|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/2176 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (1).
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (3) agus déantar foráil ann maidir le bearta áirithe atá dírithe i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear a gcuid sócmhainní a reo. |
|
(2) |
Le Cinneadh (CBES) 2021/2181, leasaítear teideal Chinneadh 2010/788/CBES. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005:
“ Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha sonracha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó ”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. HOJS
(1) Féach leathanach 75 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).
(3) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2177 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm i dtaca le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(2) |
I bhfianaise athbhreithniú a rinneadh ar na bearta sriantacha uathrialacha a leagtar amach in Airteagal 2b de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, ba cheart na forais don liostú a bhaineann le daoine áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú agus ba cheart duine amháin a bhaint den liosta san Iarscríbhinn sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. HOJS
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN Ia
LIOSTA NA nDAOINE, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2b
A. Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais leis an liostú |
Dáta an liostaithe |
|
1 |
Ilunga KAMPETE |
Ar a dtugtar freisin Gaston Hughes Ilunga Kampete; Hugues Raston Ilunga Kampete Dáta Breithe: 24.11.1964 Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1 64-86-22311-29 Seoladh: 69, avenue Nyangwile, Kinsuka Mimosas, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí ar an Republican Guard (GR) go dtí mí Aibreáin 2020, bhí Ilunga Kampete freagrach as aonaid GR a imscaradh ar an talamh agus bhí baint aige le forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. Bhí sé freagrach freisin as cearta an duine a chur faoi chois agus as sárú ar chearta an duine a rinne gníomhairí GR, amhail slógadh den fhreasúra in Lubumbashi a chur faoi chois go foréigneach i mí na Nollag 2018. Ó mhí Iúil 2020, tá sé ina shaighdiúir ard chéimneach, mar Leifteanant Ginearálta i bhFórsaí Armtha an Chongó (FARDC) agus Ceannasaí bhunáit mhíleata Kitona i gCúige Chongó Láir. De bhua a fheidhmeanna, is air féin atá an fhreagracht as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Ilunga Kampete le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
12.12.2016 |
|
2 |
Gabriel Amisi KUMBA |
Ar a dtugtar freisin Gabriel Amisi Nkumba; ‘Tango Fort’; ‘Tango Four’ Dáta Breithe: 28.5.1964 Áit bhreithe: Malela, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1 64-87-77512-30 Seoladh: 22, avenue Mbenseke, Ma Campagne, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Iar-Cheannasaí ar chéad chrios cosanta Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), ar ghlac a fhórsaí páirt i bhforneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. Ina cháil mar Leas-Cheann Foirne ar FARDC, bhí sé i gceannas ar na hoibríochtaí agus ar an bhfaisnéis ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020, agus mar gheall ar a dhualgais shinsearacha mar Ardchigire ar FARDC ó mhí Iúil 2020, tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne FARDC le déanaí. Dá bhrí sin, bhí baintag Gabriel Amisi Kumba le gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh. |
12.12.2016 |
|
3 |
Ferdinand Ilunga LUYOYO |
Dáta Breithe: 8.3.1973 Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: OB0260335 (bailí ó 15.4.2011 go 14.4.2016) Seoladh: 2, avenue des Orangers, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí ar an aonad frithchíréibe, dá ngairtear Légion Nationale d’Intervention den Congolese National Police (PNC) go dtí 2017, agus mar Cheannasaí ar an aonad atá freagrach as institiúidí agus oifigigh ardchéime laistigh de PNC a chosaint go dtí mí na Nollag 2019, bhí Ferdinand Ilunga Luyoyo freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa, agus tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne PNC ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, bhí baint ag Ferdinand Ilunga Luyoyo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Choinnigh Ferdinand Ilunga Luyoyo a chéim mar Ghinearál agus tá sé gníomhach fós ar an ardán poiblí in DRC. |
12.12.2016 |
|
4 |
Célestin KANYAMA |
Ar a dtugtar freisin Kanyama Tshisiku Celestin; Kanyama Celestin Cishiku Antoine; Kanyama Cishiku Bilolo Célestin; ‘Esprit de mort’ Dáta Breithe: 4.10.1960 Áit bhreithe: Kananga, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: OB0637580 (bailí ó 20.5.2014 go 19.5.2019) Víosa Schengen Uimh. 011518403, a eisíodh an 2.7.2016 Seoladh: 56, avenue Usika, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Choimisinéir an Congolese National Police (PNC), bhí Célestin Kanyama freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. I mí Iúil 2017, ceapadh Célestin Kanyama mar Ard-Stiúrthóir ar scoileanna oiliúna PNC. I mí Dheireadh Fómhair 2018, agus é sa phost sin, d’fhorchuir oifigigh phóilíneachta imeaglú agus díothú na saoirse ar iriseoirí tar éis foilsiú sraithe alt maidir le míleithreasú chiondálacha na ndaltaí póilíneachta. Bhí ról ag Célestin Kanyama sna himeachtaí sin. Agus an ról sin mar oifigeach sinsearach in PNC a bheith aige, agus atá fós aige inniu, tá freagracht air as na sáruithe a rinne PNC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Célestin Kanyama le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
12.12.2016 |
|
5 |
John NUMBI |
Ar a dtugtar freisin John Numbi Banza Tambo; John Numbi Banza Ntambo; Tambo Numbi Dáta Breithe: 16.8.1962 Áit bhreithe: Jadotville-Likasi-Kolwezi, DRC Náisiúntacht: DRC Seoladh: 5, avenue Oranger, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Bhí John Numbi ina Ard-Chigire ar Fhórsaí Armtha an Chongó (FARDC) ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC ar chearta an duine idir mí Iúil 2018 agus mí Iúil 2020, amhail an foréigean díréireach a d’úsáid FARDC faoina údarás díreach ar mhianadóirí neamhdhleathacha ó mhí an Mheithimh go dtí mí Iúil 2019. Dá bhrí sin, bhí baint ag John Numbi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Go dtí tús na bliana 2021, bhí seasamhag John Numbi ina raibh tionchar aige in FARDC, go háirithe in Katanga, áit ar tuairiscíodh go ndearna FARDC sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Tá John Numbi fós ina bhagairt do staid chearta an duine in DRC, go háirithe in Katanga. |
12.12.2016 |
|
6 |
Evariste BOSHAB |
Ar a dtugtar freisin Evariste Boshab Mabub Ma Bileng Dáta Breithe: 12.1.1956 Áit bhreithe: Tete Kalamba, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir an phas taidhleoireachta: DP0000003 (bailí ó 21.12.2015 go dtí 20.12.2020) Víosa Schengen in éag an 5.1.2017 Seoladh: 3, avenue du Rail, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Ina cháil mar Leas-Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Baile agus Slándála ó mhí na Nollag 2014 go dtí mí na Nollag 2016, bhí Evariste Boshab freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le leas díréireach a bhaint as forneart, lena n-áirítear idir mí Mheán Fómhair 2016 agus mí na Nollag 2016 mar fhreagairt ar léirsithe in Kinshasa, agus an toradh air gur mharaigh nó gur ghortaigh seirbhísí slándála líon mór sibhialtach. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Evariste Boshab le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Bhí baint ag Evariste Boshab freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, réigiún ina bhfuil seasamh aige ina bhfuil tionchar aige i gcónaí, go háirithe ó ceapadh ina Senator ar Kasai é i mí Mhárta 2019. |
29.5.2017 |
|
7 |
Alex Kande MUPOMPA |
Ar a dtugtar freisin Alexandre Kande Mupomba; Kande Mupompa Dáta Breithe: 23.9.1950 Áit bhreithe: Kananga, DRC Náisiúntacht: DRC agus Beilgeach Uimhir phas DRC: OP0024910 (bailí ó 21.3.2016 go 20.3.2021) Seoltaí: Messidorlaan 217/25, 1180 Uccle, Belgium 1, avenue Bumba, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Ghobharnóir ar Kasai Láir go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí Alex Kande Mupompa freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus Póilíní Náisiúnta an Chongó (PNC) as forneart, cur faoi chois foréigneach agus maruithe seachbhreithiúnacha in Kasai Láir ó mhí Lúnasa 2016, lena n-áirítear maruithe ar chríoch Dibaya i mí Feabhra 2017. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Bhí baint ag Alex Kande Mupompa freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, áit a raibh sé ina ionadaí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2019 agus ina bhfuil seasamh aige ina bhfuil tionchar aige i gcónaí tríd an Congrès des alliés pour l’action au Congo (CAAC), atá ina chuid de rialtas cúigeach Kasai. |
29.5.2017 |
|
8 |
Éric RUHORIMBERE |
Ar a dtugtar freisin Eric Ruhorimbere Ruhanga; ‘Tango Two’; ‘Tango Deux’ Dáta Breithe: 16.7.1969 Áit bhreithe: Minembwe, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1 69-09-51400-64 Uimhir phas DRC: OB0814241 Seoladh: Mbujimayi, Kasai Province, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Leas-Cheannasaí ar an 21ú réigiún míleata ó mhí Mheán Fómhair 2014 go dtí mí Iúil 2018, bhí Éric Ruhorimbere freagrach as úsáid dhíréireach fornirt agus as maruithe seachbhreithiúnacha a rinne Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), go háirithe i gcoinne mhílíste Nsapu agus i gcoinne ban agus leanaí. Tá Éric Ruhorimbere ina Cheannasaí ar earnáil oibríochtúil an Nord Equateur ó mhí Iúil 2018. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Éric Ruhorimbere le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
29.5.2017 |
|
9 |
Emmanuel Ramazani SHADARY |
Ar a dtugtar freisin Emmanuel Ramazani Shadari Mulanda; Shadary Dáta Breithe: 29.11.1960 Áit bhreithe: Kasongo, DRC Náisiúntacht: DRC Seoladh: 28, avenue Ntela, Mont Ngafula, Kinshasa, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Vice Prime Minister and Minister of Interior and Security go dtí mí Feabhra 2018, bhí Emmanuel Ramazani Shadary freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le forneart a úsáid go díréireach, amhail cniogbheartaíocht fhoréigneach ar chomhaltaí den ghluaiseacht Bundu Dia Congo (BDK) in Kongo Láir, as an gcur faoi chois in Kinshasa ó mhí Eanáir go mí Feabhra 2017 agus as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i gcúigí Kasai. Sa cháil sin, dá bhrí sin, bhí baint ag Emmanuel Ramazani Shadary le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Ó mhí Feabhra 2018, tá Emmanuel Ramazani Shadari ina permanent secretary of the Parti du peuple pour la reconstruction et le développement (PPRD), arbh é, go dtí mí na Nollag 2020, an príomhpháirtí sa chomhghuaillíocht faoin iarUachtarán Joseph Kabila. |
29.5.2017 |
|
10 |
Kalev MUTONDO |
Ar a dtugtar freisin Kalev Katanga Mutondo; Kalev Motono; Kalev Mutundo; Kalev Mutoid; Kalev Mutombo; Kalev Mutond; Kalev Mutondo Katanga; Kalev Mutund Dáta Breithe: 3.3.1957 Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: DB0004470 (bailí ó 8.6.2012 go 7.6.2017) Seoladh: 24, avenue Ma Campagne, Kinshasa, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise (ANR) go dtí mí Feabhra 2019, bhí baint ag Kalev Mutondo le comhaltaí den fhreasúra, gníomhaithe sa tsochaí sibhialta agus daoine eile a ghabháil go treallach agus a choinneáil agus le drochíde a thabhairt dóibh agus bhí sé freagrach as an méid sin. Dá bhrí sin, bhí baint ag Kalev Mutondo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. I mí na Bealtaine 2019, shínigh sé dearbhú maidir le dílseacht san am atá caite agus sa todhchaí do Joseph Kabila, agus tá sé mór leis i gcónaí. Go dtí luath sa bhliain 2021, bhí tionchar mór polaitiúil ag Kalev Mutondo ina ról mar ‘chomhairleoir polaitiúil’ do Phríomh-Aire DRC. Líomhnaítear go bhfuil tionchar fós aige i gcodanna áirithe de na fórsaí slándála. |
29.5.2017 |
B. Eintitis
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443/9 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2178 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (1), agus go háirithe Airteagal 8(4), de sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852 ar ghnóthais atá faoi réir Airteagal 19a nó Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an tslí agus an méid a bhaineann a gcuid gníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a nochtadh. Ceanglaítear le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/852 ar ghnóthais neamhairgeadais faisnéis a nochtadh maidir le cion an láimhdeachais, an chaiteachais chaipitiúil agus an chaiteachais oibriúcháin (“eochairtháscairí feidhmíochta”) dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní nó próisis a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní shonraítear san fhoráil sin, áfach, eochairtháscairí feidhmíochta coibhéiseacha le haghaidh gnóthais airgeadais, is é sin institiúidí creidmheasa, bainisteoirí sócmhainní, gnólachtaí infheistíochta, agus gnóthais árachais agus athárachais. Is gá, dá bhrí sin, Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 a fhorlíonadh chun eovhairtháscairí feidhmíochta a shonrú le haghaidh gnóthais airgeadais agus tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar ábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gach gnóthas agus an mhodheolaíocht chun an nochtadh sin chomhlíonadh. |
|
(2) |
Is gá a áirithiú go gcuirfidh gnóthais neamhairgeadais na ceanglais maidir le nochtadh i bhfeidhm go haonfhoirmeach a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/852, gnóthais atá faoi réir Airteagail Airteagal 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun ábhar agus cur i láthair na faisnéise a cheanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 a shonrú tuilleadh, lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun na rialacha sin a chomhlíonadh. Chun a chur ar chumas infheisteoirí agus don phobal measúnú a dhéanamh ar chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (“gníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht”) gnóthas neamhairgeadais, ba cheart go gceanglófaí ar na gnóthais sin cé acu dá ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a nochtadh. Ina theannta sin, is gá a nochtadh cé acu cuspóirí comhshaoil lena gcuireann na gníomhaíochtaí sin go suntasach. Ba cheart do ghnóthais neamhairgeadais freisin dá bhrí sin miondealú a thabhairt ar na heochairtháscairí feidhmíochta de chion na ngníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht bunaithe ar gach cuspóir comhshaoil lena gcuireann na gníomhaíochtaí sin go suntasach. |
|
(3) |
Tá láimhdeachas, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil neamhábhartha chun measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochta airgeadais i dtéarmaí inbhuanaitheachta ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear iasachtú, infheistíocht agus árachas. Dá bhrí sin, níl na trí eochairtháscaire feidhmíochta le haghaidh gnóthais neamhairgeadais a leagtar síos in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/852 iomchuí lena léiriú a mhéid agus a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnóthas neamhairgeadais ailínithe le Tacsanomaíocht. Is gá, dá bhrí sin, eochairtháscairí feidhmíochta sonracha a sholáthar agus modheolaíochtaí ríofa le haghaidh eochairtháscairí feidhmíochta den sórt sin le haghaidh gnóthais airgeadais. Chun tacú leis an tuiscint atá ag na margaí ar na heochairtháscairí feidhmíochta sin, ba cheart faisnéis cháilíochtúil a bheith ag gabháil le haon nochtadh de na heochairtháscairí feidhmíochta sin chun a chur ar chumas gnóthas airgeadais míniú a thabhairt ar a gcinneadh maidir le heochairtháscairí feidhmíochta. |
|
(4) |
Ba cheart go mbeadh infheisteoirí agus an pobal in ann measúnú a dhéanamh ar chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a shaothraíonn gnóthais na n-institiúidí infheistiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart do bhainisteoirí sócmhainne cion na n-infheistíochtaí a rinne siad i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a nochtadh i luach na n-infheistíochtaí uile atá á mbainistiú acu mar thoradh ar a ngníomhaíochtaí comhbhainistíochta agus a ngníomhaíochtaí bainistíochta punainne aonair araon. Ba cheart cion na n-infheistíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht a thabhairt de réir chion na ngníomhaíochta eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht de chuid gnóthais infheistíochta mar thoradh ar a n-eochairtháscairí feidhmíochta faoi seach mar gur tagarmhairc iomchuí iad na heochairtháscairí feidhmíochta sin chun feidhmíocht chomhshaoil na ngnóthas infheistíochta a ghabháil. |
|
(5) |
Is é príomhghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa maoiniú a sholáthar don fhíorgheilleagar agus infheistíochtaí a dhéanamh san fhíorgheilleagar. Léirítear risíochtaí institiúidí creidmheasa ar ghnóthais a mhaoiníonn siad nó a ndéanann siad infheistíocht iontu mar shócmhainní i gclár comhardaithe na n-institiúidí creidmheasa. Na heochairtháscairí feidhmíochta príomha d’institiúidí creidmheasa atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, ba cheart gurb iad sin an cóimheas sócmhainne glaise (GAR), a léiríonn cion na risíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht i gcomparáid le sócmhainní iomlána na n-institiúidí creidmheasa sin. Ba cheart go mbainfeadh GAR le príomhghnó iasachta agus infheistíochta na n-institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear iasachtaí, airleacain agus urrúis fiachais, agus dá sealúchais cothromais chun a léiriú a mheid a mhaoiníonn na hinstitiúidí sin gníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht. |
|
(6) |
Ba cheart go bhfeidhmeodh institiúidí creidmheasa freisin seirbhísí agus gníomhaíochtaí tráchtála eile seachas maoiniú a sholáthar. Tagann ioncam ó tháillí agus ó choimisiún ó na gníomhaíochtaí sin. Is gá a chur ar chumas infheisteoirí agus an phobail measúnú a dhéanamh ar chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht a shaothraíonn faighteoirí na seirbhísí sin. Na hinstitiúidí creidmheasa atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, a nochtadh cén cion dá n-ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin a dhíorthaíonn ó sheirbhísí agus ó ghníomhaíochtaí tráchtála a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht a gcliant. |
|
(7) |
Féadfaidh institiúidí creidmheasa bunsócmhainní a bhainistiú nó ráthaíochtaí airgeadais a sholáthar, a mbeidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe mar thoradh orthu. Chun a chur ar chumas infheisteoirí agus an phobail measúnú a dhéanamh ar chion na ngníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht arna saothrú ag institiúidí creidmheasa, le haghaidh na risíochtaí sin lasmuigh den chlár comhardaithe, ba cheart d’institiúidí creidmheasa atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a nochtadh cén cion de ghníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht sna bunsócmhainní a bhainistíonn siad nó a ráthaíonn siad a bhfeidhmíocht. |
|
(8) |
I dteannta nochtuithe a bhaineann lena leabhar baincéireachta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE comhdhéanamh foriomlán a sócmhainní iomlána a nochtadh ar leithligh freisin, lena n-áirítear a leabhar trádála, agus aon treochtaí agus teorainneacha i dtéarmaí na haeráide agus na rioscaí comhshaoil. Ba cheart institiúidí creidmheasa a bhfuil gníomhaíocht trádála shuntasach acu a bheith faoi réir oibleagáidí maidir le nochtadh níos mionsonraithe dá leabhar trádála. |
|
(9) |
