ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 438

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
8 Nollaig 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2168 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir ( 1 )

38

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2169 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2021 lena n-osclaítear taraif-chuóta le haghaidh 2022 le haghaidh allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas, ar de thoradh iad na táirgí sin ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

43

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2170 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála cinntitheach ar allmhairí scragaill tiontairí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

46

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2171 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2021 lena leasaítear Treoir 66/402/CEE ón gComhairle maidir le luchtóg síl agus meáchain shamplacha Avena nuda  ( 1 )

84

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/1


TREOIR (AE) 2021/2167 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Samhain 2021

maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is tosaíocht ag an Aontas é straitéis chuimsitheach a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna). Cé gurb iad na hinstitiúidí creidmheasa agus na Ballstáit go príomha atá freagrach as aghaidh a thabhairt ar NPLanna, tá gné shoiléir Aontais ag roinnt le laghdú na stoc reatha de NPLanna, agus freisin le cosc a chur le haon charnadh iomarcach NPLanna amach anseo. I bhfianaise a idirnasctha atá na córais bhaincéireachta agus airgeadais ar fud an Aontais, mar a n-oibríonn institiúidí creidmheasa san iliomad dlínsí agus Ballstát, is mó dóchúlacht atá ann go mbeidh éifeachtaí iarmharta ann idir na Ballstáit agus san Aontas i gcoitinne, ó thaobh an fháis eacnamaíoch agus na cobhsaíochta airgeadais de.

(2)

Le córas airgeadais comhtháite, feabhsófar buanseasmhacht an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta in aghaidh suaitheadh neamhfhabhrach trí chomhroinnt rioscaí trasteorann phríobháideach a éascú, agus laghdófar ag an am céanna an gá le comhroinnt rioscaí phoiblí a laghdú. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas an t-aontas baincéireachta a chomhlánú agus aontas na margaí caipitil (CMU) a fhorbairt tuilleadh. Tá sé bunriachtanach go dtabharfaí aghaidh ar stoic arda NPLanna agus ar charnadh féideartha NPLanna amach anseo chun an t-aontas baincéireachta a neartú ar an ábhar go bhfuil sé fíor-riachtanach chun an iomaíocht san earnáil baincéireachta a áirithiú, chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus chun iasachtú a spreagadh i dtreo is go gcruthófar poist agus fás laistigh den Aontas.

(3)

I gconclúidí ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le Plean Gníomhaíochta chun Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha san Eoraip (an “Plean Gníomhaíochta”), iarradh ar institiúidí éagsúla bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an líon ard NPLanna san Aontas agus chun carnadh féideartha na NPLanna sin amach anseo a chosc. Sa Phlean Gníomhaíochta, leagtar amach cur chuige cuimsitheach lena ndírítear ar mheascán de ghníomhaíochtaí beartais comhlántacha i gceithre réimse: (i) maoirseacht agus rialú baincéireachta, (ii) creataí athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus aisghabhála fiach a athchóiriú, (iii) margaí tánaisteacha le haghaidh sócmhainní tochsail a fhorbairt, agus (iv) athstruchtúrú an chórais baincéireachta a chothú. Tá an ghníomhaíocht sna réimsí sin le déanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí. D’fhógair an Coimisiún rún den chineál céanna i dteachtaireacht uaidh an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an aontas baincéireachta a chomhlánú, inar iarradh go mbeadh pacáiste cuimsitheach ann maidir le dul i ngleic le NPLanna laistigh den Aontas.

(4)

Leis an Treoir seo, maille le bearta eile a chuir an Coimisiún chun tosaigh, chomh maith leis an ngníomhaíocht a rinne an Banc Ceannais Eorpach (BCE) i gcomhthéacs na maoirseachta baincéireachta faoin Sásra Maoirseachta Aonair agus a rinne an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cruthófar an timpeallacht iomchuí d’institiúidí creidmheasa chun déileáil le NPLanna ar a gcláir chomhardaithe, agus laghdófar an baol go mbeadh NPLanna ag carnadh san am atá le teacht.

(5)

Agus cineálacha cur chuige macrastuamachta á bhforbairt aige chun cosc a chur ar theacht chun cinn rioscaí uile-chórais a bhaineann le NPLanna, ceanglaítear ar an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), rabhaidh mhacrastuamachta agus moltaí macrastuamachta a bhaineann leis an margadh tánaisteach le haghaidh NPLanna a eisiúint, i gcás inarb iomchuí.

(6)

Le Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tugadh isteach rialacha nua i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena gceanglaítear ar institiúidí creidmheasa acmhainní leordhóthanacha a chur i leataobh nuair a thagann iasachtaí nua chun bheith neamhthuillmheach, rud ba cheart dreasachtaí iomchuí a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar NPLanna ag céim luath agus cosc a chur ar charnadh iomarcach NPLanna. I gcás ina dtagann iasachtaí chun bheith neamhthuillmheach, d’fhagfadh sásraí forfheidhmithe níos éifeachtúla a bheith ann go mbeadh institiúidí creidmheasa in ann straitéis iomlánaíoch a chur chun feidhme chun NPLanna a fhorfheidhmiú, faoi réir coimircí láidre agus éifeachtacha d’iasachtaithe. Mar sin féin, más amhlaidh stoic de NPLanna a bheith ró-ard, ba cheart go mbeadh institiúidí creidmheasa in ann iad a dhíol i margaí tánaisteacha éifeachtúla, iomaíocha agus trédhearcacha le hoibreoirí eile. Déanann údaráis inniúla institiúidí creidmheasa iad a threorú agus é sin á dhéanamh acu, bunaithe ar na cumhachtaí atá acu cheana a bhaineann go sonrach le bainc, cumhachtaí Cholún 2 mar a thugtar orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás NPLanna a bheith ina bhfadhb shuntasach agus leathan, bíonn na Ballstáit in ann cuideachtaí bainistíochta sócmhainní náisiúnta a chur ar bun nó bearta malartacha eile a dhéanamh faoi chuimsiú na rialacha reatha maidir leis an státchabhair agus maidir le réiteach bainc.

(7)

Leis an Treoir seo, ba cheart a chur ar chumas institiúidí creidmheasa déileáil níos fearr le hiasachtaí a thagann chun bheith neamhthuillmheach trí fheabhas a chur ar na coinníollacha le haghaidh an creidmheas a dhíol le tríú páirtithe. Thairis sin, nuair a bhíonn ar institiúidí creidmheasa aghaidh a thabhairt ar charnadh mór NPLanna agus gurb amhlaidh easpa foirne agus saineolais a bheith orthu chun iad a sheirbhísiú i gceart, ba cheart dóibh a bheith in ann seirbhísiú na n-iasachtaí sin a sheachfhoinsiú chuig seirbhíseoir creidmheasa speisialaithe nó an comhaontú creidmheasa a aistriú chuig ceannaitheoir creidmheasa ag a bhfuil an goile riosca agus an saineolas is gá chun é a bhainistiú.

(8)

Cé go dtagraítear go coitianta do na téarmaí “iasachtaí” agus “bainc” sa díospóireacht phoiblí i roinnt Ballstát, úsáidtear anseo feasta na téarmaí “creidmheas” nó “comhaontuithe creidmheasa” agus “institiúid creidmheasa”. Thairis sin, leis an Treoir seo, cumhdaítear cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach agus an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

(9)

Leis an Treoir seo, ba cheart forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh NPLanna san Aontas a chothú trí bhaic ar aistriú NPLanna ag institiúidí creidmheasa chuig ceannaitheoirí creidmheasa a dhíothú, agus trí choimircí a leagan síos lena n-aghaidh, agus cearta iasachtaithe á gcoimirciú ag an am céanna. Le haon bhearta a ghlacfar, ba cheart na ceanglais údarúcháin le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, leis an Treoir seo, ba cheart creat uile-Aontais a bhunú do cheannaitheoirí agus seirbhíseoirí comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa, trínar cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa údarú a fháil ó údaráis inniúla na mBallstát, agus a bheith faoi réir mhaoirseacht na n-údarás sin.

(10)

Faoi láthair, ní féidir le ceannaitheoirí creidmheasa ná seirbhíseoirí creidmheasa leas a bhaint as an margadh inmheánach de bharr bacainní arna gcur i bhfeidhm ag córais náisiúnta éagsúla in éagmais córas rialála agus maoirseachta tiomnaithe agus comhleanúnach. Faoi láthair, níl aon chomhchaighdeáin de chuid an Aontais ann i gcomhar rialáil seirbhíseoirí creidmheasa. Go háirithe, níor socraíodh aon chomhchaighdeáin maidir le bailiú fiach a rialáil. Tá rialacha an-éagsúil ag na Ballstáit maidir le conas atá ceannaitheoirí creidmheasa in ann comhaontuithe creidmheasa a fháil ó institiúidí creidmheasa. Ní dhéantar ceannaitheoirí creidmheasa a cheannaíonn creidmheas arna eisiúint ag institiúidí creidmheasa a rialáil i roinnt Ballstát, agus i gcinn eile tá siad faoi réir ceanglais éagsúla, arb ionann iad uaireanta agus ceanglas údarú a fháil mar institiúid creidmheasa. Mar thoradh ar na difríochtaí sin idir ceanglais rialála, tá bacainní nach beag ar chreidmheas a cheannach go dlíthiúil ar bhonn trasteorann san Aontas, go príomha trí mhéadú a dhéanamh ar na costais chomhlíonta nach mór a íoc nuair a bhítear ag iarraidh punanna creidmheasa a cheannach. Dá thoradh sin, is i líon teoranta Ballstát a oibríonn ceannaitheoirí creidmheasa, agus tá an iomaíocht lag sa mhargadh inmheánach dá bharr ar an ábhar go bhfuil líon na gceannaitheoirí creidmheasa leasmhara fós íseal. Dá réir sin, tá margadh tánaisteach neamhéifeachtúil ann le haghaidh NPLanna. Sa bhreis air sin, is iondúil gur beag é an líon margaí, ar margaí náisiúnta iad go bunúsach, atá ann do NPLanna.

(11)

Bhí rannpháirtíocht theoranta ceannaitheoirí creidmheasa ina siocair leis an éileamh íseal, an iomaíocht lag agus praghsanna tairisceana ísle ar phunanna comhaontuithe creidmheasa maidir le margaí tánaisteacha, rud atá ina dhíspreagadh d’institiúidí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a dhíol. Dá bhrí sin, tá gné shoiléir Aontais ag baint le forbairt margaí le haghaidh creidmheasanna arna ndeonú ag institiúidí creidmheasa agus arna ndíol le ceannaitheoirí creidmheasa. Ar thaobh amháin, ba cheart é a bheith indéanta d’institiúidí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a dhíol ar fud an Aontais i margaí tánaisteacha éifeachtúla, iomaíocha agus trédhearcacha. Ar an taobh eile, i ngeall ar thabhairt i gcrích an aontais baincéireachta agus CMU, is gá gníomhú chun cosc a chur le carnadh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe institiúidí creidmheasa ionas gur féidir leo leanúint de bheith ag comhlíonadh an róil atá acu maidir leis an ngeilleagar a mhaoiniú. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an Treoir seo ceannaitheoirí creidmheasa agus iad ag gníomhú i gcaitheamh a gceirde, a ngnó nó a ngairme nuair a fhaigheann siad comhaontú creidmheasa ach i gcás inar comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach é an comhaontú creidmheasa sin.

(12)

Creidmheas neamhthuillmheach arna dheonú ar dtús ag institiúid creidmheasa, d’fhéadfadh sé teacht chun bheith tuillmheach agus an creidmheas á sheirbhísiú. Sa chás sin, ba cheart seirbhíseoirí creidmheasa a bheith in ann leanúint dá ngníomhaíochtaí a dhéanamh, bunaithe ar a n-údarú mar sheirbhíseoirí creidmheasa i gcomhréir leis an Treoir seo.

(13)

Déanann Ballstáit áirithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a rialáil, bíodh is nach ionann an rialáil sin ó cheann go chéile acu. Ar an gcéad dul síos, ní dhéanann ach roinnt Ballstát na gníomhaíochtaí sin a rialáil, agus, iad siúd a dhéanann iad a rialáil, déanann siad iad a shainiú go han-éagsúil le chéile. Tá costais mhéadaithe an chomhlíonta rialála ina mbacainn ar fhorbairt straitéisí fairsingithe trí bhíthin bunú tánaisteach nó soláthar trasteorann seirbhísí. Ar an dara dul síos, éilíonn líon nach beag de na Ballstáit údaruithe i gcomhair roinnt de na gníomhaíochtaí a ngabhann na seirbhíseoirí creidmheasa dóibh. Leis na húdaruithe sin, forchuirtear ceanglais éagsúla agus ní dhéantar foráil d’fhéidearthachtaí a bheith ann méadú trasteorann a dhéanamh. Uair amháin eile, is bacainn é sin ar sholáthar seirbhísí trasteorann. Ar deireadh, i roinnt cásanna, ceanglaítear nach mór a bheith bunaithe go háitiúil de réir an dlí, rud a chuireann bac ar an tsaoirse seirbhísí trasteorann a sholáthar.

(14)

Cé gur féidir le seirbhíseoirí creidmheasa a seirbhísí a sholáthar d’institiúidí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa nach institiúidí creidmheasa iad, tá margadh iomaíoch agus comhtháite le haghaidh seirbhíseoirí creidmheasa nasctha le forbairt margaidh iomaíoch agus chomhtháite le haghaidh ceannaitheoirí creidmheasa. Is minic a chinneann ceannaitheoirí creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú chuig eintitis eile toisc nach bhfuil sé d’acmhainneacht acu creidmheas a sheirbhísiú iad féin, agus, dá bhrí sin, is féidir drogall a bheith orthu creidmheas a cheannach ó institiúidí creidmheasa mura féidir leo seirbhísí áirithe a sheachfhoinsiú.

(15)

Fágann an easpa brú iomaíoch ar an margadh le haghaidh creidmheas a cheannach agus le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa go ngearrann gnólachtaí seirbhísithe creidmheasa táillí arda ar cheannaitheoirí creidmheasa as a gcuid seirbhísí agus is siocair é sin le praghsanna ísle ar mhargaí tánaisteacha le haghaidh creidmheasa. Mar gheall air sin, laghdaítear na dreasachtaí atá ann d’institiúidí creidmheasa scaradh lena stoc de NPLanna.

(16)

Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar sheasamh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa i ndáil le creidmheas neamhthuillmheach arna dheonú ar dtús ag institiúidí creidmheasa. Mar sin féin, ní dochar an Treoir seo do rialacha dhlí an Aontais agus rialacha an dlí náisiúnta lena rialaítear tionscnamh creidmheasa, lena n-áirítear i gcásanna inar féidir a mheas go bhfuil seirbhíseoirí creidmheasa i mbun idirghabháil creidmheasa. Ní dochar an Treoir seo freisin do rialacha náisiúnta lena bhforchuirtear ceanglais bhreise i ndáil le ceannaitheoir creidmheasa nó seirbhíseoir creidmheasa a mhéid a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a athchaibidliú.

(17)

Tá sé de rogha ag na Ballstáit rialáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, amhail seirbhísí arna dtairiscint i gcomhair comhaontuithe creidmheasa arna n-eisiúint ag institiúidí neamhchreidmheasa nó gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa arna ndéanamh ag daoine nádúrtha, lena n-áirítear trí cheanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Treoir seo a fhorchur. Ní bhainfeadh na heintitis agus na daoine nádúrtha sin tairbhe, áfach, as an bhféidearthacht leas a bhaint as nós imeachta an phas chun na seirbhísí sin a thairiscint i mBallstáit eile.

(18)

Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shrianta faoin dlí náisiúnta maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach a aistriú, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmhigh féin a aistriú, ar comhaontú é nach bhfoirceanntar i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta agus é mar éifeacht leis sin go dtagann na méideanna uile is iníoctha faoin gcomhaontú creidmheasa chun bheith dlite láithreach, i gcás ina n-éilítear é sin don aistriú chuig eintiteas atá lasmuigh den chóras bhaincéireachta. Dá réir sin, beidh Ballstáit ann ina mbeidh, agus na rialacha náisiúnta á gcur san áireamh, fáil comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nach bhfuil thar téarma, nó atá níos lú ná 90 lá thar téarma, nó nach bhfoirceanntar i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta, fós teoranta. Tá sé de rogha ag na Ballstáit aistriú comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a rialáil, lena n-áirítear trí cheanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Treoir seo a fhorchur.

(19)

Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do dhlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta, go háirithe na forálacha i dtaca leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus i dtaca le dlínse, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na ngníomhartha agus na bhforálacha sin i gcásanna aonair faoi Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 (8) agus Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Tá ceangal ar na creidiúnaithe uile agus ar aon duine ag a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu dlí an Aontais a urramú agus iad ag plé leis na húdaráis tomhaltóra agus na húdaráis náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar cearta an tomhaltóra a chosaint.

(20)

Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa gníomhú de mheon macánta i gcónaí, caitheamh go cothrom le hiasachtaithe agus a bpríobháideachas a urramú. Níor cheart dóibh iasachtaithe a chiapadh ná faisnéis mhíthreorach a thabhairt dóibh. Ba cheart dóibh, roimh an gcéad bhailiú fiach agus aon uair a iarrfaidh iasachtaithe amhlaidh orthu, faisnéis a sholáthar d’iasachtaithe i dtaobh an aistrithe a tharla, chéannacht agus shonraí teagmhála an cheannaitheora creidmheasa agus chéannacht agus shonraí teagmhála an tseirbhíseora creidmheasa a sholáthar, i gcás ina gceaptar ceann, mar aon le faisnéis i dtaobh na méideanna atá dlite ag an iasachtaí agus ráiteas ina luaitear go leanann dlí ábhartha uile an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha uile d’fheidhm a bheith acu, i measc nithe eile.

(21)

Sa bhreis air sin, ní laghdaítear leis an Treoir seo raon feidhme rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus, sa mhéid go gcáilíonn ceannaitheoirí creidmheasa mar chreidiúnaithe faoi Threoir 2008/48/CE (10) agus Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart dóibh a bheith faoi réir na n-oibleagáidí sonracha a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE agus Airteagal 35 de Threoir 2014/17/AE, faoi seach. Thairis sin, ní dochar an Treoir seo don chosaint a thugtar do thomhaltóirí arna ráthú le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena dtoirmisctear cleachtais tráchtála éagóracha lena n-áirítear iad siúd a dhéantar le linn forfheidhmiú conartha i gcás ina gcuirtear tomhaltóir amú maidir le cearta nó oibleagáidí an tomhaltóra, nó ina ndéantar é a chiapadh, a chomhéigniú nó tionchar míchuí a imirt air lena n-áirítear ó thaobh uainiú, suíomh, nádúr nó comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí forfheidhmithe, ó thaobh úsáid teanga bagraí nó maslaí nó úsáid iompair bhagraigh nó mhaslaigh, nó ó thaobh bagairtí go ndéanfaí aon ghníomhaíocht nach féidir a dhéanamh go dlíthiúil.

(22)

Le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, áirithítear an ceart chun éisteacht chóir agus phoiblí a fháil ó bhinse neamhspleách neamhchlaonta agus an fhéidearthacht go ndéanfadh dlíodóir an duine a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú. Is féidir an méid sin a bheith thar a bheith ábhartha don tuiscint iomlán agus chruinn ar na saincheisteanna agus na hargóintí dlíthiúla uile a bhfuil aghaidh á tabhairt orthu agus chun ullmhú cuimsitheach ionadaíochta cúirte don chás atá faoi dhíospóid a áirithiú. Ba cheart iasachtaithe nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a bheith in ann dul i muinín cúnamh dlíthiúil, i gcás inar gá sin chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú agus faoi na coinníollacha a leagtar síos leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme.

(23)

Tugann institiúidí creidmheasa faoi ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa mar chuid dá ngnáthghnó. Tá na hoibleagáidí céanna orthu maidir le comhaontuithe creidmheasa arna n-eisiúint acu féin agus maidir leosan arna gceannach ó institiúid creidmheasa eile. Ós rud é go bhfuil siad á rialáil agus faoi mhaoirseacht cheana, bheadh dúbailt costas údaraithe agus comhlíonta ann nár ghá dá ndéanfaí an Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir lena ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa nó maidir lena ngníomhaíochtaí ceannaigh agus dá bhrí sin ní chumhdaítear leis an Treoir seo iad. Maidir le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, i ndáil le comhaontuithe creidmheasa tuillmheacha agus neamhthuillmheacha araon, a bheith á seachfhoinsiú ag institiúidí creidmheasa chuig seirbhíseoirí creidmheasa nó chuig tríú páirtithe eile, tá sé sin lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo freisin toisc go bhfuil ceangal cheana ar institiúidí creidmheasa cloí leis na rialacha seachfhoinsithe is infheidhme. Thairis sin, na creidiúnaithe sin ar institiúidí neamhchreidmheasa iad ach atá, mar sin féin, á maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE agus a thugann faoi ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i gcás creidmheasanna arna ndeonú do thomhaltóirí mar chuid dá ngnáthghnó, ní chumhdaítear iad leis an Treoir seo agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu sa Bhallstát sin. Ina theannta sin, bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, cuideachtaí bainistíochta agus cuideachtaí infheistíochta (ar choinníoll nach bhfuil cuideachta bainistíochta ainmnithe ag cuideachta infheistíochta) atá údaraithe nó cláraithe faoi Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) nó Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), níor cheart dóibh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo ach oiread. Ar deireadh, tá roinnt gairmeacha ann a dhéanann gníomhaíochtaí coimhdeacha atá cosúil le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa mar chuid dá ngairm, eadhon nótairí poiblí, dlíodóirí agus báillí a shaothraíonn a ngníomhaíochtaí gairmiúla faoin dlí náisiúnta, agus a chuireann forfheidhmiú beart ceangailteach chun feidhme agus, dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na gairmeacha sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo.

(24)

Chun go mbeidh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa atá ann cheana in ann dul in oiriúint do cheanglais na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus, go háirithe, chun go mbeifear in ann seirbhíseoirí creidmheasa a údarú, fágann an Treoir seo gur féidir le heintitis atá ag soláthar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa faoi láthair leanúint de bheith ag déanamh amhlaidh ina mBallstát baile go ceann tréimhse 6 mhí tar éis spriocdháta trasuí na Treorach seo. Tar éis dhul in éag na tréimhse 6 mhí sin, níor cheart ach seirbhíseoirí creidmheasa arna n-údarú faoi na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a bheith ceadaithe oibriú ar an margadh.

(25)

Ballstáit a bhfuil rialacha i bhfeidhm cheana acu atá coibhéiseach leis na rialacha a bhunaítear sa Treoir seo le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, nó atá níos déine ná na rialacha sin, ba cheart dóibh a bheith in ann an fhéidearthacht atá ann eintitis atá ann cheana a sholáthraíonn gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a bheith aitheanta go huathoibríoch mar sheirbhíseoirí creidmheasa údaraithe a aithint ina ndlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

(26)

An t-údarú a thugtar do sheirbhíseoir creidmheasa chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar fud an Aontais, ba cheart é a bheith faoi réir tacar aonfhoirmeach agus comhchuibhithe coinníollacha ba cheart na húdaráis inniúla a chur i bhfeidhm ar bhealach comhréireach.

(27)

Chun laghdú ar an gcosaint a thugtar don iasachtaí a sheachaint agus chun iontaoibh a chur chun cinn, leis na coinníollacha faoina ndeonaítear agus faoina gcoinnítear údarú mar sheirbhíseoir creidmheasa, ba cheart a áirithiú go bhfuil ag seirbhíseoirí creidmheasa, ag daoine a bhfuil sealúchas cáilitheach sa seirbhíseoir creidmheasa ina seilbh acu, agus ag comhaltaí d’fhoras bainistíochta nó riaracháin an tseirbhíseora, taifead póilíneachta glan i ndáil le cionta coiriúla ábhartha a bhaineann le coireanna i gcoinne maoine, coireanna a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais, sciúradh airgid, calaois nó coireanna i gcoinne na sláine fisiciúla, i measc nithe eile, agus nach bhfuil siad faoi réir nós imeachta dócmhainneachta ná nár dearbhaíodh ina bhféimhigh iad roimhe sin, mura rud é go ndearnadh iad a athbhunú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Maidir le comhlíonadh an cheanglais go raibh comhaltaí d’fhoras bainistíochta nó riaracháin na seirbhíseoirí creidmheasa trédhearcach, oscailte agus comhoibritheach ina gcuid déileálacha gnó leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála san am a chuaigh thart, ba cheart measúnú a dhéanamh air sin ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don údarás inniúil, nó atá ar eolas aige, tráth a dheonaítear an t-údarú. Mura bhfuil aon fhaisnéis ar fáil, nó mura bhfuil aon eolas ar aon fhaisnéis, nó mura ndearnadh aon idirghníomhaíocht leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála an uair sin, meastar an ceanglas a bheith comhlíonta.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag bainistíocht seirbhíseora creidmheasa, ina hiomláine, eolas agus taithí leormhaith chun an gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach, de réir na gníomhaíochta atá le déanamh. Is faoi gach Ballstát atá sé na ceanglais maidir le dea-cháil agus eolas agus taithí leormhaith a leagan síos, ach níor cheart, leis na ceanglais sin, dochar a dhéanamh do shaorghluaiseacht seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe laistigh den Aontas. Chun na críche sin, ba cheart do ÚBE treoirlínte a fhorbairt chun an baol a laghdú go mbeadh léirithe éagsúla ann ar na ceanglais maidir le heolas agus taithí leormhaith. Thairis sin, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha i gcomhair cosaint féichiúnaithe mar aon leis na rialacha i gcomhair cosaint sonraí pearsanta, ba cheart socruithe rialachais iomchuí agus sásraí rialaithe inmheánaigh iomchuí a bhunú, mar aon le nósanna imeachta iomchuí le haghaidh gearáin a thaifeadadh agus a láimhseáil, agus ba cheart iad a bheith faoi réir maoirseachta. Sa bhreis air sin, ba cheart nósanna imeachta leormhaithe maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta a bheith i bhfeidhm ag seirbhíseoirí creidmheasa i gcás ina ndéantar, le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), seirbhíseoirí creidmheasa a ainmniú mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac. Thairis sin, ba cheart oibleagáid a bheith ar sheirbhíseoirí creidmheasa gníomhú go cothrom agus aird chuí a thabhairt ar stádas airgeadais na n-iasachtaithe. I gcás seirbhísí comhairle féich lena n-éascaítear aisíocaíocht fiach a bheith ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na seirbhíseoirí smaoineamh ar na hiasachtaithe a threorú chuig na seirbhísí sin.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh, ina ndlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear do sheirbhíseoirí creidmheasa ar a gcríoch cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu. I gcásanna ina gceadaítear i mBallstát cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú agus ina bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoirí creidmheasa déanamh amhlaidh mar chuid dá samhail ghnó, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais bhreise maidir leis na seirbhíseoirí creidmheasa sin, chun déileáil leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcásanna dócmhainneachta, eadhon leithscaradh cuntas agus cistí, agus freisin i gcásanna ina n-urscaoilfear an t-iasachtaí. I gcás ina gcuireann Ballstát baile seirbhíseora creidmheasa toirmeasc ar sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ní féidir le seirbhíseoir creidmheasa é sin a dhéanamh, ina Bhallstát baile ná in aon Bhallstát óstach, fiú má cheadaíonn Ballstát óstach cistí a fháil agus a shealbhú, go díreach toisc nach raibh an seirbhíseoir creidmheasa údaraithe chun na críche sin ag a Bhallstát baile. I gcodarsnacht leis sin, i gcás ina gceadaíonn Ballstát baile do sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú agus ina n-áiríonn sé na ceanglais ábhartha ina dhlí náisiúnta, ba cheart seirbhíseoir creidmheasa a bheith in ann cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú ina Bhallstát baile agus freisin in aon Bhallstát óstach a cheadaíonn freisin cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

(30)

Chun nósanna imeachta fadálacha agus éiginnteacht a sheachaint, is gá ceanglais a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear ar iarratasóirí ar údarú mar sheirbhíseoir creidmheasa a thíolacadh, mar aon le sprioc-amanna réasúnacha le haghaidh údarú a eisiúint agus na himthosca ina dtarraingeofaí siar é. I gcás ina ndéanann údaráis inniúla údarú seirbhíseora creidmheasa a sholáthraíonn gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstáit eile a tharraingt siar, ba cheart údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, agus údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas freisin, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, a chur ar an eolas faoi sin. Mar an gcéanna, ba cheart clár nó liosta poiblí cothrom le dáta a bhunú sa Bhallstát baile agus sa Bhallstát óstach agus a chur ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil chun trédhearcacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le líon agus céannacht na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe.

(31)

Níor cheart an caidreamh conarthach idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an ceannaitheoir creidmheasa ná oibleagáidí an tseirbhíseora creidmheasa i leith an cheannaitheora creidmheasa a athrú mar thoradh ar ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí creidmheasa. Ba cheart seirbhíseoirí creidmheasa a bheith freagrach as a áirithiú nach é a bheidh mar thoradh ar a ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe seirbhísí creidmheasa go mbeidh riosca oibriúcháin míchuí ann, ná nach gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí creidmheasa aon cheanglais faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, ná nach gcuirfear srian le hacmhainneacht maoirseora rialála a dhualgas a chomhlíonadh agus cearta an iasachtaí a choimirciú.

(32)

Nuair a chuireann ceannaitheoir creidmheasa de chúram ar sheirbhíseoir creidmheasa comhaontú creidmheasa a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú, déanann an ceannaitheoir creidmheasa a chearta agus a dhualgais agus freisin a theagmháil dhíreach leis an iasachtaí a tharmligean chuig an seirbhíseoir creidmheasa agus é fós freagrach ar deireadh thiar. Dá réir sin, ba cheart an caidreamh idir ceannaitheoir creidmheasa agus seirbhíseoir creidmheasa a bhunú go soiléir i gcomhaontú seirbhísithe creidmheasa i scríbhinn agus ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann a fhíorú conas a chinntear caidreamh den sórt sin. Thairis sin, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa gníomhú go cothrom agus aird chuí a thabhairt ar stádas airgeadais na n-iasachtaithe. Sa mhéid nach ndéanann an ceannaitheoir creidmheasa féin seirbhísiú na gcomhaontuithe creidmheasa a fhaigheann sé, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go bhfuil ceangal ar an seirbhíseoir creidmheasa agus ar an gceannaitheoir creidmheasa a chomhaontú sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa go dtabharfaidh an seirbhíseoir creidmheasa fógra don cheannaitheoir creidmheasa sula ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú.

(33)

Chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag seirbhíseoir creidmheasa tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trasteorann agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an maoirseacht ar na gníomhaíochtaí sin, leis an Treoir seo, cuirtear ar bun nós imeachta maidir le ceart seirbhíseora creidmheasa údaraithe tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trasteorann a fheidhmiú. Ba cheart an chumarsáid idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach, mar aon leis an gcumarsáid le seirbhíseoir creidmheasa, a dhéanamh laistigh de sprioc-amanna réasúnacha. Ba cheart údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas faisnéis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann a fháil freisin ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

(34)

Ba cheart seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí i mBallstát óstach a bheith faoi réir na srianta agus na gceanglas arna mbunú i ndlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh sin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an toirmeasc ar chistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ar srianta agus ceanglais iad nach mbaineann le ceanglais údarúcháin eile de chuid seirbhíseoirí creidmheasa. Más rud é, faoi fhorálacha náisiúnta Ballstáit óstaigh lena dtrasuitear an Treoir seo, go bhforchuirtear ceanglais bhreise i gcomhair údarú mar sheirbhíseoir creidmheasa, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais bhreise den sórt sin maidir le seirbhíseoirí creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa trasteorann sa Bhallstát óstach sin.

(35)

Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtach agus éifeachtúil ar sheirbhíseoirí creidmheasa trasteorann, ba cheart creat sonrach a chruthú don chomhar idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas. Leis an gcreat sin, ba cheart go bhféadfaí faisnéis a mhalartú, agus rúndacht na faisnéise á caomhnú ag an am céanna, go bhféadfadh rúndacht ghairmiúil a bheith ann, go bhféadfaí cearta aonair agus cearta gnó a chosaint, go bhféadfaí cigireachtaí ar an láthair nó lasmuigh den láthair a dhéanamh, go bhféadfaí cúnamh a sholáthar, agus go bhféadfaí torthaí seiceálacha agus cigireachtaí agus aon bhearta arna ndéanamh a fhógairt.

(36)

Réamhriachtanas ba cheart a bheith ann chun go nglacfadh ceannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa an ról chucu féin ná go mbeadh deis acu rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha uile agus ba cheart do na Ballstáit a chur ar a gcumas an méid sin a dhéanamh, agus rialacha cosanta sonraí an Aontais agus rialacha náisiúnta cosanta sonraí á gcomhlíonadh ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach go ndéanfadh institiúidí creidmheasa faisnéis mhionsonraithe a sholáthar do cheannaitheoirí creidmheasa ionchasacha ionas go mbeidh siad in ann a measúnú féin a dhéanamh ar an luach atá ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin. Níor cheart d’institiúidí creidmheasa an fhaisnéis sin a sholáthar ach uair amháin le linn an phróisis, bíodh sé sin le linn na céime tosaigh nó le linn na gcéimeanna ina dhiaidh sin, ach in aon chás sula dtabharfar an conradh aistrithe i gcrích. Tá an oibleagáid sin faisnéis a sholáthar riachtanach, agus tá údar léi, chun go mbeidh ceannaitheoirí creidmheasa ionchasacha in ann roghanna eolasacha a dhéanamh sula ndéanfaidh siad idirbheart agus, dá bhrí sin, tá sé dlisteanach d’institiúidí creidmheasa sonraí pearsanta iasachtaithe a chomhroinnt le ceannaitheoirí creidmheasa ionchasacha. Ba cheart faisnéis den sórt sin a bheith teoranta go docht don mhéid is gá chun a chur ar chumas ceannaitheoirí creidmheasa ionchasacha measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus ar an dóchúlacht go n-aisghabhfar luach an chomhaontaithe sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar, le soláthar na faisnéise do cheannaitheoirí creidmheasa ionchasacha, agus leis an úsáid a bhaintear aisti ina dhiaidh sin, creat ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(37)

I gcás ina n-aistríonn institiúid creidmheasa comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, ba cheart é a bheith de cheangal uirthi a húdarás inniúil agus údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a chur ar an eolas, ar bhonn débhliantúil, faoi iarmhéid comhiomlán gan íoc na bpunann creidmheasa aistrithe ar a laghad, agus freisin faoi líon agus méid na gcreidmheasanna a áirítear agus cibé an bhfuil comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí san áireamh san aistriú. Maidir le gach punann chreidmheasa a aistrítear in idirbheart aonair, ba cheart a bheith san áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa, nó, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a ionadaí, nó, i gcás nach mbeidh sé sin ar fáil, céannacht agus seoladh an cheannaitheora creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh a ionadaí san Aontas. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go soláthrófaí an fhaisnéis ar bhonn ráithiúil ina ionad sin, aon uair is dóigh leo gur gá sin, lena n-áirítear mar gheall ar líon ard na n-idirbheart le linn tréimhse ghéarchéime. Ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis sin a tharchur chuig na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar an gceannaitheoir creidmheasa. Le ceanglais trédhearcachta den sórt sin, is féidir faireachán comhchuibhithe agus éifeachtach a dhéanamh ar aistriú comhaontuithe creidmheasa laistigh den Aontas. Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, ba cheart d’údaráis inniúla, chun dúbláil a sheachaint, faisnéis atá ar fáil dóibh cheana ar bhealaí eile, go háirithe maidir le hinstitiúidí creidmheasa, a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an seirbhíseoir creidmheasa fós freagrach as ceanglais maidir le fógra a thabhairt d’údaráis inniúla i dtaca le punann chreidmheasa a luaithe a aistreofar punann den sórt sin chuig ceannaitheoir creidmheasa.

(38)

Aithníodh sa Phlean Gníomhaíochta go ndéanfaí bonneagar sonraí institiúidí creidmheasa a neartú trí shonraí aonfhoirmeacha caighdeánaithe a bheith acu le haghaidh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha. Tá teimpléid sonraí forbartha ag ÚBE lena soláthraítear faisnéis faoi risíochtaí creidmheasa sa leabhar baincéireachta agus a fhágann go bhfuil ceannaitheoirí ionchasacha in ann luach na gcomhaontuithe creidmheasa a mheasúnú agus a ndícheall cuí a dhéanamh. Ar thaobh amháin, dá gcuirfí teimpléid sonraí den sórt sin i bhfeidhm maidir le comhaontuithe creidmheasa, laghdófaí neamhshiméadrachtaí faisnéise idir ceannaitheoirí agus díoltóirí ionchasacha comhaontuithe creidmheasa agus, ar an dóigh sin, rannchuideofaí le forbairt margaidh thánaistigh fheidhmiúil san Aontas. Ar an taobh eile, i gcás teimpléid sonraí den sórt sin a bheith rómhionsonraithe, is féidir iad a bheith ina n-ualach iomarcach ar institiúidí creidmheasa gan aon sochar suntasach a bheith ann ó thaobh na faisnéise de. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚBE athbhreithniú a dhéanamh ar na teimpléid sonraí d’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu i dtreo is go mbeidís ina gcaighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh institiúidí creidmheasa. Ba cheart ceangal a bheith ar institiúidí creidmheasa na teimpléid sonraí a úsáid le haghaidh aistrithe comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, lena n-áirítear aistrithe chuig institiúidí creidmheasa eile. Ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le haistrithe comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, agus maidir leosan amháin, agus ní chuimsítear léi idirbhearta casta i gcás ina n-áirítear comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha mar chuid d’idirbheart den sórt sin, lena n-áirítear díolacháin brainsí, díolacháin línte gnó nó díolacháin punann cliant nach bhfuil teoranta do chomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha agus aistrithe mar chuid d’oibríocht athstruchtúraithe leanúnach de chuid na hinstitiúide creidmheasa is díoltóir laistigh d’imeachtaí dócmhainneachta, réitigh nó leachtaithe. Chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, ba cheart na ceanglais faisnéise sin a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa ar bhealach comhréireach ag féachaint do chineál agus méid na gcreidmheasanna. Ag an am céanna, ba cheart, le méid na hoibleagáide atá ar institiúidí creidmheasa teimpléid sonraí a chomhlíonadh, dáta thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a chur san áireamh. Ba cheart díoltóirí eile comhaontuithe creidmheasa a bheith in ann na caighdeáin sin a úsáid chun éascaíocht a dhéanamh ar luacháil comhaontuithe creidmheasa chun a ndíolta. Sa bhreis air sin, maidir le hidirbhearta urrúsúcháin, i gcás ina ndéantar foráil do theimpléid trédhearcachta éigeantacha, ba cheart aon tuairisciú dúbailte mar thoradh ar an Treoir seo a sheachaint.

(39)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh, arna bhforbairt ag ÚBE, chun sonrú a dhéanamh ar na teimpléid atá le húsáid ag institiúidí creidmheasa chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir seo a sholáthar. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(40)

Ós rud é nach bhfuil ceannaitheoirí creidmheasa ag cruthú creidmheas nua agus, ina ionad sin, agus amhail dá bhforáiltear sa Treoir seo, nach bhfuil siad ach ag ceannach comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha atá ann cheana ar a bpriacal féin, ní ábhar buartha iad ó thaobh stuamachta de agus is diomaibhseach an méid a d’fhéadfaidís cur le riosca córasach. Dá bhrí sin, níl údar maith le ceangal a chur ar cheannaitheoirí creidmheasa iarratas a dhéanamh ar údarú, ach tá sé tábhachtach, áfach, go leanfadh rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí d’fheidhm a bheith acu agus gurb iad na cearta sin a eascraíonn ón gcomhaontú creidmheasa tosaigh a bheadh i gcearta na n-iasachtaithe i gcónaí.

(41)

B’fhéidir go ndéanfadh ceannaitheoirí creidmheasa tríú tír níos deacra d’iasachtaithe an Aontais é brath ar a gcearta faoi dhlí an Aontais agus d’údaráis náisiúnta maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha. B’fhéidir go gcuirfí drogall ar institiúidí creidmheasa freisin roimh chomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha den sórt sin a aistriú chuig ceannaitheoirí creidmheasa tríú tír mar gheall ar an riosca do cháil atá i gceist. Sa mhéid nach institiúid creidmheasa, ná institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, ná seirbhíseoir creidmheasa arna údarú san Aontas, é an t-ionadaí de cheannaitheoir creidmheasanna arna ndeonú do dhaoine nádúrtha, lena n-áirítear tomhaltóirí agus oibrithe neamhspleácha, nó ionadaí ceannaitheora tríú tír creidmheasanna arna ndeonú do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ba cheart don ionadaí sin eintiteas den sórt sin a cheapadh chun a áirithiú go gcaomhnófar na caighdeáin chéanna maidir le cearta iasachtaithe tar éis aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh.

