ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 15

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
24 Eanáir 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/89 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an modh atá le húsáid chun leorthoilleadh stórála tiomnaithe a ríomh ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/90 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le heilimintí mionsonraithe shásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais lena roghnaítear na longa a ndéantar cigireacht orthu ( 1 )

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/91 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena sainítear na critéir chun a chinneadh go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ó long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

12

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/92 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí sonraí faireacháin agus leis an bhformáid ina dtuairiscítear dramhaíl a iasctar go héighníomhach ( 1 )

16

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 15/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/89 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann leis an modh atá le húsáid chun leorthoilleadh stórála tiomnaithe a ríomh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe Airteagal 7(4), an dara fomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 7(4), pointí (a) agus (b), de Threoir (AE) 2019/883 leagtar síos eisceacht ar an oibleagáid ghinearálta an dramhaíl ar fad a iompraíodh ar bord a sheachadadh ar an gcalafort cuarda, eisceacht a bhfuil feidhm aici i gcás na long a bhfuil leorthoilleadh stórála tiomnaithe orthu le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile.

(2)

Na heisceachtaí ar an oibleagáid ghinearálta an dramhaíl ar fad a iompraíodh ar bord a sheachadadh ar an gcalafort cuarda, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann iad a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe tríd an modh ríomha a shainítear sa Rialachán seo.

(3)

Níor cheart an modh ríomha a chur i bhfeidhm maidir le diúscairt dramhaíola faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (“Coinbhinsiún MARPOL”). De réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, is le Coinbhinsiún MARPOL a rialaítear diúscairt na dramhaíola agus is rud éigeantach é an dramhaíl sin a sheachadadh ag an bport ina dhíluchtaítear lasta sula luchtaítear lasta nua, ach amháin faoi roinnt coinníollacha faoina gceadaítear í a sceitheadh ar muir. Ag brath ar an tsubstaint atá i gceist, na hiarmhair lasta a rialaítear le hIarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, is rud éigeantach é iad a sheachadadh roimh imeacht ón gcalafort, faoi réir na nósanna imeachta agus an rialaithe a leagtar síos faoi Rialacháin 13 agus 16 de chuid na hIarscríbhinne sin. Na hiarmhair lasta faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL ina bhfuil substaintí de Chatagóir X, substaintí Y leanúnacha ardslaodachta snámhacha, nó substaintí Y i mbun soladaithe, rialaítear iad le réamhníochán éigeantach agus le ceanglais an dramhaíl sin a sheachadadh i saoráid glactha calafoirt mar a leagtar amach i Rialacháin 13 agus 16 de chuid Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL.

(4)

Níor cheart an modh ríomha a chur i bhfeidhm maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach. Ní ann i ngach cás do stóráil tiomnaithe ar bord le haghaidh an chineáil sin dramhaíola, agus tugtar dreasacht an dramhaíl uile a iasctar go héighníomhach a sheachadadh de bhua an chórais gnóthaithe costas a leagtar amach in Airteagal 8(2), pointe (d) de Threoir (AE) 2019/883.

(5)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur i bhfeidhm na ndíolúintí ón oibleagáid maidir le seachadadh na dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 7(4), pointí (a) agus (b) de Threoir (AE) 2019/883, tá sé riachtanach go gcuirfidh na Ballstáit modheolaíocht chomhchuibhithe i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is tríd an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a ríomhfaidh na Ballstáit an leorthoilleadh stórála tiomnaithe le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 7(4), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 9 de Threoir (AE) 2019/883.

2.   Chun an fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann le Treoir (AE) 2019/883 a fhíorú trí mheastachán a dhéanamh ar ghiniúint na gcineálacha éagsúla dramhaíola ar bord, cuirfidh na Ballstáit na rátaí giniúna dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo san áireamh.

3.   I dteannta leis na rátaí giniúna dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit an dá chritéar seo a leanas, nó ceann amháin acu, a úsáid chun meastacháin a chinneadh maidir le giniúint na gcineálacha éagsúla dramhaíola ar bord:

(a)

taifid maidir leis an dramhaíl a gineadh roimhe sin, ar bhonn na bhfoirmeacha réamhfhógra dramhaíola agus na n-admhálacha seachadta dramhaíola atá ar fáil le haghaidh na loinge atá i gceist;

(b)

faisnéis a fhaightear trí chigireachtaí ar bord maidir le rátaí giniúna dramhaíola roimhe sin, sonraí maidir le bainistíocht na dramhaíola ar bord, agus faisnéis a bhaineann go sonrach le trealamh nó leis an limistéar trádála agus a dhéanann difear don fhíor-ráta giniúna dramhaíola.

Airteagal 2

An modh a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo chun an leorthoilleadh stórála tiomnaithe a ríomh, ní bheidh sé infheidhme maidir leis na cineáil dramhaíola seo a leanas:

(a)

cineáil dramhaíola faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL;

(b)

dramhaíl a iasctar go héighníomhach.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.