Tá sé tábhachtach forbhreathnú iomlán a thabhairt d’infheisteoirí agus don phobal faoi infheistíochtaí atá déanta ag gnólacht infheistíochta atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE i ngníomhaíochta ailínithe le tacsanomaíocht. Dá bhrí sin, ba cheart go gcumhdódh na heochairtháscairí feidhmíochta do ghnólachtaí den sórt sin a gcliaint ag déileáil ar a gcuntas féin agus a ndéileáil thar ceann cliant. Ba cheart go léireofaí i nochtadh na n-eochairtháscairí feidhmíochta do dhéileáil ar a chuntas féin an cion d’iomlán na sócmhainní atá comhdhéanta de shócmhainní a bhaineann le gníomhaíocht atá ailínithe le Tacsanomaíocht. Ba cheart go ndíreodh an táscaire sin ar infheistíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear urrúis fiachais agus ionstraimí cothromais in institiúidí infheistiúcháin. Ba cheart go mbeadh an t-eochairtháscaire feidhmíochta le haghaidh inbhuanaitheacht chomhshaoil seirbhísí agus gníomhaíochta gnólachtaí infheistíochta thar ceann a gcliant ar fad bunaithe ar an ioncam i bhfoirm táillí, coimisiúin agus tairbhí airgeadúla eile a chothaíonn gnólachtaí infheistíochta ó na seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanann siad dá gcliaint. |
|
(10) |
Na heochairtháscairí feidhmíochta le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, ba cheart go ngabhfaidís a ngníomhaíochtaí frithgheallta neamhshaoil agus a mbeartas infheistíochta atá mar chuid dá samhail ghnó chun a léiriú a mhéid atá na gníomhaíochtaí sin ailínithe le Tacsanomaíocht. Ba cheart go mbainfeadh eochairtháscaire feidhmíochta amháin le beartas infheistíochta na ngnóthas árachais agus athárachais sin le haghaidh cistí bailithe óna ngníomhaíochtaí frithgheallta agus ba cheart go léireodh sé an cion de shócmhainní atá infheistithe i ngníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht ina sócmhainní foriomlána. Ba cheart go mbainfeadh táscaire eile leis na gníomhaíochtaí frithgheallta iad féin agus go léireoidís an cion de na gníomhaíochtaí frithgheallta neamhshaoil foriomlána atá comhdhéanta de ghníomhaíochtaí frithgheallta neamhshaoil a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus a fheidhmítear i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (3) (“Gníomh Tarmligthe Aeráide”). |
|
(11) |
Gnóthais airgeadais atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, níor cheart go gcuirfí san áireamh iontu risíocht ar gnóthais neamhairgeadais, nó infheistíochtaí iontu, nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE i ríomh uimhreoir na n-eochairtháscairí feidhmíochta. Féadfar cuimsiú neamhchosaintí den sórt sin san uimhreoir a mheas tráth an athbhreithnithe ar an nGníomh Tarmligthe seo, gníomh a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis. D’fhéadfadh na gnóthais neamhairgeadais sin cinneadh a dhéanamh fós a n-eochairtháscairí feidhmíochta a nochtadh go deonach, chun rochtain a fháil ar airgeadas atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar chuid de scéimeanna éicilipéadaithe sonracha agus táirgí airgeadais inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, nó mar chuid dá straitéis ghnó foriomlán bunaithe ar inbhuanaitheacht chomhshaoil. |
|
(12) |
I bhfianaise theacht i bhfeidhm agus chur i bhfeidhm an Ghnímh Tharmligthe Aeráide faoi dheireadh 2021 agus deacrachtaí ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh gníomhaíochtaí eacnamaíocha in 2022 mar aon le critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin don bhliain tuairiscithe roimhe sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo in 2022 a theorannú do ghnéithe áirithe agus do thuairisciú cáilíochtúil, agus beidh feidhm ag na forálacha eile ón 1 Eanáir 2023 i gcás gnóthas neamhairgeadais agus ón 1 Eanáir 2024 i gcás gnóthas airgeadais. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag eochairtháscairí feidhmíochta institiúidí creidmheasa a bhaineann lena leabhar trádála agus lena gcoimisiún agus táillí le haghaidh seirbhísí agus gníomhaíochtaí tráchtála eile seachas maoiniú a sholáthar ón 1 Eanáir 2026. |
|
(13) |
I ngeall ar an easpa modheolaíochta ríomha iomchuí atá ann faoi láthair, ba cheart risíochtaí ar rialtais láir, ar bhainc cheannais agus ar eisitheoirí fornáisiúnta a eisiamh ó ríomh uimhreor agus ainmneoir na n-eochairtháscairí feidhmíochta. Féadfaidh gnóthais airgeadais, ar bhonn deonach, faisnéis a sholáthar maidir le risíochtaí ar bhannaí atá ailínithe le tacsanomaíocht agus ar urrúis fiachais atá ailínithe le tacsanomaíocht arna n-eisiúint ag rialtais láir, ag bainc cheannais nó ag eisitheoirí fornáisiúnta. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh faoin 30 Meitheamh 2024 agus ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht risíochtaí den sórt sin a áireamh sna heochairtháscairí feidhmíochta. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “cuspóir comhshaoil” ceann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(2) |
ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le Tacsanomaíocht” gníomhaíocht eacnamaíoch atá comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(3) |
ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach” gníomhaíocht eacnamaíoch atá comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(4) |
ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin” gníomhaíocht eacnamaíoch atá comhlíontach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(5) |
Ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch incháilithe don tacsanomaíocht” gníomhaíocht eacnamaíoch a ndéantar cur síos uirthi sna gníomhartha tarmligthe ar glacadh leo de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), and Airteagal 15(2), de Rialachán (AE) 2020/852, gan beann ar cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann gníomhaíocht eacnamaíoch aon cheann de na critéir scagtha theicniúla, nó iad ar fad, critéir a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin; |
|
(6) |
Ciallaíonn “gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht” gníomhaíocht eacnamaíoch nach ndéantar cur síos uirthi sna gníomhartha tarmligthe ar glacadh leo de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2), de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(7) |
ciallaíonn “bainisteoir sócmhainní” gnóthas atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE agus áirítear ann ceachtar díobh seo a leanas:
|
|
(8) |
ciallaíonn “gnóthas airgeadais” gnóthas atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE agus is bainisteoir sócmhainní, institiúid creidmheasa é mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) nó gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE; |
|
(9) |
ciallaíonn “gnóthas neamhairgeadais” gnóthas atá faoi réir na n-oibleagáidí nochta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE agus nach gnóthas airgeadais é, faoi mar a shainítear é i bpointe(8); |
|
(10) |
ciallaíonn “gníomhaíocht árachais nó athárachais ailínithe le Tacsanomaíocht” gníomhaíocht árachais nó athárachais a chomhlíonann na gcritéar a leagtar síos i Ranna 10.1 agus 10.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139. |
Airteagal 2
Nochtuithe ag gnóthais neamhairgeadais
1. Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8, míreanna 1 agus 2, de Rialachán (AE) 2020/852 mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Nochtuithe ag bainisteoirí sócmhainní
1. Nochtfaidh bainisteoirí sócmhainní an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852 mar a shonraítear in Iarscríbhinní III agus XI a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Nochtuithe ag institiúidí creidmheasa
1. Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852 mar a shonraítear in Iarscríbhinní V agus XI a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 5
Nochtuithe ag gnólachtaí infheistíochta
1. Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852 mar a shonraítear in Iarscríbhinní VII agus XI a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 6
Nochtuithe ag gnóthais árachais agus athárachais
1. Nochtfaidh gnóthais árachais agus athárachais an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852 mar a shonraítear in Iarscríbhinní IX agus XI a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i láthair i bhformáid tábla trí leas a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 7
Rialacha nochta is coiteann do gach gnóthas airgeadais
1. Eisiafar na risíochtaí ar rialtais láir, bainc cheannais agus eisitheoirí fornáisiúnta ó ríomh an uimhreora agus ainmneora eochairhtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais.
2. Eisiafar díorthaigh ó uimhreoir agus ainmneoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais.
3. Na risíochtaí ar ghnóthais nach bhfuil faoi réir oibleagáide faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, eisiafar iad ó uimhreoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais.
4. Gan dochar do mhír 1, bannaí nó urrúis fiachais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun gníomhaíochtaí sonracha sainaitheanta a mhaoiniú arna n-eisiúint ag gnóthas institiúide infheistiúcháin, áireofar in uimhreoir na n-eochairtháscairí feidhmíochta suas go dtí luach iomlán na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht, ar gníomhaíochtaí iad atá á maoiniú ag fáltais airgeadais na mbannaí agus na n-urrús fiachais sin, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag an gnóthas na hinstitiúide infheistiúcháin.
Na risíochtaí nach é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí sonracha arna sainaithint a mhaoiniú, áireofar san uimhreoir iad, uimhreoir arna ualú ag KPI láimhdeachas agus CapEx KPI an eisitheora i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos in Iarscríbhinní III, V, VII, agus IX.
I gcás inar eisigh gnóthas infheistíochta na bannaí nó na hurrúis fiachais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun gníomhaíochtaí sonracha arna sainaithint a mhaoiniú, déanfaidh na gnóthais airgeadais KPI ghnóthais na hinstitiúide infheistiúcháin a lascainiú dá réir sin chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
5. I gcás ina ndéantar na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 a leasú, iasachtaí sainchuspóra agus na hionstraimí dá dtagraítear i mír 4 atá i seilbh gnóthas airgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí nó sócmhainní eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht, in éagmais ailíniú na ngníomhaíochtaí nó na sócmhainní eacnamaíocha arna maoiniú leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe, déanfar iad a thuairisciú mar iasachtaí nó sócmhainní sainchuspóra faoin Rialachán seo go ceann cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe lena leasaítear na critéir scagtha theicniúla sin.
6. Déanfaidh gnóthais airgeadais foráil maidir le miondealú in uimhreoir, i gcás is infheidhme, agus in ainmneoir na n-eochairtháscairí feidhmíochta le haghaidh an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
risíochtaí ar ghnóthais neamhairgeadais agus infheistíochtaí iontu; |
|
(b) |
risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus infheistíochtaí iontu; |
|
(c) |
risíochtaí ar ghnóthais neamhairgeadais agus infheistíochtaí iontu atá bunaithe san Aontas nach bhfuil faoi réir oibleagáide ráiteas neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE; |
|
(d) |
risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus infheistíochtaí iontu nach bhfuil faoi réir oibleagáide ráiteas neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE dá dtagraítear i mír 2; |
|
(e) |
risíochtaí ar ghnóthais neamhairgeadais agus infheistíochtaí iontu atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil faoi réir oibleagáide ráiteas neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE; |
|
(f) |
risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus infheistíochtaí iontu dá dtagraítear atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil faoi réir oibleagáide ráiteas neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE; |
|
(g) |
risíochtaí ar dhíorthaigh agus infheistíochtaí iontu; |
|
(h) |
risíochtaí agus infheistíochtaí eile. |
7. Féadfaidh gnóthais airgeadais úsáid a bhaint as meastacháin chun measúnú a dhéanamh ar an ailíniú le Tacsanomaíocht maidir lena risíocht ar ghnóthais dá dtagraítear i mír (6), pointí (e) agus (f), i gcás ina bhfuil na gnóthais airgeadais sin in ann comhlíonadh gach critéar d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 a léiriú, seachas na critéir a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (b) den Rialachán sin.
Déanfaidh gnóthais airgeadais an mhodheolaíocht ar a bhfuil na meastacháin sin bunaithe a chur ar bhonn foirmiúil, a dhoiciméadú agus a phoibliú, lena n-áirítear an cur chuige agus an mhodheolaíocht taighde, na príomhthoimhdí agus na prionsabail réamhchúraim a úsáideadh.
Nochtfaidh gnóthais airgeadais an méid seo a leanas:
|
(a) |
cion na risíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht bunaithe ar mheastacháin ar leithligh óna n-eochairtháscairí feidhmíochta arna nochtadh de bhun an Rialacháin seo; |
|
(b) |
na bearta a glacadh agus an tréimhse ama is gá chun a léiriú go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán (AE) 2020/852. |
Airteagal 8
Rialacha maidir le nochtadh is coiteann do ghnóthais airgeadais agus gnóthais neamhairgeadais
1. Áireoidh gnóthais airgeadais agus gnóthais neamhairgeadais gach nochtadh breise a ghabhann leis na heochairtháscairí feidhmíochta a leagtar síos in Iarscríbhinní I, III, V, VII, XI sna codanna céanna den ráiteas neamhairgeadais ina bhfuil na táscairí sin, nó soláthróidh siad crostagairtí chuig na páirteanna den ráitis neamhairgeadais ina bhfuil na táscairí sin.
2. Faisnéis a nochtfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, cumhdóidh sí an tréimhse bhliantúil tuairiscithe ón mbliain féilire roimhe sin i leith dháta an nochta.
3. Soláthróidh gnóthais airgeadais agus gnóthais neamhairgeadais sa ráiteas neamhairgeadais na heochairtháscairí feidhmíochta a chumhdaíonn an tréimhse tuairiscithe bhliantúil a bhí ann roimhe sin.
Chun críocha na míre seo, cumhdóidh an chéad tréimhse bhliantúil tuairiscithe an bhliain 2023.
4. Beidh an t-airgeadra céanna á úsáid ag gnóthais airgeadais agus gnóthais neamhairgeadais ina nochtuithe agus ina ráitis airgeadais.
Bainfidh gnóthais airgeadais úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus as eochairtháscairí feidhmíochta a gcontrapháirtithe chun a n-eochairtháscairí feidhmíochta féin a ríomh.
5. Ní chumhdóidh na heochairtháscairí airgeadais ach na cuspóirí maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide go dtí 2 mhí dhéag tar éis dháta chur i bhfeidhm na rialachán tarmligthe ina bhfuil na critéir scagtha theicniúla le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil eile arna nglacadh de bhun Airteagail 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 9
Athbhreithniú
1. Faoin 30 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún measúnú go háirithe ar an ngá atá le haon leasú breise maidir leis an méid a leanas a áireamh:
|
(a) |
risíochtaí ar rialtais láir agus bainc cheannais in uimhreoir agus ainmneoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais; |
|
(b) |
risíochtaí ar ghnóthais nach bhfoilsíonn ráiteas neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE in uimhreoir agus ainmneoir eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais. |
2. Beidh measúnú tionchair ag gabháil leis an athbhreithniú ar risíochtaí FBM ina ndéanfar measúnú ar an ualach riaracháin, rochtain ar mhaoiniú agus tionchair ionchasach ar FBManna mar gheall ar shíneadh féideartha chun risíochtaí FBManna a chumhdach nach bhfuil cumhdaithe faoin Rialachán Tarmligthe nó soláthróidh siad an fhaisnéis sin go deonach.
3. Na risíochtaí ar ghnóthais agus na hinfheistíochtaí iontu nach bhfoilsíonn faisnéis neamhairgeadais de bhun Airteagail 19ú agus 29ú de Threoir 2013/34/AE agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, ach a sholáthraíonn faisnéis choibhéiseach den sórt sin go deonach, féadfar iad a áireamh ar uimhreoirí eochairtháscairí feidhmíochta gnóthas airgeadais ón 1 Eanáir 2025 faoi réir measúnú dearfach dá dtagraítear i mír (2).
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022, ní nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais ach an cion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht agus gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht ina láimhdeachas iomlán, ina gcaiteachas caipitiúil agus oibríochtúil agus an fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear i Roinn 1.2. d’Iarscríbhinn I, faisnéis atá ábhartha maidir leis an nochtadh sin.
3. Ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023, ní nochtfaidh gnóthais airgeadais ach an méid a leanas:
|
(a) |
an cion dá sócmhainní iomlána ar risíochtaí iad ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht agus atá incháilithe don Tacsanomaíocht; |
|
(b) |
cion na risíochtaí ina sócmhainní iomlána dá dtagraítear in Airteagal 7, míreanna 1 agus 2; |
|
(c) |
cion na risíochtaí ina sócmhainní iomlána dá dtagraítear in Airteagal 7(3); |
|
(d) |
an fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI. |
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa freisin an cion dá bpunann trádála agus ar iarratas na hiasachtaí idirbhainc ina sócmhainní iomlána.
Nochtfaidh gnóthais árachais agus athárachais freisin cion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha árachais neamhshaoil atá incháilithe don Thacsanomaíocht agus neamhcháilithe don Tacsanomaíocht.
4. Eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas neamhairgeadais, lena n-áirítear aon fhaisnéis a ghabhann leo atá le nochtadh de bhun Iarscríbhinn I agus II den Rialacháin seo, nochtfar iad ón 1 Eanáir 2023.
5. Eochairtháscairí feidhmíochta na ngnóthas airgeadais, lena n-áirítear aon fhaisnéis a ghabhann leo atá le nochtadh de bhun Iarscríbhinní III, V, VII, IX, XI den Rialacháin seo, nochtfar iad ón 1 Eanáir 2024.
Beidh feidhm ag Ranna 1.2.3. agus 1.2.4. d’Iarscríbhinn V ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(2) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).
(4) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(5) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(7) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
KPINNA GNÓTHAS NEAMHAIRGEADAIS
1. Ábhar KPInna le nochtadh ag gnóthais neamhairgeadais
1.1. Sonraíocht ar eochairtháscairí feidhmíochta (KPI)
1.1.1.
Ríomhfar cion an láimhdeachais dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2020/852 mar chuid den ghlanláimhdeachas a dhíorthaítear ó tháirgí nó seirbhísí, lena n-áirítear nithe intadhaill, a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht (uimhreoir) roinnte ar ghlanláimhdeachas (ainmneoir) mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir 2013/34/AE. Cumhdóidh an láimhdeachas an t-ioncam aitheanta de bhun Chaighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta (IAS) 1, mír 82(a) mar a glacadh le Rialachán (CE) 1126/2008 ón gCoimisiún (1).
Eiseoidh KPI dá dtagraítear sa chéad fhomhír óna uimhreoir an chuid den ghlanláimhdeachas a dhíorthaítear ó tháirgí agus seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha oiriúnaithe don athrú aeráide i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2020/852 agus i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabahnn le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 murab amhlaidh an méid a leanas sna gníomhaíochtaí sin:
|
(a) |
go gcáilíonn siad amhail gníomhaíochtaí cumasúcháin i gcomhréir le hAirteagal 11(1), pointe (b) de Rialachán 2020/852; nó |
|
(b) |
go bhfuil siad ailínithe le Tacsanomaíocht iad féin. |
1.1.2.
Ríomhfar cion CapEx dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 mar an t-uimhreoir roinnte ar an ainmneoir mar a shonraítear i bpointí 1.1.2.1. agus 1.1.2.2. den Iarscríbhinn seo.
1.1.2.1. Ainmneoir
Cumhdóidh an t-ainmneoir breiseanna le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe i rith na bliana airgeadais arna mbreithniú roimh dhímheas, amúchadh agus aon atomhais, lena n-áirítear iad siúd atá mar thoradh ar athluachálacha agus laguithe, don bhliain airgeadais ábhartha agus seachas athruithe ar luach cóir. Cumhdóidh an t-ainmneoir freisin breiseanna le sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe mar thoradh ar chomhcheangail idir gnólachtaí.
