

Tar éis dó na Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an Coimisiún cúiteamh an chaiteachais agus an ioncaim shannta a chur siar go dtí na chéad íocaíochtaí míosúla eile i gcás ina ndéantar an fhaisnéis is gá a thíolacadh go déanach nó i gcás ina bhfuil neamhréireachtaí ann nach mór a shoiléiriú a thuilleadh leis an mBallstát.

(10)

Chun nach gcuirfidh na Ballstáit sin nár ghlac an euro rátaí malairte éagsúla i bhfeidhm i gcuntais ina bhfuil ioncam a fuarthas nó cabhair a íocadh le tairbhithe agus a cláraíodh i gcuntas na ngníomhaireachtaí íocaíochta, in airgeadra seachas an euro, ar thaobh amháin, agus i ndearbhú caiteachais a tharraing an ghníomhaireacht íocaíochta nó an comhlacht comhordúcháin creidiúnaithe suas, ar an taobh eile, is gá ceanglais bhreise a leagan síos.

(11)

I gcásanna nár bunaíodh an ráta malairte le dlí an Aontais le haghaidh an imeachta feidhme, is gá ceanglais a bhunú le haghaidh an ráta malairte nach mór do na Ballstáit nár ghlac an euro a úsáid ina ndearbhú caiteachais agus chun críche imréiteach airgeadais agus feidhmíochta le haghaidh an ioncaim shannta a eascraíonn as iarmhairtí airgeadais na neamh-aisghabhála.

(12)

I gcomhthéacs an imréitigh feidhmíochta, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na critéir i leith na n-údar cuí a thabharfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an mhodheolaíocht agus na critéir chun laghduithe a chur i bhfeidhm.

(13)

Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún a fhíorú go n-urramóidh na Ballstáit an oibleagáid atá orthu leas airgeadais an Aontais a chosaint agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil an nós imeachta um imréiteach comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart forálacha a leagan síos maidir leis na critéir agus leis an modheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm. Ba cheart na cineálacha éagsúla ceartúchán dá dtagraítear in Airteagal 55 a shainiú agus ba cheart prionsabail a leagan síos maidir leis an gcaoi a gcuirfear imthosca gach cáis san áireamh chun na méideanna ceartúcháin a chinneadh. Thairis sin, ba cheart rialacha a bhunú maidir leis an gcaoi a gcuirfear aisghabhálacha a fuair na Ballstáit ó na tairbhithe chun sochar CERT agus CETFT.

(14)

Maidir leis na rialacha incháilitheachta sonracha maidir leis an íocaíocht bharrshonrach do chadás a leagtar amach i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus an tacaíocht do luathscor dá dtagraítear in Airteagal 155(2) den Rialachán sin, ní mór cásanna neamh-chomhlíontachta a mheasúnú faoi nós imeachta comhréireachta, lena ndéanfaí measúnú ar chomhlíontacht dlíthiúlachta agus rialtachta ar leibhéal an tairbhí.

(15)

Faoin tsamhail nua seachadta, déanfar measúnú ar chomhlíontacht chórais na mBallstát le rialacha an Aontais, agus i gcás easnaimh thromchúiseacha sna córais rialachais molfaidh an Coimisiún caiteachas áirithe a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais i nós imeachta comhréireachta. Sa mheasúnú níor cheart cásanna neamhchomhlíontachta leis na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh tairbhithe aonair a leagtar síos i bPleananna Straitéiseacha náisiúnta CBT agus sna rialacha náisiúnta a chuimsiú. Ós rud é go bhfuil an measúnú ar leibhéal na gcóras, ba cheart an togra maidir le heisiamh ó mhaoiniú ón Aontas a bheith bunaithe ar cheartúcháin ar an ráta comhréidh. Mar sin féin, i gcás ina gceadaíonn na cúinsí sonracha é sin a dhéanamh, d’fhéadfadh na Ballstáit ríomh mionsonraithe nó ríomh eachtarshuite a sholáthar i leith an riosca atá ann do CERT nó CETFT, ríomh a bheadh le measúnú ag an gCoimisiún sa nós imeachta comhréireachta.

(16)

Le forálacha iomadúla i rialacháin talmhaíochta an Aontais, ceanglaítear go dtabharfar urrús chun a áirithiú go n-íocfar suim atá dlite mura gcomhlíontar oibleagáid. Dá bhrí sin, chun neamhionannas sna choinníollacha iomaíochta a sheachaint, ba cheart na coinníollacha a bhaineann leis an gceanglas sin a leagan síos.

(17)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 a aisghairm. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 5a, Airteagal 7(3) agus (4), Airteagal 11(1), an dara fomhír, agus (2) agus Airteagal 13 den Rialachán sin go fóill maidir le cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus maidir leis na cláir oibríochtúla arna bhformheas faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 13 den Rialachán sin go fóill maidir le haisghabhálacha leanúnacha arna seoladh faoi Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(18)

Ar mhaithe le cur chun feidhme ceart Rialachán (AE) 2021/2116, i gcás ina nglacfaidh gníomhaireacht íocaíochta, arna creidiúnú de réir Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, freagracht as caiteachas nach raibh sí freagrach as roimhe sin, is iomchuí a shonrú gur cheart í a chreidiúnú leis na freagrachtaí nua roimh an 1 Eanáir 2023.

(19)

Ar deireadh, i bhfianaise Phointe 31 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, measann an Coimisiún go bhfuil nasc substainteach idir na cumhachtuithe i Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na rialacha a bhaineann le creidiúnú, bainistíocht airgeadais, imréiteach agus urrúis na ngníomhaireachtaí íocaíochta, agus go bhfuil idirnasc eatarthu maidir le bainistíocht laethúil chaiteachas CBT. Is iomchuí, dá bhrí sin, na rialacha sin a leagan síos sa Ghníomh Tarmligthe céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile

Airteagal 1

Na coinníollacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta a chreidiúnú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na ranna nó na comhlachtaí sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo agus a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a chreidiúnú mar ghníomhaireachtaí íocaíochta. Maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta a dhéanann an bhainistíocht agus an rialú ar chaiteachas dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, i leith íocaíochtaí a dhéanann siad agus maidir le faisnéis a chur in iúl agus a choimeád, soláthróidh siad ráthaíochtaí leordhóthanacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, go meaitseálfaidh an caiteachas an t-aschur tuairiscithe comhfhreagrach agus go ndéanfar é i gcomhréir leis na córais rialachais is infheidhme;

(b)

go mbeidh na híocaíochtaí dlíthiúil agus rialta a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 (8), (AE) Uimh. 229/2013 (9), (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014 (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(c)

go gcoinneofar cuntais bheachta agus uileghabhálacha ar na híocaíochtaí a rinneadh;

(d)

go ndéanfar na seiceálacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais;

(e)

go dtíolacfar na doiciméid riachtanacha laistigh de na teorainneacha ama agus san fhoirm a leagtar amach le rialacha an Aontais;

(f)

go mbeidh rochtain ar na doiciméid agus go gcoinneofar iad ar bhealach lena n-áiritheofar a n-iomláine, a mbailíocht agus a n-inléiteacht go fadtéarmach, lena n-áirítear doiciméid leictreonacha de réir bhrí rialacha an Aontais.

2.   Chun go ndéanfar gníomhaireacht íocaíochta a chreidiúnú, ní mór dóibh eagrúchán riaracháin agus córas rialaithe inmheánaigh a bheith acu lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

timpeallacht inmheánach;

(b)

gníomhaíochtaí rialaithe;

(c)

faisnéis agus cumarsáid;

(d)

faireachán.

3.   Féadfaidh na Ballstáit critéir chreidiúnaithe bhreise a leagan síos chun méid, freagrachtaí agus gnéithe sonracha eile na gníomhaireachta íocaíochta a chur san áireamh.

Airteagal 2

Na coinníollacha maidir le comhlachtaí comhordúcháin a chreidiúnú

1.   I gcás ina gcreidiúnófar níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na ranna nó na comhlachtaí sin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 a chreidiúnú mar chomhlachtaí comhordúcháin. Déanfaidh an Ballstát sin, le gníomh foirmiúil ar leibhéal na n-airí, cinneadh maidir le creidiúnú an chomhlachta comhordúcháin tar éis dó deimhniú dó féin go dtugtar ráthaíocht le socruithe riaracháin an chomhlachta sin go bhfuil sé ábalta na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal sin a dhéanamh.

2.   Chun go ndéanfar an comhlacht comhordúcháin a chreidiúnú, áiritheoidh sé na nithe seo a leanas:

(a)

go mbeidh dearbhuithe don Choimisiún bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó fhoinsí a údaraíodh go cuí;

(b)

go mbeidh an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 cumhdaithe faoi raon feidhme na tuairime dá dtagraítear in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus go mbeidh dearbhú bainistíochta, lena gcumhdófar cur le chéile na tuarascála iomláine, ag gabháil léi nuair a tharchuirfear í;

(c)

go ndéanfar na dearbhuithe don Choimisiún a údarú go cuí roimh an tarchur;

(d)

go mbeidh rian iniúchta cuí ann chun tacú leis an bhfaisnéis a tarchuireadh chuig an gCoimisiún;

(e)

go stórálfar go slán i bhformáid ríomhairithe taifead ar an bhfaisnéis a fuarthas agus a tarchuireadh.

3.   Chun go ndéanfar comhlacht comhordúcháin a chreidiúnú, beidh eagrúchán riaracháin agus córas rialaithe inmheánaigh aige a mhéid a bhaineann le cur le chéile na tuarascála feidhmíochta bliantúla, lena gcomhlíontar na ceanglais arna socrú ag an údarás inniúil a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ábhartha, agus go háirithe na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn II maidir le faisnéis agus cumarsáid.

4.   Féadfaidh na Ballstáit critéir chreidiúnaithe bhreise a leagan síos chun méid, freagrachtaí agus gnéithe sonracha eile an chomhlachta comhordúcháin a chur san áireamh.

Airteagal 3

Oibleagáidí na gníomhaireachta íocaíochta a mhéid a bhaineann le hidirghabháil phoiblí

1.   Na gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfaidh siad rialú na n-oibríochtaí sin a bhfuil nasc acu le bearta idirghabhála poiblí a bhaineann leis an stóráil phoiblí as a bhfuil siad freagrach a bhainistiú agus a áirithiú faoi na téarmaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo agus, más iomchuí, sa reachtaíocht talmhaíochta earnálach, go háirithe ar bhonn na rátaí seiceála íosta arna socrú san Iarscríbhinn sin.

Féadfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta a gcumhachtaí i ndáil le bearta idirghabhála poiblí a tharmligean chuig gníomhaireachtaí idirghabhála a chomhlíonann na coinníollacha formheasta a leagtar síos in Iarscríbhinn I, pointe 1.D, a ghabhann leis an Rialachán seo nó féadfaidh siad gníomhú trí ghníomhaireachtaí íocaíochta eile.

2.   Féadfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta nó na gníomhaireachtaí idirghabhála na nithe seo a leanas a dhéanamh, gan dochar dá bhfreagracht fhoriomlán a bhaineann le stóráil phoiblí:

(a)

bainistíocht bearta áirithe maidir le stóráil phoiblí a chur de chúram ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a stórálann táirgí talmhaíochta a cheannaítear isteach (“stórálaithe”);

(b)

sainordú a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha chun cúraimí sonracha áirithe a leagtar síos leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach a dhéanamh.

Má chuireann na gníomhaireachtaí íocaíochta an bhainistíocht de chúram ar stórálaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), déanfar an bhainistíocht sin faoi chonarthaí stórála ar bhonn na n-oibleagáidí agus na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.   Beidh oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta maidir le stóráil phoiblí, go háirithe, mar seo a leanas:

(a)

cuntais stoic agus cuntais airgeadais a choinneáil i leith gach táirge a chumhdaítear le beart idirghabhála a bhaineann le stóráil phoiblí, bunaithe ar na hoibríochtaí a dhéanann siad idir an 1 Deireadh Fómhair bliain amháin agus an 30 Meán Fómhair an bhliain dár gcionn, agus gairtear “bliain chuntasaíochta” ar an tréimhse sin;

(b)

liosta cothrom le dáta a choinneáil de na stórálaithe lenar chuir siad conradh maidir le stóráil phoiblí i gcrích. Beidh tagairtí sa liosta sin lenar féidir gach pointe stórála, a chumas, líon na dtrádstóras, na bhfuarstóras agus na sadhlanna, agus na líníochtaí agus na léaráidí de a shainaithint go cruinn;

(c)

na conarthaí caighdeánacha a úsáidtear le haghaidh stóráil phoiblí a chur ar fáil don Choimisiún, chomh maith leis na rialacha arna leagan síos maidir le táirgí a ghabháil ar láimh, a stóráil agus a aistriú as stórais na stórálaithe, agus na rialacha is infheidhme maidir le dliteanas na stórálaithe;

(d)

cuntais stoic ríomhairithe lárnacha a choinneáil ar gach stoc, lena gcumhdaítear gach áit stórála, gach táirge agus cainníochtaí agus cáilíochtaí uile na dtáirgí éagsúla, lena sonraítear i ngach cás an meáchan (glanmheáchan agus ollmheáchan, i gcás inarb infheidhme) nó an toirt;

(e)

gach oibríocht a bhaineann le stóráil, caomhnú, iompar nó aistriú táirgí idirghabhála a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta, gan dochar d’fhreagracht na gceannaitheoirí, d’fhreagracht na ngníomhaireachtaí íocaíochta eile a bhfuil baint acu le hoibríocht ná d’fhreagracht aon duine eile a ghníomhaíonn de réir treoracha maidir leis seo;

(f)

seiceálacha a dhéanamh ar áiteanna ina gcoinnítear stoic idirghabhála, i rith na bliana, ar bhonn mírialta agus gan rabhadh roimh ré. Mar sin féin, a fhad is nach bhfuil cuspóir an rialaithe i gcontúirt, féadfar réamhfhógra a thabhairt, ach beidh an réamhfhógra sin teoranta go docht don tréimhse riachtanach íosta. Ní rachaidh an fógra sin thar 24 uair an chloig, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo;

(g)

stocáireamh bliantúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4.

Más rud é, i mBallstát, go ndéanann níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin cuntais stórála poiblí a bhainistiú le haghaidh táirge amháin nó níos mó ná táirge amháin, déanfar na cuntais stoic agus na cuntais airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (d), a chomhdhlúthú ar leibhéal an Bhallstáit sula gcuirfear an fhaisnéis chomhfhreagrach in iúl don Choimisiún.

4.   Áiritheoidh na gníomhaireachtaí íocaíochta na nithe seo a leanas:

(a)

go ndéanfar na táirgí sin a chumhdaítear le bearta idirghabhála an Aontais a chaomhnú i gceart trí cháilíocht na dtáirgí a stóráiltear a sheiceáil uair amháin sa bhliain ar a laghad;

(b)

ionracas na stoc idirghabhála.

5.   Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta an Coimisiún ar an eolas láithreach:

(a)

faoi chásanna inar dócha go dtiocfadh meath ar tháirge de dheasca síneadh a chur lena thréimhse stórála;

(b)

faoi chaillteanas cainníochtúil nó meath ar an táirge de dheasca tubaistí nádúrtha.

I gcás inarb infheidhme na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún an cinneadh iomchuí:

(a)

a mhéid a bhaineann leis na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

a mhéid a bhaineann leis na cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 102(3) de Rialachán (AE) 2021/2116.

6.   Beidh na gníomhaireachtaí íocaíochta freagrach as aon iarmhairt airgeadais a bhaineann le droch-chaomhnú táirgí arna gcumhdach ag bearta idirghabhála an Aontais, go háirithe iarmhairtí a eascraíonn as modhanna stórála neamhoiriúnacha. Gan dochar d’aon cheart cúitimh in aghaidh stórálaithe, is ar na gníomhaireachtaí íocaíochta a bheidh an fhreagracht airgeadais as mainneachtain a ngnóthas nó a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

7.   Na cuntais stórála poiblí agus na doiciméid, na conarthaí agus na comhaid uile arna dtarraingt suas nó arna bhfáil i gcomhthéacs na n-oibríochtaí idirghabhála, cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta ar fáil iad go buan do ghníomhairí an Choimisiúin nó do dhaoine arna sainordú ag an gCoimisiún, bíodh sin go leictreonach nó in áitreabh na ngníomhaireachtaí íocaíochta.

Airteagal 4

Fardal

1.   Le linn gach bliana cuntasaíochta, déanfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta fardal a tharraingt suas maidir le gach táirge a bhí faoi réir idirghníomhú an Aontais.

Cuirfidh siad torthaí an fhardail i gcomparáid leis na sonraí cuntasaíochta. Cuirfear san áireamh aon difríocht i gcainníochtaí a fuarthas, agus na méideanna a eascraíonn as na difríochtaí sa cháilíocht a fuarthas le linn seiceálacha, de réir na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 47(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh na cainníochtaí ar iarraidh a eascróidh as gnáthoibríochtaí stórála comhionann leis an difríocht idir an stoc teoiriciúil a thaispeántar le fardal na gcuntas, de pháirt, agus an stoc fisiceach iarbhír arna bhunú ar bhonn an fhardail dá bhforáiltear i mír 1 nó an stoc iarmhair a thaispeántar ar na leabhair tar éis do stoc fisiceach stóir ar leith a bheith ídithe, den pháirt eile, agus beidh siad faoi réir na dteorainneacha lamháltais a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

CAIBIDIL II

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 5

Neamhchomhlíontacht leis an sprioc-am íocaíochta is déanaí

1.   Measfar go mbeidh íocaíochtaí le tairbhí a dhéantar tar éis an dáta is déanaí is féidir íocaíocht a dhéanamh incháilithe faoi na himthosca agus na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6.

2.   Caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) faoi Airteagal 5(2) nó caiteachas an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) faoi Airteagal 6 maidir le hidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a dhéantar tar éis an sprioc-am a leagtar síos i ndlí an Aontais, ní dhéanfar aon laghdú ar na híocaíochtaí míosúla nó eatramhacha i gcás gur mar a chéile é agus an tairseach 5 % nó níos lú den chaiteachas a dhéantar roimh na sprioc-amanna le haghaidh CERT agus CETFT faoi seach.

Caiteachas CERT nó CETFT a dhéanfar tar éis na sprioc-amanna a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás ina mbeidh sé os cionn na tairsí 5 % maidir le CERT agus CETFT faoi seach, laghdófar gach caiteachas breise a dhéanfar go déanach i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)

maidir le caiteachas CERT:

(i)

déanfar laghdú 10 % ar chaiteachas a dhéanfar sa chéad mhí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(ii)

déanfar laghdú 25 % ar chaiteachas a dhéanfar sa dara mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(iii)

déanfar laghdú 45 % ar chaiteachas a dhéanfar sa tríú mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(iv)

déanfar laghdú 70 % ar chaiteachas a dhéanfar sa cheathrú mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(v)

déanfar laghdú 100 % ar chaiteachas a dhéanfar níos déanaí ná an ceathrú mí tar éis na míosa a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(b)

maidir le caiteachas CETFT:

(i)

déanfar laghdú 25 % ar chaiteachas a dhéanfar idir 1 Iúil agus 15 Deireadh Fómhair na bliana a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(ii)

déanfar laghdú 60 % ar chaiteachas a dhéanfar idir 16 Deireadh Fómhair agus 31 Nollaig na bliana a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag;

(iii)

déanfar laghdú 100 % ar chaiteachas a dhéanfar níos déanaí ná 31 Nollaig na bliana a ndeachaigh an sprioc-am íocaíochta in éag.

3.   De mhaolú ar mhír 2, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le caiteachas as idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha nó caiteachas CETFT i gcás nach ndearnadh an tairseach dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, a úsáid go hiomlán le haghaidh íocaíochtaí a rinneadh sa bhliain féilire N tráth nach déanaí ná 15 Deireadh Fómhair na bliana N + 1 le haghaidh CERT agus tráth nach déanaí ná 31 Nollaig na bliana N + 1 le haghaidh CETFT agus go bhfuil iarmhar na tairsí níos mó ná 2 %, laghdófar an t-iarmhar sin go 2 %;

(b)

le linn na bliana airgeadais N + 1, i ndáil leis na blianta féilire N -1 nó níos luaithe, ní bheidh íocaíochtaí as idirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad seachas na híocaíochtaí dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013 a dhéantar tar éis sprioc-am na híocaíochta incháilithe le haghaidh maoiniú ó CERT ach amháin más rud é nach bhfuil méid iomlán na n-idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha a dhéantar laistigh den bhliain airgeadais N + 1, arna gceartú i gcás inarb infheidhme go suimeanna roimh an gcoigeartú dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2116, os cionn na huasteorann a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 i ndáil leis an mbliain féilire N, i gcomhréir le hAirteagal 87(1) den Rialachán sin;

(c)

déanfar laghdú 100 % ar chaiteachas atá os cionn na dteorainneacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b).

Ní chuirfear san áireamh méideanna na n-aisíocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 chun comhlíontacht leis an gcoinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo a sheiceáil.

4.   I gcás ina dtiocfaidh coinníollacha bainistíochta eisceachtúla chun cinn le haghaidh idirghabhálacha agus bearta áirithe nó i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit cúiseanna chun cinn a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh an Coimisiún scálaí ama i bhfeidhm a bheidh difriúil leis na cinn a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 agus/nó cuirfidh sé laghduithe níos ísle i bhfeidhm nó ní chuirfear laghdú ar bith i bhfeidhm.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le caiteachas atá os cionn na teorann dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, pointe (b).

5.   Déanfar comhlíonadh na sprioc-amanna íocaíochta a sheiceáil, uair amháin i ngach bliain airgeadais maidir le caiteachas a rinneadh faoin 15 Deireadh Fómhair.

Maidir le haon sárú ar an sprioc-am íocaíochta, cuirfear san áireamh é sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar a dhéanaí.

6.   Cuirfear na laghduithe dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfeidhm gan dochar don chinneadh a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir le himréiteach feidhmíochta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 ná don nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin.

Airteagal 6

Neamhchomhlíontacht leis an dáta íocaíochta is luaithe

Maidir le caiteachas CERT, má cheadaítear do na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh suas le huasmhéid áirithe roimh an dáta íocaíochta is luaithe a leagtar síos i ndlí an Aontais, measfar go mbeidh an caiteachas sin ina chaiteachas atá incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas. Ní bheidh aon chaiteachas atá os cionn an uasmhéid sin incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina dtagann coinníollacha bainistíochta eisceachtúla chun cinn le haghaidh idirghabhálacha nó bearta áirithe nó i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit in iúl go bhfuil údar cuí leo. Sna cásanna sin, beidh an caiteachas a íocfar atá os cionn an uasmhéid incháilithe le haghaidh maoiniú ón Aontas faoi réir laghdú 10 %.

Cuirfear an laghdú comhfhreagrach san áireamh sa chinneadh maidir le himréiteach cuntas dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar a dhéanaí.

Airteagal 7

Cúiteamh ag gníomhaireachtaí íocaíochta

1.   Ina chinneadh maidir leis na híocaíochtaí míosúla atá le glacadh de bhun Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, bunóidh an Coimisiún iarmhéid an chaiteachais arna dhearbhú ag gach Ballstát ina dhearbhú míosúil, lúide an t-ioncam sannta arna chur san áireamh ag an mBallstát sin ina dhearbhuithe caiteachais. Measfar gurb ionann an fritháireamh seo agus an t-ioncam comhfhreagrach a bhailítear.

Beidh leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta a ghinfear le hioncam sannta ar oscailt nuair a dhéanfar an t-ioncam seo a shannadh do línte buiséid.

2.   Más rud é gur coinníodh siar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116 roimh an gcabhair a bhaineann leis an neamhrialtacht nó leis an bhfaillí a íoc, déanfar iad a asbhaint ón gcaiteachas comhfhreagrach.

3.   Déanfar méideanna ranníocaíochtaí CETFT a aisghabhadh ó thairbhithe faoi Phlean Straitéiseach CBT an Bhallstáit lena mbaineann le linn gach tréimhse tagartha a asbhaint ón méid a bheidh le híoc ag CETFT sa dearbhú caiteachais le haghaidh na tréimhse sin.

4.   Maidir leis na méideanna atá níos mó nó níos lú a eascraíonn, i gcás inarb infheidhme, as an imréiteach airgeadais bliantúil, féadfar iad a athúsáid faoi CETFT agus cuirfear iad le méid ranníocaíocht CETFT nó bainfear de iad nuair a dhéanfar an chéad dearbhú tar éis an cinneadh maidir le himréiteach cuntas a tharraingt suas.

5.   Maidir le maoiniú ó CERT, beidh sé comhionann leis an gcaiteachas, arna ríomh ar bhonn na faisnéise a thabharfaidh an ghníomhaíocht íocaíochta, tar éis aon ioncam a fhabhraítear ó na bearta idirghabhála a asbhaint, agus bailíochtóidh an córas ríomhairithe arna bhunú ag an gCoimisiún é agus cuimseoidh an ghníomhaireacht íocaíochta é ina dearbhú caiteachais.

Airteagal 8

Glacadh déanach bhuiséad an Aontais

1.   Mura nglacfar buiséad an Aontais faoi thús na bliana airgeadais, déanfar na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin go comhréireach leis na leithreasuithe údaraithe in aghaidh na caibidle mar chéatadán de na dearbhuithe caiteachais a fuarthas ó gach Ballstát, maidir le CERT agus CETFT faoi seach, agus laistigh de na teorainneacha a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Cuirfidh an Coimisiún san áireamh iarmhéid na méideanna nár aisíocadh leis na Ballstáit in íocaíochtaí a dhéanfar ina dhiaidh sin.

2.   A mhéid a bhaineann le CETFT, mura nglacfar buiséad an Aontais faoi thús na bliana airgeadais a mhéid a bhaineann leis na gealltanais bhuiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/2116, leis na chéad tráthchodanna bliantúla tar éis ghlacadh Phleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát déanfar ord ghlacadh na gclár sin a urramú. Déanfar na gealltanais bhuiséadacha maidir leis na tráthchodanna bliantúla ina dhiaidh sin in ord Phleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát tar éis na gealltanais sonracha a ídiú. Féadfaidh an Coimisiún gealltanais bhliantúla pháirteacha a dhéanamh maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát má tá teorainn leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas atá ar fáil. Ní dhéanfar an t-iarmhéid atá fágtha le haghaidh na bpleananna sin a ghealladh ach nuair a bheidh leithreasuithe breise faoi chomhair gealltanas ar fáil.

Airteagal 9

Íocaíochtaí míosúla a chur siar

Na híocaíochtaí míosúla leis na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfar iad a chur siar i gcás ina ndéanfar an chumarsáid dá dtagraítear in Airteagal 90(1), pointe (c)(i) agus (ii), den Rialachán sin go déanach nó má bhíonn neamhréireachtaí iontu a fhágfaidh go mbeidh gá le tuilleadh seiceálacha. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas in am trátha faoina rún íocaíochtaí a chur siar.

Airteagal 10

Íocaíochtaí i ndáil leis an imréiteach bliantúil a chur ar fionraí

1.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ar fionraí de bhun Airteagal 40(1), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, beidh feidhm ag na rátaí seo a leanas maidir le híocaíochtaí a chur ar fionraí:

(a)

mura gcuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 isteach faoin 1 Márta, 1 % de mhéid foriomlán na n-íocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) den Rialachán sin;

(b)

mura gcuirfidh an Ballstát na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 isteach faoin 1 Aibreán, 1,5 % de mhéid foriomlán na n-íocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) den Rialachán sin.

2.   Cuirfear deireadh leis an bhfionraí tar éis chur isteach gach doiciméad ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9(3) agus Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 11

Íocaíochtaí i ndáil leis an imréiteach feidhmíochta a chur ar fionraí

1.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 nó na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin ar fionraí de bhun Airteagal 40(2) den Rialachán sin tar éis an imréitigh feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, comhfhreagróidh an ráta fionraíochta don difríocht idir an ráta laghdaithe a cuireadh i bhfeidhm de bhun Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus 50 pointe céatadáin, arna iolrú faoi 2. Ní lú ná 10 % ráta na fionraíochta atá le cur i bhfeidhm.

2.   Beidh na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 gan dochar d’Airteagal 53 agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 12

An ráta malairte is infheidhme maidir le dearbhuithe caiteachais a tharraingt suas

1.   I gcomhréir le hAirteagal 94(4) de Rialachán (AE) 2021/2116, a mhéid a bhaineann le CERT, d’fhonn a ndearbhuithe caiteachais a tharraingt suas, cuirfidh na Ballstáit nár ghlac an euro an ráta malairte céanna i bhfeidhm a d’úsáid siad chun íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe nó chun ioncam a fháil, i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán seo agus leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach.

2.   A mhéid a bhaineann le CETFT, d’fhonn a ndearbhuithe caiteachais a tharraingt suas, cuirfidh na Ballstáit nár ghlac an euro an ráta malairte roimh an gceann deireanach a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an mí inar cláraíodh na hoibríochtaí i gcuntais na gníomhaireachta íocaíochta i bhfeidhm i gcás gach íocaíochta nó oibríochta aisghabhála.

3.   A mhéid a bhaineann leis na cinntí maidir le himréiteach dá dtagraítear in Airteagal 53 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus an nós imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin, úsáidfear an chéad ráta malairte a bhunóidh an Banc Ceannais Eorpach tar éis dháta glactha na ngníomhartha cur chun feidhme imréitigh.

4.   I gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, chomh maith leis na hoibríochtaí nár leagadh teagmhas feidhmiúil síos dóibh i ndlí an Aontais, is é an ráta malairte is infheidhme do na Ballstáit nár ghlac an euro an ráta malairte roimh an gceann deireanach a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an mí inar dearbhaíodh an caiteachas nó an t-ioncam sannta ina leith.

CAIBIDIL III

Imréiteach na gcuntas agus seiceálacha eile

Airteagal 13

Critéir agus modheolaíocht chun laghduithe a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú an imréitigh feidhmíochta

1.   Chun an cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na méideanna atá le laghdú ón maoiniú ón Aontas, measúnóidh an Coimisiún an caiteachas bliantúil a dhearbhaigh an Ballstát maidir leis an idirghabháil i gcoinne a aschuir chomhfhreagraigh mar a thuairiscítear sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, arna cur isteach de bhun Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagal 10(1), pointe (b), den Rialachán sin, agus Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   I gcás nach bhfuil aschur comhfhreagrach ag an gcaiteachas a dearbhaíodh le haghaidh na bliana airgeadais ábhartha agus i gcás nár mhínigh na Ballstáit roimhe sin na claontaí sin a bhaineann le haschur agus na haonadmhéideanna réadaithe i gcomhréir le hAirteagal 134(5) go (9) de Rialachán (AE) 2021/2115 sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil nó i gcás nach leor na réasúnuithe maidir leis na claontaí sin, soláthróidh an Ballstát réasúnuithe breise laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún. Cumhdóidh na réasúnuithe an caiteachas a dearbhaíodh nach mbaineann aschur comhfhreagrach leis sa bhliain airgeadais iomchuí.

3.   Beidh faisnéis ábhartha lena mínítear an claonadh ar leibhéal an aonadmhéid agus an tréimhse lenar bhain sna réasúnuithe a chuirfidh an Ballstát ar fáil. Beidh faisnéis chainníochtúil iontu, chomh maith le mínithe cáilíochtúla, i gcás inar gá.

Cuirfidh an Ballstát mínithe ar fáil freisin maidir le méid agus éifeacht na mbeart ceartaitheach a rinneadh cheana chun an claonadh a leigheas agus chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís.

I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát réasúnuithe a sholáthar maidir leis na claontaí i gcomhréir le mír 2, féadfaidh sé réasúnuithe a sholáthar maidir le cuid de na claontaí.

4.   I gcás ina mainneoidh an Ballstát cúiseanna a bhfuil údar cuí leo a chur ar fáil maidir leis na claontaí nó i gcás ina measfaidh an Coimisiún nach leordhóthanach na cúiseanna sin i gcomhréir le mír 2 agus mír 3, nó nach gcumhdófar ach cuid de na claontaí leo, laghdóidh an Coimisiún na méideanna ábhartha ón maoiniú ón Aontas. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim in iúl don Bhallstát i gcumarsáid ar leithligh.

5.   Cuirfear i bhfeidhm na laghduithe dá dtagraítear san Airteagal seo gan dochar don chinneadh a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an imréiteach comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 14

Critéir agus modheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú an nóis imeachta comhréireachta maidir le caiteachas lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 nó maidir le híocaíochtaí i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus tacaíocht maidir le luathscor

1.   Chun an cinneadh a ghlacadh maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfaidh an Coimisiún idirdhealú idir na méideanna sin nó codanna de na méideanna a sainaithníodh mar mhéideanna a caitheadh go míchuí agus iad siúd a chinntear trí cheartúcháin eachtarshuite nó ceartúcháin ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm.

I dtaobh caiteachas lasmuigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115, maidir le híocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis nó tacaíocht le luathscor faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, agus Airteagal 155(2) den Rialachán sin, faoi seach, nuair a fhaightear amach nár tabhaíodh é i gcomhréir le dlí an Aontais, úsáidfidh an Coimisiún a thorthaí féin agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta a cuireadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun na méideanna a d’fhéadfaí a eisiamh ón maoiniú ón Aontas a chinneadh.

2.   Ní bhunóidh an Coimisiún an t-eisiamh ar shainaithint na méideanna a caitheadh go míchuí ach amháin más féidir na méideanna sin a shainaithint le hiarracht chomhréireach. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún na méideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint le hiarracht chomhréireach, féadfaidh na Ballstáit, laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta, sonraí a chur isteach maidir le fíorú na méideanna sin ar bhonn scrúdú ar gach cás aonair a bhféadfadh tionchar a bheith ag an neamh-chomhréireacht air. Leis an bhfíorú, cumhdófar an caiteachas iomlán a tabhaíodh mar shárú ar an dlí is infheidhme agus a gearradh ar bhuiséad an Aontais. Áireofar sna sonraí a chuirfear isteach na méideanna aonair uile nach bhfuil incháilithe de bharr na neamh-chomhréireachta sin.

3.   I gcás nach bhféadtar na méideanna a caitheadh go míchuí a shainaithint i gcomhréir le mír 2, féadfaidh an Coimisiún na méideanna atá le heisiamh a chinneadh trí cheartúcháin eachtarshuite a chur i bhfeidhm. Chun ligean don Choimisiún na méideanna ábhartha a chinneadh, féadfaidh na Ballstáit, laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta, ríomh an mhéid a chur isteach atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas trí thorthaí na seiceálacha a rinneadh ar shampla ionadaíoch de na cásanna sin a eachtarshuí de réir staidrimh. Tógfar an sampla ón daonra a bhfuiltear ag súil go réasúnta go dtarlóidh an neamh-chomhréireacht shainaitheanta ina leith.

4.   Chun na torthaí a chuir na Ballstáit isteach dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a chur san áireamh, beidh an Coimisiún ábalta:

(a)

measúnú a dhéanamh ar na modhanna aitheantais nó eachtarshuite a úsáideadh, modhanna a ndéanfaidh na Ballstáit cur síos soiléir orthu;

(b)

seiceáil a dhéanamh ar ionadaíocht an tsampla dá dtagraítear i mír 3;

(c)

seiceáil a dhéanamh ar ábhar agus torthaí na sainaitheanta nó an eachtarshuite a cuireadh faoina bhráid;

(d)

fianaise iniúchóireachta leordhóthanach agus ábhartha a fháil maidir leis na sonraí foluiteacha.

5.   Agus ceartúcháin eachtarshuite dá bhforáiltear i mír 3 á gcur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as staitisticí rialaithe na ngníomhaireachtaí íocaíochta arna ndearbhú ag an gcomhlacht deimhniúcháin, nó measúnú an chomhlachta sin ar leibhéal na hearráide i gcomhthéacs a iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil an Coimisiún sásta leis an obair a rinne na comhlachtaí deimhniúcháin, i dtaobh straitéis iniúchta agus maidir le hábhar, méid agus caighdeán na hoibre iniúchta iarbhír araon;

(b)

go bhfuil raon feidhme obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin comhsheasmhach le raon feidhme an fhiosrúcháin imréitigh comhréireachta i gceist, go háirithe maidir leis na bearta nó leis na scéimeanna;

(c)

gur cuireadh san áireamh sna measúnuithe méid na bpionós ba cheart a bheith curtha i bhfeidhm.

6.   I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 a chinneadh nó gurb amhlaidh nach bhféadfar na méideanna atá le heisiamh a dhéanamh amach ar bhonn na míreanna sin, cuirfidh an Coimisiún na ceartúcháin iomchuí ar ráta comhréidh i bhfeidhm, agus cineál agus tromchúis an tsáraithe agus a mheastachán féin ar an mbaol go ndéanfar dochar airgeadais do bhuiséad an Aontais á gcur san áireamh.

Socrófar leibhéal an cheartúcháin ar ráta comhréidh, tríd an gcineál neamh-chomhréireachta a sainaithníodh, go háirithe, a chur san áireamh. Chuige sin, déanfar easnaimh rialaithe a roinnt idir na heasnaimh sin a bhaineann le príomhrialuithe agus le rialuithe coimhdeacha mar a leanas:

(a)

is éard a bheidh i gceist le príomhrialuithe na seiceálacha riaracháin agus na seiceálacha ar an láthair a bheidh riachtanach chun incháilitheacht na cabhrach agus cur i bhfeidhm ábhartha na laghduithe agus na bpionós a chinneadh;

(b)

is éard a bheidh i gceist leis na rialuithe coimhdeacha gach oibríocht riaracháin eile a bheidh riachtanach chun éilimh a phróiseáil i gceart.

Má bhunaítear neamh-chomhréireachtaí difriúla as a n-eascródh, ar bhonn aonair, ceartúcháin sainiúla ar ráta comhréidh, faoi chuimsiú an nóis imeachta imréitigh comhréireachta chéanna, ní bheidh feidhm ach ag an gceartúchán is airde ar ráta comhréidh.

7.   Nuair a bheidh leibhéal na gceartúchán ar ráta comhréidh á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go sonrach ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas a léiríonn tromchúis níos airde easnamh a nochtann baol níos láidre go bhfuil caillteanais i ndán do bhuiséad an Aontais:

(a)

níor cuireadh bunrialú amháin nó níos mó i bhfeidhm nó cuireadh i bhfeidhm iad chomh dona sin nó chomh hannamh sin go meastar nach bhfuil siad éifeachtach maidir le hincháilitheacht an éilimh a chinneadh nó neamhrialtachtaí a chosc;

(b)

braitheadh trí easnamh nó níos mó maidir leis an gcóras rialaithe céanna;

(c)

fuarthas amach nach raibh córas rialaithe á chur i bhfeidhm ag an mBallstát nó go raibh easnamh tromchúiseach air, agus tá fianaise ann go raibh neamhrialtacht agus faillí fhorleathan ann agus cleachtais neamhrialta nó chalaoiseacha á gcomhrac;

(d)

fuarthas easnaimh den chineál céanna san earnáil chéanna sa Bhallstát i bhfiosrúchán a lean fiosrúchán ina bhfuarthas iad ar dtús agus inar cuireadh iad in iúl don Bhallstát, agus na céimeanna ceartaitheacha nó cúitimh a thóg an Ballstát cheana féin á gcur san áireamh, áfach.

8.   I gcás ina gcuirfidh Ballstát eilimintí oibiachtúla áirithe isteach, eilimintí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo ach a léiríonn go bhfuil an t-uaschaillteanas do CERT agus do CETFT teoranta do mhéid atá níos lú ná an méid a d’eascródh as cur i bhfeidhm an ráta chomhréidh, úsáidfidh an Coimisiún an ráta comhréidh sin atá níos ísle chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

9.   Déanfar méideanna a aisghabhadh go héifeachtach ó na tairbhithe agus a creidiúnaíodh do CERT agus do CETFT roimh dháta ábhartha, atá le bunú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta imréitigh comhréireachta, a asbhaint ón méid a chinneann an Coimisiún a eisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 15

Critéir agus modheolaíocht chun ceartúcháin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú an nóis imeachta comhréireachta maidir le caiteachas laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115

1.   Chun an cinneadh a ghlacadh maidir leis na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, úsáidfidh an Coimisiún a thorthaí féin agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis a sholáthair na Ballstáit le linn an nóis imeachta comhréireachta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(3) den Rialachán sin. Maidir leis an méid atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas, comhfhreagróidh sé, a mhéid is féidir, don chaillteanas airgeadais iarbhír nó don bhaol le haghaidh bhuiséad an Aontais.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le dlí an Aontais, féadfaidh an Coimisiún na méideanna atá le heisiamh a chinneadh trí cheartúcháin ar ráta comhréidh a chur i bhfeidhm, lena gcuirfear san áireamh cineál agus tromchúis an tsáraithe agus a mheastachán féin maidir leis an mbaol go ndearnadh dochar airgeadais don Aontas.

Socrófar leibhéal an cheartúcháin ar ráta comhréidh, go háirithe trí chineál an easnaimh thromchúisigh a sainaithníodh a chur san áireamh. Chuige sin, cuirfear san áireamh na gnéithe de na córais rialachais a ndearna na heasnaimh thromchúiseacha difear dóibh.

I gcás, faoi chuimsiú an nóis imeachta comhréireachta chéanna, go mbunaítear easnaimh thromchúiseacha difriúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, ar bhonn aonair, le ceartúcháin ar leithligh ar ráta comhréidh, ní bheidh feidhm ach ag an gceartúchán ar ráta comhréidh is airde.

3.   Nuair a bheidh leibhéal na gceartúchán ar ráta comhréidh á shocrú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go sonrach ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas a léiríonn tromchúis níos airde easnamh a nochtann baol níos láidre go bhfuil caillteanais i ndán do bhuiséad an Aontais:

(a)

easnaimh thromchúiseacha i ngné amháin nó níos mó de na córais rialachais;

(b)

go bhfuarthas amach nach raibh gné den chóras rialachais á cur i bhfeidhm ag an mBallstát, agus go bhfuil fianaise ann go raibh neamhrialtacht agus faillí fhorleathan ann agus cleachtais neamhrialta nó chalaoiseacha á gcomhrac;

(c)

fuarthas easnaimh den chineál céanna san earnáil chéanna sa Bhallstát i bhfiosrúchán a lean fiosrúchán ina bhfuarthas iad ar dtús agus inar cuireadh iad in iúl don Bhallstát, agus na céimeanna ceartaitheacha nó cúitimh a thóg an Ballstát cheana féin á gcur san áireamh, áfach.

4.   I gcás ina léireoidh an Ballstát go bhfuil an t-uaschaillteanas maidir le CERT agus CETFT teoranta do shuim atá níos lú ná suim a d’fhéadfadh eascairt as cur i bhfeidhm an ráta comhréidh atá beartaithe, féadfar an ráta comhréidh is ísle a chur i bhfeidhm nó féadfaidh an Coimisiún measúnú an chomhlachta deimhniúcháin ar na córais rialachais i gcomhthéacs a iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116 a úsáid chun na méideanna a chinneadh atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas le linn an nóis imeachta comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 55 den Rialachán sin.

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit, laistigh de na tréimhsí ama arna socrú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta comhréireachta, sonraí a chur isteach maidir le fíorú na méideanna sin ar bhonn scrúdú ar gach cás aonair a bhféadfadh tionchar a bheith ag an easnamh air. Leis an bhfíorú, cumhdófar an caiteachas iomlán a tabhaíodh mar shárú ar dhlí an Aontais agus a gearradh ar bhuiséad an Aontais. Áireofar sna sonraí a chuirfear isteach na méideanna go léir nach mbeidh incháilithe de bharr na neamh-chomhréireachta sin le dlí an Aontais. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit measúnú ar an riosca a sholáthar, bunaithe ar shampla ionadaíoch atá bailí ó thaobh staitisticí de den phobal a ndearna an t-easnamh difear dóibh, ar choinníoll nach féidir leis na Ballstáit na méideanna a caitheadh go míchuí a ríomh le hiarracht chomhréireach. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin measúnú an Bhallstáit maidir leis an easnamh a dheimhniú.

6.   Chun na torthaí a chur na Ballstáit isteach dá dtagraítear i mír 5 a chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar mhodh, ábhar agus torthaí an fhíoraithe nó an eachtarshuímh a cuireadh isteach. I gcás ina mbeidh an Coimisiún sásta le modh, ábhar agus torthaí an fhíoraithe nó an eachtarshuímh a cuireadh isteach, úsáidfidh sé na torthaí a chuir na Ballstáit isteach de bhun mhír 5 chun na méideanna atá le heisiamh ón maoiniú ón Aontas a chinneadh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

7.   Déanfar méideanna a aisghabhadh go héifeachtach ó na tairbhithe agus a creidiúnaíodh do CERT agus do CETFT roimh dháta ábhartha, atá le bunú ag an gCoimisiún le linn an nóis imeachta comhréireachta, a asbhaint ón méid a chinneann an Coimisiún a eisiamh ón maoiniú ón Aontas de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

CAIBIDIL IV

Urrúis

Roinn 1

Raon feidhme agus úsáid téarmaí

Airteagal 16

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo i ngach cás ina bhforáiltear leis an reachtaíocht talmhaíochta earnálach maidir le hurrús cibé acu an úsáidtear an téarma áirithe “urrús” nó nach n-úsáidtear.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hurrúis a thugtar chun a áirithiú go n-íocfar na dleachtanna ar allmhairí agus ar onnmhairí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 17

Téarmaí a úsáidtear sa Chaibidil seo

Chun críocha na Caibidle seo:

(a)

ciallaíonn “údarás inniúil” páirtí atá údaraithe chun urrús a ghlacadh nó páirtí atá údaraithe chun cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an rialachán ábhartha má tá urrús le scaoileadh nó le forghéilleadh;

(b)

ciallaíonn “urrús bloic” urrús a chuirtear ar fáil don údarás inniúil chun a áirithiú go gcomhlíontar níos mó ná oibleagáid amháin;

(c)

ciallaíonn “an chuid ábhartha den tsuim urraithe” an chuid den tsuim urraithe a chomhfhreagraíonn don chainníocht a ndearnadh sárú ar riachtanas ina leith.

Roinn 2

Ceanglas maidir le hurrús

Airteagal 18

Páirtí freagrach

Is é an páirtí atá freagrach as an tsuim airgid dlite a íoc mura gcomhlíontar oibleagáid a thabharfaidh an t-urrús nó tabharfar é thar ceann an pháirtí sin.

Airteagal 19

Ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh má tá an páirtí atá freagrach as an oibleagáid a chomhlíonadh:

(a)

ina chomhlacht poiblí atá freagrach as dualgais údaráis phoiblí a fheidhmiú; nó

(b)

ina chomhlacht príobháideach a fheidhmíonn dualgais dá dtagraítear i bpointe (a) faoi mhaoirseacht an Stáit.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an ceanglas maidir le hurrús a tharscaoileadh i gcás ina bhfuil luach na suime urraithe níos lú ná EUR 500. Sa chás sin, gabhfaidh an páirtí lena mbaineann air féin i scríbhinn suim a íoc atá comhionann leis an urrús a tarscaoileadh mura gcomhlíontar an oibleagáid chomhfhreagrach.

Agus an chéad fhomhír á cur i bhfeidhm, déanfar luach an urrúis a ríomh mar mhéid ina mbeidh na hoibleagáidí ábhartha uile atá nasctha leis an aon oibríocht amháin.

Airteagal 20

Coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hurrúis

1.   Diúltóidh an t-údarás inniúil glacadh le haon urrús a mheasann sé a bheith neamhleor nó míshásúil nó nach dtugann cumhdach ar feadh tréimhse leordhóthanach nó iarrfaidh sé athsholáthar an urrúis sin.

2.   I gcás ina ndéanfar airgead tirim a thaisceadh le haistriú, ní mheasfar go bhfuil urrús á bhunú leis go dtí go mbeidh an t-údarás inniúil sásta go bhfuil fáil ar an tsuim sin aige.

3.   Seic le haghaidh suim a bhfuil a íocaíocht ráthaithe ag institiúid airgeadais a aithníonn Ballstát an údaráis inniúil lena mbaineann chun na críche sin déileálfar leis mar éarlais in airgead tirim. Ní gá don údarás inniúil seic den sórt sin a thíolacadh i leith íocaíochta go dtí go mbeidh an tréimhse a ráthaítear ina leith ar tí dul in éag.

Ní bheidh seic, seachas mar a thagraítear di sa chéad fhomhír, ina urrús go dtí go mbeidh an t-údarás inniúil sásta go bhfuil fáil ar an tsuim aige.

4.   Is ar an bpáirtí a thugann an t-urrús a bheidh aon mhuirear a ghearrann institiúid airgeadais.

5.   Ní íocfar aon ús leis an bpáirtí a thugann urrús i bhfoirm éarlais in airgead tirim.

Airteagal 21

Úsáid an euro

1.   Comhdhéanfar na hurrúis in euro.

2.   Má ghlactar leis an urrús i mBallstát nár ghlac an euro, déanfar méid an urrúis in euro a thiontú go dtí an t-airgeadra náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le Caibidil V. An gealltanas a chomhfhreagraíonn don urrús agus aon mhéid a choinnítear siar i gcás neamhrialtachtaí nó sáruithe, leanfaidh sé de bheith socraithe in euro.

Airteagal 22

An ráthóir

1.   Beidh a áit chónaithe ag an ráthóir nó foras atá cláraithe go hoifigiúil san Aontas agus, faoi réir fhorálacha an Chonartha maidir le saoirse chun seirbhísí a sholáthar, formheasfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina dtugtar an t-urrús é. Beidh an ráthóir faoi cheangal ag ráthaíocht i scríbhinn.

2.   Luafar sa ráthaíocht i scríbhinn na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

an oibleagáid nó, i gcás urrús bloic, na cineálacha oibleagáide a ráthaítear a gcomhlíonadh nuair a dhéantar suim airgid a íoc;

(b)

an dliteanas uasta a ghlacann an ráthóir lena íoc;

(c)

go ngeallfaidh an ráthóir i gcomhpháirt agus go leithleach leis an bpáirtí atá freagrach as comhlíonadh na hoibleagáide, laistigh de 30 lá arna iarraidh sin ag an údarás inniúil, aon suim a íoc, laistigh de theorainn na ráthaíochta, a bheidh dlite a luaithe a dhearbhófar go bhforghéillfear urrús.

3.   I gcás inar tugadh urrús bloic i scríbhinn cheana, cinnfidh an t-údarás inniúil an nós imeachta atá le leanúint, faoina leithdháilfear an t-urrús bloic uile nó cuid di ar oibleagáid áirithe.

Airteagal 23

Force majeure a chur i bhfeidhm

Má éilíonn aon duine atá freagrach as oibleagáid atá á cumhdach le hurrús nach ndearnadh an oibleagáid a urramú de bharr force majeure, cruthóidh sé chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil feidhm ag force majeure. Má aithníonn an t-údarás inniúil go bhfuil feidhm ag force majeure, cuirfear an oibleagáid ar ceal chun an t-urrús a scaoileadh, agus chun na críche sin amháin.

Roinn 3

Urrúis seachas na hurrúis dá dtagraítear i Roinn 4 a scaoileadh agus a fhorghéilleadh

Airteagal 24

Urrúis a fhorghéilleadh

1.   Is éard atá san oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 an ceanglas gníomh a dhéanamh a bhaineann go bunúsach le críocha an Rialacháin lena bhforchuirtear é nó staonadh óna dhéanamh.

2.   Mura gcomhlíontar oibleagáid agus mura dtugtar aon teorainn ama maidir lena comhlíonadh, déanfar an t-urrús a fhorghéilleadh má shuíonn an t-údarás inniúil nár comhlíonadh é.

3.   Más rud é go bhfuil comhlíonadh oibleagáide faoi réir teorann ama áirithe, agus nach ndearnadh an comhlíonadh sin go dtí tar éis na teorann ama sin, déanfar an t-urrús a fhorghéilleadh.

I gcás den sórt sin forghéillfear an t-urrús i leith 10 % láithreach agus ina dhiaidh sin déanfar céatadán breise thar an iarmhéid atá fágtha a chur i bhfeidhm mar a leanas:

(a)

2 % in aghaidh an lae féilire, lena sáraítear an teorainn ama má bhaineann an oibleagáid le táirgí a allmhairiú isteach i dtríú tír;

(b)

5 % in aghaidh an lae féilire, lena sáraítear an teorainn ama má bhaineann an oibleagáid le fágáil táirgí de chuid chríoch chustaim an Aontais.

4.   Má chomhlíontar oibleagáid go tráthúil, agus má tá cur i láthair an chruthúnais ar chomhlíonadh faoi réir teorainn ama shocraithe, déanfar an t-urrús lena gcumhdaítear an oibleagáid sin a fhorghéilleadh maidir le gach lá féilire lena sáraítear an teorainn ama sin de réir na foirmle 0,2/teorainn ama i laethanta a shocraítear agus Airteagal 27 á chur san áireamh.

Más éard atá sa chruthúnas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin ídithe nó éagtha a chur isteach, is é 15 % an t-urrús a bheidh le forghéilleadh má chuirtear an cruthúnas sin isteach tar éis na teorann ama socraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ach faoi cheann an 730ú lá féilire tar éis dáta éaga an cheadúnais, ar a dhéanaí. Tar éis na 730 lá féilire sin, déanfar an t-urrús atá fágtha a fhorghéilleadh go hiomlán.

5.   Déanfar méid an urrúis atá le forghéilleadh a shlánú go dtí an chéad mhéid eile is ísle san euro iomlán nó san airgeadra náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 25

Urrúis a scaoileadh

1.   Nuair a bheidh an cruthúnas ann, de réir mar a leagtar síos le rialacha sonracha an Aontais, gur comhlíonadh oibleagáid, nó go ndearnadh an t-urrús a fhorghéilleadh go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagal 24 den Rialachán seo, scaoilfear an t-urrús, nó i gcás inarb infheidhme, scaoilfear an chuid eile den urrús gan mhoill.

2.   Scaoilfear go páirteach urrús arna iarraidh sin i gcás ina dtugtar an fhianaise ábhartha i ndáil le cuid de chainníocht táirge, ar choinníoll nach lú an chuid sin ná aon íoschainníocht a shonraítear sa rialachán lena gceanglaítear an t-urrús, nó, arna shonrú ag an mBallstát in éagmais rialacháin.

3.   I gcás nach leagtar síos aon tréimhse ama chun an fhianaise a thabhairt atá riachtanach chun suim urraithe a scaoileadh, 365 lá féilire a bheidh sa tréimhse sin ón teorainn ama a shonraítear maidir le comhlíonadh na hoibleagáide ar taisceadh an t-urrús ina leith. I gcás nach sonraítear aon teorainn ama chun an oibleagáid ar taisceadh an t-urrús ina leith a urramú, 365 lá féilire ón dáta a chomhlíontar gach oibleagáid a bheidh sa tréimhse chun an fhianaise a thabhairt atá riachtanach chun suim urraithe a scaoileadh.

Ní bheidh an tréimhse a leagtar síos sa chéad fhomhír os cionn 1 095 lá féilire ón am ar sannadh an t-urrús d’oibleagáid áirithe.

Airteagal 26

Tairseacha

1.   Ní bheidh an tsuim iomlán a dhéantar a fhorghéilleadh os cionn 100 % den chuid ábhartha den tsuim urraithe.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil forghéilleadh méid níos lú ná EUR 100 a tharscaoileadh, ar choinníoll go leagtar síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin forálacha náisiúnta den chineál céanna le haghaidh cásanna inchomparáide.

Roinn 4

Urrúis maidir le réamhíocaíochtaí

Airteagal 27

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le cásanna ina soláthraítear le rialacha sonracha an Aontais, seachas rialacha maidir le hidirghabhálacha earnála, gur féidir suim a réamhíoc sula gcomhlíontar an oibleagáid arna bunú chun aon chabhair nó buntáiste a fháil.

Airteagal 28

Urrúis a scaoileadh

1.   Scaoilfear an t-urrús sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair a bheidh an teidlíocht deiridh maidir leis an tsuim a deonaíodh mar réamhíocaíocht socraithe;

(b)

nó nuair a aisíocfar an tsuim a deonaíodh, móide aon mhéid breise dá bhforáiltear i rialacha sonracha an Aontais.

2.   Nuair a bheidh an sprioc-am istigh chun an teidlíocht deiridh a chruthú maidir leis an tsuim a deonaíodh gan fianaise theidlíochta a bheith curtha ar fáil, leanfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta maidir leis an urrús a fhorghéilleadh láithreach.

Mar sin féin, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le rialacha sonracha an Aontais, féadfar fianaise fós a chur ar fáil tar éis an dáta sin in aghaidh aisíoc páirteach an urrúis.

CAIBIDIL V

Úsáid an euro

Airteagal 29

Trádáil le tríú tíortha

1.   Maidir le méideanna a bhaineann le hallmhairithe agus le cánacha onnmhairiúcháin, arna socrú in euro ag dlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus atá infheidhme in airgeadra náisiúnta sna Ballstáit, beidh an ráta comhshó comhionann go sonrach leis an ráta is infheidhme de bhun Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

2.   Maidir le praghsanna agus méideanna arna sloinneadh in euro i reachtaíocht talmhaíochta an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha, is é glacadh an dearbhaithe custaim a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

3.   Chun luach caighdeánach allmhairiúcháin torthaí agus glasraí a ríomh, ar mhaithe leis an bpraghas iontrála a chinneadh, is é an lá lena mbaineann na praghsanna ionadaíocha a bheidh mar theagmhas oibríochtúil do ráta malairte na bpraghsanna ionadaíocha a úsáidtear chun an luach caighdeánach sin agus méid an laghdaithe a ríomh.

Airteagal 30

Cineálacha sonracha cabhrach

1.   Maidir le cabhair arna deonú de réir cainníocht táirge atá margaithe nó atá le húsáid ar bhealach sonrach, gan dochar d’Airteagal 32 nó Airteagal 33, is éard a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte an chéad oibríocht lena ráthaítear, tar éis don oibreoir lena mbaineann na táirgí a ghlacadh ar láimh, úsáid chuí na dtáirgí atá i gceist agus lena ngabhann deonú na cabhrach.

2.   Maidir le cabhair stórála príobháidí, is é an chéad lá den tréimhse inar deonaíodh an chabhair a bhaineann leis an gconradh céanna a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

3.   Maidir le cabhair seachas an chabhair dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 32 agus Airteagal 33, is é an sprioc-am chun iarratais a chur isteach a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 31

Earnáil an fhíona

1.   Is é a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte an chéad lá den bhliain airgeadais inar deonaíodh an tacaíocht don mhéid seo a leanas:

(a)

athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

cúnamh sealadach agus ar bhonn céimlaghdaitheach chun na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (l), de Rialachán (AE) 2021/2115 a chumhdach;

(c)

árachas buainte mar chosaint ar chaillteanais ioncaim a tharlódh de thoradh teagmhais dhíobhálacha aeráide a bhaineann le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, damáiste de bharr ainmhithe, galair plandaí nó inmhíoluithe lotnaidí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Maidir leis na hoibríochtaí glasbhuainte dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é an lá ar a dtarlaíonn an oibríocht ghlasbhuainte a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte

3.   Maidir le fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh i gcomhréir leis na srianta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, Roinn D, Cuid II, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é an chéad lá den bhliain airgeadais ina ndéantar an fotháirge a sheachadadh a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

4.   Maidir leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), pointe (e) agus pointe (m), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é 1 Eanáir na bliana ina ndéantar an cinneadh an chabhair a dheonú a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

5.   Maidir leis na cineálacha idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (f), (h), (i), (j) agus (k), de Rialachán (AE) 2021/2115, is é an ráta malairte roimh an gceann deireanach a bhunaigh an Banc Ceannais Eorpach roimh an mí inar dearbhaíodh an caiteachas nó an t-ioncam sannta a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 32

Méideanna agus íocaíochtaí cabhrach a bhaineann le cur i bhfeidhm na scéime scoile

Maidir le cabhair a dheonaítear chun an scéim scoile dá dtagraítear i gCuid II, Teideal I, Caibidil II, Roinn I, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm, is é an 1 Eanáir roimh an mbliain scoile lena mbaineann a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 33

Tacaíocht de chineál struchtúrach nó de chineál comhshaoil

Maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe a íoctar i gcomhréir le Teideal III, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2115, chomh maith le híocaíochtaí a bhaineann le bearta arna gceadú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, is é 1 Eanáir na bliana ina ndéantar an cinneadh an chabhair a dheonú a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Mar sin féin, i gcás ina ndéantar íocaíocht na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír go céimnitheach i gcaitheamh roinnt blianta faoi rialacha an Aontais, is é 1 Eanáir na bliana ina ndéantar an tráthchuid i gceist a íoc a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte le haghaidh gach ceann de na tráthchodanna bliantúla.

Airteagal 34

Méideanna agus praghsanna eile

I gcás praghsanna nó méideanna seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagail 30 go 33, nó i gcás na méideanna atá nasctha leis na praghsanna sin, arna sloinneadh in euro i reachtaíocht an Aontais, nó arna sloinneadh in euro trí nós imeachta tairisceana, is é an lá a dtarlaíonn ceann de na gníomhartha dlíthiúla seo a leanas a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte:

(a)

maidir le ceannacháin, nuair a fhaightear an tairiscint bhailí;

(b)

maidir le díolacháin, nuair a fhaightear an tairiscint bhailí;

(c)

maidir le táirgí a tharraingt siar, an lá a tharlaíonn an tarraingt siar;

(d)

maidir le hoibríochtaí neamhbhuainte agus glasbhuainte, an lá a tharlaíonn an oibríocht neamhbhuainte agus ghlasbhuainte;

(e)

maidir le costais iompair, próiseála nó stórála poiblí agus i leith méideanna a leithdháiltear ar staidéir mar chuid de nós imeachta tairisceana, an lá deiridh chun tairiscintí a chur isteach;

(f)

maidir le praghsanna, méideanna nó tairiscintí ar an margadh a thaifeadadh, an lá a dtaifeadtar an praghas, an méid nó an tairiscint ina leith;

(g)

maidir le pionóis a bhaineann le neamhchomhlíontacht leis an reachtaíocht talmhaíochta, dáta ghníomh an údaráis inniúil a bhunaíonn na fíorais.

Airteagal 35

Réamhíocaíochtaí a íoc

Maidir le réamhíocaíochtaí, is é an teagmhas oibríochtúil is infheidhme maidir leis an bpraghas nó leis an méid lena mbaineann an réamhíocaíocht, i gcás inar tharla an teagmhas sin faoin tráth ar íocadh an réamhíocaíocht nó, i gcásanna eile, an dáta a ndéantar an réamhíocaíocht a shocrú in euro nó, má theipeann air sin, an dáta a n-íoctar an réamhíocaíocht. Cuirfear an teagmhas oibríochtúil don ráta malairte i bhfeidhm ar réamhíocaíochtaí gan dochar do chur i bhfeidhm an teagmhais oibríochtúil don phraghas nó don mhéid sin ar an bpraghas iomlán nó ar an méid iomlán a bheidh i gceist..

Airteagal 36

Urrúis

Maidir le hurrúis, is é an dáta a dtaiscfear an t-urrús a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Mar sin féin, beidh feidhm ag na heisceachtaí seo a leanas:

(a)

maidir le hurrúis a bhaineann le réamhíocaíochtaí, is é an teagmhas oibríochtúil a shainmhínítear do mhéid na réamhíocaíochta a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte, i gcás inar tharla an teagmhas sin sula n-íoctar an t-urrús;

(b)

maidir le hurrúis a bhaineann le tairiscintí a chur isteach, is é an lá a gcuirfear an tairiscint isteach a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte;

(c)

maidir le hurrúis a bhaineann le feidhmiú na dtairiscintí, is é dáta deiridh an ghlao ar thairiscintí a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte.

Airteagal 37

An ráta malairte a shocrú

Nuair a shocraítear teagmhas oibríochtúil faoi reachtaíocht an Aontais, is é an ráta is déanaí arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach roimh an gcéad lá den mhí ina dtarlaíonn an teagmhas oibríochtúil an ráta malairte a úsáidfear.

Mar sin féin, is é an ráta malairte a úsáidfear:

(a)

an ráta dá dtagraítear in Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, le haghaidh na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 29(2) den Rialachán seo inarb é glacadh an dearbhaithe custaim a bheidh mar theagmhas oibríochtúil don ráta malairte;

(b)

maidir le caiteachas idirghabhála a thabhaítear i gcomhthéacs oibríochtaí stórála poiblí, an ráta a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún (12).

Airteagal 38

Grinnscrúdú ar idirbhearta

Déanfar na méideanna in euro a eascraíonn as cur chun feidhme Theideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116 a chomhshó, i gcás inarb iomchuí, go hairgeadraí náisiúnta tríd an ráta malairte a chur i bhfeidhm ar an gcéad lá oibre an bhliain a thosaíonn an tréimhse ghrinnscrúdaithe agus nuair a fhoilsítear í i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL VI

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

I gcás ina nglacfaidh gníomhaireacht íocaíochta, a dhéantar a chreidiúnú de réir Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, freagracht as caiteachas nach raibh sí freagrach as roimhe sin, creidiúnófar í leis na freagrachtaí nua roimh an 1 Eanáir 2023.

Airteagal 40

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin:

(a)

Leanfaidh Airteagal 5a, Airteagal 7(3) agus (4), Airteagal 11(1), an dara fomhír, agus (2) agus Airteagal 13 den Rialachán sin d’fheidhm a bheith acu a mhéid a bhaineann le CETFT i ndáil le caiteachas a thabhaigh na tairbhithe agus íocaíochtaí a rinne an ghníomhaíocht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus a mhéid a bhaineann le CERT maidir leis na cláir oibríochtúla arna gceadú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

Leanfaidh Airteagal 13 den Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige maidir le téarnaimh leanúnacha faoi Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 39 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle. (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Critéir chreidiúnaithe le haghaidh gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

1.   AN TIMPEALLACHT INMHEÁNACH

(A)   An struchtúr eagrúcháin

Cuirfidh struchtúr eagrúcháin na gníomhaireachta íocaíochta ar a cumas di na príomhfheidhmeanna seo a leanas a fhorghníomhú i leith chaiteachas CERT agus CETFT:

(i)

údarú agus rialú íocaíochtaí chun a shuíomh go bhfuil an méid atá le híoc le tairbhí i gcomhréir le rialacha an Aontais, lena n-áireofar rialuithe riaracháin agus rialuithe ar an láthair go háirithe;

(ii)

forghníomhú íocaíochtaí an mhéid údaraithe le tairbhithe (nó a sannaithe) nó, i gcás na forbartha tuaithe, cuid chómhaoinithe an Aontais;

(iii)

cuntasaíocht chun na híocaíochtaí go léir a thaifeadadh i gcuntais ar leith na gníomhaireachta íocaíochta le haghaidh chaiteachas CERT agus CETFT, i bhfoirm córas faisnéise, agus achoimrí tréimhsiúla caiteachais a ullmhú, lena n-áirítear na dearbhuithe míosúla (i gcás CERT), na dearbhuithe ráithiúla (i gcás CETFT) agus na dearbhuithe bliantúla don Choimisiún. Taifeadfar freisin i gcuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta na sócmhainní arna maoiniú ó CERT agus CETFT, go háirithe maidir le stoic idirghabhála, réamhíocaíochtaí neamh-imréitithe, urrúis agus féichiúnaithe;

(iv)

a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheofar freisin le struchtúr eagrúcháin na gníomhaireachta íocaíochta go ndéanfar an tuairisciú feidhmíochta ar tháscairí aschuir chun críocha an imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus an tuairisciú feidhmíochta ar tháscairí toraidh le haghaidh an fhaireacháin feidhmíochta ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115, rud a léiríonn go bhfuil Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116 á chomhlíonadh.

Le struchtúr eagrúcháin na gníomhaireachta íocaíochta, déanfar foráil maidir le húdarás agus freagracht a shannadh go soiléir ar gach leibhéal oibríochtúil agus maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (i), pointe (ii) agus pointe (iii), a ndéanfar a bhfreagrachtaí a shainiú i gcairt eagrúcháin ina gcuimseofar na línte tuairiscithe. Cuimseofar ann na seirbhísí teicniúla agus an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach dá dtagraítear i bpointe 4.

(B)   Caighdeán acmhainní daonna

Taispeánfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil sí tiomanta do luachanna ionracais agus eiticiúla. Urramóidh gach leibhéal bainistíochta luachanna ionracais agus eiticiúla ina dtreoracha, ina ngníomhaíochtaí agus ina n-iompraíocht. Leagfar amach na luachanna ionracais agus eiticiúla i gcaighdeáin iompair agus tuigfear iad ar gach leibhéal den eagraíocht, agus tuigfidh soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe agus tairbhithe seachfhoinsithe iad chomh maith. Beidh próisis i bhfeidhm lena mheas an bhfuil daoine aonair agus eintitis ailínithe leis na caighdeáin iompair agus chun aghaidh a thabhairt ar chlaontaí go tráthúil. Léireoidh an ghníomhaireacht íocaíochta freisin tiomantas daoine aonair inniúla a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil i gcomhréir lena cuspóirí.

Áiritheoidh an ghníomhaireacht an méid seo a leanas go háirithe:

(i)

leithdháileadh acmhainní daonna iomchuí chun oibríochtaí a dhéanamh agus scileanna teicniúla iomchuí a bheith ann de réir mar atá riachtanach ar leibhéil oibríochtúla éagsúla;

(ii)

roinnt na ndualgas i dtreo nach mbeidh aon oifigeach freagrach as níos mó ná ceann amháin de na freagrachtaí a bhaineann le húdarú, le híocaíocht nó le cuntasaíocht suimeanna a mhuirearófar ar CERT nó ar CETFT, agus gan aon cheann de na cúraimí sin a bheith á dhéanamh ag aon oifigeach gan é a bheith faoi mhaoirseacht;

(iii)

sainiú freagrachtaí gach oifigigh i sainchuntas poist i scríbhinn, lena n-áirítear teorainneacha airgeadais a chur lena údarás. Féadfar na teorainneacha sin a shainiú sa chóras;

(iv)

oiliúint foirne iomchuí ar gach leibhéal oibríochtúil, lena n-áirítear feasacht ar chalaois, agus beartas a bheith ann maidir le baill foirne i bpoist íogaire a rothlú, nó, mar rogha eile, maoirseacht bhreise a bheith ann;

(v)

bearta iomchuí chun riosca féideartha coinbhleachta leasa a sheachaint agus a bhrath de réir bhrí Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a mhéid a bhaineann le feidhmeanna na gníomhaireachta íocaíochta a chur chun feidhme i leith daoine a bhfuil tionchar acu agus suíomhanna íogaire acu laistigh agus lasmuigh den ghníomhaireacht íocaíochta. I gcás ina bhfuil riosca coinbhleachta leasa ann, beidh bearta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal sin i bhfeidhm.