IARSCRÍBHINN I

Modh ríomha le haghaidh an leorthoillte stórála dramhaíola thiomnaithe

1.

Úsáidtear sa mhodh seo ríomh uimhríochtúil atá bunaithe ar an méid dramhaíola measta atá coimeádta ar bord i ndáil leis an uastoilleadh stórála tiomnaithe.

2.

An Toilleadh Dramhaíola in Úsáid (“UWC”), is toilleadh é a mheastar nuair a sheoltar an réamhfhógra dramhaíola go dtí an calafort cuarda agus a shloinntear mar chéatadán den uastoilleadh stórála tiomnaithe, agus ní rachaidh sé thar thairseach réamhshainithe.

3.

Déanfar UWC a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Image 1

4.

Comhlíonfaidh UWC an coinníoll seo a leanas:

UWC (%) < Tairseach

I gcás inarb iad:

A an méid measta den chineál dramhaíola (sloinnte in m3) a choimeádfar ar bord ag an am imeachta ón gcalafort cuarda; agus

M an t-uastoilleadh stórála tiomnaithe (sloinnte in m3); agus

Tairseach an luach a leagtar amach i dTábla 1 le haghaidh an chineáil dramhaíola lena mbaineann agus an chéad chalafort cuarda eile.

Tábla 1

Tairseacha

An chéad chalafort cuarda eile

Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL

Iarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL

Iarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL

Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL

Is calafort AE an chéad chalafort cuarda eile nó is calafort de chuid “Ghrúpa na gCalafort Breise Roghnaithe” é

50 %

50 %

25 %

75 %

Ní calafort AE an chéad chalafort cuarda eile agus ní calafort de chuid an “Ghrúpa Calafort Breise Roghnaithe” é

25 %

50 %

20 %

25 %

5.

Chun críocha an mhodha ríomha le haghaidh an leorthoillte stórála dramhaíola tiomnaithe, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

Is é atá sa chalafort cuarda, mar a gcuirtear in iúl é san fhoirm réamhfhógra dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Treoir (AE) 2019/883, an calafort a bhfuil an long ag gabháil chuige agus a seoltar an réamhfhógra dramhaíola chuige, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883;

(b)

Is é atá sa chéad chalafort cuarda eile an calafort a dtabharfaidh an long cuairt air tar éis imeacht di, mar a gcuirtear in iúl é i bpointe 2.5 den fhoirm réamhfhógra dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Treoir (AE) 2019/883;

(c)

An méid a chuirtear in iúl sa séú colún “Méid na dramhaíola a mheastar ghinfear sa tréimhse idir an fógra agus an chéad chalafort cuarda eile” de phointe 3 den fhoirm réamhfhógra dramhaíola a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Treoir (AE) 2019/883, tagraíonn sé don dramhaíl a ghinfear agus a bhfuil sé i gceist í a dhiúscairt ag saoráidí glactha calafoirt. Na méideanna is féidir a sceitheadh go dleathach, ní chuirfear san áireamh iad sa luach a thuairiscítear.

6.

Áirítear ar “Ghrúpa na gCalafort Breise Roghnaithe” na calafoirt sin a mheasfar gur calafoirt AE iad chun na tairseacha a leagtar amach i dTábla 1 a chur i bhfeidhm. Na calafoirt atá sa ghrúpa sin, tá siad uile suite: san Íoslainn, san Iorua, sa Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileán Mhanainn, Oileáin Mhuir nIocht, agus Giobráltar) nó is calafoirt Rúiseacha iad atá suite ar an Muir Bhailt.

7.

Le linn an chéad dá bhliain ina gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm, féadfar caitheamh le UWC mar a ríomhtar sa tríú mír den Iarscríbhinn seo mar thoilleadh táscach i gcás na gcineálacha dramhaíola iarmhair lasta seo a leanas:

(a)

MARPOL Iarscríbhinn I — Ola: Uisce glantacháin olach ón umar;

(b)

MARPOL Iarscríbhinn I — Ola: Uisce salach ballasta;

(c)

MARPOL Iarscríbhinn V —Dramhaíl: Iarmhair Lasta (díobhálach don mhuirthimpeallacht);

(d)

MARPOL Iarscríbhinn V —Dramhaíl: Iarmhair Lasta (neamh-dhíobhálach don mhuirthimpeallacht).


IARSCRÍBHINN II

Tábla 1

Rátaí Giniúna Dramhaíola le haghaidh Iarscríbhinní I, IV agus V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL (1)

Cineál dramhaíola

Ráta giniúna

Spreagthóir

Cóireáil ar bord

Uisce ruma olach

0,01-13 m3 in aghaidh an lae, ach gineann longa móra méideanna níos mó.