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais ag cur na gcaighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta (IFRS) chun feidhme ar glacadh leo le Rialachán (CE) 1126/2008, cumhdóidh CapEx na costais a ndéantar cuntasaíocht orthu bunaithe ar:
|
(a) |
IAS 16 Maoin, Gléasra agus Trealamh, míreanna 73, (e), pointí (i) agus (iii); |
|
(b) |
IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe, mír 118, (e), pointe (i); |
|
(c) |
IAS 40 Maoin Infheistíochta, mír 76, pointí (a) agus (b) (don tsamhail chóirluacha); |
|
(d) |
IAS 40 Maoin Infheistíochta, mír 79(d), pointí (i) agus (ii) (don tsamhail chostais); |
|
(e) |
IAS 41 Talmhaíocht, mír 50, pointí (b) agus (e); |
|
(f) |
IFRS 16 Léasanna, mír 53, pointe (h). |
Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais a chuireann na prionsabail chuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glacadh leo go ginearálta (GAAP) chun feidhme, cumhdóidh CapEx na costais a ndéantar cuntasaíocht orthu faoi GAAP is infheidhme a chomhfhreagraíonn do na costais a áirítear sa chaiteachas caipitiúil ag gnóthais neamhairgeadais a chuireann IFRS chun feidhme.
Na léasanna nach bhfuil aithint cirt úsáide ar an tsócmhainn mar thoradh orthu, ní chomhairfear mar CapEx iad.
1.1.2.2. Uimhreoir
Tá an t-uimhreoir cothrom leis an gcuid den chaiteachas caipitiúil a áirítear san ainmneoir, ar ceann é den mhéid seo a leanas:
|
(a) |
tá baint aige le sócmhainní nó próisis a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht; |
|
(b) |
tá sé ina chuid de phlean chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú nó le ceadú do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht (“plean CapEx”) faoi na coinníollacha a sonraítear sa dara fomhír den phointe seo 1.1.2.2.; |
|
(c) |
bainteach le ceannach nó aschur ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht agus bearta aonair a chuireann ar chumas na ngníomhaíochtaí a bheith íseal ó thaobh carbóin de nó go mbeidh laghdú ann i ngáis cheaptha teasa mar gheall orthu, go háirithe gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí 7.3 go 7.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide, chomh maith le gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile a liostaítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2), 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ar choinníoll go gcuirtear na bearta sin chun feidhme agus go mbeidh siad oibríochtúil laistigh de 18 mí. |
An plean CapEx dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo 1.1.2.2., comhlíonfaidh sé na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
Is é is aidhm don phlean gníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghnóthais atá ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú amach nó na gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht a uasghrádú ionas go mbeidh siad ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh de thréimhse cúig bliana; |
|
(b) |
nochtfar an plean ar leibhéal na gníomhaíochta comhiomlána agus is é comhlacht bainistíochta na ngnóthas neamhairgeadais a dhéanfar é a fhormheas go díreach nó trí tharmligean. |
I gcás ina ndéantar na critéir scagtha theicniúla a leasú sula gcríochnaítear plean CapEx, tabharfaidh gnóthais neamhairgeadais an plean cothrom le dáta laistigh de dhá bhliain chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a) ailínithe leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe ar chríochnú an phlean nó ainmneoir KPI CapEx a athrá. Le tabhairt cothrom le dáta an phlean, cuirfear tús arís leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a). An tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír den phointe seo 1.1.2.2., ní fhéadfaidh sí cúig bliana a shárú ach amháin i gcás ina bhfuil údar oibiachtúil le tréimhse níos faide mar gheall ar ghnéithe sonracha den ghníomhaíocht eacnamaíoch agus an t-uasghrádú lena mbaineann, gan uastréimhse 10 mbliana a shárú. Beidh an t-údar sin le feiceáil sa phlean CapEx féin agus san fhaisnéis chomhthéacsúil a leagtar amach faoi phointe 1.2.3. den Iarscríbhinn seo.
I gcás nach gcomhlíonann plean CapEx na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír den phointe seo 1.1.2.2., déanfar KPI a bhaineann le caiteachas caipitiúil a foilsíodh roimhe a athrá.
Beidh san uimhreoir freisin an chuid sin de CapEx le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide seo. Déanfar foráil san uimhreoir maidir le miondealú don chuid de CapEx a leithdháiltear do rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide.
1.1.3.
Ríomhfar cion OpEx dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2020/852 mar an t-uimhreoir roinnte ar an ainmneoir mar a shonraítear bpointí 1.1.3.1. agus 1.1.3.2. den Iarscríbhinn seo.
1.1.3.1. Ainmneoir
Cumhdóidh an t-ainmneoir costais neamhchaipitlithe dhíreacha a bhaineann le taighde agus forbairt, bearta athchóirithe foirgneamh, léas gearrthéarmach, cothabháil agus deisiúchán, agus aon chaiteachais dhíreacha eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil sócmhainní maoine, gléasra agus trealamh de chuid an ghnóthais nó an tríú páirtí ar chucu a dhéantar gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú, gníomhaíochtaí is gá lena áirithiú go bhfeidhmeoidh na sócmhainní sin go leanúnach agus go héifeachtach.
Áireoidh gnóthais neamhairgeadais a chuireann GAAP náisiúnta i bhfeidhm agus nach bhfuil ag caipitliú sócmhainní ceart úsáide costais léasa in OpEx chomh maith leis na costais a liostaítear sa chéad fhomhír de phointe 1.1.3.1. den Iarscríbhinn seo.
1.1.3.2. Uimhreoir
Tá an t-uimhreoir cothrom leis an gcuid den chaiteachas oibríochtúil a áirítear san ainmneoir, ar ceann é den mhéid seo a leanas:
|
(a) |
bainteach le sócmhainní nó próisis a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, lena n-áirítear oiliúint agus riachtanais oiriúnaithe acmhainní daonna eile, agus costais neamhchaipitlithe dhíreacha a sheasann don taighde agus don fhorbairt; |
|
(b) |
mar chuid den phlean CapEx chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht a leathnú nó le ceadú do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh de thráthchlár a leagtar amach sa dara fomhír den phointe seo 1.1.3.2; |
|
(c) |
tá baint aige le bearta aonair a chuireann ar chumas na spriocghníomhaíochtaí a bheith íseal ó thaobh carbóin de nó go mbeidh laghdú ann i ngáis cheaptha teasa mar gheall orthu chomh maith le bearta athchóirithe foirgneamh aonair mar a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ar choinníoll go gcuirtear na bearta sin chun feidhme agus go mbeidh siad oibríochtúil laistigh de 18 mí. |
An plean CapEx dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo 1.1.3.2., comhlíonfaidh sé na coinníollacha a sonraítear i bpointe 1.1.2.2. den Iarscríbhinn seo.
Ní chomhairfear costais taighde agus forbartha a dtugtar cuntas orthu cheana in KPI CapEx mar OpEx.
Áireofar san uimhreoir freisin an chuid de OpEx chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a oiriúnú don athrú aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide. Déanfar foráil san uimhreoir maidir le miondealú don chuid de OpEx a leithdháiltear do rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide.
I gcás nach bhfuil an caiteachas oibríochtúil ábhartha le haghaidh shamhail gnó na ngnóthas neamhairgeadais, déanfar an méid seo a leanas maidir leis na gnóthais sin:
|
(a) |
díolmhófar iad ó ríomh uimhreoir KPI OpEX i gcomhréir le pointe 1.1.3.2 agus nochtfar an t-uimhreoir a bheith cothrom le nialas; |
|
(b) |
nochtfar luach iomlán ainmneoir OpEX arna ríomh i gcomhréir le pointe 1.1.3.1; |
|
(c) |
easpa ábharthachta caiteachais oibríochtúla a mhíniú ina samhail gnó. |
1.2. Sonraíochtaí nochtuithe a ghabhann le KPInna gnóthas neamhairgeadais
Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an fhaisnéis a leanas a ghabhann le KPInna ábhartha.
1.2.1.
Míneoidh gnóthais neamhairgeadais:
|
(a) |
an chaoi ar cinneadh láimhdeachas, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil agus ar leithdháileadh don uimhreoir iad; |
|
(b) |
an bunús ar ar ríomhadh láimhdeachas, caiteachas caipitiúil agus caiteachas oibríochtúil, lena n-áirítear aon mheasúnú ar leithdháileadh ioncam nó caiteachas ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla. |
Le haghaidh láimhdeachais agus caiteachas caipitiúil, áireodh gnóthais neamhairgeadais tagairtí do na míreanna líne gaolmhara sna ráitis neamhairgeadais;
I gcás inar athraigh cur i bhfeidhm aon ríomha ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin, míneoidh gnóthais neamhairgeadais an chúis a mbeidh faisnéis iontaofa agus ábhartha mar thoradh ar na hathruithe sin agus go soláthróidh siad figiúirí inchomparáide athshonraithe.
Nochtóidh gnóthais neamhairgeadais aon athrú ábhatha a tharla i rith na tréimhse tuairiscithe i ndáil le cur chun feidhme na bpleananna CapEx mar a nochtadh i gcomhréir le pointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo. Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais na nithe a leanas ar fad:
|
(a) |
na hathruithe ábhartha a tharla sa phlean CapEx agus na cúiseanna leis na hathruithe sin; |
|
(b) |
an tionchar a bhíonn ag na hathruithe sin ar an gcumas do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha an ghnóthais a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht agus ar an tréimhse ama ina bhfuiltear ag súil go dtarlóidh sé sin; |
|
(c) |
athráiteas KPI CapEx agus OpEx do gach bliain tuairiscithe roimhe sin a chumhdaíonn an plean pé uair a bhí tionchar ag athruithe ar an bplean ar KPInna mar sin. |
1.2.2.
1.2.2.1. Faisnéis maidir le measúnú ar chomhlíontacht le Rialachán (AE) 2020/852
Déanfaidh gnóthais neamhairgeadais an méid a leanas:
|
(a) |
tabharfaidh siad tuairisc ar a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht agus ailínithe le Tacsanomaíocht, trí thagairt do na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(3), Airteagal 11(3), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2), Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852; |
|
(b) |
míneoidh siad an chaoi a ndearna siad measúnú ar chomhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 agus na critéir scagtha theicniúla lena mbaineann a áirítear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (a); |
|
(c) |
míneoidh siad an chaoi ar sheachain siad aon chomhaireamh dúbailte i leithdháileadh uimhreora KPInna láimhdeachais, CapEx agus OpEx thar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha. |
1.2.2.2. Ranníocaíocht le cuspóirí iolracha
I gcás ina gcuireann gníomhaíocht eacnamaíoch le roinnt cuspóirí comhshaoil, déanfaidh gnóthais neamhairgeadais an méid seo a leanas:
|
(a) |
léireoidh siad comhlíontacht leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, go háirithe na critéir scagtha theicniúla i ndáil le roinnt cuspóirí comhshaoil; |
|
(b) |
nochtfaidh siad an láimhdeachas, CapEx agus OpEx ón ngníomhaíocht sin amhail ag rannchuidiú le roinnt cuspóirí comhshaoil; |
|
(c) |
ní chomhairfidh siad ach uair amháin an láimhdeachas ón ngníomhaíocht sin in uimhreoir KPInna i bpointe 1.1 den Iarscríbhinn chun comhaireamh dúbailte a sheachaint. |
1.2.2.3. Dí-chomhiomlánú KPInna
I gcás ina bhfuil dí-chomhiomlánú le déanamh ar KPInna le haghaidh gníomhaíocht eacnamaíoch, go háirithe i gcás ina n-úsáidtear saoráidí táirgthe ar bhealach comhtháite, áiritheoidh gnóthais neamhairgeadais:
|
(a) |
go mbíonn aon dí-chomhiomlánú bunaithe ar chritéir atá iomchuí don phróiseas táirgthe atá á chur i bhfeidhm agus go léiríonn sé sainiúlachtaí teicniúla an phróisis sin; |
|
(b) |
go soláthraítear faisnéis iomchuí a ghabhann le KPInna maidir le bunús dí-chomhiomlánaithe den sórt sin. |
1.2.3.
Míneoidh gnóthais neamhairgeadais figiúirí gach KPI agus na cúiseanna le haon athruithe sna figiúirí sin sa tréimhse tuairiscithe.
Féadfaidh gnóthais neamhairgadais KPInna breise a nochtadh bunaithe ar láimhdeachas, Capex, Opex) lena n-áirítear infheistíochtaí i gcothromas a bhfuil cuntas déanta orthu i gcomhfhiontair, de bhun IFRS 11 nó IAS28, ar bhonn pro rata a gcomhfhreagraíonn dá sciar siúd i gcothromas an chomhfhiontair.
1.2.3.1. Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI láimhdeachais
Soláthróidh gnóthais neamhairgeadais na nithe a leanas ar fad:
|
(a) |
miondealú cainníochtúil ar an uimhreoir d’fhonn príomhspreagaithe an athraithe in KPI láimhdeachais i rith na tréimhse tuairiscithe a léiriú, amhail ioncam ó chonarthaí le custaiméirí, ioncam ó léasanna, nó foinsí eile ioncaim; |
|
(b) |
faisnéis faoi na méideanna a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht arna saothrú le haghaidh úsáid inmheánach na ngnóthas neamhairgeadais féin; |
|
(c) |
míniúchán cáilíochtúil ar phríomhghnéithe athraithe in KPI láimhdeachais i rith na tréimhse tuairiscithe. |
Na gnóthais neamhairgeadais a bhfuil bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó urrúis fiachais eisithe acu, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí sonracha a mhaoiniú atá ailínithe le tacsanomaíocht agus arna sainaithint, nochtfaidh siad freisin KPI an láimhdeachais arna choigeartú chun comhaireamh dúbailte a sheachaint.
1.2.3.2. Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI CapEx
Soláthróidh gnóthais neamhairgeadais miondealú cainníochtúil ar leibhéal comhiomlánaithe na gníomhaíochta eacnamaíche ar na méideanna a áirítear in uimhreoir agus míniúchán cáilíochtúil na bpríomhghnéithe athraithe in KPI CapEx i rith na tréimhse tuairiscithe. Nochtfar na nithe a leanas ar fad sa mhiondealú sin:
|
(a) |
comhiomlánú de bhreiseanna le réadmhaoin, gléasra agus trealamh, le sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach, lena n-áirítear i gcumasc gnó nó a gabhadh, le réadmhaoin infheistíochta nó arna n-aithint sa tsuim ghlanluacha agus, i gcás inarb infheidhme le sócmhainní ceart úsáide caipitlithe; |
|
(b) |
comhlánú de bhreiseanna a bhaineann le héadálacha trí chomhcheangail ghnó; |
|
(c) |
comhiomlánú de chostais a tabhaíodh i ndáil le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht agus costais a tabhaíodh mar chuid de phlean CapEx dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. Den Iarscríbhinn seo. |
Nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an phríomhfhaisnéis maidir le gach ceann dá bpleananna CapEx dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. Den Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:
|
(a) |
na cuspóirí comhshaoil á saothrú; |
|
(b) |
na gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann; |
|
(c) |
gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha; |
|
(d) |
an tréimhse ama faoina bhfuiltear ag súil go leathnófar gach gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le Tacsanomaíocht nó faoina bhfuiltear ag súil go mbeidh gach gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le Tacsanomaíocht, lena n-áirítear, maidir leis an tréimhse ina bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch chun a bheith ailínithe le Tacsanomaíocht, sa chás go sáróidh sí tréimhse ama cúig bliana, ní mór réasúnú oibiachtúil den tréimhse níos faide sin, bunaithe ar ghnéithe sonracha na gníomhaíochta eacnamaíche agus an uasghrádaithe lena mbaineann; |
|
(e) |
an costas caipitiúil iomlán a bhfuiltear ag súil lena thabhú i rith na tréimhse tuairiscithe agus i rith thréimhse ama na bpleananna CapEx. |
Na gnóthais neamhairgeadais a bhfuil bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó urrúis fiachais eisithe acu, arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí sonracha a mhaoiniú atá ailínithe le tacsanomaíocht agus arna sainaithint, nochtfaidh siad freisin KPI CapEx arna choigeartú le haghaidh an chaiteachais chaipitiúil atá ailínithe don tacsanomaíocht arna mhaoiniú ag bannaí den sórt sin nó ag urrúis fiachais.
1.2.3.3. Faisnéis chomhthéacsúil maidir le KPI OpEx
Soláthróidh gnóthais neamhairgeadais na nithe a leanas ar fad:
|
(a) |
miondealú cainníochtúil ar an uimhreoir (caiteachas oibríochtúil arna chinneadh i gcomhréir le pointe 1.1.3.2. Den Iarscríbhinn seo) chun príomhghnéithe an athraithe in KPI OpEx i rith na tréimhse tuairiscithe a léiriú; |
|
(b) |
míniúchán cáilíochtúil ar na príomhghnéithe athraithe in KPI OpEx i rith na tréimhse tuairiscithe; |
|
(c) |
míniúchán ar na caiteachais eile a bhaineann le seirbhísiú laethúil míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealamh a áirítear i ríomh OpEx don uimhreoir agus don ainmneoir araon. |
I gcás ina bhfuil OpEx mar chuid de phlean CapEx dá dtagraítear i pointí 1.1.2.2. agus 1.1.3.2. Den Iarscríbhinn seo, nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais an phríomhfhaisnéis maidir le gach ceann dá bpleananna CapEx i gcomhréir le ceanglais phointe 1.2.3.2. den Iarscríbhinn seo.
2. Modheolaíocht chun KPInna le nochtadh ag gnóthais neamhairgeadais a thuairisciú
Beidh feidhm ag na ceanglais a leanas le haghaidh na nochtuithe faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/852:
|
(a) |
sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais gach gníomhaíocht eacnamaíoch, lena n-áirítear fothacar gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus cumasúcháin; |
|
(b) |
nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais KPInna le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíche agus KPInna iomlána le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíceh ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa ábhartha; |
|
(c) |
nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais KPInna a leagtar amach i bpointí 1.1.1., 1.1.2. agus 1.1.3. den Iarscríbhinn seo le haghaidh gach cuspóra comhshaoil agus KPInna iomlána le haghaidh gach cuspóra comhshaoil ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa thar na cuspóirí comhshaoil ar fad agus an comhaireamh dúbailte a sheachaint san am céanna; |
|
(d) |
sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais an cion ghníomhaíochtaí airgeadais ailínithe le Tacsanomaíocht agus an cion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht nach gcomhlíonann na critéir scagtha theicniúla. Laistigh de ghníomhaíocht eacnamaíoch incháilithe don Tacsanomaíocht, sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais an cion den ghníomhaíocht sin atá ailínithe le Tacsanomaíocht. |
|
(e) |
sainaithneoidh gnóthais neamhairgeadais gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht agus nochtfaidh siad an cion d’ainmneoir KPI láimhdeachais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa; |
|
(f) |
soláthrófar KPInna ag leibhéal an ghnóthais aonair i gcás nach n-ullmhaíonn an gnóthas sin ach ráitis airgeadais neamhairgeadais nó ag leibhéal an ghrúpa i gcás ina n-ullmhaíonn an gnóthas ráitis neamhairgeadais chomhdhlúite. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
TEIMPLÉID LE HAGHAIDH KPInna GNÓTHAS NEAMHAIRGEADAIS
Teimpléad: Cion an láimhdeachais ó tháirgí nó seirbhísí bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht – nochtadh a chumhdaíonn bliain N
Ba cheart Colún 21 a chomhlánú le haghaidh na ngníomhaíochtaí idirthréimhseacha a chuireann le maolú an athraithe aeráide.
Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear faoi A2, colúin 5 go 17, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais iad a líonadh isteach ar bhonn deonach
Teimpléad: Cion CapEx ó tháirgí nó seirbhísí bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht – nochtadh a chumhdaíonn bliain N
Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear faoi A2, colúin 5 go 17, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais iad a líonadh isteach ar bhonn deonach
Teimpléad: Cion OpEx ó tháirgí nó seirbhísí bainteach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht – nochtadh a chumhdaíonn bliain N
Maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear faoi A2, colúin 5 go 17, féadfaidh gnóthais neamhairgeadais iad a líonadh isteach ar bhonn deonach
IARSCRÍBHINN III
KPI BAINISTEOIRÍ SÓCMHAINNÍ
1. Ábhar KPI le nochtadh ag bainisteoirí sócmhainní
Ríomhfar KPI amhail an t-uimhreoir roinnte ar an ainmneoir mar a shonraítear i bpointí 1.1. agus 1.2. den Iarscríbhinn seo.
1.1. Uimhreoir
Beidh an t-uimhreoir comhdhéanta de mheánluach ualaithe na n-infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht de chuid na n-institiúidí infheistiúcháin. Bunófar meánluach ualaithe na n-infheistíochtaí ar an gcion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht na n-institiúidí infheistiúcháin arna dtomhas ag an méid a leanas:
|
(a) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais neamhairgeadais iad, KPInna láimhdeachais agus CapEx mar thoradh ar ríomh KPInna na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II; |
|
(b) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar bainisteoirí sócmhainní iad, KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx, mar thoradh ar ríomh KPInna institiúidí infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní III agus IV; |
|
(c) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar institiúidí creidmheasa iad, an cóimheas sócmhainne glaise bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx mar thoradh ar ríomh chóimheas sócmhainne glaise na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní V agus VI; |
|
(d) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnólachtaí infheistíochta iad, infheistíochtaí agus ioncaim, mar thoradh ar ríomh KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII i gcomhréir le cion na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí ag déileáil ar a gcuntas féin agus nach bhfuil ag déileáil ar a gcuntas féin in ioncam an ghnólachta infheistíochta; |
|
(e) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais árachais nó athárachais iad, infheistíochtaí, ollphréimheanna scríofa nó, de réir mar is infheidhme, ollioncam árachais, mar thoradh ar ríomh KPI infheistíocht bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx, arna gcomhcheangal, i gcás inarb ábhartha le frithghealladh KPI ghnóthas árachais agus athárachais na hinstitiúide infheistiúcháin neamhshaoil i gcomhréir leis na hIarscríbhinní IX agus X. |
Ceadóidh an ríomh do ghlanluacháil chun críocha chion na n-infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht a thuairisciú tríd an modheolaíocht a úsáidtear chun glansuíomhanna gearra a ríomh a leagtar síos in Airteagal 3, míreanna 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm (1).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo 1.1, urrúis fiachais arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí nó tionscadail shonracha arna sainaithint a mhaoiniú nó bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil arna n-eisiúint ag institiúid infheistiúcháin, áireofar iad san uimhreoir ar luach cothrom le luach na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht agus atá á maoiniú ag na bannaí agus na hurrúis fiachais sin, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag gnóthas na hinstitiúide infheistiúcháin.
1.2. Ainmneoir
Beidh an t-ainmneoir comhdhéanta de luach na Sócmhainní faoi Bhainistíocht (AuM) ar fad gan risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo mar thoradh ar ghníomhaíochtaí cnuasaitheacha agus aonair um bainistíocht punainne na mbainisteoirí sócmhainní.
Nochtfaidh bainisteoirí sócmhainní KPI bunaithe ar KPInna láimhdeachais na n-institiúidí infheistiúcháin agus KPI bunaithe ar KPI CapEx na n-institiúidí infheistiúcháin.
2. An mhodheolaíocht chun KPI atá le nochtadh ag bainisteoirí sócmhainní a ullmhú agus a thuairisciú
Chun críocha na nochtuithe faoi Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2020/852, déanfaidh bainisteoirí sócmhainní an méid a leanas:
|
(a) |
nochtfaidh siad KPInna le haghaidh gach cuspóra comhshaoil agus le haghaidh na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht comhiomlánaithe ar leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa ábhartha; |
|
(b) |
sainaithneoidh siad fothacar gníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus cumasúcháin agus nochtfaidh siad KPInna le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha comhiomlánaithe ag leibhéal an ghnóthais nó an ghrúpa; |
|
(c) |
déanfaidh siad foráil maidir le miondealú an uimhreora agus an ainmneora de réir chineál na hinfheistíochta; |
|
(d) |
nochtfaidh siad KPInna i ndáil le gníomhaíochtaí comhiomlánaithe incháilithe don tacsanomaíocht; |
|
(e) |
nochtfaidh siad cion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht laistigh de na sócmhainní faoi bhainistíocht; |
|
(f) |
cion infheistíochtaí iomlána na n-infheistíochtaí a nochtadh i risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo; |
|
(g) |
soláthróidh siad KPInna ag leibhéal an bhainisteora sócmhainní aonair i gcás nach n-ullmhaíonn an gnóthas sin ach ráitis airgeadais neamhairgeadais nó ag leibhéal an ghrúpa i gcás ina n-ullmhaíonn an gnóthas ráitis neamhairgeadais chomhdhlúite. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN IV
TEIMPLÉAD LE HAGHAIDH KPI BAINISTEOIRÍ SÓCMHAINNÍ
Teimpléad caighdeánach le haghaidh nochta a cheanglaítear faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 (bainisteoirí sócmhainní)
|
Meánluach ualaithe na n-infheistíochtaí ar fad atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI, leis na meáchain a leanas le haghaidh infheistíochtaí i ngnóthais de réir a bhfuil thíos: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar--CapEx: % |
Meánluach ualaithe na n-infheistíochtaí ar fad atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht, leis na meáchain a leanas le haghaidh infheistíochtaí i ngnóthais de réir a bhfuil thíos: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar--CapEx: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Céatadán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI i gcoibhneas le hinfheistíochtaí iomlána (AuM iomlán). Cé is moite d’infheistíochtaí in eintitis cheannasacha, cóimheas chumhdaigh % |
Luach airgeadaíochta sócmhainní a chumhdaítear faoin KPI. Cé is moite d’infheistíochtaí in eintitis cheannasacha. Cumhdach: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Nochtuithe comhlántacha, breise: miondealú ar ainmneoir KPI |
||||
|
Céatadán na ndíorthach i gcoibhneas le hiomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI. X % |
An luach i méideanna airgeadaíochta díorthach:. (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais AE nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Le haghaidh gnóthais airgeadais: |
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Le haghaidh gnóthais airgeadais: |
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Le haghaidh gnóthais airgeadais: |
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: X % |
Luach risíochtaí ar chontrapháirtithe eile: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: X % |
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don tacsanomaíocht: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don tacsanomaíocht, ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: X % |
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht, ach nach bhfuil ailínithe le tacsanomaíocht: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Nochtuithe comhlántacha, breise: miondealú ar uimhreoir KPI |
||||
|
Cion na risíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % Le haghaidh gnóthais airgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % |
Luach na risíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % |
Luach risíochtaí ar chontrapháirtithe eile atá ailínithe le tacsanomaíocht: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Miondealú ar uimhreoir KPI de réir an chuspóra comhshaoil |
||||
|
Gníomhaíochtaí atáailínithe le tacsanomaíocht –: |
||||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
IARSCRÍBHINN V
KPInna INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA
1. Ábhar KPInna le nochtadh ag institiúidí creidmheasa
1.1. Raon feidhme KPInna
1.1.1.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPInna ábhartha ar bhonn raon feidhme a gcomhdhlúthaithe stuamachta arna chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 2.
1.1.2.
Cumhdóidh ríomh an chóimheasa sócmhainne glaise (GAR) le haghaidh risíochtaí ar an gclár comhardaithe na catagóirí cuntasaíochta a leanas de shócmhainní airgeadais, lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais, sealúchais cothromais agus comhthaobhachtaí athshealbhaithe:
|
(a) |
sócmhainní airgeadais ar chostas amúchta; |
|
(b) |
sócmhainní airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile; |
|
(c) |
infheistíochtaí i bhfochuideachtaí |
|
(d) |
comhfhiontair agus comhlaigh; |
|
(e) |
sócmhainní airgeadais atá ainmnithe ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus sócmhainní airgeadais neamhthrádála a thomhaistear go héigeantach ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas; |
|
(f) |
comhthaobhachtaí réadmhaoine arna bhfáil ag institiúidí creidmheasa trí sheilbh a ghlacadh mar mhalairt ar chealú fiachas. |
Na risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo, eisiafar ó chumhdach GAR iad.
Eisiafar na sócmhainní a leanas ó uimhreoir GAR:
|
(a) |
sócmhainní airgeadais arna sealbhú le haghaidh trádála; |
|
(b) |
iasachtaí idirbhainc ar éileamh; |
|
(c) |
risíochtaí ar ghnóthais nach bhfuil d’oibleagáid orthu faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE. |
Breithneofar sa ríomh ar KPInna le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar ráthaíochtaí airgeadais arna ndeonú ag an institiúid creidmheasa agus sócmhainní faoi bhainistíocht le haghaidh gnóthais neamhairgeadais ráthaíochta agus institiúidí infheistiúcháin. Eisiafar risíochtaí eile lasmuigh den chlár comhardaithe amhail gealltanais ón ríomh sin.
1.2. Ábhar KPInna agus modheolaíocht
1.2.1.
Léireofar in GAR cion de cion shócmhainní na hinstitiúide creidmheasa a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht agus atá infheistithe iontu mar chion de shócmhainní cumhdaithe iomlána i gcomhréir le pointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo.
Beidh GAR bunaithe ar na risíochtaí agus an clár comhardaithe de réir raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 575/2013, Teideal II, Caibidil 2, Cuid 2 le haghaidh na gcineálacha sócmhainní agus punanna cuntasaíochta a shonraítear i bpointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear faisnéis ar stoc agus ar shreafaí, ar ghníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin, agus ar iasachtú speisialaithe agus ilchuspóireach.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa na nithe a leanas ar fad:
|
(a) |
an comhiomlán GAR le haghaidh sócmhainní cumhdaithe ar an gclár comhardaithe; |
|
(b) |
miondealú de réir chineál an chuspóra comhshaoil agus de réir chineál an chontrapháirtí. |
Beidh sainmhíniú KPInna bunaithe ar na comhpháirteanna seo a leanas:
|
(a) |
an t-uimhreoir, a chumhdóidh na hiasachtaí agus na hairleacain, na hurrúis fiachais, na cothromais agus na comhthaobhachtaí athshealbhaithe, a mhaoiníonn na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht bunaithe ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx na mbunsócmhainní; |
|
(b) |
an t-ainmneoir, a chumhdóidh na hiasachtaí agus na hairleacain iomlána, na hurrúis fiachais iomlána, na cothromais iomlána agus na comhthaobhachtaí athshealbhaithe iomlána agus gach sócmhainn cumhdaithe eile ar an gclár comhardaithe. |
Chomh maith le GAR, nochtfaidh institiúidí creidmheasa céatadán iomlán a sócmhainní atá eisiata ó uimhreoir GAR i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán seo agus pointe 1.1.2 den Iarscríbhinn seo.
1.2.1.1. GAR a bhfuil feidhm aige maidir le risíocht gnóthas neamhairgeadais
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa GAR le haghaidh stoc iasachtaí, urrúis fiachais agus sealúchais cothromais agus an sreabhadh le haghaidh iasachtú nua. Leanfaidh institiúidí creidmheasa na céimeanna a leanas chun GAR a ríomh le haghaidh gach cuspóra comhshaoil.
|
Cuspóirí comhshaoil |
An chéad chéim |
An dara céim |
Cóimheas sócmhainne glaise (GAR) |
|
Maolú an athraithe aeráide |
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir mhaolú an athraithe aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána le gnóthais neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile cumhdaithe ar an gclár comhardaithe |
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir mhaolú an athraithe aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha a chumhdaíonn an tacsanomaíocht le haghaidh chuspóir mhaolú an athraithe aeráide. |
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ar mhaithe leis an gcuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí agus airleacain/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile ar an gclár comhardaithe |
|
|
Lena n-áirítear: gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n-áirítear: gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n-áirítear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha Lena n-áirítear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha |
||
|
Stoc agus sreabhadh |
|||
|
Oiriúnú don athrú aeráide |
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht ar mhaithe leis an gcuspóir maidir le oiriúnú don athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile cumhdaithe ar an gclár comhardaithe |
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir oiriúnaithe don athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha a chumhdaíonn an tacsanomaíocht le haghaidh cuspóir oiriúnaithe don athrú aeráide. |
Cion iasachtaí agus airleacan/urrús fiachais/ionstraimí cothromais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ar mhaithe le cuspóir oiriúnaithe don athrú aeráide i gcomparáid le hiasachtaí agus airleacain/urrúis fiachais/ionstraimí cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais agus gach sócmhainn eile cumhdaithe ar an gclár comhardaithe |
|
|
Lena n-áirítear: gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin Lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiriúnaithe Lena n-áirítear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha |
||
|
Stoc agus sreabhadh |
|||
|
Gníomhaíochtaí comhshaoil eile |
Ba cheart na cóimheasa céanna le haghaidh gach ceann de na ceithre chuspóir comhshaoil eile a nochtadh, nuair atá na critéir scagtha sainmhínithe. Is é sin: úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint; an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach; cosc agus rialú ar thruailliú; bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú. |
||
|
|
|||
(i) GAR le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaithe do shealúchais cothromais na ngnóthas neamhairgeadais le haghaidh iasachtaí agus airleacain (GAR L&A)
Úsáidfidh agus nochtfaidh institiúidí creidmheasa na míreanna a leanas chun GAR a ríomh don chineál seo risíochtaí:
|
(1)(a) |
iasachtaí agus airleacain iomlána le gnóthais neamhairgeadais, lena n-áirítear iasachtaí agus airleacain arna n-aithint faoi na catagóirí cuntasaíochta dá dtagraítear i bpointe 1.2 den Iarscríbhinn seo, is é sin suim ghlanluacha chomhlán:
|
|
(1)(b) |
iasachtaí agus airleacain do ghnóthais neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht le haghaidh gach cuspóra lena n-áirítear suim ghlanluacha chomhlán iasachtaí agus airleacain sna catagóirí cuntasaíochta ábhartha i dtreo cuideachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht (i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cóid ceithre leibhéal Ainmníochta Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha (NACE)) ábhartha le haghaidh gach cuspóra comhshaoil. |
|
(1)(c) |
iasachtaí agus airleacain le gnóthais neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí atá ailínithe le tacsanomaíocht i ndáil le gach cuspóir comhshaoil, lena n-áirítear na hiasachtaí agus na hairleacain uile a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht, lena n-áirítear fothacair de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha idirthréimhseacha agus cumasúcháin. |
Ríomhfar an méid chun críche (1)(c) trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle 1(c) = (1)(c)(1) + (1)(c)(2) i gcás ina:
|
(1)(c)(1) |
léiriú is ea é ar iasachtaí agus airleacain i gcás ina bhfuil eolas ar úsáid na bhfáltas, lena n-áirítear iasachtú speisialaithe – iasachtaí maoinithe tionscadail dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún (1); |
|
(1)(c)(2) |
léiriú is ea é ar iasachtaí agus airleacain i gcás nach bhfuil eolas ar úsáid na bhfáltas (iasachtaí ginearálta). |
Chun críocha phointe (1)(c)(1), breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán na risíochtaí maoinithe tionscadail ar an ngnóthas neamhairgeadais a mhéid agus maidir leis an gcion a maoiníonn an tionscadal maoinithe gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le tacsanomaíocht. An measúnú maidir le cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh an ceanglas sin, bunófar é ar an bhfaisnéis a thugann an contrapháirtí faoin tionscadal nó faoi na gníomhaíochtaí ar maidir leo a gcuirfear na fáltais i bhfeidhm. Soláthróidh institiúidí creidmheasa faisnéis maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú. Ní cheadófar comhaireamh dúbailte. I gcás ina bhfuil an risíocht iasachtaithe speisialaithe céanna ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa leithdháil uirthi ar an gcuspóir is ábhartha.
Chun críocha phointe (1)(c)(2), braithfidh institiúidí creidmheasa ar CapEx agus ar KPI láimhdeachais a nochtfaidh an contrapháirtí le haghaidh gach cuspóra comhshaoil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is éard a bheidh i méid na n-iasachtaí agus na n-airleacan le gnóthais neamhairgeadais suim ghlanluacha chomhlán na n-iasachtaí agus na n-airleacan iomlán le húsáid anaithnid fáltas le gnóthais neamhairgeadais arna n-ualú de réir chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ina mbeidh miondealú le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin le haghaidh gach contrapháirtí.
Ríomhfaidh institiúidí creidmheasa KPInna do na cineálacha sin risíochtaí mar a leanas:
|
|
An chéad chéim = (1)(b)/(1)(a). |
|
|
An dara céim = (1)(c)/(1)(b). Nochtfaidh institiúidí creidmheasa ar leithligh an chuid de KPI a thagraíonn do ghníomhaíochtaí cumasúcháin, nuair is ábhartha. |
GAR L&A (le haghaidh gach cuspóra comhshaoil) = (1)(c)/(1)(a). Nochtfaidh institiúidí creidmheasa GAR bunaithe ar KPI láimhdeachais agus ar leithligh an chuid de KPI a thagraíonn do ghníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha, i gcás inarb ábhartha.
Nochtfar na gnéithe a leanas de KPInna:
|
(a) |
i dtéarmaí stoic, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iomlán iasachtaí agus airleacan amhail ón dáta tagartha nochta; |
|
(b) |
i dtéarmaí sreafa, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iasachtaí agus airleacan nua i rith na bliana roimh an dáta tagartha nochta; |
|
(c) |
le miondealú ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin agus le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus oiriúnaithe, agus le haghaidh iasachtú speisialaithe. |
(ii) GAR le haghaidh urrúis fiachais le gnóthais neamhairgeadais (“GAR DS”)
Ríomhfaidh agus nochtfaidh institiúidí creidmheasa na míreanna a leanas chun GAR a ríomh don chineál seo risíochtaí:
|
(2)(a) |
Urrúis fiachais iomlána gnóthas neamhairgeadais, lena n-áirítear suim ghlanluacha chomhlán urrús fiachais ar chostas amúchta agus ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, agus urrúis fiachais nach sealbhaítear lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas. |
|
(2)(b) |
Urrúis fiachais gnóthas neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht le haghaidh gach cuspóra lena n-áirítear suim ghlanluacha chomhlán urrúis fiachais sna catagóirí cuntasaíochta ábhartha i dtreo cuideachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht (i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cóid NACE ar 4 leibhéal) ábhartha le haghaidh gach cuspóra comhshaoil. |
|
(2)(c) |
Urrúis fiachais le heintitis ábhartha a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht, lena n-áirítear na hurrúis fiachais uile a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht, lena n-áiritear gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin. |
Ríomhfar an méid chun críocha (2)(c) trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
|
|
2(c) = (2)(c)(1) + (2)(c)(2) sa chás seo a leanas:
|
Chun críocha phointe 2(c)(1), déanfaidh institiúidí creidmheasa an méid a leanas a bhreithniú:
|
(2)(c)(1)(a) |
breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán iomlán risíochtaí ar bhannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna n-eisiúint i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Déanfar measúnú ar eisiúintí bannaí reatha cáilithe mar bhannaí glasa ag eisitheoirí ar gá infheistiú a dhéanamh ar úsáid a bhfáltais i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht ag brath ar leibhéal ailínithe le tacsanomaíocht na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 nó de thionscadail mhaoinithe, bunaithe ar an bhfaisnéis shonrach arna soláthar ag an eisitheoir le haghaidh eisiúna. Soláthróidh institiúidí creidmheasa trédhearcacht maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú. Ní cheadaítear comhaireamh dúbailte. I gcás inar féidir leis an mbanna glas céanna a bheith ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa é a leithdháileadh ar an gcuspóir is ábhartha. |
|
(2)(c)(1)(b) |
Breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais infheistithe i risíochtaí maoinithe tionscadail a mhéid gur gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht iad gníomhaíochtaí an tionscadail mhaoinithe. Bunófar an measúnú sin ar an bhfaisnéis shonrach a thugann an t-eisitheoir don eisiúint sin. Ní cheadaítear comhaireamh dúbailte. I gcás inar féidir leis an risíocht iasachtaithe speisialaithe céanna a bheith ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa í a leithdháileadh ar an gcuspóir is ábhartha. Soláthróidh institiúidí creidmheasa trédhearcacht maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú. |
Chun críocha phointe (2)(c)(2), braithfidh institiúidí creidmheasa ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx a nochtfaidh an contrapháirtí i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo. Is éard a bheidh i méid na n-urrús fiachais le gnóthais neamhairgeadais suim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais iomlán le húsáid anaithnid fáltas le gnóthais neamhairgeadais arna n-ualú de réir chion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ina mbeidh miondealú le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus cumasúcháin le haghaidh gach contrapháirtí.