(42)

Thairis sin, chun a áirithiú, ar bhealach níos fearr, go gcaomhnófar na caighdeáin chéanna maidir le cearta tomhaltóirí tar éis aistriú comhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh, ba cheart a chur de cheangal freisin ar cheannaitheoir creidmheasa a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a bhfuil a cheannoifig aige san Aontas, institiúid creidmheasa, nó institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a thugtar i gcrích le tomhaltóirí.

(43)

Ba cheart Ballstáit óstacha a bheith in ann síneadh a chur leis an oibleagáid seirbhíseoir creidmheasa a cheapadh i ndáil le comhaontuithe creidmheasa eile. I gcásanna ina n-áiríonn aistriú punainne creidmheasa comhaontuithe creidmheasa le tomhaltóirí, daoine nádúrtha eile nó FBManna ar ina leith is gá institiúid creidmheasa, nó institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh, agus ina n-áiríonn sé go comhuaineach comhaontuithe eile creidmheasa ar ina leith nach gá ceapachán den sórt sin, ba cheart don cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, dá ionadaí, an oibleagáid ceapacháin a chomhlíonadh i ndáil le comhaontuithe creidmheasa le tomhaltóirí, daoine nádúrtha eile nó FBManna. Ba cheart don seirbhíseoir creidmheasa agus don cheannaitheoir creidmheasa dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, agus ba cheart na cumhachtaí is gá chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar a ngníomhaíocht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta i mBallstáit aonair.

(44)

Nuair a cheanglaítear ar cheannaitheoir creidmheasa, nó ar a ionadaí arna ainmniú i gcomhréir leis an Treoir seo, seirbhíseoir creidmheasa, nó institiúid creidmheasa, nó institiúid neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, a cheapadh, agus a roghnaíonn sé na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú é féin, meastar an ceannaitheoir creidmheasa, nó a ionadaí arna ainmniú i gcomhréir leis an Treoir seo, a bheith ina sheirbhíseoir creidmheasa, agus, dá bhrí sin, ba cheart é a údarú faoin Treoir seo.

(45)

Ceannaitheoirí creidmheasa a úsáideann seirbhísí seirbhíseoirí creidmheasa, nó seirbhísí insititiúidí creidmheasa, nó seirbhísí institiúidí neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, ba cheart dóibh údaráis inniúla a mBallstáit baile a chur ar an eolas faoi sin ionas go mbeidh na húdaráis inniúla ábhartha in ann a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú a mhéid a bhaineann le hiompar an tseirbhíseora creidmheasa, nó iompar na hinstitiúide creidmheasa, nó iompar na hinstitiúide neamhchreidmheasa arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE, i leith an iasachtaí. Ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa na húdaráis inniúla atá i gceannas ar a maoirseacht a chur ar an eolas go tráthúil freisin má fhostaíonn siad seirbhíseoir creidmheasa éagsúil, institiúid creidmheasa éagsúil, nó institiúid neamhchreidmheasa éagsúil arna maoirsiú ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le Treoir 2008/48/CE nó le Treoir 2014/17/AE.

(46)

Na ceannaitheoirí creidmheasa a fhorfheidhmíonn an comhaontú creidmheasa ceannaithe ar bhonn díreach, ba cheart dóibh sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa, lena n-áirítear rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí is infheidhme maidir leis an iasachtaí. Tá feidhm fós ag rialacha náisiúnta a bhaineann go háirithe le conarthaí a fhorfheidhmiú, le cosaint tomhaltóirí agus leis an dlí coiriúil agus ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíonfaidh na ceannaitheoirí creidmheasa sin rialacha den sórt sin ar chríoch na mBallstát.

(47)

Chun forfheidhmiú na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo a éascú, i gcás nach bhfuil sainchónaí ar cheannaitheoir creidmheasa san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, nach bhfuil a cheannoifig aige san Aontas, ba cheart a fhoráil sa dlí náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo gurb amhlaidh, i gcás ina ndéantar comhaontú creidmheasa a aistriú, a ainmneoidh ceannaitheoir creidmheasa tríú tír ionadaí a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a bhfuil a cheannoifig aige san Aontas, a mbeidh sé de shainordú ar na húdaráis inniúla cumarsáid a dhéanamh leis sa bhreis ar an gceannaitheoir creidmheasa nó ina ionad. Tá an t-ionadaí sin freagrach as na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar cheannaitheoirí creidmheasa leis an Treoir seo gan dochar d’oibleagáidí a fhorchuirtear ar sheirbhíseoirí creidmheasa. Ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa a aistríonn comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha údarás inniúil an Bhallstáit baile a chur ar an eolas, ar bhonn débhliantúil agus ar leibhéal comhiomlánaithe, faoi iarmhéid comhiomlán gan íoc na bpunann creidmheasa aistrithe ar a laghad, agus freisin faoi líon agus méid na gcreidmheasanna a áirítear, agus cibé an bhfuil comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí san áireamh san aistriú. Maidir le gach punann a aistrítear in idirbheart aonair, ba cheart a bheith san áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa, nó, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a ionadaí san Aontas, nó, i gcás nach mbeidh sé sin ar fáil, céannacht agus seoladh an cheannaitheora creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh a ionadaí san Aontas. Ba cheart údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go soláthrófaí an fhaisnéis ar bhonn ráithiúil ina ionad sin, aon uair is dóigh leo gur gá sin, lena n-áirítear mar gheall ar líon ard na n-idirbheart le linn tréimhse ghéarchéime.

(48)

Faoi láthair, déantar údarú agus maoirseacht seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa sna Ballstáit a chur ar iontaoibh údaráis éagsúla, agus dá bhrí sin tá sé bunriachtanach go ndéanfadh na Ballstáit ról údarás den sórt sin a shoiléiriú agus cumhachtaí leormhaithe a leithdháileadh, go háirithe ar an ábhar go mb’fhéidir go mbeadh orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis atá i mbun seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile. Chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil agus chomhréireach ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit na cumhachtaí is gá a dheonú d’údaráis inniúla ionas gur féidir leo a gcuid dualgas faoin Treoir seo a dhéanamh, lena n-áirítear an chumhacht chun an fhaisnéis is gá a fháil, sáruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir seo a fhiosrú, gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur, lena n-áirítear údaruithe a tharraingt siar. I gcás ina gcuirtear pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na húdaráis inniúla i bhfeidhm iad ar bhealach comhréireach agus go dtabharfaidh siad cúiseanna lena gcuid cinntí agus, sa bhreis air sin, gur cheart na cinntí sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach lena n-áirítear i gcásanna nach ngníomhaíonn údaráis inniúla laistigh de na tréimhsí ama arna leagan síos.

(49)

Ní dochar na forálacha a bhaineann le sáruithe ar an Treoir seo don cheart atá ag Ballstát idirghabháil a dhéanamh i gcásanna ina ndéantar sáruithe ar an dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, le cearta iasachtaithe nó le gníomhaíochtaí coiriúla, mar shampla. I gcásanna den sórt sin, is iad údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas na húdaráis atá inniúil ar chinneadh a dhéanamh faoi cibé an ndearnadh sárú ar an dlí náisiúnta agus dá bhrí sin níl a gcumhachtaí teoranta leis an Treoir seo.

(50)

Ós rud é go mbeidh feidhmíocht margaí tánaisteacha ag brath cuid mhaith ar dhea-cháil na n-eintiteas lena mbaineann, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa sásra éifeachtúil a bhunú trína ndéanfaí gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis is inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar cheannaitheoirí creidmheasa agus ar sheirbhíseoirí creidmheasa nósanna imeachta éifeachtacha agus inrochtana chun déileáil le gearáin ó iasachtaithe.

(51)

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 (16) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) araon maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo. Go háirithe, i gcás ina bhpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo, ba cheart an chríoch shonrach a shonrú, ba cheart tagairt don bhunús dlí ábhartha, ba cheart na ceanglais slándála ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, agus ba cheart prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, an teorannaithe de réir cuspóra, agus na tréimhse coinneála sonraí trédhearcaí agus comhréirí a urramú. Chun na gcríoch sin, is fearr cód iompair a bheith ann ar fud an tionscail, i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/679. Lena chois sin, ba cheart cosaint sonraí pearsanta trí dhearadh agus cosaint sonraí mar réamhshocrú a bheith leabaithe sna córais próiseála sonraí uile arna bhforbairt agus arna n-úsáid faoi chuimsiú na Treorach seo. Mar an gcéanna, ba cheart an comhar riaracháin agus an cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát a bheith comhoiriúnach leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, agus i gcomhréir le rialacha náisiúnta cosanta sonraí lena gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme.

(52)

Chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, déantar foráil i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta do líon ceart agus coimircí i ndáil le comhaontuithe creidmheasa arna ndeonú do thomhaltóir. Tá feidhm ag na cearta agus na coimircí sin go háirithe maidir le caibidlíocht agus tabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa, maidir le húsáid cleachtas tráchtála éagothrom idir gnólachtaí agus tomhaltóirí mar a leagtar síos i dTreoir 2005/29/CE agus maidir le feidhmíocht nó mainneachtain an chomhaontaithe creidmheasa. Is amhlaidh an cás go háirithe i ndáil le comhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí fadtéarmacha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2014/17/AE, i dtaca le ceart an tomhaltóra oibleagáidí an tomhaltóra faoi chomhaontú creidmheasa a urscaoileadh go hiomlán nó go páirteach sula dtéann an comhaontú creidmheasa sin in éag nó a bheith curtha ar an eolas trí bhíthin na Bileoige Faisnéise Caighdeánaithe Eorpaí, i gcás inarb iomchuí, go bhféadfaí comhaontú creidmheasa a aistriú chuig ceannaitheoir creidmheasa. Níor cheart cearta an iasachtaí a athrú ach oiread más amhlaidh gur nuachan conartha atá in aistriú an chomhaontaithe creidmheasa idir institiúid creidmheasa agus ceannaitheoir creidmheasa. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart a áirithiú nach mbeidh iasachtaithe níos measa as tar éis aistriú a gcomhaontaithe creidmheasa ó institiúid creidmheasa chuig ceannaitheoir creidmheasa. Leis an Treoir seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit forálacha níos déine a chur i bhfeidhm chun iasachtaithe a chosaint.

(53)

Gan dochar d’oibleagáidí eile faoi Threoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, agus chun ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a áirithiú, ba cheart na Treoracha sin a leasú, chun a áirithiú go ndéanfar, in am trátha agus sula ndéanfar aon mhodhnuithe ar théarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa, liosta soiléir agus cuimsitheach d’aon athruithe den sórt sin, an t-amscála dá gcur chun feidhme agus na mionsonraí is gá, mar aon le hainm agus seoladh an údaráis náisiúnta a bhfuil an tomhaltóir in ann gearán a thaisceadh leis, a chur faoi bhráid an tomhaltóra.

(54)

An fhaisnéis maidir leis an modhnú ar théarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa faoi Threoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, mar a thugtar isteach leis na leasuithe a leagtar amach sa Treoir seo, níor cheart di difear a dhéanamh d’aon cheann de chearta an tomhaltóra a leagtar síos i dTreoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, lena n-áirítear cearta faisnéise.

(55)

Fágann an tábhacht a leagann reachtóir an Aontais ar an gcosaint a thugtar do thomhaltóirí i dTreoir 93/13/CEE ón gComhairle (18) agus i dTreoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE nár cheart, le sannadh ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó sannadh an chomhaontaithe creidmheasa é féin, do cheannaitheoir creidmheasa, difear a dhéanamh don leibhéal cosanta a dheonaítear le dlí an Aontais do thomhaltóirí ar dhóigh ar bith. Dá bhrí sin, ba cheart do cheannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme de réir mar is infheidhme maidir leis an gcomhaontú creidmheasa tosaigh a chomhlíonadh agus ba cheart don iasachtaí an leibhéal céanna cosanta a choinneáil amhail dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais is infheidhme agus faoin dlí náisiúnta is infheidhme nó mar a chinntear le rialacha an Aontais nó rialacha náisiúnta maidir le heasaontacht dlíthe. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfar costais ar bith a bhaineann le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa a ghearradh ar an iasachtaí, seachas iad sin a bheidh ar áireamh cheana sa chomhaontú creidmheasa sin. A mhéid a bhaineann le muirir ar thomhaltóirí i gcás mainneachtana, ba cheart leasuithe ar Threoir 2008/48/CE a thabhairt isteach lena gceanglaítear ar na Ballstáit cloí leis na rialacha céanna agus atá i dTreoir 2014/17/AE maidir le huasteorainneacha a chur ar tháillí agus ar phionóis.

(56)

I ndáil le tomhaltóirí, ba cheart Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE a leasú leis an Treoir seo chun a leagan síos gur cheart do na Ballstáit a cheangal ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí foriaimh. Ba cheart aird a thabhairt ar Threoirlínte ÚBE an 19 Lúnasa 2015 maidir le riaráistí agus foriamh, ar Threoirlínte ÚBE an 31 Deireadh Fómhair 2018 maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta a bhainistiú agus ar Threoraíocht ó BCE ó Mhárta 2017 do na bainc maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha. Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé na bearta staonta a dhéanfaidh siad, ba cheart go gcuirfeadh creidiúnaithe san áireamh imthosca aonair an tomhaltóra, leasanna agus cearta an tomhaltóra agus cumas an tomhaltóra an creidmheas a aisíoc, lena n-áirítear go háirithe más rud é go bhfuil an comhaontú creidmheasa urraithe ag maoin chónaithe dhochorraithe arb í príomháit chónaithe an tomhaltóra í. Ba cheart bearta staonta a bheith in ann a bheith comhdhéanta de lamháltais áirithe ar an tomhaltóir, amhail athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa, nó modhnú ar a théarmaí agus a choinníollacha atá ann cheana, lena n-áirítear, i measc nithe eile, síneadh ar a théarma, athrú ar an gcineál comhaontaithe creidmheasa, íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad, nó cuid di, a iarchur go ceann tréimhse, athrú ar an ráta úis, tairiscint sosa íocaíochta, aisíocaíochtaí páirteacha, comhshó airgeadra, maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach. Ba cheart bearta staonta iomchuí a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Níl an liosta de bhearta staonta dá bhforáiltear sa Treoir seo, mar leasuithe ar Threoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE, ina liosta uileghabhálach, agus, dá bhrí sin, tá sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit foráil a dhéanamh do bhearta breise. Ar an gcuma chéanna, tá sé de rogha ag na Ballstáit gan foráil a dhéanamh do bheart sonrach sa chás ina mbeartaítear amhlaidh ar an leibhéal náisiúnta, fad a bheidh líon réasúnta beart ar fáil fós. I gcás fiacha neamhíoctha a bheith fós ann tar éis imeachtaí foriaimh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar dálaí íosta maireachtála agus ba cheart dóibh bearta a chur i bhfeidhm chun aisíocaíocht fiach a éascú agus rófhéichiúnas fadtéarmach á sheachaint ag an am céanna. Ar a laghad i gcás ina ndéanann an praghas arna fháil ar an maoin chónaithe dhochorraithe difear don mhéid atá dlite den tomhaltóir, ba cheart do na Ballstáit na creidiúnaithe a spreagadh le céimeanna réasúnacha a ghlacadh chun an praghas is fearr is féidir a fháil ar an maoin chónaithe dhochorraithe fhoriata i gcomhthéacs dálaí margaidh. Níor cheart do na Ballstáit cosc a chur ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gur leor an t-urrús a aistriú chuig an gcreidiúnaí chun an creidmheas a aisíoc, go háirithe nuair atá an creidmheas urraithe ag príomháit chónaithe an tomhaltóra.

(57)

Chun a áirithiú nach ndéanfar difear do leibhéal cosanta an tomhaltóra i gcás ina ndéanfar cearta an chreidiúnaithe faoi chomhaontú creidmheasa morgáiste nó an comhaontú creidmheasa féin a shannadh do thríú páirtí, ba cheart leasú ar Threoir 2014/17/AE a thabhairt isteach chun a leagan síos, i gcásanna ina n-aistreofar creidmheas atá cumhdaithe ag an Treoir sin, go mbeidh an tomhaltóir i dteideal pléadáil i gcoinne an cheannaitheora creidmheasa aon chosaint a bhí ar fáil don tomhaltóir i gcoinne an chreidiúnaithe bunaidh agus go mbeidh sé nó sí i dteideal a bheith curtha ar an eolas faoin sannadh.

(58)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (19), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo, measann reachtóir an Aontais go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(59)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 24 Eanáir 2019.

(60)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtúil na Treorach seo, de réir mar a dhéantar dul chun cinn i ndáil le bunú margaidh thánaistigh inmheánaigh le haghaidh comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha lena ngabhann ardleibhéal cosanta tomhaltóirí. Is maith atá an Coimisiún in ann anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna trasteorann sonracha nach féidir le Ballstáit aonair a shainaithint ná aghaidh a thabhairt orthu mar is cuí, amhail an baol go sciúrfar airgead agus go maoineofar an sceimhlitheoireacht, ar baol é a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa agus gníomhaíochtaí ceannaitheoirí creidmheasa agus i ndáil leis an gcomhar idir údaráis inniúla ó Bhallstáit éagsúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, gur cheart a bheith san áireamh freisin in athbhreithniú an Choimisiúin ar an Treoir seo measúnú críochnúil ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus ar an gcomhar riaracháin idir údaráis inniúla.

(61)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon forbairt margaí tánaisteacha le haghaidh NPLanna san Aontas a fheabhsú, agus fós a áirithiú go mbeidh breis cosanta neartaithe ann d’iasachtaithe, go háirithe do thomhaltóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Teideal I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos creat comhchoiteann agus ceanglais le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

seirbhíseoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas, agus a ghníomhaíonn thar ceann ceannaitheoir creidmheasa;

(b)

ceannaitheoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

seirbhíseoirí creidmheasa a ghníomhaíonn thar ceann ceannaitheoir creidmheasa i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

ceannaitheoirí creidmheasa ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna eisiúint ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.   Maidir le comhaontuithe creidmheasa a thagann faoina raon feidhme, ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do phrionsabail dhlí na gconarthaí ná do phrionsabail an dlí shibhialta faoin dlí náisiúnta maidir le cearta creidiúnaí a aistriú faoi chomhaontú creidmheasa, nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a aistriú, ná don chosaint a dheonaítear do thomhaltóirí nó d’iasachtaithe go háirithe de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 593/2008 agus (AE) Uimh. 1215/2012, agus Threoracha 93/13/CEE, 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear na Treoracha sin nó forálacha ábhartha eile de dhlí an Aontais agus den dlí náisiúnta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus cearta iasachtaithe.

3.   Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na srianta a fhorchuirtear i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le cearta creidiúnaí a aistriú faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin a aistriú, nach bhfuil thar téarma, nó atá níos lú ná 90 lá thar téarma, nó nach bhfuil foirceanta i gcomhréir leis an dlí sibhialta náisiúnta.

4.   Leis an Treoir seo, ní dhéanfar difear do na ceanglais i ndlíthe náisiúnta na mBallstát maidir le seirbhísiú a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, i gcás inarb eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) é an ceannaitheoir creidmheasa chomh fada agus gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na dlíthe náisiúnta sin:

(a)

ní dhéantar difear don leibhéal cosanta tomhaltóirí dá bhforáiltear sa Treoir seo;

(b)

áirithítear go bhfaighidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá ó sheirbhíseoirí creidmheasa.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, arna dhéanamh ag:

(i)

institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas;

(ii)

bainisteoir cistí infheistíochta malartacha (BCIM) atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE, nó cuideachta bainistíochta, nó cuideachta infheistíochta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE ar choinníoll nár ainmnigh an chuideachta infheistíochta cuideachta bainistíochta faoin Treoir sin, thar ceann an chiste a ndéanann sí bainistiú air;

(iii)

institiúid neamhchreidmheasa atá faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2008/48/CE nó le hAirteagal 35 de Threoir 2014/17/AE agus gníomhaíochtaí á ndéanamh aici sa Bhallstát sin;

(b)

an seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, nár eisigh institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas ach amháin i gcás ina gcuirtear comhaontú creidmheasa arna eisiúint ag institiúid creidmheasa den sórt sin in ionad chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó in ionad an chomhaontaithe creidmheasa féin;

(c)

ceannach ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag institiúid creidmheasa atá bunaithe san Aontas;

(d)

aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an chomhaontaithe creidmheasa féin, a aistríodh roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 32(2), an chéad fhomhír.

6.   An seirbhísiú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó ar an gcomhaontú creidmheasa féin, arna dhéanamh ag nótairí poiblí agus báillí mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta nó ag dlíodóirí mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Threoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu mar chuid dá ngairm, féadfaidh na Ballstáit an seirbhísiú sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “institiúid creidmheasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(2)

ciallaíonn “creidiúnaí” institiúid creidmheasa a d’eisigh creidmheas, nó ceannaitheoir creidmheasa;

(3)

ciallaíonn “iasachtaí” duine dlítheanach nó nádúrtha a thug comhaontú creidmheasa i gcrích le hinstitiúid creidmheasa, lena n-áirítear a comharba dlíthiúil nó a sannaí;

(4)

ciallaíonn “comhaontú creidmheasa” comhaontú mar a eisíodh, a modhnaíodh nó ar cuireadh comhaontú eile ina ionad ar dtús, trína ndeonaíonn institiúid creidmheasa creidmheas i bhfoirm íocaíochta iarchurtha, iasachta nó garaíochta airgeadais eile den chineál céanna.

(5)

ciallaíonn “comhaontú seirbhísithe creidmheasa” conradh i scríbhinn arna thabhairt i gcrích idir ceannaitheoir creidmheasa agus seirbhíseoir creidmheasa maidir leis na seirbhísí atá le soláthar ag an seirbhíseoir creidmheasa thar ceann an cheannaitheora creidmheasa;

(6)

ciallaíonn “ceannaitheoir creidmheasa” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas institiúid creidmheasa, a cheannaíonn cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, i gcaitheamh a thrádála, a ghnó nó a ghairme, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

(7)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí creidmheasa” tríú páirtí a úsáideann seirbhíseoir creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh;

(8)

ciallaíonn “seirbhíseoir creidmheasa” duine dlítheanach a bhainistíonn agus a fhorfheidhmíonn, i gcaitheamh a ghnó, na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, thar ceann ceannaitheoir creidmheasa, agus a dhéanann ar a laghad gníomhaíocht seirbhísithe creidmheasa amháin nó níos mó;

(9)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa” ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

aon íocaíochtaí a bheidh dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó faoin gcomhaontú creidmheasa féin a bhailiú nó a aisghabháil ón iasachtaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin, a athchaibidliú leis an iasachtaí, i gcomhréir leis na treoracha a thugann an ceannaitheoir creidmheasa, i gcás nach idirghabhálaí creidmheasa é an seirbhíseoir creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (f), de Threoir 2008/48/CE nó in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir 2014/17/AE;

(c)

aon ghearáin a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a riar;

(d)

aon athruithe ar rátaí úis nó ar mhuirir nó aon íocaíochtaí atá dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin a chur in iúl don iasachtaí;

(10)

ciallaíonn “Ballstát baile”, maidir le seirbhíseoir creidmheasa, an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite nó, maidir le ceannaitheoir creidmheasa, an Ballstát ina bhfuil sainchónaí ar an gceannaitheoir creidmheasa nó ar a ionadaí, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;

(11)

ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát, cé is moite den Bhallstát baile, ina bhfuil brainse bunaithe ag seirbhíseoir creidmheasa nó ina soláthraíonn sé gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, agus in aon chás ina bhfuil sainchónaí ar an iasachtaí, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite;

(12)

ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcomhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin;

(13)

ciallaíonn “comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach” comhaontú creidmheasa a aicmítear mar risíocht neamhthuillmheach i gcomhréir le hAirteagal 47a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Teideal II

SEIRBHÍSEOIRÍ CREIDMHEASA

CAIBIDIL I

Údarú seirbhíseoirí creidmheasa

Airteagal 4

Ceanglais ghinearálta

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar sheirbhíseoir creidmheasa údarú a fháil i mBallstát baile sula rachaidh sé i mbun gníomhaíochtaí ar a chríoch i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht chun údarú a dheonú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do na húdaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 21(3).

Airteagal 5

Ceanglais maidir le húdarú a dheonú

1.   Gan dochar d’Airteagal 6, déanfaidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas a leagan síos maidir le húdarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dheonú:

(a)

is duine dlítheanach é an t-iarratasóir amhail dá dtagraítear in Airteagal 54 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá a oifig chláraithe nó, mura bhfuil oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig, sa Bhallstát ina bhfuil údarú á lorg ag an iarratasóir;

(b)

tá dea-cháil leordhóthanach ar chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra, rud a léirítear trí chruthúnas a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(i)

tá taifead póilíneachta nó taifead náisiúnta eile ar bhonn comhionann acu atá glan i ndáil le cionta coiriúla ábhartha, go háirithe na cionta sin a bhaineann le maoin, seirbhísí agus gníomhaíochtaí airgeadais, sciúradh airgid, úsaireacht, calaois, coireanna cánach, sárú ar rúndacht ghairmiúil nó le sláine fhisiciúil, agus freisin i ndáil le haon chionta eile faoi dhlíthe a bhaineann le cuideachtaí, féimheacht, dócmhainneacht nó cosaint tomhaltóirí;

(ii)

ní chuirfear as dá ndea-cháil le héifeachtaí carnacha mioneachtraí;

(iii)

bhí siad trédhearcach, oscailte agus comhoibritheach i gcónaí ina ndéileálacha go dtí seo leis na húdaráis mhaoirseachta agus rialála;

(iv)

níl siad faoi réir aon nós imeachta dócmhainneachta leanúnach ná níor dearbhaíodh féimheach roimhe sin iad mura ndearnadh iad a aischur i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)

tá eolas agus taithí leormhaith ag orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra chun an gnó a dhéanamh ar bhealach inniúil agus freagrach;

(d)

tá dea-cháil leordhóthanach ar na daoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha san iarratasóir ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, rud a léirítear trí na ceanglais a leagtar amach i bpointí (b)(i) agus (iv) den mhír seo a chomhlíonadh;

(e)

tá socruithe daingne rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh leormhaithe i bhfeidhm ag an iarratasóir, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistithe riosca agus cuntasaíochta, lena n-áirithítear go n-urramaítear cearta iasachtaithe agus go gcomhlíontar na dlíthe lena rialaítear cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an comhaontú creidmheasa féin, agus go gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679;

(f)

cuireann an t-iarratasóir beartas iomchuí i bhfeidhm lena n-áirithítear comhlíonadh na rialacha i dtaobh iasachtaithe a chosaint agus go gcaithfear go cothrom agus go dícheallach leo, lena n-áirítear trína stádas airgeadais agus, i gcás ina mbeidh sin ar fáil, an gá atá ann iasachtaithe den sórt sin a threorú chuig seirbhísí comhairle fiachais nó chuig seirbhísí sóisialta a chur san áireamh;

(g)

tá nósanna imeachta inmheánacha leormhaithe agus sonracha i bhfeidhm ag an iarratasóir lena n-áirithítear go ndéanfar gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil;

(h)

tá nósanna imeachta leormhaithe maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta i bhfeidhm ag an iarratasóir i gcás ina n-ainmnítear, le forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849, seirbhíseoirí creidmheasa mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;

(i)

tá an t-iarratasóir, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme, faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú agus nochtadh poiblí.

2.   Déanfaidh ÚBE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus na leasanna uile lena mbaineann a léiriú, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo.

3.   Diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a dheonú i gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a).

Airteagal 6

Cumas cistí a shealbhú

1.   Cinnfidh na Ballstáit an fíor an méid seo a leanas maidir le seirbhíseoirí creidmheasa, agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu ina gcríoch:

(a)

tá cead acu cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú chun na cistí sin a aistriú chuig ceannaitheoirí creidmheasa; nó

(b)

tá toirmeasc orthu cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

2.   I gcásanna ina gceadaítear do sheirbhíseoirí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú faoi mhír 1, pointe (a), déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

ceanglas a leagan síos, sa bhreis ar na ceanglais maidir le húdarú a dheonú a leagtar amach in Airteagal 5(1), go bhfuil cuntas ar leithligh ag an iarratasóir in institiúid creidmheasa ina nbhfuiltear chun gach ciste a fhaightear ó iasachtaithe a chreidiúnú agus a shealbhú go dtí go gcuirfear chuig an gceannaitheoir creidmheasa faoi seach iad, faoi na coinníollacha arna gcomhaontú leis an gceannaitheoir creidmheasa;

(b)

a áirithiú go ndéantar na cistí sin a chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ar mhaithe leis na ceannaitheoirí creidmheasa i gcoinne éilimh chreidiúnaithe eile na seirbhíseoirí creidmheasa, go háirithe i gcás dócmhainneachta;

(c)

a chinneadh, i gcás ina ndéanann iasachtaí íocaíocht le seirbhíseoir creidmheasa chun na méideanna atá dlite a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a aisíoc i bpáirt nó go hiomlán, go gcaitear leis an íocaíocht sin mar íocaíocht a íocadh leis an gceannaitheoir creidmheasa;

(d)

ceangal a chur ar sheirbhíseoir creidmheasa admháil nó litir urscaoilte a sheachadadh chuig an iasachtaí, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, aon uair a fhaigheann an seirbhíseoir creidmheasa cistí ón iasachtaí, lena n-admhaítear na suimeanna a fuarthas.

3.   I gcás nach bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoir creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú mar chuid dá shamhail ghnó, cuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa an méid atá beartaithe aige in iúl ina iarratas ar an údarú dá dtagraítear in Airteagal 4(1). I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo.

Airteagal 7

Nós imeachta chun seirbhíseoirí creidmheasa a údarú

1.   Bunóidh na Ballstáit nós imeachta chun seirbhíseoirí creidmheasa a údarú lenar féidir le hiarratasóir iarratas a dhéanamh agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go mbeidh údarás inniúil an Bhallstát baile in ann a fhíorú go bhfuil na coinníollacha uile a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 5(1), agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a), comhlíonta ag an iarratasóir.

2.   Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas ar údarú seirbhíseoirí creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:

(a)

fianaise ar stádas dlíthiúil an iarratasóra agus cóip dá ghníomh corpraithe agus d’fhodhlíthe an chomhlachta;

(b)

seoladh cheannoifig an iarratasóra nó a oifige cláraithe;

(c)

céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an iarratasóra agus na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d)

fianaise go gcomhlíonann an t-iarratasóir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (b) agus pointe (c);

(e)

fianaise go gcomhlíonann na daoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), den Treoir seo;

(f)

fianaise ar na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e);

(g)

fianaise ar an mbeartas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (f);

(h)

fianaise ar na nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (g);

(i)

fianaise ar na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (h);

(j)

i gcás inarb ábhartha, fianaise gur ann do chuntas ar leithligh in institiúid creidmheasa amhail dá bhforáiltear in Airteagal 6(2), pointe (a);

(k)

aon chomhaontú seachfhoinsithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 12(1).

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla de chuid Ballstáit baile a mheas, laistigh de 45 lá ón iarratas ar údarú a fháil, an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, laistigh de 90 lá ón iarratas iomlán a fháil nó, má mheastar an t-iarratas a bheith neamhiomlán, ón bhfaisnéis a éilítear a fháil, go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile fógra a thabhairt don iarratasóir i dtaobh an ndearnadh an t-údarú a dheonú nó a dhiúltú agus na cúiseanna leis an diúltú a thabhairt.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag iarratasóir i gcásanna ina gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile iarratas ar údarú a dhiúltú de bhun Airteagal 5(3) agus freisin i gcásanna, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo, nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla aon chinneadh i leith an iarratais.

Airteagal 8

Údarú a tharraingt siar

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá, agus na cumhachtaí smachtbhannaí, i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an t-údarú a deonaíodh do sheirbhíseoir creidmheasa a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas maidir le seirbhíseoir creidmheasa den sórt sin:

(a)

ní bhaineann sé úsáid as an údarú laistigh de 12 mhí ón tráth a deonaíodh é;

(b)

déanann sé an t-údarú a thréigean go sainráite;

(c)

scoir sé de bheith i mbun gníomhaíochtaí seirbhíseora creidmheasa le níos mó ná 12 mhí;

(d)

tá údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí mhodhanna neamhrialta eile;

(e)

ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le húdarú a dheonú mar sheirbhíseoir creidmheasa a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 6(2), pointe (a);

(f)

déanann sé sárú tromchúiseach ar na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó ar rialacha eile maidir le cosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear rialacha is infheidhme an Bhallstáit óstaigh agus an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas.

2.   I gcás ina dtarraingítear siar údarú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas láithreach i gcásanna ina soláthraíonn an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí faoi Airteagal 13, agus go ndéanfar amhlaidh freisin i gcás údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

Airteagal 9

Liosta nó clár na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh na húdaráis inniúla ar a laghad liosta nó, i gcás ina meastar é a bheith níos iomchuí, clár náisiúnta, de na seirbhíseoirí creidmheasa uile atá údaraithe seirbhísí a sholáthar laistigh dá gcríoch, lena n-áirítear seirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí faoi Airteagal 13 den Treoir seo.

Forbróidh ÚBE treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir le liostaí nó cláir den sórt sin a bhunú agus a chothabháil agus maidir leis na cineálacha faisnéise atá iontu a shonrú chun machaire comhréidh a ráthú ar fud an Aontais agus chun trédhearcacht a ráthú do cheannaitheoirí creidmheasa agus d’iasachtaithe.

2.   Déanfar an liosta nó an clár dá dtagraítear i mír 1 inrochtana go poiblí ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.

3.   I gcás inar tarraingíodh údarú siar de bhun Airteagal 8, déanfaidh na húdaráis inniúla an liosta nó an clár dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill.

Airteagal 10

Caidreamh leis an iasachtaí, cumarsáid maidir leis an aistriú agus cumarsáid a dhéantar ina dhiaidh sin

1.   Cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas de cheangal ar cheannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa, sa chaidreamh a bhíonn acu le hiasachtaithe:

(a)

gníomhú de mheon macánta, go cothrom agus go gairmiúil;

(b)

faisnéis a sholáthar d’iasachtaithe nach bhfuil míthreorach, doiléir nó bréagach;

(c)

faisnéis phearsanta agus príobháideachas iasachtaithe a urramú agus a chosaint;

(d)

cumarsáid a dhéanamh le hiasachtaithe ar bhealach nach ann do chiapadh, do chomhéigean nó do thionchar míchuí.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis aon aistriú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, chuig ceannaitheoir creidmheasa, agus roimh an gcéad bhailiú fiachais i gcónaí, ach freisin aon uair arna iarraidh sin ag an iasachtaí, go ndéanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an seirbhíseoir creidmheasa, cumarsáid a sheoladh chuig an iasachtaí ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

faisnéis faoin aistriú a tharla, lena n-áirítear dáta an aistrithe;

(b)

céannacht agus sonraí teagmhála an cheannaitheora creidmheasa;

(c)

nuair a cheapfar é, céannacht agus sonraí teagmhála an tseirbhíseora creidmheasa nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii);

(d)

nuair a cheapfar é, fianaise maidir le húdarú seirbhíseora creidmheasa arna dheonú de bhun Airteagal 7;

(e)

i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa;

(f)

agus an méid sin á chur in iúl ar bhealach feiceálach, pointe tagartha teagmhála ag an gceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, ag an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó ag an seirbhíseoir creidmheasa agus, i gcás inarb ábhartha, ag an soláthraí seirbhísí creidmheasa, óna bhfaighfear faisnéis nuair is gá;

(g)

faisnéis faoi na méideanna atá dlite ag an iasachtaí tráth na cumarsáide, ina sonraítear cad atá dlite mar chaipiteal, mar ús, mar tháillí agus mar mhuirir cheadaithe eile;

(h)

ráiteas ina gcuirtear in iúl go bhfuil feidhm i gcónaí ag dlí ábhartha uile an Aontais agus ag an dlí náisiúnta ábhartha uile a bhaineann go háirithe le conarthaí a fhorfheidhmiú, le cosaint tomhaltóirí, le cearta iasachtaithe agus leis an dlí coiriúil;

(i)

ainm, seoladh agus sonraí teagmhála údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an iasachta, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite agus lenar féidir leis an iasachtaí gearán a dhéanamh.

Beidh an chumarsáid dá bhforáiltear sa chéad fhomhír scríofa i dteanga atá soiléir agus intuigthe don phobal i gcoitinne.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i ngach cumarsáid a dhéanfar leis an iasachtaí ina dhiaidh sin, go ndéanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an seirbhíseoir creidmheasa, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (f), den Airteagal seo a áireamh, ach amháin i gcás inarb í an chéad chumarsáid í tar éis seirbhíseoir creidmheasa nua a cheapadh, agus sa chás sin áireofar freisin an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (c) agus pointe (d), den Airteagal seo.

4.   Ní dochar míreanna 2 agus 3 d’aon cheanglais bhreise maidir le cumarsáid dá bhforáiltear i ndlí eile an Aontais is infheidhme nó sa dlí náisiúnta eile is infheidhme.

Airteagal 11

Caidreamh conarthach idir seirbhíseoir creidmheasa agus ceannaitheoir creidmheasa

1.   Nuair nach ndéanann ceannaitheoir creidmheasa é féin gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar a sheirbhísí i leith cearta creidiúnaí a bhainistiú agus a fhorfheidhmiú faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ar bhonn comhaontú seirbhísithe creidmheasa leis an gceannaitheoir creidmheasa.

2.   Déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa atá le déanamh ag an seirbhíseoir creidmheasa;

(b)

leibhéal luach saothair an tseirbhíseora creidmheasa nó conas a dhéanfar an luach saothair a ríomh;

(c)

a mhéid agus is féidir leis an seirbhíseoir creidmheasa ionadaíocht a dhéanamh ar an gceannaitheoir creidmheasa i ndáil leis an iasachtaí;

(d)

gealltanas ó na páirtithe dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontaú creidmheasa féin, a chomhlíonadh, lena n-áirítear i leith cosaint tomhaltóirí agus sonraí;

(e)

clásal lena gceanglaítear caitheamh go cothrom agus go dícheallach leis na hiasachtaithe.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceanglas sa chomhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1, ceanglas ar dá bhun a thugann an seirbhíseoir creidmheasa fógra don cheannaitheoir creidmheasa sula ndéanfaidh sé aon cheann dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid seo a leanas a choimeád agus a chothabháil ar feadh 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndéantar an comhaontú seirbhísithe creidmheasa dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, nó ar feadh na tréimhse teorann reachtúla is infheidhme sa Bhallstát baile, ach i gceachtar cás ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana:

(a)

comhfhreagras ábhartha leis an gceannaitheoir creidmheasa agus leis an iasachtaí araon, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

treoracha ábhartha a fuarthas ón gceannaitheoir creidmheasa i leith cearta creidiúnaí faoi gach comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, a ndéanann sé bainistiú agus forghníomhú orthu nó air thar ceann an cheannaitheora creidmheasa sin, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme;

(c)

an comhaontú seirbhísithe creidmheasa.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa na taifid dá dtagraítear i mír 4 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

Airteagal 12

Seachfhoinsiú ag seirbhíseoir creidmheasa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbainfidh seirbhíseoir creidmheasa úsáid as soláthraí seirbhísí creidmheasa chun aon cheann de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, go leanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa de bheith lánfhreagrach as na hoibleagáidí uile faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chomhlíonadh. Beidh seachfhoinsiú na ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

comhaontú seachfhoinsithe i scríbhinn a thabhairt i gcrích idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa faoina bhfuil sé de cheangal ar an soláthraí seirbhísí creidmheasa na forálacha dlíthiúla is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, agus dlí ábhartha an Aontais nó an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;

(b)

tá toirmeasc ar na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa uile a sheachfhoinsiú ag an am céanna chuig soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(c)

ní dhéantar an caidreamh conarthach atá idir an seirbhíseoir creidmheasa agus an ceannaitheoir creidmheasa ná oibleagáidí an tseirbhíseora creidmheasa i leith an cheannaitheora creidmheasa nó i leith iasachtaithe a athrú de bharr an chomhaontaithe seachfhoinsithe leis an soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(d)

ní dhéantar difear don mhéid a chomhlíonann seirbhíseoir creidmheasa ceanglais a údaraithe mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) trí sheachfhoinsiú a dhéanamh ar chuid dá ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;

(e)

ní chuireann an seachfhoinsiú chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa cosc ar an maoirseacht a dhéanann údaráis inniúla ar sheirbhíseoir creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 14 agus 21;

(f)

tá rochtain dhíreach ag an seirbhíseoir creidmheasa ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsítear chuig an soláthraí seirbhísí creidmheasa;

(g)

tar éis comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, tá an saineolas agus na hacmhainní ag an seirbhíseoir creidmheasa chun bheith in ann na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa seachfhoinsithe a sholáthar.