(C)   Measúnú riosca

Áiritheoidh an ghníomhaireacht íocaíochta an méid seo a leanas:

(i)

sainaithint chuspóirí na gníomhaireachta íocaíochta ionas gur féidir na rioscaí a bhaineann leis na cuspóirí sin a shainaithint agus a mheasúnú;

(ii)

sainaithint na rioscaí, lena n-áirítear neamhrialtachtaí nó calaois a d’fhéadfadh a bheith ann, ar rioscaí iad a bhaineann le cuspóirí na gníomhaireachta íocaíochta a bhaint amach agus anailís ar na rioscaí sin mar bhonn chun a chinneadh conas ba cheart an riosca a bhainistiú;

(iii)

a mhéid a bhaineann leis an riosca calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann, straitéis frithchalaoise, ina n-áireofar bearta chun calaois agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Áireofar ar na bearta sin calaois a chosc agus a bhrath agus na coinníollacha a ghabhann lena himscrúdú; agus bearta cúitimh agus díspreagtha, le smachtbhannaí comhréireacha agus athchomhairleacha;

(iv)

cur chun feidhme bearta chun na rioscaí a chosc agus a mhaolú;

(v)

sainaithint agus measúnú na n-athruithe a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar an gcóras rialaithe inmheánaigh;

(vi)

athbhreithniú tráthrialta ar an measúnú riosca agus ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun na rioscaí sainaitheanta a chosc nó a mhaolú.

(D)   Tarmligean

(D.1)

Má dhéanann an ghníomhaireacht íocaíochta aon cheann dá cúraimí a tharmligean chuig comhlacht eile i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

ní mór comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an ghníomhaireacht íocaíochta agus an comhlacht sin ina sonraítear, amach ó na cúraimí tarmligthe, cineál na faisnéise agus na doiciméid tacaíochta atá le cur isteach chuig an ngníomhaireacht íocaíochta agus an teorainn ama nach mór iad a chur isteach laistigh di. Sa chomhaontú ní mór a chur ar a cumas don ghníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe a chomhlíonadh;

(ii)

leanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta de bheith freagrach as bainistíocht éifeachtach na gcistí lena mbaineann i ngach cás. Leanann sí de bheith freagrach go hiomlán as dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, lena n-áirítear leas airgeadais an Aontais a chosaint, chomh maith leis an gcaiteachas comhfhreagrach a dhearbhú don Choimisiún agus na cuntais a ullmhú dá réir;

(iii)

saineofar go soiléir freagrachtaí agus oibleagáidí an chomhlachta eile, go háirithe maidir le comhlíonadh rialacha an Aontais a rialú agus a fhíorú;

(iv)

áiritheoidh an ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil córais éifeachtacha ag an gcomhlacht eile lena áirithiú go gcomhlíonann sé a chúraimí ar bhealach sásúil;

(v)

dearbhóidh an comhlacht eile go sainráite don ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus tabharfaidh sé tuairisc ar na modhanna a úsáidtear;

(vi)

déanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta athbhreithniú ar na cúraimí tarmligthe go tráthrialta chun a dhearbhú go bhfuil an obair a dhéantar ar chaighdeán sásúil agus go bhfuil sí i gcomhréir le rialacha an Aontais.

(D.2)

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (D.1)(i), (ii), (iii) agus (v) sna cásanna ina ndéanann comhlacht eile feidhmeanna na gníomhaireachta íocaíochta mar chuid dá chúraimí rialta ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta.

2.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ RIALAITHE

(A)   Nósanna imeachta um údarú éileamh

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta chun na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

leagfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta mionsonraithe síos maidir le héilimh a fháil, a thaifeadadh agus a phróiseáil, lena n-áirítear cur síos ar na doiciméid go léir agus ar an gcóras faisnéise a bheidh le húsáid;

(ii)

beidh seicliosta mionsonraithe de na fíoraithe atá le déanamh ag gach oifigeach atá freagrach as údarú, agus fianóidh siad sna doiciméid tacaíochta a ghabhann leis an éileamh go ndearnadh na seiceálacha sin. Féadfar an fianú sin a dhéanamh go leictreonach. Beidh fianaise ann d’athbhreithniú córasach ag ball foirne sinsearach ar an obair bunaithe ar shampla, ar chóras nó ar phlean;

(iii)

ní dhéanfar éileamh a údarú le haghaidh íocaíochta ach amháin nuair a dhéanfar dóthain seiceálacha chun comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú;

(iv)

áireofar sna seiceálacha iad siúd a cheanglaítear leis an rialachán ábhartha lena rialaítear an beart sonrach faoina ndéanfar cabhair a éileamh, agus iad siúd a cheanglaítear de bhun Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun calaois agus neamhrialtacht a chosc agus a bhrath agus aird áirithe á tabhairt ar na rioscaí a thabhaítear. Maidir le CETFT, beidh nósanna imeachta ann sa bhreis air sin chun a fhíorú gur urramaíodh na coinníollacha maidir le cabhair a dheonú, lena n-áirítear dul i gconradh, agus gur comhlíonadh rialacha uile an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear iad siúd atá socraithe i bplean straitéiseach CBT;

(v)

déanfar bainistíocht na gníomhaireachta íocaíochta a chur ar an eolas, ar leibhéal iomchuí, ar bhonn tráthrialta agus tráthúil faoi thorthaí na seiceálacha riaracháin agus na seiceálacha ar an láthair a dhéantar, ionas go bhféadfar leordhóthanacht na rialuithe sin a chur san áireamh i gcónaí sula ndéantar éileamh a shocrú;

(vi)

mionsonrófar an obair a dhéantar i dtuarascáil a ghabhann le gach éileamh, baisc éileamh nó, más iomchuí, i dtuarascáil ina gcumhdaítear bliain mhargaíochta amháin. Beidh fianú incháilitheachta na n-éileamh formheasta agus chineál, raon feidhme agus theorainneacha na hoibre a rinneadh ag gabháil leis an tuarascáil. Féadfar é sin a dhéanamh go leictreonach. Ina theannta sin, maidir le CETFT, beidh dearbhú gur urramaíodh na coinníollacha maidir le cabhair a dheonú, lena n-áirítear dul i gconradh, agus gur comhlíonadh rialacha uile an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear iad siúd atá socraithe i bplean straitéiseach CBT. Más rud é nach uileghabhálach atá aon seiceáil fhisiceach nó riaracháin, ach go ndéantar í ar shampla éileamh, sainaithneofar na héilimh a roghnaítear, tabharfar tuairisc ar an modh samplála, agus tabharfar tuarascáil ar thorthaí na gcigireachtaí uile agus na bearta a glacadh i leith neamhréireachtaí agus neamhrialtachtaí. Beidh na doiciméid tacaíochta (i bhfoirm pháipéir nó leictreonach) leordhóthanach chun dearbhú a sholáthar go ndearnadh na seiceálacha riachtanacha go léir ar incháilitheacht na n-éileamh údaraithe;

(vii)

i gcás ina gcoinneoidh comhlachtaí eile na doiciméid (i bhfoirm pháipéir nó leictreonach) a bhaineann leis na héilimh arna n-údarú agus na rialuithe arna ndéanamh, déanfaidh an dá chomhlacht sin agus an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú go gcoimeádfar na doiciméid sin nó na taifid sonraí leictreonacha sin agus go mbeidh siad ar fáil don ghníomhaireacht íocaíochta.

(B)   Nósanna imeachta um íocaíocht

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú nach ndéantar íocaíochtaí ach le cuntais bhainc ar leis na tairbhithe nó a sannaithe iad. Déanfaidh banc na gníomhaireachta íocaíochta an íocaíocht, nó, de réir mar is iomchuí, déanfaidh oifig íocaíochtaí rialtais an íocaíocht, laistigh de 5 lá oibre ó dháta an mhuirir ar CERT nó ar CETFT. Na híocaíochtaí ar fad nár forghníomhaíodh aistrithe ina leith, glacfar nósanna imeachta chun a áirithiú nach ndearbhaítear do CERT ná do CETFT iad le haghaidh aisíocaíochta. Más rud é gur dearbhaíodh na híocaíochtaí sin cheana do CERT nó do CETFT, ba cheart iad a chur chun sochar na gCistí sin an athuair trí na chéad dearbhuithe míosúla/ráithiúla eile nó sna cuntais bhliantúla ar a dhéanaí. Ní dhéanfar aon íocaíocht in airgead tirim. Féadfar formheas ón oifigeach údaraithe agus/nó óna mhaoirseoir a dhéanamh go leictreonach, ar choinníoll go n-áireofar leibhéal slándála iomchuí i gcomhair an mhodha leictreonaigh sin, agus go ndéanfar céannacht an tsínitheora a chur isteach sna taifid leictreonacha.

(C)   Nósanna imeachta um chuntasaíocht

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta na nósanna imeachta seo a leanas:

(i)

áiritheofar leis na nósanna imeachta cuntasaíochta go gcuirtear na dearbhuithe míosúla (maidir le CERT), na dearbhuithe ráithiúla (maidir le CETFT) agus na dearbhuithe bliantúla i gcrích agus go bhfuil siad cruinn agus tráthúil, agus go mbraitear agus go gceartaítear aon earráid nó easnamh, go háirithe trí sheiceálacha agus comhréitigh a dhéanamh go tráthrialta;

(ii)

áiritheofar leis an gcuntasaíocht maidir le stóráil idirghabhála go ndéantar na cainníochtaí agus na costais ghaolmhara a phróiseáil agus a thaifeadadh i gceart agus go pras in aghaidh na luchtóige inaitheanta agus sa chuntas ceart ag gach céim ón am ar glacadh le tairiscint go dtí go ndéantar an táirge a dhiúscairt go fisiceach, i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme, agus áiritheofar go bhféadfar cainníocht agus cineál na stoc ag gach suíomh a chinneadh tráth ar bith.

(D)   Nósanna imeachta um an tuairisciú ar fheidhmíocht

A mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh an ghníomhaireacht íocaíochta go bhfuil córas faisnéise i bhfeidhm chun sonraí maidir le gach éileamh agus oibríocht a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil i bhfoirm ríomhairithe. Ina theannta sin, soláthrófar leis an gcóras miondealú ar shonraí maidir leis na táscairí aschuir ábhartha uile in aghaidh na hidirghabhála chun a ráthú go dtaispeánann an tuairisciú bliantúil ar fheidhmíocht go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116, chomh maith leis na sonraí maidir leis na táscairí toraidh, lena n-áirítear spriocanna agus garspriocanna.

(E)   Nósanna imeachta um réamhíocaíochtaí agus urrúis

Glacfar nósanna imeachta chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(i)

íocaíochtaí na réamhíocaíochtaí sna cuntais chuntasaíochta nó sna fochuntais a shainaithint ar leithligh;

(ii)

gan ráthaíochtaí a bheith le fáil ach amháin ó institiúidí airgeadais a chomhlíonann coinníollacha Chaibidil IV den Rialachán seo agus atá formheasta ag na húdaráis iomchuí agus atá fós bailí go dtí go ndéanfar iad a imréiteach nó go dtí go n-iarrfar orthu, arna iarraidh sin go simplí ag an ngníomhaireacht íocaíochta;

(iii)

na réamhíocaíochtaí a imréiteach laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos agus na réamhíocaíochtaí atá thar téarma i gcomhair imréitigh a shainaithint go pras agus na ráthaíochtaí a iarraidh go pras.

(F)   Nósanna imeachta um fhiacha

Beidh feidhm mutatis mutandis ag na critéir uile dá bhforáiltear i ranna (A) go (E) ar thobhaigh, ráthaíochtaí forghéillte, íocaíochtaí aisíoctha, ioncaim shannta srl., nithe a cheanglaítear ar an ngníomhaireacht íocaíochta a bhailiú thar ceann CERT agus CETFT.

Cuirfidh an ghníomhaireacht íocaíochta córas ar bun chun na méideanna go léir atá dlite a shainaithint agus chun na fiacha sin go léir a thaifeadadh i mórleabhar féichiúnaithe aonair sula bhfaighfear iad. Déanfar cigireacht ar mhórleabhar na bhféichiúnaithe go tráthrialta agus glacfar gníomh chun fiacha atá thar téarma a bhailiú.

(G)   Rian iniúchóireachta

Beidh an fhaisnéis maidir le fianaise dhoiciméadach ar údarú, cuntasaíocht agus íocaíocht éileamh, tuairisciú ar fheidhmíocht agus láimhseáil réamhíocaíochtaí, urrús agus fiach ar fáil sa ghníomhaireacht íocaíochta chun a áirithiú go mbeidh rian iniúchóireachta mionsonraithe leordhóthanach ar fáil i gcónaí.

3.   FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

(A)   Cumarsáid

Maidir le gach athrú ar rialacháin an Aontais, agus go háirithe maidir leis na rátaí cabhrach is infheidhme, glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a thaifeadadh agus go ndéanfar na treoracha, na bunachair sonraí agus na seicliostaí a thabhairt cothrom le dáta in am trátha.

(B)   Slándáil na gcóras faisnéise

Deimhneofar slándáil na gcóras faisnéise i gcomhréir le hEagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán 27001: Córais bhainistíochta Slándála Faisnéise – Ceanglais (ISO).

Arna údarú sin ag an gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit slándáil na gcóras faisnéise a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin eile a bhfuil glacadh leo, má ráthaítear leis na caighdeáin sin leibhéal slándála atá comhionann, ar a laghad, leis an leibhéal a sholáthraítear le ISO 27001.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír ná ag an dara mír maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta atá freagrach as caiteachas bliantúil nach mó ná EUR 400 milliún a bhainistiú agus a rialú, má chuir an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh ceann de na caighdeáin seo a leanas a chur i bhfeidhm ina ionad:

An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú 27002: Cód cleachtais maidir le rialuithe Slándála Faisnéise (ISO);

Bundesamt für Sicherheit in der Informationstechnik: IT-Grundschutzhandbuch/Lámhleabhar Cosanta Bunlíne TF (BSI);

Cumann Iniúchóireachta agus Rialaithe na gCóras Faisnéise: Cuspóirí rialaithe maidir le Teicneolaíocht Faisnéise agus Teicneolaíocht ghaolmhar (COBIT).

4.   FAIREACHÁN

(A)   Faireachán leanúnach trí ghníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh

Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sna gníomhaíochtaí rialaithe inmheánaigh:

(i)

faireachán ar na seirbhísí teicniúla agus ar na comhlachtaí tarmligthe atá freagrach as na rialuithe agus na feidhmeanna eile a dhéanamh chun cur i bhfeidhm ceart na rialachán, na dtreoirlínte agus na nósanna imeachta a áirithiú;

(ii)

tús a chur le hathruithe ar chórais chun córais rialaithe a fheabhsú i gcoitinne;

(iii)

athbhreithniú ar éilimh agus iarrataí a chuirtear faoi bhráid na gníomhaireachta íocaíochta chomh maith le faisnéis eile lena gcuirtear amhras faoi neamhrialtachtaí in iúl;

(iv)

nósanna imeachta faireacháin chun calaois agus neamhrialtacht a chosc agus a bhrath agus aird ar leith á tabhairt ar na réimsí sin de chaiteachas CBT faoi inniúlacht na gníomhaireachta íocaíochta atá i mbaol suntasach calaoise nó neamhrialtachtaí tromchúiseacha eile.

Socrófar go mbeidh faireachán leanúnach ina dhlúthchuid de ghnáthghníomhaíochtaí oibriúcháin athfhillteacha na gníomhaireachta íocaíochta. Déanfar faireachán ar bhonn leanúnach ar oibríochtaí laethúla agus gníomhaíochtaí rialaithe na gníomhaireachta chun rian iniúchóireachta sách mionsonraithe a áirithiú.

(B)   Meastóireachtaí ar leithligh trí sheirbhís um iniúchóireacht inmheánach

Glacfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta nósanna imeachta chun na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

beidh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach neamhspleách ar ranna eile na gníomhaireachta íocaíochta agus tuairisceoidh sí go díreach chuig stiúrthóir na gníomhaireachta íocaíochta;

(ii)

fíoróidh an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach go bhfuil na nósanna imeachta atá glactha ag an ngníomhaireacht leordhóthanach chun a áirithiú go bhfíoraítear comhlíonadh rialacha an Aontais agus go bhfuil na cuntais cruinn, iomlán agus tráthúil. Ar choinníoll go n-áireofar le plean iniúchta go bhfuil gach réimse suntasach, lena n-áirítear na ranna atá freagrach as údarú, cumhdaithe ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, féadfar fíoraithe a theorannú do bhearta roghnaithe agus do shamplaí idirbheart;

(iii)

déanfar obair na seirbhíse um iniúchóireacht inmheánach i gcomhréir le caighdeáin a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, déanfar í a thaifeadadh i bpáipéir oibre agus beidh tuarascálacha agus moltaí a dhíreofar ar ardbhainistíocht na gníomhaireachta mar thoradh uirthi.


IARSCRÍBHINN II

Critéir chreidiúnaithe le haghaidh comhlachtaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3) a mhéid a bhaineann le tiomsú na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht

1.   FAISNÉIS AGUS CUMARSÁID

(A)   Cumarsáid

Glacfaidh an comhlacht comhordúcháin na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go ndéanfar gach athrú ar rialacháin an Aontais a thaifeadadh agus go dtabharfar na treoracha agus na bunachair sonraí cothrom le dáta in am trátha.

(B)   Slándáil na gcóras faisnéise

Deimhneofar slándáil na gcóras faisnéise i gcomhréir le hEagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán 27001: Córais bhainistíochta Slándála Faisnéise – Ceanglais (ISO).

Arna údarú sin ag an gCoimisiún, féadfaidh na Ballstáit slándáil na gcóras faisnéise a dheimhniú i gcomhréir le caighdeáin eile a bhfuil glacadh leo, má ráthaítear leis na caighdeáin sin leibhéal slándála atá comhionann, ar a laghad, leis an leibhéal a sholáthraítear le ISO 27001. I gcás ina ngníomhaíonn gníomhaireacht íocaíochta mar chomhlacht comhordaithe, comhlíonann a deimhniúchán an coinníoll sin.


IARSCRÍBHINN III

Oibleagáidí na ngníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

I.   OIBLEAGÁIDÍ NA nGNÍOMHAIREACHTAÍ ÍOCAÍOCHTA

A.   Seiceálacha

1.   Minicíocht agus ionadaíochas

Déanfar cigireacht ar gach pointe stórála uair amháin ar a laghad sa bhliain i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gcuid II, chun an méid seo a leanas a fhionnadh go háirithe:

(a)

an nós imeachta um fhaisnéis maidir le stóráil phoiblí a bhailiú;

(b)

cé acu an réitíonn na sonraí cuntasaíochta atá ag an stórálaí ar an láthair leis an bhfaisnéis a sheoltar chuig an ngníomhaireacht íocaíochta nó nach réitíonn;

(c)

bunófar láithreacht fhisiceach trí bhíthin cigireacht fhisiceach ionadaíoch leordhóthanach, lena gcumhdófar na céatadáin a leagtar amach i gcuid II ar a laghad agus lena bhféadfar teacht ar an gconclúid go bhfuil na cainníochtaí uile a liostaítear sna cuntais stoic i láthair i ndáiríre;

(d)

sna seiceálacha ar cháilíocht cuimseofar seiceálacha amhairc, boltanach agus/nó orgánaileipteacha agus, má bhíonn aon amhras ann, grinnanailísí.

2.   Seiceálacha breise

Má bhraitear aimhrialtacht le linn na cigireachta fisicí, déanfar cigireacht ar chéatadán eile de na cainníochtaí i stóráil idirghabhála agus úsáid á baint as an modh céanna. Más gá, féadfar an chigireacht a leathnú chun na táirgí go léir sa luchtóg nó sa stór a ndéantar iniúchadh orthu a mheá.

B.   Tuarascálacha cigireachta

1.

Déanfaidh comhlacht cigireachta inmheánaí na gníomhaireachta íocaíochta nó an comhlacht atá údaraithe ag an ngníomhaireacht íocaíochta tuarascáil a tharraingt suas ar gach ceann de na seiceálacha nó na cigireachtaí fisiceacha a rinneadh.

2.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:

(a)

ainm an stórálaí, seoladh an stóir ar tugadh cuairt air agus tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht orthu;

(b)

an dáta agus an t-am ar tosaíodh agus ar críochnaíodh an chigireacht;

(c)

an áit a ndearnadh an chigireacht agus tuairisc ar na coinníollacha stórála, pacáistithe agus inrochtaineachta;

(d)

céannacht iomlán na ndaoine a dhéanann an chigireacht, a stádas agus téarmaí an údaraithe atá acu;

(e)

na bearta cigireachta a rinneadh agus na nósanna imeachta a úsáideadh chun toirt a dheimhniú, amhail modhanna tomhais, ríomhanna, torthaí eatramhacha agus deiridh, agus na conclúidí ar thángthas orthu;

(f)

i gcás gach luchtóige nó cáilíochta a stóráiltear, an chainníocht i leabhair na gníomhaireachta íocaíochta, an chainníocht i leabhair an stóir agus aon neamhréireacht idir an dá shraith leabhar;

(g)

i gcás gach luchtóige nó cáilíochta a ndearnadh cigireacht fhisiceach uirthi, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) agus an chainníocht a fhíoraítear ar an láthair agus aon neamhréireacht, uimhir na luchtóige nó na cáilíochta, na pailléid, na boscaí, na sadhlanna, na dabhcha nó na gabhdáin eile atá i gceist agus an meáchan (glanmheáchan agus ollmheáchan araon, más iomchuí) nó an toirt;

(h)

na ráitis a rinne an stórálaí ina bhfuil neamhréireachtaí nó difríochtaí;

(i)

áit, dáta agus síniú an duine a dhréachtaigh an tuarascáil agus an stórálaí nó an ionadaí;

(j)

aon chigireacht leathnaithe a rinneadh i gcás aimhrialtachta, lena sonraítear céatadán na gcainníochtaí stóráilte atá cumhdaithe sa chigireacht fhadaithe, na neamhréireachtaí a fuarthas agus na mínithe a tugadh.

3.

Seolfar na tuarascálacha láithreach chuig ceann na roinne atá freagrach as cuntais na gníomhaireachta íocaíochta a choinneáil.

Díreach tar éis an tuarascáil a fháil, déanfar cuntais na gníomhaireachta íocaíochta a cheartú i bhfianaise na neamhréireachtaí agus na ndifríochtaí a braitheadh.

4.

Beidh na tuarascálacha ar fáil ag foireann an Choimisiúin agus ag daoine arna n-údarú ag an gCoimisiún.

5.

Dréachtóidh an ghníomhaireacht íocaíochta doiciméad achoimre, ina liostófar an méid seo a leanas:

(a)

na seiceálacha a rinneadh, agus na cinn ar cigireachtaí fisiceacha (seiceálacha fardail) iad á léiriú go soiléir;

(b)

na cainníochtaí a ndearnadh seiceáil orthu;

(c)

an aimhrialtacht a braitheadh i ndáil leis na ráitis mhíosúla agus bhliantúla, agus na cúiseanna leis an aimhrialtacht sin.

Cuirfear na cainníochtaí a ndearnadh seiceáil orthu agus an aimhrialtacht a braitheadh in iúl maidir le gach táirge lena mbaineann, i dtéarmaí meáchain nó toirte agus mar chéatadán de na cainníochtaí iomlána a shealbhaítear.

Sa doiciméad achoimre sin, liostófar na seiceálacha ar leithligh chun cáilíocht na dtáirgí a stóráiltear a fhíorú. Seolfar é chuig an gCoimisiún an tráth céanna leis na cuntais bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116.

II.   NÓS IMEACHTA UM CHIGIREACHT FHISICEACH DE RÉIR NA hEARNÁLA DE CBT MAIDIR LEIS NA SEICEÁLACHA DÁ bhFORÁILTEAR I gCUID I

A.   Im

1.

5 % ar a laghad den chainníocht iomlán i stóráil phoiblí a bheidh i sampla na luchtóg a bheidh le seiceáil. Roghnófar na luchtóga a bheidh le seiceáil roimh an gcuairt ar an stór ar bhonn shonraí cuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

2.

Déanfar láithreacht na luchtóg arna roghnú agus a gcomhdhéanamh a fhíorú ar an láthair trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

uimhreacha rialaithe na luchtóg agus na mboscaí a shainaithint ar bhonn na nótaí ceannaigh nó na nótaí iontrála;

(b)

na pailléid (pailléad amháin as 10) agus na boscaí (ceann amháin in aghaidh an phailléid) a mheá;

(c)

an t-ábhar atá sa bhosca a sheiceáil ó amharc (ceann amháin as gach cúig phailléad);

(d)

an bhail atá ar an bpacáistiú a sheiceáil.

3.

Sa tuarascáil chigireachta, cuimseofar tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht fhisiceach orthu agus ar aon easnamh a luaitear.

B.   Púdar bainne bhearrtha

1.

5 % ar a laghad den chainníocht i stóráil phoiblí a bheidh i sampla na luchtóg a bheidh le seiceáil. Roghnófar na luchtóga a bheidh le seiceáil roimh an gcuairt ar an stór ar bhonn shonraí cuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

2.

Déanfar láithreacht na luchtóg arna roghnú agus a gcomhdhéanamh a fhíorú ar an láthair trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

uimhreacha rialaithe na luchtóg agus na málaí a shainaithint ar bhonn na nótaí ceannaigh nó na nótaí iontrála;

(b)

na pailléid (pailéad amháin as 10) agus na málaí (mála amháin as 10) a mheá;

(c)

an t-ábhar atá i mála a sheiceáil ó amharc (mála amháin as gach cúig phailléad);

(d)

an bhail atá ar an bpacáistiú a sheiceáil.

3.

Sa tuarascáil chigireachta, cuimseofar tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht fhisiceach orthu agus ar aon easnamh a luaitear.

C.   Gránaigh agus Rís

1.   Nós imeachta um chigireacht fhisiceach

Déanfar an chigireacht mar a leanas:

(a)

Roghnófar na haraidí nó na seomraí stórais a bheidh le seiceáil, ar 5 % ar a laghad de chainníocht iomlán na ngránach nó na ríse i stóráil phoiblí a bheidh iontu.

Beidh an roghnúchán bunaithe ar thaifid stoc na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

(b)

Cigireacht fhisiceach:

(i)

láithreacht na ngránach nó na ríse sna haraidí nó sna seomraí stórais roghnaithe a fhíorú;

(ii)

na gránaigh nó an rís a shainaithint;

(iii)

cigireacht a dhéanamh ar choinníollacha stórála agus seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht na dtáirgí a stóráiltear faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún (1);

(iv)

áit stórála agus sainaitheantas na ngránach nó na ríse a chur i gcomparáid le taifid an stóir;

(v)

meastóireacht ar na cainníochtaí a stóráiltear trí mhodh arna fhormheas ag an ngníomhaireacht íocaíochta roimh ré, a ndéanfar tuairisc uirthi a thaisceadh ina ceannoifig.

2.   Nós imeachta i gcás ina bhfaighfear neamhréireachtaí

Ceadaítear méid éigin lamháltais nuair a dhéantar an toirt a fhíorú.

Mar sin, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn IV, roinn II, i gcás ina mbeidh difríocht 5 % nó níos mó idir meáchan na dtáirgí a stóráiltear mar a taifeadadh le linn na cigireachta fisicí agus an meáchan leabhair maidir le gránaigh nó rís i gcás ina ndéanfar iad a stóráil i sadhlanna nó ar an urlár.

I gcás ina ndéanfar gránaigh nó rís a stóráil i dtrádstóras, féadfar na méideanna a rinneadh a mheá arna n-iontráil isteach i stóráil a thaifeadadh seachas na méideanna a eascraíonn as measúnú toirte más rud é nach soláthraíonn na méideanna a eascraíonn as measúnú toirte cruinneas leordhóthanach agus ar choinníoll nach bhfuil an difríocht idir an dá mhéid iomarcach.

Bainfidh an ghníomhaireacht íocaíochta úsáid as an rogha sin i gcás ina mbeidh údar cuí leis, ar bhonn cás ar chás agus ar a fhreagracht féin. Cuirfidh sí in iúl go ndearna sí amhlaidh ina tuarascáil chigireachta, bunaithe ar an tsamhail tháscach seo a leanas:

GRÁNAIGH – CIGIREACHT STOIC

Táirge:

Stórálaí: Stór, sadhlann:

Uimhir na cille:

Dáta:

Luchtóg

Cainníocht a luaitear sna cuntais stoic

(a)   Stoic i sadhlann

Uimh. an choimeádáin

Toirt a luadh sa tsonraíocht m3 (A)

Toirt shaor a taifeadadh m3 (B)

Toirt na ngránach a stóráladh m3 (A-B)

Sainmheáchan a taifeadadh kg/hl = 100

Meáchan gránach nó rís

 

 

 

 

 

 

Iomlán (a): …

(b)   Stoic i stóráil ar an urlár

 

Uimh. an tSeomra Stórais

Uimh. an tSeomra Stórais

Uimh. an tSeomra Stórais

Achar atá cumhdaithe …

Airde …

m2

m2

m2

m3

m3

m3

 

… m

 

… m

 

… m

 

Ceartúcháin …

… m3

… m3

… m3

Toirt …

… m3

… m3

… m3

Sainmheáchan …

… kg/hl

… kg/hl

… kg/hl

Meáchan iomlán

… tonaí

… tonaí

… tonaí

Iomlán (b): …

Meáchan iomlán sa stór: …

Difríocht ó mheáchan leabhair: …

In %: …

…, [dáta]

… (Stampa agus síniú)

Cigire na gníomhaireachta íocaíochta:

D.   Mairteoil agus laofheoil

1.

5 % ar a laghad den chainníocht iomlán i stóráil phoiblí a bheidh i sampla na luchtóg a bheidh le seiceáil. Roghnófar na luchtóga a bheidh le seiceáil roimh an gcuairt ar an stór ar bhonn shonraí cuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta, ach ní chuirfear an stórálaí ar an eolas.

2.

Déanfar láithreacht na luchtóg arna roghnú agus a gcomhdhéanamh a fhíorú ar an láthair. Beidh na nithe seo a leanas i gceist san fhíorú:

(a)

maidir le feoil ar an gcnámh:

(i)

na luchtóga a shainaithint agus líon na bpíosaí a fhíorú;

(ii)

meáchan 20 % de na píosaí a fhíorú, i gcás gach cineál gearrtha agus/nó cáilíochta;

(iii)

an bhail atá ar an bpacáistiú a sheiceáil ó amharc.

(b)

maidir le feoil dhíchnámhaithe:

(i)

na luchtóga agus na pailléid a shainaithint agus líon na mboscaí a fhíorú;

(ii)

meáchan 10 % de na pailléid nó de na coimeádáin a sheiceáil;

(iii)

meáchan 10 % de na boscaí ó gach pailléad a mheáitear a sheiceáil;

(iv)

ábhar na mboscaí agus riocht an phacáistithe i ngach bosca a sheiceáil ó amharc.

Roghnófar na pailléid ag féachaint do na gearrthacha difriúla sa stór.

3.

Sa tuarascáil chigireachta, cuimseofar tuairisc ar na luchtóga a ndearnadh cigireacht fhisiceach orthu agus ar aon easnamh a luaitear.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lch. 15).


IARSCRÍBHINN IV

Oibleagáidí agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le freagrachtaí na stórálaithe, atá le cuimsiú i gconarthaí stórála a thugtar i gcrích idir gníomhaireachtaí íocaíochtaí agus stórálaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

I.   OIBLEAGÁIDÍ GINEARÁLTA NA STÓRÁLAITHE

Beidh stórálaithe freagrach as a áirithiú go gcaomhnófar i gceart na táirgí atá cumhdaithe ag bearta idirghabhála an Aontais. Is orthu a bheidh na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le haon mhainneachtain é sin a dhéanamh.

Beidh plean den trádstóras agus beidh na tomhais i gcomhair gach sadhlainne nó seomra stórais le fáil ag gach pointe stórála.

Déanfar na gránaigh nó an rís a stóráil ar bhealach lenar féidir a dtoirt a fhíorú.

II.   CÁILÍOCHT NA dTÁIRGÍ

I gcás ina meathlóidh cáilíocht na dtáirgí idirghabhála i stóráil de thoradh droch-choinníollacha stórála nó coinníollacha stórála míchuí, is é an stórálaí a íocfaidh as na caillteanais agus cuirfear isteach iad sna cuntais stórála poiblí mar chaillteanas a eascraíonn as meath an táirge de dheasca coinníollacha stórála.

III.   CAINNÍOCHTAÍ IN EASNAMH

1.

Beidh an stórálaí freagrach as gach neamhréiteach idir na cainníochtaí sa stór agus na sonraí a thugtar sna ráitis stoic a sheoltar chuig an ngníomhaireacht íocaíochta.

2.

I gcás ina mbeidh níos mó cainníochtaí in easnamh ná mar a cheadaítear faoi na teorainneacha lamháltais ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 4, Iarscríbhinn III, cuid II, roinn C, pointe 2, agus Iarscríbhinn V, nó faoin reachtaíocht talmhaíochta earnálach, muirearófar an méid iomlán ar an stórálaí mar chaillteanas neamh-inaitheanta. Na stórálaithe atá ag cur in aghaidh na gcainníochtaí atá in easnamh, féadfaidh siad meá nó tomhas an táirge a iarraidh, agus sa chás sin iompróidh siad costais na hoibríochta ach amháin má fhaightear amach go bhfuil na cainníochtaí a dearbhaíodh i láthair go hiarbhír nó nach bhfuil an difríocht os cionn na dteorainneacha ábhartha, rud a chiallódh go muirearófaí na costais mheáite nó tomhais ar an ngníomhaireacht íocaíochta.

Beidh feidhm ag na teorainneacha lamháltais a leagtar amach in Iarscríbhinn III, cuid II, roinn C, pointe 2, gan dochar do na lamháltais eile dá dtagraítear sa chéad mhír den phointe seo.

IV.   DOICIMÉID TACAÍOCHTA AGUS DEARBHUITHE BLIANTÚLA AGUS MÍOSÚLA

1.   Doiciméid tacaíochta agus dearbhuithe míosúla

(a)

Na doiciméid a bhaineann le táirgí a iontráil, a stóráil agus a aistriú agus a úsáidtear chun na cuntais bhliantúla a tharraingt suas, ní mór iad a bheith i seilbh an stórálaí agus ní mór an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, a bheith iontu:

(i)

áit stórála (le sainaithint na haraide nó na daibhche i gcás inarb ábhartha);

(ii)

an chainníocht a tugadh anonn ón mí roimh ré;

(iii)

iontrálacha agus aistrithe de réir na luchtóige;

(iv)

an stoc ag deireadh na tréimhse.

Leis na doiciméid sin, ceadófar sainaithint bheacht na gcainníochtaí sa stór tráth ar bith, agus cuirfear san áireamh ceannacháin agus díolacháin a comhaontaíodh ach nach ndearnadh na hiontrálacha comhfhreagracha nó na haistrithe comhfhreagracha stoic lena n-aghaidh go fóill.

(b)

Seolfaidh an stórálaí na doiciméid a bhaineann le táirgí a iontráil, a stóráil agus a aistriú chuig an ngníomhaireacht íocaíochta uair sa mhí ar a laghad, mar thaca le ráiteas achomair stoic míosúil. Ní mór iad a bheith i seilbh na gníomhaireachta íocaíochta roimh an 10ú lá den mhí i ndiaidh na míosa lena mbaineann an ráiteas stoic.

(c)

Leagtar amach thíos sampla de ráiteas achomair stoic míosúil (samhail tháscach). Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta é ar fáil do stórálaithe i bhfoirm leictreonach.

Ráiteas stoic míosúil

Táirgí:

Stórálaí:

Stór: Uimh.:

Seoladh:

Mí:

Luchtóg

Tuairisc

Cainníocht (kg, tonaí, boscaí, ítimí, etc.)

Dáta

Barúlacha

Iontráil

Imeacht

 

Cainníocht a tugadh anonn

 

 

 

 

 

Cainníocht le tabhairt anonn

 

 

 

(Stampa agus síniú)

Áit agus dáta:

Ainm:

2.   Dearbhú bliantúil

(a)

Ullmhóidh an stórálaí dearbhú stoc bliantúil ar bhonn na ráiteas míosúil a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 1. Seolfar é chuig an ngníomhaireacht íocaíochta tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair tar éis chur i gcrích na bliana cuntasaíochta.

(b)

Sa dearbhú stoic bliantúil tabharfar achoimre ar na cainníochtaí sa stór, arna miondealú de réir táirge agus áit stórála, agus maidir le gach táirge tabharfar na cainníochtaí sa stór, na huimhreacha luchtóige (ach amháin i gcás gránach), bliain a n-iontrála sa stór agus míniú ar aon aimhrialtacht a bhraitear.

(c)

Leagtar amach thíos sampla de dhearbhú achomair stoic bliantúil (samhail tháscach).

Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta é ar fáil do stórálaithe i bhfoirm leictreonach.

Ráiteas stoic bliantúil

Táirgí:

Stórálaí:

Stór: Uimh.:

Seoladh:

Bliain:

Luchtóg

Tuairisc

Cainníocht agus/nó meáchan sa leabhar

Barúlacha

 

 

 

 

(Stampa agus síniú)

Áit agus dáta:

Ainm:

V.   CUNTAIS STOIC RÍOMHAIRITHE AGUS INFHAIGHTEACHT FAISNÉISE

Beidh forálacha sna conarthaí stórála poiblí a tugadh i gcrích idir an ghníomhaireacht íocaíochta agus an stórálaí ionas gur féidir a ráthú go gcomhlíontar reachtaíocht an Aontais.

Ceanglófar an méid seo a leanas leo:

(a)

cuntais stoic idirghabhála ríomhairithe a choinneáil;

(b)

fardal buan a bheith ar fáil go díreach láithreach;

(c)

na doiciméid go léir a bhaineann le hiontráil, stóráil agus aistriú stoic agus na doiciméid chuntasaíochta agus na taifid arna dtarraingt suas i gcomhréir leis an Rialachán seo agus atá i seilbh an stórálaí a bheith ar fáil i gcónaí;

(d)

rochtain bhuan ar na doiciméid sin a bheith ag baill foirne na gníomhaireachta íocaíochta agus ag an gCoimisiún, agus ag aon duine atá údaraithe go cuí acu.

VI.   FOIRM AGUS ÁBHAR NA nDOICIMÉAD A SEOLADH CHUIG AN nGNÍOMHAIREACHT ÍOCAÍOCHTA

Bunófar foirm agus ábhar na ndoiciméad dá dtagraítear i roinn IV i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) 2021/2116.

VII.   DOICIMÉID A CHOINNEÁIL

Coinneoidh an stórálaí doiciméid tacaíochta a bhaineann le gach oibríocht stórála poiblí ar feadh na tréimhse iomláine a cheanglaítear faoi na rialacha arna nglacadh bunaithe ar Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le nósanna imeachta imréitigh chuntas, gan dochar do na forálacha náisiúnta ábhartha.


IARSCRÍBHINN V

Na teorainneacha lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 4(2)

1.

Maidir le caillteanais chainníochta a eascraíonn as gnáthoibríochtaí stórála a dhéantar i gcomhréir leis na rialacha, beidh feidhm ag na teorainneacha lamháltais seo a leanas maidir le gach táirge talmhaíochta atá faoi réir beart stórála poiblí:

(a)

gránaigh 0,2 %;

(b)

rís gan scilligeadh, arbhar 0,4 %;

(c)

púdar bainne bhearrtha 0,0 %;

(d)

im 0,0 %;

(e)

mairteoil agus laofheoil 0,6 %.

2.

Is é 32 an céatadán maidir le caillteanas inlamhála le linn mairteoil a dhíchnámhú. Beidh feidhm ag an gcéatadán sin maidir leis na cainníochtaí go léir a dhíchnámhaítear i rith na bliana cuntasaíochta.

3.

Socrófar na teorainneacha lamháltais dá dtagraítear i bpointe 1 mar chéatadán de mheáchan iarbhír, gan phacáistiú, na gcainníochtaí a thagann isteach i stóráil agus a ghlactar le linn na bliana cuntasaíochta a bheidh i gceist, chomh maith leis na cainníochtaí i stóráil ag tús na bliana sin.

Beidh feidhm ag na lamháltais sin le linn na gcigireachtaí ar stoc fisiceach. Déanfar iad a ríomh, i gcás gach táirge, ar bhonn na gcainníochtaí go léir a stóráiltear ag gníomhaireacht íocaíochta.

Is é an meáchan iarbhír iontrála agus aistrithe a bheidh sa mheáchan taifeadta lúide an meáchan pacáistithe caighdeánach, mar a leagtar síos sna coinníollacha iontrála, nó, i gcás nár leagadh síos aon choinníoll den sórt sin, lúide an meánmheáchan pacáistithe a úsáideann an ghníomhaireacht íocaíochta.

4.

Ní chumhdófar sa lamháltas caillteanais i dtéarmaí líon na bpacáistí nó líon na bpíosaí cláraithe.

5.

Ní chuirfear caillteanais a eascraíonn as goid ná caillteanais inaitheanta eile san áireamh i ríomh na dteorainneacha lamháltais dá bhforáiltear i bpointe 1 agus pointe 2.


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/131


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/128 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), Airteagal 12(4), Airteagal 32(9) agus Airteagal 39(4), Airteagal 41(1), an ceathrú fomhír, Airteagal 42(1), an dara fomhír, Airteagal 43(2), Airteagal 47(2), Airteagal 51(3), Airteagal 53(2), Airteagal 54(5) agus Airteagal 55(7), Airteagal 58, Airteagal 59(9), Airteagal 64(4), Airteagail 82 agus 92, Airteagal 95(1) agus Airteagal 100 de sin,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 223(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2116 leagtar síos na bunrialacha maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear maidir le creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí comhordaithe, bainistíocht airgeadais agus nósanna imeachta imréitigh, lena n-áirítear grinnscrúdú ar idirbhearta, ar urrúis agus ar thrédhearcacht. Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an creat nua dlíthiúil a bhunaítear leis an Rialachán sin go rianúil agus go mbeidh feidhm aonfhoirmeach leis, tugadh de chumhacht don Choimisiún rialacha áirithe a ghlacadh sna réimsí sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Ba cheart na rialacha nua a chur in ionad fhorálacha ábhartha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún (3).

(2)

Níor cheart do Bhallstáit gníomhaireachtaí íocaíochta a chreidiúnú ach amháin má chomhlíonann siad íoschritéir chreidiúnaithe áirithe arna mbunú ar leibhéal an Aontais dá dtagraítear in Airteaga1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún (4) agus a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta chun creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochtaí agus comhlachtaí comhordaithe a eisiúint, a athbhreithniú agus a aistarraingt.

(3)

Ba cheart do Bhallstáit maoirseacht leanúnach a dhéanamh ar a ngníomhaireachtaí íocaíochta. Ba cheart dóibh córas a bhunú le haghaidh malartú faisnéise d’fhonn tuairisciú a dhéanamh agus na húdaráis inniúla a choinneáil ar an eolas maidir le cásanna amhrasta neamhchomhlíontachta. Ba cheart nós imeachta a chur i bhfeidhm lenar féidir leis na Ballstáit cásanna den sórt sin a láimhseáil, agus ba cheart é a bheith d’oibleagáid sa nós imeachta sin plean a tharraingt suas chun aon easnamh aitheanta a réiteach laistigh de theorainn ama shocraithe. Maidir le caiteachas a dhéanann gníomhaireachtaí íocaíochta arb é a mBallstát a choinníonn a gcreidiúnú ar bun cé nár chuir siad an plean chun feidhme laistigh den teorainn ama shocraithe, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh trí bhíthin an nós imeachta comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

(4)

De bhun Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2116, tá sé de cheangal ar na daoine atá i gceannas ar ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe dearbhuithe bainistíochta a tharraingt suas maidir le hiomláine agus cruinneas na faisnéise a sholáthraítear, maidir le feidhmiú cuí na gcóras rialachais a chuirtear ar bun, agus maidir lena bhfuil an caiteachas déanta i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116. Ba cheart rialacha a leagan síos a mhéid a bhaineann le hábhar agus le formáid na ndearbhuithe bainistíochta sin.

(5)

Na rialacha maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116, chomh maith le cúraimí na gcomhlachtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán sin, ba cheart iad a leagan síos. Ina theannta sin, ba cheart ábhar na ndeimhnithe agus na dtuairiscí a bheidh le tarraingt suas ag na comhlachtaí deimhniúcháin a shonrú chun a áirithiú go mbeidh siad ina gcúnamh don Choimisiún sa nós imeachta um imréiteach cuntas.

(6)

Chun bainistiú cuí na leithreasuithe a iontráiltear i mbuiséad an Aontais le haghaidh an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus le haghaidh an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (dá ngairtear “na Cistí” le chéile anseo feasta) a áirithiú, ba cheart do ghníomhaireachtaí íocaíochta cuntais ar leithligh a choimeád a bhaineann go heisiach le híocaíochtaí a dhéantar agus le hioncaim a shanntar ó gach Ciste agus chuig gach Ciste. Chuige sin, sna cuntais atá á gcoimeád ag gníomhaireachtaí íocaíochta ba cheart a thaispeáint go soiléir, i gcás gach ceann de na Cistí, an caiteachas a dhéantar agus na hioncaim a shanntar faoi Airteagal 5(2) agus Airteagail 6 agus 45 de Rialachán (AE) 2021/2116, ionas gur féidir an caiteachas agus an t-ioncam sin a nascadh leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil dóibh faoi bhuiséad an Aontais.

(7)

Is in euro a mhaoinítear an comhbheartas talmhaíochta, agus bíonn deis san am céanna ag Ballstáit nár ghlac leis an euro íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe ina n-airgeadra náisiúnta. Ionas go mbeifear in ann an caiteachas agus an t-ioncam uile a chomhdhlúthú, is gá dá bhrí sin foráil a dhéanamh maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta iomchuí a bheith in ann sonraí a sholáthar a bhaineann leis an gcaiteachas agus leis an ioncam in euro agus san airgeadra ina dtabhaítear an caiteachas agus ina bhfaightear an t-ioncam.

(8)

An caiteachas atá á chómhaoiniú ag buiséad an Aontais agus ag na buiséid náisiúnta atá ina thacaíocht le forbairt tuaithe faoi CETFT, tá sé bunaithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT lena sonraítear cineálacha éagsúla idirghabhála agus rátaí ranníocaíochta sonracha. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas sin agus é a iontráil sna cuntais ar an mbonn sin ionas gur féidir na hoibríochtaí uile a shainaithint de réir an Phlean Straitéisigh CBT, cineálacha idirghabhála agus rátaí ranníocaíochta sonracha. Ach é sin a dhéanamh áiritheofar go mbeifear in ann an chomhfhreagairt idir an caiteachas a dhéantar agus na hacmhainní airgeadais a shanntar a fhíorú. Sa chomhthéacs sin ba cheart a shonrú cé na gnéithe a bheidh le cur san áireamh ag na gníomhaireachtaí íocaíochta. Ba cheart go háirithe do ghníomhaireachtaí íocaíochta bunús na gCistí poiblí agus Chistí an Aontais a thaispeáint go soiléir sna cuntais i ndáil leis an maoiniú a dhéantar. Ina theannta sin, na méideanna a bheidh le haisghabháil ó thairbhithe agus na méideanna a gnóthaíodh, ba cheart iad a shainaithint agus a thaispeáint i ndáil leis na hoibríochtaí bunaidh.

(9)

Na hacmhainní atá riachtanach chun caiteachas CERT dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/2116 a shlógadh, cuireann na Ballstáit ar fáil iad i bhfoirm aisíocaíochtaí míosúla den chaiteachas a dhéantar sula maoiníonn an Coimisiún an caiteachas sin. De rogha air sin, faigheann na Ballstáit réamhíocaíocht le haghaidh caiteachais CETFT a bheidh le himréiteach níos déanaí leis an imréiteach airgeadais bliantúil de bhun Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116. Chun bainistíocht fhónta sreafaí airgeadais a áirithiú ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a theastaíonn chun léiriú a thabhairt ar iomláine, cruinneas agus fírinneacht an chaiteachais a dhéantar le haghaidh na n-aisíocaíochtaí míosúla agus eatramhacha sin a bhailiú agus í a choimeád ar fáil don Choimisiún de réir mar a dhéantar caiteachas agus ioncam nó ba cheart an fhaisnéis a tharchur chuig an gCoimisiún ar bhonn tráthrialta. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis a sholáthar don Choimisiún ag eatraimh atá oiriúnaithe do mhodh bainistíochta gach Ciste. Dá sholáthrófaí faisnéis ag na heatraimh sin níor cheart tionchar a bheith aige sin ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit an fhaisnéis iomlán a choimeád, ar faisnéis í a bhailítear chun faireachán cuí a dhéanamh ar chaiteachas atá ar fáil don Choimisiún le haghaidh deimhniú.

(10)

Sna hoibleagáidí ginearálta atá ar ghníomhaireachtaí íocaíochta maidir le cuntais a choimeád, cumhdaítear na sonraí a theastaíonn chun bainistiú agus rialú a dhéanamh ar Chistí an Aontais. Ní chumhdaítear sna hoibleagáidí sin, áfach, riachtanais a mhéid a bhaineann le caiteachas a aisíoc agus na sonraí nach mór a sholáthar don Choimisiún chun an aisíocaíocht sin a fháil. Ba cheart a shonrú dá bhrí sin cén fhaisnéis agus cé na sonraí maidir leis an gcaiteachas a bheidh le maoiniú ag na Cistí nach mór a sheoladh chuig an gCoimisiún ar bhonn tráthrialta. Le fógraí faisnéise a thugann na Ballstáit don Choimisiún ní mór a chur ar a chumas dó an fhaisnéis a sheoltar a úsáid go díreach agus a éifeachtaí is féidir chun cuntais na gCistí agus na híocaíochtaí ábhartha a bhainistiú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart an fhaisnéis uile atá le cur ar fáil nó le malartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún a sheoladh go leictreonach.

(11)

De bhun Airteagal 90(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/2116, maidir le hidirghabhálacha agus bearta a bhaineann le hoibríochtaí a mhaoinítear leis na Cistí, dearbhuithe caiteachais a mbeidh feidhm iarrataí ar íocaíocht acu freisin, ní mór iad a chur chuig an gCoimisiún freisin agus an fhaisnéis is gá ag gabháil leo laistigh de na sprioc-amanna atá leagtha síos. Chun deis a thabhairt do na Ballstáit, do na comhlachtaí comhordaithe creidiúnaithe agus do na gníomhaireachtaí íocaíochta na dearbhuithe caiteachais sin a tharraingt suas i gcomhréir leis na rialacha comhchuibhithe, agus chun deis a thabhairt don Choimisiún iarrataí íocaíochtaí a chur san áireamh, ba cheart na coinníollacha faoina bhféadfar an caiteachas sin a áireamh faoi na buiséid CERT agus CETFT lena mbaineann a leagan síos. Ba cheart a shonrú i gcoinníollacha den sórt sin na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le caiteachas agus ioncam a thaifeadadh, go háirithe an t-ioncam sannta agus aon cheartúchán a dhéanfar, agus maidir lena ndearbhú iarbhír.

(12)

I gcás ina dtarlaíonn sé, ar bhonn na ndearbhuithe caiteachais a fhaightear ó na Ballstáit faoi CERT, gur mó iomlán na réamhcheangaltas a d’fhéadfaí a údarú faoi Airteagal 11(2), pointe (b), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ná 75 % de na leithreasuithe le haghaidh na bliana airgeadais reatha, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún na méideanna sin a laghdú. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ní mór an laghdú sin a chomhroinnt go comhréireach i measc na mBallstát uile, ar bhonn na ndearbhuithe caiteachais a fhaightear uathu. Chun na leithreasuithe atá ar fáil a leithdháileadh go cothrom i measc na mBallstát, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le híocaíochtaí míosúla faoi CERT agus é sin a laghdú faoi chéatadán de na dearbhuithe caiteachais a chuireann gach Ballstát isteach agus ba cheart an t-iarmhéid nach n-úsáidtear in aon mhí ar leith a athleithdháileadh trí bhíthin cinntí ón gCoimisiún in íocaíochtaí míosúla a dhéanfar ina dhiaidh sin.

(13)

Tar éis dó na híocaíochtaí míosúla a fhormheas, ba cheart don Choimisiún na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil do na Ballstáit chun caiteachas a bheidh le maoiniú ag na Cistí a chumhdach, i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla agus na coinníollacha praiticiúla a leagfar síos ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus ar bhonn na gcóras faisnéise arna mbunú ag an gCoimisiún.

(14)

Coinníoll chun go n-aisíocfaí an caiteachas idirghabhála poiblí a thabhaíonn gníomhaireachtaí íocaíochta is ea na luachanna agus na méideanna a cuireadh in áirithe i rith na míosa tar éis na míosa lena mbaineann na hoibríochtaí stórála poiblí a áireamh ina ndearbhuithe caiteachais. Chun oibriú rianúil an nós imeachta aisíocaíochta a áirithiú, is gá a shonrú conas a thabharfar fógra maidir le faisnéis den sórt sin, rud atá riachtanach chun costais agus caiteachas a ríomh, don Choimisiún.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, ní mór a bheith in ann a dheimhniú le cuntasaíocht stoc idirghabhála phoiblí an méid maoinithe ón Aontas a íocfar agus staid na stoc idirghabhála. Chuige sin, ba cheart a éileamh ar ghníomhaireachtaí íocaíochta cuntais stoic agus cuntais airgeadais ar leithligh a choimeád, cuntais ina mbeadh na gnéithe is gá chun faireachán a dhéanamh ar stoic agus chun bainistíocht airgeadais ar an gcaiteachas agus ar an ioncaim a ghintear trí bhearta idirghabhála poiblí a áirithiú.

(16)

I ndáil le bearta stórála idirghabhála poiblí, tá sé de cheangal ar ghníomhaireachtaí íocaíochta gnéithe a bhaineann le méideanna, luachanna agus meáin áirithe a thaifeadadh ina gcuntais. Tá imthosca ann áfach nuair nár cheart oibríochtaí agus caiteachas áirithe a iontráil sna cuntais, nó inar cheart iad a chur in áirithe i gcomhréir le rialacha sonracha. Chun an chóir chomhionann a áirithiú agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart imthosca den sórt sin a shonrú, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na socruithe atá ann chun na hoibríochtaí agus an caiteachas a iontráil sna cuntais.

(17)

Bíonn an dáta ar a n-iontrálfar na gnéithe difriúla den chaiteachas agus den ioncam a ghintear mar thoradh ar bhearta stórála idirghabhála poiblí sna cuntais ag brath ar an gcineál oibríochta lena mbaineann siad agus is féidir iad a chinneadh faoin reachtaíocht talmhaíochta is infheidhme de réir na hearnála. Sa chomhthéacs sin, is gá riail ghinearálta a ghlacadh ina sonraítear na gnéithe difriúla a iontrálfar sna cuntais ar an dáta ar a dtarlaíonn an oibríocht fhisiceach mar thoradh ar an mbeart idirghabhála, agus ina sonraítear na cásanna speisialta a chuirfear san áireamh.

(18)

Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart do na Ballstáit réamhaisnéisí a sholáthar don Choimisiún maidir leis na méideanna a bheidh fós le maoiniú ag an CETFT le haghaidh bliain airgeadais talmhaíochta agus meastacháin ar iarrataí ar mhaoiniú le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Ba cheart an fhaisnéis sin a sheoladh chuig an gCoimisiún in am trátha ionas gur féidir leis a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, agus faoi dhó sa bhliain in aon chás, tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir agus an 31 Lúnasa gach bliain.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 32(9) de Rialachán (AE) 2021/2116, tá na sprioc-amanna maidir leis na dearbhuithe caiteachais a tharraingt suas faoi CETFT le socrú. I bhfianaise shaintréithe sonracha na rialacha cuntasaíochta a bhfuil feidhm acu maidir le CETFT, agus an úsáid a bhaintear as réamh-mhaoiniú agus maoiniú na n-idirghabhálacha, na mbeart agus an chúnaimh theicniúil de réir na bliana féilire, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an gcaiteachas sin a bheidh le dearbhú ag eatraimh atá curtha in oiriúint do na coinníollacha sonracha sin.

(20)

Gach caiteachas CETFT a íocann na Ballstáit faoina bhfreagracht féin leis na tairbhithe roimh Phlean Straitéiseach CBT a fhormheas, ní mór dóibh an caiteachas sin a dhearbhú don Choimisiún sa chéad dearbhú caiteachais tar éis an fhormheasa sin. Tá feidhm ag an riail chéanna mutatis mutandis i gcás leasú ar Phlean Straitéiseach CBT. Chun críche cuntasaíochta, is gá a shoiléiriú i gcás an dearbhaithe maidir leis an gcaiteachas a íocann na gníomhaireachtaí íocaíochta sula bhformheastar Plean Straitéiseach CBT nó sula leasaítear Plean Straitéiseach CBT, ba cheart é a bheith ag comhfhreagairt do na tréimhsí dearbhaithe ábhartha. Ina theannta sin, gach caiteachas a íocann na gníomhaireachtaí íocaíochta le linn na tréimhse ina bhformheastar Plean Straitéiseach CBT nó ina leasaítear an Plean sin, ba cheart é a dhearbhú faoin sprioc-am a leagtar síos le haghaidh na tréimhse comhfhreagraí. Is gá a shoiléiriú freisin, i gcás leasuithe ar an bPlean Straitéiseach CBT, nár cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le coigeartuithe ar phlean maoiniúcháin.

(21)

I gcomhréir le hAirteagal 80 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), féadfar tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, mar a leagtar síos in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), a dheonú faoi na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagail 73 go 78 de Rialachán (AE) 2021/2115. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos nach mór caiteachas a dhearbhú sa bhliain airgeadais ina gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus go ndearna an ghníomhaireacht íocaíocht é roimh dheireadh na bliana airgeadais.

(22)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an bealach a leagan síos le ranníocaíocht an Aontais atá le híoc i ndáil leis an gcaiteachas a dhearbhaítear bunaithe ar ráta ranníocaíochta nó ar ráta comhréidh a ríomh. Ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag an bhforáil ábhartha maidir leis na híocaíochtaí a bhaineann le CETFT faoin bPlean Straitéiseach CBT agus atá luaite sa phlean maoiniúcháin, go háirithe caiteachais CETFT dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus maidir le cineálacha áirithe caiteachais incháilithe, dá dtagraítear in Airteagail 155 agus 157 de Rialachán (AE) 2021/2115, bunaithe ar ráta ranníocaíochta CETFT agus ar chúnamh teicniúil, mar ráta comhréidh.

(23)

Is gnách go ndéantar faisnéis agus doiciméid a mhalartú idir na Ballstáit agus an Coimisiún go leictreonach, agus is gnách go ndéanann na Ballstáit an fhaisnéis a sholáthar agus fógra i dtaobh faisnéise a thabhairt don Choimisiún go leictreonach. Chun feabhas a chur ar an mbealach a láimhseáiltear na malartuithe faisnéise sin a bhaineann leis na Cistí agus chun a n-úsáid a leathnú, bunaíodh córais faisnéise. Ba cheart leanúint de bheith ag úsáid na gcóras sin agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm tuilleadh tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas trí bhíthin an Choiste um na Cistí Talmhaíochta.

(24)

Na coinníollacha faoina bpróiseálann na córais faisnéise sin faisnéis agus foirm agus ábhar na ndoiciméad nach mór a chur in iúl de bhun Rialachán (AE) 2021/2116, ní mór iad a choigeartú go minic i gcomhréir le hathruithe ar na rialacha is infheidhme nó ar na ceanglais bhainistíochta. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus chun nósanna imeachta a shimpliú agus chun a áirithiú gur féidir na córais faisnéise lena mbaineann a chur ag obair go tapa, ba cheart foirm agus ábhar na ndoiciméad a leagan síos ar bhonn samhlacha caighdeánaithe agus prótacal caighdeánaithe, ar cheart don Choimisiún iad a chur in oiriúint agus a thabhairt cothrom le dáta tar éis an Coiste um na Cistí Talmhaíochta a chur ar an eolas.

(25)

De bhun Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116, tá na Ballstáit freagrach as bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chaiteachas na gCistí trína gcuid gníomhaireachtaí íocaíochta. Dá bhrí sin, na gníomhaireachtaí íocaíochta iad féin nó na comhlachtaí dá bhfuil an fheidhm sin tarmligthe, i gcás inarb infheidhme tríd an gcomhlacht comhordúcháin creidiúnaithe, ba cheart dóibh na sonraí maidir le hoibríochtaí airgeadais a chur in iúl nó a iontráil sna córais faisnéise agus a thabhairt cothrom le dáta faoi chúram na ngníomhaireachtaí íocaíochta. Ba cheart do gach Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le hainm nó uimhir na gcuntas i gcomhréir leis an bhformáid a chuirfidh an Coimisiún ar fáil dó.

(26)

Na sínithe leictreonacha nó na formheasanna leictreonacha a úsáidtear sa nós imeachta le haghaidh dearbhú caiteachais agus dearbhú bainistíochta, ní mór iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Dá bhrí sin, tá gá le foráil maidir le cur chun feidhme na gceanglas sin.

(27)

Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le struchtúr na bpleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2116 ós gá a áirithiú go léireoidh na Ballstáit go soiléir na gníomhaíochtaí feabhais agus an amlíne dá gcur chun feidhme. Ba cheart don Choimisiún teimpléad a sholáthar chun na Ballstáit a threorú maidir le struchtúr na bpleananna gníomhaíochta a bhfuil coinne leis. Ba cheart an teimpléad sin a úsáid le haghaidh malartuithe i bhfoirm leictreonach chun an chumarsáid idir an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann a éascú. Maidir le cás sonrach pleananna gníomhaíochta a eascraíonn as easnaimh a bhraitear faoi na gníomhaíochtaí feabhais dá dtagraítear in Airteagail 68, 69 agus 70 den Rialachán sin, ba cheart na hiarrachtaí a rinneadh cheana chun na heasnaimh a leigheas a chur san áireamh.

(28)

De bhun Airteagal 59(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/2116, tá na Ballstáit freagrach as íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil trína gcuid gníomhaireachtaí íocaíochta. Chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin i bhfeidhm go héifeachtach agus go cuí, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le fritháireamh. Gan dochar do mhéideanna náisiúnta de minimis le haghaidh neamh-aisghabhála, is féidir an oibleagáid atá ar na Ballstáit méideanna neamhdhlite a aisghabháil a fhorghníomhú ar bhealaí éagsúla. Gan dochar d’aon ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin eile dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, modh éifeachtach agus cost-éifeachtúil aisghabhála fiach is ea aon mhéid atá fós le híoc a asbhaint as íocaíochtaí a dhéanfar leis an bhféichiúnaí sa todhchaí, a luaithe atá an fiach bunaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith éigeantach do na Ballstáit an modh aisghabhála fiach sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart comhchoinníollacha a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm.

(29)

Ba cheart forálacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh an nós imeachta maidir le himréiteach cuntas dá bhforáiltear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, agus an t-imréiteach feidhmíochta dá bhforáiltear in Airteagal 54 den Rialachán sin agus an nós imeachta comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 55 den Rialachán sin, lena n-áirítear sásra faoina ndéanfar na méideanna a bheidh ann dá thoradh, de réir mar a bheidh, a asbhaint nó a chur le ceann de na híocaíochtaí a dhéanann an Coimisiún leis na Ballstáit ina dhiaidh sin.

(30)

Maidir leis an nós imeachta a bhaineann le himréiteach cuntas dá bhforáiltear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116, is gá ábhar chuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí íocaíochta a shonrú agus dáta a leagan síos le haghaidh tharchur na gcuntas sin agus doiciméad ábhartha eile chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú cén tréimhse nach mór do na gníomhaireachtaí íocaíochta na doiciméid tacaíochta a choimeád i dtaca le gach caiteachas agus ioncaim shannta atá ar fáil don Choimisiún freisin.

(31)

Chun a áirithiú go ndéanfar an cinneadh maidir le himréiteach feidhmíochta laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, is iomchuí tréimhsí ama sonracha a leagan síos maidir leis an malartú faisnéise atá le hurramú ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit. Ina theannta sin, leis an nós imeachta maidir le himréiteach feidhmíochta, ba cheart an ceart a thabhairt do na Ballstáit réasúnú a sholáthar i ndáil le haon difríocht a thagann chun cinn agus leis an nós imeachta sin ba cheart measúnú cuí a dhéanamh ar an bhfaisnéis is gá chun an caiteachas a laghdú.

(32)

Chun a áirithiú go dtugtar an nós imeachta comhréireachta i gcrích i ngnáthchásanna laistigh de thréimhse ama réasúnta, is iomchuí tréimhsí ama sonracha a leagan síos le haghaidh na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta a bheidh le hurramú ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit. San am céanna, áfach, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann síneadh a chur leis na tréimhsí ama sin i gcás inar gá de réir leibhéal castachta an cháis atá á imscrúdú. Leis an nós imeachta comhréireachta, ba cheart an ceart a thabhairt do na Ballstáit dul i mbun nósanna imeachta sáraíochta agus measúnú ceart a dhéanamh ar an bhfaisnéis is gá chun meastóireacht riosca a dhéanamh ar na Cistí.

(33)

D’fhonn na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ar chaiteachas CBT a fhorlíonadh agus a threisiú, lena n-áirítear na seiceálacha ar grúpaí a shainaithint, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit uirlis aonair mianadóireachta sonraí a úsáid a chuirfidh an Coimisiún ar fáil.

(34)

Is iomchuí freisin rialacha a leagan síos maidir leis an ngrinnscrúdú ar idirbhearta a dhéanfaidh na Ballstáit de bhun Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2021/2116, go háirithe i ndáil le gnóthais, ráta agus t-amscála maidir le grinnscrúdú, cúnamh frithpháirteach agus ábhar na bpleananna rialaithe agus na dtuarascálacha rialaithe a roghnú.

(35)

Leagtar síos rialacha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 lena bhforáiltear an creat dlíthiúil maidir le hurrúis, a mhéid a bhaineann leis an gceanglas urrús a thaisceadh go háirithe, na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hurrúis, chomh maith leis na rialacha maidir le hurrús a thaisceadh, a scaoileadh agus a fhorghéilleadh. Chun a áirithiú go gcuirtear na rialacha sin i bhfeidhm ar bhonn aonfhoirmeach, ba cheart forálacha a leagan síos ar an bhfoirm agus ar na nósanna imeachta maidir le hurrús a thaisceadh agus a scaoileadh, chomh maith le malartú faisnéise agus an chumarsáid atá ag teastáil chuige sin.

(36)

I gcomhréir le Teideal V, Caibidil IV de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le trédhearcacht, tá sé de cheangal ar Bhallstáit tairbhithe na gCistí a fhoilsiú go bliantúil, agus, inter alia, na méideanna a fhaigheann gach tairbhí faoi gach ceann de na Cistí sin. Chuige sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 98 den Rialachán sin, ba cheart foirm an fhoilseacháin sin a leagan síos. Níor cheart an foilseachán dul thar a bhfuil riachtanach d’fhonn na cuspóirí trédhearcachta a táthar a lorg a bhaint amach.

(37)

De bhun Airteagal 98(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, tá na méideanna íocaíochta a chomhfhreagraíonn do gach oibríocht a mhaoinítear leis na Cístí a fhaigheann gach tairbhí le foilsiú. Ina theannta sin, chun trédhearcacht níos fearr a bhaint amach agus chun bheith in ann faighteoirí móra cistí ón Aontas a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit méid iomlán na n-íocaíochtaí a fhaigheann tairbhí a fhoilsiú.

(38)

Chun cur leis an trédhearcacht maidir le dáileadh na gCistí, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú agus a fhoilsiú lenar féidir grúpaí gnóthas dá dtagraítear in Airteagal 59(4) de Rialachán (AE) 2021/2116 a shainaithint.

(39)

De bhun Airteagal 49(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, tá an fhaisnéis le foilsiú ar shuíomh gréasáin i bhformáid oscailte, meaisín-inléite. Maidir leis na formáidí sin, d’fhéadfadh na formáidí CVS agus XLXS a bheith i gceist. Chun caighdeáin choiteanna a bhaint amach agus chun rochtain ar an bhfaisnéis fhoilsithe a éascú, ba cheart do na Ballstáit formáid tábla aontaithe a úsáid ina gcuirfí sonraí maidir leis na tairbhithe uile i láthair. Ba cheart go n-áiritheofaí le huirlis chuardaigh ghréasáin go mbeidh an pobal i gcoitinne in ann teacht ar an bhfaisnéis maidir le tairbhithe i bhfoirm a bhfuil rochtain éasca uirthi.

(40)

Foráiltear le hAirteagal 98(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 go mbeidh feidhm ag na ceanglais maidir le foilsiú dá dtagraítear in Airteagal 49(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás inarb ábhartha. Ós rud é gur oibríochtaí bliantúla iad dátaí tosaigh agus dátaí deiridh na gcineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, idirghabhálacha forbartha tuaithe i bhfoirm íocaíochtaí i leith srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar a eascraíonn as ceanglais shainordaitheacha áirithe, chomh maith le bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 (9) agus (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), meastar nach ábhartha iad. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh go bhféadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an fhaisnéis sin a fhoilsiú.

(41)

D’fhonn daoine aonair a chosaint i dáil le próiseáil a sonraí pearsanta, foráiltear le hAirteagal 98(4) de Rialachán (AE) 2021/2116 nach bhfuil na Ballstáit le hainmneacha na dtairbhithe a fhaigheann méid atá cothrom le EUR 1 250 nó níos lú ná sin a fhoilsiú. Chun faisnéis a sholáthar faoin oibríocht lena mbaineann, ba cheart don Bhallstát cód a úsáid ina ionad sin. Ar an gcúis chéanna, i gcás ina bhféadfaí tairbhí beag atá ina chónaí nó atá cláraithe i mbardas a shainaithint, ar bardas é ina bhfuil teorainn le líon na dtairbhithe, ba cheart don Bhallstát an chéad eintiteas riaracháin mór eile a bhfuil an bardas sin ann a fhoilsiú ina ionad sin.

(42)

Chun na ceanglais is infheidhme maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart tairbhithe na gCistí a chur ar an eolas go bhfuiltear chun a gcuid sonraí a fhoilsiú sula bhfoilsítear iad. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil do na tairbhithe tríd na foirmeacha iarratais le haghaidh cúnaimh nó nuair a bhailítear na sonraí.

(43)

Chun rochtain phoiblí ar na sonraí a fhoilsítear a éascú, tá na Ballstáit le suíomhanna gréasáin aonair a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 98(4) de Rialachán (AE) 2021/2116. I bhfianaise na struchtúr eagrúchán difriúil laistigh de na Ballstáit, ba cheart a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta cén comhlacht atá freagrach as an suíomh gréasáin aonair a bhunú agus a choinneáil ar bun agus cé atá freagrach as na sonraí a fhoilsiú. Ba cheart don Choimisiún suíomh gréasáin a bhunú ar a mbeadh naisc chuig suímh ghréasáin na mBallstát.

(44)

Tá sé de cheangal ar an Aontas fógraí áirithe a chur faoi bhráid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht (11), mar a shonraítear tuilleadh i mír 4 de dhoiciméad EDT G/AG/2 an 30 Meitheamh 1995. Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún faisnéis áirithe a éileamh ar na Ballstáit, faisnéis a bhaineann le tacaíocht intíre go háirithe.

(45)

Maidir leis na ceanglais atá ar na Ballstáit maidir le fógra a thabhairt, chun iad a shimpliú agus a laghdú i ndáil le tarchur sonraí le haghaidh oibleagáidí an Aontais maidir le fógraí tacaíochta intíre EDT, is iomchuí go gcuirfidh na Ballstáit isteach na méideanna a bhaineann le caiteachas a íoctar ó fhoinsí náisiúnta ag an am céanna a chuirtear isteach na cuntais bhliantúla.