Ríomhfaidh institiúidí creidmheasa KPInna molta de réir na foirme a leanas don chineál seo risíochtaí:
|
|
An chéad chéim = (2)(b)/(2)(a). |
|
|
An dara céim = (2)(c)/(2)(b); nochtfaidh institiúidí creidmheasa ar leithligh an chuid de KPI a thagraíonn do ghníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha, nuair is ábhartha. |
GAR DS = (2)(c)/(2)(a) bunaithe ar KPI láimhdeachais; (2)(c)/(2)(a) bunaithe ar KPI CapEx.
Nochtfar na gnéithe a leanas de KPInna:
|
(a) |
i dtéarmaí stoic, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iomlán urrús fiachais amhail ón dáta tagartha nochta; |
|
(b) |
i dtéarmaí sreafa, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán urrús fiachais nua i rith na bliana roimh an dáta tagartha nochta; |
|
(c) |
le miondealú ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha, agus le haghaidh iasachtú speisialaithe. |
(iii) Cóimheas sócmhainne glaise le haghaidh sealúchais cothromais institiúidí creidmheasa i ngnóthas neamhairgeadais (“GAR EH”)
Ríomhfaidh agus nochtfaidh institiúidí creidmheasa:
|
(a) |
cion na sealúchas cothromais agus na ngnóthas neamhairgeadais a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht á bhfeidhmiú acu i gcomparáid le sealúchais cothromais iomlána na ngnóthas neamhairgeadais. Cumhdóidh an t-uimhreoir suim ghlanluacha chomhlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile agus sócmhainní airgeadais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus chomhlaigh, de chuid gnóthas neamhairgeadais a fheidhmíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht. Cumhdóidh an t-ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile agus sócmhainní airgeadais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas agus infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh, de chuid gnóthais neamhairgeadais. |
|
(b) |
cion na sealúchas cothromais agus na ngnóthas neamhairgeadais a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht á bhfeidhmiú acu i gcomparáid le sealúchais cothromais na ngnóthas neamhairgeadais sin a fheidhmíonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht. Beidh an t-uimhreoir cothrom le suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil bunaithe ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht an ghnóthais neamhairgeadais lena mbaineann na hionstraimí cothromais. Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil bunaithe ar KPI láimhdeachais na ngnóthas neamhairgeadais a fheidhmíonn na gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don tacsanomaíocht. |
|
(c) |
GAR EH = Cion shealúchais cothromais na ngnóthas neamhairgeadais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht i gcomparáid le sealúchais cothromais iomlána i ngnóthas neamhairgeadais. Áireofar san uimhreoir suim ghlanluacha chomhlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú lena dtrádáil ualaithe ag an láimhdeachas agus KPI CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht mar a nochtann gnóthais neamhairgeadais lena mbaineann na hionstraimí cothromais. Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na sealúchas cothromais nach bhfuiltear á sealbhú le gnóthais neamhairgeadais a thrádáil. |
Nochtfar na gnéithe a leanas de chóimheasa:
|
(a) |
i dtéarmaí stoic, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán iomlán sealúchas cothromais amhail an dáta tagartha nochta; |
|
(b) |
i dtéarmaí sreafa, bunaithe ar shuim ghlanluacha chomhlán sealúchas cothromais nua i rith na bliana roimh an dáta tagartha nochta; |
|
(c) |
le miondealú ar leithligh le haghaidh gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha. |
(iv) GAR maidir le maoiniú iomlán i ngnóthais neamhairgeadais (iasachtú móide sealúchais cothromais)
Nochtfar na trí chóimheas le haghaidh gach cuspóra comhshaoil bunaithe ar KPI láimhdeachais agus, le haghaidh urrúis fiachais agus sealúchais cothromais, bunaithe ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx bunsócmhainní ag leibhéal comhiomlán le haghaidh gach ionstraime ar an gclár comhardaithe a mhaoiniú, lena n-áirítear sealúchais cothromais, i ngnóthais neamhairgeadais.
Beidh suim ghlanluacha chomhlán iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchas cothromais ábhartha i ngach cás in uimhreoir agus ainmneoir na gcóimheas.
1.2.1.2. Cóimheas sócmhainne glaise le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaithe do ghnóthais airgeadais agus sealúchais cothromais dá gcuid.
Ríomhfar GAR le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaithe do shealúchais cothromais de chuid gnóthas airgeadais mar chion d’iasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchais cothromais na bpunann cuntasaíochta ábhartha a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht le haghaidh gach cuspóir comhshaoil, i gcomparáid le hiasachtaí agus airleacain, urrúis fiachais agus sealúchais cothromais iomlána corparáidí airgeadais.
Beidh nochtuithe le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, le miondealú ar ghníomhaíochtaí cumasúcháin in GAR mar seo. Le haghaidh maolú ar an athrú aeráide, beidh nochtuithe maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha agus gníomhaíochtaí oiriúnaithe in GAR freisin. Dóibh sin a chuireann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus cuspóirí comhshaoil eile, soláthróidh institiúidí creidmheasa freisin nochtuithe stoic agus sreafa.
Ríomhfar uimhreoir GAR le haghaidh gnóthais airgeadais ar bhonn KPInna na gcontrapháirtithe arna faoin Rialachán seo. Méid na n-iasachtaí agus na n-airleacan, na n-urrús fiachais agus na sealúchas cothromais de phunanna cuntasaíochta ábhartha le gnóthais airgeadais le breithniú in uimhreoir an chóimheasa, beidh siad cothrom le suim a méide glanluacha comhláine, ualaithe ag cion na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht le miondealú le haghaidh gníomhaíochtaí idirthréimhseacha, oiriúnaithe agus cumasúcháin le haghaidh gach contrapháirtí.
I gcás inar institiúid creidmheasa eile atá sa chontrapháirtí, KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx a úsáidfear, beidh siad cothrom le suim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais de na punanna cuntasaíochta ábhartha ualaithe ag “GAR iomlán an chontrapháirtí mar a shainmhínítear sa chuid”, arb é sin suim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi “GAR iomlán” an chontrapháirtí.
I gcás inar gnólacht infheistíochta atá sa chontrapháirtí, beidh feidhm ag an ríomh KPI a leanas bunaithe ar cion na seirbhísí in ioncam an ghnólachta infheistíochta:
|
(a) |
le haghaidh gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déanfar suim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais a ualú faoi GAR bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx nochta ag gnólachtaí infheistíochta, is é sin an tsuim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi ‘luach na sócmhainní infheistithe (urrúis fiachais, ionstraimí cothromais, coibhéisí airgid agus díorthaigh) i ngníomhaíochtaí ailínithe le tacsanomaíocht mar chion de luach iomlán na sócmhainní infheistithe’. |
|
(b) |
le haghaidh gnólachtaí infheistíochta seachas gnólachtaí ag déileáil ar a gcuntas féin i gcomhréir le Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, déanfar suim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais a ualú le KPI bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx ar ioncaim, is é sin le rá ar tháillí, coimisiúin agus ar thairbhí airgeadúla eile, arna nochtadh ag gnólachtaí infheistíochta, is é sin suim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi ‘táillí, coimisiúin agus tairbhí airgeadúla eile ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí isteach ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht mar chion de luach iomlán táillí, ioncam coimisiúin agus tairbhí airgeadúla eile ó gach seirbhís agus gníomhaíocht’. |
I gcás inar bainisteoir sócmhainní atá sa chontrapháirtí, na KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx, beidh siad cothrom le suim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais, iasachtaí agus airleacan agus sealúchas cothromais ualaithe ag cóimheas infheistíochtaí an chontrapháirtí ar gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht iad, mar a shonraítear in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo, is é sin suim ghlanluacha chomhlán méadaithe faoi chóimheas infheistíochtaí iomlána an bhainisteora sócmhainní.
I gcás institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais árachais nó athárachais iad, is é a bheidh sa tagarmharc infheistíochtaí, ollphréimheanna scríofa nó, de réir mar is infheidhme, ollioncam árachais, mar thoradh ar ríomh KPI infheistíochtaí bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx nó frithghealladh KPI institiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní XI agus X a ghabhann leis an Rialachán seo.
Is é a bheidh san ainmneoir, suim ghlanluacha chomhlán iomlán iasachtaí agus airleacan, urrús fiachais agus sealúchas cothromais de na punanna cuntasaíochta ábhartha i ngnóthais airgeadais.
1.2.1.3. Cóimheas sócmhainne glaise le haghaidh risíochtaí miondíola
Déanfar GAR le haghaidh risíochtaí miondíola ar réadmhaoin chónaithe nó ar iasachtaí athchóirithe tí a ríomh mar chion d’iasachtaí le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe nó arna ndeonú chun críocha athchóirithe tí atá ailínithe le tacsanomaíocht i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh, eadhon athchóiriú agus fáil agus úinéireacht i gcomhréir le pointí 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6. agus 7.7. faoi seach, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Gníomh Tarmligthe Aeráide, i gcomparáid le hiasachtaí iomlána le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe nó arna ndeonú chun críocha athchóirithe tí. Áireofar sa GAR seo nochtuithe gníomhaíochtaí idirthréimhseacha, agus nochtuithe stoic agus sreafa. Ní bheidh GAR mar seo i bhfeidhm ach maidir le hinfheistíochtaí ábhartha i dtaca le maolú ar an athrú aeráide.
Déanfar GAR le haghaidh risíochtaí miondíola ar iasachtaí tomhaltais creidmheasa le haghaidh iasachtaí cairr a ríomh mar chion d’iasachtaí a mhaoiníonn carranna a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos i Roinn 6.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide. Sa GAR seo, áireofar nochtuithe maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha, agus nochtuithe stoic iasachtaí le haghaidh iasachtaí arna ndeonú tar éis (dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo), agus iad amháin agus sreabhadh iasachtaí. Ní bheidh an GAR seo i bhfeidhm ach maidir le hinfheistíochtaí ábhartha i dtaca le maolú ar an athrú aeráide.
Ní bheidh feidhm ag KPInna ar risíochtaí miondíola a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht ach amháin le haghaidh cuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide.
(i) Iasachtú réadmhaoine cónaithe
Cumhdófar i nochtadh KPI institiúidí creidmheasa an phunann iasachta miondíola, go háirithe an phunann iasachta morgáiste. Nochtfar an KPI sin trí chomhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh a leagtar síos i Ranna 7.2., 7.3., 7.4., 7.5., 7.6. agus 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide a thabhairt san áireamh.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPI dá bpunann iasachta réadmhaoine cónaithe mar chion d’iasachtaí le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe a chuireann le cuspóir comhshaoil mhaolú an athraithe aeráide faoi mar a leagtar síos i Ranna 7.2., 7.3., 7.4., 7.5, 7.6. agus 7.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide, i gcomparáid le hiasachtaí iomlána le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe dhochorraithe.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis le haghaidh stoc na n-iasachtaí amhail an dáta tagartha, agus faisnéis maidir leis na sreafaí iasachtaithe nua i rith na tréimhse nochta.
Áireofar in uimhreoir an chóimheasa suim ghlanluacha chomhlán na n-iasachtaí réadmhaoine cónaithe a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide.
In uimhreoir an chóimheasa, breithneoidh institiúidí creidmheasa freisin na hiasachtaí sin a deonaíodh chun foirgneamh nó teach a athchóiriú i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh i gcomhréir le Ranna 7.2., 7.3., 7.4., 7.5. agus 7.6. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide.
Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na n-iasachtaí le teaghlaigh arna gcomhthaobhú le maoin chónaithe móide suim ghlanluacha chomhlán iomlán na n-iasachtaí athchóirithe tí le teaghlaigh, ag seachaint comhaireamh dúbailte iasachtaí i gcás inar iasachtaí comhthaobhaithe iad na hiasachtaí deireanacha.
(ii) Miondíol - Iasachtaí creidmheasa tomhaltóra le haghaidh carranna
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPI le haghaidh iasachtaí a deonaíodh do theaghlaigh chun mótarfheithicil a fháil (iasachtaí cairr). Is éard a bheidh in KPI cion d’iasachtaí a bhaineann le carranna a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le Roinn 6.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide.
Breithneoidh institiúidí creidmheasa na hiasachtaí cairr sin a deonaíodh ó dháta chur i bhfeidhm na gceanglas nochta, le haghaidh KPI ar stoc agus ar iasachtaí nua araon. Ní dhéanfar breithniú ar nuashonrú ar stoc iasachtaí a deonaíodh roimh an dáta cur i bhfeidhm.
1.2.1.4. GAR le haghaidh iasachtaí agus airleacan a mhaoiníonn tithíocht phoiblí agus iasachtú speisialaithe eile d’údaráis phoiblí
I gcás ina bhfuil samhail ghnó ag institiúidí creidmheasa bunaithe den chuid is mó ar thithíocht phoiblí a mhaoiniú, nochtfaidh siad KPI a bhaineann le cion de chomhlíontacht leis na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide maidir le foirgnimh a bhfuil a gceannach á mhaoiniú ag an institiúid creidmheasa. Déanfaidh an institiúid creidmheasa GAR mar sin a mheas agus a nochtadh mar chion d’iasachtaí le bardais a mhaoiníonn tithíocht phoiblí a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide i gcomparáid leis na hiasachtaí iomlána le bardais a mhaoiníonn tithíocht phoiblí. Ar na hinstitiúidí creidmheasa sin beidh nochtuithe stoic agus sreafa.
Beidh an mhodheolaíocht chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir a ríomh mar a chéile leis an modheolaíocht le haghaidh iasachtú réadmhaoine cónaithe.
Chun gníomhaíochtaí agus sócmhainní eile a mhaoiniú cé is moite de thithíocht phoiblí, breithneoidh institiúidí creidmheasa suim ghlanluacha chomhlán na risíochtaí maoinithe tionscadail ar an údarás poiblí a mhéid agus a maoiníonn, agus de réir an chion a mhaoiníonn, an tionscadal maoinithe gníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le tacsanomaíocht. An measúnú maidir le cibé ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh an ceanglas sin, bunófar é ar an bhfaisnéis a thugann an t-údarás poiblí faoin tionscadal nó faoi na gníomhaíochtaí ar maidir leo a gcuirfear na fáltais i bhfeidhm. Soláthróidh institiúidí creidmheasa faisnéis maidir leis an gcineál gníomhaíochta eacnamaíche atá á maoiniú. Ní cheadófar comhaireamh dúbailte. I gcás ina bhfuil an risíocht iasachtaithe speisialaithe céanna ábhartha le haghaidh dhá chuspóir comhshaoil, déanfaidh institiúidí creidmheasa leithdháil uirthi ar an gcuspóir is ábhartha.
1.2.1.5. Risíochtaí eile ar an gclár comhardaithe – comhthaobhachtaí réadmhaoine athshealbhaithe
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa KPI le haghaidh chion na comhlíontachta leis na critéir scagtha theicniúla i Roinn 7.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide dá bpunann comhthaobhachta réadmhaoine tráchtála agus cónaithe arna sealbhú lena díol le haghaidh cuspóir comhshaoil mhaolú an athraithe aeráide mar chion den chomhthaobhacht réadmhaoine athshealbhaithe tráchtála agus cónaithe a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla i Roinn 7.7. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide, i gcomparáid le comhthaobhacht réadmhaoine tráchtála agus cónaithe iomlán.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis le haghaidh stoc na n-iasachtaí amhail an dáta tagartha, agus faisnéis maidir leis na sreafaí sócmhainní nua i rith na tréimhse nochta.
Áireofar in uimhreoir an chóimheasa suim ghlanluacha chomhlán na gcomhthaobhachtaí réadmhaoine athshealbhaithe tráchtála agus cónaithe a chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla le haghaidh foirgneamh i Roinn 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Gníomh Tarmligthe Aeráide.
Áireofar san ainmneoir suim ghlanluacha chomhlán iomlán na gcomhthaobhachtaí réadmhaoine tráchtála agus cónaithe arna sealbhú lena ndíol athshealbhaithe ag an institiúid creidmheasa.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis le haghaidh stoc na n-iasachtaí amhail an dáta tagartha, agus faisnéis maidir leis na sreafaí iasachtaithe nua i rith na tréimhse nochta.
1.2.1.6. GAR Iomlán
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis maidir le GAR Iomlán. Beidh seo ina léiriú ar luach carnach KPInna bunaithe ar risíocht, tríd an ainmneoir a áireamh in iomlán na sócmhainní ar an gclár comhardaithe gan risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus tríd an uimhreoir iomlán a chur leis na huimhreoirí de risíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de de KPInna bunaithe ar risíochtaí:
|
(a) |
GAR iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí maoinithe a dhírítear ar ghnóthais airgeadais, le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil uile |
|
(b) |
GAR iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí maoinithe a dhírithe ar ghnóthais neamhairgeadais, le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil uile. |
|
(c) |
GAR le haghaidh risíochtaí réadmhaoine cónaithe, lena n-áirítear iasachtaí athchóirithe tí, le haghaidh chuspóir mhaolú an athraithe aeráide. |
|
(d) |
GAR le haghaidh iasachtaí cairr, le haghaidh chuspóir mhaolú an athraithe aeráide. |
|
(e) |
GAR le haghaidh iasachtaí le rialtais áitiúla chun tithe a mhaoiniú agus le haghaidh iasachtú speisialaithe eile. |
|
(f) |
GAR le haghaidh comhthaobhacht réadmhaoine tráchtála agus cónaithe athshealbhaithe arna sealbhú le díol. |
I dteannta GAR iomlán, nochtfaidh institiúidí creidmheasa an céatadán sócmhainní atá eisiata ó uimhreoir GAR i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (3) agus Roinn 1.1.2 den Iarscríbhinn seo.
