ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 455

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
20 Nollaig 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/2259 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú

4

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2021/2261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí ( 1 )

15

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2262 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, Bayerischer Blutwurz

18

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2263 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 maidir leis an gcód don deimhniú le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha

20

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2264 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 maidir leis na nótaí míniúcháin den doiciméad simplithe tionlacain le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe agus féindeimhnithe deochanna alcólacha

22

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2265 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 a mhéid a bhaineann le sainaithint táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe agus féindeimhnithe deochanna alcólacha sa doiciméad riaracháin leictreonach

24

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil

26

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2267 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac ( 1 )

32

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht ( IO L 251, 15.7.2021 ) ( IO L 0, 15.7.2021 )

37

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí ( IO L 251, 15.7.2021 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 251, lch. 48)

38

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2259 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas agus a fhoilsiú, sula gcuirtear PRIIP ar fáil d’infheisteoirí miondíola.

(2)

Le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, déantar cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuideachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin agus daoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin, nó a thugann comhairle ina dtaobh, a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus, dá réir sin, ón gceanglas maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an socrú idirthréimhseach”). I gcomhréir le hAirteagal 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, i gcás ina gcuirfidh Ballstát rialacha i bhfeidhm maidir le formáid agus inneachar an doiciméid faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir, mar a leagtar síos in Airteagail 78 go 81 de Threoir 2009/65/CE, ar chistí neamh-GCUInna a thairgtear d’infheisteoirí miondíola, tá feidhm le bheith ag an socrú idirthréimhseach maidir le cuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta agus daoine a dhíolann aonaid de chistí neamh-GCUInna den sórt sin, nó a thugann comhairle ina dtaobh, d’infheisteoirí miondíola.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (5), forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar agus formáid chaighdeánach an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, tríd an modheolaíocht a leagan síos i ndáil le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus i ndáil leis na costais a ríomh, trí na coinníollacha agus an íosmhinicíocht a leagan síos i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola.

(4)

An 7 Meán Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe, lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir PRIIPanna ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin. Is é an 1 Iúil 2022 dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe sin, ach tá sé tábhachtach a léiriú gur gá am leordhóthanach a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh, ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus, mar sin, don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas.

(5)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an gá atá le ham leordhóthanach a bheith ann chun ullmhú don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, ní mór síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2022.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a leasú dá réir sin.

(7)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 cur ar chumas infheisteoirí miondíola cinntí infheistíochta níos eolaí a dhéanamh. In ainneoin na ndea-rúin atá mar bhonn taca do Rialacháin (AE) Uimh. 1286/2014, cuireadh roinnt ábhar imní in iúl ón uair a glacadh é, lena n-áirítear, maidir leis an ngá atá le sainmhíniú níos soiléire a thabhairt ar ‘infheisteoirí miondíola’, raon táirgí an Rialacháin sin, deireadh a chur le páipéar mar rogha réamhshocraithe i gcás ina dtairgtear PRIIP ar bhonn aghaidh ar aghaidh, coincheap na ‘n-idirbheart comhleanúnach’, agus soláthar faisnéise réamhchonarthaí d’infheisteoirí gairmiúla Ní mór aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin mar ábhar práinne chun muinín infheisteoirí miondíola as na margaí airgeadais a fheabhsú, ar mhaithe le cuideachtaí atá ar lorg cistiú agus ar mhaithe le tairbhe fhadtéarmach infheisteoirí araon. Leagadh amach cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, an gá atá le hathbhreithniú níos leithne, agus níl aon athrú tagtha ar an bpráinn a bhaineann leis. Ar bhonn athbhreithniú den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, táthar ag súil go gcuirfidh an Coimisiún, mar ábhar práinne, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh togra ag gabháil leis i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na teorainneacha atá ann cheana.

(8)

I bhfianaise a ghiorra atá an tréimhse atá fágtha go dtí deireadh bunaidh an tsocraithe idirthréimhsigh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear “31 Nollaig 2021” in ionad an dáta “31 Nollaig 2022”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Tuairim an 20 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2021.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí, agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).


20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/4


RIALACHÁN (AE) 2021/2260 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), liostaítear, faoi seach, na himeachtaí náisiúnta dóchmhainneachta agus na cleachtóirí náisiúnta dócmhainneachta, mar atá fógartha ag na Ballstáit, a bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir leo. In Iarscríbhinn A, liostaítear, le haghaidh gach Ballstáit, na cineálacha imeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) 2015/848 agus in Iarscríbhinn B, liostaítear na cineálacha cleachtóirí dócmhainneachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), den Rialachán sin.

(2)

I nDeireadh Fómhair 2020, thug an Ísiltír fógra don Choimisiún faoi athruithe a rinneadh ar a dlí náisiúnta dócmhainneachta le gairid, athruithe lenar tugadh isteach scéim choisctheach nua maidir le dócmhainneacht, mar aon le fógra faoi chineálacha nua cleachtóirí dócmhainneachta. I ndiaidh an fhógra sin, tháinig fógraí i Nollaig 2020 ón Iodáil, ón Liotuáin, ón gCipir agus ón bPolainn i ndáil le hathruithe a rinneadh le gairid ar a ndlí náisiúnta, athruithe lenar tugadh isteach cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta nó cleachtóirí dócmhainneachta. Tar éis don Choimisiún a thogra a thíolacadh le haghaidh Rialachán leasaitheach, fuarthas fógraí eile ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón Ostair i ndáil le hathruithe a rinneadh le gairid ar a ndlí náisiúnta, athruithe lenar tugadh isteach cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta nó cleachtóirí dócmhainneachta. Ina dhiaidh sin, shoiléirigh an Iodáil dáta theacht i bhfeidhm a forálacha nua maidir le dócmhainneacht agus athstruchtúrú ar thug sí fógra ina leith don Choimisiún i Nollaig 2020, agus thug sí fógra faoi leasú ar fhógra a tugadh roimhe sin. Leis na cineálacha nua imeachtaí dócmhainneachta agus cleachtóirí dócmhainneachta sin, comhlíontar na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/848 agus is gá, dá bharr sin, leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2021.