(46)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 a aisghairm. Ba cheart, áfach, Airteagail 21 go 24 agus Airteagail 27 go 34 den Rialachán sin leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus maidir leis na cláir oibríochtúla a fhormheastar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, agus ba cheart Airteagal 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 leanúint d’fheidhm a bheith aige maidir le híocaíochtaí a dhéantar le haghaidh na mblianta airgeadais 2021, 2022 agus 2023. Ina theannta sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le sonraí áirithe atá le háireamh sna cuntais bhliantúla.

(47)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna le Rialachán (AE) 2021/2116. Mar sin féin, chun foráil a dhéanamh maidir le leanúnachas tuairiscithe laistigh den bhliain airgeadais chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo maidir le caiteachas a thabhóidh na Ballstáit agus ioncam sannta a gheobhaidh siad ón 16 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh.

(48)

Chomh maith leis sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú sa chaoi a gcaitear le nósanna imeachta comhréireachta leanúnaí, níor cheart feidhm a bheith ag na tréimhsí ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na nósanna imeachta sin, dá seoltar an teachtaireacht i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 roimh an 1 Eanáir 2024.

(49)

Ar deireadh, toisc go bhfuil feidhm ag Teideal VII, de Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le trédhearcacht maidir le híocaíochtaí a dhéantar ón mbliain airgeadais 2024 ar aghaidh, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo maidir leis na híocaíochtaí sin.

(50)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile

Airteagal 1

An nós imeachta chun gníomhaireachtaí íocaíochta a chreidiúnú

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás ar leibhéal na n-airí atá freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta a eisiúint, a athbhreithniú agus a aistarraingt;

(b)

na cúraimí a shanntar don údarás inniúil de bhun na Caibidle seo a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh, trí bhíthin gníomh foirmiúil, maidir le creidiúnú na gníomhaireachta íocaíochta a eisiúint, nó tar éis athbhreithnithe, maidir leis an gcreidiúnú a aistarraingt ar bhonn scrúdú a dhéanamh ar na critéir chreidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127. Cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi chreidiúnuithe agus faoi aistarraingt creidiúnuithe gan mhoill.

3.   Ceapfaidh an t-údarás inniúil comhlacht iniúchóireachta chun scrúdú a dhéanamh sula n-eiseofar aon chreidiúnú (athbhreithniú réamh-chreidiúnaithe). Is údarás iniúchóireachta a bheidh sa chomhlacht iniúchóireachta, nó eagraíocht phoiblí nó phríobháideach eile nó aonad eagraíochtúil de chuid údaráis a mbeidh an inniúlacht, na scileanna agus an cumas riachtanach aige chun iniúchtaí a chur i gcrích. Beidh an comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar an ngníomhaireacht íocaíochta atá le creidiúnú.

4.   Cumhdófar na nithe seo a leanas go háirithe sa scrúdú (athbhreithniú réamhchreidiúnaithe) a chuirfidh an comhlacht iniúchóireachta i gcrích:

(a)

na nósanna imeachta agus na córais atá i bhfeidhm chun íocaíochtaí a údarú agus a chur i gcrích agus chun tuairisciú feidhmíochta bliantúil;

(b)

roinnt na ndualgas agus leormhaitheas an rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh i dtaca le hidirbhearta arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), dá ngairtear “na Cistí” anseo feasta;

(c)

a mhéid atá na nósanna imeachta agus na córais a cuireadh i bhfeidhm chun buiséad an Aontais a choimirciú lena n-áirítear bearta frithchalaoise riosca-bhunaithe;

(d)

slándáil na gcóras faisnéise;

(e)

cothabháil na dtaifead cuntasaíochta.

Ullmhóidh an comhlacht iniúchóireachta tuarascáil ina dtabharfar mionsonraí maidir leis an obair iniúchóireachta a chuirtear i gcrích, maidir le torthaí na hoibre sin agus maidir lena mheasúnú ar cé acu a chomhlíonann an ghníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe nó nach gcomhlíonann. Soláthrófar an tuarascáil don údarás inniúil a dhéanfaidh measúnú ar a torthaí agus a eiseoidh an gníomh creidiúnaithe ansin i gcás ina bhfuil sé sásta go gcomhlíonann an ghníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe.

5.   I gcás ina mbreithníonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann an ghníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe, cuirfidh sé an ghníomhaireacht íocaíochta ar an eolas faoi na coinníollacha sonracha nach mór di a chomhlíonadh sula mbeifear in ann creidiúnú a eisiúint.

Go dtí go gcuirtear chun feidhme aon athrú riachtanach chun coinníollacha sonracha den sórt sin a chomhlíonadh, féadfar creidiúnú a eisiúint go sealadach ar feadh tréimhse atá le cinneadh ag cur thromchúis na bhfadhbanna a sainaithníodh san áireamh, tréimhse nach faide ná 12 mhí. I gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin, féadfaidh an Coimisiún fadú ar an tréimhse sin a dheonú arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

6.   Cuirfear an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 90(1), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/2116 in iúl láithreach tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta creidiúnú a fháil den chéad uair agus in aon chás sula muirearaítear aon chaiteachas a dhéanann sí ar na Cistí. Beidh dearbhuithe agus doiciméid maidir leo seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis sin:

(a)

na freagrachtaí atá dílsithe sa ghníomhaireacht íocaíochta;

(b)

leithdháileadh na bhfreagrachtaí ar ranna éagsúla na gníomhaireachta íocaíochta;

(c)

an caidreamh idir an ghníomhaireacht íocaíochta agus comhlachtaí eile, idir phoiblí agus phríobháideach, atá freagrach as aon bheart faoina muirearaíonn an ghníomhaireacht íocaíochta caiteachas ar na Cistí a chur chun feidhme;

(d)

na nósanna imeachta trína bhfaightear éilimh a dhéanann tairbhithe, trína ndéantar iad a fhíorú, agus a bhailíochtú, agus trína ndéantar caiteachas a údarú, a íoc agus trína ndéantar taifid chuntasaíochta air;

(e)

na forálacha a bhaineann le slándáil na gcóras faisnéise;

(f)

an tuarascáil ar an athbhreithniú réamhchreidiúnaithe a dhéanann an comhlacht iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 3.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Coiste um na Cistí Talmhaíochta ar an eolas maidir leis na gníomhaireachtaí íocaíochta atá creidiúnaithe i ngach Ballstát.

Airteagal 2

Creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta a athbhreithniú agus a tharraingt siar

1.   Beidh na gníomhaireachtaí íocaíochta as a bhfuil an t-údarás inniúil freagrach faoi mhaoirseacht leanúnach aige, ar bhonn na ndeimhnithe agus na dtuairiscí go háirithe, a tharraing suas an comhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116, agus glacfaidh sé bearta leantacha maidir le haon easnamh a sainaithnítear.

Gach 3 bliana, tabharfaidh an t-údarás inniúil tuairisc i scríbhinn don Choimisiún maidir lena mhaoirseacht ar na gníomhaireachtaí íocaíochta agus lena fhaireachán ar a gcuid gníomhaíochtaí. Áireofar sa tuairisc athbhreithniú ar chomhlíonadh leanúnach na ngníomhaireachtaí íocaíochta leis na critéir chreidiúnaithe, mar aon le hachoimre ar na gníomhartha atá glactha chun na heasnaimh a leigheas. Deimhneoidh an t-údarás inniúil cé acu atá an ghníomhaireacht íocaíochta as a bhfuil sé freagrach ag leanúint de bheith ag comhlíonadh na gcritéar creidiúnaithe.

2.   Bunóidh Ballstáit córas trína n-áiritheofar go gcuirfear aon fhaisnéis ina dtugtar le fios nach gcomhlíonann gníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe in iúl don údarás inniúil gan mhoill.

3.   I gcás inar chinn an t-údarás inniúil nach bhfuil urraim á tabhairt ag gníomhaireacht íocaíochta chreidiúnaithe a thuilleadh do cheann amháin nó níos mó de na critéir chreidiúnaithe ar bhealach atá in ann bac a chur ar chomhlíonadh na gcúraimí a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, cuirfidh an t-údarás inniúil creidiúnú na gníomhaireachta íocaíochta faoi thréimhse phromhaidh gan mhoill. Tarraingeoidh sé suas plean lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus sprioc-amanna chun na heasnaimh a fuarthas a leigheas laistigh de thréimhse a chinnfear de réir thromchúis na faidhbe, tréimhse nach faide ná 12 mhí ón dáta ar a gcuirfear an creidiúnú faoi thréimhse phromhaidh. I gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin, féadfaidh an Coimisiún fadú ar an tréimhse sin a dheonú arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

4.   Cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas maidir lena chinneadh creidiúnú gníomhaireachta íocaíochta a chur faoi thréimhse phromhaidh, maidir leis an bplean a tarraingíodh suas de bhun mhír 3 agus, ina dhiaidh sin, maidir leis an dul chun cinn i dtaca leis na pleananna sin a chur chun feidhme.

5.   Má dhéantar an creidiúnú a tharraingt siar, tabharfaidh an t-údarás inniúil creidiúnú gan mhoill do ghníomhaireacht íocaíochta eile, gníomhaireacht a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 chun a áirithiú nach gcuirtear isteach ar íocaíochtaí le tairbhithe.

6.   I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach nár chomhlíon an t-údarás inniúil a oibleagáid plean leigheasta a tharraingt suas de bhun mhír 3 nó go bhfuil creidiúnú fós á fháil ag an ngníomhaireacht íocaíochta gan plean den sórt sin a bheith curtha chun feidhme ina iomláine aici laistigh den tréimhse a cinneadh, iarrfaidh sé ar an údarás inniúil creidiúnú na gníomhaireachta íocaíochta sin a aistarraingt mura ndéantar na hathruithe riachtanacha laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún de réir thromchúis na faidhbe. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh trí bhíthin an nós imeachta comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 3

An nós imeachta chun creidiúnú an chomhlachta comhordúcháin a eisiúint, a athbhreithniú agus a tharraingt siar

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás ar leibhéal na n-airí a bheidh freagrach as creidiúnú an chomhlachta comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116 (dá ngairtear “an t-údarás inniúil” anseo feasta) a eisiúint, a athbhreithniú agus a tharraingt siar.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir le creidiúnú na gníomhaireachta comhordúcháin a eisiúint trí bhíthin gníomh foirmiúil, nó tar éis athbhreithnithe, maidir leis an gcreidiúnú a aistarraingt ar bhonn scrúdú a dhéanamh ar na critéir chreidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127. Déanfaidh an t-údarás inniúil an scrúdú sin ar chomhlíonadh na gcritéar creidiúnaithe agus féadfaidh sé brath ar scrúdú a dhéanfaidh an comhlacht iniúchóireachta. Cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi chreidiúnú an chomhlachta comhordúcháin a eisiúint agus a tharraingt siar gan mhoill.

3.   Gníomhóidh an comhlacht comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116 mar chomhchainteoir aonair an Choimisiúin thar ceann an Bhallstáit lena mbaineann i dtaca le gach ceist a bhaineann leis na Cistí a mhéid a bhaineann lena chúraimí.

4.   Féadfaidh gníomhaireacht íocaíochta feidhmiú mar chomhlacht comhordúcháin ar choinníoll go gcoinnítear an dá fheidhm deighilte ó chéile.

5.   Agus cúraimí an chomhlachta comhordúcháin á gcomhlíonadh aige, féadfaidh sé gairm a chur, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta, ar chomhlachtaí nó ar ranna riaracháin eile, go háirithe orthu siúd a bhfuil saineolas acu i réimsí cuntasaíochta nó teicniúla.

6.   Áiritheofar rúndacht, ionracas agus infhaighteacht na sonraí ríomhaire uile atá i seilbh an chomhlachta comhordúcháin le bearta arna gcur in oiriúint don struchtúr riaracháin, don fhoireann agus don timpeallacht theicneolaíoch i ngach comhlacht comhordúcháin. Beidh an iarracht airgeadais agus theicneolaíoch comhréireach leis na rioscaí iarbhír a thabhófar.

7.   Déanfar cur in iúl na faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 90, an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/2116 láithreach tar éis don chomhlacht comhordúcháin creidiúnú a fháil den chéad uair agus in aon chás sula muirearaítear aon chaiteachas a bhfuil sé freagrach as ar na Cistí. Beidh dearbhuithe agus doiciméid maidir leo seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis sin:

(a)

na freagrachtaí atá dílsithe sa chomhlacht comhordúcháin;

(b)

leithdháileadh na bhfreagrachtaí laistigh den chomhlacht comhordúcháin;

(c)

an caidreamh idir an comhlacht comhordúcháin agus comhlachtaí eile, bídís poiblí nó príobháideach, atá freagrach as comhoibriú leis i ndáil le comhlíonadh a chúraimí;

(d)

na nósanna imeachta agus na córais atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonfar a chúraimí;

(e)

na forálacha a bhaineann le slándáil na gcóras faisnéise;

(f)

toradh an scrúdaithe ar chomhlíonadh na gcritéar creidiúnaithe dá dtagraítear i mír 2.

8.   I gcás ina mbreithníonn an t-údarás inniúil nach gcomhlíonann an comhlacht comhordúcháin na critéir chreidiúnaithe, cuirfidh sé an comhlacht comhordúcháin ar an eolas faoi na ceanglais atá le comhlíonadh.

Go dtí go gcuirfear chun feidhme aon athrú is gá chun na critéir chreidiúnaithe a chomhlíonadh, féadfar an creidiúnú:

(a)

a eisiúint go sealadach le haghaidh comhlachta comhordúcháin nua;

(b)

a chur faoi phromhadh le haghaidh comhlacht comhordúcháin atá ann cheana ar choinníoll go leantar plean gníomhaíochta chun an cás a leigheas.

Tarraingeofar siar an creidiúnú mura gcomhlíontar na critéir chreidiúnaithe agus má mheasann an t-údarás inniúil nach féidir leis an gcomhlacht comhordúcháin a chúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 4

Dearbhuithe bainistíochta

1.   Na dearbhuithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fomhír, pointe (d), agus Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfar iad a tharraingt suas in am trátha ionas go mbeidh an comhlacht deimhniúcháin in ann an tuairim dá dtagraítear in Airteagal 12(1) den Rialachán sin a eisiúint.

Beidh na dearbhuithe bainistíochta san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo agus féadfar iad a cháiliú le hábhar amhrais lena ndéantar an tionchar airgeadais féideartha a chainníochtú. I gcás ina gcuirtear ábhair amhrais in iúl, áireofar leis an dearbhú plean gníomhaíochta leigheasta agus fráma ama beacht lena chur chun feidhme.

2.   Beidh na dearbhuithe bainistíochta bunaithe ar mhaoirseacht éifeachtach a dhéanfar ar an gcóras bainistithe agus rialaithe a bheidh i bhfeidhm ar feadh na bliana.

Airteagal 5

Deimhniúchán

1.   Ainmneoidh an t-údarás inniúil an comhlacht deimhniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116.

I gcás ina mbeidh níos mó ná comhlacht deimhniúcháin amháin i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin comhlacht poiblí deimhniúcháin a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta le bheith freagrach as an gcomhordú.

2.   Eagróidh an comhlacht deimhniúcháin a chuid oibre ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, agus cuirfidh sé a chuid seiceálacha i gcrích laistigh de thréimhse ama iomchuí, ag cur chineál agus uainiú na n-idirbheart san áireamh le haghaidh na bliana airgeadais lena mbaineann.

3.   Déanfar an tuairim a thabharfaidh an comhlacht deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 a tharraingt suas go bliantúil.

Beidh an tuairim sin bunaithe ar an obair iniúchóireachta a chuirfear i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo.

4.   Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin tuarascáil maidir lena chuid torthaí a tharraingt suas. Cumhdófar sa tuarascáil freisin feidhmeanna tarmligthe na gníomhaireachta íocaíochta i gcomhréir le Roinn 1.(D) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127. Luafar sa tuarascáil, maidir leis an tréimhse a chumhdaítear sa tuarascáil, cé acu:

(a)

a chomhlíon an ghníomhaireacht íocaíochta na critéir chreidiúnaithe nó nár chomhlíon;

(b)

a bhí nó nach raibh nósanna imeachta na gníomhaireachta íocaíochta de chineál a thabharfadh urrús réasúnach go ndearnadh an caiteachas a muirearaíodh ar na Cistí i gcomhréir le rialacha an Aontais, sa dóigh go n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(i)

a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115, beidh aschur tuairiscithe comhfhreagrach ag an gcaiteachas agus beidh sé déanta i gcomhréir leis na córais rialachais is infheidhme, agus beidh bearta leantacha curtha i gcrích i ndáil le moltaí maidir le feabhsuithe, más ann dóibh;

(ii)

go mbeidh na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil agus rialta, a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus maidir leis an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus tacaíocht do luathscor faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2 agus Airteagal 155(2) faoi seach de Rialachán (AE) 2021/2115, agus beidh bearta leantacha curtha i gcrích i ndáil le moltaí maidir le feabhsuithe, más ann dóibh;

(c)

a bhí an tuairisciú feidhmíochta maidir le táscairí aschuir chun críocha an imréitigh feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus an tuairisciú feidhmíochta maidir le táscairí toraidh le haghaidh an fhaireacháin feidhmíochta ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115, lena léirítear go bhfuil Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/2116 comhlíonta, ceart nó nach raibh;

(d)

a coinníodh na cuntais bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo i gcomhréir le leabhair agus taifid na gníomhaireachta íocaíochta nó nár coinníodh;

(e)

taifead ceart, iomlán agus cruinn go hábhartha de na hoibríochtaí a mhuirearaítear ar na Cistí a bhí sna ráitis chaiteachais agus na hoibríochtaí idirghabhála poiblí, nó nach ea;

(f)

a tugadh cosaint cheart do leasanna airgeadais an Aontais maidir leis na réamhíocaíochtaí a íocadh, na ráthaíochtaí a fuarthas, na stoic idirghabhála agus na méideanna atá le bailiú nó nár tugadh.

Áireofar sa tuarascáil faisnéis maidir le líon agus cáilíochtaí na foirne a bheidh i mbun na hiniúchóireachta, maidir leis an obair a dhéantar, líon na gcóras a scrúdaítear, an leibhéal ábharthachta agus muiníne a bhaintear amach i gcás inarb infheidhme, aon laige a aimsítear agus aon mholadh a dhéantar maidir le feabhas agus oibríochtaí an chomhlachta deimhniúcháin agus comhlachtaí iniúchóireachta eile araon, laistigh den ghníomhaireacht íocaíochta agus lasmuigh de, óna bhfuarthas deimhniú uile nó cuid de dheimhniú an chomhlachta deimhniúcháin maidir leis na nithe ar ar tuairiscíodh.

Airteagal 6

Prionsabail iniúchóireachta

1.   Cuirfear an t-iniúchadh deimhniúcháin i gcrích i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta atá inghlactha go hidirnáisiúnta.

2.   Ullmhóidh an comhlacht deimhniúcháin straitéis iniúchóireachta ina leagfar amach raon feidhme, uainiú agus treo an iniúchta deimhniúcháin, na modhanna iniúchóireachta agus an mhodheolaíocht samplála, agus idirdhealú á dhéanamh idir na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115 agus na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014. Déanfar plean iniúchóireachta a fhorbairt maidir le gach bliain airgeadais arna hiniúchadh bunaithe ar riosca iniúchóireachta measta. Arna iarraidh sin ar an gcomhlacht deimhniúcháin, soláthróidh sé an straitéis iniúchóireachta agus an plean iniúchóireachta don Choimisiún.

3.   Bainfear amach an leibhéal réasúnta dearbhaithe iniúchóireachta atá le cur i gcrích trí iniúchóireacht maidir le feidhmiú cuí na gcóras rialachais, cruinneas an tuairiscithe ar fheidhmíocht, léargas fíor cothrom na gcuntas bliantúil agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014, agus maidir leis an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus an tacaíocht do luathscor faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2 agus faoi Airteagal 155(2) faoi seach de Rialachán (AE) 2021/2115, a bhfuil aisíocaíocht iarrtha ag an gCoimisiún ina leith.

Déanfar é sin trí iniúchadh córais agus tástáil comhlíontachta a mhéid a bhaineann le feidhmiú an chórais rialachais, tástáil iomláine agus cruinnis agus nósanna imeachta anailíseacha le haghaidh an chórais tuairiscithe feidhmíochta.

A mhéid a bhaineann hiniúchadh na gcuntas bliantúil, cuirfear tástáil shubstainteach caiteachais i bhfeidhm, lena n-áirítear tástáil ar na mionsonraí. A mhéid a bhaineann leis an iniúchadh ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áireofar fíorú ar an láthair sa tástáil.

4.   Leagfaidh an Coimisiún síos treoirlínte ina gcuimseofar, go háirithe:

(a)

soiléiriú breise agus treoir bhreise i ndáil leis an iniúchadh deimhniúcháin atá le cur i gcrích;

(b)

an leibhéal réasúnta dearbhaithe iniúchóireachta atá le baint amach ó iniúchadh a chinneadh.

Airteagal 7

Modhanna iniúchóireachta

1.   Déanfar na modhanna iniúchóireachta a bhaineann leis an iniúchadh deimhniúcháin a shainiú sa straitéis iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 6(2).

2.   Chun cuspóirí an iniúchta a bhaint amach agus an tuairim a leagtar amach in Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a eisiúint, áireofar le céimeanna an iniúchta, iniúchtaí ar chórais, tástáil shubstainteach, i gcás inar gá, agus na réitigh ar dhearbhuithe airgeadais agus bainistíochta a fhíorú.

3.   Maidir le hiniúchadh na gcóras rialachais, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin inniúchtaí ar chórais a bhféadfadh tástáil comhlíontachta agus tástáil ar rialuithe ginearálta TF agus rialuithe cur i bhfeidhm TF a bheith mar chuid díobh freisin, chun dearadh agus cur chun feidhme an chórais a fhíorú.

4.   Le tástáil shubstainteach chaiteachais, cumhdófar fíorú dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart foluiteach ar leibhéal na dtairbhithe deiridh a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014 agus maidir leis an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus tacaíocht do luathscor faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2 agus Airteagal 155(2) faoi seach de Rialachán (AE) 2021/2115. Chun na gcríoch sin, féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin a bheith in éineacht leis an ngníomhaireacht íocaíochta nuair a dhéanann sí seiceálacha ar an láthair ar leibhéal tánaisteach. Ní fhéadfaidh an comhlacht deimhniúcháin a bheith in éineacht leis an ngníomhaireacht íocaíochta nuair a dhéanann sí na chéad seiceálacha ar an láthair, cé is moite de na cásanna sin, ina mbeadh sé dodhéanta go fisiceach an chéad seiceáil a rinne an ghníomhaireacht íocaíochta a athfhíorú.

5.   A mhéid a bhaineann le hiniúchadh ar an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin tástáil taifead agus bunachar sonraí a chur i bhfeidhm chun a fhíorú an ndéantar tuairisciú ceart ar aschur feidhmíochta agus ar tháscairí toraidh a thuairiscítear agus an bhfuil siad comhionann leis an gcaiteachas a mhaoiníonn an tAontas nó a mhaoinítear le cuspóirí idirghabhála, faoi seach. Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin na húdair a thugtar maidir leis na difríochtaí idir an caiteachas bliantúil atá dearbhaithe le haghaidh idirghabhála agus an méid a chomhfhreagraíonn don táscaire aschuir tuairiscithe ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a fhíorú agus a dheimhniú. Áireofar freisin in obair an chomhlachta deimhniúcháin ríomh na dtáscairí a fhíorú.

6.   Féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin brath ar thorthaí iniúchóireachta iniúchóirí seachtracha na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme chun críoch na cinnteachta foriomláine agus ar an mbonn sin, féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin cinneadh a dhéanamh teorainn a chur lena chuid oibre iniúchóireachta féin.

I gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ní fhéadfaidh an comhlacht deimhniúcháin iniúchtaí a dhéanamh ar na comhlachtaí a sholáthraíonn iasachtaí foluiteacha nua ach amháin i gcás ceann amháin nó an dá chás seo a leanas:

(a)

mura bhfuil doiciméid tacaíochta ar fáil lena soláthraítear fianaise ar an tacaíocht ón ionstraim airgeadais do na faighteoirí deiridh ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme;

(b)

má tá fianaise ann nach taifid fhíora chruinne ar an tacaíocht a cuireadh ar fáil atá sna doiciméid a chuirtear ar fáil ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme.

Saineoidh an Ballstát na socruithe chun an rian iniúchóireachta d’ionstraimí airgeadais a áirithiú i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III, ag léiriú chomhlíonadh na gcoinníollacha nó bhaint amach na dtorthaí.

7.   Maidir leis an tuarascáil bhliantúil iniúchóireachta dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a ullmhóidh iniúchóirí seachtracha Ballstáit, tuarascáil ina gcumhdófar na gnéithe a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ina bhfuil an Ballstát sin ina scairshealbhóir a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, a chuirfidh an tuarascáil sin ar fáil do na Ballstáit faoi dheireadh gach bliana airgeadais.

8.   Soláthróidh an Coimisiún tuilleadh coinníollacha agus treorach maidir leis na nósanna imeachta iniúchóireachta a dhearadh, maidir le comhtháthú samplála, athfhíorú ar an láthair a phleanáil agus a dhéanamh ar idirbhearta, i gas inar gá, trí bhíthin na dtreoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 6(4).

CAIBIDIL II

Bainistiú airgeadais na gCistí

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 8

Cuntais na ngníomhaireachtaí íocaíochta

1.   Coimeádfaidh gach gníomhaireacht íocaíochta tacar cuntas nach gcumhdófar iontu ach an caiteachas agus an t-ioncam dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagail 6 agus 45 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus úsáid na gcistí a chuirfear ar fáil di chun an caiteachas comhfhreagrach a ghlanadh. Beifear in ann sonraí airgeadais le haghaidh na gCistí a idirdhealú agus a chur ar fáil ar leithligh de bharr na gcuntas sin.

Soláthróidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún maidir leis an gcaiteachas a chuirtear i gcrích agus maidir leis an ioncam sannta a fhaightear arna iarraidh sin dó.

2.   Coimeádfaidh gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát nár ghlac leis an euro cuntais ina gcumhdaítear na méideanna a léirítear san airgeadra inar tabhaíodh an caiteachas agus an t-ioncam a fuarthas. Mar sin féin, ionas go mbeifear in ann a gcaiteachas agus a n-ioncam uile a chomhdhlúthú, ní mór dóibh a bheith in ann na sonraí comhfhreagracha a sholáthar san airgeadra náisiúnta agus in euro.

3.   Maidir le CETFT, coimeádfaidh gach gníomhaireacht íocaíochta cuntais a fhágfaidh go mbeifear in ann na hoibríochtaí uile le haghaidh gach cláir agus gach birt a shainaithint. Áireofar iad seo a leanas go háirithe sna cuntais sin:

(a)

méid an chaiteachais phoiblí agus méid na ranníocaíochta ón Aontas a íocadh le haghaidh gach oibríochta;

(b)

na méideanna atá le haisghabháil ó thairbhithe de bharr neamhrialtachtaí nó faillí ar thángthas orthu;

(c)

na méideanna arna n-aisghabháil , mar aon le léiriú den oibríocht bhunaidh.

Roinn 2

Cuntais CERT

Airteagal 9

An dearbhú caiteachais a bhunú

1.   Déanfaidh na Ballstáit méid na híocaíochta atá le deonú do thairbhí faoi CERT a chinneadh faoi chuimsiú na gcóras rialaithe dá dtagraítear i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2116.

2.   Cuirfear san áireamh sa chaiteachas a dhéanfar agus atá le dearbhú do CERT na pionóis a chuirfear i bhfeidhm faoi chuimsiú chórais rialaithe na mBallstát i gcás neamhchomhlíontachta.

3.   Maidir leis an méid a eascróidh as mír 2 a chur i bhfeidhm, feidhmeoidh sé le haghaidh cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus le haghaidh na gclár maidir leis na réigiún is forimeallaí den Aontas agus maidir leis na hoileáin bheaga Aeigéacha mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus i Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, faoi seach, mar bhunús leis an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus leis an gcur i bhfeidhm smachta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2116.

4.   Is éard a bheidh sa mhéid a bheidh le dearbhú don Choimisiún an méid a eascróidh as mír 2 a chur i bhfeidhm agus as cás sonrach na n-íocaíochtaí díreacha agus na gclár dá dtagraítear i mír 3 agus an méid a eascróidh as míreanna 2 agus 3 a chur i bhfeidhm.

5.   Beidh an caiteachas a dhearbhófar do CERT ina bhunús chun na huasteorainneacha airgeadais a leagtar síos i ndlí an Aontais a fhíorú.

6.   Beidh an méid a eascróidh as míreanna 2 agus 3 a chur i bhfeidhm ina bhunús chun na pionóis riaracháin a ríomh maidir leis an gcoinníollacht dá dtagraítear i dTeideal IV, i gCaibidilí IV agus V de Rialachán (AE) 2021/2116.

7.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe i ndáil leis na híocaíochtaí díreacha gan an ráta coigeartaithe um smacht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur i bhfeidhm i leith na n-iarratas ar chabhair le haghaidh bliain ar leith. In íocaíocht an iarmhéid atá le deonú do thairbhithe ón 1 Nollaig ar aghaidh cuirfear san áireamh an ráta coigeartaithe um dhisciplín airgeadais is infheidhme an tráth sin maidir le méid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha sa bhliain chomhfhreagrach sin.

Airteagal 10

Faisnéis a chur in iúl ag na Ballstáit

1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(1), pointe (c)(i) agus (ii), de Rialachán (AE) 2021/2116, seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, go leictreonach agus faoin seachtú lá de gach mí ar a dhéanaí, an fhaisnéis agus na doiciméid maidir le caiteachas agus ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 12 den Rialachán seo, agus go háirithe an dearbhú caiteachais a tharraingeofar suas i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Seolfar, áfach, an teachtaireacht maidir leis an gcaiteachas a dhéantar agus an t-ioncam sannta a fhaightear idir an 1 agus an 15 Deireadh Fómhair faoin 25 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí.

Soláthrófar an fhaisnéis ábhartha uile ar bhonn na samhla a sholáthróidh an Coimisiún do na Ballstáit trí chórais faisnéise.

2.   Cuimseofar iad seo a leanas ar a laghad sa dearbhú caiteachais dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ráiteas, a tharraingeoidh gach gníomhaireacht íocaíochta suas, ar ráiteas é a mhiondealófar de réir ainmníocht bhuiséad an Aontais agus de réir caiteachais agus ioncaim shannta, é bunaithe ar ainmníocht mhionsonraithe a chuirfear ar fáil do na Ballstáit laistigh de na córais faisnéise lena gcumhdófar an méid seo a leanas:

(i)

an caiteachas a rinneadh agus an t-ioncam sannta a fuarthas sa mhí roimhe sin;

(ii)

an caiteachas iomlán a rinneadh agus an t-ioncam sannta a fuarthas ó thús na bliana airgeadais go dtí deireadh na míosa roimhe sin;

(iii)

meastacháin ar an gcaiteachas agus ar an ioncam sannta lena gcumhdófar na chéad 3 mhí eile ar leithligh agus, de réir mar is cuí, iomlán na meastachán ar an gcaiteachas agus ar an ioncam sannta go dtí deireadh na bliana airgeadais.

I gcás gur sa chéad bhliain airgeadais eile a bheidh na meastacháin le haghaidh na gcéad 3 mhí eile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (iii), ní gá ach an t-iomlán in aghaidh na míosa a sholáthar;

(b)

na cuntais ina léirítear an caiteachas agus an t-ioncam a bhaineann le hidirghabháil phoiblí.

3.   In euro a chuirfear an fhaisnéis airgeadais go léir a éilítear faoin Airteagal seo in iúl.

Airteagal 11

Rialacha ginearálta maidir leis an dearbhú caiteachais agus maidir le hioncam sannta

1.   Gan dochar do na forálacha speisialta maidir le dearbhuithe caiteachais agus leis an ioncam a bhaineann le stóráil phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 12, beidh an caiteachas agus an t-ioncam sannta a dhearbhóidh gníomhaireachtaí íocaíochta i ndáil le mí ar leith ag comhfhreagairt d’íocaíochtaí agus fáltais a dhéantar go hiarbhír i rith na míosa sin.

Iontrálfar an caiteachas sin agus an t-ioncam sannta sin i gcuntais bhuiséad CERT i leith na bliana airgeadais comhfhreagraí.

Mar sin féin:

(a)

ní fhéadfar caiteachas a íocfar sula gcuirtear i bhfeidhm an fhoráil a ligfidh don CERT an caiteachas ar fad nó cuid de a iompar a dhearbhú ach amháin:

(i)

maidir leis an mí inar cuireadh an fhoráil atá i gceist chun feidhme; nó

(ii)

maidir leis an mí tar éis chur chun feidhme na forála sin;

(b)

dearbhófar ioncam sannta do CERT i leith na míosa ina dtéann an teorainn ama chun na méideanna comhfhreagracha a íoc, teorainn ama a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, in éag; Nuair a tharlaíonn sé, ar leibhéal na gníomhaireachta íocaíochta, mar thoradh ar cheartúcháin ar ioncam sannta go ndearbhaítear ioncam diúltach atá sannta le haghaidh líne bhuiséid, tabharfar ceartúcháin a bhfuil farasbarr ag gabháil leo ar aghaidh chuig an gcéad mhí eile.

2.   Cuirfear caiteachas agus ioncam sannta san áireamh ar an dáta ar ar cuireadh cuntas na gníomhaireachta íocaíochta chun dochair nó chun sochair. I gcás íocaíochtaí, áfach, maidir leis an dáta a chuirfear san áireamh, féadfaidh an dáta ar ar eisigh an ghníomhaireacht lena mbaineann an doiciméad íocaíochta agus ar sheol sí chuig institiúid airgeadais nó chuig an tairbhí é a bheith i gceist. Bainfidh gach gníomhaireacht íocaíochta úsáid as an modh céanna ar feadh na bliana airgeadais ar fad.

3.   Orduithe íocaíochta nach gcuirtear i gcrích agus íocaíochtaí a chuirtear chun dochair an chuntais, agus a chuirtear chun sochair arís, déanfar iad a thaispeáint sna cuntais mar asbhaintí as caiteachas i ndáil leis an mí ina dtugtar tuairisc don ghníomhaireacht íocaíochta faoin mainneachtain an íocaíocht a dhéanamh lena linn nó inar cuireadh an íocaíocht ar ceal.

4.   I gcás ina gcuirtear íocaíochtaí atá dlite faoin CERT faoi eire ag éilimh, measfar gur íocadh go hiomlán iad chun críche mír 1 a chur i bhfeidhm:

(a)

ar dháta íocaíocht na suime atá dlite don tairbhí, más lú an t-éileamh ná an caiteachas a socraíodh;

(b)

ar dháta an fhritháirimh, más lú an caiteachas ná an t-éileamh nó má tá sé cothrom leis.

Airteagal 12

Rialacha speisialta maidir le dearbhuithe caiteachais a bhaineann le stóráil phoiblí

1.   Beidh na hoibríochtaí atá le cur san áireamh nuair a bheidh dearbhuithe caiteachais a bhaineann le stóráil phoiblí á dtarraingt suas cothrom leo siúd a chuirfear isteach ag deireadh mí ar leith i gcuntais na gníomhaireachta airgeadais a tharla ó thús na bliana airgeadais de réir bhrí Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 suas go dtí deireadh na míosa sin.

2.   Cuimseofar sna dearbhuithe caiteachais sin na luachanna agus na méideanna a chinntear i gcomhréir le hAirteagail 17 agus 18 den Rialachán seo agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún (14) a iontrálann gníomhaireachtaí íocaíochta sna cuntais i rith na míosa ina dhiaidh sin lena mbaineann na hoibríochtaí.

Mar sin féin:

(a)

i gcás oibríochtaí a cuireadh i gcrích i rith mhí Mheán Fómhair, iontrálfaidh na gníomhaireachtaí íocaíochta na luachanna agus na méideanna sna cuntais faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí;

(b)

i gcás na méideanna dímheasa iomlána dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, iontrálfar na méideanna sna cuntais ar an dáta atá leagtha síos sa chinneadh ina ndéantar foráil dóibh.

Airteagal 13

Cinneadh íocaíochta ón gCoimisiún

1.   Ar bhonn na sonraí a sheoltar i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán seo, cinnfidh an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla a dhéanamh de bhun Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, gan dochar do na ceartúcháin a fhéadfar a dhéanamh trí bhíthin cinntí ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagail 53, 54 agus 55 den Rialachán sin, agus na laghduithe agus na bhfionraithe a chinntear i gcomhréir le hAirteagail 39 go 42 den Rialachán sin á gcur san áireamh.

2.   Más mó an caiteachas iomlán a dhearbhaíonn na Ballstáit le haghaidh na bliana airgeadais dár gcionn ná trí cheathrú d’iomlán na leithreasuithe CERT le haghaidh na bliana airgeadais reatha, déanfar na réamhcheangaltais dá dtagraítear in Airteagal 11(2), pointe (b) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus na híocaíochtaí míosúla a bheidh ag comhfhreagairt dóibh a dheonú i gcomhréir leis na dearbhuithe caiteachais, suas go dtí uasmhéid 75 % de na leithreasuithe le haghaidh na bliana airgeadais reatha. Cuirfidh an Coimisiún iarmhéid na méideanna nach n-aisíoctar leis na Ballstáit san áireamh i gcinntí maidir le haisíocaíochtaí ina dhiaidh sin.

Airteagal 14

Acmhainní a chur ar fáil do na Ballstáit

Trína chinneadh na híocaíochtaí míosúla a dhéanamh, tabharfaidh an Coimisiún do na Ballstáit, laistigh de chreat na leithreasuithe buiséid, na hacmhainní is gá chun caiteachas atá le maoiniú ag an CERT a chumhdach, lúide méid comhfhreagrach an ioncaim shannta, sa chuntas arna oscailt ag gach Ballstát.

Nuair is diúltach an méid atá suite ag an gCoimisiún chun Airteagal 13(1) a chur i bhfeidhm le haghaidh Ballstáit ina iomláine nó le haghaidh líne bhuiséid ar leith, féadfar an fritháireamh éifeachtach a chur siar go dtí na míonna ina dhiaidh sin.

Airteagal 15

Cumarsáid faoi idirghabháil phoiblí

1.   Cuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta an méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)

arna iarraidh sin don Choimisiún, na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 agus na forálacha riaracháin náisiúnta breise arna nglacadh ar mhaithe le bearta idirghabhála a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú;

(b)

faoin lá dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Rialachán seo, an fhaisnéis maidir le stóráil phoiblí, ar bhonn na samhlacha a chuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit trí chórais faisnéise.

2.   Úsáidfear na córais faisnéise ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 25 chun na fógraí agus na malartuithe faisnéise a chur i gcrích agus chun na doiciméid a bhaineann le caiteachas ar idirghabháil phoiblí a tharraingt suas.

Airteagal 16

Ábhar na gcuntas stórála poiblí a bheidh le coimeád ag gníomhaireachtaí íocaíochta

1.   Beidh na catagóirí gnéithe a leanas sna cuntais stoic dá bhforáiltear in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, agus taispeánfar ar leithligh iad:

(a)

cainníochtaí na dtáirgí a thaifeadtar nuair a chuirtear i stóráil iad agus nuair a bhaintear amach as stóráil iad, le gluaiseacht fhisiceach nó dá huireasa;

(b)

na cainníochtaí a úsáidtear lena ndáileadh saor in aisce ar na daoine is díothaí faoin gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, agus dá bhfuil cuntas faoi Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, á n-idirdhealú iad siúd atá faoi réir aistriú chuig Ballstát eile;

(c)

na cainníochtaí a ghlactar mar shamplaí, agus idirdhealú á dhéanamh idir samplaí a ghlacann ceannaitheoirí agus samplaí eile;

(d)

na cainníochtaí nach féidir a athphacáistiú a thuilleadh, tar éis scrúdú súl a dhéanamh orthu i gcomhthéacs an stocáirimh bhliantúil nó i rith an imscrúdaithe tar éis glacadh leo faoi idirghabháil, agus atá faoi réir díolacháin dhíreacha;

(e)

na cainníochtaí atá ar iarraidh, ar chúiseanna inaitheanta nó neamh-inaitheanta, lena n-áirítear cúiseanna a chomhfhreagraíonn do na teorainneacha lamháltais dlíthiúla;

(f)

na cainníochtaí atá meathlaithe;

(g)

cainníochtaí barrachais;

(h)

cainníochtaí ar iarraidh a sháraíonn na teorainneacha lamháltais;

(i)

cainníochtaí a stóráiltear agus a bhfuarthas amach nár chomhlíon siad na ceanglais agus a bhfuil sé diúltaithe dá bhrí sin iad a ghlacadh ar lámh;

(j)

glan-chainníochtaí i stóráil ag deireadh gach míosa nó bliana cuntasaíochta, a thugtar ar aghaidh chuig an gcéad mhí eile nó an chéad bhliain cuntasaíochta eile.

2.   Beidh an méid seo a leanas sna cuntais airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 :

(a)

luach na gcainníochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) den Airteagal seo, ag taispeáint go leithleach luach na gcainníochtaí a ceannaíodh isteach agus luach na gcainníochtaí a díoladh;

(b)

luach de réir na leabhar na gcainníochtaí a úsáideadh nó a cuireadh san áireamh faoi na socruithe dáileacháin saor in aisce dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo;

(c)

na costais mhaoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014;

(d)

caiteachas ar oibríochtaí fisiceacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014;

(e)

méideanna a eascróidh as dímheas dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014;

(f)

na méideanna a bailíodh nó na méideanna a gnóthaíodh ó dhíoltóirí, ceannaitheoirí agus stórálaithe, seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo;

(g)

an tsuim ó dhíolacháin dhíreacha a rinneadh tar éis an stocáirimh bhliantúil nó tar éis seiceálacha a dhéanamh tar éis táirgí a chur i stóráil idirghabhála;

(h)

caillteanais agus gnóthachain ar tháirgí a bhaint, ag cur dímheas san áireamh dá dtagraítear i bpointe (e) den mhír seo;

(i)

sócmhainní agus dócmhainní eile, go háirithe iad sin a chomhfhreagraíonn do na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) go (g), den Airteagal seo;

(j)

meánluach de réir na leabhar, sloinnte in aghaidh an tona.

Airteagal 17

Cuntasaíocht a bhaineann le hidirghabháil phoiblí

1.   Cuirfear na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 16 le haghaidh na gcainníochtaí, na luachanna, na méideanna agus na meán arna dtaifeadadh go hiarbhír ag gníomhaireachtaí íocaíochta nó le haghaidh na luachanna agus na méideanna arna ríomh ar bhonn na méideanna caighdeánacha arna mbunú ag an gCoimisiún.

2.   Beidh na taifid agus na ríomhanna dá dtagraítear i mír 1 faoi réir chur i bhfeidhm na rialacha a leanas:

(a)

na costais aistrithe a bhaineann le cainníochtaí dar taifeadadh caillteanais nó meathlú cainníochtúil, i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, ní iontrálfar iad sna cuntais ach amháin le haghaidh na gcainníochtaí a díoladh agus a tógadh as stóras go hiarbhír;

(b)

ní mheasfar cainníochtaí a taifeadadh mar chainníochtaí ar iarraidh ar a n-aistriú idir Ballstáit a bheith curtha i stóras sa Bhallstát ceann scríbe agus ní chumhdófar iad i ngnáthchostais iontrála;

(c)

cuirfear na gnáthchostais iontrála agus bhainte atá socraithe le haghaidh iompair agus aistriú sna cuntais mura mbreithnítear, faoi rialacha an Aontais, gur cuid lárnach de na costais iompair iad na costais sin;

(d)

mura bhforáiltear a mhalairt i rialacha sonracha an Aontais, ní iontrálfar méideanna a thabhaítear ó dhíol táirgí atá meathlaithe agus aon mhéid eile a fhaightear sa chomhthéacs sin i dtaifid chuntas CERT;

(e)

iontrálfar aon chainníocht barrachais a taifeadadh sna cuntais mar mhéid dhiúltach, sna cainníochtaí atá ar iarraidh sa staid stoic agus sna gluaiseachtaí stoic. Áireofar na cainníochtaí sin le linn na gcainníochtaí a sháraíonn an teorainn lamháltais a bheith á gcinneadh;

(f)

iontrálfar samplaí seachas iad sin a thógann ceannaitheoirí sna cuntais i gcomhréir le pointe 2(a) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014.

3.   Cuirfear ceartúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún, maidir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 16 le haghaidh na bliana airgeadais reatha, in iúl do Choiste na gCistí Talmhaíochta. Féadfar iad a chur in iúl do na Ballstáit tráth a ndéantar cinneadh maidir le híocaíocht mhíosúil nó, ina éagmais sin, tráth an chinnidh maidir le himréiteach cuntas. Iontrálfaidh gníomhaireachtaí íocaíochta iad sna cuntais faoi théarmaí an chinnidh sin.

Airteagal 18

Na dátaí chun caiteachas agus ioncam agus gluaiseachtaí táirgí a iontráil sna cuntais le haghaidh idirghabháil phoiblí

1.   Iontrálfar na míreanna éagsúla caiteachais agus ioncaim sna cuntais ar an dáta ar a dtarlaíonn an oibríocht fhisiceach faoin mbeart idirghabhála poiblí agus trí leas a bhaint as an ráta malairte dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014.

Beidh feidhm leis na dátaí seo a leanas, áfach, sna cásanna atá leagtha amach thíos:

(a)

an dáta fáltais, i gcás méideanna a fhaightear nó a gnóthaítear, dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointí (f) agus (g) den Rialachán seo;

(b)

an dáta ar ar íocadh go hiarbhír na costais a bhaineann le hoibríochtaí fisiceacha, i gcás nach gcumhdaíonn méideanna caighdeánacha na costais sin.

2.   Iontrálfar na gnéithe éagsúla a bhaineann le gluaiseacht fhisiceach táirgí agus bainistiú stoc sna cuntais ar an dáta a dtarlaíonn an oibríocht fhisiceach faoin mbeart idirghabhála.

Beidh feidhm leis na dátaí seo a leanas, áfach, sna cásanna atá leagtha amach thíos:

(a)

an dáta ar a nglacann an ghníomhaireacht íocaíochta táirgí ar láimh, i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240 ón gCoimisiún (15), maidir le cainníochtaí a chuirtear i stóráil phoiblí gan aon athrú ar an áit stórála;

(b)

maidir le cainníochtaí ar iarraidh nó cainníochtaí meathlaithe agus cainníochtaí barrachais, dáta an chinnidh maidir leis na fíorais i gcás a bhaineann le cainníochtaí ar iarraidh nó cainníochtaí meathlaithe agus cainníochtaí barrachais;

(c)

an dáta ar ar baineadh as stóras iad go hiarbhír, i gcás táirgí a díoladh go díreach atá fós i stóráil nach féidir a athphacáistiú a thuilleadh tar éis scrúdú súl a dhéanamh orthu i gcomhthéacs an stocáirimh bhliantúil nó i rith an imscrúdaithe tar éis iad a chur faoi idirghabháil;

(d)

lá deiridh na bliana cuntasaíochta, maidir le haon chaillteanas a théann thar an teorainn lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127.

Airteagal 19

An méid a mhaoinítear faoi idirghabháil phoiblí

1.   Cinnfear an méid atá le maoiniú faoi na bearta idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ar bhonn na gcuntas arna dtarraingt suas agus arna gcoimeád ag gníomhaireachtaí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, agus dá ndéantar na míreanna éagsúla caiteachais agus ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo a chur chun dochair agus chun sochair, faoi seach, agus méideanna caiteachais socraithe na reachtaíochta talmhaíochta earnálaí á gcur san áireamh i gcás inar gá.

2.   Tarchuirfidh na gníomhaireachtaí íocaíochta nó na comhlachtaí comhordaithe de réir mar is iomchuí chuig an gCoimisiún, gach mí agus gach bliain, trí mhodh leictreonach, ar bhonn na samhlacha a chuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit trí chórais faisnéise, an fhaisnéis a theastaíonn chun caiteachas ar stóráil phoiblí a mhaoiniú agus na cuntais ina léirítear caiteachas agus ioncam a bhaineann le stóráil phoiblí i bhfoirm táblaí, faoin lá dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) agus faoin dáta dá bhforáiltear in Airteagal 33(2).

Airteagal 20

Dearbhuithe maidir le caiteachas agus ioncam idirghabhála poiblí

1.   Beidh maoiniú CERT faoi na bearta idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 cothrom leis an gcaiteachas, ar caiteachas é a ríomhfar ar bhonn na faisnéise a dtugann an ghníomhaireacht íocaíochta fógra ina leith, tar éis aon ioncam a thabhófar ó na bearta idirghabhála a asbhaint, a bhailíochtóidh an córas faisnéise a bhunaigh an Coimisiún agus atá áirithe ag an ngníomhaireacht íocaíochta ina dearbhú caiteachais arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo.

2.   Déanfar suimeanna arna n-aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus méideanna a fuarthas nó a gnóthaíodh ó dhíoltóirí, ceannaitheoirí agus stórálaithe, a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 45 den Rialachán sin a dhearbhú do bhuiséad CERT i gcomhréir le hAirteagal 10(2), pointe (a) den Rialachán seo.

Roinn 3

Cuntais CETFT

Airteagal 21

Réamh-mheastachán de na ceanglais chistiúcháin

Maidir le gach Plean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/2115, agus i gcomhréir le hAirteagal 90(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), de Rialachán (AE) 2021/2116, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, faoi dhó sa bhliain, faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Lúnasa ar a dhéanaí, a réamhaisnéisí de na méideanna atá le maoiniú ag CETFT le haghaidh na bliana airgeadais. Ina theannta sin, seolfaidh na Ballstáit meastachán a bheidh cothrom le dáta dá n-iarrataí ar mhaoiniú le haghaidh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

Seolfar na réamhaisnéisí sin agus an meastachán sin a bheidh cothrom le dáta ar bhonn na samhla a chuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit trí chórais faisnéise.

Airteagal 22

Dearbhuithe caiteachais

1.   Dearbhóidh na gníomhaireachtaí íocaíochta an caiteachas agus an méid a aisghabhtar le haghaidh gach cineáil idirghabhála forbartha tuaithe agus gach cúnaimh theicniúil faoin bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh gach ceann de na tréimhsí tagartha, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar bhonn na samhla a chuireann an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit trí chórais faisnéise.

I gcás gach Plean Straitéiseach CBT, déanfaidh gníomhaireachtaí íocaíochta an méid seo a leanas ar a laghad a shonrú i ndearbhú caiteachais:

(a)

méid an chaiteachais phoiblí incháilithe, cé is moite den mhaoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2021/2115, ar íoc an ghníomhaireacht íocaíochta ranníocaíocht chomhfhreagrach CETFT ina leith le linn gach ceann de na tréimhsí tagartha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

an fhaisnéis faoi ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2021/2116;

(c)

an fhaisnéis bhreise maidir le réamhíocaíochtaí a íocadh le tairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2021/2116;

(d)

an méid a gnóthaíodh i rith na tréimhse reatha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i leith an Phlean Straitéisigh CBT;

(e)

an méid a aisghabhfar le linn na tréimhse reatha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i ndáil le cláir forbartha tuaithe CETFT ó 2007 ar aghaidh, nach bhfuil oibleagáid níos mó ar na Ballstáit dearbhú eatramhach caiteachais a chur isteach ina leith;

(f)

na méideanna a bhaineann le cúnamh teicniúil.

Cuirfear san áireamh sa chaiteachas a dhéanfar agus atá le dearbhú do CETFT na pionóis a chuirfear i bhfeidhm faoi chuimsiú chórais bainistíochta agus rialaithe na mBallstát i gcás neamhchomhlíontachta.

2.   A luaithe a cheadaíonn an Coimisiún Plean Straitéiseach CBT, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 90(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(i), de Rialachán (AE) 2021/2116, a gcuid dearbhuithe caiteachais a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi na sprioc-amanna seo a leanas:

(a)

faoin 30 Aibreán ar a dhéanaí i gcás caiteachas sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta;

(b)

faoin 31 Iúil ar a dhéanaí i gcás caiteachas sa tréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh;

(c)

faoin 10 Samhain ar a dhéanaí i gcás caiteachas sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 15 Deireadh Fómhair;

(d)

faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí i gcás caiteachas sa tréimhse ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig.

Má chuireann níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin an Plean Straitéiseach CBT chun feidhme i mBallstát, áiritheoidh an comhlacht comhordúcháin go dtarchuirfear na dearbhuithe caiteachais ar an lá céanna.

Mar sin féin, maidir leis an gcaiteachas uile a d’íoc gníomhaireachtaí íocaíochta leis na tairbhithe i gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialachán (AE) 2021/2115 go dtí deireadh na tréimhse deiridh, mar a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, sula bhformheasfar Plean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 118 den Rialachán sin, déanfar é a íoc faoi chúram na mBallstát agus a dhearbhú don Choimisiún sa chéad dearbhú caiteachais tar éis an clár sin a fhormheas. Déanfar méideanna aisghafa le haghaidh na tréimhse comhfhreagraí, dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (d) agus (e) den Airteagal seo a dhearbhú sa dearbhú sin freisin. Beidh feidhm ag an riail chéanna mutatis mutandis i gcás leasú ar Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115, ach amháin i gcás coigeartuithe ar phlean maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo.

A mhéid a bhaineann le hionstraimí airgeadais a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le hAirteagal 80 de Rialachán (AE) 2021/2115, dearbhófar an caiteachas sa bhliain airgeadais ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus ina ndéanann an ghníomhaireacht íocaíochta roimh dheireadh na bliana airgeadais é.

In euro a chuirfear an fhaisnéis airgeadais uile a éilítear faoin Airteagal seo in iúl.

Airteagal 23

An méid atá le híoc a ríomh

1.   An ranníocaíocht ón Aontas atá le híoc i leith an chaiteachais phoiblí incháilithe, diomaite den mhaoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2021/2115, luafar í sa phlean maoiniúcháin atá i bhfeidhm ar an gcéad lá den tréimhse thagartha agus ríomhfar í i dtaca leis na Pleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 118 den Rialachán sin mar seo a leanas:

(a)

le haghaidh gach tréimhse tagartha dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán seo ar bhonn ráta ranníocaíochta CETFT dá bhforáiltear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus a fhormheasann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 den Rialachán sin;

(b)

i gcás cineálacha áirithe caiteachais incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 155 de Rialachán (AE) 2021/2115 sa tréimhse 2023-2027, ar bhonn ráta ranníocaíochta na hidirghabhála a shocraítear sa Phlean Straitéiseach CBT, faoi réir na gcoinníollacha san Airteagal sin;

(c)

cúnamh teicniúil ar bhonn ráta comhréidh, dá dtagraítear in Airteagal 94(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Cuirfear san áireamh sa ríomh na ceartúcháin a dhéantar ar ranníocaíocht an Aontais mar a dhearbhaítear sa dearbhú caiteachais don tréimhse sin.

2.   Gan dochar don uasteorainn dá bhforáiltear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, i gcás inar mó comhiomlán na ranníocaíochta ón Aontas a íocadh leis an bPlean Straitéiseach CBT an ranníocaíocht le cineál idirghabhála, a mhéid a bhaineann le CETFT, laghdófar an méid atá le híoc go dtí an méid a chlárófar le haghaidh an chineáil idirghabhála sin. Aon ranníocaíocht de chuid an Aontais a eisiatar mar thoradh air sin, féadfar an ranníocaíocht sin a íoc níos déanaí ar choinníoll go bhfuil plean maoiniúcháin coigeartaithe curtha isteach ag an mBallstát agus go mbeidh sé formheasta ag an gCoimisiún.

Airteagal 24

Saoradh uathoibríoch

I gcás nach gcuireann Ballstát plean maoiniúcháin athbhreithnithe isteach, dá bhforáiltear in Airteagal 34(6) de Rialachán (AE) 2021/2116, agus an leasú gaolmhar ar an bPlean Straitéiseach CBT faoin 30 Meitheamh, laghdóidh an Coimisiún na méideanna a leithdháilfear ar gach cineál idirghabhála pro rata, tríd an gcinneadh lena bhformheastar Plean Straitéiseach CBT an Bhallstáit a leasú tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair.

Roinn 4

Forálacha coiteanna maidir leis na Cistí

Airteagal 25

Malartú leictreonach faisnéise agus doiciméad

1.   Saineoidh an Coimisiún na córais faisnéise trína mbeifear in ann doiciméid agus faisnéis a mhalartú go leictreonach idir é féin agus na Ballstáit ar mhaithe le faisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur in iúl agus dul i gcomhairle léi agus na socruithe riachtanacha dá gcur i bhfeidhm. Cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi na coinníollacha ginearálta a bhaineann leis na córais sin a chur chun feidhme tríd an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta.

2.   Beidh na córais faisnéise dá dtagraítear i mír 1 in ann na nithe seo a leanas a phróiseáil go háirithe:

(a)

na sonraí a theastaíonn le haghaidh idirbhearta airgeadais, go háirithe iad sin a bhaineann le cuntais bhliantúla gníomhaireachtaí íocaíochta, dearbhuithe caiteachais agus ioncam sannta agus tarchur faisnéise agus doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 agus Airteagail 8, 10, 11, 12, 14, 18, 19, 21, 22, 23 agus 32 den Rialachán seo;

(b)

doiciméid leasa choitinn trína mbítear in ann faireachán a dhéanamh ar na dearbhuithe caiteachais míosúla agus eatramhacha agus ar na cuntais bhliantúla agus ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid nach mór do ghníomhaireachtaí íocaíochta a chur ar fáil don Choimisiún le dul i gcomhairle leo;

(c)

téacsanna an Aontais agus treoirlínte an Choimisiúin maidir leis an maoiniú a dhéanann údaráis atá creidiúnaithe agus ainmnithe faoi Rialachán (AE) 2021/2116 ar an gComhbheartas Talmhaíochta, agus na treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm comhchuibhithe na reachtaíochta ábhartha.

3.   Cuirfidh an Coimisiún foirm agus ábhar na ndoiciméad dá dtagraítear in Airteagail 10, 18, 19, 21, 22, 23 agus 32 ar fáil do na Ballstáit trí bhíthin samhlacha trí chórais faisnéise.

Cuirfidh an Coimisiún na samhlacha sin in oiriúint agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad, tar éis dó an Coiste um na Cistí Talmhaíochta a chur ar an eolas.

4.   Féadfaidh na huirlisí is gá le go mbeidh an Coimisiún in ann na sonraí a stóráil agus cuntais na gCistí a bhainistiú a bheith sna córais faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

5.   Cuirfear sonraí maidir le hidirbhearta airgeadais in iúl, iontrálfar iad agus tabharfar cothrom le dáta iad sna córais faisnéise dá dtagraítear i mír 1 faoi chúram gníomhaireachtaí íocaíochta, agus is iad na gníomhaireachtaí íocaíochta iad féin a dhéanfaidh é sin nó comhlachtaí a bhfuil an fheidhm sin tarmligthe dóibh, i gcás inarb infheidhme trí na comhlachtaí comhordúcháin creidiúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(4) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116.

6.   Más rud é, maidir le doiciméad a sheoltar de bhun Airteagal 90(1), pointe (c), (i) agus (iii), de Rialachán (AE) 2021/2116 nó nós imeachta sna córais faisnéise, go dteastaíonn síniú nó formheas duine údaraithe ag céim amháin nó níos mó den nós imeachta sin, déanfar an síniú leictreonach éigeantach sin nó an formheas leictreonach éigeantach sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

7.   Coimeádfar na doiciméid leictreonacha agus dhigitithe ar feadh na tréimhse iomláine dá bhforáiltear in Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127.

8.   I gcás ina bhfuil mífheidhm ar chóras faisnéise nó i gcás nach bhfuil aon nasc cobhsaí aige, féadfaidh an Ballstát, ach faomhadh an Choimisiúin a fháil roimh ré, na doiciméid a sheoladh i bhfoirm eile, faoi na coinníollacha a leagfaidh an Coimisiún síos.

Airteagal 26

Ceanglais maidir le haisíocaíocht chaiteachais ar na Cistí

1.   Iontrálfaidh gníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe nó an comhlacht comhordúcháin creidiúnaithe dearbhuithe caiteachais le haghaidh na gCistí i bhfoirm sonraí struchtúrtha ar bhonn na samhla a chuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit trí chórais faisnéise.

2.   D’fhéadfadh ceartúcháin ar shonraí a dearbhaíodh maidir leis na tréimhsí dearbhaithe roimhe sin den bhliain airgeadais chéanna a bheith luaite i ndearbhú maidir le caiteachas i dtaca le tréimhse ar leith.

3.   Caiteachas CERT agus CETFT agus ioncam sannta atá le muirearú ar an mbliain airgeadais nach dtugtar isteach sna dearbhuithe míosúla agus eatramhacha faoi seach, ní fhéadfar é a cheartú ach amháin sna cuntais bhliantúla atá le cur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (c)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2021/2116.

4.   Íocfaidh an Coimisiún ranníocaíocht ón Aontas, faoi réir na n-acmhainní a bheith ar fáil, isteach sa chuntas (sna cuntais) a osclóidh gach Ballstát.

5.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir le hainm agus uimhir na gcuntas i gcomhréir leis an bhformáid a chuirfidh an Coimisiún ar fáil dó.

Airteagal 27

Íocaíochtaí a chur ar fionraí

Leis na gníomhartha cur chun feidhme lena gcinntear na híocaíochtaí míosúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 nó na híocaíochtaí eatramhacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán sin, cuirfear san áireamh fionraí na n-íocaíochtaí a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 40(1) agus (2), Airteagal 41(2) agus Airteagal 42(2) den Rialachán sin.

Airteagal 28

Pleananna gníomhaíochta maidir leis an bhfaireachán ilbhliantúil ar fheidhmíocht

1.   Tar éis measúnú a dhéanamh ar an údar a chuir an Ballstát isteach i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 135 de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur isteach. Cuirfidh an Ballstát plean gníomhaíochta isteach laistigh de 2 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil ón gCoimisiún. Sa phlean gníomhaíochta sin, molfaidh an Ballstát gníomhaíochtaí feabhais nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus chun na hidirghabhálacha sin a shainaithint, ar idirghabhálacha iad a dhéanann difear d’fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT, a mhéid a bhaineann le dialltaí go háirithe ó gharspriocanna arna leagan síos chun na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach. Tabharfar tuairisc a bheidh mionsonraithe a dhóthain ar na gníomhaíochtaí feabhais chun cur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cé acu atá an plean gníomhaíochta iomchuí chun na heasnaimh a leigheas nó nach bhfuil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na gníomhaíochtaí chun feidhmíocht na n-idirghabhálacha lena mbaineann a fheabhsú.

2.   I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí leagfaidh an Ballstát amach an sprioc-am cur chun feidhme atá beartaithe, sprioc-am nach déanaí ná 2 bhliain ón tráth a sheolfar an plean gníomhaíochta. Ionas gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an achar ama maidir le plean gníomhaíochta a fhorfheidhmiú, cuirfidh na Ballstáit táscairí dul chun cinn ar bun i ngar don sprioc-am sin, a bheidh gach 3 mhí ar a laghad le linn shaolré an phlean gníomhaíochta.

3.   Laistigh de thréimhse 2 mhí ó fhaigheann sé an plean gníomhaíochta ón mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát sin ar an eolas i scríbhinn maidir lena agóidí i gcoinne an phlean gníomhaíochta atá curtha isteach agus iarrfaidh sé a mhodhnú. Cuirfidh an Ballstát plean gníomhaíochta isteach laistigh de 2 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil ón gCoimisiún.

4.   Tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas i scríbhinn laistigh de thréimhse 2 mhí, maidir le cé acu a mheasann sé go bhfuil an plean gníomhaíochta leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a dhéanann difear dffheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT. I gcás measúnú dearfach, measfar gurb é fáltas an mheasúnaithe sin ag an mBallstát an dáta ar a seolfar cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Tá an dáta seolta gan dochar don fhéidearthacht atá ag an mBallstát lena mbaineann tús a chur le gníomhaíochtaí feabhais níos luaithe. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann go bhfuil rún aige íocaíochtaí a fhionraí, dá dtagraítear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

5.   Ullmhóidh na Ballstáit na pleananna gníomhaíochta agus tabharfaidh siad tuarascáil ar an dul chun cinn maidir lena gcur chun feidhme i gcomhréir leis an teimpléad sin a chuirfidh an Coimisiún ar fáil tráth a chuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht isteach, i gcomhréir le hAirteagal 9(3), den chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116. Beidh an teimpléad ar fáil agus úsáidfear é i bhfoirm leictreonach.

Airteagal 29

Pleananna gníomhaíochta maidir le heasnaimh i gcórais rialachais

1.   Déanfaidh an Ballstát an plean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil ón gCoimisiún. Ina phlean gníomhaíochta, molfaidh an Ballstát lena mbaineann gníomhaíochtaí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na heasnaimh thromchúiseacha a shonraíonn an Coimisiún. Tabharfar tuairisc leordhóthanach ar na gníomhaíochta ceartaitheacha le go mbeidh an Coimisiún in ann a mheasúnú an bhfuil an plean gníomhaíochta leordhóthanach chun na heasnaimh a leigheas.

2.   I gcás gach ceann de na gníomhaíochtaí leagfaidh an Ballstát amach an sprioc-am cur chun feidhme atá beartaithe, sprioc-am nach déanaí ná 2 bhliain ón dáta ar a seolfar an plean gníomhaíochta. Ionas gur féidir táscairí dul chun cinn a athbhreithniú, leagfaidh na Ballstáit garspriocanna síos freisin i ngar don sprioc-am sin, garspriocanna gach 3 mhí ar a laghad le linn shaolré an phlean gníomhaíochta.

3.   Laistigh de 2 mhí ó fhaigheann sé an plean gníomhaíochta ón mBallstát lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, an Ballstát sin ar an eolas i scríbhinn maidir lena agóidí i gcoinne an phlean gníomhaíochta atá curtha isteach agus iarrfaidh sé a modhnú. Cuirfidh an Ballstát plean gníomhaíochta isteach laistigh de 2 mhí tar éis dó an iarraidh a fháil ón gCoimisiún. I gcásanna a bhfuil údar cuí leis sin, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin.

4.   Tar éis na malartuithe dá dtagraítear i mír 3, agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis don Choimisiún an teachtaireacht is déanaí a fháil ón mBallstát, cuirfidh sé a mheasúnú in iúl don Bhallstát i scríbhinn. I gcás measúnú dearfach, measfar gurb é fáltas an mheasúnaithe sin ag an mBallstát an dáta ar a seolfar cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Tá an dáta seolta gan dochar don fhéidearthacht atá ag an mBallstát lena mbaineann tús a chur le gníomhaíochtaí feabhais níos luaithe. I gcás ina ndéanfar measúnú diúltach mar gur léir nach bhfuil an plean gníomhaíochta leordhóthanach, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas go bhfuil rún aige íocaíochtaí a fhionraí, dá dtagraítear in Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

5.   I gcás nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta maidir leis an bplean gníomhaíochta a chur chun feidhme nó nár cuireadh isteach é i gcomhréir leis an iarraidh i scríbhinn ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas go bhfuil rún aige íocaíochtaí a fhionraí, dá dtagraítear in Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

6.   I gcás easnaimh thromchúiseacha athfhillteacha a nochtar sna tuarascálacha measúnaithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(3), in Airteagal 69(6) agus in Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, iarrfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin, má bhraitear na heasnaimh chéanna gan aon fheabhas orthu le haghaidh an dara bliain as a chéile.

7.   Ullmhóidh na Ballstáit na pleananna gníomhaíochta agus tabharfaidh siad tuarascáil ar dhul chun cinn a gcur chun feidhme i gcomhréir leis an teimpléad faoi seach a chuirfidh an Coimisiún ar fáil. Beidh an teimpléad ar fáil agus úsáidfear é i bhfoirm leictreonach.

CAIBIDIL III

Imréiteach cuntas

Roinn 1

Fiacha a aisghabháil

Airteagal 30

Íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil

1.   I gcás aon íocaíocht neamhdhlite tar éis neamhrialtachta nó faillí, déanfaidh na Ballstáit córas a bhunú lena n-áiritheofar iarraidh ar aisghabháil ó na tairbhithe laistigh d’achar ama réasúnta tar éis don ghníomhaireacht íocaíochta nó don chomhlacht atá freagrach as an aisghabháil, i gcás inarb infheidhme, tuarascáil rialaithe nó doiciméad den chineál sin a fháil lena gcuirtear in iúl gur tharla neamhrialtacht. Áiritheofar sa chóras go ndéanfar na méideanna comhfhreagracha a thaifeadadh tráth a dhéantar an iarraidh ar aisghabháil i mórleabhar na bhféichiúnaithe atá ag an ngníomhaireacht íocaíochta.

2.   Maidir leis na nósanna imeachta aisghabhála lena n-áirítear ríomh úis i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 59(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, fritháireamh agus forfheidhmiú méideanna a íocadh go mícheart, beidh córas i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú go seolfar iad agus go ndéanfar measúnú leantach orthu go tráthúil. Áiritheofar obair leantach fiachais de réir an nós imeachta náisiúnta aisghabhála is infheidhme agus aisíocfar na méideanna aisghafa leis na Cistí in am trátha.

3.   Ní ceart fiachas a cheartú i leith na gCistí ach amháin má thaifeadtar nach ann do neamhrialtacht le hionstraim riaracháin nó dhlíthiúil de chineál críochnaitheach.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit údar cuí le fiachas a dhíscríobh agus leis an gcinneadh gan aisghabháil fiachais a shaothrú i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 31

Aisghabháil trí fhritháireamh

Gan dochar d’aon ghníomh forfheidhmiúcháin eile dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, déanfaidh Ballstáit aon fhiachas atá le híoc ag tairbhí arna bhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a fhritháireamh i gcoinne aon íocaíochta dhéanfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta atá freagrach as an bhfiachas a aisghabháil don tairbhí sin sa todhchaí.