Comhdhlúthú agus éaluithe sa seomra innill; méid na loinge.

Is féidir an méid a laghdú 65-85 % ach deighilteoir uisce olaigh a úsáid agus an eilimint uisce a sceitheadh sa mhuir.

Iarmhair olacha (sloda)

0,01 go 0,03 m3 sloda in aghaidh an tona d’ola bhreosla throm (HFO).

0 agus 0,01 m3 in aghaidh an tona de ghás-ola muirí.

An cineál breosla; ídiú breosla.

Is féidir an méid sloda a laghdú suas le 75 % trí ghalú (2).

Is féidir an méid sloda a laghdú suas le 99 % trína loscadh.

Uisce glantacháin ón umar (ligintí)

20 go dtí na céadta m3

An líon uaireanta a ghlantar an t-umar; Méid an toillte luchtaithe.

Nuair atá na glantacháin síothlaithe, is féidir an méid de atá ina uisce a sceitheadh ar muir.

Séarachas

0,01 go 0,06 m3 in aghaidh an duine in aghaidh an lae. Uaireanta bíonn an séarachas measctha le huisce dramhaíola eile. Idir 0,04 agus 0,45 m3 in aghaidh an lae in aghaidh an duine a bhíonn sa mhéid iomlán.

An líon daoine ar bord; an cineál leithreas; fad an aistir; an cineál cóireála: ní hionann an méid dramhaíola más ionad cóireála séarachais nó córas mionaithe agus dífhabhtaithe atá in úsáid

Is minic an t-eisilteach ó ionaid cóireála a sceitheadh ar muir i gcásanna ina gceadaítear sin faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le MARPOL.

Plaistigh

0,001 go 0,008 m3 de phlaistigh in aghaidh an duine in aghaidh an lae.

An líon daoine ar bord.

Is minic a fhágtar gan loscadh iad.

Is minic a chaitear le plaistigh shalacha (plaistigh a bhí i dteagmháil le bia) mar shruth dramhaíola faoi leith.

Dramhaíl bhia

0,001 go 0,003 m3 in aghaidh an duine in aghaidh an lae.

An líon daoine ar bord; an soláthar.

Is minic an dramhaíl bhia a sceitheadh ar muir, i gcásanna ina gceadaítear sin faoi Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL.

Dramhaíl tís

0,001 go 0,02 m3 in aghaidh an duine in aghaidh an lae.

An líon daoine ar bord; na cineálacha táirgí a úsáidtear.

 

Ola chócaireachta

0,01 go 0,08 l in aghaidh an duine in aghaidh an lae.

An líon daoine ar bord; na cineálacha bia a ullmhaítear.

Cé nach gceadaítear é, uaireanta cuirtear ola chócaireachta san umar sloda fós.

Luaithreach ó loisceoir

0,004 go 0,06 m3 in aghaidh na míosa.

Úsáid loisceora; costas úsáide an loisceora.

Ní úsáidtear an loisceoir le haghaidh gach cineáil dramhaíola. Is minice é á úsáid le haghaidh páipéir agus úsáidtear é uaireanta le haghaidh sloda olach.

Dramhaíl oibríochtúil

0,001 go 0,1 m3 in aghaidh an duine in aghaidh an lae.

Méid na loinge; an cineál lasta.

 

Iarmhair lasta

0,001 - 2 % den ualach lasta.

An cineál lasta.

Méid na loinge.

 


Tábla 2

Rátaí giniúna dramhaíola le haghaidh Iarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL maidir leis an dramhaíl (córais glanta gáis sceite, “ECGS”)

An cineál EGCS

Comhéifeacht

Aonad

Samplaí

(Inneall 10 MW nó ídiú HFO 40 t/lá)

Monaróir 1

Méid sloda lúb-oscailte

0,1

kg/MWh

0,1 x 10 MW x 24 = 24 kg/lá

Méid sloda lúb-iata (DAF- BOTU)

3,5 - 7,0

kg/MWh, ag brath ar

ídiú ola breosla sonrach (SFOC), uasrátáil leanúnach (MCR) agus cáilíocht an bhreosla

3,5 x 10 MW x 24 = 840 kg/lá

Méid sloda lúb-iata (BOTU-M)

3,0

l/MWh/S %, ag brath ar SFOC, ar MCR agus ar cháilíocht an bhreosla

3,0 x 10 MW x 24 x S2,5 % = 1800 l/lá

Monaróir 2

Méid sloda lúb-iata

2,5 -3,0

kg/t HFO ídithe

2,5 x 40 t/lá = 100 kg/lá

NB: Sa deireadh, is ar shonraíochtaí an trealaimh faoi leith, freisin, a bhraitheann an méid sloda a ghintear ón gcóras glanta gáis sceite: ba cheart, dá bhrí sin, an lámhleabhar a sholáthraíonn an monaróir maidir leis an gcóras glanta gáis sceite a cheadú. Is iad na cuideachtaí leasmhara a sholáthair an fhaisnéis sna táblaí.