Ní dhéanfar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú ar bhealach a dhéanfadh dochar do cháilíocht rialú inmheánach an tseirbhíseora creidmheasa, nó d’fhóntacht nó do leanúnachas a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas, sula ndéanfaidh sé a ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sheachfhoinsiú i gcomhréir le mír 1.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa taifid ar threoracha ábhartha a sholáthraítear don soláthraí seirbhísí creidmheasa a choimeád agus a chothabháil, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta is infheidhme, agus taifid ar an gcomhaontú seachfhoinsithe dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón dáta ar a ndéantar an comhaontú seachfhoinsithe a fhoirceannadh, nó ar feadh na tréimhse teorann reachtúla is infheidhme sa Bhallstát, ach i gceachtar cás suas le huastréimhse 10 mbliana.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an seirbhíseoir creidmheasa agus an soláthraí seirbhísí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh cead ag soláthraithe seirbhísí creidmheasa cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

CAIBIDIL II

Gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa trasteorann

Airteagal 13

Saoirse chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar i mBallstát óstach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag seirbhíseoir creidmheasa, tar éis dó údarú a fháil i gcomhréir le hAirteagal 4(1) i mBallstát baile, na seirbhísí sin a chumhdaítear leis an údarú sin a sholáthar san Aontas, gan dochar d’aon srianta nó ceanglais atá bunaithe i ndlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, toirmeasc ar chistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú, ar srianta iad nach mbaineann le ceanglais údarúcháin eile de chuid seirbhíseoirí creidmheasa, nó leo siúd atá bunaithe chun athchaibidliú a dhéanamh ar na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó leis an gcomhaontú creidmheasa féin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag seirbhíseoir creidmheasa a bhfuil údaraithe faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 4(1) i mBallstát baile seirbhísí a sholáthar i mBallstát óstach, go dtíolacfaidh an seirbhíseoir creidmheasa chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an Ballstát óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an seirbhíseoir creidmheasa seirbhísí a sholáthar agus, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar eolas ag an seirbhíseoir creidmheasa cheana féin, an Ballstát inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile;

(b)

i gcás inarb infheidhme, seoladh bhrainse an tseirbhíseora creidmheasa atá bunaithe sa Bhallstát óstach;

(c)

i gcás inarb infheidhme, céannacht agus seoladh an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa sa Bhallstát óstach;

(d)

céannacht na ndaoine atá freagrach as soláthar gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a bhainistiú sa Bhallstát óstach;

(e)

i gcás inarb infheidhme, mionsonraí na mbeart a rinneadh chun nósanna imeachta inmheánacha, socruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tseirbhíseora creidmheasa a oiriúnú chun a áirithiú go gcomhlíontar na dlíthe is infheidhme maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin;

(f)

tuairisc ar an nós imeachta atá bunaithe chun go gcomhlíonfaí na rialacha maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le frithmhaoiniú sceimhlitheoireachta, trína n-ainmnítear, le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849, seirbhíseoirí creidmheasa mar eintitis faoi oibleagáid chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac;

(g)

go bhfuil na modhanna iomchuí ag an seirbhíseoir creidmheasa chun cumarsáid a dhéanamh i dteanga an Bhallstáit óstaigh nó i dteanga an chomhaontaithe creidmheasa;

(h)

cibé acu atá nó nach bhfuil an seirbhíseoir creidmheasa údaraithe ina Bhallstát baile chun cistí a fháil ó iasachtaithe agus iad a shealbhú.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, laistigh de 45 lá ón bhfaisnéis uile dá dtagraítear in mír 2 a fháil, an fhaisnéis sin a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, agus tabharfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh admháil fála ina leith sin gan mhoill. Ina dhiaidh sin, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile in iúl don seirbhíseoir creidmheasa an dáta ar ar cuireadh an fhaisnéis in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus an dáta ar a dtugann na húdaráis inniúla sin admháil fála i leith na faisnéise. Chomh maith leis sin, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cead achomhairc os comhair binse ag seirbhíseoir creidmheasa i gcás ina mainníonn údaráis inniúla an Bhallstáit baile an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur in iúl.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an seirbhíseoir creidmheasa in ann tosú ar sheirbhísí a sholáthar sa Bhallstát óstach ón tráth is luaithe díobh seo a leanas:

(a)

an tráth a fhaightear teachtaireacht ó údarás inniúla an Bhallstáit óstaigh ina n-admhaítear go bhfuarthas an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 3;

(b)

in éagmais aon admháil fála i leith na teachtaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a fháil, tar éis dhul in éag thréimhse 2 mhí ón dáta a chuirtear an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh seirbhíseoir creidmheasa údaráis inniúla an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur in iúl i gcomhréir le mír 2. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4 agus 5.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh taifead sa liosta nó sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 9 maidir leis na seirbhíseoirí creidmheasa atá údaraithe gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthar ar a gcríoch agus mionsonraí an Bhallstáit baile.

Airteagal 14

Maoirseacht ar sheirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile athbhreithniú agus meastóireacht ar an dóigh a mbíonn ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh go leanúnach ag seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstát óstach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhíseoirí creidmheasa, iad a imscrúdú agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur orthu i leith cheanglais na Treorach seo agus a ngníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á ndéanamh acu i mBallstát óstach.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile na bearta a rinneadh i leith an tseirbhíseora creidmheasa a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanann seirbhíseoir creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i mBallstát óstach, go n-oibreoidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, i ndlúthchomhar le chéile i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas, go háirithe agus seiceálacha, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo, cúnamh a iarraidh ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh chun cigireacht ar an láthair a dhéanamh ar bhrainse atá curtha ar bun i mBallstát óstach, nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa atá ceaptha i mBallstát óstach. Déanfar an chigireacht ar an láthair ar bhrainse nó ar sholáthraí seirbhísí creidmheasa i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina ndéantar an chigireacht.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i dteideal cinneadh a dhéanamh i leith na mbeart is iomchuí atá le déanamh i ngach cás ar leith chun freagairt don iarraidh ar chúnamh ó údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

7.   I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh thar ceann údaráis inniúla an Bhallstáit baile, cuirfidh siad torthaí na gcigireachtaí sin in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

8.   Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh seiceálacha, cigireachtaí agus imscrúduithe a dhéanamh i leith gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a sholáthraítear laistigh dá gcríoch ag seirbhíseoir creidmheasa atá údaraithe i mBallstát baile ar a dtionscnamh féin. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh torthaí na seiceálacha, na gcigireachtaí agus na n-imscrúduithe sin a sholáthar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile gan mhoill.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa a dhéanann gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa laistigh dá chríoch, dá bhforáiltear in Airteagal 13, na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear oibleagáidí a eascraíonn as na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, maidir leis an seirbhíseoir creidmheasa faoin dlí náisiúnta, eadhon iad sin is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil fianaise ag údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, go sáraíonn seirbhíseoir creidmheasa na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, nó sna rialacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcreidmheas nó an comhaontú creidmheasa, go dtarchuirfidh siad an fhianaise sin chuig údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus go n-iarrfaidh siad ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile bearta iomchuí a dhéanamh, gan dochar do chumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, ná do chumhachtaí údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas chun pionóis a fhorchur, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

11.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon nós imeachta riaracháin nó nós imeachta eile a tionscnaíodh i leith na fianaise a sholáthair an Ballstát óstach, nó aon phionóis riaracháin nó bearta ceartaitheacha a rinneadh i gcoinne an tseirbhíseora creidmheasa, nó cinneadh réasúnaithe a bhí le gan aon bhearta a dhéanamh, a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a tharchur an fhianaise tráth nach déanaí ná 2 mhí ó dháta na hiarrata dá dtagraítear i mír 9. I gcás ina dtionscnaítear nós imeachta, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go rialta faoina stádas.

12.   I gcás ina leanann seirbhíseoir creidmheasa de na rialacha is infheidhme a shárú, lena n-áirítear a oibleagáidí faoin Treoir seo, agus tar éis d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an Ballstát baile a chur ar an eolas faoi sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh i dteideal pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha iomchuí a fhorchur chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo nuair a bheidh feidhm ag ceachtar de na nithe seo a leanas:

(a)

ní dhearna an seirbhíseoir creidmheasa bearta leormhaithe agus éifeachtacha chun an sárú a chur ina cheart laistigh de thréimhse réasúnta ama; nó

(b)

i gcás práinneach, tá gá le gníomhaíocht láithreach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach do chomhleasanna na n-iasachtaithe.

Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorchur d’ainneoin aon phionóis riaracháin agus aon bhearta ceartaitheacha atá forchurtha cheana ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile.

Anuas air sin, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí breise de chuid seirbhíseora creidmheasa a sháraíonn na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear a oibleagáidí faoin Treoir seo, go dtí go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile cinneadh leormhaith nó go dtí go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa bearta chun an sárú a leigheas.

TEIDEAL III

CEANNAITHEOIRÍ CREIDMHEASA

Airteagal 15

Ceart chun faisnéise maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúid creidmheasa an fhaisnéis is gá do cheannaitheoir creidmheasa ionchasach maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, agus, más infheidhme, maidir leis an gcomhthaobhacht, ionas go mbeidh an ceannaitheoir creidmheasa ionchasach in ann a mheasúnú féin a dhéanamh ar luach chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar luach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus ar an dóchúlacht go n-aisghabhfar luach an chomhaontaithe sin sula ndéanfaidh sé conradh maidir le haistriú chearta an chreidiúnaí sin faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillhmheach, nó maidir le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, agus cosaint na faisnéise a chuir an institiúid creidmheasa ar fáil agus cosaint rúndacht na sonraí gnó á n-áirithiú aige.

2.   Ar bhonn débhliantúil, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar institiúidí creidmheasa a aistríonn chuig ceannaitheoir creidmheasa cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Treoir seo, agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19, nó i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin:

(i)

céannacht an cheannaitheora creidmheasa nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta agus riaracháin an cheannaitheora creidmheasa agus na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(ii)

seoladh an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;

(c)

líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;

(d)

an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, nó na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha iad féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 a chur de cheangal ar institiúidí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar ar bhonn ráithiúil nuair a mheasann na húdaráis inniúla sin go bhfuil gá leis, lena n-áirítear d’fhonn faireachán níos fearr a dhéanamh ar líon mór aistrithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ghéarchéime.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, agus aon fhaisnéis eile a mheasann siad a bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh i gcomhréir leis an Treoir seo, a chur in iúl gan mhoill d’údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa.

5.   Cuirfear míreanna 1 go 4 i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 16

Caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh teimpléid sonraí

1.   Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid a shonrú a bheidh le húsáid ag institiúidí creidmheasa chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(1) a sholáthar, chun faisnéis mhionsonraithe maidir lena risíochtaí creidmheasa sa leabhar baincéireachta a sholáthar do cheannaitheoirí creidmheasa chun anailís, dícheall cuí airgeadais agus luacháil a dhéanamh ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ar an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

2.   Sonróidh ÚBE sna dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na réimsí sonraí, lena n-áirítear na réimsí sonraí atá éigeantach, agus an chaoi a ndéileáiltear le faisnéis rúnda mar a leagtar amach in Airteagal 15(1).

3.   Beidh na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme comhréireach le cineál agus méid na gcreidmheasanna agus na bpunann creidmheasa.

4.   Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á n-ullmhú, cuirfidh ÚBE gach ceann de na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)

na cleachtais mhargaidh atá ann cheana maidir le comhroinnt sonraí idir ceannaitheoirí agus díoltóirí;

(b)

an t-aiseolas a fuarthas ó úsáideoirí maidir lena dtaithí ar theimpléid idirbhearta iasachtaí neamhthuillmheacha ÚBE atá ann cheana a úsáid;

(c)

ceanglais chomhchosúla atá ann cheana ar leibhéal na mBallstát;

(d)

an tábhacht a bhaineann le costais phróiseála a íoslaghdú d’institiúidí creidmheasa agus do cheannaitheoirí creidmheasa.

5.   Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Meán Fómhair 2022.

6.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

7.   Úsáidfear na teimpléid sonraí d’idirbhearta a bhaineann le creidmheasanna arna n-eisiúint an 1 Iúil 2018 nó ina dhiaidh sin, ar creidmheasanna iad a tháinig chun bheith neamhthuillmheach tar éis an 28 Nollaig 2021. Maidir leis na creidmheasanna a thionscnaítear idir an 1 Iúil 2018 agus dáta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí creidmheasa an teimpléad sonraí a chomhlánú leis an bhfaisnéis atá ar fáil dóibh cheana féin.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 i bhfeidhm freisin maidir le haistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, chuig institiúidí creidmheasa eile. Bainfidh institiúidí creidmheasa úsáid as na teimpléid sonraí chun faisnéis a sholáthar idir institiúidí creidmheasa i gcásanna nach n-aistrítear ach cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

Airteagal 17

Oibleagáidí ceannaitheoirí creidmheasa

1.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

ceapfaidh ceannaitheoir creidmheasa a bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí;

(b)

i gcás nach bhfuil sainchónaí ar cheannaitheoir creidmheasa san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas, déanfaidh a ionadaí, atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19(1), eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, a cheapadh, ach amháin i gcásanna inar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, é an t-ionadaí féin, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i leith cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i leith an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, arna dtabhairt i gcrích le:

(i)

daoine nádúrtha, lena n-áirítear tomhaltóirí agus oibrithe neamhspleácha;

(ii)

micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (23).

Féadfaidh na Ballstáit óstacha an ceanglas dá bhforáiltear sa chéad fhomhír a leathnú chuig comhaontuithe creidmheasa eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh ceannaitheoir creidmheasa faoi réir aon cheanglais bhreise maidir le ceannach ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó ceannach an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, seachas mar a fhoráiltear sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, nó i bhforálacha an dlí um chosaint tomhaltóirí, dlí na gconarthaí, an dlí sibhialta nó an dlí coiriúil is infheidhme. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh dlí ábhartha an Aontais agus an dlí náisiúnta ábhartha a bhaineann go háirithe le forfheidhmiú conarthaí, cosaint tomhaltóirí, cearta iasachtaithe, tionscnamh creidmheasa, rialacha rúndachta banc agus an dlí coiriúil d’fheidhm a bheith acu maidir leis an gceannaitheoir creidmheasa ar aistriú chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó ar aistriú an chomhaontaithe creidmheasa féin, chuig an gceannaitheoir creidmheasa. Ní dhéanfar difear don leibhéal cosanta a chuirtear ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta do thomhaltóirí agus d’iasachtaithe eile, mar aon le rialacha dócmhainneachta, le haistriú chearta an chreidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa, nó le haistriú an chomhaontaithe creidmheasa féin, chuig ceannaitheoir creidmheasa, gan dochar do rialacha náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le nótaí gealltanais ná billí malairte.

3.   Ní dochar an Treoir seo do chumhachtaí náisiúnta maidir le cláir chreidmheasa, lena n-áirítear an chumhacht faisnéis a éileamh ar cheannaitheoirí creidmheasa maidir le cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó maidir leis an gcomhaontú creidmheasa féin, agus maidir lena fheidhmíocht.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do cheannaitheoirí creidmheasa daoine nádúrtha a fhostú chun na comhaontuithe creidmheasa atá faighte acu a sheirbhísiú. Beidh na daoine nádúrtha sin faoi réir córas náisiúnta rialála agus maoirseachta agus ní bhainfidh siad tairbhe as an tsaoirse dá bhforáiltear sa Treoir seo chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i mBallstát eile.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus Airteagail 18 agus 20 a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa. I gcásanna nach gceaptar seirbhíseoir creidmheasa nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), leanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí de bheith faoi réir na n-oibleagáidí sin.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaidh an seirbhíseoir creidmheasa a cheaptar, nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an gceannaitheoir creidmheasa i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-áirítear i ndáil le mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar ceann an cheannaitheora creidmheasa.

Airteagal 18

Seirbhíseoirí creidmheasa nó eintitis eile a úsáid

1.   I gcás ina gceapfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó seirbhíseoir creidmheasa, chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le cearta aistrithe an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar an gceannaitheoir creidmheasa sin nó ar a ionadaí údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas faoi chéannacht agus seoladh an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an tseirbhíseora creidmheasa, ar a dhéanaí ar an dáta a gcuirtear tús leis na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa.

2.   I gcás ina gceapfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 eintiteas seachas an t-eintiteas a dtugtar fógra ina leith faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra faoi sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar a dhéanaí ar dháta an athraithe sin agus cuirfidh sé in iúl céannacht agus seoladh an eintitis nua atá ceaptha aige chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh i ndáil le cearta aistrithe an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach nó i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, agus chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an tseirbhíseora creidmheasa nua.

Airteagal 19

Ionadaí de cheannaitheoir creidmheasa tríú tír

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcás ina ndéanfar cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach a aistriú, nó ina ndéanfar an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin a aistriú, go ndéanfaidh ceannaitheoir creidmheasa nach bhfuil sainchónaí air san Aontas, nó nach bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas ionadaí a bhfuil sainchónaí air san Aontas nó a bhfuil a oifig chláraithe aige nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, a cheannoifig san Aontas a ainmniú i scríbhinn.

2.   Is chuig an ionadaí dá dtagraítear i mír 1 maille leis an gceannaitheoir creidmheasa nó ina ionad sin a dhíreoidh na húdaráis inniúla na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an Treoir seo a chomhlíonadh go leanúnach agus is air a bheidh an fhreagracht iomlán as comhlíonadh na n-oibleagáidí a forchuireadh ar an gceannaitheoir creidmheasa faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

Airteagal 20

Aistriú ceart creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, ag ceannaitheoir creidmheasa agus cumarsáid leis na húdaráis inniúla

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar cheannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, a thraschuireann cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas ar bhonn débhliantúil faoi aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nua agus, i gcás inarb infheidhme, faoina ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 nó, i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin, faoi na nithe seo a leanas:

(a)

céannacht an cheannaitheora creidmheasa nua nó, i gcás inarb infheidhme, céannacht a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta nó riaracháin an cheannaitheora creidmheasa nua nó a ionadaí agus céannacht na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa nua nó ina ionadaí ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(b)

seoladh an cheannaitheora creidmheasa nua nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh an ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19.

Ina theannta sin, cuirfidh an ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí údaráis inniúla a Bhallstáit baile ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna na-aistriú;

(b)

líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;

(c)

an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 a chur de cheangal ar cheannaitheoirí creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a n-ionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar ar bhonn ráithiúil nuair a mheasann na húdaráis inniúla sin go bhfuil gá leis, lena n-áirítear chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar líon mór aistrithe a d’fhéadfadh tarlú le linn tréimhse ghéarchéime.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir leis na míreanna sin a tharchur gan moill mhíchuí chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus údaráis inniúla Bhallstát baile an cheannaitheora creidmheasa nua.

TEIDEAL IV

MAOIRSEACHT

Airteagal 21

Maoirseacht ag údaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhíseoirí creidmheasa agus, i gcás inarb infheidhme, soláthraithe seirbhísí creidmheasa ar chucu a seachfhoinsíodh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 12, go gcomhlíonfaidh siad na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo ar bhonn leanúnach agus áiritheoidh siad go mbeidh na gníomhaíochtaí sin faoi réir maoirseacht leormhaith ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile chun an chomhlíontacht sin a mheasúnú.

2.   Áiritheoidh Ballstát baile an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, go mbeidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 10 agus in Airteagail 17 go 20 i dtaca leis an gceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, lena ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na feidhmeanna agus na dualgais a dhéanamh faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

4.   I gcás ina n-ainmníonn na Ballstáit níos mó ná údarás inniúil amháin de bhun mhír 3, cinnfidh siad a gcúraimí faoi seach agus ainmneoidh siad údarás amháin le bheith ina phointe iontrála aonair le haghaidh na malartuithe agus na n-idirghníomhaíochtaí uile is gá le húdaráis inniúla na mBallstát baile nó na mBallstát óstach.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm le go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 den Airteagal seo an fhaisnéis is gá a fháil ó cheannaitheoirí creidmheasa nó a n-ionadaithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, seirbhíseoirí creidmheasa, soláthraithe seirbhísí creidmheasa ar chucu a sheachfhoinsíonn seirbhíseoir creidmheasa gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa faoi Airteagal 12, iasachtaithe nó aon duine eile nó aon údarás poiblí eile, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú ar chomhlíontacht leanúnach na gceanglas a leagtar síos sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(b)

sáruithe féideartha ar na ceanglais sin a imscrúdú;

(c)

pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an acmhainneacht oibríochtúil agus na cumhachtaí is gá ag na húdaráis inniúla a ainmníodh de bhun mhír 3 chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú.

Airteagal 22

Ról maoirseachta agus cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile a ainmníodh de bhun Airteagal 21(3) gach cumhacht maoirseachta, imscrúdaitheach agus smachtbhannaí a bhfuil gá leo chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

an chumhacht chun údarú a dheonú nó a dhiúltú de bhun Airteagail 5 agus 6;

(b)

an chumhacht chun údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 8;

(c)

an chumhacht chun toirmeasc a chur ar aon ghníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa;

(d)

an chumhacht chun cigireachtaí ar an láthair agus cigireachtaí lasmuigh den láthair a dhéanamh;

(e)

an chumhacht chun pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha a fhorchur i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 23;

(f)

an chumhacht chun comhaontuithe seachfhoinsithe arna dtabhairt i gcrích idir seirbhíseoirí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 12(1);

(g)

an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa comhaltaí de chuid a n-orgán bainistíochta nó riaracháin a bhriseadh as a bpost nuair a mhainníonn siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), a chomhlíonadh;

(h)

an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa a socruithe rialachais inmheánaigh agus a sásraí rialaithe inmheánaigh a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go héifeachtach go n-urramófar cearta iasachtaithe i gcomhréir leis na dlíthe lena rialaítear an comhaontú creidmheasa;

(i)

an chumhacht chun a cheangal ar sheirbhíseoirí creidmheasa a mbeartais arna nglacadh a mhodhnú nó a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go gcaitear go cothrom agus go dícheallach le hiasachtaithe, agus gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil;

(j)

an chumhacht chun níos mó faisnéise a iarraidh maidir le haistriú ceart creidiúnaí faoin gcomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh a ainmníodh de bhun Airteagal 21(3) agus d’údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, na cumhachtaí go léir is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a leagtar síos sa Treoir seo a fheidhmiú.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile, trí chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm, meastóireacht ar an gcaoi ar chuir seirbhíseoir creidmheasa chun feidhme na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointí (e) go (h).

4.   Cinnfidh na Ballstáit raon an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3, ag féachaint do mhéid, do chineál, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí an tseirbhíseora creidmheasa lena mbaineann.

5.   Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh, nó an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, a chur ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 3 arna iarraidh sin ar cheann de na húdaráis inniúla sin, nó i gcás ina measann údaráis inniúla an Bhallstáit baile gurb iomchuí sin. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile mionsonraí aon phionóis riaracháin nó aon bhearta ceartaitheacha arna bhforchur a tharchur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus, i gcás inarb iomchuí, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 3 á déanamh acu, go ndéanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile agus an Bhallstát óstaigh, agus an Bhallstáit inar deonaíodh an creidmheas, nuair nach ionann é agus an Ballstát óstach ná an Ballstát baile, gach faisnéis riachtanach a mhalartú ionas gur féidir leo a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoi seach a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húdaráis inniúla an Bhallstáit baile a cheangal ar sheirbhíseoir creidmheasa, soláthraí seirbhísí creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa nó a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 nach gcomhlíonann ceanglais na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo na gníomhaíochtaí nó na céimeanna is gá a ghlacadh, go luath, chun na forálacha sin a chomhlíonadh.

Airteagal 23

Pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát pionóis choiriúla a leagan síos, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha lena mbunaítear pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha iomchuí a bheidh infheidhme sna cásanna seo a leanas ar a laghad:

(a)

mainníonn seirbhíseoir creidmheasa an ceanglas a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 11 nó déanann sé comhaontú seachfhoinsithe lena sáraítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 12 nó déanann an soláthraí seirbhísí creidmheasa ar chuige a seachfhoinsíodh na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sárú tromchúiseach ar na forálacha dlíthiúla is infheidhme, lena n--áirítear na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(b)

le socruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánacha seirbhíseora creidmheasa, a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (e), mainnítear cearta an iasachtaí agus comhlíonadh na rialacha maidir le sonraí pearsanta a chosaint a urramú;

(c)

níl beartas de chuid seirbhíseora creidmheasa leormhaith chun iasachtaithe a láimhseáil i gceart mar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (f);

(d)

le nósanna imeachta inmheánacha de chuid seirbhíseora creidmheasa mar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (g), mainnítear foráil a dhéanamh chun gearáin ó iasachtaithe a thaifeadadh agus a láimhseáil de réir na n-oibleagáidí a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(e)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 an fhaisnéis dá bhforáiltear i bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagail 18 agus 20 a chur in iúl a chomhlíonadh;

(f)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 ceanglas na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 17 a chomhlíonadh;

(g)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa ceanglas na bhforálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 19 a chomhlíonadh;

(h)

mainníonn institiúid creidmheasa an fhaisnéis a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 15 a chur in iúl a chomhlíonadh;

(i)

ceadaíonn seirbhíseoir creidmheasa do dhuine amháin nó níos mó nach raibh ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b), a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chuid a orgán bainistíochta nó riaracháin nó fanacht ina chomhalta nó ina comhalta dá chuid;

(j)

mainníonn seirbhíseoir creidmheasa na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 24 a chomhlíonadh;

(k)

mainníonn ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, seirbhíseoirí creidmheasa nó aon eintiteas a luaitear faoi Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 10 a chomhlíonadh;

(l)

faigheann seirbhíseoir creidmheasa cistí ó iasachtaithe agus sealbhaíonn sé iad nuair nach gceadaítear sin i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b);

(m)

mainníonn seirbhíseoir creidmheasa na ceanglais a leagtar amach sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 6(2) a chomhlíonadh.

2.   Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cuirfear an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh iontu:

(a)

údarú chun gníomhaíochtaí a dhéanamh mar sheirbhíseoir creidmheasa a tharraingt siar;

(b)

ordú lena gcuirtear ceangal ar sheirbhíseoir creidmheasa nó ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, ar a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 an sárú a leigheas, scor den iompraíocht atá i gceist agus gan gabháil don iompraíocht sin arís;

(c)

pionóis riaracháin airgid.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha chun feidhme go héifeachtach.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh an cineál pionóis riaracháin nó birt cheartaithigh agus méid na bpionós riaracháin airgid á gcinneadh, go gcuirfidh na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha san áireamh, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

méid freagrachta an tseirbhíseora creidmheasa nó an cheannaitheora creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19 atá freagrach as an sárú;

(c)

láidreacht airgeadais an tseirbhíseora creidmheasa nó an cheannaitheora creidmheasa atá freagrach as an sárú, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó d’ioncam bliantúil duine nádúrtha;

(d)

tábhacht an bhrabúis a fuarthas nó an chaillteanais a seachnaíodh de thoradh an tsáraithe a rinne an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa nó i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir na brabúis nó na caillteanais sin a chinneadh;

(e)

na caillteanais a tharla do thríú páirtithe mar gheall ar an sárú, a mhéid is féidir na caillteanais sin a chinneadh;

(f)

an méid a chomhoibríonn an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa atá freagrach as an sárú leis na húdaráis inniúla;

(g)

sáruithe a rinne an seirbhíseoir creidmheasa nó an ceannaitheoir creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, atá freagrach as an sárú;

(h)

aon iarmhairtí sistéamacha iarbhír nó féideartha a bhaineann leis an sárú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla na pionóis riaracháin agus na bearta ceartaitheacha a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí den orgán bainistíochta nó riaracháin agus maidir le daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh siad aon chinneadh lena bhforchuirtear na pionóis riaracháin nó na bearta ceartaitheacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, go dtabharfaidh na húdaráis inniúla don seirbhíseoir creidmheasa lena mbaineann, don cheannaitheoir creidmheasa lena mbaineann nó, i gcás inarb infheidhme, dá ionadaí a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 19, an deis éisteacht a fháil.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le haon chinneadh lena bhforchuirtear na pionóis riaracháin nó na bearta ceartaitheacha a leagtar amach i mír 2 a fhorchur, go mbeidh sé cuí-réasúnaithe agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc.

8.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.

TEIDEAL V

COIMIRCÍ AGUS AN DUALGAS COMHOIBRIÚ A DHÉANAMH

Airteagal 24

Gearáin

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go gcothabhálfaidh seirbhíseoirí creidmheasa nósanna imeachta trédhearcacha éifeachtacha chun gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seirbhíseoirí creidmheasa gearáin ó iasachtaithe a láimhseáil saor in aisce agus go dtaifeadfaidh seirbhíseoirí creidmheasa na gearáin agus na bearta a dhéantar chun aghaidh a thabhairt orthu.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh agus go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla nós imeachta maidir le gearáin ó iasachtaithe i dtaca le ceannaitheoirí creidmheasa, seirbhíseoirí creidmheasa agus soláthraithe seirbhísí creidmheasa a láimhseáil, agus go láimhseálfar go pras iad tráth a gheofar iad.

Airteagal 25

Cosaint sonraí pearsanta

Déanfar próiseáil sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.

Airteagal 26

Comhar idir na húdaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 8, 13, 14, 15, 18, 20 agus 22 i gcomhar le chéile nuair is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh nó chun a gcumhachtaí a fheidhmiú faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo. Déanfaidh na húdaráis inniúla sin comhordú ar a ngníomhaíochtaí freisin chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus cumhachtaí maoirseachta agus pionóis riaracháin agus bearta ceartaitheacha á gcur i bhfeidhm acu maidir le cásanna trasteorann.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais a dhéanamh faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a sholáthar dá chéile gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir leis an bhfaisnéis rúnda a fhaigheann na húdaráis inniúla agus iad i mbun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoin Treoir seo, nach n-úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin chun a bhfeidhmeanna agus a ndualgais faoi na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a dhéanamh. Beidh an malartú faisnéise idir údaráis inniúla faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24).

4.   Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh gach duine atá ag obair, nó a d’oibrigh, do na húdaráis inniúla agus iniúchóirí nó saineolaithe a ghníomhaíonn thar ceann na n-údarás inniúil faoi cheangal ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

5.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta riaracháin agus eagraíochtúla is gá chun an comhar dá bhforáiltear san Airteagal seo a éascú.

6.   Éascóidh ÚBE an malartú faisnéise idir údaráis inniúla sna Ballstáit agus cuirfidh sé an comhar eatarthu chun cinn.

TEIDEAL VI

LEASUITHE

Airteagal 27

Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE

Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 11a

Faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a mhodhnú

Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir:

(a)

tuairisc shoiléir ar na hathruithe atá molta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí;

(b)

clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;

(c)

na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;

(e)

ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar féidir leis an tomhaltóir an gearán sin a chur faoina bhráid.”;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 16a

Riaráistí agus forfheidhmiú

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí forfheidhmiúcháin. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:

(a)

athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;

(b)

modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:

(i)

síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii)

an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii)

íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;

(iv)

an ráta úis a athrú;

(v)

sos íocaíochta a thairiscint;

(vi)

aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii)

comhshó airgeadra;

(viii)

maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.

2.   Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.

3.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás ina gceadaítear don chreidiúnaí muirir a eascraíonn as an mainneachtain a shainiú agus a fhorchur ar an tomhaltóir, nach mbeidh na muirir sin níos mó ná an méid is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as costais a thabhaigh sé mar thoradh ar an mainneachtain.

4.   Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit uasteorainn ar na muirir sin.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22(1):

“1.   A mhéid atá forálacha comhchuibhithe sa Treoir seo, ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha nach bhfuil i gcomhréir leo sin a leagtar síos sa Treoir seo a choinneáil ar bun ná a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta. Mar sin féin, ní chuirfear cosc, le hAirteagal 16a(3) agus (4), ar na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil ná a thabhairt isteach chun tomhaltóirí a chosaint.”.

Airteagal 28

Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE

Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:

(1)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

Faisnéis maidir le téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa a mhodhnú

Gan dochar d’oibleagáidí eile dá bhforáiltear sa Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit, sula ndéanfaidh an creidiúnaí téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe creidmheasa a mhodhnú, go gcuirfidh sé an fhaisnéis seo a leanas in iúl don tomhaltóir:

(a)

tuairisc shoiléir ar na hathruithe atá molta agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ngá atá le toiliú an tomhaltóra nó ar na hathruithe a tugadh isteach trí fheidhmiú an dlí;

(b)

clár ama chun na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a chur chun feidhme;

(c)

na modhanna gearáin atá ar fáil don tomhaltóir maidir leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(d)

an tréimhse ama inar féidir aon ghearán den sórt sin a thaisceadh;

(e)

ainm agus seoladh an údaráis inniúil ar féidir leis an tomhaltóir an gearán sin a chur faoina bhráid.”;

(2)

leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe beartais agus nósanna imeachta leormhaithe a bheith acu ionas go ndéanfaidh siad iarrachtaí, i gcás inarb iomchuí, ar staonadh réasúnta a fheidhmiú sula dtionscnófar imeachtaí foriaimh. Leis na bearta staonta sin, cuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, imthosca an tomhaltóra agus féadfar na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith i gceist leo:

(a)

athmhaoiniú iomlán nó páirteach comhaontaithe creidmheasa;

(b)

modhnú ar théarmaí agus ar choinníollacha reatha comhaontaithe creidmheasa, a bhféadfaidh na nithe seo a leanas, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann:

(i)

síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii)

an cineál comhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii)

íocaíocht na haisíocaíochta tráthchoda ar fad nó cuid di a iarchur go ceann tréimhse;

(iv)

an ráta úis a athrú;

(v)

sos íocaíochta a thairiscint;

(vi)

aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii)

comhshó airgeadra;

(viii)

maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Ní dochar liosta na mbeart staonta féideartha a leagtar amach i mír 1, pointe (b), do na rialacha a leagtar amach sa dlí náisiúnta agus ní cheanglaítear leis ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do na bearta sin uile ina ndlí náisiúnta.”;

(3)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Cearta an chreidiúnaí nó an comhaontú creidmheasa féin a shannadh

1.   I gcás ina sannfar cearta an chreidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa, nó an comhaontú creidmheasa féin, do thríú páirtí, beidh an tomhaltóir i dteideal aon chosaint a bhí ar fáil ag an tomhaltóir i gcoinne an chreidiúnaí bunaidh a phléadáil i gcoinne an tsannaí, lena n-áirítear fritháireamh i gcás inar ceadmhach sin sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Cuirfear an tomhaltóir ar an eolas faoi shannadh dá dtagraítear i mír 1, ach amháin i gcás ina leanfaidh an creidiúnaí bunaidh, trí chomhaontú leis an sannaí, den chreidmheas a sheirbhísiú i leith an tomhaltóra.”.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Meastóireacht

1.   Faoin 29 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil maidir leis na príomhchinntí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Is é a bheidh sa mheastóireacht an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

líon na seirbhíseoirí creidmheasa údaraithe san Aontas agus líon na seirbhíseoirí creidmheasa a sholáthraíonn a seirbhísí i mBallstát óstach;

(b)

líon na gceart creidiúnaithe faoi chomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha a cheannaíonn ceannaitheoirí creidmheasa ó institiúidí creidmheasa a bhfuil sainchónaí orthu nó a bhfuil a n-oifig chláraithe nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe acu faoina ndlí náisiúnta, a gceannoifig sa Bhallstát céanna leis an institiúid creidmheasa, nó i mBallstát eile seachas Ballstát na hinstitiúide creidmheasa, nó lasmuigh den Aontas;

(c)

measúnú ar an riosca reatha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa;

(d)

measúnú ar an gcomhar idir na húdaráis inniúla faoi Airteagal 26;

2.   I gcás ina dtiocfaidh fadhbanna suntasacha chun cinn maidir le feidhmiú na Treorach seo de bharr na meastóireachta, leagfar amach sa tuarascáil an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh, lena n-áirítear bearta agus tráthchlár don athbhreithniú ionchasach.

Airteagal 31

Clásal athbhreithnithe

Gan dochar do shainchumais reachtacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoin 29 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an méid seo a leanas faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a)

leormhaitheas an chreata rialála maidir le tabhairt isteach féideartha uasteorainneacha ar mhuirir arna dtabhú i gcás na mainneachtana is infheidhme maidir le comhaontuithe creidmheasa arna dtabhairt i gcrích leis na bpáirtithe seo a leanas:

(i)

daoine nádúrtha chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó nó gairm na ndaoine nádúrtha sin;

(ii)

FBManna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(iii)

aon iasachtaí, ar choinníoll go bhfuil an creidmheas ráthaithe ag duine nádúrtha nó go bhfuil sé urraithe le sócmhainní nó le maoin ar leis an duine nádúrtha sin iad nó í;

(b)

gnéithe ábhartha de chomhaontuithe creidmheasa, lena n-áirítear bearta staonta féideartha, arna dtabhairt i gcrích leis na páirtithe seo a leanas:

(i)

daoine nádúrtha chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó nó gairm na ndaoine nádúrtha sin;

(ii)

FBManna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE;

(iii)

aon iasachtaí, ar choinníoll go bhfuil an creidmheas ráthaithe ag duine nádúrtha nó go bhfuil sé urraithe le sócmhainní nó le maoin ar leis an duine nádúrtha sin iad nó í;

(c)

an gá atá le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme nó rialála nó modhanna eile iomchuí a fhorbairt chun formáidí coiteanna tuairiscithe a thabhairt isteach le haghaidh cumarsáid le hiasachtaithe faoi Airteagal 10(2) agus maidir le bearta staonta, agus a indéanta atá sé na caighdeáin agus na modhanna sin a fhorbairt.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 32

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 29 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Cuirfidh siad na forálacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2023.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, eintitis atá i mbun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa cheana féin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an 30 Nollaig 2023, ceadófar dóibh leanúint de na gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa sin a dhéanamh ina mBallstát baile go dtí an 29 Meitheamh 2024 nó go dtí an dáta a bhfaighidh siad údarú i gcomhréir leis an Treoir seo, cibé acu is túisce.

Ballstáit a bhfuil córais i bhfeidhm acu cheana atá comhionann leis na córais a bhunaítear leis an Treoir seo le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa, nó atá níos déine ná iad sin, féadfaidh siad cead a thabhairt d’eintitis atá i mbun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa cheana féin faoi na córais sin an 30 Nollaig 2023 a bheith aitheanta go huathoibríoch mar sheirbhíseoirí creidmheasa údaraithe leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 34

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, 24 Samhain 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 444, 10.12.2018, lch. 15.

(2)  IO C 367, 10.10.2018, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 9 Samhain 2021.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(10)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).

(11)  Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).

(12)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(13)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(14)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(15)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(16)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(18)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(19)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(20)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(21)  Treoir 98/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 chun cleachtas ghairm an dlíodóra ar bhonn buan i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuarthas an cháilíocht a éascú (IO L 77, 14.3.1998, lch. 36).

(22)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(23)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(24)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/38


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2168 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 94(3), 97(2), 118(1) agus (2) agus 122(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Go háirithe, i gCuid IV den Rialachán sin, leagtar síos rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus maidir le gorlanna, mar aon le rialacha maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir laistigh den Aontas. Le Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a fhorlíonadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2), forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir. Go háirithe, i gCuid II den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos rialacha maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún, lena n-áirítear na bunaíochtaí sin ina ndéantar oibríochtaí tionóil agus na bunaíochtaí sin óna n-aistrítear coinsineachtaí uibheacha goir nó éanlaithe clóis chuig Ballstát eile. Ina theannta sin, i gCuid III den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos rialacha maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún atá ar coimeád agus uibheacha goir, agus go háirithe leagtar síos ann rialacha maidir le hinrianaitheacht bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair atá ar coimeád agus maidir le huibheacha goir a mharcáil.