Roinn 2

Imréiteach

Airteagal 32

Ábhar na gcuntas bliantúil

1.   Beidh an méid seo a leanas sna cuntais airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 90(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2116:

(a)

an t-ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 45 den Rialachán sin;

(b)

caiteachas CERT tar éis aon íocaíocht neamhdhlite nár aisghabhadh ag deireadh na bliana airgeadais a asbhaint seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (f) den Airteagal seo, lena n-áirítear aon ús orthu, arna gcoimriú de réir míre agus fomhíre de bhuiséad an Aontais;

(c)

caiteachas CETFT, de réir cláir, birt agus chineál na hidirghabhála ranníocaíochta shonraigh. Áireofar leis an ráiteas bliantúil caiteachais faisnéis freisin faoi na méideanna a gnóthaíodh. A luaithe a dhúnfar clár nó Plean Straitéiseach CBT, aon íocaíocht neamhdhlite nár aisghabhadh seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (f) den Airteagal seo, lena n-áirítear aon ús ina leith, déanfar í a asbhaint ó chaiteachas na bliana airgeadais lena mbaineann;

(d)

tábla difríochtaí de réir míre agus fomhíre nó, i gcás CETFT, de réir cláir, birt, ráta ranníocaíochta sonrach agus an réimse fócais, idir an caiteachas agus na hioncaim shannta arna ndearbhú sna cuntais bhliantúla agus sin a dearbhaíodh le haghaidh na tréimhse céanna sna doiciméid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(2) den Rialachán seo, a mhéid is a bhaineann sé le CERT, agus Airteagal 22(2) den Rialachán seo, a mhéid is a bhaineann sé le CETFT, agus míniú maidir le gach difríocht ag gabháil leo;

(e)

mar rud ar leithligh, na méideanna a bheidh le híoc ag an mBallstát lena mbaineann, agus ag an Aontas, faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 54(2), an chéad fhomhír agus Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

an caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí a dhéantar le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin;

(ii)

na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022;

(iii)

cabhair le haghaidh cláir oibríochtúla de chuid eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí nó a gcomhlachas san earnáil torthaí agus glasraí agus cláir thacaíochta in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus (7), faoi seach, de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) maidir le caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí a dhéantar le haghaidh oibríochtaí a chuirtear chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 go dtí deireadh na gclár oibríochtúil nó na gclár tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(6)(c) agus (7), faoi seach, de Rialachán (AE) 2021/2117;

(iv)

ioncam a dhearbhaítear faoi chuimsiú chur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe atá formheasta ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (19) agus Rialachán (CE) Uimh. 27/2004 ón gCoimisiún (20);

(f)

sliocht as na híocaíochtaí neamhdhlite atá fós le haisghabháil ag deireadh na bliana airgeadais mar thoradh ar neamhrialtachtaí de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle (21), lena n-áirítear aon phionós dá bhforáiltear le rialacha earnála an Aontais is infheidhme agus an t-ús orthu, atá le cur i láthair i dtábla i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. Maidir leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (e) den mhír seo, cuirfear sliocht as na híocaíochtaí neamhdhlite i láthair i dtábla i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014;

(g)

sliocht as mórleabhar na bhféichiúnaithe maidir leis na méideanna atá le haisghabháil agus le cur chun sochair do CERT nó CETFT seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (e) agus (f) den Airteagal seo, lena n-áirítear aon phionós agus ús orthu sin, atá le cur i láthair i dtábla i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 i leith an chaiteachais dá dtagraítear i bpointe (e) den mhír seo;

(h)

achoimre ar oibríochtaí idirghabhála agus ráiteas maidir le líon agus suíomh na stoc ag deireadh na bliana airgeadais;

(i)

deimhniú go gcoimeádtear caiteachas, ioncam sannta agus sonraí maidir le gach gluaiseacht stórála idirghabhála ar chomhaid agus ar thaifid chuntasaíochta na gníomhaireachta íocaíochta;

(j)

an comhardú deiridh ag deireadh na bliana airgeadais de réamhíocaíochtaí nár úsáideadh/nach ndearnadh imréiteach orthu a d’íoc Ballstáit le tairbhithe, iad mionsonraithe le haghaidh CERT de réir idirghabhála agus le haghaidh CETFT de réir cláir, agus ina chás sin, lena n-áirítear na hionstraimí airgeadais. Maidir leis na hionstraimí airgeadais, baineann an comhardú deiridh le méideanna a íocann an Coimisiún mar réamhíocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 32(4) pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/2116 nár úsáid na Ballstáit le haghaidh íocaíochtaí le faighteoirí deiridh ná chun tairbhe na bhfaighteoirí deiridh, ná nár gealladh maidir le conarthaí ráthaíochta ná nár íocadh mar tháillí bainistíochta agus costais bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 80(5) de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Beidh na cuntais bhliantúla ina mbunús leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Fheidhmíocht atá le cur isteach de bhun Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 33

Faisnéis a tharchur

1.   Chun críocha imréiteach na gcuntas de bhun Airteagail 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2021/2116, seolfaidh gach Ballstát na nithe a leanas chuig an gCoimisiún:

(a)

na míreanna a áirítear sna cuntais bhliantúla, dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo;

(b)

an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115;

(c)

an tuairim agus na tuarascálacha arna mbunú ag an gcomhlacht nó na comhlachtaí deimhniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 5(3) agus (4) den Rialachán seo;

(d)

na dearbhuithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo;

(e)

achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar chineál agus ar mhéid na n-earráidí agus na laigí a shainaithnítear sna córais, mar aon le beart ceartaitheach a dhéantar nó a bheartaítear, dá bhforáiltear in Airteagal 63(5), pointe (b), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2116, achoimre a cuireadh isteach leis an dearbhú bainistíochta ón nGníomhaireacht Íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo.

Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh an Ballstát ar fáil na taifid iomlána ar an bhfaisnéis chuntasaíochta uile is gá chun críoch staidrimh agus rialaithe, ar faisnéis í a bhaineann le caiteachas a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014. Sonróidh an Coimisiún foirm agus ábhar na faisnéise cuntasaíochta.

2.   Seolfar na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 chuig an gCoimisiún faoin 15 Feabhra ar a dhéanaí sa bhliain tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann siad. Cuirfear na doiciméid isteach go leictreonach i gcomhréir leis an bhformáid agus faoi na coinníollacha arna mbunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 25.

Beidh síniú leictreonach éigeantach ar na doiciméid sin de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 910/2014.

3.   Arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar thionscnamh Ballstáit, féadfar tuilleadh faisnéise a bhaineann le himréiteach cuntas a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse ama a chinneann an Coimisiún, ag tabhairt san áireamh an méid ama a éilítear chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil. D’uireasa na faisnéise sin, féadfaidh an Coimisiún na cuntais a imréiteach ar bhonn na faisnéise atá aige.

4.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leis sin, féadfaidh an Coimisiún glacadh le hiarraidh ar fhaisnéis a chur isteach go déanach, má chuirtear an iarraidh sin faoina bhráid roimh an sprioc-am chun faisnéis a chur isteach.

Airteagal 34

Caomhnú faisnéis chuntasaíochta

1.   Coimeádfar ar fáil don Choimisiún na doiciméid tacaíochta maidir leis an gcaiteachas a maoiníodh agus na hioncaim shannta le bailiú ag CERT ar feadh 3 bliana ar a laghad tar éis na bliana ina n-imréitíonn an Coimisiún cuntais na bliana airgeadais lena mbaineann faoi Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116.

2.   Coimeádfar ar fáil don Choimisiún na doiciméid tacaíochta maidir leis an gcaiteachas a maoiníodh agus na hioncaim shannta le bailiú ag CETFT ar feadh 3 bliana ar a laghad tar éis na bliana inar ndearnadh an íocaíocht dheireanach ón ngníomhaireacht íocaíochta.

3.   I gcás neamhrialtachtaí nó faillí, coimeádfar ar fáil don Choimisiún na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar feadh 3 bliana ar a laghad tar éis na bliana ina n-aisghabhtar na suimeanna ina n-iomláine ón tairbhí agus ina gcreidiúnaítear iad leis na Cistí.

4.   Na doiciméid tacaíochta maidir leis na haschuir a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a dhearbhaítear faoi CERT de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 agus faoi CETFT, coimeádfar iad ar fáil don Choimisiún ar feadh 3 bliana ar a laghad tar éis na bliana ina ndearbhaítear an caiteachas deiridh faoi na Pleananna Straitéiseacha CBT de bhun Rialachán (AE) 2021/2115.

5.   I gcás nós imeachta comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116, coimeádfar ar fáil don Choimisiún na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ar feadh bliain amháin ar a laghad tar éis na bliana ina gcríochnaítear an nós imeachta sin nó, má bhíonn cinneadh comhréireachta faoi réir imeachtaí dlí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar feadh bliain amháin ar a laghad tar éis na bliana ina gcríochnaítear na himeachtaí seo.

6.   Coimeádfar ar fáil don Choimisiún na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 i bhfoirm páipéir, i bhfoirm leictreonach agus/nó sa dá fhoirm.

Ní féidir doiciméid a choimeád go leictreonach amháin ach má cheadaíonn dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann doiciméid leictreonacha a úsáid mar fhianaise ar na hidirbhearta is bun leo in imeachtaí cúirte náisiúnta.

Má choimeádtar na doiciméid i bhfoirm leictreonach amháin, comhlíonfaidh an córas chun sin a dhéanamh Roinn 3.(B) d’Iarscríbhinn I le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127.

Airteagal 35

Imréiteach airgeadais

1.   Le cinneadh an Choimisiúin maidir le himréiteach na gcuntas dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116 cinnfear na méideanna caiteachais a a dhéantar i ngach Ballstát i rith na bliana airgeadais lena mbaineann a aithneofar mar inmhuirir leis na Cistí ar bhonn na gcuntas dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo agus aon laghdú nó fionraí faoi Airteagal 39, 40 agus 41 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Le haghaidh CETFT, áireofar sa mhéid a chinntear tríd an gcinneadh imréiteach cuntas na cistí atá in-athúsáidte trí ath-leithdháileadh ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/2116.

2.   A mhéid a bhaineann le CERT, an méid atá, mar thoradh ar an gcinneadh imréiteach cuntas, in-aisghabhála ó gach Ballstát nó iníoctha le gach Ballstát, bunófar é trí na híocaíochtaí míosúla i ndáil leis an mbliain airgeadais lena mbaineann a asbhaint ón gcaiteachas aitheanta le haghaidh na bliana céanna i gcomhréir le mír 1. Asbhainfidh an Coimisiún an méid sin ón íocaíocht mhíosúil a bhaineann leis an gcaiteachas a íoctar sa dara mí, nó cuirfidh sé léi, tar éis an chinnidh um imréiteach cuntas.

A mhéid a bhaineann le CETFT, an méid atá, mar thoradh ar an gcinneadh imréiteach cuntas, in-aisghabhála ó gach Ballstát nó iníoctha le gach Ballstát, bunófar é trí na híocaíochtaí idirthréimhseacha i ndáil leis an mbliain airgeadais lena mbaineann a asbhaint as an gcaiteachas aitheanta le haghaidh na bliana céanna i gcomhréir le mír 1.

Déanfaidh an Coimisiún an méid sin a asbhaint as an gcéad íocaíocht a gcuireann an Ballstát isteach dearbhú caiteachais ina leith, nó cuirfidh sé leis í, tar éis ghlacadh an chinnidh de bhun Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2116.

3.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl do gach Ballstát lena mbaineann torthaí a dheimhnithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, mar aon le haon leasú a mholann sé, faoin 30 Aibreán tar éis dheireadh na bliana airgeadais ar a dhéanaí.

4.   Mura mbíonn an Coimisiún in ann cuntais Ballstáit a imréiteach roimh an 31 Bealtaine den bhliain ina dhiaidh, ar chúiseanna inchurtha i leith an Bhallstáit lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát sin ar an eolas faoi na fiosrúcháin bhreise a mholann sé tabhairt fúthu de bhun Airteagal 49 de Rialachán (AE) 2021/2116.

5.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4, mutatis mutandis, maidir leis an ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 36

Imréiteach feidhmíochta

1.   Agus na méideanna atá le laghdú ó mhaoiniú ón Aontas á gcinneadh, nuair a fhaightear amach nach bhfuil aschur comhfhreagrach ag an gcaiteachas sin mar a thuairiscítear sa tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus in Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115, úsáidfidh an Coimisiún a thorthaí féin agus na torthaí ón gcomhlacht deimhniúcháin, agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an nós imeachta comhréireachta arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Más rud é, mar thoradh ar na doiciméid imréitigh bhliantúla a chuireann an Ballstát isteach agus in éagmais údar leordhóthanach, go measfaidh an Coimisiún nach bhfuil aschur comhfhreagrach ag an gcaiteachas, cuirfidh sé a thorthaí in iúl don Bhallstát lena mbaineann agus sonróidh sé an difríocht atá aimsithe. Déanfar tagairt sa chumarsáid don Airteagal seo.

Tabharfaidh an Ballstát freagra laistigh de sprioc-am a bheidh le socrú sa teachtaireacht, sprioc-am nach giorra ná 30 lá féilire tar éis an teachtaireacht a fháil. Beidh deis ag an mBallstát ina fhreagra, go háirithe, chun:

(a)

tuairimí agus cúiseanna a sholáthar maidir leis na difríochtaí atá leagtha síos;

(b)

a léiriú don Choimisiún gur lú an difríocht iarbhír atá aimsithe nó an méid nach bhfuil aschuir chomhfhreagracha ann dó ná an méid atá curtha in iúl ag an gCoimisiún;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta ceartaitheacha a rinne sé chun a áirithiú go dtuairisceofar na haschuir i gceart nó chun a áirithiú go mbeidh aschur comhfhreagrach ag an gcaiteachas agus an dáta a gcuirfear chun feidhme iad.

Féadfar an teachtaireacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a chur in iúl trí mheán leictreonach.

3.   Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar údair na mBallstát i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, glacfaidh sé cinneadh, i gcás inarb iomchuí, faoi Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun a laghdú ó mhaoiniú an Aontais caiteachas nach bhfuil aschur comhfhreagrach aige le haghaidh na bliana airgeadais i dtrácht.

4.   A mhéid a bhaineann le CERT, déanfaidh an Coimisiún laghduithe ó mhaoiniú ón Aontas ó na híocaíochtaí míosúla a bhaineann leis an gcaiteachas arna dhéanamh sa dara mí tar éis an chinnidh de bhun Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116.

5.   A mhéid a bhaineann le CETFT, déanfaidh an Coimisiún na laghduithe ó mhaoiniú ón Aontas a gcuireann an Ballstát isteach dearbhú caiteachais ina leith tar éis an chinnidh de bhun Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 a ghlacadh.

6.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5, mutatis mutandis, maidir leis an ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 37

An t-imréiteach comhréireachta

1.   Chun na méideanna atá le heisiamh ó mhaoiniú ón Aontas a chinneadh, ar a fháil amach don Choimisiún nár tabhaíodh caiteachas i gcomhréir le rialacha an Aontais, úsáidfidh an Coimisiún a thorthaí féin agus cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach ag an gCoimisiún faoi chuimsiú an nós imeachta comhréireachta arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus i gcomhréir leis an Airteagal seo. Maidir le hidirghabhálacha faoin gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin na tuarascálacha measúnaithe maidir le cáilíocht an chórais aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, an cur i bhfeidhm geo-spásúil agus an córas faireacháin limistéir.

2.   I gcás, de thoradh aon fhiosrúcháin, go measann an Coimisiún nár íocadh an caiteachas sin i gcomhréir le rialacha an Aontais, cuirfidh sé a thorthaí in iúl don Bhallstát lena mbaineann, ag sonrú na mbeart ceartaitheach is gá lena áirithiú go gcomhlíontar na rialacha sin sa todhchaí, agus a thabharfaidh le fios an leibhéal sealadach ceartaithe airgeadais a mheasann sé ag an tráth sin a chomhfhreagraíonn lena thorthaí. Sa teachtaireacht sin déanfar cruinniú déthaobhach a shocrú freisin laistigh de 5 mhí tar éis éag do thréimhse freagartha an Bhallstáit dul in éag. Déanfar tagairt sa chumarsáid don Airteagal seo.

Tabharfaidh an Ballstát freagra laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé an chumarsáid. Beidh deis ag an mBallstáit ina fhreagra, go háirithe, chun:

(a)

a léiriú don Choimisiún go bhfuil méid iarbhír an neamhchomhlíonta nó an riosca do na Cistí níos lú ná mar a thug an Coimisiún le fios;

(b)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta ceartaitheacha ar thug sé fúthu chun comhlíontacht le rialacha an Aontais agus dáta éifeachtach a gcur chun feidhme a áirithiú.

I gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin, ar iarraidh réasúnaithe ón mBallstát, féadfaidh an Coimisiún, síneadh 2 mhí ar a mhéad ar an tréimhse 2 mhí sin a údarú. Féadfaidh sé gurb éard a bheidh sa chúis a bhfuil údar maith léi measúnú an chomhlachta deimhniúcháin ar ríomh an Bhallstáit. Cuirfear an iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin sula n-éagfar an tréimhse sin.

Má mheasann an Ballstát nach bhfuil gá le cruinniú déthaobhach, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin ina fhreagra ar an teachtaireacht.

3.   Sa chruinniú déthaobhach, déanfaidh an dá pháirtí iarracht teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta atá le tógáil chomh maith le meastóireacht ar thromchúis an tsáraithe agus ar an damáiste airgeadais a rinneadh do bhuiséad an Aontais.

Cuirfidh an Coimisiún, laistigh de 30 lá oibre ón gcruinniú déthaobhach, na miontuairiscí i dtoll a chéile agus seolfaidh sé chuig an mBallstát iad. Féadfaidh an Ballstát a bhreithnithe a sheoladh chuig an gCoimisiún laistigh de 15 lá oibre tar éis dó na miontuairiscí a fháil.

Laistigh de 6 mhí tar éis don Choimisiún na miontuairiscí ón gcruinniú déthaobhach a sheoladh, cuirfidh sé a chonclúidí in iúl don Bhallstát go foirmiúil ar bhonn na faisnéise a fuarthas faoi chuimsiú an nós imeachta comhréireachta. Leis an teachtaireacht sin, déanfar meastóireacht ar an gcaiteachas atá le heisiamh ó mhaoiniú ón Aontas faoi Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagail 14 agus 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127. Déanfar tagairt sa teachtaireacht d’Airteagal 43(1) den Rialachán seo.

Má chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún nach dteastaíonn cruinniú déthaobhach, tosaíonn an tréimhse 6 mhí ón dáta a fhaigheann an Coimisiún an fógra.

4.   I gcás gur úsáid an Ballstát an nós imeachta idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 43, cuirfidh an Coimisiún a chonclúidí in iúl don Bhallstát tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an mhéid seo a leanas:

(a)

tuarascáil an chomhlachta idir-réitigh a fháil; nó

(b)

an fhaisnéis bhreise a fháil ón mBallstát laistigh den sprioc-am dá dtagraítear in Airteagal 43(3), an dara fomhír, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo.

5.   Chun míreanna 3 agus 4 a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhsí ama ar leith, beidh an fhaisnéis ábhartha ar fad ar fáil ag an gCoimisiún ag an gcéim áirithe sin den nós imeachta. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil faisnéis in easnamh, féadfaidh sé ag am ar bith laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sna míreanna sin:

(a)

faisnéis bhreise a iarraidh ón mBallstát, faisnéis a dtabharfaidh an Ballstát freagra mar gheall uirthi laistigh de 2 mhí ón dáta a gheobhaidh sé an chumarsáid; agus/nó

(b)

an Ballstát a chur ar an eolas faoina rún chun misean iniúchta breise a dhéanamh chun na deimhnithe riachtanacha a dhéanamh.

Sa chás sin, cuirfear tús leis na tréimhsí ama dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 arís nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis bhreise arna hiarraidh nó ón lá deiridh den mhisean iniúchta breise.

I gcás ina n-áirítear mí Lúnasa ina iomláine nó go páirteach sna tréimhsí ama dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 agus sa mhír seo, cuirfear rith na dtréimhsí ama sin ar fionraí i rith na míosa sin.

6.   Agus measúnú á dhéanamh ar an gcaiteachas le heisiamh ó mhaoiniú an Aontais ní féidir an fhaisnéis a chuireann an Ballstát in iúl tar éis cumarsáid fhoirmiúil an Choimisiúin dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 3 a thabhairt san áireamh ach amháin:

(a)

i gcás gur gá sin a dhéanamh chun rómheastachán ollmhór ar an damáiste airgeadais a dhéanfaí le buiséad an Aontais a sheachaint; agus

(b)

má bhíonn údar cuí leis an tarchur deireanach mar gheall ar thosca seachtracha agus nach gcuireann sé i mbaol glacadh tráthúil an Choimisiúin leis an gcinneadh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

7.   Tar éis don Choimisiún a chonclúidí a chur in iúl do na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 3 nó 4 den Airteagal seo, glacfaidh sé le cinneadh amháin nó níos mó faoi Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn caiteachas a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontais, ar caiteachas é a n-imrítear tionchar air le neamhchomhlíontacht le rialacha an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún nósanna imeachta comhréireachta leanúnacha a shaothrú go dtí go gcuireann an Ballstát na bearta ceartaitheacha chun feidhme go hiarbhír.

8.   A mhéid a bhaineann le CERT, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí as maoiniú ón Aontas ó na híocaíochtaí míosúla a bhaineann leis an gcaiteachas arna dhéanamh sa dara mí tar éis an chinnidh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116.

A mhéid a bhaineann le CETFT, déanfaidh an Coimisiún na hasbhaintí as maoiniú ón Aontas a gcuireann an Ballstát isteach dearbhú caiteachais ina leith tar éis an chinnidh de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 a ghlacadh.

Mar sin féin, arna iarraidh sin don Bhallstát agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste na gCistí Talmhaíochta, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena socrófar dáta éagsúil le haghaidh na n-asbhaintí nó a n-aisíoc a údarú i dtráthchodanna i gcás ina bhfuil údar maith leis seo mar gheall ar ábharthacht na n-asbhaintí a áiríodh i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116. Cuirfidh an Ballstát an iarraidh sin ar thráthchodanna faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 5 lá tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta maidir leis an gcinneadh de bhun Airteagal 55 den Rialachán sin.

9.   Do na Ballstáit atá faoi réir cúnamh airgeadais faoi Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle (22), Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (23) agus faoin gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear siar, go ceann tréimhse nach faide ná 24 mí ó dáta a ghlactha, cur i gcrích na gcinntí a ghlacfar tar éis an 1 Bealtaine 2025 de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 (“cinneadh iarchuir”).

Údaróidh an cinneadh iarchuir go ndéanfar na hasbhaintí tar éis dheireadh na tréimhse iarchurtha i dtrí thráthchuid mhíosúla. I gcás inar mó an méid iomlán faoi réir an chinnidh iarchurtha ná 0,02 % d’olltáirgeacht intíre an Bhallstáit, féadfaidh an Coimisiún an t-aisíoc a údarú i gcúig thráthchuid bhliantúla ar a mhéad.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh, arna iarraidh sin don Bhallstát agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, síneadh a chur uair amháin leis an tréimhse ama iarchuir dá dtagraítear sa chéad fhomhír go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí.

Maidir leis na heasnaimh arbh iad ba chúis leis na hasbhaintí agus arb ann dóibh fós ann tráth a ghlacfar an cinneadh iarchuir, áiritheoidh an Ballstát a thairbhíonn de chinneadh iarchuir go bhfuiltear á leigheas ar bhonn plean gníomhaíochta, a bhunófar i gcomhar leis an gCoimisiún, lena n-áirítear sprioc-amanna agus táscairí dul chun cinn soiléire. Leasóidh nó aisghairfidh an Coimisiún an cinneadh iarchuir, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a)

má mhainníonn an Ballstát na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun na heasnaimh a leigheas mar a bheartaítear sa phlean gníomhaíochta;

(b)

mura leor an dul chun cinn sna gníomhaíochtaí feabhais de réir na dtáscairí dul chun cinn; nó

(c)

mura bhfuil toradh na ngníomhaíochtaí sásúil.

10.   Déanfar na cinntí cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 8 agus 9 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 102(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

11.   I gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin agus atá le cur faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis na tréimhsí ama arna leagan amach i míreanna 2 go 5.

12.   Féadfar na teachtaireachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh trí mheán leictreonach.

13.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 11, mutatis mutandis, maidir leis an ioncam sannta dá dtagraítear in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 38

Cinneadh gan fiosrúchán comhréireachta a thosú nó a shaothrú

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gan fiosrúchán comhréireachta a thosú nó a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcás ina measann sé nár mhó an ceartú airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an neamhchomhlíontacht arna sainaithint de thoradh fiosrúcháin dá dtagraítear in Airteagal 37(2) den Rialachán seo ná EUR 50 000 agus 2 % den chaiteachas ábhartha nó de na méideanna le haisghabháil.

2.   I gcás ina laghdaíonn an Coimisiún na híocaíochtaí míosúla i gcomhréir le hAirteagal 39(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan tús a chur le fiosrúchán comhréireachta ná é a shaothrú i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán sin, ar choinníoll nár léirigh an Ballstát lena mbaineann a agóid in aghaidh chur i bhfeidhm na míre sin faoi chuimsiú an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 39(1) agus (2) den Rialachán sin.

Airteagal 39

An Comhlacht Idir-réitigh

Chun críoch an nós imeachta comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2021/2116, bunófar comhlacht idir-réitigh. Cuirfidh sé na tascanna seo a leanas i gcrích:

(a)

déanfaidh sé scrúdú ar aon ábhar a chuirfidh Ballstát a fuair teachtaireacht fhoirmiúil ón gCoimisiún ar aghaidh chuige de bhun Airteagal 37(3), an tríú fomhír den Rialachán seo, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcaiteachas atá beartaithe ag an gCoimisiún a eisiamh ó mhaoiniú ón Aontas;

(b)

déanfaidh sé iarracht seasaimh éagsúla an Choimisiúin agus na mBallstát lena mbaineann a réiteach;

(c)

ag deireadh a scrúdaithe, cuirfidh sé tuarascáil i dtoll a chéile faoi thorthaí a iarrachtaí imréitigh, agus déanfaidh sé aon mholadh a mheasann sé a bheadh áisiúil i gcás ina mbeidh na pointí agóide uile nó roinnt díobh fós le réiteach.

Airteagal 40

Comhdhéanamh an Chomhlachta Idir-réitigh

1.   Beidh cúigear comhaltaí ar a laghad sa chomhlacht idir-réitigh agus roghnófar iad as measc daoine oirirce a thairgfidh gach ráthaíocht ar neamhspleáchas agus a bheidh ardcháilithe in ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear forbairt tuaithe, nó i gcleachtas an iniúchta airgeadais.

Ní mór iad a bheith ina náisiúnaigh de Bhallstáit éagsúla.

2.   Ceapfaidh an Coimisiún an cathaoirleach, na comhaltaí agus na comhaltaí ionadaíocha ar feadh téarma oifige tosaigh 3 bliana tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste um na Cistí Talmhaíochta.

Féadfar na téarmaí oifige a athnuachan ar feadh bliain amháin ag an am, agus cuirfear Coiste na gCistí Talmhaíochta ar an eolas maidir leis sin. Mar sin féin, má tá an cathaoirleach atá le ceapadh ina chomhalta den Chomhlacht Idir-réitigh cheana féin, mairfidh téarma oifige tosaigh an chathaoirligh ar feadh 3 bliana.

Foilseofar ainm an chathaoirligh, na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí ionadaíocha i sraith “C” d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Tabharfar luach saothair do chomhaltaí an chomhlachta idir-réitigh ag féachaint don mhéid ama a éilítear orthu a chur i leataobh don tasc. Cúiteofar costais i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm maidir le foireann an Choimisiúin.

4.   Nuair a rachaidh an téarma oifige in éag, fanfaidh an cathaoirleach agus na comhaltaí i seilbh oifige go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad nó go dtí go ndéanfar athnuachan ar a dtéarma oifige.

5.   I gcás téarma oifige comhaltaí nach gcomhlíonann na coinníollacha is gá chun a gcuid dualgas i leith an chomhlachta idir-réitigh a chur i gcrích a thuilleadh nó nach bhfuil ar fáil, ar chúis ar bith, ar feadh tréimhse neamhchinntithe, féadfaidh an Coimisiún an téarma oifige sin a fhoirceannadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta.

Sa chás sin, cuirfear comhalta ionadaíoch in ionad an chomhalta lena mbaineann ar feadh na coda eile den tréimhse dár ceapadh an comhalta sin, ach an Coiste um na Cistí Talmhaíochta a chur ar an eolas maidir leis.

Má fhoirceanntar téarma oifige an chathaoirligh, ceapfaidh an Coimisiún an comhalta atá le dualgais an chathaoirligh a chur i gcrích ar feadh na coda eile den tréimhse dár ceapadh an cathaoirleach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta.

Airteagal 41

Neamhspleáchas an chomhlachta idir-réitigh

1.   Cuirfidh comhaltaí an chomhlachta idir-réitigh a gcuid dualgas i gcrích go neamhspleách, agus ní lorgóidh siad treoracha ón gCoimisiún, ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ón gCoimisiún, ó aon rialtas nó ó aon chomhlacht.

Ní ghlacfaidh na comhaltaí páirt in obair an chomhlachta idir-réitigh ná ní shíneoidh siad tuarascáil má bhí siad bainteach go pearsanta, in oifig roimhe sin, leis an ábhar atá i gceist.

2.   Gan dochar d’Airteagal 287 den Chonradh, ní nochtfaidh na comhaltaí aon fhaisnéis a gheobhaidh siad i rith a gcuid oibre le haghaidh an chomhlachta idir-réitigh. Beidh faisnéis den sórt sin faoi rún agus cumhdaithe ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.

Airteagal 42

Socruithe oibre

1.   Buailfidh an comhlacht idir-réitigh le chéile ag ceanncheathrú an Choimisiúin. Ullmhóidh agus eagróidh an cathaoirleach an obair. In éagmais an chathaoirligh, agus gan dochar d’Airteagal 40(5), an chéad fhomhír, is é an comhalta is sinsearaí a ghlacfaidh leis an gcathaoirleacht.

Cuirfidh an Coimisiún rúnaíocht an chomhlachta idir-réitigh ar fáil.

2.   Gan dochar d’Airteagal 41(1), an dara fomhír, glacfaidh tromlach glan de na comhaltaí a bheidh i láthair le tuarascálacha, agus triúr is córam le haghaidh pléití.

Síneoidh an cathaoirleach agus na comhaltaí a bheidh páirteach sa phlé na tuarascálacha. Comhshíneoidh an rúnaíocht iad.

Airteagal 43

Nós imeachta idir-réitigh

1.   Féadfaidh Ballstát ábhar a chur ar aghaidh chuig an gcomhlacht idir-réitigh laistigh de 30 lá oibre ón dáta a fhaigheann sé teachtaireacht fhoirmiúil ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 37(3), an tríú fomhír, ach iarraidh réasúnaithe ar idir-réiteach a sheoladh chuig rúnaíocht an chomhlachta idir-réitigh.

2.   Cuirfear fógra maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint agus seoladh na rúnaíochta chuig na Ballstáit tríd an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta.

3.   Ní bheidh iarraidh ar chomhréiteach inghlactha ach amháin sa chás ina mbeidh an méid a mheastar atá le heisiamh ó mhaoiniú ón Aontas de réir na teachtaireachta ón gCoimisiún:

(a)

níos mó ná EUR 1 mhilliún;

(b)

gur 25 % ar a laghad de chaiteachas bliantúil iomlán an Bhallstáit an méid sin faoi na míreanna buiséid lena mbaineann.

Ina theannta sin, má tharla sé i rith an phlé roimhe sin gur éiligh agus gur thaispeáin an Ballstát gur ábhar prionsabail a bhaineann le rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm an t-ábhar faoi chaibidil, féadfaidh cathaoirleach an chomhlachta idir-réitigh iarraidh ar idir-réiteach a dhearbhú mar idir-réiteach inghlactha. Ní bheidh iarraidh den sórt sin inghlactha áfach mura mbaineann sé ach le hábhar léirmhínithe dlíthiúil amháin.

4.   Seolfaidh an comhlacht idir-réitigh a chuid imscrúduithe a neamhfhoirmiúla agus a thapúla is féidir, bunaithe ar an bhfianaise a bheidh ar fáil don Choimisiún ag an am agus uirthi sin amháin nuair a chuirtear conclúidí in iúl i gcomhréir le hAirteagal 37(3), an tríú fomhír, agus ag tabhairt éisteacht chothrom don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta lena mbaineann.

Mar sin féin, má mheasann an Ballstát gur gá faisnéis a chur i láthair ina iarraidh ar idir-réiteach, faisnéis nár cuireadh in iúl don Choimisiún go dtí seo, ní fhéadfaidh an comhlacht idir-réitigh iarradh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis nua sin ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 37(6). Cuirfear an fhaisnéis in iúl don Choimisiún 2 mhí ar a dhéanaí tar éis don tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 39, pointe (c) a sheoladh.

5.   I gcás ina dtarlaíonn sé laistigh de 4 mhí ó cuirtear cás ar aghaidh chuig an gcomhlacht idir-réitigh, nach bhfuil sé in ann an seasamh ón gCoimisiún agus an seasamh ón mBallstát a réiteach, measfar go bhfuil teipthe ar an nós imeachta idir-réitigh.

6.   Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 39, pointe (c), luafar na cúiseanna nárbh fhéidir na seasaimh a réiteach. Cuirfear in iúl cé acu ar thángthas ar aon chomhaontú i bpáirt i rith na n-imeachtaí agus cibé an dtugann an Comhlacht Idir-réitigh cuireadh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis nua i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4.

7.   Seolfar an tuarascáil:

(a)

chuig an mBallstát lena mbaineann;

(b)

chuig an gCoimisiún, lena scrúdú sula gcuirfidh sé na conclúidí inti in iúl don Bhallstát;

(c)

chuig na Ballstáit eile faoi chuimsiú an Choiste um na Cistí Talmhaíochta.

8.   I gcás ina n-áirítear mí Lúnasa ina hiomláine nó páirt de sna tréimhsí ama dá dtagraítear i mír 1 agus mír 4, an dara fomhír, agus mír 5, cuirfear rith na dtréimhsí ama sin ar fionraí i rith na míosa sin.

CAIBIDIL IV

Seiceálacha

Roinn 1

Rialacha ginearálta

Airteagal 44

Faisnéis atá le bailiú maidir le tairbhithe a shainaithint

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh na tairbhithe an fhaisnéis is gá chun iad a shainaithint sna hiarratais ar chabhair agus sna hiarratais ar íocaíocht, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, chun an grúpa ina bhfuil siad rannpháirteach a shainaithint, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) ó dháta ar leith ar aghaidh atá le socrú ag an mBallstát. Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis sin ar a laghad:

(a)

ainm an eintitis;

(b)

Uimhir aitheantais CBL nó chánach;

(c)

ainm an mháthaireintitis agus a uimhir CBL nó a uimhir aitheantais chánach;

(d)

máthairchuideachta deiridh agus a huimhir CBL nó a huimhir aitheantais chánach;

(e)

fochuideachtaí agus a n-uimhir CBL nó a n-uimhir aitheantais chánach;

Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid agus an sampla seiceála dá dtagraítear in Airteagal 60(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 á tharraingt suas. Féadfar an fhaisnéis a úsáid, go háirithe, chun seiceálacha a dhéanamh maidir le himchéimniú dá dtagraítear in Airteagal 62 den Rialachán sin.

2.   Foilseoidh an Ballstát ex-post an fhaisnéis maidir le sainaithint grúpaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (c), i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 45

Ceanglais maidir leis an uirlis mianadóireachta sonraí

1.   Chun úsáid a bhaint as an uirlis mianadóireachta sonraí ar bhonn deonach, an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 atá le cur ar fáil ag an gCoimisiún i ndáil leis na seiceálacha faoi Airteagal 60 den Rialachán sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

maidir leis na córais bhainistíochta agus rialaithe, lena n-áirítear an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, gur féidir iad a nascadh go leictreonach leis an uirlis agus, chun an t-ualach riaracháin agus an idirghabháil de láimh a íoslaghdú agus go ndéanfar an malartú sonraí go huathoibríoch agus i bhformáid mheaisín-inléite;

(b)

gur féidir an fhaisnéis agus na seiceálacha a dhéantar leis an uirlis mianadóireachta sonraí a chuir ais go huathoibríoch chuig na córais bhainistíochta agus rialaithe, agus gur féidir iad a thaifeadadh agus a stóráil iontu.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Ballstát an fhaisnéis a bhailítear faoi Airteagal 44 den Rialachán seo a úsáid agus an tseiceáil shampla dá dtagraítear in Airteagal 60(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 á tharraingt suas aige, féadfar an fhaisnéis a fhíorú trí bhíthin na huirlise mianadóireachta sonraí sin.

Roinn 2

Grinnscrúdú ar idirbhearta

Airteagal 46

Grinnscrúdú ó na Ballstáit

1.   Beidh feidhm ag an ngrinnscrúdú córasach ar na doiciméid tráchtála de ghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, ar feadh gach tréimhse grinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, maidir le roinnt gnóthas nach féidir a bheith níos lú ná leath de na gnóthais ar mhó a bhfáltais nó a n-íocaíochtaí, nó an tsuim díobh sin, faoin gcóras maoinithe ag CERT, ná EUR 150 000 le haghaidh bhliain airgeadais CERT roimh thús na tréimhse grinnscrúdaithe atá i gceist.

2.   I ndáil le gach tréimhse grinnscrúdaithe, roghnóidh na Ballstáit, gan dochar dá n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 77(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, na gnóthais a bhfuil grinnscrúdú le déanamh orthu ar bhonn anailís riosca maidir leis na bearta uile i gcás inar praiticiúil sin a dhéanamh. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún an anailís riosca mar chuid den phlean rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 80(1) den Rialachán sin.

3.   I gcás bearta a mheasann Ballstát nach bhfuil úsáid na hanailíse riosca praiticiúil dóibh, beidh sé éigeantach grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthais a fhaigheann íocaíochtaí is mó ná EUR 350 000 laistigh de chóras maoinithe CERT agus nach ndearnadh grinnscrúdú orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus Teideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116 i rith ceachtar den dá thréimhse grinnscrúdaithe roimhe sin.

4.   Rithfidh an tréimhse grinnscrúdaithe ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh den bhliain ina dhiaidh.

Airteagal 47

Cúnamh frithpháirteach

Seolfaidh na Ballstáit iarraidh ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2021/2116 chuig gach Ballstát ina bhfuil gnóthas dá dtagraítear san Airteagal sin bunaithe. San iarraidh beidh na sonraí uile is gá chun a chur ar chumas don Bhallstát cinn scríbe na gnóthais a shainaithint agus tabhairt faoina oibleagáidí maidir le grinnscrúdú. Beidh an Ballstát cinn scríbe freagrach as grinnscrúdú na ngnóthas sin i gcomhréir le hAirteagal 77 den Rialachán sin.

Airteagal 48

Pleananna agus tuarascálacha rialaithe bliantúla

1.   Tarraingeofar suas an plean rialaithe lena ghrinnscrúdú agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinní VI agus VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Déanfar an fhaisnéis atá le cur isteach faoin Airteagal seo a chur in iúl i bhfoirm leictreonach.

3.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí an ghrinnscrúdaithe in iúl do na Ballstáit go bliantúil.

CAIBIDIL V

Urrúis

Roinn 1

Raon feidhme, teicneolaíocht faisnéise, force majeure

Airteagal 49

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an gCaibidil seo i ngach cás ina bhforáiltear sa reachtaíocht talmhaíochta maidir le hurrús, cibé acu a úsáidtear an téarma “urrús” nó nach n-úsáidtear.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hurrúis a thaisctear chun íocaíocht dleachtanna ar allmhairithe agus ar onnmhairithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a áirithiú (25).

Airteagal 50

r-Riarachán

Is féidir cumarsáidí, doiciméid agus urrúis a tháirgeadh, a phróiseáil agus a bhainistiú trí Chórais TF a úsáid ar choinníoll go bhfuil na córais is infheidhme á mbainistiú faoi na prótacail cháilíochta agus slándála atá faofa go hoifigiúil atá oiriúnach do na córais sin.

Murar féidir le húdaráis inniúla rochtain a fháil ar dhoiciméid riachtanacha lena bhfíorú mar gheall ar éagsúlachtaí i gcórais TF, priontálfar na doiciméid sin agus deimhneoidh an t-údarás inniúil ar na córas TF sin a bhainistiú (“an t-údarás eisiúna”) nó údaráis inniúil eile as doiciméid a dheimhniú gur cóipeanna dílse iad.

Féadfar teachtaireacht leictreonach a chur in ionad na n-eischlónna sin, ar teachtaireacht í idir an t-údarás eisiúna agus an tairbhí nó an t-údarás inniúil, ar choinníoll go gcuireann an t-údarás eisiúna prótacal deimhniúcháin ar fáil atá faofa go hoifigiúil lena n-áirithítear dílseacht na teachtaireachta.

Airteagal 51

Teorainneacha ama force majeure

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo nuair a thagraítear i Rialachán ar leith dó.

2.   Ní bheidh iarraidh ar aitheantas i gcás force majeure inghlactha má fhaigheann an t-údarás inniúil í níos mó ná 30 lá féilire tar éis an dáta a chuireann an t-údarás inniúil an t-oibreoir ar an eolas faoi neamhchomhlíontacht bhunaithe na hoibleagáide ábhartha de réir bhrí Airteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127, dul in éag na teorann ama chun an oibleagáid ábhartha a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 24(3) den Rialachán sin nó dul in éag na teorann ama chun an cruthúnas a chur i láthair chun an oibleagáid ábhartha a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 24(4) den Rialachán sin.

3.   Soláthróidh oibreoirí, chun sástachta an údaráis inniúil, cruthúnas ar na cúinsí a mheasann siad a bhunaigh force majeure laistigh de 181 lá féilire ó dhul in éag na tréimhse ina raibh an oibleagáid le comhlíonadh ina hiomláine. Féadfar tuilleadh ama a thabhairt d’oibreoirí mura bhfuil siad in ann cruthúnas a sholáthar laistigh den teorainn ama sin d’ainneoin go ndearna siad gach dícheall cuí.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna force majeure atá aitheanta acu, agus an fhaisnéis ábhartha á cur ar fáil acu i ngach cás.

Roinn 2

Cineálacha urrús

Airteagal 52

Foirm

1.   Féadfar urrús a thabhairt:

(a)

mar éarlais airgid thirim dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127; agus/nó

(b)

trí ráthóir a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127.

2.   Faoi rogha an údaráis inniúil, féadfar urrús a thabhairt trí:

(a)

éarlaisí airgid thirim a ghealladh i mbanc;

(b)

éilimh aitheanta a ghealladh in aghaidh comhlacht poiblí nó cistí poiblí, atá dlite agus iníoctha agus nach ndearnadh aon éileamh eile roimhe sin ina n-aghaidh; agus/nó

(c)

comhthaobhacht inphléite a ghealladh sa Bhallstát lena mbaineann ar choinníoll go n-eisíonn nó go ráthaíonn an Ballstát sin iad.

3.   Féadfaidh an t-údarás inniúil téarmaí breise a chur i bhfeidhm maidir le glacadh le hurrúis den chineál a liostaítear i mír 2.

Airteagal 53

Comhthaobhacht inaistrithe

1.   Beidh luach indiúscartha 115 % ar a laghad de luach an urrúis atá ag teastáil ag comhthaobhacht a gheallfar i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 52(2), tráth a thugtar an t-urrús.

2.   Ní fhéadfaidh údarás inniúil glacadh le hurrús dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 52(2) ach má gheallann an páirtí ag a bhfuil sé á thairiscint, i scríbhinn, urrús breise a thabhairt nó an t-urrús bunaidh a ionadú má bhí luach indiúscartha an urrúis atá i gceist ar feadh tréimhse trí mhí faoi bhun 105 % de luach an urrúis atá ag teastáil. Ní bheidh an gealltanas scríofa sin ag teastáil i gcás ina bhforáiltear sin sa dlí náisiúnta cheana féin. Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú rialta ar luach gach urrúis den chineál sin.

3.   Déanfaidh údarás inniúil meastóireacht ar luach indiúscartha urrúis dá dtagraítear in Airteagal 52(2), pointe (c), aon chostas a bhaineann le diúscairt á chur san áireamh.

4.   Déanfar meastóireacht ar luach urrús trí úsáid a bhaint as an meastachán deiridh a bhfuil fáil air.

5.   Soláthróidh an páirtí a thugann an t-urrús, arna iarraidh sin don údarás inniúil, cruthúnas ar a luach indiúscartha.

Airteagal 54

Ionadú agus sannadh

1.   Féadfar urrús eile a chur in ionad aon chineál urrúis.

Mar sin féin, beidh comhaontú an údaráis inniúil ag teastáil sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar forghéilleadh an t-urrús bunaidh ach nár scaoileadh go fóill é; nó

(b)

i gcás gur cineál urrúis atá ann atá liostaithe in Airteagal 52(2).

2.   Féadfar urrúis bloic a ionadú le hurrús bloic eile ar choinníoll go gclúdaíonn an t-urrús bloic nua ar a laghad an chuid sin den urrús bloic bunaidh a sannadh tráth an ionadaithe chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáid amháin nó níos mó atá fós le comhlíonadh.

3.   A luaithe a shanntar urrús bloic le hoibleagáid ar leith, déanfar nóta d’iarmhéid an urrúis bloic.

Roinn 3

Scaoileadh agus forghéilleadh

Airteagal 55

Scaoileadh páirteach

I gcás nach sonraítear íoschainníocht i rialacha sonracha an Aontais, féadfaidh an t-údarás inniúil féin srian a chur le scaoileadh páirteach aon urrús amháin agus féadfaidh sé íos-suim a shonrú d’aon scaoileadh den chineál sin.

Sula scaoilfear urrús atá iomlán nó páirteach féadfaidh an t-údarás inniúil a éileamh go gcuirtear iarraidh ar scaoileadh ar fáil i scríbhinn.

I gcás urrús a chumhdaíonn níos mó ná 100 % den tsuim is gá a urrú, scaoilfear an chuid sin den urrús ar mó é ná 100 % den tsuim nuair a scaoiltear an chuid eile den tsuim urraithe nó nuair a fhorghéilltear í.

Airteagal 56

Forghéilleadh

1.   Nuair a bhíonn an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na cúinsí is cúis le forghéilleadh an urrúis, go hiomlán nó go páirteach, éileoidh sé gan mhoill ar an bpáirtí a bhfuil sé de cheangal air an oibleagáid an tsuim fhorghéillte a íoc, ag ceadú suas le 30 lá ón lá a bhfaightear an t-éileamh ar íocaíocht.

I gcás nach ndearnadh íocaíocht ag deireadh na tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas:

(a)

aon urrús den chineál a ndéantar cur síos air in Airteagal 52(1)(a) a imréiteach leis an gcuntas iomchuí gan mhoill;

(b)

a éileamh ar an ráthóir dá dtagraítear in Airteagal 52(1)(b) íoc gan mhoill, ag ceadú suas le 30 lá ón lá a bhfaightear an t-éileamh ar íocaíocht;

(c)

céimeanna a ghlacadh gan mhoill chun:

(i)

aistrítear na hurrúis a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 52(2), pointí (b) agus (c) ina airgead ar leor é chun an tsuim atá dlite a aisghabháil;

(ii)

déantar éarlaisí airgid thirim gheallta dá dtagraítear in Airteagal 52(2)(a) a imréiteach lena chuntas féin.

Féadfaidh an t-údarás inniúil, gan mhoill, aon urrús den chineál a ndéantar cur síos air in Airteagal 52(1)(a) a imréiteach leis an gcuntas iomchuí gan a éileamh ar an duine lena mbaineann i dtosach íocaíocht a dhéanamh.

2.   Gan dochar do mhír 1,

(a)

i gcás ina ndéantar an cinneadh chun urrús a fhorghéilleadh ach go gcuirtear siar é ar achomharc ina dhiaidh sin i gcomhréir le dlí náisiúnta, íocfaidh an páirtí lena mbaineann ús ar an tsuim a fhorghéilltear thar thréimhse ag tosú 30 lá ón lá a fhaightear an t-éileamh ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 1 agus a chríochnaíonn ar an lá sula n-íoctar an tsuim a fhorghéilltear;

(b)

i gcás, tar éis thoradh an nós imeachta achomhairc, go n-iarrtar ar an bpáirtí lena mbaineann an tsuim fhorghéillte a íoc laistigh de 30 lá, chun críocha ús a ríomh, féadfaidh an Ballstát a bhreith go bhfuil íocaíocht déanta ar an 20ú lá tar éis dháta an iarratais sin;

(c)

ríomhtar an ráta úis is infheidhme i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ach in aon chás ní bheidh sé níos ísle ná an ráta úis is infheidhme i gcás aisghabháil méideanna náisiúnta;

(d)

asbhainfidh gníomhaireachtaí íocaíochta an t-ús a íoctar ó chaiteachas CETFT nó CETFT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2116;

(e)

Féadfaidh na Ballstáit méadú a éileamh go tréimhsiúil ar an urrús i ndáil leis an ús lena mbaineann.

3.   I gcás inar forghéilleadh urrús agus gur cuireadh chun sochair é don Chiste cheana é agus, tar éis toradh nós imeachta achomhairc, go bhfuil an tsuim a forghéilleadh ina hiomláine agus go páirteach, lena n-áirítear ús ag ráta i gcomhréir le dlí náisiúnta, le haisíoc, is iad na Cistí a sheasfaidh an tsuim atá le haisíoc, mura bhfuil aisíoc an urrúis inchurtha le faillí nó le botún tromchúiseach na n-údarás riaracháin nó comhlachtaí eile sa Bhallstát.

Roinn 4

Faisnéis

Airteagal 57

Faisnéis ar fhorghéilleadh urrús, cineálacha urrús agus ráthóirí

1.   Coimeádfaidh na Ballstáit an líon agus an tsuim iomlán urrús a forghéilleadh ar fáil don Choimisiún, le haghaidh gach bliana, is cuma cén chéim den nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 56 a baineadh amach, agus idirdhealú a dhéanamh i gceachtar cás idir iad sin a cuireadh leis na buiséid náisiúnta agus iad siúd a cuireadh le buiséad an Aontais. Coimeádfar an fhaisnéis sin i ndáil le gach urrús a forghéilleadh do mhéid níos mó ná EUR 1 000 agus gach foráil de chuid an Aontais lena n-éilítear go dtugtar urrús. Leis an bhfaisnéis cumhdófar an dá shuim a d’íoc an páirtí leasmhar go díreach agus na suimeanna arna n-aisghabháil trí urrús a réadú.

2.   Coimeádfaidh na Ballstáit liosta de na nithe seo a leanas ar fáil don Choimisiún:

(a)

na cineálacha institiúidí atá údaraithe chun feidhmiú mar ráthóirí agus na riachtanais atá leagtha síos chuige sin;

(b)

na cineálacha urrús a nglactar leo de bhun Airteagal 52(2) agus na riachtanais atá leatha síos chuige sin.

CAIBIDIL VI

Trédhearcacht

Airteagal 58

Foirm agus modheolaíochtaí um chur isteach

1.   Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116 i ndáil le hAirteagal 49(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d), (f) go (l) de Rialachán (AE) 2021/1060 i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, amhail CSV nó XLXS, agus beidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo inti, lena n-áirítear cód na hoibríochta, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 49(3), an chéad fhomhír, pointí (f) agus (g) de Rialachán (AE) 2021/1060 a fhoilsiú, i ndáil leis na cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2115, na cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 69, pointí (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013.

3.   Beidh rochtain ar an bhfaisnéis trí uirlis chuardaigh gréasáin a chuirfidh ar a chumas don úsáideoir cuardach a dhéanamh ar thairbhithe de réir ainm, grúpa tairbhithe, bardais, na méideanna a fuarthas, nó na hoibríochta, nó teaglaim díobh sin, agus an fhaisnéis chomhfhreagrach uile a asbhaint mar thacar aonair sonraí.

4.   Soláthrófar an fhaisnéis i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus/nó i gceann de thrí theanga oifigiúla an Choimisiúin.

5.   Sloinnfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 in euro. Ballstát nach bhfuil an euro glactha aige, sloinnfidh sé na méideanna in euro agus ina airgeadra náisiúnta araon, agus úsáidfidh sé dhá thábla ar leith i bhformáidí oscailte, meaisín-inléite.

6.   Beidh feidhm ag an ráta malairte a shonraítear in Airteagal 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 maidir leis na hairgeadraí náisiúnta.

7.   An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 98(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le hAirteagal 49(3), an chéad fhomhír, pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/1060, foilseofar í i ndoiciméad ar leithligh, ina mbeidh an fhaisnéis atá in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo ar a laghad.

Airteagal 59

Tairbhithe a fhoilsiú i gcás méideanna beaga

1.   I gcás nach mó méid na cabhrach a fhaigheann tairbhí in aon bhliain amháin ná EUR 1 250, nó gur cothrom leis an méid sin é, sainaithneofar an tairbhí sin le cód. Cinnfidh na Ballstáit cineál an chóid sin.

2.   I gcás ina bhféadfaí duine nádúrtha a shainaithint mar thairbhí mar gheall ar an bhfaisnéis faoi thairbhithe dá dtagraítear i mír 1 de thoradh an líon teoranta tairbhithe a chónaíonn nó atá cláraithe i mbardasacht áirithe, foilseoidh an Ballstát lena mbaineann mar fhaisnéis chun críocha Airteagal 49(3), an chéad fhomhír, pointe (l) de Rialachán (AE) 2021/1060, an chéad eintiteas riaracháin mór eile a bhfuil an bhardasacht i gceist ina cuid de.

Airteagal 60

An dáta foilsithe

Foilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa Chaibidil seo faoin 31 Bealtaine gach bliain don bhliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 61

Na tairbhithe a chur ar an eolas

Soláthrófar an fhaisnéis faoi na tairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116 trína háireamh sna foirmeacha iarratais chun maoiniú a fháil ó CERT nó CETFT, nó ar bhealach eile ag an am a bhailítear na sonraí.

Airteagal 62

Comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit

1.   Bunóidh agus cothóidh an Coimisiún suíomh gréasáin Aontais faoina sheoladh idirlín lárnach ar a n-áirítear naisc le suímh ghréasáin na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 98(4) de Rialachán (AE) 2021/2116. Cuirfidh an Coimisiún naisc idirlín nuashonraithe ar fáil de réir na faisnéise a sheolann Ballstáit.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a seoltaí suímh ghréasáin idirlín ar fáil don Choimisiún a luaithe a bhunaítear iad mar aon le haon athrú ina dhiaidh sin a d’imreodh tionchar ar inrochtaineacht a suímh ghréasáin ó shuíomh gréasáin an Aontais.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht a bheidh i gceannas ar an suíomh gréasáin a bhunú agus a choinneáil ar bun. Cuirfidh siad sonraí ainm agus seoladh an chomhlachta sin in iúl don Choimisiún.

CAIBIDIL VII

Sonraí maidir le fógra EDT i ndáil le tacaíocht intíre

Airteagal 63

Sonraí agus tarchur

1.   Ar an dáta céanna leis an dáta a chuirtear na cuntais bhliantúla faoi bhráid an Choimisiúin, tarchuirfidh na Ballstáit sonraí maidir leis na méideanna a íocadh ó fhoinsí náisiúnta le haghaidh gach caiteachais a bhaineann leis na Cistí mar a léirítear in Airteagal 32(1), pointí (b) agus (c).

2.   Déanfar na sonraí a cheanglaítear faoi mhír 1 a chur isteach de réir an struchtúir chéanna leis na sonraí atá le cur isteach de bhun Airteagal 32(1), pointí (b) agus (c). Soláthrófar an fhaisnéis sin ar bhonn na samhla a chuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit trí chórais faisnéise.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 64

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin:

(a)

Leanfaidh Airteagail 21 go 24 agus Airteagail 27 go 34 den Rialachán sin d’fheidhm a bheith acu maidir le CETFT i ndáil le caiteachas a thabhaíonn tairbhithe agus íocaíochtaí a dhéanann an ghníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú chur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus a mhéid a bhaineann le CERT maidir leis na cláir oibríochtúla a fhormheastar faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

Leanfaidh Airteagal 59 den Rialachán sin d’fheidhm a bheith aige maidir le híocaíochtaí a dhéantar na mblianta airgeadais 2021, 2022 agus 2023.

(c)

Leanfaidh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán sin d’fheidhm a bheith acu chun críocha Airteagal 32, pointí (f) agus (g) den Rialachán seo.

Airteagal 65

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Ar an taobh eile:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagail 9, 10 agus 11 maidir leis an gcaiteachas a thabhaítear agus ioncam sannta a gheobhaidh Ballstáit ón 16 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagal 22(1), an dara fomhír, pointe (e), i leith an ioncaim shannta a aisghabhfar ón 1 Eanáir 2026 maidir leis na cláir forbartha tuaithe atá formheasta ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(c)

Beidh feidhm ag Caibidil VI maidir le híocaíochtaí a dhéanfar ón mbliain airgeadais 2024 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrúis agus úsáid an euro (Féach leathanach 131 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá á maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435 an 6.12.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht le haghaidh na n-oileán Aeigéach beag agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(11)   IO L 336, 23.12.1994, lch. 22.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lch. 1).

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lch. 71).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(18)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach i ndáil le táirgí fíona cumhraithe agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha ar son na talmhaíochta sna réigiúin is forimeallaí san Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 27/2004 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe idirthréimhseacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le maoiniú ag Roinn Ráthaíochta CETRT do bhearta forbartha tuaithe i bPoblacht na Seice, san Eastóin, sa Chipir, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Ungáir, i Málta, sa Pholainn, sa tSlóivéin agus sa tSlóvaic (IO L 5, 9.1.2004, lch. 36).

(21)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch. 1).

(24)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Dearbhú bainistíochta – gníomhaireacht íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4

Cuirimse, ..., Stiúrthóir na Gníomhaireachta Íocaíochta ..., an Ghníomhaireacht Íocaíochta, na cuntais le haghaidh na Gníomhaireachta Íocaíochta seo le haghaidh na bliana airgeadais 16/10/xx go 15/10/xx+1 i láthair.

Dearbhaím, bunaithe ar mo bhreithiúnas féin agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil dom, lena n-áirítear, inter alia, torthaí obair na seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, na nithe seo a leanas:

tugann na cuntais atá á gcur i láthair, ar feadh m’eolais, léargas fíor, iomlán agus beacht ar an gcaiteachas agus ar na fáltais le haghaidh na bliana airgeadais dá dtagraítear thuas. Go háirithe, taifeadadh gach fiach, réamhíoc, ráthaíocht agus stoc go bhfios dom sna cuntais, agus cuireadh gach fáltas a bailíodh i ndáil le CERT agus CETFT chun sochar na gcistí iomchuí go cuí;

Tá córas curtha i bhfeidhm agam a chuireann dearbhú réasúnach ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

go bhfuil na híocaíochtaí dleathach agus rialta a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013 agus (AE) Uimh. 1144/2014;

(ii)

go bhfuil na córais rialachais dá dtagraítear in Airteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (d)(ii) de Rialachán (AE) 2021/2116 ag feidhmiú i gceart agus go n-áirithíonn siad go ndearnadh an caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán sin;

(iii)

maidir le cáilíocht agus iontaofacht an chórais tuairiscithe agus na sonraí ar tháscaire a mhéid a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/2115 agus go bhfuil an caiteachas ag teacht leis an aschur tuairiscithe comhfhreagrach agus go ndearnadh é i gcomhréir leis na córais rialachais is infheidhme.

Úsáideadh an caiteachas a iontráladh sna cuntais chun na gcríoch a ceapadh dó, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/2116.

Thairis sin, deimhním go bhfuil bearta éifeachtacha agus comhréireacha frithchalaoiseacha faoi Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 i bhfeidhm agus go gcuireann siad na rioscaí sainaitheanta san áireamh.

Tá an ráthaíocht sin, áfach, faoi réir na bhforchoimeádas seo a leanas:

Ar deireadh, deimhním nach bhfuil mé ar an eolas faoi aon cheist nach bhfuil nochta a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do leas airgeadais an Aontais.

Síniú


IARSCRÍBHINN II

Dearbhú bainistíochta – comhlacht comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4

Cuirimse, ..., Stiúrthóir an Chomhlachta Comhordaithe ..., an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil le haghaidh ……… (Ballstát) le haghaidh na bliana airgeadais 16/10/xx go 15/10/xx+1 i láthair.

Dearbhaím, bunaithe ar mo bhreithiúnas féin agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil dom, lena n-áirítear, inter alia, torthaí obair an chomhlachta deimhniúcháin, na nithe seo a leanas:

gur tiomsaíodh an tuarascáil feidhmíochta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115 de réir an nóis imeachta chreidiúnaithe agus na gcóras creidiúnaithe atá i bhfeidhm ag an gcomhlacht comhordaithe agus gur bunaíodh í ar na sonraí deimhnithe a chuir na gníomhaireachtaí íocaíochta ….. (liosta) i ……… (Ballstát) ar fáil.

Tá an ráthaíocht sin, áfach, faoi réir na bhforchoimeádas seo a leanas:

Ar deireadh, deimhním nach bhfuil mé ar an eolas faoi aon cheist nach bhfuil nochta a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do leas airgeadais an Aontais.

Síniú


IARSCRÍBHINN III

Gnéithe le haghaidh an riain iniúchóireachta d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(6)

1.   

doiciméid maidir le bunú na hionstraime airgeadais, amhail comhaontuithe cistithe, etc.;

2.   

doiciméid lena sainaithnítear na méideanna a ranníoctar ag an bPlean Straitéiseach CBT agus faoi gach cineál idirghabhála leis an ionstraim airgeadais, agus an caiteachas atá incháilithe faoi Phlean Straitéiseach CBT agus an t-ús agus sochair eile a ghintear le tacaíocht ó CETFT agus athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith CETFT i gcomhréir le hAirteagail 60 agus 62 de Rialachán (AE) 2021/1060;

3.   

doiciméid maidir le feidhmiú na hionstraime airgeadais, lena n-áirítear na doiciméid a bhaineann le faireachán, le tuairisciú agus le rialú;

4.   

doiciméid a bhaineann le himeacht ranníocaíochtaí Phlean Straitéiseach CBT agus le foirceannadh na hionstraime airgeadais;

5.   

doiciméid maidir leis na costais agus na táillí bainistíochta;

6.   

foirmeacha iarratais, nó a gcoibhéis, arna gcur isteach ag faighteoirí deiridh, lena n-áirítear pleananna gnó agus, nuair is ábhartha, cuntais bhliantúla ó bhlianta atá caite;

7.   

seicliostaí agus tuarascálacha ó na comhlachtaí a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme;

8.   

dearbhuithe a dhéantar i dtaca le cabhair de minimis, i gcás inarb infheidhme;

9.   

comhaontuithe a síníodh i ndáil leis an tacaíocht arna soláthar leis an ionstraim airgeadais, lena n-áirítear comhaontuithe le haghaidh cothromais, iasachtaí, ráthaíochtaí nó cineálacha eile infheistíochta arna soláthar do na faighteoirí deiridh;

10.   

fianaise go bhfuil an tacaíocht a cuireadh ar fáil tríd an ionstraim airgeadais le húsáid don chuspóir atá beartaithe di;

11.   

taifid ar na sreafaí airgeadais idir an ghníomhaireacht íocaíochta agus an ionstraim airgeadais, agus laistigh den ionstraim airgeadais ar gach leibhéal, síos go dtí na faighteoirí deiridh, agus, i gcás ráthaíochtaí, cruthúnas gur íocadh amach na bun-iasachtaí;

12.   

taifid nó cóid chuntasaíochta ar leithligh le haghaidh ranníocaíocht Phlean Straitéiseach CBT a d'íoc an ionstraim airgeadais, nó ráthaíocht a gheall sí, chun leasa an fhaighteora deiridh.


IARSCRÍBHINN IV

Teimpléad le haghaidh na tuarascála iniúchóireachta bliantúil maidir le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(7)

1.   Réamhrá

1.1.

Sainaithint an ghnólachta iniúchóireachta sheachtraigh a bhain le hullmhú na tuarascála.

1.2.

Tréimhse thagartha (an 16 Deireadh Fómhair N-1 go an 15 Deireadh Fómhair N).

1.3

Na hionstraimí airgeadais/na sainorduithe agus Pleananna Straitéiseacha CBT a chumhdaítear leis an tuarascáil iniúchóireachta a shainaithint. An comhaontú cistiúcháin lena mbaineann an tuarascáil (an “Comhaontú cistiúcháin’) a shainaithint.

2.   Iniúchadh ar chórais rialaithe inmheánaigh arna chur i bhfeidhm ag BEI/CEI nó ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile

Torthaí an iniúchta sheachtraigh ar chóras rialaithe inmheánaigh BEI nó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile, ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, ina ndéantar bunú agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh sin a mheasúnú agus lena gcumhdaítear na gnéithe seo a leanas:

2.1

Próiseas glactha an tsainordaithe.

2.2.

An próiseas chun idirghabhálaithe airgeadais a bhreithmheas agus a roghnú: measúnú foirmiúil agus cáilíochta.

2.3

An próiseas chun idirbhearta le hidirghabhálaithe airgeadais a fhormheas agus chun comhaontuithe cistiúcháin ábhartha a shíniú.

2.4

Na próisis chun faireachán a dhéanamh ar idirghabhálaithe airgeadais a bhaineann leis an méid seo a leanas:

2.4.1

tuairisciú ag idirghabhálaithe airgeadais;

2.4.2

taifid a chothabháil;

2.4.3

eisíocaíochtaí leis na faighteoirí deiridh;

2.4.4

incháilitheacht na tacaíochta d’fhaighteoirí deiridh;

2.4.5

táillí bainistíochta agus costais bhainistíochta arna ngearradh ag na hidirghabhálaithe airgeadais;

2.4.6

ceanglais maidir le hinfheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid;

2.4.7

na ceanglais maidir le státchabhair agus maidir le carnadh cabhrach a chur chun feidhme ag na hidirghabhálaithe airgeadais;

2.4.8

cóir dhifreáilte infheisteoirí, i gcás inarb ábhartha;

2.4.9

comhlíonadh dhlí an Aontais is infheidhme maidir le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach.

2.5

Na córais chun íocaíochtaí arna bhfáil ón ngníomhaireacht íocaíochta a phróiseáil.

2.6

Na córais chun méideanna a bhaineann le costais agus táillí bainistíochta a ríomh agus a íoc.

2.7

Na córais chun íocaíochtaí le hidirghabhálaithe airgeadais a phróiseáil.

2.8

Na córais chun ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó Phleananna Straitéiseacha CBT d’ionstraimí airgeadais a phróiseáil.

2.9

I gcás na tuarascála iniúchóireachta bliantúla a bhaineann leis an mbliain chuntasaíochta deiridh, cumhdófar faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas sa bhreis ar na gnéithe i bpointí 2.1 go 2.8:

2.9.1

Úsáid chóir dhifreáilte na n-infheisteoirí;

2.9.2

Cóimheas iolraitheora a bhaintear amach i gcomparáid leis an gcóimheas iolraitheora a comhaontaíodh sna comhaontuithe ráthaíochta d’ionstraimí airgeadais lena soláthraítear ráthaíochtaí;

2.9.3

Úsáid úis agus gnóthachan eile atá inchurtha i leith na tacaíochta ón bPlean Straitéiseach CBT a íoctar le hionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2021/1060;

2.9.4

Úsáid acmhainní arna n-aisíoc le hionstraimí airgeadais, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó CETFT, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus socruithe arna gcur i bhfeidhm maidir le húsáid na n-acmhainní sin tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2021/1060.

I gcás phointí 2.1, 2.2 agus 2.3, tar éis an chéad tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil a chur isteach, ní gá ach faisnéis faoi na nuashonruithe nó faoi na hathruithe ar na nósanna imeachta nó na socruithe atá i bhfeidhm a sholáthar.

3.   Conclúidí an iniúchta

3.1.

Conclúid maidir le cé acu is féidir nó nach féidir leis an ngnólacht iniúchóireachta seachtrach dearbhú réasúnta a thabhairt maidir le bunú agus éifeachtacht an chórais rialaithe inmheánaigh arna chur ar bun ag BEI nó ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, de réir na rialacha is infheidhme, de réir na ngnéithe dá dtagraítear i roinn 2.

3.2.

Torthaí agus moltaí ag eascairt as an obair iniúchóireachta a rinneadh.

Bunófar pointe 3.1 agus pointe 3.2 ar thorthaí na hoibre iniúchóireachta dá dtagraítear i roinn 2 agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh iontu torthaí obair iniúchóireachta náisiúnta eile nó obair iniúchóireachta eile de chuid an Aontais a dhéantar i ndáil leis an gcomhlacht céanna a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme agus/nó ar an sainordú céanna i gcás ionstraimí airgeadais.


IARSCRÍBHINN V

An leagan den tábla dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (f), maidir le mírialtachtaí

Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (f), in aghaidh na gníomhaireachta íocaíochta trí úsáid a bhaint as an tábla seo a leanas:

a

b

c

d

e

f

g

h

i

j

Gníomhaireacht Íocaíochta

Ciste

Aonad airgeadra

Iarmhéid an 15 Deireadh Fómhair N-1

Iomlán na “gcásanna nua” (bliain airgeadais N)

Iomlán na “gceartuithe” (bliain airgeadais N)

Iomlán na “leasanna” (bliain airgeadais N)

Iomlán na “n-aisghabhálacha” (bliain airgeadais N)

Iomlán na méideanna “neamh-inghnóthaithe” (bliain N)

An méid dá bhfuil aisghabháil á déanamh ina leith (Iarmhéid an 15 Deireadh Fómhair N)


IARSCRÍBHINN VI

An plean rialaithe le haghaidh grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 80(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus in Airteagal 48 den Rialachán seo

AN PLEAN RIALAITHE ATÁ BEARTAITHE LE hAGHAIDH NA TRÉIMHSE GRINNSCRÚDAITHE …

Cuid 1.   Nósanna imeachta agus anailís riosca

1.1.   An nós imeachta roghnúcháin

Cuirfear tuairisc ar fáil den nós imeachta atá le cur i bhfeidhm chun na gnóthais a bhfuil grinnscrúdú le déanamh orthu a roghnú.

Ina theannta sin, tabharfar léiriú soiléir ar úsáid na hanailíse riosca lena sonrófar an gcomhlánaítear an nós imeachta sin le roghnú randamach agus/nó roghnú de láimh.

Ina theannta sin, cuirfear míniú ar fáil maidir leis an gcaoi a bhféadfar na hearnálacha/bearta agus réigiúin éagsúla a chumhdach i roghnú na ngnóthas.

1.2.   Tosca riosca, luachanna riosca agus an t-ualú atá le cur i bhfeidhm

I gcás ina gcuirfear anailís riosca i bhfeidhm, cuirfear faisnéis ar fáil maidir leis na tosca riosca go léir a cuireadh san áireamh agus na luachanna féideartha a sannadh ar na tosca riosca sin ina dhiaidh sin. Cuirfear an fhaisnéis sin san áireamh sna táblaí a chuirtear ar fáil thíos.

Nuair is iomchuí, cuirfear tuairisc ar fáil den nós imeachta a chuirfear i bhfeidhm chun na tosca riosca a ualú.

Tosca riosca agus luachanna riosca is infheidhme maidir le gach earnáil/beart faoi réir anailís riosca

Ualú na dtosca riosca

Tosca riosca

Luachanna riosca

Tuairisc

Luachanna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Tosca riosca agus luachanna riosca ar leith is infheidhme maidir le ... (earnáil/beart)

Ualú na dtosca riosca

Tosca riosca

Luachanna riosca

Tuairisc

Luachanna

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

I gcás inarb infheidhme, cuirfear isteach boscaí breise le haghaidh tosca riosca agus luachanna riosca d’earnáil/do bhearta.

1.3.   Torthaí an nóis imeachta roghnúcháin

Cuirfear faisnéis ar fáil maidir leis an gcaoi ar tháinig rogha na ngnóthas sa phlean rialaithe grinnscrúdaithe deiridh as torthaí na hanailíse riosca agus as na bearta a glacadh.

Sainaithneofar go soiléir na hearnálacha/bearta atá le heisiamh agus tabharfar tuairisc ar na cúiseanna atá leis an eisiamh sin.

