|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2244 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Deireadh Fómhair 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála maidir le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 19(2), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú, inter alia, i réimse na sábháilteachta bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Déantar foráil ann do rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le substaintí a bhféadfadh iarmhair i mbia agus i mbeatha a bheith mar thoradh ar a n-úsáid. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2017/625, scriostar Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ach is infheidhme don Airteagal fós, áfach, go dtí an 14 Nollaig 2022 ach amháin má shocraítear dáta is túisce ná sin le gníomh tarmligthe. Le hAirteagal 27(1) leagtar síos ceanglais shonracha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála le haghaidh anailís ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha. |
|
(3) |
Le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos na ceanglais shonracha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil leis na hiarmhair substaintí ábhartha i mbia agus i mbeatha, rialuithe a dhéanfar ag céim ar bith den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. |
|
(4) |
Is é is aidhm d’fhaireachán a dhéanamh ar iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha comhlíontacht a áirithiú leis na huasleibhéil iarmhar arna leagan síos le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus measúnú a dhéanamh ar an teagmháil ag tomhaltóirí le hiarmhair lotnaidicídí, chomh maith. Ní mór na samplaí bia agus beatha a ghlacadh ina raon leordhóthanach agus ina líon leordhóthanach chun a áirithiú go mbeidh siad ionadaíoch ar an margadh. Ní mór, freisin, na samplaí sin a ghlacadh ag an bpointe samplála is iomchuí sa bhiashlabhra. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/625 a fhorlíonadh trí rialacha sonracha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta samplála ábhartha maidir le hiarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha. |
|
(6) |
Ós rud é nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na rialacha arna leagan síos le hAirteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 amhail ón 15 Nollaig 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha na rialuithe oifigiúla maidir le hiarmhair lotnaidicídí, dá bhforáiltear le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2017/625, glacfaidh gach Ballstát líon leordhóthanach agus raon leordhóthanach samplaí de bhia agus de bheatha chun a áirithiú go mbeidh na torthaí ionadaíoch ar an margadh, agus na torthaí ó chláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo á gcur san áireamh.
An tsampláil dá foráiltear sa chéad mhír, déanfar í sin a chóngaraí don phointe soláthair agus is réasúnach.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den chineál sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2245 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann le ríomh luach an táirgthe arna mhargú de chuid eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 37, pointe (c)(i) agus (iv), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar an damáiste a dhéanann tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide don táirgeadh torthaí agus glasraí san Aontas. In 2017, rinneadh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (2), a chur chun úsáide agus tugadh cabhair shonrach don Laitvia d’fhonn an damáiste a rinne tuilte tréana i samhradh agus i bhfómhar na bliana 2017 a dheisiú. In 2018, de dheasca báisteach throm agus tuilte i gcodanna áirithe den Aontas (an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, agus an Fhionlainn), deonaíodh beart éigeandála le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/108 ón gCoimisiún (3) i bhfoirm cabhrach d’fheirmeoirí. In earrach na bliana 2021, bhuail mórthréimhse seaca réigiúin áirithe de roinnt Ballstát (an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil, go háirithe) maidir le táirgí áirithe (péitseoga, neachtairíní, úlla agus táirgí eile). Dá thoradh sin tá breis agus 50 % den táirgeacht caillte. |
|
(2) |
Ós minice anois a tharlaíonn tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide, tá gá le réiteach fadtéarmach maidir le ríomh luach an táirgthe arna mhargú de chuid eagraíochtaí táirgeoirí, chun a n-athléimneacht a neartú le haghaidh na todhchaí. Is gá leasú a dhéanamh ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (4) trí fhoráil a dhéanamh maidir le solúbthacht i ríomh luach an táirgthe arna mhargú de chuid eagraíochtaí táirgeoirí san Aontas i gcás go gcasfaí ina n-aghaidh tubaistí nádúrtha agus teagmhais aeráide a chuirfeadh an táirge sa chaoi nach bhféadfaí é a úsáid lena chaitheamh ná lena phróiseáil. |
|
(3) |
Caillteanais mhóra i luach an táirgthe arna mhargú a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide, bíonn tionchar an-mhór acu ar an méid de chúnamh ón Aontas a fhaigheann na heagraíochtaí táirgeoirí an bhliain i ndiaidh na dteagmhas sin, arae ríomhtar méid an chúnaimh ón Aontas mar chéatadán de luach an táirgthe arna mhargú ag gach eagraíocht táirgeoirí ar leith. I gcás ina gcailltear páirt mhór den fhómhar nó iomlán an fhómhair, bíonn an baol ann do na heagraíochtaí táirgeoirí go gcaillfidís an t-aitheantas a bronnadh orthu, arae ar cheann de na critéir um aitheantas a fháil tá an critéar nach mór íosluach áirithe táirgthe arna mhargú a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta. Thiocfadh de sin caillteanas eacnamaíoch dúbailte, rud a chuirfeadh cobhsaíocht fhadtéarmach na n-eagraíochtaí táirgeoirí i mbaol. |
|
(4) |
I bhfianaise an ghéaraithe ar a mhinice a tharlaíonn tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide agus i bhfianaise an chaillteanais mhór-mhéadaithe a tharlaíonn dá dtoradh, ní leor an choimirce a bunaíodh le hAirteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a dtagann dá bhun go meastar luach an táirgthe arna mhargú a bheith ionann le 65 % dá luach sa tréimhse thagartha roimhe sin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, agus de bharr gur gá an chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a ghnóthú maidir le heagraíochtaí táirgeoirí a mbaineann caillteanais mhóra leo i luach an táirgthe arna mhargú de dheasca tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide, ba cheart an tairseach a mhéadú le haghaidh ríomh luach an táirgthe arna mhargú i dtaca le tréimhse thagartha áirithe. I bhfianaise an damáiste mhóir a raibh teagmhais dhíobhálach aeráide a tharla le déanaí ina gcúis leis, ba cheart luach an táirgthe arna mhargú i gcás tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide mar a leagtar síos in Airteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéadú go 85 %. |
|
(6) |
Thairis sin, ba cheart réiteach a chur ar fáil a bheadh dírithe ar eagraíochtaí táirgeoirí, a dhéanann infheistíocht i mbearta coisctheacha ach a mbainfeadh damáiste mór dóibh dá ainneoin sin de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair plandaí nó inmhíoluithe lotnaidí, chun cásanna a sheachaint ina mbuailfí iad ní hé amháin le caillteanais i luach a dtáirgthe arna mhargú ach freisin le laghdú ar an gcúnamh airgeadais ón Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart luach an táirgthe arna mhargú a leagtar síos in Airteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéadú go 100 % i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, a chruthóidh go bhfuil na bearta coisctheacha is gá déanta acu i gcoinne galair plandaí, inmhíoluithe lotnaidí, tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálach aeráide, eadhon bearta amhail córais téimh nó líonta a shuiteáil sna cuibhrinn, scéimeanna árachais, nó cistí frithpháirteacha a bhunú. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Ós rud é gur de réir na bliana féilire a chuirtear chun feidhme na cláir oibríochtúla agus ós rud é gur ar an mbliain féilire roimh an mbliain reatha a bhunaítear an ríomh a dhéantar ar luach an táirgthe arna mhargú lena gcinntear méid an chúnaimh airgeadais ón Aontas, is gá go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir, an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I mír 4 d’Airteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:
“I gcás inar tháinig laghdú de 35 % ar a laghad ar luach táirge de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais aeráide, galair plandaí nó inmhíolú lotnaidí nach raibh faoi fhreagracht ná faoi rialú na heagraíochta táirgeoirí, measfar luach an táirgthe arna mhargú den táirge sin a bheith ionann le 85 % den luach a bhí air sa tréimhse thagartha roimhe sin. Cuirfidh an eagraíocht táirgeoirí cruthúnas ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go raibh na cúiseanna sin lasmuigh dá fhreagracht agus dá rialú. I gcás ina gcruthóidh an eagraíocht táirgeoirí d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go ndearna sí na bearta coisctheacha ba ghá in aghaidh na tubaiste nádúrtha, an teagmhais aeráide, an ghalair plandaí nó an inmhíolaithe lotnaidí lena mbaineann, measfar luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh an táirge sin a bheith ionann le 100 % den luach a bhí air sa tréimhse thagartha roimhe sin.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/108 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2018 maidir le beart éigeandála i bhfoirm cabhrach d’fheirmeoirí de dheasca tuilte agus báisteach throm i gceantair áirithe sa Liotuáin, sa Laitvia, san Eastóin agus san Fhionlainn (IO L 19, 24.1.2018, lch. 6).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4).