(2)  Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN A

IMEACHTAÍ DÓCMHAINNEACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (4)

BELGIQUE/BELGIË

Het faillissement/La faillite,

De gerechtelijke reorganisatie door een collectief akkoord/La réorganisation judiciaire par accord collectif,

De gerechtelijke reorganisatie door een minnelijk akkoord/La réorganisation judiciaire par accord amiable,

De gerechtelijke reorganisatie door overdracht onder gerechtelijk gezag/La réorganisation judiciaire par transfert sous autorité de justice,

De collectieve schuldenregeling/Le règlement collectif de dettes,

De vrijwillige vereffening/La liquidation volontaire,

De gerechtelijke vereffening/La liquidation judiciaire,

De voorlopige ontneming van het beheer, als bedoeld in artikel XX.32 van het Wetboek van economisch recht/Le dessaisissement provisoire de la gestion, visé à l’article XX.32 du Code de droit économique,

БЪЛГАРИЯ

Производство по несъстоятелност,

Производство по стабилизация на търговеца,

ČESKÁ REPUBLIKA

Konkurs,

Reorganizace,

Oddlužení,

DEUTSCHLAND

Das Konkursverfahren,

Das gerichtliche Vergleichsverfahren,

Das Gesamtvollstreckungsverfahren,

Das Insolvenzverfahren,

Die öffentliche Restrukturierungssache,

EESTI

Pankrotimenetlus,

Võlgade ümberkujundamise menetlus,

ÉIRE/IRELAND

Compulsory winding-up by the court,

Bankruptcy,

The administration in bankruptcy of the estate of persons dying insolvent,

Winding-up in bankruptcy of partnerships,

Creditors’ voluntary winding-up (with confirmation of a court),

Arrangements under the control of the court which involve the vesting of all or part of the property of the debtor in the Official Assignee for realisation and distribution,

Examinership,

Debt Relief Notice,

Debt Settlement Arrangement,

Personal Insolvency Arrangement,

ΕΛΛΑΔΑ

Η πτώχευση,

Η ειδική εκκαθάριση εν λειτουργία,

Σχέδιο αναδιοργάνωσης,

Απλοποιημένη διαδικασία επί πτωχεύσεων μικρού αντικειμένου,

Διαδικασία εξυγίανσης,

ESPAÑA

Concurso,

Procedimiento de homologación de acuerdos de refinanciación,

Procedimiento de acuerdos extrajudiciales de pago,

Procedimiento de negociación pública para la consecución de acuerdos de refinanciación colectivos, acuerdos de refinanciación homologados y propuestas anticipadas de convenio,

FRANCE

Sauvegarde,

Sauvegarde accélérée,

Sauvegarde financière accélérée,

Redressement judiciaire,

Liquidation judiciaire,

HRVATSKA

Stečajni postupak,

Predstečajni postupak,

Postupak stečaja potrošača,

Postupak izvanredne uprave u trgovačkim društvima od sistemskog značaja za Republiku Hrvatsku,

ITALIA

Fallimento

[go dtí an 15 Bealtaine 2022],

Liquidazione giudiziale

[ón 16 Bealtaine 2022],

Concordato preventivo,

Liquidazione coatta amministrativa,

Amministrazione straordinaria,

Accordi di ristrutturazione,

Procedure di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore (accordo o piano)

[go dtí an 15 Bealtaine 2022],

Liquidazione dei beni

[go dtí an 15 Bealtaine 2022]

Ristrutturazione dei debiti del consumatore

[ón 16 Bealtaine 2022],

Concordato minore

[ón 16 Bealtaine 2022],

Liquidazione controllata del sovraindebitato

[ón 16 Bealtaine 2022],

ΚΥΠΡΟΣ

Υποχρεωτική εκκαθάριση από το Δικαστήριο,

Εκούσια εκκαθάριση από μέλη,

Εκούσια εκκαθάριση από πιστωτές,

Εκκαθάριση με την εποπτεία του Δικαστηρίου,

Διάταγμα παραλαβής και πτώχευσης κατόπιν Δικαστικού Διατάγματος,

Διαχείριση της περιουσίας προσώπων που απεβίωσαν αφερέγγυα,

Διορισμός Εξεταστή,

Προσωπικά Σχέδια Αποπληρωμής,

LATVIJA

Tiesiskās aizsardzības process,

Juridiskās personas maksātnespējas process,

Fiziskās personas maksātnespējas process,

LIETUVA

Juridinio asmens restruktūrizavimo byla,

Juridinio asmens bankroto byla,

Juridinio asmens bankroto procesas ne teismo tvarka,

Fizinio asmens bankroto procesas,

LUXEMBOURG

Faillite,

Gestion contrôlée,

Concordat préventif de faillite (par abandon d’actif),

Régime spécial de liquidation du notariat,

Procédure de règlement collectif des dettes dans le cadre du surendettement,

MAGYARORSZÁG

Csődeljárás,

Felszámolási eljárás,

Nyilvános szerkezetátalakítási eljárás

[ón 1 Iúil 2022],

MALTA

Xoljiment,

Amministrazzjoni,

Stralċ volontarju mill-membri jew mill-kredituri,

Stralċ mill-Qorti,

Falliment f’każ ta’ kummerċjant,

Proċedura biex kumpanija tirkupra,

NEDERLAND

Het faillissement,

De surseance van betaling,

De schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

De openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

ÖSTERREICH

Das Konkursverfahren (Insolvenzverfahren),

Das Sanierungsverfahren ohne Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

Das Sanierungsverfahren mit Eigenverwaltung (Insolvenzverfahren),

Das Schuldenregulierungsverfahren,

Das Abschöpfungsverfahren,

Das Europäische Restrukturierungsverfahren,

POLSKA

Upadłość,

Postępowanie o zatwierdzenie układu,

Postępowanie o zatwierdzenie układu na zgromadzeniu wierzycieli przez osobę fizyczną nieprowadzącą działalności gospodarczej,

Przyspieszone postępowanie układowe,

Postępowanie układowe,

Postępowanie sanacyjne,

PORTUGAL

Processo de insolvência,

Processo especial de revitalização,

Processo especial para acordo de pagamento,

ROMÂNIA

Procedura insolvenței,

Reorganizarea judiciară,

Procedura falimentului,

Concordatul preventiv,

SLOVENIJA

Postopek preventivnega prestrukturiranja,

Postopek prisilne poravnave,

Postopek poenostavljene prisilne poravnave,

Stečajni postopek: stečajni postopek nad pravno osebo, postopek osebnega stečaja in postopek stečaja zapuščine,

SLOVENSKO

Konkurzné konanie,

Reštrukturalizačné konanie,

Oddlženie,

SUOMI/FINLAND

Konkurssi/konkurs,

Yrityssaneeraus/företagssanering,

Yksityishenkilön velkajärjestely/skuldsanering för privatpersoner,

SVERIGE

Konkurs,

Företagsrekonstruktion,

Skuldsanering.