(3)

Tá nasc substainteach idir na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus tá feidhm acu maidir le hoibreoirí a iompraíonn nó a choimeádann ainmhithe talún nó uibheacha goir. Dá bhrí sin, ar mhaithe le comhleanúnachas, soiléireacht agus chun iad a chur a bhfeidhm go héifeachtach, agus chun dúbláil rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos in aon ghníomh amháin seachas iad a bheith scaipthe i roinnt gníomhartha ar leithligh ina bhfuil go leor crostagairtí. Tá an cur chuige seo comhsheasmhach freisin le ceann de phríomhchuspóirí Rialachán (AE) 2016/429, is é sin rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a chuíchóiriú agus dá bhrí sin go ndéanfaí níos trédhearcaí iad agus go mbeadh sé níos fusa iad a chur i bhfeidhm.

(4)

Oibreoirí gorlann óna n-aistrítear coinsíneachtaí uibheacha goir nó éanlaithe clóis chuig Ballstát eile agus oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear coinsíneachtaí éanlaithe clóis a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críoch eile seachas iad a mharú nó óna n-aistrítear uibheacha goir chuig Ballstát eile, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 go mbeidh ar na hoibreoirí sin iarratas ar fhormheas a mbunaíochtaí a chur chuig an údarás inniúil. Le hAirteagal 94(3), pointe (a) den Rialachán sin tugtar de chumhacht don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar an gceanglas atá ar oibreoirí iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil le haghaidh cineálacha áirithe bunaíochtaí lena mbaineann riosca neamhshuntasach.

(5)

Tá baol beag maidir le leathadh galar ag baint le gluaiseacht cainníochtaí beaga éanlaithe clóis cé is moite de raitítigh agus uibheacha goir ó na hainmhithe sin chuig Ballstát eile. Thairis sin, ar chúiseanna praiticiúla, na hoibreoirí bunaíochtaí óna n-aistrítear cainníochtaí beaga ainmhithe den sórt sin agus uibheacha goir chuig Ballstát eile, ní féidir leo na ceanglais fhormheasa uile a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le maolú ón oibleagáid atá ar oibreoirí gorlann agus bunaíochtaí iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil, ar oibreoirí bunaíochtaí iad ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear líon is ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh agus is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 38(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áiritheoidh oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe go ndéanfar na hainmhithe sin a shainaithint trí mhodhanna sonraithe sainaitheantais, agus le hAirteagal 38(2) den Rialachán sin ceadaítear d’oibreoirí cinn mhalartacha a chur in ionad na modhanna sonraithe sainaitheantais sin. Mar an gcéanna, le hAirteagal 45(1) agus (2) den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí go ndéanfar a n-ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair atá ar coimeád a shainaithint trí mhodhanna sonraithe sainaitheantais, agus le hAirteagal 45(4) ceadaítear d’oibreoirí cinn mhalartacha a chur in ionad na modhanna sonraithe sainaitheantais sin.

(7)

Ar an taobh eile, le hAirteagal 269 de Rialachán (AE) 2016/429 foráiltear go bhféadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh i réimsí áirithe, ar bearta iad is féidir leo a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríocha agus atá de bhreis ar na cinn a leagtar síos sa Rialachán sin, nó atá níos déine ná na bearta a leagtar síos sa Rialachán sin. Tá na ceanglais inrianaitheachta maidir le coinsíneachtaí ainmhithe talún atá ar coimeád agus maidir le táirgí geirmeacha ar cheann de na réimsí sin. Ní léirítear an fhéidearthacht sin i gceart i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 38(2), 45(4) agus 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun soiléiriú a dhéanamh maidir leis an rogha a thugtar d’oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó de chineál gabhair, na hainmhithe sin a shainaithint trí mhodhanna malartacha sainaitheantais, gur cheart go mbeadh an rogha sin faoi réir údarú ón mBallstát. Leis sin tugtar soiléiriú ar ról agus ar fhreagracht na mBallstát a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm chun cur chun feidhme cuí ceanglais inrianaitheachta bhreise nó níos déine a áirithiú i dtaca le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus gabhair atá ar coimeád, dá bhforáiltear in Airteagal 269 de Rialachán (AE) 2016/429.

(8)

Foráiltear le hAirteagal 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áiritheoidh oibreoirí a choimeádann pearóidí go bhfuil cód aitheantais an ainmhí ar taispeáint ar na modhanna sainaitheantais le haghaidh pearóidí. Mar sin féin, is mó an sainmhíniú ar chód aitheantais a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin ná an méid is gá chun pearóidí a shainaithint, agus cuireann sé ualach suntasach riaracháin ar na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le cód alfa-uimhriúil a thaispeáint ar na modhanna sainaitheantais le haghaidh pearóidí, cód lenar féidir iad a shainaithint agus lena gcuirfear leibhéal leordhóthanach inrianaitheachta ar fáil nuair a aistrítear iad idir na Ballstáit.

(9)

Foráiltear le hAirteagal 80 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go ndéanfar na huibheacha goir go léir a mharcáil le huimhir fhormheasta uathúil na bunaíochta tionscnaimh. Mar sin féin, ní cheanglaítear le Rialachán (AE) 2016/429 ach formheas a dhéanamh ar bhunaíochtaí a chuireann uibheacha goir chuig Ballstát eile agus orthu sin amháin. Ina theannta sin, foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (3) nuair a aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile, go gceanglaítear gur de thionscnamh bunaíochtaí cláraithe iad na huibheacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis agus oibreoirí gorlann óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile, na hoibreoirí sin a eisiamh ón oibleagáid atá orthu a áirithiú go marcáiltear gach ubh ghoir le huimhir fhormheasta uathúil na bunaíochta tionscnaimh. Tá an leasú sin comhsheasmhach freisin leis na leasuithe atá le déanamh ar Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 leis an Rialachán seo.

(10)

Le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 leagtar síos na ceanglais maidir le formheas bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh, agus foráiltear ann go n-áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonfaidh bunaíochtaí den sórt sin ceanglais áirithe a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Foráiltear le Cuid 1, pointe 1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 nach ndeonófar formheas do bhunaíocht le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh, ach amháin i gcás ina gcoinnítear crúbaigh den chatagóir chéanna agus den speiceas céanna sa bhunaíocht ag aon am amháin agus i gcás ina bhfuil an stádas sláinte céanna ag na crúbaigh sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh limistéar cóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta ar leithligh amháin nó níos mó a bheith sna hionaid tionóil atá ann cheana. Ní mór na limistéir ar leithligh sin a oibriú ar bhealach lena n-áiritheofaí nach mbeadh teagmháil dhíreach nó indíreach idir na hainmhithe a choinnítear sna limistéir sin. Ar an gcaoi sin is féidir crúbaigh de speicis éagsúla, de chatagóirí éagsúla nó a bhfuil stádas sláinte difriúil acu a choinneáil i mbunaíocht fad is a choinnítear iad i limistéir chóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta ar leithligh. Dá bhrí sin, ba cheart, Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin.

(11)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagail 15 go 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 go bhféadfaí ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a áireamh sa choinsíneacht chéanna ós rud é go bhfuil an dá speiceas faoi réir na gceanglas sláinte céanna a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin. An fhéidearthacht maidir le coinsíneacht ainmhithe de chineál caorach agus gabhair araon a bhailiú le chéile, ba cheart an fhéidearthacht sin a cheadú freisin faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun maolú ar an bpríomhriail a leagtar síos i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a chur san áireamh ina luaitear nach féidir ach crúbaigh den speiceas céanna a bhailiú le chéile.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Maolú ar an gceanglas atá ar oibreoirí iarratas ar fhormheas le haghaidh cineálacha áirithe bunaíochtaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil

De mhaolú ar Airteagal 94(1)(a), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 2016/429, ní cheanglaítear ar oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas iarratas ar fhormheas a mbunaíochtaí a chur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 96(1) den Rialachán sin:

(a)

bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar each-ainmhithe i gcás ina mbailítear na hainmhithe sin chun críoch comórtas, rásaí, taispeántas, gníomhaíochtaí comhchoiteanna fóillíochta nó oibre nó i gcomhthéacs gníomhaíochtaí pórúcháin;

(b)

gorlanna éan i mbraighdeanas;

(c)

gorlanna óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis nó coinsíneachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis chuig Ballstát eile;

(d)

bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críoch eile seachas iad a mharú nó óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú na 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis chuig Ballstát eile.”;

2.

in Airteagal 38(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

aitheantóir leictreonach a chur in ionad ceann de na gnáthchlibeanna cluaise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, aitheantóir arna fhormheas ag údarás inniúil an Bhallstáit ina gcoimeádtar na bó-ainmhithe, i gcás ina ndéanann an Ballstát sin an t-ionadú sin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 41(1);”;

3.

in Airteagal 45(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ceann de na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 46, i gcás ina n-údaraíonn an Ballstát ina gcoimeádtar na hainmhithe de chineál caorach agus gabhair na maoluithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 48(5);”;

4.

Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

i mír 4, scriostar pointe (c);

(b)

cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

“5.   Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a údarú chun ceann de na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 45 (2) a ionadú i gcomhréir leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 45(4) le haghaidh ainmhithe de chineál caorach agus gabhair a choimeádtar ina gcríoch.”;

5.

in Airteagal 76 (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

“(a)

fáinne coise, mar a liostaítear i bpointe (h) d’Iarscríbhinn III, fáinne atá ceangailte de chos amháin ar a laghad den ainmhí agus ní mór cód alfa-uimhriúil sofheicthe, soléite agus doscriosta a bheith ar taispeáint ar an bhfáinne sin;

(b)

trasfhreagróir in-insteallta ar a bhfuil cód alfa-uimhriúil soléite agus doscriosta ar taispeáint, mar a liostaítear i bpointe (e) d’Iarscríbhinn III;

(c)

tatú atá déanta ar an ainmhí ar a bhfuil cód alfa-uimhriúil sofheicthe, doscriosta ar taispeáint mar a liostaítear i bpointe (g) d’Iarscríbhinn III.’;

6.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80:

“Airteagal 80

Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht uibheacha goir

1.   Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis agus oibreoirí gorlann éanlaithe clóis go ndéanfar gach ubh ghoir a aistrítear chuig Ballstát eile a mharcáil le huimhir fhormheasta uathúil bhunaíocht tionscnaimh na n-uibheacha goir.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile;

(b)

oibreoirí gorlann óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile.”;

7.

in Iarscríbhinn I, Cuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Is iad seo a leanas na ceanglais maidir le leithlisiú agus bearta bithshlándála na mbunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh, dá dtagraítear in Airteagal 5:

(a)

ní mór saoráidí leithlisithe iomchuí a bheith ar fáil le haghaidh na gcrúbach;

(b)

ag aon am, ní féidir ach crúbaigh den chatagóir céanna, den speiceas céanna agus a bhfuil an stádas sláinte céanna acu a choinneáil sa bhunaíocht, nó i ngach ceann de na limistéir chóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta laistigh den bhunaíocht;

(c)

de mhaolú ar an scaradh a éilítear idir na speicis crúbach dá bhforáiltear i bpointe (b), féadfar cóiríocht a chur ar fáil d’ainmhithe de chineál caorach agus gabhair le chéile ag aon am amháin sa bhunaíocht nó sa limistéar cóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta céanna laistigh den bhunaíocht;

(d)

ní mór córas cuí a bheith i bhfeidhm chun bailiú fuíolluisce a áirithiú;

(e)

ní mór na limistéir ina gcoimeádtar na crúbaigh mar aon le haon phasáistí, agus ábhair agus trealamh a thagann i dteagmháil leo a ghlanadh agus a dhíghalrú tar éis gach baisc crúbach a bhaint, agus i gcás inar gá roimh aon bhaisc nua crúbach a thabhairt isteach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta bunaithe;

(f)

ní mór sosanna sláintíochta iomchuí a ghlacadh tar éis na n-oibríochtaí glantacháin agus díghalraithe agus sula dtagann aon bhaisc nua de chrúbaigh isteach sna saoráidí ina gcoimeádtar iad.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).


8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/43


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2169 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2021

lena n-osclaítear taraif-chuóta le haghaidh 2022 le haghaidh allmhairiú earraí áirithe de thionscnamh na hIorua isteach san Aontas, ar de thoradh iad na táirgí sin ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 16(1), pointe (a), de,

Ag féachaint do Chinneadh 2004/859/CE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Comhaontú trí Mhalartú Litreacha a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na hIorua ar Phrótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua an 14 Bealtaine 1973 (3) (“an Comhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua”) agus Prótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”) (4) arna leasú le Cinneadh Uimh. 140/2001 ó Chomhchoiste LEE an 23 Samhain 2001 lena leasaítear Prótacail 2 agus 3 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le táirgí próiseáilte talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta eile (5), cinntear na socruithe trádála idir an tAontas agus Ríocht na hIorua maidir le táirgí talmhaíochta áirithe agus táirgí próiseáilte talmhaíochta áirithe.

(2)

Foráiltear le Prótacal 3 a ghabhann le Comhaontú LEE ráta nialasach dleachta le haghaidh uiscí a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe, a aicmítear faoin gcód AC 2202 10 00, agus deochanna neamhalcólacha eile nach bhfuil táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 iontu ná saill a fhaightear ó tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404, a aicmítear faoin gcód AC 2202 90 10.

(3)

Ón 1 Eanáir 2017, tá na cóid AC 2202 91 00 agus 2202 99 curtha in ionad an chóid AC 2202 90. Dá bhrí sin, ba cheart go gclúdódh an Rialachán seo táirgí a bhfuil na cóid 2202 10 00, ex 2202 91 00 agus ex 2202 99 ag gabháil leo.

(4)

Leis an gComhaontú trí mhalartú litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le Prótacal 2 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua (6) (“an Comhaontú trí mhalartú litreacha”), cuirtear ar fionraí go sealadach an córas saor ó dhleacht arna chur i bhfeidhm faoi Phrótacal 2 maidir le hearraí aicmithe faoi na cóid AC 2202 10 00 (uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe) agus ex 2202 90 10 (deochanna neamhalcólacha eile ina bhfuil siúcra) ar cuireadh na cóid AC 2202 10 00, ex 2202 91 00 agus ex 2202 99 ina n-ionad. I gcomhréir leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha, ní cheadófar allmhairí saor ó dhleacht na n-earraí sin, de thionscnamh na hIorua, ach amháin faoi theorainneacha cuóta saor ó dhleacht. Beidh dleacht le híoc ar allmhairí a sháraíonn an cuóta saor ó dhleacht sin.

(5)

Leagtar amach freisin sa Chomhaontú trí Mhalartú Litreacha, más rud é nach bhfuil an taraif-chuóta ídithe faoin 31 Deireadh Fómhair i mbliain áirithe, go ndeonófar do na táirgí i dtrácht rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain dár gcionn.

(6)

Cuóta bliantúil 2020 do na táirgí i dtrácht, arna oscailt le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2154 ón gCoimisiún (7), níor ídíodh é faoin 31 Deireadh Fómhair 2020. Dá thoradh sin, foráladh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2122 ón gCoimisiún (8) nach mbeadh feidhm ag an gcóras dleachta a leagtar síos sa Chomhaontú trí Mhalartú Litreacha maidir le hallmhairí isteach san Aontas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021, agus dá réir sin tugadh rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas do na hearraí lena mbaineann.

(7)

Ceanglaítear leis an gComhaontú trí Mhalartú Litreacha go n-osclófar an cuóta saor ó dhleacht le haghaidh na n-uiscí agus na ndeochanna sin arís i gcomhair 2022. An cuóta bliantúil deireanach le haghaidh na dtáirgí sin, osclaíodh é i gcomhair 2020 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2154. De bharr nár osclaíodh aon chuóta bliantúil le haghaidh 2021, is iomchuí méid an chuóta a shocrú le haghaidh 2022 ar an leibhéal céanna le 2020.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um cheisteanna cothrománacha a bhaineann le trádáil i dtáirgí próiseáilte talmhaíochta nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022, beidh an taraif-chuóta saor ó dhleacht a leagtar amach san Iarscríbhinn oscailte d'earraí de thionscnamh na hIorua atá liostaithe san Iarscríbhinn sin, faoi na coinníollacha a shonraítear inti.

2.   Na rialacha tionscnaimh a leagtar amach i bPrótacal 3 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála déthaobhach idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Ríocht na hIorua, beidh feidhm acu maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Maidir le cainníochtaí a allmhairítear os cionn méid an chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag dleacht tosaíochta 0,047 EUR/lítear maidir leo.

Airteagal 2

Déanfaidh an Coimisiún an taraif-chuóta saor ó dhleacht dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (9).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 1

(2)  IO L 370, 17.12.2004, lch. 70

(3)  IO L 171, 27.6.1973, lch. 2.

(4)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3

(5)  IO L 22, 24.1.2002, lch. 34

(6)  IO L 370, 17.12.2004, lch. 72

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2154 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena n-osclaítear taraif-chuóta do 2020 maidir le hallmhairiú isteach san Aontas ar earraí de thionscnamh na hIorua ar de thoradh iad ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 327, 17.12.2019, lch. 66).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2122 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas a dheonú le haghaidh 2021 d'earraí áirithe de thionscnamh na hIorua ar de thoradh iad ar phróiseáil táirgí talmhaíochta a chumhdaítear leis an Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2020, lch. 32).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


IARSCRÍBHINN

Earraí de thionscnamh na hIorua dá ndeonófar rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar an Aontas ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022

Uimhir an ordaithe

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc ar na hearraí

 

Méid an chuóta

09.0709

2202 10 00

 

Uiscí, lena n-áirítear uiscí mianraí agus uiscí aeraithe, a bhfuil siúcra nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó atá blaistithe

 

23,029 milliún lítear

ex 2202 91 00

10

Beoir neamhalcólach ina bhfuil siúcra

 

ex 2202 99 11

11

19

Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine 2,8 % nó níos mó de réir meáchain agus ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)

Nach bhfuil táirgí iontu atá faoi cheannteidil 0401 go 0404 ná saill a fhaightear ó tháirgí atá faoi cheannteidil 0401 go 0404

ex 2202 99 15

11

19

Deochanna bunaithe ar shoighe ina bhfuil cion próitéine níos lú ná 2,8 % de réir meáchain; deochanna bunaithe ar chnónna Chaibidil 8 den Chomhtharaif Chustaim, ar ghránaigh Chaibidil 10 den Chomhtharaif Chustaim nó ar shíolta Chaibidil 12 den Chomhtharaif Chustaim ar deochanna iad ina bhfuil siúcra (siúcrós nó siúcra inbhéartaithe)

ex 2202 99 19

11

19

Deochanna neamhalcólacha eile a bhfuil siúcra breise curtha leo (siúcróis nó siúcra inbhéartaithe)


8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2170 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála cinntitheach ar allmhairí scragaill tiontairí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 22 Deireadh Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí scragaill tiontairí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“PRC”, “an tSín” nó “an tír lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán (2).

1.2.   Bearta sealadacha

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 21 Bealtaine 2021, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachta sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus faoi na corrlaigh atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint (“corrlach díobhála”). Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Thug dhá tháirgeoir onnmhairíochta samplála agus úsáideoir amháin barúlacha uathu (3).

(3)

An 18 Meitheamh 2021, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán sealadach”).

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(4)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha ar an mbonn ar ar forchuireadh an dleacht frithdhumpála shealadach (“nochtadh sealadach”), rinne na úsáideoirí, allmhaireoirí neamhghaolmhara, na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, mar aon le Daon-Phoblacht na Síne aighneachtaí i scríbhinn lena dtuairim a chur in iúl maidir leis na torthaí sealadacha. Is táirgeoir onnmhairiúcháin é Jiangsu Zhongji, agus d’iarr sé tuilleadh sonraí maidir le ríomh a chorrlaigh díobhála agus tugadh na sonraí sin dóibh.

(5)

Tar éis do na spriocdhátaí nós imeachta dul in éag, cuireadh isteach roinnt tuairimí breise mar aon le freagraí ar na barúlacha a rinne na páirtithe eile. Mar sin féin, ós rud é nár cuireadh na tuairimí sin isteach laistigh de na spriocdhátaí, ní fhéadfadh an Coimisiún iad a chur san áireamh ag céim an Doiciméid Ghinearálta um Nochtadh. Ar aon chuma, bhreithnigh an Coimisiún na hargóintí ar fad a tharraing na páirtithe leasmhara anuas le linn an imscrúdaithe.

(6)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáil an Coimisiún éisteachtaí le trí tháirgeoir onnmhairíochta samplála, Xiamen Xiashun, Donghai Foil agus Jiangsu Zhongji chomh maith le triúr úsáideoirí Effegidi, Walki Oy agus Gascogne Flexible, agus cuibhreannas a dhéanann ionadaíocht ar chúig allmhaireoirí, Cartonal Italia, QualityFoil SARL, Cutting Packaging, Transparent Paper LTD agus Now Plastics.

(7)

Lean an Coimisiún ag lorg agus ag fíorú na faisnéise ar fad a mheas sé a bheith riachtanach dá thorthaí deiridh agus, i bhfianaise na srianta taistil de bharr phaindéim Covid-19, rinne sé cros-sheiceáil chianda (“RCC”) maidir leis an bhfaisnéis a chuir Walki Oy agus QualityFoil SARL isteach. Níorbh fhéidir bailchríoch a chur ar an RCC atá sceidealaithe le Manreal mar gheall ar an gcomhar neamhleor a bhí ag Manreal. D’iarr Manreal idirghabháil an Oifigigh Éisteachta, agus dheimhnigh seisean nár sháraigh foirceannadh an RCC cearta cosanta Manreal. Dá bhrí sin, níor breithníodh freagra an cheistneora ó Manreal le haghaidh na dtorthaí críochnaitheacha. Ní raibh tionchar aige sin, áfach, ar na conclúidí maidir le leas an Aontais. In ainneoin fhoirceannadh RCC, measadh fós gur páirtí leasmhar é an chuideachta sin agus cuireadh a barúlacha san imscrúdú san áireamh.

1.4.   Sampláil

(8)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’áitigh Manreal go bhféadfadh an Coimisiún neamhaird a dhéanamh d’éagsúlacht mhór cuideachtaí atá dírithe ar earnálacha éagsúla trí shampla de tháirgeoirí onnmhairithe a roghnú, ós rud é nach bhfuil sna cuideachtaí a sampláladh ach 27 % de scragall tiontairí alúmanaim na Síne (“ACF”).

(9)

Mar sin féin, níor thug Manreal bunús don ghné don sampla a roghnaigh an Coimisiún nach raibh ionadaíoch do tháirgeoirí onnmhairithe na Síne ACF san imscrúdú reatha. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

1.5.   Scrúdú aonair

(10)

In éagmais barúlacha maidir leis an roinn seo, deimhníodh aithris (33) den Rialachán sealadach.

1.6.   An tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse atá á breithniú

(11)

In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse atá á breithniú, deimhníodh aithris (38) den Rialachán sealadach.

1.7.   Athrú ar an raon feidhme geografach

(12)

Ón 1 Eanáir 2021 i leith, níl Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ina cuid den Aontas a thuilleadh. Dá bhrí sin, tá an rialachán seo bunaithe ar shonraí a bhaineann leis an Aontas Eorpach d’uireasa na Ríochta Aontaithe (“AE27”).

2.   AN TÁIRGE I gCEIST AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Maímh maidir leis an raon táirge

(13)

Nuair a bhí an Rialachán sealadach foilsithe, chuir roinnt páirtithe iarrataí isteach ar eisiamh táirgí maidir leis na táirgí seo a leanas: ACF a bhfuil tomhsaire faoi bhun 6 mhiocrón acu (“ACF<6”) agus ACF le haghaidh ceallraí gluaisteán leictreach (“ceallra gluaisteáin ACF”). Chuir siad fianaise bhreise ar fáil do tháirgeoirí an Aontais a dhiúltaíonn tairiscintí ceannaigh. Mar sin féin, níor athraigh an fhianaise bhreise a soláthraíodh toradh na hanailíse ar an rialachán sealadach, ós rud é gur bhailigh an Coimisiún fianaise maidir le cumas, díolacháin agus táirgeadh rolla tástála ACF<6. Tá sé dearbhaithe ag úsáideoir amháin ina chuid barúlacha ar an Rialachán sealadach go bhfuair sé corn tástála ACF<6 ó tháirgeoir de chuid an Aontais tar éis an IP. Ina theannta sin, bhí roinnt fianaise ann a thagair do thairiscintí ar cheannach a diúltaíodh tar éis an IP. Faoi mar a pléadh thíos in aithrisí (165) go (171), is é staid eisceachtúil phaindéim COVID-19 agus an téarnamh láidir eacnamaíoch lean í is cúis le ganntanas idirnáisiúnta san iompar, sin agus le ganntanas soláthair. Ní léir, áfach, go mbeidh tionchar fadtéarmach ag an staid sin ar an margadh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na hiarratais ar ACF a eisiamh le haghaidh ACF<6 agus ar ACF do chadhnraí carranna leictreacha ó raon feidhme táirge an táirge atá faoi imscrúdú.

(14)

Ina theannta sin, d'áitigh úsáideoir amháin (Gascogne) go mbeadh contrárthacht i dtorthaí sealadacha an Choimisiúin maidir le díolacháin ACF<6 mar chinn an Coimisiún nach raibh aon cheann de tháirgeoirí an Aontais ag margú ACF<6 go gníomhach faoi láthair, agus, ag an am céanna, d'fhéadfadh an Coimisiún “díolacháin ACF faoi bhun 6 mhiocrón de tháirgeoirí éagsúla de chuid an Aontais i gcainníochtaí táirgthe tráchtála a dheimhniú, fiú i scála teoranta, thar thréimhse 10 mbliana roimh an IP”. Ina theannta sin, d’iarr Gascogne rochtain ar na sonraí díolacháin chun tuiscint níos fearr a fháil ar thorthaí an Choimisiúin sa Rialachán sealadach.

(15)

Ós rud é go n-ordaítear ACF do shonraíochtaí gach custaiméara, ní neamhghnách go n-iarrfadh custaiméir nua le haghaidh ACF<6 (nó tomhsairí ACF eile) rolla samplach chun a chuid tástálacha féin a reáchtáil. Sa chomhthéacs sin, chinn an Coimisiún in aithris (350) den Rialachán sealadach gurb ionann an tomhas faoi bhun 6 mhiocrón agus deighleog den mhargadh atá i mbéal forbartha maille le tomhaltas measartha íseal le linn IP. Dá bhrí sin, níor chontrártha do tháirgeoirí an Aontais gan a gcuid táirgí a chur ar an margadh go gníomhach i ndeighleog bheag den mhargadh amhail ACF<6, fiú más teoranta a bhí cuid den díolachán orthu san am atá caite. Toisc gur sonraí rúnda gnó iad na sonraí díolacháin ar ACF<6, níl an Coimisiún in ann an rochtain a iarradh a chur ar fáil.

(16)

Mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí nach bhfuil aon fhianaise sa Rialachán sealadach gur féidir le táirgeoirí an Aontais ACF<6 a mhonarú sna cainníochtaí a iarradh. Mar sin féin, faoi mar a thuairiscítear in aithris (50) den Rialachán sealadach, tá neart fianaise bailithe ag an gCoimisiún go bhfuil táirgeoirí an Aontais in ann ACF<6 a tháirgeadh, agus tá sé sonraithe aige fiú go n-áirítear leis sin táirgeadh rollaí tástála i gcomhréir leis an tsonraíocht chustaiméara. Ní féidir leis an gCoimisiún an fhianaise a nochtadh toisc go bhfuil faisnéis rúnda gnó ann. Ina theannta sin, níor shonraigh an cuibhreannas na cainníochtaí arna n-iarraidh sa deighleog mhargaidh seo. D’fhíoraigh an Coimisiún gur féidir le cumas suntasach spártha thionscal an Aontais an t-éileamh ó ACF<6 a shásamh. Mar a léirítear in aithris (273) den Rialachán sealadach, ní hamháin go bhfuil dóthain acmhainneachta ann chun aghaidh a thabhairt ar an tomhaltas reatha, ach tá an deis ann freisin an táirgeacht fhoriomlán a mhéadú. Mar a luaitear in aithris (51) den Rialachán sealadach, dheimhnigh an Coimisiún a thuilleadh cumas na dtáirgeoirí éagsúla ACF<6 a tháirgeadh sa chéim deiridh rollach, rud atá riachtanach chun ACF a thomhas faoi bhun 6 mhiocrón. Ar an gcaoi sin, dheimhnigh an Coimisiún cumas spártha thionscal an Aontais go sonrach do dheighleog an mhargaidh ACF<6, nuair a thiocfaidh méadú ar an éileamh amach anseo.

(17)

Mhaígh táirgeoir onnmhairithe amháin, Xiamen Xiashun, nár chuir an Coimisiún sonraí nó anailís ar fáil sa Rialachán sealadach a thacaíonn lena ráiteas go bhfuil táirgeoirí scragaill an Aontais ag ullmhú chun freastal ar éileamh mhargadh éiritheach scragall ceallraí.

(18)

Tá na sonraí lena léirítear ullmhú tháirgeoirí an Aontais chun freastal ar an éileamh ar scragall ceallraí faoi rún agus ní féidir iad a achoimriú. Níl na tionscadail sin poiblí go fóill agus dá bhrí sin tá siad an-íogair. Dá bhrí sin, is mar thoradh ar bheart a cothromaíodh go cúramach a tharlaíonn neamhsholáthar na sonraí nó na hanailíse a iarradh. Agus cothromaíocht á déanamh idir leas na bpáirtithe eile maidir le rochtain a bheith acu ar an bhfaisnéis sin, chinn an Coimisiún go léireofaí fiú le hachoimre de na sonraí rúin ghnó go bhféadfaí dochar a dhéanamh do ghnó na dtáirgeoirí éagsúla atá san Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir na sonraí a iarradh a nochtadh.

(19)

Mhaígh Xiamen Xiashun freisin nár chuir an Coimisiún san áireamh na sonraí maidir le héileamh ar scragall ceallraí a bheidh ann san Aontas amach anseo, rud a chuir siad ar fáil san éisteacht an 23 Feabhra 2021. Is éard a thuig Xiamen Xiashun ó na sonraí a soláthraíodh nach bhfuil sé d’acmhainn ag táirgeoirí an Aontais freastal ar an éileamh ar scragall ceallraí, sin agus éileamh úsáideoirí eile ACF a shásamh san am céanna.

(20)

Na sonraí a chuir Xiamen Xiashun ar fáil, agus na sonraí ar thagair siad dóibh, sin meastachán uaidh féin ar an éileamh uasta scragall ceallraí sa todhchaí bunaithe ar fhorléargas atá ar fáil go poiblí ar thionscadail ceallraí atá beartaithe amach anseo. Leis na figiúirí a tógadh ón bhforléargas seo ar na tionscadail atá beartaithe, áfach, cuirtear san áireamh roinnt mórthionscadal ceallraí a léiríonn gur ag tráth neamhchinntithe sa todhchaí a chuirfear i gcrích iad. Chomh maith leis sin, ghlac na cumais tionscadail Xiamen Xiashun mar bhonn dá ríomh an acmhainn uasta a d’fhéadfadh a bheith ag tionscadal, rud a léiríonn go bhféadfaí acmhainn suas le luach áirithe a bhaint amach.

(21)

Go ceann 3 bliana ina dhiaidh, thug Xiamen Xiashun teilgean i bhfad níos ísle. Murab ionann agus éilimh Xiamen Xianshun, léirigh an Coimisiún i dTábla 6 in aithris (273) den Rialachán sealadach cumas suntasach spártha thionscal an Aontais. Is féidir leis an acmhainn seo freastal ar an éileamh ar an margadh cadhnraí atá ag teacht chun cinn agus is léir níos mó ná an t-éileamh measta ag Xiamen Xiashun do na 3 bliana atá romhainn. Ní gá go gclúdódh cumas táirgeachta reatha tháirgeoirí an Aontais gach éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo toisc gur féidir leo a n-acmhainn táirgeachta a mhéadú i gcomhréir leis an éileamh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

(22)

Ina theannta sin, mhaígh Xiamen Xiashun in aithris (59) den Rialachán sealadach gur shéan an Coimisiún na difríochtaí idir na saintréithe teicniúla toisc nach raibh aon mór-onnmhairí ACF le húsáid mar scragall ceallraí agus nach bhfuil táirgeadh na gceallraí san Aontas ach i dtús a ré.

(23)

Diúltaíodh don mhaíomh sin. Chuir an Coimisiún na saintréithe teicniúla a bhaineann le scragall ceallraí san áireamh in aithris (56) agus aithris (57) den Rialachán sealadach. Níor tugadh aghaidh in Aithris (59) den Rialachán sealadach ach ar éileamh Xiamen Xiashun go ndéanfaí ACF a eisiamh le haghaidh úsáid mar scragall ceallraí bunaithe ar an méid íseal onnmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(24)

I ndiaidh an nochta dheireanaigh, rinne Gascogne athéileamh ar rochtain ar an bhfaisnéis a d’úsáid an Coimisiún nuair a bhí an Rialachán sealadach á mheas aige in aithris (50) le deimhniú a dhéanamh ar an díolachán ACF<6 a rinne táirgeoirí de chuid an Aontais ina mhéideanna táirgeachta tráchtála, fiú ar scála teoranta, le linn 10 mbliana roimh IP. Mhaígh Gascogne gur cheart don Choimisiún, ar a laghad, raon méide a chur ar fáil chun míniú a thabhairt ar na cainníochtaí táirgthe tráchtála atá ann.

(25)

Ní raibh ann ach úsáideoir amháin a cheannaigh cainníocht le haghaidh táirgeadh tráchtála, rud nach léiríonn ach cuid an-bheag dá tomhaltas ACF. Mheas an Coimisiún gur táirgeadh tráchtála amháin gach seachadadh a rinneadh chun críoch tástála.

(26)

Ós rud é gur léir go bhfuil an margadh ACF<6 ina mhargadh nua ag a bhfuil éileamh íseal le linn an IP, ní raibh sna díolacháin roimhe seo ach gné amháin de mheasúnú an Choimisiúin. Rinne an Coimisiún measúnú freisin ar chumas cruthaithe agus cumas cruthaithe thionscal an Aontais an táirge a tháirgeadh trí tháirgeadh rollaí tástála a rinneadh le déanaí. Dá bhrí sin, níor mhó leas na n-úsáideoirí rochtain a fháil ar na sonraí rúnda sin, fiú mar raonta, ná an leas a bhain le faisnéis rúnda a chosaint. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh athdhearbhaithe go nochtfaí sonraí faoi shonraí rúnda tháirgeoir an Aontais maidir le díolacháin ACF<6 san am a chuaigh thart.

(27)

D’áitigh Gascogne freisin nár aontaigh sé le tuairim an Choimisiúin a cuireadh in iúl in Aithris 13 den Nochtadh Cinntitheach Ginearálta gur dhiúltaigh táirgeoirí an Aontais glacadh le horduithe le haghaidh ACF<6 de bharr srianta lóistíochta agus ganntanas soláthair de bharr staid eisceachtúil phaindéim COVID-19 agus an téarnamh láidir eacnamaíoch a lean í. D’athdhearbhaigh Gascogne a éileamh nach raibh aon amhras ann maidir le diúltú tairiscintí ceannaigh ACF<6 a dhéanamh toisc nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann nó toilteanach an cineál seo tiúis a tháirgeadh.

(28)

Níor luaigh Gascogne ach an chuid dheireanach d’aithris (13) den Nochtadh Cinntitheach Ginearálta. I dtús aithris (13), ní hamháin gur thagair an Coimisiún do chorna tástála ACF<6 a sheachadadh ó tháirgeoir de chuid an Aontais, ach freisin do thorthaí an Rialacháin shealadaigh, inar léirigh an Coimisiún cumas agus acmhainn tháirgeoirí an Aontais ACF<6 a tháirgeadh, agus inar thagair sé freisin do dhíolacháin le 10 mbliana anuas. Sa Rialachán sealadach, shoiléirigh an Coimisiún a thuilleadh gur margadh é ACF<6 a bhfuil éileamh teoranta aige le linn an IP, rud a mhínigh easpa díolacháin ag táirgeoirí an Aontais le linn an IP.

(29)

Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh Walki nár sholáthair an Coimisiún na sonraí breise a d’iarr sé ina bharúlacha ar an Rialachán sealadach. Tar éis PCN níos mionsonraithe a thabhairt isteach, d’iarr Walki go sonrach a) an céatadán de dhíolacháin iomlána ACF na ngearánach isteach i margadh an Aontais de chód tiús PCN 1 (tiús níos fearr de 5,0 agus níos lú ná nó comhionann le 6,0 miocrón), b) tonnáiste iomlán iarbhír chód tiús PCN 1 arna tháirgeadh ag na gearánaigh go léir, c) tonnáiste iarbhír chód tiús PCN 1 ACF a dhíol na gearánaigh go hoscailte ar mhargadh AE, agus d) cé mhéad de na cúig ghearánaigh a chuir leis na tonnáistí a shainaithnítear i b) agus c).

(30)

Mar a léirítear in aithrisí (48) go (50) den Rialachán sealadach, ní hamháin gur bhailigh an Coimisiún sonraí do chód PCN 1, ach do na sonraí ACF<6 atá díreach ag teacht leis an eisiamh táirge a iarradh. Bhailigh an Coimisiún faisnéis ar éileamh na n-úsáideoirí comhoibritheacha uile le linn an IP, agus ar dhíol agus ar tháirgeadh ACF<6 ag gach táirgeoir comhoibríoch de chuid an Aontais freisin. Léirítear go soiléir in Aithris 50 den Rialachán sealadach nach bhfuil ACF<6 á mhargú go gníomhach ag aon cheann de tháirgeoirí an Aontais, seachas ina chaibidlíocht dhíreach, agus ní thagraíonn sí ach do tháirgeadh rollaí tástála le linn an IP. Ina theannta sin, thagair an Coimisiún do mhéideanna táirgeachta tráchtála ar scála teoranta, le linn 10 mbliana roimh IP. Is léir ón bhfaisnéis sin nach ndearna táirgeoirí sampláilte an Aontais aon díolachán ACF<6 le linn an IP. Freagraíonn sé seo na ceisteanna uile a chuir Walki maidir lena iarraidh ar eisiamh. Theip ar Walki bunús a thabhairt faoin gcaoi a mbeadh sé ina chabhair agus riachtanach dá iarraidh ar eisiamh na sonraí a iarradh do chód PCN 1 a fháil, lena n-áirítear ACF atá cothrom le 6,0 miocrón, i bhfianaise na sonraí spriocdhírithe atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún maidir le heisiamh.

(31)

Mhínigh Walki le linn na héisteachta tar éis an nochta dheiridh gur i ndiaidh na bliana 2021 a rinneadh é, nach raibh aon díolachán gníomhach ar an margadh oscailte ná margaíocht ann fós do tháirgeoirí Eorpacha do ACF<6. Chuir Walki fianaise isteach nach bhfuair sé tar éis an IP freagra dearfach ar a iarrataí ar lua ar ACF<6, agus mhínigh sé nach mbeadh ach táirgeoir amháin Aontais in ann glacadh le horduithe ACF<6 de chainníocht tráchtála.

(32)

Rinne an Coimisiún tagairt dá mhíniú sa Doiciméad Ginearálta maidir le Nochtadh Cinntitheach faoi mar a mhínítear san aithris thuas(28).

(33)

Tar éis nochtadh cinntitheach Xiamen Xiashun, d’áitigh sé go ndearna an Coimisiún earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar phrionsabal an dea-riaracháin, mar nach ndearna sé scrúdú maille leis an gcúram cuí ná neamhchlaontacht chuí ar an bhfianaise a cuireadh ar fáil agus nár thug sé aird chuí ar an bhfianaise ábhartha go léir nuair a bhí sé ag déanamh a gcuid cinntí trí gan achoimre chiallmhar a sholáthar ar phleananna tháirgeoirí an Aontais a n-acmhainn a mhéadú chun freastal ar an éileamh ar scragall ceallraí agus shéan sé an fhianaise arna soláthar ag Xiamen Xiashun maidir leis an éileamh ar scragall ceallraí.