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2246 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe a theacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta atá i ndlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (1), agus go háirithe Airteagal 53(1), pointe (b)(ii), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 47(2), pointe (b), agus Airteagal 54(4), pointe (a) agus pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla ar bhia agus beatha áirithe nach de bhunadh ainmhíoch iad a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus maidir le forchur coinníollacha speisialta lena rialaítear teacht isteach coinsíneachtaí bia agus beatha áirithe san Aontas ó thríú tíortha áirithe de dheasca an riosca éillithe ó mhíceatocsainí, lena n-áirítear aflatocsainí, iarmhair lotnaidicídí, peinteaclóraifeanól agus dé-ocsainí, agus éilliú miocróbach, a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(2) |
Foráiltear in Airteagal 12 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 go ndéanfar athbhreithniú ar bhonn rialta nach faide ná 6 mhí ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis, chun faisnéis nua a bhaineann le rioscaí do shláinte an duine agus le neamhchomhlíontacht le reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh, amhail na sonraí a thagann as fógraí a fhaightear tríd an gcóras mear-rabhaidh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, chomh maith le sonraí agus faisnéis a bhaineann le coinsíneachtaí agus le torthaí na seiceálacha doiciméadacha, céannachta agus fisiceacha arna gcur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún. |
|
(3) |
Le tarlú teagmhas bia le déanaí a fógraíodh tríd an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe (“RASFF”) lenar léiríodh gur ann do riosca tromchúiseach díreach nó neamhdhíreach do shláinte an duine a thagann ó bhia nó ó bheatha, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, agus le hábharthacht na dteagmhas sin, agus le faisnéis faoi na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit ar bhia agus ar bheatha nach de bhunadh ainmhíoch iad sa chéad seimeastar de 2021, léirítear gur cheart na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a leasú chun sláinte an duine a chosaint san Aontas. |
|
(4) |
Ó bhí Eanáir 2019 ann, tá piseanna talún agus táirgí a tháirgtear as piseanna talún ón Airgintín faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó aflatocsainí. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit agus an fhaisnéis atá ar fáil go bhfuil feabhas tagtha ar chomhlíontacht na gceanglas ábhartha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais. Tá fianaise sna torthaí sin nach bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine ag baint le teacht isteach na n-earraí bia sin san Aontas. Dá thoradh sin, ní gá leanúint d’fhoráil a dhéanamh go mbeidh deimhniú oifigiúil ag gabháil le gach coinsíneacht lena sonraítear gur léir ó thorthaí uile na samplála agus na hanailíse go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á chomhlíonadh (4). An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit leanúint de rialuithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcoinneofar an leibhéal comhlíontachta atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le piseanna talún ón Airgintín in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a scriosadh agus a aistriú go hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus leibhéal minicíochta na seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha á choinneáil ag 5 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(5) |
Ó bhí Eanáir 2019 ann, tá collchnónna agus táirgí a tháirgtear ó chollchnónna ón Asarbaiseáin faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó aflatocsainí. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit agus an fhaisnéis atá ar fáil go bhfuil feabhas tagtha ar chomhlíontacht na gceanglas ábhartha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais. Tá fianaise sna torthaí sin nach bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine ag baint le teacht isteach na n-earraí bia sin san Aontas. Dá thoradh sin, ní gá leanúint d’fhoráil a dhéanamh go bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil le gach coinsíneacht lena sonraítear go léiríonn torthaí uile na samplála agus na hanailíse go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 á chomhlíonadh. An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit leanúint de rialuithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcoinneofar an leibhéal comhlíontachta atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le collchnónna ón Asarbaiseáin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a scriosadh agus a aistriú go hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus leibhéal minicíochta na seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha á choinneáil ag 20 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(6) |
Ó bhí Eanáir 2019 ann, tá an piobar dubh (Piper nigrum) ón mBrasaíl faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó Salmonella. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit ar na hearraí bia sin ráta ard leanúnach neamhchomhlíontachta ó bunaíodh an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Tá fianaise sna torthaí sin go bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine ag baint le teacht isteach na n-earraí bia sin san Aontas. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, tá gá le foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha speisialta i ndáil le hallmhairiú an phiobair dhuibh (Piper nigrum) ón mBrasaíl, sa bhreis ar an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Thar aon ní eile, ba cheart deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le gach coinsíneacht den phiobar dubh ón mBrasaíl lena sonraítear go léiríonn gach toradh samplála agus anailíse nach bhfuil Salmonella in 25 g. Ba cheart torthaí na samplála agus na hanailíse a chur i gceangal leis an deimhniú sin. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann leis an bpiobar dubh ón mBrasaíl in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a aistriú go hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, le leibhéal minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 50 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(8) |
Maidir le coinsíneachtaí de mhealbhacáin Galia (Cucumis melo var. Reticulatus) ó Hondúras, léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil rioscaí nua ann do shláinte an duine, de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó Salmonella Braenderup. Dá bhrí sin, is gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal maidir le teacht isteach na dtráchtearraí sin ó Hondúras. Dá bhrí sin, ba cheart na tráchtearraí sin a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(9) |
Ó bhí Eanáir 2019 ann, tá piobair mhilse (Capsicum annum) ón tSín faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó Salmonella. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit agus an fhaisnéis atá ar fáil go bhfuil feabhas tagtha ar chomhlíontacht na gceanglas ábhartha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, níl údar a thuilleadh le leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla ar leibhéal 20 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas i gcás an tráchtearra sin. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit leanúint de rialuithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcoinneofar an leibhéal comhlíontachta atá ann faoi láthair. Ba cheart an iontráil chomhfhreagrach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a mhodhnú agus minicíocht na seiceálacha céannachta agus fisiceacha a laghdú go 10 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(10) |
Ó bhí Eanáir 2019 ann, tá ubhthorthaí (Solanum melongena) ón bPoblacht Dhoiminiceach faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit ar na hearraí bia sin ráta ard leanúnach neamhchomhlíontachta ó bunaíodh an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Tá fianaise sna torthaí sin go bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine ag baint le teacht isteach na n-earraí bia sin san Aontas. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, tá gá le foráil a dhéanamh maidir le forchur coinníollacha speisialta i ndáil le hubhthorthaí (Solanum melongena), sa bhreis ar an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Go háirithe, ba cheart deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí uile an tráchtearra sin ón bPoblacht Dhoiminiceach lena sonraítear go léiríonn gach toradh samplála agus anailíse go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí do choinsíneachtaí bia agus beatha a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 á chomhlíonadh de dheasca an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí. Ba cheart torthaí na samplála agus na hanailíse a chur i gceangal leis an deimhniú sin. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le hubhthorthaí (Solanum melongena) ón bPoblacht Dhoiminiceach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a scriosadh agus a aistriú go hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus leibhéal minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha á choinneáil ag 50 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(12) |
Ó bhí Eanáir 2010 ann, tá piobair den ghéineas Capsicum agus pónairí asparagais ón bPoblacht Dhoiminiceach faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit ar na hearraí bia sin ráta ard leanúnach neamhchomhlíontachta ó bunaíodh an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Tá fianaise sna torthaí sin go bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine ag baint le teacht isteach na n-earraí bia sin san Aontas. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, tá gá le foráil a dhéanamh maidir le forchur coinníollacha speisialta i ndáil le piobair den ghéineas Capsicum agus pónairí asparagais ón bPoblacht Dhoiminiceach, sa bhreis ar an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Go háirithe, ba cheart deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí uile de phiobair den ghéineas Capsicum agus de phónairí asparagais ón bPoblacht Dhoiminiceach lena sonraítear go léiríonn gach toradh samplála agus anailíse go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí le haghaidh coinsíneachtaí bia agus beatha a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 á chomhlíonadh de dheasca an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí. Ba cheart torthaí na samplála agus na hanailíse a chur i gceangal leis an deimhniú sin. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le piobair den ghéineas Capsicum agus pónairí asparagais ón bPoblacht Dhoiminiceach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a scriosadh agus a aistriú go hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus leibhéal minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha á choinneáil ag 50 %. |
|
(14) |
Maidir le coinsíneachtaí de lorgaí sicín (Moringa oleifera) ón India, léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, go bhfuil rioscaí nua ann do shláinte an duine, de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó iarmhair lotnaidicídí. Dá bhrí sin, is gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal maidir le hiontrálacha an tráchtearra sin ón India. Dá bhrí sin, ba cheart na tráchtearraí sin a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 %. |
|
(15) |
Maidir le coinsíneachtaí de phiobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) ón India, braitheadh ardmhinicíocht neamhchomhlíontachta a mhéid a bhaineann leis na ceanglais ábhartha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais maidir le héilliú ó iarmhair lotnaidicídí le linn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793. Dá bhrí sin, is iomchuí minicíocht na seiceálacha céannachta agus fisiceacha atá le déanamh ar na coinsíneachtaí sin a mhéadú go 20 %. |
|
(16) |
Maidir le coinsíneachtaí ríse ón India agus ón bPacastáin, léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis faoi rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil rioscaí nua do shláinte an duine ag teacht chun cinn de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó aflatocsainí agus ócratocsaín. Dá bhrí sin, is gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal i leith teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha na dtráchtearraí sin ón India agus ón bPacastáin a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 %. |
|
(17) |
Maidir le coinsíneachtaí gotukola (Centella asiatica) agus mukunuwenna (Alternanthera sessilis) ó Shrí Lanca, léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis faoi rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil rioscaí nua ann do shláinte an duine, de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó iarmhair lotnaidicídí. Dá bhrí sin, is gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha na dtráchtearraí sin ó Shrí Lanca a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 %. |
|
(18) |
Ó bhí Aibreáin 2021 ann, tá collchnónna agus táirgí a tháirgtear ó chollchnónna ón Tuirc faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó aflatocsainí. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit ar na hearraí bia sin gur sásúil atá leibhéal foriomlán comhlíontachta na gceanglas ábhartha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, níl údar a thuilleadh le leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla i gcás na dtráchtearraí sin agus ba cheart an iontráil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 maidir leis na tráchtearraí sin a scriosadh. |
|
(19) |
Maidir le coinsíneachtaí seadóg ón Tuirc, léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis faoi rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil rioscaí nua do shláinte an duine ag teacht chun cinn de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó iarmhair lotnaidicídí. Dá bhrí sin, is gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha an tráchtearra sin ón Tuirc a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 %. |
|
(20) |
Ó bhí Eanáir 2020 ann, mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí); cleimintíní, builcíní agus hibridí citris comhchosúla agus oráistí ón Tuirc, tá siad faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla de dheasca an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit ar na hearraí bia sin ráta ard leanúnach neamhchomhlíontachta ó bunaíodh an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Tá fianaise sna torthaí sin go bhfuil riosca tromchúiseach do shláinte an duine ag baint le teacht isteach na n-earraí bia sin san Aontas. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, tá gá le foráil a dhéanamh maidir le forchur coinníollacha speisialta i ndáil le mandairíní agus oráistí ón Tuirc, sa bhreis ar an leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla. Go háirithe, ba cheart deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí uile mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí); cleimintíní, builcíní agus hibridí citris comhchosúla agus oráistí ón Tuirc lena sonraítear go léiríonn gach toradh samplála agus anailíse go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí le haghaidh coinsíneachtaí bia agus beatha a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 á chomhlíonadh de dheasca an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí. Ba cheart torthaí na samplála agus na hanailíse a chur i gceangal leis an deimhniú sin. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil a bhaineann le mandairíní agus oráistí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a scriosadh agus a aistriú go hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, le leibhéal minicíochta na seiceálacha céannachta agus fisiceacha á ardú go 20 %. |