IARSCRÍBHINN B

CLEACHTÓIRÍ DÓCMHAINNEACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2, POINTE (5)

BELGIQUE/BELGIË

De curator/Le curateur,

De gerechtsmandataris/Le mandataire de justice,

De schuldbemiddelaar/Le médiateur de dettes,

De vereffenaar/Le liquidateur,

De voorlopige bewindvoerder/L’administrateur provisoire,

БЪЛГАРИЯ

Назначен предварително временен синдик,

Временен синдик,

(Постоянен) синдик,

Служебен синдик,

Доверено лице,

ČESKÁ REPUBLIKA

Insolvenční správce,

Předběžný insolvenční správce,

Oddělený insolvenční správce,

Zvláštní insolvenční správce,

Zástupce insolvenčního správce,

DEUTSCHLAND

Konkursverwalter,

Vergleichsverwalter,

Sachwalter (nach der Vergleichsordnung),

Verwalter,

Insolvenzverwalter,

Sachwalter (nach der Insolvenzordnung),

Treuhänder,

Vorläufiger Insolvenzverwalter,

Vorläufiger Sachwalter,

Restrukturierungsbeauftragter,

EESTI

Pankrotihaldur,

Ajutine pankrotihaldur,

Usaldusisik,

ÉIRE/IRELAND

Liquidator,

Official Assignee,

Trustee in bankruptcy,

Provisional Liquidator,

Examiner,

Personal Insolvency Practitioner,

Insolvency Service,

ΕΛΛΑΔΑ

Ο σύνδικος,

Ο εισηγητής,

Η επιτροπή των πιστωτών,

Ο ειδικός εκκαθαριστής,

ESPAÑA

Administrador concursal,

Mediador concursal,

FRANCE

Mandataire judiciaire,

Liquidateur,

Administrateur judiciaire,

Commissaire à l’exécution du plan,

HRVATSKA

Stečajni upravitelj,

Privremeni stečajni upravitelj,

Stečajni povjerenik,

Povjerenik,

Izvanredni povjerenik,

ITALIA

Curatore,

Commissario giudiziale,

Commissario straordinario,

Commissario liquidatore,

Liquidatore giudiziale,

Professionista nominato dal Tribunale,

Organismo di composizione della crisi nella procedura di composizione della crisi da sovraindebitamento del consumatore

[go dtí an 15 Bealtaine 2022],

Organismo di composizione della crisi da sovraindebitamento

[ón 16 Bealtaine 2022],

Liquidatore,

ΚΥΠΡΟΣ

Εκκαθαριστής και Προσωρινός Εκκαθαριστής,

Επίσημος Παραλήπτης,

Διαχειριστής της Πτώχευσης,

Εξεταστής,

Σύμβουλος Αφερεγγυότητας,

LATVIJA

Maksātnespējas procesa administrators,

Tiesiskās aizsardzības procesa uzraugošā persona,

LIETUVA

Nemokumo administratorius,

LUXEMBOURG

Le curateur,

Le commissaire,

Le liquidateur,

Le conseil de gérance de la section d’assainissement du notariat,

Le liquidateur dans le cadre du surendettement,

MAGYARORSZÁG

Vagyonfelügyelő,

Felszámoló,

Szerkezetátalakítási szakértő

[ón 1 Iúil 2022],

MALTA

Amministratur Proviżorju,

Riċevitur Uffiċjali,

Stralċjarju,

Manager Speċjali,

Kuraturi f’każ ta’ proċeduri ta’ falliment,

Kontrolur Speċjali,

NEDERLAND

De curator in het faillissement,

De bewindvoerder in de surseance van betaling,

De bewindvoerder in de schuldsaneringsregeling natuurlijke personen,

De herstructureringsdeskundige in de openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

De observator in de openbare akkoordprocedure buiten faillissement,

ÖSTERREICH

Masseverwalter,

Sanierungsverwalter,

Restrukturierungsbeauftragter,

Besonderer Verwalter,

Einstweiliger Verwalter,

Sachwalter,

Treuhänder,

Insolvenzgericht,

Konkursgericht,

POLSKA

Syndyk,

Nadzorca sądowy,

Zarządca,

Nadzorca układu,

Tymczasowy nadzorca sądowy,

Tymczasowy zarządca,

Zarządca przymusowy,

PORTUGAL

Administrador da insolvência,

Administrador judicial provisório,

ROMÂNIA

Practician în insolvență,

Administrator concordatar,

Administrator judiciar,

Lichidator judiciar,

SLOVENIJA

Upravitelj,

SLOVENSKO

Predbežný správca,

Správca,

SUOMI/FINLAND

Pesänhoitaja/boförvaltare,

Selvittäjä/utredare,

SVERIGE

Förvaltare,

Rekonstruktör.


TREORACHA

20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/15


TREOIR (AE) 2021/2261 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2021

lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 78 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), cuirtear de cheangal ar chuideachtaí infheistíochta agus ar chuideachtaí bainistíochta doiciméad gearr a tharraingt suas ina bhfuil faisnéis bhunriachtanach maidir le sainghnéithe gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) a thairgtear d’infheisteoirí (“faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir”), ionas gur féidir leis na hinfheisteoirí sin tuiscint réasúnta a bheith acu ar chineál agus rioscaí an GCUI atá á thairiscint dóibh agus, dá bharr sin, cinntí infheistíochta a dhéanamh ar bhonn eolasach dá réir sin.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuirtear de cheangal ar mhonaróirí táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) doiciméad faisnéise bunriachtanaí don táirge sin a tharraingt suas agus a fhoilsiú, sula gcuirtear PRIIP ar fáil d’infheisteoirí miondíola, chun a chur ar chumas infheisteoirí miondíola den sórt sin príomhghnéithe agus rioscaí PRIIP a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile.

(3)

Cáilíonn GCUInna freisin mar PRIIPanna, a bhfuil doiciméad faisnéise bunriachtanaí ag teastáil ina leith de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Mar sin féin, le hAirteagal 32(1) den Rialachán sin, na cuideachtaí bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE, na cuideachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir sin agus na daoine a dhíolann aonaid GCUInna dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin, nó a thugann comhairle ina dtaobh, díolmhaítear iad ó na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán sin, agus, mar sin, ón gceanglas doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, go dtí an 31 Nollaig 2021 (“an socrú idirthréimhseach”).