(1)  Arna mbaint as staidéar na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) ‘The Management of Ship-Generated Waste On-board Ships’ (“Bainistíocht na Dramhaíola a Ghineann Longa ar Bord na Long”), Eanáir 2017.

(2)  Próiseas is ea galú na heiliminte uisce i sloda ola nach mór bainistíocht chúramach a dhéanamh air agus nach ceart é a dhéanamh ach a mhéid is gá le go mbeidh an sloda atá le loscadh inloiscthe.


24.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 15/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/90 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le heilimintí mionsonraithe shásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais lena roghnaítear na longa a ndéantar cigireacht orthu

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe d’Airteagal 11(2), an dara fomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar fhadhb an bhruscair muirí agus dramhaíola eile ó longa a ligtear isteach sa chomhshaol muirí, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí forfheidhmiú éifeachtach ar an oibleagáid an dramhaíl a sheachadadh ar shaoráidí glactha calafoirt.

(2)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha aonfhoirmeacha lena roghnófar na longa a ndéanfar cigireacht orthu, sin trí bhíthin shásra aonar um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Threoir (AE) 2019/883.

(3)

De bhua sásra um spriocdhíriú rioscabhunaithe an Aontais a bheith bunaithe, beidh uirlis tacaithe ag na húdaráis ábhartha sna Ballstáit chun an gealltanas cigireachta a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Threoir (AE) 2019/883.

(4)

Chun measúnú a dhéanamh ar an riosca nach bhfuil long ag comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/883, ba cheart roinnt paraiméadar a chur san áireamh, paraiméadair a thugann léargas soiléir ar an riosca sin nuair a úsáidtear iad i gcomhar a chéile. Ba cheart na paraiméadair sin a bheith mar a leanas: neamhchomhlíonadh na gceanglas maidir le seachadadh na dramhaíola, nó eilimintí a chuireann an neamhchomhlíonadh sin in iúl; an tréimhse atá caite ón gcigireacht dheireanach; tuarascálacha a bheith ann roimhe sin ó na húdaráis ábhartha chalafoirt maidir le neamhchomhlíonadh; an calafort cuarda roimhe sin agus an chéad chalafort cuarda eile; díolúine a bheith ann i gcás na loinge atá i gceist; agus an fhaisnéis atá i SafeSeaNet agus i THETIS-EU.

(5)

Chun go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun na longa a ndéantar cigireacht orthu a roghnú, tá sé fíor-riachtanach go gcuireann na Ballstáit modheolaíocht chomhchuibhithe i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun críocha na gcigireachtaí, aicmeoidh na Ballstáit na longa dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a) de Threoir (AE) 2019/883 ina gcatagóirí leibhéil riosca de réir mar a leanas:

(a)

Leibhéal riosca 1 (ardriosca);

(b)

Leibhéal riosca 2 (meánriosca);

(c)

Leibhéal riosca 3 (riosca íseal);

(d)

Leibhéal riosca 4 (riosca íosta).

2.   Cinnfear an chatagóir leibhéil riosca le haghaidh gach loinge ar bhonn na bparaiméadar riosca a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.

3.   Cuirfear na paraiméadair leibhéil riosca a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn i bhfeidhm de réir na modheolaíochta dá dtagraítear i bpointí 1 go 4 den Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Agus iad ag comhlíonadh na ngealltanas cigireachta a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir (AE) 2019/883, comhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas:

(a)

tabharfar an tosaíocht do chigireachtaí ar na longa atá aicmithe sna catagóirí leibhéil is airde riosca;

(b)

is ar bhonn randamach a roghnófar 1 % ar a laghad den líon long a ndéanfar cigireacht orthu gach bliain.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.


IARSCRÍBHINN

Modheolaíocht:

1.   

Úsáidfear na paraiméadair riosca a leagtar amach i dTábla 1 chun leibhéal riosca loinge a chinneadh.

2.   

Sanntar cód datha do gach paraiméadar riosca a leagtar amach i dTábla 1 agus cuireann an cód datha sin an leibhéal riosca in iúl: dearg (ardriosca), oráiste (meánriosca) nó buí (riosca íseal).

3.   

Is de réir na gcritéar a leagtar amach i dTábla 2 a shannfar leibhéal riosca do long ar bhonn na bhfoláireamh a bhaineann leis na bparaiméadar riosca i dTábla 1.

4.   

Chun breis agus foláireamh gníomhach comhuaineach amháin a chur i bhfeidhm agus na leibhéil riosca a leagtar amach i dTábla 2 á sannadh, féadfar úsáid a bhaint as na fachtóirí coinbhéartachta a leagtar amach i dTábla 3.