|
(22) |
Maidir le coinsíneachtaí de shíolta cuimín agus d’oragán triomaithe ón Tuirc, léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis faoi rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil rioscaí nua ann do shláinte an duine, de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó alcalóidigh phioróilisidín. Dá bhrí sin, is gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart iontrálacha na dtráchtearraí sin ón Tuirc a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 % de choinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas. |
|
(23) |
Maidir le pitahaya (draigineoga) ó Vítneam, braitheadh ardmhinicíocht neamhchomhlíontachta a mhéid a bhaineann leis na ceanglais ábhartha dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais maidir le héilliú ó iarmhair lotnaidicídí le linn rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793. Dá bhrí sin, is iomchuí minicíocht na seiceálacha céannachta agus fisiceacha atá le déanamh ar na coinsíneachtaí sin a mhéadú go 20 %. |
|
(24) |
Tá baint ag an riosca a thagann as éilliú piseanna talún le haflatocsainí agus le taos piseanna talún. Dá bhrí sin, chun cosaint éifeachtúil a áirithiú ar rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a theacht as éilliú taois piseanna talún le haflatocsainí, sna colúin a thagraíonn do “Bia agus Beatha (úsáid bheartaithe)” agus do “Cód AC” in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, Tábla 1, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, ba cheart an chatagóir “taos piseanna talún” agus cóid AC ábhartha maidir le taos piseanna talún a chur isteach i gcás na n-iontrálacha a bhaineann le piseanna talún le haghaidh na hAirgintíne, na Bolaive, na Brasaíle, na Síne, Mhadagascar, na Seineagáile agus na Stát Aontaithe in Iarscríbhinn I agus le haghaidh na hÉigipte, Ghána, na Gaimbia, na hIndia agus na Súdáine in Iarscríbhinn II. |
|
(25) |
Ó bhí Deireadh Fómhair 2020 ann, tá síolta ón India faoi réir leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla i bhfianaise an riosca éillithe ó iarmhair lotnaidicídí lena n-áirítear ocsaíd eitiléine. Léiríonn na rialuithe oifigiúla a rinne na Ballstáit agus an fhaisnéis atá ar fáil go bhfuil feabhas tagtha ar chomhlíontacht na gceanglas ábhartha i reachtaíocht an Aontais maidir le hiarmhair lotnaidicídí seachas ocsaíd eitiléine. Dá bhrí sin, ní gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a dhéanamh a thuilleadh ar choinsíneachtaí den síol seasamam i ndáil le héilliú a d’fhéadfadh a bheith ann le hiarmhair lotnaidicídí ar féidir anailís a dhéanamh orthu le modhanna il-iarmhair. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil chomhfhreagrach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a mhodhnú dá réir. |
|
(26) |
Léiríonn na sonraí a thagann as fógraí in RASFF agus an fhaisnéis faoi rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil rioscaí nua do shláinte an duine ag teacht chun cinn de dheasca éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann ó ocsaíd eitiléine, ar gá leibhéal méadaithe rialuithe oifigiúla a cheangal ina leith dá dheasca. Aicmítear ocsaíd eitiléine mar shó-ghineach, catagóir 1B, carcanaigin, catagóir 1B, agus mar thocsain atáirgthe, catagóir 1B, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Thairis sin, ní fhormheastar ocsaíd eitiléine mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí cosanta plandaí san Aontas. |
|
(27) |
Maidir le coinsíneachtaí de phónairí lócaiste (carúb), gumalachtaí agus tiúsóirí, bídís modhnaithe nó ná bídís, a dhíorthaítear ó phónairí lócaiste nó ó shíolta pónaire lócaiste ó Mharacó, taos spíosraí ó Mheicsiceo agus piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) ó Uganda, léiríonn torthaí ó rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit go bhfuil éilliú ann ó ocsaíd eitiléine. |
|
(28) |
Dá bhrí sin, chun cosaint éifeachtúil a áirithiú ar rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a theacht as éilliú na dtráchtearraí sin, ba cheart coinsíneachtaí de phónairí lócaiste (carúb), gumalachtaí agus tiúsóirí, bídís modhnaithe nó ná bídís, a dhíorthaítear ó phónairí lócaiste nó ó shíolta lócaiste ó Mharacó, taos spíosraí ó Mheicsiceo agus piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) ó Uganda, ba cheart iad sin a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht seiceálacha céannachta agus fisiceacha socraithe ag 10 %. |
|
(29) |
Agus líon na bhfógraí RASFF a fuarthas á gcur san áireamh, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha speisialta le haghaidh coinsíneachtaí de ghuma xantáin ón tSín, de phónairí lócaiste (lena n-áirítear gumalachtaí agus tiúsóirí a dhíorthaítear ó phónairí lócaiste), de ghuma Guair, de roinnt spíosraí, de charbónáit chailciam agus d’fhorbhianna ina bhfuil luibheanna ón India, d’fhorbhianna ina bhfuil luibheanna agus de núdail ar an toirt ón gCóiré Theas, de phónairí lócaiste (lena n-áirítear gumalachtaí agus tiúsóirí a dhíorthaítear ó phónairí lócaiste) ón Malaeisia agus ón Tuirc, agus de núdail ar an toirt ó Vítneam. De dheasca an riosca éillithe ó ocsaíd eitiléine, ba cheart deimhniú oifigiúil a bheith ag gabháil le coinsíneachtaí na dtráchtearraí sin lena sonraítear go léiríonn gach toradh samplála agus anailíse go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí ocsaíde eitiléine le haghaidh coinsíneachtaí bia agus beatha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, go bhfuil an Rialachán sin á chomhlíonadh. Ba cheart torthaí na samplála agus na hanailíse a chur i gceangal leis an deimhniú sin. Dá bhrí sin, maidir le hiontrálacha a bhaineann le coinsíneachtaí de ghuma xantáin ón tSín, de phónairí lócaiste (lena n-áirítear gumalachtaí agus tiúsóirí a dhíorthaítear ó phónairí lócaiste), de ghuma Guair, de roinnt spíosraí, de charbónáit chailciam agus d’fhorbhianna ina bhfuil luibheanna ón India, d’fhorbhianna ina bhfuil luibheanna agus de núdail ar an toirt ón gCóiré Theas, de phónairí lócaiste (lena n-áirítear gumalachtaí agus tiúsóirí a dhíorthaítear ó phónairí locáiste ón India) ón Malaeisia agus ón Tuirc, agus de núdail ar an toirt ó Vítneam, ba cheart iad sin a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793, le minicíocht na seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha socraithe ag 20 %. |
|
(30) |
Chun comhsheasmhacht agus soiléireacht a áirithiú, is iomchuí Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a ionadú ina n-iomláine leis an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(31) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh coinsíneachtaí den phiobar dubh (Piper nigrum) ón mBrasaíl, d’ubhthorthaí (Solanum melongena), de phiobair mhilse (Capsicum annuum), de phiobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) agus pónairí asparagais (Vigna unguiculata ssp. sesquipedalis, Vigna unguiculata ssp. unguiculata) ón bPoblacht Dhoiminiceach agus de mhandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí), cleimintíní, builcíní agus hibridí citris comhchosúla agus oráistí ón Tuirc nach bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil leo, agus a bhí faoi réir rialuithe oifigiúla ag an bpost rialaithe teorann cheana i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais a bhí i bhfeidhm an tráth áirithe sin. |
|
(32) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 a leasú dá réir. |
|
(33) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:
“Airteagal 14
An idirthréimhse
Maidir le coinsíneachtaí den phiobar dubh (Piper nigrum) ón mBrasaíl, d’ubhthorthaí (Solanum melongena), de phiobair mhilse (Capsicum annuum), de phiobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) agus pónairí asparagais (Vigna unguiculata ssp. sesquipedalis, Vigna unguiculata ssp. unguiculata) ón bPoblacht Dhoiminiceach agus de mhandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí), cleimintíní, builcíní agus hibridí citris comhchosúla agus oráistí ón Tuirc a bhí faoi réir rialuithe oifigiúla roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, údarófar a dteacht isteach san Aontas go dtí an 26 Eanáir 2022 gan deimhniú oifigiúil ná torthaí samplála agus anailíse a bheith ag gabháil leis.”;
2. Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.
(2) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1793 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2019 maidir le méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla agus ar bhearta éigeandála lena rialaítear earraí áirithe ó thríú tíortha áirithe a theacht isteach san Aontas lena gcuirtear chun feidhme Rialacháin (AE) 2017/625 agus (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 669/2009, (AE) Uimh. 884/2014, (AE) 2015/175, (AE) 2017/186 agus (AE) 2018/1660 (IO L 277, 29.10.2019, lch. 89).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Bia agus beatha nach de bhunadh ainmhíoch iad ó thríú tíortha áirithe atá faoi réir méadú sealadach ar rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus ag pointí rialaithe
|
Sraith |
Tír thionscnaimh |
Bia agus Beatha (úsáid bheartaithe) |
Cód AC (1) |
Foroinn TARIC |
Guais |
Minicíocht na seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha (%) |
||||||||
|
1 |
an Airgintín (AR) |
|
|
|
Aflatocsainí |
5 |
||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
|
40 |
||||||||||||
|
40 |
|||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
40 |
|||||||||||||
|
40 |
|||||||||||||
|
40 |
|||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
|
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
2 |
an Asarbaiseáin (AZ) |
|
|
|
Aflatocsainí |
20 |
||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
70 |
||||||||||||
|
ex 0813 50 91 ; |
70 |
|||||||||||||
|
ex 0813 50 99 |
70 |
|||||||||||||
|
|
70 |
||||||||||||
|
ex 2007 10 99 ; |
40 |
|||||||||||||
|
ex 2007 99 39 ; |
05 ; 06 |
|||||||||||||
|
ex 2007 99 50 ; |
33 |
|||||||||||||
|
ex 2007 99 97 |
23 |
|||||||||||||
|
|
30 |
||||||||||||
|
ex 2008 19 19 ; |
30 |
|||||||||||||
|
ex 2008 19 92 ; |
30 |
|||||||||||||
|
ex 2008 19 95 ; |
20 |
|||||||||||||
|
ex 2008 19 99 ; |
30 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 12 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 14 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 16 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 18 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 32 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 34 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 36 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 38 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 51 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 59 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 72 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 74 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 76 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 78 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 92 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 93 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 94 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 96 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 97 ; |
15 |
|||||||||||||
|
ex 2008 97 98 ; |
15 |
|||||||||||||
|
|
40 |
||||||||||||
(Bia) |
|
20 |
||||||||||||
|
3 |
an Bholaiv (BO) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
4 |
an Bhrasaíl (BR) |
|
|
|
Aflatocsainí |
10 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
20 |
||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
5 |
an tSín (CN) |
|
|
|
Aflatocsainí |
10 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
Piobair mhilse (Capsicum annuum) (Bia – brúite nó meilte) |
ex 0904 22 00 |
11 |
Salmonella (6) |
10 |
||||||||||
|
Tae, bíodh sé blaistithe nó ná bíodh (Bia) |
0902 |
|
20 |
|||||||||||
|
6 |
an Éigipt (EG) |
|
|
|
20 |
|||||||||
(Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
|
20 20 |
||||||||||||
|
7 |
an tSeoirsia (GE) |
|
|
|
Aflatocsainí |
20 |
||||||||
|
|
|
||||||||||||
|
|
70 |
||||||||||||
|
|
ex 0813 50 91 ; |
70 |
||||||||||||
|
|
ex 0813 50 99 |
70 |
||||||||||||
|
|
70 |
||||||||||||
|
|
ex 2007 10 99 ; |
40 |
||||||||||||
|
|
ex 2007 99 39 ; |
05 ; 06 |
||||||||||||
|
|
ex 2007 99 50 ; |
33 |
||||||||||||
|
|
ex 2007 99 97 |
23 |
||||||||||||
|
|
30 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 19 19 ; |
30 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 19 92 ; |
30 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 19 95 ; |
20 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 19 99 ; |
30 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 12 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 14 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 16 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 18 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 32 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 34 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 36 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 38 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 51 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 59 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 72 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 74 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 76 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 78 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 92 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 93 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 94 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 96 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 97 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
ex 2008 97 98 ; |
15 |
||||||||||||
|
|
40 |
||||||||||||
(Bia) |
|
20 |
||||||||||||
|
8 |
Gána (GH) |
Ola phailme (Bia) |
1511 10 90 ; |
|
Ruaimeanna na Súdáine (10) |
50 |
||||||||
|
1511 90 11 ; |
|
|||||||||||||
|
ex 1511 90 19 ; |
90 |
|||||||||||||
|
1511 90 99 |
|
|||||||||||||
|
9 |
Hondúras (HN) |
Mealbhacán Galia (C.melo var.reticulatus) (Bia) |
|
60 70 |
Salmonella Braenderup (2) |
10 |
||||||||
|
10 |
an India (IN) |
Duilleoga curaí (Bergera/Murraya koenigii) (Bia - úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe) |
ex 1211 90 86 |
10 |
50 |
|||||||||
|
Ocra (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 99 90 ; ex 0710 80 95 |
20 30 |
20 |
|||||||||||
|
Lorgaí sicín (Moringa oleifera) (Bia) |
ex 0709 99 90 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
10 |
||||||||||
|
|
|
Aflatocsainí agus Ócratocsain A |
10 |
||||||||||
|
|
|
||||||||||||
(Bia) |
|
|
||||||||||||
|
11 |
an Chéinia (KE) |
Pónairí (fospeiceas Vigna, fospeiceas Phaseolus) (Bia – úr nó fuaraithe) |
0708 20 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
10 |
||||||||
|
12 |
an Chambóid (KH) |
Soilire Síneach (Apium graveolens) (Bia – úr nó luibh fuaraithe) |
ex 0709 40 00 |
20 |
50 |
|||||||||
|
Pónairí asparagais (Vigna unguiculata fospeiceas sesquipedalis, Vigna unguiculata fospeiceas unguiculata) (Bia - úr, fuaraithe nó glasraí reoite) |
ex 0708 20 00 ; ex 0710 22 00 |
10 10 |
50 |
|||||||||||
|
13 |
an Liobáin (LB) |
Tornapaí (Brassica rapa fospeiceas rapa) (Bia — ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach) |
ex 2001 90 97 |
11 ; 19 |
Ródaimín B |
50 |
||||||||
|