(4)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún (5), forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar agus formáid chaighdeánach an doiciméid faisnéise bunriachtanaí, tríd an modheolaíocht a leagan síos i ndáil le cur i láthair an riosca agus na luaíochta agus i ndáil leis na costais a ríomh, trí na coinníollacha agus an íosmhinicíocht a leagan síos i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí, agus trí na coinníollacha a leagan síos maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a chur ar fáil d’infheisteoirí miondíola.

(5)

An 7 Meán Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht agus leis an gcur i láthair is bonn taca le cásanna feidhmíochta, cur i láthair costas agus an modheolaíocht chun táscairí achomair costais a ríomh, cur i láthair agus inneachar na faisnéise maidir le feidhmíocht roimhe seo agus cur i láthair na gcostas de réir PRIIPanna ina dtairgtear raon roghanna infheistíochta agus ailíniú an tsocraithe eatramhaigh le haghaidh monaróirí PRIIPanna a thairgeann aonaid cistí dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 mar roghanna bunúsacha infheistíochta leis an socrú eatramhach buan a leagtar síos san Airteagal sin. Is é an 1 Iúil 2022 dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe sin, ach tá sé tábhachtach a léiriú gur gá am leordhóthanach a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus, mar sin, don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh.

(6)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an gá atá le ham leordhóthanach a bheith ann chun ullmhú don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 le Rialachán (AE) 2021/2259 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) chun síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2022.

(7)

Go bunúsach, cumhdaítear na ceanglais chéanna faisnéise leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus leis na doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú nach bhfaigheadh infheisteoirí miondíola in PRIIPanna ar spéis leo aonaid GCUInna a fháil an dá dhoiciméad i ndáil leis an táirge airgeadais céanna ón 1 Eanáir 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan síos go measfar go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí na ceanglais is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir. Thairis sin, maidir le hinfheisteoirí nach infheisteoirí miondíola iad, ba cheart do chuideachtaí infheistíochta agus cuideachtaí bainistíochta leanúint d’fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má chinneann siad doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. I gcásanna den sórt sin, níor cheart do na húdaráis inniúla a cheangal ar chomhlachtaí infheistíochta ná ar chomhlachtaí bainistíochta an fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a sholáthar, agus níor cheart ach an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a sholáthar do na hinfheisteoirí sin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/65/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dTreoir 2009/65/CE, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 82a

1.   I gcás ina ndéanann cuideachta infheistíochta nó, le haghaidh aon cheann de na cistí coiteanna atá á mbainistiú aici, ina ndéanann cuideachta bainistíochta doiciméid faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú, ar doiciméad é a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), áiritheoidh na Ballstáit go measfaidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin na ceanglais is infheidhme maidir leis an bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a leagtar amach in Airteagail 78 go 82 agus Airteagal 94 den Treoir seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh údaráis inniúla de cheangal ar chuideachta infheistíochta ná, le haghaidh aon cheann de na cistí coiteanna atá á mbainistiú aici, ar chuideachta bainistíochta faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 78 go 82 agus Airteagal 94 den Treoir seo i gcás ina ndéanann sí doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú, ar doiciméad é a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Airteagal 2

1.   Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  Tuairim an 20 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2021.

(3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún an 8 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí i gcomhair táirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) trí chaighdeáin theicniúla rialála a leagan síos maidir le cur i láthair, inneachar, athbhreithniú agus leasú doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus maidir leis na coinníollacha chun an ceanglas a chomhlíonadh maidir le doiciméid den sórt sin a sholáthar (IO L 100, 12.4.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/2259 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2262 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin, “Bayerischer Blutwurz”

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gearmáine an 7 Meitheamh 2019 maidir le clárú “Bayerischer Blutwurz” mar thásc geografach.

(2)

Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.

(3)

Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) 2019/787.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm “Bayerischer Blutwurz” a chlárú mar thásc geografach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an tásc geografach “Bayerischer Blutwurz” cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, deonaítear leis an Rialachán seo í don ainm “Bayerischer Blutwurz”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)   IO C 351, 1.9.2021, lch. 28.


20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2263 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 maidir leis an gcód don deimhniú le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (1), agus go háirithe Airteagal 9(2), Airteagal 15(5) agus Airteagal 16(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún (2), leagtar síos an fhoirm le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle (3) atá le cur ar fáil ag na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha. Bunaítear freisin leis an Rialachán sin na tagairtí atá le déanamh ag na táirgeoirí sin sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht deochanna alcólacha faoi Chaibidil IV agus Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (4).

(2)

Maidir le struchtúr agus ábhar na dteachtaireachtaí leictreonacha a úsáidtear maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí, leagtar síos iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (5). Sonraítear leis an Iarscríbhinn sin freisin na gnéithe atá riachtanach i gcomhair míreanna sonraí áirithe sna teachtaireachtaí leictreonacha sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear an cineál deimhnithe i mbosca 18e den doiciméad riaracháin, i gcás ina bhfuil cód le tabhairt i gcomhréir le Liosta cóid 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún (6).

(3)

D’fhonn deimhniú na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a shainaithint sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht deochanna den sórt sin, is iomchuí cód agus tuairisc ar leith a chur isteach le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 i Liosta cóid 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 d’fhonn é a ailíniú le cur i bhfeidhm beart náisiúnta arna n-achtú le haghaidh thrasuí Threoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle (7).

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Liosta cóid 15 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323, cuirtear an ró seo a leanas isteach:

“19

Deimhniú táirgeora bhig neamhspleách deochanna alcólacha”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 121, 8.5.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(4)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle i ndáil leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/323 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir Ballstáit maidir le hearraí a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí de bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (IO L 66, 11.3.2016, lch. 1).

(7)  Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lch. 1).


20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/22


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2264 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 maidir leis na nótaí míniúcháin den doiciméad simplithe tionlacain le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe agus féindeimhnithe deochanna alcólacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 34(1), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún (2), leagtar síos an fhoirm le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE (3) a eiseoidh na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha. Bunaítear leis an Rialachán seo freisin na tagairtí atá le déanamh ag na táirgeoirí sin sa doiciméad riaracháin le haghaidh gluaiseacht deochanna alcólacha faoi Chaibidil IV agus Caibidil V de Threoir 2008/118/CE.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún (4), leagtar síos ábhar an doiciméid shimplithe tionlacain chun críche gluaiseachtaí earraí máil arna scaoileadh lena dtomhailt sa Bhallstát seolta.