1.2.2. KPInna le haghaidh risíochtaí atá lasmuigh den chlár comhardaithe
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa cóimheas comhlántacha ar an leibhéal a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht de risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe a bhainistíonn agus a threoraíonn institiúidí creidmheasa nó a rannchuidíonn siad le treorú sreafa caipitil i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar féidir a n-inbhuanaitheacht ó thaobh an chomhshaoil de a mheasúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852:
|
(a) |
ráthaíochtaí airgeadais mar thaca le hiasachtaí agus airleacain agus ionstraimí fiachais eile i dtreo gnóthas; agus |
|
(b) |
sócmhainní faoi bhainistíocht. |
1.2.2.1. Cóimheas glas le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais le gnóthais airgeadais agus neamhairgeadais (KPI FinGuar)
Déanfar an cóimheas glas le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais le gnóthais a shainmhíniú amhail cion de ráthaíochtaí airgeadais a thacaíonn le hionstraimí fiachais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht i gcomparáid le gach ráthaíocht airgeadais a thacaíonn le hurrúis fiachais le gnóthais. Orthu sin beidh nochtuithe stoic agus sreafa. Le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide, áireofar anseo freisin nochtuithe lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha. Le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide, áireofar ann nochtuithe lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus oiriúnaithe.
Beidh an mhodheolaíocht chun KPI maidir le ráthaíochtaí airgeadais a ríomh mar a chéile leis an modheolaíocht a shonraítear le haghaidh KPInna ar iasachtaí agus airleacain agus/nó urrúis fiachais i dtreo gnóthas, ach cuirfear i bhfeidhm é leis na hiasachtaí agus airleacain/na hurrúis fiachais fholuiteacha a dtacaíonn an institiúid creidmheasa leo.
1.2.2.2. Cóimheas glas le haghaidh sócmhainní faoi bhainistíocht (KPI AuM)
Is éard a bheidh sa chóimheas glas le haghaidh sócmhainní faoi bhainistíocht méid cothrom le cion na sócmhainní faoi bhainistíocht (ionstraimí cothromais agus fiachais) ó ghnóthais a mhaoiníonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, i gcomparáid le hiomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht (cothromas agus ionstraimí fiachais). Orthu sin beidh nochtuithe stoic agus sreafa. Le haghaidh mhaolú an athraithe aeráide, áireofar anseo freisin nochtuithe lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus idirthréimhseacha. Le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide, áireofar ann nochtuithe lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumasúcháin agus oiriúnaithe.
Beidh an mhodheolaíocht chun KPI AuM a ríomh mar a chéile leis an modheolaíocht le haghaidh bainisteoirí sócmhainní i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
1.2.3. KPInna ar sheirbhísí seachas iasachtú – Táillí agus Coimisiúin (KPI F&C)
Déanfar KPI le haghaidh ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin nasctha le seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnóthas ailínithe le Tacsanomaíocht a shainmhíniú amhail cion d’ioncam na hinstitiúide creidmheasa ó tháillí agus ó choimisiúin ó ghnóthais, díorthaithe ó tháirgí nó seirbhísí seachas iasachtú a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, i gcomparáid le hioncam iomlán ó tháillí agus coimisiúin a fhaigheann gnóthais ó tháirgí nó seirbhísí seachas iasachtú.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an t-ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin nasctha le seirbhísí a sholáthraítear seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainne, lena n-áirítear na seirbhísí a leanas (mar a thuairiscíonn institiúidí i gcomhréir le teimpléad 22.1 “An t-ioncam agus an speansas ó tháillí agus ó choimisiún de réir gníomhaíochta” mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014:
|
(a) |
eisiúint nó seirbhísí eile a bhaineann le hurrúis tríú páirtí; |
|
(b) |
fáil, tarchur agus seoladh thar ceann custaiméirí orduithe chun urrúis a cheannach nó a dhíol; |
|
(c) |
seirbhísí comhairleacha gnóthas cumaisc agus fála; |
|
(d) |
seirbhísí maoiniúcháin ghnóthas a bhaineann le comhairle margadh caipitiúil le haghaidh cliaint gnóthas nó eile; |
|
(e) |
táillí a bhaineann le baincéireacht phríobháideach; |
|
(f) |
seirbhísí imréitigh agus socraíochta; |
|
(g) |
seirbhísí cumhdaigh agus seirbhísí bainteacha eile; |
|
(h) |
seirbhísí íocaíochta; |
|
(i) |
ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin chun táirgí a dháileadh arna n-eisiúint ag eintitis taobh amuigh den ghrúpa stuamachta dá chustaiméirí reatha; |
|
(j) |
gníomhaíochtaí seirbhísithe ar iasachtaí; |
|
(k) |
seirbhísí malairte eachtraí agus idirbhearta idirnáisiúnta. |
Áireofar in uimhreoir KPI an t-ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin mar a shonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014, Iarscríbhinn V, mír 284 ó sheirbhísí seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainne arna soláthar do ghnóthais, a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht. Déanfar é sin a mheas trí ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin ó gach contrapháirtí a ualú leis an gcion láimhdeachais agus CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht an ghnóthais a chuireann leis an gcuspóir comhshaoil ábhartha mar a nochtann an gnóthas i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852. Le haghaidh gnóthais airgeadais, an cóimheas don chontrapháirtí atá le cur i bhfeidhm, beidh sécothrom leis an gcóimheas do KPInna le haghaidh na ngnóthas sin.
Beidh an t-ainmneoir cothrom leis an ioncam iomlán ó tháillí agus ó choimisiúin ó ghnóthais ó tháirgí nó seirbhísí seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainní.
1.2.4. Nochtuithe eile in GAR: GAR le haghaidh na punainne trádála
Déanfar an phunann trádála a eisiamh ón ainmneoir agus ó chumhdach an GAR iomlán.
Tabharfaidh institiúidí creidmheasa míniúcháin ar an mbeartas infheistíochta maidir lena bpunann trádála, a gcomhdhéanamh iomlán, agus ar aon treocht i dtéarmaí príomhearnálacha agus an bhaint atá acu le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht. Míneoidh siad freisin teorainneacha féideartha i dtéarmaí rioscaí aeráide agus comhshaoil, agus spriocanna i dtéarmaí an leibhéal a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le tacsanomaíocht agus an chaoi a mbainistíonn siad na rioscaí comhshaoil a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar luach na punainne.
I gcás ina bhfuil ról tábhachtach ag punann trádála i samhail ghnó na hinstitiúide creidmheasa, go háirithe i gcás nach sásaíonn institiúidí creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325a(1) den Rialachán sin, nochtfaidh institiúidí creidmheasa faisnéis chainníochtúil agus KPInna a léiríonn a mhéid a bhfuil an institiúid ag trádáil le sócmhainní inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus a mhéid a bhfuil sí ag cur le trádáil an chineáil sin sócmhainní a chur chun cinn.
Nochtfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis a leanas:
|
(a) |
trádáil iomlán i rith na tréimhse nochta in ionstraimí ailínithe le Tacsanomaíocht, lena n-áirítear ceannacháin absalóideacha móide díolachán absalóideacha urrús inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; |
|
(b) |
trádáil iomlán i rith na tréimhse nochta urrús, lena n-áirítear ceannacháin absalóideacha móide díolachán absalóideacha urrús. |
In uimhreoir an GAR sonraigh le haghaidh Phunann trádála na hinstitiúide creidmheasa, áireofar ceannacháin absalóideacha móide díolacháin absalóideacha na n-urrús inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. In ainmneoir GAR le haghaidh na Punainne trádála, áireofar ceannacháin absalóideacha iomlána móide díolacháin absalóideacha iomlána na n-urrús.
Déanfar an chuid d’uimhreoir GAR le haghaidh na punainne trádála a mheas trí shuim ghlanluacha chomhlán na n-urrús fiachais agus na n-ionstraimí cothromais a ceannaíodh agus/nó a díoladh ó gach contrapháirtí a ualú le cion láimhdeachais agus CapEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht an ghnóthais a chuireann leis an gcuspóir comhshaoil ábhartha mar a nochtann an gnóthas sin i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 agus an Rialachán seo. Le haghaidh gnóthais airgeadais, beidh an cóimheas don chontrapháirtí atá le cur i bhfeidhm mar a chéile leis an gcóimheas do KPInna ábhartha agus do na contrapháirtithe seo.
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).
(2) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
IARSCRÍBHINN VI
TEIMPLÉAD LE HAGHAIDH KPINNA INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA
|
Uimhir an teimpléid |
Ainm |
|
0 |
Achoimre ar KPInna |
|
1 |
Sócmhainní chun GAR a ríomh |
|
2 |
Faisnéis earnála GAR |
|
3 |
Stoc KPI GAR |
|
4 |
Sreabhadh KPI GAR |
|
5 |
KPI le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe |
|
6 |
KPI ar ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin ó sheirbhísí seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainní |
|
7 |
KPI le haghaidh Punann leabhair trádála |
0. Achoimre ar KPInna le nochtadh ag institiúidí creidmheasa faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht
1. Sócmhainní chun GAR a ríomh
2. Faisnéis earnála GAR
3. Stoc KPI GAR
4. Sreabhadh KPI GAR
5. KPI le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe
6. KPI ar ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin ó sheirbhísí seachas iasachtú agus bainistíocht sócmhainní
7. KPI le haghaidh Punann leabhair trádála
IARSCRÍBHINN VII
KPInna GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA
ÁBHAR KPInna LE NOCHTADH AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA
1. Raon feidhme KPInna
Cumhdóidh agus dearfar nochtadh KPInna ar leithligh le haghaidh gach ceann de na seirbhísí a leanas a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid A, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE:
|
(a) |
gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin, d’ainneoin arb iad na gnólachtaí infheistíochta na príomhthrádálaithe nó an bhfuil siad ag déileáil thar ceann a gcliant i gcomhréir le Cuid A, pointe (3), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE); |
|
(b) |
seirbhísí agus gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta seachas ag déileáil ar a gcuntas féin i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, cé is moite de phointe (3) den Chuid sin. |
Eisiafar seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó raon feidhme na nochtuithe.
Áireofar ar na seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a chumhdófar sna ceanglais maidir le nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 agus faoin Rialachán seo:
|
(a) |
orduithe a ghlacadh agus a tharchur i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó; |
|
(b) |
orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant; |
|
(c) |
déileáil ar a chuntas féin; |
|
(d) |
bainistíocht punainne; |
|
(e) |
comhairle infheistíochta; |
|
(f) |
ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh agus/nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn ceangaltais dhaingin; |
|
(g) |
ionstraimí airgeadais a chur gan bonn ceangaltais dhaingin; |
|
(h) |
oibriú MTF; |
|
(i) |
oibriú OTF. |
2. Gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin
Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin KPInna a leanas:
2.1. KPInna a bhaineann lena sócmhainní amhail:
|
— |
cion de na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht laistigh d’iomlán na sócmhainní; |
|
— |
cion de na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh de na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht, agus |
|
— |
cion de na sócmhainní a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh d’iomlán na sócmhainní (GAR). |
Le haghaidh KPInna a ríomh, déanfar an méid a leanas a bhreithniú:
2.2. Gnóthais infheistíochta arna mbreithniú
Áireofar le gnóthais infheistíochta arna mbreithniú gnóthais neamhairgeadais, gnóthais neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2014/95/AE, gnóthais airgeadais agus gnóthais airgeadais nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2014/95/AE.
Le haghaidh institiúidí infheistiúcháin atá faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2014/95/AE, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta KPInna a nochtfaidh institiúidí infheistiúcháin faoin Rialachán seo. Le haghaidh institiúidí infheistiúcháin nach bhfuil faoi réir Threoir 2014/95/AE, beidh feidhm ag Airteagal 8(3) den Rialachán seo.
2.3. Ionstraimí infheistíochta arna mbreithniú – sócmhainní
Le haghaidh ionstraimí infheistíochta, cumhdóidh ríomh KPInna urrúis fiachais, ionstraimí cothromais, coibhéisí airgid i dtreo institiúidí infheistiúcháin agus gach sócmhainn eile.
2.4. Modh ríofa
Maidir le ríomh GAR do sheirbhísí agus gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta ag déileáil ar a gcuntas féin, braithfidh gnólachtaí infheistíochta ar KPI láimhdeachais agus KPI CapEx gnóthas infheistíochta le haghaidh gach cuspóra comhshaoil.
Dearfar an t-uimhreoir mar luach na n-infheistíochtaí ualaithe ag comhréir na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht le scagadh le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe agus cumasúcháin an ghnóthais infheisteora, is é sin de réir chion an láimhdeachais agus CapEx an ghnóthais infheistíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht.
Bunófar meánluach ualaithe na n-infheistíochtaí ar cion ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht na n-institiúidí infheistiúcháin arna dtomhas ag an méid a leanas:
|
(a) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais neamhairgeadais iad, KPInna láimhdeachais agus CapEx mar thoradh ar ríomh KPInna na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II; |
|
(b) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar bainisteoirí sócmhainní iad, KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx mar thoradh ar ríomh KPInna na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní III agus IV; |
|
(c) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar institiúidí creidmheasa iad, an cóimheas sócmhainne glaise bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx mar thoradh ar ríomh chóimheas sócmhainne glaise na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní V agus VI; |
|
(d) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnólachtaí infheistíochta iad, infheistíochtaí agus ioncaim, mar thoradh ar ríomh KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII i gcomhréir le cion na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí ag déileáil ar a gcuntas féin agus nach bhfuil ag déileáil ar a gcuntas féin in ioncam an ghnólachta infheistíochta; |
|
(e) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais árachais nó athárachais iad, infheistíochtaí, ollphréimheanna scríofa nó, de réir mar is infheidhme, ollioncam árachais, mar thoradh ar ríomh KPI infheistíochtaí bunaithe ar láimhdeachas nó bunaithe ar CapEx nó comhcheangailte, i gcás inarb infheidhme, le frithghealladh KPI gnóthas árachais agus athárachais institiúide infheistiúcháin neamhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinní IX agus X. |
Le haghaidh urrúis fiachais arna n-eisiúint ag gnóthas infheistíochta chun críche gníomhaíochtaí nó tionscadail shonracha a mhaoiniú, nó i gcás inar eisigh an gnóthas infheistíochta bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta measúnú ar na hurrúis fiachais sin bunaithe ar cibé an maoiníonn nó nach maoiníonn siad gníomhaíochtaí nó tionscadail eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, ar bhonn na faisnéise arna chur ar fáil ag an ngnóthas infheistíochta.
De mhaolú ar an dara agus ar an tríú fomhír den phointe 2.4 seo, déanfar urrúis fiachais arb é is cuspóir dóibh gníomhaíochtaí sonracha nó tionscadail shonracha a mhaoiniú nó bannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna n-eisiúint ag gnóthas infheistíochta a áireamh san uimhreoir ar luach suas le le luach na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht atá á maoiniú ag fáltais na mbannaí agus na n-urrús fiachais, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an ngnóthas infheistíochta.
Le haghaidh an ainmneora, áireofar le hiomlán na sócmhainní na sócmhainní ar fad arna n-infheistiú ag gnólachtaí infheistíochta ar a gcuntas féin.
3. Gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil ag déileáil ar a gcuntas féin
Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil ag déileáil ar a gcuntas féin KPInna mar a leanas:
3.1. KPInna a bhaineann le hioncam, lena n-áirítear táillí, coimisiúin agus tairbhí airgeadúla eile, amhail:
|
— |
cion den ioncam ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht laistigh den ioncam iomlán ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta; |
|
— |
cion den ioncam ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh den ioncam ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht; agus |
|
— |
cion den ioncam ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh den ioncam iomlán ó sheirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta (GAR). |
Le haghaidh KPInna a ríomh, déanfar an méid a leanas a bhreithniú:
3.2. Cliaint arna mbreithniú
Breithneoidh gnólachtaí infheistíochta cliaint ag fáil seirbhísí infheistíochta seachas seirbhísí chun déileáil ar a gcuntas féin agus seirbhísí coimhdeacha ar gnóthais neamhairgeadais iad agus gnóthais neamhairgeadais eile nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2014/95/AE, gnóthais airgeadais agus gnóthais airgeadais eile nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2014/95/AE.
Le haghaidh gnóthais infheistíochta atá faoi réir Threoir 2014/95/AE, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta KPInna a nochtfaidh gnóthais infheistíochta faoin Rialachán seo. Le haghaidh institiúidí infheistiúcháin nach bhfuil faoi réir Threoir 2014/95/AE, beidh feidhm ag Airteagal 8(3) den Rialachán seo.
3.3. Modh ríofa
Le haghaidh gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta seachas déileáil ar a gcuntas féin, dearfar an t-uimhreoir mar mheán ualaithe an ioncaim (táillí, coimisiúin agus sochair airgeadúla eile) arna chothú ag an ngnólacht infheistíochta i ndáil le luach comhiomlán na ngníomhaíochtaí eacnamaíochta atá ailínithe le Tacsanomaíocht laistigh de ghníomhaíochtaí a gcliant. Beidh feidhm ag an modheolaíocht a leagtar síos i bpointe 2.4 den Iarscríbhinn seo.
3.4. Tuilleadh breithnithe
Tabharfaidh gnólachtaí infheistíochta le fios sna teimpléid na cuspóirí comhshaoil chomh maith le cineál na ngníomhaíochtaí, bídís ina ngníomhaíochtaí cumasúcháin nó ina ngníomhaíochtaí idirthréimhseacha.
Tarlóidh nochtuithe tar éis fáluithe agus fritháirimh ionchasacha a ghlanluacháil, d’ainneoin pé ionstraim a úsáidtear i gcomhréir le hAirteagal 3, míreanna 4 agus 5 de Rialachán (AE) 2012/236 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
(1) Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN VIII
TEIMPLÉAD LE HAGHAIDH KPINNA GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA
|
Uimhir an teimpléid |
Ainm |
|
0 |
Achoimre ar KPInna le nochtadh ag gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht |
|
1 |
KPI IF – Déileáil ar a chuntais seirbhíse féin |
|
2 |
KPI IF Seirbhísí eile |
0. Achoimre ar KPInna le nochtadh ag gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht
1. KPI IF – Déileáil ar a chuntais seirbhíse féin
2. KPI IF Seirbhísí eile
IARSCRÍBHINN IX
KPINNA GNÓTHAS ÁRACHAIS AGUS ATHÁRACHAIS
1. KPI a bhaineann le hinfheistíochtaí
In KPI a bhaineann le hinfheistíochtaí a dhéanann gnóthais árachais nó athárachais cuirfear i láthair meánluach ualaithe na n-infheistíochtaí sin atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht. Taispeánfar KPI i dtéarmaí céatadáin i gcoibhneas le “hinfheistíochtaí iomlána” agus i ndearbhaonaid airgeadaíochta.
Ciallóidh infheistíochtaí gach infheistíocht dhíreach agus indíreach, lena n-áirítear infheistíochtaí i ngnóthais agus rannpháirtíochtaí comhinfheistíochta, iasachtaí agus morgáistí, réadmhaoin, gléasra agus trealamh, chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, sócmhainní doláimhsithe.
I nochtuithe breise, déanfar idirdhealú i ngnóthais árachais nó athárachais idir cion na n-infheistíochtaí arna gcoinneáil i ndáil le conarthaí árachas saoil i gcás ina n-íocann na sealbhóirí polasaí as an riosca infheistíochta agus cion na n-infheistíochtaí atá fágtha. Nochtfar cumhdach an chóimheasa le tagairt don iomlán ar an gclár comhardaithe seachas na risíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo.