Tornapaí (Brassica rapa fospeiceas rapa) (Bia — ullmhaithe nó leasaithe le sáile nó le haigéad citreach, gan a bheith reoite) |
ex 2005 99 80 |
93 |
Ródaimín B |
50 |
||||||||||
|
14 |
Srí Lanca (LK) |
(Bia) |
|
25 |
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
10 |
||||||||
(Bia) |
|
35 |
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
10 |
||||||||||
|
15 |
Maracó (MA) |
|
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (22) |
10 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
16 |
Madagascar (MG) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
17 |
Meicsiceo (MX) |
Citseap trátaí agus anlainn trátaí eile (Bia) |
2103 20 00 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (22) |
10 |
||||||||
|
18 |
an Mhalaeisia (MY) |
Seacaí (Artocarpus heterophyllus) (Bia – úr) |
ex 0810 90 20 |
20 |
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
50 |
||||||||
|
19 |
an Nigéir (NG) |
Síolta seasamain (Bia) |
|
|
Salmonella (2) |
50 |
||||||||
|
40 |
|||||||||||||
|
40 |
|||||||||||||
|
20 |
an Phacastáin (PK) |
Meascáin spíosraí (Bia) |
0910 91 10 ; 0910 91 90 |
|
Aflatocsainí |
50 |
||||||||
|
|
|
Aflatocsainí agus Ócratocsain A |
10 |
||||||||||
|
|
|
||||||||||||
(Bia) |
|
|
||||||||||||
|
21 |
Siarra Leon (SL) |
Mealbhacán uisce (Egusi, fospeiceas Citrullus) síolta agus táirgí díorthaithe (Bia) |
ex 1207 70 00 ; ex 1208 90 00 ; ex 2008 99 99 |
10 10 50 |
Aflatocsainí |
50 |
||||||||
|
22 |
an tSeineagáil (SN) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
23 |
an tSiria (SY) |
Tornapaí (Brassica rapa ssp. rapa) (Bia — ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach) |
ex 2001 90 97 |
11 ; 19 |
Ródaimín B |
50 |
||||||||
|
Tornapaí (Brassica rapa ssp. rapa) (Bia — ullmhaithe nó leasaithe le sáile nó le haigéad citreach, gan a bheith reoite) |
ex 2005 99 80 |
93 |
Ródaimín B |
50 |
||||||||||
|
24 |
an Téalainn (TH) |
Piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 60 99 ; ex 0710 80 59 |
20 20 |
20 |
|||||||||
|
25 |
an Tuirc (TR) |
Líomóidí (Citrus limon, Citrus limonum) (Bia – úr, fuaraithe nó reoite) |
0805 50 10 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
20 |
||||||||
|
Seadóga (Bia) |
0805 40 00 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
10 |
||||||||||
|
Pomagránait (Bia - úr nó fuaraithe) |
ex 0810 90 75 |
30 |
20 |
|||||||||||
(Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
|
|
20 |
|||||||||||
|
20 20 |
|||||||||||||
|
Eithní aibreog iomlána neamhphróiseáilte, meilte, mhuilleáilte, scoilte, mionghearrtha a bheartaítear a chur ar an margadh don tomhaltóir deiridh (18) (19) (Bia) |
ex 1212 99 95 |
20 |
Ciainíd |
50 |
||||||||||
|
|
|
Alcalóidigh pioróilisidín |
10 |
||||||||||
(Bia) |
|
|
||||||||||||
(Bia) |
ex 1211 90 86 ex 1211 90 86 |
10 40 |
Alcalóidigh pioróilisidín |
10 |
||||||||||
|
26 |
Uganda (UG) |
Piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 60 99 ; ex 0710 80 59 |
20 20 |
Iarmhair lotnaidicídí (3) |
50 |
||||||||
|
Iarmhair lotnaidicídí (22) |
10 |
|||||||||||||
|
27 |
na Stáit Aontaithe (US) |
|
|
|
Aflatocsainí |
20 |
||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||||||
|
50 |
|||||||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||||||
|
28 |
an Úisbéiceastáin (UZ) |
(Bia) |
|
|
Suilfítí (20) |
50 |
||||||||
|
29 |
Vítneam (VN) |
|
|
72 |
50 |
|||||||||
|
|
20 |
||||||||||||
|
|
30 |
||||||||||||
(Bia – úr nó luibheanna fuaraithe) |
|
40 |
||||||||||||
|
Ocra (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 99 90 ; ex 0710 80 95 |
20 30 |
50 |
|||||||||||
|
Piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 60 99 ; ex 0710 80 59 |
20 20 |
50 |
“IARSCRÍBHINN II
Bia agus beatha ó thríú tíortha áirithe atá faoi réir coinníollacha speisialta le haghaidh teacht isteach san Aontas de dheasca an riosca éillithe ó mhiceatocsainí, lena n-áirítear aflatocsainí, iarmhair lotnaidicíde, peinteaclóraifeanól agus dé-ocsainí, agus de dheasca éilliú micribhitheolaíoch
1. Bia agus beatha nach de bhunadh ainmhíoch iad dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (1)(b)(i)
|
Sraith |
Tír thionscnaimh |
Bia agus beatha (úsáid beartaithe) |
Cód AC (23) |
Foroinn TARIC |
Guais |
Minicíocht na seiceálacha sainaitheantais agus fisiceacha (%) |
||||
|
1 |
an Bhanglaidéis (BD) |
(Bia) |
ex 1404 90 00 (32) |
10 |
Salmonella (28) |
50 |
||||
|
2 |
an Bhrasaíl (BR) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
(Bia) |
|
20 20 20 20 |
||||||||
(Bia – nach bhfuil brúite ná meilte) |
ex 0904 11 00 |
10 |
Salmonella (24) |
50 |
||||||
|
3 |
an tSín (CN) |
(Bia agus beatha) |
|
40 |
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||
|
4 |
an Phoblacht Dhoiminiceach (DO) |
Ubhthorthaí (Solanum melongena) (Bia – úr nó fuaraithe) |
0709 30 00 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (26) |
50 |
||||
|
|
|
50 |
|||||||
|
|
20 20 |
||||||||
(Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
|
10 10 |
||||||||
|
5 |
an Éigipt (EG) |
|
|
|
Aflatocsainí |
20 |
||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
40 |
||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
20 |
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||
|
50 |
|||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||
|
6 |
an Aetóip (ET) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
(Bia — spíosraí triomaithe) |
|
|||||||||
|
Síolta seasamain (Bia) |
|
|
Salmonella (28) |
50 |
||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
7 |
Gána (GH) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
40 |
||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
20 |
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||
|
50 |
|||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||
|
8 |
an Ghaimbia (GM) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
|
|
40 |
||||||||
|
|
|
40 |
||||||||
|
|
|
50 |
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
20 |
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||
|
50 |
|||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||
|
9 |
an Indinéis (ID) |
Noitmig (Myristica fragrans) (Bia — spíosraí triomaithe) |
0908 11 00 ; 0908 12 00 |
|
Aflatocsainí |
20 |
||||
|
10 |
an India (IN) |
Duilleoga beitil (Piper betle L.) (Bia) |
ex 1404 90 00 |
10 |
Salmonella (24) |
10 |
||||
|
Piobair den ghéineas Capsicum (piobair mhilse nó seachas piobair mhilse) (Bia — triomaithe, rósta, brúite nó meilte) |
0904 21 10 ; |
|
Aflatocsainí |
20 |
||||||
|
ex 0904 22 00 ; |
11 ; 19 |
|||||||||
|
ex 0904 21 90 ; |
20 |
|||||||||
|
ex 2005 99 10 ; |
10 ; 90 |
|||||||||
|
ex 2005 99 80 |
94 |
|||||||||
|
Noitmig (Myristica fragrans) (Bia — spíosraí triomaithe) |
0908 11 00 ; 0908 12 00 |
|
Aflatocsainí |
20 |
||||||
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
40 |
||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
20 |
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 50 07 ; 08 |
||||||||
|
Piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 60 99 ; ex 0710 80 59 |
20 20 |
20 |
|||||||
|
Síolta seasamain (Bia agus beatha) |
|
|
Salmonella (28) |
20 |
||||||
|
40 |
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
50 |
|||||||
|
40 |
|||||||||
|
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
|
|
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
|
||||||||
|
Guma guair (Bia agus beatha) |
ex 1302 32 90 |
10 |
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
Peinteaclóraifeanól agus dé-ocsainí (25) |
5 |
|||||||||
|
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
|
||||||
|
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
|
||||||
(Bia) |
|
|
|
|
||||||
(Bia) |
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
Carbónáit chailciam (Bia agus beatha) |
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
Forbhianna ina bhfuil luibheolaíochtaí (Bia) |
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
11 |
an Iaráin (IR) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
60 |
||||||||
|
ex 0813 50 91 ; |
60 |
|||||||||
|
ex 0813 50 99 |
60 |
|||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
60 |
||||||||
|
ex 2007 10 99 ; |
30 |
|||||||||
|
ex 2007 99 39 ; |
03 ; 04 |
|||||||||
|
ex 2007 99 50 ; |
32 |
|||||||||
|
ex 2007 99 97 |
22 |
|||||||||
|
|
|
|||||||||
|
|
20 |
||||||||
|
ex 2008 19 93 ; |
20 |
|||||||||
|
ex 2008 97 12 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 14 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 16 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 18 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 32 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 34 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 36 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 38 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 51 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 59 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 72 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 74 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 76 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 78 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 92 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 93 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 94 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 96 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 97 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 98 |
19 |
|||||||||
(Bia) |
|
50 |
||||||||
|
12 |
an Chóiré Theas (KR) |
Forbhianna ina bhfuil luibheolaíochtaí (Bia) |
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||
|
Núdail ar an toirt (Bia) |
1902 30 10 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
13 |
Srí Lanca (LK) |
Piobair den ghéineas Capsicum (piobair mhilse nó seachas piobair mhilse) (Bia - triomaithe, rósta, brúite nó meilte) |
0904 21 10 ; |
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
|
ex 0904 21 90 ; ex 0904 22 00 ; ex 2005 99 10 ; ex 2005 99 80 |
20 11 ; 19 10 ; 90 94 |
|||||||||
|
14 |
an Mhalaeisia (MY) |
|
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||
|
|
|
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
|
||||||||
|
15 |
an Nigéir (NG) |
Mealbhacán uisce (Egusi, fospeiceas Citrullus) síolta agus táirgí díorthaithe (Bia) |
ex 1207 70 00 ; ex 1208 90 00 ; ex 2008 99 99 |
10 10 50 |
Aflatocsainí |
50 |
||||
|
16 |
an Phacastáin (PK) |
Piobair den ghéineas Capsicum (seachas piobair mhilse) (Bia - úr, fuaraithe nó reoite) |
ex 0709 60 99 ; ex 0710 80 59 |
20 20 |
Iarmhair lotnaidicídí (26) |
20 |
||||
|
17 |
an tSúdáin (SD) |
|
|
|
Aflatocsainí |
50 |
||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
40 |
||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
50 |
|||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
20 |
||||||||
(Bia agus beatha) |
|
80 |
||||||||
|
50 |
|||||||||
|
07 ; 08 |
|||||||||
|
Síolta seasamain (Bia) |
|
|
Salmonella (28) |
50 |
||||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
18 |
an Tuirc (TR) |
|
|
|
|
|
||||
|
|
50 |
||||||||
|
|
50 |
||||||||
|
ex 2007 10 99 ; |
20 |
|||||||||
|
ex 2007 99 39 ; |
01 ; 02 |
|||||||||
|
ex 2007 99 50 ; |
31 |
|||||||||
|
ex 2007 99 97 |
21 |
|||||||||
|
|
11 |
||||||||
|
ex 2008 97 14 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 16 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 18 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 32 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 34 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 36 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 38 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 51 ; |
11 |
Aflatocsainí |
20 |
|||||||
|
ex 2008 97 59 ; |
11 |
|
|
|||||||
|
ex 2008 97 72 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 74 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 76 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 78 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 92 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 93 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 94 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 96 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 97 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 97 98 ; |
11 |
|||||||||
|
ex 2008 99 28 ; |
10 |
|||||||||
|
ex 2008 99 34 ; |
10 |
|||||||||
|
ex 2008 99 37 ; |
10 |
|||||||||
|
ex 2008 99 40 ; |
10 |
|||||||||
|
ex 2008 99 49 ; |
60 |
|||||||||
|
ex 2008 99 67 ; |
95 |
|||||||||
|
ex 2008 99 99 |
60 |
|||||||||
(Bia) |
|
60 |
||||||||
|
|
|
|
|
||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
60 |
||||||||
|
ex 0813 50 91 ; |
60 |
|||||||||
|
ex 0813 50 99 |
60 |
|||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
60 |
||||||||
|
ex 2007 10 99 ; |
30 |
|||||||||
|
ex 2007 99 39 ; |
03 ; 04 |
|||||||||
|
ex 2007 99 50 ; |
32 |
|||||||||
|
ex 2007 99 97 |
22 |
|||||||||
|
|
|
|
||||||||
|
|
20 |
Aflatocsainí |
50 |
||||||
|
ex 2008 19 93 ; |
20 |
|
|
|||||||
|
ex 2008 97 12 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 14 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 16 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 18 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 32 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 34 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 36 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 38 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 51 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 59 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 72 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 74 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 76 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 78 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 92 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 93 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 94 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 96 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 97 ; |
19 |
|||||||||
|
ex 2008 97 98 |
19 |
|||||||||
|
|
|
|
||||||||
(Bia) |
|
50 |
||||||||
|
Duilleoga fíniúna (Bia) |
ex 2008 99 99 |
11 ; 19 |
50 |
|||||||
|
Mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí); cleimintíní, builcíní agus hibridí citris comhchosúla (Bia – úr nó triomaithe) |
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (26) |
20 |
||||||
|
Oráistí (Bia – úr nó triomaithe) |
0805 10 |
|
Iarmhair lotnaidicídí (26) |
20 |
||||||
|
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
||||||
|
|
|||||||||
(Bia agus beatha) |
|
|||||||||
|
19 |
Uganda (UG) |
Síolta seasamain (Bia) |
|
|
Salmonella (28) |
20 |
||||
|
40 |
|||||||||
|
40 |
|||||||||
|
20 |
Vítneam (VN) |
Draigineoga (Bia - úr nó fuaraithe) |
ex 0810 90 20 |
10 |
20 |
|||||
(Bia) |
|
|
Iarmhair lotnaidicídí (33) |
20 |
2. Bia dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (1)(b)(ii)
|
Sraith |
Bia ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de na táirgí aonair a liostaítear sa tábla i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo de dheasca riosca éillithe ó aflatocsainí de chainníocht a sháróidh 20 % d’aon táirge amháin nó mar shuim de na táirgí a liostaítear |
|
|
|
Cód AC (34) |
Tuairisc (35) |
|
1 |
ex 1704 90 |
Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó ann, seachas guma coganta, bíodh sé brataithe le siúcra nó ná bíodh |
|
2 |
ex 1806 |
Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó |
|
3 |
ex 1905 |
Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéara, bíodh cócó iontu nó ná bíodh, abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla |
(1) I gcás ina bhfuil ceanglas ann gan scrúdú a dhéanamh ach ar tháirgí áirithe faoi aon chód AC, marcáiltear an cód AC ‘ex’.