Tábla 1

Paraiméadair riosca

Uimhir pharaiméadair riosca

Leibhéal riosca an fholáirimh (cód datha)

Cur síos ar an bparaiméadair riosca

Na critéir chun foláireamh a ghníomhachtú le haghaidh an pharaiméadair riosca

Na critéir chun foláireamh a dhíghníomhachtú le haghaidh an pharaiméadair riosca

1

Oráiste

Neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883 maidir le réamhfhógraí dramhaíola.

Gníomhachtaítear an foláireamh murar seoladh an réamhfhógra dramhaíola nó mura raibh faisnéis éigeantach ann.

Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort.

2

Oráiste

Faisnéis a sholáthraíonn an t-oibreoir, an gníomhaire nó an máistir i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883.

Gníomhachtaítear an foláireamh má chuireann seiceálacha bailíochta ar an réamhfhógra dramhaíola in iúl gur féidir nach bhfuil an Treoir á comhlíonadh ag an long.

Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort.

3

Oráiste

Dáta na gcigireachtaí a rinneadh roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2019/883.

Gníomhachtaítear an foláireamh mura ndearnadh cigireacht ar an long i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2019/883 le linn an 12 mhí roimhe sin.

Nóta: Níor cheart an foláireamh seo a bheith gníomhach ach amháin tar éis an 28 Meitheamh 2022.

Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith taifeadta i gcomhréir le hAirteagal 14(2), pointe (a) de Threoir (AE) 2019/883.

4

Dearg

Is ann do thuarascáil nó do thuarascálacha ó údaráis chigireachta na saoráidí glactha calafoirt, ó údaráis chalafoirt, nó ó chomhlachtaí inniúla eile lena léirítear nár chomhlíon an long Airteagal 7 de Threoir (AE) 2019/883.

Gníomhachtaíonn cigirí na saoráidí glactha calafoirt an foláireamh de láimh in THETIS-EU.

Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith tugtha i gcrích (stádas “Cigireacht déanta”) gan aon neamhchomhlíonadh a bheith sainaitheanta.

5

Oráiste

Foláireamh um Neamhchomhlíonadh maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt

Gníomhachtaítear an foláireamh má luadh an long le neamhchomhlíontaí maidir le saoráidí glactha calafoirt le 6 mhí roimhe sin, agus má tá tuarascáil ábhartha in THETIS-EU.

Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith tugtha i gcrích (stádas “Cigireacht déanta”) gan aon neamhchomhlíonadh a bheith sainaitheanta.

6

Oráiste

Leorthoilleadh Stórála Tiomnaithe

Gníomhachtaítear an foláireamh má mheastar nach leordhóthanach an stóráil tiomnaithe ar bord, i gcomhréir leis na critéir a úsáidtear chun Airteagal 8(4)(b) a chur i bhfeidhm

Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort.

7

Buí

An Chéad Chalafort Cuarda Eile

Meastar go n-ardaítear an leibhéal riosca más calafort neamh-AE atá ann nó murab eol an calafort. Chun an foláireamh seo a ríomh, caithfear le calafoirt san Íoslainn, san Iorua, sa Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileán Mhanainn, Oileáin Mhuir nIocht, agus Giobráltar) agus le calafoirt Rúiseacha ar an Muir Bhailt mar chalafoirt AE.

Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort.

8

Buí

An Calafort Cuarda roimhe

Meastar go n-ardaítear an leibhéal riosca más calafort neamh-AE atá ann. Chun an foláireamh seo a ríomh, caithfear le calafoirt san Íoslainn, san Iorua, sa Ríocht Aontaithe (lena n-áirítear Oileán Mhanainn, Oileáin Mhuir nIocht, agus Giobráltar) agus le calafoirt Rúiseacha ar an Muir Bhailt mar chalafoirt AE.

Ríomhtar an foláireamh ar Chalafort A ar bhonn an réamhfhógra dramhaíola a sheoltar chuig Calafort A. Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort.

9

Buí

Foláireamh Díolúine

Gníomhachtaítear an foláireamh má tá díolúine ag an long agus mura ndearnadh cigireacht uirthi le 12 mhí, chun a áirithiú go gcuirfear na longa lena mbaineann san áireamh sna cigireachtaí.

Ní mór athmheasúnú a dhéanamh ar an bhfoláireamh ag gach calafort.

10

Dearg

Foláireamh Teagmhais den Chineál ‘Dramhaíl’

Gníomhachtaítear an foláireamh más rud é gur eisíodh tuarascáil teagmhais den chineál “dramhaíl” i SafeSeaNet maidir leis an soitheach sin i gcalafort roimhe sin.

