|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 443/1 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2187 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2021
lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe ar dheireadh a chur le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. |
|
(3) |
An 12 Deireadh Fómhair 2021, chuir Poblacht na Liobáine faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú faoin gcóras dar teideal “covax.moph.gov.lb”. Chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine i gcomhréir leis an gcóras “covax.moph.gov.lb”. |
|
(4) |
Chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(5) |
An 26 Samhain 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht na Liobáine, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine i gcomhréir leis an gcóras “covax.moph.gov.lb”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine i gcomhréir leis an gcóras “covax.moph.gov.lb”. |
|
(6) |
Ina theannta sin, chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Vaxzevria, R-COVI, Sputnik V agus BBIBP-CorV. |
|
(7) |
Thairis sin, chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún nach n-eiseoidh sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh ná le mearthástálacha antaiginí. |
|
(8) |
Thairis sin, chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh. |
|
(9) |
Ina theannta sin, chuir Poblacht na Liobáine in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú, toradh tástála nó stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus chuige sin amháin, nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí sa Liobáin, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin. |
|
(10) |
Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú á n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine i gcomhréir leis an gcóras “covax.moph.gov.lb” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leo siúd arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, na deimhnithe vacsaínithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine i gcomhréir le córas “covax.moph.gov.lb”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(12) |
Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht na Liobáine a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(13) |
Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh. |
|
(14) |
Chun Poblacht na Liobáine a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a éascú, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na Liobáine i gcomhréir leis an gcóras “covax.moph.gov.lb” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 2
Déanfar Poblacht na Liobáine a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 443/4 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2188 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2021
lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (‘Deimhniú Digiteach COVID AE’) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ina gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. |
|
(3) |
An 16 Meán Fómhair 2021, chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú agus tástáil faoin gcóras dar teideal ‘Alhosn EU Pass’. Chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún go measann sé go bhfuil a dheimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcomhréir leis an gcóras ‘Alhosn EU Pass’. |
|
(4) |
Chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sé le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(5) |
An 20 Deireadh Fómhair 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcomhréir leis an gcóras dar teideal ‘Alhosn EU Pass’, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcomhréir leis an gcóras ‘Alhosn EU Pass’. |
|
(6) |
Ina theannta sin, chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sé deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Spikevax, Covishield, COVID-19 Vaccine Janssen, NVX-CoV2373, Sputnik V, WIBP-CorV, BBIBP-CorV, Hayat-Vax agus CoronaVac. |
|
(7) |
Chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún freisin go n-eisíonn sé deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, ach nach ndéanann sé amhlaidh i ndáil le mearthástálacha antaiginí. |
|
(8) |
Thairis sin, chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún nach ndéanann sé deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh a eisiúint. |
|
(9) |
Ina theannta sin, chuir Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun vacsaíniú agus toradh tástála an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú, agus chuige sin amháin, nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin. |
|
(10) |
Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcomhréir leis an gcóras ‘Alhosn EU Pass’ le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcomhréir leis an gcóras ‘Alhosn EU Pass’, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(12) |
Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(13) |
Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh. |
|
(14) |
I bhfianaise an ghá atá ann Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú agus tástáil arna n-eisiúint ag Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha i gcomhréir leis an gcóras ‘Alhosn EU Pass’ ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 2
Déanfar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 443/7 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2189 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2021
lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh, de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe, le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach i gcríoch an Bhallstáit sin agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde do shaoránaigh den Aontas agus dá mbaill teaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin. |
|
(3) |
An 23 Meán Fómhair 2021, chuir Poblacht Cabo Verde faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “Cárta Nha”. Chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus le córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde i gcomhréir leis an gcóras “Cárta Nha”. |
|
(4) |
Chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(5) |
An 1 Nollaig 2021, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht Cabo Verde, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde i gcomhréir le córas, an “Cárta Nha”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh i ndeimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde i gcomhréir leis an gcóras “Cárta Nha”. |
|
(6) |
Ina theannta sin, chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Spikevax, Vaxzevria, COVID-19 Vaccine Janssen, BBIBP-CorV agus Covishield. |
|
(7) |
Thairis sin, chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh ach ní i ndáil le mearthástálacha antaiginí. |
|
(8) |
Thairis sin, chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí. |
|
(9) |
Ina theannta sin, chuir Poblacht Cabo Verde in iúl don Choimisiún go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i bPoblacht Cabo Verde, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin. |
|
(10) |
Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí maidir leis na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde i gcomhréir leis an gcóras “Cárta Nha”, go bhfuil na deimhnithe sin le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leo sin arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde i gcomhréir leis an gcóras “Cárta Nha”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(12) |
Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht Cabo Verde a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953. |
|
(13) |
Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh. |
|
(14) |
Chun Poblacht Cabo Verde a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Cabo Verde i gcomhréir leis an gcóras “Cárta Nha” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leo sin arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 2
Déanfar Poblacht Cabo Verde a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).