(2) Déanfar an tsampláil agus na hanailísí i gcomhréir leis na nósanna imeachta samplála agus leis na modhanna tagartha anailíseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 1(a).
(3) Iarmhair na lotnaidicídí sin ar a laghad a liostaítear sa chlár rialaithe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1) ar féidir anailís a dhéanamh orthu le modhanna il-iarmhair atá bunaithe ar GC-MS agus ar LC-MS (lotnaidicídí nach bhfuil faireachán le déanamh orthu ach i dtáirgí de bhunadh plandaí/ar tháirgí de bhunadh plandaí).
(4) Iarmhair Aimíotraise.
(5) Iarmhair Nicitín.
(6) Déanfar an tsampláil agus na hanailísí i gcomhréir leis na nósanna imeachta samplála agus leis na modhanna tagartha anailíseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 1(b).
(7) Iarmhair Thoilfeinpioráid.
(8) Iarmhair Aimíotraise (aimíotras lena n-áirítear na meitibilítí ina bhfuil páirt 2,4-démheitil-anailín arna shloinneadh mar aimíotras), Dé-aifeintiaúrón, Déchófól (suim d’isiméirí p, p’ agus o, p’) agus Détiacarbamáití (détiacarbamáití arna sloinneadh mar CS2, lena n-áirítear maineib, mancóiseib, meitiream, próipineib, tiaram agus sioram).
(9) Iarmhair Dhéchófóil (suim d’isiméirí p, p’ agus o, p’), Déiníteafúrán, Foilpéad, Próclóras (suim de Phróclóras agus a mheitibilítí ina bhfuil an pháirt 2,4,6-Tríchlóraifeanól arna sloinneadh mar phróclóras), Tiafanáit-meitil agus Trífhóirín.
(10) Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is do na substaintí ceimiceacha seo a leanas a thagraíonn ‘Ruaimeanna na Súdáine’: (i) Súdáin I (Uimhir CAS 842-07-9); (i) Súdáin II (Uimhir CAS 3118-97-6); (iii) Súdáin III (Uimhir CAS 85-86-9); (iv) Dearg Scarlóideach; nó Súdáin IV (Uimhir CAS 85-83-6).
(11) Iarmhair Aicéafáite.
(12) Iarmhair Dhé-aifeintiaúróin.
(13) Iarmhair Feantóáite.
(14) Iarmhair Chlórbúfam.
(15) Iarmhair Foirmeiteanáite (suim d’fhoirmeiteanáit agus a salainn arna sloinneadh mar fhoirmeiteanáit (hidreaclóiríd)), Próitiafos agus Trífhoirín.
(16) Iarmhair Phróclórais.
(17) Iarmhair Dhé-aifeintiaúróin, Foirmeiteanáite (suim d’fhoirmeiteanáit agus a salainn arna sloinneadh mar fhoirmeiteanáit (hidreaclóiríd), agus Thiafanáit-meitile.
(18) ‘Táirgí neamhphróiseáilte’ mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhair (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
(19) ‘An cur ar an margadh’ agus ‘an tomhaltóir deiridh’ mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(20) Modhanna tagartha: EN 1988-1:1998, EN 1988-2:1998 nó ISO 5522:1981.
(21) Iarmhair Détiacarbamáití (détiacarbamáití arna sloinneadh mar CS2, lena n-áirítear maineib, mancóiseib, meitiream, próibineib, tiaram agus sioram), Feantóáit agus Cuinealfos.
(22) Iarmhair Ocsaíde Eitiléine (suim d’ocsaíd eitiléine agus 2-clórai-eatánól arna sloinneadh mar ocsaíd eitiléine).
(23) I gcás ina bhfuil ceanglas ann gan scrúdú a dhéanamh ach ar tháirgí áirithe faoi aon chód AC, marcáiltear an cód AC ‘ex’.
(24) Déanfar an tsampláil agus na hanailísí i gcomhréir leis na nósanna imeachta samplála agus leis na modhanna tagartha anailíseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 1(b).
(25) Is saotharlann atá creidiúnaithe i gcomhréir le EN ISO/IEC 17025 chun anailíse a dhéanamh ar pheinteaclóraifeanól (PCP) i mbia agus i mbeatha a eiseoidh an tuarascáil anailíseach dá dtagraítear in Airteagal 10(3).
Léireoidh an tuairisc anailíseach na nithe seo a leanas:
(1) torthaí na samplála agus na hanailíse maidir le PCP a bheith ann, arna ndéanamh ag údaráis inniúla na tíre tionscnaimh nó na tíre óna bhfuil an choinsíneacht á coinsíniú murab ionann an tír sin agus an tír thionscnaimh;
(2) neamhchinnteacht tomhais an toraidh anailísigh;
(3) teorainn braite (LOD) an mhodha anailísigh; agus
(4) teorainn chainníochtaithe (LOQ) an mhodha anailísigh.
Is le tuaslagóir aigéadaithe a dhéanfar an t-eastóscadh roimh anailís. Déanfar an anailís de réir an leagain mhodhnaithe de mhodh QuEChERS mar a leagtar amach ar shuíomhanna gréasáin Shaotharlanna Tagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh Iarmhair Lotnaidicídí nó de réir modh atá chomh hiontaofa céanna.
(26) Iarmhair na lotnaidicídí sin ar a laghad a liostaítear sa chlár rialaithe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1) ar féidir anailís a dhéanamh orthu le modhanna il-iarmhair atá bunaithe ar GC-MS agus ar LC-MS (lotnaidicídí nach bhfuil faireachán le déanamh orthu ach i dtáirgí de bhunadh plandaí/ar tháirgí de bhunadh plandaí).
(27) Iarmhair Charbófúráin.
(28) Déanfar an tsampláil agus na hanailísí i gcomhréir leis na nósanna imeachta samplála agus leis na modhanna tagartha anailíseacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III, pointe 1(a).
(29) Iarmhair Détiacarbamáití (détiacarbamáití arna sloinneadh mar CS2, lena n-áirítear maineib, mancóiseib, meitiream, próipineib, tiaram agus sioram) agus Meitrifeanón.
(30) Iarmhair Détiacarbamáití (détiacarbamáití arna sloinneadh mar CS2, lena n-áirítear maineib, mancóiseib, meitiream, próibineib, tiaram agus sioram), Feantóáit agus Cuinealfos.
(31) Tá tuairisc na n-earraí mar a leagtar síos sa cholún tuairisce den AC in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(32) Bia-ábhair ina bhfuil duilleoga beitil nó arb éard atá iontu duilleoga beitil (Piper betle) lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta do na cinn a dhearbhaítear faoi chód AC 1404 90 00.
(33) Iarmhair Ocsaíde Eitiléine (suim d’ocsaíd eitiléine agus 2-clórai-eatánól arna sloinneadh mar ocsaíd eitiléine).
(34) I gcás ina bhfuil ceanglas ann gan scrúdú a dhéanamh ach ar tháirgí áirithe faoi aon chód AC, marcáiltear an cód AC ‘ex’.
(35) Tá tuairisc na n-earraí mar a leagtar síos sa cholún tuairisce den AC in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1)..