Díghníomhachtaítear an foláireamh tar éis cigireacht a bheith tugtha i gcrích (stádas “Cigireacht déanta”) gan aon neamhchomhlíonadh a bheith sainaitheanta, nó nuair atá an foláireamh neamhghníomhach i SafeSeaNet

Tábla 2

Sannadh na leibhéal riosca ar bhonn líon na n-ionchur gníomhach

Critéir le haghaidh na leibhéal riosca

Leibhéal riosca 1

Foláireamh dearg amháin ar a laghad

Leibhéal riosca 2

Foláireamh oráiste amháin ar a laghad (1)

Leibhéal riosca 3

Foláireamh buí amháin ar a laghad (1)

Leibhéal riosca 4

Ní ann d’aon fholáireamh gníomhach

Tábla 3

Fachtóirí coinbhéartachta chun roinnt paraiméadar atá gníomhach go comhuaineach a ríomh le chéile chun na leibhéil riosca i dTábla 2 a chur i bhfeidhm

Fachtóir coinbhéartachta

Trí fholáireamh bhuí

Foláireamh oráiste amháin

Trí fholáireamh oráiste

Foláireamh dearg amháin


(1)  Go dtí líon curtha i bhfeidhm an fhachtóra coinbhéartachta.


24.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 15/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/91 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2022

lena sainítear na critéir chun a chinneadh go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ó long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart na critéir san Iarscríbhinn a úsáid chun críocha an laghdaithe ar tháillí dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) de Threoir (AE) 2019/883.

(2)

Baineann na critéir a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn le hiarrachtaí riachtanacha chun an dramhaíl a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith éigeantach.

(3)

Is féidir na critéir bhreise a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm mar dhreasacht chun cleachtais agus trealamh sonrach a úsáid, rud a d’fhéadfadh cuidiú le laghdú na dramhaíola freisin. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir sin a bheith roghnach.

(4)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur i bhfeidhm an laghdaithe ar tháillí a leagtar amach in Airteagal 8(5) de Threoir (AE) 2019/883, tá sé éigeantach go gcuirfidh na Ballstáit modheolaíocht chomhchuibhithe i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Na critéir a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn, cuirfidh na saoráidí glactha calafoirt nó na húdaráis chalafoirt san áireamh iad agus an laghdú ar an táille á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 8(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir (AE) 2019/883.

2.   Na critéir a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn, féadfaidh na saoráidí glactha calafoirt nó na húdaráis chalafoirt iad a chur san áireamh agus an laghdú ar an táille á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 8(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir (AE) 2019/883.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.


IARSCRÍBHINN

ROINN 1

Liosta na gcritéar éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 1(1)

Critéir

Gnéithe lena mbaineann

An Iarscríbhinn de chuid Choinbhinsiún MARPOL lena mbaineann

Modhanna féideartha fíoraithe (1)

Scaradh ar bord i gcomhréir le Rún MEPC.295(71) agus seachadadh áirithithe go saoráidí glactha calafoirt leormhaithe a chomhlíonann Airteagal 4(2)(d) de Threoir (AE) 2019/883.

Oibriú agus bainistíocht

Iarscríbhinn V

Green Award, ISO 21070, Blue Angel, Green Marine, admháil seachadta dramhaíola, plean bainistíochta dramhaíola soitheach-shonrach arna fhormheas ag cumann aicmiúcháin an tsoithigh, Córas Bainistíochta Comhshaoil ISO 14001.

Beartais cheannaigh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ábhair phacáistíochta amhail an bhulcphacáistíocht a laghdú, plaisteach aon úsáide a sheachaint)

Bainistíocht

Iarscríbhinn V

Green Award, ISO 21070, Blue Angel, Green Marine, plean bainistíochta dramhaíola soitheach-shonrach arna fhormheas ag cumann aicmiúcháin an tsoithigh, córas bainistíochta comhshaoil ISO 14001.

ROINN 2

Liosta na gcritéar roghnach dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

Critéir

Gnéithe ábhartha

An Iarscríbhinn de chuid Choinbhinsiún MARPOL lena mbaineann

Modhanna féideartha fíoraithe (2)

Breoslaí malartacha (3) agus foinsí eile fuinnimh a úsáid le linn an aistir go dtí an calafort cuarda nó i mbeart (e.g. leictreachas cois cladaigh, fuinneamh gaoithe nó gréine)

Dearadh loinge, teicneolaíocht agus oibriú

Iarscríbhinn I

Green Award, nótaí seachadta umair, leabhar taifid ola, deimhniúchán aicme nó deimhniúchán reachtúil, Plean Bainistíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar bord Loinge (SEEMP).