(3)

D’fhonn táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe agus féindeimhnithe a chumhdach is gá bosca 14, agus a nótaí míniúcháin, den doiciméad simplithe tionlacain maidir le gluaiseacht na ndeochanna alcólacha arna scaoileadh lena dtomhailt a leasú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 d’fhonn é a ailíniú le cur i bhfeidhm beart náisiúnta arna n-achtú le haghaidh thrasuí Threoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle (5).

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Bhosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain:

“14 Deimhnithe (fíonta agus biotáillí áirithe, táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha)”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3) de Bhosca 14 i roinn “2. Ceannteidil” de na Nótaí Míniúcháin:

“3.

Maidir le deochanna alcólacha a tháirgtear ag táirgeoirí beaga neamhspleácha féindeimhnithe, cuirfear an fhaisnéis isteach i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún (*1) i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta laghdaithe dleachta máil a éileamh sa Bhallstát cinn scríbe.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (IO L 455)”;"

(3)

scriostar pointe 4 de Bhosca 14 i roinn “2. Ceannteidil” de na Nótaí Míniúcháin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 9, 14.1.2009, lch. 12

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(4)  Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 1992 maidir le doiciméad simplithe tionlacain do ghluaiseacht táirgí laistigh den Chomhphobal a ngearrtar dleacht mháil orthu arna scaoileadh lena dtomhailt sa Bhallstát seolta (IO L 369, 18.12.1992, lch. 17).

(5)  Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lch. 1).


20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2265 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 a mhéid a bhaineann le sainaithint táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe agus féindeimhnithe deochanna alcólacha sa doiciméad riaracháin leictreonach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na socruithe ginearálta le haghaidh dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 29(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún (2) an fhoirm le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE ón gComhairle (3) atá le soláthar ag na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha. Bunaítear leis an Rialachán chomh maith na tagairtí atá le déanamh ag na táirgeoirí sin sa doiciméad riaracháin leictreonach maidir le gluaiseacht deochanna alcólacha faoi Chaibidil IV agus Caibidil V de Threoir 2008/118/CE.

(2)

Leagtar síos le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (4) struchtúr agus inneachar na dteachtaireachtaí leictreonacha a úsáidtear chun críche gluaiseachtaí earraí máil faoi fhionraí dleachta máil, chomh maith leis na heilimintí sonraí is gá chun ítimí sonraí áirithe sna teachtaireachtaí sin a chomhlánú.

(3)

D’fhonn na táirgeoirí beaga deimhnithe agus féindeimhnithe a chumhdach ní mór leasú a dhéanamh ar an míniúchán ar eilimintí “l” agus “n” de ghrúpa sonraí “17” a úsáidtear i gcomhair an doiciméid riaracháin le haghaidh gluaiseacht deochanna alcólacha faoi fhionraí dleachta máil.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 chun é a ailíniú le cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta arna n-achtú chun Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle (5) a thrasuí.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Tábla 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 mar a leanas:

(1)

sa ró le haghaidh eilimint sonraí “l” de ghrúpa sonraí “17”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3 agus phointe 4 i gColún F:

“3.

Maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha féindeimhnithe, cuirfear isteach an dearbhú maidir le stádas an oibreora i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5(1) agus Airteagal 5(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/2266 ón gCoimisiún* i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta dleachta máil laghdaithe a éileamh sa Bhallstát is ceann scríbe.

4.

Maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha deimhnithe, cuirfear isteach an dearbhú maidir leis an gcineál dí alcólaí a údaraítear sa deimhniúchán i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/2266 i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta dleachta máil laghdaithe a éileamh sa Bhallstát is ceann scríbe.

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (IO L 26).”;

(2)

sa ró le haghaidh eilimint sonraí “n” de ghrúpa sonraí “17”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs i gColún F:

“Maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha féindeimhnithe, cuirfear in iúl an chainníocht táirgthe bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2021/2266 i gcás ina bhfuil sé beartaithe ráta dleachta máil laghdaithe a éileamh sa Bhallstát is ceann scríbe. Beidh luach na heiliminte sonraí seo níos mó ná nialas.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 9, 14.1.2009, lch. 12.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2266 an 17 Nollaig 2021 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil (Féach leathanach 26 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil faoi fhionraí dleachta máil (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(5)  Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lch. 1).


20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/26


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2266 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

lena leagtar síos rialacha chun Treoir 92/83/CEE ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí beaga neamhspleácha deochanna alcólacha a dheimhniú agus a fhéindeimhniú chun críocha dleachta máil

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú (1), agus go háirithe Airteagal 23a(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE na coinníollacha chun bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse an chánachais alcóil a áirithiú.

(2)

Le Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle (2), treoir lenar leasaíodh Treoir 92/83/CEE, leathnaíodh an fhéidearthacht a bhí ag na Ballstáit rátaí dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm, ar féidearthacht í nach raibh ar fáil ach amháin i gcás beorach agus alcól eitile a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha i méideanna beaga, chun na deochanna alcólacha eile a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha i méideanna beaga a chur san áireamh. I gcomhréir le hAirteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE, ceanglaítear ar na Ballstáit deimhniú bliantúil a sholáthar, arna iarraidh sin, do tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach, ar deimhniú é lena ndeimhnítear táirgeacht bhliantúil iomlán na dtáirgeoirí chomh maith lena gcomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE (“an deimhniú”). Chun gur éasca a aithneofar stádas na dtáirgeoirí mar tháirgeoirí beaga neamhspleácha i ngach Ballstát, ní mór foirm choiteann a úsáid le haghaidh an deimhnithe.

(3)

Is inmhianaithe gurb é an Ballstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe a dhéanfadh táirgeoirí beaga neamhspleácha a dheimhniú. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le féindeimhniú ag an táirgeoir beag neamhspleách, ar choinníoll go bhfuil bearta iomchuí glactha ag na Ballstáit chun cosc a chur ar imghabháil, ar sheachaint nó ar mhí-úsáid an chórais.

(4)

Ba cheart tagairt don deimhniú le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha a áireamh sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV nó Caibidil V de Threoir 2008/118/CE ón gComhairle (3), mar a cheanglaítear le hAirteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE, chun gur éasca a aithneofar stádas táirgeoirí beaga neamhspleácha.