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/35 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2247 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe. |
|
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiún,
Ar son an Uachtaráin,
Wolfgang BURTSCHER
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
|
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
|
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
207,3 |
28 |
BR |
(1) Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/38 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2248 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2021
lena sonraítear mionsonraí an chomhéadain leictreonaigh idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh, agus na sonraí atá le tarchur trí mheán an chomhéadain sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 34(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 34(7) de Rialachán (AE) 2019/1020, ceanglaítear ar an gCoimisiún comhéadan leictreonach (“an comhéadan”) a fhorbairt lena gcumasófar aistriú sonraí idir córais chustaim náisiúnta agus an córas faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán sin. Is éard a thugtar ar an gcóras faisnéise agus cumarsáide sin an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh (“ICSMS”). Is comhéadan é a ceapadh chun an chumarsáid a éascú idir údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh ar mhaithe le rialú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 25 go 28 de Rialachán (AE) 2019/1020 ar tháirgí a thagann isteach san Aontas. Is rud é úsáid an chomhéadain sin a bheidh deonach fós de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Chun ullmhú na gcóras leictreonach agus malartú comhleanúnach faisnéise a éascú, na tacair sonraí chaighdeánacha atá le tarchur trí mheán an chomhéadain, san fhoirm a fhorordaítear agus de réir an mhodha a fhorordaítear, is gá iad a leagan síos. Ba cheart na tacair sonraí sin a bheith de réir na gceanglas a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann leis na rialuithe ar tháirgí atá ag teacht isteach i margadh an Aontais. Mar sin féin, ba cheart iad a bheith solúbtha go leor chun gurb acmhainn do na Ballstáit déileáil leis na cásanna ábhartha uile, agus úsáid a bhaint chuige sin as na sonraí nó na réimsí sonraí is iomchuí i dtaca le gach cás. |
|
(3) |
Ionas go mbeidh teorainn le hualach riaracháin na n-údarás custaim, na sonraí a tharchuirtear ó na córais chustaim náisiúnta chuig ICSMS, ba cheart iad a bheith ar fáil go héasca ó na córais sin nuair is féidir. Mar sin féin, na húdaráis um fhaireachas margaidh fíorú a dhéanamh maidir le comhlíonadh táirge, is rud é sin a fhágann gur gá eilimintí breise sonraí a iontráil sna córais chustaim náisiúnta . |
|
(4) |
Nuair a bhaineann na Ballstáit úsáid as an gcomhéadan, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais shonracha nós imeachta chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh na córais leictreonacha go héifeachtach. |
|
(5) |
I gcás ina mbíonn próiseáil sonraí pearsanta i gceist le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 (2) agus Rialachán (AE) 2018/1725 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart roinnt sonraíochtaí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a leagan síos sa Rialachán seo. Ba cheart na sonraíochtaí sin a bheith comhsheasmhach amach anseo leis na sonraíochtaí a leagtar síos i dTimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam, rud ar thug an Coimisiún togra i láthair lena aghaidh an 28 Deireadh Fómhair 2020 (4). Dá bhrí sin, na forálacha maidir le cosaint sonraí pearsanta atá sa Rialachán seo, féadfar iad a athbhreithniú i bhfianaise an chreat dhlíthiúil a bheidh ann amach anseo lena rialófar Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. |
|
(6) |
Sonraí a tharchuirtear tríd an gcomhéadan, ba cheart iad a bheith faoi rún agus níor cheart iad a fhanacht sa chomhéadan níos faide ná mar is gá chun iad a tharchur. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 34(7) de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart an comhéadan a bheith i bhfeidhm faoi cheann ceithre bliana ón dáta a ghlacfar an Rialachán seo. Is casta an cúram teicniúil é córais leictreonacha a chur ar bun, agus is rud é a éilíonn ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh ó thaobh airgid agus ama araon. Táthar ag súil go nglacfaidh próiseas forbartha an chomhéadain 4 bliana. Dá bhrí sin, ba cheart dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí go mbeidh an comhéadan ar fáil. |
|
(8) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug seisean tuairim uaidh an 22 Deireadh Fómhair 2021. |
|
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/1020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
“Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh” nó “ICSMS”, is éard a chiallaíonn sé sin an córas faisnéise agus cumarsáide maidir le faireachas margaidh dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020; |
|
(b) |
Is éard a chiallaíonn ‘comhéadan’ an comhéadan leictreonach atá le forbairt ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 34(7) de Rialachán (AE) 2019/1020. |
Airteagal 2
Na sonraí atá le tarchur
1. Chun críche fógra a thabhairt d’údaráis um fhaireachas margaidh faoi scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, cuimseofar sna sonraí atá le tarchur:
|
(a) |
sonraí ábhartha atá ar fáil ó chórais chustaim náisiúnta, sonraí ón dearbhú custaim san áireamh, sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn 1, a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
sonraí breise atá le hiontráil i gcórais chustaim náisiúnta , sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn 2, a ghabhann leis an Rialachán seo. |
2. Fionraí scaoileadh an táirge chun saorchúrsaíochta, i gcás ina n-iarrfaidh údaráis um fhaireachas margaidh ar údaráis chustaim an fionraí sin a choinneáil ar bun, nó i gcás ina gcuirfidh siad in iúl d’údaráis chustaim go bhfuil an scaoileadh sin formheasta acu nó ina gcuirfidh siad de cheangal ar údaráis chustaim gan an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht de bhun Airteagail 27 agus 28 de Rialachán (AE) 2019/1020, cuimseofar sna sonraí atá le tarchur:
|
(a) |
cinneadh na n-údarás um fhaireachas margaidh maidir le scaoileadh an táirge i saorchúrsaíocht a fhormheas nó a dhiúltú, sin nó an iarraidh uathu go gcoinneofar an fionraí ar bun, i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
obair leantach ag údaráis chustaim agus ag údaráis um fhaireachas margaidh araon ar lorg na dteachtaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. |
3. Chun críche iarraidh ó údaráis um fhaireachas margaidh scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí de bhun Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, agus chun críoch an fhreagra ó údaráis chustaim, tarchuirfear na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Nós imeachta
1. I gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an comhéadan, déanfaidh na húdaráis chustaim na córais chustaim náisiúnta a nascadh leis an gcomhéadan sin, déanfaidh siad an nasc a thástáil agus áiritheoidh siad go mbeidh na córais sin idir-inoibritheach leis an gcomhéadan sin feasta.
2. Na fógraí agus na hiarrataí dá dtagraítear in Airteagal 26(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcás ina ndéanfar iad trí ICSMS agus tríd an gcomhéadan de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
|
(a) |
Déanfaidh na húdaráis chustaim na sonraí atá le tarchur a iontráil ina gcóras custaim náisiúnta mura bhfuil na sonraí sin ann cheana, agus údaróidh siad tarchur na sonraí sin tríd an gcomhéadan chuig ICSMS; |
|
(b) |
déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh na sonraí atá le tarchur a iontráil in ICSMS agus údaróidh siad tarchur na sonraí sin tríd an gcomhéadan chuig córais chustaim náisiúnta na n-údarás custaim ábhartha; |
|
(c) |
a luaithe a údarófar tarchur na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo, tarchuirfidh an comhéadan na sonraí sin chuig an gcóras eile; |
|
(d) |
gach tarchur sonraí ina dhiaidh sin maidir le fógraí agus le hiarrataí, is tríd an gcomhéadan a dhéanfar é. |
3. I gcás nach bhfreagróidh na húdaráis um fhaireachas margaidh don fhógra laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 27, pointe (a) de Rialachán (AE) 2019/1020, tarchuirfidh ICSMS teachtaireacht uathoibríoch tríd an gcomhéadan chuig córais chustaim náisiúnta, teachtaireacht lena gcuirfear in iúl go bhféadfar an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcás ina mbeidh na ceanglais agus na foirmiúlachtaí eile go léir a bhaineann leis an scaoileadh sin comhlíonta.
Airteagal 4
Próiseáil sonraí pearsanta
1. Is chun na gcríoch seo a leanas, agus chucu amháin, a fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil sa chomhéadan:
|
(a) |
malartú faisnéise idir córais chustaim náisiúnta agus ICSMS a chumasú ar mhaithe le rialú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagail 25 go 28 de Rialachán (AE) 2019/1020 ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais; |
|
(b) |
trasfhoirmiú sonraí a chur i gcrích, nuair is gá, chun a áirithiú go ndéanfar an téarmaíocht chustaim agus an téarmaíocht neamhchustaim a ailíniú, agus an malartú faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a chumasú ar an gcaoi sin. |
2. Is i gcás na gcatagóirí seo a leanas d’ábhair sonraí, agus ina gcás siúd amháin, a fhéadfaidh an comhéadan sonraí pearsanta a phróiseáil:
|
(a) |
daoine nádúrtha a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sa dearbhú custaim; |
|
(b) |
daoine nádúrtha a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sna doiciméid tacaíochta, nó in aon fhianaise dhoiciméadach eile atá ag teastáil chun comhlíonadh dhlí an Aontais ag na táirgí atá faoi réir an dearbhaithe custaim a fhíorú; |
|
(c) |
baill foirne údaraithe de chuid údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh nó aon údarás nó comhlacht údaraithe ábhartha a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta in aon doiciméad dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b); |
|
(d) |
Baill foirne de chuid an Choimisiúin agus de chuid soláthraithe tríú páirtí a ghníomhaíonn thar ceann an Choimisiúin ar baill foirne iad a dhéanann oibríochtaí agus gníomhaíochtaí cothabhála a bhaineann leis an gcomhéadan. |
3. Is iad na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta, agus na catagóirí seo amháin, a fhéadfaidh an comhéadan a phróiseáil:
|
(a) |
ainm agus faisnéis teagmhála (lena n-áirítear seoladh, cód tíre, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin) nó uimhir aitheantais na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b); |
|
(b) |
ainm, faisnéis teagmhála (lena n-áirítear seoladh, cód tíre, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin) agus síniú na mball foirne údaraithe dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) agus (d). |
4. Is trí bhonneagar teicneolaíochta faisnéise atá lonnaithe san Aontas a dhéanfar trasfhoirmiú na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).
Airteagal 5
Rialú comhpháirteach an chomhéadain
1. A mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta sa chomhéadan, beidh an Coimisiún ina rialaitheoir comhpháirteach de réir bhrí Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus beidh údaráis chustaim agus údaráis um fhaireachas margaidh ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir bhrí Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/679.
2. Déanfaidh an Coimisiún socrú rialúcháin chomhpháirtigh leis na rialaitheoirí comhpháirteacha eile chun freagrachtaí éagsúla na rialaitheoirí comhpháirteacha a leagan síos agus chun na hoibleagáidí atá ann faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh.
3. Áiritheoidh na rialaitheoirí comhpháirteacha:
|
(a) |
go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun na hiarrataí ón ábhar sonraí a phróiseáil go tráthúil; |
|
(b) |
go dtabharfaidh siad cúnamh dá chéile maidir le haithint agus láimhseáil aon sáraithe ar shonraí a bhfuil baint aige leis an gcomhphróiseáil; |
|
(c) |
go malartóidh siad an fhaisnéis ábhartha is gá chun ábhair sonraí a chur ar an eolas de bhun Roinn 2 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Roinn 2 de Rialachán (AE) 2018/1725; |
|
(d) |
go ndéanfaidh siad slándáil, sláine, infhaighteacht agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseáiltear go comhpháirteach de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 a áirithiú agus a chosaint. |
Airteagal 6
Rúndacht sonraí
Sonraí a tharchuirfear tríd an gcomhéadan de bhun an Rialacháin seo, ní fhanfaidh siad ar an gcomhéadan níos faide ná mar is gá chun iad a tharchur agus coinneoidh an Coimisiún faoi rún iad le linn an tarchuir. Is chun críoch chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1020 agus chun na críche sin amháin a úsáidfear na sonraí sin.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Nollaig 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(4) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, COM/2020/673 final.
IARSCRÍBHINN I
Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)
Sna sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), cuimseofar na grúpaí agus na heilimintí a leagtar síos i Ranna 1 agus 2.
1. Sonraí ó chórais chustaim náisiúnta, lena n-áirítear sonraí ón dearbhú custaim má tá siad ar fáil
Faisnéis faoi na hearraí
|
(a) |
Cód aicmithe custaim, lena n-áirítear cód fo-cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe, an cód Ainmníochta Comhcheangailte a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), agus an cód TARIC; |
|
(b) |
Tuairisc ar na hearraí; |
|
(c) |
Mais na n-earraí; |
|
(d) |
Cainníocht na n-earraí; |
|
(e) |
Doiciméid tacaíochta ábhartha. |
Faisnéis faoi na hoibreoirí eacnamaíocha
|
(f) |
Onnmhaireoir; |
|
(g) |
Díoltóir; |
|
(h) |
Allmhaireoir; |
|
(i) |
Ceannaitheoir; |
|
(j) |
Dearbhóir. |
Áit tionscnaimh agus ceann scríbe na n-earraí
|
(k) |
An tír chinn scríbe; |
|
(l) |
An tír thionscnaimh; |
|
(m) |
An tír seolta; |
|
(n) |
An tír is onnmhaireoir; |
|
(o) |
An modh iompair ag an teorainn. |
Faisnéis riaracháin
|
(p) |
Máistir-uimhir thagartha an dearbhaithe custaim; |
|
(q) |
Uimhir na míre earraí; |
|
(r) |
Dáta glactha an dearbhaithe |
|
(s) |
Sonrú maidir le dearbhuithe ina bhfuil tacar sonraí laghdaithe; |
|
(t) |
An oifig custaim atá freagrach, lena n-áirítear an oifig custaim ina dtaispeántar earraí agus an oifig custaim maoirseachta i gcás inarb iomchuí. |
|
(u) |
Sonraí maidir leis an bpróiseas custaim. |
Na heilimintí sonraí a liostaítear sa Roinn seo, i gcás inarb éard atá iontu cóid uimhriúla nó alfa-uimhriúla a úsáideann na húdaráis chustaim go coitianta, cuirfear an comhéadan ar bun sa tslí gurb acmhainn dó an fhaisnéis théacsúil ábhartha atá sna cóid sin a fháil ó na córais chustaim agus a tharchur chuig ICSMS.