Miondealófar na nochtuithe de réir cuspóir comhshaoil i dtéarmaí céatadáin agus aonaid airgeadaíochta, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.
Bunófar meánluach ualaithe na n-infheistíochtaí ar chion ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht na n-institiúidí infheistiúcháin arna dtomhas ag an méid a leanas:
|
(a) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais neamhairgeadais iad, KPInna láimhdeachais agus CapEx mar thoradh ar ríomh KPInna na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní I agus II; |
|
(b) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar bainisteoirí sócmhainní iad, KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx mar thoradh ar ríomh KPInna na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní III agus IV; |
|
(c) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar institiúidí creidmheasa iad, an cóimheas sócmhainne glaise bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx mar thoradh ar ríomh chóimheas sócmhainne glaise na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomhréir le hIarscríbhinní V agus VI; |
|
(d) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnólachtaí infheistíochta iad, infheistíochtaí agus ioncaim, mar thoradh ar ríomh KPInna bunaithe ar láimhdeachas agus bunaithe ar CapEx an infheisteora i gcomhréir le hIarscríbhinní VII agus VIII i gcomhréir le cionr na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí ag déileáil ar a gcuntas féin agus nach bhfuil ag déileáil lena gcuntas féin in ioncam an ghnóthais infheistíochta; |
|
(e) |
le haghaidh institiúidí infheistiúcháin ar gnóthais árachais nó athárachais iad, infheistíochtaí, préimheanna comhlána i scríbhinn nó, de réir mar is infheidhme, ioncam iomlán árachais, mar thoradh ar ríomh KPI infheistíochtaí bunaithe ar láimhdeachas nó bunaithe ar CapEx (i.e. cion infheistíochtaí an ghnóthais árachais agus athárachais seachas infheistíochtaí arna gcoinneáil i ndáil le conarthaí árachais saoil i gcás ina n-íocann na sealbhóirí polasaí as an riosca infheistíochta, atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht) arna gcomhcheangal, i gcás inarb infheidhme, le frithghealladh KPI gnóthas árachais agus athárachais institiúide infheistiúcháin neamhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinní XI agus X. |
De mhaolú ar an gcéad mhír agus an ceathrú mír den phointe seo 1, na hurrúis fiachais arb é is cuspóir leo gníomhaíochtaí nó tionscadail shonracha arna sainaithint a mhaoiniú nó bannaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna n-eisiúint ag gnóthas institiúide infheistíúcháin, áireofar san ainmneoir iad ar luach cothrom le luach na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanamaíocht agus atá á maoiniú ag na bannaí agus na hurrúis fiachais sin, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag gnóthas na hinstitiúide infheistiúcháin.
2. KPI a bhaineann le gníomhaíochtaí frithgheallta
Ríomhfaidh gnóthais árachais agus athárachais seachas gnóthais árachas saoil KPI a bhaineann le gníomhaíochtaí frithgheallta agus cuirfidh siad ioncam árachais neamhshaoil ó “ollphréimheanna scríofa” nó, de réir mar is infheidhme, ioncam athárachais a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí árachais nó athárachais ailínithe le Tacsanomaíocht i gcomhréir le pointí 10.1 agus 10.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Aeráide. Taispeánfar KPI i dtéarmaí céatadáin i gcoibhneas le, de réir mar is infheidhme, ceann díobh seo a leanas:
|
(a) |
ollphréimheanna árachais neamhshaoil scríofa iomlána; |
|
(b) |
ollphréimheanna athárachais scríofa iomlána; |
|
(c) |
ioncam árachais neamhshaoil iomlán; |
|
(d) |
ioncam athárachais iomlán. |
Miondealófar na nochtuithe de réir cuspóir comhshaoil i dtéarmaí céatadáin agus aonaid airgeadaíochta, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.
Míneofar le nochtuithe forlíontacha an méid a ghéilltear gníomhaíochtaí frithgheallta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de do ghnóthas athárachais agus an méid a ghlactar le gníomhaíochtaí frithgheallta inbhuanaithe a léiríonn gníomhaíochtaí athárachais ó ghnóthais árachais nó athárachais eile.
IARSCRÍBHINN X
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH KPINNA GNÓTHAS ÁRACHAIS AGUS ATHÁRACHAIS
Teimpléad: KPI frithgheallta le haghaidh gnóthas árachais neamhshaoil agus athárachais
Déanfar “préimheanna” i gcolúin (3) agus (4) a thuairisciú amhail ollphréimheanna scríofa, nó de réir mar is infheidhme, láimhdeachas a bhaineann le gníomhaíocht árachais nó athárachais neamhshaoil.
Déanfar an fhaisnéis i gcolún (5) a thuairisciú i nochtuithe sa bhliain 2024 agus ina dhiaidh sin.
Ní féidir árachas agus athárachas neamhshaoil a ailíniú le Rialachán (AE) 2020/852 ach amháin mar ghníomhaíocht a chumasaíonn oiriúnú don athrú aeráide. Tá an fhaisnéis a thuairiscítear i gcolún (5) dá bhrí sin mar a chéile do gach gnóthas árachais agus athárachais le gníomhaíochtaí neamhshaoil agus/nó athárachais.
I gcás gníomhaíochta athárachais gnóthais, ina bhfuil táirgí a mbíonn feidhm acu ar leibhéal punainne de tháirgí árachais dírí foluiteacha agus ina ndéanann an gnóthas measúnú ar chomhlíontacht na gníomhaíochta trí na critéir scagtha theicniúla agus critéir nach ndéanann díobháil shuntasach a úsáid maidir le cion de tháirgí foluiteacha na gníomhaíochta athárachais de bhun an Ghnímh Tharmligthe Aeráide, Iarscríbhinn II, pointe 10.2, mír 2.3 (“an cur chuige pro rata ”), ba cheart an cur chuige pro rata a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach le haghaidh na faisnéise a thuairiscítear i gcolúin uile A.1.2.
Teimpléad: Cion infheistíochtaí an ghnóthais árachais nó athárachais atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht i ndáil le hinfheistíochtaí iomlána.
|
Meánluach ualaithe infheistíochtaí ar fad na ngnóthas árachais nó athárachais atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI, leis na meáchain a leanas le haghaidh infheistíochtaí i ngnóthais de réir a bhfuil thíos: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % |
Meánluach ualaithe infheistíochtaí uile na ngnóthas árachais nó athárachais atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht, agus na meáchain a leanas ag gabháil leo le haghaidh infheistíochtaí i ngnóthais de réir a bhfuil thíos: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Céatadán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI i gcoibhneas le hinfheistíochtaí iomlána gnóthas árachais nó athárachais (AuM iomlán). Cé is moite d’infheistíochtaí in eintitis cheannasacha. Cóimheas chumhdaigh: % |
Luach airgeadaíochta sócmhainní a chumhdaítear le KPI. Cé is moite d’infheistíochtaí in eintitis cheannasacha. Cumhdach: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Nochtuithe comhlántacha, breise: miondealú ar ainmneoir KPI |
||||
|
Céatadán na ndíorthach i gcoibhneas le hiomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI. X % |
An luach i méideanna airgeadaíochta díorthach. (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Le haghaidh gnóthais airgeadais: |
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Le haghaidh gnóthais airgeadais: |
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: X % Le haghaidh gnóthais airgeadais: X % |
Luach na risíochtaí ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: X % |
Luach risíochtaí ar chontrapháirtithe eile: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion infheistíochtaí an ghnóthais árachais agus athárachais seachas infheistíochtaí arna gcoinneáil i ndáil le conarthaí árachais saoil i gcás ina n-íocann na sealbhóirí polasaí as an riosca infheistíochta, atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le, gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht: X % |
Luach infheistíochtaí gnóthas árachais agus athárachais seachas infheistíochtaí arna gcoinneáil i ndáil le conarthaí árachais saoil i gcás ina n-íocann na sealbhóirí polasaí as an riosca infheistíochta, atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le, gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le tacsanomaíocht: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: X % |
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil incháilithe don Tacsanomaíocht: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht, ach nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht i gcoibhneas le luach iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: X % |
Luach na n-infheistíochtaí ar fad atá ag maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht, ach nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Nochtuithe comhlántacha, breise: miondealú ar uimhreoir KPI |
||||
|
Cion na risíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % Le haghaidh gnóthais airgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % |
Luach na risíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht ar ghnóthais airgeadais agus neamhairgeadais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE: Le haghaidh gnóthais neamhairgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) Le haghaidh gnóthais airgeadais: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion infheistíochtaí an ghnóthais árachais agus athárachais seachas infheistíochtaí arna gcoinneáil i ndáil le conarthaí árachais saoil i gcás ina n-íocann na sealbhóirí polasaí as an riosca infheistíochta, atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le, ailínithe le Tacsanomaíocht: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % |
Luach infheistíochtaí gnóthas árachais agus athárachais seachas infheistíochtaí arna gcoinneáil i ndáil le conarthaí árachais saoil i gcás ina n-íocann na sealbhóirí polasaí as an riosca infheistíochta, atá dírithe ar mhaoiniú, nó a bhaineann le, ailínithe le Tacsanomaíocht: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Cion na risíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Bunaithe ar láimhdeachas: % Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: % |
Luach na risíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht ar chontrapháirtithe eile thar iomlán na sócmhainní cumhdaithe ag KPI: Bunaithe ar láimhdeachas: (méid airgeadaíochta) Bunaithe ar chaiteachas caipitiúil: (méid airgeadaíochta) |
|||
|
Miondealú ar uimhreoir KPI de réir an chuspóra comhshaoil |
||||
|
Gníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht – ar choinníoll measúnú dearfach ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH) agus coimircí sóisialta: |
||||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
|
Láimhdeachas: % CapEx:% |
Gníomhaíochtaí idirthréimhseacha: A % (Láimhdeachas; CapEx) Gníomhaíochtaí cumasúcháin: B % (Láimhdeachas; CapEx) |
||
IARSCRÍBHINN XI
NOCHTUITHE CÁILÍOCHTÚLA DO BHAINISTEOIRÍ SÓCMHAINNÍ, INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA, GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA AGUS GNÓTHAIS ÁRACHAIS AGUS ATHÁRACHAIS
Beidh an fhaisnéis cháilíochtúil a leanas ag gabháil le nochtadh KPInna cainníochtúla le tacú le míniúcháin agus tuiscint mhargaí na ngnóthas airgeadais ar KPInna seo a leanas:
|
— |
faisnéis chomhthéacsúil mar thacaíocht leis na táscairí cainníochtúla lena n-áirítear raon feidhme na sócmhainní agus na ngníomhaíochtaí cumhdaithe ag KPInna, faisnéis ar fhoinsí sonraí agus teorainn; |
|
— |
míniúcháin ar chineál agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht agus éabhlóid na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht le himeacht aimsire, ag tosú ón dara bliain de chur chun feidhme, ag idirdhealú idir gnéithe a bhaineann le gnó agus modheolaíocht agus a bhaineann le sonraí; |
|
— |
tuairisc ar chomhlíontacht le Rialachán (AE) 2020/852 i straitéis ghnó an ghnóthais airgeadais, próisis um dhearadh táirge agus rannpháirtíocht le cliaint agus contrapháirtithe; |
|
— |
le haghaidh institiúidí creidmheasa nach gá dóibh faisnéis chainníochtúil a nochtadh le haghaidh risíochtaí trádála, faisnéis cháilíochtúil ar ailíniú na bpunann trádála le Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear comhdhéanamh foriomlán, treochtaí a breathnaíodh, cuspóirí agus beartas; |
|
— |
faisnéis bhreise nó chomhlántach mar thacaíocht le straitéisí an ghnóthais airgeadais agus ualú mhaoiniú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ailínithe le Tacsanomaíocht ina ngníomhaíocht fhoriomlán. |
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443/68 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2179 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2021
maidir le feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i dtaca le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 1(14) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 1(11) de Threoir (AE) 2020/1057, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar oibreoirí iompair de bhóthar dearbhú maidir le postú nó doiciméid eile a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil nó ina raibh tiománaí ar postú, agus úsáid á baint as foirm chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”), arna bhunú le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Ba cheart an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI a rochtain trí chuntas slán a chruthú lena ligtear d’úsáideoirí údaraithe na dearbhuithe maidir le postú agus na hiarrataí ar dhoiciméid a dhéanann údaráis inniúla Ballstáit a bhainistiú. Ba cheart úsáideoirí údaraithe a bheith in ann na mionsonraí maidir leis an oibreoir, an bainisteoir iompair agus na tiománaithe ar postú a thaifeadadh. Is éard is úsáideoir údaraithe ann duine atá ag gníomhú thar ceann an oibreora chun dearbhuithe maidir le postú a bhainistiú agus chun freagra a thabhairt ar iarrataí ar dhoiciméid ón mBallstát is óstach. |
|
(3) |
Ba cheart dearbhuithe maidir le postú a chur isteach ar an gcomhéadan poiblí ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad. |
|
(4) |
Chun Airteagal 1(12) de Threoir (AE) 2020/1057 a chomhlíonadh agus na dearbhuithe maidir le postú a choimeád cothrom le dáta, ba cheart go bhféadfaí an fhaisnéis sa dearbhú maidir le postú a leasú. |
|
(5) |
Ba cheart go mbeadh sé éasca an dearbhú a athnuachan chomh maith, ionas nach mbeidh ualach riaracháin róthrom ar na hoibreoirí. |
|
(6) |
Ionas go bhféadfaidh oibreoirí an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 1(11)(b)(i) de Threoir (AE) 2020/1057 a chomhlíonadh, ba cheart don chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI an dearbhú a chur ar fáil i bhfoirm páipéir agus i bhfoirm leictreonach. |
|
(7) |
Má tharlaíonn nach ndéanann an t-oibreoir doiciméid a sholáthar de bhun Airteagal 1(11), pointe (c), ba cheart go bhfeicfeadh an t-oibreoir ar an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI cathain a sholáthair an Ballstát bunaíochta na doiciméid sin tar éis iarraidh ar chúnamh ón mBallstát is óstach ar IMI. |
|
(8) |
Leis an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, ba cheart údarás náisiúnta amháin nó níos mó a bheith in ann dearbhuithe maidir le postú agus na doiciméid a fháil in IMI, doiciméid a sheolann oibreoirí arna iarraidh sin don údarás náisiúnta. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go ndéantar na rialacha sonracha i dtaca le tiománaithe a phostú a fhorfheidhmiú go héifeachtúil agus chun nach mbeidh ualach riaracháin róthrom ann, is tábhachtach go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta inniúla sa Bhallstát is óstach comhordú lena chéile chun nach bhfaighidh oibreoirí iarrataí a chumhdaíonn an tréimhse chéanna ar postú nach bhfuil gá leo ón mBallstát sin sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI. |
|
(10) |
Chun gur féidir leis na húdaráis náisiúnta comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil, is ríthábhachtach rochtain a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar bhileoga taifid tacagraif an tiománaí ar a léirítear cóid tíre na mBallstát a thrasnaigh an tiománaí. |
|
(11) |
Ós rud é nach gceanglaítear ar oibreoirí bileoga taifid, asphriontaí agus sonraí tacagraif a íoslódáiltear i bhfoirm inléite a choimeád ach ar feadh bliain amháin ar a laghad tar éis a n-úsáide, ba cheart don chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI ligean don oibreoir freagra a thabhairt ar iarrataí ar dhoiciméid ó údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú le haghaidh tréimhse 12 mhí roimh dháta na hiarrata, i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(12) |
Chun gur féidir le hoibreoirí na doiciméid uile is gá a bhailiú laistigh de 8 seachtaine, ba cheart ligean d’oibreoirí na doiciméid a iarradh a sholáthar de chéim amháin nó níos mó. |
|
(13) |
Ba cheart an t-oibreoir a chur ar an eolas tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI i gcás ina n-iarrann an Ballstát is óstach cúnamh an Bhallstáit bunaíochta. |
|
(14) |
Chun nach bhfanfaidh iarrataí ar dhoiciméid ar oscailt go ceann tréimhse éiginnte, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit is óstach iad a dhúnadh nuair a chuirtear an measúnú ar chomhlíonadh na rialacha i gcrích maidir le postú ag an oibreoir agus ba cheart don údarás inniúil an t-oibreoir a chur ar an eolas maidir le toradh na hiarrata. I gcás nach ndúnann údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach an iarraidh ar dhoiciméid, ba cheart í a dhúnadh go huathoibríoch i ndiaidh 24 mhí. |
|
(15) |
Ós rud é gur sonraí íogaire iad na sonraí pearsanta a chomhroinntear tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, is gá go gceadófaí na sonraí uile a stóráiltear ar an gcomhéadan sin mar aon leis na sonraí i gcuntais na n-oibreoirí a scriosadh nuair nach bhfuil gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun comhlíonadh na rialacha maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar a sheiceáil. Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáid maidir le scriosadh uathoibríoch freisin i gcás na ndoiciméad a chuireann an t-oibreoir isteach tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI i ndiaidh iarrataí ar dhoiciméid ó na húdaráis inniúla. |
|
(16) |
I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, chun críocha an Rialacháin seo, is i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta ba cheart é sin a dhéanamh. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta atá bunaithe ar an Rialachán seo, is próiseáil í atá faoi réir Rialacháin (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 7 Iúil 2021. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2020/1057. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo sonraítear feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) chun críocha Airteagal 1(11) de Threoir (AE) 2020/1057.
Airteagal 2
Feidhmiúlachtaí ginearálta
1. Soláthróidh an comhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla seo a leanas, go háirithe, d’oibreoirí,
|
(1) |
cuntas a chruthú chun limistéar forchoimeádta an oibreora a rochtain go slán; |
|
(2) |
logáil iomchuí gníomhaíochta úsáideora a áirithiú; |
|
(3) |
mionsonraí maidir leis an oibreoir, na húsáideoirí údaraithe, an bainisteoir iompair agus na tiománaithe ar postú a thaifeadadh sa chuntas; |
|
(4) |
dearbhuithe maidir le postú a bhainistiú:
|
|
(5) |
iarrataí ar dhoiciméadacht a fháil agus a fhreagairt de bhun Airteagal 1(11)(c) de Treoir (AE) 2020/1057; |
|
(6) |
aon doiciméad a sholáthraíonn údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta a rochtain agus a fheiceáil; |
|
(7) |
cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú; |
|
(8) |
a bheith ar an eolas nuair a dhúnann údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach an iarraidh. |
2. Chomh maith leis sin, soláthróidh an comhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla a ligfidh d’údaráis náisiúnta amháin nó níos mó den Bhallstát is óstach, ar údaráis inniúla iad laistigh de bhrí Airteagal 5, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
dearbhuithe maidir le postú a fháil; |
|
(b) |
doiciméid a iarraidh faoin nós imeachta a shonraítear in Airteagal 1(11)(c) de Threoir (AE) 2020/1057; |
|
(c) |
toradh deiridh an mheasúnaithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le postú an oibreora a chur isteach agus an iarraidh a dhúnadh in IMI. |
Airteagal 3
Feidhmiúlachtaí a bhaineann le hiarrataí ar dhoiciméid
1. Leis an gcomhéadan poiblí beidh údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla an postú in ann a iarraidh ar an oibreoir doiciméid a leagtar amach in Airteagal 1(11)(c), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2020/1057 a sheoladh le haghaidh tréimhse lena gcumhdaítear suas leis an 12 mhí roimh dháta na hiarrata. Ligfidh an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI don oibreoir na doiciméid a iarrtar a sholáthar de chéim amháin nó níos mó.