(5)

Chun a shoiléiriú cén fhianaise atá le húsáid i gcás féindeimhniúcháin ag táirgeoirí beaga neamhspleácha, is gá a shonrú cén fhaisnéis atá le háireamh sa doiciméad riaracháin agus sa doiciméad simplithe tionlacain maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV nó faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE.

(6)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2022 ionas go mbeidh sé ailínithe le cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta arna n-achtú chun Treoir (AE) 2020/1151 a thrasuí.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deimhniú táirgeora bhig neamhspleách

Leagtar amach foirm an deimhnithe le haghaidh táirgeoirí beaga neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 23a(1) de Threoir 92/83/CEE (“an deimhniú”) san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tagairt don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE

Chun críoch tagairt don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE, is í seo a leanas an fhaisnéis atá le háireamh sa doiciméad riaracháin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún (4) í:

(a)

i mbosca 17l: “An táirge ar a bhfuil cur síos déanta arna tháirgeadh ag” agus ina dhiaidh sin, de réir mar is infheidhme, ceann de na téarmaí seo a leanas:

(a)

“grúdlann bheag neamhspleách atá deimhnithe”;

(b)

“táirgeoir beag fíona neamhspleách atá deimhnithe”;

(c)

“táirgeoir beag deochanna coipthe seachas fíon agus beoir neamhspleách atá deimhnithe”;

(d)

“táirgeoir beag táirgí idirmheánacha neamhspleácha atá deimhnithe”;

(e)

“drioglann bheag neamhspleách atá deimhnithe”;

(b)

i mbosca 18e: cineál doiciméid an deimhnithe;

(c)

i mbosca 18f: sraithuimhir an deimhnithe.

Airteagal 3

Tagairt don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE

1.   Chun críoch tagairt a dhéanamh don deimhniú sa doiciméad riaracháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE, is é a bheidh san fhaisnéis atá le háireamh i mbosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún (5), sraithuimhir an deimhnithe agus an téarma “Deimhniú”, agus, de réir mar is infheidhme, ceann amháin de na téarmaí seo a leanas:

(a)

“grúdlann bheag neamhspleách”;

(b)

“táirgeoir beag fíona neamhspleách”;

(c)

“táirgeoir beag deochanna coipthe seachas fíon agus beoir”;

(d)

“táirgeoir beag táirgí idirmheánacha neamhspleácha”;

(e)

“drioglann bheag neamhspleách”.

2.   I gcásanna ina n-áirítear deochanna alcólacha éagsúla le gluaiseacht earraí agus nach bhfuil sé beartaithe an dleacht mháil laghdaithe a chur i bhfeidhm ach ar dheochanna áirithe, sonrófar an tuairisc tráchtála ar na deochanna alcólacha a tháirgeann an táirgeoir beag neamhspleách i mbosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92.

Airteagal 4

Féindeimhniúchán ag táirgeoirí beaga neamhspleácha

I gcás ina dtagann táirgeoirí beaga neamhspleácha faoi na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagail 4(2), 9a(2), 13a(4), 18a(3) nó 22(2) de Threoir 92/83/CEE, agus i gcás ina gceadóidh na Ballstáit do tháirgeoirí beaga neamhspleácha atá bunaithe ina gcríocha féin féindeimhniúchán a dhéanamh, déanfar stádas na dtáirgeoirí chomh maith lena dtáirgeadh bliantúil a dhearbhú sa doiciméad riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Ceanglais le haghaidh chomhlánú an doiciméid riaracháin i gcás féindeimhniúcháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE

1.   Maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil IV de Threoir 2008/118/CE, dearbhófar stádas na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha i mbosca 17l den doiciméad riaracháin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009, sna téarmaí seo a leanas: “An táirge ar a bhfuil cur síos déanta arna tháirgeadh ag” agus ina dhiaidh sin, de réir mar is infheidhme, ceann de na téarmaí seo a leanas:

(a)

“grúdlann bheag neamhspleách”;

(b)

“táirgeoir beag fíona neamhspleách”;

(c)

“táirgeoir beag deochanna coipthe seachas fíon agus beoir neamhspleách”;

(d)

“táirgeoir beag táirgí idirmheánacha neamhspleácha”;

(e)

“drioglann bheag neamhspleách”.

2.   I gcás nach é coinsíneoir na ndeochanna alcólacha an táirgeoir beag neamhspleách féindeimhnithe, dearbhófar an uimhir sa chóras malartaithe sonraí máil dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle (6) (“uimhir SEED”) nó uimhir chánach bhreisluacha (“uimhir CBL”) an táirgeora freisin i mbosca 17l.

Is í an uimhir SEED an uimhir údaraithe a bhaineann le máil arna deonú ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 389/2012. Ní shonrófar an uimhir CBL, dá dtagraítear in Airteagal 214 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (7), ach amháin i gcás nach bhfuil uimhir SEED ag an táirgeoir beag neamhspleách.

3.   Dearbhófar táirgeadh bliantúil deochanna alcólacha an táirgeora bhig neamhspleách i mbosca 17n den doiciméad riaracháin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009. Sonrófar an chainníocht i heictilítir, ach amháin i gcás alcóil eitile, ar i heictilítir d’alcól íon a shonrófar é.

Airteagal 6

Ceanglais le haghaidh chomhlánú an doiciméid riaracháin i gcás féindeimhniúcháin maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE

Maidir le gluaiseacht earraí faoi Chaibidil V de Threoir 2008/118/CE, dearbhófar an fhaisnéis seo a leanas i mbosca 14 den doiciméad simplithe tionlacain, mar a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92:

(a)

stádas an táirgeora bhig neamhspleách sna téarmaí seo a leanas: “An táirge ar a bhfuil cur síos déanta arna tháirgeadh ag” agus ina dhiaidh sin, de réir mar is infheidhme, ceann de na téarmaí seo a leanas:

(a)

“grúdlann bheag neamhspleách”;

(b)

“táirgeoir beag fíona neamhspleách”;

(c)

“táirgeoir beag deochanna coipthe seachas fíon agus beoir neamhspleách”;

(d)

“táirgeoir beag táirgí idirmheánacha neamhspleácha”;

(e)

“drioglann bheag neamhspleách”;

(b)

sonrófar an táirgeadh bliantúil iomlán i heictilítir, ach amháin i gcás alcóil eitile, ar i heictilítir d’alcól íon a dhearbhófar é.