2. Sonraí breise atá le hiontráil sna córais chustaim náisiúnta
|
(a) |
Údair fionraí, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2019/1020 (éigeantach i ngach cás); |
|
(b) |
Faisnéis faoin táirge, an méid seo a leanas mar shampla – ainm, trádainm nó trádmharc cláraithe, múnla, uimhir EAN, sraithuimhir (má tá sí ar fáil); |
|
(c) |
An gníomh dlíthiúil nó na gníomhartha dlíthiúla de chuid an Aontais lena mbaineann an neamh-chomhlíonadh toimhdithe (éigeantach i ngach cás); |
|
(d) |
An phríomhchatagóir táirgí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (c) (viii) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1121 ón gCoimisiún (2) (éigeantach i ngach cás); |
|
(e) |
Faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2019/1020 ar faisnéis í a bhaineann leis an oibreoir eacnamaíoch (éigeantach i gcás ina mbeidh feidhm ag an gceanglas agus ina mbeidh na sonraí ar fáil); |
|
(f) |
Pictiúir den táirge agus, i gcás inarb ábhartha, de phacáistíocht an táirge, pictiúir ina dtaispeántar na nithe seo a leanas mar shampla – faisnéis faoin táirge, marcáil chomhréireachta, lipéadú nó eilimintí amhrasacha (má tá an méid sin ar fáil); |
|
(g) |
Doiciméid ábhartha eile, sonraisc, an dearbhú comhréireachta, agus tuarascálacha tástála (má tá siad ar fáil) mar shampla; |
|
(h) |
An t-údarás nó na húdaráis um fhaireachas margaidh a bhfuil fógra le tabhairt dóibh, údaráis a roghnaíodh ó liosta na n-údarás um fhaireachas margaidh arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus a iontráiltear in ICSMS i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2019/1020 (éigeantach i ngach cás). |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1)
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1121 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2021 lena sonraítear mionsonraí comhlíontachta agus sábháilteachta táirgí na sonraí staidrimh atá le tíolacadh ag na Ballstáit maidir le rialuithe ar tháirgí a thugtar isteach i margadh an Aontais (IO L 243, 9.7.2021, lch. 37).
IARSCRÍBHINN II
Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a)
Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a), cuimseofar na heilimintí seo a leanas iontu:
|
(a) |
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil:
|
|
(b) |
faisnéis riaracháin, lena n-áirítear máistir-uimhir thagartha an dearbhaithe custaim, uimhir na míre earraí, uimhir chlárúcháin ICSMS agus sonraí teagmhála feidhmiúla an údaráis um fhaireachas margaidh atá freagrach. |
IARSCRÍBHINN III
Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b)
Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), cuimseofar na heilimintí seo a leanas iontu:
|
(a) |
i gcás inar coinníodh fionraí an scaoilte i saorchúrsaíocht ar bun ionas gurbh féidir leis na húdaráis chustaim gníomhaíochtaí sonracha a chur i gcrích.
|
|
(b) |
i gcás inar coinníodh fionraí an scaoilte i saorchúrsaíocht ar bun ionas gurbh féidir leis na húdaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí sonracha a chur i gcrích.
|
|
(c) |
i gcás inar chuir na húdaráis um fhaireachas margaidh de cheangal ar na húdaráis chustaim gan an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht:
|
IARSCRÍBHINN IV
Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)
Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), cuimseofar na heilimintí seo a leanas iontu:
|
(a) |
iarrataí ó na húdaráis um fhaireachas margaidh ar scaoileadh táirge i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí, iarrataí ina sonraítear an t-údarás ábhartha, máistir-uimhir thagartha an dearbhaithe custaim, tuairisc ar an táirge agus na cúiseanna atá leis an iarraidh; |
|
(b) |
freagraí ó na húdaráis chustaim, freagraí ina sonraítear an t-údarás ábhartha, agus cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an táirge a shainaithint agus scaoileadh an táirge i saorchúrsaíocht a chur ar fionraí. |
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/48 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2249 ÓN gCOIMISIÚN
An 16 nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
|
(2) |
Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (2) ón gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (na Ballstáit lena mbaineann), i gcriosanna srianta I, II agus III a liostaítear san Iarscríbhinn sin. |
|
(3) |
Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2110 (3) ón gCoimisiún a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 go deireanach tar éis athruithe sa staid eipidéimeolaíoch maidir leis an ngalar sin sa Ghearmáin agus sa Pholainn. |
|
(4) |
Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach de bharr fhiabhras Afracach na muc, agus ar threoirlínte an Aontais a comhaontaíodh leis na Ballstáit ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmnithe, Bia agus Beatha, treoirlínte atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (4). Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, caighdeáin amhail Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (5) ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, agus ba cheart a chur san áireamh freisin an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú. |
|
(5) |
Ó bhí dáta glactha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2110 ann, bhí ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád agus i muc-ainmhithe fiáine sa Pholainn agus sa tSlóvaic, chomh maith le ráigeanna nua i muc-ainmhithe fiáine sa Ghearmáin agus sa Laitvia. Ina theannta sin, tá feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch i gcriosanna áirithe a liostaítear mar chriosanna srianta III sa Laitvia, sa Pholainn agus sa tSlóvaic maidir le muc-ainmhithe atá ar coimeád, i ngeall ar na bearta rialaithe galar atá á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. |
|
(6) |
I mí na Samhna 2021, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i réigiún Świętokrzyskie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá leibhéal riosca méadaithe ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(7) |
Ina theannta sin, i mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i réigiún Zachodniopomorskie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(8) |
Thairis sin, i mí na Nollag 2021 tugadh faoi deara roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiún Mazowieckie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, na limistéir sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéir atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc, ba cheart iad a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chriosanna srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chriosanna srianta I a athshainiú freisin chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(9) |
Ina theannta sin, i mí na Samhna agus mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiúin Podkarpackie agus Dolnośląskiei na Polainne i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áiteanna atá dlúth leis na limistéir a liostaítear i gcriosanna srianta I faoi láthair. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, na limistéir sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin, áiteanna atá dlúth le limistéir a liostaítear i gcriosanna srianta II atá buailte ag na ráigeanna seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chriosanna srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chriosanna srianta I. |
|
(10) |
Ina theannta sin, i mí na Samhna agus mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i réigiúin Podkarpackie agus Dolnośląskiei na Polainne i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áiteanna atá dlúth leis na limistéir a liostaítear i gcriosanna srianta I faoi láthair. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, na limistéir sin sa Pholainn a liostaítear faoi láthair i measc chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéir atá an-ghar do na limistéir a liostaítear i measc chriosanna srianta III a bhfuil difear déanta dóibh de bharr na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, is i measc chriosanna srianta II san Iarscríbhinn sin ba cheart iad a liostú anois seachas i measc chriosanna srianta I. |
|
(11) |
Ina theannta sin, i mí na Samhna 2021, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i gceantar Humenné na Slóvaice i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áit atá dlúth le limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I de. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin sa tSlóvaic a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, áit atá dlúth leis an gcrios a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II, ar limistéar é atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I. |
|
(12) |
Ina theannta sin, i mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i gceantar Nove Zamky na Slóvaice i limistéar nach liostaítear faoi láthair mar chrios srianta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá leibhéal riosca méadaithe ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den tSlóvaic nach liostaítear faoi láthair mar chrios srianta san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin agus ní mór crios srianta nua a shainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(13) |
Ina theannta sin, i mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara go raibh cás amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i gceantar Rimavská Sobota sa tSlóvaic i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá leibhéal riosca méadaithe ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den tSlóvaic a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta II, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta II a athshainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(14) |
Ina theannta sin, i mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i gcontae Dienvidkurzemes na Laitvia i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Laitvia a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
|
(15) |
Ar deireadh, i mí na Nollag 2021, tugadh faoi deara go raibh cás amháin d’fhiabhras Afracach na muc i stát Mecklenburg-Western Pomerania sa Ghearmáin i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áit atá dlúth le limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I di. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leis, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin sa Ghearmáin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, áit atá dlúth le limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II, ar limistéar é atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I. |
|
(16) |
Tar éis na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád agus i muc-ainmhithe fiáine sa Pholainn agus sa tSlóvaic le déanaí, agus na ráigeanna i muc-ainmhithe fiáin sa Ghearmáin agus sa Laitvia, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch reatha maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas, rinneadh criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a nuashonrú. Ina theannta sin, na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm, rinneadh iad a athmheasúnú agus a nuashonrú. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. |
|
(17) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Laitvia i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i gcontae Ludzas sa Laitvia, ar limistéir iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád sna criosanna srianta III sin le 3 mhí anuas. Ba cheart criosanna srianta III a liostú anois mar chriosanna srianta II agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
|
(18) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa tSlóvaic i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i gceantair Brezno agus Velký Krtíš sa tSlóvaic, a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád sna criosanna srianta III sin le 2 mhí anuas. Ba cheart criosanna srianta III a liostú anois mar chriosanna srianta II agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
|
(19) |
Ina theannta sin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i gceantair Lubuskie agus Wielkopolskie sa Pholainn, ar limistéar é a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád sna criosanna srianta III sin le 12 mhí anuas. Ba cheart criosanna srianta III a liostú anois mar chriosanna srianta II agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
|
(20) |
Ar deireadh, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i limistéir Łódzkie, Opolskie agus Wielkopolskie sa Pholainn, ar limistéir iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta III sin le 2 mhí anuas. Ba cheart criosanna srianta III a liostú anois mar chriosanna srianta I agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
|
(21) |
Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus ar mhaithe le dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú sa sa Ghearmáin, sa Laitvia, sa Pholainn, agus sa tSlóvaic, agus ba cheart iad a liostú go cuí mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Ó tharla go bhfuil an staid maidir le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, tugadh aird ar staid na limistéar máguaird nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
|
(22) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas maidir le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(23) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2110 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 429, 1.12.2021, lch. 108).