Cuirfear ar fáil na cúiseanna atá le gnóthais a raibh a gcuid fáltas nó íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, níos lú ná EUR 40 000 a roghnú.

Cuid 2.   Plean rialaithe

2.1.   Forléargas ar an roghnúchán

Líon íosta na ngnóthas a ríomh:

(A)

Líon na ngnóthas arbh é luach a gcuid fáltas nó íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, níos mó ná EUR 150 000 le haghaidh bhliain airgeadais CERT …

 

(B)

An líon íosta (1/2 de A).

 

An daonra óna ndéantar an rogha:

(C)

Líon iomlán

 

(D)

An líon iomlán a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, níos mó ná EUR 350 000

 

(E)

An líon iomlán a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, EUR 350 000 nó níos lú, ach nach raibh níos lú ná EUR 40 000

 

(F)

An líon iomlán a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, níos lú ná EUR 40 000

 

Gnóthais a bhfuil sé beartaithe grinnscrúdú a dhéanamh orthu:

(G)

Líon iomlán

 

(H)

Iomlán bunaithe ar anailís riosca*

 

(I)

An líon iomlán a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, níos mó ná EUR 350 000

 

(J)

An líon iomlán a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, EUR 350 000 nó níos lú, ach gan a bheith níos lú ná EUR 40 000

 

(K)

An líon iomlán a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, níos lú ná EUR 40 000

 

Nóta maidir leis an tábla:

*

Ní áireofar leis na gnóthais sa chatagóir seo ach na gnóthais sin a roghnaíodh trí anailís riosca agus eiseofar na gnóthais sin a cuireadh go randamach agus/nó de láimh leis an bplean rialaithe nach raibh faoi réir anailís riosca.

2.2.   Gnóthais a bhfuil sé beartaithe grinnscrúdú a dhéanamh orthu a roghnú

(A)

Uimh. Ítime Bhuiséad CERT

(B)

Airteagal Bhuiséad CERT

(C)

Caiteachas iomlán de réir cheannteideal bhuiséad CERT (EUR)

(D)

Caiteachas iomlán de réir cheannteideal bhuiséad CERT a bhaineann le gnóthais a raibh a gcuid fáltas nó a gcuid íocaíochtaí, nó suim na bhfáltas nó na n-íocaíochtaí sin, os cionn EUR 40 000 (EUR)

(E)

Caiteachas iomlán de réir cheannteideal bhuiséad CERT a bhaineann le gnóthais atá san áireamh sa phlean rialaithe grinnscrúdaithe (EUR)

(F)

Líon na ngnóthas de réir cheannteideal bhuiséad CERT atá san áireamh sa phlean rialaithe grinnscrúdaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomláin:

 

 

 

 

 

Nóta maidir leis an tábla:

Cuirfear rónna breise leis i gcás inarb infheidhme.


IARSCRÍBHINN VII

An tuarascáil ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear in airteagal 80(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2116 agus in Airteagal 48 den Rialachán seo

AN TUARASCÁIL LE hAGHAIDH NA TRÉIMHSE GRINNSCRÚDAITHE …

1.   Forléargas ar na rialuithe

(A)

An líon iomlán gnóthas a ndéanfar grinnscrúdú orthu:

 

(B)

An líon iomlán gnóthas a ndearnadh grinnscrúdú orthu:

 

(C)

An líon iomlán gnóthas a bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh orthu:

 

(D)

An líon iomlán gnóthas nach ndearnadh grinnscrúdú orthu go fóill

 

2.   Forléargas ar na rialuithe (in aghaidh airteagal buiséid nó uimh. ítime buiséid)

(A)

Uimh. Ítime Bhuiséad CERT

(B)

Airteagal Bhuiséad CERT

(C)

Caiteachas iomlán a bhaineann le gnóthais a roghnaíodh le haghaidh grinnscrúdú…

(EUR) (C=E+F+G)

Gnóthais a ndearnadh grinnscrúdú orthu

(F)

Gnóthais a bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh orthu – caiteachas iomlán a bhaineann leis na gnóthais sin

(EUR)

(G)

Gnóthais nach ndearnadh grinnscrúdú orthu – caiteachas iomlán a bhaineann leis na gnóthais sin

(EUR)

(D)

Caiteachas a ndearnadh grinnscrúdú air go hiarbhír

(EUR)*

(E)

Caiteachas iomlán a bhaineann leis na gnóthais sin

(EUR)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomláin:

 

 

 

 

 

 

Nóta maidir leis an tábla:

*

Ní bhaineann sé seo ach leis an gcaiteachas ar na sonraisc a ndearnadh grinnscrúdú éifeachtach orthu (arb iad na sonraisc sin a roghnaíodh le haghaidh fíorúcháin agus/nó a rinneadh cros-seiceáil orthu).

Cuirfear rónna breise leis i gcás inarb infheidhme.

3.   Na neamhrialtachtaí féideartha a shainaithnítear

(A)

Airteagal Bhuiséad CERT

(B)

Uimh. Ítime Bhuiséad CERT

(C)

Uimhir thagartha an ghnóthais lena mbaineann

(D)

Tuairisc agus cineál gach neamhrialtachta féideartha a shainaithnítear

(E)

Líon na neamhrialtachtaí féideartha a shainaithnítear

(F)

Luach measta na neamhrialtachtaí féideartha

(G)

An uimhir thagartha nó na huimhreacha thagartha OLAF (uimhreacha fógra IMS)

(H)

An tréimhse ghrinnscrúdaithe ar beartaíodh grinnscrúdú a dhéanamh lena linn *

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomláin:

 

 

 

 

 

 

 

Nóta maidir leis an tábla:

*

Maidir le tréimhsí grinnscrúdaithe a tháinig roimhe seo, ní áirítear leo ach na tréimhsí sin nach ndearnadh tuairisc orthu i dtuarascálacha roimhe seo.

Ba cheart gach gnóthas ina bhfuil neamhrialtacht(aí) a thuairisciú i líne ar leith.

Cuirfear rónna breise leis i gcás inarb infheidhme.

4.   Grinnscrúduithe a bhaineann le pleananna rialaithe grinnscrúdaithe roimhe seo a chur i gcrích.

Grinnscrúduithe a bhaineann le pleananna rialaithe grinnscrúdaithe roimhe seo a chur i gcrích

(A)

Líon na ngnóthas

(B)

An caiteachas lena mbaineann

(C)

An caiteachas a ndearnadh grinnscrúdú air go hiarbhír a bhaineann le gnóthais *

4.1.

Na gnóthais a dearbhaíodh sa tuarascáil roimhe sin mar a rinneadh i rith an ghrinnscrúdaithe (4.1. = 4.2.+ 4.3.)

 

 

x

4.2.

Na gnóthais in 4.1. ar cuireadh grinnscrúduithe i gcrích ina leith

 

 

 

4.3.

Na gnóthais in 4.1. a bhfuil grinnscrúduithe á ndéanamh orthu fós

 

 

x

4.4.

Na gnóthais ar dearbhaíodh sa tuarascáil roimhe seo nár cuireadh tús le grinnscrúdú ina leith (4.4. = 4.5.+4.6.+4.7.)

 

 

x

4.5.

Na gnóthais in 4.4. ar cuireadh grinnscrúduithe i gcrích ina leith

 

 

 

4.6.

Na gnóthais in 4.4. a bhfuil grinnscrúduithe á ndéanamh orthu fós

 

 

x

4.7.

Na gnóthais in 4.4. nár cuireadh tús le grinnscrúduithe ina leith

 

 

x

Nóta maidir leis an tábla:

*

Ní bhaineann sé seo ach leis an gcaiteachas ar na sonraisc a ndearnadh grinnscrúdú éifeachtach orthu (arb iad na sonraisc sin a roghnaíodh le haghaidh fíorúcháin agus/nó a rinneadh cros-seiceáil orthu).

5.   Cúnamh frithpháirteach

Cuirfear ar fáil achoimre ar na hiarrataí ar chúnamh frithpháirteach a rinneadh agus a fuarthas faoi Theideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116.

Áireofar sna táblaí a chuirtear ar fáil thíos faisnéis maidir leis na hiarrataí a seoladh agus na freagraí a fuarthas:

(A)

An Ballstát ar seoladh an iarraidh chuige

(B)

Dáta na hiarrata

(C)

Dáta an fhreagra agus achoimre ar na torthaí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Nóta maidir leis an tábla:

Cuirfear rónna breise leis i gcás inarb infheidhme.

6.   Acmhainní

Cuirfear ar fáil líon na foirne, a léireofar mar an líon daoine/blianta, a leithdháileadh ar na grinnscrúduithe, in aghaidh an chomhlachta rialaithe, agus, i gcás inarb iomchuí, in aghaidh an réigiúin.

7.   Deacrachtaí agus moltaí feabhais

Soláthrófar faisnéis maidir le haon deacracht a dtagtar uirthi le linn chur i bhfeidhm Theideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116 agus na bearta a glacadh chun na deacrachtaí sin a shárú nó maidir leis na tograí chuige sin.

I gcás inarb iomchuí, déanfar moltaí maidir le cur i bhfeidhm Theideal IV, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2116 a fheabhsú.


IARSCRÍBHINN VIII

Faisnéis chun críche trédhearcachta de bhun Airteagal 58

Ainm an tairbhí/an eintitis dhlítheanaigh/an chomhlachais

Sloinne an tairbhí

Más cuid de ghrúpa é, ainm an mháthaireintitis agus an uimhir CBL nó an uimhir aitheantais chánach

Bardasacht

Cód an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX

Cuspóir sonrach (1)

Dáta tosaigh (2)

Dáta deiridh (3)

Méid in aghaidh oibríochta faoi CERT

Iomlán mhéid CERT don tairbhí sin

Méid in aghaidh oibríochta faoi CETFT

Iomlán mhéid CETFT don tairbhí sin

Méid in aghaidh oibríochta faoi chómhaoiniú

Iomlán an mhéid chómhaoinithe don tairbhí sin

Iomlán mhéid CETFT agus an mhéid chómhaoinithe

Iomlán mhéid an Aontais don tairbhí sin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

50

 

70

 

40

110

120

 

 

 

 

Cód A

 

 

 

20

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cód B

 

 

 

 

 

40

 

25

 

 

 

 

 

 

 

Cód C

 

 

 

30

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cód D

 

 

 

 

 

30

 

15

 

 

 


(1)  Ní mór do chuspóir sonrach na hoibríochta comhfhreagairt do chuspóir amháin nó níos mó a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais lena rialaítear an oibríocht lena mbaineann mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IX. Ní mór, go háirithe, don chuspóir sonrach/do na cuspóirí sonracha de chuid oibríochta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 comhfhreagairt do na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 6 de agus ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir le plean CBT an Bhallstáit. Thairis sin, ní mór don chuspóir sonrach/do na cuspóirí sonracha de chuid oibríochta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 comhfhreagairt do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 110(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (chun tuilleadh treorach a fháil féadfaidh na Ballstáit dul i muinín an Lámhleabhair Theicniúil maidir le Creat Faireacháin agus Meastóireachta an Chomhbheartais Talmhaíochta, 2014-2020).

(2)  An fhaisnéis maidir leis an dáta tosaigh agus an dáta deiridh de na cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, de na cineálacha idirghabhála le haghaidh idirghabháil forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus de na bearta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.

(3)  An fhaisnéis maidir leis an dáta tosaigh agus an dáta deiridh de na cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, de na cineálacha idirghabhála le haghaidh idirghabháil forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus de na bearta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.


IARSCRÍBHINN IX

An beart/cineál na hidirghabhála/na hearnála dá tagraítear in Airteagal 58

Cód an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála

Ainm an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála

Cuspóir an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála

 

Oibríochtaí i bhfoirm cineálacha idirghabhála le haghaidh íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2115.

 

 

1.

Tacaíocht ioncaim dhíchúpláilte

 

I.1

Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

Is íocaíocht limistéir atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht bhunúsach ioncaim. Is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud an Aontais chun cur leis an tslándáil bia.

I.2

Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

Is íocaíocht limistéir atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta. Is é is aidhm di dáileadh íocaíochtaí díreacha a fheabhsú trí thacaíocht a athdháileadh ó fheirmeacha móra chuig feirmeacha beaga nó meánmhéide.

I.3

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga;

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga lena soláthraítear tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga atá ag bunú gabháltas nua den chéad uair riamh. Is é is aidhm di earnáil na talmhaíochta a nuachóiriú trí dhaoine óga a mhealladh agus a bhforbairt gnó a fheabhsú.

I.4

Scéimeanna maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol.

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh iad éiciscéimeana. Is é is aidhm dóibh tacaíocht ioncaim a dhíriú ar chleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don chomhshaol, don aeráid agus do leas ainmhithe.

I.5

Íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga

Tá na híocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga díchúpláilte ó tháirgeadh agus tagann siad in ionad gach íocaíochta dírí eile do na tairbhithe lena mbaineann. Is é is cuspóir do na híocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an t-ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe méideanna beaga agus údaráis bainistíochta araon.

 

2.

Íocaíochtaí díreacha cúpláilte

 

I.6

Tacaíocht ioncaim chúpláilte;

Cumhdaítear leis an tacaíocht ioncaim chúpláilte íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir nó an chinn atá nasctha le táirgeadh ar leith. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an iomaíochas, ar an inbhuanaitheacht, agus/nó ar an gcáilíocht in earnálacha áirithe agus táirgí a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna sóisialta, eacnamaíocha nó comhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo.

I.7

Íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis

Is íocaíocht chúpláilte í an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis a dheonaítear in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Is scéim éigeantach í le haghaidh Ballstát de chuid táirgeoirí cadáis chun tacú le táirgeadh an chadáis i réigiúin ina bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta.

 

Na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

 

II.1

Scéim na híocaíochta bunúsaí (Teideal III, Caibidil 1, Ranna 1, 2, 3 agus 5)

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í scéim na híocaíochta bunúsaí a oibrítear ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta a leithdháiltear ar fheirmeoirí. Is é is aidhm di tacú le hioncam feirmeoirí, ioncam atá, ar an meán, go mór faoin meánioncam sa chuid eile den gheilleagar.

II.2

An scéim íocaíochta aonair limistéir (Airteagal 36)

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an scéim íocaíochta aonair limistéir a íoctar le haghaidh heicteáir incháilithe a dhearbhaíonn feirmeoir. Is é is aidhm di tacú le hioncam feirmeoirí, ioncam atá, ar an meán, go mór faoin meánioncam sa chuid eile den gheilleagar.

II.3

An íocaíocht athdháilte (Teideal III, Caibidil 2)

Is íocaíocht dhíchúpláilte limistéir í an íocaíocht athdháilte. Is é is aidhm di tacú le feirmeacha beaga trí thacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh maidir lena gcéad heicteáir a dhearbhaítear faoin íocaíocht bhunúsach.

II.4

An íocaíocht le haghaidh cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don chomhshaol agus don aeráid (Teideal III, Caibidil 3)

Is íocaíocht dhíchúpláilte limistéir é an glasú a íoctar in aghaidh an heicteáir. Is é is aidhm dó trí chleachtas talmhaíochta atá i bhfabhar na haeráide agus an chomhshaoil a chur i bhfeidhm: éagsúlú barr, féarthalamh buan a chothabháil agus limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheith ann ar an limistéar talmhaíochta

II.5

An íocaíocht le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu (Teideal III, Caibidil 4)

Is íocaíocht limistéarbhunaithe dhíchúpláilte í an íocaíocht le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, a sholáthrófar sa bhreis ar an íocaíocht bhunúsach d’fheirmeoirí. Is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí atá lonnaithe i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu.

II.6

An íocaíocht d’fheirmeoirí óga (Teideal III, Caibidil 5)

Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an íocaíocht d’fheirmeoirí óga lena soláthraítear tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga a bhunaigh gabháltas nua den chéad uair riamh. Is é is aidhm di cruthú agus forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua in earnáil na talmhaíochta a chur chun cinn, rud atá fíorthábhachtach le haghaidh iomaíocht na hearnála talmhaíochta san Aontas.

II.7

An tacaíocht chúpláilte dheonach (Teideal IV, Caibidil 1)

Cumhdaítear leis an tacaíocht chúpláilte dheonach íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir nó an chinn atá nasctha le táirgeadh ar leith. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an inbhuanaitheacht de chuid earnálacha a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta nó chomhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo.

II.8

An íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis (Teideal IV, Caibidil 2)

Is íocaíocht chúpláilte í an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis a dheonaítear in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Is scéim éigeantach í le haghaidh Ballstáit a tháirgeann cadás d’fhonn tacú lena tháirgeadh i réigiúin ina bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta.

II.9

Scéim na bhfeirmeoirí beaga (Teideal V)

Tá scéim na bhfeirmeoirí beaga díchúpláilte ó tháirgeadh agus tagann sí in ionad gach íocaíochta dírí eile do na tairbhithe lena mbaineann. Is é is aidhm di dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an t-ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe méideanna beaga agus údaráis bainistíochta araon.

II.10

Na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle  (1)

Is é is aidhm do na híocaíochtaí díreacha seo tacaíocht a dhíchúpláil ó tháirgeadh barr agus beostoic d’fhonn tacaíocht ioncaim na bhfeirmeoirí a fheabhsú.

 

Oibríochtaí i bhfoirm idirghabhálacha earnálacha dá bhforáiltear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115.

 

III.1

San earnáil torthaí agus glasraí (Airteagail 49 go 53)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hearnála torthaí agus glasraí. Déantar é trí eagraíochtaí táirgeoirí nó trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

III.2

In earnáil na dtáirgí beachaireachta (Airteagail 54, 55 agus 56)

Is é is aidhm dó sin tacú le beachairí agus le cáilíocht agus margadh le haghaidh táirgí beachaireachta

III.3

In earnáil an fhíona (Airteagail 57 go 60)

Is é is aidhm dó sin tacú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil an fhíona. Déanann na Ballstáit cláir a reáchtáil ar an leibhéal náisiúnta mar chuid dá gClár Straitéiseach agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Is tairbhithe iad na fíonsaothraithe chomh maith leis na hoibreoirí déanta fíona agus trádála fíona nó a gcuid comhlachas/eagraíochtaí. Féadfaidh na hoibríochtaí atá le formheas ag na Ballstáit a bheith bliantúil nó ilbhliantúil.

III.4

In earnáil na leannlusanna (Airteagail 61 agus 62)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil na leannlusanna trí eagraíochtaí táirgeoirí nó trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

III.5

In earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird (Airteagail 63, 64 agus 65)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird trí eagraíochtaí táirgeoirí agus trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

III.6

In earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h), (k), (m), (o) go (t) agus (w), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in earnálacha lena gcumhdaítear táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. (Airteagail 66, 67 agus 68)

Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha gaolmhara trí eagraíochtaí táirgeoirí, trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, chomh maith le Grúpaí Táirgeoirí a cheadaítear go sealadach ag na Ballstáit, agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó na grúpaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas.

 

Na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

 

IV.1

Idirghabháil phoiblí

I gcás go dtiteann praghsanna margaidh le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe faoi leibhéal réamhchinntithe, féadfaidh údaráis phoiblí na mBallstát idirghabháil a dhéanamh chun an margadh a chobhsú trí sholáthairtí breise a cheannach, agus féadfar iad a stóráil ansin go dtí go méadóidh an praghas margaidh. Is iad na heintitis nach mór a fhoilsiú na heintitis a bhaineann leas as an gcabhair, is é sin le rá, na heintitis ar ceannaíodh an táirge uathu.

IV.2

Cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach

Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacaíocht shealadach a thabhairt do tháirgeoirí táirgí áirithe maidir le costas na stórála príobháidí.

IV.3

An scéim scoile chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar

Is iad aidhmeanna na cabhrach a sholáthraítear tacú le dáileadh táirgí talmhaíochta ar pháistí i naíolanna, i mbunscoileanna nó i meánscoileanna d’fhonn a dtomhaltas torthaí, glasraí agus bainne a mhéadú agus a nósanna itheacháin a fheabhsú.

IV.5

Bearta eisceachtúla

Is é is aidhm do na bearta eisceachtúla a dheonaítear faoi Airteagal 219(1), Airteagal 220(1) agus Airteagal 221(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tacú le margaí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116.

IV.6

Cabhair san earnáil torthaí agus glasraí (Caibidil II, Roinn 3)

Spreagtar saothróirí chun a bheith páirteach in eagraíochtaí táirgeoirí. Faigheann siad seo cabhair as cláir oibríochtúla a chur chun feidhme, bunaithe ar straitéis náisiúnta. Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear luaineacht ioncaim ó ghéarchéimeanna a mhaolú freisin. Cuirtear cabhair ar fáil le haghaidh bearta coiscthe géarchéime/bearta bainistíochta faoi chláir oibríochtúla, mar atá: aistarraingt táirgí, glasbhuaint/neamhbhuaint, uirlisí cur chun cinn/cumarsáide, oiliúint, árachas buainte, cabhair chun iasachtaí bainc a chur faoi urrús agus costais riarachán maidir le cistí frithpháirteacha (cistí cobhsaithe faoi úinéireacht feirmeora) a chur ar bun a chumhdach.

IV.7

Tacaíocht in earnáil an fhíona (Caibidil II, Roinn 4)

Is iad aidhmeanna gcineálacha cabhrach éagsúil a dheonaítear cothromaíocht an mhargaidh a áirithiú agus iomaíochas fhíon an Aontais a mhéadú: tacaíocht le haghaidh fíon a chur chun cinn ar mhargaí tríú tíortha agus faisnéis maidir le tomhaltas freagrach fíona agus maidir leis an gcóras de chuid an Aontais STFC/TGFC; cómhaoiniú costas chun fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú, le haghaidh infheistíochtaí i bhfíonlanna agus i saoráidí margaíochta agus le haghaidh nuálaíochta freisin; tacaíocht le haghaidh glasbhuainte, cistí frithpháirteacha, árachas buainte agus driogadh fotháirgí.

IV.8

Tacaíocht in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird (Caibidil II, Roinn 2)

Tacaíocht a dheonaítear do na cláir oibre 3 bliana atá le tarraingt suas ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: monatóireacht ar an margadh agus bainistiú an mhargaidh in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird; feabhas a chur ar an tionchar atá ag saothrú ológ ar an gcomhshaol; feabhas a chur ar an iomaíochas i dtaca le saothrú ológ trí nuachóiriú; cáilíocht táirgthe na hola olóige agus na n-ológ boird a fheabhsú; an córas inrianaitheachta, deimhniú agus cosaint cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird; faisnéis a scaipeadh maidir leis na bearta atá á gcur i gcrích ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe chun feabhas a chur ar cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird.

IV.9

Cabhair in earnáil na beachaireachta (Caibidil II, Roinn 5)

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear tacú leis an earnáil sin trí chláir bheachaireachta d’fhonn táirgeadh agus margaíocht táirgí beachaireachta a fheabhsú.

IV.10

Cabhair in earnáil na leannlusanna (Caibidil II, Roinn 6)

Cabhair arna deonú chun tacú le heagraíochtaí táirgeoirí leannlusanna.

 

Oibríocht i bhfoirm cineálacha idirghabhála forbartha tuaithe dá bhforáiltear in Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2021/2115.

 

V.1

Gealltanais chomhshaoil, aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear feirmeoirí, sealbhóirí foraoise agus bainisteoirí talún eile a chúiteamh as na costais bhreise agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le gealltanais dheonacha chomhshaoil, aeráide agus gealltanais bhainistíochta dheonacha eile arna ngabháil de láimh a théann níos faide ná na caighdeáin éigeantacha agus a rannchuidíonn le cuspóirí sonracha CBT, go háirithe i réimse an chomhshaoil, i réimse na haeráide agus i réimse leas na n-ainmhithe.

V.2

Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear feirmeoirí a chúiteamh as na costais bhreise, nó as cuid díobh, agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar, ar nós limistéir shléibhtiúla.

V.3

Míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

Is é is aidhm don chabhair arna deonú feirmeoirí, sealbhóirí foraoise agus bainisteoirí talún eile a chúiteamh as na costais bhreise, nó as cuid díobh, agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le míbhuntáistí áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann a fhorchuirtear le ceanglais a thagann as cur chun feidhme Threoracha Natura 2000 (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (2) agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)) nó, le haghaidh limistéir talmhaíochta, na Creat-Treorach Uisce (Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4)).

V.4

Infheistíochtaí, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú

Is é is aidhm don chabhair arna dheonú tacú le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú, a rannchuidíonn le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach.

V.5

Feirmeoirí óga, feirmeoirí nua agus gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó

Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacú le feirmeoirí óga, feirmeoirí nua agus, faoi choinníollacha áirithe, gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó d’fhonn rannchuidiú le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach.

V.6

Uirlisí bainistíochta riosca

Is é is aidhm don chabhair arna deonú uirlisí bainistíochta riosca a chur chun cinn, uirlisí a chabhraíonn le feirmeoirí rioscaí táirgthe agus ioncaim a bhaineann lena ngníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil aon smacht acu orthu a bhainistiú.

V.7

Comhar

Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacú le comhar d’fhonn rannchuidiú le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach. Áirítear leis sin tacaíocht comhair chun:

(a)

oibríochtaí Grúpaí Oibríochtúla de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta um tháirgiúlacht agus inbhuaine talmhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(b)

LEADER a ullmhú agus a chur chun feidhme

(c)

scéimeanna cáilíochta arna n-aithint ag an Aontas agus go náisiúnta a chur chun cinn agus i dtreis, chomh maith lena n-úsáid ag feirmeoirí;

(d)

tacú le grúpaí táirgeoirí, le heagraíochtaí táirgeoirí nó le heagraíochtaí idirchraoibhe;

(e)

straitéisí maidir le Sráidbhailte Cliste a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(f)

tacú le foirmeacha eile comhair.

V.8

Eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh

Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear tacú le gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus scaipthe faisnéise a rannchuidíonn le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach, lena ndírítear go sonrach ar chosaint an dúlra, an chomhshaoil agus na haeráide, lena n-áirítear oideachas agus gníomhaíochtaí comhshaoil gníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas agus feasacht ar an gcomhshaol agus le gnólachtaí agus pobail tuaithe a fhorbairt. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí chun nuálaíocht, oiliúint agus comhairle a chur chun cinn chomh maith le malartú agus scaipeadh eolais agus faisnéise.

 

Na bearta dá bhforáiltear i dTeideal III, Caibidil I, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

 

VI.1

Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise (Airteagal 14)

Baineann an beart seo le hoiliúint agus le cineálacha eile gníomhaíochtaí amhail ceardlanna, cóitseáil, gníomhaíochtaí taisealbhaidh, gníomhaíochtaí faisnéise, scéimeanna gearrthéarmacha malartaithe agus cuairte feirme agus foraoise in ord. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar acmhainneacht dhaonna de chuid daoine atá ag gabháil d’earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoise, de chuid bainisteoirí talún agus de chuid fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a oibríonn i limistéir thuaithe.

VI.2

Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme (Airteagal 15)

Is é is aidhm don bheart seo, trí úsáid seirbhísí comhairle chomh maith le bunú seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme, feabhas a chur ar bhainistíocht inbhuanaithe agus feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na ngabháltas feirme agus foraoise agus na FBManna a oibríonn i limistéir thuaithe. Leis sin, cuirtear oiliúint comhairleoirí chun cinn freisin.

VI.3

Scéimeanna Cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia (Airteagal 16)

Is é is aidhm don bheart seo tacú le gach iontrálaí nua i scéimeanna cáilíochta an Aontais agus sna scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus deonacha. Féadfaidh tacaíocht costais a eascraíonn as gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a chumhdach freisin d’fhonn feasacht tomhaltóirí ar tháirgí, agus ar shonraíochtaí na dtáirgí sin, a tháirgtear faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais agus na scéimeanna cáilíochta náisiúnta a fheabhsú.

VI.4

Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha (Airteagal 17)

Is é is aidhm don bheart seo feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil gabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe a fheabhsú, éifeachtúlacht earnáil margaíochta agus próiseáil na dtáirgí talmhaíochta a fheabhsú, bonneagar a bhfuil gá leis le haghaidh fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur ar fáil agus tacú le hinfheistíochtaí neamhthuillmheacha is gá chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach.

VI.5

Acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh damáiste di de bharr tubaistí nádúrtha a athbhunú agus gníomhaíochtaí iomchuí coisctheacha a thabhairt isteach (Airteagal 18)

Is é is aidhm don bheart seo cabhrú le feirmeoirí tubaistí nádúrtha agus teagmhais thurraingeacha a chosc nó acmhainneacht talmhaíochta, a ndearnadh damáiste di, a athbhunú, tar éis a aitheantas foirmiúil ag údaráis phoiblí inniúla na mBallstát, d’fhonn cabhrú le hinmharthanacht agus iomaíochas feirme in aghaidh teagmhais den sórt sin.

VI.6

Forbairt feirme agus gnó (Airteagal 19)

Is é is aidhm don bheart seo tacú le cruthú agus forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha inmharthana nua amhail gabháltais nua a oibrítear ag feirmeoirí óga, gnólachtaí nua i limistéir thuaithe, nó forbairt feirmeacha beaga. Tugtar tacaíocht freisin d’fhiontair nua nó reatha le haghaidh infheistíochtaí agus le haghaidh forbartha gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta atá riachtanach le haghaidh fhorbairt agus iomaíochas na limistéar tuaithe agus gach feirmeora a éagsúlaíonn a ngníomhaíochtaí talmhaíochta. Soláthraítear leis an mbeart íocaíochtaí d’fheirmeoirí atá incháilithe do scéim na bhfeirmeoirí beaga a aistríonn a ngabháltas go buan chuig feirmeoir eile.

VI.7

Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe (Airteagal 20)

Is é is aidhm don bheart seo tacú leis na hidirghabhálacha lena spreagtar fás agus lena gcuirtear inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shocheacnamaíoch de chuid limistéar tuaithe chun cinn, go hairithe trí fhorbairt bonneagair áitiúil (lena n-áirítear leathanbhanda, fuinneamh inathnuaite agus bonneagar sóisialta) agus trí sheirbhísí bunúsacha áitiúla, agus trí shráidbhailte a athnuachan agus trí ghníomhaíochtaí a dhírítear ar athbhunú agus uasghrádú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha freisin. Tugtar tacaíocht leis an mbeart seo chomh maith do ghníomhaíochtaí a athlonnú agus do shaoráidí a athchóiriú d’fhonn cáilíocht saoil na lonnaíochta a fheabhsú nó feidhmiú comhshaoil na lonnaíochta a mhéadú.

VI.8

Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú (Airteagal 21; Airteagail 22 go 26)

Is é is aidhm don bheart seo infheistíochtaí a chur chun cinn i bhforbairt coillearnach, i gcosaint foraoise, i nuálaíocht san fhoraoiseacht, i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus táirgí foraoise, d’fhonn rannchuidiú le hacmhainneacht fáis de chuid limistéar tuaithe.

VI.9

Athfhoraoisiú agus cruthú coillearnacha (Airteagal 22)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacaíocht a chur ar fáil d’oibríochtaí foraoisithe agus do chruthú coillearnaí ar thalamh talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta.

VI.10

Córais agrafhoraoiseachta a bhunú, a athghiniúint nó a athchóiriú (Airteagal 23)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacú le córais agus cleachtais agrafhoraoiseachta a bhunú ina gcomhtháthaítear ilbhliantóga adhmadacha d’aon ghnó le barra agus/nó le hainmhithe ar an aonad talún céanna.

VI.11

Dochar d'fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise, ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú (Airteagal 24)

Is é is aidhm don fhobheart seo acmhainneacht foraoiseachta a athshlánú (glanadh agus athphlandáil) tar éis do dhóiteáin foraoise, do thubaistí nádúrtha eile lena n-áirítear ráig lotnaidí agus ghalair, agus do bhagairtí a bhaineann leis an athrú aeráide a tharlú, agus na tarluithe sin a chosc.

VI.12

Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú (Airteagal 25)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar luach comhshaoil na foraoise, lena n-éascaítear oiriúnú na bhforaoisí don athrú aeráide agus maolú na bhforaoisí ar an gcéanna, lena soláthraítear seirbhísí éiceachórais agus lena gcuirtear feabhas ar luach taitneamhachta poiblí na foraoise. Ba cheart an méadú ar luach comhshaoil na foraoise a áirithiú.

VI.13

Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoise agus i bpróiseáil, slógadh agus margaíocht táirgí foraoise (Airteagail 26)

Is é is aidhm don fhobheart seo tacaíocht a thabhairt le haghaidh infheistíochta in innealra agus/nó trealamh a bhaineann le baint, gearradh, slógadh nó próiseáil an adhmaid roimh sháfa tionsclaíoch an adhmaid. Is é príomhchuspóir an fhobhirt seo luach eacnamaíoch na bhforaoisí a fheabhsú.

VI.14

Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú (Airteagal 27)

Is é is aidhm don bheart seo tacú le bunú grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí, sna blianta tosaigh go háirithe, i gcás ina thabhaítear costais bhreise ionas go dtabharfar aghaidh le chéile ar dhúshláin mhargaidh agus go neartófar an chumhacht mhargála maidir le próiseáil agus margaíocht, lena n-áirítear i margaí áitiúla.

VI.15

Agra-chomhshaoil-aeráide (Airteagal 28)

Is é is aidhm don bheart seo bainisteoirí talún a spreagadh chun cleachtais feirmeoireachta a chur i bhfeidhm a rannchuidíonn le cosaint an chomhshaoil, an tírdhreacha agus acmhainní nádúrtha agus le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don chéanna. Féadfaidh sé baint ní hamháin le feabhsuithe ar chleachtas feirmeoireachta atá chun tairbhe an chomhshaoil ach le cleachtais tairbhiúla atá ann cheana a chothabháil chomh maith.

VI.16

Feirmeoireacht orgánach (Airteagal 29)

Is é is aidhm don bheart seo díriú ar thacaíocht a thabhairt don tiontú ar chleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí agus/nó ar chothabháil an chéanna, d’fhonn feirmeoirí a spreagadh chun bheith rannpháirteach i scéimeanna den sórt sin, agus ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar éileamh na sochaí go n-úsáidfear cleachtais feirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

VI.17

Íocaíochtaí Natura 2000 agus na Creat-Treorach Uisce (Airteagal 30)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht chúitimh a thabhairt do thairbhithe a bhíonn thíos le míbhuntáistí ar leith mar gheall ar cheanglais éigeantacha shonracha sna limistéir lena mbaineann a eascraíonn as cur chun feidhme Threoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE agus 2000/60/CE i gcomparáid le staid na bhfeirmeoirí agus na bhforaoiseoirí i limistéir eile nach mbaineann na míbhuntáistí seo leo.

VI.18

Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu (Airteagal 31)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht a thabhairt do thairbhithe a bhíonn thíos le srianta ar leith toisc go bhfuil siad lonnaithe i limistéir shléibhtiúla nó i limistéir eile a bhfuil srianta nádúrtha suntasacha nó srianta ar leith iontu.

VI.19

Leas ainmhithe (Airteagal 33)

Is é is aidhm don bheart seo íocaíochtaí a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí de chuid gealltanais leasa ainmhithe amháin nó níos mó a dhéanamh.

VI.20

Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise (Airteagal 34)

Is é is aidhm don bheart seo freagairt don ghá atá ann bainistíocht inbhuanaithe agus feabhsú na bhforaoisí agus na gcoillearnach a chur chun cinn, lena n-áirítear cothabháil agus feabhsú bithéagsúlachta, acmhainní uisce agus ithreach agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus chomh maith leis sin don ghá atá ann na hacmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí amhail cineálacha éagsúla speiceas foraoise a fhorbairt d’fhonn oiriúnú do choinníollacha áitiúla ar leith.

VI.21

Comhar (Airteagal 35)

Is é is aidhm don bheart seo cineálacha comhair a chur chun cinn ina mbíonn dhá eintiteas ar a laghad rannpháirteach agus a bhfuil sé d’aidhm acu na nithe seo a leanas (inter alia) a fhorbairt: treoirthionscadail; táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta; seirbhísí turasóireachta; slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla; comhthionscadail/comhchleachtais a bhaineann leis an gcomhshaol/leis an athrú aeráide; tionscadail le haghaidh soláthar inbhuanaithe bithmhaise; straitéiseacha forbartha áitiúla nach mbaineann le LEADER; pleananna bainistithe foraoise; agus éagsúlú i ngníomhaíochtaí “feirmeoireachta sóisialta”.

VI.22

Bainistiú riosca (Airteagal 36)

Is sraith straitéisí nua um bainistiú rioscaí é an beart seo agus tugann sé chun tosaigh na féidearthachtaí atá ann faoi láthair chun tacú le hárachais agus cistí frithpháirteacha trí imchlúdaigh íocaíochtaí díreacha náisiúnta na mBallstát chun cabhrú le feirmeoirí atá neamhchosanta ar rioscaí méadaitheacha eacnamaíocha agus comhshaoil. Tugtar isteach leis an mbeart freisin uirlis cobhsaithe ioncaim chun cúiteamh a chur ar fáil d’fheirmeoirí atá thíos le laghdú mór ina n-ioncam.

VI.22bis

Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19 (Airteagal 39b)

Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht shealadach a chur ar fáil d’fheirmeoirí mar gheall ar ghéarchéim COVID-19

VI.23

Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit a mhaoiniú (Airteagal 40)

Is é is aidhm don bheart seo íocaíocht bhreise faoin dara colún a chur ar fáil do na feirmeoirí atá incháilithe d’íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha sa Chróit.

VI.24

Tacaíocht d’fhorbairt áitiúil de chuid LEADER (forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) (Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5))

Is é is aidhm don bheart seo LEADER a chaomhnú mar uirlis forbartha críochaí comhtháite ag an leibhéal foréigiúnach (“áitiúil”) lena rannchuideofar go díreach le forbairt chríochach chothromaithe na limistéar tuaithe, atá ar cheann de chuspóirí foriomlána an bheartais forbartha tuaithe.

VI.25

Cúnamh teicniúil (Airteagail 51 go 54)

Is é is aidhm don bheart seo an cumas a thabhairt do na Ballstáit cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí a thacaíonn le cumas riaracháin a bhaineann le bainistiú na gcistí SIE. Féadfaidh na gníomhaíochtaí sin aghaidh a thabhairt ar ullmhú, ar bhainistiú, ar fhaireachán, ar mheastóireacht, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, ar líonrú, ar réiteach gearán agus ar rialú agus ar iniúchóireacht na gClár Forbartha Tuaithe.

VII.1

Na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013

Is scéimeanna talmhaíochta sonracha iad bearta POSEI arb é is aidhm dóibh srianta na Réigiún is Forimeallaí a chur san áireamh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 349 CFAE. Tá dhá phríomhghné i gceist leis: na socruithe soláthair sonracha agus na bearta chun tacú le táirgeadh áitiúil. Is é is aidhm don chéad phríomhghné na costais bhreise le haghaidh táirgí riachtanacha a sholáthar a eascraíonn as iargúltacht na réigiún sin a mhaolú (trí chabhair le haghaidh táirgí ón Aontas agus díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí ó thríú tíortha) agus is é is aidhm don dara príomhghné cabhrú le forbairt na hearnála talmhaíochta áitiúla (íocaíochtaí díreacha agus bearta margaidh). Fágann POSEI freisin gur féidir cláir folláine plandaí a mhaoiniú.

VIII.1

Na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 229/2013

Tá an réimeas le haghaidh na nOileán Aeigéach is Lú cosúil le POSEI ach níl an bunús dlí céanna aige in CFAE agus feidhmíonn sé ar scála níos lú ná POSEI. Áirítear leis sin na socruithe soláthair sonracha (atá teoranta áfach do chabhair le haghaidh táirgí ón Aontas) agus na bearta chun tacú le gníomhaíochtaí talmhaíochta áitiúla, arb é atá ann íocaíochtaí breisithe le haghaidh táirgí áitiúla atá sainithe go sonrach.

IX.1

Na bearta faisnéise agus cur chun cinn dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014

Maidir le bearta soláthair faisnéise agus cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia áirithe atá bunaithe ar tháirgí talmhaíochta arna gcur chun feidhme sa mhargadh inmheánach nó i dtríú tíortha mar a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014, féadfar iad a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach ag buiséad an Aontais, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Beidh na bearta seo i bhfoirm clár faisnéise agus cur chun cinn.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha maidir le scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).

(2)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(3)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(4)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347 20.12.2013, lch. 320).


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/197


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/129 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Nollaig 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cineálacha idirghabhála a bhaineann le síolta ola, cadás agus seachtháirgí fíonóireachta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta a bhaineann le tacaíocht ón Aontas agus le Pleananna Straitéiseacha CBT

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta (CEFT) agus ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), Airteagal 37(6), Airteagal 59(8) agus Airteagal 123(5) díobh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2115 leagtar síos creat dlíthiúil nua le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an dóigh a mbaintear amach cuspóirí an Aontais leis, cuspóirí a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá tuilleadh sonraíochta sa Rialachán sin freisin maidir leis na cuspóirí sin de chuid an Aontais atá le baint amach le CBT agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála chomh maith leis na ceanglais choiteanna de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit, agus solúbthacht á tabhairt do na Ballstáit maidir le dearadh na n-idirghabhálacha atá le soláthar ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT. Ní mór do na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha CBT sin a tharraingt suas agus a dtograí le haghaidh na bpleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Chun na críche sin, ní mór rialacha cur chun feidhme áirithe a leagan síos.

(2)

Luaitear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 i gcás ina ndéanann na Ballstáit foráil maidir le hidirghabhálacha limistéarbhunaithe, seachas na hidirghabhálacha sin lena gcomhlíontar forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim chúpláilte faoin Rialachán sin, agus i gcás ina mbaineann na hidirghabhálacha sin le cuid de na síolta ola nó leis na síolta ola uile dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Meabhrán Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola faoi CGTT (2), ní bheidh iomlán an limistéir tacaíochta bunaithe ar na haschuir atá beartaithe a áirítear i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát lena mbaineann níos mó ná an limistéar tacaíochta uasta le haghaidh an Aontais ina iomláine chun comhlíonadh a ghealltanais idirnáisiúnta a áirithiú. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún limistéar tacaíochta tagartha táscach a shocrú le haghaidh gach Ballstáit mar sciar den limistéar tacaíochta uasta le haghaidh an Aontais ina iomláine, arb ionann é agus 7 854 446 heicteár, arna ríomh ar bhonn an mheánlimistéir saothraithe san Aontas i rith na mblianta 2016 go 2020.

(3)

Foráiltear le Teideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le híocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis, nach mór do cheithre Bhallstát an talamh agus na cineálacha lena mbaineann a údarú ina leith. Is faoi na Ballstáit sin is ceart dó a bheith rialacha mionsonraithe a leagan síos i ndáil leis sin. Mar sin féin, ba cheart an nós imeachta um na húdaruithe sin a eagrú sa chaoi go mbeidh na feirmeoirí lena mbaineann in ann fógraí a bhaineann leis an údarú a fháil in am trátha roimh chéad séasúr eile na curadóireachta. Ina theannta sin, is iomchuí a leagan síos an fhaisnéis íosta ba cheart a bheith sna fógraí sin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, tá Ballstáit áirithe le cineál idirghabhála amháin in earnáil an fhíona nó níos mó ná sin a roghnú ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT, lena n-áirítear seachtháirgí fíonóireachta a dhriogadh. Ní mór don Choimisiún cúnamh airgeadais an Aontais a shocrú le haghaidh na hidirghabhála sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 123(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2021/2115, tá an t-údarás bainistíochta lena áirithiú trí ghníomhaíochtaí infheictheachta iomchuí go n-aithneoidh tairbhithe de thacaíocht arna maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), seachas tacaíocht faoi idirghabhálacha a bhaineann le ceantair agus le hainmhithe, an tacaíocht sin, lena n-áirítear trí úsáid iomchuí a bhaint as suaitheantas an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 123(2), pointe (k), den Rialachán sin, tá an t-údarás bainistíochta lena áirithiú go ndéanfar poiblíocht ar son Phleananna Straitéiseacha CBT trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta a dhéanamh le haghaidh an phobail i gcoitinne, tairbhithe féideartha agus spriocghrúpaí ábhartha. Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 124(3), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, tá an t-údarás bainistíochta leis an bhfaisnéis is gá a chur ar fáil don choiste faireacháin chun scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta. Is iomchuí coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas faisnéise, poiblíochta agus infheictheachta dá dtagraítear sna forálacha sin.

(6)

Ós rud é gur gá do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur san áireamh agus a bPleananna Straitéiseacha CBT á bhforbairt acu, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115, chun Pleananna Straitéiseacha CBT de chuid na mBallstát a tharraingt suas agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán sin, i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

an limistéar tacaíochta tagartha táscach le haghaidh gach Ballstáit chun críoch idirghabhálacha a bhaineann le limistéir maidir le síolta ola;

(b)

talamh agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus an fógra a bhaineann leis sin;

(c)

méid na tacaíochta do dhriogadh seachtháirgí fíonóireachta;

(d)

suaitheantas an Aontais a úsáid faoi chuimsiú idirghabhálacha áirithe a fhaigheann maoiniú ó CETFT agus na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT agus an tacaíocht ón Aontas a fhaightear dá dtairbhe.

Airteagal 2

Limistéar tacaíochta tagartha táscach

Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo an limistéar tacaíochta tagartha táscach le haghaidh gach Ballstáit chun críoch idirghabhálacha a bhaineann le limistéir maidir le síolta ola dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 3

Nós imeachta um thalamh agus cineálacha a údarú le haghaidh íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis agus fógraí a bhaineann leis sin

1.   Eagrófar an nós imeachta um thalamh agus cineálacha a údarú chun críocha na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis de bhun Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 sa chaoi go bhféadfaidh na feirmeoirí lena mbaineann fógraí a fháil a bhaineann leis an údarú in am trátha roimh shéasúr na curadóireachta.

Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

na cineálacha atá údaraithe lena gcur;

(b)

na critéir chun talamh a údarú le haghaidh táirgeadh cadáis arna bhunú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 (3) ón gCoimisiún;

(c)

dlús íosta na bplandaí cadáis dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126.

2.   I gcás ina dtarraingeoidh Ballstát siar údarú atá ann cheana le haghaidh cineáil, tabharfar fógra in am trátha do na feirmeoirí lena mbaineann roimh shéasúr curadóireachta na bliana dár gcionn.

Airteagal 4

Cúnamh airgeadais ón Aontas chun fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh

1.   Maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas atá le híoc le driogairí chun fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (g) de Rialachán (AE) 2021/2115, lena n-áirítear cnapshuim chun na costais bhailiúcháin a chúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 60(3), an tríú fomhír, den Rialachán sin, ní shárófar na méideanna seo a leanas leis:

(a)

maidir le halcól amh a fhaightear ó mharcanna: EUR 1,1/% toirt/hl;

(b)

maidir le halcól amh a fhaightear ó fhíon agus ó mhoirt: EUR 0,5/% toirt/hl.

2.   Socróidh na Ballstáit na méideanna iarbhír a bheidh le híoc mar chúnamh airgeadais ón Aontas bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha agus trí na tíopeolaíochtaí táirgthe éagsúla a chur san áireamh.

Airteagal 5

Suaitheantas an Aontais

Úsáidfidh an Ballstát agus an t-údarás bainistíochta suaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide á ndéanamh acu dá dtagraítear in Airteagal 123(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta freisin go n-úsáidfidh tairbhithe an suaitheantas dá réir.

Airteagal 6

Ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta

Leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta dá dtagraítear in Airteagal 123(2), pointí (j) agus (k), de Rialachán (AE) 2021/2115 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)   IO L 147, 18.6.1993, lch. 25.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/126 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais bhreise maidir le cineálacha áirithe idirghabhála arna sonrú ag na Ballstáit ina gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT don tréimhse 2023 go 2027 faoin Rialachán sin chomh maith le rialacha maidir leis an gcóimheas le haghaidh chaighdeán 1 maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC) (Féach leathanach 197 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Limistéar tacaíochta tagartha táscach dá dtagraítear in Airteagal 2

ha

an Bheilg

7 295

an Bhulgáir

711 954

an tSeicia

300 498

an Danmhairg

114 000

an Ghearmáin

846 779

an Eastóin

51 620

Éire

7 197

an Ghréig

69 709

an Spáinn

559 382

an Fhrainc

1 525 286

an Chróit

117 366

an Iodáil

302 843

an Chipir

-

an Laitvia

89 153

an Liotuáin

154 217

Lucsamburg

2 270

an Ungáir

707 720

Málta

-

an Ísiltír

1 952

an Ostair

88 129

an Pholainn

644 818

an Phortaingéil

7 865

an Rómáin

1 250 509

an tSlóivéin

4 059

an tSlóvaic

184 603

an Fhionlainn

32 342

an tSualainn

72 880


IARSCRÍBHINN II

Úsáid agus saintréithe teicniúla shuaitheantas an Aontais (“an suaitheantas”)

1.   

Beidh an suaitheantas le feiceáil go follasach ar gach ábhar cumarsáide a úsáidtear le haghaidh an phobail nó rannpháirtithe amhail táirgí clóite nó digiteacha, suíomhanna gréasáin agus a leaganacha gutháin póca a bhaineann le cur chun feidhme oibríochta.

2.   

Scríobhfar an ráiteas “Cistithe ag an Aontas Eorpach” nó “Comhchistithe ag an Aontas Eorpach” ina iomláine agus cuirfear in aice leis an suaitheantas é.

3.   

Féadfaidh aon cheann de na clónna seo a leanas a bheith sa chló-aghaidh atá le húsáid i gcomhar leis an suaitheantas: Arial, Auto, Calibri, Garamond, Trebuchet, Tahoma, VerdanaUbuntu. Ní úsáidfear modhnuithe i gcló iodálach, modhnuithe a bhfuil folíne fúthu, ná éifeachtaí clófhoirne.

4.   

I dtaca le suíomh an téacs agus an tsuaitheantais, ní chuirfidh suíomh an téacs isteach ar an suaitheantas ar bhealach ar bith.

5.   

An chlómhéid a úsáidfear, beidh sí comhréireach le méid an tsuaitheantais.

6.   

Is é dath an reflex blue nó dath bán, nó dath dubh is ceart ar an gclófhoireann de réir mar a oireann don chúlra.

7.   

Ní dhéanfar an suaitheantas a mhodhnú ná a chumasc le haon mhír ghrafach ná le haon téacs eile. Má bhíonn lógónna eile ar taispeáint in éineacht leis an suaitheantas, ní mór an suaitheantas a bheith ar a laghad chomh mór, ar airde agus ar leithead, leis an lógó is mó de na lógónna eile. Seachas an suaitheantas, ní cheadaítear aon amharc-aithne ná lógó eile a úsáid chun béim a leagan ar an tacaíocht ón Aontas.

8.   

I gcás ina bhfuil roinnt oibríochtaí ar bun ar aon láthair amháin, agus tacaíocht acu ó na hionstraimí céanna cistithe nó ó ionstraimí éagsúla cistithe, nó i gcás ina gcuirtear cistiú breise ar fáil don oibríocht chéanna lá is faide anonn, taispeánfar aon phlaic amháin nó aon chlár fógraí amháin ar a laghad.

9.   

Caighdeáin ghrafacha an tsuaitheantais agus sainmhíniú ar dhathanna caighdeánacha:

(A)

CUR SÍOS AR NA SIOMBAILÍ

Ar chúlra na spéire goirme, tá ciorcal 12 réalta órga, lena léirítear aontacht na bpobal Eorpach. Tá líon na réaltaí socair, óir is é a 12 siombail na foirfeachta agus na haontachta.

(B)

CUR SÍOS AR AN ARALTAS

12 de réaltaí órga cúig bheann ina gciorcal ar ghort gormghlas agus gan pointí na réaltaí a bheith ag teagmháil le chéile.

(C)

CUR SÍOS AR AN GHEOIMÉADRACHT

Image 1

Is i bhfoirm bratach ghorm dhronuilleogach atá an suaitheantas, agus leithead na brataí oiread go leith níos faide ná an t-ardaitheoir. 12 réalta órga atá suite faid chothroma ó chiorcal dofheicthe, agus lár an chiorcail pointe trasnaithe thrasnán na dronuilleoige. Is ionann ga an chiorcail agus trian d’airde an ardaitheora. Ar imlíne ciorcail dhofheicthe, arb ionann a gha agus an 18ú cuid d’airde an ardaitheora, atá na réaltaí agus cúig bheann ar gach réalta acu. Tá gach réalta ina seasamh, i.e. le pointe amháin go hingearach agus dhá phointe i líne dhíreach go dronuilleach leis an gcrann. Socraítear an ciorcal sa chaoi go bhfuil na réaltaí le feiceáil san áit a mbeadh na huaireanta an chloig ar aghaidh cloig. Tá a líon do-athraitheach.

(D)

NA DATHANNA OIFIGIÚLA

Na dathanna seo a leanas atá ar an suaitheantas: PANTONE REFLEX BLUE ar dhromchla na dronuilleoige; PANTONE YELLOW ar na réaltaí.

(E)

AN PRÓISEAS CEITHRE DHATH

Má úsáidtear an próiseas ceithre dhath, athchruthaítear an dá dhath chaighdeánacha trí úsáid a bhaint as ceithre dhath an phróisis ceithre dhath.

Faightear PANTONE YELLOW trí “Process Yellow” 100 % a úsáid.

Faightear PANTONE REFLEX BLUE trí “Process Cyan” 100 % agus “Process Magenta” 80 % a mheascadh.

IDIRLÍON

Tá PANTONE REFLEX BLUE ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 0/51/153 (heicsidheachúil: 003399) agus tá PANTONE YELLOW ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 255/204/0 (heicsidheachúil: FFCC00).

PRÓISEAS LE hAGHAIDH ATÁIRGEADH MONACRÓMACH

Agus dubh á úsáid, imlínítear an dronuilleog i ndath dubh agus priontáiltear na réaltaí le dath dubh ar chúlra bán.

Image 2

Agus gorm á úsáid (Reflex Blue), úsáidtear leibhéal 100 % le haghaidh na dronuilleoige agus fágtar na réaltaí i ndath bán (diúltach).

Image 3

ATÁIRGEADH AR CHÚLRA DAITE

Mura bhfuil de rogha ann ach an cúlra daite, ní mór imeall bán a chur timpeall ar an mbratach. Is ionann leithead na brataí sa chás sin agus an 25ú cuid d’airde na dronuilleoige.

Image 4

Leagtar amach prionsabail úsáid an tsuaitheantais ag tríú páirtithe sa chomhaontú Riaracháin le An Chomhairle Eorpach maidir le húsáid an tsuaitheantais Eorpaigh ag tríú páirtithe (1).


(1)   IO C 271, 8.9.2012, lch. 5.


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta

1.   Gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta an údaráis bhainistíochta

1.1.

Chun críocha Airteagal 123(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéanfar Plean Straitéiseach CBT a phoibliú trí ghníomhaíochtaí ábhartha cumarsáide agus infheictheachta a phleanáil agus a chur i gcrích i rith an ama a mbeidh Plean Straitéiseach CBT á ullmhú agus á chur chun feidhme chun na spriocghrúpaí dá dtagraítear sa phointe sin a chur ar an eolas.

1.2.

Chun críocha Airteagal 124(3), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, cuirfidh an t-údarás bainistíochta ar fáil don choiste faireacháin an fhaisnéis is gá don choiste faireacháin chun scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta.

1.3.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, laistigh de 6 mhí ón gcinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar Plean Straitéiseach CBT, go mbeidh suíomh gréasáin ann ar a mbeidh faisnéis ar fáil faoi Phlean Straitéiseach CBT atá faoina chúram, lena gcumhdófar cuspóirí, gníomhaíochtaí, deiseanna cistiúcháin atá ar fáil agus a mheastar a bheidh ann agus, nuair is ann dóibh, éachtaí iarbhír an phlean. Díreofar an suíomh gréasáin ar an bpobal i gcoitinne chomh maith le tairbhithe ionchasacha dá dtagraítear in Airteagal 123(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/2115.

1.4.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfoilseofar ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i bpointe 1.3 tráthchlár na nglaonna atá beartaithe agus na spriocdhátaí le haghaidh iarratas, tráthchlár a thabharfar cothrom le dáta trí huaire sa bhliain ar a laghad, leis na sonraí táscacha seo a leanas:

(a)

an limistéar geografach a chumhdaítear;

(b)

an idirghabháil agus an sainchuspóir/na sainchuspóirí lena mbaineann;

(c)

cineál na n-iarratasóirí incháilithe;

(d)

méid iomlán na tacaíochta;

(e)

dáta tosaithe agus dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.

1.5.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 123(2), pointe (k)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115, go mbeidh rochtain ag tairbhithe ionchasacha ar an bhfaisnéis uile is gá faoi dheiseanna cistiúcháin, lena n-áirítear coinníollacha incháilitheachta, critéir roghnúcháin agus na ceanglais uile ar thairbhithe a roghnófar le haghaidh cistiúcháin, chomh maith lena bhfreagrachtaí.

1.6.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirfear in iúl do thairbhithe a roghnófar le haghaidh cistiúcháin gurb amhlaidh a dhéanann an tAontas cómhaoiniú ar an tacaíocht.

1.7.

Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go gcuirfear ábhar cumarsáide agus infheictheachta, lena n-áirítear leibhéal na dtairbhithe, ar fáil nuair a iarrfar sin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus go ndéanfar ceadúnas saor ó ríchíosanna, neamheisiach agus do-chúlghairthe chun an t-ábhar sin a úsáid maille le haon cheart a bhaineann leis cheana féin a dheonú don Aontas i gcomhréir leis an dara mír. Ní bheidh costais shuntasacha bhreise ná ualach suntasach riaracháin ar na tairbhithe ná ar an údarás bainistíochta dá bharr sin.

Deonófar na cearta seo a leanas ar a laghad don Aontas leis an gceadúnas maidir le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear sa chéad mhír:

(a)

úsáid inmheánach i.e. an ceart a thabhairt d’institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus d’údaráis na mBallstát den Aontas Eorpach, agus dá bhfostaithe, na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a atáirgeadh, a chóipeáil agus a chur ar fáil;

(b)

atáirgeadh na n-ábhar cumarsáide agus infheictheachta trí aon mhodh agus in aon fhoirm, ina n-iomláine nó i bpáirt;

(c)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a chur in iúl don phobal trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide go léir;

(d)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta (nó cóipeanna díobh) a dháileadh ar an bpobal i bhfoirm ar bith;

(e)

na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a stóráil agus a chartlannú;

(f)

na cearta ar na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a fho-cheadúnú do thríú páirtithe.

2.   Infheictheacht oibríochtaí áirithe a fhaigheann tacaíocht ó CETFT

Chun críocha Airteagal 123(2), pointe (j), de Rialachán (AE) 2021/2115, i dtaca leis na tairbhithe d’idirghabhálacha a fhaigheann maoiniú ó CETFT, seachas idirghabhálacha a bhaineann le limistéir agus ainmhithe, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta trí na bearta seo a leanas go n-aithneoidh na tairbhithe sin an tacaíocht ó Phlean Straitéiseach CBT mar a leanas:

(a)

tuairisc ghairid ar an oibríocht, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta, a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an tairbhí, i gcás inarb ann dá leithéid, agus ar shuíomhanna oifigiúla meán sóisialta, lena n-áirítear a cuid aidhmeanna agus torthaí, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas;

(b)

ráiteas a thabhairt ina mbeidh béim á leagan ar an tacaíocht ón Aontas ar bhealach infheicthe ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta, atá ceaptha le haghaidh an phobail nó le haghaidh na rannpháirtithe, agus suaitheantas an Aontais á chur i láthair freisin i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(c)

plaiceanna marthanacha nó cláir fógraí atá infheicthe go follasach ag an bpobal a thaispeáint, ina léireofar suaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn II, a luaithe a thosófar ar chur chun feidhme iarbhír na n-oibríochtaí nó a luaithe a shuiteálfar trealamh ceannaithe i gcás oibríochtaí a bhaineann le hoibríochtaí bonneagair nó tógála a mhaoiniú ar mó an caiteachas poiblí iomlán ina leith, nó an costas iomlán i gcás tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear airgeadas caipitil oibre, ná EUR 500 000;

(d)

plaic mhíniúcháin nó taispeáint leictreonach choibhéiseach a shuiteáil ar a mbeidh faisnéis faoin tionscadal, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas, agus suaitheantas an Aontais á chur i láthair freisin i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i gcás oibríochtaí a bhaineann le hinfheistíocht i sócmhainní fisiceacha nach dtagann faoi phointe (c), agus ar mó a dtacaíocht phoiblí iomlán ná EUR 50 000, nó i gcás tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear airgeadas caipitil oibre, ar mó a costas iomlán ná EUR 500 000;

(e)

póstaer amháin ar a laghad de mhéid A3 ar a laghad nó taispeáint leictreonach choibhéiseach a shuiteáil in áit a mbeidh siad le feiceáil go follasach ag an bpobal ar a bhfuil faisnéis faoin oibríocht agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ón Aontas i gcás oibríochtaí a bhaineann le tacaíocht d’oibríochtaí LEADER, seirbhísí bunúsacha agus bonneagar nach dtagann faoi phointí (c) ná (d), ar mó a dtacaíocht phoiblí iomlán ná EUR 10 000, nó i gcás tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear maoiniú caipitil oibre, ar mó a costas iomlán ná EUR 100 000. Suiteálfar plaic mhíniúcháin freisin in áitreabh na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla arna maoiniú ag LEADER.

De mhaolú ar an gcéad mhír, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta, a mhéid is féidir, go mbeidh faisnéis iomchuí ar fáil i gcásanna inar duine nádúrtha an tairbhí, lena leagfar béim ar an tacaíocht ó na cistí, ag suíomh atá le feiceáil ag an bpobal nó trí thaispeáint leictreonach.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír, pointí (a) agus (b) mutatis mutandis maidir leis na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais arna maoiniú ó CETFT chun feidhme.

Beidh feidhm ag an gcéad mhír, pointí (c), (d) agus (e), maidir le faighteoirí deiridh ionstraimí airgeadais trí bhíthin na dtéarmaí conarthacha dá bhforáiltear sa chomhaontú cistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).


(1)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/206


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/130 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Eanáir 2022

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Bračko maslinovo ulje” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Chróit ar chlárú an ainm “Bračko maslinovo ulje” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní mór an t-ainm “Bračko maslinovo ulje” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cláraítear an t-ainm “Bračko maslinovo ulje” (STFC).

Is táirge d’aicme 1.5 atá sainithe faoin ainm atá sa chéad mhír. Geireacha (im, margairín, olaí, etc.) d’Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 400, 4.10.2021, lch. 8.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/207


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/131 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Eanáir 2022

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Carne Ramo Grande” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Phortaingéil ar chlárú an ainm “Carne Ramo Grande” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Carne Ramo Grande” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cláraítear an t-ainm “Carne Ramo Grande” (STFC).

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.1 Feoil úr (agus scairteach) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 398, 1.10.2021, lch. 40.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/208


RIALACHÁN (AE) 2022/132 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Eanáir 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le nuashonraithe a chur chun feidhme ar an staidreamh fuinnimh bliantúil agus gearrthéarmach míosúil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh fuinneamh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3), Airteagal 5(3) agus Airteagal 9(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 bunaítear creat coiteann maidir le soláthar, tarchur, agus scaipeadh staidrimh inchomparáide i dtaca le fuinneamh san Aontas, mar aon le meastóireacht a dhéanamh air.

(2)

Ní mór staidreamh fuinnimh a fhorbairt i gcónaí i ngeall ar a thapa a dhéantar dul chun cinn sa teicneolaíocht, i ngeall ar fhorás bheartais fuinnimh an Aontais agus i ngeall ar a thábhachtaí atá sé spriocanna an Aontais agus an faireachán a dhéantar ar an dul chun cinn atá déanta maidir lena mbaint amach a bhunú ar shonraí oifigiúla fuinnimh. Dá bhrí sin, ní mór nuashonrú rialta a dhéanamh ar an gcreat Eorpach um thuairisciú staidrimh fuinnimh lena léiriú na riachtanais atá ag dul i méid nó atá ag athrú.

(3)

Trí staidreamh fuinnimh ardcháilíochta iontaofa a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na spriocanna beartais faoi phacáiste an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus pacáistí an Aontais Fuinnimh, ba cheart inchreidteacht bheartas fuinnimh an Aontais a fheabhsú.

(4)

Shainaithin an Coimisiún roinnt gnéithe den staidreamh bliantúil agus míosúil gearrthéarmach nach mór a nuashonrú. Baineann siad go háirithe le dí-chomhiomlánú níos mó ar an staidreamh maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh i seirbhísí agus san iompar, iompróirí nua fuinnimh amhail hidrigin, sonraí nua maidir le giniúint agus stóráil leictreachais, sonraí níos mionsonraithe maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite, sonraí nua measta chun comharduithe fuinnimh a tháirgeadh níos luaithe, agus tráthúlacht níos fearr maidir le bailiú bliantúil sonraí. Ina theannta sin, baintear na ceanglais tuairiscithe a bhaineann le staidreamh míosúil gearrthéarmach le haghaidh gás nádúrtha agus táirgí ola agus peitriliam, toisc go bhfuil sonraí míosúla atá níos iomláine ar fáil anois agus tá tráthúlacht níos fearr ag baint leo. Rinne an Coimisiún roinnt gnéithe teicniúla a phlé agus a chomhaontú leis na Ballstáit, lena n-áirítear raon feidhme, féidearthacht, costais táirgthe, rúndacht agus ceanglais tuairiscithe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 304, 14.11.2008, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN A

SOILÉIRITHE AR THÉARMAÍOCHT

Soláthraítear san Iarscríbhinn seo míniúcháin, nótaí geografacha agus sainmhínithe ar théarmaí a úsáidtear sna hiarscríbhinní eile, mura sonraítear a mhalairt sna hiarscríbhinní seo.

1.   NÓTAÍ GEOGRAFACHA

Chun críocha staidreamh a thuairisciú, agus chun na gcríoch sin amháin, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha seo a leanas:

ní fholaítear leis an Astráil na críocha thar lear,

ní fholaítear leis an Danmhairg Oileáin Fharó ná an Ghraonlainn,

folaítear leis an bhFrainc Monacó agus na ranna Francacha thar lear i nGuadalúip, i Martinique, i nGuáin na Fraince, La Réunion agus i Mayotte,

folaítear leis an Iodáil San Mairíne agus Cathair na Vatacáine,

folaítear leis an tSeapáin Okinawa,

folaítear leis an bPortaingéil na hAsóir agus Maidéara,

folaítear leis an Spáinn na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Bhailéaracha, agus Ceuta agus Melilla,

ní fholaítear leis an Eilvéis Lichtinstéin,

folaítear leis na Stáit Aontaithe an 50 Stát, Ceantar Columbia, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Pórtó Ríce agus Guam.

2.   COMHIOMLÁIN

Aicmeofar táirgeoirí leictreachais agus teasa de réir chríoch an táirgthe:

phríobháideach nó phoiblí, a ghineann leictreachas agus/nó teas lena ndíol le tríú páirtithe mar phríomhghníomhaíocht dá gcuid,—is éard atá i dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta táirgeoirí, faoi úinéireacht

ghineann leictreachas agus/nó teas go hiomlán nó go páirteach dá n-úsáid féin mar ghníomhaíocht a thacaíonn lena bpríomhghníomhaíocht.— is éard atá in uath-tháirgeoirí táirgeoirí, faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, a

Nóta:

féadfaidh an Coimisiún soiléiriú breise a thabhairt ar an téarmaíocht trí thagairtí ábhartha NACE (1) a chur leis an téarmaíocht i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2) tar éis d’athbhreithniú ar aicmiú NACE teacht i bhfeidhm.

2.1.   Soláthar

2.1.1.   TÁIRGEADH/TÁIRGEADH DÚCHASACH

Déantar cainníochtaí breoslaí a eastósctar nó a tháirgtear a ríomh tar éis aon oibríocht chun an támhábhar a bhaint. Folaítear leis an táirgeadh na cainníochtaí arna dtomhailt ag an táirgeoir le linn an phróisis táirgthe (e.g. chun trealamh agus trealamh cúnta a théamh nó a oibriú), mar aon le soláthairtí fuinnimh do tháirgeoirí eile le haghaidh claochlaithe nó le haghaidh úsáidí eile.

Ciallaíonn ‘táirgeadh dúchasach’ táirgeadh ó acmhainní laistigh de chríoch ar leith — críoch náisiúnta na tíre tuairiscithe.

2.1.2.   TÁIRGÍ GNÓTHAITHE

Níl feidhm aige seo ach amháin maidir le gual crua. Sciodar agus scealla cairn dramhaíola arna ngnóthú ag mianaigh.

2.1.3.   FÁLTAIS Ó FHOINSÍ EILE

Cainníochtaí breoslaí lena bhfolaítear a dtáirgeadh i dtuairisciú eile maidir le breosla ach a mheasctar le breoslaí eile agus a thomhlaítear mar mheascán. Déanfar sonraí breise maidir leis an gcomhpháirt sin a sholáthar leis na nithe seo a leanas:

Fáltais ó fhoinsí eile: Gual

Fáltais ó fhoinsí eile: Táirgí ola agus táirgí peitriliam

Fáltais ó fhoinsí eile: Gás nádúrtha

Fáltais ó fhoinsí eile: Foinsí inathnuaite

2.1.4.   ALLMHAIRÍ/ONNMHAIRÍ

Mura sonraítear a mhalairt, tagraíonn ‘allmhairí’ don tionscnamh faoi dheoidh (an tír inar táirgeadh an táirge fuinnimh) lena n-úsáid sa tír agus tagraíonn ‘onnmhairí’ don tír ina dtomhlaítear faoi dheoidh an táirge táirgthe fuinnimh. Measfar méideanna a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh.

I gcás nach féidir aon tionscnamh nó ceann scríbe a shonrú féadfar ‘Neamhshonraithe/Eile’ a úsáid.

2.1.5.   UMAIR MHUIRÍ IDIRNÁISIÚNTA

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig longa de gach bratach atá ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta. Féadfaidh an loingseoireacht idirnáisiúnta tarlú ar muir, ar lochanna agus ar uiscebhealaí intíre, agus in uiscí cósta. Cuirtear na nithe seo a leanas as an áireamh:

deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt imeachta agus anchalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach na loinge nó náisiúntacht na loinge; tomhaltas ag longa atá ag gabháil do loingseoireacht intíre; ba cheart go ndéanfaí an

tomhaltas ag árthaí iascaireachta;

tomhaltas ag fórsaí míleata.

2.1.6.   EITLÍOCHT IDIRNÁISIÚNTA

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig aerárthaí le haghaidh eitlíocht idirnáisiúnta. Ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an tsuímh imeachta agus an tsuímh tuirlingthe seachas ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Ní fholaítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú i ‘Nach sonraítear in aon áit eile - Iompar’) agus úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú i ‘Nach sonraítear in aon áit eile - Eile’).

2.1.7.   ATHRUITHE AR STOIC

An difríocht idir an leibhéal stoic tosaigh agus an leibhéal stoic deiridh le haghaidh stoc atá á gcoinneáil ar chríoch náisiúnta. Mura sonraítear a mhalairt, taispeántar tógáil stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dheimhneach.