(34)

Mhaígh Xiamen Xiashun go raibh “cumas breise substaintiúil thionscal an Aontais in ann freastal ar an éileamh ar mhargadh scragall ceallraí atá ag teacht chun cinn” ag teacht salach ar a ráiteas go bhfuil “sonraí lena léirítear ullmhúchán táirgeoirí an Aontais chun freastal ar éileamh scragall ceallraí an-rúnda agus nach féidir achoimre a dhéanamh orthu ós rud é nach bhfuil na tionscadail sin poiblí go fóill agus go bhfuil siad an-íogair dá bhrí sin”.

(35)

Mhaígh Xiamen Xiashun freisin gur shéan an Coimisiún a fhorléargas cuimsitheach ar an maíomh a rabhthas ag súil leis ar an mbonn gur léiríodh go ndearnadh roinnt tionscadal ceallraí a chur i gcrích ag tráth neamhchinntithe sa todhchaí. Mhaígh Xiamen Xiashun gur gné dhílis é sin de shonraí a bhaineann le tionscadail atá beartaithe.

(36)

An ráiteas ón gCoimisiún gur féidir le tionscal an Aontais freastal ar an éileamh ar mhargadh an scragaill ceallraí atá ag teacht chun cinn, is ráiteas é a bhaineann leis an toilleadh breise foriomlán sna muilte rollta. Baineann na sonraí lena léirítear ullmhú tháirgeoirí an Aontais chun freastal ar éileamh ar scragall ceallraí le hiarrachtaí thionscal an Aontais a bheith in ann táirgí a tháirgeadh de réir na saintréithe a iarrann táirgeoirí ceallraí. Ach achoimre a thabhairt ar na hiarrachtaí sin, léireodh an Coimisiún straitéisí gnó tháirgeoirí an Aontais. Níl aon chontrárthacht dá bhrí sin idir na ráitis réamhluaite. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

(37)

Agus an forléargas ar an éileamh a bhfuiltear ag súil leis amach anseo á mheas ag Xiamen Xiashun a soláthraíodh ó fhoinse atá ar fáil go poiblí, rinne an Coimisiún idirdhealú idir tionscadail i gcéim phleanála ina bhfuil creat ama ar leith agus tionscadail bheartaithe nach bhfuil aon léiriú ann ina leith ar an mbliain ina mbeidh siad oibríochtúil. Ní séanadh fianaise arna soláthar ag Xiamen Xiashun é seo, ach anailís chríochnúil ar an éileamh a mbeidh súil leis iarbhír. Go deimhin, bunaíodh go hiomchuí an measúnú ar cé acu an féidir nó nach féidir le tionscal an Aontais an t-éileamh a bhfuiltear ag súil leis amach anseo a chomhlíonadh ar thionscadail na gcadhnraí, tionscadail atá beartaithe a chur i gcrích i mbliain ar leith amach anseo. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh.

2.2.   Conclúid

(38)

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas maidir le raon feidhme na dtáirgí, deimhníonn an Coimisiún raon feidhme na dtáirgí faoi mar a thuairiscítear sa Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

(39)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, mar aon le dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin sampláilte, barúil ar na torthaí sealadacha dumpála.

3.1.   Gnáthluach

3.1.1.   Saobhadh suntasach

(40)

Thug Rialtas na Síne agus Xiamen Xiashun barúil ar cheist an tsaofa shuntasaigh sa tSín.

(41)

Ar an gcéad dul síos, dúirt Rialtas na Síne go raibh fabhtanna tromchúiseacha fíorasacha agus dlíthiúla in ábhar thuarascáil na Síne agus sna bealaí a rabhthas á húsáid. De réir Rialtas na Síne, bhí mífhaisnéis ag baint leis an ábhar, bhí sé leataobhach, agus scoite amach ón bhfírinne. Chaith tuarascáil na Síne le tairbhí iomaíocha dlisteanacha chuideachtaí na Síne agus na gnáthdhifríochtaí institiúide idir an tSín agus an Eoraip mar bhonn leis an saobhadh suntasach sa mhargadh a chinneadh. Ina theannta sin, mhaígh an GOC gur sholáthair an Coimisiún buntáistí éagóracha do thionscal an Aontais, rud ab ionann agus breithiúnais a thabhairt roimh thriail, ós rud é gur ghlac an Coimisiún leis na líomhaintí maidir le saobhadh margaidh a mhaígh tionscal an Aontais bunaithe ar thuarascáil na Síne. Sa breis air sin, d’éiligh Rialtas na Síne má dhéantar tuarascálacha in ionad imscrúduithe nach raibh sé sin ag comhlíonadh spiorad dlíthiúil na cothroime ná an chirt.

(42)

Mar fhreagra ar an maíomh maidir le fabhtanna fíorasacha a bheith i dtuarascáil na tíre, luaigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é tuarascáil na tíre atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é i mí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. Níor chuir Rialtas na Síne aon fhrisnéis den sórt sin ar fáil agus níor chuir sé ach tuairimí cineálacha gan bhunús isteach.

(43)

Maidir le hargóint Rialtas na Síne a thug le fios gur cuireadh eisiúint thuarascáil tíre in ionad an imscrúdaithe, mheabhraigh an Coimisiún, de réir Airteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán, má mheasann an Coimisiún gur leordhóthanach an fhianaise a chuir an gearánach isteach maidir leis an saobhadh suntasach, gur féidir leis imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Mar sin féin, is ag am an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh mar thoradh ar imscrúdú a dhéantar an cinneadh an ann don saobhadh suntasach agus a thionchar sin agus an úsáid ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a cheanglaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ní dheimhnítear láithreacht ná tionchar féideartha an tsaofa shuntasaigh ag céim an tionscnaimh mar a mhaíonn Rialtas na Síne, ach tar éis imscrúdú domhain amháin, agus dá bhrí sin, diúltaítear don argóint sin.

(44)

Ar an dara dul síos, luaigh Rialtas na Síne nár eisigh an Coimisiún tuarascálacha ach i gcás rogha bheag tíortha, rud ba leor mar chúis imní go raibh fabhar na náisiún á chleachtadh. Sa bhreis air sin, mhaígh Rialtas na Síne nár fhoilsigh an Coimisiún caighdeán follasach agus intuartha chun tíortha nó earnálacha a roghnú chun tuarascálacha a fhoilsiú.

(45)

Mheabhraigh an Coimisiún, dá bhforáiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, go ndéanfar tuarascáil tíre i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ar fhormheas fhorálacha nua Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i mí na Nollag 2017, bhí léirithe den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach don tSín. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin ar shaobhadh sa Rúis agus ní eisíonn sé nach leanfaidh tuarascálacha eile. Ó tharla go mbaineann formhór na gcásanna imscrúdaithe cosanta trádála (“TDI”) leis an tSín, agus ó tharla go raibh tásca tromchúiseacha de shaobhadh sa tír sin, ba í an chéad tír ar dhréachtaigh an Coimisiún tuarascáil lena haghaidh. Is í an Rúis an tír ina bhfuil an dara líon is mó de chásanna TDI, agus dá bhrí sin bhí cúiseanna oibiachtúla don Choimisiún chun tuarascálacha a ullmhú don dá thír sin san ord sin.

(46)

Thairis sin, ní réamhchoinníoll éigeantach é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Go deimhin, de réir Airteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán, is leor fianaise leordhóthanach a chruthaíonn go bhfuil saobhadh suntasach i dtír ar bith arna tabhairt ag na gearánaigh ag comhlíonadh na gcritéar in Airteagal 2(6a)(b) chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le saobhadh suntasach do gach tír gan aon idirdhealú, beag beann ar an tuarascáil a bheith déanta ar an tír. Dá bhrí sin, ní féidir do na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre sárú a dhéanamh ar fhabhar na náisiún. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún na héilimh seo.

(47)

An tríú rud, luaigh Rialtas na Síne freisin maidir leis an gcóir náisiúnta (“NT”), nárbh ann don choincheap maidir le saobhadh margaidh nó caighdeáin chomhfhreagracha i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le margadh inmheánach nó iomaíocht seachas ón mbun-Rialachán. Dá bhrí sin, rinne Rialtas na Síne an argóint nach raibh údarás ar bith ag an gCoimisiún ó thaobh dlí idirnáisiúnta de nó aon reachtaíocht agus cleachtais faoina inniúlacht eisiach sa mhargadh inmheánach nó rialachán iomaíochta chun saobhadh sa tSín a imscrúdú.

(48)

Bhunaigh an Coimisiún a mhodheolaíocht san imscrúdú seo ar fhoráil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ó thaobh an dlí de, is cuma gan dlíthe Eorpacha eile a bheith ann a úsáideann coincheap an tsaofa shuntasaigh. Rialaítear réimse na frithdhumpála le rialacha Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála (ADA) faoina bhfuil dumpáil le measúnú i ndáil le táirgí allmhairithe, agus i gcás nach bhfuil aon cheanglas ann dálaí an mhargaidh intíre a mheasúnú de bhreis ar an anailís fhorordaithe ar an díobháil. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(49)

Ina theannta sin, luaigh Rialtas na Síne gur chuir an Coimisiún rialacha agus caighdeáin idirdhealaitheacha i bhfeidhm in aghaidh cuideachtaí na Síne nuair a bhí siad i gcásanna comhchosúla le hais chuideachtaí an Aontais, lena n-áirítear caighdeáin éagóracha fianaise agus an dualgas a chruthú, ach gan a bheith teoranta dóibh. San am céanna, ní dhearna an Coimisiún meastóireacht le fáil amach an raibh an tAontas Eorpach nó na Ballstáit faoi réir saobhadh margaidh. Chuaigh an tsraith chleachtas seo i bhfeidhm go tromchúiseach ar iontaofacht agus ar dhlisteanacht anailís agus chonclúidí an Choimisiúin ar na príomhcheisteanna in imscrúduithe frithdhumpála maidir le dumpáil agus díobháil a ríomh. Dá réir sin, is leor ábhar imní a léiriú maidir le sárú féideartha oibleagáidí na córa náisiúnta (“NT”) faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(50)

Ní dhearna Rialtas na Síne aon mhíniú ná fianaise a bhaineann leis na rialacha idirdhealaitheacha líomhnaithe i gcoinne cuideachtaí Síneacha a chur ar fáil. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na maímh gan bunús. Maidir leis an saobhadh líomhnaithe san Aontas, thug an Coimisiún dá aire sa bhreis ar an maíomh sin ó Rialtas na Síne a bheith cineálach agus gan bunús a bheith leis, nach bhfuil saobhadh atá san Aontas agus a dhéanann difear do chuideachtaí an Aontais mar aidhm don anailís faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a bhaineann leis an tír onnmhairithe. Dá bhrí sin, tá an coincheap sin neamhábhartha ó thaobh dlí de i dtéarmaí thionscal an Aontais i gcomhthéacs sonrach na n-imscrúduithe frithdhumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(51)

An ceathrú rud, thug Rialtas na Síne ar aird nach raibh forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán comhsheasmhach le hAirteagal 2.2 de ADA, a sholáthraíonn liosta uileghabhálach de chásanna inar féidir an gnáthluach a ríomh agus nach gcuirtear saobhadh suntasach san áireamh iontu. Mhaígh Rialtas na Síne freisin nach raibh úsáid na sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ná praghsanna idirnáisiúnta chun gnáthluach a ríomh de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán comhsheasmhach le hAirteagal 6.1(b) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil agus Airteagal 2.2 de ADA, go háirithe Airteagal 2.2.1.1. Rinne Rialtas na Síne an argóint freisin gur éiligh rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála go n-úsáidfí costas na táirgeachta sa tír thionscnaimh móide méid réasúnta le haghaidh costas riaracháin, díolacháin agus costas ginearálta agus le haghaidh brabús nuair atá gnáthluach á chumadh. Ach, rinne Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán raon feidhme fhoinse na sonraí a leathnú chun costais táirgeachta agus díolacháin a chur san áireamh i dtír ionadaíoch iomchuí, nó praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta. Bhí sé seo lasmuigh de raon feidhme rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála de réir Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, bíodh Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán i gcomhréir le rialacha EDT nó ná bíodh, níor cheart don Choimisiún gnáthluach a thógáil nuair a thugtar “saobhadh margaidh” air faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(52)

Measann an Coimisiún go bhfuil foráil Airteagal 2(6a) comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála de chuid an Aontais Eorpaigh. Is é tuairim an Choimisiúin, i gcomhréir le soiléirithe Bhuanchomhlacht Achomhairc in DS473 EU-Biodiesel (an Airgintín), go gceadaíonn forálacha an bhun-Rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta leo maidir le gach Ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, go háirithe Airteagal 2(5), an dara fomhír, úsáid na sonraí ó thríú tír, arna gcoigeartú go cuí nuair atá coigeartú den sórt sin riachtanach agus nuair atá bunús leo. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo.

(53)

Chuir Rialtas na Síne argóint isteach, sa chás seo, go ndearna an Coimisiún neamhaird dhíreach de thaifid onnmhaireoirí na Síne, a bhí ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 de ADA. Rinne Rialtas na Síne an argóint gur dhearbhaigh an Buanchomhlacht Achomhairc in DS473 EU-Biodiesel (an Airgintín) agus an painéal in DS494 EU-Cost Adjustment Methodologies II (an Rúis) de réir Airteagal 2.2.1.1 de ADA, fad is a bhí na taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú ar aon dul - laistigh de theorainneacha inghlactha - ar bhealach cruinn agus iontaofa, leis na costais arna dtabhú ag an táirgeoir nó onnmhaireoir áirithe don táirge faoi imscrúdú, gur cheart don údarás imscrúdaithe na taifid sin a úsáid chun costas táirgeachta na dtáirgeoirí faoi imscrúdú a chinneadh.

(54)

Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain díospóidí DS473 ná DS494 le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, atá mar bunús dlí ábhartha chun gnáthluach an imscrúdaithe seo a chinneadh. Bhain cásanna fíorasacha éagsúla leis na díospóidí seo sa bhreis ar an gcás fíorasach maidir leis an saobhadh suntasach a bheith ann. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(55)

Ina theannta sin, thug Rialtas na Síne ar aird go raibh caighdeáin dhúbailte sa chás seo ag baint leis an imscrúdú a rinne an Coimisiún bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dar le Rialtas na Síne, dhiúltaigh an Coimisiún glacadh le sonraí costais onnmhaireoirí na Síne ar na forais go raibh saobhadh suntasach margaidh i margadh na Síne, ach ghlac sé le sonraí na tíre ionadaíche agus bhain sé úsáid astu le cur in ionad sonraí táirgeoirí na Síne gan aon mheastóireacht ar shaobhadh margaidh a bheith i bhfeidhm ar na sonraí ionadacha sin. Is fianaise é sin, dar le Rialtas na Síne, ar “chaighdeáin dhúbailte”. Thug Rialtas na Síne ar aird gur theip ar an gcur chuige seo iontaofacht na gcostas áirithe a áirithiú sa tír ionadaíoch roghnaithe. Thairis sin, bhí sé dodhéanta costas na dtáirgeoirí sa tír thionscnaimh a léiriú le fírinne.

(56)

Ar deireadh, is éard a dúirt Rialtas na Síne freisin go raibh tionscnaimh forbartha laistigh den Aontas agus de na Ballstáit atá cosúil le pleananna 5 bliana na Síne, amhail an Straitéis Tionsclaíochta Nua agus Tionscal na Gearmáine 4.0 etc. Dar le foinsí oifigiúla, bhain tionscal alúmanaim an Aontais tairbhe as breis agus 200 beart státchabhrach éagsúla, ina mhargadh inmheánach 2017-2020, a chuir Ballstáit an Aontais ar fáil agus a d’údaraigh an Coimisiún.

(57)

Mheabhraigh an Coimisiún gur bhreithnigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe an bhfuil gnéithe ar taifead a léiríonn go bhfuil saobhadh sna tíortha ionadaíocha, freisin eadhon maidir leis na príomh-amhábhair arna n-úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh, mar shampla má tá siad faoi réir srianta onnmhairiúcháin. Ina theannta sin, le linn an imscrúdaithe bhí deis a dhóthain ag gach páirtí barúil a thabhairt maidir le hoiriúnacht na dtíortha ionadaíocha féideartha arna meas ag an gCoimisiún. Go sonrach, foilsíonn an Coimisiún dhá nóta leis an gcomhad maidir le hoiriúnacht na dtíortha ionadaíocha féideartha agus maidir le tír iomchuí a roghnú go sealadach le haghaidh an imscrúdaithe. Cuirtear na nótaí seo ar fáil do gach páirtí le haghaidh a mbarúlacha. Sa chás seo freisin, bhí deis ag Rialtas na Síne agus ag gach páirtí eile maímh a chur in iúl agus fianaise a thabhairt ar láimh go raibh saobhadh suntasach ann a rinne difear do na tíortha ionadaíocha féideartha arna meas agus dá bhrí sin nach raibh siad oiriúnach don imscrúdú.

(58)

Thug an Coimisiún dá aire de réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán gur maidir le praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a dhéantar anailís ar thionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin de na heilimintí saofa nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin. Níl tábhacht ar bith i gcomhthéacs an nós imeachta seo leis an struchtúr costais ná na sásraí praghas-mhúnlaithe i margaí eile, amhail an tacaíocht airgeadais líomhnaithe arna deonú san Aontas Eorpach (fiú dá mbeidís ann, quod non (5)). Dá bhrí sin, is maíomh gan bhunús é seo agus diúltaíodh é.

(59)

Chuir Xiamen Xiashun sraith barúlacha isteach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann.

(60)

Ar an gcéad dul síos, thug Xiamen Xiashun faoi deara in aithris (97) den Rialachán sealadach go ndearnadh tagairt d’alt idirlín a thugann le tuiscint go gcuireann Xiamen Xiashun obair neartaithe an pháirtí agus obair ceardchumann saothair chun cinn go gníomhach. Dúirt Xiamen Xiashun gur cheart an t-airteagal seo a léiriú ar an mbealach a chiallaíonn ach go n-éascaíonn Xiamen Xiashun amháin an fhéidearthacht dá oibrithe i ceardchumainn saothair cibé más comhaltaí páirtí iad nó mura comhaltaí páirtí iad a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh den chuideachta. Chuir Xiamen Xiashun i dtábhacht, áfach, nach gciallaíonn an fhoclaíocht “cinnteoireacht” go bhfuil páirt ar bith ag comhaltaí an pháirtí ná ag an gceardchumann saothair a dtuairimí a nochtadh maidir le bainistiú agus rialú na cuideachta, nó maidir le socrú praghsála ceannacháin amhábhar nó díolacháin táirgí. Dá thoradh sin, níor cheart aon rialú rialtais ná saobhadh margaidh a thabhairt i gcrích a bheadh bunaithe ar an bhfoclaíocht sin.

(61)

Ina theannta sin, chuir Xiamen Xiashun i gcoinne na dtorthaí a rinne an Coimisiún in aithris (97) den Rialachán sealadach, agus mhínigh sé nach gciallaíonn an fhíric go bhfuil comhaltaí an pháirtí sa chuideachta go bhfuil an chuideachta á rialú acu. Thug Xiamen Xiashun faoi deara go bhfuil sé d’oibleagáid air de réir an dlí cead a thabhairt do chomhaltaí an pháirtí gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtí a eagrú, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil aon tionchar ag comhaltaí an pháirtí ar an gcuideachta. Dúirt sé freisin go gceadaítear do gach duine a bheith ina gcomhaltaí de reiligiún nó de pháirtí polaitíochta dá rogha féin agus nach bhfuil aon tionchar aige ar chinnteoireacht na cuideachta. Thairis sin, chuir sé i dtábhacht go láidir nach gciallaíonn gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtí a bheith á n-eagrú ag an gcuideachta gur comhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne atá i measc lucht bainistíochta na cuideachta. Ar deireadh, mhínigh Xiamen Xiashun go bhfuil aistriúchán an Choimisiúin ar “neartú an pháirtí” mícheart agus gurb iad gníomhaíochtaí chomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne laistigh den chuideachta na gníomhaíochtaí a bhaineann den chuid is mó le staidéar a dhéanamh ar bheartais rialtais, a dtuairim agus a gcomhairle dá n-eagraíocht pháirtí a thabhairt, nó uaireanta fiú roinnt gníomhaíochtaí siamsaíochta. Dúirt sé freisin nach raibh aon rud sa taifead a thugann le fios go bhfuil na cuideachtaí is freagróirí á rialú ag Páirtí Cumannach na Síne. Thug Xiamen Xiashun arís eile na barúlacha sin tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh.

(62)

Thug an Coimisiún faoi deara ar dtús, go dtugtar go soiléir “cinnteoireacht” san airteagal a luaitear in aithris (97) den Rialachán sealadach ar ghníomhaíochtaí choiste an pháirtí atá gníomhach laistigh de Xiamen Xiashun. Ní dhéanann an t-airteagal anailís ná ní léirmhíníonn sé go mion cad atá i gceist leis an “gcinnteoireacht” sin. Meabhraíonn an Coimisiún, áfach, de réir Airteagal 2(6a), an chéad fhleasc agus an dara fleasc, gurb iad an dá ghné atá ábhartha lena mheasúnú an bhfuil saobhadh suntasach ann i dtír: “an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair atá faoi úinéireacht údaráis na tíre is onnmhaireoir nó a oibríonn faoina smacht, faoina maoirseacht beartais nó faoina stiúir” agus “láithreacht stát i ngnólachtaí, rud a cheadaíonn don Stát cur isteach ar phraghsanna nó ar costais”. Tagann rannpháirtíocht choiste an pháirtí i “gcinnteoireacht” in Xiamen Xiashun faoin dá chritéar. Ní chiallaíonn an ceanglas go gcuireann láithreacht an stáit sa chuideachta isteach ar na praghsanna agus na costais go socraíonn an Stát go díreach praghsanna na n-earraí a dhíoltar ach de bharr láithreacht agus rannpháirtíocht chomhaltaí an pháirtí sa chuideachta, is féidir leis an gcuideachta a bheith ag súil le cóireáil agus tacaíocht níos fabhraí ó na húdaráis, rud a bhfuil tionchar indíreach aige ar a chostais agus ar a praghsanna. Thairis sin, nuair atá baill de Pháirtí Cumannach na Síne (“PCS”) i láthair sa chuideachta, agus nuair a éascaíonn an chuideachta gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtí, mar aon le rannpháirtíocht na bpáirtithe sin sa “chinnteoireacht”, sin tásc soiléir nach bhfuil an chuideachta neamhspleách ar an Stát, agus go bhfuil dliteanas air gníomhú i gcomhréir le beartas Pháirtí Cumannach na Síne seachas fórsaí an mhargaidh. Mar sin diúltaítear don argóint sin.

(63)

Cé go bhfuil sé de cheart ag gach fostaí a bheith páirteach sa reiligiún nó sa pháirtí polaitíochta dá rogha féin ar bhonn prionsabail, tá an staid éagsúil sa tSín go fíorasach toisc gur stát aon pháirtí amháin í an tSín agus gurb ionann Pháirtí Cumannach na Síne agus an Stát agus a rialtas (6). Dá bhrí sin, is tásc gurb í láithreacht an stáit sa chuideachta atá i láithreacht chomhaltaí de Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachta a eagraíonn gníomhaíochtaí rialta “neartaithe an pháirtí” agus a bhfuil cearta “cinnteoireachta” acu, mar a phléitear in aithris (50) agus aithris (52) thuas. Maidir le gníomhaíochtaí choiste an pháirtí, tugann an Coimisiún dá aire ar dtús go mbaineann an Coimisiún úsáid as na gníomhaíochtaí “neartaithe an pháirtí” sa chiall “gníomhaíochtaí chun spiorad an pháirtí a neartú sa chuideachta”, nó “gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bpáirtí a fhorbairt chun ceannaireacht foriomlán an pháirtí a áirithiú” i gcomhréir leis na treoirlínte oifigiúla (7). Meabhraíonn an Coimisiún, mar a mhínítear cheana in aithris (52) thuas, go bhfuil ar a laghad éifeacht indíreach, bíodh sé ina éifeacht a bhféadfadh éifeacht saofa a bheith aige, ag coistí an pháirtí a bhfuil láithreacht acu sa chuideachta mar gheall ar an dlúth-idirnascacht idir an Stát agus an Páirtí Cumannach sa tSín.

(64)

Ar an dara dul síos, chuir Xiamen Xiashun i gcoinne chonclúid an Choimisiúin in aithris (166) den Rialachán sealadach go bhfuil Xiamen Xiashun faoi réir saobhadh ar fud na tíre maidir le saothar. D’áitigh Xiamen Xiashun go raibh a phá i bhfad níos airde ná pá a iomaitheoirí. Thairis sin, thug Xiamen Xiashun faoi deara go bhfuil an dualgas cruthúnais a cuireadh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin chun an toimhde líomhnaithe de facto go bhfuil “saobhadh suntasach” ann a fhrisnéis chomh deacair sin nach féidir le haon chuideachta aonair é a chomhlíonadh. Thug Xiamen Xiashun faoi deara sa chleachtas gur seo a leanas atá i gceist leis sin: i) tá sé go hiomlán doiléir conas a d’fhéadfadh cuideachta aonair an toimhde go ndéantar a hítimí costais, amhail costais saothair, a shaobhadh, agus trí bhíthin cibé fianaise, a fhrisnéis; agus ii) fiú má chuirtear fianaise shonrach fhíorasach ar fáil lena léirítear go bhfuil difríochtaí suntasacha idir costais idir táirgeoirí onnmhairiúcháin, ní fhágfaidh sé sin go gcuirfidh an Coimisiún amhras ar a chinneadh prima facie maidir le “saobhadh suntasach” a bheith ann.

(65)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar atá le fáil i roinn 3.3.1.7 den Rialachán sealadach, go ndéantar an pá sa tSín a shaobhadh inter alia i ngeall ar shrianta ar shoghluaisteacht i ngeall ar an gcóras cláraithe teaghlaigh (hukou), mar aon le ganntanas ceardchumann neamhspleách agus easpa cómhargála. Ós rud é go dtugann torthaí an Choimisiúin le fios i roinn 3.3.1.7 go bhfuil saobhadh cothrománach ar fud na tíre i margadh saothair na Síne, mar gheall ar a thromchúisí atá an saobhadh sin, tagtar ar an gconclúid go bhfuil saobhadh ar chostais pá na Síne ar an iomlán. Níl aon eilimint sa chomhad arbh fhéidir a shuí go dearfach ar a bonn nach raibh tionchar ag saobhadh ar mhargadh an tsaothair ar chostais pá intíre Xiamen Xiashun. Ar an gcéad dul síos, níor chuir Xiamen Xiashun aon fhianaise isteach ar an gcaoi nach ndéanann an saobhadh cothrománach seo difear dá chostais saothair, mar shampla trína chruthú nach raibh tionchar ag an gcóras cláraithe teaghlaigh ar a phearsanra, go raibh ceardchumainn neamhspleácha ann agus go raibh cómhargáil ann. Thairis sin, toisc nár chuir sé aon sonraí isteach ina leith, ní raibh aon fhianaise ann go raibh a phá i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh. Ina theannta sin, ní léiríonn leibhéal áirithe pá i gcomparáid le pá na n-iomaitheoirí sa ghnó céanna per se nach ndearna an saobhadh cothrománach ar fud na tíre a bhí sa mhargadh saothair sa Daon-Phoblacht na Síne difear do leibhéal pá Xiamen Xiashun.

(66)

Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun go raibh a phá i bhfad níos airde ná pá a chuid iomaitheoirí, agus gur cheart go mbeadh an difríocht sin i leibhéal an phá ina fhianaise nach raibh sé faoi réir an tsaofa líomhnaithe.

(67)

Níor chuir Xiamen Xiashun aon fhianaise nithiúil ar fáil nach bhfuil sé faoi réir saobhadh uile-tíre na gcostas pá, mar atá leagtha síos i roinn 3.3.1.7 den Rialachán sealadach. Dá réir sin, i dtuairim an Choimisiúin, más ann do leibhéal áirithe tuarastail, i gcomparáid le pá iomaitheoirí sa ghnó céanna, ní hin le rá per se nach ndéanfadh an saobhadh cothrománach ar fud na tíre atá i margadh an tsaothair i nDaon-Phoblacht na Síne difear do leibhéal phá an táirgeora onnmhairiúcháin sin. I bhfocail eile, fiú dá mbeadh an pá an táirgeora onnmhairiúcháin sin níos airde ná pá a chuid iomaitheoirí, ní léiríonn sé sin nach ndéanann saobhadh ar mhargadh an tsaothair i nDaon-Phoblacht na Síne difear don leibhéal pá sin.

(68)

Maidir leis an maíomh nach féidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin toimhde líomhnaithe de facto a fhrisnéis go bhfuil saobhadh suntasach ann, is láidir a d’easaontaigh an Coimisiún leis. Ar an gcéad dul síos, níl aon toimhde de facto airbheartaithe ann toisc go ndéanann an Coimisiún measúnú mionsonraithe i ngach imscrúdú ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear don táirge atá faoi imscrúdú agus do na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann, agus an fhianaise go léir atá ar fáil sa chomhad á cur san áireamh ar bhealach cothrom. Thairis sin, má tá maímh ann nach ndéanann saobhadh cothrománach difear do chostais intíre áirithe faoi Airteagal 2(6a)(a), an tríú fleasc, den bhun-Rialachán, déanann an Coimisiún mionanailís orthu toisc go léirítear go soiléir le fad na n-anailísí san imscrúdú seo agus leis na himscrúduithe eile a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne. Má tá fianaise sa chomhad nach raibh tionchar ag an saobhadh ar fud na tíre a bhí ar mhargadh saothair na Síne ar Xiamen Xiashun, is cinnte go mbainfeadh an Coimisiún úsáid as costas saothair na cuideachta féin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) an tríú fleasc den bhun-Rialachán.

(69)

Ar an tríú dul síos, dúirt Xiamen Xiashun, go dtugann an Coimisiún neamhaird go córasach ar chostais saothair tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, is cruthúnas é sin nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag luí le hAirteagal 2.2 ná le hAirteagal 2.2.1.1. de ADA. Is amhlaidh atá toisc go bhforáiltear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ndéanfar neamhaird chórasach ar chostais agus ar phraghsanna gan scrúdú a dhéanamh ar cibé atá na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2.2 de ADA á gcomhlíonadh.

(70)

Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil an deis ag na páirtithe uile i ngach imscrúdú fianaise a chur ar fáil maidir leis na heilimintí ábhartha uile, lena n-áirítear an líomhain nach bhfuil fachtóirí áirithe táirgthe saofa, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), an tríú fleasc, den bhun-Rialachán. Mar a mhínítear in aithris (55) agus aithris (56) thuas, ní dhiúltaíonn an Coimisiún go córasach do chostais saothair tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, ach déanann sé anailís mhionsonraithe ar na sonraí i ngach cás ina maíonn páirtí go bhfuil easpa saofa ann chun a sheiceáil an ndéanann an saobhadh suntasach difear do tháirgeoir onnmhairiúcháin (8). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(71)

Ar an gceathrú dul síos, thug Xiamen Xiashun faoi deara gur thug an Coimisiún le fios in aithris (155) den Rialachán sealadach go bhfuair Xiamen Xiashun duaiseanna nó aitheantais fhoirmiúla áirithe, rud a chiallaíonn go raibh gá leis ceanglais incháilitheachta a chomhlíonadh d’fhonn iad a ghlacadh, lena n-áirítear cloí le seasamh oifigiúil Rialtas na Síne agus na straitéisí agus na beartais oifigiúla rialtais a chomhlíonadh. Chuir Xiamen Xiashun in iúl nach bhfuil sna haitheantais seo ach onóracha a fuair an chuideachta agus cé nach mór don chuideachta roinnt ceanglas a chomhlíonadh, ní raibh sé faoi rialú an rialtais. Dúirt Xiamen Xiashun freisin nach raibh aon fhianaise ar an taifead a léiríonn go bhfaigheann sé treoir ón rialtas chun praghas ceannaigh amhábhar nó a phraghas díola táirge a shocrú ar phraghas atá contrártha le coinníollacha an mhargaidh.

(72)

Mar a mhínigh an Coimisiún cheana in aithris (155) den Rialachán sealadach, ní hamháin go n-aithníonn na luaíochtaí agus na teidil a fuair Xiamen Xiashun éachtaí na cuideachta sin, ach éilíonn siad go soiléir go mbeidh sé ailínithe le beartas oifigiúil an rialtais. Mar a léirítear leis na luachaintí in aithris (155) den Rialachán sealadach, tá na cuideachtaí a leanann líne an rialtais go docht, agus iad sin amháin, i dteideal luaíochtaí a fháil ó Xiamen Xiashun, amhail an teideal Fujian Backbone Enterprise.

(73)

Ar an gcúigiú dul síos, d’áitigh Xiamen Xiashun, agus d’athdhearbhaigh sé arís tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, gur chinn an Coimisiún in aithris (157) den Rialachán sealadach go raibh Xiamen Xiashun faoi réir an tsaofa ar fud na tíre maidir le himeachtaí féimheachta, de cheal fianaise ar a mhalairt. Chuir Xiamen Xiashun in iúl go láidir nach féidir leis a chruthú nach bhfuil sé faoi réir saobhadh in imeachtaí féimheachta, ós rud é gur fiontar rathúil é.

(74)

Faoi mar a míníodh cheana in aithris (157) den Rialachán sealadach, is é an fhadhb a bhaineann le dlíthe féimheachta sa tSín forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe sin agus ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta. I ngach imscrúdú, bíonn an deis ag na páirtithe fianaise a chur ar fáil maidir leis na heilimintí ábhartha uile, agus déanann an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na sonraí i ngach cás ina maíonn páirtí nach bhfuil saobhadh á dhéanamh ar tháirgeoir onnmhairithe chun a sheiceáil an ndéanann an saobhadh suntasach difear do tháirgeoir onnmhairithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(75)

Ar an séú dul síos, dúirt Xiamen Xiashun gur thug an Coimisiún le fios in aithris (162) den Rialachán sealadach gur bhunaigh Xiamen Xiashun comhfhiontar le fiontar faoi úinéireacht Stáit, agus tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh sé ag comhoibriú go dlúth leis an Stát Síneach agus go mbaineann an saobhadh ar fud na tíre lena sholáthróirí freisin. Dúirt Xiamen Xiashun go bhfuil sé an-choitianta ar fud an domhain go dtéann cuideachtaí príobháideacha i mbun gnó le fiontair faoi úinéireacht Stáit nó le gníomhaireachtaí rialtais, agus nach gciallaíonn sé go gcuirtear iallach ar an bpáirtí eile rialú na gnólachta a thabhairt don rialtais. I gcás Xiamen Xiashun, ní dhéantar an comhfhiontar leis an fiontar faoi úinéireacht stáit a oibriú ach amháin faoi Airteagail Chomhlachais agus Dlí Chuideachtaí na Síne. Chuir Xiamen Xiashun i dtábhacht nach raibh aon fhianaise ar an taifead a thugann le tuiscint go rialaíonn an rialtas socrú praghsanna táirgí, soláthar agus éileamh amhábhar nó go mbíonn siad faoina stiúir, mar aon le hoibriú laethúil an chomhfhiontair.

(76)

Cé go n-aontaíonn an Coimisiún go bhfuil comhfhiontair idir fiontair phríobháideacha agus fiontair faoi úinéireacht Stáit an-choitianta ar fud an domhain, tá ról an-sonrach ag na fiontair faoi úinéireacht stáit sa tSín, mar a thuairiscítear i roinn 3.3.1.3 den Rialachán sealadach. Is léiriú ábhartha breise ar éifeacht shaofa na bhfiontar faoi úinéireacht stáit sa tSín ar phraghsanna agus ar chostais í an luachan ó alt a foilsíodh shuíomh gréasáin oifigiúil Rialtas na Síne: “Chuaigh forbairt ar mórscála na bhfiontar faoi úinéireacht stáit i bpríomhtheicneolaíocht agus i dtionscail straitéiseacha chun tairbhe fiontair phríobháideacha agus thacaigh sí leo ar go leor bealaí, amhail cuimsitheacht praghsanna, aistriú tallainne, iarmhairt theicneolaíoch agus tarrtháil a dhéanamh ar chuideachta mar gheall ar easpa caipitil.” (9) Léiríonn an “tairbhe”, “tacaíocht”, “cuimsitheacht praghsanna” agus “tarrtháil a dhéanamh ar chuideachta mar gheall ar easpa caipitil” a luaitear san airteagal go soiléir go bhfuil saobhadh suntasach idir fiontair faoi úinéireacht stáit agus fiontair phríobháideacha ar mhargadh na Síne. Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Xiamen Xiashun a chuid barúlacha ach níor sholáthair sé aon fhianaise lena mbréagnaítear conclúidí an Choimisiúin.

3.1.2.   An tír ionadaíoch

(77)

Sa Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún an Tuirc mar an tír ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an modheolaíocht ar baineadh úsáid aisti don roghnú sa Chéad nóta agus sa Dara nóta a cuireadh ar fáil do na páirtithe sa chomhad oscailte an 25 Samhain 2020 agus an 17 Márta 2021 (“An Chéad Nóta” agus “an Dara Nóta”), agus in aithrisí (170) go (197) den Rialachán sealadach.

(78)

Arís agus arís eile, chuir Xiamen Xiashun agus Donghai araon i gcoinne rogha an Choimisiúin úsáid a bhaint as sonraí cuideachtaí a tháirgeann easbhrúnna alúmanaim mar thagarmharc do chostais dhíolacháin, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) agus do bhrabús. De réir thuairim na bpáirtithe, ní raibh easbhrúnna alúmanaim cosúil le ACFanna agus bhí difríochtaí suntasacha idir an dá tháirge ó thaobh a n-úsáide, a gcostas táirgthe agus na bhfachtóirí táirgthe. Rinne Xiashun Xiamen an argóint freisin go raibh tionchar ag na difríochtaí ar bhrabús agus ar chostais SGA na gcuideachtaí agus, dá bhrí sin nár chóir úsáid a bhaint as brabús agus costas SGA cuideachtaí a tháirgeann easbhrúnna alúmanaim chun an gnáthluach a chinneadh. De réir Donghai, ba cheart don Choimisiún a roghnú a theorannú do chuideachtaí atá gníomhach i dtáirgeadh ACF amháin. Thairis sin, d’áitigh Donghai freisin go gceanglaítear, de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go ndéanfaidh an chuideachta a roghnaíodh as an tír ionadaíoch an táirge atá faoi imscrúdú a mhonarú. Nuair a bhí an nochtadh cinntitheach déanta, sin iad ba mhaímh do Xiamen Xiashun arís.

(79)

Ar an gcéad dul síos, déantar tagairt do mheasúnú an Choimisiúin in aithrisí (184)-(190) den Rialachán sealadach, lena ndéantar forbairt ar roghnú na hearnála easbhrúcháin alúmanaim agus ar roghnú tháirgeoirí Turcacha laistigh den earnáil sin. Cé gur aithnigh an Coimisiún nach ionann saintréithe, úsáidí deiridh, próisis táirgthe agus costais táirgthe ACF agus easbhrúchán alúmanaim, meabhraítear nach mór a mheas gur gnéithe iomlána iad na gnéithe sin chun a chinneadh an bhfuil táirge nó earnáil sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna den táirge atá faoi imscrúdú. Ina theannta sin, mar fhreagra ar argóint Donghai maidir le húsáid sonraí ó tháirgeoirí ACF amháin, mheabhraigh an Coimisiún, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, nach gá ach costais chomhfhreagracha táirgthe agus díolacháin a aimsiú, chomh maith le leibhéal réasúnta de SGA agus brabúis, i dtír ionadaíoch iomchuí. Níl sainordú ag an bhforáil sin maidir le sonraí úsáide ó chuideachtaí a tháirgeann an táirge ceannann céanna leis an táirge lena mbaineann.

(80)

Ar an dara dul síos, meabhraítear go bhfuil lánrogha ag an gCoimisiún agus Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán á chur i bhfeidhm aige maidir le cuideachtaí a roghnú sa tír ionadaíoch. Mar chuid den lánrogha sin agus de réir mar atá leagtha amach sa Rialachán sealadach (féach aithris (182), aithris (188) agus aithris (192)), in éagmais sonraí a léiríonn leibhéal réasúnta SGA agus brabús ó tháirgeoirí ACF i dtíortha/i dtíortha ionadaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann, féadfaidh an Coimisiún, más gá, breathnú freisin ar tháirgeoirí a mhonaraíonn táirge sa chatagóir ghinearálta chéanna agus/nó san earnáil chéanna den táirge atá faoi imscrúdú.