(4) Doiciméad Oibre SANTE/7112/2015/Rev. 3 Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation. [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach] https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_en
(5) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, 28ú hEagrán, 2019. ISBN imleabhar I: 978-92-95108-85-1; ISBN imleabhar II: 978-92-95108-86-8. https://www.oie.int/standard-setting/terrestrial-code/access-online/
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605:
‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Hiiu maakond. |
3. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Drama:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Xanthi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Rodopi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Evros:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
4. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Dienvidkurzemes novada Vērgales, Medzes, Grobiņas, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, Grobiņas pilsēta, |
|
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Agluonėnų, Dovilų, Gargždų, Priekulės, Vėžaičių, Kretingalės ir Dauparų-Kvietinių seniūnijos, |
|
— |
Palangos miesto savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Békés megye 950950, 950960, 950970, 951950, 952050, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953650, 953660, 953750, 953850, 953960, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150 és 956160 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850, 601550, 601650, 601660, 601750, 601850, 601950, 602050, 603250, 603750 és 603850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
|
— |
Csongrád-Csanád megye 800150, 800160, 800250, 802220, 802260, 802310 és 802450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
|
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754950, 755050, 755150, 755250, 755350 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
|
w województwie śląskim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
i gceantar Nové Zámky: Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, Kolta, Jasová, Dubník, Rúbaň, Strekov, |
|
— |
i gceantar Komárno: Bátorové Kosihy, Búč, Kravany nad Dunajom, |
|
— |
i gceantar Veľký Krtíš, bardasachtaí Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
|
— |
i gceantar Levice, bardasachtaí Ipeľské Úľany, Plášťovce, Dolné Túrovce, Stredné Túrovce, Šahy, Tešmak, Pastovce, Zalaba, Malé Ludince, Hronovce, Nýrovce, Želiezovce, Málaš, Čaka, |
|
— |
ceantar iomlán Krupina, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcuid II, |
|
— |
ceantar iomlán SBanska Bystrica, seachas na bardasachtaí a áirítear i gcuid II, |
|
— |
i gceantar Liptovsky Mikulas – bardasachtaí Pribylina, Jamník, Svatý Štefan, Konská, Jakubovany, Liptovský Ondrej, Beňadiková, Vavrišovo, Liptovská Kokava, Liptovský Peter, Dovalovo, Hybe, Liptovský Hrádok, Liptovský Ján, Uhorská Ves, Podtureň, Závažná Poruba, Liptovský Mikuláš, Pavčina Lehota, Demänovská Dolina, Gôtovany, Galovany, Svätý Kríž, Lazisko, Dúbrava, Malatíny, Liptovské Vlachy, Liptovské Kľačany, Partizánska Ľupča, Kráľovská Ľubeľa, Zemianska Ľubeľa, Východná – a part of municipality north from the highway D1, |
|
— |
i gceantar Ružomberok, bardasachtaí Liptovská Lužná, Liptovská Osada, Podsuchá, Ludrová, Štiavnička, Liptovská Štiavnica, Nižný Sliač, Liptovské Sliače, |
|
— |
ceantar iomlán Banska Stiavnica, |
|
— |
ceantar iomlán Žiar nad Hronom. |
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
|
— |
réigiún iomlán Haskovo, |
|
— |
réigiún iomlán Yambol, |
|
— |
réigiún iomlán Stara Zagora, |
|
— |
réigiún iomlán Pernik, |
|
— |
réigiún iomlán Kyustendil, |
|
— |
the whole region of Plovdiv, excluding the areas in Part III, |
|
— |
the whole region of Pazardzhik, excluding the areas in Part III, |
|
— |
réigiún iomlán Smolyan, |
|
— |
réigiún iomlán Dobrich, |
|
— |
réigiún iomlán chathair Shóifia, |
|
— |
réigiún iomlán Chúige Shoifia, |
|
— |
réigiún iomlán Blagoevgrad, |
|
— |
réigiún iomlán Razgrad, |
|
— |
réigiún iomlán Kardzhali, |
|
— |
réigiún iomlán Burgas diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Varna diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Silistra diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Ruse diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Veliko Tarnovo diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Pleven diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Targovishte diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Shumen diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Sliven diomaite de na limistéir i gCuid III, |
|
— |
réigiún iomlán Vidin diomaite de na limistéir i gCuid III. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Aizkraukles novads, |
|
— |
Alūksnes novads, |
|
— |
Augšdaugavas novads, |
|
— |
Ādažu novads, |
|
— |
Balvu novads, |
|
— |
Bauskas novads, |
|
— |
Cēsu novads, |
|
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Kalvenes, Kazdangas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Embūtes, Vaiņodes , Gaviezes, Rucavas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules pilsēta, |
|
— |
Dobeles novads, |
|
— |
Gulbenes novads, |
|
— |
Jelgavas novads, |
|
— |
Jēkabpils novads, |
|
— |
Krāslavas novads, |
|
— |
Kuldīgas novads, |
|
— |
Ķekavas novads, |
|
— |
Limbažu novads, |
|
— |
Līvānu novads, |
|
— |
Ludzas novads, |
|
— |
Madonas novads, |
|
— |
Mārupes novads, |
|
— |
Ogres novads, |
|
— |
Olaines novads, |
|
— |
Preiļu novads, |
|
— |
Rēzeknes novads, |
|
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
|
— |
Salaspils novads, |
|
— |
Saldus novads, |
|
— |
Saulkrastu novads, |
|
— |
Siguldas novads, |
|
— |
Smiltenes novads, |
|
— |
Talsu novads, |
|
— |
Tukuma novads, |
|
— |
Valkas novads, |
|
— |
Valmieras novads, |
|
— |
Varakļānu novads, |
|
— |
Ventspils novads, |
|
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
|
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
|
— |
Birštono savivaldybė, |
|
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
|
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
|
— |
Druskininkų savivaldybė, |
|
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybė, |
|
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
|
— |
Joniškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
|
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
|
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
|
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
|
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
|
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
|
— |
Kelmės rajono savivaldybė, |
|
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
|
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Judrėnų, Endriejavo ir Veiviržėnų seniūnijos, |
|
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
|
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
|
— |
Marijampolės savivaldybė, |
|
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
|
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
|
— |
Pagėgių savivaldybė, |
|
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
|
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Rietavo savivaldybė, |
|
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
|
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
|
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Skuodo rajono savivaldybės, |
|
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
|
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
|
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
|
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
|
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
|
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
|
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
|
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Visagino savivaldybė, |
|
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954060, 954150, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom megye: 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 577250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
ceantar iomlán Gelnica, |
|
— |
i gceantar iomlán Poprad |
|
— |
ceantar iomlán Spišská Nová Ves, |
|
— |
ceantar iomlán Levoča, |
|
— |
ceantar iomlán Kežmarok |
|
— |
i gceantar iomlán Michalovce seachas i mbardasachtaí a áirítear i gcrios III, |
|
— |
ceantar iomlán Košice-okolie, |
|
— |
ceantar iomlán Rožnava, |
|
— |
cathair iomlán Košice, |
|
— |
ceantar iomlán Sobrance, |
|
— |
ceantar iomlán Vranov nad Topaou, |
|
— |
i gceantar iomlán Humenné seachas i mbardasachtaí a áirítear i gcrios III, |
|
— |
ceantar iomlán Snina, |
|
— |
ceantar iomlán Prešov, |
|
— |
ceantar iomlán Sabinov, |
|
— |
ceantar iomlán Svidník, |
|
— |
ceantar iomlán Medzilaborce, |
|
— |
ceantar iomlán Stropkov |
|
— |
ceantar iomlán Bardejov, |
|
— |
ceantar iomlán Stará Ľubovňa, |
|
— |
ceantar iomlán Revúca, |
|
— |
ceantar iomlán Rimavská Sobota seachas bardasachtaí a áirítear i gcrios III, |
|
— |
i gceantar Veľký Krtíš, na bardasachtaí iomlána nach n-áirítear i gCuid I, |
|
— |
ceantar iomlán Lučenec, |
|
— |
ceantar iomlán Poltár |
|
— |
ceantar iomlán Zvolen, |
|
— |
ceantar iomlán Detva, |
|
— |
i gceantar Krupina ceantair iomlána Senohrad, Horné Mladonice, Dolné Mladonice, Čekovce, Lackov, Zemiansky Vrbovok, Kozí Vrbovok, Čabradský Vrbovok, Cerovo, Trpín, Litava, |
|
— |
I gceantar Banska Bystica, bardasachtaí iomlána Kremnička, Malachov, Badín, Vlkanová, Hronsek, Horná Mičiná, Dolná Mičiná, Môlča Oravce, Čačín, Čerín, Bečov, Sebedín, Dúbravica, Hrochoť, Poniky, Strelníky, Povrazník, Ľubietová, Brusno, Banská Bystrica, |
|
— |
ceantar iomlán Brezno, |
|
— |
i gceantar Liptovsky Mikuláš, bardasachtaí Važec, Malužiná, Kráľova lehota, Liptovská Porúbka, Nižná Boca, Vyšná Boca a Východná – cuid de bhardasacht ó dheas ó mhórbhealach D1. |
CUID III
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Bhulgáir:
|
— |
réigiún iomlán Gabrovo, |
|
— |
réigiún iomlán Lovech, |
|
— |
réigiún iomlán Montana, |
|
— |
réigiún Pazardzhik:
|
|
— |
réigiún Pleven:
|
|
— |
réigiún Plovdiv
|
|
— |
réigiún Ruse:
|
|
— |
réigiún Shumen:
|
|
— |
réigiún Silistra:
|
|
— |
réigiún Sliven:
|
|
— |
réigiún Targovishte:
|
|
— |
réigiún Vidin,
|
|
— |
réigiún Veliko Tarnovo:
|
|
— |
réigiún iomlán Vratza, |
|
— |
i réigiún Varna:
|
|
— |
i réigiún Burgas:
|
2. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:
|
— |
tutto il territorio della Sardegna. |
3. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie małopolskim:
|
4. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
|
— |
Zona orașului București, |
|
— |
Județul Constanța, |
|
— |
Județul Satu Mare, |
|
— |
Județul Tulcea, |
|
— |
Județul Bacău, |
|
— |
Județul Bihor, |
|
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
|
— |
Județul Brăila, |
|
— |
Județul Buzău, |
|
— |
Județul Călărași, |
|
— |
Județul Dâmbovița, |
|
— |
Județul Galați, |
|
— |
Județul Giurgiu, |
|
— |
Județul Ialomița, |
|
— |
Județul Ilfov, |
|
— |
Județul Prahova, |
|
— |
Județul Sălaj, |
|
— |
Județul Suceava |
|
— |
Județul Vaslui, |
|
— |
Județul Vrancea, |
|
— |
Județul Teleorman, |
|
— |
Judeţul Mehedinţi, |
|
— |
Județul Gorj, |
|
— |
Județul Argeș, |
|
— |
Judeţul Olt, |
|
— |
Judeţul Dolj, |
|
— |
Județul Arad, |
|
— |
Județul Timiș, |
|
— |
Județul Covasna, |
|
— |
Județul Brașov, |
|
— |
Județul Botoșani, |
|
— |
Județul Vâlcea, |
|
— |
Județul Iași, |
|
— |
Județul Hunedoara, |
|
— |
Județul Alba, |
|
— |
Județul Sibiu, |
|
— |
Județul Caraș-Severin, |
|
— |
Județul Neamț, |
|
— |
Județul Harghita, |
|
— |
Județul Mureș, |
|
— |
Județul Cluj, |
|
— |
Județul Maramureş. |
5. An tSlóvaic
Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
I gceantar Lučenec: Lučenec a jeho časti, Panické Dravce, Mikušovce, Pinciná, Holiša, Vidiná, Boľkovce, Trebeľovce, Halič, Stará Halič, Tomášovce, Trenč, Veľká nad Ipľom, Buzitka (gan lonnaíocht Dóra), Prša, Nitra nad Ipľom, Mašková, Lehôtka, Kalonda, Jelšovec, Ľuboreč, Fiľakovské Kováče, Lipovany, Mučín, Rapovce, Lupoč, Gregorova Vieska, Praha, |
|
— |
I gceantar Poltár: KALINOVO, Veحká Ves, |
|
— |
I gceantar Trebišov’, |
|
— |
I gceantar Vranov agus Topľou, |
|
— |
I gceantar Humenné: Lieskovec, Myslina, Humenné, Jasenov, Brekov , Závadka, Topoľovka, Hudcovce, Ptičie, Chlmec, Porúbka, Brestov, Gruzovce, Ohradzany, Slovenská Volová, Karná, Lackovce, Kochanovce, Hažín nad Cirochou, |
|
— |
I gceantar Michalovce: Strážske, Staré, Oreské, Zbudza, Voľa, Nacina Ves, Pusté Čemerné, Lesné, Rakovec nad Ondavou, Petríkovce, Oborín, Veľké Raškovce, Beša, |
|
— |
i gceantar Nové Zámky: Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Nová Vieska, Bruty, Svodín, |
|
— |
i gceantar Levice: Veľké Ludince, Farná, Kuraľany, Keť, Pohronský Ruskov, Čata, |
|
— |
i gceantar Rimavská Sobota: Jesenské, Gortva, Hodejov, Hodejovec, Širkovce, Šimonovce, Drňa, Hostice, Gemerské Dechtáre, Jestice, Dubovec, Rimavské Janovce, Rimavská Sobota, Belín, Pavlovce, Sútor, Bottovo, Dúžava, Mojín, Konrádovce, Čierny Potok, Blhovce, Gemerček, Hajnáčka. |
CINNTÍ
|
17.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 453/88 |
CINNEADH (AE) 2021/2250 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Nollaig 2021
lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Poblacht na Fionlainne, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó Rialtas na Fionlainne,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Satu HAAPANEN a cheapadh. |
|
(4) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Joonas HONKIMAA a cheapadh. |
|
(5) |
Mhol Rialtas na Fionlainne Niina RATILAINEN, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Turun kaupunginvaltuuston jäsen (comhalta de thionól áitiúil: Comhairle Cathrach Turku), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025. |
|
(6) |
Tiocfaidh suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún chun bheith folamh tar éis cheapadh Niina RATILAINEN ina comhalta de Choiste na Réigiún. |
|
(7) |
Mhol Rialtas na Fionlainne na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Manu HUUHILO, Kouvolan kaupunginvaltuuston jäsen (comhalta de thionól áitiúil, Comhairle Cathrach Kouvola), agus Eeva-Liisa NIEMINEN, Tuusulan kunnanvaltuuston jäsen (comhalta de thionól áitiúil, Comhairle Bhardasach Tuusula), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
|
(a) |
mar chomhalta:
agus |
|
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).