2. I gcás ina n-iarrtar ar an oibreoir doiciméad breise amháin nó níos mó a sholáthar nár áiríodh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1, ríomhfaidh an comhéadan poiblí an tréimhse 8 seachtaine inar féidir doiciméid a sholáthar ó dháta na hiarrata ar an doiciméad breise nó ar na doiciméid bhreise.
3. Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar an t-oibreoir a chur ar an eolas i gcás ina n-iarrann an Ballstát is óstach cúnamh an Bhallstáit bunaíochta.
4. Aon doiciméad a uaslódálann údarás inniúil an Bhallstáit bunaíochta, tar éis iarraidh ar chúnamh arna déanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit is óstach, de bhun Airteagal 1(11), pointe (c), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2020/1057, is doiciméad é a bheidh le feiceáil i gcuntas an oibreora.
5. Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar fógra a thabhairt don oibreoir i dtaca le dúnadh na hiarrata ar dhoiciméid chomh maith le léiriú ar an toradh deiridh ach a mbeidh seiceáil déanta ag na húdaráis náisiúnta ar na doiciméid a iarradh.
Iarrataí ar dhoiciméid nach ndúnann údarás inniúil iarrthach an Bhallstáit is óstach, is iarrataí iad a dhúnfar go huathoibríoch 24 mhí i ndiaidh dháta na hiarrata.
Airteagal 4
Feidhmiúlachtaí a bhaineann le coinneáil sonraí
1. Leis an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI féadfar na sonraí uile a stóráiltear sa chomhéadan poiblí sin agus i gcuntas na n-oibreoirí a scriosadh nuair nach mbeidh gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun na gcríoch ar bailíodh agus ar próiseáladh iad. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar meabhrúchán a sheoladh chuig an oibreoir maidir le sonraí pearsanta an tiománaí a athbhreithniú agus a scriosadh, nuair is gá.
2. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar na dearbhuithe maidir le postú a chuirtear isteach tríd an gcomhéadan poiblí sin a scriosadh go huathoibríoch i ndiaidh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear in Airteagal 1(13) de Threoir (AE) 2020/1057.
3. I gcás ina gcuireann an t-oibreoir doiciméid isteach mar chuid d’iarraidh ar dhoiciméid, ní bheidh na doiciméid a iarradh ar fáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar bailíodh iad agus ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí i ndiaidh dhúnadh na hiarrata.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 249, 31.7.2020, lch. 49.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
CINNTÍ
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443/73 |
CINNEADH (AE) 2021/2180 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Meán Fómhair 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (“an Socrú”) a thrasuí, agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas Eorpach iad le Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(2) |
Tá Rannpháirtithe sa Socrú (“na Rannpháirtithe”) le cinneadh a dhéanamh, i nós imeachta i scríbhinn, faoi thogra an Aontais Eorpaigh maidir le Líne Choiteann i gcomhréir le Caibidil IV, Roinn 5 den Socrú, ionas go bhféadfar laghdú sealadach a dhéanamh ar an éarlais íosta a éilítear de bhun Airteagal 11 a) den Socrú (“an Líne Choiteann mholta”), i bhfianaise an chúlaithe eacnamaíoch atá ann faoi láthair i ngeall ar COVID-19. |
|
(3) |
Leis an Líne Choiteann mholta, thabharfaí deis do cheannaitheoirí poiblí i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, ar ceannaitheoirí iad a cheannaíonn earraí agus seirbhísí dá dtugtar tacaíocht oifigiúil creidmheasanna onnmhairiúcháin, éarlaisí íosta de 5 % ar a laghad de luach an chonartha onnmhairiúcháin a íoc ar feadh tréimhse 12 mhí, in ionad éarlaisí íosta de 15 % mar a cheanglaítear le hAirteagal 11 a) den Socrú. Is é an toradh a bheadh air sin go méadófaí an srian maidir le tacaíocht oifigiúil uasta a d’fhéadfadh na Rannpháirtithe a chur ar fáil de bhun Airteagal 11 c) den Socrú, ó uasteorainn 85 % suas le 95 % de luach an chonartha onnmhairiúcháin, don tréimhse chéanna. |
|
(4) |
Tá an beart eisceachtúil seo riachtanach chun dul i ngleic leis an gcor chun donais eacnamaíoch a d’eascair as géarchéim sláintíochta COVID-19 agus chun laghdú a dhéanamh ar an tionchar tromchúiseach atá ag an gcor chun donais ar thionscadail thábhachtacha arna ndéanamh ag tionscal an Aontais i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, maidir leis an Líne Choiteann mholta sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe, a bhunú, mar go mbeidh an Líne Choiteann mholta, tráth a mbeidh sí comhaontaithe, in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann mholta maidir leis an laghdú sealadach ar an éarlais íosta, beidh sé bunaithe ar an Dréacht-Togra ón Aontas Eorpach maidir le Líne Choiteann (2)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha..
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. KUSTEC
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(2) Féach doiciméad ST 11591/21 ag http://register.consilium.europa.eu.
|
10.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 443/75 |
CINNEADH (CBES) 2021/2181 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Nollaig 2021
lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC). |
|
(2) |
An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2231 (2) mar fhreagra ar na bacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta in DRC agus ar na sáruithe ar chearta an duine a bhí bainteach leo. Le Cinneadh (CBES) 2016/2231 leasaíodh Cinneadh 2010/788/CBES agus tugadh isteach bearta sriantacha uathrialacha in Airteagal 3(2) de Chinneadh 2010/788/CBES. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú a rinneadh ar na bearta sriantacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Chinneadh 2010/788/CBES, agus i bhfianaise na sáruithe leanúnacha ar chearta an duine in DRC, ba cheart na bearta sin a athnuachan go dtí an 12 Nollaig 2022, agus ba cheart duine amháin a bhaint den liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
|
(4) |
Ba cheart teideal Chinneadh 2010/788/CBES agus na forais don liostú a bhaineann le daoine áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES a leasú. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘ Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó ’; |
|
(2) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2) go dtí an 12 Nollaig 2022. Déanfar iad a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a gcuspóirí.’; |
|
(3) |
Cuirtear an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/788/CBES. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. HOJS
(1) Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2016/2231 ón gComhairle an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336I, 12.12.2016, lch. 7).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN II
LIOSTA NA Ndaoine AGUS NA Neintiteas DÁ Dtagraítear IN AIRTEAGAL 3(2)
A. Daoine
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Forais leis an liostú |
Dáta an liostaithe |
|
1 |
Ilunga KAMPETE |
Ar a dtugtar freisin Gaston Hughes Ilunga Kampete; Hugues Raston Ilunga Kampete Dáta Breithe: 24.11.1964 Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1 64-86-22311-29 Seoladh: 69, avenue Nyangwile, Kinsuka Mimosas, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí ar an Republican Guard (GR) go dtí mí Aibreáin 2020, bhí Ilunga Kampete freagrach as aonaid GR a imscaradh ar an talamh agus bhí baint aige le forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. Bhí sé freagrach freisin as cearta an duine a chur faoi chois agus as sárú ar chearta an duine a rinne gníomhairí GR, amhail slógadh den fhreasúra in Lubumbashi a chur faoi chois go foréigneach i mí na Nollag 2018. Ó mhí Iúil 2020, tá sé ina shaighdiúir ard chéimneach, mar Leifteanant Ginearálta i bhFórsaí Armtha an Chongó (FARDC) agus Ceannasaí bhunáit mhíleata Kitona i gCúige Chongó Láir. De bhua a fheidhmeanna, is air féin atá an fhreagracht as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Ilunga Kampete le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
12.12.2016 |
|
2 |
Gabriel Amisi KUMBA |
Ar a dtugtar freisin Gabriel Amisi Nkumba; ‘Tango Fort’; ‘Tango Four’ Dáta Breithe: 28.5.1964 Áit bhreithe: Malela, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1 64-87-77512-30 Seoladh: 22, avenue Mbenseke, Ma Campagne, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Iar-Cheannasaí ar chéad chrios cosanta Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), ar ghlac a fhórsaí páirt i bhforneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. Ina cháil mar Leas-Cheann Foirne ar FARDC, bhí sé i gceannas ar na hoibríochtaí agus ar an bhfaisnéis ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020, agus mar gheall ar a dhualgais shinsearacha mar Ardchigire ar FARDC ó mhí Iúil 2020, tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne FARDC le déanaí. Dá bhrí sin, bhí baint ag Gabriel Amisi Kumba le gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh. |
12.12.2016 |
|
3 |
Ferdinand Ilunga LUYOYO |
Dáta Breithe: 8.3.1973 Áit bhreithe: Lubumbashi, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: OB0260335 (bailí ó 15.4.2011 go 14.4.2016) Seoladh: 2, avenue des Orangers, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí ar an aonad frithchíréibe, dá ngairtear Légion Nationale d’Intervention den Congolese National Police (PNC) go dtí 2017, agus mar Cheannasaí ar an aonad atá freagrach as institiúidí agus oifigigh ardchéime laistigh de PNC a chosaint go dtí mí na Nollag 2019, bhí Ferdinand Ilunga Luyoyo freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa, agus tá sé freagrach as na sáruithe ar chearta an duine a rinne an PNC ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, bhí baint ag Ferdinand Ilunga Luyoyo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Choinnigh Ferdinand Ilunga Luyoyo a chéim mar Ghinearál agus tá sé gníomhach fós ar an ardán poiblí in DRC. |
12.12.2016 |
|
4 |
Célestin KANYAMA |
Ar a dtugtar freisin Kanyama Tshisiku Celestin; Kanyama Celestin Cishiku Antoine; Kanyama Cishiku Bilolo Célestin; ‘Esprit de mort’ Dáta Breithe: 4.10.1960 Áit bhreithe: Kananga, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: OB0637580 (bailí ó 20.5.2014 go 19.5.2019) Víosa Schengen uimh. 011518403, a eisíodh an 2.7.2016 Seoladh: 56, avenue Usika, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Choimisinéir an Congolese National Police (PNC), bhí Célestin Kanyama freagrach as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i mí Mheán Fómhair 2016 in Kinshasa. I mí Iúil 2017, ceapadh Célestin Kanyama mar Ard-Stiúrthóir ar scoileanna oiliúna an PNC. I mí Dheireadh Fómhair 2018, agus é sa phost sin, d’fhorchuir oifigigh phóilíneachta imeaglú agus díothú na saoirse ar iriseoirí tar éis foilsiú sraithe alt maidir le míleithreasú chiondálacha na ndaltaí póilíneachta. Bhí ról ag Célestin Kanyama sna himeachtaí sin. Agus an ról sin mar oifigeach sinsearach in PNC a bheith aige, agus atá fós aige inniu, tá freagracht air as na sáruithe a rinne PNC le déanaí ar chearta an duine. Dá bhrí sin, bhí baint ag Célestin Kanyama le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
12.12.2016 |
|
5 |
John NUMBI |
Ar a dtugtar freisin John Numbi Banza Tambo; John Numbi Banza Ntambo; Tambo Numbi Dáta Breithe: 16.8.1962 Áit bhreithe: Jadotville-Likasi-Kolwezi, DRC Náisiúntacht: DRC Seoladh: 5, avenue Oranger, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Bhí John Numbi ina Ard-Chigire ar Fhórsaí Armtha an Chongó (FARDC) ó mhí Iúil 2018 go dtí mí Iúil 2020. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC ar chearta an duine idir mí Iúil 2018 agus mí Iúil 2020, amhail an foréigean díréireach a d’úsáid FARDC faoina údarás díreach ar mhianadóirí neamhdhleathacha ó mhí an Mheithimh go dtí mí Iúil 2019. Dá bhrí sin, bhí baint ag John Numbi le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Go dtí tús na bliana 2021, bhí seasamhag John Numbi ina raibh tionchar aigéin FARDC, go háirithe in Katanga, áit ar tuairiscíodh go ndearna FARDC sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Tá John Numbi fós ina bhagairt do staid chearta an duine in DRC, go háirithe in Katanga. |
12.12.2016 |
|
6 |
Evariste BOSHAB |
Ar a dtugtar freisin Evariste Boshab Mabub Ma Bileng Dáta Breithe: 12.1.1956 Áit bhreithe: Tete Kalamba, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir an phas taidhleoireachta: DP0000003 (bailí ó 21.12.2015 go dtí 20.12.2020) Víosa Schengen in éag an 5.1.2017 Seoladh: 3, avenue du Rail, Kinshasa/Gombe, DRC Inscne: Fireann |
Ina cháil mar Leas-Phríomh-Aire agus ina Aire Gnóthaí Baile agus Slándála ó mhí na Nollag 2014 go dtí mí na Nollag 2016, bhí Evariste Boshab freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le leas díréireach a bhaint as forneart, lena n-áirítear idir mí Mheán Fómhair 2016 agus mí na Nollag 2016 mar fhreagairt ar léirsithe in Kinshasa, agus an toradh air gur mharaigh nó gur ghortaigh seirbhísí slándála líon mór sibhialtach. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Evariste Boshab le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Bhí baint ag Evariste Boshab freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, réigiún ina bhfuil seasamh aige ina bhfuil tionchar aige i gcónaí, go háirithe ó ceapadh ina Sheanadóir ar Kasai é i mí Mhárta 2019. |
29.5.2017 |
|
7 |
Alex Kande MUPOMPA |
Ar a dtugtar freisin Alexandre Kande Mupomba; Kande Mupompa Dáta Breithe: 23.9.1950 Áit bhreithe: Kananga, DRC Náisiúntacht: DRC agus Beilgeach Uimhir phas DRC: OP0024910 (bailí ó 21.3.2016 go 20.3.2021) Seoltaí: Messidorlaan 217/25, 1180 Uccle, Belgium 1, avenue Bumba, Kinshasa/Ngaliema, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Ghobharnóir ar Kasai Láir go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí Alex Kande Mupompa freagrach as an úsáid dhíréireach a bhain fórsaí slándála agus Póilíní Náisiúnta an Chongó (PNC) as forneart, cur faoi chois foréigneach agus maruithe seachbhreithiúnacha in Kasai Láir ó mhí Lúnasa 2016, lena n-áirítear maruithe ar chríoch Dibaya i mí Feabhra 2017. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Alex Kande Mupompa le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Bhí baint ag Alex Kande Mupompa freisin leis an ngéarchéim i réigiún Kasai a dhúshaothrú agus le cur léi, áit a raibh sé ina ionadaí go dtí mí Dheireadh Fómhair 2019 agus ina bhfuil seasamh aige ina bhfuil tionchar aige i gcónaí tríd an Congrès des alliés pour l’action au Congo (CAAC), atá ina chuid de rialtas cúigeach Kasai. |
29.5.2017 |
|
8 |
Éric RUHORIMBERE |
Ar a dtugtar freisin Eric Ruhorimbere Ruhanga; ‘Tango Two’; ‘Tango Deux’ Dáta Breithe: 16.7.1969 Áit bhreithe: Minembwe, DRC Náisiúntacht: DRC Uimhir aitheantais mhíleata: 1 69-09-51400-64 Uimhir phas DRC: OB0814241 Seoladh: Mbujimayi, Kasai Province, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Leas-Cheannasaí ar an 21ú réigiún míleata ó mhí Mheán Fómhair 2014 go dtí mí Iúil 2018, bhí Éric Ruhorimbere freagrach as úsáid dhíréireach fornirt agus as maruithe seachbhreithiúnacha a rinne Fórsaí Armtha an Chongó (FARDC), go háirithe i gcoinne mhílíste Nsapu agus i gcoinne ban agus leanaí. Tá Éric Ruhorimbere ina Cheannasaí ar earnáil oibríochtúil an Nord Equateur ó mhí Iúil 2018. Agus an ról sin a bheith aige, tá freagracht air as na sáruithe a rinne FARDC le déanaí ar chearta an duine. Is amhlaidh mar sin go raibh baint ag Éric Ruhorimbere le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. |
29.5.2017 |
|
9 |
Emmanuel Ramazani SHADARY |
Ar a dtugtar freisin Emmanuel Ramazani Shadari Mulanda; Shadary Dáta Breithe: 29.11.1960 Áit bhreithe: Kasongo, DRC Náisiúntacht: DRC Seoladh: 28, avenue Ntela, Mont Ngafula, Kinshasa, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Vice Prime Minister and Minister of Interior and Security go dtí mí Feabhra 2018, bhí Emmanuel Ramazani Shadary freagrach go hoifigiúil as na seirbhísí póilíneachta agus slándála agus as comhordú a dhéanamh ar obair gobharnóirí cúigeacha. Sa cháil sin, bhí sé freagrach as gníomhaithe agus comhaltaí den fhreasúra a ghabháil, chomh maith le forneart a úsáid go díréireach, amhail cniogbheartaíocht fhoréigneach ar chomhaltaí den ghluaiseacht Bundu Dia Congo (BDK) in Kongo Láir, as an gcur faoi chois in Kinshasa ó mhí Eanáir go mí Feabhra 2017 agus as forneart agus cur faoi chois foréigneach a úsáid go díréireach i gcúigí Kasai. Sa cháil sin, dá bhrí sin, bhí baint ag Emmanuel Ramazani Shadary le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. Ó mhí Feabhra 2018, tá Emmanuel Ramazani Shadari ina permanent secretary of the Parti du peuple pour la reconstruction et le développement (PPRD), arbh é, go dtí mí na Nollag 2020, an príomhpháirtí sa chomhghuaillíocht faoin iarUachtarán Joseph Kabila. |
29.5.2017 |
|
10 |
Kalev MUTONDO |
Ar a dtugtar freisin Kalev Katanga Mutondo; Kalev Motono; Kalev Mutundo; Kalev Mutoid; Kalev Mutombo; Kalev Mutond; Kalev Mutondo Katanga; Kalev Mutund Dáta Breithe: 3.3.1957 Náisiúntacht: DRC Uimhir phas DRC: DB0004470 (bailí ó 8.6.2012 go 7.6.2017) Seoladh: 24, avenue Ma Campagne, Kinshasa, DRC Inscne: Fireann |
Agus é ina Cheannasaí na Seirbhíse Náisiúnta Faisnéise (ANR) go dtí mí Feabhra 2019, bhí baint ag Kalev Mutondo le comhaltaí den fhreasúra, gníomhaithe sa tsochaí sibhialta agus daoine eile a ghabháil go treallach agus a choinneáil agus le drochíde a thabhairt dóibh agus bhí sé freagrach as an méid sin. Dá bhrí sin, bhí baint ag Kalev Mutondo le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in DRC. I mí na Bealtaine 2019, shínigh sé dearbhú maidir le dílseacht san am atá caite agus sa todhchaí do Joseph Kabila, agus tá sé mór leis i gcónaí. Go dtí luath sa bhliain 2021, bhí tionchar mór polaitiúil ag Kalev Mutondo ina ról mar ‘chomhairleoir polaitiúil’ do Phríomh-AireDRC. Líomhnaítear go bhfuil tionchar fós aige i gcodanna áirithe de na fórsaí slándála. |
29.5.2017 |
B. Eintitis