2.1.8.   STOIC IOMLÁNA TOSAIGH AGUS DEIRIDH AR CHRÍOCH NÁISIÚNTA

Gach stoc ar chríoch náisiúnta, lena bhfolaítear stoic atá á gcoinneáil ag rialtais, ag mórthomhaltóirí nó ag eagraíochtaí stocshealbhaíochta, stoic atá á gcoinneáil ar bord soithí farraige ag teacht isteach, stoic atá á gcoinneáil i limistéir faoi bhanna agus stoic atá á gcoinneáil le haghaidh daoine eile, bíodh sé faoi chomhaontú déthaobhach rialtais nó ná bíodh. Tagraíonn stoc ‘tosaigh’ agus stoc ‘deiridh’ don chéad lá agus don lá deiridh den tréimhse tuarascála, faoi seach. Folaítear le stoc na stoic a choinnítear i ngach cineál saoráidí stórála, ar an talamh nó faoin talamh.

2.1.9.   ÚSÁID DHÍREACH

Ola (Táirgí amhola agus táirgí peitriliam) a úsáidtear go díreach gan iad a phróiseáil i scaglanna peitriliam. Folaítear amhola a dhóitear chun leictreachas a ghiniúint.

2.1.10.   FÁLTAIS TÁIRGÍ PRÍOMHÚLA

Folaítear cainníochtaí amhola dúchasaí nó allmhairithe (lena bhfolaítear comhdhlúthán) agus LGN dúchasach (2) a úsáidtear go díreach gan iad a bheith próiseáilte i scaglann peitriliam, agus cainníochtaí cúlsreabha ón tionscal peitriceimiceach, ar cainníochtaí iad a úsáidtear go díreach cé nach breoslaí príomhúla iad.

2.1.11.   OLL-ASCHUR SCAGLAINNE

Táirgí críochnaithe a tháirgeadh i scaglann nó i ngléasra cumaiscthe. Ní fholaítear caillteanais scaglainne ach folaítear breosla scaglainne.

2.1.12.   TÁIRGÍ ATHCHÚRSÁILTE

Táirgí críochnaithe a théann tríd an líonra margaíochta den dara huair, tar éis iad a bheith seachadta chuig na tomhaltóirí deiridh (e.g. bealaí úsáidte a athphróiseáiltear). Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir na cainníochtaí seo agus na cúlsreabha peitriceimiceacha.

2.1.13.   CÚLSREABHA

Táirgí críochnaithe nó táirgí leathchríochnaithe a aischuirfear ó thomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth.

2.1.14.   AISTRITHE IDIR-THÁIRGÍ

Cainníochtaí a athaicmítear toisc gur athraigh a sonraíocht nó toisc go ndearnadh iad a chumasc ina dtáirge eile. Déanfar iontráil dhiúltach le haghaidh táirge amháin a chúiteamh le hiontráil dheimhneach (nó roinnt iontrálacha) le haghaidh táirge amháin nó roinnt táirgí agus vice versa; ba cheart an ghlanéifeacht iomlán a bheith cothrom le nialas.

2.1.15.   TÁIRGÍ ARNA nAISTRIÚ

Táirgí peitriliam allmhairithe a athaicmítear mar bhunábhair lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh.

2.1.16.   DIFRÍOCHTAÍ STAIDRIMH

Luach ríofa, arna shainiú mar an difríocht idir an ríomh ó thaobh an tsoláthair de (cur chuige ón mbarr anuas) agus an ríomh ó thaobh an tomhaltais de (cur chuige ón mbun aníos). Ba cheart aon difríocht mhór staidrimh a mhíniú.

2.2.   Earnáil an chlaochlaithe

In earnáil an chlaochlaithe, níor cheart ach na cainníochtaí breosla a claochlaíodh i gcineálacha eile breosla a thuairisciú. Cainníochtaí breosla a úsáidtear ina mbreosla téimh, chun trealamh a oibriú agus ina dtacú ginearálta le claochlú, ba cheart na cainníochtaí breosla sin a dhearbhú in earnáil an fhuinnimh.

2.2.1.   LEICTREACHAS NA dTÁIRGEOIRÍ PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA AMHÁIN

Cainníochtaí breosla á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun leictreachas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.

2.2.2.   AONAID TEASA AGUS CUMHACHTA IN ÉINEACHT (CTÉ) NA dTÁIRGEOIRÍ PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA

Cainníochtaí breosla á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh in aonaid CTÉ.

2.2.3.   TEAS NA dTÁIRGEOIRÍ PRÍOMHGHNÍOMHAÍOCHTA AMHÁIN

Cainníochtaí breosla á n-úsáid ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta chun teas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí teasa amháin.

2.2.4.   LEICTREACHAS UATH-THÁIRGEOIRÍ AMHÁIN

Cainníochtaí breosla á n-úsáid ag uath-tháirgeoirí chun leictreachas a tháirgeadh in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.

2.2.5.   UATH-THÁIRGEOIRÍ - AONAID TEASA AGUS CUMHACHTA IN ÉINEACHT (CTÉ)

Gach cainníocht breosla á húsáid ag uath-tháirgeoirí chun leictreachas a tháirgeadh agus an chuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é a dhíoltar in aonaid CTÉ. Maidir leis an gcuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é nár díoladh (teas a thomhlaítear go huathoibríoch), tá sí le tuairisciú san earnáil chuí de thomhaltas deiridh fuinnimh bunaithe ar aicmiú NACE. Teas nach ndíoltar ach a sheachadtar chuig eintitis eile faoi chomhaontuithe neamhairgeadais nó chuig eintitis faoi úinéireacht dhifriúil, ba cheart an tuairisciú a dhéantar air a bhunú ar an bprionsabal céanna leis an teas a dhíoltar.

2.2.6.   Teas Uath-tháirgeoirí AMHÁIN

An chuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun an teas a tháirgeadh, teas a dhíolann na huath-tháirgeoirí in aonaid/gléasraí teasa amháin. Maidir leis an gcuid chomhréireach breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh ar teas é nár díoladh (teas a thomhlaítear go huathoibríoch), tá sí le tuairisciú san earnáil chuí de thomhaltas deiridh fuinnimh bunaithe ar aicmiú NACE. Teas nach ndíoltar ach a sheachadtar chuig eintitis eile faoi chomhaontuithe neamhairgeadais nó chuig eintitis faoi úinéireacht dhifriúil, ba cheart an tuairisciú a dhéantar air a bhunú ar an bprionsabal céanna leis an teas a dhíoltar.

2.2.7.   GLÉASRAÍ BREOSLA PAITINNE

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i ngléasraí breosla paitinne chun breosla paitinne a tháirgeadh.

2.2.8.   OIGHINN CHÓIC

Cainníochtaí breosla a úsáidtear in oighinn chóic chun cóc oighinn chóic agus gás oighinn chóic a tháirgeadh.

2.2.9.   GLÉASRAÍ BKB/PB

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun brícíní guail doinn (BKB) a tháirgeadh i ngléasraí BKB agus cainníochtaí breoslaí a úsáidtear i ngléasraí bricíní móna chun brícíní móna (PB) a tháirgeadh.

2.2.10.   Oibreacha Gáis

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun gás oibreacha gáis a tháirgeadh in oibreacha gáis agus i ngléasraí gásúcháin guail.

2.2.11.   FOIRNÉIS SOINNEÁIN

Cainníochtaí breoslaí a théann isteach sa soitheach foirnéise soinneáin, cé acu tríd an mbarr in éineacht leis an amhiarann nó tríd na píopaí ag an mbun in éineacht leis an aer soinneáin téite.

2.2.12.   LEACHTÚ GUAIL

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun ola shintéiseach a tháirgeadh.

2.2.13.   GLÉASRAÍ GÁS GO LEACHT

Cainníochtaí breoslaí gásacha a tiontaíodh ina mbreoslaí leachtacha.

2.2.14.   GLÉASRAÍ TÁIRGTHE FIOGHUAIL

Cainníochtaí bithbhreoslaí soladacha a tiontaíodh ina bhfioghual.

2.2.15.   SCAGLANNA PEITRILIAM

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun táirgí peitriliam a tháirgeadh.

2.2.16.   GLÉASRAÍ CUMAISCTHE GÁIS NÁDÚRTHA (LE HAGHAIDH GÁS NÁDÚRTHA CUMAISCTHE)

Cainníochtaí na ngás a chumasctar le gás nádúrtha isteach san eangach gháis (líonra gáis).

2.2.17.   CHUN A CHUMASC LE GÁSAILÍN MÓTAIR/LE DÍOSAL/LE CEIRISÍN

Cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha a chumasctar lena macasamhlacha iontaise.

2.2.18.   NACH BHFUIL SONRAITHE IN AON ÁIT EILE

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí claochlaithe nach bhfolaítear in áit eile. I gcás ina n-úsáidfear é sin, ba cheart an méid a fholaítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.3.   An Earnáil Fuinnimh

Cainníochtaí arna dtomhailt ag an tionscal fuinnimh chun tacú le hoibríochtaí eastósctha (mianadóireacht, táirgeadh ola agus gáis) nó le hoibríochtaí gléasra a bhaineann le gníomhaíochtaí claochlaithe. Comhfhreagraíonn sé sin do NACE Rev. 2 Rannáin 05, 06, 19 agus 35, NACE Rev. 2 Grúpa 09.1 agus NACE Rev. 2 aicmí 07.21 agus 08.92.

Ní fholaíonn sé cainníochtaí breoslaí arna gclaochlú i bhfoirm eile fuinnimh (ba cheart iad sin a thuairisciú faoi earnáil an chlaochlaithe) nó cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun tacú le hoibriú píblínte ola, gáis agus sciodair guail (ba cheart iad sin a thuairisciú in earnáil an iompair).

Folaíonn sé monarú ábhar ceimiceach le haghaidh eamhnú adamhach agus le haghaidh comhleá adamhach agus táirgí na bpróiseas sin.

2.3.1.   LEICTREACHAS, GLÉASRAÍ CTÉ AGUS TEASA DÁ n-ÚSÁID FÉIN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí le haonad leictreachais amháin, le haonad teasa amháin agus le haonad CTÉ.

2.3.2.   MIANAIGH GHUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh chun tacú le gual a eastóscadh agus a ullmhú laistigh de thionscal na gualmhianadóireachta. An gual arna dhó i stáisiúin ghiniúna bhéal an tsloic, ba cheart é a thuairisciú in earnáil an chlaochlaithe.

2.3.3.   GLÉASRAÍ BREOSLA PAITINNE

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí breosla paitinne.

2.3.4.   OIGHINN CHÓIC

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta in oighinn chóic (gléasraí cóic).

2.3.5.   GLÉASRAÍ BKB/PB

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí BKP/PB (gléasraí bricíní).

2.3.6.   OIBREACHA GÁIS/OIBREACHA GÁSÚCHÁIN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag oibreacha gáis agus gléasraí gásúcháin guail.

2.3.7.   FOIRNÉISÍ SOINNEÁIN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag foirnéisí soinneáin.

2.3.8.   LEACHTÚ GUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí leachtaithe guail.

2.3.9.   LEACHTÚ (GNL)/ATHGHÁSÚCHÁN

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag gléasraí leachtaithe gáis nádúrtha agus ag gléasraí athghásúcháin.

2.3.10.   GLÉASRAÍ GÁSÚCHÁIN (BITHGHÁS)

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí gásúcháin bithgháis.

2.3.11.   GLÉASRAÍ GÁS GO LEACHT (GTL)

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí tiontaithe gás go leacht.

2.3.12.   GLÉASRAÍ TÁIRGTHE FIOGHUAIL

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta i ngléasraí táirgthe fioghuail.

2.3.13.   SCAGLANNA PEITRILIAM

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt mar fhuinneamh le haghaidh oibríochtaí tacaíochta ag scaglanna peitriliam.

2.3.14.   OLA AGUS GÁS A EASTÓSCADH

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt i saoráidí eastósctha ola agus gáis nádúrtha. Ní fholaíonn sé caillteanais ó phíblíne (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte) agus cainníochtaí fuinnimh arna n-úsáid chun píblínte a oibriú (atá le tuairisciú in earnáil an iompair).

2.3.15.   NACH BHFUIL SONRAITHE IN AON ÁIT EILE - FUINNEAMH

Cainníochtaí breoslaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fuinnimh nach bhfolaítear in áit eile. I gcás ina n-úsáidfear é sin, ba cheart an méid a fholaítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.4.   Caillteanais tarchuir agus caillteanais dáilte

2.4.1.   CAILLTEANAIS TARCHUIR

Cainníochtaí caillteanas breoslaí a tharlaíonn de bharr tarchuir, mar chuid den chóras arna oibriú ag an oibreoir córais tarchurtha. Folaíonn sé caillteanais theicniúla agus caillteanais neamh-theicniúla. Maidir le leictreachas, folaíonn sé caillteanais i gclaochladáin a measfar nach codanna dílse de ghléasraí cumhachta iad. Maidir le gás, folaíonn sé gnáthscaoileadh agus bladhmadh le linn tarchuir.

2.4.2.   CAILLTEANAIS DÁILTE

Cainníochtaí caillteanas breoslaí a tharlaíonn de bharr tarchuir, mar chuid den chóras arna oibriú ag an oibreoir córais tarchuir. Folaíonn sé caillteanais theicniúla agus caillteanais neamh-theicniúla. Maidir le gás, folaíonn sé gnáthscaoileadh agus bladhmadh le linn traschuir.

2.5.   Tomhaltas neamhfhuinnimh deiridh

Cainníochtaí breoslaí iontaise a úsáidtear chun críoch neamhfhuinnimh - nach ndéantar iad a dhó.

2.6.   Tomhaltas fuinnimh deiridh (sonraíochtaí úsáide deiridh)

2.6.1.   EARNÁIL AN TIONSCAIL

Tagraíonn sé seo do chainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag an ngnóthas tionscail chun tacú lena chuid príomhghníomhaíochtaí.

Maidir le haonaid teasa amháin nó le haonaid CTÉ, ní bheidh le tuairisciú ach na cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt chun teas a tháirgeadh, ar teas é a úsáidfidh an gléasra féin (teas a thomhailt go huathoibríoch). Maidir le cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt chun teas a tháirgeadh a bheidh le díol, agus chun leictreachas a tháirgeadh, ba cheart iad a thuairisciú faoi earnáil an chlaochlaithe iomchuí.

2.6.1.1.

Mianadóireacht agus cairéalacht: NACE Rev. 2, Ranna 07 (seachas 07.21) agus 08 (seachas 08.92); NACE Rev. 2, Grúpa 09.9.

2.6.1.1.1.

Mianadóireacht ar mhianraí miotail [NACE Rev. 2 Roinn 07); ní fholaíonn sé NACE Rev. 2 Aicme 07.21 Mianadóireacht ar mhianta úráiniam nó tóiriam]

2.6.1.1.2.

Mianadóireacht agus cairéalacht eile [NACE Rev. 2 Roinn 08; ní fholaíonn sé NACE Rev. 2 Aicme 08.92 Móin a bhaint]

2.6.1.1.3.

Seirbhísí tacaíochta gníomhaíochta mianadóireachta [NACE Rev. 2 Roinn 09; ní fholaíonn sé NACE Rev. 2, Grúpa 09.1 Gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh eastósctha peitriliam agus gáis nádúrtha]

2.6.1.2.

Bia, Deochanna agus Tobac: NACE Rev. 2, Ranna 10, 11 agus 12.

2.6.1.2.1.

Monarú táirgí bia [NACE Rev. 2 Roinn 10]

2.6.1.2.2.

Monarú deochanna [NACE Rev. 2 Roinn 11]

2.6.1.2.3.

Monarú táirgí tabac [NACE Rev. 2 Roinn 12]

2.6.1.3.

Teicstíl agus Leathar [NACE Rev. 2 Ranna 13, 14 agus 15; folaítear Monarú teicstílí, Monarú corpbhirt agus Monarú táirgí leathair agus táirgí gaolmhara]

2.6.1.4.

Adhmad agus táirgí adhmaid — Monarú adhmaid agus táirgí adhmaid agus coirc, seachas troscán; Monarú earraí tuí agus ábhair thrilseacha [NACE Rev. 2 Roinn 16]

2.6.1.5.

Laíon, páipéar agus clódóireacht: NACE Rev. 2, Ranna 17 agus 18.

2.6.1.5.1.

Monarú táirgí páipéir agus táirgí páipéir [NACE Rev. 2 Roinn 17]

2.6.1.5.1.1.

Monarú laín [NACE Rev. 2 Aicme 17.11]

2.6.1.5.1.2.

Páipéar eile agus táirgí páipéir [NACE Rev. 2, Aicme 17.12. agus NACE Rev. 2, Grúpa 17.2]

2.6.1.5.2.

Priontáil agus atáirgeadh na meán taifeadta [NACE Rev. 2 Roinn 18]

2.6.1.6.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach: NACE Rev. 2, Rannáin 20 agus 21.

2.6.1.6.1.

Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha [NACE Rev. 2 Roinn 20]

2.6.1.6.2.

Monarú buntáirgí cógaisíochta agus ullmhóidí cógaisíochta [NACE Rev. 2 Roinn 21]

2.6.1.7.

Mianracha neamh-mhiotalacha [NACE Rev. 2 Roinn 23]

2.6.1.7.1.

Monarú gloine agus táirgí gloine [NACE Rev. 2 Grúpa 23.1]

2.6.1.7.2.

Monarú stroighne, aoil agus plástair (lena bhfolaítear Clincear) [NACE Rev. 2, Grúpa 23.5]

2.6.1.7.3.

Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile [NACE Rev. 2, Grúpaí 23.2, 23.3, 23.4, 23.6, 23.7 agus 23.9]

2.6.1.8.

Iarann agus cruach [Monarú miotal bunúsach A: NACE Rev. 2, Grúpaí 24.1, 24.2 agus 24.3 agus Aicmí 24.51 agus 24.52]

2.6.1.9.

Tionscal miotal neamhfheiriúil [Monarú miotal bunúsach B: NACE Rev. 2, Grúpa 24.4 agus Aicmí 24.53 agus 24.54]

2.6.1.9.1.

Táirgeadh alúmanaim [NACE Rev. 2 Aicme 24.42]

2.6.1.9.2.

Tionscal miotal neamhfheiriúil eile [NACE Rev. 2, Grúpa 24.4 — seachas. NACE Rev. 2 Aicme 24.42; NACE Rev. 2, Aicmí 24.53 agus 24.54]

2.6.1.10.

Innealra: NACE Rev. 2, Ranna 25, 26, 27 agus 28.

2.6.1.10.1.

Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh [NACE Rev. 2 Roinn 25]

2.6.1.10.2.

Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha [NACE Rev. 2 Roinn 26]

2.6.1.10.3.

Monarú trealamh leictreonach [NACE Rev. 2 Roinn 27]

2.6.1.10.4.

Monarú innealra agus trealaimh nach n-aicmítear in aon áit eile [NACE Rev. 2 Roinn 28]

2.6.1.11.

Trealamh iompair: Tionscail a bhaineann leis an trealamh a úsáidtear le haghaidh iompair [NACE Ranna 29 agus 30; folaíonn sé Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí agus Monarú trealamh iompair eile]

2.6.1.12.

Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile - Tionscal: NACE Rannáin 22, 31 agus 32

2.6.1.12.1.

Monarú táirgí rubair agus plaisteacha [NACE Roinn 22]

2.6.1.12.2.

Monarú troscán [NACE Rev. 2 Roinn 31]

2.6.1.12.3.

Monarú eile [NACE Rev. 2 Roinn 32]

2.6.1.13.

Tógáil [NACE Rev. 2, Ranna 41, 42 agus 43]

2.6.2.   EARNÁIL AN IOMPAIR

Fuinneamh a úsáidtear i ngach gníomhaíocht iompair gan beann ar earnáil NACE (an earnáil gheilleagair) ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht. Breoslaí a úsáidtear le haghaidh téamh agus soilsiú ag stáisiúin iarnróid, stáisiúin bus, céanna loingseoireachta agus aerfoirt, ba cheart iad a thuairisciú faoi ‘Sheirbhísí Tráchtála agus Poiblí’ agus ní in earnáil an iompair.

2.6.2.1.   Iarnród

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear ag trácht iarnróid, lena bhfolaítear iarnróid thionsclaíocha agus iompar iarnróid ina chuid de chórais iompair uirbigh agus fo-uirbigh (cuir i gcás traenacha, tramanna, an meitreo).

2.6.2.1.1.   Iarnród ardluais

Fuinneamh á úsáid ag traenacha a bhíonn á gcur ag rith ar línte ar a bhféadfar luas de bhreis ar 200 ciliméadar in aghaidh na huaire a bhaint amach.

2.6.2.1.2.   Gnáthchóras iarnróid

Fuinneamh á úsáid ag trácht iarnróid, seachas iarnróid ardluais agus an meitreo agus an tram.

2.6.2.1.2.1.   Iompar paisinéirí de ghnáthchóras iarnróid

Fuinneamh á úsáid ag iarnróid chun paisinéirí a iompar, arb é atá i gceist leis gluaiseacht paisinéirí agus úsáid á baint as feithiclí iarnróid idir an t-ionad bordála agus an t-ionad díbhordála seachas baill d’fhoireann na traenach, a dhéanann turas d’iarnród.

2.6.2.1.2.2.   Iompar lastais de ghnáthchóras iarnróid

Fuinneamh á úsáid ag iarnród le haghaidh earraí a iompar, rud a chiallaíonn aistriú earraí agus úsáid á baint as feithiclí iarnróid idir an t-ionad luchtaithe agus an t-ionad díluchtaithe.

2.6.2.1.3.   An meitreo agus an tram

Fuinneamh á úsáid ag an meitreo, ag an tram, ag iarnród éadrom agus ag córais eile iarnród uirbeach ardaithe nó iarnród uirbeach faoi thalamh.

2.6.2.2.   Loingseoireacht intíre

Cainníochtaí breoslaí arna seachadadh chuig longa de gach bratach nach bhfuil ag gabháil do loingseoireacht idirnáisiúnta (féach umair mhuirí idirnáisiúnta). Ba cheart go ndéanfaí an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an chalafoirt imeachta agus an chalafoirt teachta seachas ar bhonn bhratach nó náisiúntacht na loinge.

2.6.2.3.   Bóthar

Cainníochtaí breoslaí á n-úsáid i bhfeithiclí bóthair. Folaíonn sé breosla á úsáid ag feithiclí talmhaíochta ar mhórbhealaí agus bealaí lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair.

Ní fholaíonn sé fuinneamh á úsáid in innill dho-aistrithe (féach ‘Earnáil eile’), le haghaidh úsáide neamh-mhórbhealaí i dtarracóirí (féach ‘Talmhaíocht’), úsáide míleata i bhfeithiclí bóthair (féach ‘Earnáil eile – Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile’), biotúman a úsáidtear i bhforéadanú bóthair agus fuinneamh a úsáidtear in innill ar láithreáin fhoirgníochta (féach ‘Tionscail’ fo-earnáil ‘Tógáil’).

2.6.2.3.1.   Feithiclí tromshaothair lena n-iompraítear lastas

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i dtrucailí 3,5 tona toilleadh ualaigh na feithicle a mbíonn lasta á iompar acu (feithiclí i gcatagóirí N2 agus N3 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).

2.6.2.3.2.   Iompar comhchoiteann

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i bhfeithiclí móra, a mbíonn paisinéirí á n-iompar acu, amhail busanna, cóistí, veaineanna móra, etc. (feithiclí de chatagóirí M2 agus M3 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).

2.6.2.3.3.   Gluaisteáin agus veaineanna

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i bhfeithiclí beaga, amhail carranna agus veaineanna, a mbíonn paisinéirí nó lasta á n-iompar acu (feithiclí i gcatagóirí N1 agus M1 de réir aicmiú na hEorpa le haghaidh catagóir feithicle, bunaithe ar chaighdeáin UNECE).

2.6.2.3.4.   Iompar eile de bhóthar:

Cainníochtaí breosla a úsáidtear i ngach foirm iompar bóthair seachas feithiclí tromshaothair a mbíonn lasta á iompar acu, iompar comhchoitinn agus carranna agus veaineanna.

2.6.2.4.   Iompar de phíblíne

Cainníochtaí breoslaí arna n-úsáid mar fhuinneamh chun tacú le píblínte a oibriú, píblínte a mbíonn gás, leachtanna, sciodar agus tráchtearraí eile á n-iompar acu. Folaíonn sé fuinneamh a úsáidtear le haghaidh stáisiún caidéil agus chun píblínte a chothabháil. Ní fholaíonn sé fuinneamh a úsáidtear chun gás nádúrtha nó gás monaraithe, uisce te nó gal a dháileadh trí phíblínte ón dáileoir chuig úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú in earnáil an fhuinnimh), fuinneamh a úsáidtear maidir le dáileadh deiridh uisce chuig úsáideoirí tí, úsáideoirí tionscail, úsáideoirí tráchtála agus úsáideoirí eile (atá le folú san earnáil Tráchtála/poiblí) agus caillteanais a tharlaíonn le linn an iompair idir an dáileoir chuig úsáideoirí deiridh (atá le tuairisciú mar chaillteanais dáilte).

2.6.2.5.   Eitlíocht intíre

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar chuig aerárthaí le haghaidh eitlíocht intíre. Folaíonn sé breosla a úsáidtear le haghaidh críoch eile seachas eitilt, e.g. tagarthástáil na n-inneall. Ba cheart an deighilt intíre/idirnáisiúnta a chinneadh ar bhonn an tsuímh imeachta agus an tsuímh tuirlingthe seachas ar bhonn náisiúntacht na haerlíne. Folaítear leis sin fad suntasach na dturas idir dhá aerfort i dtír a bhfuil críoch thar lear aici. Ní fholaítear breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair (atá le tuairisciú i ‘Nach sonraítear in aon áit eile - Iompar’) agus úsáid mhíleata breoslaí eitlíochta (atá le tuairisciú i ‘Nach sonraítear in aon áit eile - Eile’).

2.6.2.6.   Nach bhfuil Sonraithe in aon áit eile - Iompar

Cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí iompair agus nach bhfolaítear in áit eile. Folaíonn sé breoslaí arna n-úsáid ag aerlínte dá bhfeithiclí bóthair agus breoslaí arna n-úsáid sna calafoirt le haghaidh dílódairí long, cineálacha éagsúla craenacha. I gcás ina n-úsáidfear é sin, ba cheart an méid a fholaítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

2.6.3.   EARNÁLACHA EILE

Folaítear sa chatagóir seo cainníochtaí breoslaí a úsáidtear in earnálacha nach bhfuil luaite go sonrach nó nach mbaineann le fuinneamh, le tionscal nó le hiompar.

2.6.3.1.   Seirbhísí tráchtála agus poiblí

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag gnóthaí agus ag oifigí sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. NACE Rev. 2 Ranna 33, 36, 37, 38, 39, 45, 46, 47, 52, 53, 55, 56, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 68, 69, 70, 71, 72, 73, 74, 75, 77, 78, 79, 80, 81, 82, 84 (seachas Aicme 84.22), 85, 86, 87, 88, 90, 91, 92, 93, 94, 95, 96 agus 99. Breoslaí a úsáidtear le haghaidh téamh agus soilsiú ag stáisiúin iarnróid, ag stáisiúin bus, ag céanna loingseoireachta agus ag aerfoirt, ba cheart iad a thuairisciú sa chatagóir seo. Folaíonn sé seo breoslaí a úsáidtear le haghaidh gach gníomhaíocht neamh-iompair de NACE Rev. 2 Ranna 49, 50 agus 51.

2.6.3.1.1.

Deisiú agus suiteáil innealra agus trealamh [NACE Rev. 2, Cuid C Ranna 33]

2.6.3.1.2.

Soláthar uisce; séarachas, gníomhaíochtaí bainistithe agus leasúcháin dramhaíola [NACE Rev. 2, Rannóg E]

2.6.3.1.3.

Trádáil mhórdhíola agus trádáil mhiondíola; Deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar [NACE Rev. 2, Rannóg G]

2.6.3.1.3.1.

Trádáil mhórdhíola [NACE Rev. 2, Rannóg G, Roinn 46]

2.6.3.1.3.2.

Trádáil mhiondíola [NACE Rev. 2, Rannóg G, Roinn 47]

2.6.3.1.4.

Ollstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair [NACE Rev. 2, Rannóg H, Roinn 52]

2.6.3.1.5.

Gníomhaíochtaí poist agus cúiréarachta [NACE Rev. 2, Rannóg H, Roinn 53]

2.6.3.1.6.

Gníomhaíochtaí seirbhísí cóiríochta agus bia [NACE Rev. 2, Rannóg I]

2.6.3.1.6.1.

Cóiríocht [NACE Rev. 2, Rannóg I, Roinn 55]

2.6.3.1.6.2.

Gníomhaíochtaí seirbhísí bia [NACE Rev. 2, Rannóg I, Roinn 56]

2.6.3.1.7.

Faisnéis agus cumarsáid [NACE Rev. 2, Rannóg J]

2.6.3.1.8.

Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais agus gníomhaíochtaí Réadmhaoine [NACE Rev. 2, Rannóg K agus NACE Rev. 2, Rannóg L]

2.6.3.1.9.

Gníomhaíochtaí riaracháin agus gníomhaíochtaí seirbhísí tacaíochta [NACE Rev. 2 Rannóg N]

2.6.3.1.10.

Riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach [NACE Rev. 2, Rannóg O]

2.6.3.1.11.

Oideachas [NACE Rev. 2, Rannóg P]

2.6.3.1.12.

Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta [NACE Rev. 2, Rannóg Q]

2.6.3.1.12.1.

Gníomhaíochtaí ospidéil [NACE Rev. 2, Rannóg Q, Grúpa 86.1]

2.6.3.1.13.

Na healaíona, siamsaíocht agus áineas [NACE Rev. 2, Rannóg R]

2.6.3.1.13.1.

Gníomhaíochtaí spórt [NACE Rev. 2, Rannóg R, Roinn 93]

2.6.3.1.14.

Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí seach-chríochacha [NACE Rev. 2, Rannóg U]

2.6.3.1.15.

Seirbhísí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla agus Seirbhísí eile [NACE Rev. 2, Rannóg M agus NACE Rev. 2, Rannóg S]

2.6.3.1.16.

Lárionaid sonraí. Sainmhínítear lárionad sonraí mar struchtúr nó grúpa de struchtúir a úsáidtear chun áit a chur ar fáil do chórais ríomhaireachta/do fhreastalaithe ríomhaireachta, chun iad a nascadh agus chun iad a oibriú, chomh maith leis an trealamh gaolmhar le haghaidh sonraí a stóráil, a phróiseáil agus/nó a dháileadh, mar aon le gníomhaíochtaí gaolmhara.

2.6.3.2.   Teaghlaigh

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag gach teaghlach lena bhfolaítear ‘teaghlaigh ina bhfuil daoine fostaithe’. NACE Rev. 2, Ranna 97 agus 98.

Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir le hearnáil na dteaghlach:

Is ionann teaghlach agus duine a chónaíonn ina aonar, teaghlach, nó grúpa daoine atá ina gcónaí le chéile sa teaghais phríobháideach chéanna agus a chomhroinneann fóntais agus costais mhaireachtála riachtanacha eile. Dá bhrí sin, is comhthiomsú comhchoiteann de gach teaghlach i dtír í earnáil na dteaghlach, ar a dtugtar an earnáil chónaithe nó an earnáil intíre freisin.

Ba cheart áiteanna cónaithe comhchoiteanna, bídís buan (e.g. príosúin) nó sealadach (e.g. ospidéil), a eisiamh toisc go bhfolaítear iad faoi thomhaltas in earnáil na seirbhíse. Fuinneamh a úsáidtear i ngníomhaíochtaí iompair, ba cheart é a thuairisciú in earnáil an iompair agus ní in earnáil na dteaghlach.

Maidir le tomhaltas fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha suntasacha a dhéanann teaghlaigh, ba cheart é a eisiamh freisin ó thomhaltas iomlán fuinnimh na dteaghlach. Folaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí eacnamaíocha talmhaíochta ar fheirmeacha beaga agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a dhéantar in áit chónaithe teaghlaigh agus ba cheart iad a thuairisciú in earnáil iomchuí an tomhaltais chríochnaithigh.

2.6.3.2.1.   Téamh spáis

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun teas a sholáthar in áit taobh istigh de theaghais.

2.6.3.2.2.   Fuarú spáis

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun críocha fuaraithe i dteaghais, trí chóras cuisnithe agus/nó trí aonad cuisnithe.

Ní fholaítear sa chuid seo gaothráin, séidirí agus fearais eile nach bhfuil ceangailte le haonad cuisnithe, ach ba cheart iad a fholú sa roinn ‘Soilsiú and fearais leictreacha’.

2.6.3.2.3.   Téamh uisce

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun uisce a théamh le haghaidh uisce reatha te, chun folcadán a thógáil, le haghaidh glantacháin agus feidhmeanna eile neamhchócaireachta.

Ní fholaítear ann téamh linnte snámha, ach ba cheart é sin a fholú sa roinn ‘Úsáidí eile deiridh’.

2.6.3.2.4.   Cócaireacht

Tagraíonn an tseirbhís fuinnimh seo d’úsáid fuinnimh chun béilí a ullmhú.

Ní fholaítear ann fearais chócaireachta cúnta (oighinn mhicreathonnacha, citil, déantóirí caife, etc.) agus ba cheart iad sin a fholú sa roinn ‘Soilsiú agus fearais leictreacha’.

2.6.3.2.5.   Soilsiú agus fearais leictreacha (leictreachas amháin):

Leictreachas a úsáid le haghaidh soilsiú agus aon fhearas leictreach eile i dteaghais nach meastar a bheith laistigh d’úsáidí deiridh eile.

2.6.3.2.6.   Úsáidí deiridh eile

Aon tomhaltas fuinnimh eile i dteaghlaigh, amhail fuinneamh a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus aon ghníomhaíocht eile nach n-áirítear sna cúig úsáid fuinnimh a luaitear thuas (e.g. lomairí faiche, téamh linnte snámha, téitheoirí amuigh faoin aer, beárbaiciúnna amuigh faoin aer, tithe an allais etc.).

2.6.3.3.   Talmhaíocht

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag úsáideoirí arna n-aicmiú mar tháirgeadh barr agus táirgeadh ainmhithe, mar shealgaireacht agus mar ghníomhaíochtaí seirbhíse gaolmhara; NACE Rev. 2, Roinn 01.

2.6.3.4.   Foraoiseacht

Cainníochtaí breoslaí arna dtomhailt ag úsáideoirí arna n-aicmiú mar fhoraoiseacht agus lománaíocht; NACE Rev. 2 Roinn 02.

2.6.3.5.   Iascaireacht

Cainníochtaí breoslaí a sheachadtar le haghaidh iascaireacht intíre, iascaireacht chósta agus iascaireacht dhomhainfharraige. Ba cheart a fholú leis an iascaireacht breoslaí a sheachadtar chuig longa de gach bratach a athlíonann le breosla sa tír (lena bhfolaítear iascaireacht idirnáisiúnta) agus an fuinneamh a úsáidtear in earnáil na hiascaireachta. NACE Rev. 2 Roinn 03.

2.6.3.6.   Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile - Eile

Cainníochtaí breoslaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí nach n-áirítear in aon áit eile (amhail NACE Rev. 2, Aicme 84.22). Folaítear sa chatagóir seo úsáid mhíleata breoslaí le haghaidh tomhaltas soghluaiste agus doghluaiste (e.g. longa, aerárthaí, bóthar agus fuinneamh a úsáidtear in áit chónaitheach), is cuma cé acu a dhéanfar an breosla a sheachadadh d’arm na tíre sin nó d’arm tíre eile. I gcás ina n-úsáidfear é sin, ba cheart an méid a fholaítear faoin gceannteideal seo a mhíniú sa tuarascáil.

3.   TÁIRGÍ

3.1.   GUAL (breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe)

3.1.1.   GUAL CRUA

Is éard atá i ngual crua comhiomlán táirge atá cothrom le suim antraicíte, guail chóic agus guail bhiotúmanaigh eile.

3.1.2.   ANTRAICÍT

Gual ardghráid a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha agus feidhmeanna tís. Go hiondúil bíonn níos lú ná 10 % ábhar soghalaithe agus cion ard de charbón (thart ar 90 % carbón fosaithe) ann. Is mó ná 24 000 kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.

3.1.3.   GUAL CÓIC

Gual biotúmanach ag a bhfuil cáilíocht a éascaíonn táirgeadh cóic (cóc oighinn chóic) atá oiriúnach chun lánán foirnéise soinneáin a sheasamh. Is mó ná 24 000 kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.

3.1.4.   GUAL BIOTÚMANACH EILE

Gual a úsáidtear chun gal a ardú agus lena bhfolaítear gach gual biotúmanach nach bhfolaítear faoi ghual cóic ná faoi antraicít. Saintréith de is ea ábhar soghalaithe níos airde ná antraicít (níos mó ná 10 %) agus cion de charbón níos ísle (níos lú ná 90 % carbón fosaithe). Is mó ná 24 000 kJ/kg a oll-luach calrach ar bhonn atá saor ó luaith ach atá tais.

3.1.5.   GUAL DONN

Is éard atá sa ghual donn comhiomlán táirge atá cothrom le suim an ghuail fho-bhiotúmanaigh agus na ligníte.

3.1.6.   GUAL FO-BHIOTÚMANACH

Tagraíonn sé do ghual neamh-chomhdhlúthaithe ag a bhfuil luach calrach comhlán idir 20 000 kJ/kg agus 24 000 kJ/kg ina bhfuil níos mó ná 31 % ábhar soghalaithe ar bhonn atá saor ó ábhar mianrach tirim.

3.1.7.   LIGNÍT

Gual neamh-chomhdhlúthaithe ag a bhfuil luach calrach comhlán níos lú ná 20 000 kJ/kg agus níos mó ná 31 % ábhar soghalaithe ar bhonn atá saor ó ábhar mianrach tirim.

3.1.8.   BREOSLA PAITINNE

Breosla comhdhéanta a mhonaraítear as mínbhrus guail chrua trí oibreán nasctha a chur leis. Dá bhrí sin, féadfaidh méid an bhreosla paitinne a tháirgtear a bheith beagán níos airde ná an méid iarbhír guail a thomhlaítear sa phróiseas claochlaithe.

3.1.9.   CÓC OIGHINN CHÓIC

An táirge soladach a fhaightear ó charbónú guail, go príomha gual cóic, ag teocht ard; tá sé íseal in ábhar taise agus in ábhar so-ghalaithe. Úsáidtear cóc oighinn chóic go príomha sa tionscal iarainn agus cruach, ag gníomhú dó mar fhoinse fuinnimh agus mar oibreán ceimiceach.

Tá bríos cóic agus cóc teilgcheárta le tuairisciú sa chatagóir seo.

Ba cheart breac-chóc (táirge soladach a fhaightear ó charbónú guail ag teocht íseal) a fholú sa chatagóir seo. Úsáidtear breac-chóc mar bhreosla téimh nó úsáideann an gléasra claochlaithe féin é.

Folaíonn an ceannteideal seo cóc, bríos cóic agus breac-chóc a dhéantar as lignít.

3.1.10.   GÁS-CHÓC

Fotháirge guail chrua a úsáidtear chun gás baile a tháirgeadh in oibreacha gáis. Úsáidtear cóc gáis chun críocha téimh.

3.1.11   TARRA GUAIL

Toradh ar dhriogadh deighilteach guail bhiotúmanaigh. Maidir le tarra guail is fotháirge leachtach é as driogadh guail chun cóc a dhéanamh i bpróiseas an oighinn chóic nó déantar é as gual donn (‘tarra ísealteochta’).

3.1.12.   BKB (BRÍCÍNÍ GUAIL DHOINN)

Is éard atá in BKB breosla comhdhéanta a mhonaraítear as lignít nó as gual fobhiotúmanach, a tháirgtear trí fháisceadh faoi ardbhrú gan oibreán ceangailteach a chur leis, lena bhfolaítear fíneálacha ligníte triomaithe agus deannach.

3.1.13.   GÁIS MHONARAITHE

Is éard i ngáis mhonaraithe comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis oibreacha gáis, an gháis oighinn chóic, an gháis foirnéise soinneáin agus na ngás gnóthaithe eile.

3.1.14.   GÁS OIBREACHA GÁIS

Folaíonn sé gach cineál gáis a tháirgtear i ngléasraí fóntais phoiblí nó príobháideacha, arb é is cuspóir dóibh gás a mhonarú, a iompar agus a dháileadh. Folaíonn sé gás a tháirgtear trí charbónú (lena bhfolaítear gás arna tháirgeadh trí oighinn chóic agus a aistrítear chuig gás oibreacha gáis), trí ghásúchán iomlán le táirgí ola nó gan é (GPL, ola bhreosla iarmharach, etc.), agus trí gháis agus/nó aer a athchóiriú agus a mheascadh go simplí, lena bhfolaítear cumasc le gás nádúrtha a dháilfear agus a thomhlófar tríd an eangach gáis nádúrtha. Ba cheart méid an gháis a eascraíonn ó aistriú gás guail eile go gás oibreacha gáis a thuairisciú mar tháirgeadh an gháis oibreacha gáis.

3.1.15.   GÁS OIGHINN CHÓIC

Is éard is gás oighinn chóic ann gás a fhaightear mar fhotháirge ó mhonarú cóic oighinn chóic chun iarann agus cruach a tháirgeadh.

3.1.16.   GÁS FOIRNÉISE SOINNEÁIN

Déantar gás foirnéise soinneáin a tháirgeadh le linn cóc a dhó i bhfoirnéis soinneáin sa tionscal iarainn agus cruach. Déantar é a ghnóthú agus é a úsáid mar bhreosla laistigh den ghléasra go páirteach agus i bpróisis eile thionscal na cruach go páirteach nó i stáisiúin ghiniúna atá trealmhaithe chun é a dhó.

3.1.17.   GÁIS GHNÓTHAITHE EILE

Fotháirge den táirgeadh cruach i bhfoirnéis ocsaigine, agus a gnóthaíodh ar fhágáil na foirnéise dó. Tugtar gás tiontaire, gás LD nó gás BOS air chomh maith. Ba cheart cainníocht an bhreosla a fhaightear ar ais a thuairisciú ar bhonn oll-luacha chalraigh. Folaíonn sé freisin gáis mhonaraithe neamhshonraithe nach luaitear thuas, amhail gáis indóite de thionscnamh carbónúil soladach a gnóthaíodh ó phróisis mhonaraíochta agus cheimiceacha nach sainmhínítear in aon áit eile.

3.1.18.   MÓIN

Fosú iontaise dríodrach atá indóite, bog, póiriúil nó comhbhrúite, de bhunadh plandaí agus ag a bhfuil cion uisce ard (suas go 90 % i staid amh), a ghearrtar go héasca, agus atá ar dhath donn éadrom nó dúdhonn. Folaíonn móin móin fód agus móin mheilte. Ní fholaíonn sé móin a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh.

3.1.19.   Táirgí Móna

Táirgí amhail brícíní móna a fhaightear go díreach nó go hindíreach ó mhóin fód agus ó mhóin mheilte.

3.1.20.   Scealla ola agus gainimh ola

Is carraig dhríodar atá i scealla ola agus gaineamh ola a bhfuil ábhar orgánach i bhfoirm ceirigin inti. Is ábhar ar mhórán hiodracarbóin céarach é ceirigin a mheastar a bheith ina réamhtheachtaí de pheitriliam. Féadfar scealla ola a dhó go díreach nó a phróiseáil trína théamh chun ola scealla a úscadh. Ba cheart ola scealla agus táirgí eile a bhaintear as leachtú a thuairisciú mar hidreacarbón eile laistigh de tháirgí peitriliam.

3.2.   GÁS NÁDÚRTHA

3.2.1.   GÁS NÁDÚRTHA

Is éard atá i ngás nádúrtha gáis a tharlaíonn i bhfosuithe faoi thalamh, iad leachtaithe nó gásach, arb é atá iontu go príomha meatán, neamhspleách ar an modh eastósctha (gnásúil agus neamhghnásúil). Áirítear gás ‘neamhghaolmhar’ a thagann as ceantair a tháirgeann hidreacarbóin i bhfoirm ghásach amháin, agus gás ‘gaolmhar’ a tháirgtear in éineacht le hamhola mar aon le meatán a gnóthaíodh ó mhianaigh ghuail (gás gualchan) nó ó shíoga guail (gás síge guail). Ní áirítear bithghás ná gáis mhonaraithe i ngás nádúrtha. Déanfar aistrithe na dtáirgí sin chuig an líonra gáis nádúrtha a thuairisciú ar leithligh ó ghás nádúrtha. Áirítear le gás nádúrtha gás nádúrtha leachtaithe (GNL) agus gás nádúrtha comhbhrúite (GNC).

3.3.   LEICTREACHAS AGUS TEAS

3.3.1.   LEICTREACHAS

Le leictreachas tagraítear d’aistriú fuinnimh tríd an bhfeiniméan fisiceach lena mbaineann lánáin leictreacha agus a n-éifeachtaí nuair a bhíonn siad ar fos agus ag gluaiseacht. Ní mór tuairisciú a dhéanamh ar an leictreachas go léir a úsáidtear, a tháirgtear agus a thomhlaítear, lena bhfolaítear leictreachas eiseangach agus féintomhalta. Is ó shuiteálacha atá dínasctha ón eangach ó thaobh an táirgthe de a tháirgtear leictreachas eiseangach; ní féidir leis an tsuiteáil leictreachas a tháirgthe a instealladh san eangach. Is éard atá i leictreachas féintomhalta leictreachas arna thomhailt ag an táirgeoir sula ndéantar é a instealladh san eangach.

3.3.2.   TEAS (TEAS DÍORTHAITHE)

Tagraíonn teas don fhuinneamh a fhaightear ó ghluaisne aistritheach, rothlach agus chreathach chomhábhair an ábhair mar aon le hathruithe ar a staid fhisiceach. An teas go léir a tháirgtear, seachas teas arna tháirgeadh ag uath-tháirgeoirí chun a n-úsáide féin agus nach ndíoltar, tá sé le tuairisciú; tuairiscítear gach cineál eile teasa mar úsáid táirgí as ar táirgeadh an teas.

3.4.   OLA (Amhola agus táirgí peitriliam)

3.4.1.   AMHOLA

Is ola mhianrach í amhola de thionscnamh nádúrtha ina bhfuil meascán de hidreacarbóin agus d’eisíonachtaí léi, ar nós sulfair. Bíonn sí ann i staid leachtach faoi ghnáth-theocht agus faoi ghnáth-bhrú dromchla agus bíonn a saintréithe fisiciúla (dlús, slaodacht, etc.) fíor-athraitheach. Folaíonn an chatagóir seo comhdhlúthán loig nó léasa a gnóthaíodh ó ghás gaolmhar agus ó ghás neamh-ghaolmhar ina bhfuil sé cumaiscthe leis an sruth amhola tráchtálach. Ba cheart na cainníochtaí a thuairisciú go neamhspleách ar an modh eastósctha (gnásúil agus neamhghnásúil). Ní fholaítear LGN le hamhola.

3.4.2.   LEACHTANNA GÁIS NÁDÚRTHA (LGN)

Is hidreacarbóin leachta nó leachtaithe iad LGN a gnóthaíodh ó ghás nádúrtha i saoráidí deighilte nó i ngléasraí próiseála gáis. Folaíonn leachtanna gáis nádúrtha eatán, própán, bútán (gnáthbhútán agus iseabútán), (isea)peantán agus pluspheantáin (dá ngairtear uaireanta comhdhlúthán gásailín nádúrtha nó comhdhlúthán gléasra).

3.4.3.   BUNÁBHAIR SCAGLAINNE

Is éard is bunábhar scaglainne ola phróiseáilte atá ceaptha dul i gcomhair tuilleadh próiseála (e.g. ola bhreosla comhrite nó ola fholúsgháis) gan cumasc a áireamh. Déanfar é a chlaochlú, le tuilleadh próiseála, i gcomhpháirt agus/nó i dtáirge críochnaithe amháin nó níos mó. Folaíonn an sainmhíniú seo freisin aischuir ón tionscal peitriceimiceach go dtí an tionscal scagtha (e.g. gásailín pirealaithe, codáin C4, codáin ola gáis agus ola breosla).

3.4.4.   BREISEÁIN/OCSAIGIONÁITÍ

Maidir le breiseáin is comhdhúile neamh-hidreacarbóin iad a chuirfear le táirge nó a chumascfar le táirgí peitriliam chun a n-airíonna breosla a mhodhnú (ochtán, ceatán, fuar-airíonna, etc.). I measc na mbreiseán áirítear ocsaiginí (amhail alcóil (meatánól, eatánól), éitear (éitear búitileach treasach meitile (MTBE), éitear búitileach treasach eitileach (ETBE), éitear meitile aimileach threasach (TAME) etc.), eistir (ola ráibe nó dé-mheitileistir, etc.), comhdhúile ceimiceacha (amhail luaidhe theitrimeitile (TML), luaidhe theitreitile (TEL) agus glantaigh). Ba cheart baint a bheith ag na cainníochtaí breiseán/ocsaigionáití (alcóil, éiteir, eistir agus comhdhúile ceimiceacha eile) arna dtuairisciú sa chatagóir seo leis na cainníochtaí a mheascfar le breoslaí nó a úsáidfear mar bhreosla. Áirítear sa chatagóir seo bithbhreoslaí a chumasctar le breoslaí iontaise leachtacha.

3.4.5.   BITHBHREOSLAÍ I mBREISEÁIN/OCSAIGIONÁITÍ

Baineann cainníochtaí bithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú sa chatagóir seo le bithbhreoslaí leachtacha cumaiscthe agus ní thagraíonn siad ach do chuid an leachtaigh bhithbhreosla seachas le toirt iomlán na leachtanna a ndéantar na bithbhreoslaí leachtacha a chumasc leo. Ní fholaítear gach bithbhreosla leachtach nár cumascadh.

3.4.6.   HIDREACARBÓIN EILE

Amhola shintéiseach ó tharraghainimh, ola scealla, etc., leachtanna ó leachtú guail, aschuir leachtanna ó chlaochlú gáis nádúrtha go gásailín, go hidrigin agus go holaí eiblithe (e.g. orimulsion); ní fholaítear scealla ola; Folaíonn sé an ola scealla (táirge tánaisteach).

3.4.7.   TÁIRGÍ PEITRILIAM

Is éard atá i dtáirgí peitriliam comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis scaglainne, eatán, gáis pheitriliam leachtaithe, nafta, gásailín mótair, gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla de chineál gásailín, scaird-bhreosla den chineál ceirisín, ceirisín eile, ola gháis/díosail, ola bhreosla, biotáille bhán ad SPB, bealaí, biotúman, céireacha pairifín, cóc peitriliam agus táirgí eile.

3.4.8.   GÁS SCAGLAINNE

Folaíonn gás scaglainne meascán de gháis neamh-inchomhdhlúite arb éard iad go príomha hidrigin, meatán, eatán agus olaifíní a fhaightear le linn amhola a dhriogadh nó táirgí ola a chóireáil (e.g. cnagadh) i scaglanna. Folaíonn sé seo freisin gáis a aischuirfear ón tionscal peitriceimiceach.

3.4.9.   EATÁN

Hidreacarbón dronslabhra atá gásach go nádúrtha, (C2H6) a eastósctar ó shruthanna gáis nádúrtha agus ó shruthanna gáis scaglainne.

3.4.10.   GÁS PEITRILIAM LEACHTAITHE (GPL)

Is hidreacarbóin phairifíneacha éadroma iad GPL a díorthaítear ó na próisis scaglainne, ó ghléasraí cobhsúcháin amhola agus ó ghléasraí próiseála gáis nádúrtha. Is éard atá iontu go príomha própán (C3H8) agus bútán (C4Hl0) nó meascán den dá cheann. Féadfar próipiléin, búitiléin, iseapróipiléin agus iseabúitiléin a áireamh iontu freisin. Go hiondúil, déantar GPL a leachtú faoi bhrú ar mhaithe lena n-iompar agus lena stóráil.

3.4.11.   NAFTA

Is bunábhar é nafta atá ceaptha don tionscal peitriceimiceach (e.g. monarú eitiléine nó táirgeadh cumhránaice) nó chun gásailín a tháirgeadh trí athfhoirmiú nó isiméiriú laistigh den scaglann. Is éard atá i nafta ábhar atá sa réimse driogtha 30 °C agus 210 °C nó i gcuid den réimse seo.

3.4.12.   GÁSAILÍN MÓTAIR

Is éard atá i ngásailín mótair meascán de hidreacarbóin éadroma a dhriogann idir 35 °C agus 215 °C. Úsáidtear é mar bhreosla d’innill spréachadhainte ar talamh. Féadfaidh breiseáin, ocsaigináití agus feabhsaitheoirí ochtáin, lena bhfolaítear comhdhúile luaidhe, a bheith san áireamh le gásailín mótair. Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe gásailín mótair (seachas breiseáin/ocsaigionáití), e.g. ailcioláití, isimearáit, athfhormáit, gásailín cnagtha atá ceaptha le húsáid mar ghásailín mótair críochnaithe. Is éard atá i ngásailín mótair comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithghásailín cumaiscthe (bithghásailín i ngásailín mótair) agus an neamh-bhithghásailín.

3.4.12.1.   Bithghásailín cumaiscthe (bithghásailín i ngásailín mótair)

Bithghásailín a cumascadh i ngásailín mótair.

3.4.12.2.   Neamh-bhithghásailín

An chuid eile de ghásailín mótair – gásailín mótair gan bithghásailín cumaiscthe san áireamh (is gásailín mótair de bhunadh iontaise den chuid is mó é sin).

3.4.13.   GÁSAILÍN EITLÍOCHTA

Biotáille mótair arna ullmhú go sonrach d’innill loine eitlíochta ag a bhfuil uimhir ochtáin atá oiriúnach don inneall, reophointe -60 °C agus réimse driogtha laistigh de na teorainneacha 30 °C agus 180 °C de ghnáth.

3.4.14.   SCAIRD-BHREOSLA DEN CHINEÁL GÁSAILÍNEACH (SCAIRD-BHREOSLA DEN CHINEÁL NAFTA NÓ JP4)

Folaíonn sé sin gach ola hidreacarbóin éadrom atá le húsáid in aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta, agus iad ag driogadh idir 100 °C agus 250 °C. Faightear iad trí cheirisíní agus gásailín nó nafta a chumasc sa chaoi nach mó ná 25 % toirte an cion aramatach, agus go bhfuil an galbhrú idir 13,7 kPa agus 20,6 kPa.

3.4.15.   Scaird-bhreosla den chineál ceirisíneach

Driogáit a úsáidtear le haghaidh aonaid chumhachta tuirbín eitlíochta. Tá na hairíonna driogtha céanna aige idir 150 °C agus 300 °C (nach airde go hiondúil ná 250 °C) agus an splancphointe céanna aige agus atá ag ceirisín. Ina theannta sin, tá sonraíochtaí áirithe aige (ar nós an reophointe) atá bunaithe ag an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (CAII). Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe ceirisín. Is éard atá i scaird-bhreosla den chineál ceirisín comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe (bithcheirisín scairdeitleáin i scaird-bhreosla den chineál ceirisín) agus an neamh-bhithcheirisín scairdeitleáin.

3.4.15.1.   Bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe (bithcheirisín scairdeitleáin i scaird-bhreosla den chineál ceirisín)

Bithcheirisín scairdeitleáin a chumascadh i scaird-bhreosla den chineál ceirisín.

3.4.15.2.   Neamh-bhithcheirisín scairdeitleáin

An chuid eile de scaird-bhreosla den chineál ceirisín – scaird-bhreosla den chineál ceirisín gan bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe san áireamh (is scaird-bhreosla den chineál ceirisín de bhunadh iontaise den chuid is mó é sin).

3.4.16.   CEIRISÍN EILE

Driogáit pheitriliam scagtha a úsáidtear in earnálacha seachas iompar aerárthaí. Driogann sé idir 150 °C agus 300 °C.

3.4.17.   OLA GHÁIS/OLA DHÍOSAIL (OLA BHREOSLA DHRIOGÁITE)

Driogáit mheánach is ea ola gháis/ola dhíosail go príomha a dhriogtar idir 180 °C agus 380 °C. Folaítear comhpháirteanna cumaiscthe leis sin. Tá roinnt grád ar fáil ag brath ar úsáidí. Le hola gháis/ola dhíosail áirítear ola dhíosail ar bhóthar le haghaidh innill adhainte comhbhrú díosail gluaisteán agus trucailí. Le hola gháis/ola dhíosail áirítear ola teasa éadrom le haghaidh úsáidí tionscail agus tráchtála, díosal mara agus díosal a úsáidtear i dtrácht iarnróid, ola gháis eile lena bhfolaítear olaí gáis troma a dhriogann idir 380 °C agus 540 °C agus a úsáidtear mar bhunábhair pheitriceimiceacha. Is éard is ola gháis/díosail ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na mbithdhíosal cumaiscthe (bithdhíosail in ola gháis/ola dhíosail) agus na neamh-bhithdhíosal.

3.4.17.1.   Bithdhíosail chumaiscthe (bithdhíosail in ola gháis/díosail)

Bithdhíosail a cumascadh in ola gáis/ola dhíosail.

3.4.17.2.   Neamh-bhithdhíosail

An chuid eile d’ola gháis/ola dhíosail - ola gháis/ola dhíosail gan bithdhíosail cumaiscthe san áireamh (is é seo den chuid is mó ola gháis/ola dhíosail de thionscnamh iontaise).

3.4.18.   OLA BHREOSLA (OLA BHREOSLA THROM)

Gach ola bhreosla iarmharach (throm) (lena bhfolaítear iad sin a fhaightear trí chumasc). Tá an tslaodacht chinéimiteach os cionn 10 cSt ag 80 °C. Bíonn an splancphointe i gcónaí os cionn 50 °C agus bíonn an dlús i gcónaí os cionn 0,90 kg/l. Is éard is ola bhreosla ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim ola bhreosla de shulfar ard agus ola bhreosla de shulfar íseal.

3.4.18.1.   Ola bhreosla sulfair íseal (LSFO)

Ola bhreosla ina bhfuil cion sulfair níos lú ná 1 %.

3.4.18.2.   Ola bhreosla sulfair ard (HSFO)

Ola bhreosla ina bhfuil cion sulfair 1 % nó níos mó.

3.4.19.   Biotáille bhán agus FPS

Sainmhínítear biotáille bhán agus SBP mar earraí idirmheánacha driogáite scagtha le driogadh sa raon nafta/ceirisín. Áirítear leo biotáille thionsclaíoch (ar a dtugtar SBP freisin; olaí éadroma a dhriogann idir 30 °C agus 200 °C i seacht ngrád nó ocht ngrád de bhiotáille thionsclaíoch, ag brath ar shuíomh na gearrtha sa raon driogtha - sainmhínítear na gráid de réir na héagsúlachta sa teocht idir na pointí driogtha de thoirt 5 % agus de thoirt 90 %, nach bhfuil níos airde ná 60 °C) agus biotáillí bána (biotáille thionsclaíoch a bhfuil splancphointe os cionn 30 °C aici agus an raon driogtha idir 135 °C agus 200 °C).

3.4.20.   BEALAÍ

Hidreacarbóin a tháirgtear ó fhotháirge driogáite. Úsáidtear iad go príomha chun frithchuimilt idir dromchlaí imthaca a laghdú. Folaítear gach grád d’ola bhealaithe, ó ola fearsaide go hola sorcóra, agus iad sin a úsáidtear i ngréisc, in olaí mótair agus i ngach grád de stoic olabhunacha bhealaithe.

3.4.21.   BIOTÚMAN

Hidreacarbón soladach, leathsholadach nó slaodach ag a bhfuil struchtúr collóideach, atá ar dhath donn go dubh, agus a fhaightear mar iarmhar i ndriogadh amhola, trí fholúsdriogadh iarmhar ola ó dhriogadh atmaisféarach. Tagraítear do bhiotúman go minic mar asfalt agus úsáidtear go príomha é chun bóithre a thógáil agus le haghaidh ábhar dín. Folaíonn sé biotúman sreabhánaithe agus siartha.

3.4.22.   CÉIREACHA PAIRIFÍN

Is hidreacarbóin alafatacha sáithithe iad seo. Is iarmhair iad a úsctar agus olaí bealaí á ndíchéiriú. Tá struchtúr criostalach acu atá mín a bheag nó a mhór de réir an ghráid. Is iad seo a leanas a bpríomhghnéithe: tá siad éadathach, neamhbholaitheach agus tréshoilseach, agus tá leáphointe os cionn 45 °C acu.

3.4.23.   CÓC PEITRILIAM

Fotháirge soladach dubh, a fhaightear go príomha trí bhunábhar a fhaightear ó pheitriliam, folúsghrinnill, tarra agus pic a chnagadh agus a charbónú i bpróisis amhail cócú moillithe nó leachtchócú. Is éard atá ann go príomha carbón (90-95 %) agus tá cion luatha íseal aige. Úsáidtear é mar ábhar beatha in oighinn chóic i dtionscal na cruach, chun críocha téimh, chun leictreoidí a mhonarú agus chun ceimiceáin a tháirgeadh. Is iad ‘cóc amh’ agus ‘cóc cailcínithe’ an dá cháilíocht is tábhachtaí. Folaíonn sé ‘cóc catalaíoch’ arna dheascadh ar an gcatalaíoch le linn próisis scagtha; níl an cóc seo inathghnóthaithe agus de ghnáth dóitear é mar bhreosla scaglainne.

3.4.24.   TÁIRGÍ EILE

Gach táirge nach luaitear go sonrach thuas, mar shampla: tarra agus sulfar. Folaítear cumhránaic (e.g. BTX nó beinséin, tolúéin agus xiléin) agus olaifíní (e.g. próipiléin) a tháirgtear i scaglanna.

3.5.   FOINSÍ INATHNUAITE AGUS DRAMHAÍL

3.5.1.   HIDREAFHUINNEAMH

Fuinneamh poitéinsiúil agus cinéiteach an uisce arna thiontú ina leictreachas i ngléasraí hidrileictreacha. Is éard is fuinneamh hidrileictreach ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na ngléasraí hidrileictreacha íona, na ngléasraí hidrileictreacha measctha agus na ngléasraí taisce íonchaidéalaithe.

3.5.1.1.   Gléasraí hidrileictreacha íona

Gléasraí hidrileictreacha nach n-úsáideann ach insreabhadh díreach uisce nádúrtha agus nach bhfuil aon acmhainn acu chun hidreachaidéal a stóráil (uisce a phumpáil in aghaidh fána).

3.5.1.2.   Gléasraí hidrileictreacha measctha

Gléasraí hidrileictreacha le hinsreabhadh nádúrtha uisce isteach i dtaiscumar uachtair inar féidir páirt nó an trealamh ar fad a úsáid chun uisce a phumpáil in aghaidh fána; tá an leictreachas a ghintear de thoradh insreabhadh uisce nádúrtha agus uisce a pumpáladh in aghaidh an fhána roimhe sin.

3.5.1.3.   Gléasraí taisce pumpála íona

Gléasraí hidrileictreacha gan aon insreabhadh nádúrtha uisce isteach sa taiscumar uachtarach; rinneadh formhór mór an uisce a ghineann leictreachas a phumpáil in aghaidh fána roimhe sin; gan báistí ná sneachta a áireamh.

3.5.2.   FUINNEAMH GEOITEIRMEACH

Fuinneamh atá ar fáil mar theas a astaítear ó fhorscreamh na talún, a bhíonn i bhfoirm uisce the nó gaile de ghnáth; gan teas comhthimpeallach arna ghabháil ag teaschaidéil fhoinse na talún a áireamh. Is ionann táirgeadh an fhuinnimh gheoiteirmigh agus an difríocht idir eantalpacht an tsreabháin a tháirgtear sa táirgeadh tollphoill agus eantalpacht an tsreabháin a dhiúscraítear ar deireadh.

3.5.3.   GRIANFHUINNEAMH

Is éard is grianfhuinneamh ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na fótavoltach gréine agus na teirmeach gréine.

3.5.3.1.   Grianfhuinneamh fótavoltach

Solas na gréine arna thiontú ina leictreachas trí ghrianchealla a úsáid a ghinfidh leictreachas nuair a nochtar do sholas iad. Tá an leictreachas go léir a tháirgtear le tuairisciú (lena bhfolaítear táirgeadh ar mhionscála agus suiteálacha eiseangach).

3.5.3.1.1.   Ar leibhéal an dín

Tuairisceofar anseo an méid fuinnimh a tháirgtear ag painéil ghréine fhótavoltacha suite ar fhoirgnimh a bhfuil cuspóir eile príomhúil acu ná táirgeadh fuinnimh. Áirítear BIPV ann freisin (ábhair fhótavoltacha comhtháite san fhoirgneamh), áit nach bhfuil na painéil fhótavoltacha ar an díon, ach a bhfuil siad ceangailte den fhoirgneamh mar shampla. Ní mheastar gur painéil dhíonta iad painéil Gréine PV má chuirtear ar limistéar leathan iad, ar an talamh, mar shampla, spás breise a úsáid (e.g. limistéir thalmhaíochta).

3.5.3.1.2.   Eiseangach

Tuairisceofar eiseangach anseo, faoi mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn A, 3.3.1.

3.5.3.2.   Grianfhuinneamh teirmeach

Teas ó radaíocht na gréine (solas na gréine) arna shaothrú chun críocha fuinnimh úsáideacha. Folaítear leis sin, mar shampla, gléasraí grianfhuinnimh teirmeacha-leictreacha agus córais ghníomhacha chun uisce te sláintíoch a tháirgeadh nó chun spás i bhfoirgnimh a théamh. Is é an táirgeadh fuinnimh sin an teas atá ar fáil don mheán aistrithe teasa, i.e. an grianfhuinneamh ionsaitheach lúide na caillteanais optúla agus caillteanais na dtiomsaitheoirí. Ní fholaítear grianfhuinneamh arna ghabháil ag córais éighníomhacha maidir le téamh, le fuarú agus le soilsiú foirgneamh; ní fholaítear ach fuinneamh na gréine i ndáil leis na córais ghníomhacha.

3.5.4.   FUINNEAMH TAOIDE, TONNFHUINNEAMH, FUINNEAMH FARRAIGE

Fuinneamh meicniúil a fhaightear ó ghluaiseachtaí taoide, ó thonnghluaiseacht nó ó shruth farraige agus a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint.

3.5.5.   Fuinneamh Gaoithe

Fuinneamh cinéiteach gaoithe a shaothraítear chun leictreachas a ghiniúint i dtuirbíní gaoithe. Is éard is gaoth ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na gaoithe ar talamh agus na gaoithe amach ón gcósta.

3.5.5.1.   Gaoth ar talamh

Táirgeadh leictreachais ag an ngaoth i suímh ar talamh (intíre, lena bhfolaítear lochanna agus dobharlaigh eile atá suite intíre).

3.5.5.2.   Gaoth amach ón gcósta

Táirgeadh leictreachais i suímh amach ón gcósta (e.g. an fharraige, oileáin aigéin agus oileáin shaorga). Maidir le táirgeadh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta lasmuigh d’uiscí teorann na críche lena mbaineann, ba cheart gach suiteáil atá suite i limistéar eacnamaíoch eisiach tíre a chur san áireamh.

3.5.6.   DRAMHAÍL THIONSCLAÍOCH (AN CHUID NEAMH-INATHNUAITE)

Dramhaíl de thionscnamh tionsclaíoch atá neamh-inathnuaite a dhóitear go díreach ag suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ní fholaítear dramhaíl a loisctear gan ghnóthú fuinnimh. Ba cheart an chuid inathnuaite den dramhaíl thionsclaíoch a thuairisciú sa chatagóir bithbhreoslaí is fearr a dhéanann cur síos air.

3.5.7.   DRAMHAÍL CHATHRACH:

Dramhaíl arna táirgeadh ag teaghlaigh, ag ospidéil agus ag an earnáil threasach (go ginearálta, an dramhaíl ar fad atá cosúil le dramhaíl tí), a dhóitear go díreach i suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Ní fholaítear dramhaíl a loisctear gan ghnóthú fuinnimh. Is éard is dramhaíl chathrach ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na dramhaíola cathrach inathnuaite agus na dramhaíola cathrach neamh-inathnuaite.

3.5.7.1.   Dramhaíl chathrach inathnuaite

An chuid de dhramhaíl chathrach atá de thionscnamh bitheolaíoch.

3.5.7.2.   Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite

An chuid de dhramhaíl chathrach atá de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

3.5.8.   BITHBHREOSLAÍ

Is éard is bithbhreoslaí ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim na mbithbhreoslaí soladacha, na mbithghás agus na mbithbhreoslaí leachtacha. Eisiatar bithbhreoslaí a úsáidtear chun críocha neamhfhuinnimh ó raon feidhme an staidrimh fuinnimh (mar shampla adhmad a úsáidtear le haghaidh tógála nó mar throscán, bithbhealadh a úsáidtear chun innill a bhealú agus bithbhiotúman a úsáidtear le haghaidh dhromchla an bhóthair).

3.5.8.1.   Bithbhreoslaí soladacha

Cumhdaítear ábhar orgánach soladach, neamh-iontaiseach de thionscnamh bitheolaíoch (ar a dtugtar bithmhais freisin) a fhéadfar a úsáid mar bhreosla chun teas a tháirgeadh nó chun leictreachas a ghiniúint. Is éard is bithbhreoslaí soladacha ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an fhioghuail, an chonnaidh, na n-iarmhar adhmaid agus na bhfotháirgí, an licéir dhuibh, an bhagáis, na dramhaíola ó ainmhithe, na n-ábhar cothaitheach eile agus na n-iarmharach agus an chodáin in-athnuaite den dramhaíl thionsclaíoch.

3.5.8.1.1.   Fioghual

Is breosla monaraithe é an fioghual ó bhithbhreoslaí soladacha - an t-iarmhar soladach ó dhriogadh millteach agus pirealú adhmaid agus ábhar cothaitheach eile.

3.5.8.1.2.   Connadh, iarmhair agus seachtháirgí adhmaid

Connadh nó adhmad tine (i bhfoirm lomáin, scuabadhmaid, millíní nó slise) a fhaightear ó fhoraoisí nádúrtha nó ó fhoraoisí bainistithe nó ó chrainn scoite. Folaítear iarmhair adhmaid a úsáidtear mar bhreosla agus ina gcoinnítear comhdhéanamh bunaidh an adhmaid; folaítear millíní adhmaid. Eisiatar fioghual agus licéar dubh. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.2.1.   Millíní adhmaid

Is táirge sorcóireach iad millíní adhmaid atá ceirtleánaithe ó iarmhair adhmaid trí chomhbhrú.