Córas White Box < 5 ppm a úsáid (chun rialú agus faireachán a dhéanamh ar sceitheadh an uisce ruma ón soitheach)

Teicneolaíocht agus oibriú

Iarscríbhinn I

Deimhniú aicme, doiciméid chineálcheadaithe

Deighilteoir uisce olaigh (OWS) < 5 ppm

Teicneolaíocht agus oibriú

Iarscríbhinn I

Deimhniú aicme, doiciméid chineálcheadaithe, Green Award, Clean Shipping Index (CSI), Green Marine, Blue Angel

OWS < 5 ppm + córas aláraim agus stad uathoibríoch le haghaidh long < 10 000 GT

Teicneolaíocht agus oibriú

Iarscríbhinn I

Deimhniú aicme, doiciméid chineálcheadaithe, Green Award, CSI, Green Marine, Blue Angel

Ní trealamh scagtha ola a úsáidtear le haghaidh sceití na loinge, ach scarann sí an t-uisce ruma uile agus an sloda uile agus sceitheann sí iad tar éis sin ar shaoráidí glactha calafoirt

Oibriú

Iarscríbhinn I

Leabhar taifid ola, admhálacha dramhaíola

Córas cóireála séarachais a chomhlíonann Rún MEPC.227(64) ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta i gcás gach soithigh, ach amháin i gcás soithigh paisinéirí agus iad ag oibriú i Limistéir Speisialta a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL

Teicneolaíocht, oibriú agus bainistíocht

Iarscríbhinn IV

Dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó deimhniú aicme. Ina theannta sin, fíorú tráthrialta le linn úsáide arna dhéanamh ag fíoraitheoir neamhspleách.

Ní sceitheann an long aon séarachas san fharraige agus seachadann sí a cuid séarachais chóireáilte agus/nó neamhchóireáilte uile, agus/nó a cuid sloda séarachais uile, go saoráidí glactha calafoirt

Oibriú

Iarscríbhinn IV

Admhálacha dramhaíola

Athúsáid ar bord agus athchúrsáil

Oibriú agus bainistíocht

Iarscríbhinn V

ISO 21070, Green Marine, ISO 14001 Córas Bainistíochta Comhshaoil.


(1)  Féadfar glacadh le scéimeanna eile lenar féidir le longa a léiriú go gcomhlíonann siad na critéir.

(2)  Féadfar glacadh le scéimeanna eile lena léiríonn longa go gcomhlíonann siad na critéir.

(3)  Mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar a chur ar fáil le haghaidh breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(4)  Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).


24.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 15/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/92 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha chun Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí sonraí faireacháin agus leis an bhformáid ina dtuairiscítear dramhaíl a iasctar go héighníomhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(7), an dara fomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Threoir (AE) 2019/883, tá na Ballstáit lena áirithiú go mbaileofar sonraí faireacháin maidir le toirt agus méid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus go dtuairisceofar na sonraí sin don Choimisiún.

(2)

Ba cheart Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola (2) a bheith ina thaca le staitisticí dramhaíola ardcháilíochta éifeachtúla comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus go comhsheasmhach le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), chun gur féidir sonraí a chur i gcomparáid ar fud na mBallstát.

(3)

Déanann Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) foráil maidir le tuairisciú leictreonach an réamhfhógra dramhaíola, réamhfhógra ina bhfuil faisnéis maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach, agus ceanglaítear modheolaíocht shonrach a úsáid chun faisnéis maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach a bhailiú ó shoithí iascaireachta atá faoi réir Threoir (AE) 2019/883 ach a eisiatar ó raon feidhme Threoir 2002/59/CE.

(4)

Idir mhais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach a thomhas an tráth céanna, níl sé sin indéanta agus costéifeachtach i ngach cás. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an mhais a mheas mar fheidhm de chuid na toirte, nó an toirt a mheas mar fheidhm de chuid na maise, agus úsáid á baint as meastachán ar dhlús na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, meastachán a bheadh leormhaith i dtaca leis na tosca.

(5)

Maidir leis na sonraí a bhailítear le haghaidh faireachán ar thoirt agus ar mhéid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, chun aonchineálacht, cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí sin a áirithiú sna Ballstáit uile ba cheart na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   An modh a úsáideann na Ballstáit chun sonraí a bhailiú maidir le toirt agus mais na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, beidh sé comhsheasmhach le Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola.

2.   I gcás soithí iascaireachta atá faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, baileofar na sonraí maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa réamhfhógra dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir (AE) 2019/883.

3.   I gcás soithí iascaireachta nach bhfuil faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, is ar bhonn modh amháin de na modhanna seo a leanas, modhanna a ndéantar cur síos orthu i Lámhleabhar Eurostat maidir le Staitisticí Dramhaíola, a bhaileofar na sonraí maidir le dramhaíl a iasctar go héighníomhach:

(a)

suirbhéanna;

(b)

foinsí riaracháin nó foinsí eile;

(c)

nósanna imeachta meastacháin staitistiúla;

(d)

meascán de na modhanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c).

Airteagal 2

1.   Tuairisceofar an dramhaíl a iasctar go héighníomhach i gcomhréir leis na príomh-eilimintí a leagtar amach i dTábla 1 den Iarscríbhinn.