(c)

uimhir SEED nó CBL an táirgeora bhig neamhspleách fhéindeimhnithe, de réir mar a leagtar síos in Airteagal 5(2) den Rialachán seo, i gcás nach é coinsíneoir na ndeochanna alcólacha an táirgeoir;

(d)

tuairisc tráchtála ar na deochanna alcólacha a tháirgeann an táirgeoir beag neamhspleách i gcás ina n-áirítear deochanna alcólacha éagsúla i ngluaiseacht earraí agus ina mbeartaítear dleacht mháil laghdaithe a chur i bhfeidhm ar dheochanna áirithe agus ar na deochanna sin amháin.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 31.10.1992, lch. 21.

(2)  Treoir (AE) 2020/1151 ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lch. 1).

(3)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO L 9, 14.1.2009, lch. 12).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).

(5)  Rialachán (CEE) Uimh. 3649/92 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 1992 maidir le doiciméad simplithe tionlacain le haghaidh gluaiseacht táirgí laistigh den Chomhphobal atá faoi réir dleachta máil agus a scaoileadh lena dtomhailt sa Bhallstát seolta (IO L 369, 18.12.1992, lch. 17).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

AN tAONTAS EORPACH

DEIMHNIÚ DLEACHTA MÁIL DO THÁIRGEOIRÍ BEAGA NEAMHSPLEÁCHA DEOCHANNA ALCÓLACHA

(Treoir 92/83/CEE ón gComhairle - Airteagal 23a)

Sraithuimhir:

1.

AN TÁIRGEOIR BEAG NEAMHSPLEÁCH A SHAINAITHINT

Ainmniúchán/ainm

Sráid agus Uimh.

Postchód, áit

Ballstát bunaíochta

Uimhir SEED/Uimhir CBL

2.

Tuairisc ar na deochanna alcólacha a n-iarrtar an deimhniú dleachta máil ina leith

 

 

 

 

Cineál deochanna alcólacha

Tuairisc

Táirgeacht bhliantúil iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.

AN tÚDARÁS INNIÚIL A SHAINAITHINT

Ainm

Uimhir Thagartha Oifige (más infheidhme)

Seoladh

Uimhir theileafóin

Seoladh ríomhphoist

4.

DEIMHNIÚ ÓN ÚDARÁS INNIÚIL

Deimhníonn an t-údarás náisiúnta a bhfuil a shíniú anseo thíos an méid seo a leanas:

an táirgeacht bhliantúil iomlán ar a bhfuil tuairisc i mbosca 2 de chuid an táirgeora bhig neamhspleách a luaitear i mbosca 1.

comhlíonann an táirgeoir beag neamhspleách a shainaithnítear i mbosca 1 na critéir a leagtar amach, de réir mar is iomchuí, in Airteagail 4(2), 9a(2), 13a(4), 18a(3) agus 22(2) de Threoir 92/83/CEE.

 

 

 

 

Ainm agus stádas an tsínitheora |

Áit, dáta:

Stampa (más infheidhme)

Síniú

Nótaí míniúcháin

1.

Is éard atá sa deimhniú seo doiciméad tacaíochta chun ráta dleachta máil laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le deochanna alcólacha a tháirgeann táirgeoirí beaga neamhspleácha, dá dtagraítear in Airteagal 23a de Threoir 92/83/CEE. Dá réir sin, tarraingeofar suas deimhniú amháin in aghaidh na bliana lena dtagraítear do gach cineál deochanna alcólacha a tháirgtear le haghaidh gach táirgeora bhig neamhspleách.

2.

210 × 297 mm a bheidh san fhoirm ar a n-eiseofar an deimhniú. I gcás ina gclóitear an fhoirm, is ar pháipéar bán nach bhfuil laíon meicniúil ann a dhéanfar í.

3.

Déanfar an deimhniú a chomhlánú go soléite agus ar shlí a mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadófar aon scriosadh ná aon fhorscríbhneoireacht. Déanfar an deimhniú a chomhlánú i dteanga atá aitheanta ag an mBallstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe. Ciallóidh an téarma “teanga aitheanta” ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil i mBallstát an táirgeora bhig neamhspleách nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais ar dhearbhaigh an Ballstát sin go bhfuil sí inghlactha chun na críche sin.

4.

I gcás ina dtarraingeofar suas an deimhniú i dteanga seachas teanga atá aitheanta ag an mBallstát cinn scríbe, déanfaidh an coinsíní, aistriúchán a chur i gceangal leis an deimhniú, arna iarraidh sin d’údaráis an Bhallstáit sin, nuair a bheidh sé á thíolacadh. Féadfaidh an Ballstát sin, dá rogha féin, an oibleagáid an t-aistriúchán a cheangal a ligean thar ceal.

5.

Ceithre dhigit déag a bheidh sa tsraithuimhir. An uimhir dhá dhigit lena dtagraítear don bhliain ina n-eisítear an deimhniú a bheidh i dtús na sraithuimhreach; ina diaidh sin beidh aitheantóir de chuid an Bhallstáit agus cód dhá litir le haghaidh na tíre eisiúna i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe 3, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009; beidh aitheantóir uathúil arb é a bheidh ann uimhir náisiúnta alfa-uimhriúil 10 ndigit ina diaidh sin, aitheantóir arna shainiú ag an mBallstát ina bhfuil an táirgeoir beag neamhspleách bunaithe. Sampla de shraithuimhir den sórt sin is ea: 22ES01ABCD234E.

6.

I mbosca 1 den deimhniú, sonrófar na sonraí ábhartha is gá chun an táirgeoir beag neamhspleách a shainaithint, lena n-áirítear a uimhir SEED. Más rud é nach bhfuil uimhir SEED ag an táirgeoir beag neamhspleách, agus sa chás sin amháin, sonrófar uimhir CBL.

7.

I mbosca 2 den deimhniú, sonróidh an t-údarás inniúil táirgeadh iomlán bliantúil deochanna alcólacha an táirgeora bhig neamhspleách dá n-iarrtar an deimhniú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

sonrófar an cineál dí alcólaí i gcomhréir leis an liosta seo a leanas, mar a leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE:

(i)

beoir;

(ii)

fíon;

(iii)

deochanna coipthe seachas fíon agus beoir;

(iv)

táirgí idirmheánacha:

(v)

alcól eitile;

(b)

féadfar an tuairisc ar an táirge a shonrú. I gcás ina sonrófar an tuairisc ar tháirgí idirmheánacha agus ar dheochanna coipthe eile, ba cheart go mbeadh an tuairisc i gcomhréir le hAirteagal 13a(2) agus (3) agus le hAirteagal 18a(2) de Threoir 92/83/CEE;

(c)

sonrófar cainníocht na dí alcólaí i heictilítir, seachas i gcás alcól eitile, ar heictilítir d’alcól íon a shonrófar ina leith.