3.5.8.1.3.   Licéar dubh

Fuinneamh ón licéar atá alcaileach spíonta a fhaightear ó na díleáiteoirí le linn tháirgeadh na suilfáite nó an laín sóide atá riachtanach chun páipéar a mhonarú. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.4.   Bagás

Breosla a fhaightear ón snáithín atá fágtha tar éis úscadh sú a dhéanamh i bpróiseáil cána siúcra. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.5.   Dramhaíl ainmhithe

Fuinneamh ó eisfhearadh ainmhithe, iarmhair fheola agus éisc a úsáidtear go díreach mar bhreosla agus iad tirim. Ní fholaítear leis sin dramhaíl a úsáidtear i ngléasraí coipthe anaeróbaigh. Folaítear gáis bhreosla ó na gléasraí sin faoi bhithgháis. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.6.   Ábhair eile chothaitheacha agus iarmharaigh

Bithbhreoslaí nach bhfuil sonraithe in aon áit eile agus lena bhfolaítear tuí, crotail ghlasraí, blaoscanna pis talún, scuab-adhmad bearrtha, ola prabhaite olóige agus dramhaíl eile a eascraíonn as cothabháil, curaíocht agus próiseáil plandaí. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.1.7.   An chuid inathnuaite de dhramhaíl thionsclaíoch

An chuid sholadach inathnuaite den dramhaíl thionsclaíoch a dhóitear go díreach ag suiteálacha sonracha chun críocha fuinnimh fhóintigh (mar shampla, an sciar de rubar nádúrtha i mboinn rubair dramhaíola nó an sciar de shnáithíní nádúrtha i ndramhaíl teicstíle – ó chatagóirí dramhaíola 07.3 agus 07.6, faoi seach, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 maidir le staidreamh dramhaíola). Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh.

3.5.8.2.   Bithghás

Gás atá comhdhéanta go príomha de mheatán agus de dhé-ocsaíd charbóin arna tháirgeadh trí dhíleá anaeróbach bithmhaise nó trí phróisis theirmeacha ó bhithmhais, lena bhfolaítear bithmhais sa dramhaíl. Ba cheart cainníocht an bhreosla a úsáidtear a thuairisciú ar bhonn glanluacha chalraigh. Is éard is bithghás ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an gháis líonta talún, an gháis sloda séarachais, na mbithghás eile ó dhíleá anaeróbach agus na mbithghás ó phróisis theirmeacha.

3.5.8.2.1.   Gás líonta talún

Bithghás a tháirgtear ó dhíleá anaeróbach ar dhramhaíl líonta talún.

3.5.8.2.2.   Gás sludaigh séarachais

Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sludaigh séarachais.

3.5.8.2.3.   Bithgháis eile ó dhíleá anaeróbach

Bithghás a tháirgtear ó choipeadh anaeróbach sciodair ainmhí agus ó dhramhaíola i seamlais, i ngrúdlanna agus i dtionscail agrai-bhia eile.

3.5.8.2.4.   Bithgháis ó phróisis theirmeacha

Bithghás a tháirgtear ó phróisis theirmeacha (trí ghásúchán nó trí phirealú) bithmhaise.

3.5.8.3.   Bithbhreoslaí leachtacha

Folaítear sa chatagóir seo gach breosla leachtach de thionscnamh nádúrtha (e.g. arna dtáirgeadh ó bhithmhais agus/nó ón gcodán in-bhithmhillte de dhramhaíl) atá oiriúnach lena gcumasc le breoslaí leachtacha de thionscnamh iontaise nó le cur in ionad na mbreoslaí sin. Ba cheart na cainníochtaí de bhithbhreoslaí leachtacha nár cumascadh le breoslaí iontaise a chur san áireamh sna cainníochtaí de bhithbhreoslaí leachtacha arna dtuairisciú sa chatagóir seo. I gcás áirithe allmhairí agus onnmhairí bithbhreoslaí leachtacha, níl ábhartha ach trádáil cainníochtaí nár cumascadh le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon); ba cheart trádáil bithbhreoslaí leachtacha arna gcumasc ina mbreoslaí iompair a thuairisciú laistigh den chatagóir ola táirgí. Ní dhéanfar ach bithbhreoslaí leachtacha a úsáidtear chun críocha fuinnimh - a dhóitear go díreach nó arna gcumasc le breoslaí iontaise - a thuairisciú. Is éard is bithbhreoslaí leachtacha ann comhiomlán táirge atá cothrom le suim an bhithghásailín, na mbithdhíosal, an bhithcheirisín scairdeitleáin agus na mbithbhreoslaí leachtacha eile.

3.5.8.3.1.   Bithghásailín

Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le gásailín mótair is de bhunadh iontaise nó atá le cur ina áit.

3.5.8.3.1.1.   Bitheatánól

Eatánól mar chuid de bhithghásailín.

3.5.8.3.2.   Bithdhíosail

Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le hola gháis/díosail de thionscnamh iontaise nó lena gcur in ionad ola gháis/díosail de thionscnamh iontaise.

3.5.8.3.3.   Bithcheirisín scairdeitleáin

Bithbhreoslaí leachtacha atá oiriúnach lena gcumasc le ceirisín scairdeitleáin de thionscnamh iontaise nó lena gcur in ionad ceirisín scairdeitleáin de thionscnamh iontaise.

3.5.8.3.4.   Bithbhreoslaí leachtacha eile

Bithbhreoslaí leachtacha nach n-áirítear in aon cheann de na catagóirí roimhe seo.

3.5.9.   TEAS COMHTHIMPEALLACH

Fuinneamh teasa ar leibhéal teochta úsáidigh, a bhaintear (arna ghabháil) trí theaschaidéil a bhfuil leictreachas nó fuinneamh cúnta eile ag teastáil uathu chun go bhfeidhmeoidh siad. Is féidir an fuinneamh teasa seo a stóráil san aer comhthimpeallach, faoi dhromchla an domhain sholadaigh nó in uisce dromchla. Ba cheart luachanna a thuairisciú trí bhíthin na modheolaíochta céanna a úsáidtear chun fuinneamh teasa arna ghabháil ag teaschaidéil faoi Threoir 2009/28/CE agus faoi Threoir (AE) 2018/2001 a thuairisciú, ach ní mór gach teaschaidéal a chur san áireamh gan beann ar an leibhéal feidhmíochta atá leo.

3.6.   HIDRIGIN

Ní mór hidrigin a úsáidtear mar bhunábhar, mar bhreosla nó mar iompróir fuinnimh/stóráil fuinnimh a thuairisciú. Ní mór an hidrigin uile a thuairisciú, is cuma cé acu a dhíolfar í nó nach ndíolfar í. I gcás gur i meascán atá an hidrigin, níor cheart é a thuairisciú ach amháin nuair is príomh-chomhpháirt ann é ag a bhfuil ardleibhéal íonachta.

IARSCRÍBHINN B

STAIDREAMH BLIANTÚIL FUINNIMH

Tugtar tuairisc san iarscríbhinn seo ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht, ar an sprioc agus ar na socruithe maidir le tarchur i ndáil leis an mbailiú bliantúil ar staidreamh fuinnimh.

Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san iarscríbhinn seo:

a)

Tréimhse thuairiscithe: Is bliain féilire (1 Eanáir go 31 Nollaig) a bheidh i dtréimhse thuairiscithe na sonraí dearbhaithe, a thosóidh ag an mbliain tagartha 2022.

b)

Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn bliantúil.

c)

An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur: Ba cheart sonraí a chur isteach faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na bliana tuairiscithe, mura sonraítear a mhalairt.

d)

Formáid an tarchuir: Ba cheart formáid an tarchuir a bheith i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha a shonróidh Eurostat.

e)

Modh an tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig pointe iontrála aonair le haghaidh tarchur sonraí Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.

In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san iarscríbhinn seo.

1.   BREOSLAÍ IONTAISE SOLADACHA AGUS GÁIS MHONARAITHE

1.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.1. GUAL (breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe).

1.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ní mór an liosta seo a leanas de na comhiomláin a dhearbhú maidir le gach táirge fuinnimh a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

1.2.1.   Soláthar

1.2.1.1.

Táirgeadh

1.2.1.1.1.

Táirgeadh faoi thalamh

Níl sé infheidhme ach amháin maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít.

1.2.1.1.2.

Táirgeadh dromchla

Níl sé infheidhme ach amháin maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fobhiotúmanach agus lignít.

1.2.1.2.

Fáltais ó fhoinsí eile

Tá dhá ghné i gceist leis seo:

sciodar gnóthaithe, meánaigh agus táirgí guail eile de ghrád íseal, nach féidir a aicmiú de réir chineál an ghuail, lena bhfolaítear gual arna ghnóthú ó phílí dramhaíola agus ó ghabhdáin dramhaíola eile,

fáltais ó fhoinsí eile.

1.2.1.3.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó tháirgí ola

Neamhbhainteach maidir le hantraicít, le gual cóic, le gual biotúmanach eile, le gual fo-bhiotúmanach, le lignít, le móin, agus le scealla ola agus gainimh ola.

1.2.1.4.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó ghás nádúrtha

Neamhbhainteach maidir le hantraicít, le gual cóic, le gual biotúmanach eile, le gual fo-bhiotúmanach, le lignít, le móin, agus le scealla ola agus gainimh ola.

1.2.1.5.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó fhoinsí inathnuaite

Neamhbhainteach maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít, móin, scealla ola agus gainimh ola.

1.2.1.6.

Allmhairí

1.2.1.7.

Onnmhairí

1.2.1.8.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta

1.2.1.9.

Athruithe ar stoic

1.2.2.   Earnáil an chlaochlaithe

1.2.2.1.

Leictreachas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

1.2.2.2.

Aonaid teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ) na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta

1.2.2.3.

Teas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

1.2.2.4.

Uath-tháirgeoirí - Táirgeadh leictreachais amháin

1.2.2.5.

Uath-Tháirgeoirí - Aonaid teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ)

1.2.2.6.

Teas na n-uath-tháirgeoirí amháin

1.2.2.7.

Gléasraí Breosla Paitinne

1.2.2.8.

Oighinn cóic

1.2.2.9.

Gléasraí BKB/PB:

1.2.2.10.

Oibreacha Gáis

1.2.2.11.

Foirnéisí Soinneáin

1.2.2.12.

Leachtú guail

1.2.2.13.

Maidir le gás nádúrtha cumaiscthe

1.2.2.14.

Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile – Claochlú

1.2.3.   An Earnáil Fuinnimh

1.2.3.1.

Gléasraí leictreachais, CTÉ agus teasa

1.2.3.2.

Mianaigh ghuail

1.2.3.3.

Gléasraí Breosla Paitinne

1.2.3.4.

Oighinn cóic

1.2.3.5.

Gléasraí BKB/PB:

1.2.3.6.

Oibreacha Gáis

1.2.3.7.

Foirnéisí Soinneáin

1.2.3.8.

Scaglanna peitriliam

1.2.3.9.

Leachtú guail

1.2.3.10.

Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh

1.2.4.   TARCHUR AGUS Caillteanais Dáilte

1.2.5.   Úsáid neamhfhuinnimh

1.2.5.1.

Earnáil an tionscail, earnáil an chlaochlaithe agus earnáil an fhuinnimh

Úsáid neamhfhuinnimh i bhfo-earnáil an tionscail, i bhfo-earnáil an chlaochlaithe agus i bhfo-earnáil an fhuinnimh, e.g. gual a úsáidtear chun meatánól nó amóinia a dhéanamh.

1.2.5.1.1.

An earnáil cheimiceach agus an earnáil pheitriceimiceach

NACE Rev. 2, Rannáin 20 agus 21; folaíonn úsáid neamhfhuinnimh guail an úsáid a bhaintear as ina mbunábhair chun leasachán a tháirgeadh agus ina mbunábhair le haghaidh táirgí peitriceimiceacha eile.

1.2.5.2.

An earnáil iompair

Úsáid neamhfhuinnimh i bhfo-earnálacha uile an iompair.

1.2.5.3.

Earnálacha eile

Úsáid neamhfhuinnimh i Seirbhísí tráchtála agus seirbhísí poiblí, i dteaghlaigh, sa talmhaíocht agus áiteanna nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile.

1.2.6.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnáil an Tionscail

1.2.6.1.

Iarann agus cruach

1.2.6.2.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

1.2.6.3.

Miotail neamhfheiriúla

1.2.6.4.

Mianraí neamh-mhiotalacha

1.2.6.5.

Trealamh iompair

1.2.6.6.

Innealra

1.2.6.7.

Mianadóireacht agus cairéalacht

1.2.6.8.

Bia, deochanna agus tobac

1.2.6.9.

Laíon, páipéar agus clódóireacht

1.2.6.10.

Adhmad agus táirgí adhmaid

1.2.6.11.

Tógáil

1.2.6.12.

Teicstíl agus leathar

1.2.6.13.

Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal

1.2.7.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnáil an Tionscail

1.2.7.1.

Iarnród

1.2.7.2.

Loingseoireacht Intíre

1.2.7.3.

Nach bhfuil Sonraithe in Áit Eile - Iompar

1.2.8.   TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH — EARNÁLACHA EILE

1.2.8.1.

Seirbhísí tráchtála agus poiblí

1.2.8.2.

Teaghlaigh

1.2.8.3.

Talmhaíocht

1.2.8.4.

Foraoiseacht

1.2.8.5.

Iascaireacht

1.2.8.6.

Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile

1.2.9.   Allmhairí de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe.

Ba cheart allmhairí de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe a thuairisciú. Infheidhme maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít, breosla paitinne, cóc oighinn, tarra guail, tarra guail, móin, táirgí móna agus scealla ola agus gainimh ola.

1.2.10.   LUACHANNA CALRACHA

Infheidhme maidir le hantraicít, gual cóic, gual biotúmanach eile, gual fo-bhiotúmanach, lignít, breosla paitinne, cóc oighinn, cóc gáis, tarra guail, tarra guail, móin, táirgí móna agus scealla ola agus gainimh ola.

Ní mór glanluachanna agus luachanna calracha araon a dhearbhú i leith na dtáirgí seo a leanas:

1.2.10.1.

Táirgeadh

1.2.10.2.

Allmhairí

1.2.10.3.

Onnmhairí

1.2.10.4.

A úsáidtear in oighinn chóic

1.2.10.5.

A úsáidtear i bhfoirnéisí soinneáin

1.2.10.6.

A úsáidtear i ngléasraí an táirgeora príomhghníomhaíochta leictreachais amháin, an táirgeora príomhghníomhaíochta teasa amháin agus an táirgeora príomhghníomhaíochta leictreachais agus teasa

1.2.10.7.

A úsáidtear i dTionscal

1.2.10.8.

gairis le haghaidh úsáidí eile

1.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cileathonaí), seachas gáis mhonaraithe (gás oibreacha gáis, gás oighinn chóic, gás foirnéise soinneáin, gáis ghnóthaithe eile), áit inar gá an chainníocht thuairiscithe a dhearbhú in TJ GCV (teirighiúil bunaithe ar oll-luachanna calracha).

Ní mór na luachanna calracha a dhearbhú in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona)

1.4.   Maoluithe agus díolúintí

Neamhbhainteach.

2.   GÁS NÁDÚRTHA

2.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú gáis nádúrtha.

2.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gás nádúrtha.

2.2.1.   Earnáil an tSoláthair

Ní mór na cainníochtaí dearbhaithe le haghaidh earnáil an tsoláthair a shloinneadh in aonaid toirte agus fuinnimh, agus ní mór na holl-luachanna agus na glanluachanna calracha a bheith san áireamh iontu.

2.2.1.1.

Táirgeadh dúchais

Áirítear ann táirgeadh amach ón gcósta.

2.2.1.1.1.

Gás Gaolmhar

Gás a tháirgtear in éineacht le hamhola.

2.2.1.1.2.

Gás neamhghaolmhar

Gás nádúrtha a thagann as goirt a tháirgeann hiodracarbóin i bhfoirm ghásach amháin.

2.2.1.1.3.

Gás Gualchan

Meatán a tháirgtear i mianaigh ghuail nó ó shíoga guail, agus a sheoltar trí phíopaí chuig an dromchla agus a thomhlaítear i ngualchana nó a tharchuirfear trí phíblíne chuig tomhaltóirí.

2.2.1.2.

Fáltais ó fhoinsí eile

2.2.1.2.1.

Fáltais ó fhoinsí eile: Táirgí ola agus táirgí peitriliam

2.2.1.2.2.

Fáltais ó fhoinsí eile: Gual

2.2.1.2.3.

Fáltais ó fhoinsí eile: Foinsí inathnuaite

2.2.1.3.

Allmhairí

2.2.1.4.

Onnmhairí

2.2.1.5.

Umair mhuirí idirnáisiúnta

2.2.1.6.

Athruithe ar stoic

2.2.1.7.

Tomhaltas intíre (Breathnaithe)

2.2.1.8.

Gás inghnóthaithe:

Ba cheart leibhéil an stoic tosaigh agus deiridh a dhearbhú ar leithligh, mar stoic ar chríoch náisiúnta agus stoic a shealbhaítear thar lear, faoi seach. Ciallaíonn ‘leibhéal stoic’ an chainníocht gháis atá ar fáil lena seachadadh le linn aon timthrialla ionchuir-aschurtha. Tagraíonn sé seo do ghás inghnóthaithe arna stóráil i saoráidí stórála speisialta (gás laghdaithe agus/nó olacheantar, uiscíoch, cuas salainn, uaimheanna measctha, nó eile) mar aon le stóráil gháis nádúrtha leachtaithe. Ní cóir gás stuáilte a fholú. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le luachanna calracha a dhearbhú anseo.

2.2.1.9.

Gás arna Scaoileadh

Toirt an gháis a scaoiltear isteach san aer ar an láithreán táirgthe nó ag an ngléasra próiseála gáis. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le luachanna calracha a dhearbhú anseo.

2.2.1.10.

Gás arna Bhrúchtadh

Toirt an gháis a dhóitear i mbladhmanna ar an láithreán táirgthe nó ag an ngléasra próiseála gáis. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le luachanna calracha a dhearbhú anseo.

2.2.2.   Earnáil an Chlaochlaithe

2.2.2.1.

Leictreachas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

2.2.2.2.

Uath-tháirgeoirí - Táirgeadh leictreachais amháin

2.2.2.3.

Aonaid CTÉ na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta

2.2.2.4.

Aonaid CTÉ uath-tháirgeoirí

2.2.2.5.

Teas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

2.2.2.6.

Teas na n-uath-tháirgeoirí amháin

2.2.2.7.

Oibreacha Gáis

2.2.2.8.

Oighinn cóic

2.2.2.9.

Foirnéisí Soinneáin

2.2.2.10.

Gás go leachtanna

2.2.2.11.

Nach bhfuil sonraithe - Claochlú

2.2.3.   An Earnáil Fuinnimh

2.2.3.1.

Mianaigh ghuail

2.2.3.2.

Ola agus gás a eastóscadh

2.2.3.3.

Ionchuir i scaglanna ola

2.2.3.4.

Oighinn cóic

2.2.3.5.

Foirnéisí Soinneáin

2.2.3.6.

Oibreacha Gáis

2.2.3.7.

Gléasraí leictreachais, CTÉ agus teasa

2.2.3.8.

Leachtú (GNL) nó Gásúchán

2.2.3.9.

Gás go leachtanna

2.2.3.10.

Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh

2.2.4.   CAILLTEANAIS TARCHURTHA

2.2.5.   Caillteanais Dáilte

2.2.6.   Earnáil an Iompair

Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.

2.2.6.1.

Bóthar

2.2.6.2.

Iompar de phíblíne

2.2.6.3.

Loingseoireacht intíre

2.2.6.4.

Nach bhfuil sonraithe in áit eile - iompar

2.2.7.   Earnáil an Tionscail

Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.

2.2.7.1.

Iarann agus cruach

2.2.7.2.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

2.2.7.3.

Miotail neamhfheiriúla

2.2.7.4.

Mianraí neamh-mhiotalacha

2.2.7.5.

Trealamh iompair

2.2.7.6.

Innealra

2.2.7.7.

Mianadóireacht agus cairéalacht

2.2.7.8.

Bia, deochanna agus tobac

2.2.7.9.

Laíon, páipéar agus clódóireacht

2.2.7.10.

Adhmad agus táirgí adhmaid

2.2.7.11.

Tógáil

2.2.7.12.

Teicstíl agus leathar

2.2.7.13.

Nach bhfuil sonraithe in áit eile - tionscal

2.2.8.   EARNÁLACHA EILE

Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.

2.2.8.1.

Seirbhísí tráchtála agus poiblí

2.2.8.2.

Teaghlaigh

2.2.8.3.

Talmhaíocht

2.2.8.4.

Foraoiseacht

2.2.8.5.

Iascaireacht

2.2.8.6.

Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile

2.2.9.   ALLMHAIRÍ DE RÉIR TÍR TIONSCNAIMH, AGUS ONNMHAIRÍ DE RÉIR TÍR CINN SCRÍBE.

Déanfar cainníochtaí an gháis nádúrtha iomláin, agus na coda GNL de, a dhearbhú de réir na tíre tionscnaimh le haghaidh allmhairí agus de réir na tíre cinn scríbe le haghaidh onnmhairí.

2.2.10.   Toilltí Stórála Gáis

Le tuairisciú ar leithligh mar shaoráidí stórála gáis gásacha agus críochfoirt le haghaidh gás nádúrtha leachtaithe (le hidirdhealú tuilleadh mar chríochfoirt allmhairíochta GNL nó críochfoirt onnmhairíochta GNL).

2.2.10.1.

Ainm

Ainm láithreán na saoráide stórála nó an chríochfoirt GNL.

2.2.10.2.

Cineál (le haghaidh na saoráidí stórála gáis gásacha amháin).

Cineál na stórála, ar nós gáscheantair laghdaithe, cuais salainn, etc.

2.2.10.3.

Toilleadh Oibre

Le haghaidh saoráidí stórála speisialta gáis gásacha: Toilleadh iomlán gáis stórála, lúide an gás stuáilte. Is é an gás stuáilte an toilleadh iomlán gáis atá ag teastáil mar fhardal buan chun brúnna leordhóthanacha taiscumar stórála faoi thalamh agus rátaí inseachadachta ar feadh an timthrialla aschuir a chothabháil.

Le haghaidh críochfoirt GNL: Toilleadh stórála gáis arna sloinneadh i gcoibhéis gháis ghásach.

2.2.10.4.

Aschur Buaice

An ráta uasta ag a bhféadfaí gás a bhaint ón stóráil lena mbaineann. tá sé sin ag comhfhreagairt don toilleadh uasta aistarraingthe.

2.2.10.5.

Toilleadh athdhéanta gáis nó leachtaithe (le haghaidh críochfoirt GNL amháin)

Ní mór an toilleadh athdhéanta gáis a thuairisciú le haghaidh críochfoirt allmhairíochta agus an toilleadh leachtaithe a thuairisciú le haghaidh críochfoirt onnmhairíochta.

2.3.   Aonaid tomhais

Ba cheart cainníochtaí gáis nádúrtha a dhearbhú de réir a luach fuinnimh, i.e. in TJ, bunaithe ar an oll-luach calrach. I gcás ina mbeidh cainníochtaí fisiciúla ag teastáil, beidh an t-aonad i 106m3 agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).

Ba cheart luachanna calracha a dhearbhú in kJ/m3, agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).

Ba cheart toilleadh oibre a dhearbhú in 106m3, agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).

Ba cheart buaic-chumhacht, toilleadh athdhéanta gáis agus toilleadh leachtaithe a dhearbhú in 106m3/in aghaidh an lae, agus coinníollacha gáis tagartha á gcur i gcás (15 °C, 101 325 Pa).

3.   LEICTREACHAS AGUS TEAS

3.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cumhdaíonn an chaibidil seo teas agus leictreachas.

3.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ba cheart liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh teasa agus leictreachais mura sonraítear a mhalairt.

3.2.1.   TÁIRGEADH LEICTREACHAIS AGUS TEASA

Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha seo a leanas maidir leis na comhiomláin leictreachais agus teasa a phléitear sa chaibidil seo:

Olltáirgeacht Leictreachais: suim na táirgeachta fuinnimh leictrigh ó na tacair ghiniúna go léir lena mbaineann (lena n-áirítear taisce pumpála) arna tomhas ag teirminéil aschuir na bpríomhghineadóirí.

Olltáirgeacht Teasa: an teas iomlán a tháirgeann an tsuiteáil lena n-áirítear an teas a úsáideann cúntóirí na suiteála ina n-úsáidtear leacht te (téamh spáis, téamh breosla leachtaigh etc.) agus caillteanais sna malartuithe teasa suiteáil/líonra, mar aon le teas ó phróisis cheimiceacha a úsáidtear mar phríomh-fhoirm fuinnimh.

Glantáirgeacht Leictreachais: an olltáirgeacht leictreachais lúide an fuinneamh leictreach a ghlacann na cúntóirí giniúna agus na caillteanais sna príomh-chlaochladáin giniúna.

Glantáirgeacht Teasa: an teas a sholáthraítear chuig an gcóras dáilte agus a chinntear ó thomhais sreafaí eisimeachta agus aisfhillte.

Ní mór comhiomláin 3.2.1.1 go dtí 3.2.1.11 a dhearbhú le haghaidh táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí. Laistigh den dá chineál gléasraí seo, ní mór olltáirgeadh leictreachais agus teasa agus glantáirgeadh leictreachais agus teasa maidir le aonaid leictreachais amháin, aonaid CTÉ agus aonaid teasa amháin a dhearbhú ar leithligh más cuí, le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas: Maidir le holl-leictreachas a tháirgtear in aonaid CTÉ, ba cheart fochatagóir an oll-leictreachais i modh iomlán CTÉ a dhearbhú. Maidir le hollteas a tháirgtear in aonaid CTÉ, ba cheart mír ar leithligh ar theas a thomhlaítear go huathoibríoch a dhearbhú.

3.2.1.1.

Núicléach

3.2.1.2.

Hidreafhuinneamh (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.1.3.

Fuinneamh Geoiteirmeach

3.2.1.4.

Grianfhuinneamh

3.2.1.5.

Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.1.6.

Fuinneamh gaoithe (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.1.7.

Breoslaí indóite

Breoslaí is féidir a lasadh nó a dhó, i.e. a imoibríonn le hocsaigin chun ardú teochta suntasach a chruthú agus a dhóitear go díreach chun leictreachas agus/nó teas a tháirgeadh.

3.2.1.8.

Teaschaidéil (infheidhme maidir le teas amháin)

3.2.1.9.

Coirí leictreacha (infheidhme maidir le teas amháin)

3.2.1.10.

Teas ó Phróisis Cheimiceacha

Teas a thagann as próisis gan ionchur fuinnimh, ar nós imoibriú ceimiceach. Ní fholaíonn sé teas dramhaíola a thagann as próisis faoi thiomáint fuinnimh, agus is cóir a thuairisciú mar theas a tháirgtear ón mbreosla comhfhreagrach.

3.2.1.11.

Foinsí eile

3.2.2.   SOLÁTHAR

Le haghaidh 3.2.2.1 agus 3.2.2.2., ba cheart na cainníochtaí a dhearbhaítear a bheith comhleanúnach leis na luachanna a dhearbhaítear le haghaidh chomhiomláin 3.2.1.1 go dtí 3.2.1.11.

3.2.2.1.

Olltáirgeadh Iomlán

3.2.2.2.

Glantáirgeadh Iomlán

3.2.2.3.

Allmhairí

Measfar méideanna leictreachais a bheith allmhairithe nó onnmhairithe nuair a thrasnóidh siad teorainneacha polaitiúla na tíre, cibé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. I gcás ina ndéanfar leictreachas a iompar trí thír, ba chóir an méid den chéanna a thuairisciú mar allmhaire agus mar onnmhaire.

3.2.2.4.

Onnmhairí

Féach míniú faoi 3.2.2.3. Allmhairí

3.2.2.5.

Umair mhuirí idirnáisiúnta

3.2.2.6.

A úsáidtear le haghaidh caidéil teasa (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.2.7.

A úsáidtear le haghaidh coirí leictreacha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.2.8.

A úsáidtear le haghaidh taisce pumpála - gléasraí taisce pumpála íona (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.2.9.

A úsáidtear le haghaidh taisce pumpála - Gléasraí hidreachumhachta measctha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.2.10.

A úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

3.2.3.   CAILLTEANAIS TARCHURTHA

3.2.4.   Caillteanais Dáilte

3.2.5.   TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH - Earnáil an Tionscail

Ba cheart tomhaltas fuinnimh deiridh agus tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh a dhearbhú ar leithligh le haghaidh na gcomhiomlán seo a leanas.

3.2.5.1.

Iarnród

3.2.5.2.

Iompar de phíblíne

3.2.5.3.

Bóthar

3.2.5.4.

Loingseoireacht intíre

3.2.5.5.

Nach bhfuil Sonraithe in aon Áit Eile - Iompar

3.2.6.   TOMHALTAS FUINNIMH DEIRIDH - EARNÁIL AN TIONSCAIL

3.2.6.1.

Seirbhísí tráchtála agus poiblí

3.2.6.2.

Teaghlaigh

3.2.6.3.

Talmhaíocht

3.2.6.4.

Foraoiseacht

3.2.6.5.

Iascaireacht

3.2.6.6.

Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile

3.2.7.   An Earnáil Fuinnimh

Ní fholaíonn sé féinúsáid na ngléasraí, a úsáidtear le haghaidh taisce pumpála, caidéil teasa agus coirí leictreachais.

3.2.7.1.

Mianaigh ghuail

3.2.7.2.

Ola agus gás a eastóscadh

3.2.7.3.

Gléasraí Breosla Paitinne

3.2.7.4.

Oighinn cóic

3.2.7.5.

Gléasraí BKB/PB:

3.2.7.6.

Oibreacha Gáis

3.2.7.7.

Foirnéisí Soinneáin

3.2.7.8.

Scaglanna peitriliam

3.2.7.9.

An Tionscal Núicléach

3.2.7.10.

Gléasraí Leachtaithe Guail

3.2.7.11.

Gléasraí Leachtaithe (GNL)/Athghásúcháin

3.2.7.12.

Gléasraí Gásúcháin (bithghás)

3.2.7.13.

Gás go leachtanna

3.2.7.14.

Gléasraí táirgthe fioghuail

3.2.7.15.

Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh

3.2.8.   Earnálacha tionscail

3.2.8.1.

Iarann agus cruach

3.2.8.2.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

3.2.8.3.

Miotail neamhfheiriúla

3.2.8.4.

Mianraí neamh-mhiotalacha

3.2.8.5.

Trealamh iompair

3.2.8.6.

Innealra

3.2.8.7.

Mianadóireacht agus cairéalacht

3.2.8.8.

Bia, deochanna agus tobac

3.2.8.9.

Laíon, páipéar agus clódóireacht

3.2.8.10.

Adhmad agus táirgí adhmaid

3.2.8.11.

Tógáil

3.2.8.12.

Teicstíl agus leathar

3.2.8.13.

Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal

3.2.9.   ALLMHAIRÍ AGUS ONNMHAIRÍ

Ní mór allmhairí agus onnmhairí cainníochtaí leictreachais agus teasa de réir tír thionscnaimh agus tír cinn scríbe, faoi seach, a thuairisciú. Féach míniú faoi 3.2.2.3. Allmhairí

3.2.10.   Glantáirgeadh ó uath-tháirgeoirí

Maidir leis na gléasraí nó na gníomhaíochtaí seo a leanas, ba cheart glantáirgeadh leictreachais agus glanghiniúint teasa ó uath-tháirgeoirí a dhearbhú ar leithligh le haghaidh aonaid leictreachais amháin, aonaid CTÉ agus aonaid teasa amháin.

3.2.10.1.

Earnáil an fhuinnimh: Mianaigh ghuail

3.2.10.2.

Earnáil an fhuinnimh: Ola agus gás a eastóscadh

3.2.10.3.

Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí Breosla Paitinne

3.2.10.4.

Earnáil an fhuinnimh: Oighinn cóic

3.2.10.5.

Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí BKB/PB:

3.2.10.6.

Earnáil an fhuinnimh: Oibreacha Gáis

3.2.10.7.

Earnáil an fhuinnimh: Foirnéisí Soinneáin

3.2.10.8.

Earnáil an fhuinnimh: Scaglanna peitriliam

3.2.10.9.

Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí Leachtaithe Guail

3.2.10.10.

Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí Leachtaithe (GNL)/Athghásúcháin

3.2.10.11.

Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí Gásúcháin (bithghás)

3.2.10.12.

Earnáil an fhuinnimh: Gás go leachtanna

3.2.10.13.

Earnáil an fhuinnimh: Gléasraí táirgthe fioghuail

3.2.10.14.

Earnáil an fhuinnimh: Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh

3.2.10.15.

Earnálacha tionscail Iarann agus cruach

3.2.10.16.

Earnálacha tionscail An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

3.2.10.17.

Earnálacha tionscail Miotail neamhfheiriúla

3.2.10.18.

Earnálacha tionscail Mianraí neamh-mhiotalacha

3.2.10.19.

Earnálacha tionscail Trealamh iompair

3.2.10.20.

Earnálacha tionscail Innealra

3.2.10.21.

Earnálacha tionscail Mianadóireacht agus cairéalacht

3.2.10.22.

Earnálacha tionscail Bia, deochanna agus tobac

3.2.10.23.

Earnálacha tionscail Laíon, páipéar agus clódóireacht

3.2.10.24.

Earnálacha tionscail Adhmad agus táirgí adhmaid

3.2.10.25.

Earnálacha tionscail Tógáil

3.2.10.26.

Earnálacha tionscail Teicstíl agus leathar

3.2.10.27.

Earnálacha tionscail Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal

3.2.10.28.

Earnáil an Iompair: Iarnród

3.2.10.29.

Earnáil an Iompair: Iompar de phíblíne

3.2.10.30.

Earnáil an Iompair: Bóthar

3.2.10.31.

Earnáil an Iompair: Nach bhfuil Sonraithe in aon Áit Eile - Iompar

3.2.10.32.

rnálacha eile: Teaghlaigh

3.2.10.33.

Earnálacha eile: Seirbhísí tráchtála agus poiblí

3.2.10.34.

Earnálacha eile: Talmhaíocht/Foraoiseacht

3.2.10.35.

Earnálacha eile: Iascaireacht

3.2.10.36.

Earnálacha eile: Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile

3.2.11.   OLLTÁIRGEADH FUINNIMH DE RÉIR EARNÁLA

Ní mór olltáirgeadh iomlán leictreachais agus an chuid a thomhlaítear go huathoibríoch (gan deighilt a dhéanamh idir táirgeoir príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoir) a dhearbhú ar leithligh i gcás teaghlach, seirbhísí tráchtála agus poiblí, earnáil an fhuinnimh, earnáil an tionscail agus earnálacha eile maidir le gach ceann de na grúpaí breoslaí seo a leanas:

3.2.11.1.

Grianfhuinneamh - PV

3.2.11.2.

Bithbhreoslaí soladacha, leachtacha nó gásacha

3.2.11.3.

Foinsí in-athnuaite eile

3.2.11.4.

Gás nádúrtha

3.2.11.5.

Eile (foinsí fuinnimh neamh-inathnuaite)

3.2.12.   Olltáirgeadh leictreachais agus teasa ó bhreoslaí indóite

Ní mór an t-oll-leictreachas a tháirgtear, an teas a dhíoltar agus na cainníochtaí breosla a úsáidtear, lena n-áirítear a bhfuinneamh iomlán comhfhreagrach ó na hábhair indóite a liostaítear thíos, a dhearbhú ar leithligh le haghaidh táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí. Le haghaidh an dá chineál táirgeoirí sin, ní mór táirgeadh leictreachais agus teasa a dhearbhú ar leithligh i ngach cás inarb infheidhme le haghaidh aonaid leictreachais amháin, aonaid CTÉ agus aonaid teasa amháin.

3.2.12.1.

Antraicít

3.2.12.2.

Gual Cóic

3.2.12.3.

Gual biotúmanach eile

3.2.12.4.

Gual Fo-Bhiotúmanach

3.2.12.5.

Lignít

3.2.12.6.

Móin

3.2.12.7.

Breosla paitinne

3.2.12.8.

Cóc oighinn chóic

3.2.12.9.

Gás-Chóc

3.2.12.10.

Tarra Guail

3.2.12.11.

BKB (Brícíní Guail Dhoinn)

3.2.12.12.

Gás Oibreacha Gáis

3.2.12.13.

Gás Oighinn Chóic

3.2.12.14.

Gás foirnéise soinneáin

3.2.12.15.

Gáis ghnóthaithe eile

3.2.12.16.

Táirgí móna

3.2.12.17.

Scealla ola agus gainimh ola

3.2.12.18.

Amholaí

3.2.12.19.

LGN

3.2.12.20.

Gás Scaglainne

3.2.12.21.

GPL

3.2.12.22.

Nafta

3.2.12.23.

Scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach

3.2.12.24.

Ceirisín eile

3.2.12.25.

Ola gáis/Ola dhíosail

3.2.12.26.

Olaí breosla

3.2.12.27.

Biotúman

3.2.12.28.

Cóc peitriliam

3.2.12.29.

Táirgí ola eile

3.2.12.30.

Gás nádúrtha

3.2.12.31.

dramhaíl thionsclaíoch;

3.2.12.32.

Dramhaíl chathrach inathnuaite

3.2.12.33

Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite

3.2.12.34.

Bithbhreoslaí soladacha

3.2.12.35.

Bithgháis

3.2.12.36.

Bithdhíosail

3.2.12.37.

Bithghásailíní

3.2.12.38.

Bithbhreoslaí leachtacha eile

3.2.13.   Glantoilleadh Uasta Leictreachais

Ba cheart an toilleadh a dhearbhú amhail ón 31 Nollaig den bhliain thuairiscithe iomchuí agus le haghaidh na mbreoslaí a léirítear thíos. Áirítear toilleadh leictreach gléasraí leictreachais (amháin) agus gléasraí TCÉ. Ní mór an glantoilleadh uasta leictreachais a dhearbhú maidir le táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí araon. Is é suim ghlantoilltí uasta na stáisiún go léir á dtógáil ar leithligh i gcaitheamh tréimhse áirithe oibríochta. Glacfar leis chun na gcríoch sin gur feidhmiú leanúnach a bheidh i gceist leis an tréimhse oibríochta: le fírinne, is ionann sin agus 15 huaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae. Is é an glantoilleadh uasta an chumhacht uasta a thoimhdeofar gur cumhacht ghníomhach amháin í agus gur féidir í a sholáthar, go leanúnach, le linn don ghléasra uile a bheith ag oibriú, ag an bpointe asraoin chuig an líonra.

3.2.13.1.

Núicléach

3.2.13.2.

Gléasraí hidrileictreacha íona

3.2.13.3.

Gléasraí hidrileictreacha measctha

3.2.13.4.

Gléasraí taisce pumpála íona

3.2.13.5.

Fuinneamh Geoiteirmeach

3.2.13.6.

Grianfhuinneamh fótavoltach

3.2.13.7.

Grianfhuinneamh teirmeach

3.2.13.8.

Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin

3.2.13.9.

Fuinneamh Gaoithe

3.2.13.10.

Breoslaí indóite

3.2.13.10.1.

An cineál giniúna: Gal

3.2.13.10.2.

An cineál giniúna: Dóchan inmheánach

3.2.13.10.3.

An cineál giniúna: Gástuirbín

3.2.13.10.4.

An cineál giniúna: Oibríocht chomhthimthrialla

3.2.13.10.5.

An cineál giniúna: Eile

3.2.13.11.

Foinsí eile

3.2.14.   Olltoilleadh Leictreach Uasta de Bhreoslaí Indóite

Ní mór glantoilleadh uasta leictreachais de chuid breoslaí indóite a dhearbhú do tháirgeoirí príomhghníomhaíochta agus d’uath-tháirgeoirí araon, agus ar leithligh le haghaidh gach gléasra aonbhreoslaithe nó ilbhreoslaithe a luaitear sa chéad tábla eile. Is iad aonaid a fhéadfaidh níos mó ná cineál breosla amháin a dhó ar bhonn leanúnach, agus iad sin amháin, atá i gceist le córais ilbhreoslaithe. Ba cheart stáisiúin a bhfuil aonaid ar leithligh acu ina n-úsáidtear breoslaí éagsúla a roinnt ina n-aicmí aonbhreoslaithe iomchuí. Ní mór sonraí a thabhairt maidir leis an gcineál breosla a úsáidtear mar bhreosla príomhúil agus mar bhreosla malartach i gcás gach gléasra ilbhreoslaithe.

3.2.14.1.

Gléasraí aonbhreoslaithe (i gcás catagóirí uile na bpríomhbhreoslaí)

3.2.14.2.

Ilbhreoslaithe, Solaid Agus Leachtanna

3.2.14.3.

Ilbhreoslaithe, Solaid Agus Gás Nádúrtha

3.2.14.4.

Ilbhreoslaithe, Leachtanna Agus Gás Nádúrtha

3.2.14.5.

Ilbhreoslaithe, Solaid, Leachtanna Agus Gás Nádúrtha

3.2.15.   TOILLEADH LEICTREACH NUASHUITEÁILTE AGUS DÍCHOIMISIÚNAITHE

Is é an toilleadh nuashuiteáilte glantoilleadh uasta leictreachais na n-aonad giniúna a bheidh in ann feidhmiú sa bhliain tagartha. Is é an toilleadh díchoimisiúnaithe glantoilleadh uasta leictreachais na n-aonad giniúna nach mbeidh in ann feidhmiú le linn na bliana tagartha.

I gcás gach breosla a léirítear faoi 3.2.13 agus 3.2.14, ba cheart an toilleadh nuashuiteáilte agus díchoimisiúnaithe a thuairisciú le haghaidh na bliana tagartha.

3.2.16.   Ceallraí

Is é toilleadh stórála nó toilleadh fuinnimh an cheallra an chainníocht iomlán fuinnimh is féidir leis an gceallra a stóráil. Is é an toilleadh cumhachta ainmniúil an t-uasráta díluchtaithe is féidir leis an gceallra a bhaint amach, ag tosú ó staid lánluchtaithe. Ba cheart an fhaisnéis thíos a dhearbhú le haghaidh ceallraí atá nasctha leis an eangach agus a úsáidtear mar ghné stórála/chothromúcháin. Ní gá ach ceallraí a bhfuil toilleadh stórála atá cothrom le 1 MWh nó níos mó ná sin acu agus malartuithe leis an eangach a dhearbhú.

3.2.16.1.

Toilleadh stórála ceallraí

3.2.16.2.

Toilleadh cumhachta ainmniúil ceallraí

3.2.16.3.

Leictreachas a chuirtear isteach san eangach ó cheallraí

3.2.16.4.

Leictreachas ón eangach a úsáidtear chun ceallraí a luchtú

Ba cheart na heilimintí thuas a dheighilt sna grúpaí méide seo a leanas bunaithe ar thoilleadh stórála:

Ó 1 MWh go dtí 10 MWh

Ó níos mó ná 10 MWh go dtí 100 MWh

Níos mó ná 100 MWh.

3.3.   Aonaid tomhais

Ba cheart leictreachas a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta), teas in TJ (teirighiúil) agus toilleadh in MW (meigeavatanna). Le haghaidh ceallraí, ba cheart toilleadh stórála. A dhearbhú in MWh agus toilleadh cumhachta ainmniúil a dhearbhú in MW.

Le haghaidh táirgí fuinnimh eile a bhfuil tuairisciú de dhíth ina leith, sainmhínítear na haonaid is infheidhme sna caibidlí ábhartha den iarscríbhinn seo.

4.   OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM

4.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach táirge fuinnimh atá liostaithe in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.4. OLA (Amhola agus táirgí peitriliam)

4.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú do na táirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

4.2.1.   Soláthar amhola, LGN, stoic cothaithe scaglainne, breiseáin agus hidreacarbóin eile

Ba cheart na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú maidir le hamhola, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí i mbreiseáin/ocsaigionáití agus hidreacarbóin eile:

4.2.1.1.

Táirgeadh dúchais

Neamh-infheidhme maidir le stoic chothaithe scaglainne agus le bithbhreoslaí.

4.2.1.2.

Fáltais ó fhoinsí eile.

Neamh-infheidhme maidir le hamhola, le LGN agus le stoic chothaithe scaglainne.

4.2.1.2.1.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó ghual

4.2.1.2.2.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó ghás nádúrtha

4.2.1.2.3.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó fhoinsí inathnuaite

4.2.1.2.4.

Fáltais ó fhoinsí eile: ó hidrigin

4.2.1.3.

Cúlsreabha ón Earnáil Pheitriceimiceach

Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

4.2.1.4.

Táirgí aistrithe

Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

4.2.1.5.

Allmhairí

Folaítear cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba chóir amhola agus GNL a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ón tír thionscnaimh faoi dheoidh; ba chóir stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh. Folaítear aon leacht gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar ghás nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus táirgí peitriliam a allmhairíonn nó a onnmhairíonn an earnáil pheitriceimiceach go díreach. Nóta: níor cheart aon trádáil i mbithbhreoslaí, ar bithbhreoslaí iad nach mbeidh cumaiscthe le breoslaí iompair (i.e. ina bhfoirm íon) a thuairisciú anseo. Ba chóir athonnmhairí ola arna hallmhairiú le haghaidh próiseála laistigh de limistéir faoi bhanna a áireamh mar onnmhaire táirge ón tír phróiseála go dtí an ceann scríbe críochnaitheach.

4.2.1.6.

Onnmhairí

Tá feidhm ag an nóta le haghaidh allmhairí i Roinn (4.2.1.5.) anseo freisin.

4.2.1.7.

Úsáid Dhíreach

4.2.1.8.

Athruithe ar stoic

4.2.1.9.

Iontógáil scaglainne bhreathnaithe

Méideanna arna dtomhas mar ionchur i scaglanna

4.2.1.10.

Caillteanais scaglainne

An difríocht idir Iontógáil scaglainne (breathnaithe) agus Oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais tarlú i rith na bpróiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Beidh caillteanais thuairiscithe deimhneach. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann.

4.2.1.11.

Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta

4.2.1.12.

Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta

4.2.1.13.

Glanluach Calrach

4.2.1.13.1.

Táirgeadh (nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne agus Bithbhreoslaí i mBreiseáin/Ocsaigionáití)

4.2.1.13.2.

Allmhairí (nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le bithbhreoslaí i mbreiseáin/ocsaigionáití)

4.2.1.13.3.

Onnmhairí (nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le breiseáin/osaigionáití)

4.2.1.13.4.

Meán iomlán

4.2.2.   Soláthar táirgí ola

Beidh feidhm ag na comhiomláin seo a leanas maidir le táirgí críochnaithe [gás scaglainne, eatán, GPL, nafta, gásailín mótair (lena n-áirítear an chuid sin de thionscnamh bitheolaíoch), gásailín eitlíochta, scaird-bhreosla den chineál gásailíneach (lena n-áirítear an chuid sin de thionscnamh bitheolaíoch), scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach, ola gháis/ola dhíosail, ola bhreosla de shulfar ard agus ola bhreosla de shulfar íseal, biotáille bhán agus FPS, bealaí, biotúman, céireacha pairifín, cóc peitriliam agus táirgí eile]. Ba cheart amhola agus LGN a dhófar go díreach a áireamh i seachadtaí táirgí críochnaithe agus in aistrithe idirtháirge:

4.2.2.1.

Fáltais táirgí príomhúla

4.2.2.2.

Oll-aschur Scaglainne

4.2.2.3.

Táirgí Athchúrsáilte

4.2.2.4.

Breosla scaglainne (scaglanna peitriliam)

Ba cheart breoslaí a úsáidtear chun leictreachas agus teas arna ndíol a tháirgeadh i scaglanna a chur san áireamh.

4.2.2.4.1.

A úsáidtear in aonaid/gléasraí leictreachais amháin.

4.2.2.4.2.

A úsáidtear in aonaid CTÉ

4.2.2.4.3.

A úsáidtear in aonaid/gléasraí teasa amháin

4.2.2.5.

Allmhairí

Tá feidhm ag an nóta le haghaidh allmhairí i Roinn 4.2.1.5. anseo freisin.

4.2.2.6.

Onnmhairí

Tá feidhm ag an nóta le haghaidh allmhairí i Roinn 4.2.1.5. anseo freisin.

4.2.2.7.

Umair mhuirí idirnáisiúnta

4.2.2.8.

Aistrithe idir-tháirgí

4.2.2.9.

Táirgí aistrithe

4.2.2.10.

Athruithe ar stoic

4.2.2.11.

Leibhéil an stoic tosaigh

4.2.2.12.

Leibhéil an stoic deiridh

4.2.2.13

Athruithe ar stoic ag táirgeoirí príomhghníomhaíochta

Athruithe ar stoic atá á sealbhú ag fóntais phoiblí agus nach bhfuil ar áireamh i Leibhéil Stoic agus in Athruithe ar Stoic a thuairiscítear in áit eile. Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dhiúltach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dheimhneach.

4.2.2.14.

Glanluachanna calracha meánacha

4.2.3   . SEACHADTAÍ CHUIG AN EARNÁIL PHEITRICEIMICEACH

Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaiscthe, etc.) chuig an margadh intíre.

4.2.3.1.

Ollseachadtaí chuig an Earnáil Pheitriceimiceach

4.2.3.2.

Úsáid Fuinnimh san Earnáil Pheitriceimiceach

Cainníochtaí ola a úsáidtear mar bhreosla le haghaidh próiseas peitriceimiceach ar nós cnagadh gaile.

4.2.3.3.

Úsáid Neamhfhuinnimh san Earnáil Pheitriceimiceach

Cainníochtaí ola a úsáidtear san earnáil pheitriceimiceach chun eitiléin, próipiléin, búitiléin, gás sintéise, cumhránaic, bútaidhé-éin agus amhábhair hidreacarbón-bhunaithe eile i bpróisis ar nós cnagadh gaile, gléasraí cumhránaice agus athfhoirmiú gaile. Ní fholaíonn sé méideanna ola a úsáidtear chun críocha breosla.

4.2.3.4.

Cúlsreabha ón Earnáil pheitriceimiceach chuig scaglanna

4.2.4.   Earnáil trasfhoirmithe

Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.

4.2.4.1.

Leictreachas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

4.2.4.2.

Uath-tháirgeoirí - Táirgeadh leictreachais amháin

4.2.4.3.

Aonaid CTÉ na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta

4.2.4.4.

Aonaid CTÉ uath-tháirgeoirí

4.2.4.5.

Teas na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta amháin

4.2.4.6.

Teas na n-uath-tháirgeoirí amháin

4.2.4.7.

Oibreacha Gáis/Gléasraí Gásúcháin

4.2.4.8.

Gás Nádúrtha Cumaiscthe

4.2.4.9.

Oighinn cóic

4.2.4.10.

Foirnéisí Soinneáin

4.2.4.11.

Tionscal peitriceimiceach

4.2.4.12.

Gléasraí Breosla Paitinne

4.2.4.13.

Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile – Claochlú

4.2.5.   AN EARNÁIL FUINNIMH

Dearbhófar na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon.

4.2.5.1.

Mianaigh Ghuail

4.2.5.2.

Ola agus Gás a Eastóscadh

4.2.5.3.

Oighinn Chóic

4.2.5.4.

Foirnéisí Soinneáin

4.2.5.5.

Oibreacha Gáis

4.2.5.6.

Féinúsáid Leictreachais, Gléasraí CTÉ agus Teasa

4.2.5.7.

Nach bhfuil Sonraithe in Áit Eile - Fuinneamh

4.2.6.   Tarchur agus Caillteanais Dáilte

Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.

4.2.7.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnáil an Tionscail

Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.

4.2.7.1.

Iarann agus cruach

4.2.7.2.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

4.2.7.3.

Miotail neamhfheiriúla

4.2.7.4.

Mianraí neamh-mhiotalacha

4.2.7.5.

Trealamh iompair

4.2.7.6.

Innealra

4.2.7.7.

Mianadóireacht agus cairéalacht

4.2.7.8.

Bia, deochanna agus tobac

4.2.7.9.

Laíon, páipéar agus clódóireacht

4.2.7.10.

Adhmad agus táirgí adhmaid

4.2.7.11.

Tógáil

4.2.7.12.

Teicstíl agus leathar

4.2.7.13.

Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal

4.2.8.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnáil an Tionscail

Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.

4.2.8.1.

An eitlíocht idirnáisiúnta

4.2.8.2.

Eitlíocht intíre

4.2.8.3.

Bóthar

4.2.8.4.

Iarnród

4.2.8.5.

Loingseoireacht intíre

4.2.8.6.

Iompar de phíblíne

4.2.8.7.

Nach bhfuil Sonraithe in aon Áit Eile - Iompar

4.2.9.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh - EARNÁLACHA EILE

Ní mór na cainníochtaí atá i gceist leis an úsáid fuinnimh agus leis an úsáid neamhfhuinnimh araon a dhearbhú.

4.2.9.1.

Seirbhísí tráchtála agus poiblí

4.2.9.2.

Teaghlaigh

4.2.9.3.

Talmhaíocht

4.2.9.4.

Foraoiseacht

4.2.9.5.

Iascaireacht

4.2.9.6.

Nach bhfuil sonraithe in áit eile - Eile

4.2.10.   Allmhairí de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe.

Ba cheart allmhairí de réir tír thionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe a dhearbhú. Tá feidhm ag an nóta maidir le hallmhairí i Roinn 4.2.1.5. anseo freisin.

4.2.11.   Toilleadh scaglainne

Tuairiscigh an toilleadh scagtha iomlán náisiúnta agus an miondealú ar thoilleadh bliantúil de réir scaglainne de réir míle tonna méadrach in aghaidh na bliana. Ba cheart na nithe seo a leanas a thuairisciú:

4.2.11.1.

Ainm/Suíomh

4.2.11.2.

Driogadh atmaisféarach

4.2.11.3.

Driogadh folúis

4.2.11.4.

Scoilteadh (Teirmeach)

4.2.11.4.1.

Lena n-áirítear slaodlaghdú

4.2.11.4.2.

Lena n-áirítear cócú

4.2.11.5.

Scoilteadh (catalaíoch)

4.2.11.5.1.

Lena n-áirítear leachtscoilteadh catalaíoch (FCC)

4.2.11.5.2.

Lena n-áirítear hidreascoilteadh (HCK)

4.2.11.6.

Leasú;

4.2.11.7.

Díshulfarú

4.2.11.8.

Ailciliú, polaiméiriú, isiméireacht

4.2.11.9.

Éitearú

4.3.   Aonaid tomhais

Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí). Ní mór na luachanna calracha a dhearbhú in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona)

4.4.   Díolúintí

Tá an Chipir díolmhaithe ó na comhiomláin arna sainiú i Roinn 4.2.9 (Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnálacha eile); níor cheart ach na luachanna iomlána a bheith infheidhme. Tá an Chipir díolmhaithe ó neamhfhuinneamh a thuairisciú faoi Ranna 4.2.4 (Earnáil an Chlaochlaithe), 4.2.5 (Earnáil an fhuinnimh), 4.2.7 (Tionscal), 4.2.7.2 (Earnáil an tionscail, mar atá: ceimiceach agus peitriceimiceach), 4.2.8 (Iompar) agus 4.2.9 (Earnálacha eile).

5.   FUINNEAMH INATHNUAITE AGUS FUINNEAMH Ó DHRAMHAÍL

5.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.5. FOINSÍ IN-ATHNUAITE AGUS DRAMHAÍL Níor cheart ach cainníochtaí breoslaí a úsáidtear chun críocha fuinnimh a thuairisciú (mar shampla, breoslaí a úsáidtear i nginiúint leictreachais agus teasa, dóchán le téarnamh fuinnimh, in innill shoghluaiste san iompar agus chun úsáide in innill dhoghluaiste) Maidir le cainníochtaí táirgí fuinnimh inathnuaite a úsáidtear in ionad breoslaí iontaise chun críocha neamhfhuinnimh, ba cheart iad a thuairisciú i Roinn 5.2.9, ach níor cheart iad a áireamh sa chuid eile de na ranna sa chaibidil seo. Táirgí inathnuaite nár forbraíodh chun teacht in ionad breoslaí iontais, ba cheart iad a eisiamh ó thuairisciú i Roinn 5.2.9, amhail bithbhreoslaí soladacha a úsáidtear le haghaidh troscáin, tógála agus táirgeadh páipéir/cairtchláir, alcóil a úsáidtear i dtionscal an bhia agus snáithíní cadáis/nádúrtha a úsáidtear sa tionscal teicstílí. Ba cheart fuinneamh teirmeach éighníomhach a eisiamh ó thuairisciú i gCaibidil 5 (mar shampla, teas griantheirmeach éighníomhach foirgneamh).

5.2.   Liosta na gcomhiomlán

Déanfar liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh na táirgí fuinnimh uile a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt. Ní gá teas comhthimpeallach (teaschaidéil) a thuairisciú ach le haghaidh na n-earnálacha seo a leanas: claochlú (le haghaidh na gcomhiomlán a bhaineann le teas a dhíoltar), fuinneamh (fuinneamh iomlán amháin, gan fochatagóirí) seirbhísí tráchtála agus poiblí, teaghlaigh agus nach sonraítear in aon áit eile - Eile. Le haghaidh teas comhthimpeallach (teaschaidéil), ba cheart na fochatagóirí fuinneamh aeraiteirmeach, geoiteirmeeach nó hidriteirmeach a dhearbhú faoin táirgeadh dúchasach. I gcás gach ceann de na trí chatagóir sin, ba cheart an fhochatagóir ‘Lena n-áirítear ó theaschaidéil os cionn na tairsí’ a dhearbhú. Ba cheart an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh (SPF) a bheith i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE agus Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.

5.2.1.   Olltáirgeadh Leictreachais agus Teasa

Tá feidhm leis na sainmhínithe a leagtar amach i gCaibidil 3.2.1. Ní mór na comhiomláin 5.2.1.1 go dtí 5.2.1.18 a dhearbhú le haghaidh táirgeoirí príomhghníomhaíochta agus uath-tháirgeoirí. Maidir leis an dá chineál gléasraí seo, ní mór an táirgeadh leictreachais agus teasa a dhearbhú ar leithligh le haghaidh aonaid leictreachais amháin, gléasraí CTÉ agus aonaid teasa amháin i ngach cás inarb infheidhme.

5.2.1.1.

Gléasraí hidrileictreacha íona (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

5.2.1.2.

Gléasraí hidrileictreacha measctha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

5.2.1.3.

Gléasraí taisce pumpála measctha (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

5.2.1.4.

Fuinneamh geoiteirmeach

5.2.1.5.

Grianfhuinneamh fótavoltach (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

Ba cheart na fochatagóirí méide a dhearbhú i leith grianfhuinneamh fótavoltach:

5.2.1.5.1.

Is lú ná 30 kW

5.2.1.5.2.

Ó 30 go dtí 1 000 kW

5.2.1.5.3.

Is lú ná 1 000 kW

Le haghaidh 5.2.1.5.1 go dtí 5.2.1.5.3, ba cheart na fochatagóirí grianphainéil ar dhíonta agus grianphainéil eiseangacha a dhearbhú. Níl an chatagóir eiseangach éigeantach ach amháin más 1 % nó níos mó é den toilleadh fótavoltach ina chatagóir méide féin.

5.2.1.6.

Grianfhuinneamh teirmeach

5.2.1.7.

Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

5.2.1.8.

Fuinneamh gaoithe (infheidhme maidir le leictreachas amháin)

5.2.1.9.

Gaoth ar talamh

5.2.1.10.

Gaoth amach ón gcósta

5.2.1.11.

Dramhaíl chathrach inathnuaite

5.2.1.12.

Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite

5.2.1.13.

Bithbhreoslaí soladacha

5.2.1.14.

Bithgháis

5.2.1.15.

Bithdhíosail

5.2.1.16.

Bithghásailíní

5.2.1.17.

Bithbhreoslaí leachtacha eile

5.2.1.18.

Teaschaidéil (infheidhme maidir le teas amháin)

5.2.2.   Soláthar

5.2.2.1.

Táirgeadh

5.2.2.2.

Allmhairí

5.2.2.3.

Onnmhairí

5.2.2.4.

Umair mhuirí idirnáisiúnta

5.2.2.5.

Athruithe ar stoic

5.2.3.   Earnáil an chlaochlaithe

5.2.3.1.

Leictreachas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

5.2.3.2.

Aonaid teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ) na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta

5.2.3.3.

Teas na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta amháin

5.2.3.4.

Uath-tháirgeoirí - Táirgeadh leictreachais amháin

5.2.3.5.

Uath-tháirgeoirí - Aonaid táirgthe teasa agus cumhachta in éineacht (CTÉ)

5.2.3.6.

Teas na n-uath-tháirgeoirí amháin

5.2.3.7.

Gléasraí breosla paitinne

5.2.3.8.

Gléasraí BKB/PB:

5.2.3.9.

Foirnéisí Soinneáin

5.2.3.10.

Cumaiscthe san eangach gáis (e.g. Gléasraí cumasctha gáis nádúrtha)

5.2.3.11.

Cumaiscthe le breoslaí iontaise leachtacha (e.g. gásailín mótair/díosal/ceirisín)

5.2.3.12.

Gléasraí táirgthe fioghuail

5.2.3.13.

Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile – Claochlú

5.2.4.   An Earnáil Fuinnimh

5.2.4.1.

Gléasraí gásúcháin (bithghás)

5.2.4.2.

Gléasraí leictreachais, CTÉ agus teasa

5.2.4.3.

Mianaigh ghuail

5.2.4.4.

Gléasraí breosla paitinne

5.2.4.5.

Oighinn chóic

5.2.4.6.

Scaglanna peitriliam

5.2.4.7.

Gléasraí BKB/PB:

5.2.4.8.

Oibreacha gáis

5.2.4.9.

Foirnéisí soinneáin

5.2.4.10.

Gléasraí táirgthe fioghuail

5.2.4.11.

Nach bhfuil Sonraithe in Aon Áit Eile - Fuinneamh

5.2.5.   TARCHUR AGUS Caillteanais dáilte

5.2.6.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnáil an Tionscail

5.2.6.1.

Iarann agus cruach

5.2.6.2.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

5.2.6.3.

Miotail neamhfheiriúla

5.2.6.4.

Mianraí neamh-mhiotalacha

5.2.6.5.

Trealamh iompair

5.2.6.6.

Innealra

5.2.6.7.

Mianadóireacht agus cairéalacht

5.2.6.8.

Bia, deochanna agus tobac

5.2.6.9.

Laíon, páipéar agus clódóireacht

5.2.6.10.

Adhmad agus táirgí adhmaid

5.2.6.11.

Tógáil

5.2.6.12.

Teicstíl agus leathar

5.2.6.13.

Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal

5.2.7.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnáil an Iompair

5.2.7.1.

Iarnród

5.2.7.2.

Bóthar

5.2.7.3.

Loingseoireacht intíre

5.2.7.4.

Eitlíocht intíre

5.2.7.5.

An eitlíocht idirnáisiúnta

5.2.7.6.

Nach bhfuil Sonraithe in aon Áit Eile - Iompar

5.2.8.   Tomhaltas Fuinnimh Deiridh — Earnálacha Eile

5.2.8.1.

Seirbhísí tráchtála agus poiblí

5.2.8.2.

Teaghlaigh

5.2.8.3.

Talmhaíocht

5.2.8.4.

Foraoiseacht

5.2.8.5.

Iascaireacht

5.2.8.6.

Nach bhfuil sonraithe in aon áit eile - Eile

5.2.9.   TOMHALTAS DEIRIDH - ÚSÁID NEAMHFHUINNIMH

Le haghaidh na nithe seo a leanas:

5.2.9.1.

Earnáil an iompair

5.2.9.2.

Earnáil an tionscail

5.2.9.3.

Earnálacha eile

An tomhaltas deiridh – ba cheart úsáid neamhfhuinnimh a dhearbhú le haghaidh na ngrúpaí breoslaí seo a leanas:

5.2.9.4.

Bithbhreoslaí soladacha

5.2.9.5.

Bithbhreoslaí leachtacha

5.2.9.6.

Bithgháis

Is é 2024 an chéad bhliain tagartha chun na heilimintí i Roinn 5.2.9 a dhearbhú. Go dtí bliain tagartha 2027, ní féidir ach an tomhaltas deiridh iomlán comhiomlán – úsáid neamhfhuinnimh a dhearbhú seachas míreanna 5.2.9.1 go dtí 5.2.9.3 ar leithligh. Níor cheart na cainníochtaí a thuairiscítear in 5.2.9 a áireamh in 5.2.2 go dtí 5.2.8

5.2.10.   GLANTOILLEADH UASTA LEICTREACHAIS

Ba cheart an toilleadh a dhearbhú amhail ón 31 Nollaig den bhliain thuairiscithe iomchuí. Áirítear toilleadh leictreachais na n-aonad leictreachais amháin agus aonaid CTÉ araon. Is é an glantoilleadh uasta leictreachais suim ghlantoilltí uasta na stáisiún uile á dtógáil ar leithligh i gcaitheamh tréimhse áirithe oibríochta. Glacfar leis chun na gcríoch sin gur feidhmiú leanúnach a bheidh i gceist leis an tréimhse oibríochta: le fírinne, is ionann sin agus 15 huaire an chloig nó níos mó in aghaidh an lae. Is é an glantoilleadh uasta an chumhacht uasta a thoimhdeofar gur cumhacht ghníomhach amháin í agus gur féidir í a sholáthar, go leanúnach, le linn don ghléasra uile a bheith ag oibriú, ag an bpointe asraoin chuig an líonra.

5.2.10.1.

Gléasraí hidrileictreacha íona

5.2.10.2.

Gléasraí hidrileictreacha measctha

5.2.10.3.

Gléasraí taisce pumpála íona

5.2.10.4.

Fuinneamh geoiteirmeach

5.2.10.5.

Grianfhuinneamh fótavoltach

Ba cheart na fochatagóirí méide a dhearbhú i leith grianfhuinneamh fótavoltach:

5.2.10.5.1.

Is lú ná 30 kW

5.2.10.5.2.

Idir 39 agus 1 000 kW

5.2.10.5.3.

Is mó ná 1 000 kW

Le haghaidh 5.2.10.5.1 go dtí 5.2.10.5.3, ba cheart na fochatagóirí grianphainéil ar dhíonta agus grianphainéil eiseangacha a dhearbhú. Níl an chatagóir eiseangach éigeantach ach amháin más 1 % nó níos mó é den toilleadh ina chatagóir méide féin.

5.2.10.6.

Grianfhuinneamh teirmeach

5.2.10.7.

Fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh aigéin

5.2.10.8.

Gaoth ar talamh

5.2.10.9.

Gaoth amach ón gcósta

5.2.10.10.

Dramhaíl thionsclaíoch;

5.2.10.11.

Dramhaíl chathrach

5.2.10.12.

Bithbhreoslaí soladacha

5.2.10.13.

Bithgháis

5.2.10.14.

Bithdhíosail

5.2.10.15.

Bithghásailíní

5.2.10.16.

Bithbhreoslaí leachtacha eile

5.2.11.   SAINTRÉITHE TEICNIÚLA

5.2.11.1.

Dromchla tiomsaitheoirí gréine

Dearbhófar achar dromchla iomlán na gceapadóirí grianfhuinnimh. Ní bhaineann an dromchla tiomsaitheoirí gréine ach le tiomsaitheoirí gréine a úsáidtear chun grianteas teirmeach a tháirgeadh; ní gá an dromchla tiomsaitheoirí gréine a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint a thuairisciú anseo (grianfhuinneamh PV agus cumhacht ghrianfhuinnimh dírithe). Ba cheart achar dromchla iomlán na dtiomsaitheoirí gréine uile a áireamh: tiomsaitheoirí glónraithe agus neamhghlónraithe, tiomsaitheoirí leacaithe agus folúsfheadáin a bhaineann úsáid as leacht nó aer mar iompróir fuinnimh.

5.2.11.2.

Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithghásailín

5.2.11.3.

Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithdhíosal

5.2.11.4.

Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithcheirisín scairdeitleáin

5.2.11.5.

Toilleadh táirgthe le haghaidh Bithbhreoslaí leachtacha eile

5.2.11.6.

Glanluach calrach meánach le haghaidh Bithghásailín

5.2.11.7.

Glanluach calrach meánach le haghaidh Bitheatánóil

5.2.11.8.

Glanluachanna calracha meánacha le haghaidh Bithdhíosal

5.2.11.9.

Glanluachanna calracha meánacha le haghaidh Bithcheirisín scairdeitleáin

5.2.11.10.

Glanluach calrach meánach le haghaidh Bithbhreoslaí leachtacha eile

5.2.11.11.

Glanluach calrach meánach le haghaidh Fioghuail

5.2.11.12.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach

5.2.11.12.1.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Aeir

5.2.11.12.2.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Uisce

5.2.11.12.3.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Aeir (in-aisiompaithe)

5.2.11.12.4.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Aeir/Uisce (in-aisiompaithe)

5.2.11.12.5.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Sceite Aeir/Aeir

5.2.11.12.6.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh Aeraiteirmeach Sceite Aeir/Aeir

5.2.11.13.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh geoiteirmeach

5.2.11.13.1.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh geoiteirmeach Talún/Aeir

5.2.11.13.2.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Fuinneamh geoiteirmeach Talún/Uisce

5.2.11.14.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Teas hidriteirmeach

5.2.11.14.1.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Teas hidriteirmeach Uisce/Aeir

5.2.11.14.2.

Toilleadh teirmeach na dteaschaidéal: Teas hidriteirmeach Uisce/Uisce

I gcás na míreanna uile ó 5.2.11.12 go dtí 5.2.11.14.2, ba cheart an fhochatagóir ‘Lena n-áirítear ó theaschaidéil os cionn na tairsí’ a dhearbhú. Ba cheart an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh (SPF) a bheith i gcomhréir le Treoir 2009/28/CE agus (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.

5.2.12.   Táirgeadh bithbhreoslaí soladacha agus bithgháis

Ba cheart táirgeadh iomlán bithbhreoslaí soladacha (gan fioghual a chur san áireamh) a dheighilt idir na breoslaí seo a leanas:

5.2.12.1.

Connadh, iarmhair agus seachtháirgí adhmaid

5.2.12.1.1.

Millíní adhmaid mar chuid de Chonnadh, iarmhar agus seachtháirgí adhmaid

5.2.12.2.

Licéar dubh

5.2.12.3.

Bagás

5.2.12.4.

Dramhaíl ainmhithe

5.2.12.5.

Ábhair eile cothaitheacha agus iarmhair

5.2.12.6.

An chuid inathnuaite de dhramhaíl thionsclaíoch

Ba cheart táirgeadh iomlán bithgháis a dheighilt idir na modhanna táirgthe seo a leanas:

5.2.12.7.

Bithgháis ó choipeadh anaeróbach: Gás Líonta Talún

5.2.12.8.

Bithgháis ó choipeadh anaeróbach: gás sludaigh séarachais

5.2.12.9.

Bithgháis ó choipeadh anaeróbach: bithgháis eile ó choipeadh anaeróbach

5.2.12.10.

Bithgháis ó phróisis theirmeacha

5.2.13.   Allmhairí de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe.

Ba cheart allmhairí a thuairisciú de réir tír thionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe. Infheidhme maidir le bithgháisilíní, bitheatánól, bithcheirisín scairdeitleáin, bithdhíosail, bithbhreoslaí leachtacha eile, millíní adhmaid.

5.3.   Aonaid tomhais

Ní mór leictreachas a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta), teas in TJ (teirighiúil) agus toilleadh leictreachais in MW (meigeavatanna).

Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in TJ NCV (teirighiúil bunaithe ar ghlanluach calrach), ach amháin maidir le fioghual, bithghásailín, bitheatánól, bithcheirisín scairdeitleáin, bithdhíosal, agus bithbhreoslaí leachtacha eile, nach mór iad a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).