(81)

Chuir Xiamen Xiashun agus Donghai in aghaidh chinneadh an Choimisiúin neamhaird a dhéanamh de shonraí tháirgeoir Turcach ACF (10) toisc go raibh an brabús gar don phointe meá ar mheá. De réir a dtuairime, chuir sin in aghaidh an chur chuige an Choimisiúin san imscrúdú ar easbhrúnna alúmanaim, imscrúdú inar chuir an Coimisiún san áireamh, agus luach réasúnta á shuí aige le haghaidh chostais SGA agus brabúis, gach cuideachta brabúsach beag beann ar a leibhéal brabúis, chomh fada nach caillteanas a bhí á dhéanamh acu (11).

(82)

Meabhraítear gurb é táirgeoir ACF na Tuirce a sainaithníodh an t-aon chuideachta ag a bhfuil sonraí atá ar fáil go poiblí do 2019 (tréimhse a bhí ag forluí le cuid den IP). Ní féidir brabús idir dhá cheann na meá cuideachta aonair a mheas mar bhrabús réasúnach, i bhfianaise leibhéal an bhrabúis a bhain ciseán cuideachtaí eile de chuid na Tuirce atá gníomhach sa tionscal alúmanaim sa tréimhse chéanna amach. Mar thoradh air sin, agus mar a tugadh faoi deara sa Rialachán sealadach (aithris (192)), mheas an Coimisiún go n-úsáidfí sonraí comhthiomsaithe agus ualaithe airgeadais ó chiseán cuideachtaí a bhfuil figiúirí réasúnta brabúis acu níos leordhóthanaí le méid réasúnta a aimsiú le haghaidh SGA agus brabúis ná sonraí táirgeora aonair a úsáid, ar léir nach léiríonn a leibhéil bhrabúis an staid eacnamaíoch san earnáil. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún an mhaíomh.

3.1.3.   Foinsí a úsáidtear chun costais neamhshaofa le haghaidh tosca táirgeachta a leagan síos

(83)

Leag an Coimisiún amach na mionsonraí maidir le foinsí ar baineadh úsáid astu chun an gnáthluach a shuí in aithrisí (198)-(223) den Rialachán sealadach. Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, rinne roinnt páirtithe maímh maidir leis na foinsí éagsúla ar baineadh úsáid astu chun an gnáthluach a chinneadh.

3.1.3.1.   Amhábhair

(84)

Is éard a mheas Donghai gur mhíchuí do chur chuige an Choimisiúin maidir le húsáid a bhaint as bunachar sonraí GTA, ós rud é go raibh luachanna ionadacha níos beaichte ar fáil go poiblí. Chuir Donghai i gcoinne luachanna GTA le haghaidh corna fuar-rollta agus mhol sé go n-úsáidfí praghsanna malartacha tagarmhairc bunaithe ar thuarascáil CRU (12). Mar fhreagra ar an nochtadh sealadach, áfach, d’athdhearbhaigh Donghai an t-éileamh a rinneadh cheana mar fhreagra ar an Dara Nóta gan aon ghnéithe nua fíorasacha nó dlíthiúla a thabhairt aníos. Dá bhrí sin, séanadh maíomh Donghai agus deimhníodh na torthaí a luaitear in aithrisí (214)-(217) den Rialachán sealadach.

(85)

Ghlac Donghai eisiúint arís agus arís eile leis an tagarmharc don dramhaíl alúmanaim. De réir Donghai, ba cheart praghas tagarmhairc na dramhaíle a chinneadh ach thagairt do phraghsanna tinní alúmanaim a úsáid mar bhunús. Sa Rialachán sealadach (féach aithrisí (211)-(212)), d’fhorbair an Coimisiún na cúiseanna leis an tagarmharc GTA a chur i bhfeidhm don dramhaíl alúmanaim seachas tagarmharc le haghaidh tinní alúmanaim. Ós rud é nár chuir Donghai aon fhianaise nua ar fáil maidir leis an gcúis nach ceart don Choimisiún úsáid a bhaint as an luach i mbunachar sonraí GTA, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh agus sheas sé lena thorthaí mar a luaitear in aithrisí (211)–(212) den Rialachán sealadach.

(86)

Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, rinne Donghai roinnt maíomhanna maidir le gual gaile.

(87)

Soiléiríonn an Coimisiún nach fachtóirí táirgthe don táirge lena mbaineann é an gual gaile, agus dá bhrí sin níor bunaíodh aon tagarmharc i leith gual gaile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(88)

D’áitigh Xiamen Xiashun chomh maith le Donghai gur mheas an Coimisiún go sainráite sa Rialachán sealadach go bhfuarthas amach go raibh praghas ceann de na hamhábhair a úsáideadh le ACF a tháirgeadh, tinní alúmanaim, neamhshaofa chun críocha Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, agus luaigh sé nach raibh an praghas ceannaigh ar thinní a d’íoc na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte “go mór faoi bhun an phraghais tagarmhairc idirnáisiúnta ionadaíoch ísil” (13). Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, de réir thuairim na bpáirtithe, úsáid a bhaint as an bpraghas a d’íoc táirgeoirí onnmhairiúcháin as na tinní in ionad úsáid a bhaint as luach tagarmhairc bunaithe ar na sonraí GTA.

(89)

Tar éis nochtadh cinntitheach Xiamen Xiashun, d’athdhearbhaigh sé an argóint sin.

(90)

Mheabhraigh an Coimisiún go raibh ríomh an ghnáthluacha agus an mheasúnaithe a bhaineann le cur i bhfeidhm riail na dleachta is lú mar anailísí difriúla bunaithe ar fhorálacha éagsúla sa bhun-Rialachán. Na conclúidí ar thángthas orthu faoi Airteagal 2(6)(a), is conclúidí iad a bhí bunaithe ar roinnt fachtóirí. Áirítear orthu sin measúnú ar an tionchar a d‘fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí a liostaítear faoi Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar shampla, beartais phoiblí, údaráis phoiblí ag cur isteach ar na margaí, láithreacht stáit i ngnólachtaí etc. D’fhéadfaí an comhthéacs ginearálta agus an staid sa tír a chur san áireamh sa mheasúnú foriomlán ar shaobhadh a bheith ann. I gcomhréir leis an Airteagal sin, chinn an Coimisiún go raibh saobhadh suntasach féideartha san earnáil alúmanaim i nDaon-Phoblacht na Síne (aithris (143) agus aithris (169) den Rialachán sealadach), agus dá bhrí sin, bhí an gnáthluach le ríomh ar bhonn an chostais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Gan meánphraghas ceannaigh an amhábhair sin i nDaon-Phoblacht na Síne ó na táirgeoirí onnmhairithe samplála a bheith go mór faoi bhun an phraghais tagarmhairc sa tír ionadaíoch, eadhon i raon de [0 %-5 %] ar an meán, ní chiallaíonn sin ann féin gur féidir costais na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a shuí go dearfach gan a saobhadh. Go deimhin, faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, ní dhéanann an Coimisiún ach measúnú ar leibhéal praghsanna ionchuir shonraigh sa mhargadh intíre agus an bhfuil leibhéal praghsanna an ionchuir sin “go suntasach níos ísle” ar bhonn intíre i gcomparáid le tagarmharc idirnáisiúnta le nach gá riail na dleachta níos lú a chur i bhfeidhm. Tá cuspóir agus comhthéacs difriúil ag an gcomparáid seo idir praghsanna intíre agus praghsanna idirnáisiúnta faoi Airteagal 7(2a) ná an gnáthluach a ríomh bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní raibh aon fhianaise ann ar comhad a thacaíonn le toradh go raibh bunaíocht dhearfach ann faoi Airteagal 2(6a)(a), an tríú fleasc, nach raibh tionchar ag an saobhadh suntasach ar phraghas na dtinní alúmanaim a cheannaigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin nó níos mó agus, dá bhrí sin, bhí gá úsáid a bhaint as praghsanna tinne intíre sa chomhthéacs sin.

(91)

Dá bhrí sin, is éard ba dhearbh leis an gCoimisiún nach raibh tionchar ag toradh an scrúdaithe faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán ar chonclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu in aithris (143) agus aithris (169) den Rialachán sealadach. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún an mhaíomh.

(92)

D’áitigh Donghai agus Xiamen Xiashun freisin nár cheart don Choimisiún dleachtanna ar allmhairí a chur i bhfeidhm i ndáil le hábhair a dtáirgeann na táirgeoirí onnmhairiúcháin iad féin, nó a cheannaíonn siad i nDaon-Phoblacht na Síne. I dtuairime Donghai, bhí cur i bhfeidhm na dleachta ar allmhairí i gcoinne réasúnaíocht Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun na costais a d’iompródh cuideachta theoiriciúil i dtír ina bhfuil geilleagar nach bhfuil saobhadh suntasach ag éifeacht air a athchruthú. Ceanglaítear leis an tríú mír den fhoráil sin go ndéanfar “measúnú ar leithligh ar gach onnmhaireoir agus táirgeoir”. Is é atá i gceist leis sin, de réir thuairim Donghai, nach féidir an gnáthluach a ríomh go teibí, ach ní mór é a bheith bunaithe ar staid nithiúil na gcuideachtaí a imscrúdaíodh. Thagair Donghai do chleachtas an Choimisiúin a bhí ann roimhe seo, arb é is cuspóir dó Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán “a aimsiú, i dtír ionadaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann, na fachtóirí táirgthe neamhshaofa comhfhreagracha a úsáideann táirgeoirí comhoibríocha na Síne agus méideanna neamhshaofa le haghaidh forchostais déantúsaíochta, SGA agus brabús ab fhéidir” (14). Dá réir sin, mheas Donghai nach bhféadfaí a mheas gur réasúnach de réir bhrí (agus réasúnaíocht) na forála seo dleachtanna ar allmhairí a chur san áireamh le haghaidh amhábhar a cheannaíonn cuideachtaí Síneacha ina dtír dhúchais. D’áitigh Xiamen Xiashun freisin gurbh é a bhí i gceist leis an dleacht ar allmhairí CBL nach ngearrann na tíortha is onnmhaireoirí a fhritháireamh ionas go mbeadh an praghas onnmhairiúcháin inchomparáide leis an bpraghas intíre, praghas ar a gcuirtear CBL i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níor cheart dleacht ar allmhairí a chur leis agus an gnáthluach á ríomh.

(93)

Mheabhraigh an Coimisiún go gceadaítear don Choimisiún le hAirteagal 2(6a) an gnáthluach a bhunú ar bhonn costas agus praghsanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch, sa chás sin, mar ionadaí ar an bpraghas neamhshaofa a bheadh i nDaon-Phoblacht na Síne murach saobhadh suntasach a bheith ann. Ós rud é go mbeadh táirgeoir sa Tuirc a thugann foinsiú na n-ábhar sin ón gcoigríoch faoi réir na cánach ar allmhairí, cuireadh cánacha ar allmhairí san áireamh freisin agus an gnáthluach á thógáil d’fhonn praghas/costas aon amhábhair ar leith atá iníoctha ag táirgeoir sa tír ionadaíoch a léiriú, rud a fhágann nach bhfuil aon saobhadh suntasach ar fáil sa PRC. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún an mhaíomh.

3.1.3.2.   Saothar

(94)

Mhaígh Donghai gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na rátaí míosúla innéacs seachas innéacs praghsanna (bliantúil) meántáirgeora gan bunús a thabhairt, áfach, leis an éileamh agus míniú a thabhairt ar an gcaoi a mbeadh tionchar aige sin ar ríomh an ghnáthluacha. Dá bhrí sin, b’éigean maíomh Donghai a shéanadh.

3.1.3.3.   Leictreachas

(95)

Mhaígh Donghai gur cheart don Choimisiún, chun an tagarmharc don leictreachas a shuí, úsáid a bhaint as sonraí ó Eurostat, sonraí a bhí níos cruinne ina thuairim ná sonraí náisiúnta na Tuirce a ar bhain an Coimisiún úsáid astu ós rud é go n-eisiatar CBL agus cánacha inghnóthaithe eile leis.

(96)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus chinn sé go raibh na sonraí ó Eurostat a bhaineann leis an Tuirc bunaithe i gcás ar bith ar shonraí a fuarthas ó staidreamh náisiúnta na Tuirce cé gur ar bhealaí éagsúla a tíolacadh iad. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún CBL a asbhaint ó shonraí náisiúnta na Tuirce agus an tagarmharc leictreachais á chinneadh aige. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

3.1.3.4.   Costais SGA agus brabúis

(97)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhol Donghai gur cheart go n-úsáidfeadh an Coimisiún sonraí le haghaidh trí chuideachta bhreise a líomhnaítear gur táirgeoirí ACF iad freisin, d'fhonn tagarmharc a bhunú do SGA neamhshaofa agus do bhrabús.

(98)

Ar an gcéad dul síos, ní bhfuarthas aon fhianaise dhearfach ó Donghai go mbeadh táirgeadh ACF déanta ag na cuideachtaí liostaithe breise le linn an IP. Ar an dara dul síos, ní bhfuarthas aon sonraí airgeadais so-fhála ó Donghai i gcás aon cheann de na cuideachtaí sin, agus níor shainaithin an Coimisiún aon sonraí airgeadais i gcás aon cheann de na trí chuideachta a chuir Donghai i gcás. Dá bhrí sin, rinneadh maíomh Donghai a shéanadh.

3.1.4.   Tosca táirgeachta agus foinsí faisnéise

(99)

I bhfianaise na faisnéise uile a thíolaic na páirtithe leasmhara, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí maidir leis an Tuirc ionas go bhféadfaí an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta ACF

Toisc tháirgeachta

Cód Tráchtearraí:

Luach neamhshaofa

Aonaid tomhais

Amhábhair

Tinní alúmanaim

7601 10

12,73

CNY/KG

Leaca alúmanaim

7601 20 20

13,91

CNY/KG

Stoc scragaill alúmanaim

7606 12 92

26,06

CNY/KG

Ola rollta (“biotáille bhán”)

2710 12 21

5,92

CNY/KG

Breiseáin ola rollta

2710 12 21

5,92

CNY/KG

Fuíoll alúmanaim

7602 00 19

11,01

CNY/KG

Saothar

Costais saothair san earnáil monaraíochta

neamhbhainteach

59,97

CNY/uair an chloig

Fuinneamh

Leictreachas

neamhbhainteach

0,48 -0,51  (15)

CNY/KWh

3.1.5.   An gnáthluach a ríomh

(100)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (224) go (231) den Rialachán sealadach.

(101)

Ag an gcéim shealadach, agus tar éis an nochta chríochnaithigh, d’athdhearbhaigh Donghai a éileamh gur cheart déileáil leis, in éineacht le heintitis eile a bhaineann leis an ngrúpa corparáideach céanna (“Grúpa Nanshan”), ar bhealach comhdhlúite a mhéid a bhaineann le ríomh an ghnáthluacha. Go sonrach, de réir Donghai, níor cheart don Choimisiún ach breathnú ar phraghsanna fachtóirí táirgthe a chur in ionad na bpraghsanna táirgeachta a bhí á gceannach ag Grúpa Nanshan ag tús an phróisis táirgthe ó pháirtí nach mbaineann leis na praghsanna tagarmhairc. Ar an gcaoi sin, chumhdódh an Coimisiún na tosca táirgthe arna saobhadh a cheannaigh an Grúpa. Mheas an chuideachta go bhfuil cuideachtaí an Nanshan Group ina gcuid d’aonad amháin ó thaobh na heacnamaíochta de, in ainneoin iad a bheith leithleach go dlíthiúil, ós rud é (i) go bhfuil siad faoi rialú an aonáin chéanna agus go bhfuil forluí suntasach laistigh den ghrúpa i dtéarmaí an dá bhord stiúrthóirí agus ar an leibhéal bainistíochta, (ii) tá siad go léir lonnaithe in aon pháirc thionsclaíoch amháin agus (iii) tá an próiseas táirgthe an-chomhtháite, leis an aschur ó chuideachta amháin a chomhdhéanann an t-ionchur do na cuideachtaí eile. Ina theannta sin, dealraíonn sé do na custaiméirí gur aon eintiteas amháin atá sna cuideachtaí aonair, óir is aon suíomh gréasáin amháin, aon bhranda amháin, agus aon ionad teagmhála amháin atá acu. Mhaígh Donghai nach raibh coincheap an eintitis eacnamaíoch aonair teoranta don dlí cosanta trádála, ach go raibh sé cuimsithe freisin do bhrainsí eile de dhlí an Aontais (go háirithe dlí na hiomaíochta). Ina theannta sin, ní dhéantar cinntí maidir leis an táirgeadh ag leibhéal Donghai ach ag leibhéal an ghrúpa. I dtuairim Donghai, is leatrom an sliocht atá ar thorthaí an Choimisiúin ós rud é go ndéanann siad neamhaird de na difríochtaí i measc onnmhaireoirí sampláilte. Rinne Donghai iarracht an t-idirdhealú líomhnaithe a léiriú tríd an gcóir a cuireadh sa chás seo a chur i gcomparáid le Xiamen Xiashun (táirgeoir leis an gcorrlach dumpála is ísle, ag táirgeadh ACF ó thinní alúmanaim laistigh den eintiteas dlíthiúil céanna) i gcodarsnacht le Grúpa Nanshan.

(102)

Thairis sin, de réir thuairim Donghai, sháraigh an mhodheolaíocht freisin forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ina dtagraítear “do na costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí”. De réir Donghai, níor chostais táirgthe na costais a ghabhann le hamhábhair idirmheánacha, ach na costais a ghabhann leis na chéad amhábhair sa slabhra táirgthe alúmanaim, eadhon báicsít agus gual. Dúirt Donghai nach raibh d’údarú ag an gCoimisiún ach neamhaird a thabhairt ar chostais ábhair ó sholáthraithe neamhghaolmhara.

(103)

Rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an maíomh agus ar an bhfianaise atá sa chomhad. Níor cuireadh aon argóintí nua ar fáil, áfach, a thiocfadh salach ar na conclúidí a luaitear in aithris (231) den Rialachán sealadach. Dá mbunófaí próiseas táirgthe ar bhonn comhdhlúite agus trí úsáid a bhaint as tosca táirgthe táirgeoirí cleamhnaithe le haghaidh táirgí réamhtheachtacha seachas ACF, dhéanfaí fírinne thionsclaíoch agus eacnamaíoch na n-eintiteas a tháirgeann ACF a chosc. Thairis sin, i dtuairim an Choimisiúin, más fios go bhfuil praghsanna agus costais saofa sa tSín maidir leis an táirge lena mbaineann chomh maith lena ionchuir, bheadh tionchar ag na torthaí sin ar an ionchur a dhéanann an chuideachta ghaolmhar laistigh den Ghrúpa. Dá bhrí sin, ba cheart na hionchuir sin, is cuma más ó sholáthróir gaolmhar a fhaightear iad, a choigeartú sa chomhthéacs sin.

(104)

Ina theannta sin, níor mheas an Coimisiún go raibh an modh idirdhealaitheach. Ar an gcéad dul síos, déanann Donghai comparáid idir an chaoi a gcaitear le táirgeoir eile agus neamhaird á tabhairt ar an bhfíric gur Donghai ina aonar (agus ní hé an Grúpa Nanshan iomlán) atá faoi réir an imscrúdaithe reatha i gcáil táirgeora onnmhairithe. Ní léiríonn an modh a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm ach an bun atá ag táirgeoirí aonair agus na próisis táirgthe atá acu iarbhír. Dá bhrí sin, is iad na costais táirgthe “comhfhreagracha” a luaitear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán na costais a bhí le híoc ag gach ceann de na heintitis dhlíthiúla ina n-aonar agus a raibh an tionchar céanna ag an saobhadh suntasach orthu. Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh a d’ardaigh Donghai.

(105)

Ós rud é nár chuir Donghai aon fhianaise nua ar fáil chun bunús a thabhairt leis an éileamh a d’athródh measúnú an Choimisiúin, dheimhnigh an Coimisiún a chinntí sealadacha agus an modh chun an gnáthluach a ríomh mar a leagtar amach in aithrisí (224) go (231) den Rialachán sealadach.

3.2.   Praghas onnmhairiúcháin

(106)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (232) go (235) den Rialachán sealadach.

(107)

Chuir Xiamen Xiashun in aghaidh an choigeartaithe maidir le costas pacála a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ar a cuid díolacháin onnmhairithe. D’áitigh sé go bhfuil an costas pacála san áireamh cheana féin i bhforchostais a chostais déantúsaíochta féin agus, ina thuairim féin, sin agus go léiríonn an miondealú ar na forchostais déantúsaíochta a chuir an chuideachta ar fáil na hábhair pacála éagsúla go soiléir. Dá bhrí sin, tá an costas pacála san áireamh cheana féin sa ghnáthluach agus níor cheart é a bhaint as an bpraghas onnmhairiúcháin.

(108)

Rinne an Coimisiún athmheasúnú ar an maíomh agus ar an bhfianaise atá sa chomhad. Na heilimintí a chuirtear ar fáil, ní leor iad mar fhianaise áfach, i dtuairim an Choimisiúin. Níl aon léiriú soiléir ann gur ábhar pacála iarbhír iad na hábhair atá liostaithe don táirge lena mbaineann nuair a sheoltar chuig na custaiméirí iad, agus ní cheadaíonn an fhaisnéis a sholáthraítear meastachán ar chainníochtaí agus luachanna na n-ábhar pacála a líomhnaítear a úsáideadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(109)

Tar éis nochtadh cinntitheach Xiamen Xiashun, d’athdhearbhaigh an maíomh. Costas iomlán na n-ítimí pacála atá liostaithe sa mhiondealú ar na forchostais déantúsaíochta a chuir an chuideachta in iúl mar chéatadán dá costas táirgthe, d’áitigh sé gur costas é atá inchomparáide le coigeartú an chostais phacála a chuir an Coimisiún i bhfeidhm ar a chuid díolacháin onnmhairithe, rud is léargas ar an gcomhaireamh dúbailte.

(110)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an measúnú sin. Ar an gcéad dul síos, níl an costas pacála líomhnaithe arna ríomh ag Xiamen Xiashun inchomparáide leis an gcoigeartú a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm, ach tá sé 36 % níos ísle. Ar an dara dul síos, de réir mar a admhaíonn an chuideachta í féin, níl aon chainníocht tuairiscithe den ábhar pacála líomhnaithe seo san fhaisnéis ar an gcoinníoll go bhféadfadh an Coimisiún meastachán a dhéanamh ar ráta réasúnta tomhaltais agus ar phraghas aonaid, ná nach bhfuil aon fhaisnéis bhreise aige ar choinníoll gur ábhar pacála iarbhír é an t-ábhar sin do lastais den táirge a bheidh i gceist.

3.3.   Tairiscintí gealltanais

(111)

Tar éis an nochta dheiridh, laistigh den spriocdháta a shonraítear in Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán, chuir tháirgeoir is onnmhaireoir amháin tairiscint isteach i gcás gealltanais praghsanna: Jiangsu Zhongji Lamination Materials Co., Ltd., maille lena thrádálaí gaolmhar Jiangsu Zhongji Lamination Ábhair Co., (HK) Limited.

(112)

De réir Airteagal 8 den bhun-Rialachán, ní mór do na tairiscintí ar ghealltanas i dtaca le praghsanna a bheith leordhóthanach chun éifeacht dhíobhálach na dumpála a dhíothú agus níor cheart go mbreithneofaí nach rud praiticiúil é glacadh leo. Rinne an Coimisiún measúnú ar an tairiscint i bhfianaise na gcritéar sin agus bhreithnigh nach mbeadh sé praiticiúil glacadh leo ar na cúiseanna seo a leanas.

(113)

Ar an gcéad dul síos, déanann an dá chuideachta cineálacha éagsúla táirgí a tháirgeadh agus a dhíol maille le difríochtaí suntasacha sna praghsanna. Ní féidir cineálacha éagsúla tiontairí scragaill alúmanaim a idirdhealú ó chéile go héasca trí iniúchadh fisiceach a dhéanamh. Go háirithe, bheadh sé an-deacair measúnú a dhéanamh ar an tiús trí chigireacht fhisiciúil, agus tríthi sin amháin. Gan anailís saotharlainne mhionsonraithe, ní bheadh na húdaráis chustaim in ann a chinneadh an bhfreagraíonn an táirge allmhairithe don mhéid atá á dhearbhú. Ar an dara dul síos, tá baol ard traschúitimh i measc na gcineálacha éagsúla táirgí i gceist leis an líon ard cineálacha táirgí, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh cineálacha táirgí níos costasaí á ndearbhú go míchruinn mar tá cineálacha táirgí níos saoire faoi réir an ghealltanais freisin. Fágann sé sin go bhfuil an gnóthas neamh-infheidhmithe agus dá bhrí sin neamhphraiticiúil de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán. Ar an tríú dul síos, tá líon ard cuideachtaí gaolmhara ag Zhongji, a bhfuil baint dhíreach acu le táirgeadh nó le díolacháin an táirge atá faoi imscrúdú. Díolann Zhongji an táirge go díreach agus go hindíreach. Struchtúr grúpa casta den sórt sin, is rioscaí arda traschúitimh a bhíonn ag dul leis. Ní bheadh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ghealltanais i ndáil le díolacháin indíreacha tríd an gcuideachta ghaolmhar i Hong Cong ná a áirithiú, b’fhéidir, trí chuideachtaí gaolmhara eile. Bheadh an tairiscint, ar a shon sin féin, neamhphraiticiúil.

(114)

Sheol an Coimisiún litir chuig an iarratasóir inar leagadh amach na cúiseanna a bhí leis an diúltú don tairiscint gealltanais.

(115)

Chuir an t-iarratasóir barúlacha isteach ina leith. Cuireadh na barúlacha sin ar fáil do pháirtithe leasmhara i gcomhad an cháis.

(116)

Níor aontaigh Zhongji leis na conclúidí ón gCoimisiún go bhfágann a líon ard táirgí go bhfuil sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus go mbaineann baol an traschúitimh leo. Dar leis gur féidir le húdaráis chustaim na táirgí a aithint go héasca agus níl aon éagsúlacht shuntasach idir na praghsanna idir na cineálacha éagsúla táirgí. Thairis sin, thairg an chuideachta gan ach na cineálacha táirgí a bhaineann le cúig PCN onnmhairiú.

(117)

Ina theannta sin, maidir le struchtúr casta an ghrúpa, thairg Zhongji gealltanas nach ndíolfadh sé leis an Aontas ach díreach trí Zhongji Lamination Materials Co., Ltd, gan aon táirge eile a dhíol leis na custaiméirí céanna san Aontas a ndíoltar an táirge atá faoi imscrúdú leis.

(118)

D’athbhreithnigh an Coimisiún an tairiscint mar aon leis na hargóintí a léirigh an chuideachta. Mar sin féin, níor chuir na barúlacha agus na hathruithe atá beartaithe deireadh leis na heilimintí a d’fhágfadh nach mbeadh an gealltanas in-fhorfheidhmithe.

(119)

Fiú dá laghdófaí an baol traschúitimh faoi ghealltanas Zhongji gan ach cúig PCN a onnmhairiú, gan an baol a díothú, bheadh sé an-mhíphraiticiúil le forfheidhmiú. Faoi mar a dheimhnigh an chuideachta ina haighneacht, ní bheadh na húdaráis chustaim in ann a chinneadh an bhfreagraíonn an táirge allmhairithe don mhéid atá á dhearbhú trí chigireacht fhisiciúil amháin, gan uirlisí tomhais sonracha.

(120)

Ar an gcúis chéanna, bheadh sé thar a bheith deacair gealltanas Zhongji a fhorfheidhmiú gan aon táirge eile seachas an táirge atá faoi imscrúdú a dhíol leis na custaiméirí céanna san AE. Ina theannta sin, onnmhairíonn cuideachtaí a bhaineann le Zhongji táirgí alúmanaim eile chuig an Aontas Eorpach, táirgí atá faoi réir bearta frithdhumpála (16) freisin, agus tá bearta i bhfeidhm maidir le táirgí alúmanaim atá aicmithe faoin gcód AC céanna an táirge atá faoi imscrúdú (17).

(121)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go bhfuil an gealltanas neamh-infheidhmithe, agus é dá bhrí sin neamhphraiticiúil de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán dá bhrí sin dhiúltaigh sé an tairiscint.

3.4.   Comparáid

(122)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (236) go (241) den Rialachán sealadach.

(123)

Mheas Donghai freisin go raibh liúntais amhail iompar agus árachas ar áireamh i gcostais SGA agus san áireamh i mbrabús na gcuideachtaí Turcacha. Dá bhrí sin, de réir Donghai, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán agus d’fhonn comparáid chothrom a áirithiú, ba cheart don Choimisiún coigeartuithe a dhéanamh.

(124)

Níor chuir Donghai fianaise ar bith ar fáil a léireodh go raibh iompar agus árachas san áireamh i gcostais SGA agus i mbrabús chuideachtaí na Tuirce, agus dá bhrí sin go raibh costais éagsúla san áireamh sna luachanna seachas na luachanna a cuireadh san áireamh i gcás tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Dá bharr sin, mheas an Coimisiún go raibh na luachanna ar chostais SGA agus ar bhrabús na gcuideachtaí Turcacha agus na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha araon ag an leibhéal céanna, sin agus gur cheadaigh sé comparáid chothrom.

(125)

Ina theannta sin, chuir Donghai in aghaidh an airgeadra agus an ráta úis comhfhreagrach a úsáidtear don choigeartú ar chostais chreidmheasa de réir na cuideachta, agus is é airgeadra an tsonraisc ba chirte a úsáid. Mar sin féin, ós rud é gur choinnigh an chuideachta a cuntais bhainc (agus dá bhrí sin an costas creidmheasa ar an gcaipiteal atá ag teacht isteach) in airgeadraí seachas airgeadra na sonraisc, rinne an Coimisiún an costas creidmheasa a ríomh ar bhonn an airgeadra cuntasaíochta. Dá bhrí sin, níor glacadh leis an maíomh seo.

(126)

D’athdhearbhaigh Donghai an t-éileamh tar éis an nochta dheiridh, ag áitiú gur chuir an Coimisiún airgeadra an tsonraisc don ráta úis i bhfeidhm cheana féin i gcás roimhe seo.

(127)

Measann an Coimisiún, dar leis, gur modheolaíocht bhailí agus réasúnta é an cur chuige a leantar, go háirithe ós rud é go mbíonn torthaí comhchosúla ar an dá chur chuige. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(128)

Chuir Xiamen Xiashun in aghaidh an choigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(i), a leagtar amach in aithris (240) agus aithris (241) le haghaidh díolacháin trína cuideachta trádála ghaolmhar Daching, agus d’athdhearbhaigh sé an t-éileamh tar éis an nochta dheiridh. I dtuairim Xiamen Xiashun, ní leor na hargóintí a léirigh an Coimisiún in aithris (240) chun diúltú don tuiscint gurb ann d’aonán eacnamaíoch aonair. Mhaígh Xiamen nach leor an fíoras nach raibh an trádálaí lonnaithe ag an áitreabh nó in aice leis an táirgeoir agus gur chlúdaigh brabús an trádálaí féin a chaiteachais oifige mar chúis leordhóthanach chun diúltú d’aon eintiteas eacnamaíoch amháin, agus go raibh an trádálaí ag gníomhú freisin mar eintiteas ceannaigh le haghaidh ábhair chúnta áirithe don ghrúpa a threisiú, seachas a lagú, éileamh na cuideachta.

(129)

Ina theannta sin, d’áitigh Xiamen go dtacaíonn an trádálaí gaolmhar leis na coinníollacha lascaine a chuirtear i bhfeidhm ar dhíolacháin fhoriomlána an táirge lena mbaineann le grúpa corparáideach san Aontas, fiú má dhéanann Xiamen cuid de na díolacháin (le heintiteas dlíthiúil ar leith) go díreach, go dtacaíonn sé leis an éileamh go n-oibríonn an dá chuideachta mar aonán eacnamaíoch amháin.

(130)

Dar leis an gCoimisiún, léirítear go soiléir le láithreacht charnach na n-eilimintí a liostaítear in aithris (240) den Rialachán sealadach go bhfuil feidhmeanna Daching cosúil le feidhmeanna gníomhaire.

(131)

Thairis sin, an idirbheartaíocht ar leithligh a rinne Dachar sa lascaine ar dhíolacháin a tugadh do chustaiméir amháin, is rud é a atreisíonn an argóint go ngníomhaíonn sé mar ghníomhaire seachas roinn díolacháin inmheánacha. Ina theannta sin, tá Xiamen Xiashun féin ina roinn onnmhairithe lánfheidhmiúil a chuir na horduithe táirgthe, a d’eagraigh agus a chuir an loingseoireacht chuig custaiméirí an Aontais, lena n-áirítear doiciméid loingseoireachta uile an táirge deiridh, agus a láimhseáil imréiteach custaim onnmhairithe agus doiciméid díolacháin ullmhaithe le haghaidh [20 %-30 %] ar a laghad dá dhíolacháin onnmhairiúcháin i leith an táirge lena mbaineann leis an Aontas. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach féidir an trádálaí gaolmhar a mheas mar roinn inmheánach díolacháin agus nach eintiteas eacnamaíoch aonair iad an dá chuideachta.

(132)

Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh.

3.5.   Corrlaigh dhumpála

(133)

D’éiligh Donghai gur mheas an Coimisiún gur úsáideadh na luachanna míchearta CAL mar ainmneoir chun an corrlach dumpála a ríomh dá trádálaí gaolmhar Nanshan Europe, toisc gur ríomh sé an luach a bhí ar fhormhór na n-idirbheart seachas na sonraí a sholáthair an chuideachta a úsáid. Ina theannta sin, d’úsáid an Coimisiún brabús an allmhaireora neamhghaolmhar in ionad bhrabús iarbhír Nanshan Europe chun an luach dearbhaithe CIF a ríomh. Glacadh le cuid den mhaíomh sin: Gach idirbheart faoi théarmaí seachadta CIF, chomh maith le gach idirbheart ar soláthraíodh doiciméadacht tacaíochta ina leith ar an luach dearbhaithe, is idirbhearta iad a glacadh ar láimh faoi mar a thuairiscigh an chuideachta. I gcás na n-idirbheart gan íoc, is luach ríofa fós é an luach CIF dearbhaithe, cé go bhfuil sé bunaithe ar bhrabús iarbhír an trádálaí ghaolmhair.

(134)

Ós rud é gur ghlac an Coimisiún le roinnt barúlacha ó na páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis an nochta shealadaigh, rinne sé na corrlaigh dumpála a athríomh dá réir.

(135)

Mar a mhínítear in aithris (246) den Rialachán sealadach, tá leibhéal an chomhair ard sa chás seo. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurb iomchuí an corrlach dumpála ar fud na tíre atá infheidhme maidir le gach táirgeoir neamh-chomhoibríoch eile a leagan amach ag an gcorrlach dumpála is airde dá bhfuarthas do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, eadhon Donghai. Ba é 98,5 % an corrlach dumpála a suíodh dá réir sin.

(136)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CIF) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Yantai Donghai Aluminium Foil Co., Ltd.

98,5  %

Jiangsu Zhongji Lamination Materials Co., Ltd.

81,5  %

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

16,1  %

Cuideachtaí comhoibrithe eile

69,5  %

Gach cuideachta eile

98,5  %

(137)

Nochtadh na ríomhanna ar na corrlaigh dumpála aonair, lena n-áirítear ceartúcháin agus coigeartuithe a rinneadh tar éis barúlacha a cuireadh isteach tar éis an nochta shealadaigh do na táirgeoirí onnmhairíochta sampláilte mar chuid de nochtadh a bhaineann go sonrach le cuideachta.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Margadh ábhartha an Aontais a chinneadh

(138)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’athdheimhnigh an Coimisiún an maíomh, maíomh a rinneadh cheana féin tar éis dó an t-imscrúdú a thionscnamh, go ndéanfadh an Coimisiún sonraí a bhaineann leis an margadh saor agus faoi chuing a bhailiú agus a anailísiú go neamhspleách.

(139)

Mar thoradh ar ráiteas ginearálta, níl bunús tugtha ag Manreal conas nach bhfuil na sonraí a bhailigh an Coimisiún i ndáil leis an margadh faoi chuing iontaofa. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh tuilleadh sonraí a bhailiú don mhargadh faoi chuing agus tagraíonn sé do na sonraí a luaitear i dtábla 2 thíos. In éagmais éilimh bhreise dheimhnigh an Coimisiún an chonclúid shealadach a rinneadh in aithris (253) den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(140)

Leag an Coimisiún síos tomhaltas an Aontais ar bhonn fhreagraí ó tháirgeoir an Aontais ar an gceistneoir frithdhumpála, ar an macra-cheistneoir chomh maith leis na sonraí allmhairithe ó Eurostat.

(141)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas le linn na tréimhse a breithníodh. Nochtann an Coimisiún tábla tomhaltais an Aontais arís toisc gur ceartaíodh slánú dhá fhigiúr:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2017

2018

2019

IP

Tomhaltas iomlán an Aontais

201 281

201 696

191 084

189 149

Innéacs

100

100

95

94

Margadh faoi chuing

27 209

27 340

28 727

29 128

Innéacs

100

100

106

107

An margadh saor

174 073

174 356

162 358

160 021

Innéacs

100

100

93

92

Foinse: táirgeoirí sampláilte agus neamhshampláilte de chuid an Aontais chomh maith le Eurostat

4.3.   Éilimh a bhaineann leis na hAllmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

(142)

D’áitigh Jiangsu Zhongji agus Donghai gur cheart leibhéal coigeartuithe trádála a bheith ann do tháirgeoirí Síneacha atá ag díol le dáileoirí neamhghaolmhara mar go líomhnaítear go bhfuil praghsanna do dháileoirí neamhghaolmhara níos ísle ná na praghsanna a ghearrtar ar úsáideoirí deiridh, toisc go gcuireann dáileoirí marcáil suas leo.

(143)

Níor chuir táirgeoir onnmhairithe aon fhianaise ar fáil, amhail conarthaí le húsáideoirí nó dáileoirí, a thabharfadh bonn cirt leis an maíomh go ndéanann feidhm na ndáileoirí nó na n-úsáideoirí difear d’inchomparáideacht praghsanna. Rinne an Coimisiún measúnú breise ar na héilimh agus úsáid á baint aige as na sonraí fíoraithe maidir le gach idirbheart díolacháin onnmhairiúcháin chuig an Aontas a chuir Jiangsu Zhongji agus Donghai don IP isteach.

(144)

Dar le Jiangsu Zhongji gur léirigh na sonraí i measc a chuid custaiméirí féin gur comhleanúnach a rinne gach dáileoir neamhspleách méideanna a chur ar conradh ab airde ná na húsáideoirí ar fad. Cheannaigh an dáileoir neamhspleách is mó ó thaobh méide de méideanna i bhfad níos mó ná an custaiméir is mó i gcatagóir na n-úsáideoirí. Is prionsabal ginearálta gnó é go méadaíonn méideanna arda margála cumhacht mhargála agusgo gceadaítear idirbheartaíocht ar phraghsanna níos ísle. Ina theannta sin, bhí Jiangsu Zhongji neamhréireach maidir le bealaí díolacháin a shannadh d’idirbhearta ina gcuid sonraí, ag ainmniú an chustaiméara chéanna leis an úsáideoir deiridh agus dáileoir araon le haghaidh idirbhearta éagsúla. Dá bhrí sin, leis an gcomhghaol idir méideanna agus praghsanna díolacháin agus sannadh neamhréireach na mbealaí díolacháin, ní cheadaítear an tátal go raibh tionchar cinntitheach ag an gcainéal éagsúil ar an bpraghas anuas ar an méid.

(145)

Ar an mbonn sin, diúltaíodh do na maímh sin mar mhaímh nach raibh bunús leo sa nochtadh cinntitheach.

(146)

Tar éis an nochtadh cinntithigh, chuir Jiangsu Zhongji dhá chonradh shamplacha isteach (ceann le dáileoir agus ceann le húsáideoir deiridh). D’aithin Jiangsu Zhongji freisin na neamhréireachtaí a shannadh bealaí díolacháin éagsúla do na custaiméirí céanna, agus dúirt gur earráid cléireachais a bhí ann. I ndiaidh na mbarúlacha sin, rinne an Coimisiún na sonraí a tíolacadh a scrúdú go cúramach ach dhearbhaigh sé na conclúidí a rinneadh in aithris (150). Go háirithe, díoladh formhór na ndíolachán ar mheánphraghas níos airde do dháileoirí i gcomparáid le táirgeoirí. Dá bhrí sin, measadh nach raibh bunús leis an maíomh.