2.   Is féidir trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile a bheith i gceist sa dramhaíl a iasctar go héighníomhach, agus féadfar an trealamh sin a thuairisciú ar leithligh ó bhruscar muirí eile.

3.   Na heilimintí éigeantacha agus deonacha le haghaidh thuairisciú na dramhaíola a iasctar go héighníomhach, leagtar amach iad i dTábla 2 den Iarscríbhinn.

4.   An fhormáid tuairiscithe le haghaidh na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus an modh comhiomlánaithe, leagtar amach iad i dTábla 3 den Iarscríbhinn.

Airteagal 3

1.   Is ina thoirt agus ina mhais a thuairisceofar méid na dramhaíola a iasctar go héighníomhach.

2.   I gcás inarb iomchuí, is de réir na foirmle seo a leanas a ríomhfar an tiontú ó thoirt (V) go mais (m):

m = pV

Sa chás a léiríonn p dlús measta an ábhair (kgm-3), m an mhais (kg) agus V an toirt (m3).

Airteagal 4

Ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh, tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus na faisnéisí i dtaca le tréimhsí bliana ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig. Soláthrófar na tuairiscí go leictreonach laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tuairiscithe a mbailíodh iad lena haghaidh.

Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí a bailíodh le haghaidh na bliana 2021 faoin 30 Meitheamh 2022, an méid is féidir i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 116.

(2)  ‘Manual on waste statistics - A handbook for data collection on waste generation and treatment’ (Lámhleabhar maidir le staitisticí dramhaíola - Lámhleabhar le haghaidh bailiúchán sonraí faoi ghiniúint agus cóireáil na dramhaíola) [eagrán 2013], Modheolaíochtaí agus Páipéir Oibre Eurostat, doi:10.2785/4198

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2002 maidir le staitisticí dramhaíola (IO L 332, 9.12.2002, lch. 1).

(4)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(5)  Treoir 2002/59/CE an 27 Meitheamh 2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).


IARSCRÍBHINN

Tábla 1

Príomh-eilimintí dramhaíola a iasctar go héighníomhach

Leibhéal 1

Plaisteach

Miotal

Rubar

Adhmad

Teicstílí

Dramhaíl eile

Leibhéal 2

Líonta

Baoithe

Boscaí éisc

Téad/corda

Buidéil

Pacáistíocht

Bandaí Fáiscthe

Cúr

Cannaí breosla

Drumaí ola

Snáithínghloine

Málaí leasacháin agus beatha ainmhithe

Earraí móra eile

Drumaí ola

Sreang

Cannaí péinte

Scagairí ola

Earraí eile

Lámhainní

Boinn & criosanna

Buataisí

Earraí eile

Potaí iascaireachta

Cliathbhoscaí

Pailléid

Earraí eile

Téad

Éadaí & bróga

Earraí eile

Gloine

Dramhaíl leighis

Dramhaíl sláintíochta

Earraí eile


Tábla 2

Eilimintí tuairiscithe éigeantacha agus deonacha

Éigeantach nó deonach

Cur síos

Na cealla comhfhreagracha i dTábla 3 atá le tuairisciú

Éigeantach

Mais iomlán agus toirt iomlán na dramhaíola uile a iasctar go héighníomhach.

Na cealla i gcolúin 1 agus 4 de shraith 1 (cló trom)

Deonach

Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir a tionscnaimh: ALDFG (*1) agus bruscar muirí eile.

Gach ceall i sraith 1

Deonach

Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir an chineáil ábhair (plaistigh, miotail, rubar agus dramhaíl eile).

Gach ceall i gcolúin 1 agus 4

Deonach

Mais agus toirt na dramhaíola a iasctar go héighníomhach agus iad comhiomlánaithe de réir tionscnaimh agus cineál ábhair

Gach ceall i dTábla 3


Tábla 3

Formáid tuairiscithe le haghaidh dramhaíola a iasctar go héighníomhach

 

1

2

3

4

5

6

Mais iomlán (tonaí)

ALDFG (*2) (tonaí)

Bruscar muirí eile (tonaí)

Toirt iomlán (m3)

ALDFG (m3) (*2)

Bruscar muirí eile (m3)

1

Iomlán

A1+A2

A1 = B1+C1+D1+E1

A2 = B2+C2+D2+E2

F1+F2

F1 = G1+H1+I1+J1

F2 = G2+H2+I2+J2

2

Plaistigh

B1+B2

B1

B2

G1+G2

G1

G2

3

Miotail

C1+C2

C1

C2

H1+H2

H1

H2

4

Rubar

D1+D2

D1

D2

I1+I2

I1

I2

5

Adhmad, teicstílí agus dramhaíl eile

E1+E2

E1

E2

J1+J2

J1

J2


(*1)  Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile

(*2)  Trealamh iascaireachta tréigthe, caillte nó diúscartha ar bhealach eile.