8.

I mbosca 3 den deimhniú, sonrófar na sonraí ábhartha is gá chun an t-údarás inniúil a shainaithint, lena n-áirítear Uimhir Thagartha na hOifige Custaim, i gcás inarb infheidhme, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 5, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 684/2009.

9.

Féadfaidh na húdaráis inniúla an oibleagáid an deimhniú eisithe a stampáil a ligean thar ceal más rud é go bhfuil sé fíordheimhnithe ar bhealach eile, amhail ríomhshíniú.


CINNTÍ

20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/32


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2267 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

lena leagtar síos an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 13(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/904 ceanglaítear ar Bhallstáit sonraí a thuairisciú don Choimisiún ar an dramhaíl iar-chaithimh arna bailiú a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(f) den Treoir sin. Ba cheart tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta a bheith in éineacht leis na sonraí sin.

(2)

Na sonraí maidir leis na méideanna dramhaíola iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola agus trí ghníomhaíochtaí glantacháin bruscair i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(f) de Threoir (AE) 2019/904, ba cheart do na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú ar bhonn a meáchain iomláin i dtonaí. Ba cheart an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta in éineacht leis na sonraí sin a sholáthar i bhformáid lena n-áirithítear go soláthraítear tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na foinsí sonraí a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí sin a thomhas agus a fhíorú.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraí a thuairisciú

Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (f), de Threoir (AE) 2019/904 san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Cuirfidh siad isteach an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den Treoir sin a mhéid a bhaineann leis na sonraí sin san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

AN FHORMÁID CHUN SONRAÍ AGUS FAISNÉIS A THUAIRISCIÚ

An fhormáid chun tuairisciú ar dhramhaíl iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.

1

2

 

(tonaí)

Meáchan iomlán dramhaíola iar-chaithimh táirgí a bhaineann le tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.

 


IARSCRÍBHINN II

AN FHORMÁID INA mBEIDH AN TUARASCÁIL MAIDIR LE SEICEÁIL CÁILÍOCHTA

I.   Faisnéis ghinearálta

1.1.

Ballstát:

 

1.2.

An eagraíocht a bhfuil na sonraí agus an tuairisc á soláthar aici:

 

1.3.

Ainm an teagmhálaí:

 

1.4.

Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí:

 

1.5.

Uimhir theileafóin an teagmhálaí:

 

1.6.

Bliain tagartha:

 

1.7.

Dáta/leagan seachadta:

 

1.8.

Nasc chuig foilsiú na sonraí ag an mBallstát (más ann dó):

 

II.   Tuairisc ar na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí

Ainm na hinstitiúide

Tuairisc ar na príomhdhualgais

 

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

III.   Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh

Tuairisc ar na modhanna agus na foinsí sonraí a úsáideadh chun tomhas a dhéanamh ar mheáchan dramhaíola iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.

3.1

Foinsí sonraí, modhanna ríofa agus an sciar den mhéid iomlán.

Tabhair míniú ar an gcaoi ar tomhaiseadh meáchan na dramhaíola iar-chaithimh dá dtagraítear sa chéad mhír den chaibidil seo agus ar an gcaoi ar cuireadh taise agus iarmhair de pháipéar agus de thobac san áireamh. Tabhair míniú ar an gcur chuige a glacadh chun sampláil ionadaíoch na dramhaíola bailithe a áirithiú. Tabhair le fios an bhliain ina ndearnadh an anailís maidir le comhdhéanamh na dramhaíola agus an bhruscair.

Foinsí sonraí, bliain

Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh

Sciar den mhéid iomlán

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

3.2

Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh chun na fachtóirí coinbhéartachta agus a gcur i bhfeidhm a chinneadh.

I gcás inar cinneadh meáchan na dramhaíola iar-chaithimh dá dtagraítear sa chéad mhír den chaibidil seo trí bhíthin méid iomlán na dramhaíola iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, sonraigh an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh.

 

Fachtóir coinbhéartachta

Tabhair tuairisc ar na hathróga a áirítear i ríomh na bhfachtóirí coinbhéartachta agus ar an gcaoi ar ríomhadh na hathróga sin

Fachtóir coinbhéartachta ó ítim go meáchan

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

IV.   Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí

4.1

Míniú ar raon feidhme agus bailíocht an bhailithe sonraí maidir le dramhaíl iar-chaithimh a bhaineann le táirgí tobac ag a bhfuil scagairí agus le scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac, arna bailiú mar bhruscar agus trí chórais phoiblí um bailiú dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f) de Threoir (AE) 2019/904.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

4.2

Difríochtaí le hais na sonraí a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta roimhe sin.

Athruithe móra ar an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana tagartha reatha i gcomparáid leis an modh a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (go háirithe athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

V.   Rúndacht

Údar le foilsiú codanna sonracha den tuarascáil seo maidir le seiceáil cáilíochta a choimeád siar i gcás inar gá, agus liostú na gcodanna is ceart a choimeád siar.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

VI.   Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin

Tabhair ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.


Ceartúcháin

20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/37


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 251 an 15 Iúil 2021 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 15 Iúil 2021)

Ar leathanach 31, Airteagal 38, mír 1:

in ionad:

“1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste do Chistí um Ghnóthaí Baile arna bhunú le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) [...]”,

léitear:

“1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste do Chistí um na Gnóthaí Baile arna bhunú le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) [...]”.


20.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 455/38


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 251 an 15 Iúil 2021 )

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 251, lch. 48)

Ar leathanach 52, aithris 20:

in ionad:

“(20)

(…), ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí ábhartha in obair an Choiste um Chistí Gnóthaí Baile arna bhunú leis an Rialachán seo, (…).”,

léitear:

“(20)

(…), ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí ábhartha in obair an Choiste um na Cistí Gnóthaí Baile arna bhunú leis an Rialachán seo, (…).”.

Ar leathanach 77, Airteagal 32, mír 1:

in ionad:

“1.   Déanfaidh coiste (‘an Coiste um Chistí Gnóthaí Baile’) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”,

léitear:

“1.   Déanfaidh coiste (‘an Coiste um na Cistí Gnóthaí Baile’) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.”.