(147)

Maidir le maímh den chineál céanna a rinne Donghai, chuir an Coimisiún fíricí áirithe in iúl go mícheart, de thaisme, do Donghai sa nochtadh deiridh. Tar éis ráiteas Donghai faoin nochtadh deiridh, rinne an Coimisiún athmheasúnú ar éilimh Donghai dá bhrí sin. D’athdhearbhaigh Donghai a éileamh go gcoigeartófar praghsanna onnmhairiúcháin suas Grúpa Nanshan do dhíolacháin le dáileoirí chun na difríochtaí i leibhéal na trádála a léiriú agus cuireadh samplaí ar fáil ina raibh praghsanna d’úsáideoirí níos airde ná praghsanna do dháileoirí le haghaidh orduithe le méideanna inchomparáide. Chuir Donghai dhá shampla de chonarthaí ar fáil (ceann amháin le dáileoir agus ceann le húsáideoir deiridh). Scrúdaigh an Coimisiún go cúramach na sonraí a cuireadh isteach agus chuir sé deireadh leis an méid seo a leanas.

(148)

Ar an gcéad dul síos, níl sa dá chonradh a chuirtear ar fáil ach sraith amháin conarthaí arna roghnú ag an gcuideachta agus, dá bhrí sin, ní féidir leo na difríochtaí praghsanna comhsheasmhacha idir na bealaí díolacháin a léiriú. Ina theannta sin, bhain na conarthaí samplacha le PCNanna éagsúla, agus dá bhrí sin ní raibh siad iomlán inchomparáide.

(149)

Ar an dara dul síos, ní raibh an liostú díolacháin mionsonraithe a chuir Donghai ar fáil comhsheasmhach, mar bhí dhá phríomhchustaiméir aicmithe mar úsáideoirí deiridh agus mar dháileoirí araon. Bhain sé sin le cion suntasach díolachán.

(150)

Ar an tríú dul síos, i gcás 15 PCN a d’onnmhairigh Donghai chuig an Aontas, díoladh 9 PCN le húsáideoirí deiridh agus le dáileoirí araon. Laistigh de cheithre PCNanna bhí na praghsanna díolacháin le roinnt úsáideoirí deiridh aonair níos ísle ná roinnt praghsanna díolacháin dáileoirí aonair. Is é sin le rá, i measc díolacháin an PCN chéanna, ní raibh na praghsanna d’úsáideoirí deiridh i gcónaí faoi bhun phraghsanna na ndáileoirí. I gcás PCN amháin a bhí fiú an meánphraghas do dháileoirí níos airde ná na húsáideoirí deiridh, agus tríd is tríd ní raibh an meándifríocht praghsanna céatadán idir úsáideoirí deiridh agus dáileoirí in aghaidh an PCN comhsheasmhach ach éagsúil go forleathan.

(151)

Ar bhonn a bhfuil thuas, níor chinn an Coimisiún gur léirigh praghsanna Donghai difríocht chomhsheasmhach inchainníochtaithe sna praghsanna idir táirgí a dhíoltar le húsáideoirí deiridh agus le dáileoirí. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(152)

Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún na meánchorrlaigh shladghearrtha idir 3,3 % agus 13,7 % de réir na n-allmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Is é 10,3 % an meán ualaithe sladghearrtha a aimsíodh.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Táscairí micreacnamaíocha – Costais saothair

(153)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’iarr Manreal ar an gCoimisiún imscrúdú breise a dhéanamh ar an méadú ar chostais táirgthe na nGearánaithe, go háirithe costais saothair.

(154)

Tá measúnú agus fíorú críochnúil déanta ag an gCoimisiún ar na costais agus go háirithe ar na costais saothair arna dtabhú ag táirgeoirí samplála an Aontais. Mhínigh an Coimisiún in aithris (329) den Rialachán sealadach gur athstruchtúrú ar cheann de na táirgeoirí samplála ba chúis leis an méadú ar IP den chuid is mó, rud a spreag costais saothair níos airde. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh ar imscrúdú eile.

4.4.2.   Éileamh ar easpa díobhála le linn na tréimhse tagartha

(155)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’áitigh Manreal nach ndéanfaí aon díobháil, mar go mbeadh tomhaltas ACF san Aontas chomh maith le táirgeadh ACF san Aontas, go bhfuil díolacháin thionscal an Aontais chomh maith le sciar margaidh na ngearánach ar fad cobhsaí ná níor tháinig orthu ach laghdú beag le linn na tréimhse tagartha (an dara ráithe de 2019 go dtí an chéad ráithe de 2020), de réir mar a d’aithin na gearánaigh iad.

(156)

Murab ionann agus an méid a áitíonn Manreal, níl an tréimhse thagartha chun anailís a dhéanamh ar dhíobháil teoranta don chomparáid laistigh den tréimhse bliana den dara ráithe de 2019 go dtí an chéad ráithe de 2020 a bhfuil cur síos ag Manreal air. Faoi mar a thugtar le fios in aithris (38) den Rialachán sealadach, chumhdaigh an t-imscrúdú dumpáil agus díobháil le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“an tréimhse imscrúdaithe” nó “IP”). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (“an tréimhse a breithníodh”). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún maíomh Manreal.

4.4.3.   Éileamh maidir le measúnú míchruinn de bharr tonaí a úsáid

(157)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’áitigh Manreal go raibh na sonraí a chuir na gearánaigh ar fáil agus a úsáideadh sa Rialachán sealadach míchruinn mar nach raibh na luachanna ar taispeáint ach ina dtonaí gan idirdhealú a dhéanamh de réir mheán na miocrón. Dhéanfadh sin difear don anailís ar thomhaltas ACF an Aontais, ar mhéid na n-allmhairí ó PRC, ar mhéid táirgeachta ACF, ar acmhainn táirgeachta ACF, ar mhéid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais, ar dhíolacháin an mhargaidh faoi chuing, ar dhíolacháin saormhargaidh, ar leibhéil stoic tháirgeoirí an Aontais, ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile agus ar mhéid onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais.

(158)

Bhunaigh Manreal a argóint ar an treocht sa mhargadh tiús scragall a laghdú a fhágann laghdú ar an meáchan in aghaidh an m2 de ACF. De réir na réasúnaíochta sin, d’fhéadfadh sé gur táirgeadh agus gur díoladh níos mó m2 in 2019 ná in 2018, fiú má léiríonn na figiúirí ina thonaí go bhfuil laghdú tagtha air. Líomhnaigh sé sin go raibh míchruinnis san anailís a rinneadh ar na treochtaí. Mhaígh Manreal freisin go bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil an treocht chun aistriú scragall tanaí ag cur isteach ar gach táirgeoir go cothrom ós rud é gurb iad a gcustaiméirí a shainíonn an leithead a tháirgeann gach táirgeoir.

(159)

D’iarr Manreal ar an gCoimisiún sonraí a bhailiú faoin díobháil AE a bheadh ina fachtóir i gcás na miocrón.

(160)

Maidir le hiontaofacht an ghearáin, bhí sé ráite cheana in aithris (17) agus aithris (18) den Rialachán sealadach nach bhfágann an treocht úsáid a bhaint as tomhsairí ACF níos tanaí go bhfuil na sonraí a chuirtear ar fáil ina thonaí iontaofa mar go gcomhlánaítear iad le sonraí ar an sciar den mhargadh agus go bhfuil tionchar cothrom ag an treocht chun aistriú go scragall tanaí go gach táirgeoir.

(161)

Maidir leis an anailís a rinne an Coimisiún, ní dhearnadh measúnú míchruinn mar thoradh ar thonaí a úsáid mar thomhas. Cé go bhfuil sé ceart go dtiocfaidh laghdú ar an meáchan in aghaidh an m2 de bharr laghdú ar an tomhsaire, níor áitigh Manreal go bhfuil tionchar eile ag an treocht i dtreo tomhsairí tanaí ar tháirgeoirí an Aontais agus ar onnmhaireoirí na Síne. Thar aon ní, níor mhaígh Manreal go bhfuil an sciar laghdaitheach den mhargadh atá ag táirgeoirí an Aontais nasctha le táirgeadh tomhsairí atá níos tanaí.

(162)

Maidir leis an éileamh Manreal a leagtar amach in aithris (17) den Rialachán sealadach go bhféadfadh go mbeadh míchruinnis in anailís an Choimisiúin mar thoradh ar an treocht i dtreo tomhsairí tanaí ACF, shoiléirigh an Coimisiún go bhfuil tionchar ag an treocht ar an dul i dtreo scragall tanaí ar tháirgeoirí an Aontais agus ar tháirgeoirí ón PRC atá in iomaíocht do chliaint a iarrann scragall tanaí. Faoi mar a léirítear in aithris (124) Ní dhearna Manreal a mhaíomh go bhfuil tionchar níos mó ag an treocht sin ar dhíolachán táirgeoirí an Aontais ina thonaí ná ar dhíolachán na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ina thonaí. Bheadh sé sin contrártha freisin le maímh Manreal gur fearr le húsáideoirí ACF níos tanaí a cheannach ó tháirgeoirí PRC mar go mbeidís ar chaighdeán níos airde do scragaill níos tanaí.

(163)

Ina theannta sin, is treocht fhadtéarmach é an treocht chun úsáid a bhaint as tomhsairí atá níos tanaí. Níor mhaígh aon úsáideoir go raibh athrú mór ar an margadh ina iomláine le linn na tréimhse inar measadh go bhfuair an Coimisiún deimhniú le linn na bhfíoruithe ó tháirgeoirí an Aontais gur próiseas mall atá ann, mar a fheictear ón gcéim tástála le haghaidh ACF<6. Thairis sin, mhaígh roinnt úsáideoirí go bhfuil níos mó táirgeachta ag táirgeoirí Síneacha faoi láthair ó thaobh na dtomhsairí tanaí ná mar atá ag táirgeoirí an Aontais. Chiallódh sin, i gcás éileamh méadaithe tomhsairí ACF níos tanaí, go bhfágfadh na sonraí onnmhairíochta is déanaí ó PRC ina thonaí a n-aschur arna dtomhas ina m2, i gcomparáid le táirgeacht an Aontais. Dá bhrí sin, níor chuir an treocht i dtreo tomhsairí atá níos tanaí as don chomparáid i bhfabhar thionscal an Aontais. Ina theannta sin, is ina thonaí a thomhaistear an chuid is mó de na sonraí iompórtála a bhfuil an Coimisiún ag brath orthu, amhail sonraí ó bhainc sonraí agus ó údaráis chustaim.

4.4.4.   Costais dola

(164)

Tar éis Rialachán sealadach, thug Zhongji faoi deara go mbaineann conarthaí táirgeoirí de chuid an Aontais le dolaí le linn a phróisis táirgthe agus d’iarr sé ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear na costais sin san áireamh chun an spriocphraghas a ríomh agus an chaoi a cheanglaítear orthu na brabúis a rinne an soláthróir gaolmhar a eisiamh.

(165)

I gcás den sórt sin, d’fhíoraigh an Coimisiún go raibh an t-amhábhar agus an táirge leathchríochnaithe athchóirithe faoi úinéireacht an táirgeora. Maidir leis an dola, is táille tiontaithe nach léiríonn ach costas táirgthe an dola, a bhí mar mhuirear ag an dolaitheoir. Cuireadh an táille tiontaithe sin san áireamh ansin mar chostas táirgthe ar an táirgeoir. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’aon éileamh intuigthe go mb’fhéidir go mbeadh boilsciú ar an gcostas táirgthe faoin dola toisc nár gearradh ach an costas iarbhír ar an dola céanna.

4.4.5.   Maíomh a bhaineann le hiontaofacht na sonraí a úsáideadh

(166)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’iarr Manreal ar an gCoimisiún sonraí níos iontaofa a bhailiú go neamhspleách maidir le táirgeadh, cumas táirgthe, allmhairiú, onnmhairiú agus tomhaltas ACF san Aontas, agus idirdhealú a dhéanamh idir ACF agus AHF. Mhol Manreal anailís a dhéanamh ar allmhairí ACF ón tSín bunaithe ar bhunachar sonraí Comext Eurostat nó ar aon fhaisnéis eile atá i seilbh DG TAXUD nó, mar mhalairt air sin, trí fhaisnéis a bhailiú ó tháirgeoirí neamh-mhínitheacha an Aontais de ACF agus ó allmhaireoirí neamhghaolmhara.

(167)

Níor thug Manreal bunús leis an gcaoi ar féidir na sonraí a bhailigh an Coimisiún agus a chros-seiceáil sé a fhíorú. Faoi mar a thuairiscítear sa nochtadh sealadach, bhain an Coimisiún úsáid as sonraí ó bhunachar sonraí Comext Eurostat agus go deimhin rinne idirdhealú le AHF, toisc gur soláthraíodh cheana féin do chóid TARIC atá ann cheana don idirdhealú sin, agus toisc gur bhailigh sé sonraí ó tháirgeoirí comhoibritheacha uile an Aontais agus ó allmhaireoirí neamhghaolmhara uile le haghaidh ACF amháin faoi mar a shainmhínítear san imscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíonn an Coimisiún don mhaíomh go bhfuil na sonraí a bhailítear neamhiontaofa nó nár bhailigh an Coimisiún sonraí iontaofa.

(168)

D’iarr Manreal ar an gCoimisiún a iarraidh ar na cuideachtaí a bhaineann leis na Gearánaithe a gcuid sonraí féin maidir le díobháil (e.g. díolacháin, praghsanna, costais táirgthe agus brabúsacht) a sholáthar chun léargas níos cuimsithí a fháil ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(169)

Faoi mar a léirítear in aithrisí (26) go (28) den Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún sampla i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán sa chás seo. Trí chuideachta a bhí sa sampla sin. Níor thug Manreal bunús leis an bhfáth nach bhfuil an sampla seo ionadaíoch do thionscal an Aontais maidir le díolacháin, praghsanna, costais táirgthe agus brabúsacht. Diúltaíodh don mhaíomh dá bhrí sin.

4.4.6.   An chonclúid maidir le díobháil

(170)

Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh. Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, de bhun na dtorthaí a nochtadh sa Rialachán sealadach, gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí fachtóirí eile

5.1.1.   Tomhaltas

(171)

D’áitigh Xiamen Xiashun go bhféadfadh laghdú mór ar thomhaltas ACF a bheith ina chúis díobhála do thionscal an Aontais. Mhaígh Xiamen Xiashun nach dtugtar creidiúint mar gheall ar an laghdú sin leis an Rialachán sealadach agus nach ndéantar measúnú cruinn ar an éifeacht atá aige ar tháscairí eile. Go sonrach, d’áitigh Xiamen Xiashun go bhfuil baint mhór ag an laghdú ar an táirgeadh agus ar an díolachán leis an laghdú ar an tomhaltas. D’áitigh an chuideachta freisin go bhfuil an méadú ar allmhairí ón tSín níos lú ná an laghdú ar an tomhaltas. D’áitigh Xiamen Xiashun gurb iad treoirlínte an Gheilleagair Chiorclaigh, ar a laghad, is cúis leis an laghdú ar an tomhaltas. Mhaígh an chuideachta freisin gur laghdaigh an meánmhéid allmhairí míosúil ACF ón tSín faoi 21 % idir an IP agus an tréimhse ó Shamhain 2020 go Márta 2021.

(172)

Ní hionann agus an méid a d’éiligh Xiamen Xiashun, cuireadh an laghdú ar an tomhaltas san áireamh sa Rialachán sealadach. Faoi mar a léirítear in aithris (258) den Rialachán sealadach, is crapadh a tharla do thomhaltas an Aontais in 2019 agus le linn an IP. Ina ainneoin sin, tháinig méadú ar na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne le linn na tréimhse a breithníodh, agus is laghdú a tháinig ar an tomhaltas. Ní léiriú é sin ar an laghdú ar an tomhaltas arb é is bunchúis leis an díobháil do thionscal an Aontais. Maidir leis an laghdú ar allmhairí iar-IP, thug an Coimisiún dá aire gurb iad na tréimhsí tagartha chun anailís a dhéanamh ar dhíobháil agus ar chúisíocht ná IP agus an tréimhse a bhreithnítear. Dá bhrí sin, níl an t-éileamh ar laghdú allmhairí tar éis an IP ábhartha.

(173)

Mhaígh Xiamen Xiashun thairis sin go bhfuil an laghdú ar tháirgeadh agus ar dhíolachán thionscal an Aontais nasctha den chuid is mó leis an laghdú ar an tomhaltas le linn na tréimhse a breithníodh agus leis an toradh a bhí air.

(174)

Níor thug Xiamen Xiashun aon mhíniú inchreidte ar an gcúis go mbeadh nasc mór idir an laghdú ar an tomhaltas agus laghdú 15 % ar dhíolacháin tháirgeoirí an Aontais (16 % in 2019), agus tháinig méadú 21 % (27 % in 2019) ar na hallmhairí ón PRC faoi mar a léirítear in aithris (262) den Rialachán sealadach. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin. Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, dúirt Xiamen Xiashun go raibh an míniú a thug siad dealraitheach agus go ndearna an Coimisiún neamhaird de. Rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar an maíomh sna haithrisí (168) go (169) thuasluaite, agus d’uireasa tuilleadh faisnéise ó Xiamen Xianshun, deimhníonn sé a chonclúidí.

(175)

Tar éis dó an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’áitigh Xiamen Xiashun freisin nach féidir le táirgeoirí an Aontais an raon iomlán de ACF a éilíonn na húsáideoirí a sholáthar agus béim níos lú á leagan ar an tomhas tanaí agus ar ghnéithe áirithe, b) nár éirigh le tionscal an Aontais infheistíochtaí a dhéanamh, agus c) nach bhfuil aon chumas táirgthe ag tionscal an Aontais.

(176)

D’fhíoraigh an Coimisiún go bhfuil táirgeoirí an Aontais in ann an raon iomlán de ACF a éilíonn úsáideoirí a sholáthar, lena n-áirítear na tomhsairí tanaí. Tá anailís déanta ag an gCoimisiún freisin in aithris (321) den Rialachán sealadach ar an stad a tháinig ar roinnt infheistíochtaí uaillmhianacha de chuid táirgeoirí an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, ach sin toradh a bhí ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais ní hionann agus an chúis a bhí leis. Ina theannta sin, tá anailís shonrach déanta ag an gCoimisiún ar chumas thionscal an Aontais an tomhas tanaí ACF<6 a tháirgeadh. Diúltaíodh do na héilimh da réir sin.

5.1.2.   Paindéim COVID-19

(177)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Zhongji sraith ceisteanna chun cinn maidir leis an staid hipitéiseach a bheadh ann murach dúnadh na monarchana agus neamhláithreachtaí fostaithe, murach moilleanna ar sholáthar amhábhar agus ar sheachadadh earraí críochnaithe nó cur isteach ar iompar mar gheall ar phaindéim COVID-19. Tuigeann an Coimisiún gur argóint é sin lena gceistítear an raibh paindéim COVID-19 ina chúis díobhála nó nach raibh.

(178)

Ba den anailís a bhí déanta ag an gCoimisiún cheana nár chuir paindéim COVID-19 le díobháil thionscal an Aontais in aithrisí (317) go (319) den Rialachán sealadach. Thug an Coimisiún an aire chuí le linn an imscrúdaithe ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 nuair a bhí anailís agus cros-seiceáil á ndéanamh ar na sonraí a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil, agus bhain sé de chonclúid as nach raibh aon chur isteach ar shrianta COVID-19 a chuirfeadh leis an díobháil ábhartha a d’fhulaing tionscal an Aontais. Dhiúltaigh an Coimisiún dá bhrí sin don éileamh gur chuir paindéim COVID-19 leis an díobháil.

5.1.3.   Easpa infheistíochta

(179)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’áitigh Manreal gur de bharr a airde atá an caighdeán iontu agus ní de bharr an phraghais a bhíonn úsáideoirí an Aontais ag ceannach ACF na Síne. Easpa infheistíochta ó thionscal an Aontais is cúis leis an difríocht sa cháilíocht idir ACF na Síne agus ACF a tháirgtear san Aontas. Tugadh aghaidh cheana féin, áfach, ar an argóint sin i Manreal in aithris (348) den rialachán sealadach.

(180)

D’áitigh cuibhreannas na n-allmhaireoirí gur intuigthe in aithrisí (295), (300), (321) agus (322) den Rialachán sealadach go bhfuil easpa infheistíochta ann, agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil táirgeoirí an Aontais tite ar gcúl i dtéarmaí fortbairt theicneolaíoch agus acmhainne chun ACF a sholáthar de réir méid agus de réir na cáilíochta tráchtála is gá. Níor chuir an cuibhreannas aon fhianaise nua ar fáil áfach.

(181)

Tagraíonn an Coimisiún dá chonclúid in aithris (321) den Rialachán sealadach gur cuireadh stad le roinnt infheistíochtaí uaillmhianacha de chuid táirgeoirí an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, ach sin toradh a bhí ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais ní hionann agus an chúis a bhí leis. Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún leis an gconclúid nach raibh baint ag infheistíocht theoranta leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

(182)

Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh cuibhreannas na n-allmhaireoirí gur athdhearbhaigh an Coimisiún a chonclúidí ón Rialachán sealadach gan fianaise a chur ar fáil a d‘fhéadfadh barúil an chuibhreannais a bhréagnú go raibh díobháil thionscal an Aontais ann mar thoradh ar easpa infheistíochtaí, rud a d’fhág nach rabhthas in ann an scragall tanaí a chur a sholáthar. Mhaígh an cuibhreannas, cé gur sholáthair sé an fhianaise ar fad a d’fhéadfadh sé a bhailiú go réasúnta, gur faoin gCoimisiún a bheadh sé cruinneas na n-éileamh sin a fhíorú agus, más gá, imscrúdú breise a dhéanamh ar na saincheisteanna sin trí fhaisnéis bhreise a iarraidh ar tháirgeoirí an Aontais. Mar thoradh ar an easpa infheistíochtaí in innealra agus teicneolaíochtaí nua, tá línte táirgthe tháirgeoirí an Aontais imithe i léig toisc go bhfuil formhór mór na ngléasraí scragaill alúmanaim san Aontas Eorpach os cionn 20 bliain d’aois.

(183)

Murab ionann agus an méid a líomhnaigh an cuibhreannas, d'fhíoraigh an Coimisiún na torthaí tástála cáilíochta go sonrach le haghaidh ACF<6 le linn na RCCanna maidir le táirgeoirí sampláilte an Aontais, mar gur mhaígh an cuibhreannas go raibh ceisteanna cáilíochta ann i dtaobh leis na scragaill thanaí. Cé gur admhaigh an Coimisiún gur cuireadh stad le roinnt infheistíochtaí, d’fhíoraigh sé freisin na hinfheistíochtaí a rinneadh i bpáirceanna meaisín atá ann cheana agus na tástálacha cáilíochta a rinneadh dá bharr. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh nach ndearna sé an dícheall ba ghá chun maímh an chuibhreannais a mheasúnú, i ndiaidh na fianaise a soláthraíodh.

5.1.4.   Athstruchtúrú thionscal an Aontais

(184)

D’áitigh Xiamen Xiashun nach féidir athstruchtúrú ceann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais a chur i leith allmhairí Síneacha.

(185)

Faoi mar a luaitear in aithris (288) den Rialachán sealadach, is fíor go raibh tionchar ag an gcostas athstruchtúraithe a bhain táirgeoirí sampláilte amháin de chuid an Aontais ar roinnt táscairí, amhail costas táirgeachta, costas an tsaothair, agus brabúsacht. Sin é an fáth ar mheas an Coimisiún freisin an staid díobhála a thug neamhaird ar na costais sin in aithrisí (260) go (261), aithris (263) agus aithris (268) den Rialachán sealadach. Fiú gan na heilimintí costais sin, is léir gur bhain díobháil di thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Diúltaíodh do na maímh sin cheana féin sa Rialachán sealadach dá bhrí sin. Chloígh an Coimisiún leis an measúnú sin, agus é mar chonclúid aige nach raibh baint ag athstruchtúrú thionscal an Aontais leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

5.1.5.   Ardchostais phá agus fuinnimh

(186)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’iarr Manreal ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar a mhéad a bhrúigh costais fostaíochta agus saothair, chomh maith le praghsanna arda fuinnimh laghdú ar bhrabúsacht thionscal an Aontais anuas. Mhaígh Manreal go raibh laghdú ar chorrlaigh bhrabúis de thoradh ar chostais saothair ní b’airde, laghdú a chuir an Coimisiún i leith brú praghsanna ACF ón tSín go bréagach.

(187)

Bhí an Coimisiún tar éis an t-éileamh sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin cheana in aithris (329) agus aithris (330) den Rialachán sealadach. Níor chuir Manreal aon fhianaise nua ar fáil. Dá bhrí sin, chloígh an Coimisiún lena chonclúid.

5.1.6.   Feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais

(188)

D’iarr Manreal ar an gCoimisiún féachaint an raibh táirgeoirí an Aontais in ann tairbhe a bhaint as margaí nua a bhí ar oscailt dóibh mar thoradh ar bhearta a glacadh i ndlínsí eile.

(189)

Rinne an Coimisiún anailís ar onnmhairiú thionscal an Aontais chuig na tríú tíortha uile in aithrisí (337) go (340) den Rialachán sealadach. Níor thug Manreal bunús leis na sonraí breise ba cheart don Choimisiún a bhailiú nó conas a d’imreodh sin tionchar ar an gconclúid nár chuir feidhmíocht onnmhairithe thionscal an Aontais leis an díobháil ábhartha a d’fhulaing tionscal an Aontais.

5.1.7.   An chonclúid maidir le cúisíocht

(190)

Diúltaíodh do mhaímh uile na bpáirtithe tar éis an Rialacháin shealadaigh. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar na torthaí a nochtar sa Rialachán sealadach, go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus mar gheall ar fhachtóirí eile, leo féin nó le chéile, nár maolaíodh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha.

6.   LEAS AN AONTAIS

6.1.   Leas thionscal agus sholáthraithe an Aontais

(191)

D’uireasa aon trácht dheimhnigh an Coimisiún aithris (346) den Rialachán sealadach gur chun leas thionscal an Aontais agus a chuid sholáthróirí réamhtheachtacha a rachadh forchur na mbeart.

6.2.   Leas na n-úsáideoirí

(192)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh roinnt úsáideoirí roinnt de na hargóintí a rinne siad roimhe seo. D’áitigh na húsáideoirí an méid seo a leanas:

ní bheadh an cháilíocht ná na gnéithe céanna ag baint le tionscal an Aontais agus a bheadh ag táirgeoirí na Síne,

bheadh briseadh sa slabhra soláthair mar thoradh ar bhearta,

chuirfeadh bearta iomaíochas tionscail an athraithe i mbaol,

sháródh bearta spriocanna glasa an Aontais trí chosc a chur ar úsáid ACF ar ardchaighdeán atá níos tanaí,

níor cheart don Choimisiún státchabhair a chur as an áireamh mar mhalairt ar dhleachtanna frithdhumpála.

(193)

Bhí an maíomh sin breithnithe ag an gCoimisiún cheana féin i roinn 6 den Rialachán sealadach, agus bhain sé de chonclúid as nach bhfuil údar maith le ceapadh gurb é leas an Aontais é bearta sealadacha a fhorchur. Maidir leis na bearta cinntitheacha, rinne an Coimisiún na héilimh sin, mar aon leis na héilimh bhreise a ardaíodh i ndiaidh an Rialacháin shealadaigh, a chur san áireamh agus leas an Aontais á mheas faoi roinn 6.4.

(194)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, d’áitigh sé freisin nach rachadh bearta chun tairbhe do tháirgeoirí an Aontais. Ina ionad sin, is do tháirgeoirí ACF sa Tuirc, sa Téalainn, sa Bhrasaíl nó sa Rúis rachaidís chun tairbhe toisc gur ó na tíortha sin a cheannódh na húsáideoirí iad seachas ó tháirgeoirí an Aontais.

(195)

Mar sin féin, níor thug Manreal bunús don chúis nach mbeadh táirgeoirí an Aontais in ann dul in iomaíocht le táirgeoirí ó thíortha eile faoi choinníollacha cothroma.

(196)

Ina theannta sin, i gcás go mbeadh na húsáideoirí ag cur an chostais ar aghaidh chuig a gcuid custaiméirí, is éard a d’áitigh Manreal gur gcuirfeadh seo iomaíochas a gcuid custaiméirí i gcontúirt. Mar sin féin, níor thug an chuideachta bunús leis an éileamh sin thar an méid a bhí sa ráiteas ginearálta sin.

(197)

D’áitigh Manreal freisin gur thug an Coimisiún le fios in aithris (354) den Rialachán sealadach go bhforchuirfí bearta i bhfabhar na dtáirgeoirí comhtháite. D’iarr sí ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí is dócha a bheadh ag na bearta “in iomaíocht chóir an Aontais”.

(198)

Is míthuiscint é sin ar an Rialachán sealadach ós rud é nár luaigh an Coimisiún ach go mbeadh neamh-fhorchur na mbeart i bhfabhar úsáideoirí neamh-chomhtháite, mar in éagmais bearta is féidir leo ACF dumpáilte a cheannach, ach ní bhainfeadh úsáideoirí comhtháite a tháirgeann ACF san Aontas tairbhe as an mbuntáiste éagórach sin. Maidir le hiarraidh Manreal imscrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí is dócha a bheadh ag na bearta “in iomaíocht chóir AE”, tuigeann an Coimisiún gur buntáiste iomaíoch éagórach do tháirgeoirí comhtháite an Aontais i leith gnólachtaí neamh-chomhtháite a bheadh i n-éilimh Manreal. Mheabhraigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) den bhun-Rialachán, go dtugtar aird ar leith ar an ngá atá ann deireadh a chur le héifeachtaí saofa trádála a bhíonn ag dumpáil dhíobhálach agus an gá le hiomaíocht éifeachtach a athbhunú sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar leas an Aontais.

(199)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Manreal freisin gur sháraigh an Coimisiún a chearta cosanta mar nach raibh rochtain ag Manreal ar an anailís a luaitear in aithris (348) den Rialachán sealadach.

(200)

Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún faisnéis rúnda gnó na bpáirtithe a chosaint, agus cothromaíocht á déanamh idir rochtain ar an bhfaisnéis sin agus leas na bpáirtithe eile a gcearta a fheidhmiú. Is ceart gur rún gnó a bheadh in anailís mhionsonraithe ar cháilíocht na dtáirgí ó sholáthraithe éagsúla ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Aontas i rith blianta fada, rud nach roinntear le hiomaitheoirí. Dá bhrí sin, níorbh í roinnt na rún gnó ba chúis leis an sárú a rinne Manreal ar chearta cosanta.

(201)

D’áitigh dhá chuideachta, Gascogne agus Manreal, go mbeadh an ráiteas ón gCoimisiún nach mbeadh aon leas aonfhoirmeach ag an úsáideoir i gcoinne na mbeart in aithris (356) den Rialachán sealadach mícheart mar go raibh na barúlacha go léir a chuir úsáideoirí isteach i gcoinne beart.

(202)

Lena mheasúnú, féadfaidh an Coimisiún a bheith ag brath freisin ar shonraí rúnda arna gcur isteach ag úsáideoirí mar fhreagraí ceistneora. Is é a leanann as na sonraí go bhfuil dhá úsáideoir ann a cheannaíonn céatadán ard dá ACF ón tSín agus go bhfuil ACF ón tSín ina leith ina chuid an-ard dá gcostais amhábhar ach go gceannaíonn na húsáideoirí eile ACF ó tháirgeoirí an Aontais den chuid is mó agus ní dhéanfaidh na bearta difear don chuid is mó dóibh. Sonraí a nochtadh faoin gcéatadán a cheannaíonn úsáideoirí aonair ó tháirgeoirí ACF nithiúla a nochtfadh a slabhraí soláthair. Is féidir leis na páirtithe, áfach, a n-argóint a dhéanamh feasta bunaithe ar an bhfaisnéis a mbíonn úsáideoirí ag brath ar shíneadh difriúil ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(203)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, deimhníonn an Coimisiún a mheas nach bhfuil aon leas aonfhoirmeach do na úsáideoirí i bhfabhar nó i gcoinne na mbeart a fhorchur, fiú dá bhféadfadh iarmhairtí diúltacha áirithe a bheith ann d’úsáideoirí a rinne argóint i gcoinne fhorchur na mbeart, go háirithe an bheirt úsáideoirí a bhfuil ACF cothrom leo, rud a luaitear in aithris (347) den Rialachán sealadach.

(204)

Tar éis an nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’áitigh Walki nár léirigh an doiciméad ginearálta nochta leas na n-úsáideoirí i gceart ná go cothrom. Ina theannta sin, mhaígh Walki gur anailís mhíthreorach agus idirdhealaitheach i gcoinne úsáideoirí é conclúid an Choimisiúin maidir leis an easpa leasa aonfhoirmigh atá ag úsáideoirí bunaithe ar “úsáideoirí a bheith ag brath ar bhealach difriúil ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne”.

(205)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon leas aonfhoirmeach ag úsáideoirí mar gheall ar na leibhéil an-éagsúil ar a mbíonn úsáideoirí ag brath ar ACF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Leis an ráiteas sin, níor shéan an Coimisiún go raibh gach úsáideoir comhoibritheach i gcoinne dleachtanna frithdhumpála a fhorchur.

(206)

Ina theannta sin, mhaígh Walki nár fhreagair an Coimisiún ar a iarraidh ar anailís a bheadh níos cuí-réasúnaithe maidir le gnéithe ríthábhachtacha de leas an Aontais. Rinne Walki tagairt dá bharúlacha maidir leis an Rialachán sealadach, inar iarr sé go gceartófaí ráiteas an Choimisiúin maidir leis an tagairt d’argóintí na n-úsáideoirí nach féidir le tionscal an Aontais ACF a sholáthar ar an gcáilíocht chéanna le táirgeoirí na Síne de dheasca easpa infheistíochta. D’áitigh Walki gur chuir sé úsáideoir ráiteas coiteann isteach ina n-éilítear “nach bhfuil an cumas táirgthe ag na táirgeoirí is Iarratasóirí sonraíochtaí tábhachtacha áirithe de ACF a sholáthar. Is léir gurb é a neamhábaltacht na sonraíochtaí seo a sholáthar d’Úsáideoirí an Aontais ná mainneachtain fhadtéarmach na nIarratasóirí infheistíocht a dhéanamh sa trealamh táirgthe agus sa teicneolaíocht is gá chun a raon táirgeachta reatha ACF a leathnú chun na sonraíochtaí is tanaí atá de dhíth ar na húsáideoirí sin a sholáthar.”

(207)

Go deimhin, chuir sé úsáideoir ráiteas coiteann isteach ina ndeirtear gur theip ar thionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh, de bhreis ar na ceithre úsáideoir a bhí tar éis foráil aonair a dhéanamh don argóint cheana féin. Mar sin féin, thug an Coimisiún aghaidh ar an maíomh sin maidir le substaint i roinn 5.2.3 agus i roinn 6.2 den Rialachán sealadach. Ag an gcéim seo, níor chuir aon úsáideoir faisnéis fhíorasach nua ar fáil, agus níl ann ach an maíomh céanna. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí.

(208)

Ina theannta sin, ar bhonn chumas ginearálta tháirgeoirí an Aontais onnmhairiú agus dul san iomaíocht go rathúil i margaí tríú tíortha, mhaígh Walki gur chinn an Coimisiún go héagórach nach bhfuil táirgí an Aontais níos lú. D’áitigh Walki nach mbeadh feidhm aige seo ach amháin maidir leis an gcumas scragall níos tibhe a tháirgeadh os cionn 20 miocrón. Mhaígh sí freisin nár chuir an Coimisiún in iúl go mbeadh na scragaill tanaí ar fad san áireamh, rud atá i gcroílár shaincheist shrianta soláthair an Aontais.

(209)

Mhaígh Walki thairis sin nach féidir le gach táirgeoir Síneach táirge ar ardcháilíocht a tháirgeadh go héifeachtúil, nach bhfuil aon tionchar aige ar argóint na n-úsáideoirí gan tionscal an Aontais a bheith in ann scragall tanaí ar ardchaighdeán a tháirgeadh go héifeachtúil.

(210)

Tá sonraí díolacháin cros-seiceáilte tháirgeoirí an Aontais ar láimh ag an gCoimisiún, sonraí a léiríonn go bhfuil onnmhairí ACF faoi bhun 20 miocrón chuig tríú tíortha. Dá bhrí sin, ní sheasann argóint Walki nach mbeadh táirgeoirí an Aontais iomaíoch ach amháin le ACF os cionn 20 miocrón.

(211)

Ina theannta sin, mhaígh Walki nach ionann measúnú an Choimisiúin ar an gcumas táirgthe spártha agus cumas chun cainníochtaí tanaí ACF den scoth a tháirgeadh.

(212)

Tá anailís chuí déanta ag an gCoimisiún ar an gcumas scragall níos tanaí a tháirgeadh, rud atá teoranta ag na meaisíní a bhfuil an chéim rollach dheireanach acu. Chuir roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais torthaí tástála i láthair, rud a léirigh go raibh an táirgeadh rolla tástála le haghaidh ACF<6 ag comhlíonadh riachtanais an chustaiméara féin. Tugann an Coimisiún le fios freisin gur margadh nua atá ag teacht chun cinn é ACF<6, agus mar gheall ar an éileamh an-bheag a bhí ann le linn an IP, ar ndóigh ní dhearna monaróirí uile an Aontais a gcuid meaisíní a chur in oiriúint don deighleog mhargaidh seo.

(213)

Mhaígh Walki freisin go ndearnadh neamhaird iomlán de na príomhghnéithe d’fhianaise dhearfach a chuir Walki isteach le linn chúrsa an imscrúdaithe nó gur trí dhearmad a cuireadh in iúl iad. Is éard a mheas an Coimisiún go raibh an maíomh sin míchruinn. Chuir an Coimisiún na hargóintí agus an fhianaise go léir san áireamh, ach ar chúiseanna rúndachta, bhí roinnt faisnéise an-sonrach ann nárbh fhéidir a nochtadh sa rialachán.

(214)

Tar éis an nochta chinntithigh, is éard a mhaígh Manreal go raibh prionsabal an dea-riaracháin sáraithe ag an gCoimisiún. D’áitigh Manreal go ndearna an Coimisiún neamhaird, gan aon réasúnaíocht, ar na barúlacha go léir ó Manreal maidir leis an Nochtadh sealadach a d’fhéadfadh a chuid conclúidí a athrú. Ina theannta sin, thug Manreal suntas d’aithrisí (8), (9), (108), (109), (118), (119), (131) go (134), (142), (147) go (150), (155) go (157) agus (175) go (178) den nochtadh cinntitheach, á mhaíomh gur bhain an Coimisiún úsáid as teicníc fhrisnéise mhíchothrom trína léiriú nár thug Manreal bunús leordhóthanach lena chuid maíomh. D’áitigh Manreal gur chomhlíon sé a dhualgas cruthúnais go leordhóthanach de réir na n-acmhainní a bhí ar fáil. Ba cheart go mbeadh imscrúdú breise déanta ag an gCoimisiún ar na maímh a rinne sé seachas suntas a thabhairt don easpa bunúis a bhí leo. Ar deireadh, rinne Manreal tagairt do mhír 98 de chinneadh an Chomhlachta Achomhairc ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”) sa CE – Hormones (18), ag maíomh go bhfuil fianaise prima facie curtha ar fáil aige, rud a d’athródh an dualgas cruthúnais chuig páirtí na cosanta.

(215)

Murab ionann agus maíomh Manreal, chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid measúnú a dhéanamh, i gcás gach ceann de thuairimí Manreal an raibh bunús leordhóthanach leis, agus mhínigh sé na cúiseanna nach raibh sé sna haithrisí a luaigh Manreal i ngach cás. Ní fhoráiltear sa bhun-Rialachán d’oibleagáid ar an gCoimisiún tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar bharúlacha, barúlacha a ndóthain nach bhfuil bunús leo.

(216)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo.

6.3.   Iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh

(217)

D’iarr Effegidi díolúine úsáide deiridh le haghaidh ACF le húsáid i dtáirgeadh scannáin le haghaidh sciathadh cáblaí agus capsúil buidéal fíona.

(218)

Tá an t-iarratas bunaithe ar an gcéatadán de na costais léiríonn ACF i gcostais táirgthe scannáin don sciathadh cábla agus capsúl fíona agus an tionchar a bheadh ag na bearta ar an gcuideachta. De réir Effegidi, is margaí nideoige atá i margadh na scannán le haghaidh sciathadh cáblaí agus capsúl fíona, agus an t-ídiú a dhéanann siad ar ACF tá sé chomh diomaibhseach céanna. Tugann sé sin le tuiscint nach mbainfeadh díolúine ó na dleachtanna le haghaidh úsáide deiridh an bonn d’éifeachtacht fhoriomlán na dleachta frithdhumpála.