Ní mór na luachanna calracha a dhearbhú in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona)

Ní mór dromchla tiomsaitheoirí gréine a dhearbhú in 1 000 m2.

Ní mór toilleadh táirgthe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí) in aghaidh na bliana.

6.   Staidreamh bliantúil i dtaca le fuinneamh núicléach

Ní mór na sonraí seo a leanas maidir le húsáid shibhialta an fhuinnimh núicléigh a dhearbhú:

6.1.   Liosta na gcomhiomlán

6.1.1.   TOILLEADH SAIBHRIÚCHÁIN

Toilleadh oibre deighilte bliantúil na ngléasraí saibhriúcháin (deighilt iseatóp úráiniam).

6.1.2.   TOILLEADH TÁIRGTHE NA n-EILIMINTÍ BREOSLA ÚIR

Toilleadh táirgthe bliantúil na ngléasraí monaraithe breosla. Cuirtear gléasraí monaraithe breosla MOX as an áireamh.

6.1.3.   TOILLEADH TÁIRGTHE GLÉASRAÍ MONARAITHE BREOSLA MOX.

Toilleadh táirgthe bliantúil gléasraí monaraithe breosla MOX.

Is breosla é MOX ina bhfuil meascán de phlútóiniam agus úráiniam (ocsaíd mheasctha).

6.1.4.   TÁIRGEADH EILIMINTÍ BREOSLA ÚIR

Táirgeadh eilimintí breosla úir críochnaithe i ngléasraí monaraithe breosla núicléigh. Ní chuirtear slata nó táirgí páirteacha san áireamh. Cuirtear as an áireamh gléasraí monaraithe a tháirgeann breosla MOX freisin.

6.1.5.   TÁIRGEADH EILIMINTÍ BREOSLA MOX.

Táirgeadh na n-eilimintí breosla úir críochnaithe i ngléasraí monaraithe breosla úir. Ní chuirtear slata nó táirgí páirteacha san áireamh.

6.1.6.   TÁIRGEADH AN TEASA NÚICLÉIGH

Méid iomlán an teasa a ghineann imoibreoirí núicléacha le haghaidh táirgeadh leictreachais nó le haghaidh feidhmeanna eile úsáideacha teasa.

6.1.7.   GNÁTHDHÓ BLIANTÚIL NA n-EILIMINTÍ BREOSLA IONRADAITHE A URSCAOILEADH GO CINNTITHEACH

Gnáthdhó ríofa na n-eilimintí breosla a urscaoileadh go cinntitheach ó imoibritheoirí núicléacha le linn na bliana tagartha lena mbaineann. Ní fholaíonn sé eilimintí breosla a urscaoiltear go sealadach agus ar dócha go n-athluchtófar iad arís níos déanaí.

6.1.8.   TÁIRGEADH ÚR AN ÚRÁINIAM AGUS AN PHLÚTÓINIAM I nGLÉASRAÍ ATHPHRÓISEÁLA

Úráiniam agus plútóiniam a tháirgtear i ngléasraí athphróiseála le linn na bliana acadúla

6.1.9.   TOILLEADH (ÚRÁINIAM AGUS PLÚTÓINIAM) NA nGLÉASRAÍ ATHPHRÓISEÁLA

Toilleadh athphróiseála bliantúil an úráiniam agus an phlútóiniam

6.2.   Aonaid tomhais

tSWU (tonaí na n-aonad oibre deighilte) le haghaidh 6.1.1.

tHM (tonaí an mhiotail throm) le haghaidh 6.1.4, 6.1.5., 6.1.8.

tHM (tonaí an mhiotail throm) le haghaidh 6.1.2., 6.1.3, 6.1.9

TJ (teirighiúil) le haghaidh 6.1.6.

GWd/tHM (gigeavata-lá in aghaidh an tona de mhiotal trom) le haghaidh 6.1.7.

7.   HIDRIGIN

Ní mór na sonraí seo a leanas a dhearbhú den chéad uair le haghaidh na bliana tagartha 2024:

7.1.   Liosta na gcomhiomlán

7.1.1.

Táirgeadh dúchais

7.1.1.1.

Ó ghás nádúrtha

7.1.1.2.

Ó tháirgí ola agus peitriliam:

7.1.1.3.

Ó bhreoslaí soladacha

7.1.1.4.

Ó fhoinsí inathnuaite

7.1.1.5.

Ó leictrealú

7.1.1.5.1.

Mar atá: leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite - líne tarchurtha díreach

7.1.1.5.2.

Mar atá: leictreachas ón bhfuinneamh núicléach - líne tarchurtha díreach

7.1.1.6.

Ó fhoinsí eile

7.1.2.

Allmhairí

7.1.3.

Onnmhairí

7.1.4.

Athruithe ar Stoic

7.1.5.

Umair mhuirí idirnáisiúnta

7.1.6.

An eitlíocht idirnáisiúnta

7.1.7.

Difríochtaí Staidrimh

7.1.8.

Trasfhoirmiú: Leictreachas na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.1.9.

Trasfhoirmiú: Leictreachas Uath-tháirgeoirí

7.1.10.

Trasfhoirmiú: Comhghiniúint cumhachta agus teasa na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.1.11.

Trasfhoirmiú: Comhghiniúint cumhachta agus teasa Uath-tháirgeoirí

7.1.12.

Trasfhoirmiú: Teas na dTáirgeoirí Príomhghníomhaíochta

7.1.13.

Trasfhoirmiú: Teas Uath-tháirgeoirí

7.1.14.

Trasfhoirmiú: Oibreacha gáis (agus tiontú eile chuig gáis)

7.1.15.

Trasfhoirmiú: Scaglanna

7.1.16.

Trasfhoirmiú: Tionscal peitriceimiceach

7.1.17.

Trasfhoirmiú Nach sonraítear in aon áit eile (Trasfhoirmiú)

7.1.18.

Earnáil an fhuinnimh: Mianaigh ghuail

7.1.19.

Earnáil an fhuinnimh: Ola agus gás a eastóscadh

7.1.20.

Earnáil an fhuinnimh: Oighinn Chóic (Fuinneamh)

7.1.21.

Earnáil an fhuinnimh: Foirnéisí soinneáin (Fuinneamh)

7.1.22.

Earnáil an fhuinnimh: Oibreacha gáis (Fuinneamh)

7.1.23.

Earnáil an fhuinnimh: Leictreachas, comhghiniúint cumhachta agus teasa agus teas

7.1.24.

Earnáil an fhuinnimh: Nach sonraítear in aon áit eile (Fuinneamh)

7.1.25.

Tarchur agus caillteanais dáilte

7.1.26.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Iarann agus cruach

7.1.27.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

7.1.28.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Miotail neamhfheiriúla

7.1.29.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Mianraí neamh-mhiotalacha

7.1.30.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Trealamh iompair

7.1.31.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Innealra

7.1.32.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Mianadóireacht agus cairéalacht

7.1.33.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Bia, deochanna agus tobac

7.1.34.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Páipéar, laíon agus clódóireacht

7.1.35.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Adhmad agus táirgí adhmaid

7.1.36.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Tógáil

7.1.37.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Teicstílí agus leathar

7.1.38.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh - Earnáil an tionscail: Nach sonraítear in áit eile (Tionscal)

7.1.39.

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh: Earnálacha eile

7.1.40.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Iarann agus cruach

7.1.41.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

7.1.42.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Miotail neamhfheiriúla

7.1.43.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Mianraí neamh-mhiotalacha

7.1.44.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Trealamh iompair

7.1.45.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Innealra

7.1.46.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Mianadóireacht agus cairéalacht

7.1.47.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Bia, deochanna agus tobac

7.1.48.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Páipéar, laíon agus clódóireacht

7.1.49.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Adhmad agus táirgí adhmaid

7.1.50.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Tógáil

7.1.51.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Teicstílí agus leathar

7.1.52.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil an tionscail: Nach sonraítear in áit eile (Tionscal)

7.1.53.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil iompair: Eitlíocht intíre

7.1.54.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil iompair: Bóthar

7.1.55.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil iompair: Iarnród

7.1.56.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil iompair: Loingseoireacht intíre

7.1.57.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil iompair: Iompar de phíblíne

7.1.58.

Tomhaltas fuinnimh deiridh - Earnáil iompair: Nach sonraítear in áit eile (Iompar)

7.1.59.

Earnálacha eile: Seirbhísí tráchtála agus poiblí

7.1.60.

Earnálacha eile: Teaghlaigh

7.1.61.

Earnálacha eile: Talmhaíocht

7.1.62.

Earnálacha eile: Foraoiseacht

7.1.63.

Earnálacha eile: Iascaireacht

7.1.64.

Earnálacha eile: Nach sonraítear in aon áit eile (Eile)

7.2.   Cumas táirgeachta

Ní mór toilleadh táirgthe hidrigine an 31 Nollaig den bhliain tagartha a dhearbhú agus an leibhéal céanna sonraí ann agus a bhí ann le haghaidh an táirgthe (míreanna 7.1.1.1 go dtí 7.1.1.6).

7.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in TJ (OLC) agus toilleadh táirgthe in TJ (OLC) in aghaidh na bliana.

8.   Staidreamh mionsonraithe maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh

Ní mór na sonraí imdhealaithe seo a leanas maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh a dhearbhú.

8.1.   Liosta na gcomhiomlán

8.1.1.   Earnáil an tionscail

Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.1 d’Iarscríbhinn A

8.1.1.1.

Mianadóireacht agus cairéalacht

8.1.1.1.1.

Mianadóireacht ar mhianraí miotail

8.1.1.1.2.

Mianadóireacht agus cairéalacht eile

8.1.1.1.3.

Gníomhaíochtaí tacaíochta mianadóireachta

8.1.1.2.

Bia, deochanna agus tobac

8.1.1.2.1.

Monarú táirgí bia

8.1.1.2.2.

Monarú deochanna

8.1.1.2.3.

Monarú táirgí tobac

8.1.1.3.

Teicstíl agus leathar

8.1.1.4.

Adhmad agus táirgí adhmaid

8.1.1.5.

Laíon, páipéar agus clódóireacht

8.1.1.5.1.

Monarú páipéir agus táirgí páipéir

8.1.1.5.1.1.

Monarú laín

8.1.1.5.1.2.

Páipéar eile agus táirgí páipéir

8.1.1.5.2.

Priontáil agus atáirgeadh na meán taifeadta

8.1.1.6.

An tionscal ceimiceach agus peitriceimiceach

8.1.1.6.1.

Monarú ceimiceán agus táirgí ceimiceacha

8.1.1.6.2.

Monarú buntáirgí cógaisíochta agus ullmhóidí cógaisíochta

8.1.1.7.

Mianraí neamh-mhiotalacha

8.1.1.7.1.

Monarú gloine agus táirgí gloine

8.1.1.7.2.

Monarú stroighne, aoil agus plástair (lena n-áirítear Clincear)

8.1.1.7.3.

Táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile

8.1.1.8.

Iarann agus cruach [Monarú miotal bunúsach A]

8.1.1.9.

Tionscal miotal neamhfheiriúil [Monarú miotal bunúsach B]

8.1.1.9.1.

Táirgeadh alúmanaim

8.1.1.9.2.

Tionscal miotal neamhfheiriúil eile

8.1.1.10.

Innealra

8.1.1.10.1.

Monarú táirgí déanta as miotal, ach amháin innealra agus trealamh miotail

8.1.1.10.2.

Monarú táirgí ríomhaireachta, leictreonacha agus optúla

8.1.1.10.3.

Monarú trealaimh leictrigh

8.1.1.10.4.

Monarú innealra agus trealaimh nach n-aicmítear in aon áit eile

8.1.1.11.

Trealamh iompair

8.1.1.12.

Nach sonraítear in aon áit eile - Tionscal

8.1.1.12.1.

Monarú táirgí rubair agus plaisteacha

8.1.1.12.2.

Monarú troscáin

8.1.1.12.3.

Monarú eile

8.1.2.   An earnáil iompair

Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.2 d’Iarscríbhinn A

8.1.2.1.

Iarnród

8.1.2.1.1.

Iarnród ardluais

8.1.2.1.2.

Gnáthchóras iarnróid

8.1.2.1.2.1.

Iompar paisinéirí de ghnáthchóras iarnróid

8.1.2.1.2.1.

Iompar lastais de ghnáthchóras iarnróid

8.1.2.1.3.

An meitreo agus an tram

8.1.2.2.

Bóthar

8.1.2.2.1.

Feithiclí tromshaothair lena n-iompraítear lastas

8.1.2.2.2.

Iompar comhchoiteann

8.1.2.2.3.

Gluaisteáin agus veaineanna

8.1.2.2.4.

Iompar eile de bhóthar

8.1.3.   Earnáil na seirbhísí tráchtála agus poiblí

Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.3.1 d’Iarscríbhinn A

8.1.3.1.

Deisiú agus suiteáil innealra agus trealaimh

8.1.3.2.

Soláthar uisce; séarachas, gníomhaíochtaí bainistíochta agus leasúcháin dramhaíola

8.1.3.3.

Trádáil mhórdhíola agus trádáil mhiondíola; deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar

8.1.3.3.1.

Trádáil mhórdhíola

8.1.3.3.2.

Trádáil mhiondíola

8.1.3.4.

Gníomhaíochtaí ollstórála agus tacaíochta le haghaidh iompair

8.1.3.5.

Gníomhaíochtaí poist agus cúiréireachta

8.1.3.6.

Gníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhísí bia

8.1.3.6.1.

Lóistín

8.1.3.6.2.

Gníomhaíochtaí seirbhíse bia

8.1.3.7.

Faisnéis agus cumarsáid

8.1.3.8.

Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais agus gníomhaíochtaí eastáit réadaigh

8.1.3.9.

Gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta

8.1.3.10.

Riarachán poiblí agus cosaint; slándáil shóisialta éigeantach

8.1.3.11.

Oideachas

8.1.3.12.

Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta

8.1.3.12.1.

Gníomhaíochtaí ospidéil

8.1.3.13.

Na healaíona, siamsaíocht agus áineas

8.1.3.13.1.

Gníomhaíochtaí spóirt

8.1.3.14.

Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí seach-chríche

8.1.3.15.

Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla agus seirbhísí eile

8.1.3.16.

Lárionaid sonraí. Is gá lárionaid sonraí le toilleadh cumhachta iomlán 1 MW nó níos mó a dhéanann aonaid tuairiscithe a stóráil (beag beann ar a gcód NACE) a dhearbhú. Is é an chéad thuairisciú éigeantach le haghaidh na míre seo an bhliain tagartha 2024.

8.1.4.   Earnáil na dteaghlach

Le tuairisciú de réir na sainmhínithe a cuireadh ar fáil i Roinn 2.6.3.2 d’Iarscríbhinn A

8.1.4.1.

Teaghlaigh: Téamh spáis

8.1.4.2.

Teaghlaigh: Fuarú spáis

8.1.4.3.

Teaghlaigh: Téamh uisce

8.1.4.4.

Teaghlaigh: Cócaireacht

8.1.4.5.

Teaghlaigh: Soilsiú agus fearais

Baineann sé seo le leictreachas amháin

8.1.4.6.

Teaghlaigh: Úsáidí deiridh eile

8.2.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh seo a leanas a liostaítear in Iarscríbhinn A:

Sonróidh Eurostat liosta deiridh na dtáirgí fuinnimh ar cheart sonraí arna gcumhdach ag pointe 7 d’Iarscríbhinn B a thuairisciú sa teimpléad tuairiscithe, mar fho-thacar sonraí de na sonraí a liostaítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn A.

8.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí breoslaí iontaise soladacha a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).

Ní mór cainníochtaí táirgí amhola agus peitriliam a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).

Ní mór cainníochtaí gás nádúrtha agus gás monaraithe (gás oibreacha gáis, gás soirn cóic, gás foirnéis soinneáin, gáis ghnóthaithe eile) a dhearbhú de réir inneachar fuinnimh, in TJ OLC (teirighiúil bunaithe ar oll-luach calrach).

Ní mór leictreachas a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta).

Ní mór cainníochtaí teasa a dhearbhú in TJ (teirighiúil bunaithe ar ghlanluachanna calracha).

Ní mór cainníochtaí foinsí inathnuaite agus dramhaíola a dhearbhú in TJ NCV (teirighiúil bunaithe ar ghlanluach calrach), ach amháin maidir le fioghual, bithghásailín, bitheatánól, bithcheirisín scairdeitleáin, bithdhíosal, agus bithbhreoslaí leachtacha eile, nach mór iad a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).

Ní mór luachanna calracha le haghaidh breoslaí iontaise soladacha, táirgí amhola agus peitriliam agus foinsí inathnuaite agus dramhaíola in MJ/t (meigighiúil in aghaidh an tona).

Ní mór luachanna calracha le haghaidh gás nádúrtha agus gáis monaraithe a dhearbhú in kJ/m3, ag glacadh leis go mbeidh coinníollacha gáis tagartha (15 °C, 101 325 Pa) ann.

Le haghaidh táirgí fuinnimh eile a bhfuil tuairisciú de dhíth ina leith, sainmhínítear na haonaid is infheidhme sna caibidlí ábhartha den iarscríbhinn seo.

8.4.   An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur:

Ba cheart sonraí a chur isteach faoin 31 Márta den dara bliain tar éis na bliana tuairiscithe.

8.5.   Díolúintí

Tá an Chipir díolmhaithe ó thomhaltas fuinnimh deiridh imdhealaithe táirgí amhola agus peitriliam (mar a shainítear i Roinn 3.4 d’Iarscríbhinn A) a thuairisciú i gcás gach comhiomlán arna chumhdach le Roinn 8.1.4 den iarscríbhinn seo (Teaghlaigh).

9.   RÉAMHSHONRAÍ BLIANTÚLA

9.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí a thuairiscítear i Ranna 1.1., 2.1., 3.1., 4.1. agus 5.1. den Iarscríbhinn seo.

9.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú:

9.2.1.

I gcás breoslaí iontaise soladacha agus gáis mhonaraithe: 1.2.1.1., 1.2.1.2., 1.2.1.6., 1.2.1.7., 1.2.1.8., 1.2.1.9. mar a shainmhínítear i gCaibidil 1 den Iarscríbhinn seo.

9.2.2.

I gcás gás nádúrtha: 2.2.1.1., 2.2.1.2., 2.2.1.3., 2.2.1.4., 2.2.1.5., 2.2.1.6. mar a shainmhínítear i gCaibidil 2 den Iarscríbhinn seo.

9.2.3

. I gcás leictreachais agus teasa: olltáirgeadh de réir an táirge le haghaidh gach táirge aonair, féinúsáid, iomlán tarchuir agus caillteanais dáilte (3.2.3. agus 3.2.4.) agus 3.2.2.3., 3.2.2.4, 3.2.2.5, 3.2.2.6., 3.2.2.7., 3.2.2.8., 3.2.2.9. faoi mar a shainmhínítear i gCaibidil 3 den iarscríbhinn seo.

9.2.4.

I gcás táirgí ola agus peitriliam: 4.2.1.1., 4.2.1.2., 4.2.1.3., 4.2.1.4., 4.2.1.5., 4.2.1.6., 4.2.1.7., 4.2.1.8., 4.2.1.9., 4.2.1.10., 4.2.2.1., 4.2.2.2., 4.2.2.3., 4.2.2.4., 4.2.2.5., 4.2.2.6., 4.2.2.7., 4.2.2.8., 4.2.2.9., 4.2.2.10. mar a shainmhínítear i gCaibidil 4 den Iarscríbhinn seo.

9.2.5.

I gcás fuinneamh inathnuaite agus fuinneamh ó dhramhaíl: 5.2.2.1., 5.2.2.2., 5.2.2.3., 5.2.2.4., 5.2.10.1., 5.2.10.2., 5.2.10.3., 5.2.10.8., 5.2.10.9. mar a shainmhínítear i gCaibidil 5 den Iarscríbhinn seo.

9.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in aonaid a shainítear i Ranna 1.3., 2.3., 3.3., 4.3. agus 5.3. den iarscríbhinn seo.

9.4.   An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur

Ba cheart sonraí a chur isteach faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis na bliana tuairiscithe.

IARSCRÍBHINN C

STAIDREAMH MÍOSÚIL FUINNIMH

Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na socruithe tarchuir i ndáil le staidreamh fuinnimh a bhailiú go míosúil.

In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo.

Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san Iarscríbhinn seo:

a)

Tréimhse thuairiscithe: Is é mí féilire amháin an tréimhse thuairiscithe maidir leis na sonraí dearbhaithe.

b)

Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn míosúil.

c)

Formáid an tarchuir: Ba cheart formáid an tarchuir a bheith i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha a shonróidh Eurostat.

d)

Modh tarchuir: Ba cheart sonraí a chur isteach chuig an bpointe iontrála aonair i gcás sonraí ag Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.

1.   BREOSLAÍ SOLADACHA

1.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú an mhéid seo a leanas:

1.1.1.

Gual crua

1.1.2.

Gual donn

1.1.3.

Móin

1.1.4.

Scealla ola agus gainimh ola

1.1.5.

Cóc oighinn chóic

1.2.   Liosta na gcomhiomlán

1.2.1.

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gual crua:

1.2.1.1.

Táirgeadh

1.2.1.2.

Táirgí gnóthaithe

1.2.1.3.

Allmhairí

1.2.1.4.

Allmhairí ó lasmuigh den Aontas

1.2.1.5.

Onnmhairí

1.2.1.6.

Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta

Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

1.2.1.7.

Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta

Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

1.2.1.8.

Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta

1.2.1.9.

Seachadtaí chuig gléasraí cóic

1.2.1.10.

Seachadtaí chuig an tionscal iomlán

1.2.1.11.

Seachadtaí chuig an tionscal iarainn agus cruach

1.2.1.12.

Seachadtaí eile (seirbhísí, teaghlaigh, etc.) Méid an ghuail chrua a seachadadh chuig earnálacha nach luaitear go sonrach nó nach bhfuil baint acu le trasfhoirmiú, fuinneamh, tionscal nó iompar.

1.2.2.

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gual donn, móna agus sceall ola agus gainimh ola:

1.2.2.1.

Táirgeadh

1.2.2.2.

Allmhairí

1.2.2.3.

Onnmhairí

1.2.2.4.

Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta

Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

1.2.2.5.

Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta

Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag mianaigh, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

1.2.2.6.

I gcás móna, is féidir athruithe ar stoic a dhearbhú in ionad stoic tosaigh agus deiridh.

1.2.2.7.

Seachadtaí chuig táirgeoirí príomhghníomhaíochta

1.2.3.

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh cóc oighinn chóic:

1.2.3.1.

Táirgeadh

1.2.3.3.

Allmhairí

1.2.3.4.

Allmhairí ó lasmuigh den Aontas

1.2.3.5.

Onnmhairí

1.2.3.6.

Stoic iomlána tosaigh ar chríoch náisiúnta

Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag táirgeoirí, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

1.2.3.7.

Stoic iomlána deiridh ar chríoch náisiúnta

Is iad seo na cainníochtaí arna sealbhú ag táirgeoirí, allmhaireoirí agus tomhaltóirí a allmhairíonn go díreach.

1.2.3.8.

Seachadtaí chuig an tionscal iarainn agus cruach

1.3.   Aonaid tomhais

Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).

1.4.   An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur

Laistigh de 2 mhí féilire tar éis na míosa tuairiscithe.

2.   LEICTREACHAS

2.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú leictreachais.

2.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh leictreachais:

2.2.1.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí núicléacha

2.2.2.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as gual

2.2.3.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as ola

2.2.4.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as gás

2.2.5.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as foinsí inathnuaite indóite (amhail bithbhreoslaí soladacha, bithgháis, bithbhreoslaí leachtacha, dramhaíl chathrach inathnuaite)

2.2.6.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh theirmigh thraidisiúnta ag baint úsáid as breoslaí indóite neamh-inathnuaite (amhail dramhaíl thionsclaíoch neamh-inathnuaite agus dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite)

2.2.7.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí glan-hidreafhuinnimh

2.2.8.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí hidreafhuinnimh mheasctha

2.2.9.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghléasraí taisce pumpála hidrileictreacha íona

2.2.10.

Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghaoithe cósta

2.2.11.

Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghaoithe amach ón gcósta

2.2.12.

Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghrianfhuinnimh fhótavoltaigh

2.2.13.

Glantáirgeadh leictreachais ó fhearais ghrianfhuinnimh theirmigh

2.2.14.

Glantáirgeadh leictreachais ó ghiniúint fuinnimh gheoiteirmeaigh

2.2.15.

Glantáirgeadh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite eile (amhail fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh farraige agus foinsí eile inathnuaite neamh-indóite)

2.2.16.

Glantáirgeadh leictreachais ó fhoinse nach sonraítear

2.2.17.

Allmhairí

2.2.17.1.

Lena n-áirítear ón Aontas

2.2.18.

Onnmhairí

2.2.18.1.

Lena n-áirítear chuig an Aontas

2.2.19.

Leictreachas a mbaintear úsáid as le haghaidh taisce pumpála

2.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in GWh (gigeavatuaireanta).

2.4.   An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur

Laistigh de dhá mhí féilire tar éis na míosa tuairiscithe.

3.   OLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM

3.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag an mbailiú sonraí seo maidir le gach ceann de na táirgí fuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn A, Caibidil 3.4. OLA (táirgí amhola agus peitriliam).

Folaítear leis an aicme ‘Táirgí Eile’ na cainníochtaí a fhreagraíonn don sainmhíniú i gCaibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A) agus na cainníochtaí de bhiotáille bhán agus FPS, de bhealaí, de bhiotúman agus de chéireacha pairifín; níor cheart na táirgí seo a dhearbhú ar leithligh.

3.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh na dtáirgí fuinnimh go léir a liostaítear sa mhír roimhe seo mura sonraítear a mhalairt.

3.2.1.   SOLÁTHAR AMHOLA, GNL, STOIC CHOTHAITHE SCAGLAINNE, BREISEÁIN AGUS HIDREACARBÓIN EILE

Nóta le haghaidh breiseáin agus bithbhreoslaí: folaítear anseo ní hamháin méideanna atá cumaiscthe cheana, ach na cainníochtaí uile atá ceaptha lena gcumasc freisin.

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh amhola, GNL, stoic chothaithe scaglainne, breiseáin/ocsaigionáití, bithbhreoslaí agus hidreacarbóin eile:

3.2.1.1.

Táirgeadh Dúchais (neamh-infheidhme maidir le stoic chothaithe scaglainne agus le bithbhreoslaí).

3.2.1.2.

Fáltais ó fhoinsí eile (neamh-infheidhme maidir le hamhola, GNL, stoic chothaithe scaglainne)

3.2.1.3.

Cúlsreabha

Táirgí críochnaithe nó leathchríochnaithe a aischuireann tomhaltóirí deiridh chuig scaglanna lena bpróiseáil, lena gcumasc nó lena ndíol. Is fotháirgí de mhonarú peitriceimiceach iad de ghnáth. Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

3.2.1.4.

Táirgí aistrithe

Táirgí peitriliam allmhairithe a dhéanfar a athaicmiú mar stoic chothaithe lena bpróiseáil tuilleadh sa scaglann, agus nach ndéanfar a sheachadadh chuig tomhaltóirí deiridh. Nach bhfuil infheidhme ach amháin maidir le stoic chothaithe scaglainne.

3.2.1.5.

Allmhairí

3.2.1.6.

Onnmhairí

Nóta le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú: Folaítear cainníochtaí amhola agus táirgí arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú faoi chomhaontuithe próiseála (i.e. scagadh ar chuntas). Ba chóir amhola agus GNL a thuairisciú mar chainníochtaí a tháinig ón tír thionscnaimh faoi dheoidh; ba chóir stoic chothaithe scaglainne agus táirgí críochnaithe a thuairisciú mar stoic agus mar tháirgí a tháinig ó thír an choinsínithe deiridh. Folaítear aon leacht gáis (e.g. GPL) a eastósctar le linn athghásúchán a dhéanamh ar ghás nádúrtha leachtaithe allmhairithe agus táirgí peitriliam a allmhairíonn nó a onnmhairíonn an earnáil pheitriceimiceach go díreach.

3.2.1.7.

Úsáid dhíreach

3.2.1.8.

Athruithe ar stoic

Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach.

3.2.1.9.

Iontógáil scaglainne bhreathnaithe

Sainmhínítear é seo mar mhéid iomlán na hola (lena n-áirítear hidreacarbóin eile agus breiseáin) breathnaithe a tháinig isteach sa phróiseas scaglainne (ionchur i scaglanna).

3.2.1.10.

Caillteanais scaglainne

An difríocht idir iontógáil scaglainne bhreathnaithe agus oll-aschur scaglainne. Féadfaidh caillteanais a bheith ann i rith próiseas driogtha mar gheall ar ghalú. Beidh caillteanais thuairiscithe deimhneach. Féadfaidh gnóchain thoirtmhéadracha a bheith ann ach ní fhéadfaidh gnóchain i mais a bheith ann.

3.2.2.   SOLÁTHAR TÁIRGÍ CRÍOCHNAITHE

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh Amhola, GNL, Gáis scaglainne, Eatáin, GPL, Nafta, Bithghásailín, Neamh-bhithghásailín, Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla den chineál gásailíneach, Bithcheirisín scairdeitleáin, Neamh-bithcheirisín scairdeitleáin, Ceirisín eile, Bithdhíosail, Gás neamh-bhitheolaíoch/ola dhíosail, Ola bhreosla ina bhfuil leibhéal íseal sulfair, Ola bhreosla ina bhfuil ardleibhéal sulfair, Cóc peitriliam, agus Táirgí eile:

3.2.2.1.

Fáltais táirgí príomhúla

3.2.2.2.

Oll-aschur scaglainne (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)

3.2.2.3.

Táirgí athchúrsáilte (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)

3.2.2.4.

Breosla Scaglainne (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)

Iarscríbhinn A Caibidil 2.3 Earnáil an fhuinnimh - Scaglanna peitriliam; Folaítear breoslaí a mbaintear úsáid astu sna scaglanna chun leictreachas agus teas arna dhíol a tháirgeadh.

3.2.2.5.

Allmhairí (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne)

3.2.2.6.

Onnmhairí (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne)

Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i Roinn 3.2.1. anseo freisin.

3.2.2.7.

Umair Mhuirí Idirnáisiúnta (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)

3.2.2.8.

Aistrithe idir-tháirgí

3.2.2.9.

Táirgí aistrithe (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)

3.2.2.10.

Athruithe ar stoic (neamh-infheidhme maidir le hamhola, le GNL agus le gás scaglainne)

Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach.

3.2.2.11.

Ollseachadtaí intíre ríofa breathnaithe

Seachadadh breathnaithe táirgí peitriliam críochnaithe ó fhoinsí príomhúla (e.g. scaglanna, gléasraí cumaiscthe, etc.) chuig an margadh intíre.

3.2.2.11.1.

Eitlíocht idirnáisiúnta (infheidhme maidir le Gásailín eitlíochta, Scaird-bhreosla den chineál gásailíneach, Bithcheirisín scairdeitleáin, Neamh-bithcheirisín scairdeitleáin)

3.2.2.11.2.

Gléasraí cumhachta na dtáirgeoirí príomhghníomhaíochta

3.2.2.11.3.

Bóthar (níl sé infheidhme ach amháin maidir le GPL)

3.2.2.11.4.

Loingseoireacht intíre agus Iarnród (níl sé infheidhme ach amháin maidir le Bithdhíosail, Gás neamh-bhitheolaíoch/ola dhíosail)

3.2.2.12.

Peitriceimiceach

3.2.2.13.

Cúlsreabha chuig scaglanna (neamh-infheidhme maidir le hamhola agus GNL)

3.2.3.   ALLMHAIRÍ DE RÉIR ÁIT TIONSCNAIMH — ONNMHAIRÍ DE RÉIR CEANN SCRÍBE

Ba cheart allmhairí a thuairisciú de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí de réir tír cinn scríbe. Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i Roinn 3.2.1. anseo freisin.

3.2.4.   LEIBHÉIL STOIC

Ní mór na stoic tosaigh agus deiridh seo a leanas a dhearbhú maidir leis na táirgí fuinnimh go léir, lena n-áirítear maidir le breiseáin/ocsaigionáití ach seachas gás scaglainne:

3.2.4.1.

Stoic ar chríoch náisiúnta

Stoic sna láithreacha seo a leanas: umair scaglainne, bulc-chríochfoirt, umar píblíne, báirsí agus tancaeir cósta (i gcás ina mbeidh an calafort imeachta agus cinn scríbe sa tír chéanna), tancaeir i gcalafort balltíre (i gcás ina ndéanfar a lasta a dhíluchtú ag an gcalafort), umair long intíre. Ní fholaítear stoic ola arna sealbhú i bpíblínte, i gcarranna umar iarnróid, i gcarranna umar trucaile, in umair long farraige, i stáisiúin seirbhíse, i siopaí miondíola agus in umair ar farraige.

3.2.4.2.

Stoic arna sealbhú le haghaidh tíortha eile faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais.

Stoic ar chríoch náisiúnta de chuid tír eile agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach.

3.2.4.3.

Stoic a bhfuil ceann scríbe eachtrach acu

Stoic nach bhfuil ar áireamh i bpointe 3.2.4.2 maidir le críoch náisiúnta agus a bhaineann le tír eile agus a chuirfear chuig tír eile. Beidh na stoic seo laistigh nó lasmuigh de limistéir faoi bhanna.

3.2.4.4.

Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna

Folaítear stoic nach bhfuil ar áireamh i bpointe 3.2.4.2 nó 3.2.4.3 is cuma cé acu atá nó nach bhfuil imréiteach custam faighte acu.

3.2.4.5.

Stoic arna sealbhú ag mórthomhaltóirí

Folaítear stoic atá faoi réir rialú rialtais. Ní fholaíonn an sainmhíniú seo stoic thomhaltóirí eile.

3.2.4.6.

Stoic arna sealbhú ar bord soithí farraige ag teacht isteach i gcalafort nó i bhfeistiú

Stoic is cuma cé acu atá nó nach bhfuil imréiteach custam faighte acu. Ní fholaíonn an aicme seo stoic ar bord soithí ar an mórmhuir.

Folaítear ola i dtancaeir cósta i gcás ina mbeidh a gcalafort imeachta agus cinn scríbe sa tír chéanna. Maidir le soithí ag teacht isteach a mbeidh níos mó ná calafort díluchtaithe amháin acu, ná tabhair tuairisc ach ar an méid a dhéanfar a dhíluchtú sa tír thuairiscithe.

3.2.4.7.

Stoic arna sealbhú ag rialtas ar chríoch náisiúnta

Folaítear stoic neamh-mhíleata arna sealbhú ag an rialtas laistigh den chríoch náisiúnta, agus a bheidh faoi úinéireacht nó á rialú agus á sealbhú ag an rialtas chun críocha éigeandála amháin.

Ní fholaítear stoic arna sealbhú ag cuideachtaí ola stáit nó fóntais leictreacha nó stoic arna sealbhú go díreach ag cuideachtaí ola thar ceann rialtas.

3.2.4.8.

Stoic arna sealbhú ag eagraíocht stocshealbhaíochta ar chríoch náisiúnta

Stoic arna sealbhú ag corparáidí poiblí agus príobháideacha, ar corparáidí iad a bunaíodh chun stoic atá ann chun críocha éigeandála amháin a chothabháil.

Ní fholaítear stoic éigeantacha arna sealbhú ag cuideachtaí príobháideacha.

3.2.4.9.

Gach stoc eile arna shealbhú ar chríoch náisiúnta

Gach stoc eile a chomhlíonann na coinníollacha a thuairiscítear i bpointe 3.2.4.1 thuas.

3.2.4.10.

Stoic arna sealbhú thar lear faoi chomhaontuithe déthaobhacha rialtais

Stoic de chuid na tíre tuairiscithe ach atá á sealbhú i dtír eile, agus a bhfuil rochtain orthu ráthaithe ag comhaontú idir na rialtais faoi seach.

3.2.4.10.1.

Mar atá: Stoic rialtais

3.2.4.10.2.

Mar atá: Stoic eagraíochta sealbhaíochta

3.2.4.10.3.

Mar atá: Stoic eile

3.2.4.11.

Stoic arna sealbhú thar lear agus arna n-ainmniú mar stoic a allmhaireofar

Stoic de chuid an stáit thuairiscithe nach bhfolaítear in aicme 10 ach atá á sealbhú i stát eile agus ag fanacht ar allmhairiú ansin.

3.2.4.12.

Stoic eile arna sealbhú i limistéir faoi bhanna

Stoic eile sa chríoch náisiúnta nach bhfuil ar áireamh sna haicmí thuas.

3.2.4.13.

Líonadh píblíne

Ola (amhola agus táirgí peitriliam) i bpíblínte a bheidh ag teastáil chun sreabhadh sna píblínte a chothabháil.

Ina theannta sin, ní mór miondealú ar chainníochtaí de réir na tíre comhfhreagraí a dhearbhú maidir leo seo a leanas:

3.2.4.13.1.

stoic deiridh arna sealbhú ar son tíortha eile faoi chomhaontú oifigiúil, de réir tairbhí,

3.2.4.13.2.

stoic deiridh arna sealbhú ar son tíortha eile faoi chomhaontú oifigiúil, i seilbh mar thicéid stoic, de réir tairbhí,

3.2.4.13.3.

stoic deiridh eile a bhfuil ceann scríbe coigríche acu, de réir tairbhí,

3.2.4.13.4.

stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch faoi chomhaontú oifigiúil, de réir suímh,

3.2.4.13.5.

stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch faoi chomhaontú oifigiúil, i seilbh mar thicéid stoic, de réir suímh,

3.2.4.13.6.

stoic deiridh arna sealbhú ar an gcoigríoch agus atá ainmnithe go deimhnitheach mar stoic a allmhaireofar isteach i dtír an dearbhóra, de réir suímh.

Ciallaíonn ‘stoic tosaigh’ na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí díreach roimh an mí thuairiscithe. Ciallaíonn ‘stoic deiridh’ na stoic a bheidh ann an lá deireanach den mhí thuairiscithe.

3.3.   Aonaid tomhais

Ní mór na cainníochtaí tuairiscithe a dhearbhú in kt (cilea-tonaí).

3.4.   An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur

Laistigh de 55 lá tar éis na míosa tuairiscithe.

3.5.   Nótaí geografacha

Chun staidreamh a thuairisciú, agus chuige sin amháin, beidh feidhm ag soiléirithe i gCaibidil 1 d’Iarscríbhinn A ach an eisceacht seo a leanas a bheith ann: Cuimsítear leis an Eilvéis Lichtinstéin

4.   GÁS NÁDÚRTHA

4.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú gáis nádúrtha.

4.2.   Liosta na gcomhiomlán

Ní mór na comhiomláin seo a leanas a dhearbhú le haghaidh gás nádúrtha:

4.2.1.

Táirgeadh dúchais

Gach táirgeadh inmhargaidh tirim laistigh de theorainneacha náisiúnta, lena n-áirítear táirgeadh amach ón gcósta. Déanfar táirgeadh a thomhas tar éis an íonúcháin agus tar éis GNL agus sulfar a eastóscadh. Ní fholaíonn sé caillteanais eastósctha nó cainníochtaí a chuirtear ar ais isteach, a scaoiltear nó a bhrúchtaítear. Folaítear cainníochtaí a mbaintear úsáid astu i dtionscal an gháis nádúrtha, in eastóscadh gáis, i gcórais phíblíne agus i ngléasraí próiseála.

4.2.2.

Allmhairí (Iontrálacha)

4.2.3.

Onnmhairí (Imeachtaí)

Nóta le haghaidh allmhairiú agus onnmhairiú: Gach méid gáis nádúrtha a thrasnaigh teorainneacha náisiúnta na tíre go fisiceach a thuairisciú, cé acu a bheidh imréiteach custam déanta nó nach mbeidh. Folaítear leis sin cainníochtaí faoi bhealach i do thír; ba cheart méideanna idirthurais a fholú mar allmhairiú agus mar onnmhairiú. Ba cheart go gcumhdófaí allmhairí gáis nádúrtha leachtaithe a gcoibhéis inmhargaidh thirim, lena n-áirítear méideanna a mbaintear úsáid astu le haghaidh tomhaltas dílis sa phróiseas athghásaithe. Ba cheart na méideanna a mbaintear úsáid astu le haghaidh tomhaltas dílis le linn athghásaithe a thuairisciú faoi Fhéinúsáid agus caillteanais thionscal an gháis nádúrtha (féach 4.2.11). Ba cheart aon leacht gáis (e.g. GPL) a eastóscadh le linn phróiseas athghásaithe GNL a allmhairíodh a thuairisciú faoi ‘Fáltais ó fhoinsí eile’ de “Hidreacarbóin eile’ mar a shainmhínítear i gCaibidil 3 den iarscríbhinn seo (TÁIRGÍ OLA AGUS PEITRILIAM).

4.2.4.

Athruithe ar stoic

Taispeántar tógáil stoc mar uimhir dheimhneach agus taispeántar tarraingt stoc mar uimhir dhiúltach.

4.2.5.

Ollseachadtaí intíre ríofa breathnaithe

Léirítear sa chatagóir seo seachadtaí gáis inmhargaidh chuig an margadh intíre, lena n-áirítear gás a mbaintear úsáid as i dtionscal an gháis chun a threalamh a théamh agus a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblíne agus i ngléasraí próiseála); ba cheart caillteanais tarchuir agus dáileacháin a fholú freisin.

4.2.6.

Leibhéil tosaigh stoc arna sealbhú ar chríoch náisiúnta

4.2.8.

Leibhéil deiridh stoc arna sealbhú ar chríoch náisiúnta

4.2.9.

Leibhéil tosaigh stoc arna sealbhú ar an gcoigríoch

4.2.10.

Leibhéil deiridh stoc arna sealbhú ar an gcoigríoch

Nóta le haghaidh leibhéil stoic: folaíonn sé sin gás nádúrtha atá á stóráil i bhfoirm ghásach agus i bhfoirm leachtach.

4.2.11.

Féinúsáid agus caillteanais thionscal an gháis nádúrtha

Cainníochtaí a mbaintear úsáid astu i dtionscal an gháis chun a threalamh a théamh agus a oibriú (i.e. tomhaltas in eastóscadh gáis, sa chóras píblíne agus i ngléasraí próiseála); folaíonn sé sin caillteanais tarchuir agus dáileacháin.

4.2.12.

Allmhairí (iontrálacha) de réir áit tionscnaimh agus onnmhairí (imeachtaí) de réir ceann scríbe

Ba cheart allmhairí (iontrálacha) a thuairisciú de réir tír tionscnaimh, agus onnmhairí (imeachtaí) de réir tír cinn scríbe. Tá feidhm ag an nóta a bhaineann le hallmhairí agus le honnmhairí i roinn 4.2.3. anseo freisin. Níl allmhairí agus onnmhairí le dearbhú ach amháin le haghaidh na tíre comharsanaí nó na tíre a bhfuil cónasc píblíne díreach aici nó, i gcás GNL, le haghaidh na tíre ina luchtaítear an gás ar long iompair.

4.2.13.

Seachadtaí chuig giniúint fuinneamh

4.3.   Aonaid tomhais

Ní mór cainníochtaí a dhearbhú in dhá aonad:

4.3.1.

i gcainníocht fhisiceach, i milliún m3 (milliún méadar ciúbach) ag glacadh leis go mbeidh coinníollacha gáis tagartha (15 °C, 101 325 Pa) ann,

4.3.2.

i gcion fuinnimh, in TJ (teirighiúil), bunaithe ar an oll-luach calrach.

4.4.   An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur

Laistigh de 55 lá tar éis na míosa tuairiscithe.

IARSCRÍBHINN D

STAIDREAMH MÍOSÚIL GEARRTHÉARMACH

Tugann an iarscríbhinn seo tuairisc ar an raon, ar na haonaid, ar an tréimhse thuairiscithe, ar an minicíocht agus ar na socruithe tarchuir maidir le bailiú míosúil gearrthéarmach sonraí staidrimh.

In Iarscríbhinn A tabharfar míniú ar théarmaí nár míníodh san Iarscríbhinn seo.

Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach bailiú sonraí mar a shonraítear san iarscríbhinn seo:

a)

Tréimhse thuairiscithe: Is é mí féilire amháin an tréimhse thuairiscithe maidir leis na sonraí dearbhaithe.

b)

Minicíocht: Ba cheart sonraí a dhearbhú ar bhonn míosúil.

c)

Formáid an tarchuir: Ba cheart formáid an tarchuir a bheith i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha a shonróidh Eurostat.

d)

Modh an tarchuir: Ba cheart go gcuirfí sonraí isteach chuig pointe iontrála aonair do shonraí ag Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.

1.   Allmhairí agus soláthar amhola

1.1.   Táirgí fuinnimh is infheidhme

Cuimsíonn an chaibidil seo tuairisciú amhola.

1.2   . Sainmhínithe

1.2.1.   Allmhairí

Cuimsíonn allmhairí gach cainníocht amhola a thagann isteach i gcríoch custaim an Bhallstáit nó a thagann ó Bhallstát eile chun críoch eile seachas idirthuras. Ní mór amhola a mbaintear úsáid aisti le haghaidh stoc-charnadh a fholú.

Ba cheart ola a eastóscadh ó ghrinneall na farraige ar a bhfeidhmíonn Ballstát cearta eisiacha chun saothrú a dhéanamh agus a thagann isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail a eisiamh ó allmhairí.

1.2.2.   Soláthar

Cuimsíonn soláthar an amhola a allmhairítear agus an amhola a tháirgtear sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha. Eisiatar soláthar amhola ó stoic a carnadh roimhe seo.

1.2.3.   Praghas CAL

Folaítear le praghas CAL (costas, árachas agus lastas) an praghas SAB (saor ar bord), is é sin an praghas arna shonrasc go hiarbhír ag an gcalafort/ionad luchtaithe anuas ar chostas an iompair, an árachais agus na muirear a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe amhola.

Beidh praghas CAL na hamhola a tháirgtear i mBallstát le ríomh saor in aisce ag an gcalafort scaoilte nó saor in aisce ag an teorainn, i.e. tráth a thiocfaidh amhola faoi dhlínse chustaim na tíre allmhairíochta.

1.2.4.   Sainmheáchan API

Is tomhas é sainmheáchan API ar cé chomh trom/éadrom agus atá amhola i gcomparáid le huisce. Tá sainmheáchan API le tuairisciú de réir na foirmle seo a leanas, maidir le sainmheáchan (SG): API = (141,5 ÷ SG) – 131,5)

1.3.   Liosta na gcomhiomlán

1.3.1.

Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh allmhairí amhola roinnte de réir cineál agus limistéar geografach táirgeachta:

1.3.1.1.

sonrú na hamhola

1.3.1.2.

meán-shainmheáchan API

1.3.1.3.

an meánchion sulfair

1.3.1.4.

an méid iomlán a allmhairíodh

1.3.1.5.

praghas iomlán CAL

1.3.1.6.

líon na n-eintiteas tuairiscithe.

1.3.2.

Ní mór liosta na gcomhiomlán seo a leanas a dhearbhú le haghaidh soláthar amhola:

1.3.2.1.

an méid a soláthraíodh

1.3.2.2.

meánphraghas ualaithe CAL

1.4.   Aonaid tomhais

bbl (bairille) le haghaidh 2.3.1.4. agus 2.3.2.1.

kt (míle tona) le haghaidh 2.3.2.1.

% (céatadán) le haghaidh 2.3.1.3.

° (céim) le haghaidh 2.3.1.2.

$ (dollar na Stát Aontaithe) in aghaidh gach bairille le haghaidh 2.3.1.5 agus 2.3.2.2.

$ (dollar na Stát Aontaithe) in aghaidh gach tona le haghaidh 2.3.2.2.

1.5.   Forálacha infheidhme

1.

Tréimhse thuairiscithe:

Mí amháin féilire.

2.

Minicíocht

Míosúil.

3.

An spriocdháta maidir le sonraí a tharchur:

Laistigh de mhí amháin féilire tar éis na míosa tuairiscithe.

4

. Formáid an tarchuir:

Ba cheart formáid an tarchuir a bheith i gcomhréir leis an gcaighdeán idirmhalartaithe ábhartha a shonróidh Eurostat.

5.

Modh an tarchuir:

Ba cheart sonraí a chur isteach chuig pointe iontrála aonair le haghaidh tarchur sonraí Eurostat nó ba cheart na sonraí sin a uaslódáil chuig an bpointe sin ar mhodh leictreonach.


(1)  NACE Rev. 2 – Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach, Rev. 2 (2008)

(2)  Leachtanna gáis nádúrtha.

(3)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).


CINNTÍ

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/272


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/133 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2022

lena n-údaraítear don Fhrainc beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le litreacha a cláraíodh leis an gCoimisiún an 12 Aibreán 2021 agus an 20 Meán Fómhair 2021, d’iarr an Fhrainc údarú chun beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE (“an beart speisialta”) chun sonrascadh leictreonach éigeantach a thabhairt isteach do gach duine inchánach atá bunaithe i gcríoch na Fraince. Chumhdódh an oibleagáid seo sonraisc arna n-eisiúint in idirbhearta idir daoine inchánacha. Iarradh an t-údarú ar feadh tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.

(2)

Tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Fhrainc chuig na Ballstáit eile i litreacha dar dáta an 29 Meán Fómhair 2021. Le litir dar dáta an 30 Meán Fómhair 2021, thug an Coimisiún fógra don Fhrainc go raibh an fhaisnéis riachtanach ar fad aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(3)

Maíonn an Fhrainc go gcuirfí sochair ar fáil maidir le calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac dá dtabharfaí isteach oibleagáid maidir le sonrascadh leictreonach ginearálaithe. Leis an oibleagáid sonraisc leictreonacha a eisiúint, mar aon le sonraí breise idirbhirt a tharchur, chuirfí ar chumas an riaracháin chánach má tá CBL arna ndearbhú agus arna mbailiú comhsheasmhach agus na sonraisc a eisíodh agus a fuarthas a sheiceáil i bhfíor-am, rud a chuirfeadh feabhas ar acmhainneacht an riaracháin calaois CBL a chosc agus a chomhrac. Mhéadófaí eolas fíor-ama ar ghníomhaíocht ghnó leis freisin, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an beartas eacnamaíoch a stiúradh chomh gar agus is féidir don réaltacht eacnamaíoch.

(4)

Measann an Fhrainc go gcuideodh an oibleagáid sonraisc leictreonacha a eisiúint le comhlíonadh deonach na reachtaíochta cánach. D’fhágfadh sé go bhféadfaí simpliú a dhéanamh ar oibleagáidí tuairiscithe CBL daoine inchánacha trí réamhchríochnú a dtuairisceán a thabhairt isteach. Sholáthródh sonrascadh leictreonach buntáistí eile do dhaoine inchánacha, amhail laghdú ar amanna íocaíochta, laghdú ar chostais priontála agus ar mhuirir phoist, laghdú ar chostais agus ar mhoilleanna i bpróiseáil sonraí billeála nó laghdú ar chostais stórála. Maidir leis an gcoigilteas agus na buntáistí a bhainfeadh daoine inchánacha as cur chun feidhme sonrascaidh leictreonaigh, chúiteofaí leo, den chuid is mó, an infheistíocht tosaigh a bheadh orthu a thabhú chun a gcórais a oiriúnú.

(5)

I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, is den tábhacht é meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an bhirt speisialta ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánacha. Dá bhrí sin, i gcás ina measann an Fhrainc gur gá an beart speisialta a shíneadh, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena n-áirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac i gcoinne calaois agus imghabháil CBL agus i mbailiú cánach a shimpliú.

(6)

Níor cheart don bheart speisialta difear a dhéanamh do cheart daoine inchánacha sonraisc pháipéir a fháil i gcás éadálacha laistigh den Chomhphobal.

(7)

Ba cheart an beart speisialta a bheith teoranta ó thaobh ama ionas gur féidir a mheas an bhfuil sé iomchuí éifeachtach i bhfianaise a chuspóirí.

(8)

Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú ós rud é go bhfuil teorainn ama leis agus cuirfear chun feidhme é de réir a chéile. Ó 2024 ar aghaidh, beidh feidhm ag oibleagáid sonraisc leictreonacha a fháil maidir le gach duine inchánach. In 2024, beidh feidhm ag an oibleagáid sonraisc leictreonacha a eisiúint maidir le fiontair mhóra, in 2025 beidh feidhm aici maidir le fiontair ag a bhfuil 250 go 4 999 bhfostaí agus a bhfuil láimhdeachas faoi bhun EUR 1.5 billiún acu agus in 2026 beidh feidhm aici maidir le fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine d’fhiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 de Threoir 2006/112/CE. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n-aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

(9)

Ní bheidh tionchar diúltach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim chánach a bailíodh ag céim an tomhaltais dheiridh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, ní údaraítear don Fhrainc sonraisc arna n-eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Fraince a ghlacadh i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí ach amháin má aistrítear na doiciméid nó na teachtaireachtaí sin i bhformáid leictreonach.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don Fhrainc foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid sonrasc leictreonach arna n-eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Fraince faoi réir faighteora atá bunaithe i gcríoch na Fraince a bheith ag glacadh le húsáid sonrasc leictreonach.

Airteagal 3

Tabharfaidh an Fhrainc fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear chun feidhme na bearta speisialta le haghaidh maoluithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2.

Airteagal 4

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a thabharfar fógra faoi.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2026.

3.   I gcás ina measann an Fhrainc gur gá na bearta speisialta le haghaidh maoluithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a shíneadh, tíolacfaidh an Fhrainc iarraidh ar shíneadh chuig an gCoimisiún, mar aon le tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánacha agus go háirithe cibé a méadaíonn na bearta sin a n-ualach riaracháin agus a gcostais riaracháin.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo ar Phoblacht na Fraince.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.


31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/275


CINNEADH (AE) [2022/134] ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 19 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig údaráis agus chuig comhlachtaí chun na cúraimí arna dtabhairt dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle a chomhlíonadh (BCE/2022/2)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, chun cuidiú le chéile na cúraimí a thig ó na Conarthaí a chur i gcrích, agus le hAirteagal 13(2) den Chonradh céanna ceanglaítear ar institiúidí an Aontais comhar dílis frithpháirteach a dhéanamh. Le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ceanglaítear ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) comhar a dhéanamh le húdaráis agus comhlachtaí eile náisiúnta agus Aontais.

(2)

Chun go gcomhlíonfaidh BCE Airteagal 3 agus chun go ndéanfaidh sé na cúraimí a thugtar dó le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 a chur i gcrích, is gá dó faisnéis mhaoirseachta atá ina sheilbh aige a tharchur chuig údaráis agus comhlachtaí náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta.

(3)

Faoi Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, féadfaidh BCE, chun na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán sin a chur i gcrích agus laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a leagtar amach i ndlí ábhartha an Aontais, faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta nó Aontais i gcás ina gceadaítear le dlí ábhartha an Aontais d’údaráis inniúla náisiúnta faisnéis a nochtadh do na heintitis sin nó i gcás ina bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nochtadh den sórt sin faoi dhlí ábhartha an Aontais.

(4)

Tá imthosca ann freisin faoina dtarchuireann BCE faisnéis mhaoirseachta chuig údaráis agus comhlachtaí de bhun oibleagáid faoi dhlí an Aontais. Mar shampla, faoi Airteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá oibleagáid ar na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an fhaisnéis uile a mheastar a bheith ábhartha maidir le hionstraimí caipitil nua arna n-eisiúint chun cur ar a chumas faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na n-ionstraimí cistí dílse arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais a chur ar aghaidh chuig ÚBE.

(5)

Agus faisnéis mhaoirseachta á tarchur chuig údaráis agus comhlachtaí, déantar talamh slán de go ndéanfar measúnú, a bhaineann le cur i gcrích na gcúraimí a thugtar do BCE le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, ar oiriúnacht an tarchuir sin.

(6)

Dá réir sin, is gá rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le faisnéis mhaoirseachta atá ina sheilbh ag BCE a tharchur chuig údaráis agus chuig comhlachtaí, ar rialacha iad a fhéadfar a chomhlánú le meabhráin tuisceana nó le foirmeacha eile d’ionstraimí déthaobhacha nó iltaobhacha a bhaineann leis an tarchur sin arna dtabhairt i gcrích ag BCE leis na húdaráis nó na comhlachtaí sin.

(7)

Ba cheart na rialacha comhchoiteanna a leagtar síos sa Chinneadh seo a bheith gan dochar d’fhorálacha ionstraimí eile lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta chuig údaráis agus chuig comhlachtaí. Tá feidhm aige sin, mar shampla, i ndáil le meabhráin tuisceana, ina bhfeidhmíonn BCE a lánrogha bheartais agus ina ngeallann sé faisnéis a tharchur chuig údaráis nó comhlachtaí faighteacha sonracha. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha comhchoiteanna a leagtar síos sa Chinneadh seo maidir le tarchur faisnéise maoirseachta atá á rialú le creataí dlíthiúla éagsúla, amhail faisnéis a nochtadh d’údaráis imscrúdaithe choiriúil, do choistí fiosrúcháin pharlaimintigh agus d’iniúchóirí stáit. Mar sin féin, féadfar tarchur sonraí pearsanta a chumhdach freisin faoi raon feidhme an Chinnidh seo.

(8)

Tá discréid bheartais ag baint leis an gCinneadh seo agus le hionstraimí eile lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le tarchur faisnéise maoirseachta. Dá bhrí sin, ba cheart iad a ghlacadh faoin nós imeachta neamhagóide a leagtar síos in Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

(9)

Is iad na comhaltaí foirne atá freagrach as an tarchur sin a fhormheas, de réir mar a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin, ba cheart na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo agus in aon ionstraimí eile maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta a chur i bhfeidhm. Faoi Airteagal 11.6 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, is é an Bord Feidhmiúcháin atá freagrach as gnó reatha BCE. I dtaca leis sin, foráiltear le hAirteagal 10.1 agus le hAirteagal 10.2 de Chinneadh BCE/2004/2 ón mBanc Ceannais Eorpach (3) go dtagann gach aonad oibre de chuid BCE faoi stiúir bhainistíochta an Bhoird Feidhmiúcháin. De bhun Airteagal 13m.1 de Chinneadh BCE/2004/2, tagann cúraimí maoirseachta faoi chuimsiú inniúlacht an Bhoird Feidhmiúcháin maidir le struchtúr inmheánach agus foireann BCE.

(10)

Tá an Cinneadh seo gan dochar do na rialacha maidir le tarchur faisnéise maoirseachta atá ina sheilbh ag BCE chuig údaráis agus comhlachtaí eile nó atá ina seilbh ag na húdaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. Ní mór tarchur faisnéise maoirseachta atá ina sheilbh ag BCE chuig údaráis agus comhlachtaí nach dtagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta cinnteoireachta iomchuí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta atá ina sheilbh ag BCE chuig údaráis agus comhlachtaí a shainmhínítear in Airteagal 2(2).

2.   Tá an Cinneadh seo gan dochar do rialacha maidir le tarchur faisnéise maoirseachta atá ina sheilbh ag BCE chuig údaráis agus comhlachtaí eile nó atá ina seilbh ag na húdaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “faisnéis mhaoirseachta” aon fhaisnéis rúnda atá ina sheilbh ag BCE, a ndéantar talamh slán de ina leith, le tarchur na faisnéise sin chuig údaráis agus comhlachtaí, go ndéantar measúnú, a bhaineann le cur i gcrích na gcúraimí a thugtar do BCE le Rialachán (AE) 1024/2013, ar oiriúnacht an tarchuir sin;

(2)

ciallaíonn “údaráis agus comhlachtaí” údaráis agus comhlachtaí náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta, cé is moite d’údaráis inniúla náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, arna sainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(3)

ciallaíonn “cinneadh cúraimí a shannadh” cinneadh lena sannann an Bord Feidhmiúcháin d’oifigeach imréitigh tarchuir cúram chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo agus/nó, de réir mar is iomchuí, na rialacha sonracha a leagtar síos in ionstraimí is infheidhme maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta;

(4)

ciallaíonn “imréiteach tarchuir” formheas a dhéanamh ar fhaisnéis mhaoirseachta a tharchur chuig údaráis agus comhlachtaí arna thabhairt ag oifigeach imréitigh tarchuir agus an Cinneadh seo á chur i bhfeidhm agus/nó, de réir mar is iomchuí, ionstraimí lena leagtar síos rialacha sonracha is infheidhme maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta, de bhun cinneadh cúraimí a leithdháileadh, á gcur i bhfeidhm.

Airteagal 3

Rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta

1.   Tarchuirfidh BCE faisnéis mhaoirseachta chuig údaráis agus comhlachtaí, más rud é:

(a)

go n-údaraítear, leis an dlí is infheidhme, faisnéis mhaoirseachta den sórt sin a tharchur chuig na húdaráis agus na comhlachtaí sin agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos don údarú sin;

(b)

go bhfuil an fhaisnéis mhaoirseachta leormhaith, ábhartha agus nach bhfuil sí iomarcach ó thaobh raon feidhme de i ndáil le cúraimí na n-údarás nó na gcomhlachtaí ábhartha sin; agus

(c)

nach bhfuil aon chúiseanna sáraitheacha ann go ndiúltófaí faisnéis mhaoirseachta den sórt sin a nochtadh i ndáil leis an ngá atá ann aon chur isteach ar fheidhmiú agus ar neamhspleáchas an tSásra Aonair Maoirseachta a sheachaint, go háirithe trí chur i gcrích a chúraimí a chur i mbaol.

2.   Más dealraitheach go bhfuil cúiseanna sáraitheacha ann go ndiúltófaí faisnéis mhaoirseachta dá dtagraítear i mír (1)(c) a nochtadh, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir le tarchur faisnéise maoirseachta, agus an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á leanúint aici.

3.   Tá na rialacha comhchoiteanna a leagtar síos i mír 1 gan dochar d’aon rialacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 4

Ionstraimí lena leagtar síos rialacha sonracha

Tá an cinneadh seo gan dochar d’ionstraimí eile ina leagfar síos rialacha sonracha nó comhlántacha maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta chuig údaráis agus chuig comhlachtaí.

Airteagal 5

Imréiteach tarchuir

Beidh sé de fhreagracht ar oifigigh imréitigh tarchuir tarchur faisnéise maoirseachta ag BCE a fhormheas agus cuirfidh siad i bhfeidhm maidir leis sin na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo agus/nó, de réir mar is iomchuí, aon rialacha sonracha a leagtar síos sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 4, de bhun cinnidh cúraimí a leithdháileadh.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 19 Eanáir 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)   IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)  Cinneadh BCE/2004/2 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO L 80, 18.3.2004, lch. 33).


IARSCRÍBHINN

Údarás nó comhlacht faighteach

Tuairisc agus bunús dlí

An Coimisiún Eorpach

Airteagal 32 de SSMR (1)

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

Airteagal 53(2) de CRD (2) i gcomhar le hAirteagal 35(1) de Rialachán ÚBE (3) nó le hAirteagal 80 de CRR (4), Airteagal 15 de Rialachán BERS (5)

Airteagal 9a de Rialachán ÚBE

Údaráis maoirseachta stuamachta náisiúnta san Aontas Eorpach agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) maidir le nósanna imeachta cáilitheacha sealbhaíochta agus ceadúnaithe nó nósanna imeachta eile dá dtagraítear sa reachtaíocht ábhartha

Airteagal 56 agus Airteagail 16(3), 24(2), 50(4) de CRDagus forálacha coibhéiseacha i ndlí an Aontais, go háirithe Airteagail 26 agus 60 i Sócmhainneacht II (6) agus Airteagail 11 agus 84 de MiFID (7)

Údaráis inniúla agus réitigh náisiúnta atá rannpháirteach i gcoláiste stuamachta faoi CRD, nó i socruithe faoi FICOD nó grúpaí bainistithe géarchéime

Cuimsítear sa chatagóir sin malartú faisnéise laistigh de choláistí stuamachta faoi CRD agus faoi FICOD agus grúpaí bainistithe géarchéime chomh maith le nuashonruithe bliantúla neamhroghnacha agus deireadh a chur le socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn, socruithe comhordúcháin faoi FICOD agus socruithe comhair le haghaidh grúpaí bainistithe géarchéime

Airteagal 116 de CRD maidir le socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn;

Airteagal 11 de FICOD (8) maidir le socruithe ilchuideachta airgeadais;

Airteagail 90, 97 agus 98 de TTRB (9) le haghaidh socruithe comhair a bhaineann le grúpaí bainistithe géarchéime;

Airteagail 88 agus 90 de TTRB le haghaidh socruithe i scríbhinn le haghaidh coláiste réitigh.

Na húdaráis ar cuid iad de choláiste an Chomhraic in aghaidh Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta (AML/CFT)

Airteagal 117(5) de CRD (le haghaidh údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais agus téarmaí rannpháirtíochta arna dtabhairt i gcrích don choláiste sonrach AML/CFT). Maidir le malartú faisnéise le húdaráis eile atá rannpháirteach sa choláiste, d’fhéadfadh bunús dlí eile a bheith ann (nóta: déantar coláistí AML/CFT a rialáil le treoirlínte comhpháirteacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus páirtithe eile chun críche Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); níl na treoirlínte sin dírithe ar BCE).

Údaráis mhaoirseachta AML/CFT a shínigh an Comhaontú Iltaobhach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 57a(2) de Threoir (AE) 2015/849 (dá ngairtear ‘Comhaontú AML’ anseo feasta)

Airteagal 117(5) de CRD, Airteagal 3(4) agus (5) de Chomhaontú AML

Údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais na mBallstát

Airteagal 117(5) de Threoirlínte CRD agus ÚBE maidir le comhar agus malartú faisnéise idir maoirseoirí stuamachta, maoirseoirí AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais faoi Threoir 2013/36/AE (EBA/GL/2021/15) (11)

Údaráis náisiúnta mhargaidh san Aontas agus in LEE

Airteagal 56 de CRD

Maoirseoirí náisiúnta árachais san Aontas agus in LEE

Airteagal 56 de CRD

Scéimeanna ráthaithe taiscí, scéimeanna cosanta conarthacha nó institiúideacha, údaráis iomaíochta

Airteagal 56 de CRD, nó an dlí náisiúnta lena gceanglaítear tuairim a fháil ón maoirseoir stuamachta

Údaráis náisiúnta réitigh san Aontas agus in LEE

Airteagal 56 de CRD

Maoirseoirí náisiúnta macrastuamachta le haghaidh cúraimí lasmuigh de raon feidhme Airteagal 5 de SSMR

Airteagal 56 de CRD

Iniúchóirí reachtúla institiúidí suntasacha

Airteagal 56(f) de CRD

Treoirlínte ÚBE maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla agus an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar institiúidí creidmheasa (EBA/GL/2016/05) (12)

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais má ainmnítear iad faoi Airteagal 24(1) i dtaca le hAirteagal 24(4)(h) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (13) (forfheidhmitheoirí cuntasaíochta)

Airteagal 56 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar chuntais institiúidí, gnóthas árachais agus institiúidí airgeadais (forfheidhmitheoirí iniúchta)

Airteagal 57 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a bhfuil baint acu le leachtú agus féimheacht institiúidí agus le nósanna imeachta comhchosúla eile

Airteagal 57 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar scéimeanna cosanta conarthacha nó institiúideacha dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de CRR

Airteagal 57 de CRD

Údaráis nó comhlachtaí náisiúnta atá freagrach de réir dlí as sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí a bhrath agus a imscrúdú

Airteagal 57 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta

Airteagal 58 de CRD

Comhlachtaí idirnáisiúnta (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais)

Airteagal 58a de CRD, cé is moite de chomhroinnt sonraí (e.g. modúil na gCaighdeán Teicniúil Cur Chun Feidhme) le haghaidh tástálacha struis

Údaráis maoirseachta stuamachta i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CRD

Malartú faisnéise i gcomhréir le socruithe (meabhráin tuisceana (MoUnna), socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn (WCCAnna), comhaontuithe comhair trasteorann institiúidsonracha (CoAganna) arna bhforbairt ag grúpaí bainistithe géarchéime (CMGanna), socruithe réitigh i scríbhinn (WAnna) etc.) nó comhaontuithe ad hoc

Údaráis náisiúnta mhargaidh, árachais nó údaráis chomhchosúla i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CR Dagus socruithe is infheidhme (MoUnna, WCCAnna, CoAganna, WAnna etc.) nó comhaontuithe ad hoc

Údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CRD agus, i gcás inarb ábhartha, meabhráin tuisceana nó socruithe eile comhair

Údaráis réitigh i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CRD, Airteagail 97 agus 98 de TTRB, maidir leis na socruithe is infheidhme


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338) i gcomhar le rialacháin cur chun feidhme AE.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, p. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, p. 1).

(6)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(7)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(8)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(10)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(11)  Le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu.

(12)  Le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE.

(13)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).


Ceartúcháin

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 20/282


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 3 an 6 Eanáir 2022 )

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 3, lch. 142)

Ar leathanach 142, san Iarscríbhinn, cuirtear pointe 3B001.f in ionad an mhéid a leanas:

In ionad:

“f.

Trealamh liteagrafaíochta, mar a leanas:

1.

Trealamh céime agus athdhéanta (céim dhíreach ar an sliseog) nó trealamh céime agus scanta (scanóir) d’ailíniú agus do nochtadh chun sliseoga a phróiseáil trí mhodhanna fóta-optúla nó x-ghathacha, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

a.

Tá tonnfhad na foinse solais aige ar giorra é ná 193 nm; nó

b.

Tá ar a chumas pátrún a tháirgeadh a bhfuil ‘Méid na Tréithe Intaifithe is Lú’ (MRF) aige arb ionann í agus 45 nm nó ar lú í ná sin;

Nóta Teicniúil:

Déantar ‘Méid na Tréithe Intaifithe is Lú’ (MRF) a ríomh de réir na foirmle a leanas:

Image 5

an fachtóir K = 0.35

2.

Trealamh liteagrafaíochta inphrionta a bhfuil ar a chumas tréithe a tháirgeadh arb ionann iad agus 45 nm nó ar lú iad ná sin;

Nóta:

Áirítear le 3B001.f.2:

Uirlisí priontála micritheagmhála

Uirlisí cabhraíochta te

Uirlisí liteagrafaíochta nana-inphrionta

Uirlisí don liteagrafaíocht inphrionta céime agus splaince (S-FIL)

3.

Trealamh atá saindeartha chun maisc a dhéanamh, ar fíor ina leith gachceann díobh seo a leanas:

a.

Úsáideann sé léas leictreon dírithe sraonta, léas ian nó léas ‘léasair’; agus

b.

Is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá spotmhéid iomlán leithleithid (FWHM) aige atá níos lú ná 65 nm agus socrúchán íomhánna ar lú é ná 17 nm (meán + 3 sigma); nó

2.

Ní úsáidtear;

3.

Tá earráid forleagain dara ciseal aige ar lú í ná 23 nm (meán + 3 sigma) ar an masc;

4.

Trealamh atá deartha chun feistí a phróiseáil, agus úsáid á baint as modhanna scríofa dhírigh, a bhfuil gach ceann díobh seo a leanas aige:

a.

Léas leictreon dírithe sraonta; agus

b.

Is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:

1.

Tá íosmhéid léis aige arb ionann í agus 15 nm nó ar lú ná sin í; nó

2.

Tá earráid forleagain aige ar lú í ná 27 nm (meán + 3 sigma);”.