(219)

Mar sin féin, léirigh an t-imscrúdú nach é Effegidi amháin a tháirgeann an dá tháirge ar iarr sé an díolúine maidir le húsáid deiridh ina leith, ach áirítear ina phunann táirgí éagsúla eile amhail scannáin chábla nach n-ionchorpraíonn ACF, chomh maith le pacáistiú bia agus neamhbhia eile, cuid acu ina n-ionchorpraítear ACF. Ní fhéadfadh an Coimisiún, dá bhrí sin, tionchar foriomlán na ndleachtanna frithdhumpála ar bhrabúsacht na cuideachta a chinneadh bunaithe ar na sonraí a chuir Effegidi ar fáil. Dá bhrí sin, sa nochtadh cinntitheach, dhiúltaigh an Coimisiún don díolúine maidir le húsáid deiridh.

(220)

Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, chuir Effegidi a ráitis airgeadais ar fáil don Choimisiún do na blianta 2019, 2020 agus don chéad leath de 2021. D’iarr Effegidi treoir bhreise ón gCoimisiún maidir leis na doiciméid bhreise ba ghá dó a chur ar fáil chun go bhféadfaí díolúine úsáide deiridh a fháil.

(221)

Chinn an Coimisiún nár leor an fhaisnéis a seoladh tar éis an nochta chinntithigh chun deis a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar foriomlán a bheadh ag díolúine fhéideartha ar éifeachtacht na dleachta. Ní chuir Effegidi aon fhaisnéis ar fáil mar gheall ar thionscal sciathadh na gcáblaí agus na gcapsúl fíona.

(222)

Ina theannta sin, ní raibh Effegidi ina pháirtí leasmhar comhoibritheach ó thús an imscrúdaithe, agus níor chuir sé a iarraidh ar dhíolúine úsáide deiridh ach an 5 Iúil 2021, coicís tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh agus an fhaisnéis bhreise go dtí go ndearnadh an nochtadh cinntitheach. Ag an gcéim dheireanach sin den imscrúdú ní raibh an Coimisiún in ann aon sonraí breise a fhíorú.

(223)

Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, a mheas an mbeadh an díolúine maidir le húsáid deiridh chun leasa an Aontais agus, dá bhrí sin, dhearbhaigh sé go ndiúltódh sé don iarraidh ar dhíolúine ó Effegidi.

6.4.   Leas allmhaireoirí

(224)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh cuibhreannas na n-allmhaireoirí nach bhfuil táirgeoirí an Aontais in ann freastal ar an éileamh reatha ACF go háirithe i ndeighleog an mhargaidh de leithead tanaí ACF, ina n-allmhairíonn siad ó Dhaon-Phoblacht na Síne le freastal ar an éileamh. Mhaígh an cuibhreannas go dtógfadh sé ar a laghad 2 bhliain chun táirgeadh tomhsairí tanaí ACF a dhéanamh éifeachtach agus oibríochtúil agus go ndealraíonn sé nach gcomhlíonann táirgeoirí an Aontais na caighdeáin cháilíochta a éilítear chun allmhairí reatha ón tSín a ionadú sa deighleog mhargaidh seo.

(225)

Ós rud é nach bhfuil bunús tugtha ag an gcuibhreannas maidir leis an bhfáth go dtógfadh sé 2 bhliain chun an tomhas tanaí a dhéanamh de tháirgeadh ACF, tá an chuma air go bhfuil cumas breise leordhóthanach tugtha i gcrích ag an gCoimisiún cheana féin i roinn 4.5.2.1 den Rialachán sealadach. Ina theannta sin, léirigh tionscal an Aontais le díolacháin agus le táirgeadh rollaí tástála gur féidir freastal ar éileamh na gcliant mar a thuairiscítear in aithris (50) agus aithris (51) den Rialachán sealadach.

(226)

I bhfianaise a bhfuil thuas, dheimhnigh Coimisiún an chonclúid nár ghá go rachadh forchur na mbeart chun leas na n-allmhaireoirí. Mar sin féin, rinne sí measúnú breise ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu agus na leasanna éagsúla i gceist á gcur san áireamh (féach Roinn 6.4).

(227)

Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, mhaígh an cuibhreannas gur thug an Coimisiún neamhaird iomlán ar an bhfíric gur tháinig méadú ar éileamh ≤ 7 miocrón mar thoradh ar ghluaiseacht an éilimh i dtreo tomhsairí ACF atá níos tanaí. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go dtógfadh sé ar a laghad 2 bhliain chun táirgeadh tomhsairí tanaí ACF a dhéanamh éifeachtach agus oibríochtúil san Aontas.

(228)

Thairis sin, mhaígh an cuibhreannas gur theip ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le hacmhainneacht shuntasach spártha thionscal an Aontais an t-éileamh ar leithead tanaí ACF a shásamh.

(229)

D’athdhearbhaigh an cuibhreannas freisin nach féidir le tionscal an Aontais na caighdeáin cháilíochta le haghaidh tomhsaire tanaí ACF a chomhlíonadh ó thaobh tréscaoilteacht agus inoscailteacht de, agus chuir sé i bhfios go láidir gurb ionann na muilte rollta a tháirgeann ACF agus na caighdeáin cháilíochta do thionscal na gcadhnraí gluaisteán, rud a laghdóidh a thuilleadh cumas ACF. D’éiligh sí gur bhain an Coimisiún conclúid earráideach as na gnéithe sin go raibh forchur na ndleachtanna chun leasa an Aontais.

(230)

Faoi mar a mhínítear in aithris (51) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún measúnú ar chumas thionscal an Aontais ACF níos tanaí a tháirgeadh, go sonrach ACF<6, trí mheasúnú a dhéanamh ar chumas chéim dheiridh an mhuilinn rollach, a bhfuil gá léi chun an leithead tanaí seo a bhaint amach. Ba léir go raibh cumas breise leordhóthanach ag na céimeanna rollacha a bhí ann roimhe seo. Sin é is cúis leis an scrogall atá i dtáirgeadh ACF<6 sa chéim rollach deiridh. Shoiléirigh an Coimisiún conas is féidir le tionscal an Aontais an t-éileamh ar leithead tanaí ACF a shásamh. An argóint go dtógfadh sé ar a laghad 2 bhliain chun táirgeadh tomhsairí tanaí ACF a dhéanamh éifeachtach agus oibríochtúil, níl feidhm aici ach amháin maidir le hacmhainneachtaí nua a dhéanfadh tionscal an Aontais a shuiteáil mar thoradh ar an athchóiriú ar iomaíocht praghsanna chothrom agus ar éileamh méadaitheach breise. Ós rud é gur féidir leis na hacmhainní atá ann cheana an t-éileamh a bhfuiltear ag súil leis a shásamh go luath amach anseo, níor cuireadh na hacmhainneachtaí breise a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo san áireamh agus an Coimisiún á ríomh. Níl sé ábhartha go mbeadh tréimhse de dhíth ar acmhainneachtaí nua sula gcuirfí i bhfeidhm iad. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

6.5.   Na leasanna iomaíocha a mheá

(231)

I gcomhréir le hAirteagal 21(1) den bhun-Rialachán, sa Chomhaontú sealadach, rinne an Coimisiún measúnú ar na leasanna iomaíocha agus thug sé aird ar leith ar an ngá atá ann deireadh a chur le héifeachtaí saofa na dumpála díobhálaí agus an gá le hiomaíocht éifeachtach a athbhunú.

(232)

Agus na leasanna iomaíocha á gcur san áireamh, mheas an Coimisiún ar thaobh amháin gur tháinig meath ar chás thionscal an Aontais mar gheall ar ísliú praghsanna onnmhairí ón tSín agus ar an taobh eile nach mbeadh ach tionchar diúltach teoranta ag ardú praghais ar na húsáideoirí. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis láidir chun teacht ar an gconclúid nach bhfuil sé le leas an Aontais bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí ACFanna de thionscnamh na Síne.

(233)

Tar éis an Rialacháin shealadaigh, mhaígh Manreal nach raibh an anailís ar an margadh agus ar leas an Aontais a gabhadh de láimh sa Rialachán sealadach bailí a thuilleadh, mar thoradh ar an méadú ollmhór ar phraghsanna agus ar amhantraíocht i margadh na dtráchtearraí, atá ina n-iarmhairtí ar an imscrúdú agus ar phaindéim Covid-19. Tá tionscal athraithe na pacáistíochta buailte go dona, ní hamháin le méadú 40 % ar phraghas an alúmanaim, ach freisin le méadú 40 % ar phraghsanna an pháipéir ceardaíochta agus costais iompair ar choimeádán a bhfuil méadú 400 % tagtha ar an meán-am soláthair do sheachadadh an pháipéir ó 3-4 seachtaine go 4 mí. I roinnt conarthaí soláthair, éilíonn soláthraithe force majeure agus bíonn moill 6 mhí ar an seachadadh agus praghsanna a n-éileamh atá 20 % níos airde ná mar a bhí tráth an ordaithe.

(234)

Ag tacú dóibh le hargóintí Manreal, rud eile a chuir Walki, Gascogne, agus Effegidi i bhfáth go bhfuil staid iar-IP an mhargaidh athraithe ó bhonn agus ganntanais soláthair ann dá bharr sin, ní hamháin ACF, ach freisin a gcuid amhábhar eile. De réir Gascogne, mhéadaigh an praghas alúmanaim ar an Malartán Miotal Londain 30 % ó Dheireadh Fómhair 2020 go Bealtaine 2021. Chomh maith leis sin, faoi mar atá, is cosúil nach bhfuil ach 1 táirgeoir mór de chuid an Aontais in ann orduithe nua a sholáthar gan roinnt míonna a chaitheamh leis. Mhaígh Effegidi, de réir luachana ó tháirgeoirí an Aontais i mí Iúil 2021, nach mbeadh soláthar ACF ar fáil roimh 2022 le haghaidh a gcuid táirgíochta.

(235)

D’áitigh Alupol, úsáideoir eile, gur fhógair siad i mí na Nollag 2020 go raibh droch-leas ag táirgeoirí an Aontais i gconarthaí ó tháirgeoirí an Aontais agus fiú gur chuir an táirgeoir deireadh le conradh 2 bhliain a tugadh i gcrích le táirgeoir amháin de chuid an Aontais tar éis leathbhliana, conradh a léiríonn srianta acmhainní. Chuir Walki fianaise bhreise ar fáil maidir le hiarrataí 6,35 miocrón ACF, rud a léirigh go bhfuil na deacrachtaí soláthair a bhí ann in 2021 le brath fós.

(236)

Ina theannta sin, d’áitigh cuibhreannas na n-allmhaireoirí go bhfuil méadú 25 % tagtha ar phraghsanna ACF ó thús an imscrúdaithe agus go bhfuil na hamanna seachadta méadaithe ó 2 mhí ar an meán go 4 mhí. Chomh maith leis sin, mar thoradh ar an easpa soláthair atá ann faoi láthair, is cuideachtaí comhtháite a sholáthraíonn a n-eintitis ghaolmhara ar bhonn fabhrach, rud a fhágann gur lú an acmhainn atá ann don mhargadh oscailte. Tá an cuibhreannas ag déanamh go gcuirfidh na dleachtanna frithdhumpála isteach ar shlabhraí soláthair agus go mbeidh ganntanas soláthair ann do raon iomlán ACF, ach go háirithe i gcás tomhsairí faoi bhun 6 miocrón.

(237)

Cé go bhfuil tionchar ag na hathruithe sin sa mhargadh ar leasanna éagsúla na dtáirgeoirí, na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí, is é is cúis leo staid eisceachtúil phaindéim COVID-19 agus an téarnamh eacnamaíoch láidir a lean í, rud ba chúis le ganntanas iompair idirnáisiúnta agus le ganntanas soláthair. Dá réir sin, d’fhéadfadh go dteastóidh roinnt ama do na margaí le dul in oiriúint go dtí go ndéanfaidh an téarnamh agus an fás eacnamaíoch normalú agus go ndéanfar an t-éileamh agus an soláthar a normalú arís, lena n-áirítear in earnáil ACF.

(238)

D’áitigh Manreal freisin gur cheart, i gcomhréir le hAirteagal 11 CFAE, cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte a chothromú le spriocanna eile de chuid an Aontais, amhail cosaint an chomhshaoil, agus baineadh de chonclúid as go mbeidh tionchar an-diúltach ag forchur na mbeart ar an gcomhshaol. Is éard a d’áitigh Manreal má théann táirgeoirí an Aontais in éag, iad siúd is mó dhéanann truailliú, gur rud é a rachadh chun leasa do chomhshaol an Aontais, beag beann ar na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar phoist nó ar bheartas tionsclaíoch. Dá bhrí sin, d’iarr Manreal ar an gCoimisiún na héifeachtaí is dócha a bheadh ag na bearta ar an gcomhshaol a chur san áireamh san imscrúdú.

(239)

Thug an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil bunús tugtha ag Manreal maidir leis an gcaoi ar mó truailliú a dhéanann táirgeoirí an Aontais ná táirgeoirí ón tSín. Ina theannta sin, cé go socraíonn an tAontas ardchaighdeáin chomhshaoil dá chuid táirgeoirí, ní hé is cuspóir d’Airteagal 11 CFAE gníomhaíocht eacnamaíoch a chosc ach ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú le beartas treoraithe na gníomhaíocht eacnamaíche. Moladh seo Manreal maidir le hastaíochtaí a laghdú san Aontas trí ligean d’iomaíocht éagórach deireadh a chur lena thionscal trí iomaíocht éagórach, ní hamháin nach moladh é atá ag luí le spriocanna comhshaoil AE ach bheadh sé ag teacht salach ar roinnt beartas eile. Mar thoradh air sin, diúltaíodh d’iarratas Manreal chun imscrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag cás den sórt sin ar an gcomhshaol.

(240)

Chuir Manreal in iúl freisin aithris (355) den Rialachán sealadach inar chuir an Coimisiún in iúl mar fhreagra ar an argóint a rinne Manreal roimhe seo go bhféadfadh státchabhair a bheith ina beart níos oiriúnaí ná dleachtanna a fhorchur, nach í an chabhair airgeadais an ionstraim cheart chun dul i ngleic le dumpáil dhíobhálach. D’áitigh Manreal gur rogha beartais é sin nár cheart a ghlacadh gan dul i gcomhairle le hArd-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (“DG COMP”). D’áitigh Manreal freisin gurb é bunús a bheadh faoi argóint an Choimisiúin cabhair a dheonófaí do tháirgeoirí an Aontais agus é údaraithe ag DG COMP.

(241)

Mheabhraigh an Coimisiún go sonraítear in Airteagal 9(4), an chéad mhír, den bhun-Rialachán i gcás ina léiríonn na fíorais a suíodh sa deireadh thiar thall go bhfuil dumpáil ann, agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, agus gá le hidirghabháil chun leasa an Aontais, go ndéanfaidh an Coimisiún dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchur. Go deimhin, trí bhíthin na n-ionstraimí dlí atá ar fáil don Choimisiún, ní féidir leis staonadh ó chur i gcoinne dumpáil dhíobhálach a rinne onnmhaireoirí ón tSín, rud atá léirithe, agus gan d’údar aige ach an tairbhe a d’fhéadfadh táirgeoirí an Aontais a bhaint as státchabhair freisin. Rud eile de, is iad na Ballstáit, seachas an Coimisiún, a dheonaíonn státchabhair.

(242)

Dá bhrí sin, na hargóintí a bhí ann i ndiaidh an nochta shealadaigh agus i ndiaidh an Rialacháin shealadaigh, argóintí a rinne na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí, níor chuir ceann ar bith acu athrú ar chonclúid an Choimisiúin.

(243)

Mar aon leis na barúlacha ginearálta cinntitheacha, chuir roinnt páirtithe iarraidh isteach chun measúnú a dhéanamh ar na dualgais a d’fhéadfaí a chur ar fionraí de réir Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Tar éis na n-iarrataí sin, déanfar anailís ar fhionraí féideartha na ndualgas i nós imeachta ar leith.

6.6.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(244)

Ar bhonn an mhéid thuas, níl aon chúis láidir chun teacht ar an gconclúid nach é leas an Aontais é bearta cinntitheacha a fhorchur ar allmhairí ACFanna de thionscnamh na Síne.

7.   LEIBHÉAL NA mBEART

7.1.   An corrlach díobhála

(245)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Xiamen Xiashun nár cheart costais chomhlíonta a bheidh ann amach anseo a chur leis an spriocphraghas ós rud é gur foilsíodh an Nóta maidir le costas comhlíonta tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh a sháraigh cearta cosanta Xiamen Xiashun.

(246)

Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh. Tugadh am breise do Xiamen Xiashun in éineacht leis na páirtithe eile go léir a dtuairimí a thabhairt ar an Nóta maidir leis na costais chomhlíonta tar éis a fhoilsithe. Dá bhrí sin, níor sháraigh an foilsiú déanach a chearta cosanta.

(247)

Ina theannta sin, d’áitigh Xiamen Xiashun nach bhfuil ábhair imní maidir leis an gcomhshaol ina rud eisiach do thionscal an Aontais, ós rud é go mbeidh Xiamen Xiashun faoi réir Scéim Trádála Astaíochtaí na Síne agus go bhfuil Deimhniú Caighdeán Feidhmíochta faighte aige ó Thionscnamh Stewardship Aluminium, deimhniú ina gcuimsítear critéir maidir le hastaíochtaí ceaptha teasa lena n-áirítear tairseach astaíochtaí CO2.

(248)

Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh. Ní bhaineann reachtaíocht intíre PRC le cur i bhfeidhm Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, agus dá réir sin ní mór na costais a eascróidh amach anseo as comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, agus as na prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, a chur san áireamh chun spriocphraghas Thionscal an Aontais a bhunú.

(249)

D’áitigh Donghai gur chóir an spriocbhrabús 6 % a ríomh ach amháin ar an gcostas comhshó agus ní ar phraghas iomlán ACF.

(250)

Dhiúltaigh an Coimisiún don éileamh de réir Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán is é sin is ar bhonn na gcostas iomlán seachas ar bhonn na coda a léiríonn comhshó an amhábhair is gá an spriocbhrabús a ríomh.

(251)

D’athdhearbhaigh Zhongji agus Nanshan an t-éileamh tar éis an nochta chinntithigh. I gcontráth le tuairim an Choimisiúin, d’áitigh Zhongji nach suitear in Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán gur ar bhonn na gcostas iomlán is gá an spriocbhrabús a ríomh, agus nach leagtar síos in Airteagal 7(2c) ach amháin go gcaithfidh an spriocbhrabús a bheith leordhóthanach chun na costais iomlána a aisghabháil. D’áitigh Zhongji gur ar an bpraghas comhshó seachas ar phraghas na n-amhábhar a fhaigheann táirgeoirí ACF a mbrabús.

(252)

Deir Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán “go mbunófar an spriocbhrabús a úsáidfear agus leibhéal na brabúsachta is gá chun na costais iomlána a chumhdach á chur san áireamh”. Tá na hamhábhair i measc na gcostas iomlán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(253)

D’éiligh Donghai sa bhreis nár cheart costais athstruchtúraithe a bheith mar chuid den spriocphraghas.

(254)

Mhínigh an Coimisiún in aithris (329) den Rialachán sealadach gur athstruchtúrú ar cheann de na táirgeoirí samplála ba chúis leis an méadú costais le linn IP den chuid is mó. Thug an Coimisiún dá aire freisin gur próiseas rialta é an t-athstruchtúrú i gcásanna allmhairí dumpáilte. Pé ar bith é, i gcomhréir leis an mbun-Rialachán, ní mór na costais uile a chur san áireamh chun an spriocbhrabús a ríomh.

(255)

Tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Zhongji an t-éileamh gur cheart costais urghnácha a eisiamh ón spriocphraghas. D’áitigh Zhongji nár thug an Coimisiún aghaidh ar argóintí Zhongji agus gur bhréagnaigh an Coimisiún é féin trí thagairt leanúnach a dhéanamh do na costais sin mar “urghnách”, ach i gcomhthéacs an spriocphraghais mheas siad a bheith “rialta”. Níor chuir Zhongji aon fhianaise nua ar fáil áfach.

(256)

D’uireasa aon fhianaise bhreise, deimhníonn an Coimisiún aithris (325) den Rialachán sealadach. Is próiseas rialta é an t-athstruchtúrú i gcásanna allmhairí dumpáilte agus i gcás cuid de na costais cuideachta.

(257)

Mhaígh Zhongji freisin gur cheart don Choimisiún an méid atá ráite aige sa Rialachán sealadach faoi Clóiríd Photaisiaim (19) a chur i bhfeidhm de réir analaí, rialachán inar chinn an Coimisiún costais shealadacha agus eisceachtúla a bhí á n-íoc ag cuideachtaí mianadóireachta Cheanada a bhaint as a gcostais mar thagairt do chuideachtaí ón mBealarúis, ón Rúis agus ón Úcráin, ós rud é go mbeadh sé míréasúnta ualach na gcostas sin a sheasamh. D’áitigh Zhongji gur chuir an Coimisiún an prionsabal céanna i bhfeidhm freisin sa Rialachán ar mhaignéisiam neamhchóimhiotalaithe (20) agus sa Rialachán ar theireataláit phoileitiléine (PET) Cinnte (21). D’áitigh Zhongji mar sin gur cheart don Choimisiún, sa chás seo, neamhaird a dhéanamh freisin ar na costais athstruchtúrúcháin ós costais iad atá sealadach eisceachtúil.

(258)

Easaontaíonn an Coimisiún go bhfuil an cás dá dtagraítear sa Rialachán sealadach i gcás Clóiríd Photaisiaim inchomparáide leis an imscrúdú atá ar bun faoi láthair. I gClóiríd Photaisiaim, ní raibh aon bhaint ag costas sealadach agus eisceachtúil chuideachtaí Cheanada le hallmhairí a dumpáladh san Aontas. Is amhlaidh atá i gcás comparáide leis an Rialachán do mhaignéisiam neamhchóimhiotalaithe neamhshaoirsithe, ina ndearnadh athstruchtúrú na cuideachta tar éis príobháidiú. Rinneadh costais urghnácha a eisiamh i gcás PET mar thoradh ar chás ar leith a bhí éagsúil leis na costais athstruchtúraithe a bhí idir lámha. Sa chás sin, faoi mar a luadh in aithris (325) den Rialachán sealadach, ní raibh na costais athstruchtúraithe eisceachtúil agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a chur san áireamh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo.

(259)

Dúirt Zhongji go bhfuil an brabús sprice do ACF le PCNanna ag tosú le 1 is neamhiontaofa. Tá comhtháirgeadh na dtrí tháirgeoir Aontais arna sampláil ó Dhaon-Phoblacht na Síne ag tosú le 1 níos lú ná 3 000 tona. Measann Zhongji go bhfuil na cainníochtaí sin diomaibhseach agus measann sé nach raibh costas táirgthe na dtáirgí sin ag an gCoimisiún, nó ar a laghad nach raibh siad ionadaíoch i ngeall ar an méid teoranta. Fágann sé seo gur neamhiontaofa son spriocphraghas.

(260)

I gcás nach bhfuil aon táirgeadh AE ann de PCN áirithe a onnmhairítear, ach amháin más féidir coigeartuithe a dhéanamh go réasúnta, eisiann an Coimisiún an PCN sin ón gcomparáid. I gcás ina dtáirgeann tionscal an Aontais PCN, áfach, fiú má tá an chainníocht sin níos ísle ná PCNanna eile, measann an Coimisiún gur cruinne mar sin féin an PCN sin a áireamh sa chomparáid, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Thairis sin, sa chás reatha, ní féidir a mheas gur méid diomaibhseach táirgthe atá i 3 000 tona. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

(261)

Ina theannta sin, d’áitigh Zhongji nach raibh ciall le cuid de raonta na sonraí a soláthraíodh sa nochtadh sealadach toisc go raibh siad róleathan chun tuiscint réasúnta a bhaint as na sonraí rúnda maidir le PCN 1DA agus PCN 5BA.

(262)

Tagraíonn Zhongji do shonraí tionscail an Aontais maidir le dhá PCN, sonraí arna dtáirgeadh ag táirgeoir aonair de chuid an Aontais amháin. Dá bhrí sin, ní mór rúndacht na sonraí a chur san áireamh sna raonta a sholáthraíonn an Coimisiún, ach freisin a chur san áireamh gur féidir luachanna áirithe a ríomh droim ar ais, má bhíonn na raonta róchúng. Maidir le praghas díolacháin an Aonaid, agus maidir leis an spriocphraghas atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún, is raonta cúnga atá curtha ar fáil aige. I gcás na gcainníochtaí a dhíoltar chomh maith leis an luach iomlán ó na hoibreacha áfach, bhí ar an gCoimisiún a chinntiú nach bhféadfaí na luachanna a ríomh, is iad na raonta leorleathana a roghnaigh sé. Rogha eile a bheadh ann ná na luachanna a chur in ionad na luachanna atá íogair.

(263)

Ina theannta sin, mhaígh Donghai go raibh an Coimisiún ag brath go hearráideach ar Airteagal 2(9) den Bhunrialachán chun praghsanna díolacháin Nanshan Europe a chinneadh chun críoch ríomh an chorrlaigh gearrdhíola, agus mhaígh sé gurbh iad praghsanna díolacháin iarbhír eintiteas gaolmhar Nanshan Europe san Aontas Eorpach ba cheart don Choimisiún a úsáid, eintiteas díolacháin a bhaineann leis an Aontas, agus gan ach na costais díolacháin dhíreacha a tabhaíodh i gcás dhíolachán an táirge sin a asbhaint.

(264)

An spriocphraghas a úsáidtear chun críoch an chorrlaigh díobhála, is ar an gcostas a bhaineann le tionscal AE a tháirgeadh agus ar an spriocbhrabús atá sé bunaithe gan aon speansais a bhaineann le heintitis ghaolmhara a chur san áireamh. Chun siméadracht agus comparáid chothrom a áirithiú, níor cheart, dá bhrí sin, speansais eintitis ghaolmhara na dtáirgeoirí onnmhairithe a áireamh sna praghsanna onnmhairiúcháin a úsáidtear chun corrlach díobhála a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(265)

Faoi mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an nochta, rinne an Coimisiún anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí d’fhonn a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile in allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta, d’fhonn a chinneadh an gcuirfí an díobháil bhreise i dtuairisc, díobháil a tharla mar thoradh ar mhéadú den sórt sin agus an corrlach díobhála á chinneadh.

(266)

Bunaithe ar shonraí ó bhunachar sonraí COMEXT Eurostat agus Surveillance 2, bhí na méideanna allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Rúise le linn na 4 seachtaine de réamhnochtadh 47 % níos ísle ná na méideanna allmhairí ar an meán sa tréimhse imscrúdaithe ar bhonn 4 seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta.

(267)

De réir an Rialacháin shealadaigh, mhaígh Zhongji gur cheart coigeartuithe a dhéanamh toisc gur seirbhís glao-uaire a sholáthraíonn Carcano, rud nach gcuirfeadh Zhongji ar fáil.

(268)

Dheimhnigh an Coimisiún nach mbaineann an tseirbhís glaonna a chuireann Carcano ar fáil ach le fíorbheagán díolacháin de chuid táirgeoirí an Aontais a ndearnadh sampláil orthu, agus ina theannta sin go bhfuil na costais don tseirbhís sin chomh híseal sin nach mbeadh aon tionchar ábhartha ag coigeartú ar thorthaí an imscrúdaithe sin.

(269)

In éagmais tuilleadh tráchta ar na corrlaigh dhíobhála, níor choigeartaigh an Coimisiún ach na corrlaigh mar a leagadh síos in aithrisí (376) go (378) den Rialachán sealadach mar gheall ar chostais iar-allmhairithe cheartaithe, sin agus chun na hathruithe ar an luach dearbhaithe CIF a chur san áireamh faoi mar a mhínítear in aithris (103). Taispeántar na corrlaigh dheireanacha díobhála thíos in aithris (197).

(270)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’iarr Nanshan ar an gCoimisiún na spriocphraghsanna a fhíorú, mar bhí cásanna ina mbeadh PCNanna níos tanaí le praghsanna níos ísle ná PCNanna níos déine, rud nár mheas Nanshan a bheith loighciúil. Rinne an Coimisiún an cúram cuí de bhunú an spriocphraghais, agus tugann sé dá aire gur ar fhaisnéis chros-seiceáilte tháirgeoirí an Aontais atá siad bunaithe. Tá fachtóirí eile seachas ceist an tiúis ag tionchar na gcostas, agus tá na spriocphraghsanna bunaithe freisin ar tháirgeoirí iolracha nach é an bonn costais céanna atá fúthu go díreach.

7.2.   Saobhadh amhábhar

(271)

In éagmais aon bharúlacha maidir le saobhadh amhábhair, dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh ó aithrisí (381) go (383) den Rialachán sealadach nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, agus mar thoradh air sin, go raibh forálacha Airteagal 7(2) infheidhme chun leibhéal na dleachta cinntithí a shocrú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(272)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht, le leas an Aontais, agus le leibhéal na mbeart, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann.

(273)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na rátaí maidir le dleacht frithdhumpála cinntitheach, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:

Cuideachta

Corrlach dumpála

An corrlach díobhála

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Jiangsu Zhongji Lamination Materials Co., Ltd.

81,5  %

28,5  %

28,5  %

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

16,1  %

15,4  %

15,4  %

Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

98,5  %

24,7  %

24,7  %

Cuideachtaí comhoibrithe eile

69,6  %

23,6  %

23,6  %

Gach cuideachta eile

98,5  %

28,5  %

28,5  %

(274)

Leagadh síos na rátaí dleachta frithdhumpála arna sonrú sa Rialachán seo le haghaidh cuideachtaí aonair ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, ba léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Is infheidhme na rátaí dleachta sin go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(275)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí dá éis sin ainm a heintitis. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (22). Ní mór an fhaisnéis ábhartha go léir a bheith san iarraidh ionas gur féidir a thaispeáint nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta is infheidhme maidir leis. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(276)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 1(4) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”;.

(277)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hí an t-aon eilimint í a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(4) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(278)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta/rátaí dleachta aonair a bhaint agus forchur dleachta ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(279)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach freisin maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

9.   NOCHTADH

(280)

Cuireadh páirtithe leasmhara ar an eolas an 28 Meán Fómhair 2021 maidir leis na bunfhíorais agus na breithnithe ba thábhachtaí, a raibh sé beartaithe a mholadh dá mbonn go bhforchuirfí an dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí ACF áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Tar éis an nochta sin, is amhlaidh a tugadh deis do pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt.

(281)

Chuir aon pháirtí déag tuairimí isteach maidir le nochtadh. Arna iarraidh sin, tionóladh éisteachtaí le Walki agus Zhongji. Tugadh an aird chuí ar na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus, i gcás inarb iomchuí, rinneadh na torthaí a mhodhnú dá réir.

(282)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm ar a phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(283)

Thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim dhearfach uaidh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragaill tiontaire alúmanaim níos lú ná 0,021 mm ar tiús, gan aon chúl air sin, agus gan aon saoirsiú thairis sin ná rollta, i rollaí ar mó a meáchan ná 10 kg atá aicmithe faoi láthair faoi chód AC ex 7607 11 19 (cóid TARIC 7607111960 agus 7607111991) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Eisiafar na táirgí seo a leanas ón táirge a thuairiscítear i mír 1:

Scragall alúmanaim tí nach lú ná 0,008 mm agus nach mó ná 0,018 mm ar tiús, gan aon chúl air sin, agus gan aon saoirsiú thairis sin ná rollta, i rollaí nach mó ná 650 mm ar leithead agus ar mó a meáchan ná 10 kg.

Scragall alúmanaim tí nach lú ná 0,007 mm agus ar lú ná 0,008 mm ar tiús, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís.

Scragall alúmanaim tí nach lú ná 0,008 mm agus nach mó ná 0,018 mm ar tiús agus i rollaí ar mó ná 650 mm ar leithead, bídís ainlithe nó ná bídís.

Scragall alúmanaim tí ar mó ná 0,018 mm agus ar lú é ná 0,021 mm ar tiús, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís.

3.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

cód breise TARIC

Jiangsu Zhongji Lamination Materials Co., Ltd.

28,5  %

C686

Xiamen Xiashun Aluminium Foil Co., Ltd.

15,4  %

C687

Yantai Donghai Aluminum Foil Co., Ltd.

24,7  %

C688

Cuideachtaí comhoibríocha eile (Iarscríbhinn)

23,6  %

 

Gach cuideachta eile

28,5  %

C999

4.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 3 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a bheith curtha faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dearbhú a bheith air arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, ar oifigeach é a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, agus ní mór an dearbhú a dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é [sa tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(3) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe (1 Iúil 2019–30 Meitheamh 2020);

(b)

ní baineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

na hearraí lena mbaineann, earraí a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 1(1), go bhfuil siad onnmhairithe aige iarbhír nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe.

Airteagal 3

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 a bhailiú go cinntitheach. Scaoilfear na méideanna a urrófar atá níos mó ná rátaí cinntitheacha an dleachta frithdhumpála.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO C 352 I, 22.10.2020, lch. 1.

(3)  Féach aithris 394 den Rialachán sealadach.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/983 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí tiontairí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 216, 18.6.2021, lch. 142).

(5)  Féach e.g. breithiúnas an 28 Feabhra 2018 i gCás C-301/16 P, Commission v Xinyi PV Products (Anhui), ECLI:EU:C:2018:132, mír 56.

(6)  De réir alt ar shuíomh gréasáin an Lár-Choimisiúin um Smacht agus Cigireacht: “Sa traidisiún stairiúil Síneach, is coincheap leathan i gcónaí é ‘rialtas’ a bhfuil freagrachtaí neamhtheoranta air. Faoi cheannaireacht an Pháirtí, ní roinneann an Páirtí agus an rialtas ach an obair, agus níl aon scaradh idir an Páirtí agus an rialtas. Beag beann ar cibé acu Comhdháil Náisiúnta an Phobail, Comhdháil Chomhairleach Pholaitiúil an Phobail Síneach, nó an ‘rialtas amháin agus dhá theach’, ní mór dóibh go léir cinntí agus socruithe Choiste Lárnach an Pháirtí a chur chun feidhme, a bheith freagrach do na daoine agus a bheith faoi réir a maoirseacht. Baineann na comhlachtaí uile a fheidhmíonn cumhacht an stáit faoi cheannaireacht aonair an Pháirtí le catagóir an rialtais ghinearálta.” ar fáil ag: https://www.ccdi.gov.cn/special/zmsjd/zm19da_zm19da/201802/t20180201_163113.html (an 16 Meitheamh 2021 a féachadh seo go deireanach).

(7)  Féach sampla Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua, an 15 Meán Fómhair 2020. Roinn II.4: “Ní mór dúinn cumas foriomlán an Pháirtí a mhéadú chun bheith i gceannas ar obair aontach na hearnála príobháidí agus dlús a chur go héifeachtach leis an obair sa réimse seo”, Roinn III.6: “Ní mór dúinn dlús breise a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus cur ar chumas chealla na bPáirtithe a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus cur ar chumas do chomhaltaí an Pháirtí a gcuid rólanna a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaí”, Roinn VII.26: “Institiúidí agus sásraí ceannaireachta a fheabhsú. Ní mór do choistí an pháirtí ar gach leibhéal a bheith ag brath ar an obair a dhéanann grúpaí stiúrtha United Front chun grúpaí a chur ar bun agus feabhas a chur ar na sásraí chun comhordú a dhéanamh ar an obair sin san earnáil phríobháideach, agus staidéar, pleanáil agus cur chun cinn rialta a dhéanamh ar an obair ar bhealach comhordaithe. Ní mór dúinn a chur ar chumas ranna oibre Fhronta Aontaithe Choistí an Pháirtí a róil cheannródaíocha agus chomhordúcháin a fheidhmiú go hiomlán agus cur ar chumas cónaidhmeanna tionscail agus tráchtála a gcuid rólanna nasctha agus cuidithe a dhéanamh in obair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach.” Ar fáil ag: http://www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm

(8)  Maidir le Xiamen Xiashun, bhunaigh an Coimisiún nach ndearnadh saobhadh ar phraghas ceannaigh Titanium Boron Aluminium Rod ón Ríocht Aontaithe agus, dá bhrí sin, níor chuir sé sonraí ón tír ionadaíoch ina ionad. (Aithris 161 den Rialachán sealadach).

(9)  Féach an t-alt “Níl comhshamhail ról na bhfiontar faoi úinéireacht stáit le fáil”, a foilsíodh an 29 Samhain 2018, ar fáil ag: http://www.gov.cn/xinwen/2018-11/29/content_5344296.htm

(10)  Assan Aluminyum.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 336, 13.10.2020, lch. 8), aithris (171).

(12)  https://www.crugroup.com/

(13)  Aithrisí (382)-(383) den Rialachán sealadach.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá i rollaí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne i ndiaidh athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, lch. 63), aithris (122).

(15)  Ag brath ar thomhaltas an táirgeora agus ar an mbanda tomhaltais comhfhreagrach.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1784 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 359, 11.10.2021, lch. 6).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe ar de thionscnamh na Brasaíle iad, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 332, 18.12.2015, lch. 63).

(18)  Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, EC – Hormones, WT/DS26/AB/R, WT/DS48/AB/R, mír 98.

(19)  Rialachán (CEE) Uimh. 1031/92 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 1992 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí clóiríde potaisiaim de thionscnamh na Bealarúise, na Rúise, nó na hÚcráine (IO L 110, 28.4.1992, lch. 5).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 2402/98 ón gComhairle an 3 Samhain 1998 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí maignéisiaim neamhchóimhiotalaithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena ndéantar an dleacht shealadach a forchuireadh a bhailiú go cinntitheach (IO L 298, 7.11.1998, lch. 1), aithris 21.

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1742/2000 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2000 lena bhforchuirtear dleacht shealadach frithdhumpála ar allmhairí teireataláit phoileitiléine (PET) de thionscnamh na hIndia, na hIndinéise, na Malaeisia, Phoblacht na Cóiré, na Téaváine agus na Téalainne (IO L 199, 5.8.2000, lch. 48), aithris 206.

(22)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Ard-Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussel, Belgique/België.

(23)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Zhangjiagang Fineness Aluminum Foil Co., Ltd.

C689

Daon-Phoblacht na Síne

Kunshan Aluminium Co., Ltd.

C690

Daon-Phoblacht na Síne

Suntown Technology Group Corporation Limited

C691

Daon-Phoblacht na Síne

Luoyang Wanji Aluminium Processing Co., Ltd.

C692

Daon-Phoblacht na Síne

Shanghai Sunho Aluminum Foil Co., Ltd.

C693

Daon-Phoblacht na Síne

Binzhou Hongbo Aluminium Foil Technology Co. Ltd.

C694


TREORACHA

8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/84


TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2171 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2021

lena leasaítear Treoir 66/402/CEE ón gComhairle maidir le luchtóg síl agus meáchain shamplacha Avena nuda

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (1), agus go háirithe Airteagal 21a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/415 ón gCoimisiún (2) leasaíodh Treoir 66/402/CEE agus mar gheall ar earráid chléireachais, scriosadh ainm an speicis Avena nuda ón iontráil sa tríú sraith den chéad cholún den tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 66/402/CEE. Dá thoradh sin, ní rialaítear a thuilleadh meáchan uasta luchtóg síl agus meáchan íosta sampla síl den speiceas Avena nuda. Dá bhrí sin, ba cheart ainm scriosta an speicis Avena nuda a thabhairt slán.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 66/402/CEE a leasú dá réir sin.

(3)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an dáta trasuite a leagtar amach sa Treoir seo a bheith ag teacht leis an dáta trasuite a leagtar amach i dTreoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/415.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Threoir 66/402/CEE

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 66/402/CEE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála sa tríú sraith den chéad cholún den tábla:

Avena nuda, Avena sativa, Avena strigosa, Hordeum vulgare, Triticum aestivum subsp. aestivum, Triticum turgidum subsp. durum, Triticum aestivum subsp. spelta, Secale cereale, xTriticosecale”.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Eanáir 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO 125, 11.7.1966, lch. 2309.

(2)  Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/415 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear Treoracha 66/401/CEE agus 66/402/CEE ón gComhairle chun grúpaí tacsanomaíocha agus ainmneacha speiceas áirithe síolta agus fiailí a oiriúnú don dul chun cinn atá déanta san eolas eolaíoch agus teicniúil (IO L 81, 9.3.2021, lch. 65).